ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
29 Márta 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CCE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) ( 1 )

19

 

*

Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún ( 1 )

25

 

*

Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra ( 1 )

36

 

*

Rialachán (AE) 2019/519 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta ( 1 )

42

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas ( 1 )

45

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar ( IO L 173, 9.7.2018 )

77

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle ( IO L 317, 23.11.2016 )

77

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin ( IO L 295, 21.11.2018 )

78

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 91 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/515 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí i gcomhréir leis na Conarthaí. Tá toirmeasc ar shrianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar gach beart comhéifeachta idir na Ballstáit. Cumhdaíonn an toirmeasc sin aon bheart náisiúnta a d'fhéadfadh bacainn a chur, go díreach nó go hindíreach, go hiarbhír nó go féideartha, ar thrádáil earraí laistigh den Aontas. Áirithítear saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach trí chomhchuibhiú rialacha ar leibhéal an Aontais lena leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le hearraí áirithe a chur ar an margadh nó, i gcás earraí nó gnéithe d'earraí nach gcumhdaítear go hiomlán faoi rialacha an Aontais um chomhchuibhiú, trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm arna sainiú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(2)

Tá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a fheidhmíonn go maith ina chomhlánú bunriachtanach ar chomhchuibhiú rialacha ar leibhéal an Aontais, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil gnéithe comhchuibhithe agus neamhchomhchuibhithe araon ag a lán earraí.

(3)

Is féidir constaicí ar shaorghluaiseacht earraí idir na Ballstáit a chruthú go neamhdhleathach más rud é, in éagmais rialacha de chuid an Aontais um chomhchuibhiú lena gcumhdaítear earraí nó gnéithe áirithe d'earraí, go gcuireann údarás inniúil Ballstáit rialacha náisiúnta i bhfeidhm i leith earraí den chineál sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, lena gceanglaítear nach mór do na hearraí ceanglais theicniúla áirithe a chomhlíonadh, mar shampla ceanglais a bhaineann le hainmniú, foirm, méid, meáchan, comhdhéanamh, cur i láthair, lipéadú nó pacáistiú. D'fhéadfadh sé a bheith ina shárú ar Airteagal 34 agus Airteagal 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir le hearraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má tá feidhm ag na rialacha sin maidir le gach earra, gan idirdhealú.

(4)

Eascraíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. De réir an phrionsabail sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar dhíol earraí ar a gcríoch ar earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú amháin sa chás ina ndearnadh na hearraí a tháirgeadh i gcomhréir le rialacha teicniúla difriúla, lena n-áirítear earraí nach bhfuarthas trí phróiseas monaraíochta. Ní prionsabal absalóideach atá i gceist le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, áfach. Féadfaidh Ballstáit srian a chur ar mhargú earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i cás ina bhfuil údar cuí leis na srianta sin ar na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 den CFAE, nó ar bhonn cúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, aitheanta ag casdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le saorghluaiseacht earraí, agus i gcásanna ina bhfuil na srianta sin comhréireach leis an aidhm atá á saothrú. Forchuirtear leis an Rialachán seo oibleagáid chun a mhíniú go soiléir cad is údar le rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú.

(5)

Maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha eile a bhaineann le leas an phobail, coincheap atá ag teacht chun cinn i gcónaí atá ann, a d'fhorbair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cásdlí maidir le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 den CFAE. I gcás ina bhfuil difríochtaí dlisteanacha idir Ballstát amháin agus ceann eile, d'fhéadfadh cúiseanna sáraitheacha den sórt sin a bheith ina n-údar cuí ag na húdaráis inniúla rialacha náisiúnta teicniúla a chur i bhfeidhm. Ní mór údar cuí, dlisteanach, iomchuí a thabhairt i gcónaí i ndáil le cinntí riaracháin, áfach, agus ní mór i gcónaí prionsabal na comhréireachta a urramú, agus ní mór don údarás inniúil an cinneadh is lú srian is féidir a dhéanamh. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i gcomhair earraí a fheabhsú, ba cheart na rialacha náisiúnta teicniúla a bheith oiriúnach don fheidhm agus níor cheart bacainní neamhtharaife díréireacha a chruthú leo. Ina theannta sin, i gcás cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú i leith earraí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, ní ceadmhach iad a bheith bunaithe ar an bhfíric go gcomhlíonann na hearraí faoi mheasúnú an cuspóir poiblí dlisteanach arna shaothrú ag an mBallstát ar bhealach seachas an bealach ina gcomhlíonann earraí sa Bhallstát sin an cuspóir sin agus ar an bhfíric sin amháin. Chun cabhrú leis na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún treoir nach bhfuil ceangailteach a sholáthar maidir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le coincheap na gcúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail agus maidir le conas prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis inniúla chun ionchur a sholáthar agus aiseolas maidir leis an treoir a thabhairt.

(6)

Ina Chonclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair an Nollaig 2013, thug an Chomhairle Iomaíochais ar aird gurb amhlaidh, d'fhonn feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair, gur cheart na hionstraimí ábhartha uile a úsáid go hiomchuí, lena n-áirítear aitheantas frithpháirteach. Thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún tuairisc a thabhairt ar chásanna ina bhfuil feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh fós neamhleor nó ina mbaineann fadhbanna leis. Ina Chonclúidí maidir le Beartas an Mhargaidh Aonair i mí Feabhra 2015, mhol an Chomhairle Iomaíochais go láidir don Choimisiún bearta a ghlacadh lena áirithiú go mbeadh feidhm éifeachtach ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus moltaí a thabhairt ar aghaidh chun na críche sin.

(7)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) d'fhonn éascú do chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, trí nósanna imeachta a bhunú i dtreo gur lú an seans go gcruthófar constaicí neamhdhleathacha i leith saorghluaiseacht earraí a cuireadh ar an margadh go dleathach cheana i mBallstát eile. D'ainneoin gur glacadh an Rialachán sin, tá cuid mhór fadhbanna ann fós maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm. Léiríodh sa mheastóireacht a rinneadh idir 2014 agus 2016 nach bhfeidhmíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh mar is cheart agus gur teoranta an éifeacht a bhí ag Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail sin a éascú. Theip ar na huirlisí agus na ráthaíochtaí nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm leis an Rialachán sin san aidhm a bhí leo cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a fheabhsú. Mar shampla, is ar éigean atá aon chur amach ag oibreoirí eacnamaíocha ar ghréasán na bPointí Teagmhála do Tháirgí a cuireadh i bhfeidhm chun faisnéis a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha maidir le rialacha náisiúnta is infheidhme agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, agus is ar éigean a bhaineann siad aon úsáid as. Laistigh den ghréasán sin, ní leor an comhar idir na húdaráis náisiúnta. Is annamh a chomhlíontar an ceanglas i dtaobh fógra a thabhairt faoi chinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltiú. Fágann sé sin go bhfuil constaicí ar shaorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach fós.

(8)

Tá roinnt easnamh i Rialachán (CE) Uimh. 764/2008, agus dá bhrí sin ba cheart é a athbhreithniú agus a neartú. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 764/2008. Ba cheart nósanna imeachta soiléire a bhunú leis an Rialachán seo chun saorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile a áirithiú agus chun a áirithiú nach féidir an tsaorghluaiseacht a theorannú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha leasa phoiblí ag na Ballstáit chun é sin a dhéanamh agus ina bhfuil bonn cirt leis an srian agus é comhréireach. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta araon na cearta agus na hoibleagáidí atá ann a eascraíonn as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

(9)

Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh don chomhchuibhiú breise a dhéanfaí ar choinníollacha i leith earraí a chur ar an margadh d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí.

(10)

D'fhéadfadh bacainní trádála teacht freisin ó chineálacha eile beart a thagann faoi raon feidhme Airteagal 34 agus Airteagal 36 den CFAE. Is féidir, mar shampla, sonraíochtaí teicniúla a chuirfear i dtoll a chéile maidir le nósanna imeachta um sholáthar poiblí nó ceanglais i dtaobh teangacha oifigiúla a úsáid sna Ballstáit a áireamh ar na bearta sin. Ní rialacha teicniúla náisiúnta iad bearta den sórt sin de réir bhrí an Rialacháin seo, áfach, agus ní thagann siad faoina raon feidhme.

(11)

Uaireanta tugtar éifeacht do rialacha teicniúla náisiúnta i mBallstát le nós imeachta um réamhúdarú, nach mór formheas foirmiúil a fháil faoi ó údarás inniúil sular féidir na hearraí a chur ar an margadh ansin. Is srian é nós imeachta um réamhúdarú, ann féin, ar shaorghluaiseacht earraí. Dá bhrí sin, d'fhonn údar cuí a bheith leis maidir le prionsabal bunúsach na saorghluaiseachta earraí laistigh den mhargadh inmheánach, ní mór cuspóir leasa phoiblí arna shainaithint i ndlí an Aontais a bheith á shaothrú le nós imeachta den sórt sin, agus ní mór é a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Déantar a mheas an gcomhlíonann nós imeachta den sórt sin dlí an Aontais i bhfianaise na gcoinníollacha a leagtar amach i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú go heisiach ar na forais nach ann do réamhúdarú bailí i leith na n-earraí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Nuair a dhéanfar iarratas ar réamhúdarú éigeantach i leith earraí, áfach, aon chinneadh riaracháin i dtaobh diúltú don iarratas ar bhonn riail theicniúil náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát sin, níor cheart é a dhéanamh ach i gcomhréir leis an Rialachán seo, ionas go mbeidh an t-iarratasóir in ann leas a bhaint as an nós imeachta cosanta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Beidh an rud céanna i gceist le réamhúdarú deonach earraí, i gcás inarb ann dó.

(12)

Tá sé tábhachtach a shoiléiriú go bhfuil táirgí talmhaíochta ar na cineálacha earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áirítear sa téarma “táirgí talmhaíochta” táirgí iascaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 38(1) den CFAE. Chun cabhrú na cineálacha earraí atá faoi réir an Rialacháin seo a shainaithint, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé liosta táscach táirgí a fhorbairt le haghaidh aitheantas frithpháirteach agus ar na tairbhí a bhaineann leis sin.

(13)

Tá sé tábhachtach freisin a shoiléiriú go n-áirítear leis an téarma “táirgeoir” ní hamháin monaróirí earraí, ach daoine a tháirgeann earraí nach bhfuarthas trí phróiseas monaraithe, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta, chomh maith le daoine a chuirfidh iad féin i láthair mar tháirgeoirí earraí.

(14)

Cinntí ó chúirteanna nó ó bhinsí náisiúnta ina ndéantar measúnú ar dhlíthiúlacht cásanna inarb amhlaidh, de bharr chur i bhfeidhm riail theicniúil náisiúnta, go ndiúltaítear d'earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin rochtain ar mhargadh i mBallstát eile, agus cinntí ó chúirteanna nó ó bhinsí náisiúnta lena gcuirtear pionóis i bhfeidhm, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(15)

Chun tairbhe a bhaint as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ní mór earraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart a shoiléiriú, chun go measfar gur earraí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, nach mór d'earraí na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin a chomhlíonadh, agus nach mór iad a bheith ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin.

(16)

Chun feasacht a mhúscailt i measc na n-údarás náisiúnta agus oibreoirí eacnamaíocha maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh faoi fhoráil a dhéanamh ina rialacha náisiúnta teicniúla do “chlásail margaidh aonair”, atá soiléir agus gan débhrí d'fhonn chur i bhfeidhm an phrionsabail sin a éascú.

(17)

Tá éagsúlacht shuntasach ó Bhallstát go Ballstát idir an fhianaise a cheanglaítear chun a léiriú go bhfuil earraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé sin ina chúis le hualaí, moilleanna agus costais bhreise d'oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil gá leo, agus fágann sé nach féidir le húdaráis náisiúnta an fhaisnéis a fháil is gá chun na hearraí a mheas go tráthúil. D'fhéadfadh sé sin bac a chur ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach é a fhágáil níos éasca ag oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go bhfuil a gcuid earraí curtha ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha tairbhe a bhaint as féindearbhú, faoina dhéanfar gach faisnéis is gá a sholáthar d'údaráis inniúla maidir leis na hearraí agus lena a mhéid a chomhlíonann siad na rialacha is infheidhme sa Bhallstát eile sin. Níor cheart go gcuirfeadh úsáid dearbhuithe deonacha cosc ar údaráis náisiúnta cinntí riaracháin a dhéanamh lena gcuirfear srian leis an rochtain nó lena ndiúltaítear rochtain ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh cinntí den sórt sin comhréireach, go bhfuil údar maith leo agus go n-urramófar leo prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(18)

Ba cheart go bhféadfadh an táirgeoir, an t-allmhaireoir nó an dáileoir dearbhú a chur i dtoll a chéile faoi earraí a chur ar an margadh go dleathach chun críocha aitheantas frithpháirteach (“dearbhú um aitheantas frithpháirteach”). Is é an táirgeoir is fearr atá in ann an fhaisnéis a sholáthar sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach ós rud é bhfuil an aithne is fearr aige siúd ar a chuid earraí agus go bhfuil an fhianaise aige atá riachtanach chun an fhaisnéis atá sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach a fhíorú. Ba cheart go mbeadh an táirgeoir in ann sainordú a thabhairt d'ionadaí údaraithe dearbhuithe den sórt sin a chur i dtoll a chéile ar son an táirgeora agus faoi fhreagracht an táirgeora. I gcás nach féidir leis an oibreoir eacnamaíoch ach an fhaisnéis faoina dhlíthiúla atá sé na hearraí sa dearbhú a chur ar an margadh a sholáthar, ba cheart go bhféadfadh oibreoir eacnamaíoch eile an fhaisnéis a sholáthar go bhfuil na hearraí á gcur ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll go nglacann an t-oibreoir eacnamaíoch sin freagracht as an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach agus go bhfuil sé in ann an fhianaise a sholáthar atá riachtanach chun an fhaisnéis seo a fhíorú.

(19)

Ba cheart faisnéis chruinn iomlán ar na hearraí a bheith i gcónaí sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart an dearbhú a choimeád cothrom le dáta d'fhonn athruithe a léiriú, mar shampla athruithe ar na rialacha teicniúla náisiúnta.

(20)

D'fhonn a áirithiú gur faisnéis chuimsitheach í an fhaisnéis arna soláthar i ndearbhú um aitheantas frithpháirteach, ba cheart struchtúr comhchuibhithe maidir le dearbhuithe den sórt sin a leagan síos lena úsáid ag oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo na dearbhuithe sin a dhéanamh.

(21)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcomhlánófar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach go fírinneach cruinn. Dá bhrí sin, is gá ceangal a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach.

(22)

D'fhonn cur le héifeachtúlacht agus iomaíochas gnólachtaí atá ag feidhmiú i réimse na n-earraí nach gcumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais, ba cheart an deis a bheith ann tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise nua ar mhaithe le héascú do sholáthar an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh oibreoirí eacnamaíocha in ann a ndearbhuithe um aitheantas frithpháirteach a chur ar fáil don phobal ar líne ar an gcoinníoll go mbeadh an dearbhú um aitheantas frithpháirteach inrochtana go héasca agus i bhformáid iontaofa.

(23)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirtear teimpléad i gcomhair an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach agus treoirlínte chun an dearbhú a chomhlánú ar fáil ar an Tairseach Aonair Dhigiteach i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

(24)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hearraí nach bhfuil ach roinnt gnéithe díobh cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú. Más rud é, de bhun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, go gceanglaítear ar oibreoir eacnamaíoch dearbhú comhréireachta de chuid AE a chur i dtoll a chéile chun comhlíonadh na reachtaíochta sin a léiriú, ba cheart go gceadófaí don oibreoir eacnamaíoch sin an dearbhú um aitheantas frithpháirteach dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith i gceangal leis an dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais.

(25)

I gcás ina gcinnfidh oibreoirí eacnamaíocha gan úsáid a bhaint as an dearbhú um aitheantas frithpháirteach, ba cheart é a bheith faoi údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe faisnéis shonrach atá sainmhínithe go soiléir a iarraidh a mheasann siad a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na hearraí, i ndáil le prionsabal na comhréireachta.

(26)

Ba cheart am iomchuí a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch chun doiciméid nó aon fhaisnéis eile a iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe a thíolacadh, nó chun aon argóintí nó aon bharúlacha a bhaineann leis an measúnú ar na hearraí i dtrácht a thíolacadh.

(27)

Le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceanglaítear ar na Ballstáit aon dréachtrialachán teicniúil náisiúnta a bhaineann le haon táirge, lena n-áirítear aon táirge talmhaíochta nó táirge iascaireachta, a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, mar aon le ráiteas ar na forais faoinar gá an rialachán sin a achtú. Is gá a áirithiú, áfach, go gcuirfear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm i gceart maidir le hearraí sonracha i gcásanna aonair, tar éis rialachán teicniúil náisiúnta den sórt sin a ghlacadh. Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i gcásanna aonair trína cheangal, mar shampla, ar na Ballstáit a léiriú cé na rialacha teicniúla náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe agus cén foras dlisteanach leasa phoiblí, lena dtugtar údar cuí le feidhmiú na rialach teicniúla náisiúnta sin i ndáil le hearra atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Is í comhréireacht na rialach teicniúla náisiúnta an bonn le comhréireacht an chinnidh riaracháin a léiriú, ar a bhfuil an riail sin bunaithe. Mar sin féin, ba cheart gur mar thoradh ar mheastóireacht de réir an cháis a shocrófaí an modh chun comhréireacht an chinnidh riaracháin a léiriú.

(28)

Toisc gur cheart, i gcás cinntí riaracháin lena sriantar nó lena ndiúltaítear rochtain ar an margadh d'earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, iad a bheith ina n-eisceacht ar an bprionsabal bunúsach maidir le saorghluaiseacht earraí, is gá a áirithiú go mbeidh na cinntí sin ag teacht leis na hoibleagáidí atá ann faoi láthair a eascraíonn as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Dá bhrí sin, is iomchuí nós imeachta soiléir a bhunú lena chinneadh an bhfuil na hearraí sin ar an margadh go dleathach sa Bhallstát eile sin agus, más amhlaidh atá, an bhfuil leasanna dlisteanacha an phobail cumhdaithe le riail náisiúnta theicniúil infheidhme an Bhallstáit is ceann scríbe á gcosaint go leordhóthanach, i gcomhréir le hAirteagal 36 den CFAE agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an nós imeachta sin go bhfuil na cinntí riaracháin arna ndéanamh comhréireach agus go n-urramaítear leo prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(29)

I gcás ina ndéanann údarás inniúil measúnú ar earraí sula ndéanfaidh sé cinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart dó rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú, níor cheart don údáras sin a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena gcuirfí ar fionraí rochtain ar an margadh, ach amháin i gcás ina bhfuil gá le hidirghabháil mhear ionas nach ndéanfar dochar do shábháilteacht nó do shláinte na ndaoine, ionas nach ndéanfar dochar don chomhshaol nó ionas nach gcuirfear na hearraí ar fáil i gcásanna ina mbeidh toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí sin a chur ar fáil ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear, mar shampla, cosc na coireachta.

(30)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), bunaítear córas creidiúnaithe lena n-áirithítear go nglacfar go frithpháirteach le leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta. Dá bhrí sin, i gcás tuarascálacha tástála nó deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe chuige sin, níor cheart d'údaráis inniúla na mBallstát diúltú glacadh leo ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin. Ina theannta sin, d'fhonn dúbailt na dtástálacha agus na nósanna imeachta a rinneadh cheana i mBallstát eile a sheachaint a mhéid is féidir, níor cheart do na Ballstáit diúltú glacadh le tuarascálacha tástála agus deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí measúnaithe comhréireachta eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Ba cheart do na húdaráis inniúla aird a thabhairt ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna dtíolacadh.

(31)

Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), sonraítear nach féidir ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh agus leagtar síos oibleagáidí na dtáirgeoirí agus na ndáileoirí maidir le sábháilteacht na dtáirgí. Tá na húdaráis inniúla i dteideal, de bharr na Treorach sin, aon táirge contúirteach a thoirmeasc láithreach, nó táirgí a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a thoirmeasc ar feadh na tréimhse is gá le haghaidh na meastóireachtaí sábháilteachta, na seiceálacha agus na srianta éagsúla. Déantar cur síos sa Treoir sin freisin ar an nós imeachta maidir leis na húdaráis inniúla bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (f) d'Airteagal 8(1) den Treoir sin, i gcás táirgí lena ngabhann riosca, agus forchuirtear léi freisin oibleagáid ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaobh beart den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla a bheith in ann leanúint den Treoir sin a chur i bhfeidhm agus go háirithe pointe (b) go pointe (f) d'Airteagal 8(1) agus Airteagal 8(3) den Treoir sin.

(32)

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), bunaítear, inter alia, córas mear-rabhaidh chun rioscaí díreacha nó indíreacha do shláinte an duine, a thagann ó bhia nó ó bheathú, a fhógairt. Cuirtear de cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún láithreach, tríd úsáid a bhaint as an gcóras mear-rabhaidh, faoi aon bheart a ghlac siad a bhfuil d'aidhm leis srian a chur le bia nó beatha a chur ar an margadh, nó a bhfuil d'aidhm leis bia nó beatha a aistarraingt nó a aisghairm den mhargadh, chun críche sláinte an duine a chosaint, agus ar gá gníomhaíocht ghasta chun é a dhéanamh. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann leanúint den Rialachán sin a chur i bhfeidhm agus go háirithe Airteagal 50(3) agus Airteagal 54 den Rialachán sin.

(33)

Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaítear creat comhchuibhithe de chuid an Aontais chun rialuithe oifigiúla, agus gníomhaíochtaí oifigiúla seachas rialuithe oifigiúla, a eagrú ar fud an tslabhra agraibhia ar fad, agus na rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus sa reachtaíocht ábhartha earnála an Aontais á gcur san áireamh. Leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 nós imeachta sonrach d'fhonn a áirithiú, i gcásanna neamhchomhlíonadh na ndlíthe um bia agus beatha nó na rialacha um shláinte ainmhithe agus um leas ainmhithe, go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha cúrsaí ina gceart. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann leanúint de Rialachán (AE) 2017/625 a chur i bhfeidhm agus go háirithe Airteagal 138 de.

(34)

Le Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bunaítear creat comhchuibhithe de chuid an Aontais chun seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus sonraítear go n-áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir a chomhlíonfaidh na hoibleagáidí sin i dteideal a bheith cumhdaithe ag córas seiceálacha. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann leanúint de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chur i bhfeidhm agus go háirithe Airteagal 90 de.

(35)

Ba cheart a shonrú, le haon chinneadh riaracháin arna ghlacadh ag údaráis inniúla de chuid na mBallstát de bhun an Rialacháin seo, na leigheasanna atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch ionas gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh nó imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte náisiúnta inniúla nó os comhair an bhinse náisiúnta inniúil. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa chinneadh riaracháin freisin don deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) agus an nós imeachta um réiteach fadhbanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo a úsáid.

(36)

Is den riachtanas iad réitigh éifeachtacha d'oibreoirí eacnamaíocha ar mian leo rogha eile atá báúil don ghnó a bheith acu agus iad ag cur i gcoinne cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú, lena áirithiú go gcuirfear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach. D'fhonn a ráthú go mbeidh réitigh den sórt sin ann, agus d'fhonn costais dlí a sheachaint, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ba cheart nós imeachta neamhbhreithiúnach maidir le réiteach fadhbanna a bheith ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha.

(37)

Seirbhís is ea SOLVIT a sholáthraíonn an riarachán náisiúnta i ngach Ballstát agus a bhfuil sé d'aidhm aige réitigh a fháil do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí i gcás ina bhfuil a gcearta sáraithe ag údaráis phoiblí i mBallstát eile. Tá na prionsabail lena rialaítear feidhmiú SOLVIT leagtha amach i Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún (12), agus de réir na bprionsabal sin déanfaidh gach Ballstát foráil do Ionad SOLVIT a mbeidh acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais aige le háirithiú go nglacfaidh an Ionad SOLVIT páirt i SOLVIT. Ba cheart don Choimisiún feasacht maidir le SOLVIT agus na tairbhí a bhaineann leis a mhéadú, go háirithe i measc gnólachtaí.

(38)

Is sásra éifeachtach neamhbhreithiúnach maidir le fadhbanna a réiteach é SOLVIT agus soláthraítear saor in aisce é. Feidhmíonn sé faoi réir spriocdhátaí gairide agus soláthraíonn sé réitigh phraiticiúla do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí nuair a bhíonn deacrachtaí acu i dtaobh a gcearta Aontais a bheith á n-aithint ag údaráis phoiblí. I gcás ina n-aontóidh an t-oibreoir eacnamaíoch, an tIonad SOLVIT ábhartha agus na Ballstáit lena mbaineann go léir ar an toradh iomchuí, níor cheart gá a bheith le haon ghníomh eile.

(39)

I gcás ina dteipfidh ar chur chuige neamhfhoirmiúil SOLVIT, áfach, agus ina mbeidh amhras ann fós maidir le comhoiriúnacht an chinnidh riaracháin le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún breathnú ar an gcás arna iarraidh sin ag aon Ionad SOLVIT lena mbaineann. Tar éis dó a mheasúnú a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún tuairim a eisiúint, tuairim a chuirfear in iúl don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus do na údaráis inniúla tríd an Ionad SOLVIT is ábhartha agus beidh an tuairim sin le cur san áireamh le linn an nós imeachta SOLVIT. Ba cheart don idirghabháil ón gCoimisiún a bheith faoi réir teorainn ama 45 lá oibre, gan an t-am a áireamh ba ghá chun an fhaisnéis agus na doiciméid bhreise a mheasann sé a bheith riachtanach a fháil ag an gCoimisiún. Má dhéantar an cás a réiteach laistigh den tréimhse sin, níor cheart é a bheith de cheangal ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint. Ba cheart cásanna SOLVIT den sórt sin a bheith faoi réir shreabhadh oibre ar leith i mbunachar sonraí SOLVIT agus níor cheart iad a chur san áireamh i staidreamh rialta SOLVIT.

(40)

Níor cheart i dtuairim an Choimisiúin maidir le cinneadh riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú ach aghaidh a thabhairt ar an gceist an bhfuil an cinneadh riaracháin ag luí le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo. Tá an méid sin gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 den CFAE agus don oibleagáid atá ar na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh, agus aghaidh á thabhairt ar fhadhbanna sistéamacha arna sainaithint maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm.

(41)

Is tábhachtach an rud é don mhargadh inmheánach d'earraí gur féidir le gnólachtaí, go háirithe FBManna, faisnéis iontaofa shonrach a fháil faoin dlí atá i bhfeidhm i mBallstát ar leith. Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag Pointí Teagmhála do Tháirgí maidir le héascú don chumarsáid idir údaráis náisiúnta agus oibreoirí eacnamaíocha, trí fhaisnéis a scaipeadh faoi rialacha táirgí sonracha agus faoin gcaoi a gcuirtear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm i gcríoch a mBallstáit. Dá bhrí sin, is gá feabhas a chur ar ról na bPointí Teagmhála do Tháirgí mar phríomhsholáthraithe faisnéise maidir le gach ceann de na rialacha a bhaineann le táirgí, lena n-áirítear rialacha teicniúla náisiúnta atá cumhdaithe faoi aitheantas frithpháirteach.

(42)

D'fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart do Phointí Teagmhála do Tháirgí faisnéis a sholáthar, saor in aisce, go leibhéal réasúnta, maidir lena gcuid rialacha náisiúnta teicniúla agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ba cheart trealamh agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag Pointí Teagmhála do Tháirgí. Ba cheart dóibh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint (13) na hEorpa agus ón gComhairle, faisnéis den sórt sin a sholáthar trí shuíomh gréasáin agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta a cheanglaítear leis an Rialachán sin, agus a bheith faoi réir na gcritéar cáilíochta atá leagtha amach sa Rialachán sin. Maidir le cúraimí na bPointí Teagmhála do Tháirgí a bhaineann le haon fhaisnéis den chineál sin a sholáthar, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha den rialacha teicniúla náisiúnta nó rochtain ar líne chuig na rialacha sin, ba cheart iad a chur i gcrích gan dochar do na rialacha náisiúnta lena rialaítear dáileadh na rialacha náisiúnta teicniúla sin. Ina theannta sin, níor cheart a chur de cheangal ar Phointí Teagmhála do Tháirgí go soláthróidís cóipeanna de chaighdeáin nó rochtain ar líne chuig caighdeáin, ar caighdeáin iad atá faoi réir chearta maoine intleachtúla na gcomhlachtaí nó na n-eagraíochtaí um chaighdeánú.

(43)

Tá an comhar idir údaráis inniúla riachtanach i ndáil le feidhmiú réidh phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus i ndáil le cultúr aitheantais fhrithpháirtigh a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart do Phointí Teagmhála do Tháirgí agus do na húdaráis inniúla náisiúnta comhoibriú le chéile agus faisnéis agus saineolais a mhalartú chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach.

(44)

Chun críocha fógairt cinntí riaracháin lena ndéantar rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú, cumarsáid a chumasú idir Pointí Teagmhála do Tháirgí agus comhar riaracháin a áirithiú, is gá rochtain a thabhairt do na Ballstáit ar chóras faisnéise agus cumarsáide.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(46)

Más gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart próiseáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) nó Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(47)

Ba cheart sásraí monatóireachta atá iontaofa agus éifeachtúil a bhunú chun faisnéis a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir lena thionchar ar shaorghluaiseacht earraí. Níor cheart na sásraí sin a dhul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(48)

D'fhonn feasacht a mhéadú faoi phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart agus go comhsheasmhach, ba cheart foráil a dhéanamh do mhaoiniú ón Aontas ar fheachtais múscailte feasachta, oiliúint, malartú oifigeach agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara eile a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le muinín agus comhar agus feabhas a chur ar mhuinín agus comhar idir údaráis inniúla, Pointí Teagmhála do Tháirgí agus oibreoirí eacnamaíocha.

(49)

D'fhonn leigheas a fháil ar an easpa sonraí cruinne a bhaineann le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus lena thionchar ar an margadh aonair le haghaidh earraí, ba cheart don Aontas maoiniú a dhéanamh ar bhailiú sonraí den sórt sin.

(50)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(51)

Is iomchuí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar sa chaoi go mbeidh go leor ama ag údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha chun oiriúnú do na ceanglais atá leagtha síos anseo.

(52)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú leis. Ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as na sonraí arna mbailiú ar fheidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus a thionchar ar an margadh aonair le haghaidh earraí agus le faisnéis atá ar fáil sa chóras faisnéise agus cumarsáide, chun an Rialachán seo a mheas. Ba cheart an cumas a bheith ag an gCoimisiún iarraidh ar na Ballstáit an fhaisnéis bhreise is gá don mheastóireacht a dhéanamh. De bhun phointe 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17), ba cheart don mheastóireacht ar an Rialachán seo, ar cheart di a bheidh bunaithe ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach, an bunús a sholáthar do mheasúnuithe tionchair ar na roghanna atá ann chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

(53)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go bhfuil prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh á chur i bhfeidhm go réidh, go comhsheasmhach agus mar is ceart, á bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit ach gur fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr a scála agus a n-éifeachta, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú trí fheabhas a chur ar chur chun feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus trí bhacainní trádála nach bhfuil údar leo a bhaint.

2.   Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanfaidh na Ballstáit ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, i gcásanna aonair, i ndáil le hearraí atá faoi réir Airteagal 34 CFAE agus atá á gcur ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile, ag féachaint d'Airteagal 36 de CFAE agus do chásdlí Chúirt Bhreithniúnais an Aontais Eorpaigh.

3.   Déantar foráil sa Rialachán seo freisin maidir le Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú agus a chothabháil sna Ballstáit agus maidir le comhar agus malartú faisnéise i gcomhthéacs phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí d'aon chineál, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 38(1) de CFAE, agus maidir le cinntí riaracháin a glacadh nó a ghlactar ag údarás inniúil Bhallstáit i ndáil le haon earraí den sórt sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i gcás ina gcomhlíonfaidh an cinneadh riaracháin an dá chritéar seo a leanas:

(a)

gur riail theicniúil náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát is ceann scríbe is bonn don chinneadh riaracháin; agus

(b)

gurb í éifeacht dhíreach nó indíreach an chinnidh riaracháin an rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú sa Bhallstát is ceann scríbe.

Áirítear le “cinneadh riaracháin” aon chéim riaracháin atá bunaithe ar riail theicniúil náisiúnta agus ag a bhfuil an éifeacht dlí chéanna, nó an éifeacht dlí chéanna go substaintiúil, agus atá ag an éifeacht dá dtagraítear i bpointe (b).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is “riail theicniúil náisiúnta” í aon fhoráil i ndlí, rialachán nó aon fhoráil riaracháin eile de chuid Ballstáit, a mbaineann na tréithe seo léi:

(a)

cumhdaítear léi earraí nó gnéithe d'earraí nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais;

(b)

cuirteann sí toirmeasc ar earraí, nó earraí de chineál ar leith, a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin nó fágann sí gur éigeantach, de facto nó de jure, é comhlíonadh na forála, aon uair a bheidh earraí, nó earraí de chineál ar leith, á gcur ar fáil ar an margadh sin; agus

(c)

déanann sí ar a laghad ceann amháin díobh seo a leanas:

(i)

leagtar síos léi na saintréithe nach mór a bheith ag earraí nó ag earraí de chineál ar leith, amhail a leibhéil cháilíochta, feidhmíochta nó sábháilteachta, nó a dtoisí, lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearraí sin i dtaca leis na hainmneacha faoina ndíoltar iad, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistiú, marcáil nó lipéadú agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta;

(ii)

chun críocha tomhaltóirí nó an comhshaol a chosaint forchuirtear léi ceanglais eile ar na hearraí sin, nó ar earraí de chineál ar leith, agus a dhéanann difear do shaolré na n-earraí tar éis dóibh a bheith curtha ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsála, athúsáide nó diúscartha, i gcás ina bhféadfadh na coinníollacha sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó nádúr na n-earraí sin, nó ar chineál na n-earraí, nó ar a gcur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin.

3.   Cumhdaítear i bpointe (c)(i) de mhír 2 den Airteagal seo freisin modhanna agus próisis táirgeachta a úsáidtear i leith táirgí talmhaíochta, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 38(1) de CFAE, agus i leith táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe, chomh maith le modhanna agus próisis táirgeachta a bhaineann le táirgí eile, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar a saintréithe.

4.   Ní hionann ann nós imeachta um réamhúdarú agus riail theicniúil náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo, ach déanfar cinneadh i dtaobh réamhúdarú a dhiúltú ar bhonn riail theicniúil náisiúnta a mheas mar chinneadh riaracháin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis má chomhlíontar leis an gcinneadh sin ceanglais eile den chéad fhomhír de mhír 1.

5.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag cúirteanna náisiúnta nó binsí náisiúnta;

(b)

cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí le linn fiosrú nó ionchúiseamh a bheith á dhéanamh ar chion coiriúil maidir le téarmaíocht, siombailí nó tagairt ábhartha d'eagraíochtaí míbhunreachtúla nó eagraíochtaí coiriúla nó ar chionta de chineál ciníoch, idirdhealaitheach nó seineafóibeach.

6.   Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 6 difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas:

(a)

pointe (b) go (f) d'Airteagal 8(1) agus Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE;

(b)

pointe (a) d'Airteagal 50(3) agus Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)

Airteagal 90 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013; agus

(d)

Airteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625.

7.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear don oibleagáid faoi Threoir (AE) 2015/1535 chun dréacht-rialacháin theicniúla náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát sular nglacfar iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile” go gcomhlíonann earraí nó earraí den chineál sin na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin nó nach bhfuil siad faoi réir aon rialacha den sórt sin sa Bhallstát sin, agus go bhfuil siad ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin;

(2)

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” soláthar earraí lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar an margadh i gcríoch Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(3)

ciallaíonn “rochtain ar an margadh a shrianadh” coinníollacha a fhorchur a bheidh le comhlíonadh sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát is ceann scríbe, nó coinníollacha maidir le hearraí a choimeád ar an margadh sin, lena gceanglaítear, i gceachtar den dá chás, athrú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de shaintréithe na n-earraí sin, dá dtagraítear i bpointe (c)(i) d'Airteagal 2(2), nó lena gceanglaítear tástáil bhreise a dhéanamh;

(4)

ciallaíonn “rochtain ar an margadh a dhiúltú” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

toirmeasc a chur ar earraí a bheith ar fáil ar an margadh sa Bhallstát ceann scríbe nó iad a choinneáil ar an margadh sin; nó

(b)

a cheangal go ndéanfaí na hearraí sin a aistarraingt nó a aisghairm ón margadh sin;

(5)

ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar earraí sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(6)

ciallaíonn “aisghairm” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige earraí atá curtha ar fáil cheana don úsáideoir deiridh a fháil ar ais;

(7)

ciallaíonn “nós imeachta um réamhúdarú” nós imeachta riaracháin faoi dhlí Ballstáit faoina gceanglaítear ar údarás inniúil an Bhallstáit sin, ar bhonn iarratais ó oibreoir eacnamaíoch, a fhormheas foirmiúil a thabhairt sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin;

(8)

ciallaíonn “táirgeoir”:

(a)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn earraí nó a chuireann faoi deara earraí a dhearadh nó a mhonarú, nó a mhonaraíonn earraí nach bhfuarthas trí phróiseas monaraithe, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta, agus a chuireann ar an margadh iad faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin,

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann táirgí ar a bhfuil margaíocht á déanamh go dleathach cheana féin i mBallstát a leasú ar bhealach a dhéanfaidh difear do chomhlíonadh na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin, nó

(c)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuirfidh iad féin i láthair mar tháirgeoirí earraí trína n-ainm, a dtrádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a chur ar na hearraí nó ar na doiciméid a ghabhann leis na hearraí sin;

(9)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó tháirgeoir chun gníomhú thar ceann an táirgeora sin maidir le hearraí a chur ar fáil ar an margadh atá i gceist;

(10)

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann earraí ó thríú tír ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(11)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann earraí ar fáil ar an margadh i mBallstát;

(12)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine díobh seo a leanas a mhéid a bhaineann le hearraí: an táirgeoir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

(13)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a chónaíonn san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh na hearraí ar fáil dó nó a bhfuil siad á gcur ar fáil dó mar thomhaltóir, lasmuigh d'aon trádáil, aon ghnó, aon cheardaíocht nó aon ghairm, nó mar úsáideoir deiridh gairmiúil i gcúrsa a ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla;

(14)

ciallaíonn “forais dhlisteanacha leasa phoiblí” aon cheann de na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 CFAE nó aon sárchúiseanna eile leasa phoiblí;

(15)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar atá sainmhínithe i bpointe 13 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

CAIBIDIL II

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE PRIONSABAL AN AITHEANTAIS FHRITHPHÁIRTIGH A CHUR I BHFEIDHM I GCÁSANNA AONAIR

Airteagal 4

Dearbhú um aitheantas frithpháirteach

1.   Féadfaidh táirgeoir earraí, nó earraí de chineál ar leith, atá ar fáil nó a chuirfear ar fáil ar an margadh sa Bhallstát is ceann scríbe dearbhú deonach a ullmhú faoi earraí a chur ar an margadh go dleathach chun críocha aitheantas frithpháirteach (“dearbhú um aitheantas frithpháirteach”) d'fhonn a léiriú d'údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe, go bhfuil na hearraí, nó earraí den chineál sin, ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

Féadfaidh an táirgeoir sainordú a thabhairt dá ionadaí údaraithe an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a ullmhú thar a cheann.

Cloífidh an dearbhú um aitheantas frithpháirteach leis an struchtúr atá leagtha amach i gCuid I agus i gCuid II den Iarscríbhinn ann agus cuimseofar ann an fhaisnéis ar fad atá sonraithe ansin.

Ní fhéadfaidh an táirgeoir nó i gcas a mbeidh sainordú aige chuig sin, a ionadaí údaraithe, an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a chomhlánú ach amháin leis an bhfaisnéis a leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn. Sa chás sin, is é an t-allmhaireoir nó an dáileoir a chuirfidh isteach an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an t-allmhaireoir nó an dáileoir an dá chuid den dearbhú um aitheantas frithpháirteach a ullmhú ar choinníoll gur féidir leis an sínitheoir an fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 5(4) a sholáthar.

Déanfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a ullmhú i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais. I gcás nach í an teanga sin an teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a aistriú chuig teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe.

2.   Na hoibreoirí eacnamaíocha a shíníonn an dearbhú um aitheantas frithpháirteach nó cuid de, beidh siad freagrach as ábhar agus cruinneas na faisnéise a sholáthróidh siad sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach, lena n-áirítear a chirte atá an fhaisnéis a aistríonn siad. Chun críocha na míre seo, beidh oibreoirí eacnamaíocha faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go gcoimeádfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach cothrom le dáta i gcónaí chun aon athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh siad sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach a léiriú.

4.   Féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe chun críocha an mheasúnaithe atá le déanamh faoi Airteagal 5. Féadfar é a sholáthar i bhfoirm páipéir nó trí mheán leictreonach nó féadfar é a sholáthar ar líne, I gcomhréir le ceanglais an Bhallstáit is ceann scríbe.

5.   I gcás ina gcuireann oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú um aitheantas frithpháirteach ar fáil ar líne, tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an cineál earraí nó an tsraith earraí a mbeidh feidhm ag an dearbhú um aitheantas frithpháirteach ina leith so-shainaitheanta; agus

(b)

go n-áireofar leis na modhanna teicniúla a úsáidtear gur furasta nascleanúint a dhéanamh agus go ndéanfar faireachán air chun a áirithiú go mbeidh fáil agus rochtain ar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach.

6.   I gcás ina bhfuil na hearraí a bhfuil an dearbhú um aitheantais frithpháirteach á soláthar ina leith faoi réir gníomh Aontais chomh maith, lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a chur i gceangal leis an dearbhú comhréireachta AE sin.

Airteagal 5

Earraí a mheasúnú

1.   I gcás inar mian leis an údarás inniúil i gceann de na Ballstáit is ceann scríbe earraí atá faoi réir an Rialacháin seo a mheasúnú, chun a fháil amach an bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus, más amhlaidh atá, an bhfuil leasanna dlisteanacha an phobail cumhdaithe le riail náisiúnta theicniúil infheidhme an Bhallstáit is ceann scríbe á gcosaint go leordhóthanach, i dtaca le gnéithe na n-earraí i gceist, ní mór dó dul i dteagmháil gan mhoill leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann.

2.   Nuair a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, cuirfidh sé in iúl don oibreoir eacnamaíoch faoin measúnú, cad iad na hearraí atá faoi réir an mheasúnaithe sin agus ag sonrú an riail náisiúnta theicniúil nó an nós imeachta réamhúdaraithe is infheidhme. Ina theannta sin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe in iúl don oibreoir eacnamaíoch gur féidir dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4 chun críocha an mheasúnaithe sin.

3.   Ceadófar don oibreoir eacnamaíoch na hearraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát is ceann scríbe feadh an ama a dhéanann an t-údarás inniúil an measúnú faoi mhír 1 den Airteagal seo agus féadfaidh sé leanúint de sin a dhéanamh ach i gcás ina bhfaigheann an oibreoir eacnamaíoch cinneadh riaracháin chun rochtain ar an margadh do na hearraí sin a shrianadh nó a dhiúltú. Ní bheidh feidhm ag an mír sin más faoi chuimsiú nós imeachta réamhúdaraithe a dhéantar an measúnú nó i gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil soláthar na n-earraí sin atá faoi réir measúnaithe ar an margadh ar fionraí sealadach i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.   Má sholáthraítear dearbhú um aitheantas frithpháirteach d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe i gcomhréir le hAirteagal 4, ansin, chun críocha aon mheasúnú faoi mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

glacfaidh an t-údarás inniúil gur leor an dearbhú um aitheantas frithpháirteach., in éineacht le haon fhianaise thacaíochta a soláthraíodh mar fhreagairt ar iarraidh ón údarás inniúil chun an fhaisnéis atá ann a fhíorú, d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile; agus

(b)

ní éileoidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis ná aon doiciméid eile ó aon oibreoir eacnamaíoch d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

5.   Mura dtugtar dearbhú um aitheantas frithpháirteach chuig údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 4 chun críche an mheasúnaithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an doiciméadacht agus an fhaisnéis, a bhfuil gá leis chun críocha an mheasúnaithe a sholáthar, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

maidir le saintréithe na n-earraí nó saintréithe an chineáil earraí atá i gceist; agus

(b)

maidir leis na hearraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

6.   Tar éis dó an iarraidh ó údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe a fháil, tabharfar ar a laghad 15 lá oibre don oibreoir eacnamaíoch chun na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 nó i mír 5, nó aon argóintí nó tuairimí a d'fhéadfadh a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch.

7.   Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe, i gcomhréir le hAirteagal 10(3), dul i dteagmháil leis na húdaráis inniúla nó leis na Pointí Teagmhála do Tháirgí sa Bhallstát sin ina bhfuil sé á mhaíomh ag oibreoir eacnamaíoch gurb ann atá a chuid earraí ar an margadh go dleathach aige, i gcás nach mór don údarás inniúil pé faisnéis a thug an t-oibreoir eacnamaíoch a fhíorú.

8.   Agus an measúnú á dhéanamh faoi mhír 1 acu, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát cinn scríbe aird chuí ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta a soláthraíodh ag aon oibreoir eacnamaíoch mar chuid den mheasúnú. Ní dhiúltóidh na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát cinn scríbe tuarascálacha tástála ná deimhnithe a eiseoidh comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe i leith réimse iomchuí na gníomhaíochta measúnaithe comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin.

9.   Más rud é, tar éis measúnú faoi mhír 1 den Airteagal seo a chríochnú, go nglacann údarás inniúil Ballstáit is ceann scríbe cinneadh riaracháin i leith na n-earraí, cuirfidh sé an cinneadh riaracháin sin in iúl gan mhoill don oibreoir eacnamaíoch ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh an t-údarás inniúil an cinneadh riaracháin sin in iúl freisin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tráth nach déanaí ná 20 lá oibre ó glacadh an cinneadh. Chun na críche sin, bainfidh sí úsáid as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 11.

10.   Leagfar amach sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9 na cúiseanna leis an gcinneadh ar bhealach atá mionsonraithe agus réasúnaithe go leor chun measúnú ar a chomhoiriúnacht le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo a éascú.

11.   Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9:

(a)

an riail theicniúil náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe;

(b)

foras dlisteanach an leasa phoiblí lena dtugtar údar cuí don riail theicniúil náisiúnta is infheidhme ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe;

(c)

an fhianaise theicniúil nó eolaíoch a rinneadh a mheas údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon athruithe ábhartha in úrscothacht na teicneolaíochta a tharla ó tháinig an riail theicniúil náisiúnta i bhfeidhm;

(d)

achoimre ar na hargóintí atá ábhartha don mheasúnú faoi mhír 1 a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, más ann dóibh;

(e)

an fhianaise lena léirítear gurb iomchuí an cinneadh riaracháin chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú, agus nach dtéann an cinneadh riaracháin thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

12.   Sonrófar sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo na leigheasanna atá ar fáil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit is ceann scríbe agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis na leigheasanna sin. Áireofar ann freisin tagairt don deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha SOLVIT a úsáid agus an nós imeachta faoi Airteagal 8.

13.   Ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9 sula dtabharfar fógra ina leith don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann faoin mír sin.

Airteagal 6

Fionraí shealadach ar rochtain ar an margadh

1.   I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil Ballstáit measúnú ar earraí de bhun Airteagal 5, ní fhéadfaidh sé cur ar fáil na n-earraí sin ar an margadh sa Bhallstát sin a chur ar fionraí go sealadach, ach amháin:

(a)

faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó coinníollacha úsáide atá measartha intuartha, baineann riosca tromchúiseach leis na hearraí ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine nó ar an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil riosca tromchúiseach nach mbeidh éifeachtaí láithreacha aige ar gá don údarás inniúil idirghabháil mhear a dhéanamh dá dheasca; nó

(b)

go bhfuil toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí, nó le hearraí den chineál sin, a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí.

2.   Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra láithreach don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon fhionraí shealadach de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Tabharfar an fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcásanna a thagann faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh bunús teicniúil nó eolaíoch mionsonraithe ag gabháil leis an bhfógra lena léireofar cén fáth go dtagann an cás faoi raon feidhme an phointe sin.

Airteagal 7

Fógra a thabhairt trí RAPEX nó RASFF

Más beart an cinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5 nó an fhionraí shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6, a cheanglaítear a fhógairt tríd an Mearchóras Malartaithe Faisnéise (RAPEX) i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE nó tríd an gCóras Mear-Rabhaidh um Bia agus Beatha (RASFF) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ní cheanglófar fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

léirítear san fhógra RAPEX nó RASFF go n-áirítear an fógra mar gheall ar an mbeart mar fhógra faoin Rialachán seo; agus

(b)

tá an fhianaise thacaíochta is ga le haghaidh an chinnidh riaracháin faoi Airteagal 5 nó le haghaidh fionraí shealadach faoi Airteagal 6 san áireamh leis an bhfógra RAPEX nó RASFF.

Airteagal 8

Nós imeachta um réiteach fadhbanna

1.   I gcás oibreoir eacnamaíoch a ndearna cinneadh riaracháin difear dó, gur chuir sé é faoi bhráid SOLVIT agus más rud é, le linn an nós imeachta SOLVIT, go n-iarrann an Lárionad Baile nó an Príomhionad ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt chun cabhrú leis an gcás a réiteach, soláthróidh an Lárionaid Bhaile agus an Príomhionaid gach doiciméad ábhartha a bhaineann leis an gcinneadh riaracháin lena mbaineann don Choimisiún.

2.   Tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an cinneadh riaracháin comhoiriúnach le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo.

3.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, measfaidh an Coimisiún an cinneadh riaracháin faoinar tugadh fógra i gcomhréir le hAirteagal 5(9) agus na doiciméid agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil le linn nós imeachta SOLVIT. I gcás ina dteastaíonn faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, iarrfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, ar an Ionad SOLVIT ábhartha dul i dteagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na húdaráis inniúla a ghlac an cinneadh riaracháin d'fhonn an fhaisnéis bhreise nó na doiciméid bhreise sin a fháil.

4.   Tráth nach déanaí ná 45 lá oibre ó gheobhaidh sé an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a chur i gcrích agus tuairim a eisiúint. I gcás inarb iomchuí, sainaithneofar sa tuairim ón gCoimisiún aon chúis imní ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi sa chás SOLVIT nó déanfaidh sé moltaí chun cabhrú leis an gcás a réiteach. Ní áirítear i dtréimhse na 45 lá sin an t-am is gá chun an fhaisnéis agus na doiciméid bhreise a fháil ag an gCoimisiún mar a fhoráiltear i mír 3.

5.   I gcás ina gcuirtear in iúl don Choimisiún gur réitíodh an cás le linn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh gá don Choimisiún tuairim a eisiúint.

6.   Cuirfear an tuairim ón gCoimisiún in iúl tríd an Ionad SOLVIT ábhartha chuig an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus chuig na húdaráis inniúla ábhartha. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i leith na tuairime sin do gach Ballstát trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. Cuirfear an tuairim san áireamh le linn an nós imeachta SOLVIT dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL III

COMHAR RIARACHÁIN, FAIREACHÁN AGUS CUMARSÁID

Airteagal 9

Na Cúraimí atá ar na Pointí Teagmhála do Tháirgí

1.   Ainmneoidh agus coimeádfaidh na Ballstáit Pointí Teagmhála do Tháirgí ar a gcríoch agus áiritheoidh siad go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha ag a bPointí Teagmhála do Tháirgí agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh mar is ceart. Áiritheoidh siad go soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí a gcuid seirbhísí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724.

2.   Soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí an fhaisnéis seo a leanas ar líne:

(a)

faisnéis maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcríoch a mBallstáit, lena n-áirítear faisnéis faoin nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 5;

(b)

sonraí teagmhála trínar féidir dul i dteagmháil leis na húdarás inniúila laistigh den Bhallstát sin go díreach, lena n-áirítear sonraí na n-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha teicniúla náisiúnta is infheidhme i gcríoch a mBallstáit;

(c)

na leigheasanna agus na nósanna imeachta atá ar fáil i gcríoch a mBallstáit i gcás ina mbeidh díospóid ann idir an t-údarás inniúil agus oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8.

3.   Más gá, chun an fhaisnéis a chomhlánú a sholáthraítear ar líne faoi mhír 2, soláthróidh Pointí Teagmhála do Tháirgí, ar iarraidh oibreora eacnamaíoch nó údaráis inniúil Ballstáit eile, aon fhaisnéis úsáideach, amhail cóipeanna leictreonacha de na rialacha teicniúla náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, nó rochtain ar líne orthu sin, maidir le hearraí sonracha nó maidir le hearraí de chineál sonrach sa chríoch ina bhfuil an Pointe Teagmhála do Tháirgí bunaithe nó nasc leictreonach leis na rialacha sin, nó faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí sin nó earraí den chineál sin faoi réir réamhúdarú faoin dlí náisiúnta.

4.   Tabharfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí freagra laistigh de 15 lá oibre tar éis aon iarraidh faoi mhír 3 a fháil.

5.   Ní ghearrfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí aon táille ar an bhfaisnéis faoi mhír 3 a sholáthar.

Airteagal 10

Comhar riaracháin

1.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le comhar éifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus na Pointí Teagmhála do Tháirgí de chuid na mBallstát éagsúil agus déanfaidh sé sin a áirithiú trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

éascú agus comhordú a dhéanamh ar mhalartú agus ar thiomsú faisnéise agus dea-chleachtas i dtaca le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun feidhme;

(b)

tacú le feidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí agus a gcomhar trasteorann a fheabhsú;

(c)

éascú agus comhordú a dhéanamh ar mhalartú oifigeach i measc na mBallstát, agus cláir oiliúna agus cláir múscailte feasachta chomhchoiteanna d'údaráis agus do ghnólachtaí araon.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid údarás inniúil agus a bPointí Teagmhála do Tháirgí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Arna iarraidh sin d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe de bhun Airteagal 5(7), cuirfidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil sé á mhaíomh ag oibreoir eacnamaíoch go bhfuil a chuid earraí ar an margadh go dleathach, cuirfidh siad ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe, laistigh de 15 lá oibre, aon fhaisnéis a bhaineann leis na hearraí sin is ábhartha i ndáil le fíorú na sonraí agus na ndoiciméad a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil le linn an mheasúnaithe faoi Airteagal 5. Féadfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí a úsáid chun an teagmháil idir na húdaráis inniúla ábhartha a éascú i gcomhréir leis an teorainn ama, a leagtar amach in Airteagal 9(4), faoi nach mór an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.

Airteagal 11

Córas faisnéise agus cumarsáide

1.   Chun críocha Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 10 den Rialachán seo, bainfear leas as córas faisnéise agus cumarsáide an Aontais atá leagtha amach in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 7 den Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar sonraí agus feidhmiúlachtaí an chórais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

CAIBIDIL IV

MAOINIÚ

Airteagal 12

Maoiniú gníomhaíochtaí mar thaca leis an Rialachán seo

1.   Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú mar thaca leis an Rialachán seo:

(a)

feachtais múscailte feasachta;

(b)

oideachas agus oiliúint;

(c)

malartú oifigeach agus dea-chleachtas;

(d)

comhar idir Pointí Teagmhála do Tháirgí maille leis na húdaráis inniúla, agus an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta don chomhar sin;

(e)

bailiú sonraí a bhaineann le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus lena thionchar ar an Margadh Aonair le haghaidh earraí.

2.   Cuirfear chun feidhme cúnamh airgeadais an Aontais maidir le gníomhaíochtaí mar thaca leis an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), go díreach nó trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na n-eintitis atá liostaithe i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

3.   Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a shocrú gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais atá i bhfeidhm.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (20) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL V

MEASTÓIREACHT AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 14

Meastóireacht

1.   Faoi 20 Aibreán 2025, agus gach 4 bliana tar éis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil air sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá ar fáil sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 11 agus aon sonraí arna mbailiú le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 12(1). Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha a chur isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar shaorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile nó chun éifeachtacht an Rialacháin seo a mheas, chomh maith le measúnú ar fheidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 le héifeacht ó 19 Aibreán 2020.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige le héifeacht ó 19 Aibreán 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 283, 10.8.2018, lch. 19.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE (IO L 218, 13.8.2008, lch. 21).

(4)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(6)  Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun fíorú chomhlíonadh dhlí an bhia agus na beatha, mar aon le rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO J L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimhir 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle.

(12)  Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 maidir leis na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2013, lch. 10).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachta an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(17)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/EU agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(20)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Dearbhú um aitheantas frithpháirteach chun críocha Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

Cuid I

1.   Aitheantóir uathúil i gcomhair na n-earraí nó an chineáil earraí: … [Tabhair faoi deara: cuir isteach uimhir aitheantais na n-earraí nó marc tagartha eile lena ndéantar aithint uathúil ar na hearraí nó ar an gcineál earraí]

2.   Ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch: … [Tabhair faoi deara: cuir isteach ainm agus seoladh an tsínitheora de Chuid I den dearbhú um aitheantas frithpháirteach: an táirgeoir agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:, nó an t-allmhaireoir, nó an dáileoir]

3.   Tuairisc ar na hearraí nó ar an gcineál earraí is ábhar an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach: … [Tabhair faoi deara: ba cheart gur leor an tuairisc chun na hearraí a aithint ar chúiseanna inrianaitheachta. Féadfaidh grianghraf a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí]

4.   Dearbhú agus faisnéis maidir leis an dlíthiúlacht i ndáil leis na hearraí nó earraí den chineál sin a chur ar an margadh:

4.1.   Maidir leis na hearraí nó an cineál earraí sin, gona saintréithe, ar a gcuirtear síos thuas, comhlíonann siad na rialacha seo a leanas atá infheidhme in … [Tabhair faoi deara: sainaithin an Ballstát ina maítear go bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach]: … [Tabhair faoi deara: cuir isteach an teideal agus tagairt an fhoilseacháin oifigiúil, i ngach cás, de na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin agus tagairt an chinnidh údarúcháin más rud é go raibh na hearraí faoi réir nós imeachta réamhúdarú],

i gcás nach bhfuil na hearraí nó cineál na n-earraí a gcuirtear síos orthu thuas faoi réir aon rialacha ábhartha in … [Tabhair faoi deara: sainaithin an Ballstát ina maítear go bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach].

4.2.   Tagairt an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme i leith na n-earraí nó earraí den chineál sin, nó tagairt na dtuarascálacha tástála i gcomhair aon tástálacha a rinne comhlacht um measúnú comhréireachta, lena n_áirítear ainm agus seoladh an chomhlachta sin (má cuireadh nós imeachta den sórt sin i gcrích nó má rinneadh tástálacha den sórt sin): …

5.   Aon fhaisnéis bhreise a mheastar is ábhartha i leith measúnú lena chinneadh an bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach sa Bhallstát a luaitear i bpointe 4.1: …

6.   Tá an chuid sin den dearbhú um aitheantas frithpháirteach tarraingthe suas faoi fhreagracht iomlán an oibreora eacnamaíoch a aithnítear faoi phointe 2.

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta):

(ainm, feidhm) (síniú):

Cuid II

7.   Dearbhú agus faisnéis maidir le cur ar an margadh na n-earraí nó earraí den chineál sin

7.1.   Tá na hearraí nó earraí den chineál sin a thuairiscítear i gCuid 1 ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar an margadh sa Bhallstát a léirítear i bpointe 4.1.

7.2.   Faisnéis go bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát a léirítear i bpointe 4.1, lena n-áirítear sonraí i ndáil leis an dáta ar cuireadh na hearraí ar fáil ar dtús d'úsáideoirí deiridh ar an margadh sa Bhallstát sin: …

8.   Aon fhaisnéis bhreise a mheastar is ábhartha i leith measúnú lena chinneadh an bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach sa Bhallstát a léirítear i bpointe 4.1: …

9.   Tá an chuid seo den dearbhú um aitheantas frithpháirteach tarraingthe suas faoi fhreagracht iomlán [Tabhair faoi deara: cuir isteach ainm agus seoladh an tsínitheora de Chuid II den dearbhú um aitheantas frithpháirteach: an táirgeoir agus i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe, nó an t-allmhaireoir nó an dáileoir].

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta):

(ainm, feidhm) (síniú):


(1)  Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO C 91, 29.3.2019, lch. 1).


29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

19


RIALACHÁN (AE) 2019/516 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CCE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunús is ea ollioncam náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (OIN) do ríomh an sciar is mó d'acmhainní dílse i mbuiséad ginearálta an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht an chomhiomláin a threisiú tuilleadh.

(2)

I gcás ina bhfuil staitisticí á n-úsáid go díreach chun críocha riaracháin agus chun beartas a cheapadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, baineann tábhacht ar leith le sláine staidrimh trí urraim a thabhairt do phrionsabail Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna athbhreithniú agus arna nuashonrú ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) ar an 16 Samhain 2017, agus do phrionsabail Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Ina theannta sin, tá na sonraí staidrimh sin ina n-uirlis anailíseach thábhachtach le haghaidh beartais eacnamaíocha náisiúnta a chomhordú agus le haghaidh beartais éagsúla de chuid an Aontais, mar aon le haghaidh gníomhaíochtaí taighde.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle (3), ciallaíonn OIN, chun críocha acmhainní dílse, OIN bliantúil ag praghas an mhargaidh faoin mhodheolaíocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lenar bunaíodh an Córas Cuntas Eorpach athbhreithnithe (CCE 2010). I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Chinneadh 2014/335/AE, Euratom, agus faoi réir Airteagal 10(2) de, rinneadh Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle (5) a aisghairm.

(5)

Tá sé ina bhunriachtanas gur féidir sonraí OIN a chur i gcomparáid le chéile ar fud na mBallstát agus go gcomhlíontar na sainmhínithe ábhartha agus na rialacha cuntasaíochta ábhartha in CCE 2010. Chun na críche sin, ba cheart go bhféadfaí na sainmhínithe agus na rialacha cuntasaíochta in CCE 2010 a chur i bhfeidhm go cuí trí bhíthin na nósanna imeachta agus na sonraí bunúsacha a úsáidtear iarbhír.

(6)

Tá sé ina bhunriachtanas gurb iontaofa atá na foinsí agus na modhanna a úsáidtear chun sonraí OIN a thiomsú. Ciallaíonn sé sin gur cheart teicnící fónta a úsáid a oiread is féidir i leith staitisticí bunúsacha atá láidir, oiriúnach agus cothrom le dáta.

(7)

Tá sé ina bhunriachtanas gur uileghabhálach atá sonraí OIN. Mar sin, ba cheart go dtugann na sonraí sin aird freisin ar na gníomhaíochtaí agus na hidirbhearta neamhfhoirmiúla, neamhchláraithe agus eile nach dtugtar tuairisc orthu i suirbhéanna staidrimh nó nach dtugtar tuairisc orthu d'údaráis fhioscacha, d'údaráis shóisialta ná d'údaráis riaracháin eile. Glactar leis, le clúdach feabhsaithe OIN, go bhfuil boinn oiriúnacha staidrimh agus nósanna imeachta oiriúnacha measúnaithe á bhforbairt chun staidreamh iontaofa a fhorbairt agus, i gcás inarb infheidhme, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh, agus bearnaí agus comhaireamh dúbailte á seachaint.

(8)

Foráiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle (6) do chigireachtaí a dhéanamh sna Ballstáit chun críche acmhainní dílse a fhíorú. Chun críocha OIN a fhíorú, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) a bheith i dteideal cuairteanna faisnéise OIN a thabhairt d'fhonn cáilíocht na gcomhiomlán OIN agus a gcomhpháirteanna a fhíorú agus comhlíonadh CCE 2010 a fhíorú mar aon lena áirithiú gurb inchomparáide, iontaofa agus uileghabhálach atá sonraí OIN. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) na rialacha maidir le rúndacht staidrimh a urramú. Tá rannpháirtíocht ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta staidrimh sna cuairteanna faisnéise OIN ar Bhallstáit eile bunriachtanach chun trédhearcacht agus cáilíocht an phróisis um fhíorú OIN a mhéadú.

(9)

Chun iontaofacht, uileghabhálacht agus an méid is mó inchomparáideachta is féidir a áirithiú i dtaca le sonraí OIN, i gcomhréir le CCE 2010, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta saincheisteanna a ndíreofar orthu i ngach timthriall fíorúcháin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí chomhiomláin OIN a sholáthar chun críocha acmhainní dílse, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun struchtúr agus socruithe mionsonraithe an fhardail foinsí agus modhanna a bhunú, foinsí agus modhanna a n-úsáidtear chun sonraí agus comhpháirteanna OIN a tháirgeadh, i gcomhréir le hIarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, mar aon le tráthchlár le haghaidh nuashonrú agus tarchur an fhardail, agus na bearta ar leith a bheidh dírithe ar inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht sonraí OIN na mBallstát a fheabhsú i bhfianaise an liosta ceisteanna arna sainmhíniú ag an gCoimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(11)

Iarradh ar an CCSE, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, treoir ghairmiúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin.

(12)

Maidir leis an gCoiste OIN dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (9), d'eisigh sé tuairimí don Choimisiún, thug sé comhairle don Choimisiún agus chabhraigh sé leis an gCoimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Faoin straitéis maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach lena bhfeabhsófaí comhordú agus comhpháirtíocht i struchtúr soiléir pirimide laistigh den Chóras, ba cheart do CCSE ról comhairleach a bheith aige agus ba cheart dó bheith ina chúnamh don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Chuige sin, ba cheart CCSE a chur in áit an Choiste OIN chun críche cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme faoin Rialachán seo a fheidhmiú. Mar sin féin, chun críocha feidhmeanna eile ba ghnách leis an gCoiste OIN a chomhlíonadh faoi Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003, agus nach mbaineann le cabhair maidir le feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin, ba cheart don Choimisiún sainghrúpa foirmiúil a bhunú chun cabhrú leis.

(13)

Le Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle (10) agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle, bunaíodh nós imeachta le haghaidh fíorú agus measúnú a dhéanamh ar inchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht shonraí olltáirgeachta náisiúnta (OTN) agus shonraí OIN laistigh den Choiste OTN agus den Choiste OIN, ar coistí iad ina mbíonn na Ballstáit agus an Coimisiún ag obair i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart an nós imeachta sin a choigeartú chun na nithe seo a chur san áireamh: sonraí OIN a úsáid i gcomhréir le CCE 2010 chun críocha acmhainní dílse; an tráthchlár athbhreithnithe le haghaidh acmhainní dílse a chur ar fáil; agus forbairtí nua sa Chóras Staidrimh Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 89/130/CEE, Euratom agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

SAINMHÍNIÚ AGUS RÍOMH OLLIONCAIM NÁISIÚNTA AG PRAGHSANNA AN MHARGAIDH

Airteagal 1

1.   Sainmhíneofar ollioncam náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (OIN) agus olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh (OTI) i gcomhréir leis an gCóras Cuntas Eorpach (CCE 2010) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.

2.   I gcomhréir le pointe 8.89 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, ciallaíonn OTI an toradh deireanach ar ghníomhaíocht táirgthe na n-aonad táirgthe cónaitheach. Is féidir é a shainmhíniú ar thrí bhealach:

(a)

cur chuige an táirgthe: is ionann OTI agus suim oll-bhreisluach na n-earnálacha institiúideacha éagsúla nó na dtionscal éagsúil móide cánacha agus lúide fóirdheontais ar tháirgí (nach bhfuil leithdháilte ar earnálacha agus ar thionscail). Is ionann é freisin agus an ítim chomhardaithe sa chuntas táirgeachta ar leibhéal an gheilleagair iomláin;

(b)

cur chuige an chaiteachais: is ionann OTI agus suim na n-úsáidí críochnaitheacha earraí agus seirbhísí ag aonaid institiúideacha chónaitheacha (tomhaltas críochnaitheach agus ollfhoirmiú caipitil) móide onnmhairí agus lúide allmhairí earraí agus allmhairí seirbhísí;

(c)

cur chuige an ioncaim: is ionann OTI agus suim na n-úsáidí i gcuntas giniúna ioncaim an gheilleagair iomláin (cúiteamh d'fhostaithe, cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí lúide fóirdheontais, ollbharrachas oibriúcháin agus ioncam measctha an gheilleagair iomláin).

3.   I gcomhréir le pointe 8.94 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, ciallaíonn OIN an t-ioncam príomha iomlán atá infhála ag aonaid institiúideacha chónaitheacha: cúiteamh d'fhostaithe, cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí lúide fóirdheontais, ioncam ó mhaoin (infhála lúide iníoctha), ollbharrachas oibriúcháin agus ollioncam measctha. Tá OIN cothrom le OTI lúide ioncam príomha atá iníoctha ag aonaid chónaitheacha institiúideacha le haonaid neamhchónaitheacha institiúideacha móide ioncam príomha atá infhála ag aonaid chónaitheacha institiúideacha ón gcuid eile den domhan.

CAIBIDIL II

SONRAÍ OIN AGUS FAISNÉIS BREISE A THARCHUR

Airteagal 2

1.   Ríomhfaidh na Ballstáit OIN mar a shainmhínítear in Airteagal 1 i gcomhthéacs thiomsú na gcuntas náisiúnta.

2.   Roimh 1 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit, i gcomhthéacs nósanna imeachta cuntasaíochta náisiúnta, figiúirí maidir le comhiomláin OIN agus maidir lena chomhpháirteanna ar fáil don Choimisiún (Eurostat), i gcomhréir leis na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfar iomláin le haghaidh OTI agus a chomhpháirteanna a thíolacadh i gcomhréir leis na trí chur chuige dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Déanfar sonraí a tharchur don bhliain roimhe agus cuirfear in iúl aon athruithe a rinneadh ar na sonraí do bhlianta roimhe sin ag an am céanna.

3.   Beidh tuarascáil ar cháilíocht na sonraí OIN ag gabháil le tarchur na sonraí dá dtagraítear i mír 2. Sa tuarascáil sin, déanfar an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na sonraí a tháirgeadh a mhionshonrú, agus déanfar cur síos inti ar aon athruithe suntasacha ar na foinsí agus ar na modhanna a úsáideadh agus míneofar inti na hathbhreithnithe a rinneadh ar na comhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna le hais na dtréimhsí roimhe sin.

Airteagal 3

1.   Tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) fardal de na foinsí agus na modhanna a úsáideadh chun comhiomláin agus comhpháirteanna OIN a tháirgeadh i gcomhréir le CCE 2010.

2.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, struchtúr agus socruithe mionsonraithe an fhardail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hIarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, mar aon le tráthchlár le haghaidh nuashonrú agus tarchur an fhardail. Agus a chumhacht á fheidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach bhforchuirfidh gníomhartha cur chun feidhme den chineál sin aon chostas suntasach breise a d'fhágfadh ualach díréireach gan bonn cirt leis ar na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo. Beidh an fardal comhsheasmhach le CCE 2010 agus seachnóidh sé dúbailt agus ró-ualú.

3.   Chun anailísí inchomparáide ar chomhlíonadh a éascú, déanfaidh an Coimisiún treoir a tharraingt suas maidir le fardail i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4.

CAIBIDIL III

NÓSANNA IMEACHTA AGUS SEICEÁLACHA MAIDIR LE RÍOMH OIN

Airteagal 4

Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa foirmiúil, a bheidh comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit uile agus a bheidh faoi chathaoirleacht ionadaí an Choimisiúin, chun comhairle a thabhairt don Choimisiún, agus a thuairimí a thabhairt maidir le hinchomparáideacht, le hiontaofacht agus le huileghabhálacht ríomhanna OIN; chun saincheisteanna faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a scrúdú; agus chun tuairimí bliantúla a eisiúint ar a oiriúnaí atá na sonraí OIN arna gcur isteach ag na Ballstáit chun críocha acmhainní dílse.

Airteagal 5

1.   Déanfaidh an Coimisiún na foinsí, a n-úsáidí agus na modhanna san fhardal dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a fhíorú. Chun na críche sin, úsáidfear samhail fíorúcháin arna dréachtú ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis an sainghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4. Beidh an tsamhail bunaithe ar na prionsabail um athbhreithniú piaraí agus um éifeachtúlacht costais agus cuirfear san áireamh inti na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo.

2.   Beidh sonraí OIN iontaofa, uileghabhálach agus inchomparáide.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 7 chun an fhoráil a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo a fhorlíonadh tríd an liosta saincheisteanna a ndíreofar orthu i ngach timthriall fíorúcháin a shainiú ar mhaithe le hiontaofacht, uileghabhálacht agus an méid is mó inchomparáideachta is féidir a áirithiú i dtaca le sonraí OIN, i gcomhréir le CCE 2010.

3.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta ar leith chun go mbeidh sonraí OIN níos inchomparáide, níos iontaofa agus níos uileghabhálaí, bunaithe ar an liosta saincheisteanna a shaineoidh an Coimisiún sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo. Tabharfar an t-údar cuí le gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, i gcomhréir le CCE 2010. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 6

1.   Gan dochar do na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) cuairteanna faisnéise OIN a thabhairt sna Ballstáit, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin.

2.   Eagrófar na cuairteanna faisnéise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun críocha cáilíocht na gcomhiomlán OIN agus a gcomhpháirteanna a fhíorú agus comhlíonadh CCE 2010 a fhíorú. Agus a cheart chun cuairteanna faisnéise den sórt sin a thabhairt á fheidhmiú aige, urramóidh an Coimisiún (Eurostat) na rialacha maidir le rúndacht staidrimh atá leagtha síos i gCaibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Le linn dó cuairteanna faisnéise a thabhairt sna Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), cabhair a iarraidh ó shaineolaithe cuntas náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar údaráis staidrimh náisiúnta Ballstát eile agus gríosaítear é chun é sin a dhéanamh.

Beidh na saineolaithe cuntas náisiúnta cláraithe ar liosta a bheidh bunaithe ar thograí deonacha arna seoladh chuig an gCoimisiún (Eurostat) ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cuntais náisiúnta a thuairisciú.Is deonach atá rannpháirtíocht saineolaithe cuntas náisiúnta na mBallstát eile sna cuairteanna faisnéise sin.

Airteagal 7

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 18 Aibreán 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 9

Roimh 1 Eanáir 2023, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 10

Aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003.

Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 11

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(3)  Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 105).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO L 163, 23.6.2007, lch. 17).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 29).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (an Rialachán OIN) (IO L 181, 19.7.2003, lch. 1).

(10)  Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle an 13 Feabhra 1989 maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú (IO L 49, 21.2.1989, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Treoir 89/130/CEE, Euratom

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1 (1) agus (3)

Airteagal 2

Airteagal 1 (2)

Airteagal 3

Airteagal 2 (1) agus (2)

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 2 (3)

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11


Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5(1)

Airteagal 5

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 8

Airteagal 11


29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


RIALACHÁN (AE) 2019/517 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh fearann barrleibhéil (TLD) arb é .eu le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (4). Ó glacadh na rialacháin sin, tá athrú mór tagtha ar an gcomhthéacs polaitiúil agus reachtach san Aontas, ar an timpeallacht ar líne agus ar an margadh.

(2)

Mar gheall ar fhorás mear an mhargaidh TLD, agus an tírdhreach digiteach dinimiciúil, tá gá le timpeallacht rialála a sheasfaidh an aimsir agus atá solúbtha. Tá an TLD arb é .eu ar cheann de na cóid tíre TLDanna (ccTLDanna) is mó dá bhfuil ann. Baineann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais feidhm as an TLD arb é .eu, lena n-áirítear i gcomhair tionscadail agus tionscnaimh Eorpacha. Is é is cuspóir don TLD arb é .eu, trí dhea-bhainistiú, cabhrú chun féiniúlacht an Aontais a fheabhsú agus chun luachanna de chuid an Aontais, amhail an t-ilteangachas, an urraim do phríobháideacht agus do shlándáil úsáideoirí agus an urraim do chearta an duine, mar aon le tosaíochtaí sonracha ar líne, a chur chun chinn ar líne.

(3)

Is cuid riachtanach de struchtúr ordlathach an chórais ainmneacha fearainn (DNS) iad TLDanna lena n-áirithítear córas idir-inoibritheach d'aitheantóirí uathúla, atá ar fáil ar fud an domhain, ar aon fheidhmchlár agus ar aon líonra.

(4)

Ba cheart don TLD arb é .eu úsáid líonraí idirlín, agus rochtain ar líonraí idirlín, a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 170 agus Airteagal 171 CFAE, trí chlárú a sholáthar atá comhlánatach le ccTLDanna atá ann cheana agus le clárú domhanda TLDanna cineálacha.

(5)

An TLD arb é .eu, ar lipéad é atá soiléir agus so-aitheanta go héasca, ba cheart go mbeadh sé ina nasc leis an Aontas agus leis an margadh Eorpach atá in-aitheanta go soiléir. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas gnóthais, eagraíochtaí agus daoine nádúrtha laistigh den Aontas ainm fearainn a chlárú faoin TLD arb é .eu. Tá tábhacht le hainm fearainn den sórt sin a bheith ann chun féiniúlacht an Aontais ar líne a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a leasú chun go bhféadfaidh saoránaigh de chuid an Aontais ainm TLD arb é .eu a chlárú, gan beann ar a n-áit chónaithe, ón 19 Deireadh Fómhair 2019.

(6)

Ba cheart ainmneacha fearainn sa TLD arb é .eu a leithdháileadh ar pháirtithe incháilithe, ach iad a bheith ar fáil.

(7)

Ba cheart don Choimisiún comhar idir an Chlárlann, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a chur chun cinn, d'fhonn clárúcháin amhantracha agus mhí-úsáideacha ainmneacha fearainn a chomhrac, lena n-áirítear cibearshuiteoireacht, agus nósanna imeachta simplí riaracháin a sholáthar, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mhéanmhéide (FBManna).

(8)

Chun cosaint níos fearr a áirithiú maidir le ceart na bpáirtithe conradh a dhéanamh leis an gClárlann agus le Cláraitheoirí faoi seach, ba cheart comhlachtaí atá lonnaithe san Aontas díospóidí maidir le clárú ainmneacha fearainn sa TLD arb é .eu a réiteach tríd an dlí náisiúnta ábhartha a chur i bhfeidhm, gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí a aithníonn na Ballstáit nó an tAontas a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta.

(9)

Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn nós imeachta roghnúcháin atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint d'éifeachtúlacht costais agus simplíocht riaracháin, Clárlann a ainmniú don TLD arb é .eu. Chun tacú leis an margadh aonair digiteach, chun féiniúlacht Eorpach ar líne a chruthú agus chun gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú. Tá sé ríthábhachtach, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na liostaí d'ainmneacha fearainn atá forchoimeádta agus atá blocáilte ag na Ballstáit a ghlacadh, chun na prionsabail a bheidh le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann a bhunú agus chun an Chlárlann a ainmniú ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, go háirithe chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart na liostaí sin a thiomsú faoi réir infhaighteacht na n-ainmneacha fearainn agus ainmneacha fearainn ar an dara leibhéal atá forchoimeádta nó cláraithe cheana ag na Ballstáit á gcur san áireamh.

(11)

Ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh leis an gClárlann ainmnithe agus ba cheart a áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an gClárlann i dtaca le heagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu. Ba cheart fad cinnte a bheith leis an gconradh agus ba cheart é a bheith in-athnuaite aon uair amháin gan an gá le nós imeachta roghnúcháin nua.

(12)

Ba cheart na prionsabail agus na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmiú an TLD arb é .eu a chur i gceangal leis an gconradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann ainmnithe.

(13)

Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le hiomaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE.

(14)

Ba cheart don Chlárlann prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta a chomhlíonadh, agus ba cheart di bearta a chur chun feidhme chun iomaíocht chothrom a choimirciú, a bheidh le húdarú roimh ré ag an gCoimisiún, go háirithe agus seirbhísí á soláthair ag an gClárlann do ghnóthais lena bhfuil sí in iomaíocht i margaí iartheachtacha.

(15)

Is í an Chorparáid Sannta Ainmneacha agus Uimhreacha Idirlín (ICANN) atá freagrach faoi láthair as comhordú a dhéanamh ar cóid atá in ionannas le ccTLD a tharmligean chuig na Clárlanna. Ba cheart don Chlárlann conradh iomchuí a dhéanamh le ICANN lena ndéanfar foráil maidir leis an gcód ccTLD arb é .eu a tharmligean, agus na prionsabail ábhartha arna nglacadh ag Coiste Comhairleach an Rialtais (GAC) á gcur san áireamh.

(16)

Ba cheart don Chlárlann comhaontú iomchuí eascró a dhéanamh chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, agus go háirithe chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí don phobal idirlín áitiúil, lena laghad cur isteach is féidir, i gcás tarmligean an athuair nó imthosca eile gan choinne a bheith ann. Ba cheart don Chlárlann cóip leictreonach d'inneachar reatha bhunachar sonraí an TLD arb é .eu a chur faoi bhráid an ghníomhaire eascró ar bhonn laethúil.

(17)

Na nósanna imeachta um Réiteach Malartach Díospóide (RMD) a bheidh le glacadh, ba cheart go gcomhlíonfaidís Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ba cheart do dtabharfaidís aird ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta sa réimse seo agus go háirithe moltaí ábhartha na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, chun a áirithiú go seachnófar clárúcháin amhantracha agus mhí-úsáideacha a mhéid is féidir. Ba cheart go n-urramófaí leis na nósanna imeachta RMD sin rialacha nós imeachta aonfhoirmeacha atá i gcomhréir leo siúd a leagtar amach i mBeartas Aonfhoirmeach ICANN um Réiteach Díospóidí ar Ainmneacha Fearainn.

(18)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa bheartas maidir le clárú míchuí ainmneacha fearainn arb iad .eu go ndéanfaidh an Chlárlann na sonraí a gheobhaidh sé a fhíorú, go háirithe sonraí maidir le céannacht na gcláraithe, agus maidir le hainmneacha fearainn a mheasfar le cinneadh deiridh ó chúirt i mBallstát go bhfuil siad clúmhillteach, ciníoch nó contrártha le dlí an Bhallstáit ar bhealach eile, go ndéanfar clárú na n-ainmneacha fearainn sin a chúlghairm nó a bhlocáil amach anseo. Ba cheart don Chlárlann an-chúram a ghlacadh chun cruinneas na sonraí a gheobhaidh sí agus a bheidh ina seilbh aici a áirithiú. Leis an nós imeachta um chúlghairm, ba cheart í deis réasúnach a thabhairt do shealbhóir an ainm fearainn aon sárú ar na critéir incháilitheachta, ar na ceanglais clárúcháin nó ar fhiacha gan íoc a chur ina cheart sula ngabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm.

(19)

Ainm fearainn atá comhionann le hainm, nó atá cosúil leis ar bhealach mearbhlach, a mbunaítear ceart ina leith le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus a cláraíodh gan cearta ná leas dlisteanach san ainm, ba cheart, i bprionsabal, é a chúlghairm agus, i gcás inar gá, é a aistriú chuig an sealbhóir dlisteanach. I gcás ina n-aimsítear gur úsáideadh ainm fearainn de mheon mímhacánta, ba cheart é a chúlghairm i gcónaí.

(20)

Ba cheart go nglacfadh an Chlárlann beartais shoiléire a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go ndéanfar clárúcháin amhantracha ainmneacha fearainn a shainaithint go tráthúil agus, i gcás inar gá, ba cheart go n-oibreodh sí i gcomhar le húdaráis inniúla agus le comhlachtaí poiblí eile is ábhartha don chibearshlándáil agus do shlándáil faisnéise atá rannpháirteach go sonrach sa chomhrac in aghaidh na gclárúchán sin, amhail foirne náisiúnta phráinnfhreagartha ríomhaire (CERTanna).

(21)

Ba cheart don Chlárlann tacú le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sa chomhrac in aghaidh na coireachta, trí bhearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme a bhfuil sé mar aidhm leo údaráis inniúla a chumasú chun rochtain a bheith acu ar na sonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, amhail dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(22)

Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart don Chlárlann rialacha, prionsabail agus treoirlínte ábhartha cosanta sonraí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe ceanglais slándála ábhartha, prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, an teorannaithe de réir cuspóra, agus tréimhse coinneála sonraí chomhréireach. Ina theannta sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe i ngach córas próiseála sonraí agus i ngach bunachar sonraí arna fhorbairt agus arna chothabháil.

(23)

D'fhonn maoirseacht thréimhsiúil éifeachtach a áirithiú, ba cheart do chomhlacht neamhspleách iniúchadh a dhéanamh ar an gClárlann, ar chostas na Clárlainne, gach 2 bhliain ar a laghad, chun a dhearbhú, trí bhíthin tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta, go gcomhlíonann an Chlárlann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart don Chlárlann an tuarascáil sin a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir lena conradh leis an gCoimisiún.

(24)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa chonradh idir an Chlárlann agus an Coimisiún maidir le nósanna imeachta chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu ag an gClárlann a fheabhsú i gcomhréir le treoracha an Choimisiúin a eascraíonn as na gníomhaíochtaí maoirseachta amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(25)

Ina conclúidí an 27 Samhain 2014, dár teideal “Rialachas an Idirlín”, d'athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas an Aontais i leith struchtúir rialachais páirtithe leasmhara éagsúla a chur chun cinn atá bunaithe ar shraith chomhleanúnach de phrionsabail dhomhanda i dtaobh rialachas an idirlín. Tagraíonn rialachas chuimsitheach an idirlín d'fhorbairt agus d'fheidhmiú prionsabal chomhroinnte, norm, rialacha, nósanna imeachta cinnteoireachta agus clár lena múnlaítear forás agus úsáid an idirlín ag rialtais, ag an earnáil phríobháideach, ag an tsochaí shibhialta, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag an bpobal teicniúil, ag gníomhú dóibh uile ina róil faoi seach.

(26)

Ba cheart Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu a chur ar bun agus é de ról aige comhairle a thabhairt don Choimisiún chun an t-ionchur sa dea-rialachas ar an gClárlann a neartú agus a leathnú. Ba cheart go mbeadh an Grúpa ina léiriú ar shamhail il-gheallsealbhóirí Rialachais an Idirlín, agus a gcomhaltaí, cé is moite díobh siúd a gheofar ó údaráis na mBallstát agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ba cheart go gceapfadh an Coimisiún iad ar bhonn nós imeachta oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. An t-ionadaí a gheobhfar ó údaráis na mBallstát, ba cheart é a cheapadh ar bhonn córas uainíochta lena n-áiritheofaí leanúnachas leordhóthanach ó thaobh rannpháirtíocht an Ghrúpa de.

(27)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an TLD arb é .eu. Ba cheart don mheastóireacht sin féachaint do chleachtais oibre na Clárlainne ainmnithe agus d'ábharthacht chúraimí na Clárlainne. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún tuarascálacha rialta maidir le feidhmíocht ainm an TLD arb é .eu a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(28)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus cosaint do thomhaltóirí. Ba cheart nósanna imeachta iomchuí de chuid an Aontais a urramú agus deimhin á dheanamh de go ndéanfaidh na forálacha sa dlí náisiúnta lena ndéantar difear don Rialachán seo dlí an Aontais agus, go háirithe, an Chairt a chomhlíonadh. I gcásanna amhrais, ba cheart don Chlárlann treoir a lorg ar an gCoimisiún maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais.

(29)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon TLD uile-Eorpach a chur chun feidhme sa bhreis ar na ccTLDanna náisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(30)

Chun srian a chur le haon riosca go dtarlódh suaitheadh i seirbhísí an TLD arb é .eu le linn chur chun feidhme an chreata rialála nua, leagtar síos forálacha idirthréimhseacha sa Rialachán seo.

(31)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a leasú agus a aisghairm, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme an fearann barrleibhéil náisiúnta (“ccTLD”) arb é .eu agus a mhalartaí infhaighte i scripteanna eile, chun tacú leis an margadh aonair digiteach, chun féiniúlacht Eorpach ar líne a chruthú agus chun gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh. Leagtar síos ann freisin na coinníollacha lena chur chun feidhme, lena n-áirítear ainmniú agus saintréithe na Clárlainne. Bunaítear leis an Rialachán seo freisin an creat beartais dlíthiúil agus ginearálta ar laistigh di a fheidhmeoidh an Chlárlann ainmnithe.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do shocruithe i mBallstáit maidir lena ccTLDanna náisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “Clárlann” an t-eintiteas a gcuirtear de chúram air eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu, lena n-áirítear cothabháil na mbunachar sonraí comhfhreagrach agus na seirbhísí um cheisteanna poiblí a bhaineann leo, clárú ainmneacha fearainn, feidhmiú Chlárlann na n-ainmneacha fearainn, feidhmiú fhreastalaithe ainmneacha fearann barrleibhéil (“TLD”) na Clárlainne, agus leithdháileadh comhad creasa TLD ar fhreastalaithe ainmneacha;

(2)

ciallaíonn “Cláraitheoir” duine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann, ar bhonn conartha leis an gClárlann, seirbhísí cláraithe ainm fearainn a sholáthar do chláraithe;

(3)

ciallaíonn “prótacail Ainm Fearainn Idirnáisiúnaithe (IDNanna)” caighdeáin agus prótacail lena dtacaítear le húsáid ainmneacha fearainn i gcarachtair nach carachtair den Chód Caighdeánach Meiriceánach um Idirmhalartú Faisnéise (ASCII) iad;

(4)

ciallaíonn “bunachar sonraí WHOIS” bailiúchán sonraí ina bhfuil faisnéis maidir le gnéithe teicniúla agus riaracháin na gclárúchán TLD arb é .eu;

(5)

ciallaíonn “prionsabail agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu” rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú agus bainistiú an TLD arb é .eu;

(6)

ciallaíonn “clárú” sraith beart agus céimeanna nós imeachta, ó thionscnamh go críoch, arna nglacadh ag Cláraitheoirí agus ag an gClárlann arna iarraidh sin do dhuine nádúrtha nó dlítheanach chun críche clárú ainm fearainn a chur chun feidhme ar feadh tréimhse sonraithe.

CAIBIDIL II

CUR CHUN FEIDHME AN TLD ARB É .eu

ROINN 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 3

Critéir incháilitheachta

Is féidir le haon cheann acu seo a leanas clárú ainm fearainn amháin nó níos mó faoin TLD arb é .eu a iarraidh:

(a)

saoránach de chuid an Aontais, gan beann ar a áit chónaithe;

(b)

duine nádúrtha nach saoránach de chuid an Aontais é agus is cónaitheoir i mBallstát;

(c)

gnóthas atá bunaithe laistigh den Aontas; agus

(d)

eagraíocht atá bunaithe laistigh den Aontas gan dochar d'fheidhmiú an dlí náisiúnta.

Airteagal 4

Clárú agus cúlghairm ainmneacha fearainn

1.   Déanfar ainm fearainn a leithdháileadh ar an bpáirtí incháilithe a bhfuil iarraidh faighte uaidh ar dtús ag an gClárlann ar an mbealach ceart go teicniúil mar a leagtar síos sna nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar chlárú ar bhonn phointe (b) d'Airteagal 11.

2.   Ní bheidh ainm fearainn cláraithe ar fáil lena chlárú arís go dtí go mbeidh an clárú imithe in éag gan athnuachan, nó go dtí go ndéanfar an t-ainm fearainn a chúlghairm.

3.   Féadfaidh an Chlárlann ainm fearainn a chúlghairm ar a tionscnamh féin, gan an díospóid a chur faoi bhráid nós imeachta RMD nó nós imeachta breithiúnach, ar na forais seo a leanas:

(a)

tá fiacha gan íoc ann atá dlite don Chlárlann;

(b)

ní chomhlíonann sealbhóir ainm fearainn na critéir incháilitheachta de bhun Airteagal 3;

(c)

sárú ag sealbhóir an ainm fearainn ar na ceanglais maidir le hiarrataí ar chlárú a leagtar síos ar bhonn phointí (b) agus (c) d'Airteagal 11.

4.   Féadfar ainm fearainn a chúlghairm freisin agus, más gá, é a aistriú ina dhiaidh sin chuig páirtí eile, tar éis nós imeachta um réiteach malartach díospóidí nó nós imeachta breithiúnach, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu a leagtar síos de bhun Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an t-ainm sin comhionann le hainm, nó cosúil leis ar bhealach mearbhlach, a mbunaítear ceart ina leith le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus i gcás ina bhfuil sé:

(a)

cláraithe ag a shealbhóir gan chearta nó leas dlisteanach san ainm; nó

(b)

cláraithe nó in úsáid de mheon mímhacánta.

5.   I gcás ina gcinntear le cinneadh ó chúirt de chuid Ballstáit go bhfuil ainm fearainn clúmhillteach, ciníoch nó contrártha don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí faoi dhlí an Aontais, nó dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh an Chlárlann é a bhac nuair a gheobhaidh sé fógra faoi chinneadh na cúirte, agus déanfar é a chúlghairm nuair a gheofar an fógra faoi chinneadh críochnaitheach na cúirte. Déanfaidh an Chlárlann na hainmneacha fearainn sin a bhí faoi réir ordú cúirte den sórt sin a bhac ó chlárú a dhéanamh sa todhchaí, fad agus go mbeidh an t-ordú sin fós bailí.

6.   Ní bheidh ainmneacha fearainn arna gclárú faoin TLD arb é .eu in-aistrithe ach amháin chuig páirtithe atá incháilithe chun ainmneacha fearainn arb é .eu a chlárú.

Airteagal 5

Teangacha, dlí agus dlínse infheidhme

1.   Déanfar clárú ainmneacha fearainn i gcarachtair uile theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ar fáil de réir mar a cheadaítear leis na prótacail ábhartha Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnta.

2.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ná do na cearta agus na hoibleagáidí a aithníonn na Ballstáit nó an tAontas a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta, ní dhéanfaidh conarthaí idir an Chlárlann agus Cláraitheoirí ná conarthaí idir Cláraitheoirí agus cláraithe ainmneacha fearainn, dlí seachas dlí de chuid na mBallstát a ainmniú mar an dlí is infheidhme, ná ní ainmneoidh siad mar chomhlacht um réiteach díospóide, cúirt, cúirt eadrána nó comhlacht eile atá suite lasmuigh den Aontas.

Airteagal 6

Forchoimeád ainmneacha fearainn

1.   Féadfaidh an Chlárlann roinnt ainmneacha fearainn a fhorchoimeád nó a chlárú a mheastar a bheith riachtanach dá cuid feidhmeanna oibriúcháin faoin gconradh dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

2.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt don Chlárlann ainmneacha fearainn a fhorchoimeád nó a chlárú go díreach faoin TLD arb é .eu lena n-úsáid ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d'ainmneacha fearainn a bheidh forchoimeádta nó cláraithe cheana féin, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi liosta d'ainmneacha fearainn:

(a)

nach bhféadfar iad a chlárú de bhun a ndlí náisiúnta; nó

(b)

a fhéadfaidh na Ballstáit a chlárú nó a fhorchoimeád ar an dara leibhéal amháin.

I dtaca le pointe (b) den chéad fhomhír, beidh na hainmneacha fearainn seo a dtabharfar fógra fúthu don Choimisiún teoranta do théarmaí geografacha nó geopholaitiúla a aithnítear go forleathan agus a dhéanann difear d'eagraíocht pholaitiúil nó chríochach na mBallstát.

4.   Glacfaidh an Coimisiún na liostaí faoin dtabharfaidh na Ballstáit fógra dó trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 7

Cláraitheoirí

1.   Déanfaidh an Chlárlann cláraitheoirí a chreidiúnú i gcomhréir le nósanna imeachta creidiúnúcháin réasúnta, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bheidh formheasta ag an gCoimisiún roimh ré. Cuirfidh an Chlárlann na nósanna imeachta creidiúnúcháin ar fáil go poiblí i bhfoirm atá inrochtana go héasca.

2.   Cuirfidh an Chlárlann coinníollacha coibhéiseacha i bhfeidhm in imthosca coibhéiseacha i ndáil le cláraitheoirí creidiúnaithe .eu a sholáthraíonn seirbhísí coibhéiseacha. Soláthróidh an Chlárlann seirbhísí agus faisnéis do na cláraitheoirí sin faoi na coinníollacha céanna,agus ar an gcaighdeán céanna, a sholáthraíonn sí a seirbhísí coibhéiseacha féin.

ROINN 2

Clárlann

Airteagal 8

Ainmniú na Clárlainne

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta le haghaidh ainmniú na Clárlainne a bhunú.

2.   Leagfaidh an Coimisiún amach na prionsabail a bheidh le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún agus an Chlárlann, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

3.   Ainmneoidh an Coimisiún eintiteas ina Chlárlann tar éis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a thabhairt chun críche.

4.   Déanfaidh an Coimisiún conradh leis an gClárlann ainmnithe. Sonrófar sa chonradh na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta maidir le soláthar seirbhísí ag an gClárlann agus na coinníollacha ar dá réir a mhaoirseoidh an Coimisiún eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu ag an gClárlann. Beidh teorainn ama leis an gconradh agus beidh sé in-athnuaite aon uair amháin gan gá le nós imeachta roghnúcháin nua a eagrú. Léireoidh an conradh oibleagáidí na Clárlainne agus beidh san áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu arna leagan síos ar bhonn Airteagal 10 agus Airteagal 11.

5.   De mhaolú ar mhír 1, mír 2 agus mír 3, i gcás ina mbeidh mórchúiseanna práinne ann, féadfaidh an Coimisiún an Chlárlann a ainmniú trí ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

Airteagal 9

Saintréithe na Clárlainne

1.   Beidh an Chlárlann ina heagraíocht neamhbhrabúsach. Beidh a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach agus a príomháit ghnó laistigh de chríoch an Aontais aici.

2.   Féadfaidh an Chlárlann táillí a ghearradh. Beidh baint dhíreach ag na táillí sin leis na costais a thabhaítear.

Airteagal 10

Oibleagáidí na Clárlainne

Beidh sé de cheangal ar an gClárlann:

(a)

an TLD arb é .eu a chur chun cinn ar fud an Aontais agus i dtríú tíortha;

(b)

na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, an conradh dá dtagraítear in Airteagal 8(4), agus, go háirithe, dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, a chomhlíonadh;

(c)

an TLD arb é .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú ar mhaithe leis an leas poiblí ginearálta agus ardcháilíocht, trédhearcacht, slándáil, cobhsaíocht, intuarthacht, iontaofacht, inrochtaineacht, éifeachtúlacht, neamh-idirdhealú, dálaí córa iomaíochta agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú i ngach gné de riar agus de bhainistiú an TLD .eu;

(d)

conradh iomchuí a dhéanamh lena bhforáiltear do roghnú an chóid TLD arb é .eu, faoi réir toiliú roimh ré ón gCoimisiún;

(e)

clárú ainmneacha fearainn a dhéanamh sa TLD arb é .eu i gcás ina iarrann aon pháirtí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 3 amhlaidh;

(f)

a áirithiú, gan dochar d'aon imeachtaí cúirte, agus faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha nós imeachta do na páirtithe lena mbaineann, an fhéidearthacht do Chláraitheoirí agus cláraithe aon díospóid chonarthach leis an gClárlann a réiteach trí bhíthin nós imeachta um RMD;

(g)

infhaighteacht agus sláine bhunachair shonraí na n-ainmneacha fearainn a áirithiú;

(h)

comhaontú a dhéanamh, ar a chostas féin agus le toiliú an Choimisiúin, le hiontaobhaí creidiúnach nó le gníomhaire eascró eile atá bunaithe laistigh de chríoch an Aontais, ina n-ainmneofar an Coimisiún mar thairbhí an chomhaontaithe eascró, agus cóip leictreonach cothrom le dáta d'inneachar bhunachar sonraí an TLD arb é .eu a chur faoi bhráid an ghníomhaire eascró nó an iontaobhaí lena mbaineann ar bhonn laethúil;

(i)

na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) a chur chun feidhme;

(j)

cuspóirí an Aontais i réimse bhainistíocht an idirlín a chur chun cinn, inter alia trí bheith rannpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta;

(k)

na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é. eu a leagtar síos ar bhonn Airteagal 11 a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais;

(l)

comhlacht neamhspleách a fháil chun iniúchadh a dhéanamh, ar chostas na Clárlainne, gach 2 bhliain ar a laghad chun a dheimhniú go gcomhlíonann sí an Rialachán seo, agus toradh na n-iniúchtaí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún;

(m)

rannpháirt a ghlacadh, arna iarraidh sin don Choimisiún, in obair Ghrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí arb é .eu agus comhoibriú leis an gCoimisiún chun feidhmiú agus bainistiú an TLD arb é .eu a fheabhsú.

Airteagal 11

Prionsabail agus nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu

Beidh sa chonradh a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus an Chlárlann ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 8(4), na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu, i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

beartas um RMD;

(b)

ceanglais agus nósanna imeachta i dtaobh iarrataí ar chlárú, beartas maidir le critéar na gcláraithe a fhíorú, beartas maidir le sonraí cláraithe a fhíorú, agus beartas maidir le clárú amhantrach ainmneacha fearainn;

(c)

beartas maidir le clárú mí-úsáideach ainmneacha fearainn agus beartas maidir le sainaithint thráthúil na n-ainmneacha fearainn atá cláraithe agus úsáidte de mheon mímhacánta, dá dtagraítear in Airteagal 4;

(d)

beartas maidir le hainmneacha fearainn a chúlghairm;

(e)

an chaoi a gcaitear le cearta maoine intleachtúla;

(f)

bearta chun a chur ar chumas údarás inniúil rochtain a bheith acu ar shonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, faoi réir srianta agus ceartúcháin iomchuí;

(g)

nósanna imeachta mionsonraithe trína ndéanfar an conradh a leasú.

Airteagal 12

Bunachar sonraí WHOIS

1.   Déanfaidh an Chlárlann saoráid bunachair sonraí WHOIS a chur ar bun agus a bhainistiú, le dícheall cuí, chun slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht TLD arb é .eu a áirithiú trí fhaisnéis chlárúcháin chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar maidir leis na hainmneacha fearainn faoin ccTLD arb é .eu.

2.   Beidh faisnéis ábhartha sa bhunachar sonraí WHOIS faoi na pointí teagmhála lena riartar na hainmneacha fearainn faoin TLD arb é .eu agus faoi shealbhóirí na n-ainmneacha fearainn. Ní bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí WHOIS iomarcach a mhéid a bhaineann le cuspóir an bhunachair sonraí. Beidh an Chlárlann i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

ROINN 3

Formhaoirseacht ar an gClárlann

Airteagal 13

Maoirseacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus maoirseacht ar eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu ag an gClárlann.

2.   Fionnfaidh an Coimisiún fóntacht bhainistíocht airgeadais na Clárlainne agus comhlíonadh na Clárlainne leis an Rialachán seo agus leis na prionsabal agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu dá dtagraítear in Airteagal 11. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ón gClárlann chuige sin.

3.   I gcomhréir lena chuid gníomhaíochtaí maoirseachta, féadfaidh an Coimisiún treoracha sonracha a chur in iúl don Chlárlann chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu a cheartú nó a fheabhsú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, dul i gcomhairle le Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí arb é .eu agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus comhairle saineolaithe a lorg maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta dá bhforáiltear san Airteagal seo agus ar bhealaí chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD arb é .eu ag an gClárlann a fheabhsú.

Airteagal 14

Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu

1.   Bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhairleach Il-gheallsealbhóirí .eu. Beidh na cúraimí seo a leanas ar Ghrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu:

(a)

comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

tuairimí a eisiúint chuig an gCoimisiún faoi chúrsaí straitéiseacha maidir le bainistiú, eagrú agus riar an TLD arb é .eu, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le cosaint sonraí;

(c)

comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bhfaireachán agus an mhaoirseacht ar an gClárlann, go háirithe i dtaca leis an iniúchadh dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 10;

(d)

comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le beartais agus bearta i gcoinne clárúcháin mhí-úsáideacha ainmneacha fearainn, go háirithe clárúcháin gan chearta ná leasanna dlisteanacha agus clárúcháin arna n-úsáid de mheon mímhacánta.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún aird ar aon chomhairle ó Ghrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu agus an Rialachán seo á chur chun feidhme aige.

3.   Beidh Grúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu comhdhéanta d'ionadaithe geallsealbhóirí atá bunaithe san Aontas. Gheofar na hionadaithe sin ón earnáil phríobháideach, ón gcomhphobal teicniúil, ón tsochaí shibhialta agus ón lucht léinn, agus chomh maith leis sin, ó údaráis na mBallstát agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Cé is moite díobh siúd a gheofar ó údaráis na mBallstát agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ceapfaidh an Coimisiún ionadaithe ar bhonn nós imeachta oscailte, neamh -idirdhealaitheach agus trédhearcach, agus lánaird á tabhairt ar phrionsabal an chomhionannais inscne.

4.   D'ainneoin mhír 3, d'fhéadfadh sé go mbeadh ionadaí amháin ó na geallsealbhóirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas i nGrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu.

5.   Beidh ionadaí ón gCoimisiún nó duine arna cheapadh ag an gCoimisiún ina chathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu. Cuirfidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta ar fáil do Ghrúpa Comhairleach na nIl-gheallsealbhóirí .eu.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Forchoimeád ceart

Coinneoidh an tAontas gach ceart a bhaineann leis an TLD arb é .eu lena n-áirítear, go háirithe, aon chearta maoine intleachtúla agus cearta eile ar bhunachair sonraí na Clárlainne a theastaíonn chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme, mar aon leis an gceart chun an Chlárlann a athainmniú.

Airteagal 16

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 13 Deireadh Fómhair 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme, éifeachtacht agus feidhmiú an TLD arb é .eu, bunaithe, go háirithe, ar an bhfaisnéis arna tíolacadh ag an gClárlann de bhun phointe (l) d'Airteagal 10.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2020, agus aird á tabhairt ar an gcleachtas reatha, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil an Chlárlann chun comhoibriú le EUIPO agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus ar conas a dhéanfar an comhoibriú sin, d'fhonn clárúcháin amhantracha agus mhí-úsáideacha ainmneacha fearainn a chomhrac, agus i dtaobh an bhfuil nósanna imeachta simplí riaracháin le cur ar fáil, go háirithe i dtaca le FBManna, agus ar conas a chuirfear iad ar fáil. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh beart a mholadh i dtaca leis an méid sin, más gá.

3.   Faoin 13 Deireadh Fómhair 2024, measúnóidh an Coimisiún an fhéidearthacht síneadh a chur leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9 agus féadfaidh sé, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Cumarsáide (COCOM) a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 18 Aibreán 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Coinneoidh sealbhóirí ainmneacha fearainn ag a bhfuil ainmneacha fearainn a cláraíodh de bhun phointe (b) d'Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a gcearta a bhaineann leis na hainmneacha fearainn atá cláraithe cheana.

2.   Faoin 12 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun eintiteas a ainmniú mar Chlárlann agus chun conradh a dhéanamh leis an gClárlann de bhun an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag an gconradh ón 13 Deireadh Fómhair 2022.

3.   An conradh a thabharfar chun críche idir an Coimisiún agus an Chlárlann de bhun phointe (c) d'Airteagal 3 (1) de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002, leanfaidh sé d'éifeacht a bheith leis go dtí an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 20

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 733/2002

In Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 733/2002, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ainmneacha fearainn a chlárú san TLD arb é .eu trí aon Chláraitheoir .eu arna iarraidh sin ag:

(i)

saoránach de chuid an Aontais, gan beann ar a áit chónaithe;

(ii)

duine nádúrtha nach saoránach de chuid an Aontais agus is cónaitheoir i mBallstát;

(iii)

gnóthas atá bunaithe laistigh den Aontas; nó

(iv)

eagraíocht atá bunaithe laistigh den Aontas, gan dochar d'fheidhmiú an dlí náisiúnta.”.

Airteagal 21

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 a aisghairm le héifeacht ón 13 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh feidhm ag Airteagal 20 ón 19 Deireadh Fómhair 2019, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 112.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil arb é .eu a chur chun feidhme (IO L 113, 30.4.2002, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha beartais phoiblí maidir le cur chun feidhme agus feidhmeanna an Fhearainn Barrleibhéil arb é .eu agus na prionsabail lena rialaítear clárú (IO L 162, 30.4.2004, lch. 40).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).


29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

36


RIALACHÁN (AE) 2019/518 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ón uair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (5), tá laghdú mór tagtha ar mhuirir ar íocaíochtaí trasteorann in euro idir na Ballstáit sa limistéar euro chuig leibhéil atá neamhshuntasach i bhformhór mór na gcásanna.

(2)

Is íocaíochtaí trasteorann in euro ó na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro atá in thart ar 80 % de na híocaíochtaí trasteorann ar fad ó na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, áfach. Leanann na muirir ar na híocaíochtaí trasteorann sin de bheith ró-ard i bhformhór na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro, cé go bhfuil rochtain ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro ar na bonneagair éifeachtúla chéanna chun na hidirbhearta sin a phróiseáil ar chostas an-íseal is atá ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe sa limistéar euro.

(3)

Tá ardmhuirir ar íocaíochtaí trasteorann ina mbacainn fós ar ghnólachtaí agus saoránaigh i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro a lánpháirtiú sa mhargadh inmheánach, agus tá sé sin ag cur isteach ar a n-iomaíochas. Déanann na hardmhuirir sin buanú ar dhá chatagóir úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a bheith ann san Aontas: úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a bhaineann tairbhe as an limistéar aonair d'íocaíochtaí euro (SEPA), agus úsáideoirí seirbhísí íocaíochta a íocann ardchostais as a n-íocaíochtaí trasteorann in euro.

(4)

Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú agus chun deireadh a chur leis na héagothromaíochtaí idir úsáideoirí seirbhísí íocaíochta sa limistéar euro agus iad sin sna Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro, is gá a áirithiú go mbeidh muirir ar íocaíochtaí trasteorann in euro laistigh den Aontas i gcomhréir le muirir ar íocaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta a dhéantar in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an úsáideora seirbhíse íocaíochta lonnaithe. Meastar soláthraí seirbhísí íocaíochta a bheith lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil sé ag soláthar a sheirbhísí don úsáideoir seirbhísí íocaíochta.

(5)

Tá muirir comhshó airgeadra ina gcostas suntasach d'íocaíochtaí trasteorann i gcás nach ionann an t-airgeadra atá in úsáid i mBallstát an íocóra agus i mBallstát an íocaí. Ceanglaítear faoi Airteagal 45 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (6) go mbeadh na muirir agus na rátaí malairte a úsáidtear trédhearcach, sonraítear in Airteagal 52(3) den Treoir sin na ceanglais faisnéise i ndáil le hidirbhearta íocaíochta atá cumhdaithe ag creatchonradh agus cumhdaítear in Airteagal 59(2) den Treoir sin na ceanglais faisnéise atá ar pháirtithe a thairgeann seirbhísí comhshó airgeadra ag uathmheaisín bainc (UMB) nó ag an díolphointe. Níl dóthain trédhearcachta ná inchomparáideachta bainte amach ag na ceanglais faisnéise sin ó thaobh muirir comhshó airgeadra de i gcásanna ina ndéantar roghanna eile comhshó airgeadra a thairiscint ag UMB nó ag an díolphointe. Is é an toradh atá ar an easpa trédhearcachta agus inchomparáideachta sin go gcuirtear cosc ar iomaíochas a dhéanfadh laghdú ar mhuirir comhshó airgeadra agus go méadaítear an riosca go roghnóidh íocóirí roghanna costasacha comhshó airgeadra. Is gá, dá bhrí sin, bearta breise a thabhairt isteach chun go gcosnófar tomhaltóirí ar mhuirir iomarcacha ar sheirbhísí comhshó airgeadra, agus chun a áirithiú go dtabharfar do thomhaltóirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun an rogha comhshó airgeadra is fearr a dhéanamh.

(6)

Chun a áirithiú nach mbeidh ar ghníomhaithe margaidh aghaidh a thabhairt ar an ngá le leibhéal díréireach infheistíochta a dhéanamh chun a mbonneagar, a dtrealamh agus a bpróisis íocaíochta a oiriúnú chun bheith níos trédhearcaí, ba cheart go mbeadh na bearta a chuirfear chun feidhme ina mbearta iomchuí, leordhóthanacha agus costéifeachtacha. Ag an am céanna, i gcásanna ina bhfuil ar an íocóir roghnú idir roghanna éagsúla comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe, ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis a sholáthraítear ar chumas an íocóra comparáid a dhéanamh, ionas go bhféadfadh sé nó sí rogha eolach a dhéanamh.

(7)

Chun inchomparáideacht a bhaint amach, ba cheart na muirir comhshó airgeadra ar na híocaíochtaí cártabhunaithe go léir a shloinneadh ar an mbealach céanna, eadhon mar chéatadáin marcála suas os cionn na rátaí tagartha malairte eachtraí euro is déanaí atá ar fáil, arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). D'fhéadfadh gur ghá marcáil suas a bhunú ar ráta atá díorthaithe ó dhá ráta BCE i gcás ina bhfuil comhshó á dhéanamh idir dhá airgeadra nach euro iad.

(8)

I gcomhréir leis na ceanglais faisnéise ghinearálta maidir le comhshó airgeadra a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/2366, ní mór do sholáthraithe seirbhísí comhshó airgeadra an fhaisnéis a nochtadh maidir lena muirir comhshó airgeadra sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta. I gcás páirtithe a thairgeann seirbhísí comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe, ba cheart dóibh faisnéis maidir lena muirir ar na seirbhísí sin a sholáthar ar bhealach soiléir agus inrochtana, mar shampla trína muirir a chur ar taispeáint ag an gcuntar nó go digiteach ar an teirminéal, nó ar an scáileán i gcás ceannacháin ar líne. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, ba cheart go gcuirfeadh na páirtithe sin freisin, sula gcuirtear tús le hidirbheart, faisnéis shainráite ar fáil maidir leis an méid atá le híoc leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí agus an méid iomlán atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra. Ba cheart go sonrófaí sa mhéid atá le híoc san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí praghas na n-earraí agus na seirbhísí atá le ceannach agus d'fhéadfaí é sin a thaispeáint ag an tseiceáil amach seachas ar an teirminéal íocaíochta. De ghnáth is é an t-airgeadra áitiúil an t-airgeadra a bhíonn in úsáid ag an íocaí ach, i gcomhréir le prionsabal na saoirse conarthaí, d'fhéadfadh i roinnt cásanna gur airgeadra eile Aontais a bheadh i gceist. Ba cheart go mbeadh an méid iomlán atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra déanta suas de phraghas na n-earraí nó na seirbhísí agus na muirir comhshó airgeadra. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfaí an dá mhéid a dhoiciméadú ar admháil nó ar mheán marthanach eile.

(9)

I ndáil le hAirteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, i gcás ina ndéantar seirbhís comhshó airgeadra a thairiscint ag UMB nó ag an díolphointe, ba cheart go mbeadh sé indéanta don íocóir an tseirbhís sin a dhiúltú agus íoc san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí ina ionad sin.

(10)

Chun a chur ar chumas íocóirí comparáid a dhéanamh idir muirir a ghabhann leis na roghanna éagsúla comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe, ní hamháin gur cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta na n-íocóirí faisnéis atá go hiomlán inchomparáide a sholáthar maidir leis na muirir is infheidhme don chomhshó airgeadra i dtéarma agus coinníollacha a gcreatchonartha, ach ba cheart go ndéanfaidís freisin an fhaisnéis sin poiblí ar ardán leictreonach atá ar fáil go forleathan agus a bhfuil rochtain éasca orthu, go háirithe ar a suíomh gréasáin do chustaiméirí, ar a suíomh gréasáin baincéireachta baile agus ar a bhfeidhmchláir baincéireachta soghluaiste, ar bhealach atá éasca le tuiscint agus inrochtana. D'fhreastalódh sé sin ar fhorbairt suíomhanna gréasáin comparáide ionas go mbeadh sé níos éasca do thomhaltóirí praghsanna a chur i gcomparáid le chéile agus iad ag taisteal nó ag siopadóireacht thar lear. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na n-íocóirí i gcuimhne d'íocóirí na muirir comhshó airgeadra is infheidhme nuair a dhéanann siad íocaíocht chártabhunaithe in airgeadra eile, trí úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide leictreonacha atá ar fáil go forleathan agus a bhfuil rochtain éasca orthu, amhail teachtaireachtaí SMS, ríomhphoist nó brúfhógraí trí aip baincéireachta soghluaiste an íocóra. Ba cheart go dtiocfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar chomhaontú le húsáideoirí seirbhísí íocaíochta maidir leis an mbealach cumarsáide leictreonaí trína soláthróidh siad an fhaisnéis maidir le muirir comhshó airgeadra, ag cur san áireamh an bealach is éifeachtaí chun teacht ar an íocóir. Chomh maith leis sin, ba cheart go nglacfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta freisin le hiarrataí ó úsáideoirí seirbhísí íocaíochta diúltú do theachtaireachtaí leictreonacha a fháil, ar teachtaireachtaí iad ina bhfuil faisnéis faoi mhuirir comhshó airgeadra.

(11)

Is iomchuí meabhrúcháin thréimhsiúla a úsáid i gcásanna ina bhfuil an t-íocóir ag fanacht thar lear ar feadh tréimhse fhada, mar shampla i gcás ina bhfuil an t-íocóir ar postú nó ag staidéar thar lear, nó i gcás ina n-úsáideann an t-íocóir cárta do cheannacháin ar líne san airgeadra áitiúil. Ní cheanglófaí le hoibleagáid maidir le meabhrúcháin den sórt sin a sholáthar infheistíochtaí díréireacha a dhéanamh chun na próisis ghnó agus bonneagair próiseála íocaíochta an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta atá ann cheana féin a chur in oiriúint, ach d'áiritheofaí leis go mbeadh an t-íocóir níos fearr ar an eolas agus é ag meas na roghanna éagsúla comhshó airgeadra.

(12)

Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm na rialach lena gcothromaítear costas na n-íocaíochtaí trasteorann in euro le costas na n-idirbheart náisiúnta in airgeadraí náisiúnta agus maidir le héifeachtacht na gceanglas faisnéise ar chomhshó airgeadra a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún anailís ar fhéidearthachtaí breise freisin — agus ar indéantacht theicniúil na bhféidearthachtaí sin — chun síneadh a chur leis an riail maidir le muirir chothroma ionas go gcuimseofaí gach airgeadra Aontais agus feabhas breise a chur ar thrédhearcacht agus inchomparáideacht na muirear comhshó airgeadra, chomh maith leis na páirtithe a bheith in ann cumasú agus díchumasú a dhéanamh ar an rogha glacadh le comhshó airgeadra seachas an rogha a chuireann soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra ar fáil.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr nádúr trasteorann na n-íocaíochtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí trasteorann agus maidir le trédhearcacht na muirear comhshó airgeadra laistigh den Aontas”,

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“D'ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3a agus Airteagal 3b maidir le híocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann atá ainmnithe in euro nó in airgeadra náisiúnta de chuid Ballstáit seachas an euro agus a dhéantar le seirbhís comhshó airgeadra.”;

(2)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

“(9)

ciallaíonn ‘muirear’ aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhísí íocaíochta ar úsáideoir seirbhísí íocaíochta ar méid é atá nasctha go díreach nó go hindíreach le hidirbhearta íocaíochta, aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhísí íocaíochta nó páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ar úsáideoir seirbhísí íocaíochta le haghaidh seirbhís comhshó airgeadra, nó teaglaim díobh sin;

(*1)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).”,"

(3)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta ar úsáideoir seirbhísí íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro, beidh siad mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta sin le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha den luach céanna in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora seirbhíse íocaíochta lonnaithe.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhísí íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann san airgeadra náisiúnta de chuid Ballstáit a thug fógra faoin gcinneadh uaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14 beidh siad mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta maidir le híocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna.”;

(c)

scriostar mír 3,

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 1a ar mhuirir comhshó airgeadra.”;

(4)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 3a

Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbhearta cártabhunaithe

1.   I ndáil leis na ceanglais faisnéise maidir le muirir comhshó airgeadra agus leis an ráta malairte is infheidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 45(1), Airteagal 52(3) agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, agus páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag uathmheaisín bainc (UMB) nó ag an díolphointe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(2) den Treoir sin, na muirir iomlána comhshó airgeadra a shloinneadh mar chéatadán marcála suas os cionn na rátaí tagartha malairte eachtraí euro is déanaí atá ar fáil arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Déanfar an mharcáil suas sin a nochtadh don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta.

2.   Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta an mharcáil suas dá dtagraítear i mír 1 poiblí freisin ar bhealach intuigthe a bhfuil sé éasca rochtain a fháil air ar ardán leictreonach atá ar fáil go forleathan agus inrochtana go héasca.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh páirtí a sholáthraíonn seirbhís comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta:

(a)

an méid atá le híoc leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí;

(b)

an méid atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra.

4.   Déanfaidh páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar taispeáint go soiléir ag an UMB nó ag an díolphointe. Sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, cuirfidh an páirtí sin an t-íocóir ar an eolas freisin go bhfuil an fhéidearthacht ann íoc san airgeadra a úsáideann an t-íocaí agus go bhféadfadh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an comhshó airgeadra a dhéanamh ina dhiaidh sin. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chur ar fáil gan mhoill don íocóir ar mheán marthanach tar éis thús an idirbhirt íocaíochta freisin.

5.   Maidir le gach cárta íocaíochta a d'eisigh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra chuig an íocóir agus atá nasctha leis an gcuntas céanna, seolfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra teachtaireacht leictreonach chuig an íocóir ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill mhíchuí tar éis do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta a fháil le haghaidh aistarraingt airgid ag UMB nó le haghaidh íocaíocht ag an díolphointe atá ainmnithe in aon airgeadra Aontais atá éagsúil ó airgeadra chuntas an íocóra.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, seolfar teachtaireacht den sórt sin uair amháin i ngach mí ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta ón íocóir atá ainmnithe san airgeadra céanna.

6.   Tiocfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta ar chomhaontú leis an úsáideoir seirbhísí íocaíochta maidir leis an mbealach nó na bealaí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go forleathan agus atá inrochtana go héasca trína ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 a sheoladh.

Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhéidearthacht a thairiscint d'úsáideoirí seirbhísí íocaíochta diúltú do theachtaireachtaí leictreonacha a fháil, ar teachtaireachtaí iad dá dtagraítear i mír 5.

Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta teacht ar chomhaontú nach bhfuil feidhm ag mír 5 ná ag an mír seo go hiomlán nó go páirteach i gcás nach tomhaltóir é an t-úsáideoir seirbhísí íocaíochta.

7.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar saor in aisce agus ar bhealach neodrach agus intuigthe.”;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 3b

Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le haistrithe creidmheasa

1.   I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra seirbhís comhshó airgeadra a thairiscint i ndáil le haistriú creidmheasa, mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366, a gcuirtear tús leis go díreach ar líne, ag úsáid shuíomh gréasáin nó feidhmchlár baincéireachta móibílí an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hAirteagal 45(1) agus Airteagal 52(3) den Treoir sin, an t-íocóir a chur ar an eolas sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, ar bhealach soiléir, neodrach agus intuigthe, maidir leis na muirir mheasta ar na seirbhísí comhshó airgeadra is infheidhme i leith an aistrithe creidmheasa.

2.   Sula gcuirfear tús le hidirbheart íocaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an t-íocóir a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, neodrach agus intuigthe, faoi mhéid mheasta iomlán an aistrithe creidmheasa in airgeadra chuntas an íocóra, lena n-áirítear aon táille idirbhirt agus aon mhuirir comhshó airgeadra. Tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta eolas freisin faoin méid measta atá le haistriú leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Athbhreithniú

1.   Faoin 19 Aibreán 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe:

(a)

meastóireacht ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta Airteagal 3 den Rialachán seo, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) i bhfeidhm;

(b)

meastóireacht ar fhorbairt líon na n-íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann agus na muirear ar na híocaíochtaí sin in airgeadraí náisiúnta na mBallstát agus in euro ó glacadh Rialachán (AE) 2019/518;

(c)

meastóireacht ar thionchar Airteagal 3 den Rialachán seo, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/518, maidir le forbairt na muirear comhshó airgeadra agus muirear eile a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, d'íocóirí agus d'íocaithe araon;

(d)

meastóireacht ar thionchar measta Airteagal 3(1) den Rialachán seo a leasú ionas go gcumhdófaí airgeadraí uile na mBallstát;

(e)

meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann seirbhísí comhshó airgeadra na ceanglais faisnéise a chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 3a agus Airteagal 3b den Rialachán seo agus sa reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 45(1), Airteagal 52(3) agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, agus cibé an bhfuil na rialacha sin tar éis feabhas a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra;

(f)

meastóireacht ar cibé an raibh ar sheirbhísí comhshó airgeadra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 3a agus Airteagal 3b den Rialachán seo agus na reachtaíochta náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52(3) agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus, más rud é go raibh orthu, cá mhéad;

(g)

anailís chostais-tairbhe ar na bealaí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide atá in úsáid ag soláthraithe seirbhísí comhshó airgeadra, nó atá ar fáil dóibh, agus ar féidir leo feabhas breise a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra, lena n-áirítear meastóireacht ar cibé an bhfuil bealaí áirithe ar cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad a thairiscint i gcomhair sheoladh na faisnéise dá dtagraítear in Aireagal 3a; ba cheart go n-áireofaí san anailís sin freisin measúnú ar a indéanta atá sé go teicniúil an fhaisnéis in Airteagal 3a(1) agus (3) den Rialachán seo a nochtadh go comhuaineach, roimh thús gach idirbhirt, le haghaidh na roghanna comhshó airgeadra go léir atá ar fáil ag an UMB nó ag an díolphointe;

(h)

anailís chostais-tairbhe ar thabhairt isteach na féidearthachta le haghaidh íocóirí an rogha a bhlocáil glacadh le comhshó airgeadra a thairgeann páirtí seachas soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ag UMB nó ag an díolphointe agus a roghanna ina leith sin a athrú;

(i)

anailís chostais-tairbhe ar cheanglas a thabhairt isteach ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, go gcuirfidís i bhfeidhm, agus iad ag soláthar seirbhísí comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbheart indibhidiúil íocaíochta, an ráta comhshó is infheidhme tráth a chuirtear tús le hidirbheart agus an t-idirbheart á imréiteach agus á ghlanadh.

2.   Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar a laghad an tréimhse ón 15 Nollaig 2019 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2021. Cuirfidh sé san áireamh sainiúlachtaí na n-idirbheart éagsúil íocaíochta, ag idirdhealú go háirithe idir idirbhearta a tosaíodh ag UMB agus ag an díolphointe.

Agus a thuarascáil á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as sonraí arna mbailiú ag Ballstáit i ndáil le mír 1.

(*2)  Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra (IO L 91, 29.3.2019, lch. 36).”."

Airteagal 2

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2019, seachas sna cásanna seo a leanas:

(a)

beidh feidhm ag pointe (6) d'Airteagal 1 ón 18 Aibreán 2019;

(b)

beidh feidhm ag pointe (4) agus pointe (5) d'Airteagal 1, maidir le hAirteagal 3a(1) go (4) agus le hAirteagal 3b de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ón 19 Aibreán 2020;

(c)

beidh feidhm ag pointe (4) d'Airteagal 1, maidir le hAirteagal 3a(5) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009, ón 19 Aibreán 2021;

(d)

beidh feidhm ag pointe (4) d'Airteagal 1, maidir le hAirteagal 3a(7) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3a(1) go (4) den Rialachán sin, ón 19 Aibreán 2020;

(e)

beidh feidhm ag pointe (4) Airteagal 1, maidir le hAirteagal 3a(7) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3a(5) agus (6) den Rialachán sin, ón 19 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 382, 23.10.2018, lch. 7.

(2)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 28.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2019.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro (IO L 344 28.12.2001, lch. 13).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(6)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).


29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


RIALACHÁN (AE) 2019/519 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Éilítear soiléiriú leis na tuairiscí ar fheithiclí chatagóir T1 agus T2 dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i dtaca le suíomh an acastóra is gaire don tiománaí do tharracóirí ag a bhfuil suíomh tiomána iniompaithe agus i dtaca leis an modh chun airde mheáchanlár an tarracóra a ríomh. Chun airde mheáchanlár feithiclí chatagóir T2 a ríomh go cruinn agus go haonfhoirmeach, ba cheart tagairt a dhéanamh do chaighdeáin is infheidhme go hidirnáisiúnta lena ndéantar airde mheáchanlár tarracóra a chinneadh.

(2)

Tá sainmhíniú cruinn ar na gnéithe éagsúla de tharracóirí talamhaíochta bunaithe ar an anailís ar a gcuid tréithe teicniúla ríthábhachtach chun an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe cur chun feidhme a chur chun feidhme go cuí agus go hiomlán. Ós rud é go dtarlaíonn plé ar shainmhínithe na gcatagóirí sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil an tAontas ina pháirtí díobh, ba cheart don Choimisiún obair den sórt sin a chur san áireamh chun cosc a chur le haon éifeachtaí díréireacha agus diúltacha ar chur i bhfeidhm na gceanglas teicniúil agus na nósanna imeachta tástála, agus aon thionchair dhiúltacha do na monaróirí, go háirithe i leith tarracóirí an-speisialaithe

(3)

I Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ba cheart a shoiléiriú go gciallaíonn an téarma “innealra idirmhalartaithe”“trealamh idirmhalartaithe”, rud a áirithíonn go n-úsáidtear téarmaíocht go comhsheasmhach ar fud an Rialacháin sin.

(4)

I Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ceanglaítear ar allmhaireoirí cóip den deimhniú comhréireachta a choinneáil i leith táirgí nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán sin nó a mbaineann riosca tromchúiseach leo. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuiltear ag tagairt do dheimhniú ar chineálcheadú AE. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun go ndéanfaí tagairt ann don doiciméad iomchuí.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ceanglaítear go bhfuil torthaí na tástála mar cheangaltán i ndeimhniú ar chineálcheadú AE. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuiltear ag tagairt do bhileog thorthaí na tástála. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun go ndéanfaí tagairt ann don cheangaltán iomchuí.

(6)

Le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana, a chuaigh in éag an 21 Márta 2018. Ós rud é go mbíonn síorghá le gnéithe éagsúla den phróiseas cineálcheadaithe mar a leagtar síos leis an Rialachán sin agus leis na gníomhartha a ghlactar dá bhun, go háirithe chun iad a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil nó ceartúcháin a thabhairt isteach, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse chun tarmligean na cumhachta a fheidhmiú agus deis a thabhairt síntí breise intuigthe a chur leis an tréimhse sin.

(7)

Déantar tagairt i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 d'aisghairm Threoir 74/347/CEE ón gComhairle (4) nuair ba cheart, ina ionad sin, tagairt a dheanamh d'aisghairm Threoir 2008/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lenar códaíodh an iar-Treoir. Dá bhrí sin, is gá an tagairt iomchuí a leasú i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013.

(8)

Ós rud é go leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 leis an Rialachán seo gan an t-ábhar rialála atá ann a leathnú agus nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le trealamh idirmhalartaithe a ardaítear go hiomlán ón talamh nó nach féidir altú timpeall ar ais ingearach nuair a bhíonn an fheithicil lena bhfuil sé ceangailte in úsáid ar bhóthar.”;

(2)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (2) agus (3):

“(2)

cuimsíonn “catagóir T1” tarracóirí ar rothaí, nach lú ná 1 150 mm leithead rian an acastóra is gaire don tiománaí, ar mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad in ord reatha, agus nach mó ná 1 000 mm an scóip ón talamh; do tharracóirí ag a bhfuil suíomh tiomána iniompaithe acu (suíochán iniompaithe agus roth stiúrtha iniompaithe), is é an t-acastóir is gaire don tiománaí an ceann ar a bhfuil na boinn leis an trastomhas is mó feistithe;

(3)

cuimsíonn “earnáil T2” tarracóirí ar rothaí ar lú ná 1 150 mm leithead íosta na rianta, ar mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad réidh chun imeachta, nach mó ná 600 mm an scóip ón talamh; i gcásanna inarb airde mheáchanlár an tarracóra (arna chinneadh i gcomhréir le caighdeán ISO 789-6:1982 agus arna thomhas i gcoibhneas leis an talamh) arna roinnt ar mheánleithead íosta rian gach acastóra ar leithligh ná 0,90, beidh teorainn 30 km/h leis an uasluas dearaidh;”;

(3)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an fheithicil a chur ar an margadh agus ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an córas a chur ar an margadh, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh a chur ar an margadh, cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE a choimeád ar fáil do na húdaráis ceadaithe agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(10) a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.”;

(4)

in Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

bileog thorthaí na tástála;”;

(5)

in Airteagal 39(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú AE tráth a dtáirgthe, ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an deimhniú sin ar chineálcheadú AE a bhailíocht.”;

(6)

in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(5), Airteagal 18(4), Airteagal 19(6), Airteagal 20(8), Airteagal 27(6), Airteagal 28(6), Airteagal 45(4), Airteagal 49(3), Airteagal 53(12), Airteagal 61 agus Airteagal 70 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 22 Márta 2013. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2022 agus 9 mí roimh dheireadh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.”;

(7)

in Airteagal 76, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d'Airteagal 73(2) den Rialachán seo, déantar Treoracha 76/432/CEE, 76/763/CEE, 77/537/CEE, 78/764/CEE, 80/720/CEE, 86/297/CEE, 86/298/CEE, 86/415/CEE, 87/402/CEE, 2000/25/CE, 2003/37/CE, 2008/2/CE, 2009/57/CE, 2009/58/CE, 2009/59/CE, 2009/60/CE, 2009/61/CE, 2009/63/CE, 2009/64/CE, 2009/66/CE, 2009/68/CE, 2009/75/CE, 2009/76/CE agus 2009/144/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 104.

(2)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(4)  Treoir 74/347/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an raon radhairc agus leis na cuimilteoirí gaothscátha do tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta (IO L 191, 15.7.1974, lch. 5).

(5)  Treoir 2008/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir leis an raon radhairc agus leis na cuimilteoirí gaothscátha do tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta (IO L 24, 29.1.2008, lch. 30).


TREORACHA

29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

45


TREOIR (AE) 2019/520 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go substaintiúil. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Tá sé inmhianaithe go mbeadh córais leictreonacha dolaí bóthair in úsáid go forleathan sna Ballstáit agus sna tíortha comharsanachta, agus, a mhéid is féidir, go mbeadh córais iontaofa, sholáimhsithe agus chost-éifeachtúla ann atá oiriúnach don fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar an mbeartas maidir le muirir ar úsáid bóthair ar leibhéal an Aontais agus do na forbairtí teicniúla a thiocfaidh amach anseo. Dá bhrí sin, is gá córais leictreonacha dolaí bóthair a dhéanamh idir-inoibritheach chun laghdú a dhéanamh ar chostas íoc na ndolaí agus ar na hualaí a bhaineann leis ar fud an Aontais.

(3)

Rannchuidíonn córais idir-inoibritheacha leictreonacha dolaí bóthair leis na cuspóirí a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le dolaí bóthair a bhaint amach.

(4)

Is fadhb mhór é an easpa idir-inoibritheachta sna córais leictreonacha dolaí bóthair i gcás ina mbaineann an dola atá le híoc leis an bhfad arna thaisteal ag an bhfeithicil (dolaí fadbhunaithe) nó leis an bhfeithicil a bheith ag dul thar phointe sonrach (mar shampla, praghsáil de réir tródaim). Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha i ndáil le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair ach maidir leis na córais sin agus níor cheart feidhm a bheith acu maidir le córais ina mbaineann an dola atá le híoc leis an bhfad ama arna chaitheamh ag an bhfeithicil ar an mbonneagar lena mbaineann dola (mar shampla, córais ambhunaithe amhail greamáin).

(5)

Baineann fadhb mhór le forfheidhmiú trasteorann na hoibleagáide dolaí san Aontas a íoc i ngach cineál córais, bíodh siad ina gcóras fadbhunaithe, tródambhunaithe nó ambhunaithe, leictreonach nó láimhe. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le forfheidhmiú trasteorann tar éis mainneachtain dola a íoc, ba cheart feidhm, dá bhrí sin, a bheith ag na forálacha maidir le malartú trasteorann faisnéise maidir leis na córais sin ar fad.

(6)

Sa dlí náisiúnta, is féidir an cion arb éard é mainneachtain dola a íoc a aicmiú mar chion riaracháin nó mar chion coiriúil. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo gan beann ar aicmiú an chiona.

(7)

Ós rud é nach bhfuil siad aicmithe go comhleanúnach ar fud an Aontais, agus gur nasc indíreach atá acu le húsáid an bhonneagair, níor cheart táillí páirceála a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach seo.

(8)

Is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar an teicneolaíocht a úsáidtear agus ar na comhéadain idir na comhpháirteanna idir-inoibritheachta ar mhaithe le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair.

(9)

Ba cheart caighdeáin iomchuí atá oscailte agus poiblí, a mbeadh fáil ag na soláthraithe córais ar fad orthu ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, a fhorbairt agus a chomhlíonadh ar mhaithe le comhchuibhiú na dteicneolaíochtaí agus na gcomhéadan.

(10)

Chun na teicneolaíochtaí cumarsáide is gá a chumhdach lena dtrealamh ar bord (TAB), ba cheart cead a bheith ag soláthraithe Sheirbhís Dolaí Leictreonacha na hEorpa (SDLE) úsáid a bhaint as córais eile crua-earraí agus bogearraí atá san fheithicil cheana féin amhail córais loingseoireachta satailíte nó gléasanna láimhe, agus ba cheart cead a bheith acu nascadh leis na córais sin.

(11)

Saintréithe na gcóras leictreonach dolaí bóthair a chuirtear i bhfeidhm ar fheithiclí saothair éadroim faoi láthair, ba cheart iad a chur san áireamh. Ós rud é nach n-úsáidtear suí satailíte ná cumarsáid mhóibíleach in aon chórais leictreonacha dolaí bóthair den sórt sin i láthair na huaire, ba cheart ligean do sholáthraithe SDLE, ar feadh tréimhse theoranta ama, TAB atá oiriúnach lena úsáid le teicneolaíocht mhicreathonnach 5,8 GHz amháin a chur ar fáil d'úsáideoirí feithiclí saothair éadroim. Níor cheart gur dochar an maolú sin do cheart na mBallstát dolaí atá bunaithe ar shatailítí a chur chun feidhme le haghaidh feithiclí saothair éadroim.

(12)

Le córais bailiúcháin dolaí atá bunaithe ar theicneolaíocht uathaitheanta uimhirphlátaí (ANPR), is gá níos mó seiceálacha láimhe a dhéanamh ar idirbhearta dolaí sa chúloifig ná i gcás córais lena n-úsáidtear TAB. Tá na córais lena n-úsáidtear TAB níos éifeachtúla le haghaidh fearainn mhóra dola leictreonaigh, agus tá córais lena n-úsáidtear teicneolaíocht ANPR níos oiriúnaí d'fhearainn bheaga, amhail dolaí cathrach, lena mbainfeadh costais dhíréireacha nó ualaí riaracháin dá n-úsáidfí TAB. Is féidir le teicneolaíocht ANPR a bheith úsáideach go háirithe nuair a chomhcheanglaítear le teicneolaíochtaí eile é.

(13)

I bhfianaise forbairtí teicniúla a bhaineann le réitigh atá bunaithe ar theicneolaíocht ANPR, ba cheart na comhlachtaí caighdeánaithe a spreagadh leis na caighdeáin theicniúla is gá a shainiú.

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag cearta agus oibleagáidí sonracha na soláthraithe SDLE maidir le heintitis a chruthaíonn go bhfuil ceanglais áirithe comhlíonta acu agus a bhfuil clárú mar sholáthraithe SDLE faighte acu ina mBallstát bunaíochta.

(15)

Ba cheart cearta agus oibleagáidí na bpríomhghníomhaithe SDLE, is é sin le rá, soláthraithe SDLE, muirearóirí dolaí agus úsáideoirí SDLE, a shainiú go soiléir chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh ar bhealach cóir agus éifeachtúil.

(16)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, cosaint a thabhairt do chearta áirithe de chuid na soláthraithe SDLE, amhail an ceart go gcosnófaí sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus sin a dhéanamh gan tionchar diúltach a bheith ar cháilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil do mhuirearóirí dolaí agus d'úsáideoirí SDLE. Go háirithe, níor cheart ceangal a bheith ar an muirearóir dolaí aon sonraí atá íogair ó thaobh an tráchtála de a nochtadh d'aon cheann d'iomaitheoirí an tsoláthraí SDLE. Ba cheart méid agus cineál na sonraí a chuireann soláthraithe SDLE in iúl do mhuirearóirí dolaí, chun na críche dolaí a ríomh agus a chur i bhfeidhm nó chun na críche ríomh an dola arna chur i bhfeidhm ag soláthraithe SDLE ar fheithiclí na n-úsáideoirí SDLE a fhíorú, a choimeád chomh híseal agus is féidir.

(17)

Ba cheart ceangal a bheith ar sholáthraithe SDLE comhoibriú go hiomlán le muirearóirí dolaí lena n-iarrachtaí forfheidhmithe, sa chaoi go gcuirfear le héifeachtúlacht fhoriomlán na gcóras leictreonach dolaí bóthair. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag muirearóirí dolaí, i gcás ina bhfuil amhras ann go raibh mainneachtain dola a íoc, a iarraidh ar an soláthraí SDLE sonraí a bhaineann leis an bhfeithicil agus le húinéir nó sealbhóir na feithicle arb é cliant an tsoláthraí SDLE é, ar choinníoll nach n-úsáidfear na sonraí sin chun aon chríche eile seachas chun críche forfheidhmithe.

(18)

Chun a chur ar chumas soláthraithe SDLE dul in iomaíocht, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, do gach cliant i bhfearann SDLE ar leith, tá sé tábhachtach an deis a thabhairt dóibh creidiúnú a fháil san fhearann sin sách luath ionas gur féidir leo seirbhísí a thairiscint do na húsáideoirí amhail ó chéad lá oibriúcháin an chórais dolaí.

(19)

Ba cheart do mhuirearóirí dolaí rochtain a thabhairt do sholáthraithe SDLE ar a bhfearann SDLE ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

(20)

Chun trédhearcacht agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhearainn SDLE do na soláthraithe SDLE ar fad a áirithiú, ba cheart do mhuirearóirí dolaí an fhaisnéis ar fad is gá a bhaineann le cearta rochtana a fhoilsiú i ráiteas fearainn SDLE.

(21)

Ba cheart na lacáistí nó na lascainí ar fad a thairgeann Ballstát nó muirearóir dolaí d'úsáideoirí TAB a bheith trédhearcach, fógartha go poiblí agus ar fáil faoi na coinníollacha céanna do chliaint na soláthraithe SDLE.

(22)

Ba cheart soláthraithe SDLE a bheith i dteideal cúiteamh cóir a fháil, a ríomhfaí ar bhonn modheolaíocht thrédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus chomhionann.

(23)

Ba cheart cead a bheith ag muirearóirí dolaí a asbhaint ó luach saothair na soláthraithe SDLE na costais iomchuí arna dtabhú chun na gnéithe den chóras leictreonach dolaí bóthair a bhaineann go sonrach le SDLE a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil.

(24)

Ba cheart do sholáthraithe SDLE na dolaí ar fad atá le híoc ag a gcliaint a íoc leis an muirearóir dolaí. Níor cheart soláthraithe SDLE a bheith faoi dhliteanas, áfach, i leith dolaí nach bhfuil íoctha ag a gcliaint, i gcás ina bhfuil TAB ag na cliaint a bhfuil dearbhú tugtha ina leith don mhuirearóir dolaí gur TAB neamhbhailí é.

(25)

I gcás ina bhfuil róil eile ag eintiteas dlítheanach, ar soláthraí seirbhíse dolaí é, i gcóras leictreonach dolaí bóthair, nó ina bhfuil gníomhaíochtaí eile aige nach mbaineann go díreach le ríomhbhailiú dolaí, ba cheart ceangal a bheith air taifid chuntasaíochta a choinneáil lenar féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na costais agus an t-ioncam a bhaineann le soláthar na seirbhísí dolaí agus na costais agus an t-ioncam a bhaineann le gníomhaíochtaí eile, agus, arna iarraidh sin, faisnéis a sholáthar faoi na costais sin agus faoin ioncam sin a bhaineann le soláthar na seirbhísí dolaí don Chomhlacht Idir-Réitigh ábhartha nó don chomhlacht breithiúnach ábhartha. Níor cheart tras-fhóirdheontais idir na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i ról an tsoláthraí seirbhíse dolaí agus gníomhaíochtaí eile a cheadú.

(26)

Ba cheart an deis a bheith ag úsáideoirí clárú le SDLE trí aon soláthraí SDLE, gan beann ar a náisiúntacht, ar an mBallstát cónaithe ná ar an mBallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe.

(27)

Chun íocaíocht dhúbailte a sheachaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt d'úsáideoirí, ba cheart a mheas gur leor do sholáthraí SDLE dola a íoc chun oibleagáidí an úsáideora i leith an mhuirearóra dolaí ábhartha a chomhlíonadh.

(28)

Ba cheart a áirithiú sa chaidreamh conarthach idir muirearóirí dolaí agus soláthraithe SDLE, inter alia, go n-íoctar dolaí i gceart.

(29)

Ba cheart nós imeachta idirghabhála a bhunú d'fhonn díospóidí idir muirearóirí dolaí agus soláthraithe SDLE le linn caibidlíochtaí conarthacha agus ina gcaidreamh conarthach a réiteach. Muirearóirí dolaí agus soláthraithe SDLE atá ag lorg socrú díospóide a bhaineann leis an gceart go dtabharfaí rochtain neamh-idirdhealaitheach ar fhearainn SDLE, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le Comhlachtaí Idir-réitigh Náisiúnta.

(30)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag na Comhlachtaí Idir-réitigh a fhíorú go bhfuil na coinníollacha conarthacha arna bhforchur ar aon soláthraí SDLE neamh-idirdhealaitheach. Go háirithe, ba cheart an chumhacht a bheith acu a fhíorú go n-urramaíonn an luach saothair a thairgeann an muirearóir dolaí do na soláthraithe SDLE na prionsabail a leagtar amach sa Treoir seo.

(31)

Is ionann sonraí tráchta na n-úsáideoirí SDLE agus ionchur atá bunriachtanach chun feabhas a chur ar bheartais iompair na mBallstát. Ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit, dá bhrí sin, sonraí den sórt sin a iarraidh ar soláthraithe seirbhíse dola, lena n-áirítear ar sholáthraithe SDLE chun na críche beartais tráchta a cheapadh agus feabhas a chur ar an mbainistiú tráchta nó le haghaidh úsáid neamhthráchtála eile ag an Stát, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

(32)

Tá gá le creat lena leagfar síos na nósanna imeachta maidir le soláthraithe SDLE a chreidiúnú d'fhearann SDLE agus lena n-áiritheofar rochtain chóir ar an margadh agus lena gcosnófar, san am céanna, an leibhéal seirbhíse leordhóthanach. Ba cheart a leagan amach go mionsonrach i ráiteas fearainn SDLE an nós imeachta chun soláthraí SDLE a chreidiúnú d'fhearann SDLE, agus go háirithe an nós imeachta chun an chomhréireacht le sonraíochtaí agus oiriúnacht úsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta a sheiceáil. Ba cheart an nós imeachta a bheith mar an gcéanna do na soláthraithe SDLE ar fad.

(33)

Chun go mbeidh rochtain éasca ag gníomhaithe margaidh SDLE ar fhaisnéis, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit na sonraí tábhachtacha ar fad a bhaineann le SDLE a fhoilsiú i gcláir náisiúnta atá ar fáil go poiblí.

(34)

Chun dul chun cinn teicneolaíochta a éascú, tá sé tábhachtach go mbeadh an deis ag muirearóirí dolaí tástáil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nó coincheapa nua chun dolaí a bhailiú. Ba cheart na tástálacha sin a bheith teoranta, áfach, agus níor cheart ceangal a bheith ar sholáthraithe SDLE a bheith rannpháirteach iontu. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún gan tástálacha den sórt sin a údarú más rud é go bhféadfaidís dochar a dhéanamh d'fheidhmiú cuí na ngnáthchóras leictreonach dolaí bóthair nó SDLE.

(35)

De dheasca éagsúlachtaí móra i sonraíochtaí teicniúla na gcóras leictreonach dolaí bóthair, d'fhéadfadh sé nach bhféadfaí idir-inoibritheacht na ndolaí leictreonacha ar fud AE a bhaint amach, agus, dá bhrí sin, go leanfaí leis an staid reatha ina mbíonn roinnt píosaí TAB ag teastáil ó úsáideoirí chun dolaí a íoc san Aontas. Tá drochthionchar ag an staid sin ar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí iompair, ar chost-éifeachtúlacht na gcóras bailiúcháin dolaí, agus ar bhaint amach chuspóirí na mbeartas iompair. Ba cheart aghaidh a thabhairt, dá bhrí sin, ar na saincheisteanna is cúis leis an staid sin.

(36)

Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an idir-inoibritheacht trasteorann ar fud an Aontais, is é an cuspóir sa mheántéarma go dtí an fadtéarma go bhféadfaí taisteal trasna an Aontais le gan ach píosa amháin TAB. Dá bhrí sin, chun ualaí riaracháin agus costais ar úsáideoirí bóthair a sheachaint, tá sé tábhachtach go mbunódh an Coimisiún treochlár chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus chun saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas a éascú, gan tionchar diúltach a bheith aige sin ar an iomaíocht ar an margadh.

(37)

Is seirbhís mhargadhbhunaithe é SDLE agus, dá bhrí sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar sholáthraithe SDLE a gcuid seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais. Chun leas na n-úsáideoirí, áfach, ba cheart do sholáthraithe SDLE gach fearann SDL in aon Bhallstát a chinneann siad a gcuid seirbhísí a sholáthar ann a chumhdach. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an mbíonn sé de thoradh ar an tsolúbthacht a thugtar do sholáthraithe SDLE go ndéantar fearainn bheaga nó imeallacha SDLE a eisiamh ó SDLE, agus, má fhaigheann sé gurb é sin an toradh, ba cheart dó gníomhú i gcás inar gá.

(38)

Ba cheart cur síos mionsonrach a dhéanamh sa ráiteas fearainn SDLE ar na creatchoinníollacha tráchtála d'oibríochtaí na soláthraithe SDLE san fhearann SDLE lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart cur síos a dhéanamh ann ar an modheolaíocht a úsáidtear chun luach saothair na soláthraithe SDLE a ríomh.

(39)

I gcás ina bhfuil córas leictreonach dolaí bóthair nua á sheoladh nó ina bhfuil córas atá ann cheana á mhodhnú go substaintiúil, ba cheart don mhuirearóir dolaí na ráitis fearainn SDLE atá nua nó tugtha cothrom le dáta a fhoilsiú agus fógra leordhóthanach tugtha aige chun gur féidir soláthraithe SDLE a chreidiúnú nó a athchreidiúnú don chóras, ar a dhéanaí, mí amháin roimh lá an tseolta oibriúcháin. Ba cheart don mhuirearóir dolaí an nós imeachta maidir le soláthraithe SDLE a chreidiúnú nó a athchreidiúnú, faoi seach, a cheapadh agus a leanúint ar bhealach lenar féidir an nós imeachta a thabhairt i gcrích, ar a dhéanaí, mí amháin roimh sheoladh oibriúcháin an chórais nua nó an chórais atá modhnaithe go substaintiúil. Ba cheart do mhuirearóirí dolaí cloí lena gcuid féin den nós imeachta atá beartaithe mar atá leagtha síos sa ráiteas fearainn SDLE.

(40)

Níor cheart do mhuirearóirí dolaí a iarraidh ná a cheangal ar sholáthraithe SDLE aon réitigh theicniúla shonracha a thabhairt a d'fhéadfadh an idir-inoibritheacht le fearainn SDLE eile agus le comhpháirteanna idir-inoibritheachta an tsoláthraí SDLE atá ann cheana a chur i mbaol.

(41)

Tá an deis ag SDLE na costais riaracháin agus na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí agus tiománaithe idirnáisiúnta iompair de bhóthar a laghdú go suntasach.

(42)

Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe SDLE sonraisc a eisiúint d'úsáideoirí SDLE. Ba cheart cead a bheith ag muirearóirí dolaí, áfach, a iarraidh go seolfaí sonraisc thar a gceann agus faoina n-ainm, toisc gur féidir impleachtaí díobhálacha riaracháin agus cánach a bheith ag an sonrascadh díreach faoi ainm an tsoláthraí SDLE, i bhfearainn áirithe SDLE.

(43)

Ba cheart do gach Ballstát ag a bhfuil dhá fhearann SDLE ar a laghad oifig teagmhála a ainmniú do sholáthraithe SDLE ar mian leo SDLE a sholáthar ina chríoch chun an teagmháil a bhíonn acu leis na muirearóirí dolaí a éascú.

(44)

Le haghaidh seirbhísí leictreonacha dolaí agus seirbhísí eile, amhail feidhmeanna córas cliste iompair atá comhoibritheach (CCI-C), úsáidtear teicneolaíochtaí comhchosúla agus bandaí minicíochta atá in aice a chéile i gcomhair cumarsáid ghearr-raoin ó fheithicil go feithicil agus ó fheithicil go bonneagar. Amach anseo, is fiú an fhéidearthacht a bhaineann le teicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn a úsáid i gcórais leictreonacha dolaí a fhiosrú, i ndiaidh measúnú críochnúil ar na costais, na tairbhí, na bacainní teicniúla agus na réitigh a d'fhéadfaí a úsáid ar na bacainní sin. Tá sé tábhachtach go gcuirfí bearta chun feidhme chun go gcosnófaí na hinfheistíochtaí atá déanta cheana i dteicneolaíocht mhicreathonnach 5,8 GHz ar chur isteach ó theicneolaíochtaí eile.

(45)

Gan dochar don dlí maidir le Státchabhair agus do dhlí na hiomaíochta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit bearta a fhorbairt chun ríomhbhailiú agus ríomhbhilleáil dolaí a chur chun cinn.

(46)

Nuair a dhéanfaidh comhlachtaí caighdeánaithe athbhreithniú ar na caighdeáin ábhartha maidir le SDLE, ba cheart socruithe iomchuí idirthréimhse a bheith ann chun leanúnachas SDLE a áirithiú agus chun a áirithiú gur comhoiriúnach, do na córais dolaí, na comhpháirteanna idir-inoibritheachta atá in úsáid cheana féin tráth an athbhreithnithe ar na caighdeáin.

(47)

Ba cheart do SDLE ligean don idirmhódúlacht teacht chun cinn, agus na prionsabail “íoc mar a úsáidtear” agus “íoc mar a thruaillítear” á saothrú ag an am céanna.

(48)

De dheasca na bhfadhbanna a bhaineann le ciontóirí neamhchónaitheacha i gcoinne córais leictreonacha dolaí bóthair a shainaithint, cuirtear bac ar fhorbairt thuilleadh córas den sórt sin agus ar chur i bhfeidhm níos fairsinge na bprionsabal “íoc mar a úsáidtear” agus “íoc mar a thruaillítear” ar bhóithre an Aontais agus is gá, dá bhrí sin, teacht ar bhealach chun na daoine sin a shainaithint agus chun a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil.

(49)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta agus úsáide éifeachtúla acmhainní, ba cheart na huirlisí céanna a úsáid sa chóras malartaithe faisnéise faoi dhaoine nach n-íocann dola, agus faoina bhfeithiclí, agus a úsáidtear sa chóras malartaithe faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(50)

I mBallstáit áirithe, ní chinntear gur mainneachtain a bhí ann dola a íoc go dtí go dtugtar fógra don úsáideoir faoin oibleagáid an dola a íoc. Toisc nach ndéanfar comhchuibhiú leis an Treoir seo ar na dlíthe náisiúnta ina leith sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm chun úsáideoirí agus feithiclí a shainaithint chun na críche fógra a thabhairt. Níor cheart an cur i bhfeidhm leathnaithe sin a cheadú, áfach, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha áirithe.

(51)

Níl na himeachtaí leantacha a thionscnaítear tar éis mainneachtain dola a íoc comhchuibhithe ar fud an Aontais. Is minic a thugtar an deis don úsáideoir bóthair sainaitheanta an dola atá dlite, nó méid socraithe ina ionad, a íoc go díreach leis an eintiteas atá freagrach as an dola a thobhach, sula gcuirfidh údaráis na mBallstát tús le haon imeachtaí breise riaracháin nó coiriúla. Tá sé tábhachtach go mbeadh nós imeachta éifeachtúil chun deireadh a chur leis an mainneachtain dola a íoc ar fáil faoi théarmaí comhchosúla do gach úsáideoir bóthair. Chun na críche sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a chur ar fáil don eintiteas atá freagrach as an dola a thobhach na sonraí is gá chun an fheithicil ar ina leith a mainníodh dola a íoc agus chun úinéir nó sealbhóir na feithicle a shainaithint, ar choinníoll go n-áiritheofaí go dtabharfaí cosaint chuí do shonraí pearsanta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí deireadh leis an mainneachtain dola a íoc dá gcomhlíonfaí an t-ordú íocaíochta arna eisiúint ag an eintiteas lena mbaineann.

(52)

I mBallstáit áirithe, meastar gur mainneachtain dola a íoc é easpa nó mífheidhmiú TAB i gcás nach féidir dolaí den sórt sin a íoc ach le TAB.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis agus na sonraí is gá a thabhairt don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht an chórais malartaithe faisnéise faoi dhaoine nach n-íocann dola. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis arna bhfáil, agus leasuithe ar an Treoir seo a mholadh, más gá.

(54)

Agus é ag déanamh anailís ar na bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh chun forfheidhmiú trasteorann na hoibleagáide dolaí a íoc san Aontas a éascú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ina thuarascáil freisin ar an ngá atá le cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit.

(55)

Tá próiseáil sonraí pearsanta i gceist le forfheidhmiú na hoibleagáide dolaí a íoc, le sainaithint na feithicle agus sainaithint úinéir agus shealbhóir na feithicle ar cinneadh ina leith gur mainneachtain a bhí ann dola a íoc agus le bailiú na faisnéise faoin úsáideoir chun a áirithiú go gcomhlíonann an muirearóir dolaí a chuid oibleagáidí i leith na n-údarás cánach. Is gá próiseáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le rialacha an Aontais, mar a leagtar amach, inter alia, i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Aithnítear go sainráite in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

(56)

Ní dhéanann an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát rialacha a leagan síos lena rialaítear muirir ar úsáid bonneagair bóthair agus cúrsaí cánachais.

(57)

Chun malartú trasteorann faisnéise faoi na feithiclí agus úinéirí nó sealbhóirí feithiclí lenar bhain mainneachtain dolaí a íoc a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn I a leasú chun athruithe i ndlí an Aontais a léiriú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i dtaca leis na mionsonraí a leagan síos chun feithiclí a aicmiú chun críocha na scéimeanna taraifí is infheidhme a bhunú, le hoibleagáidí na n-úsáideoirí SDLE a shainiú tuilleadh maidir le sonraí a sholáthar don soláthraí SDLE agus úsáid agus láimhseáil an TAB, leis na ceanglais a leagan síos le haghaidh comhpháirteanna idir-inoibritheachta maidir le sábháilteacht agus sláinte, iontaofacht agus infhaighteacht, caomhnú an chomhshaoil, comhoiriúnacht theicniúil, slándáil agus príobháideacht agus oibriú agus bainistiú, leis na ceanglais ghinearálta bonneagair a leagan síos le haghaidh comhpháirteanna idir-inoibritheachta agus leis na critéir íosta incháilitheachta a leagan síos le haghaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(58)

Chun an Treoir seo a chur chun feidhme, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí teicniúla agus riaracháin chun na nósanna imeachta lena mbaineann gníomhaithe SDLE agus na comhéadain eatarthu a imlonnú sna Ballstáit, sa chaoi go n-éascófar an idir-inoibritheacht agus go n-áiritheofar go rialófar na margaí náisiúnta bailiúcháin dolaí le rialacha comhionanna. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme agus chun na sonraíochtaí teicniúla agus riaracháin sin a shainiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(59)

Níor cheart gur dochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn V a thrasuí sa dlí náisiúnta.

(60)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cosaint sonraí pearsanta.

(61)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Treoir seo na coinníollacha is gá chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

idir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair a áirithiú ar ghréasán bóithre iomlán an Aontais, ar mhótarbhealaí uirbeacha agus idiruirbeacha, ar phríomhbhóithre agus ar mhionbhóithre, agus ar struchtúir éagsúla, amhail tolláin nó droichid, agus báid farantóireachta; agus

(b)

éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú trasteorann sonraí clárúcháin feithiclí maidir leis na feithiclí agus úinéirí nó sealbhóirí feithiclí lenar bhain mainneachtain dolaí d'aon chineál san Aontas a íoc.

Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, beidh feidhm ag an Treoir seo gan dochar do na cinntí a dhéanann na Ballstáit dolaí a thobhach ar chineálacha áirithe feithiclí, agus chun leibhéal na ndolaí sin a chinneadh agus chun an cuspóir a dtoibhítear na dolaí sin chuige a chinneadh.

2.   Níl feidhm ag Airteagal 3 go Airteagal 22 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

córais dolaí bóthair nach córais leictreonacha iad de réir bhrí phointe 10 d'Airteagal 2; agus

(b)

córais dolaí bóthair ar córais bheaga áitiúla amháin iad a mbeadh na costais a chuirfí orthu dá mbeadh orthu ceanglais Airteagal 3 go Airteagal 22 a chomhlíonadh díréireach leis na sochair.

3.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le táillí páirceála.

4.   An cuspóir maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair san Aontas, déanfar é a bhaint amach trí Sheirbhís Dolaí Leictreonacha na hEorpa (SDLE) a bheidh comhlántach leis na seirbhísí náisiúnta leictreonacha dolaí atá ag na Ballstáit.

5.   I gcás inar gá fógra a thabhairt, faoin dlí náisiúnta, don úsáideoir faoin oibleagáid dola a íoc sular féidir a chinneadh gur mainneachtain dola a íoc a bhí ann, ní fhéadfaidh na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm freisin chun críocha úinéir nó sealbhóir na feithicle agus an fheithicil féin a shainaithint chun críocha fógra a thabhairt, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha ar fad seo a leanas:

(a)

níl aon bhealach eile ann chun úinéir nó sealbhóir na feithicle a shainaithint; agus

(b)

is cuid éigeantach den nós imeachta maidir le híocaíocht an dola faoin dlí náisiúnta é fógra a thabhairt d'úinéir nó sealbhóir na feithicle faoin oibleagáid an dola a íoc.

6.   I gcás ina gcuireann Ballstát mír 5 i bhfeidhm, déanfaidh sé na bearta is gá chun a áirithiú gurb iad na húdaráis phoiblí a thabharfaidh aon imeachtaí leantacha maidir leis an oibleagáid an dola a íoc. Cuimseoidh na tagairtí do mhainneachtain dola a íoc sa Treoir seo cásanna a chumhdaítear faoi mhír 5 má chuireann an Ballstát inar tharla an mhainneachtain an dola a íoc an mhír sin i bhfeidhm.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “seirbhís dolaí” an tseirbhís lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí feithicil a úsáid i bhfearann SDLE amháin nó níos mó faoi chonradh aonair agus, i gcás inar gá, le sraith amháin de threalamh ar bord (TAB), agus lena n-áirítear:

(a)

i gás inar gá, TAB saincheaptha a sholáthar d'úsáideoirí agus feidhmiúlacht an TAB sin a chothabháil;

(b)

a áirithiú go n-íoctar an dola atá le híoc ag an úsáideoir leis an muirearóir dolaí;

(c)

na modhanna trína ndéanfar an íocaíocht a sholáthar don úsáideoir nó glacadh le modh atá ann cheana;

(d)

an dola a bhailiú ón úsáideoir;

(e)

an caidreamh custaiméara leis an úsáideoir a bhainistiú; agus

(f)

na beartais slándála agus phríobháideachta do na córais dolaí bóthair a chur chun feidhme agus cloí leo;

(2)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse dolaí” eintiteas dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí dolaí ar fhearann SDLE amháin nó níos mó le haghaidh aicme feithiclí amháin nó níos mó;

(3)

ciallaíonn “muirearóir dolaí” eintiteas poiblí nó príobháideach a thoibhíonn dolaí as cúrsaíocht feithiclí i bhfearann SDLE;

(4)

ciallaíonn “muirearóir dolaí ainmnithe” eintiteas poiblí nó príobháideach atá ainmnithe mar mhuirearóir dolaí i bhfearann SDLE a bheidh ann amach anseo;

(5)

ciallaíonn “Seirbhís Dolaí Leictreonacha na hEorpa (SDLE)” an tseirbhís dolaí a sholáthraíonn soláthraí SDLE faoi chonradh d'úsáideoir SDLE ar fhearann SDLE amháin nó níos mó;

(6)

ciallaíonn “soláthraí SDLE” eintiteas a dheonaíonn, faoi chonradh ar leithligh, rochtain ar SDLE d'úsáideoir SDLE, a aistríonn na dolaí chuig an muirearóir dolaí ábhartha, agus atá cláraithe ag a mBallstát bunaíochta;

(7)

ciallaíonn “úsáideoir SDLE” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil conradh aige le soláthraí SDLE chun rochtain a fháil ar SDLE;

(8)

ciallaíonn “fearann SDLE” bóthar, gréasán bóithre, struchtúr, amhail droichead nó tollán, nó bád farantóireachta, ina mbailítear dolaí trí úsáid a bhaint as córas leictreonach dolaí bóthair;

(9)

ciallaíonn “córas comhlíontach SDLE” sraith na ngnéithe de chóras leictreonach dolaí bóthair a bhfuil gá sonrach leo chun soláthraithe SDLE a chomhtháthú sa chóras agus ar mhaithe le hoibriú SDLE;

(10)

ciallaíonn “córas leictreonach dolaí bóthair” córas bailiúcháin dolaí ina dtionscnaítear an oibleagáid atá ar an úsáideoir an dola a íoc nuair a bhraitear go huathoibríoch, agus ar an gcaoi sin amháin, gurb ann don fheithicil i suíomh áirithe, agus ina mbaineann an oibleagáid leis sin amháin, trí chianchumarsáid a dhéanamh leis an TAB atá san fheithicil nó trí uathaithint uimhirphlátaí;

(11)

ciallaíonn “trealamh ar bord (TAB)” sraith iomlán na gcomhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí atá le húsáid mar chuid den tseirbhís dolaí atá suiteáilte nó a iompraítear ar bord feithicle chun sonraí a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a ghlacadh agus a tharchur ó chian, mar fhearas ar leithligh nó leabaithe san fheithicil;

(12)

ciallaíonn “príomhsholáthraí seirbhíse” soláthraí seirbhíse dolaí ar a bhfuil oibleagáidí sonracha, amhail an oibleagáid conarthaí a shíniú leis na húsáideoirí leasmhara ar fad, nó cearta sonracha, amhail luach saothair sonrach nó conradh fadtéarmach ráthaithe, atá difriúil le cearta agus oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse eile;

(13)

ciallaíonn “comhpháirt idir-inoibritheachta” aon chomhpháirt bhunúsach, grúpa comhpháirteanna, fochóimeáil nó cóimeáil iomlán trealaimh atá ionchorpraithe nó a bhfuil sé beartaithe iad a ionchorprú in SDLE ar a bhfuil idir-inoibritheacht na seirbhíse ag brath go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear idir réada inláimhsithe agus réada doláimhsithe amhail bogearraí;

(14)

ciallaíonn “oiriúnacht úsáide” an cumas atá i gcomhpháirt idir-inoibritheachta feidhmíocht shonraithe a bhaint amach agus a choinneáil agus í in úsáid, atá comhtháite go hionadaíoch in SDLE maidir le córas de chuid muirearóra dolaí;

(15)

ciallaíonn “sonraí comhthéacs dolaí” an fhaisnéis atá sonraithe ag an muirearóir dolaí freagrach a bhfuil gá léi chun an dola atá le híoc as feithicil a bheith ag cúrsaíocht i bhfearann dola áirithe a shuí agus chun an t-idirbheart dola a thabhairt i gcrích;

(16)

ciallaíonn “dearbhú dola” ráiteas chuig muirearóir dolaí lena ndeimhnítear gurb ann d'fheithicil i bhfearann SDLE atá i bhfoirm atá comhaontaithe idir an soláthraí seirbhíse dolaí agus an muirearóir dolaí;

(17)

ciallaíonn “paraiméadair aicmithe feithicle” an fhaisnéis a bhaineann leis an bhfeithicil ar dá réir a ríomhtar dolaí bunaithe ar na sonraí comhthéacs dolaí;

(18)

ciallaíonn “cúloifig” an córas lárnach leictreonach a úsáideann an muirearóir dolaí, grúpa muirearóirí dolaí a bhfuil mol idir-inoibritheachta cruthaithe acu, nó an soláthraí SDLE chun faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a sheoladh faoi chuimsiú córas leictreonach dolaí bóthair;

(19)

ciallaíonn “córas atá modhnaithe go substaintiúil” córas leictreonach dolaí bóthair atá ann cheana a bhfuil athrú déanta air nó a bhfuil athrú á dhéanamh air lena gceanglaítear ar sholáthraithe SDLE modhnuithe a dhéanamh ar na comhpháirteanna idir-inoibritheachta atá in úsáid, amhail comhéadain a gcúloifige a athshocrú nó a oiriúnú a mhéid gur gá athchreidiúnú;

(20)

ciallaíonn “creidiúnú” an próiseas a shainíonn agus a bhainistíonn an muirearóir dolaí nach mór do sholáthraí SDLE dul faoi sula dtabharfar údarás dó SDLE a sholáthar i bhfearann SDLE;

(21)

ciallaíonn “dola” an táille nach mór don úsáideoir bóthair a íoc le taisteal ar bhóthar áirithe, ar ghréasán bóithre, ar struchtúr, amhail droichead nó tollán, nó ar bhád farantóireachta;

(22)

ciallaíonn “mainneachtain dola a íoc” an cion arb é atá ann go mainníonn an t-úsáideoir bóthair dola i mBallstát, a shainítear i bhforálacha náisiúnta ábhartha an Bhallstáit sin, a íoc;

(23)

ciallaíonn “Ballstát an chlárúcháin” an Ballstát ina bhfuil an fheithicil atá faoi réir íocaíocht an dola cláraithe;

(24)

ciallaíonn “pointe teagmhála náisiúnta” údarás inniúil ainmnithe de chuid Ballstáit le haghaidh malartú trasteorann sonraí clárúcháin feithiclí;

(25)

ciallaíonn “cuardach uathoibrithe” nós imeachta rochtana ar líne chun bunachair sonraí atá ag ceann amháin, níos mó ná ceann amháin, nó gach ceann de na Ballstáit a cheadú;

(26)

ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil, nó comhcheangal feithiclí altacha a úsáidtear chun paisinéirí nó earraí a iompar de bhóthar nó atá beartaithe chuige sin;

(27)

ciallaíonn “sealbhóir na feithicle” an duine a bhfuil an fheithicil cláraithe ina ainm, mar a shainítear i ndlí Bhallstát an chlárúcháin;

(28)

ciallaíonn “feithicil tromshaothair” feithicil nach mó ná 3,5 tona a huasmhais incheadaithe;

(29)

ciallaíonn “feithicil saothair éadroim” feithicil nach mó ná 3,5 tona a huasmhais incheadaithe.

Airteagal 3

Réitigh theicneolaíocha

1.   Bainfidh na córais leictreonacha dolaí bóthair nua uile, ina bhfuil suiteáil nó úsáid TAB de dhíth chun idirbhearta leictreonacha dolaí a chur i gcrích, úsáid as ceann amháin nó níos mó de na teicneolaíochtaí seo a leanas:

(a)

suí satailíte;

(b)

cumarsáid mhóibíleach;

(c)

teicneolaíocht mhicreathonnach 5,8 GHz.

Maidir le córais leictreonacha dolaí bóthair atá ann cheana ina bhfuil suiteáil nó úsáid TAB de dhíth agus a úsáideann teicneolaíochtaí eile, déanfaidh siad na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh má chuirtear feabhsuithe substaintiúla teicneolaíocha i gcrích.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún ar na comhlachtaí caighdeánaithe ábhartha, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), caighdeáin a ghlacadh go pras atá infheidhme maidir le córais leictreonacha dolaí bóthair i leith na dteicneolaíochtaí a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus na teicneolaíochta ANPR, agus iad a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá. Iarrfaidh an Coimisiún ar na comhlachtaí caighdeánaithe comhoiriúnacht leanúnach na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta a áirithiú.

3.   TAB a úsáideann teicneolaíocht suite satailíte agus a chuirtear ar an margadh tar éis an 19 Deireadh Fómhair 2021, beidh sé comhoiriúnach do na seirbhísí suite a sholáthraíonn na córais Galileo agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (“EGNOS”).

4.   Gan dochar do mhír 6, cuirfidh soláthraithe SDLE TAB ar fáil d'úsáideoirí SDLE atá oiriúnach don úsáid, idir-inoibritheach agus in ann cumarsáid a dhéanamh leis na córais leictreonacha dolaí bóthair ábhartha atá i seirbhís sna Ballstáit a úsáideann na teicneolaíochtaí a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1.

5.   Féadfaidh an TAB a chrua-earraí agus a bhogearraí féin a úsáid, nó eilimintí de chrua-earraí agus de bhogearraí eile atá san fheithicil a úsáid, nó an dá rud. Chun cumarsáid a dhéanamh le córais eile chrua-earraí atá san fheithicil, féadfaidh an TAB teicneolaíochtaí eile seachas na cinn a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a úsáid, ar choinníoll go n-áiritheofar slándáil, cáilíocht na seirbhíse agus príobháideacht.

Féadfaidh TAB SDLE seirbhísí eile seachas bailiúchán dolaí a éascú, ar choinníoll nach gcuirfidh oibriú na seirbhísí sin isteach ar na seirbhísí dolaí in aon fhearann SDLE.

6.   Gan dochar do cheart na mBallstát córais leictreonacha dolaí bóthair a thabhairt isteach d'fheithiclí saothair éadroim bunaithe ar shuí satailíte nó cumarsáid mhóibíleach, féadfaidh soláthraithe SDLE a sholáthar d'úsáideoirí feithiclí saothair éadroim, go dtí an 31 Nollaig 2027, TAB atá oiriúnach lena úsáid le teicneolaíocht mhicreathonnach 5,8 GHz amháin atá le húsáid i bhfearainn SDLE nach gá teicneolaíochtaí suite satailíte ná cumarsáide móibílí.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA SDLE

Airteagal 4

Soláthraithe SDLE a chlárú

Bunóidh gach Ballstát nós imeachta chun soláthraithe SDLE a chlárú. Deonóidh sé clárúchán d'eintitis atá bunaithe ar a chríoch, a iarrann clárúchán agus ar féidir leo a thaispeáint go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá deimhniú EN ISO 9001 nó a chomhionann acu;

(b)

tá trealamh teicniúil agus dearbhú CE nó deimhniú lena bhfianaítear go gcomhlíonann na comhpháirteanna idir-inoibritheachta na sonraíochtaí acu;

(c)

tá an inniúlacht acu i soláthar seirbhísí dolaí leictreonacha nó i réimsí ábhartha eile;

(d)

tá seasamh airgeadais iomchuí acu;

(e)

coinníonn siad plean uilíoch bainistithe riosca a ndéantar iniúchadh air gach 2 bhliain ar a laghad; agus

(f)

tá dea-cháil orthu.

Airteagal 5

Cearta agus oibleagáidí soláthraithe SDLE

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfaidh na soláthraithe SDLE atá cláraithe acu conarthaí SDLE i gcrích lena gcumhdaítear na fearainn SDLE ar fad ar chríocha ceithre Bhallstát ar a laghad laistigh den 36 mhí tar éis a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 4. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfaidh na soláthraithe SDLE sin conarthaí i gcrích lena gcumhdaítear na fearainn SDLE ar fad ar i mBallstát ar leith laistigh den 24 mhí tar éis an chéad chonradh a thabhairt i gcrích sa Bhallstát sin, seachas le haghaidh na bhfearann SDLE sin nach bhfuil Airteagal 6(3) á chomhlíonadh iontu ag na muirearóirí dolaí freagracha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcoinníonn na soláthraithe SDLE atá cláraithe acu cumhdach na bhfearann SDLE ar fad i gcónaí a luaithe a bheidh conarthaí lena n-aghaidh tugtha i gcrích acu. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraí SDLE, i gcás nach féidir leis cumhdach fearainn SDLE a choinneáil ar an ábhar nach gcomhlíonann an muirearóir dolaí an Treoir seo, cumhdach an fhearainn lena mbaineann a athbhunú a luaithe is féidir.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe SDLE atá cláraithe acu faisnéis a fhoilsiú faoin gcumhdach a dhéanann siad ar fhearainn SDLE agus faoi aon athruithe a dhéantar ar an méid sin, agus, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an chlárúcháin, pleananna mionsonraithe a fhoilsiú maidir le haon leathnú ar a seirbhís lena gcumhdófaí fearainn SDLE eile, mar aon le nuashonruithe bliantúla.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás inar gá, go ndéanfaidh soláthraithe SDLE atá cláraithe acu, nó a sholáthraíonn an SDLE ar a gcríoch, a sholáthar d'úsáideoirí SDLE TAB a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, mar aon leis na cinn a leagtar amach i dTreoir2014/53/AE (13) agus Treoir 2014/30/AE (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Féadfaidh siad fianaise a iarraidh ar sholáthraithe SDLE lena mbaineann go bhfuil na ceanglais sin comhlíonta.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcoinneoidh soláthraithe SDLE a sholáthraíonn an SDLE ar a gcríoch liostaí de TAB atá neamhbhailí a bhaineann lena gconarthaí SDLE leis na húsáideoirí SDLE. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcoinneofar na liostaí sin i gcomhréir dhocht le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar amach, inter alia, i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir 2002/58/CE.

6.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe SDLE atá cláraithe acu a mbeartas conarthach i leith úsáideoirí SDLE a chur ar fáil go poiblí.

7.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe SDLE a sholáthraíonn an SDLE ar a gcríoch a sholáthar do mhuirearóirí dolaí an fhaisnéis atá de dhíth orthu chun an dola a ghearrtar ar fheithiclí na n-úsáideoirí SDLE a ríomh agus a chur i bhfeidhm nó a sholáthar do mhuirearóirí dolaí an fhaisnéis ar fad is gá chun gur féidir leo ríomh an dola arna chur i bhfeidhm ar fheithiclí úsáideoirí SDLE ag na soláthraithe SDLE a fhíorú.

8.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhoibreoidh soláthraithe SDLE a sholáthraíonn an SDLE ar a gcríoch le muirearóirí dolaí ina gcuid iarrachtaí ciontóirí amhrasta a shainaithint. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil amhras ann go raibh mainneachtain dola a íoc, go mbeidh an muirearóir dolaí in ann a fháil ón soláthraí SDLE na sonraí maidir leis an bhfeithicil lena mbaineann an mhainneachtain amhrasta dola a íoc agus maidir le húinéir nó sealbhóir na feithicle sin ar cliant de chuid an tsoláthraí SDLE sin é. Cuirfidh an soláthraí SDLE na sonraí sin ar fáil ar an toirt.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach nochtfaidh an muirearóir dolaí na sonraí sin d'aon soláthraí seirbhíse dolaí eile. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil an muirearóir dolaí comhtháite i dteannta soláthraí seirbhíse dolaí in eintiteas amháin, go n-úsáidfear na sonraí chun na críche ciontóirí amhrasta a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, nó i gcomhréir le hAirteagal 27(3).

9.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh muirearóir dolaí atá freagrach as fearann SDLE ar a gcríoch in ann a fháil ó sholáthraí SDLE na sonraí maidir leis na feithiclí ar fad atá faoi úinéireacht nó i seilbh chliaint an tsoláthraí SDLE, a thiomáin, i dtréimhse ar leith, ar an bhfearann SDLE a bhfuil an muirearóir dolaí freagrach as, mar aon leis na sonraí maidir le húinéirí nó sealbhóirí na bhfeithiclí sin, ar choinníoll go bhfuil na sonraí sin de dhíth ar an muirearóir dolaí chun a chuid oibleagáidí i leith na n-údarás cánach a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an soláthraí SDLE na sonraí arna n-iarraidh ar fáil tráth nach déanaí ná 2 lá tar éis an iarraidh a fháil. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú nach nochtfaidh an muirearóir dolaí na sonraí sin d'aon soláthraí seirbhíse dolaí eile. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil an muirearóir dolaí comhtháite i dteannta soláthraí seirbhíse dolaí in eintiteas amháin, go n-úsáidfear na sonraí chun na críche go gcomhlíonfadh an muirearóir dolaí a chuid oibleagáidí i leith na n-údarás cánach, agus chun na críche sin amháin.

10.   Déanfar na sonraí a sholáthraíonn soláthraithe SDLE do mhuirearóirí dolaí a phróiseáil i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679, mar aon leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2002/58/CE agus (AE) Treoir 2016/680.

11.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun hoibleagáidí atá ar na soláthraithe SDLE a shainiú tuilleadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht a leibhéil seirbhíse, agus comhar leis na muirearóirí dolaí sna hiniúchtaí fíorúcháin;

(b)

comhar leis na muirearóirí dolaí i gcur i gcrích na dtástálacha ar chórais na muirearóirí dolaí;

(c)

seirbhís agus tacaíocht theicniúil d'úsáideoirí SDLE agus TAB a phearsantú;

(d)

sonraisc a chur chuig úsáideoirí SDLE;

(e)

an fhaisnéis nach mór do sholáthraithe SDLE a sholáthar do mhuirearóirí dolaí agus dá dtagraítear i mír 7; agus

(f)

an t-úsáideoir SDLE a chur ar an eolas faoi chás maidir le neamhdhearbhú dola a braitheadh;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Airteagal 6

Cearta agus oibleagáidí muirearóirí dolaí

1.   I gcás nach gcomhlíonann fearann SDLE na coinníollacha teicniúla agus nós imeachta maidir le hidir-inoibritheacht SDLE dá bhforáiltear sa Treoir seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an fearann SDLE ar a chríoch na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an muirearóir dolaí freagrach measúnú ar an bhfadhb leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus, má thagann sé faoina réimse freagrachtaí, go ndéanfaidh sé bearta feabhais d'fhonn idir-inoibritheacht SDLE an chórais dolaí a áirithiú. I gcás inar gá, déanfaidh an Ballstát an clár dá dtagraítear in Airteagal 21(1) i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de a thabhairt cothrom le dáta.

2.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh aon mhuirearóir dolaí atá freagrach as fearann SDLE ar chríoch an Bhallstáit sin ráiteas fearainn SDLE a fhorbairt agus a choinneáil ina leagtar amach na coinníollacha ginearálta do sholáthraithe SDLE chun rochtain a fháil ar a bhfearainn SDLE, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9.

I gcás ina ndéanfar córas leictreonach dolaí bóthair nua a chruthú ar chríoch Ballstáit, déanfaidh an Ballstát sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an muirearóir dolaí ainmnithe atá freagrach as an gcóras an ráiteas fearainn SDLE a fhoilsiú agus fógra leordhóthanach tugtha aige chun gur féidir soláthraithe leasmhara SDLE a chreidiúnú mí amháin ar a dhéanaí roimh sheoladh oibriúcháin an chórais nua, agus aird chuí á tabhairt ar fhad phróiseas an mheasúnaithe ar an gcomhréireacht leis na sonraíochtaí agus ar oiriúnacht úsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

I gcás ina ndéanfar modhnú substaintiúil ar chóras leictreonach dolaí bóthair ar chríoch Ballstáit, déanfaidh an Ballstát sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an muirearóir dolaí atá freagrach as an gcóras an ráiteas fearainn SDLE atá tugtha cothrom le dáta a fhoilsiú agus fógra leordhóthanach tugtha aige chun gur féidir le soláthraithe SDLE atá creidiúnaithe cheana féin a gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta a chur in oiriúint do na ceanglais nua agus athchreidiúnú a fháil mí amháin ar a dhéanaí roimh sheoladh oibriúcháin an chórais modhnaithe, agus aird chuí á tabhairt ar fhad phróiseas an mheasúnaithe ar an gcomhréireacht leis na sonraíochtaí agus ar oiriúnacht úsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go nglacfaidh muirearóirí dolaí atá freagrach as fearainn SDLE ar a gcríoch, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, le haon soláthraí SDLE atá ag iarraidh SDLE a sholáthar ar na fearainn SDLE sin.

Chun go nglacfar le soláthraí SDLE i bhfearann SDLE, beidh ar an soláthraí sin na hoibleagáidí agus na coinníollacha ginearálta a leagtar amach sa ráiteas fearainn SDLE a chomhlíonadh.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach gcuirfidh muirearóirí dolaí ceangal ar sholáthraithe SDLE úsáid a bhaint as réitigh theicniúla shonracha nó próisis theicniúla shonracha a chuirfeadh bac ar idir-inoibritheacht chomhpháirteanna idir-inoibritheachta an tsoláthraí SDLE leis na córais leictreonacha dolaí bóthair i bhfearainn SDLE eile.

Mura féidir le muirearóir dolaí agus soláthraí SDLE teacht ar chomhaontú, féadfar an t-ábhar a chur faoi bhráid an Chomhlachta Idir-réitigh atá freagrach as an bhfearann dolaí ábhartha.

4.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go gceadófar sna conarthaí idir an muirearóir dolaí agus an soláthraí SDLE, maidir le soláthar SDLE ar chríoch an Bhallstáit sin, go n-eiseodh an soláthraí SDLE sonrasc an dola don úsáideoir SDLE go díreach.

Féadfaidh an muirearóir dolaí a cheangal go n-eiseodh an soláthraí SDLE an sonrasc don úsáideoir faoi ainm an mhuirearóra dolaí, agus thar a cheann, agus comhlíonfaidh an soláthraí SDLE an iarraidh sin.

5.   Ní sháróidh an dola a ghearrann muirearóirí dolaí ar úsáideoirí SDLE an dola náisiúnta nó áitiúil comhfhreagrach. Ní dochar an méid sin do cheart na mBallstát lacáistí nó lascainí a thabhairt isteach chun úsáid íocaíochtaí leictreonacha dolaí a chur chun cinn. Beidh na lacáistí nó na lascainí ar fad a thairgeann Ballstát nó muirearóir dolaí d'úsáideoirí TAB trédhearcach, fógrófar go poiblí iad agus beidh siad ar fáil faoi na coinníollacha céanna do chliaint na soláthraithe SDLE.

6.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go nglacfaidh muirearóirí dolaí ar a bhfearainn SDLE le haon TAB oibríochtúil ó sholáthraithe SDLE a bhfuil caidreamh conarthach acu leo atá deimhnithe i gcomhréir leis an nós imeachta a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(7) agus nach bhfuil ar liosta de TAB neamhbhailí dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

7.   I gcás mífheidhmiú SDLE arb é an muirearóir dolaí is cúis leis, cuirfidh an muirearóir dolaí modh díghrádaithe seirbhíse ar fáil lenar féidir le feithiclí ina bhfuil an trealamh dá dtagraítear i mír 6 dul timpeall go sábháilte agus gan ach moill íosta orthu agus gan amhras a bheith ann ina leith gur tharla mainneachtain dola a íoc.

8.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhoibreoidh muirearóirí dolaí, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, le soláthraithe SDLE nó monaróirí nó comhlachtaí dá dtugtar fógra d'fhonn measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht úsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta ar a bhfearainn SDLE.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun inneachar íosta an ráitis fearainn SDLE a leagan síos, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais le haghaidh soláthraithe SDLE;

(b)

na coinníollacha nós imeachta, lena n-áirítear coinníollacha tráchtála;

(c)

an nós imeachta creidiúnaithe do sholáthraithe SDLE; agus

(d)

na sonraí comhthéacs dolaí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Airteagal 7

Luach saothair

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh soláthraithe SDLE i dteideal luach saothair a fháil ón muirearóir dolaí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht chun luach saothair na soláthraithe SDLE a shainiú trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus ar aon dul le gach soláthraí SDLE atá creidiúnaithe i bhfearann SDLE ar leith. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfoilseofar an mhodheolaíocht mar chuid de na coinníollacha tráchtála sa ráiteas fearainn SDLE.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i bhfearainn SDLE ag a bhfuil príomhsholáthraí seirbhíse, go gcloífidh an mhodheolaíocht chun luach saothair na soláthraithe SDLE a ríomh leis an struchtúr céanna leis an luach saothair i seirbhísí inchomparáide a sholáthraíonn an príomhsholáthraí seirbhíse. Féadfaidh méid luach saothair na soláthraithe SDLE a bheith éagsúil le luach saothair an phríomhsholáthraí seirbhíse ar an gcoinníoll go bhfuil údar cuí leis de réir na nithe seo leanas:

(a)

costas na gceanglas sonrach agus na n-oibleagáidí sonracha atá ar an bpríomhsholáthraí seirbhíse agus nach bhfuil ar na soláthraithe SDLE; agus

(b)

an gá a bhaint amach as luach saothair na soláthraithe SDLE na costais sheasta a fhorchuireann an muirearóir dolaí bunaithe ar na costais atá ar an muirearóir dolaí córas comhlíontach SDLE a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil ina fhearann dolaí, lena n-áirítear costais an chreidiúnaithe, i gcás nach bhfuil costais den sórt sin san áireamh sa dola.

Airteagal 8

Dolaí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil neamhréireacht ann idir an t-aicmiú feithicle a úsáideann an soláthraí SDLE agus an t-aicmiú feithicle a úsáideann an muirearóir dolaí agus an taraif dola is infheidhme maidir le feithicil ar leith á cinneadh, go mbeidh tosaíocht ag aicmiú an mhuirearóra dolaí, ach amháin más féidir a léiriú go ndearnadh botún.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an muirearóir dolaí i dteideal ceangal a chur ar sholáthraí SDLE íoc as aon dearbhú dola cuí-réasúnaithe agus as aon neamhdhearbhú dola cuí-réasúnaithe maidir le haon chuntas úsáideora SDLE a bhainistíonn an soláthraí SDLE sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil liosta de TAB neamhbhailí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) seolta ag soláthraí SDLE chuig muirearóir dolaí, nach mbeidh an soláthraí SDLE faoi dhliteanas i leith aon dola breise arna thabhú trí úsáid a bhaint as TAB neamhbhailí den sórt sin. Déanfaidh na muirearóirí dolaí agus na soláthraithe SDLE comhaontú eatarthu faoi líon na n-iontrálacha ar an liosta de TAB neamhbhailí, faoi fhormáid an liosta agus faoina mhinice a thabharfar cothrom le dáta é.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcórais dolaí atá bunaithe ar theicneolaíochtaí micreathonnacha, go gcuirfidh muirearóirí dolaí dearbhuithe dola cuí-réasúnaithe in iúl do sholáthraithe SDLE le haghaidh na ndolaí arna dtabhú ag a gcuid úsáideoirí faoi seach.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun na mionsonraí a leagan síos chun feithiclí a aicmiú chun críocha na scéimeanna taraifí is infheidhme a bhunú, lena n-áirítear aon nósanna imeachta is gá chun na scéimeanna sin a bhunú. Ní chuirfidh sraith na bparaiméadar aicmithe feithicle a dtacóidh SDLE leo srian le rogha na scéimeanna taraifí ó mhuirearóirí dolaí. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh solúbthacht leordhóthanach ann chun gur féidir forbairt a dhéanamh ar shraith na bparaiméadar aicmithe feithicle a dtacóidh SDLE leo de réir na riachtanas a bheidh ann amach anseo. Ní dochar na gníomhartha sin don sainmhíniú, i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ar na paraiméadair ar dá réir a athraíonn dolaí.

Airteagal 9

Cuntasaíocht

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcoinneoidh eintitis dhlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí dolaí taifid chuntasaíochta lenar féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na costais agus an t-ioncam a bhaineann le soláthar na seirbhísí dolaí agus na costais agus an t-ioncam a bhaineann le gníomhaíochtaí eile. Soláthrófar an fhaisnéis faoi na costais agus faoin ioncam a bhaineann le soláthar na seirbhíse dolaí, arna iarraidh sin, don Chomhlacht Idir-réitigh ábhartha nó don chomhlacht breithiúnach ábhartha. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú nach gceadófar tras-fhóirdheontais idir na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i ról an tsoláthraí seirbhíse dolaí agus gníomhaíochtaí eile.

Airteagal 10

Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí SDLE

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun gur féidir le húsáideoirí SDLE clárú le SDLE trí aon soláthraí SDLE, gan beann ar a náisiúntacht, ar an mBallstát cónaithe ná ar an mBallstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe. Agus conradh á dhéanamh acu, cuirfear úsáideoirí SDLE ar an eolas go cuí faoi na modhanna íocaíochta bailí agus, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, faoi phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus na cearta a thagann as an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Measfar oibleagáidí íocaíochta úsáideora SDLE i leith an mhuirearóra dolaí ábhartha a bheith comhlíonta le híocaíocht dola ag an úsáideoir SDLE lena sholáthraí SDLE.

Má tá dhá phíosa TAB nó níos mó suiteáilte nó ar iompar ar bord feithicle, is ar an úsáideoir SDLE atá an fhreagracht an TAB ábhartha a úsáid nó a ghníomhachtú le haghaidh an fhearainn shonraigh SDLE.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun na hoibleagáidí atá ar na húsáideoirí SDLE a shainiú tuilleadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraí a sholáthar don soláthraí SDLE; agus

(b)

úsáid agus láimhseáil an TAB.

CAIBIDIL III

COMHLACHT IDIR-RÉITIGH

Airteagal 11

Bunú agus feidhmeanna

1.   Déanfaidh gach Ballstát ina bhfuil fearann SDLE amháin ar a laghad Comhlacht Idir-réitigh a ainmniú nó a bhunú chun idirghabháil a éascú idir muirearóirí dolaí a bhfuil fearann SDLE lonnaithe ar a gcríoch acu agus soláthraithe SDLE a bhfuil conarthaí acu leis na muirearóirí dolaí sin nó atá i mbun caibidlíochtaí conarthacha leo.

2.   Tabharfar de chumhacht don Chomhlacht Idir-réitigh, go háirithe, a fhíorú go bhfuil na coinníollacha conarthacha a fhorchuireann muirearóirí dolaí ar sholáthraithe SDLE neamh-idirdhealaitheach. Tabharfar de chumhacht dó a fhíorú go bhfaighidh na soláthraithe SDLE luach saothair i gcomhréir leis na prionsabail dá bhforáiltear in Airteagal 7.

3.   Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh a gComhlacht Idir-réitigh neamhspleách, maidir lena eagar agus a struchtúr dlíthiúil, ar leasa tráchtála na muirearóirí dolaí agus na soláthraithe seirbhíse dola.

Airteagal 12

Nós imeachta idirghabhála

1.   Déanfaidh gach Ballstát ina bhfuil fearann SDLE amháin ar a laghad nós imeachta idirghabhála a leagan síos chun a chur ar chumas muirearóra dolaí nó soláthraí SDLE a iarraidh ar an gComhlacht Idir-Réitigh ábhartha idirghabháil a dhéanamh in aon díospóid a bhaineann lena gcaidreamh conarthach nó lena gcaibidlíochtaí conarthacha.

2.   Leis an nós imeachta idirghabhála dá dtagraítear i mír 1, cuirfear de cheangal ar an gComhlacht Idir-réitigh a shonrú, laistigh de thréimhse míosa tar éis iarraidh a fháil go ndéanfadh sé idirghabháil, an bhfuil na doiciméid go léir atá riachtanach don idirghabháil ina sheilbh aige.

3.   Leis an nós imeachta idirghabhála dá dtagraítear i mír 1, cuirfear de cheangal ar an gComhlacht Idir-réitigh a thuairim a eisiúint i leith díospóide tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an iarraidh a fháil idirghabháil a dhéanamh.

4.   Chun a chúraimí a éascú, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht don Chomhlacht Idir-réitigh faisnéis ábhartha a iarraidh ar mhuirearóirí dolaí, ar sholáthraithe SDLE agus ar aon tríú páirtithe atá gníomhach i soláthar SDLE laistigh den Bhallstát lena mbaineann.

5.   Déanfaidh na Ballstáit ina bhfuil fearann SDLE amháin ar a laghad agus an Coimisiún na bearta is gá chun malartú faisnéise a áirithiú idir na Comhlachtaí Idir-réitigh maidir lena gcuid oibre, a bprionsabail threoracha agus a gcleachtais.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA TEICNIÚLA

Airteagal 13

Seirbhís leanúnach aonair

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar SDLE a sholáthar d'úsáideoirí SDLE mar sheirbhís leanúnach aonair.

Ciallaíonn sé sin:

(a)

a luaithe a dhéanfar na paraiméadair aicmithe feithicle, lena n-áirítear na cinn athraitheacha, a stóráil nó a dhearbhú, nó an dá rud, nach mbeidh gá le haon idirghabháil bhreise ag duine le linn turais ach amháin i gcás ina ndéanfar saintréithe na feithicle a mhodhnú; agus

(b)

nach dtiocfaidh athrú ar an idirghníomhaíocht a bhíonn ag duine le píosa TAB ar leith cibé fearann SDLE atá i gceist.

Airteagal 14

Eilimintí breise maidir le SDLE

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an idirghníomhaíocht idir úsáideoirí SDLE agus muirearóirí dolaí mar chuid de SDLE teoranta, i gcás inarb infheidhme, don phróiseas sonrascaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus do na próisis forfheidhmithe. Féadfaidh idirghníomhaíochtaí idir úsáideoirí SDLE agus soláthraithe SDLE, nó an TAB atá acu, a bheith sonrach do gach soláthraí SDLE, gan cur isteach ar idir-inoibritheacht SDLE.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse dola, lena n-áirítear soláthraithe SDLE, arna iarraidh sin d'údaráis na mBallstát, sonraí tráchta i ndáil lena gcuid cliant a chur ar fáil, faoi réir chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Ní úsáidfidh na Ballstáit na sonraí sin ach amháin chun críche beartais tráchta agus chun bainistiú tráchta a fheabhsú agus ní úsáidfear na sonraí chun na cliaint a shainaithint.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí na gcomhéadan leictreonach idir comhpháirteanna idir-inoibritheachta na muirearóirí dolaí, na soláthraithe SDLE agus na n-úsáideoirí SDLE, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, inneachar na dteachtaireachtaí arna malartú idir na gníomhaithe trí na comhéadain sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Airteagal 15

Comhpháirteanna idir-inoibritheachta

1.   I gcás ina ndéanfar córas leictreonach dolaí bóthair nua a chruthú ar chríoch Ballstáit, déanfaidh an Ballstát sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an muirearóirí dolaí ainmnithe atá freagrach as an gcóras a leagan síos agus a fhoilsiú i ráiteas fearainn SDLE pleanáil mhionsonraithe an phróisis measúnaithe ar chomhréireacht le sonraíochtaí agus ar oiriúnacht úsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta, rud a fhágfaidh go bhféadfar soláthraithe SDLE leasmhara a chreidiúnú 1 mhí amháin ar a dhéanaí roimh sheoladh oibriúcháin an chórais nua.

I gcás ina ndéanfar córas leictreonach dolaí bóthair ar chríoch Ballstáit a mhodhnú go substaintiúil, déanfaidh an Ballstát sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an muirearóir dolaí atá freagrach as an gcóras a leagan síos agus a fhoilsiú sa ráiteas fearainn SDLE, sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pleanáil mhionsonraithe an athmheasúnaithe ar chomhréireacht le sonraíochtaí agus ar oiriúnacht úsáide chomhpháirteanna idir-inoibritheachta na soláthraithe SDLE a bhí creidiúnaithe don chóras cheana sula ndearnadh é a mhodhnú go substaintiúil. Leis an bpleanáil, beifear in ann soláthraithe SDLE lena mbaineann a athchreidiúnú 1 mhí amháin ar a dhéanaí roimh sheoladh oibriúcháin an chórais modhnaithe.

Urramóidh an muirearóir dolaí an phleanáil sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh gach muirearóir dolaí atá freagrach as fearann SDLE ar chríoch an Bhallstáit sin timpeallacht tástála a chur ar bun inar féidir leis an soláthraí SDLE nó a ionadaithe údaraithe a sheiceáil an bhfuil a TAB oiriúnach dá úsáid i bhfearann SDLE an mhuirearóra dolaí agus deimhniú a fháil maidir le cur i gcrích rathúil na dtástálacha faoi seach. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbeidh muirearóirí dolaí in ann timpeallacht tástála aonair a chur ar bun le haghaidh níos mó ná aon fhearann SDLE amháin, agus chun go mbeidh aon ionadaí údaraithe amháin in ann seiceáil a dhéanamh thar ceann níos mó ná aon soláthraí SDLE amháin maidir le hoiriúnacht úsáide cineáil amháin TAB.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go mbeidh muirearóirí dolaí in ann ceangal a chur ar sholáthraithe SDLE nó ar a n-ionadaithe údaraithe costas na dtástálacha faoi seach a chumhdach.

3.   Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar comhpháirteanna idir-inoibritheachta a chur ar an margadh lena n-úsáid i SDLE i gcás ina mbeidh comhartha CE nó dearbhú comhréireachta le sonraíochtaí nó dearbhú oiriúnachta úsáide, nó an dá rud, air. Go háirithe, ní éileoidh na Ballstáit seiceálacha a rinneadh cheana mar chuid den nós imeachta maidir le comhréireacht le sonraíochtaí nó oiriúnacht úsáide, nó an dá rud, a sheiceáil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun na ceanglais maidir le comhpháirteanna idir-inoibritheachta a leagan síos maidir le sábháilteacht agus sláinte, iontaofacht agus infhaighteacht, caomhnú an chomhshaoil, comhoiriúnacht theicniúil, slándáil agus príobháideacht agus oibriú agus bainistíocht.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun ceanglais ghinearálta an bhonneagair a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cruinneas na sonraí dearbhaithe dolaí d'fhonn cóir chomhionann a ráthú idir úsáideoirí SDLE i dtaca le dolaí agus muirir;

(b)

an soláthraí SDLE freagrach a shainaithint tríd an TAB;

(c)

caighdeáin oscailte a úsáid le haghaidh comhpháirteanna idir-inoibritheachta trealaimh SDLE;

(d)

TAB a chomhtháthú san fheithicil; agus

(e)

comhartha a thabhairt don tiománaí maidir leis an gceanglas dola a íoc.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun na ceanglais shonracha bhonneagair seo a leanas a leagan síos:

(a)

ceanglais maidir le prótacail chumarsáide choiteanna idir muirearóirí dolaí agus soláthraithe trealaimh SDLE;

(b)

ceanglais maidir le sásraí do mhuirearóirí dolaí chun a bhrath an bhfuil feithicil atá ag cúrsaíocht ar a bhfearann SDLE feistithe le TAB SDLE atá bailí agus feidhmiúil;

(c)

ceanglais maidir leis an gcomhéadan idir duine agus meaisín atá sa TAB;

(d)

ceanglais a bhfuil feidhm shonrach acu maidir le comhpháirteanna idir-inoibritheachta i gcórais dolaí atá bunaithe ar theicneolaíochtaí micreathonnacha; agus

(e)

ceanglais a bhfuil feidhm shonrach acu maidir le córais dolaí atá bunaithe ar an gCóras Domhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun an nós imeachta a leagan síos a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le sonraíochtaí agus ar oiriúnacht úsáide na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta, lena n-áirítear inneachar agus formáid dhearbhuithe CE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

CAIBIDIL V

CLÁSAIL CHOSANTA

Airteagal 16

An nós imeachta cosanta

1.   I gcás ina mbeidh cúis ag Ballstát a chreidiúint, maidir le comhpháirteanna idir-inoibritheachta a bhfuil comhartha CE orthu agus a chuirtear ar an margadh, nuair a bhainfear úsáid astu mar atá beartaithe, nach dócha go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais ábhartha, déanfaidh sé na bearta go léir is gá chun a raon feidhme a shrianadh, a n-úsáid a thoirmeasc nó iad a tharraingt siar ón margadh. Déanfaidh an Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi na bearta atá déanta aige agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena chinneadh, agus é á shonrú go soiléir aige go háirithe an de dheasca na gcúiseanna seo a leanas nár comhlíonadh na ceanglais:

(a)

cur i bhfeidhm mícheart sonraíochtaí teicniúla; nó

(b)

sonraíochtaí teicniúla a bheith neamhdhóthanach.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, a luaithe is féidir, leis an mBallstát lena mbaineann, leis an monaróir, leis an soláthraí SDLE nó lena n-ionadaithe údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas. I gcás ina suífidh an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin, go bhfuil údar cuí leis an mbeart, déanfaidh sé an Ballstát lena mbaineann, mar aon leis na Ballstáit eile, a chur ar an eolas láithreach. Mar sin féin, i gcás ina suífidh an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin, nach bhfuil údar cuí leis an mbeart, déanfaidh sé an Ballstát lena mbaineann, mar aon leis an monaróir nó a ionadaí údaraithe atá bunaithe laistigh den Aontas agus na Ballstáit eile, a chur ar an eolas láithreach.

3.   I gcás nach bhfuil ceanglais idir-inoibritheachta á gcomhlíonadh ag na comhpháirteanna idir-inoibritheachta ar a bhfuil comhartha CE, cuirfidh an Ballstát inniúil de cheangal ar an monaróir nó ar a ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas an chomhpháirt idir-inoibritheachta a thabhairt ar ais i gcomhréir leis na sonraíochtaí nó a hoiriúnacht úsáide a athbhunú, nó an dá rud, faoi na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát sin agus cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.

Airteagal 17

Trédhearcacht na measúnuithe

Aon chinneadh a dhéanfaidh Ballstát nó muirearóir dolaí a bhaineann leis an measúnú ar chomhréireacht le sonraíochtaí nó ar oiriúnacht úsáide comhpháirteanna idir-inoibritheachta, agus aon chinneadh a dhéanfar de bhun Airteagal 16, leagfar amach go mionsonraithe ann na cúiseanna atá leis sin. Tabharfar fógra faoin méid sin, a luaithe is féidir, don mhonaróir lena mbaineann, don soláthraí SDLE nó dá n-ionadaithe údaraithe, mar aon le léiriú ar na leigheasanna atá ar fáil faoi na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann agus ar na teorainneacha ama a cheadaítear chun na leigheasanna sin a fheidhmiú.

CAIBIDIL VI

SOCRUITHE RIARACHÁIN

Airteagal 18

Oifig teagmhála aonair

Déanfaidh gach Ballstát a bhfuil dhá fhearann SDLE ar a laghad ar a chríoch oifig teagmhála aonair a ainmniú do sholáthraithe SDLE. Déanfaidh an Ballstát sonraí teagmhála na hoifige sin a phoibliú, agus déanfaidh sé iad a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do na soláthraithe SDLE leasmhara. Déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an oifig teagmhála, arna iarraidh sin don soláthraí SDLE, an teagmháil luath riaracháin a éascú agus a chomhordú idir an soláthraí SDLE agus na muirearóirí dolaí atá freagrach as na fearainn SDLE ar chríoch an Bhallstáit. Féadfaidh sé gur duine nádúrtha nó comhlacht poiblí nó comhlacht príobháideach í an oifig teagmhála.

Airteagal 19

Comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon chomhlachtaí atá i dteideal an nós imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le sonraíochtaí nó ar oiriúnacht úsáide dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(7) a chur i gcrích nó maoirseacht a dhéanamh air, agus réimse inniúlachta gach comhlachta agus na huimhreacha aitheantais a gheofar roimh ré ón gCoimisiún á léiriú aige. Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta de na comhlachtaí, a n-uimhreacha aitheantais agus a réimsí inniúlachta, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na critéir dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí dá mbeidh fógra le tabhairt. Maidir le comhlachtaí a bhfuil na critéir mheasúnaithe dá bhforáiltear sna caighdeáin Eorpacha ábhartha á gcomhlíonadh acu, measfar go bhfuil na critéir sin á gcomhlíonadh acu.

3.   Déanfaidh Ballstát formheas a tharraingt siar ó chomhlacht nach mbeidh na critéir dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á gcomhlíonadh aige a thuilleadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach ina thaobh sin.

4.   I gcás ina measfaidh Ballstát nó an Coimisiún nach bhfuil na critéir dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á gcomhlíonadh ag comhlacht ar thug Ballstát eile fógra dó, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gCoiste um Dhola Leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 31(1), a thabharfaidh a thuairim laistigh de 3 mhí. I bhfianaise na tuairime ón gCoiste sin, déanfaidh an Coimisiún an Ballstát a thug fógra don chomhlacht i dtrácht a chur ar an eolas faoi aon athruithe is gá a dhéanamh chun go gcoinneodh an comhlacht dá dtugtar fógra an stádas atá tugtha dó.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30, faoin 19 Deireadh Fómhair 2019 ar a dhéanaí, chun na critéir íosta incháilitheachta a leagan síos maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra.

Airteagal 20

An Grúpa Comhordaithe

Bunófar Grúpa Comhordaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Airteagal 19(1) (“an Grúpa Comhordaithe”) mar mheitheal de chuid an Choiste um Dhola Leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 31(1), i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste sin.

Airteagal 21

Cláir

1.   Chun críocha chur chun feidhme na Treorach seo, coinneoidh gach Ballstát clár leictreonach náisiúnta ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(a)

na fearainn SDLE laistigh dá gcríoch, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(i)

na muirearóirí dolaí comhfhreagracha;

(ii)

na teicneolaíochtaí dolaí a úsáidtear;

(iii)

na sonraí comhthéacs dolaí;

(iv)

an ráiteas fearainn SDLE; agus

(v)

na soláthraithe SDLE a bhfuil conarthaí SDLE acu leis na muirearóirí dolaí atá gníomhach i gcríoch an Bhallstáit sin.

(b)

na soláthraithe SDLE dá bhfuil clárú deonaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 4; agus

(c)

sonraí na hoifige teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 18 le haghaidh SDLE, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist teagmhála agus uimhir theileafóin.

Mura sonrófar a mhalairt, déanfaidh na Ballstáit a fhíorú ar a laghad uair sa bhliain go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a), (d), (e) agus (f) d'Airteagal 4 fós á gcomhlíonadh, agus déanfaidh siad an clár a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. Beidh conclúidí an iniúchta dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 4 sa chlár freisin. Ní bheidh Ballstát faoi dhliteanas i leith ghníomhaíochtaí na soláthraithe SDLE a luaitear ina chlár.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí go léir atá sa chlár leictreonach náisiúnta a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn.

3.   Beidh rochtain leictreonach ag an bpobal ar na cláir.

4.   Beidh na cláir seo ar fáil amhail ón 19 Deireadh Fómhair 2021.

5.   Ag deireadh gach bliana féilire, déanfaidh údaráis na mBallstát atá i bhfeighil na gclár cláir na bhfearann SDLE agus na soláthraithe SDLE a chur in iúl go leictreonach don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit eile. Déanfar aon neamhréireachtaí leis an gcás i mBallstát a thabhairt ar aird do Bhallstát an chlárúcháin agus don Choimisiún.

CAIBIDIL VII

CÓRAIS PHÍOLÓTACHA

Airteagal 22

Córais phíolótacha dolaí

1.   Chun gur féidir forbairt theicniúil SDLE a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit córais phíolótacha dolaí lena n-ionchorpraítear teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó d'fhorálacha na Treorach seo a údarú go sealadach ar chodanna teoranta dá bhfearann dola agus i gcomhthreomhar leis an gcóras comhlíontach SDLE.

2.   Ní chuirfear de cheangal ar sholáthraithe SDLE a bheith rannpháirteach i gcórais phíolótacha dolaí.

3.   Sula gcuirfidh sé tús le córas píolótach dolaí, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann údarú ar an gCoimisiúin. Déanfaidh an Coimisiún an t-údarú a eisiúint nó é a dhiúltú, i bhfoirm Cinnidh, laistigh de 6 mhí ón uair a gheobhaidh sé an iarraidh. Féadfaidh an Coimisiún an t-údarú a dhiúltú dá mba rud é go bhféadfadh an córas dolaí píolótach dochar a dhéanamh d'fheidhmiú ceart an ghnáthchórais leictreonaigh dolaí bóthair nó don SDLE. Ní rachaidh tréimhse tosaigh an údaraithe sin thar 3 bliana.

CAIBIDIL VIII

FAISNÉIS A MHALARTÚ FAOI MHAINNEACHTAIN DOLAÍ A ÍOC

Airteagal 23

Nós imeachta le haghaidh malartú faisnéise idir na Ballstáit

1.   Chun go bhféadfar an fheithicil, agus úinéir nó sealbhóir na feithicle sin, ar suíodh mainneachtain dola a íoc ina leith, a shainaithint, ní dheonóidh gach Ballstát rochtain do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile ach ar na sonraí clárúcháin feithiclí náisiúnta seo a leanas, maille leis an gcumhacht chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh orthu:

(a)

sonraí a bhaineann le feithiclí; agus

(b)

sonraí a bhaineann le húinéirí nó sealbhóirí na feithicle.

Na heilimintí sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) a bhfuil gá leo chun cuardach uathoibrithe a dhéanamh, comhlíonfaidh siad Iarscríbhinn I.

2.   Chun críche an mhalartaithe sonraí dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéanfar faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit ach amháin idir na pointí teagmhála náisiúnta. Déanfar cumhachtaí na bpointí teagmhála náisiúnta a rialú leis an dlí infheidhme de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. Sa phróiseas malartaithe sonraí sin, tabharfar aird ar leith ar chosaint chuí sonraí pearsanta.

3.   Agus cuardach uathoibrithe á dhéanamh aige i bhfoirm iarraidh amach, déanfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc úsáid a bhaint as uimhir chlárúcháin iomlán.

Déanfar na cuardaigh uathoibrithe sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 2 agus pointe 3 de Chaibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (16) agus le ceanglais Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Déanfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc úsáid a bhaint as na sonraí arna bhfáil chun a shuí cé atá faoi dhliteanas i leith na mainneachtana an dola sin a íoc.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a mhalartú trí úsáid a bhaint as feidhmchlár bogearraí an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána (Eucaris) agus as leaganacha leasaithe de na bogearraí sin, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus le pointe 2 agus pointe 3 de Chaibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB.

5.   I gcás gach Ballstáit, is orthu féin a bheidh na costais a thiocfaidh as riarachán, úsáid agus cothabháil na bhfeidhmchlár bogearraí dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 24

Litir faisnéise faoi mhainneachtain dola a íoc

1.   Déanfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc cinneadh imeachtaí leantacha a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh i ndáil leis an mainneachtain dola a íoc.

An Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc, i gcás ina gcinnfidh sé imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, tabharfaidh an Ballstát sin fógra, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, don úinéir, do shealbhóir na feithicle nó don duine arna shainaithint ar dhóigh eile a bhfuil amhras faoi nó fúithi nár íoc sé nó sí an dola.

Cumhdófar san fhaisnéis sin, de réir mar is infheidhme faoin dlí náisiúnta, na hiarmhairtí dlíthiúla ábhartha i gcríoch an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc faoi dhlí an Bhallstáit sin.

2.   Agus an litir faisnéise á cur chuig an úinéir, sealbhóir na feithicle nó an duine arna shainaithint ar dhóigh eile a bhfuil amhras faoi nó fúithi nár íoc sé nó sí an dola, déanfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, aon fhaisnéis ábhartha a áireamh, go háirithe cineál na mainneachtana an dola a íoc, áit, dáta agus am na mainneachtana an dola a íoc, teideal na dtéacsanna den dlí náisiúnta a sáraíodh, an ceart achomhairc a dhéanamh agus rochtain ar fhaisnéis a bheith aige nó aici, agus an smachtbhanna agus, más iomchuí, sonraí maidir leis an bhfeiste a úsáideadh chun an mhainneachtain dola a íoc a bhrath. Chun na críche sin, féadfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc an litir faisnéise a bhunú ar an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.   An Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc, i gcás ina gcinnfidh sé imeachtaí leantacha a thionscnamh i ndáil leis an mainneachtain dola a íoc, déanfaidh sé, chun a áirithiú go n urramófar cearta bunúsacha, an litir faisnéise a sheoladh sa teanga ina bhfuil doiciméad clárúcháin na feithicle, má tá sin ar fáil, nó i gceann amhail de theangacha oifigiúla Bhallstát an chlárúcháin.

Airteagal 25

Imeachtaí leantacha ag na heintitis tobhaigh

1.   Ní fhéadfaidh an Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc na sonraí a gheofar tríd an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a sholáthar don eintiteas atá freagrach as an dola a thobhach ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na sonraí a aistreofar teoranta dá bhfuil ag teastáil ón eintiteas sin chun an dola atá dlite a fháil;

(b)

tá an nós imeacht le haghaidh an dola atá dlite a fháil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 24;

(c)

tá an t-eintiteas lena mbaineann freagrach as an nós imeachta sin a chur i gcrích; agus

(d)

cuirtear deireadh leis an mainneachtain dola a íoc le comhlíonadh an ordaithe íocaíochta arna eisiúint ag an eintiteas a gheobhaidh na sonraí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbainfear úsáid as na sonraí a sholáthrófar don eintiteas freagrach chun an dola atá dlite a fháil, agus chun na críche sin amháin, agus go ndéanfar iad a scriosadh láithreach a luaithe a íocfar an dola nó, má leantar leis an mainneachtain é a íoc, laistigh de thréimhse réasúnach tar éis aistriú na sonraí a bheidh le socrú ag an mBallstát.

Airteagal 26

Tuairisciú ag Ballstáit chuig an gCoimisiún

Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuimsitheach chuig an gCoimisiún faoin 19 Aibreán 2023 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

Léireofar sa tuarascáil chuimsitheach líon na gcuardach uathoibrithe arna ndéanamh ag an mBallstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc arna seoladh chuig pointe teagmhála náisiúnta Bhallstát an chlárúcháin, tar éis mainneachtain dolaí a íoc a tharla ar a chríoch, maille le líon na n-iarrataí nár éirigh leo.

Ina theannta sin, áireofar sa tuarascáil chuimsitheach tuairisc ar an staid ar an leibhéal náisiúnta i ndáil le hobair leantach maidir le mainneachtain dolaí a íoc, agus í bunaithe ar líon na gcásanna mainneachtana dolaí a íoc arna leanúint le litreacha faisnéise.

Airteagal 27

Cosaint sonraí

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 agus ag na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2002/58/CE agus Treoir (AE) 2016/680 maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoin Treoir seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí, na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)

go ndéanfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25 a theorannú do na cineálacha sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(b)

go mbeidh sonraí pearsanta cruinn, go ndéanfar iad a choinneáil cothrom le dáta agus go ndéanfar iarrataí ar cheartú nó ar léirscriosadh a láimhseáil gan moill mhíchuí; agus

(c)

go socrófar teorainn ama maidir le sonraí pearsanta a stóráil.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoin Treoir seo ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

ciontóirí amhrasta a shainaithint i bhfianaise na hoibleagáide dolaí a íoc laistigh de raon feidhme Airteagal 5(8);

(b)

comhlíonadh an mhuirearóra dolaí a áirithiú maidir lena oibleagáidí i leith údaráis chánach laistigh de raon feidhme Airteagal 5(9); agus

(c)

an fheithicil agus úinéir nó shealbhóir na feithicle ar suíodh mainneachtain dola a íoc ina leith a shainaithint laistigh de raon feidhme Airteagal 23 agus Airteagal 24.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú go mbeidh ag na hábhair sonraí na cearta céanna chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta, chun go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú agus a léirscriosadh, chun go ndéanfaí próiseáil a shrianadh, chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta um chosaint sonraí, chun cúiteamh a fháil agus chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 nó, i gcás inarb infheidhme, i dTreoir (AE) 2016/680.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear le forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2016/679 i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán sin chun na gcríoch a liostaítear sa chéad mhír den Airteagal sin.

4.   Beidh ag aon duine lena mbaineann an ceart faisnéis a fháil, gan moill mhíchuí, maidir le cé na sonraí pearsanta arna dtaifeadadh i mBallstát an chlárúcháin a tarchuireadh chuig an mBallstát inar tharla an mhainneachtain dola a íoc, lena n-áirítear dáta na hiarrata agus údarás inniúil an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 28

Tuarascáil

1.   Faoin 19 Aibreán 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus éifeachtaí na Treorach seo, go háirithe maidir le cur chun feidhme agus imlonnú SDLE agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tsásra maidir le malartú sonraí faoi chuimsiú an imscrúdaithe ar imeachtaí mainneachtana dolaí a íoc.

Déanfar anailís sa tuarascáil go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeacht Airteagal 5(1) agus (2) maidir le himlonnú SDLE, agus béim ar leith á cur ar infhaighteacht na seirbhíse i bhfearainn bheaga nó fhorimeallacha SDLE;

(b)

éifeachtacht Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25 maidir le laghdú a dhéanamh ar líon na gcásanna mainneachtana dolaí a íoc san Aontas; agus

(c)

an dul chun cinn atá déanta maidir le gnéithe idir-inoibritheachta idir córais leictreonacha dolaí bóthair trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht suite satailíte agus as teicneolaíocht mhicreathonnach 5,8 GHz.

2.   Beidh togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, maidir leis an Treoir seo a athbhreithniú tuilleadh, go háirithe i dtaobh na n-eilimintí seo a leanas:

(a)

bearta breise chun a áirithiú go mbeidh SDLE ar fáil i ngach fearann SDLE, lena n-áirítear na cinn bheaga agus fhorimeallacha;

(b)

bearta chun éascaíocht bhreise a dhéanamh ar fhorfheidhmiú trasteorann na hoibleagáide dolaí san Aontas a íoc, lena n-áirítear socruithe cúnaimh fhrithpháirtigh; agus

(c)

leathnú ar na forálacha lena n-éascaítear forfheidhmiú trasteorann chuig criosanna íseal-astaíochtaí, criosanna rochtana srianta nó scéimeanna rialála rochtana eile ar fheithiclí uirbeacha.

Airteagal 29

Gníomhartha tarmligthe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta chun aon leasuithe ábhartha arna ndéanamh ar Chinntí 2008/615/CGB (17) agus 2008/616/CGB ón gComhairle a chur san áireamh nó i gcás ina gceanglófar sin de réir aon ghníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5), Airteagal 10(3), Airteagal 15(4) agus (5), Airteagal 19(5) agus Airteagal 29 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 18 Aibreán 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(5), Airteagal 10(3), Airteagal 15(4) agus (5), Airteagal 19(5) agus Airteagal 29 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(5), Airteagal 10(3), Airteagal 15(4) agus (5), Airteagal 19(5) agus Airteagal 29 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Dhola Leictreonach cúnamh don Choimisiún.

Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1 go Airteagal 27 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 19 Deireadh Fómhair 2021. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 19 Deireadh Fómhair 2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Aisghairm

Déantar Treoir 2004/52/CE a aisghairm le héifeacht ón 20 Deireadh Fómhair 2021, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn III a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 81, 2.3.2018, lch. 181.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 66.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2019.

(4)  Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair sa Chomhphobal (IO L 166, 30.4.2004, lch. 124).

(5)  Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(13)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(14)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(15)  Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42).

(16)  Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).

(17)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Eilimintí sonraí is gá chun an cuardach uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1) a dhéanamh

Ítim

É/R (1)

Nótaí

Sonraí a bhaineann leis an bhfeithicil

É

 

Ballstát an chlárúcháin

É

 

Uimhir chlárúcháin

É

(A (2))

Sonraí faoin mainneachtain dola a íoc

É

 

An Ballstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc

É

 

Dáta tagartha an tarlaithe

É

 

Am tagartha an tarlaithe

É

 

Eilimintí sonraí arna soláthar de thoradh ar an gcuardach uathoibrithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 23(1)

Cuid I.   Sonraí a bhaineann le feithiclí

Ítim

É/R (3)

Nótaí

Uimhir chlárúcháin

É

 

Uimhir fonnaidh/UAF

É

 

Ballstát an chlárúcháin

É

 

Déanamh

É

(D.1 (4)) e.g. Ford, Opel, Renault

Cineál tráchtála na feithicle

É

(D.3) e.g. Focus, Astra, Megane

Cód Catagóire AE

É

(J) e.g. móipéidí, gluaisrothair, gluaisteáin

Aicme astaíochtaí EURO

É

e.g. EURO 4, EURO 6

Cuid II.   Sonraí a bhaineann le húinéirí nó sealbhóirí na bhfeithiclí

Ítim

É/R (5)

Nótaí

Sonraí a bhaineann le sealbhóirí na feithicle

 

(C.1 (6))

Baineann na sonraí le sealbhóir an deimhnithe clárúcháin shonraigh.

Ainm (cuideachta) na sealbhóirí clárúcháin

É

(C.1.1)

Úsáidfear réimsí ar leithligh le haghaidh sloinnte, inmhíreanna, teidil, etc., agus cuirfear an t-ainm in iúl i bhformáid inphriontáilte.

Céadainm

É

(C.1.2)

Úsáidfear réimsí éagsúla le haghaidh céadainm/céadainmneacha) agus inisealacha, agus cuirfear an t-ainm in iúl i bhformáid inphriontáilte.

Seoladh

É

(C.1.3)

Úsáidfear réimsí éagsúla le haghaidh na sráide, uimhir an tí agus na forthí, an chóid poist, na háite cónaithe, na tíre cónaithe, etc., agus cuirfear an seoladh in iúl i bhformáid inphriontáilte.

Inscne

R

Fireann, baineann

Dáta breithe

É

 

Eintiteas dlítheanach

É

Duine aonair, comhlachas, cuideachta, gnóthas, etc.

Áit Bhreithe

R

 

Uimhir Aitheantais

R

Aitheantóir lena sainaithnítear an duine nó an chuideachta.

Sonraí a bhaineann le húinéirí na feithicle

 

(C.2) Baineann na sonraí le húinéir na feithicle.

Ainm (cuideachta) na n-úinéirí

É

(C.2.1)

Céadainm

É

(C.2.2)

Seoladh

É

(C.2.3)

Inscne

R

Fireann, baineann

Dáta breithe

É

 

Eintiteas dlítheanach

É

Duine aonair, comhlachas, cuideachta, gnóthas, etc.

Áit Bhreithe

R

 

Uimhir Aitheantais

R

Aitheantóir lena sainaithnítear an duine nó an chuideachta.

 

 

Ní thabharfar aon fhaisnéis faoin úinéir/sealbhóir i gcás dramhfheithiclí, feithiclí nó uimhirphlátaí a goideadh, ná clárúchán feithicle atá as dáta. Ina ionad sin, tabharfar an teachtaireacht “Faisnéis nár nochtadh”.


(1)  É = éigeantach má tá sé ar fáil sa chlár náisiúnta, R = roghnach.

(2)  Cód comhchuibhithe an Aontais, féach Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).

(3)  É = éigeantach má tá sé ar fáil sa chlár náisiúnta, R = roghnach.

(4)  Cód comhchuibhithe an Aontais, féach Treoir 1999/37/CE ón gComhairle.

(5)  É = éigeantach má tá sé ar fáil sa chlár náisiúnta, R = roghnach.

(6)  Cód comhchuibhithe an Aontais, féach Treoir 1999/37/CE ón gComhairle.


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD DON LITIR FAISNÉISE

dá dtagraítear in Airteagal 24

[Leathanach clúdaigh]

[Ainm, seoladh agus uimhir theileafóin an tseoltóra]

[Ainm agus seoladh an tseolaí]

LITIR FAISNÉISE

maidir leis an mainneachtain dola a íoc a tharla in/sa/i …

[ainm an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc].

Leathanach 2

An … tharla mainneachtain dola a íoc maidir leis an bhfeithicil dar cláruimhir

[dáta]

uimhir … déanamh … cineál …

Is é … a bhraith an mhainneachtain

[ainm an chomhlachta atá freagrach]

[Rogha 1] (1)

Is tusa atá cláraithe i gcáil shealbhóir an deimhnithe clárúcháin a bhaineann leis an bhfeithicil thuasluaite.

[Rogha 2] (1)

Thug sealbhóir an deimhnithe clárúcháin a bhaineann leis an bhfeithicil thuasluaite le fios gur tusa a bhí ag tiomáint na feithicle sin tráth a rinneadh an mhainneachtain dola a íoc.

Tá cur síos ar leathanach 3 thíos ar na mionsonraí ábhartha a bhaineann leis an mainneachtain dola a íoc.

De thoradh na mainneachtana dola a íoc, tá pionós airgeadais dlite dar luach … EUR/airgeadra náisiúnta. (1)

Is é méid an dola atá le híoc … EUR/airgeadra náisiúnta. (1)

Ní mór an íocaíocht a dhéanamh faoin …

Ár gcomhairle duit an fhoirm freagartha faoi iamh (leathanach 4) a líonadh agus í a chur chuig an seoladh a luaitear, mura n-íocann tú an pionós airgeadais (1)/dola seo. (1).

Déanfar an litir seo a phróiseáil i gcomhréir le dlí náisiúnta na tíre seo: …

[ainm an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc].

Leathanach 3

Na mionsonraí ábhartha a bhaineann leis an mainneachtain dola a íoc

(a)

Sonraí maidir leis an bhfeithicil a bhí in úsáid tráth na mainneachtana dola a íoc:

 

Uimhir chlárúcháin: …

 

Ballstát an chlárúcháin: …

 

Déanamh agus cineál: …

(b)

Sonraí a bhaineann leis an mainneachtain dola a íoc:

 

Áit, dáta agus am na mainneachtana dola a íoc:

 

Cineál agus aicmiú dlí na mainneachtana dola a íoc:

 

Tuairisc mhionsonraithe ar an mainneachtain dola a íoc:

 

Tagairt don fhoráil nó do na forálacha dlí is ábhartha:

 

Tuairisc ar an bhfianaise, nó tagairt don fhianaise, maidir leis an mainneachtain dola a íoc:

(c)

Sonraí maidir leis an bhfeiste lenar braitheadh an mhainneachtain dola a íoc (2):

 

Sonraíocht na feiste:

 

Uimhir aitheantais na feiste:

 

Dáta éaga an chalabraithe is déanaí:

(1)

Scriostar an rogha nach bhfuil feidhm léi.

(2)

Ní bhaineann seo le hábhar sa chás nár úsáideadh aon fheiste.

Leathanach 4

Foirm freagartha

(líontar le ceannlitreacha í)

A.

Céannacht an tiománaí;

Ainm iomlán:

Áit bhreithe agus dáta breithe:

Uimhir an cheadúnais tiomána: … arna eisiúint an (dáta): … agus in (áit): …

Seoladh: …

B.

Liosta ceisteanna:

1.

An bhfuil an fheithicil, de dhéanamh …, de chláruimhir …, cláraithe i d'ainm? … tá/níl (1)

Mura bhfuil, tabhair sonraí shealbhóir an deimhnithe clárúcháin:

(sloinne, céadainm, seoladh)

2.

An nglacann tú leis nár íoc tú dola a bhí dlite? glacaim/ní ghlacaim (1)

3.

Mura nglacann tú leis, mínigh cén fáth:

Líontar an fhoirm seo agus cuirtear chuig an údarás nó eintiteas seo a leanas í laistigh de 60 lá ó dháta na litreach faisnéise seo: …

ag an seoladh seo a leanas: …

FAISNÉIS

(I gcás inarb é an t-eintiteas atá freagrach as an dola a thobhach a sheolann an litir faisnéise de bhun Airteagal 25):

 

Mura ndéanfar an dola atá dlite a íoc laistigh den spriocdháta a leagtar amach sa litir faisnéise seo, déanfar an cás seo a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil …

[ainm an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc] agus déanfaidh an t-údarás inniúil sin é a scrúdú].

 

Mura leanfar den chás seo, cuirfear é sin in iúl duit laistigh de 60 lá tar éis an fhoirm freagartha nó an cruthúnas íocaíochta a bheith faighte. (1)

/

(I gcás inarb é údarás inniúil an Bhallstáit a sheolann an litir faisnéise):

 

Is é údarás inniúil …

[ainm an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc] a dhéanfaidh scrúdú ar an gcás seo].

 

Mura leanfar den chás seo, cuirfear é sin in iúl duit laistigh de 60 lá tar éis an fhoirm freagartha nó an cruthúnas íocaíochta (1) a bheith faighte.

(1)

Scriostar an rogha nach bhfuil feidhm léi.

Má leanfar den chás seo, is é seo a leanas an nós imeachta a mbeidh feidhm leis:

[le líonadh ag an mBallstát ar ar a chríoch a tharla an mhainneachtain dola a íoc — cén nós imeachta a leanfar, lena n-áirítear sonraí faoin bhféidearthacht achomhairc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh leanúint den chás agus faoin nós imeachta maidir leis sin. Cuimseoidh na sonraí sin an méid seo a leanas i ngach cás: ainm agus seoladh an údaráis nó an eintitis a bhfuil sé faoina chúram leanúint den chás; an spriocdháta don íocaíocht; ainm agus seoladh an chomhlachta achomhairc lena mbaineann; an spriocdháta don achomharc].

Ní bhaineann aon iarmhairtí dlí leis an litir seo inti féin.

Séanadh maidir le cosaint sonraí:

 

[I gcás ina bhfuil feidhm le Rialachán (AE) 2016/679:

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, tá sé de cheart agat rochtain ar shonraí pearsanta a iarraidh agus ceartú nó léirscriosadh sonraí pearsanta a iarraidh nó srianadh ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta a iarraidh nó agóid a dhéanamh i gcoinne a bpróiseála, chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí. Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh le [ainm agus seoladh an údaráis maoirseachta ábhartha].

 

[I gcás ina bhfuil feidhm le Treoir (AE) 2016/680:

I gcomhréir le [ainm an dlí náisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir (AE) 2016/680], tá sé de cheart agat a iarraidh ar an rialaitheoir rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus ceartú nó léirscriosadh sonraí pearsanta a iarraidh agus srianadh ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta a iarraidh. Tá sé de cheart agat freisin gearán a thaisceadh le [ainm agus seoladh an údaráis maoirseachta ábhartha].]


IARSCRÍBHINN III

CUID A

An Treoir aisghairthe agus an leasú a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 33)

Treoir 2004/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

IO L 166, 30.4.2004, lch. 124

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

IO L 87, 31.3.2009, lch. 109

CUID B

Teorainn ama don trasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraítear in Airteagal 33)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Treoir 2004/52/CE

20 Samhain 2005


IARSCRÍBHINN IV

Tábla Comhghaoil

Treoir 2004/52/EC

An Treoir seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an chéad fhomhír (a)

Airteagal 1(1), an chéad fhomhír (b)

Airteagal 3(2), an chéad abairt

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 1(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 1(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(6)

Airteagal 2

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 3(1), an dara fomhír

Airteagal 2(2), an chéad abairt

Airteagal 4(7)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(2), an dara agus an tríú abairt

Airteagal 3(4)

Airteagal 2(2), an ceathrú abairt

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(7)

Airteagal 27

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2), an chéad abairt

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Airteagal 3(2), an dara abairt

Airteagal 3(2), an tríú abairt

 

Airteagal 3(3)

 

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)

 

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

 

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(7)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(8)

Airteagal 5(4)

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 26

Airteagal 2(7)

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 5

Airteagal 31

Airteagal 6

Airteagal 32(1)

Airteagal 32(2)

Airteagal 33

Airteagal 7

Airteagal 34

Airteagal 8

Airteagal 35

Iarscríbhinn


Ceartúcháin

29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

77


Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 173 Eagrán Speisialta Gaeilge an 9 Iúil 2018 )

Ar leathanach 22, in Airteagal 1, i bpointe (2)(c), an dara fomhír, an dara habairt:

in ionad:

“Gan dochar do phointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an fostóir caiteachas den sórt sin a aisíoc leis an oibrí ar postú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta.”,

léitear:

“Gan dochar do phointe (i) den chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an fostóir caiteachas den sórt sin a aisíoc leis an oibrí ar postú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta.”.


29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

77


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 317 Eagrán Speisialta Gaeilge an 23 Samhain 2016 )

Ar leathanach 98, Iarscríbhinn VIII, Cuid C, pointe 6:

in ionad:

“☐

tagann sí ó láthair táirgeachta a aithnítear go hoifigiúil a bheith saor ó (E)”,

léitear:

“☐

tagann sí ó ionad táirgthe a aithnítear go hoifigiúil a bheith saor ó (E)”.

29.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

78


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 295 Eagrán Speisialta Gaeilge an 21 Samhain 2018 )

Ar leathanach 138, aithris 8:

in ionad:

“… Ón dáta a rachaidh OIPE i mbun a cúraimí, maidir le coireacht arb í OIPE atá inniúil ina leith, ba cheart go mbeadh Eurojust in ann a inniúlacht a fheidhmiú i gcásanna a bhaineann le cionta a bhfuil inniúlacht ag OIPE ach a bhfuil Ballstáit rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe chun OIPE a bhunú agus le Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe den chineál sin. Sna cásanna sin, ba cheart do Eurojust gníomhú ar iarraidh sin ag ceann de na Ballstáit rannpháirteacha nó ar iarraidh sin ag OIPE. Ba cheart do Eurojust a bheith inniúil go fóill, in aon chás, le haghaidh coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcásanna nach bhfuil OIPE inniúil nó, i gcás fiú ina bhfuil sí inniúil, ní fheidhmíonn sí a hinniúlacht.”,

léitear:

“… Ón dáta a rachaidh OIPE i mbun a cúraimí, ba cheart do Eurojust a bheith in ann a inniúlacht a fheidhmiú i gcásanna a bhaineann le cionta a bhfuil inniúlacht ag OIPE, i gcás ina mbaineann na cionta sin le Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe chun OIPE a bhunú agus le Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe den chineál sin araon. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do Eurojust gníomhú arna iarraidh sin do na Ballstáit neamh-rannpháirteacha nó arna iarraidh sin do OIPE. Ba cheart do Eurojust leanúint de bheith inniúil, in aon chás, le haghaidh coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i gcásanna nach bhfuil OIPE inniúil nó, i gcás nach bhfeidhmíonn OIPE a hinniúlacht, cé go bhfuil sé inniúil. …”.

Ar leathanach 139, aithris (13):

in ionad:

“(13)

Arna iarraidh sin ón údarás inniúil an Bhallstáit nó ón gCoimisiún, ba cheart go mbeadh Eurojust in ann cúnamh a thabhairt freisin i ndáil le himscrúduithe nach mbaineann ach leis an mBallstát sin amháin ach a mbaineann frithiarmhairtí ar leibhéal an Aontais leo. Ar na samplaí de na himscrúduithe sin áirítear cásanna lena mbaineann frithiarmhairtí ar leibhéal an Aontais cásanna ina mbeadh baint ag comhalta de chuid institiúid nó comhlacht AE. Cumhdaítear freisin leis na himscrúduithe sin cásanna a bhfuil baint acu le líon suntasach Ballstát agus arbh fhéidir go mbeadh gá le freagairt chomhordaithe Eorpach ina leith.”,

léitear:

“(13)

Arna iarraidh sin d'údarás inniúil an Bhallstáit nó don Choimisiún, ba cheart go mbeadh Eurojust in ann cúnamh a thabhairt freisin i ndáil le himscrúduithe nach mbaineann ach leis an mBallstát sin amháin ach a bhfuil frithiarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais. Ar na samplaí d'imscrúduithe den sórt sin áirítear cásanna a bhfuil baint ag comhalta de chuid institiúid nó comhlacht AE leo. Cumhdaítear freisin leis na himscrúduithe sin cásanna a bhfuil baint acu le líon suntasach Ballstát agus arbh fhéidir go mbeadh gá le freagairt chomhordaithe Eorpach ina leith.”.

Ar leathanach 140, aithris 23:

in ionad:

“(23)

Ba cheart go ndéanfaí na nósanna imeachta maidir le córam agus vótáil a rialáil i rialacha nós imeachta Eurojust, i gcásanna ina bhfuil comhalta náisiúnta nó a ionadaí as láthair, ba cheart go mbeadh an Cúntóir an Bhallstáit lena mbaineann i dteideal vótáil sa Choláiste má tá stádas giúistís ag an gCuntóir, i.e. ionchúisitheoir, breitheamh, nó ionadaí údaráis bhreithiúnaigh.”,

léitear:

“(23)

Ba cheart go ndéanfaí na nósanna imeachta maidir le córam agus vótáil a rialáil i rialacha nós imeachta Eurojust. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil comhalta náisiúnta nó a ionadaí nó a hionadaí as láthair, ba cheart go mbeadh Cúntóir an chomhalta náisiúnta lena mbaineann i dteideal vótáil sa Choláiste má tá stádas giúistís ag an gCuntóir, i.e. ionchúisitheoir, breitheamh, nó ionadaí údaráis bhreithiúnaigh.”.

Ar leathanach 140, aithris (24):

in ionad:

“(24)

Ós rud é go bhfuil tionchar buiséadach ag sásra an chúitimh, ba cheart don Rialachán seo cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun an tsásra sin a chinneadh ar an gComhairle.”,

léitear:

“(24)

Ós rud é go bhfuil tionchar buiséadach ag sásra an chúitimh, ba cheart don Rialachán seo cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun an sásra sin a chinneadh.”.

Ar leathanach 142, aithris (38):

in ionad:

“(38)

Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin Eurojust Oifigeach Cosanta Sonraí a bheidh ar dhuine den fhoireann atá ann cheana féin a ainmniú.”,

léitear:

“(38)

Ba cheart do Bhord Feidhmiúcháin Eurojust Oifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú, is duine ba cheart bheith ar dhuine den fhoireann cheana féin.”.

Ar leathanach 142, aithris (39):

in ionad:

“(39)

… Mar thoradh ar sin tá sé den riachtanas ag MECS go mbeadh na hacmhainní aige/aici chun a áirithiú go ndéanfaí na horduithe sin a chomhlíonadh agus a fhorghníomhú. Mar sin, ba cheart an cumhacht a bheith aige nó aici rabhadh nó achasán a thabhairt do Eurojust. Is éard is rabhadh ann ná meabhrúchán ó bhéal nó i scríbhinn maidir leis an oibleagáid atá ag Eurojust orduithe a fhorghníomhú nó moltaí an MECS a chomhlíonadh leis an rabhadh ábhartha maidir leis na modhanna a bheidh le húsáid i gcás ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh nó diúltú ó Eurojust …”,

léitear:

“(39)

… Mar thoradh air sin, is gá na hacmhainní a bheith ag MECS chun a chur faoi deara go ndéanfaí na horduithe a chomhlíonadh agus a fhorghníomhú. Mar sin, ba cheart an chumhacht a bheith aige nó aici rabhadh a thabhairt do Eurojust freisin. Is éard is rabhadh ann ná meabhrúchán ó bhéal nó i scríbhinn maidir leis an oibleagáid atá ag Eurojust orduithe MECS a fhorghníomhú nó moltaí MECS a chomhlíonadh leis an rabhadh ábhartha maidir leis na modhanna a bheidh le húsáid i gcás ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh nó diúltú ó Eurojust …”.

Ar leathanach 143, aithris (48):

in ionad:

“(48)

Ba cheart go n-áiritheodh Eurojust nach dtarlódh aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin más gá chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n_áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus a áirithiú gur údarás inniúil laistigh de bhrí an Rialacháin seo é an rialaitheoir sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta. …”,

léitear:

“(48)

Ba cheart go n-áiritheodh Eurojust nach dtarlódh aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin más gá chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus a áirithiú gur údarás inniúil de réir bhrí an Rialacháin seo an rialaitheoir sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta. …”.

Ar leathanach 146, Airteagal 2(a):

in ionad:

“(a)

cuirfidh sé san áireamh aon iarraidh a thagann ó údarás inniúil Ballstáit nó aon fhaisnéis a thugann údaráis, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh laistigh de chreat na gConarthaí agus aon fhaisnéis arna bailiú ag Eurojust féin;”,

léitear:

“(a)

cuirfidh sé san áireamh aon iarraidh a thagann ó údarás inniúil Ballstáit, aon fhaisnéis a thugann údaráis, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh laistigh de chreat na gConarthaí agus aon fhaisnéis arna bailiú ag Eurojust féin;”.

Ar leathanach 146, Airteagal 2(3):

in ionad:

“3.   Déanfaidh Eurojust a chuid cúraimí arna iarraidh sin d'údaráis inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do OIPE laistigh de theorainneacha inniúlacht an OIPE.”,

léitear:

“3.   Déanfaidh Eurojust a chuid cúraimí arna iarraidh sin d'údaráis inniúla na mBallstát, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do OIPE laistigh de theorainneacha inniúlacht an OIPE.”.

Ar leathanach 147, Airteagal 3(4):

in ionad:

“4.   Cumhdófar faoi inniúlacht Eurojust cionta coiriúla a bhaineann leis na cionta coiriúla a liostaítear in Iarscríbhinn I. Measfar na catagóirí seo a leanas a bheith ina gcionta coiriúla:”,

léitear:

“4.   Cumhdófar faoi inniúlacht Eurojust cionta coiriúla a bhaineann leis na cionta coiriúla a liostaítear in Iarscríbhinn I. Measfar na catagóirí cionta seo a leanas a bheith ina gcionta coiriúla bainteacha:”.

Ar leathanach 147, Airteagal 3, pointe 4(c):

in ionad:

“(c)

cionta coiriúla arna ndéanamh chun a áirithiú go mbeidh said siúd a dhéanann na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I saor ó pionós.”,

léitear:

“(c)

cionta coiriúla arna ndéanamh chun a áirithiú go mbeidh siad siúd a dhéanann na coireanna tromchúiseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I saor ó pionós.”.