ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
7 Lúnasa 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

30

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2018/1093 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón bhFrainc — EGF/2017/009 FR/Air France

44

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 200 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

7.8.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/1091 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2018

maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) creat don staidreamh Eorpach maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta go dtí 2016. Ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm.

(2)

Clár na suirbhéanna Eorpacha ar struchtúr gabháltas talmhaíochta, atá á chur i gcrích san Aontas ó 1966 i leith, ba cheart leanúint de chun scrúdú a dhéanamh ar na treochtaí atá ann maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta ar leibhéal an Aontais agus chun an bonn eolais staidrimh is gá a sholáthar le haghaidh dearadh, cur chun feidhme, faireachán, meastóireacht agus athscrúdú a dhéanamh ar na beartais ghaolmhara, go háirithe an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), lena n-áirítear bearta forbartha tuaithe, chomh maith leis na beartais maidir leis an gcomhshaol, le hoiriúnú don athrú aeráide agus le maolú ar an athrú aeráide agus le bearta talamhúsáide an Aontais agus roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna). Éilítear an bonn eolais sin freisin chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag na beartais sin ar an lucht saothair baineann ar ghabháltais talmhaíochta.

(3)

Ba cheart é a bheith mar aidhm le bailiú sonraí staidrimh, go háirithe maidir le struchtúr feirmeacha, i measc cuspóirí eile, bonn eolais a chur faoin bpróiseas cinnteoireachta le sonraí nuashonraithe ag féachaint d'athchóirithe a dhéanfar ar CBT amach anseo.

(4)

Tháinig de mheastóireacht idirnáisiúnta a rinneadh ar an staidreamh talmhaíochta go ndearnadh Straitéis Dhomhanda na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT) chun an Staidreamh Talmhaíochta agus Tuaithe a Fheabhsú a chur ar bun, ar straitéis í a d'fhormhuinigh Coiste Staidrimh na Náisiún Aontaithe in 2010. Ba cheart don staidreamh talmhaíochta Eorpach, i gcás inarb iomchuí, a bheith i gcomhréir le moltaí na Straitéise Domhanda chun an Staidreamh Talmhaíochta agus Tuaithe a Fheabhsú agus i gcomhréir le moltaí Chlár Domhanda EBT maidir le Móráireamh Talmhaíochta 2020.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), déantar foráil do chreat i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh, bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna staidrimh. Leis an rialachán, bunaítear critéir cháilíochta agus tagraítear don ghá atá ann go ndéanfaí an t-ualach freagartha ar fhreagróirí suirbhé a íoslaghdú agus rannchuidiú leis an gcuspóir níos ginearálta atá ann maidir le hualaí riaracháin a laghdú.

(6)

Ba cheart clár staidrimh ilchuspóireach ar ghabháltais talmhaíochta a chur ar bun le haghaidh na 10 mbliana atá amach romhainn ionas go mbeidh creat ann do staidreamh atá comhchuibhithe, inchomparáide agus comhleanúnach. Ba cheart an staidreamh sin a dhíriú ar riachtanais bheartais.

(7)

Leis an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, a bhunaigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) i Samhain 2015, beartaítear dhá Chreat-Rialachán a ghlacadh lena gcumhdaítear gach gné den staidreamh talmhaíochta, cé is moite de na Cuntais Eacnamaíocha Talmhaíochta. Tá an Rialachán seo ar cheann de na Creat-Rialacháin sin.

(8)

Chun críocha chomhchuibhiú agus inchomparáideacht na faisnéise faoi struchtúr gabháltas talmhaíochta agus chun freastal ar na riachtanais reatha a leanann Comheagraíocht Aonair na Margaí agus go háirithe earnáil na dtorthaí agus an fhíona, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chomhtháthú leis an bhfaisnéis struchtúrach ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta ó 2023 amach agus an Rialachán seo a chur ina ionad. Is gá, dá bhrí sin, an Rialachán sin a aisghairm.

(9)

Tá tábhacht le staitisticí inchomparáide ó na Ballstáit go léir maidir le struchtúr gabháltas talmhaíochta i dtaca le forbairt CBT a chinneadh. Ba cheart, dá bhrí sin, aicmithe caighdeánacha agus sainmhínithe comhchoiteanna a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh athróg.

(10)

Leis na taifid ar na sonraí staidrimh a bhaineann le gabháltais talmhaíochta, is féidir croí-shonraí agus sonraí modúlacha a chrostáblú, rud a cheadaíonn, dá bhrí sin, faisnéis a aisghabháil bunaithe ar athróga amhail inscne bhainisteoir an ghabháltais talmhaíochta, aois an bhainisteora sin, struchtúr úinéireachta agus méid an ghabháltais talmhaíochta agus glacadh le beart comhshaoil. Beidh dí-chomhbhailiú torthaí indéanta do na critéir a áireofar sna croí-shonraí agus le haghaidh teaglamaí critéar.

(11)

D'fhéadfadh bailiú faisnéise faoin mbliain bhreithe, an bhliain ina ndearnadh an t-aicmiú mar bhainisteoir an ghabháltais talmhaíochta agus an t-inscne, sonraí cothrom le dáta a sholáthar maidir le hathnuachan glúine agus le gnéithe a bhaineann le hinscne.

(12)

I measc cúiseanna eile, chun críocha na cláir bhunúsacha de ghabháltais talmhaíochta agus an fhaisnéis eile is gá le haghaidh srathú samplaí a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart móráireamh gabháltas talmhaíochta a chur i gcrích san Aontas gach 10 mbliana ar a laghad. Rinneadh an móráireamh deireanach in 2009/2010.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit ina bhfuil forluí do na tréimhsí oibre allamuigh le haghaidh na bliana tagartha suirbhé 2020 leis an obair atá beartaithe don daonáireamh 10 mbliana a bheith in ann an suirbhé feirmeoireachta a thabhairt ar aghaidh bliain chun go seachnófaí dhá bhailiúchán móra sonraí a dhéanamh ag an am céanna.

(14)

Chun nach gcuirfí ualach gan ghá ar ghabháltais talmhaíochta agus ar riaracháin náisiúnta, ba cheart tairseacha a bhunú. Chun na hathruithe ar struchtúr thalmhaíocht na hEorpa a anailísiú mar is ceart, ba cheart 98 % den limistéar talmhaíochta arna úsáid agus an beostoc ar fheirmeacha a chumhdach leis an staidreamh. I roinnt Ballstát, ciallaíonn sé sin go bhfuil na tairseacha a liostaítear sa Rialachán seo ró-ard. Mar sin féin, tá na gabháltais talmhaíochta atá faoi bhun na dtairseach sin chomh beag sin gur leor bailiúchán samplach sonraí, a bheidh le cur i gcrích uair amháin gach 10 mbliana, chun go bhféadfar meastachán a dhéanamh ar a struchtúr agus ar a dtionchar ar an táirgeadh, rud arb é an toradh a bheadh air gur lú go mór na costais agus na hualaigh agus dearadh gníomhaíochta beartais fós á chumasú chun tacú le struchtúir bheaga feirmeoireachta agus iad a chothabháil.

(15)

Ba cheart na limistéir a úsáidtear le haghaidh táirgeadh talmhaíochta a chumhdach leis an staidreamh comhtháite feirme, lena n-áirítear an talamh a mbaineann dhá ghabháltas talmhaíochta nó níos mó úsáid as ar an ábhar go bhfuil feidhm ag cearta coimín maidir leis.

(16)

Is gá faisnéis a fháil maidir le cleamhnú gabháltas talmhaíochta le grúpa fiontar, a bhfuil a n-eintitis faoi rialú ag máthaireintiteas.

(17)

Chun an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart rochtain a bheith ag na hInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta (ISNanna) agus ag údaráis náisiúnta eile ar shonraí riaracháin, a mhéid a bheidh gá leis na sonraí sin chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit nó d'údaráis náisiúnta fhreagracha féachaint le modhanna bailithe sonraí ar ghabháltais talmhaíochta a nuachóiriú a mhéid is féidir. Ba cheart réitigh dhigiteacha a chur chun cinn i ndáil leis sin.

(19)

Chun críocha sholúbthacht an Chórais Eorpaigh um Staidreamh Talmhaíochta agus chun staidreamh talmhaíochta a shimpliú agus a nuachóiriú, ba cheart na hathróga atá le bailiú a leithdháileadh ar ghrúpaí bailithe éagsúla (croí-shonraí agus modúil) arb éagsúil a minicíocht nó a n-ionadaíochas, nó an dá rud.

(20)

Is féidir an t-ualach freagartha agus na costais a laghdú tuilleadh trí shonraí ón mbliain a thagann díreach roimh an mbliain tagartha nó ina dhiaidh a athúsáid. Bheadh an méid sin ábhartha go háirithe maidir le gnéithe nach meastar go mbeadh aon athruithe móra ann ó bhliain go chéile ina leith.

(21)

Chun críocha na solúbthachta agus chun go laghdófar an t-ualach ar fhreagróirí, ar na INSanna agus ar na húdaráis náisiúnta eile, ba cheart go ligfí do na Ballstáit leas a bhaint as suirbhéanna staidrimh, taifid riaracháin agus aon fhoinsí eile, aon mhodhanna eile nó aon chur chuige nuálach eile lena n-áirítear modhanna eolaíochtbhunaithe agus dea-dhoiciméadaithe amhail iontráil go barúlach, meastachán agus samhaltú.

(22)

Ba cheart bailiú faisnéise faoi chothaithigh agus uisce a úsáid agus faoi mhodhanna táirgthe talmhaíochta a chuirtear i bhfeidhm ar ghabháltais talmhaíochta a fheabhsú chun staidreamh breise a sholáthar d'fhonn beartas agra-comhshaoil a fhorbairt agus chun cáilíocht na dtáscairí agra-comhshaoil a fheabhsú.

(23)

Maidir le geochódú gabháltas talmhaíochta, is é téama na nAonad Staidrimh i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ba cheart a úsáid.

(24)

Tá rúndacht na sonraí a tharchuirtear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 223/2009 le hurramú ag an gCoimisiún. Ba cheart an chosaint rúndachta sonraí atá riachtanach a áirithiú trí úsáid na bparaiméadar suímh a theorannú do spásanailís faisnéise agus trí chomhiomlánú iomchuí a dhéanamh nuair a fhoilsítear staidreamh, i measc modhanna eile. Ar an ábhar sin, ba cheart forbairt a dhéanamh ar chur chuige comhchuibhithe i dtaca le cosaint na rúndachta agus le gnéithe cáilíochta le haghaidh scaipeadh sonraí agus iarrachtaí á ndéanamh rochtain ar líne ar staidreamh oifigiúil a dhéanamh éasca agus soláimhsithe don úsáideoir.

(25)

Maidir le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo, tá sé faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus forálacha arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin, agus/nó Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de réir mar a bheidh.

(26)

Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) aicmiú staidrimh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas dá dtagraítear sa Rialachán seo chun críche an pobal ábhartha de ghabháltais talmhaíochta a shainiú.

(27)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart aonaid chríche a shainiú i gcomhréir le haicmiú Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS).

(28)

Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit agus ar an Aontas araon cistiú a thabhairt in imeacht roinnt blianta chun an bailiú sonraí a dhéanamh. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do dheontas ón Aontas chun tacú leis an gclár sin tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(29)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais ar feadh ré iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) lena mbaineann, atá le bheith ionann agus méid na príomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i dtaca leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (11) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Déantar foráil sa Rialachán seo chun an buiséad do bhailiúcháin bhreise sonraí a bhunú i gcomhthéacs an CAI ina dhiaidh sin.

(30)

Ba cheart athscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe eacnamaíocha an Rialacháin seo don tréimhse tar éis 2020 agus an CAI nua agus na hathruithe ábhartha eile ar na hionstraimí Aontais á gcur san áireamh. Bunaithe ar an athscrúdú sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar athruithe ábhartha ar an Rialachán seo a mholadh.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an staidreamh Eorpach ar ghabháltais talmhaíochta a tháirgeadh go córasach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 déantar foráil do chreat tagartha don staidreamh Eorpach agus ceanglaítear ar na Ballstáit na prionsabail staidrimh agus na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a mheasúnú, a fheabhsú agus cumarsáid a dhéanamh fúithi. Tá an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach tar éis caighdeán CSE (Córas Staidrimh Eorpach) do Struchtúr na dTuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart go rannchuideodh an caighdeán CSE sin leis an tuairisciú cáilíochta a dhéantar faoin Rialachán seo a chomhchuibhiú.

(33)

Rinneadh measúnú tionchair i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais chun an clár staidrimh a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhíriú ar an ngá atá le héifeachtacht maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus le srianta buiséid a chomhtháthú ón gcéim deartha ar aghaidh.

(34)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le tuairiscí ar na hathróga a liostaítear sa Rialachán seo agus gnéithe teicniúla na sonraí atá le cur ar fáil a shonrú, maidir le tuairiscí na n-athróg agus socruithe praiticiúla chun na sonraí ad hoc mar a leagtar síos sa Rialachán seo a bhailiú, agus maidir leis na socruithe praiticiúla eile do na tuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta a leagan amach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail costas agus ualaigh riaracháin ar ghabháltais talmhaíochta agus ar Bhallstáit a chur san áireamh.

(35)

Chun na riachtanais sonraí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, ar riachtanais iad a eascraíonn go príomha as forbairtí nua sa talmhaíocht, as reachtaíocht athbhreithnithe agus as tosaíochtaí athraitheacha beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar na topaicí mionsonraithe a liostaítear sa Rialachán seo tríd an bhfaisnéis atá le soláthar ar bhonn ad hoc mar a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú. Chun foráil a dhéanamh maidir leis an gcomhoiriúnacht agus chun úsáid foinsí sonraí eile a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar na hathróga a liostaítear sa Rialachán seo. Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail costas agus ualaigh riaracháin ar ghabháltais talmhaíochta agus ar Bhallstáit a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ghlac sé tuairim an 20 Samhain 2017 (14).

(37)

Chuathas i gcomhairle le CCSE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat do staidreamh Eorpach ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta agus déantar foráil ann maidir le faisnéis faoin struchtúr a chomhtháthú le faisnéis faoi mhodhanna táirgthe, bearta forbartha tuaithe, gnéithe agra-chomhshaoil agus le faisnéis ghaolmhar eile.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “feirm' nó “gabháltas talmhaíochta” aonad, arb aonad aonair é ó thaobh na teicniúlachta agus na heacnamaíochta araon de, ag a bhfuil lucht bainistíochta aonair agus a ghabhann de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i réimse na talmhaíochta air féin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 a bhaineann le grúpaí A.01.1, A.01.2, A.01.3, A.01.4, A.01.5 nó le “talamh talmhaíochta a chothabháil ar chaoi a fhágtar dea-bhail air ó thaobh na talmhaíochta agus an chomhshaoil de” de ghrúpa A.01.6 laistigh de chríoch eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh, mar a ghníomhaíocht phríomhúil nó mar a ghníomhaíocht thánaisteach. Maidir le gníomhaíochtaí ghrúpa A.01.49, ní áirítear díobh sin ach na gníomhaíochtaí “Tógáil agus pórú ainmhithe leathcheansaithe nó ainmhithe beo eile” (cé is moite de thógáil feithidí) agus “Beachaireacht agus táirgeadh meala agus céire beach”;

(b)

ciallaíonn “aonad talmhaíochta de thalamh coimín” eintiteas talún a bhfuil feidhm ag cearta coimín maidir leis agus a mbaineann dhá cheann nó níos mó de ghabháltais talmhaíochta úsáid as ar mhaithe le táirgeadh talmhaíochta ach nach bhfuil leithdháilte eatarthu;

(c)

ciallaíonn “réigiún” aonad críche d'Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS), a shainítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;

(d)

ciallaíonn “aonad beostoic” aonad caighdeánach tomhais lenar féidir na catagóirí éagsúla beostoic a chomhiomlánú chun gur féidir iad a chur i gcomparáid le chéile; liostaítear in Iarscríbhinn I na comhéifeachtaí lena socraítear na haonaid bheostoic i gcomhair catagóirí leithleacha beostoic;

(e)

ciallaíonn “limistéar talmhaíochta a úsáidtear” nó “LTÚ” an limistéar talún a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta, lena n-áirítear talamh arúil, féarthailte buana, barra buana agus talamh talmhaíochta eile a úsáidtear;

(f)

ciallaíonn “bliain tagartha” bliain féilire dá dtagraíonn na tréimhsí tagartha;

(g)

ciallaíonn “gairdín cistine” limistéir a úsáidtear chun bia a tháirgeadh le haghaidh tomhaltas dílis;

(h)

ciallaíonn “modúl” tacar sonraí amháin nó níos mó atá eagraithe ar chaoi gur féidir topaicí ar leith a chumhdach;

(i)

ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh; cumhdaíonn gach topaic roinnt topaicí mionsonraithe;

(j)

ciallaíonn “topaic mhionsonraithe” inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh a bhaineann le topaic ar leith; cumhdaíonn gach topaic roinnt topaicí mionsonraithe;

(k)

ciallaíonn “athróg” airí aonaid ar a bhfuiltear ag breathnú a bhféadfadh níos mó ná sraith amháin de shraith luachanna a bheith ag gabháil leis.

Airteagal 3

Cumhdach

1.   Cumhdóidh na sonraí a cheanglaítear a thabhairt leis an Rialachán seo 98 % den LTÚ iomlán (cé is moite de ghairdíní cistine) agus 98 % d'aonaid bheostoic gach Ballstáit.

2.   Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil sonraí atá ionadaíoch ar na gabháltais talmhaíochta agus na haonaid talmhaíochta de thalamh coimín a shroicheann ceann amháin ar a laghad de na tairseacha fisiceacha a liostaítear in Iarscríbhinn II maidir le méid na talún talmhaíochta nó líon na n-aonad beostoic.

3.   Mar eisceacht, i gcás inarb ionann an creat a shonraítear faoi mhír 2 agus níos mó ná 98 % den táirgeadh náisiúnta talmhaíochta, arna thomhas sin de réir an Aschuir Chaighdeánaigh i gcomhréir le Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún (15), féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh formheas roimh ré a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), tairseacha fisiceacha atá níos airde, nó tairseacha eacnamaíocha comhfhreagracha, a leagan síos chun an creat a laghdú, ar choinníoll go sroichtear 98 % den LTÚ iomlán (cé is moite de ghairdíní cistine) agus 98 % d'aonaid bheostoic an Bhallstáit.

4.   I gcás nach ionann an creat a shonraítear faoi mhír 2 den Airteagal seo agus 98 % den LTÚ agus 98 % de na haonaid bheostoic, leathnóidh na Ballstáit an creat i gcomhréir le hAirteagal 6 trí thairseacha a leagan síos a bheidh níos ísle ná na tairseacha sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó trí thairseacha breise a leagan síos, nó déanfaidh siad an dá rud sin.

Airteagal 4

Foinsí sonraí agus modhanna

1.   Chun na sonraí dá dtagraítear sa Rialachán seo a fháil, úsáidfidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na foinsí nó de na modhanna seo a leanas, ar choinníoll go lamháltar, mar thoradh ar an bhfaisnéis, staidreamh a tháirgeadh lena gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 11:

(a)

suirbhéanna staidrimh;

(b)

na foinsí sonraí riaracháin a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(c)

aon fhoinsí eile, aon mhodhanna eile nó aon chineálacha cur chuige eile.

2.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as faisnéis ón gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (CCRR) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ón gcóras chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus ón gcóras chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (18), ón gclár fíonghort a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), agus ó chláir na feirmeoireachta orgánaí a bunaíodh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (20). Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as foinsí riaracháin a bhaineann le bearta sonracha maidir le forbairt na tuaithe.

3.   Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí arna bhfáil ón bhfoinse, ón modh nó ón gcur chuige nuálach sin agus leis na modhanna bailithe sonraí atá le húsáid.

4.   Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar shonraí agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, lena n-áirítear sonraí aonair ar ghabháltais talmhaíochta agus sonraí pearsanta ar a sealbhóirí atá le fáil i gcomhaid riaracháin a tiomsaíodh ina gcríocha náisiúnta de bhun Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta agus úinéirí na dtaifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú.

Airteagal 5

Croí-shonraí struchtúracha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na croí-shonraí struchtúracha (“croí-shonraí”) a bhaineann leis na gabháltais talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus (3) a bhailiú agus a chur ar fáil le haghaidh na mblianta tagartha 2020, 2023 agus 2026, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III. Is mar mhóráireamh a dhéanfar baliú chroí-shonraí na bliana tagartha 2020 a chur i gcrích.

2.   Féadfar croí-shonraí na mblianta tagartha 2023 agus 2026 a chur i gcrích ar shamplaí. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil torthaí ualaithe ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad chun na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach i mBallstát ag athróg a liostaítear in Iarscríbhinn III, féadfar an athróg sin a fhágáil ar lár ón mbailiú sonraí faoi réir an Ballstát faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) i rith na bliana féilire roimh an mbliain tagartha, ar faisnéis í a léireoidh údar cuí leis an athróg a fhágáil ar lár.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuairiscí ar na hathróga a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth nach déanaí ná 28 Feabhra 2019 le haghaidh na bliana tagartha 2020, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021 le haghaidh na bliana tagartha 2023, agus tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024 le haghaidh na bliana tagartha 2026.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 a bhaineann le leasuithe ar na hathróga a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcás inar gá chun comhchuibhiú a dhéanamh leis na foinsí sonraí a shonraítear in Airteagal 4(2) le haghaidh na mblianta 2023 agus 2026. Agus a chumhacht á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear gníomhartha tarmligthe den sórt sin in ionad na n-athróg sin a liostaítear in Iarscríbhinn III nach féidir a dhíorthú a thuilleadh ó na foinsí sonraí a shonraítear, agus ina n-ionad sin amháin. I gcás ina ndéanfar an cur in ionad sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hathróga nua a dhíorthú ó na foinsí sonraí a shonraítear in Airteagal 4(2). Áiritheoidh sé freisin, go mbeidh bonn cirt cuí leis na gníomhartha nua tarmligthe sin agus nach gcuirfear ualaigh ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit nó ar na freagróirí leo.

6.   Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 30 Meán Fómhair 2021 le haghaidh na bliana tagartha 2023 agus faoin 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na bliana tagartha 2026.

Airteagal 6

Leathnú an chreata

1.   Na Ballstáit a leathnóidh an creat i gcomhréir le hAirteagal 3(4), cuirfidh siad croí-shonraí ar fáil ar na gabháltais talmhaíochta a áirítear mar chuid den leathnú creata le haghaidh na bliana tagartha 2020, agus an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn III á cumhdach acu.

2.   An bailiú sonraí ar na gabháltais talmhaíochta atá áirithe i leathnú an chreata, féadfar é a dhéanamh ar shamplaí. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil torthaí ualaithe ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad chun na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Sonraí modúlacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na modúil a bhailiú agus a chur ar fáil ar na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV le haghaidh na mblianta tagartha seo a leanas:

(a)

an modúl “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile” le haghaidh 2020, 2023 agus 2026;

(b)

an modúl “Forbairt tuaithe” le haghaidh 2020, 2023 agus 2026;

(c)

an modúl “Tithíocht ainmhithe agus bainistiú ar aoileach” le haghaidh 2020 agus 2026;

(d)

an modúl “Uisciú” le haghaidh 2023;

(e)

an modúl “Cleachtais bainistithe ithreach” le haghaidh 2023;

(f)

an modúl “Innealra agus trealamh” le haghaidh 2023;

(g)

an modúl “Úllord” le haghaidh 2023;

(h)

an modúl “Fíonghort” le haghaidh 2026.

2.   Áireofar i raon feidhme na mbailithe sonraí sin na gabháltais talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus (3).

3.   An bailiú sonraí maidir le modúil, féadfar é a chur i gcrích ar shamplaí de ghabháltais talmhaíochta. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil torthaí ualaithe ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca le gabháltais talmhaíochta laistigh de gach réigiún agus gur ceapadh iad chun na ceanglais bheachtais a leagtar amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.

4.   Baileofar na modúil sin ó na foshamplaí de na gabháltais talmhaíochta a mbailítear croí-shonraí ina leith. Léireoidh na modúil an staid sa bhliain thagartha ach féadfar iad a bheith bunaithe ar an mbliain díreach roimh an mbliain thagartha nó tar éis na bliana tagartha do na modúil dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) de mhír 1 den Airteagal seo. Ar aon chaoi, beidh na croí-shonraí a liostaítear in Iarscríbhinn III ag gabháil le gach taifead ina dtugtar faisnéis faoi na modúil.

5.   Na Ballstáit sin arb é 1 000 heicteár ar a laghad an limistéar atá iontu ina saothraítear aon cheann de na barra ar leith dá dtagraítear faoi thopaicí mionsonraithe an mhodúil “Úllord” in Iarscríbhinn IV, ar barra iad a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh, déanfaidh siad an modúl “Úllord” a chur i gcrích i gcás an bhairr áirithe sin.

6.   Na Ballstáit sin arb é 1 000 heicteár ar a laghad na fíonghoirt atá iontu atá faoi fhíniúnacha fíonchaor, a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh, déanfaidh siad an modúl “Fíonghort” a chur i gcrích.

7.   Na Ballstáit sin ar lú ná 2 % den LTÚ an limistéar inuiscithe iontu agus gan aon réigiún ar leibhéal NUTS 2 iontu inarb ionann agus 5 % den LTÚ, ar a laghad, an limistéar inuiscithe atá iontu siúd, díolmhófar iad ón modúl “Uisciú” a chur i gcrích.

8.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas mar gheall ar chásanna dá dtagraítear i mír 5, mír 6 nó mír 7 thuas faoi dheireadh mhí an Mheithimh den bhliain roimh an mbliain tagartha lena mbaineann.

9.   I gcás ina bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach i mBallstát ag athróg, féadfar an athróg sin a eisiamh ón mbailiú sonraí faoi réir faisnéis a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) i rith na bliana féilire roimh an mbliain tagartha, ar faisnéis í a thabharfaidh údar cuí leis an athróg a eisiamh.

Airteagal 8

Sonraíocht theicniúil maidir leis na sonraí modúlacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear gnéithe teicniúla seo a leanas de na sonraí atá le soláthar le haghaidh gach modúil agus le haghaidh na topaice comhfhreagraí agus na topaice mionsonraithe comhfhreagraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV:

(a)

liosta na n-athróg;

(b)

tuairiscí ar na hathróga.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth nach déanaí ná 28 Feabhra 2019 le haghaidh na bliana tagartha 2020, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021 le haghaidh na bliana tagartha 2023, agus tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024 le haghaidh na bliana tagartha 2026.

2.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige lena sonrófar líon na n-athróg i gcomhréir le mír 1, áiritheoidh an Coimisiún nach rachaidh líon foriomlán na gcroí-athróg agus na n-athróg modúlach thar 300 athróg in 2020, 470 athróg in 2023 agus 350 athróg in 2026.

3.   I gcás na mblianta 2023 agus 2026, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun leasuithe a dhéanamh ar na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Agus a chumhacht á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfar leis na gníomhartha tarmligthe sin an t-ualach a fhorchuirfear leis an líon athróg a mhéadú go suntasach. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh ardú ar líon na n-athróg dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo mar thoradh ar na gníomhartha tarmligthe agus go ndéanfar, le haghaidh gach modúil, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, athrú ar 20 % ar a mhéad de na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Más rud é, áfach, gurb ionann 20 % agus níos lú ná aon topaic mhionsonraithe amháin, féadfar, sa chás sin, topaic mhionsonraithe amháin a athrú mar sin féin.

4.   Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 30 Meán Fómhair 2021 le haghaidh na bliana tagartha 2023 agus faoin 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na bliana tagartha 2026.

5.   Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, ní fhorchuirfear costais bhreise shuntasacha leo, arb é an toradh atá orthu ualach míchuí agus díréireach a chur ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na Ballstáit.

Airteagal 9

Sonraí ad hoc

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena bhforlíontar na sonraí modúlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, má mheastar gur gá faisnéis bhreise a bhailiú. Sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:

(a)

na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a bheidh le cur ar fáil sa mhodúl ad hoc agus na cúiseanna atá leis na riachtanais staidrimh bhreise sin;

(b)

an bhliain tagartha.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, ag tosú leis an mbliain tagartha 2023 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Ní mholfaidh sé modúil ad hoc do na blianta tagartha a ndéantar bailiú sonraí mar mhóráireamh lena linn.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun críche an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

liosta athróg nach bhfuil níos mó ná 20 athróg ann a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) mar aon leis na haonaid tomhais chomhfhreagracha;

(b)

tuairiscí ar na hathróga;

(c)

na ceanglais bheachtais;

(d)

na tréimhsí tagartha;

(e)

na dátaí tarchuir.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin in Airteagal 17(2) tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh thosach na bliana tagartha.

4.   Maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ní fhorchuirfear costais bhreise shuntasacha leo, arb é a bheidh mar thoradh orthu ualach díréireach agus míchuí a chur ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na Ballstáit.

Airteagal 10

Tréimhse tagartha

Bainfidh an fhaisnéis a bhaileofar le bliain tagartha amháin ar bliain choiteann í ag na Ballstáit uile trí thagairt a dhéanamh don staid le linn achar ama nó dáta sonraithe mar a leanas:

(a)

Maidir le hathróga talún, bainfidh úsáid na talún leis an mbliain tagartha. I gcás barra leantacha ón bpíosa céanna talún, déanfaidh úsáid na talún tagairt do bharr a bhaintear le linn na bliana tagartha, gan beann ar an uair a cuireadh an barr lena mbaineann.

(b)

Maidir le hathróga a ghabhann le cleachtais uisciúcháin agus cleachtais bainistithe ithreach, is éard a bheidh sa tréimhse thagartha tréimhse 12 mhí a dtiocfaidh críoch léi laistigh den bhliain tagartha agus a shocróidh gach Ballstát d'fhonn na timthriallta táirgthe lena mbaineann a chumhdach.

(c)

Maidir le hathróga a ghabhann le beostoc, tithíocht ainmhithe agus bainistiú ar aoileach, socróidh gach Ballstát lá tagartha comhchoiteann laistigh den bhliain tagartha. Na hathróga a ghabhann le bainistiú ar aoileach, bainfidh siad le tréimhse 12 mhí, lena n-áirítear an dáta sin.

(d)

Maidir le hathróga a ghabhann le lucht saothair, socróidh gach Ballstát tréimhse thagartha 12 mhí a dtiocfaidh críoch léi laistigh den bhliain tagartha.

(e)

Maidir le hathróga a ghabhann le bearta forbartha tuaithe a cuireadh chun feidhme ar na gabháltais talmhaíochta aonair, is éard a bheidh sa tréimhse thagartha an tréimhse 3 bliana dar críoch an 31 Nollaig den bhliain tagartha.

(f)

Maidir leis na hathróga eile ar fad, socróidh gach Ballstát lá tagartha comhchoiteann laistigh den bhliain tagartha.

Airteagal 11

Cáilíocht

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirfear a áirithiú.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirfear a mheasúnú.

4.   Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta ina mbeidh tuairisc ar an bpróiseas staitistiúil a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcás gach bliana tagartha a chumhdaítear leis an Rialachán seo lena n-áirítear go háirithe:

(a)

meiteashonraí a thuairiscíonn an mhodheolaíocht a úsáideadh agus an chaoi ar baineadh amach na sonraíochtaí teicniúla faoi threoir na sonraíochtaí a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(b)

faisnéis maidir le comhlíonadh na n-íoscheanglas a ghabhann leis na creataí samplála a úsáideadh, lena n-áirítear iad a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta, mar a leagtar síos sa Rialachán seo;

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na socruithe praiticiúla do na tuarascálacha cáilíochta agus d'ábhar na dtuarascálacha cáilíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus ní fhorchuirfear ualaigh ná costais shuntasacha breise ar na Ballstáit leo.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú ábhartha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar cháilíocht na sonraí a tarchuireadh.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit soiléiriú breise riachtanach ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

Airteagal 12

Sonraí agus meiteashonraí a tharchur agus na spriocdhátaí chuige sin

1.   I gcás na bliana tagartha 2020, déanfaidh na Ballstáit croí-shonraí bailíochtaithe agus sonraí modúlacha bailíochtaithe a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 15 mhí roimh dheireadh na bliana tagartha.

2.   I gcás na mblianta tagartha 2023 agus 2026, déanfaidh na Ballstáit croí-shonraí bailíochtaithe agus sonraí modúlacha bailíochtaithe a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

3.   Is ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta aonair a bheidh na sonraí a tharchuirfear chuig an gCoimisiún (Eurostat). Déanfar na sonraí modúlacha agus na sonraí ad hoc a nascadh ar leibhéal na ngabháltas talmhaíochta aonair le haghaidh na bliana tagartha céanna leis na croí-shonraí a liostaítear in Iarscríbhinn III. Beidh na fachtóirí eachtarshuímh agus faisnéis faoi shrathú ar áireamh sna taifid a chuirfear ar fáil.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a tharchur trí bhíthin formáid theicniúil arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Cuirfear na sonraí agus na meiteashonraí ar fáil don Choimisiún (Eurostat) trí sheirbhísí an phointe iontrála aonair a úsáid.

Airteagal 13

Ranníocaíocht an Aontais

1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfaidh an tAontas deontais a chur ar fáil do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d'údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

ceanglais maidir le sonraí a fhorbairt nó a chur chun feidhme, nó an dá rud;

(b)

modheolaíochtaí a fhorbairt chun córais staidrimh a nuachóiriú arb é is aidhm dóibh cáilíocht níos fearr nó costais níos ísle a bhaint amach agus an t-ualach riaracháin a laghdú i dtaca le táirgeadh staidrimh chomhtháite feirme trí úsáid a bhaint as na foinsí agus na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 4.

2.   Gheobhaidh na Ballstáit deontais ón Aontas chun na costais a chumhdach i gcás na mbailithe sonraí a shonraítear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 faoi raon feidhme an chlúdaigh airgeadais a shonraítear in Airteagal 14.

3.   Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 2 75 % de na costais atá incháilithe, faoi réir na n-uasmhéideanna a shonraítear i mír 4 agus i mír 5.

4.   I gcás chostais na gcroí-shonraí agus na sonraí modúlacha araon a bhailiú do 2020, beidh ranníocaíocht an Aontais teoranta do na huasmhéideanna a shonraítear thíos:

(a)

EUR 50 000 an ceann do Lucsamburg agus do Mhálta;

(b)

EUR 1 000 000 an ceann don Ostair, don Chróit, d'Éirinn agus don Liotuáin;

(c)

EUR 2 000 000 an ceann don Bhulgáir, don Ghearmáin, don Ungáir, don Phortaingéil agus don Ríocht Aontaithe;

(d)

EUR 3 000 000 an ceann don Ghréig, don Spáinn agus don Fhrainc;

(e)

EUR 4 000 000 an ceann don Iodáil, don Pholainn agus don Rómáin;

(f)

EUR 300 000 an ceann do gach Ballstát eile.

5.   I gcás bhailiú na gcroí-shonraí agus na sonraí modúlacha in 2023 agus 2026, déanfar na huasmhéideanna a shonraítear i mír 4 a laghdú 50 %, faoi réir fhorálacha an CAI don tréimhse i ndiaidh 2020.

6.   I gcás bhailiú na sonraí ad hoc a shonraítear in Airteagal 9, déanfaidh an tAontas deontais a chur ar fáil do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d'údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 223/2009 ar mhaithe leis an gcostas a chumhdach a ghabhann le bailiú sonraí ad hoc a chur chun feidhme. Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas thar 90 % de na costais incháilithe.

7.   Is tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, faoi phointe (d) d'Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, a chuirfear ranníocaíocht airgeadais an Aontais ar fáil do na deontais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 14

Clúdach airgeadais

1.   EUR 40 000 000 a bheidh i gclúdach airgeadais an Aontais don tréimhse 2018-2020, atá faoi chumhdach CAI 2014-2020, chun clár na mbailithe sonraí le haghaidh na bliana tagartha 2020 a chur chun feidhme, lena n-áirítear na leithreasuithe is gá chun na córais bunachar sonraí a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt, ar córais iad a úsáidfear laistigh den Choimisiún chun sonraí a sholáthróidh na Ballstáit faoin Rialachán seo a phróiseáil.

2.   Tar éis dháta theacht i bhfeidhm an CAI tar éis 2020, socróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, an méid le haghaidh na tréimhse i ndiaidh 2020.

Airteagal 15

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha comhsheasmhacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir agus ar thríú páirtithe a fuair cistí Aontais, go díreach nó go hindíreach, faoin gClár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (22) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh arna chistiú, go díreach nó go hindíreach, faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

4.   Maidir le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus le cinntí deontais a thiocfaidh as cur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar an chumhacht go sainráite iontu don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

5.   I gcás ina ndéanfar cur chun feidhme gníomhaíochta ar leith a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, ina iomláine nó i bpáirt, nó gur gá conradh soláthair a dhámhachtain nó tacaíocht airgeadais a thabhairt do thríú páirtí ina leith, luafar sa chonradh, sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a fhorchur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go follasach leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.

6.   Beidh feidhm ag mír 4 agus ag mír 5 gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(6), in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 9(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 27 Lúnasa 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6), in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 9(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(6), Airteagal 8(3) agus Airteagal 9(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh CCSE, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Tuarascáil ón gCoimisiún

Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le CCSE, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a chur chun feidhme agus a bhaint amach.

Airteagal 19

Maoluithe

De mhaolú ar Airteagal 5, Airteagal 6(1), pointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 7(1), Airteagal 8(2), Airteagal 12(1), Airteagal 13(4), Airteagal 14(1) agus Iarscríbhinn V, cuirfear tagairtí don bhliain 2019 in ionad tagairtí don bhliain 2020, más gá, i gcás na Gréige agus na Portaingéile.

Airteagal 20

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

2.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, le héifeacht ón 1 Eanáir 2019.

3.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Iúil 2018.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 14).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 ón gComhairle agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 30.12.2011, lch. 7).

(5)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(11)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  IO C 14, 16.1.2018, lch. 6.

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2014 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta a bhailiú maidir le hioncaim agus le hoibriú gnó gabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach (IO L 321, 7.11.2014, lch. 2).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Comhéifeachtaí na n-aonad beostoic

An cineál ainmhí

Airí an ainmhí

Comhéifeacht

Bó-ainmhithe

Faoi bhun 1 bhliain d'aois

0,400

1 bhliain d'aois nó níos sine, ach faoi bhun 2 bhliain d'aois

0,700

Fireann, 2 bhliain d'aois nó níos sine

1,000

Bodóga, 2 bhliain d'aois nó níos sine

0,800

Ba déiríochta

1,000

Ba neamhdhéiríochta

0,800

Caoirigh agus gabhair

0,100

Muca

Bainbh, ar lú ná 20 kg a mbeomheáchan

0,027

Cránacha pórúcháin arb é 50 kg nó níos mó a mbeomheáchan

0,500

Muca eile

0,300

Éanlaith chlóis

Sicíní grísce

0,007

Béaróga

0,014

Éanlaith chlóis eile

 

Turcaithe

0,030

Lachain

0,010

Géanna

0,020

Ostraisí

0,350

Éanlaith chlóis eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

0,001

Coiníní, baineannaigh phórúcháin

0,020


IARSCRÍBHINN II

Liosta na dtairseacha fisiceacha  (1)

Ítim

TairseachTa Ta Tairseach

LTÚ

5 ha

Talamh arúil

2 ha

Prátaí

0,5 ha

Glasraí úra agus sútha talún

0,5 ha

Plandaí aramatacha, míochaine agus cócaireachta, bláthanna agus plandaí ornáideacha, síolta agus síolphlandaí, plandlanna

0,2 ha

crainn torthaí, caora, crainn cnónna, crainn torthaí citris, barra buana eile cé is moite de phlandlanna, fíonghoirt agus crainn ológ

0,3 ha

Fíonghoirt

0,1 ha

Crainn ológ

0,3 ha

Tithe gloine

100 m2

Muisiriúin shaothraithe

100 m2

Beostoc

1,7 aonad beostoic


(1)  Is infheidhme na tairseacha maidir leis an ngrúpa ítimí a liostaítear.


IARSCRÍBHINN III

Croí-shonraí struchtúracha: Athróga

Athróga ginearálta

Aonaid/Catagóirí do luachanna

Faisnéis suirbhé

 

Aitheantóir an ghabháltais talmhaíochta

Aitheantas an ghabháltais talmhaíochta

Suíomh an ghabháltais

 

Suíomh geografach

Cód cille ghreille na n-aonad staidrimh INSPIRE le haghaidh úsáid uile-Eorpach

Réigiún NUTS 3

Cód NUTS 3

Tá limistéir sa ghabháltas talmhaíochta atá ainmnithe ina limistéir a bhfuil srianta nádúrtha orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

L/M/O/N (1)

Pearsantacht dhlítheanach an ghabháltais

 

Tá freagracht dhlíthiúil agus eacnamaíoch an ghabháltais talmhaíochta glactha ag:

 

Duine nádúrtha arb é an sealbhóir aonair é, i gcás inar gabháltas talmhaíochta neamhspleách é

tá/níl

Má tá, an é an sealbhóir an bainisteoir freisin?

is é/ní hé

Murab é, an duine de mhuintir an tsealbhóra an bainisteoir?

is ea/ní hea

Más ea, an é céile an tsealbhóra an bainisteoir?

is é/ní hé

Úinéireacht chomhroinnte

is ea/ní hea

Beirt daoine nádúrtha nó níos mó ar comhpháirtithe iad, i gcás inar gabháltas talmhaíochta grúpa é an gabháltas

tá/níl

Duine dlítheanach

tá/níl

Má tá, an bhfuil an gabháltas talmhaíochta mar chuid de ghrúpa fiontar?

tá/níl

Aonad talún coimín is ea an gabháltas talmhaíochta

is ea/ní hea

Tairbhí de thacaíocht ó AE i gcomhair talamh nó ainmhithe ar an ngabháltas is ea an sealbhóir, agus tá sé ar áireamh in CCRR dá bhrí sin

is ea/ní hea

 

Feirmeoir óg nó iontrálaí nua san fheirmeoireacht is ea an sealbhóir a bhfuil tacaíocht airgeadais faighte aige chuige sin faoin gComhbheartas Talmhaíochta sna trí bliana roimhe seo

is ea/ní hea

Bainisteoir an ghabháltais talmhaíochta

 

Bliain bhreithe

bliain

Gnéas

fireann/baineann

Obair feirme ar an ngabháltas talmhaíochta (seachas obair tí)

bandaí AWU (2)

 

An bhliain ina ndearnadh an t-aicmiú mar bhainisteoir an ghabháltais talmhaíochta

bliain

Oiliúint talmhaíochta an bhainisteora

cóid oiliúna

Chuathas faoi ghairmoiliúint le 12 mhí anuas

chuathas/ní dheachthas

An cineál seilbhe (atá ag an sealbhóir) ar an LTÚ

 

Feirmeoireacht ar thalamh dílis

ha

Feirmeoireacht ar thalamh ar cíos

ha

Sciarfheirmeoireacht nó modhanna seilbhe eile

ha

Talamh coimín

ha

Feirmeoireacht orgánach

is ea/ní hea

LTÚ iomlán an ghabháltais talmhaíochta agus ar a ndéantar modhanna táirgthe den fheirmeoireacht orgánach a chur i bhfeidhm, agus iad deimhnithe de réir rialacha náisiúnta nó rialacha an Aontais Eorpaigh

ha

LTÚ iomlán den ghabháltas talmhaíochta a úsáidtear agus atá á thiontú go modhanna táirgthe den fheirmeoireacht orgánach, agus atá le deimhniú de réir rialacha náisiúnta nó rialacha an Aontais Eorpaigh

ha

 

Rannpháirteach i scéimeanna deimhniúcháin eile comhshaoil

tá/níl


Athróga talún

Príomhlimistéar iomlán

an líon de sin atá deimhnithe agus/nó á thiontú i gcomhair feirmeoireacht orgánach

LTÚ

ha

ha

Talamh arúil

ha

ha

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síol)

ha

ha

Cruithneacht bhog agus speilt

ha

ha

Cruithneacht chrua (dúram)

ha

ha

Seagal agus meascáin de ghránaigh gheimhridh (maislin)

ha

 

Eorna

ha

 

Coirce agus meascáin de ghránaigh earraigh (grán measctha seachas maislin)

ha

 

Arbhar Indiach gráin agus meascán arbhair déise

ha

 

Triteacál

ha

 

Sorgam

ha

 

Gránaigh eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (ruán, muiléad agus síolta éan, etc.)

ha

 

Rís

ha

 

Pulsanna tirime agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síol agus meascáin de ghránaigh agus de phulsanna)

ha

ha

Piseanna léana, pónairí agus lúipíní milse

ha

 

Barra fréimhe

ha

ha

Prátaí (lena n-áirítear prátaí síl)

ha

ha

Biatas siúcra (seachas síol)

ha

ha

Barra fréimhe eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Barra tionsclaíocha

ha

ha

Olashíolta

ha

ha

Síol ráibe agus tornapa

ha

 

Síol lus na gréine

ha

 

Soighe

ha

ha

Ros lín (líon ola)

ha

 

Barra olashíl eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Barra snáithín

ha

 

Snáithín lín

ha

 

Cnáib

ha

 

Cadás

ha

 

Barra snáithín eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Tobac

ha

 

Leannlusanna

ha

 

Plandaí aramatacha, plandaí míochaine agus cócaireachta

ha

 

Barra fuinnimh nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Barra tionsclaíocha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Plandaí atá glas tráth a bhuaintear ó thalamh arúil iad

ha

ha

Féara sealadacha agus féarach sealadach

ha

ha

Plandaí léagúmacha atá glas tráth a bhuaintear iad

ha

ha

Arbhar Indiach glas

ha

 

Gránaigh eile atá glas tráth a bhuaintear iad (seachas arbhar Indiach glas)

ha

 

Plandaí eile atá glas tráth a bhuaintear ó thalamh arúil iad nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Glasraí úra (lena n-áirítear mealbhacáin) agus sútha talún

ha

ha

Glasraí úra (lena n-áirítear mealbhacáin) agus sútha talún a fhástar ar uainíocht le barra gortóireachta (garraíodóireacht mhargaidh)

ha

 

Glasraí úra (lena n-áirítear mealbhacáin) agus sútha talún a fhástar ar uainíocht le barra nach barra gortóireachta iad (gort oscailte)

ha

 

Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna)

ha

 

Síolta agus síolphlandaí

ha

ha

Barra talún arúla eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Branar

ha

 

Féarthailte buana

ha

ha

Féarach agus móinéar, seachas féaraigh gharbha

ha

ha

Féaraigh gharbha

ha

ha

Féarthailte buana nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh táirgeadh agus atá incháilithe d'íocaíocht fóirdheontas

ha

 

Barra buana (lena n-áirítear plandálacha óga agus plandálacha atá tréigthe go sealadach, cé is moite de limistéir a sholáthraíonn táirgeacht do thomhaltas dílis)

ha

ha

Torthaí, caora agus cnónna (seachas torthaí citris, fíonchaora agus sútha talún)

ha

ha

Torthaí póma

ha

 

Torthaí cloiche

ha

 

Torthaí ó chriosanna aeráide fothrópaiceacha agus trópaiceacha

ha

 

Caora (seachas sútha talún)

ha

 

Cnónna

ha

 

Torthaí citris

ha

ha

Fíonchaora

ha

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta

ha

ha

Fíonchaora le haghaidh fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) acu

ha

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta a bhfuil tásc geografach faoi chosaint (TGFC) acu

ha

 

Fíonchaora le haghaidh fíonta eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile (nach bhfuil STFC/TGFC acu)

ha

 

Fíonchaora boird

ha

 

Fíonchaora le haghaidh rísíní

ha

 

Ológa

ha

ha

Plandlanna

ha

 

Barra buana eile lena n-áirítear barra buana eile lena gcaitheamh ag an duine.

ha

 

Crainn Nollag

ha

 

Gairdíní cistine

ha

 

Talamh feirme eile

ha

 

Talamh talmhaíochta nach n-úsáidtear

ha

 

Limistéar faoi chrainn

ha

 

Roschoillte gearr-uainíochta

ha

 

Talamh eile (talamh ar a bhfuil foirgnimh, clóis feirme, rianta, linnte agus limistéir neamhtháirgiúla eile)

ha

 

Limistéir gabháltais talmhaíochta speisialta

 

 

Muisiriúin shaothraithe

ha

 

LTÚ atá faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

ha

 

Glasraí, lena n-áirítear mealbhacáin agus sútha talún atá faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

ha

ha

Bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna) atá faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

ha

 

Barra talún arúla eile atá faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

ha

 

Barra buana atá faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana

ha

 

LTÚ eile atá faoi ghloine nó faoi chlúdach ard inrochtana nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ha

 

Uisciú i limistéar saothraithe faoin aer

 

 

Limistéar iomlán inuiscithe

ha

 


Athróga beostoic

Líon iomlán na n-ainmhithe

an líon de sin atá deimhnithe agus/nó á thiontú i gcomhair feirmeoireacht orgánach

Bó-ainmhithe

 

ceann

Bó-ainmhithe atá faoi bhun aon bhliain d'aois

ceann

 

Bó-ainmhithe, 1 bhliain d'aois nó níos sine, ach faoi bhun 2 bhliain d'aois

ceann

 

Bó-ainmhithe fireanna, 1 bhliain d'aois nó níos sine, ach faoi bhun 2 bhliain d'aois

ceann

 

Bodóga, 1 bhliain d'aois nó níos sine, ach faoi bhun 2 bhliain d'aois

ceann

 

Bó-ainmhithe fireanna, 2 bhliain d'aois nó níos sine

ceann

 

Bó-ainmhithe baineanna, 2 bhliain d'aois nó níos sine

ceann

 

Bodóga, 2 bhliain d'aois nó níos sine

ceann

 

Ba

ceann

 

Ba déiríochta

ceann

ceann

Ba neamhdhéiríochta

ceann

ceann

Ba buabhaill

ceann

is ea/ní hea

Caoirigh agus gabhair

 

 

Caoirigh (gach aois)

ceann

ceann

Baineannaigh phórúcháin

ceann

 

Caoirigh eile

ceann

 

Gabhair (gach aois)

ceann

ceann

Baineannaigh phórúcháin

ceann

 

Gabhair eile

ceann

 

Muca

 

ceann

Bainbh, ar lú ná 20 kg a mbeomheáchan

ceann

 

Cránacha pórúcháin arb é 50 kg nó níos mó a mbeomheáchan

ceann

 

Muca eile

ceann

 

Éanlaith chlóis

 

ceann

Sicíní grísce

ceann

ceann

Béaróga

ceann

ceann

Éanlaith chlóis eile

ceann

 

Turcaithe

ceann

 

Lachain

ceann

 

Géanna

ceann

 

Ostraisí

ceann

 

Éanlaith chlóis eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

ceann

 

Coiníní

 

 

Baineannaigh phórúcháin

ceann

 

Beacha

coirceoga

 

Fianna

is ea/ní hea

 

Ainmhithe fionnaidh

is ea/ní hea

 

Beostoic nach n-aicmítear in áit ar bith eile

is ea/ní hea

 


(1)  L – limistéir, seachas limistéir sléibhe, a bhfuil srianta suntasacha nádúrtha orthu; M – limistéar sléibhe mídheisiúil; O – limistéir eile a bhfuil srianta sonracha orthu; N – gnáthlimistéar (nach bhfuil mídheisiúil). Féadfar an t-aicmiú seo a oiriúnú amach anseo de réir athruithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta.

(2)  Aonad Oibre Bliantúil (AWU) banda céatadáin 2: (> 0-< 25), (≥ 25-< 50), (≥ 50-< 75), (≥ 75-< 100), (100).


IARSCRÍBHINN IV

Topaicí agus topaicí mionsonraithe a chuimsítear sna sonraí modúlacha

Modúl

Topaic

Topaic mhionsonraithe

Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile

Bainistíocht feirme

Sealbhóir

Ionchur saothair

Cothromaíocht inscne

Bearta sábháilteachta, lena n-áirítear plean sábháilteachta feirme

Lucht saothair teaghlaigh

Ionchur saothair

Líon na ndaoine atá bainteach

Cothromaíocht inscne

Lucht saothair neamhtheaghlaigh

Ionchur saothair

Líon na ndaoine atá fostaithe

Cothromaíocht inscne

Lucht saothair neamhrialta atá fostaithe ag an bhfeirm

Ionchur saothair ag conraitheoirí

 

Gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas talmhaíochta

Na cineálacha gníomhaíochtaí

An tábhacht don ghabháltas talmhaíochta

Ionchur saothair

 

Gníomhaíochtaí sochracha eile nach mbaineann go díreach leis an ngabháltas talmhaíochta

Ionchur saothair

An fhorbairt tuaithe

Gabháltais talmhaíochta a bhfuil bearta forbartha tuaithe ina dtaca leo

Seirbhísí comhairle, bainistíochta feirme agus faoisimh feirme

Forbairt feirmeacha agus gnóthaí

Scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha

Athshlánú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgthe talmhaíochta a ndearnadh dochar di trí thubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí a thabhairt isteach

Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus i bhfeabhsú inmharthanacht na bhforaoisí

Íocaíochtaí agra-chomhshaoil-aeráide

Feirmeoireacht orgánach

Naisc íocaíochta le Natura 2000 agus an treoir réime uisce

Íocaíochtaí le limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile orthu

Leas ainmhithe

Bainistiú riosca

Tithíocht ainmhithe agus bainistiú ar aoileach

Tithíocht ainmhithe

Tithíocht bó-ainmhithe

Tithíocht muc

Tithíocht béaróg

Úsáid cothaitheach agus aoileach ar an bhfeirm

LTÚ a gcuirtear leasachán air

Aoileach a thógtar amach ón ngabháltas talmhaóchta agus a thugtar isteach ann

Leasacháin orgánacha agus dhramhaílbhunaithe seachas aoileach

Teicnící leata aoiligh

Am inchorpraithe de réir chineál an leata

Saoráidí le haghaidh aoiligh

Saoráidí agus acmhainn stórála aoiligh

Uisciú

Cleachtais uisciúcháin

Inrochtaineacht uisciúcháin

Modhanna uisciúcháin

Foinsí uisce don uisciú

Paraiméadair theicniúla an trealaimh uisciúcháin

Barra a uiscítear le linn thréimhse 12 mhí

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin

Pulsanna tirime agus barra próitéine le haghaidh táirgeadh gráin

Barra fréimhe

Barra tionsclaíocha

Plandaí atá glas tráth a bhuaintear ó thalamh arúil iad

Barra eile talún arúla

Féarthailte buana

Barra buana

Cleachtais bainistithe ithreach

Cleachtais bainistithe ithreach ar thalamh faoin aer

Modhanna curaíochta

Clúdach ithreach ar thalamh arúil

Uainíocht barr ar thalamh arúil

Limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht

Innealra agus trealamh

Innealra

Saoráidí idirlín

Innealra bunúsach

Úsáid na feirmeoireachta beaichte

Innealra le haghaidh bainistiú beostoic

Áit stórála le haghaidh táirgí talmhaíochta

Trealamh

Trealamh a úsáidtear chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh ar ghabháltais talmhaíochta

Úllord

Torthaí póma

Úlla: Achar de réir aois na bplandálacha

Úlla: Achar de réir dhlús na gcrann

Piorraí: Achar de réir aois na bplandálacha

Piorraí: Achar de réir dhlús na gcrann

Torthaí cloiche

Péitseoga: Achar de réir aois na bplandálacha

Péitseoga: Achar de réir dhlús na gcrann

Neachtairíní: Achar de réir aois na bplandálacha

Neachtairíní: Achar de réir dhlús na gcrann

Aibreoga: Achar de réir aois na bplandálacha

Aibreoga: Achar de réir dhlús na gcrann

Torthaí citris

Oráistí: Achar de réir aois na bplandálacha

Oráistí: Achar de réir dhlús na gcrann

Torthaí beaga citris: Achar de réir aois na bplandálacha

Torthaí beaga citris: Achar de réir dhlús na gcrann

Líomóidí: Achar de réir aois na bplandálacha

Líomóidí: Achar de réir dhlús na gcrann

Ológa

Achar de réir aois na bplandálacha

 

Achar de réir dhlús na gcrann

Fíonchaora boird agus rísíní

Fíonchaora boird: Achar de réir aois na bplandálacha

 

Fíonchaora boird: Achar de réir dhlús na bhfíniúnacha

 

Fíonchaora le haghaidh rísíní: Achar de réir aois na bplandálacha

 

Fíonchaora le haghaidh rísíní: Achar de réir dhlús na bhfíniúnacha

Fíonghort

Fíonchaora le haghaidh fíona

Achar agus aois

 

Cineálacha fíonchaor

Líon na gcineálacha

 

 

Cód agus achar


IARSCRÍBHINN V

Ceanglais bheachtais

Beidh na croí-shonraí (in 2023 agus 2026) agus na sonraí modúlacha ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca leis na pobail ábhartha de ghabháltais talmhaíochta mar a shainítear iad sa tábla beachtais thíos ar leibhéal réigiúin NUTS 2 i dtéarmaí mhéid agus chineál na ngabháltas talmhaíochta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle (1), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1198/2014 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/220 ón gCoimisiún (2).

Is infheidhme na ceanglais bheachtais i gcás na n-athróg sa tábla thíos.

Na sonraí a bhaileofar nuair a dhéanfar leathnú ar an gcreat in 2020, beidh siad ionadaíoch ó thaobh staidrimh de i dtaca leis an bpobal ábhartha ar leibhéal réigiúin NUTS 2 mar a shainítear sa tábla beachtais thíos.

Ina theannta sin, is infheidhme na ceanglais bheachtais a shainítear sa tábla maidir le gach réigiún de NUTS 2 ag a bhfuil, ar a laghad:

5 000 gabháltas talmhaíochta sa phobal ábhartha i gcás na modúl “Úllord” agus “Fíonghort”;

10 000 gabháltas talmhaíochta sa phobal ábhartha do na croí-shonraí, do na modúil eile uile agus do na sonraí a thagann faoin leathnú ar an gcreat.

I gcás réigiúin NUTS 2 ar lú an líon gabháltas talmhaíochta atá iontu is infheidhme na ceanglais bheachtais a shainítear sa tábla maidir le réigiúin ghaolmhara NUTS 1 ag a bhfuil, ar a laghad:

500 gabháltas talmhaíochta sa phobal ábhartha i gcás na modúl “Úllord” agus “Fíonghort”;

1 000 gabháltas talmhaíochta sa phobal ábhartha do na croí-shonraí, do na modúil eile uile agus do na sonraí a thagann faoin leathnú ar an gcreat.

Is gá beachtas náisiúnta d'earráid chaighdeánach choibhneasta 5 % ar a mhéad i gcás na n-athróg sin de na modúil “Úllord” agus “Fíonghort” nach infheidhme aon cheanglas beachtais maidir leo d'aon réigiún NUTS 2 ná d'aon réigiún NUTS 1.

Is gá beachtas náisiúnta d'earráid chaighdeánach choibhneasta 7,5 % ar a mhéad i gcás na n-athróg uile de na modúil eile nach infheidhme aon cheanglas beachtais maidir leo d'aon réigiún NUTS 2 ná d'aon réigiún NUTS 1 d'aon athróg.

Tábla beachtais

Pobal ábhartha

Athróga arb infheidhme ceanglais bheachtais maidir leo

Leitheadúlacht sa phobal ábhartha

Earráid chaighdeánach choibhneasta

Croí-shonraí in 2023 agus 2026 agus

An modúl “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile”

Mar a shainítear in Airteagal 5 i gcás na gcroí-shonraí agus in Airteagal 7 i gcás an mhodúil “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile”.

Athróga talún

Gránaigh le haghaidh táirgeadh gráin (lena n-áirítear síol)

Olashíolta

Plandaí atá glas tráth a bhuaintear ó thalamh arúil iad

Glasraí úra (lena n-áirítear mealbhacáin), sútha talún, bláthanna agus plandaí ornáideacha (seachas plandlanna)

Féarthailte buana cé is moite d'fhéaraigh gharbha

Torthaí, caora, cnónna agus torthaí citris (seachas fíonchaora agus sútha talún)

Fíonchaora

Ológa

7,5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 5 %

Athróga beostoic

Ba déiríochta

Ba neamhdhéiríochta

Bó-ainmhithe eile (bó-ainmhithe faoi bhun 1 bhliain d'aois, bó-ainmhithe 1 bhliain d'aois nó níos sine, ach faoi bhun 2 bhliain d'aois, bó-ainmhithe fireanna 2 bhliain d'aois agus níos sine, bodóga 2 bhliain d'aois nó níos sine)

Cránacha pórúcháin arb é 50 kg nó níos mó a mbeomheáchan

Bainbh ar lú ná 20 kg a mbeomheáchan agus muca eile

Caoirigh agus gabhair

Éanlaith chlóis

7,5 % nó níos mó de na haonaid bheostoic sa réigiún agus 5 % nó níos mó den athróg sa tír

< 5 %

Croí-shonraí don leathnú ar an gcreat in 2020

Mar a shainítear in Airteagal 6

Athróga talún

Talamh arúil

Féarthailte buana cé is moite d'fhéaraigh gharbha

Barra buana

7,5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 7,5 %

Athróga beostoic

Iomlán na n-aonad beostoic

5 % nó níos mó den athróg sa tír

< 7,5 %

An modúl “Forbairt tuaithe” agus

an modúl “Innealra agus trealamh”

Mar a shainítear in Airteagal 7

Athróga talún maidir leis an modúl “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile”

7,5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 7,5 %

Athróga beostoic maidir leis an modúl “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile”

7,5 % nó níos mó de na haonaid bheostoic sa réigiún agus 5 % nó níos mó den athróg sa tír

< 7,5 %

An modúl “Tithíocht ainmhithe agus bainistiú ar aoileach”

An fothacar den phobal gabháltas talmhaíochta a shainítear in Airteagal 7 ag a bhfuil ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas: bó-ainmhithe, muca, caoirigh, gabhair, éanlaith chlóis

Athróga beostoic maidir leis an modúl “Lucht saothair agus gníomhaíochtaí sochracha eile”

7,5 % nó níos mó de na haonaid bheostoic sa réigiún agus 5 % nó níos mó den athróg sa tír

< 7,5 %

An modúl “Uisciú”

An fothacar den phobal gabháltas talmhaíochta a shainítear in Airteagal 7 a bhfuil limistéar inuiscithe iontu

Athróga talún

Limistéar iomlán inuiscithe

7,5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 7,5 %

An modúl “Cleachtais bainistithe ithreach”

An fothacar den phobal gabháltas a shainítear in Airteagal 7 a bhfuil talamh arúil iontu

Athróga talún

Talamh arúil

7,5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 7,5 %

An modúl “Úllord”

An fothacar den phobal gabháltas talmhaíochta a shainítear in Airteagal 7 a bhfuil aon cheann de na hathróga úlloird acu agus a shroicheann an tairseach a shonraítear in Airteagal 7(5)

Athróga úlloird

Na hathróga úlloird maidir le húlla, piorraí, aibreoga, péitseoga, neachtairíní, oráistí, torthaí beaga citris, líomóidí, ológa, fíonchaora boird, fíonchaora le haghaidh rísíní a shroicheann an tairseach a shonraítear in Airteagal 7(5)

5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 7,5 %

An modúl “Fíonghort”

An fothacar den phobal gabháltas talmhaíochta a shainítear in Airteagal 7 a bhfuil fíonchaora le haghaidh fíona acu

Athróga fíonghort

Fíonchaora le haghaidh fíona

5 % nó níos mó den LTÚ sa réigiún

< 7,5 %


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 an 30 Samhain 2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 27).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/220 an 3 Feabhra 2015 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta san Aontas Eorpach a bhailiú (IO L 46, 19.2.2015, lch. 1).


7.8.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

30


RIALACHÁN (AE) 2018/1092 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2018

lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht uaidh an 30 Samhain 2016 maidir le Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé comhlánú, giaráil agus comhdhlúthú ar iarrachtaí comhoibríocha na mBallstát cumais chosanta a fhorbairt chun freagairt do dhúshláin slándála, agus go ndéanfaidh sé chomh maith leis sin tionscal cosanta atá iomaíoch, nuálach agus éifeachtúil a chothú ar fud an Aontais. Tá sé beartaithe aige, go háirithe, Ciste Cosanta Eorpach (an “Ciste”) a sheoladh chun tacú le hinfheistíocht i dtaighde comhpháirteach agus i bhforbairt chomhpháirteach ar threalamh agus teicneolaíochtaí cosanta, agus ar an gcaoi sin soláthar comhpháirteach agus cothabháil chomhpháirteach trealaimh agus teicneolaíochtaí cosanta a spreagadh. Ní thógfadh an Ciste sin áit na n-iarrachtaí náisiúnta i dtaca leis sin ach ba cheart go mbeadh sé ina dhreasacht do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile agus níos mó a infheistiú sa chosaint. Thacódh an Ciste leis an gcomhar ar feadh timthriall forbartha iomlán táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, agus ar an gcaoi sin, chothódh sé sineirgí agus éifeachtacht costais. Bheadh mar aidhm leis cumais a chur ar fáil, bunús maith iomaíoch agus nuálach a chur faoin tionscal cosanta ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chomhar trasteorann agus trí rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), agus cuidiú ar an gcaoi sin chun an comhar Eorpach a mhéadú i réimse na cosanta.

(2)

D'fhonn iomaíochas, éifeachtúlacht agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais a chothú, lena gcuidítear le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, ba cheart go mbunófaí Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (an “Clár”). Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm leis an gClár feabhas a chur ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais, lena gcuidítear le cumais chosanta a fheabhsú, inter alia maidir le cibearchosaint, trí thacú le comhar idir gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, ionaid taighde agus ollscoileanna, agus comhoibriú idir na Ballstáit, le linn céim forbartha táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, agus mar gheall air sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as barainneachtaí scála i dtionscal na cosanta agus caighdeánú córas cosanta a chur chun cinn agus a n-idir-inoibritheacht a fheabhsú ag an am céanna. Sa chéim forbartha, a thagann tar éis na céime taighde agus teicneolaíochta, bíonn rioscaí agus costais thábhachtacha i gceist lena laghdaítear an saothrú breise a dhéantar ar thorthaí taighde agus a mbíonn tionchar díobhálach acu ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais. Trí thacaíocht a thabhairt don chéim forbartha, rannchuideodh an Clár le saothrú níos fearr a dhéanamh ar thorthaí taighde cosanta agus chuideodh sé leis an mbearna idir an taighde agus an táirgeadh a dhúnadh. Ba cheart go gcuirfeadh sé gach cineál nuálaíochta chun cinn, óir is féidir a bheith ag súil le héifeachtaí dearfacha san earnáil shibhialtach freisin. Comhlánaíonn an Clár gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 182 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní chumhdaíonn leis táirgeadh nó soláthar táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta.

(3)

D'fhonn réitigh níos nuálaí a bhaint amach agus chun margadh inmheánach oscailte a chothú, ba cheart don Chlár tacaíocht láidir a thabhairt do rannpháirtíocht trasteorann FBManna agus cabhrú le deiseanna margaidh nua a chruthú.

(4)

Ba cheart go gcumhdódh an Clár tréimhse dhá bhliain ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ba cheart an méid airgid do chur chun feidhme an Chláir a chinneadh don tréimhse sin.

(5)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais d'fhad iomlán an Chláir, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (3), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(6)

Agus an Clár á chur chun feidhme, ba cheart na hionstraimí maoiniúcháin go léir a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) d'fhonn forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a uasmhéadú. Mar sin féin, ó tharla nach maireann an Clár ach dhá bhliain, d'fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla a bheith ag baint le húsáid ionstraimí airgeadais. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse tosaigh sin, ba cheart tús áite a thabhairt d'úsáid deontas agus, i gcúinsí eisceachtúla, do sholáthar poiblí. D'fhéadfadh ionstraimí airgeadais a bheith ina n-uirlis iomchuí lena n-úsáid sa Chiste i ndiaidh 2020.

(7)

Féadfaidh an Coimisiún cuid de chur chun feidhme an Chláir a chur ar iontaoibh eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(8)

Tar éis tosaíochtaí maidir le cumas cosanta comhchoiteann a chomhaontú ar leibhéal an Aontais go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas, agus an tAthbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar Chosaint á chur san áireamh freisin, agus d'fhonn Leibhéal Uaillmhéine an Aontais a bhaint amach, a chomhaontaigh an Chomhairle ina gconclúidí an 14 Samhain 2016 agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach ar an 15 Nollaig 2016, déanfaidh na Ballstáit riachtanais mhíleata a shainaithint agus a chomhdhlúthú agus socróidh siad sonraíochtaí teicniúla an tionscadail.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit, nuair is iomchuí, bainisteoir tionscadail a cheapadh freisin, amhail eagraíocht idirnáisiúnta um bainistíocht tionscadail, mar shampla an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála, nó eintiteas cosúil leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, chun an obair a bhaineann le forbairt birt chomhoibrithigh a fhaigheann tacaíocht ón gClár a stiúradh. I gcás ina ndéanfar ceapachán den sórt sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mbainisteoir tionscadail maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i ndáil leis an mbeart sin sula ndéanann sé an íocaíocht a fheidhmiú do thairbhí an bhirt incháilithe ionas go bhféadfaidh an bainisteoir tionscadail a áirithiú go n-urramóidh na tairbhithe na tréimhsí ama.

(10)

Níor cheart go ndéanfaí difear le tacaíocht airgeadais an Aontais d'aistriú táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas i gcomhréir le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ná d'onnmhairiú táirgí, trealaimh nó teicneolaíochtaí cosanta. Níor cheart ach oiread go ndéanfadh sé difear do rogha na mBallstát maidir le beartas i ndáil leis an aistriú laistigh den Aontas agus onnmhairiú na dtáirgí sin, lena n-áirítear i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata a leagtar síos i gComhsheasamh 2008/944/CFSP ón gComhairle (6).

(11)

Ós rud é gurb é cuspóir an Chláir tacú le hiomaíochas agus le héifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais tríd an riosca a bhaint de chéim forbartha na dtionscadal comhair, ba cheart bearta maidir le forbairt táirge nó teicneolaíochta cosanta, eadhon staidéir féidearthachta agus bearta tacaíochta eile, dearadh (lena n-áirítear na sonraíochtaí teicniúla ar a bhfuil an dearadh bunaithe), fréamhshamhaltú, tástáil, cáiliú, agus deimhniú córas agus le héifeachtúlacht a mhéadú thar saolré táirge nó teicneolaíochta cosanta, ba cheart na bearta sin a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. Beidh uasghrádú na dteicneolaíochtaí agus na dtáirgí cosanta atá ann cheana, lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht, incháilithe freisin chun cistiú a fháil faoin gClár. Bearta maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana féin a uasghrádú, níor cheart dóibh a bheith incháilithe ach amháin nuair nach mbíonn an fhaisnéis réamhbheitheach is gá chun an beart a dhéanamh faoi réir aon srianta a d'fhágfadh bac ar chumas an beart a dhéanamh.

(12)

Ós rud é gurb é is aidhm leis an gClár comhar idir gnóthais ar fud na mBallstát a fheabhsú, níor cheart beart a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár ach amháin má dhéanann cuibhreannas trí ghnóthas ar a laghad atá lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla an beart sin.

(13)

De bhrí a dheacra a bhí sé sonraíochtaí comhchoiteanna nó caighdeáin chomhchoiteanna teicniúla a chomhaontú, ba mhinic a chuirtí srian ar an gcomhar trasteorann idir gnóthais maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a fhorbairt. Is é a tháinig as éagmais nó easpa sonraíochtaí comhchoiteanna nó caighdeáin chomhchoiteanna teicniúla méadú ar chastacht, moill agus costais bhoilscithe ar an gcéim forbartha. Maidir le bearta a bhfuil leibhéal níos airde um ullmhacht teicneolaíochta ag baint leo, ba cheart comhaontú maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a bheith ina choinníoll príomha chun bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. Ba cheart staidéir féidearthachta agus bearta a bhfuil mar aidhm acu tacú le sonraíochtaí teicniúla nó le caighdeáin theicniúla comhchoiteann a bhunú a bheith incháilithe freisin chun cistiú a fháil faoin gClár.

(14)

D'fhonn a áirithiú, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go n-urramaítear oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát, níor cheart do bhearta a bhaineann le táirgí nó le teicneolaíochtaí a ndéantar a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh a thoirmeasc faoin dlí idirnáisiúnta a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. Chuige sin, na bearta i ndáil le táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta nua a fhorbairt, amhail na cinn sin a dheartar go sonrach chun imbhuailtí marfacha a chur i gcrích gan aon rialú ag an duine ar na cinntí rannpháirtíochta, ba cheart go mbeadh incháilitheacht na mbeart sin faoi réir forbairtí sa dlí idirnáisiúnta freisin.

(15)

Ós rud é go bhfuil an Clár dírithe ar iomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, níor cheart ach eintitis atá bunaithe san Aontas agus eintitis nach bhfuil faoi réir rialaithe ag tríú tír nó eintitis tríú tír, agus na heintitis sin amháin, a bheith incháilithe i bprionsabal do chistiú. Ina theannta sin, d'fhonn cosaint leasanna slándála agus cosanta riachtanacha an Aontais agus na mBallstát a áirithiú, ba cheart an bonneagar, na háiseanna, na sócmhainní agus na hacmhainní arna n-úsáid ag tairbhithe nó fochonraitheoirí i mbearta a ndéantar cistiú orthu faoin gClár a bheith lonnaithe ar chríoch tríú tír.

(16)

I gcúinsí áirithe, ba cheart go mbeadh sé indéanta maolú ón bprionsabal nach bhfuil tairbhithe ná fochonraitheoirí a bhaineann leis an mbeart faoi réir rialú ag tríú tír ná eintitis tríú tír. Sa chomhthéacs sin, maidir le gnóthais atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír nó ag eintitis tríú tír, ba cheart go mbeadh gnóthais den chineál sin a bheith in ann a bheith incháilithe do chistiú ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha ábhartha diana a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a chuid Ballstát mar a bunaíodh i gcreat an chomhbheartais eachtraigh agus slándála de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear maidir le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú. Níor cheart go sárófaí cuspóirí an Chláir le rannpháirtíocht na ngnóthas sin. Ba cheart do na tairbhithe an fhaisnéis uile is ábhartha faoin mbonneagar, na háiseanna, na sócmhainní agus na hacmhainní atá le húsáid sa bheart a sholáthar. Ba cheart go n-áireofaí ábhair imní na mBallstát maidir le slándáil an tsoláthair.

(17)

Ba cheart freisin go mbeadh comhar idir tairbhithe agus bhfochonraitheoirí agus gnóthais atá bunaithe i dtríú tír nó arna rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, faoi réir coinníollacha ábhartha a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais gona Bhallstáit. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go mbeadh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tíortha ná ag eintitis eile tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le feidhmiú an bhirt. Údaraítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis na rialacha slándála ábhartha is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus le faisnéis arna haicmiú i gcomhréir le haicmiú náisiúnta slándála.

(18)

D'áiritheofaí le bearta incháilithe arna bhforbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha i gcreat institiúideach an Aontais comhar feabhsaithe idir gnóthais sna Ballstáit éagsúla ar bhonn leanúnach agus, ar an dóigh sin, rannchuideoidís go díreach le cuspóirí an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí den chineál sin i dteideal ráta cistiúcháin méadaithe a fháil. Bearta incháilithe a forbraíodh le leibhéal iomchuí rannpháirtíochta cuideachtaí meánchaipitlithe agus FBManna, agus go háirithe le FBManna trasteorann, tacaíonn siad le slabhraí soláthair a oscailt agus cuireann siad le cuspóirí an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith incháilithe le haghaidh ráta méadaithe cistiúcháin, lena n-áirítear ráta mar chúiteamh ar an mbaol méadaithe agus ar an ualach riaracháin méadaithe.

(19)

I gcás inar mian le cuibhreannas a bheith rannpháirteach i mbeart incháilithe faoin gClár agus ina bhfuil cúnamh airgeadais an Aontais le tabhairt i bhfoirm deontais, ba cheart don chuibhreannas duine dá chomhaltaí a cheapadh mar chomhordaitheoir. Ba cheart don chomhordaitheoir a bheith ina phríomhdhuine teagmhála leis an gCoimisiún.

(20)

Ba cheart go gcumasódh, trí nuálaíocht agus trí fhorbairt theicneolaíoch a chur chun cinn i dtionscal cosanta an Aontais, scileanna agus fios gnó thionscal cosanta an Aontais a choinneáil agus a fhorbairt agus ba cheart go gcuideofaí lena neamhspleáchas teicneolaíoch agus tionsclaíoch a neartú. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh an Clár cuidiú leis na cásanna a shainaithint ina bhfuil an tAontas spleách ar thríú tíortha agus táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta á bhforbairt. Ba cheart go ndéanfaí cur chun cinn nuálaíocht agus forbairt theicneolaíoch den sórt sin ar bhealach a thagann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais. Dá réir sin, i dtaca le rannchuidiú an bhirt sin leis na leasanna sin agus leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, ba cheart an rannchuidiú sin a bheith ina chritéar dámhachtana. Laistigh den Aontas, déantar tosaíochtaí maidir le cumas cosanta comhchoiteanna a shainaithint go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas. Le próisis eile an Aontais, amhail an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint agus an Buanchomhar Struchtúrtha, tacófar le cur chun feidhme na dtosaíochtaí ábhartha trí chomhar feabhsaithe. I gcás inarb iomchuí, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear na tosaíochtaí i gcomhthéacs ECAT, a chur san áireamh freisin, ar choinníoll go bhfónfaidh siad do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus nach gcuirfidh siad bac ar aon Bhallstát ó pháirt a ghlacadh, agus é á chur san áireamh freisin an gá atá ann go seachnófar dúbláil gan ghá.

(21)

Bíonn na Ballstáit ag obair ina n-aonair agus go comhpháirteach ar fhorbairt, ar tháirgeadh agus ar úsáid oibríochtúil aerárthaí, feithiclí agus soithí gan foireann. Is é atá i gceist leis an úsáid oibríochtúil sa chomhthéacs seo ná imbhuailtí a dhéanamh ar spriocanna míleata. Tugadh tacaíocht, le cistí an Aontais, don taighde agus don fhorbairt a bhaineann le forbairt córas den sórt sin, córas míleata agus córas sibhialtach araon san áireamh. Beartaítear go leanfar ar aghaidh leis sin, b'fhéidir faoin gClár seo freisin. Níor cheart go gcuirfí aon chuid den Rialachán seo ina bhac ar úsáid dhlisteanach táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta arna bhforbairt faoin gClár.

(22)

Chun a áirithiú go bhfuil na bearta a ndéantar cistiú orthu inmharthana, ba cheart go mbunófaí gealltanas na mBallstát rannchuidiú go héifeachtach leis an mbeart a mhaoiniú i scríbhinn mar shampla trí litir intinne ó na Ballstáit lena mbaineann.

(23)

Chun a áirithiú go rannchuidíonn na bearta a ndéantar cistiú orthu le hiomaíochas agus éifeachtúlacht an tionscail chosanta Eorpaigh, ba cheart iad a bheith dírithe ar an margadh, éileamh-bhunaithe agus inmharthana ó thaobh na tráchtála de ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach, lena n-áirítear le haghaidh teicneolaíochtaí dé-úsáide. Dá bhrí sin, ba cheart a chur san áireamh sna critéir incháilitheachta má tá sé beartaithe ag na Ballstáit cheana féin an táirge cosanta deiridh a sholáthar nó an teicneolaíocht a úsáid, ar bhealach comhordaithe, b'fhéidir, agus ba cheart a chur san áireamh sna critéir dhámhachtana má gheallann na Ballstáit trí ghealltanas polaitiúil nó dlíthiúil an táirge deiridh nó an teicneolaíocht cosanta deiridh a úsáid, a chothabháil nó é a bheith faoina n-úinéireacht go comhpháirteach.

(24)

Ba cheart na critéir dhámhachtana go léir a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh ar bhearta a mholtar do chistiú faoin gClár. Ós rud é nach bhfuil na critéir sin díbreach, níor cheart go n-eisiafaí go huathoibríoch bearta a bheartaítear nach gcomhlíonann ceann amháin de na critéir sin nó roinnt díobh.

(25)

Ní ceart go rachadh cúnamh airgeadais an Aontais faoin gClár thar 20 % de chostas incháilithe an bhirt i gcás ina mbainfidh sé le fréamhshamhaltú córas, ar minic é ar an mbeart is costasaí le linn na céime forbartha. Ba cheart go mbeadh sé indéanta áfach, iomlán na gcostas incháilithe ar bhearta eile le linn na céime forbartha a chumhdach. Sa dá chás, ba cheart costais incháilithe a thuiscint de réir bhrí Airteagal 126 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(26)

Ós rud é gur cheart don Chlár gníomhaíochtaí taighde a chomhlánú, go háirithe i réimse na cosanta, agus ar mhaithe le comhsheasmhacht agus le simpliú riaracháin, ba cheart na rialacha céanna is atá in Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta agus ar Fís 2020: an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) (’Fís 2020’) a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir ar an gClár. Is iomchuí, dá bhrí sin, íocaíochtaí indíreacha a aisíoc de réir ráta comhréidh 25 % mar a dhéantar faoin Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta agus faoi Fís 2020.

(27)

Ós rud é go bhféachtar, trí bhíthin na tacaíochta a fhaightear ón Aontas, le hiomaíochas na hearnála cosanta a fheabhsú agus nach mbaineann an tacaíocht sin ach leis an gcéim forbartha shonrach, níor cheart úinéireacht ná cearta maoine intleachtúla a bheith ag an Aontas ar na táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta a thiocfaidh as bearta cistithe. Beidh an córas is infheidhme maidir le cearta maoine intleachtúla a chomhaontú ag na tairbhithe go conarthach. Ba cheart do na Ballstáit leasmhara an deis a bheith acu freisin a bheith rannpháirteach i soláthar leantach comhoibritheach. Thairis sin, níor cheart go mbeadh torthaí na mbeart a ndéantar cistiú orthu faoin gClár faoi réir rialála nó srianta ag tríú tír ná ag eintiteas tríú tír.

(28)

Ba cheart don Choimisiún clár oibre dhá bhliain a chruthú i gcomhréir le cuspóirí an Chláir. Ba cheart catagóirí na dtionscadal a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár a leagan amach go mionsonrach sa chlár oibre, lena n-áirítear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta amhail córais chianrialaithe, cumarsáid satailíte, suíomh, loingseoireacht agus uainiú, rochtain féinrialaitheach ar an mbuanbhreathnóireacht spáis agus talaimh, inbhuanaitheacht fuinnimh, cibearshlándáil agus slándáil mhuirí, mar aon le cumais mhíleata ardleibhéil sna réimsí aeir, talaimh, muirí agus sa réimse chomhpháirteach, lena n-áirítear feasacht níos fearr ar dhálaí, cosaint, soghluaisteacht, lóistíocht agus tacaíocht leighis agus cumasóirí straitéiseacha.

(29)

Ba cheart don Choimisiún cúnamh a fháil ó choiste Ballstát (“coiste”) chun an clár oibre a chruthú. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu laistigh den choiste. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhformáid saineolaithe náisiúnta um chosaint chun cúnamh sonrach a chur ar fáil don Choimisiún. Is faoi na Ballstáit féin atá sé a gcuid ionadaithe a ainmniú don choiste sin. Ba cheart go dtabharfaí deiseanna luatha éifeachtacha do chomhaltaí an Choiste chun na dréachtghníomhartha cur chun feidhme a scrúdú agus chun a dtuairimí a chur in iúl.

(30)

I bhfianaise a thábhachtaí atá beartas an Aontais maidir le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) i dtaca le fás eacnamaíoch, nuálaíocht, cruthú post, agus comhtháthú sóisialta san Aontas a áirithiú agus ó tharla gur gnách go mbíonn comhar trasnáisiúnta de dhíth ar na bearta dá dtabharfar tacaíocht, is den tábhacht go ndéantar rochtain agus rannpháirtíocht oscailte thrédhearcach trasteorann FBManna den chineál sin a léiriú agus a chumasú agus go dtéann 10 % ar a laghad den bhuiséad iomlán chun tairbhe beart den chineál sin, rud a chuirfidh ar chumas FBManna a bheith cuimsithe i slabhraí luacha na mbeart. Ba cheart catagóir tionscadal a thiomnú go sonrach do FBManna.

(31)

Chun a áirithiú go mbeidh rath ar an gClár, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh idirphlé a bheith aige i gcónaí le lucht tionscail na hEorpa, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus soláthraithe neamhthraidisiúnta don earnáil chosanta.

(32)

D'fhonn leas a bhaint as a saineolas in earnáil na cosanta, agus i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a thugtar di leis an CAE, ba cheart cuireadh a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint feidhmiú mar bhreathnóir ar choiste. Ba cheart cuireadh a thabhairt freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt.

(33)

Mar riail ghinearálta, maidir le roghnú na mbeart a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár, ba cheart don Choimisiún, nó do na heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, glaonna iomaíocha a eagrú mar a fhoráiltear sa Rialachán sin agus a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta riaracháin á gcoimeád chomh simplí agus is féidir agus gan ach an méid íosta costas breise a thabhú. Mar sin féin, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus in imthosca eisceachtúla, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin i gcomhréir le hAirteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (7).

(34)

Tar éis na tograí a gheofar a mheas le cabhair saineolaithe neamhspleácha, arb iad na Ballstáit a dhéanfaidh a ndintiúir phearsantaithe a bhailíochtú, roghnóidh an Coimisiún na bearta a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár. Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí de shaineolaithe neamhspleácha a bhunú. Níor cheart an bunachar sonraí a chur ar fáil don phobal. Ba cheart na saineolaithe neamhspleácha sin a cheapadh ar bhonn a scileanna, a dtaithí agus a gcuid eolais, agus na cúraimí a bheidh le sannadh dóibh á gcur san áireamh. A mhéid is féidir, agus na saineolaithe neamhspleácha á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe agus sna painéil meastóireachta a lorg i dtéarmaí scileanna éagsúla, taithí éagsúil agus eolas éagsúil, éagsúlachta geografaí agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse an bhirt. Ba cheart uainíocht iomchuí saineolaithe agus cothromaíocht iomchuí a lorg freisin idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí. Chun dálaí aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an gclár oibre a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus maidir leis an gcistiú a dhámhachtain ar bhearta roghnaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus an dul chun cinn maidir le bearta arna gcistiú.

(35)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin agus na himpleachtaí substaintiúla atá acu maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

(36)

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chur chun feidhme a chur i dtoll a chéile ag deireadh an Chláir, ina ndéanfar a chuid gníomhaíochtaí airgeadais a scrúdú i dtaca le torthaí cur chun feidhme airgeadais agus, i gcás inar féidir é, i dtaca lena thionchar. Ba cheart freisin anailís a dhéanamh sa tuarascáil chur chun feidhme ar rannpháirtíocht trasteorann FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár chomh maith le rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis maidir le tionscnamh na dtairbhithe agus dáileadh chearta maoine intleachtúla a ghintear a bheith sa tuarascáil freisin.

(37)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

(38)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an Clár chun cinn chomh forleathan agus is féidir d'fhonn cur lena éifeachtacht agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar iomaíochas an tionscail cosanta agus ar chumais cosanta na mBallstát.

(39)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise na gcostas agus na rioscaí gaolmhara, ach gur féidir na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (an “Clár”) i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “córas fréamhshamhaltaithe” múnla de tháirge nó de theicneolaíocht lenar féidir feidhmíocht a léiriú i dtimpeallacht oibríochtúil;

(2)

ciallaíonn “cáilíocht” an próiseas iomlán lena léirítear go gcomhlíonann dearadh táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe na ceanglais a shonraítear, agus fianaise oibiachtúil á soláthar trína léirítear gur comhlíonadh na ceanglais áirithe i dtaca leis an dearadh;

(3)

ciallaíonn “deimhniú” an próiseas trína ndeimhníonn údarás náisiúnta go gcomhlíonann an táirge cosanta, an chomhpháirt nó an teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe na rialacháin is infheidhme;

(4)

ciallaíonn “gnóthas” eintiteas, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an gcaoi a maoinítear é, a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, agus atá bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil sé ionchorpraithe, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin;

(5)

ciallaíonn “struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin” comhlacht aon ghnóthais, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a bhfuil an chumhacht aici straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an ghnóthais a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta;

(6)

ciallaíonn “eintiteas tríú tír” eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil sé bunaithe san Aontas, a bhfuil a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin lonnaithe i dtríú tír;

(7)

ciallaíonn “rialú” an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas go díreach, nó go hindíreach, trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó;

(8)

ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó “FBManna” fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9);

(9)

ciallaíonn “cuideacht meánchaipitlithe” fiontar nach FBM é agus a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu nuair a ríomhtar líon na foirne i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(10)

ciallaíonn “cuibhreannas” grúpáil chomhoibríoch de ghnóthais a chruthaítear chun beart a dhéanamh faoin gClár seo.

Airteagal 3

Cuspóirí

Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gClár:

(a)

cumas iomaíochais, éifeachtúlacht agus nuálaíochta an tionscail cosanta a chothú ar fud an Aontais, rud a rannchuideoidh le huathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh trí thacú le bearta le linn a gcéime forbartha;

(b)

tacú le comhoibriú agus é a ghiaráil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, idir gnóthais, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, ar fud an Aontais, chomh maith le comhar idir Ballstáit, i bhforbairt táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta, agus gastacht slabhraí soláthair agus slabhraí luacha na cosanta á neartú agus á bhfeabhsú, agus caighdeánú agus idir-inoibritheacht na gcóras cosanta á gcothú.

Déanfar comhar den sórt sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Forbartha Cumas.

Sa chomhthéacs sin, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a chur san áireamh i gcás inarb iomchuí, nuair a bheidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais, mar a chinntear faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála iad, agus é á chur san áireamh gur gá dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, agus i gcás inarb infheidhme, nuair nach gcuireann siad bac ar aon Bhallstát a bheith rannpháirteach;

(c)

saothrú níos fearr a chothú maidir le torthaí an taighde sa chosaint agus rannchuidiú leis an bhforbairt tar éis na céime taighde agus, dá bhrí sin, tacú le hiomaíochas thionscal cosanta na hEorpa i ndáil leis an margadh inmheánach agus le margadh an domhain mhóir, lena n-áirítear trí chomhdhlúthú i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Buiséad

Is é EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 5

Forálacha ginearálta maoinithe

1.   Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil trí na cineálacha maoiniúcháin a bheartaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe deontais agus, i gcásanna eisceachtúla, soláthar poiblí.

2.   Na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i mír 1 agus na modhanna cur chun feidhme, déanfar iad a roghnú ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na mbeart a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach, agus costais rialaithe, an t-ualach riaracháin, agus an baol gurb ann do choinbhleachtaí leasa, go háirithe, á gcur san áireamh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na n-eintiteas a liostaítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, bainisteoir tionscadail a cheapadh. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mbainisteoir tionscadail maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an mbeart sula ndéanfaidh sé an íocaíocht leis na tairbhithe incháilithe.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Leis an gClár, cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tairbhithe sa chéim forbartha, lena gcumhdaítear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua agus uasghrádú táirgí agus teicneolaíochtaí atá ann cheana, ar choinníoll nach bhfuil úsáid na faisnéise a bhí ann roimhe agus is gá chun an t-uasghrádú a dhéanamh faoi réir srianadh ó thríú tír nó ó eintiteas tríú tír, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná ceann amháin.

Beidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas i gceist le beart incháilithe:

(a)

staidéir, amhail staidéir féidearthachta, agus bearta eile a ghabhann leo;

(b)

táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a dhearadh mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla ar a ndearnadh dearadh den chineál sin a fhorbairt, lena n-áirítear tástálacha páirteacha le riosca a laghdú i dtimpeallacht thionsclaíoch nó ionadaíoch;

(c)

córas fréamhshamhaltaithe táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe;

(d)

táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a thástáil;

(e)

táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a cháiliú;

(f)

táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a dheimhniú;

(g)

forbairt na dteicneolaíochtaí nó na sócmhainní lena méadaítear éifeachtúlacht feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta.

2.   Déanfar an beart dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le gnóthais a bheidh ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina mbeidh trí eintiteas incháilithe, ar a laghad, atá bunaithe i dtrí Bhallstát dhifriúla ar a laghad. I gcás trí cinn, ar a laghad, de na heintitis incháilithe sin a bheidh bunaithe in dhá Bhallstát dhifriúla, ar a laghad, ní bheidh siad á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas céanna, ná ní rialóidh siad a chéile.

3.   Tabharfaidh cuibhreannais dá dtagraítear i mír 2 cruthúnas ar a n-inmharthanacht trína léiriú go gcumhdófar costais an bhirt nach gcumhdaítear leis an tacaíocht ón Aontas trí bhíthin bealaí maoiniúcháin eile, amhail ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

4.   Maidir le bearta dá dtagraítear i bpointí (c) go (g) de mhír 1, soláthróidh na cuibhreannais cruthúnas i leith an rannchuidiú a dhéanann siad le hiomaíochas an tionscail cosanta Eorpaigh trína léiriú go bhfuil sé de rún ag dhá Bhallstát ar a laghad an táirge a cheannach nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear trí mheán soláthar comhpháirteach i gcás inarb infheidhme.

5.   Bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, beidh siad bunaithe ar na ceanglais choiteanna arna gcomhaontú go comhpháirteach ag dhá Bhallstát ar a laghad. Bearta dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (g) de mhír 1, beidh siad bunaithe ar shonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla arna gcomhaontú go comhpháirteach ag na Ballstáit a chomhmhaoineoidh an táirge nó a mbeidh de rún acu an táirge a cheannach trí mheán soláthar comhpháirteach nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid go comhpháirteach, mar a thagraítear dó i mír 3 agus i mír 4, ionas gur fearr de caighdeánú agus idir-inoibritheacht na gcóras.

6.   Bearta chun táirgí agus teicneolaíochtaí a fhorbairt, a bhfuil a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh faoi thoirmeasc faoin dlí idirnáisiúnta, ní bheidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Gnóthais phoiblí nó gnóthais phríobháideacha atá bunaithe san Aontas a bheidh sna tairbhithe agus sna fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart.

2.   Bonneagar, áiseanna, sócmhainní agus acmhainní na dtairbhithe agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart arna n-úsáid chun críocha na mbeart a chistítear faoin gClár, beidh siad lonnaithe ar chríoch an Aontais ar feadh thréimhse iomlán an bhirt, agus beidh a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin bunaithe laistigh den Aontas.

3.   Chun críocha na mbeart a chistítear faoin gClár, ní bheidh na tairbhithe agus na fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart faoi réir rialú tríú tír ná eintiteas tríú tír.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, agus faoi réír Airteagal 15(2), beidh gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír incháilithe mar thairbhí nó mar fhochonraitheoir a bhaineann leis an mbeart, ach amháin más rud é go gcuirtear ar fáil don Choimisiún ráthaíochtaí arna bhformheas ag an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe, i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta náisiúnta. Féadtar tagairt a dhéanamh sna ráthaíochtaí do struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an ghnóthais atá bunaithe san Aontas. Más iomchuí leis an mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe, d'fhéadfadh na rathaíochtaí sin tagairt a dhéanamh freisin do chearta sonracha rialtasacha i rialú an ghnóthais.

Soláthrófar sna ráthaíochtaí sin na dearbhuithe nach sárófar rannpháirtíocht i mbeart de ghnóthas den sórt sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit mar a bhunaítear i gcreat an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála de bhun Teideal V de CFAE, ná cuspóirí an Chláir ach oiread mar a leagtar amach in Airteagal 3 iad. Comhlíonfaidh na ráthaíochtaí le forálacha Airteagal 12 freisin. Tabharfaidh na ráthaíochtaí go háirithe bunús go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críche an bhirt, lena áirithiú:

(a)

nach feidhmeofar rialú an ghnóthais ar bhealach lena gcuirfí srian nó teorainn lena chumas an beart a chur i ngníomh agus torthaí a bhaint amach, lena gcuirfí teorainn lena bhonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó saineolas is gá chun críche an bhirt, nó lena mbainfí dá chumais agus na caighdeáin is gá chun an beart a chur i ngníomh;

(b)

go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír ar fhaisnéis íogair a bhaineann leis an mbeart agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an mbeart i gcás inarb iomchuí;

(c)

go bhfanann úinéireacht na maoine intleachtúla a thiocfaidh ón mbeart, agus torthaí an bhirt, laistigh den tairbhí le linn an bhirt agus tar éis don bheart a bheith curtha i gcrích agus ní bheidh siad faoi réir rialú nó srianadh tríú tír nó eintiteas tríú tír, agus ní fhéadfar iad a onnmhairiú lasmuigh den Aontas agus ní dheonófar rochtain don mhaoin intleachtúil sin nó na torthaí ón taobh amuigh den Aontas gan cead an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas bunaithe agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Má mheasfar gurb iomchuí é leis an mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe, féadfar ráthaíochtaí breise a chur ar fáil.

Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 13 ar an eolas faoi aon ghnóthas eile a mheasfar a bheith incháilithe i gcomhréir leis an mír seo.

5.   I gcás nach bhfuil ionadaithe iomaíocha ar fáil go héasca san Aontas, is féidir le tairbhithe agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart úsáid a bhaint as a sócmhainní, a mbonneagar, a n-áiseanna agus a n-acmhainní atá lonnaithe nó coinnithe lasmuigh de chríoch na mBallstát ar choinníoll nach sárófaí leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit leis an úsáid sin, go bhfuil sé sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chláir agus go mbeidh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 12.

Ní bheidh costais na mbeart sin incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

6.   Tráth a mbeidh beart incháilithe á chur i ngníomh acu, féadfaidh tairbhithe agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart comhoibriú freisin le gnóthais atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó atá á rialú ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír, lena n-áirítear trína gcuid sócmhainní, bonneagair, áiseanna agus acmhainní do na gnóthais sin a úsáid, ar choinníoll nach sáródh a leithéid leasanna slándála agus cosanta an Aontais a Bhallstát. Beidh comhar den sórt sin comhsheasmhach leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus beidh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 12.

Ní bheidh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tír nó eintiteas eile tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le cur i ngníomh an bhirt agus seachnófar éifeachtaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le slándáil sholáthar na n-ionchur atá riachtanach don bheart.

Ní bheidh costais na mbeart sin incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

7.   Cuirfidh na tairbhithe an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na critéir incháilitheachta. I gcás ina dtarlódh athrú le linn don bheart a bheith á dhéanamh lena bhféadfaí amhras a chaitheamh ar na critéir incháilitheachta a bheith á gcomhlíonadh, cuirfidh an gnóthas an Coimisiún ar an eolas agus measúnóidh an Coimisiún an leantar de na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh agus féachfaidh sé an bhféadfadh sé sin aon tionchar a imirt ar chistiú an bhirt.

8.   Chun críocha an Airteagail seo, le fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart, tagraítear d'fhochonraitheoirí a bhfuil gaol conarthach díreach acu le tairbhí eile, fochonraitheoirí eile dá bhfuil ar a laghad 10 % de chostas iomlán incháilithe an bhirt á shannadh, agus fochonraitheoirí a bhféadfadh sé go dteastódh rochtain uathu ar fhaisnéis rúnaicmithe d'fhonn an conradh a chur i gcrích.

Airteagal 8

Dearbhú arna dhéanamh ag na gnóthais

Gach gnóthas laistigh de chuibhreannas ar mian leis a bheith rannpháirteach i mbeart, dearbhóidh sé, le ráiteas scríofa, go bhfuil sé eolach go hiomlán ar an dlí náisiúnta agus ar dhlí an Aontais maidir le gníomhaíochtaí i réimse na cosanta agus go bhfuil sé i gcomhréir leo.

Airteagal 9

Cuibhreannas

1.   I gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais ar fáil trí bhíthin deontas, déanfaidh comhaltaí an chuibhreannais comhalta dá gcomhaltaí a cheapadh chun gníomhú mar chomhordaitheoir. Déanfar an comhordaitheoir a aithint sa chomhaontú deontais. Beidh an comhordaitheoir ina phríomhtheagmhálaí le comhaltaí an chuibhreannais maidir le caidreamh leis an gCoimisiún agus leis an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha, mura sonraítear a mhalairt sa chomhaontú deontais nó i gcás nach gcomhlíonfar a oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais.

2.   Comhaltaí cuibhreannais atá rannpháirteach i mbeart, tabharfaidh siad comhaontú inmheánach i gcrích lena mbunófar a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir leis an mbeart a dhéanamh (i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais), ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina bhforáiltear dóibh sa chlár oibre nó sa ghlao ar thograí. Leis an gcomhaontú inmheánach, áireofar freisin socruithe maidir le ceart maoine intleachtúla a bhaineann leis na táirgí agus na teicneolaíochtaí arna bhforbairt.

Airteagal 10

Critéir dhámhachtana

Déanfar meastóireacht ar bhearta a bhfuil sé i gceist iad a chistiú faoin gClár ar bhonn gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a)

an rannchuidiú leis an sármhaitheas, go háirithe trína léiriú go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an mbeart atá á mholadh thar táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana;

(b)

an rannchuidiú leis an nuálaíocht, go háirithe trína léiriú go ndéanfar coincheapa nó cuir chuige ceannródaíocha nó nuálacha, feabhsúcháin theicneolaíocha nua, a bhfuil gealadh fúthu, don todhchaí nó feidhmiú teicneolaíochtaí nó coincheap nár feidhmíodh cheana san earnáil cosanta a áireamh ar an mbeart atá á mholadh;

(c)

an rannchuidiú le hiomaíochas agus fás na ngnóthas cosanta ar fud an Aontais, go háirithe trí dheiseanna nua margaidh a chruthú;

(d)

an rannchuidiú le neamhspleáchas tionsclaíoch an tionscail cosanta Eorpaigh agus le leasanna slándála agus cosanta an Aontais trí fheabhas a chur ar tháirgí nó ar theicneolaíochtaí cosanta i gcomhréir le tosaíochtaí na gcumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Forbartha Cumas, agus, i gcás inarb iomchuí, tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, ar choinníoll go mbeidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus nach ndéanann siad féidearthacht rannpháirtíochta aon Bhallstáit a eisiamh;

(e)

an chuid de bhuiséad iomlán an bhirt atá le sannadh do rannpháirtíocht FBManna atá bunaithe san Aontas agus lena gcothaítear breisluach tionsclaíoch nó teicneolaíoch, agus iad mar chomhaltaí den chuibhreannas, mar fhochonraitheoirí nó mar ghnóthais eile sa slabhra soláthair, agus go háirithe an chuid de bhuiséad iomlán an bhirt atá le sannadh do FBManna atá bunaithe i mBallstáit seachas na Ballstáit sin ina bhfuil na gnóthais sa chuibhreannas nach FBManna iad bunaithe;

(f)

maidir le bearta dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d'Airteagal 6(1), an rannchuidiú le comhtháthú breise an tionscail cosanta Eorpaigh tríd an léiriú ó na tairbhithe go bhfuil de rún ag na Ballstáit an táirge nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, a cheannach nó a choinneáil.

I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh an rannchuidiú le méadú na héifeachtúlachta feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear costéifeachtacht agus an acmhainneacht do shineirgí sa phróiseas soláthair agus cothabhála maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír.

Airteagal 11

Rátaí cistiúcháin

1.   Ní rachaidh cúnamh airgeadais an Aontais a chuirtear ar fáil faoin gClár thar 20 % de chostas incháilithe an bhirt dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(1). I ngach cás eile, d'fhéadfaí suas le costas incháilithe iomlán an bhirt a chumhdach leis an gcúnamh.

2.   Féadfaidh beart dá dtagraítear in Airteagal 6(1), a dhéantar a fhorbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha, tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin arna mhéadú le 10 bpointe céatadáin breise.

3.   Féadfaidh beart dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe, dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír den mhír seo, i gcás ina mbíonn ar a laghad 10 % de chostas iomlán incháilithe an bhirt á shannadh do FBManna atá bunaithe san Aontas.

Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le céatadán chostas incháilithe iomlán beart atá sannta do FBManna atá bunaithe i mBallstáit ina bhfuil na gnóthais sa chuibhreannas nach FBManna iad bunaithe.

Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le dhá oiread chéatadán chostas incháilithe iomlán beart atá sannta do FBManna atá bunaithe i mBallstáit seachas iad siúd dá dtagraítear sa dara fomhír.

4.   Féadfaidh beart dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe de 10 bpointe céatadáin i gcás ina mbíonn ar a laghad 15 % de chostas iomlán incháilithe an bhirt á shannadh do chuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe san Aontas.

5.   Cinnfear na costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh a fheidhmiú de 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta.

6.   Ní mó ná 35 phointe céatadáin a bheidh an méadú foriomlán ar ráta cistiúcháin an bhirt tar éis do mhíreanna 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm.

7.   An cúnamh airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil faoin gClár, lena n-áirítear méadú ar rátaí cistiúcháin, ní chuimseofar leis an gcúnamh sin níos mó ná 100 % de chostas incháilithe an bhirt.

Airteagal 12

Úinéireacht agus Cearta Maoine Intleachtúla

1.   Ní bheidh na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thiocfaidh as an mbeart faoi úinéireacht an Aontais agus ní bheidh éileamh aige i dtaca le cearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an mbeart.

2.   Na bearta a fhaigheann cistiú faoin gClár, ní bheidh a dtorthaí faoi réir rialú nó srianadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, lena n-áirítear i dtéarmaí aistriú teicneolaíochta.

3.   Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do lánrogha na mBallstát i ndáil leis an mbeartas maidir le honnmhairiú na dtáirgí a bhaineann leis an gcosaint.

4.   Maidir le torthaí arna nginiúint ag tairbhithe a fuair cistiú faoin gClár agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear in iúl don Choimisiún aon aistriú úinéireachta chuig tríú tír nó chuig eintiteas tríú tír. Má dhéanann aistriú úinéireachta den sórt sin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a shárú, aisíocfar an cistiú arna chur ar fáil faoin gClár.

5.   Más mar sholáthar poiblí maidir le staidéar a dhéanamh a chuireann an tAontas cúnamh ar fáil, beidh an ceart ag gach Ballstát ceadúnas neamheisiach a fháil, in aisce, lena mbeidh siad in ann an staidéar sin a úsáid, ach sin a iarraidh i scríbhinn.

Airteagal 13

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a bheith ann lena barúlacha agus a saineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Tabharfar cuireadh freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt.

Tiocfaidh an coiste le chéile freisin i bhfoirmíochtaí speisialta, lena n-áirítear chun plé a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le cúrsaí cosanta.

2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Clár oibre

1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, clár oibre dhá bhliain. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Beidh an clár oibre i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.   Sa chlár oibre, leagfar amach go mionsonrach na catagóirí tionscadail a chisteofar faoin gClár. Beidh na catagóirí sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3.

Cumhdóidh na catagóirí sin cumais i ndáil le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nuálacha sna réimsí seo a leanas:

(a)

ullmhúchán, cosaint, úsáid agus inbhuanaitheacht;

(b)

bainistiú, barrfheabhas agus ceannas faisnéise, rialú, cumarsáid, ríomhairí, faisnéis, faireachas agus taiscéalaíocht, (C4ISR) an chibearchosaint agus an chibearshlándáil; agus

(c)

gleic agus éifeachtóirí.

Áireofar sa chlár oibre freisin catagóir tionscadal atá tiomanta go sonrach do FBManna.

3.   Áiritheofar leis an gclár oibre go rachaidh ar a laghad 10 % den bhuiséad iomlán chun tairbhe rannpháirtíocht FBManna trasteorann.

Airteagal 15

Nós imeachta meastóireachta agus dámhachtana

1.   Agus an Clár á chur chun feidhme, déanfar cistiú an Aontais a dheonú tar éis glaonna iomaíocha a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012. In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin i gcomhréir le hAirteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tograí a thíolacfar tar éis an ghlao ar thograí, ar bhonn na gcritéar incháilitheachta agus dámhachtana a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 10.

Cabhróidh saineolaithe neamhspleácha, a bhfuil a sonraí aitheantais slándála bailíochtaithe ag na Ballstáit, leis an gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta dámhachtana. Náisiúnaigh de cuid an Aontais a bheidh sna saineolaithe sin, ón raon Ballstát is leithne is féidir, agus iad roghnaithe ar bhonn glaonna ar iarratais, d'fhonn bunachar sonraí iarratasóirí a bhunú.

An Coiste dá dtagraítear in Airteagal 13, cuirfear ar an eolas go bliantúil é maidir leis an liosta saineolaithe sa bhunachar sonraí, ar mhaithe le trédhearcacht dhintiúir na saineolaithe. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach ndéanfaidh saineolaithe meastóireacht, comhairleoireacht nó cabhrú i ndáil le hábhair ina bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cistiú a dhámhachtain ar na bearta a roghnófar tar éis gach glao nó tar éis Airteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 a fheidhmiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 16

Tráthchodanna bliantúla

Féadfaidh an Coimisiún gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla.

Article 17

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar chur chun feidhme an chláir agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil isteach maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 38(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá.

2.   Chun tacú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht bhearta an Aontais a fheabhsú sa todhchaí, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil mheastóireachta shiarghabhálach a tharraingt suas agus cuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Déanfaidh an tuarascáil cur le comhairliúcháin ábhartha leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí tábhachtacha, agus déanfaidh sí measúnú go háirithe ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfar anailís sa tuarascáil freisin ar rannpháirtíocht trasteorann, lena n-áirítear rannpháirtíocht FBManna, agus cuideachtaí meánchaipitlithe, i mbearta arna ndéanamh faoin gClár chomh maith le comhtháthú FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda. Beidh faisnéis sa tuarascáil freisin maidir le tíortha tionscnaimh na dtairbhithe agus, i gcás inar féidir, dáileadh na gceart maoine intleachtúla arna nginiúint.

Airteagal 18

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Nuair a chuirfear chun feidhme bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar leasa airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta, an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe ar thángthas orthu leo, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11) ón gComhairle, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasa airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a chistítear faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 51.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifiigúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Iúil 2018.

(3)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i dtaca le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009, lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).

(6)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE MAOINIÚ AN CHLÁIR EORPAIGH FORBARTHA TIONSCAL I RÉIMSE NA COSANTA

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, ag comhaontú go ndéanfar an maoiniú ar Chláir Eorpacha Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a chumhdach sna blianta 2019-2020 mar a leanas:

EUR 200 milliún ón gcorrlach gan leithdháileadh;

EUR 116,1 milliún ó CEF;

EUR 3,9 milliún ó Egnos;

EUR 104,1 milliún ó Galileo;

EUR 12 mhilliún ó Copernicus;

EUR 63,9 milliún ó ITER.


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

7.8.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

44


CINNEADH (AE) 2018/1093 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón bhFrainc — EGF/2017/009 FR/Air France

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d'oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)

Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

An 23 Deireadh Fómhair 2017, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun CED a shlógadh i dtaca le hiomarcaíochtaí in Air France sa Fhrainc. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 9 894 483 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Fhrainc isteach.

(5)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun méid EUR 9 894 483 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Iúil 2018.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).