ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
61 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 171 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
6.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2018/946 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Iúil 2018
lena n-ionadaítear Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) liostaítear na hainmneacha a thugtar i ndlí náisiúnta na mBallstát do na himeachtaí dóchmhainneachta agus do na cleachtóirí dócmhainneachta a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo. Liostaítear in Iarscríbhinn A na himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/848 agus liostaítear in Iarscríbhinn B na cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (5) den Airteagal sin. |
(2) |
An 3 Eanáir 2017, thug Poblacht na Cróite fógra don Choimisiún faoi athruithe a rinne sí go gairid ar a dlí dócmhainneachta náisiúnta lenar tugadh isteach cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta. Tá na cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta sin comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar imeachtaí dócmhainneachta faoi Rialachán (AE) 2015/848. |
(3) |
Tar éis don Choimisiún an togra uaidh a thíolacadh, fuair sé tuilleadh fógraí ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht na Cróite, ó Phoblacht na Laitvia agus ó Phoblacht na Portaingéile i ndáil le hathruithe a rinneadh le gairid ar a ndlíthe náisiúnta lenar tugadh isteach cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta nó cleachtóirí dócmhainneachta. Ina theannta sin, thug Ríocht na Beilge fógra don Choimisiún faoi ghlacadh dlí nua lena dtugtar isteach athruithe ar a dlí náisiúnta dócmhainneachta. Tháinig an dlí sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2018. Cloíonn na cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta agus cleachtóirí dócmhainneachta sin leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/848 agus is gá, dá mbarr, leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe, le litir an 15 Samhain 2017, gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2018
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018.
(2) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN A
Imeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 2
BELGIQUE/BELGIË
— |
Het faillissement/La faillite, |
— |
De gerechtelijke reorganisatie door een collectief akkoord/La réorganisation judiciaire par accord collectif, |
— |
De gerechtelijke reorganisatie door een minnelijk akkoord/La réorganisation judiciaire par accord amiable, |
— |
De gerechtelijke reorganisatie door overdracht onder gerechtelijk gezag/La réorganisation judiciaire par transfert sous autorité de justice, |
— |
De collectieve schuldenregeling/Le règlement collectif de dettes, |
— |
De vrijwillige vereffening/La liquidation volontaire, |
— |
De gerechtelijke vereffening/La liquidation judiciaire, |
— |
De voorlopige ontneming van het beheer, als bedoeld in artikel XX.32 van het Wetboek van economisch recht/Le dessaisissement provisoire de la gestion, visé à l'article XX.32 du Code de droit économique, |
БЪЛГАРИЯ
— |
Производство по несъстоятелност, |
— |
Производство по стабилизация на търговеца, |
ČESKÁ REPUBLIKA
— |
Konkurs, |
— |
Reorganizace, |
— |
Oddlužení, |
DEUTSCHLAND
— |
Das Konkursverfahren, |
— |
Das gerichtliche Vergleichsverfahren, |
— |
Das Gesamtvollstreckungsverfahren, |
— |
Das Insolvenzverfahren, |
EESTI
— |
Pankrotimenetlus, |
— |
Võlgade ümberkujundamise menetlus, |
ÉIRE/IRELAND
— |
Compulsory winding-up by the court, |
— |
Bankruptcy, |
— |
The administration in bankruptcy of the estate of persons dying insolvent, |
— |
Winding-up in bankruptcy of partnerships, |
— |
Creditors' voluntary winding-up (with confirmation of a court), |
— |
Arrangements under the control of the court which involve the vesting of all or part of the property of the debtor in the Official Assignee for realisation and distribution, |
— |
Examinership, |
— |
Debt Relief Notice, |
— |
Debt Settlement Arrangement, |
— |
Personal Insolvency Arrangement, |
ΕΛΛΑΔΑ
— |
Η πτώχευση, |
— |
Η ειδική εκκαθάριση εν λειτουργία, |
— |
Σχέδιο αναδιοργάνωσης, |
— |
Απλοποιημένη διαδικασία επί πτωχεύσεων μικρού αντικειμένου, |
— |
Διαδικασία εξυγίανσης, |
ESPAÑA
— |
Concurso, |
— |
Procedimiento de homologación de acuerdos de refinanciación, |
— |
Procedimiento de acuerdos extrajudiciales de pago, |
— |
Procedimiento de negociación pública para la consecución de acuerdos de refinanciación colectivos, acuerdos de refinanciación homologados y propuestas anticipadas de convenio, |
FRANCE
— |
Sauvegarde, |
— |
Sauvegarde accélérée, |
— |
Sauvegarde financière accélérée, |
— |
Redressement judiciaire, |
— |
Liquidation judiciaire, |
HRVATSKA
— |
Stečajni postupak, |
— |
Predstečajni postupak, |
— |
Postupak stečaja potrošača, |
— |
Postupak izvanredne uprave u trgovačkim društvima od sistemskog značaja za Republiku Hrvatsku, |
ITALIA
— |
Fallimento, |
— |
Concordato preventivo, |
— |
Liquidazione coatta amministrativa, |
— |
Amministrazione straordinaria, |
— |
Accordi di ristrutturazione, |
— |
Procedure di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore (accordo o piano), |
— |
Liquidazione dei beni, |
ΚΥΠΡΟΣ
— |
Υποχρεωτική εκκαθάριση από το Δικαστήριο, |
— |
Εκούσια εκκαθάριση από μέλη, |
— |
Εκούσια εκκαθάριση από πιστωτές |
— |
Εκκαθάριση με την εποπτεία του Δικαστηρίου, |
— |
Διάταγμα παραλαβής και πτώχευσης κατόπιν Δικαστικού Διατάγματος, |
— |
Διαχείριση της περιουσίας προσώπων που απεβίωσαν αφερέγγυα, |
LATVIJA
— |
Tiesiskās aizsardzības process, |
— |
Juridiskās personas maksātnespējas process, |
— |
Fiziskās personas maksātnespējas process, |
LIETUVA
— |
Įmonės restruktūrizavimo byla, |
— |
Įmonės bankroto byla, |
— |
Įmonės bankroto procesas ne teismo tvarka, |
— |
Fizinio asmens bankroto procesas, |
LUXEMBOURG
— |
Faillite, |
— |
Gestion contrôlée, |
— |
Concordat préventif de faillite (par abandon d'actif), |
— |
Régime spécial de liquidation du notariat, |
— |
Procédure de règlement collectif des dettes dans le cadre du surendettement, |
MAGYARORSZÁG
— |
Csődeljárás, |
— |
Felszámolási eljárás, |
MALTA
— |
Xoljiment, |
— |
Amministrazzjoni, |
— |
Stralċ volontarju mill-membri jew mill-kredituri, |
— |
Stralċ mill-Qorti, |
— |
Falliment f'każ ta' kummerċjant, |
— |
Proċedura biex kumpanija tirkupra, |
NEDERLAND
— |
Het faillissement, |
— |
De surséance van betaling, |
— |
De schuldsaneringsregeling natuurlijke personen, |
ÖSTERREICH
— |
Das Konkursverfahren (Insolvenzverfahren), |
— |
Das Sanierungsverfahren ohne Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren), |
— |
Das Sanierungsverfahren mit Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren), |
— |
Das Schuldenregulierungsverfahren, |
— |
Das Abschöpfungsverfahren, |
— |
Das Ausgleichsverfahren, |
POLSKA
— |
Upadłość, |
— |
Postępowanie o zatwierdzenie układu, |
— |
Przyspieszone postępowanie układowe, |
— |
Postępowanie układowe, |
— |
Postępowanie sanacyjne, |
PORTUGAL
— |
Processo de insolvência, |
— |
Processo especial de revitalização, |
— |
Processo especial para acordo de pagamento, |
ROMÂNIA
— |
Procedura insolvenței, |
— |
Reorganizarea judiciară, |
— |
Procedura falimentului, |
— |
Concordatul preventiv, |
SLOVENIJA
— |
Postopek preventivnega prestrukturiranja, |
— |
Postopek prisilne poravnave, |
— |
Postopek poenostavljene prisilne poravnave, |
— |
Stečajni postopek: stečajni postopek nad pravno osebo, postopek osebnega stečaja in postopek stečaja zapuščine, |
SLOVENSKO
— |
Konkurzné konanie, |
— |
Reštrukturalizačné konanie, |
— |
Oddlženie, |
SUOMI/FINLAND
— |
Konkurssi/konkurs, |
— |
Yrityssaneeraus/företagssanering, |
— |
Yksityishenkilön velkajärjestely/skuldsanering för privatpersoner, |
SVERIGE
— |
Konkurs, |
— |
Företagsrekonstruktion, |
— |
Skuldsanering, |
UNITED KINGDOM
— |
Winding-up by or subject to the supervision of the court, |
— |
Creditors' voluntary winding-up (with confirmation by the court), |
— |
Administration, including appointments made by filing prescribed documents with the court, |
— |
Voluntary arrangements under insolvency legislation, |
— |
Bankruptcy or sequestration. |
IARSCRÍBHINN B
Cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (5) d'Airteagal 2
BELGIQUE/BELGIË
— |
De curator/Le curateur, |
— |
De gerechtsmandataris/Le mandataire de justice, |
— |
De schuldbemiddelaar/Le médiateur de dettes, |
— |
De vereffenaar/Le liquidateur, |
— |
De voorlopige bewindvoerder/L'administrateur provisoire, |
БЪЛГАРИЯ
— |
Назначен предварително временен синдик, |
— |
Временен синдик, |
— |
(Постоянен) синдик, |
— |
Служебен синдик, |
— |
Доверено лице, |
ČESKÁ REPUBLIKA
— |
Insolvenční správce, |
— |
Předběžný insolvenční správce, |
— |
Oddělený insolvenční správce, |
— |
Zvláštní insolvenční správce, |
— |
Zástupce insolvenčního správce, |
DEUTSCHLAND
— |
Konkursverwalter, |
— |
Vergleichsverwalter, |
— |
Sachwalter (nach der Vergleichsordnung), |
— |
Verwalter, |
— |
Insolvenzverwalter, |
— |
Sachwalter (nach der Insolvenzordnung), |
— |
Treuhänder, |
— |
Vorläufiger Insolvenzverwalter, |
— |
Vorläufiger Sachwalter, |
EESTI
— |
Pankrotihaldur, |
— |
Ajutine pankrotihaldur, |
— |
Usaldusisik, |
ÉIRE/IRELAND
— |
Liquidator, |
— |
Official Assignee, |
— |
Trustee in bankruptcy, |
— |
Provisional Liquidator, |
— |
Examiner, |
— |
Personal Insolvency Practitioner, |
— |
Insolvency Service, |
ΕΛΛΑΔΑ
— |
Ο σύνδικος, |
— |
Ο εισηγητής, |
— |
Η επιτροπή των πιστωτών, |
— |
Ο ειδικός εκκαθαριστής, |
ESPAÑA
— |
Administrador concursal, |
— |
Mediador concursal, |
FRANCE
— |
Mandataire judiciaire, |
— |
Liquidateur, |
— |
Administrateur judiciaire, |
— |
Commissaire à l'exécution du plan, |
HRVATSKA
— |
Stečajni upravitelj, |
— |
Privremeni stečajni upravitelj, |
— |
Stečajni povjerenik, |
— |
Povjerenik, |
— |
Izvanredni povjerenik, |
ITALIA
— |
Curatore, |
— |
Commissario giudiziale, |
— |
Commissario straordinario, |
— |
Commissario liquidatore, |
— |
Liquidatore giudiziale, |
— |
Professionista nominato dal Tribunale, |
— |
Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore, |
— |
Liquidatore, |
ΚΥΠΡΟΣ
— |
Εκκαθαριστής και Προσωρινός Εκκαθαριστής, |
— |
Επίσημος Παραλήπτης, |
— |
Διαχειριστής της Πτώχευσης, |
LATVIJA
— |
Maksātnespējas procesa administrators, |
— |
Tiesiskās aizsardzības procesa uzraugošā persona, |
LIETUVA
— |
Bankroto administratorius, |
— |
Restruktūrizavimo administratorius, |
LUXEMBOURG
— |
Le curateur, |
— |
Le commissaire, |
— |
Le liquidateur, |
— |
Le conseil de gérance de la section d'assainissement du notariat, |
— |
Le liquidateur dans le cadre du surendettement, |
MAGYARORSZÁG
— |
Vagyonfelügyelő, |
— |
Felszámoló, |
MALTA
— |
Amministratur Proviżorju, |
— |
Riċevitur Uffiċjali, |
— |
Stralċjarju, |
— |
Manager Speċjali, |
— |
Kuraturi f'każ ta' proċeduri ta' falliment, |
— |
Kontrolur Speċjali, |
NEDERLAND
— |
De curator in het faillissement, |
— |
De bewindvoerder in de surséance van betaling, |
— |
De bewindvoerder in de schuldsaneringsregeling natuurlijke personen, |
ÖSTERREICH
— |
Masseverwalter, |
— |
Sanierungsverwalter, |
— |
Ausgleichsverwalter, |
— |
Besonderer Verwalter, |
— |
Einstweiliger Verwalter, |
— |
Sachwalter, |
— |
Treuhänder, |
— |
Insolvenzgericht, |
— |
Konkursgericht, |
POLSKA
— |
Syndyk, |
— |
Nadzorca sądowy, |
— |
Zarządca, |
— |
Nadzorca układu, |
— |
Tymczasowy nadzorca sądowy, |
— |
Tymczasowy zarządca, |
— |
Zarządca przymusowy, |
PORTUGAL
— |
Administrador da insolvência, |
— |
Administrador judicial provisório, |
ROMÂNIA
— |
Practician în insolvență, |
— |
Administrator concordatar, |
— |
Administrator judiciar, |
— |
Lichidator judiciar, |
SLOVENIJA
— |
Upravitelj, |
SLOVENSKO
— |
Predbežný správca, |
— |
Správca, |
SUOMI/FINLAND
— |
Pesänhoitaja/boförvaltare, |
— |
Selvittäjä/utredare, |
SVERIGE
— |
Förvaltare, |
— |
Rekonstruktör, |
UNITED KINGDOM
— |
Liquidator, |
— |
Supervisor of a voluntary arrangement, |
— |
Administrator, |
— |
Official Receiver, |
— |
Trustee, |
— |
Provisional Liquidator, |
— |
Interim Receiver, |
— |
Judicial factor. |
CINNTÍ
6.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
11 |
CINNEADH (AE) 2018/947 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Iúil 2018
lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais breise ar fáil don Úcráin
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus an Úcráin faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2) (“an Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST), i bhfeidhm. |
(2) |
In earrach 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú a bhfuil sé mar aidhm leis a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Rinne an Úcráin agus an tAontas clár um athchóiriú a leagan síos le chéile (“an Clár Comhlachais”, a nuashonraíodh don uair dheireanach i Márta 2015). Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár, tá an comhrac i gcoinne an éillithe maille le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. |
(3) |
Sa bhreis ar an tacaíocht pholaitiúil atá á tabhairt ag an Aontas, i Márta 2014 gheall sé pacáiste airgeadais os cionn EUR 11 bhilliún chun tacú le cobhsú an gheilleagair agus le cur chun feidhme athchóirithe san Úcráin, agus chuimsigh an pacáiste sin EUR 1,6 billiún i gcúnamh macra-airgeadais de bhun Chinneadh 2002/639/CE ón gComhairle (3), Chinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Chinneadh 2014/215/AE ón gComhairle (5). I bhfianaise riachtanais shuntasacha na hÚcráine i dtaobh maoiniú seachtrach, cuireadh EUR 1,8 billiún breise i gcúnamh macra-airgeadais ar fáil don Úcráin in Aibreán 2015 de bhun Chinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(4) |
Ó Bhealtaine 2014, tá EUR 2,81 billiún i gcúnamh macra-airgeadais faighte ag an Úcráin ón Aontas, lena n-áirítear EUR 1,2 billiún as an EUR 1,8 billiún a bhí ar fáil faoi Chinneadh (AE) 2015/601. An tríú tráthchuid — an tráthchuid dheireanach — den chúnamh macra-airgeadais faoi Chinneadh (AE) 2015/601, agus arbh fhiú EUR 600 milliún í, cuireadh ar ceal í an 18 Eanáir 2018 toisc nár chomhlíon an Úcráin clár na n-athchóirithe struchtúracha ina iomláine, rud a bhí mar choinníoll leis an tráthchuid sin. |
(5) |
An 11 Márta 2015, d'fhormheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) socrú 4 bliana maidir le Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin (SFC) don Úcráin, socrú arbh ionann agus thart faoi USD 17,5 billiún, chun tacú le clár um choigeartú eacnamaíoch agus um athchóiriú na tíre, agus rinneadh eisíocaíocht USD 8,5 billiún den airgead sin a eisíoc idir 2015 agus 2017. Comhlánaíodh an cúnamh airgeadais sin ó CAI le tacaíocht shubstainteach ó líon páirtithe déthaobhacha a, lena n-áirítear an tAontas, a Bhallstáit, SAM, an tSeapáin agus Ceanada. Tá breis gníomhaíochta déanta freisin ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar nós an Bhainc Dhomhanda, an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chun tacú le haistriú geilleagrach na hÚcráine. |
(6) |
I ndiaidh mhisean teicniúil CAI i Samhain 2017, rinne sé athbhreithniú ar na meastacháin a bhí déanta aige ar riachtanais maoinithe sheachtraigh na hÚcráine, agus d'aithin sé easnamh eile USD 4,5 billiún do 2018 agus 2019. Is mó i bhfad na riachtanais mhaoinithe sin ná an maoiniú atá geallta go dtí seo ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, maoiniú a chuimsíonn cúnamh macra-airgeadais an Aontais de bhun Chinneadh 2002/639/CE, Uimh. 646/2010/AE, Cinneadh 2014/215/AE agus Cinneadh (AE) 2015/601. |
(7) |
I Samhain 2017, i bhfianaise na drochstaide eacnamaíche agus airgeadais a lean de bheith ann san Úcráin, d'iarr na húdaráis Úcránacha cúnamh macra-airgeadais breise ar an Aontas. |
(8) |
Ag Comhairle Comhlachais AE-an Úcráin a bhi ann an 8 Nollaig 2017, d'athdhearbhaigh an tAontas go raibh sé ag seasamh le móriarrachtaí na hÚcráine athchóirithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cúnamh airgeadais agus é nasctha ale dul chun cinn nithiúil an athchóirithe. |
(9) |
Ós rud é gur tír í an Úcráin a chumhdaítear faoi BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macra-airgeadais a fháil ón Aontas. |
(10) |
Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é mar aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha staid an tairbhí i dtaca le comhardú na n-íocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma. |
(11) |
Ós rud é go bhfuil easnamh maoinithe sheachtraigh fós ann maidir le comhardú íocaíochtaí na hÚcráine, ar mó é ná na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na hÚcráine ar an Aontas tacaíocht a thabhairt do chobhsú a geilleagair cúnamh macra-airgeadais a chur ar fáil, i gcomhar le clár CAI. Thacódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais le cobhsú an gheilleagair agus le clár um athchóiriú struchtúrach na hÚcráine, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú SFC CAI á bhforlíonadh. |
(12) |
Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith dírithe ar staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Úcráin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre. |
(13) |
Déantar méid an chúnaimh mhacra-airgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Úcráin, agus cuirtear san áireamh cumas na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. |
(14) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macra-airgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, agus leis na bearta a ghlactar laistigh díobh, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. |
(15) |
Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an cúnamh macra-airgeadais á oibriú chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú. |
(16) |
Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith ag tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Úcráin luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime riailbhunaithe a urramú. |
(17) |
Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a thabhairt don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart do na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Úcráin a neartú agus ba cheart dóibh athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún araon faireachán rialta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na réamhchoinníollacha sin a chomhlíonadh agus na cuspóirí sin a bhaint amach. |
(18) |
Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún seiceálacha a dhéanamh agus maidir leis an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh. |
(19) |
Ní dochar eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina gcáil mar an t-údarás buiséadach. |
(20) |
Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith comhsheasmhach leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil. |
(21) |
Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh. |
(22) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(23) |
Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch, a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh mhacra-airgeadais atá an tAontas a thabhairt don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Cuirfidh an tAontas cúnamh macra-airgeadais EUR 1 bhilliún ar a mhéid ar fáil don Úcráin (“cúnamh macra-airgeadais an Aontais”), d'fhonn tacú le cobhsú gheilleagar na hÚcráine agus lena clár substainteach um athchóiriú. Beidh an cúnamh sin ina cuidiú chun riachtanais na hÚcráine maidir le comhardú na n-íocaíochtaí, mar a aithníodh iad i gclár CAI, a chumhdach.
2. I bhfoirm iasachtaí a bheidh iomlán an chúnaimh mhacra-airgeadais a chuirfidh an tAontas ar fáil don Úcráin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an t-airgead is gá a fháil ar iasacht ó na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an t-airgead sin a thabhairt ar iasacht don Úcráin. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.
3. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a n-eisíocfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais, ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir CAI agus an Úcráin, agus de réir phríomhphrionsabail agus phríomhchuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha arna leagan amach sa Chomhaontú Comhlachais, lena n-áirítear LDCST, arna chomhaontú faoi BCE.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.
4. Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
5. Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais á heisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais maoinithe na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.
Airteagal 2
1. Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a thabhairt don Úcráin nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.
2. Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh mhacra-airgeadais a thabharfaidh an tAontas.
3. Cuirfear mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (8).
Airteagal 3
1. I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na hÚcráine, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus an bheartais eacnamaíoch, a mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais faoina réir, agus leagfar na coinníollacha sin síos i meabhrán tuisceana (“an Meabhrán Tuisceana”) ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagfar síos sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Úcráin le tacaíocht ó CAI.
2. Féachfaidh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Úcráin a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a úsáid. Déanfar aon dul chun cinn atá déanta i dtaca le margaí na hÚcráine agus an Aontais a oscailt dá chéile, trádáil chothrom riailbhunaithe a fhorbairt agus tosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais a chur san áireamh freisin i gceapadh na mbeart beartais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
3. I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le cúnamh macra-airgeadais an Aontais.
4. Fíoróidh an Coimisiún, ag tréimhsí rialta, go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, agus fíoróidh sé freisin an bhfuil beartais eacnamaíocha na hÚcráine i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
Airteagal 4
1. Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil ina dhá tráthchuid. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana.
2. Déanfar na méideanna de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a sholáthar, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (9).
3. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíocaíocht na dtráthchodanna faoi réir na coinníollacha seo a leanas uile a bheith comhlíonta:
(a) |
an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1); |
(b) |
teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é; |
(c) |
cur chun feidhme sásúil na gcoinníollacha airgeadais agus choinníollacha an bheartais eacnamaíoch arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana. |
Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 bliana tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc.
4. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún na heisíocaíochtaí de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí nó an cur ar ceal sin.
5. Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine a eisíocfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deireanach.
Airteagal 5
1. Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta a bhaineann le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochtaí, ná ní nochtfar é ar aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, nó ar aon riosca tráchtála eile.
2. I gcás ina gceadófar sin leis na himthosca, agus má iarann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áirítear clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go bhfuil clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.
3. I gcás ina gceadófar ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta leis na himthosca agus má iarrann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a hiasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchturúcháin i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní hé an éifeacht a bheidh leo aibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann a shíneadh ná méid an chaipitil gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchturúcháin a mhéadú.
4. Is ar an Úcráin a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.
5. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.
Airteagal 6
1. Cuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (11).
2. Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme.
3. Beidh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3):
(a) |
forálacha lena n-áirithítear go ndearbhóidh an Úcráin go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna fháil ó bhuiséad an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil; |
(b) |
forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (12) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (13), agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14); |
(c) |
forálacha lena ndéantar údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, nó a ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair; |
(d) |
forálacha lena ndéantar údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ar fáil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla; agus |
(e) |
forálacha lena n-áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht na hiasachta i gcás inar suíodh, i dtaca le bainistiú chúnamh macra-airgeadais an Aontais, go raibh baint ag an Úcráin le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais. |
4. Sula gcuirfear cúnamh macra-airgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh.
Airteagal 7
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 8
1. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil ar chun chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin:
(a) |
scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme; |
(b) |
déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme; |
(c) |
luafar an chomhbhaint idir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i dcúnamh macra-airgeadais an Aontais. |
2. Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4) dul in éag, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh mhacra-airgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a chuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.
Airteagal 9
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018.
(2) Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).
(3) Cinneadh 2002/639/CE ón gComhairle an 12 Iúil 2002 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais forlíontach ar fáil don Úcráin (IO L 209, 6.8.2002, lch. 22).
(4) Cinneadh Uimh. 646/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais ar fáil don Úcráin (IO L 179, 14.7.2010, lch. 1).
(5) Cinneadh 2014/215/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais ar fáil don Úcráin (IO L 111, 15.4.2014, lch. 85).
(6) Cinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Aibreán 2015 lena gcuirtear cúnamh macra-airgeadais ar fáil don Úcráin (IO L 100, 17.4.2015, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(8) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(9) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
(10) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).
(12) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(13) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(14) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN
Meabhraíonn an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhfuil sé mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macra-airgeadais a thabhairt nach mór don tír is tairbhí sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.
Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré an chúnaimh macra-airgeadais a thabharfaidh an tAontas.
I bhfianaise na gcoinníollacha nár comhlíonadh maidir leis an gcomhrac in aghaidh éilliú agus cealú gaolmhar an tríú tráthchuid ón gclár cúnamh macra-airgeadais roimhe sin faoi Chinneadh (AE) 2015/601, cuireann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i bhfios go láidir go mbeidh cúnamh macra-airgeadais sa bhreis ag brath ar dhul chun cinn sa chomhrac i gcoinne éilliú. Chuige sin, cuimseoidh beartas eacnamaíoch agus coinníollacha airgeadais an Mheabhráin Tuisceana atá le bheith socraithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin oibleagáidí inter alia chun rialachas, an cumas riaracháin agus an leagan amach institiúideach a neartú, go háirithe don chomhrac i gcoinne éilliú san Úcráin, agus go sonrach maidir le córas fíorúcháin do dhearbhuithe sócmhainní, fíorú a dhéanamh ar shonraí maidir le húinéireacht thairbhiúil cuideachtaí agus cúirt dhea-fheidhmiúil speisialaithe frith-éillithe a bheidh i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise. Ba cheart coinníollacha maidir le dul i ngleic le sciúradh airgid agus seachaint cánach a bhreithniú chomh maith. I gcomhréir le hAirteagal 4(4), i gcásanna nach gcloítear leis na coinníollacha, cuirfidh an Coimisiún íocaíocht an chúnaimh macra-airgeadais ar fionraí go sealadach nó ar ceal go hiomlán.
Chomh maith le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis an gcúnamh agus doiciméid bhainteacha a chur ar fáil dóibh, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú poiblí, nuair a íoctar gach tráthchuid ar leith, ar chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais go léir a bhaineann leis an íocaíocht seo, go háirithe na cinn siúd a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne éilliú.
Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcuirfidh an cúnamh macra-airgeadais seo don Úcráin le luachanna a roinneann sí leis an Aontas, lena n-áirítear forbairt atá inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta, agus a bhfuil cruthú fostaíochta agus laghdú bochtaineachta mar thoradh uirthi, chomh maith le tiomantas do shochaí láidir shibhialta. Cuirfidh an Coimisiún anailís ar thionchar ionchasach sóisialta an chúnaimh macra-eacnamaíoch in éineacht le Dréacht-Chinneadh Cur Chun Feidhme an Choimisiúin lena bhformheasfar an Meabhrán Tuisceana. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 182/2011, seolfar an anailís seo chuig Coiste na mBallstát agus cuirfear ar fáil don Pharlaimint agus don Chomhairle é trí chlár imeachtaí an choiste.