ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
61 |
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 156 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
19.6.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2018/841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2018
maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sna conclúidí uaithi an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990, agus rinneadh an sprioc sin a athdhearbhú sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Márta 2016. |
(2) |
Dúradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 gur cheart don Aontas an sprioc astaíochtaí a laghdú faoi 40 % ar a laghad a bhaint amach go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin laghduithe suas le 43 % agus 30 % faoi seach, i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (“EU ETS”) a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in earnálacha nach mbaineann ETS leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005, agus na hiarrachtaí atá le déanamh á leithdháileadh ar bhonn OTI coibhneasta per capita. |
(3) |
Tá an Rialachán seo ina chuid de chur chun feidhme ghealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras (5) a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”). Tugadh Comhaontú Pháras i gcrích thar ceann an Aontais an 5 Deireadh Fómhair 2016 le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle (6). Tá an gealltanas a thug an tAontas maidir le laghduithe ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair leagtha amach sa Rannchuidiú Beartaithe arna Chinneadh go Náisiúnta a chuir an tAontas agus a Bhallstáit faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 6 Márta 2015 i bhfianaise Chomhaontú Pháras. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. Ba cheart don Aontas leanúint de laghdú a dhéanamh ar a chuid astaíochtaí gas ceaptha teasa agus feabhas a chur ar aistrithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras. |
(4) |
I gComhaontú Pháras, inter alia, leagtar amach sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Beidh foraoiseacha, talamh talmhaíochta agus bogaigh i gcroílár na hoibre agus an sprioc sin á baint amach. I gComhaontú Pháras, aithníonn na Páirtithe, freisin, gur tosaíocht bhunúsach é an tslándáil bia a chosaint agus deireadh a chur leis an ocras, i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe agus na n-iarrachtaí chun an bhochtaineacht a dhíothú, agus na laigí áirithe atá ag na córais táirgthe bia maidir leis na drochthionchair a ghabhann leis an athrú aeráide, agus ar an gcaoi sin cothaítear teacht aniar i gcoinne an athraithe aeráide agus forbairt astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa ar bhealach nach ndéanann bagairt ar tháirgeadh an bhia. D’fhonn cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, ba cheart do na Páirtithe dlús a chur lena gcuid iarrachtaí comhchoiteanna. Ba cheart do na Páirtithe rannchuidithe beartaithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta a ullmhú, a tharchur agus a choinneáil ar bun. Tá Comhaontú Pháras ag glacadh áit an chur chuige atá i bhfeidhm faoi Phrótacal Kyoto 1997 ach nach leanfar de i ndiaidh 2020. I gComhaontú Pháras iarrtar freisin cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa sa dara leath den chéad seo, agus iarrtar ar Pháirtithe gníomhaíocht a dhéanamh chun linnte agus umair de gháis cheaptha teasa, foraoisí san áireamh, a chaomhnú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí. |
(5) |
Tá sé ar chumas na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (“LULUCF”) buntáistí athraithe aeráide a thabhairt san fhadtéarma, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le gnóthú spriocanna laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith le spriocanna aeráide fadtéarmacha Chomhaontú Pháras. Lena chois sin, soláthraíonn LULUCF bithábhair, ar féidir iad a chur in ionad ábhair a bhfuil lorg mór carbóin acu, rud a fhágann go bhfuil sé an-tábhachtach i ndáil leis an mbogadh chuig geilleagar íseal-astaíochta gás ceaptha teasa. De thairbhe go bhfuil na haistrithe a dhéantar le LULUCF in-aisiompaithe, ba cheart caitheamh leo mar cholún ar leith i gcreat beartais aeráide an Aontais. |
(6) |
Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, dúradh gur cheart ilchuspóirí na hearnála talmhaíochta agus úsáide talún, ó tharla cumas níos lú a bheith aici i dtaca le maolú agus an gá go n-áiritheofaí comhsheasmhacht idir slándáil an tsoláthair bia san Aontas agus na cuspóirí maidir le hathrú aeráide, a aithint. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun diansaothrú inbhuanaithe ar tháirgeadh bia a spreagadh, agus rannchuidiú na hearnála a bharrfheabhsú ag an am céanna do mhaolú agus do cheapadh gás ceaptha teasa, lena n-áirítear trí fhoraoisiú, agus d’iarr sí freisin beartas a bhunú ar an gcaoi le LULUCF a chur san áireamh i gcreat 2030 maidir le gáis cheaptha teasa a mhaolú, a luaithe agus a bheadh na dálaí teicniúla ann chun é sin a dhéanamh agus roimh 2020 i gcás ar bith. |
(7) |
Is féidir le cleachtais bainistithe inbhuanaithe in earnáil LULUCF rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide ar roinnt bealaí, go háirithe trí astaíochtaí a laghdú, agus linnte agus stoic charbóin a choinneáil agus a fheabhsú. Chun go mbeadh éifeacht le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo go háirithe ceapadh carbóin a mhéadú, tá cobhsaíocht agus inoiriúnaitheacht fhadtéarmach na linnte carbóin ríthábhachtach. Ina theannta sin, is féidir táirgiúlacht, acmhainn athghiniúna agus beogacht na hearnála LULUCF a chothabháil le cleachtais bainistithe inbhuanaithe agus ar an gcaoi sin is féidir an fhorbairt eacnamaíoch shóisialta a chur chun cinn, agus an carbón agus an lorg éiceolaíoch a bhíonn ag an earnáil sin. |
(8) |
Is féidir feabhas a chur ar an ról atá ag earnáil LULUCF i ndáil le maolú ar an athrú aeráide agus i ndáil le hoiriúnú dó, freisin, chomh maith le táirgiúlacht agus teacht aniar na hearnála sin a neartú, trí fhorbairt a dhéanamh ar chleachtais agus ar theicneolaíochtaí nuálacha inbhuanaithe, lena n-áirítear an agrafhoraoiseacht agus an agra-éiceolaíocht. Ós saintréith de chuid earnáil LULUCF nach dtagann toradh go ceann blianta fada ar an obair inti, agus, dá bhrí sin, bíonn tábhacht le straitéisí fadtéarmacha chun feabhas a chur ar an maoiniú don taighde ar fhorbairt na gcleachtas agus na dteicneolaíochtaí nuálacha agus ar infheistíochtaí iontu sin, freisin. Is féidir na rioscaí a bhaineann le suaitheadh nádúrtha a laghdú má dhéantar infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí coisctheacha amhail cleachtais bainistithe inbhuanaithe. |
(9) |
Sna conclúidí uaithi an 22-23 Meitheamh 2017, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach tiomantas an Aontais agus a Bhallstát do Chlár Oibre 2030 maidir le Forbairt Inbhuanaithe, darb aidhm, inter alia, a áirithiú go ndéantar na foraoisí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. |
(10) |
Tá sé tábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh d’fhonn dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a laghdú agus d’fhonn bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha. Sa chomhthéacs sin, sna conclúidí uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2009 agus an 14 Deireadh Fómhair 2010, meabhraíodh don Chomhairle cuspóirí an Aontais an dífhoraoisiú trópaiceach a laghdú 50 % ar a laghad, i bhfoirm chomhlán, faoin mbliain 2020 i gcomparáid leis na leibhéil atá ann faoi láthair, agus stop a chur le caillteanas cumhdaigh foraoise ar fud an domhain faoi 2030 ar a dhéanaí. |
(11) |
I gCinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar amach na rialacha cuntasaíochta is infheidhme maidir le hastaíochtaí agus le haistrithe ón earnáil LULUCF agus rannchuidíodh ar an gcaoi sin le forbairt na mbeartas a raibh cuimsiú na hearnála LULUCF sa ghealltanas a thug an tAontas maidir le hastaíochtaí a laghdú mar thoradh orthu. Leis an Rialachán seo, ba cheart tógáil ar na rialacha cuntasaíochta atá ann cheana, agus á dtabhairt cothrom le dáta agus á bhfeabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030. Leis an Rialachán seo, ba cheart oibleagáidí na mBallstát maidir leis na rialacha cuntasaíochta sin a chur chun feidhme a leagan síos, agus ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú nach nginfear glan-astaíochtaí ón earnáil LULUCF fhoriomlán agus go rannchuidítear leis an aidhm atá ann linnte a fheabhsú san fhadtéarma. Níor cheart aon oibleagáidí cuntasaíochta ná tuairiscithe a leagan síos leis an Rialachán do pháirtithe príobháideacha, lena n-áirítear feirmeoirí agus foraoiseoirí. |
(12) |
Bíonn tionchar díreach suntasach ag earnáil LULUCF, lena n-áirítear talamh talmhaíochta, ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais. Ar an ábhar sin, is cuspóir tábhachtach de chuid na mbeartas sin a mbíonn tionchar acu ar an earnáil sin a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ann le cuspóirí straitéis bithéagsúlachta an Aontais. Ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh d’fhonn gníomhaíochtaí, a bhaineann le maolú agus oiriúnú araon, a chur chun feidhme san earnáil sin, agus d’fhonn tacú leis na gníomhaíochtaí sin, freisin. Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú idir an Comhbheartas Talmhaíochta agus an Rialachán seo freisin. Ní mór do gach earnáil a cion féin a dhéanamh i dtaca le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
(13) |
Is éiceachórais éifeachtacha iad bogaigh le haghaidh stóráil carbóin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil LULUCF ach bogaigh a chosaint agus a athbhunú. Ba cheart Mionchoigeartú an Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (“IPCC”) ar Threoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa a bhaineann le bogaigh a chur san áireamh sa chomhthéacs sin. |
(14) |
Tá gá le córas stóinsithe cuntasaíochta chun a áirithiú go rannchuideoidh earnáil LULUCF le laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus le sprioc fhadtéarmach Chomhaontú Pháras. Chun cuntais chruinne ar astaíochtaí agus aistrithe a chinneadh i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (“Treoirlínte IPCC”), ba cheart na luachanna arna dtuairisciú go bliantúil agus an tiontú idir catagóirí úsáide talún faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a úsáid le haghaidh catagóirí úsáide talún, chun sruthlíniú a dhéanamh dá réir sin ar an gcur chuige a úsáidtear faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus ar an gcur chuige a úsáidtear faoi Phrótacal Kyoto. Ba cheart a mheas go bhfuil talamh a thiontaítear go catagóir úsáide talún eile le linn bhogadh de réir a chéile chuig an gcatagóir sin ar feadh an luacha réamhshocraithe de 20 bliain dá dtagraítear sna Treoirlínte IPCC. Níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú a dhéanamh ar an luach réamhshocraithe sin ach amháin le haghaidh talamh foraoisithe agus é sin féin a dhéanamh in imthosca teoranta lena dtugtar údar maith faoi Threoirlínte IPCC. Athruithe a dhéantar sna Treoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ba cheart iad a léiriú, mar is iomchuí, sna ceanglais tuairiscithe faoin Rialachán seo. |
(15) |
Sna Treoirlínte IPCC atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, sonraítear gur féidir cuntas mar nialas a thabhairt ar dhóchán bithmhaise san earnáil fuinnimh ar an gcoinníoll go dtugtar cuntas ar na hastaíochtaí sin san earnáil LULUCF. San Aontas, tugtar cuntas faoi láthair ar na hastaíochtaí ó dhóchán bithmhaise mar nialas de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (9) agus de bhun na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013; dá bhrí sin, ní dhéanfaí comhsheasmhacht le Treoirlínte IPCC a áirithiú ach amháin dá ndéanfaí na hastaíochtaí sin a léiriú go cruinn faoin Rialachán seo. |
(16) |
Bíonn astaíochtaí agus aistrithe ó thalamh foraoise ag brath ar roinnt dálaí nádúrtha agus ar thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois, chomh maith le cleachtais bhainistithe ón am a chuaigh thart agus ón am i láthair, ar cleachtais iad a bhfuil an-difear eatarthu i measc na mBallstát. Dá mbainfí úsáid as bonnbhliain, ní bheadh sé indéanta na fachtóirí sin agus na hiarmhairtí timthriallacha ar astaíochtaí agus aistrithe a eascraíonn astu, agus a n-éagsúlacht idirbhliantúil, a léiriú. Ina ionad sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha cuntasaíochta ábhartha maidir le húsáid a bhaint as leibhéil thagartha, chun na hiarmhairtí a bhíonn ag tréithe nádúrtha agus ag tréithe a bhaineann go sonrach le tír ar leith a chur as an áireamh. Aon struchtúr foraoise atá míchothrom ó thaobh aoise, ba cheart é a chur san áireamh i leibhéil tagartha foraoise agus níor cheart srian gan chúis a chur ar a dhéine agus a bheidh bainistiú foraoise sa todhchaí, agus chun go bhféadfar linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú. Ós rud é gur cás ar leith é cás stairiúil na Cróite, le leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit sin d’fhéadfaí a chur san áireamh go raibh a críoch faoi fhorghabháil i rith na tréimhse tagartha agus go raibh imthosca ann, le linn an chogaidh agus ina dhiaidh, ag a raibh tionchar ar bhainistiú foraoise. Ba cheart na rialacha cuntasaíochta ábhartha prionsabail bainistithe inbhuanaithe foraoisí arna nglacadh ag na Comhdhálacha Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (“Eoraip na bhForaoisí”) a chur san áireamh. |
(17) |
Ba cheart do na Ballstáit pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, lena n-áirítear leibhéil tagartha foraoise a chur faoi bhráid an Choimisiúin. In éagmais an athbhreithnithe idirnáisiúnta faoi UNFCCC nó faoi Phrótacal Kyoto, ba cheart nós imeachta um athbhreithniú a bhunú chun trédhearcacht a áirithiú agus chun cáilíocht na cuntasaíochta i gcatagóir na talún foraoiseachta bainistithe a fheabhsú. |
(18) |
Nuair a dhéanann an Coimisiún measúnú ar na pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, lena n-áirítear na leibhéil tagartha foraoise a mholtar sna pleananna sin, ba cheart dó tógáil ar an dea-chleachtas agus ar an saineolas atá sna hathbhreithnithe saineolacha faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, lena n-áirítear i dtaca le rannpháirtíocht na saineolaithe ó na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh saineolaithe ó na Ballstáit rannpháirteach sa mheasúnú teicniúil lena ndéanfar amach ar cinneadh na leibhéil tagartha foraoise a mholtar i gcomhréir leis na critéir agus leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart an toradh a bhí ar an measúnú teicniúil a chur ar aghaidh chuig an mBuanchoiste Foraoiseachta a bhunaítear le Cinneadh 89/367/CEE ón gComhairle (10), mar eolas. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Ba cheart na pleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha. |
(19) |
Is féidir le méadú ar úsáid inbhuanaithe táirgí adhmaid lománaithe teorainn shuntasach a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa tríd an iarmhairt ó ionadú, agus aistrithe gás ceaptha teasa ón atmaisféar a fheabhsú. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha cuntasaíochta go léiríonn na Ballstáit go cruinn agus go trédhearcach ina gcuntais LULUCF na hathruithe ar linn carbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe nuair a tharlaíonn athruithe den sórt sin, d’fhonn aitheantas a thabhairt agus dreasachtaí a chur ar fáil d’úsáid bhreise na dtáirgí adhmaid lománaithe a bhfuil timthriall saoil fada acu. Ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar ar cheisteanna modheolaíocha a bhaineann le cuntas a thabhairt ar tháirgí adhmaid lománaithe. |
(20) |
Maidir le suaitheadh nádúrtha, amhail falscaithe, fíniú le feithidí nó le galar, imeachtaí anaimsire agus suaitheadh geolaíoch, nach bhfuil smacht, ná tionchar ábhartha, ag Ballstát orthu, is féidir iad a bheith ina siocair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de chineál sealadach san earnáil LULUCF, nó aistrithe a tharla roimhe seo a chur ar gcúl. Toisc gur féidir céimeanna ar gcúl den sórt sin a bheith ann mar thoradh ar chinntí bainistíochta freisin, amhail cinntí crainn a bhaint nó a chur, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go dtugtar léiriú go cruinn i gcónaí sna cuntais LULUCF ar chéimeanna ar gcúl is aistrithe ar cinntí daoine is cúis leo. Ina theannta sin, ba cheart don Rialachán féidearthacht theoranta a sholáthar do na Ballstáit gan astaíochtaí ó shuaitheadh nach bhfuil smacht acu air a áireamh ina gcuid cuntas LULUCF. Níor cheart go mbeadh cuntasaíocht easnamhach mhíchuí ann mar thoradh ar an modh lena gcuireann Ballstáit na forálacha sin i bhfeidhm áfach. |
(21) |
Ag brath ar na sainroghanna náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann beartais leordhóthanach náisiúnta a roghnú chun a gcuid gealltanas i dtaca leis an earnáil LULUCF a bhaint amach, lena n-áirítear an fhéidearthacht astaíochtaí ó chatagóir talún amháin a chothromú le haistrithe ó chatagóir talún eile. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith in ann glan-aistrithe a charnadh in imeacht na tréimhse ó 2021 go 2030. Ba cheart aistrithe chuig Ballstát eile leanúint de bheith ar fáil mar rogha bhreise agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leas a bhaint as leithdháiltí astaíochtaí bliantúla a bhunaítear de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo. Ní chuirfidh úsáid solúbthachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo as don leibhéal foriomlán uaillmhéine maidir le spriocanna laghdaithe gás ceaptha teasa an Aontais. |
(22) |
De ghnáth, is linnte iad foraoisí a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe, ar linnte iad a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú. Le linn thréimhse tagartha 2000 go 2009, 372 mhilliún tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana don Aontas ina iomláine na haistrithe arna ndéanamh ag aistriú linnte ó thalamh foraoise a tuairiscíodh ar an meán. Ba cheart do na Ballstáit caomhnú agus feabhsú na linnte agus na n-umar, lena n-áirítear foraoisí, mar is iomchuí, a áirithiú, agus é mar aidhm cuspóir Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus na spriocanna uaillmhianacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú faoi 2050 a chomhlíonadh. |
(23) |
Aistrithe ó thalamh foraoise bainistithe, ba cheart cuntas a thabhairt orthu in aghaidh leibhéal tagartha foraoise atá réamhbhreathnaitheach. Ba cheart aistriú réamh-mheasta linnte amach anseo a bheith bunaithe ar eachtarshuí ó na cleachtais i leith bainistiú foraoise agus déine an bhainistithe foraoise le linn tréimhse thagartha. Ba cheart gur mar astaíochtaí a thabharfaí cuntasaíocht ar laghdú ar linn le hais an leibhéil tagartha. Ba cheart imthosca sonracha náisiúnta agus cleachtais shonracha náisiúnta, amhail déine lománaithe níos ísle ná mar is gnách nó foraoisí atá ag dul in aois le linn na tréimhse tagartha, a chur san áireamh. |
(24) |
Ba cheart roinnt solúbthachta a thabhairt do Bhallstáit chun go mbeidh siad in ann a ndéine lománaithe a ardú ar bhonn sealadach i gcomhréir le cleachtais inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoise atá i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach i gComhaontú Pháras ar an gcoinníoll nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe san earnáil fhoriomlán LULUCF. Le solúbthacht den sórt sin, ba cheart méid bunúsach cúitimh a thabhairt do na Ballstáit uile, agus é sin ríofa ar bhonn tosca cúitimh arna slánú mar chéatadán dá linn tuairiscithe sna blianta ó 2000 go 2009 chun cúiteamh a thabhairt i leith a n-astaíochtaí ó thalamh foraoise bainistithe, ar astaíochtaí ar thug siad cuntas orthu. Ba cheart a áirithiú nach féidir na Ballstáit a chúiteamh ach go dtí an leibhéal nach linnte a bhforaoisí a thuilleadh. |
(25) |
Bíonn na Ballstáit a bhfuil ardleibhéal cumhdaigh foraoisí iontu i gcomparáid le meán an Aontais agus, go háirithe, Ballstáit is lú a bhfuil ardleibhéal cumhdaigh foraoisí iontu ag brath níos mó ná mar atá Ballstáit eile ar thalamh bainistithe foraoise chun astaíochtaí a chomhardú i gcatagóirí cuntasaíochta talún eile, agus mar sin de, a mbeadh tionchar níos mó á imirt orthu siúd agus is teoranta a bheidh an acmhainneacht atá acu a gclúdach foraoise a ardú. Ba cheart, dá bhrí sin, an fachtóir cúitimh a ardú ar bhonn an chlúdaigh foraoise agus an limistéir talún ionas go dtabharfaí an fachtóir cúitimh is airde dóibh le linn na tréimhse tagartha do na Ballstáit a bhfuil limistéar talún beag agus cuid mhór clúdach foraoise acu le hais mheán an Aontais. |
(26) |
Sna conclúidí uaithi an 9 Márta 2012, d’aithin an Chomhairle saintréithe na dtíortha a bhfuil foraoisí go forleathan iontu. Baineann na saintréithe sin, go háirithe, leis na deiseanna teoranta cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe. I bhfianaise í a bheith ar an mBallstát is foraoisí dá bhfuil ann agus saintréithe geografacha ar leith na tíre á gcur san áireamh, tá deacrachtaí suntasacha le sárú ag an bhFionlainn i ndáil leis sin. Dá bhrí sin, ba cheart cúiteamh teoranta breise a dheonú ar an bhFionlainn. |
(27) |
Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát chun a ngealltanas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis faoi astaíochtaí agus aistrithe trédhearcach, cruinn, comhsheasmhach, iomlán agus inchomparáide, ba cheart do na Ballstáit na sonraí ábhartha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le fardal faoi gháis cheaptha teasa a chur ar fáil don Choimisiún, agus ba cheart na sonraí sin a chur sna áireamh sna seiceálacha comhlíontachta faoin Rialachán seo. Má tá sé ar intinn ag Ballstát an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a chur i bhfeidhm a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart dó an méid cúitimh is rún dó a úsáid a lua sa tuarascáil ar chomhlíonadh. |
(28) |
Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh a thabhairt don Choimisiún, de réir mar is iomchuí i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, leis an gcóras de thuairisciú bliantúil ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa, leis an measúnú ar fhaisnéis maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin náisiúnta, leis an meastóireacht ar bheartais agus bearta breise atá beartaithe, agus leis na seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanann an Coimisiún faoin Rialachán seo. |
(29) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le cuntasaíocht iomchuí a dhéanamh ar idirbhearta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear solúbthacht a úsáid agus comhlíonadh a rianú, chomh maith le húsáid bhreise na dtáirgí adhmaid lománaithe a bhfuil timthriall saoil fada acu a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hoiriúnú teicniúil ar shainmhínithe, lena n-áirítear na luachanna íosta maidir leis an sainmhíniú ar fhoraoisí, liostaí gás ceaptha teasa agus linnte carbóin, leibhéil tagartha foraoise na mBallstát a leagan síos do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, faoi seach, catagóirí nua de tháirgí adhmaid lománaithe a chur isteach, athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar cheanglais faisnéise maidir le suaitheadh nádúrtha chun athruithe i dTreoirlínte IPCC a léiriú, agus cuntasaíocht na n-idirbheart trí Chlárlann an Aontais. Na forálacha is gá a bhaineann le cuntasaíocht na n-idirbheart, ba cheart iad a bheith in aon ionstraim amháin ina gcomhcheanglófaí na forálacha cuntasaíochta de bhun Threoir 2003/87/CE, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, de bhun Rialachán (AE) 2018/842 de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir 2003/87/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(30) |
Mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar thoradh Idirphlé Éascaitheach na bliana 2018 faoi UNFCCC (“idirphlé Talanoa”). Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú in 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin chun a fheidhmiú foriomlán a mheas. Ba cheart na torthaí ó idirphlé Talanoa agus ón Stocáireamh Domhanda faoi Chomhaontú Pháras a bheith mar bhonn eolais don athbhreithniú. Ba cheart an creat don tréimhse i ndiaidh 2030 a bheith i gcomhréir le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus leis na gealltanais a rinneadh faoi. |
(31) |
Chun a áirithiú go bhfuil an tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa agus ar aon fhaisnéis eile is gá chun comhlíonadh ghealltanais na mBallstát a mheasúnú éifeachtach, trédhearcach agus costéifeachtach, ba cheart ceanglais maidir le tuairisciú a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013. |
(32) |
Chun sonraí a bhailiú agus an mhodheolaíocht a fheabhsú, ba cheart fardal a dhéanamh, agus tuairisciú a dhéanamh, ar úsáid talún ag baint úsáid as rianú geografach ar gach limistéar talún, a fhreagraíonn do na córais náisiúnta um bailiú sonraí agus do chórais an Aontais um bailiú sonraí. Ba cheart an úsáid is fearr a bhaint as na cláir agus suirbhéanna atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit cheana féin, lena n-áirítear Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (“LUCAS”) agus clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus) agus an córas loingseoireachta satailíte Eorpach (Galileo) chun sonraí a bhailiú. Ba cheart don bhainistiú sonraí, lena n-áirítear comhroinnt sonraí le haghaidh tuairiscithe, athúsáide agus scaipthe, bheith ag teacht le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
(33) |
Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a leasú dá réir sin. |
(34) |
Ba cheart do Chinneadh Uimh. 529/2013/AE maidir leis na hoibleagáidí cuntasaíochta agus tuairiscithe leanúint d’fheidhm a bheith aige don tréimhse chuntasaíochta ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na tréimhsí cuntasaíochta ón 1 Eanáir 2021. |
(35) |
Ba cheart Cinneadh Uimh. 529/2013/AE a leasú dá réir sin. |
(36) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe gealltanais na mBallstát maidir le hearnáil LULUCF a leagan amach, ar gealltanais iad a rannchuidíonn le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus le sprioc an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse ó 2021 go 2030 a chomhlíonadh, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach sa Rialachán seo gealltanais na mBallstát d’earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (“LULUCF”) a rannchuidíonn le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le sprioc an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach don tréimhse ó 2021 go 2030. Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin na rialacha maidir le cuntasaíocht astaíochtaí agus aistrithe ó LULUCF agus maidir le seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas sin i measc na mBallstát.
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Baineann an Rialachán seo le hastaíochtaí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus a tharlaíonn in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún seo a leanas ar chríocha na mBallstát:
(a) |
Le linn na dtréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030: (i) “talamh foraoisithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile, atá tiontaithe go talamh foraoise; (ii) “talamh dífhoraoisithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a tiontaíodh go talamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile; (iii) “talamh curaíochta bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:
(iv) “féarthalamh bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:
(v) “talamh bainistithe foraoise”: úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise; |
(b) |
Amhail ó 2026: “bogach bainistithe”: úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:
|
2. Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát a chur san áireamh i raon feidhme a ghealltanais de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo astaíochtaí agus aistrithe na ngás ceaptha teasa atá liostaithe i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, agus a tharlaíonn sa chatagóir chuntasaíochta talún ar a dtugtar bogach bainistithe ar a chríoch. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hastaíochtaí agus aistrithe den sórt sin a chuireann Ballstát san áireamh.
3. I gcás ina mbeidh rún ag Ballstát, de bhun mhír 2, bogach bainistithe a chur san áireamh i raon fheidhme a ghealltanais, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoina rún faoin 31 Nollaig 2020.
4. Más gá, i bhfianaise na taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm Mhionchoigeartú IPCC ar Threoirlínte IPCC 2006, féadfaidh an Coimisiún togra a dhéanamh chun an chuntasaíocht éigeantach do bhogach bainistithe a chur ar atráth ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana.
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “linn” aon phróiseas, gníomhaíocht nó sásra lena n-aistrítear gás ceaptha teasa, aerasól, nó réamhtheachtaí gáis ceaptha teasa ón atmaisféar; |
(2) |
ciallaíonn “foinse” aon phróiseas, gníomhaíocht nó sásra lena scaoiltear gás ceaptha teasa, aerasól, nó réamhtheachtaí gáis ceaptha teasa isteach san atmaisféar; |
(3) |
ciallaíonn “linn charbóin” iomlán gné bithgheoiceimicí nó córais bhithgheoiceimicigh, nó cuid de ghné nó de chóras den sórt sin, laistigh de chríoch Ballstáit agus ina stóráiltear carbón, aon réamhtheachtaí gáis cheaptha teasa, nó aon ghás ceaptha teasa ina bhfuil carbón; |
(4) |
ciallaíonn “stoc carbóin” mais an charbóin atá stóráilte i linn charbóin; |
(5) |
ciallaíonn “táirge adhmaid lománaithe” aon táirge ó lománaíocht adhmaid a d’fhág suíomh ina lománaítear adhmad; |
(6) |
ciallaíonn “foraois” limistéar talún atá sainithe ag na híosluachanna le haghaidh mhéid an limistéir, le haghaidh chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach, agus le haghaidh an airde a d’fhéadfadh a bheith ag na crainn agus iad aibí san áit ina bhfuil siad ag fás mar a shonraítear do gach Ballstát in Iarscríbhinn II. Cuimsítear leis limistéir ina bhfuil crainn, lena n-áirítear grúpaí de chrainn óga nádúrtha atá ag fás, nó plandálacha nach bhfuil na híosluachanna do chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach nó íos-airde na gcrann mar a shonraítear in Iarscríbhinn II bainte amach acu fós, lena n-áirítear aon limistéar ar cuid den limistéar foraoise é de ghnáth ach nach bhfuil aon chrann ann go sealadach mar thoradh ar idirghabháil dhaonna, amhail lománú, nó mar thoradh ar chúiseanna nádúrtha, ach ar féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh sé foraois arís; |
(7) |
ciallaíonn “leibhéal tagartha foraoise” meastachán, arna shloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana, ar na glan-astaíochtaí nó glan-aistrithe bliantúla ar an meán atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe laistigh de chríoch Ballstáit sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo; |
(8) |
ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh; |
(9) |
ciallaíonn “suaitheadh nádúrtha” aon teagmhas neamh-antrapaigineach nó aon imthosca neamh-antrapaigineacha lena gcruthaítear astaíochtaí móra i bhforaoisí agus nach bhfuil smacht ag an mBallstát ábhartha orthu, agus nach bhfuil sé ar chumas an Bhallstáit go hoibiachtúil a n-éifeachtaí ar astaíochtaí a theorannú go suntasach, fiú tar éis dóibh tarlú; |
(10) |
ciallaíonn “ocsaídiú ar an toirt” an modh cuntasaíochta ar dá réir a nglactar leis go scaoiltear isteach san atmaisféar tráth an lománaithe cainníocht iomlán an charbóin atá stóráilte i dtáirgí adhmaid lománaithe. |
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, chun na sainmhínithe atá i mír 1 den Airteagal seo a leasú nó a scriosadh, nó sainmhínithe nua a chur léi, chun an mhír sin a chur in oiriúint d’fhorbairtí eolaíochta nó do dhul chun cinn teicniúil agus chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht idir na sainmhínithe sin agus aon athruithe ar na sainmhínithe ábhartha i dTreoirlínte IPCC faoi mar a glacadh iad ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras.
Airteagal 4
Gealltanais
Do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, agus an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 á cur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát nach mó na hastaíochtaí ná na haistrithe, arna ríomh mar shuim na n-astaíochtaí iomlána agus na n-aistrithe iomlána ar a chríoch sna catagóirí cuntasaíochta talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2 le chéile, de réir an chuntais i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Rialacha ginearálta cuntasaíochta
1. Ullmhóidh agus coinneoidh gach Ballstát cuntas a léiríonn go cruinn na hastaíochtaí agus na haistrithe a bhíonn ann mar thoradh ar na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid cuntas agus a gcuid sonraí eile a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach. Úsáidfidh na Ballstáit comhartha dearfach (+) le seasamh d’astaíochtaí agus comhartha diúltach (-) le seasamh d’aistrithe.
2. Cuirfidh Ballstáit cosc ar aon áireamh dúbailte i leith astaíochtaí agus aistrithe, go háirithe trína áirithiú nach ndéanfar astaíochtaí ná aistrithe a áireamh faoi níos mó ná catagóir cuntasaíochta talún amháin.
3. Nuair a thiontaítear úsáid talún, déanfaidh Ballstáit, 20 bliain tar éis dáta an tiontaithe sin, catagóiriú talamh foraoise, talamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí agus talamh eile ón gcatagóir talún den sórt sin a tiontaíodh go talamh de chineál eile chuig an gcatagóir talún den sórt sin a fhanann mar an cineál céanna talún.
4. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh sna cuntais atá acu do gach catagóir cuntasaíochta talún aon athrú ar stoc carbóin na linnte carbóin atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan athruithe sna stoic charbóin a chur san áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh linnte carbóin ar choinníoll nach bhfuil an linn charbóin ina foinse. Mar sin féin, níl feidhm le bheith ag an rogha sin gan athruithe i stoic charbóin a chur san áireamh sna cuntais i dtaca le linnte carbóin bith-mhaise os cionn na talún, brosna agus táirgí adhmaid lománaithe, sa chatagóir cuntasaíochta talún arb é atá ann talamh foraoise bainistithe.
5. Coinneoidh na Ballstáit taifead iomlán agus cruinn ar na sonraí ar fad a úsáidtear agus a gcuntais á n-ullmhú acu.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn I a leasú chun na hathruithe i dTreoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras a léiriú.
Airteagal 6
Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoisithe agus ar thalamh dífhoraoisithe
1. Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe, arb iad na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána do gach ceann de na blianta sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030.
2. De mhaolú ar Airteagal 5(3), i gcás ina ndéantar úsáid talún a thiontú ó thalamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí nó talamh eile ina talamh foraoise, féadfaidh Ballstát catagóiriú talún den sórt sin ó thalamh a tiontaíodh ina talamh foraoise go dtí talamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise a athrú, 30 bliain tar éis dháta an tiontaithe sin, má tá údar cuí leis sin ar bhonn Threoirlínte IPCC.
3. Agus astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe á ríomh, cinnfidh gach Ballstát an limistéar foraoise trí úsáid a bhaint as na paraiméadair atá sonraithe in Iarscríbhinn II.
Airteagal 7
Cuntas a thabhairt ar thalamh curaíochta bainistithe, féarthalamh bainistithe agus bogach bainistithe
1. Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.
2. Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.
3. Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, déanfaidh gach Ballstát a chuireann bogach bainistithe san áireamh i raon feidhme a ghealltanais de bhun Airteagal 2(2), agus le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, déanfaidh na Ballstáit uile, cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí faoi seach lúide an luach a fhaightear trí mheán-astaíochtaí agus meán-aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.
4. Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, na Ballstáit sin a roghnóidh gan bogach bainistithe a chur san áireamh i raon feidhme a ngealltanas de bhun Airteagal 2(2), déanfaidh siad, mar sin féin, tuarascáil a thabhairt don Choimisiún ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe ó úsáid talún a thuairiscítear mar a leanas:
(a) |
bogach a fhanann mar bhogach, |
(b) |
lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach, nó |
(c) |
bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile. |
Airteagal 8
Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoise bainistithe
1. Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 lúide an luach a fhaightear trí leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit lena mbaineann a iolrú faoi chúig.
2. I gcás ina bhfuil toradh na ríofa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo diúltach i dtaca le leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, glan-aistrithe iomlána nach mó ná coibhéis 3,5 % d’astaíochtaí an Bhallstáit sin ina bhonnbhliain nó ina bhonntréimhse arna sonrú in Iarscríbhinn III, arna iolrú faoi chúig, a chur san áireamh ina chuntais ar thalamh foraoise bainistithe. Glanaistrithe a eascraíonn ó linnte carbóin na dtáirgí brosna agus adhmaid lománaithe, cé is moite den chatagóir pháipéir dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), i gcatagóir cuntasaíochta talún na talún foraoise bainistithe, ní bheidh na glanaistrithe sin faoi réir an teorannaithe sin.
3. Déanfaidh na Ballstáit a bplean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, ina mbeidh an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2018 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2023 don tréimhse ó 2026 go 2030. Sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, beidh gach ceann de na míreanna atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn IV agus cuirfear ar fáil don phobal é, lena n-áirítear tríd an idirlíon.
4. Cinnfidh na Ballstáit a leibhéal tagartha foraoise nua féin bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV. I gcás na Cróite, féadfar a chur san áireamh freisin, ina leibhéal tagartha foraoise, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV, áitiú a críche, agus imthosca cogaidh agus iarchogaidh a raibh tionchar acu ar bhainistiú foraoise i rith na tréimhse tagartha.
5. Bunófar an leibhéal tagartha foraoise ar leanúint ar aghaidh leis an gcleachtas atá ann faoi láthair maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009 ag féachaint do thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois i bhforaoisí náisiúnta, agus leas á bhaint as na sonraí is fearr a bhíonn ar fáil.
Leis na leibhéil tagartha foraoise, mar a chinnfear iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfear san áireamh an tionchar a bheidh amach anseo ag saintréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois ionas nach gcuirfear srian míchuí ar an déine bainistíochta foraoise mar chroíghné den chleachtas bainistithe inbhuanaithe foraoise, agus é mar aidhm linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú.
Léireoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir na modhanna agus na sonraí a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe a chinneadh sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta agus iad sin a úsáidtear sa tuairisciú don talamh foraoise bainistithe.
6. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, measúnú teicniúil ar na tuarascálacha cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid ar cinneadh na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na ceanglais a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 5(1). Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Foilseoidh an Coimisiún achoimre ar an obair atá déanta, lena n-áirítear na tuairimí a chuir na saineolaithe a cheap na Ballstáit in iúl, chomh maith leis na conclúidí a ghabhann leis sin.
Eiseoidh an Coimisiún, más gá, moltaí teicniúla do na Ballstáit ina léireofar conclúidí an mheasúnaithe theicniúil le gur féidir an t-athbhreithniú teicniúil a dhéanamh ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe. Foilseoidh an Coimisiún na moltaí teicniúla sin.
7. I gcás inar gá, bunaithe ar na measúnuithe teicniúla agus, i gcás inarb iomchuí, ar na moltaí teicniúla, cuirfidh na Ballstáit a leibhéil tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Meitheamh 2024 don tréimhse ó 2026 go 2030. Foilseoidh an Coimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a chuirfidh na Ballstáit in iúl dó.
8. Bunaithe ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a thíolacfaidh na Ballstáit, ar an measúnú teicniúil a dhéanfar de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe a thíolacfar faoi mhír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun go leagfar síos na leibhéil tagartha foraoise a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm do na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030.
9. Mura gcuireann Ballstát a leibhéal tagartha foraoise faoi bhráid an Choimisiúin faoi na dátaí a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo agus, más infheidhme, i mír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Airteagal IV chun go leagfar síos an leibhéal tagartha foraoise a chuirfidh an Ballstát sin i bhfeidhm don tréimhse ó 2021 go 2025 nó don tréimhse ó 2026 go 2030, bunaithe ar aon mheasúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo.
10. Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír8 agus mír 9 faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 30 Aibreán 2025 don tréimhse ó 2026 go 2030.
11. Chun comhsheasmhacht, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ceartúcháin theicniúla, nach n-éilítear leasuithe ar na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 8 nó 9 den Airteagal seo roimhe seo leo, faoi bhráid an Choimisiúin, faoi na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
Airteagal 9
Cuntasaíocht le haghaidh táirgí adhmaid lománaithe
1. I gcomhréir leis na cuntais a sholáthraítear de bhun Airteagal 6(1) agus Airteagal 8(1) a bhaineann le táirgí adhmaid lománaithe, léireoidh Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe mar thoradh ar linn charbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe a thagann laistigh de na catagóirí seo a leanas ag baint úsáid as an bhfeidhm lobhadh chéad ord, na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear in Iarscríbhinn V:
(a) |
páipéar; |
(b) |
painéil adhmaid; |
(c) |
adhmad sáfa. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí adhmaid lománaithe a chur isteach a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.
3. Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a shonrú a thagann laistigh de na catagóirí atá ann cheana agus de na catagóirí nua dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, faoi seach, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe.
Airteagal 10
Cuntasaíocht maidir le suaitheadh nádúrtha
1. Ag deireadh gach ceann de na tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030, féadfaidh Ballstáit gan astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar shuaitheadh nádúrtha agus a sháraíonn na meán-astaíochtaí arna gcruthú ag suaitheadh nádúrtha sa tréimhse ó 2001 go 2020, ná asluitigh staidrimh (“leibhéal cúlra”), a áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe. Ríomhfar an leibhéal cúlra sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn VI.
2. I gcás ina gcuirfidh Ballstát mír 1 i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid a leanas:
(a) |
cuirfidh sé faisnéis faoin leibhéal cúlra do na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na sonraí agus na modheolaíochtaí a úsáideadh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI faoi bhráid an Choimisiúin; agus |
(b) |
ní áireoidh sé gach aistriú ina dhiaidh sin ar an talamh a raibh tionchar ag suaitheadh nádúrtha air sa chuntasaíocht go dtí 2030. |
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht agus ar na ceanglais faisnéise atá san Iarscríbhinn sin, chun na hathruithe i dTreoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras a léiriú.
Airteagal 11
Solúbthachtaí
1. Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as:
(a) |
na solúbthachtaí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 12; agus |
(b) |
chun an ceanglas in Airteagal 4 a chomhlíonadh, an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a leagtar amach in Airteagal 13. |
2. Mura bhfuil na ceanglais maidir le faireachán a leagtar síos i bpointe (da) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 á gcomhlíonadh ag Ballstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe faoi Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) toirmeasc sealadach ar an mBallstát sin aistriú nó cur i dtaisce a dhéanamh de bhun Airteagal 12(2) agus (3) den Rialachán seo nó leas a bhaint as an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo.
Airteagal 12
Solúbthachtaí ginearálta
1. I gcás inar mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát, agus gur roghnaigh an Ballstát sin a sholúbthacht a úsáid, agus gur iarr sé na leithdháiltí bliantúla astaíochta faoi Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh, cuirfear chainníocht na leithdháiltí bliantúla astaíochta a scriosadh san áireamh i dtaca lena ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.
2. Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842, féadfaidh an Ballstát sin an chainníocht atá fágtha a aistriú chuig Ballstát eile. Cuirfear an chainníocht arna haistriú san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát a fhaigheann í de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.
3. Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát sa tréimhse ó 2021 go 2025, agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 a dhealú nó arna haistriú chuig Ballstát eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát sin taisce a dhéanamh den chainníocht atá fágtha don tréimhse ó 2026 go 2030.
4. Chun an t-áireamh dúbailte a sheachaint, déanfar cainníocht na nglan-aistrithe arna gcur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 a dhealú ón gcainníocht atá ar fáil ag an mBallstát sin le haistriú chuig Ballstát eile nó le taisce a dhéanamh di de bhun mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 13
Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe
1. I gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2, a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4 a chomhlíonadh.
2. I gcás inar figiúr dearfach a bheidh ar an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí sin a chúiteamh ar an gcoinníoll:
(a) |
gur áirigh an Ballstát bearta sonracha pleanáilte, atá á ndéanamh faoi láthair nó atá beartaithe, ina straitéis, a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na humair foraoise; agus |
(b) |
nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo don tréimhse a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát an cúiteamh a úsáid ina leith. Agus measúnú á dhéanamh aige an mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/842. á bhfeidhmiú. |
3. Maidir leis an méid cúitimh, ní fhéadfaidh an Ballstát lena mbaineann cúiteamh a dhéanamh ach amháin:
(a) |
i gcás linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh a leibhéil tagartha foraoise; agus |
(b) |
suas go dtí an méid uasta cúitimh don Bhallstát sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse ó 2021 go 2030 agus go dtí an méid sin amháin. |
4. Féadfaidh an Fhionlainn astaíochtaí arb ionann agus 10 milliún tona de choibhéis CO2 a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a liostaítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.
Airteagal 14
Comhlíonadh a sheiceáil
1. Faoin 15 Márta 2027 don tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 15 Márta 2032 don tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.
I gcás inarb iomchuí, beidh i dtuarascáil den sórt sin freisin sonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin.
2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na tuarascálacha ar chomhlíonadh, a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo chun críocha measúnaithe ar chomhlíonadh le hAirteagal 4.
3. Ullmhóidh an Coimisiún in 2027 tuarascáil, don tréimhse ó 2021 go 2025, agus in 2032, don tréimhse ó 2026 go 2030, ar astaíochtaí iomlána agus aistrithe iomlána gás ceaptha teasa an Aontais i gcás gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2 arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe iomlána don tréimhse lúide an luach a fhaightear trí astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe bliantúla an Aontais ar an meán sa tréimhse ó 2000 go 2009 a iolrú faoi chúig.
4. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún chun an creat maidir le faireachán agus comhlíonadh dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil.
Airteagal 15
Clárlann
1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na rialacha a leagan síos maidir le taifead a choinneáil ar chainníocht na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe do gach catagóir cuntasaíochta talún i ngach Ballstát agus chun a áirithiú gur cuntasaíocht chruinn a bheidh á déanamh agus an tsolúbthacht á feidhmiú de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais a bunaíodh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.
2. Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart faoin Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann.
3. Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(2), 5(6), 8(8) agus (9), 9(2), 10(3) agus 15(1), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach i gcás nach mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 17
Athbhreithniú
1. Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, agus, inter alia, forbairtí idirnáisiúnta agus na hiarrachtaí a dhéantar le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras á gcur san áireamh.
Bunaithe ar na torthaí ón tuarascáil a ullmhaítear de bhun Airteagal 14(3) agus ar an toradh a bheidh ar an measúnú a dhéanfar de bhun phointe (b) d’Airteagal 13(2), déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, moltaí chun a áirithiú go n-urramófar sláine sprioc fhoriomlán an Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a rannchuidiú le spriocanna Chomhaontú Pháras.
2. Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 6 mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchair na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith le rannchuidiú an Rialacháin seo le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas, lena n-áirítear creat iar-2030, ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas, agus déanfaidh sé tograí más iomchuí.
Airteagal 18
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 525/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(2) |
I bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(3) |
In Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(4) |
Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach: “IARSCRÍBHINN IIIA Modheolaíochtaí don fhaireachán agus don tuairisciú dá dtagraítear i bpointe (da) d’Airteagal 7(1) Cur chuige 3: Sonraí ar thiontuithe úsáide talún bunaithe go sainráite ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. Modheolaíochtaí Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. I gcás astaíochtaí agus aistrithe do linn charbóin arb ionann í agus 25-30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linnte a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre de gháis cheaptha teasa i dtéarmaí dearbh-leibhéal astaíochtaí agus aistrithe, an treocht maidir le hastaíochtaí nó le haistrithe, nó an neamhchinnteacht sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. Moltar do na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.”. |
Airteagal 19
Leasú ar Chinneadh Uimh. 529/2013/AE
Leasaítear Cinneadh Uimh. 529/2013/AE mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 3(2), scriostar an chéad fhomhír. |
(2) |
In Airteagal 6, scriostar mír 4. |
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an30 Bealtaine 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 103.
(2) IO C 272, 17.8.2017, lch. 36.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.
(4) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(5) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(6) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(7) Cinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le rialacha cuntasaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a bhaineann le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht agus maidir le faisnéis i ndáil le gníomhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin (IO L 165, 18.6.2013, lch. 80).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2012 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 181, 12.7.2012, lch. 30).
(10) Cinneadh 89/367/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 lena mbunaítear Buanchoiste Foraoiseachta (IO L 165, 15.6.1989, lch. 14).
(11) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
GÁIS CHEAPTHA TEASA AGUS LINNTE CARBÓIN
A. |
Gáis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2:
Maidir leis na gáis cheaptha teasa sin, déanfar iad a shloinneadh i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 agus déanfar iad a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013. |
B. |
Linnte carbóin dá dtagraítear in Airteagal 5(4):
|
IARSCRÍBHINN II
ÍOSLUACHANNA LE hAGHAIDH MHÉID AN LIMISTÉIR, CUMHDACH MHULLAÍ NA gCRANN AGUS AIRDE CRANN
An Ballstát |
Limistéar (ha) |
Cumhdach Mhullaí na gCrann (%) |
Airde Crann (m) |
An Bheilg |
0,5 |
20 |
5 |
An Bhulgáir |
0,1 |
10 |
5 |
Poblacht na Seice |
0,05 |
30 |
2 |
An Danmhairg |
0,5 |
10 |
5 |
An Ghearmáin |
0,1 |
10 |
5 |
An Eastóin |
0,5 |
30 |
2 |
Éire |
0,1 |
20 |
5 |
An Ghréig |
0,3 |
25 |
2 |
An Spáinn |
1,0 |
20 |
3 |
An Fhrainc |
0,5 |
10 |
5 |
An Chróit |
0,1 |
10 |
2 |
An Iodáil |
0,5 |
10 |
5 |
An Chipir |
0,3 |
10 |
5 |
An Laitvia |
0,1 |
20 |
5 |
An Liotuáin |
0,1 |
30 |
5 |
Lucsamburg |
0,5 |
10 |
5 |
An Ungáir |
0,5 |
30 |
5 |
Málta |
1,0 |
30 |
5 |
An Ísiltír |
0,5 |
20 |
5 |
An Ostair |
0,05 |
30 |
2 |
An Pholainn |
0,1 |
10 |
2 |
An Phortaingéil |
1,0 |
10 |
5 |
An Rómáin |
0,25 |
10 |
5 |
An tSlóivéin |
0,25 |
30 |
2 |
An tSlóvaic |
0,3 |
20 |
5 |
An Fhionlainn |
0,5 |
10 |
5 |
An tSualainn |
0,5 |
10 |
5 |
An Ríocht Aontaithe |
0,1 |
20 |
2 |
IARSCRÍBHINN III
AN BHONNBHLIAIN NÓ AN BHONNTRÉIMHSE CHUN AN UASTEORAINN DE BHUN AIRTEAGAL 8(2) A RÍOMH
An Ballstát |
Bonnbhliain/Bonntréimhse |
An Bheilg |
1990 |
An Bhulgáir |
1988 |
An Chróit |
1990 |
Poblacht na Seice |
1990 |
An Danmhairg |
1990 |
An Ghearmáin |
1990 |
An Eastóin |
1990 |
Éire |
1990 |
An Ghréig |
1990 |
An Spáinn |
1990 |
An Fhrainc |
1990 |
An Iodáil |
1990 |
An Chipir |
1990 |
An Laitvia |
1990 |
An Liotuáin |
1990 |
Lucsamburg |
1990 |
An Ungáir |
1985-87 |
Málta |
1990 |
An Ísiltír |
1990 |
An Ostair |
1990 |
An Pholainn |
1988 |
An Phortaingéil |
1990 |
An Rómáin |
1989 |
An tSlóivéin |
1986 |
An tSlóvaic |
1990 |
An Fhionlainn |
1990 |
An tSualainn |
1990 |
An Ríocht Aontaithe |
1990 |
IARSCRÍBHINN IV
PLEAN CUNTASAÍOCHTA MAIDIR LE FORAOISEACHT NÁISIÚNTA INA bhFUIL LEIBHÉAL TAGARTHA FORAOISE DE CHUID BALLSTÁIT
A. Critéir agus treoir lena gcinntear an leibhéal tagartha foraoise
Déanfar leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit a chinneadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
(a) |
beidh an leibhéal tagartha ag teacht leis an sprioc atá ann cothromaíocht a bhaint amach sa dara leath den chéad seo idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa, lena n-áirítear maidir le feabhas a chur ar aistriú féideartha na stoc foraoise atá ag dul in aois agus a bhféadfaidh meath teacht ar linnte de réir a chéile mura ndéanfar amhlaidh; |
(b) |
leis an leibhéal tagartha, áiritheofar nach ndéanfar stoic charbóin a bheith ann, agus an méid sin amháin, a áireamh sa phróiseas cuntasaíochta; |
(c) |
i ngeall ar an leibhéal tagartha, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfuil córas cuntasaíochta ann atá daingean agus inchreidte a áirithíonn go ndéantar tuairisc iomchuí ar astaíochtaí agus ar aistrithe mar thoradh ar úsáid bhithmhaise; |
(d) |
an leibhéal tagartha, áireofar linn charbóin na dtáirgí adhmaid lománaithe agus, ar an gcaoi sin, féadfar comparáid a dhéanamh idir glacadh leis an hipitéis den ocsaídiú ar an toirt agus cur i bhfeidhm na feidhme lobhadh chéad ord agus luachanna leathré; |
(e) |
glacfar le cóimheas seasta idir úsáid sholadach agus úsáid fhuinniúil a bhaint as bithmhais fhoraoise mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009; |
(f) |
ba cheart don leibhéal tagartha a bheith comhsheasmhach leis an sprioc maidir le cuidiú leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha, mar a leagtar amach i straitéis foraoise an Aontais, i mbeartais náisiúnta foraoiseachta na mBallstát, agus i straitéis bithéagsúlachta an Aontais; |
(g) |
beidh an leibhéal tagartha ag teacht leis na réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a thuairiscítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013; |
(h) |
beidh an leibhéal tagartha ag teacht le fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa agus le sonraí stairiúla ábhartha agus beidh siad bunaithe ar fhaisnéis atá trédhearcach, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus cruinn. Go sonrach, beifear in ann an tsamhail a úsáidtear chun an leibhéal tagartha a chur ar bun a úsáid chun sonraí stairiúla a ghiniúint ón bhFardal Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. |
B. Eilimintí den phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta
Beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolactar de bhun Airteagal 8:
(a) |
tuairisc ghinearálta faoi chinneadh an leibhéil tagartha foraoise agus tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh na critéir sa Rialachán seo; |
(b) |
liosta de na linnte carbóin agus de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a áiríodh sa leibhéal tagartha foraoise, na fáthanna ar fágadh linn charbóin ar lár ó chinneadh an leibhéil tagartha foraoise, agus léiriú ar an gcomhsheasmhacht idir na linnte carbóin a áirítear sa leibhéal tagartha foraoise; |
(c) |
tuairisc ar an gcur chuige, ar na modhanna agus ar na samhlacha, lena n-áirítear faisnéis chainníochtúil, a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise a chinneadh, atá comhsheasmhach leis an tuarascáil náisiúnta fardail is déanaí a tíolacadh, agus tuairisc ar fhaisnéis dhoiciméadach maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoise ó thaobh cleachtas agus déine de agus ar na beartais náisiúnta a glacadh; |
(d) |
faisnéis maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh forbairt ar rátaí saothraithe foraoise faoi chásanna éagsúla beartais; |
(e) |
tuairisc ar an gcaoi a ndearnadh gach ceann de na heilimintí seo a leanas a mheas agus an leibhéal tagartha foraoise á chinneadh:
|
IARSCRÍBHINN V
FEIDHM LOBHADH CHÉAD ORD, MODHEOLAÍOCHTAÍ AGUS LUACHANNA LEATHRÉ MAINNEACHTANA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ADHMAID LOMÁNAITHE
Ceisteanna modheolaíocha
— |
Mura féidir táirgí adhmaid lománaithe a dhealú sna catagóirí úsáide talún arb iad talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe, féadfaidh Ballstát roghnú glacadh leis gur ar thalamh foraoise bainistithe a tharla na hastaíochtaí agus na haistrithe ar fad agus na táirgí adhmaid lománaithe a áireamh sna cuntais. |
— |
Is ar bhonn ocsaídiú ar an toirt a dhéanfar cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe i láithreán le haghaidh diúscairt dramhaíola soladaí agus ar tháirgí adhmaid lománaithe a ndearnadh iad a lománú chun críocha fuinnimh. |
— |
Ní thabharfaidh an Ballstát allmhairithe cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe allmhairithe, is cuma faoina n-áit tionscnaimh (“cur chuige an táirgthe”). |
— |
Maidir le táirgí adhmaid lománaithe onnmhairithe, tagraíonn sonraí atá sonrach do thír faoi leith do luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith agus don úsáid a bhaintear as táirgí adhmaid lománaithe sa tír allmhairithe. |
— |
I gcás luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith maidir le táirgí adhmaid lománaithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, níor cheart go ndiallfaidis na luachanna leathré atá in úsáid ag an mBallstát allmhairithe. |
— |
Féadfaidh na Ballstáit, chun críocha faisnéise amháin, sonraí a sholáthar ina gcuid aighneachtaí maidir le sciar an adhmaid as ar baineadh úsáid chun críocha fuinnimh agus a onnmharaíodh ó áit lasmuigh den Aontas, mar aon le sonraí maidir le tíortha tionscnaimh adhmaid den sórt sin. |
Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as modheolaíochtaí agus as luachanna leathré atá sonrach do thír ar leith in ionad na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear san Iarscríbhinn seo ar an gcoinníoll go gcinnfear na modheolaíochtaí agus na luachanna sin ar bhonn sonraí atá trédhearcach agus infhíoraithe agus ar an gcoinníoll go mbeidh na modheolaíochtaí a mbaintear úsáid astu chomh sonrach ar a laghad agus chomh beacht ar a laghad is atá siad siúd a shonraítear san Iarscríbhinn seo.
Na luachanna leathré mainneachtana:
Ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh.
Is mar a leanas a bheidh na luachanna leathré mainneachtana:
(a) |
2 bhliain do pháipéar; |
(b) |
25 bliana do phainéil adhmaid; |
(c) |
35 bliana d’adhmad sáfa. |
Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a thagann laistigh de na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) thuas, a shonrú, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as ceann ar bith de na catagóirí sin ar fochatagóirí iad atá sonrach do thír faoi leith.
IARSCRÍBHINN VI
LEIBHÉIL CHÚLRA I gCÁS SUAITHEADH NÁDÚRTHA A RÍOMH
1. |
Maidir le ríomh an leibhéil chúlra, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:
|
2. |
Déantar an leibhéal cúlra a ríomh mar mheán na hamshraithe 2001-2020 ach gan na blianta ar fad ar ina leith a rinneadh leibhéil mhínormálta astaíochtaí a thaifeadadh a áireamh, i.e. gan na hasluitigh uile staidrimh a áireamh. Déanfar na hasluitigh staidrimh a shainaithint mar a leanas:
|
3. |
Tar éis an leibhéal cúlra a ríomh de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo, má sháraíonn na hastaíochtaí i mbliain ar leith sna tréimhsí ó 2021 go 2025 agus ó 2026 go 2030 an leibhéal cúlra móide corrlach, féadfar gan méid na n-astaíochtaí a sháraíonn an leibhéal cúlra a áireamh i gcomhréir le hAirteagal 10. Beidh an corrlach cothrom le leibhéal dóchúlachta 95 %. |
4. |
Ní fhéadfar gan na hastaíochtaí seo a leanas a áireamh:
|
5. |
I measc na gceanglas faisnéise de bhun Airteagal 10(2), áirítear iad seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN VII
MÉID UASTA AN CHÚITIMH ATÁ AR FÁIL FAOIN TSOLÚBTHACHT TALÚN FORAOISE BAINISTITHE DÁ DTAGRAÍTEAR I bPOINTE (B) D’AIRTEAGAL 13(3)
An Ballstát |
Na haistrithe arna ndéanamh ag aistriú linnte ó thalamh foraoise a tuairiscíodh ar an meán ó 2000 go 2009 i milliún tona de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana |
Teorainn an chúitimh arna sloinneadh i milliúin tona de choibhéis CO2 don tréimhse ó 2021 go 2030 |
An Bheilg |
–3,61 |
–2,2 |
An Bhulgáir |
–9,31 |
–5,6 |
Poblacht na Seice |
–5,14 |
–3,1 |
An Danmhairg |
–0,56 |
–0,1 |
An Ghearmáin |
–45,94 |
–27,6 |
An Eastóin |
–3,07 |
–9,8 |
Éire |
–0,85 |
–0,2 |
An Ghréig |
–1,75 |
–1,0 |
An Spáinn |
–26,51 |
–15,9 |
An Fhrainc |
–51,23 |
–61,5 |
An Chróit |
–8,04 |
–9,6 |
An Iodáil |
–24,17 |
–14,5 |
An Chipir |
–0,15 |
–0,03 |
An Laitvia |
–8,01 |
–25,6 |
An Liotuáin |
–5,71 |
–3,4 |
Lucsamburg |
–0,49 |
–0,3 |
An Ungáir |
–1,58 |
–0,9 |
Málta |
0,00 |
0,0 |
An Ísiltír |
–1,72 |
–0,3 |
An Ostair |
–5,34 |
–17,1 |
An Pholainn |
–37,50 |
–22,5 |
An Phortaingéil |
–5,13 |
–6,2 |
An Rómáin |
–22,34 |
–13,4 |
An tSlóivéin |
–5,38 |
–17,2 |
An tSlóvaic |
–5,42 |
–6,5 |
An Fhionlainn |
–36,79 |
–44,1 |
An tSualainn |
–39,55 |
–47,5 |
An Ríocht Aontaithe |
–16,37 |
–3,3 |
19.6.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
26 |
RIALACHÁN (AE) 2018/842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2018
maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sna conclúidí uaithi an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráide agus don fhuinneamh, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990, agus rinneadh an sprioc sin a athdhearbhú sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Márta 2016. |
(2) |
Dúradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 gur cheart don Aontas an sprioc astaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach go comhpháirteach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, sin laghduithe suas le 43 % agus 30 % faoi seach, i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in earnálacha nach mbaineann ETS leo, faoi seach, faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a bhaint amach agus do gach Ballstát rannpháirt a ghlacadh san iarracht sin agus beann acu ar an gcothroime agus ar an dlúthpháirtíocht. I dtaca leis an modheolaíocht lena socrófar na spriocanna náisiúnta maidir le laghdú i leith earnálacha nach mbaineann ETS leo, agus i dtaca leis na nithe uile a cuireadh i bhfeidhm de réir Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is ceart leanúint leo sin go dtí 2030, agus is ceart an dua a chaithfear leo a dháileadh ar bhonn na holltáirgeachta intíre (OTI) coibhneasta acu per capita. Ba cheart do na Ballstáit go léir rannchuidiú le laghdú foriomlán an Aontais in 2030 agus spriocanna ó 0 % go – 40 % acu i gcomparáid le 2005. Ba cheart coigeartú coibhneasta a dhéanamh ar spriocanna náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu is airde ná meán an Aontais chun an chostéifeachtúlacht a léiriú ar bhealach cóir agus cothrom. Trí na laghduithe sin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ba cheart borradh a chur faoin éifeachtúlacht agus faoin nuálaíocht i ngeilleagar an Aontais agus ba cheart, go háirithe, feabhsuithe a chur chun cinn, go háirithe san fhoirgníocht, sa talmhaíocht, sa bhainistíocht dramhaíola agus san iompar, a mhéid atá siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
(3) |
Tá an Rialachán seo ina chuid de chur chun feidhme ranníocaíochtaí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras (6), a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”). Tugadh Comhaontú Pháras i gcrích thar ceann an Aontais an 5 Deireadh Fómhair 2016 le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle (7). Tá an gealltanas a thug an tAontas maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair leagtha amach sa rannchuidiú beartaithe arna chinneadh go náisiúnta a chuir an tAontas agus a Bhallstáit faoi bhráid Rúnaíocht an UNFCCC ar an 6 Márta 2015 i bhfianaise Chomhaontú Pháras. Tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm an 4 Samhain 2016 in ionad an chur chuige a glacadh faoi Phrótacal Kyoto in 1997 ach nach leanfar de i ndiaidh 2020. |
(4) |
I gComhaontú Pháras, inter alia, leagtar amach sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá sé oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide agus na sreabha airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide. I gComhaontú Pháras iarrtar freisin cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa sa dara leath den chéad seo, agus iarrtar ar Pháirtithe gníomhaíocht a dhéanamh chun linnte agus umair de gháis cheaptha teasa, foraoisí san áireamh, a chaomhnú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí. |
(5) |
Sna conclúidí uaithi an 29-30 Deireadh Fómhair 2009, thacaigh an Chomhairle Eorpach le cuspóir de chuid an Aontais, i gcomhthéacs na laghduithe is gá, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), ó thaobh na dtíortha forbartha mar aon ghrúpa amháin, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80-95 % faoin mbliain 2050 le hais na leibhéal in 1990. |
(6) |
Léirítear an leibhéal uaillmhéine is mó is féidir a bheith ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras le rannchuidithe beartaithe arna chinneadh go náisiúnta agus is léargas na rannchuidithe sin ar an dul chun cinn a rinneadh le himeacht ama. Ina theannta sin, ba cheart do na Páirtithe i gComhaontú Pháras a seacht ndícheall a dhéanamh straitéisí forbartha fadtéarmacha d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a cheapadh agus a chur in iúl, agus aird á thabhairt acu ar chuspóirí Chomhaontú Pháras. Aithnítear sna conclúidí ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2017 a thábhachtaí atá na spriocanna fadtéarmacha agus na timthriallta athbhreithnithe 5 bliana chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus a thábhachtaí atá straitéisí forbartha fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí ísle gás ceaptha teasa mar uirlis bheartais chun forbairt a dhéanamh ar bhealaí iontaofa agus ar na hathruithe beartais fadtéarmacha atá de dhíth chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. |
(7) |
Chun an t-aistriú chuig fuinneamh glan a bhaint amach, ní mór athruithe a dhéanamh ar iompraíocht infheistíochta agus ar dhreasachtaí fud fad an speictrim beartais. Príomhthosaíocht de chuid an Aontais is ea Aontas Fuinnimh buanseasmhach a bhunú chun fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do na saoránaigh. Chun sin a bhaint amach, is gá leanúint de ghníomhú uaillmhianach ar son na haeráide trí bhíthin an Rialacháin seo agus is gá dul chun cinn a dhéanamh ar na gnéithe eile den Aontas Fuinnimh a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”. |
(8) |
Is ann do raon beart a dhéanfaidh an tAontas a chuirfidh le cumas na mBallstát a ngealltanais aeráide a chomhlíonadh agus is ríthábhachtach na bearta iad chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá a bhaint amach sna hearnálacha a chumhdaíonn an Rialachán seo. Áirítear ar na bearta sin reachtaíocht maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe, laghduithe ar CO2 ó fheithiclí bóthair, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, breoslaí in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus an geilleagar ciorclach, chomh maith le hionstraimí maoiniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid. |
(9) |
Tugadh ar aird sna conclúidí ón gComhairle Eorpach 19-20 Márta 2015 go bhfuil an tAontas tiomanta d’Aontas Fuinnimh a thógáil lena ngabhfaidh beartas aeráide réamhbhreathnaitheach bunaithe ar chreatstraitéis an Choimisiúin, ar aontas é a bhfuil dlúthbhaint ag a chúig ghné le chéile agus a threisíonn a chéile. Is ceann de na cúig ghné den straitéis don Aontas Fuinnimh é maolú an éilimh fuinnimh. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh. Is féidir leis sin dul chun tairbhe an chomhshaoil agus na sláinte freisin, is féidir feabhas a chur ar an tslándáil fuinnimh, costais fuinnimh a ghearradh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, is féidir leis cabhrú leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus is féidir le níos mó post agus gníomhaíocht gheilleagrach ar fud an gheilleagair teacht as. Maidir le bearta lena spreagtar níos mó úsáide a bhaint as teicneolaíochtaí caomhnaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, i dtionscail agus san iompar, d’fhéadfadh siad cabhrú le Ballstáit a spriocanna faoin Rialachán a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach. |
(10) |
Trí chleachtais agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe nuálacha a úsáid agus a fhorbairt, is féidir feabhas a chur ar ról na hearnála talmhaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, go háirithe trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí linnte agus stoic charbóin a choinneáil agus a fheabhsú. Tá sé ríthábhachtach, chun lorg carbóin agus éiceolaíoch na hearnála talmhaíochta a laghdú, agus táirgiúlacht, acmhainn athghiniúna agus beogacht na hearnála á gcoimeád ag an am céanna, go gcuirfí feabhas ar ghníomhaíocht maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó agus, ina theannta sin, ar mhaoiniú do thaighde chun cleachtais agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe nuálacha a fhorbairt agus chun infheistíocht a dhéanamh iontu. |
(11) |
Tá tionchar mór díreach ag an earnáil talmhaíochta ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais. Mar gheall air sin, tá sé tábhachtach comhleanúnachas á áirithiú idir cuspóir an Rialacháin seo agus beartais agus cuspóirí eile de chuid an Aontais, amhail an comhbheartas talmhaíochta agus na cuspóirí a bhaineann leis an straitéis bhithéagsúlachta, an straitéis foraoiseachta agus straitéis an gheilleagair chiorclaigh. |
(12) |
Seasann an earnáil iompair do bheagnach aon cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Mar sin de, tá sé tábhachtach astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na baoil a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú trí chur chuige cuimsitheach chun laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn, ar mhaithe le hiompar leictreach, le hathrú sna modhanna iompair, i gcás ina mbeidh sin níos inbhuanaithe, agus ar mhaithe le foinsí fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe san iompar tar éis 2020 freisin. Féadfar an t-aistriú ó shoghluaisteacht íseal-astaíochtaí mar chuid d’aistriú níos leithne chuig geilleagar ísealcharbóin sábháilte, inbhuanaithe a éascú trí choinníollacha cumasúcháin agus dreasachtaí láidre a thabhairt isteach, chomh maith le straitéisí fadtéarmacha lena bhféadfar feabhas a chur ar infheistíochtaí. |
(13) |
Ba cheart an tionchar a bheidh ag beartais agus bearta náisiúnta agus de chuid an Aontais lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme a mheasúnú i gcomhréir leis na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
(14) |
Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, leanúint leis an modheolaíocht um príomhshruthú arna cur i bhfeidhm le linn chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 agus ba cheart feabhas a chur air chun freagairt do na dúshláin agus do na riachtanais infheistíochta a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide ó 2021 ar aghaidh. Ba cheart don mhaoiniú ón Aontas a bheith comhleanúnach le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a luaitear i gComhaontú Pháras, ionas go n-áiritheofar éifeachtacht an chaiteachais phoiblí. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú maidir leis an tionchar a bhíonn ag maoiniú an Aontais a thugtar ó bhuiséad an Aontais nó ó fhoinse eile de bhun dlí an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2003/87/CE. |
(15) |
Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le catagóirí IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíoch agus úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 diomaite d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. |
(16) |
Ní leor na sonraí a thuairiscítear i láthair na huaire sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa agus sna clárlanna náisiúnta agus Aontais chun astaíochtaí CO2 na heitlíochta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta, nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE, a chinneadh. Agus é ag glacadh oibleagáidí tuairiscithe, níor cheart don Aontas ualaí a leagan ar Bhallstáit nó ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), ar ualaí iad atá díréireach i ndáil leis na cuspóirí atá á mbaint amach. Níl in astaíochtaí CO2 ó eitiltí nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ach sciar an-bheag de na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa, agus ba róthrom an t-ualach córas tuairiscithe a bhunú do na hastaíochtaí sin i bhfianaise na gceanglas atá ann cheana don earnáil ina hiomláine de bhun Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas nach dtáirgeann catagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” astaíochtaí CO2 ar bith. |
(17) |
Ba cheart an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanfaidh gach Ballstát faoi 2030 a chinneadh i ndáil leis an leibhéal ar a raibh a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo in 2005, diomaite d’astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh in EU ETS roimh 2005. Ba cheart na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí ó 2021 go 2030 a chinneadh ar bhonn na sonraí a chuireann na Ballstáit isteach agus a athbhreithníonn an Coimisiún. |
(18) |
Idir 2021 agus 2030, ba cheart leanúint de chur chuige na dteorainneacha náisiúnta bliantúla ceangailteacha, a glacadh le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE. Na rialacha lena leagtar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát mar a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart dóibh an mhodheolaíocht chéanna agus a leantar i gcás Ballstát a bhfuil teorainneacha diúltacha acu faoin gCinneadh sin a leanúint, ach tús curtha le ríomh na conaire ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020 bunaithe ar mheán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa idir 2016 agus 2018 agus ba cheart deireadh a chur le ríomh na conaire ag an teorainn a bheidh ag gach Ballstát in 2030. Chun a áirithiú go ndéanfar rannchuidiú iomchuí le sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse ó 2021 go 2030, ba cheart dáta tosaigh ríomh na conaire a chinneadh do gach Ballstát ar bhonn na dátaí a mbeidh leithdháileadh níos ísle ag ghabháil leis. Ba cheart coigeartú ar an leithdháileadh bliantúil astaíochtaí in 2021 a chur ar fáil i gcás na mBallstát sin a bhfuil teorainn dhearfach acu faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus a méadóidh a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí idir 2017 agus 2020 arna gcinneadh de bhun Chinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún (9) agus de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún (10), mar léiriú ar an acmhainneacht mhéadaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta sin. Ba cheart coigeartú breise a chur ar fáil do Bhallstáit áirithe d’fhonn aitheantas a thabhairt dá staid eisceachtúil gur dearfach an teorainn atá acu faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus gurb amhlaidh go bhfuil na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is ísle per capita faoin gCinneadh sin acu nó gurb ísle a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnálacha nach gcumhdaítear leis an gCinneadh sin i gcomparáid le méid iomlán a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa. Níor cheart don choigeartú breise ach cuid de na laghduithe ar astaíochtaí atá de dhíth sa tréimhse ó 2021 go 2029 a chumhdach ionas go gcoinneofaí dreasachtaí le haghaidh tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus nach mbeadh tionchar aige ar an deis sprioc 2030 a bhaint amach, agus úsáid coigeartuithe eile agus solúbthachtaí eile a leagtar amach sa Rialachán seo á gcur san áireamh. |
(19) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ar dá réir a leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí le haghaidh na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
(20) |
Sa chonclúid uaithi dar dáta 23-24 Deireadh Fómhair, dúirt an Chomhairle Eorpach gur cheart cur go mór le hinfhaighteacht agus le húsáid na n-ionstraimí solúbthachta atá ar fáil cheana sna hearnálacha nach mbaineann ETS leo d’fhonn costéifeachtúlacht na hiarrachta comhpháirtí atá ar siúl ag an Aontas, agus cóineasú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa per capita faoi 2030, a áirithiú. Mar bhealach chun feabhas a chur ar chostéifeachtacht fhoriomlán na laghduithe iomlána, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cuid dá leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chur i dtaisce agus a fháil ar iasacht. Ba cheart dóibh a bheith in ann cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile freisin. Ba cheart trédhearcacht na n-aistrithe sin a áirithiú, agus ba cheart na haistrithe sin a dhéanamh ar bhealach is caoithiúil don dá pháirtí, lena n-áirítear trí cheantáil, úsáid idirghabhálaithe margaidh a ghníomhaíonn ar bhonn gníomhaireachta, nó trí shocruithe déthaobhacha. Féadfaidh tionscadal a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair le haon aistriú den sórt sin. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann a mholadh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a bhunú do thionscadail faoi Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE. |
(21) |
Ba cheart solúbthacht nua aonuaire a chruthú d’fhonn éascaíocht a dhéanamh maidir le spriocanna a bhaint amach i gcás na mBallstát a bhfuil a gcuid spriocanna náisiúnta don laghdú cuid mhaith os cionn mheán an Aontais agus os cionn acmhainneacht na mBallstát sin laghdú costéifeachtach a bhaint amach, agus i gcás na mBallstát nár leithdháil lamháltais EU ETS ar bith in aisce do shuiteálacha tionsclaíocha in 2013. Chun go gcloífear le haidhm Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) chun dul i ngleic le míchothromaíochtaí struchtúracha i ndáil le soláthar-éileamh in EU ETS, ba cheart na lamháltais EU ETS arna gcur san áireamh le haghaidh na solúbthachta aonuaire a mheas mar lámháltais EU ETS i gcúrsaíocht agus líon iomlán lamháltas EU ETS atá i gcúrsaíocht in aon bhliain faoi leith á chinneadh. Sa chéad athbhreithniú a dhéanfaidh sé faoin gCinneadh sin, ba cheart don Choimisiún a mheas cé acu an gcoimeádfar nó nach gcoimeádfar cuntasaíocht den sórt sin mar lamháltais EU ETS i gcúrsaíocht. |
(22) |
Le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leagtar síos rialacha cuntasaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus le haistrithe a bhaineann le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (“LULUCF”). Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, níor cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo. Mar sin féin, cé go ndéantar difear don toradh a bheidh ag an Rialachán seo ar an gcomhshaol, ó thaobh leibhéil na laghduithe a dhéanfar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de, de thoradh cainníocht a chur san áireamh suas le suim na nglan-aistrithe iomlána agus na nglan-astaíochtaí iomlána ó thalamh foraoisithe, ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe, ó fhéarthailte bainistithe agus, faoi choinníollacha áirithe, ó thalamh foraoise bainistithe chomh maith le, i gcás ina mbeidh sin éigeantach faoi Rialachán (AE) 2018/841 , bogach bainistithe, mar a shainmhínítear sa Rialachán sin, ba cheart solúbthacht LULUCF le haghaidh cainníocht uasta dar luach 280 milliún tona de choibhéis CO2 de na haistrithe sin arna roinnt idir na Ballstáit a chur san áireamh sa Rialachán seo mar dheis bhreise ag na Ballstáit a ngealltanais a chomhlíonadh, nuair a theastaíonn sin. Leis an méid iomlán sin agus roinnt an mhéid sin i measc na mBallstát, ba cheart a aithint gurb ísle an cumas maolaithe atá in earnáil na talmhaíochta agus na húsáide talún, agus ba cheart rannchuidiú iomchuí na hearnála sin a aithint i dtaca le gás ceaptha teasa a mhaolú agus a cheapadh. Ina theannta sin, le scrios deonach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart a bheith in ann méideanna mar sin a chur san áireamh tráth a ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh na mBallstát le ceanglais faoi Rialachán (AE) 2018/841. |
(23) |
An 30 Samhain 2016, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh (“an togra um rialachas”), lena gceanglaítear ar na Ballstáit pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dhréachtú i gcomhthéacs phleanáil straitéiseach do bheartas fuinnimh agus aeráide le haghaidh gach ceann de chúig ghné lárnach an Aontais Fuinnimh. De réir an togra um rialachas, beidh ról lárnach ag na pleananna náisiúnta lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2021 go 2030 sa phleanáil a dhéanfaidh na Ballstáit maidir leis an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh. Chuige sin, leagfaidh na Ballstáit amach na beartais agus na bearta chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, agus é mar sprioc fhadtéarmach cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Leagfar measúnú amach san pleananna ar na tionchair a bheidh ag na beartais agus na bearta atá beartaithe chun na cuspóirí a bhaint amach. De réir an togra um rialachas, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a léiriú ina mholtaí maidir le dréachtphleananna náisiúnta a iomchuí agus atá leibhéal uaillmhéine agus cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart ina dhiaidh sin. Ba cheart an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as solúbthacht LULUCF chun an Rialachán sin a chomhlíonadh a chur san áireamh agus na pleananna sin á gcur i dtoll a chéile. |
(24) |
Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cúnamh a thabhairt i dtreo feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i dtaca leis an gcomhshaol, trí fhaisnéis thráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa a sholáthar do lucht déanta beartas, d’institiúidí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le chlár oibre bliantúil na Gníomhaireachta. |
(25) |
Ba cheart aon choigeartuithe ar an gcumhdach a leagtar amach in Airteagail 11, 24, 24a agus 27 de Threoir 2003/87/CE a mheaitseáil le coigeartú comhfhreagrach ar an uasmhéid astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá thoradh sin, i gcás ina n-áireoidh Ballstáit astaíochtaí gás ceaptha teasa breise ó shuiteálacha a bhí cumhdaithe roimhe sin faoi Threoir 2003/87/CE ina ngealltanais faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit sin beartais bhreise agus bearta breise a chur chun feidhme sna hearnálacha a chumhdaítear faoin Rialachán seo chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú. |
(26) |
Mar aitheantas ar na hiarrachtaí a rinneadh ó 2013 i leith sna Ballstáit sin a raibh OTI per capita faoi bhun mheán an Aontais acu in 2013, is iomchuí, dá bhrí sin, cúlchiste sábháilteachta teoranta speisialta a bhunú dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2, ach sláine chomhshaoil an Rialacháin seo, mar aon le dreasachtaí do ghníomhaíochtaí na mBallstát a bheidh ina mbreis ar na rannchuidithe íosta a éilítear faoin Rialachán seo, a choimeád slán. Ba cheart an cúlchiste sábháilteachta sin a bheith chun tairbhe na mBallstát a bhfuil OTI per capita níos ísle acu ná meán an Aontais in 2013, a bhfuil a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa fanta faoi bhun a gcuid leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse idir 2013 agus 2020, agus a bhfuil fadhbanna acu i dtaca le sprioc 2030 a bhaint amach in ainneoin go bhfuil úsáid á baint acu as na solúbthachtaí eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Chumhdódh cúlchiste sábháilteachta den chineál sin sciar nár bheag d’easnamh comhchoiteanna réamh-mheasta na mBallstát incháilithe don tréimhse ó 2021 go 2030, gan gá le beartais bhreise, agus choimeádfaí slán na dreasachtaí a thabharfaí do ghníomhaíocht bhreise. Ba cheart go mbeadh an cúlchiste sábháilteachta seo ar fáil do na Ballstáit sin in 2032, faoi choinníollacha áirithe agus ar choinníoll nach lagú úsáid an chúlchiste sin ar bhaint amach na sprice maidir le laghdú 30 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais don bhliain 2030 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
(27) |
Chun forbairtí a dhéantar faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/841 a léiriú agus chun a cuntasaíocht chruinn faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le cead a thabhairt úsáid a bhaint as na catagóirí cuntasaíochta talún de thalamh foraoise bainistithe agus de bhogach bainistithe faoi sholúbthacht LULUCF agus i dtaca le cuntasaíocht a dhéanamh ar idirbhearta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear úsáid a bhaint as solúbthachtaí, seiceálacha maidir le comhlíonadh a chur i bhfeidhm agus feidhmiú beacht an chúlchiste sábháilteachta, tríd an gclárlann a bunaíodh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (“Clárlann an Aontais”). Ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar an bhfaisnéis maidir leis an gcuntasaíocht faoi Rialachán seo. Ba cheart na forálacha riachtanacha maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar idirbhearta a bheith in aon ionstraim amháin ina gcomhcheanglófar na forálacha cuntasaíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, de bhun Rialachán (AE) 2018/841, de bhun an Rialacháin seo agus de bhun Threoir 2003/87/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(28) |
Ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú amhail ó 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin chun a fheidhmiú foriomlán a mheas, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais agus bearta an Aontais a dhéanamh níos déine. Ba cheart a chur san áireamh, inter alia, san athbhreithniú sin an t-athrú atá ag teacht ar imthosca náisiúnta agus ba cheart do na torthaí a bhí ar Idirphlé Éascaitheach 2018 faoi UNFCCC (“idirphlé Talanoa”) agus don stocáireamh domhanda a rinneadh faoi Chomhaontú Pháras bonn eolais a chur ar fáil don athbhreithniú. Mar chuid den athbhreithniú, ba cheart an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a mheas freisin chun leordhóthanacht na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán a áirithiú. Ina theannta sin, mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Deireadh Fómhair 2019, measúnú a dhéanamh ar thoradh idirphlé Talanoa. Ba cheart don athbhreithniú don tréimhse tar éis 2030 a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí fadtéarmacha agus leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras, agus chuige sin, ba cheart dul chun cinn a léiriú leis le himeacht ama. |
(29) |
Chun a áirithiú gur go héifeachtúil trédhearcach costéifeachtach a dhéanfar an tuairisciú agus an fíorú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis eile is gá chun dul chun cinn maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí na mBallstát a mheas, ba cheart na ceanglais maidir le tuairisciú bliantúil agus meastóireacht bhliantúil faoin Rialachán seo a chomhtháthú leis na hAirteagail ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú sa Rialachán sin go leanfar de mheastóireacht bhliantúil a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ag cur san áireamh dul chun cinn maidir le beartais agus bearta an Aontais chomh maith le faisnéis ó na mBallstáit. I dtaca le dul chun cinn réamh-mheasta an Aontais i ndáil lena spriocanna maidir le laghdú a chomhlíonadh agus dul chun cinn na mBallstát maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh, ba cheart sin a bheith ar áireamh sa mheastóireacht a dhéanfar gach re bliain. Mar sin féin, níor cheart cur i bhfeidhm na laghduithe a mheas ach ag tréimhsí 5 bliana, ionas gur féidir an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann ó thalamh foraoisithe, ó thalamh dífhoraoisithe, ó thalamh curaíochta bainistithe agus ó fhéarthailte bainistithe de bhun Rialachán (AE) 2018/841 a mheas. Ní dochar an méid sin do dhualgas an Choimisiúin comhlíonadh a áirithiú i leith na n-oibleagáidí atá ag na Ballstáit de thoradh an Rialacháin seo ná don chumhacht atá ag an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscamh chun na críche sin. |
(30) |
Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a leasú dá réir sin. |
(31) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe oibleagáidí a leagan síos ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uatha don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus rannchuidiú chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(32) |
Ní dochar an Rialachán seo do chuspóirí náisiúnta níos déine, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo, agus cuidíonn sé le cuspóirí Chomhaontú Pharás a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh.
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíocha, úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, diomaite d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.
2. Gan dochar d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 9(2) den Rialachán seo, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/841.
3. Chun críocha an Rialacháin seo, measfar nach dtáirgeann catagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” astaíochtaí CO2 ar bith.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “astaíochtaí gás ceaptha teasa” astaíochtaí, i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 de dhé-ocsaíd charbóin (CO2), de mheatán (CH4), d’ocsaíd nítriúil (N2O), de hidreafluaracarbóin (HFCanna), de shárfhluaracarbóin (PFCanna), de thrífhluairíd nítrigine (NF3) agus de heicseafluairíd sulfair (SF6) arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo; |
(2) |
ciallaíonn “leithdháiltí bliantúla astaíochtaí” na hastaíochtaí uasta gás ceaptha teasa is ceadmhach gach bliain idir 2021 agus 2030 arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 10; |
(3) |
ciallaíonn “lamháltas EU ETS”“lamháltas” mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2003/87/CE. |
Airteagal 4
Leibhéil bhliantúla astaíochtaí don tréimhse ó 2021 go 2030
1. In 2030, déanfaidh gach Ballstát a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú ag cloí, ar a laghad, leis an gcéatadán a leagtar síos don Bhallstát sin in Iarscríbhinn I i ndáil lena astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2005, arna gcinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
2. De réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) den Rialachán seo, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur chun feidhme Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa i ngach bliain idir 2021 agus 2029 an teorainn a shainítear le conair líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, arna gcinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta ó 2021 go 2030 i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2 mar a shonraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. Chun críocha na ngníomhartha cur chun feidhme sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.
Tabharfar le fios sna gníomhartha chur chun feidhme sin an luach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit don bhliain 2005 arb é an luach a úsáidfear chun na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a shonraítear i mír 1 agus mír 2 a chinneadh.
4. Sonrófar freisin sna gníomhartha cur chun feidhme sin, bunaithe ar na céatadáin ar thug na Ballstáit fógra fúthu faoi Airteagal 6(3), líon iomlán na gcainníochtaí a fhéadfar a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh Ballstáit faoi Airteagal 9 idir 2021 agus 2030. Dá dtarlódh sé go sáródh suim iomlán na gcainníochtaí a bhíonn ag na Ballstáit ar fad an t-iomlán comhpháirteach dar luach 100 milliún, déanfar na cainníochtaí iomlána do gach Ballstát a laghdú ar bhonn pro rata ionas nach sárófar an t-iomlán comhpháirteach.
5. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14.
Airteagal 5
Solúbthachtaí trí bhíthin fáil ar iasacht, cur i dtaisce agus aistrithe
1. I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.
2. I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.
3. Ballstát a bhfuil a astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe faoi bhun a leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain sin, féadfaidh sé, agus úsáid na solúbthachtaí de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 6 á cur san áireamh, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus |
(b) |
i ndáil leis na blianta 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 30 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030. |
4. Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.
5. I gcás Ballstát a bhfuil líon athbhreithnithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa aige do bhliain áirithe faoi bhun an leithdháilte bhliantúil astaíochtaí don bhliain áirithe sin, féadfaidh an Ballstát sin, agus an úsáid a bhaintear as solúbthachtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 6 á cur san áireamh, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit eile. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain lena mbaineann nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.
6. Féadfaidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo.
7. I dtaca le haon aistriú de leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a dhéantar de bhun mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh tionscadal nó clár a bhaineann le gás ceaptha teasa a mhaolú nó clár arna chur ar siúl sa Bhallstát díolacháin agus arna mhaoiniú ag an mBallstát glactha a bheith ina shiocair leis an aistriú sin, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint agus an inrianaitheacht a áirithiú.
8. Féadfaidh na Ballstáit creidmheasanna ó thionscadail, arna n-eisiúint de bhun Airteagal 24a(1) de Threoir 2003/87/CE, a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, gan aon teorainn chainníochtúil, ar choinníoll go ndéantar an t-áireamh dúbailte a sheachaint.
Airteagal 6
Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar lamháltais EU ETS
1. I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar cealú teoranta dar luach suas le 100 milliún lamháltas faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a thabhairt san áireamh go comhpháirteach ina leith i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo. Bainfear an cealú sin as na méideanna a bhaineann le ceantáil lamháltas an Bhallstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE.
2. Cuirfear na lamháltais EU ETS a úsáidtear faoi mhír 1 den Airteagal seo san áireamh mar lamháltais EU ETS i gcúrsaíocht chun críocha Airteagal 1(4) de Chinneadh (AE) 2015/1814.
Sa chéad athbhreithniú a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 3 den Chinneadh sin, measfaidh an Coimisiún cé acu an gcoimeádfar nó nach gcoimeádfar an chuntasaíocht a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.
3. I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi 31 Nollaig 2019 má bhíonn rún acu úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse 2021 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, i dtaca le comhlíonadh an Bhallstáit faoi Airteagal 9.
I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith agus é a ísliú uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. Más mar sin a tharlaíonn, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.
4. Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe de réir Airteagal 20(1) de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) san áireamh cainníocht is ionann agus an chainníocht iomlán dá dtagraítear in Airteagal 4(4) den Rialachán seo, nó aon chainníocht faoina bun, i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo. Déanfar an deichiú cuid de lamháltais chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2021 go 2030 i gcás an Bhallstáit sin.
5. I gcás ina bhfuil Ballstát, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoina chinneadh an céatadán ar thug sé fógra ina leith roimhe sin a ísliú, déanfar a chomhionann de chainníocht íseal lamháltais EU ETS a chur ar ceal i gcás an Bhallstáit sin i ndáil le gach bliain ó 2026 go 2030 nó ó 2028 go 2030, faoi seach.
Airteagal 7
Úsáid bhreise suas le 280 milliún glan-aistriú ó LULUCF
1. A mhéid a sháróidh astaíochtaí Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhliain áirithe, lena n-áirítear aon leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chuirtear i dtaisce de bhun Airteagal 5(3) den Rialachán seo, cainníocht dar luach suas le suim na nglan-aistrithe iomlána agus na nglan-astaíochtaí iomlána ó na catagóirí cuntasaíochta comhcheangailte talamh foraoisithe, talamh dífhoraoisithe, talamh curaíochta bainistithe, féarthailte bainistithe, agus faoi réir na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, talamh foraoise bainistithe agus bogach bainistithe, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/841 , féadfar an chainníocht sin a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo i ndáil leis an mbliain sin, ar choinníoll:
(a) |
nach sáróidh an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do gach bliain den tréimhse idir 2021 agus 2030 an t-uasmhéid glan-aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin; |
(b) |
gur mó an chainníocht sin ná na ceanglais atá ar an mBallstát sin faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841; |
(c) |
nach bhfuil níos mó glan-aistrithe faighte ag an mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/841 ó Bhallstáit eile ná mar atá aistrithe aige féin; |
(d) |
go bhfuil an Ballstát tar éis Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh; agus |
(e) |
gur thíolaic an Ballstát tuairisc ar an úsáid a bheartaítear a bhaint as an tsolúbthacht atá ar fáil faoin mír seo de bhun an dara fhomhír d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú i ndáil leis na catagóirí cuntasaíochta talamh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
léiriú a thabhairt ar rannchuidiú na catagóire cuntasaíochta talamh foraoise bainistithe, agus an t-uasmhéid glan-aistrithe iomlána i ndáil le gach Ballstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo á urramú ag an am céanna, nuair a ghlactar gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na leibhéil tagartha foraoise de bhun Airteagal 8(8) nó (9) de Rialachán (AE) 2018/841; agus |
(b) |
léiriú a thabhairt ar rannchuidiú na catagóire cuntasaíochta talamh foraoise bainistithe, agus an t-uasmhéid glan-aistrithe iomlána i ndáil le gach Ballstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo á urramú ag an am céanna, nuair a cheanglaítear ar gach Ballstát cuntas a thabhairt ar an gcatagóir seo faoi Rialachán (AE) 2018/841. |
Airteagal 8
Gníomhaíocht cheartaitheach
1. Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a) |
gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme; |
(b) |
clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. |
2. I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.
3. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir.
Airteagal 9
Seiceáil maidir le comhlíonadh
1. In 2027 agus 2032, má sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí d’aon bhliain shonrach den tréimhse sin, agus mír 2 den Airteagal seo agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 á gcur san áireamh, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
(a) |
méadú ar fhigiúr astaíochta gás ceaptha teasa an Bhallstáit don bhliain ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 12; agus |
(b) |
cuirfear toirmeasc sealadach ar an mBallstát aon chuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstát eile go dtí go mbeidh Airteagal 4 á chomhlíonadh aige. |
Cuirfidh an Riarthóir Lárnach an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo chun feidhme i gClárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 nó le linn na tréimhse idir 2026 agus 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.
Airteagal 10
Coigeartuithe
1. Déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a choigeartú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a) |
coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a eisíodh de bhun Airteagal 11 de Threoir 2003/87/CE de thoradh athrú ar na foinsí a chumhdaítear leis an Treoir sin, i gcomhréir leis na Cinntí ón gCoimisiún a glacadh de bhun na Treorach sin maidir le formheas deiridh na bpleananna náisiúnta leithdháiliúcháin don tréimhse ó 2008 go 2012; |
(b) |
coigeartuithe ar líon lamháltas nó creidmheasa faoi seach faoi EU ETS a eisítear de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 24a de Threoir 2003/87/CE maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i mBallstát; agus |
(c) |
coigeartuithe ar líon na lamháltas faoi EU ETS a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó shuiteálacha arna n-eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse atá siad eisiata. |
2. Déanfar an méid atá in Iarscríbhinn IV a chur leis an leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain 2021 i gcás gach Ballstát dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.
3. Foilseoidh an Coimisiún na figiúirí a eascróidh as na coigeartuithe sin.
Airteagal 11
Cúlchiste sábháilteachta
1. Déanfar cúlchiste sábháilteachta ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1. Beidh an cúlchiste sábháilteachta ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7.
2. Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as an gcúlchiste sábháilteachta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) |
bhí OTI per capita an Bhallstáit de réir margadhphraghsanna in 2013, arna bhfoilsiú ag Eurostat i mí Aibreáin 2016, faoi bhun mheán an Aontais; |
(b) |
tá astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha an Bhallstáit do na blianta ó 2013 go 2020 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi bhun a leithdháiltí carnacha bliantúla astaíochtaí do na blianta ó 2013 go 2020; agus |
(c) |
sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030, cé gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
3. Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste sábháilteachta, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9. Ní rachaidh an chainníocht sin os cionn 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020.
Más rud é go sáraíonn an chainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo an teorainn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata.
4. Aon mhéid a bheidh fanta sa chúlchiste sábháilteachta tar éis an dáilte sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfar é a dháileadh i measc na mBallstát dá dtagraítear san fhomhír sin i gcomhréir le heasnamh gach Ballstáit ach gan dul thairis. I gcás gach Ballstáit acu sin, féadfaidh an chainníocht sin a bheith sa bhreis ar an gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
5. Tar éis dó an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a dhéanamh don bhliain 2020, foilseoidh an Coimisiún, i gcás gach Ballstát a chomhlíonann na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) de mhír 2 den Airteagal seo, na méideanna dar luach 20 % den mhéid a ndeachaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 12
Clárlann
1. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn a áirithiú go dtabharfar cuntas cruinn faoin Rialachán seo trí Chlárlann an Aontais, i dtaca leis na nithe seo a leanas:
(a) |
na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí; |
(b) |
na solúbthachtaí a fheidhmítear faoi Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7; |
(c) |
seiceálacha maidir le comhlíonadh faoi Airteagal 9; |
(d) |
coigeartuithe faoi Airteagal 10; agus |
(e) |
an cúlchiste sábháilteachta faoi Airteagal 11. |
2. Déanfaidh an Riarthóir Lárnach seiceáil uathoibrithe ar gach idirbheart i gClárlann an Aontais a thagann as an Rialachán seo agus, más gá, cuirfidh sé nó sí cosc ar idirbhearta chun a áirithiú nach mbíonn aon neamhrialtachtaí ann.
3. An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 1 agus i mír 2, beidh fáil ag an bpobal uirthi.
Airteagal 13
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2) agus Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 14
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an Athrú Aeráide, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 15
Athbhreithniú
1. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta agus ar chora idirnáisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach.
2. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le sprioc fhoriomlán an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí.
Cuirfear san áireamh sna tuarascálacha sin na straitéisí a ullmhaíodh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 d’fhonn cur le stráitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais a cheapadh.
Airteagal 16
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 535/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 7, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(2) |
i bpointe (c) d’Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
(3) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
(4) |
in Airteagal 21(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 75, 10.3.2017, lch. 103.
(2) IO C 272, 17.8.2017, lch. 36.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.
(4) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(5) Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).
(6) Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(7) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(9) Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát a chinneadh don tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 28.3.2013, lch. 106).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le coigeartú ar leithdháiltí astaíochta bliantúla na mBallstát don tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 292, 1.11.2013, lch. 19).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhar 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (féach lch. 1 den Iris Oifigiúil seo).
(14) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA NA mBALLSTÁT DE BHUN AIRTEAGAL 4(1)
|
Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát in 2030 i ndáil le leibhéil 2005 a bhí acu arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3) |
An Bheilg |
–35 % |
An Bhulgáir |
–0 % |
Poblacht na Seice |
–14 % |
An Danmhairg |
–39 % |
An Ghearmáin |
–38 % |
An Eastóin |
–13 % |
Éire |
–30 % |
An Ghréig |
–16 % |
An Spáinn |
–26 % |
An Fhrainc |
–37 % |
An Chróit |
–7 % |
An Iodáil |
–33 % |
An Chipir |
–24 % |
An Laitvia |
–6 % |
An Liotuáin |
–9 % |
Lucsamburg |
–40 % |
An Ungáir |
–7 % |
Málta |
–19 % |
An Ísiltír |
–36 % |
An Ostair |
–36 % |
An Pholainn |
–7 % |
An Phortaingéil |
–17 % |
An Rómáin |
–2 % |
An tSlóivéin |
–15 % |
An tSlóvaic |
–12 % |
An Fhionlainn |
–39 % |
An tSualainn |
–40 % |
An Ríocht Aontaithe |
–37 % |
IARSCRÍBHINN II
BALLSTÁIT A bhFÉADFAÍ CEALÚ TEORANTA AR LAMHÁLTAIS EU ETS A CHUR SAN ÁIREAMH INA gCÁS MAIDIR LE COMHLÍONADH DE BHUN AIRTEAGAL 6
|
Céatadán uasta astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3) |
An Bheilg |
2 % |
An Danmhairg |
2 % |
Éire |
4 % |
Lucsamburg |
4 % |
Málta |
2 % |
An Ísiltír |
2 % |
An Ostair |
2 % |
An Fhionlainn |
2 % |
An tSualainn |
2 % |
IARSCRÍBHINN III
GLAN-AISTRITHE IOMLÁNA Ó THALAMH FORAOISITHE, Ó THALAMH DÍFHORAOISITHE, Ó THALAMH CURAÍOCHTA BAINISTITHE AGUS Ó FHÉARTHAILTE BAINISTITHE AR FÉIDIR LEIS NA BALLSTÁIT A CHUR SAN ÁIREAMH MAIDIR LE COMHLÍONADH DON TRÉIMHSE 2012 GO 2030 DE BHUN PHOINTE (A) D’AIRTEAGAL 7(1)
|
An t-uasmhéid arna shloinneadh i milliúin tona de choibhéis CO2 |
An Bheilg |
3,8 |
An Bhulgáir |
4,1 |
Poblacht na Seice |
2,6 |
An Danmhairg |
14,6 |
An Ghearmáin |
22,3 |
An Eastóin |
0,9 |
Éire |
26,8 |
An Ghréig |
6,7 |
An Spáinn |
29,1 |
An Fhrainc |
58,2 |
An Chróit |
0,9 |
An Iodáil |
11,5 |
An Chipir |
0,6 |
An Laitvia |
3,1 |
An Liotuáin |
6,5 |
Lucsamburg |
0,25 |
An Ungáir |
2,1 |
Málta |
0,03 |
An Ísiltír |
13,4 |
An Ostair |
2,5 |
An Pholainn |
21,7 |
An Phortaingéil |
5,2 |
An Rómáin |
13,2 |
An tSlóivéin |
1,3 |
An tSlóvaic |
1,2 |
An Fhionlainn |
4,5 |
An tSualainn |
4,9 |
An Ríocht Aontaithe |
17,8 |
An méid iomlán: |
280 |
IARSCRÍBHINN IV
MÉID COIGEARTAITHE DE BHUN AIRTEAGAL 10(2)
|
Tonaí de choibhéis CO2 |
An Bhulgáir |
1 602 912 |
Poblacht na Seice |
4 440 079 |
An Eastóin |
145 944 |
An Chróit |
1 148 708 |
An Laitvia |
1 698 061 |
An Liotuáin |
2 165 895 |
An Ungáir |
6 705 956 |
Málta |
774 000 |
An Pholainn |
7 456 340 |
An Phortaingéil |
1 655 253 |
An Rómáin |
10 932 743 |
An tSlóivéin |
178 809 |
An tSlóvaic |
2 160 210 |
TREORACHA
19.6.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
43 |
TREOIR (AE) 2018/843 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2018
lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Is í Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an phríomhionstraim dlí a bhaineann le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Déanann an Treoir sin, arbh é 26 Meitheamh 2017 an spriocdháta trasuí a bhí aici, creat dlíthiúil éifeachtúil agus cuimsitheach a leagan amach chun díriú ar bhailiú airgid nó maoine chun críocha sceimhlitheoireachta trí éileamh ar Bhallstáit na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint, a thuiscint agus a mhaolú. |
(2) |
Léiríonn ionsaithe sceimhlitheoireachta le déanaí treochtaí nua atá ag teacht chun cinn, go háirithe maidir leis an tslí a ndéanann grúpaí sceimhlitheoireachta a n-oibríochtaí a mhaoiniú agus a sheoladh. Is mó ná riamh an tóir atá ar sheirbhísí teicneolaíochta áirithe nua-aimseartha mar chórais airgeadais mhalartacha, ach tá siad fós lasmuigh de raon dhlí an Aontais agus tairbhíonn siad de dhíolúintí ó cheanglais dlí, ar díolúintí iad a bhféadfadh sé nach mbeadh údar maith leo a thuilleadh. Chun coinneáil suas le treochtaí atá ag teacht chun cinn, ba cheart bearta breise a dhéanamh chun a áirithiú go méadaítear an trédhearcacht in idirbhearta airgeadais, in eintitis chorparáideacha agus in eintitis dhlíthiúla eile, chomh maith le hiontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla a bhfuil struchtúr nó feidhmeanna atá comhchosúil le hiontaobhais acu (“comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla”), d’fhonn feabhas a chur ar an gcreat coisctheach atá ann cheana agus d’fhonn maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aire gur cheart na bearta a dhéantar a bheith i gcomhréir leis na rioscaí. |
(3) |
Tá na Náisiúin Aontaithe (NA), Interpol agus Europol ag tuairisciú gur mó atá coireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht ag teacht le chéile. Is bagairt slándála mhéadaitheach don Aontas atá sa ghaol idir an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht agus sna naisc idir grúpaí coiriúla agus grúpaí sceimhlitheoireachta. Is cuid lárnach d’aon straitéis a thugann aghaidh ar an mbagairt sin atá i gcosc a chur ar an gcóras airgeadais a úsáid chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. |
(4) |
Cé go bhfuil feabhsúcháin shuntasacha ann arb iad caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus na Ballstáit do thacú le hobair na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i réimse na trédhearcachta le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil gá le trédhearcacht fhoriomlán thimpeallacht eacnamaíochta agus airgeadais an Aontais a mhéadú tuilleadh. Ní féidir le cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith éifeachtach mura rud é go bhfuil an timpeallacht ina bhfeidhmíonn coirpigh chun dídean a aimsiú dá ngnóthaí airgeadais trí bhíthin struchtúir neamh-thrédhearcacha doicheallach dóibh. Tá sláine chóras airgeadais an Aontais spleách ar thrédhearcacht na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile, na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. Tá sé mar aidhm ag an Treoir seo ní hamháin sciúradh airgid a bhrath agus a imscrúdú ach é a chosc ó tharlú freisin. D’fhéadfadh feabhsú na trédhearcachta a bheith ina dhíspreagadh cumhachtach. |
(5) |
Cé gur cheart aidhmeanna Threoir (AE) 2015/849 a shaothrú agus aon leasuithe uirthi bheith ag teacht le gníomhaíocht leanúnach an Aontais i réimse na sceimhlitheoireachta agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart leasuithe den sórt sin a dhéanamh agus aird chuí ar an gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint chomh maith le prionsabal na comhréireachta a urramú agus a chur i bhfeidhm. Léirigh an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal “An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil” an gá atá le bearta chun aghaidh a thabhairt ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta ar shlí níos éifeachtaí agus níos cuimsithí, ina n-aibhsítear gurb é insíothlú na margaí airgeadais a lamhálann maoiniú sceimhlitheoireachta. Leag na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Nollaig 2015 béim freisin ar an ngá chun gníomhaíocht a dhéanamh go tapa i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta i ngach réimse. |
(6) |
Déanann an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún, dar teideal “Plean Gníomhaíochta chun an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a neartú” béim a leagan ar an ngá atá le dul in oiriúint do bhagairtí nua agus chun Treoir (AE) 2015/849 a leasú dá réir sin. |
(7) |
Ba cheart do bhearta an Aontais freisin forbairtí agus gealltanais a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú go cruinn. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh Rún 2195 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) maidir le bagairtí do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta, agus UNSCR 2199(2015) agus UNSCR 2253(2015) maidir le bagairtí do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta ó ghníomhartha sceimhlitheoireachta. Déileálann na UNSCRanna sin, faoi seach, leis na naisc idir sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe trasnáisiúnta, le grúpaí sceimhlitheoireachta a chosc ó rochtain a fháil ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus leis an gcreat smachtbhannaí a leathnú chun an Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint a áireamh. |
(8) |
Níl soláthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat (is é sin monaí agus nótaí bainc atá ainmnithe mar dhlíthairiscint agus airgead leictreonach, tíre, a ghlactar mar mheán malartaithe sa tír eisiúna) chomh maith le soláthraithe caomhnóirí tiachóige faoi oibleagáid Aontais ar bith chun gníomhaíocht amhrasach a shainaithint. Mar sin, féadfaidh sé go bhfuil grúpaí sceimhlitheoireachta ábalta airgead a aistriú isteach i gcóras airgeadais an Aontais nó laistigh de líonraí airgeadra fíorúla trí aistrithe a cheilt nó trí thairbhiú de mhéid áirithe anaithnideachta ar na hardáin sin. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, raon Threoir (AE) 2015/849 a leathnú ionas go n-áireofar soláthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat chomh maith le soláthraithe caomhnóirí tiachóige. Chun críocha frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) a chomhrac, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ábalta faireachán a dhéanamh ar úsáid na n-airgeadraí fíorúla trí bhíthin eintitis faoi oibleagáid. Chuirfeadh faireachán den sórt sin cur chuige cothrom agus comhréireach ar fáil, agus an dul chun cinn teicniúil agus an leibhéal ard trédhearcachta a shroichtear i réimse an airgeadais mhalartaigh agus na fiontraíochta sóisialta á gcoimirciú. |
(9) |
Leis an ngné ainaithnid atá ag airgeadraí fíorúla, cruthaítear an fhéidearthacht go bhféadfaí iad a úsáid chun críoch coiriúil. Trí chuimsiú na soláthraithe a ghabhann do seirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat mar aon le soláthraithe caomhnóirí tiachóige, ní thabharfaidh sé sin ann féin aghaidh go hiomlán ar shaincheist na hanaithnideachta a ghabhann le hidirbhearta airgeadra fhíorúil, mar beidh cuid mhór den timpeallacht airgeadra fhíorúil fós anaithnid ós féidir le húsáideoirí idirbheartú freisin d’uireasa na soláthraithe den sórt sin. Chun na rioscaí a bhaineann leis an anaithnideacht a chomhrac, ba cheart d’Aonaid um Fhaisnéise Airgeadais (FIUnna) náisiúnta a bheith ábalta faisnéis a fháil a thabharfaidh an deis dóibh seoltaí airgeadra fhíorúil a cheangal le céannacht úinéir an airgeadra fhíorúil. Sa bhreis air sin, ba cheart a mheasúnú tuilleadh an féidir ligean d’úsáideoirí féindearbhú a dhéanamh chuig údaráis ainmnithe ar bhonn deonach. |
(10) |
Níor cheart go mbeadh aon mhearbhall idir airgeadraí fíorúla agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leis an gcoincheap níos leithne a ghabhann le “cistí” faoi mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ná le luach airgid a stóráiltear ar ionstraimí atá díolmhaithe mar a shonraítear i bpointí (k) agus (l) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2366, ná le hairgeadraí i gcluichí, ar féidir iad a úsáid go heisiach laistigh de thimpeallacht shonrach cluichí. Cé gur féidir airgeadraí fíorúla a úsáid go minic mar mheán íocaíochta, d’fhéadfaí iad a úsáid freisin chun críocha eile agus féadfar feidhmeanna níos leithne a aimsiú dóibh amhail meán malartaithe, mar infheistíocht, táirgí stórála luacha nó iad a úsáid i gcasaíní ar líne. Is é cuspóir na Treorach seo ná úsáidí féideartha uile na n-airgeadraí fíorúla a chuimsiú. |
(11) |
Níor cheart airgeadraí áitiúla, ar a dtugtar airgeadraí comhlántacha freisin, a úsáidtear i líonraí an-teoranta amhail cathair nó réigiún agus i measc líon beag úsáideoirí a mheas mar airgeadraí fíorúla. |
(12) |
Maidir le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta a bhaineann le tríú tíortha ardriosca, ba cheart iad a theorannú nuair a dhéantar laigí suntasacha i gcóras AML/CFT na dtríú tíortha lena mbaineann a shainaithint, mura rud é go bhfuil bearta maolaithe breise leormhaithe nó frithbhearta breise leormhaithe á gcur i bhfeidhm. Nuair a bheifear ag déileáil le cásanna ardriosca den sórt sin agus le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú. Cinneann gach Ballstát, dá bhrí sin, ar an leibhéal náisiúnta an cineál beart díchill chuí fheabhsaithe a bheidh le glacadh i dtaca le tríú tíortha ardriosca. Cruthaíonn an cur chuige éagsúil idir na Ballstáit laigí maidir le bainistiú ghaolmhaireacht gnó a bhaineann le tríú tíortha ardriosca mar atá siad sainaitheanta ag an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach éifeachtacht an liosta tríú tíortha ardriosca arna bhunú ag an gCoimisiún a fheabhsú trí chóireáil chomhchuibhithe a chur ar fáil do na tíortha sin ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go ndíreodh an cur chuige comhchuibhithe sin go príomha ar bhearta díchill chuí fheabhsaithe do chustaiméirí, i gcás nach gceanglaítear na bearta sin a dhéanamh cheana féin faoin dlí náisiúnta. I gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta, ba cheart go ligfí do Bhallstáit a chur de cheangal ar eintitis faoi oibleagáid, i gás inarb infheidhme, bearta maolaithe breise a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a chomhlánaíonn bearta díchill chuí fheabhsaithe do chustaiméirí, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha na ngaolmhaireacht ghnó nó na n-idirbheart. Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta agus lucht leagtha amach caighdeán atá inniúil i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac a iarraidh go ndéanfaí frithbhearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an córas airgeadais idirnáisiúnta a chosaint ó na rioscaí leanúnacha agus substaintiúla a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a thagann ó thíortha áirithe. De bhreis air sin, ba cheart do Bhallstáit cur de cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta maolaitheacha breise maidir le tríú tíortha ardriosca atá sainaitheanta ag an gCoimisiún a achtú agus a chur i bhfeidhm trí ghlaonna ar fhrithbhearta agus moltaí, amhail na cinn sin a léirigh FATF, agus trí fhreagrachtaí a eascraíonn as comhaontuithe idirnáisiúnta a chur san áireamh. |
(13) |
Mar gheall ar chineál athraitheach bagairtí agus leochaileachtaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart don Aontas cur chuige comhtháite a ghlacadh maidir leis na ceanglais ar leibhéal an Aontais a bheith á gcomhlíonadh ag córais AML/CFT náisiúnta, trí mheasúnú ar éifeachtacht na gcóras náisiúnta sin a chur san áireamh. Chun faireachán a dhéanamh ar thrasuí ceart cheanglais an Aontais i gcórais AML/CFT náisiúnta, ar chur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin agus ar chumas na gcóras sin creat coisctheach éifeachtach a chur i gcrích, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar na córais AML/CFT náisiúnta ar cheart nár dhochar é do mheasúnuithe arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán atá inniúil i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, amhail FATF nó an Coiste Saineolaithe maidir le Meastóireacht ar Bhearta Frithsciúrtha Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta. |
(14) |
Tá úsáidí dlisteanacha ag cártaí ilchuspóireacha réamhíoctha agus is ionann iad agus ionstraim a rannchuidíonn le cuimsiú sóisialta agus airgeadais. Is furasta, áfach, cártaí réamhíoctha anaithnide a úsáid i maoiniú ionsaithe sceimhlitheoireachta agus loighistice. Tá sé riachtanach mar sin an modh seo chun a n-oibríochtaí a mhaoiniú a shéanadh ar sceimhlitheoirí, trí na teorainneacha agus na méideanna uasta a laghdú tuilleadh ar fúthu nach gceadaítear d’eintitis bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2015/849 a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, agus ag féachaint go cuí do riachtanais na dtomhaltóirí in úsáid ionstraimí réamhíoctha cuspóra ginearálta agus gan úsáid na n-ionstraimí sin a chosc chun cuimsiú sóisialta agus airgeadais a chur chun cinn, tá sé fíor-riachtanach san am céanna tairseacha na gcártaí ilchuspóireacha réamhíoctha anaithnide a ísliú agus an custaiméir a shainaithint sa chás go ndéantar cian-idirbhearta íocaíochta inar mó ná EUR 50 méid an idirbhirt. |
(15) |
Cé go bhfuil úsáid na gcártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear san Aontas teoranta go bunúsach do chríoch an Aontais amháin, ní mar sin an cás i gcónaí le cártaí comhchosúla a eisítear i dtríú tíortha. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú nach féidir cártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear lasmuigh den Aontas a úsáid san Aontas ach amháin i gcás go meastar go gcomhlíonann siad ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar amach i ndlí an Aontais. Ba cheart an riail a achtú i lán-chomhlíonadh oibleagáidí an Aontais i leith trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear forálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí. |
(16) |
Tá ról tábhachtach ag FIUnna i sainaithint oibríochtaí airgeadais na líonraí sceimhlitheoireachta, go háirithe thar theorainneacha, agus i mbrath a n-urraitheoirí airgeadais. D’fhéadfadh faisnéis airgeadais a bheith bunriachtanach chun éascú cionta sceimhlitheoireachta mar aon le líonraí agus scéimeanna eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a aimsiú. De dheasca easpa caighdeán idirnáisiúnta forordaitheach, cothaíonn FIUnna éagsúlachtaí suntasacha maidir lena bhfeidhmeanna, a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí. Ba cheart do na Ballstáit dícheall a dhéanamh chun cur chuige níos éifeachtúla agus comhordaithe a áirithiú chun déileáil le himscrúduithe airgeadais a bhaineann le sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear imscrúduithe a bhaineann le droch-úsáid airgeadraí fíorúla. Níor cheart go ndéanfadh na héagsúlachtaí reatha difear, áfach, do ghníomhaíocht FIU, go háirithe a chumas chun anailísí coisctheacha a fhorbairt mar thaca le gach údarás atá i gceannas gníomhaíochtaí faisnéise, imscrúdaithe agus breithiúnacha, agus comhoibriú idirnáisiúnta. I bhfeidhmiú a gcuid cúraimí dóibh, ba cheart go mbeadh rochtain ag FIUnna ar fhaisnéis agus go mbeadh siad ábalta í a mhalartú gan chonstaicí, lena n-áirítear trí chomhar cuí le húdaráis forfheidhmithe dlí. I ngach cás coiriúlachta amhrasta agus, go háirithe, i gcásanna ina bhfuil maoiniú sceimhlitheoireachta i gceist, ba cheart go rithfeadh faisnéis go díreach agus go tapa gan mhoill mhíchuí. Tá sé riachtanach mar sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht FIU a fheabhsú tuilleadh, trí shoiléiriú cumhachtaí FIUnna agus trí chomhar eatarthu. |
(17) |
Ba cheart go mbeadh FIUnna ábalta an fhaisnéis uile is gá a bhaineann lena bhfeidhmeanna a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid. Tá a rochtain gan srian ar fhaisnéis riachtanach lena áirithiú gur féidir sreafaí airgid a rianú go cuí agus líonraí aindleathacha agus sreafaí a bhrath go luath. Maidir leis na ngá atá ag FIUnna faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid bunaithe ar amhras sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, d’fhéadfaí an ghníomhaíocht sin a spreagadh trí thuairisc roimh ré ar idirbheart amhrasach a thuairisciú chuig FIU, ach freisin trí mhodhanna eile amhail anailís FIU féin, faisnéis a sholáthair údaráis inniúla nó faisnéis atá i seilbh FIU eile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh FIUnna, i gcomhthéacs a gcuid feidhmeanna, ábalta faisnéis a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid, fiú gan tuairisc roimh ré a bheith déanta. Ní áirítear leis seo iarrataí as éadan ar fhaisnéis a chur chuig eintitis faoi oibleagáid i gcomhthéacs anailís FIUnna, ach is iarrataí ar fhaisnéis bunaithe ar dhálaí atá sainithe go leordhóthanach atá i gceist. Ba cheart go mbeadh FIU ábalta an fhaisnéis sin a fháil ar iarraidh arna déanamh ag FIU eile den Aontas agus an fhaisnéis a mhalartú leis an FIU iarrthach. |
(18) |
Is é is cuspóir don FIU ná faisnéis a fhaigheann sé a bhailiú agus a anailísiú agus é d’aidhm aige naisc a shuí idir idirbhearta a bhfuil amhras ann fúthu agus gníomhaíocht choiriúil is bun dóibh chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus torthaí a chuid anailíse chomh maith le faisnéis bhreise a scaipeadh ar na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil forais ann lena bheith amhrasach faoi sciúradh airgid, faoi chionta preideacáide bainteacha nó faoi mhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith ann. Níor cheart do FIU staonadh ó mhalartú faisnéise le FIU eile ná é a dhiúltú, amach glan nó de dhroim iarrata, ar chúiseanna amhail nach ndearnadh cion preideacáide bainteach a shainaithint, gnéithe de na dlíthe coiriúla náisiúnta agus difríochtaí idir sainmhínithe ar chionta preideacáide bainteacha nó easpa tagartha do chionta preideacáide bainteacha áirithe. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do FIU a thoiliú roimh ré a thabhairt do FIU eile i dtaobh an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla gan beann ar an gcineál ciona preideacáide bhaintigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun go bhféadfar scaipeadh na faisnéise a dhéanamh go héifeachtach. Thuairisc FIUnna deacrachtaí i dtaca le faisnéis a mhalartú atá bunaithe ar dhifríochtaí idir sainmhínithe náisiúnta ar chionta preideacáide áirithe, amhail cionta cánach, nach bhfuil comhchuibhithe le dlí an Aontais. Níor cheart go gcuirfeadh na difríochtaí seo isteach ar an malartú frithpháirteach, ar an scaipeadh ar údaráis náisiúnta ná ar úsáid na faisnéise sin faoi mar a shainítear leis an Treoir seo. Ba cheart do FIUnna, go tapa, go cuiditheach agus go héifeachtúil, an raon is leithne comhair idirnáisiúnta a thabhairt do FIUnna tríú tíortha i ndáil le sciúradh airgid, le cionta preideacáide bainteacha agus le maoiniú sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Moltaí FATF agus le Prionsabail Egmont maidir le Malartú Faisnéise idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. |
(19) |
Faisnéis de chineál stuamachta a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais, amhail faisnéis a bhaineann le hoiriúnacht agus cuibhiúlacht stiúrthóirí agus scairshealbhóirí, leis na sásraí rialaithe inmheánacha, le rialachas nó le comhlíonadh agus bainistiú riosca, is minic a bhíonn an fhaisnéis sin fior- riachtanach le haghaidh maoirseacht leormhaith ag AML/CFT ar na hinstitiúidí sin. An gcaoi chéanna, tá faisnéis AML/CFT tábhachtach freisin chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar na hinstitiúidí sin. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh neamhdheimhneacht dhlíthiúil a d’fhéadfadh eascairt as easpa forálacha sainráite sa réimse seo cur isteach ar mhalartú faisnéise faoi rún agus ar chomhoibriú idir údaráis inniúla AML/CFT a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus na maoirseoirí stuamachta. Is tábhachtaí fós an soiléiriú ar an gcreat dlíthiúil ós rud é go bhfuil maoirseacht stuamachta, i líon áirithe cásanna, curtha ar iontaoibh maoirseoirí neamh-AML/CFT, amhail an Banc Ceannais Eorpach (BCE). |
(20) |
Cuireann rochtain mhoillithe ar fhaisnéis ag FIUnna agus ag údaráis inniúla eile ar chéannacht sealbhóirí cuntas bainc agus íocaíochta agus taisceadán, go háirithe cinn anaithnide, srian ar bhrath aistrithe cistí a bhaineann le sceimhlitheoireacht. Na sonraí náisiúnta lena ligtear do chuntais banc agus íocaíochtaí agus taisceadáin is le duine amháin a shainaithint, tá siad blúirithe agus dá bhrí sin níl rochtain ag FIUnna agus údaráis inniúla eile orthu ar mhodh tráthúil. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, sásraí uathoibrithe láraithe, amhail clár nó córas aisghabhála sonraí a bhunú i ngach Ballstát mar mhodh éifeachtach chun rochtain thráthúil a fháil ar fhaisnéis maidir le céannacht sealbhóirí cuntas banc agus íocaíochta mar aon le taisceadáin, a seachshealbhóirí, agus a n-úinéirí tairbheacha. Nuair a bheidh na forálacha rochtana á gcur i bhfeidhm, is iomchuí na sásraí atá ann cheana a úsáid ar choinníoll gur féidir le FIUnna na sonraí a ndéantar fiosruithe maidir leo a rochtain ar mhodh láithreach agus neamhscagtha. Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar an sásra sin a fhothú le faisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach agus comhréireach ionas go ndéanfar maolú níos éifeachtaí ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta. Maidir le fiosruithe agus le faisnéis ghaolmhar ó FIUnna agus ó údaráis inniúla seachas na húdaráis sin atá freagrach as ionchúiseamh, ba cheart lán-rúnmhaireacht a áirithiú ina leith. |
(21) |
Chun príobháideacht a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart go gcoimeádfaí na sonraí íosta is gá chun imscrúduithe AML/CFT a dhéanamh a shealbhú sna sásraí uathoibrithe láraithe do chuntais bainc agus íocaíochta, amhail clárlanna nó córais aisghabhála sonraí. Ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit a chinneadh cad iad na sonraí atá úsáideach agus comhréireach le bailiú, á chur san áireamh dóibh na córais agus na traidisiúin dlíthiúla atá ann chun a chumasú sainaithint chiallmhar a dhéanamh ar na húinéirí tairbhiúla. Nuair a bheidh na forálacha a bhaineann leis na sásrai sin á dtrasuí, ba cheart do na Ballstáit tréimhsí coinneála a leagan amach atá coibhéiseach leis an tréimhse choinneála le haghaidh doiciméadacht agus faisnéis a fhaightear laistigh de chur i bhfeidhm na mbeart díchill chuí do chustaiméirí. Ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit an tréimhse choinneála a fhadú ar bhonn ginearálta le dlí, ach fós gan gá a bheith le cinntí ar bhonn cás ar chás. Níor cheart go rachadh an tréimhse choinneála bhreise thar 5 bliana breise. Ba cheart nár dhochar an tréimhse sin don dlí náisiúnta lena leagtar amach ceanglais eile do choinneáil sonraí lena gceadaítear cinntí cás ar chás chun imeachtaí coiriúla nó riaracháin a éascú. Ba cheart rochtain ar na sásraí sin a bheith teoranta ar bhonn riachtanais. |
(22) |
Tá sainaithint agus fíorú cruinn sonraí daoine nádúrtha agus dlítheanacha bunriachtanach chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Cumasaíonn na forbairtí teicniúla is déanaí i ndigitiú na n-idirbheart agus na n-íocaíochtaí céannú cianda nó leictreonach slán. Ba cheart na modhanna céannaithe sin mar a leagtar amach iad i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur san áireamh, go háirithe i dtaca le scéimeanna ríomh-shainaitheantais dá dtugtar fógra agus modhanna a áirithíonn aithint dhlíthiúil trasteorann, a thairgeann uirlisí slána ardleibhéil agus a sholáthraíonn tagarmharc trína bhféadfar measúnú na modhanna céannaithe arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta a sheiceáil. Sa bhreis air sin, féadfar próisis chéannaithe chianda nó leictreonacha shlána eile, atá rialaithe, aitheanta nó formheasta ag an údarás inniúil náisiúnta nó a bhfuil glactha aige leo ar an leibhéal náisiúnta, a chur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart sainaithint doiciméad leictreonach agus seirbhísí iontaoibhe mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chur san áireamh freisin sa phróiseas céannachta. Ba cheart prionsabal neodracht na teicneolaíochta a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. |
(23) |
Ionas go sainaithneofar daoine atá faoi riteacht pholaitiúil san Aontas, ba cheart do na Ballstáit liostaí a eisiúint ina léirítear na feidhmeanna sonracha a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta de na feidhmeanna poiblí tábhachtacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta. |
(24) |
Braitheann an cur chuige chun custaiméirí atá ann cheana a athbhreithniú sa chreat reatha ar chur chuige rioscabhunaithe. Mar gheall ar an riosca níos airde atá ann do sciúradh airgid, do mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus do chionta preideacáide bainteacha atá bainteach le struchtúir idirmheánacha áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh an cur chuige sin deis chun rioscaí a bhrath agus a mheasúnú go tráthúil. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú go ndéanfar faireachán ar bhonn tráthrialta ar chatagóirí custaiméirí láithreacha áirithe atá sonraithe go soiléir. |
(25) |
Ceanglaítear ar na Ballstáit i láthair na huaire a áirithiú go bhfaighidh agus go sealbhóidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlíthiúla eile arna n-ionchorprú ina gcríoch faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil. An gá atá le faisnéis chruinn agus chothrom le dáta ar an úinéir tairbhiúil, is príomhthoisc é i rianú coirpeach a d’fhéadfadh a bheith ar shlí eile ábalta a gcéannacht a cheilt laistiar de struchtúr corparáideach. Leis an gcóras airgeadais idirnasctha domhanda, is féidir cistí a cheilt agus a bhogadh timpeall an domhain, agus is minice atá an deis sin á tapú ag lucht sciúrtha airgid agus maoinitheoirí sceimhlitheoireachta chomh maith le coirpigh eile. |
(26) |
Ba cheart go soiléireofaí an toisc shonrach lena gcinntear an Ballstát atá freagrach as faireachán agus clárú faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. De dheasca difríochtaí i gcórais dlí na mBallstát, ní dhéantar faireachán ná clárú ar iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla áirithe áit ar bith san Aontas. Ba cheart faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus chomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a chlárú san áit ina bhfuil iontaobhaithe na n-iontaobhas agus daoine ag a bhfuil poist choibhéiseacha acu i gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla bunaithe nó san áit a bhfuil cónaí orthu. Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus clárú éifeachtach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, tá comhar idir na Ballstáit riachtanach freisin. Trí idirnascadh chláir na mBallstát d’uinéirí thairbhiúla iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, bheadh an fhaisnéis sin inrochtana, agus d’áiritheofaí leis go ndéanfar ilchlárú ar na hiontaobhais chéanna agus na comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla céanna laistigh den Aontas a sheachaint freisin. |
(27) |
Na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla i ndáil le rochtain ar fhaisnéis maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, ba cheart go mbeadh siad inchomparáide leis na rialacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le heintitis chorparáideacha agus le heintitis dhlíthúla eile. De dheasca raon leathan na gcineálacha iontaobhas atá san Aontas faoi láthair, agus de dheasca freisin a éagsúla fós atá comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart gurb iad na Ballstáit a dhéanfadh an cinneadh i dtaobh iontaobhas nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil a bheith comhchosúil ar mhodh comparáideach le heintitis chorparáideacha nó le heintitis dhlíthúla eile nó gan a bheith. Ba cheart gurb é a bheadh mar aidhm leis an dlí náisiúnta trína ndéantar na forálacha seo a thrasuí ná cosc a chur ar iontaobhais nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a úsáid chun críocha sciúrtha airgid, maoinithe sceimhlitheoireachta nó cionta preideacáide bainteacha. |
(28) |
Ag féachaint do na saintréithe difriúla atá ag iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart go mbeadh ar chumas na mBallstát, faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí, an leibhéal trédhearcachta i ndáil le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla nach bhfuil inchomparáide le heintitis chorparáideacha nó le heintitis dhlíthiúla eile a chinneadh. Is féidir le difríochtaí a bheith sna rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta, bunaithe ar shaintréithe an chineáil iontaobhais nó an chineáil comhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil, agus is féidir leis an tuiscint atá ann i dtaca leis na rioscaí sin éabhlóidiú in imeacht ama, mar shampla mar thoradh ar mheasúnuithe riosca náisiúnta agus fornáisiúnta. Ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann a fhoráil le dlí go mbeadh rochtain níos leithne ar fhaisnéis i dtaobh úinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, más amhlaidh gur beart riachtanach agus comhréireach é rochtain den sórt sin chun fónamh don aidhm dhlisteanach an córas airgeadais a úsáid chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Nuair a bhíonn leibhéal trédhearcachta na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla den sórt sin á chinneadh, ba cheart go mbeadh aird chuí ag na Ballstáit ar chearta bunúsacha na ndaoine aonair a chosaint, go háirithe an ceart chun príobháideachta agus an ceart go gcosnófar sonraí pearsanta. Ba cheart rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas nó comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a dheonú d’aon duine atá in ann leas dlisteanach a léiriú. Ba cheart rochtain a dheonú freisin d’aon duine a thaisceann iarraidh i scríbhinn i ndáil le hiontaobhas nó le comhshocrú dlíthiúil comhchosúil a shealbhaíonn leas rialaitheach in aon eintiteas corparáideach nó in aon eintiteas dlíthiúil eile atá corpraithe lasmuigh den Aontas, nó a bhfuil úinéireacht aige ar leas rialaitheach den sórt sin, trí bhíthin úinéireacht dhíreach nó indíreach, lena n-áirítear trí scairshealbhaíochtaí iompróra, nó trí rialú ar mhodh eile. Na critéir agus coinníollacha lena ndeonaítear rochtain ar iarrataí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart go mbeadh siad beacht go leor agus ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo. Ba cheart go bhféadfadh Ballstáit iarraidh i scríbhinn a dhiúltú más rud é go bhfuil forais réasúnacha ann a fhágfaidh go bhfuil siad in amhras nach bhfuil an iarraidh i scríbhinn ag teacht le cuspóirí na Treorach seo. |
(29) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil agus machaire comhréidh a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach a leagan amach go soiléir cé acu de na comhshocruithe dlíthiúla arna mbunú ar fud an Aontais ba cheart a mheas mar chomhshocruithe atá comhchosúil le hiontaobhais trí éifeacht a bhfeidhmeanna nó a struchtúr. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar gach Ballstát a shainaithint cad iad na hiontaobhais, má tá siad aitheanta leis an dlí náisiúnta, agus na comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a fhéadfar a chur ar bun de bhun a chreata dhlíthiúil nó a nósmhaireachta náisiúnta agus a bhfuil struchtúr nó feidhmeanna acu atá comhchosúil le hiontaobhais, amhail struchtúir nó feidhmeanna a chumasaíonn deighilt nó dínascadh idir úinéireacht dhlíthiúil agus úinéireacht thairbhiúil na sócmhainní. Dá éis, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh catagóirí, tuairiscí na saintréithe, ainmneacha agus, i gcás inarb infheidhme, bunús dlí na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla sin d’fhonn go bhfoilseofaí iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a chumasú do na Ballstáit eile iad a shainaithint. Ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh saintréithe dlíthiúla difriúla a bheith ag iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla ar fud an Aontais. Más rud é go bhfuil saintréithe iontaobhais nó comhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil inchomparáide ó thaobh struchtúir nó feidhmeanna de le saintréithe eintiteas corparáideach nó eintiteas dlíthiúil eile, rannchuideodh rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil le mí-úsáid na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla a chomhrac, atá comhchosúil leis an gcaoi ar féidir le rochtain phoiblí rannchuidiú le drochúsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. |
(30) |
Lamhálann rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil grinnscrúdú níos mó ar fhaisnéis ag an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ag an bpreas nó ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus rannchuidíonn sí le hiontaoibh i sláine na n-idirbheart gnó agus an chórais airgeadais a chaomhnú. Is féidir léi rannchuidiú le mí-úsáid eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil agus comhshocruithe dlíthiúla eile chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, trí chuidiú le himscrúduithe agus trí éifeachtaí clú araon, ós rud é go bhfuil aon duine a d’fhéadfadh idirbhearta a dhéanamh leo ar an eolas faoi chéannacht na n-úinéirí tairbhiúla. Éascaíonn sé freisin cur ar fáil tráthúil agus éifeachtúil faisnéise d’institiúidí airgeadais agus do na húdaráis, lena n-áirítear údaráis tríú tíortha, a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh cionta den sórt sin. Chuideodh rochtain ar an bhfaisnéis sin freisin le himscrúduithe ar sciúradh airgid, ar chionta preideacáide bainteacha agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. |
(31) |
Braitheann muinín infheisteoirí agus an phobail i gcoitinne as margaí airgeadais cuid mhaith ar chóras nochta cruinn a bheith ann, rud a sholáthraíonn trédhearcacht in úinéireacht thairbhiúil agus i struchtúir rialaithe na gcuideachtaí. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás córais rialachais chorparáidigh a bhfuil tréithe dlúthúinéireachta acu, amhail an ceann san Aontas. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh infheisteoirí móra le cearta suntasacha vótála agus sreafa airgid fás fadtéarmach agus feidhmíocht dhaingean a spreagadh. Ar an taobh eile, áfach, féadfaidh úinéirí tairbhiúla rialaithe le bloic mhóra vótála dreasachtaí a bheith acu chun sócmhainní agus deiseanna corparáideacha a atreorú i gcomhair luaíocht phearsanta agus na hinfheisteoirí mionlaigh a bheith thíos leis. Ba cheart breathnú ar an méadú féideartha ar an muinín sna margaí airgeadais mar fho-éifeacht dearfach agus ní mar an cuspóir atá le trédhearcacht a mhéadú, arb ann don chuspóir sin chun timpeallacht a chruthú ar lú an dóchúlacht go mbainfí úsáid aisti chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. |
(32) |
Braitheann muinín infheisteoirí agus an phobail i gcoitinne as margaí airgeadais cuid mhaith ar chóras nochta cruinn a bheith ann, rud a sholáthraíonn trédhearcacht i dtaca le húinéireacht thairbhiúil agus struchtúir rialaithe na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile chomh maith le cineálacha áirithe iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a cheadú ar bhealach atá comhleanúnach agus comhordaithe go leor, trí rialacha soiléire maidir le rochtain ag an bpobal a bhunú ionas go mbeidh tríú páirtithe ábalta a fháil amach, ar fud an Aontais, cé hiad úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile chomh maith le cineálacha áirithe iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla. |
(33) |
Ba cheart go gceadódh na Ballstáit, mar sin, rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile ar shlí sách comhtháite agus comhordaithe, trí na cláir lárnacha ina leagtar amach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, trí riail shoiléir rochtana poiblí a bhunú, ionas go mbeidh tríú páirtithe ábalta a fháil amach, ar fud an Aontas, cé hiad úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil eile. Tá sé fíor-riachtanach freisin creat dlíthiúil comhleanúnach a bhunú lena n-áirithítear rochtain níos fearr ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, a luaithe a dhéantar iad a chlárú laistigh den Aontas. Na rialacha is infheidhme maidir le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla i ndáil le rochtain ar fhaisnéis maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil, ba cheart go mbeadh siad inchomparáide leis na rialacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le heintitis chorparáideacha agus le heintitis dhlíthiúla eile. |
(34) |
I ngach cás, a mhéid a bhaineann le heintitis chorparáideacha agus le heinitis dhlíthúla eile araon, chomh maith le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, ba cheart féachaint le cothromaíocht chóir a aimsiú go háirithe idir leas an phobail i gcoitinne i sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus cearta bunúsacha na n-ábhar sonraí. Ba cheart an tacar sonraí atá le cur ar fáil don phobal a bheith teoranta, sainmhínithe go soiléir agus go hiomlán, agus ba cheart go mbeadh sé de chineál ginearálta, chun go n-íoslaghdófar an dochar ionchasach do na húinéirí tairbhiúla. Ag an am céanna, níor cheart go mbeadh difríocht shuntasach idir an fhaisnéis atá inrochtana don phobal agus na sonraí a bhailítear faoi láthair. Chun an bac ar an gceart ar urraim dá saol príobháideach go ginearálta a theorannú agus ar a sonraí pearsanta a chosaint go háirithe, ba cheart go mbainfeadh an fhaisnéis sin go bunúsach le stádas úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach agus eintiteas dlíthiúil eile agus iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla, agus ba cheart go mbainfeadh sé go docht leis an réimse gníomhaíochta eacnamaíche ina n-oibríonn na húinéirí tairbhiúla. Sna cásanna sin nár sainaithníodh oifigeach sinsearach bainistíochta mar an t-úinéir tairbhiúil ach ex officio agus ní trí leas úinéireachta a shealbhaítear nó trí rialú a fheidhmiú ar shlí eile, ba cheart go mbeadh sé sin le feiceáil go soiléir sna cláir. Maidir le faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla, is féidir le Ballstáit foráil do fhaisnéis faoi náisiúntacht a áireamh sa chlár lárnach, go háirithe i gcás úinéirí tairbhiúla neamhdhúchasacha. Chun nósanna imeachta na clárlainne a éascú, agus de bhrí gur náisiúnaigh de chuid an stáit a chothabhálann an clár lárnach a bheidh i bhformhór mór na n-úinéirí tairbhiúla, féadfaidh Ballstáit a thoimhdiú gur duine dá náisiúntacht féin atá in úinéir tairbhiúil sa chás nach ndéantar aon iontráil dá mhalairt. |
(35) |
Rannchuideoidh an grinnscrúdú poiblí feabhsaithe le mí-úsáid na n-eintiteas dlíthiúil agus na gcomhshocruithe dlíthiúla, lena n-áirítear seachaint cánach, a chosc. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh an fhaisnéis sin fós ar fáil trí na cláir náisiúnta agus trí chóras idirnasctha na gclár ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis do na forais le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil a chlárú scor de bheith ann. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta, áfach, foráil a dhéanamh le dlí chun próiseáil na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí pearsanta chun críoch eile, má chomhlíonann an phróiseáil sin cuspóir leasa phoiblí agus más beart é atá riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach don aidhm dhlisteanach a shaothraítear. |
(36) |
Anuas air sin, agus é mar aidhm acu cur chuige comhréireach agus cothrom a áirithiú agus na cearta chun saoil phríobháidigh agus chun cosaint sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart gurbh fhéidir le Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a nochtadh trí na cláir faisnéise maidir le húineireacht thairbhiúil, agus ó rochtain ar an bhfaisnéis sin, in imthosca eisceachtúla, i gcás ina nochtfadh an fhaisnéis sin an t-úinéir tairbhiúil do bhaol díréireach calaoise, fuadaigh, dúmhála, sractha, ciaptha, foréigin nó imeaglaithe. Ba cheart gurbh fhéidir le Ballstáit freisin a cheangal go ndéanfaí clárú ar líne chun aon duine a iarrann faisnéis ón gclár a shainaithint, chomh maith le go ndéanfaí táille a íoc ar rochtain ar an bhfaisnéis sa chlár. |
(37) |
Tá gá le comhordú ar chórais náisiúnta ag a bhfuil saintréithe teicniúla éagsúla chun go mbeadh idirnascadh ann idir cláir lárnacha na mBallstát ina bhfuil faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a shealbhaítear tríd an Ardán Lárnach Eorpach arna bhunú le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Chuige sin, caithfear bearta teicniúla agus sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh ar gá dóibh aird a thabhairt ar dhifríochtaí idir cláir. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla agus oibríochtúla den sórt sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). In aon chás, ba cheart rannpháirtíocht na mBallstát i bhfeidhmiú an chórais ina iomláine a áirithiú trí bhíthin idirphlé rialta idir an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát faoi na saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an chórais agus le forbairt an chórais amach anseo. |
(38) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Treoir seo. Dá thoradh sin, ba cheart daoine nádúrtha a bhfuil a sonraí pearsanta á sealbhú i gcláir náisiúnta ina sainaithnítear iad mar úinéirí tairbhiúla a chur ar an eolas dá réir sin. Anuas air sin, níor cheart ach sonraí pearsanta atá cothrom le dáta agus a fhreagraíonn do na húinéirí tairbhiúla iarbhír a chur ar fáil agus ba cheart na tairbhithe a chur ar an eolas faoina gcearta faoi chreat dlíthiúil reatha an Aontais um chosaint sonraí, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme chun na cearta sin a fheidhmiú. Sa bhreis air sin, chun drochúsáid na faisnéise sna cláir a chosc agus chun cóimheá a aimsiú do chearta na n-úinéirí tairbhiúla, d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí leis na Ballstáit a mbreithniú a dhéanamh i dtaobh an fhaisnéis faoin duine iarrthach mar aon leis an mbunús dlí dá n-iarraidh a chur ar fáil don úinéir tairbhiúil. |
(39) |
Sa chás go ndéanfadh tuairisciú na FIUnna agus na n-údarás inniúil ar mhíréireachtaí dochar d’imscrúdú atá idir lámha, ba cheart do na FIUnna nó do na húdaráis inniúla moill a chur ar thuairisciú na míréireachta go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna a bhain le gan tuairisciú a dhéanamh. Anuas air sin, níor cheart do FIUnna agus d’údaráis inniúla aon mhíréireacht a thuairisciú nuair a bheadh sé sin contrártha d’aon fhoráil rúndachta sa dlí náisiúnta nó sa chás gurbh ionann é agus cion lena dtabharfaí leid. |
(40) |
Ní dochar an Treoir seo do chosaint sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680. |
(41) |
An rochtain ar fhaisnéis agus an sainmhíniú ar leas dlisteanach, ba cheart iad a rialú le dlí an Bhallstáit ina bhfuil iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó ina bhfuil cónaí air. Más rud é nach bhfuil iontaobhaí an iontaobhais nó an duine ag a bhfuil post coibhéiseach i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe in aon Bhallstát nó mura bhfuil cónaí air in aon Bhallstát, ba cheart an rochtain ar an bhfaisnéis agus an sainmhíniú ar leas dlisteanach a rialú le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil a chlárú i gcomhréir le forálacha na Treorach seo. |
(42) |
Ba cheart do Bhallstáit leas dlisteanach a shainmhíniú ina ndlí náisiúnta, mar choincheap ginearálta agus freisin mar chritéar le haghaidh rochtain ar an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh na sainmhínithe sin coincheap an leasa dhlisteanaigh a shrianadh go dtí cásanna atá ar feitheamh in imeachtaí riaracháin nó dlíthiúla, agus ba cheart a chumasú a chur san áireamh leo aon obair choisctheach a dhéanann eagraíochtaí neamhrialtasacha agus iriseoirí imscrúdaitheacha, i gcás inarb iomchuí, i réimse an fhrithsciúrtha airgid, an fhrithmhaoinithe sceimhlitheoireachta agus cionta preideacáide bainteacha. A luaithe a bheidh idirnascadh chláir úinéireachta tairbhiúla na mBallstát i bhfeidhm, ba cheart rochtain náisiúnta agus trasteorann chuig clár gach Ballstáit a dheonú bunaithe ar an sainmhíniú ar leas dlisteanach a bheidh ag an mBallstát ina bhfuil an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil an iontaobhais nó an chomhshocraithe dhlíthiúil chomhchosúil cláraithe i gcomhréir le forálacha na Treorach seo, de bhua cinneadh arna dhéanamh ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin. I ndáil le cláir úinéireachta tairbhiúla na mBallstát, ba cheart freisin gurbh fhéidir le Ballstáit sásraí a bhunú chun achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí lena ndéantar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a dheonú nó a dhiúltú. D’fhonn a áirithiú go mbeidh clárú agus malartú faisnéise comhleanúnach agus éifeachtach ann, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh comhoibriú ann idir a n-údarás atá i gceannas ar an gclár a chuirtear ar bun don fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil na n-iontaobhas agus na gcomhshocruithe dlíthiúla comhchosúla agus a gcomhghleacaithe i mBallstáit eile, trí fhaisnéis a chomhroinnt a bhaineann le hiontaobhais agus le comhshocruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais atá faoi rialú dhlí Ballstáit amháin agus á riaradh i mBallstát eile. |
(43) |
Is é a chineál leanúnach agus athdhéantach atá mar shaintréith ag na ceanglais a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí comhfhreagracha thrasteorann le hinstitiúid is freagróir i dtríú tír. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit, le linn dóibh a cheangal go nglacfaí bearta feabhsaithe díchill chuí sa chomhthéacs áirithe sin, a bhreithniú nach bhfuil idirbhearta aon-uaire nó malartú ar inniúlachtaí teachtaireachta, agus an malartú sin amháin, san áireamh sna gaolmhaireachtaí comhfhreagracha sin. Anuas air sin, agus á aithint nach ngabhann an leibhéal céanna rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta le gach seirbhís baincéireachta chomhfhreagrach trasteorann, is féidir déine na mbeart a leagtar síos sa Treoir seo a chinneadh trí prionsabail an chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm agus ní thugann sé sin réamhbhreithiúnas ar leibhéal an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a chothaíonn an institiúid airgeadais is freagróir. |
(44) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfidh eintitis faoi oibleagáid rialacha in aghaidh sciúradh airgid agus rialacha frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta i bhfeidhm i gceart. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go láidreodh na Ballstáit ról na n-údarás poiblí a ghníomhaíonn mar údaráis inniúla ag a bhfuil freagrachtaí ainmnithe chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear FIUnna, údaráis ag a bhfuil an fheidhm sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, sócmhainní coiriúla a rianú agus a urghabháil nó a chalcadh agus a choigistiú, údaráis a fhaigheann tuairiscí ar iompar trasteorann ionstraimí airgeadra agus ionstraimí soshannta iompróra agus údaráis ag a bhfuil freagrachtaí maoirseachta nó faireacháin arb aidhm dóibh comhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid a áirithiú. Ba cheart go láidreodh na Ballstáit an ról atá ag údaráis ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis frithéillithe agus údaráis chánach. |
(45) |
Ba cheart do na Ballstáit maoirseacht éifeachtach agus neamhchlaonta ar na heintitis faoi oibleagáid uile a áirithiú, agus b’fhearr dá mb’údaráis phoiblí a dhéanfadh an méid sin trí bhíthin rialálaí nó maoirseoir náisiúnta ar leith agus atá neamhspleách. |
(46) |
Gluaiseann coirpigh fáltais aindleathacha tríd an iliomad idirmheánaithe airgeadais chun go seachnófar na fáltais sin a bhrath. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go gceadófaí d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais faisnéis a mhalartú, ní hamháin idir comhaltaí an ghrúpa ach freisin le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais eile, le haird chuí ar rialacha cosanta sonraí faoi mar a leagtar amach iad sa dlí náisiúnta. |
(47) |
Údaráis inniúla a mhaoirsíonn eintitis faoi oibleagáid ó thaobh chomhlíonadh na Treorach seo de, ba cheart go mbeadh siad ábalta comhoibriú lena chéile agus faisnéis faoi rún a mhalartú, gan beann ar a gcineál nó a stádas faoi seach. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh bunús dlí leormhaith ag na húdaráis inniúla sin chun faisnéis faoi rún a mhalartú, agus níor cheart go ndéanfadh aon neamhdheimhneacht dhlíthiúil a d’fhéadfadh eascairt as easpa forálacha sainráite sa réimse seo cur isteach ar an gcomhoibriú idir údaráis mhaoirseachta inniúla AML/CFT agus maoirseoirí stuamachta. Ba cheart an mhaoirseacht ar chur chun feidhme éifeachtach bheartas grúpa maidir le AML/CFT a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail agus modúlachtaí na maoirseachta comhdhlúite mar a leagtar síos i reachtaíocht earnála ábhartha na hEorpa. |
(48) |
Tá an malartú faisnéise agus soláthar cabhrach idir údaráis inniúla na mBallstát fíor-riachtanach chun críocha na Treorach seo. Dá thoradh sin, níor cheart go gcuirfeadh na Ballstáit toirmeasc ar mhalartú faisnéise nó ar chúnamh idir na húdaráis inniúla ná níor cheart go gcuirfeadh siad coinníollacha a bheadh míréasúnach nó sriantach ar bhealach míchuí ar an malartú agus ar an gcúnamh sin. |
(49) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an ghaolmaireacht idir na codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar le doiciméid den chineál sin a tharchur. |
(50) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon cosaint an chórais airgeadais trí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, a ghnóthú go leordhóthanach, óir d’fhéadfadh bearta aonair arna nglacadh ag na Ballstáit chun a gcórais airgeadais a chosaint a bheith ar neamhréir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le saintreoracha an smachta reachta agus beartas poiblí an Aontais, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(51) |
Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú (Airteagal 7 den Chairt), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt) agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt). |
(52) |
Nuair a bheidh tuarascáil á tarraingt suas ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart go dtabharfadh sé aird chuí ar an urraim do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail a aithnítear sa Chairt. |
(53) |
Mar gheall ar an ngá atá le bearta a chur chun feidhme go práinneach, ar bearta iad a ghlactar d’fhonn go neartófaí córas an Aontais a cuireadh ar bhun chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus i bhfianaise na ngealltanas a rinne na Ballstáit leanúint go tapa le trasuí Threoir (AE) 2015/849, ba cheart na leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849 a thrasuí faoin 10 Eanáir 2020. Ba cheart do Bhallstáit cláir úinéireachta tairbhiúla le haghaidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlíthiúla eile a chur ar bun faoin 10 Eanáir 2020 agus le haghaidh iontaobhas agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla faoin 10 Márta 2020. Ba cheart na cláir lárnacha a bheith idirnasctha tríd an Ardán Lárnach Eorpach faoin 10 Márta 2021. Ba cheart do na Ballstáit sásraí uathoibrithe láraithe lenar féidir sealbhóirí cuntas bainc agus íocaíochta agus taisceadán a shainaithint a chur ar bun faoin 10 Meán Fomhair 2020. |
(54) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus thug sé tuairim uaidh an 2 Feabhra 2017 (14). |
(55) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2015/848 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849
Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar a leanas:
(1) |
leasaítear pointe 3 d’Airteagal 2(1) mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(6) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Toirmiscfidh na Ballstáit ar a n-institiúidí creidmheasa agus a n-institiúidí airgeadais cuntais gan ainm nó pasleabhair gan ainm nó taisceadáin gan ainm a choinneáil. Ceanglóidh na Ballstáit, in aon chás, go mbeidh úinéirí agus tairbhithe na gcuntas gan ainm nó na bpasleabhar gan ainm nó na dtaisceadán gan ainm atá ann cheana faoi réir bearta díchill chuí do chustaiméirí tráth nach déanaí ná 10 Eanáir 2019 agus in aon chás sula ndéanfar na cuntais, na pasleabhair nó na taisceadáin sin a úsáid in aon slí.”; |
(7) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(8) |
leasaítear Airteagal 13(1) mar a leanas:
|
(9) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(10) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(11) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 18a 1. Maidir le gaolmhaireacht ghnó nó idirbhearta lena mbaineann tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2), ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis faoi oibleagáid na bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm:
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eintitis atá faoi oibleagáid chun a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid chreidmheasa faoi réir chaighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn arna leagan síos sa Treoir seo. 2. I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis atá faoi oibleagáid, i gcás inarb infheidhme, beart maolaithe breise amháin nó níos mó a chur i bhfeidhm do dhaoine agus d’eintitis dhlíthiúla a dhéanann idirbhearta a bhfuil baint ag tríú tíortha atá sainaitheanta de bhun Airteagal 9(2) leo. Is éard a bheidh sna bearta sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
3. I dteannta na mbeart dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm i dtaca le tríú tíortha ardriosca a shainaithnítear de bhun Airteagal 9(2) i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais:
4. Le linn do na Ballstáit na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, de réir mar is iomchuí, meastóireachtaí, measúnuithe nó tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu maidir le sciúradh airgid a chosc agus le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair. 5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún sula ndéanfaidh siad na bearta a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a achtú nó a chur i bhfeidhm.”; |
(12) |
in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “Maidir le gaolmhaireacht fhreagróra thrasteorann lena mbaineann forghníomhú íocaíochtaí le hinstitiúid freagróra tríú tír, déanfaidh na Ballstáit, i dteannta na mbeart díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 13, a cheangal ar a n-institiúidí creidmheasa agus a n-institiúidí airgeadais agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó:”; |
(13) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 20a 1. Déanfaidh gach Ballstát liosta a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta ina gcuirfear in iúl na feidhmeanna beachta a cháilíonn, de réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin náisiúnta, mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha chun críocha phointe 9 d’Airteagal 3. Iarrfaidh na Ballstáit ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta feidhmeanna tábhachtacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta chun críocha phointe (9) d’Airteagal 3. Seolfar na liostaí sin chuig an gCoimisiún agus féadfar iad a chur ar fáil go poiblí. 2. Déanfaidh an Coimisiún liosta na bhfeidhmeanna beachta a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha ar leibhéal institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a thiomsú agus a choimeád cothrom le dáta. Áireofar sa liosta sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus chomhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Aontais. 3. Déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar na liostaí dá bhforáiltear i mír1 agus mír 2 den Airteagal seo, liosta aonair a chur i dtoll a chéile de gach feidhm phoiblí thábhachtach chun críocha phointe (9) d’Airteagal 3. Cuirfear an liosta aonair sin ar fáil go poiblí. 4. Maidir le feidhmeanna atá san áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déileálfar leo i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 41(2).”; |
(14) |
in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis faoi oibleagáid lena mbaineann an custaiméir bearta leormhaithe a ghlacadh chun a áirithiú go soláthróidh an tríú páirtí láithreach, arna iarraidh sin, cóipeanna ábhartha de shonraí sainaitheantais agus fíoraithe, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, sonraí a gheofar trí mheán sainaitheantas leictreonach, seirbhísí ábhartha iontaobhais mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, nó aon phróiseas eile sainaitheantais slán, cianda nó leictreonach atá rialaithe, aitheanta nó formheasta ag na húdaráis naisiúnta ábhartha nó a bhfuil glactha acu leis.”; |
(15) |
leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
|
(16) |
leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
|
(17) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 31a Gníomhartha cur chun feidhme I gcás inar gá, sa bhreis ar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2017/1132 agus i gcomhréir le raon feidhme Airteagal 30 agus Airteagal 31 den Treoir seo, glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le hidirnascadh chláir lárnacha na mBallstát amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(10) agus Airteagal (31)9, i dtaca leis:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64a(2). Ina chuid ghníomhartha cur chun feidhme, féachfaidh an Coimisiún le teicneolaíocht agus gnáthaimh a bhfuil a bhfiúntas cruthaithe cheana féin a athúsáid. Áiritheoidh an Coimisiún nach dtabhóidh na córais atá le forbairt costais os cionn an mhéid atá sár-riachtanach chun forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme. Beidh trédhearcacht agus malartú taithí agus faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit mar shaintréith de ghníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin.”; |
(18) |
in Airteagal 32, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “9. Gan dochar d’Airteagal 34(2), i gcomhthéacs a fheidhmeanna, beidh gach FIU in ann faisnéis, ó aon eintiteas faoi oibleagáid chun na críche a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, fiú amháin mura gcomhdaítear tuarascáil ar bith roimh ré de bhun Airteagal 33(1)(a) nó Airteagal 34(1), a iarraidh, a fháil, agus a úsáid.”; |
(19) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 32a 1. Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm sásraí uathoibrithe láraithe, amhail cláir lárnacha nó córais aisghabhála leictreonacha lárnacha sonraí, lenar féidir a shainaithint, ar bhealach tráthúil, aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cuntais á gcoimeád nó á rialú acu agus cuntais bhainc a shainaithnítear trí IBAN, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) agus taisceadáin a shealbhaíonn institiúid chreidmheasa laistigh dá gcríoch. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le tréithe na sásraí náisiúnta sin. 2. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a shealbhaíonn na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana go díreach ar bhealach láithreach agus neamhscagtha do FIUnna náisiúnta. Beidh údaráis inniúla náisiúnta in ann rochtain a fháil freisin ar an bhfaisnéis chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon FIU an fhaisnéis a shealbhaíonn na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sholáthar d’aon FIUnna eile ar bhealach tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 53. 3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí lárnacha dá dtagraítear i mír 1: — don sealbhóir cuntais custaiméara agus aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara: an t-ainm, comhlánaithe ag sonraí eile sainaitheantais a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil; — d’úinéir tairbhiúil an tsealbhóra cuntais custaiméara: an t-ainm, comhlánaithe ag sonraí eile sainaitheantais a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil; — don bhanc nó don chuntas íocaíochta: uimhir IBAN agus dáta oscailte agus dúnta an chuntais. — don taisceadán: ainm an léasaí arna chomhlánú ag na sonraí sainaitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 13(1) nó ag uimhir shaineathantais uathúil agus aga na tréimhse léasaithe. 4. Féadfaidh na Ballstáit breithniú ar a cheangal go mbeidh faisnéis eile, a mheastar a bheith bunriachtanach do FIUnna agus d’údaráis inniúla chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, inrochtana agus inchuardaithe trí na sásraí lárnacha. 5. Faoin 26 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle lena ndéanfar meastóireacht ar na coinníollacha agus na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun idirnascadh slán agus éifeachtúil na sásraí uathoibrithe láraithe a áirithiú. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí. (*7) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.03.2012, lch. 22).”;" |
(20) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 32b 1. Soláthróidh na Ballstáit rochtain do FIUnna agus d’údaráis inniúla ar fhaisnéis lenar féidir aon daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar leo eastát réadach a shainaithint go tráthúil, lena n-áirítear trí chláir nó córais aisghabhála sonraí leictreonacha i gcás go bhfuil cláir nó córais den sórt sin ar fáil. 2. Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle lena ndéanfar measúnú an gá agus an comhréireach an fhaisnéis a bheidh san áireamh sna cláir a chomhchuibhiú agus lena measúnófar an gá idirnascadh na gclár sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.”; |
(21) |
in Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(22) |
in Airteagal 34, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Foilseoidh comhlachtaí féinrialála arna n-ainmniú ag na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ina mbeidh faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38: “Airteagal 38 1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar daoine aonair, lena n-áirítear fostaithe agus ionadaithe an eintitis faoi oibleagáid, a thuairiscíonn amhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta go hinmheánach nó don FIU, a chosaint ó thaobh an dlí ar bheith neamhchosanta ar bhagairtí nó ar ghníomhaíocht dhíoltach nó naimhdeach, agus go háirithe ar ghníomhaíochtaí fostaíochta díobhálacha nó idirdhealaitheacha. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine aonair atá neamhchosanta ar bhagairtí, gníomhaíochtaí díoltacha nó naimhdeacha, nó gníomhaíochtaí fostaíochta díobhálacha nó idirdhealaitheacha as amhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a thuairisciú go hinmheánach nó chuig an FIU i dteideal gearán a thíolacadh ar bhealach sábháilte chuig na húdaráis inniúla faoi seach. Gan dochar do rúndacht na faisnéise arna bailiú ag an FIU, áiritheoidh Ballstáit go mbeidh an ceart ag daoine aonair den sórt sin leigheas éifeachtach a fháil chun a gcearta a choimirciú faoin mhír seo freisin.”; |
(24) |
in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Ní dhéanfaidh an toirmeasc a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo cosc a chur le nochtadh idir na hinstitiúidí creidmheasa agus na hinstitiúidí airgeadais ó na Ballstáit ar choinníoll go mbainfidh siad leis an ngrúpa céanna, nó idir na heintitis sin agus a gcraobhacha agus a bhfochuideachtaí ina bhfuil sciar tromlaigh ar seilbh acu arna mbunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanfaidh na craobhacha agus na fochuideachtaí sin na beartais agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa, i gcomhréir le hAirteagal 45 agus go ndéanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.”; |
(25) |
in Airteagal 40, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(26) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43: “Airteagal 43 Déanfar próiseáil sonraí pearsanta ar bhonn na Treorach seo chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 1 a chosc a bhreithniú mar ábhar ar díol spéise poiblí é faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (*8). (*8) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;" |
(27) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44: “Airteagal 44 1. Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha rannchuidiú leis an ullmhúchán a bhaineann le measúnú riosca de bhun Airteagal 7, go bhfuil siad in ann athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht a gcórais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac trí staidreamh cuimsitheach a choimeád ar ábhair is ábhartha d’éifeachtúlacht na gcóras sin. 2. Áireofar ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1:
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú comhdhlúite ar a gcuid staidreamh a fhoilsiú ar bhonn bliantúil. 4. Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go bliantúil don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ina mbeidh achoimre agus míniú ar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2, ar tuarascáil í a chuirfear ar fáil ar a láithreán gréasáin.”; |
(28) |
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Cuirfidh na Ballstáit agus na ÚMEnna a chéile ar an eolas faoi na cásanna nach gceadaíonn dlí tríú tír cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoi mhír 1. Sna cásanna sin, féadfar gníomhaíochtaí comhordaithe a ghlacadh chun réiteach a shaothrú. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar cé na tríú tíortha nach gceadaíonn cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta a cheanglaítear faoi mhír 1, cuirfidh na Ballstáit agus na ÚMEnna san áireamh aon srianta dlíthiúla a d’fhéadfadh bac a chur ar chur chun feidhme cuí na mbeartas agus na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear rúndacht, cosaint sonraí agus srianta eile a chuireann teorainn leis an malartú faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun na críche sin.”; |
(29) |
in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat, agus soláthraithe caomhnóirí sparán, cláraithe, go mbeidh ceadúnais ag oifigí malairte airgeadra agus briste seiceanna, agus soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta nó go mbeidh siad cláraithe, agus go mbeidh soláthróirí seirbhísí cearrbhachais rialáilte.”; |
(30) |
leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
|
(31) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49: “Airteagal 49 Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sásraí éifeachtacha ag lucht déanta beartas, na FIUnna, na maoirseoirí agus údaráis inniúla eile a bhfuil baint acu le AML/CFT, chomh maith le húdaráis chánach agus údaráis forfheidhmithe an dlí nuair a bhíonn siad ag gníomhú laistigh de raon feidhme na Treorach seo, chun a chumasú dóibh obair i gcomhar lena chéile agus comhordú a dhéanamh ar bhonn intíre maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartais agus gníomhaíochtaí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-airítear d’fhonn a n-oibleagáid faoi Airteagal 7 a chomhlíonadh.”; |
(32) |
i Roinn 3 de Chaibidil VI, cuirtear isteach foroinn seo a leanas: “
Airteagal 50a Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar mhalartú faisnéise nó ar chúnamh idir na húdaráis inniúla ná ní chuirfidh siad coinníollacha a bheadh sriantach go míchuí ar an malartú sin chun críocha na Treorach seo. Go háirithe déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach ndiúltóidh na húdaráis inniúla iarraidh ar chúnamh ar na forais seo a leanas:
|
(33) |
leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
|
(34) |
in Airteagal 54, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “1a. Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh na FIUnna duine teagmhála nó pointe teagmhála amháin ar a laghad le bheith freagrach as iarrataí ar fhaisnéis a fháil ó FIUnna i mBallstáit eile.”; |
(35) |
in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar toiliú roimh ré ó FIU iarrtha chun an fhaisnéis a scaipeadh ar na húdaráis inniúla a dheonú go pras agus a mhéid is féidir beag beann ar chineál na gcionta preideacáide bainteacha. Ní dhiúltóidh an FIU iarrtha a thoiliú don scaipeadh sin mura rud é go mbeadh sé sin thar raon feidhme chur i bhfeidhm a fhorálacha AML/CFT nó go bhféadfadh lagú ar imscrúdú coiriúil teacht as, nó go mbeadh sé díréireach ar shlí eile nach mbeadh sé i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Déanfar aon diúltú chun toiliú a dheonú a mhíniú go hiomchuí. Sonrófar na heisceachtaí sin ar bhealach a chuireann cosc ar mhí-úsáid scaipeadh faisnéise chuig údaráis inniúla, agus ar shrianta míchuí ar an scaipeadh sin.”; |
(36) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57: “Airteagal 57 Ní chuirfidh difríochtaí idir sainmhínithe dlí náisiúnta de chionta preideacáide dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 bac ar chumas FIUnna cúnamh a thabhairt do FIU eile ná ní chuirfidh sé teorainn le malartú, scaipeadh agus úsáid faisnéise de bhun Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55.”; |
(37) |
i Roinn 3 de Chaibidil VI, cuirtear isteach an fhoroinn seo a leanas: “
Airteagal 57a 1. Déanfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh gach duine a oibríonn don nó a d’oibrigh don údaráis inniúil a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus iniúchóirí nó saineolaithe a fheidhmíonn thar ceann údaráis inniúla den sórt sin go mbeidh siad faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Gan dochar do chásanna a chumhdaítear leis an dlí coiriúil, ní fhéadfar faisnéis faoi rún a fhaigheann na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Treoir seo dóibh a nochtadh ach amháin mar achoimre nó i bhfoirm chomhiomlánaithe, ar shlí a fhágfaidh nach féidir institiúidí creidmheasa agus airgeadais aonair a shainaithint. 2. Ní chuirfidh mír 1 cosc ar mhalartú faisnéise idir:
Faoin 10 Eanáir 2019, déanfaidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo agus an BCE, ag gníomhú dó de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus de bhun phointe (g) den chéad fhomhír d’Airteagal 56 de Threoir 2013/36AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), le tacaíocht na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha, comhaontú a chur i gcrích ar na modúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú. 3. Údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais a fhaigheann faisnéis rúnda amhail dá dtagraítear i mír 1, bainfidh siad feidhm as an bhfaisnéis sin:
4. Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhar le chéile chun críocha na Treorach seo a mhéid is féidir, beag beann ar a gcineál nó a stádas atá acu faoi seach. Áirítear leis freisin an cumas comhar den sórt sin a dhéanamh, laistigh de chumhachtaí an údaráis inniúil iarrtha, fiosrúchán a dhéanamh thar ceann údarás inniúil iarrthach, agus i malartú na faisnéise ina dhiaidh sin a fuarthas trí imscrúduithe den sórt sin. 5. Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt dá n-údaráis náisiúnta inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích a dhéanann foráil maidir le comhar agus malartú faisnéise rúnda leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha arb ionann a gcontrapháirteanna agus na húdaráis náisiúnta inniúla sin. Déanfar comhaontuithe comhair den sórt sin a thabhairt i gcrích ar bhonn na cómhalartachta agus ní dhéanfar é sin ach amháin má tá an fhaisnéis a nochtfar faoi réir cheanglais rúndachta gairmiúla atá comhionann ar a laghad leis sin dá dtagraítear i mír 1. Bainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a malartaíodh de réir na gcomhaontuithe comhair sin chun críche cúram maoirseoireachta na n-údarás sin a chomhlíonadh. I gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis arna malartú i mBallstát eile, ní dhéanfar í a nochtadh gan toiliú sainráite an údaráis inniúil a chomhroinn í agus, i gcás inarb iomchuí, chun na gcríoch ar thug an t-údarás sin a thoiliú dóibh agus chun na gcríoch sin amháin. Airteagal 57b 1. D’ainneoin Airteagal 57a (1) agus (3) agus gan dochar d’Airteagal 34(2), féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla, sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla, idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ar cuireadh ar a n-iontaoibh maoirseacht a dhéanamh ar eintitis na hearnála airgeadais agus ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla amhail dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) agus na húdaráis atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna maoirseachta faoi seach. Beidh an fhaisnéis a fhaightear, in aon chás, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a(1). 2. D’ainneoin Airteagal 57a(1) agus (3), féadfaidh na Ballstáit, de bhua fhorálacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, údarú a thabhairt faisnéis áirithe a nochtadh leis na húdaráis náisiúnta eile atá freagrach le dlí as maoirseacht a dhéanamh ar na margaí airgeadais, nó ag a mbeidh freagrachtaí ainmnithe i réimse sciúradh airgid, na cionta preideacáide bainteacha nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac nó a imscrúdú. Mar sin féin, ní bhainfear feidhm as an bhfaisnéis rúnda a malartaíodh de réir an mhír 2 seo ach amháin chun críche cúraimí dlíthiúla na n-údarás lena mbaineann a chomhlíonadh. Beidh daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis sin faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 57a(1). 3. Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt go nochtfar faisnéis áirithe maidir le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais i gcomhréir leis an Treoir seo do choistí fiosrúcháin Parlaiminteacha, do chúirteanna iniúchóirí agus d’eintitis eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin, ina mBallstát, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(*9) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)." (*10) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).”;" |
(38) |
in Airteagal 58(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú freisin i gcás ina sainaithníonn a n-údaráis inniúla sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla, go gcuirfidh siad na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an eolas ar bhealach tráthúil.”; |
(39) |
leasaítear Airteagal 61 mar a leanas:
|
(40) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 64a 1. Tabharfaidh an Coiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta (an “Coiste”) amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (*12). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*11) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)." (*12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;" |
(41) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65: “Airteagal 65 1. Faoin 11 Eanáir 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Áireofar sa tuarascáil sin go háirithe:
Beidh ag gabháil leis an gcéad tuarascáil, atá le foilsiú faoin 11 Eanáir 2022, más gá, tograí iomchuí reachtacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, maidir le hairgeadraí fíorúla, cumhachtuithe chun bunachar sonraí a chur ar bun agus a chothabháil lena gclárófar céannachtaí agus seoltaí tiacóige úsáideoirí a bheidh inrochtana do FIUnna, chomh maith le foirmeacha féindearbhaithe le haghaidh úsáid na n-úsáideoirí airgeadra fíorúla, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir Oifigí Gnóthaithe Sócmhainní na mBallstát agus cur i bhfeidhm riosca-bhunaithe na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20. 2. Faoin 1 Meitheamh 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcreat do chomhar na FIUnna le tríú tíortha agus le bacainní agus deiseanna chun an comhar idir FIUnna san Aontas a fheabhsú lena n-áirítear an fhéidearthacht sásra comhordaithe agus tacaíochta a bhunú. 3. Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tuarascáil a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun measúnú a dhéanamh an gá agus an comhréireach an céatadán a ísliú i ndáil le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlíthiúil a shainaithint i bhfianaise aon mholadh arna eisiúint sa chiall sin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc mar thoradh ar mheasúnú nua, agus togra reachtach a thíolacadh, más iomchuí.”; |
(42) |
in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun go gcomhlíonfaí an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm faoin 26 Meitheamh 2017. Cuirfidh na Ballstáit Airteagal 12(3) i bhfeidhm ón 10 Iúil 2020. Déanfaidh na Ballstáit na cláir dá dtagraítear in Airteagal 30 a chur ar bun faoin 10 Eanáir 2020 agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 31 a chur ar bun faoin 10 Márta 2020 agus na sásraí uathoibrithe láraithe dá dtagraítear in Airteagal 32a a chur ar bun faoin 10 Meán Fómhair 2020. Áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh na gclár dá dtagraítear in Airteagal 30 agus Airteagal 31 i gcomhar leis na Ballstáit faoin 10 Márta 2021. Cuirfidh na Ballstáit téacs na mbeart sin dá dtagraítear sa mhír seo in iúl don Choimisiún láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna a ndéanfar tagairtí den sórt sin.”; |
(43) |
in Iarscríbhinn II, pointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
|
(44) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasú ar Threoir 2009/138/CE
In Airteagal 68(1), pointe (b) de Threoir 2009/138/CE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(iv) |
údaráis freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13) i dtaca le comhlíonadh na Treorach sin; |
Airteagal 3
Leasú ar Threoir 2013/36/AE
Sa chéad mhír d’Airteagal 56 de Threoir 2013/36/AE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(g) |
údaráis freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14) i dtaca le comhlíonadh na Treorach sin. |
Airteagal 4
Trasuí
1. Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh i bhfeidhm faoin 10 Eanáir 2020. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 459, 9.12.2016, lch. 3.
(2) IO C 34, 2.2.2017, lch. 121.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.
(4) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(5) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(6) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(8) Treoir (AE) Uimh. 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(12) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(14) IO C 85, 18.3.2017, lch. 3.
19.6.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
75 |
TREOIR (AE) 2018/844 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2018
lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tá an tAontas tiomanta do chóras fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, seasmhach agus dícharbónaithe a fhorbairt. Leis an Aontas Fuinnimh agus leis an gCreat Beartais maidir le Fuinneamh agus Aeráid do 2030, bunaítear gealltanais uaillmhianacha don Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh 40 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le 1990, chun an céatadán d’fhuinneamh in-athnuaite a ídítear a mhéadú agus chun coigiltí fuinnimh a dhéanamh i gcomhréir le huaillmhianta ar leibhéal an Aontais agus chun seasmhacht, iomaíochas agus inbhuanaitheacht fuinnimh na hEorpa a fheabhsú. |
(2) |
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, comhcheanglaítear in athbhreithniú 2016 ar ghníomhartha reachtacha de chuid an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh athmheasúnú ar sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030 mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach in 2014, athbhreithniú ar chroí-fhorálacha Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus athneartú ar chreat an mhaoinithe chumasaithe lena n-áirítear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), rud a fheabhsóidh ar deireadh dálaí airgeadais na n-infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh ar an margadh. |
(3) |
Le Treoir 2010/31/AE ceanglaíodh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoin 1 Eanáir 2017, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus moltaí a dhéanamh, más gá. |
(4) |
Chun ullmhú i gcomhair an athbhreithnithe sin, ghlac an Coimisiún sraith céimeanna chun fianaise a bhailiú maidir leis an gcaoi ar cuireadh Treoir 2010/31/AE chun feidhme sna Ballstáit, inar díríodh ar an méid ar éirigh leis agus ar a bhféadfaí a fheabhsú. |
(5) |
Léiríodh i dtoradh an athbhreithnithe agus an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiúin go bhfuil gá le sraith leasuithe chun forálacha reatha Threoir 2010/31/AE a neartú agus chun gnéithe áirithe a shimpliú. |
(6) |
Tá an tAontas tiomanta do chóras fuinnimh atá inbhuanaithe, iomaíoch, seasmhach agus dícharbónaithe a fhorbairt faoi 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá bearta de dhíth ar na Ballstáit agus ar infheisteoirí arb é is aidhm dóibh an sprioc fhadtéarmach i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus an stoc foirgneamh atá freagrach as thart ar 36 % d’astaíochtaí CO2 ar fad san Aontas a dhícharbónú, agus sin faoi 2050. Ba cheart do na Ballstáit cothromaíocht chostéifeachtúil a lorg idir soláthairtí fuinnimh a dhícharbónú agus ídiú fuinnimh deiridh a laghdú. Chun na críche sin, tá fís shoiléir ag teastáil ó na Ballstáit agus ó infheisteoirí chun a gcuid beartas agus a gcuid cinntí infheistíochta a threorú, lena n-áirítear garspriocanna náisiúnta táscacha agus gníomhaíochtaí i leith éifeachtúlachta fuinnimh chun na cuspóirí gearrthéarmacha (2030), meántéarmacha (2040) agus fadtéarmacha (2050) a bhaint amach. Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh agus ag breathnú ar uaillmhianta éifeachtúlachta fuinnimh foriomlána an Aontais, tá sé riachtanach do na Ballstáit aschur ionchasach straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha a shonrú agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a dhéantar maidir leo trí tháscairí intíre dul chun cinn a leagan amach faoi réir dálaí agus forbairtí náisiúnta. |
(7) |
Cuirtear borradh ar iarrachtaí de chuid an Aontais chun a stoc foirgneamh a dhícharbónú leis an gComhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a tháinig i ndiaidh an 21ú Comhdháil Páirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 21). Agus é á chur san áireamh go n-úsáidtear beagnach 50 % d’ídiú fuinnimh deiridh an Aontais do théamh agus d’fhuarú, agus go n-úsáidtear 80 % de sin i bhfoirgnimh, tá nasc idir spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus iarrachtaí an Aontais chun a stoc foirgneamh a athchóiriú trí éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ina tosaíocht, agus úsáid á baint as an bprionsabal “tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh” mar aon le féachaint faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid. |
(8) |
Ba cheart na forálacha maidir le straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a leagtar síos i dTreoir 2012/27/AE a aistriú go Treoir 2010/31/AE, áit ina n-oireann siad níos soiléire. Ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as a gcuid straitéisí athchóirithe san fhadtéarma chun aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht ó dhóiteán agus na baoil a bhaineann le gníomhaíocht sheismeach dhian a dhéanann difear d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh agus do shaolré foirgneamh. |
(9) |
Chun stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá dícharbónaithe a bhaint amach agus chun a áirithiú go dtiocfaidh an dul chun cinn riachtanach ar aistriú foirgneamh atá ann faoi láthair beagnach ina bhfoirgnimh neodracha ó thaobh fuinnimh as na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha, go háirithe trí mhéadú ar athchóiriú domhain, ba cheart do na Ballstáit treoirlínte soiléire a sholáthar agus gníomhaíochtaí intomhaiste spriocdhírithe chomh maith le rochtain chomhionann ar mhaoiniú a chur chun cinn, lena n-áirítear do na ranna is neamhfheidhmiúla den stoc náisiúnta foirgneamh, do thomhaltóirí atá buailte ag an tearcrochtain fuinnimh, do thithíocht shóisialta agus do theaghlaigh atá faoi réir cruachásanna dreasachta deighilte, agus inacmhainneacht á cur san áireamh. D’fhonn níos mó tacaíochta a thabhairt do na feabhsuithe riachtanacha ina stoc náisiúnta ar cíos, ba cheart do na Ballstáit féachaint faoi cheanglais a thabhairt isteach nó faoi leanúint ar aghaidh á gcur i bhfeidhm do leibhéal áirithe feidhmíochta fuinnimh maidir le maoine ar cíos, i gcomhréir leis na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. |
(10) |
De réir an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiún, bheadh gá le hathchóiriú ag meánráta 3 % in aghaidh na bliana chun uaillmhianta an Aontais le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach. De bhrí go laghdaítear allmhairithe gáis faoi 2,6 % le gach méadú 1 % ar choigiltí fuinnimh, tá uaillmhianta soiléire i gcomhair athchóiriú ar an stoc foirgneamh atá ann faoi láthair den ríthábhacht. Mar sin, bheadh iarrachtaí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú ina gcuidiú gníomhach le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais agus thairis sin tá móracmhainn iontu chun poist a chruthú san Aontas, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit an gá a chur san áireamh le nasc soiléir idir a straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus tionscnaimh ábhartha chun forbairt scileanna agus oideachas a chur chun cinn in earnálacha na foirgníochta agus na héifeachtúlachta fuinnimh. |
(11) |
Ba cheart an gá le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú a chur san áireamh, i gcomhréir leis na critéir arna sainiú ag na Ballstáit. Agus gníomhaíochtaí náisiúnta a chuidíonn le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú á leagan amach ag na Ballstáit ina straitéisí athchóirithe, tá sé de cheart acu na nithe a bhféachann siad orthu mar ghníomhaíochtaí ábhartha a bhunú. |
(12) |
Agus na Ballstáit i mbun a straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus gníomhaíochtaí agus bearta á bpleanáil acu, d’fhéadfaidís úsáid a bhaint as coincheapa amhail pointí truicir, eadhon amanna tráthúla, mar shampla ó thaobh costéifeachtachta nó suaite, i saolré foirgnimh chun athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh. |
(13) |
Foráiltear le treoirlínte 2009 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, maidir le cáilíocht an aeir laistigh, go dtugann foirgnimh a fheidhmíonn níos fearr leibhéil compoird níos airde agus folláine dá sealbhóirí agus cuireann siad feabhas ar an tsláinte. Mar thoradh ar dhroichid theirmeacha, insliú neamhleor agus bealaí aeir neamhphleanáilte is féidir teocht dromchla faoi bhun dhrúchtphointe an aeir agus i dtaise a bheith ann. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, insliú iomlán aonchineálach an fhoirgnimh a áirithiú, lena n-áirítear na balcóin, cóiriú na bhfuinneog, díonta, ballaí, doirse agus urláir, agus ba cheart aird ar leith a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé go seachnófaí an teocht ar aon dromchla laistigh den fhoirgneamh titim faoi bhun teocht an drúchtphointe. |
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le huasghráduithe feidhmíochta fuinnimh ar fhoirgnimh atá ann faoi láthair a chuidíonn le timpeallacht shláintiúil laistigh a bhaint amach, lena n-áirítear trí aispeist agus substaintí díobhálacha eile a bhaint, lena gcuirtear cosc ar bhaint neamhdhleathach substaintí díobhálacha agus comhlíonadh gníomhartha reachtacha atá ann cheana féin amhail Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) á éascú. |
(15) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú nach ndírítear le bearta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú ach amháin ar an imchlúdach foirgnimh ach go n-áirítear na heilimintí ábhartha agus na córais theicniúla go léir i bhfoirgneamh, amhail eilimintí éighníomhacha a bhíonn rannpháirteach i dteicnící éighníomhacha arb é is aidhm dóibh na riachtanais fuinnimh do théamh nó d’fhuarú, an úsáid fuinnimh do shoilsiú agus d’aerú a laghdú agus ar an dóigh sin feabhas a chur ar chompord teirmeach agus amhairc. |
(16) |
Ba cheart go mbeadh ról lárnach ag sásraí airgeadais, dreasachtaí agus cur ar fáil institiúidí airgeadais d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh sna straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha agus ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit chun cinn go gníomhach iad. Ba cheart go n-áireofaí le bearta den sórt sin morgáistí fuinneamhéifeachtúla a spreagadh d’athchóiriú foirgneamh fuinneamhéifeachtúla deimhnithe, lena gcuirtear infheistíochtaí d’údaráis phoiblí chun cinn i stoc foirgneamh fuinneamhéifeachtúil, mar shampla trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó conarthaí feidhmíochta fuinnimh roghnacha, lena laghdaítear an baol a mheastar a bhaineann leis na hinfheistíochtaí, lena gcuirtear uirlisí comhairleacha inrochtana trédhearcacha agus ionstraimí cúnaimh ar fáil amhail ionaid ilfhreastail a chuireann seirbhísí athchóirithe fuinnimh comhtháite ar fáil, mar aon le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme amhail na cinn dá dtagraítear sa tionscnamh ón gCoimisiún dar teideal Airgeadas Cliste d’Fhoirgnimh Chliste. |
(17) |
Tá réitigh dhúlra-bhunaithe, amhail fásra sráide dea-phleanáilte, díonta glasa agus ballaí a thugann insliú agus scáth d’fhoirgnimh, ina gcuidiú chun éileamh ar fhuinneamh a laghdú tríd an ngá le téamh agus le fuarú a theorannú agus trí fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh a fheabhsú. |
(18) |
Ba cheart taighde i réitigh nua chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus suímh stairiúil agus tástáil na réiteach sin a spreagadh agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chaomhnú ag an am céanna. |
(19) |
I gcás foirgneamh nua agus foirgneamh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, ba cheart do na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta a spreagadh más indéanta ar bhonn teicniúil, feidhmiúil agus eacnamaíoch agus ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt freisin ar shaincheisteanna a bhaineann le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, sábháilteacht ó dhóiteán agus rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht suntasach sheismeach, i gcomhréir le rialacháin sábháilteachta baile. |
(20) |
Chun na cuspóirí beartais éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh foirgneamh a chomhlíonadh, ba cheart trédhearcacht na dteastais feidhmíochta fuinnimh a fheabhsú trína áirithiú go leagfaí amach na paraiméadair go léir atá riachtanach don ríomh, idir dheimhniúcháin agus íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus go gcuirfí chun feidhme ar bhonn leanúnach iad. Ba cheart do na Ballstáit bearta leordhóthanacha a ghlacadh chun a áirithiú, mar shampla, go ndéanfaí doiciméadú ar fheidhmíocht córas teicniúil foirgneamh do théamh spáis, d’aerchóiriú nó do théamh uisce atá suiteáilte, athsholáthraithe nó nuashonraithe nó uasghrádaithe, i bhfianaise deimhniúcháin foirgneamh agus seiceáil ar chomhlíonadh. |
(21) |
Ba cheart do na Ballstáit a mheas go bhfuil suiteáil feistí féinrialála i bhfoirgnimh atá ann faoi láthair chun teocht i ngach seomra a rialáil ar leithligh indéanta go heacnamaíoch, nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, i limistéar ainmnithe téite den aonad foirgnimh, mar shampla, i gcás ina bhfuil an costas níos lú ná 10 % de chostais iomlána na ngineadóirí teasa ar cuireadh gineadóirí ina n-ionad. |
(22) |
De bhreis air sin, a bhuí leis an nuálaíocht agus leis an teicneolaíocht nua, is féidir le foirgnimh cur le dícharbónú ginearálta an gheilleagair, lena n-áirítear earnáil an iompair. Mar shampla, is féidir foirgnimh a ghiaráil le forbairt ó thaobh an bhonneagair is gá chun feithiclí leictreacha a luchtú agus is féidir bunús a sholáthar do na Ballstáit, más mian leo é, chun ceallraí cairr a úsáid mar fhoinse cumhachta. |
(23) |
Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí carbóin agus bíonn cáilíocht an aeir níos fearr mar gheall orthu. Is cuid thábhachtach d’aistriú glan fuinnimh iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid tógála a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do bhearta chun imscaradh bonneagair athluchtaithe a shimpliú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní amhail dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhíonn os comhair úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála. |
(24) |
Le bonneagar duchtála cuirtear na dálaí cearta ar fáil d’imscaradh gasta pointí athluchtaithe más gá agus i gcás ina bhfuil gá leo. Ba cheart do na Ballstáit, forbairt leictrea-shoghluaiseachta a áirithiú ar bhealach cothrom costéifeachtach. Go háirithe, i gcás ina dtarlaíonn athchóiriú ollmhór a bhaineann le bonneagar leictreach, ba cheart go gcuirfí bonneagar duchtála i bhfeidhm go hábhartha ina dhiaidh. Agus na ceanglais le haghaidh leictrea-shoghluaiseacht sa reachtaíocht náisiúnta á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar dhálaí éagsúla féideartha amhail úinéireacht foirgneamh agus an charrchlóis in aice leo, carrchlóis phoiblí a oibríonn eintitis phríobháideacha agus foirgnimh a bhfuil feidhmiú mar ionaid chónaithe agus neamhchónaithe araon acu. |
(25) |
Le bonneagar atá ar fáil go héasca laghdófar costais suiteála pointí athluchtaithe d’úinéirí aonair agus áiritheofar go mbeidh rochtain ag úsáideoirí feithiclí leictreacha ar phointí athluchtaithe. Ceanglais a bhunú do leictrea-shoghluaiseacht ar leibhéal an Aontais a bhaineann le trealamh a chur i spásanna páirceála roimh ré agus pointí athluchtaithe a shuiteáil, is bealach éifeachtach é sin chun feithiclí leictreacha a chur chun cinn go luath amach anseo agus forbairtí breise á gcumasú ar chostas laghdaithe ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach. |
(26) |
Nuair a bhunaíonn na Ballstáit a gceanglais náisiúnta chun le haghaidh líon íosta de phointí athluchtaithe a shuiteáil d’fhoirgnimh neamhchónaithe a bhfuil níos mó ná 20 spás páirceála acu, le bheith i bhfeidhm ó 2025, ba cheart dóibh dálaí ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla mar aon le riachtanais agus cúinsí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar limistéar, tíopeolaíocht tógála, clúdach iompair phoiblí agus critéir ábhartha eile a chur san áireamh, chun imscaradh comhréireach iomchuí pointí athluchtaithe a áirithiú. |
(27) |
Mar sin féin, d’fhéadfadh deacrachtaí sonracha a bheith ag roinnt limistéar geografach a bhfuil leochaileachtaí sonracha acu agus na ceanglais maidir le leictrea-shoghluaisteacht á gcomhlíonadh acu. D’fhéadfadh an cás bheith amhlaidh do na réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar thoradh ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a méid beag, a dtopagrafaíocht agus aeráid achrannach, mar aon lena gcórais leithlisithe bheaga, agus d’fhéadfadh an gá bheith ann go n-athródh a n-eangach leictreachais bonn ar bhonn d’fhonn déileáil le tuilleadh leictrithe an iompair áitiúil. Sna cásanna sin, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit gan ceanglais na leictrea-shoghluaisteachta a chur i bhfeidhm. D’ainneoin an mhaolaithe sin, d’fhéadfadh leictriú iompair bheith ina uirlis chumhachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le cáilíocht an aeir nó le slándáil an tsoláthair fuinnimh a chuireann isteach ar na réigiúin agus ar na córais sin go minic. |
(28) |
Agus na ceanglais maidir le bonneagar leictrea-shoghluaiseachta a leagtar amach sna leasuithe de Threoir 2010/31/AE mar a leagtar amach sa Treoir seo á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit, ba cheart dóibh féachaint faoin ngá le pleanáil uirbeach iomlánaíoch comhleanúnach mar aon leis an ngá le modhanna iompair malartacha, sábháilte agus inbhuanaithe agus an bonneagar a thacaíonn leo a chur chun cinn, mar shampla trí bhonneagar páirceála tiomanta do rothair leictreacha agus do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta. |
(29) |
Ba cheart go mbeadh cláir oibre an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus an Aontais Fuinnimh ailínithe agus go bhfreastalóidís ar spriocanna comhchoiteanna. Tá digitiú an chórais fuinnimh ag athrú thírdhreach an fhuinnimh go tapa, ó chomhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh go heangacha-cliste agus foirgnimh atá ullamh don teicneolaíocht chliste. Chun earnáil na foirgníochta a dhigitiú, tá spriocanna nascachta agus uaillmhianta an Aontais d’imscaradh líonraí cumarsáide ardtoillte tábhachtach do theaghlaigh chliste agus do phobail dhea-nasctha. Ba cheart dreasachtaí spriocdhírithe a sholáthar chun córais atá ullamh don teicneolaíocht-chliste agus réitigh dhigiteacha a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Leis sin cuirtear deiseanna nua ar fáil do choigiltí fuinnimh, trí eolas níos cruinne a thabhairt do thomhaltóirí faoina bpatrúin ídithe agus trí chur ar chumas an oibreora córais an eangach a bhainistiú níos éifeachtaí. |
(30) |
Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun cumas foirgneamh a thomhas chun teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú an fhoirgnimh a chur in oiriúint do riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Ba cheart go ndéanfaí leis an táscaire ullmhachta cliste feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus sealbhóirí foirgneamh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus ba cheart dó muinín a thabhairt do shealbhóirí as na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Ba cheart go mbeadh úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit. |
(31) |
Chun Treoir 2010/31/AE a chur in oiriúint don dul chun cinn sa teicneolaíocht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir sin a fhorlíonadh trí sainmhíniú a bhunú ar tháscaire ullmhachta clisteachta agus trí mhodheolaíocht a bhunú lena ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(32) |
D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Treoir 2010/31/AE seo, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na modúlachtaí do scéim roghnach chomhchoiteann an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
(33) |
Ba cheart go mbeadh bearta airgeadais a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh nasctha le cáilíocht na n-oibreacha athchóirithe i bhfianaise na sprioc-choigiltí fuinnimh nó na gcoigiltí fuinnimh a bhaintear amach chun a áirithiú go ndéanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm ar an mbealach is fearr agus athchóiriú foirgneamh ar siúl. Ba cheart, mar sin, go mbeadh na bearta sin nasctha le feidhmíocht an trealaimh nó an ábhair a úsáidtear don athchóiriú, le leibhéal deimhniúcháin nó cáilíochta an suiteálaí, le hiniúchadh fuinnimh, nó leis an bhfeabhas a baineadh amach mar thoradh ar an athchóiriú, ar cheart measúnú a dhéanamh trí teastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe, trí luachanna caighdeánacha a úsáid nó trí mhodh eile trédhearcach comhréireach. |
(34) |
Is féidir na córais rialaithe neamhspleácha reatha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh a úsáid do sheiceáil ar chomhlíonadh agus ba cheart iad a neartú chun a áirithiú go mbeadh na teastais ar cháilíocht mhaith. I gcás ina ndéantar na córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh a chomhlánú le bunachar sonraí roghnach a théann níos faide ná ceanglais Treoir 2010/31/AE arna leasú leis an Treoir seo, is féidir iad a úsáid le haghaidh seiceáil ar chomhlíonadh agus le staitisticí a tháirgeadh maidir le stoic réigiúnacha/náisiúnta foirgneamh. Tá gá le sonraí de cháilíocht ard maidir leis an stoc foirgneamh agus d’fhéadfaí é seo a ghiniúint go pointe áirithe trí na cláir agus na bunachair sonraí atá á n-ullmhú agus á riaradh le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh ag beagnach gach Ballstát i láthair na huaire. |
(35) |
De réir an mheasúnaithe tionchair ón gCoimisiún, tugadh faoi deara go bhfuil na forálacha a bhaineann le hiniúchtaí córas téimh agus córas aerchóirithe neamhéifeachtúil toisc nach ndéantar feidhmíocht thosaigh agus leanúnach na gcóras teicniúil sin a áirithiú a dhóthain. Ní chuirtear san áireamh a dhóthain i láthair na huaire, fiú amháin na réitigh theicniúla éifeachtúlachta fuinnimh shaora a bhfuil tréimhse aisíoca an-ghairid acu, amhail cothromú hiodrálach an chórais téimh agus suiteáil nó athsholáthar comhlaí rialaithe teirmeastatacha. Ba cheart na forálacha a bhaineann le hiniúchtaí a leasú chun toradh níos fearr ar iniúchtaí a áirithiú. Ba cheart do na leasuithe sin iniúchtaí a dhíriú ar chórais teasa lárnaigh agus aerchóirithe lena n-áirítear i gcás ina chomhcheanglaítear na córais sin le córais aerála. Ba cheart go n-eisiafaí leo córais bheaga teasa amhail téitheoirí leictreacha agus soirn adhmaid nuair a bhíonn siad faoi bhun na dtairseach le haghaidh iniúchta de réir Treoir 2010/31/AE arna leasú leis an Treoir seo. |
(36) |
Agus iniúchtaí á gcur i gcrích agus d’fhonn na feabhsúcháin ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a bheartaítear a bhaint amach sa chleachtas, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh iarbhír córais téimh, córais aerchóirithe agus córais aerála i ndálaí úsáide san fhíor-shaol. Rialaítear feidhmíocht iarbhír na gcóras sin leis an bhfuinneamh a úsáidtear i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe a bhíonn ag athrú go dinimiciúil. Ní éilíonn na dálaí sin, den chuid is mó, ach cuid den acmhainn aschuir ainmniúil agus, dá bhrí sin, ba cheart go n-áireofaí le hiniúchtaí ar chórais téimh, aerchóirithe agus aerála measúnú ar chumais ábhartha an trealaimh chun feidhmíocht córas a fheabhsú faoi dhálaí athraitheacha, amhail dálaí oibrithe páirtlóid. |
(37) |
Léiríodh gurb éifeachtach an t-uathoibriú foirgnimh agus an faireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh in ionad iniúchtaí, go háirithe do chórais mhóra agus is maith is féidir leis coigiltí fuinnimh costéifeachtacha agus suntasacha a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon. Ba cheart go n-áiritheofaí suiteáil an fhearais sin mar an rogha mhalartach ab éifeachtúla ó thaobh costais de, in ionad iniúchtaí i bhfoirgnimh mhóra neamhchónaithe agus ilárasáin atá mór go leor chun aisíoc a thabhairt laistigh de thréimhse níos giorra ná trí bliana mar ciallaíonn sé gur féidir gníomhú de réir na faisnéise a chuirtear ar fáil, agus coigiltí fuinnimh á n-áirithiú de réir a chéile. I gcás suiteáil ar mhionscála, ba cheart go mbeadh an doiciméadú ar fheidhmíocht an chórais a dhéanfaidh na suiteálaithe ina thacaíocht don fhíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagfar síos do gach córas teicniúil foirgneamh. |
(38) |
Coinnítear an deis atá ann faoi láthair do na Ballstáit chun bearta bunaithe ar chomhairle mar rogha mhalartach ar iniúchtaí ar chórais téimh, aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte a roghnú, agus tá na córais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte le coimeád, ar an gcoinníoll go ndearnadh an éifeacht ina iomláine a dhoiciméadú, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar ghníomh comhionann le héifeacht an iniúchta roimh na bearta sin a chur i bhfeidhm. |
(39) |
D’fhonn scéimeanna iniúchta rialta a chur chun feidhme ar chórais teasa agus aerchóirithe faoi Threoir 2010/31/AE bhí infheistíocht shuntasach riaracháin agus airgeadais ann ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear saineolaithe a thraenáil agus a chreidiúnú, dearbhú agus rialú cáilíochta mar aon le costais na n-iniúchtaí. Na Ballstáit a ghlac na bearta riachtanacha chun iniúchtaí rialta a bhunú agus a chuir scéimeanna iniúchta éifeachtacha chun feidhme, d’fhéadfaidís a mheas gurb iomchuí leanúint ar aghaidh leis na scéimeanna sin a oibriú, lena n-áirítear i gcomhair córais bheaga teasa agus aerchóirithe. Sna cásanna sin, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na ceanglais níos déine sin. |
(40) |
Gan dochar do rogha na mBallstát an tsraith de chaighdeáin, maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, a forbraíodh faoi shainordú M/480 a thug an Coimisiún don Choiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) a chur i bhfeidhm, dá n-aithneofaí agus dá gcuirfí chun cinn iad ar fud na mBallstát bheadh tionchar dearfach aige sin maidir le cur chun feidhme Threoir 2010/31/AE, arna leasú leis an Treoir seo. |
(41) |
Tugadh tuairisc i Moladh (AE) 2016/1318 ón gCoimisiún (10) maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de, an chaoi go bhféadfadh cur chun feidhme Threoir 2010/31/AE seo claochlú an stoic foirgneamh agus aistriú chuig soláthar fuinnimh ní b’inbhuanaithe, a thacódh chomh maith leis an stráitéis téimh agus fuaraithe, a áirithiú ag aon am amháin. Chun a áirithiú go dtarlóidh cur chun feidhme iomchuí, ba cheart an creat ginearálta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a ríomh, a nuashonrú agus ba cheart feidhmíocht fheabhsaithe an imchlúdaigh foirgnimh a spreagadh le tacaíocht ón saothar a d’fhorbair CEC, faoi Shainordú M/480 a thug an Coimisiún. Is féidir leis na Ballstáit an rogha a dhéanamh chun cur leis seo tuilleadh trí tháscairí breise uimhriúla a sholáthar, mar shampla d’úsáid fhoriomlán fuinnimh nó d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhoirgnimh ina iomláine. |
(42) |
Níor cheart an Treoir seo bac a chur ar na Ballstáit ceanglais feidhmíochta fuinnimh ní b’uaillmhianaí a leagan amach d’fhoirgnimh ná le haghaidh codanna d’fhoirgnimh fad is a bheidh a leithéid de cheanglais ag luí le dlí an Aontais. Tá sé comhsheasmhach le cuspóirí Threoir 2010/31/AE agus seo agus Threoir 2012/27/AE go bhféadfaidh na ceanglais seo, i gcúinsí áirithe, srian a chur ar shuiteáil nó ar úsáid táirgí faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach mbeadh na ceanglais sin ina mbacann margaidh dochosanta. |
(43) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, is é sin an fuinneamh is gá chun freastal ar an éileamh fuinnimh a bhaineann le gnáthúsáid foirgneamh, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar chomhleanúnachas ráthaithe cuspóirí, tuisceana agus nirt pholaitiúil roinnte, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(44) |
Urramaíonn an Treoir seo go hiomlán sonraíochtaí agus difríochtaí náisiúnta na mBallstát agus a n-inniúlachtaí i gcomhréir le hAirteagal 194(2) CFAE. Thairis sin, is é is aidhm ag an Treoir seo roinnt na ndea-chleachtas a chumasú d’fhonn an t-aistriú chuig stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de san Aontas a éascú. |
(45) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (11), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur. |
(46) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/31/AE agus Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE
Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:
(1) |
leasaítear in Airteagal 2 mar seo a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 2a Straitéis athchóirithe fhadtéarmach: 1. Bunóidh gach Ballstát straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, poiblí agus príobháideach araon, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, lena n-éascófar athrú costéifeachtach na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Tíolacfar gach straitéis athchóirithe fhadtéarmach i gcomhréir leis na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe is infheidhme agus cuimseofar léi na nithe seo a leanas:
2. Sa straitéis athchóirithe fhadtéarmach atá ag gach Ballstát, leagfaidh gach Ballstát amach treochlár ina mbeidh bearta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, d’fhonn tabhairt faoi sprioc fadtéarmach 2050 chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80-95 % i gcomparáid le 1990, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe a áirithiú agus chun athrú costéifeachtach foirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de a éascú. Beidh garspriocanna táscacha do 2030, 2040 agus 2050 sa treochlár agus sonrófar ann an bealach a gcuideoidh siad chun.spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2012/27/AE. 3. Chun tacú le leas a bhaint as infheistíochtaí san athchóiriú is gá chun na spriocanna dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, éascóidh na Ballstáit rochtain ar shásraí iomchuí do na nithe seo a leanas:
4. Déanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais maidir le scéimeanna maoinithe rathúla poiblí agus príobháideacha d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh mar aon le faisnéis faoi scéimeanna le haghaidh comhiomlánú tionscadal athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh ar mhionscála a bhailiú agus a scaipeadh ar údaráis phoiblí ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún dea-chleachtais maidir le dreasachtaí airgeadais chun athchóiriú a dhéanamh ó thaobh an tomhaltóra de a aithint agus a scaipeadh agus éagsúlachtaí costéifeachtúlachta idir na Ballstáit á gcur san áireamh. 5. Chun tacú le forbairt a straitéise athchóirithe fadtéarmaí déanfaidh gach Ballstát comhairliúchán poiblí maidir lena straitéis athchóirithe fhadtéarmach roimh í a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh gach Ballstát achoimre ar thorthaí a chomhairliúcháin phoiblí mar iarscríbhinn a ghabhann lena straitéis athchóirithe fhadtéarmach. Bunóidh gach Ballstát na modúlachtaí chun dul i mbun comhairliúcháin ar bhealach cuimsitheach agus a straitéis athchóirithe fhadtéarmach á cur chun feidhme. 6. Cuirfidh gach Ballstát isteach mionsonraí ar chur chun feidhme a straitéise athchóirithe fadtéarmaí mar iarscríbhinn a ghabhann leis an straitéis athchóirithe fhadtéarmach, lena n-áirítear maidir leis na beartais agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe. 7. Féadfaidh gach Ballstát leas a bhaint as a gcuid straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar na baoil a bhaineann le gníomhaíochtaí seismeacha diana nó dóiteán a dhéanann difear d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh agus do shaolré foirgneamh.”. |
(3) |
Cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Foirgnimh nua 1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcloíonn foirgnimh nua leis na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 4. 2. Áiritheoidh na Ballstáit, sula gcuirfear tús le tógáil foirgneamh nua ar bith, go ndéanfar féidearthacht theicniúil, comhshaoil agus eacnamaíoch córas malartach ardéifeachtúlachta a chur san áireamh, má tá siad ar fáil.”. |
(4) |
In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú mír: “Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch, agus tabharfaidh siad aghaidh ar dhálaí sláintiúla aeráide laistigh, ar shábháilteacht ó dhóiteán agus ar bhaoil a bhaineann le gníomhaíocht sheismeach dhian.”. |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Córais theicniúla foirgneamh 1. Déanfaidh na Ballstáit, chun barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid fuinnimh na gcóras teicniúil foirgneamh, ceanglais chórais a leagan síos maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán, suiteáil cheart agus toisiú, coigeartú agus rialú iomchuí na gcóras teicniúil atá suiteáilte i bhfoirgnimh atá ann cheana. Déanfar ceanglais chórais a leagan síos do chórais theicniúla foirgneamh nua agus athsholáthair, agus d’uasghrádú na gcóras teicniúla foirgneamh sin, agus déanfar na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go heacnamaíoch agus go feidhmiúil. Déanfaidh na Ballstáit a cheangal ar fhoirgnimh nua, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil, a bheith feistithe le feistí féinrialaithe chun teocht na seomraí a rialáil ar leithligh nó i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, i limistéar ainmnithe téite den aonad foirgnimh. I bhfoirgnimh atá ann faoi láthair, ceanglófar suiteáil feistí féinrialaithe i gcás ina ndéantar gineadóirí teasa a athsholáthar, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil. 2. Maidir le foirgnimh neamh-chónaithe nua agus foirgnimh neamh-chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh ina leith, agus níos mó ná deich spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad de réir bhrí Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus bonneagar duchtála, is é sin le rá, seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha, a shuiteáil i gceann amháin ar a laghad as gach cúig spás páirceála, ionas gur féidir ag céim níos déanaí pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil, sna cásanna seo a leanas:
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Eanáir 2023 maidir leis an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh beartas tógála an Aontais ar mhaithe le leictrea-shoghluaisteacht a chur chun cinn agus déanfaidh sé bearta a mholadh, i dtaca leis sin. 3. Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais le haghaidh líon íosta de phointí athluchtaithe a shuiteáil i leith gach foirgnimh neamhchónaithe ina bhfuil corradh le fiche spás páirceála, faoin 1 Eanáir 2025. 4. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a leagan síos ná a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá faoi úinéireacht agus áitithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir mar a shainmhínítear i dTeideal I d’Iarscríbhinn Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (*4). 5. Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh ina leith, agus a bhfuil os cionn deich spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar suiteáil bonneagair duchtála, eadhon, seolphíobáin le haghaidh cáblaí leictreacha i ngach spás páirceála, a shuiteáil, ionas gur féidir ag céim níos déanaí pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil, sna cásanna seo a leanas:
6. Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh mír 2, mír 3 agus mír 5 a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás:
7. Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh beart d’fhonn pointí athluchtaithe a chur ar fáil i bhfoirgnimh nua cónaithe agus neamh-chónaithe agus foirgnimh cónaithe agus neamh-chónaithe atá ann faoi láthair agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála, lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta ceada agus formheasa, gan dochar do dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit. 8. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá le beartais chomhleanúnacha le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht bhog agus ghlas agus pleanáil uirbeach. 9. Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a dhéanfar córas teicniúil foirgnimh a shuiteáil, a athsholáthar nó a nuashonrú, go ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht fuinnimh fhoriomlán na coda athraithe agus, i gcás inarb ábhartha, an chórais athraithe ina iomláine. Deanfar na torthaí a dhoiciméadú agus a chur chuig úinéir an fhoirgnimh, ionas go mbeidh siad ar fáil i gcónaí agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh fíorú ar chomhlíonadh na n-íoscheanglas a leagtar síos de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus cheist na dteastas feidhmíochta fuinnimh. Gan dochar d’Airteagal 12, déanfaidh na Ballstáit cinneadh an mbeidh sé riachtanach deimhniú feidhmíochta fuinnimh nua a eisiúint. 10. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2019, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23, lena bhforlíontar an Treoir seo trí chomhscéim roghnach an Aontais a bhunú chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Bunófar an rátáil ar mheasúnú ar chumais foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú de réir riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú. I gcomhréir leis an Iarscríbhinn Ia, déanfaidh comhscéim roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil an méid seo a leanas:
11. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2019, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sainítear na modúlachtaí teicniúla le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céim thástála neamhcheangailteach ar an leibhéal náisiúnta, agus ina soiléirítear gaol comhlántach na scéime le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 11. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(3). (*3) Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1)." (*4) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).”." |
(6) |
In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilt fuinnimh a bheidh mar sprioc nó a bhainfear amach de thoradh an athchóirithe sin, arna chinneadh i gcritéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
6a. Leis na bunachair sonraí le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh beifear in ann sonraí a bhailiú maidir le tomhaltas fuinnimh na bhfoirgneamh atá cumhdaithe, arna thomhas nó arna ríomh, lena n-áirítear ar a laghad foirgnimh phoiblí ar eisíodh teastas feidhmíochta fuinnimh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12. 6b. Arna iarraidh, cuirfear ar a laghad sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe ar fáil a chomhlíonfaidh ceanglais chosanta sonraí an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta, ar a laghad do na húdaráis phoiblí chun críocha staidrimh agus taighde agus d’úinéir an fhoirgnimh.”. |
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15: “Airteagal 14 Iniúchadh córas téimh 1. Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun iniúchtaí rialta a bhunú ar pháirteanna inrochtana de chórais i gcomhair téamh nó i gcomhair téamh spáis agus aerála a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW aige, amhail gineadóir teasa, córas rialaithe agus caidéal/caidéil imshruthaithe a úsáidtear chun foirgnimh a théamh. Áireofar san iniúchadh measúnú ar éifeachtúlacht an ghineadóra teasa agus ar mhéid an ghineadóra teasa i gcomparáid le riachtanais téimh an fhoirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, cumais an chórais téimh nó comhchóras téimh spáis agus aerála a fheidhmíocht a optamú i ngnáthdhálaí nó i meándhálaí oibrithe á gcur san áireamh. I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras téimh nó ar an gcomhchóras téimh spáis agus aerála nó i ndáil le riachtanais téimh an fhoirgnimh ó rinneadh iniúchadh de bhun na míre seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid an ghineadóra teasa a dhéanamh athuair. 2. Maidir le córais theicniúla foirgneamh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh í, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir líonra agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1. 3. Mar rogha mhalartach ar mhír 1 agus ar choinníoll go bhfuil an tionchar foriomlán comhionann leis sin mar thoradh ar mhír 1. Féadfaidh na Ballstáit roghnú bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar comhairle d’úsáideoirí maidir le hathsholáthar gineadóirí teasa, modhnuithe eile ar an gcóras téimh nó ar an gcomhchórais téimh spáis agus aerála agus réitigh mhalartacha chun éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheas. Sula gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, comhionannas tionchar na mbeart sin le tionchar na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú. Tíolacfar tuarascáil den chineál sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe is infheidhme. 4. Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil, go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach le haghaidh córais téimh nó aschur comhchórais téimh spáis agus aerála os cionn 290kW aige feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh faoi 2025. Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh an méid a leanas a dhéanamh:
5. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh an méid a leanas ag foirgnimh chónaithe:
6. Foirgnimh atá i gcomhréir le mír 4 nó le mír 5, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais atá leagtha síos i mír 1. Airteagal 15 Iniúchadh córas aerchóirithe 1. Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun iniúchtaí rialta a bhunú ar pháirteanna inrochtana de chórais aerchóirithe nó de chomhchórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte, le haschur rátaithe éifeachtach os cionn 70 kW. Áireofar san iniúchadh measúnú ar éifeachtúlacht an aerchóirithe agus ar mhéid an aerchóirithe i gcomparáid le riachtanais fuaraithe an fhoirgnimh agus, i gcás inarb iomchuí, cumais an chórais aerchóirithe nó an chomhchórais aerchóirithe agus aerála chomhcheangailte a fheidhmíocht a optamú faoi na gnáthdhálaí nó faoi mheándhálaí oibrithe á gcur san áireamh. I gcás nach ndearnadh athrú ar bith ar an gcóras aerchóirithe nó ar an gcomhchóras aerchóirithe agus aerála nó ar riachtanais fuaraithe an fhoirgnimh ó rinneadh iniúchadh de bhun na míre seo, féadfaidh na Ballstáit roghnú gan a chur de cheangal an measúnú ar mhéid an chórais aerchóirithe a dhéanamh athuair. Na Ballstáit ceanglais níos déine a choinneáil de bhun Airteagal 1(3), déanfar iad a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith. 2. Maidir le córais theicniúla foirgneamh atá cumhdaithe go sainráite le critéar comhaontaithe i ndáil le feidhmíocht fuinnimh nó le socrú conarthach lena sonraítear leibhéal comhaontaithe feabhais ar éifeachtúlacht fuinnimh, amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, nó atá á n-oibriú ag fóntas nó oibreoir líonra agus, dá bhrí sin, faoi réir bearta faireacháin ar fheidhmíocht ar thaobh an chórais, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 1, ar choinníoll go bhfuil tionchar foriomlán an chur chuige sin coibhéiseach leis sin mar thoradh ar mhír 1. 3. Mar rogha mhalartach ar mhír 1, agus ar choinníoll go bhfuil an tionchar foriomlán comhionann leis sin mar thoradh ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit roghnú bearta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar comhairle d’úsáideoirí maidir le athsholáthar córas aerchóirithe nó comhchórais aerchóirithe agus aerála, modhnuithe eile ar an gcóras aerchóirithe nó ar an gcomhchóras aerchóirithe agus aerála agus réitigh mhalartacha chun éifeachtúlacht agus méid iomchuí na gcóras sin a mheas. Beidh tionchar foriomlán de chur chuige mar sin comhionann leis sin a eascraíonn i mír 1. Sula gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad, trí bhíthin tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, comhionannas tionchar na mbeart sin le tionchar na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú. Tíolacfar tuarascáil den chineál sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí pleanála agus tuairiscithe is infheidhme. 4. Leagfaidh na Ballstáit síos na ceanglais, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil, chun a áirithiú go mbeidh foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach i gcomhair córas aerchóirithe nó comh-chóras aerchóirithe agus aerála os cionn 290kW aige feistithe le córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh faoi 2025. Beidh sé de chumas ag na córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh an méid a leanas a dhéanamh:
5. féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh foirgnimh chónaithe feistithe leis an méid a leanas:
6. Foirgnimh atá i gcomhréir le mír 4 nó le mír 5, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais atá leagtha síos i mír 1.”. |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 19: “Airteagal 19 Athbhreithniú Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste a bunaíodh le Airteagal 26, athbhreithniú ar an Treoir seo faoin 1 Eanáir ar a dhéanaí, i bhfianaise na taithí atá faighte agus an dul chun cinn atá déanta le linn a chur i bhfeidhm agus moltaí a dhéanamh, más gá. Mar chuid den athbhreithniú sin, scrúdóidh an Coimisiún Eorpach conas a bheadh Ballstáit in ann cur chuige comhtháite limistéir nó comharsanachta a chur i bhfeidhm i mbeartas tógála an Aontais agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus ag an céanna ag féachaint dó go mbainfidh gach foirgneamh na ceanglais íosta feidhmíochta fuinnimh amach, mar shampla trí bhíthin scéimeanna athchóirithe foriomlána a chuirfear i bhfeidhm ar líon foirgneamh i gcomhthéacs spásúil in ionad déanamh amhlaidh ar fhoirgneamh aonair. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar an ngá le feabhas breise ar dheimhnithe feidhmíochta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 11.”. |
(9) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 19a Staidéar indéantachta Tabharfaidh an Coimisiún i gcrích, roimh 2020, staidéar indéantachta ina soiléirítear na féidearthachtaí agus an amlíne chun iniúchadh ar chórais i leith córais aerála neamhspleácha a thabhairt isteach agus maidir le pas roghnach d’athchóirithe foirgnimh atá comhlántach leis na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, d’fhonn treochlár fadtéarmach, céim ar chéim athchóirithe a chur ar fáil d’fhoirgneamh sonrach bunaithe ar chritéir cáilíochta, i ndiadh iniúchadh fuinnimh, agus ina léirítear bearta ábhartha agus athchóirithe a bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh leo.”. |
(10) |
In Airteagal 20(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go háirithe d’úinéirí nó do thionóntaí foirgneamh maidir le teastais feidhmíochta fuinnimh, lena n-áirítear an chúis agus na cuspóirí a bhaineann leo, maidir le bearta cost-éifeachtúla agus, i gcás inarb iomchuí, ionstraimí airgeadais, chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú agus maidir le roghanna eile atá níos inbhuanaithe a chur in ionad coirí breosla iontaise. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fáil trí uirlisí inrochtana agus trédhearcacha amhail comhairle i ndáil le hathchóiriú agus ionaid ilfhreastail.”. |
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: “Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 8 agus Airteagal 22 don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón 9 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 8 agus in Airteagal 22 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Sula nglacann sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5, Airteagal 8 nó Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú go ceann dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”. |
(12) |
Scriostar Airteagal 24 agus Airteagal 25. |
(13) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: “Airteagal 26 Nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”. |
(14) |
Déantar na hIarscríbhinní a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasú ar Threoir 2012/27/AE
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 4 de Threoir 2012/27/AE:
“Airteagal 4
Athchóiriú foirgneamh
Déanfar an chéad leagan de straitéisí fadtéarmacha na mBallstát chun infheistíocht a shlógadh in athchóiriú an stoic náisiúnta foirgneamh cónaithe agus tráchtála, idir phoiblí agus príobháideach, déanfar iad a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2014 agus déanfar iad a nuashonrú gach 3 bliana ina dhiaidh sin agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de na Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh.”.
Airteagal 3
Trasuíomh
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Márta 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh an Ballstát na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas chun na críche sin go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana lena dtrasuítear Treoir 2010/31/AE nó Treoir 2012/27/AE a fhorléiriú mar thagairtí do na Treoracha sin arna leasú leis an Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 246, 28.7.2017, lch. 48.
(2) IO C 342, 12.10.2017, lch. 119.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018.
(4) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(5) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 53, 18.6.2010, lch. 13).
(6) Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).
(7) Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(8) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(10) Moladh (AE) 2016/1318 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 maidir le treoirlínte le haghaidh
foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a chur chun cinn agus dea-chleachtais atá curtha ar bun lena áirithiú, faoi 2020, go mbeidh gach foirgneamh nua nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de (IO L 208, 2.8.2016, lch. 46).
(11) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 201/31/AE mar seo a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas: “IARSCRÍBHINN IA COMHCHREAT GINEARÁLTA CHUN ULLMHACHT CHLISTE FOIRGNEAMH A RÁTÁIL
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(*1) Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a leathnú amach (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).”;