ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1)

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
7 Meitheamh 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 143 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

7.6.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2016/1036 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (dá ngairfear na “Rialacháin” anseo feasta), tá rialacha coiteanna maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte agus allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith faoi seach ó thíortha nach baill den Aontas iad. Glacadh na Rialacháin ar dtús in 1968 agus leasaíodh go suntasach iad go deireanach in 1996 i ndiaidh Bhabhta Uragua a seoladh laistigh de chreat an Chomhaontaithe Ghinearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT). Ó tharla roinnt leasuithe a bheith déanta ar na Rialacháin ó 1996, chinn na reachtóirí na Rialacháin a chódú ar mhaithe le soiléireacht agus réasúntacht.

(2)

Cé go ndearnadh na Rialacháin a leasú agus a chódú, ní dhearnadh athbhreithniú ó bhonn ar a bhfeidhmiú. Sheol an Coimisiún athbhreithniú ar na Rialacháin d’fhonn, inter alia, léargas níos fearr a thabhairt ar riachtanais ghnó ag tús an 21ú haois.

(3)

I ndiaidh an athbhreithnithe sin, ba cheart forálacha áirithe de na Rialacháin a leasú d’fhonn trédhearcacht agus intuarthacht a fheabhsú, chun foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha a sholáthar chun frithbheartaíocht a dhéanann tríú tíortha a chomhrac, chun éifeachtacht agus forfheidhmiú a fheabhsú agus chun cleachtas athbhreithnithe a bharrfheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart cleachtais áirithe a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas i gcomhthéacs na n-imscrúduithe frithdhumpála agus dleachta in-infhrithchúitimh a áireamh sna Rialacháin.

(4)

Chun trédhearcacht agus intuarthacht na n-imscrúduithe frithdhumpála agus a dleachta in-infhrithchúitimh a fheabhsú, ba cheart na páirtithe a mbeidh tionchar ag forchur na mbeart sealadach frithdhumpála agus frithchúitimh orthu, allmhaireoirí go háirithe, a chur ar an eolas faoi fhorchur in aicearracht beart den sórt sin. Chomh maith leis sin, i ndáil le himscrúduithe nach bhfuil sé oiriúnach bearta sealadacha a fhorchur ina leith, tá sé inmhianaithe go dtuigeann páirtithe roimh ré go bhfuil neamh-fhorchur den sórt sin i gceist. D’fhonn teorainn a chur leis an riosca a bhaineann le méadú substaintiúil ar allmhairí sa tréimhse réamhnochta, ba cheart don Choimisiún allmhairí a chlárú nuair is féidir. Agus clárú allmhairí á chur ar fáil le linn na tréimhse réamhnochta, tá sé riachtanach machnamh a dhéanamh go bhfuil gá le hanailís ionchasach ar na rioscaí bainteacha agus an dhóchúlacht go mbainfeadh na cúinsí an bonn ó éifeacht cheartaitheach na mbeart. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis breise staidrimh a bhailiú ar leibhéal Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) chun bonn ceart fíorasach ar anailís na n-allmhairí a áirithiú. Nuair nach féidir clárú a dhéanamh, agus ina dtarlaíonn méadú suntasach in allmhairí le linn thréimhse an réamhnochta, ba cheart don Choimisiún sin an gortú breise sin a léiriú sa chorrlach gortaithe.

(5)

Ba cheart tréimhse ghearr a thabhairt d’onnmhaireoirí nó do tháirgeoirí roimh fhorchur na mbeart sealadach chun deis a thabhairt dóibh ríomh a gcorrlaigh aonair dumpála nó méid a bhfóirdheontais in-fhrithchúitimh agus an corrlach is leordhóthanach chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint a sheiceáil. D’fhéadfaí botúin sa ríomh a cheartú ansin roimh na bearta a fhorchur.

(6)

Chun a áirithiú go bhfuil na bearta chun frithbheartaíocht a chomhrac éifeachtach, ba cheart go mbeadh táirgeoirí an Aontais in ann brath ar na Rialacháin gan bagairtí frithbheartaíochta ó thríú tíortha. Déantar foráil sna forálacha atá ann faoi láthair, faoi chúinsí speisialta, maidir le himscrúdú a thionscnamh gan gearán a fháil, i gcás ina bhfuil dóthain fianaise ann i ndáil le dumpáil, fóirdheontais in-fhrithchúitithe, agus le díobháíl agus nasc idir díobháil agus cúis. Ba cheart bagairtí frithbheartaíochta ó thríú tíortha a áireamh i gcúinsí speisialta den sórt sin.

(7)

Nuair nach gearán is cúis le himscrúdú a thionscnamh, ba cheart don Choimisiún iarraidh ar tháirgeoirí Aontais an fhaisnéis is gá chun leanúint leis an imscrúdú a sholáthar, chun a áirithiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil chun an t-imscrúdú a dhéanamh i gcás bagairtí frithbheartaíochta ó thríú tíortha.

(8)

Tá méadú ag teacht ar a mhéid a chuireann tríú tíortha isteach ar thrádáil amhábhar agus é mar aidhm acu amhábhair a choinneáil sna tíortha sin ar mhaithe le húsáideoirí iartheachtacha baile, mar shampla trí chánacha onnmhairithe a fhorchur nó scéimeanna déphraghsála a reáchtáil. Tuilleadh saofa ar thrádáil atá mar thoradh ar chur isteach den sórt sin. Dá bhrí sin, ní toradh ar oibriú gnáthfhórsaí margaidh lena léirítear soláthar agus éileamh i gcás amhábhair ar leith iad na costais amhábhar. Dá thoradh sin, ní hamháin go ndéantar díobháil do tháirgeoirí an Aontais de dheasca dumpála, ach cuireann tuilleadh saofa ar thrádáil isteach orthu i gcomparáid le táirgeoirí iartheachtacha ó thríú tíortha atá ag gabháil do chleachtais den sórt sin. D’fhonn an trádáil a chosaint go leordhóthanach, ba cheart aird chuí a thabhairt do shaobhadh den sórt sin agus cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal na ndleachtanna atá le forchur.

(9)

Ba cheart don Choimisiún fíorú an bhfuil saobhadh ann ar amhábhair ar bhonn an ghearáin a fuarthas agus ar bhonn “Fardal sonraí maidir le srianta ar onnmhairiú i ndáil le hamhábhair thionsclaíocha” de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) nó aon bhunachar sonraí ECFE eile a chuirfear in ionad an bhunachair sonraí sin agus ina sainaithnítear saobhadh ó thaobh amhábhair.

(10)

Laistigh den Aontas, tá cosc ar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe i bprionsabal de bhun Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Dá bhrí sin, déanann fóirdheontais in-fhrithchúitithe arna ndeonú ag tríú tíortha saobhadh ar thrádáil go háirithe. Tá laghdú tagtha go leanúnach ar mhéid na Státchabhrach arna údarú ag an gCoimisiún de réir a chéile. Le linn leibhéal na mbeart frithchúitimh a chinneadh, ní féidir, i gcoitinne, riail an dleachta níos lú a chur i bhfeidhm a thuilleadh.

(11)

I gcás nach leanfar leis na bearta tar éis an t-imscrúdú maidir le dul in éag a thabhairt i gcrích ann toisc nach bhfuil feicthe gur ann do na coinníollacha is gá chun leanúint leo, ba cheart dleachtanna a bhailítear ar earraí a ndearnadh imréiteach custaim orthu le linn an imscrúdaithe a aisíoc le hallmhaireoirí.

(12)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithnithe eatramhacha a thionscnamh, i gcás inarb iomchuí, i gcásanna inar féidir costais mhéadaithe a bheith ann do thionscal an Aontais mar thoradh ar chaighdeáin níos airde shóisialta agus chomhshaoil. De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithnithe eatramhacha a thionscnamh i gcásanna ina bhfuil cúinsí athraithe i dtíortha onnmhairíochta i ndáil le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil. Mar shampla, dá dtarraingeodh tír atá faoi bhearta siar ó chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, agus ó phrótacail a ghabhann leo, ar comhaontuithe agus prótacail iad a bhfuil an tAontas ina pháirtí, nó ó Choinbhinsiúin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis na Rialacháin, d’fhéadfadh glacadh na ngealltanas atá i bhfeidhm a tharraingt siar a bheith mar thoradh ar imscrúdú an athbhreithnithe eatramhacha. Bheadh raon feidhme an athbhreithnithe ag brath ar chineál beacht an athraithe. D’fhéadfaí athbhreithnithe eatramhacha den sórt sin a thionscnamh ex officio freisin.

(13)

Is féidir leis an gCoimisiún fógraí léiritheacha a ghlacadh ina dtugtar treoir ghinearálta do pháirtithe leasmhara féideartha maidir le cur chun feidhme na Rialachán. I gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh, níl fógraí den sórt sin ceangailteach ó thaobh dlí de agus ní dhéanann siad rialacha éigeantacha dhlí an Aontais a mhodhnú. Ar bhonn na bprionsabal ginearálta maidir le cóir chomhionann agus ionchais dhlisteanacha, déanann an Coimisiún fógraí den sórt sin a chur i bhfeidhm ach ní féidir leis an gCoimisiún, trí iad a ghlacadh, an discréid atá aige i réimse an chomhbheartais tráchtála a tharscaoileadh. Sula nglacfaí fógraí den sórt sin, ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Is féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl freisin.

(14)

Níor cheart tionscal an Aontais a shainiú tuilleadh trí thagairt a dhéanamh do na tairseacha tionscnaimh atá leagtha amach sna Rialacháin.

(15)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh an rochtain is fearr is féidir ar fhaisnéis ag na páirtithe leasmhara uile trí chóras faisnéise a chur i bhfeidhm ina ndéantar fógra a thabhairt do pháirtithe leasmhara nuair a chuirtear faisnéis nua neamhrúnda leis na comhaid imscrúdaithe agus trí rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a thabhairt do na páirtithe sin trí ardán gréasán-bhunaithe.

(16)

In imscrúduithe tosaigh ina bhfuarthas go bhfuil an corrlach dumpála nó méid an fhóirdheontais dleachta in-infhrithchúitimh níos lú ná na tairseacha de minimis, ba cheart an t-imscrúdú a fhoirceannadh láithreach i ndáil leis na honnmhaireoirí lean mbaineann agus ní bheidh onnmhaireoirí den sórt sin faoi réir imscrúduithe ar athbhreithniú ina dhiaidh sin.

(17)

Níor cheart don Choimisiún tairiscint le haghaidh gealltanais a ghlacadh ach amháin má tá sé sásta, bunaithe ar anailís ionchasach, go ndéantar éifeacht dhíobhálach na dumpála a dhíchur go héifeachtach leis.

(18)

Nuair is ann do na coinníollacha chun imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ba cheart na hallmhairí i ngach cás a chur faoi réir cláraithe.

(19)

Taispeánann an taithí a fuarthas in imscrúduithe frith-imchéimnithe gurb amhlaidh, uaireanta, cé nach bhfaightear go bhfuil táirgeoirí an táirge i gceist páirteach i gcleachtais imchéimnithe iad féin ach in ionad sin go bhfaightear go bhfuil siad gaolta le táirgeoir atá faoi réir na mbeart bunaidh. I gcásanna den sórt sin, níor cheart díolúine a dhiúltú do tháirgeoirí ar na forais go bhfuil siad gaolta le táirgeoir atá faoi réir na mbeart bunaidh agus ar na forais sin amháin. Mar sin, ba cheart deireadh a chur leis an gcoinníoll nár cheart díolúine ó chlárú nó ó dhleachtanna fadaithe a thabhairt ach amháin sa chás nach bhfuil táirgeoirí an táirge lena mbaineann gaolta le haon táirgeoir atá faoi réir na mbeart bunaidh. Chomh maith leis sin, nuair a tharlaíonn an cleachtas imchéimnithe san Aontas, níor cheart gur gné chinniúnach é na hallmhaireoirí a bheith gaolta le táirgeoirí atá faoi réir na mbeart agus cinneadh á dhéanamh an bhféadfar díolúine a dheonú don allmhaireoir.

(20)

I gcás ina bhfuil an líon táirgeoirí de chuid an Aontais chomh mór sin nach mór dul i muinín na samplála, ba cheart sampla táirgeoirí a roghnú as measc tháirgeoirí uile de chuid an Aontais agus ní hamháin as measc na dtáirgeoirí sin a dhéanann an gearán a thaisceadh.

(21)

I gcásanna saobhadh amhábhar mar a shainaithnítear iad in Airteagal 7(2a) de Rialachán (AE) 2016/1036, arna leasú leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún tástáil maidir le leas an Aontais a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagal 7(2b) den Rialachán sin. Má chinneann an Coimisiún, agus leibhéal na ndleachtanna á bhunú faoi réir Airteagal 7 den Rialachán sin, Airteagal 7(2) den Rialachán sin a chur i bhfeidhm, ba cheart dó an tástáil maidir le leas an Aontais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán sin ar bhonn na mbeart arna gcinneadh de bhun Airteagal 7(2).

(22)

Agus an tástáil maidir le leas an Aontais á cur i bhfeidhm, ba cheart deis a thabhairt do tháirgeoirí uile de chuid an Aontais, agus ní hamháin na táirgeoirí sin a dhéanann gearán, tuairimí a sholáthar.

(23)

Leis an tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Rialachán, féadfar faireachán rialta, tráthúil a dhéanamh ar na hionstraimí cosanta trádála. Ba cheart go mbeadh malartú tuairimí faoin tuarascáil sin i bParlaimint na hEorpa agus ba cheart go gcuimseofaí i malartú den sórt sin feidhmiú na n-ionstraimí cosanta trádála. Ba cheart go bhféadfadh an Chomhairle freastal ar mhalartú den sórt sin.

(24)

Ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm agus bailiú dleachtanna frith-dhumpála agus in-fhrithchúitimh a mhéadú a fhad le scairbh ilchríochach Ballstáit nó leis an limistéar eacnamaíoch eisiach a d’fhógair Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), ar choinníoll go mbainfí úsáid as a táirge atá faoi réir beart i gceachtar den dá áit chun críche taiscéalaíocht agus saothrú acmhainní nádúrtha an ghrinnill farraige agus a fho-ithreach nó d’fhonn fuinneamh a tháirgeadh ón uisce, ó na sruthanna agus ón ngaoth, agus ar choinníoll go n-ídeofaí an táirge faoi réir beart i gcainníochtaí suntasacha ansin. Ba cheart an rún chun cur i bhfeidhm a mhéadú ar an mbealach sin a leagan amach i bhfógra tionscnaimh na n-imeachtaí, agus ba cheart go dtabharfaí fianaise leordhóthanach san iarraidh mar thacaíocht dó. D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe maidir le dleachtanna frith-dhumpála agus in-fhrithchúitimh a chur i bhfeidhm agus a bhailiú a shonrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(25)

D’fhonn an liosta sainmhínithe ar shaobhadh amhábhair a uasdátú trí shaobhadh breise amhábhair a chur leis más rud é go ndéanann “Fardal sonraí maidir le srianta ar onnmhairiú i ndáil le hamhábhair thionsclaíocha” de chuid ECFE, nó aon bhunachar sonraí eile de chuid ECFE a chuirfear in ionad an fhardail sin saobhadh amhábhair a shainaithint de bhreis orthu siúd a áirítear ar an liosta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i dtaca leis an liosta de shaobhanna dá dtagraítear in Airteagal 7(2a) de Rialachán (AE) 2016/1036. Ina theannta sin, d’fhonn aghaidh a thabhairt go cuí ar mhéadú suntasach in allmhairí i gcás go dtarlaíonn amhlaidh le linn thréimhse an réamhnochta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i dtaca le fad na tréimhse réamhnochta a mhéadú nó a laghdú. Ba cheart tréimhse an réamhnochta a laghdú má tharlaíonn an méadú suntasach in allmhairí ach nach bhfuil an Coimisiún in ann aghaidh a thabhairt air. Mar sin féin, más rud é nár tharla an méadú suntasach in allmhairí nó nach bhfuil an Coimisiún in ann aghaidh a thabhairt air, ba cheart tréimhse an réamhnochta a mhéadú d’fhonn an intuarthacht a áirithiú d’oibreoirí an Aontais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain go córasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1036 agus Rialachán (AE) 2016/1037 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

“1.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar an téarma ‘tionscal an Aontais’ a léiriú mar théarma lena dtagraítear do tháirgeoirí táirgí cosúla an Aontais ina n-iomláine nó do na táirgeoirí sin arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:”.

(2)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear fomhír isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre mar a leanas:

“Ina theannta sin, féadfaidh tionscal an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar a cheann, agus ceardchumainn, gearáin a thíolacadh go comhpháirteach, nó féadfaidh ceardchumainn tacú leo. Ní dhéanann sé seo difear don deis atá ann do thionscal an Aontais an gearán a aistarraingt.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an ionstraim cosanta trádála gearán a éascú d’earnálacha tionscail éagsúlaithe agus ilroinnte, atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí Dheasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ghinearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta a sholáthar agus maidir le conas le gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a sheoladh i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cás sonrach.

Déanfaidh an Deasc chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staidrimh a chur ar fáil, ar foirmeacha iad atá le tíolacadh ar mhaithe le seasamh gnó agus le ceistiúcháin.”.

(3)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“7.   Féadfaidh táirgeoirí an Aontais, na ceardchumainn, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10), maille le hionadaithe na tíre is onnmhaireoir, arna iarraidh sin i scríbhinn, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil, seachas doiciméid inmheánacha a d’ullmhaigh údaráis an Aontais nó a mBallstát, ar choinníoll an fhaisnéis sin a bheith ábhartha chun a gcásanna a léiriú agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 19 agus go bhfuil sé in úsáid san imscrúdú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 5(9), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúduithe den sórt a thabhairt i gcrích laistigh de 1 bhliain amháin. Ar aon chuma, i ngach cás déanfar imscrúdú den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de 14 mhí ó thráth a thionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 8 le haghaidh gealltanas nó de bhun Airteagal 9 le haghaidh gníomhaíocht críochnaitheach. Beidh tréimhsí imscrúdaithe, aon uair is indéanta sin agus go háirithe i gcás earnálacha éagsúlaithe agus ilroinnte atá comhdhéanta den chuid is mó de FBManna, i gcomhthráth le bliain airgeadais.”;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“10.   Iarrtar ar tháirgeoirí táirge cosúil an Aontais comhoibriú leis an gCoimisiún in imscrúduithe arna dtionscnamh de bhun Airteagal 5(6).

11.   Beidh oifig an Oifigigh Éisteachta, a leagtar a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus déanfaidh an t-oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.”.

(4)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur:

(a)

má thionscnaítear imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b)

má thugtar fógra ina leith sin agus má thugtar deis leordhóthanach do pháirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach agus tuairimí a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 5(10);

(c)

má dhéantar cinneadh sealadach dearfach maidir le dumpáil agus maidir le díobháil do thionscal an Aontais de thoradh na dumpála sin; agus

(d)

má tá gá leis, ar mhaithe le leas an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh chun díobháil den sórt sin a chosc.

Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí agus de ghnáth tráth nach déanaí ná 7 mí, ach ar aon nós tráth nach déanaí ná 8 mí, ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí.

Ní dhéanfar dleachtanna sealadacha a fhorchur laistigh de thréimhse trí seachtaine i ndiaidh an fhaisnéis a sheoladh chuig páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 19a (tréimhse an réamhnochta). Ni dochar soláthar faisnéise den sórt sin d’aon chinneadh gaolmhar a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú faoin 9 Meitheamh 2020, chun féachaint ar tharla ardú suntasach sna hallmhairí le linn na tréimhse réamhnochta agus chun féachaint, má tharla ardú den sórt sin, an ndearna sé díobháil bhreise do thionscal an Aontais, d’ainneoin na mbeart a d’fhéadfadh bheith tógtha ag an gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 14(5)a) agus ar Airteagal 9(4). Braithfidh sé go háirithe ar shonraí arna mbailiú ar bhonn Airteagal 14(6) agus ar aon fhaisnéis ábhartha a bheidh ar fáil dó. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a chun fad na tréimhse réamhnochta a leasú go 2 sheachtain i gcás ina dtiocfaidh ardú suntasach ar allmhairithe ar cúis leo díobháil bhreise agus go 4 seachtaine murar amhlaidh an cás.

Poibleoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin a rún chun dleachtanna sealadacha a fhorchur, lena n-áirítear faisnéis faoi na rátaí dleachta féideartha, ag an am céanna nuair a chuirfidh sé an fhaisnéis ar fáil do pháirtithe leasmhara de bhun Airteagal 19a.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“2a.   Agus scrúdú á dhéanamh an mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil saobhadh amhábhair ann maidir leis an táirge lena mbaineann.

Chun críche na míre seo, is iad na bearta seo a leanas atá i saobhadh amhábhar: scéimeanna déphraghsála, cánacha onnmhairithe, forcháin onnmhairithe, cuóta onnmhairithe, cosc onnmhairithe, cáin fhioscach ar onnmhairithe, ceanglais cheadúnaithe, praghas íosta onnmhairithe, aisíocaíocht chánach (CBL) a laghdú nó a aistarraingt, srian ar phointe imréitigh custaim d’onnmhaireoirí, liosta onnmhaireoirí cáilithe, oibleagáid an mhargaidh intíre, mianadóireacht faoi chuing má tá praghas amhábhair i bhfad níos ísle i gcomparáid le praghsanna sna margaidh ionadaíocha idirnáisiúnta.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a chun an Rialachán seo a leasú trína thuilleadh saobhadh breise amhábhar a chur leis an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, i gcás ina ndéanann ‘Fardal sonraí maidir le srianta ar onnmhairiú i ndáil le hamhábhair thionsclaíocha’ de chuid ECFE nó aon bhunachar sonraí ECFE eile a chuirfear in ionad an fhardail sin saobhadh amhábhair eile a shainaithint.

Cumhdófar san imscrúdú aon shaobhadh amhábhar a shainítear sa dara fomhír den mhír seo, a bhfuil fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 5, gur ann dó.

Chun críocha an Rialacháin seo, ní mór d’amhábhar aonair seasamh do mhéid nach lú ná 17 % den chostas ar tháirgeadh an táirge lena mbaineann, beag beann an bhfuil na hamhábhair sin neamhphróiseáilte nó próiseáilte, lena n-áirítear fuinneamh a bhfaightear saobhadh ina leith, nuair a ghlactar iad leo féin. Chun críche an ríomha sin, úsáidfear praghas neamh-shaofa an amhábhair mar atá bunaithe i margaidh ionadaíocha idirnáisiúnta.

2b.   I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise ar fad a cuireadh isteach, cinneadh a dhéanamh go bhfuil sé ar leas an Aontais méid na ndleacht sealadach a chinneadh i gcomhréir le mír 2a den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo. Lorgóidh an Coimisiún go gníomhach faisnéis ó pháirtithe leasmhara lena gcumasaítear dó cinneadh a dhéanamh an mbeidh feidhm ag mír 2 nó mír 2a den Airteagal seo. Maidir leis sin, scrúdóidh an Coimisiún gach faisnéis ábhartha amhail cainníochtaí breise sa tír is onnmhaireoir, iomaíocht ó thaobh amhábhair agus an tionchar ar shlabhraí soláthair do chuideachtaí Aontais. In éagmais comhoibriú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh go bhfuil sé i gcomhréir le leas an Aontais mír 2a den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Agus an tastáil maidir le leas an Aontais á dhéanamh mar a leagtar síos in Airteagal 21, tabharfar aird ar leith ar an ábhar seo.

2c.   Nuair a ríomhtar an corrlach díobhála ar bhonn spriocphraghais, bunófar an spriocbhrabús a úsáidfear agus gnéithe á gcur san áireamh amhail leibhéal na brabúsachta roimh an ardú ar allmhairí ón tír atá faoi réir imscrúdú, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chlúdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a fhéadfar bheith ag súil léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Ní bheidh an corrlach brabúis sin níos lú ná 6 %.

2d.   Nuair a bheidh an spriocphraghas á bhunú, déanfar costas iarbhír tháirgeadh thionscal an Aontais, a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus as na prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, agus as Coinbhinsiúin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, a léiriú mar is cuí. Thairis sin, déanfar costais a ghearrfar amach anseo, nach gclúdaítear i mír 2c den Airteagal seo, a eascraíonn as na comhaontuithe agus as na coinbhinsiúin sin agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2), a chur san áireamh.”.

(5)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina mbeidh cinneadh sealadach dearfa déanta i dtaobh dumpála agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2), tairiscintí gealltanas atá deonach agus sásúil a ghlacadh, ar gealltanais iad a chuirfidh aon onnmhaireoir isteach chun a phraghsanna a athbhreithniú nó chun deireadh a chur le honnmhairí ar phraghsanna dumpáilte, má tá an Coimisiún sásta go ndíothófar éifeacht dhíobhálach na dumpála dá bhrí sin.

I gcás den sórt sin agus fad a bheidh gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag dleachtanna sealadacha a fhorchuirfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(1) ná ag dleachtanna cinntitheacha a fhorchuirfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 9(4), de réir mar a bheidh, ní bheidh feidhm acu maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais, arna leasú ina dhiaidh sin.

Ní bheidh méaduithe praghsanna faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná mar is gá chun an corrlach dumpála a dhíothú, agus ba cheart na méaduithe sin a bheith níos lú ná an corrlach dumpála dá mba leor méadú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

Agus scrúdú á dhéanamh an mbeadh méaduithe praghais, faoi ghealltanais den chineál sin, atá níos ísle ná an corrlach dumpála, leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil, beidh feidhm ag Airteagal 7(2a), (2b), (2c) agus (2d) dá réir.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, ní fhéadfar gealltanais a thabhairt níos déanaí ná 5 lá roimh dheireadh na tréimhse inar féidir uiríll a dhéanamh de bhun Airteagal 20(5), d’fhonn a áirithiú go mbeidh an deis ag páirtithe eile a dtuairimí a chur in iúl.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Ní gá glacadh le gealltanais a tugadh má mheastar gur neamhphraiticiúil iad a ghlacadh, eadhon i gcás in bhfuil an líon onnmhaireoirí atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann rómhór, nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta lena gcuimsítear go háirithe na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus sna prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí na cúiseanna ar a bhfuil sé beartaithe an tairiscint ar ghealltanas a dhiúltú a sholáthar don onnmhaireoir lena mbaineann, agus d’fhéadfaí deis a thabhairt dó a bharúlacha ina leith a thabhairt. Leagfar cúiseanna an diúltaithe amach sa chinneadh cinntitheach.

4.   Maidir le páirtithe a thairgeann gealltanas, beidh de cheangal orthu leagan neamhrúnda ciallmhar de ghealltanas den sórt sin in Airteagal 19 a sholáthar, ionas go bhféadfar é a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara san imscrúdú, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Thairis sin, sula nglacfaidh sé le haon tairiscint den sórt sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le tionscal an Aontais maidir leis na príomhghnéithe den ghealltanas.”.

(6)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   I gcás imeachta arna thionscnamh de bhun Airteagal 5(9), is gnách go bhféachfar ar dhíobháil mar dhíobháil dhiomaibhseach i gcás inarb ionann na hallmhairí i gceist agus níos lú ná na méideanna atá sonraithe in Airteagal 5(7). I ndáil leis an imeacht céanna, déanfar é a fhoirceannadh láithreach i gcás ina meastar an corrlach dumpála a bheith níos lú ná 2 %, arna chur in iúl mar chéatadán de phraghas na n-onnmhairí.

4.   I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil dumpáil ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, agus go bhfuil gá, chun leasa an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21, forchuirfidh an Coimisiún dleacht chinntitheach frithdhumpála, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3). I gcás ina bhfuil dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin roimh dhul in éag dleachtanna den sórt sin.

Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála níos mó ná an corrlach dumpála atá leagtha síos ach ba cheart í a bheith níos lú ná an corrlach dá mba leor dleacht níos lú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais. Beidh feidhm ag Airteagal 7(2a), (2b), (2c) agus (2d) dá réir sin.

I gcás nár chláraigh an Coimisiún allmhairithe, ach i gcás ina bhfaigheann sé, bunaithe ar anailís ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dó agus bearta críochnaitheacha á nglacadh aige, go dtarlaíonn ardú suntasach breise ar allmhairithe atá faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta, léireoidh an Coimisiún an díobháil bhreise atá mar thoradh ar mhéadú den sórt sin agus an corrlach díobhála á chinneadh do thréimhse nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2).”.

(7)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar athbhreithniú éaga a thionscnamh i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh gur dócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. D’fhéadfaí dóchúlacht den chineál sin a léiriú, mar shampla, trí fhianaise go bhfuil dumpáil agus díobháil ann i gcónaí nó trí fhianaise a bheith ann nach ann don díobháil a thuilleadh mar thoradh iomlán nó páirt-thoradh ar bhearta nó trí fhianaise a bheith ann go léiríonn cúinsí na n-onnmhaireoirí, nó coinníollacha an mhargaidh, gur dóigh do thuilleadh dumpála díobhálaí nó do shaobhadh leantach ar amhábhair a bheith ann.”;

(b)

i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Má théann an beart in éag tar éis imscrúdú a dhéanamh de bhun mhír 2, déanfar aon dleacht a bailíodh ó dháta tionscnaimh imscrúdaithe den sórt sin ar earraí a ndearadh imréiteach custaim orthu a aisíoc ar choinníoll go n-iarrtar sin ar na húdaráis náisiúnta custaim agus go ndeonaíonn na húdaráis an méid sin i gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme maidir le haisíocaíocht agus loghadh dleachtanna. Ní íocfaidh na húdaráis náisiúnta custaim lena mbaineann ús mar thoradh ar aisíocaíocht den sórt sin.”.

(8)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“3.   Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon pháirtí leasmhar ar bhonn go leor fianaise a bheith ann maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar tionscnaimh trí mheán rialachán ón gCoimisiún lena ndéanfar na húdaráis chustaim a threorú freisin maidir le hallmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis do pháirtí leasmhar nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt chun imscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó tar éis don Choimisiún féin a chinneadh go bhfuil gá le himscrúdú a thionscnamh.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre, an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír:

“4.   Ní bheidh allmhairí faoi réir clárúcháin de bhun Airteagal 14(5) ná faoi réir bearta i gcás ina bhfuil siad á dtrádáil ag cuideachtaí a bhaineann tairbhe as díolúintí.

Déanfar iarrataí ar dhíolúintí a bhfuil fianaise leo a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama a bhunaítear sa rialachán ón gCoimisiún ar dá bhun a thionscnaítear an t-imscrúdú.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe lasmuigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann nach bhfuil páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar allmhaireoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.”.

(9)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfar forálacha speisialta, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar coincheap an tionscnaimh, mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus maidir le cur i bhfeidhm agus bailiú dleachta frithdhumpála i scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach dearbhaithe ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Amhail ó thionsnamh an imscrúdaithe agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas i dtráth cuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis custaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ó dháta clárúcháin den sórt sin ar aghaidh. Déanfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ó thionscal an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt do ghníomh den sórt sin. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin ar thionscnamh an Choimisiúin freisin. Is le rialachán ón gCoimisiún a thabharfar clárú isteach. Sonrófar i rialachán den sórt sin cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shonrú. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas

“5a.   Déanfaidh an Coimisiún, mura mbeidh go leor fianaise aige de réir bhrí Airteagal 5 nach gcloítear leis na ceanglais faoi phointe (c) nó faoi phointe (d) d’Airteagal 10(4), allmhairí a chlárú de bhun mhír 5 den Airteagal seo le linn na tréimhse réamhnochta de bhun Airteagal 19a. Agus cinneadh á dhéanamh faoi chlárúchán, go háirithe déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a bhaileofar bunaithe ar chruthú chóid Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) don táirge atá faoi réir imscrúdú de bhun mhír 6 den Airteagal seo.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún gach mí maidir le trádáil allmhairí ar táirgí iad atá faoi réir imscrúdú agus bearta, agus maidir leis an méid dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin seo. Agus tús á chur le himscrúdú de bhun Airteagal 5, cruthóidh an Coimisiún cóid TARIC a chomhfhreagraíonn don táirge atá faoi réir imscrúdú. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na cóid TARIC sin d’fhonn tuarascáil a thabhairt faoi allmhairí an táirge atá faoi réir imscrúdú amhail ó thús an imscrúdaithe. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh réasúnaithe ar leith a fháil ó pháirtí leasmhar, a chinneadh achoimre neamhrúnda a thabhairt dóibh ar an bhfaisnéis i ndáil le méideanna agus luachanna comhiomlána allmhairithe na dtáirgí lena mbaineann.”;

(e)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“8.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aon doiciméad a ghlacadh lena soláthraítear treoir ghinearálta do pháirtithe leasmhara féideartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 11(3) CAE. Féadfaidh Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl freisin.”.

(10)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 14a

Scairbh ilchríochach nó an limistéar eacnamaíoch eisiach

1.   Féadfar dleacht frithdhumpála a fhorchur freisin ar aon táirge dumpáilte a dtugtar méideanna go leor de go dtí oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh nó aon struchtúr eile i scairbh ilchríochach Ballstáit nó i limistéar eacnamaíoch eisiach dearbhaithe ag Ballstát de bhun UNCLOS, i gcás ina ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais mar gheall air sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na coinníollacha chun dleachtanna den sórt sin a thabhú, mar aon leis na nósanna imeachta a bhaineann leis na táirgí sin a fhógairt agus a dhearbhú agus le híocaíocht dleachtanna den sórt sin, lena n-áirítear aisghabháil, aisíocaíocht agus loghadh (uirlis chustaim). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

2.   Is amháin ón dáta a mbeidh an uirlis chustaim oibríochtúil dá dtagraítear i mír 1 a fhorchuirfidh an Coimisiún dleachtanna dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir go bhfuil an uirlis chustaim oibríochtúil trí fhoilsiú ar leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.”.

(11)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   I gcásanna ina bhfuil líon mór de tháirgeoirí, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí an Aontais, agus de chineálacha táirgí nó idirbheart, féadfar an t-imscrúdú a theorannú do líon réasúnta páirtithe, táirgí nó idirbheart trí úsáid a bhaint as samplaí atá bailí ó thaobh staitisticí ar bhonn faisnéise atá ar fáil tráth an roghnaithe, nó a theorannú don líon ionadaíoch is mó táirgthe, díolachán nó onnmhairí is féidir a imscrúdú go réasúnta laistigh den mhéid ama atá ar fáil.

2.   Faoin gCoimisiún a fhanfaidh sé an rogha deiridh a dhéanamh i ndáil le páirtithe, cineálacha táirgí nó idirbhearta a dhéanfar faoi na forálacha samplála sin. Chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú, áfach, tabharfar tosaíocht do shampla a roghnú i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, agus le cead uathu, ar choinníoll go gcuirfidh páirtithe den sórt sin iad féin in aithne agus go gcuirfidh siad go leor faisnéise ar fáil, laistigh d’aon seachtain ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe.”.

(12)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 19a

Faisnéis ag an gcéim shealadach

1.   Féadfaidh táirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe ón tír onnmhairithe, faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha a iarraidh. Déanfar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin i scríbhinn laistigh den teorainn ama atá forordaithe san fhógra tionscnaimh. Soláthrófar faisnéis den sórt sin do na páirtithe sin trí seachtaine roimh dleachtanna sealadacha a fhorchur. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin: achoimre ar na dleachtanna a mholtar chun críche faisnéise amháin, agus sonraí faoi ríomh an chorrlaigh dumpála agus an chorrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais, ag féachaint don riachtanas a bhaineann leis na hoibleagáidí rúndachta a luaitear in Airteagal 19 a urramú. Beidh tréimhse trí lá oibre ó thráth soláthar faisnéise den sórt sin ag páirtithe chun tuairimí a sholáthar maidir le beachtas na ríomhanna.

2.   Nuair nach bhfuil sé beartaithe dleachtanna sealadacha a fhorchur ach leanúint leis an imscrúdú, cuirfear neamh-fhorchur na ndleachtanna in iúl do pháirtithe leasmhara trí seachtaine roimh dhul in éag an spriocdháta atá luaite in Airteagal 7(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha.”.

(13)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   D’fhonn bunús fónta a sholáthar a chuireann ar chumas an Choimisiúin na dearcthaí ar fad agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh sa chinneadh maidir lena bhfuil nó nach bhfuil forchur na mbeart chun leasa an Aontais, féadfaidh táirgeoir, ceardchumainn, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha an Aontais, úsáideoirí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe i bhfógra tionscnaimh na n-imeachtaí frithdhumpála, iad féin a chur in iúl agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear faisnéis den sórt sin, nó achoimrí oiriúnacha di, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe san Airteagal seo, agus beidh siad i dteideal freagairt a thabhairt ar fhaisnéis den sórt sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Gheofar tuairimí den sórt sin laistigh de 15 lá ó dháta chur i bhfeidhm beart den sórt sin má táthar le iad a chur san áireamh agus cuirfear iad nó achoimrí iomchuí orthu, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt ar thuairimí den sórt sin.”.

(14)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 19, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ghealltanais, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin. Déanfar úsáid d’ionstraimí maidir le cosaint trádála ag tríú tíortha lena ndírítear ar an Aontas agus achomhairc i gcoinne na mbeart a fhorchuirtear a chuimsiú sa tuarascáil freisin. Áireofar ann gníomhaíochtaí an Oifigigh Éisteachta ó Ardstiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin agus ó Dheasc chabhrach FBM i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Áireofar sa tuarascáil freisin an chaoi a fhéachadh ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus an chaoi a cuireadh san áireamh iad sna himscrúduithe. Le caighdeáin den sórt sin, cumhdófar na caighdeáin a ionchorpraítear i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ina bhfuil an tAontas ina pháirtí agus i gcoinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, mar aon le reachtaíocht choibhéiseach náisiúnta na tíre onnmhairithe.”;

(b)

cuirtear isteach mír 4 mar a leanas:

“4.   Faoin 9 Meitheamh 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm Airteagal 7(2a), Airteagal 8(1) agus Airteagal 9(4), lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur i bhfeidhm sin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag gabháil le hathbhreithniú den sórt sin.”.

(15)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 23a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 2 bhliain ón 8 Meitheamh 2018 agus ní féidir í a fheidhmiú ach 1 uair amháin.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2a) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón 8 Meitheamh 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(1) agus (2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, Ich. 1.”."

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1037 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

“1.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar an téarma ‘tionscal an Aontais’ a léiriú mar théarma lena dtagraítear do tháirgeoirí táirgí cosúla an Aontais ina n-iomláine nó do na táirgeoirí sin díobh arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:”.

(2)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear fomhír isteach i ndiaidh na céad fhomhíre mar a leanas:

“Ina theannta sin, féadfaidh tionscal an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar a cheann, agus ceardchumainn gearáin a thíolacadh go comhpháirteach, nó féadfaidh ceardchumainn tacú leo. Ní dhéanann sé seo difear don deis atá ann do thionscal an Aontais an gearán a aistarraingt.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an ionstraim cosanta trádála a éascú d’earnálacha tionscail éagsúlaithe agus ilroinnte, atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí Dheasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht i dtaobh na hionstraime a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ghinearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta agus maidir leis an gcaoi le gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a sheoladh i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus trí fhreagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cásanna sonracha.

Déanfaidh an Deasc Chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staidrimh a chur ar fáil, ar fhoirmeacha iad atá le tíolacadh ar mhaithe le seasamh gnó agus le ceistiúcháin.”.

(3)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“7.   Féadfaidh táirgeoirí an Aontais, rialtas na tíre tioscnaimh agus /nó onnmhairithe, na ceardchumainn, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 10(12), maille le hionadaithe na tíre is onnmhaireoir, arna iarraidh sin, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil don Choimisiún, seachas doiciméid inmheánacha a d’ullmhaigh údaráis an Aontais nó a mBallstát, ar choinníoll an fhaisnéis sin a bheith ábhartha chun a gcásanna a léiriú agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 29 agus go bhfuil sé in úsáid san imscrúdú.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 10(11), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de 1 bhliain amháin. Ar aon chuma, i ngach cás déanfar imscrúduithe den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de 13 mhí ó thráth a dtionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 13 le haghaidh gealltanas nó na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 15 le haghaidh gníomhaíocht chinntitheach. Beidh tréimhsí imscrúdaithe, aon uair is indéanta agus go háirithe i gcás earnálacha éagsúlaithe agus ilroinnte atá comhdhéanta den chuid is mó de FBManna, i gcomhthráth leis an mbliain airgeadais.”;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“11.   Iarrtar ar tháirgeoirí táirge cosúil an Aontais comhoibriú leis an gCoimisiún in imscrúduithe arna dtionscnamh de bhun Airteagal 10(8).

12.   Beidh oifig an Oifigigh Éisteachta, a leagtar a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus déanfaidh an t-oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.”.

(4)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur:

(a)

má thionscnaítear imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 10;

(b)

má thugtar fógra ina leith sin agus má thugtar deis leordhóthanach do pháirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach agus tuairimí a thabhairt i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 10(12);

(c)

má dhéantar cinneadh sealadach dearfach go dtairbhíonn an táirge allmhairithe d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe agus de dhíobháil do thionscal an Aontais de thoradh na dumpála sin; agus

(d)

ar mhaithe le leas an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh chun díobháil den sórt sin a chosc.

Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí ach nach déanaí ná 9 mí ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí.

Freagróidh méid na dleachta frithchúitimh sealadaí do mhéid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna bhunú go sealadach.

I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise ar fad a chuirtear isteach, baint de thátal as go soiléir ar bhonn sealadach nach chun leasa an Aontais é an dleacht shealadach a fhorchur ag an méid sin, is ionann an dleacht frithchúitimh shealadach agus an méid is leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais, más ísle sin ná méid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe.

Ní dhéanfar dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse trí seachtaine i ndiaidh na faisnéise a sheoladh chuig páirtithe leasmhara faoi Airteagal 29a (tréimhse réamhnochta). Beidh soláthar faisnéise den sórt sin gan dochar d’aon chinneadh gaolmhar a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú faoin 9 Meitheamh 2020, chun féachaint ar tharla ardú suntasach sna hallmhairí le linn na tréimhse réamhnochta agus chun féachaint, má tharla ardú den sórt sin, an ndearna sé díobháil bhreise do thionscal an Aontais, d’ainneoin na mbeart a d’fhéadfadh bheith tógtha ag an gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 24(5a) agus ar Airteagal 15(1). Braithfidh sé go háirithe ar shonraí arna mbailiú ar bhonn Airteagal 24(6) agus ar aon fhaisnéis ábhartha a bheidh ar fáil dó. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32b chun fad na tréimhse réamhnochta a leasú go 2 sheachtain i gcás ina dtiocfaidh ardú suntasach ar allmhairithe ar cúis leo díobháil bhreise agus go 4 seachtaine murar amhlaidh an cás.

Poibleoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin a rún chun dleachtanna sealadacha a fhorchur, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na rátaí dleachta féideartha, ag an am céanna agus a chuirfidh sé an fhaisnéis ar fáil do pháirtithe leasmhara de bhun Airteagal 29a.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Nuair a ríomhtar an corrlach díobhála ar bhonn spriocphraghais, bunófar an spriocbhrabús a úsáidfear agus gnéithe á gcur san áireamh amhail leibhéal na brabúsachta roimh an ardú ar allmhairí ón tír atá faoi réir imscrúdú, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chlúdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a fhéadfar bheith ag súil léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Ní bheidh corrlach brabúis den sórt sin níos lú ná 6 %.

1b.   Nuair a bheidh an spriocphraghas á bhunú, déanfar costas iarbhír tháirgeadh thionscal an Aontais, a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus as na prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, nó as Coinbhinsiúin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, a léiriú mar is cuí. Thairis sin, déanfar costais a ghearrfar amach anseo, nach gclúdaítear i mír 1a den Airteagal seo a ghabhann leis an Rialachán seo, a eascraíonn as na comhaontuithe agus as na coinbhinsiúin sin agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 18(1), a chur san áireamh.”.

(5)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina mbeidh cinneadh sealadach dearfach déanta i dtaobh fóirdheontasaithe agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(2), gealltanais dheonacha agus shásúla a ghlacadh, ar gealltanais iad ar fúthu:

(a)

a chomhaontóidh an tír tionscnaimh agus/nó onnmhairithe an fóirdheontassa a dhíothú nó a theorannú nó bearta eile a dhéanamh maidir lena éifeachtaí; nó

(b)

a ghabhfaidh aon onnmhaireoir air féin a phraghsanna a athbhreithniú nó deireadh a chur le honnmhairí chuig an limistéar lena mbaineann fad a thairbheoidh onnmhairithe den sórt sin d’fhóirdheontais in-fhrithchúitithe, ar phraghsanna dumpáilte, má dhíothaítear éifeacht dhíobhálach na dumpála dá bhrí sin.

I gcás den sórt sin agus fad a bheidh gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag dleachtanna sealadacha a fhorchuirfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3), ná ag dleachtanna cinntitheacha a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 15(1), de réir mar a bheidh, maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais, arna leasú ina dhiaidh sin.

Ní bheidh arduithe praghais faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná an méid is gá chun méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe a fhrithchúiteamh.

I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise uile a chuirtear isteach, a bhaint de thátal as go soiléir ar bhonn sealadach nach chun leasa an Aontais é an méadú praghas a chinneadh faoi ghealltanais den sórt sin, i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méadú faoi ghealltanais den sórt sin faoi bhun mhéid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe dá mbeadh méadú den sórt sin leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, ní fhéadfar gealltanais a thabhairt níos déanaí ná 5 lá roimh dheireadh na tréimhse inar féidir uiríll a dhéanamh de bhun Airteagal 30(5), d’fhonn a áirithiú go mbeidh an deis ag páirtithe eile a dtuairimí a chur in iúl.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

“3.   Ní gá glacadh le gealltanais a tugadh má mheastar gur neamhphraiticiúil iad a ghlacadh, eadhon i gcás in bhfuil an líon onnmhaireoirí atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann rómhór, nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta lena gcuimsítear go háirithe na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus sna prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí na cúiseanna ar a bhfuil sé beartaithe an tairiscint ar ghealltanas a dhiúltú a sholáthar don onnmhaireoir agus/nó don tír tionscnaimh /onnmhairithe lena mbaineann, agus d’fhéadfaí deis a thabhairt dó a bharúlacha ina leith a thabhairt. Leagfar cúiseanna an diúltaithe amach sa chinneadh cinntitheach.

4.   Maidir le páirtithe a thairgeann gealltanas, beidh de cheangal orthu leagan neamhrúnda de ghealltanas den sórt sin a sholáthar, leagan ciallmhar de bhrí Airteagal 29, ionas go bhféadfar é a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara san imscrúdú, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Thairis sin, sula nglacfaidh sé le haon tairiscint den sórt sin, tabharfar deis do thionscal an Aontais a thuairim a chur in iúl maidir le príomhghnéithe ghealltanais.”.

(6)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Glacfar leis go mbeidh méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe de minimis má tá méid den sórt sin níos lú ná 1 % ad valorem. Maidir leis na himscrúduithe a bhaineann le hallmhairí ó thíortha i mbéal forbartha, beidh an tairseach de minimis cothrom le 2 % ad valorem, áfach.”.

(7)

in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Ní rachaidh méid na dleachta frithchúitimh thar méid na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe arna bhunú.

I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise uile a chuirtear isteach, a bhaint de thátal as go soiléir nach chun leasa an Aontais é méid na mbeart a chinneadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh méid na dleachta frithchúitimh níos lú dá mbeadh dleacht níos lú den sórt sin leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais.

I gcás nár chláraigh an Coimisiún allmhairithe, agus i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, bunaithe ar anailís ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dó agus bearta críochnaitheacha á nglacadh aige, go dtarlaíonn ardú suntasach breise ar allmhairithe atá faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta, léireoidh an Coimisiún an díobháil bhreise atá mar thoradh ar mhéadú den sórt sin agus an corrlach díobhála á chinneadh do thréimhse nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 18(1).”.

(8)

in Airteagal 18(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Má théann an beart in éag tar éis imscrúdaithe de bhun an Airteagail seo, déanfar aon dleacht a bailíodh ó dháta tionscnaimh imscrúdú den sórt sin ar earraí a ndearnadh imréiteach custaim orthu a aisíoc ar choinníoll go n-iarrtar sin ar na húdaráis náisiúnta custaim agus go ndeonaíonn na húdaráis sin i gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme maidir le haisíocaíocht agus loghadh dleachtanna. Ní íocfaidh na húdaráis náisiúnta custaim lena mbaineann ús mar thoradh ar aisíocaíocht den sórt sin.”.

(9)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre:

“4.   Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon pháirtí leasmhar ar bhonn go leor fianaise a bheith ann maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo. Déanfar tionscnaimh trí mheán rialachán ón gCoimisiún lena ndéanfar na húdaráis chustaim a threorú freisin maidir le hallmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 24(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis do pháirtí leasmhar nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt chun imscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó tar éis don Choimisiún féin a chinneadh go bhfuil gá le himscrúdú a thionscnamh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír 6:

“I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe lasmuigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann nach bhfuil páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar a sainmhínítear i mír 3.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar allmhaireoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar a sainmhínítear i mír 3.”.

(10)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfar forálacha speisialta, go háirithe maidir leis an sainmhíniú comhchoiteann ar choincheap an tionscnaimh, mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus maidir le cur i bhfeidhm agus bailiú dleachta frithchúitimh i scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach arna dhearbhú ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Amhail ó thionscnamh an imscrúdaithe agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas i dtráth cuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis custaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ó dháta clárúcháin den sórt sin ar aghaidh. Déanfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ó thionscal an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt do ghníomh den sórt sin. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúchán ar thionscnamh an Choimisiúin freisin. Is le rialachán de chuid an Choimisiúin a thabharfar clárú isteach. Déanfar cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shonrú i rialachán den sórt sin. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   Déanfaidh an Coimisiún, mura mbeidh go leor fianaise aige de réir bhrí Airteagal 10 nach gcloítear leis na ceanglais faoi phointe (c) nó faoi phointe (d) d’Airteagal 16(4), allmhairí a chlárú de bhun mhír 5 den Airteagal seo le linn na tréimhse réamhnochta de bhun Airteagal 29a. Agus cinneadh á dhéanamh faoi chlárúchán, go háirithe déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a bhaileofar bunaithe ar chruthú chóid Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) don táirge atá faoi réir imscrúdú de bhun mhír 6 den Airteagal seo.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún gach mí maidir le trádáil allmhairí ar táirgí iad atá faoi réir imscrúdú agus bearta, agus maidir leis an méid dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin seo. Agus tús á chur le himscrúdú de bhun Airteagal 10, cruthóidh an Coimisiún cóid TARIC a chomhfhreagraíonn don táirge atá faoi réir imscrúdú. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na cóid TARIC sin d’fhonn tuarascáil a thabhairt faoi allmhairí an táirge atá faoi réir imscrúdú amhail ó thús an imscrúdaithe. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh réasúnaithe ar leith a fháil ó pháirtí leasmhar, a chinneadh achoimre neamhrúnda a thabhairt dóibh ar an bhfaisnéis i ndáil le méideanna agus luachanna comhiomlána allmhairithe na dtáirgí lena mbaineann.”;

(e)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“8.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aon doiciméad a ghlacadh lena soláthraítear treoir ghinearálta do pháirtithe leasmhara féideartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 11(3) CAE. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl freisin.”.

(11)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 24a

Scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach

1.   Féadfar dleacht frithchúitimh a fhorchur freisin ar aon táirge ar tugadh fóirdheontas ina leith a dtugtar méideanna go leor de go dtí oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh nó aon struchtúr eile i scairbh ilchríochach Ballstáit nó i limistéar eacnamaíoch eisiach dearbhaithe ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), i gcás ina ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais mar gheall air sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na coinníollacha chun dleachtanna den sórt sin a thabhú mar aon leis na nósanna imeachta a bhaineann le táirgí den sórt sin a fhógairt agus a dhearbhú agus le híocaíocht dleachtanna den sórt sin, lena n-áirítear aisghabháil, aisíocaíocht agus loghadh (uirlis chustaim). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

2.   Is amhail ón dáta a mbeidh an uirlis chustaim oibríochtúil dá dtagraítear i mír 1 amháin a fhorchuirfidh an Coimisiún dleachtanna dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir go bhfuil an uirlis chustaim oibríochtúil trí fhoilsiú ar leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.”.

(12)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   I gcásanna ina bhfuil líon mór táirgeoirí, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí an Aontais, cineálacha táirgí nó idirbheart ann, féadfar an t-imscrúdú a theorannú do líon réasúnta páirtithe, táirgí nó idirbheart trí úsáid a bhaint as samplaí atá bailí ó thaobh staitisticí ar bhonn faisnéise atá ar fáil tráth an roghnaithe, nó a theorannú don líon ionadaíoch is mó táirgthe, díolachán nó onnmhairí is féidir a imscrúdú go réasúnta laistigh den mhéid ama atá ar fáil.

2.   Faoin gCoimisiún a fhanfaidh sé an rogha deiridh a dhéanamh i ndáil le páirtithe, cineálacha táirgí nó idirbhearta a dhéanfar faoi na forálacha samplála seo. Chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú, áfach, tabharfar tosaíocht do shampla a roghnú i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, agus le cead uathu, ar choinníoll go gcuirfidh páirtithe den sórt sin iad féin in aithne agus go gcuirfidh siad go leor faisnéise ar fáil, laistigh d’aon sheachtain amháin ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe, chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú.”.

(13)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 29a

Faisnéis ag an gcéim shealadach

1.   Féadfaidh táirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus an tír tionscnaimh/onnmhairithe, faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha a iarraidh. Déanfar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin i scríbhinn laistigh den teorainn ama atá forordaithe san fhógra tionscnaimh. Soláthrófar faisnéis den sórt sin do na páirtithe sin trí seachtaine roimh dhleachtanna sealadacha a fhorchur. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin: achoimre ar na dleachtanna a mholtar chun críche faisnéise amháin, agus sonraí faoi ríomh an chorrlaigh fóirdheontais agus mhéid an fhóirdeontais in-fhrithchúitithe agus an chorrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh a chur le díobháil do thionscal an Aontais, ag féachaint don riachtanas a bhaineann leis na hoibleagáidí rúndachta a luaitear in Airteagal 29 a urramú. Beidh tréimhse trí lá oibre ag páirtithe ó sholáthar faisnéis den sórt sin chun tuairimí a sholáthar maidir le beachtas na ríomhanna.

2.   Nuair nach bhfuil sé beartaithe dleachtanna sealadacha a fhorchur ach leanúint leis an imscrúdú, cuirfear neamh-fhorchur na ndleachtanna in iúl do pháirtithe leasmhara trí seachtaine roimh dhul in éag an spriocdháta atá luaite in Airteagal 12(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha.”.

(14)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   D’fhonn bunús fónta a sholáthar a chuireann ar chumas na n-údarás na dearcthaí ar fad agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh sa chinneadh maidir lena bhfuil nó nach bhfuil forchur na mbeart chun leasa an Aontais, féadfaidh táirgeoir, ceardchumainn, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha an Aontais, úsáideoirí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe i bhfógra tionscnaimh na n-imeachtaí dleachta frithchúitimh, iad féin a chur in iúl, agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear faisnéis den sórt sin, nó achoimrí oiriúnacha di, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe san Airteagal seo, agus beidh siad i dteideal freagairt a thabhairt ar fhaisnéis den sórt sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear tuairimí den sórt sin san áireamh mura bhfaighfear iad laistigh de 15 lá ó dháta chur i bhfeidhm beart den sórt sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí orthu, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu.”.

(15)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 32a

Tuarascáil

1.   Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 29, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ghealltanais, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin. Déanfar úsáid d’ionstraimí maidir le cosaint trádála ag tríú tíortha lena ndírítear ar an Aontas agus achomhairc i gcoinne na mbeart a fhorchuirtear a chuimsiú sa tuarascáil freisin. Áireofar ann gníomhaíochtaí an Oifigigh Éisteachta ó Ardstiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin agus ón Deasc chabhrach FBM i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Áireofar sa tuarascáil freisin an chaoi a fhéachadh ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus an chaoi a cuireadh san áireamh iad sna himscrúduithe. Le caighdeáin den sórt sin, cumhdófar na caighdeáin a ionchorpraítear i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ina bhfuil an tAontas ina pháirtí agus i gCoinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, mar aon le reachtaíocht choibhéiseach náisiúnta na tíre onnmhairithe.

2.   Faoin 9 Meitheamh 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 12(1), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 13(1), agus an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír d’Airteagal 15(1), lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur i bhfeidhm seo, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag gabháil le hathbhreithniú den sórt sin.

Airteagal 32b

An tarmligean a fheidhmiú

1   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(1) ó 2 bhliain tar éis 8 Meitheamh 2018 agus ní féidir í a fheidhmiú ach uair amháin.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*4).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*4)  1O L 123, 12.5.2016, Ich. 1.”."

Airteagal 3

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1036 agus Rialachán (AE) 2016/1037.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na himscrúduithe ar fad ar foilsíodh fógra tionscnaimh ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 5(9) de Rialachán (AE) 2016/1036 nó Airteagal 10(11) de Rialachán (AE) 2016/1037, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 30 Bealtaine 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (IO C 443, 22.12.2017, lch. 934) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2018 [(IO …)] [(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)]. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 [(IO …)] [(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(3)  Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN Ia

COINBHINSIÚIN EIS DÁ dTAGRAÍTEAR SA RIALACHÁN SEO

1.

An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, Uimh. 29 (1930)

2.

An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Uimh. 87 (1948)

3.

An Coinbhinsiún maidir leis na Prionsabail a Chur i bhFeidhm i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, Uimh. 98 (1949)

4.

An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothar Comhionann d’Oibrithe Fireanna agus Baineanna ar Obair arb Ionann a Luach, Uimh. 100 (1951)

5.

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a chur ar ceal, Uimh. 105 (1957)

6.

An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, Uimh. 111 (1958)

7.

An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta ag a nGlacfar Duine Isteach i bhFostaíocht, Uimh. 138 (1973)

8.

An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí a Thoirmeasc agus le Beart Láithreach chun iad a Dhíchur, Uimh. 182 (1999)”