ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
2 Bealtaine 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród

1

 

*

Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann ( 1 )

19

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2018/645 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Treoir 2003/59/CE maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí agus Treoir 2006/126/CE maidir le ceadúnais tiomána ( 1 )

29

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ( 1 )

42

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 112 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

2.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/643 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Cuid thábhachtach de ghréasáin iompair an Aontais is ea na hiarnróid.

(3)

Tá gá le staidreamh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí d'iarnród ionas go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair agus é a fhorbairt, mar aon le gnéithe iompair na mbeartas a bhaineann leis na réigiúin agus leis na gréasáin tras-Eorpacha.

(4)

Tá gá le staidreamh freisin i ndáil le sábháilteacht iarnróid ionas go bhféadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht an Aontais i réimse na sábháilteachta iompar a ullmhú agus faireachán a dhéanamh uirthi. Bailíonn Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh sonraí faoi thionóiscí faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i dtaca le táscairí sábháilteachta comhchoiteanna agus maidir le modhanna comhchoiteanna chun costais tionóisce a ríomh.

(5)

Ina theannta sin, is gá staidreamh ar leibhéal an Aontais maidir le hiompar d'iarnród ionas go gcomhlíonfar na cúraimí faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(6)

Ba cheart staidreamh ar leibhéal an Aontais i ndáil le gach modh iompair a bhailiú de réir coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna ionas go bhféadfaí an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach.

(7)

Tá sé tábhachtach go ndéanfar dúbláil na hoibre a sheachaint, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críocha staidrimh. Chuige sin, agus d'fhonn faisnéis inrochtana go héasca agus úsáideach a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le sábháilteacht iompair d'iarnród agus maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí a bhunú maidir le gníomhaíochtaí staidrimh idir seirbhísí an Choimisiúin agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(8)

Ba cheart go mbainfí cothromaíocht amach idir riachtanais na n-úsáideoirí agus an t-ualach a chuirtear ar fhreagróirí agus staidreamh Eorpach á sholáthar acu.

(9)

Sa tuarascáil a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an taithí a fuair sé agus Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 á chur i bhfeidhm, thagair an Coimisiún don fhíric gurb é an toradh is dócha a bheidh ar fhorbairtí fadtéarmacha scriosadh nó simpliú na sonraí atá bailithe cheana féin de réir an Rialacháin sin, agus gurb í an aidhm an tréimhse chun sonraí a tharchur a laghdú i ndáil le sonraí bliantúla faoi phaisinéirí iarnróid. Ba cheart don Choimisiún leanúint de thuarascálacha a sholáthar go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

(10)

De thoradh gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phoiblí agus gnóthais iarnróid atá faoi úinéireacht phríobháideach a bheith ag oibriú san am céanna i margadh iompair tráchtála d'iarnród, is gá a shonrú go sainráite cén fhaisnéis staidrimh ba cheart do ghnóthais iarnróid a sholáthar agus ba cheart do Eurostat a scaipeadh.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lena bhféadfar sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh agus atá le cur i bhfeidhm i ngach Ballstát faoi údarás na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí atá i gceannas ar staidreamh oifigiúil a tháirgeadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a sholáthraíonn an creat tagartha do na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(13)

Chun forbairtí nua sna Ballstáit a léiriú agus ag leanúint le bailiú comhchuibhithe sonraí i ndáil le hiompar d'iarnród ar fud an Aontais, ag an am céanna, agus d'fhonn ardcháilíocht na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit a chaomhnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú le hoiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe teicniúla agus le foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(14)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach riaracháin breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le sainiú na faisnéise atá le soláthar le haghaidh na dtuarascálacha ar cháilíocht agus inchomparáideacht na dtorthaí, agus maidir leis na socruithe i leith scaipeadh na dtorthaí sin ag an gCoimisiún (Eurostat). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(16)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é cuspóir an Rialacháin seo comhrialacha a leagan síos maidir le táirgeadh staidrimh ar leibhéal an Aontais maidir le hiompar d'iarnród.

Airteagal 2

Raon feidhme

Cumhdóidh an Rialachán seo na hiarnróid uile san Aontas. Tuairisceoidh gach Ballstát staidreamh maidir le hiompar d'iarnród ar a chríoch náisiúnta. I gcás ina n-oibreoidh gnóthas iarnróid i níos mó ná aon Bhallstát amháin, ceanglóidh na húdaráis náisiúnta lena mbaineann ar an ngnóthas sin sonraí a sholáthar ar leithligh le haghaidh gach tír ina n-oibríonn sé ionas gur féidir staidreamh náisiúnta a thiomsú.

Féadfaidh na Ballstáit iad seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

gnóthais iarnróid a oibríonn go hiomlán nó go príomha laistigh de shuiteálacha tionsclaíocha nó a macasamhail, lena n-áirítear cuanta;

(b)

gnóthais iarnróid ar sheirbhísí turasóireachta áitiúla is mó a sholáthraíonn siad, amhail iarnróid ghaile staire arna gcaomhnú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tír thuairiscithe” an Ballstát atá ag tarchur sonraí chuig Eurostat;

(2)

ciallaíonn “údaráis náisiúnta” institiúidí staidrimh náisiúnta agus comhlachtaí eile i ngach Ballstát atá freagrach as staidreamh Eorpach a tháirgeadh;

(3)

ciallaíonn “iarnród” líne chumarsáide atá comhdhéanta de ráille ar le haghaidh úsáid eisiach feithiclí iarnróid í;

(4)

ciallaíonn “feithicil iarnróid” trealamh soghluaiste a ritheann go heisiach ar ráillí, agus a bhogann faoina chumhacht féin (feithiclí tarraingthe) nó a dtarraingíonn feithicil eile é (cóistí, leantóirí cairr iarnróid, veaineanna agus vaigíní);

(5)

ciallaíonn “gnóthas iarnróid” aon ghnóthas poiblí nó príobháideach a sholáthraíonn seirbhísí le haghaidh iompar earraí agus/nó paisinéirí d'iarnród. Ní áirítear gnóthais arb é a ngnó iomlán é seirbhísí a sholáthar le haghaidh iompar paisinéirí de mheitreo, de thram agus/nó d'iarnród éadrom;

(6)

ciallaíonn “iompar earraí d'iarnród” aistriú earraí ag úsáid feithiclí iarnróid idir an t-ionad luchtaithe agus an t-ionad díluchtaithe;

(7)

ciallaíonn “iompar paisinéirí d'iarnród” aistriú paisinéirí ag úsáid feithiclí iarnróid idir an t-ionad bordála agus an t-ionad díbhordála. Ní áirítear iompar paisinéirí de mheitreo, de thram agus/nó d'iarnród éadrom;

(8)

ciallaíonn “meitreo” (ar a dtugtar freisin “traein faoi thalamh”, “mearchóras iarnróid cathrach” nó “iarnród faoi thalamh”) iarnród leictreach le haghaidh paisinéirí a iompar a bhfuil acmhainn ann do mhéid mór tráchta agus arb iad a chomharthaí sóirt cearta eisiacha slí, traenacha ilcharranna, ardluas agus luasghéarú mear, comharthú sofaisticiúil agus easpa crosairí comhréidhe ar mhaithe le hardmhinicíocht traenacha agus ardlód ardán. Comhartha sóirt eile de chuid an mheitreo is ea stáisiúin atá spásáilte go dlúth, is é sin de ghnáth achar 700 go 1 200 m idir na stáisiúin. Tagraíonn “ardluas” don chomparáid le tramanna agus iarnród éadrom, agus ciallaíonn sé sa chás seo thart ar 30 go 40 km/u feadh achar gearr, 40 go 70 km/u feadh achar fada;

(9)

ciallaíonn “tram” feithicil bhóthair do phaisinéirí atá ceaptha le go bhfuil áit suí inti do bhreis is naonúr (lena n-áirítear an tiománaí), atá ceangailte le seoltóirí leictreacha nó cumhachtaithe ag inneall díosail agus atá ráille-iompartha;

(10)

ciallaíonn “iarnród éadrom” iarnród le haghaidh paisinéirí a iompar a úsáideann go minic carranna ráille-iompartha atá cumhachtaithe le leictreachas agus a oibrítear ina n-aonar nó i dtraenacha gearra ar línte déráille dobhogtha. Is iondúil gur lú ná 1 200 m an t-achar idir na stáisiúin/stadanna. I gcomparáid leis an meitreo, is éadroime déanamh an iarnróid éadroim, is do mhéid tráchta níos lú a ceapadh é agus is lú an luas ag a n-imíonn sé de ghnáth. Is deacair uaireanta dealú beacht a dhéanamh idir an t-iarnród éadrom agus an tram; is iondúil nach mbíonn an tram ar leithligh ón trácht bóthair, ach féadann an t-iarnród éadrom a bheith ar leithligh ó chórais eile;

(11)

ciallaíonn “iompar náisiúnta” iompar d'iarnród idir dhá áit (an t-ionad luchtaithe/bordála agus an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) atá suite sa tír thuairiscithe. Féadtar idirthuras tríd an dara tír a bheith ina chuid de;

(12)

ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta” iompar d'iarnród idir áit (an t-ionad luchtaithe/bordála nó an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) sa tír thuairiscithe agus áit (an t-ionad luchtaithe/bordála nó an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) i dtír eile;

(13)

ciallaíonn “idirthuras” iompar d'iarnród tríd an tír thuairiscithe idir dhá áit (an t-ionad luchtaithe/bordála agus an t-ionad díluchtaithe/díbhordála) lasmuigh den tír thuairiscithe. Ní mheastar gur idirthuras atá in oibríochtaí iompair ina ndéantar earraí/paisinéirí a luchtú/bhordáil nó a dhíluchtú/dhíbhordáil ag teorainn na tíre tuairiscithe ar/ó mhodh eile iompair;

(14)

ciallaíonn “paisinéir iarnróid” aon duine, diomaite de bhaill d'fhoireann na traenach, a dhéanfaidh turas d'iarnród. I gcás staidreamh tionóisce, áirítear paisinéirí atá ag iarraidh bordáil/díbhordáil ar/ó thraein atá faoi shiúl;

(15)

ciallaíonn “líon na bpaisinéirí'”líon na dturas a dhéanann paisinéirí iarnróid, áit a sainítear gach turas mar an aistear ón ionad bordála go dtí an t-ionad díbhordála, bíodh aistriú ó fheithicil iarnróid amháin go ceann eile i gceist nó ná bíodh. I gcás ina n-úsáidfidh paisinéirí seirbhísí níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, ní chomhairfear iad breis is uair amháin, más féidir;

(16)

ciallaíonn “paisinéir km” an t-aonad tomhais a sheasann d'iompar aon phaisinéir amháin d'iarnród feadh aon chiliméadair. Ní chuirfear san áireamh ach an t-achar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe;

(17)

ciallaíonn “meáchan” méid na n-earraí i dtonaí (1 000 cileagram). Cuimsítear leis an meáchan nach mór a chur san áireamh, sa bhreis ar mheáchan na n-earraí arna n-iompar, meáchan na pacáistíochta agus meáchan glan na gcoimeádán, na gcabhlacha soghluaiste, na bpailléad agus na bhfeithiclí bóthair arna n-iompar d'iarnród le linn comhoibríochtaí iompair. I gcás ina n-iomprófar na hearraí ag úsáid seirbhísí níos mó ná gnóthas iarnróid amháin, ní chomhairfear meáchan na n-earraí breis is uair amháin, más féidir;

(18)

ciallaíonn “tona-km” an t-aonad tomhais d'iompar earraí a sheasann d'iompar aon tona (1 000 cileagram) amháin d'earraí d'iarnród feadh aon chiliméadair. Ní chuirfear san áireamh ach an t-achar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe;

(19)

ciallaíonn “traein” feithicil iarnróid amháin nó níos mó arna tarraingt ag inneall féinghluaiste amháin nó níos mó nó carr iarnróid amháin nó níos mó, nó carr iarnróid amháin ag imeacht ina aonar, ag rith faoi uimhir áirithe nó faoi ainmniú sonrach ó phointe tosaigh seasta go críochphointe seasta. Ní mheastar gur traein inneall éadrom, is é sin le rá inneall féinghluaiste atá ag imeacht ina aonar;

(20)

ciallaíonn “traein-km” an t-aonad tomhais a sheasann do ghluaiseacht traenach feadh 1 chileaméadair. Is é an t-achar iarbhír a chuathas a úsáidfear, má tá sin le fáil, seachas sin is é an t-achar caighdeánach gréasáin idir an túsphointe agus an ceann scríbe a úsáidfear. Ní chuirfear san áireamh ach an t-achar laistigh de chríoch náisiúnta na tíre tuairiscithe;

(21)

ciallaíonn “aonualach traenach” aon choinsíneacht ina bhfuil lán vaigín amháin nó níos mó arna hiompar ag aon am amháin ag aon seoltóir amháin ó aon stáisiún amháin agus arna cur ar aghaidh, gan comhdhéanamh na traenach a athrú, chuig seoladh aon choinsíní amháin ag aon stáisiún ceann scríbe amháin;

(22)

ciallaíonn “lán vaigín iomlán”aon choinsíneacht earraí a dteastaíonn úsáid eisiach an vaigín uaithi, bíodh an acmhainn luchtaithe iomlán á húsáid nó ná bíodh;

(23)

ciallaíonn “TEU (Twenty-foot Equivalent Unit — Aonad Coibhéise Fiche Troigh)” aonad caighdeánach atá bunaithe ar choimeádán ISO atá 20 troigh ar fad (6,10 m), a úsáidtear mar thomhas staidrimh ar shreafaí nó ar thoilleadh tráchta. Is ionann aon choimeádán 40 troigh amháin de chaighdeán ISO Sraith 1 agus 2 TEU. Maidir le cabhlacha soghluaiste, faoi 20 troigh comhfhreagraíonn siad do 0,75 TEU, idir 20 troigh agus 40 troigh comhfhreagraíonn siad do 1,5 TEU agus os cionn 40 troigh do 2,25 TEU.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10, lena leasaítear an tAirteagal seo, chun na sainmhínithe teicniúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10), (21), (22) agus (23) de mhír 1 den Airteagal seo a oiriúnú agus chun foráil a dhéanamh do shainmhínithe teicniúla breise, nuair is gá d'fhonn forbairtí nua a chur san áireamh a éilíonn go ndéanfar leibhéal áirithe sonraí teicniúla a shainiú chun comhchuibheas staidrimh a áirithiú.

Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 4

Bailiú sonraí

1.   Leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo an staidreamh atá le bailiú. Cumhdófar sonraí de na cineálacha seo a leanas:

(a)

staidreamh bliantúil maidir le hiompar earraí — tuairisciú mionsonraithe (Iarscríbhinn I);

(b)

staidreamh bliantúil maidir le hiompar paisinéirí — tuairisciú mionsonraithe (Iarscríbhinn II);

(c)

staidreamh ráithiúil maidir le hiompar earraí agus paisinéirí (Iarscríbhinn III);

(d)

staidreamh réigiúnach maidir le hiompar earraí agus paisinéirí (Iarscríbhinn IV);

(e)

staidreamh maidir le sreafaí tráchta ar an ngréasán iarnróid (Iarscríbhinn V).

2.   Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú faoi Iarscríbhinn I agus faoi Iarscríbhinn II ar shonraí maidir le gnóthais a bhfuil na nithe seo a leanas acu:

(a)

méid iomlán 200 000 000 tona-km ar a laghad nó 500 000 tona ar a laghad d'iompar earraí;

(b)

méid iomlán 100 000 000 paisinéir-km ar a laghad d'iompar paisinéirí.

Maidir le tuairisciú faoi Iarscríbhinn I agus faoi Iarscríbhinn II, beidh sin roghnach i ndáil le gnóthais a thagann faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

3.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí iomlána maidir le gnóthais a thagann faoi na tairseacha dá dtagraítear i mír 2 a thuairisciú faoi Iarscríbhinn VIII mura ndéantar tuairisciú ar na sonraí sin de réir Iarscríbhinn I nó de réir Iarscríbhinn II, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VIII.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, aicmeofar earraí i gcomhréir le hIarscríbhinn VI. Sa bhreis air sin, aicmeofar earraí contúirteacha i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

Airteagal 5

Foinsí sonraí

1.   Ainmneoidh na Ballstáit eagraíocht phoiblí nó phríobháideach le páirt a ghlacadh sa bhailiú sonraí a cheanglaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Féadfar na sonraí is gá a fháil ag úsáid aon mheascán de na foinsí seo a leanas:

(a)

suirbhéanna éigeantacha;

(b)

sonraí riaracháin, lena n-áirítear sonraí arna mbailiú ag údaráis rialála, go háirithe an bille iompair lasta iarnróid má tá ceann ar fáil;

(c)

nósanna imeachta meastacháin staidrimh;

(d)

sonraí arna soláthar ag eagraíochtaí gairmiúla sa tionscal iarnróid;

(e)

staidéir ad hoc.

3.   Déanfaidh na húdaráis náisiúnta bearta chun na foinsí sonraí a úsáidtear a chomhordú agus chun cáilíocht an staidrimh arna tharchur chuig Eurostat a áirithiú.

Airteagal 6

Staidreamh a tharchur chuig Eurostat

1.   Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 4 a tharchur chuig Eurostat.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le tarchur an staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcáin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 7

Scaipeadh

1.   Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh a bhunófar ar shonraí atá sonraithe in Iarscríbhinní I go V agus Iarscríbhinn VIII.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le scaipeadh na dtorthaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 8

Cáilíocht an staidrimh

1.   Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit cáilíocht an staidrimh a chaomhnú i réimse an iompair d'iarnróid, déanfaidh Eurostat moltaí modheolaíocha a fhorbairt agus a fhoilsiú. Cuirfear san áireamh sna moltaí sin dea-chleachtais na n-údarás náisiúnta, na ngnóthas iarnróid agus na n-eagraíochtaí gairmiúla sa tionscal iarnróid.

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na sonraí arna dtarchur a áirithiú.

3.   Déanfaidh Eurostat meastóireacht ar cháilíocht na sonraí staidrimh. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit faisnéis faoi na modhanna arna n-úsáid chun an staidreamh a tháirgeadh, arna iarraidh sin do Eurostat.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 na critéir cháilíochta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe, an struchtúr agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchompráideachta i gcomhair na dtuarascálacha cáilíochta caighdeánacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 9

Tuarascálacha ar chur chun feidhme

Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.

Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a bhaineann le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid agus faisnéis maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí.

Go háirithe, sa tuarascáil sin déanfar an méid a leanas:

(a)

measúnú ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais na gcostas a ghabhann leis an staidreamh sin;

(b)

measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid agus ar cháilíocht an staidrimh arna tháirgeadh.

Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 13 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn X.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Tuairim an 6 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an14 Márta 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (IO L 14, 21.1.2003, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn IX.

(5)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(6)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE

Liosta athróg agus aonad tomhais

Earraí arna n-iompar de réir:

tona

tona-km

Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir:

traein-km

Líon na n-aonad iompair idirmhódúil arna n-iompar de réir:

líon

TEU (aonad coibhéise fiche troigh) (i gcás coimeádán agus cabhlacha soghluaiste)

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla

Tábla I1: earraí arna n-iompar, de réir an chineáil iompair

Tábla I2: earraí arna n-iompar, de réir an chineáil earra (Iarscríbhinn VI)

Tábla I3: earraí arna n-iompar (i gcás trácht idirnáisiúnta agus idirthurais) de réir tír luchtaithe agus tír dhíluchtaithe

Tábla I4: earraí arna n-iompar, de réir catagóir d'earraí contúirteacha (Iarscríbhinn VII)

Tábla I5: earraí arna n-iompar, de réir an chineáil coinsíneachta (roghnach)

Tábla I6: earraí arna n-iompar in aonaid iompair idirmhódúla, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair

Tábla I7: líon na n-aonad iompair idirmhódúil luchtaithe arna n-iompar, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair

Tábla I8: líon na n-aonad iompair idirmhódúil folamh arna n-iompar, de réir an chineáil iompair agus an chineáil aonaid iompair

Tábla I9: gluaiseachtaí traenacha earraí

An spriocdháta do tharchur sonraí

Cúig mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha le haghaidh tháblaí I1, I2 agus I3

2003

An chéad tréimhse thagartha le haghaidh tháblaí I4, I5, I6, I7, I8 agus I9

2004

Nótaí

1.

Miondealaítear an cineál iompair mar a leanas:

náisiúnta

idirnáisiúnta isteach

idirnáisiúnta amach

idirthuras

2.

Féadtar an cineál coinsíneachta a mhiondealú mar a leanas:

aonualaí traenach

láin vaigín iomlána

eile

3.

Miondealaítear an cineál aonaid iompair mar a leanas:

coimeádáin agus cabhlacha soghluaiste

leathleantóirí (neamhthionlactha)

feithiclí bóthair (tionlactha)

4.

I gcás Thábla I3, féadfaidh Eurostat agus na Ballstáit socruithe a dhéanamh le comhdhlúthú a éascú maidir le sonraí a thagann ó ghnóthais i mBallstáit eile, chun comhsheasmhacht na sonraí sin a áirithiú.

5.

I gcás Thábla I4, léireoidh na Ballstáit cé na catagóirí tráchta, má tá ceann ar bith, nach gcumhdaíonn na sonraí.

6.

I gcás Thábla I2 go Tábla I8, mura bhfuil fáil ar fhaisnéis iomlán maidir le hiompar idirthurais, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí uile atá ar fáil.


IARSCRÍBHINN II

STAIDREAMH BLIANTÚIL MAIDIR LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ — TUAIRISCIÚ MIONSONRAITHE

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar paisinéirí de réir:

líon na bpaisinéirí

paisinéir-km

Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir:

traein-km

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

Liosta táblaí agus an briseadh síos do gach tábla

Tábla II1: paisinéirí arna n-iompar, de réir an chineáil iompair

Tábla II2: paisinéirí idirnáisiúnta arna n-iompar, de réir tíre bordála agus de réir tíre díbhordála

Tábla II3: gluaiseachtaí traenacha paisinéirí

An spriocdháta do tharchur sonraí

Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

An chéad tréimhse thagartha

2016

Nótaí

1.

Briseadh síos ar an gcineál iompair mar a leanas:

náisiúnta

idirnáisiúnta

2.

Do Tháblaí II1 agus II2, tuairisceoidh na Ballstáit sonraí lena n-áirítear faisnéis ó dhíolacháin ticéad lasmuigh den tír thuairiscithe. Féadfar an fhaisnéis sin a fháil go díreach ó údaráis náisiúnta na dtíortha eile nó trí shocruithe idirnáisiúnta maidir le praghas na dticéad a chúiteamh.


IARSCRÍBHINN III

STAIDREAMH RÁITHIÚIL MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ

Liosta athróg agus aonad tomhais

Earraí arna n-iompar de réir:

tona

tona-km

Iompar paisinéirí de réir:

líon na bpaisinéirí

paisinéir-km

Tréimhse thagartha

Ráithe amháin

Minicíocht

Gach ráithe

Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla

Tábla III1: earraí arna n-iompar

Tábla III2: paisinéirí arna n-iompar

An spriocdháta do tharchur sonraí

Trí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

An chéad ráithe de 2004

Nótaí

1.

Féadfar Tábla III1 agus Tábla III2 a thuairisciú ar bhonn sonraí sealadacha, lena n-áirítear meastacháin. I gcás Thábla III2, féadfaidh na Ballstáit sonraí a thuairisciú bunaithe ar dhíolacháin ticéad sa tír thuairiscithe nó ar aon fhoinse eile a bhfuil fáil uirthi.

2.

Soláthrófar an staidreamh sin i gcás na ngnóthas a chumhdaíonn Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.


IARSCRÍBHINN IV

STAIDREAMH RÉIGIÚNACH MAIDIR LE hIOMPAR EARRAÍ AGUS PAISINÉIRÍ

Liosta athróg agus aonad tomhais

Earraí arna n-iompar de réir:

tona

Iompar paisinéirí de réir:

líon na bpaisinéirí

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach 5 bliana

Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla

Tábla IV1: iompar earraí náisiúnta de réir an réigiúin luchtaithe agus an réigiúin díluchtaithe (NUTS 2)

Tábla IV2: iompar earraí idirnáisiúnta de réir an réigiúin luchtaithe agus an réigiúin díluchtaithe (NUTS 2)

Tábla IV3: iompar paisinéirí náisiúnta de réir an réigiúin bordála agus an réigiúin díbhordála (NUTS 2)

Tábla IV4: iompar paisinéirí idirnáisiúnta de réir an réigiúin bordála agus an réigiúin díbhordála (NUTS 2)

An spriocdháta do tharchur sonraí

12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

2005

Nótaí

1.

I gcás ina mbeidh an t-ionad luchtaithe nó díluchtaithe (Táblaí IV1, IV2) nó an t-ionad bordála nó díbhordála (Táblaí IV3, IV4) lasmuigh den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach, ní thuairisceoidh na Ballstáit ach an tír.

2.

Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit le hullmhú na dtáblaí sin, tabharfaidh Eurostat liosta do na Ballstáit de chóid stáisiúin UIC agus de chóid NUTS a chomhfhreagraíonn dóibh.

3.

I gcás Thábla IV3 agus Thábla IV4, féadfaidh na Ballstáit sonraí a thuairisciú bunaithe ar dhíolacháin ticéad nó ar aon fhoinse eile a bhfuil fáil uirthi.

4.

Soláthrófar an staidreamh sin i gcás na ngnóthas a chumhdaíonn Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.


IARSCRÍBHINN V

STAIDREAMH MAIDIR LE SREAFAÍ TRÁCHTA AR AN nGRÉASÁN IARNRÓID

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar earraí:

líon na dtraenacha

Iompar paisinéirí:

líon na dtraenacha

Eile (traenacha seirbhísí, etc.) (roghnach):

líon na dtraenacha

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach 5 bliana

Liosta táblaí agus an miondealú do gach tábla

Tábla V1: iompar earraí, de réir deighleog ghréasáin

Tábla V2: iompar paisinéirí, de réir deighleog ghréasáin

Tábla V3: eile (traenacha seirbhísí, etc.), de réir deighleog ghréasáin (roghnach)

An spriocdháta do tharchur sonraí

18 mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

2005

Nótaí

1.

Saineoidh na Ballstáit tacar de dheighleoga gréasáin lena gcuimseofar ar a laghad ghréasán tras-Eorpach (GTE) an iarnróid ar a gcríoch náisiúnta. Cuirfidh siad ar aghaidh chuig Eurostat:

na comhordanáidí geografacha agus na sonraí eile is gá chun gach deighleog ghréasáin, chomh maith leis na naisc idir na deighleoga, a shainaithint agus a léarscáiliú,

faisnéis faoi shaintréithe (lena n-áirítear toilleadh) na dtraenacha a úsáideann gach deighleog ghréasáin.

2.

Déanfar gach deighleog ghréasáin, ar cuid den GTE iarnróid í, a shainaithint trí bhíthin airí breise sa taifead sonraí, ionas gur féidir an trácht ar GTE an iarnróid a chainníochtú.


IARSCRÍBHINN VI

NST 2007

Rannán

Tuairisc

01

Táirgí talmhaíochta, fiaigh agus foraoiseachta; iasc agus táirgí eile iascaireachta

02

Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha

03

Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam

04

Táirgí bia, deochanna agus tobac

05

Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair

06

Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); earraí tuí agus ábhar fite; laíon, páipéar agus táirgí páipéir; ábhar clóite agus meáin thaifeadta

07

Táirgí cóic agus peitriliam scagtha

08

Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga; táirgí rubair agus plaisteacha; breosla núicléach

09

Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile

10

Miotail bhunúsacha; táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh

11

Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, mionchruinnis agus optúla; uaireadóirí agus cloig

12

Trealamh iompair

13

Troscán; earraí monaraithe eile gan aicmiú in áit ar bith eile

14

Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile

15

Post, bearta

16

Trealamh agus ábhar a úsáidtear chun earraí a iompar

17

Earraí a bhogtar le linn aistriú tí nó oifige; bagáiste a iompraítear ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí a aistrítear lena ndeisiú; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile

18

Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí a iompraítear le chéile

19

Earraí do-aitheanta: earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 1–16

20

Earraí eile gan aicmiú in áit ar bith eile


IARSCRÍBHINN VII

AICMIÚ EARRAÍ CONTÚIRTEACHA

1.

Pléascáin

2.

Gáis atá comhbhrúite, leachtaithe nó tuaslagtha faoi bhrú

3.

Leachtanna inadhainte

4.1.

Solaid inadhainte

4.2.

Substaintí so-uathdhóite

4.3.

Substaintí a astaíonn gáis inadhainte nuair a thagann siad i dteagmháil le huisce

5.1.

Substaintí ocsaídeacha

5.2.

Sárocsaídí orgánacha

6.1.

Substaintí tocsaineacha

6.2.

Substaintí ionfhabhtaíocha

7.

Ábhar radaighníomhach

8.

Substaintí creimneacha

9.

Substaintí contúirteacha ilghnéitheacha

Nóta:

Is éard atá sna catagóirí seo na catagóirí a shainítear sna rialacháin maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha d'iarnród, ar a dtugtar RID de ghnáth, arna nglacadh faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).


(1)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).


IARSCRÍBHINN VIII

Tábla VIII.1

LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR EARRAÍ

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar earraí de réir:

iomlán tonaí

iomlán tonaí-km

Gluaiseachtaí traenacha earraí de réir:

iomlán km-traenach

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

An spriocdháta do tharchur sonraí

Cúig mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

2017

Nótaí

Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair lasta faoi bhun 200 milliún tona-km agus faoi bhun 500 000 tona acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn I (tuairisciú mionsonraithe)


Tábla VIII.2

LEIBHÉAL GNÍOMHAÍOCHTA IOMPAIR I dTACA LE hIOMPAR PAISINÉIRÍ

Liosta athróg agus aonad tomhais

Iompar paisinéirí de réir:

líon iomlán paisinéirí

iomlán paisinéirí-km

Gluaiseachtaí traenacha paisinéirí de réir:

iomlán km-traenach

Tréimhse thagartha

Bliain amháin

Minicíocht

Gach bliain

An spriocdháta do tharchur sonraí

Ocht mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha

An chéad tréimhse thagartha

2017

Nótaí

Do na gnóthais sin amháin a bhfuil méid iomlán iompair paisinéirí faoi bhun 100 milliún paisinéir-km acu agus nach ndéanann tuairisciú faoi Iarscríbhinn II (tuairisciú mionsonraithe).


IARSCRÍBHINN IX

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 14, 21.1.2003, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1192/2003 ón gCoimisiún

(IO L 167, 4.7.2003, lch. 13)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún

(IO L 290, 8.11.2007, lch. 14)

Airteagal 3 amháin

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 87, 31.3.2009, lch. 109)

Pointe 4.4 den Iarscríbhinn amháin

Rialachán (AE) Uimh. 2016/2032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 317, 23.11.2016, lch. 105)

 


IARSCRÍBHINN X

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh 91/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal (1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 4(1)(b)

Airteagal 4(1)(e)

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 4(1)(f)

Airteagal 4(1)(d)

Airteagal 4(1)(g)

Airteagal 4(1)(e)

Airteagal 4(2), (3) agus (4)

Airteagal 4(2), (3) agus (4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7

Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1a)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn C

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn E

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn F

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn G

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn J

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn K

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn L

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X


2.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

19


RIALACHÁN (AE) 2018/644 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Na taraifí is infheidhme maidir le beartáin trasteorann agus míreanna eile poist do sheoltóirí ísealtoirte, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus daoine aonair, tá siad fós réasúnta ard. Tá tionchar diúltach díreach aige sin ar úsáideoirí a bhíonn ag lorg seirbhísí seachadta beartán trasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na ríomhthráchtála.

(2)

Le hAirteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagtar béim ar an ionad atá ag seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, amhail na seirbhísí poist, i measc luachanna comhpháirteacha an Aontais, maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh. Luaitear ann go bhfuil cúram le glacadh le go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabail agus coinníollacha a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall.

(3)

Ina theannta sin, le Prótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tugtar chun suntais go n-áirítear ar na comhluachanna maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, de réir bhrí Airteagal 14 CFAE, na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n-úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla mar aon le leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d'Airteagal 169(2) CFAE go bhfuil an tAontas chun rannchuidiú le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir a bhaint amach trí na bearta a ghlactar de bhun Airteagal 114.

(5)

Tá difríochtaí bunúsacha ann idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hinniúlachtaí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta i ndáil le faireachán margaidh agus maoirseacht rialála a dhéantar ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán. Mar shampla, tá údaráis áirithe in ann a cheangal go rathúil ar sholáthraithe faisnéis ábhartha faoi na praghsanna a sholáthar. Dearbhaíodh go bhfuil difríochtaí den sórt sin ann i dtuairim chomhpháirteach ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach agus Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist, inar thángthas ar an tuairim gur ghá na cumhachtaí iomchuí rialála a bheith ag na húdaráis rialála náisiúnta chun idirghabháil a dhéanamh agus go ndealraíonn sé nach ann do chumhachtaí den sórt sin sna Ballstáit uile. Is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí sin go mbíonn ualaí breise riaracháin agus costais bhreise chomhlíonta i gceist do sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán a oibríonn thar theorainneacha. Dá bhrí sin, is bacainn iad na difríochtaí sin ar sholáthar seirbhísí seachadta beartán trasteorann agus dá bharr sin tá éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(6)

De thairbhe nádúr idirnáisiúnta earnáil an phoist agus an tseachadta beartán, tá sé tábhachtach go ndéanfar forbairt bhreise ar chaighdeáin theicniúla Eorpacha agus idirnáisiúnta chun tairbhe a dhéanamh do na húsáideoirí agus don chomhshaol, agus chun deiseanna margaidh a leathnú do ghnóthaí. Thairis sin, is minic a thuairiscíonn úsáideoirí saincheisteanna maidir le cáilíocht seirbhíse le linn dóibh beartáin trasteorann a sheoladh, a fháil nó a thabhairt ar ais. Dá bhrí sin, tá gá freisin le feabhsuithe breise ar chaighdeáin na cáilíochta seirbhíse agus ar idir-inoibritheacht seirbhísí seachadta beartán trasteorann. Ba cheart tosaíocht bhreise a thabhairt don dá rud i gcomhréir le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tríd an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar bhealaí eile. Tá gá freisin le níos mó dul chun cinn ar sheirbhísí a dhéanamh níos éifeachtúla, ar rud é ar cheart dó leasanna na n-úsáideoirí a chur san áireamh go háirithe.

(7)

Is tosaíocht straitéiseach den Aontas é seirbhísí poist a chaighdeánú agus feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse, mar thacú le Treoir 97/67/CE, agus ba cheart an méid sin a shaothrú tuilleadh. Tá caighdeánú teicniúil fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht a chur chun cinn idir líonraí náisiúnta agus le go mbeadh seirbhís éifeachtach uilechoiteann ann. I Lúnasa 2016, chuir an Coimisiún an ceathrú hiarraidh caighdeánaithe faoi bhráid CEN agus é mar aidhm aige clár oibre a bhunú agus tuarascáil chríochnaitheach a sholáthar i Lúnasa 2020 (4). Ba cheart a chur san áireamh sa chlár oibre sin, go háirithe, leasanna na n-úsáideoirí agus breithnithe maidir leis an gcomhshaol, chomh maith le héifeachtúlacht, agus ba cheart dó rannchuidiú le cruthú Margaidh Aonair Dhigitigh don Aontas a chur chun cinn.

(8)

Tá an margadh le haghaidh seirbhísí seachadta beartán trasteorann ilghnéitheach, casta agus iomaíoch, agus soláthraithe éagsúla ag tairscint seirbhísí éagsúla agus praghsanna éagsúla ag brath ar mheáchan, ar mhéid agus ar fhormáid na mbeartán a sheoltar, agus ag brath ar cheann scríbe na mbeartán, ar aon ghnéithe breisluacha, amhail córais inrianaitheachta, agus ar líon na mbeartán a sheoltar. I roinnt Ballstát, níl sciar tromlach den mhargadh seirbhíse seachadta beartán ag soláthraithe seirbhíse uilechoitinne. De bharr na hilghnéitheachta sin, is deacair do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí seirbhísí seachadta beartán a thairgeann na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid le chéile, ó thaobh cáilíochta de agus ó thaobh praghais de, toisc gur minic nach mbíonn siad ar an eolas gur ann do roghanna éagsúla seachadta beartán do sheirbhísí comhchosúla i dtrádáil trasteorann ar líne. Ba cheart é a dhéanamh níos éasca, go háirithe, do FBManna agus do dhaoine aonair rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha. Ina theannta sin, tá ábhair imní faoi sheachadadh sainaitheanta ag trádálaithe beaga agus meánmhéide mar bhac le linn dóibh a bheith ag díol trasteorann.

(9)

Chun feabhas a chur ar na seirbhísí seachadta beartán trasteorann, go háirithe do dhaoine aonair agus do mhicreaghnóthaí agus do mhionghnóthaí, lena n-áirítear na cinn sin atá i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, agus do dhaoine aonair faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, is gá feabhas a chur ar an rochtain atá ar liostaí poiblí na dtaraifí, agus ar thrédhearcacht na liostaí sin, le haghaidh líon teoranta de sheirbhísí seachadta beartán trasteorann. Trí phraghsanna trasteorann a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos inchomparáide ar fud an Aontais, ba cheart don mhéid sin laghdú na ndifríochtaí míréasúnta idir na taraifí a spreagadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, éagsúlachtaí nach bhfuil údar leo idir taraifí intíre agus taraifí trasteorann.

(10)

Is cuid den tseirbhís uilechoiteann seirbhísí beartán píosa aonair i ngach Ballstát agus is iad sin freisin na seirbhísí sin is minice a úsáideann daoine aonair agus gnóthaí beaga. Is gá trédhearcacht agus inacmhainneacht taraifí píosa aonair a fheabhsú chun an ríomhthráchtáil a fhorbairt tuilleadh.

(11)

Measann a lán cuideachtaí a dhíolann ar líne, a dhíoladh ar líne nó a rinne iarracht díol ar líne gur fadhb iad ardchostais seachadta mar aon le próisis dhaora maidir le gearáin agus ráthaíochtaí. Tá gá le gníomhaíocht bhreise go háirithe chun a áirithiú go ndéanfaidh FBManna agus daoine aonair in áiteanna iargúlta tairbhe iomlán a bhaint as seirbhísí seachadta beartán trasteorann rianúla a bhfuil rochtain acu orthu agus a áirithiú go bhfuil praghas réasúnach ar na seirbhísí sin.

(12)

Tagraíonn an téarma “soláthraithe seirbhíse uilechoitinne” d'oibreoirí poist a sholáthraíonn seirbhís poist uilechoiteann nó codanna di laistigh de Bhallstát ar leith. Soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a fheidhmíonn i níos mó ná Ballstát amháin, níor cheart iad a aicmiú mar sholáthraithe seirbhíse uilechoitinne ach amháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina soláthraíonn siad an tseirbhís poist uilechoiteann.

(13)

Faoi láthair, is le Treoir 97/67/CE atá na seirbhísí poist á rialáil. Leis an Treoir sin, bunaítear rialacha comhchoiteanna lena rialáiltear soláthar na seirbhísí poist agus an tseirbhís poist uilechoiteann laistigh den Aontas. Tá an Treoir sin dírithe go príomha ar sheirbhísí uilechoiteanna náisiúnta, ach ní go heisiach é, agus ní thugtar aghaidh inti ar mhaoirseacht rialála ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán. Áirithíonn na húdaráis rialála náisiúnta, arna n-ainmniú ag na Ballstáit, go bhfuil na híosriachtanais seirbhíse uilechoitinne a leagtar síos sa Treoir sin á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, comhlánaítear leis an Rialachán seo na rialacha a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, a mhéid a bhaineann le seirbhísí seachadta beartán trasteorann. Ní dochar an Rialachán seo do na cearta agus do na ráthaíochtaí a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, lena n-áirítear go háirithe go leanfar de sheirbhís poist uilechoitinn a sholáthar d'úsáideoirí.

(14)

Leis an Rialachán seo, ní athraítear an sainmhíniú ar mhír phoist atá i bpointe 6 d'Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE ná ar shainmhínithe náisiúnta atá bunaithe air sin.

(15)

Maidir le tuairim is 80 % de na beartáin, ar a bhfuil seoladh, agus a ghintear leis an ríomhthráchtáil sa lá atá inniu ann, bíonn níos lú ná dhá chileagram meacháin iontu agus is minic gur i sruth an litirphoist a dhéantar iad a phróiseáil. Tá easpa faisnéise ann maidir le meáchan na mbeartán a sheachadtar trí mheáin eile. Tá sé tábhachtach go mbeidh na míreanna níos éadroime sin faoi réir an Rialacháin seo.

(16)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, tá sé tábhachtach sainmhínithe soiléire a sholáthar ar bheartáin, ar sheirbhísí seachadta beartán agus ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán agus cé acu míreanna poist a chumhdófaí leis na sainmhínithe sin a shonrú. Glactar leis gur earraí, cibé acu a láimhseálann nó nach láimhseálann an soláthraí seirbhíse uilechoitinne iad, seachas míreanna comhfhreagrais, atá i míreanna poist atá níos tibhe ná 20 mm. Míreanna poist nach bhfuil iontu ach comhfhreagras, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme na seirbhísí seachadta beartán. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhréir le cleachtas comhsheasmhach, beartáin ina bhfuil earraí le luach tráchtála nó dá uireasa, ar beartáin iad a mbíonn meáchan suas go dtí 31,5 kg acu, ós rud é nach féidir an gnáthdhuine aonair míreanna níos troime ná sin a láimhseáil gan cúnamh meicniúil agus go mbaineann an ghníomhaíocht sin le hearnáil an iompair lasta agus na lóistíochta.

(17)

Soláthraithe seirbhíse seachadta beartán a úsáideann samhlacha malartacha gnó, mar shampla na samhlacha sin a tharraingíonn as an ngeilleagar comhoibríoch agus ardáin ríomhthráchtála, ba cheart iad a bheith faoi réir an Rialacháin seo má sholáthraíonn siad ceann amháin de na céimeanna ar a laghad sa slabhra seachadta poist. Imréiteach, sórtáil agus dáileadh, lena n-áirítear seirbhísí bailithe, ba cheart iad a mheas mar sheirbhísí seachadta beartán, lena n-áirítear nuair a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse cúiréireachta agus soláthraithe mearsheirbhíse, chomh maith le comhdhlúiteoirí iad, i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Maidir le hiompar ina aonar, nach ndéantar i gcomhar le ceann de na céimeanna sin, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme na seirbhísí seachadta beartán, lena n-áirítear nuair a dhéanann fochonraitheoirí é, i gcomhthéacs samhlacha gnó malartacha nó gan é a dhéanamh amhlaidh, mar ba cheart a thoimhdiú sa chás sin gur cuid den earnáil iompair í an ghníomhaíocht sin, mura rud é go dtagann an gnóthas lena mbaineann, nó ceann dá fhochuideachtaí nó dá ghnóthais atá nasctha, ar bhealach eile faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(18)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin agus nach bhfuil acu ach líonraí inmheánacha seachadta intíre chun go gcomhlíonfaí orduithe earraí a dhíol siad iad féin faoi chonradh díolacháin de réir bhrí phointe 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Gnóthais a úsáideann líonraí inmheánacha seachadta intíre freisin chun earraí arna ndíol ag tríú páirtithe a sheachadadh, ba cheart dóibh a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

(19)

Ba cheart an fhaisnéis rúnda íosta ar cheart í a sheoladh chuig na húdaráis rialála náisiúnta agus na nósanna imeachta a leanann na húdaráis sin d'fhonn a áirithiú go mbeidh cineál tráchtála na n-oibreoirí náisiúnta á chomhlíonadh a shainiú, agus ba cheart bealaí slána a bhunú chun an fhaisnéis agus na nósanna imeachta sin a chur in iúl.

(20)

Tá sé riachtanach go mbeidh ag na húdaráis rialála náisiúnta eolas, agus faisnéis chun críocha staidrimh, maidir leis na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán atá gníomhach ar an margadh, ar bhonn na nósanna imeachta iomchuí um údarú nó na gceanglas dlíthiúil eile. De bharr gur earnáil dlúthshaothair í an earnáil agus chun go mbeadh teorainn leis an ualach riaracháin a bheadh ar sholáthraithe beaga seirbhísí seachadta beartán nach bhfuil gníomhach ach ar mhargadh náisiúnta nó ar mhargadh réigiúnach, ba cheart tairseach is lú ná 50 duine a chur i bhfeidhm, bunaithe ar mheánlíon na ndaoine a bhí ag obair don soláthraí seirbhíse le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí seachadta beartán sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe, ach amháin má tá an soláthraí sin bunaithe i níos mó ná aon Bhallstát amháin. Tá an tairseach sin i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (6), léiríonn sé nádúr dlúthshaothair na hearnála, agus gabhann sí formhór mhargadh na seirbhíse seachadta beartán, go háirithe i dtíortha ina bhfuil toirteanna beaga de shreabha beartán. Ba cheart a áireamh, go háirithe, sa tairseach sin daoine atá bainteach le soláthar seirbhísí seachadta beartán, amhail fostaithe lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadacha agus daoine féinfhostaithe atá ag obair don soláthraí seirbhíse seachadta beartán. Ba cheart miondealuithe lena léirítear líon na ndaoine de réir stádas fostaíochta a bheith i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann. I gcásanna áirithe, agus sainiúlachtaí an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh, ba cheart don údarás rialála náisiúnta a bheith in ann an tairseach a ísliú go 25 duine, nó a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse seachadta beartán trasteorann fostaithe lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadacha agus daoine féinfhostaithe atá ag obair dá bhfochonraitheoirí a áireamh sa tairseach, chun trédhearcacht na dtaraifí trasteorann agus trédhearcacht an mhargaidh ina iomláine a mhéadú.

(21)

Aon fhaisnéis a thíolactar don údarás rialála náisiúnta maidir le líon na ndaoine atá ag obair don soláthraí seirbhíse seachadta beartán, ba cheart í a bheith i gcomhréir le cleachtais sheanbhunaithe tuairiscithe cuideachta a bhaineann le faisnéis staidrimh. Tá sé sin tábhachtach chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú, agus an t-ualach riaracháin ar na soláthraithe á choimeád chomh híseal agus is féidir.

(22)

Cinnfear an áit a bhfuil an soláthraí bunaithe i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcás ina bhfuil roinnt áiteanna bunaithe ag soláthraí, tá sé tábhachtach go gcinnfí áit a bhunaithe arb í an áit í óna ndéantar an tseirbhís iarbhír lena mbaineann a sholáthar.

(23)

Agus faisnéis á tíolacadh don údarás rialála náisiúnta, ba cheart a áireamh i saintréithe na seirbhísí seachadta beartán na céimeanna sa slabhra seachadta poist (imréiteach, sórtáil, iompar agus dáileadh) a dhéanann an soláthraí sin, cibé acu atá an tseirbhís laistigh nó lasmuigh de raon feidhme na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne, cé raon feidhme críochach na seirbhíse (réigiúnach, intíre, trasteorann), agus cibé acu atá breisluach á chur ar fáil.

(24)

Ba cheart liosta na míreanna poist atá faoi réir bearta maidir le trédhearcacht praghsanna a theorannú chun inchomparáideacht a éascú agus chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann agus ar údaráis rialála náisiúnta a íoslaghdú. Ba cheart seirbhísí caighdeánacha agus seirbhísí cláraithe a áireamh, ós rud é gurb iadsan is bunús leis an oibleagáid seirbhíse uilechoitinne, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá an fheidhmiúlacht rianaithe agus lorgaireachta don ríomhthráchtáil, na praghsanna don rianú agus lorgaireacht agus do bheartáin chláraithe a áireamh freisin, bídís nó ná bídís mar chuid den oibleagáid seirbhíse uilechoitinne, chun inchomparáideacht a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart díriú ar ualaí níos éadroime, arb iadsan formhór na míreanna poist arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse seachadta beartán, agus ar na praghsanna do na míreanna poist atá níos tibhe ná 20 mm agus a dhéantar a phróiseáil mar litreacha. Níor cheart ach taraifí píosa aonair a áireamh ós iad sin na praghsanna a íocann na seoltóirí is lú. Ba cheart na míreanna poist lena mbaineann a leagan amach go soiléir in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní chuirtear d'oibleagáid, leis an Rialachán seo, ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann na míreanna poist ar fad atá liostaithe san Iarscríbhinn sin a thairiscint. Chun beachtas na faisnéise faoi thairifí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann í a sholáthar iad féin. Ba cheart don Choimisiún na taraifí sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe atá neodrach agus de chineál neamhthráchtála.

(25)

Nuair a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta measúnú go hoibiachtúil ar na taraifí trasteorann a mheasann siad ina leith go bhfuil sé riachtanach measúnú a dhéanamh orthu, ba cheart é a bheith mar bhonn acu eilimintí, amhail: na taraifí intíre agus aon taraifí ábhartha eile de chuid na seirbhísí inchomparáide seachadta beartán sa Bhallstát tionscnaimh agus sa Bhallstát cinn scríbe; aon chur i bhfeidhm ar tharaif aonfhoirmeach a bheith á dhéanamh maidir le dhá Bhallstát nó níos mó; toirteanna déthaobhacha, costais shonracha iompair nó láimhseála; costais ábhartha eile agus caighdeáin cáilíochta seirbhíse; agus, i gcás inar féidir é gan ualach neamhréireach, tionchar dóchúil na dtaraifí trasteorann is infheidhme ar úsáideoirí aonair agus ar úsáideoirí fiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear na húsáideoirí sin atá suite i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, agus ar úsáideoirí aonair faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Féadfar na heilimintí comhchoiteanna sin a chomhlánú le heilimintí eile ag a bhfuil ábharthacht ar leith chun míniú a thabhairt ar na taraifí i dtrácht, amhail i dtaobh an bhfuil taraifí faoi réir rialáil shonrach ar phraghsanna faoin reachtaíocht náisiúnta nó i dtaobh ar suíodh mí-úsáidí ceannasachta sa mhargadh i gcomhréir leis an dlí ábhartha is infheidhme. Sa bhreis air sin, chun an t-ualach riaracháin ar na húdaráis rialála náisiúnta agus ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán atá faoi réir na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne a laghdú, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is féidir le húdaráis rialála náisiúnta, agus sainaithint á dhéanamh acu ar cé acu taraifí trasteorann atá sé riachtanach measúnú a dhéanamh orthu, an sainaithint sin a bhunú ar shásra scagtha réamh-mheasúnaithe oibiachtúil.

(26)

D'fheadfadh taraifí aonfhoirmeacha i gcomhair seachadtaí trasteorann ar dhá Bhallstát nó níos mó a bheith tábhachtach ar mhaithe le comhtháthú réigiúnach agus sóisialta a chosaint. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar an ngá atá ann ríomhthráchtáil a chur chun cinn agus deiseanna nua a sholáthar do limistéir iargúlta nó do limistéir atá tearc i ndaonra páirt a ghlacadh sa trádáil ar líne, agus chun a ngeilleagair réigiúnacha a fheabhsú.

(27)

Aon difríochtaí suntasacha idir taraifí intíre agus taraifí trasteorann do sheirbhísí seachadta beartán, ba cheart údar cuí a bheith leo ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail costais shonracha iompair nó láimhseála nó costais ábhartha eile. D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach don údarás rialála náisiúnta fianaise a bhailiú chun críocha an mheasúnaithe. Ba cheart an fhianaise sin, mar aon le haon údar cuí leis na taraifí atá á measúnú, a sholáthar don údarás rialála náisiúnta arna iarraidh sin.

(28)

Chun trédhearcacht a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún leagan neamhrúnda den mheasúnú arna thíolacadh ag gach údarás rialála náisiúnta a fhoilsiú.

(29)

Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán, d'údaráis rialála náisiúnta agus don Choimisiún sonraí a aistriú go leictreonach, agus ba cheart dóibh, go háirithe, úsáid ríomhshínithe a cheadú, mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(30)

De bhrí go bhfuil na margaí i gcomhair seirbhísí seachadta beartán ag athrú go gasta, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo, agus forbairtí sa ríomhthráchtáil á gcur san áireamh, agus ba cheart dó tuarascáil rialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Ba cheart togra reachtach le haghaidh athbhreithniú a bheith ag gabháil, i gcás inarb iomchuí, leis an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ba cheart an tuarascáil a tháirgeadh le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir, lena n-áirítear an Coiste Eorpach um Idirphlé Sóisialta don earnáil phoist.

(31)

Ba cheart don Choimisiún tógáil ar an ionchur luachmhar ó Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na húdaráis rialála náisiúnta.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm a bhunú chun go ndéanfadh na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán an fhaisnéis sin a thíolacadh do na húdaráis rialála náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(33)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha, agus comhlíontar na prionsabail, a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

(34)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na prionsabail rialála agus na rialacha rialála atá riachtanach a bhunú chun feabhas a chur ar an bhformhaoirseacht rialála, chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na dtaraifí agus chun prionsabail áirithe a bhunú maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann lenar cheart tacú leis an iomaíocht, agus é mar sprioc dheiridh acu seirbhísí seachadta beartán trasteorann níos fearr a chothú d'úsáideoirí, agus, ar an dóigh sin, muinín na dtomhaltóirí i ríomhthráchtáil trasteorann a mhéadú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Leagtar síos sa Rialachán seo forálacha sonracha chun seirbhísí seachadta beartán trasteorann níos fearr a chothú, de bhreis ar na forálacha a leagtar síos i dTreoir 97/67/CE, maidir leis na méid seo a leanas:

(a)

an fhormhaoirseacht rialála a bhaineann le seirbhísí seachadta beartán;

(b)

trédhearcacht na dtaraifí, agus measúnú ar tharaifí do sheirbhísí seachadta beartán trasteorann áirithe chun na taraifí sin atá neamhréasúnach ard a shainaithint;

(c)

faisnéis a chuireann trádálaithe ar fáil do thomhaltóirí a bhaineann le seirbhísí seachadta beartán trasteorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE agus i bpointí 1, 2 agus 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “beartán” mír phoist ina bhfuil earraí le luach tráchtála acu nó ina éagmais, seachas mír chomhfhreagrais, a bhfuil meáchan aici nach mó ná 31,5 kg;

(2)

ciallaíonn “seirbhísí seachadta beartán” seirbhísí ina ndéantar beartáin a imréiteach, a shórtáil, a iompar agus a dháileadh;

(3)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse seachadta beartán” gnóthas a sholáthraíonn seirbhís seachadta beartán amháin nó níos mó, cé is moite de ghnóthais nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin, agus nach soláthraíonn ach seirbhísí seachadta beartán intíre mar chuid de chonradh díolacháin agus, mar chuid den chonradh, a sheachadann go pearsanta earraí is ábhar don chonradh ar an úsáideoir;

(4)

ciallaíonn “fochonraitheoir” gnóthas a dhéanann beartáin a imréiteach, a shórtáil, a iompar nó a dháileadh thar ceann an tsoláthraí seirbhíse seachadta beartán;

Airteagal 3

Leibhéal an chomhchuibhithe

Is ceanglais íosta iad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus ní chuirfidh siad cosc ar aon Bhallstát bearta breise riachtanacha agus comhréireacha a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach chun seirbhísí seachadta beartán trasteorann níos fearr a bhaint amach, ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais.

CAIBIDIL II

FORMHAOIRSEACHT RIALÁLA

Airteagal 4

Faisnéis a sholáthar

1.   Cuirfidh na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán uile an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, mura rud é gur iarr an t-údarás rialála náisiúnta sin í cheana agus go bhfuair sí cheana í:

(a)

a n-ainm, a stádas dlíthiúil agus a bhfoirm dhlíthiúil, a gcláruimhir i gclár trádála nó i gclár comhchosúil, a n-uimhir aitheantais CBL, seoladh a mbunaíochta agus sonraí teagmhála duine teagmhála;

(b)

saintréithe na seirbhísí seachadta beartán a thairgeann siad, agus, i gcás inar féidir é, tuairisc mhionsonraithe orthu;

(c)

a dtéarmaí agus a gcoinníollacha ginearálta le haghaidh seirbhísí seachadta beartán, lena n-áirítear mionsonraí na nósanna imeachta gearáin d'úsáideoirí agus aon teorainneacha féideartha dliteanais.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhíse seachadta beartán an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá.

3.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain féilire, cuirfidh na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán uile an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, mura rud é gur iarr an t-údarás rialála náisiúnta sin í cheana agus go bhfuair sí cheana í:

(a)

an láimhdeachas bliantúil i seirbhísí seachadta beartán don bhliain féilire roimhe sin sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, arna mhiondealú i seirbhísí seachadta beartán intíre, seirbhísí seachadta beartán trasteorann isteach agus seirbhísí seachadta beartán trasteorann amach;

(b)

líon na ndaoine a bhí ag obair dóibh le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí seachadta beartán sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, lena n-áirítear miondealuithe lena léirítear líon na ndaoine de réir stádas fostaíochta, agus go háirithe, líon na ndaoine atá ag obair go lánaimseartha agus go páirtaimseartha, líon na ndaoine is fostaithe sealadacha iad agus is daoine féinfhostaithe iad;

(c)

an líon beartán a láimhseáladh le linn na bliana féilire roimhe sin sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, arna mhiondealú de réir beartáin intíre, beartáin trasteorann isteach agus beartáin trasteorann amach;

(d)

ainmneacha a bhfochonraitheoirí, mar aon le haon fhaisnéis a bhí ar teachtadh acu a bhaineann le saintréithe na seirbhísí seachadta beartán arna soláthar ag na fochonraitheoirí sin;

(e)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aon liosta praghsanna inrochtana don phobal is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire maidir le seirbhísí seachadta beartán.

4.   Faoin 23 Meán Fómhair 2018, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear foirm chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a thíolacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12.

5.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais faisnéise a fhorchur de bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, ar choinníoll go bhfuil gá leo agus go bhfuil siad comhréireach.

6.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le haon soláthraí seirbhíse seachadta beartán a raibh níos lú ná 50 duine, ar an meán, ag obair dó le linn na bliana féilire roimhe sin, agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí seachadta beartán sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí sin bunaithe, mura rud é go bhfuil an soláthraí sin bunaithe i níos mó ná aon Bhallstát amháin. Féadfaidh údarás rialála naisiúnta daoine atá ag obair d'fhochonraitheoirí an tsoláthraí seirbhíse seachadta beartán a áireamh sa tairseach 50 duine.

7.   D'ainneoin mhír 6, féadfaidh údarás rialála náisiúnta a iarraidh go ndéanfadh aon soláthraí seirbhíse seachadta beartán a d'fhostaigh idir 25 duine agus 49 nduine ar an meán le linn na bliana féilire roimhe sin an fhaisnéis a thíolacadh faoi mhíreanna 1 go 5 i gcás ina n-éilítear amhlaidh le sonraíochtaí an Bhallstáit lena mbaineann agus ar choinníoll go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 5

Trédhearcacht taraifí trasteorann

1.   Maidir leis na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann uile seachas iad siúd a eisiatar le hAirteagal 4(6) agus (7), soláthróidh siad d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe liosta poiblí na dtaraifí is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire maidir le seachadadh míreanna poist píosa aonair, seachas míreanna comhfhreagrais, a thagann laistigh de na catagóirí a liostaítear san Iarscríbhinn. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar faoin 31 Eanáir gach bliain féilire.

2.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta liostaí poiblí na dtaraifí a bheidh faighte acu i gcomhréir le mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill agus faoin 28 Feabhra gach bliain féilire. Foilseoidh an Coimisiún iad ar shuíomh gréasáin tiomnaithe faoin 31 Márta gach bliain féilire, agus áiritheoidh sé gur suíomh gréasáin tiomnaithe atá neodrach agus nach de chineál tráchtála é an suíomh sin.

Airteagal 6

Measúnú ar bhearttharaifí píosa aonair trasteorann

1.   Ar bhonn liostaí poiblí na dtaraifí a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 5, sainaithneoidh an t-údarás rialála náisiúnta, do gach ceann de na míreanna poist píosa aonair a liostaítear san Iarscríbhinn, taraifí trasteorann an tsoláthraí seirbhíse seachadta beartán, ar soláthraí seirbhíse de thionscnamh a Bhallstáit é agus ar tairifí iad atá faoi réir oibleagáid seirbhíse uilechoitinn a measann an t-údarás rialála náisiúnta go hoibiachtúil gur gá measúnú a dhéanamh orthu.

2.   Déanfaidh an t-údarás rialála naisiúnta measúnú oibiachtúil, i gcomhréir leis na prionsabail atá in Airteagal 12 de Threoir 97/67/CE, ar na taraifí trasteorann a shainaithnítear faoi mhír 1 chun na taraifí trasteorann sin a mheasann sé atá neamhréasúnach ard a shainaithint. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta na heilimintí seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

taraifí intíre agus aon taraifí ábhartha eile de chuid na seirbhísí inchomparáide seachadta beartán sa Bhallstát tionscnaimh agus sa Bhallstát cinn scríbe;

(b)

aon taraif aonfhoirmeach a bheith á cur i bhfeidhm maidir le dhá Bhallstát nó níos mó;

(c)

toirteanna déthaobhacha, costais shonracha iompair nó láimhseála, costais ábhartha eile agus caighdeáin cáilíochta seirbhíse;

(d)

tionchar dóchúil na dtaraifí trasteorann infheidhme ar úsáideoirí aonair agus ar úsáideoirí fiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear na húsáideoirí sin atá suite i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, agus ar úsáideoirí aonair faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, i gcás inar féidir é gan ualach míréireach.

3.   I dteannta na n-eilimintí i mír 2, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, nuair a mheasann sé é a bheith riachtanach, na gnéithe seo a leanas, go háirithe, a chur san áireamh freisin:

(a)

i dtaobh an bhfuil taraifí faoi réir rialáil shonrach ar phraghsanna faoin reachtaíocht náisiúnta;

(b)

mí-úsáidí ceannasachta sa mhargadh a shuitear i gcomhréir leis an dlí ábhartha is infheidhme.

4.   Leagfaidh an Coimisiún treoirlínte amach maidir leis an modheolaíocht a bheidh le húsáid i ndáil leis na critéir a liostaítear i míreanna 2 agus 3.

5.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, iarrfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, nuair a mheasann sé í a bheith riachtanach, aon fhianaise ábhartha eile i ndáil leis na taraifí sin a bhfuil gá léi chun an measúnú a dhéanamh.

6.   Déanfar an fhianaise dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar don údarás rialála náisiúnta laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, mar aon le haon údar cuí leis na taraifí atá á measúnú.

7.   Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta a mheasúnú faoi bhráid an Choimisiúin faoi 30 Meitheamh na bliana féilire ábhartha. Sa bhreis air sin, soláthróidh an t-údarás rialála náisiúnta leagan neamhrúnda den mheasúnú sin don Choimisiún.

8.   Foilseoidh an Coimisiún an leagan neamhrúnda den mheasúnú a sholáthair na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill agus in aon chás laistigh de 1 mhí amháin ón measúnú a fháil.

Airteagal 7

Faisnéis do na tomhaltóirí

Maidir le conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/83/AE, déanfaidh na trádálaithe go léir a dhéanann conarthaí díolacháin le tomhaltóirí a bhfuil san áireamh leo beartáin trasteorann a sheoladh, i gcás inar féidir é agus inarb infheidhme, faisnéis a chur ar fáil, ag an gcéim réamhchonarthach, faoi na roghanna i ndáil leis an gconradh sonrach díolacháin agus maidir leis na muirir is iníoctha ag tomhaltóirí le haghaidh an bheartseachadta trasteorann, agus, i gcás inarb infheidhme, a mbeartais láimhseála gearán féin freisin.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 8

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá ndlíthe a ghlacfaidh siad de bhun mhír 1 faoin 23 Samhain 2019 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 9

Rúndacht

Beidh aon fhaisnéis rúnda gnó a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo do na húdaráis rialála náisiúnta nó don Choimisiún faoi réir diancheanglais rúndachta faoi na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta.

Airteagal 10

Cur i bhfeidhm

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach sa Rialachán seo, ní dochar an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, do nósanna imeachta iomchuí um údarú is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse seachadta beartán, do rialacha sóisialta agus fostaíochta agus do cheanglais chun faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta.

Airteagal 11

Athbhreithniú

Faoin 23 Bealtaine 2020, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus beidh togra reachtach le haghaidh a athbhreithnithe ag gabháil léi, i gcás inar gá. Ba cheart na geallsealbhóirí ábhartha go léir a bheith rannpháirteach agus ar an eolas sula gcuirfear an tuarascáil sin le chéile.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

rannchuidiú an Rialacháin seo le feabhas a chur ar sheirbhísí seachadta beartán trasteorann, lena n-áirítear inacmhainneacht do FBManna agus do dhaoine aonair, go háirithe iad siúd atá suite i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra agus i dtaobh ar tháinig feabhas ar thrédhearcacht taraifí trasteorann;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar leibhéil seachadta trasteorann beartán agus ar ríomhthráchtáil leictreonach, lena n-áirítear sonraí maidir le táillí seachadta;

(c)

a mhéid a bhí deacrachtaí ag na húdaráis rialála náisiúnta i ndáil leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear anailís chainníochtúil ar na hiarmhairtí riaracháin;

(d)

an dul chun cinn atá déanta i dtaca le tionscnaimh eile chun an margadh le haghaidh seirbhísí seachadta beartán aonair a chomhlánú, agus go háirithe an dul chun cinn i réimsí chosaint na dtomhaltóirí agus na forbartha caighdeán.

Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an Treoir maidir le Post, a bunaíodh le hAirteagal 21 de Threoir 97/67/CE, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 22 Bealtaine 2018, cé is moite d'Airteagal 8, a mbeidh feidhm aige ón 23 Samhain 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 106.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis na comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú maidir leis na seirbhísí poist agus maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse mar thacú le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997.

(5)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(6)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


IARSCRÍBHINN

Na míreanna poist píosa aonair a bhfuil taraifí soláthraithe seirbhíse seachadta beartán i dtaca leo faoi réir na mbeart maidir le trédhearcacht praghsanna agus an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airgeagal 6:

(a)

litir chaighdeánach 500 g (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(b)

litir chaighdeánach 1 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(c)

litir chaighdeánach 2 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(d)

litir chláraithe 500 g (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(e)

litir chláraithe 1 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(f)

litir chláraithe 2 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(g)

litir rianaithe agus lorgaireachta 500 g (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(h)

litir rianaithe agus lorgaireachta 1 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(i)

litir rianaithe agus lorgaireachta 2 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(j)

beartán caighdeánach 1 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(k)

beartán caighdeánach 2 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(l)

beartán caighdeánach 5 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(m)

beartán rianaithe agus lorgaireachta 1 kg (arna seholadh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(n)

beartán rianaithe agus lorgaireachta 2 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(o)

beartán rianaithe agus lorgaireachta 5 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas).

Comhlíonfaidh na míreanna poist a liostaítear i bpointí (a) go (o) na critéir seo a leanas:

(a)

Teorainneacha méide na míreanna poist a liostaítear i bpointí (a) go (i) (táirgí poist litreach), is í seo a leanas an riail a chomhlíonfaidh siad:

Fad, leithead agus tiús le chéile: 900 mm, ní bheidh an toise is mó níos mó ná 600 mm, ní bheidh an toise is lú níos lú ná 20 mm;

(b)

Ní bheidh na beartáin a liostaítear i bpointí (j) go (o) níos lú ná an mhéid a fhorordaítear do na litreacha a liostaítear i bpointí (a) go (i).

Na gnéithe atá le cur san áireamh tráth a sholáthraítear an fhaisnéis faoi na taraifí i ndáil le pointí (a) go (o):

(*)

Maidir leis na taraifí a chomhfhreagraíonn do na míreanna poist, is taraifí píosa aonair a bheidh iontu agus ní bheidh aon lascainí speisialta iontu ar bhonn toirteanna nó ar bhonn aon chóireáil speisialta eile.

(**)

Soláthrófar luach na dtaraifí do na húdaráis rialála náisiúnta glan ó CBL.

(***)

Soláthraithe a chuirfidh níos mó ná mír phoist amháin a chomhlíonann na critéir thuas ar fáil, ba cheart dóibh an taraif is saoire a thuairisciú.

(****)

Beidh na taraifí thuas comhfhreagrach leis na míreanna poist a bheidh á seachadadh ag áit chónaithe nó áitreabh eile an tseolaí sa Bhallstát cinn scríbe, nó ag áitreabh eile arna iarraidh ag an seolaí má fholaíonn an taraif sin an rogha sin gan aon mhuirear breise.


TREORACHA

2.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

29


TREOIR (AE) 2018/645 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena leasaítear Treoir 2003/59/CE maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí agus Treoir 2006/126/CE maidir le ceadúnais tiomána

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Pháipéar Bán uaidh an 28 Márta 2011, dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area — Towards a competitive and resource efficient transport system (Treochlár i dtreo Limistéar Iompair Eorpach Aonair — I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de), leagann an Coimisiún cuspóir “fís nialais” amach ar cheart dá réir don Aontas dul i dtreo staid ina laghdófaí an méid básanna in iompar de bhóthar go nialas nó geall leis faoi 2050.

(2)

Sa teachtaireacht uaidh ar threoshuíomhanna beartais maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020, dar teideal Towards a European road safety area: policy orientations on road safety for 2011-2020 (I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020), mhol an Coimisiún an sprioc go ndéanfaí líon iomlán na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020, ó 2010 ar aghaidh. D'fhonn an sprioc sin a bhaint amach, leag an Coimisiún seacht gcuspóir straitéiseacha síos, lena n-áirítear feabhas a chur ar oideachas agus oiliúint úsáideoirí bóithre agus úsáideoirí leochaileacha bóithre a chosaint.

(3)

D'fhormhuinigh Comhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 sprioc cheangailteach de laghdú intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an gheilleagair iomláin de 40 % ar a laghad i gcomparáid le 1990, faoin mbliain 2030. Cabhróidh an sprioc seo maidir le laghduithe astaíochtaí le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Is gá cur chuige cuimsitheach don earnáil iompair chun laghduithe astaíochtaí agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh i dtreo gluaiseacht íseal-astaíochtaí, inter alia trí thaighde agus trí chur chun cinn teicneolaíocha atá ar fáil cheana féin a thabhairt isteach. Is gá an oiliúint chuí a chur ar thiománaithe tiomáint ar an dóigh is éifeachtúla.

(4)

Tar éis dó meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), shainaithin an Coimisiún roinnt easnamh ann. Deacrachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil agus díolúintí á léirmhíniú ab ea na príomheasnaimh a sainaithníodh; ábhar na hoiliúna, nár measadh é a bheith ábhartha ach i bpáirt do riachtanais tiománaithe; na deacrachtaí atá ag tiománaithe agus iad ag iarraidh aithint fhrithpháirteach a fháil ar oiliúint a atá curtha i gcrích acu go hiomlán nó go páirteach i mBallstát eile; agus neamhréireachtaí maidir leis na ceanglais aoise íosta idir Treoir 2003/59/CE agus Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

D'fhonn an tsoiléireacht dlí a fheabhsú i dTreoir 2003/59/CE, ba cheart gach tagairt do ghníomhartha an Aontais a aisghaireadh nó ar cuireadh gníomhartha ina n-ionad a bhaint nó a leasú.

(6)

D'fhonn cinnteacht agus comhsheasmhacht le gníomhartha eile de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart roinnt athruithe a dhéanamh ar na díolúintí ó Threoir 2003/59/CE, agus díolúintí den chineál céanna faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) á gcur san áireamh. Baineann cuid de na díolúintí sin le cásanna nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí agus ina gcuirfeadh sé ualach díréireach ar thiománaithe a cheangal orthu ceanglais Threoir 2003/59/CE a chomhlíonadh. Meastar de ghnáth nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí nuair a chuimsíonn sí níos lú ná 30 % den am oibre míosúil rollach.

(7)

I gcás nach mbítear ag tiomáint go rómhinic, ina dtarlaíonn an tiomáint i gceantair faoin tuath agus ina mbíonn tiománaithe ag tiomáint a bhíonn ag soláthar dá ngnó féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag díolúintí, ar choinníoll go n-áirithítear an tsábháilteacht ar bhóithre mar sin féin. Mar gheall ar na coinníollacha éagsúla i limistéir tuaithe laistigh den Aontas ó thaobh na tíreolaíochta, na haeráide agus dlús daonra de, ba cheart go mbeadh rogha ag Ballstáit a chinneadh an féidir tiomáint den sórt sin a mheas mar thiomáint ócáideach agus an mbeadh tionchar ag díolúine den sórt sin ar shábháilteacht ar bhóithre: mar shampla ar bhonn an chineáil bóithre, ar mhéid na tráchta nó ar cé acu an bhfuil úsáideoirí bóithre leochaileacha ar na bóithre nó nach bhfuil.

(8)

Ós rud é go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh na n-achar is gá do dhaoine a chumhdach le linn a gcuid oibre ar fud an Aontais, daoine a oibríonn i réimse na talmhaíochta, na gairneoireachta, na foraoiseachta, na feirmeoireachta agus na hiascaireachta, atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart go bhfágfaí faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ina ndlí náisiúnta, achair incheadaithe uasta, a ríomhtar ó bhunáit an ghnóthais, lena mbeadh feidhm ag na díolúintí.

(9)

Ba cheart go mbeadh ceangal mar sin féin ar na tiománaithe sin, a bhí díolmhaithe ón gceanglas maidir le cáilíocht tosaigh, dul faoi oiliúint thréimhsiúil chun a áirithiú go bhfuil a gcuid eolais maidir le cúrsaí atá bunriachtanach dá gcuid oibre fós cothrom le dáta, agus an díolúine sin á coimeád acu ag an am céanna.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, faisnéis maidir le deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil (CPC) a mhalartú go leictreonach. Ba cheart dóibh an t-ardán leictreonach is gá a fhorbairt agus measúnú costais is tairbhe ón gCoimisiún á cur san áireamh, lena n-áirítear an rogha chun gréasán AE um cheadúnais tiomána arna bhunú faoi Threoir 2006/126/CE a leathnú. Cuirfidh sé seo ar chumas na mBallstát, i measc tairbhí eile, rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis maidir le hoiliúint atá curtha i gcrích, nach bhfuil taifeadta ar cheadúnas tiomána an tiománaí. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí an fheidhmiúlacht seo a fhorbairt a thuilleadh, le rochtain fíor-ama le linn seiceálacha cois bóithre mar chuspóir air.

(11)

Agus na forbairtí san oiliúint agus san oideachas á gcur san áireamh, agus d'fhonn feabhas a chur ar an méid a chuirtear le sábháilteacht ar bhóithre agus le hábharthacht na hoiliúna do thiománaithe le Treoir 2003/59/CE, ba cheart ábhair a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a neartú sna cúrsaí oiliúna, amhail brath guaise, cosaint úsáideoirí leochaileacha bóithre, go háirithe coisithe, rothaithe agus daoine faoi luaineacht theoranta; tiomáint atá éifeachtúil ó thaobh breosla de; tiomáint i ndálaí adhaimsire agus iompar ualaí neamhghnácha. Sa chomhthéacs seo, ba cheart go mbeadh baint ag na cúrsaí le córais chliste iompair agus ba cheart go n-athródh siad bonn ar bhonn chun coimeád cothrom le dáta le forbairtí theicneolaíoch.

(12)

Ba cheart go dtabharfaí rogha shoiléir do na Ballstáit cleachtais oiliúna a fheabhsú agus a nuachóiriú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) amhail ríomhfhoghlaim agus foghlaim chumaisc, le haghaidh cuid den oiliúint, agus cáilíocht na hoiliúna á háirithiú acu ag an am céanna. Agus feabhas á chur agus athnuachan á dhéanamh ar chleachtaí oiliúna le húsáid uirlisí TFC, tá sé tábhachtach cur san áireamh an fíoras go n-éilíonn roinnt ábhair shonracha oiliúint phraiticiúil agus nach féidir aghaidh cheart a thabhairt orthu leis na huirlisí foghlama seo: mar shampla, slabhraí sneachta a fheistiú nó na hualaí a dhaingniú, nó gnéithe oiliúna eile ina bhfuil an taobh praiticiúil tábhachtach. D'fhéadfadh tiomáint a bheith i gceist le hoiliúint phraiticiúil ach ní gá gurbh amhlaidh. Ba cheart méid suntasach den oiliúint a éilítear faoin Treoir seo a dhéanamh ag ionad oiliúna formheasta.

(13)

Chun comhsheasmhacht idir na foirmeacha difriúla oiliúna a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart gur féidir leis na Ballstáit cineálacha difriúla oiliúna ábhartha a chur le chéile: mar shampla, ba cheart gur féidir leo oiliúint ar iompar earraí contúirteacha, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas agus oiliúint ar iompar ainmhithe a chomhcheangal leis an oiliúint dá bhforáiltear i dTreoir 2003/59/CE.

(14)

Chun a chinntiú nach mbeidh cleachtais dhifriúla idir na Ballstáit ina gcúis le bac a chur ar aithint fhrithpháirteach agus le srian a chur leis an gceart atá ag tiománaithe tabhairt faoin oiliúint thréimhsiúil sa Bhallstát ina n-oibríonn siad, ba cheart ceangal a chur ar údaráis na mBallstát, mura féidir oiliúint a cuireadh i gcrích a mharcáil ar an gceadúnas tiomána, cárta cáilíochta tiománaí, san fhoirm a leagtar síos sna múnlaí caighdeánacha, a eisiúint lena n-áiritheofar aithint fhrithpháirteach do gach tiománaí a chomhlíonfaidh ceanglais Threoir 2003/59/CE.

(15)

D'fhéadfadh bac a bheith in úsáid na bhfianuithe tiománaithe ag tiománaithe ó thríú tíórtha mar fhianaise ar chomhlíonadh na gceanglas oiliúna ar thiománaithe nuair a thugann an tarlóir an fianú ar ais do na húdaráis eisiúna, go háirithe nuair is mian leis na tiománaithe sin dul i mbun fostaíochta i mBállstát eile. Chun cásanna a sheachaint ina mbeadh ar thiománaithe a n-oiliúint a dhéanamh arís agus iad ag dul i mbun fostaíochta nua, i ndálaí den sórt sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh comhoibriú le chéile agus faisnéis ar cháilíochtaí tiománaithe a mhalartú.

(16)

Chun gur féidir aistriú réidh a dhéanamh, ba cheart fianuithe tiománaithe bailí agus cártaí cáilíochta tiománaithe bailí, arna n-eisiúint i gcomhréir leis na rialacha a bhfuil feidhm leo roimh chur i bhfeidhm na bhforálacha arna leasú ag an Treoir seo, a aithint ar feadh na tréimhse seo go dtí a ndáta éaga. Ní fhágann na leasuithe sin nach bailí an oiliúint a rinneadh, ná na ceadúnais tiomána arna n-eisiúint chun oiliúint den sórt sin a dheimhniú, sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

(17)

D'fhonn soiléire dhlíthiúil a sholáthar agus ceanglais chomhchuibhithe aoise íosta a áirithiú chun na gcríoch a leagtar síos i dTreoir 2003/59/CE, ba cheart maolú soiléir a sholáthar i dTreoir 2006/126/CE, lena leagtar síos go bhféadfar ceadúnais tiomána a eisiúint ag na haoiseanna íosta dá bhforáiltear i dTreoir 2003/59/CE. Baineann an soiléiriú sin leis an aois íosta ghinearálta do thiománaithe i gcatagóirí feithiclí áirithe a bhfuil CPC acu, agus ní leasaítear leis an soiléiriú sin na roghanna reatha maidir leis na ceanglais aoise íosta sin a laghdú ná díolúintí a sholáthar ina leith.

(18)

Ba cheart go mbeadh na leasuithe ar Threoir 2006/126/CE teoranta dóibh siúd a bhaineann go díreach leis an athbhreithniú ar Threoir 2003/59/CE agus d'úsáid feithiclí breosla ionadúil a éascú. Is cosúil gur mhaith an rud é anailís níos críochnúla a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir 2006/126/CE, lena n-áirítear catagóirí áirithe feithiclí a shainaithint óna chéile agus ba cheart an anailís sin a bheith in aon athbhreithniú atá le déanamh ar Threoir 2006/126/CE sa todhchaí.

(19)

D'fhonn cur le hastaíochtaí gás teasa ceaptha a laghdú agus le cáilíocht aeir a fheabhsú, trí úsáid feithiclí breosla ionadúil, ba cheart go dtabharfaí an fhéidearacht do na Ballstáit, ina gcríoch féin, sealbhóirí ceadúnais tiomána de chatagóir B a cheadú cineálacha áirithe feithiclí breosla ionadúil a thiomáint, ar feithiclí iad a bhfuil a mais údaraithe uasta níos mó ná 3 500 kg ach nach sáraíonn 4 250 kg. Ba cheart don fhéidearacht 3 500 kg a shárú a bheith bunaithe ar an gcoinníoll gur de thoradh na gcóras tiomána ionadúil, agus dá thoradh sin amháin, is ann don mhais bhreise cheadaithe agus ba cheart di a bheith faoi réir srianta agus coinníollacha chun tionchair dhiúltacha ar shábháilteacht ar bhóithre a sheachaint.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an caighdeán uile-Aontais a fheabhsú maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí agus paisinéirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/59/CE agus Treoir 2006/126/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2003/59/CE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an ngníomhaíocht arb éard í tiomáint mar a dhéanann na daoine seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh de Bhallstát, agus

(b)

náisiúnaigh de thríú tíortha atá fostaithe nó a úsáideann gnóthas arna bhunú i mBallstát,

dá ngairtear ‘tiománaithe’ anseo feasta, ar tiománaithe iad atá i mbun iompair de bhóthar laistigh den Aontas, ar bhóithre atá oscailte don phobal, agus leas é bhaint acu as:

feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith,

feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D1, D1 + E, D nó D + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith.

Chun críocha na Treorach seo, léifear na tagairtí do chatagóirí ceadúnas tiomána a bhfuil comhartha (‘+’) leo i gcomhréir leis an tábla comhfhreagrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

(*1)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).”."

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Díolúintí

1.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí:

(a)

nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 45 km/u;

(b)

atá in úsáid, nó faoi rialú, ag na fórsaí armtha, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag an tseirbhís dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád, agus seirbhísí otharchairr éigeandála, i gcás ina dtugtar faoin iompar mar thoradh ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin;

(c)

atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill.

(d)

a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D nó D1 ina leith agus a thiomáineann pearsanra cothabhála gan phaisinéirí chuig ionad cothabhála atá lonnaithe i limistéar na bunáite cothabhála is cóngaraí atá á húsáid ag an oibreoir iompair nó ón ionad sin, ar choinníoll nach ionann tiomáint na feithicle agus príomhghníomhaíocht an tiománaí;

(e)

a úsáidtear i gcásanna éigeandála nó a shanntar do mhisin tarrthála, lena n-áirítear feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála cabhrach daonnúil;

(f)

a úsáidtear le haghaidh teagasc tiomána agus chun tástáil a dhéanamh ar dhuine ar bith ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (CPC) a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), ar choinníoll nach bhfuil siad á n-úsáid le haghaidh iompar tráchtála earraí agus paisinéirí;

(g)

a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála paisinéirí nó earraí;

(h)

lena n-iompraítear ábhar, trealamh nó innealra lena úsáid ag na tiománaithe ina gcuid oibre, ar choinníoll nach í tiomáint na bhfeithiclí príomhghníomhaíocht na dtiománaithe.

Ag féachaint do phointe (f) den mhír seo, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon duine ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó CPC a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), nuair atá an duine sin ag dul faoi oiliúint bhreise tiomána le linn foghlaim obairbhunaithe, ar choinníoll go bhfuil duine atá deimhnithe ag CPC, nó teagascóir tiomána, in éineacht leis an duine sin, don chatagóir feithicle a úsáidtear chun na críche a leagtar amach sa phointe sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

feidhmíonn na tiománaithe feithiclí i gceantair tuaithe chun gnó an tiománaí féin a sholáthar,

(b)

ní thairgeann na tiománaithe seirbhísí iompair,

(c)

measann na Ballstáit gur iompar ócáideach atá ann agus nach bhfuil tionchar aige ar shábháilteacht ar bhóithre.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí atá in úsáid, nó atá á bhfáil ar cíos gan tiománaí, ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, iascaireachta nó iascaigh d'fhonn earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin, ach amháin i gcás go bhfuil an tiomáint mar chuid de phríomhghníomhaíocht an tiománaí nó go sáraíonn an tiomáint achar a leagtar síos sa dlí náisiúnta ó bhunáit an ghnóthais a bhfuil an fheithicil faoi úinéireacht aige, á friliú aige nó á léasú aige.”.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Oiliúint thréimhsiúil

Cuimseoidh oiliúint thréimhsiúil oiliúint lena gcuirfear ar chumas daoine ag a bhfuil CPC an t-eolas atá bunriachtanach dá gcuid oibre a choinneáil cothrom le dáta, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus ar an laghdú ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an tiomáint.

Eagróidh ionad oiliúna formheasta an oiliúint sin, i gcomhréir le roinn 5 d'Iarscríbhinn I. Cuimseoidh an oiliúint teagasc i seomra ranga, oiliúint phraiticiúil, agus oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), má tá fáil orthu, nó as ionsamhlóirí den chéad scoth. Má bhogann an tiománaí chuig gnóthas eile, ní mór an oiliúint thréimhsiúil atá déanta cheana a chur san áireamh.

Déanfar oiliúint thréimhsiúil a dhearadh chun roinnt de na hábhair dá dtagraítear i roinn 1 d'Iarscríbhinn I a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Cuimseofar raon leathan ábhar inti agus beidh ábhar amháin ar a laghad a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gcónaí mar chuid di. Cuirfear san áireamh sna hábhair oiliúna forbairtí sa reachtaíocht ábhartha agus sa teicneolaíocht ábhartha, agus cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí.”.

(4)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Gnóthóidh tiománaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1 den Treoir seo an cháilíocht tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir seo sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Threoir 2006/126/CE.”.

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Cód an Aontais

1.   Ar bhonn an CPC cáilíocht tosaigh a dheimhniú agus ar bhonn an CPC oiliúint thréimhsiúil a dheimhniú, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, agus forálacha Airteagal 5(2) agus (3) den Treoir seo agus Airteagal 8 den Treoir seo á gcur san áireamh acu, cód comhchuibhithe Aontais, ‘95’, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a shonrú, i dteannta na gcatagóirí comhfhreagracha ceadúnais:

ar an gceadúnas tiománaí, nó

ar an gcárta cáilíochta tiománaí arna dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

Mura féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuarthas an CPC an cód Aontais a shonrú ar an gceadúnas tiomána, déanfaidh siad cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint chuig an tiománaí.

Déanfar an cárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag Ballstát a aithint go frithpháirteach. Nuair a eiseofar an cárta, seiceálfaidh na húdaráis inniúla bailíocht an cheadúnais tiomána le haghaidh chatagóir na feithicle lena mbaineann.

2.   Tabharfar cead, freisin, do thiománaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1 a thiomáineann feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar de bhóthar a chruthú go bhfuil an cháilíocht agus an oiliúint aige nó aici dá bhforáiltear sa Treoir seo trí bhíthin an fhianaithe tiománaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), ar choinníoll go bhfuil cód an Aontais, ‘95’, air. Chun críocha na Treorach seo, déanfaidh an Ballstát eisiúna cód an Aontais, ‘95’, a shonrú i roinn nótaí an fhianaithe más rud é gur chomhlíon an tiománaí lena mbaineann na ceanglais cháilíochta agus na ceanglais oiliúna dá bhforáiltear sa Treoir seo.

3.   Glacfar le fianuithe tiománaí nach bhfuil cód an Aontais, ‘95’, orthu agus a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020 i gcomhréir le hAirteagal 5, agus go háirithe le mír 7, de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, d'fhonn comhlíonadh na riachtanas oiliúna faoin Treoir seo a dheimhniú, glacfar leis sin mar chruthúnas ar cháilíocht go dtí a ndáta éaga.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).”."

(6)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

Líonra forfheidhmithe

1.   Déanfaidh Ballstáit, chun críocha forfheidhmithe, faisnéis a mhalartú ar CPCanna a eisíodh nó a aistarraingíodh. Chun na críche seo, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gCoimisiún, líonra leictreonach a fhorbairt nó obair a dhéanamh ar shíneadh líonra atá ann cheana, ag cur san áireamh measúnú ón gCoimisiún ar an rogha is costéifeachtaí.

2.   D'fhéadfaí faisnéis atá sna CPCanna a bheith sa líonra mar aon le faisnéis a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le CPCanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Treoir seo agus chun na críche sin amháin, go háirithe na riachtanais oiliúna a leagtar síos sa Treoir seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

4.   Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Féadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh a rialú.

(*3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”."

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasaítear Treoir 2006/126/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóirí C1 agus C1E ag 18 mbliana d'aois”;

(ii)

i bpointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóir C agus do chatagóir CE ag 21 bhliain d'aois;”;

(iii)

i bpointe (i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóir D1 agus do chatagóir D1E ag 21 bhliain d'aois;”;

(iv)

i bpointe (k), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

“—

socraítear an aois íosta do chatagóir D agus do chatagóir DE ag 24 bliana d'aois;”;

(b)

cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas:

“7.   De mhaolú ar na haoiseanna íosta a leagtar síos i bpointí (g), i bpointe (i) agus i bpointe (k) d'Airteagal 4(4) de mhír 4 den Airteagal seo seo, beidh an íosaois le haghaidh ceadúnas tiomána a eisiúint i gcatagóirí C agus CE; D1 agus D1E, D agus DE faoi seach ar an aois íosta a fhorordaítear chun feithiclí den chineál sin a thiomáint maidir le daoine a bhfuil CPC acu a leagtar síos in Airteagal 5(2), sa chéad mhír d'Airteagal 5(3)(a)(i), sa chéad mhír d'Airteagal 5(3)(a)(ii) nó i bpointe (b) d'Airteagal 5(3) de Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), mar is infheidhme.

I gcás, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 5(3)(a)(i) nó an dara mír d'Airteagal 5(3)(a)(ii) de Threoir 2003/59/CE, ina ndéanfaidh Ballstát tiomáint a údarú ina chríoch ó aois níos ísle, beidh bailíocht an cheadúnais tiomána teoranta do chríoch an Bhallstáit eisiúna amháin go dtí go mbeidh an aois íosta ábhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo bainte amach ag sealbhóir an cheadúnais agus go mbeidh CPC aige.

(*4)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d'iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).”"

(2)

In Airteagal 6(4), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

feithiclí breosla ionadúil dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 96/53/CE) (*5) ón gComhairle ag a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 3 500 kg ach nach sáraíonn 4 250 kg chun earraí a iompar agus iad á n-oibriú gan leantóir ag sealbhóirí ceadúnais tiomána de chatagóir B a eisíodh ar a laghad 2 bhliain roimhe sin, ar choinníoll gur de thoradh mhais bhreise an chórais tiomána 3 500 kg is ann don mhais bhreise i gcomparáid le córas tiomána feithicle atá ar aon toisí léi, atá feistithe le hinneall dócháin inmheánaigh a bhfuil adhaint dheimhneach nó adhaint chomhbhrú aige, agus dá thoradh sin amháin, agus ar choinníoll nach méadaítear an toilleadh lasta i gcomparáid leis an bhfeithicil chéanna.

(*5)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).”;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Cúnamh frithpháirteach

1.   Cabhróidh na Ballstáit lena chéile maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme agus déanfaidh siad faisnéis a mhalartú i ndáil leis na ceadúnais a ndearna siad a eisiúint, a mhalartú, a ionadú, a athnuachan nó a chúlghairm. Úsáidfidh siad líonra AE um cheadúnais tiomána a bunaíodh chun na gcríoch sin, a luaithe is a bheidh an líonra seo ag feidhmiú.

2.   Féadfar an líonra a úsáid freisin chun faisnéis a mhalartú chun críocha rialaithe dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear sa Treoir seo a phróiseáil chun an Treoir seo agus Treoir 2003/59/CE agus Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) a chur chun feidhme agus chun na críche sin amháin. Beidh aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (*7) agus le Rialachán (AE) Uimh. 2001/45 (*8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.   Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Ní fhéadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt ach do na húdaráis inniúla atá freagrach as an Treoir seo agus Treoir 2003/59/CE agus Treoir (AE) 2015/413 a chur chun feidhme agus a rialú.

(*6)  Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9-25);"

(*7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1);"

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).”"

Airteagal 3

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi23 Bealtaine 2020, seachas na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun pointe 6 d'Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh, a thabharfar i bhfeidhm faoi 23 Bealtaine 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 115.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ar thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(4)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/59/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear Roinn 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh an leibhéal íosta cáilíochta inchomparáide le leibhéal 2 ar a laghad den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 (*1).

(*1)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 111, 6.5.2008, lch. 1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2:

1.2.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe teicniúla agus oibriú teicniúil na rialuithe sábháilteachta chun an fheithicil a rialú, caitheamh agus cuimilt a íoslaghdú agus mífheidhmiú a chosc;

teorainneacha le húsáid na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid chomhcheangailte na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid níos fearr a bhaint as luas agus as an gcóimheas bosca giarála, úsáid a bhaint as táimhe feithicle, úsáid a bhaint as bealaí chun moilliú agus coscánú ar stráicí le fána, bearta i gcás cliseadh, úsáid a bhaint as feistí leictreonacha agus meicniúla amhail Clár Cobhsaíochta Leictreonach (ESP), Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS), Córas Coscánaithe Frithghlasála (ABS), córais rialaithe tarraingthe (TCS) agus córais faireacháin infheithicle (IVMS) agus as feistí cúnaimh tiománaí nó feistí uathoibrithe eile atá formheasta lena n-úsáid.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.3:

1.3.   Cuspóir: an cumas chun an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú:

an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú trí fhios gnó a chur i bhfeidhm i dtaca le pointe 1.1 agus pointe 1.2, an tábhacht a bhaineann leis an sruth tráchta a réamh-mheas, leis an bhfad cuí a choinneáil ó fheithiclí eile agus le móiminteam na feithicle a úsáid, le luas seasta, le stíl shocair tiomána agus le brú cuí bonn, agus eolas ar chórais iompair chliste a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht tiomána agus a chabhróidh le pleanáil bhealaigh.”;

(iv)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach mar a leanas roimh an gceannteideal “Ceadúnais C, C + E, C1, C1 + E”:

1.3a.   Cuspóir: an cumas chun rioscaí sa trácht a réamh-mheas agus a mheasúnú, agus chun oiriúnú dóibh:

 

a bheith eolach ar dhálaí éagsúla bóthair, tráchta agus aimsire, agus oiriúnú dóibh, agus a bheith ag súil le himeachtaí atá le teacht; a thuiscint conas turas a ullmhú agus a phleanáil le linn dálaí aimsire neamhghnácha; a bheith eolach ar threalamh sábháilteachta gaolmhar a úsáid agus a thuiscint cathain is gá turas a chur siar nó a chur ar ceal mar gheall ar dhálaí adhaimsire; oiriúnú do na rioscaí tráchta, lena n-áirítear iompar contúirteach sa trácht nó tiomáint agus seachrán ar dhuine (de bharr gléasanna leictreonacha, ó bheith ag ithe, ó bheith ag ól, etc.); cásanna contúirteacha a aithint agus oiriúnú dóibh agus a bheith ábalta déileáil leis an strus a eascraíonn astu, go háirithe cásanna a bhaineann le méid agus meáchan na bhfeithiclí agus le húsáideoirí leochaileacha bóithre amhail coisithe, rothaithe agus dé-rothaigh chumhachtaithe;

 

cásanna a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a shainaithint agus tuiscint cheart a ghnóthú ar conas a d'fhéadfadh na cásanna sin iompú ina gcásanna nach mbeifí in ann tuairteanna a sheachaint a thuilleadh agus bearta a roghnú agus a chur chun feidhme lena méadófaí an lamháil sábháilteachta an oiread is go bhféadfaí tuairt a sheachaint fós i gcás ina dtarlódh na guaiseanna féideartha.”;

(v)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4:

1.4.   Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a lódáil, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle:

 

fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríoch a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, an toirt iomlán a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle, cineálacha pacáistíochta agus pailléad;

 

na príomhchatagóirí earraí nach mór a dhaingniú, teicnící clampála agus daingnithe, strapaí daingnithe a úsáid, feistí daingnithe a sheiceáil, trealamh láimhseála a úsáid, tarpóil a leagan agus a bhaint.”;

(vi)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.5:

1.5.   Cuspóir: an cumas compord agus sábháilteacht paisinéirí a áirithiú:

gluaiseacht chomhréireach agus chliathánach a choigeartú, comhroinnt bóthair, suíomh ar an mbóthar, coscánú rianúil, oibríocht starrtha, bonneagair shonracha a úsáid (limistéir phoiblí, lánaí tiomnaithe), coinbhleachtaí idir tiomáint shábháilte agus róil eile mar thiománai a bhainistiú, idirghníomhú le paisinéirí, na tréithe speisialta de ghrúpaí paisinéirí áirithe (daoine faoi mhíchumas, páistí).”;

(vii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.6:

1.6.   Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a lódáil, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle;

fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríocha a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle.”;

(viii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

2.1.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht shóisalta an iompair de bhóthar agus na rialacha lena rialaítear í:

tréimhsí uasta oibre atá sonrach don tionscal iompair; prionsabail, cur i bhfeidhm agus iarmhairtí Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (*2) agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (*3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; pionóis as mainneachtain an tacagraf a úsáid, as é a úsáid go míchuí agus as crioscaíl a dhéanamh leis; eolas ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar; na cearta atá ag tiománaithe agus na dualgais atá orthu i dtaca le cáilíocht tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1)”;"

(ix)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.2:

2.2.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar na rialacháin lena rialaítear iompar earraí:

ceadúnais oibríochta iompair, doiciméid le hiompar san fheithicil, coisc ar bhóithre áirithe a úsáid, táillí ar úsáid bóithre, oibleagáidí faoi chonarthaí caighdeánacha maidir le hiompar earraí, doiciméid a dhréachtú lena gcruthófar an conradh iompair, ceadanna iompair idirnáisiúnta, oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, an nóta coinsíneachta idirnáisiúnta a dhréachtú, teorainneacha a thrasnú, seoltóirí lasta, doiciméid speisialta a ghabhann le hearraí.”;

(x)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.7:

3.7.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch tarlaithe bóthair agus ar chomheagrú an mhargaidh:

iompar de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair (iomaíocht, seoladóirí), gníomhaíochtaí difriúla iompair de bhóthar (iompar ar fruiliú nó ar airgead, iompar ar a chuntas féin, gníomhaíochtaí iompair tánáisteacha), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí iompair agus na bpríomhchineálacha gníomhaíochtaí iompair tánáisteacha, speisialtóireachtaí difriúla iompair (tancaer, teocht rialaithe, earraí contúirteacha, iompar ainmhithe, etc.), athruithe sa tionscal (éagsúlú na seirbhísí arna gcur ar fáil, iarnród, fochonraitheoireacht, etc.).”;

(xi)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.8:

3.8.   Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch an iompair paisinéirí de bhóthar agus ar chomheagrú an mhargaidh:

iompar paisinéirí de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair paisinéirí (iarnród, carr príobháideach), gníomhaíochtaí difriúla lena mbaineann iompar paisinéirí de bhóthar, feasacht ar mhíchumas, trasnú teorainneacha (iompar idirnáisiúnta), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí atá ag gabháil d'iompar paisinéirí de bhóthar.”;

(b)

leasaítear Roinn 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

“2.1.   Rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil

Ní mór teagasc na n-ábhar go léir atá sa liosta faoi chuid 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh sin a bheith cothrom le 280 uair.

Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 20 uair ar a laghad i bhfeithicil atá den chatagóir i dtrácht agus a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh gach tiománaí 8 n-uaire ar a mhéad den 20 uair den tiomáint aonair a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn siad de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche agus ar an gcumas chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go soláthróidh an t-ionad oiliúna formheasta cuid den oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí TFC amhail an ríomhfhoghlaim, agus ardcháilíocht agus éifeachtúlacht na hoiliúna á gcoimeád acu ag an am céanna, agus trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Go háirithe, éileoidh na Ballstáit aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit oiliúint shonrach mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile an Aontais a áireamh mar chuid den oiliúint. Aírítear léi seo, oiliúint in iompar earraí contúirteacha a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas faoi Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus oiliúint in iompar ainmhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (*6), ach níl sí teoranta don oiliúint sin.

I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór fad na cáilíochta tosaigh a bheith cothrom le 70 uair, lena n-áirítear 5 huaire de thiomáint ina n-aonar.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi chuid 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.

(*4)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1)."

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 an 22 Nollaig 2004 ón gComhairle maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).”;"

(ii)

i bpointe 2.2(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní mór an fheithicil a úsáidtear le haghaidh na tástála praiticiúla na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, ar a laghad, a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 3 agus Roinn 4:

“Roinn 3: Cáilíocht tosaigh luathaithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)

Ní mór teagasc na n-ábhar go léir sa liosta i roinn 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh luathaithe. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh luathaithe sin a bheith cothrom le 140 uair.

Ní mór do gach oiliúnaí tiomáint ina aonar ar feadh 10 n-uaire i bhfeithicil atá den chatagóir i dtrácht agus a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh an tiománaí faoi oiliúint 4 huaire de na 10 n-uaire den tiomáint aonair ar a mhéad a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, go háirithe maidir le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir, de réir an ama sa lá nó san oíche agus de réir an chumais chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.

Beidh feidhm ag forálacha an cheathrú fomhír de phointe 2.1 maidir leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe freisin.

I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór fad cáilíochta tosaigh luathaithe a bheith cothrom le 35 huaire, lena n-áirítear 2 Formula uair de thiomáint ina n-aonar.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi chuid 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.

Roinn 4: Oiliúint thréimhsiúil éigeantach dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 3(1)

Ní mór cúrsaí oiliúna tréimhsiúla éigeantacha a eagrú ag ionad oiliúna formheasta. Ní mór fad na gcúrsaí a bheith cothrom le 35 huaire gach 5 bliana agus ní mór iad a thabhairt i dtréimhsí nach lú ná 7 n-uaire ar fad agus féadfar tréimhse amháin a roinnt thar 2 lá. Gach uair a úsáidfear an ríomhfhoghlaim, déanfaidh an t-ionad oiliúna formheasta a áirithiú go ndéanfaí caighdeán na hoiliúna a chothábháil, lena n-áirítear trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Éileoidh na Ballstáit, go háirithe, aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Ní bheidh níos mó ná 12 uair i gceist le huasfhad na hoiliúna ríomhfhoghlama. Clúdófar ábhar a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gceann amháin de na tréimhsí cúrsa oiliúna ar a laghad. Tabharfar aird in ábhar na hoiliúna ar na riachtanais oiliúna a bhaineann go sonrach leis na hoibríochtaí iompair a dhéanann an tiománaí agus ar fhorbairtí sa reachtaíocht agus teicneolaíocht ábhartha agus ba cheart go dtabharfaí aird ar riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí, a mhéid is féidir. Ba cheart réimse ábhar éagsúil a chumhdach thar an tréimhse 35 huaire, lena n-áirítear athoiliúint i gcás ina léirítear go dteastaíonn oiliúint feabhais shonrach ón tiománaí.

Féadfaidh na Ballstáit a bhreithniú oiliúint shonrach atá curtha i gcrích mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile ón Aontas a áireamh le haghaidh suas le ceann amháin de na tréimhsí 7 n-uaire atá mar choinníoll. Áirítear leis sin oiliúint in iompar earraí contúirteacha a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE, oiliúint in iompar ainmhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, agus, i gcás iompar paisinéirí, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas faoi Rialachán (AE) 181/2011, ach níl sé teoranta d'oiliúint den chineál sin amháin. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, go bhféadfar oiliúint shonrach atá curtha i gcrích mar a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE maidir le hearraí contúirteacha a iompar a áireamh mar dhá cheann de na tréimhsí 7 n-uaire, ar an gcoinníoll gurb í sin an t-aon oiliúint eile a chuirfear san áireamh san oiliúint thréimhsiúil.”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“SOCRUITHE LE hAGHAIDH SHAMHAIL AN AONTAIS EORPAIGH DO CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ”;

(b)

leasaítear Roinn 2 mar a leanas:

(i)

maidir le taobh 1 den chárta cáilíochta tiománaí, leasaítear é mar a leanas:

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

“9.

na catagóirí feithiclí a gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ina leith;”;

i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“an teideal ‘samhail an Aontais Eorpaigh’ i dteanga nó teangacha an Bhallstáit atá ag eisiúint an chárta agus an ceannteideal ‘cárta cáilíochta tiománaí’ i dteangacha oifigiúla eile an Aontais, beidh siad priontáilte i gcló gorm chun cúlra an chárta a chruthú:”;

(ii)

maidir le taobh 2 den chárta cáilíochta tiománaí, i bpointe (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9) agus phointe (10):

“9.

na catagóirí feithiclí a gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ina leith;

10.

cód comhchuibhithe an Aontais, ‘95’, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE;”;

(c)

leasaítear Roinn 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“SAMHAIL AN AONTAIS EORPAIGH DO CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ”.

(ii)

ar thaobh 2 den mhúnla, faoi uimhir 10, cuirtear “cód an Aontais” in ionad “cód an Chomhphobail”;

(d)

cuirtear an chuid seo a leanas leis:

“5.   Forálacha idirthréimhseacha

Beidh cártaí cáilíochta tiománaí a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020 bailí go dtí a ndáta éaga.”.

(3)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHFHREAGRACH DO NA TAGAIRTÍ DO CHATAGÓIRÍ ÁIRITHE CEADÚNAS TIOMÁNA

Tagairt sa Treoir seo

Tagairt i dTreoir 2006/126/CE

C + E

CE

C1 + E

C1E

D + E

DE

D1 + E

D1E

”.


CINNTÍ

2.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


CINNEADH (AE) 2018/646 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165 agus Airteagal 166 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Agus daoine aonair ag lorg oibre, nó ag déanamh cinntí maidir le foghlaim, staidéar nó obair, tá gá acu le rochtain ar fhaisnéis agus treoir maidir leis na deiseanna atá ar fáil, conas measúnú a dhéanamh ar a scileanna, agus conas an fhaisnéis faoina scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair.

(2)

Is dúshláin shuntasacha do dhaoine aonair, d'fhostóirí, d'údaráis agus do chomhlachtaí inniúla iad difríochtaí i sainmhínithe, i bhformáidí doiciméad, i dteangacha chomh maith le difríochtaí i modhanna bailíochtaithe measúnuithe. Tagann na dúshláin sin chun cinn go príomha nuair a bhogann daoine aonair ó thír go tír, lena n-áirítear tríú tíortha, ach freisin nuair a bhíonn siad ag lorg post nua nó ag dul i mbun foghlama agus bainistíochta gairme. Tá tábhacht le faisnéis atá soiléir agus a scaiptear go forleathan, le comhthuiscint agus le feabhas ar thrédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

(3)

Leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, a ghlac an Coimisiún an 10 Meitheamh 2016, tugtar cuireadh do Bhallstáit, do na comhpháirtithe sóisialta, don tionscal agus do gheallsealbhóirí eile comhoibriú ar dheich ngníomh chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar ábharthacht i bhfoirmiú scileanna, chun scileanna a dhéanamh níos infheicthe agus níos inchomparáide, agus chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir le scileanna, go háirithe faisnéis maidir le roghanna gairme níos fearr. Moladh athbhreithniú a dhéanamh ar chreat Europass mar cheann den deich ngníomh a chuireann príomhbhealach ar fáil chun na spriocanna sin a bhaint amach agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

(4)

Le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh creat chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cuardach poist, le dul i mbun foghlama, nó le bainistiú gairme. Bhí sé mar aidhm leis an gCinneadh sin trédhearcacht níos fearr maidir le cáilíochtaí agus inniúlachtaí a bhaint amach trí phunann doiciméad ar a dtugtar “Europass”, ar féidir le daoine aonair úsáid a bhaint as ar bhonn deonach. Leis an gCinneadh sin, bunaíodh comhlachtaí náisiúnta freisin, ar a dtugtar Lárionaid Náisiúnta Europass, chun creat Europass a chur chun feidhme.

(5)

Chun a phríomhchuspóir a bhaint amach, díríonn creat Europass ar uirlisí do dhoiciméadú scileanna agus cáilíochtaí. Tá úsáid fhorleathan á baint as na huirlisí sin trí thairseach idirlín-bhunaithe Europass.

(6)

Cuireann Lárionaid Náisiúnta Europass tacaíocht ar fáil d'úsáideoirí agus cuirtear chun cinn doiciméadú scileanna agus cáilíochtaí. Líonra Euroguidance, a chuireann an ghné Eorpach i dtreoir chun cinn agus a chuireann faisnéis d'ardchaighdeán ar fáil maidir le treoir ar feadh an tsaoil agus maidir le soghluaisteacht trasnáisiúnta chun críocha foghlama, rannchuidigh sé freisin leis an bhforbairt ar sholáthar faisnéise maidir le huirlisí Aontais do scileanna agus do cháilíochtaí. Tugann Pointí Comhordúcháin Náisiúnta an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (EQF) tacaíocht d'údaráis náisiúnta chun tagairt a dhéanamh idir creata agus córais náisiúnta cáilíochtaí agus an EQF agus tá siad dírithe ar an EQF a thabhairt níos gaire do dhaoine aonair agus d'eagraíochtaí. Ba cheart tacaíocht do na seirbhísí náisiúnta sin, agus níos mó comhordaithe eatarthu, a áirithiú chun cur lena dtionchar agus urraim á léiriú fós d'éagsúlacht na gcóras náisiúnta.

(7)

Ina thuarascáil chuig Pharlaimint na hEorpa agus an gComhairle an 19 Nollaig 2013 maidir leis an meastóireacht ar Europass, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh misean na Lárionad Náisiúnta Europass maidir le múscailt feasachta faoi Europass agus maidir leis an bhfaisnéis ba ghá a sholáthar do pháirtithe leasmhara sásúil mar mhúnla do chur chun feidhme Europass. Chinn an Coimisiún fairis sin, áfach, nach ndeachaigh formhór uirlisí Europass chomh fada leis na húsáideoirí féideartha uile agus go raibh aimsiú éagothrom acu i dtéarmaí geografacha agus aoisghrúpa, agus go bhféadfaí díriú ar tuilleadh úsáideoirí féideartha trí chomhordú níos fearr agus trí chomhtháthú ar sheirbhísí a thacaíonn le treoir agus soghluaisteacht laistigh den chreat Europass.

(8)

Léirítear i bhfianaise gur grúpaí sóisialta a bhfuil litearthacht dhigiteach ard acu a úsáideann Europass, ach a mhéid a bhaineann le grúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu, amhail daoine le leibhéil níos ísle oideachais, daoine níos sine nó daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, is minic nach mbíonn a fhios acu gur ann do Europass agus do na huirlisí a bhaineann leis agus ní féidir leo tairbhe a bhaint as, dá bhrí sin.

(9)

Tá punann Europass ar cheann de roinnt uirlisí agus ionstraimí atá curtha ar bun ar leibhéal an Aontais chun trédhearcacht agus tuiscint ar scileanna agus ar cháilíochtaí a fheabhsú.

(10)

Cuimsíonn punann Europass cúig theimpléad do dhoiciméid. Cuireann teimpléad Curriculum Vitae (CV) Europass ar chumas daoine a CVanna a líonadh isteach i bhformáid chaighdeánaithe. Ó bunaíodh CV Europass den chéad uair in 2004, cruthaíodh os cionn 100 milliún CV Europass ar líne. In dhá theimpléad forlíontacha le haghaidh cáilíochtaí, eadhon an Forlíonadh do Dioplóma Europass agus an Forlíonadh do Theastas Europass, cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis an inneachar agus na torthaí foghlama a bhaineann le cáilíocht agus maidir leis an gcóras oideachais sa tír a eisíonn an cháilíocht. Úsáidtear Pas Teanga Europass chun cur síos a dhéanamh ar scileanna teanga. I dteimpléad Soghluaisteachta Europass déantar cur síos ar na scileanna a sealbhaíodh thar lear ar thaithí soghluaisteachta don fhoghlaim nó don obair.

(11)

Sa Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 (4), déantar foráil do chomhchreat tagartha chun cabhrú le daoine aonair agus le heagraíochtaí comparáid a dhéanamh idir na córais éagsúla cáilíochtaí agus idir leibhéil na gcáilíochtaí ó na córais sin.

(12)

Sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 (5), tugadh cuireadh do Bhallstáit socruithe a chur ar bun, faoi 2018, i gcomhréir le himthosca náisiúnta agus le sainiúlachtaí náisiúnta, agus de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí, maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, rud a chuireann ar chumas daoine aonair a gcuid eolais, a scileanna agus a n-inniúlachtaí a sealbhaíodh trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú agus a chuireann ar a gcumas cáilíocht iomlán, nó, páirtcháilíocht, i gcás inarb infheidhme, a bhaint amach.

(13)

Le Rún ón gComhairle an 28 Bealtaine 2004 maidir le beartais, córais agus cleachtais i réimse na treorach i rith an tsaoil a threisiú leagtar amach na príomhchuspóirí do threoirbheartas ar feadh an tsaoil do shaoránaigh uile an Aontais. Le Rún ón gComhairle an 21 Samhain 2008 (6), aibhsítear tábhacht na treorach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

(14)

Sa tairseach do Dheiseanna Foghlama agus do Cháilíochtaí san Eoraip, tugtar rochtain ar fhaisnéis maidir le deiseanna foghlama agus cáilíochtaí arna dtairiscint i gcórais oideachais éagsúla san Eoraip agus maidir le comparáidí a dhéanamh idir na creata náisiúnta cáilíochtaí trí EQF a úsáid.

(15)

Le Lánléargas Scileanna AE, soláthraítear faisnéis maidir le scileanna do ghairmeacha éagsúla agus do thionscail shonracha, lena n-áirítear éileamh agus soláthar ar an leibhéal náisiúnta.

(16)

Is bealach cruthaithe í an anailís a dhéantar ar fholúntais poist agus ar threochtaí eile i margadh an tsaothair chun faisnéis scileanna a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar shaincheisteanna maidir le bearnaí agus ganntanais i scileanna, chomh maith le heaspa comhoiriúna idir cáilíochtaí.

(17)

Tá sé mar aidhm ag an aicmiú ilteangach ar Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha Eorpacha (ESCO), a ndearna an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí forbairt agus nuashonrú air ar bhonn leanúnach, trédhearcacht scileanna agus cáilíochtaí, chun críocha oideachais agus oiliúna, chomh maith le críocha atá bainteach leis an obair, a chur chun cinn. D'fhéadfadh an Coimisiún ESCO a úsáid, laistigh de chreat Europass, tar éis dó tástáil iomchuí a chur i gcrích agus aird chuí a thabhairt ar sheasamh na mBallstát; úsáideann na Ballstáit ESCO ar bhonn deonach, tar éis dóibh tástáil agus meastóireacht a dhéanamh.

(18)

Is líonra comhair é an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES), arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chun faisnéis a mhalartú agus idirbheartaíocht idir cuardaitheoirí poist agus fostóirí a éascú. Cuireann sé cúnamh saor in aisce ar fáil do chuardaitheoirí poist ar mian leo bogadh chuig tír eile agus d'fhostóirí ar mian leo oibrithe a earcú ó thíortha eile. D'fhéadfadh sineirgí agus comhar idir tairseach Europass agus tairseach EURES tionchar an dá sheirbhís a threisiú.

(19)

Déantar próisis mhargadh an tsaothair, amhail foilsiú na bhfolúntas poist, iarratais ar phoist, measúnú scileanna agus earcaíocht a bhainistiú níos mó de réir a chéile ar líne trí uirlisí a bhaineann úsáid as na meáin shóisialta, as mórshonraí agus as teicneolaíochtaí eile. Déantar an próiseas chun iarrthóirí á roghnú a bhainistiú le huirlisí agus próisis a lorgaíonn faisnéis maidir le scileanna agus cáilíochtaí a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla.

(20)

Tarlaíonn an fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil i bhfoirmeacha agus i suíomhanna nua faoi láthair agus déanann dreamanna éagsúla soláthróirí iad a thairiscint, go háirithe trí úsáid a bhaint as ardáin agus teicneolaíochtaí digiteacha, cianfhoghlaim, ríomhfhoghlaim, foghlaim idir piaraí, ollchúrsaí oscailte ar líne agus acmhainní oscailte oideachais. Ina theannta sin, déantar scileanna, taithí agus gnóthachtálacha foghlama a aithint i bhfoirmeacha difriúla, mar shampla suaitheantais oscailte digiteacha. Baintear úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha freisin do scileanna a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil amhail obair don óige agus obair dheonach.

(21)

Chun críocha an Chinnidh seo, tuigtear go bhfuil ciall leathan le scileanna, agus go gcumhdaítear iontu a bhfuil ar eolas ag duine, an méid a thuigeann duine agus an méid is féidir leis an duine a dhéanamh. Tagraíonn scileanna do chineálacha éagsúla torthaí foghlama, lena n-áirítear eolas agus inniúlachtaí, chomh maith leis an gcumas an t-eolas a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as saineolas chun tascanna a chur i gcrích agus fadhbanna a réiteach. Chomh maith leis an tábhacht aitheanta atá le scileanna gairmiúla, aithnítear go bhfuil scileanna idirdhisciplíneacha nó scileanna boga, amhail smaointeoireacht chriticiúil, obair foirne, réiteach fadhbanna agus cruthaitheacht, scileanna digiteacha nó teanga, ag éirí níos tábhachtaí agus gur réamhriachtanais thábhachtacha iad don lánsástacht phearsanta agus ghairmiúil agus gur féidir iad a chur i bhfeidhm i réimsí éagsúla. D'fhéadfadh daoine aonair tairbhe a bhaint as uirlisí agus treoir maidir le measúnú agus cur síos a dhéanamh ar na scileanna sin agus scileanna eile.

(22)

Go traidisiúnta chuireadh daoine aonair an fhaisnéis maidir leis na scileanna agus na cáilíochtaí atá sealbhaithe acu i láthair i CV agus i ndoiciméid tacaíochta, amhail teastais nó dioplómaí. Sa lá atá inniu ann, tá uirlisí nua ar fáil a d'fhéadfadh cur i láthair scileanna agus cáilíochtaí a éascú trí úsáid a bhaint as formáidí éagsúla digiteacha agus ar líne. Is féidir leis na huirlisí nua sin tacú le féinmheasúnú a dhéanann daoine aonair ar scileanna a sealbhaíodh i suíomhanna éagsúla.

(23)

Ba cheart don Chreat Europass freagairt do na riachtanais atá ann anois agus a bheidh ann sa todhchaí. Tá gá ag úsáideoirí le huirlisí chun a scileanna agus a gcáilíochtaí a dhoiciméadú. Sa bhreis air sin, is féidir le huirlisí do mheasúnú scileanna agus féinmheasúnú scileanna, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le deiseanna bailíochtaithe agus treoir, a bheith tairbheach agus cinneadh á dhéanamh faoi dheiseanna fostaíochta agus foghlama.

(24)

Ba cheart go ndéanfaí uirlisí Aontais le haghaidh scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú do chleachtais athraitheacha agus do dhul chun cinn sa teicneolaíocht lena áirithiú go bhfanfaidh siad ábhartha agus tairbhiúil d'úsáideoirí. Ba cheart é seo a bhaint amach trí, i measc nithe eile, ghnéithe nuálacha a chruthú, amhail uirlisí, eagarthóireacht agus dearadh doiciméad idirghníomhach, trí fhéachaint lena áirithiú go mbeidh na huirlisí níos cuimsithí, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus trí shimpliú, chomh maith le hinoibritheacht theicniúla mhéadaithe agus sineirgí a bheith ann idir uirlisí gaolmhara, lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt ag tríú tíortha, agus na riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh. Sa bhreis air sin, d'fhéadfaí bearta fíordheimhnithe a úsáid chun tacú le fíorú na ndoiciméad digiteach maidir le scileanna agus cáilíochtaí.

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, creat nua a chur in ionad chreat Europass arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha.

(26)

Ba cheart do chreat Europass nua riachtanais agus ionchais gach úsáideora deiridh aonair a chomhlíonadh, amhail foghlaimeoirí, cuardaitheoirí poist, lena n-áirítear daoine dífhostaithe agus oibrithe, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile, amhail fostóirí (go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide), comhlachais tráchtála, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, oibrithe deonacha, cleachtóirí treorach, seirbhísí poiblí fostaíochta, na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige, soláthróirí oibre don óige, údaráis náisiúnta freagracha agus lucht ceaptha beartas. Ba cheart na riachtanais atá ag náisiúnaithe tríú tír atá ag teacht isteach nó atá ina gcónaí san Aontas a chur san áireamh freisin chun tacú leo imeascadh.

(27)

Ba cheart go bhfabhródh creat Europass chun go bhféadfar cur síos a dhéanamh ar chineálacha éagsúla foghlama agus scileanna agus, go háirithe, iad sin a shealbhaítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil.

(28)

Ba cheart go ndéanfaí creat Europass a fhorbairt trí chur chuige dírithe ar an úsáideoir atá bunaithe ar aiseolas, agus trí bhailiú riachtanas, lena n-áirítear trí shuirbhéanna agus tástáil, agus aird á tabhairt ar na riachtanais ar leith atá ag spriocghrúpaí Europass agus a bheidh acu sa todhchaí. Ba cheart go dtabharfadh tréithe Europass léiriú go háirithe ar thiomantas na mBallstát agus an Aontais chun a áirithiú go bhfuil rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas ar an margadh saothair agus ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide. Ba cheart go mbeadh uirlisí Europass insonraithe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach, agus ar an gcaoi sin a bheith níos inrochtana d'úsáideoirí, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas.

(29)

Ba cheart nuashonruithe agus athruithe ar chreat Europass a dhéanamh i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, amhail seirbhísí fostaíochta, cleachtóirí treorach, soláthróirí oideachais agus oiliúna, na comhpháirtithe sóisialta amhail ceardchumainn agus comhlachais fostóirí, agus lánurraim á tabhairt do chomhar polaitiúil leantach, amhail Próiseas Bologna i Limistéar Eorpach an Ardoideachais. Tá comhar cuiditheach idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ríthábhachtach d'fhorbairt agus do chur chun feidhme rathúil chreat Europass.

(30)

Ba cheart feidhm a bheith ag reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus bearta cur chun feidhme náisiúnta maidir le próiseáil sonraí pearsanta a stóráiltear agus a phróiseáiltear de bhun an Chinnidh seo. Ba cheart go mbeadh féidearthacht ag úsáideoirí an rochtain ar a sonraí pearsanta a shrianadh.

(31)

Ba cheart don rannpháirtíocht sa chreat bheith oscailte do thíortha neamh-AE an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, do thíortha aontacha, do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas, i bhfianaise na spéise fadbhunaithe atá acu san Aontas agus i bhfianaise a gcomhoibrithe fadbhunaithe leis an Aontas sa réimse seo. Ba cheart go mbeadh an rannpháirtíocht i gcomhréir leiforálacha ábhartha sna hionstraimí lena rialaítear an caidreamh idir an tAontas agus na tíortha sin. Ba cheart go dtiocfadh an fhaisnéis faoi scileanna agus cáilíochtaí a chuirtear ar fáil trí chreat Europass ó réimse níos leithne tíortha agus córas oideachais ná díreach na tíortha rannpháirteacha agus ba cheart go mbeadh sí ina léiriú ar an imirce ó agus chuig áiteanna eile ar fud an domhain.

(32)

Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme agus faireachán comhleanúnach ar an gCinneadh seo a áirithiú trí ghrúpa comhairleach Europass atá comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart don ghrúpa comhairleach, go háirithe, cur chuige straitéiseach maidir le cur chun feidhme agus forbairt ar Europass amach anseo a fhorbairt, agus comhairle a thabhairt maidir le forbairt uirlisí gréasáin, lena n-áirítear trí thástáil, agus maidir le faisnéis a chuirtear ar fáil trí ardán ar líne Europass, i gcomhar le grúpaí eile, i gcás inarb iomchuí.

(33)

Cuirtear cómhaoiniú do chur chun feidhme an Chinnidh seo ar fáil, inter alia, trí Chlár an Aontais Erasmus+, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá an coiste, arna chruthú faoin Rialachán sin, páirteach sa phlé straitéiseach ar dhul chun cinn chur chun feidhme Europass agus ar fhorbairtí sa todhchaí.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon creat cuimsitheach agus idir-inoibritheach uirlisí agus faisnéise a bhunú, go háirithe chun críocha fostaíochta trasnáisiúnta agus soghluaisteachta foghlama, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(35)

Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart na hoibleagáidí agus na hualaí riaracháin agus airgeadais ar na Ballstáit a chothromú i ndáil le costais agus sochair.

(36)

Na gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích i gcomhthéacs an Chinnidh seo, ba cheart go dtacófaí leo le saineolas na ngníomhaireachtaí Aontais, go háirithe an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, laistigh dá réimsí inniúlachta.

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE a aisghairm gan dochar do bhailíocht ná do stádas na ndoiciméad Europass a eisíodh roimhe seo. Ba cheart go gcoinneofaí gach teimpléad doiciméid Europass seanbhunaithe laistigh den chreat nua go dtí an tráth a ndéantar na hathruithe nó na nuashonruithe is gá i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Chun aistriú réidh a áirithiú chuig ardán ar líne Europass, ba cheart go leanfaí d'oibriú an chórais faisnéise idirlíon-bhunaithe arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE go dtí go gcuirfear ardán ar líne Europass ar bun agus go mbeidh sé oibríochtúil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an gCinneadh seo creat Eorpach chun tacú le trédhearcacht agus tuiscint scileanna agus cáilíochtaí a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear trí thaithí phraiticiúil, trí shoghluaisteacht agus trí obair dheonach (Europass).

2.   Is é a bheidh in Europass uirlisí gréasán-bhunaithe agus faisnéis infhaighte ábhartha, lena n-áirítear faisnéis chun tacú le gné Eorpach na treorach a chuirtear ar fáil trí ardán ar líne agus a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí náisiúnta atá ceaptha cabhrú le húsáideoirí scileanna agus cáilíochtaí a chur in iúl agus a chur i láthair ar bhealach níos fearr agus comparáid a dhéanamh idir cáilíochtaí.

3.   Beidh Europass spriocdhírithe:

(a)

ar úsáideoirí deiridh aonair, amhail foghlaimeoirí, cuardaitheoirí poist, oibrithe agus oibrithe deonacha, agus

(b)

ar gheallsealbhóirí ábhartha, amhail soláthróirí oideachais agus oiliúna, cleachtóirí treorach, fostóirí, seirbhísí fostaíochta poiblí, na comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí oibre don óige, eagraíochtaí óige agus lucht ceaptha beartas.

4.   Maidir le húsáid Europass, is ar bhonn deonach a dhéanfar í agus ní fhorchuirfidh sí aon oibleagáid, ná ní thabharfaidh sí aon chearta seachas iad sin a shainítear sa Chinneadh seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “forlíonadh teastais” doiciméad i gceangal le teastas gairmoideachais agus oiliúna nó teastas gairmiúil arna eisiúint ag na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla, chun é a dhéanamh níos éasca do thríú daoine — go háirithe i dtír eile — tuiscint a fháil ar na torthaí foghlama a fuair sealbhóir na cáilíochta chomh maith le cineál, leibhéal, comhthéacs, ábhar agus stádas an oideachais agus na hoiliúna a cuireadh i gcrích agus na scileanna a sealbhaíodh;

(b)

ciallaíonn “forlíonadh dioplóma” doiciméad i gceangal le dioplóma ardoideachais arna eisiúint ag údaráis nó comhlachtaí inniúla, chun é a dhéanamh níos éasca do thríú daoine — go háirithe i dtír eile — tuiscint a fháil ar na torthaí foghlama a fuair sealbhóir na cáilíochta chomh maith le cineál, leibhéal, comhthéacs, ábhar agus stádas an oideachais agus na hoiliúna a cuireadh i gcrích agus na scileanna a sealbhaíodh;

(c)

ciallaíonn “forlíontaí Europass” tacar doiciméad, amhail forlíontaí dioplóma agus forlíontaí teastais, arna n-eisiúint ag na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla;

(d)

ciallaíonn “treoir” próiseas leantach a chuireann ar chumas dhaoine aonair a gcumais, a scileanna agus a n-ábhair spéise a shainaithint, trí réimse gníomhaíochtaí aonair agus comhghníomhaíochta chun cinntí oideachais, oiliúna agus gairme a dhéanamh agus bainistiú a dhéanamh ar a gconaire foghlama aonair i suíomhanna foghlama, suíomhanna oibre agus suíomhanna eile ina bhfoghlaimítear nó ina n-úsáidtear na cumais agus na scileanna sin;

(e)

ciallaíonn “gné Eorpach na treorach” comhar agus tacaíocht ar leibhéal an Aontais chun beartais, córais agus cleachtais a threisiú don treoir laistigh den Aontas;

(f)

ciallaíonn “cáilíocht” toradh foirmiúil ar phróiseas measúnaithe agus bailíochtaithe a fhaightear nuair a chinneann údarás nó comhlacht inniúil go bhfuil torthaí foghlama bainte amach ag duine aonair go caighdeáin ar leith;

(g)

ciallaíonn “measúnú scileanna” an próiseas nó an modh a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scileanna daoine aonair a shealbhaítear i suíomhanna foirmiúla, neamhfhoirmiúla nó seachfhoirmiúla, iad a thomhas agus ar deireadh cur síos a dhéanamh orthu, trí fhéinmheasúnú nó trí mheasúnú arna dheimhniú ag tríú páirtí, nó an dá cheann;

(h)

Ciallaíonn “féinmheasúnú scileanna” próiseas machnaimh chórasaigh ag daoine aonair maidir lena scileanna trí thagairt do chur síos seanbhunaithe scileanna;

(i)

ciallaíonn “faisnéis scileanna” anailís chainníochtúil nó cháilíochtúil infhaighte ar shonraí comhiomlánaithe maidir le scileanna ó fhoinsí atá ann cheana i ndáil leis an margadh saothair agus le deiseanna foghlama gaolmhara sa chóras oideachais agus oiliúna lena bhféadfar rannchuidiú le treoir agus comhairleoireacht, le próisis earcaíochta chomh maith leis an rogha conairí oideachais, oiliúna agus gairme;

(j)

ciallaíonn “seirbhísí fíordheimhnithe” próisis theicniúla, amhail sínithe leictreonacha agus fíordheimhniú suíomhanna gréasáin, a chuireann ar chumas úsáideoirí faisnéis, amhail a gcéannacht, a fhíorú trí Europass;

(k)

ciallaíonn “inoibritheacht theicniúil” an cumas atá ag córais um theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide idirghníomhnú chun comhroinnt faisnéise a chumasú, a bhaintear amach trí chomhaontú idir na páirtithe uile agus úinéirí uile na faisnéise;

(l)

ciallaíonn “bailíochtú” próiseas dearbhaithe ag údarás nó comhlacht inniúil go bhfuil torthaí foghlama sealbhaithe ag duine aonair, lena n-áirítear iad siúd a shealbhaítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil arna thomhas i gcomparáid le caighdeán ábhartha agus a bhfuil ceithre chéim ar leith i gceist leis, eadhon sainaithint, doiciméadú, measúnú agus deimhniú ar thorthaí an mheasúnaithe i bhfoirm láncháilíochta, creidmheasanna nó páirtcháilíochta, de réir mar is iomchuí agus ag teacht le himthosca náisiúnta;

(m)

ciallaíonn “caighdeáin oscailte” caighdeáin theicniúla a forbraíodh i bpróiseas comhoibritheach, agus atá foilsithe lena n-úsáid saor in aisce ag páirtí leasmhar ar bith;

(n)

ciallaíonn “ardán ar líne” feidhmchlár gréasán-bhunaithe a sholáthraíonn faisnéis agus uirlisí d'úsáideoirí deiridh agus a chuireann ar a gcumas tascanna sonracha a chur i gcrích ar líne;

(o)

is é is “sonraí pearsanta” ann aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta.

Airteagal 3

Ardán ar líne

1.   Soláthróidh Europass, trí ardán ar líne, na huirlisí gréasán-bhunaithe chun:

(a)

faisnéis phearsanta a dhoiciméadú agus cur síos a dhéanamh air i réimse leathan formáidí, lena n-áirítear teimpléid curriculum vitae (CV);

(b)

scileanna agus cáilíochtaí a sealbhaíodh trí thaithí oibre agus foghlama, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht agus obair go deonach, a dhoiciméadú agus cur síos a dhéanamh orthu;

(c)

mheasúnú scileanna agus féinmheasúnú scileanna;

(d)

na torthaí foghlama cáilíochtaí a dhoiciméadú, lena n-áirítear teimpléid forlíontacha Europass, dá dtagraítear in Airteagal 5.

Ní bheidh aitheantas foirmiúil nó eisiúint cáilíochtaí mar thoradh díreach ar úsáid uirlisí de chuid Europass i gcomhair measúnaithe agus féinmheasúnaithe ar scileanna dá dtagraítear i bpointe (c).

2.   Déanfaidh ardán ar líne Europass faisnéis infhaighte nó naisc chuig faisnéis infhaighte a chur ar fáil maidir leis na topaicí seo a leanas:

(a)

deiseanna foghlama;

(b)

cáilíochtaí agus creata nó córais cáilíochtaí;

(c)

deiseanna chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú;

(d)

cleachtais aitheantais agus reachtaíocht ábhartha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear tríú tíortha;

(e)

seirbhísí a chuireann treoir ar fáil maidir le soghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta agus bainistiú gairme;

(f)

faisnéis scileanna arna táirgeadh ag gníomhaíochtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais laistigh dá réimsí inniúlachta;

(g)

faisnéis faoi scileanna agus cáilíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis na riachtanais ar leith atá ag náisiúnaithe tríú tír atá ag teacht isteach nó atá ina gcónaí san Aontas a chur san áireamh freisin chun tacú leo imeascadh.

Airteagal 4

Príomhphrionsabail agus príomhthréithe

1.   Beidh ardán ar líne agus uirlisí gréasán-bhunaithe Europass, lena n-áirítear a n-inneachar agus a bhfeidhmiúlacht, éasca le húsáid agus slán, agus cuirfear ar fáil saor in aisce do gach úsáideoir iad.

2.   Beidh ardán ar líne agus uirlisí gréasán-bhunaithe Europass, lena n-áirítear a n-inneachar agus a bhfeidhmiúlacht, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a bunaíodh i ndlí ábhartha an Aontais.

3.   Úsáidfidh uirlisí gréasán-bhunaithe Europass caighdeáin oscailte a chuirfear ar fáil saor in aisce, agus ar féidir le Ballstáit agus geallsealbhóirí eile iad a athúsáid ar bhonn deonach.

4.   Déanfaidh uirlisí gréasán-bhunaithe Europass tagairt do EQF i bhfaisnéis maidir le cáilíochtaí, i gcur síos ar chórais oideachais agus oiliúna náisiúnta agus maidir le topaicí ábhartha eile, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta.

5.   Féadfaidh ardán ar líne Europass rogha a áireamh d'úsáideoirí chun sonraí pearsanta, amhail próifíl phearsanta, a stóráil. Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí i ndáil le sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil. Cuirfear roinnt roghanna ar fáil d'úsáideoirí chun go mbeidh siad in ann rochtain ar a gcuid sonraí nó ar airíonna áirithe a shrianadh.

6.   Tacóidh Europass le seirbhísí fíordheimhnithe d'aon doiciméid dhigiteacha nó d'aon léirithe faisnéise maidir le scileanna agus cáilíochtaí.

7.   Déanfar uirlisí gréasán-bhunaithe Europass a sheachadadh i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

8.   Tabharfaidh uirlisí gréasán-bhunaithe Europass tacaíocht le hinoibritheacht theicniúil agus áireofar iontu sineirgí le hionstraimí agus seirbhísí ábhartha eile arna dtairiscint ar leibhéal an Aontais agus i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal náisiúnta.

Airteagal 5

Forlíontaí Europass

1.   I gcomhréir le teimpléid, déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla na forlíontaí Europass a eisiúint. Go háirithe, cloífear le hord gach ítime sna teimpléid, chun sothuigtheacht agus soláthar faisnéise iomlán a áirithiú.

2.   Maidir leis na teimpléid dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún iad a fhorbairt agus, nuair is gá, iad a athbhreithniú, i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí eile amhail An Chomhairle Eorpach agus Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe chun ábharthacht agus inúsáidteacht na bhforlíontaí a áirithiú.

3.   Déanfar forlíonadh Europass a eisiúint saor in aisce, agus i gcás inar féidir é, i bhfoirm leictreonach. Déanfar forlíontaí Europass a eisiúint sa teanga náisiúnta agus, i gcás inar féidir é, i dteanga Eorpach eile.

4.   Ní chuirfear forlíontaí Europass in ionad dioplómaí bunaidh nó teastais bhunaidh ná ní thabharfaidh forlíontaí Europass an ceart go ndéanfadh údaráis nó comhlachtaí inniúla thíortha eile aitheantas foirmiúil a thabhairt don dioplóma nó don teastas bunaidh.

Airteagal 6

Cúraimí an Choimisiúin

1.   Déanfaidh an Coimisiún ardán ar líne Europass a bhainistiú. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

infhaighteacht agus ardchaighdeán faisnéise ar leibhéal an Aontais, nó naisc chuig faisnéis den sórt sin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(2), a áirithiú;

(b)

forbairt, tástáil agus, nuair is gá, nuashonrú ar ardán ar líne Europass, lena n-áirítear caighdeáin oscailte, i gcomhréir le riachtanais úsáideora agus dul chun cinn sa teicneolaíocht chomh maith le hathruithe i margaí saothair agus i soláthar oideachais agus oiliúna;

(c)

a áirithiú go mbeidh sé cothrom le dáta leis na forbairtí teicneolaíochtaí is déanaí atá in ann feabhas a chur ar inrochtaineacht Europass do dhaoine níos sine agus do dhaoine faoi mhíchumas agus, i gcás inarb iomchuí, na forbairtí sin a ionchorprú;

(d)

a áirithiú go dtacaíonn aon fhorbairt nó nuashonrú ar ardán ar líne Europass, lena n-áirítear caighdeáin oscailte, le comhsheasmhacht faisnéise agus go léiríonn sé breisluach follasach;

(e)

a áirithiú go ndéantar aon uirlisí gréasán-bhunaithe, go háirithe uirlisí measúnaithe agus féinmheasúnaithe, a thástáil agus a áirithiú go hiomlán go bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe; agus

(f)

cáilíocht ardán ar líne Europass, lena n-áirítear uirlisí gréasán-bhunaithe, a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar a éifeachtacht i gcomhréir le riachtanais na n-úsáideoirí.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme éifeachtach an Chinnidh seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

a áirithiú go mbeidh na Ballstáit páirteach agus rannpháirteach go gníomhach i bpleanáil straitéiseach, lena n-áirítear cuspóirí straitéiseacha a leagan síos agus a threorú, i ndearbhú cáilíochta agus i maoiniú, agus tabharfaidh sé aird chuí ar sheasaimh na mBallstát;

(b)

a áirithiú go mbeidh na Ballstáit páirteach agus rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt, tástáil, nuashonrú agus meastóireacht ardán ar líne Europass, lena n-áirítear caighdeáin oscailte, agus aird chuí a thabhairt ar sheasaimh na mBallstát;

(c)

a áirithiú, ar leibhéal an Aontais, go bhfuil geallsealbhóirí ábhartha páirteach i gcur chun feidhme an Chinnidh seo agus i meastóireacht a dhéanamh air;

(d)

gníomhaíochtaí foghlama agus malartuithe dea-chleachtais a chur ar bun idir na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, comhairleoireacht piaraí a éascú arna hiarraidh sin ag na Ballstáit; agus

(e)

a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun cinn, le treoir agus le faisnéis atá éifeachtach agus leormhaith ar bun ar leibhéal an Aontais chun dul chomh fada le húsáideoirí agus geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.

Airteagal 7

Cúraimí na mBallstát

1.   Beidh gach Ballstát freagrach as cur chun feidhme an Chinnidh seo ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin na seirbhísí náisiúnta ábhartha agus gan dochar do shocruithe náisiúnta i dtéarmaí cur chun feidhme agus eagraithe. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit:

(a)

comhordú ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme uirlisí gréasán-bhunaithe Europass;

(b)

úsáid Europass a chur chun cinn agus an fheasacht agus an fheiceálacht a bhaineann leis a threisiú;

(c)

faisnéis a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le seirbhísí a thairgeann treoir faoi shoghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta agus faoi bhainistiú gairme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seirbhísí treorach aonair;

(d)

faisnéis maidir le deiseanna foghlama, le cáilíochtaí agus le cleachtais aitheantais a chur ar fáil ar ardán ar líne Europass lena n-áirítear trí naisc chuig suíomhanna gréasán ábhartha náisiúnta;

(e)

páirt a thabhairt do gheallsealbhóirí ó gach earnáil ábhartha, agus comhoibriú a chur chun cinn idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, sna gníomhaíochtaí a thagann faoina bhfreagracht.

2.   Ní chruthóidh an soláthar faisnéise chuig ardán ar líne Europass faoi Airteagal 3(2) aon oibleagáidí bhreise do na Ballstáit.

Airteagal 8

Próiseáil agus cosaint sonraí

Déanfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

Airteagal 9

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn agus maidir leis na forbairtí a bhfuiltear ag súil leo sa todhchaí tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs na gcreataí beartais oideachais, oiliúna agus fostaíochta ábhartha.

2.   Faoin 23 Bealtaine 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chinnidh seo.

3.   Déanfaidh comhlacht neamhspleách an mheastóireacht a chur i gcrích bunaithe ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit.

Airteagal 10

Tíortha rannpháirteacha

1.   Beidh rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chinneadh seo oscailte do bhaill an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nach Ballstáit an Aontais iad, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2.   Beidh rannpháirtíocht oscailte freisin do stáit aontacha, do stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus do stáit is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas i gcomhréir lena gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an Aontas.

Airteagal 11

Forálacha airgeadais

Déanfar cur chun feidhme an Chinnidh seo ar an leibhéal náisiúnta a chómhaoiniú trí chláir Aontais. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 12

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE.

2.   Leanfar d'oibriú chóras faisnéise Idirlíon-bhunaithe Europass arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE go dtí go mbeidh ardán ar líne Europass, arna bhunú leis an gCinneadh seo, curtha ar bun agus go mbeidh sé oibríochtúil.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 173, 31.5.2017, lch. 45.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (IO L 390, 31.12.2004, lch. 6).

(4)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lena n-aisghairtear moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le Creat Eorpach um Cháilíochtaí ar feadh an tsaoil a bhunú (IO C 189, 15.6.2017, lch. 15).

(5)  Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, (IO C 398, 22.12.2012, lch. 1).

(6)  Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 21 Samhain 2008, maidir le treoir ar feadh an tsaoil a chomhtháthú níos fearr le straitéisí foghlama ar feadh an tsaoil (IO C 319, 13.12.2008, lch. 4).

(7)  Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12, lch. 50).

(9)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).