ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
61 |
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 76 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
(1) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
19.3.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2018/409 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2018
lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 agus Airteagal 212 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Is le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (2) a rialaítear an Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (an “Ciste”). |
(2) |
Is le híocaíocht bhliantúil amháin ó bhuiséad ginearálta an Aontais, leis an ús a thugann acmhainní infheistithe an Chiste agus le méideanna a aisghabhtar ó fhéichiúnaithe mainneachtana a mhaoinítear an Ciste. |
(3) |
Ioncam préimhe riosca a ghintear le hoibríochtaí maoiniúcháin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus a thairbhíonn de ráthaíocht bhuiséadach ón Aontas, ba cheart é a íoc leis an gCiste. |
(4) |
I gcás inar mó ná 10 % de dhliteanais chaipitiúla iomlána gan íoc an Aontais é méid an Chiste, ba cheart an barrachas a íoc ar ais chuig buiséad ginearálta an Aontais chun gur fearr a chosnófar buiséad ginearálta an Aontais ar an riosca breise go bhféadfadh oibríochtaí maoiniúcháin BEI a thugann aghaidh ar athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch na ndídeanaithe, na n-imirceach, na bpobal óstach agus idirthurais agus na bpobal tionscnaimh mar aisfhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, go bhféadfaidís mainneachtain. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 mar seo a leanas:
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an fleasc seo a leanas isteach:
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: “Más mó ná 10 % de dhliteanais chaipitiúla iomlána gan íoc an Aontais é méid an Chiste, déanfar an barrachas a íoc ar ais chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Íocfar an barrachas sin in aon idirbheart amháin faoi cheannteideal speisialta sa ráiteas ioncaim i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na bliana n + 1 ar bhonn na difríochta, i ndeireadh bliana n – 1, idir 10 % de mhéid iomlán dhliteanais chaipitiúla an Aontais gan íoc agus luach ghlansócmhainní an Chiste, arna ríomh i dtosach na bliana n.”; |
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Déanfaidh an Coimisiún bainistiú airgeadais an Chiste a chur ar iontaoibh BEI. Faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bainistiú airgeadais shócmhainní an Chiste agus an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur ar iontaoibh an Choimisiúin, BIE, nó teaglaim den phéire, ag cur i gcuntas na critéir theicniúla agus institiúideacha ábhartha a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir seirbhísí bainistithe sócmhainne, lena n-áirítear an bonneagar teicniúil, comparáid na gcostas i leith na seirbhísí a thugtar, leagan amach institiúideach, tuairisciú, feidhmíocht, cuntasacht agus saineolas gach institiúide agus na sainorduithe eile do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le bainistiú sócmhainní. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an meastóireacht.”; |
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí tuarascáil bhliantúil ar bhainistiú an Chiste le linn na bliana féilire roimhe sin. Sa tuarascáil bhliantúil, beidh cur i láthair ar staid airgeadais an Chiste agus faisnéis maidir lena fheidhmiú ag deireadh na bliana féilire roimhe sin, sreabha airgeadais mar aon leis na hidirbhearta móra a rinneadh agus aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na cuntais airgeadais, amhail faisnéis mhionsonraithe faoi chaipiteal gan íoc iasachtaí ráthaithe nó sócmhainní an Chiste le linn na bliana féilire roimhe sin, chomh maith le conclúidí agus ceachtanna a foghlaimíodh. Beidh sa tuarascáil freisin faisnéis faoi bhainistiú airgeadais, feidhmíocht agus riosca an Chiste i ndeireadh na bliana féilire roimhe sin. Amhail ó 2019, agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin, aireofar inti freisin measúnú ar leordhóthanacht na sprice 9 % agus na tairsí 10 % don Chiste, amhail dá dtagraítear sa dara agus sa tríú mír d'Airteagal 3 faoi seach.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Márta 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2018.
(2) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 an 25 Bealtaine 2009 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
TREORACHA
19.3.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
3 |
TREOIR (AE) 2018/410 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2018
lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaíodh córas le haghaidh trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. |
(2) |
Thug an Chomhairle Eorpach gealltanas i mí Dheireadh Fómhair 2014 laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ar an iomlán, faoi bhun leibhéil 1990, faoin mbliain 2030. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach agus tá an sprioc le bheith bainte amach ar an mbealach is costéifeachtaí trí chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (“EU ETS”) arb ionann agus laghdú 43 % faoi bhun leibhéil 2005 a chur i gcrích faoin mbliain 2030. Dearbhaíodh an méid sin sa ghealltanas beartaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit maidir le hastaíochtaí a laghdú, arna chinneadh go náisiúnta, ar gealltanas é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) an 6 Márta 2015. |
(3) |
Tháinig Comhaontú Pháras, arna ghlacadh an 12 Nollaig 2015 faoi UNFCCC, (“Comhaontú Pháras”) i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. D'aontaigh na Páirtithe freisin go ndéanfaidh siad breithniú go tréimhsiúil ar chur chun feidhme Chomhaontú Pháras chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn comhchoiteann i dtreo cuspóir Chomhaontú Pháras agus a chuid spriocanna fadtéarmacha a bhaint amach. |
(4) |
I gcomhréir leis an ngealltanas ó na comhreachtóirí, arna léiriú i dTreoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Gheall an tAontas agus a Bhallstáit, faoi Chomhaontú Pháras, sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú a bheidh infheidhme ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh. Bhunaigh IMO próiseas chun go nglacfar in 2018 straitéis tosaigh maidir le hastaíochtaí a laghdú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó loingseoireacht idirnáisiúnta a laghdú. Caithfear glacadh go práinneach le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú mar chuid den straitéis tosaigh sin agus is den tábhacht é sin lena áirithiú go gcuirfidh loingseoireacht idirnáisiúnta a cion féin leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun go mbainfí amach an cuspóir go mór faoi bhun 2 °C a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh air sin, agus ba cheart dó tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta in IMO maidir le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú agus maidir le bearta tionlacain chun a áirithiú go gcuireann an earnáil go cuí leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Ba cheart tús a chur le gníomhaíocht ó IMO nó ón Aontas ón mbliain 2023 ar aghaidh, lena n-áirítear an réamhobair maidir le glacadh agus le cur chun feidhme agus aird chuí a thugann na geallsealbhóirí go léir. |
(5) |
Dhearbhaigh Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2014 ina conclúidí gur EU ETS dea-fheidhmiúil athchóirithe, ag a mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, a bheidh mar phríomhionstraim ag an Eoraip chun an sprioc maidir le laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach ag a mbeidh gné laghdaithe bhliantúil de 2,2 % ó 2021 ar aghaidh. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin nach rachaidh saor-leithdháileadh in éag agus go gcoinneofar bearta atá ann cheana i ndiaidh 2020 chun an riosca maidir le sceitheadh carbóin de thoradh ar bheartas aeráide a chosc, fad nach ngabhfar iarrachtaí inchomparáide de láimh i mórgheilleagair eile, gan an sciar lamháltas atá le cur ar ceant a bheith laghdaithe. Ba cheart an sciar a chuirfear ar ceant a shloinneadh mar fhigiúr céatadáin i dTreoir 2003/87/CE chun an chinnteacht pleanála a fheabhsú i ndáil le cinntí infheistíochta, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun go mbeidh an córas foriomlán níos simplí agus níos sothuigthe. |
(6) |
Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é Aontas Fuinnimh buanseasmhach a bhunú chun go mbeidh fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne ag a shaoránaigh agus ag a thionscail. Chun an méid sin a bhaint amach is gá leanúint de ghníomhú uaillmhianach ar son na haeráide ina mbeidh EU ETS mar bhunchloch do bheartas aeráide an Aontais, agus is gá freisin dul chun cinn a dhéanamh ar na gnéithe eile den Aontas Fuinnimh. Tríd an sprioc uaillmhianach a cinneadh i gcreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh a chur chun feidhme, cuidítear le praghas fóinteach carbóin a chur ar fáil agus le leanúint le laghduithe costéifeachtacha in astaíochtaí gás ceaptha teasa a spreagadh. |
(7) |
Ceanglaítear le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh beartas an Aontais bunaithe ar an bprionsabal a éilíonn gur cheart d'údar an truaillithe íoc as, agus, ar an mbonn sin, foráiltear le Treoir 2003/87/CE go n-aistreofar chuig ceantáil iomlán le himeacht ama. Má dhéantar sceitheadh carbóin a sheachaint, tugtar údar maith le ceantáil iomlán a chur ar atráth go sealadach, agus tugtar údar maith freisin le saor-leithdháileadh spriocdhírithe lamháltas a dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar fhíor-rioscaí maidir le méaduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtríú tíortha nach bhfuil an earnáil tionsclaíochta faoi réir srianta inchomparáide maidir le carbón iontu, fad nach ngabhfar bearta beartais aeráide inchomparáide de láimh i mórgheilleagair eile. |
(8) |
Is é lamháltais a chur ar ceant an riail ghinearálta agus is eisceacht é saor-leithdháileadh i gcónaí. Sonraítear sa Mheasúnú Tionchair ón gCoimisiún gurb ionann an sciar lamháltas sin atá le cur ar ceant agus 57 % thar an tréimhse ó 2013 go 2020. I bprionsabal, ba cheart don sciar sin a bheith fós ag 57 %. Tá an sciar sin comhdhéanta de lamháltais a cuireadh ar ceant thar ceann na mBallstát, lena n-áirítear lamháltais a cuireadh i leataobh le haghaidh iontrálaithe nua ach nár leithdháileadh, lamháltais chun giniúint leictreachais a nuachóiriú i roinnt Ballstát agus lamháltais atá le cur ar ceant tráth níos déanaí toisc gur cuireadh isteach i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh iad, ar cúlchiste é a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart a áireamh sa sciar sin 75 milliún lamháltas a úsáidtear chun tacú le nuálaíocht. I gcás ina mbeidh gá le fachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach roimh 2030, de bharr an éilimh ar shaorlamháltais, ba cheart an sciar lamháltas sin atá le cur ar ceant thar an tréimhse deich mbliana dar tús an 1 Eanáir 2021 a laghdú suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas. Chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc, ba cheart 10 % de na lamháltais a chuirfidh na Ballstáit ar ceant a dháileadh ar na Ballstáit sin nár sháraigh a n-olltáirgeadh intíre (OTI) per capita de réir margadhphraghsanna 90 % de mheán an Aontais in 2013, agus ba cheart an chuid eile de na lamháltais a dháileadh ar na Ballstáit go léir ar bhonn na n-astaíochtaí fíoraithe. Maidir leis an maolú i ndáil leis an dáileadh sin sa tréimhse ó 2013 go 2020 i gcás Ballstáit áirithe ag a bhfuil meánleibhéal ioncaim per capita atá os cionn 20 % de mheán an Aontais, ba cheart dó dul in éag. |
(9) |
Agus aitheantas á thabhairt acu don idirghníomhaíocht idir beartais aeráide ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit lamháltais a chealú ón méid atá acu ar ceant i gcás ina ndúntar áiseanna giniúna leictreachais ina gcríoch féin. D'fhonn intuarthacht a áirithiú d'oibreoirí agus do rannpháirtithe sa mhargadh i dtaca le líon na lamháltas ar ceant a bheidh ar fáil, ba cheart an fhéidearthacht lamháltais a chealú i gcásanna den sórt sin a bheith teoranta do líon a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse cúig bliana roimh a dúnadh. |
(10) |
Chun tairbhe chomhshaoil na laghduithe astaíochtaí a chaomhnú san Aontas, fad nach gcuirfidh gníomhaíochtaí ó thríú tíortha eile dreasachtaí inchomparáide ar fáil don earnáil tionsclaíochta chun astaíochtaí a laghdú, ba cheart leanúint den saor-leithdháileadh idirthréimhseach ar shuiteálacha in earnálacha agus fo-earnálacha a bhfuil fíor-riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Leis an taithí a fuarthas le linn oibriú EU ETS, dearbhaíodh go bhfuil earnálacha agus fo-earnálacha ann a bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo, bíodh nach ionann an riosca sin ó cheann go chéile acu, agus go gcoisctear sceitheadh carbóin tríd an saor-leithdháileadh. Cé gur féidir a mheas go bhfuil riosca sceitheadh carbóin níos mó ag roinnt le roinnt earnálacha agus fo-earnálacha, tá cinn eile in ann cion suntasach de chostais na lamháltas a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí lena gcuid astaíochtaí a chumhdach, i gcaoi nach gcaillfidh siad a sciar den mhargadh agus nach bhfulaingeoidh siad ach an chuid atá fágtha de na costais i gcaoi nach mbeidh ach leibhéal íseal riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Ba cheart don Choimisiún na hearnálacha ábhartha a chinneadh agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu ar bhonn dhéine a gcuid trádála agus dhéine a gcuid astaíochtaí ionas gur fearr a fhéadfar earnálacha a bhfuil fíor-riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo a shainaithint. Cé gur cheart measúnú ar earnálacha agus ar fho-earnálacha a dhéanamh ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), ba cheart a bheith ag súil freisin le himthosca sonracha ina bhfhéadfaidh sé a bheith iomchuí an fhéidearthacht a bheith ar fáil measúnú a iarraidh ar leibhéal 6-dhigit nó 8-ndigit (Prodcom). Ba cheart d'fhéidearthacht den sórt sin a bheith ann i gcás inar measadh roimhe sin go raibh earnálacha agus fo-earnálacha neamhchosanta ar sceitheadh carbóin ar leibhéal 6-dhigit nó 8-ndigit (Prodcom), toisc go gcuimsíonn cóid NACE áirithe, go háirithe na cóid sin a chríochnaíonn ar .99, gníomhaíochtaí ilchineálacha “nach n-aicmítear in aon áit eile” (“n.e.c.”). I gcás ina mbeidh earnáil nó fo-earnáil faoi réir thagarmharc na scaglann agus tagarmharc táirge eile, ba cheart an méid sin a thabhairt ar aird ionas gur féidir, i gcás inarb ábhartha, anailís cháilíochtúil a dhéanamh ar riosca sceitheadh carbóin chun cothroime iomaíochta a áirithiú do tháirgí a tháirgtear i scaglanna agus i ngléasraí ceimiceacha araon. Más rud é, ar bhonn chritéir na déine trádála agus na déine astaíochtaí, go sáraítear tairseach arna chinneadh tríd an bhféidearthacht faoi seach a chur san áireamh lenar féidir earnálacha agus fo-earnálacha lena mbaineann costais a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí, ba cheart a mheas go bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil sin. Maidir le hearnálacha agus fo-earnálacha eile, ba cheart a mheas go bhfuil riosca íseal sceitheadh carbóin ag roinnt leo nó nach bhfuil riosca ar bith ag roinnt leo. Ba cheart laghdú a dhéanamh ar bhrabúis amhantair freisin dá gcuirfí san áireamh na féidearthachtaí atá ag earnálacha agus fo-earnálacha atá lasmuigh de réimse na giniúna leictreachais costais a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí. Mura gcinntear a mhalairt in athbhreithniú de bhun Airteagal 30 de Threoir 2003/87/CE, saor-leithdháiltí d'earnálacha agus d'fho-earnálacha a meastar go bhfuil riosca íseal sceitheadh carbóin ag roinnt leo nó nach bhfuil riosca ar bith ag roinnt leo, cé is moite de théamh ceantair, ba cheart iad a laghdú de réir méideanna cothroma tar éis 2026 ionas nach mbeidh saor-leithdháileadh ar bith ann in 2030. |
(11) |
Maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh saor-leithdháileadh is infheidhme amhail ó 2013 ar aghaidh, ba cheart iad a athbhreithniú d'fhonn brabúis amhantair a sheachaint agus d'fhonn léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn teicneolaíochta sna hearnálacha lena mbaineann sa tréimhse idir 2007-2008 agus gach tréimhse ina dhiaidh sin dá gcinntear saor-leithdháiltí i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE. D'fhonn an dul chun cinn teicneolaíochta a léiriú sna hearnálacha lena mbaineann agus d'fhonn na luachanna tagarmhairc a oiriúnú do thréimhse ábhartha an leithdháilte, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh saor-leithdháiltí ar shuiteálacha, arna gcinneadh ar bhonn sonraí ó na blianta 2007 agus 2008, ar sonraí iad a thabharfar cothrom le dáta i gcomhréir leis an bhfeabhsú breathnaithe. Ar chúiseanna intuarthachta, ba cheart an méid sin a dhéanamh trí chur i bhfeidhm an fhachtóra lena léirítear an measúnú is fearr ar an dul chun cinn atá déanta ar fud na n-earnálacha agus ba cheart sonraí stóinsithe, oibiachtúla, fíoraithe ó shuiteálacha a chur san áireamh ina dhiaidh sin, agus meánfheidhmíocht 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla á cur san áireamh, ionas go léireofar an ráta iarbhír an fheabhsaithe leis na luachanna tagarmhairc. I gcás ina léiríonn na sonraí laghdú bliantúil níos lú ná 0,2 % nó níos mó ná 1,6 % de luach 2007-2008 thar an tréimhse ábhartha, ba cheart an luach tagarmhairc gaolmhar a choigeartú le rátaí seachas rátaí iarbhír an fheabhsaithe d'fhonn dreasachtaí laghdaithe astaíochtaí a chaomhnú agus an nuálaíocht a chúiteamh mar is cuí. Don tréimhse ó 2021 go 2025, ba cheart na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú i leith gach bliana idir 2008 agus lár na tréimhse ó 2021 go 2025 le 0,2 % nó le 1,6 %, rud a d'fhágfadh feabhas 3 % nó 24 % faoi seach i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020. Don tréimhse ó 2026 go 2030, ba cheart na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú ar an mbealach céanna, rud a d'fhágfadh feabhas 4 % nó 32 % faoi seach i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020. D'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú maidir le táirgeadh cumhránaic, hidrigine agus gáis shintéisigh i scaglanna agus i ngléasraí ceimiceacha, ba cheart leanúint de na luachanna tagarmhairc maidir le cumhránaic, hidrigin agus gás sintéiseach a ailíniú le tagarmharcanna na scaglann. |
(12) |
Ba cheart leibhéal an saor-leithdháilte ar shuiteálacha a ailíniú níos fearr lena leibhéil iarbhír táirgeachta. Chuige sin, ba cheart na leithdháiltí a choigeartú go tréimhsiúil ar bhealach siméadrach chun arduithe agus laghduithe táirgeachta ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart na sonraí a úsáidtear sa chomhthéacs sin a bheith iomlán, comhsheasmhach, fíoraithe ar bhonn neamhspleách agus ba cheart dóibh an t-ardleibhéal céanna cruinnis agus cáilíochta a bhaint amach agus a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun an saor-leithdháileadh a chinneadh. Chun cosc a chur ar chúbláil nó ar mhí-úsáid an chórais le haghaidh coigeartuithe ar leithdháiltí agus chun aon ualach riaracháin míchuí a sheachaint, ag féachaint don sprioc-am a bhaineann le fógra a thabhairt faoi athruithe i dtáirgeadh, agus á thabhairt ar aird gur gá a áirithiú go ndéanfar na hathruithe ar na leithdháiltí ar bhealach éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus aonfhoirmeach, ba cheart an tairseach ábhartha a leagan ag 15 % agus ba cheart é a mheas ar bhonn mheán rollach dhá bhliain. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a mhachnamh a dhéanamh faoi bhearta breise atá le cur ar bun, amhail tairsí iomlánacha a úsáid i ndáil leis na hathruithe ar leithdháiltí, nó i ndáil leis an sprioc-am a bhaineann le fógra a thabhairt faoi athruithe i dtáirgeadh. |
(13) |
Na suiteálacha áirithe sin in earnálacha nó fo-earnálacha ar cinneadh ina leith go bhfuil riosca suntasach sceitheadh carbóin ag roinnt leo de bharr costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, bheadh sé inmhianta go ndéanfadh na Ballstáit iad a chúiteamh go páirteach, i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus d'áireofaí leis, inter alia, an leictreachais a ídíonn na suiteálacha iad féin agus a tháirgtear trí dhóchán dramhghás. Trí iarracht a dhéanamh úsáid a bhaint as céatadán nach mó ná 25 % den ioncam a fhaightear ón gceantáil lamháltas le haghaidh cúiteamh ar chostais indíreacha, is dócha go ndéanfaidh na Ballstáit baint amach chuspóirí EU ETS a éascú agus sláine an mhargaidh inmheánaigh agus na gcoinníollacha iomaíochta a chaomhnú. Chun trédhearcacht a fheabhsú i dtaca leis an méid a chuirtear cúiteamh den sórt sin ar fáil, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú go rialta don phobal maidir leis na bearta atá i bhfeidhm acu agus maidir le tairbhithe an chúitimh, agus á áirithiú ag an am céanna go ndéanfar cineál rúnda faisnéise áirithe agus na hábhair imní maidir le cosaint sonraí a bhaineann leis sin a chur san áireamh. I gcás ina n-úsáideann Ballstát líon suntasach dá ioncam ceantála chun costais indíreacha a chúiteamh, is mó an bonn atá ann na cúiseanna a bhaineann leis an gcinneadh sin a chur ar fáil go poiblí. Nuair a dhéanfaidh sé a threoirlínte Státchabhrach maidir le cúiteamh le haghaidh costais astaíochtaí indíreacha a athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún a bhreithniú, inter alia, a áisiúla atá na huasteorainneacha ar an gcúiteamh a dheonaíonn na Ballstáit. Ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú a dhéanfar ar Threoir 2003/87/CE a éifeachtaí a bhí na bearta airgeadais sin chun rioscaí suntasacha maidir le sceitheadh carbóin i ngeall ar chostais indíreacha a sheachaint agus ba cheart machnamh a dhéanamh freisin faoin bhféidearthacht atá ann comhchuibhiú breise a dhéanamh ar na bearta, lena n-áirítear sásra comhchuibhithe. Beidh ról tábhachtach i gcónaí ag an earnáil phoiblí ó 2020 ar aghaidh chun acmhainní a shlógadh don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart leas a bhaint as ioncam ceantála chun gníomhaíochtaí aeráide i dtríú tíortha leochaileacha a mhaoiniú, go háirithe sna Tíortha is Lú Forbairt, lena n-áirítear oiriúnú a dhéanamh d'iarmhairtí an athraithe aeráide, inter alia tríd an gCiste Glas don Aeráid de chuid UNFCCC. An méid maoinithe a shlógfar don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, braithfidh sé ar a uaillmhianaí a bheidh na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta, agus ar a gcáilíocht freisin, ar na pleananna infheistíochta dá éis sin agus ar na próisis maidir le pleanáil oiriúnaithe náisiúnta. Maidir leis na hiarmhairtí sóisialta a d'fhéadfadh a bheith ag na beartais agus na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo, ba cheart do na Ballstáit an t-ioncam ceantála a úsáid chun cur leis an aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin trí fhoirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn san agallamh sóisialta leis na comhphobail agus leis na réigiúin a ndéanann an t-aistriú post difear dóibh. |
(14) |
Is í an phríomhdhreasacht fhadtéarmach a eascraíonn as Treoir 2003/87/CE le haghaidh CO2 a ghabháil agus a stóráil (“CCS”), le haghaidh nuatheicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus i bpróisis ísealcharbóin, lena n-áirítear gabháil agus úsáid carbóin ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil (“CCU”), an comhartha faoi phraghas an charbóin a chruthaíonn sí agus gurb amhlaidh nach gá lamháltais a thabhairt suas de dhroim astaíochtaí CO2 a sheachnaítear nó a stóráiltear ar bhonn buan. Ina theannta sin, d'fhonn na hacmhainní atáthar a úsáid cheana a fhorlíonadh chun léiriú saoráidí tráchtála CCS agus teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite a luathú, ba cheart lamháltais a úsáid chun luach saothair ráthaithe a chur ar fáil le haghaidh shaoráidí CCS nó CCU, le haghaidh nuatheicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus nuálaíocht thionsclaíoch i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus próisis ísealcharbóin san Aontas do CO2 a stóráiltear nó a seachnaítear ar scála dóthanach, ar choinníoll go bhfuil comhaontú maidir le comhroinnt eolais ar bun. De bhreis ar 400 milliún lamháltas a cuireadh ar fáil i dtús báire don tréimhse ó 2021 ar aghaidh, ba cheart ioncam ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil don tréimhse ó 2013 go 2020 nach bhfuil geallta do ghníomhaíochtaí nuálaíochta go fóill a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, agus ba cheart é a úsáid ar bhealach tráthúil chun tacú le nuálaíocht. Ag brath ar a mhéid a laghdófar an sciar lamháltas atá le cur ar ceant chun nach gá fachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart líon na lamháltas a bheidh ar fáil faoin gciste seo a mhéadú faoi suas le 50 milliún lamháltas. Ba cheart formhór na tacaíochta sin a bheith ag brath ar sheachaint fhíoraithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, ag an am céanna, ba cheart é a bheith indéanta roinnt tacaíochta a thabhairt tráth a shroichtear garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh chomh maith le cúinsí sonracha na hearnála ina ndéantar í a úsáid. Ba cheart na garspriocanna a shainiú ionas go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil don tionscadal. An céatadán uasta de chostais na dtionscadal a mbeidh tacaíocht le fáil acu, is féidir sin athrú de réir chatagóir an tionscadail. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar thionscadail a mbeidh tionchar suntasach acu ó thaobh na nuálaíochta de ar fud an Aontais. |
(15) |
Bhí OTI per capita de réir margadhphraghsanna níos lú ná 60 % de mheán an Aontais ag an nGréig in 2014 ach ní tairbhí den Chiste don Nuachóiriú í, agus mar sin ba cheart di a bheith in ann lamháltais a éileamh chun dícharbónú sholáthar leictreachais na n-oileán laistigh dá críoch a chómhaoiniú. Ba cheart do na lamháltais sin teacht ó uasmhéid na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE nach leithdháiltear saor in aisce faoin 31 Nollaig 2020, agus ba cheart na lamháltais sin a chur ar ceant i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir leis an gCiste don Nuachóiriú. |
(16) |
Ba cheart Ciste don Nuachóiriú a bhunú as 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas, agus iad a chur ar ceant i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh ceantanna arna ndéanamh ar an gComhardán Ceantála a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún (8). Ag brath ar a mhéid a laghdófar an sciar lamháltas atá le cur ar ceant chun nach gá fachtóir ceartúcháin trasearnála a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart líon na lamháltas a bheidh ar fáil faoin gCiste don Nuachóiriú a mhéadú faoi suas le 0,5 % de chainníocht iomlán na lamháltas. Na Ballstáit sin a raibh OTI per capita acu in 2013 de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais, ba cheart dóibh a bheith incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste don Nuachóiriú agus in ann maolú, go dtí 2030, ó phrionsabal na ceantála iomláine le haghaidh giniúint leictreachais, trí úsáid a bhaint as an rogha maidir le saor-leithdháileadh ionas gur féidir infheistíochtaí réadacha a chur chun cinn lena n-earnáil fuinnimh a nuachóiriú, agus saobhadh sa mhargadh inmheánach fuinnimh a sheachaint ag an am céanna. D'fhéadfaí infheistíochtaí i leictriúchán iompair, iompar de bhóthar go háirithe, a áireamh ar na hinfheistíochtaí faoin gCiste don Nuachóiriú lena ndírítear ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Ba cheart, trí na rialacha lena rialaítear an Ciste don Nuachóiriú, creat comhleanúnach cuimsitheach trédhearcach a chur ar fáil chun an cur chun feidhme is éifeachtaí is féidir a áirithiú, agus an gá atá ag na rannpháirtithe ar fad le rochtain éasca á chur san áireamh, chomh maith leis na féidearthachtaí infheistíochtaí a ghiaráil sna Ballstáit. Ba cheart don struchtúr rialachais a bheith ag teacht leis an gcuspóir lena n-áirithítear go mbainfear úsáid iomchuí as na cistí. Ba cheart coiste infheistíochta a bheith mar chuid den struchtúr rialachais sin, agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar shaineolas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) sa phróiseas cinnteoireachta ach amháin má chuirtear tacaíocht ar fáil do thionscadail ar mhionscála trí iasachtaí ó bhanc náisiúnta spreagtha nó trí dheontais trí chlár náisiúnta ag a bhfuil na cuspóirí céanna leis an gCiste don Nuachóiriú. D'fhonn aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a nochtadh, ba cheart comhdhéanamh an choiste infheistíochta, curricula vitae a chomhaltaí agus a ndearbhú leasanna a fhoilsiú agus a thabhairt chun dáta go rialta. D'fhonn a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar is cuí ar riachtanais infheistíochta i mBallstáit íseal-ioncaim, ba cheart na cistí don Chiste don Nuachóiriú a dháileadh ar na Ballstáit bunaithe ar chritéir chomhcheangailte de sciar 50 % d'astaíochtaí fíoraithe agus de sciar 50 % de OTI. D'fhéadfaí an cúnamh airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú a sholáthar i bhfhoirmeacha éagsúla. Chun acmhainní a ghiaráil agus chun a áirithiú go mbeidh tionchar níos mó ag infheistíochtaí ábhartha, saorlamháltais chun giniúint leictreachais a nuachóiriú i roinnt Ballstát agus na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste don Nuachóiriú le haghaidh infheistíochtaí nach bhfuil ar liosta na réimsí tosaíochta, ba cheart iad a chomhlánú le hacmhainní ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, agus d'fhéadfaí acmhainní ar leithligh ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, atá go hiomlán nó i bpáirt faoi úinéireacht údarás poiblí, a áireamh orthu sin. |
(17) |
Chun go ndéanfar na sásraí cistiúcháin a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a bhaineann lena gcur chun feidhme a íoslaghdú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit lena mbaineann leas a bhaint as a sciar den 10 % de lamháltais athdháilte agus den saor-leithdháileadh idirthréimhseach chun nuachóiriú a dhéanamh ar an earnáil fuinnimh faoi fhorálacha an Chiste don Nuachóiriú. Chun intuarthacht agus trédhearcacht a áirithiú i ndáil le méideanna na lamháltas atá ar fáil le haghaidh ceantála nó le haghaidh an tsaor-leithdháilte idirthréimhsigh, agus i ndáil leis na sócmhainní a bhainistítear leis an gCiste don Nuachóiriú, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin rún atá acu a n-acmhainní a mhéadú faoin gCiste don Nuachóiriú roimh 2021. |
(18) |
Dheimhnigh Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2014 gur cheart leanúint leis an rogha saor-leithdháileadh a thabhairt don earnáil fuinnimh go dtí 2030 agus gur cheart feabhas a chur ar na rialacha mionsonraithe, lena n-áirítear trédhearcacht, a bhaineann leis an saor-leithdháileadh roghnach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú i mBallstáit ar leith. Maidir le hinfheistíochtaí ag a bhfuil luach EUR 12,5 mhilliún nó os a chionn, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann iad a roghnú trí phróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn rialacha soiléire agus trédhearcacha d'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear saor-leithdháileadh chun infheistíochtaí réadacha a chur chun cinn lena ndéantar an earnáil fuinnimh a nuachóiriú nó a éagsúlú i gcomhréir le cuspóirí an Aontais Fuinnimh. Maidir le hinfheistíochtaí ag a bhfuil luach faoi bhun EUR 12,5 milliún, ba cheart iad a bheith incháilithe do chistiú ón saor-leithdháileadh freisin. Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann infheistíochtaí den sórt sin a roghnú ar bhonn critéir atá soiléir agus trédhearcach. Ba cheart torthaí an phróisis roghnúcháin sin a bheith faoi réir comhairliúchán poiblí. Ba cheart an pobal a choimeád ar an eolas go cuí ag an gcéim ina roghnaítear na tionscadail infheistíochta agus ag an gcéim ina gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart infheistíochtaí a chomhlánú le hacmhainní ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, agus d'fhéadfaí acmhainní ar leithligh ó eintitis dhlíthiúla phríobháideacha, atá go hiomlán nó i bpáirt faoi úinéireacht údarás poiblí, a áireamh orthu sin. |
(19) |
Ba cheart an cistiú ó EU ETS a bheith i gcomhréir le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras, chomh maith le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, chun éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a áirithiú. |
(20) |
Leis na forálacha atá i bhfeidhm cheana chun suiteálacha beaga a eisiamh ó EU ETS, féadfaidh na suiteálacha sin atá eisiata leanúint de bheith eisiata, agus ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a liosta de na suiteálacha eisiata a nuashonrú agus an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit nach mbaineann úsáid as an rogha sin faoi láthair an nuashonrú sin a dhéanamh ag tús gach tréimhse leithdháilte. Ag an am céanna, d'fhonn ualach riaracháin míchuí a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann suiteálacha a astaíonn níos lú ná 2 500 tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin i ngach ceann de na trí bliana roimh thús gach tréimhse leithdháilte, agus cúlaonaid nó aonaid chúltaca a oibríonn níos lú ná 300 uair i ngach bliain den tréimhse trí bliana sin a eisiamh ó EU ETS. Ba cheart leanúint den fhéidearthacht gníomhaíochtaí breise agus gáis bhreise a chur san áireamh sa chóras, gan iad a mheas mar iontrálaithe nua. Ba cheart don fhéidearthacht sin gníomhaíochtaí breise agus gáis bhreise a chur san áireamh tar éis 2020 a bheith gan dochar do chainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi EU ETS agus na méideanna a fhaightear as. |
(21) |
Le Treoir 2003/87/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt maidir lena cur chun feidhme ar bhonn ceistneoir nó achoimre a dhréachtaíonn an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 91/692/CEE ón gComhairle (9). Mhol an Coimisiún na ceanglais tuairiscithe faoi Threoir 91/692/CEE a aisghairm. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt don nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE a chur in ionad na tagartha do Threoir 91/692/CEE. |
(22) |
Le Cinneadh (AE) 2015/1814, bunaítear cúlchiste cobhsaíochta margaidh do EU ETS chun an soláthar ceant a dhéanamh níos solúbtha agus an córas a dhéanamh níos athléimní. Foráiltear leis an gCinneadh sin freisin, maidir le lamháltais nach leithdháiltear ar iontrálaithe nua faoi 2020 agus nach leithdháiltear de thoradh ar scoir de ghníomhaíocht go hiomlán nó scor páirteach, go gcuirfear i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh iad. |
(23) |
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh EU ETS dea-fheidhmiúil athchóirithe ann, ag a mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, chun go mbainfidh an tAontas an sprioc a comhaontaíodh do 2030 amach agus chun go gcomhlíonfaidh sé na gealltanais faoi Chomhaontú Pháras. Chun aghaidh a thabhairt ar an míchothromaíocht atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh, bunófar cúlchiste cobhsaíochta margaidh faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 in 2018 a bheidh feidhmiúil ó 2019 i leith. I bhfianaise an ghá atá le comhartha inchreidte infheistíochta a léiriú maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus d'fhonn EU ETS a neartú, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú chun go méadófar, go dtí an 31 Nollaig 2023, na rátaí céatadáin lena gcinntear líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain. Ina theannta sin, mar bheart fadtéarmach chun feabhas a chur ar fheidhmiú EU ETS, mura rud é go gcinnfear a mhalairt nuair a dhéanfar an chéad athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2015/1814, ó 2023 ar aghaidh níor cheart do lamháltas a choinnítear sa chúlchiste os cionn líon iomlán na lamháltas a cuireadh ar ceant i rith na bliana roimhe sin a bheith bailí a thuilleadh. Ba cheart a mheas freisin sna hathbhreithnithe rialta ar fheidhmiú an chúlchiste ar cheart na rátaí méadaithe sin a choinneáil. |
(24) |
Ba cheart Treoir 2003/87/CE a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus i bhfianaise na n-iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Na bearta a thacaíonn le tionscail áirithe dianfhuinnimh a d'fhéadfadh a bheith faoi réir an sceite carbóin dá dtagraítear in Airteagal 10a agus in Airteagal 10b de Threoir 2003/87/CE, ba cheart iad a choinneáil faoi athbhreithniú freisin i bhfianaise bearta beartais aeráide i mórgheilleagair eile. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfaí a mheas san athbhreithniú ar Threoir 2003/87/CE más iomchuí coigeartuithe teorann carbóin nó bearta malartacha a chur in ionad na mbeart atá ann faoi láthair chun cosc a chur ar sceitheadh carbóin, nó iad a leasú nó a chomhlánú leo sin, ar choinníoll go mbeadh bearta den sórt sin ag teacht go hiomlán le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ionas go n-áiritheofaí in EU ETS allmhaireoirí táirgí arna dtáirgeadh ag na hearnálacha nó fo-earnálacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 10a de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs gach stocáireamh domhanda arna chomhaontú faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá beartais agus bearta an Aontais, lena n-áirítear EU ETS, a dhéanamh níos déine, i bhfianaise na laghduithe nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh maidir le gás ceaptha teasa. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle chun Treoir 2003/87/CE a leasú i gcás inarb iomchuí. Mar chuid den tuairisciú rialta uaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar thoradh Idirphlé Éascaitheach 2018 faoi UNFCCC (idirphlé Talanoa). |
(25) |
D'fhonn gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe i ngníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hAirteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), le hAirteagal 22, le hAirteagal 24(3), le hAirteagal 24a(1) agus le hAirteagal 25a(1) agus le hAirteagal 28c de Threoir 2003/87/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Maidir leis an tarmligean i dtaca le hAirteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE, na Ballstáit sin nach n-úsáideann an t-ardán coiteann le haghaidh ceantála, ba cheart dóibh bheith in ann leanúint ar aghaidh gan déanamh amhlaidh. Ina theannta sin, níor cheart don tarmligean sin difear a dhéanamh do cheart na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an úsáid a bhaintear as a n-ioncam ceantála. |
(26) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an tríú fomhír go dtí an séú fomhír d'Airteagal 10a(2), Airteagal 10a(21), Airteagal 10d, Airteagal 14(1) agus (2), Airteagal 15 agus Airteagal 16 agus Airteagal 21(1) de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
(27) |
Chun an cumhachtú a thugtar don Choimisiún a íoslaghdú, ba cheart na cumhachtaí atá aige cheana i ndáil le gníomhartha a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas a chúlgairm: oibriú an chúlchiste speisialta in Airteagal 3f(9) de Threoir 2003/87/CE, cainníochtaí creidmheasanna idirnáisiúnta le haghaidh malartú a shonrú tuilleadh agus cainníochtaí creidmheasanna idirnáisiúnta a fhéadfar a mhalartú in Airteagal 11a(8) den Treoir sin a shannadh, caighdeáin bhreise faoin méid a fhéadfar a mhalartú in Airteagal 11a(9) den Treoir sin a leagan síos, agus rialacha breise faoi chomhaireamh dúbailte in Airteagal 11b(7) den Treoir sin a leagan síos. Leanann gníomhartha arna nglacadh de bhun na bhforálacha sin d'fheidhm a bheith acu. |
(28) |
Maidir le gníomhartha a ghlactar de bhun Threoir 2003/87/CE maidir le hábhair a ndeonaíonn an Treoir seo cumhacht ina leith don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, leanann siad d'fheidhm a bheith acu go dtí go n-aisghairfear iad nó go dtí go leasófar iad. I gcás Chinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún (13), déanfar an colún deireanach d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis a aisghairm más rud é go nglacfaidh agus nuair a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun na luachanna athbhreithnithe tagarmhairc le haghaidh saor-leithdháilte a chinneadh. Chun intuarthacht a mhéadú agus chun na próisis riaracháin a shimpliú, ba cheart do Chinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (14) leanúint d'fheidhm a bheith aige go dtí deireadh 2020. |
(29) |
Maidir leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Treoir seo, go háirithe i ndáil leis na forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh agus maidir le Clárlann an Aontais, ba cheart é a bheith mar aidhm acu rialacha a shimpliú agus aon ualach riaracháin a laghdú a mhéid is féidir, gan an bonn a bhaint de shláine comhshaoil, de shlándáil ná d'iontaofacht EU ETS. Agus na gníomhartha sin á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go háirithe ar éifeachtacht na rialacha faireacháin simplithe, lena n-áirítear i gcás aonaid éigeandála agus chúltaca giniúna leictreachais, agus na huaireanta oibríochta in aghaidh na bliana á gcur san áireamh, agus i gcás astaírí beaga eile, agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh freisin ar na féidearthachtaí maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar rialacha den sórt sin. |
(30) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (15), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur. |
(31) |
Féachtar leis an Treoir seo cur leis an gcuspóir lena gcinnteofar ardleibhéal cosanta comhshaoil, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le forbairt inbhuanaithe, a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh an gheilleagair de agus, ag an am céanna, am leordhóthanach a thabhairt do shuiteálacha chun iad féin a oiriúnú agus lena gcuirfear cóireáil níos fabhraí ar fáil, ar bhealach comhréireach, do dhaoine a ndéanann sé difear ar leith dóibh, i gcomhréir, a mhéid agus is féidir, le cuspóirí na Treorach seo. |
(32) |
Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(33) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE
Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:
(1) |
Ar fud na Treorach, cuirtear “EU ETS” in ionad an téarma “scéim an Chomhphobail” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(2) |
Ar fud na Treorach, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (1) den Airteagal seo, in Airteagal 26 den Treoir seo agus i bpointe (5) de Chuid A d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear “córas” in ionad an fhocail “scéim” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(3) |
Ar fud na Treorach, seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (1) den Airteagal seo agus in Airteagal 26 den Treoir seo, cuirtear “Aontas” in ionad an fhocail “Comhphobal” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(4) |
Ar fud na Treorach, cuirtear “nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2)” in ionad na bhfocal “nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)”. |
(5) |
Sa chéad fhomhír d'Airteagal 3c(2) agus in Airteagal 10(1a), cuirtear tagairt do “Airteagal 13” in ionad na tagartha do “Airteagal 13(1)”. |
(6) |
In Airteagal 3g, i bpointe (d) den chéad mhír d'Airteagal 5, i bpointe (c) d'Airteagal 6(2), sa dara fomhír d'Airteagal 10a(2), in Airteagal 14(2), (3) agus (4), in Airteagal 19(1) agus (4), sa chéad fhomhír d'Airteagal 24(3) agus in Airteagal 29a(4), cuirtear “gníomhartha” in ionad an fhocail “rialachán” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá. |
(7) |
In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
|
(8) |
In Airteagal 3d(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na socruithe mionsonraithe i ndáil le lamháltais eitlíochta a bheith á gcur ar ceant ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo nó le hAirteagal 3f(8). Maidir le líon na lamháltas a bheidh le cur ar ceant i ngach tréimhse ag gach Ballstát, beidh an líon sin comhréireach le sciar an Bhallstáit d'iomlán na n-astaíochtaí eitlíochta a luaitear leis na Ballstáit go léir don bhliain tagartha a thuairiscítear de bhun Airteagal 14(3) agus a fhíoraítear de bhun Airteagal 15. Don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3c(1), is é 2010 an bhliain tagartha, agus do gach tréimhse ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 3c, is í an bhliain tagartha a bheidh ann an bhliain féilire dar críoch 24 mhí roimh thús na tréimhse lena mbaineann an ceant. Áiritheofar, leis na gníomhartha tarmligthe, go n-urramófar na prionsabail a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 10(4).”. |
(9) |
In Airteagal 3f, scriostar mír 9. |
(10) |
In Airteagal 6(1), scriostar an tríú fomhír. |
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Comhordú le Treoir 2010/75/AE Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh suiteálacha gníomhaíochtaí a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), go ndéanfar na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le heisiúint cead astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhordú leis na coinníollacha agus leis an nós imeachta maidir le heisiúint ceada dá bhforáiltear sa Treoir sin. Féadfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 den Treoir seo a chomhthátú sna nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2010/75/AE. (*1) Treoir 2010/75/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite arthruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).”." |
(12) |
In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír: “Ag tosú in 2021, is é 2,2 % a bheidh mar fhachtóir líneach.”. |
(13) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(14) |
Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:
|
(15) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10b agus Airteagal 10c: “Airteagal 10b Bearta idirthréimhseacha chun tacú le tionscail áirithe dianfhuinnimh i gcás sceitheadh carbóin a bheith ann 1. Earnálacha agus fo-earnálacha ar ina leith is mó ná 0,2 an toradh a fhaightear tar éis déine a gcuid trádála le tríú tíortha, arna sainmhíniú amhail an cóimheas idir luach iomlán na n-onnmhairithe chuig tríú tíortha móide luach na n-allmhairí ó thríú tíortha agus méid iomlán an mhargaidh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an láimhdeachas bliantúil móide iomlán na n-allmhairí ó thríú tíortha), a iolrú faoi dhéine a gcuid astaíochtaí, arna dtomhas in kgCO2, arna roinnt ar a n-oll-bhreisluach (in euro), measfar go bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo. Leithdháilfear lamháltais saor in aisce ar earnálacha agus fo-earnálacha den sórt sin don tréimhse go dtí 2030 de réir 100 % den chainníocht a chinntear de bhun Airteagal 10a. 2. Earnálacha agus fo-earnálacha ar ina leith is mó ná 0,15 an toradh a fhaightear tar éis déine a gcuid trádála le tríú tíortha a iolrú faoi dhéine a gcuid astaíochtaí, féadfar iad a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1, agus leas á bhaint as sonraí do na blianta ó 2014 go 2016, ar bhonn measúnú cáilíochtúil a dhéanamh agus ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
3. Earnálacha agus fo-earnálacha nach sáraíonn an tairseach dá dtagraítear i mír 1, ach ag a mbeidh déine astaíochtaí a thomhaistear in kgCO2, arna roinnt ar a n-ollbhreisluach (in euro), atá níos mó ná 1,5, déanfar na hearnálacha agus na fo-earnálacha sin a mheasúnú freisin ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4). Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin ar fáil don phobal. Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na hearnálacha agus na fo-earnálacha dá dtagraítear san fhomhír sin iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun go ndéanfadh sé measúnú cáilíochtúil ar a neamhchosaint ar sceitheadh carbóin ag leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) nó measúnú ar bhonn an aicmithe earraí a úsáidtear le haghaidh staidreamh maidir le táirgeadh tionsclaíoch san Aontas ar leibhéal 8-dhigit (Prodcom). Chuige sin, tíolacfaidh earnálacha agus fo-earnálacha sonraí a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán agus a bheidh fíoraithe go neamhspleách chun go bhféadfaidh an Coimisiún an measúnú a dhéanamh agus freastal ar an iarratas. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), féadfar í a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2. I gcás ina roghnóidh earnáil nó fo-earnáil go ndéanfar measúnú uirthi ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), áireofar í sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go sáraítear, ar an leibhéal sin, an tairseach de 0,2 dá dtagraítear i mír 1. Earnálacha agus fo-earnálacha a ndéantar saor-leithdháileadh a ríomh ar bhonn na luachanna tagarmhairc dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 10a(2), féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar measúnú orthu i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo. De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a iarraidh, faoin 30 Meitheamh 2018, go mbeartófar go ndéanfar earnáil nó fo-earnáil, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún (*6) i leith aicmithe ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom), a áireamh sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfar aon iarraidh den sórt sin a mheas ach amháin i gcás ina suífidh an Ballstát iarrthach go mbeidh bonn cirt le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin ar bhonn sonraí a sholáthróidh an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann, ar sonraí iad a mbeidh bunús cuí leo agus a bheidh iomlán, fíoraithe agus iniúchta do na cúig bliana is déanaí, agus go n-áireoidh sé san iarratas an fhaisnéis uile a bheidh ábhartha. Ar bhonn na sonraí sin, áireofar an earnáil nó an fho-earnáil lena mbaineann i leith na n-aicmithe sin i gcás ina léirítear ina leith, laistigh de chód ilchineálach leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4), go bhfuil déine trádála agus déine astaíochtaí aici, ar leibhéal 6-dhigit nó ar leibhéal 8-ndigit (Prodcom) atá i bhfad níos airde agus lena sáraítear an tairseach a leagtar amach i mír 1. 4. Meastar go bhfuil earnálacha agus fo-earnálacha eile in ann níos mó de chostais na lamháltas a thabhairt ar aghaidh i bpraghsanna táirgí, agus leithdháilfear lamháltais saor in aisce orthu de réir 30 % den cháilíocht a chinntear de bhun Airteagal 10a. Mura gcinntear a mhalairt san athbhreithniú de bhun Airteagal 30, saor-leithdháiltí d'earnálacha agus d'fho-earnálacha eile, cé is moite de théamh ceantair, laghdófar iad de réir méideanna cothroma tar éis 2026 ionas nach mbeidh saor-leithdháileadh ar bith ann in 2030. 5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, faoin 31 Nollaig 2019, i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a meastar a bhfuil riosca sceitheadh carbóin ag roinnt leo, amhail dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, i dtaca le gníomhaíochtaí ar leibhéal 4-dhigit (cód NACE-4) a mhéid a bhaineann le mír 1 den Airteagal seo, bunaithe ar na sonraí do na trí bliana féilire is déanaí a chur ar fáil. Airteagal 10c Rogha le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú 1. De mhaolú ar Airteagal 10a(1) go (5), maidir leis na Ballstáit ina raibh OTI per capita in 2013 de réir margadhphraghsanna (in euro) atá faoi bhun 60 % de mheán an Aontais, féadfaidh siad saor-leithdháileadh idirthréimhseach a thabhairt do shuiteálacha chun leictreachas a ghiniúint d'fhonn an earnáil fuinnimh a nuachóiriú agus a éagsúlú, agus d'fhonn í a chlaochlú ar bhonn inbhuanaithe. Na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht, beidh siad ag teacht leis an aistriú chuig geilleagar sábháilte, inbhuanaithe ísealcharbóin, le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Tiocfaidh deireadh leis an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo an 31 Nollaig 2030. 2. Eagróidh an Ballstát lena mbaineann próiseas tairisceana iomaíoch, a chuirfear ar bun idir 2021 agus 2030 agus ina mbeidh babhta amháin nó níos mó i gceist leis, le haghaidh tionscadail lena mbaineann infheistíocht de mhéid iomlán is mó ná EUR 12,5 milliún, chun na hinfheistíochtaí atá le maoiniú trí shaor-leithdháileadh a roghnú. Leis an bpróiseas tairisceana iomaíoch sin:
De mhaolú ar Airteagal 10(1), agus gan dochar d'abairt deiridh mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar infheistíocht a roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch a chur ar ceal nó nach mbaintear amach an fheidhmíocht atá beartaithe, féadfar na lamháltais arna gcur in áirithe a úsáid trí aon bhabhta breise amháin den phróiseas tairisceana iomaíoch aon bhliain amháin ina dhiaidh sin, ar a luaithe, chun infheistíochtaí eile a mhaoiniú. Faoin 30 Meitheamh 2019, maidir le haon Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige úsáid a bhaint as saor-leithdháileadh idirthréimhseach roghnach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú, foilseoidh sé creat náisiúnta mionsonraithe ina leagfar amach an próiseas tairisceana iomaíoch, lena n-áirítear an méid babhtaí a bheartaítear dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus na critéir roghnúcháin chun go ndéanfadh an pobal trácht air. I gcás infheistíochtaí a bhfuil a luach níos lú ná EUR 12,5 milliún atá le tacú le saor-leithdháileadh agus nach roghnaítear trí phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear sa mhír seo a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát na tionscadail a roghnú ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Foilseofar torthaí an phróisis roghnúcháin sin chun go ndéanfadh an pobal trácht orthu. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, faoin 30 Meitheamh 2019, liosta infheistíochtaí a bhunú agus a fhoilsiú agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é. I gcás ina ndéantar níos mó ná infheistíocht amháin laistigh den suiteáil chéanna, déanfar iad a mheas ina n-iomláine chun a fháil amach cé acu a sháraítear nó nach sáraítear an luach tairsí de EUR 12,5 milliún, mura rud é go bhfuil na hinfheistíochtaí sin, ar bhealach neamhspleách, inmharthana go teicniúil nó ó thaobh an airgeadais de. 3. Beidh luach na n-infheistíochtaí beartaithe ar a laghad comhionann le margadhluach an tsaor-leithdháilte, agus an gá le teorainn a chur le méaduithe ar phraghsanna atá nasctha go díreach á chur san áireamh ag an am céanna. Is ionann an margadhluach agus meán phraghas na lamháltas ar an gcomhardán ceantála sa bhliain féilire roimhe sin. Féadfar suas go dtí 70 % de chostais ábhartha infheistíochta a thacú trí leas a bhaint as an saor-leithdháileadh, ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú. 4. Déanfar saor-leithdháiltí idirthréimhseacha a bhaint as cainníocht na lamháltas a chuirfeadh an Ballstát ar ceant thairis sin. Ní mó an saor-leithdháileadh iomlán ná 40 % de na lamháltais a gheobhaidh an Ballstát lena mbaineann, de bhun Airteagal 10(2)(a), sa tréimhse ó 2021 go 2030, arna leathadh amach i méideanna bliantúla comhionanna thar an tréimhse sin. 5. I gcás ina n-úsáidfidh Ballstát, de bhun Airteagal 10d(4), lamháltais a dháiltear chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aontas i gcomhréir le Airteagal 10(2)(b) féadfaidh an Ballstát sin, de mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, cainníocht iomlán, suas go dtí 60 % de na lamháltais a fhaightear sa tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Airteagal 10(2)(a), a úsáid le haghaidh saor-leithdháileadh idirthréimhseach, agus leas á bhaint as méid comhfhreagrach de na lamháltais a dháiltear i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(b). Aon lamháltais nach leithdháilfear faoin Airteagal seo faoi 2020, féadfar iad a leithdháileadh thar an tréimhse ó 2021 go 2030 d'infheistíochtaí a roghnaítear tríd an bpróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2, mura rud é go gcuireann an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún faoin 30 Meán Fómhair 2019 go bhfuil rún aige gan cuid de na lamháltais sin, nó na lamháltais go léir, a leithdháileadh thar an tréimhse ó 2021 go 2030 agus go gcuireann sé an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid na lamháltas a bheidh le cur ar ceant ina ionad sin in 2020. I gcás ina leithdháiltear lamháltas den sórt sin thar an tréimhse ó 2021 go 2030, cuirfear méid comhfhreagrach lamháltas san áireamh le haghaidh theorainn 60 %, a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, a chur i bhfeidhm. 6. Déanfar leithdháiltí ar oibreoirí tar éis a léiriú go ndearnadh infheistíocht arna roghnú i gcomhréir le rialacha an phróisis tairisceana iomaíoch. Más rud é go mbeidh acmhainn bhreise giniúna leictreachais ann mar thoradh ar infheistíocht, léireoidh an t-oibreoir lena mbaineann, freisin, go ndearna sé, nó go ndearna oibreoir comhlachaithe eile, méid comhfhreagrach de chumas giniúna leictreachais a bhfuil déine a chuid astaíochtaí níos airde, a dhíchoimisiúnú faoin am a gcuirtear tús le hoibriú an chumais bhreise. 7. Ceanglóidh na Ballstáit ar ghineadóirí leictreachais agus ar oibreoirí líonra is tairbhithe tuarascáil a thabhairt, faoin 28 Feabhra gach bliain, maidir le cur chun feidhme a n-infheistíochtaí roghnaithe, lena n-áirítear iarmhéid an tsaor-leithdháilte agus an chaiteachais infheistíochta a tabhaíodh agus na cineálacha infheistíochtaí a dtacaítear leo. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis sin, agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil don phobal. (*6) Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).”." |
(16) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 10d Ciste don Nuachóiriú 1. Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe, lena n-áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, sna Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadh phraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013 (an “Ciste don Nuachóiriú”) don tréimhse ó 2021 go 2030. Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10. Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, agus le cuspóirí chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha, cé is moite de théamh ceantair éifeachtúil, inbhuanaithe i mBallstáit a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna atá faoi bhun 30 % de mheán an Aontais in 2013, ar choinníoll go ndéantar méid lamháltas ar luach coibhéiseach ar a laghad a úsáid le haghaidh infheistíochtaí faoi Airteagal 10c nach mbaineann breoslaí iontaise soladacha leo. 2. Déanfar ar a laghad 70 % de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí i nginiúint agus in úsáid leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, cé is moite den éifeachtúlacht fuinnimh maidir le giniúint fuinnimh lena n-úsáidtear breoslaí iontaise soladacha, i stóráil fuinnimh agus chun i nuachóiriú na líonraí fuinnimh, lena n-áirítear píblínte téimh cheantair, eangaigh le haghaidh leictreachas a tharchur agus méadú a dhéanamh ar na hidirnaisc idir na Ballstáit, mar aon le tacú le haistriú cóir i réigiúin, sna mBallstát is tairbhí, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibreoirí, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus an t-agallamh ar bun leis na comhpháirtithe sóisialta. Infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola, beidh siadsan incháilithe freisin. 3. Is faoi fhreagracht na mBallstát is tairbhithe a bheidh an Ciste don Nuachóiriú ag feidhmiú. Áiritheoidh BEI go gcuirfear na lamháltais ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos in Airteagal 10(4) agus is é a bheidh freagrach as an ioncam a bhainistiú. Déanfaidh BEI an t-ioncam a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit nuair a dhéanann an Coimisiún cinneadh maidir le heisíocaíocht, más rud é go mbíonn an t-eisíoc sin le haghaidh infheistíochtaí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo nó, i gcás nach dtagann na hinfheistíochtaí faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo, más rud é go mbíonn an t-eisíoc i gcomhréir le moltaí an choiste infheistíochta. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh sin go tráthúil. Dáilfear an t-ioncam ar na Ballstáit agus de réir na sciartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IIb, i gcomhréir le mír 6 go mír 12 den Airteagal seo. 4. Féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann úsáid a bhaint as an saor-leithdháileadh iomlán a dheonaítear de bhun Airteagal 10c(4), nó cuid den leithdháileadh sin, agus méid na lamháltas a dháiltear chun críocha na dlúthpháirtíochta, an fháis agus idirnasc laistigh den Aonta, i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(b), nó cuid den méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 10d, chun tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí faoi chuimsiú an Chiste don Nuachóiriú, agus ar an gcaoi sin méadófar na hacmhainní a dháiltear ar an mBallstát sin. Faoin 30 Meán Fómhair 2019, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi mhéideanna na lamháltas, faoi seach, a úsáidfear faoi Airteagal 10(2)(b), faoi Airteagal 10c agus faoi Airteagal 10d. 5. Bunaítear leis seo coiste infheistíochta don Chiste don Nuachóiriú. Ar an gcoiste infheistíochta beidh ionadaí ó gach Ballstát is tairbhí, ón gCoimisiún agus ó BEI, agus trí ionadaí arna dtoghadh ag na Ballstáit eile go ceann tréimhse cúig bliana. Is é an t-ionadaí ón gCoimisiún a bheidh mar chathaoirleach air. Féadfaidh ionadaí amháin ó gach Ballstát, nach comhalta den choiste infheistíochta é, freastal ar chruinnithe an choiste i gcáil breathnóra. Feidhmeoidh an coiste infheistíochta ar bhealach trédhearcach. Déanfar comhdhéanamh an choiste infheistíochta agus curricula vitae agus dearbhuithe leasanna a chomhaltaí a chur ar fáil don phobal agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta. 6. Sula gcinneann Ballstát is tairbhí infheistíocht a mhaoiniú óna sciar féin den Chiste don Nuachóiriú, cuirfidh sé an tionscadal infheistíochta faoi bhráid an choiste infheistíochta agus faoi bhráid BEI. I gcás ina ndeimhneoidh BEI go dtagann an infheistíocht faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh chun an tionscadal infheistíochta a mhaoiniú óna sciar féin. I gcás nach dtagann infheistíocht i nuachóiriú na gcóras fuinnimh, a bhfuil sé beartaithe í a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú, faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, déanfaidh an coiste infheistíochta inmharthanacht theicniúil agus airgeadais na hinfheistíochta sin a mheas, lena n-áirítear an laghdú astaíochtaí a bhaineann sí amach, agus eiseoidh sé moladh maidir leis an infheistíocht a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú. Áiritheoidh an coiste infheistíochta go mbainfear amach feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le laghdú ar astaíochtaí le haon infheistíocht a bhaineann le téamh ceantair. Féadfar moltaí maidir le hionstraimí iomchuí maoiniúcháin a áireamh ar an moladh sin. Féadfar suas le 70 % de chostais ábhartha infheistíochta nach dtagann faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 a thacú le hacmhainní ón gCiste don Nuachóiriú ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú. 7. Féachfaidh an coiste infheistíochta lena chuid moltaí a ghlacadh de chomhthoil. Mura bhfuil an coiste infheistíochta in ann cinneadh a dhéanamh trí chomhthoil laistigh de spriocdháta arna shocrú ag an gcathaoirleach, déanfaidh sé an cinneadh sin trí thromlach simplí. Mura dtacóidh ionadaí ó BEI le hinfheistíocht a mhaoiniú, ní ghlacfar moladh ach amháin má vótálann tromlach dhá thrian de na comhaltaí ar fad ina fhabhar. Ní bheidh ionadaí an Bhallstáit ina ndéanfar an infheistíocht ná an t-ionadaí ó BEI i dteideal vóta a chaitheamh sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le tionscadail ar mhionscála arna gcistiú trí iasachtaí arna soláthar ag banc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó trí dheontais lena gcuirtear le cur chun feidhme cláir náisiúnta a mbeidh cuspóirí sonracha ag baint leis i gcomhréir le cuspóirí an Chiste don Nuachóiriú, ar choinníoll nach n-úsáidtear níos mó ná 10 % de sciar na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IIb faoin gclár. 8. Gníomh ar bith nó moladh ar bith ó BEI nó ón gcoiste infheistíochta a dhéanfar de bhun mhír 6 agus mhír 7, déanfar iad go tráthúil agus luafar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Cuirfear gníomhartha agus moltaí den sórt sin ar fáil go poiblí. 9. Is iad na Ballstáit is tairbhithe a bheidh freagrach as obair leantach a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na dtionscadal a roghnaítear. 10 Tabharfaidh na Ballstáit is tairbhithe tuarascáil bhliantúil don Choimisiún maidir le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an gCiste don Nuachóiriú. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí agus beidh na nithe seo a leanas mar chuid di:
11. Tabharfaidh an coiste infheistíochta tuarascáil don Choimisiún gach bliain ar an taithí a fuair sé i dtaca le hinfheistíochtaí a mheas. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na réimsí a bhaineann leis na tionscadail dá dtagraítear i mír 2, agus torthaí an choiste infheistíochta á gcur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an mbunús atá le moltaí an choiste infheistíochta. 12. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an Chiste don Nuachóiriú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”. |
(17) |
In Airteagal 11(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Déanfar liosta de shuiteálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo do na cúig bliana dar tús an 1 Eanáir 2021 a thíolacadh faoin 30 Meán Fómhair 2019, agus déanfar liostaí do gach tréimhse cúig bliana dá éis a thíolacadh gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Cuirfear faisnéis san áireamh i ngach liosta maidir le gníomhaíocht táirgthe, aistrithe teasa agus gás, táirgeadh leictreachais agus astaíochtaí ar leibhéal na foshuiteála thar na cúig bliana féilire roimh a thíolacadh. Ní thabharfar saor-leithdháiltí ach do shuiteálacha a soláthraítear an fhaisnéis sin ina leith.”. |
(18) |
In Airteagal 11a, scriostar mír 8 agus mír 9. |
(19) |
In Airteagal 11b, scriostar mír 7. |
(20) |
In Airteagal 12(4), cuirtear na habairtí seo a leanas leis: “I gcás ina ndúntar acmhainn giniúna leictreachais ina gcríoch féin mar gheall ar bhearta náisiúnta eile, féadfaidh Ballstáit lamháltais a chealú ó chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant acu dá dtagraítear in Airteagal 10(2) suas go méid a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse cúig bliana sular dúnadh iad. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4).”. |
(21) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: “Airteagal 13 Bailíocht na lamháltas Beidh lamháltais a eisítear ón 1 Eanáir 2013 ar aghaidh bailí thar thréimhse éiginnte. Cuirfear san áireamh i lamháltais a eiseofar ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh táscaire lena léirítear cé acu an tréimhse 10 mbliana dar tús an 1 Eanáir 2021 inar eisíodh iad, agus beidh siad bailí d'astaíochtaí ón gcéad bhliain den tréimhse ar aghaidh.”. |
(22) |
In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, i ndáil leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí tona-ciliméadair chun críche iarratas faoi Airteagal 3e nó Airteagal 3f, agus an t-iarratas sin bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin acmhainneacht téite domhanda gach gáis ceaptha teasa a shainiú freisin sna riachtanais a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí don ghás sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”. |
(23) |
In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír: “Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le fíorú na dtuarascálacha ar astaíochtaí bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus chun na fíoraitheoirí a chreidiúnú agus a mhaoirsiú. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin maidir le fíorú na dtuarascálacha arna gcur isteach ag oibreoirí aerárthaí de bhun Airteagal 14(3) agus maidir le hiarratais faoi Airteagal 3e agus Airteagal 3f, lena n-áirítear na nósanna imeachta fíorúcháin a bheidh le húsáid ag fíoraitheoirí. Saineoidh sé na coinníollacha maidir le creidiúnú agus maidir le creidiúnú a tharraingt siar, maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht phiaraí ar chomhlachtaí creidiúnúcháin, de réir mar is iomchuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”. |
(24) |
In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12: “12. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).”. |
(25) |
In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na ceanglais uile is gá agus a bhaineann le Clárlann an Aontais, don tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2013 agus do thréimhsí ina dhiaidh sin, a leagan síos i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil eilimintí sonraí coiteanna chun eisiúint, sealbhú, aistriú agus cur ar ceal lamháltas a rianú, de réir mar is infheidhme, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rochtain phoiblí agus rúndacht, de réir mar is iomchuí. Cuirfear forálacha san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin, freisin, chun rialacha a chur i bhfeidhm maidir le haitheantas frithpháirteach lamháltas i gcomhaontuithe chun córais trádála astaíochtaí a nascadh.”. |
(26) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
(27) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22: “Airteagal 22 Leasuithe ar na hIarscríbhinní Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú, i gcás inarb iomchuí, cé is moite d'Iarscríbhinn I, d'Iarscríbhinn IIa agus d'Iarscríbhinn IIb, i bhfianaise na dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus i bhfianaise na taithí a fhaightear agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm. Féadfar Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a leasú chun feabhas a chur ar an bhfaireachán, ar an tuairisciú agus ar an bhfíorú a dhéantar ar astaíochtaí.”. |
(28) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 22a Nós imeachta coiste 1. Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*7) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13)." (*8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”." |
(29) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: “Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 8 Aibreán 2018. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*9). 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
(30) |
Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
(31) |
Leasaítear Airteagal 24a mar a leanas:
|
(32) |
In Airteagal 25, scriostar mír 25. |
(33) |
In Airteagal 25a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhír agus an dara fomhír: “I gcás ina nglacann tríú tír bearta chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar ar an athrú aeráide a bhíonn ag eitiltí a imíonn ón tír sin agus a thuirlingíonn san Aontas, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tríú tír sin, agus le Ballstáit laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22a(1), na roghanna atá ar fáil a mheas chun an idirghníomhaíocht is mó a chinntiú idir EU ETS agus bearta na tíre sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun foráil a dhéanamh chun na heitiltí a thagann ón tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó chun foráil a dhéanamh maidir le haon leasuithe eile ar na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a cheanglaítear le comhaontú arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach amháin iad siúd a bhaineann le raon feidhme.”. |
(34) |
In Airteagal 27(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Fanfaidh suiteáil ar bith den sórt sin in EU ETS go dtí deireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(1) ar lena linn a tugadh isteach an athuair í.”. |
(35) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 27a Eisiamh roghnach suiteálacha a astaíonn níos lú ná 2 500 tona 1. Féadfaidh na Ballstáit suiteálacha a eisiamh ó EU ETS, ar suiteálacha iad a thuairiscigh d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gur astaíodh coibhéis dé-ocsáid charbóin dar luach níos lú ná 2 500 tona, gan aird a thabhairt ar astaíochtaí bithmhaise, i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a), ar choinníoll go ndéanann an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas go léir:
2. I gcás ina gcuirtear suiteáil ar ais in EU ETS de bhun phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, deonófar aon lamháltas a leithdháiltear de bhun Airteagal 10a agus tosófar leis sin an bhliain ina ndéantar í a chur ar ais. Bainfear na lamháltais a leithdháiltear do shuiteáil den sórt sin ón méid a bheidh le cur ar ceant de bhun Airteagal 10(2) ag an mBallstát ina bhfuil an tsuiteáil bunaithe. 3. Féadfaidh Ballstáit cúlaonaid nó aonaid chúltaca a eisiamh ó EU ETS freisin mura raibh siad ag obair níos mó ná 300 uair in aghaidh na bliana i ngach ceann de na trí bliana roimh an bhfógra faoi phointe (a) de mhír 1, faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach i mír 1 agus i mír 2.”. |
(36) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28c: “Airteagal 28c Forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh chun críche an bhirt atá bunaithe ar an margadh domhanda Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí ar mhaithe le beart ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ar gach bealach taistil a chuimsítear leis an mbeart sin. Bunófar na gníomhartha tarmligthe sin ar ionstraimí ábhartha a ghlactar in ICAO, seachnófar leo aon saobhadh ar an iomaíochas agus beidh siad comhsheasmhach leis na prionsabail atá sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14(1), agus áiritheofar leo go ndéanfar na tuarascálacha astaíochtaí a thíolactar a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 15.”. |
(37) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: “Airteagal 30 Athbhreithniú i bhfianaise Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus i bhfianaise margaí carbóin a fhorbairt i mórgheilleagair eile 1. Coinneofar an Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise imeachtaí idirnáisiúnta agus i bhfianaise an mhéid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach. 2. Coinneofar faoi athbhreithniú freisin na bearta a thacaíonn le tionscail áirithe dianfhuinnimh a d'fhéadfadh bheith faoi réir an sceitheadh carbóin dá dtagraítear in Airteagal 10a agus in Airteagal 10b, i bhfianaise bearta beartais aeráide i mórgheilleagair eile. Sa chomhthéacs seo, measfaidh an Coimisiún ar chóir bearta eile a chomhchuibhiú tuilleadh maidir le costais neamhdhíreacha a chúiteamh. 3. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle mar gheall ar gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe i dtaca leis an ngá atá le breis beartas agus beart ón Aontas ag féachaint do na laghduithe nach mór don Aontas agus do na Ballstát a dhéanamh maidir le gás ceaptha teasa, lena n-áirítear i dtaca leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Treoir seo a leasú i gcás inarb iomchuí. 4. Roimh an 1 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún anailís nuashonraithe i láthair ar éifeachtaí na heitlíochta nach éifeachtaí a bhaineann le CO2 iad, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.”. |
(38) |
In Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis an mBeilg, leis an Iodáil, le Lucsamburg agus leis an tSualainn. |
(39) |
Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. |
(40) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814
Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2015/1814 mar a leanas:
(1) |
Sa chéad fhomhír de mhír 5, cuirtear an abairt seo a leanas léi: “De mhaolú ar an gcéad abairt agus an dara habairt, déanfar na céatadáin agus na 100 milliún lamháltas dá dtagraítear sna habairtí sin a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2023.”. |
(2) |
Cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “5a. Mura rud é go gcinnfear a mhalairt sa chéad athbhreithniú arna dhéanamh i gcomhréir le Airteagal 3, ní bheidh lamháltas a choinnítear sa chúlchiste os cionn líon iomlán na lamháltas a cuireadh ar ceant i rith na bliana roimhe sin bailí a thuilleadh ó 2023.”. |
Airteagal 3
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 9 Deireadh Fómhair 2019. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun na hoibleagáidí um fhoilsiú agus um thuairisciú atá i bpointe (14)(f) d'Airteagal 1 den Treoir seo maidir le hAirteagal 10a(6) de Threoir 2003/87/CE a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2018.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Foráil idirthréimhseach
Agus a n-oibleagáid mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 3(1) den Treoir seo á comhlíonadh acu, cinnteoidh na Ballstáit go leanfaidh a reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 10, Airteagal 10a(4) go (7), an chéad fhomhír agus an dara fomhír d'Airteagal 10a(8), Airteagal 10a(12) go (18), Airteagal 10c agus Airteagal 11a(8) agus (9) de Threoir 2003/87/CE, agus Iarscríbhinn IIa agus Iarscríbhinn IIb a ghabhann leis an Treoir sin, mar atá siad i bhfeidhm an 19 Márta 2018 d'fheidhm a bheith aici go dtí an 31 Nollaig 2020. Leanfaidh an liosta atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/746/AE d'fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2020.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, 14 Márta 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) IO C 71, 24.2.2016, lch. 57.
(2) IO C 240, 1.7.2016, lch. 62.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2018.
(4) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(5) Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun an scéim ón gComhphobal i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (IO L 140, 5.6.2009, lch. 63).
(6) Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go dtí 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).
(7) Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).
(9) Treoir 91/692/CCE ón gComhairle an 23 Nollaig 1991 lena gcaighdeánaítear agus lena réasúnaítear tuarascálacha maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(11) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 an 16 Feabhra 2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(13) Cinneadh 2011/278 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).
(14) Cinneadh 2014/746/AE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2014 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin, don tréimhse 2015 go dtí 2019 (IO L 308, 29.10.2014, lch. 114).
(15) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IIb a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:
IARSCRÍBHINN IIb
DÁILEADH NA GCISTÍ ÓN gCISTE DON NUACHÓIRIÚ GO DTÍ AN 31 NOLLAIG 2030
|
Sciar an chiste don nuachóiriú |
An Bhulgáir |
5,84 % |
Poblacht na Seice |
15,59 % |
An Eastóin |
2,78 % |
An Chróit |
3,14 % |
An Laitvia |
1,44 % |
An Liotuáin |
2,57 % |
An Ungáir |
7,12 % |
An Pholainn |
43,41 % |
An Rómáin |
11,98 % |
An tSlóvaic |
6,13 % |
IARSCRÍBHINN II
I gCuid A d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre faoin gceathrú ceannteideal dar teideal “Faireachán ar astaíochtaí eile gás ceaptha teasa”:
“Úsáidfear modhanna caighdeánaithe nó inghlactha arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus arna nglacadh de bhun Airteagal 14(1).”.
19.3.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
28 |
TREOIR (AE) 2018/411 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2018
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta maidir le hidirghabhálaithe árachais agus comhlachtaí árachais, agus a gcuid fostaithe, agus idirghabhálaithe coimhdeacha árachais san Aontas táirgí árachais agus táirgí athárachais agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dháileadh. |
(2) |
De bhun Airteagal 42(1) de Threoir (AE) 2016/97, tá na Ballstát chun na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 23 Feabhra 2018. |
(3) |
An 21 Meán Fómhair 2017, ghlac an Coimisiún Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 (3) agus (AE) 2017/2359 (4) lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97. |
(4) |
Sna cinntí a rinne sí gan aon agóid a dhéanamh i dtaca le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 agus (AE) 2017/2359, thug Parlaimint na hEorpa cuireadh don Choimisiún togra reachtach a ghlacadh ina leagfaí síos an 1 Deireadh Fómhair 2018, seachas an 23 Feabhra 2018, mar an dáta a ndéanfaí na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm. Mar bhunús leis an iarraidh sin, luaigh Parlaimint na hEorpa gur gá do ghnóthais árachais agus dáileoirí árachais tuilleadh ama a bheith acu le hullmhú níos fearr chun Treoir (AE) 2016/97 a chur chun feidhme go ceart éifeachtach, agus chun na hathruithe teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme chun Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 agus (AE) 2017/2359 a chomhlíonadh. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/97 a leasú dá réir sin. |
(6) |
I bhfianaise a ghiorra atá an tréimhse atá fágtha sula mbeidh na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh le tabhairt i bhfeidhm, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus aon suaitheadh a d'fhéadfadh a bheith sa mhargadh a sheachaint, ba cheart don Treoir seo teacht i bhfeidhm go práinneach agus ba cheart feidhm a bheith aici, le héifeacht chúlghabhálach, ón 23 Feabhra 2018. |
(7) |
Dá bharr sin, tá údar freisin leis an eisceacht i gcomhair cásanna práinneacha a chur i bhfeidhm sa chás seo, is eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2016/97 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “1. Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach. Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2018 ar a dhéanaí.”; |
(2) |
in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Aisghairtear Treoir 2002/92/CE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2018, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aici, le héifeacht chúlghabhálach, ón 23 Feabhra 2018.
Airteagal 3
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna déanamh in Strasbourg, 14 Márta 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 9 Márta 2018.
(2) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais (IO L 341, 20.12.2017, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2359 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha iompair gnó is infheidhme maidir le dáileadh táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IO L 341, 20.12.2017, lch. 8).
CINNTÍ
19.3.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
30 |
CINNEADH (AE) 2018/412 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2018
lena leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 agus Airteagal 212 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tá géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe ag bagairt ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus a éilíonn go mbeadh dlúthpháirtíocht ann agus go ndéanfaí acmhainní airgeadais a shlógadh ar bhealach éifeachtúil agus a éilíonn go rachfaí i ngleic leis na dúshláin atá ann agus go ndéanfaí iad a shárú ar bhealach comhbheartaithe. Ní mór do gach gníomhaí oibriú as láimh a chéile chun beartais mharthanacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a chur i bhfeidhm agus úsáid éifeachtach a bhaint as na cláir atá ann cheana, d'fhonn tionscnaimh tacaíochta a fhorbairt agus tacú leo, ar tionscnaimh iad lena rannchuidítear le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (NA) agus lena dtugtar aghaidh ar na tosca polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil arb iad bunchúiseanna na himirce iad — lena n-áirítear an bhochtaineacht, an éagothroime, an fás déimeagrafach, easpa fostaíochta, rochtain theoranta ar an oideachas agus ar dheiseanna eacnamaíocha, an éagobhsaíocht, an choinbhleacht, an t-athrú aeráide agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhíonn ar an easáitiú éigeantach, ach gan bheith teoranta don mhéid sin. |
(2) |
Cé gur ríthábhacht acmhainní a chur ar fáil chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce, tá an tAontas tiomanta i gcónaí do bheartais i réimsí eile, ar réimsí príomhthosaíochta straitéisí iad mar a leagtar amach sa Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh. |
(3) |
Tá creat nua comhpháirtíochta le tríú tíortha forbartha a chuireann gach beartas agus gach ionstraim de chuid an Aontais san áireamh. Mar chuid den chreat nua comhpháirtíochta sin, bunaíodh Plean Infheistíochta Seachtraí an Aontais chun tacú le hinfheistíochtaí i réigiúin atá lasmuigh den Aontas, agus san am céanna rannchuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe NA a bhaint amach agus le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce. Ba cheart don phlean sin freisin rannchuidiú le comhlíonadh chuspóirí Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe NA agus chuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún NA ar an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), chomh maith leis na cuspóirí arna saothrú le hionstraimí maoinithe eile don ghníomhaíocht sheachtrach. |
(4) |
An 28 Meitheamh 2016, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an moladh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) rannchuidiú leis an bPlean Infheistíochta Seachtraí trí Thionscnamh Athléimneachta BEI, a ceapadh chun infheistíochtaí a chothú i gComharsanacht an Deiscirt agus sna Balcáin Thiar. |
(5) |
Cuid thábhachtach de Thionscnamh Athléimneachta BEI is ea forleathnú Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI, i dtéarmaí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon. Ba cheart don fhorleathnú sin a chur ar chumas BEI rannchuidiú go pras le cuspóirí an Phlean Infheistíochta Seachtraí, go háirithe trí mhaoiniú breise a sholáthar do thairbhithe san earnáil phríobháideach, d'fhonn infheistíochtaí príobháideacha a charnadh isteach agus borradh a chur faoin infheistíocht fhadtéarmach. |
(6) |
Déanfaidh Bord Straitéiseach an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe, a ndéanann BEI ionadaíocht air, treoir a chur ar fáil maidir le comhlántacht idir Tionscnamh Athléimneachta BEI agus na comhchodanna den Phlean Infheistíochta Seachtraí i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus gan dochar do rialacha inmheánacha rialachais BEI. |
(7) |
Trí bhíthin Chinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) tugadh ráthaíocht bhuiséadach do BEI le haghaidh oibríochtaí um maoiniú arna ndéanamh lasmuigh den Aontas (“ráthaíocht AE”). |
(8) |
I gcomhréir le Cinneadh 466/2014/AE, chuir an Coimisiún, i gcomhar le BEI, tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú i dtoll a chéile, ina ndearnadh meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Chinnidh sin ar bhonn meastóireacht sheachtrach neamhspleách. |
(9) |
Ba cheart é a chur isteach mar chuspóir nua arna chumhdach ag ráthaíocht AE athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach na ndídeanaithe, na n-imirceach, na gcomhphobal óstach, idirthurais agus tionscnaimh a fheabhsú, mar fhreagairt straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce (an “cuspóir nua”). |
(10) |
Ba cheart na hoibríochtaí a chumhdaítear faoin gcuspóir nua a bheith éagsúil leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an Aontas sa réimse a bhaineann le rialú teorann. |
(11) |
D'fhonn go bhféadfaidh an Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh freagairt do dhúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus do thosaíochtaí an Aontais, agus an cuspóir nua chomhlíonadh, ba cheart an uasteorainn le haghaidh oibríochtaí BEI um maoiniú faoi ráthaíocht AE a mhéadú go EUR 32 300 000 000. |
(12) |
Faoin sainordú ginearálta, ba cheart EUR 1 400 000 000 a chur i leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí atá dírithe ar chomhlíonadh an chuspóra nua. |
(13) |
Faoi shainordú nua iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí, ba cheart uasmhéid EUR 2 300 000 000 a bheith dírithe ar thionscadail arb é is aidhm dóibh an cuspóir nua a chomhlíonadh laistigh den uasteorainn mhéadaithe agus ba cheart dó tairbhiú de Ráthaíocht Chuimsitheach an Aontais. |
(14) |
Maidir le ceann de na príomhchuspóirí atá ag BEI faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh, is é sin tacú le forbairt na hearnála príobháidí áitiúla, go háirithe tacú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), tá an rath a bheidh air ag brath ar thosca amhail rochtain a bheith ag FBManna ar mhaoiniú, ar chreidmheas agus ar chúnamh teicniúil, cur chun cinn na fiontraíochta agus iarrachtaí chun borradh a chur faoin aistriú ón ngeilleagar luaineach neamhfhoirmiúil go dtí an earnáil fhoirmiúil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú féachaint le tacaíocht a thabhairt do thionscadail bheaga infheistíochta arna riar ag FBManna chomh maith le tionscadail infheistíochta i gceantair iargúlta tuaithe agus i réimsí chóireáil an uisce óil, dhiúscairt an fhuíolluisce agus an fhuinnimh in-athnuaite. |
(15) |
Ba cheart comhlántacht agus comhordú leis na tionscnaimh de chuid an Aontais ina dtugtar aghaidh ar bhunchúiseanna na himirce a áirithiú, lena n-áirítear trí thacaíocht ón Aontas d'ath-imeascadh inbhuanaithe na n-imirceach a bheidh fillte ar a dtíortha tionscnaimh. |
(16) |
Ag eascairt as Comhaontú Pháras, ba cheart do BEI féachaint le hardleibhéal oibríochtaí atá ábhartha don athrú aeráide a choinneáil ar siúl, agus ba cheart gurb ionann a líon agus 25 %, ar a laghad, de líon iomlán oibríochtaí BEI um maoiniú lasmuigh den Aontas. Ba cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE a bheith comhsheasmhach leis an sprioc gur i ngeilleagair éiritheacha agus i dtíortha i mbéal forbartha lasmuigh den Aontas a bheidh 35 %, ar a laghad, d'oibríochtaí iomlána BEI um maoiniú faoi 2020. Ba cheart do BEI conclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 a chur san áireamh maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol nó don gheilleagar, lena n-áirítear na fóirdheontais le haghaidh breoslaí iontaise. |
(17) |
Ba cheart praghas a chur ar an riosca do bhuiséad ginearálta an Aontais a bhaineann le hoibríochtaí BEI um maoiniú faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí. Ba cheart an t-ioncam a ghinfear as an bpraghsáil riosca sin a íoc isteach sa Chiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha a bunaíodh le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (3) d'fhonn an riosca tráchtála a chumhdach agus saobhadh margaidh a sheachaint. |
(18) |
Ba cheart do BEI tacar táscairí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina chreat Tomhaiste Torthaí do thionscadail atá dírithe ar chomhlíonadh an chuspóra nua. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú ar rannchuidiú oibríochtaí BEI um maoiniú leis an gcuspóir nua, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an rannchuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe NA, le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta áitiúla, agus leis an ailíniú le tosaíochtaí beartais sheachtraigh agus buiséadacha an Aontais, a chur san áireamh, i dtuairisciú bliantúil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoibríochtaí BEI um maoiniú. |
(19) |
Ba cheart infheictheacht agus trédhearcacht oibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE, go háirithe i dtaca le tionscnaimh a mhaoinítear trí idirghabhálaithe airgeadais a áirithiú trí fheabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis d'institiúidí an Aontais agus don phobal i gcoitinne, agus é á chur san áireamh gur gá faisnéis atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint. |
(20) |
Tá beartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach leagtha síos i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais agus i gconclúidí ón gComhairle, go háirithe san Iarscríbhinn a ghabhann le conclúidí an 8 Samhain 2016, agus in aon nuashonrú a rinneadh orthu ina dhiaidh sin. |
(21) |
Ba cheart a chur san áireamh sa dícheall cuí maidir le hoibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdaítear le Cinneadh 466/2014/AE, seiceáil chuimsitheach ar chomhlíonadh reachtaíocht infheidhme an Aontais agus caighdeáin chomhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais maidir le frithsciúradh airgid, leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, le calaois chánach agus le seachaint cánach. Ina theannta sin, i gcomhthéacs tuairisciú ón Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh, ba cheart do BEI faisnéis a sholáthar, ar bhonn tír ar thír, i ndáil lena mhéid atá beartas BEI maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha agus an liosta d'idirghabhálaithe lena bhfuil BEI ag comhoibriú á chomhlíonadh ag oibríochtaí BEI um maoiniú. |
(22) |
An 12 Deireadh Fómhair 2016, d'fhormheas BEI cur chun feidhme Thionscnamh Athléimneachta BEI. Tionscadail faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI, a formheasadh tar éis an dáta sin agus roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus roimh chur i gcrích an chomhaontaithe ráthaíochta, ba cheart go bhféadfaí iad a chumhdach faoi ráthaíocht AE, faoi réir dearbhú ón gCoimisiún go bhfuil siad i gcomhréir leis an gcuspóir nua agus go n-urramaíonn siad téarmaí an chomhaontaithe ráthaíochta. |
(23) |
Níor cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú le corparáidí tairbhiú den ráthaíocht chuimsitheach i leith na hearnála príobháidí ach i gcás ina ndéanann siad fás cuimsitheach agus cruthú feabhsaithe fostaíochta a chur chun cinn agus nach ndéanann na margaí airgeadais áitiúla freastal leordhóthanach orthu. |
(24) |
Ba cheart d'oibríochtaí BEI um maoiniú bheith comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “A renewed EU strategy 2011-14 for Corporate Social Responsibility” [Straitéis athnuaite 2011-14 de chuid AE don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach], lena n-áirítear maidir le hidirghabhálaithe airgeadais. |
(25) |
I gcás ina n-athródh tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais, nó i gcásanna práinne agus i staideanna géarchéimeanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse an tsainordaithe, agus i gcomhréir leis na rúin ábhartha ón bParlaimint agus leis na cinntí agus conclúidí ón gComhairle, ba cheart an uasteorainn maidir le hath-leithdháileadh BEI idir na réigiúin a mhéadú ó 10 % go 20 %. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choimeád ar an eolas go rialta faoi ath-leithdháileadh den sórt sin. |
(26) |
I bhfianaise na tábhachta atá ag Tionscnamh Athléimneachta BEI i straitéis an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, agus riachtanais na bpobal idirthurais agus óstach, is den ríthábhacht go fóill go ndéanfaí na méideanna a chuirtear i leataobh faoi uasteorainneacha an tSainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh do thionscadail atá dírithe ar an gcuspóir nua a ionsú go hiomlán. Mar sin féin, más rud é go bhfágann cúinsí gan choinne nach féidir na méideanna a cuireadh i leataobh a ionsú go hiomlán, is ceart beagán breise den tsolúbthacht a cheadú freisin. Dá bhrí sin, má chinneann BEI faoin 30 Meitheamh 2019 nach bhfuil sé in ann a sprioc réamh-mheasta féin faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI a ionsú, ba cheart bheith in ann ath-leithdháileadh suas le 20 % a dhéanamh ar an EUR 1 400 000 000 faoin sainordú ginearálta a cuireadh ar leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí, agus ar an EUR 2 300 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí, laistigh de agus/nó idir na tíortha agus tairbhithe réamhaontachais agus tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta. Maidir le haon ath-leithdháileadh den sórt sin, ba cheart é a bheith faoi réir comhaontú roimh ré idir an Coimisiún agus BEI. |
(27) |
Ba cheart liostaí na réigiún agus na dtíortha atá incháilithe, mar aon le liosta na réigiún agus na dtíortha sin a d'fhéadfadh a bheith incháilithe, a mhodhnú chun réigiúin agus tíortha ardioncaim a bhfuil rátálacha creidmheasa arda acu a eisiamh, eadhon Brúiné, an tSile, an Íoslainn, Iosrael, Singeapór, an Chóiré Theas agus an Téaváin. Ina theannta sin, ba cheart an Iaráin a chur le liosta na réigiún agus na dtíortha a d'fhéadfadh a bheith incháilithe. |
(28) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) Uimh. 466/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Uasteorainneacha le haghaidh oibríochtaí BEI um maoiniú faoi ráthaíocht AE 1. Is é EUR 32 300 000 000 a bheidh in uasteorainn na n-oibríochtaí BEI um maoiniú a chumhdófar faoi ráthaíocht AE le linn na tréimhse 2014-20. I dtaca leis an uasteorainn sin, ní chomhairfear méideanna a cuireadh i leataobh i dtosach aimsire le haghaidh oibríochtaí um maoiniú ach a cuireadh ar ceal ina dhiaidh sin. Déanfar an uasteorainn sin a mhiondealú mar a leanas:
2. Déanfar na méideanna uasta dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú de réir na n-uasteorainneacha réigiúnacha agus fo-uasteorainneacha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I. Laistigh de na huasteorainneacha réigiúnacha agus le linn na tréimhse arna cumhdach ag an gCinneadh seo, áiritheoidh BEI go ndéanfar tírdháileadh sna réigiúin sin a chumhdaítear faoi ráthaíocht AE, arna chothromú i gcomhréir le tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais a bheidh le feiceáil sna treoirlínte oibríochtúla teicniúla réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5.”. |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Cuspóirí ginearálta agus prionsabail ghinearálta 1. Ní dheonófar ráthaíocht AE ach i ndáil le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a bhfuil luach breise acu ar bhonn mheastóireacht BEI féin, agus a thacaíonn le haon cheann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas:
2. Agus saintréith BEI mar bhanc infheistíochta á caomhnú, rannchuideoidh oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI arna gcur í gcrích faoin gCinneadh seo le leas ginearálta an Aontais, go háirithe na prionsabail ar dá réir a threoraítear gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 21 CAE agus rannchuideoidh siad le comhaontuithe idirnáisiúnta comhshaoil ar páirtí iontu an tAontas a chur chun feidhme. Moltar do chomhlachtaí ceannais BEI na bearta is gá a ghlacadh le gníomhaíocht BEI a oiriúnú le rannchuiidú le beartais sheachtracha an Aontais ar bhonn éifeachtach, agus na ceanglais a leagtar amach sa Chinneadh seo a chomhlíonadh go leordhóthanach. 3. Is cuspóir bunúsach d'oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI laistigh de réimsí a chumhdaítear leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1 a bheidh i lánpháirtíocht réigiúnach i measc tíortha, lena n-áirítear ach go háirithe lánpháirtíocht eacnamaíoch idir tíortha agus tairbhithe réamhaontachais, tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta agus an tAontas. Cuirfidh BEI oibríochtaí um maoiniú i gcrích i dtíortha tairbhíocha laistigh de réimsí a chumhdaítear leis na cuspóirí ginearalta trí thacú le hinfheistíochtaí iasachta díreacha lena gcuirtear comhtháthú eacnamaíoch leis an Aontas chun cinn. 4. I dtíortha atá i mbéal forbartha, mar atá sainithe sa liosta de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a fuair cúnamh forbartha oifigiúil, rannchuideoidh oibríochtaí BEI um maoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 208 agus le hAirteagal 209 CFAE, le cuspóirí an bheartais maidir le comhar um fhorbairt atá ag an Aontas, go háirithe i dtaca le laghdú na bochtaineachta tríd an bhfás cuimsitheach agus tríd an bhforbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta. 5. D'fhonn a áirithiú go mbeidh an tionchar is uasfhéideartha ag infheistíochtaí de chuid na hearnála príobháidí ar chúrsaí forbartha, féachfaidh BEI le bheith ina rannchuidiú chun dálaí fabhracha a chruthú don fhiontar agus infheistíocht phríobháideach, agus áiritheoidh sí, mar thosaíocht, go ndéanfar an earnáil phríobháideach áitiúil i dtíortha tairbhíocha, lena n-áirítear comharchumainn agus fiontair shóisialta, a neartú, trí thacú le hinfheistíocht áitiúil faoi mar a fhoráiltear i bpointe (a) de mhír 1. I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1, féachfaidh siad le feabhas a chur freisin ar an tacaíocht a thugann siad do thionscadail infheistíochta arna riar ag FBManna de chuid na tíre is faighteoir agus de chuid an Aontais, rud a thabharfaidh rochtain ar mhaoiniú do thionscadail nua infheistíochta a riarfaidh FBManna. Tabharfaidh oibríochtaí BEI um maoiniú an deis do FBManna buntáiste a bhreith as, inter alia, rochtain ar an margadh do FBManna sna tíortha cáilitheacha, agus buntáiste a bhreith as a gcomhtháthú sna slabhraí luacha domhanda, agus rannchuideoidh siad a thuilleadh le feabhas a chur ar an iomaíochas i measc chuideachtaí an Aontais. D'fhonn faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go héifeachtach ar an úsáid a bhaintear as cistí a théann chun tairbhe na FBManna a bheidh i gceist, déanfaidh BEI dícheall cuí críochnúil, bunóidh sé agus coinneoidh sé ar bun forálacha leordhóthanacha conarthacha lena bhforchuirfear ar na hidirghabhálaithe airgeadais agus ar na tairbhithe deiridh araon oibleagáidí caighdeánacha maidir le tuairisciú. Féachfaidh BEI leis na bacainní maoiniúcháin a bhíonn roimh FBManna a shainaithint agus rannchuidiú lena dtabhairt ar shiúl. Comhoibreoidh BEI le hidirghabhálaithe airgeadais a bheidh in ann tacú le riachtanais shonracha FBManna sna tíortha oibríochta agus a chomhlíonann na ceanglais atá in Airteagal 13, mar a thrasuitear i gcomhaontuithe faoin tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal sin. 6. I dtaca le hoibríochtaí BEI um maoiniú a thacaíonn leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1, is do thionscadail infheistíochta i réimsí an iompair, an fhuinnimh, an bhonneagair chomhshaoil, theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, na sláinte agus an oideachais, den chuid is mó, a thabharfaidh siad tacaíocht. Áirítear leis an méid sin táirgeadh agus comhtháthú an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, athrú ó bhonn ar chórais fuinnimh ionas gur féidir aistriú go teicneolaíochtaí agus breoslaí nach bhfuil dian ar charbón, slándáil agus bonneagar fuinnimh inbhuanaithe, lena n-áirítear i dtaca le táirgeadh gáis agus iompar gáis go dtí margadh fuinnimh an Aontais, chomh maith le leictriú ar limistéir thuaithe, bonneagar comhshaoil amhail uisce agus sláintíocht agus bonneagar glas, teileachumarsáid agus bonneagar an ghréasáin leathanbhanda. 7. I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1, tabharfaidh siad tacaíocht do thionscadail infheistíochta a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin ar tionscadail iad a rannchuidíonn le cuspóirí foriomlána Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoin gCoinbhinsiún céanna sin, go háirithe trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an lorg carbóin a laghdú i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an iompair inbhuanaithe, nó tríd an athléimneacht a mhéadú do na drochthionchair a bhíonn ag an athrú aeráide ar thíortha, ar earnálacha agus ar phobail ar leochaileach a gcás. Is i Straitéis Aeráide BEI atá fáil ar na critéir incháilitheachta do thionscadail maidir le gníomhú ar son na haeráide. Ar bhonn na modheolaíochtaí a d'ullmhaigh BEI chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus coinbhleachtaí astaíochta a bhíonn ag tionscadal ar leith, cuirfear anailís sa nós imeachta measúnaithe comhshaoil ar an lorg carbóin d'fhonn a chinneadh cé acu a chuireann nó nach gcuireann na tograí tionscadail an feabhas is uasfhéideartha ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Le linn na tréimhse a chuimsítear leis an gCinneadh seo, féachfaidh BEI le hardleibhéal oibríochtaí atá ábhartha don athrú aeráide a choinneáil ar siúl, arb ionann a líon agus 25 %, ar a laghad, de líon iomlán oibríochtaí BEI um maoiniú lasmuigh den Aontas. Ba cheart don mhaoiniú a dhéanfaidh BEI faoin gCinneadh seo a bheith comhsheasmhach leis an sprioc gur i ngeilleagair éiritheacha agus i dtíortha i mbéal forbartha lasmuigh den Aontas a bheidh 35 %, ar a laghad, d'oibríochtaí iomlána BEI um maoiniú faoi 2020. I dtaca le hoibríochtaí BEI um maoiniú, déanfaidh siad, inter alia, comhtháthú ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun deireadh a chur de réir a chéile leis an maoiniú a dhéantar ar thionscadail atá díobhálach do chuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, agus cuirfidh siad dlús lena ndua de thacaíocht le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Cuirfidh BEI lena chuid eilimintí oiriúnúcháin don athrú aeráide agus é ag rannchuidiú le tionscadail ar fud oibríochtaí BEI um maoiniú atá faoi chuimsiú Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI. 8. I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1, tabharfaidh siad tacaíocht do thionscadail infheistíochta a théann i ngleic le bunchúiseanna na himirce agus a rannchuidíonn leis an athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus a chosnaíonn an fhorbairt inbhuanaithe i dtíortha tairbhíocha. Agus lánurraim á tabhairt do chearta an duine, do chearta saothair agus sóisialta, do chearta bunúsacha, agus don chomhionannas inscne trí chur chuige cearta-bhunaithe a chur chun feidhme ina gcuimseofar gach ceart idir dhaonna agus shóisialta i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na rannpháirtíochta, an neamh-idirdhealaithe, agus na cuntasaíochta, déanfaidh oibríochtaí BEI um maoiniú an méid seo a leanas:
Tacóidh oibríochtaí BEI sin um maoiniú leo seo a leanas:
9. I dtaca le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1, aithneoidh siad gur mór-shaincheist trasearnála é an comhionannas inscne atá ríthábhachtach chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach, agus gur eilimint thábhachtach freisin é i dtaca le dícheall cuí a dhéanamh i leith tionscadail. Cuirfear an ghné inscne i bhfeidhm maidir le gach oibríocht um maoiniú den chineál sin.Áiritheoidh BEI go gcomhlíonfaidh gach oibríocht um maoiniú de chuid BEI na gealltanais a leagtar amach ina Straitéis maidir le hInscne agus ina Phlean Gníomhaíochta maidir le hInscne. 10. Féachfaidh BEI lena áirithiú go gcloíonn na cuideachtaí sin atá rannpháirteach i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag BEI le prionsabail na trédhearcachta pá agus an chomhionannais inscne agus le prionsabal an phá chomhionainn mar a leagtar amach i dTreoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad (*1). Agus cinneadh maoiniúcháin á dhéanamh ag BEI maidir le tionscadal, cuirfear san áireamh aon ghníomhaíocht dá bhfuil déanta ag cuideachtaí féideartha tairbhíocha i ndáil leis an gcomhionannas pá agus na freagrachta sóisialta corparáidí. 11. Ní chumhdóidh ráthaíocht AE ach oibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a ndeachthas ina mbun i dtíortha incháilithe atá tar éis comhaontú réime a thabhairt i gcrích le BEI, lena mbunaítear na dálaí dlíthiúla faoina mbeidh oibríochtaí den sórt sin le déanamh agus a bheidh i gcomhréir leis an Ráiteas ó BEI maidir le Prionsabail agus Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta agus lena Lámhleabhar Comhshaoil agus Sóisialta. (*1) Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).”." |
(3) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(6) |
in Airteagal 10, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “I dtaca leis an riosca a bhainfidh leis an mbuiséad de chuid an Aontais a bhaineann le hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI a dhéantar faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), cuirfear praghas ar an riosca sin, agus déanfar an t-ioncam a ghinfear as an bpraghsáil riosca tráchtála a íoc isteach sa Chiste Ráthaíochta.”. |
(7) |
leasaítear Airteagal 11(1) mar a leanas:
|
(8) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14: “Airteagal 13 Sciúradh airgid a chosc, an comhrac in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, cánachas agus dlínsí neamh-chomhoibritheacha 1. I dtaca leis na hoibríochtaí um maoiniú a chumhdaítear faoin gCinneadh seo, déanfaidh BEI an chuid is infheidhme de reachtaíocht an Aontais mar aon le caighdeáin chomhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní thacóidh sé le haon tionscadal faoin gCinneadh seo a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach. Anuas air sin, ní dhéanfaidh BEI oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh BEI maolú ar an bprionsabal sin ach i gcás gur i gceann de na dlínsí sin a chuirtear an tionscadal ar siúl go fisiciúil, agus i gcás nach léir go rannchuidíonn an tionscadal airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach. Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh BEI na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh sé ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú. Déanfaidh BEI athbhreithniú ar a bheartas i leith dlínsí neamh-chomhoibríocha ar a dhéanaí tar éis liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach a ghlacadh. Gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh BEI tuarascáil faoi bhráidPharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme a bheartais i ndáil le dlínsí neamh-chomhoibríocha maidir lena oibríochtaí um maoiniú, lena n-áirítear faisnéis tír ar thír agus liosta de na hidirghabhálaithe lena mbíonn sé ag comhoibriú. 2. Ina oibríochtaí um maoiniú a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, cuirfidh BEI i bhfeidhm na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus sceimhlitheoirí a mhaoiniú, go háirithe Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus Treoir (AE) 2015/849. Go háirithe, cuirfidh BEI de choinníoll ar an gcistiú díreach agus ar an gcistiú trí idirghabhálaithe araon faoin gCinneadh seo go ndéantar faisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849. Airteagal 14 Comhaontú ráthaíochta Síneoidh an Coimisiún agus BEI comhaontú ráthaíochta lena leagfar síos na forálacha agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhaineann le ráthaíocht AE mar a leagtar amach in Airteagal 8 í. Cuirfear an comhaontú ráthaíochta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi réir a rialacha inmheánacha faoi seach lena rialaítear an chaoi a ndéileáiltear le faisnéis rúnda. (*2) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)." (*3) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)”." |
(10) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20: “Airteagal 20 Tuairisciú Faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Chinnidh seo agus soláthróidh an tuarascáil sin ionchur do chinneadh nua a d'fhéadfadh a bheith ann maidir leis na hoibríochtaí um maoiniú de chuid BEI arna gcumhdach laistigh de Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI le ráthaíocht AE. Faoin 31 Nollaig 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo.”. |
(12) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 20a Foráil idirthréimhseach Féadfaidh BEI tionscadail a mhaoiniú a formheasadh tar éis an 12 Deireadh Fómhair 2016 agus roimh 8 Aibreán 2018 agus roimh chomhaontú ráthaíochta a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus BEI. D'fhéadfaí tionscadail den sórt sin a chumhdach le ráthaíocht AE, faoi réir dearbhú ón gCoimisiún go bhfuil siad i gcomhréir leis an gcuspóir a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(1) agus go n-urramaíonn siad téarmaí an chomhaontaithe ráthaíochta.”. |
(13) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III. |
(14) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre: “Tarlaíonn gníomhaíocht BEI i gcomhpháirtithe atá rannpháirteach sa phróiseas réamhaontachais sa chreat arna bhunú sna Comhpháirtíochtaí Aontachais agus Eorpacha lena leagtar amach na tosaíochtaí do thíortha réamhaontachais agus do thairbhithe d'fhonn dul chun cinn a dhéanamh maidir le bogadh níos gaire don Aontas, agus lena soláthraítear creat do chúnamh Aontais. Is é an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an creat straitéise Aontais do na Balcáin Thiar. Tá sé bunaithe ar chomhpháirtíocht fhorchéimnitheach, ina dtairiscíonn an tAontas lamháltais trádála, cúnamh eacnamaíoch agus airgeadais agus caidrimh chonarthacha trí chomhaontuithe cobhsaíochta agus comhlachais. Le cúnamh airgeadais réamhaontachais cuidítear le tíortha réamhaontachais agus leis na tairbhithe ullmhú do na hoibleagáidí agus do na dúshláin a bhaineann le comhaltas an Aontais. Le cúnamh den sórt sin tacaítear leis an bpróiseas athchóirithe, lena n-áirítear ullmhúcháin le haghaidh comhaltais faoi dheireadh. Díritear leis ar fhorbairt institiúidí, ar ailíniú le hacquis an Aontais, ar ullmhúchán le haghaidh bheartas agus ionstraimí an Aontais agus ar bhearta a chur chun cinn le cóineasú eacnamaíoch a bhaint amach.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 14 Márta 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PAVLOVA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2018.
(2) Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).
(3) Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN I
UASTEORAINNEACHA RÉIGIÚNACHA
A. |
Tíortha agus tairbhithe réamhaontachais: EUR 8 075 000 000, lena n-áirítear EUR 7 635 000 000 faoin sainordú ginearálta agus EUR 440 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí. |
B. |
Tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta: EUR 19 680 000 000, arna mhiondealú sna fo-uasteorainneacha seo a leanas:
|
C. |
An Áise agus Meiriceá Laidineach: EUR 4 083 000 000, arna miondealú sna fo-uasteorainneacha seo a leanas:
|
D. |
An Afraic Theas: EUR 462 000 000. Laistigh den uasteorainn fhoriomlán, féadfaidh comhlachtaí rialaithe BEI, a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, suas le 20 % de na huasteorainneacha fo-réigiúnacha laistigh de réigiúin agus suas le 20 % de na huasteorainneacha idir réigiúin a ath-leithdháileadh. I gcás go gcinneann comhlachtaí rialaithe BEI, faoin 30 Meitheamh 2019, nach bhfuil BEI in ann a sprioc réamh-mheasta féin faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI a ionsú, féadfar ath-leithdháileadh suas le 20 % a dhéanamh ar an EUR 1 400 000 000 faoin sainordú ginearálta a cuireadh i leataobh do thionscadail san earnáil phoiblí, agus ar an EUR 2 300 000 000 faoin sainordú iasachtaithe i leith na hearnála príobháidí, laistigh agus/nó idir réigiúin dá dtagraítear i bpointe A agus pointe B den Iarscríbhinn seo. Aon ath-leithdháileadh a dhéanfar faoi Thionscnamh Athléimneachta BEI, beidh sé faoi réir comhaontú roimh ré idir an Coimisiún agus BEI. Úsáidfidh comhlachtaí rialaithe BEI go háirithe an deis ath-leithdháilte sin chun a áirithiú go leanfaidh ráthaíocht AE de bheith ag díriú ar thionscadail a bhfuil próifíl riosca níos airde acu sna réigiúin tosaíochta. Coimeádfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi na hath- leithdháiltí sin. |
IARSCRÍBHINN II
RÉIGIÚIN AGUS TÍORTHA A D'FHÉADFADH A BHEITH INCHÁILITHE
A. Tíortha agus tairbhithe réamhaontachais
An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an Chosaiv (*1), Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc (1)
B. Tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta
1. Tíortha na Meánmhara
An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín, an tSiria, an Túinéis
2. Oirthear na hEorpa, Cugas Theas agus an Rúis
Oirthear na hEorpa: an Bhealarúis, Poblacht na Moldóive, an Úcráin
Cugas Theas: an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia
An Rúis
C. An Áise agus Meiriceá Laidineach
1. Meiriceá Laidineach
An Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Cúba, Eacuadór, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, Uragua, Veiniséala
2. An Áise
An Afganastáin, an Bhanglaidéis, an Bhútáin, an Chambóid, an tSín, an India, an Indinéis, an Iaráin, an Iaráic, Laos, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, an Mhongóil, Maenmar/Burma, Neipeal, an Phacastáin, na hOileáin Fhilipíneacha, Srí Lanca, an Téalainn, Vítneam, Éimin
3. An Áise Láir
an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin
D. An Afraic Theas
An Afraic Theas
IARSCRÍBHINN III
RÉIGIÚIN AGUS TÍORTHA INCHÁILITHE
A. Tíortha agus tairbhithe réamhaontachais
An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an Chosaiv (*2), Montainéagró, an tSeirbia, an Tuirc (2)
B. Tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta
1. Tíortha na Meánmhara
An Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín, an Túinéis
2. Oirthear na hEorpa, an Cugas Theas agus an Rúis
Oirthear na hEorpa: an Bhealarúis, Poblacht na Moldóive, an Úcráin
Cugas Theas: an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia
An Rúis
C. An Áise agus Meiriceá Laidineach
1. Meiriceá Laidineach
An Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, Uragua, Veiniséala
2. An Áise
An Bhanglaidéis, an Bhútáin, an Chambóid, an tSín, an India, an Indinéis, an Iaráic, Laos, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, an Mhongóil, Maenmar/Burma, Neipeal, an Phacastáin, na hOileáin Fhilipíneacha, Srí Lanca, an Téalainn, Vítneam, Éimin
3. An Áise Láir
an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin
D. An Afraic Theas
An Afraic Theas
(*1) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244(1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(1) Ní chuirtear an Tuirc, ar tír í atá cumhdaithe faoi chomhaontú ar leithligh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, san áireamh i dTionscnamh Athléimneachta BEI.
(*2) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244(1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(2) Ní chuirtear an Tuirc, ar tír í atá cumhdaithe faoi chomhaontú éagsúil idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, san áireamh i dTionscnamh Athléimneachta BEI.