ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
16 Feabhra 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá

1

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle ( IO L 354, 28.12.2013 )

9

 

*

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle ( IO L 345, 27.12.2017 )

14

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 44 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

16.2.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/196 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Feabhra 2018

maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 (2) ón gComhairle a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

An 27 Eanáir 2003, ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide (“DSB”) na hEagraíochta Domhanda Trádála (“WTO”) an tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc (4) agus an tuarascáil ón bPainéal (5), arna dearbhú sa tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, ina bhfuarthas nach raibh an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh (the Continued Dumping and Subsidy Offset Act) (“CDSOA”) i gcomhréir le hoibleagáidí Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi chomhaontuithe WTO.

(3)

Ós rud é gur mhainnigh na Stáit Aontaithe a reachtaíocht a thabhairt i gcomhréir leis na comhaontuithe cumhdaithe, d'iarr an Comhphobal Eorpach (“Comhphobal”) ar DSB an t-údarás a thabhairt dó cur i bhfeidhm a lamháltas taraife agus a n-oibleagáidí lena mbaineann faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“CGTT”) 1994 a chur ar fionraí i leith na Stát Aontaithe (6). Chuir na Stáit Aontaithe in aghaidh leibhéal fionraí na lámháltas taraife agus na n-oibleagáidí lena mbaineann, agus cuireadh an t-ábhar chun eadrána.

(4)

Chinn an tEadránaí, an 31 Lúnasa 2004, gurbh ionann an leibhéal neamhnithe nó lagaithe a bhain don Chomhphobal gach bliain agus 72 % de mhéid eisíocaíochtaí an CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón gComhphobal i leith na bliana is déanaí a raibh sonraí ina leith ar fáil an tráth sin, arna bhfoilsiú ag údaráis na Stát Aontaithe. Maidir le lamháltais nó oibleagáidí eile a chuir an Comhphobal ar fionraí i bhfoirm forchur dleachta allmhairiúcháin breise de bhreis ar dhleachtanna custaim ceangailte ar liosta táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe, nach mó a méid trádala bliantúil ná an méid neamhnithe nó lagaithe, ba é tátal an Eadránaí go mbeadh an fhionraí sin i gcomhréir le rialacha WTO. An 26 Samhain 2004, thug DSB an t-údarú cur i bhfeidhm na lamháltas taraife agus na n-oibleagáidí lena mbaineann faoi CGTT 1994 a chur ar fionraí i leith na Stát Aontaithe i gcomhréir le cinneadh an Eadránaí.

(5)

Baineann eisíocaíochtaí an CDSOA don bhliain is déanaí a raibh sonraí ina leith ar fáil an tráth sin le dáileadh na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na Bliana Fioscaí 2004 (1 Deireadh Fómhair 2003 go 30 Meán Fómhair 2004). Ar bhonn na sonraí a d'fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe, ríomhadh gurbh é 27,81 milliún dollar na Stát Aontaithe an leibhéal neamhnithe nó lagaithe a bhain don Chomhphobal. Tugadh údarú don Chomhphobal, mar sin, méid comhionann dá lamháltais taraife ar na Stáit Aontaithe a chur ar fionraí. B'ionann an éifeacht a bhí ag dleacht allmhairiúcháin breise 15 % ad valorem ar allmhairí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I de thionscnamh na Stát Aontaithe, thar 1 bhliain amháin, agus luach trádála nach mó ná 27,81 milliún dollar na Stát Aontaithe. Maidir leis na táirgí sin, chuir an Comhphobal ar fionraí cur i bhfeidhm a lamháltas taraife ar na Stáit Aontaithe amhail ón 1 Bealtaine 2005 ar aghaidh.

(6)

I gcás ina leanfar de gan rialú agus moladh DSB a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún an leibhéal fionraí a choigeartú gach bliain chuig an leibhéal neamhnithe nó lagaithe a bhaineann don Aontas Eorpach an tráth sin de dheasca an CDSOA. Ba cheart don Choimisiún ráta na dleachta allmhairiúcháin breise nó an liosta atá in Iarscríbhinn I a leasú ionas go léiríonn éifeacht na dleachta allmhairiúcháin breise ar allmhairí na dtáirgí roghnaithe ó na Stáit Aontaithe, thar aon bhliain amháin, luach trádála nach mó ná méid an neamhnithe nó an lagaithe.

(7)

Ba cheart don Choimisiún na critéir a leanas a urramú:

(a)

ba cheart don Choimisiún ráta na dleachta allmhairiúcháin breise a leasú i gcás nach féidir an leibhéal fionraí a choigeartú chuig leibhéal an neamhnithe nó lagaithe i gcás ina bhfuil táirgí á gcur ar an liosta atá in Iarscríbhinn I nó á mbaint den liosta sin; ina éagmais sin, ba cheart don Choimisiún táirgí a chur leis an liosta atá in Iarscríbhinn I má thagann ardú ar an leibhéal fionraí, nó táirgí a bhaint den liosta sin má thagann laghdú ar an leibhéal fionraí;

(b)

má chuirtear táirgí leis an liosta, ba cheart don Choimisiún na táirgí a roghnú go huathoibríoch ón liosta atá in Iarscríbhinn II de réir an oird ina liostaítear na táirgí; mar thoradh ar sin, ba cheart don Choimisiún an liosta atá in Iarscríbhinn II a leasú chomh maith trí na táirgí a cuireadh leis an liosta atá in Iarscríbhinn I a bhaint de;

(c)

má aistarraingítear táirgí, ba cheart don Choimisiún, i dtús báire, na táirgí a cuireadh leis an liosta atá in Iarscríbhinn I tar éis 1 Bealtaine 2005 a bhaint de; ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún táirgí a bhí ar an liosta atá in Iarscríbhinn I an 1 Bealtaine 2005 a bhaint de de réir ord an liosta sin.

(8)

Chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar ráta na dleachta allmhairiúcháin breise nó ar na liostaí atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid eile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear lamháltais taraife agus oibleagáidí gaolmhara an Aontais faoi CGTT 1994 ar fionraí i leith táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Forchuirfear dleacht allmhairiúcháin ad valorem 4.3 % de bhreis ar an dleacht chustaim is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ar na táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Coimisiún an leibhéal fionraí a choigeartú go bliantúil chuig an leibhéal neamhnithe nó lagaithe atá san Aontas an tráth sin mar thoradh ar an Acht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas de chuid na Stát Aontaithe (“CDSOA”). Leasóidh an Coimisiún ráta na dleachta allmhairiúcháin breise dá dtagraítear in Airteagal 2 nó an liosta atá in Iarscríbhinn I faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an leibhéal neamhnithe nó lagaithe ionann le 72 % de mhéid na n-eisíocaíochtaí faoi CDSOA a bhaineann le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh arna n-íoc ar allmhairí ón Aontas i leith na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ina leith ar fáil an tráth sin, mar atá foilsithe ag údaráis na Stát Aontaithe;

(b)

déanfar an leasú sa chaoi go mbeidh éifeacht na dleachta allmhairiúcháin breise ar allmhairí na dtáirgí roghnaithe de thionscnamh na Stát Aontaithe, thar 1bhliain amháin, ionann le luach trádála nach mó ná an leibhéal neamhnithe nó lagaithe;

(c)

seachas i gcúinsí a leagtar amach i bpointe (e), i gcás ina dtagann ardú ar an leibhéal fionraí, cuirfidh an Coimisiún táirgí leis an liosta atá in Iarscríbhinn I; roghnófar na tairgí sin ón liosta atá in Iarscríbhinn II de réir ord an liosta sin;

(d)

seachas i gcúinsí a leagtar amach i bpointe (e), i gcás ina dtagann laghdú ar an leibhéal fionraí, bainfear táirgí den liosta atá in Iarscríbhinn I; déanfaidh an Coimisiún, i dtús báire, na tairgí a bhí ar an liosta atá in Iarscríbhinn II an 1 Bealtaine 2005 agus a cuireadh leis an liosta in Iarscríbhinn I ag tráth níos déanaí a bhaint de; ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún táirgí a bhí ar an liosta atá in Iarscríbhinn I an 1 Bealtaine 2005 a bhaint de de réir ord an liosta sin;

(e)

leasóidh an Coimisiún ráta na dleachta allmhariúcháin breise i gcás nach féidir an leibhéal fionraí a choigeartú chuig an leibhéal neamhnithe nó lagaithe trí tháirgí a chur leis an liosta atá in Iarscríbhinn I, nó iad a bhaint de.

2.   I gcás ina gcuirtear táirgí leis an liosta atá in Iarscríbhinn I, leasóidh an Coimisiún, an an tráth céanna, an liosta atá in Iarscríbhinn II trí na táirgí sin a bhaint den liosta sin. Ní dhéanfar aon mhodhnú ar ord na dtáirgí atá fós ar an liosta atá in Iarscríbhinn II.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun na coigeartuithe agus na leasuithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh.

I gcás ina ndéantar faisnéis maidir le méid na n-eisíocaíochtaí a rinne na Stáit Aontaithe a chur ar fáil go déanach sa bhliain, sa chaoi nach féidir spriocanna na hEagraíochta Domhanda Trádála agus spriocanna reachtúla a bhaint amach trí leas a bhaint as an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus, i gcás coigeartuithe agus leasuithe ar na hIarscríbhinní, agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.

Airteagal 4

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstiúdeach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach gcuirtear aon agóid in iúl i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 6

Cinnfear tionscnamh aon táirge a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 7

1.   Táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I ar eisíodh ceadúnas allmhairiúcháin ina leith roimh 30 Aibreán 2005 a raibh díolúine nó laghdú dleachta ag gabháil leis an gceadúnas sin, ní bheidh na táirgí sin faoi réir na dleachta allmhairiúcháin breise.

2.   Táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ligtear isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 (9) ón gComhairle, ní bheidh na táirgí sin faoi réir na dleachta allmhairiúcháin breise.

Airteagal 8

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 673/2005.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Feabhra 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYOTOVA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 110, 30.4.2005, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn III.

(4)  United States — Offset Act (Byrd Amendment), Appellate Body report (Na Stáit Aontaithe — An tAcht um Fhritháireamh (Leasú Byrd), tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc (WT/DS217/AB/R, WT/DS234/AB/R, 16 Eanáir 2003).

(5)  United States — Offset Act (Byrd Amendment), Panel report (Na Stáit Aontaithe — An tAcht um Fhritháireamh (Leasú Byrd), tuarascáil ón bPainéal (WT/DS217/R, WT/DS234/R, 16 Meán Fómhair 2002).

(6)  United States — Offset Act (Byrd Amendment), Recourse by the European Communities to Article 22(2) of the DSU (Na Stáit Aontaithe — An tAcht um Fhritháireamh (Leasú Byrd), Leas á bhaint ag na Comhphobail Eorpacha as Airteagal 22(2) den Chomhaontú um Réiteach Díospóidí (WT/DS217/22, 16 Eanáir 2004).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas faoiseamh de chuid an Chomhphobail ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23).


IARSCRÍBHINN I

Sainaithnítear na táirgí a bhfuil feidhm le bheith ag dleachtanna allmhairiúcháin breise orthu trína gcód AC ocht n-uimhir. Is féidir tuairisc ar na táirgí a aicmítear faoi na cóid seo a fháil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).

0710 40 00

ex 9003 19 00“frámaí agus gléasadh táirmhiotail”

8705 10 00

6204 62 31


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Sainaithnítear na táirgí san Iarscríbhinn seo trína gcód AC ocht n-uimhir. Is féidir tuairisc ar na táirgí a aicmítear faoi na cóid seo a fháil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.


IARSCRÍBHINN III

An Rialachán aisghairthe le liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle

(IO L 110, 30.4.2005, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 632/2006 ón gCoimisiún

(IO L 111, 25.4.2006, lch. 5)

 

Rialachán (CE) Uimh. 409/2007 ón gCoimisiún

(IO L 100, 17.4.2007, lch. 16)

 

Rialachán (CE) Uimh. 283/2008 ón gCoimisiún

(IO L 86, 28.3.2008, lch. 19)

 

Rialachán (CE) Uimh. 317/2009 ón gCoimisiún

(IO L 100, 18.4.2009, lch. 6)

 

Rialachán (AE) Uimh. 305/2010 ón gCoimisiún

(IO L 94, 15.4.2010, lch. 15)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 311/2011 ón gCoimisiún

(IO L 86, 1.4.2011, lch. 51)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 349/2013 ón gCoimisiún

(IO L 108, 18.4.2013, lch. 6)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 11 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 52)

Pointe 4 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 303/2014 ón gCoimisiún

(IO L 90, 26.3.2014, lch. 6)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/675 ón gCoimisiún

(IO L 111, 30.4.2015, lch. 16)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/654 ón gCoimisiún

(IO L 114, 28.4.2016, lch. 1)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/750 ón gCoimisiún

(IO L 113, 29.4.2017, lch. 12)

 


IARSCRÍBHINN IV

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 673/2005

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 4

Airteagail 1 go 4

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


Ceartúcháin

16.2.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 354 Eagrán Speisialta Gaeilge an 28 Nollaig 2013 )

Ar leathanach 24, aithris (26), an chéad abairt:

in ionad:

“(26)

Tá gá le bearta chun leibhéil arda reatha na ngabhálacha de thaisme a laghdú agus an ábhair mhuirí aischurtha a dhíothú de réir a chéile.”,

léitear:

“(26)

Tá gá le bearta chun leibhéil arda reatha na ngabhálacha de thaisme a laghdú agus chun an t-ábhar muirí aischurtha a dhíothú de réir a chéile.”.

Ar leathanach 28, aithris (67), an chéad abairt:

in ionad:

“(67)

Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le: bearta caomhnaithe a ghabhann le hoibleagáidí áirithe comhshaoil atá ar Bhallstáit a ghlacadh, an oibleagáid chun gach gabháil a thabhairt i dtír a oiriúnú chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh, an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a shíneadh go dtí speicis eile trí leas a bhaint as próiseas an réigiúnaithe, pleananna a ghlacadh maidir le hábhar muirí a aischur trí leas a bhaint as próiseas an réigiúnaithe, díolúintí de minimis ón oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a ghlacadh murar glacadh beart eile cur chun feidhme don oibleagáid sin, agus mionsonraí a bhunú maidir le feidhmiú na gComhairlí Comhairleacha.”,

léitear:

“(67)

Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le: bearta caomhnaithe a ghabhann le hoibleagáidí áirithe comhshaoil atá ar Bhallstáit a ghlacadh, an oibleagáid chun gach gabháil a thabhairt i dtír a oiriúnú chun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh, an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a shíneadh go dtí speicis eile trí leas a bhaint as próiseas an réigiúnaithe, pleananna sonracha maidir le hábhar muirí aischurtha a ghlacadh trí leas a bhaint as próiseas an réigiúnaithe, díolúintí de minimis a ghlacadh ón oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír murar glacadh aon bheart eile cur chun feidhme don oibleagáid sin, agus rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le feidhmiú na gComhairlí Comhairleacha.”.

Ar leathanach 29, pointe (a) d'Airteagal 2(5):

in ionad:

“(a)

deireadh céimneach a chur le hábhair mhuirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha i dtír;”,

léitear:

“(a)

deireadh céimneach a chur le hábhar muirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha i dtír;”.

Ar leathanach 30, pointe (10) d'Airteagal 4(1):

in ionad:

“ciallaíonn ‘ábhair mhuirí aischurtha’ gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;”,

léitear:

“ciallaíonn ‘ábhar muirí aischurtha’ gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;”.

Ar leathanach 35, Airteagal 14(2):

in ionad:

“2.   Féadfaidh na Ballstáit ‘atlas na n-ábhar muirí aischurtha’ a sholáthar ina léireofar leibhéal na n-ábhar muirí aischurtha i ngach iascach a chumhdaítear faoi Airteagal 15(1).”,

léitear:

“2.   Féadfaidh na Ballstáit ‘atlas an ábhair muirí aischurtha’ a sholáthar ina léireofar leibhéal an ábhair muirí aischurtha i ngach iascach a chumhdaítear faoi Airteagal 15(1).”.

ar leathanach 36, Airteagal 15(5):

in ionad:

“5.   Leagfar síos go sonrach cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i dtír sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9, in Airteagal 10 agus, nuair is ábhartha, sonrófar sin a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 18, lena n-áirítear:

(a)

foráil shonrach maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear faoi na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 í;

(b)

sonraíocht na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4;

(c)

forálacha díolúine ón oibleagáid de minimis suas le 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána maidir le speicis faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír mar a thagraíter i mír 1. Beidh an díolúine de minimis i bhfeidhm sna cásanna a leanas:

(i)

i gcás ina dtabharfar fianaise eolaíoch le fios go bhfuil méaduithe sa roghnaíocht an-deacair le baint amach; nó

(ii)

chun costais dhíréireacha a sheachaint maidir leis láimhseáil ghabhálacha de thaisme, don trealamh iascaireachta sin i gcás nach mó na gabhálacha de thaisme leis an trealamh sin ná céatadán áirithe, atá fós le socrú, de ghabháil iomlán ilbhliantúil an trealaimh sin.

Ní dhéanfar gabhálacha faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointe (c) seo a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha ach déanfar taifead iomlán ar gach gabháil den sórt sin.

Le haghaidh idirthréimhse ceithre bliana, méadóidh céatadán na ngabhálacha bliantúla iomlána dá dtagraítear i bpointe (c):

(i)

dhá phointe céatadáin don chéad dhá bhliain tar éis don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír teacht i bhfeidhm; agus

(ii)

aon phointe céatadáin amháin sa dá bhliain ina dhiaidh sin;

(d)

forálacha maidir le doiciméadú gabhálacha;

(e)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le mír 10.”,

léitear:

“5.   Sonrófar mionsonraí cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 agus, nuair is ábhartha, sonrófar iad a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 18, lena n-áirítear:

(a)

foráil shonrach maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 í;

(b)

na díolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a shonrú;

(c)

forálacha maidir le díolúintí de minimis suas le 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána maidir le speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1. Beidh feidhm ag an díolúine de minimis sna cásanna seo a leanas:

(i)

i gcás ina dtabharfaidh fianaise eolaíoch le fios go bhfuil méaduithe sa roghnaíocht an-deacair le baint amach; nó

(ii)

chun costais dhíréireacha a sheachaint maidir le láimhseáil ghabhálacha de thaisme, don trealamh iascaireachta sin i gcás nach mó na gabhálacha de thaisme leis an trealamh sin ná céatadán áirithe, atá fós le socrú i bplean, de ghabháil iomlán ilbhliantúil an trealaimh sin.

Ní dhéanfar gabhálacha faoi na forálacha dá dtagraítear sa phointe seo a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha ach déanfar taifead iomlán ar gach gabháil den sórt sin.

Le haghaidh idirthréimhse ceithre bliana, méadóidh céatadán na ngabhálacha bliantúla iomlána dá dtagraítear i bpointe (c):

(i)

dhá phointe céatadáin don chéad dhá bhliain tar éis feidhm a bheith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír; agus

(ii)

aon phointe céatadáin amháin sa dá bhliain ina dhiaidh sin;

(d)

forálacha maidir le doiciméadú gabhálacha;

(e)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le mír 10.”.

ar leathanach 37, Airteagal 15(7):

in ionad:

“7.   I gcás nach nglactar bearta d'fhonn an díolúine de minimis a shonrú, i bplean ilbhliantúil a glacadh i gcomhréir le mír 5 ná i bplean sonrach maidir le hábhar muirí aischurtha a glacadh i gcomhréir le mír 6, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46, an díolúine de minimis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a bheidh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c)(i) nó (ii) de mhír 5, nach rachaidh thar níos mó ná 5 % de líon iomlán na ngabhálacha de gach speiceas a bhfuil oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm ina leith faoi mhír 1. Glacfar an díolúine de minimis sin ionas go mbeidh feidhm leis ón dáta a dtiocfaidh an oibleagáid ábhartha gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm.”,

léitear:

“7.   I gcás nár glacadh aon bhearta d'fhonn an díolúine de minimis a shonrú, i bplean ilbhliantúil i gcomhréir le mír 5 ná i bplean sonrach maidir le hábhar muirí aischurtha i gcomhréir le mír 6, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46, lena socrófar an díolúine de minimis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 nach rachaidh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c)(i) nó (ii) de mhír 5, thar níos mó ná 5 % de líon iomlán bliantúil na ngabhálacha de gach speiceas a bhfuil oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm ina leith faoi mhír 1. Glacfar an díolúine de minimis sin ionas go mbeidh feidhm leis ó dháta chur i bhfeidhm an oibleagáid ábhartha gabhálacha a thabhairt i dtír.”.

ar leathanach 37, Airteagal 15(13):

in ionad:

“13.   Ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide chun gach gabháil a thabhairt i dtír, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméadú cruinn, sonraithe ann faoi na turasanna iascaireachta uile agus go mbeidh acmhainní agus modhanna leordhóthanacha ann, mar shampla breathnóirí, teilifís chiorcaid iata (CCTV) a úsáid. Urramóidh na Ballstáit prionsabal na héifeachtúlachta agus na comhréireachta, agus an méid sin á dhéanamh.”,

léitear:

“13.   Ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide chun gach gabháil a thabhairt i dtír, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméadú mionsonraithe, cruinn ann faoi na turasanna iascaireachta uile agus go mbeidh acmhainní agus modhanna leordhóthanacha ann, amhail breathnóirí, teilifís chiorcaid iata (CCTV) agus eile. Urramóidh na Ballstáit prionsabal na héifeachtúlachta agus na comhréireachta, agus an méid sin á dhéanamh.”.

ar leathanach 37, Airteagal 16(2):

in ionad:

“2.   Nuair a thugtar isteach an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i ndáil le stoc éisc, socrófar deiseanna iascaireachta trí aird á tabhairt ar an athrú ó dheiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha a thabharfar i dtír go deiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha ar an mbonn nach gceadófar don stoc sin a chuileáil a thuilleadh don chéad bhliain agus do na blianta ina dhiaidh sin.”,

léitear:

“2.   Nuair a thugtar isteach an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i ndáil le stoc éisc, socrófar deiseanna iascaireachta trí aird a thabhairt ar an athrú ó dheiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha a thabharfar i dtír go deiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha ar an mbonn nach gceadófar an stoc sin a aischur a thuilleadh don chéad bhliain agus do na blianta ina dhiaidh sin.”.

ar leathanach 38, Airteagal 18(1):

in ionad:

“1.   I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, lena n-áirítear i bpleana ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, chomh maith le i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 15(6), chun bearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, maidir le beart caomhnaithe de chuid an Aontais is infeidhme i réimse gheografach, féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dó teacht ar chomhaontú moltaí comhpháirteacha a chur faoi bhráid lena ndírítear ar chuspóirí na mbeart ábhartha, pleananna ilbhliantúla nó pleananna sonracha aschuir de chuid an Aontais a ghlacadh. Ní ghlacfaidh an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme roimh an dáta éaga do Bhallstáit moltaí a chur faoi bhráid. Nóta.”,

léitear:

“1.   I gcás inar tugadh cumhachtaí don Choimisiún, lena n-áirítear i bplean ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 15(6), chun bearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme i ndáil le beart caomhnaithe de chuid an Aontais is infeidhme maidir le réimse gheografach ábhartha, féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu dá ndéanann na bearta sin difear teacht ar chomhaontú, laistigh de spriocdháta atá le sonrú sa bheart caomhnaithe ábhartha agus/nó sa phlean ilbhliantúil, moltaí comhpháirteacha a thíolacadh chun cuspóirí na mbeart caomhnaithe ábhartha de chuid an Aontais, na bpleananna ilbhliantúla nó na bpleananna sonracha maidir le hábhar muirí aischurtha a bhaint amach. Ní ghlacfaidh an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme den sórt sin sula rachaidh an spriocdháta do Bhallstáit moltaí comhpháirteacha a thíolacadh in éag.”.

ar leathanach 39, pointe 8, an chéad abairt:

in ionad:

“8.   Mar mhodh forlíontach nó malartach le haghaidh comhair réigiúnaigh, tabharfar de chumhacht do na Ballstáit, i mbeart caomhnaithe de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir le limistéar ábhartha geografach, lena n-áirítear i bplean ilbhliantúil a bhunaítear de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 11, bearta a ghlacadh laistigh de spriocam socraithe ina sonrófar tuilleadh an bearta caomhnaithe sin. Oibreoidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dóibh i ndlúthchomhar le chéile agus na bearta sin á nglacadh. Beidh feidhm ag mír 2, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo mutatis mutandis. Beidh páirt ag an gcoimisiún ann agus cuirfear a chuid barúlacha san áireamh. Ní ghlacfaidh an Ballstát ábhartha a bhearta náisiúnta féin ach amháin má thagann gach Ballstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir le hábhar na mbeart. Nuair a mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart an Bhallstáit na coinníollacha arna leagan amach sa bheart ábhartha caomhnaithe, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt, iarraidh ar an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an beart ábhartha a leasú nó a aisghairm.”,

léitear:

“8.   Mar mhodh forlíontach nó malartach le haghaidh comhair réigiúnaigh, tabharfar de chumhacht do na Ballstáit, i mbeart caomhnaithe de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir le limistéar ábhartha geografach, lena n-áirítear i bplean ilbhliantúil a bhunaítear de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, bearta a ghlacadh laistigh de spriocam socraithe ina sonrófar tuilleadh an bearta caomhnaithe sin. Oibreoidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear i ndlúthchomhar le chéile agus na bearta sin á nglacadh. Beidh feidhm ag mír 2, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo mutatis mutandis. Beidh páirt ag an gcoimisiún ann agus cuirfear a chuid barúlacha san áireamh. Ní ghlacfaidh an Ballstát ábhartha a bhearta náisiúnta féin ach amháin má thagann gach Ballstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir le hábhar na mbeart. Nuair a mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart an Bhallstáit na coinníollacha arna leagan amach sa bheart ábhartha caomhnaithe, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt, iarraidh ar an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an beart ábhartha a leasú nó a aisghairm.”.

ar leathanach 47, Airteagal 45(4):

in ionad:

“4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 maidir le sonraí fheidhmiú na gComhairlí Comhairleacha.”,

léitear:

“4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 46 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gComhairlí Comhairleacha.”.

ar leathanach 48, Airteagal 48 (5)

in ionad:

“5.   In Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní bheidh feidhm ag fachtóir méadaithe ar ghabhálacha atá faoi réir oibleagáid iad a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (*1), ar choinníoll nach sáraíonn an ró-iscaireacht 10 % de na gabhálacha ceadaithe san iomlán.

léitear:

“5.   In Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní bheidh feidhm ag fachtóir méadaithe ar ghabhálacha atá faoi réir oibleagáid iad a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), ar choinníoll nach sáraíonn an ró-iascaireacht 10 % de na gabhálacha ceadaithe.



16.2.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


Ceartúchán ar Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 345 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Nollaig 2017 )

Ar leathanach 55, i bpointe 15, an ceathrú habairt:

in ionad:

“Tá údar maith ann, dá bhrí sin, leis na Ballstáit lena mbaineann a cheadú na forálacha íosta is gá le haghaidh teastais a eiseofar i gcomhréir leis an Treoir seo, agus na forálacha sin amháin, a thrasuí.”,

léitear:

“Tá údar maith ann, dá bhrí sin, leis na Ballstáit lena mbaineann a cheadú na forálacha íosta is gá le teastais a eiseofar i gcomhréir leis an Treoir seo a aithint, agus na forálacha sin amháin, a thrasuí.”.

Ar leathanach 55, i bpointe 19, an chéad abairt:

in ionad:

“[…] chun sruthlíniú a dhéanamh ar na creataí dlíthiúla lena rialaítear cáilíochtaí gairmiúla san Eoraip, ba cheart do leabhair thaifid seirbhíse […]”,

léitear:

“[…] chun sruthlíniú a dhéanamh ar na creataí dlíthiúla lena rialaítear cáilíochtaí gairmiúla san Eoraip, ba cheart do theastais cháilíochta, leabhair thaifid seirbhíse […]”.

Ar leathanach 56, i bpointe 33, an chéad abairt:

in ionad:

“Chun cuidiú le riarachán éifeachtúil ar theastais cháilíochta, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú atá leis an Treoir seo a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh cláir a leagan síos chun sonraí a thaifeadadh faoi na teastais cháilíochta, faoi leabhair thaifid seirbhíse agus faoi logleabhair.”,

léitear:

“Chun cuidiú le riarachán éifeachtúil ar theastais cháilíochta, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú atá leis an Treoir seo a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh cláir a bhunú chun sonraí a thaifeadadh faoi na teastais cháilíochta, faoi leabhair thaifid seirbhíse agus faoi logleabhair.”.

Ar leathanach 57, i bpointe 38, an dara habairt:

in ionad:

“Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2).”,

léitear:

“Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2).”.

Ar leathanach 58, i bpointe 41, an chéad abairt:

in ionad:

“Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú maidir le cáilíochtaí gairmiúla íosta don loingseoireacht intíre a aithint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”,

léitear:

“Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú maidir le cáilíochtaí gairmiúla íosta don loingseoireacht intíre a aithint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”.

Ar leathanach 59, i mír 3 d'Airteagal 2:

in ionad:

“Gan dochar d'Airteagal 39(3), ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach oiread do dhaoine atá i mbun loingseoireacht i mBallstáit nach bhfuil aon uiscebhealach intíre iontu atá nasctha leis an líonra inseolta i mBallstát eile agus atá, ar bhonn eisiach:”,

léitear:

“Gan dochar d'Airteagal 39(3), ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach oiread maidir le daoine atá i mbun loingseoireacht i mBallstáit nach bhfuil aon uiscebhealach intíre iontu atá nasctha leis an líonra inseolta i mBallstát eile agus atá, ar bhonn eisiach:”.

Ar leathanach 61, i mír 1 d'Airteagal 7:

in ionad:

“Féadfaidh Ballstát daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 a oibríonn go heisiach ar uiscebhealaí intíre náisiúnta nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile, lena n-áirítear iad sin a aicmítear mar uiscebhealaí de chineál muirí, a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus 4(2), Airteagal 5(1), Airteagal 6, an chéad fhomhír d'Airteagal 22(1), agus Airteagal 22(3) agus (6).”,

léitear:

“Féadfaidh Ballstát daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 a oibríonn go heisiach ar uiscebhealaí intíre náisiúnta nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile, lena n-áirítear iad sin a aicmítear mar uiscebhealaí intíre de chineál muirí, a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus 4(2), Airteagal 5(1), Airteagal 6, an chéad fhomhír d'Airteagal 22(1), agus Airteagal 22(3) agus (6).”.

Ar leathanach 61, i mír 2 d'Airteagal 8, an dara habairt:

in ionad:

“Cuirfidh an Coimisiún an liosta d'uiscebhealaí intíre de chineál muirí ar fuair sé fógra ina leith ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí.”,

léitear:

“Cuirfidh an Coimisiún an liosta d'uiscebhealaí intíre de chineál muirí arna bhfógairt ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí.”.

Ar leathanach 61, i mír 1(b) d'Airteagal 9:

in ionad:

“(b)

tá saintréithe hidreamhoirfeolaíocha ag uiscebhealaigh intíre agus ní ann do Sheirbhísí cuí Faisnéise Seolbhealaí maidir leis an uiscebhealach intíre ná do chairteacha oiriúnacha;”,

léitear:

“(b)

tá saintréithe hidreamhoirfeolaíocha ag an uiscebhealach intíre agus ní ann do Sheirbhísí cuí Faisnéise Seolbhealaí maidir leis an uiscebhealach intíre ná do chairteacha oiriúnacha;”.

Ar leathanach 62, in Airteagal 9(1), an fleasc deireanach:

in ionad:

“I gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin chun an tsábháilteacht a áirithiú, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach Abhann ábhartha agus na stráicí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sainaithint.”,

léitear:

“I gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin chun an tsábháilteacht a áirithiú, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach Aibhneacha ábhartha agus na stráicí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sainaithint.”.

Ar leathanach 63, Caibidil 3, Roinn 1

in ionad:

“Nós imeachta chun teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus údaruithe sonracha a eisiúint do mháistrí báid”,

léitear:

“Nós imeachta chun teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus údaruithe sonracha a eisiúint”.

Ar leathanach 66, i mír 4 d'Airteagal 18:

in ionad:

“Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas, gan breis ceanglas ná measúnaithe, do na deimhnithe ar scrúdú praiticiúil dá dtagraítear i mír 2 a d'eisigh na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile.”,

léitear:

“Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas, gan breis ceanglas ná measúnaithe, do na teastais ar scrúdú praiticiúil dá dtagraítear i mír 2 a d'eisigh na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile.”.

Ar leathanach 68, i mír 5 d'Airteagal 22:

in ionad:

“Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leabhair thaifid seirbhíse leictreonacha, logleabhair, agus cártaí gairmiúla crioscaíldíonacha ina n-ionchorpraítear deimhnithe cáilíochta de chuid an Aontais sa loingseoireacht intíre.”,

léitear:

“Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leabhair thaifid seirbhíse leictreonacha, logleabhair, agus cártaí gairmiúla crioscaíldíonacha ina n-ionchorpraítear teastais cháilíochta de chuid an Aontais sa loingseoireacht intíre.”.

Ar leathanach 74, i mír 1 d'Airteagal 38:

in ionad:

“I dtaca le deimhnithe do mháistrí báid, arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 96/50/CE […].”,

léitear:

“I dtaca le teastais do mháistrí báid, arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 96/50/CE […].”.

Ar leathanach 74, i mír 5 d'Airteagal 38:

in ionad:

“5.   De mhaolú ar mhír 3, baill den chriú de chuid bád farantóireachta a bhfuil teastais náisiúnta ina seilbh acu nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 96/50/CE agus a eisíodh roimh 18 Eanáir 2022, beidh na deimhnithe sin fós bailí, ar feadh tréimhse 20 bliain ar a mhéad tar éis an dáta sin, maidir leis na huiscebhealaí intíre sin de chuid an Aontais a raibh siad bailí ina leith roimh an dáta sin.”,

Léitear:

“5.   De mhaolú ar mhír 3, baill den chriú de chuid bád farantóireachta a bhfuil teastais náisiúnta ina seilbh acu nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 96/50/CE agus a eisíodh roimh 18 Eanáir 2022, beidh na teastais sin fós bailí, ar feadh tréimhse 20 bliain ar a mhéad tar éis an dáta sin, maidir leis na huiscebhealaí intíre sin de chuid an Aontais a raibh siad bailí ina leith roimh an dáta sin.”.

Ar leathanach 81, Iarscríbhinn II, pointe 1.1:

in ionad:

“Cabhróidh an máistir báid leis an árthach a bhainistiú agus árthach á ainliú agus á láimhseáil ar uiscebhealaí intíre. Beidh an bádóir in ann déanamh amhlaidh ar gach cineál uiscebhealaí agus i ngach cineál calafort. Go háirithe, beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:”,

léitear:

“Cabhróidh an bádóir leis an árthach a bhainistiú agus árthach á ainliú agus á láimhseáil ar uiscebhealaí intíre. Beidh an bádóir in ann déanamh amhlaidh ar gach cineál uiscebhealaí agus i ngach cineál calafort. Go háirithe, beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:”.