ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
28 Nollaig 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/2401ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

1

 

*

Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

35

 

*

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle

81

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 347 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/2401 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuid thábhachtach de mhargaí airgeadais dea-fheidhmiúla is ea urrúsuithe sa mhéid go gcuireann siad le héagsúlú na bhfoinsí cistiúcháin agus le héagsúlú priacail a bhíonn ag institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (“institiúidí”) agus le scaoileadh caipitil rialála ar féidir é a ath-leithdháileadh ina dhiaidh sin chun tacú le tuilleadh iasachtaithe, go háirithe i dtaca le cistiú an gheilleagair iarbhír. Lena chois sin, cuireann urrúsuithe tuilleadh deiseanna infheistíochta ar fáil d’institiúidí agus do rannpháirtithe margaidh eile ionas gur féidir na punanna a éagsúlú agus ionas go gcuireann siad le sreabhadh an chistithe chuig gnóthaí agus daoine aonair laistigh de na Ballstáit agus ar bhonn trasteorann ar fud an Aontais araon. Ba cheart na sochair sin, áfach, a mheas de réir na gcostas agus na bpriacal ba thualaing dóibh a tharraingt lena n-áirítear a dtionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais. Mar ba léir le linn chéad chéim na géarchéime airgeadais, a thosaigh i samhradh 2007, ós rud é go rabhthas i mbun cleachtais neamhfhónta i margaí urrúsúcháin, tháinig bagairtí móra chun cinn ar shláine an chórais airgeadais, de dheasca giaráil iomarcach, struchtúir theimhneacha chasta a chruthaigh deacrachtaí sa phraghsáil, brath meicníoch ar rátálacha seachtracha nó mí-ailíniú idir leas na n-infheisteoirí agus leas na dtionscnóirí (“priacail ghníomhaireachta”).

(2)

Le blianta beaga anuas, ar roinnt cúiseanna, d’fhan na méideanna urrúsuithe a eisítear san Aontas faoi bhun an bhuaicphointe a baineadh amach roimh an ngéarchéim. Ar na cúiseanna sin, tá an stiogma a bhaineann leis na hidirbhearta sin de ghnáth. Ba cheart téarnamh na margaí urrúsúcháin a bhunú ar chleachtais mhargaidh atá fónta stuama chun nach mbeidh na dálaí a chuir tús leis an ngéarchéim airgeadais ann arís. Chuige sin, i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos na heilimintí substainteacha de chreat urrúsúcháin uileghabhálach ina bhfuil critéir chun urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe (“STC”) a shainaithint agus córas maoirseachta chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann tionscnóirí, urraitheoirí, eisitheoirí agus infheisteoirí institiúideacha na critéir sin i bhfeidhm. Anuas air sin, tá foráil sa Rialachán sin maidir le tacar ceanglas coitianta i leith coinneáil phriacail, dícheall cuí agus nochtadh i gcás na n-earnálacha airgeadais uile.

(3)

I gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2017/2402 , ba cheart leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le caipiteal rialála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) le haghaidh institiúidí a thionscnaíonn urrúsuithe, a urraíonn iad nó a infheistíonn iontu chun saintréithe na n-urrúsuithe STC a chur san áireamh go leordhóthanach más amhlaidh a chomhlíonann na hurrúsuithe sin freisin na ceanglais bhreise a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun dul i ngleic leis na laigí a tháinig chun cinn le linn na géarchéime airgeadais, mar atá an chaoi a mbítear ag brath go meicníoch ar rátálacha seachtracha, ualuithe priacail ró-ísle i leith tráinsí a rátáiltear go hard agus, sa chás contrártha ualuithe priacail ró-arda i leith tráinsí a rátáiltear go híseal, agus íogaireacht ró-íseal maidir le priacal. Ar an 11 Nollaig 2014, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (“CBMB”) ‘Revisions to the securitisation framework’ (“Creat Basel Athbhreithnithe”) inar leagadh amach athruithe éagsúla ar na caighdeáin caipitil rialála maidir le hurrúsuithe chun dul i ngleic leis na laigí sin go sonrach. Ar an 11 Iúil 2016, d’fhoilsigh CBMB caighdeán nuashonraithe maidir le láimhseáil caipitil rialála na risíochtaí urrúsúcháin lena n-áirítear an láimhseáil caipitil rialála i gcás urrúsuithe “simplí, trédhearcacha agus inchomparáide”. Is caighdeán é an caighdeán sin lena leasaítear Creat Basel Athbhreithnithe. Ba cheart forálacha Chreat Basel Athbhreithnithe, arna leasú, a chur san áireamh sna leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(4)

Ba cheart na ceanglais chaipitil maidir le suíomhanna in urrúsú faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith faoi réir na modhanna ríomha céanna le haghaidh gach institiúide. Ar an gcéad dul síos, agus chun nach mbeifí ag brath go meicníoch ar rátálacha seachtracha, ba cheart do gach institiúid tarraingt ar an ríomh atá déanta aici féin ar na ceanglais caipitil rialála i gcás ina bhfuil cead aici an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (an “Cur Chuige IRB”) a úsáid maidir le risíochtaí ar den chineál céanna iad agus risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe, agus i gcás ina bhfuil sé ar a cumas ceanglais caipitil rialála a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha, amhail is nár urrúsaíodh iad (“Kirb”), a ríomh, agus iad faoi réir ionchuir réamh-shainithe (Cur Chuige Urrúsaithe IRB —‘SEC-IRBA’) i ngach cás. Ba cheart ansin teacht a bheith ar Chur Chuige Caighdeánaithe Urrúsaithe (“SEC-SA”) ag institiúidí nach bhféadfaidh úsáid a bhaint as SEC-IRBA i ndáil lena suíomhanna in urrúsú áirithe. Foirmle ba cheart do SEC-SA a úsáid, agus na ceanglais chaipitil a ríomhfaí faoin gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa (SA) mar ionchur inti i gcóimheas leis na risíochtaí foluiteacha mura ndearnadh iad siúd a urrúsú (“Ksa”). I gcás nach mbeidh fáil ar an gcéad dá chur chuige, ba cheart do na hinstitiúidí a bheith in ann úsáid a bhaint as an gCur Chuige Urrúsúcháin Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (“SEC-ERBA”). Faoi SEC-ERBA, ba cheart ceanglais chaipitil a shannadh do thráinsí urrúsúcháin ar bhonn a rátálacha seachtracha. Mar sin féin, ba cheart d’institiúidí SEC-ERBA a úsáid i gcónaí mar chúltaca nuair nach mbíonn SEC-IRBA ar fáil i gcás tráinsí meán-rátaithe áirithe agus tráinsí íseal-rátaithe áirithe d’urrúsuithe STC arna sainaithint trí na paraiméadair iomchuí. I gcás urrúsuithe neamh-STC, ba cheart úsáid SEC-SA tar éis SEC-IRBA a shrianadh a thuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann toirmeasc a chur ar úsáid SEC-SA nuair nach bhfuil ar chumas SEC-SA dul i ngleic mar is leor leis na priacail a chruthaíonn an t-urrúsú i dtaca le hinréiteacht na hinstitiúide nó leis an gcobhsaíocht airgeadais. Ar fhógra a thabhairt don údarás inniúil, ba cheart cead a bheith ag institiúidí SEC-ERBA a úsáid i gcomhair gach urrúsaithe rátáilte dá gcuid nuair nach féidir leo úsáid a bhaint as SEC-IRBA.

(5)

Is minice priacail ghníomhaireachta agus priacail samhla i gcás urrúsuithe ná i gcás sócmhainní airgeadais eile agus bíonn leibhéal áirithe éiginnteachta ann mar gheall orthu nuair a bhítear ag ríomh ceanglais chaipitil maidir le hurrúsuithe fiú agus na spreagaithe priacal uile san áireamh. Ar mhaithe leis na priacail sin a ghabháil mar is leor, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le híosualú priacail 15 % i gcás gach suímh urrúsúcháin. Os a choinne sin, baineann níos mó den chastacht agus den phriacal le hath-urrúsuithe agus, dá réir sin, ní cheadaítear ach cineálacha áirithe ath-urrúsúcháin faoi Rialachán (AE) 2017 /2402 Ina theannta sin, ba cheart suíomhanna in athurrúsuithe a bheith faoi réir ríomh caipitil rialála níos coimeádaí agus íosualú priacail 100 %.

(6)

Níor cheart é a bheith de cheangal ar institiúidí ualú priacail níos airde a chur i bhfeidhm ar shuíomh sinsearach ná mar a chuirfí i bhfeidhm dá mbeadh na risíochtaí foluiteacha acu go díreach, rud a léiríonn an tairbhe atá leis an bhfeabhsú creidmheasa a fhaigheann suíomhanna sinsearacha ó thráinsí sóisearacha sa struchtúr urrúsúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cur chuige “trébhreathnaithe” ina sannfaí uasualú priacail arb ionann é agus an meánualú priacail atá ualaithe ó thaobh risíochta is infheidhme maidir leis na risíochtaí foluiteacha do shuíomh urrúsúcháin sinsearach, agus ba cheart an cur chuige sin a bheith ar fáil cibé acu atá an suíomh atá i gceist rátáilte nó nach bhfuil agus cibé cur chuige a úsáideadh ar an gcomhthiomsú foluiteach (an Cur Chuige Caighdeánaithe nó Cur Chuige IRB), faoi réir coinníollacha áirithe.

(7)

Tá tairseach fhoriomlán maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail ar fáil faoin gcreat atá ann faoi láthair le haghaidh institiúidí lenar féidir na ceanglais chaipitil maidir le risíochtaí foluiteacha a ríomh i gcomhréir leis an gCur Chuige IRB amhail is nár urrúsaíodh na risíochtaí sin (KIRB). A mhéid a laghdaíonn an próiseas urrúsúcháin an priacal a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha, ba cheart an tairseach sin a bheith ar fáil ag gach institiúid tionscnóra agus gach institiúid is urraitheoir, cibé cur chuige a úsáideann siad chun na ceanglais caipitil rialála maidir leis na suíomhanna san urrúsú a ríomh.

(8)

Mar a luaigh an tÚdarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ina tuarascáil uaidh maidir le hurrúsú cáilitheach Iúil 2015, is léir ó fhianaise eimpíreach ar mhainneachtain agus caillteanais gur fheidhmigh urrúsuithe STC níos fearr ná urrúsuithe eile le linn na géarchéime airgeadais mar gur úsáideadh struchtúir a bhí simplí trédhearcach agus cleachtais forghníomhúcháin láidre in urrúsú STC lena mbaineann priacail níos ísle creidmheasa, oibríochta agus gníomhaireachta. Is iomchuí, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le calabrú iomchuí priacail-íogair a dhéanamh ar urrúsuithe STC, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais bhreise freisin ar mhaithe leis an bpriacal a uaslaghdú, ar an gcaoi a mhol ÚBE sa Tuarascáil sin agus lena mbaineann, go háirithe, íosualú priacail níos ísle (i.e. 10 %) i gcás suíomhanna sinsearacha.

(9)

Ba cheart na ceanglais maidir le caipiteal níos ísle is infheidhme maidir le hurrúsuithe STC a theorannú d’urrúsuithe a n-aistrítear úinéireacht a risíochtaí foluiteacha go dtí eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (“SSPE”) (“urrúsuithe traidisiúnta”). Os a choinne sin, institiúidí a choinníonn suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe sintéiseacha atá bunaithe ar chomhthiomsú foluiteach iasachtaí chuig fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), ba cheart cead a bheith acu siúd freisin na ceanglais níos ísle a bhíonn ar fáil i gcás urrúsuithe STC a chur i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna sin i gcás ina meastar go bhfuil na hidirbhearta sin ar ardchaighdeán i gcomhréir le critéir dhochta áirithe, lena n-áirítear na hinfheisteoirí incháilithe. Go háirithe, ba cheart don fho-thacar sin d’urrúsuithe sintéiseacha tairbhe a bhaint as an ráthaíocht nó as an gcontraráthaíocht trí rialtas láir nó banc ceannais an Bhallstáit nó trí eintiteas le haghaidh spreagtha, nó trí infheisteoir institiúideach ar an gcoinníoll go bhfuil an ráthaíocht nó an chontraráthaíocht comhthaobhaithe go hiomlán le hairgead agus é i dtaisce leis na hinstitiúidí tionscnóra. An láimhseáil fhabhrach caipitil rialála d’urrúsuithe STC a bheadh ar fáil i gcás na n-idirbheart seo faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní dochar í do chomhlíonadh Chreat Státchabhrach an Aontais, mar a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(10)

Chun cleachtais maoirseachta a chomchuibhiú ar fud an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún, tar éis tuarascáíl ÚBE a chur san áireamh, i dtaca leis na coinníollacha maidir le riosca creidmheasa a aistriú do thríú páirtithe, an nóisean riosca creidmheasa ar cóimhéid a aistriú do thríú páirtithe agus na ceanglais atá ar údaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar aistriú riosca creidmheasa chuig tríú páirtithe, i dtaca le hurrúsuithe traidisúnta agus sintéiseacha ar aon a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirteachas chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)

Ba cheart caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais cosaint leormhaith ar infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Ós rud é gur comhlacht é ÚBE a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí ceapadh dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur de chúram ar ÚBE chun go ndéanfadh ÚBE iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(12)

Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna gceapadh ag ÚBE a ghlacadh, maidir le cad is modh coimeádach iomchuí le méid an sciar neamhtharraingthe de na háiseanna airgid a thomhas i gcomhthéacs luach risíochta urrúis agus maidir leis na coinníollacha chun a cheadú d’institiúidí KIRB a ríomh do chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha urrúis amhail i gcás earraí infhaighte ceannaithe. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(13)

Níor cheart aon athruithe seachas athruithe iarmhartacha a chur ar fhuíoll na gceanglas caipitil rialála maidir le hurrúsuithe i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid is gá chun ordlathas nua na gcur chuige mar aon leis na forálacha sonracha maidir le hurrúsuithe STC a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart go leanfadh na forálacha maidir le haistriú priacail shuntasaigh a shainaithint agus na ceanglais a bhaineann le measúnuithe ar chreidmheas seachtrach, d’fheidhm a bheith acu de réir na dtéarmaí céanna, ar an iomlán, agus atá acu faoi láthair. Os a choinne sin, ba cheart Cuid a Cúig de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a scriosadh ina hiomláine ach amháin an ceanglas ualuithe priacail breise a shealbhú, ceanglas ba cheart a fhorchur ar institiúidí a bhfuarthas amach go bhfuil siad ag sárú na bhforálacha atá i gCaibidil 2 de Rialachán(AE) 2017/2402 .

(14)

Is iomchuí feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na suíomhanna urúsúcháin uile atá i seilbh institiúide. Os a choinne sin, chun costais idirthréimhsiúla a mhaolú a mhéid is féidir agus chun aistriú rianúil chuig an gcóras nua a cheadú, ba cheart go leanfadh institiúidí den chreat roimhe sin a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2019, eadhon forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a raibh feidhm acu roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin uile atá ina seilbh a bheidh gan íoc ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13) agus phointe (14):

“(13)

ciallaíonn ‘tionscnóir’ tionscnóir mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 (*1) ;

(14)

ciallaíonn ‘urraitheoir’ urraitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ;

(*1)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).”;"

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(14a)

ciallaíonn ‘iasachtóir bunaidh’ iasachtóir bunaidh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (61), phointe (62) agus phointe (63):

“(61)

ciallaíonn ‘urrúsú’ urrúsú mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(62)

ciallaíonn ‘suíomh urrúsúcháin’ suíomh urrúsúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(63)

ciallaíonn ‘ath-urrúsú’ ath-urrúsú mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (66) agus phointe (67):

“(66)

ciallaíonn ‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ nó ‘SSPE’ eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó SSPE mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(67)

ciallaíonn ‘tráinse’ tráinse mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;”;

(e)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(129)

ciallaíonn ‘seirbhíseoir’ seirbhíseoir mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;”.

(2)

I bpointe (k) d’Airteagal 36(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

suíomhanna urrúsúcháin, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 244(1), le pointe (b) d’Airteagal 245(1) agus le hAirteagal 253;”.

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 109:

“Airteagal 109

Láimhseáil suíomhanna urrúsúcháin

Ríomhfaidh institiúidí méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcás suíomh atá ina seilbh in urrúsú i gcomhréir le Caibidil 5.”.

(4)

In Airteagal 134, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí faoi réír an choinníll go spreagfaidh an nú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, déanfar comhiomlánú ar na hualuithe priacail a áireofar sa bhascaed, agus risíochtaí n-1 á n-eisiamh, suas go huasmhéid11 250 % agus iolraithe faoi mhéid ainmniúil na cosanta arna soláthar ag an díorthach creidmheasa chun méid na risíochta a bheidh ualaithe ó thaobh priacail a fháil. Cinnfear na risíochtaí n-1 a bheidh le eisiamh ón gcomhiomlánú ar an mbonn go gcuimseoidh siad na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta níos ísle atá ualaithe ó thaobh priacail ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail d’aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú.”.

(5)

In Airteagal 142(1), scriostar pointe (8)

(6)

In Airteagal 153, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

“7.   Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint chéadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, chaillteanais chaolúcháin, nó an dá chineál caillteanais sin, féadfaidh ceannaitheoir na n-earraí infhaighte nó tairbhí na ráthaíochta comhthaobhachta nó páirtí iad a láimhseáil mar chosaint chéadchaillteanais i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 i Roinn 3 de Chaibidil 5. An díoltóir a sholáthraíonn an lascaine ceannaigh inaisíoctha agus an té a sholáthraíonn ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha, déanfaidh siad iad a láimhseáil mar risíocht ar shuíomh céadchaillteanais i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3 de Chaibidil 5.

8.   I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí ar an gcoinníoill go spreagfaidh an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, déanfar comhiomlánú ar ualaí priacal na risíochtaí a áireofar sa bhascaed, agus risíochtaí n-1 á n-eisiamh, i gcás nach mó suim mhéid an chaillteanais ionchasaigh iolraithe faoi 12, 5 agus méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ná méid ainmniúil na cosanta arna tabhairt ag an díorthach creidmheasa iolraithe faoi 12,5. Cinnfear na risíochtaí n-1 atá le heisiamh ón gcomhiomlánú ar an mbonn go n-áireofar na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá níos ísle ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d’aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú. Beidh feidhm ag ualú priacal 1 250 % maidir le suíomhanna i mbascaed nach féidir le hinstitiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoin gCur Chuige IRB.”.

(7)

In Airteagal 154, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe miondíola, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint chreidmheasa chéadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, caillteanais chaolúcháin, nó an dá chineál caillteanais sin, féadfaidh ceannaitheoir na n-earraí infhaighte iad a láimhseáil mar chosaint chéadchaillteanais i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3 de Chaibidil 5. An díoltóir a sholáthraíonn an lascaine ceannaigh inaisíoctha agus an té a sholáthraíonn ráthaíocht comhthaobhachta nó ráthaíocht páirteach, déanfaidh siad iad a láimhseáil mar risíocht ar shuíomh céadchaillteanais i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3 de Chaibidil 5.”.

(8)

In Airteagal 197(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

suíomhanna urrúsúcháin nach suíomhanna ath-urrúsúcháin iad agus atá faoi réir ualú priacail 100 % nó níos lú i gcomhréir le hAirteagal 261 go go hAirteagal 264;”.

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid a Trí de Chaibidil 5 de Theideal II:

CAIBIDIL 5

Urrúsú

Roinn 1

Sainmhínithe agus critéir maidir le hurrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe

Airteagal 242

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘céadrogha ar cheannach farasbairr’ rogha chonarthach lena dtugtar cead don tionscnóir na suíomhanna urrúsúcháin a cheannach sula n-aisíocfar na risíochtaí urrúsaithe uile, cibé acu trí fhuíoll na risíochtaí foluiteacha a athcheannach i gcás urrúsuithe traidisiúnta nó tríd an gcosaint chreidmheasa a fhoirceannadh i gcás urrúsuithe sintéiseacha agus, sa dá chás sin, nuair a bheidh líon na risíochtaí foluiteacha gan íoc ar leibhéal áirithe réamhshonraithe nó faoina bhun;

(2)

ciallaíonn ‘stráice feabhsaithe creidmheasa úis amháin’ sócmhainn laistigh den chlár comhardaithe ar luacháil í ar shreafaí airgid atá gaolmhar le hioncam corrlaigh amach anseo agus ar tráinse is fo-ordaithe í san urrúsú;

(3)

ciallaíonn ‘saoráid leachtachta’ saoráid leachtachta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ;

(4)

ciallaíonn ‘suíomh gan rátáil’ suíomh urrúsúcháin nach ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;

(5)

ciallaíonn ‘suíomh rátáilte’ suíomh urrúsúcháin a ndearnadh measúnú creidmheasa incháilithe air i gcomhréir le Roinn 4;

(6)

ciallaíonn ‘suíomh sinsearach urrúsúcháin’ suíomh atá bunaithe nó urrúsaithe ag céadéileamh ar iomlán na risíochtaí foluiteacha, gan beann, chun na gcríoch seo, ar mhéideanna atá dlite faoi chonarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra, táillí nó íocaíochtaí comhchosúla eile, agus gan beann ar aon difríocht in aibíocht le haon tráinse sinsearach eile (nó níos mó díobh) lena roinneann an suíomh sin caillteanais ar bhonn pro rata;

(7)

ciallaíonn ‘comhthiomsú IRB’ comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag an institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochtaí atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás na risíochtaí sin uile;

(8)

ciallaíonn ‘comhthiomsú measctha’ comhthiomsú de risíochtaí foluiteacha den chineál a bhfuil cead ag institiúid Cur Chuige IRB a úsáid ina leith agus lenar féidir méideanna risíochta atá ualaithe de réir priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 3 i gcás cuid de na risíochtaí ach ní i gcás na risíochtaí uile;

(9)

ciallaíonn ‘ró-urrúsú comhthaobhach’ aon chineál feabhsaithe creidmheasa lena bpostáiltear risíochtaí foluiteacha ar luach atá os cionn luach na suíomh urrúsúcháin;

(10)

Ciallaíonn ‘urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe’ nó ‘urrúsú STC’ urrúsú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2402 ;

(11)

ciallaíonn ‘clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe’ nó ‘clár ABCP’ clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó clár ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(12)

ciallaíonn ‘idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP)’ nó ‘idirbheart ABCP’ idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) nó idirbheart ABCP mar a shainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Rialachán AE) 2017/2402;

(13)

ciallaíonn ‘urrúsú traidisiúnta’ urrúsú traidisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(14)

ciallaíonn ‘urrúsú sintéiseach’ urrúsú sintéiseach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(15)

ciallaíonn ‘risíocht imrothlach’ risíocht imrothlach mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(16)

ciallaíonn ‘foráil maidir le luathamúchadh’ foráil maidir le luathamúchadh mar a shainmhínítear i bpointe 17 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(17)

ciallaíonn ‘tráinse céadchaillteanais’ tráinse céadchaillteanais mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(18)

ciallaíonn ‘suíomh urrúsúcháin mezzanine’ suíomh in urrúsú atá faoi réir an tsuímh urrúsúcháin shinsearaigh agus ar sinsearaí é ná an tráinse céadchaillteanais, agus atá faoi réir ualú priacail is ísle ná 1 250 % agus is airde ná 25 % i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3;

(19)

ciallaíonn ‘eintiteas cur chun cinn’ aon ghnóthas nó eintiteas a bhunaíonn rialtas láir, réigiúnach, nó áitiúil de chuid Ballstáit, a dheonaíonn iasachtaí cur chun cinn nó a dheonaíonn ráthaíochtaí cur chun cinn, agus arb é is príomhaidhm dó gan brabús a dhéanamh ná an sciar den mhargadh a uasmhéadú ach cuspóirí bheartas poiblí an rialtais sin a chur chun cinn, ar choinníoll, faoi réir rialacha Státchabhrach, go bhfuil oibleagáid ar an rialtas sin bonn eacnamaíoch an ghnóthais a chosaint agus a inmharthanacht a choinneáil ar feadh a shaoil, nó go ráthaíonn rialtas láir, réigiúnach nó áitiúil an Bhallstáit, go díreach nó go hindíreach, ar a laghad 90 % dá chaipiteal bunaidh nó dá chistiú bunaidh nó den iasacht cur chun cinn a dheonaíonn sé.

Airteagal 243

Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil

1.   Beidh suíomhanna i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a)

maidir leis na risíochtaí foluiteacha, comhlíonfaidh siad, tráth a gcuirfear leis an gclár ABCP iad, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, na coinníollacha maidir lena sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, agus beidh acu ualú priacail is cothrom le 75 % nó is ísle ná sin ar bhonn risíocht aonair más risíocht mhiondíola í an risíocht nó 100 % i gcás aon risíochtaí eile; agus

(b)

ní mó ná 2 % de luach na risíochtaí uile atá laistigh den chlár ABCP luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair ar leibhéal an chláir ABCP tráth a gcuirfear na risíochtaí leis an gclár ABCP. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile, chomh fada agus is eol don urraitheoir.

I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fho-mhír má tá priacal creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnóthas árachais nó gnóthas ath-árachais é soláthraí na cosanta sa chás sin. Chun críocha na fomhíre seo, is é cion na n-earraí infhaighte trádála atá fágtha tar éis éifeacht aon lascaine ar an bpraghas ceannaigh agus ró-urrúsú comhthaobhach a chur san áireamh, agus an cion sin amháin, a úsáidfear chun a fháil amach an bhfuil siad faoi chumhdach iomlán agus an gcomhlíontar teorainn an chomhchruinnithe.

I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug an tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe.

De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina gcuireann an institiúid an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 248(3), i bhfeidhm nó inar tugadh cead di úsáid a bhaint as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265, is coibhéiseach le 100 % nó níos lú an t-ualú priacail sin a shannfadh an institiúid sin do shaoráid leachtachta lena gcuimsítear go hiomlán an ABCP a eisítear faoin gclár.

2.   Suíomhanna in urrúsú, seachas clár ABCP nó idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, beidh siad incháilithe maidir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a)

níl luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair sa chomhthiomsú os cionn 2 % de luachanna risíochta na luachanna risíochta gan íoc comhiomlánaithe i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth a gcuimsithe san urrúsú. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile.

I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe;

(b)

i gcás ina gcomhlíonann na risíochtaí foluiteacha na coinníollacha maidir le sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe tráth a gcuimsithe san urrúsú agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, tá an t-ualú priacail cothrom leis an méid seo a leanas nó faoina bhun:

(i)

40 % ar bhonn mheánualú na risíochtaí le haghaidh na punainne i gcás ina bhfuil na risíochtaí ina n-iasachtaí arna n-urrú ag morgáistí cónaithe nó iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 129(1);

(ii)

50 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar iasacht arna hurrú ag morgáiste tráchtála í an risíocht;

(iii)

75 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar risíocht mhiondíola í an risíocht;

(iv)

i gcás aon risíochtaí eile, 100 % ar bhonn risíocht aonair;

(c)

i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) agus (b)(ii), ní chuimseofar na hiasachtaí a urraíodh le cearta urrúis ar chéim níos ísle ar shócmhainn áirithe san urrúsú ach amháin i gcás ina bhfuil na hiasachtaí uile a urraíodh le cearta urrúis réamhthosaíochta ar an tsócmhainn sin cuimsithe san urrúsú freisin;

(d)

i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) den mhír seo, ní bheidh cóimheas iasacht/luach os cionn 100 % ag aon iasacht i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth an chuimsithe san urrúsú, arna thomhas i gcomhréir le pointe (d)(i) d’Airteagal 129(1) agus le hAirteagal 229(1).

Roinn 2

Aistriú priacail shuntasaigh a aithint

Airteagal 244

Urrúsú traidisiúnta

1.   Féadfaidh institiúid tionscnóra de chuid urrúsú traidisiúnta risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, más ábhartha, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar den dá choinníoll seo a leanas:

(a)

aistríodh priacal creidmheasa suntasach a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha chuig tríú páirtithe;

(b)

cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).

2.   Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;

(b)

níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;

(ii)

níl aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine ann.

I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú faoi phointe (a) nó faoi phointe (b), féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh ar bhonn gach cáis nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar riachtanais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá beartais agus modheolaíochtaí inmheánacha bainistithe priacail leordhóthanacha ag an institiúid le haistriú an phriacail creidmheasa a mheasúnú;

(b)

d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.

4.   Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:

(a)

léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;

(b)

ní hionann na suíomhanna urrúsúcháin agus oibleagáidí íocaíochta na hinstitiúide tionscnóra;

(c)

fágadh nach bhfuil breith ag an institiúid tionscnóra gona creidiúnaithe ar na risíochtaí foluiteacha i gcaoi a gcomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2107/2402;

(d)

ní choinníonn an institiúid tionscnóra rialú ar na risíochtaí foluiteacha. Measfar go mbeidh rialú éifeachtach coinnithe ar na risíochtaí foluiteacha má tá sé de cheart ag an tionscnóir na risíochtaí a aistríodh roimhe sin a athcheannach ón aistrí d’fhonn a dtairbhí a réadú nó má tá ceanglas eile air an priacal aistrithe a ghlacadh arís. Má tá institiúid tionscnóra ag coinneáil na gceart nó na n-oibleagáidí seirbhísithe i leith na risíochtaí foluiteacha, ní leor sin ann féin mar rialú ar na risíochtaí;

(e)

níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin:

(i)

a chuireann ceangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó

(ii)

a mhéadaíonn an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna nó a chuirfeadh feabhas de chineál eile ar na suíomhanna i gcaoi eile laistigh den urrúsú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;

(f)

más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach nó a athcheannach nó na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú nó a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar na socruithe sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann lena leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);

(g)

i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonfaidh an rogha sin gach coinníoll seo a leanas freisin:

(i)

tá sí infheidhmithe de rogha na hinstitiúide tionscnóra;

(ii)

ní féidir í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;

(iii)

níl sí struchtúraithe sa chaoi nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe in aon chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a chur ar fáil;

(h)

tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) den mhír seo.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na cásanna sin inar chinn siad nach raibh bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus leis na cásanna inar roghnaigh institiúidí forálacha mhír 3 a chur i bhfeidhm.

6.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe traidisiúnta a shainaithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar:

(a)

na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;

(b)

léiriú ar ‘aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe’ chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus de mhír 3;

(c)

na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.

Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚBE a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

Airteagal 245

Urrúsú sintéiseach

1.   Féadfaidh an institiúid tionscnóra a bhíonn ag urrúsú sintéiseach méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh, agus, nuair is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252, i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá priacal creidmheasa suntasach aistrithe chuig tríú páirtithe trí chosaint chistithe chreidmheasa nó trí chosaint neamhchistithe chreidmheasa;

(b)

cuireann an institiúid tionscnóra ualú priacail 1 250 % i bhfeidhm maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir atá ina seilbh laistigh den urrúsú sin nó asbhaineann sí na suíomhanna urrúsúcháin sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).

2.   Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra laistigh den urrúsú sin, ní sháraíonn siad 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacail de chuid na suíomhanna urrúsúcháin mezzanine go léir atá ann laistigh den urrúsú sin;

(b)

níl i seilbh na hinstitiúide tionscnóra níos mó ná 20 % de luach risíochta an tráinse céadchaillteanais san urrúsú, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

tá an tionscnóir in ann a léiriú go sáraíonn luach risíochta an tráinse céadchaillteanais meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí foluiteacha faoi chorrlach suntasach;

(ii)

ní ann d’aon suíomhanna urrúsúcháin mezzanine.

I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh, agus iad ag meas gach cáis ar a fhiúntas féin, nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla a ligean d’institiúidí tionscnóra aistriú creidmheasa shuntasaigh a aithint i ndáil le hurrúsú i gcás ina léiríonn an institiúid tionscnóra i ngach cás, go bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú ar cheanglais cistí dílse a bhaineann an tionscnóir amach leis an urrúsú. Ní fhéadfar cead a thabhairt ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá beartais agus modheolaíochtaí leordhóthanacha inmheánacha bainistithe priacail ag an institiúid le haistriú an phriacail a mheasúnú;

(b)

d’aithin an institiúid an t-aistriú priacail creidmheasa chuig tríú páirtithe i ngach cás ar mhaithe le bainistiú priacail inmheánaigh agus leithdháileadh caipitil inmheánaigh na hinstitiúide.

4.   Chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, comhlíonfar gach coinníoll díobh seo a leanas:

(a)

léiríonn doiciméadacht an idirbhirt tábhacht eacnamaíoch an tsuímh urrúsúcháin;

(b)

an chosaint chreidmheasa ar dá bua a aistrítear an priacal creidmheasa, comhlíonann sí Airteagal 249;

(c)

níl téarmaí ná coinníollacha i ndoiciméadacht an urrúsúcháin lena ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

tairseacha ábharthachta suntasacha a fhorchur a meastar nár spreagadh cosaint chreidmheasa faoina mbun i gcás teagmhas creidmheasa;

(ii)

foirceannadh na cosanta a cheadú mar gheall ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na risíochtaí foluiteacha;

(iii)

a cheangal ar an institiúid tionscnóra comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha a athrú chun meáncháilíocht an chomhthiomsaithe a fheabhsú; nó

(iv)

costas cosanta creidmheasa na hinstitiúide nó an toradh is iníoctha le sealbhóirí suíomhanna laistigh den urrúsú a mhéadú mar fhreagairt ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe fholuitigh;

(d)

tá an chosaint chreidmheasa infhorghníomhaithe i ngach dlínse ábhartha;

(e)

más infheidhme, is léir i ndoiciméadacht an idirbhirt nach bhféadfaidh an tionscnóir ná an t-urraitheoir suíomhanna urrúsúcháin a cheannach ná na risíochtaí foluiteacha a athcheannach, a athstruchtúrú ná a ionadú thar a n-oibleagáidí conarthacha i gcás ina ndéantar socruithe den sórt sin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh atá i réim agus ina ngníomhaíonn na páirtithe lena mbaineann ar mhaithe leo féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí);

(f)

i gcás ina bhfuil céadrogha ar cheannach farasbairr ann, comhlíonann an rogha sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

féadfar í a fheidhmiú de rogha na hinstitiúide tionscnóra;

(ii)

ní fhéadfar í a fheidhmiú ach amháin nuair atá 10 % nó níos lú de luach bunaidh na risíochtaí foluiteacha fós gan amúchadh;

(iii)

níl sí struchtúraithe ionas nach leithdháilfear caillteanais ar shuíomhanna feabhsaithe creidmheasa ná ar shuíomhanna eile atá i seilbh infheisteoirí san urrúsú agus níl sí struchtúraithe ar chaoi eile chun feabhsú creidmheasa a sholáthar;

(g)

tá tuairim faighte ag an institiúid tionscnóra ó dhlíodóir cáilithe lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d) den mhír seo;

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na cásanna sin inar chinn siad nach raibh bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus faoi na cásanna inar roghnaigh institiúidí mír 3 a chur i bhfeidhm.

6.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas maoirseachta i ndáil le haistriú priacail shuntasaigh in urrúsuithe sintéiseacha a aithint i gcomhréir leis an Airteagal seo. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú:

(a)

ar na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;

(b)

ar an léiriú ar ‘aistriú priacail creidmheasa ar cóimhéid chuig tríú páirtithe’ chun críocha mheasúnú na n-údarás inniúil dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 2 agus i mír 3; agus

(c)

ar na ceanglais le haghaidh mheasúnú na n-údarás inniúil ar idirbhearta urrúsúcháin a n-iarrann an tionscnóir aitheantas ar aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh chuig tríú páirtithe ina leith i gcomhréir le mír 2 nó mír 3.

Cuirfidh ÚBE na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis an tuarascáil ó ÚEB a chur san áireamh, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 462, mar fhorlíonadh ar an Rialachán seo, trí shonrú breise a dhéanamh ar na hítimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

Airteagal 246

Ceanglais oibríochtúla maidir le forálacha i ndáil le luathamúchadh

I gcás ina n-áirítear risíochtaí imrothlacha agus forálacha i ndáil le luathamúchadh nó forálacha comhchosúla san urrúsú, ní mheasfar go bhfuil priacal creidmheasa suntasach aistrithe ag an institiúid tionscnóra ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 244 agus Airteagal 245 agus nach ndéantar leis an bhforáil maidir le luathamúchadh, a luaithe a spreagtar é, an méid seo a leanas:

(a)

éileamh sinsearach nó pari passu na hinstitiúide ar na risíochtaí foluiteacha a chur faoi réir éilimh na n-infheisteoirí eile;

(b)

éileamh na hinstitiúide ar na risíochtaí foluiteacha a chur faoi réir éilimh páirtithe eile tuilleadh; nó

(c)

risíocht na hinstitiúide ar chaillteanais a bhaineann le risíochtaí imrothlacha foluiteacha a mhéadú ar bhealach eile.

Roinn 3

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh

Foroinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 247

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh

1.   I gcás inar aistrigh institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir le Roinn 2, féadfaidh an institiúid sin:

(a)

i gcás urrúsú traidisiúnta, na risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus mar is ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;

(b)

i gcás urrúsú sintéiseach, méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus, más ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252.

2.   I gcás inar chinn an institiúid tionscnóra mír 1 a chur i bhfeidhm, ríomhfaidh sí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a leagtar síos sa Chaibidil seo i leith na suíomhanna a d’fhéadfadh sí a shealbhú laistigh den urrúsú sin.

I gcás nár aistrigh an institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach nó gur chinn sí gan mír 1 a chur i bhfeidhm, ní chuirfear de cheangal uirthi méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i leith aon suíomh a d’fhéadfadh a bheith aici laistigh den urrúsú ach leanfaidh sí de na risíochtaí foluiteacha agus, i gcás inarb abhartha, méideanna an chaillteananais ionchasaigh, a áireamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.

3.   I gcás ina bhfuil risíocht ann ar shuíomhanna i dtráinsí éagsúla laistigh d’urrúsú, measfar gur suíomh urrúsúcháin ar leith í an risíocht ar gach aon tráinse. Measfar go mbeidh suíomhanna san urrúsú á sealbhú ag soláthraithe na cosanta creidmheasa do shuíomhanna urrúsúcháin. Áireofar sna suíomhanna urrúsúcháin risíochtaí ar urrúsú a thagann as conarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra atá déanta ag an institiúid tráth an idirbhirt.

4.   Mura n-asbhaintear suíomh urrúsúcháin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun phointe (k) d’Airteagal 36(1), áireofar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail in iomlán na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na hinstitiúide chun críocha Airteagal 92(3).

5.   Déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail suímh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, luach a ríomhtar mar a leagtar amach in Airteagal 248, a iolrú faoin ualú iomlán priacail ábhartha.

6.   Socrófar an t-ualú iomlán priacail mar shuim an ualaithe priacail a leagtar amach sa Chaibidil seo agus aon ualaithe priacail breise i gcomhréir le hAirteagal 270a.

Airteagal 248

Luach na risíochta

1.   Déanfar luach risíochta suímh urrúsúcháin a ríomh mar seo a leanas:

(a)

is é a bheidh i luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis aon choigeartuithe sonracha i leith aon phriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, ar coigeartuithe iad a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 110;

(b)

is é a bheidh i luach risíochta suíomh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil lúide aon choigeartuithe ábhartha sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis an suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 110, iolraithe faoin bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha a leagtar amach sa phointe seo. Beidh an fachtóir coinbhéartaithe cothrom le 100 %, ach amháin i gcás na saoráidí airleacan airgid. Féadfar fachtóir coinbhéartaithe 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta atá inchealaithe go neamhchoinníollach chun luach risíochta chion neamhtharraingthe na saoráidí airleacan airgid a chinneadh ar an gcoinníoll go bhfuil aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid níos sinsearaí ná aon éilimh eile ar an sreabhadh airgid a thagann as na risíochtaí foluiteacha agus gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil modh coimeádach iomchuí á chur i bhfeidhm aici chun an méid den chion neamhtharraingthe a thomhas;

(c)

déanfar luach na risíochta ar phriacal creidmheasa suíomhanna urrúsúcháin don chontrapháirtí a thagann ó ionstraim díorthaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6;

(d)

féadfaidh institiúid tionscnóra méid na gcoigeartuithe i leith na bpriacal creidmheasa sonrach maidir leis na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 110 a asbhaint de luach risíochta suímh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacail 1 250 % sannta dó i gcomhréir le Foroinn 3 nó a asbhaintear de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1), agus aon lascainí neamh-inaisíoctha ar an bpraghas ceannaigh atá nasctha le risíochtaí foluiteacha den chineál sin a mhéid a bhfuil a gcistí dílse laghdaithe acu.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú cad is modh coimeádach iomchuí ann chun an méid den chion neamhtharraingthe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a thomhas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

2.   I gcás ina bhfuil dhá shuíomh fhorluiteacha nó níos mó ag institiúid in urrúsú, ní áireoidh sí ach ceann amháin dá suíomhanna le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh.

I gcás ina bhfuil na suíomhanna forluiteach i bpáirt, féadfaidh an institiúid an suíomh a dheighilt ina dhá chuid agus gan an forluí a aithint ach i ndáil le cuid amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhalairt air sin, féadfaidh an institiúid déileáil leis na suíomhanna amhail is go raibh siad iomlán forluiteach tríd an suíomh a thugann na méideanna risíochta atá ualaithe níos airde ó thaobh priacail a fhairsingiú chun críocha ríomh caipitil.

Féadfaidh an institiúid forluí a aithint idir na ceanglais cistí dílse faoi phriacal sonrach i leith suíomhanna sa leabhar trádála agus na ceanglais cistí dílse i leith suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála, ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid ceanglais cistí dílse i leith na suíomhanna ábhartha a ríomh agus a chur i gcomparáid le chéile.

Chun críocha na míre seo measfar dhá shuíomh a bheith forluiteach i gcás ina bhfuil siad ag fritháireamh a chéile go frithpháirteach i gcaoi ar féidir leis an institiúid na caillteanais a thiocfadh as suíomh amháin a sheachaint trí na hoibleagáidí a cheanglaítear faoin suíomh eile a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag pointe d d’Airteagal 270c maidir le suíomhanna san ABCP, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacail atá sannta do shaoráid leachtachta a úsáid d’fhonn an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail don ABCP a ríomh, ar an gcoinníoll go gcumhdaíonn an tsaoráid leachtachta 100 % den ABCP atá eisithe ag an gclár ABCP agus go bhfuil an tsaoráid leachtachta ar comhchéim leis an ABCP ionas gur suíomhanna forluiteacha iad. I gcás inar chuir sí na forálacha a leagtar síos sa mhír seo i bhfeidhm, tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla faoi sin. Chun an cumhdach 100 % a leagtar amach sa mhír seo a fháil amach, féadfaidh an institiúid saoráidí leachtachta eile sa chlár ABCP a chur san áireamh, ar an gcoinníoll go bhfuil suíomh forluiteach acu leis an ABCP.

Airteagal 249

Maolú priacail creidmheasa a aithint le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin

1.   Féadfaidh institiúid cosaint chistithe nó neamhchistithe chreidmheasa a aithint i ndáil le suíomh urrúsúcháin i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais maidir le maolú priacail creidmheasa a leagtar síos sa Chaibidil seo agus i gCaibidil 4.

2.   Níl i gcosaint chistithe chreidmheasa incháilithe ach comhthaobhacht airgeadais atá incháilithe chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi Chaibidil 2 mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4 agus beidh aithint mhaolú an phriacail creidmheasa faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.

Maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa agus soláthraithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa, ní bheidh ach na daoine sin atá incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 incháilithe agus beidh aithint mhaolú an phriacail creidmheasa faoi réir chomhlíonadh na gceanglas ábhartha mar a leagtar síos faoi Chaibidil 4.

3.   De mhaolú ar mhír 2, beidh measúnú creidmheasa sannta ag IMCS aitheanta do sholáthraithe incháilithe cosanta neamhchistithe creidmheasa a liostaítear i bpointí (a) go (h) d’Airteagal 201(1), rud ar céim cáilíocht 2 í nó os a chionn tráth a aithníodh an chosaint chreidmheasa den chéad uair agus ar céim 3 í nó os a chionn ina dhiaidh sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach san fhomhír seo maidir le contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.

Féadfaidh institiúidí a ligtear dóibh an Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm maidir le risíocht dhíreach ar sholáthraí na cosanta incháilitheacht a mheasúnú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír bunaithe ar dhóchúlacht mhainneachtana (PD) sholáthraí na cosanta a bheith coibhéiseach leis an PD a bhaineann leis na céimeanna cáilíochta creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 136.

4.   De mhaolú ar fhomhír 2, beidh SSPEnna ina soláthraithe cosanta incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:

(a)

tá sócmhainní ag SSPE a cháilíonn mar chomhthaobhacht airgeadais incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4;

(b)

níl na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir éilimh ná éilimh theagmhasacha a bhfuil réamhthosaíocht acu ar éileamh nó éileamh teagmhasach na hinstitiúide a fhaigheann cosaint chreidmheasa neamhchistithe, nó atá pari passu leis; agus

(c)

comhlíontar na ceanglais uile maidir le haithint comhthaobhachta airgeadais a leagtar amach i gCaibidil 4.

5.   Chun críocha mhír 4, ní bheidh i méid na cosanta coigeartaithe i leith aon neamhréir airgeadra agus aibíochta (Ga) i gcomhréir le Caibidil 4 ach margadhluach na sócmhainní sin arna choigeartú de réir luaineachta agus déanfar ualú priacail na risíochtaí ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (g) a chinneadh mar an t-ualú meánphriacal ualaithe a mbeadh feidhm aige maidir leis na sócmhainní sin mar chomhthaobhacht airgeadais faoin gCur Chuige Caighdeánaithe.

6.   I gcás ina bhfuil cosaint chreidmheasa iomlán nó cosaint chreidmheasa pháirteach ar bhonn pro-rata ag suíomh urrúsúcháin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion sin den suíomh urrúsúcháin atá ag fáil cosaint chreidmheasa i gcomhréir le Foroinn 3 amhail is go raibh an cion sin den suíomh sin ina seilbh dhíreach féin;

(b)

ríomhfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Caibidil 4 don chion chosanta.

7.   I ngach cás nach gcumhdaítear le mír 6, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)

láimhseálfaidh an institiúid a sholáthraíonn cosaint chreidmheasa an cion den suíomh atá ag fáil cosaint chreidmheasa mar shuíomh urrúsúcháin agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is go raibh an suíomh ina seilbh dhíreach féin i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhíreanna 8, 9 agus 10;

(b)

déanfaidh an institiúid a bheidh ag ceannach cosaint chreidmheasa méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don chion den suíomh atá cosanta dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le Caibidil 4. Maidir leis an gcion den suíomh urrúsúcháin nach bhfaigheann cosaint chreidmheasa, láimhseálfaidh an institiúid é mar shuíomh urrúsúcháin ar leith agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i gcomhréir le Foroinn 3, faoi réir mhír 8, mhír 9 agus mhír 10.

8.   Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha (SEC-IRBA) nó nó an Cur Chuige Caighdeánaithe (SEC-SA) faoi Fhoroinn 3 an pointe ceangaltáin (A) agus an pointe dí-astaithe (D) a chinneadh ar leithligh i gcás gach suímh arna dhíorthú i gcomhréir le mír 7 amhail is gur eisíodh iad mar shuíomhanna urrúsúcháin ar leithligh tráth ar tionscnaíodh an t-idirbheart. Ríomhfar luach KIRB nó KSA, faoi seach, agus comhthiomsú bunaidh risíochtaí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin á chur san áireamh.

9.   Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-ERBA) faoi Fhoroinn 3 le haghaidh an tsuímh urrúsúcháin bunaidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh do na suíomhanna a dhíorthaítear i gcomhréir le mír 7 mar seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil sinsearacht níos airde ag an suíomh díorthaithe, sannfar ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh dó;

(b)

i gcás ina bhfuil sinsearacht níos ísle ag an suíomh díorthaithe, féadfar rátáil atá bunaithe ar thátal a shannadh dó i gcomhréir le hAirteagal 263(7). Ríomhfar tiús ionchur T sa chás sin ar bhonn an tsuímh díorthaithe amháin. I gcás nach bhfuil rátáil bunaithe ar thátal ann, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacail is airde a chur i bhfeidhm de thoradh ceachtar acu seo a leanas:

(i)

SEC-SA a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8 agus Foroinn 3; nó

(ii)

ualú priacail an tsuímh urrúsúcháin bunaidh faoi SEC-ERBA.

10.   Maidir leis an suíomh díorthaithe le sinsearacht níos ísle, déanfar é sin a láimhseáil mar shuíomh urrúsúcháin neamhshinsearach fiú má cháilíonn an suíomh urrúsúcháin bunaidh roimh chosaint mar shuíomh urrúsúcháin sinsearach.

Airteagal 250

Tacaíocht intuigthe

1.   Institiúid is urraitheoir, nó institiúid tionscnóra a bhain úsáid as Airteagal 247(1) agus (2) maidir le hurrúsú le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh nó a bhfuil ionstraimí óna leabhar trádála díolta aici sa chaoi is nach gceanglaítear uirthi a thuilleadh cistí dílse a shealbhú maidir le priacail na n-ionstraimí sin, ní thabharfaidh sí tacaíocht, go díreach nó go hindíreach, don urrúsú thar a hoibleagáidí conarthacha ar mhaithe le caillteanais fhéideartha nó iarbhír a laghdú d’infheisteoirí.

2.   Ní mheasfar go bhfuil idirbheart ina thacaíocht chun críocha mhír 1 i gcás inar cuireadh an t-idirbheart san áireamh go hiomchuí agus aistriú priacail creidmheasa shuntasaigh á mheasúnú agus go ndearna an dá pháirtí an t-idirbheart agus iad ag gníomhú ar a leas féin mar pháirtithe saora neamhspleácha (ar neamhthuilleamaí). Chun na gcríoch sin, tabharfaidh an institiúid faoi athbhreithniú creidmheasa iomlán ar an idirbheart agus, ar a laghad, cuirfidh sí na hítimí seo a leanas san áireamh:

(a)

an praghas athcheannaigh;

(b)

suíomh caipitil agus leachtachta na hinstitiúide roimh an athcheannach agus ina dhiaidh;

(c)

feidhmiú na risíochtaí foluiteacha;

(d)

feidhmiú na suíomhanna urrúsúcháin;

(e)

tionchar na tacaíochta ar na caillteanais a mheastar a thabhóidh an tionscnóir i gcomparáid leis na hinfheisteoirí.

3.   Tabharfaidh an institiúid tionscnóra agus an institiúid is urraitheoir fógra don údarás inniúil i leith aon idirbheart a rinneadh i ndáil leis an urrúsú i gcomhréir le mír 2.

4.   Déanfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint faoina bhfuil i gceist le ‘ar neamhthuilleamaí’ chun críocha an Airteagail seo agus na n-imthosca nach bhfuil idirbheart ina idirbheart struchtúrtha chun tacaíocht a sholáthar.

5.   Má mhainníonn institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir mír 1 a chomhlíonadh maidir le hurrúsú, áireoidh an institiúid risíochtaí uile an tsuímh urrúsúcháin sin ina ríomh ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail amhail is nár urrasaíodh riamh iad agus nochtfaidh sí:

(a)

gur thug sí tacaíocht don suíomh urrúsúcháin agus mír 1 á sárú aici; agus

(b)

tionchar na tacaíochta a soláthraíodh ó thaobh ceanglais cistí dílse.

Airteagal 251

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna n-urrúsú in urrúsú sintéiseach agus arna ríomh ag institiúidí tionscnóra

1.   Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh do na risíochtaí foluiteacha, úsáidfidh institiúid tionscnóra urrúsúcháin shintéisigh na modheolaíochtaí ríomha a leagtar amach sa Roinn seo más infheidhme seachas na modheolaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil 2. I gcás institiúidí atá ag ríomh méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus, i gcás inarb ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí foluiteacha faoi Chaibidil 3, beidh méid an chaillteanais ionchasaigh i leith na risíochtaí sin cothrom le nialas.

2.   Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhthiomsú iomlán na risíochtaí ar a bhfuil an suíomh urrúsúcháin bunaithe. Faoi réir Airteagal 252, ríomhfaidh an institiúid tionscnóra na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i ndáil leis na tráinsí uile san urrúsú i gcomhréir leis an Roinn seo, lena n-áirítear na suíomhanna inar féidir leis an institiúid maolú ar phriacal creidmheasa a aithint ina leith i gcomhréir le hAirteagal 249. Féadfar an t ualú priacail atá le cur i bhfeidhm maidir le suíomhanna a thairbhíonn de mhaolú priacail creidmheasa a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.

Airteagal 252

Neamhréir aibíochta in urrúsuithe sintéiseacha a láimhseáil

Ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 251, déanfar aon neamhréir aibíochta idir an chosaint chreidmheasa faoina mbaintear amach an t-aistriú priacail agus na risíochtaí foluiteacha a ríomh mar seo a leanas:

(a)

glacfar leis gurb í aibíocht na risíochtaí foluiteacha aibíocht aon cheann de na risíochtaí sin a bhfuil an aibíocht is faide aici, faoi réir uasteorainn 5 bliana. Cinnfear aibíocht na cosanta creidmheasa i gcomhréir le Caibidil 4;

(b)

déanfaidh institiúid tionscnóra neamhaird d’aon neamhréir i méideanna risíochtaí atá ualaithe do shuíomhanna urrúsúcháin a ríomh faoi réir ualú priacail 1 250 % i gcomhréir leis an Roinn seo. I gcás gach suímh eile, cuirfear an tslí a láimhseáiltear neamhréir aibíochta a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm i gcomhréir leis na foirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

RW*

=

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail chun críocha phointe (a) d’Airteagal 92(3);

RWAss

=

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail i leith risíochtaí foluiteacha murar urrúsaíodh riamh iad, arna ríomh ar bhonn pro rata;

RWSP

=

méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail arna ríomh faoi Airteagal 251 mura raibh aon neamhréir aibíochta ann;

T

=

aibíocht na risíochtaí foluiteacha,arna sloinneadh i mblianta;

t

=

aibíocht na cosanta creidmheasa arna sloinneadh i mblianta;

t*

=

0,25.

Airteagal 253

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a laghdú

1.   I gcás ina sanntar ualú priacail 1 250 % do shuíomh urrúsúcháin faoin bhForoinn seo, féadfaidh institiúidí luach risíochta an tsuímh sin a asbhaint de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1) de rogha ar an suíomh a áireamh ina ríomh ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail. Chun na críche sin, féadfaidh ríomh luach na risíochta cosaint chreidmheasa chistithe incháilithe a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 249.

2.   I gcás ina mbaineann institiúid tionscnóra úsáid as an rogha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh sí an méid a asbhaineadh i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1) a bhaint as an méid a shonraítear in Airteagal 268 mar uascheanglas caipitil a ríomhfaí i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nár urrúsaíodh iad.

Foroinn 2

Ordlathas modhanna agus paraiméadair choiteanna

Airteagal 254

Ordlathas modhanna

1.   Úsáidfidh institiúidí ceann de na modhanna a leagtar amach i bhForoinn 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis an ordlathas seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 258, úsáidfidh institiúid SEC-IRBA i gcomhréir le hAirteagal 259 agus le hAirteagal 260;

(b)

i gcás nach bhféadtar SEC-ERBA a úsáid, úsáidfidh institiúid an (SEC-SA) i gcomhréir le hAirteagal 261 agus le hAirteagal 262;

(c)

i gcás nach bhféadtar SEC-SA a úsáid, úsáidfidh institiúid an SEC-ERBA i gcomhréir le hAirteagal 263 agus le hAirteagal 264 le haghaidh suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith.

2.   I gcás suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith, úsáidfidh institiúid SEC-ERBA seachas SEC-SA i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % do shuíomhanna a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;

(b)

i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % nó ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-ERBA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 75 % do shuíomhanna nach gcáilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;

(c)

le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin bunaithe ar chomhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin, de léasanna gluaisteán agus de léasanna trealaimh.

3.   I gcásanna nach gcumhdaítear faoi mhír 2, agus de mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí a chinneadh SEC-ERBA a chur i bhfeidhm seachas SEC-SA maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile nó lena súiomhanna uile ar ina leith a bhféadfar rátáil bunaithe ar thátal a úsáid.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúid fógra faoina chinneadh a thabhairt don údarás inniúil tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2018.

Aon chinneadh ina dhiaidh sin a dhéanfaí chun an cur chuige a cuireadh i bhfeidhm maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile a athrú tuilleadh, déanfaidh an institiúid fógra ina leith a thabhairt dá húdarás inniúil roimh an 15 lá de mhí na Samhna a thagann díreach tar éis an chinnidh sin.

Más rud é nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon agóid faoin 15 lá den mhí Nollag sin a thagann díreach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa dara fomhír nó sa tríú fomhír, de réir mar is iomchuí, beidh éifeacht ag an gcinneadh ar thug an institiúid fógra ina leith ón 1 Eanáir den bhliain dar gcionn agus beidh sé bailí go dtí go mbeidh éifeacht ag cinneadh ina dhiaidh sin dá dtugtar fógra. Ní bhainfidh institiúid úsáid as cuir chuige éagsúla san aon bhliain amháin.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla cosc a chur ar institiúidí, de réir an cháis, SEC-SA a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil an méid risíochta, atá ualaithe ó thaobh priacail, a thagann as cur i bhfeidhm SEC-SA ar cóimhéid leis na priacail atá ann don institiúid nó don chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear an priacal creidmheasa atá leabaithe i risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe ach gan bheith teoranta don phriacal creidmheasa sin. I gcás risíochtaí nach gcáilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, féachfar go háirithe d’urrúsuithe a bhfuil gnéithe atá fíorchasta agus a bhfuil priacail mhóra ag gabháil leo.

5.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i ndáil le suíomh gan rátáil i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP i gcomhréir le hAirteagal 266, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 265. I gcás ina bhfuil cead faighte ag institiúid leas a bhaint as an as an gCur chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265(2) agus má thagann suíomh sonrach i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP laistigh den raon feidhme a chumhdaítear leis an gcead sin, bainfidh an institiúid feidhm as Cur chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin.

6.   I gcás suíomh ath-urrúsúcháin, cuirfidh institiúidí SEC-SA i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 261, leis na modhnuithe a leagtar amach in Airteagal 269.

7.   I ngach cás eile, sannfar ualú priacail 1 250 % do shuíomhanna urrúsúcháin.

8.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi aon fhógra a thabharfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh ÚBE faireachán ar thionchar an Airteagail seo ar cheanglais chaipitil agus ar an raon cleachtas maoirseachta a bhaineann le mír 4, den Airteagal seo agus tabharfaidh sé tuarascáil gach bliain don Choimisiún faoin méid a aimseoidh sé agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 255

KIRB agus KSA a chinneadh

1.   I gcás ina gcuireann institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm faoi Fhoroinn 3, ríomhfaidh an institiúid KIRB i gcomhréir le mír 2 go mír 5.

2.   Cinnfidh institiúidí KIRB trí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nár urrúsaíodh iad a iolrú faoi 8 %, arna roinnt faoi luach risíochta na risíochtaí foluiteacha. Sloinnfear KIRB i bhfoirm dheachúil idir nialas agus a haon.

3.   Chun críocha KIRB a ríomh, áireofar ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha an méid seo a leanas:

(a)

méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha uile an urrúsaithe lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá fós mar chuid den chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3; agus

(b)

méid na gcaillteanas gan choinne a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha uile lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá sa chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3;

4.   Féadfaidh institiúidí KIRB a ríomh i ndáil le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCaibidil 3 chun riachtanais chaipitil le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe a ríomh. Chun na gcríoch sin, láimhseálfar risíochtaí miondíola amhail earraí infhaighte miondíola ceannaithe agus láimhseálfar risíochtaí neamh-mhiondíola mar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe.

5.   Ríomhfaidh na hinstitiúidí KIRB as féin do phriacal caolúcháin i ndáil le risíochtaí foluiteacha suíomhanna urrúsúcháin má bhíonn priacal caolúcháin ábhartha i gcás na risíochtaí sin.

I gcás ina láimhseáiltear caillteanais ó phriacail chaolúcháin agus chreidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, déanfaidh institiúidí KIRB do phriacal caolúcháin agus creidmheasa faoi seach a chomhcheangal in aon KIRB amháin chun críocha Fhoroinn 3. Féadfar a mheas, i gcás cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó caolúcháin a chumhdach, gur tásc é sin go bhfuil na priacail seo á láimhseáil ar bhealach comhiomlán.

I gcás nach láimhseáiltear priacal caolúcháin agus creidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, modhnóidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach sa dara mír chun an KIRB faoi seach do phriacal caolúcháin agus creidmheasa a chomhcheangal ar bhealach stuama.

6.   I gcás ina gcuireann institiúid SEC-SA i bhfeidhm faoi Fhoroinn 3, déanfaidh sí KSA a ríomh trí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, a ríomhfaí faoi Chaibidil 2 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nár urrúsaíodh iad, a iolrú faoi 8 % arna roinnt faoi luach na risíochtaí foluiteacha. Sloinnfear KSA i bhfoirm dheachúil idir nialas agus a haon.

Chun críocha na míre seo, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na risíochtaí foluiteacha gan aon choigeartuithe priacail creidmheasa sonracha agus coigeartuithe luacha breise a ghlanluacháil i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe cistí dílse eile.

7.   Chun críocha mhír 1 go mhír 6, i gcás ina mbaineann úsáid SSPE le struchtúr urrúsúcháin, láimhseálfar risíochtaí uile SSPE a bhaineann leis an urrúsú mar risíochtaí foluiteacha. Gan dochar don mhéid thuas, féadfaidh an institiúid risíochtaí SSPE a eisiamh ón gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha chun críocha KIRB nó KSA a ríomh mura mbeidh an priacal ó risíochtaí SSPE ábhartha nó mura ndéanfaidh sé difear do shuíomh urrúsúcháin na hinstitiúide.

I gcás urrúsuithe sintéiseacha cistithe, déanfar aon fháltais ábhartha ó eisiúint nótaí creidmheas-nasctha nó oibleagáidí cistithe eile de chuid SSPE a fhónann mar chomhthaobhacht le haghaidh aisíocaíocht na suíomhanna urrúsúcháin a áireamh i ríomh KIRB nó KSA má bhíonn priacal creidmheasa na comhthaobhachta faoi réir leithdháileadh an tráinse caillteanais.

8.   Chun críocha an tríú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na modhanna iomchuí le KIRB a chomhcheangal le haghaidh priacal caolúcháin agus creidmheasa i gcás nach láimhseáiltear na priacail sin ar bhealach comhiomlán in urrúsú.

9.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála t chun na coinníollacha a shonrú tuilleadh chun a cheadú d’institiúidí KIRB a ríomh do chomhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le mír 4, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

beartas creidmheasa inmheánach agus samhlacha chun KIRB a ríomh le haghaidh urrúsuithe;

(b)

fachtóirí éagsúla priacail a úsáid a bhaineann leis an gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha agus, i gcás nach mbeidh go leor sonraí iontaofa nó cruinne faoin gcomhthiomsú sin ar fáil, sonraí ionadacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar PD agus LGD; agus

(c)

ceanglais díchill chuí chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na beartais de chuid díoltóirí earraí infhaighte nó tionscnóirí eile.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 256

Pointe astaithe (A) agus pointe dí-astaithe (D) a chinneadh

1.   Chun críocha Fhoroinn 3, déanfaidh na hinstitiúidí an pointe astaithe (A) a shocrú ar an tairseach ar a dtosófaí ag dáileadh caillteanais atá laistigh de chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha ar an suíomh urrúsúcháin ábhartha.

Sloinnfear an pointe astaithe (A) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí nó pari passu maidir leis an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha len n-áirítear an risíocht í féin agus maidir le hiarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.

2.   Chun críocha Fhoroinn 3, déanfaidh na hinstitiúidí an pointe dí-astaithe (D) a chinneadh ar an tairseach ar a mbeadh caillteanas iomlán phríomhshuim an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha mar thoradh ar chaillteanais laistigh de chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha.

Sloinnfear an pointe dí-astaithe (D) mar luach deachúil idir nialas agus a haon agus beidh sé cothrom leis an gceann is mó de nialas agus an cóimheas idir iarmhéid gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú lúide iarmhéid gan íoc na dtráinsí uile atá níos sinsearaí ná an tráinse ina bhfuil an suíomh urrúsúcháin ábhartha agus iarmhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha uile san urrúsú.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mír 2, láimhseálfaidh na hinstitiúidí ró-urrúsú comhthaobhach agus cuntais cúlchiste cistithe mar thráinsí agus na sócmhainní ina bhfuil na cuntais chúlchiste sin mar risíochtaí foluiteacha.

4.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí neamhaird de chuntais chúlchiste neamhchistithe agus sócmhainní nach feabhsú creidmheasa iad, amhail sócmhainní nach soláthraíonn ach tacaíocht leachtach, babhtálacha airgeadra nó úis agus cuntais chomhthaobhacha airgid a bhaineann leis na suíomhanna sin san urrúsú. Maidir le cuntais chúlchiste chistithe agus sócmhainní a sholáthraíonn feabhsú creidmheasa, ní láimhseálfaidh an institiúid mar shuíomhanna urrúsúcháin ach na codanna sin de na cuntais nó na sócmhainní a bhfuil cumas glacadh caillteanais iontu.

5.   I gcás ina bhfuil aibíochtaí éagsúla ag dhá cheann de shuíomhanna sinsearacha nó níos mó den idirbheart céanna ach go bhfuil an leithdháileadh caillteanais pro rata chéanna acu, déanfar ríomh na bpointí astaithe (A) agus na bpointí dí-astaithe (D) a bhunú ar iarmhéid comhiomlánaithe gan íoc na suíomhanna sin agus beidh na pointí astaithe (A) agus na pointí dí-astaithe (D) a thagann as sin mar an gcéanna.

Airteagal 257

An tráinse aibíochta (MT) a chinneadh

1.   Chun críocha Fhoroinn 3 agus faoi réir mhír 2, féadann institiúidí aibíocht tráinse (MT) a thomhas:

(a)

mar mheánaibíocht ualaithe na n-íocaíochtaí conarthacha atá dlite faoin tráinse i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Formula

i gcás ina gcuireann CFt gach íocaíocht chonarthach in iúl (príomhshuim, ús agus táillí) atá iníoctha ag an iasachtaí le linn an tréimhse t; nó

(b)

mar aibíocht dhlíthiúil deiridh an tráinse i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é ML aibíocht dhlíthiúil deiridh an tráinse.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh an cinneadh faoi aibíocht tráinse (MT) faoi réir íostairseach bliain amháin agus uastairseach 5 bliana i ngach cás.

3.   Nuair a d’fhéadfadh institiúid a bheith ar ris caillteanais ionchasacha ó na risíochtaí foluiteacha de bhua conartha, déanfaidh an institiúid aibíocht suíomhanna urrúsúcháin a chinneadh trí aird a thabhairt ar aibíocht an chonartha agus ar an aibíocht is faide i gcás risíochtaí foluiteacha den chineál sin. Maidir le risíochtaí imrothlacha, beidh feidhm ag an aibíocht risíochta iarmhír is faide is féidir de réir conartha a d’fhéadfaí a chur leo le linn na tréimhse imrothlaí.

4.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo, agus aird ar leith á tabhairt aige do chur i bhfeidhm phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, agus déanfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte a eisiúint faoin 31 Nollaig 2019.

Foroinn 3

Modhanna chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh

Airteagal 258

Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánach (SEC-IRBA) a úsáid

1.   Bainfidh institiúidí úsáid as SEC-IRBA chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh maidir le suíomh urrúsúcháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú IRB nó ar chomhthiomsú measctha, ar an gcoinníoll maidir leis an dara cás, gur féidir leis an institiúid KIRB a ríomh i gcomhréir le Roinn 3 ar 95 % ar a laghad den mhéid risíochta foluiteach;

(b)

is leor an méid faisnéise atá ar fáil maidir le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe chun go mbeidh an institiúid in ann KIRB a ríomh; agus

(c)

níl bac ar an institiúid SEC-IRBA a úsáid maidir le suíomh urrúsúcháin áirithe i gcomhréir le mír 2.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla ar bhonn gach cáis ar leith bac a chur ar úsáid SEC-IRBA i gcás ina bhfuil gnéithe an-chasta ag urrúsuithe nó ina bhfuil gnéithe a bhfuil go leor priacail ag baint leo acu. Chun na gcríoch sin, féadfar a mheas gur gnéithe an-chasta nó gnéithe a bhfuil go leor priacal ag baint leo na gnéithe a leanas:

(a)

feabhsú creidmheasa a d’fhéadfaí a chreimeadh ar chúiseanna eile seachas caillteanais punainne;

(b)

comhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha ina bhfuil leibhéal ard comhghaoil inmheánaigh mar thoradh ar risíochtaí ródhlúth ar earnálacha ar leith nó ar limistéir gheoghrafacha;

(c)

idirbhearta ina bhfuil aisíoc na suíomhanna urrúsúcháin ag brath go mór ar spreagaithe priacal nach bhfuil léirithe sa KIRB; nó

(d)

leithdháiltí an-chasta caillteanais idir tráinsí.

Airteagal 259

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi SEC-IRBA

1.   Faoi SEC-IRBA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248, a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:

RW = 1 250 %

nuair atá D ≤ KIRB

RW = 12.5 · KSSFA(KIRB)

nuair atá A ≥ KIRB

Formula

nuair atá A < KIRB < D

i gcás inarb ionann:

KIRB

agus muirear caipitil chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 255

D

agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

A

agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

Formula

i gcás inarb ionann:

a

=

– (1/(p * KIRB))

u

=

D – KIRB

l

=

uasmhéid (A – KIRB; 0)

i gcás inarb ionann:

Formula

i gcás inarb ionann:

N

agus líon éifeachtach na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 4.

LGD

agus an an meánchaillteanas i gcás mainneachtana atá ualaithe ó thaobh na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 5.

MT

agus aibíocht an tráinse arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 257.

Déanfar na paraiméadair A,B,C, D agus E a chinneadh i gcomhréir leis an tábla cuardaigh seo:

 

A

B

C

D

E

Neamh-mhiondíol

Sinsearach, gráinneach (N ≥ 25)

0

3,56

–1,85

0,55

0,07

Sinsearach, neamhghráinneach (N < 25)

0,11

2,61

–2,91

0,68

0,07

Neamhshinsearach, gráinneach (N ≥ 25)

0,16

2,87

–1,03

0,21

0,07

Neamhshinsearach, neamhghráinneach (N < 25)

0,22

2,35

–2,46

0,48

0,07

Miondíol

Sinsearach

0

0

–7,48

0,71

0,24

Neamhshinsearach

0

0

–5,78

0,55

0,27

2.   Má tá risíochtaí miondíola agus neamh-mhiondíola araon sa chomhthiomsú foluiteach IRB, roinnfear an comhthiomsú i bhfochomhthiomsú miondíola amháin agus i bhfochomhthiomsú neamh-mhiondíola amháin, agus maidir le gach fochomhthiomsú, déanfar meastachán ar p-pharaiméadar ar leithligh (agus ar na paraiméadair ionchuir freagracha N, KIRB agus LGD). Ina dhiaidh sin, déanfar meán p-pharaiméadar ualaithe a ríomh don idirbheart ar bhonn p-pharaiméadair gach fochomhthiomsaithe agus mhéid ainmniúil na risíochtaí i ngach fochomhthiomsú.

3.   I gcás ina gcuireann institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm maidir le comhthiomsú measctha, déanfar ríomh an p-pharaiméadair a bhunú ar na risíochtaí foluiteacha faoi réir an Chur Chuige IRB amháin. Déanfar neamhaird ar na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Caighdeánaithe chun na gcríoch seo.

4.   Ríomhfar líon éifeachtach na risíochtaí (N) mar a leanas:

Formula

i gcás ina léiríonn EADi an luach risíochta a bhaineann leis an iú risíocht sa chomhthiomsú.

Comhdhlúthófar risíochtaí iolracha ar an oibleagáideoir céanna agus láimhseálfar iad mar risíocht amháin.

5.   Ríomhfar an meánLGD atá ualaithe ó thaobh risíochta, mar a leanas:

Formula

i gcás ina léiríonn LGDi an meán LGD a bhaineann le gach risíocht ar an iú oibleagáideoir.

I gcás ina láimhseáiltear priacail chreidmheasa agus chaolúcháin le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe ar bhealach comhiomlán laistigh d’urrúsú, measfar an t-ionchur LGD a bheith mar mheán ualaithe an LGD i gcás priacal creidmheasa agus mar 100 % an LGD i gcás priacal caolúcháin. Is iad ceanglais chaipitil dhílse neamhspleácha an Cur chuige IRB a bhaineann le priacal creidmheasa agus le priacal caolúcháin faoi seach a bheidh ina n-ualaí. Chun na gcríoch seo, féadfar a mheas gur léiriú é cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó priacal caolúcháin a chumhdach go bhfuil na priacail seo á mbainistiú ar bhealach comhiomlán.

6.   I gcás nach mó ná 3 % sciar na risíochta foluití is mó sa chomhthiomsú (C1), féadfaidh institiúidí an modh simplithe seo a leanas a úsáid chun N agus na meánLGDanna atá ualaithe ó thaobh risíochta a ríomh:

Formula

LGD = 0,50

i gcás inarb ionann

Cm

agus an sciar den chomhthiomsú a chomhfhreagraíonn do shuim na m-risíochtaí is mó; agus

m

is í an institiúid a leagann síos m.

Mura bhfuil le fáil ach C1 agus murar mó an méid seo ná 0.03, féadfaidh an institiúid an LGD a leagan síos mar 0.50 agus N mar 1/C1.

7.   I gcás ina bhfuil an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú measctha agus ina bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ar 95 % de na méideanna risíochta foluiteacha ar a laghad i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 258(1), ríomhfaidh an institiúid an muirear caipitil don chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha mar:

Formula

i gcás inarb ionann

d agus an sciar de mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ina leith thar mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha go léir.

8.   I gcás ina bhfuil suíomh urrúsúcháin i bhfoirm díorthaigh ag institiúid chun priacail mhargaidh, lena n-áirítear priacail ráta úis nó airgeadra a fhálú, féadfaidh an institiúid ualú priacail atá bunaithe ar thátal a shannadh don díorthach sin, ualú atá coibhéiseach le hualú priacail an tsuímh tagartha arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.

Airteagal 260

Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-IRBA

Faoi SEC-IRBA, ríomhfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC i gcomhréir le hAirteagal 259, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

íosualú priacail do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha = 10 %

Formula

Airteagal 261

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe (SEC-SA)

1.   Faoi SEC-SA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh in urrúsú a ríomh trí luach risíochta an tsuímh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 248 a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:

RW = 1 250 %

nuair atá D ≤ KA

RW = 12.5 · KSSFA(KA)

nuair atá A ≥ KA

Formula

when A < KA < D

i gcás inarb ionann:

D

agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256;

A

agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256;

KA

Is paraiméadar é KA a ríomhtar i gcomhréir le mír 2;

Formula

i gcás inarb ionann:

a

=

– (1/(p · KA))

u

=

D – KA

l

=

uasmhéid (A – KA; 0)

p

=

maidir le risíocht urrúsúcháin nach risíocht ath-urrúsúcháin í

2.   Chun críocha mhír 1, ríomhfar KA mar a leanas:

Formula

i gcás inarb ionann:

KSA agus muirear caipitil an chomhthiomsaithe fholuitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 255;

ina bhfuil W = an cóimheas idir:

(a)

suim mhéid ainmniúil na risíochtaí foluiteacha ar mainneachtain, agus

(b)

suim mhéid ainmniúil na risíochtaí foluiteacha uile.

Chun na gcríoch seo, ciallóidh risíocht ar mainneachtain risíocht fholuiteach atá: (i) 90 lá nó níos mó thar téarma; (ii) faoi réir ag imeachtaí féimheachta nó dócmhainneachta; (iii) faoi réir ag imeacht foriaimh nó imeacht comhchosúil; nó (iv) ar mainneachtain i gcomhréir leis an doiciméadacht urrúsúcháin.

I gcás nach eol d’institiúid stádas faillí 5 % nó níos lú de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú, féadfaidh an institiúid SEC-SA a úsáid i gcomhréir leis an gcoigeartú seo a leanas maidir le KA a ríomh:

Formula

I gcás nach eol d’institiúid stádas faillí níos mó ná 5 % de na risíochtaí foluiteacha sa chomhthiomsú, ní mór an suíomh san urrúsú a ualú ó thaobh priacail ag 1 250 %.

3.   I gcás ina bhfuil suíomh urrúsúcháin i bhfoirm díorthaigh ag institiúid chun priacail mhargaidh, lena n-áirítear priacail ráta úis nó airgeadra a fhálú, féadfaidh an institiúid ualú priacail atá bunaithe ar thátal a shannadh don díorthach sin, ualú atá coibhéiseach le hualú priacail an tsuímh tagartha arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Chun críocha na chéad mhíre seo, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.

Airteagal 262

Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-SA

Faoi SEC-IRBA, déanfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 261, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

 

íosualú priacail do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha = 10 %

 

p = 0.5

Airteagal 263

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Seachtracha (SEC-IRBA)

1.   Faoi SEC-IRBA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248, a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7, beidh feidhm ag na hualaí priacail a leanas:

Tábla 1

Céim Cáilíochta Creidmheasa

1

2

3

Gach rátáil eile

Ualú priacail

15 %

50 %

100 %

1 250 %

3.   Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na hualuithe priacail i dTábla 2 agus iad coigeartaithe mar is infheidhme maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus mír 4 den Airteagal seo agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo:

Tábla 2

Céim Cáilíochta Creidmheasa

Tráinse is sinsearaí

Tráinse neamhshinsearach (tanaí)

Aibíocht tráinse (MT)

Aibíocht tráinse (MT)

1 bhliain

5 bliana

1 bhliain

5 bliana

1

15 %

20 %

15 %

70 %

2

15 %

30 %

15 %

90 %

3

25 %

40 %

30 %

120 %

4

30 %

45 %

40 %

140 %

5

40 %

50 %

60 %

160 %

6

50 %

65 %

80 %

180 %

7

60 %

70 %

120 %

210 %

8

75 %

90 %

170 %

260 %

9

90 %

105 %

220 %

310 %

10

120 %

140 %

330 %

420 %

11

140 %

160 %

470 %

580 %

12

160 %

180 %

620 %

760 %

13

200 %

225 %

750 %

860 %

14

250 %

280 %

900 %

950 %

15

310 %

340 %

1 050 %

1 050 %

16

380 %

420 %

1 130 %

1 130 %

17

460 %

505 %

1 250 %

1 250 %

Gach ceann eile

1 250 %

1 250 %

1 250 %

1 250 %

4.   D’fhonn an t-ualú priacail do thráinsí ina bhfuil aibíocht idir 1 bhliain agus 5 bliana a chinneadh, úsáidfidh institiúidí idirshuíomh líneach idir na hualuithe priacail is infheidhme maidir le haibíocht aon bhliain amháin agus 5 bliana faoi seach i gcomhréir le Tábla 2.

5.   D’fhonn an tiús tráinse a chur san áireamh, déanfaidh institiúidí an t-ualú priacail do thráinsí neamhshinsearacha a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb ionann

T = tiús an tráinse arna thomhas mar D – A

i gcás inarb ionann

D

agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

A

agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

6.   Beidh na hualuithe priacail maidir le tráinsí neamhshinsearacha de thoradh mhír 3 go mhír 5 faoi réir íostairseach 15 %. Ina theannta sin, ní bheidh na hualuithe priacail mar thoradh air sin níos ísle ná an t-ualú priacail a fhreagraíonn do thráinse hipitéiseach sinsearach den urrúsú céanna leis agus an measúnú creidmheasa agus an aibíocht chéanna.

7.   Chun rátálacha atá bunaithe ar thátal a úsáid, sannfaidh institiúidí rátáil atá bunaithe ar thátal do shuíomh gan rátáil agus beidh an rátáil sin coibhéiseach le measúnú creidmheasa suímh tagartha rátáilte a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:

(a)

tá an suíomh tagartha ar comhchéim ar gach bealach leis an suíomh urrúsúcháin gan rátáil nó, i gcás nach ann d’aicmiú pari passu, tá an suíomh tagartha díreach faoi réir an tsuímh gan rátáil;

(b)

ní bhaineann an suíomh tagartha aon tairbhe as ráthaíochtaí tríú páirtí nó as aon fheabhsuithe creidmheasa eile nach bhfuil ar fáil ag an suíomh gan rátáil;

(c)

beidh aibíocht an tsuímh tagartha cothrom le haibíocht an tsuímh gan rátáil atá i gceist nó níos faide ná í;

(d)

ar bhonn leanúnach, tabharfar aon rátáil bunaithe ar thátal cothrom le dáta chun aon athruithe maidir le measúnú creidmheasa an tsuímh tagartha a léiriú.

8.   I gcás ina bhfuil suíomh urrúsúcháin i bhfoirm díorthaigh ag institiúid chun priacail mhargaidh, lena n-áirítear priacail ráta úis nó airgeadra, a fhálú, féadfaidh an institiúid ualú priacail atá bunaithe ar thátal a shannadh don díorthach sin, ualú atá coibhéiseach le hualú priacail an tsuímh tagartha arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.

Airteagal 264

Urrúsuithe STC a láimhseáil faoi SEC-ERBA

1.   Faoi SEC-ERBA, ríomhfar an t-ualú priacail maidir le suíomh in urrúsú STC i gcomhréir le hAirteagal 263, faoi réir na modhnuithe a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le hAirteagal 263(7), beidh na hualuithe priacail a leanas infheidhme:

Tábla 3

Céim Cáilíochta Creidmheasa

1

2

3

Gach rátáil eile

Ualú priacail

10 %

30 %

60 %

1 250 %

3.   Maidir le risíochtaí a mbaineann measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha leo nó nuair is féidir rátáil atá bunaithe ar mheasúnú creidmheasa fadtéarmach a bhunú de réir tátail i gcomhréir le hAirteagal 263(7), cinnfear ualuithe priacail i gcomhréir le Tábla 4 agus iad coigeartaithe maidir le haibíocht tráinse (MT) i gcomhréir le hAirteagal 257 agus le hAirteagal 263(4) agus maidir le tiús tráinse le haghaidh tráinsí neamhshinsearacha i gcomhréir le hAirteagal 263(5):

Tábla 4

Céim Cáilíochta Creidmheasa

Tráinse is sinsearaí

Tráinse neamhshinsearach (tanaí)

Aibíocht tráinse (MT)

Aibíocht tráinse (MT)

1 bhliain

5 bliana

1 bhliain

5 bliana

1

10 %

10 %

15 %

40 %

2

10 %

15 %

15 %

55 %

3

15 %

20 %

15 %

70 %

4

15 %

25 %

25 %

80 %

5

20 %

30 %

35 %

95 %

6

30 %

40 %

60 %

135 %

7

35 %

40 %

95 %

170 %

8

45 %

55 %

150 %

225 %

9

55 %

65 %

180 %

255 %

10

70 %

85 %

270 %

345 %

11

120 %

135 %

405 %

500 %

12

135 %

155 %

535 %

655 %

13

170 %

195 %

645 %

740 %

14

225 %

250 %

810 %

855 %

15

280 %

305 %

945 %

945 %

16

340 %

380 %

1 015 %

1 015 %

17

415 %

455 %

1 250 %

1 250 %

Gach ceann eile

1 250 %

1 250 %

1 250 %

1 250 %

Airteagal 265

Raon feidhme agus ceanglais oibríochtúla Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh

1.   Féadfaidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail do shuíomhanna gan rátáil ar chláir ABCP nó in idirbhearta ABCP faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 266 nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil B cead faighte ag institiúid chun Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, agus ina dtagann suíomh sonrach i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP laistigh den raon feidhme a chumhdaítear leis an gcead sin, cuirfidh an institiúid an chur chuige sin i bhfedhm chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin.

2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d’institiúidí Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm laistigh de raon feidhme atá sainithe go soiléir i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

is suíomhanna rátáilte na suíomhanna go léir sa pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP;

(b)

léiríonn an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa an tsuímh an mhodheolaíocht mheasúnaithe atá ag IMCS amháin nó níos mó atá ar fáil don phobal, chun suíomhanna urrúsúcháin atá bunaithe ar risíochtaí foluiteacha den chineál atá urrúsuithe a rátáil;

(c)

an páipéar tráchtála a eisítear ón gclár ABCP, den chuid is mó eisítear d’infheisteoirí tríú páirtí é;

(d)

tá próiseas measúnaithe inmheánach na hinstitiúide chomh coimeádach ar a laghad agus measúnuithe na IMCSanna sin atá ar fáil don phobal a sholáthair rátáil sheachtrach don pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP, go háirithe maidir le fachtóirí struis agus gnéithe cainníochtúla ábhartha eile;

(e)

cuireann modheolaíocht na hinstitiúide maidir le measúnú inmheánach san áireamh gach modheolaíocht rátála ábhartha, atá ar fáil don phobal, de chuid na IMCSanna faoina rátáiltear páipéar tráchtála an chláir ABCP agus cuirtear san áireamh gráid rátála a fhreagraíonn do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna. Tabharfaidh an institiúid ina taifid inmheánacha ráiteas míniúcháin ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa phointe seo agus tabharfaidh sí an ráiteas sin cothrom le dáta ar bhonn rialta;

(f)

úsáideann an institiúid an mhodheolaíocht um measúnú inmheánach chun críocha bainistithe priacail inmheánaigh, lena n-áirítear a próisis cinnteoireachta, bainistíochta faisnéise agus a próisis inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil;

(g)

déanann iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha, IMCS, nó feidhm inmheánach athbhreithnithe creidmheasa nó bainistíochta priacail na hinstitiúide athbhreithniú rialta ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh agus ar cháilíocht na measúnuithe inmheánacha arna ndéanamh ar cháilíocht chreidmheasa risíochtaí na hinstitiúide ar chlár ABCP nó ar idirbheart ABCP;

(h)

déanfaidh an institiúid feidhmíocht a rátálacha inmheánacha a rianú le himeacht ama chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht a modheolaíochta um measúnú inmheánach agus déanfaidh sí an mhodheolaíocht sin a choigeartú, de réir mar is gá, má bhíonn difríocht rialta idir feidhmíocht na risíochtaí agus an fheidhmíocht arna léiriú ag na rátálacha inmheánacha;

(i)

áireofar leis an gclár ABCP caighdeáin um bainistíocht frithgheallta agus dliteanais i bhfoirm treoirlínte do riarthóir an chláir maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:

(i)

na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní, faoi réir phointe (j);

(ii)

cineálacha agus luach airgeadaíoch na risíochtaí mar thoradh ar sholáthar saoráidí leachtachta agus feabhsuithe creidmheasa;

(iii)

an dáileachán caillteanais idir na suíomhanna urrúsúcháin sa chlár nó san idirbheart ABCP;

(iv)

aonrú dlíthiúil agus eacnamaíoch na sócmhainní aistrithe ón eintiteas atá i mbun na sócmhainní a dhíol;

(j)

leis na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní sa chlár ABCP déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:

(i)

eisiamh ceannach sócmhainní atá go mór thar téarma nó ar mainneachtain;

(ii)

teorannú ró-chomhchruinnithe maidir le limistéar geografach nó oibleagáideoir aonair; agus

(iii)

teorannú éirim na sócmhainní a bheidh le ceannach;

(k)

go ndéantar anailís ar phriacail chreidmheasa agus ar phróifíl ghnó dhíoltóir na sócmhainne, lena n-áireofar ar a laghad measúnú:

(i)

ar fheidhmíocht airgeadais an díoltóra roimhe seo agus ar an bhfeidhmíocht airgeadais is dóigh a bheidh aige amach anseo;

(ii)

ar shuíomh reatha an díoltóra ar an margadh, agus ar an iomaíochas is dócha a bheidh ann amach anseo;

(iii)

ar luamhánacht, sreabhadh airgid, cumhdach úis agus rátáil fiachais an díoltóra; agus

(iv)

ar chaighdeáin frithgheallta, cumas fiachas a sheirbhísiú, agus próisis bailiúcháin an díoltóra;

(l)

tá beartais agus próisis bailiúcháin ag an gclár ABCP a chuireann cumas oibriúcháin agus cáilíocht chreidmheasa an tseirbhíseora san áireamh agus a chuimsíonn gnéithe a mhaolaíonn priacail a bhaineann le feidhmíocht an díoltóra agus an tseirbhíseora. Chun críocha an phointe seo, féadfar priacail a bhaineann le feidhmíocht a mhaolú trí thucaidí a bheidh bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa reatha an díoltóra nó an tseirbhíseora cosc a chur ar mheascadh cistí i gcás mhainneachtain an díoltóra nó an tseirbhíseora;

(m)

cuirtear san áireamh sa mheastachán comhiomlánaithe caillteanais ar chomhthiomsú sócmhainní a d’fhéadfaí a cheannach faoin gclár ABCP gach foinse a d’fhéadfadh priacal a beith ag baint leo, amhail priacal creidmheasa agus caolúcháin;

(n)

i gcás ina bhfuil méid na bhfeabhsuithe creidmheasa a sholáthair an díoltóir bunaithe ar chaillteanais a bhaineann le creidmheas agus orthu sin amháin, agus más iomchuí an priacal caolúcháin i gcás an chomhthiomsaithe sócmhainní ar leith sin, is cúlchiste ar leithligh a bheidh sa chlár ABCP le haghaidh priacal caolúcháin;

(o)

déantar méid an leibhéil fheabhsaithe is gá sa chlár ABCP a ríomh trí aird a thabhairt ar roinnt blianta d’fhaisnéis stairiúil, lena n-áirítear caillteanais, ciontóireacht, caoluithe, agus ráta láimhdeachais earraí infhaighte;

(p)

sa chlár ABCP, tá gnéithe struchtúracha i gceist le linn risíochtaí a cheannach d’fhonn meathlú creidmheasa féideartha na punainne foluití a mhaolú. D’fhéadfaí tairseacha clabhsúir a bhaineann go sonrach le comhthiomsú risíochtaí a bheith ina ngnéithe sin;

(q)

déanfaidh an institiúid meastóireacht ar na gnéithe a bhaineann leis an gcomhthiomsú sócmhainní foluiteach, amhail an meánscór creidmheasa atá ualaithe, agus sainaithneoidh sí aon chomhchruinnithe d’oibleagáideoir aonair nó do limistéar geografach agus do ghráinneacht an chomhthiomsaithe sócmhainní.

3.   Má dhéanann feidhm inmheánach iniúchóireachta, athbhreithnithe creidmheasa, nó bainistíochta priacail na hinstitiúide an t-athbhreithniú, dá bhforáiltear i bpointe (g) de mhír 2, beidh na feidhmiúcháin sin neamhspleách ar fheidhmiúcháin inmheánacha na hinstitiúide a bhaineann le gnó an chláir ABCP agus ar an gcaidreamh le custaiméirí.

4.   Maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid, ní fhillfidh siad ar mhodhanna eile a úsáid maidir le suíomhanna a thagann faoi raon feidhme acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, mura gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil cúis mhaith ag an institiúid déanamh amhlaidh;

(b)

tá cead faighte ag an institiúid roimh ré ón údarás inniúil.

Airteagal 266

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh

1.   Faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, sannfaidh an institiúid an suíomh gan rátáil sa chlár ABCP nó san idirbheart ABCP do cheann amháin de na gráid rátála a leagtar síos i bpointe (e) d’Airteagal 265(2) ar bhonn a measúnaithe inmheánaigh. Sannfar rátáil arna díorthú don suíomh, rátáil a bheidh ar aon dul leis na measúnuithe creidmheasa a fhreagraíonn don ghrád rátála sin mar a leagtar síos i bpointe (e) d’Airteagal 265(2).

2.   An rátáil arna díorthú i gcomhréir le mír 1, is rátáil ar leibhéal gráid infheistíochta nó níos fearr a bheidh inti an tráth a chéadsannfar í agus measfar gur measúnú creidmheasa incháilithe ó IMCS í chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 263 nó le hAirteagal 264, de réir mar is infheidhme.

Foroinn 4

Uastairseacha le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin

Airteagal 267

Ualú priacail uasta le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin shinsearacha: Cur chuige an trébhreathnaithe

1.   Féadfaidh institiúid, a bhfuil comhdhéanamh na risíochtaí foluiteacha ar eolas aici an t-am ar fad, ualú priacail uasta a shannadh don suíomh urrúsúcháin sinsearach atá cothrom leis an meánualú priacail atá ualaithe ó thaobh risíochta a bheadh infheidhme maidir leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nach ndearnadh na risíochtaí foluiteacha sin a urrúsú.

2.   I gcás comhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha nach mbaineann an institiúid úsáid ach as an gCur Chuige Caighdeánaithe nó as an gCur Chuige IRB ina leith, beidh ualú priacail uasta an tsuímh urrúsúcháin shinsearaigh cothrom leis an meánualú priacail atá ualaithe ó thaobh risíochta a bheadh i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí foluiteacha faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3, faoi seach, amhail is nach ndearnadh iad a urrúsú.

I gcás comhthiomsuithe measctha, déanfar an t-ualú priacail uasta a ríomh mar seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm, sannfar ualú priacail an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus ualú priacail an Chur Chuige IRB do chion an Chur Chuige Chaighdeánaithe agus do chion an Chur Chuige IRB den chomhthiomsú foluiteach faoi seach;

(b)

i gcás ina gcuirfidh an institiúid SEC-SA nó SEC-ERBA i bhfeidhm, beidh an t-ualú priacail uasta do shuíomhanna urrúsúcháin sinsearacha cothrom leis an ualú priacail meánualaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe atá ag na risíochtaí foluiteacha.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, san áireamh leis an ualú priacail a bheadh infheidhme faoin gCur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, beidh cóimheas idir:

(a)

na caillteanais ionchasacha iolraithe faoi 12.5, agus

(b)

luach risíochta na risíochtaí foluiteacha.

4.   I gcás ina mbeidh an t-ualú priacail uasta ríofa i gcomhréir le mír 1 níos lú ná na hualuithe priacail íosta a leagtar amach in Airteagal 259 go hAirteagal 264, de réir mar is infheidhme, bainfear úsáid as an ualú priacail níos lú sin seachas an t-ualú priacail íosta.

Airteagal 268

Ceanglais maidir le caipiteal uasta

1.   Féadfaidh institiúid tionscnóra, institiúid is urraitheoir nó institiúid eile a úsáideann SEC-IRBA, nó institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir a úsáideann SEC-SA nó SEC-ERBA, féadfaidh sí ceanglas caipitil uasta a chur i bhfeidhm le haghaidh an tsuímh urrúsúcháin atá ina seilbh atá cothrom leis na ceanglais chaipitil a bheadh le ríomh faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí forluiteacha amhail is nach ndearnadh iad a urrúsú. Chun críocha an Airteagail seo, beidh méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann leis na risíochtaí sin a ríomhadh faoi Chaibidil 3, agus méid na gcaillteanas neamhionchasach, san áireamh i gceanglas caipitil an Chur Chuige IRB.

2.   I gcás comhthiomsuithe measctha, déanfar an ceanglas caipitil uasta a chinneadh trí mheánualú risíochta cheanglais chaipitil chodanna an Chur Chuige IRB agus an Chur Chuige Chaighdeánaithe de na risíochtaí foluiteacha a ríomh, i gcomhréir le mír 1.

3.   Is é a bheidh sa cheanglas uasta caipitil an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an méid arna ríomh i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoin gcion is mó úis atá i seilbh na hinstitiúide sna tráinsí ábhartha (V), arna shloinneadh mar chéatadán agus arna ríomh mar a leanas:

(a)

i gcás institiúid a bhfuil suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó aici in aon tráinse amháin, beidh V cothrom le cóimheas mhéid ainmniúil na suíomhanna urrúsúcháin atá i seilbh na hinstitiúide sin sa tráinse sin agus méid ainmniúil an tráinse;

(b)

i gcás institiúid a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin aici i dtráinsí éagsúla, beidh V cothrom leis an gcion uasta úis thar na tráinsí. Chun na gcríoch sin, déanfar cion an úis i gcomhair gach ceann de na tráinsí éagsúla a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a).

4.   Agus an ceanglas caipitil uasta á ríomh i gcomhair suíomh urrúsúcháin i gcomhréir leis an Airteagal seo, bainfear an méid iomlán d’aon fháltas ar dhíolachán agus ar stríoca úis amháin feabhsaithe creidmheasa a eascraíonn as an idirbheart urrúsúcháin ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).

Foroinn 5

Forálacha ilghnéitheacha

Airteagal 269

Ath-urrúsuithe

1.   I gcás suíomh in ath-urrúsú, cuirfidh institiúidí SEC-SA i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 261, agus na hathruithe seo a leanas air:

(a)

W = 0 i gcás aon risíocht ar thráinse urrúsúcháin laistigh den chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha;

(b)

p = 1.5;

(c)

beidh an t-ualú priacail a thiocfaidh as sin faoi réir ualú priacail íosta 100 %.

2.   Déanfar KSA le haghaidh na risíochtaí urrúsúcháin foluiteacha a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2.

3.   Ní chuirfear na ceanglais chaipitil uasta a leagtar amach i bhForoinn 4 i bhfeidhm maidir le suíomhanna ath-urrúsúcháin.

4.   Sa chás gur meascán de thráinsí urrúsúcháin agus de chineálacha eile sócmhainní atá i gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha, déanfar an paraiméadar KA a chinneadh mar an meánualú ainmniúil risíochta den KA a dhéanfar a ríomh ar bhonn aonair le haghaidh gach fothacair risíochtaí.

Airteagal 270

Suíomhanna sinsearacha in urrúsúcháin FBM

Féadfaidh institiúid tionscnóra méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i ndáil le suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 260, le hAirteagal 262 nó le hAirteagal 264, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann an t-urrúsúchán na ceanglais i ndáil le hurrúsúchán STC a leagtar amach i gCaibidil 4 de Rialachán (AE) /2017/2402 de réir mar is infheidhme, seachas Airteagal 20(1) go (6) den Rialachán sin;

(b)

cáilíonn an suíomh mar an suíomh urrúsúcháin sinsearach;

(c)

tá an t-urrúsú bunaithe ar chomhthiomsú risíochtaí le haghaidh gnóthas, ar choinníoll go gcáilíonn ar a laghad 70 % díobh, ó thaobh chothroime na punainne de, mar FBManna de réir bhrí Airteagal 501, tráth eisiúna an urrúsaithe nó i gcás urrúsaithe imrothlacha tráth a gcuirtear risíocht leis an urrúsú;

(d)

déantar an priacal creidmheasa a bhaineann leis na suíomhanna nach gcoinníonn an institiúid tionscnóra a aistriú trí ráthaíocht nó contraráthaíocht a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh cosaint neamhchistithe chreidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 4 den Chur Chuige Caighdeánaithe i leith priacal creidmheasa;

(e)

is ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas an tríú páirtí a n-aistrítear an priacal creidmheasa chuige:

(i)

rialtas láir nó banc ceannais Ballstáit, banc forbartha iltaobhach, eagraíocht idirnáisiúnta nó eintiteas le haghaidh spreagtha, ar choinníoll go gcáilíonn na risíochtaí ar an ráthóir nó ar an gcontraráthóir d’ualú priacail 0 % faoi Chaibidil 2;

(ii)

infheisteoir institiúideach mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ar choinníoll go gcomhthaobhaítear an ráthaíocht nó an chontraráthaíocht go hiomlán le hairgead i dtaisce san institiúid tionscnóra.

Airteagal 270a

Ualú priacail breise

1.   I gcás nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 in aon cháil ábhartha mar gheall ar fhaillí nó neamhghníomh na hinstitiúide, forchuirfidh na húdaráis inniúla ualú priacail breise comhréireach nach lú ná 250 % den ualú priacail (agus tairseach 1 250 % leis), ualú a mbeidh feidhm aige maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin iomchuí ar an tslí a shonraítear in Airteagal 247(6) nó Airteagal 337(3) den Rialachán seo faoi seach. Méadóidh an t-ualú priacail breise de réir a chéile le gach sárú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na forálacha maidir le dícheall cuí agus le bainistiú riosca. Cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na díolúintí d’urrúsuithe áirithe a thugtar in Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2017/2402 tríd an ualú priacail a d’fhorchuirfí murach sin faoin Airteagal seo a laghdú i leith urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 6(5) den Rialachán (AE) 2017/2402 maidir leis.

2.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn cóineasú cleachtas maoirseachta a éascú i dtaca le mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a ghlacfar i gcás ina sárófar na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí agus bainistíocht priacail. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roinn 4

Measúnuithe creidmheasa seachtracha

Airteagal 270b

Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna

Ní fhéadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa a úsáid chun ualú priacail de chuid suíomh urrúsúcháin a chinneadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo ach amháin sa chás ina bhfuil an measúnú creidmheasa eisithe nó formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

Airteagal 270c

Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna

Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le Roinn 3, ní úsáidfidh institiúidí measúnú creidmheasa de chuid IMCS ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl neamhréir ar bith idir na cineálacha íocaíochtaí atá léirithe sa mheasúnú creidmheasa agus na cineálacha íocaíochtaí a bhfuil an institiúid ina dteideal faoin gconradh as a dtagann an suíomh urrúsúcháin atá i gceist;

(b)

foilsíonn an IMCS na measúnuithe creidmheasa agus an fhaisnéis maidir leis an anailís chaillteanais agus sreabhadh airgid, íogaireacht na rátálacha i leith athruithe i dtoimhdí foluiteacha na rátálacha, lena n-áirítear feidhmíocht na risíochtaí foluiteacha, agus maidir leis na nósanna imeachta, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na príomhghnéithe atá ina mbuntaca leis na measúnaithe creidmheasa i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Chun críocha an phointe seo, measfar faisnéis a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí má dhéantar í a fhoilsiú i bhformáid inrochtana. Ní mheasfar faisnéis nach gcuirtear ar fáil ach do líon teoranta eintiteas a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí;

(c)

tá na measúnuithe creidmheasa san áireamh i maitrís thrasdultach an IMCS;

(d)

níl na measúnuithe creidmheasa bunaithe ná bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe arna soláthar ag an institiúid féin. I gcás ina mbeidh suíomh bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe, measfaidh an institiúid an suíomh sin amhail is go raibh sé gan rátáil ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin i gcomhréir le Roinn 3;

(e)

tá gealltanas tugtha ag an IMCS mínithe a fhoilsiú maidir leis an tionchar a bheidh ag feidhmíocht risíochtaí foluiteacha ar an measúnú creidmheasa.

Airteagal 270d

Measúnuithe creidmheasa a úsáid

1.   Féadfaidh institiúid a chinneadh IMCS amháin nó níos mó a ainmniú, agus úsáidfear measúnuithe creidmheasa ón institiúid/ó na hinstitiúidí sin chun an chuid sin dá méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCaibidil seo (‘IMCS ainmnithe’).

2.   Bainfidh institiúid úsáid as measúnuithe creidmheasa ar a suíomhanna urrúsúcháin go comhsheasmhach agus ní go roghnach agus, chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa IMCS dá suíomhanna i dtráinsí áirithe agus measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS eile dá suíomhanna i dtráinsí eile laistigh den urrúsú céanna a d’fhéadfadh a bheith nó gan bheith rátáilte ag an gcéad IMCS;

(b)

i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfidh an institiúid úsáid as an measúnú creidmheasa is lú fabhar;

(c)

i gcás ina bhfuil trí mheasúnú creidmheasa nó níos mó ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfear úsáid as an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil le chéile, bainfear úsáid as an measúnú is lú fabhar;

(d)

ní iarrfaidh institiúid go ndéanfar rátálacha is lú fabhar a tharraingt siar.

3.   I gcás ina mbaineann na risíochtaí a fholuíonn urrús leas as cosaint chreidmheasa incháilithe iomlán nó i bpáirt i gcomhréir le Caibidil 4 agus gur léirigh IMCS ainmnithe an tionchar atá ag an gcosaint sin sa mheasúnú creidmheasa ar shuíomh urrúsúcháin, úsáidfidh an institiúid an t-ualú priacail a bhaineann leis an measúnú creidmheasa sin. I gcás nach bhfuil an chosaint chreidmheasa dá dtagraítear sa mhír seo incháilithe faoi Chaibidil 4, ní aithneofar an measúnú creidmheasa agus láimhseálfar an suíomh urrúsúcháin mar shuíomh gan rátáil.

4.   I gcás ina mbaineann suíomh urrúsúcháin leas as cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 agus gur léirigh IMCS ainmnithe an tionchar atá ag an gcosaint sin ina mheasúnú creidmheasa, láimhseálfaidh an institiúid an suíomh urrúsúcháin amhail is go raibh sé gan rátáil agus déanfaidh sí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 4.

Airteagal 270e

Urrús a mhapáil

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaineann le measúnuithe creidmheasa ábhartha gach IMCS a mhapáil ar bhealach oibiachtúil comhsheasmhach. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

idirdhealú idir na céimeanna coibhneasta priacail a chuirtear in iúl i ngach measúnú;

(b)

fachtóirí cainníochtúla a mheas, amhail rátaí mainneachtana nó caillteanais agus feidhmíocht stairiúil na measúnuithe creidmheasa a rinne gach IMCS thar aicmí sócmhainne éagsúla;

(c)

fachtóirí cáilíochtúla a mheas, amhail raon na n-idirbheart arna mheasúnú ag an IMCS, a mhodheolaíocht agus an bhrí atá lena mheasúnuithe creidmheasa, go háirithe cé acu a chuirtear an caillteanas ionchasach nó an chéad chaillteanas Euro, agus íocaíocht thráthúil úis nó íocaíocht deiridh úis san áireamh;

(d)

iarracht lena áirithiú go mbaineann suíomhanna urrúsúcháin lena gcuirtear an t-ualú priacail céanna i bhfeidhm ar bhonn measúnuithe creidmheasa IMCSanna, go mbaineann céimeanna coibhéiseacha priacail chreidmheasa leo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 337:

“Airteagal 337

Ceanglas cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin

1.   Maidir le hionstraimí sa leabhar trádála ar suíomhanna urrúsúcháin iad, déanfaidh an institiúid ualú ar na suíomhanna glana arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 327(1) le 8 % den ualú priacail a chuirfeadh an institiúid i bhfeidhm maidir leis an suíomh ina leabhar neamhthrádála i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 5 de Theideal II.

2.   Agus ualuithe priacail á ríomh chun críocha mhír 1, féadfar meastacháin ar PD agus ar LGD a chinneadh bunaithe ar na meastacháin a fhaightear ó shamhail inmheánach i gcomhair priacal na mainneachtana agus na himirce incrimintí (samhail IRC). de chuid institiúide ar tugadh cead di úsáid a bhaint as samhail inmheánach le haghaidh priacail shonraigh ionstraimí fiachais. Ní fhéadfar an rogha dheiridh sin a úsáid ach amháin le cead na n-údarás inniúil, cead a thabharfar má chomhlíonann na meastacháin sin na ceanglais chainníochtúla maidir leis an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha a leagtar amach i gCaibidil 3 de Theideal II.

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le meastacháin ar PD agus ar LGD a úsáid mar ionchuir nuair atá na meastacháin sin bunaithe ar shamhail IRC.

3.   I gcás suíomhanna urrúsúcháin atá faoi réir ualú priacail breise i gcomhréir le hAirteagal 247(6), cuirfear 8 % den ualú priacail iomlán i bhfeidhm.

4.   Suimeoidh an institiúid a suíomhanna ualaithe a thagann ó chur i bhfeidhm mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, is cuma más suíomhanna fada nó suíomhanna gearra iad, d’fhonn a ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal sonrach a ríomh, seachas i gcás suíomhanna urrúsúcháin atá faoi réir Airteagal 338(4).

5.   I gcás nach gcomhlíonann institiúid tionscnóra d’urrúsú traidisiúnta na coinníollacha maidir le haistriú priacail shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 244, áireoidh an institiúid tionscnóra, agus an ceanglas cistí dílse á ríomh, na risíochtaí a fholuíonn an t-urrúsú amhail is nach ndearnadh na risíochtaí sin a urrúsú.

I gcás nach gcomhlíonann institiúid tionscnóra d’urrúsú sintéiseach na coinníollacha maidir le haistriú priacail shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 245, áireoidh an institiúid tionscnóra, agus na ceanglais cistí dílse á ríomh, na risíochtaí a fholuíonn an t-urrúsú amhail is nach ndearnadh na risíochtaí sin a urrúsú agus déanfaidh sí neamhaird de thionchar an urrúsaithe shintéisigh chun críocha cosaint chreidmheasa.”.

(11)

Scriostar Cuid a Cúig agus léifear na tagairtí uile do Chuid a Cúig mar thagairtí do Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402. .

(12)

In Airteagal 457, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

na ceanglais cistí dílse maidir le hurrúsú a leagtar síos in Airteagal 242 go hAirteagal 270a;”.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 462:

“Airteagal 462

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 244(6) agus 245(6) agus in Airteagail 456 go 460 go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 28 Meithemah 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 244(6) agus 245(6) agus in Airteagal 456 go hAirteagal 460 a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 244(6) agus Airteagal 245(6) agus Airteagal 456 go hAirteagal 460 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 3 mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

(14)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 519a

Tuairisciú agus athbreithniú

Faoin1 Eanáir 2022, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí i bhfianaise forbairtí sna margaí urrúsúcháin, lena n-áirítear ó thaobh na macrastuamachta agus na heacnamaíochta de. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, agus déanfar measúnú ann ar na pointí seo a leanas, go háirithe:

(a)

an tionchar a bheidh ag an ordlathas modhanna a leagtar amach in Airteagal 254 agus an tionchar a bheidh ag ríomh méideanna risíochta suíomhanna urrúsúcháin a leagtar amach in Airteagal 258 go hAirteagal 266 ar ghníomhaíocht eisiúna agus infheistíochta a dhéanann institiúidí i margaí urrúsúcháin san Aontas;

(b)

an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais agus na mBallstát, ag díriú, go háirithe, ar amhantraíocht ar mhargadh na maoine dochorraithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar mhéadú ar an idirnasc idir institiúidí airgeadais;

(c)

na bearta a bheadh de dhíth chun aon éifeachtaí diúltacha urrúsúcháin ar chobhsaíocht airgeadais a laghdú agus cur ina n-aghaidh, agus an éifeacht dhearfach ar mhaoiniú a chaomhnú san am céanna, lena n-áirítear uasteorainn risíochta ar urrúsuithe a d’fhéadfaí a thabhairt isteach; agus

(d)

na héifeachtaí ar chumas na n-institiúidí airgeadais sruth cistithe cobhsaí inbhuanaithe a chur ar fáil don fhíorgheilleagar, ag díriú ar FBManna go háirithe.

Sa tuarascáil, cuirfear san áireamh freisin forbairtí rialála i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hurrúsú.”.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le suíomhanna urrúsúcháin oscailte

Maidir le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh 1 Eanáir 2019, leanfaidh institiúidí de na forálacha a leagtar amach i gCaibidil 5 de Theideal II de Chuid a Trí agus in Airteagal 337 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2019 sa leagan is infheidhme an 31 Nollaig 2018.

Chun críocha an Airteagail seo, i gcás urrúsuithe nach mbaineann le hurrúsuithe a eisiúint, measfar go gciallóidh an tagairt do “urrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis” urrúsuithe ar cruthaíodh na chéad suíomhanna urrúsúcháin díobh.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 219, 17.6.2016, lch. 2.

(2)  IO C 82, 3.3.2016, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Samhain 2017.

(4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat Eorpach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, Ich.12).

(7)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(8)  IO L 123, 12.5.2013, lch. 1.


28.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) 2017/2402 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Baineann urrúsú le hidirbhearta a chuireann ar chumas iasachtóra nó creidiúnaí — institiúid chreidmheasa nó corparáid de ghnáth — athmhaoiniú a dhéanamh ar thacar iasachtaí, neamhchosaintí nó earraí infhaighte amhail iasachtaí cónaithe, iasachtaí nó léasanna gluaisteán, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa nó earraí infhaighte trádála, trí urrúis intrádála a dhéanamh díobh. Déanann an t-iasachtóir comhthiomsú agus athphacáistiú ar phunann dá iasachtaí, agus déanann sé iad a eagrú i gcatagóirí éagsúla riosca le haghaidh infheisteoirí éagsúla, rud a thugann rochtain d’infheisteoirí ar infheistíocht in iasachtaí agus i neamhchosaintí eile nach mbeadh rochtain dhíreach acu orthu de ghnáth. Gintear torthaí d’infheisteoirí ó shreafaí airgid na n-iasachtaí foluiteacha.

(2)

Ina theachtaireacht an 26 Samhain 2014 maidir le Plean Infheistíochta don Eoraip, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige margaí urrúsúcháin d’ardchaighdeán a atosú, gan na botúin a rinneadh roimh an ngéarchéim airgeadais in 2008 a dhéanamh an athuair. Is cuid d’Aontas na Margaí Caipitil é margadh urrúsúcháin simplí trédhearcach caighdeánaithe a fhorbairt, rud a chuireann le cuspóir tosaíochta an Choimisiúin arb é tacú le poist a chruthú agus filleadh ar an bhfás inbhuanaithe.

(3)

Tá sé mar aidhm ag an Aontas an creat reachtach a cuireadh chun feidhme tar éis na géarchéime airgeadais a neartú chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le hurrúsú casta, teimhneach rioscúil. Tá sé riachtanach a áirithiú go nglacfar rialacha chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir táirgí simplí trédhearcacha caighdeánaithe agus ionstraimí casta, teimhneacha rioscúla agus creat stuamachta atá níos íogaire ó thaobh riosca de a chur i bhfeidhm.

(4)

Tá an t-urrúsú ina chuid thábhachtach de mhargaí airgeadais dea-fheidhmitheacha. Bealach tábhachtach é an t-urrúsú dea-struchtúrtha chun foinsí cistiúcháin a éagsúlú agus chun riosca a shannadh ar bhealach níos leithne laistigh de chóras airgeadais an Aontais. Fágann sé go mbeidh dáileadh níos leithne ar riosca na hearnála airgeadais agus féadann sé cabhrú le cláir chomhardaithe tionscnóra a ghlanadh ionas gur féidir iasachtú breise a dhéanamh sa gheilleagar. Ar an iomlán, féadann sé éifeachtúlacht sa chóras airgeadais a fheabhsú agus deiseanna infheistíochta breise a chur ar fáil. Féadann an t-urrúsú nasc a chruthú idir institiúidí creidmheasa agus margaí caipitil a théann chun tairbhe indíreach do ghnóthaí agus saoránaigh (trí, mar shampla, iasachtaí agus maoiniú gnó níos saoire, creidmheasanna do mhaoin dhochorraithe agus cártaí creidmheasa). Mar sin féin, aithnítear sa Rialachán seo na rioscaí a bhaineann le hidirnascthacht mhéadaithe agus le luamhánú iomarcach a eascraíonn ón urrúsú agus cuirtear le maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal ag údaráis inniúla ar rannpháirtíocht institiúide airgeadais sa mhargadh urrúsúcháin, chomh maith le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar an margadh sin ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS)a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis náisiúnta ainmnithe le haghaidh ionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal.

(5)

Chun creat stuamachta maidir le hurrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe (“STS”) atá níos íogaire ó thaobh riosca a bhunú is gá don Aontas urrúsú STS a shainmhíniú go soiléir, mar mura ndéanfaí amhlaidh bheadh an láimhseáil rialála níos íogaire ó thaobh riosca ar fáil d’institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí árachais i gcás urrúsuithe de chineálacha éagsúla i mBallstáit éagsúla. Bheadh deis iomaíochta mhíchothrom agus arbatráiste rialála mar thoradh air sin ach tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfeidhmíonn an tAontas mar mhargadh aonair le haghaidh urrúsuithe STC agus go n-éascaíonn sé idirbhearta trasteorann.

(6)

I gcomhréir leis na sainmhínithe atá ann cheana i reachtaíocht earnála an Aontais, is iomchuí sainmhínithe a sholáthar maidir le príomhchoincheapa an urrúsúcháin. Go háirithe, tá gá le sainmhíniú soiléir, uilechuimsitheach ar an urrúsú chun aon idirbheart nó scéim a chumhdach lena ndéantar tráinsiú ar riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó le comhthiomsú neamhchosaintí. Maidir le neamhchosaint lena gcruthaítear oibleagáid íocaíochta dírí le haghaidh idirbheart nó scéim a úsáidtear chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú, níor cheart go measfaí go bhfuil sí ina neamhchosaint ar urrúsú, fiú má bhaineann oibleagáidí íocaíochta leis an idirbheart nó leis an scéim a bhfuil sinsearachtaí éagsúla acu.

(7)

Ba cheart go mbeadh urraitheoir in ann cúraimí a tharmligean chuig seirbhíseoir, ach ba cheart dó féin a bheith freagrach i gcónaí as an mbainistiú riosca. Go háirithe, níor cheart don urraitheoir an ceanglas maidir le coinneáil riosca a aistriú go dtí a sheirbhíseoir. Ba cheart gurb é a bheadh sa seirbhíseoir bainisteoir sócmhainní rialáilte amhail bainisteoir gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI), bainisteoir cistí infheistíochta malartacha, nó eintiteas dá dtagraítear i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (5) (eintiteas MiFID).

(8)

Leis an Rialachán seo tugtar isteach toirmeasc ar ath-urrúsú, faoi réir maoluithe i gcásanna áirithe ath-urrúsuithe a mbaintear úsáid astu chun críocha dlisteanacha agus faoi réir soiléirithe cibé an meastar cláir páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) a bheith ina n-ath-urrúsuithe. Féadann ath-urrúsuithe cur isteach ar leibhéal na trédhearcachta atá mar aidhm don Rialachán seo. Mar sin féin, féadann ath-urrúsuithe a bheith úsáideach, i gcásanna eisceachtúla, ar mhaithe le leasanna infheisteoirí a chaomhnú. Dá bhrí sin, níor cheart athurrúsuithe a cheadú ach amháin i gcásanna sonracha mar a bhunaítear leis an Rialachán seo. Sa bhreis air sin, tá sé tábhachtach ar mhaithe le maoiniú an fhíorgheilleagair go leanann cláir ABCP nach dtugtar aon athtrainsiú sa bhreis ar idirbhearta atá á gcistiú leis an gclár de bheith lasmuigh de raon feidhme an toirmisc ar ath-urrúsú.

(9)

Ní amháin go bhfuil an t-infheisteoir gan chosaint ar rioscaí creidmheasa na n-iasachtaí foluiteacha nó na neamhchosaintí foluiteacha mar thoradh ar infheistíocht a dhéanamh in urrúsuithe nó neamhchosaint orthu, ach d’fhéadfadh rioscaí eile amhail rioscaí gníomhaíochta, riosca de bharr samhaltú, riosca dlíthiúil agus oibríochtúil, riosca contrapháirtí, riosca seirbhísi, riosca leachtachta agus riosca comhchruinnithe a bheith mar thoradh ar phróiseas struchtúraithe urrúsuithe. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go mbeadh infheisteoirí institiúideacha faoi réir ceanglais chomhréireacha maidir le dícheall cuí lena n-áirithítear go ndéanann siad measúnú mar is ceart ar na rioscaí a bhaineann le gach cineál urrúsúcháin, chun tairbhe na n-infheisteoirí deiridh. Mar sin, má dhéantar dícheall cuí is féidir muinín sa mhargadh a fheabhsú chomh maith le muinín idir tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí aonair a fheabhsú. Is gá go ndéanfaidh infheisteoirí dícheall cuí mar is iomchuí maidir le hurrúsuithe STC. Is féidir leo iad féin a chur ar an eolas leis an bhfaisnéis a nochtann na páirtithe urrúsúcháin, go háirithe an fógra STS agus an fhaisnéis ghaolmhar a nochtar sa chomhthéacs seo, faisnéis lenar cheart an fhaisnéis iomchuí go léir a chur ar fáil d’infheisteoirí maidir le conas a chomhlíontar na critéir STS. Ba cheart d’infheisteoirí institiúideacha a bheith in ann brath go hiomchuí ar an bhfógra STS agus ar an bhfaisnéis atá nochta ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE) maidir le cé acu a gcomhlíonann urrúsú ceanglais STS nó nach gcomhlíonann. Mar sin féin, níor cheart dóibh brath go meicníoch ar an bhfógra ná ar an bhfaisnéis sin, ná níor cheart dóibh brath orthu sin amháin.

(10)

Tá sé riachtanach go ndéanfaí ailíniú ar leasanna tionscnóirí, urraitheoirí, iasachtóirí bunaidh atá páirteach in urrúsú agus infheisteoirí. Chuige sin, ba cheart don tionscnóir, don urraitheoir nó don iasachtóir bunaidh leas suntasach a choinneáil i neamhchosaintí foluiteacha an urrúsúcháin. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcoinneodh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh glan-neamhchosaint eacnamaíoch ábhartha ar na rioscaí foluiteacha atá i gceist. I dtéarmaí níos ginearálta, níor cheart idirbhearta urrúsúcháin a struchtúrú sa chaoi go ndéanfaí cur i bhfeidhm an cheanglais choinneála a sheachaint. Ba cheart an ceanglas sin a bheith infheidhme i ngach cás ina bhfuil substaint eacnamaíoch urrúsúcháin infheidhme, is cuma cé na struchtúir dhlíthiúla nó ionstraimí dlí a úsáidtear. Ní gá go ndéanfaí an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm níos mó ná aon uair amháin. I gcás aon urrúsú ar leith, is leor gan ach an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh a bheith faoi réir an cheanglais. Mar an gcéanna, i gcás ina bhfuil suíomhanna urrúsúcháin eile ina neamhchosaintí foluiteacha in idirbhearta urrúsúcháin, níor cheart an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm ach maidir leis an urrúsú atá faoi réir na hinfheistíochta. Léiríonn an fógra STS d’infheisteoirí go bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh ag coinneáil glan-neamhchosaint eacnamaíoch ábhartha ar na rioscaí foluiteacha. Ba cheart eisceachtaí áirithe a dhéanamh i gcásanna ina ndéanann údaráis phoiblí go háirithe neamhchosaintí urrúsúcháin a ráthú go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe. I gcás gur as foinsí poiblí a chuirtear tacaíocht ar fáil, i bhfoirm ráthaíochtaí nó eile, ní dochar do rialacha Státchabhrach aon fhorálacha atá sa Rialachán seo.

(11)

Níor cheart do thionscnóirí ná urraitheoirí leas a bhaint as an dóigh go bhféadfaí tuilleadh faisnéise a bheith acu ná a bheadh ag infheisteoirí agus infheisteoirí ionchasacha i ndáil leis na sócmhainní a aistrítear chuig SSPE, agus aistriú chuig sócmhainní SSPE i ngan fhios do na hinfheisteoirí nó d’infheisteoirí ionchasacha a bhfuil próifíl riosca creidmheasa níos airde acu ná sócmhainní inchomparáide atá ar chlár comhardaithe na dtionscnóirí. Ba cheart sárú ar an oibleagáid sin a bheith faoi réir smachtbhannaí a bheadh le forchur ag na húdaráis inniúla, ach chaithfeadh go ndéanfaí an sárú d’aon ghnó. Níor cheart go mbeadh faillí faoi réir smachtbhanna faoin bhforáil seo.Níor cheart go ndéanfadh an oibleagáid sin dochar in aon slí do cheart tionscnóirí nó urraitheoirí sócmhainní a roghnú a aistreofar chuig SSPE a bhfuil próifíl riosca creidmheasa níos airde ná an meán acu ex-ante i gcomparáid leis an meánphróifíl riosca creidmheasa de shócmhainní inchomparáide a fhanann ar chlár comhardaithe an tionscnóra, ar choinníoll go gcuirtear an phróifíl riosca creidmheasa níos ísle in iúl go soiléir d’infheisteoirí nó d’infheisteoirí ionchasacha. Ba cheart d’údaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide seo trí chomparáid a dhéanamh idir na sócmhainní is bunús le hurrúsú agus sócmhainní inchomparáide atá ar chlár comhardaithe an tionscnóra.

Ba cheart an chomparáid ar fheidhmíocht a dhéanamh idir sócmhainní atá ex-ante lena bhfuiltear ar siúl le feidhmíochtaí comhchosúla, mar shampla idir morgáistí cónaithe neamhthuillmheacha a aistríodh chuig SSPE agus morgáistí cónaithe neamhthuillmheacha atá ar chlár comhardaithe an tionscnóra.

Níl toimhde ann gur cheart do na sócmhainní is bunús le hurrús feidhmiú ar an gcaoi chéanna leis na mean-sócmhainní atá ar chlár comhardaithe an tionscnóra.

(12)

Braitheann an cumas a bhíonn ag infheisteoirí agus ag infheisteoirí ionchasacha dícheall cuí a dhéanamh, agus dá bharr sin measúnú feasach a dhéanamh maidir le creidmheasa ionstraim urrúsúcháin ar leith, ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis maidir leis na hionstraimí sin. Bunaithe ar an acquis atá ann cheana, tá sé tábhachtach córas cuimsitheach a chruthú a thabharfaidh rochtain d’infheisteoirí agus d’infheisteoirí ionchasacha ar an bhfaisnéis iomchuí go léir thar shaolré iomlán na n-idirbheart, chun cúraimí tuairiscithe tionscnóirí, urraitheoirí agus SPPEnna a laghdú agus chun rochtain leanúnach, furasta agus saor ar fhaisnéis iontaofa maidir le hurrúsuithe a éascú. Chun trédhearcacht an mhargaidh an fheabhsú, ba cheart creat le haghaidh stórtha urrúsúcháin chun tuarascálacha ábhartha a bhailiú, maidir le neamhchosaintí foluiteacha in urrúsuithe go príomhá, a bhunú. Ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ÚEUM stórtha urrúsúcháin den sórt sin a údarú agus a mhaoirsiú. Agus sonraí de chúraimí tuairiscithe den sórt sin á sonrú, ba cheart do ÚEUM a áirithiú go léireofaí san fhaisnéis is gá a thuairisciú do stórtha den sórt sin a mhéid agus ab fhéidir na teimpléid atá ann cheana i ndáil le nochtadh faisnéise den sórt sin.

(13)

Is é príomhchuspóir na hoibleagáide ginearálta don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE faisnéis maidir le hurrúsuithe a chur ar fáil tríd an stór urrúsúcháin foinse aonair mhaoirsithe de na sonraí is gá chun a ndícheall cuí a dhéanamh a thabhairt d’infheisteoirí. Is minic a bhíonn urrúsuithe príobháideacha saincheaptha. Tá siad tábhachtach mar féadfaidh páirtithe dul i mbun idirbhearta urrúsúcháin gan faisnéis tráchtála atá íogair maidir leis an idirbheart (mar shampla ag nochtadh go bhfuil cistiú de dhíth ar chuideachta áirithe chun táirgeadh a mhéadú nó go bhfuil gnólacht infheistíochta ag dul isteach i margadh nua mar chuid dá straitéis) agus/nó a bhaineann leis na sócmhainní foluiteacha (mar shampla maidir leis an gcineál trádála a ghineann gnólacht tionscail) a nochtadh chuig an margadh agus iomaitheoirí. Sna cásanna sin, bíonn infheisteoirí i dteagmháil dhíreach leis an tionscnóir agus/nó leis an urraitheoir agus faigheann siad an fhaisnéis atá riachtanach chun a ndícheall cuí a dhéanamh go díreach uathu. Dá bhrí sin, is cuí urrúsuithe príobháideacha a mhaolú ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt faoi fhaisnéis an idirbhirt do stór urrúsúcháin.

(14)

Na critéir fhónta, dhea-shainithe chun creidmheas a dheonú, a úsáidtear i gcás neamhchosaintí neamhurrúsaithe, ba cheart do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus d’iasachtóirí bunaidh na critéir chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí a bheidh le hurrúsú. Mar sin féin, a mhéid nach i bhfoirm iasachta a thionscnaítear earraí infhaighte trádála, ní gá critéir chun creidmheas a dheonú a chomhlíonadh i ndáil le hearraí infhaighte trádála.

(15)

Go ginearálta níl ionstraimí urrúsúcháin iomchuí do chliaint miondíola de réir bhrí Threoir 2014/65/AE.

(16)

Ba cheart do thionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna na sonraí ábhartha go léir a chur ar fáil sa tuarascáil don infheisteoir maidir leis an gcáilíocht chreidmheasa agus feidhmiú neamhchosaintí foluiteacha, lena n-áirítear sonraí a chuirfidh ar chumas infheisteoirí faillí agus mainneachtain féichiúnaithe foluiteacha, athstruchtúrú fiachais, maitheamh fiachais, staonadh, athcheannach, sos íocaíochta, caillteanais, dearbhuithe go bhfuil fiachas neamhthuillmheach, gnóthú agus leigheasanna eile maidir le feidhmiú sócmhainní i gcomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha a aithint. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil don infheisteoir, i gcás urrúsúcháin nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid ó neamhchosaintí foluiteacha agus ó dhliteanais an urrúsúcháin, eadhon nochtadh ar leithligh ioncam agus eisíocaíochtaí an tsuímh urrúsúcháin, .i. príomhshuim sceidealaithe, ús sceidealaithe, príomhshuim réamhíoctha, ús agus táillí agus muirir thar téarma agus sonraí faoi aon teagmhas lena spreagfaí athruithe ar an tosaíocht maidir le híocaíocht nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh chomh maith le sonraí maidir le méid agus cineál an fheabhsuithe creidmheasa ar fáil do gach tráinse. Cé gur fheidhmigh urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe go maith roimhe seo, ní chiallaíonn comhlíonadh aon cheanglais STS go bhfuil an suíomh urrúsúcháin saor ó rioscaí, ná ní léiríonn sé aon rud faoi cháilíocht an chreidmheasa is bun leis an urrúsú. Ina ionad sin, ba cheart go dtuigfí as go léiríonn sé go mbeidh infheisteoir stuama agus dícheallach in ann anailís a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an urrúsú.

D’fhonn go bhféadfadh gnéithe struchtúracha éagsúla d’urrúsuithe fadtéarmacha agus d’urrúsuithe gearrthéarmacha (eadhon cláir ABCP agus idirbhearta ABCP) a bheith ann, ba cheart go mbeadh dhá shórt ceanglas STS ann: ceann amháin a bhaineann le hurrúsuithe fadtéarmacha agus ceann eile a bhaineann le hurrúsuithe gearrthéarmacha atá comhfhreagrach leis an dá dheighleog margaidh a fheidhmíonn go héagsúil. Braitheann cláir ABCP ar roinnt idirbheart ABCP, ar idirbhearta de neamhchosaintí gearrthéarmacha iad is gá a athsholáthar nuair a aibíonn siad. In idirbheart ABCP, d’fhéadfaí urrúsú a bhaint amach, inter alia, trí chomhaontú maidir le lascaine athraitheach ar an bpraghas ceannaigh ar an gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha, nó maidir le heisiúint nótaí sóisearacha agus sinsearacha ag SSPE i struchtúr comhchistithe, faoina n-aistreofar na nótaí sinsearacha chuig na heintitis cheannaigh de chlár ABCP amháin nó níos mó. Níor cheart go n-áireofaí ath-urrúsuithe ar idirbhearta ABCP a cháilíonn mar STS, áfach. Ina theannta sin, ba cheart go léireofaí faoi chritéir STS ról sonrach an urraitheora a chuireann tacaíocht leachtachta ar fáil do chlár ABCP, go háirithe do chláir ABCP a dtacaítear leo go hiomlán.

(17)

Tá go leor oibre déanta cheana féin ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun urrúsú STS a shainaithint agus, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 (7) I Rialachán Tarmligthe 2015/61 (8) ón gCoimisiún, leagadh síos critéir cheana féin maidir le hurrúsú STC chun críoch sonraithe, lena dtugtar cóir stuamachta atá níos íogaire ó thaobh riosca de.

(18)

Níor cheart SSPEnna a bhunú ach amháin i dtríú tíortha nach bhfuil liostaithe mar dhlínsí ardriosca agus neamh-chomhoibríocha ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF). Más rud é go nglacfar liosta sonrach an Aontais de dhlínsí tríú tíortha a dhiúltaíonn caighdeáin dea-rialachas cánach a chomhlíonadh faoin tráth go ndéanfar athbhreithníu ar an Rialachán seo, ba cheart liosta an Aontais a chur san áireamh agus d’fhéadfadh a leithéid a bheith mar liosta tagartha le haghaidh tríú tíortha nach gceadófar SSPE a bhunú iontu.

(19)

Tá sé riachtanach sainmhíniú ginearálta ar urrúsú STS a leagan síos a bheidh infheidhme trasna na n-earnálacha atá bunaithe ar na critéir atá ann cheana, mar aon leis na critéir a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) an 23 Iúil 2015 maidir le hurrúsuithe simplí trédhearcacha inchomparáide a shainaithint faoi chuimsiú leordhóthanacht chaipitil le haghaidh urrúsuithe, agus go háirithe ar Thuairim an Údaráis Baincéireachta Eorpach (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán(AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le creat Eorpach maidir le hurrúsú cáilitheach a foilsíodh an 7 Iúil 2015.

(20)

Níor cheart cineálacha éagsúla cur chuige a bheith ann ar fud an Aontais mar thoradh ar na critéir STS a chur chun feidhme. Chruthódh cineálacha éagsúla cur chuige mar sin bacainní féideartha d’infheisteoirí trasteorann trí iallach a chur orthu iad féin a chur ar an eolas maidir le mionsonraí chreata na mBallstát, agus a bhainfeadh an bonn de mhuinín na n-infheisteoirí as na critéir STS ar a ngcaoi sin. Ba cheart don ÚBE treoirlínte a fhorbairt chun comhthuiscint chomhsheasmhach ar na ceanglais STS ar fud an Aontais a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna léirithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Le foinse aonair léirithe den sórt sin éascófar glacadh chritéir STC ag tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí. Ba cheart ról gníomhach a bheith ag an ÚEUM freisin in aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna léirithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

(21)

D’fhonn cur chuige éagsúil maidir le cur chun feidhme na critéir STS sin a sheachaint, ba cheart do na trí Údarás Eorpacha Maoirseachta (ESAanna), i gcreat Chomhchoiste na nÚdarás Eorpach Maoirseachta a gcuid oibre agus obair na n-údarás inniúil a chomhordú chun comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú agus chun measúnú a dhéanamh ar cheisteanna praiticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le hurrúsuithe STC. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart tuairimí rannpháirtithe sa mhargadh a iarraidh chomh maith agus iad a chur san áireamh a mhéid is féidir. Ba cheart toradh an phlé sin a chur ar fáil go poiblí ar shuíomhanna gréasáin na nÚdarás Eorpach Maoirseachta d’fhonn cabhrú le tionscnóirí, le hurraitheoirí, le SSPEnna agus le hinfheisteoirí measúnú a dhéanamh ar urrúsuithe STS sula ndéanfar eisiúint nó infheistiú i suíomhanna den chineál sin. Bheadh sásra comhordaithe den chineál sin tábhachtach go háirithe sa tréimhse roimh chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(22)

Leis an Rialachán seo ní cheadaítear ach urrúsuithe “fíordhíolacháin” a ainmniú mar STS. I gcás urrúsú fíordhíolacháin, déantar úinéireacht na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh go héifeachtach chuig eintiteas eisitheora ar eintiteas SSPE é. Níor cheart aistriú nó sannadh na neamhchosaintí foluiteacha chuig an SSPE a bheith faoi réir forálacha aisghlámtha i gcás ina bhfuil an díoltóir dócmhainneach, gan dochar d’fhorálacha na ndlíthe náisiúnta dócmhainneachta faoina bhféadfaí díol neamhchosaintí foluiteacha a thugtar i gcrích laistigh de thréimhse áirithe sula ndearbhaítear go bhfuil an díoltóir dócmhainneach, a neamhbhailíochtú, faoi choinníollacha dochta.

(23)

D’fhéadfaí an fíordhíolachán nó an sannachán nó an t-aistriú lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil na neamhchosaintí foluiteacha a dhearbhú le tuairim dhlíthiúil ó dhlíodóir cáilithe agus infhorfheidhmitheacht an fhíordhíolacháin, an tsannacháin nó an aistrithe sin a dhearbhú leis an éifeacht chéanna dhlíthiúil faoin dlí is infheidhme.

(24)

I gcás urrúsuithe nach “fíordhíolachán” iad, ní dhéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú chuig eintiteas eisitheora ar eintiteas SSPE é, ach ina áit sin déantar an riosca creidmheasa a bhaineann leis na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí bhíthin conradh díorthach nó ráthaíochtaí. Leis sin tugtar isteach riosca creidmheasa contrapháirtí breise agus castacht fhéideartha a bhaineann go háirithe le hábhar an chonartha dhíorthaigh. Ar na cúiseanna sin, níor cheart go gceadófaí urrúsuithe sintéiseacha faoi chritéir STS.

Ba cheart go n-aithneofaí an dul chun cinn a rinne ÚBE ina thuarascáil i mí na Nollag 2015, ina sainaithnítear na critéir STC a d’fhéadfadh a bheith ann don urrúsú sintéiseach agus lena sainmhínítear “urrúsú sintéiseach an chláir comhardaithe” agus “urrúsú sintéiseach arbatráiste”. A luaithe a chinnfidh ÚBE tacar critéar STS is infheidhme go sonrach le hurrúsuithe sintéiseacha an chláir comhardaithe, agus d’fhonn maoiniú don fhíorgheilleagar a chur chun cinn, go háirithe do FBManna a bhaineann an leas is mó ó urrúsuithe den sórt sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhréachtú agus, más iomchuí, togra reachtach a ghlacadh chun an creat STS a leathnú go n-áireofaí urrúsuithe den sórt sin.Níor cheart go molfadh an Coimisiún leathnú den sórt sin i dtaca le hurrúsuithe sintéiseacha arbatráiste.

(25)

Ba cheart do na neamhchosaintí foluiteacha a aistríodh ón díoltóir chuig an SSPE critéir incháilitheachta a chomhlíonadh atá sainithe go soiléir agus nach gceadaíonn bainistiú gníomhach punainne ar na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. I bprionsabal, níor cheart ionadú neamhchosaintí a sháraíonn uiríll agus barántaí a mheas mar bhainistiú gníomhach punainne.

(26)

Níor cheart go n-áireofar sna neamhchosaintí foluiteacha neamhchosaintí mainneachtana nó neamhchosaintí d’fhéichiúnaithe nó do ráthóirí atá, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, i ndálaí sonraithe lagchreidmheasa, (mar shampla féichiúnaithe atá dearbhaithe a bheith dócmhainneach).

Ba cheart an caighdeán “chomh fada is eol” a mheas a bheith comhlíonta ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó fhéichiúnaithe ar thionscnamh na neamhchosaintí, na faisnéise ón tionscnóir le linn na neamhchosaintí a sheirbhísiú, nó a nós imeachta bainistithe riosca nó faisnéis a chuir tríú páirtí in iúl don tionscnóir.

Ba cheart leas a bhaint as cur chuige stuama i gcás neamhchosaintí a bhí neamhthuillmheach agus a ndearnadh athstruchtúrú orthu ina dhiaidh sin. Níor cheart a eisiamh, áfach, go n-áireofaí na neamhchosaintí athstruchtúraithe sin ar chomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha i gcás nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil leis na neamhchosaintí sin ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar cheart a bheith déanta ar a laghad aon bhliain amháin roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh. Sa chás sin, ba cheart, le nochtadh leordhóthanach, trédhearcacht iomlán a áirithiú.

(27)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh infheisteoirí dícheall cuí stóinsithe agus chun measúnú ar rioscaí foluiteacha a éascú, tá sé tábhachtach go mbeadh idirbhearta urrúsúcháin bunaithe ar chomhthiomsuithe neamhchosaintí atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de, amhail comhthiomsuithe iasachtaí cónaithe, nó comhthiomsuithe d’iasachtaí corparáideacha, d’iasachtaí maoine gnó léasanna agus saoráidí creidmheasa do ghnóthais sa chatagóir chéanna, nó comhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin agus léasanna gluaisteáin, nó comhthiomsuithe saoráidí creidmheasa chuig daoine aonair chun críocha tomhaltais phearsanta, clainne nó teaghlaigh. Níor cheart go n-áireofar ar na neamhchosaintí foluiteacha, urrúis inaistrithe mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE. Chun freastal ar na Ballstáit sin inar gnáthchleachtas é go n-úsáideann institiúidí creidmheasa bannaí in ionad comhaontuithe iasachta chun creidmheas a chur ar fáil do chorparáidí neamhairgeadais, ba cheart go bhféadfaí na bannaí sin a chur san áireamh, ar an gcoinníoll nach liostaítear iad ar ionad trádála.

Ba cheart go a chur de chúram ar ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na critéir aonchineálachta a shoiléiriú faoi na ceanglais maidir le simplíocht. Á dhéanamh sin, ba cheart dó a áirithiú nach mbeadh tionchar diúltach ar urrúsú iasachtaí do FBManna.

(28)

Tá sé riachtanach cosc a chur ar atarlú samhlacha “táirgí a thionscnamh lena ndáileadh”. I gcásanna mar sin cuireann iasachtóirí beartais frithgheallta atá easnamhach agus lag i bhfeidhm agus creidmheasanna á ndeonú acu mar go bhfuil a fhios acu cheana féin gur le tríú páirtithe a dhíoltar na rioscaí lena mbaineann ar deireadh. Ar an gcaoi sin, ba cheart na neamhchosaintí atá le hurrúsú a thionscnamh i ngnáthchúrsaí gnó an tionscnóra nó an iasachtóra bunaidh de bhun caighdeáin fhrithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuireann an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh i bhfeidhm tráth a dtionscnaítear neamhchosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Ba cheart athruithe ábhartha i gcaighdeáin frithgheallta a nochtadh ina n-iomláine d’infheisteoirí ionchasacha, nó, i gcás chláir ABCP a dtacaítear leo go hiomlán, don urraitheoir agus do pháirtithe eile a bheidh neamhchosanta ar bhealach díreach ar idirbheart ABCP. Ba cheart a dhóthain taithí a bheith ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh i neamhchosaintí atá cosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu. I gcás urrúsuithe ar iasachtaí cónaithe na neamhchosaintí foluiteacha, maidir leis an gcomhthiomsú iasachtaí, níor cheart aon iasacht a bheith ina cuid de a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar iasacht, nó d’idirghabhálaithe nuair is infheidhme, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil fíoraithe ag an iasachtóir. Ba cheart an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí, nuair is infheidhme, na ceanglais a chomhlíonadh atá leagtha amach i dTreoir 2008/48/CE (10) nó Treoir 2014/17/AE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó ceanglais choibhéiseacha a chomhlíonadh i dtríú tíortha.

(29)

Má bhítear ag brath go mór, maidir le haisíoc suíomhanna urrúsúcháin, ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, cruthaítear leochaileachtaí mar a chonacthas le drochfheidhmíocht codanna de mhargadh urrúsuithe tráchtála le taca morgáistí (CMBS) le linn na géarchéime airgeadais. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas gur urrúsuithe STS iad CMBS.

(30)

I gcás ina mbeadh sonraí ar fáil maidir le tionchar timpeallachta sócmhainní a fholuíonn urrúsuithe, ba cheart do thionscnóir agus d’urraitheoir na n-urrúsuithe den sórt sin é a fhoilsiú.

Dá bhrí sin, más iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteáin iad na neamhchosaintí foluiteacha, ba cheart do thionscnóir, d’urraitheoir nó do SSPE urrúsú STS an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht timpeallachta na sócmhainní arna maoiniú trí iasachtaí cónaithe nó iasachtaí gluaisteáin nó léasanna gluaisteáin den sórt sin.

(31)

I gcás ina dteastaíonn ó thionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna an t-ainmniú STS a úsáid ar a gcuid urrúsuithe, ba cheart fógra a thabhairt d’infheisteoirí, d’údaráis inniúla agus do ÚEUM go gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS. Ba cheart míniú a áireamh san fhógra ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS. Ba cheart do ÚEUM é a fhoilsiú ina dhiaidh sin ar liosta d’urrúsuithe STS ar tugadh fógra fúthu, ar liosta é a chuirfear ar fáil ar a shuíomh gréasáin chun críocha faisnéise. Ní chiallaíonn eisiúint urrúsúcháin ar liosta ÚEUM d’urrúsuithe STS ar tugadh fógra fúthu go bhfuil sé deimhnithe ag ÚEUM nó ag údaráis inniúla eile go gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS. Is iad na tionscnóirí, na hurraitheoirí agus na SSPEnna amháin atá freagrach as comhlíonadh na gceanglas STS. Áiritheofar leis sin go nglacfaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna freagracht as a rá gur urrúsú STS atá i gceist agus go bhfuil trédhearcacht sa mhargadh.

(32)

I gcás nach gcomhlíonann urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh, ba cheart don tionscnóir, don urraitheoir agus don SSPE fógra a thabhairt do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha láithreach. Ina theannta sin, i gcás inar fhorchuir údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin maidir le hurrúsú ar fógraíodh go raibh sé STS, ba cheart don údarás inniúil sin fógra a thabhairt do ÚEUM láithreach ionas go ndéanfaí iad a chur ar liosta na bhfógraí STS a cheadaíonn d’infheisteoirí a bheith ar an eolas faoi smachtbhannaí den chineál sin agus faoi iontaofacht fógraí STS. Mar sin, is le leas tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna fógraí dea-mhachnaithe a dhéanamh d’fhonn iarmhairtí clú a sheachaint.

(33)

Ba cheart d’infheisteoirí a ndícheall cuí féin a dhéanamh ar infheistíochtaí, i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leo, ach ba cheart iad a bheith in ann brath ar na fógraí STS agus ar an bhfaisnéis a nocht an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE maidir le cibé an gcomhlíonann urrúsúchán ceanglais STS. Mar sin féin, níor cheart dóibh brath go meicníoch ar an bhfógra ná ar an bhfaisnéis sin, ná níor cheart dóibh brath orthu sin amháin.

(34)

D’fhéadfadh go mbeadh páirtíocht tríú páirtithe maidir le comhlíonadh urrúsuithe leis na ceanglais STS a sheiceáil cabhrach d’infheisteoirí, tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna agus d’fheádfadh sé cur le muinín i margadh na n-urrúsuithe STS. D’fhéadfadh go n-úsáidfeadh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna freisin seirbhísí tríú páirtí arna údarú i gcomhréir leis an Rialachán seo chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS. Ba cheart do na tríú páirtithe sin a bheith faoi réir a n_údaraithe ag na húdaráis inniúla. Ba cheart go luafaí san fhógra chuig ÚEUM agus san fhoilseachán ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin ÚEUM cibé ar dheimhnigh tríú páirtí údaraithe comhlíonadh STS. Mar sin féin, tá sé riachtanach go ndéanfadh infheisteoirí a measúnú féin, go nglacfaidís freagracht as a gcinntí infheistíochta féin agus nach mbeidís ag brath go meicníoch ar thríú páirtithe den chineál sin. Níor cheart go mbainfeadh páirtíocht tríú páirtí freagracht dhlíthiúil deiridh de na tionscnoirí, na hurraitheoirí agus na hinfheisteoirí institiúideacha in aon chaoi i ndáil le hidirbheart urrúscháin a chur in iúl agus a láimhseáil mar STS.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú agus na cumhachtaí smachtbhannaí, imscrúdaitheacha agus maoirseachta riachtanacha a thabhairt dóibh. Ba cheart, i bprionsabal, smachtbhannaí riaracháin a fhoilsiú. Ós rud é go bhféadfadh infheisteoirí, tionscnóirí, urraitheoirí, iasachtóirí bunaidh agus SSPEnna bheith bunaithe i mBallstáit éagsúla agus bheith faoi mhaoirseacht ag údaráis inniúla in earnálacha éagsúla ba cheart dlúthchomhar idir údaráis inniúla iomchuí, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i ndáil le cúraimí sonracha a bhronntar air faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (12), agus leis na hÚEManna a áirithiú trí mhalartú frithpháirteach faisnéise agus trí chúnamh i dtaca le gníomhaíochtaí maoirseachta. Níor cheart d’údaráis inniúla smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás sáruithe a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí. Níor cheart go mbraithfeadh cur chun feidhme bearta feabhais ar fhianaise intinne nó faillí. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cineál agus le leibhéal na smachtbhannaí, agus acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin a bheidh freagrach, ba cheart do na húdaráis inniúla láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach a chur san áireamh.

(36)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a maoirseacht a chomhordú go dlúth le chéile agus cinntí comhsheasmhacha a áirithiú, go háirithe i gcás sáruithe ar an Rialachán seo. I gcás ina mbaineann sárú den chineál sin le fógra mícheart nó míthreorach, ba cheart dom údarás inniúil a shainaithníonn an sárú sin na hÚEManna agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi sin. I gcás easaontas idir na húdaráis inniúla, ba cheart do ÚEUM agus, más iomchuí, Comhchiste na nÚdarás Eorpach Maoirseachta, a gcumhachtaí eadrána ceangailteacha a fheidhmiú.

(37)

Tá na ceanglais chun an t-ainmniú urrúsú “simplí trédhearcach caighdeánaithe” (STS) a úsáid nua agus sonrófar tuilleadh iad le treoirlínte agus cleachtas maoirseachta ó ÚBE le himeacht ama. D’fhonn rannpháirtithe margaidh a dhíspreagadh ón ainmniú nua sin a úsáid, ba cheart go mbeadh húdaráis inniúla in ann tréimhse chairde de 3 mhí a dheonú don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE chun úsáid earráideach an ainmnithe a d’úsáid siad de mheon macánta a cheartú. Ba cheart a thoimhdiú de mheon macánta i gcás nárbh fhéidir leis an tionscnóir, an urraitheoir nó SSPE a bheith ar an eolas nár chomhlíon urrúsú na critéir STS le bheith ainmnithe mar STS. Le linn na tréimhse cairde, ba cheart go leanfaí leis an urrús atá i gceist a mheas a bheith comhréireach le STS agus nach scriosfaí ón liosta arna tharraingt suas ag an ÚEUM i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(38)

Leis an Rialachán seo cuirtear chun cinn comhchuibhiú roinnt de na príomheilimintí sa mhargadh urrúsúcháin gan dochar do thuilleadh comhchuibhithe comhlántaigh, faoi chinnireacht an mhargaidh, a dhéanamh ar phróisis agus cleachtais i margaí urrúsúcháin. Ar an gcúis sin, tá sé riachtanach go leanfadh na rannpháirtithe margaidh agus a gcomhlachais ghairmiúla ag obair ar chleachtais mhargaidh a chaighdeánú a thuilleadh, ar chaighdeánú doiciméadachta urrúsuithe go háirithe. Ba cheart don Choimisiún faireachán agus tuairisciú grinn a dhéanamh ar na hiarrachtaí caighdeánaithe a dhéanfaidh rannpháirtithe margaidh.

(39)

Leasaítear Treoracha 2009/65/CE (13), 2009/138/CE (14) agus 2011/61/AE (15) ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 (16) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (17) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leasaithe dá réir chun comhsheasmhacht chreat dlíthiúil an Aontais leis an Rialachán seo maidir le forálacha a bhaineann le hurrúsú, arb é a phríomhchuspóir bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe trí chothrom iomaíochta sa mhargadh a áirithiú do gach infheisteoir institiúideach.

(40)

Maidir leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, níor cheart conarthaí díorthach thar an gcuntar, .i. conarthaí díorthach (“OTC”), a rinne SSPEnna, a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Is mar sin atá mar gur creidiúnaithe urraithe faoi na socruithe urrúsúcháin iad na contrapháirtithe i gconarthaí díorthach OTC a rinneadh le SSPEnna agus de ghnáth déantar foráil maidir le cosaint leordhóthanach ar riosca creidmheasa contrapháirtithe. Maidir le díorthaigh nár imréitíodh go lárnach, ba cheart struchtúr sonrach socruithe urrúsúcháin agus an chosaint a chuirtear ar fáil leo siúd cheana féin a chur san áireamh agus an leibhéal comhthaobhachta is gá á shocrú.

(41)

Tá méid áirithe inmhalartaitheachta idir bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe. Dá bhrí sin, d’fhonn cosc a chur ar an bhféidearthacht saobhadh nó arbatráiste a bheith ann idir úsáid urrúsuithe agus bannaí faoi chumhdach mar gheall ar an gcóir éagsúil a chuirtear ar chonarthaí díorthacha OTC a dhéanann eintitis bannaí faoi chumhdach nó SSPEnna, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú chun comhsheasmhacht a bhaint amach maidir leis an gcóir a chuirtear ar dhíorthaigh a bhaineann le bannaí faoi chumhdach agus bannaí a bhaineann le hurrúsuithe, i ndáil leis an oibleagáid imréitigh agus na ceanglais i dtaca le corrlaigh do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach.

(42)

Chun na táillí maoirseachta atá le gearradh ag ÚEUM a chomhchuibhiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cinéalacha na dtáillí, na nithe as a bhfuil na táillí le híoc, méid na dtáillí agus an bealach ina n-íoctar iad a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(43)

D’fhonn an ceanglas coinneála riosca a shonrú, chomh maith leis na critéir aonchineálachta agus na neamhchosaintí atá le meas mar neamhchosaintí aonchineálacha faoi na ceanglais maidir le simplíocht a shoiléiriú tuilleadh, agus é á áirithiú ag an am céanna nach mbeadh tionchar diúltach ar urrúsú iasachtaí do FBManna, ba cheart an chumhacht chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh a thabhairt chuig an gCoimisiún i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE i dtaca leis na módúlachtaí le haghaidh coinneáil riosca, tomhas an leibhéil coinneála, toirmisc áirithe a bhaineann leis an riosca coinnithe, an choinneáil ar bhonn comhdhlúite agus an díolúine i gcás idirbhearta áirithe agus na critéir aonchineálachta agus cé na neamhchosaintí foluiteacha atá le meas mar neamhchosaintí aonchineálacha a shonrú. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile.

(44)

D’fhonn rochtain leanúnach, éasca agus saor in aisce infheisteoirí ar fhaisnéis iontaofa maidir le hurrúsuithe a éascú, chomh maith leis na téarmaí a shonrú maidir le hoibleagáid na n-údarás inniúla comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh maidir le faisnéis inchomparáide i dtaca le neamhchosaintí foluiteacha agus tuarascálacha tráthrialta don infheisteoir, liosta na gcríoch dlisteanach ar fúthu a cheadaítear athurrúsuithe, na nósanna imeachta lena ndéanann stórtha urrúsúcháin fíorú ar iomláine agus comhsheasmhacht na mionsonraí a thuairiscítear dóibh, an t-iarratas ar chlárú, an nós imeachta simplithe maidir le síneadh a chur le clárú, mionsonraí an urrúsiathe nach mór a sholáthar ar chúiseanna trédhearcachta, na caighdeáin oibríochtúla a cheanglaítear do bhailiú, comhiomlánú agus cur i gcomparáid na sonraí thar na stórtha urrúsúcháin, an fhaisnéis a bhfuil rochtain ag eintitis ainmnithe uirthi agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach le fáil, an fhaisnéis atá le soláthar i gcás fógra maidir le hurrúsú, an fhaisnéis atá le soláthar chuig na húdaráis inniúla san iarratas ar údarú fhioraitheora triú páirtí agus an fhaisnéis atá le malartú agus inneachar agus raon feidhme na n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin threicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile.

(45)

D’fhonn an próiseas a éascú d’infheisteoirí, tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh i ndáil leis na nithe seo a leanas: na teimpléid atá le húsáid chun faisneis a sholáthar do shealbhóirí suímh uurúsúchain, formáid an iarratais ar stórtha urrúsúcháin a chlárú agus an iarratais ar shíneadh a chur le clárú stór urrúsúcháin, na teimpléid atá le húsáid chun faisnéis a thabhairt don stór urrúsúcháin, agus na réitigh a d’aimsigh bailitheoirí sonraí urrúsúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh agus teimpléad na bhfógraí STS lena gcuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil d’infheisteoirí agus údaráis inniúla chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas STS. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin threicniúla cur chun feidhme sin sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile. Ba cheart do ÚEUM dul i ndlúthchomhairle leis an dá ÚEM eile.

(46)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon creat ginearálta maidir le hurrúsú a leagan síos agus creat sonrach maidir le hurrúsú STS a chruthú i bhfianaise an chaoi a oibríonn margaí urrúsúcháin go domhanda agus an chaoi gur cheart cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú do gach infheisteoir institiúideach agus do gach eintiteas a bhfuil baint aige le hurrúsú, ach gur féidir, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(47)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hurrúsuithe a n-eiseofar na hurrúis a bhaineann leo an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin.

(48)

Le haghaidh suíomhanna urrúsúcháin atá gan íoc an 1 Eanáir 2019, ba cheart go mbeadh tionscnóiri, urraitheoirí agus SSPEnna in ann an t_ainmniú “STC” a úsáid ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an t-urrúsú ceanglais STC do cheanglais áirithe tráth an fhógra a thabhairt agus do cheanglais eile tráth an tionscanta. Mar sin, ba cheart tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna a bheith in ann fógra STS a chur faoi bhráid ÚEUM de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart glacadh le haon mhodhnú ina dhiaidh sin ar choinníoll go leanann an t-urrúsú de cheanglais infheidhme uile STS a chomhlíonadh.

(49)

Na ceanglais maidir le dícheall cuí a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais mar atá cheana féin roimh dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go leanfadh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le hurrúsuithe a eisíodh ar an 1 Eanáir 2011, nó ina dhiaidh sin, agus maidir le hurrúsuithe a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2011, i gcás inar cuireadh neamhchosaintí foluiteacha nua leo nó ina n-ionad tar éis an 31 Nollaig 2014. Ba cheart na forálacha ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 ón gCoimisiún (19) lena sonraítear na ceanglais coinneála riosca d’institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) leanúint de bheith infheidhme go dtí an tráth a mbeidh feidhm leis na caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinneáil riosca de bhun an Rialacháin seo. Ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht dhlíthiúil, maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, gnóthais ath-árachais agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, ba cheart dóibh, i ndáil le suíomhanna urrúsúcháin atá gan íoc ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanúint de bheith faoi réir Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Chaibidil I, II agus III agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014, Airteagal 254 agus Airteagal 255 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/35 agus Airteagal 51 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 (21) faoi seach.

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna a n-oibleagáidí trédhearcachta, go dtí go mbeidh feidhm leis na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I go dtí Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2015/3/AE ón gCoimisiún (22) a chur ar fáil go poiblí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú. Sainmhínítear leis urrúsú agus bunaítear leis ceanglais díchill chuí, ceanglais coinneála riosca agus ceanglais trédhearcachta do pháirtithe a ghlacann páirt in urrúsuithe, critéir le haghaidh creidmheas a dheonú, ceanglais maidir le hurrúsuithe a dhíol le cliaint miondíola, toirmeasc ar athurrúsú, ceanglas le haghaidh SSPEnna mar aon le coinníollacha agus nósanna imeachta do stórtha urrúsúcháin. Chomh maith leis sin, cruthaítear leis creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe (“STS”).

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hinfheisteoirí institiúideacha agus maidir le tionscnóirí, urraitheoirí, iasachtóirí bunaidh agus eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “urrúsú” idirbheart nó scéim ina ndéantar tráinsiú ar an riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó comhthiomsú neamhchosaintí, lena mbaineann na tréithe seo a leanas ar fad:

(a)

braitheann na híocaíochtaí san idirbheart nó sa scéim ar fheidhmíocht na neamhchosanta nó an chomhthiomsaithe neamhchosaintí;

(b)

is de réir fo-ordú na dtráinsí a shocraítear dáileadh na gcaillteanas ar feadh shaolré leanúnach an idirbhirt nó na scéime;

(c)

ní chruthaíonn an t-idirbheart nó an scéim neamhchosaintí a bhfuil na saintréithe uile acu a liostaítear in Airteagal 147(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(2)

ciallaíonn “eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin” nó “SSPE” corparáid, iontaobhas nó eintiteas eile, seachas tionscnóir nó urraitheoir, arna bhunú chun urrúsú amháin nó níos mó a dhéanamh, a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do na gníomhaíochtaí sin is iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bhfuil a struchtúr ceaptha chun oibleagáidí an SSPE a scaradh ó oibleagáidí an tionscnóra;

(3)

ciallaíonn “tionscnóir” eintiteas a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a)

bhí sé páirteach é féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí, nó an fhéichiúnaí ionchais, as ar tháinig na neamhchosaintí atá á n-urrúsú; nó

(b)

eintiteas a cheannaíonn neamhchosaintí tríú páirtí ar a chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin;

(4)

ciallaíonn “ath-urrúsú” urrúsú ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na neamhchosaintí foluiteacha ina suíomh urrúsúcháin;

(5)

ciallaíonn “urraitheoir” institiúid chreidmheasa, is cuma an bhfuil sé lonnaithe san Aontas nó nach bhfuil, mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE seachas tionscnóir:

(a)

a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó urrúsúchán eile a cheannaíonn neamhchosaintí ó eintitis tríú páirtí, nó

(b)

a bhunaíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó urrúsú eile lena gceannaítear neamhchosaintí ó eintitis tríú páirtí agus lena ndéantar bainistiú gníomhach ar phunann ó lá go lá a tharmligean chuig eintiteas atá údaraithe le gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE nó Treoir 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn “tráinse” deighleog, arna bunú de réir conartha, den riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaint nó comhthiomsú neamhchosaintí, i gcás ina mbaineann riosca caillteanais chreidmheasa le suíomh sa deighleog atá níos mó nó níos lú ná an riosca a bhaineann le suíomh den mhéid céanna i ndeighleog eile, gan aird a thabhairt ar chosaint chreidmheasa arna cur ar fáil go díreach ag tríú páirtithe do shealbhóirí suíomh sa deighleog sin nó i ndeighleoga eile;

(7)

ciallaíonn “clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “clár ABCP” clár urrúsúcháin ar i bhfoirm páipéir tráchtála shócmhainn-bhunaithe ag a bhfuil aibíocht tosaigh aon bhliana nó níos lú atá na hurrúis arna n-eisiúint aige den chuid is mó;

(8)

ciallaíonn “idirbheart páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe” nó “idirbheart ABCP” urrúsú faoi chlár ABCP;

(9)

ciallaíonn “urrúsú traidisiúnta” urrúsú a bhaineann le haistriú an leasa eacnamaíoch sna neamhchosaintí atá á n-urrúsú trí úinéireacht na neamhchosaintí sin a aistriú ón tionscnóir go SSPE nó trí fho-rannpháirtíocht SSPE i gcás nach ionann na hurrúis a eisíodh agus oibleagáidí íocaíochta an tionscnóra;

(10)

ciallaíonn “urrúsú sintéiseach” urrúsú i gcás ina mbaintear aistriú riosca amach trí dhíorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí a úsáid, agus ina bhfágtar na neamhchosaintí atá á n-urrúsú mar neamhchosaintí ag an tionscnóir;

(11)

ciallaíonn “infheisteoir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil suíomh urrúsúcháin ina sheilbh aige;

(12)

ciallaíonn ’“infheisteoir institiúideach” infheisteoir ar ceann díobh seo a leanas é:

(a)

gnóthas árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(b)

gnóthas athárachais mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(c)

institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) i gcomhréir le hAirteagal 2 di, ach amháin sa chás gur roghnaigh Ballstát gan iomlán na Treorach sin, nó codanna de, a chur i bhfeidhm ar an institiúid sin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin; nó bainisteoir infheistíochta nó eintiteas údaraithe arna cheapadh ag institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde de bhun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2016/2341;

(d)

ciallaíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE a bhainistíonn agus/nó a mhargaíonn cistí infheistíochta malartacha san Aontas;

(e)

gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE;

(f)

UCITS a bhainistítear go hinmheánach, ar cuideachta infheistíochta é a údaráitear i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus nár ainmnigh cuideachta bainistithe arna húdarú faoin Treoir sin le haghaidh a bhainistithe;

(g)

institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun críocha an Rialacháin sin nó gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin;

(13)

ciallaíonn “seirbhíseoir” eintiteas a bhainistíonn comhthiomsú d’earraí infhaighte ceannaithe nó na neamhchosaintí creidmheasa foluiteacha ar bhonn laethúil;

(14)

ciallaíonn “saoráid leachtachta” an suíomh urrúsúcháin a thagann as comhaontú conarthach le haghaidh cistiú a chur ar fáil chun tráthúlacht sreafaí airgid chuig infheisteoirí a áirithiú;

(15)

ciallaíonn “neamhchosaint imrothlach” neamhchosaint lena gceadaítear iarmhéideanna “iasachtaithe” atá gan íoc a luainiú, bunaithe ar a gcuid cinntí iasacht a fháil agus a aisíoc, suas go dtí teorainn chomhaontaithe;

(16)

ciallaíonn “urrúsú imrothlach” urrúsú i gcás ina n-imrothlaíonn an struchtúr urrúsúcháin féin trí neamhchosaintí a bheith á gcur leis an gcomhthiomsú neamhchosaintí nó a bheith á mbaint as is cuma cé acu an imrothlaíonn nó nach n-imrothlaíonn na neamhchosaintí;

(17)

ciallaíonn “soláthar um luath-amúchadh” clásal conarthach laistigh d’urrúsú de neamhchosaintí imrothlacha nó d’urrúsú imrothlach lena gceanglaítear, i gcás ina dtarlaíonn teagmhais shainithe, go ndéanfar suíomhanna urrúsúcháin infheisteoirí a fhuascailt roimh aibíocht tosaigh luaite na suíomhanna sin;

(18)

ciallaíonn “tráinse céadchaillteanais” an tráinse is fo-ordaithe atá ann in urrúsú arb é an chéad tráinse é a thabhóidh caillteanas ar na neamhchosaintí urrúsaithe agus trína soláthraítear cosaint don dara caillteanas, agus nuair is iomchuí, do thráinsí ar chéim níos airde;

(19)

ciallaíonn “suíomh urrúsúcháin” neamhchosaint ar urrúsú;

(20)

ciallaíonn “iasachtóir bunaidh” eintiteas a thug é féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, an comhaontú bunaidh i gcrích lenar cruthaíodh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí, nó an fhéichiúnaí ionchais, as ar tháinig na neamhchosaintí atá á n-urrúsú;

(21)

ciallaíonn “clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht” clár ABCP a dtacaíonn a urraitheoir leis go díreach agus go hiomlán trí shaoráid leachtachta a chur ar fáil do SSPE(nna) lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar fad ar a laghad:

(a)

rioscaí leachtachta agus creidmheasa uile an chláir ABCP;

(b)

aon rioscaí caolúcháin ar na neamhchosaintí urrúsaithe;

(c)

aon chostais eile ar leibhéal an idirbhirt ABCP agus aon chostais eile ar leibhéal an chláir ABCP má tá siad riachtanach chun láníocaíocht aon mhéid faoin ABCP a ráthú don infheisteoir;

(22)

ciallaíonn “idirbheart ABCP dá dtugtar lántacaíocht” idirbheart ABCP, ar leibhéal idirbhirt nó ar leibhéal cláir ABCP, dá dtugtar tacaíocht le saoráid leachtachta, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas ar fad ar a laghad:

(a)

gach riosca leachtachta agus creidmheasa an idirbhirt ABCP;

(b)

aon rioscaí caolúcháin ar na neamhchosaintí urrúsaithe san idirbheart ABCP;

(c)

aon chostais eile ar leibhéal an idirbhirt ABCP agus aon chostais eile ar leibhéal an chláir ABCP atá riachtanach chun láníocaíocht aon mhéid faoin ABCP a ráthú don infheisteoir;

(23)

ciallaíonn “stór urrúsúcháin” duine dlítheanach a dhéanann taifid ar urrúsuithe a bhailiú agus a chothabháil go lárnach.

Chun críche Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfar tagairtí in Airteagail 61, 64, 65, 66, 73, 78, 79 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 do “stór trádála” a fhorléiriú mar thagairtí do “stór urrúsúcháin”.

Airteagal 3

Urrúsuithe a dhíol le cliaint mhiondíola

1.   Ní dhéanfaidh díoltóir suíomhanna urrúsúcháin suíomh den sórt sin a dhíol le cliant miondíola, mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinne díoltóir an tsuímh urrúsúcháin tástáil oiriúnachta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 2014/65/AE;

(b)

tá díoltóir an tsuímh urrúsúcháin sásta, ar bhonn na tástála dá dtagraítear i bpointe (a), go bhfuil an suíomh urrúsúcháin oiriúnach don chliant miondíola sin;

(c)

déanann díoltóir an tsuímh urrúsúcháin toradh na tástála oiriúnachta in a chur in iúl láithreach don chliant miondíola i dtuarascáil.

2.   I gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh agus nach mó ná EUR 500 000 punann ionstraime airgeadais an infheisteora miondíola sin, áiritheoidh an díoltóir, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh an cliant miondíola i gcomhréir le mír 3, nach ndéanfaidh an cliant miondíola méid comhiomlán níos mó ná 10 % de phunann ionstraime airgeadais an chliaint sin a infheistiú i suíomhanna urrúsúcháin, agus gurb ionann an t-íosmhéid tosaigh a dhéantar a infheistiú i suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó agus EUR 10 000.

3.   Soláthróidh an cliant miondíola faisnéis chruinn don díoltóir maidir le punann ionstraime airgeadais an chliaint, lena n-áirítear aon infheistíocht i suíomhanna urrúsúcháin.

4.   Chun críocha mhír 2 agus mhír 3, áireofar i bpunann ionstraime airgeadais an chliaint miondíola taiscí in airgead tirim agus ionstraimí airgeadais, ach eiseofar aon ionstraim airgeadais a tugadh mar chomhthaobhacht.

Airteagal 4

Ceanglais ar SSPEnna

Ní bhunófar SSPEnna i dtríú tír a bhfuil féidhm ag aon cheann díobh seo a leanas ina leith:

(a)

liostaíonn an FATF an tríú tír mar dhlínse ardriosca neamh-chomhoibríoch;

(b)

Níor shínigh an tríú tír comhaontú le Ballstát le háirithiú go gcomhlíonann an tríú tír sin na caighdeáin dá bhforáiltear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le hIoncam agus le Caipiteal nó i Samhail-chomhaontú ECFE um Malartú Faisnéise maidir le Cúrsaí Cánach, agus go n-áirithíonn sí malartú éifeachtach faisnéise maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha.

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA ATÁ INFHEIDHME MAIDIR LE GACH URRÚSÚ

Airteagal 5

Ceanglais an díchill chuí i gcomhair infheisteoirí institiúideacha

1.   Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

i gcás nach institiúid chreidmheasa ná gnólacht infheistíochta é an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh atá bunaithe san Aontas, faoi mar a shainmhínítear institiúid chreidmheasa agus gnólacht infheistíochta i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir sin agus na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán seo;

(b)

i gcás ina bhfuil an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go ndeonaíonn an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na creidmheasanna ar fad as a n-eascraíonn na neamhchosaintí forluiteacha ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar creidmheas a dheonú ar bhonn measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an fhéichiúnaí;

(c)

i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe san Aontas, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuirtear an choinneáil riosca in iúl don infheisteoir institiúideach i gcomhréir le hAirteagal 7;

(d)

i gcás ina bhfuil an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh bunaithe i dtríú tír, go gcoinníonn sé ar bhonn leanúnach glanleas eacnamaíoch ábhartha nach mbeidh, i gcás ar bith, níos lú ná 5 % arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus go gcuireann sé an choinneáil riosca in iúl d’infheisteoirí institiúideacha;

(e)

go mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7 curtha ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir nó ag an SSPE, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis an minicíocht agus leis na módúlachtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i ndáil le hidirbhearta ABCP dá dtugtar lántacaíocht, beidh feidhm ag an gceanglas a shonraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir leis an urraitheoir. Is é an t-urraitheoir a fhíoróidh go ndéanann an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh nach institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é na creidmheasanna uile a dheonú ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus ar bhonn próisis shoiléire maidir le formheas, leasú, athnuachan agus maoiniú na gcreidmheasanna sin agus go bhfuil córais éifeachtacha ann chun na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

3.   Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, dícheall cuí ionas go mbeidh sé in ann na rioscaí a bhaineann leis an suíomh a mheasúnú. Sa mheasúnú sin measfar ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

saintréithe riosca an tsuímh urrúsúcháin aonair agus na neamhchosaintí foluiteacha;

(b)

gnéithe struchtúracha uile an urrúsaithe a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin, lena n-áirítear na tosaíochtaí conarthacha íocaíochta agus an tosaíocht maidir le truicir atá bainteach le híocaíocht, feabhsuithe creidmheasa, feabhsuithe leachtachta, truicir maidir leis an margadhluach, agus sainmhínithe ar mhainneachtain a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta;

(c)

maidir le hurrúsú ar fógraíodh go raibh sé STS i gcomhréir le hAirteagal 27, go gcomhlíonann an t-urrúsú sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 19 go dtí Airteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26, agus in Airteagal 27. Féadfaidh infheisteoirí institiúideacha iontaoibh iomchuí a chur san fhógra STS de bhun Airteagal 14(1) agus san fhaisnéis arna nochtadh ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag an SSPE maidir le comhlíonadh na gceanglas STS, gan bheith ag brath go meicníoch ar an bhfógra sin nó ar an bhfaisnéis sin, agus gan bheith ag brath orthu sin amháin.

D’ainneoin phointe (a) agus do phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, breathnóidh infheisteoirí institiúideacha sna páipéir tráchtála a d’eisigh an clár ABCP sin ar ghnéithe an chláir ABCP agus ar an tacaíocht leachtachta iomlán.

4.   Déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, a bhfuil suíomh urrúsúcháin aige, an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

bunóidh siad nósanna imeachta cuí agus comhréireacha i scríbhinn, atá coibhéiseach i ndáil le próifíl riosca an tsuímh urrúsúcháin, agus, i gcás inarb ábhartha, le leabhar trádála agus le leabhar neamhthrádála an infheisteora institiúidigh, d’fhonn faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar chomhlíonadh mhír 1 agus mhír 3 agus ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin agus ar na neamhchosaintí foluiteacha.

Nuair is ábhartha i ndáil leis na hurrúsúcháin agus na neamhchosaintí foluiteacha, áireofar leis na nósanna imeachta i scríbhinn sin faireachán ar an gcineál neamhchosanta, an céatadán de na hiasachtaí atá níos mó ná 30, 60 agus 90 lá thar téarma, rátaí mainneachtana, rátaí réamhíocaíochta, iasachtaí atá á bhforiamh, rátaí téarnaimh, athcheannach, modhnuithe ar iasachtaí, sosanna íocaíochta, cineál comhthaobhachta agus áitíocht na comhthaobhachta, agus dáileadh minicíochta na scór creidmheasa nó modhanna eile chun acmhainneacht creidmheasa a thomhas thar neamhchosaintí foluiteacha, éagsúlú tionscail agus tíreolaíoch, dáileadh minicíochta na gcóimheasa iasachta i gcoinne luacha le bandaleithid a éascaíonn anailís íogaireachta leormhaith. I gcás inar urrúsuithe iontu féin iad na neamhchosaintí foluiteacha, mar a cheadaítear faoi Airteagal 8, déanfaidh infheisteoirí institiúideacha faireachán freisin ar na neamhchosaintí a fholuíonn na suíomhanna sin;

(b)

i gcás urrúsaithe seachas clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar na sreafaí airgid agus ar na luachanna comhthaobhachta a thacaíonn leis na neamhchosaintí foluiteacha, nó, in éagmais sonraí leordhóthanacha maidir le sreafai airgid agus luachanna comhthaobhachta, tástálacha struis ar thoimhdí caillteanais, agus cineál, scála agus castacht riosca an tsuímh urrúsúcháin á gcur san áireamh;

(c)

i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, déanfaidh siad tástálacha struis go rialta ar shócmhainneacht agus leachtacht an urraitheora;

(d)

áiritheoidh siad go ndéantar tuairisciú inmheánach dá chomhlacht bainistithe sa dóigh is go bhfuil an comhlacht bainistithe ar an eolas faoi na rioscaí ábhartha a eascraíonn as an suíomh urrúsúcháin agus sa dóigh is go ndéantar bainistiú leordhóthanach ar na rioscaí sin;

(e)

arna iarraidh sin, beidh siad in ann a léiriú dá údaráis inniúl,arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint chuimsitheach chruinn aige ar an suíomh urrúsúcháin agus ar neamhchosaintí foluiteacha an tsuímh sin agus go bhfuil beartais agus nósanna imeachta i scríbhinn curtha chun feidhme aige maidir le bainistiú riosca an tsuímh urrúsúcháin agus maidir le taifid a choinneáil i ndáil leis na fíorúcháin agus leis an dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 agus maidir le haon fhaisnéis ábhartha eile; agus

(f)

i gcás neamhchosaintí ar chlár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, a bheith in ann a thaispeáint dá údaráis inniúla, arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint bheacht chuimsitheach aige ar cháilíocht chreidmheasa an urraitheora agus ar théarmaí na saoráide leachtachta a chuirtear ar fáil.

5.   Gan dochar do mhír 1 go dtí mír 4 den Airteagal seo, i gcás neamhchosaintí ar idirbhearta ABCP dá dtugtar lántacaíocht, a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil, arna iarraidh sin, go bhfuil tuiscint bheacht chuimsitheach acu ar cháilíocht chreidmheasa an urraitheora agus ar théarmaí na saoráide leachtachta a chuirtear ar fáil, i gcás gach ceann dá suíomhanna urrúsúcháin ABCP. I gcás ina n-ordaítear don infheisteoir institiúideach faoin mhír seo oibleagáidí infheisteoir institiúideach eile a chomhlíonadh agus go mainneoidh sé déanamh amhlaidh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar smachtbhanna ar bith faoi Airteagal 32 agus Airteagal 33, go bhféadfar é a fhorchur ar an bpáirtí is bainisteoir agus ní ar an infheisteoir institiúideach atá neamhchosanta ar an urrúsú.

Airteagal 6

Rioscaí a choinneáil

1.   Déanfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh glanleas eacnamaíoch ábhartha san urrúsú nach lú ná 5 % a choinneáil ar bhonn leanúnach.Déanfar an leas sin a thomhas tráth an tionscanta agus cinnfear é de réir luach barúlach na n-ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe. I gcás nár chomhaontaigh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh eatarthu cé acu a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha, is é an tionscnóir a choinneoidh an glanleas eacnamaíoch ábhartha sin. Ní dhéanfar na ceanglais choinneála a bhaineann le haon urrúsú faoi leith a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin. Ní dhéanfar an glanleas eacnamaíoch ábhartha a roinnt idir cineálacha éagsúla coinneálaithe ná ní bheidh sé faoi réir aon mhaolaithe riosca creidmheasa ná fálaithe.

Chun críocha an Airteagail seo, ní mheasfar gur tionscnóir eintiteas má bunaíodh an t-eintiteas nó má tá sé ag feidhmiú chun neamhchosaintí a urrúsú agus chun na críche sin amháin.

2.   Ní roghnóidh tionscnóirí sócmhainní le haistriú chuig an SSPE leis an aidhm go gcuirtear caillteanais ar na sócmhainní atá á n-aistriú chuig an SSPE, a dhéantar a thomhas thar shaolré an idirbhirt, nó thar uastréimhse 4 bliana i gcás idirbhirt le saolré níos faide ná 4 bliana, atá níos airde ná na caillteanais thar an tréimhse chéanna ar shócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil fianaise a thugann le tuiscint gur tharla sárú ar an toirmeasc sin, déanfaidh an t-údarás inniúil feidhmíocht na sócmhainní a aistríodh chuig an SSPE agus sócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra a fhiosrú. Más rud e go bhfuil feidhmíocht na sócmhainní a aistríodh i bhfad níos ísle ná na sócmhainní inchomparáide ar chlár comhardaithe an tionscnóra mar thoradh ar rún an tionscnóra, déanfaidh an t-údarás inniúil smachtbhanna a fhorchur de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.

3.   An méid seo a leanas amháin a bheidh cáilithe mar choinneáil nach lú ná 5 % de ghlanleas eacnamaíoch ábhartha de réir bhrí mhír 1:

(a)

coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí;

(b)

i gcás urrúsuithe imrothlacha nó urrúsuithe neamhchosaintí imrothlacha, coinneáil leas an tionscnóra nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe;

(c)

coinneáil neamhchosaintí arna roghnú go randamach, atá coibhéiseach le méid nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe, sa chás ina mbeadh neamhchosaintí neamhurrúsaithe den sórt sin urrúsaithe laistigh den urrúsú in imthosca eile, ar an gcoinníoll nach lú ná 100 líon na neamhchosaintí a d’fhéadfadh a bheith urrúsaithe tráth an tionscanta;

(d)

coinneáil an tráinse céadchaillteanais agus, más gá, i gcás nach 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe í an choinneáil sin, coinneáil tráinsí eile a bhfuil an phróifíl riosca chéanna nó próifíl riosca níos déine acu ná iad sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo agus nach dtiocfaidh in aibíocht níos luaithe ná na cinn sin a aistrítear chuig infheisteoirí nó a dhíoltar leo, ionas nach lú an choinneáil ina hiomlán ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe; nó nó

(e)

coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais nach lú ná 5 % de gach neamhchosaint urrúsaithe san urrúsú.

4.   I gcás ina ndéanann cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas de réir Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), máthairinstitiúid nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais atá bunaithe san Aontas, nó ceann dá cuid fochuideachtaí de réir bhrí Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 575/2013, go ndéanann sí, mar thionscnóir nó mar urraitheoir, urrúsú ar neamhchosaintí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí creidmheasa, de ghnólachtaí infheistíochta nó d’institiúidí airgeadais eile a áirítear faoi raon feidhme na maoirseachta a dhéantar ar bhonn comhdhlúite, féadfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais, nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha lena mbaineann agus atá bunaithe san Aontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i gcás ina gcloíonn na hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais a chruthaigh na neamhchosaintí urrúsaithe leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 79 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus i gcás inagcuireann siad an fhaisnéis is gá chun na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Rialachán seo a chomhlíonadh ar fáil in am trátha don tionscnóir nó don urraitheoir agus do mháthairinstitiúid chreidmheasa an Aontais, don chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó do chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe san Aontas.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar neamhchosaintí maidir leo seo a leanas iad na neamhchosaintí urrúsaithe i gceist nó inar neamhchosaintí iad atá ráthaithe go hiomlán, go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe:

(a)

ag rialtais láir nó bainc cheannais;

(b)

ag rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis de chuid na hearnála poiblí, sna Ballstáit, de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

ag institiúidí dá sanntar ualú riosca 50 % nó níos lú faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

ag bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó institiúidí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26); nó

(e)

ag na bainc forbartha iltaobhacha atá liostaithe in Airteagal 117 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hidirbhearta atá bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana, i gcás ina bhfuil na heintitis tagartha fholuiteacha comhionann leo sin atá ar áireamh in innéacs eintiteas a dhéantar a thrádáil go forleathan, nó i gcás inar urrúis intrádála eile iad seachas suíomhanna urrúsúcháin.

7.   Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar leis an ÚEUM agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

na módúlachtaí a bhaineann le riosca a choinneáil de bhun mhír 3, lena n-áirítear comhlíontacht trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála;

(b)

leibhéal na coinneála dá dtagraítear i mír 1 a thomhas;

(c)

fálú nó díol an leasa atá á choinneáil a thoirmeasc;

(d)

na coinníollacha a bhaineann le coinneáil ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 4;

(e)

na coinníollacha a bhaineann le hidirbhearta a dhíolmhú bunaithe ar innéacs soiléir, trédhearcach, inrochtana dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 7

Ceanglais trédhearcachta do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus do SSPEnna

1.   I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do shealbhóirí suímh urrúsúcháin, do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 den Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha:

(a)

faisnéis maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha ar bhonn ráithiúil, nó, i gcás ABCP, faisnéis maidir leis na hearraí infhaighte foluiteacha nó na héilimh chreidmheasa fholuiteacha ar bhonn míosúil;

(b)

an doiciméadacht fholuiteach eile ar fad atá riachtanach chun an t-idirbheart a thuiscint, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(i)

an doiciméad tairisceana deiridh nó an réamheolaire tairisceana deiridh mar aon le doiciméid a bhaineann le dúnadh an idirbhirt, cé is moite de thuairimí dlíthiúla;

(ii)

i gcás urrúsú traidisiúnta, an comhaontú maidir le sócmhainní a dhíol, an comhaontú maidir le sannadh, nuachan nó aistriú agus aon ráiteas muiníne ábhartha;

(iii)

na comhaontuithe maidir le díorthaigh agus na comhaontuithe maidir le ráthaíochtaí, mar aon le haon doiciméid ábhartha maidir le socruithe i dtaobh soláthair urrúis chomhthaobhaigh i gcás inar neamhchosaintí de chuid an tionscnóra i gcónaí iad na neamhchosaintí atá a n-urrúsú;

(iv)

na comhaontuithe maidir le seirbhísiú, seirbhísiú cúltaca, riarachán agus bainistiú airgid;

(v)

an gníomhas iontaobhais, an gníomhas gealltáin, an comhaontú gníomhaireachta, an comhaontú bainc maidir leis an gcuntas, an conradh maidir le hinfheistíocht ráthaithe, na téarmaí ionchorpraithe, máistirchreat iontaobhais nó máistir-chomhaontú maidir le sainmhínithe, nó doiciméadacht dhlíthiúil eile a bhfuil stádas coibhéiseach dlí aici; agus

(vi)

aon chomhaontuithe ábhartha idir creidiúnaithe, doiciméadacht faoi dhíorthaigh, comhaontuithe maidir le hiasachtaí fo-ordaithe, comhaontuithe maidir le hiasachtaí do ghnólachtaí nuathionscanta agus comhaontuithe maidir le saoráidí leachtachta;

Áireofar cur síos mionsonraithe ar ord tosaíochta íocaíochtaí an urrúsaithe ar an doiciméadacht fholuiteach sin;

(c)

i gcás nár dréachtaíodh réamheolaire i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), achoimre ar na hidirbhearta nó forléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe, lena n-áirítear, nuair is infheidhme:

(i)

mionsonraithe maidir le struchtúr an idirbhirt, lena n-áirítear na léaráidí struchtúir lena dtugtar forléargas ar an idirbheart, ar na sreafaí airgid agus ar an struchtúr úinéireachta;

(ii)

mionsonraithe maidir le saintréithe na neamhchosanta, na sreafaí airgid, an chascáid chaillteanais, feabhsú creidmheasa agus gnéithe den tacaíocht leachtachta;

(iii)

mionsonraithe maidir le cearta vótála shealbhóirí suíomhanna urrúsúcháin agus an caidreamh atá acu le creidiúnaithe urraithe eile; agus

(iv)

liosta de na truicir agus na teagmhais ar fad dá dtagraítear sna doiciméid a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b), ar truicir agus teagmhais iad a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin;

(d)

i gcás urrúsuithe STS, an fógra STS dá dtagraítear in Airteagal 27;

(e)

tuarascálacha ráithiúla don infheisteoir, nó, i gcás ABCP, tuarascálacha míosúla don infheisteoir, ina sonraítear an méid seo a leanas:

(i)

na sonraí ábhartha go léir maidir le cáilíocht an chreidmheasa agus feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha;

(ii)

faisnéis faoi theagmhais a thruicearaíonn athruithe ar ord tosaíochta na n-íocaíochtaí nó athsholáthar contrapháirtithe uaidh; agus, i gcás urrúsú nach idirbheart ABCP é, sonraí maidir leis na sreafaí airgid arna nginiúint trí na neamhchosaintí foluiteacha agus trí dhliteanais an urrúsaithe;

(iii)

faisnéis faoin riosca arna choinneáil, lena n-áirítear faisnéis a léiríonn na modúlachtaí a cuireadh i bhfeidhm as measc na modúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(3), i gcomhréir le hAirteagal 6.

(f)

aon fhaisnéis ón taobh istigh a bhaineann leis an urrúsú a bhfuil oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir nó ar SSPE í a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh;

(g)

i gcás nach bhfuil feidhm ag pointe (f), aon teagmhas suntasach amhail:

(i)

sárú ábhartha ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear sna doiciméid a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear aon leigheas, tarscaoileadh nó toiliú arna ndéanamh ina dhiaidh sin i ndáil le sárú den sórt sin;

(ii)

athrú ar na gnéithe structúracha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;

(iii)

athrú ar shaintréithe riosca an urrúsaithe nó ar shaintréithe riosca na neamhchosaintí foluiteacha a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an urrúsaithe;

(iv)

i gcás urrúsuithe STS, mura gcomhlíonann an t-urrúsú na ceanglais STS a thuilleadh nó má dhéanann na húdaráis inniúla bearta feabhais nó bearta riaracháin;

(v)

aon leasú ábhartha ar dhoiciméid idirbhirt.

Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír ar fáil roimh an bpraghsáil.

Cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír ar fáil i gcomhthráth gach ráithe, mí ar a dhéanaí tar éis an dáta dlite i gcomhair íocaíocht úis nó, i gcás idirbhearta ABCP, ar a dhéanaí mí tar éis dheireadh na tréimhse a chlúdaítear leis an tuarascáil.

I gcás ABCP, déanfar an fhaisnéis a luaitear i bpointe (a), i bpointe (c)(ii) agus i bpointe (e)(i) den chéad fhomhír a chur ar fáil i bhfoirm chomhiomlán do shealbhóirí suímh urrúsúcháin agus, arna iarraidh sin, d’infheisteoirí ionchasacha. Déanfar sonraí ar leibhéal an iasachta a chur ar fáil don urraitheoir agus, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla.

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirfear an fhaisnéis a luaitear i bpointe (f) agus i bpointe (g) den chéad fhomhír ar fáil gan mhoill.

Agus iad ag cloí leis an mír seo, comhlíonfaidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais lena rialaítear an chosaint a thugtar maidir le rúndacht na faisnéise agus maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ionas nach sárófar aon dlí den sórt sin agus maidir le haon oibleagáid rúndachta a bhaineann leis an gcustaiméir, leis an iasachtóir bunaidh nó le faisnéis don fhéichiúnaí, mura bhfuil faisnéis rúnda den chineál sin gan ainm nó comhiomlánaithe.

Go háirithe, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus an SSPE achoimre ar na doiciméid lena mbaineann a chur ar fáil.

Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 in ann a iarraidh go gcuirfear faisnéis rúnda den chineál sin ar fáil dóibh chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Ainmneoidh tionscnóir, urraitheoir agus SSPE aon urrúsaithe, as a measc féin, eintiteas amháin chun na ceanglais maidir le faisnéis a chomhlíonadh de bhun phointe (a),(b), (d), (e), (f), (g) den chéad fhomhír de mhír 1.

Cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh i gcomhréir leis an gcéad hfomhír faisnéis le haghaidh idirbheart urrúsúcháin ar fáil trí bhíthin stór urrúsúcháin.

Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa dara fomhír ná sa cheathrú fomhír maidir le hurrúsuithe i gcás nach bhfuil gá le réamheolaire a dhréachtú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE.

I gcás nach gcláraítear stór urrúsúcháin i gcomhréir le Airteagal 10, cuirfidh an t-eintiteas a ainmníodh chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh an fhaisnéis ar fáil ar shuíomh gréasáinarb amhlaidh;

(a)

go n-áireofar ann córas dea-fheidhmiúil um rialú cáilíochta na sonraí;

(b)

go mbeidh sé faoi réir na gcaighdeán iomchuí rialachais agus go mbeidh struchtúr eagraíochtúil cuí i bhfeidhm agus á chothabháil chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an tsuímh gréasáin a áirithiú;

(c)

go mbeidh sé faoi réir córais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí lena sainaithneofar gach foinse ábhartha riosca oibriúcháin;

(d)

go n-áireofar ann córais chun cosaint agus sláine na faisnéise a fhaightear a áirithiú agus chun taifeadadh pras na faisnéise sin a áirithiú; agus

(e)

go bhfágfaidh sé go mbeidh sé indéanta an fhaisnéis a choinneáil ann ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dháta aibíochta an urrúsaithe.

Sonrófar sa doiciméadacht maidir leis an urrúsú cén t-eintiteas atá freagrach as an bhfaisnéis a thuairisciú agus an stór urrúsúcháin ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil.

3.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a shonrú a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE ar fáil d’fhonn a n-oibleagáidí faoi phointe (a) agus faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh, agus formáid na faisnéise sin trí theimpléid chaighdeánaithe, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: úsáideacht na faisnéise do shealbhóir an tsuímh urrúsúcháin, cé acu an de chineál gearrthéarmach é an suíomh urrúsúcháin nó nach ea, agus, i gcás idirbheart ABCP, cé acu an bhfuil urraitheoir ag tacú leis ina iomláine nó nach bhfuil;

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú don fhaisneis a bheidh le sonrú i gcomhréir le mír 3, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme lean sonraítear an fhormáid dóibh trí bhíthin teimpleid chaighdeánaithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Toirmeasc ar ath-urrúsú

1.   Ní cheadaítear suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú.

De mhaolú, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon urrúsú ar eisíodh a chuid urrús roimh an 1 Eanáir 2019; agus

(b)

aon urrúsú, a bheidh le húsáid chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 ar eisíodh a chuid urrús roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh 1 Eanáir 2019.

2.   Is féidir le húdarás inniúil a ainmníodh de bhun Airteagal 29(2), (3) nó (4), de réir mar is infheidhme, cead a thabhairt d’eintiteas faoina mhaoirseacht suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú i gcás ina measann an t-údarás inniúil gur chun críocha dlisteanacha mar a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo atá úsáid an ath-urrúsaithe.

Maidir leis an eintiteas sin atá faoi mhaoirseacht, i gcás gur institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é, mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rachaidh an t-údarás inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, i gcomhairle leis an údarás réitigh, agus le haon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, sula dtabharfar cead dó na suíomhanna urrúsúcháin a bheith aige i measc neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú. Ní mhairfidh an comhairliúchán sin níos faide ná 60 lá ón dáta ar thug an t-údarás inniúil fógra don údarás réitigh, agus d’aon údarás eile atá ábhartha i gcás an eintitis sin, go raibh gá le comhairliúchán.

I gcás gur cinneadh a bhí mar thoradh ar an gcomhairliúchán chun cead a thabhairt suíomhanna urrúsúcháin a bheith i measc na neamhchosaintí foluiteacha a úsáidtear in urrúsú, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi sin do ÚEUM.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur críocha dlisteanacha iad na críocha seo a leanas:

(a)

foirceannadh institiúide creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais a éascú;

(b)

a áirithiú go mbeidh institiúid chreidmheasa, gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais ina gnóthas leantach inmharthana nó ina ghnóthas leantach inmharthana chun a foirceannadh nó a fhoirceannadh a sheachaint; nó

(c)

i gcás na neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí a bheith neamhthuillmheacha, leasanna na n-infheisteoirí a bhuanchoimeád.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, níor cheart a mheas gur ath-urrúsú é clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, ar choinníoll nach ath-urrúsú é aon cheann de na hidirbhearta ABCP laistigh den chlár sin agus nach mbunaítear an dara sraith de thráinsiú ar leibhéal an chláir leis an bhfeabhsú creidmheasa.

5.   D’fhonn na forbairtí sa mhargadh a léiriú i leith ath-urrúsuithe eile a ndearnadh chun críocha dlisteanacha, agus na cuspóirí uileghabhálacha maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le buanchoimeád leasanna na n-infheisteoirí á gcur san áireamh, is féidir le ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun liosta na gcríocha dlisteanacha atá leagtha amach i mír 3 a fhorlíonadh.

Cuirfidh ÚBE aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 9

Critéir maidir le creidmheas a dheonú

1.   Na critéir fhónta, dhea-shainithe chun creidmheas a dheonú, a úsáidtear i gcás neamhchosaintí neamhurrúsaithe, ba cheart do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus d’iasachtóirí bunaidh na critéir chéanna sin a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí a bheidh le hurrúsú. Chuige sin, cuirfear na próisis shoiléire chéanna i bhfeidhm chun creidmheasanna a cheadú agus, nuair is iomchuí, iad a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú. Beidh córais éifeachtacha ar bun ag tionscnóirí, ag urraitheoirí agus ag iasachtóirí bunaidh leis na critéir agus na próisis sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbunaítear an deonú creidmheasa ar mheasúnú críochnúil a dhéantar ar acmhainneacht creidmheasa an oibleagáideora agus an aird chuí á tabhairt ar na tosca ábhartha leis an dóchúlacht atá ann go gcomhlíonfaidh an t-oibleagáideoir a chuid oibleagáidí faoin gcomhaontú creidmheasa a fhíorú.

2.   I gcás gur iasachtaí cónaithe arna ndéanamh tar éis theacht i bhfeidhm Treoir 2014/17/AE iad neamhchosaintí foluiteacha na n-urrúsuithe, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí sin ina hiasacht a chuirtear ar an margadh agus a fhrithghealltar ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó d’idirghabhálaithe, más infheidhme, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis, a sholáthraigh an t-iarratasóir ar an iasacht, fíoraithe ag an iasachtóir.

3.   I gcás ina gceannaíonn tionscnóir neamhchosaintí tríú páirtí dá chuntas féin agus ina ndéanann sé urrúsú orthu ina dhiaidh sin, fíoróidh an tionscnóir sin go ndéanann an t-eintiteas a bhí páirteach, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh lenar cruthaíodh na hoibleagáidí nó na hoibleagáidí ionchasacha atá le hurrúsú, na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 más rud é:

(a)

go ndearnadh an comhaontú bunaidh, a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaí nó an fhéichiúnaí ionchasaigh, roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2014/17/AE; agus

(b)

go gcomhlíonann an tionscnóir a cheannaíonn neamhchosaintí foluiteacha tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin na hoibleagáidí a raibh sé de cheangal ar na hinstitúidí tionscnaimh iad a chomhlíonadh faoi Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 625/2014 roimh 1 Eanáir 2019.

CAIBIDIL 3

COINNÍOLLACHA AGUS NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE STÓR URRÚSÚCHÁIN A CHLÁRÚ

Airteagal 10

Stór urrúsúcháin a chlárú

1.   Is de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chláróidh stór urrúsúcháin le ÚEUM chun críocha Airteagal 5.

2.   Chun a bheith incháilithe le clárú faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór urrúsúcháin duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas, cuirfidh sé nósanna imeachta i bhfeidhm le hiomláine agus le comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dó faoi Airteagal 7(1) den Rialachán seo a fhíorú, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 78, Airteagal 79 agus Airteagal 80(1) go (3, (5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 78 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 den Rialachán céanna a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 5 den Rialachán seo.

3.   Beidh éifeacht le clárú stóir urrúsúcháin i gcríoch an Aontais ina hiomláine.

4.   Comhlíonfaidh stór urrúsúcháin cláraithe na coinníollacha clárúcháin i gcónaí. Déanfaidh stór urrúsúcháin, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha clárúcháin.

5.   Cuirfidh stór urrúsúcháin ceann díobh seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:

(a)

iarratas ar chlárú;

(b)

iarratas ar chlárú a leathnú chun críocha Airteagal 7 den Rialachán seo i gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Chaibidil III de Theideal I, de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

6.   Laistigh de 20 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas, déanfaidh ÚEUM measúnú chun a chinneadh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine.

I gcás nach mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoina mbeidh ar an stór urrúsúcháin faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis do ÚEUM a mheasúnú a dhéanamh go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór urrúsúcháin.

7.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na nithe uile seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá le cur i bhfeidhm ag stórtha urrúsúcháin chun iomláine agus comhsheasmhacht na faisnéise a chuirtear ar fáil dóibh faoi Airteagal 7(1) a fhíorú;

(b)

an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;

(c)

iarratas simplithe ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar formáid an dá ní seo a leanas:

(a)

an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;

(b)

an t-iarratas ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe lena seachnófar dúbláil nósanna imeachta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú nó roimh clárú a leathnú

1.   I gcás ina ndéanann stór urrúsúcháin iarratas ar chlárú nó ar a chlárú mar stór urrúsúcháin a leathnú, agus inar eintiteas é atá údaraithe nó cláraithe ag údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, déanfaidh ÚEUM, gan mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil sin agus rachaidh sé i gcomhairle leis sula gclárófar an stór urrúsúcháin nó sula síneofar clárú an stóir urrúsúcháin.

2.   Malartóidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil ábhartha gach faisnéis is gá chun an stór urrúsúcháin a chlárú nó chun síneadh a chur leis an gclárú mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a mhéad atá an t-eintiteas ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir lena chlárú agus lena údarú sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 12

An t-iarratas a scrúdú

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 40 lá oibre tar éis an fógra a fháil dá dtagraítear in Airteagal 10(6), scrúdú ar an iarratas ar chlárú, nó ar shíneadh a chur leis an gclárú, ar an mbonn go gcomhlíonann an stór urrúsúcháin an Chaibidil seo agus glacfaidh sé cinneadh lánréasúnaithe lena nglactar le clárú nó le síneadh a chur le clárú nó lena ndiúltaítear do chlárú nó do shíneadh a chur le clárú.

2.   Tiocfaidh an cinneadh arna eisiúint ag ÚEUM de bhun mhír 1 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis lá a ghlactha.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt faoi chinntí ÚEUM i ndáil le clárú nó le síneadh a chur le clárú

1.   I gcás ina nglacfaidh ÚEUM cinneadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 nó ina dtarraingeoidh sé siar an clárú amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(1), tabharfaidh sé fógra ina thaobh don stór urrúsúcháin laistigh de 5 lá oibre, ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh.

Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(1) faoina chinneadh.

2.   Cuirfidh EMSA in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, aon chinneadh a ghlacfar i gcomhréir le mír 1.

3.   Foilseoidh ÚEUM liosta ar a shuíomh gréasáin de na stórtha urrúsúcháin a chláraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar an liosta sin a nuashonrú laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi mhír 1.

Airteagal 14

Cumhachtaí ÚEUM

1.   Déanfar na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61 go hAirteagal 68, le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dteannta Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis, a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo chomh maith. Déanfar tagairtí d’Airteagal 81(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 17(1) den Rialachán seo.

2.   Na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM, nó d’aon oifigeach ÚEUM nó d’aon duine eile a údaraíonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61 go hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad a bheidh faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 15

Clárú a tharraingt siar

1.   Gan dochar d’Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh ÚEUM clárú stóir urrúsúcháin a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a)

go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na 6 mhí roimhe sin;

(b)

gur ghnóthaigh an stór urrúsúcháin an clárú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile; nó

(c)

nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh.

2.   Déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) faoi chinneadh clárú stóir urrúsúcháin a tharraingt siar.

3.   Má mheasann an t-údarás inniúil i mBallstát ina soláthraíonn an stór urrúsúcháin a sheirbhísí agus ina bhfuil sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé iarraidh ar ÚEUM féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú sin an stóir urrúsúcháin a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir urrúsúcháin sin a tharraingt siar, luafaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena chinneadh.

4.   Is é an t-údarás a ainmnítear faoi Airteagal 29 den Rialachán seo an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 16

Táillí maoirseachta

1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha urrúsúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir urrúsúcháin lena mbaineann agus clúdóidh siad ina iomláine an caiteachas riachtanach a bheidh ag ÚEUM maidir le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu maille le haisíoc aon chostas a thabhóidh na húdaráis inniúla mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 14(1) den Rialachán seo. A mhéid a thagraíonn Airteagal 14(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo.

I gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Chaibidil 1 de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi Chabidil III de Theideal I de Rialachán (AE) 2015/2365, ní dhéanfar na táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú ach amháin chun an caiteachas breise is gá a léiriú mar aon leis na costais a bhaineann le stórtha urrúsúcháin a chlárú agus maoirseacht a dhéanamh orthu de bhun an Rialacháin seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.

Airteagal 17

Infhaighteacht na sonraí atá á gcoinneáil i stór urrúsúcháin

1.   Gan dochar d’Airteagal 7(2), baileoidh stór urrúsúcháin na sonraí a bhaineann leis an urrúsú agus coinneoidh sé iad. Tabharfaidh sé rochtain dhíreach agus láithreach saor in aisce do gach ceann de na heintitis seo a leanas chun cur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe agus a n-oibleagáidí faoi seach a chomhlíonadh:

(a)

ÚEUM;

(b)

ÚBE;

(c)

ÚEÁPC;

(d)

BERS;

(e)

comhaltaí ábhartha an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á gcomhlíonadh aige;

(f)

na húdaráis ábhartha a gclúdóidh a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach idirbhearta, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(g)

na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(h)

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh.806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(i)

na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29;

(j)

infheisteoirí agus infheisteoirí ionchasacha.

2.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, agus aird á tabhairt ar na riachtanais atá ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

sonraí an urrúsaithe dá dtagraítear i mír 1 a chuirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar fáil chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7(1);

(b)

na caighdeáin oibriúcháin is gá, chun go gceadófar an méid seo a leanas a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, struchtúraithe agus cuimsitheach:

(i)

bailiú sonraí arna dhéanamh ag stórtha urrúsúcháin; agus

(ii)

sonraí ó stórtha urrúsúcháin éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid;

(c)

mionsonraí na faisnéise a bhfuil rochtain le bheith ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 uirthi, agus a sainordú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh;

(d)

na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach le fáil ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 ar shonraí atá á gcoimeád i stórtha urrúsúcháin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme mhír 2, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme lena sonrófarr na teimpléid chaighdeánaithe ar leo a chuiirfidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an SSPE an fhaisnéis chuig an stór urrúsúcháin, agus na réitigh a d’fhorbair bailitheoirí sonraí urrúsúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 4

URRÚSÚ SIMPLÍ TRÉDHEARCACH CAIGHDEÁNAITHE

Airteagal 18

Úsáid an ainmnithe “urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe”

Ní fhéadfadh tionscnóirí, urraitheoirí nó SSPEnna úsáid a bhaint as an ainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe” nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin don urrúsú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

comhlíonann an t-urrúsú ceanglais uile Roinn 1 nó Roinn 2 den Chaibidil seo, agus tugadh fógra do ÚEUM de bhun Airteagal 27(1); agus

(b)

áirítear an t-urrúsú sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 27(5).

An tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE a bheidh rannpháirteach in urrúsú a measfar gur urrúsú STS é, is san Aontas a bheidh siad bunaithe.

ROINN 1

Ceanglais le haghaidh urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe neamh-ABCP

Airteagal 19

Urrúsú simplí, trédhearcach, caighdeánaithe

1.   Cé is moite de chláir ABCP agus d’idirbhearta ABCP, measfar gur urrúsuithe STS urrúsuithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

2.   Faoin 18 Deireadh Fómhair 2018, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, glacfaidh ÚBE, i gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte agus moltaí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

Airteagal 20

Ceanglais maidir le simplíocht

1.   Gheobhaidh SSPE an teideal ar neamhchosaintí foluiteacha trí fhíordhíolachán nó sannachán nó aistriú a mbeidh an éifeacht chéanna dhlíthiúil aige ar bhealach atá infhorfheidhmithe i gcoinne an díoltóra nó i gcoinne aon tríú páirtí. Ní bheidh aistriú an teidil chuig an SSPE faoi réir dianfhorálacha aisghlámtha i gcás dhócmhainneacht an díoltóra.

2.   Chun críocha mhír 1, dianfhoráil aisghlámtha a bheidh in aon cheann de na forálacha seo a leanas:

(a)

forálacha lena gceadaítear do leachtaitheoir an díoltóra díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú ar an mbonn amháin gur tugadh i gcrích é laistigh de thréimhse áirithe roimh dearbhú dhócmhainneacht an díoltóra;

(b)

forálacha ina bhfuil sé leagtha síos nach féidir le SSPE an neamhbhailíochtú dá dtagraítear i bpointe (a) a chosc ach amháin más féidir leis a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi dhócmhainneacht an díoltóra tráth an díola.

3.   Chun críocha mhír 1, ní dianfhorálacha aisghlámtha a bheidh sna forálacha aisghlámtha i ndlíthe náisiúnta dócmhainneachta lena gceadaítear don leachtaitheoir nó do chúirt díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú i gcás aistrithe calaoiseacha, dochar éagothrom do chreidiúnaithe nó aistrithe atá beartaithe chun fabhar míchuí a thabhairt do chreidiúnaithe áirithe.

4.   I gcás nach é an díoltóir an t-iasachtóir bunaidh, déanfar, le fíordhíolachán na neamhchosaintí foluiteacha leis an díoltoir sin, nó le sannachán nó aistriú lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil, na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 3 a chomhlíonadh, cibé an ndéantar an fíordhíolachán, an sannachán nó an t-aistriú sin go díreach nó trí chéim idirghabhálach amháin nó níos mó.

5.   I gcás ina ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí shannachán ach nach dtugtar an t-aistriú sin chun foirfeachta go dtí tar éis dhúnadh an idirbhirt, beidh na teagmhais seo ar a laghad sna truicir chun an tabhairt chun foirfeachta sin a bhaint amach:

(a)

mórmheath ar sheasamh an díoltóra maidir le cáilíocht an chreidmheasa;

(b)

dócmhainneacht an díoltóra; agus

(c)

sáruithe déanta ag an díoltóir ar oibleagáidí conarthacha nár leigheasadh, mainneachtain an díoltóra san áireamh.

6.   Soláthróidh an díoltóir uiríll agus barántaí nach bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha a áirítear san urrúsú, chomh fada agus is eol dó, nach bhfuil siad faoi eire ná faoi bhac eile ag coinníoll a bhféadfaí a thuar go ndéanfadh sé dochar d’infhorfheidhmitheacht an fhíordhíolacháin nó an tsannacháin nó an aistrithe lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil.

7.   Comhlíonfaidh na neamhchosaintí foluiteacha arna n-aistriú ón díoltóir, nó arna sannadh ag an díoltóir, chuig SSPE critéir incháilitheachta atá réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe agus nach gceadaíonn bainistiú gníomhach punainne na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. Chun críocha na míre seo, ní dhéanfar, i bprionsabal, ionadú neamhchosaintí a sháraíonn uiríll agus barántaí a mheas mar bhainistiú gníomhach punainne. Comhlíonfar, leis na neamhchosaintí a aistrítear chuig SSPE tar éis dhúnadh an idirbhirt, critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm i gcás na neamhchosaintí foluiteacha tosaigh.

8.   Beidh an t-urrúsú bunaithe ar chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de, agus na saintréithe réamhíocaíochta a bhaineann le sreafaí airgid an chineáil sócmhainne, agus a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta á gcur san áireamh. Is cineál amháin sócmhainne a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha. Sna neamhchosaintí foluiteacha, beidh oibleagáidí atá ceangailteach agus infhorfheidhmithe de réir conartha, ar féidir leo dul ar iontaoibh féichiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ráthóirí.

Beidh sruthanna íocaíochta tréimhsiúla sainithe ag na neamhchosaintí foluiteacha ar féidir méid inathraitheach a bheith ina dtráthchodanna maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a thacaíonn le híocaíochtaí den sórt sin. Féadfaidh na neamhchosaintí foluiteacha fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe.

Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE cé is moite de bhannaí corparáideacha nach liostaítear ar ionad trádála.

9.   Ní áireofar aon suíomh urrúsúcháin sna neamhchosaintí foluiteacha.

10.   Tionscnófar na neamhchosaintí foluiteacha i ngnáthchúrsaí gnó an tionscnóra nó an iasachtóra bunaidh de bhun caighdeáin frithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuir an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh i bhfeidhm tráth ar tionscnaíodh neamhchosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Maidir leis na caighdeáin frithgheallta a ngintear na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun agus aon athruithe ábhartha a dhéantar orthu ó na caighdeáin frithgheallta a bhí ann roimhe sin, nochtfar go hiomlán do na hinfheisteoirí ionchasacha iad gan moill mhíchuí.

I gcás urrúsú inar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha, ní bheidh aon iasacht sa chomhthiomsú iasachtaí ina hiasacht a cuireadh ar an margadh agus a frithghealladh ar an mbonn gur cuireadh in iúl don iarratasóir ar an iasacht, nó, i gcás inarb infheidhme, d’idirghabhálaithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis a soláthraíodh fíoraithe ag an iasachtóir.

Beidh an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2008/48/CE mír 1 go mír 4, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6 d’Airteagal 18 de Threoir 2014/17/AE nó, i gcás inarb infheidhme, beidh sé i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.

Beidh taithí ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu.

11.   Déanfar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú chuig SSPE tar éis an roghnaithe gan mhoill mhíchuí, agus ní áireofar iontu, tráth an roghnaithe, aon neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná aon neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

(a)

dearbhaíodh é bheith dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart críochnaitheach, neamh-inachomhairc forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi phróiseas athstruchtúraithe fiachais é i ndáil lena neamhchosaintí neamhthuillmheacha sna 3 bliana roimh an dáta a ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh do SSPE, ach amháin más rud é:

(i)

nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad 1 bhliain roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh; agus

(ii)

go leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE i gcomhréir le pointe (a) agus (e)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

(b)

go raibh sé, tráth an tionscanta, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach ann d’aon chlár poiblí creidmheasa mar sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh; nó

(c)

tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chás-sa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe.

12.   Beidh ar a laghad íocaíocht amháin déanta ag na féichiúnaithe tráth a ndéantar na neamhchosaintí a aistriú, seachas i gcás urrúsuithe imrothlacha atá bunaithe ar neamhchosaintí atá iníoctha le haon tráthchuid amháin nó i gcás gur lú ná 1 bhliain a n-aibíocht, íocaíochtaí míosúla gan teorannú le haghaidh creidmheasanna imrothlacha san áireamh.

13.   Ní mhúnlófar aisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin le go mbeidh siad spleách, den chuid is mó, ar dhíol sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú. Ní chuirfidh sin cosc ar shócmhainní den sórt sin a thar-rolladh nó a athmhaoiniú ina dhiaidh sin.

Maidir le haisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin a ndéantar a neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú le sócmhainní a bhfuil a luach ráthaithe go hiomlán, nó a bhfuil sé maolaithe trí oibleagáid go n-athcheannóidh díoltóir nó tríú páirtí eile na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, ní mheasfar iad a bheith ag brath ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú.

14.   Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 8, a mheastar gur neamhchosaiinti aonchineálacha iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 21

Ceanglais maidir le caighdeánú

1.   Comhlíonfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh an ceanglas maidir le coinneáil riosca i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.   Maolófar na rioscaí maidir leis an ráta úis agus na rioscaí airgeadra a thagann chun cinn mar gheall ar an urrúsú ar bhealach iomchuí agus nochtfar aon bhearta a dhéantar chuige sin. Ní rachaidh SSPE i ngaol conarthaí díorthacha ach amháin chun riosca maidir leis an ráta úis nó riosca airgeadra a fhálú agus áiritheoidh sé nach n-aireofar díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.   Maidir le haon íocaíochtaí úis dá dtagraítear faoi na sócmhainní agus dliteanais urrúsúcháin, beidh siad bunaithe ar rátaí úis a úsáidtear sna margaí i gcoitinne nó ar rátaí earnála, a úsáidtear go ginearálta, lena léirítear an costas a bhaineann leis na cistí agus ní thagróidh siad d’fhoirmlí ná do dhíorthaigh casta.

4.   I gcás ina ndéanfar fógra maidir le forfheidhmiú nó maidir le luasghéarú a sheachadadh:

(a)

ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach le feidhmiú oibríochtúil SSPE a áirithiú nó le haisíocaíocht ordúil na n-infheisteoirí a áirithiú i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe, mura n-éilítear le cúinsí eisceachtúla go ndéanfar suim a ghaistiú d’fhonn í a úsáid ar mhaithe le leasanna na n-infheisteoirí, le haghaidh caiteachas chun go seachnófar meath ar cháilíocht creidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha;

(b)

cuirfear na príomhfháltais ó na neamhchosaintí foluiteacha ar aghaidh chuig infheisteoirí trí amúchadh seicheamhach na suíomhanna urrúsúcháin, arna chinneadh le sinsearacht an tsuímh urrúsúcháin;

(c)

ní athrófar ord aisíoctha na suíomhanna urrúsúcháin i ndáil lena sinsearacht; agus

(d)

ní cheanglófar leachtú uathoibríoch ar na neamhchosaintí foluiteacha ar luach an mhargaidh le haon fhoráil.

5.   Áireofar, sna hidirbhearta a bhfuil tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí ina gné díobh, truicir a bhaineann le feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha a bhaineann le tosaíocht íocaíochtaí a théann ar ais chuig íocaíochtaí seicheamhacha de réir ord sinsearachta. Áireofar, ar a laghad, ar na truicir sin a bhaineann le feidhmíocht, meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha faoi bhun tairseach réamhshocraithe.

6.   I ndoiciméadacht an idirbhirt, áireofar forálacha iomchuí luath-amúchta nó truicir maidir le deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach i gcás inar urrúsú imrothlach é an t-urrúsú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin;

(b)

má tharlaíonn teagmhas a bhaineann le dócmhainneacht i dtaca leis an tionscnóir nó leis an seirbhíseoir;

(c)

má thiteann luach na neamhchosaintí foluiteacha atá i seilbh an SSPE faoi bhun tairseach réamhshocraithe (teagmhas luath-amúchta); agus

(d)

má mhainnítear neamhchosaintí foluiteacha nua leordhóthanacha a ghiniúint atá i gcomhréir leis an gcáilíocht chreidmheasa réamhshocraithe (truicear chun deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach).

7.   Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:

(a)

oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an tseirbhíseora agus an iontaobhaí, más ann dó, agus soláthraithe fosheirbhíse eile;

(b)

na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfear deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain a dhéanann seirbhíseoir nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora, amhail clásal athsholáthair lena bhféadfar an seirbhíseoir a athsholáthar i gcás mar sin; agus

(c)

forálacha lena áirithiú go n-athsholáthraítear contrapháirtithe díorthaigh, soláthraithe leachtachta agus banc an chuntais i gcás a mainneachtana nó a mhainneachtana, a ndócmhainneachta nó a dhócmhainneachta, agus teagmhais shonraithe eile, nuair is infheidhme.

8.   Beidh saineolas ag an seirbhíseoir ar neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu agus beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe leordhóthanacha aige a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú.

9.   Leagfar amach i ndoiciméadacht an idirbhirt, i dtéarmaí atá soiléir agus comhsheasmhach, sainmhínithe, leigheasanna agus bearta maidir le faillí agus mainneachtain féichiúnaithe, athstruchtúrú fiachais, maitheamh fiachais, staonadh, sosanna íocaíochta, caillteanais, dearbhuithe go bhfuil fiachas neamhthuillmheach, aisghabhálacha agus leigheasanna eile maidir le feidhmíocht sócmhainní. Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na tosaíochtaí íocaíochta, na himeachtaí ar truicear iad maidir le hathruithe a dhéantar ar na tosaíochtaí íocaíochta sin, chomh maith leis an oibleagáid atá ann imeachtaí mar sin a thuairisciú. Déanfar aon athrú ar thosaíochtaí íocaíochtaí a mbeidh éifeacht ábhartha chun dochair aige ar aisíocaíocht an tsuímh urrúsúcháin a thuairisciú chuig na hinfheisteoirí gan mhoill mhíchuí.

10.   Beidh forálacha soiléire i ndoiciméadacht an idirbhirt a éascóidh réiteach tráthúil coinbhleachtaí idir cineálacha éagsúla infheisteoirí, beidh cearta vótála sainithe go soiléir inti agus leithdháilte ar shealbhóirí bannaí agus beidh freagrachtaí an iontaobhaí agus eintiteas eile a bhfuil cúraimí muiníneacha orthu i leith infheisteoirí sainaitheanta inti freisin.

Airteagal 22

Ceanglais maidir le trédhearcacht

1.   Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. Cumhdóidh na sonraí sin tréimhse 5 bliana ar a laghad.

2.   Beidh sampla de na neamhchosaintí foluiteacha faoi réir fíorú seachtrach á dhéanamh ag páirtí neamhspleách iomchuí sula n-eisítear na hurrúis a eascraíonn as an urrúsú, lena n-áirítear fíorú go bhfuil na sonraí arna dtabhairt i ndáil leis na neamhchosaintí foluiteacha cruinn.

3.   Sula ndéanfar praghsáil an urrúsaithe, cuirfidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir samhail i gcomhair sreabhadh airgid dliteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha lena léirítear go cruinn an gaol conarthach idir na neamhchosaintí foluiteacha agus na híocaíochtaí a aistrítear idir an tionscnóir, an t-urraitheoir, infheisteoirí, tríú páirtithe eile agus an SSPE, agus i ndiaidh na praghsála cuirfidh siad an tsamhail sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn leanúnach agus d’infheisteoirí ionchasacha nuair a iarrtar sin.

4.   I gcás urrúsú ar iasachtaí cónaithe iad a neamhchosaintí foluiteacha nó iasachtaí nó léasanna gluaisteán, foilseoidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir an fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní a mhaoinítear leis na hiasachtaí cónaithe nó na hiasachtaí nó na léasanna gluaisteán sin, mar chuid den fhaisnéis a nochtar de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1).

5.   Beidh sé de chúram ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir a chinntiú go gcomhlíontar Airteagal 7. Cuirfear an fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha roimh an bpraghsáil nuair a iarrann siad í. Cuirfear an fhaisnéis uile a cheanglaítear le pointí (b) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) den Rialachán seo ar fáil roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad. Cuirfear an doiciméadacht deiridh ar fáil do na hinfheisteoirí ar a dhéanaí 15 lá tar éis dhúnadh an idirbhirt.

ROINN 2

Ceanglais le haghaidh urrúsú le haghaidh urrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe ABCP

Airteagal 23

Urrúsú ABCP simplí trédhearcach caighdeánaithe

1.   Maidir leis an idirbheart ABCP measfar gur STS é sa chás ina gcomhlíonann sé na ceanglais ar leibhéal an idirbhirt dá bhforáiltear in Airteagal 24.

2.   Maidir le clár ABCP, measfar gur STS é sa chás go gcomhlíonann sé na ceanglais atá dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus sa chás ina gcomhlíonann urraitheoir an chláir ABCP na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 25.

Chun críocha na roinne seo, ciallaíonn “díoltóir”“tionscnóir” nó “iasachtóir bunaidh”.

3.   Faoin 18 Deireadh Fómhair 2018, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, glacfaidh ÚBE, i gcomhréir le Airteagal 16 de Rialachán Uimh. 1093/2010, treoirlínte agus moltaí maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 24 agus Airteagal 26 den Rialachán seo.

Airteagal 24

Ceanglais ar leibhéal an idirbhirt

1.   Gheobhaidh SSPE an teideal ar neamhchosaintí foluiteacha trí fhíordhíolachán nó sannachán nó aistriú a mbeidh an éifeacht chéanna dhlíthiúil aige, ar bhealach atá infhorfheidhmithe i gcoinne an díoltóra nó i gcoinne aon tríú páirtí. Ní bheidh aistriú an teidil chuig an SSPE faoi réir dianfhorálacha aisghlámtha i gcás dhócmhainneacht an díoltóra.

2.   Chun críocha mhír 1, dianfhoráil aisghlámtha a bheidh in aon cheann de na forálacha seo a leanas:

(a)

forálacha lena gceadaítear do leachtaitheoir an díoltóra díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú ar an mbonn amháin gur tugadh i gcrích é laistigh de thréimhse áirithe roimh dhearbhú dhócmhainneacht an díoltóra;

(b)

forálacha ina bhfuil sé leagtha síos nach féidir leis an SSPE an neamhbhailíochtú dá dtagraítear i bpointe (a) a chosc ach amháin más féidir leis a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi dhócmhainneacht an díoltóra tráth an díola.

3.   Chun críocha mhír 1, ní dianfhorálacha aisghlámtha a bheidh sna forálacha aisghlámtha i ndlíthe náisiúnta dócmhainneachta lena gceadaítear don leachtaitheoir nó don chúirt díol na neamhchosaintí foluiteacha a neamhbhailíochtú i gcás aistrithe calaoiseacha, dochar éagothrom do chreidiúnaithe nó aistrithe atá beartaithe chun fabhar míchuí a thabhairt do chreidiúnaithe áirithe.

4.   I gcás nach é an díoltóir an t-iasachtóir bunaidh, le fíordhíolachán na neamhchosaintí foluiteacha, nó lena sannachán nó lena n-aistriú a bhfuil an éifeacht chéanna dhlíthiúil aige, chuig an díoltóir, déanfar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 go mír 3 a chomhlíonadh, bíodh an fíordhíolachán, an sannachán nó an t-aistriú sin díreach nó trí chéim idirghabhálach amháin nó níos mó.

5.   I gcás ina ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú trí shannachán ach nach dtugtar an t-aistriú sin chun foirfeachta go dtí tar éis dhúnadh an idirbhirt, beidh na teagmhais seo ar a laghad sna truicir chun an tabhairt chun forifeachta sin a bhaint amach:

(a)

mórmheath ar sheasamh an díoltóra maidir le cáilíocht an chreidmheasa;

(b)

dócmhainneacht an díoltóra; agus

(c)

sáruithe arna ndéanamh ag an díoltóir ar oibleagáidí conarthacha nár leigheasadh, mainneachtain an díoltóra san áireamh.

6.   Soláthróidh an díoltóir uiríll agus barántaí nach bhfuil na neamhchosaintí foluiteacha a áirítear san urrúsú, chomh fada agus is eol dó, nach bhfuil siad faoi eire ná faoi bhac eile ag coinníoll a bhféadfaí a thuar go ndéanfadh sé dochar d’infhorfheidhmitheacht an fhíordhíolacháin nó an tsannacháin nó an aistrithe lena ngabhann an éifeacht chéanna dhlíthiúil.

7.   Comhlíonfaidh na neamhchosaintí foluiteacha arna n-aistriú ón díoltóir, nó arna sannadh ag an díoltóir, chuig SSPE critéir incháilitheachta a bheidh réamhdhearbhaithe, soiléir agus doiciméadaithe, agus nach gceadaíonn bainistiú gníomhach punainne na neamhchosaintí sin ar bhonn roghnach. Chun críocha na míre seo, ní dhéanfar ionadú neamhchosaintí a sháraíonn uiríll agus barántaí a mheas mar bhainistiú gníomhach punainne. Comhlíonfar, leis na neamhchosaintí a aistrítear chuig SSPE tar éis dhúnadh an idirbhirt, na critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm i gcás na neamhchosaintí foluiteacha tosaigh.

8.   Ní áireofar aon suíomh urrúsúcháin sna neamhchosaintí foluiteacha.

9.   Aistreofar na neamhchosaintí foluiteacha chuig an SSPE tar éis an roghnaithe gan mhoill mhíchuí agus ní áireofar iontu, tráth an roghnaithe, neamhchosaintí atá ar mainneachtain de réir bhrí Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná neamhchosaintí ar fhéichiúnaí ná ar ráthóir a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige agus a bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh:

(a)

dearbhaíodh é bheith dócmhainneach nó dheonaigh cúirt ceart forfheidhmithe nó damáistí airgid dá chreidiúnaithe de dheasca íocaíocht a chaill sé sna 3 bliana roimh dháta an tionscanta nó cuireadh faoi réir próiseas athstruchtúraithe fiachais é sna 3 bliana roimh an dáta a ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a aistriú nó a shannadh do SSPE, seachas i gcás:

(i)

nach mbeidh riaráistí nua ag gabháil le neamhchosaint athstruchtúraithe fholuiteach ón dáta a ndearnadh an t-athstruchtúrú, ar athstruchtúrú é ar gá a bheith déanta ar a laghad aon bhliain amháin roimh an dáta ar aistríodh na neamhchosaintí foluiteacha chuig SSPE nó ar sannadh iad dóibh; agus

(ii)

go leagtar amach go soiléir san fhaisnéis a sholáthraíonn an tionscnóir, an t-urraitheoir agus SSPE i gcomhréir le pointe (a) agus (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7, an cion de neamhchosaintí athstruchtúraithe foluiteacha, am agus sonraí an athstruchtúraithe agus a bhfeidhmíocht ó dháta an athstruchtúraithe;

(b)

go raibh sé, tráth an tionscanta, i gcás inarb infheidhme, ar chlár poiblí creidmheasa de dhaoine a bhfuil stair dhíobhálach creidmheasa acu nó, i gcás nach bhfuil aon chlár poiblí creidmheasa den sórt sin, ar chlár creidmheasa eile atá ar fáil don tionscnóir nó mar iasachtóir bunaidh; nó

(c)

tugann an measúnú ar a chreidmheas nó a scór creidmheasa le fios go bhfuil an riosca nach n-íocfaí íocaíochtaí a comhaontaíodh de réir conartha cuid mhaith níos airde ina chás-sa ná mar a bheadh i gcás neamhchosaintí inchomparáide atá i seilbh an tionscnóra nach bhfuil urrúsaithe.

10.   Beidh ar a laghad íocaíocht amháin déanta ag na féichiúnaithe tráth a ndéantar na neamhchosaintí a aistriú, seachas i gcás urrúsú imrothlach atá bunaithe ar neamhchosaintí atá iníoctha le haon tráthchuid amháin nó i gcás gur lú ná 1 bhliain a n-aibíocht, íocaíochtaí míosúla gan teorannú le haghaidh creidmheasanna imrothlacha san áireamh.

11.   Ní mhúnlófar aisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin le go mbeidh siad ag brath, den chuid is mó, ar dhíol sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú. Ní chuirfidh sin cosc ar shócmhainní den sórt sin a thar-rolladh nó a athmhaoiniú ina dhiaidh sin.

Maidir le haisíocaíocht le sealbhóirí na suíomhanna urrúsúcháin a ndéantar a neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú le sócmhainní a bhfuil a luach ráthaithe go hiomlán, nó a bhfuil sé maolaithe trí oibleagáid go n-athcheannóidh díoltóir nó tríú páirtí eile na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha a urrúsú, ní mheasfar go mbeidh sí ag brath ar dhíol na sócmhainní lena ndéantar na neamhchosaintí foluiteacha sin a urrúsú.

12.   Maolófar na rioscaí maidir leis an ráta úis agus na rioscaí airgeadra a thagann chun cinn mar gheall ar an urrúsú ar bhealach iomchuí agus nochtfar aon bhearta a dhéantar chuige sin. Ní rachaidh SSPE i ngaol conarthaí díorthacha ach amháin chun riosca maidir leis an ráta úis nó riosca airgeadra a fhálú agus áiritheoidh sé nach mbeidh díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

13.   Leagfar amach i ndoiciméadacht an idirbhirt, i dtéarmaí atá soiléir agus comhréireach, sainmhínithe, leigheasanna agus bearta maidir le faillí agus mainneachtain féichiúnaithe, athstruchtúrú fiachais, maitheamh fiachais, staonadh, sosanna íocaíochta, caillteanais, dearbhuithe go bhfuil fiachas neamhthuillmheach, aisghabhálacha agus leigheasanna eile maidir le feidhmíocht sócmhainní. Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt na tosaíochtaí íocaíochta, na himeachtaí ar truicear iad maidir le hathruithe a dhéantar ar na tosaíochtaí íocaíochta sin, chomh maith leis an oibleagáid atá ann imeachtaí mar sin a thuairisciú. Déanfar aon athrú ar thosaíochtaí íocaíochta a mbeidh aon éifeacht ábhartha chun dochair aige ar aisíocaíocht an tsuímh urrúsúcháin a thuairisciú chuig na hinfheisteoirí gan mhoill mhíchuí.

14.   Sula ndéanfar praghsáil, cuirfidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir sonraí statacha agus dinimiciúla maidir le feidhmíocht stairiúil i dtaobh mainneachtana agus caillteanais ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú, chomh maith le foinsí na sonraí sin agus an bunús atá leis an dearbhú go bhfuil comhchosúlacht ann. I gcás nach bhfuil rochtain ag urraitheoir ar na sonraí, gheobhaidh sé ón díoltóir rochtain ar shonraí ar bhonn statach nó dinimiciúil, ar an bhfeidhmíocht stairiúil, amhail sonraí ar fhaillí agus mainneachtain, a bhaineann le neamhchosaintí atá comhchosúil go mór leo sin atá á n-urrúsú. Cumhdóidh na sonraí uile den sórt sin tréimhse nach lú ná 5 bliana, seachas sonraí a bhaineann le hearraí infhaighte trádála agus earraí infhaighte gearrthéarma eile nach mbainfidh tréimshe stairiúil níos lú ná 3 bliana leo.

15.   Beidh tacaíocht ag idirbhearta ABCP ó chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha atá aonchineálach ó thaobh an chineáil sócmhainne de, agus na saintréithe a bhaineann le sreafaí airgid cineálacha éagsúla sócmhainní, agus a saintréithe conarthacha, riosca creidmheasa agus réamhíocaíochta á gcur san áireamh. Is cineál amháin sócmhainne a bheidh i gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha.

Beidh meánré ualaithe iarmhair ag an gcomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha nach faide ná 1 bhliain agus ní bheidh aibíocht iarmhair is faide ná 3 bliana ag ceann ar bith de na neamhchosaintí foluiteacha,

De mhaolú ar an dara fomhír seachas i gcás comhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin agus léasanna gluaisteáin agus idirbhearta léasa gluaisteáin ag a mbeidh meánré ualaithe iarmhair nach faide ná 3 bliana go leith agus ní bheidh aibíocht iarmhair is mó ná 6 bliana ag ceann ar bith díobh.

Ní áireofar sna neamhchosaintí foluiteacha iasachtaí arna n-urrúsú le morgáistí cónaithe nó tráchtála ná iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Beidh oibleagáidí ag baint leis na neamhchosaintí foluiteacha atá ceangailteach de réir conartha agus infhorfheidhmithe, ar féidir leo dul ar iontaoibh féichiúnaithe agus a bhfuil sruthanna íocaíochta sainithe acu maidir le híocaíochtaí cíosa, príomhíocaíochtaí nó íocaíochtaí úis, nó maidir le haon cheart eile ioncam a fháil ó shócmhainní a fhágann go ndéantar íocaíochtaí den sórt sin. Féadfaidh na neamhchosaintí bunúsacha, fáltais a ghiniúint ó dhíol aon sócmhainní maoinithe nó léasaithe. Ní áireofar urrúis inaistrithe ar na neamhchosaintí foluiteacha, mar a shainítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4(1),de Threoir 2014/65/AE cé is moite de bhannaí corparáideacha, nach liostaítear ar ionad trádála iad.

16.   Maidir le haon íocaíochtaí úis dá dtagraítear faoi shócmhainní agus dliteanais an idirbhirt ABCP, beidh siad bunaithe ar rátaí úis a úsáidtear sna margaí i gcoitinne nó ar rátaí earnála a úsáidtear sna margaí i gcoitinne agus lena léirítear an costas a bhaineann le maoiniú agus ní thagróidh siad d’fhoirmlí casta ná do dhíorthaigh chasta. Féadfaidh íocaíochtaí úis dá dtagraítear faoi dhliteanais an idirbhirt ABCP a bheith bunaithe ar rátaí úis lena léirítear an costas maoinithe a bhaineann le clár ABCP.

17.   I gcás mhainneachtain an díoltóra nó teagmhas luathaithe:

(a)

ní dhéanfar aon suim airgid a ghaistiú sa SSPE thar a bhfuil riachtanach le feidhmiú oibríochtúil SSPE a áirithiú nó le haisíocaíocht ordúil na n-infheisteoirí a áirithiú i gcomhréir le téarmaí conarthacha an urrúsaithe mura n-éilítear, le himthosca eisceachtúla, go ndéanfar suim a ghaistiú a bheidh le húsáid, ar mhaithe le leasanna-na n-infheisteoirí, le haghaidh caiteachas, chun meath ar cháílíocht chreidmheasa na neamhchosaintí foluiteacha a sheachaint;

(b)

cuirfear na príomhfháltais ó na neamhchosaintí foluiteacha ar aghaidh chuig infheisteoirí a bhfuil suíomh urrúsúcháin acu trí íocaíocht sheicheamhach na suíomhanna urrúsúcháin, arna chinneadh de réir shinsearacht an tsuímh urrúsúcháin; agus

(c)

ní cheanglófar leachtú uathoibríoch ar na neamhchosaintí foluiteacha ar luach an mhargaidh le haon fhoráil.

18.   Tionscnófar na neamhchosaintí foluiteacha i ngnáthchúrsaí gnó an díoltóra de bhun caighdeáin fhrithgheallta atá chomh dian céanna ar a laghad leis na caighdeáin a chuireann an díoltóir i bhfeidhm tráth an tionscanta ar chosaintí comhchosúla nach ndearnadh urrúsú orthu. Déanfar na caighdeáin frithgheallta, ar tionscnaíodh na neamhchosaintí foluiteacha dá mbun, agus aon athruithe ábhartha a dhéantar ó na caighdeáin frithgheallta a bhí ann roimhe sin, a chur in iúl gan mhoill mhíchuí don urraitheoir agus do pháirtithe eile a bheidh neamhchosanta ar bhealach díreach ar idirbheart ABCP. Beidh taithí ag an díoltóir ar neamhchosaintí a thionscnamh atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu.

19.   Nuair is urrúsú imrothlach an t-idirbheart ABCP, áireofar i ndoiciméadacht an idirbhirt truicir chun deireadh a chur leis an tréimhse imrothlach, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

meath ar cháilíocht chreidmheas na neamhchosaintí foluiteacha go tairseach réamhshocraithe nó faoi bhun na tairsí sin; agus

(b)

má tharlaíonn teagmhas a bhaineann le dócmhainneacht i dtaca leis an díoltóir nó leis an seirbhíseoir.

20.   Sonrófar go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt:

(a)

oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an urraitheora, an tseirbhíseora agus an iontaobhaí, más ann dó, agus soláthraithe fosheirbhíse eile;

(b)

na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfí deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora; agus

(c)

forálacha chun athsholáthar contrapháirtithe díorthaigh agus an chuntais bhainc a áirithiú, nuair is infheidhme, i gcás a mainneachtana, adócmhainneachta agus, i gcás inarb infheidhme, teagmhais shonraithe eile; agus

(d)

an chaoi a gcomhlíonann an t-urraitheoir ceanglais Airteagal 25(3).

21.   Forbróidh an ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar cé na neamhchosaintí foluiteacha dá dtagraítear i mír 15, a mheastar gur cinn aonchineálacha iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 25

Urraitheoir ar chlár ABCP

1.   Institiúid chreidmheasa a ndéanfar maoirseacht uirthi faoi Threoir 2013/36/AE a bheidh ina hurraitheoir ar an gclár ABCP.

2.   Is soláthraí saoráide leachtachta a bheidh san urraitheoir ar chlár ABCP agus tacóidh sé leis na suíomhanna urrúsúcháin go léir ar leibhéal cláir ABCP trí na rioscaí leachtachta agus creidmheasa go léir agus aon rioscaí ábhartha go ndéanfaí caolú ar na neamhchosaintí urrúsaithe a chumhdach, mar aon le haon chostais idirbhirt agus costais ar leibhéal an chláir atá riachtanach chun íocaíocht iomlán aon suim faoin ABCP a ráthú don infheisteoir le tacaíocht den chineál sin. Déanfaidh an t-urraitheoir tuairisc a nochtadh ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil ar leibhéal na n-idirbheart do na hinfheisteoirí, lena n-áirítear tuairisc ar na saoráidí leachtachta a chuirtear ar fáil.

3.   Sular féidir léi urraíocht a dhéanamh ar chlár STS ABCP, léireoidh an institiúid chreidmheasa dá húdarás inniúil nach bhfuil a sócmhainneacht agus a leachtacht i mbaol mar gheall ar a ról faoi mhír 2, fiú i gcás fíor-struis sa mhargadh.

Measfar gur comhlíonadh an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh sé cinnte ag an údarás inniúil ar bhonn an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 97(3) de Threoir 2013/36/AE, go n-áirithítear bainistiú fónta agus cumhdach a chuid rioscaí leis na socruithe, straitéisí, nósanna imeachta agus sásraí a chuir an institiúid chreidmheasa chun feidhme agus leis na cistí dílse maille leis an leachtacht atá ag an institiúid chreidmheasa.

4.   Déanfaidh an t-urraitheoir a dhícheall cuí féin agus fíoróidh sé comhlíonadh na gceanglas sin a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán seo, faoi mar is infheidhme. Fíoróidh sé freisin go bhfuil acmhainneacht seirbhísithe agus próisis bhailiúcháin ag an díoltóir a shásaíonn na ceanglais a shonraítear i bpointe (h) go pointe (p) d’Airteagal 265(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó ceanglais choibhéiseacha i dtríú tíortha.

5.   Comhlíonfaidh an díoltóir, ar leibhéal an idirbhirt, nó an t-urraitheoir, ar leibhéal an chláir ABCP, an ceanglas maidir le coinneáil riosca, dá dtagraítear in Airteagal 6.

6.   Beidh an t-urraitheoir freagrach as comhlíonadh Airteagal 7 ar leibhéal an chláir ABCP agus as an méid seo a leanas a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha sula ndéanfar praghsáil, arna iarraidh sin dóibh:

(a)

an fhaisnéis chomhiomlán a cheanglaítear le hAirteagal 7(1) (a);

(b)

an fhaisnéis sin a cheanglaítear le pointí (b) go (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1), i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh ar a laghad.

7.   I gcás nach ndéanann an t-urraitheoir an gealltanas maoinithe maidir leis an tsaoráid leachtachta a nuashonrú faoin dáta éaga, déanfar an tsaoráid leachtachta a tharraingt anuas agus aisíocfar na hurrúis atá ag teacht in aibíocht.

Airteagal 26

Ceanglais ar leibhéal an chláir

1.   Le gach idirbheart ABCP laistigh de chlár ABCP comhlíonfar ceanglais Airteagal 24 (1) go (8), agus (12) go (20).

De mhéid comhiomlán na neamhchosaintí sin atá mar bhonn leis na hidirbhearta ABCP agus atá maoinithe ag an gclár ABCP, féadfaidh 5 % díobh ar a mhéid gan ceanglais Airteagal 24 (9), (10) agus (11) a chomhlíonadh, go sealadach, gan cur isteach ar stádas STS an chláir ABCP.

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh páirtí neamhspleách iomchuí sampla de na neamhchosaintí foluiteacha a chur go tráthrialta faoi réir fíorú seachtrach maidir le comhlíonadh.

2.   Ní mhairfidh meánré ualaithe iarmhair na neamhchosaintí foluiteacha de chlár ABCP, níos mó ná 2 bhliain.

3.   Gheobhaidh an clár ABCP tacaíocht iomlán ón urraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 25 (2).

4.   Ní bheidh aon ath-urrúsú sa chlár ABCP agus ní bhunófar leis an bhfeabhsú creidhmheasa an dara sraith de thráinsiú ar leibhéal an chláir.

5.   Ní bheidh céadroghanna ar cheannach, clásail sínidh ná aon chlásail eile a rachadh i gcion ar aibíocht deiridh na n-urrús arna n-eisiúint ag clár ABCP san áireamh leis na hurrúis sin, i gcás ina bhféadfaí na roghanna nó na clásáil sin a fheidhmiú de rogha an díoltóra, an urraitheora nó SSPE.

6.   Maolófar na rioscaí maidir leis an ráta úis agus na rioscaí airgeadra a thagann chun cinn ar leibhéal an chláir ABCP ar bhealach iomchuí agus nochtfar aon bhearta a dhéantar chuige sin. Ach amháin chun riosca airgeadra nó riosca maidir leis an ráta úis a fhálú, ní rachaidh SSPE i ngaol conarthaí díorthach agus áiritheoidh sé nach mbeidh díorthaigh i gcomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

7.   Sa doiciméadacht a bhaineann leis an gclár ABCP sonrófar go soiléir na nithe seo a leanas:

(a)

freagrachtaí an iontaobhaí agus eintiteas eile, más ann dóibh, a bhfuil cúraimí muiníneacha orthu i leith infheisteoirí;

(b)

oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an urraitheora a mbeidh saineolas aige ar chreidmheas a fhrithghealladh agus oibleagáidí, cúraimí agus freagrachtaí conarthacha an iontaobhaí, más ann dó agus soláthraithe fosheirbhísí eile;

(c)

na próisis agus na freagrachtaí is gá lena áirithiú nach gcuirfí deireadh le seirbhísiú mar gheall ar mhainneachtain nó ar dhócmhainneacht an tseirbhíseora;

(d)

na forálacha maidir le hathsholáthar contrapháirtithe díorthaigh agus an chuntais bhainc ar leibhéal an chláir ABCP i gcás mainneachtana, dócmhainneachta nó teagmhais shonraithe eile, i gcás nach gcumhdaíonn an tsaoráid leachtachta teagmhais den sórt sin.

(e)

i gcás teagmhais shonraithe, nó i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an urraitheora, beidh forálacha ann maidir le bearta feabhais a dhéanamh lena áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar urrúis chomhthaobhaigh a sholáthar don ghealltanas maoinithe nó go ndéanfar soláthraí saoráide leachtachta nua a sholáthar; agus

(f)

i gcás nach ndéanann an t-urraitheoir an gealltanas maoinithe maidir leis an tsaoráid leachtachta a nuashonrú laistigh dá dáta éaga, déanfar an tsaoráid leachtachta a tharraingt anuas agus aisíocfar na hurrúis atá ag teacht in aibíocht.

8.   Beidh saineolas ag an seirbhíseoir ar neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leo siúd a ndearnadh urrúsú orthu agus beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca dea-dhoiciméadaithe acu a bhaineann le neamhchosaintí a sheirbhísiú.

ROINN 3

Fógra STS

Airteagal 27

Ceanglais fógartha STS

1.   Tabharfaidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir i gcomhpháirt fógra do ÚEUM trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonann an t-urrúsú ceanglais Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 (“Fógra STS”). I gcás chlár ABCP, is é an t-urraitheoir amháin a bheidh freagrach as fógra a thabhairt faoin gclár sin agus faoi na hidirbhearta ABCP, laistigh den chlár sin, a chomhlíonann Airteagal 24.

San fhógra STS beidh míniú ón tionscnóir agus ón urraitheoir ar an gcaoi ar comhlíonadh gach ceann de na critéir STS a leagtar amach in Airteagal 20 go hAirteagal 22 nó in Airteagal 24 go hAirteagal 26.

Foilseoidh ÚEUM an fógra STC ar a shuíomh gréasáin oifigiúil de bhun mhír 5. Cuirfidh tionscnóirí agus urraitheoirí urrúsaithe a gcuid údarás inniúil ar an eolas faoin bhfógra STS agus ainmneoidh siad eintiteas amháin as a measc féin, eintiteas a bheidh ina chéadphointe teagmhála d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla.

2.   Féadfaidh an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas a bhaint as seirbhís tríú páirtí atá údaraithe faoi Airteagal 28 le seiceáil go bhfuil Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 á gcomhlíonadh ag urrúsú. Mar sin féin, níl dhéanfar aon difear do dhliteanas an tionscnóra, an urrathóra nó SSPE i dtaca lena n-oibleagáidí dlíthiúla faoin Rialachán seo trí leas a bhaint as seibhís den chineál sin. Ní dhéanfar difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar infheisteoirí institiúideacha, mar a leagtar amach iad in Airteagal 5, trí leas a bhaint as seibhís den chineál sin.

I gcás ina mbaineann an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE leas as seirbhísí tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 chun a sheiceáil go bhfuil Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 á gcomhlíonadh ag an urrúsú, beidh ráiteas san fhógra STS gur sheiceáil an tríú páirtí inniúil sin gur comhlíonadh na critéir STS. San fhógra, sonrófar ainm an tríú páirtí, an áit a bhfuil sé bunaithe agus ainm an údaráis inniúil a d’údaraigh é.

3.   I ndáil leis an tionscnóir nó leis an iasachtóir bunaidh, murar institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta é mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá bunaithe san Aontas, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an bhfógra de bhun mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

deimhniú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh go ndéanann sé a chuid deonaithe creidmheasa ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus próisis atá bunaithe go soiléir chun creidmheasanna a cheadú, a leasú, a athnuachan agus a mhaoiniú agus go bhfuil córais éifeachtacha i bhfeidhm ag an tionscnóir nó ag an iasachtóir bunaidh chun na próisis sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo; agus

(b)

dearbhú ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh an bhfuil an deonú creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) faoi réir maoirseachta.

4.   Tabharfaidh an tionscnóir agus an t-urraitheoir fógra láithreach do ÚEUM agus cuirfidh siad a n-údarás inniúil ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann urrúsú ceanglais Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 a thuilleadh.

5.   Ar a shuíomh gréasáin oifigiúil coimeádfaidh ÚEUM liosta de na hurrúsuithe go léir a bhfuil sé fógartha ag na tionscnóirí agus ag na hurraitheoirí ina leith go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26. Déanfaidh ÚEUM gach urrúsú arna bhfógairt mar sin a chur leis an liosta láithreach. Tabharfaidh ÚEUM an liosta cothrom le dáta i gcás ina measfar nach urrúsuithe STS na hurrúsuithe a thuilleadh tar éis do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh chuige sin nó tar éis fógra a fháil ón tionscnóir nó ón urraitheoir. I gcás ina bhfuil smachtbhannaí riaracháin forchurtha ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 32, tabharfaidh sé fógra láithreach do ÚEUM faoin méid sin. Cuirfidh ÚEUM in iúl láithreach ar an liosta go bhfuil údarás inniúil tar éis smachtbhannaí riaracháin a fhorchur i leith an urrúsaithe lena mbaineann.

6.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag SSPE d’fhonn na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála cur chun feidhme chun na teimpléid atá le húsáid chun an fhaisneis dá dtagraítear mír 6 a sholathar.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin18 Iúil 2018.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 28

Comhlíonadh STS á fhíorú ag tríú páirtí

1.   Údaróidh an t-údarás inniúil do thríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 27(2) measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil na critéir STS dá bhforáiltear in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26 á gcomhlíonadh ag na hurrúsuithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní ghearrann an tríú páirtí ach muirir neamh-idirdhealaitheacha agus táillí atá bunaithe ar chostais amháin ar na tionscnóirí, na hurraitheoirí nó ar SSPEnna atá bainteach leis na hurrúsuithe a ndéanann an tríú páirtí measúnú orthu gan idirdhealú a dhéanamh idir na táillí, de réir thorthaí a mheasúnaithe nó i gcomhchoibhneas leo;

(b)

ní eintiteas rialáilte é an tríú páirtí mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ná ní gníomhaireacht rátála creidmheasa é mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, agus ní bhaineann feidhmíocht ghníomhaíochtaí eile an tríú páirtí ó neamhspleáchas ná ó shláine a mheasúnaithe;

(c)

ní chuirfidh an tríú páirtí seirbhís chomhairleach, iniúchóireachta nó seirbhís choibhéiseach de chineál ar bith ar fáil don tionscnóir, don urraitheoir ná do SSPE atá bainteach leis na hurrúsuithe ar a ndéanann an tríú páirtí measúnú;

(d)

tá cáilíochtaí gairmiúla, eolas gairmiúil agus taithí ghairmiúil ag comhaltaí bhord bainistíochta an tríú páirtí atá leordhóthanach do chúram an tríú páirtí agus tá dea-chlú orthu agus tá siad macánta;

(e)

is stiúrthóirí neamhspleácha a bheidh in aon tríú cuid de chomhlacht bainistíochta an tríú páirtí, agus beidh ar a laghad beirt stiúrthóirí neamhspleácha ar an gcomhlacht bainistíochta sin;

(f)

déanann an tríú páirtí gach is gá lena áirithiú nach gcuirfear isteach ar an bhfíorú ar chomhlíonadh STS mar thoradh ar aon choinbhleacht leasa nó aon chaidreamh gnó atá ag baint nó a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tríú páirtí, a gheallsealbhóirí nó a chomhaltaí, nó bainisteoirí, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a chuireann seirbhísí ar fáil don tríú páirtí nó atá faoina smacht. Chun na críche sin, déanfaidh an tríú páirtí córas éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú lena rialófar cur chun feidhme na mbeartas agus na nósanna imeachta d’fhonn coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chosc. I gcás go sainaithnítear coinbhleachtaí leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann, déanfar iad a dhíchur nó a mhaolú agus a nochtadh gan mhoill. Déanfaidh an tríú páirtí nósanna imeachta agus próisis leordhóthanacha a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a dhoiciméadú chun a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar chomhlíonadh STS ar bhonn neamhspleách. Déanfaidh an tríú páirtí faireachán agus athbhreithniú go tréimhsiúil ar na bearta agus ar na nósanna imeachta sin d’fhonn a n-éifeachtúlacht a mheas agus féachaint ar cheart iad a nuashonrú; agus

(g)

féadfaidh an tríú páirtí a thaispeáint go bhfuil coimircí oibriúcháin agus próisis inmheánacha iomchuí aige lenar féidir leis measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh STS.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a aistarraingt nuair a mheasann sé nach gcomhlíonann tríú páirtí an chéad fhomhír ó thaobh ábhair de.

2.   Tabharfaidh tríú páirtí a údaraítear i gcomhréir le mír 1 fógra dá údarás inniúil gan mhoill faoi aon athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoin mhír sin, nó faoi aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go bhféadfadh siad tionchar a imirt ar an measúnú ar a údarás inniúil.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil táillí costas-bhunaithe a ghearradh ar an tríú páirtí dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn an caiteachas riachtanach sin a chumhdach a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar údarú agus le faireachán ina dhiaidh sin ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin a leagtar amach i mír 1.

4.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú do thríú páirtí i gcomhréir le mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 5

MAOIRSEACHT

Airteagal 29

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo is iad na húdaráis inniúla a leanas a dhéanfaidh é a mhaoirsiú i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha ábhartha dlí:

(a)

maidir le gnóthais árachais agus athárachais, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le pointe (10) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(b)

maidir le bainisteoirí cistí infheistíochtaí malartacha, an t-údarás inniúil freagrach arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 44 de Threoir 2011/61/AE;

(c)

maidir le GCUI agus cuideachtaí bainistíochta GCUI, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;

(d)

maidir le hinstitiúidíle haghaidh soláthar scoir ceirde, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 6 de Threoir 2003/41/cé ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(e)

maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta, an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE i ndáil le cúraimí ar leith a thugtar dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

2.   Na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar urraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE i dtaca le cúraimí sonracha a bhronntar air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, déanfaidh siad maoirsiú ar chomhlíonadh na n-urraitheoirí i ndáil leis na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 9 den Rialachán seo.

3.   I gcás inar eintitis mhaoirsithe tionscnóirí, iasachtóirí bunaidh nó SSPEnna i gcomhréir le Treoracha 2003/41/CE, 2009/138/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú de réir na ngníomhartha sin, lena n-áirítear BCE i dtaca le cúraimí sonracha a bhronntar air faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, maoirsiú ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 9 den Rialachán seo.

4.   Maidir le tionscnóirí, iasachtóirí bunaidh nó SSPEnna atá bunaithe san Aontas, nach gcumhdaítear le gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír-3, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibligeáidí a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 9. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil de bhun na míre seo faoin 1 Eanáir 2019. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis na heintitis sin nach bhfuil ach ag díol neamhchosaintí faoi chlár ABCP nó faoi idirbheart nó scéim eile urrúsúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí á dtionscnamh go gníomhach acu ar bhonn rialta chun iad a urrúsú agus chun na críche sin amháin.

5.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEnna i ndáil le hAirteagal 18 go hAirteagal 27, agus ar chomhlíonadh tríú páirithe le hAirteagal 28. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas maidir le hainmniú údarás inniúil de bhun na míre seo faoin 18 Eanáir 2019.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 den Airteagal seo maidir leis na heintitis sin nach bhfuil ach ag díol neamhchosaintí faoi chlár ABCP nó faoi idirbheart nó scéim eile urrúsúcháin agus nach bhfuil neamhchosaintí á dtionscnamh go gníomhach acu ar bhonn rialta chun iad a urrúsú agus chun na críche sin amháin. Sa chás sin, fíoróidh an tionscnóir nó an t-urraitheoir go gcomhlíonann na heintitis sin na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 18 go hAirteagal 27.

7.   Áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18 go hAirteagal 27 den Rialachán seo i bhfeidhm agus go ndéanfar iad a fhorfheidhniú i gcomhréir leis na cúraimí agus na cumhachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé a chuid cumhachtaí idirghabhála sealadacha i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

8.   Foilseoidh ÚEUM liosta de na húdaráis inniúla dá dtagraítear san Airteagal seo ar a shuíomh gréasáin agus coinneoidh sé an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 30

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo ag an údarás inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29(1) go (5).

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú go rialta ar na socruithe, próisis agus sásraí atá curtha chun feidhme ag tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh chun an Rialachán seo a chomhlíonadh.

Áireofar an méid seo a leanas go háirithe leis an athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

na próisis agus na sásraí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a thomhas i gceart agus a chaomhnú ar bhonn leanúnach, bailiú agus nochtadh tráthúil na faisnéise uile a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7 agus na critéir maidir le creidmheas a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 9.

(b)

i gcás urrúsuithe STS nach urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear go gcomhlíonfar Airteagal 20(7) go (12), Airteagal 21(7), agus Airteagal 22; agus

(c)

i gcás urrúsuithe STS ar urrúsuithe laistigh de chlár ABCP iad, na próisis agus na sásraí lena n-áirithítear, maidir le hidirbhearta ABCP, go gcomhlíonfar comhlíonadh ceanglais Airteagal 24 agus, maidir le cláir ABCP, go gcomhlíonfar na ceanglais i gcomhréir le hAirteagal 26(7) agus (8).

3.   Ceanglóidh na húdaráis inniúla go ndéanfar meastóireacht agus go dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a eascraíonn as idirbhearta urrúsúcháin, lena n-áirítear rioscaí do chlú, trí bhearta iomchuí agus nósanna imeachta iomchuí de chuid tionscnóirí, urraitheoirí, SSPEnna agus iasachtóirí bunaidh.

4.   Mar chuid dá mhaoirseacht stuamachta i réimse an urrúsúcháin, déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán, de réir mar is infheidhme, ar an tiochar sonrach a imríonn rannpháirtíocht sa mhargadh urrúsúcháin ar chobhsaíocht na hinstitiúide airgeadais sin a fheidhmíonn mar iasachtóir bunaidh nó mar thionscnóir, urraitheoir nó infheisteoir agus cuirfidh sé an méid seo a leanas san áireamh, gan dochar do rialáil earnálach níos déine:

(a)

méid na maolán caipitil;

(b)

méid na maolán leachtachta agus;

(c)

an riosca leachtachta d’infheisteoirí mar gheall ar neamhréir aibíochta idir a gcuid maoinithe agus infheistíochtaí.

I gcásanna ina n-aithneoidh an t-údarás inniúil riosca ábhartha do chobhsaíocht airgeadais institiúid airgeadais nó don chóras airgeadais ina iomlán, beag beann ar a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 36, gníomhóidh sé chun na rioscaí sin a mhaolú, tuairisceoidh sé a thorthaí don údarás ainmnithe atá inniúil maidir le hionstraimí stuamachta ar an macraileibhéal faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus don BERS.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar aon dul timpeall a d’fhéadfaí go ndéanfaí ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(2) agus áiritheoidh sé go gcuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm mar gheall ar aon mhí-úsáid i gcomhréír le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33.

Airteagal 31

Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar an margadh urrúsúcháin

1.   Faoi theorainneacha a shainordaithe, beidh an BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ar mhargadh urrúsúcháin an Aontais.

2.   D’fhonn cabhrú chun na rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais san Aontas a eascraíonn ó fhorbairtí laistigh den chóras airgeadais a chosc nó a mhaolú, agus forbairtí maicreacnamaíocha á gcur san áireamh, déanfaidh BERS faireachán leanúnach ar fhorbairtí sa mhargadh urrúsúcháin ar mhaithe le tréimhsí a sheachaint ina mbeadh anás airgeadais go forleathan. I gcás ina measann BERS gur gá sin, nó ar a laghad gach 3 bliana, foilseoidh BERS tuarascáil ar na himpleachtaí, i dtaca le cobhsaíocht airgeadais, don mhargadh urrúsúcháin, i ndlúthchomhar le ÚBE, d’fhonn béim a leagan ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais. Má fheictear go bhfuil rioscaí ábhartha ann, tabharfaidh BERS rabhaidh agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí don Choimisiúin, do na ÚEManna agus do na Ballstáit maidir le bearta feabhais mar fhreagairt ar na rioscaí sin de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, lena n-áirítear i dtaca lena iomchuí a bheadh sé na leibhéil coinneála riosca a athrú nó maidir le bearta stuamachta eile ar an macrileibhéal a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, cuirfidh an Coimisiún, na ÚEManna agus na Ballstáit na bearta a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh in iúl do BERS, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus tabharfaidh siad údar leordhóthanach le haon easpa gníomhaíochta laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an moladh a tharchuir chuig na seolaithr.

Airteagal 32

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur de bhun Airteagal 34, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin iomchuí, i gcás sárú a dhéantar d’aon ghnó nó le faillí, agus bearta feabhais a bheidh infheidhme ar a laghad i gcásanna:

(a)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 a chomhlíonadh;

(b)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh;

(c)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó iasachtóir bunaidh na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chomhlíonadh;

(d)

inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 a chomhlíonadh;

(e)

inar ainmníodh urrúsú mar STS agus inar mhainnigh tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsaithe sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 a chomhlíonadh.

(f)

ina dtugann tionscnóir nó urraitheoir fógra míthreorach de bhun Airteagal 27(1).

(g)

inar mhainnigh tionscnóir nó urraitheoir na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27(4) a chomhlíonadh; nó

(h)

inar mhainnigh tríú páirtí atá údaraithe de bhun Airteagal 28 fógra a thabhairt faoi athruithe ábhartha ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1), nó ar aon athruithe eile a bhféadfaí a mheas le réasún go ndéanann siad tionchar a imirt ar mheasúnú a údaráis inniúil.

Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear smachtbhannaí riaracháin agus/nó bearta feabhais chun feidhme go héifeachtach.

Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d’údaráis inniúla na smachtbhannaí agus na bearta seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 37;

(b)

ordú ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)

toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tionscnóra, an urraitheora nó SSPE nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den chineál sin;

(d)

i gcás sáraithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) nó (f) de mhír 1 den chéad fhomhír den Airteagal seo toirmeasc sealadach ar an tionscnóir agus ar an urraitheoir ó chur in iúl faoi Airteagal 27(1), go gcomhlíonann urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26;

(e)

i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Eanáir 2018;

(f)

i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 17 Eanáir 2018, nó suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta; i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), is éard a bheidh sa ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh;

(g)

smachtbhannaí airgid riaracháin uasta de ar a laghad dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (e) agus i bpointe (f); agus

(h)

i gcás an tsáraithe amhail dá dtagraítear i bpointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, aistarraingt shealadach an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 28 don tríú páirtí atá údaraithe chun a sheiceáil an bhfuil Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag urrúsú.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le daoine dlítheanacha, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta feabhais dá bhforáiltear in i mír 2 a chur i bhfeidhm ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus ar dhaoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí naisiúnta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais a leagtar amach i mír 2 a fhorchur, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

Airteagal 33

Feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 32 a fheidhmiú i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta dlí, de réir mar is iomchuí:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

faoina bhfreagracht trí tharmligean d’údaráis eile;

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Agus cineál agus leibhéal an smachtbhanna riaracháin nó an bhirt feabhais a fhorchuirfear faoi Airteagal 32 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an d’aon ghnó nó de thoradh ar fhaillí a dhéantar an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, iad seo a leanas:

(a)

ábharthacht, tromaíocht agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f)

leibhéal comhoibrithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá faoi aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)

sáruithe roimhe sin a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 34

Smachtbhannaí coiriúla

1.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta feabhais i gcás sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta.

2.   I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i gcás an tsáraithe dá dtagraítear in Airteagal 32(1), áiritheoidh sé go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, ionchúisimh, nó ceartais choiriúil laistigh dá ndlínse, chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 32(1) agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM, do ÚBE agus do ÚEÁPC chun a ndualgas maidir le comhoibriú a chomhlíonadh chun críche an Rialacháin seo.

Airteagal 35

Dualgais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na ndlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme, lena n-áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil, don Choimisiún, ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC faoin 18 Eanáir 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC gan mhoill mhíchuí faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

Airteagal 36

Comhar idir na hudaráis inniúla agus na hESAnna

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 29 agus ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC go dlúth lena chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin chun a ndualgais de bhun Airteagal 30 go hAirteagal 34 a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dlúth-chomhordú ar mhaoirseacht d’fhonn sáruithe ar an Rialacháin seo a shainaithint agus a leigheas, dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, comhar a éascú, comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus measúnuithe trasdlínse a chur ar fáil i gcás aon easaontuithe.

3.   Bunófar coiste urrúsúcháin ar leith faoi chuimsiú chomhchoiste na nÚdarás Eorpach Maoirseachta, ina mbeidh dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla, d’fhonn a gcuid dualgas a dhéanamh de bhun Airteagal 30 go hAirteagal 34.

4.   I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil amach gur sáraíodh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais faoi Airteagal 6 go hAirteagal 27 nó ina bhfuil cúis aige é sin a chreidiúint, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a maoirseacht a dhlúthchomhordú d’fhonn cinntí comhsheasmhacha a áirithiú.

5.   Ina theannta sin, má bhaineann an sárú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, go sonrach, le fógra mícheart nó míthreorach de bhun Airteagal 27(1), tabharfaidh an t-údarás inniúil a thagann ar an sárú sin fógra faoina thorthaí d’údarás inniúil an eintitis a ainmníodh mar an chéad phointe teagmhála faoi Airteagal 27(1). Ar a uain, cuirfidh údarás inniúil an eintitis a ainmníodh mar an chéad phointe teagmhála faoi Airteagal 27(1) ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC ar an eolas agus leanfaidh sé an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 6 den Airteagal seo.

6.   Tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh údarás inniúil an eintitis a bhfuil amhras faoi maidir leis an sárúaon bheart is gá, laistigh de 15 lá oibre, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a sainaithníodh agus tabharfaidh sé fógra do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, go háirithe údaráis inniúla an tionscnóra, an urraitheora, agus SSPE agus údaráis inniúla sealbhóra suímh urrúsúcháin, nuair is eol cé hiad. I gcás go n-easaíontaíonn údarás inniúil le húdarás inniúil eile i ndáil leis an nós imeachta nó lena ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, cuirfidh sé sin in iúl do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, gan aon mhoill mhíchuí. Mura réiteofar an t-easaontas sin laistigh de thrí mhí ón dáta a dtabharfar fógra do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, cuirfear an cheist ar aghaidh chuig BERS i gcomhréir le hAirteagal 19 agus, i gcás inarb iomchuí, le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mí amháin a bheidh sa tréimhse idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás nach bhféadfaidh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 1 mhí. Le linn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, measfar i gcónaí gur STS de bhun Chaibidil 4 den Rialachán seo urrúsú a bheidh le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 den Rialachán seo agus coimeádfar ar an liosta sin é.

I gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann go mbaineann an sárú le neamh-chomhlíonadh Airteagal 18 de mheon macánta, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse suas le 3 mhí a thabhairt don tionscnóir, don urraitheoir agus do SSPE leis an sárú a aithníodh a leigheas, agus cuirfear tús leis an tréimhse sin an lá a gcuireann an t-údarás inniúil an tionscnóir, an t-urraitheoir nó SSPE ar an eolas faoin sárú. Le linn na tréimhse sin, leanfar d’urrúsú atá ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 27 a mheas mar STS de bhun Chaibidil 4 agus déanfar iad a choimeád ar an liosta sin.

I gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann den tuairim nach ndearnadh an sárú a leigheas mar ba chuí laistigh den tréimhse a leagtar amach sa tríú fomhír í, beidh feidhm ag an chéad fhomhír.

7.   Trí bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar chur chun feidhme na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19 go hAirteagal 26 den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an oibleagáid ghinearálta maidir le comhoibriú agus an fhaisnéis a bheidh le malartú faoi mhír 1 agus na hoibleagáidí fógraí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Eanáir 2019.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 37

Foilsiú na smachtbhannaí riaracháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, gan aon mhoill mhíchuí agus ar a laghad, aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nach bhfuil aon achomharc ina choinne agus a fhorchuirtear i gcás sárú ar Airteagail 6, 7, 9 nó 27(1) tar éis fógra a thabhairt do sheolaí an smachtbhanna faoin gcinneadh sin.

2.   San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi chineál agus nádúr an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach as agus faoi na smachtbhannaí a forchuireadh.

3.   I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó céannacht agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú cás ar chás a dhéanamh, nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe coiriúla leanúnacha i mbaol leis an bhfoilsiú nó más rud é go ndéanfaí, a mhéad a fhéadfar a chinneadh, díobháil neamhréireach don duine lena mbaineann mar thoradh ar an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

moill a chur ar fhoilsiú an chinnidh maidir leis an smachtbhanna riaracháin a fhorchur go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;

(b)

an cinneadh lena bhforchuirtear an smachtbhanna riaracháin a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó

(c)

gan an cinneadh maidir le smachtbhanna riaracháin a fhorchur a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás ina meastar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol; nó

(ii)

comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

4.   I gcás ina ndéanfar cinneadh smachtbhanna a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar. I gcás ina bhfoilseoidh údarás inniúil cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin a bhfuil achomharc ina choinne os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin a fhoilsiú in áit na mbonn ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin.

5.   Áiritheoidh na h údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

6.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin go léir a forchuireadh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, aon achomharc lena mbaineann agus toradh an achomhairc sin.

7.   Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach de smachtbhannaí riaracháin a chuirtear in iúl dó. Ní bheidh an bunachar sonraí sin inrochtana ach amháin ag ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC agus na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil i gcomhréir le mír 6.

CAIBIDIL 6

LEASUITHE

Airteagal 38

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50a de Threoir 2009/65/CE:

“Airteagal 50a

I gcás go mbeidh neamhchosaint ag cuideachtaí bainistíochta GCUI nó GCUIanna a bhainistítear go hinmheánach ar urrúsú nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), gníomhóidh siad ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí sa GCUI ábhartha agus déanfaidh siad gníomhaíocht ceartaitheach, más iomchuí.

Airteagal 39

Leasú ar Threoir 2009/138/CE

Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 135, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 301a den Treoir seo lena bhforlíontar an Treoir seo trí na sonraíochtaí a leagan síos maidir leis na cúinsí faoina bhféadfar muirear caipitil breise comhréireach a fhorchur i gcás inar sáraíodh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 5 nó Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), gan dochar d’Airteagal 101(3) den Treoir seo.

3.   Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú i ndáil le mír 2 den Airteagal seo, forbróidh ÚEÁPC, faoi réir Airteagal 301b, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na modheolaíochtaí maidir le muirear caipitil breise comhréireach dá dtagraítear ann a ríomh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.”

(*2)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017. Ich. 35)”"

(2)

scriostar Airteagal 308b(11).

Airteagal 40

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar seo a leanas:

(1)

In aithris 22 agus in aithris 41, in Airteagal 8c agus i bpointe 1 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, cuirtear “ionstraim urrúsúcháin” in ionad “ionstraim airgeadais struchtúraithe”.

(2)

In aithris 34 agus aithris 40, in Airteagal 8(4), 8c, Airteagal 10(3) agus Airteagal 39(4) chomh maith leis an cúigiú fomhír de phointe 2 de Roinn A d’Iarscríbhinn I, teideal agus pointe 2 de Chuid II de Roinn D d’Iarscríbhinn I, pointí 8, 24 agus 45 de Chuid I d’Iarscríbhinn III agus pointe 8 de Chuid III d’Iarscríbhinn III cuirtear “ionstraimí urrúsúcháin” in ionad “ionstraimí airgeadais struchtúraithe”.

(3)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír

“Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’eisitheoirí, agus do thríú páirtithe gaolmhara atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí urrúsúcháin.”

(4)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

ciallaíonn “ionstraim urrúsúcháin” ionstraim airgeadais nó sócmhainní eile a eascraíonn ó idirbheart nó scéim urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 [Rialachán urrúsúcháin].”

(5)

scriostar Airteagal 8b.

(6)

i bpointe (b) d’Airteagal 4(3), i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 5(6) agus in Airteagal 25a, scriostar an tagairt d’Airteagal 8b.

Airteagal 41

Leasú ar Threoir 2011/61/AE

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 de Threoir 2011/61/AE:

“Airteagal 17

“I gcás go mbeidh neamhchosaint ag AIFManna ar urrúsú nach gcomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), gníomhóidh siad ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí sna AIFManna ábhartha agus déanfaidh siad gníomhaíocht ceartaitheach, más iomchuí.”

Airteagal 42

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(30)

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” banna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”

(31)

ciallaíonn “eintiteas banna faoi chumhdach” eisitheoir an bhanna faoi chumhdach nó comhthiomsú cumhdaigh banna faoi chumhdach.”

(2)

in Airteagal 4, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a thabharfar i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó a chuirfear i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (*4) ar choinníoll:

(a)

i gcás eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, nach n-eiseoidh an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin ach urrúsuithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin];

(b)

nach n-úsáidfear an conradh díorthach thar an gcuntar ach chun neamhréireanna ráta úis nó airgeadra a fhálú faoin mbanna faoi chumhdach nó urrúsú; agus

(c)

go maolóidh na socruithe faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú riosca creidmheasa contrapháirtí go leordhóthanach i ndáil leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thug an t-eintiteas banna faoi chumhdach nó an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i gcrích i dtaca leis an mbanna faoi chumhdach nó an t-urrúsú.

6.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, agus an riachtanas atá ann arbatráiste rialála a chosc á chur san áireamh, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar critéir chun a chinneadh céard iad na socruithe faoi bhannaí faoi chumhdach nó urrúsuithe a mhaolaíonn go riosca creidmheasa contrapháirte go leordhóthanach, de réir bhrí mhír 5.

Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(*4)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, Ich. 35)”"

(3)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

“15.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh, atá riachtanach chun go gcomhlíonfar mír 3;

(b)

na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;

(c)

na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.

Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú.

Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Eanáir 2018.

Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”

Airteagal 43

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hurrúsuithe a n-eiseofar na hurrúis a bhaineann leo ar 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin, faoi réir mhír 7 agus 8.

2.   I dtaca le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh 1 Eanáir 2019, féadfaidh tionscnóirí, urraitheoirí agus SSPEanna an t-ainmniú “STS” nó “simplí trédhearcach caighdeánaithe” a úsáid nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin, i gcás go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18 agus na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, agus sa chás sin amháin.

3.   Measfar gur “STS” iad urrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh an 1 Eanáir 2019, seachas suíomhanna urrúsúcháin a bhaineann le hidirbheart nó clár ABCP, más fíor an méid seo a leanas:

(a)

gur chomhlíon siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20(1) go (5), (7) go (9) agus (11) go (13) agus Airteagal 21(1) agus (3), tráth eisiúna na n-urrúsuithe sin; agus

(b)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 20(6) agus (10), Airteagal 21(2) agus Airteagal 21(4) go (10) agus Airteagal 22(1) go (5), tráth a dtugtar an fhógra de bhun Airteagal 27(1) agus ó shin i leith.

4.   Chun críocha phointe (b) de mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

in Airteagal 22(2), meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1) faoi na hurrúis” in ionad “sula n-eisítear na hurrúis”;

(b)

in Airteagal 22(3)’ meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),” in ionad “roimh phraghsáil an urrúsaithe”;

(c)

in Airteagal 22(5):

(i)

sa dara habairt, meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),”in ionad “roimh an bpraghsáil”;

(ii)

meastar go léitear “sula dtabharfar fógra faoi Airteagal 27(1),” in ionad “roimh an bpraghsáil i bhfoirm dréachta nó i bhfoirm thosaigh”;

(iii)

ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa cheathrú habairt;

(iv)

forléireofar na tagairtí do chomhlíonadh Airteagal 7 amhail is dá mbeadh feidhm ag Airteagal 7 i gcás na n-urrúsuithe sin, d’ainneoin Airteagal 43(1).

5.   I ndáil le hurrúsuithe ar eisíodh na hurrúis a bhain leo an 1 Eanáir 2011, nó ina dhiaidh sin, ach roimh an 1 Eanáir 2019 agus i ndáil le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh an 1 Eanáir 2011 i gcás inar cuireadh neamhchosaintí foluiteacha nua leo nó in ionad cinn eile iontu tar éis an 31 Nollaig 2014, leanfaidh na ceanglais díchill chuí dá bhforáiltear in Airteagal i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/35 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 213/2013 faoi seach sa leagan díobh is infheidhme an 31 Nollaig 2018 d’fheidhm a bheith acu.

6.   I dtaca le hurrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis roimh 1 Eanáir 2019 institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) agus (2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthais árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE, gnóthais athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFManna) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE iad, leanfaidh siad orthu d’Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Caibidil I, Caibidil II agus Caibidil III agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014, Airteagal 254 agus Airteagal 255 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 agus Airteagal 51 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 231/2013 ón gCoimisiún faoi seach a chur i bhfeidhm sa leagan díobh is infheidhme an 31 Nollaig 2018.

7.   Go dtí go mbeidh na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6(7) den Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh urraitheoirí nó an t-iasachtóir bunaidh chun críocha na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, Caibidil I, i gCaibidil II agus i gCaibidil III agus in Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 a chur i bhfeidhm ar urrúsuithe a n-eiseofar na hurrúis a bhaineann leo an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin

8.   Go dtí go mbeidh na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(3) den Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh tionscnóirí, urraitheoirí, agus SSPEnna, chun críocha na n-oibleagáidí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (e) dá dtgraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) den Rialachán seo, an fhaisnéis dá dtgraítear in Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VIII de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/3 a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7 (2) den Rialachán seo.

9.   Chun críche an Airteagail seo, i gcás urrúsuithe nach mbaineann le hurrúsuithe a eisiúint, meastar go gciallaíonn “urrúsuithe ar eisíodh a n-urrúis”“urrúsuithe ar cruthaíodh na chéad suíomhanna urrúsúcháin dóibh”, ar an gcoinníol go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo i gcás aon urrúsuithe a chruthaíonn suíomhanna nua urrúsúcháin ar 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin.

Airteagal 44

Tuarascálacha

Faoin 1 Eanáir 2021 agus gach 3 bliana uaidh sin ar aghaidh, foilseoidh Comhchoiste na ÚEManna tuarascáíl maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme na gceanglas STS dá bhforáiltear in Airteagal 18 go 27 iad;

(b)

measúnú ar na gníomhartha atá déanta ag údaráis inniúla, ar rioscaí ábhartha agus ar leochaileachtaí nua a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn agus ar ghníomhartha rannpháirtithe margaidh chun tuilleadh caighdeánaithe a dhéanamh ar dhoiciméadacht urrúsúcháin;

(c)

feidhmiú na gceanglas díchill chuí dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus na gceanglas trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus leibhéal trédhearcachta an mhargaidh urrúsúcháin san Aontas, lena n-áirítear maidir lenar leor na ceanglais trédhearcachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 chun forléargas leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis inniúla ar an margadh lena gcuid sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh;

(d)

na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6, lena n-áirítear go gcomhlíonfadh rannpháirtithe sa mhargadh an tAirteagal sin agus na módúlachtaí coinneála riosca de bhun Airteagal 6(3).

Airteagal 45

Urrúsuithe sintéiseacha

1.   Faoin 2 Iúil 2019, foilseoidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, tuarascáil maidir lena indéanta a bheadh sé creat sonrach a bhunú d’urrúsú sintéiseach a bheadh simplí trédhearcach caighdeánaithe agus a bheadh teoranta d’urrúsú sintéiseach an chláir comhardaithe.

2.   Faoin 2 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar bhonn na tuarascála EBA dá dtagraítear i mír 1, maidir le creat sonrach a chruthú d’urrúsú sintéiseach simplí trédhearcach caighdeánaithe, a bheadh teoranta d’urrúsú sintéiseach an chláir comhardaithe, mar aon le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 46

Athbhreithniú

Faoin 1 Eanáir 2022 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

Measfar go háirithe, sa tuarascáil sin, torthaí na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 44, agus déanfar an méid seo a leanas a mheas inti:

(a)

tionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear an t-ainmniúchán urrúsúcháin STS a thabhairt isteach, ar fheidhmiú an mhargaidh d’urrúsuithe san Aontas, an méid a chuireann urrúsú leis an bhfíorgheilleagar, go háirithe ar rochtain ar chreidmheas do FBManna agus ar infheistíochtaí, agus idirnascthacht idir institiúidí airgeadais agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais;

(b)

na difríochtaí idir úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), bunaithe ar na sonraí arna dtuaraisciú de bhun phointe (e)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 7 (1). Má léirítear sna torthaí go bhfuil méadú ar na rioscaí stuamachta de bharr úsáid na módúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) agus (e) d’Airteagal 6(3), ba cheart féachaint le cúiteamh cuí a chur ar fáil;

(c)

an é go raibh ardú neamhréireach i líon na n-idirbheart dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7, ó cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm agus an ndearna rannpháirtithe sa mhargadh idirbhearta a struchtúrú ar bhealach ar leith chun dul timpeall ar an oibleagáid faoi Airteagal 7 go gcuirfí faisnéis ar fáil trí stórtha urrúsúcháin;

(d)

an gá na ceanglais maidir le nochtadh faoi Airteagal 7 a leathnú chun na hidirbhearta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(2) agus seasaimh infheisteoirí a chumhdach;

(e)

an bhféadfaí córas coibhéise a thabhairt isteach, i réimse na n-urrúsuithe STS, do thionscnóirí, d’urraitheoirí agus SSPEnna tríú tír, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse na n-urrúsuithe, go háirithe tionscnaimh maidir le hurrúsuithe simplí, trédhearcacha inchomparáide;

(f)

cur chun feidhme na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 22(4) agus an é gur gá iad a leathnú chuig urrúsuithe nach iasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna gluaisteáin iad a neamhchosaintí foluiteacha, d’fhonn nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais a phríomhshruthú;

(g)

a iomchuí atá an córas fíorúcháin tríú páirtí dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus Airteagal 28, agus cibé a chothaítear go leor iomaíochais i measc tríú páirtithe leis an gcóras údarúcháin do thríú páirtithe dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus an meastar an gá athruithe a dhéanamh ar an gcreat maoirseachta d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú; agus

(h)

an bhfuil gá leis an gcreat maidir le hurrúsuithe a leagtar amach leis an Rialachán seo a chomhlánú trí chóras banc ar cheadúnas teoranta a bhunú, a dhéanfadh feidhmeanna SSPEnna agus a mbeadh an ceart eisiach aige neamhchosaintí a cheannach ó thionscnóirí agus éilimh arna mbunú ar na neamhchosaintí a ceannaíodh a dhíol le hinfheisteoirí.

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 17 Eanáir 2018.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 219, 17.6.2016, lch. 2.

(2)  IO C 82, 3.3.2016, lch. 1.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Samhain 2017.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(10)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(11)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannas Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013. lch. 63).

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(15)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 625/2014 an 13 Márta 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na riachtanais a bhaineann leis an tionscnóir, an urraitheoir, an iasachtóir bunaidh agus institiúidí tionscnóra i dtaca le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa aistrithe (IO L 174, 13.6.2014, lch. 16).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 231/2013 an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí, coinníollacha ginearálta oibríochta, taiscí, luamhánú, trédhearcacht agus le maoirseacht (IO L 83, 22.3.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 2015/3 an 30 Meán Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le nochtadh i gcás ionstraimí airgeadais struchtúraithe (IO L 2, 6.1.2015, lch. 57).

(23)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(24)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(25)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(26)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(28)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2015/2365 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(31)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 le creat a bhunú um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoir 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(33)  Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um sholáthar scoir cheirde. (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(35)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


28.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

81


RIALACHÁN (AE) 2017/2403 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 (3) ón gComhairle (“FAR”) córas a bhaineann le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais agus leis an rochtain a bhíonn ag soithí tríú tír ar uiscí an Aontais.

(2)

Is páirtí conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (4) (UNCLOS) agus dhaingnigh sé Comhaontú na Náisiún Aontaithe an 4 Lúnasa 1995 maidir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach a chur chun feidhme (5). Leagtar amach sna forálacha idirnáisiúnta sin an prionsabal go gcaithfidh na stáit ar fad bearta iomchuí a ghlacadh chun bainistiú inbhuanaithe agus caomhnú acmhainní muirí a áirithiú agus go gcaithfidh siad comhoibriú le chéile chuige sin.

(3)

Ghlac an tAontas le Comhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn an 24 Samhain 1993 ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (6). Sonraítear sa Chomhaontú sin go bhfuil páirtí conarthach le staonadh ó údarú a thabhairt i leith soitheach a úsáid le haghaidh iascaireacht ar an mórmhuir mura gcomhlíontar coinníollacha áirithe, agus go bhfuil an páirtí conarthach sin le smachtbhannaí a chur chun feidhme mura gcomhlíontar oibleagáidí áirithe maidir le tuairisciú.

(4)

D’fhormhuinigh an tAontas Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta FAO, a glacadh in 2001, maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (“PGI-NNN”). Le PGI-NNN agus Treoirlínte Deonacha FAO i ndáil le feidhmíocht stáit brataí, a formhuiníodh in 2014, leagtar béim ar fhreagracht an Stáit brataí caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe beo-acmhainní muirí agus éiceachórais mhuirí a áirithiú. Foráiltear in PGI-NNN gur cheart do Stát brataí údaruithe a eisiúint do shoithí faoi bhratach an Stáit sin atá ag iarraidh iascaireacht a dhéanamh in uiscí lasmuigh dá cheannasacht nó dá dhlinse. Moltar, freisin, sna Treoirlínte Deonacha sin go dtabharfadh an Stát brataí agus an Stát cósta údarú i gcás ina ndéantar na gníomhaíochtaí iascaireachta faoi chuimsiú comhaontú rochtana iascaigh nó, fiú, i gcás gníomhaíochtaí iascaireachta nach dtagann faoi chuimsiú comhaontú den sórt sin. Ba cheart don dá Stát sin a bheith sásta nach mbainfidh gníomhaíochtaí den sórt sin d’inbhuanaitheacht na stoc in uiscí an Stáit cósta.

(5)

In 2014, ghlac comhaltaí uile FAO, lena n-áirítear an tAontas agus a thíortha comhpháirtíochta ar tíortha i mbéal forbartha iad, na Treoirlínte Deonacha maidir le hIascaigh Inbhuanaithe ar mhionscála a Áirithiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta. Léiríonn pointe 5.7 de na Treoirlínte sin gur cheart aird chuí a thabhairt ar an iascaigh ar mhionscála sula ndéantar comhaontuithe faoi rochtain ar acmhainní le tríú tíortha agus tríú páirtithe. Iarrtar leis na Treoirlínte sin go nglacfaí bearta maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú go fadtéarmach agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus bunús éiceolaíoch a áirithiú don táirgeadh bia, agus béim á leagan ar thábhacht caighdeán comhshaoil do ghníomhaíochtaí iascaireachta lasmuigh d’uiscí an Aontais a bhfuil cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh, chomh maith le cur chuige an réamhchúraim, mar chuid díobh.

(6)

Má tá fianaise ar fáil nach bhfuil coinníollacha ar eisíodh údarú iascaireachta ar a mbonn á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart don Bhallstát brataí gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus, más gá, smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur. In iascaigh atá faoi eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh (“RFMO”) nó Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (“SFPA”), mura gcomhlíonfaidh bád iascaigh de chuid an Aontais na coinníollacha le haghaidh údarú iascaireachta agus má mhainníonn an Ballstát gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh leis an gcás a leigheas, fiú tar éis don Choimisiún a cheangal orthu é sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún teacht ar an tátal nach ndearnadh gníomhaíocht iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun a áirithiú nach ndéanfadh an soitheach lena mbaineann iascaireacht fad nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh.

(7)

Thug an tAontas gealltanas ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe ar an 25 Meán Fómhair 2015 go gcuirfí chun feidhme an rún ina bhfuil an doiciméad deiridh dar teideal “Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development”, lena n-áirítear Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14, arb é “na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh forbairt inbhuanaithe”, chomh maith le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12, arb é “patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a áirithiú” agus na fospriocanna a ghabhann leo.

(8)

Is é cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI), mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an “bun-Rialachán”), a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de agus go ndéantar iad a bhainistiú sa chaoi is go mbainfear amach leasanna eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta, go ndéanfar stoic éisc a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéal inar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad leis an soláthar bia. Tá sé riachtanach freisin, agus an beartas sin á chur chun feidhme, go gcuirfí san áireamh cuspóirí an chomhair um fhorbairt i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 208(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).

(9)

Ceanglaítear leis an mbun-Rialachán go dteorannófar SFPAnna chuig barrachas gabhála, dá dtagraítear in Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS.

(10)

Sa bhun-Rialachán, leagtar béim ar an ngá le cuspóirí an CBI a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, chun a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais taobh amuigh d’uiscí an Aontais bunaithe ar na prionsabail agus ar na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, agus go mbeidh cothroime iomaíochta ann d’oibreoirí an Aontais agus d’oibreoirí tríú tír.

(11)

Ba é aidhm FAR bonn coiteann a leagan síos chun na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais lasmuigh d’uiscí an Aontais a údarú d’fhonn tacú leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (“NNN”), agus rialú agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar chabhlach an Aontais ar fud an domhain agus ar na coinníollacha lena n-údaraítear soithí tríú tír a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

(12)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 (8) ón gComhairle (“Rialachán NNN”) maidir le hiascaireacht ag an am céanna le FAR agus glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (9) ón gComhairle (“an Rialachán um Rialú”) bliain ina dhiaidh sin. Is iad na trí Rialachán sin trí cholún cur chun feidhme fhorálacha an CBI maidir le rialú agus forfheidhmiú.

(13)

Mar sin féin, níor cuireadh Rialachán NNN, FAR agus an Rialachán um Rialú chun feidhme go comhleanúnach; bhí míréireachtaí ann go háirithe idir FAR agus an Rialachán um Rialú. Nuair a bhí FAR á chur chun feidhme, ba léir freisin go raibh roinnt easnamh ann sa mhéid is nár cumhdaíodh dúshláin áirithe maidir le rialú, amhail cairtfhostú, soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile agus údaruithe iascaireachta a eisíonn údarás inniúil tríú tír do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais nach dtagann faoi chuimsiú SFPA (“údaruithe díreacha”) a eisiúint. Chomh maith leis sin, bhí deacracht ann le cuid de na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus leis na róil riaracháin a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

(14)

Is é príomhphrionsabal an Rialacháin seo go mbeadh údarú faighte óna Bhallstát brataí ag aon soitheach de chuid an Aontais a théann ag iascaireacht lasmuigh d’uiscí an Aontais agus go ndéanfaí faireachán cuí ar an soitheach sin dá réir, beag beann ar an áit a n-oibríonn sé agus ar an gcreat faoina n-oibríonn sé. Níor cheart an t-údarú sin a eisiúint ach ar choinníoll go bhfuil tacar bunúsach de chomhchritéir incháilitheachta á gcomhlíonadh. Maidir leis an bhfaisnéis a bhailíonn na Ballstáit agus a chuireann siad ar fáil don Choimisiún, ba cheart go ligfeadh sí don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh, tráth ar bith, san fhaireachán a dhéantar ar na hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta uile an Aontais i limistéar ar bith lasmuigh d’uiscí an Aontais.

(15)

Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le beartas seachtrach iascaigh an Aontais i dtaca le coinníollacha agus téarmaí SFPAnna agus an dúthracht a chaitear leis na forálacha a fhorfheidhmiú. Mar sin, ba cheart go mbeadh sé ina chuspóir tosaíochta i mbeartas seachtrach iascaigh an Aontais leasanna an Aontais a choimirciú i dtaca le cearta agus coinníollacha rochtana faoi chuimsiú SFPAnna agus ba cheart coinníollacha comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí an Aontais lasmuigh de raon feidhme SFPAnna.

(16)

D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag soithí tacaíochta ar an gcaoi ar féidir le soithí iascaireachta a n-oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh agus ar an méid iasc is féidir leo a ghabháil. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, iad a chur san áireamh sna próisis um údarú agus sna próisis maidir le tuairisciú a leagtar amach sa Rialachán seo.

(17)

Tagann fadhb chun cinn i gcás oibríochtaí maidir le soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile nuair is é is cuspóir leo teacht timpeall ar rialacha CBI nó ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta atá ann cheana. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, bheith in ann na hoibríochtaí sin a shainiú, a bhrath agus bac a chur orthu. Ba cheart a áirithiú gur féidir soitheach a rianú agus go ndéantar cúram cuí i dtaobh chomhlíonadh na rialacha ag an soitheach a áirithiú fad saolré soithigh i gcás soitheach ar le hoibreoir de chuid an Aontais é beag beann ar an mbratach nó ar na bratacha faoina n-oibríonn sé. Ba cheart go mbeadh an fheidhm chéanna ag an gceanglas go dtabharfadh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) uimhir uathúil soithigh do shoithí i gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais go ndéanfaí amhlaidh.

(18)

In uiscí tríú tír, féadfaidh soithí de chuid an Aontais oibriú faoi fhorálacha SFPAnna a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríu tíortha nó trí údaruithe díreacha iascaireachta a fháil ó thríú tíortha mura bhfuil aon SFPA i bhfeidhm. Sa dá chás sin, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe trédhearcach. Féadfaidh Ballstáit bhrataí na soithí atá faoina mbratach a údarú chun údaruithe díreacha a lorg agus a fháil ó thríú tíortha ar stáit chósta iad, de réir tacar sainithe critéar agus faoi réir faireacháin. Ba cheart an ghníomhaíocht iascaireachta a údarú a luaithe agus atá an Ballstát brataí sásta nach mbainfidh an ghníomhaíocht sin den inbhuanaitheacht agus nuair nach ndéanann an Coimisiún aon agóid a bhfuil údar cuí léi. Níor cheart cead a thabhairt don oibreoir tús a chur lena oibríocht iascaireachta go dtabharfaidh an Ballstát brataí agus an stát cósta araon údarú dó.

(19)

Níl cead ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí atá faoi dhlínse nó faoi cheannasacht tríú tíortha a bhfuil comhaontú ag an Aontas leo ach nach bhfuil aon phrótacal gníomhach ann ina leith. I gcás comhaontaithe den sórt sin a bheith ann, ach gan aon phrótacal a bheith i bhfeidhm le 3 bliana ar a laghad, ba cheart don Choimisiún na cúiseanna atá leis sin a scrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, a bhféadfaí a áireamh léi go molfaí go ndéanfaí prótacal nua a chaibidil.

(20)

Saincheist shonrach a bhaineann le SFPA is ea ath-leithdháileadh deiseanna iascaireachta tearcúsáidte a tharlaíonn nuair nach n-úsáidtear ina n-iomláine na deiseanna iascaireachta a leithdháiltear ar na Ballstáit faoi na Rialacháin ábhartha ón gComhairle. Ós rud é gur ó bhuiséad ginearálta an Aontais, den chuid is mó, a mhaoinítear na costais rochtana atá leagtha amach sna SFPAnna, tá sé tábhachtach córas sealadach um ath-leithdháileadh agus um fo-leithdháileadh a bheith ann le go bhféadfar leasanna airgeadais an Aontais a chaomhnú agus chun a áirithiú nach gcuirtear amú aon deis iascaireachta ar íocadh as. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, na córais sin um leithdháileadh a shoiléiriú agus a fheabhsú, ar sásra rogha deiridh ba cheart a bheith iontu. Níor cheart é a chur i bhfeidhm ach ar bhonn sealadach agus níor cheart difear a dhéanamh leis do chéad-leithdháileadh deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát i gcomhréir leis na prionsabail chobhsaíochta coibhneasta is infheidhme. Níor cheart ath-leithdháileadh a dhéanamh ach más rud é gur ghéill na Ballstáit ábhartha a gcearta chun deiseanna iascaireachta a mhalartú eatarthu féin, agus is i gcomhthéacs SFPAnna lena dtugtar rochtain ar iascach ilspeiceas go príomha ba cheart déileáil leis.

(21)

I gcás tríú tír nach páirtí í in RFMO, féadfaidh an tAontas iarracht a dhéanamh a fhoráil, leis an tríú tír a bhfuiltear ag breithniú SFPA a dhéanamh léi, go ndéanfaí cion den mhaoiniú tacaíochta earnála a leithdháileadh le go mbeifear in ann tríú tír sin do dhul isteach san RFMO sin a éascú.

(22)

Ba cheart oibríochtaí iascaireachta faoi choimirce RFMOnna agus ar an mórmhuir a bheith údaraithe ag an mBallstát brataí freisin, agus ba cheart go gcloífeadh na hoibríochtaí sin le rialacha sonracha RFMO nó le dlí an Aontais a rialaíonn oibríochtaí iascaireachta ar an mórmhuir.

(23)

D’fhonn gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chur i bhfeidhm in RFMOnna agus i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 28 den bhun-Rialachán, ba cheart don Aontas athbhreithnithe tréimhsiúla ar fheidhmíocht arna ndéanamh ag comhlachtaí neamhspleácha a chur chun cinn agus ba cheart ról gníomhach a bheith ag an Aontas maidir le coistí cur chun feidhme a bhunú agus a threisiú i ngach RFMO ina bhfuil sé páirteach. Ba cheart dó, go háirithe, a áirithiú go ndéanfaidh na coistí cur chun feidhme sin maoirseacht ghinearálta ar chur chun feidhme an bheartais sheachtraigh iascaigh agus na mbeart a chinntear laistigh de RFMOnna.

(24)

Tá bainistiú éifeachtach ar shocruithe maidir le cairtfhostú tábhachtach chun a áirithiú nach mbaintear an bonn d’éifeachtúlacht na mbeart caomhnaithe agus bainistithe agus chun saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní muirí a áirithiú. Is gá, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a leagan amach a chuideoidh leis an Aontas faireachán níos fearr a dhéanamh, ar bhonn a bhfuil glactha ag an RFMO ábhartha, ar ghníomhaíochtaí a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais, ar soithí iad atá cairtfhostaithe ag tríú tír nó ag oibreoirí de chuid an Aontais.

(25)

Seachnaíonn trasloingsithe ar muir an rialú ceart ag stáit bhrataí nó ag stáit chósta agus mar sin, is bealach iad a d’fhéadfadh oibreoirí a úsáid chun gabháil neamhdhleathach a iompar. Trasloingsithe a dhéantar ar shoithí de chuid an Aontais ar an mórmhuir agus atá faoi údaruithe díreacha, ba cheart dóibh a bheith faoi réir fógra a thabhairt roimh ré nuair a dhéantar lasmuigh de chalafort iad. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe a dhéanann a gcuid soithí.

(26)

Ba cheart na nósanna imeachta a bheith trédhearcach agus intuartha d’oibreoirí an Aontais agus d’oibreoirí tríú tír, agus dá n-údaráis inniúla.

(27)

Ba cheart a áirithiú, faoi mar a fhoráiltear dó sa Rialachán um Rialú, gur go leictreonach a dhéanfaí sonraí a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí ar fad a iarrtar faoina gcabhlaigh agus faoina n-oibríochtaí iascaireachta a bhailiú, na sonraí sin a bhainistiú, agus iad a chur ar fáil don Choimisiún. Ina theannta sin, ba cheart dóibh comhoibriú le chéile, leis an gCoimisiún agus le tríú tíortha nuair is ábhartha chun na gníomhaíochtaí bailithe sonraí sin a chomhordú.

(28)

D’fhonn trédhearcacht agus inrochtaineacht na faisnéise maidir le húdaruithe iascaireachta an Aontais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí leictreonach um údaruithe iascaireachta a bhunú, bunachar sonraí ina mbeadh cuid phoiblí agus cuid shlán. Áirítear sonraí pearsanta san fhaisnéis i mbunachar sonraí um údaruithe iascaireachta an Aontais. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil buanaithe ar an Rialachán seo, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh.

(29)

D’fhonn déileáil i gceart leis an rochtain a bhíonn ag soithí iascaireachta faoi bhratach tríú tír ar uiscí an Aontais, ba cheart na rialacha ábhartha a bheith ag teacht leis na rialacha is infheidhme maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an Rialachán um Rialú. Maidir le hAirteagal 33 den Rialachán sin maidir le sonraí gabhála agus sonraí a bhaineann le gabháil a thuairisciú, ba cheart feidhm a bheith aige, go háirithe, maidir le soithí tríú tír a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

(30)

Soithí iascaireachta ó thríú tíortha nach bhfuil údarú acu faoin Rialachán seo, ba cheart é a bheith de cheangal orthu agus iad ag seoladh in uiscí an Aontais a áirithiú go bhfuil an trealamh iascaireachta suiteáilte ar chaoi nach éasca é a úsáid le haghaidh oibríochtaí iascaireachta.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as rialú oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí tríú tír in uiscí an Aontais agus, i gcás sáruithe, iad a chlárú sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

(32)

I gcás soithí iascaireachta tríú tír atá ag iascaireacht faoi chomhaontuithe maidir le malartú nó comhbhainistiú, ba cheart do na soithí sin na cuótaí arna leithdháileadh orthu ag a mBallstát brataí féin a urramú in uiscí an Aontais. Nuair a dhéanann soithí tríú tír ró-iascaireacht ar na cuótaí arna leithdháileadh orthu do stoic éisc in uiscí an Aontais, ba cheart don Choimisiún asbhaint a ghearradh ar na cuótaí a leithdháileadh ar na tríú tíortha sin sna blianta ina dhiaidh sin. Sna cásanna sin, ba cheart a thuiscint gurb ionann an asbhaint a bheidh le gearradh ag an gCoimisiún ar chuótaí i gcás ró-iascaireachta, gurb ionann í agus an t-ionchur a chuireann an Coimisiún ar fáil faoi chuimsiú an chomhairliúcháin leis na stáit chósta.

(33)

Chun na nósanna imeachta um údarú a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún córas coiteann a úsáid chun sonraí a mhalartú agus a stóráil le go bhféadfar an fhaisnéis is gá agus nuashonruithe a chur ar fáil agus an t-ualach riaracháin á laghdú.

(34)

Chun dul chun cinn teicniúil agus ceanglais nua a d’fhéadfadh a theacht chun cinn amach anseo faoin dlí idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le modhnuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh, is é sin an Iarscríbhinn sin ina leagtar amach liosta den fhaisnéis atá le soláthar ag oibreoir chun údarú iascaireachta a fháil, agus i dtaca leis na coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta in Airteagal 10 a fhorlíonadh a mhéid is gá chun a léiriú a dhéanamh i ndlí an Aontais ar thorthaí na gcomhairliúchán idir an tAontas agus tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo, nó ar thorthaí socruithe a rinneadh le Stáit chósta a roinntear stoic éist leo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(35)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na sonraí a bhaineann le húdaruithe iascaireachta a thaifeadadh, a fhormáidiú agus iad a aistriú ó na Ballstáit go dtí an Coimisiún agus go dtí bunachar sonraí um údaruithe iascaireachta an Aontais, agus le cinneadh a dhéanamh maidir le deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a ath-leithdháileadh go sealadach faoi phrótacail atá ann cheana maidir le SFPAnna mar bheart idirthréimhseach a chomhfhreagraíonn d’fhorálacha Airteagal 10 de FAR. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(36)

Chun go mbeadh bunachar sonraí um údaruithe iascaireachta an Aontais oibríochtúil agus chun go bhféadfadh na Ballstáit na ceanglais theicniúla tarchurtha a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann le go mbeidh siad in ann sonraí a aistriú go leictreonach. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint freisin as cúnamh airgeadais ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bhun phointe (a) d’Airteagal 76(2) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(37)

Mar gheall ar líon agus tábhacht na leasuithe atá le déanamh, ba cheart FAR a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint agus a bhainistiú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a mbíonn oibríochtaí iascaireachta á seoladh acu in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír, faoi choimirce RFMO a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, in uiscí an Aontais nó lasmuigh dóibh, nó ar an mórmhuir; agus

(b)

soithí iascaireachta tríú tír a mbíonn oibríochtaí iascaireachta á seoladh acu in uiscí an Aontais.

Airteagal 2

An gaol idir an Rialachán seo agus an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais

Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na forálacha seo a leanas:

(a)

forálacha in SFPAnna agus i gcomhaontuithe iascaigh eile arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b)

forálacha arna nglacadh ag RFMOnna a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach iontu;

(c)

forálacha atá i ndlí an Aontais lena gcuirtear chun feidhme nó lena dtrasuítear forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 den bhun-Rialachán agus i bpointe 1 go pointe 4, agus ag pointe 15, ag pointe 16 agus ag pointe 22 d’Airteagal 2 de Rialachán NNN, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn “soitheach tacaíochta” soitheach, seachas árthach a iompraítear ar bord, nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil a cheaptar chun éisc a ghabháil nó a mhealladh feistithe air agus a éascaíonn nó a ullmhaíonn oibríochtaí iascaireachta nó a chuidíonn leis na hoibríochtaí sin;

(b)

ciallaíonn “údarú iascaireachta”, i dtaca le soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, údarú:

laistigh de bhrí phointe 10 d’Airteagal 4 den Rialachán um Rialú,

arna eisiúint ag tríú tír, lena dtugtar teidlíocht do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh sna huiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an tríú tír sin, le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó d’iascach ar leith faoi choinníollacha sonracha,

agus, i dtaca le soitheach iascaireachta de chuid tríú tír, údarú lena dtugtar teidlíocht dó oibríochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó d’iascach ar leith faoi choinníollacha sonracha;

(c)

ciallaíonn “údarú díreach” údarú iascaireachta arna eisiúint ag údarás inniúil tríú tír do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais nach dtagann faoi chuimsiú SFPA ná faoi chuimsiú comhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú agus maidir le speicis leasa choitinn a chomhbhainistiú;

(d)

ciallaíonn “uiscí tríú tír” uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír. Chun críocha an Rialacháin seo, meastar gur uiscí tríú tír iad uiscí Ballstáit nach uiscí an Aontais iad;

(e)

ciallaíonn “clár breathnóirí” scéim atá faoi choimirce RFMO, SFPA, tríú tír nó Ballstáit, lena gcuirtear breathnóirí ar fáil ar bord soithí iascaireachta lena n-áirítear, nuair a fhoráiltear go sonrach dó seo sa scéim breathnóirí is infheidhme, chun a fhíorú go gcomhlíonann an soitheach na rialacha arna nglacadh ag an RFMO sin nó ag an tríú tír sin, nó faoin SFPA sin;

(f)

ciallaíonn “cairtfhostú” socrú lena ndéanann oibreoir i mBallstát eile nó i dtríú tír conradh i leith soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit ar feadh tréimhse sainithe ama gan an bhratach a athrú;

(g)

ciallaíonn “oibríocht iascaireachta” na gníomhaíochtaí uile a dhéantar i dtaca le cuardach éisc, le lámhach, tarraingt agus tarlú trealamh gníomhach, le socrú, maothú, baint nó athshocrú trealamh éighníomhach agus le haon ghabháil a bhaint as an trealamh, as na rí-eangacha nó as an gcaighean iompair agus a aistriú chuig caighin ramhraithe agus feirmeoireachta.

TEIDEAL II

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS LASMUIGH D’UISCÍ AN AONTAIS

CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

Airteagal 4

Prionsabal ginearálta

Gan dochar don cheanglas údarú a fháil ón eagraíocht inniúil nó ón tríú tír, ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireachta lasmuigh d’uiscí an Aontais mura bhfuair sé údarú óna Bhallstát brataí, agus mura mbeidh na hoibríochtaí iascaireachta léirithe in údarú iascaireachta bailí a eisíodh i gcomhréir le Caibidil II go Caibidil V, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 5

Critéir incháilitheachta

1.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar lasmuigh d’uiscí an Aontais ach amháin más rud é:

(a)

go bhfuair sé faisnéis iomlán bheacht, i gcomhréir leis na ceanglais atá san Iarscríbhinn nó ceanglais an SFPA lena mbaineann nó an RFMO lena mbaineann, faoin soitheach iascaireachta agus faoin soitheach tacaíochta gaolmhar nó faoi na soithí tacaíochta gaolmhara, lena n-áirítear soithí tacaíochta nach soithí de chuid an Aontais iad;

(b)

go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí faoi Airteagal 6 den Rialachán um Rialú ag an soitheach iascaireachta;

(c)

go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(d)

nach n-áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)

nuair is infheidhme, go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Bhallstát brataí faoin gcomhaontú iascaigh lena mbaineann nó faoi fhorálacha ábhartha an RFMO; agus

(f)

nuair is infheidhme, go gcomhlíonann an soitheach iascaireachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn lena áirithiú go ndéanfar faireachán iomchuí ar ghníomhaíochtaí soithí iascaireachta faoin Rialachán seo, go háirithe trí cheanglais nua sonraí atá mar thoradh ar chomhaontuithe iascaigh nó ar fhorbairt teicneolaíochtaí faisnéise.

Airteagal 6

Oibríochtaí maidir le soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le soithí ar bhain an méid seo a leanas leo sna 5 bliana roimh an dáta a ndearnadh iarratas ar údarú iascaireachta:

(a)

d’fhág siad clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais agus athraíodh a mbrat i dtríú tír; agus

(b)

d’fhill siad ar chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais ina dhiaidh sin.

2.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin má d’fhíoraigh sé gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an soitheach dá dtagraítear i mír 1 le linn na tréimse a raibh sé ag obair faoi bhratach tríú tír:

(a)

ní raibh sé i mbun iascaireacht NNN;

(b)

níor oibrigh sé in uiscí tríú tír a sainaithníodh mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(c)

níor oibrigh sé in uiscí tríú tír a liostaíodh mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Airteagal 33 de Rialachán NNN; agus

(d)

níor oibrigh sé in uiscí tríú tír a sainaithníodh mar thír neamh-chomhoibríoch maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac de bhun Airteagal 31 de Rialachán NNN i ndiaidh tréimhse 6 seachtaine ó glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lenar sainaithníodh an tríú tír sin mar thríú tír neamh-chomhoibríoch, seachas aon oibríochtaí a rinneadh i gcás inar dhiúltaigh an Chomhairle do thogra chun an tríú tír sin a ainmniú mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin.

3.   Chuige sin, cuirfidh an t-oibreoir ar fáil an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an tréimhse ar lena linn a d’oibrigh an soitheach faoi bhrat tríú tír, ar faisnéis í a cheanglaíonn Ballstát brataí a chur ar fáil:

(a)

dearbhú ar ghabhálacha agus ar iarrachtaí iascaireachta le linn na tréimhse ábhartha, de réir mar a cheanglaíonn an stát brataí tríú tír a dhéanamh;

(b)

cóip d’aon údaruithe iascaireachta lena gceadaítear oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh le linn na tréimhse ábhartha;

(c)

ráiteas oifigiúil ón tríú tír ar inti a athraíodh brat an tsoithigh, ina liostaítear na smachtbhannaí a raibh an soitheach nó an t-oibreoir faoina réir sa tréimhse ábhartha;

(d)

stair iomlán brataí don tréimhse a raibh clár cabhlaigh an Aontais fágtha ag an soitheach lena linn.

4.   Ní eiseoidh Ballstát brataí údarú iascaireachta do shoitheach ar athraíodh a bhrat i dtríú tír a tháinig chun bheith:

(a)

liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch i ndáil le hiascaireacht NNN a chomhrac de bhun Airteagal 33 de Rialachán NNN;

(b)

sainaitheanta mar thír neamh-chomhoibríoch maidir leis an iascaireacht NNN de bhun Airteagal 31 de Rialachán NNN i ndiaidh tréimhse 6 seachtaine ó glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lenar sainaithníodh an tríú tír sin mar thír neamh-chomhoibríoch, seachas aon oibríochtaí a rinneadh i gcás inar dhiúltaigh an Chomhairle do thogra chun an tríú tír sin a ainmniú mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin; nó

(c)

sainaitheanta mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 má tá an Ballstát brataí sásta go ndearna an t-oibreoir an méid seo a leanas a luaithe a tháinig na cúinsí a gcuirtear síos orthu i bpointe (b) go pointe (d) de mhír 2 nó i bpointe (a) go pointe (c) de mhír 4 chun bheith infheidhme:

(a)

scoir sé de na hoibríochtaí iascaireachta; agus

(b)

chuir sé tús láithreach leis na nósanna imeachta riaracháin ábhartha chun an soitheach a bhaint ó chlár cabhlaigh iascaireachta an tríú tír.

Airteagal 7

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.   Le linn d’oibreoir iarratas a dhéanamh ar údarú iascaireachta, déanfaidh sé sonraí iomlána beachta a sholáthar don Bhallstát brataí.

2.   Cuirfidh an t-oibreoir an Ballstát brataí ar an eolas láithreach faoi aon athrú a dhéantar ar na sonraí gaolmhara.

3.   Déanfaidh Ballstát brataí faireachán ar bhonn rialta féachaint an bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha ar eisíodh údarú iascaireachta ar a mbonn a chomhlíonadh le linn thréimhse bailíochta an údaraithe sin.

4.   Má tá fianaise ann, de dheasca thoradh deireanach na ngníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha ar eisíodh údarú iascaireachta ar a mbonn á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh an Ballstát brataí gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus, más gá, smachtbhannaí a fhorchur. Beidh na smachtbhannaí a chuireann an Ballstát brataí i bhfeidhm i leith sáruithe chomh dian agus go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na rialacha, go ndéanfar sáruithe a chosc agus nach bhféadfaidh na ciontóirí aon tairbhe a bhaint as sáruithe. Cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún agus an t-oibreoir ar an eolas faoin méid sin láithreach. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht an RFMO nó an tríú tír lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

5.   Ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún, déanfaidh Ballstát brataí gníomhaíocht iomchuí mar a fhoráiltear i mír 4, i gcás ina sáraítear bearta caomhnaithe agus bainistithe do bheo-acmhainní muirí a ghlac RFMO a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, nó faoi SFPAnna.

6.   I gcás gur páirtí conarthach é an tAontas in RFMO agus nach gcomhlíonann soitheach iascaireachta de chuid an Aontais na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 21 mar a bunaíodh sa tuarascáil chigireachta deiridh a aithníonn an RFMO, agus i gcás ina mainníonn an Ballstát brataí an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal ar an mBallstát brataí lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an soitheach iascaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais na coinníollacha sin.

I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát brataí lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí chun an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh laistigh de thréimhse 15 lá, cuirfidh an Coimisiún sonraí cothrom le dáta na soithí iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 chuig Rúnaíocht an RFMO chun go ndéileálfar leis an soitheach lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinne sé. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don oibreoir faoi ghníomhaíocht an Choimisiúin.

7.   I gcás inar thug an tAontas SFPA i gcrích le tríú tír agus nach gcomhlíonann soitheach iascaireachta de chuid an Aontais na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 10 mar a bunaíodh sa tuarascáil chigireachta deiridh a aithníonn na húdaráis inniúla, agus i gcás ina mainníonn an Ballstát brataí gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal ar an mBallstát brataí lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfaidh an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais na coinníollacha sin.

I gcás nach ndéanfaidh an Ballstát brataí lena mbaineann gníomhaíocht iomchuí chun an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh laistigh de thréimhse 15 lá, cuirfidh an Coimisiún sonraí cothrom le dáta na soithí iascaireachta chuig an tríú tír chun go ndéileálfar leis an soitheach iascaireachta lena mbaineann de chuid an Aontais. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát brataí faoin ngníomhaíocht a rinne sé. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don oibreoir faoi ghníomhaíocht an Choimisiúin.

CAIBIDIL II

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír

Roinn 1

Oibríochtaí iascaireachta faoi sfpanna

Airteagal 8

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír faoi SFPA.

Airteagal 9

Ballraíocht RFMO

Ní fhéadfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí tríú tír ar stoic atá faoi bhainistiú RFMO ach amháin más páirtí conarthach RFMO an tríú tír sin san RFMO sin.

Airteagal 10

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag an mBallstát brataí

Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar in uiscí tríú tír faoi SFPA ach amháin más rud é:

(a)

go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5;

(b)

go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san SFPA ábhartha;

(c)

gur íoc an t-oibreoir na táillí uile a bhí dlite faoi na comhaontuithe ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, na smachtbhannaí airgeadais gaolmhara a bunaíodh le cinneadh breithiúnach nó riaracháin a bhfuil éifeacht chríochnaitheach agus cheangailteach aige; agus

(d)

go bhfuil údarú bailí iascaireachta ag an soitheach iascaireachta, ar údarú é a d’eisigh an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta nó a bhfuil dlínse aici ina leith.

Airteagal 11

An nós imeachta chun údaruithe iascaireachta ón tríú tír a fháil

1.   Chun críche phointe (d) d’Airteagal 10, déanfaidh Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10 á gcomhlíonadh an t-iarratas comhfhreagrach ar údarú ón tríú tír a chur chuig an gCoimisiún.

2.   Beidh san iarratas dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoin SFPA.

3.   Cuirfidh an Ballstát brataí an t-iarratas chuig an gCoimisiún 10 lá féilire ar a laghad roimh an sprioc-am a leagtar síos san SFPA i dtaobh iarratais a chur isteach. Féadfaidh an Coimisiún iarratas a bhfuil údar cuí leis a chur chuig an mBallstát brataí chun tuilleadh faisnéise a fháil má tá sí riachtanach chun na coinníollacha a fhíorú.

4.   Ar iarratas nó ar aon fhaisnéis bhreise a iarrtar de bhun mhír 3 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh an Coimisiún réamhscrúdú chun a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10. Ansin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

an t-iarratas a chur chuig an tríú tír gan mhoill agus in aon chás roimh dhul in éag don sprioc-am chun na hiarratais a chur isteach, ar sprioc-am é a leagtar síos san SFPA, ar choinníoll gur comhlíonadh an sprioc-am a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo; nó

(b)

fógra a thabhairt don Bhallstát gur diúltaíodh an t-iarratas.

5.   Má chuireann tríú tír an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais faoin gcomhaontú a eisiúint, a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach, trí mheán leictreonach más féidir, dá réir sin.

Airteagal 12

Deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a ath-leithdháileadh go sealadach faoi chuimsiú SFPAnna

1.   Le linn bliain áirithe nó in aon tréimhse ábhartha eile a bhfuil prótacal a ghabhann le SFPA á chur chun feidhme lena linn, agus tréimhsí bailíochta na n-údaruithe iascaireachta agus na séasúir iascaireachta á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a shainaithint agus na Ballstáit a thairbhíonn de na sciaranna comhfhreagracha den leithdháileadh acu a chur ar an eolas dá réir sin.

2.   Laistigh de 10 lá féilire ón bhfaisnéis sin a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1:

(a)

an Coimisiún a chur ar an eolas go n-úsáidfidh siad a ndeiseanna iascaireachta níos déanaí sa tréimhse ábhartha cur chun feidhme trí phlean iascaireachta a sholáthar ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin líon údaruithe iascaireachta atá á iarraidh, na gabhálacha measta, limistéar agus tréimhse na hiascaireachta; nó

(b)

fógra a thabhairt don Choimisiún faoina gcuid deiseanna iascaireachta a úsáid trí dheiseanna iascaireachta a mhalartú de bhun Airteagal 16(8) den bhun-Rialachán.

3.   Má tharlaíonn sé nár chuir Ballstáit áirithe an Coimisiún ar an eolas faoi cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, nó gur chuir siad an Coimisiún ar an eolas nár bhain siad ach páirtúsáid as a ndeiseanna iascaireachta, agus, más rud é, dá thoradh sin, go bhfuil deiseanna iascaireachta ann go fóill nár úsáideadh, féadfaidh an Coimisiún glao ar léiriú spéise a sheoladh le haghaidh na ndeiseanna iascaireachta nár úsáideadh agus atá ar fáil, agus féadfaidh sé an glao sin a sheoladh i measc na mBallstát eile a thairbhíonn de sciar den leithdháileadh. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit uile ag an am céanna gur seoladh an glao ar léiriú spéise.

4.   Laistigh de 10 lá féilire ón nglao ar léiriú spéise sin dá dtagraítear i mír 3 a fháil, féadfaidh na Ballstáit a thairbhíonn de sciar den leithdháileadh a chur in iúl don Choimisiún go bhfuil spéis acu sna deiseanna iascaireachta sin nár úsáideadh agus atá ar fáil. Chun tacú lena n-iarraidh, déanfaidh siad plean iascaireachta a sholáthar, ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin líon údaruithe iascaireachta atá á iarraidh acu, na gabhálacha measta, limistéar agus tréimhse na hiascaireachta.

5.   Má mheastar gur gá measúnú a dhéanamh ar an iarraidh, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát.

6.   Más rud é nach bhfuil spéis ag na Ballstáit a thairbhíonn de sciar den leithdháileadh i méid iomlán na ndeiseanna iascaireachta sin nár úsáideadh agus atá ar fáil, ag deireadh na tréimhse 10 lá féilire dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an Coimisiún an glao ar léiriú spéise a leathnú do na Ballstáit ar fad. Féadfaidh Ballstát spéis a léiriú, faoi na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin, i ndeiseanna iascaireachta nár úsáideadh.

7.   Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 4 nó mír 6 den Airteagal seo, déanfaidh an Chomhairle na deiseanna iascaireachta nár úsáideadh a ath-leithdháileadh, ar bhonn sealadach amháin, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, don tréimhse ábhartha ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na Ballstáit ar a ndearnadh ath-leithdháileadh agus faoi na cainníochtaí a ath-leithdháileadh.

8.   Bunófar ath-leithdháileadh sealadach na ndeiseanna iascaireachta ar chritéir thrédhearcacha oibiachtúla lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, critéir a bhaineann leis an gcomhshaol, critéir shóisialta agus critéir eacnamaíocha. Féadfar a áireamh ar na critéir sin:

(a)

na deiseanna iascaireachta atá ar fáil lena n-ath-leithdháileadh;

(b)

an líon Ballstát a d’iarr na deiseanna iascaireachta;

(c)

an sciar a sannadh do gach Ballstát a d’iarr deiseanna iascaireachta nuair a bhí siad á ndáileadh an chéad lá;

(d)

leibhéil gabhálacha agus iarrachta gach Ballstáit a d’iarr deiseanna iascaireachta san am a chuaigh thart, i gcás inarb infheidhme;

(e)

inmharthanacht an phlean iascaireachta a sholáthair na Ballstáit iarrthacha, i bhfianaise líon, chineál agus shaintréithe na soithí agus an trealaimh atá á n-úsáid.

Airteagal 13

Fo-leithdháileadh cuóta bhliantúil arna bhriseadh síos ina theorainneacha gabhála comhleanúnacha éagsúla

1.   I gcás ina leagtar síos i bprótacal a ghabhann le SFPA teorainneacha gabhála míosúla nó ráithiúla nó go roinntear na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don bhliain ábhartha ar bhealach eile, agus i gcás nach n-úsáidtear na deiseanna iascaireachta uile a leithdháileadh le linn na tréimhse míosúla nó ráithiúla céanna nó le linn tréimhse ama eile is infheidhme, déanfaidh an Chomhairle na deiseanna comhfhreagracha iascaireachta atá ar fáil a fho-leithdháileadh i measc na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, le haghaidh na dtréimhsí ábhartha ama.

2.   Is trí chritéir thrédhearcacha, oibiachtúla a dhéanfar fo-leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil. Beidh an fo-leithdháileadh sin comhsheasmhach leis na deiseanna iascaireachta bliantúla arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin Rialachán ábhartha ón gComhairle.

Roinn 2

Oibríochtaí iascaireachta faoi chomhaontuithe maidir le malartú nó comhbhainistiú

Airteagal 14

Na forálacha is infheidhme

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 8 go hAirteagal 11 maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht in uiscí tríú tír faoi chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú nó maidir le stoic éisc leasa choitinn a chomhbhainistiú.

2.   De mhaolú ar Airteagal 11, féadfaidh Ballstát brataí sonraí a sholáthar don Choimisiún de shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí tríú tír faoin gcomhaontú ábhartha. Nuair a bheidh sé suite go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 10 á gcomhlíonadh, seolfaidh an Coimisiún sonraí na soithí iascaireachta ábhartha de chuid an Aontais chuig an tríú tír gan mhoill. A luaithe a chuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gur formheasadh sonraí na soithí iascaireachta sin de chuid an Aontais, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas dá réir. Measfar go bhfuil údarú bailí iascaireachta ann i leith na soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar cuireadh a sonraí ar fáil chun críche phointe (d) d’Airteagal 10. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas freisin, trí mheán leictreonach, gan mhoill, faoi aon fhógra a thugann an tríú tír nach bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais incháilithe chun oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh ina cuid uiscí.

Airteagal 15

Comhairliúcháin le tríú tíortha i leith soithí iascaireachta de chuid an Aontais

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, d’fhonn Airteagal 10 a fhorlíonadh trí thorthaí na gcomhairliúchán idir an tAontas agus tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo nó trí thorthaí socruithe a rinneadh le stáit chósta a roinntear stoic éisc leo, i dtaca leis na coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta, a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

Roinn 3

Oibríochtaí iascaireachta atá faoi údaruithe díreacha

Airteagal 16

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír nach dtagann faoi chuimsiú comhaontú dá dtagraítear i Roinn 1 nó i Roinn 2.

Airteagal 17

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí

1.   Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar in uiscí tríú tír nach dtagann faoi chuimsiú comhaontú dá dtagraítear i Roinn 1 nó i Roinn 2 ach más rud é:

(a)

go bhfuil na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh;

(b)

nach bhfuil aon SFPA ná aon chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú nó maidir le comhbhainistiú a dhéanamh leis an tríú tír lena mbaineann i bhfeidhm nó á chur i bhfeidhm go sealadach;

(c)

gur sholáthair an t-oibreoir gach ceann díobh seo a leanas:

cóip den reachtaíocht iascaigh is infheidhme, mar a chuir an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na gníomhaíochtaí nó a bhfuil dlínse aici ina leith ar fáil don oibreoir í, nó tagairt bheacht di,

meastóireacht eolaíoch a léiríonn inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí iascaireachta atá beartaithe, lena n-áirítear comhsheasmhacht le forálacha Airteagal 62 de UNCLOS, de réir mar is infheidhme,

uimhir oifigiúil cuntais bainc phoiblí chun gur féidir na táillí ar fad a íoc isteach ann;

(d)

sa chás go ndéanfar na hoibríochtaí iascaireachta ar speicis atá faoi bhainistiú RFMO, gur páirtí conarthach san eagraíocht sin an tríú tír; agus

(e)

gur sholáthair an t-oibreoir ceann den dá rud seo:

údarú bailí iascaireachta don soitheach iascaireachta lena mbaineann, a d’eisigh an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta nó a bhfuil dlínse aici ina leith; nó

dearbhú i scríbhinn a d’eisigh an tríú tír a bhfuil ceannasacht aici ar na huiscí ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta nó a bhfuil dlínse aici ina leith, tar éis plé idir an t-oibreoir agus an tríú tír sin, ar théarmaí an údaraithe dhírigh atá beartaithe chun rochtain a thabhairt don oibreoir ar a cuid acmhainní iascaireachta, lena n-áirítear fad agus coinníollacha an údaraithe, agus deiseanna iascaireachta arna sloinneadh mar iarracht nó mar theorainneacha gabhála.

2.   Ar aon chaoi, ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go n-eiseoidh an tríú tír an t-údarú bailí iascaireachta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1. Cuirfidh an Ballstát brataí a údarú ar fionraí mura mbeidh an t-údarú eisithe ag an tríú tír roimh thús na n-oibríochtaí iascaireachta atá beartaithe.

3.   An mheastóireacht eolaíoch dá dtagraítear sa dara fleasc de phointe (c) de mhír 1, cuirfidh RFMO ar fáil í, nó cuirfidh comhlacht réigiúnach iascaigh a bhfuil inniúlacht eolaíoch aige ar fáil í, nó cuirfidh an tríú tír ar fáil í, nó cuirfear ar bun i gcomhar leis an tríú tír í. Déanfaidh institiúid nó comhlacht eolaíoch de chuid Ballstáit nó de chuid an Aontais athbhreithniú ar an meastóireacht eolaíoch a chuireann an tríú tír ar fáil.

Airteagal 18

An nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta an tríú tír a fháil

1.   Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 17(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an fhaisnéis ábhartha a liostaítear san Iarscríbhinn a chur chuig an gCoimisiún mar aon le faisnéis a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 17(1).

2.   Má mheasann an Coimisiún nach leor an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise nó údar laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil.

3.   Más rud é, tar éis na hiarrata ar thuilleadh faisnéise nó údar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus tar éis pléití leis na Ballstáit lena mbaineann, go gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17 á gcomhlíonadh, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá féilire ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis nó an t-údar go léir a iarradh a fháil, agóid a dhéanamh i gcoinne dheonú an údaraithe iascaireachta. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill nach bhfuil rún aige agóid a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 2. I gcás inar iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise i gcomhréir leis an mír sin, féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint i gcás nach ndearna an Coimisiún aon agóid laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 3 nó roimh an sprioc-am sin, ar choinníoll gur chuir an Coimisiún in iúl don Bhallstát nach raibh rún aige agóidí a dhéanamh.

5.   De mhaolú ar mhír 1 go mír 4, i gcás go ndéantar údarú iascaireachta a athnuachan leis na téarmaí agus leis na coinníollacha céanna agus laistigh de 2 bhliain ón dáta ar deonaíodh an chéad údarú iascaireachta, féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint tar éis fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas i ndáil leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 17(1) agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina leith sin gan mhoill.

6.   Má chuireann tríú tír an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú díreach i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas dá réir sin láithreach.

7.   Má chuireann tríú tír an Ballstát brataí ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú díreach i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach.

8.   Déanfaidh oibreoir cóip de na coinníollacha deiridh a comhaontaíodh idir an t-oibreoir sin agus an tríú tír a sholáthar don Bhallstát brataí, agus beidh cóip den údarú díreach san áireamh.

CAIBIDIL III

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais faoi choimirce RFMOnna

Airteagal 19

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus iad ag iascaireacht stoic atá faoi choimirce RFMO, laistigh d’uiscí an Aontais nó lasmuigh díobh, a mhéid atá a n-oibríochtaí faoi réir córas údaraithe a chuir an RFMO ar bun.

Airteagal 20

Údaruithe iascaireachta

1.   Soitheach de chuid an Aontais a bhfuil a chuid oibríochtaí iascaireachta faoi réir córas údaraithe a ghlac an RFMO, ní dhéanfaidh sé oibríochtaí iascaireachta faoi choimirce an RFMO ach i gcás:

(a)

gur páirtí conarthach san RFMO is ea an tAontas;

(b)

gur eisigh a Bhallstát brataí údarú iascaireachta dó;

(c)

gur áiríodh ar chlár nó ar liosta ábhartha shoithí údaraithe an RFMO é; agus

(d)

i gcás go bhfuil na hoibríochtaí iascaireachta á ndéanamh in uiscí tríú tír; gur eisigh an tríú tír ábhartha údarú iascaireachta dó i gcomhréir le Caibidil II.

2.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht go heisiach in uiscí an Aontais agus ar eisíodh údarú iascaireachta dóibh cheana i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán um Rialú.

Airteagal 21

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí

Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach más rud é:

(a)

go bhfuil na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh;

(b)

go bhfuil na rialacha arna leagan síos ag an RFMO, nó i ndlí trasuite an Aontais, á gcomhlíonadh; agus

(c)

i gcás ina ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta in uiscí tríú tír: go bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagal 10 nó in Airteagal 17 á gcomhlíonadh.

Airteagal 22

Clárú soithí ag RFMOnna

1.   Déanfaidh Ballstát brataí sonraí na soithí ar thug sé údarú dóibh le haghaidh oibríochtaí iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo nó, i gcás Airteagal 20(2) den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán um Rialú.

2.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas i gcomhréir leis na coinníollacha a leag an RFMO síos agus beidh an fhaisnéis a theastaíonn ón eagraíocht sin ag gabháil leis an méid sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a mheasann sé is gá a iarraidh ar an mBallstát brataí laistigh de thréimhse 10 lá tar éis dó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a fháil. Sonróidh sé an t-údar a bheidh ag aon iarratas den sórt sin.

4.   Nuair is deimhin leis bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21 á gcomhlíonadh, agus laistigh de thréimhse 15 lá tar éis dó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Coimisiún sonraí na soithí údaraithe chuig an RFMO.

5.   Mura clár nó liosta poiblí clár RFMO nó liosta RFMO, scaipfidh an Coimisiún sonraí na soithí údaraithe chuig na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an iascach ábhartha.

CAIBIDIL IV

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar an mórmhuir

Airteagal 23

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta, nach dtagann faoi raon feidhme Chaibidil III, agus a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar an mórmhuir, ar soithí iad ar faide ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán.

Airteagal 24

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit bhrataí

Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint i leith oibríochtaí iascaireachta a dhéantar ar an mórmhuir ach más rud é:

(a)

go bhfuil na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh;

(b)

go ndéantar na hoibríochtaí iascaireachta atá beartaithe:

i gcomhréir le meastóireacht eolaíoch a sholáthair nó a bhailíochtaigh institiúid eolaíochta sa Bhallstát brataí, a léiríonn inbhuanaitheacht na n-oibríochtaí iascaireachta atá beartaithe, nó

mar chuid de chlár taighde, lena náirítear scéim maidir le sonraí a bhailiú, a d’eagraigh comhlacht eolaíochta. Déanfaidh institiúid eolaíochta sa Bhallstát brataí prótacal eolaíoch an taighde, a mbeidh gá leis in aon chor, a bhailíochtú.

Airteagal 25

An nós imeachta le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.   Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé chuig an gCoimisiún an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn, agus faisnéis a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.

2.   Má mheasann an Coimisiún nach leor an fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24, iarrfaidh sé tuilleadh faisnéise nó údar laistigh de 10 lá féilire ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis sin.

3.   Más rud é, tar éis dó an fhaisnéis bhreise nó an bonn cirt a iarradh agus dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fháil, go gcinneann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24 á gcomhlíonadh, féadfaidh sé, laistigh de 5 lá féilire ón dáta a bhfaighidh sé an fhaisnéis bhreise nó an t-údar, agóid a dhéanamh i gcoinne dheonú an údaraithe iascaireachta. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill nach bhfuil rún aige agóid a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint ar dhul in éag don tréimhse dá dtagraítear i mír 2. I gcás inar iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise i gcomhréir leis an mír sin, féadfaidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta a eisiúint i gcás nach ndearna an Coimisiún aon agóid laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 3 nó roimh an sprioc-am sin, ar choinníoll gur chuir an Coimisiún in iúl don Bhallstát nach raibh rún aige agóidí a dhéanamh.

CAIBIDIL V

Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú

Airteagal 26

Prionsabail

1.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireacht faoi shocruithe maidir le cairtfhostú in uiscí ina bhfuil SFPA i bhfeidhm nó i bhfeidhm go sealadach.

2.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais oibríochtaí iascaireachta faoi níos mó ná socrú amháin maidir le cairtfhostú san aon am amháin ná oibríochtaí iascaireachta a fholigean ar fostú.

3.   Ní oibreoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais faoi shocruithe maidir le cairtfhostú in uiscí atá faoi choimirce RFMO ach más páirtí conarthach san eagraíocht sin an Ballstát lena bhfuil an soitheach cairtfhostaithe.

4.   Ní úsáidfidh soitheach iascaireachta cairtfhostaithe de chuid an Aontais deiseanna iascaireachta a Bhallstáit bhrataí le linn tréimshe chur i bhfeidhm an chairtfhostaithe. Déanfar gabhálacha soithigh iascaireachta chairtfhostaithe de chuid an Aontais a chomhaireamh in aghaidh dheiseanna iascaireachta an stáit sin atá i mbun an chairtfhostaithe.

5.   Ní laghdófar le haon ní sa Rialachán seo freagrachtaí an Bhallstáit bhrataí i leith a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta, faoin Rialachán um Rialú, faoi Rialachán NNN nó faoi fhorálacha eile CBI, lena n-áirítear ceanglais maidir le tuairisciú.

6.   Sealbhóir cheadúnas iascaireachta shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá le cairtfhostú, cuirfidh sé an socrú maidir le cairtfhostú in iúl don Bhallstát brataí sula gcuirfear tús leis. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

Airteagal 27

Údaruithe iascaireachta atá faoi shocrú maidir le cairtfhostú a bhainistiú

Agus údarú iascaireachta i leith soithigh á n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 11, 17, 21 nó 24, agus nuair atá na hoibríochtaí iascaireachta ábhartha á ndéanamh faoi shocrú maidir le cairtfhostú, déanfaidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

gur thug údarás inniúil an stáit atá i mbun an chairtfhostaithe dearbhú oifigiúil go bhfuil an socrú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta; agus

(b)

go sonraítear san údarú iascaireachta sonraí an socraithe maidir le cairtfhostú, lena n-áirítear an tréimhse ama, na deiseanna iascaireachta agus an limistéar iascaireachta.

CAIBIDIL VI

Oibrithe trasloingsithe

Airteagal 28

Oibríochtaí trasloingsithe

1.   Aon oibríocht trasloingsithe a sheolfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar an mórmhuir nó faoi údaruithe díreacha, seolfar i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 22 den Rialachán um Rialú í. Cuirfidh an Ballstát brataí an t-eolas ar fáil don Choimisiún faoin bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú trasloingsithe, faoi dháta an trasloingsithe, agus faoin suíomh agus faoin limistéar geografach inar tharla an trasloingsiú, roimh dheireadh mhí an Mhárta gach bliain, i dtaca leis an trasloingsiú a rinneadh an bhliain roimhe sin.

2.   Tabharfaidh máistrí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais, atá faoi údaruithe díreacha nó ar an mórmhuir, fógra d’údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí roimh an trasloingsiú, faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm agus uimhir aitheantais sheachtrach an tsoithigh ghlactha;

(b)

am agus suíomh geografach na hoibríochta trasloingsithe atá beartaithe; agus

(c)

meastachán ar chainníochtaí na speiceas a bheidh le trasloingsiú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le trasloingsiú a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais i gcalafoirt.

CAIBIDIL VII

Breathnóireacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú

Airteagal 29

Sonraí cláir bhreathnóirí

I gcás gur faoi chlár breathnóirí a bhailítear sonraí ar bord soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, déanfar tuarascálacha gaolmhara a sheoladh, i gcomhréir leis na rialacha tarchuir a shonraítear sa chlár breathnóirí, gan mhoill, chuig údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí.

Airteagal 30

Faisnéis a chur chuig tríú tíortha

1.   Agus oibríochtaí iascaireachta á ndéanamh faoin Teideal seo, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais, nó a ionadaí, na dearbhuithe gabhála ábhartha agus na dearbhuithe ábhartha maidir le gabháil a thabhairt i dtír a chur ar fáil don tríú tír, agus ina theannta sin cuirfidh sé cóip leictreonach de na sonraí sin chuig a Bhallstát brataí.

2.   Déanfaidh Ballstát brataí measúnú, trí chros-seiceáil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 109 den Rialachán um Rialú, ar a chomhsheasmhaí atá na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na sonraí a fuair sé i gcomhréir leis an Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha an SFPA.

3.   I gcás nár cuireadh chuig an tríú tír na dearbhuithe gabhála nó na dearbhuithe maidir le gabháil a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar gur sárú tromchúiseach é freisin, chun críocha Airteagal 90 den Rialachán um Rialú ag brath ar a thromchúisí atá an sárú atá i gceist, rud a chinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhrataí, agus tabharfaidh sé aird ar chritéir amhail an cineál damáiste, an costas a bhaineann leis an damáiste sin, staid eacnamaíoch an chiontóra agus tromchúis an tsáraithe nó cé chomh minic agus a tharla an sárú sin.

TEIDEAL III

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA TRÍÚ TÍR IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 31

Ceanglais a bhaineann le ballraíocht RFMO

Ní fhéadfaidh soitheach iascaireachta tríú tír oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais ar stoic atá faoi bhainistiú RFMO, ach más páirtí conarthach é an tríú tír in RFMO sin.

Airteagal 32

Prionsabail ghinearálta

1.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta tríú tír oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an t-údarú sin ach nuair a chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5.

2.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú. Murab ionann agus iad na forálacha a leagtar síos sa chomhaontú ábhartha iascaigh, sonrófar na forálacha sin go sainráite sa chomhaontú sin, nó trí bhíthin rialacha a comhaontaíodh leis an tríú tír a bhfuil an comhaontú á chur chun feidhme aici.

3.   Má tá soitheach iascaireachta tríú tír ag seoladh trí uiscí an Aontais gan údarú a eisíodh faoin Rialachán seo, beidh trealamh iascaireachta an tsoithigh fáiscthe síos agus stuáilte i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 47 den Rialachán um Rialú le nach éasca é a úsáid le haghaidh oibríochtaí iascaireachta.

Airteagal 33

Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta

1.   Ní fhéadfaidh an Coimisiún údarú a eisiúint do shoitheach iascaireachta tríú tír i leith oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais ach más rud é:

(a)

go bhfuil barrachas den ghabháil incheadaithe lena gcumhdófaí na deiseanna iascaireachta atá beartaithe mar a cheanglaítear faoi Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS;

(b)

go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú ábhartha iascaigh á gcomhlíonadh agus go bhfuil an soitheach iascaireachta incháilithe faoin gcomhaontú iascaigh leis an tríú tír lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, go bhfuil sé ar an liosta de na soithí atá faoin gcomhaontú sin;

(c)

gur faisnéis iomlán bheacht í an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin gcomhaontú maidir leis an soitheach iascaireachta agus leis an soitheach tacaíochta gaolmhar nó leis na soithí tacaíochta gaolmhara, agus go bhfuil uimhir IMO ag an soitheach agus ag aon soitheach tacaíochta gaolmhar nó ag aon soithí tacaíochta gaolmhara nuair a cheanglaítear sin a shonrú faoi dhlí an Aontais;

(d)

nach n-áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)

nach bhfuil an tríú tír liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012.

2.   Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le soithí iascaireachta tríú tír a dhéanann oibríochtaí iascaireachta faoi chomhaontú maidir le deiseanna iascaireachta a mhalartú nó maidir le stoic éisc leasa choitinn a chomhbhainistiú.

Airteagal 34

Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.   Déanfaidh an tríú tír lena mbaineann na hiarratais a bhaineann lena cuid soithí iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún roimh an sprioc-am a shonraítear sa chomhaontú lena mbaineann nó a leagann an Coimisiún síos.

2.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an tríú tír, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 33.

3.   Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 á gcomhlíonadh, eiseoidh an Coimisiún údarú iascaireachta agus cuirfidh sé an tríú tír agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

Airteagal 35

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.   I gcás nach mbeidh coinníoll atá leagtha amach in Airteagal 33 á chomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear chun an t-údarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an tríú tír agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún an t-údarú a eisítear do shoitheach iascaireachta an tríú tír a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar má tháinig athrú ó bhonn ar na cúinsí nó má tá bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí, nó i gcás go bhfuil sé bunriachtanach sin a dhéanamh d’fhonn iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh, nó i gcásanna inar chinn an tAontas an caidreamh leis an tríú tír lena mbaineann a fhionraí nó deireadh a chur leis.

Cuirfidh an Coimisiún an tríú tír ar an eolas láithreach i gcás go ndéanann sé údarú a dhiúltú, a fhionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Airteagal 36

Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.   I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh do thríú tír ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don tír sin agus d’údaráis cigireachta inniúla na mBallstát. D’fhonn a áirithiú go leanfar d’oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na deiseanna ídithe freisin, cuirfidh an tríú tír bearta teicniúla faoi bhráid an Choimisiúin, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.   Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí atá faoi bhratach an tríú tír sin lena mbaineann, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, maidir leis na hoibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí sin na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.   Measfar go bhfuil údaruithe iascaireachta tarraingthe siar más rud é, i gcás fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2, go mbaineann an fhionraí sin leis na hoibríochtaí uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

4.   Áiritheoidh an tríú tír go gcuirfear na soithí iascaireachta lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi chur i bhfeidhm an Airteagail seo agus go gcuirfidh siad deireadh leis na hoibríochtaí iascaireachta uile lena mbaineann. Cuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gan mhoill freisin nuair a bheidh deireadh curtha lena gcuid oibríochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta faoi bhratach na tríú tíre sin.

Airteagal 37

Ró-iascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

1.   I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh tríú tír na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ar na cuótaí stoic sin nó ar na cuótaí do ghrúpa stoic a leithdháileadh ar an tír sin sna blianta ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na n-asbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i ndálaí comhchosúla.

2.   Mura féidir cuóta stoic nó cuóta de ghrúpa stoc a ndearnadh ró-iascaireacht air a asbhaint i gcomhréir le mír 1, mar nach bhfuil a dóthain den chuóta stoic sin nó den chuóta den ghrúpa stoc sin ar fáil don tríú tír lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an tríú tír lena mbaineann, na cuótaí stoic nó na cuótaí de ghrúpa stoc atá ar fáil don tríú tír sin sa limistéar geografach céanna sna blianta ina dhiaidh sin a asbhaint, nó asbhaint chomhfhreagrach a dhéanamh ar an luach tráchtála.

Airteagal 38

Rialú agus forfheidhmiú

1.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina n-oibríonn sé.

2.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d’ainmnigh sé, na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.   Soitheach tríú tír atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.   Déanfaidh Ballstát cósta na sáruithe uile a rinne soithí iascaireachta tríú tír, lena n-áirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

TEIDEAL IV

SONRAÍ AGUS FAISNÉIS

Airteagal 39

Bunachar sonraí an Aontais d’údaruithe iascaireachta arna n-eisiúint faoin Rialachán seo

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach um údaruithe iascaireachta an Aontais a bhunú agus a chothabháil, ina gcoinneofar na húdaruithe uile a deonaíodh i gcomhréir le Teidil II agus Teideal III, agus beidh cuid phoiblí agus cuid shlán sa bhunachar sonraí sin. Bainfear an úsáid seo a leanas as an mbunachar sonraí sin:

(a)

taifead a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a thíolacfar i gcomhréir leis an Iarscríbhinn agus ar fhaisnéis eile a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin d’fhonn údaruithe iascaireachta a eisiúint faoi Theideal II agus Teideal III, lena n-áirítear ainm, cathair, agus tír chónaithe an úinéara agus na n-úinéirí tairbhiúla a bhféadfaí suas le cúigear acu a bheith ann, agus stádas gach údaraithe a thaispeáint a luaithe is féidir;

(b)

sonraí agus faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus Ballstát; agus

(c)

bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta agus chun críocha an rialaithe chomh maith agus chun na gcríoch sin amháin.

2.   An liosta de na húdaruithe iascaireachta uile a eisítear faoi Theideal II agus Teideal III a bheidh sa bhunachar sonraí, beidh sé ar fáil don phobal agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ar fad ann:

(a)

ainm agus bratach an tsoithigh, agus a uimhir CFR agus a uimhir IMO, nuair a cheanglaítear sin a shonrú faoi dhlí an Aontais;

(b)

an cineál údaraithe, agus na spriocspeicis nó grúpa na speiceas nó grúpaí na speiceas san áireamh; agus

(c)

am údaraithe agus limistéar údaraithe na hoibríochta iascaireachta (dátaí tosaigh agus deiridh; limistéar iascaireachta).

3.   Úsáidfidh Ballstát an bunachar sonraí chun iarratais ar údaruithe iascaireachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus chun a chuid sonraí a choimeád cothrom le dáta, mar a cheanglaítear a dhéanamh faoi Airteagail 11, 18, 22 agus 26, agus úsáidfidh tríú tír an bunachar sonraí chun iarratais ar údaruithe iascaireachta a thíolacadh mar a cheanglaítear a dhéanamh faoi Airteagal 34.

Airteagal 40

Ceanglais theicniúla

1.   Is go leictreonach a dhéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i dTeideal II agus i dTeideal III agus sa Teideal seo a mhalartú.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan dochar d’fhorálacha Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), gníomhartha lena mbunófar ceanglais oibríochtúla theicniúla maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeideal II agus i dTeideal III agus sa Teideal seo a thaifeadadh, a fhormáidiú agus a tharchur. Ní thiocfaidh na ceanglais oibríochtúla theicniúla chun bheith infheidhme níos luaithe ná 6 mhí tar éis a nglactha, ná níos déanaí ná 18 mhí tar éis a nglactha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

Airteagal 41

Rochtain ar shonraí

Gan dochar d’Airteagal 110 den Rialachán um Rialú, déanfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún rochtain ar an gcuid shlán de bhunachar sonraí an Aontais d’údaruithe iascaireachta i leith cabhlaigh iascaireachta sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo a thabhairt do na seirbhísí riaracháin inniúla ábhartha a bhfuil baint acu le bainistiú na gcabhlach iascaireachta.

Airteagal 42

Bainistiú sonraí, cosaint sonraí pearsanta agus rúndacht

Sonraí a gheofar faoin Rialachán seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 112 agus Airteagal 113 den Rialachán um Rialú, Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Treoir 95/46/CE, agus rialacha náisiúnta cur chun feidhme na Treorach sin.

Airteagal 43

Caidreamh le tríú tíortha agus le RFMOnna

1.   I gcás ina bhfaighidh Ballstát faisnéis ó thríú tír nó ó RFMO agus go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún nó don chomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, do Bhallstáit eile lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil cead aige déanamh amhlaidh faoi chomhaontuithe déthaobhacha leis an tríú tír sin nó faoi rialacha an RFMO lena mbaineann.

2.   Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht a d’ainmnigh sé, faoi chuimsiú na gcomhaontuithe iascaigh a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha, faoi choimirce RFMOnna a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach iontu, faisnéis ábhartha maidir le neamh-chomhlíonadh rialacha an Rialacháin seo, nó maidir le sáruithe tromchúiseacha, a thabhairt do pháirtithe eile sna comhaontuithe nó sna heagraíochtaí sin, faoi réir thoiliú an Bhallstáit a thug an fhaisnéis agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

TEIDEAL V

NÓSANNA IMEACHTA, TARMLIGEAN AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 g bliana ón 17 Eanáir 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 45

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú, a bunaíodh le hAirteagal 47 den bhun-Rialachán, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 46

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo FAR.

2.   Déanfar tagairtí d’fhorálacha an Rialacháin aisghairte a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 47

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh go sealadach faoi phrótacail atá ann cheana

1.   De mhaolú ar Airteagal 12, maidir leis na prótacail sin a ghabhann le SFPAnna ata i bhfeidhm nó a chuirtear i bhfeidhm go sealadach an 17 Eanáir 2018, úsáidfear an nós imeachta le deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh go sealadach a leagtar amach san Airteagal seo go dtí go rachaidh an prótacal i dtrácht in éag.

2.   I gcomhthéacs SFPA más rud é, ar bhonn na n-iarratas ar iarratais a tharchur dá dtagraítear in Airteagal 11, go ndealraíonn sé nach bhfuil leas iomlán á bhaint as an líon údaruithe iascaireachta nó as an méid deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ar an Aontas faoi phrótacal, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas ina leith agus iarrfaidh sé orthu deimhniú nach mbainfidh siad leas as na deiseanna iascaireachta sin. Measfar gur deimhniú nach bhfuil soithigh an Bhallstáit lena mbaineann ag baint leas iomlán as a dheiseanna iascaireachta sa tréimhse áirithe mura bhfaightear freagra laistigh de na sprioc-amanna, a shocróidh an Chomhairle ar an SFPA a chur i gcríoch.

3.   Tar éis don Bhallstát lena mbaineann an deimhniú a thabhairt, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid iomlán deiseanna iascaireachta nár baineadh leas astu agus cuirfidh sé an measúnú sin ar fáil do na Ballstáit.

4.   Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta nár baineadh leas astu dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh siad liosta na soitheach go léir a bhfuil sé ar intinn acu údarú iascaireachta a iarraidh ina dtaobh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarratas ar iarratais a tharchur do gach ceann de na soithigh sin, i gcomhréir le hAirteagal 11.

5.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ath-leithdháileadh, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit i dtrácht.

Más rud é go ndéanann Ballstát lena mbaineann agóid i gcoinne an ath-leithdháilte sin, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir leis an ath-leithdháileadh agus na critéir a leagtar síos i mír 8 den Airteagal seo á gcur san áireamh, agus tabharfaidh sé fógra ina leith do na Ballstáit lena mbaineann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

6.   Ní dhéanfaidh tarchur na n-iarratas i gcomhréir leis an Airteagal seo difear ar bith do leithdháileadh deiseanna iascaireachta ná dá malartú i measc Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán.

7.   Ní chuirfear cosc ar an gCoimisiún an sásra dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 a chur i bhfeidhm go dtí go socrófar na sprioc-amanna dá dtagraítear i mír 2.

8.   Maidir le deiseanna iascaireachta a ath-leithdháileadh faoin Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe,

(a)

dáta gach iarratas arna fháil;

(b)

na deiseanna iascaireachta atá ar fáil le haghaidh ath-leithdháilte;

(c)

líon na n-iarratas arna bhfáil;

(d)

líon na mBallstát iarrthach; agus

(e)

más rud é go bhfuil deiseanna iascaireachta bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar mhéideanna iarrachta iascaireachta nó gabhálacha, an iarracht iascaireachta a bhfuiltear ag súil go mbainfear feidhm aisti nó na gabhálacha a bhfuiltear ag súil go ngabhfaidh gach ceann de na soithigh lena mbaineann iad.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanmah in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 303, 19.8.2016, lch. 116.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2017 agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2017IO C 390, 17.11.2017, Ich. 1. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d’uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 33).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do chur i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do dhaingniú an Chomhaontaithe a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).

(6)  Cinneadh 96/428/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le glacadh an Chomhphobail leis an gComhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe agus bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an mórmhuir a chur chun cinn (IO L 177, 16.7.1996, lch. 24).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lch. 34).

(16)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na sonraí atá le cur ar fáil

I

IARRATASÓIR

1

Ainm an oibreora eacnamaíoch

2

Ríomhphost

3

Seoladh

4

Facs

5

Teileafón

6

Ainm an úinéara

7

Ríomhphost

8

Seoladh

9

Facs

10

Teileafón

11

Ainm an chomhlachais nó an ghníomhaire a dhéanann ionadaíocht ar an oibreoir eacnamaíoch

12

Ríomhphost

13

Seoladh

14

Facs

15

Teileafón

16

Ainm (nó ainmneacha) an mháistir (nó na máistrí)

17

Ríomhphost

18

Seoladh

19

Facs

20

Teileafón


II

SOITHEACH IASCAIREACHTA

21

Ainm an tsoithigh

22

Aitheantóir an tsoithigh (uimhir IMO, uimhir CFR, srl.)

23

Modh leasaithe éisc ar bord

24

Cineál an tsoithigh, cód FAO

25

Cineál an trealaimh, cód FAO


III

CATAGÓIR IASCAIREACHTA A bhFUIL ÚDARÚ Á IARRAIDH INA LEITH

26

Cineál an údaraithe (údarú díreach; mórmhuir; tacaíocht)

27

Limistéar iascaigh (Limistéar nó Limistéir, Folimistéar nó Folimistéir, Rannán nó Rannáin, Forannán nó Forannáin FAO de réir mar is iomchuí)

28

Limistéar oibríochta (mórmhuir; an tríú tír — sonraigh)

29

Calafort nó calafoirt tabhartha i dtír

30

Cód nó cóid FAO an spriocspeicis (nó an catagóir iascaireachta SFPA)

31

Tréimhse údaraithe atá á hiarraidh (dátaí tosaigh agus deiridh)

32

Liosta de na soithí tacaíochta (ainm an tsoithigh; uimhir IMO; uimhir CFR)


IV

CAIRTFHOSTÚ

33

Soitheach atá ag oibriú faoi shocrú maidir le cairtfhostú (Is ea/Ní hea)

34

Cineál an tsocraithe maidir le cairtfhostú

35

Tréimhse an chairtfhostaithe (dátaí tosaigh agus deiridh)

36

Deiseanna iascaireachta (mt) arna leithdháileadh ar an soitheach faoi shocrú maidir le cairtfhostú

37

An tríú tír a bhfuil deiseanna iascaireachta á leithdháileadh ar an soitheach aici faoi shocrú maidir le cairtfhostú