ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
27 Nollaig 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil neamhchosaintí móra i gcás neamhchosaintí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit ar bith ( 1 )

27

 

*

Rialachán (AE) 2017/2396 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach

34

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle ( 1 )

53

 

*

Treoir (AE) 2017/2398 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair  ( 1 )

87

 

*

Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta

96

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 345 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/2394 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe arb é is aidhm dóibh comhar a éascú idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe chun tomhaltóirí a chosaint a fhorfheidhmiú thar theorainneacha. In Airteagal 21a de Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, tá foráil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin sin agus ar a shásraí oibríochtúla. I ndiaidh an athbhreithnithe sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtach ar na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an Margadh Aonair, lena n-áirítear na dúshláin a bhaineann leis an Margadh Aonair Digiteach.

(2)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015“Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip”, aithníodh go bhfuil muinín tomhaltóirí a neartú trí reachtaíocht maidir le tomhaltóirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos tapa agus níos comhsheasmhaí ar thosaíocht de chuid na Teachtaireachta sin. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2015“An Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a uasdátú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus don ghnó”, cuireadh i dtábhacht arís gur cheart forfheidhmiú reachtaíocht cosanta tomhaltóirí an Aontais a athneartú trí Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 a athchóiriú.

(3)

Leis an reachtaíocht maidir le cásanna sáruithe trasteorann a fhorfheidhmiú go mí-éifeachtach, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach, bíonn trádálaithe in ann dul timpeall ar fhorfheidhmiú an dlí trí athlonnú go háit eile laistigh den Aontas. Ina theannta sin cruthaítear saobhadh iomaíochta do na trádálaithe a bhíonn i gcomhréir leis an dlí, bídís ag feidhmiú go náisiúnta nó thar theorainneacha, rud lena ndéantar díobháil dhíreach do thomhaltóirí agus lena lagaítear an mhuinín a bhíonn ag tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann agus as an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, tá gá le leibhéal comhchuibhithe níos airde, lena n-áirítear comhar forfheidhmiúcháin éifeachtach éifeachtúil a bhaint amach i measc na n-údarás inniúil poiblí forfheidhmiúcháin chun sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath agus a imscrúdú, agus chun ordú a thabhairt scor díobh nó iad a thoirmeasc.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, bunaíodh líonra d’údaráis inniúla forfheidhmiúcháin phoiblí ar fud an Aontais. Tá gá le comhordú éifeachtach idir na húdaráis inniúla éagsúla atá rannpháirteach sa líonra sin, agus idir údaráis phoiblí eile ar leibhéal na mBallstát chomh maith. Ba cheart ról comhordúcháin na hoifige idirchaidrimh aonair a chur de chúram ar údarás poiblí i ngach Ballstát. Ba cheart gur údarás a bhfuil a dhóthain cumhachtaí agus na hacmhainní atá riachtanach aige chun an ról tábhachtach seo a ghlacadh chuige féin a bheadh san údarás sin. Spreagtar gach Ballstát chun ceann de na húdaráis inniúla a ainmniú mar an oifig idirchaidrimh aonair de bhun an Rialacháin seo.

(5)

Ba cheart tomhaltóirí a chosaint freisin ar sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar scoireadh díobh cheana féin ach a bhféadfadh a ndrochthionchar maireachtáil. Ba cheart na híoschumhachtaí atá riachtanach a bheith ag údaráis inniúla chun sáruithe den sórt sin a imscrúdú agus ordú a thabhairt scor díobh nó iad a thoirmeasc amach anseo, d’fhonn a n-athdhéanamh a sheachaint, agus chun cosaint ardleibhéil na dtomhaltóirí a áirithiú le linn dóibh déanamh amhlaidh.

(6)

Ba cheart sraith íosta cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bheith ag na húdaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm,chun dul i mbun comhair le chéile ar bhonn níos gasta agus níos éifeachtúla agus chun trádálaithe a dhíspreagadh ó sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith leordhóthanach chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann le ríomhthráchtáil agus leis an timpeallacht dhigiteach agus chun cosc a chur ar thrádálaithe neamhchomhlíontacha teacht i dtír as bearnaí sa chóras forfheidhmiúcháin trí athlonnú go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil ar chumas na n-údarás inniúil acu dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha. Ba cheart a áirithiú leis na cearta sin gur féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis agus an fhianaise atá riachtanach a mhalartú ar dhóigh bhailí i measc na n-údarás inniúil chun go mbainfear amach leibhéal comhionann forfheidhmiúcháin éifeachtach sna Ballstáit uile.

(7)

Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis inniúla ar fad atá laistigh dá dhlínse na híoschumhachtaí uile atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar is ceart. Ar a shon sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gan na cumhachtaí go léir a thabhairt do gach údarás inniúil, ar choinníoll go bhféadfaidh aon údarás inniúil amháin, gach cumhacht díobh a fheidhmiú go héifeachtach agus de réir mar is gá, i ndáil le haon sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, cúraimí áirithe a shannadh do chomhlachtaí ainmnithe nó an chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla dul i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí, le comhlachais trádálaithe, le comhlachtaí ainmnithe, nó le daoine eile lena mbaineann maidir lena éifeachtaí atá na gealltanais a thograigh trádálaí i ndáil le scor den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, níor cheart na Ballstáit a bheith faoi aon oibleagáid tabhairt ar chomhlachtaí ainmnithe a bheith páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná foráil a dhéanamh maidir le comhairliúcháin le heagraíochtaí tomhaltóirí, le comhlachais trádálaithe, le comhlachtaí ainmnithe, nó le daoine eile lena mbaineann, maidir lena éifeachtaí atá na gealltanais arna dtogrú i ndáil le scor den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(8)

Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla in ann tús a chur le himscrúduithe nó le himeachtaí ar a dtionscnamh féin má chuirtear sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar a súile dóibh ar aon dóigh seachas mar ghearáin ó thomhaltóirí.

(9)

Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar aon doiciméid, aon sonraí agus aon fhaisnéis atá riachtanach a bhaineann le hábhar imscrúdaithe nó le hábhar imscrúduithe comhbheartaithe ar mhargaí tomhaltóirí (“scuab-imscrúduithe”) chun a chinneadh an ndearnadh sárú ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, nó an bhfuil sárú den sórt sin á dhéanamh, agus go háirithe chun an trádálaí atá freagrach a shainaithint, is cuma cé aige a bhfuil na doiciméid, an fhaisnéis nó na sonraí atá i gceist, agus beag beann ar a bhfoirm nó a bhformáid, modh a stórála ar an áit a bhfuil siad. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh go díreach ar thríú páirtithe sa slabhra luacha dhigitigh aon fhianaise, aon sonraí agus aon fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil, i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus i gcomhréir leis an reachtaíocht faoi chosaint sonraí pearsanta.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann a iarraidh go ndéanfadh aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí laistigh dá mBallstát nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear, mar shampla, soláthraithe seirbhísí íocaíochta, soláthraithe seirbhísí idirlín, oibreoirí teileachumarsáide, clárlanna agus cláraitheoirí fearann agus soláthraithe seirbhíse óstála, aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun a shuíomh an bhfuil sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo déanta nó á dhéanamh.

(11)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann na cigireachtaí atá riachtanach a dhéanamh ar an láthair, agus ba cheart an chumhacht a bheith acu dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh nó in aon mhodh iompair a úsáideann an trádálaí lena mbaineann an chigireacht chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm.

(12)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid an trádálaí lena mbaineann an chigireacht míniú a thabhairt ar fhiricí, faisnéis, sonraí nó doiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta agus na freagraí a thugann an t-ionadaí nó an ball foirne sin a thaifeadadh.

(13)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a fhíorú go bhfuil dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí á gcomhlíonadh agus fianaise a fháil faoi sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear sáruithe a dhéantar le linn nó tar éis earraí nó seirbhísí a cheannach. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla earraí nó seirbhísí a cheannach, i gcás ina bhfuil an méid sin riachtanach, faoi chéannacht cheilte, chun sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath, amhail ceart tarraingt siar an tomhaltóra a dhiúltú i gcás cianchonarthaí, agus chun fianaise a fháil. Ba cheart a áireamh sa chumhacht sin freisin an chumhacht chun cigireacht a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís nó é nó í a ghrinniú nó staidéar a dhéanamh air nó uirthi, nó é nó í a dhíchóimeáil nó a thástáil, ar táirge nó seirbhís é nó í a cheannaigh an t údarás inniúil chun na gcríoch sin. D’fhéadfadh sé go gcuimseofaí sa chumhacht chun earraí nó seirbhísí a cheannach mar cheannacháin tástála cumhacht na n-údarás inniúil a áirithiú go n-aisíoctar aon íocaíocht a rinneadh más rud é nach mbeadh an t-aisíoc sin díréireach agus go gcomhlíonfaí dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta leis murach sin.

(14)

Sa timpeallacht dhigiteach go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a stopadh go tapa agus go héifeachtach, agus go háirithe i gcásanna ina ndéanann an trádálaí atá ag díol earraí nó seirbhísí a chéannacht a cheilt nó ina n-athlonnaíonn sé laistigh den Aontas nó go tríú tír chun forfheidhmiú a sheachaint. I gcásanna ina bhfuil an baol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach do chomhleasanna tomhaltóirí, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann bearta eatramhacha a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear ábhar a bhaint ó chomhéadán ar líne nó a ordú go dtaispeánfar rabhadh follasach do thomhaltóirí nuair a bheidh rochtain á fáil ar an gcomhéadan ar líne. Maidir leis na bearta eatramhacha, níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Lena chois sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla a ordú go dtaispeánfaí rabhadh follasach do thomhaltóirí nuair a bheidh rochtain á fáil ar chomhéadan ar líne acu, nó a ordú go mbainfí nó go modhnófaí ábhar digiteach mura bhfuil aon mheáin éifeachtacha eile ann chun cleachtas neamhdhleathach a stopadh. Maidir leis na bearta sin, níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach, eadhon deireadh a chur leis an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó é a thoirmeasc.

(15)

Agus cuspóir an Rialacháin seo á shaothrú ag na húdaráis inniúla agus béim á cur acu ar an tábhacht a bhaineann le toil na dtrádálaithe gníomhú i gcomhréir le dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí agus sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar a n-iarmhairtí a leigheas, ba cheart an fhéideartheacht bheith ag na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú leis na trádálaithe maidir le gealltanais ina leagfaí amach na céimeanna agus na bearta a bheadh le glacadh ag trádálaí i ndáil le sárú, agus go háirithe chun go scoirfí den sárú.

(16)

Is cuid thábhachtach den chóras forfheidhmiúcháin pionóis mar gheall ar sháruithe ar dhlí na dtomhaltóirí toisc go mbíonn tionchar díreach acu ar leibhéal an díspreagtha a chuirtear i bhfeidhm tríd an bhforfheidhmiú poiblí. Mar chuid dá níoschumhachtaí, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis inniúla pionóis a fhorchur mar gheall ar sháruithe laistigh den Aonta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ós rud é nach ndéantar gné trasteorann an tsáraithe a chur san áireamh i gcónaí i gcórais náisiúnta pionós. Níor cheart a cheangal ar na Ballstáit córas nua do phionóis a leagan amach do sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ina ionad sin, ba cheart dóibh an córas is infheidhme don sárú baile céanna a chur i bhfeidhm, agus scála agus raon feidhme iarbhír an tsáraithe lena mbaineann á gcur san áireamh i gcás ina bhfuil an méid sin indéanta. I bhfianaise Thuarascáil an Choimisiúin ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar an dlí tomhaltóireachta agus margaíochta, d’fhéadfadh sé go measfaí go mbeadh sé riachtanach neartú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós mar gheall ar sháruithe ar dhlí tomhaltóirí an Aontais.

(17)

Ba cheart do thomhaltóirí a bheith i dteideal sásamh a fháil as díobháil arb í is cúis léi sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Maidir le cumhacht na n-údarás inniúil gealltanais bhreise feabhais a fháil ón trádálaí do thomhaltóirí a ndéanann an sárú líomhnaithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo difear dóibh nó, i gcás inarb iomchuí, chun féachaint le gealltanais a fháil ón trádálaí go ndéanfadh sé leigheasanna dóthanacha a thairiscint do na tomhaltóirí a ndéanann an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo difear dóibh, ba cheart, leis an gcumhacht sin, go rannchuideofaí le deireadh a chur leis an drochthionchar ar thomhaltóirí ar sárú trasteorann is cúis leis. D’fhéadfaí a áireamh, inter alia, sna leigheasanna sin, deisiú, athsholáthar, praghsanna a laghdú, conarthaí a fhoirceannadh nó an praghas a íocadh ar na hearraí nó na seirbhísí a aisíoc de réir mar is iomchuí chun go maolófaí na hiarmhairtí diúltacha atá ag an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar an tomhaltóir lena mbaineann, i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais. Ba cheart nár dhochar an méid seo do cheart an tomhaltóra sásamh a lorg trí mhodhanna iomchuí. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na húdaráis inniúla na tomhaltóirí sin a éilíonn go ndearnadh díobháil dóibh mar thoradh ar shárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a chur ar an eolas faoin gcaoi chun cúiteamh a lorg faoin dlí náisiúnta.

(18)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh cur chun feidhme agus feidhmiú na gcumhachtaí sin comhréireach agus dóthanach i bhfianaise chineál agus dhíobháil iarbhír nó fhéideartha an tsáraithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Ba cheart do na húdaráis inniúla fíricí agus imthosca uile an cháis a chur san áireamh agus na bearta is iomchuí a roghnú atá fíór-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart do na bearta sin a bheith comhréireach, éifeachtach agus athchomhairleach.

(19)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart go gcomhlíonfadh cur chun feidhme agus feidhmiú na gcumhachtaí dlí eile an Aontais agus dlí náisiúnta eile freisin, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na gceart bunúsach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun coinníollacha agus teorainneacha a leagan amach chun na cumhachtaí a fheidhmiú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais. I gcás, mar shampla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ina gceanglaítear réamhúdarú ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach ar áitreabh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, níor cheart an chumhacht chun dul isteach ar an áitreabh sin a úsáid ach tar éis an réamhúdarú sin a fháil.

(20)

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé acu an mbainfidh na húdaráis inniúla leas as na cumhachtaí sin go díreach, faoina n-údarás féin, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe nó trí iarratas a chur faoi bhráid na gcúirteanna inniúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na cumhachtaí sin a fheidhmiú go héifeachtach agus go pras.

(21)

Agus freagra á thabhairt ar iarrataí arna ndéanamh tríd an sásra um chúnamh frithpháirteach, ba cheart do na húdaráis inniúla, nuair is iomchuí, úsáid a bhaint freisin as cumhachtaí nó bearta eile arna ndeonú dóibh ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear an chumhacht chun ionchúiseamh coiriúil a thionscnamh nó ábhair a tharchur le haghaidhionchúiseamh coiriúil. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na hacmhainní agus na cumhachtaí atá riachtanach ag cúirteanna agus údaráis eile, go háirithe cúirteanna agus údaráis a bhíonn ag plé le hionchúisimh choiriúla, chun dul i mbun comhair le húdaráis inniúla go héifeachtach agus go pras.

(22)

Ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsásra um chúnamh frithpháirteach a fheabhsú. Ba cheart pé faisnéis a iarrfar a sholáthar laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo agus ba cheart na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin atá riachtanach a ghlacadh go pras. Ba cheart do na húdaráis inniúla freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar fhorfheidhmiú i dtréimhsí ama a shocraítear, mura rud é go gcomhaontaítear a mhalairt. Ba cheart na hoibleagáidí atá ar an údaráis inniúil, faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh, a bheith ann i gcónaí, mura rud é gur dóigh go n-áiritheofar, le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus cinntí riaracháin a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta lasmuigh de chreat an chúnaimh fhrithpháirtigh go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é ar bhealach gasta éifeachtach. Ba cheart a thuiscint go mbeidh cinntí riaracháin ina leith sin ina gcinntí lena dtugtar éifeacht do na bearta a dhéantar chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é. Sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith i dteideal diúltú iarraidh a chomhlíonadh, ar iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh í.

(23)

Ba cheart go dtiocfadh feabhas ar chumas an Choimisiúin comhordú agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an tsásra um chúnamh frithpháirteach, treoir a eisiúint, moltaí a dhéanamh agus tuairimí a eisiúint do na Ballstáit nuair a thagann fadhbanna chun cinn. Ba cheart gurbh fhearr a bheadh an Coimisiún in ann, freisin, cúnamh éifeachtach tapa a thabhairt do na húdaráis inniúla chun teacht ar réiteach ar dhíospóidí maidir le léiriú na n-oibleagáidí atá orthu de dhroim an tsásra um chúnamh frithpháirteach.

(24)

Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh do rialacha comhchuibhithe lena leagtar amach na nósanna imeachta maidir le comhordú, a dhéanamh ar bhearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin ar sháruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Ba cheart a áirithiú leis na gníomhaíochtaí comhordaithe i gcoinne sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais go bhféadfaidh na húdaráis inniúla na huirlisí is oiriúnaí agus is éifeachtaí a roghnú chun na sáruithe forleathana sin a stopadh agus, i gcás inarb iomchuí, chun gealltanais feabhais a fháil nó a lorg ó na trádálaithe atá freagrach chun leas tomhaltóirí.

(25)

Ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann, mar chuid de ghníomhaíocht chomhordaithe, a gcuid beart imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a chomhordú d’fhonn dul i ngleic go héifeachtach leis an sárú forleathan agus leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais agus chun a chur faoi deara go scoirfí de nó go dtoirmeascfaí é. Chun na críche sin, ba cheart an fhianaise agus an fhaisnéis uile atá riachtanach a mhalartú idir na húdaráis inniúla agus ba cheart pé cúnamh atá riachtanach a chur ar fáil. Maidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart dóibh na bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach a dhéanamh ar bhealach comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é.

(26)

Ba cheart gur leordhóthanach rannpháirtíocht gach údaráis inniúil sa ghníomhaíocht chomhordaithe i gcomhréir leis na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a cheanglaítear ar údarás inniúil a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais ar bhealach éifeachtach. Níor cheart na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin a bheith faoi cheangal ach chun na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh atá riachtanach chun an fhianaise agus an fhaisnéis uile atá riachtanach a fháil maidir leis an sárú forleathan agus an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó go dtoirmeascfaí é. Mar sin féin, níor cheart easpa acmhainní infhaighte de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann an sárú sin a mheas mar ní lena dtugtar bonn cirt le gan páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe.

(27)

Na húdaráis inniúla a mbaineann an sárú forleathan leo nó sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais leo agus atá rannpháirteach i ngníomhaíocht chomhordaithe, ba cheart dóibh a bheith in ann bearta náisiúnta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh i ndáil leis an sárú céanna. Ag an am céanna, áfach, an oibleagáid atá ar an údarás inniúil maidir lena chuid gníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a chomhordú faoi chuimsiú na gníomhaíochta comhordaithe le húdaráis inniúla eile lena mbaineann an sárú sin, ba cheart an oibleagáid sin a choimeád i bhfeidhm, mura rud é gur dóigh go n-áiritheoidh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus cinntí riaracháin arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta lasmuigh de chreat na gníomhaíochta comhordaithe go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é, ar bhealach gasta, éifeachtach. Ba cheart cinntí riaracháin ina leith sin a thuiscint mar chinntí lena dtugtar éifeacht do na bearta a dhéantar chun a chur faoi deara go scoirfí de nó go dtoirmeascfaí é. Sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla i dteideal diúltú bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhordaithe.

(28)

Má tá drochamhras réasúnach ann go bhfuil sárú forleathan ann, ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin tús a chur le gníomhaíocht chomhordaithe, trí chomhaontú. D’fhonn a shuí cé na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan, ba cheart gnéithe ábhartha uile an tsáraithe sin a bhreithniú, go háirithe an áit a bhfuil an trádálaí bunaithe nó a bhfuil cónaí air, an suíomh ina bhfuil sócmhainní na dtrádálaithe, an áit a bhfuil na tomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe díobháil dóibh agus an áit a bhfuil pointí díolacháin an trádálaí, i.e. siopaí agus suíomhanna gréasáin.

(29)

Ba cheart don Choimisiún comhoibriú níos dlúithe leis na Ballstáit chun cosc a chur ar sháruithe arna ndéanamh ar mhórscála. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt ar bhealach gníomhach do na húdaráis inniúla má tá drochamhras air faoi aon sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Má tá drochamhras réasúnach ar an gCoimisiún, de bharr faireachán a dhéanamh mar shampla ar na foláirimh a eisíonn na húdaráis inniúla, go ndearnadh sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart dó fógra a thabhairt do na Ballstáit, trí na húdaráis inniúla agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú líomhnaithe sin, agus na forais lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht chomhordaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh á lua san fhógra. Na húdaráis inniúla lena mbaineann, ba cheart dóibh imscrúduithe iomchuí a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh nó a bhfuil teacht acu uirthi go héasca. Ba cheart dóibh fógra faoi thorthaí a n-imscrúduithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil eile, na n-oifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin agus faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar an tátal go léiríonn na himscrúduithe sin go bhféadfadh sé go bhfuil sárú á dhéanamh, ba cheart dóibh tús a chur leis an ngníomhaíocht chomhordaithe trí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, a dhéanamh. Ba cheart gurbh é an Coimisiún i gcónaí a chomhordódh gníomhaíocht chomhordaithe lena dtéitear i ngleic le sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Más dealraitheach go mbaineann an sárú sin leis an mBallstát, ba cheart dó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe d’fhonn cabhrú chun an fhaisnéis uile agus an fhianaise uile atá riachtanach a bhaineann leis an sárú a bhailiú agus chun a chur faoi deara go scoirfí de nó go dtoirmeascfaí é. Maidir leis na bearta forfheidhmiúcháin, níor cheart go ndéanfaí aon difear d’imeachtaí coiriúla ná breithiúnacha sna Ballstáit le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart prionsabal ne bis in idem a urramú. Mar sin féin, má dhéanann an trádálaí céanna na gníomhartha céanna nó an neamhghníomh céanna athuair, agus más sárú é a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar tugadh aghaidh air cheana le nósanna imeachta forfheidhmiúcháin lenar scoireadh den sárú sin nó lenar toirmeascadh é dá thoradh, ba cheart an méid sin a mheas mar shárú nua agus ba cheart do na húdaráis inniúla aghaidh a thabhairt air.

(30)

Na húdaráis inniúla lena mbaineann, ba cheart dóibh na bearta imscrúdúcháin atá riachtanach a dhéanamh chun mionsonraí an tsáraithe fhorleathain nó an tsáraithe fhorleathain lena mbaineann gné Aontais a shuí, agus go háirithe céannacht an trádálaí, agus na gníomhartha, nó na neamhghníomhartha arna ndéanamh ag an trádálaí, mar aon le tionchar an tsáraithe. Ba cheart na bearta forfheidhmiúcháin a bheith bunaithe ar thoradh an imscrúdaithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart toradh an imscrúdaithe mar aon leis an measúnú ar an sárú forleathan nó ar an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais a leagan amach i gcomhsheasamh arna chomhaontú i measc údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, agus ba cheart é a dhíriú ar an trádálaí atá freagrach as an sárú sin. Níor cheart gur cinneadh ceangailteach de chuid na n-údarás inniúil é an comhsheasamh. Ba cheart, áfach, an deis a thabhairt don seolaí é féin a chur in iúl i ndáil leis na hábhair atá ina gcuid den chomhsheasamh.

(31)

I gcomhthéacs sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, ba cheart na cearta chun cosanta atá ag na trádálaithe lena mbaineann a urramú. Chuige sin, go háirithe, tá sé riachtanach cearta a thabhairt don trádálaí le linn na n-imeachtaí arb iad an ceart go n-éistfí é agus an ceart chun teanga oifigiúil nó ceann de na teangacha oifigiúla a úsáid a úsáidtear chun críocha oifigiúla sa Bhallstát ina bhfuil an trádálaí bunaithe nó ina bhfuil cónaí air. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochtaithe a chosaint.

(32)

Na húdaráis inniúla lena mbaineann, ba cheart dóibh na bearta riachtanacha imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh laistigh dá ndlínse féin. Mar sin féin, níl éifeachtaí sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais teoranta d’aon Bhallstát amháin. Dá bhrí sin, tá comhar idir-údaráis inniúla ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin agus chun a chur faoi deara go scoirfí díobh nó go dtoirmeascfaí iad.

(33)

Ba cheart tacú le sáruithe forleathana a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath go héifeachtach trí fhaisnéis a mhalartú idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún trí fholáirimh a eisiúint má tá drochamhras réasúnach ann go bhfuil na sáruithe sin ann. Ba cheart don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú an mhalartaithe faisnéise.

(34)

Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí tomhaltóirí ó thaobh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina gcearta, a bhfeasacht a neartú, agus a leasanna a chosaint, lena n-áirítear díospóidí a réiteach. Ba cheart tomhaltóirí a spreagadh le dul i mbun comhair leis na húdaráis inniúla chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a neartú.

(35)

Ba cheart a cheadú do chomhlachais tomhaltóirí agus, i gcás inarb iomchuí, do chomhlachais trádála, a bheith rannpháirteach sa sásra foláirimh freisin, chun go bhféadfaidh siad fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi sháruithe drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faisnéis a chomhroinnt leo a theastaíonn chun sáruithe a bhrath, a imscrúdú agus a stopadh, tuairim uathu a thabhairt faoi imscrúduithe nó faoi sháruithe agus fógra a thabhairt d’údaráis inniúla faoi mhí-úsáid dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

(36)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart, ba cheart do na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, do na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, d’eagraíochtaí agus do chumainn tomhaltóirí, agus, i gcás inarb iomchuí do chomhlachais trádálaithe, a bhfuil an saineolas riachtanach acu, foláirimh sheachtracha a eisiúint d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sháruithe drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus pé faisnéis atá riachtanach atá ar fáil dóibh a sholáthar. D’fhéadfadh cúiseanna iomchuí a bheith ag na Ballstáit gan an chumhacht a thabhairt do na heintitis sin dul i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Sa chomhthéacs seo, i gcás ina gcinnfidh Ballstát gan an chumhacht a thabhairt d’aon cheann de na heintitis sin foláirimh sheachtracha a eisiúint, ba cheart dó míniú lena dtugtar na cúiseanna a bhí aige déanamh amhlaidh a chur ar fáil.

(37)

Is saghas eile comhordú forfheidhmiúcháin na scuab-imscrúduithe ar mhargaí tomhaltais, agus tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach iad i gcoinne sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, agus ba cheart leanúint de bheith á úsáid agus é a neartú amach anseo, i gcás na n-earnálacha ar líne agus as líne araon. Ba cheart scuab-imscrúduithe a dhéanamh go háirithe i gcás ina dtugtar le tuiscint, le treochtaí sa mhargadh, le gearáin tomhaltóirí nó le sonraí eile, go bhféadfadh sé go ndearnadh sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí nó go bhfuil sáruithe á ndéanamh orthu.

(38)

Is minic gur mór an cuidiú ag lucht déanta beartas, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, sonraí a bheith ar fáil dóibh a bhaineann le gearáin tomhaltóirí, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú margaí tomhaltóirí agus sáruithe a bhrath. Is é an ceart é go gcuirfí chun cinn ar leibhéal an Aontais malartú sonraí den chineál sin.

(39)

Tá sé ríthábhachtach, a mhéid is gá sin chun rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, go gcuirfeadh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina gcuid gníomhaíochtaí i dtaca le leasanna tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear faoina gcuid tacaíochta do ghníomhaíochtaí ionadaithe tomhaltóirí, faoina gcuid tacaíochta do ghníomhaíochtaí comhlachtaí atá freagrach as díospóidí tomhaltóirí a réiteach go seachbhreithiúnach agus faoina gcuid tacaíochta do rochtain tomhaltóirí ar an gceartas. I gcomhar leis an gCoimisiún, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dul i mbun gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le faisnéis a bhaineann le beartas tomhaltóirí a mhalartú sna réimsí thuasluaite.

(40)

Na dúshláin forfheidhmiúcháin atá ann, téann siad thar theorainneacha an Aontais, agus is gá leasanna thomhaltóirí an Aontais a chosaint ó thrádálaithe bradacha atá bunaithe i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ba cheart caibidliú a dhéanamh le tríú tíortha ar chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cúnamh frithpháirteach chun dlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. Ba cheart an t-ábhar a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith san áireamh sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin agus ba cheart iad a chaibidil ar leibhéal an Aontais chun an chosaint is fearr is féidir do thomhaltóirí an Aontais agus comhar rianúil le tríú tíortha a áirithiú.

(41)

An fhaisnéis a mhalartaítear idir na húdaráis inniúla, ba cheart í a bheith faoi réir rialacha diana rúndachta agus sicréideachta ghairmiúla agus tráchtála d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear imscrúduithe i gcontúirt agus nach ndéanfar dochar go héagórach do chlú na dtrádálaithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla an nochtadh a chinneadh i gcónaí ar bhonn an cháis a bhíonn i gceist agus gan é a dhéanamh ach amháin nuair is iomchuí agus nuair is gá, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt ar leas an phobail, amhail sábháilteacht an phobail, cosaint an tomhaltóra, an tsláinte phoiblí nó cosaint an chomhshaoil agus seoladh cuí imscrúduithe coiriúla.

(42)

Chun feabhas a chur ar a thrédhearcaí atá an gréasán comhair, agus chun feasacht a mhúscailt i measc tomhaltóirí agus i measc an phobail i gcoitinne, gach dara bliain, ba cheart don Choimisiún forléargas a dhéanamh ar an bhfaisnéis, ar an staidreamh agus ar a bhfuil ag titim amach i réimse fhorfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí, a bhaileofar faoi chuimsiú an chomhair fhorfheidhmiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus é a chur ar fáil don phobal.

(43)

Ba cheart sáruithe forleathana a réiteach go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ba cheart córas malartaithe dhébhliantúil tosaíochtaí forfheidhmiúcháin a chur i bhfeidhm chun é sin a bhaint amach.

(44)

D’fhonn na socruithe praiticiúla agus na socruithe oibríochta maidir le feidhmiú an bhunachair sonraí a leagan síos, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(45)

Ní dochar an Rialachán seo do rialacha earnála an Aontais lena ndéantar foráil maidir le comhar idir rialaitheoirí earnála ná níl sé infheidhme do rialacha earnála an Aontais maidir le cúiteamh do thomhaltóirí as díobháil a eascraíonn as sáruithe ar na rialacha sin. Ní dochar an Rialachán seo do chórais ná do líonraí eile comhair atá leagtar amach i reachtaíocht earnála an Aontais. Méadaíonn an Rialachán seo an comhar agus an comhordú idir an líonra cosanta tomhaltóirí agus i measc líonraí na gcomhlachtaí agus na n-údarás rialála a bunaíodh le reachtaíocht earnála an Aontais. Ní dochar an Rialachán seo do bhearta a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a chur i bhfeidhm sna Ballstáit.

(46)

Ní dochar an Rialachán seo don cheart chun cúiteamh a éileamh, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, ar faoi réir an dlí náisiúnta atá sé, agus ní dhéanann sé foráil d’fhorfheidhmiú na n-éileamh sin.

(47)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhthéacs an Rialacháin seo (8).

(48)

Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais is infheidhme maidir le cumhachtaí comhlachtaí náisiúnta rialála a bunaíodh le reachtaíocht earnála an Aontais. Más iomchuí agus más féidir, ba cheart do na comhlachtaí sin na cumhachtaí atá ar fáil dóibh faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a úsáid chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad, agus chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla déanamh amhlaidh.

(49)

Ní dochar an Rialachán seo do ról agus cumhachtaí na n-údarás inniúil agus an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le comhleasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint in ábhair a bhaineann le seirbhísí do chuntais íocaíochta agus comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe faoi Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus faoi Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(50)

I bhfianaise na sásraí comhair arb ann dóibh cheana faoi Threoir 2014/17/AE agus faoi Threoir 2014/92/AE, níor cheart feidhm a bheith ag an sásra um chúnamh frithpháirteach (Caibidil III) maidir le sáruithe laistigh den Aontas ar na Treoracha sin.

(51)

Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (11).

(52)

Leis an Rialachán seo, urramaítear seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá ann i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le saoirse an phreasa agus saoirse cainte. Agus na híoschumhachtaí atá leagtha amach sa Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, ba cheart do na húdaráis inniúla an chothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir na leasanna arna gcosaint ag na cearta bunúsacha amhail leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an tsaoirse faisnéise.

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc nach féidir leo comhar agus comhordú a áirithiú agus iad ag gníomhú leo féin, ach gur fearr, de bharr raon feidhme críochach agus pearsanta an Rialacháin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(54)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA RÉAMHRÁITEACHA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha faoina ndéanfaidh údaráis inniúla, tar éis dá mBallstáit iad a ainmniú mar na húdaráis atá freagrach as dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, gníomhaíochtaí a chomhordú le chéile agus leis an gCoimisiún, chun comhlíonadh na dlíthe sin a fhorfheidhmiú agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go rianúil, agus chun cosaint leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a fheabhsú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sáruithe laistigh den Aontas, le sáruithe forleathana agus le sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais, fiú má scoireadh de na sáruithe sin sula dtosaítear ar an bhforfheidhmiú nó sula gcríochnaítear é.

2.   Ní dochar an Rialachán seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus na dlíthe is infheidhme.

3.   Ní dochar an Rialachán do bhearta a chur i bhfeidhm sna Ballstáit a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla agus, go háirithe feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do na Ballstáit aon oibleagáidí breise a chomhlíonadh atá orthu maidir le cúnamh frithpháirteach ar mhaithe le comhleasanna eacnamaíocha tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear in ábhair choiriúla a eascraíonn as gníomhartha eile dlí, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

6.   Ní dochar an Rialachán seo don fhéideartheacht atá ann tuilleadh gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin poiblí nó príobháideacha a thionscnamh faoin dlí náisiúnta.

7.   Ní dochar an Rialachán seo do reachtaíocht ábhartha an Aontais atá infheidhme maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

8.   Ní dochar an Rialachán seo don dlí náisiúnta atá infheidhme maidir le cúiteamh do thomhaltóirí as díobháil arb é is cúis léi sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

9.   Ní dochar an Rialachán do cheart na n-údarás inniúil gníomhaíochtaí imscrúdúcháin ná gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh i gcoinne níos mó ná trádálaí amháin as sáruithe comhchosúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

10.   Níl feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo maidir le sáruithe laistigh den Aontas ar Threoracha 2014/17/AE agus 2014/92/AE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí” na Rialacháin agus na Treoracha, mar a trasuíodh i ndlíchórais na mBallstát iad, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;

(2)

ciallaíonn “sárú laistigh den Aontas” aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar sárú é a rinne díobháil, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí a chónaíonn i mBallstát seachas an Ballstát:

(a)

inar thosaigh nó ina ndearnadh an gníomh nó ar an neamhghníomh;

(b)

ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó neamhghníomh bunaithe; nó

(c)

ina bhfuil fianaise nó sócmhainní de chuid an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh le fáil;

(3)

ciallaíonn “sárú forleathan”:

(a)

aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar gníomh é a rinne díobháil, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá cheann, ar a laghad, de na Ballstáit, seachas sa Bhallstát

(i)

inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;

(ii)

ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó as an neamhghníomh bunaithe; nó

(iii)

ina bhfuil fianaise nó sócmhainní an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh le fáil; nó

(b)

aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóírí, ar gníomhartha nó neamhghníomhartha iad a rinne díobháíl, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh do chomhleasanna na dtomhaltóirí agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leo, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus ar nithe iad arna ndéanamh ag an trádálaí céanna, i gcomhthráth, i dtrí cinn, ar a laghad, de na Ballstáit;

(4)

ciallaíonn “sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais” sárú forleathan a rinne nó a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad agus an dá thrian sin cothrom le dhá thrian de dhaonra an Aontais, ar a laghad.

(5)

ciallaíonn “sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo” sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais.

(6)

ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás poiblí a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, agus atá ainmnithe ag Ballstát mar an t-údarás atá freagrach as dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a fhorfheidhmiú;

(7)

ciallaíonn “oifig idirchaidrimh aonair” an t-údarás poiblí atá ainmnithe ag Ballstát mar an t-údarás atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chomhordú laistigh den Bhallstát sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht ainmnithe” comhlacht a bhfuil leas dlisteanach aige i scor sáruithe, nó iad a thoirmeasc, ar sáruithe iad ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar comhlacht é atá ainmnithe ag Ballstát agus a dtugann údarás inniúil treoir dó chun an fhaisnéis atá riachtanach a bhailiú agus pé bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach atá ar fáil don chomhlacht sin faoin dlí náisiúnta a ghlacadh chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó go dtoirmeascfaí é, agus a ghníomhaíonn thar ceann an údaráis inniúil sin;

(9)

ciallaíonn “údarás is iarratasóir” an t-údarás inniúil a dhéanann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach;

(10)

ciallaíonn “údarás faighte iarrata” an t-údarás inniúil a fhaigheann iarraidh ar chúnamh frithpháirteach;

(11)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cé acu faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí atá sé, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoina ainm nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm,

(12)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(13)

ciallaíonn “gearán ó thomhaltóir” ráiteas, a bhfuil fianaise réasúnach ag tacú leis, go ndearna trádálaí sárú ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, go bhfuil sárú den sórt sin á dheanamh aige nó gur dóigh go ndéanfaidh sé sárú den sórt sin;

(14)

ciallaíonn “díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí” díobháil iarbhír nó fhéideartha do leasanna roinnt tomhaltóirí ar tomhaltóirí a ndéanann sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais difear dóibh;

(15)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar earraí nó seirbhísí an trádálaí;

(16)

ciallaíonn “scuab-imscrúduithe” imscrúduithe chomhbheartaithe a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí trí bhíthin gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe comhuaineacha a dhéanamh chun comhlíonadh dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a sheiceáil, nó chun sáruithe orthu a bhrath.

Airteagal 4

Fógra a thabhairt faoi thréimhsí teorann

Tabharfaidh gach oifig idirchaidrimh aonair fógra don Choimisiún faoi na tréimhsí teorann atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin agus a bhfuil feidhm acu maidir le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 9(4). Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na tréimhsí teorann a dtugtar fógra fúthu agus cuirfidh sé an achoimre sin ar fáil do na húdaráis inniúla.

CAIBIDIL II

NA hÚDARÁIS INNIÚLA AGUS A gCUMHACHTAÍ

Airteagal 5

Na húdaráis inniúla agus oifigí idirchaidrimh aonair

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó agus an oifig idirchaidrimh aonair atá freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.   Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo amhail is dá mba ag gníomhú thar ceann thomhaltóirí a mBallstáit féin agus ar a gcuntas féin a bheidís.

3.   Laistigh de gach Ballstát, is í an oifig idirchaidrimh aonair a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil, na n-údarás poiblí eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 6 agus, más infheidhme, na gcomhlachtaí ainmnithe i dtaca le sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag na húdaráis inniúla agus ag na hoifigí idirchaidrimh aonair na hacmhainní atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leordhóthain acmhainní buiséadacha agus acmhainní de chineálacha eile, saineolas, nósanna imeachta agus socruithe eile.

5.   I gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ina gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go saineofar dualgais na n-údarás inniúil sin faoi seach go soiléir agus go n-oibreoidh siad i ndlúthchomhar le chéile ionas gur féidir leo na dualgais sin a dhéanamh go héifeachtach.

Airteagal 6

Comhar chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sna Ballstáit

1.   Chun go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go cuí, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, maille le húdaráis phoiblí eile agus, más infheidhme, na comhlachtaí ainmnithe, comhar éifeachtach le chéile.

2.   Glacfaidh na húdaráis phoiblí eile dá dtagraítear i mír 1, arna iarraidh sin orthu ag údarás inniúil, gach beart atá riachtanach atá ar fáil dóibh faoin dlí náisiúnta chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo. nó go dtoirmeascfaí iad

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hacmhainní agus na cumhachtaí atá riachtanach ag na húdaráis phoiblí eile dá dtagraítear i mír 1 chun dul i mbun comhair go héifeachtach leis na húdaráis inniúla i gcur i bhfeidhm chun an Rialacháin seo. Déanfaidh na húdaráis phoiblí eile sin na húdaráis inniúla a chur ar an eolas go rialta faoi na bearta arna ndéanamh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Ról na gcomhlachtaí ainmnithe

1.   I gcás inarb infheidhme, féadfaidh údarás inniúil (“údarás treorach”) i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, treoir a thabhairt do chomhlacht ainmnithe pé faisnéis atá riachtanach a bhailiú maidir le sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó pé bearta forfheidhmiúcháin atá riachtanach atá ar fáil dó faoin dlí náisiúnta a ghlacadh chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é. Ní thabharfaidh an t-údarás treorach treoir do chomhlacht inniúil ach amháin más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir nó leis na húdaráis inniúla eile lena mbaineann an sárú a chumhdaítear leis na Rialachán seo, go gcomhaontaíonn an t-údarás is iarratasóir agus údarás faighte na hiarrata araon nó na húdaráis inniúla uile lena mbaineann, gur dóigh go bhfaighidh an comhlacht ainmnithe an fhaisnéis atá riachtanach nó chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú nó go dtoirmeascfaí é ar bhealach atá chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach, ar a laghad, le gníomhaíocht de chuid an údaráis threoraigh.

2.   Más rud é go bhfuil an t-údarás is iarratasóir nó na húdaráis eile lena mbaineann an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo den tuairim nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, cuirfidh siad an t-údarás treorach ar an eolas faoi sin gan mhoill, agus leagfaidh siad amach na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt don tuairim sin. Mura bhfuil an t-údarás treorach den tuairim chéanna, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus-is é an Coimisiún a eiseoidh tuairim ar an ábhar gan mhoill.

3.   Leanfaidh an t-údarás treorach d’oibleagáid a bheith air an fhaisnéis atá riachtanach a bhailiú nó de na bearta imscrúdúcháin nó forfheidhmiúcháin atá riachtanach a dhéanamh más rud é:

(a)

go mainníonn an comhlacht ainmnithe an fhaisnéis atá riachtanach a fháil nó chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí é gan mhoill; nó

(b)

nach gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo go bhféadfar treoir a thabhairt don chomhlacht ainmnithe de bhun mhír 1.

4.   Déanfaidh an t-údarás treorach na bearta uile atá riachtanach chun cosc a chur le nochtadh faisnéise atá faoi réir na rialacha maidir le rúndacht agus le sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar amach in Airteagal 33.

Airteagal 8

Faisnéis agus liostaí

1.   Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas agus aon athruithe uirthi in iúl don Choimisiún gan mhoill:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil, na hoifige idirchaidrimh aonair, na gcomhlachtaí ainmnithe agus na n-eintiteas a eisíonn foláirimh sheachtracha de bhun Airteagal 27(1); agus

(b)

faisnéis maidir le heagrúchán, cumhachtaí agus cúraimí na n-údarás inniúil.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a mbeidh fáil ag an bpobal air de na hoifigí idirchaidrimh aonair, de na húdaráis inniúla, de na comhlachtaí agus eintitis ainmnithe a eisíonn foláirimh sheachtracha de bhun Airteagal 27(1) nó(2) a chothabháil agus a uasdátú ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 9

Íoschumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Beidh ag gach údarás inniúil na cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin de bhun mhíreanna 3, 4, 6 agus 7 den Airteagal seo atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus feidhmeoidh sé iad faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10.

2.   D’ainneoin mhír 1, agus ar choinníoll go bhféadfaidh údarás inniúil amháin ar a laghad gach cumhacht de na cumhachtaí sin a fheidhmiú go héifeachtach agus de réir mar atá riachtanach i ndáil le haon sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 10, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na cumhachtaí uile a thabhairt do gach údarás inniúil.

3.   Beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí imscrúdúcháin seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an chumhacht chun rochtain a fháil ar aon doiciméid, sonraí nó faisnéis ábhartha a bhaineann le sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo, gan beann ar a bhfoirm ná ar a bhformáid, ar mheán a stórála ná ar an ionad ina stóráiltear iad;

(b)

an chumhacht chun a cheangal ar aon údarás poiblí, comhlacht nó gníomhaireacht laistigh dá mBallstát aon fhaisnéis ábhartha, sonraí nó doiciméid in aon fhoirm nó formáid gan beann ar mheán nó ionad a stórála, a sholáthar agus/nó sin a cheangal ar aon duine nádúrtha nó ar aon duine dlítheanach chun a shuí an ndearnadh sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó an bhfuil sé á dhéanamh, agus chun tréithe an tsáraithe sin a shuíomh, lena n-áirítear a shreabha airgeadais agus a mhionsonraí a rianú, céannacht daoine a fhionnadh a bhfuil baint acu le sreabha airgeadais, agus sonraí, faisnéis faoi chuntais bainc, agus úinéireacht suíomhanna gréasáin a fhionnadh;

(c)

an chumhacht chun aon chigireachtaí atá riachtanach a dhéanamh ar an láthair, lena n-áirítear an chumhacht dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh nó in aon chóir iompair a úsáideann an trádálaí lena mbaineann an chigireacht chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, nó a iarraidh ar údaráis eile é sin a dhéanamh chun cóipeanna d’fhaisnéis, de shonraí nó de dhoiciméid a scrúdú, a ghabháil, a thógáil nó a fháil, gan beann ar mheán a stórála; an chumhacht chun aon fhaisnéis, sonraí nó doiciméad a ghabháil ar feadh pé tréimhse atá riachtanach agus a mhéid atá sé sin riachtanach chun an chigireacht a dhéanamh; an chumhacht chun a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid an trádálaí lena mbaineann an chigireacht mínithe a thabhairt ar fhíricí nó faisnéis a sholáthar, sonraí nó doiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)

an chumhacht chun earraí nó seirbhísí a cheannach mar cheannacháin tástála, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach, faoi chéannacht cheilte, d’fhonn sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhrath agus fianaise a fháil, lena n-áirítear an chumhacht chun cigireacht a dhéanamh ar earraí nó seirbhísí, iad a ghrinniú nó staidéar a dheanamh orthu, iad a dhíchóimeáil nó a thástáil.

4.   Beidh na cumhachtaí forfheidhmiúcháin seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis inniúla:

(a)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do chomhleasanna tomhaltóirí a sheachaint;

(b)

an chumhacht chun féachaint le gealltanais a fháil nó chun glacadh le gealltanais ón trádálaí atá freagrach as an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo go scoirfidh sé den sárú sin;

(c)

an chumhacht chun a fháil ón trádálaí, ar thionscnamh an trádálaí, gealltanais bhreise feabhais do thomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo difear dóibh, nó i gcás inarb iomchuí, féachaint le gealltanais iarraidh ar an trádálaí leigheasanna dóthanacha a thairiscint do na tomhaltóirí sin a ndearna an sárú sin difear dóibh;

(d)

i gcás inarb infheidhme, trí mheáin iomchuí, an chumhacht chun tomhaltóirí a éilíonn go ndearnadh díobháil dóibh i ngeall ar shárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar an eolas faoin modh chun cúiteamh a lorg dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta;

(e)

an chumhacht chun a ordú i scríbhinn go scoirfeadh an trádálaí de na sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(f)

an chumhacht chun a chur faoi deara go scoirfí de na sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad;

(g)

i gcás nach mbeidh aon mhodh éifeachtach eile ar fáil chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí é, chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do chomhleasanna na dtomhaltóirí a sheachaint:

(i)

an chumhacht chun ábhar a bhaint nó rochtain a shrianadh ar chomhéadan ar líne nó a ordú go gcuirfí rabhadh ar taispeáint go sainráite a bheadh le feiceáil ag tomhaltóirí agus iad ag rochtain comhéadain ar líne;

(ii)

an chumhacht chun a ordú do sholáthraí seirbhíse óstála an rochtain ar an gcomhéadan ar líne a bhaint, a chur as feidhm, nó a shrianadh; nó

(iii)

i gcás inarb iomchuí, an chumhacht chun a ordú do chláraitheoirí nó do chlárlanna fearann ainm fearainn láncháilithe a scriosadh go hiomlán agus cead a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann an fearann sin a chlárú iad féin;

lena n-áirítear trína iarraidh ar thríú páirtí nó údarás poiblí eile bearta den sórt sin a chur chun feidhme;

(h)

an chumhacht chun pionóis a fhorchur, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis, as sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus as mainneachtain aon chinneadh, ordú, beart eatramhach, gealltanas de chuid trádálaí nó beart eile, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, a chomhlíonadh.

Beidh na pionóis dá dtagraítear i bpointe (h) éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, i gcomhréir le ceanglais dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Go háirithe, tabharfar aird chuí, de réir mar is iomchuí, ar chineál, thromchúis agus fad an tsáraithe atá i gceist.

5.   Maidir leis an gcumhacht chun pionóis, mar shampla fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, a fhorchur le haghaidh sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, baineann sí le haon sárú ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, i gcás ina bhforáiltear do phionóis i ngníomh ábhartha an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn. Ní dochar é sin don chumhacht atá ag na húdaráis náisiúnta faoin dlí náisiúnta chun pionóis a fhorchur, mar shampla fíneálacha riaracháin nó fíneálacha eile nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, i gcásanna nach bhforáiltear do phionóis i ngníomhartha an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn.

6.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla ar a dtionscnamh féin tús a chur le himscrúduithe nó le nósanna imeachta chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad.

7.   Féadfaidh údaráis inniúla aon chinneadh deiridh, gealltanais ó thrádálaí nó orduithe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú, lena n-áirítear céannacht an trádálaí atá freagrach as sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo a fhoilsiú.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla dul i gcomhairle, i gcás inarb infheidhme, le heagraíochtaí tomhaltóirí, comhlachais trádálaithe, comhlachtaí ainmnithe nó aon duine eile lena mbaineann faoi éifeachtúlacht na ngealltanas arna dtogrú chun deireadh a chur leis an sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Na híoshcumhachtaí a fheidhmiú

1.   Déanfar na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 9 a fheidhmiú, cibé:

(a)

ag údaráis inniúla go díreach faoina n-údarás féin;

(b)

más iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile;

(c)

trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme; nó

(d)

trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh atá riachtanach a dheonú, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, trí achomharc a dhéanamh mura n-éiríonn leis an iarratas go ndeonófar an cinneadh atá riachtanach.

2.   Beidh cur chun feidhme agus feidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 9 i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo comhréireach agus comhlíonfaidh sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear coimircí nós imeachta infheidhme agus prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Beidh na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin arna nglacadh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo iomchuí do chineál agus do dhíobháil fhoriomlán iarbhír nó fhéideartha an tsáraithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

CAIBIDIL III

SÁSRA UM CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

Airteagal 11

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Ar iarraidh a fháil ó údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte iarrata, gan mhoill, agus ar aon chaoi laistigh de 30 lá, mura gcomhaontaítear a mhalairt, aon fhaisnéis ábhartha a thabhairt don údarás is iarratasóir atá riachtanach chun a shuíomh an ndearnadh sárú laistigh den Aontas nó an bhfuil sárú den sórt sin á dhéanamh, agus chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás faighte iarrata na himscrúduithe is iomchuí agus atá riachtanach nó glacfaidh sé aon bhearta eile atá riachtanach nó is iomchuí d’fhonn an fhaisnéis a cheanglaítear a fháil. Más gá, déanfar na himscrúduithe sin i gcomhar le húdaráis phoiblí eile nó le comhlachtaí ainmnithe eile.

3.   Ar iarratas a fháil ón údarás is iarratasóir, féadfaidh an t-údarás faighte iarrata cead a thabhairt d’oifigigh de chuid an údaráis is iarratasóir a bheith in éineacht le hoifigigh an údaráis faighte iarrata i gcúrsa a n-imscrúduithe.

Airteagal 12

Iarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin

1.   Ar iarraidh a fháil ó údarás is iarratasóir, déanfaidh údarás faighte iarrata gach beart forfheidhmiúcháin atá riachtanach agus comhréireach chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é trí chumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 9 agus aon chumhachtaí breise arna ndeonú dó faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú. Cinnfidh an t-údarás faighte iarrata na bearta iomchuí forfheidhmiúcháin is gá chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é agus déanfaidh sé iad gan mhoill ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an iarraidh a fháil, mura dtugann sé cúiseanna sonracha leis an tréimhse sin a fhadú. I gcás inar iomchuí, forchuirfidh an t-údarás faighte iarrata pionóis, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí atá freagrach as an sárú laistigh den Aontas. Féadfaidh an t-údarás faighte iarrata, ar thionscnamh an trádálaí, gealltanais bhreise feabhais a fháil ón trádálaí do thomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe laistigh den Aontas difear dóibh, nó i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé féachaint le gealltanais a fháil ón trádálaí go dtairgfidh sé leigheasanna dóthanacha do thomhaltóirí a ndearna an sárú sin difear dóibh.

2.   Cuirfidh an t-údarás faighte iarrata an t-údarás is iarratasóir ar an eolas go rialta faoi na céimeanna agus na bearta atá glactha agus faoi na céimeanna agus na bearta a bhfuil sé i gceist aige a ghlacadh. Trí bhíthin an bhunachair sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35, tabharfaidh an t-údarás faighte iarrata fógra gan mhoill don údarás is iarratasóir, d’údaráis inniúla Ballstát eile agus don Choimisiún faoi na bearta a rinneadh agus an tionchar a bhí ag na bearta sin ar an sárú laistigh den Aontas, agus luafar na nithe seo a leanas:

(a)

cé acu ar forchuireadh bearta eatramhacha nó nár forchuireadh;

(b)

cé acu ar scoireadh den sárú nó nár scoireadh;

(c)

cé na bearta a glacadh, agus cé acu a cuireadh na bearta sin chun feidhme nó nár cuireadh;

(d)

a mhéid a tairgeadh gealltanais feabhais do thomhaltóirí a ndearna an sárú líomhnaithe difear dóibh.

Airteagal 13

Nós imeachta um iarrataí ar chúnamh frithpháirteach

1.   Le linn aon iarratas ar chúnamh frithpháirteach a dhéanamh, tabharfaidh an t-údarás is iarratasóir an fhaisnéis atá riachtanach chun é a chur ar chumas údarás faighte iarrata an iarraidh sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon fhianaise atá riachtanach agus nach féidir a fháil ach i mBallstát an údaráis is iarratasóir.

2.   Déanfaidh an t_údarás is iarratasóir iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a sheoladh chuig an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata agus chuig an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis is iarratasóir, mar eolas dóibh. Déanfaidh an oifig idirchaidrimh aonair atá ag Ballstát an údaráis faighte iarrata na hiarrataí a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil iomchuí gan mhoill.

3.   Maidir le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus leis na cumarsáidí uile atá nasctha leo, is i scríbhinn a dhéanfar iad, ag úsáid na bhfoirmeacha caighdeánacha, agus seolfar go leictreonach iad tríd an mbunachar sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35.

4.   Tiocfaidh na húdaráis lena mbaineann ar chomhaontú faoi na teangacha a bheidh le húsáid sna hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus sna cumarsáidí uile atá nasctha leo.

5.   Mura féidir teacht ar shocrú faoi theangacha, is i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis is iarratasóir a bheidh na hiarrataí agus is i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla Bhallstát an údaráis faighte iarrata a bheidh na freagraí. Sa chás sin, beidh gach údarás inniúil freagrach as na haistriúcháin atá riachtaanach ar na hiarrataí, ar na freagraí agus ar na doiciméid eile a gheobhaidh sé ó údarás inniúil eile.

6.   Tabharfaidh an t-údarás faighte iarrata freagra go díreach don údarás is iarratasóir agus d’oifigí idirchaidrimh aonair Ballstát an údaráis is iarratasóir agus d’oifig idirchaidrimh aonair Bhallstát an údaráis faighte iarrata.

Airteagal 14

Diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh

1.   Féadfaidh údarás faighte iarrata diúltú iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh faoi Airteagal 11 a chomhlíonadh, más ann do cheann amháin nó níos mó de na cásanna seo:

(a)

i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir, go ndealraíonn sé nach bhfuil aon ghá ag an údarás is iarratasóir leis an bhfaisnéis chun a shuíomh an ndearnadh sárú nó an bhfuil sárú á dheanamh laistigh den Aontas nó an bhfuil drochamhras réasúnach ann go bhféadfaí sárú a dhéanamh;

(b)

ní mheasann an t-údarás is iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis faoi réir na bhforálacha maidir le rúndacht agus maidir le sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar amach in Airteagal 33;

(c)

tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana i gcoinne an trádálaí chéanna i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas os comhair údaráis bhreithiúnacha Bhallstát an údaráis faighte iarrata nó Bhallstát an údaráis is iarratasóir.

2.   Féadfaidh údarás faighte iarrata diúltú iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin a chuirtear isteach faoi Airteagal 12 a chomhlíonadh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás is iarratasóir, má tá feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

tionscnaíodh imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí breithiúnacha cheana, nó tá breithiúnas, socraíocht chúirte nó ordú breithiúnach ann i gcoinne an trádálaí chéanna i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas os comhair údaráis bhreithiúnacha i mBallstát an údaráis iarrtha;

(b)

tionscnaíodh feidhmiú na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin atá riachtanach, nó glacadh cinneadh riaracháin cheana i gcoinne an trádálaí chéanna, i dtaobh an tsáraithe chéanna laistigh den Aontas cheana i mBallstát an údaráis iarrtha chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é go gasta éifeachtach;

(c)

i ndiaidh imscrúdú iomchuí a dhéanamh, tagann an t-údarás iarrtha ar an tátal nach ndearnadh aon sárú laistigh den Aontas;

(d)

tagann an t-údarás iarrtha ar an tátal nár thug an túdarás is iarratasóir an fhaisnéis atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 13(1);

(e)

ghlac an t-údarás faighte iarrata le gealltanais a thograigh an trádálaí chun scor den sárú laistigh den Aontas laistigh de theorainn ama shocraithe agus níl an teorainn ama sin caite fós.

Mar sin féin, comhlíonfaidh an t-údarás faighte iarrata an iarraidh ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi Airteagal 12 má mhainníonn an trádálaí gealltanais ar glacadh leo a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír.

3.   Cuirfidh an t-údarás faighte iarrata an t-údarás is iarratasóir agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon diúltú iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a chomhlíonadh mar aon leis na forais atá leis an diúltú sin.

4.   I gcás easaontas idir an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás faighte iarrata, féadfaidh an t-údarás is iarratasóir nó an túdarás faighte iarrata an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus is é an Coimisiún a eiseoidh tuairim ar an ábhar gan mhoill. I gcás nach gcuirfear an t-ábhar faoina bhráid, féadfaidh an Coimisiún, mar sin féin, tuairim a eisiúint ar a thionscnamh féin. D’fhonn an tuairim sin a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún faisnéis agus doiciméid ábhartha a iarraidh a malartaíodh idir an t-údarás is iarratasóir agus an t-údarás faighte iarrata.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an tsásra um chúnamh frithpháirteach agus ar a mhéid atá na húdaráis inniúla ag comhlíonadh na nósanna imeachta agus ar na teorainneacha ama d’iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a phróiseáil. Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus ar an bhfaisnéis agus na doiciméid a chuir an t-údarás iarratasóir agus an t-údarás faighte iarrata chuig a chéile.

6.   Nuair is iomchuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint do na Ballstáit agus comhairle a chur orthu chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an sásra um chúnamh frithpháirteach go héifeachtach agus go héifeachtúil.

CAIBIDIL IV

SÁSRAÍ IMSCRÚDÚCHÁIN AGUS FORFHEIDHMIÚCHÁIN CHOMHORDAITHE LE hAGHAIDH SÁRUITHE FORLEATHANA AGUS LE hAGHAIDH SÁRUITHE FORLEATHANA LENA mBAINEANN GNÉ AONTAIS

Airteagal 15

Nós imeachta maidir le cinntí idir na Ballstáit

I gcás ábhar a chumhdaítear sa Chaibidil seo, gníomhóidh na húdaráis inniúla de chomhthoil.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta chomhair agus chomhordúcháin

1.   I gcás ina bhfuil drochamhras réasúnach ann go bhfuil sárú forleathan nó sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais á dhéanamh, cuirfidh údaráis inniúla a mbaineann an sárú sin leo agus an Coimisiún a chéile agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin ar an eolas gan mhoill faoi sin, trí fholáirimh a eisiúint de bhun Airteagal 26.

2.   Comhordóidh na húdaráis inniúla a bhfuil baint acu leis an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a ghlacfaidh siad chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin. Malartóidh siad an fhianaise agus an fhaisnéis uile atá riachtanach agus tabharfaidh siad cibé cúnamh atá riachtanach dá chéile agus don Choimisiún gan mhoill.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan nóan sáru forleathan lena mbaineann gné Aontais go mbaileofar an fhianaise uile agus an fhaisnéis uile atá riachtanach agus go nglacfar gach beart forfheidhmiúcháin atá riachtanach chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é.

4.   Gan dochar do mhír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do ghníomhaíochtaí náisiúnta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin lena mbaineann arna ndéanamh ag na húdarais inniúla lena mbaineann i dtaobh an tsáraithe forleathain chéanna a rinne an trádálaí chéanna.

5.   Más iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla cuireadh a thabhairt d’oifigigh de chuid an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile, atá údaraithe ag an gCoimisiún, a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe comhordaithe, sna gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus sna bearta eile a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.

Airteagal 17

Gníomhaíocht chomhordaithe a sheoladh agus an comhordaitheoir a ainmniú

1.   I gcás ina bhfuil drochamhras réasúnach ann go bhfuil sárú forleathan ann, seolfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin gníomhaíocht chomhordaithe a bheidh bunaithe ar chomhaontú eatarthu. Tabharfar fógra do na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin agus don Choimisiún faoi sheoladh na gníomhaíochta comhordaithe.

2.   Ainmneoidh na húdaráis inniúla a bhfuil baint ag an sárú forleathan drochamhrasta leo údarás inniúil amháin lena mbaineann an sárú forleathan drochamhrasta sin eatarthu chun ról an chomhordaitheora a ghlacadh. Mura bhfuil na húdaráis inniúla in ann teacht ar aon chomhaontú faoin ainmniúchán sin, glacfaidh an Coimisiún ról an chomhordaitheora.

3.   Má tá drochamhras réasúnach ar an gCoimisiún go ndearnadh sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, tabharfaidh sé fógra gan mhoill de bhun Airteagal 26 do na húdaráis inniúla agus do na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú líomhnaithe. Luafaidh an Coimisiún san fhógra na forais lena dtugtar bonn cirt don ghníomhaíocht chomhordaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais imscrúduithe iomchuí bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh nó a bhfuil teacht éasca acu uirthi. Tabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais fógra faoi thorthaí na n-imscrúduithe sin do na húdaráis inniúla eile, do na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú sin agus don Choimisiún de bhun Airteagal 26, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dháta fhógra an Choimisiúin. I gcás inar léir ó na himscrúduithe sin go bhféadfadh sé go bhfuil sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais á dhéanamh, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an sárú sin tús leis an ngníomhaíocht chomhordaithe agus déanfaidh siad na bearta a leagtar amach in Airteagal 19 agus, i gcás inarb iomchuí, in Airteagal 20 agus Airteagal 21.

4.   Na gníomhaíochtaí comhordaithe dá dtagraítear i mír 3, comhordóidh an Coimisiún í.

5.   Beidh údarás inniúil rannpháirteach sa ghníomhaíocht chomhordaithe, más rud é, le linn na gníomhaíochta comhordaithe gur dealraitheach go bhfuil baint aige leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais.

Airteagal 18

Cúiseanna le diúltú páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhordaithe

1.   Féadfaidh údarás inniúil diúltú páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhordaithe ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

i gcoinne an trádálaí chéanna, tionscnaíodh imscrúdú coiriúil nó imeachtaí breithiúnacha cheana, tugadh breithiúnas, nó thángthas ar shocraíocht chúirte, maidir leis an sárú céanna i mBallstát an údaráis inniúil;

(b)

tionscnaíodh feidhmiú na gcumhachtaí forfheidhmiúcháin atá riachtanach sular eisíodh foláireamh dá dtagraítear in Airteagal 17(3), nó glacadh cinneadh riaracháin i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna i mBallstát an údaráis inniúil sin chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é go gasta éifeachtach;

(c)

tar éis imscrúdú iomchuí a dhéanamh, is dealraitheach gur diomaibhseach é tionchar iarbhír nó féideartha an tsáraithe forleathain nó an tsáraithe fhorleathain lena mbaineann gné Aontais líomhnaithe i mBallstát an údaráis inniúil agus nach gá don údarás inniúil sin aon bhearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh dá bhrí sin;

(d)

níor tharla an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais i mBallstát an údaráis inniúil agus ní gá don údarás inniúil aon bhearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh dá bhrí sin;

(e)

ghlac an t-údarás inniúil le gealltanais a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais scor den sárú sin i mBallstát an údaráis inniúil sin agus cuireadh na gealltanais sin chun feidhme, agus ní gá don údarás inniúil sin aon bhearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh dá bhri sin.

2.   I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhordaithe, cuirfidh sé an Coimisiún, agus na húdaráis inniúla eile agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais ar an eolas faoina chinneadh gan mhoill, agus na cúiseanna atá lena chinneadh á lua aige agus aon doiciméid tacaíochta atá riachtanach á soláthar aige.

Airteagal 19

Bearta imscrúdúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe go ndéanfar imscrúduithe agus cigireachtaí ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe. Féachfaidh siad le himscrúduithe agus le cigireachtaí a dhéanamh i gcomththráth le chéile agus, a mhéid a cheadaítear amhlaidh faoin dlí nós imeachta náisiúnta, le bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfar úsáid a bhaint as an sásra um chúnamh frithpháirteach de bhun Chaibidil III, má tá gá leis, go háirithe chun an fhianaise atá riachtanach agus faisnéis eile a bhailiú ó Bhallstáit seachas na Ballstáit a bhfuil baint ag an ngníomhaíocht chomhordaithe leo nó chun a áirithiú nach rachaidh an trádálaí lena mbaineann timpeall ar na bearta forfheidhmiúcháin.

3.   Más iomchuí, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe toradh an imscrúdaithe agus an mheasúnaithe ar an sárú forleathan nó, i gcás inarb iomchuí, ar an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, a leagan amach i gcomhsheasamh ar chomhaontaigh siad air.

4.   Mura gcomhaontaítear a mhalairt idir na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, cuirfidh an comhordaitheoir an comhsheasamh in iúl don trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Tabharfar an deis don trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais éisteacht a fháil faoi na hábhair ar cuid den chomhsheasamh iad.

5.   4. Más iomchuí agus gan díobháil d’Airteagal 15 nó do na rialacha maidir le rúndacht agus maidir le sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála atá leagtha amach in Airteagal 33, cinnfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfoilseoidh siad an comhsheasamh nó codanna de ar a suíomhanna gréasáin agus féadfaidh siad tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí, chomhlachais trádálaithe agus páirtithe eile lena mbaineann a lorg. Foilseoidh an Coimisiún an comhsheasamh nó codanna de ar a shuíomh gréasáin, le comhaontú na n-údarás inniúil lena mbaineann.

Airteagal 20

Gealltanais i ngníomhaíochtaí comhordaithe

1.   Ar bhonn comhsheasamh a ghlacfar de bhun Airteagal 19(3), féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe iarraidh ar an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais„ gealltanais a thogrú chun scor den sárú sin laistigh de theorainn ama shocraithe. Lena chois sin, féadfaidh an trádálaí, ar a thionscnamh féin, gealltanais a thairiscint chun scor den sárú sin nó féadfaidh sé gealltanais feabhais a thairiscint do thomhaltóirí a ndearna an sárú sin difear dóibh.

2.   Más iomchuí agus gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar amach in Airteagal 33, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe na gealltanais a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin nó, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún na gealltanais arna dtogrú a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin má iarrann na húdaráis inniúla lena mbaineann air déanamh amhlaidh. Féadfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí agus chomhlachais trádálaithe agus páirtithe eile lena mbaineann a lorg.

3.   Measúnóidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe na gealltanais arna dtogrú agus cuirfidh siad toradh an mheasúnaithe in iúl don trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, más rud é gur thairg an trádálaí gealltanais feabhais, déanfaidh siad tomhaltóirí a eilíonn go ndearnadh díobháil dóibh mar thoradh ar an sárú sin a chur ar an eolas faoi. I gcás gur comhréireach agus leordhóthanach gealltanais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é, glacfaidh na húdaráis inniúla leis na gealltanais agus socróidh siad teorainn ama ar gá na gealltanais a chur chun feidhme lena linn.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe faireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas. Áiritheoidh siad, go háirithe, go dtabharfaidh an trádálaí lena mbaineann sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais tuairisc go tráthrialta don chomhordaitheoir faoin dul chun cinn i leith chur chun feidhme na ngealltanas. Féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, más iomchuí, tuairimí eagraíochtaí tomhaltóirí agus saineolaithe a lorg le fíorú an bhfuil na céimeanna a ghlac an trádálaí ar aon dul leis na gealltanais.

Airteagal 21

Bearta forfheidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí comhordaithe

1.   Glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, laistigh dá ndlínse, gach beart forfheidhmiúcháin atá riachtanach in aghaidh an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nóas an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmeascfaí é.

Más iomchuí, forchuirfidh siad pionóis, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí atá freagrach as an sárú forleathan nó as an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Féadfaidh na húdaráis iomchuí, ar a dtionscnamh féin, gealltanais bhreise feabhais a fháil ón trádálaí chun leasanna tomhaltóirí a ndearna an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais líomhnaithe, difear dó nó i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé féachaint le gealltanais a fháil ón trádálaí go dtairgfidh sé leigheasanna leordhóthanacha do na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú sin.

Is iomchuí bearta forfheidhmiúcháin go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá gníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin láithreach riachtanach chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú laistigh den Aontas nó go dtoirmeascfaí é go gasta éifeachtach;

(b)

ní dóigh go scoirfear den sárú de bharr na ngealltanas a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú;

(c)

níor mhol an trádálaí atá freagrach as an sárú gealltanais roimh dhul in éag don teorainn ama a shocraíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann;

(d)

níl na gealltanais a thograigh an trádálaí atá freagrach as an sárú leordhóthanach chun a áirithiú go scoirfí den sárú, nó, i gcás inarb iomchuí, chun leigheas a chur ar fáil do thomhaltóirí a ndearna an sárú díóbháil dóibh; nó

(e)

mhainnigh an trádálaí atá freagrach as an sárú na gealltanais chun scor den sárú a chur chun feidhme nó, i gcás inarb iomchuí, chun leigheas a chur ar fáil do thomhaltóirí a ndearna an sárú díobháil dóibh, roimh dhul in éag don teorainn ama dá tagraítear in Airteagal 20(3).

2.   Glacfar bearta forfheidhmiúcháin de bhun mhír 1 ar mhodh éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmeascfaí é. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe le bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh go comhuaineach sna Ballstáit a bhfuil baint ag an sárú sin leo.

Airteagal 22

Na gníomhaíochtaí comhordaithe a dhúnadh

1.   Cuirfear clabhsúr ar an ngníomhaíocht chomhordaithe má thagann na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe ar an tátal gur scoireadh den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó gur toirmeascadh é i ngach Ballstát lena mbaineann nó nach ndearnadh aon sárú den sórt sin.

2.   Tabharfaidh an comhordaitheoir fógra don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, do na húdaráis inniúla agus d’oifigí idirchaidrimh aonair na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe gan mhoill faoin gclabhsúr a cuireadh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe.

Airteagal 23

Ról an chomhordaitheora

1.   Déanfaidh an comhordaitheoir a cheapfar i gcomhréir le hAirteagal 17 nó Airteagal 29 na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

áiritheoidh sé go gcuirfear na húdaráis inniúla uile lena mbaineann agus an Coimisiún ar an eolas go cuí agus go tráthúil faoi dhul chun cinn na gníomhaíochta forfheidhmiúcháin, na chéad chéimeanna eile a bhfuiltear ag súil leo agus faoi na bearta atá le glacadh;

(b)

comhordóidh sé bearta imscrúdúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé faireachán orthu;

(c)

comhordóidh sé ullmhú agus comhroinnt na ndoiciméad uile atá riachtanach idir na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an Coimisiún;

(d)

coinneoidh sé i dteagmháil leis an trádálaí agus le páirtithe eile a bhfuil baint acu leis na, bearta imscrúdúcháin nó forfheidhmiúcháin, murar chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an comhordaitheoir a mhalairt;

(e)

i gcás inarb infheidhme comhordóidh sé an measúnú, na comhairliúcháin agus faireachán a dhéanann na húdaráis inniúla lena mbaineann maille le céimeanna eile is gá chun gealltanais a thograigh na trádálaithe lena mbaineann a phróiseáil agus a chur chun feidhme;

(f)

i gcás inarb infheidhme, comhordú a dhéanamh ar na bearta forfheidhmiúcháin a ghlac na húdaráis inniúla lena mbaineann;

(g)

comhordú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a chuir na húdaráis inniúla lena mbaineann isteach de bhun Chaibidil III.

2.   Ní mheasfar go bhfuil an comhordaitheoir freagrach as gníomhaíochtaí ná as neamhghníomhaíochtaí na n-údarás inniúil lena mbaineann agus iad ag úsáid na gcumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 9.

3.   I gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí comhordaithe le sáruithe forleathana nó sáraithe forleathana lena mbaineann gné Aontais ar ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(10), iarrfaidh an comhordaitheoir ar an Údarás Baincéireachta Eorpach gníomhú i ról breathnóra.

Airteagal 24

Socruithe teanga

1.   Tiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú faoi na teangacha a úsáidfidh siad chun fógra a thabhairt agus sna cumarsáidí uile eile atá nasctha leis na gníomhaíochtaí comhordaithe agus leis na scuab-imscrúduithe a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.

2.   Mura féidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú faoin méid sin, is i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bheidh ag déanamh an fhógra nó a bheidh i mbun gach cumarsáide eile a sheolfar na fógraí agus gach cumarsáid eile. Sa chás sin, más gá, beidh gach údarás inniúil lena mbaineann freagrach as cibé aistriúcháin is gá ar na fógraí, ar an gcumarsáid agus ar na doiciméid uile a gheobhaidh sé ó údaráis inniúla eile.

Airteagal 25

Socruithe teanga chun cumarsáid a dhéanamh le trádálaithe

Chun críocha na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chaibidil seo, beidh an trádálaí i dteideal cumarsáid a dhéanamh sa teanga oifigiúil nó i gceann de na teangacha oifigiúla a úsáidtear chun críocha oifigiúla sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil cónaí air.

CAIBIDIL V

GNÍOMHAÍOCHTAÍ UILE-AONTAIS

Airteagal 26

Foláirimh

1.   Tabharfaidh údarás inniúil fógra gan mhoill don Choimisiún, d’údaráis inniúla eile agus d’oifigí idirchaidreamh aonair maidir le haon drochamhras réasúnach go bhfuil sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanfadh difear do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile á dhéanamh ina chríoch féin.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na húdaráis inniúla agus na hoifigí idirchaidrimh aonair lena mbaineann maidir le haon drochamhras réasúnach gur tharla sárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Le linn don údarás inniúil nó don Choimisiún fógra a thabhairt, is é sin foláireamh a eisiúint, faoi mhír 1 agus mhír 2, faoin sárú drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go háirithe, agus, má tá sí ar fáil, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an ngníomh nó ar an neamhghníomh arb é an sárú é;

(b)

mionsonraí an táirge nó an tseirbhís lena mbaineann an sárú;

(c)

ainmneacha na mBallstát lena mbaineann an sárú nó na mBallstát a bhféadfadh baint a bheith acu leis an sárú;

(d)

céannacht an trádálaí nó na dtrádálaithe atá freagrach as an sárú nó a bhfuil drochamhras ann go bhfuil sé nó siad freagrach as;

(e)

an bunús dlí atá le gníomhaíochtaí féideartha trí thagairt a dhéanamh don dlí náisiúnta agus d’fhorálacha comhfhreagracha ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn;

(f)

tuairisc ar aon imeachtaí dlíthiúla, aon bhearta forfheidhmiúcháin nó aon bhearta eile a rinneadh agus a bhaineann leis an sárú, na dátaí agus an t-achar ama a bhaineann leo mar aon leis an stádas díobh;

(g)

céannacht na n-údarás inniúil a bhfuil na himeachtaí dlíthiúla agus bearta eile á dtabhairt acu.

4.   Le linn dó foláireamh a eisiúint, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar údaráis inniúla eile agus ar na hoifigí idirchaidrimh aonair ábhartha sna Ballstáit eile agus ar an gCoimisiún, nó féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na húdaráis inniúla eile nó ar na hoifigí idirchaidrimh aonair ábhartha, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil nó a bhfuil rochtain fhurasta uirthi ag na húdaráis inniúla eile nó ag an gCoimisiún, faoi seach, a fhíorú an bhfuil sáruithe comhchosúla drochamhrasta á ndéanamh i gcríocha na mBallstát eile sin nó an ndearnadh aon bhearta forfheidhmiúcháin cheana i gcoinne sáruithe den sórt sin sna Ballstáit sin. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát eile agus an Coimisiún freagra gan mhoill ar an iarraidh.

Airteagal 27

Foláirimh sheachtracha

1.   Déanfaidh gach Ballstát, mura rud nach mbeadh bonn cirt dá mhalairt, ceart a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, eagraíochtaí agus comhlachais tomhaltóirí, agus, i gcás inarb iomchuí, comhlachais trádálaithe, a bhfuil an saineolas is gá acu an chumhacht foláireamh a eisiúint d’údaráis inniúla na mBallstát ábhartha agus don Choimisiún faoi sháruithe drochamhrasta a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun faisnéis atá ar fáil dóibh a sholáthar mar a leagtar síos in Airteagal 26(3) (“foláireamh seachtrach”). Tabharfaidh gach Ballstáit fógra don Choimisiún faoi liosta na n-eintiteas sin agus faoi aon athruithe a dhéantar air gan mhoill.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, an chumhacht a thabhairt do chomhlachais a ionadaíonn leasanna tomhaltóirí agus, i gcás inarb iomchuí, leasanna trádálaithe, ar leibhéal an Aontais an chumhacht chun foláireamh seachtrach a eisiúint.

3.   Ní bheidh de cheangal ar na húdaráis inniúla nós imeachta a thionscnamh ná aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh mar fhreagairt ar fholáireamh seachtrach. Na heintitis a eisíonn foláirimh sheachtracha, áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ceart, cothrom le dáta agus cruinn agus déanfaidh siad an fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi a cheartú gan mhoill nó í a aistarraingt de réir mar is iomchuí.

Airteagal 28

Faisnéis ábhartha eile a mhalartú chun sáruithe a bhrath

A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, déanfaidh údaráis inniúla, tríd an mbunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 35, fógra a thabhairt don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gan mhoill maidir le haon bheart atá déanta acu chun aghaidh a thabhairt ar shárú a chumhdaítear leis an Rialachán seo laistigh dá ndlínse má tá drochamhras orthu go bhféadfadh an sárú sin difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile.

Airteagal 29

Scuab-imscrúduithe

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh scuab-imscrúduithe a dhéanamh chun a sheiceáil go bhfuil dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí á gcomhlíonadh nó chun sáruithe ar dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a bhrath. Murar chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe.

2.   Agus scuab-imscrúduithe ar siúl acu, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann úsáid éifeachtach a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 9(3) agus as aon chumhachtaí eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cuireadh a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, d’oifigigh de chuid an Choimisiúin agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an Coimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.

Airteagal 30

Gníomhaíochtaí eile a chomhordú a rannchuidíonn le himscrúdú agus le forfheidhmiú

1.   A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas:

(a)

an oiliúint a chuirtear ar na hoifigigh acu a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

sonraí maidir le gearáin tomhaltóirí a bhailiú, a rangú agus a mhalartú;

(c)

gréasáin d’oifigigh inniúla a fhorbairt atá sonrach ó thaobh earnála de;

(d)

uirlisí faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt; agus

(e)

i gcás inarb infheidhme, caighdeán, modhanna agus treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhorbairt.

2.   A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí sna réimsí dá tagraítear i mír 1 a chomhordú agus a eagrú go comhpháirteach.

Airteagal 31

Oifigigh a mhalartú idir údaráis inniúla

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a bheith rannpháirteach i scéimeanna malartaithe oifigeach as Ballstáit eile chun comhar a fheabhsú. Déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta atá riachtanach chun go mbeidh oifigigh as Ballstáit eile in ann ról éifeachtach a imirt i ngníomhaíochtaí an údaráis inniúil. Chuige sin, údarófar na hoifigigh sin chun na cúraimí a thabharfaidh an t-údarás inniúil sa tír óstach dóibh i gcomhréir le dlíthe a Bhallstáit, a dhéanamh.

2.   Le linn an mhalartaithe, caithfear le dliteanas sibhialta agus coiriúil an oifigigh ar an dóigh chéanna le dliteanas sibhialta agus coiriúil oifigigh an údaráis óstaigh. Comhlíonfaidh na hoifigigh as Ballstáit eile caighdeáin ghairmiúla agus na rialacha inmheánacha iomchuí de chuid an údaráis inniúil maidir le hiompar. Áiritheoidh na rialacha iompair sin, go háirithe, cosaint daoine aonair maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, cothroime nós imeachta agus urramú ceart na rialacha maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála a leagtar síos in Airteagal 33.

Airteagal 32

Comhar idirnáisiúnta

1.   A mhéid atá sé sin riachtanach chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, comhoibreoidh an tAontas le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun leasanna tomhaltóirí a chosaint. Féadfaidh an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann na socruithe le haghaidh comhair, lena n-áirítear socruithe cúnaimh fhrithpháirtigh, faisnéis faoi rún a mhalartú agus cláir le haghaidh malartú ball foirne a thabhairt i gcrích.

2.   Na comhaontuithe a thabharfar i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach chun leasanna tomhaltóirí a fheabhsú agus a chosaint, urramóidh siad na rialacha ábhartha ar chosaint sonraí is infheidhme maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha.

3.   Nuair a gheobhaidh údarás inniúil faisnéis ó údarás tríú tír a bhfuil an fhéidearthacht ann go bhfuil sí ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile, cuirfidh sé na húdaráis inniúla sin ar an eolas faoin bhfaisnéis a mhéid is ceadmhach déanamh amhlaidh faoi aon chomhaontuithe cúnaimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír sin agus a mhéid atá an fhaisnéis sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil.

4.   An fhaisnéis a chuirtear in iúl leis an Rialachán seo, féadfaidh údarás inniúil údarás tríú tír a chur ar an eolas fúithi freisin faoi chomhaontú cúnaimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír sin, ar choinníoll go bhfuarthas formheas ón údarás inniúil a chéadchuir an fhaisnéis in iúl agus ar an gcoinníoll go bhfuil sí i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil.

CAIBIDIL VI

SOCRUITHE COMHCHOITEANNA

Airteagal 33

Faisnéis a úsáid agus sicréideacht ghairmiúil agus tráchtála

1.   Ní bhainfear úsáid as faisnéis a bhailigh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún, nó faoinar cuireadh ar an eolas iad le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ach chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí.

2.   Déileálfar leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar eolas atá faoi rún agus ní úsáidfear ná ní nochtfar í ach i gcomhréir le leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear, rúin trádála agus maoin intleachtúil.

3.   Mar sin féin, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás inniúil a sholáthair an fhaisnéis, cibé faisnéis a nochtadh atá riachtanach:

(a)

chun sáruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chruthú; nó

(b)

chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó go dtoirmeascfaí iad.

Airteagal 34

Fianaise agus torthaí imscrúdaithe a úsáid

Féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis, aon doiciméid, aon torthaí, aon ráitis, aon fhíorchóipeanna deimhnithe nó aon eolas a cuireadh in iúl a úsáid mar fhianaise, ar an mbonn céanna le doiciméid chomhchosúla a fuarthas ina mBallstát féin, beag beann ar a meán stórála.

Airteagal 35

Córas leictreonach

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a choimeád ar bun le haghaidh gach cumarsáide idir údaráis inniúla, oifigí idirchaidrimh aonair agus an Coimisiún faoin Rialachán seo. An fhaisnéis ar fad a sheoltar trí bhíthin an bhunachair sonraí leictreonaigh, stórálfar agus próiseálfar sa bhunachar sonraí leictreonach sin í. Tabharfar rochtain dhíreach ar an mbunachar sonraí sin do na húdaráis inniúla, do na hoifigí idirchaidrimh aonair agus don Choimisiún.

2.   An fhaisnéis a thugann eintitis atá i dteideal foláireamh seachtrach a thabhairt de bhun Airteagal 27(1) nó (2), stórálfar agus próiseálfar sa bhunachar sonraí leictreonach í. Ní bheidh rochtain ag na heintitis sin ar an mbunachar sonraí sin, áfach.

3.   I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil, comhlacht ainmnithe nó eintiteas a eisíonn foláireamh seachtrach de bhun Airteagal 27(1) nó (2) go ndearna sé foláireamh maidir le sárú a eisiúint faoi shárú de bhun Airteagal 26 nó Airteagal 27 a léiríodh ina dhiaidh sin a bheith gan bhunús, déanfaidh sé an foláireamh sin a tharraingt siar. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha a bhaint den bhunachar sonraí gan mhoill, agus cuirfidh sé na páirtithe ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an mbaint sin.

Na sonraí stóráilte a bhaineann le sárú, stórálfar sa bhunachar sonraí leictreonach iad ar feadh tréimhse nach faide ná mar atá riachtanach chun na gcríoch ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh iad ach ní faide ná 5 bliana a stórálfar iad tar éis an dáta:

(a)

a gcuireann údarás faighte iarrata fógra chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 12(2) ina gcuirtear in iúl go bhfuil deireadh tagtha le sárú laistigh den Aontas;

(b)

a dtugann an comhordaitheoir fógra maidir le clabhsúr a chur ar an ngníomhaíocht chomhordaithe de bhun Airteagal 22(1); nó

(c)

a gcuirtear an fhaisnéis isteach sa bhunachar sonraí i ngach cás eile.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus na socruithe oibríochtúla maidir le feidhmiú an bhunachair leictreonaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 36

Aisíocaíocht costas a tharscaoileadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit gach éileamh ar aisíocaíocht a tharscaoileadh maidir le costais a tabhaíodh mar chuid de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   D’ainneoin mhír 1, maidir le hiarrataí ar bhearta forfheidhmiúcháin faoi Airteagal 12, beidh Ballstát an údaráis is iarratasóir faoi dhliteanas ag Ballstát an údaráis faighte iarrata i leith aon chostais agus aon chaillteanais a tabhaíodh de dheasca bearta a rinneadh a dhíbhe agus ar chinn cúirt iad a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann sé le substaint an tsáraithe i gceist.

Airteagal 37

Tosaíochtaí forfheidhmiúcháin

1.   Faoin 17 Eanáir 2020 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faisnéis faoina dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin chun an Rialachán seo a chur feidhme a mhalartú lena chéile agus leis an gCoimisiún.

Aireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

faisnéis maidir le claontaí margaidh a bhféadfadh sé go ndéanfaidís difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí sa Bhallstát lena mbaineann agus sna Ballstáit eile;

(b)

forléargas ar ghníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích faoin Rialachán seo, sa 2 bhliain roimhe sin, agus bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bhaineann le sáruithe forleathana go háirithe;

(c)

staidreamh a mhalartaítear trí bhíthin foláireamh dá dtagraítear in Airteagal 26;

(d)

na réimsí tosaíochta sealadacha don chéad 2 bhliain eile le haghaidh fhorfheidhmiú dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí sa Bhallstát lena mbaineann; agus

(e)

na réimsí tosaíochta don chéad dá bhliain eile arna dtogrú le haghaidh fhorfheidhmiú dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais.

2.   Gan dochar d’Airteagal 33, déanfaidh an Coimisiún, gach 2 bhliain, forléargas a thabhairt ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 agus cuirfidh sé an forleárgas sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.

3.   I gcásanna a bhaineann le hathrú mór ar na dálaí nó ar dhálaí margaidh le linn an dá bhliain tar éis thíolacadh a dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin deiridh, déanfaidh na Ballstáit a dtosaíochtaí forfheidhmiúcháin a nuashonrú agus cuirfidh siad na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas dá réir.

4.   Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar thosaíochtaí forfheidhmiúcháin arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 38 (1) chun ord tosaíochta gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a éascú. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit dea-chleachtais agus tagarmharcáil a mhalartú, go háirithe d’fhonn na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainne a fhorbairt.

CAIBIDL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 39

Fógraí a thabhairt

Cuirfidh na Ballstáit téacs aon fhorálacha den dlí náisiúnta maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo a ghlactar in iúl don Choimisiún gan mhoill, chomh maith le téacs aon chomhaontaithe a dhéanfaidh siad, seachas comhaontuithe ina ndeileáiltear le cásanna aonair a thugann siad i gcrích.

Airteagal 40

Tuairisciú

1.   Faoin 17 Eanáir 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Sa tuarascáil sin, beidh meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar éifeachtacht fhorfheidhmiú dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí faoin Rialachán seo, go háirithe maidir le cumhachtaí na n-údarás inniúil a leagtar amach in Airteagal 9, maille le scrúdú ar an gcaoi a gcomhlíonann trádálaithe dlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí agus an fhorbairt a tháinig air sin i margaí tomhaltóra ríthábhachtacha a bhfuil baint acu le trádáil trasteorann, go háirithe.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach.

Airteagal 41

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 le héifeacht ón 17 Eanáir 2020.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 100.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa 14 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Samhain 2017.

(3)  Rialachán (CE) Uimh 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2. 2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(9)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(10)  Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

(11)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(12)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).


IARSCRÍBHINN

Treoracha agus Rialacháin dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 3

1.

Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

2.

Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

3.

Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

4.

Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000 lch. 1).

5.

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67): Airteagail 86 go 100.

6.

Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37): Airteagal 13.

7.

Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

8.

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

9.

Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

10.

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.07.2006, lch. 1).

11.

Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21): Airteagal 1, pointe (c) d’Airteagal 2 agus Airteagal 4 go hAirteagal 8.

12.

Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12. 2006, lch. 36): Airteagal 20.

13.

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12. 2007, lch. 14).

14.

Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

15.

Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3): Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24.

16.

Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).

17.

Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le Rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1): Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 19 go hAirteagal 26.

18.

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

19.

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

20.

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

21.

Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.06.2013, lch. 63): Airteagal 13.

22.

Rialachán (AE) Uimh. 534/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar-líne le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1): Airteagal 14.

23.

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34): Airteagail 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 21, 22, 23, Caibidil 10 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

24.

Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214): Airteagal 3 go hAirteagal 18 agus Airteagal 20(2).

25.

Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

26.

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 168, 30.6.2017, lch. 1).


27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

27


RIALACHÁN (AE) 2017/2395 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil neamhchosaintí móra i gcás neamhchosaintí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit ar bith

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 24 Iúil 2014, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta Ionstraimí Airgeadais (IFRS 9) Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Is é is aidhm do IFRS 9 feabhas a chur ar an tuairisciú airgeadais a dhéantar le hionstraimí airgeadais trí aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a tháinig chun cinn sa réimse sin le linn na géarchéime airgeadais. Go háirithe, is freagairt é IFRS 9 don iarraidh ó G20 dul i dtreo samhla a bheidh dírithe níos fearr ar an todhchaí lena sainaithneofar na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar shócmhainní airgeadais. A mhéid a bhaineann leis na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar shócmhainní airgeadais a shainaithint, cuirtear é in ionad Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 39.

(2)

Ghlac an Coimisiún IFRS 9 trí Rialachán (AE) Uimh. 2016/2067 ón gCoimisiún (4). I gcomhréir leis an Rialachán sin, ceanglaítear ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta (“institiúidí”) a bhaineann úsáid as IFRS chun a ráitis airgeadais a ullmhú IFRS 9 a chur i bhfeidhm ó thús a gcéad bhliain airgeadais a bheidh ag an institiúid dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh.

(3)

Ach a gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú tobann suntasach ar sholátháirtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha, rud a d’fhágfadh laghdú tobann ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 na n-institiúidí. Cé go bhfuil plé fós ar bun ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht maidir le cé mar a rialófar soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha san fhadtéarma, ba cheart socruithe idirthréimhseacha a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ionas gur féidir maolú a dhéanamh ar an drochthionchar sin a d’fhéadfadh cuntasaíocht um chaillteanas creidmheasa ionchasach a imirt ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

(4)

Sa rún uaithi dar dáta an 6 Deireadh Fómhair 2016, maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais: IFRS 9 (6), d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí ar bun réimeas fhorchéimnitheach chun sin a thabhairt isteach mar mhaolú ar an tionchar a bheidh ag an múnla lagaithe nua a ghabhann le IFRS 9.

(5)

I gcás ina léirítear i gclár comhardaithe tosaigh na hinstitiúide, an lá a gcuireann sí IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, go bhfuil laghdú tagtha, le hais clár comhardaithe deiridh an lae roimhe sin, ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar gheall ar sholáthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha méadaithe, lena n-áirítear an lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann le IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 (7) ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”), ba cheart cead a thabhairt don institiúid sin cuid de na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha méadaithe a áireamh ina chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar feadh idirthréimhse. Ba cheart uastréimhse cúig bliana a bheith i gceist leis an idirthréimhse sin agus ba cheart di tosú in 2018. Ionas gur féidir cur chun feidhme iomlán IFRS 9 a áirithiú ar an gcéad lá a leanfaidh deireadh na hidirthréimhse, is ceart an chuid sin de na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha is féidir a áireamh ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a laghdú de réir a chéile go nialas. Ní ceart neodrú iomlán a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 le linn na hidirthréimhse.

(6)

Ba cheart do na hinstitiúidí a chinneadh cé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear na socruithe idirthréimhseacha sin i bhfeidhm agus an t-údarás inniúil a chur ar an eolas dá réir. Ba cheart deis a bheith ag institiúid le linn na hidirthréimhse a céad chinneadh a chur ar ceal uair amháin, ach cead a bheith faighte aici roimh ré ón údarás inniúil, ar cheart dó a áirithiú nach ndéanfar cinneadh mar sin mar gheall ar bhreithnithe arbatráiste rialála.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh méadú teacht gan choinne ar na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a tabhaíodh tar éis an lá a gcuirfidh an institiúid IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair mar gheall ar thuar maicreacnamaíoch a dhul in olcas, ba cheart faoiseamh breise a thabhairt d’institiúidí i gcásanna mar sin.

(8)

Ba cheart a cheangal ar institiúidí a chinneann socruithe idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm go ndéanfaidís ríomh na míreanna rialála a bhfuil tionchar díreach ag soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha orthu a choigeartú lena áirithiú nach mbeidh faoiseamh caipitil mhíchuí á fháil acu. Mar shampla, ba cheart na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdaítear luach na neamhchosanta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa a laghdú bunaithe ar fhachtóir a fhágfaidh méadú ar luach na neamhchosanta. D’áiritheofaí leis sin nach mbainfeadh institiúid tairbhe as méadú ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar gheall ar shocruithe idirthréimhseacha agus as luach neamhchosanta laghdaithe araon.

(9)

Ba cheart d’institiúidí a chinneann socruithe idirthréimhseacha IFRS 9 a shonraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm a gcistí féin, a gcóimheas caipitil, agus a gcóimheas giarála a nochtadh go poiblí, is cuma cé acu a fheidhmítear nó nach bhfeidhmítear na socruithe sin, chun go mbeidh an pobal in ann tionchar na socruithe sin a chinneadh.

(10)

Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh do shocruithe idirthréimhseacha don díolúine ón teorainn ar neamhchosaint mhór a bhíonn ar fáil do neamhchosaintí ar fhiachas áirithe earnála poiblí de chuid Ballstáit atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit ar bith. Idirthréimhse 3 bliana is ceart a bheith ann ón 1 Eanáir 2018 amach i gcás neamhchosaintí den chineál sin a tabhaíodh ar an 12 Nollaig 2017 nó tar a éis, agus ba cheart neamhchosaintí den chineál sin a thabhaítear roimh an dáta sin a mharthanú agus ba cheart tairbhe a bheith le fáil i gcónaí acu as an díolúine maidir le neamhchosaintí móra.

(11)

Chun go bhféadfar na socruithe idirthréimhseacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 473a

IFRS 9 a thabhairt isteach

1.   De mhaolú ar Airteagal 50 agus go dtí deireadh na hidirthréimhse a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, féadfaidh siad seo a leanas an tsuim a ríomhtar i gcomhréir leis an mír seo a áireamh ina gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a)

institiúidí a ullmhóidh a gcuntais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(b)

institiúidí a dhéanann, de bhun Airteagal 24(2) den Rialachán seo, luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus a chinneann a gcistí dílse i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(c)

institiúidí a dhéanann luacháil ar shócmhainní agus ar mhíreanna lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta faoi Threoir 86/635/CEE agus a bhaineann úsáid as samhail le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá ar aon dul leis an gceann a úsáideadh sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

Ríomhfar an tsuim dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar shuim na suimeanna seo a leanas:

(a)

i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, an tsuim (ABSA) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Formula

nuair atá:

A2,SA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 2;

A4,SA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 4, bunaithe ar na suimeanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3;

f= an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;

t= méaduithe ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr inasbhainteacht chánach na suimeanna seo — A2,SA agus A4,SA;

(b)

i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, an tsuim (ABIRB) a ríomhtar i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Formula

nuair atá:

A2,IRB = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 arna coigeartú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5;

A4,IRB = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le mír 4, bunaithe ar na suimeanna a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 arna gcoigeartú i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) de mhír 5;

f= an fachtóir is infheidhme a leagtar síos i mír 6;

t= méaduithe ar an gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bharr inasbhainteacht chánach na suimeanna seo — A2,IRB agus A4,IRB.

2.   Ríomhfaidh na hinstitiúidí na suimeanna A2,SA agus A2,IRB dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 mar an tsuim is mó de na suimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo ar bhealach ar leithligh maidir lena neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí:

(a)

nialas;

(b)

an tsuim arna ríomh i gcomhréir le pointe (i) lúide an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (ii):

(i)

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 de IFRS 9 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (“Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9”) móide méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair;

(ii)

méid iomlán na gcaillteanas lagaithe ar shócmhainní airgeadais a aicmítear mar iasachtaí agus earraí infhaighte, infheistíochtaí arna sealbhú go tráth aibíochta agus sócmhainní airgeadais atá ar fáil lena ndíol, mar a shainmhínítear i mír 9 de IAS 39, agus nach ionstraimí cothromais iad ná aonaid nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta, a chinntear i gcomhréir le míreanna 63, 64, 65, 67, 68 agus 70 de IAS 39 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 amhail ón 31 Nollaig 2017 nó ar an lá roimh an dáta a gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair.

3.   I gcás neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí agus i gcás a neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, ríomhfaidh institiúidí an tsuim lena sáraíonn an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b) ar bhealach ar leithligh:

(a)

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a chinntear i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar a bheidh ar an lá a ndéanfar an tuairisciú;

(b)

suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 agus méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear sin in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair.

4.   Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim a shonraítear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3, socróidh na hinstitiúidí A4,SA chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin; sin nó socróidh siad A4,SA chun gur cothrom le nialas é.

Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, i gcás inar mó an tsuim — arna sonrú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 agus tar éis pointe (b) de mhír 5 a chur i bhfeidhm ina leith — ná an tsuim a shonraítear i bpointe (b) de mhír 3 tar éis pointe (c) de mhír 5 a chur i bhfeidhm, socróidh na hinstitiúidí A4,IRB chun gur comhionann é agus an difríocht idir na suimeanna sin, sin nó socróidh siad A4,IRB chun gur cothrom le nialas é.

5.   Maidir le neamhchosaintí atá faoi réir ualú riosca i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm mír 2 go mír 4 mar a leanas:

(a)

maidir le ríomh A2,IRB, laghdóidh na hinstitiúidí gach ceann de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le pointe (b)(i) agus (ii) de mhír 2 den Airteagal seo trí shuim an chaillteanais ionchasaigh a bhaint as arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) amhail ón 31 Nollaig 2017 nó lá amháin sula gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(i) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid ag nialas. I gcás inar uimhir dhiúltach a bheidh sa tsuim dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) de mhír 2 den Airteagal seo, socróidh an institiúid luach an mhéid sin chun gur cothrom le nialas é;

(b)

maidir leis an tsuim a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina háit sin suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le méid an lamháltais caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil arna chinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na neamhchosaintí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) mar a bheidh ar an lá a ndéanfar an tuairisciú. I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é;

(c)

maidir leis an tsuim a ríomhfar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfidh na hinstitiúidí ina háit sin suim na gcaillteanas creidmheasa ionchasach do thréimhse 12 mhí arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.5 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 mar aon le suim mhéideanna an lamháltais caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil arna cinneadh i gcomhréir le mír 5.5.3 den Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9 cé is moite den lamháltas caillteanais do chaillteanais ionchasacha saoil i gcás sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9, amhail ón 1 Eanáir 2018 nó ar an dáta a gcuirfear i bhfeidhm IFRS 9 den chéad uair, lúide suim mhéideanna gaolmhara an chaillteanais ionchasaigh le haghaidh na neamhchosaintí céanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10). I gcás inar uimhir dhiúltach a thiocfaidh as an ríomh, socróidh an institiúid luach an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo chun gur cothrom le nialas é.

6.   Cuirfidh na institiúidí na fachtóirí seo a leanas i bhfeidhm chun na suimeanna ABSA agus ABIRB dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 faoi seach a ríomh:

(a)

0,95 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;

(b)

0,85 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;

(c)

0,7 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(d)

0,5 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021;

(e)

0,25 le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.

I gcás institiúidí ar tar éis an 1 Eanáir 2018 ach roimh an 1 Eanáir 2019 a thosóidh an bhliain airgeadais acu, déanfaidh siad na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír a choigeartú chun go mbeidh siad ag comhfhreagairt don bhliain airgeadais acu, cuirfidh siad na dátaí coigeartaithe sin in iúl dá n-údarás inniúil féin, agus déanfaidh siad iad a nochtadh go poiblí.

I gcás institiúidí a thosóidh ag cur na gcaighdeán cuntasaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019 amach, is i gcomhréir le pointe (b) go pointe (e) den chéad fhomhír a chuirfidh siad i bhfeidhm na fachtóirí ábhartha, ag tosnú dóibh leis an bhfachtóir a fhreagraíonn don bhliain ar cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chuntasaíochta sin den chéad uair.

7.   I gcás ina gcuireann institiúid, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, suim san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ríomhfaidh sí an athuair na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a úsáideann aon cheann de na míreanna seo a leanas sa mhéid nach gcuirtear san áireamh leo na héifeachtaí atá ar na míreanna sin ag na soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chuir sí san áireamh ina caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a)

méid na sócmhainní cánach iarchurtha a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 36(1) nó a ualaítear ó thaobh riosca de i gcomhréir le hAirteagal 48(4);

(b)

luach na neamhchosanta arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 111(1) trína dtarlóidh an méid seo a leanas:

i dtaca leis na coigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa lena laghdófar luach na neamhchosanta, déanfar iad a iolrú faoin bhfachtóir scálúcháin (sf) seo a leanas:

Formula

nuair atá:

ABSA = an tsuim a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír de mhír 1;

RASA = suim iomlán na gcoigeartuithe sonracha maidir le riosca creidmheasa;

(c)

suim na míreanna Leibhéal 2 a ríomhtar i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 62.

8.   Le linn na tréimhse a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, chomh maith leis an bhfaisnéis nach mór a nochtadh faoi Chuid a hOcht, nochtfaidh na hinstitiúidí a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm suimeanna a gcuid cistí dílse, a gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus a gcaipiteal Leibhéal 1, a gcóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1, a gcóimheas caipitil Leibhéal 1, an cóimheas caipitil iomlán agus an cóimheas giarála a bheadh acu i gcás nach gcuirfidís i bhfeidhm an tAirteagal seo.

9.   Cinnfidh institiúid cé acu an gcuirfidh sí nó nach gcuirfidh sí na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm i rith na hidirthréimhse agus cuirfidh sí a cinneadh in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás ina bhfuair institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a céad cinneadh a chur ar ceal uair amháin le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí go poiblí aon chinneadh a glacadh i gcomhréir leis an bhfomhír seo.

Institiúid a chinn na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a chinneadh gan mír 4 a chur i bhfeidhm; sa chás sin, cuirfidh sí an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil faoin 1 Feabhra 2018. I gcás den sórt sin, socróidh an institiúid an tsuim A4 dá dtagraítear i mír 1 chun gur cothrom le nialas é. I gcás ina bhfuair institiúid cead roimh ré ón údarás inniúil, féadfaidh sí a céad cinneadh a chur ar ceal uair amháin le linn na hidirthréimhse. Nochtfaidh institiúidí aon chinneadh a glacadh go poiblí i gcomhréir leis an bhfomhír seo.

10.   Eiseoidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte faoin 30 Meitheamh 2018 i ndáil leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos san Airteagal seo.”;

(2)

in Airteagal 493 cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 395(1), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí aon cheann de na neamhchosaintí dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo a thabhú má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, gan dul thar na teorainneacha seo a leanas:

(a)

100 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31Nollaig 2018;

(b)

75 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2019;

(c)

50 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír maidir le luachanna neamhchosanta ach a gcuirfear san áireamh éifeacht an mhaolaithe riosca chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403.

5.   Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas:

(a)

míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát;

(b)

míreanna sócmhainne ar éilimh iad arna ráthú go sainráite ag rialtais láir, ag bainc ceannais, nó ag eintitis earnála poiblí na mBallstát;

(c)

neamhchosaintí eile ar rialtais láir, ar bhainc ceannais, nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát, nó arna ráthú acu;

(d)

míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2);

(e)

neamhchosaintí eile ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin maidir le míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil i gcomhréir le Airteagal 116(4). I gcás ina láimhseálfar míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú ag eintitis earnála poiblí, mar neamhchosaintí ar rialtas réigiúnach nó ar údarás áitiúil i gcomhréir le hAirteagal 116(4), ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin nuair a láimhseáiltear neamhchosaintí ar an rialtais réigiúnach sin nó ar an údarás áitiúil sin mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2).

6.   Ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

shannfaí ualach riosca 0 % don neamhchosaint i gcomhréir leis an leagan d’Airteagal 495(2) atá i bhfeidhm an 31 Nollaig 2017;

(b)

an 12 Nollaig 2017 nó tar a éis a tabhaíodh an neamhchosaint.

7.   Neamhchosaint dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tabhaíodh roimh 12 Nollaig 2017 agus dar sannadh ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 495(2) ar an 31 Nollaig 2017, díolmhófar í ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Tuairim an 8 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

(4)  Rialachán (AE) 2016/2067 an 22 Samhain 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 (IO L 323, 29.11.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.

(7)  Rialachán (CE) Uimh 1126 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).


27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

34


RIALACHÁN (AE) 2017/2396 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173, an tríú mír d’Airteagal 175 agus Airteagal 182(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ón uair a cuireadh an teachtaireacht ón gCoimisiún “Plean Infheistíochta don Eoraip” (an “Plean Infheistíochta”) i láthair an 26 Samhain 2014, tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa dóigh go bhfuil na dálaí ann anois le haghaidh méadú ar infheistiú agus tá muinín á cur athuair i ngeilleagar na hEorpa agus ina chumas fáis. Is í seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil téarnamh measartha ar siúl san Aontas, agus bhí ráta fáis 2 % faoi Olltáirgeacht Intíre an Aontais in 2015, ach tá na rátaí dífhostaíochta fós níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim. Tá torthaí nithiúla cheana ar na hiarrachtaí cuimsitheacha ar cuireadh tús leo leis an bPlean Infheistíochta, in ainneoin nach féidir meastachán a dhéanamh fós ar an tionchar iomlán a bhí ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ar an bhfás mar nach féidir éifeachtaí maicreacnamaíocha a bheith ag tionscadail mhóra infheistíochta láithreach bonn. Tá méadú tar éis teacht de réir a chéile ar infheistiú i rith 2017 ach tá an luas fós mall go maith agus fós faoi bhun na leibhéal stairiúil.

(2)

Ba cheart an móiminteam dearfach infheistíochta sin a chothabháil agus ba cheart leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí chun infheistíocht a thabhairt ar ais chuig treocht fhadtéarmach inbhuanaithe sa chaoi is go sroicheann sí an fíorgheilleagar. Oibríonn sásraí an Phlean Infheistíochta, agus ba cheart iad a atreisiú chun leanúint d’infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh ar shlí a fhágfaidh tionchar maicreacnamaíoch substainteach agus a chuirfeadh le poist a chruthú in earnálacha atá tábhachtach do thodhchaí na hEorpa agus ina bhfuil clistí ar an margadh nó ina bhfuil cúrsaí infheistíochta fo-optamacha go fóill féin.

(3)

An 1 Meitheamh 2016, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Europe investing again — Taking stock of the Investment Plan for Europe and next steps” (An Eoraip i mbun infheistíochta arís — Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus na chéad chéimeanna eile) inar leagadh amach an méid atá bainte amach de thoradh an Phlean Infheistíochta agus ar na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, lena n-áirítear síneadh ama a chur le ré CEIS i ndiaidh na chéad 3 bliana a beartaíodh ina chomhair, ionú na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a mhéadú laistigh den chreat atá ann cheana agus an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) a fheabhsú.

(4)

An 11 Samhain 2016, ghlac Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuairim maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 agus an mheastóireacht a ghabhann léi ón gCoimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2015/1017, dar teideal “CEIS: togra luath chun leathnú agus fairsingiú”.

(5)

Tá CEIS, ciste a dhéanann Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) a chur chun feidhme agus a chomhurrú, ar an mbóthar ceart, ó thaobh cainníochta de, lena chuspóir a sheachadadh, mar atá EUR 315 000 000 000 ar a laghad d’infheistíochtaí breise a shlógadh san fhíorgheilleagar faoi lár 2018. Tá luas ar leith ag baint leis an bhfreagairt ón margadh agus an ionsú ag an margadh faoi ionú FBM lena bhfuil CEIS ag seachadadh i bhfad níos mó ná a raibh súil leis agus iad ag tógáil ar an úsáid a baineadh as saoráidí agus sainorduithe láithreacha an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) (InnovFin Saoráid Ráthaíochta FBM, Saoráid Iasachta faoi Ráthaíocht COSME (LGF) agus sainordú Acmhainní Caiptil Riosca BEI (RCR)) i dtosach le cur chun feidhme brostaithe a bheith ann. Dá réir sin, méadaíodh ionú na FBManna EUR 500 000 000 i mí Iúil 2016 laistigh de pharaiméadair láithreacha Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). I bhfianaise éileamh eisceachtúil an mhargaidh ar mhaoiniú FBManna faoi CEIS, ní mór sciar níos mó den mhaoiniú a bheith dírithe ar FBManna. I dtaca leis sin de, 40 % den chumas méadaithe atá ag CEIS maidir le riosca a sheasamh, ba cheart go ndíreofaí é ar rochtain ar mhaoiniú a mhéadú do FBManna.

(6)

An 28 Meitheamh 2016, ba é conclúid na Comhairle Eorpaí go raibh an Plean Infheistíochta, go háirithe CEIS, i ndiaidh torthaí nithiúla a bhaint amach cheana agus go raibh sé tar éis bheith ina cuidiú mór le cuidiú le hinfheistiú príobháideach a shlógadh, agus úsáid chliste á baint as acmhainní ganna an bhuiséid. Thug an Chomhairle Eorpach dá haire go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí a thíolacadh go luath maidir lena bhfuil i ndán do CEIS, ar ghá do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle scrúdú a dhéanamh orthu mar ábhar práinne.

(7)

Bunaíodh CEIS ar feadh tréimhse tosaigh 3 bliana agus ba é ab aidhm dó infheistíochtaí breise EUR 315 000 000 000, ar a laghad, a shlógadh, agus, dá réir sin, tacú leis an gcuspóir fás agus poist a chothú. Níor cheart, áfach, tús áite a bheith ag an tiomáint chun an phríomhsprioc a bhaint amach seachas ag breisíocht na dtionscadal a roghnófar. Tá an tAontas Eorpach tiomanta, mar sin, ní amháin chun cur le ré infheistíochta agus le hacmhainn maoinithe CEIS, ach chun cur leis an mbéim a chuirtear ar an mbreisíocht freisin. Cumhdaítear leis an síneadh ré an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair agus ba cheart go gcuirfí ar fáil, dá bharr sin, infheistíochtaí EUR 500 000 000 000 ar a laghad faoi 2020. Chun acmhainn CEIS a fheabhsú tuilleadh fós agus an sprioc a leagtar amach an infheistíocht a dhúbailt a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh leis freisin mar ábhar tosaíochta.

(8)

Ní féidir lánacmhainn CEIS agus a chur chun feidhme a bhaint amach gan gníomhaíochtaí a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh an margadh aonair a neartú, timpeallacht ghnó fhabhrach a chruthú agus athchóirithe struchtúracha atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus inbhuanaithe a chur chun feidhme. Thairis sin, tá tionscadail dea-struchtúrtha, mar chuid de phleananna infheistíochta agus forbartha ar leibhéal na mBallstát ríthábhachtach maidir le rath CEIS.

(9)

I gcás na tréimhse ó 2020 amach, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún na moltaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go leanfar den infheistíocht straitéiseach sin ar leibhéal inbhuanaithe. Ba cheart go mbeadh aon togra reachtach bunaithe ar na conclúidí i dtuarascáil ón gCoimisiún agus ar mheastóireacht neamhspleách lena n-áirítear measúnú maicreacnamaíoch ar an úsáideacht a bhainfeadh le scéim a chothabháil chun tacú le hinfheistíocht. Ba cheart scrúdú a dhéanamh freisin sa tuarascáil agus sa mheastóireacht neamhspleách sin, a mhéid is infheidhme, ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/1017 arna leasú leis an Rialachán seo, faoi ré sínithe chur chun feidhme CEIS.

(10)

Le CEIS, arna shíniú leis an Rialachán seo, ba cheart go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar aon chlistí sa mhargadh agus ar staideanna infheistíochta fo-optamacha atá fós ann agus leanúint ar aghaidh, le breisíocht neartaithe, de mhaoiniú ón earnáil phríobháideach a shlógadh in infheistíochtaí a bheidh ríthábhachtach do chruthú post amach anseo san Eoraip, lena n-áirítear don aos óg, agus don fhás agus don iomaíochas. I measc na n-infheistíochtaí sin tá infheistíochtaí i réimsí amhail fuinneamh, an comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, caipiteal sóisialta agus daonna agus bonneagar a bhaineann leis sin, cúram sláinte, taighde agus nuálaíocht, iompar trasteorann agus inbhuanaithe, chomh maith leis an athrú mór i dtreo saol digiteach. Go háirithe, ba cheart atreisiú a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn oibríochtaí a dtacaítear leo le CEIS chun spriocanna uaillmhianacha an Aontais, a leagadh amach ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21), a bhaint amach, agus ba cheart atreisiú dhéanamh ar thiomantas an Aontais chun laghdú de 80 go 95 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun gné an ghníomhaithe ar son na haeráide a atreisiú faoi CEIS, ba cheart do BEI tógáil ar an taithí atá aige mar cheann de na soláthraithe is mó ar domhan den mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus ba cheart dó an mhodheolaíocht atá aige, ar mhodheolaíocht úrscothach í arna comhaontú go hidirnáisiúnta, a úsáid chun comhpháirteanna tionscail maidir le gníomhú ar son na haeráide nó chun na sciartha de na costais a shainaithint ar bhealach inchreidte. Níor cheart tionscadáil a struchtúrú ar bhealach saorga d’fhonn teacht faoi shainmhínithe FBManna agus cuideachtaí beaga meánchaipitlithe. Ba cheart díriú níos mó freisin ar thionscadail tosaíochta idirnaisc fuinnimh agus tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh de réir a chéile.

Thairis sin, ba cheart go mbeadh tacaíocht CEIS do mhótarbhealaí teoranta do thacaíocht a thabhairt d’infheistíocht phríobháideach agus/nó d’infheistíocht phoiblí sa chóras iompair i dtíortha an chomhtháthaithe, i réigiúin bheagfhorbartha nó i dtionscadail iompair trasteorann nó, más gá uasghrádú a dhéanamh, sábháilteacht ar bhóithre a chothabháil nó a fheabhsú, gléasanna córais chliste iompair (ITS) a fhorbairt, sláine agus caighdeáin na mótarbhealaí atá ann cheana ar an ngréasán iompair trasEorpach a ráthú, go háirithe limistéir shábháilte pháirceála, stáisiúin bhreoslaí glana malartacha agus córais luchtaithe leictreacha, nó cur leis an líonra iompair tras-Eorpach faoi 2030 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. San earnáil dhigiteach, agus laistigh de raon feidhme bheartas uaillmhianach an Aontais maidir leis an nGeilleagar Digiteach, ba cheart spriocanna nua don bhonneagar digiteach a shocrú lena n-áiritheofar go ndéanfar an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus go mbeidh ról ceannródaíoch ag an Aontas i ré nua idirlíon na rudaí nithiúla, mar a thugtar air, na teicneolaíochta slabhrabhloc, agus na cibearslándála agus na slándála líonra. Ar mhaithe le soiléireacht, cé go bhfuil siad incháilithe cheana féin, ba cheart a leagan síos go sainráite gur laistigh de na cuspóirí ginearálta atá incháilithe do thacaíocht CEIS a thiteann tionscadail i réimsí na talmhaíochta, na foraoiseachta, an iascaigh agus an dobharshaothraithe agus eilimintí eile an bhithgheilleagair i gcoitinne.

(11)

Tá ról ríthábhachtach ag tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha maidir leis an Eoraip a thionsclú in athuair, agus tá siad mar thiomántóir don fhás agus tá suíomh straitéiseach acu chun tionchar nuálach a spreagadh in earnalácha tionsclaíocha eile, amhail an turasóireacht, an miondíol, agus teicneolaíochtaí digiteacha. Mar aon le Clár Eoraip na Cruthaitheachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus le Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta arna bunú leis an Rialachán sin, ba cheart go gcuideodh CEIS le ganntanais chaipitil sna hearnálacha sin a shárú trí thacaíocht bhreise a chur ar fáil ar bhealach ar chóir dó a bheith comhlántach leis an tacaíocht arna soláthar faoi Chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta, chun go bhféadfaí líon is mó de na tionscadail ardriosca sin a mhaoiniú.

(12)

Oibríochtaí lena mbaineann eintitis atá lonnaithe san Aontas agus a shíneann lasmuigh den Aontas, ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh freisin le CEIS, i gcás ina mbíonn an infheistíocht san Aontas á cur chun cinn acu, go háirithe nuair a bhíonn eilimintí trasteorann iontu. Ba cheart don MCEI tacaíocht réamhghníomhach a chur ar fáil chun na hoibríochtaí sin a chur chun cinn agus a spreagadh.

(13)

Ba cheart breisíocht, ar gné lárnach í de CEIS, a neartú le linn roghnú na dtionscadal. Go háirithe, níor cheart d’oibríochtaí a bheith incháilithe do thacaíocht CEIS ach amháin má théann siad i ngleic le clistí soiléire sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha soiléire. Ba cheart a mheas gur léiriú láidir ar an mbreisíocht iad oibríochtaí i mbonneagar fisiceach faoin ionú bonneagair agus nuálaíochta a nascann 2 Bhallstát nó níos mó le chéile, ríomh-bhonneagar san áireamh, agus go háirithe bonneagar leathanbhanda, mar aon le seirbhísí is gá chun an bonneagar sin a thógáil, a chur chun feidhme, a chothabháil nó a fheidhmiú, i ngeall ar a ndeacracht shainiúil agus ar an mbreisluach mór don Aontas a bhaineann leo.

(14)

Go ginearálta, ba cheart le CEIS go ndíreofaí ar thionscadail a bhfuil próifíl riosca níos airde ag baint leo ná a bhaineann le tionscadail a dtacaíonn BEI leo agus ba cheart do Choiste Infheistíochta EFSI (an “Coiste Infheistíochta”) aird a thabhairt ar na rioscaí atá ina mbac ar infheistíocht agus an bhreisíocht á meas aige, amhail rioscaí tírshonracha, earnáilsonracha nó réigiúnsonracha agus na rioscaí a bhaineann le nuálaíocht, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí neamhchruthaithe atá in ainm is fás, inbhuanaitheacht agus táirgíocht a fheabhsú.

(15)

Chun á áirithiú go mbeidh cumhdach geografach níos leithne ag CEIS agus chun éifeachtúlacht idirghabháil CEIS a mhéadú, ba cheart spreagadh a thabhairt d’oibríochtaí comhcheangail agus/nó measctha lena gcuirtear foirmeacha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais neamh-inaisíoctha ó bhuiséad ginearálta an Aontais le chéile, amhail Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa nó iad siúd atá ar fáil faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Fís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus don mhaoiniú ó Ghrúpa BEI, lena n-áirítear maoiniú BEI faoi CEIS, agus ó infheisteoirí eile chomh maith. Is é is aidhm don chomhcheangal agus/nó don mheascadh breisluach chaiteachas an Aontais a fheabhsú trí acmhainní breise a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha agus a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo ina ngníomhaíochtaí atá inmharthana ón taobh eacnamaíoch agus ó thaobh airgeadais de. Chuige sin, ag an am céanna a rinneadh an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán seo a thíolacadh, rinneadh luach EUR 1 000 000 000 de leithreasuithe a aistriú ó ionstraimí airgeadais SCE chuig cuid deontais SCE d’fhonn meascadh le CEIS a éascú. Rinneadh glao rathúil ar mheascadh chuige sin i mí Feabhra 2017. Tá EUR 145 000 000 eile á n-aistriú chuig ionstraimí ábhartha eile, go háirithe chucu sin atá tiomanta don éifeachtúlacht fuinnimh. Is gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfar cistí de chuid an Aontais agus tacaíocht CEIS a chomhcheangal go héasca.

Cé go bhfuil treoir nithiúil maidir leis an ábhar sin foilsithe cheana ag an gCoimisiún, ba cheart forbairt bhreise a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le cistí de chuid an Aontais Eorpaigh a chomhcheangal le CEIS d’fhonn cur leis na hinfheistíochtaí lena mbaintear leas ag an ngiaráil arna baint amach trí chistí de chuid an Aontais a chomhcheangal le CEIS, agus forbairtí reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur i gcuntas. Chun éifeachtúlacht eacnamaíoch agus giaráil leordhóthanach a áirithiú, níor cheart, i bprionsabal, gur mhó na teaglamaí airgeadais sin ná 90 % de chostais iomlána tionscadail do na réigiúin bheagfhorbartha agus 80 % i gcás gach réigiún eile.

(16)

Chun go mbainfear níos mó úsáide as CEIS i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, ba cheart raon na gcuspóirí ginearálta atá incháilithe do thacaíocht CEIS a mhéadú. Bheadh tionscadail fós faoi réir scrúdú ón gCoiste Infheistíochta agus ba cheart dóibh cloí leis na critéir incháilitheachta chéanna atá ann chun an ráthaíocht a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2015/2017 (“ráthaíocht AE”) a úsáid, lena n-áirítear prionsabal na breisíochta. Os rud é nár cheart go mbeadh aon srian ar mhéid na dtionscadal atá incháilithe do thacaíocht ó CEIS, níor cheart go ndéanfaí tionscadail ar mhionscála a dhíspreagadh ó iarratas ar mhaoiniú CEIS a dhéanamh. Thairis sin, is gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun cúnamh teicniúil a neartú agus chun CEIS a chur chun cinn i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula ina bhfuil gá leis.

(17)

Tá ardáin infheistíochta ina n-uirlís ríthábhachtach chun déileáil le clistí sa mhargadh, go háirithe le linn maoiniú a thabhairt do thionscadail iolracha, réigiúnacha, nó earnálacha, lena n-áirítear tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus tionscadail trasteorann. Tá sé tábhachtach freisin comhpháirtíochtaí le bainc náisiúnta chur chun cinn nó le hinstitiúidí náisiúnta cur chun cinn a spreagadh, lena n-áirítear d’fhonn ardáin infheistíochta a chur ar bun. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag comhoibriú le hidirghabhálaithe airgeadais freisin ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do BEI, i gcás inarb iomchuí, an mheasúnacht, an roghnú agus an faireachán a bhaineann le fothionscadail ar mhionscála a tharmligean chuig idirghabhálaithe airgeadais nó chuig meáin incháilithe formheasta.

(18)

I gcás tharmligean na measúnachta, an roghnaithe agus an fhaireacháin ar thionscadail ar mhionscála chuig idirghabhálaithe airgeadais nó chuig meáin incháilithe formheasta, níor cheart go mbeadh sé fós de cheart ag an gCoiste Infheistíochta úsáid ráthaíocht AE a fhormheas le haghaidh fothionscadail faoin maoiniú sin BEI agus faoi oibríochtaí infheistíochta i gcás ina mbeidh an ranníocaíocht ó CEIS do na fothionscadail ar mhionscála sin faoi thairseach sainithe. Ba cheart do Bhord Stiúrtha CEIS (an “Bord Stiúrtha”), i gcás inarb iomchuí, treoir a sholáthar maidir leis an nós imeachta a bheidh le húsáid ag an gCoiste Infheistíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar fhothionscadail os cionn na tairsí sin.

(19)

Le linn thréimhse iomlán na hinfheistíochta, ba cheart don Aontas ráthaíocht AE a sholáthar, ráthaíocht nár cheart gur mhó ná EUR 26 000 000 000 ag aon tráth í, chun go mbeifear in ann tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí le CEIS, agus ba cheart EUR 16 000 000 000 uasta, de sin, a bheith ar fáil roimh an 6 Iúil 2018.

(20)

Táthar ag súil leis, nuair a dhéanfar ráthaíocht AE a chomhcheangal leis an tsuim de EUR 7 500 000 000 atá le soláthar ag BEI, gur cheart go nginfeadh tacaíocht CEIS EUR 100 000 000 000 d’infheistíocht bhreise ó BEI agus ó CEI. Táthar ag súil leis go nginfidh an tsuim de EUR 100 000 000 000, arna dtacú le CEIS, EUR 500 000 000 000 d’infheistíocht bhreise san fhíorgheilleagar roimh dheireadh 2020.

(21)

Chun maoiniú a dhéanamh go páirteach ar an ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais chuig ciste ráthaíocht AE chun na hinfheistíochtaí breise a dhéanamh, ba cheart aistriú a dhéanamh ón imchlúdach atá ar fáil don SCE, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus ón ioncam agus ó na haisíocaíochtaí ó Ionstraim Fiachais SCE agus ó Chiste Eorpach 2020 le haghaidh Fuinnimh, an Athraithe Aeráide agus Bonneagair (“Ciste Marguerite”). Chun gur féidir an t-aistriú ó ioncam agus aisíocaíochtaí a chur i gcrích, ní mór maolú a dhéanamh ar an dara agus ar an tríú fomhír d’Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ionas gur féidir a n-úsáid ag ionstraim eile a údarú.

(22)

Ar bhonn na taithí a fuarthas ó na hinfheistíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh ó CEIS, ba cheart spriocmhéid an chiste ráthaíochta a thabhairt go 35 % d’oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE, á áirithiú ar an dóigh sin leibhéal leordhóthanach cosanta.

(23)

I gcomhréir leis an éileamh ollmhór ón margadh ar mhaoiniú do FBManna faoi CEIS, éileamh a leanfaidh ar aghaidh de réir gach cosúlachta, ba cheart ionú na FBManna de chuid CEIS a fheabhsú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair shóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta, lena n-áirítear trí ionstraimí nua a bheidh leordhóthanach le haghaidh riachtanas agus sainiúlachtaí earnáil na bhfiontar sóisialta agus na seirbhísí sóisialta a fhorbairt agus a chur in úsáid.

(24)

Ba cheart do BEI agus do CEI a áirithiú go mbeidh na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas faoi thacaíocht CEIS a bheith ar fáil, sa chaoi go mbeidh ráthaíocht AE níos infheicthe. Ba cheart tagairt shoiléir do CEIS a chur in iúl go soiléir i gcomhaontuithe lena gcuirtear tacaíocht CEIS ar fáil.

(25)

D’fhonn trédhearcacht oibríochtaí CEIS a fheabhsú, ba cheart don Choiste Infheistíochta, sna cinntí a dhéanann sé, a chuirtear ar fáil don phobal agus atá inrochtana, míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhfuil sé den tuairim gur cheart ráthaíocht AE a thabhairt d’oibríocht, agus béim ar leith á leagan aige ar chomhlíonadh an chritéir bhreisíochta. Ba cheart scórchlár na dtáscairí a chur ar fáil don phobal a luaithe a shíneofar oibríocht faoi ráthaíocht AE. Níor cheart faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith san fhoilseachán.

(26)

Ba cheart an scórchlár a úsáid i ndianchomhréir leis an Rialachán seo, agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1558 ón gCoimisiún (10), agus leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, mar uirlís mheasúnaithe neamhspleách agus thrédhearcach agus lena ndéanfaidh an Coiste Infheistíochta tosaíocht a thabhairt d’úsáid ráthaíocht AE le haghaidh oibríochtaí a léireoidh scóir is airde agus breisluach. Ba cheart do BEI na scóir agus na táscairí a ríomh ex ante agus faireachán a dhéanamh ar na torthaí tráth a chuirfear an tionscadal i gcrích.

(27)

D’fhonn measúnú ar thionscadail a fheabhsú, ba cheart don Bhord Stiúrtha, le linn threoshuíomh straitéiseach CEIS, scór íosta a bhunú do gach colún sa scórchlár.

(28)

Tá beartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach leagtha síos i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais agus i gConclúidí ón gComhairle, go háirithe san Iarscríbhinn a ghabhann leo sin an 8 Samhain 2016, agus in aon nuashonrú ina dhiaidh sin.

(29)

Ba cheart a chur san áireamh i ndícheall cuí maidir le hoibríochtaí infheistíochta agus maoinithe BEI faoin Rialachán seo, seiceáil chuimsitheach ar chomhlíonadh reachtaíocht infheidhme an Aontais agus caighdeán comhaontaithe idirnáisiúnta agus Aontais maidir le frithsciúradh airgid, leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, le calaois chánach agus le seachaint cánach. Thairis sin, i gcomhthéacs tuairiscithe ó CEIS, ba cheart do BEI faisnéis a sholáthar, tír ar thír, i ndáil lena mhéid atá beartas BEI agus CEI maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha á chomhlíonadh ag oibríochtaí CEIS, mar aon leis an liosta d’idirghabhálaithe lena bhfuil BEI agus CEI ag comhoibriú a sholáthar.

(30)

Is iomchuí soiléirithe teicniúla áirithe a dhéanamh i ndáil lena bhfuil sa chomhaontú faoi bhainistiú CEIS, agus maidir le deonú ráthaíocht AE agus maidir leis na hionstraimí atá cumhdaithe ag an gcomhaontú, lena n-áirítear cumhdach do riosca ó ráta malartaithe airgeadraí i gcásanna áirithe. Ba cheart an comhaontú le BEI maidir le bainistiú CEIS agus maidir le deonú ráthaíocht AE a oiriúnú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(31)

D’ainneoin an chuspóra atá ag MCEI chun cur le seirbhísí reatha comhairliúcháin de chuid BEI agus de chuid an Choimisiúin, agus ionas gur féidir leis gníomhú mar mhol comhairleach teicniúil aonair le haghaidh maoinithe tionscadal laistigh den Aontas, ba cheart MCEI a fheabhsú agus ba cheart a ghníomhaíochtaí a bheith dírithe freisin ar rannchuidiú go gníomhach le héagsúlú earnálach agus geografach CEIS, ar thacaíocht a thabhairt do BEI agus do bhainc náisiúnta chur chun cinn agus d’institiúidí náisiúnta cur chun cinn le linn oibríochtaí a thionscnamh agus a fhorbairt, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus ar chuidiú le struchtúr a chur ar an éileamh ar thacaíocht CEIS, i gcás inar gá. Ba cheart do MCEI féachaint le comhaontú comhair amháin ar a laghad a chur i gcrích, in aghaidh gach Ballstáit, le banc nó institiúid náisiúnta chur chun cinn. Sna Ballstát nach ann do bhainc náisiúnta chur chun cinn ná d’institiúidí náisiúnta cur chun cinn, ba cheart do MCEI tacaíocht chomhairleach réamhghníomhach a sholáthar ar an mbanc nó ar an institiúid sin a bhunú, i gcás inarb iomchuí, agus arna iarraidh sin ag an mBallstát i dtrácht. Ba cheart do MCEI aird ar leith a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail a bhfuil baint ag 2 Bhallstát nó níos mó leo a ullmhú, agus do thionscadail a chuireann le cuspóirí COP21 a bhaint amach. Ba cheart dó cur go gníomhach le hardáin infheistíochta a bhunú freisin agus comhairle a thabhairt maidir le foinsí eile cistithe ón Aontas a mheascadh le cistiú ó CEIS. Ba cheart láithreacht áitiúil MCEI a áirithiú i gcás inar gá, agus scéimeanna tacaíochta á gcur i gcuntas, d’fhonn cabhair atá inláimhsithe, réamhghníomhach agus saincheaptha a sholáthar ar an láthair.

(32)

Tá an Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú bunaithe ar anailís mhionsonraithe ar phleananna na mBallstát le haghaidh athchóirithe buiséadacha, maicreacnamaíocha agus struchtúrtha, agus déanann sé moltaí atá sonrach do thíortha ar leith a thabhairt dóibh. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do BEI an Coimisiún a chur ar an eolas maidir lena chinntí faoi bhacainní agus scrogaill ar an infheistíocht sna Ballstáit, ar bacainní agus scrogaill iad a shainaithnítear agus oibríochtaí infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo á gcur i gcrích. Iarrtar ar an gCoimisiún na torthaí sin, i measc nithe eile, a chur san áireamh agus é i mbun oibre i gcomhthéacs an tríú colún den Phlean Infheistíochta.

(33)

Chun aghaidh a thabhairt ar chlistí agus bearnaí sa mhargadh, chun infheistíochtaí breise leordhóthanacha a spreagadh agus chun cothromaíocht gheografach agus réigiúnach a chur chun cinn in oibríochtaí CEIS-tacaithe, tá gá le cur chuige comhtháite agus cuíchóirithe arb é is aidhm leis fás, poist agus infheistíochtaí a chur chun cinn. Ba cheart go gcuideodh an costas a bhaineann le CEIS a mhaoiniú leis na cuspóirí sin a bhaint a amach.

(34)

Chun na cuspóirí infheistíochta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1017 a chur chun cinn, ba cheart meascadh le cistí atá ann cheana a spreagadh, i gcás inarb iomchuí, chun lamháltais leordhóthanacha a sholáthar sna téarmaí agus sna coinníollacha maoinithe, lena n-áirítear costas, a bhaineann le hoibríochtaí CEIS.

(35)

I gcásanna ina mbeadh dálaí struis sa mhargadh airgeadais ina mbac ar thionscadal inmharthana a chur i gcrích nó inar gá é chun éascaíocht a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a bhunú nó ar thionscadail in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó staid ina ndéantar infheistíocht fo-optamach a mhaoiniú, ba cheart do BEI agus don Choimisiún athruithe a chur chun feidhme, go háirithe maidir le luach saothair ráthaíocht AE, chun cur le laghdú a dhéanamh ar chostas maoinithe na hoibríochta a íocann tairbhí mhaoiniú BEI faoi CEIS chun a chur chun feidhme a éascú. Ba cheart iarrachtaí dá samhail a dhéanamh i gcás inar gá lena áirithiú go dtacaíonn CEIS le tionscadail ar mhionscála. I gcás go gceadóidh úsáid idirghabhálaithe áitiúla nó réigiúnacha laghdú ar chostas mhaoiniú CEIS do thionscadail ar mhionscála, ba cheart breithniú a dhéanamh ar an bhfoirm sin úsáide freisin.

(36)

I gcomhréir leis an ngá atá le hinbhuanaitheacht airgeadais CEIS, maidir leis na hiarrachtaí chun laghdú a dhéanamh ar chostais oibríochtaí CEIS i dtréimhsí struis sa mhargadh airgeadais nó chun éascú a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a bhunú nó ar thionscadail in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó staid ina ndéantar infheistíocht fho-optamach a mhaoiniú, ba cheart iad a chomhordú le hacmhainní airgeadais eile de chuid an Aontais atá ar fáil agus leis na hionstraimí atá in úsáid ag Grúpa BEI.

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ardáin trasteorann, ilnáisiúnta, réigiúnacha nó macrairéigiúnacha a dhéanann comhpháirtithe ó roinnt Ballstát, réigiún nó tríú tíortha a bhfuil suim acu i dtionscadail i limistéar geografach ar leith a ghrúpáil le chéile;”;

(2)

Leasaítear Airteagal 4(2) mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

méid, nach lú ná EUR 7 500 000 000 i ráthaíochtaí nó in airgead tirim, agus téarmaí na ranníocaíochta airgeadais a bheidh le cur ar fáil ag BEI trí CEIS;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

“(iv)

praghsáil oibríochtaí faoi ráthaíocht AE atá le bheith i gcomhréir le beartas praghsála BEI;”.

(iii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(v)

na nósanna imeachta, gan dochar do Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal le CAE agus le CFAE agus le sainphribhléidí BEI a leagtar amach ann, chun laghdú a dhéanamh ar chostas maoinithe na hoibríochta a íocann tairbhí mhaoiniú BEI faoi CEIS, go háirithe trí mhodhnú a dhéanamh ar luach saothair ráthaíocht AE, i gcás inar gá sin go háirithe i gcás ina mbeadh dálaí struis sa mhargadh airgeadais ina mbac ar thionscadal inmharthana a chur i gcrích nó inar gá iad chun éascú a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a bhunú nó ar thionscadail in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó ina bhfuil staid ina ndéantar infheistíocht fho-optamach, a mhéid nach mbeadh tionchar suntasach aige ar an maoiniú is gá chun an Ciste Ráthaíochta a sholáthar;”;

(b)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

foráil gur ar an mBord Stiúrtha atá sé cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7(3);”;

(c)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

i gcomhréir le hAirteagal 11, rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE a sholáthar, lena n-áirítear a cuid socruithe maidir le cumhdach, a cumhdach sainithe maidir le punanna ionstraimí de chineálacha sonracha agus na teagmhais ábhartha a spreagann gairmeacha féideartha ar ráthaíocht AE;”;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1)

“1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “breisíocht” an tacaíocht ó CEIS le haghaidh oibríochtaí a thugann aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, arb oibríochtaí iad nárbh fhéidir a chur i gcrích ag BEI, ag CEI nó faoi ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana sa tréimhse ar lena linn is féidir ráthaíocht AE a úsáid, nó nárbh fhéidir iad a úsáid a mhéid céanna, ag BEI, ag CEI nó faoi ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana, gan tacaíocht CEIS. Maidir leis na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEIS, tacóidh siad leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 9(2), déanfar gach iarracht fostaíocht agus fás inbhuanaithe a chruthú leo agus mar is dual dóibh beidh próifíl riosca níos airde acu ná mar a bheidh ag na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó ghnáthoibríochtaí BEI. Beidh próifíl riosca níos airde ar an mórchuid ag punann CEIS ná mar a bheidh ag an bpunann infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó BEI faoina chuid gnáthbheartas infheistíochta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Chun dul i ngleic le clistí sa mhargadh nó le staideanna infheistíochta fo-optamacha ar bhealach níos fearr, agus chun éascú a dhéanamh, go háirithe, ar úsáid a bhaint as ardáin infheistíochta do thionscadail ar mhionscála agus, dá réir sin, comhlántacht a áirithiú agus mar sin plódú amach rannpháirtithe sa mhargadh céanna a sheachaint, mar rogha slí agus má bhíonn údar iomchuí leis, beidh na nithe seo a leanas ag baint le gníomhaíochtaí speisialta BEI:

(a)

gnéithe an fho-ordaithe a bheith acu, lena n-áirítear róil shóisearacha a ghlacadh maidir le hinfheisteoirí eile;

(b)

a bheith rannpháirteach in ionstraimí comhroinnte riosca;

(c)

gnéithe trasteorann a léiriú;

(d)

a bheith i mbaol toisc rioscaí sonracha; nó

(e)

gnéithe eile a bheith acu mar a chuirtear síos orthu tuilleadh i bpointe (d) de Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.

Gan dochar don cheanglas sainmhíniú ar bhreisíocht a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa chéad fhomhír, is léiriú maith ar bhreisíocht iad na gnéithe seo a leanas:

tionscadail a mbaineann riosca leo i gcomhréir le gníomhaíochtaí speisialta BEI, mar a shainmhínítear in Airteagal 16 de Reacht BEI, go háirithe má bhaineann rioscaí tírshonracha, earnáilsonracha nó réigiúnsonracha leis na tionscadail sin, go háirithe na rioscaí a bhíonn ann i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula agus/nó má bhaineann rioscaí a bhaineann le nuálaíocht, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí neamhchruthaithe atá in ainm is fás, inbhuanaitheacht agus táirgíocht a fheabhsú leis na tionscadail sin;

tionscadail a mbaineann bonneagar fisiceach leo, lena n-áirítear ríomh-bhonneagar, a nascann 2 Bhallstát nó níos mó nó a bhaineann le bonneagar nó seirbhísí den sórt sin atá nasctha leis an mbonneagar sin a shíneadh ó Bhallstát amháin go Ballstát amháin eile nó níos mó.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:

“Beidh foráil i gComhaontú CEIS go dtacóidh CEIS le tionscadail a thugann aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha agus:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh aon srian ar mhéid na dtionscadal a bheidh incháilithe do thacaíocht CEIS do na hoibríochtaí arna seoladh ag BEI nó CEI trí idirghabhálaithe airgeadais. Chun a áirithiú go gcumhdófar tionscadail ar mhionscála le tacaíocht CEIS freisin, cuirfidh CEI agus BEI, i gcás inar gá sin agus a mhéid is féidir, le comhoibriú le bainc náisiúnta chur chun cinn nó le hinstitiúidí náisiúnta cur chun cinn agus tacóidh siad leis na deiseanna a sholáthrófar, lena n-áirítear trí éascú a dhéanamh ar ardáin infheistíochta a chruthú.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Féachfaidh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí uile a bhfuil baint acu i struchtúir rialaithe CEIS le cothromaíocht inscne a áirithiú i gcomhlachtaí rialaithe ábhartha de chuid CEIS.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“3.   Beidh 5 chomhalta ar an mBord Stiúrtha: 3 chomhalta a cheapfaidh an Coimisiún, comhalta amháin a cheapfaidh BEI agus saineolaí amháin a cheapfaidh Parlaimint na hEorpa mar chomhalta gan vóta. Ní dhéanfaidh an saineolaí sin treoracha a lorg ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí an Aontais, ó rialtas aon Bhallstáit ná ó aon chomhlacht poiblí ná príobháideach eile, agus gníomhóidh an saineolaí go hiomlán neamhspleách. Déanfaidh an t-ionadaí a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh go neamhchlaonta agus chun leasa CEIS.

Déanfaidh an Bord Stiúrtha Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí go ceann téarma seasta 3 bliana, agus beidh sé in-athnuaite uair amháin. Déanfaidh an Bord Stiúrtha seasamh a chomhaltaí uile a phlé agus cuirfear iad i lánchuntas a oiread is féidir. Mura féidir leis na comhaltaí teacht ar aon intinn faoin seasamh atá acu, glacfaidh an Bord Stiúrtha a chuid cinntí trí vóta d’aon ghuth i measc a chomhaltaí vótála. Cuirfear cuntas substainteach ar fáil ar sheasamh na gcomhaltaí uile i miontuairiscí chruinnithe an Bhoird Stiúrtha.

Déanfar miontuairiscí mionsonraithe chruinnithe an Bhoird Stiúrtha a fhoilsiú a luaithe a bheidh siad formheasta ag an mBord Stiúrtha. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas a luaithe agus a fhoilseofar iad.”;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh Leas-Stiúrthóir Bainistíochta de chúnamh ag an Stiúrthóir Bainistíochta. Glacfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóir Bainistíochta páirt i gcruinnithe an Bhoird Stiúrtha mar bhreathnóirí. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Bainistíochta gach ráithe maidir le gníomhaíochtaí CEIS chuig an mBord Stiúrtha.”;

(d)

i mír 8, leasaítear an tríú fomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

gníomhú ar son na haeráide, cosaint agus bainistiú comhshaoil;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(l)

talmhaíocht inbhuanaithe, foraoiseacht, iascach, dobharshaothrú agus gnéithe eile den bhithgheilleagar i gcoitinne.”;

(e)

i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Déanfaidh gach comhalta den Choiste Infheistíochta an fhaisnéis go léir is gá, chun seiceáil ar bhonn leanúnach nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann, a chur in iúl don Bhord Stiúrtha, don Stiúrthóir Bainistíochta agus don Leas-Stiúrthóir Bainistíochta gan mhoill.”;

(f)

i mír 11, cuirtear an abairt seo a leanas léi:

“Beidh sé de chúram ar an Stiúrthóir Bainistíochta an Bord Stiúrtha a chur ar an eolas faoi aon sárú den sórt sin a bhfaighidh sé nó sí eolas air agus beidh sé nó sí freagrach as gníomhaíocht oiriúnach a mholadh agus a chinntiú go ndéanfar í. Déanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta a dhualgas nó a dualgais cúraim a fheidhmiú maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag aon chomhalta den Choiste Infheistíochta.”;

(g)

leasaítear mír 12 mar seo a leanas:

(i)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Beidh cinntí lena bhformheastar úsáid ráthaíocht AE ar fáil go poiblí agus inrochtana, agus folóidh siad an réasúnaíocht don chinneadh, le béim ar leith ar chomhlíonadh an chritéir bhreisíochta. Tagróidh siad chomh maith don mheasúnú iomlán a eascraíonn as an scórchlár táscairí dá dtagraítear i mír 14. Ní bheidh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa mhéid a fhoilsítear. Le linn dó teacht ar a chinneadh, beidh na doiciméid arna soláthar ag BEI mar thacaíocht don Choiste Infheistíochta.

Déanfar an scórchlár, ar uirlis é a úsáideann an Coiste Infheistíochta chun tosaíochtaí a leagan síos maidir le húsáid ráthaíocht AE in oibríochtaí a léiríonn scórtha níos airde agus luach breise, a chur ar fáil go poiblí tar éis tionscadal a bheith sínithe. Ní bheidh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de sa mhéid a fhoilseofar.

Cuirfidh BEI codanna de na cinntí atá íogair ó thaobh na tráchtála de ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa nuair a iarrfar sin agus faoi réir diancheanglais rúndachta.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Dhá uair sa bhliain, déanfaidh BEI liosta de chinntí uile an Choiste Infheistíochta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin chomh maith leis na scórchláir a bhaineann leis na cinntí uile sin. Beidh an aighneacht sin faoi réir diancheanglais rúndachta.”;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 14:

“14.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1) go (3) agus (5) chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí scórchlár táscairí a bhunú a bheidh le húsáid ag an gCoiste Infheistíochta chun measúnú neamhspleách agus trédhearcach ar úsáid fhéideartha agus iarbhír ráthaíocht AE a áirithiú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ullmhú i ndlúth-idirphlé le BEI.

Déanfaidh an Bord Stiúrtha, mar chuid de threoshuíomh straitéiseach CEIS, scór íosta a bhunú do gach colún sa scórchlár d’fhonn measúnú ar thionscadail a fheabhsú.

Féadfaidh an Bord Stiúrtha, arna iarraidh sin ó BEI, a lamháil don Choiste Infheistíochta tionscadal a scrúdú a bhfuil a scór in aon cheann de na colúin níos ísle ná an scór íosta nuair is é tátal an mheasúnaithe iomláin atá sa scórchlár go dtabharfadh an oibríocht a bhaineann leis an tionscadal sin aghaidh ar chliseadh suntasach sa mhargadh nó go gcuirfeadh sí leibhéal ard breisíochta i láthair.”;

(6)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“2.   Deonófar ráthaíocht AE i gcomhair oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a bheidh formheasta ag an gCoiste Infheistíochta nó i gcomhair cistiú nó ráthaíochtaí do CEI d’fhonn oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(3).

Déanfaidh BEI, i gcás inarb iomchuí, an breithmheas, an roghnú agus an faireachán a bhaineann le fothionscadail ar mhionscála a tharmligean chuig idirghabhálaithe airgeadais nó meáin incháilithe formheasta, go háirithe ardáin infheistíochta agus bainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn mar mhodh chun rochtain ar mhaoiniú do thionscadail ar mhionscála a mhéadú agus éascú. D’ainneoin an tríú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, ní choimeádfaidh an Coiste Infheistíochta an ceart chun úsáid ráthaíocht AE a fhormheas le haghaidh fothionscadal arna dtarmligean chuig idirghabhálaithe airgeadais nó meáin incháilithe formheasta i gcás go mbeidh ranníocaíocht CEIS leis na fothionscadail sin faoi bhun EUR 3 000 000. I gcás inar gá, soláthróidh an Bord Stiúrtha treoir maidir leis an nós imeachta trína bhfuil an Coiste Infheistíochta le cinneadh a dhéanamh faoi úsáid ráthaíocht AE le haghaidh fothionscadal ina bhfuil ranníocaíocht CEIS cothrom le EUR 3 000 000 nó os a chionn.

Beidh na hoibríochtaí lena mbaineann i gcomhréir le beartais an Aontais agus tacóidh siad le haon cheann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas:”;

(ii)

i bpointe (c), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(iv)

bonneagair iarnróid, tionscadail iarnróid eile, agus calafoirt mhuirí;”;

(iii)

i bpointe (e), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(ia)

teicneolaíocht bhlocshlabhra;

(ib)

idirlíon na rudaí nithiúla;

(ic)

bonneagair chibearshlándála agus cosanta líonraí;”;

(iv)

leasaítear pointe (g) mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, a mbeidh sásraí airgeadais earnáilsonracha le húdarú dóibh trí idirghníomhaíocht le Clár Eoraip na Cruthaitheachta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus le Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bunaíodh de bhun an Rialacháin sin, d’fhonn iasachtaí atá oiriúnach don fheidhm a chur ar fáil i gcomhair na dtionscadal sin.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

“(v)

bonneagair shóisialta, seirbhísí sóisialta, an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta;”;

(v)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(h)

talmhaíocht inbhuanaithe, foraoiseacht, iascach, dobharshaothrú agus gnéithe eile den bhithgheilleagar i gcoitinne;

(i)

laistigh de cheanglais an Rialacháin seo i gcás na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II faoi seach a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún (*2), tionscail agus seirbhísí eile atá incháilithe do thacaíocht BEI.

(*2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2014 lena leagtar amach liosta na réigiún a bheidh incháilithe do chistiú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus na mBallstát a bheidh incháilithe do chistiú ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 (IO L 50, 20.2.2014, lch. 22).”;"

(vi)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus é á aithint gur faoi thionchar an éilimh a bheidh CEIS, ag an am céanna, beidh sé mar sprioc ag BEI go dtacóidh 40 % ar a laghad de mhaoiniú CEIS faoin ionú bonneagair agus nuálaíochta le comhpháirteanna tionscadail a rannchuidíonn le gníomhú ar son na haeráide, i gcomhréir le gealltanais a rinneadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21). Ní dhéanfar maoiniú CEIS do FBManna ná do chuideachtaí beaga lárchaipitlithe a áireamh sa ríomh sin. Bainfidh BEI úsáid as a mhodheolaíocht a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun na comhpháirteanna tionscadail maidir le gníomhú ar son na haeráide nó na scaireanna costais sin a shainaithint. Tabharfaidh an Bord Stiúrtha treoir mhionsonraithe chuige sin, i gcás inar gá sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Mairfidh an tréimhse infheistíochta ar lena linn a fhéadfar ráthaíocht AE a dheonú chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go dtí:

(a)

an 31 Nollaig 2020, i gcás oibríochtaí BEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir BEI agus an tairbhí nó an t-idirghabhálaí airgeadais faoin 31 Nollaig 2022;

(b)

an 31 Nollaig 2020, i gcás oibríochtaí CEI a mbeidh conradh sínithe ina leith idir CEI agus an t-idirghabhálaí airgeadais faoin 31 Nollaig 2022.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4

“4.   I gcás inar gá agus a mhéid is féidir, comhoibreoidh BEI le bainc náisiúnta chur chun cinn nó le hinstitiúidí náisiúnta cur chun cinn agus le hardáin infheistíochta.”;

(d)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Féadfaidh an Coiste Infheistíochta a chinneadh an ceart a choimeád chun thionscadail nua a fhormheas atá curtha ar aghaidh ag idirghabhálaithe airgeadais nó laistigh de mheáin incháilithe formheasta.”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d’Airteagal 10(2):

“(a)

iasachtaí BEI, ráthaíochtaí, contra-ráthaíochtaí, ionstraimí margaidh caipitil, aon fhoirm eile d’ionstraim cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, fofhiachas san áireamh, rannpháirtíochtaí cothromais nó cuasachothromais, lena n-áirítear i bhfábhar bainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn, ardáin infheistíochta nó cistí infheistíochta;”;

(8)

Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní bheidh ráthaíocht AE, ag aon am, níos mó ná EUR 26 000 000 000, a bhféadfar cuid de a leithdháileadh le haghaidh chistiú BEI nó ráthaíochtaí BEI do CEI i gcomhréir le mír 3. Na glaníocaíochtaí comhiomlána as buiséad ginearálta an Aontais faoi ráthaíocht AE, ní bheidh siad níos mó ná EUR 26 000 000 000 agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 16 000 000 000 roimh an 6 Iúil 2018.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina gcuirfidh BEI cistiú nó ráthaíochtaí ar fáil do CEI chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a dhéanamh, déanfaidh ráthaíocht AE foráil maidir le ráthaíocht iomlán ar an gcistiú nó ar na ráthaíochtaí sin suas le teorainn tosaigh EUR 6 500 000 000, ar choinníoll go ndéanfaidh BEI méid suas le EUR 4 000 000 000 ar a laghad de mhaoiniú nó ráthaíochtaí a chur ar fáil de réir a chéile gan cumhdach ó ráthaíocht AE. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an Bord Stiúrtha teorainn EUR 6 500 000 000, i gcás inarb iomchuí, a choigeartú suas le huasmhéid EUR 9 000 000 000, gan oibleagáid a bheith ar BEI meaitseáil a dhéanamh ar na méideanna os cionn EUR 4 000 000 000.”;

(c)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

maidir leis na hionstraimí fiachais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a):

(i)

an phríomhshuim agus an t-ús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite do BEI ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin go dtí tráth na mainneachtana; i gcás fofhiachais measfar cur siar, laghdú nó dul amach éigeantach bheith ina theagmhas mainneachtana;

(ii)

caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí eile seachas an euro i margaí nach bhfuil ach féidearthachtaí teoranta iontu fálú fadtéarmach a dhéanamh;

(b)

maidir leis na hinfheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a), na méideanna a infheistíodh agus a gcostas cistithe gaolmhar agus caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí eile seachas an euro;”;

(9)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Úsáidfear dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá dtagraítear i mír 2 chun leibhéal iomchuí (spriocmhéid) a bhaint amach ionas go léireofar oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE. Déanfar an spriocmhéid a shocrú ag 35 % d’oibleagáidí iomlána ráthaíocht AE.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 go mír 10:

“7.   Ón 1 Eanáir 2018, más rud é go dtiteann leibhéal an chiste ráthaíochta faoi bhun 50 % den spriocmhéid, de thoradh gairmeacha ar ráthaíocht AE, nó, de réir measúnaithe riosca ón gCoimisiún, go bhféadfadh sé go dtitfidh sé faoi bhun an leibhéil sin laistigh de bhliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil isteach faoi aon bhearta eisceachtúla a bhféadfadh gá a bheith leo.

8.   Tar éis gairm ar ráthaíocht AE, úsáidfear na dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo atá os cionn an spriocmhéid laistigh de theorainneacha na tréimhse infheistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 9 le ráthaíocht AE a thabhairt ar ais chuig an méid iomlán a bhí aici.

9.   Déanfar na dearlaicí leis an gciste ráthaíochta dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 2 a úsáid chun ráthaíocht AE a thabhairt ar ais chuig a méid iomlán.

10.   I gcás ina mbeidh ráthaíocht AE tugtha ar ais go hiomlán suas go dtí méid EUR 26 000 000 000, déanfar aon mhéid sa chiste ráthaíochta de bhreis ar an spriocmhéid a íoc le buiséad ginearálta an Aontais mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 d’aon línte buiséid a d’fhéadfadh a bheith úsáidte mar fhoinse ath-imlonnaithe chuig an gciste ráthaíochta.”;

(10)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Folóidh an tacaíocht sin foráil chun tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar maidir le húsáid cúnaimh theicniúil do struchtúrú tionscadal, le húsáid ionstraimí airgeadais nuálacha, le húsáid comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus maidir le soláthar faisnéise de réir mar is iomchuí, maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann le dlí an Aontais, agus sainiúlachtaí agus riachtanais na mBallstát i dtaca le margaí airgeadais beagfhorbartha á gcur i gcuntas, chomh maith leis an staid in earnálacha éagsula.”;

(ii)

sa dara fomhír, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

“Tacóidh sé freisin le tionscadail a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus le tionscadail an gheilleagair chiorclaigh, nó comhpháirteanna díobh, a ullmhú, go háirithe i gcomhthéacs COP21, le tionscadail san earnáil dhigiteach a ullmhú, agus le tionscadail dá dtagraítear sa dara fleasc den tríú fomhír d’Airteagal 5(1) a ullmhú chomh maith.”;

(b)

leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

leas a bhaint as eolas áitiúil chun tacaíocht CEIS a éascú ar fud an Aontais agus rannchuidiú go gníomhach, i gcás inar féidir, le haidhm éagsúlú earnála agus geografach CEIS dá dtagraítear i Roinn 8 d’Iarscríbhinn II trí thacaíocht a thabhairt do BEI agus do bhainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn chun oibríochtaí a thionscnamh agus a fhorbairt, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus, i gcás inar gá, trí chabhrú chun an t-éileamh ar thacaíocht CEIS a struchtúrú, i gcás inar gá;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

tacaíocht chomhairleach, réamhghníomhach, i gcás inar gá trí láithreacht áitiúil, a sholáthar maidir le hardáin infheistíochta a bhunú, go háirithe ardáin infheistíochta trasteorann agus macrairéigiúnacha a bhfuil roinnt Ballstát agus/nó réigiún páirteach iontu;”;

(iii)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(f)

an acmhainneacht a úsáid chun tionscadail ar mhionscála a mhealladh agus a mhaoiniú, lena n-áirítear trí ardáin infheistíochta;

(g)

comhairle a sholáthar maidir le foinsí eile cistithe ón Aontas, amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, Fís 2020 agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, a mheascadh le CEIS d’fhonn fadhbanna praiticiúla atá nasctha le húsáid na bhfoinsí comhcheangailte cistithe sin a réiteach;

(h)

tacaíocht réamhghníomhach a chur ar fáil chun na hoibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 8 a chur chun cinn agus a spreagadh.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú agus chun soláthar tacaíochta comhairlí a éascú ar an leibhéal áitiúil, féachfaidh MCEI le saineolas BEI, an Choimisiúin, banc nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn, agus údaráis bhainistíochta Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   Molfaidh BEI do thionscnóirí tionscadal a chuireann isteach ar mhaoiniú ó BEI, lena n-áirítear tionscadail ar mhionscála go háirithe, a dtionscadail a chur ar aghaidh chuig MCEI d’fhonn ullmhúchán a dtionscadal a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí, agus/nó chun lamháil do mheasúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht tionscadail a chuachadh trí ardáin infheistíochta. Déanfaidh sé freisin tionscnóirí tionscadal ar diúltaíodh maoiniú ó BEI dóibh, nó a bhfuil bearna mhaoinithe acu in ainneoin maoiniú BEI féideartha, a chur ar an eolas faoin deis a dtionscadail a liostú ar an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta.”;

(e)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Maidir le comhar idir, ar thaobh amháin MCEI agus, ar an taobh eile, banc nó institiúid náisiúnta cur chun cinn, institiúid idirnáisiúnta airgeadais nó institiúid nó údarás bainistíochta, lena n-áirítear iad siúd atá ag gníomhú mar chomhairleoir náisiúnta, ag a bhfuil saineolas is ábhartha chun críocha MCEI, féadfaidh sé a bheith i bhfoirm comhpháirtíochta conarthaí. Féachfaidh MCEI le comhaontú comhair amháin ar a laghad a chur i gcrích, in aghaidh gach Ballstáit, le banc nó institiúid náisiúnta cur chun cinn. Sna Ballstát nach ann do bhainc náisiúnta chur chun cinn ná d’institiúidí náisiúnta cur chun cinn, ba cheart do MCEI tacaíocht chomhairleach réamhghníomhach a sholáthar ar an mbanc nó ar an institiúid sin a bhunú, i gcás inarb iomchuí, agus arna iarraidh sin ag an mBallstát i dtrácht.”;

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6a.   Chun for-rochtain gheografach leathan ar sheirbhísí comhairleacha ar fud an Aontais a fhorbairt agus chun eolas áitiúil faoi CEIS a ghiaráil go rathúil, déanfar láithreacht áitiúil MCEI a áirithiú i gcás inar gá, agus scéimeanna tacaíochta atá ann cheana á chur i gcuntas, d’fhonn cúnamh atá inláimhsithe, réamhghníomhach agus saincheaptha a sholáthar ar an leibhéal áitiúil. Déanfar é a bhunú go háirithe i mBallstáit nó i réigiúin ina bhfuil deacrachtaí maidir le tionscadail a fhorbairt faoi CEIS. Tabharfaidh MCEI cúnamh le linn eolas a aistriú chun an leibhéil réigiúnaigh nó áitiúil d’fhonn acmhainn agus saineolas réigiúnach agus áitiúil a fhorbairt.”;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Cuirfear méid tagartha bliantúil EUR 20 000 000 ar fáil ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun rannchuidiú le costais oibríochtaí MCEI a chlúdach go dtí an 31 Nollaig 2020 le haghaidh na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2, sa mhéid nach gcumhdaítear na costais sin ag an méid atá fágtha ó tháillí dá dtagraítear i mír 4.”;

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1):

“1.   Cuirfidh BEI gach 6 mhí, i gcomhar le CEI, i gcás inarb iomchuí, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta BEI a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Beidh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(f)(iv). Beidh sa tuarascáil freisin sonraí staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta maidir le gach oibríocht maoinithe agus infheistíochta de chuid BEI agus ar bhonn comhiomlán. Uair amháin in aghaidh na bliana, beidh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le bacainní ar infheistíocht a bhainfidh do BEI agus oibríochtaí infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo á gcur i gcrích.”;

(12)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, tuairisceoidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta don institiúid iarrthach maidir le feidhmíocht CEIS, lena n-áirítear, sa chás go n-iarrann Parlaimint na hEorpa a leithéid, trí pháirt a ghlacadh in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa. Ina theannta sin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, tuairisceoidh an Stiúrthóir Bainistíochta chun na hinstitiúide iarrthaí maidir le hobair an Choiste Infheistíochta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Freagróidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha agus an Stiúrthóir Bainistíochta ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a dhíreoidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle chuig CEIS, agus ar aon chor laistigh de 5 seachtaine ón dáta a bhfaightear ceist. Ina theannta sin, freagróidh an Stiúrthóir Bainistíochta ó bhéal nó i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle ceisteanna maidir le hobair an Choiste Infheistíochta.”;

(13)

Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Sula gcuirfear síos aon togra nua i gcreat an chreata airgeadais ilbhliantúil dar tús 2021 agus faoi dheireadh na tréimhse infheistíochta, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar fheidhmiú CEIS, ar úsáid ráthaíocht AE agus ar fheidhmiú MCEI;

(b)

measúnú ar an úsáidtear, le CEIS, acmhainní de chuid bhuiséad ginearálta an Aontais ar bhealach maith, an slógtar leibhéal leordhóthanach de chaipiteal príobháideach, agus an ndéantar infheistíocht phríobháideach a charnadh isteach;

(c)

measúnú ar an cabhair í scéim a choinneáil chun tacú le hinfheistíocht ó thaobh na maicreacnamaíochta de;

(d)

faoi dheireadh na tréimhse infheistíochta, measúnú ar fheidhmiú an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a)(v).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Agus aird chuí á tabhairt aige ar an gcéad tuarascáil ina bhfuil meastóireacht neamhspleách dá dtagraítear i mír 6, cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach chun tosaigh mar aon le maoiniú iomchuí faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil dar tús 2021.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Beidh sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo measúnú maidir le húsáid an scórchláir dá dtagraítear in Airteagal 7(14) agus in Iarscríbhinn II, go háirithe maidir le breithniú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá gach colún agus a róil faoi seach sa mheasúnú. Más iomchuí agus má tá bonn cirt lena torthaí, beidh ag gabháil leis an tuarascáil togra maidir le hathbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe, dá dtagraítear in Airteagal 7(14).”;

(14)

In Airteagal 19, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“Cuirfidh BEI agus CEI na tairbhithe deiridh, FBManna san áireamh, ar an eolas go bhfuil tacaíocht le fáil ó CEIS, nó cuirfidh sé iallach ar idirghabhálaithe airgeadais iad a chur ar an eolas faoi sin tríd an bhfaisnéis sin a thaispeáint ar dhóigh infheicthe, go háirithe i gcás FBManna, sa chomhaontú ábhartha lena gcuirtear tacaíocht CEIS ar fáil, rud a dhéanfaidh feasacht an phobail a mhéadú agus infheictheacht a fheabhsú.”;

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

“2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo agus ar iarraidh ón gCúirt Iniúchóirí agus i gcomhréir le hAirteagal 287(3) CFAE, deonófar rochtain di ar aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh.”;

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1):

“1.   Ina n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear faoin Rialachán seo, déanfaidh BEI agus CEI reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní thacóidh siad le tionscadail faoin Rialachán seo a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach.

Thairis sin, ní dhéanfaidh BEI agus CEI oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag AE nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta.

Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh BEI agus CEI na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh siad ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú.

Déanfaidh BEI agus CEI athbhreithniú ar a mbeartas maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha ar a dhéanaí tar éis ghlacadh liosta an Aontais de dhlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach.

Gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh BEI agus CEI tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme a mbeartas i ndáil le dlínsí neamh-chomhoibríocha i dtaca le hoibríochtaí maoinithe agus infheistíochta CEIS lena n-áirítear faisnéis de réir gach tíre agus liosta d’idirghabhálaithe lena bhfuil BEI agus CEI ag comhoibriú.

(*3)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;"

(17)

In Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara habairt den chéad fhomhír:

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(13) agus (14) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta.”;

(18)

Déantar Iarscríbhinn II a leasú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“1.   Tá an t-imchlúdach airgeadais chun SCE a chur chun feidhme don tréimhse 2014 go 2020 socraithe ag EUR 30 192 259 000 i bpraghsanna reatha. Leithdháilfear an méid sin mar a leanas:

(a)

an earnáil iompair: EUR 24 050 582 000, as a n-aistreofar EUR 11 305 500 000 ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo go heisiach i mBallstáit a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe;

(b)

an earnáil teileachumarsáide: EUR 1 066 602 000;

(c)

an earnáil fuinnimh: EUR 5 075 075 000.

Tá na méideanna sin gan dochar don sásra solúbthachta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (*4).

(*4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).”;"

(2)

In Airteagal 14, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“5.   De mhaolú ar an dara agus ar an tríú fomhír d’Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is éard a bheidh in ioncam agus in aisíocaíochtaí ó na hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo agus ó na hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a rinneadh a mheascadh le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, is éard a bheidh san ioncam agus sna haisíocaíochtaí sin ioncam inmheánach sannta de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/2017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5)

6.   De mhaolú ar an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 140(6), de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is éard a bheidh in ioncam agus in aisíocaíochtaí ó Chiste Eorpach 2020 d’Fhuinneamh, d’Athrú Aeráide & do Bhonneagar (“Ciste Marguerite”), arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 680/2007, ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/2017.

(*5)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169 1.7.2015, lch. 1).”."

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 57.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 62.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2017 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2017.

(4)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169 1.7.2015, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1558 an 22 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí bhunú scórchláir tháscairí chun ráthaíocht AE a chur i bhfeidhm (IO L 244, 19.9.2015, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1017 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Roinn 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“Beidh tacaíocht CEIS do mhótarbhealaí teoranta d’infheistíocht phríobháideach agus/nó d’infheistíocht phoiblí maidir leis an méid seo a leanas:

iompar i dtíortha an chomhtháthaithe, i réigiúin bheagfhorbartha nó i dtionscadail iompair trasteorann;

uasghrádú, sábháilteacht ar bhóithre a chothabháil nó a fheabhsú, gléasanna córais chliste iompair (ITS) a fhorbairt nó sláine agus caighdeáin na mótarbhealaí atá ann cheana ar an ngréasán iompair tras-Eorpach a ráthú, go háirithe limistéir shábháilte pháirceála, stáisiúin bhreoslaí glana malartacha agus córais luchtaithe leictreacha;

cur leis an líonra iompair tras-Eorpach a chur i gcrích faoi 2030.

Beidh tacaíocht CEIS inúsáidte go sainráite chun bonneagar iompair atá ann cheana a chothabháil agus a uasghrádú.”;

(b)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Sa chomhthéacs sin, táthar ag súil go gcuirfidh BEI maoiniú ar fáil faoi CEIS d’fhonn teacht ar sprioc fhoriomlán EUR 500 000 000 000 ar a laghad d’infheistíocht phoiblí nó phríobháideach, lena n-áirítear maoiniú a shlógtar trí CEI faoi oibríochtaí CEIS a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(b), trí bhainc náisiúnta chur chun cinn nó institiúidí náisiúnta cur chun cinn agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú d’eintitis a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu.”;

(2)

I Roinn 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(d)

go ginearálta, dhéanfaí oibríochtaí a aicmiú mar ghníomhaíochtaí speisialta má tá ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas iontu:

fo-ordú i ndáil le hiasachtóirí eile, lena n-áirítear bainc náisiúnta chur chun cinn agus iasachtóirí príobháideacha;

rannpháirtíocht in ionstraimí comhroinnte riosca i gcás ina bhfuil neamhchosaint ar leibhéil arda riosca ag BEI faoin suíomh a thógtar;

neamhchosaint ar rioscaí sonracha, amhail rioscaí tírshonracha, earnáilsonracha nó réigiúnsonracha, go háirithe na rioscaí a bhíonn ann i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, agus/nó rioscaí a bhaineann le nuálaíocht, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí neamhchruthaithe atá in ainm is fás, inbhuanaitheacht agus táirgíocht a fheabhsú;

tréithe de chineál cothromais, amhail íocaíochtaí atá nasctha le feidhmíocht; nó

gnéithe inaitheanta eile a bhfuil mar thoradh orthu neamhchosaint níos airde ar riosca de réir threoirlínte BEI amhail riosca contrapháirtí, slándáil theoranta agus gan dul in iontaoibh ach amháin ar shócmhainní tionscadal le haisíoc.”;

(3)

I Roinn 5, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Cuirfear an scórchlár ar fáil go poiblí a luaithe a shínítear oibríocht faoi ráthaíocht AE, ach nach n-áireofar ann faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála.”;

(4)

Leasaítear Roinn 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

sa chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara habairt:

“I gcás oibríochtaí de chineál fiachais, déanfaidh BEI nó CEI a mheasúnú i ndáil le riosca caighdeánach, lena mbaineann an dóchúlacht mainneachtana agus an ráta gnóthaithe a ríomh. Bunaithe ar na paraiméadair seo, cainníochtóidh BEI nó CEI an riosca do gach oibríocht.”;

(ii)

sa dara fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Gheobhaidh gach oibríocht de chineál fiachais aicmiú riosca (Grádú Iasacht an Idirbhirt) de réir chóras BEI nó chóras CEI de ghrádú iasachtaí.”;

(iii)

sa tríú fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Beidh tionscadail inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil agus déanfar maoiniú BEI a struchtúrú i gcomhréir le prionsabail fhónta bhaincéireachta agus comhlíonfaidh siad na prionsabail ardleibhéil bhainistithe riosca a shocraítear ag BEI nó ag CEI ina threoirlínte inmheánacha.”;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fleasc:

“Déanfar táirgí de chineál fiachais a phraghsáil i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a)(iv).”;

(b)

leasaítear pointe (c) mar a leanas:

(i)

sa chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Beidh an cinneadh i dtaobh cé acu a sheasann oibríocht rioscaí de chineál cothromais nó nach seasann, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil agus cén ainmníocht í, bunaithe ar mheasúnú caighdeánach BEI nó CEI.”;

(ii)

sa dara fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Is i gcomhréir le rialacha agus le nósanna imeachta inmheánacha BEI nó CEI a dhéanfar oibríochtaí de chineál cothromais BEI.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“Déanfar infheistíochtaí de chineál cothromais a phraghsáil i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a)(iv).”;

(5)

I Roinn 7, pointe (c), scriostar an focal “tosaigh”;

(6)

Leasaítear Roinn 8 mar a leanas:

(a)

sa dara habairt den chéad fhomhír, scriostar an focal “tosaigh”;

(b)

sa chéad abairt den chéad fhomhír de phointe (a), scriostar an focal “tosaigh”;

(c)

sa chéad abairt de phointe (b), scriostar an focal “tosaigh”.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an méadú de EUR 225 milliún i gclár Shaoráid um Chónascadh na hEorpa

Mar thoradh ar an gcomhaontú polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le maoiniú CEIS 2.0, déanfar EUR 275 milliún a ath-imlonnú ó ionstraimí airgeadais SCE, ar laghdú de EUR 225 milliún é sin i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún.

Dearbhaíonn an Coimisiún go ndéanfar an cláreagrú airgeadais a leasú chun freagairt don mhéadú comhfhreagrach de EUR 225 milliún i gclár SCE.

I gcreat na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla do na blianta 2019-2020, cuirfidh an Coimisiún na tograí iomchuí ar aghaidh chun leithdháileadh optamach an mhéid sin laistigh de chlár SCE a áirithiú.


TREORACHA

27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

53


TREOIR (AE) 2017/2397 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba iad Treoir 91/672/CEE ón gComhairle (3) agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (4) na chéad chéimeanna a glacadh chun cáilíochtaí gairmiúla bhaill den chriú sa loingseoireacht intíre a chomhchuibhiú agus a aithint.

(2)

Maidir le baill den chriú i mbun loingseoireachta ar an Réin agus atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 91/672/CEE agus Threoir 96/50/CE agus is é an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (CCNR) a leagann síos na ceanglais ina leith siúd, de bhun na Rialachán maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin.

(3)

Tá feidhm ag Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le gairmeacha in earnáil na loingseoireachta intíre cé is moite de mháistrí báid. Maidir le haitheantas frithpháirteach do dhioplómaí agus do theastais faoi Threoir 2005/36/CE, níl sé oiriúnaithe go hiomlán, áfach, ar ghníomhaíochtaí gairmeacha in earnáil na loingseoireachta intíre, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar ar bhonn trasteorann go rialta agus go minic, agus go háirithe ar uiscebhealaí intíre atá nasctha le huiscebhealaí intíre Ballstáit eile.

(4)

I staidéar meastóireachta a rinne an Coimisiún in 2014, léiríodh go gcuirtear isteach ar shoghluaisteacht an chriú sa loingseoireacht intíre i ngeall ar an teorannú ar raon feidhme Threoir 91/672/CEE agus Threoir 96/50/CE, nach gcumhdaítear iontu ach máistrí báid, agus i ngeall ar an easpa aitheantais uathoibríoch ar theastais na máistrí báid arna n-eisiúint i gcomhréir leis na Treoracha sin maidir leis an Réin.

(5)

Chun an tsoghluaisteacht a éascú, chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú agus chun beatha an duine a chosaint agus chun an comhshaol a chosaint, tá sé ríthábhachtach do bhaill den chriú deice, agus go háirithe do dhaoine atá i bhfeighil cásanna éigeandála ar bord soithí paisinéirí agus do dhaoine a bhíonn ag plé le buncaeireacht soithí a bhreoslaítear le gás nádúrtha leachtaithe go mbeadh teastais acu mar chruthúnas ar a gcáilíochtaí. Ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach, ba cheart dóibh na teastais sin a bheith ina seilbh acu agus iad i mbun a ngairm. Tá feidhm ag na breithnithe sin freisin maidir le daoine óga a bhfuil sé tábhachtach a sábháilteacht siúd agus a sláinte siúd ag an obair a chosaint i gcomhréir le Treoir 94/33/CE ón gComhairle (6).

(6)

Maidir le loingseoireacht ar mhaithe le spórt nó le pléisiúr, maidir le hoibriú bád farantóireachta nach ngluaiseann go neamhspleách agus maidir le loingseoireacht ag fórsaí armtha nó ag seirbhísí éigeandála, ní éilítear cáilíochtaí atá comhchosúil leis na cáilíochtaí sin atá riachtanach don loingseoireacht ghairmiúil chun earraí agus daoine a iompar. Níor cheart, dá bhrí sin, daoine atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin a chumhdach faoin Treoir seo.

(7)

Máistrí báid a bhíonn ag seoltóireacht faoi chúinsí lena mbaineann guais ar leith don tsábháilteacht, ba cheart dóibh údaraithe sonracha bheith acu, go háirithe chun conbhuanna móra a sheoladh, chun soithí a bhreoslaítear le gás nádúrtha leachtaithe a sheoladh, chun dul ag seoltóireacht nuair a bhíonn laghdú ar léargas, chun dul ag seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí nó ar uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha maidir le loingseoireacht. Chun na húdaraithe sin a fháil, ba cheart a cheangal ar mháistrí báid inniúlachtaí breise sonracha a léiriú.

(8)

Chun an tsábháilteacht a áirithiú i gcás na loingseoireachta, ba cheart do na Ballstáit uiscebhealaí intíre de chineál muirí a shainaithint i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe. Ba cheart na ceanglais inniúlachta chun dul i mbun loingseoireachta ar na huiscebhealaí sin a shainiú ar leibhéal an Aontais. Nuair is gá sin chun an tsábháilteacht a áirithiú i gcás na loingseoireachta agus i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach Aibhneacha, gan soghluaisteacht na máistrí báid a theorannú gan ghá, ba cheart freisin do na Ballstáit a bheith in ann uiscebhealaí lena mbaineann rioscaí sonracha ó thaobh loingseoireachta de a shainaithint i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe agus le nósanna imeachta comhchuibhithe de bhun na Treorach seo. Ba cheart, sna cásanna sin, na ceanglais ghaolmhara inniúlachta a shocrú ag leibhéal náisiúnta.

(9)

D’fhonn cur le soghluaisteacht na ndaoine atá bainteach le hoibriú árthaí ar fud an Aontais, agus de bhrí gur cheart do na teastais cháilíochta uile, na leabhair thaifid seirbhíse uile agus na logleabhair uile a eisítear i gcomhréir leis an Treoir seo a bheith i gcomhréir le caighdeáin íosta a cheanglaítear, i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe, ba cheart do na Ballstáit na cáilíochtaí gairmiúla a dheimhnítear i gcomhréir leis an Treoir seo a aithint. Dá bhrí sin, ba cheart do shealbhóirí na gcáilíochtaí sin bheith in ann dul i mbun a ngairm ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.

(10)

I bhfianaise an easpa gníomhaíochtaí trasteorann ar uiscebhealaí intíre náisiúnta áirithe agus d’fhonn costais a laghdú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit gan teastais cháilíochta de chuid an Aontais a dhéanamh éigeantach ar uiscebhealaí intíre náisiúnta nach bhfuil nasctha le huiscebhealach intíre inseolta i mBallstát eile. Mar sin féin, ba cheart, le teastais de chuid an Aontais, go gceadófaí rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta ar na huiscebhealaí neamhnasctha sin.

(11)

Tá feidhm i gcónaí ag Treoir 2005/36/CE maidir le baill den chriú deice a dhíolmhaítear ón oibleagáid teastas cáilíochta de chuid an Aontais a eisíodh i gcomhréir leis an Treoir seo a bheith acu, agus, mar aon leis sin, tá sí infheidhme freisin maidir le cáilíochtaí le haghaidh uiscebhealaí intíre nach gcumhdaítear faoin Treoir seo.

(12)

I gcás ina ndeonaíonn na Ballstáit díolúintí ón oibleagáid maidir le teastas cáilíochta de chuid an Aontais a bheith agat, ba cheart dóibh teastais cháilíochta de chuid an Aontais a aithint i gcás daoine atá i mbun feidhme ar a n-uiscebhealaí intíre náisiúnta, ar uiscebhealaí iad nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile ina gcuirtear an díolúine i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit sin a áirithiú freisin, i gcás na n-uiscebhealaí intíre sin, go ndéantar bailíochtú i leabhair thaifid seirbhíse na ndaoine a bhfuil teastas cáilíochta de chuid an Aontais acu ar na sonraí maidir le hamanna seoltóireachta agus turais a dhéantar, má iarann an ball criú amhlaidh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit sin bearta iomchuí agus pionóis iomchuí a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc i dtaca le teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus i dtaca le leabhair thaifid seirbhíse ar na huiscebhealaí intíre neamhnasctha sin.

(13)

Ballstáit a bhfuil díolúintí á gcur i bhfeidhm acu ón oibleagáid maidir le teastas cáilíochta de chuid an Aontais a bheith agat, ba cheart dóibh a bheith in ann teastais cháilíochta de chuid an Aontais a chur ar fionraí i gcás daoine atá i mbun feidhme ar a n-uiscebhealaí intíre náisiúnta, ar uiscebhealaí iad nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile ina gcuirtear an díolúine i bhfeidhm.

(14)

Ballstát nach bhfuil aon cheann dá uiscebhealaí intíre nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile agus a chinneann gan teastais cháilíochta de chuid an Aontais a eisiúint, i gcomhréir leis an Treoir seo, bheadh sé faoi oibleagáid dhíréireach agus neamhriachtanach dá gcaithfeadh sé forálacha uile na Treorach seo a thrasuí agus a chur chun feidhme. Ba cheart an Ballstát sin a dhíolmhú, dá bhrí sin, ón oibleagáid na forálacha a bhaineann le deimhniú cáilíochtaí a thrasuí agus a chur chun feidhme, chomh fada is a chinneann sé gan teastais cháilíochta de chuid an Aontais a eisiúint. Mar sin féin, ba cheart a cheangal ar an mBallstát sin teastais cháilíochta de chuid an Aontais a aithint ar a chríoch chun soghluaisteacht oibrithe laistigh den Aontas a chur chun cinn, chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair a laghdú agus chun cur le tarraingteacht na gairme.

(15)

I mBallstáit éagsúla, is gníomhaíocht annamh é an loingseoireacht intíre, agus fónann sí do leasanna áitiúla nó séasúracha in uiscebhealaí nach bhfuil nasc acu le Ballstáit eile. Cé gur cheart prionsabal aitheantas na dteastas gairmiúil a urramú faoin Treoir seo sna Ballstáit sin freisin, ba cheart an t-ualach riaracháin a bheith comhréireach. Le huirlisí cur chun feidhme, amhail bunachair sonraí agus cláir, chruthófaí ualach suntasach riaracháin cé nach mbeadh na huirlisí sin ina bhfíorbhuntáiste ós rud é gur féidir an sreabhadh faisnéise idir na Ballstáit a bhaint amach trí bhealaí eile comhair. Tá údar maith ann, dá bhrí sin, leis na Ballstáit lena mbaineann a cheadú na forálacha íosta is gá le haghaidh teastais a eiseofar i gcomhréir leis an Treoir seo, agus na forálacha sin amháin, a thrasuí.

(16)

I mBallstáit áirithe, tá an loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre dodhéanta go teicniúil. Dá bhrí sin, bheadh sé ina ualach riaracháin díréireach dá gceanglófaí ar na Ballstáit sin an Treoir seo a thrasuí.

(17)

Tá sé tábhachtach go bhféadfar cláir a chur ar fáil in earnáil na n-uiscebhealaí intíre a bheidh dírithe ar na daoine sin atá os cionn 50 bliain d’aois a choinneáil agus ar scileanna agus infhostaitheacht daoine óga a fheabhsú.

(18)

Ba cheart don Choimisiún cothroime iomaíochta a áirithiú do bhaill den chriú uile atá i mbun trádála ar bhonn eisiach rialta san Aontas, agus ba cheart dó deireadh a chur le haon titim mhór a thiocfadh ar thuarastail, agus ba cheart dó dul i gcomhrac le hidirdhealú ar fhorais a bhaineann le náisiúntacht, áit chónaithe nó bratach an chláraithe.

(19)

I bhfianaise an chomhair atá i bhfeidhm idir an tAontas agus an CCNR ó 2003 i leith, lenar bunaíodh an Coiste Eorpach chun Caighdeáin a dhréachtú i réimse na Loingseoireachta Intíre (CESNI), faoi choimirce CCNR, agus chun sruthlíniú a dhéanamh ar na creataí dlíthiúla lena rialaítear cáilíochtaí gairmiúla san Eoraip, ba cheart do leabhair thaifid seirbhíse agus do logleabhair, a eisítear i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, lena leagtar síos ceanglais atá comhionann leo siúd atá sa Treoir seo, a bheith bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais. Teastais cháilíochta, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair den sórt sin a eisíonn tríú tíortha, ba cheart iad a aithint san Aontas, coinníollach ar an gcómhalartacht.

(20)

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na fostóirí dlíthe sóisialta agus saothair an Bhallstáit ina gcuirtear an ghníomhaíocht i gcrích a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn na baill den chriú deice, a bhfuil teastais cháilíochta, leabhair thaifid agus logleabhair acu a d’eisigh tríú tíortha agus ar thug na húdaráis fhreagracha san Aontas aitheantais dóibh, á bhfostú acu san Aontas.

(21)

Chun na bacainní ar shoghluaisteacht an lucht saothair a laghdú tuilleadh agus chun na creataí dlíthiúla lena rialaítear cáilíochtaí gairmiúla san Eoraip a shruthlíniú tuilleadh, féadfar teastas cáilíochta ar bith, leabhar taifid seirbhíse ar bith nó logleabhar ar bith arna eisiúint ag tríú tír ar bhonn ceanglais atá comhionann leis na ceanglais sin a leagtar síos sa Treoir seo, féadfar iadsan a aithint freisin ar uiscebhealaí uile an Aontais, faoi réir measúnú ag an gCoimisiún agus faoi réir aitheantas bheith á thabhairt ag an tríú tír sin do dhoiciméid a eisítear i gcomhréir leis an Treoir seo.

(22)

Níor cheart do na Ballstáit teastais cháilíochta a eisiúint ach amháin do dhaoine a bhfuil na híosleibhéil inniúlachta acu, a bhfuil an aois íosta slánaithe acu, a bhfuil an dea-shláinte agus an t-am loingseoireachta a éilítear acu chun cáilíocht shonrach a bhaint amach.

(23)

Tá sé tábhachtach go spreagfadh an Coimisiún agus na Ballstáit daoine óga féachaint le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a fháil agus go mbunódh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta sonracha chun tacú le gníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta i ndáil leis sin.

(24)

Chun aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí a choimirciú, ba cheart do theastais cháilíochta bheith bunaithe ar na hinniúlachtaí is gá chun árthaí a oibriú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na híosleibhéil chomhfhreagracha inniúlachta ag daoine a fhaigheann teastais cháilíochta, agus go ndéantar sin a fhíorú le measúnú iomchuí. D’fhéadfadh na measúnuithe sin bheith i bhfoirm scrúdú riaracháin, nó bheith mar chuid de chláir oiliúna formheasta a chuirtear i gcrích i gcomhréir le caighdeáin choiteanna ionas go n-áiritheofar íosleibhéal inchomparáide inniúlachta sna Ballstáit go léir le haghaidh cáilíochtaí éagsúla.

(25)

Maidir le trácht ar uiscebhealaí intíre ba cheart do mháistrí báid bheith in ann eolas faoi na rialacha, amhail an Cód Eorpach le haghaidh Loingseoireacht ar Uiscebhealaí Intíre (CEVNI) nó rialacháin eile tráchta atá ábhartha, agus faoi na rialacha is infheidhme maidir le foirniú árthaí, a chur i bhfeidhm agus iad i mbun loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre an Aontais, lena n-áirítear rialacha faoi am scíthe, mar a leagtar síos iad i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta nó i rialacháin shonracha a chomhaontaítear ar an leibhéal réigiúnach, amhail na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin.

(26)

I ngeall ar an bhfreagracht atá i gceist ó thaobh sábháilteachta de agus gairm an mháistir báid á cur i bhfeidhm, nó agus duine ag seoltóireacht le cabhair radair agus ag buncaeireacht árthaigh a bhreoslaítear le gás nádúrtha leachtaithe nó agus duine ag seoltóireacht ar árthaí a bhreoslaítear le gás nádúrtha leachtaithe, ceanglaítear fíorú a dhéanamh trí scrúduithe praiticiúla ar baineadh amach go héifeachtach an leibhéal inniúlachta atá riachtanach nó nár baineadh. D’fhéadfaí na scrúduithe praiticiúla sin a dhéanamh trí leas a bhaint as ionsamhlóirí formheasta, d’fhonn an mheastóireacht ar inniúlacht a éascú tuilleadh.

(27)

Scileanna chun raidió ar bord a oibriú, tá siad ríthábhachtach chun sábháilteacht na loingseoireachta intíre a áirithiú. Tá sé tábhachtach go spreagfadh na Ballstáit aon bhall den chriú deice a mbeadh gá leis an t-árthach a loingsiú oiliúint a bheith aige maidir leis an raidió sin a oibriú agus teastas a bheith aige ina leith sin. Ba cheart an oiliúint agus an teastas sin a bheith éigeantach do mháistrí báid agus d’fhir stiúrach.

(28)

Ní mór cláir oiliúna a fhormheas lena fhíorú go gcomhlíonann na cláir íoscheanglais choiteanna i dtaca le hábhar agus le heagrúchán. Leis an gcomhlíonadh sin, féadfar bacainní neamhriachtanacha ar dhul i mbun na gairme a bhaint, trí chosc a chur ar scrúduithe breise neamhriachtanacha a éileamh orthu siúd a ghnóthaigh na scileanna riachtanacha cheana féin le linn a ngairmoiliúna. Le cláir formheasta oiliúna, d’fhéadfadh sé go n-éascófaí freisin d’oibrithe a bhfuil taithí acu ó earnálacha eile dul i mbun ghairm na loingseoireachta intíre toisc go bhféadfaidís tairbhe a bhaint as cláir thiomnaithe oiliúna a chuireann san áireamh na hinniúlachtaí atá gnóthaithe acu cheana féin.

(29)

Chun an tsoghluaisteacht a éascú tuilleadh do mháistrí báid, ba cheart é a bheith ceadaithe do na Ballstáit, faoi réir thoiliú an Bhallstáit ina bhfuil stráice uiscebhealaigh intíre ina bhfuil rioscaí sonracha, measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí is gá chun loingseoireacht a dhéanamh ar an stráice sonrach sin den uiscebhealach intíre.

(30)

Ba cheart am loingseoireachta a fhíorú trí bhíthin iontrálacha bailíochtaithe i leabhair thaifid seirbhíse. Ba cheart do na Ballstáit leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair a eisiúint, ionas go bhféadfaí an fíorú sin a dhéanamh, agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbíonn taifead sna logleabhair sin de na turais a dhéanann árthaí. Is é liachleachtóir formheasta ba cheart dea-shláinte iarrthóra a dheimhniú.

(31)

I gcás ina n-éileofar, le gníomhaíochtaí chun luchtú agus díluchtú a dhéanamh, oibríochtaí loingseoireachta gníomhacha, amhail dreidireacht nó ainlithe idir pointí luchtaithe nó díluchtaithe, ba cheart do na Ballstáit an t-am a úsáidtear le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a mheas mar am loingseoireachta agus é a thaifeadadh dá réir sin.

(32)

I gcás ina mbíonn próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (7) agus Rialachán (AE) 2016/679 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(33)

Chun cuidiú le riarachán éifeachtúil ar theastais cháilíochta, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú atá leis an Treoir seo a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh cláir a leagan síos chun sonraí a thaifeadadh faoi na teastais cháilíochta, faoi leabhair thaifid seirbhíse agus faoi logleabhair. Chun malartú faisnéise idir na Ballstáit agus malartú faisnéise leis an gCoimisiún a éascú, ar mhaithe leis an Treoir seo a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus a mheas, agus chun críocha staidrimh, chun an tsábháilteacht a chothabháil agus chun an loingseoireacht a éascú, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin, lena n-áirítear faisnéis faoi na teastais cháilíochta, faoi na leabhair thaifid seirbhíse agus faoi na logleabhair a thuairisciú trína áireamh i mbunachar sonraí arna choinneáil ag an gCoimisiún. Agus an bunachar sonraí sin á choimeád, ba cheart don Choimisiún na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a urramú.

(34)

Údaráis, lena n-áirítear údaráis i dtríú tíortha, a bhfuil teastais cháilíochta, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair á n-eisiúint acu i gcomhréir le rialacha atá comhionann leis na rialacha atá sa Treoir seo, tá sonraí pearsanta á bpróiseáil acu. Na húdaráis atá bainteach le cur chun feidhme agus le forfheidhmiú na Treorach seo, agus, i gcás inar gá, na heagraíochtaí idirnáisiúnta a leag síos na rialacha comhionanna sin, ba cheart dóibh rochtain a bheith acu freisin ar an mbunachar sonraí arna choinneáil ag an gCoimisiún chun críche an Treoir seo a mheas, chun críocha staidrimh, chun an tsábháilteacht a chothabháil, chun éascaíocht na loingseoireachta a áirithiú agus chun malartú faisnéise idir na húdaráis sin a éascú. Ba cheart, áfach, don rochtain sin a bheith faoi réir leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí, i gcás sonraí pearsanta go sonrach, agus, i gcás tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ba cheart di a bheith faoi réir phrionsabal na cómhalartachta freisin.

(35)

Chun earnáil na n-uiscebhealaí intíre a nuachóiriú tuilleadh agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus, ag an am céanna, chun gur deacra a bheadh sé crioscaíl a dhéanamh leis na doiciméid, ba cheart don Choimisiún, agus prionsabal na rialála níos fearr á chur san áireamh aige, féachaint an bhféadfaí uirlisí leictreonacha, amhail cártaí gairmiúla leictreonacha agus aonaid leictreonacha soithí, a chur in ionad an leagain páipéir de theastais cháilíochta de chuid an Aontais, de leabhair thaifid seirbhíse agus de logleabhair.

(36)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cur i gcoinne, i gcás inarb iomchuí, glactha ceanglas le haghaidh inniúlachta a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát iad a ghlacadh, ceanglais a bhaineann le rioscaí sonracha ar stráicí áirithe d’uiscebhealaí intíre. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(37)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le múnlaí a ghlacadh chun teastais cháilíochta de chuid an Aontais, teastais don scrúdú praiticiúil, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair a eisiúint agus maidir le cinntí maidir le haitheantas a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(38)

Chun íoschaighdeáin chomhchuibhithe a chur ar fáil le haghaidh teastais cháilíochta, chun malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú agus chun é a éascú don Choimisiún an Treoir seo a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh uirthi agus í a mheas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le caighdeáin inniúlachta a shocrú, caighdeáin le haghaidh dea-shláinte, caighdeáin le haghaidh scrúduithe praiticiúla, caighdeáin le haghaidh ionsamhlóirí a fhormheas agus caighdeáin le haghaidh saintréithe agus coinníollacha úsáide a shainiú i gcás bunachair shonraí, atá le coinneáil ag an gCoimisiún, atá le cóip a choimeád de na príomhshonraí a bhaineann le teastais cháilíochta de chuid an Aontais, leabhair thaifid seirbhíse, logleabhair agus doiciméid aitheanta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(39)

Le bearta idirthréimhseacha, ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dteastas sin a eisítear do mháistrí báid i gcomhréir le Treoir 96/50/CE, le Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin nó le reachtaíocht áirithe náisiúnta, agus an fhadhb freisin maidir le teastais a eisítear do chatagóirí eile den chriú deice a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. A mhéid is féidir, ba cheart do na bearta sin na teidlíochtaí a deonaíodh roimhe sin a choimirciú agus ba cheart dóibh féachaint le tréimhse réasúnta ama a thabhairt do bhaill oilte den chriú cur isteach ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais. Ba cheart do na bearta sin, dá bhrí sin, foráil do thréimhse leordhóthanach ama ina bhféadfaí na teastais sin a úsáid ar uiscebhealaí intíre an Aontais a raibh siad bailí dó roimh dheireadh na tréimhse trasuímh. Ba cheart freisin do na bearta sin córas trasdula chuig na rialacha nua a áirithiú le haghaidh na dteastas sin go léir, go háirithe a mhéid a bhaineann le turais leasa áitiúla.

(40)

Déantar comhchuibhiú na reachtaíochta i réimse na gcáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre san Eoraip a éascú le dlúthchomhar idir an tAontas agus CCNR agus trí chaighdeáin CESNI a fhorbairt. Dréachtaíonn CESNI, atá oscailte do shaineolaithe ó na Ballstáit go léir, caighdeáin i réimse na loingseoireachta intíre, lena n-áirítear caighdeáin le haghaidh cáilíochtaí gairmiúla. Ba cheart do Choimisiúin Eorpacha Aibhneacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, comhpháirtithe sóisialta agus comhlachais ghairmiúla a bheith iomlán páirteach agus caighdeáin CESNI a gceapadh agus á dtarraingt suas. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart don Choimisiún tagairt do chaighdeáin CESNI agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe á nglacadh aige i gcomhréir leis an Treoir seo.

(41)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú maidir le cáilíochtaí gairmiúla íosta don loingseoireacht intíre a aithint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(42)

D’fhonn cothromaíocht inscne a fheabhsú in earnáil na n-uiscebhealaí intíre, tá sé tábhachtach go ndéanfar an rochtain atá ag na mná ar cháilíochtaí agus ar an ngairm a chur chun cinn.

(43)

De réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, caithfidh an fhaisnéis a bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a sholáthar don Choimisiún i gcomhthéacs treoir a thrasuí, caithfidh sí bheith soiléir agus beacht. Is amhlaidh atá an scéal freisin i gcás na Treorach seo lena bhforáiltear do chur chuige spriocdhírithe sonrach le haghaidh trasuí.

(44)

Ba cheart, dá réir sin, Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cáilíochtaí na ndaoine atá bainteach le hoibriú árthaigh i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais a dheimhniú, agus maidir leis na cáilíochtaí sin a aithint sna Ballstáit.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le baill den chriú deice, saineolaithe ar ghás nádúrtha leachtaithe agus saineolaithe ar loingsiú paisinéirí i gcás na gcineálacha árthaí seo a leanas ar uiscebhealach intíre ar bith de chuid an Aontais:

(a)

soithí atá 20 méadar nó níos mó ar fad;

(b)

soithí arb é toradh a bhfad, a leithead agus a ndoimhneacht toirt 100 méadar ciúbach nó níos mó;

(c)

tugaí agus brúshoithí a beartaíodh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

soithí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a tharraingt nó a shá;

(ii)

fearas snámhach a tharraingt nó a shá;

(iii)

soithí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bhogadh nó fearas snámhach a thabhairt le bord;

(d)

soithí paisinéirí;

(e)

soithí a bhfuil sé de cheangal orthu teastas formheasa a bheith acu de bhun Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(f)

fearas snámhach.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na daoine seo a leanas:

(a)

daoine atá ag loingseoireacht ar mhaithe le spórt nó le pléisiúr;

(b)

daoine atá bainteach le hoibriú bád farantóireachta nach ngluaiseann go neamhspleách;

(c)

daoine a bhaineann leas as árthaí a bhíonn á n-úsáid ag fórsaí armtha, ag fórsaí a choinníonn smacht ar an ord poiblí, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag riaracháin uiscebhealaí, ag seirbhísí dóiteáin agus ag seirbhísí éigeandála eile.

3.   Gan dochar d’Airteagal 39(3), ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach oiread do dhaoine atá i mbun loingseoireacht i mBallstáit nach bhfuil aon uiscebhealach intíre iontu atá nasctha leis an líonra inseolta i mBallstát eile agus atá, ar bhonn eisiach:

(a)

i mbun loingseoireachta ar thurais theoranta leasa áitiúla, nach faide riamh ná 10 gciliméadar ón bpointe imeachta; nó

(b)

i mbun loingseoireachta ar bhonn séasúrach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “uiscebhealach intíre” uiscebhealach, seachas an fharraige, atá oscailte chun loingseoireachta d’árthaí dá dtagraítear in Airteagal 2;

(2)

ciallaíonn “árthach” soitheach nó mír d’fhearas snámhach;

(3)

ciallaíonn “soitheach” soitheach uiscebhealaigh intíre nó long farraige;

(4)

ciallaíonn “tuga” soitheach arna thógáil go speisialta chun oibríochtaí tarraingthe a dhéanamh;

(5)

ciallaíonn “brúshoitheach” soitheach arna thógáil go speisialta chun conbhua a bhrúitear a chur ag gluaiseacht;

(6)

ciallaíonn “soitheach paisinéirí” soitheach a tógadh agus atá feistithe chun breis is 12 paisinéir a iompar;

(7)

ciallaíonn “teastas cáilíochta de chuid an Aontais” teastas a d’eisigh údarás inniúil a fhianaíonn go bhfuil ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh ag duine;

(8)

ciallaíonn “Coinbhinsiún STCW”“Coinbhinsiún STCW” faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(21) de Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(9)

ciallaíonn “baill den chriú deice” daoine atá bainteach le hoibriú ginearálta árthaigh atá i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais agus a bhfuil cúraimí éagsúla á gcur i gcrích acu, amhail cúraimí a bhaineann le loingseoireacht, oibriú an árthaigh a rialú, láimhseáil lasta, stuáil, iompar paisinéirí, innealtóireacht mhuirí, cothabháil agus deisiú, cumarsáid, sláinte agus sábháilteacht, agus cosaint an chomhshaoil, cé is moite de dhaoine a shanntar go heisiach d’oibriú inneall, craenacha, nó trealaimh leictrigh agus leictreonaigh;

(10)

ciallaíonn “teastas oibreora raidió” teastas náisiúnta, arna eisiúint ag Ballstát i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta, lena n-údaraítear stáisiún radachumarsáide a oibriú ar árthach uiscebhealaigh intíre;

(11)

ciallaíonn “saineolaí ar loingsiú paisinéirí” duine atá ag obair ar bord an tsoithigh atá cáilithe chun bearta a ghlacadh i gcásanna éigeandála ar bord soithí paisinéirí;

(12)

ciallaíonn “saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe” duine atá cáilithe le bheith páirteach i mbuncaeireacht árthaigh a úsáideann gás nádúrtha leachtaithe mar bhreosla nó duine atá ina mháistir báid agus árthach den sórt sin á sheoladh aige;

(13)

ciallaíonn “máistir báid” ball den chriú deice atá cáilithe chun árthach a sheoladh ar uiscebhealaí intíre na mBallstát agus atá cáilithe chun freagracht fhoriomlán a bheith air ar bord, agus freagracht as an gcriú air chomh maith agus as na paisinéirí agus as an lasta;

(14)

ciallaíonn “riosca sonrach” guais sábháilteachta ar guais í mar gheall ar choinníollacha áirithe loingseoireachta a éilíonn go gcaithfidh máistrí báid bheith inniúil thar a mbítear ag súil leis faoi chaighdeáin ghinearálta inniúlachta don leibhéal bainistíochta;

(15)

ciallaíonn “inniúlacht” cumas cruthaithe an t-eolas agus na scileanna a éilítear faoi na caighdeáin sheanbhunaithe a úsáid chun na cúraimí is gá le hárthach uiscebhealaigh intíre a oibriú a chur i gcrích mar is ceart;

(16)

ciallaíonn “leibhéal bainistíochta” an leibhéal freagrachta a ghabhann le bheith ag fónamh mar mháistir báid agus lena n-áirithítear go gcuireann na baill eile den chriú deice i gcrích mar is ceart na cúraimí go léir a bhaineann le hoibriú árthaigh;

(17)

ciallaíonn “leibhéal oibríochtúil” an leibhéal freagrachta a ghabhann le bheith ag fónamh mar bhádóir, mar bhádóir inniúil nó mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach agus le smacht a choinneáil ar chur i gcrích na gcúraimí uile faoi réimse freagrachta an duine sin i gcomhréir le nósanna imeachta cuí agus faoi stiúir duine atá ag fónamh ar an leibhéal bainistíochta;

(18)

ciallaíonn “conbhua mór” conbhua a bhrúitear, arb é toradh fhad iomlán agus leithead iomlán an árthaigh a bhrúitear 7 000 méadar cearnach nó níos mó;

(19)

ciallaíonn “leabhar taifid seirbhíse” clár pearsanta ina dtaifeadtar sonraí faoi obair bhall den chriú, go háirithe am loingseoireachta agus turais a dhéantar;

(20)

ciallaíonn “logleabhar” taifead oifigiúil ar na turais atá déanta ag árthach agus ag a chriú;

(21)

ciallaíonn “leabhar taifid seirbhíse gníomhach” nó “logleabhar gníomhach” leabhar taifid seirbhíse nó logleabhar atá oscailte le haghaidh sonraí a thaifeadadh;

(22)

ciallaíonn “am loingseoireachta” an t-am, arna thomhas i laethanta agus arna bhailíochtú ag an údarás inniúil, a chaith baill den chriú deice ar bord le linn turais a rinne árthach ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun luchtú agus díluchtú a dhéanamh lena n-éilítear oibríochtaí loingseoireachta gníomhacha;

(23)

ciallaíonn “fearas snámhach” gléasra snámhach a bhfuil feisteas oibre amhail craenacha, trealamh dreidireachta, sáiteoirí pílí nó ardaitheoirí, á iompar aige;

(24)

ciallaíonn “fad” uasfhad na cabhlach i méadair, gan an stiúir ná an crann spreoide a áireamh;

(25)

ciallaíonn “leithead” uasleithead na cabhlach i méadair, arna thomhas chomh fada le forimeall phlátáil na cabhlach (gan na rothaí céaslóireachta ná an fhásghunail, ná nithe comhchosúil leo, a áireamh);

(26)

ciallaíonn “tarraingt” an fad ceartingearach i méadair idir an pointe is ísle den chabhail, gan an chíle ná forbhaill fhosaithe eile a áireamh, agus an uaslíne tarraingthe;

(27)

ciallaíonn “loingseoireacht shéasúrach” gníomhaíocht loingseoireachta a dhéantar ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí gach bliain.

CAIBIDIL 2

TEASTAIS CHÁILÍOCHTA DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 4

Oibleagáid maidir le teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice a bheith á iompar

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11, á iompar ag baill den chriú deice atá i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais, nó go mbeidh teastas a aithnítear i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó (3) á iompar acu.

2.   I gcás baill den chriú deice cé is moite de mháistrí báid, déanfar teastas cáilíochta de chuid an Aontais agus an leabhar taifid seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 22 a thíolacadh san aon doiciméad amháin.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh teastais atá ag na daoine sin a bhfuil baint acu le hoibriú árthaigh„ seachas máistrí báid, a eisíodh nó a aithníodh i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE agus, dá bhrí sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW, beidh na teastais sin bailí ar longa farraige a oibríonn ar uiscebhealaí intíre.

Airteagal 5

Oibleagáid maidir le teastas cáilíochta de chuid an Aontais le haghaidh oibríochtaí sonracha a bheith á iompar

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teastas cáilíochta de chuid an Aontais, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11, á iompar ag saineolaithe ar loingsiú paisinéirí agus ag saineolaithe ar ghás nádúrtha leachtaithe, nó go mbeidh teastas a aithnítear i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó (3) á iompar acu.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh teastais atá ag na daoine sin a bhfuil baint acu le hoibriú árthaigh, a eisíodh nó a aithníodh i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE agus, dá bhrí sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW, beidh na teastais sin bailí ar longa farraige a oibríonn ar uiscebhealaí intíre.

Airteagal 6

Oibleagáid maidir le húdaruithe sonracha a bheith ag máistrí báid

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaruithe sonracha ag máistrí báid, a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 12 sna cásanna seo a leanas:

(a)

agus iad ag seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre ar aicmíodh iad mar uiscebhealaí intíre de chineál muirí de bhun Airteagal 8;

(b)

agus iad ag seoltóireacht ar uiscebhealaí ar aithníodh iad mar stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha de bhun Airteagal 9;

(c)

agus iad ag seoltóireacht le cabhair radair;

(d)

agus árthach á sheoladh acu a úsáideann gás nádúrtha leachtaithe mar bhreosla;

(e)

agus conbhuanna móra á seoladh acu.

Airteagal 7

Díolúintí a bhaineann le huiscebhealaí intíre nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile

1.   Féadfaidh Ballstát daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 a oibríonn go heisiach ar uiscebhealaí intíre náisiúnta nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile, lena n-áirítear iad sin a aicmítear mar uiscebhealaí de chineál muirí, a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus 4(2), Airteagal 5(1), Airteagal 6, an chéad fhomhír d’Airteagal 22(1), agus Airteagal 22(3) agus (6).

2.   Féadfaidh Ballstát a dheonaíonn díolúintí i gcomhréir le mír 1 teastais cháilíochta a eisiúint do dhaoine dá dtagraítear i mír 1 faoi choinníollacha atá éagsúil ó na coinníollacha ginearálta a leagtar síos sa Treoir seo, ar choinníoll go n-áireofar, leis na teastais sin, leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Beidh aithint na dteastas sin i mBallstáit eile faoi rialú ag Treoir 2005/36/CE, nó Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), mar is infheidhme.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi na díolúintí deonaithe sin ar fáil don phobal.

Airteagal 8

Aicmiú uiscebhealaí intíre de chineál muirí

1.   Aicmeoidh na Ballstáit stráice d’uiscebhealach intíre ina gcríoch mar uiscebhealach intíre de chineál muirí i gcás ina gcomhlíontar ceann de na critéir seo a leanas:

(a)

tá feidhm ag an gCoinbhinsiún ar na Rialacháin Idirnáisiúnta chun Imbhualadh ar Muir a Chosc;

(b)

tá na baoithe agus na comharthaí i gcomhréir leis an gcóras muirí;

(c)

is gá loingseoireacht trastíre a dhéanamh ar an uiscebhealach intíre sin; nó

(d)

is gá trealamh muirí a éilíonn eolas speisialta le hé a oibriú chun dul i mbun loingseoireachta ar an uiscebhealach intíre sin.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún má aicmítear aon stráice sonrach d’uiscebhealach intíre ar a gcríoch mar uiscebhealach intíre de chineál muirí. Beidh bonn cirt bunaithe ar na critéir dá dtagraítear i mír 1 ag gabháil leis an bhfógra a thabharfar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an liosta d’uiscebhealaí intíre de chineál muirí ar fuair sé fógra ina leith ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí.

Airteagal 9

Stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha

1.   Más gá sin chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit stráicí d’uiscebhealaí intíre a thrasnaíonn a gcríocha féin agus a ngabhann rioscaí sonracha leo, a shainaithint, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4, i gcás gur i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas atá na rioscaí sin ann:

(a)

tá gréasán agus luas na sruthanna ag síorathrú;

(b)

tá saintréithe hidreamhoirfeolaíocha ag uiscebhealaigh intíre agus ní ann do Sheirbhísí cuí Faisnéise Seolbhealaí maidir leis an uiscebhealach intíre ná do chairteacha oiriúnacha;

(c)

tá rialachán sonrach áitiúil tráchta i bhfeidhm arna dhlisteanú le saintréithe hidreamhoirfeolaíocha an uiscebhealaigh intíre; nó

(d)

is minic a bhíonn tionóiscí ar stráice ar leith den uiscebhealach intíre, arb é is cúis leo easpa inniúlachta nach gcumhdaítear leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 17.

I gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin chun an tsábháilteacht a áirithiú, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach Abhann ábhartha agus na stráicí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sainaithint.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta atá sé ar intinn acu a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus de bhun Airteagal 20, i gcomhar leis an réasúnaíocht ar a bhfuil an beart bunaithe, 6mhí ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe na bearta sin a ghlacadh.

3.   I gcás ina bhfuil stráicí d’uiscebhealaí intíre dá dtagraítear i mír 1 suite feadh na teorann idir dhá Bhallstát nó níos mó, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún go comhpháirteach.

4.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát beart a ghlacadh nach gcuirtear bonn cirt leis i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 6 mhí ón uair a bhfaighfear an fógra, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ag leagan amach a chinneadh ag cur i gcoinne ghlacadh an bhirt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

5.   Cuirfidh an Coimisiún na bearta a bheidh glactha ag na Ballstáit ar fáil don phobal, mar aon leis an réasúnaíocht dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 10

Aitheantas

1.   Teastas cáilíochta ar bith de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5, chomh maith le haon leabhair thaifid seirbhíse nó logleabhair dá dtagraítear in Airteagal 22 a d’eisigh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Treoir seo, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.

2.   Teastas cáilíochta ar bith, leabhar taifid seirbhíse ar bith nó logleabhar ar bith a eisítear i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, lena leagtar síos ceanglais atá comhionann leo siúd atá sa Treoir seo, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.

Más tríú tír a d’eisigh na teastais sin, na leabhair thaifid seirbhíse sin agus na logleabhair sin, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais ar choinníoll go n-aithníonn an tríú tír, laistigh dá dlínse, doiciméid de chuid an Aontais a eisítear de bhun na Treorach seo.

3.   Gan dochar do mhír 2, teastas cáilíochta ar bith, leabhar taifid seirbhíse ar bith nó logleabhar ar bith a eisíodh i gcomhréir le rialacha náisiúnta tríú tíre lena leagtar síos ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais, faoi réir an nós imeachta agus na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus i mír 5.

4.   Féadfaidh tríú tír ar bith iarraidh ar aitheantas a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le teastais, leabhair thaifid seirbhíse nó logleabhair a d’eisigh údaráis dá cuid. Beidh ag gabháil leis an iarraidh an fhaisnéis uile is gá lena chinneadh an bhfuil eisiúint na ndoiciméad sin faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo.

5.   Ar iarraidh ar aitheantas a fháil de bhun mhír 4, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na córais deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach, d’fhonn a chinneadh an bhfuil eisiúint na dteastas, na leabhar taifid seirbhíse nó na logleabhar arna sonrú ina hiarraidh faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo.

Má fhionntar go bhfuil na ceanglais sin comhionann, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena dtabharfar aitheantas do na teastais, na leabhair thaifid nó na logleabhair a eisíonn an tríú tír sin san Aontas, ar choinníoll go n-aithníonn an tríú tír sin laistigh dá dlínse doiciméid de chuid an Aontais a eisítear de bhun na Treorach seo.

Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo á ghlacadh, sonróidh an Coimisiún cé acu na doiciméid sin, dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a bhfuil feidhm ag an aitheantas sin ina leith. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

6.   I gcás ina measfaidh Ballstát nach bhfuil ceanglais an Airteagail seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag tríú tír, tabharfaidh sé fógra ina leith láithreach don Choimisiún, agus tabharfaidh sé cúiseanna réasúnaithe leis an áitiú sin.

7.   Gach 8 mbliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo á gcomhlíonadh leis an gcóras deimhniúcháin sa tríú tír dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5. Má chinneann an Coimisiún nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo a thuilleadh, beidh feidhm ag mír 8.

8.   Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil eisiúint na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3 den Airteagal seo faoi réir ceanglas comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo a thuilleadh, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena gcuirfear ar fionraí bailíocht na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar, arna n-eisiúint i gcomhréir leis na ceanglais sin, ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Féadfaidh an Coimisiún an fionraí sin a chealú, tráth ar bith, más rud é gur réitíodh na heasnaimh a sainaithníodh i ndáil leis na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm.

9.   Cuirfidh an Coimisiún an liosta de na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar fáil don phobal, mar aon leis na doiciméid a aithnítear mar dhoiciméid atá bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.

CAIBIDIL 3

CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA A DHEIMHNIÚ

ROINN 1

Nós imeachta chun teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus údaruithe sonracha a eisiúint do mháistrí báid

Airteagal 11

Eisiúint agus bailíocht teastas cáilíochta de chuid an Aontais

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann iarratasóirí ar theastais cháilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice agus ar theastais cháilíochta le haghaidh oibríochtaí sonracha fianaise shásúil dhoiciméadach a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

a gcéannacht;

(b)

go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le haois, inniúlacht, comhlíonadh riaracháin agus am loingseoireachta don cháilíocht a ndearna siad iarratas ina leith;

(c)

go gcomhlíonann siad na caighdeáin maidir le dea-shláinte i gcomhréir le hAirteagal 23, i gcás inarb infheidhme.

2.   Eiseoidh na Ballstáit teastais cháilíochta de chuid an Aontais tar éis barántúlacht agus bailíocht na ndoiciméad a sholáthraíonn na hiarratasóirí a fhíorú agus tar éis a fhíorú nár eisíodh teastas cáilíochta bailí de chuid an Aontais do na hiarratasóirí cheana féin.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar múnlaí le haghaidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus le haghaidh doiciméid aonair ina gcuirtear le chéile teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus leabhair thaifid seirbhíse. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

4.   Beidh bailíocht theastas cáilíochta an Aontais mar bhall den chriú deice teoranta do dháta an chéad scrúdaithe leighis eile is gá de bhun Airteagal 23.

5.   Gan dochar don teorannú dá dtagraítear i mír 4, beidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid bailí suas go dtí uastréimhse 13 bliana.

6.   Beidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais le haghaidh oibríochtaí sonracha bailí suas go dtí uastréimhse 5 bliana.

Airteagal 12

Eisiúint agus bailíocht údaruithe sonracha le haghaidh máistrí báid

1.   Maidir leis na hiarratasóirí ar údaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go soláthraíonn siad fianaise shásúil dhoiciméadach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

a gcéannacht;

(b)

go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le haois, inniúlacht, comhlíonadh riaracháin agus am loingseoireachta don údarú sonrach a ndearna siad iarratas ina leith;

(c)

go bhfuil teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid acu nó go bhfuil teastas acu a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (3) acu, nó go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta le haghaidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais do mháistrí báid dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir le húdaruithe sonracha a éilítear de bhun pointe (b) d’Airteagal 6 le haghaidh seoltóireacht ar stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha, soláthróidh iarratasóirí fianaise shásúil dhoiciméadach d’údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20(3) i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

a gcéannacht;

(b)

go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 20 le haghaidh na hinniúlachta i gcás rioscaí sonracha a bhaineann leis an stráice d’uiscebhealach intíre sonrach a n-éilítear an t-údarú ina leith;

(c)

go bhfuil teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid acu nó go bhfuil teastas acu a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (3) acu nó go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta le haghaidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais do mháistrí báid dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

3.   Eiseoidh na Ballstáit na húdaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 tar éis dóibh barántúlacht agus bailíocht na ndoiciméad arna soláthar ag an iarratasóir a fhíorú.

4.   Maidir leis an údarás inniúil a eisíonn teastais cháilíochta de chuid an Aontais do mháistrí báid, áiritheoidh na Ballstáit go léiríonn sé go sonrach sa teastas aon údarú sonrach a eisíodh de bhun Airteagal 6 i gcomhréir leis an múnla dá dtagraítear in Airteagal 11(3). Scoirfidh an t-údarú sonrach sin de bheith bailí tráth a scoireann teastas cáilíochta an Aontais de bheith bailí.

5.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, eiseofar an t-údarú sonrach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6 mar theastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe, i gcomhréir leis an múnla dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus socrófar a thréimhse bailíochta i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 13

Athnuachan ar theastais cháilíochta de chuid an Aontais agus ar údaruithe sonracha le haghaidh máistrí báid

Ar dhul in éag do theastas cáilíochta de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, an teastas agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaruithe sonracha a áirítear ann, a athnuachan ar na coinníollacha seo leanas:

(a)

maidir le teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice agus maidir le húdaruithe sonracha seachas an ceann siúd dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6, gur tíolacadh an fhianaise shásúil dhoiciméadach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1);

(b)

maidir le teastais cháilíochta de chuid an Aontais le haghaidh oibríochtaí sonracha, gur tíolacadh an fhianaise shásúil dhoiciméadach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 11(1).

Airteagal 14

Teastais cháilíochta de chuid an Aontais nó údaruithe sonracha do mháistrí báid a fhionraí agus a tharraingt siar

1.   I gcás inar cosúil nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le teastais cháilíochta nó le húdaruithe sonracha a thuilleadh, déanfaidh an Ballstát a d’eisigh an teastas nó an t-údarú sonrach na measúnuithe uile is gá agus, i gcás inarb iomchuí, tarraingeoidh sé siar na teastais sin nó an t-údarú sonrach.

2.   Féadfaidh aon Bhallstát teastas cáilíochta de chuid an Aontais a fhionraí go sealadach i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis an bhfionraí sin ar mhaithe leis an tsábháilteacht nó leis an ord poiblí.

3.   Déanfaidh na Ballstáit taifead, gan moill mhíchuí, sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ar aon fhionraí agus ar aon tarraingt siar.

ROINN II

Comhar Riaracháin

Airteagal 15

Comhar

I gcás ina gcinnfidh Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 39(3) nach gcomhlíonann teastas cáilíochta arna eisiúint ag údarás inniúil i mBallstát eile na coinníollacha arna leagan síos ag an Treoir seo, nó i gcás ina bhfuil cúiseanna sábháilteachta nó oird phoiblí ann, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an údarás eisiúna machnamh a dhéanamh ar an teastas cáilíochta sin a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14. Cuirfidh an t-údarás iarrthach an Coimisiún ar an eolas faoin iarraidh sin. Déanfaidh an t-údarás a d’eisigh an teastas cáilíochta i gceist an iarraidh a scrúdú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don údarás eile. Féadfaidh aon údarás inniúil toirmeasc a chur ar dhuine feidhmiú laistigh dá réimse dlínse nó go dtiocfaidh fógra maidir le cinneadh an údaráis eisiúna.

Comhoibreoidh na Ballstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 39(3) le húdaráis inniúla na mBallstát eile freisin d’fhonn a áirithiú go dtaifeadtar sonraí maidir le hamanna seoltóireachta agus turais do shealbhóirí teastas cáilíochta agus leabhar taifid seirbhíse a aithnítear faoin Treoir seo, má iarann sealbhóir teastas seirbhíse an taifead, agus go mbailíochtaítear iad ar feadh tréimhse suas go 15 mhí roimh an iarraidh ar bhailíochtú. Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 39(3) an Coimisiún ar an eolas, i gcás inarb ábhartha, maidir le huiscebhealaí intíre a gcríche féin ina bhfuil inniúlachtaí le haghaidh loingseoireachta de chineál muirí de dhíth.

ROINN III

Inniúlachtaí

Airteagal 16

Ceanglais maidir le hinniúlachtaí

1.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hinniúlachtaí is gá acu chun árthach a oibriú go sábháilte, mar a leagtar síos in Airteagal 17.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar an measúnú ar an inniúlacht i gcás rioscaí sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6 i gcomhréir le hAirteagal 20.

Airteagal 17

Inniúlachtaí a mheasúnú

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin a leagan síos maidir le hinniúlachtaí agus leis an eolas comhfhreagrach agus leis na scileanna comhfhreagracha i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtaispeánann na daoine a dhéanann iarratas ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann siad na caighdeáin d’inniúlacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo trí phas a ghnóthú i scrúdú a eagraíodh:

(a)

faoi fhreagracht údarás riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 18; nó

(b)

mar chuid de chlár oiliúna arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Mar chuid den taispeáint ar chomhlíonadh na gcaighdeán inniúlachta, déanfar scrúdú praiticiúil chun an méid seo a leanas a fháil:

(a)

teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid;

(b)

údarú sonrach le haghaidh seoltóireacht a dhéanamh le cabhair ó radar dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6;

(c)

teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe;

(d)

teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar loingseoireacht phaisinéirí.

Chun na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo a fháil, féadfar scrúduithe praiticiúla a chur ar siúl ar bord árthaigh nó ar ionsamhlóir a chomhlíonann Airteagal 21. Maidir le pointe (c) agus (d) den mhír seo, féadfar scrúduithe praiticiúla a chur ar siúl ar bord árthaigh nó ar ionsamhlóir iomchuí ar an gcladach.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin a leagan síos le haghaidh na scrúduithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena sonraítear na hinniúlachtaí agus na coinníollacha sonracha a mbeidh tástáil le déanamh orthu le linn na scrúduithe praiticiúla, mar aon leis na ceanglais íosta le haghaidh an árthaigh ar a bhféadfar scrúdú praiticiúil a dhéanamh.

Airteagal 18

Scrúdú faoi fhreagracht údaráis riaracháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur faoina gcúram féin a n-eagraítear na scrúduithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(2). Áiritheoidh siad gur scrúdaitheoirí atá cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí agus ar an eolas comhfhreagrach agus ar na scileanna comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a sheolfaidh na scrúduithe sin.

2.   Eiseoidh na Ballstáit teastas ar scrúdú praiticiúil d’iarratasóirí a ghnóthaigh pas sa scrúdú praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 17(3) i gcás ina ndearnadh an scrúdú sin ar ionsamhlóir i gcomhréir le Airteagal 21, agus inar iarr an t-iarratasóir teastas den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar samhlacha le haghaidh na dteastas ar scrúdú praiticiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

4.   Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas, gan breis ceanglas ná measúnaithe, do na deimhnithe ar scrúdú praiticiúil dá dtagraítear i mír 2 a d’eisigh na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile.

5.   I gcás scrúduithe i scríbhinn nó scrúduithe atá bunaithe ar ríomhaire, féadfar maoirseoirí cáilithe a chur in ionad na scrúdaitheoirí dá dtagraítear i mír 1.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na scrúdaitheoirí agus na maoirseoirí cáilithe dá dtagraítear sa chaibidil seo saor ó choinbhleachta leasa.

Airteagal 19

Cláir oiliúna a fhormheas

1.   Féadfaidh na Ballstáit cláir oiliúna a chur ar bun do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6. Maidir leis na cláir oiliúna sin as a dtagann dioplómaí nó teastais lena dtaispeántar go bhfuil na caighdeáin inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) á gcomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann údaráis inniúla na mBallstát arb ar a gcríoch a sheolann an institiúid oideachais nó an institiúid oiliúna ábhartha a cláir oiliúna iad a fhormheas.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéantar measúnú agus dearbhú cáilíochta na gclár oiliúna a áirithiú trí chaighdeán cáilíochta náisiúnta nó idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

2.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit na cláir oiliúna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhormheas ach amháin más rud é:

(a)

go ndoiciméadaítear i gceart na cuspóirí oiliúna, an t-ábhar foghlama, na modhanna, na meáin seachadta, na nósanna imeachta, lena n-áirítear úsáid ionsamhlóirí, i gcás inarb infheidhme, mar aon le hábhair na gcúrsaí, agus go gcuirtear ar chumas na n-iarratasóirí leo na caighdeáin inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a bhaint amach;

(b)

gurb iad daoine cáilithe a bhfuil mioneolas acu ar an gclár oiliúna a sheolann na cláir le haghaidh measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí ábhartha;

(c)

go seolann scrúdaitheoirí cáilithe atá saor ó choinbhleachtaí leasa scrúdú lena bhfíoraítear go bhfuil na caighdeáin inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) á gcomhlíonadh.

3.   Aithneoidh na Ballstáit aon dioplómaí nó aon teastais a bhronntar tar éis cláir oiliúna arna bhformheas ag Ballstáit eile i gcomhréir le mír 1 a chríochnú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit a bhformheas ar chláir oiliúna nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh a chúlghairm nó a fhionraí.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi liosta na gclár oiliúna a formheasadh, mar aon le haon chláir oiliúna ar cúlghaireadh nó ar fionraíodh a bhformheas. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Tabharfar le fios sa liosta ainm an chláir oiliúna, teidil na ndioplómaí nó na dteastas arna mbronnadh, an comhlacht a bhronnann na dioplómaí nó na teastais, bliain theacht i bhfeidhm an fhormheasta, mar aon leis an gcáilíocht ábhartha agus aon údaruithe sonracha ar a dtugann an dioplóma nó an teastas rochtain.

Airteagal 20

Inniúlachtaí i gcás rioscaí sonracha a mheasúnú

1.   Maidir leis na Ballstáit a shainaithníonn stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha de réir bhrí Airteagal 9(1) ar a gcríocha féin, saineoidh siad an inniúlacht bhreise a cheanglaítear ar mháistrí báid a bhíonn i mbun loingseoireachta ar na stráicí sin d’uiscebhealaí intíre, agus sonróidh siad na modhanna is gá chun a chruthú go gcomhlíontar na ceanglais sin. I gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin chun críche an tsábháilteacht a áirithiú, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach Aibhneacha ábhartha agus na hinniúlachtaí sin á sainaithint.

Agus na hinniúlachtaí sin is gá le haghaidh loingseoireacht ar an stráice d’uiscebhealach intíre le rioscaí sonracha á gcur san áireamh, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na modhanna le hinniúlachtaí breise den sórt sin a chruthú:

(a)

líon teoranta turas a bheidh le déanamh ar an stráice lena mbaineann;

(b)

scrúdú ar ionsamhlóir;

(c)

scrúdú ilrogha;

(d)

scrúdú béil; nó

(e)

teaglaim de na modhanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Agus an mhír seo á cur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit critéir atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach a chur i bhfeidhm.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 go gcuirtear nósanna imeachta ar bun chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht iarratasóirí i gcás rioscaí sonracha, agus áiritheoidh siad go gcuirtear uirlisí ar fáil go poiblí chun an bealach a éascú do mháistrí báid maidir leis an inniúlacht is gá i gcás rioscaí sonracha a fháil.

3.   Féadfaidh Ballstát measúnú a dhéanamh ar inniúlacht iarratasóirí i gcás rioscaí sonracha a bhaineann le stráicí d’uiscebhealaí intíre atá i mBallstát eile, ar bhonn na gceanglas a bhunaítear don stráice sin d’uiscebhealach intíre i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll go mbíonn aige toiliú sainráite an Bhallstáit ina bhfuil an stráice sin d’uiscebhealach intíre suite. I gcás den chineál sin, cuirfidh an Ballstát sin ar fáil don Bhallstát a dhéanann an measúnú sin pé modh is gá leis an measúnú sin a dhéanamh. Má dhiúltaítear toiliú a thabhairt, ní mór do na Ballstáit údar a thabhairt agus sin a bheith bunaithe ar fhorais oibiachtúla agus comhréireacha.

Airteagal 21

Úsáíd ionsamhlóirí

1.   Formheasfaidh na Ballstáit na hionsamhlóirí a úsáidtear chun inniúlachtaí a mheasúnú. Eiseofar an formheas sin arna iarraidh sin nuair a thaispeántar go gcomhlíonann an t-ionsamhlóirna caighdeáin le haghaidh ionsamhlóirí a bhunaítear le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2. Sonrófar san fhormheas an measúnú inniúlachta áirithe a údaraítear maidir leis an ionsamhlóir.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin a leagan síos chun ionsamhlóirí a fhormheas, lena sonraítear na ceanglais feidhmiúla agus theicniúla íosta agus na nósanna imeachta riaracháin i ndáil leis sin, agus é mar chuspóir a áirithiú go ndeartar na hionsamhlóirí a úsáidtear le haghaidh measúnú ar inniúlachtaí sa dóigh go bhféadfar na hinniúlachtaí a fhíorú faoi mar a fhorordaítear faoi na caighdeáin le haghaidh scrúduithe praiticiúla dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3.   Aithneoidh na Ballstáit ionsamhlóirí arna bhformheas ag údaráis inniúla i mBallstáit eile i gcomhréir le mír 1, gan a thuilleadh ceanglas teicniúil ná measúnuithe.

4.   Déanfaidh na Ballstáit a bhformheas ionsamhlóirí a chúlghairm nó a fhionraí nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 a thuilleadh.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin liosta de na hionsamhlóirí formheasta. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

6.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an rochtain ar ionsamhlóirí chun críocha measúnaithe neamh-idirdhealaitheach.

ROINN IV

Am loingseoireachta agus dea-shláinte

Airteagal 22

Leabhar taifid seirbhíse agus logleabhar

1.   Maidir leis an am loingseoireachta do mháistrí báid, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 11(1), agus turais a dhéantar dá dtagraítear in Airteagal 20(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh máistrí báid iad a thaifeadadh i leabhar taifid seirbhíse dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nó i leabhar taifid seirbhíse a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) nó (3).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit Airteagal 7(1) nó Airteagal 39(2), ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin má iarrann sealbhóir an leabhair thaifid a leithéid de thaifead.

2.   Má iarann aon bhall den chriú amhlaidh, maidir leis na sonraí a bhaineann leis an am loingseoireachta agus leis na turais a dhéantar i gcaitheamh tréimhse suas go 15 mhí roimh an iarraidh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla iad a bhailíochtú sa leabhar taifid seirbhíse tar éis dóibh barántúlacht agus bailíocht aon fhianaise doiciméadaí is gá a fhíorú. I gcás ina gcuirtear uirlisí leictreonacha ar bun, lena n-áirítear leabhair thaifid seirbhíse leictreonacha agus logleabhair leictreonacha, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí maidir le barántúlacht na ndoiciméad a choimirciú, féadfar na sonraí comhfhreagracha a bhailíochtú gan nósanna imeachta breise.

Cuirfear an t-am loingseoireachta a fuarthas ar aon cheann d’uiscebhealaí na mBallstát san áireamh. I gcás uiscebhealaí intíre nach bhfuil a gcúrsaí go hiomlán laistigh de chríoch an Aontais, cuirfear san áireamh freisin an t-am loingseoireachta a fuarthas ar chodanna lasmuigh de chríoch an Aontais.

3.   Maidir leis na turais a dhéanann árthach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar iad a thaifeadadh sa logleabhar dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nó i logleabhar a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) nó (3).

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar múnlaí le haghaidh leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhar, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme maidir leis an duine, a am loingseoireachta agus na turais a dhéantar a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go n-úsáidtear an logleabhar freisin chun Treoir 2014/112/AE ón gComhairle (14) a chur chun feidhme maidir leis na ceanglais i ndáil le foirniú a fhíorú agus maidir le turais an árthaigh a thaifeadadh.

5.   Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leabhair thaifid seirbhíse leictreonacha, logleabhair, agus cártaí gairmiúla crioscaíldíonacha ina n-ionchorpraítear deimhnithe cáilíochta de chuid an Aontais sa loingseoireacht intíre.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil leabhar taifid seirbhíse gníomhach aonair ag na baill den chriú deice agus go bhfuil logleabhar gníomhach aonair ar an árthach.

Airteagal 23

Dea-shláinte

1.   Maidir leis na baill den chriú deice a dhéanann iarratas ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go dtaispeánann siad go bhfuil dea-shláinte acu trí theastas bailí leighis a thabhairt don údarás inniúil, ar teastas é a eisíonn liachleachtóir. a aithníonn an t-údarás inniúil, bunaithe ar scrúdú dea-shláinte a bheith déanta go rathúil.

2.   Soláthróidh na hiarratasóirí teastas leighis don údarás inniúil agus iad ag déanamh iarratais ar an méid seo a leanas:

(a)

a gcéad teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice;

(b)

a dteastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid;

(c)

a dteastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice a athnuachan i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Maidir le teastais leighis a eisítear chun teastas cáilíochta de chuid an Aontais a fháil, cuirfear dáta orthu tráth nach luaithe ná 3 mhí roimh dháta an iarratais ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais.

3.   Ó 60 bliain d’aois, déanfaidh sealbhóir teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice a thaispeáint gach 5 bliana ar a laghad go bhfuil dea-shláinte aige nó aici i gcomhréir le mír 1. Ó 70 bliain d’aois, taispeánfaidh an sealbhóir go bhfuil dea-shláinte aige nó aici i gcomhréir le mír 1 gach re bliain.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh fostóirí, máistrí báid agus údaráis na mBallstát a éileamh ar bhall den chriú deice a thaispeáint go bhfuil dea-shláinte aige nó aici i gcomhréir le mír 1, i gcás inarb ann do thásca oibiachtúla nach bhfuil na ceanglais maidir le dea-shláinte dá dtagraítear i mír 6 á gcomhlíonadh ag an mball sin den chriú deice a thuilleadh

5.   I gcás nach féidir leis an iarratasóir dea-shláinte a thaispeáint go hiomlán, féadfaidh na Ballstáit bearta maolúcháin nó srianta a fhorchur lena gcuirtear sábháilteacht choibhéiseach loingseoireachta ar fáil. Sa chás sin, déanfar na bearta maolúcháin agus na srianta sin a bhaineann le dea-shláinte a lua ar an teastas cáilíochta de chuid an Aontais i gcomhréir leis an múnla dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 ar bhonn na gceanglas bunriachtanach le haghaidh dea-shláinte dá dtagraítear in Iarscríbhinn III d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin le haghaidh dea-shláinte a leagan síos lena sonrófar na ceanglais maidir le dea-shláinte, go háirithe maidir leis na tástálacha nach mór do liachleachtóirí a dhéanamh, na critéir nach mór dóibh a chur i bhfeidhm le folláine chun na hoibre a chinneadh agus an liosta de na srianta agus de na bearta maolúcháin.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA RIARACHÁIN

Airteagal 24

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Déanfaidh na Ballstáit an phróiseáil sonraí pearsanta uile dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Rialachán (AE)/2016/679.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an phróiseáil sonraí pearsanta uile dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bpróiseáiltear sonraí pearsanta ach amháin chun:

(a)

an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi;

(b)

faisnéis a mhalartú idir na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25 agus an Coimisiún;

(c)

staidreamh a chur ar fáil.

Féadfar faisnéis anaithnidithe a dhíorthaítear ó na sonraí sin a úsáid chun tacú le beartais chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn.

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a ndéantar a sonraí pearsanta agus, go háirithe, a sonraí sláinte, a phróiseáil sna cláir dá dtagraítear in Airteagal 25(1), agus sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25(2), áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear ar an eolas ar bhonn ex ante iad. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain do na daoine sin ar a sonraí pearsanta, agus tabharfaidh siad cóip de na sonraí sin dóibh arna iarraidh sin tráth ar bith.

Airteagal 25

Cláir

1.   Chun cur le riarachán éifeachtúil i dtaca le teastais cháilíochta a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí agus a tharraingt siar, coinneoidh na Ballstáit cláir de na teastais cháilíochta de chuid an Aontais, de na leabhair thaifid seirbhíse agus de na logleabhair go léir a eisítear faoina n-údarás i gcomhréir leis an Treoir seo agus, i gcás inarb ábhartha, de na doiciméid a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) a eisíodh, a athnuadh, a cuireadh ar fionraí, nó a tarraingíodh siar, ar tuairiscítear gur cailleadh iad, gur goideadh nó gur scriosadh iad, nó atá i léig.

Maidir le teastais cháilíochta de chuid an Aontais, áireofar sna cláir na sonraí a bhíonn ar theastais cháilíochta an Aontais agus an t-údarás eisiúna.

Maidir le leabhair thaifid seirbhíse, áireofar sna cláir ainm an tsealbhóra agus a uimhir aitheantais, uimhir aitheantais an leabhair thaifid seirbhíse, an dáta eisiúna agus an t-údarás eisiúna.

Maidir le logleabhair, áireofar sna cláir ainm an árthaigh, an Uimhir Aitheantais Eorpach nó Uimhir Aitheantais Eorpach an Árthaigh (uimhir ENI), uimhir aitheantais an logleabhair, an dáta eisiúna agus an t-údarás eisiúna.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an fhaisnéis sna cláir le haghaidh leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair a fhorlíonadh le faisnéis eile a éilítear le múnlaí na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar a ghlactar de bhun Airteagal 22(4), agus é mar chuspóir aige malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú tuilleadh.

2.   Chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis a chuireann an Treoir seo chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann leis na teastais cháilíochta, na leabhair thaifid cáilíochta agus na logleabhair dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh go hiontaofa gan mhoill i mbunachar sonraí arna choinneáil ag an gCoimisiún.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun na caighdeáin a sholáthar lena leagtar síos saintréithe bunachair sonraí den sórt sin agus coinníollacha a úsáide, lena sonrófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na treoracha chun sonraí a ionchódú sa bhunachar sonraí;

(b)

cearta rochtana na n-úsáideoirí, a dhifreáiltear, i gcás inarb iomchuí, de réir chineál na n-úsáideoirí, an chineáil rochtana agus na críche a n-úsáidtear na sonraí ina leith;

(c)

uastréimhse choinneála na sonraí sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, a dhifreáiltear, i gcás inarb iomchuí, de réir chineál an doiciméid;

(d)

na treoracha maidir le hoibriú an bhunachair sonraí agus an t-idirghníomhú idir é agus na cláir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Aon sonraí pearsanta a áirítear sna cláir dá dtagraítear i mír 1 nó sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfar iad a stóráil ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch ar ina leith a bailíodh na sonraí nó a dhéantar iad a phróiseáil tuilleadh de bhun na Treorach seo. A luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis na sonraí sin chun na gcríoch sin, scriosfar iad.

4.   Féadfaidh an Coimisiún rochtain ar an mbunachar sonraí a thabhairt d’údarás tríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, a mhéid atá gá leis sin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll

(a)

go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001; agus

(b)

nach gcuireann an tríú tír ná an eagraíocht idirnáisúnta teorainn ar rochtain na mBallstát ná an Choimisiúin ar an mbunachar sonraí comhfhreagrach atá aici.

Áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanann an tríú tír ná an eagraíocht idirnáisiúnta na sonraí a aistriú chuig triú tír eile ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile ach amháin má thugann an Coimisiún údarú sainráite i scríbhinn di agus faoi na coinníollacha a shonraíonn an Coimisiún.

Airteagal 26

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, cé na húdaráis inniúla atá leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 18 a eagrú agus a mhaoirsiú;

(b)

na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 19 a fhormheas;

(c)

na hionsamhlóirí dá dtagraítear in Airteagal 21 a fhormheas;

(d)

na teastais a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí nó a tharraingt siar agus na húdaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6, 11, 12, 13, 14 agus 38 a eisiúint mar aon leis na leabhair thaifid seirbhíse agus na logleabhair dá dtagraítear in Airteagal 22;

(e)

an t-am loingseoireachta a bhailíochtú i leabhair thaifid seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 22;

(f)

na liachleachtóirí a fhéadfaidh teastais leighis a eisiúint de bhun Airteagal 23 a chinneadh;

(g)

na cláir dá dtagraítear in Airteagal 25 a choinneáil;

(h)

calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile dá dtagraítear in Airteagal 29 a bhrath agus a chomhrac.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla go léir laistigh dá gcríoch a d’ainmnigh siad i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

Airteagal 27

Faireachán

1.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéanann comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha agus atá faoina bhfreagracht a bhaineann le hoiliúint, le measúnuithe inniúlachtaí, agus le teastais cháilíochta de chuid an Aontais, le leabhair thaifid seirbhíse agus le logleabhair a eisiúint agus a nuashonrú, go ndéantar faireachán leanúnach orthu trí chóras caighdeán cáilíochta chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Treorach seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go sainítear go soiléir na cuspóirí oiliúna agus na caighdeáin ábhartha inniúlachtaí a bheidh le baint amach, agus go sainaithnítear na leibhéil eolais agus scileanna a mbeidh measúnú agus scrúdú le déanamh orthu i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit ag féachaint do na beartais, na córais, na rialuithe agus na hathbhreithnithe inmheánacha maidir le dearbhú cáilíochta a bhunaítear chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sainithe, go gcumhdaítear an méid seo a leanas i réimsí chur i bhfeidhm na gcaighdeán cáilíochta:

(a)

teastais cháilíochta, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair de chuid an Aontais a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí agus a tharraingt siar;

(b)

gach cúrsa agus clár oiliúna;

(c)

scrúduithe agus measúnuithe arna seoladh ag gach Ballstát nó faoina n-údarás; agus

(d)

na cáilíochtaí agus an taithí a éilítear ar oiliúnóirí agus ar scrúdaitheoirí.

Airteagal 28

Meastóireacht

1.   Faoin 17 Eanáir 2037 agus ar a laghad gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí neamhspleácha measúnú ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le hinniúlachtaí a fháil agus a mheasúnú agus le riaradh na dteastas cáilíochta de chuid an Aontais, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhair.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar torthaí na meastóireachtaí a dhéanfaidh na comhlachtaí neamhspleácha sin a dhoiciméadú go cuí agus a chur in iúl do na húdaráis inniúla lena mbaineann. Más gá, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aon easnaimh arna sainaithint ag an measúnú neamhspleách a leigheas.

Airteagal 29

Calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc lena mbaineann teastais cháilíochta de chuid an Aontais, leabhair thaifid seirbhíse, logleabhair, teastais leighis agus cláir dá bhforáiltear sa Treoir seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha a mhalartú leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile maidir le deimhniú daoine a bhfuil baint acu le hárthaigh a oibriú, lena n-áirítear faisnéis maidir le teastais a fhionraí agus a tharraingt siar. Á dheanamh sin dóibh, cloífear go hiomlán leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 30

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (4), in Airteagal 21(2), in Airteagal 23(6) agus in Airteagal 25(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 16 Eanáir 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear san Airteagal seo a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Caighdeáin CESNI agus Gníomhartha Tarmligthe

Déanfar tagairt i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Treoir seo, ach amháin iontu sin atá bunaithe ar Airteagal 25, do na caighdeáin a bhunaigh CESNI ar choinníoll:

(a)

go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta;

(b)

go gcomhlíonann na caighdeáin sin aon cheanglais infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní;

(c)

nach gcuireann athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI leasa an Aontais i mbaol.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do chaighdeáin eile nó tagairt a dhéanamh dóibh.

I gcás ina ndéantar tagairt i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Treoir seo do chaighdeáin, áireoidh an Coimisiún téacs iomlán na gcaighdeán sin sna gníomhartha tarmligthe sin, agus déanfaidh sé an tagairt ábhartha nó tabharfaidh sé cothrom le dáta í agus déanfaidh sé dáta a curtha i bhfeidhm a iontráil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. Na tagairtí don choiste a bunaíodh de bhun Airteagal 7 de Threoir 91/672/CEE, a aisghairtear leis an Treoir seo, forléireofar iad mar thagairtí don choiste a bhunaítear leis an Treoir seo.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh.

Airteagal 34

Caighdeáin CESNI agus Gníomhartha Cur Chun Feidhme

Nuair a bheidh na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear in Airteagal 11(3), in Airteagal 18(3) agus in Airteagal22(4) á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún tagairt do na caighdeáin a bhunaigh CESNI, agus socróidh sé dáta a gcurtha i bhfeidhm, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta;

(b)

go gcomhlíonann na caighdeáin sin aon cheanglais is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní;

(c)

nach gcuireann athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI leasa an Aontais i mbaol.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do chaighdeáin eile nó tagairt a dhéanamh dóibh.

I gcás ina ndéantar tagairt i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir seo do chaighdeáin, áireoidh an Coimisiún téacs iomlán na gcaighdeán sin sna gníomhartha cur chun feidhme sin.

Airteagal 35

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Treoir seo a mheasúnú mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Treoir seo, agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 17 Eanáir 2030.

2.   Faoin 17 Eanáir 2020, déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar mheastóireacht na Treorach seo a chur ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir leis na treoirlínte a sholáthraíonn an Coimisiún i gcomhairliúchán leis na Ballstáit maidir le faisnéis a bhailiú, formáid agus ábhar.

Airteagal 36

Céimniú isteach

1.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 17(1) agus (4), 21(2), 23(6) agus 25(1) agus (2) faoin 17 Eanáir 2020.

Tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 25(2), bunóidh an Coimisiún an bunachar sonraí dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(3), Airteagal 18(3) agus Airteagal 22(4) faoin17 Eanáir 2020.

Airteagal 37

Aisghairm

Déantar Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE a aisghairm le héifeacht ón 18 Eanáir 2022.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 38

Forálacha idirthréimhseacha

1.   I dtaca le deimhnithe do mháistrí báid, arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 96/50/CE agus leis na teastais dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Threoir 96/50/CE, chomh maith le ceadúnais loingseoireachta de chuid na Réine dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de Threoir 96/50/CE, a eisíodh tráth is túisce ná 18 Eanáir 2022, beidh siad bailí ar uiscí intíre an Aontais a raibh siad bailí ina leith roimh an dáta sin, ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis an dáta sin.

Roimh 18 Eanáir 2032, eiseoidh an Ballstát a d’eisigh na teastais dá dtagraítear sa chéad fhomhír do mháistrí báid a bhfuil na teastais sin ina seilbh acu i gcomhréir leis an tsamhail a fhorordaítear leis an Treoir seo, arna iarraidh sin dóibh, teastas cáilíochta de chuid an Aontais nó teastas mar a thagraítear dó in Airteagal 10(2), ar an gcoinníoll go gcuireann an máistir báid fianaise shásúil dhoiciméadach ar fáil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1).

2.   Agus teastais cháilíochta de chuid an Aontais á n-eisiúint acu i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit teidlíochtaí a deonaíodh roimhe sin a choimirciú, a mhéid is féidir, go háirithe maidir leis na teastais ar leith dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.   Baill den chriú, seachas máistrí báid, a shealbhaíonn teastas cáilíochta arna eisiúint ag Ballstát roimh 18 Eanáir 2022, nó a shealbhaíonn cáilíocht a aithnítear i mBallstát amháin nó níos mó, féadfaidh siad fós a bheith ag brath ar an teastas nó ar an gcáilíocht sin ar feadh 10 mbliana ar a mhéad tar éis an dáta sin. Le linn na tréimhse sin, féadfaidh na baill sin den chriú a bheith ag brath i gcónaí ar Threoir 2005/36/CE chun go dtabharfaidh údaráis eile de chuid na mBallstát aitheantas dá gcáilíocht. Roimh dhul in éag na tréimhse sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas i gcur i bhfeidhm Airteagal 10(2) a chur faoi bhráid údarás inniúil a eisíonn teastais den sórt sin, ar choinníoll go soláthróidh na baill sin den chriú fianaise shásúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1).

I gcás ina ndéanfaidh baill den chriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarratas ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas dá dtagraítear in Airteagal 10(2), áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar teastas cáilíochta ina bhfuil na ceanglais inniúla cosúil leis na ceanglais atá sa teastas a bhfuil teastas nua le cur ina áit nó níos ísle ná na ceanglais sin. Ní eiseofar teastas ina bhfuil na ceanglais níos airde ná na ceanglais atá sa teastas a bhfuil teastas nua le cur ina áit ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcomhair teastais cháilíochta an Aontais mar bhádóir: 540 lá d’am loingseoireachta, lena n-áirítear 180 lá ar a laghad de loingseoireacht intíre;

(b)

i gcomhair teastais cháilíochta an Aontais mar bhádóir inniúil: 900 lá d’am longseoireachta, lena n-airítear 540 lá ar a laghad de loingseoireacht intíre;

(c)

i gcomhair teastais cháilíochta an Aontais mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach: 1 080 lá d’am longseoireachta, lena n-áirítear 720 lá ar a laghad de loingseoireacht intíre.

Léireofar an taithí loingseoireachta le leabhar taifid seirbhíse, le logleabhar nó le cruthúnas eile.

D’fhéadfaí íostréimhsí an ama loingseoireachta mar a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fomhír den mhír seo a laghdú 360 lá d’am longseoireachta ar a mhéad i gcás ina bhfuil dioplóma ag an iarratasóir, ar dioplóma é atá aitheanta ag an údarás inniúil agus lena ndeimhnítear oiliúint speisialaithe an iarratasóra sa loingseoireacht intíre ina bhfuil obair phraiticiúil loingseoireachta. Ní fhéadfaidh laghdú na híostréimhse dul thar fhad na hoiliúna speisialaithe.

4.   Leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair a eiseofar roimh 18 Eanáir 2022 a eisíodh i gcomhréir le rialacha seachas na rialacha sin a leagtar amach sa Treoir seo, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú ar feadh uastréimhse 10 mbliana tar éis 18 Eanáir 2022.

5.   De mhaolú ar mhír 3, baill den chriú de chuid bád farantóireachta a bhfuil teastais náisiúnta ina seilbh acu nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 96/50/CE agus a eisíodh roimh 18 Eanáir 2022, beidh na deimhnithe sin fós bailí, ar feadh tréimhse 20 bliain ar a mhéad tar éis an dáta sin, maidir leis na huiscebhealaí intíre sin de chuid an Aontais a raibh siad bailí ina leith roimh an dáta sin.

Roimh dhul in éag na tréimhse sin, féadfaidh na baill sin den chriú iarratas a chur faoi bhráid údarás inniúil a eisíonn teastais den sórt sin ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas dá dtagraítear in Airteagal 10(2), ar choinníoll go soláthróidh siad fianaise shásúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1). Beidh feidhm ag an dara fomhír agus ag an tríú fomhír de mhír 3 den Airteagal seo dá réir.

6.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), go dtí 17 Eanáir 2038, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do mháistrí báid a mbíonn longa farraige á seoladh acu a bhíonn ag feidhmiú ar uiscebhealaí sonracha intíre teastas inniúlachta do mháistrí a bheith acu a eisíodh i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún STCW, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

déantar an ghníomhaíocht loingseoireachta intíre seo ag tús nó ag deireadh turais iompair mhuirí; agus

(b)

tá teastais aitheanta dá dtagraítear sa mhír seo ag an mBallstát le 5 bliana anuas ar a laghad ar 16 Eanáir 2018.

Airteagal 39

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 17 Eanáir 2022. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh sé d’oibleagáid ar Bhallstát, i gcás ina mbíonn gach duine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 ag oibriú go heisiach ar uiscebhealaí intíre nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile, bearta a thabhairt i bhfeidhm, ach amháin na bearta sin a bheidh riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 10 maidir le haitheantas do theastais cháilíochta agus don leabhar taifid seirbhíse, Airteagal 14(2) agus (3) maidir le fionraithe, an dara fomhír d’Airteagal 22(1) agus (2), pointe (d) d’Airteagal 26(1) i gcás inarb infheidhme, pointe (e) agus pointe (h) d’Airteagal 26(1), Airteagal 26(2), Airteagal 29 maidir le calaois a chosc, Airteagal 30 maidir le pionóis agus Airteagal 38 seachas mír 2 den Airteagal sin maidir le forálacha idirthréimhseacha. Tabharfaidh an Ballstát sin na bearta sin i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2022.

Ní fhéadfaidh an Ballstát sin teastais cháilíochta de chuid an Aontais a eisiúint ná cláir oiliúna ná ionsamhlóirí a fhormheas go dtí go mbeidh na forálacha a bheidh fágtha sa Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme aige agus é a bheith curtha in iúl don Choimisiún aige go ndearna sé amhlaidh.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh sé d’oibleagáid ar Bhallstát, i gcás ina ndéanfar gach duine a dhíolmhú de bhun Airteagal 2(3), bearta a thabhairt i bhfeidhm, ach amháin na bearta sin a bheidh riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 10 maidir le haitheantas do theastais cháilíochta agus don leabhar taifid seirbhíse, le hAirteagal 38 maidir le haitheantas do theastais bhailí, chomh maith le hAirteagal 15. Tabharfaidh an Ballstát sin na bearta sin i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2022.

Ní fhéadfaidh an Ballstát sin teastais cháilíochta ón Aontas a eisiúint ná cláir oiliúna ná ionsamhlóirí a fhormheas go dtí go mbeidh na forálacha a bheidh fágtha sa Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme aige agus é a bheith curtha in iúl don Choimisiún aige go ndearna sé amhlaidh.

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh sé de cheangal ar Bhallstát an Treoir seo a thrasuí fad is nach bhfuil loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre indéanta go teicniúil ar a gcríoch.

Ní fhéadfaidh an Ballstát sin teastais cháilíochta de chuid an Aontais a eisiúint ná cláir oiliúna ná ionsamhlóirí a fhormheas go dtí go mbeidh na forálacha den Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme aige agus é a bheith curtha in iúl don Choimisiún acu go ndearna sé é sin.

5.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 41

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 389, 21.10.2016, lch. 93.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2017.

(3)  Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach (IO L 373, 31.12.1991, lch. 29).

(4)  Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).

(5)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30. 9.2005, lch. 22).

(6)  Treoir 94/33/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1994 maidir le daoine óga a chosaint ag an obair, (IO L 216, 20.8.1994, lch. 12).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.05.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(12)  Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal traenála maraithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).

(13)  Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haithint fhrithpháirteach teastas maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus lena leasaítear Treoir 2001/25/CE (IO L 255, 30.9.2005, lch. 160).

(14)  Treoir 2014/112/AE ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Eorpach a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre san iompar ar uiscebhealaí intíre, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach Báirse (EBU), ag an Eagraíocht Eorpach Scipéirí (ESO) agus ag Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) (IO L 367 23.12.2014, lch. 86).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE hAOIS, COMHLÍONADH RIARACHÁIN, INNIÚLACHT AGUS AM LOINGSEOIREACHTA

Na ceanglais íosta maidir leis na cáilíochtaí don chriú deice a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, is é an tuiscint atá le baint astu gur leibhéal ardaitheach cáilíochtaí iad, cé is moite de na cáilíochtaí a bheidh ag máirnéalaigh deice agus ag printísigh a mheastar a bheith ar an leibhéal céanna.

1.   Cáilíochtaí don chriú deice ar an leibhéal iontrála

1.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar mhairnéalach deice

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

beidh sé 16 bliana d’aois ar a laghad;

beidh bunoiliúint sábháilteachta críochnaithe aige de réir ceanglais náisiúnta.

1.2.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar phrintíseach

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

beidh sé 15 bliana d’aois ar a laghad;

beidh comhaontú printíseachta sínithe aige lena ndéantar foráil do chlár oiliúna formheasta dá dtagraítear in Airteagal 19.

2.   Cáilíochtaí don chriú deice ar an leibhéal oibríochtúil

2.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar bhádóir

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

beidh sé 17 mbliana d’aois ar a laghad;

beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige, dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a bhfuil ré 2 bhliain ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

beidh am loingseoireachta de 90 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin;

(b)

beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 18, leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú;

beidh am loingseoireachta de 360 lá ar a laghad carntha aige, nó beidh am loingseoireachta de 180 lá ar a laghad carntha aige má fhéadfaidh an t-iarratasóir cruthúnas a sholáthar freisin go bhfuil taithí oibre 250 lá ar a laghad faighte ag an iarratasóir ar long farraige mar bhall den chriú deice;

(c)

‒ beidh taithí oibre 5 bliana ar a laghad aige roimh dó a bheith cláraithe ar chlár oiliúna formheasta, nó beidh taithí oibre 500 lá ar a laghad aige ar long farraige mar bhall den chriú deice roimh dó clárú ar chlár oiliúna formheasta, nó beidh clár gairmoiliúna 3 bliana ar a laghad críochnaithe aige, roimh dó a bheith cláraithe i gclár oiliúna formheasta;

beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a raibh ré 9 mí aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

beidh am loingseoireachta de 90 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin.

2.2.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar bhádóir inniúil

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

beidh am loingseoireachta de 180 lá ar a laghad carntha aige agus é cáilithe chun bheith mar bhádóir lena linn;

(b)

beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár a raibh ré 3 bliana ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh ar na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

beidh am loingseoireachta 270 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin.

2.3.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach

Gach iarratasóir ar dheimhniú cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

beidh am loingseoireachta de 180 lá ar a laghad carntha aige agus é cáilithe chun a bheith mar bhádóir inniúil lena linn;

beidh teastas oibreora raidió aige;

(b)

beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a raibh ré 3 bliana ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

beidh am loingseoireachta 360 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin;

beidh teastas oibreora raidió aige;

(c)

beidh 500 lá ar a laghad de thaithí oibre aige mar mháistir muirí;

beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18 leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú;

beidh teastas oibreora raidió aige.

3.   Cáilíochtaí don chriú deice ar leibhéal na bainistíochta

3.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar mháistir báid

Gach iarratasóir ar dheimhniú cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár a raibh ré 3 bliana ar a laghad aige agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

beidh am loingseoireachta 360 lá ar a laghad carntha aige, é faighte aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin nó tar éis dó an clár sin a thabhairt chun críche.

beidh teastas oibreora raidió aige;

(b)

beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

beidh teastas cáilithe de chuid an Aontais mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach nó teastas mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach arna aithint i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3) aige nó aici;

beidh am loingseoireachta 180 lá ar a laghad carntha aige;

beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18, leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú;

beidh teastas oibreora raidió aige;

(c)

beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

beidh am loingseoireachta 540 lá ar a laghad carntha aige, nó beidh am loingseoireachta 180 lá ar a laghad carntha aige, má fhéadfaidh an t-iarratasóir cruthúnas a sholáthar freisin go bhfuil taithí oibre 500 lá ar a laghad faighte ag an iarratasóir ar long farraige mar bhall den chriú deice;

beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18 leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú.

beidh teastas oibreora raidió aige;

(d)

beidh taithí oibre 5 bliana ar a laghad aige roimh dó a bheith cláraithe i gclár oiliúna formheasta, nó beidh taithí oibre 500 lá ar a laghad aige ar long farraige mar bhall den chriú deice, roimh dó clárú i gclár oiliúna formheasta, nó beidh clár gairmoiliúna 3 bliana ar a laghad críochnaithe aige roimh dó clárú i gclár oiliúna formheasta;

beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a bhfuil ré 1 bhliain go leith ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

beidh am loingseoireachta 180 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin agus 180 lá ar a laghad tar éis dó an clár sin a thabhairt chun críche;

beidh teastas oibreora raidió aige;

3.2.   Ceanglais íosta le haghaidh údaruithe sonracha i gcomhair teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid

3.2.1.   Uiscebhealaí de chineál muirí

Déanfaidh gach iarratasóir an méid seo a leanas:

comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta le haghaidh seoltóireacht a dhéanamh ar uiscebhealaí de chineál muirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.2.2.   Radar

Déanfaidh gach iarratasóir an méid seo a leanas:

comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta le haghaidh seoltóireacht a dhéanamh le cabhair ó radar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.2.3.   Gás nádúrtha leachtaithe

Déanfaidh gach iarratasóir an méid seo a leanas:

teastas cáilíochtaí de chuid an Aontais mar shaineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) dá dtagraítear in alt 4.2 a bheith aige.

3.2.4.   Conbhuanna móra

Beidh am loingseoireachta 720 lá ar a laghad carntha ag gach iarratasóir, lena n-áirítear 540 lá ar a laghad agus é cáilithe chun bheith mar mháistir báid agus 180 lá ar a laghad agus conbhua mór á stiúradh aige.

4.   Cáilíochtaí le haghaidh oibríochtaí sonracha

4.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú do shaineolaí ar loingsiú paisinéirí

 

Gach iarratasóir ar an gcéad teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar loingsiú paisinéirí, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta le haghaidh saineolaithe ar loingsiú paisinéirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

 

Gach iarratasóir ar athnuachan ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar loingsiú paisinéirí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

éireoidh leis i scrúdú nua riaracháin nó críochnóidh sé clár oiliúna formheasta nua i gcomhréir le hAirteagal 17(2).

4.2.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar shaineolaí ar GNL

 

Gach iarratasóir ar an gcéad teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar GNL, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta do shaineolaithe ar GNL a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

 

Gach iarratasóir ar athnuachan ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar GNL, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a)

beidh an t-am loingseoireachta seo a leanas carntha aige ar bord árthaigh agus GNL in úsáid ann mar bhreosla:

ar a laghad 180 lá le linn na 5 bliana roimhe sin; nó

ar a laghad 90 lá le linn na bliana roimhe sin;

(b)

comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta do shaineolaithe ar GNL a leagtar amach in Iarscríbhinn II.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS BHUNRIACHTANACHA INNIÚLACHTA

1.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta ar an leibhéal oibríochta

1.1.   Loingseoireacht

Cabhróidh an máistir báid leis an árthach a bhainistiú agus árthach á ainliú agus á láimhseáil ar uiscebhealaí intíre. Beidh an bádóir in ann déanamh amhlaidh ar gach cineál uiscebhealaí agus i ngach cineál calafort. Go háirithe, beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cúnamh a thabhairt chun an t-árthach a ullmhú don seoltóireacht, chun a áirithiú go mbeidh turas sábháilte ann sna himthosca go léir;

cuidiú le hoibríochtaí múrála agus ancaireachta;

cabhrú le seoladh agus le hainliú an árthaigh ar bhealach atá sábháilte agus tíosach ar muir.

1.2.   Árthaí a oibriú

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cuidiú le bainistiú an árthaigh chun oibriú an árthaigh a rialú agus maidir le cúram na ndaoine atá ar bord;

trealamh an árthaigh a úsáid.

1.3.   Láimhseáil lasta, stuáil agus iompar paisinéirí

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cuidiú le bainistiú an árthaigh maidir le lastas a ullmhú agus a stuáil agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an lastas sin agus oibríochtaí i ndáil le luchtú agus díluchtú ar bun;

cuidiú le bainistiú an árthaigh chun seirbhísí a sholáthar do phaisinéirí;

cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus treoracha oiliúna Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

1.4.   Innealtóireacht mhuirí agus innealtóireacht leictreach, leictreonach agus rialaithe

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cuidiú le bainistiú an árthaigh san innealtóireacht mhuirí, leictreach, leictreonach agus rialaithe chun an tsábháilteacht theicniúil ghinearálta a áirithiú;

obair chothabhála a dhéanamh ar threalamh muirí, leictreach agus leictreonach agus ar threalamh innealtóireachta rialaithe chun an tsábháilteacht theicniúil ghinearálta a áirithiú.

1.5.   Cothabháil agus deisiú

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cuidiú le bainistiú an árthaigh chun an t-árthach, a fheistí agus a threalamh a chothabháil agus a dheisiú.

1.6.   Cumarsáid

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cumarsáid a dhéanamh go ginearálta agus go gairmiúil, lena n-áirítear an cumas leas a bhaint as frásaí cumarsáide caighdeánaithe i gcásanna ina mbeadh fadhbanna cumarsáide;

bheith sóisialta.

1.7.   Sláinte agus sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cloí le rialacha oibre sábháilte, tuiscint a bheith aige ar a thábhachtaí atá rialacha sláinte agus sábháilteachta agus ar a thábhachtaí atá an comhshaol;

a aithint a thábhachtaí atá oiliúint maidir le sábháilteacht ar bord agus gníomhú láithreach i gcás éigeandála;

réamhchúram a ghlacadh chun dóiteán a chosc agus an trealamh um chomhrac dóiteáin a úsáid mar is ceart;

dualgais a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar a thábhachtaí atá sé an comhshaol a chosaint.

2.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta le haghaidh inniúlachtaí ar an leibhéal bainistíochta

2.0.   Maoirseacht

Beidh an máistir báid in ann:

baill eile den chriú deice a threorú agus na tascanna a chuireann siad i gcríoch a mhaoirsiú, mar a thagraítear i Roinn 1 den Iarscríbhinn seo, agus beidh an cumas leordhóthanach ann na cúraimí sin a chomhlíonadh.

2.1.   Loingseoireacht

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

turas ar uiscebhealaí intíre a phleanáil agus loingseoireacht a sheoladh ar na huiscebhealaí sin, lena n-áirítear an cumas chun an chonair seoltóireachta is loighciúla, is eacnamaíche agus is éiceolaíche a roghnú chun cinn scríbe an luchtaithe agus an díluchtaithe a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar na rialacháin tráchta is infheidhme agus sraith rialacha is infheidhme a comhaontaíodh maidir le loingseoireacht intíre;

eolas a chur i bhfeidhm faoi na rialacha is infheidhme maidir le foirniú árthaí, lena n-áirítear eolas maidir le ham scíthe agus comhdhéanamh na mball foirne atá ar an deic;

seoladh agus ainliú a dhéanamh, agus oibriú sábháilte an árthaigh á áirithiú sna dálaí go léir ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear in imthosca ina mbíonn ard-dlús tráchta nó i gcás ina bhfuil earraí contúirteacha á n-iompar ag árthaí eile agus eolas bunúsach de dhíth faoin gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN);

freagairt a thabhairt ar éigeandálaí loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre.

2.2.   Árthaí a oibriú

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

eolas faoi longthógáil agus modhanna tógála i ndáil le huiscebhealaí intíre a chur i bhfeidhm maidir le hoibriú cineálacha éagsúla árthaí agus eolas bunúsach a bheith aige faoi na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

rialú agus faireachán a dhéanamh ar an trealamh éigeantach mar a luaitear i dteastas infheidhme an árthaigh é.

2.3.   Láimhseáil lasta, stuáil agus iompar paisinéirí

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

a phleanáil agus a áirithiú go ndéanfar lastais a luchtú, a stuáil, a dhaingniú, a dhíluchtú agus go dtabharfar aire dóibh ar bhealach sábháilte le linn an turais;

cobhsaíocht an árthaigh a phleanáil agus a áirithiú;

iompar sábháilte paisinéirí agus an cúram a thabharfar dóibh a phleanáil agus a áirithiú le linn an turais, lena n-áirítear cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus le treoracha oiliúna Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010.

2.4.   Innealtóireacht mhuirí agus innealtóireacht leictreach, leictreonach agus rialaithe

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

sreabhadh oibre na hinnealtóireachta muirí agus na hinnealtóireachta leictrí, leictreonaí agus rialaithe a phleanáil;

faireachán a dhéanamh ar na príomhinnill agus ar innealra cúnta agus trealamh cúnta;

córas caidéil agus córas rialaithe caidéil an árthaigh a phleanáil agus treoracha a thabhairt i ndáil leo;

a eagrú go ndéanfar feistí leictriteicniúla an árthaigh a úsáid, a chur i bhfeidhm, a chothabháil agus a dheisiú ar bhealach sábháilte;

cothabháil agus deisiú sábháilte feistí teicniúla a rialú.

2.5.   Cothabháil agus deisiú

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

cothabháil shábháilte agus deisiú sábháilte an árthaigh agus a threalaimh a eagrú.

2.6.   Cumarsáid

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

acmhainní daonna a bhainistiú, a bheith freagrach go sóisialta, agus cúram a dhéanamh d’eagrú an tsreabhaidh oibre agus na hoiliúna ar bord an árthaigh;

dea-chumarsáid a áirithiú i gcónaí, lena n-áirítear frásaí cumarsáide caighdeánaithe a úsáid in imthosca ina mbeadh fadhbanna cumarsáide;

timpeallacht oibre ar bord a chothú atá go breá cothrom agus sóisialta.

2.7.   Sláinte agus sábháilteacht, cearta paisinéirí agus cosaint an chomhshaoil

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

faireachán a dhéanamh ar na ceanglais dlí is infheidhme agus bearta a ghlacadh chun sábháilteacht anama a áirithiú;

sábháilteacht agus slándáil a chothabháil do na daoine atá ar bord, lena n-áirítear cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus le treoracha oiliúna Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010;

pleananna éigeandála agus rialaithe damáiste a chur ar bun agus cásanna éigeandála a bhainistiú;

a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil.

3.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta d’údaruithe sonracha

3.1.   Seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

oibriú le cairteacha agus le léarscáileanna atá cothrom le dáta, le fógraí do scipéirí agus do mhairnéalaigh agus le foilseacháin eile a bhaineann go sonrach le huiscebhealaí de chineál muirí;

leas a bhaint as tagraí taoide, sruthanna, tréimhsí agus timthriallta taoide, am na sruthanna taoide agus na taoidí agus athruithe ar fud inbhir;

leas a bhaint as SIGNI (Signalisation de voies de Navigation Intérieure) agus IALA (Comhlachas Idirnáisiúnta na nÁiseanna Mara le haghaidh Loingseoireachta agus na nÚdarás Tithe Solais) le haghaidh loingseoireacht shábháilte ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí.

3.2.   Loingseoireacht radair

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i ndáil le loingseoireacht le cúnamh ó radar sula n-imítear;

na híomhánna radair a léirmhíniú agus an fhaisnéis a sholáthraítear le radar a anailísiú;

trasnaíocht de thionscnaimh éagsúla a laghdú;

loingsiú a dhéanamh tríd an radar, agus an tsraith rialacha comhaontaithe is infheidhme maidir le loingseoireacht intíre á cur i gcuntas, i gcomhréir leis na rialacháin lena sonraítear na ceanglais chun loingsiú a dhéanamh trí radar (amhail ceanglais foirnithe nó ceanglais theicniúla do shoithí);

cúinsí sonracha a láimhseáil, amhail dlús tráchta, mainneachtain feistí, staideanna contúirteacha.

4.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta d’oibríochtaí sonracha

4.1.   Saineolaí ar loingsiú paisinéirí

Beidh gach iarratasóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

úsáid trealaimh tarrthála ar bord soithí paisinéirí a eagrú;

treoracha sábháilteachta a chur i bhfeidhm agus na bearta is gá a dhéanamh chun paisinéirí i gcoitinne a chosaint, go háirithe i gcás éigeandála (e.g. aslonnú, damáiste, imbhualadh, dul i dtalamh, dóiteán, pléascadh nó staideanna eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le scaoll), lena n-áirítear cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus le treoracha oiliúna d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010;

cumarsáid a dhéanamh i mBéarla bunúsach;

na ceanglais ábhartha de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010 a chomhlíonadh.

4.2.   Saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL)

Beidh gach iarratasóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht agus na caighdeáin is infheidhme maidir le hárthaí a úsáideann GNL mar bhreosla, agus go gcomhlíonfar rialacháin sláinte agus sábháilteachta ábhartha eile freisin;

bheith ar an eolas faoi phointí sonracha airde a bhaineann le GNL, na rioscaí a aithint agus iad a bhainistiú;

na córais a bhaineann go sonrach le GNL a oibriú ar bhealach sábháilte;

a áirithiú go ndéanfar seiceáil rialta ar chóras GNL;

a bheith ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar oibríochtaí buncaeireachta GNL ar mhodh sábháilte, rialaithe;

córas GNL a ullmhú le haghaidh chothabháil an árthaigh;

cásanna éigeandála a láimhseáil a bhaineann le GNL.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(2)  Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).”;


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS BHUNRIACHTANACHA MAIDIR LE DEA-SHLÁINTE

Ciallaíonn dea-shláinte, arb éard atá ann folláine fhisiceach agus mheabhrach, nach mbeidh aon ghalar ná aon mhíchumas ag gabháil don duine atá ag obair ar bord árthaigh a d’fhágfadh nach mbeadh sé in ann:

na cúraimí a dhéanamh is gá chun árthach a fheidhmiú;

na dualgais a shanntar dó a dhéanamh tráth ar bith; nó

na dálaí mórthimpeall air a thuiscint mar is ceart.

Leis an scrúdú, cumhdófar go háirithe géire amhairc agus éisteachta, feidhmeanna luadracha, an staid néaraishíciatrach agus riochtaí cardashoithíocha.


IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS IS INFHEIDHME

Tábla A

Ábhar, Airteagal

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

Scrúduithe praiticiúla, Airteagal 17(4)

[CESNI …]

[___]

Ionsamhlóirí a fhormheas, Airteagal 21(2)

 

 

Saintréithe agus coinníollacha úsáide clár, Airteagal 25(2)

 

 


Tábla B

Mír

Ceanglas bunriachtanach inniúlachta

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

1

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta ar an leibhéal oibríochta

[CESNI …]

[___]

2

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta le haghaidh inniúlachtaí ar an leibhéal bainistíochta

3

Ceanglais bhunriachtanacha le haghaidh inniúlacht d’údaruithe sonracha

 

 

3.1

Seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí

 

 

3.2

Loingseoireacht radair

 

 

4

Ceanglais bhunriachtanacha le haghaidh inniúlacht d’oibríochtaí sonracha

 

 

4.1

Saineolaí ar loingsiú paisinéirí

 

 

4.2

Saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL)

 

 


Tábla C

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le dea-shláinte

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

Scrúdú dea-shláinte

[CESNI …]

[___]


27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

87


TREOIR (AE) 2017/2398 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (a) d’Airteagal 153(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) oibrithe a chosaint ar rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht as nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ar an láthair oibre. Sa Treoir sin, déantar foráil maidir le leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann le carcanaiginí agus le só-ghineacha i gcreat de phrionsabail ghinearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas íosta a áirithiú. I dtaca leis na socruithe ginearálta maidir le cosaint oibrithe a bunaíodh faoin Treoir sin, is gnéithe tábhachtacha díobh sin na teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde a bunaíodh ar bhonn na faisnéise infhaighte, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, indéantacht eacnamaíoch, measúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht prótacal agus teicnící maidir le nochtadh a thomhas ag an láthair oibre. Is é is aidhm do na ceanglais íosta dá bhforáiltear sa Treoir sin cosaint a thabhairt, ar leibhéal an Aontais, d’oibrithe. Is féidir leis na Ballstáit teorainnluachanna níos déine um nochtadh ceirde a leagan síos.

(2)

Is cuid de bhainistiú riosca faoi Threoir 2004/37/CE na teorainnluachanna um nochtadh ceirde. Tá comhlíonadh na dteorainnluachanna sin gan dochar do na ceanglais eile a leagtar ar fhostóirí de bhun na Treorach sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid carcanaiginí agus só-ghineacha ar an láthair oibre a laghdú, le nochtadh na n-oibrithe do charcanaiginí nó do shó-ghineacha a chosc nó a laghdú, agus leis na bearta ba cheart a chur chun feidhme chun na críche sin. Ach é a bheith indéanta go teicniúil, ba cheart a áireamh ar na bearta sin athsholáthar na carcanaigine nó an tsó-ghinigh ag substaint, ag meascán nó ag próiseáil nach contúirteach nó is lú contúirt do shláinte na n-oibrithe, úsáid córais dhúnta, nó bearta eile arb é is aidhm dóibh leibhéal nochta na n-oibrithe a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé bunriachtanach go gcuirfí prionsabal an réamhchúraim san áireamh i gcás inarb ann d’éiginnteacht.

(3)

I dtaca le formhór na gcarcanaiginí agus na só-ghineach, ní féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha ann i gcás nochtadh ar leibhéal atá faoina mbun. Bíodh is nach féidir na rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe as nochtadh do charcanaiginí agus só-ghineacha ag an obair (i.e. riosca iarmharach) a dhísciú trí theorainnluachanna a leagan síos don láthair oibre de bhun na Treorach seo, ní beag an cúnamh sin, mar sin féin, mar go laghdaítear go mór na rioscaí a eascraíonn ó nochtadh dá leithéid sin, a bhuí leis an gcur chuige céim ar chéim agus cuspóir-dhírithe de bhun Threoir 2004/37/CE. I dtaca le carcanaiginí agus só-ghineacha eile, is féidir, ó thaobh na heolaíochta de, leibhéil a shainaithint nach mbeifear ag súil le héifeachtaí díobhálacha i gcás nochtadh ar leibhéal atá faoina mbun.

(4)

I dtaca le huasleibhéil do nochtadh oibrithe do charcanaiginí áirithe nó do shó-ghineacha áirithe, is le luachanna a bhunaítear iad agus, de bhun Threoir 2004/37/CE, ní ceadmhach na luachanna sin a shárú. Ba cheart na teorainnluachanna sin a athbhreithniú agus ba cheart teorainnluachanna a leagan síos maidir le carcanaiginí breise agus só-ghineacha breise.

(5)

Ar bhonn na dtuarascálacha cur chun feidhme a chuireann na Ballstáit isteach gach 5 bliana de bhun Airteagal 17a de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (4), tá an Coimisiún le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata dhlíthiúil maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde, lena n-áirítear Treoir 2004/37/CE, agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé na hinstitiúidí ábhartha agus an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) ar an eolas faoi thionscnaimh chun oibriú an chreata sin a fheabhsú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, tograí iomchuí reachtacha.

(6)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inar gá sin, ar na teorainnluachanna a leagtar amach sa Treoir seo i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla nua agus dea-chleachtais fhianaise-bhunaithe, teicnící fianaise-bhunaithe agus prótacail fhianaise-bhunaithe maidir le leibhéil nochta a thomhas ar an láthair oibre. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis sin, más féidir, sonraí maidir le rioscaí iarmharacha do shláinte na n-oibrithe agus na tuairimí ón gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde (SCOEL) agus ón ACSH. I dtaca le faisnéis a bhaineann le riosca iarmharach agus a chuirtear ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais, ní beag an éadáil sin i ndáil lena ndéanfar amach anseo ar mhaithe le teorainn a chur leis na rioscaí a eascraíonn ón nochtadh ceirde do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart trédhearcacht faisnéise den sórt sin a spreagadh tuilleadh.

(7)

Mar gheall ar an easpa sonraí comhsheasmhacha maidir le nochtadh do shubstaintí, is gá oibrithe nochta nó oibrithe atá i mbaol a nochta a chosaint trí fhaireachas ábhartha sláinte a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, maidir le faireachas iomchuí sláinte ar oibrithe a nochtann torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2004/37/CE riosca dá sláinte nó dá sábháilteacht, ba cheart an deis a bheith ann leanúint den fhaireachas sin i ndiaidh deireadh teacht leis an nochtadh tar éis don dochtúir nó don údarás atá freagrach as an bhfaireachas sláinte léiriú a thabhairt. Ba cheart faireachas den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí náisiúnta nó le cleachtas náisiúnta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 14 de Threoir 2004/37/CE a leasú chun faireachas sláinte den sórt sin a áirithiú do na hoibrithe uile lena mbaineann.

(8)

Is gá do na Ballstáit sonraí a bhailiú ó fhostóirí ar bhealach iomchuí comhsheasmhach chun sábháilteacht agus cúram cuí na n-oibrithe a áirithiú. Tá na Ballstáit le faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún chun críocha a thuarascálacha ar chur chun feidhme Threoir 2004/37/CE. Mar atá, tacaíonn an Coimisiún le dea-chleachtas i ndáil le bailiú sonraí sna Ballstáit agus ba cheart dó tuilleadh feabhsuithe a mholadh, de réir mar is iomchuí, ar an mbailiú sonraí a cheanglaítear de bhun Threoir 2004/37/CE.

(9)

Faoi Threoir 2004/37/CE ceanglaítear ar fhostóirí úsáid a bhaint as nósanna imeachta iomchuí atá ann cheana maidir le leibhéil nochta do charchanaigíní agus do shó-ghineacha ar an láthair oibre a thomhas, agus é á chur san áireamh acu go luann SCOEL ina chuid moltaí a indéanta atá sé faireachán a dhéanamh ar nochtadh ag aon cheann de na teorainnluachanna um nochtadh ceirde a mholtar agus ag teorainnluachanna bitheolaíocha. Maidir le feabhas a chur ar choibhéis na modheolaíochtaí i ndáil le tiúchan carcanaiginí agus só-ghineacha san aer a thomhas i dtaca le teorainnluachanna a leagtar amach i dTreoir 2004/37/CE, tá sé tábhachtach chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear inti a atreisiú agus chun ardleibhéal comhchosúil cosanta sláinte d’oibrithe agus cothrom na Féinne a áirithiú ar fud an Aontais.

(10)

Is iad na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE dá bhforáiltear sa Treoir seo na chéad chéimeanna i bpróiseas fadtéarmach chun í a thabhairt cothrom le dáta. Mar an chéad chuid eile den phróiseas sin, thíolaic an Coimisiún togra maidir le teorainnluachanna agus nodaireachtaí craicinn a bhunú i dtaca le seacht gcinn de charcanaiginí breise. Thairis sin, ina Theachtaireacht an 10 Eanáir 2017 dar teideal “Safer and Healthier Work for All — Modernisation of the EU Occupational Safety and Health Legislation and Policy” (Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách — Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas an Aontais maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde), dúirt an Coimisiún go bhfuil leasuithe breise le bheith ann ar Threoir 2004/37/CE. Ba cheart don Choimisiún leanúint dá chuid oibre ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE a nuashonrú amach anseo ar bhonn leanúnach, agus sin i gcomhréir le hAirteagal 16 di agus leis an gcleachtas seanbhunaithe. Is éard ba cheart a bheith mar thoradh ar an obair sin, i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh amach anseo ar na teorainnluachanna atá leagtha amach i dTreoir 2004/37/CE agus sa Treoir seo, mar aon le moltaí maidir le teorainnluachanna breise.

(11)

Is gá breithniú a dhéanamh ar chonairí ionsúcháin eile i gcás na gcarcanaiginí agus na só-ghineacha uile, lena n-áirítear go bhféadfaidís dul tríd an gcraiceann, chun an leibhéal cosanta féideartha is fearr a áirithiú.

(12)

Cuidíonn SCOEL leis an gCoimisiún, go háirithe leis na sonraí eolaíocha is nuaí dá bhfuil ar fáil a shainaithint, a mheas agus a anailísiú go mion, agus le teorainnluachanna um nochtadh ceirde a mholadh ar mhaithe le hoibrithe a chosaint ar rioscaí ceimiceacha, atá le leagan síos ar leibhéal an Aontais de bhun Threoir 98/24/CE ón gComhairle (5) agus Threoir 2004/37/CE. Maidir leis na hoibreáin cheimiceacha o-tolúidín agus 2-nitreaprópán, ní raibh aon mholadh ó SCOEL ar fáil in 2016 agus dá bhrí sin, cuireadh san áireamh foinsí eile faisnéise eolaíche, ar foinsí iad ar leordhóthain a stóinseacht agus atá san fhearann poiblí.

(13)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna do mhonaiméir de chlóiríd vinile agus do dheannaigh chrua-adhmaid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, i bhfianaise sonraí eolaíocha agus teicniúla níos nuaí. Ba cheart an t-idirdhealú idir deannach crua-adhmaid agus deannach bogadhmaid a mheasúnú tuilleadh a mhéid a bhaineann sé leis an teorainnluach a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, faoi mar a mhol SCOEL agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse.

(14)

Tá nochtadh measctha do níos mó ná speiceas amháin adhmaid coitianta go maith, rud a dhéanann an measúnú ar nochtadh do speicis éagsúla adhmaid níos casta. Tá nochtadh do dheannach ó bhogadhmad agus ó chrua-adhmad coitianta i measc oibrithe san Aontas agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim riospráide agus le galair riospráide, agus is é an éifeacht is tromchúisí ar an tsláinte an riosca ailsí sróine agus cuas-sróine. Is iomchuí a shuí, dá bhrí sin, i gcás ina measctar deannaigh chrua-adhmaid le deannaigh adhmaid eile, gur cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh deannach crua-adhmaid maidir leis na deannaigh adhmaid uile atá sa mheascán sin.

(15)

Sásaíonn comhdhúile áirithe de chuid cróimiam (VI) na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A nó 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí iad de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a shocrú do na comhdhúile cróimiam VI seo ar carcanaiginí iad de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do na comhdhúile cróimiam sin (VI).

(16)

Maidir le cróimiam VI, d’fhéadfadh sé nach iomchuí teorainnluach de 0.005 mg/m3 agus, i roinnt earnálacha, d’fhéadfadh sé gur deacair an rud é a ghnóthú sa ghearrthéarma. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse a thabhairt isteach ar lena linn ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach de 0.010 mg/m3. Maidir leis an gcás sonrach ina mbaineann an ghníomhaíocht oibre le hobair lena mbaineann próisis táthúcháin nó próisis gearrtha plasma nó próisis atá cosúil leo sin agus a ghineann múch, ba cheart feidhm a bheith ag teorainnluach de 0.025 mg/m3 le linn na hidirthréimhse sin, agus ba cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach de 0.005 mg/m3 is infheidhme go ginearálta ina diaidh.

(17)

Sásaíonn snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha áirithe na critéir lena gcur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaiginí iad de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos do shnáithíní ceirmeacha teasfhulangacha ar carcanaiginí iad de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do na snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha sin.

(18)

Tá dóthain fianaise ann maidir le carcanaigineacht an deannaigh silice criostalta inanálaithe. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, ba cheart teorainnluach a bhunú le haghaidh deannach silice criostalta inanálaithe. Níl deannach silice criostalta inanálaithe a ghintear trí phróiseas oibre faoi réir aicmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 Dá bhrí sin, is iomchuí obair lena mbaineann nochtadh do dheannach silice criostalta inanálaithe a ghintear trí phróiseas oibre a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus teorainnluach a bhunú le haghaidh deannach silice criostalta inanálaithe (“codán inanálaithe”), agus ba cheart an teorainnluach sin a bheith faoi réir athbhreithnithe, go háirithe i bhfianaise an lín oibrithe a nochtar.

(19)

D’fhonn bearta rialála a chomhlánú agus go háirithe d’fhonn tacú le cur chun feidhme éifeachtach na dteorainnluachanna, is ionstraimí luachmhara agus riachtanacha iad treoirlínte agus samplaí de dhea-chleachtais a chuireann an Coimisiún, na Ballstáit nó na comhpháirtithe sóisialta ar fáil, mar aon le tionscnaimh eile amhail an tIdirphlé Sóisialta dar teideal “Agreement on Workers’ Health Protection Through the Good Handling and Use of Crystalline Silica and Products Containing it” (NEPSi) agus ba cheart, dá bhrí sin, dianmhachnamh a dhéanamh orthu. Áirítear orthu sin bearta chun an nochtadh a chosc nó a íoslaghdú amhail sochtadh le cúnamh ó uisce chun deannach a chosc ó dhul san aer i gcás deannach silice criostalta inanálaithe.

(20)

Sásaíonn ocsaíd eitiléine na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh tógáil shuntasach tríd an gcraiceann i gcás ocsaíd eitiléine. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú d’ocsaíd eitiléine agus nodaireacht a shannadh di ina léireofar an fhéidearthacht maidir le tógáil shuntasach tríd an gcraiceann.

(21)

Sásaíonn 1,2-eapocsaprópán na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir leibhéal nochta a shainaithint nach mbeifear ag súil le héifeachtaí díobhálacha i gcás nochtadh don charcanaigin sin ar leibhéal atá faoina bhun. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do 1,2-eapocsaprópán.

(22)

Sásaíonn aicriolaimíd na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh tógáil shuntasach tríd an gcraiceann i gcás aicriolaimíde. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú d’aicriolaimíd agus nodaireacht a shannadh di ina léireofar an fhéidearthacht maidir le tógáil shuntasach tríd an gcraiceann.

(23)

Sásaíonn 2-nitreaprópán na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do 2-nitreaprópán.

(24)

Sásaíonn o-tolúidín na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do o-tolúidín agus nodaireacht a shannadh dó ina léireofar an fhéidearthacht maidir le tógáil shuntasach tríd an gcraiceann.

(25)

Sásaíonn 1,3-bútaidhé-éin na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do 1,3-bútaidhé-éin.

(26)

Sásaíonn hiodraisín na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh tógáil shuntasach tríd an gcraiceann i gcás hiodraisín. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do hiodraisín agus nodaireacht a shannadh dó ina léireofar an fhéidearthacht maidir le tógáil shuntasach tríd an gcraiceann.

(27)

Sásaíonn bróiméitiléin na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í de réir bhrí Threoir 2004/37/CE. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluach a leagan síos don charcanaigin sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do bhróiméitiléin.

(28)

Neartaítear cosaint sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe ina láthair oibre leis an Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí ina ndlí náisiúnta. Ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil dóthain ball foirne oilte agus acmhainní eile atá riachtanach ag na húdaráis inniúla chun dul i gceann na gcúraimí atá orthu maidir le cur chun feidhme cuí agus éifeachtach na Treorach seo, agus sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Is fearr a d’fhéadfadh fostóirí gabháil de chur i bhfeidhm na Treorach seo dá dtabharfaí treoir dóibh, i gcás inarb ábhartha, chun bealaí níos fearr a shainaithint maidir leis an Treoir seo a chomhlíonadh.

(29)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an ACSH. Chomh maith leis sin, rinne sé comhairliúchán dhá chéim leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(30)

Sna tuairimí a thug sé, thagair an ACSH do thréimhse athbhreithnithe le haghaidh teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde i gcás roinnt substaintí, amhail deannach silice criostalta inanálaithe, aicriolaimíd agus 1,3-bútaidhé-éin. Tá an Coimisiún leis na tuairimí sin a chur san áireamh agus substaintí á gcur in ord tosaíochta aige chun meastóireacht eolaíoch a dhéanamh orthu.

(31)

Sa tuairim a thug sé maidir le snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha, chomhaontaigh ACSH go bhfuil gá le teorainnluach ceangailteach um nochtadh ceirde ach níor éirigh leis teacht ar chomhsheasamh maidir le tairseach. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, ACSH a spreagadh le tuairim atá cothrom le dáta maidir le snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha a thíolacadh d’fhonn teacht ar chomhsheasamh maidir leis an teorainnluach don tsubstaint sin, gan dochar do mhodhanna oibre ACSH ná d’uathriail na gcomhpháirtithe sóisialta.

(32)

Is minic a nochtar fir agus mná do mhanglam substaintí ag an láthair oibre, rud a fhéadann rioscaí sláinte a mhéadú agus a fhéadann a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha, inter alia, ar chóras atáirgthe na bhfear agus na mban sin, lena n-áirítear torthúlacht lagaithe nó neamhthorthúlacht, agus a fhéadann tionchar diúltach a imirt ar fhorbairt féatais agus ar lachtadh. Maidir le substaintí, atá tocsaineach don atáirgeadh, tá siad faoi réir bhearta an Aontais lena bhforáiltear do cheanglais íosta maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, go háirithe iad sin dá bhforáiltear i dTreoir 98/24/CE agus i dTreoir 92/85/CEE ón gComhairle (7). Maidir leis substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh agus ar carcanaiginí nó só-ghineacha iad chomh maith, tá siad faoi réir fhorálacha Threoir 2004/37/CE. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le cur i bhfeidhm na mbeart maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint dá bhforáiltear i dTreoir 2004/37/CE a leathnú chun gach substaint atá tocsaineach don atáirgeadh a chumhdach.

(33)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun beatha agus an ceart chun dálaí oibre cothroma agus córa dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagal 2 agus Airteagal 31 de.

(34)

D’fhonn oibrithe a chosaint go héifeachtach, déanfar athbhreithniú leanúnach ar na teorainnluachanna a leagtar amach sa Treoir seo i bhfianaise chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), go háirithe d’fhonn an idirghníomhaíocht idir teorainnluachanna a leagtar amach i dTreoir 2004/37/CE agus leibhéil dhíorthaithe gan éifeacht a dhíorthaítear do cheimiceáin ghuaiseacha faoin Rialachán sin a chur san áireamh.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, ar cuspóirí iad chun dálaí oibre a fheabhsú agus sláinte oibrithe a chosaint ar na rioscaí sonracha a eascraíonn as an nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(36)

Ó tharla gur le cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe ar an láthair oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí lastigh de 2 bhliain ó dháta a teacht i bhfeidhm.

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Cuirfidh na Ballstáit san áireamh an fhaisnéis atá faoi phointe (a) go pointe (g) den chéad fhomhír den Airteagal seo sna tuarascálacha a chuireann siad faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 17a de Threoir 89/391/CEE.”;

(2)

leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bunóidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, socruithe maidir le faireachas iomchuí sláinte a dhéanamh ar oibrithe a nochtann torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) riosca dá sláinte nó dá sábháilteacht. An dochtúir nó an t-údarás atá freagrach as faireachas sláinte a dhéanamh ar oibrithe, féadfaidh sé a chur in iúl go gcaithfear leanúint den fhaireachas sláinte i ndiaidh deireadh teacht leis an nochtadh, fad a mheasann siad gur gá sin chun sláinte an oibrí lena mbaineann a choimirciú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Tabharfar fógra don údarás inniúil faoi gach cás ailse a shainaithnítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta gur as nochtadh ceirde ar charcanaigin nó ar shó-ghineach a eascraíonn sé.

Sna tuarascálacha a chuireann siad faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 17a de Threoir 89/391/CEE, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an fhaisnéis atá sa mhír seo.”.

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

Meastóireacht

Mar chuid den chéad mheastóireacht eile ar chur chun feidhme na Treorach seo i gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17a de Threoir 89/391/CEE, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar an ngá atá leis an teorainnluach do dheannach silice criostalta inanálaithe a mhodhnú. Molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na leasuithe agus na modhnuithe is gá a bhaineann leis an tsubstaint sin.

Tráth nach déanaí ná sa chéad ráithe de 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú, agus na forbairtí is déanaí ar an eolas eolaíoch á gcur san áireamh aige, ar an rogha leasú a dhéanamh ar raon feidhme na Treorach seo chun substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a áireamh. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair, togra reachtach a thíolacadh.”;

(4)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“6.

Obair lena mbaineann nochtadh do dheannach silice criostalta inanálaithe a ghintear trí phróiseas oibre”;

(5)

déantar an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 113.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

(3)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le risíocht le carcanaiginí nó só-ghineacha ag an láthair oibre (An séú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(4)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1)

(5)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 05.05.1998, lch. 11).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(7)  Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srian ar Cheimiceáin (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN III

Teorainnluachanna agus forálacha eile atá ábhartha go díreach (Airteagal 16)

A.   TEORAINNLUACHANNA UM NOCHTADH CEIRDE

Ainm an oibreáin

Uimh. CE (1)

Uimh. CAS (2)

Teorainnluachanna (3)

Nodaireacht

Bearta idirthréimhseacha

mg/m3  (4)

csm (5)

f/ml (6)

Deannaigh chrua-adhmaid

2  (7),

Teorainnluach de 3 mg/m3 go dtí 17 Eanáir 2023

Cumaisc de Chróimiam (VI) ar carcanaiginí iad de réir bhrí phointe (i) d’Airteagal 2 (a)

(mar chróimiam)

0,005

Teorainnluach de 0,010 mg/m3 go dtí 17 Eanáir 2025

Teorainnluach: 0.025 mg/m3 le haghaidh próisis táthúcháin nó próisis ghearrtha plasma nó próisis oibre atá cosúil leo sin agus a ghineann múch, agus sin go dtí 17 Eanáir 2025

Snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha

ar carcanaiginí iad de réir bhrí phointe (i) d’Airteagal 2 (a)

0,3

 

Deannach silice criostalta inanálaithe

0,1  (8)

 

Beinséin

200-753-7

71-43-2

3,25

1

craiceann (9)

 

Monaiméir de chlóiríd vinile

200-831-0

75-01-4

2,6

1

 

Ocsaíd eitiléine

200-849-9

75-21-8

1,8

1

craiceann (9)

 

1,2-Eapocsaprópán

200-879-2

75-56-9

2,4

1

 

Aicriolaimíd

201-173-7

79-06-1

0,1

craiceann (9)

 

2-Nitreaprópán

201-209-1

79-46-9

18

5

 

o-Tolúidín

202-429-0

95-53-4

0,5

0,1

craiceann (9)

 

1,3-Bútaidhé-éin

203-450-8

106-99-0

2,2

1

 

Hiodraisín

206-114-9

302-01-2

0,013

0,01

craiceann (9)

 

Bróiméitiléin

209-800-6

593-60-2

4,4

1

 

B.   FORÁLACHA EILE ATÁ ÁBHARTHA GO DÍREACH

p.m.”


(1)  Uimhir CE, i.e. Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar atá sainmhínithe i roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(2)  Uimh. CAS: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

(3)  Arna dtomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha 8 n-uaire an chloig.

(4)  mg/m3 = milleagram sa mhéadar ciúbach d’aer ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

(5)  csm = codanna sa mhilliún de réir toirt aeir (ml/m3).

(6)  f/ml = snáithíní sa mhillilítear.

(7)  Codán in-ion-análaithe: má mheasctar deannaigh chrua-adhmaid le deannaigh adhmaid eile, beidh feidhm ag an teorainnluach i dtaca le gach deannach adhmaid atá sa mheascán sin.

(8)  Codán inanálaithe.

(9)  D’fhéadfaí go gcuirfí go suntasach le hualach iomlán an choirp de bharr nochtadh deirmeach.


27.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

96


TREOIR (AE) 2017/2399 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 9 Samhain 2015, d’fhoilsigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) Bileog Téarmaí (“caighdeán TLAC”) an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (TLAC), agus d’fhormhuinigh G20 é i Samhain 2015. Is é cuspóir chaighdeán TLAC a áirithiú i gcás bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIBanna), dá ngairtear i gcreat an Aontais institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIInna), go bhfuil an cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin is gá acu chun a áirithiú, nuair a bheidh réiteach á dhéanamh agus díreach ina dhiaidh sin, gur féidir leanúint le feidhmeanna criticiúla gan cistí na gcáiníocóirí (cistí poiblí) ná cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Sa teachtaireacht uaidh an 24 Samhain 2015 dar teideal “Towards the completion of the Banking Union” (I dtreo an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche), gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach chun cinn faoi dheireadh 2016, lena bhféadfaí caighdeán TLAC a chur chun feidhme i ndlí an Aontais faoin sprioc-am a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, mar atá 2019.

(2)

Nuair a bheifear ag cur chaighdeán TLAC chun feidhme i ndlí an Aontais, ní mór an t-íoscheanglas institiúid-sonrach atá ann cheana maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a chur san áireamh, íoscheanglas is infheidhme maidir le hinstitiúidí uile an Aontais mar a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ós rud é go bhfuil an cuspóir céanna ag TLAC agus ag ICDI, mar atá a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin ag institiúidí an Aontais, ba cheart an dá cheanglas a bheith ina ngnéithe comhlántacha de chomhchreat. Go nithiúil, mhol an Coimisiún gur cheart íosleibhéal comhchuibhithe i dtaca le caighdeán TLAC do G-SIInna (“íoscheanglas TLAC”), agus na critéir incháilitheachta do dhliteanais a úsáidtear chun an caighdeán sin a chomhlíonadh, a thabhairt isteach i ndlí an Aontais trí leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar an bhforlíontán institiúid-sonrach do G-SIInna agus ar an gceanglas institiúid-sonrach d’eintitis nach G-SIInna iad chomh maith le critéir ábhartha incháilitheachta, trí bhíthin leasuithe spriocdhírithe ar Threoir 2014/59/AE agus ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Tá an Treoir seo, a bhaineann le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta, ina comhlánú ar na gníomhartha reachtacha thuasluaite, mar a mholtar iad a leasú, agus ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(3)

I bhfianaise na dtograí sin agus d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do mhargaí agus d’eintitis atá faoi réir ICDI agus TLAC, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar soiléiriú go pras ar chritéir incháilitheachta na ndliteanas a úsáidtear don chomhlíonadh le ICDI agus leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcuirtear TLAC chun feidhme, agus go dtabharfar forálacha iomchuí marthanachta isteach maidir le hincháilitheacht na ndliteanas a eisítear roimh theacht i bhfeidhm na gcritéar athbhreithnithe incháilitheachta.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumas leordhóthanach ionsúcháin caillteanais agus cumas leordhóthanach athchaipitliúcháin ag institiúidí chun a áirithiú go n-ionsúfaí na caillteanais agus go ndéanfaí athchaipitliú go mín agus go tapúil ionas go mbeadh an tionchar is lú is féidir ar chobhsaíocht airgeadais agus, ag an am céanna, é mar aidhm acu nach n-imreofaí aon tionchar ar cháiníocóirí. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart d’institiúidí íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh go seasta, ar íoscheanglas é atá le cur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus trí cheangaltas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE a chomhlíonadh.

(5)

Le caighdeán TLAC, cuirfear de cheangal ar G-SIInna íoscheanglas TLAC a chomhlíonadh, ach amháin i gcás eisceachtaí áirithe, trí bhíthin dliteanais fho-ordaithe ag a bhfuil rang níos ísle i dtaca le dócmhainneacht ná mar atá ag dliteanais atá eisiata ó TLAC (“ceanglas fo-ordúcháin”). Faoi chaighdeán TLAC, tá fo-ordú le cur i gcrích trí éifeachtaí dlíthiúla conartha (dá ngairtear fo-ordú conarthach), trí dhlíthe dlínse ar leith (dá ngairtear fo-ordú reachtúil) nó trí struchtúr corparáideach ar leith (dá ngairtear fo-ordú struchtúrach). I gcás ina gceanglaítear a leithéid le Treoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí a thagann faoin raon feidhme na Treorach sin a gceanglas gnólacht-sonrach a chomhlíonadh trí bhíthin dliteanais fho-ordaithe chun go laghdófaí an riosca go ndéanfadh creidiúnaithe agóid dhlíthiúil ar an mbonn go bhfuil caillteanais na gcreidiúnaithe i gcás réitigh níos mó ná na caillteanais a mbeidís tar éis a thabhú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta (an prionsabal nach mbeidh creidiúnaí ar bith níos measa as).

(6)

Tá roinnt Ballstát tar éis na rialacha maidir leis an rangú dócmhainneachta maidir le fiachas sinsearach neamhurraithe faoina ndlí dócmhainneachta náisiúnta a leasú, sin nó tá siad i mbun a leasaithe chun go bhféadfaidh institiúidí dá gcuid ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtúla agus, ar an gcaoi sin, imeachtaí réitigh a éascú.

(7)

Tá na rialacha náisiúnta a glacadh go dtí seo an-éagsúil óna chéile. In éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, tá neamhchinnteacht ann d’institiúidí eisiúna, agus d’infheisteoirí araon agus is dóigh gur deacra a bheidh sé an uirlis fortharrthála le haghaidh institiúidí trasteorann a chur i bhfeidhm. In éagmais na rialacha Aontais comhchuibhithe sin, is dóigh go dtiocfaidh saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach chun cinn, freisin, ar an ábhar go bhféadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann idir na costais a chuirfí ar na hinstitúidí i dtaca leis an gceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh agus na costais a bheadh ar infheisteoirí agus iad ag ceannach ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.

(8)

Sa rún uaithi an 10 Márta 2016 maidir leis an Aontas Baincéireachta (8), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun rioscaí dlíthiúla na n-éileamh a laghdú a thuilleadh faoin bprionsabal nach mbeadh creidiúnaí ar bith níos measa as, agus, sna conclúidí uaithi an 17 Meitheamh 2016, thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún togra a chur ar aghaidh maidir le cur chuige coiteann i dtaca le hordlathas creidiúnaithe bainc chun deimhneacht dhlithiúil a fheabhsú i gcás réitigh.

(9)

Is den riachtanas, dá bhrí sin, deireadh a chur leis na bacainní suntasacha atá ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus an saobhadh iomaíochta sin a sheachaint a thiocfadh chun cinn in éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais maidir le hordlathas creidiúnaithe bainc, agus cosc a chur ar bhacainní agus ar shaobhadh den chineál sin amach anseo. Dá réir sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí iomchuí don Treoir seo.

(10)

D’fhonn na costais maidir le comhlíonadh an cheanglais fho-ordúcháin agus aon tionchar diúltach ar chostais chistiúcháin a laghdú a oiread is féidir, ba cheart, leis an Treoir seo, a cheadú do na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, aicme reatha na ngnáthfhiachas sinsearach neamhurraithe a choinneáil, dliteanas is lú costas d’institiúidí a eisiúint ná aon dliteanais fho-ordaithe eile. D’fhonn feabhas a chur ar inréiteacht na n-institiúidí, ba cheart, mar sin féin, leis an Treoir seo, ceangal a chur ar na Ballstáit aicme nua d’fhiachas sinsearach neamhthosaíochta a chruthú ar ceart í a rangú, i gcás dócmhainneachta, os cionn ionstraimí cistí dílse agus os cionn dliteanais fho-ordaithe nach mbeidh incháilithe mar ionstraimí cistí dílse, ach faoi bhun dliteanais shinsearacha eile. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag institiúidí, i gcónaí, fiachas a eisiúint san aicme shinsearach agus san aicme shinsearach neamhthosaíochta araon. Maidir leis an dá aicme sin, agus gan dochar do roghanna agus do dhíolúintí eile dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh, níor cheart ach an aicme shinsearach neamhthosaíochta a bheith incháilithe chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh. Tá sé i gceist go leomhfadh sin do na hinstitúidí úsáid a bhaint as an ngnáthfhiachas sinsearach is lú costas maidir lena gcistiú féin nó ar chúiseanna oibríochtúla eile agus fiachas a eisiúint san aicme nua shinsearach neamhthosaíochta chun cistiú a fháil agus an ceanglas fo-ordúcháin á chomhlíonadh. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit roinnt aicmí a chruthú i gcomhair gnáthdhliteanais neamhurraithe eile, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad, gan dochar do thuairimí agus do dhíolúintí eile dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC, nach bhfuil incháilithe chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh ach an aicme shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta.

(11)

Chun a áirithiú go gcomhlíonann an aicme nua shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta na critéir incháilitheachta mar a thuairiscítear i gcaighdeán TLAC agus a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE, agus ar an gcaoi sin, go ndéanfar an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn bliain amháin ar a laghad d’aibíocht chonarthach bhunaidh ag na hionstraimí fiachais sin, nach mbíonn díorthaigh leabaithe acu agus nach díorthaigh iontu féin iad agus, sa doiciméadacht chonarthach ábhartha a bhaineann lena n-eisiúint agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire, go dtagraítear go sonrach dá rangú níos ísle de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ionstraimí fiachais a bhfuil ús athraitheach acu, a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go forleathan, amhail EurioborLibor, agus ionstraimí fiachais nach bhfuil ainmnithe in airgeadra intíre an eisitheora, níor cheart a mheas, díreach mar gheall ar na gnéithe sin amháin, gur ionstraimí fiachais iad a bhfuil díorthaigh leabaithe acu, ar choinníoll go ndéantar an bunairgead, an aisíocaíocht agus an t-ús a ainmniú san airgeadra céanna. Níor cheart gur dhochar an Treoir seo d’aon cheanglas sa dlí náisiúnta chun ionstraimí fiachais a chlárú i gclárlann dliteanas chuideachta an eisitheora chun na coinníollacha le haghaidh aicme shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta a chomhlíonadh, dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(12)

D’fhonn an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú d’infheisteoirí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gurb airde an rangú tosaíochta a bheidh ag gnáthionstraimí fiachais neamhurraithe agus ag gnáthdhliteanais neamhurraithe eile nach ionstraimí fiachais iad sna dlíthe dócmhainneachta náisiúnta atá acu ná mar a bheidh ag an aicme nua shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin gurb airde an rangú tosaíochta a bheidh ag an aicme nua shinsearach d’ionstraimí fiachais neamhthosaíochta ná mar a bheidh ag ionstraimí cistí dílse agus ná an rangú tosaíochta a bheadh ag aon dliteanais fho-ordaithe nach incháilithe mar chistí dílse.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon rialacha comhchuibhithe a leagan síos i ndáil le rangú dócmhainneachta a dhéanamh ar ionstraimí fiachais neamhurraithe chun críocha chreat téarnaimh agus réitigh an Aontais agus go háirithe chun a éifeachtaí atá an córas fortharrthála a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Go háirithe, níor cheart gur dhochar an Treoir seo do roghanna eile ná do dhíolúintí eile dá bhforáiltear i gcaighdeán TLAC chun an ceanglas fo-ordúcháin a chomhlíonadh.

(14)

Is iomchuí go mbeadh feidhm ag na leasuithe ar Threoir 2014/59/AE dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ar dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tar a éis sin. Mar sin féin, chun críocha na cinnteachta dlíthiúla agus chun na costais aistrithe a mhaolú a mhéid is féidir, is gá coimircí iomchuí a thabhairt isteach maidir le rangú dócmhainneachta na n-éileamh sin a dhéantar de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint roimh an dáta sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go ndéanfar rangú dócmhainneachta gach éilimh neamhurraithe gan íoc de thairbhe ionstraimí fiachais a d’eisigh institiúidí roimh an dáta sin, go ndéanfar an rangú sin a rialú le dlíthe na mBallstát mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad. A mhéid a bhféadfadh dlíthe áirithe náisiúnta, mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad, aghaidh a bheith tugtha acu cheana ar an gcuspóir atá ann a chur ar chumas institiúidí dliteanais fho-ordaithe a eisiúint, ba cheart go mbeadh an deis ann an rangú céanna dócmhainneachta a bheith ag cuid de na héilimh neamhurraithe gan íoc de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo nó acu sin ar fad, agus atá ag na hionstraimí fiachais shinsearaigh neamhthosaíochta a eisítear faoi choinníollacha na Treorach seo. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, tar éis an 31 Nollaig 2016 agus roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, a ndlíthe náisiúnta a oiriúnú lena rialaítear an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a eisíodh tar éis dháta chur i bhfeidhm na ndlíthe sin chun na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Sa chás sin, níor cheart ach do na héilimh neamhurraithe de thairbhe na n-ionstraimí fiachais a eisíodh roimh chur i bhfeidhm an dlí nua náisiúnta sin leanúint de bheith faoi rialú dhlíthe na mBallstát mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad.

(15)

Níor cheart an Treoir seo bac a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh go leanfadh an Treoir seo d’fheidhm a bheith aici nuair nach bhfuil eintitis eisiúna faoi réir chreat téarnaimh agus réitigh an Aontais a thuilleadh de bharr, go háirithe, dhífheistiú a gcreidmheasa nó gníomhaíochtaí infheistíochta le tríú páirtí.

(16)

Leis an Treoir seo, comhchuibhítear an rangú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais agus ní chumhdaítear an rangú dócmhainneachta i dtaca le taiscí thar na forálacha is infheidhme atá ann cheana de Threoir 2014/59/AE. Dá bhrí sin, ní dochar an Treoir seo do dhlíthe náisiúnta na mBallstát atá ann cheana nó a bheidh ann sa todhchaí lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta lena gcumhdaítear an rangú dócmhainneachta i dtaca le taiscí, a mhéid nach gcomhchuibhítear rangú den chineál sin le Treoir 2014/59/AE, beag beann ar an dáta a ndearnadh na taiscí. Faoin 29 Nollaig 2020, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE maidir le rangú na dtaiscí i gcás dócmhainneachta agus measúnú a dhéanamh go háirithe ar an ngá a bheidh le tuilleadh leasuithe a dhéanamh orthu.

(17)

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do mhargaí agus d’institiúidí aonair agus chun cur i bhfeidhm éifeachtach na huirlise tarrthála inmheánaí a éascú, is ceart go dtiocfadh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (48):

“(48)

‘ionstraimí fiachais’:

(i)

chun críche phointe (g) agus phointe (j) d’Airteagal 63(1), ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil; agus

(ii)

chun críche Airteagal 108, ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe agus ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 108:

“Airteagal 108

Rangú in ordlathas dócmhainneachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta:

(a)

go mbeidh an rangú tosaíochta céanna, arb airde é ná an rangú a sholáthraítear do na héilimh ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe, ag an méid seo a leanas:

(i)

an chuid sin de thaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;

(ii)

taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide murach gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí suite lasmuigh den Aontas d’institiúidí atá suite laistigh den Aontas.

(b)

tá an rangú tosaíochtaí céanna, arb airde é ná an rangú dá bhforáiltear faoi phointe (a) ag an méid seo a leanas:

(i)

taiscí cumhdaithe;

(ii)

scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann seachaíocht ar chearta agus oibleagáidí taisceoirí cumhdaithe i gcás dócmhainneachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta atá ag gnáthéilimh neamhurraithe, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;

(b)

níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad;

(c)

tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint don rangú níos ísle faoin mír seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb airde an rangú tosaíochta atá ina dlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, ná mar atá ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).

4.   Gan dochar do mhír 5 ná do mhír 7, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, mar a glacadh ar an 31 Nollaig 2016 iad, maidir leis an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) den Treoir seo, roimh an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena dtrasuítear Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) .

5.   I gcás inar ghlac Ballstát, tar éis an 31 Nollaig 2016 agus roimh 28 Nollaig 2018,dlí náisiúnta lena rialaítear an rangú i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta i dtaca le héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm dlí náisiúnta den sórt sin, ní bheidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo maidir le héilimh de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint tar éis dháta theacht i bhfeidhm an dlí náisiúnta sin, ar choinníoll go gcomhlíontar an méid seo a leanas:

(a)

faoin dlí náisiúnta sin, agus i gcás eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1), gurb airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag gnáthéilimh neamhurraithe, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

1 bhliain ar a laghad atá in aibíocht chonarthach bhunaidh na n-ionstraimí fiachais;

(ii)

níl díorthaigh leabaithe ag na hionstraimí fiachais agus ní díorthaigh iontu féin iad; agus

(iii)

tagraítear go sonrach sa doiciméadacht chonarthach ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, sa réamheolaire a bhaineann le heisiúint, don rangú níos ísle faoin dlí náisiúnta;

(b)

faoin dlí náisiúnta sin, is airde an rangú tosaíochta a bhíonn ag éilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den fhomhír seo, i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ná mar a bhíonn ag éilimh de thairbhe ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 48(1).

Ar an dáta a dtiocfaidh bearta faoin dlí náisiúnta i bhfeidhm lena trasuítear Treoir (AE) 2017/2399 , beidh an rangú tosaíochta céanna ag na héilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, agus atá ag an gceann dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

6.   Chun críocha phointe (b) de mhír 2 agus phointe (a)(ii) den chéad fhomhír de mhír 5, ionstraimí fiachais a bhfuil ús athraitheach acu, a dhíorthaítear ó ráta tagartha a úsáidtear go forleathan agus ionstraimí fiachais nach bhfuil ainmnithe in airgeadra intíre an eisitheora, ní mheasfar, díreach mar gheall ar na gnéithe sin amháin, gur ionstraimí fiachais iad a bhfuil díorthaigh leabaithe acu, ar choinníoll go ndéantar an bunairgead, an aisíocaíocht agus an t-ús a ainmniú san airgeadra céanna.

7.   I gcás na mBallstát inar glacadh roimh an 31 Nollaig 2016 dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ina ndéantar gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 1(1) a roinnt ina dhá rangú tosaíochta éagsúla nó níos mó, nó i gcás ina n-athraítear an rangú tosaíochta maidir le gnáthéilimh neamhurraithe de thairbhe ionstraimí fiachais den chineál sin i dtaca le gach gnáthéileamh neamhurraithe eile den rangú céanna, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go bhfuil an rangú céanna ag ionstraimí fiachais ag a bhfuil an rangú tosaíochta is ísle i measc na n-éileamh neamhurraithe agus atá ag na héilimh a chomhlíonann coinníollacha phointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.’

(*1)  Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta (IO L 345, 27.12.2017, lch. 96).”."

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 29 Nollaig 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta sin a chur i bhfeidhm an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm sa dlí náisiúnta.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 i gcás ina gcomhlíonann bearta náisiúnta na mBallstát atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo an Treoir seo. Sa chás sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún dá réir sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus don Údarás Baincéireachta Eorpach.

Airteagal 3

Athbhreithniú

Faoin 29 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm Airteagal 108(1) de Threoir 2014/59/AE. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an ngá a bheidh le tuilleadh leasuithe maidir le taiscí i gcás dócmhainneachta a rangú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg an 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 132, 26.4.2017, lch. 1.

(2)  IO C 173, 31.5.2017, lch. 41.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2017.

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(7)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(8)  Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.