ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
1 Samhain 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 maidir le nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír

9

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 286 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

1.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 maidir le nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal “Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch — I dTreo Sochaí Eorpach Ghigighiotáin”, leagtar amach fís Eorpach maidir le nascacht idirlín do shaoránaigh agus don lucht gnó sa mhargadh aonair digiteach agus tugtar cuntas ar roinnt bearta féideartha lena bhféadfaí nascacht san Aontas Eorpach a fheabhsú.

(2)

Sa teachtaireacht uaidh an 26 Lúnasa 2010 dar teideal “Clár Oibre Digiteach don Eoraip”, meabhraíonn an Coimisiún gur cuireadh béim sa Straitéis Eoraip 2020 ar an tábhacht a bhaineann le seirbhís leathanbhanda a imlonnú chun an cuimsiú sóisialta agus an t-iomaíochas a chur chun cinn san Aontas agus leis sin athdhearbhaíodh an cuspóir go n-áiritheofaí, faoi 2020, go mbeadh rochtain ag gach Eorpach ar luasanna idirlín a bheadh os cionn 30 Mbps, agus go mbeadh síntiús ag 50 % nó níos mó de theaghlaigh Eorpacha le naisc idirlín a bheadh os cionn 100 Mpbs.

(3)

Ar na bearta a mholtar chun féachaint le nascacht idirlín ar fud an Aontais a bhaint amach, tá sé á chur chun cinn ag an gCoimisiún ina theachtaireacht sin an 14 Méan Fómhair 2016 go -imlonnófaí lárphointí rochtana áitiúla gan sreang trí bhíthin nósanna imeachta pleanála simplithe agus bacanna rialála laghdaithe. Na lárphointí rochtana sin, lena n-áirítear iad sin atá coimhdeach i ndáil le soláthar seirbhísí poiblí eile nó iad sin nach de chineál tráchtála iad, féadfaidh siad a bheith ina mórchuidiú leis na líonraí cumarsáide gan sreang atá ann faoi láthair a fheabhsú agus leis na líonraí sin a bheidh ann amach anseo a imlonnú trí chlúdach níos gráinní a éascú de réir mar is gá. Ba cheart go bhféadfadh na lárphointí rochtana sin a bheith ina gcuid de líonra a mbeadh corásfíordheimhniúcháin amháin aige a bheadh bailí ar fud an Aontais agus ba cheart go mbeadh líonraí áitiúla nascachta idirlín eile gan sreang atá saor in aisce in ann ceangal leis an gcóras. Ba cheart go mbeadh an córas sin i gcomhréir le ceanglais sonraí cosanta de chuid an Aontais agus le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, ciallaíonn nascacht áitiúil idirlín gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha, maidir le bheith saor in aisce, go soláthrófar í gan luach saothair comhfhreagrach, bíodh sé sin le híocaíocht dhíreach nó le cúiteamh de shaghas eile, amhail fógraíocht tráchtála nó sonraí pearsanta a sholáthar chun críocha tráchtála. Maidir le bheith gan choinníollacha idirdhealaitheacha, ciallaíonn sé go soláthraítear é gan dochar do shrianta is gá a bheith ann faoi dhlí an Aontais, nó faoin dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, mar aon le bheith faoi réir an ghá feidhmiú rianúil an líonra a áirithiú agus, go háirithe, faoi réir an ghá leithdháileadh cothrom acmhainne a áirithiú idir úsáideoirí ag buaicuaireanta.

(5)

Margadh iomaíoch, agus creat reachtach ar féidir leis glacadh le forbairtí agus a spreagann iomaíocht, infheistíochtaí, agus nascacht fíor-ardacmhainne idirlín a bheith ar fáil agus á húsáid go forleathan, mar aon le líonraí tras-Eorpacha agus samhlacha nua gnó, tá ról tábhachtach acu maidir le spreagadh a thabhairt d'infheistíochtaí i líonraí ardacmhainne agus fíor-ardacmhainne ar féidir leo nascacht idirlín a sholáthar do shaoránaigh ar fud an Aontais.

(6)

I bhfianaise na teachtaireachta ón gCoimisiún an 14 Méan Fómhair 2016 agus chun cuimsiú digiteach a chur chun cinn, ba cheart don Aontas Eorpach tacú le nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar ardchaighdeán atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar in ionaid a thaithíonn an pobal, lena n-áirítear ionaid amuigh faoin aer ar féidir leis an bpobal i gcoitinne dul iontu. Níor cumhdaíodh, go dtí seo, an tacaíocht sin le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 (5) ná le Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(7)

Ba cheart go dtabharfaí spreagadh leis an tacaíocht sin do chomhlachtaí san earnáil phoiblí, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) iad, nascacht idirlín gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar mar sheirbhís choimhdeach anuas ar a misean poiblí chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine sna pobail áitiúla leas a bhaint as leathanbhanda ardluais agus go mbeidh deis acu a gcuid scileanna digiteacha a fheabhsú in ionaid a thaithíonn an pobal. D'fhéadfaí a áireamh i measc na gcomhlachtaí sin, bardais, comhlachais arna gcruthú ag bardais, údaráis phoiblí áitiúla eile agus institiúidí poiblí áitiúla eile, leabharlanna agus ospidéil.

(8)

D'fhéadfadh nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha cuidiú le dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach, go háirithe i bpobail atá tite ar gcúl maidir leis an litearthacht dhigiteach, lena n-áirítear i gceantair tuaithe agus in áiteanna iargúlta.

(9)

D'fhéadfadh rochtain níos fearr a sholáthar ar sheirbhís leathanbhanda ardluais agus ar sheirbhís leathanbhanda fhíor-ardluais agus, dá bhrí sin, ar sheirbhísí ar líne, go háirithe i gceantair tuaithe agus in áiteanna iargúlta, caighdeán maireachtála daoine a fheabhsú trí rochtain ar sheirbhísí a éascú, mar shampla ríomhsheirbhísí sláinte agus rialtais, agus d'fhéadfadh sé forbairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chur chun cinn.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh rath ar an tacaíocht atá le foráil faoin Rialachán seo agus chun gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiúin a áirithiú go ndéanfaidh na heintitis, a thugann faoi thionscadail agus leas á bhaint acu as cúnaimh airgeadais de chuid an Aontais a chuirtear ar fail faoin Rialachán seo, an oiread faisnéise is féidir maidir le hinfhaighteacht na seirbhísí a sholáthar d'úsáideoirí deiridh agus ba cheart dóibh a léiriú go soiléir go bhfuil maoiniú deonaithe ag an Aontas Eorpach. Leis an bhfaisnéis sin, d'fhéadfadh úsáideoirí deiridh rochtain a fháil go héasca freisin ar fhaisnéis maidir leis an Aontas Eorpach.

(11)

I bhfianaise an chuspóra shonraigh a bhaineann le nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a chur chun cinn in ionaid a thaithíonn an pobal agus atá dírithe ar riachtanais áitiúla, ba cheart é a aithint mar thionscadal leasa choitinn ar leith in earnáil na teileachumarsáide de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014.

(12)

D'fhonn an maoiniú iomchuí a chur ar fáil don chur chun cinn nascacht idirlín i bpobail áitiúla agus a chur i bhfeidhm rathúil a áirithiú, ba cheart EUR 25 000 000 a chur leis an imchlúdach airgeadais chun an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a chur chun feidhme in earnáil na teileachumarsáide, suim a fhéadfar a mhéadú go EUR 50 000 000 chun rath a áirithiú ar chur chun feidhme an chláir sin.

(13)

Ós rud é gur tacaíocht de chineál neamhthráchtála í an tacaíocht atá le soláthar faoin Rialachán seo agus gur tionscadail ar scála beag iad na tionscadail aonair atá beartaithe, ba cheart teorainn a chur ar an ualach riaracháin a oiread is féidir agus ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an leas atá beartaithe, agus an gá le cuntasacht agus cothromaíocht chuí idir simplíocht agus smacht á chur san áireamh. Mar sin, ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí na cineálacha cúnaimh airgeadais is iomchuí, go háirithe trí dheontais, mar shampla trí dhearbháin, atá ar fáil faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), nó a bheidh ar fáil faoi amach anseo. Níor cheart an tacaíocht atá le soláthar faoin Rialachán seo a bheith ag brath ar ionstraimí airgeadais. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

(14)

Mar gheall ar líon teoranta na leithreasaí airgeadais i gcomparáid le líon ard na n-iarratas a d'fhéadfadh a bheith ann, ba cheart nósanna imeachta riaracháin a shimpliú chun gur féidir cinntí a dhéanamh go tráthúil. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a leasú chun a chur ar chumas na mBallstát comhaontú le catagóirí tograí atá i gcomhréir leis na critéir a shainmhínítear i Roinn 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 chun formheas aonair iarratas a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh sé éigeantach caiteachas a dheimhniú agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiún go bliantúil maidir le deontais ná maidir le cineálacha eile cúnaimh airgeadais arna ndámhachtain faoin Rialachán seo.

(15)

Toisc nach mbeidh ach clúdach teoranta ag aon cheann ar leith de na lárphointí rochtana áitiúla gan sreang agus toisc an luach íseal a bheidh ar na tionscadail aonair a chuimseofar, ní mheastar go mbeidh na lárphointí rochtana a dtabharfar cúnamh airgeadais dóibh faoin Rialachán seo in iomaíocht le tairiscintí tráchtala. D'fhonn a áirithiú tuilleadh nach ndéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht i ngeall ar an gcúnamh airgeadais sin, nach bplódófar infheistíochtaí príobháideacha agus nach gcruthófar dídhreasachtaí d'oibritheoirí príobháideacha infheistíocht a dhéanamh, ba cheart an tacaíocht arna soláthar faoin Rialachán seo a theorannú do thionscadail nach ionann iad agus tairiscintí poiblí nó príobháideacha saor in aisce atá ann cheana sa spás poiblí céanna agus a bhfuil a bhfuil saintréithe comhchosúla acu. Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar na teorainneacha i dtéarmaí agus coinníollacha an úsáideora a leagan síos, amhail nascacht de réir tréimhse ama nó uasthomhaltas réasúnta sonraí a theorannú.

(16)

D'fhéadfadh tacaíocht bhreise cur le héifeacht níos suntasaí agus dá bhrí sin, níor cheart go gcuirfí as an áireamh é. D'fhéadfadh foinsí maoinithe poiblí, amhail cistí de chuid an Aontais nó cistí náisiúnta, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, nó ó fhoinsí maoinithe príobháideacha, tacaíocht den chineál sin a sholáthar.

(17)

Ba cheart an buiséad atá ar fáil a leithdháileadh go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar thionscadail ar fud na mBallstát agus, i bprionsabal, ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce”. Ba cheart an sásra arb é is aidhm dó cothromaíocht gheografach a áirithiú a chur san áireamh sna cláir oibre ábhartha arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus ba cheart é a shonrú tuilleadh sna glaonna ar thograí arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin, más gá, mar shampla, trína chur ar chumas na n-iarratasóirí ó na Ballstáit ar Ballstáit iad ina bhfuil glacadh réasúnta íseal le deontais nó cineálacha eile cúnaimh airgeadais a bheith rannpháirteach tuilleadh.

(18)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear nascacht idirlín ar fáil go tapa i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart, a oiread is féidir, cúnamh airgeadais a chur chun feidhme trí uirlisí ar líne a úsáid, uirlisí lenar féidir iarratais a dhéanamh agus a phróiseáil go tapa agus lena dtacaítear le lárphointí rochtana áitiúla gan sreang arna suiteáil a chur chun feidhme agus le faireachán agus iniúchadh a dhéanamh orthu. Ba cheart don Choimisiúin agus na húdaráis ábhartha sna Ballstáit an tionscadal leasa choiteann a chur chun cinn.

(19)

Tá an Rialachán seo gan dochar don dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, amhail forálacha náisiúnta lena gcuirtear cosc ar bhardais nascacht idirlín gan sreang atá saor in aisce a sholáthar go díreach, ach lena ligtear dóibh nascacht den chineál sin a sholáthar trí bhíthin eintitis phríobháideacha.

(20)

I ngeall ar an ngá práinneach atá ann i dtaca le nascacht idirlín san Aontas agus i ngeall ar an ngá práinneach a bhaineann le rochtain ar líonraí a chur chun cinn, lenar féidir seirbhís idirlín ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gceantair tuaithe agus in áiteanna iargúlta, atá bunaithe ar a laghad ar sheirbhísí leathanbhanda ardluais, agus cuspóirí na Sochaí Gigighiotáin Eorpaí á mbaint amach acu más féidir freisin, ba cheart féachaint leis an gcúnamh airgeadais a leithdáileadh go cothrom ó thaobh geografaíochta de.

(21)

Ba cheart ceangal a chur ar eintitis thairbhíocha an nascacht gan sreang a sholáthar ar feadh tréimhse nach lú ná 3 bliana.

(22)

Ba cheart go mbainfeadh na gníomhaíochtaí arna gcistiú de bhun an Rialacháin seo úsáid as an trealamh is nuaí agus is úrscothaí, lenar féidir nascacht ardluais atá saor in aisce agus gan choinníollacha idirdhealaitheacha, is féidir a rochtain go héasca agus atá slán mar is iomchuí a sholáthar dá húsáideoirí.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tacú le nascacht gan sreang ar ardchaighdeán a sholáthar i bpobail áitiúla ar fud an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus a éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1)

ciallaíonn ‘tionscadal leasa choitinn’ tionscadal a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch 14).”;"

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   In earnáil na teileachumarsáide, tacóidh an SCE le gníomhaíochtaí a fhéachann leis na cuspóirí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a bhaint amach.”;

(3)

sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

earnáil na teileachumarsáide: EUR 1 066 602 000;”;

(4)

leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena rannchuideofar le tionscadail leasa choitinn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014, mar aon le gníomhaíochtaí tacaíochta cláir, incháilithe do thacaíocht trí bhíthin cúnamh airgeadais ón Aontas, go háirithe i bhfoirm deontas, soláthair agus ionstraimí airgeadais.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   In earnáil na teileachumarsáide, na gníomhaíochtaí ar fad lena gcuirfear chun feidhme tionscadail leasa choitinn agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 agus a chomhlíonfaidh na critéir incháilitheachta agus/nó na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán sin, beidh siad incháilithe le cabhair airgeadais ón Aontas a fháil faoin Rialachán seo mar a leanas:

(a)

déanfar seirbhísí cineálacha, croí-ardáin seirbhíse agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir a mhaoiniú trí dheontais agus/nó soláthar;

(b)

déanfar gníomhaíochtaí i réimse na ngréasán leathanbhanda a mhaoiniú trí ionstraimí airgeadais;

(c)

déanfar gníomhaíochtaí chun nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla a mhaoiniú trí dheontais nó trí chineálacha cúnaimh airgeadais eile, gan ionstraimí airgeadais a áireamh.”;

(5)

in Airteagal 9, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   I gcás ina bhfuil údar leo, i ngeall ar an ngá atá ann ualach míchuí riaracháin a sheachaint, go háirithe má bhíonn deontais ar luach íseal de réir bhrí Airteagal 185 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 i gceist, féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo toiliú le catagóir ar leith tograí faoi na cláir oibre arna nglacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo, gan na hiarrthóirí aonair a ainmniú. Leis an toiliú sin, cuirfear deireadh leis an ngá atá ann do na Ballstáit gach uile iarratas a fhormheas.”;

(6)

in Airteagal 10(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Déanfar gníomhaíochtaí chun nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla a mhaoiniú trí bhíthin cúnamh airgeadais ón Aontas a chlúdóidh suas le 100 % de na costais incháilithe, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.”;

(7)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfar ionstraimí airgeadais a bhunófar i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a úsáid chun rochtain ar mhaoiniú a éascú d'eintitis a chuirfidh chun feidhme gníomhaíochtaí lena rannchuideofar le tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus chun a gcuspóirí a bhaint amach. Bunófar na hionstraimí airgeadais sin ar mheasúnuithe ex-ante ar lochtanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus ar riachtanais infheistíochta. Leagtar síos i gCuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha, agus príomhnósanna imeachta gach ionstraime airgeadais.”;

(8)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Nuair a bheidh cláir oibre ilbhliantúla agus cláir oibre bhliantúla earnála á nglacadh ag an gCoimisiún, bunóidh sé na critéir roghnúcháin agus dhámhactana i gcomhréir leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 den Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014. Agus na critéir dhámhachtana á leagan síos ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh na treoshuíomhanna ginearálta a leagtar síos i gCuid V d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

(9)

in Airteagal 22, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“Níl an deimhniú caiteachais dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo éigeantach maidir le deontais nó cineálacha eile cúnaimh airgeadais arna ndámhachtain de bhun phointe (c) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 283/2014.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear sa tríú mír den Airteagal seo maidir le deontais ná cineálacha eile cúnaimh airgeadais arna ndámhachtain de bhun phointe (c) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 283/2014.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 283/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(h)

ciallaíonn ‘lárphointe rochtana áitiúil gan sreang’ trealamh beag ísealchumhachta a fheidhmíonn laistigh de raon beag, agus a úsáideann, ar bhonn neamheisiach, speictream raidió a bhfuil na coinníollacha maidir lena infhaighteacht agus a úsáid éifeachtach chun na críche sin comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, agus lenar féidir le húsáideoirí líonra cumarsáide leictreonaí a rochtain gan sreang.”;

(2)

in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

tacú le nascacht áitiúil gan sreang ar ardchaighdeán atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla.”;

(3)

leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas;

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   Tacófar le gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)

deontais; agus/nó

(b)

cineálacha eile cúnaimh airgeadais, gan ionstraimí airgeadais a áireamh.”;

(b)

i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach in ionad an dara fomhír:

“Suas le 15 % den imchlúdach airgeadais d'earnáil na teileachumarsáide dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a bheidh sa mhéid sin.”;

(4)

in Airteagal 6, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“8a.   Maidir le gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le nascacht idirlín áitiúil ar ardchaighdeán gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla, ní mór dóibh na coinníollacha a leagtar amach i Roinn 4 den Iarscríbhinn a chomhlíonadh le bheith incháilithe don chistiú.”;

(5)

in Airteagal 8(9), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(d)

an líon nasc idirlín leis na lárphointí rochtana áitiúla gan sreang arna mbunú de thoradh gníomhaíochtaí lena gcuirtear Roinn 4 den Iarscríbhinn chun feidhme.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas leis an Iarscríbhinn:

“ROINN 4. NASCACHT GAN SREANG I bPOBAIL ÁITIÚLA

Ní mór gurb é is aidhm do ghníomhaíochtaí nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar in ionaid a thaithíonn an pobal, lena n-áirítear ionaid amuigh faoin aer ar a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne agus ar áiteanna tábhachtachta iad i saol an phobail áitiúil, chun na gníomhaíochtaí sin a bheith incháilithe do chúnamh airgeadais. Chun críche na hinrochtaineachta, soláthrófar rochtain leis na gníomhaíochtaí sin ar sheirbhísí i dteangacha ábhartha an Bhallstáit i dtrácht ar a laghad agus, a mhéid is féidir, i dteangacha oifigiúla eile de chuid institiúdí an Aontais.

Beidh cúnamh airgeadais ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), lena dtugtar gealltanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar trí lárphointí rochtana áitiúla gan sreang a shuiteáil.

Gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu nascacht idirlín áitiúil gan sreang a chur ar fáil, beidh siad incháilithe le cistiú a fháil ar an gcoinníoll:

(1)

gur comhlacht de chuid na hearnála poiblí dá dtagraítear sa dara mír a chuirfidh chun feidhme iad, ar comhlacht é a bhfuil sé ar a chumas suiteáil lárphointí rochtana áitiúla gan sreang i spásanna poiblí laistigh agus lasmuigh a phleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar an tsuiteáil sin, mar aon le maoiniú na gcostas oibriúcháin a áirithiú ar feadh 3 bliana ar a laghad;

(2)

go ndéanfaidh siad forbairt ar nascacht leathanbhanda ardluais lenar féidir seirbhís ardchaighdeáin idirlín d'úsáideoirí a chur ar fáil, ar seirbhís í:

(a)

atá saor in aisce agus gan choinníollacha idirdhealaitheacha, is féidir a rochtain go héasca, atá slán agus a úsáideann trealamh is nuaí agus is úrscothaí, lenar féidir nascacht ardluais a sholáthar dá húsáideoirí; agus

(b)

go dtacóidh siad le rochtain ar sheirbhísí digiteacha nuálacha, amhail iad sin a thairgtear trí bhonneagair seirbhísí digiteacha;

(3)

go n-úsáidfear an sainaitheantas coiteann físeach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus an nasc chuig na huirlisí gaolmhara ar líne;

(4)

go ndéanfar na prionsabail maidir le neodracht na teicneolaíochta ar leibhéal an aisiompair, úsáid éifeachtach cistithe phoiblí agus an cumas tionscadail a oiriúnú do na tairiscintí teicneolaíochta is fearr a urramú;

(5)

go dtabharfar gealltanas go soláthrófar an trealamh agus/nó na seirbhísí gaolmhara suiteála is gá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun a áirithiú nach ndéanfaidh tionscadail an iomaíocht a shaobhadh go míchuí.

Gníomhaíochtaí arb ionann iad agus tairiscintí poiblí nó príobháideacha saor in aisce atá ann sa spás poiblí céanna agus a bhfuil na saintréithe comhchosúla acu, ní bheidh siad incháilithe le cistiú a fháil. Féadfar dúbailt den sórt sin a sheachaint ach a áirithiú go ndéanfar raon na lárphointí rochtana arna gcistiú faoin Rialachán seo a leagan amach sa chaoi go gcumhdófar, go príomha, spásanna poiblí agus sa chaoi nach mbeifear ag forluí ar thairiscintí poiblí nó príobháideacha atá ann cheana a bhfuil saintréithe comhchosúla acu.

Is go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud na mBallstát a leithdháilfear an buiséad atá ar fáil ar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa roinn seo i bhfianaise líon na moltaí a fhaightear agus, i bprionsabal, is ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce” a leithdháilfear iad. Áireofar gach Ballstát i leithdháileadh na gcistí go léir faoi gach glao, óna bhfaighfear tograí atá incháilithe.

Beidh gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin roinn seo i bhfeidhm agus déanfaidh an Coimisiún grinnfhaireachán orthu ar feadh 3 bliana ar a laghad. Tar éis na tréimhse oibríochtúla leanfaidh an Coimisiún de bheith ag soláthar forléargas ar fheidhmiúlacht na ngníomhaíochtaí sin agus ionchur a d'fhéadfaí a úsáid do thionscnaimh sa todhchaí.

(*2)  Treoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).”."

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an triú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 69.

(2)  IO C 207, 30.6.2017, lch. 87.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.

(4)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE, (IO L 86, 21.3.2014, lch 14).

(7)  Treoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016. lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart go mbeadh tionchar fóinteach agus inscálaitheacht fhóinteach ag baint leis an tionscnamh WiFi4EU. Chuige sin, tugann siad dá n-aire mura féidir ardú EUR 25 000 000 go EUR 50 000 000 ar an imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na Saoráide um Chónascadh na hEorpa in earnáil na teileachumarsáide a áirithiú go hiomlán, d'fhéadfadh an Coimisiún athdháileadh laistigh den imchlúdach sin a mholadh chun cistiú foriomlán EUR 120 000 000 a éascú chun nascacht idirlín i bpobail áitiúla a chur chun cinn.


1.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


RIALACHÁN (AE) 2017/1954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (2) formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.

(2)

I bhfianaise eachtraí tromchúiseacha góchumtha agus calaoise, is léir go bhfuil amhras tarraingthe ar an bhformáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe atá ann faoi láthair agus atá in úsáid le 20 bliain anuas.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, dearadh comhchoiteann nua do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a cheapadh ina mbeidh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh ceadanna cónaithe den sórt sin níos sláine agus d'fhonn calaois a chosc.

(4)

Tá sé de cheart ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí acu a dréachtaíodh san fhormáid aonfhoirmeach agus a d'eisigh ceann de na Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine gluaiseacht faoi shaoirse ar feadh tréimhse 90 lá ar a mhéid laistigh de limistéar Schengen ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (Cód Teorainneacha Schengen).

(5)

Le reachtaíocht an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí ag náisiúnaigh tríú tír, leagtar amach scéimeanna lena ndeonaítear cearta breise sogluaiseachta agus coinníollacha sonracha maidir le dul isteach agus fanacht sna Ballstáit atá faoi cheangal ag an acquis sin. Úsáidtear an fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 i gcás ceadanna cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an reachtaíocht sin. Mar sin, chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann náisiúnaigh tríú tír a d'fhéadfadh leas a bhaint as na cearta sogluaiseachta áirithe sin a shainaithint, tá sé tábhachtach go ndéanfaí na hiontrálacha ábhartha, amhail “taighdeoir”, “mac léinn” nó “aistrí ionchorparáideach (ICT)” a thaispeáint go soiléir ar an gcead cónaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle an Rialachán seo cinneadh a dhéanamh, an gcuirfidh sí an Rialachán seo chun feidhme ina dlí náisiúnta.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis  (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle. (5)

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (6), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle. (7)

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis  (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9).

(12)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse nuair a bheidh na Ballstáit in ann seancheadanna cónaithe a úsáid go fóill ionas go mbeidh na Ballstáit in ann an stoc atá ann cheana a ídiú.

(13)

Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na híomhánna agus an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002.

Airteagal 2

Na ceadanna cónaithe a chomhlíonann na sonraíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 is infheidhme go dtí an dáta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfar iad a eisiúint mar cheadanna cónaithe go dtí 6 mhí tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo i bhfeidhm 15 mhí ar a dhéanaí tar éis na sonraíochtaí teicniúla breise dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a ghlacadh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(5)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(7)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(8)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(9)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

AGHAIDH AGUS CÚL AN CHÁRTA

Image

Image

(a)   Cur síos

Is mar dhoiciméad ar leith i bhformáid ID — 1 a bheidh an cead cónaithe, lena n-áireofar sonraí bithmhéadracha. Chuige sin tarraingeofar ar na sonraíochtaí a leagtar amach sa doiciméad de chuid ICAO maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite (Doiciméad 9303, an seachtú eagrán, 2015). Beidh na nithe seo a leanas ann (1):

 

Aghaidh an chárta:

1.

Cód tíre trí litir an Bhallstáit eisiúna mar a leagtar amach é i nDoiciméad 9303 de chuid ICAO maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite, agus é comhtháite sa chúlra priontáilte.

2.

Siombail ICAO do dhoiciméad taistil meaisín-inléite a bhfuil micrishlis éadadhaill ann (siombail e-MRTD), agus i ndathú atá inathraitheach go hoptúil a bheidh sé. Ag brath ar uillinn an amhairc, beidh dathanna éagsúla air.

3.1.

Is i dteanga(cha) an Bhallstáit eisiúna a bheidh teideal an doiciméid (‘Cead Cónaithe’).

3.2.

Teideal an doiciméid dá dtagraítear in iontráil 3.1 curtha/scríofa isteach athuair, i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais (nó in dhá cheann díobh ar a mhéad), ionas gur túisce a aithneofar an cárta mar chead cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.

4.1.

Uimhir an doiciméid.

4.2.

Cuirfear isteach an uimhir athuair an doiciméid (a bhfuil gnéithe speisialta slándála ag roinnt léi).

5.

Sonraítear uimhir rochtana an chárta (CAN).

Beidh ceannteidil iontrálacha 6 go 12 i dteanga(cha) an Bhallstáit eisiúna. Féadfaidh an Ballstát eisiúna teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais a chur ar an líne chéanna, ach gan níos mó ná dhá theanga san iomlán a bheith inti.

6.

Ainm: sloinne (sloinnte) agus céadainm (céadainmneacha), agus iad san ord sin (2).

7.

Inscne.

8.

Náisiúntacht.

9.

Dáta breithe.

10.

An cineál ceada: an cineál sonrach ceada cónaithe arna eisiúint ag an mBallstát don náisiúnach tríú tír. I gcás cead cónaithe ar do bhall de theaghlach saoránaigh den Aontas Eorpach nach ndearna an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú é, ní mór ‘ball teaghlaigh’ a chur san iontráil seo. I gcás tairbhithe faoi Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), féadfaidh na Ballstáit ‘tairbhí faoi Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE’ a chur san iontráil.

11.

Sonrófar dáta éaga an doiciméid sa bhosca seo (4).

12.

Barúlacha: Féadfaidh na Ballstáit sonraí agus nótaí chun críche úsáid náisiúnta a chur ann mar a cheanglaítear i bhfianaise a bhforálacha náisiúnta féin maidir le náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear nótaí a bhaineann le haon chead chun oibre nó le bailíocht neamhtheoranta an cheada chun fanachta. (5)

13.

Beidh grianghraf aitheantais comhtháite go daingean i gcorp an chárta arna dhaingniú le gaireas díraonta íomhánna atá inathraithe go hoptúil (DOVID).

14.

Síniú an tsealbhóra.

15.

DOVID leis an bportráid a chosaint.

 

Ar chúl an chárta:

16.

Barúlacha: Féadfaidh na Ballstáit sonraí agus nótaí chun críche úsáid náisiúnta a chur ann mar a éilítear i bhfianaise a bhforálacha náisiúnta féin maidir le náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear nótaí a bhaineann le haon chead chun oibre (6), agus dhá iontráil éigeantacha ar a lorg sin:

16.1.

Dáta eisiúna, áit eisiúna/údarás eisiúna: Dáta eisiúna agus áit eisiúna an cheada cónaithe. De réir mar is iomchuí, féadfar tagairt don údarás eisiúna a chur in ionad na háite eisiúna.

16.2.

Áit bhreithe.

Féadfar iontrálacha roghnacha (7) amhail ‘Seoladh an tsealbhóra’ a chur ar lorg iontráil 16.1 agus iontráil 16.2.

16.3.

Réimse roghnach d'fhaisnéis a bhaineann le táirgeadh an chárta amhail ainm an táirgeora, uimhir an leagain, etc.

17.

An chuid meaisín-inléite. Beidh an chuid mheaisín-inléite i gcomhréir leis na treoirlínte ICAO ábhartha a leagtar amach i nDoiciméad 9303 de chuid ICAO maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite.

18.

Sa chuid phriontáilte beidh suaitheantas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann d'fhonn an cead cónaithe a idirdhealú ar cheadanna eile agus d'fhonn cinnteacht a thabhairt dá bhunús náisiúnta.

19.

Sa chuid mheaisín-inléite beidh téacs cúlra priontáilte ina dtabharfar an Ballstát eisiúna le fios. Ní bheidh aon éifeacht ag an téacs seo ar ghnéithe teicniúla na coda meaisín-inléite.

Gnéithe slándála náisiúnta sofheicthe (gan dochar do na sonraíochtaí teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 2(1)(f) den Rialachán seo):

20.

Úsáidfear slis radaimhinicíochta mar mheán stórála i gcomhréir le hAirteagal 4a den Rialachán seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit, más chun críche úsáid náisiúnta é, dé-chomhéadan nó slis tadhaill ar leith a chomhtháthú sa chead cónaithe. Cuirfear sliseanna tadhaill den chineál sin ar chúl an chárta, beidh siad i gcomhréir le caighdeáin ISO agus ní chuirfidh siad isteach ar aon chaoi ar an tslis radaimhinicíochta.

21.

Fuinneog thrédhearcach roghnach.

22.

Ciumhais thrédhearcach roghnach.

(b)   Dathúchán, próiseas priontála

Socróidh na Ballstáit an dath agus an próiseas priontála i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus leis na sonraíochtaí teicniúla breise a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.

(c)   Ábhar

Beidh an cárta déanta go hiomlán de pholacarbónáit nó de pholaiméir shintéiseach dá samhail (ábhar a fhanfaidh bailí ar feadh 10 mbliana ar a laghad).

(d)   Teicnící priontála

Bainfear úsáid as na teicnící priontála seo a leanas:

seachphriontáil chúlra ar ardchaighdeán slándála;

priontáil UV-fhluaraiseach;

priontáil stua ceatha.

Beifear in ann an dearadh slándála ar aghaidh an chárta a idirdhealú ar an dearadh slándála ar a chúl.

(e)   Uimhriú

Beidh uimhir an doiciméid le feiceáil i mbreis agus aon ionad amháin ar an doiciméad (gan an chuid meaisín-inléite a chur san áireamh).

(f)   Cosaint ar chóipeáil

Úsáidfear ar aghaidh an cheada cónaithe leagan uasghrádaithe de DOVID lena gcuirfear ar fáil caighdeán aitheantais agus leibhéal slándála nach lú éifeacht ná an gaireas a úsáidtear san fhormáid aonfhoirmeach do víosaí atá ann faoi láthair, agus beidh dearadh agus gnéithe ardleibhéil sa leagan seo, lena n-áireofar eilimint dhíraonta fheabhsaithe le haghaidh meaisínfhíorú ardleibhéil.

(g)   Teicníc phearsantaithe

D'fhonn a áirithiú go bhfuil cosaint cheart ar na hiarrachtaí góchumtha agus falsaithe á déanamh i dtaca leis na sonraí maidir le cead cónaithe, déanfar sonraí beatha, lena n-áireofar an grianghraf, síniú an tsealbhóra agus sonraí tábhachtachta eile, déanfar iad a chomhtháthú in ábhar bunúsach an doiciméid. Chun pearsantú a dhéanamh, úsáidfear teicneolaíocht léasarghreanta nó teicneolaíocht shlán eile dá samhail.

(h)   Féadfaidh na Ballstáit gnéithe breise slándála náisiúnta a chur leis freisin, ar choinníoll go mbeidh na gnéithe sin áirithe sa liosta arna bhunú faoi Airteagal 2(1)(f) den Rialachán seo, go gcloífidh siad le cuma chomhchuibhithe na samhlacha thuas agus nach laghdófar éifeachtúlacht na ngnéithe slándála aonfhoirmeacha.


(1)  Tá na ceannteidil atá le priontáil sonraithe sna sonraíochtaí teicniúla atá le glacadh faoi Airteagal 6 den Rialachán seo.

(2)  Aon réimse amháin atá ann do na sloinnte agus do na céadainmneacha. Tabharfar na sloinnte sa chás uachtair; cuirfear na céadainmneacha sa chás íochtair ach sa chás uachtair don chéadlitir. Ní ceadmhach deighilteoirí a chur idir sloinnte agus céadainmneacha. Is féidir, áfach, an carachtar ‘,’a chur isteach mar dheighilteoir idir an chéad sloinne agus an dara sloinne, nó na céadainmneacha (mar shample: TOLEDO, BURGOS Ana, Maria). Más gá, is féidir an chéad sloinne agus an dara sloinne, nó na sloinnte agus céadainmneacha, a chur le chéile ar aon líne ar mhaithe le níos lú spáis a úsáid.

(3)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/EEC, 72/194/ CEE, 73/148/ CEE, 75/34/ CEE, 75/35/ CEE, 90/364/ CEE, 90/365/ CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(4)  Déanfar an iontráil i bhformáid dáta (ll/mm/bbbb), agus san fhormáid sin amháin; ná cuirtear focail amhail ‘sealadach’ nó ‘gan teorainn’ inti, toisc go mbaineann an dáta éaga leis an doiciméad fisiciúil agus ní leis an gceart cónaithe.

(5)  Is féidir barúlacha breise a chur isteach i réimse 16 (‘Barúlacha’) ar chúl an chárta.

(6)  A bhfuil de spás ar fáil ar chúl an chárta (seachas an chuid mheaisín-inléite), fágfar bán é don réimse dar teideal ‘Barúlacha’. Is éard a bheidh ann na barúlacha iarbhír agus, ina dhiaidh sin, na réimsí éigeantacha (dáta eisiúna, áit eisiúna/údarás eisiúna, áit bhreithe), agus, ina dhiaidh sin arís, na réimsí roghnacha a bheidh de dhíth ar gach Ballstát.

(7)  Ní mór fo-cheannteidil a chur roimh iontrálacha roghnacha.