ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
28 Iúil 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2017/1370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí

24

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

29

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach ( IO L 168, 30.6.2017 )

42

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 198 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.7.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1369 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2017

lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas tiomanta Aontas Fuinnimh a thógáil a mbeidh beartas aeráide forásach aige. Dlúthchuid de Chreat Beartais 2030 an Aontais don Aeráid agus don Fhuinneamh is ea an éifeachtúlacht fuinnimh agus tá sí ríthábhachtach má tá an t-éileamh ar fhuinneamh le maolú.

(2)

A bhuí le lipéadú fuinnimh, bíonn custaiméirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh bunaithe ar an méid fuinnimh a ídíonn táirgí a bhaineann le fuinneamh. Le faisnéis maidir le táirgí éifeachtúla agus inbhuanaithe, cuidítear go suntasach le coigilteas fuinnimh agus na billí fuinnimh a laghdú agus, ag an am céanna, cuirtear chun cinn nuálaíocht agus infheistíochtaí chun táirgí a bheidh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a tháirgeadh. Má chuirtear feabhas ar éifeachtúlacht na dtáirgí a bhaineann le fuinneamh tríd an deis a thabhairt do na custaiméirí rogha eolasach a dhéanamh agus trí cheanglais ghaolmhara a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, beidh tairbhe ann freisin do mhonaróirí, do thionscal agus do gheilleagar an Aontais ar an iomlán.

(3)

D'athbhreithnigh an Coimisiún éifeachtacht Threoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus aithníodh an gá an creat i gcomhair lipéadú fuinnimh a thabhairt chun dáta chun a éifeachtacht a fheabhsú.

(4)

Is iomchuí Rialachán a mbeidh an raon feidhme céanna geall leis aige, ach ina mbeidh roinnt de na forálacha athraithe agus feabhsaithe chun a bhfuil iontu a shoiléiriú agus a thabhairt chun dáta, a chur in ionad Threoir 2010/30/AE, agus an dul chun cinn teicneolaíoch ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i dtáirgí a baineadh amach le blianta beaga anuas á chur san áireamh. Ós rud é go ndéantar an t-ídiú fuinnimh atá ag gabháil le modhanna iompair i gcás daoine nó earraí a rialáil go díreach agus go hindíreach le dlí agus beartais eile de chuid an Aontais, is iomchuí leanúint d'iad sin a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear modhanna iompair le mótar a fhanann sa láthair chéanna le linn oibriú, amhail ardaitheoirí, staighrí beo agus criosanna iompair.

(5)

Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais den chéad uair, lena n-áirítear táirgí athláimhe allmhairithe, a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, níor cheart táirgí atá á gcur ar fáil ar mhargadh an Aontais don dara ham nó breis air sin a chur san áireamh.

(6)

Is é Rialachán an ionstraim iomchuí dlí mar cuirfear rialacha soiléire mionsonraithe i bhfeidhm leis lena gcuirtear cosc ar Bhallstáit iad a thrasuí ar shlite éagsúla agus, dá bhrí sin, lena n-áirithítear leibhéal níos airde comhchuibhithe ar fud an Aontais. Le creat rialála atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais seachas ar leibhéal na mBallstát, laghdófar na costais ar mhonaróirí, áirithítear cothroime iomaíochta agus áirithítear saorghluaiseacht earraí ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(7)

Aithnítear gur príomhghníomhaíocht sa Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh é an t-éileamh ar fhuinneamh a mhaolú a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2014. Sa Chreatstraitéis don Aontas Fuinnimh a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 leagadh tuilleadh béime ar chéadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar an ngá an dlí atá ag an Aontas cheana i dtaobh fuinnimh a chur chun feidhme ina hiomláine. Foráladh i bplean oibre na Creatstraitéise don Aontas Fuinnimh a leagtar amach sa Teachtaireacht sin go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhair táirgí in 2015. Leis an Rialachán seo cuirtear feabhas ar an gcreat reachtach agus ar an gcreat forfheidhmithe i gcomhair lipéadú fuinnimh.

(8)

Leis an bhfeabhas a chuirfear ar éifeachtúlacht táirgí a bhaineann le fuinneamh de thoradh an deis a thabhairt don chustaiméir rogha eolasach a dhéanamh, rachfar chun tairbhe gheilleagar an Aontais, laghdófar an t-éileamh ar fhuinneamh agus sábhálfar airgead do chustaiméirí ar bhillí fuinnimh, cuireann sé leis an nuálaíocht agus leis na hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, agus is féidir leis na tionscail a thairgeann na táirgí is mó éifeachtúlacht fuinnimh acu buntáiste iomaíoch a fháil mar thoradh air sin. Cuireann sé freisin le gnóthú spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2020 agus do 2030, chomh maith le spriocanna an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus le hathrú aeráide a bhaint amach. Thairis sin, tá sé mar aidhm leis freisin tionchar dearfach a imirt ar fheidhmíocht chomhshaoil na táirgí a bhaineann le fuinneamh agus a chodanna, lena n-áirítear úsáid acmhainní eile seachas fuinneamh.

(9)

Cuidíonn an Rialachán seo le forbairt, aithint ag custaiméirí agus glacadh an mhargaidh ar tháirgí fuinnimh cliste, ar féidir iad a ghníomhachtú chun idirghníomhú le fearais agus le córais eile, lena n-áirítear an eangach fuinnimh féin, d'fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh nó ar ghlacadh fuinnimh in-athnuaite, ídiú fuinnimh a laghdú agus nuálaíocht thionscal an Aontais a chothú.

(10)

Nuair a chuirtear faisnéis chruinn ábhartha inchomparáide ar fáil maidir leis an ídiú fuinnimh sonrach atá ag táirgí a bhaineann le fuinneamh, éascaítear don chustaiméir táirgí a roghnú a ídíonn níos lú fuinnimh agus acmhainní bunriachtanacha eile le linn a n-úsáide. Is modh éifeachtach é lipéad éigeantach caighdeánach i gcomhair táirgí a bhaineann le fuinneamh chun faisnéis inchomparáide a chur ar fáil do chustaiméirí ionchasacha faoin éifeachtúlacht fuinnimh atá ag táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart bileog faisnéise faoin táirge a bheith ag gabháil leis an lipéad. Ba cheart an lipéad a bheith so-aitheanta, simplí agus gonta. Chuige sin, ba cheart cloí leis an scála dathanna, ó dhubhuaine go dearg, atá ag an lipéad cheana le custaiméirí a chur ar an eolas faoi éifeachtúlacht fuinnimh táirgí. D'fhonn go mbeadh an lipéad fíor-úsáideach do custaiméirí atá ar lorg coigilteas fuinnimh agus costais, ba cheart scála an lipéid a bheith comhfhreagrach le coigilteas fuinnimh agus costais suntasacha do custaiméirí. I gcás formhór na ngrúpaí táirgí, ba cheart a léiriú ar an lipéad, i gcás inarb iomchuí, an dearbhídiú fuinnimh sa bhreis ar an scála lipéid, d'fhonn a chur ar chumas custaiméirí tionchar díreach a roghanna ar a gcuid billí fuinnimh a thuar. Mar sin féin, ní féidir an fhaisnéis chéanna seo a chur ar fáil i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh nach n-ídíonn fuinnimh iad féin.

(11)

Tá sé cruthaithe go bhfuil an t-aicmiú lena n-úsáidtear litreacha ó A go G cost-éifeachtach do chustaiméirí. Tá sé beartaithe go ndéanfaí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna grúpaí táirgí, agus go cuireann sé leis an trédhearcacht agus an tuiscint i measc custaiméirí. I gcásanna nach féidir, de bharr beart éicidhearthóireachta de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), táirgí a chur in aicme “E”, aicme “F” ná in aicme “G” a thuilleadh, ba cheart fós féin na haicmí sin a léiriú ar an lipéad i ndath liath. I gcásanna eisceachtúla, cuí-réasúnaithe, i gcás mar shampla nach mbainfí amach coigilteas leordhóthanach thar réimse iomlán na seacht n-aicme, d'fhéadfadh sé go mbeadh níos lú aicmí ar an lipéad ná an gnáthscála A go G. Sna cásanna sin, ba cheart an scála dathanna dúghlas go dearg a choinneáil ar an lipéad don chuid eile de na haicmí uachtaracha agus ba cheart nach mbeidh feidhm aige ach amháin le haghaidh táirgí nua atá á gcur ar an margadh nó á gcur i seirbhís.

(12)

I gcás ina gcuireann soláthróir táirge ar an margadh, ba cheart go mbeadh lipéad i bhfoirm páipéir a chomhlíonann ceanglais an ghnímh tharmligthe ábhartha ag gabháil le gach aonad den táirge. Sa ghníomh tarmligthe ábhartha, ba cheart an bealach is éifeachtaí chun na lipéid a thaispeáint, agus na himpleachtaí do chustaiméirí, do sholáthróirí agus do dhéileálaithe á gcur san áireamh a leagan amach agus d'fhéadfaí a fhoráil iontu go mbeidh an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge. Ba cheart don déileálaí an lipéad a thaispeáint, agus é ag gabháil leis an aonad den táirge, san áit a gceanglaítear leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Ba cheart an lipéad a thaispeáint sa chaoi is go ndéanfaí aird an chustaiméara a tharraingt agus ba cheart don lipéad a bheith soiléir agus so-aitheanta mar an lipéad a bhaineann leis an táirge sin gan gá don chustaiméir an t-ainm branda agus uimhir an mhúnla ar an lipéad a léamh.

(13)

Gan difear a dhéanamh d'oibleagáid an tsoláthróra lipéad clóite a chur in éineacht le gach aonad, leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht dhigiteach d'fhéadfaí go mbeifear in ann lipéid leictreonacha a bheadh sa bhreis leis an lipéad clóite fuinnimh a úsáid. Ba cheart go mbeidh an déileálaí in ann freisin an bhileog faisnéise faoin táirge a íoslódáil ó bhunachar sonraí na dtáirgí.

(14)

I gcásanna nach féidir an lipéad fuinnimh a thaispeáint, amhail cineálacha áirithe ciandíolacháin, fógraí amhairc agus ábhar fógraíochta teicniúil, ba cheart ar a laghad aicme fuinnimh an táirge, agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad.

(15)

Is é freagra na monaróirí ar an lipéad fuinnimh táirgí atá níos éifeachtúla fós a fhorbairt agus a chur ar an margadh. I gcomhthráth leis sin, is nós dóibh éirí as táirgí nach bhfuil chomh héifeachtúil a tháirgeadh, agus iad á spreagadh chuige sin ag dlí an Aontais maidir leis an éicidhearthóireacht. De thoradh na forbartha teicneolaíche sin is sna haicmí is airde den lipéad fuinnimh a bhíonn tromlach mhúnlaí na dtáirgí. D'fhéadfadh gá a bheith le tuilleadh dealaithe idir táirgí le gur féidir le custaiméirí comparáid cheart a dhéanamh, sa dóigh gur ghá na lipéid a athscálú. Ba cheart mar sin socruithe mionsonraithe a leagan síos sa Rialachán seo maidir le hathscálú chun deimhneacht dhlíthiúil do sholáthróirí agus do dhéileálaithe a uasmhéadú.

(16)

Maidir le roinnt lipéad a bunaíodh le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Threoir 2010/30/AE, tá táirgí ar fáil sna haicmí is airde amháin nó den chuid is mó. Laghdaíonn sé sin éifeachtacht na lipéad. Tá scálaí éagsúla, ag brath ar an ngrúpa táirgí, sna haicmí ar na lipéid atá ann faoi láthair inar féidir idir aicmí A go A+++ a bheith orthu mar an aicme is airde. Mar thoradh air sin, nuair a chuireann custaiméirí lipéid i gcomparáid le chéile, d'fhéadfaí tabhairt orthu a chreidiúint go bhfuil aicmí fuinnimh níos fearr ann i ndáil lipéad áirithe ná na haicmí sin atá ar taispeáint. Chun an mearbhall sin a sheachaint, is cuí, mar chéad chéim, athscálú tosaigh a dhéanamh ar na lipéid atá ann cheana d'fhonn scála aonchineálach A go G a áirithiú, do thrí chatagóir táirge de bhun an Rialacháin seo.

(17)

Níor tugadh lipéadú fuinnimh do tháirgí téimh spáis nó uisce isteach ach le déanaí agus tá an ráta dul chun cinn teicneolaíochta sna grúpaí táirgí sin sách mall. Déantar idirdhealú soiléir sa scéim reatha lipéadaithe idir gnáththeicneolaíochtaí breosla iontaise atá in aicme A ar a mhéad agus na teicneolaíochtaí a úsáideann fuinneamh in-athnuaite, ach atá i bhfad níos costasaí, lena gcoimeádtar aicme A+, aicme A++ agus aicme A+++. Is féidir coigilteas fuinnimh suntasach a ghnóthú trí na teicneolaíochtaí breosla iontaise is éifeachtúla, rud a fhágann gur iomchuí leanúint iad á gcur chun cinn mar aicme A. Toisc gur dócha go n-athróidh an margadh do tháirgí téimh spáis nó uisce chuig teicneolaíochtaí in-athnuaite ar luas mall, is iomchuí na lipéid fuinnimh do théamh spáis agus uisce a athscálú le haghaidh na dtáirgí sin níos déanaí.

(18)

Tar éis an athscálaithe thosaigh, ba cheart minicíocht an athscálaithe breise a chinneadh de réir tagairtí do chéatadán na dtáirgí a dhíoltar atá sna haicmí is airde. Ba cheart don athscálaithe breise an dul chun cinn teicneolaíoch agus an gá nach ndéanfaí ualach iomarcach a chur ar sholáthróirí, ar dhéileálaithe ná go háirithe ar ghnólachtaí beaga, a chur san áireamh. Dá bhrí sin, b'inmhianta amscála de thimpeall 10 mbliana a bheith ann do mhinicíocht an athscálaithe sin. Ba cheart go mbeadh ardaicme fholamh amháin ag lipéad nua-athscálaithe, chun an dul chun cinn teicneolaíoch a spreagadh, chun foráil don chobhsaíocht rialála, chun teorainn a chur lena mhinice a dhéanfar athscálú agus chun gur féidir táirgí atá níos éifeachtúla fós a fhorbairt agus a aithint. I gcásanna eisceachtúla, nuair atáthar ag súil le forbairt theicneolaíoch níos gasta, níor cheart go mbeadh táirgí ag teacht faoi réim an dá ardaicme tráth a dtabharfar an lipéad nua-athscálaithe isteach.

(19)

Sula ndéanfaidh athscálú, ba cheart don Choimisiún staidéar ullmhúcháin iomchuí a dhéanamh.

(20)

Nuair a dhéanfar lipéad do ghrúpa táirgí a athscálú, ba cheart mearbhall na gcustaiméirí a sheachaint do chustaiméirí trí lipéid ar na táirgí ábhartha sin ar taispeáint i siopaí a athsholáthar laistigh de thréimhse ghearr ama, agus trí fheachtais leordhóthanacha faisnéise do custaiméirí a eagrú ina léirítear go follasach go bhfuiltear tar éis leagan nua den lipéad a thabhairt isteach.

(21)

I gcás lipéad athscálaithe, ba cheart do sholáthróirí an lipéad atá ann cheana agus an lipéad athscálaithe araon a chur ar fáil do dhéileálaithe ar feadh tréimhse áirithe. Ba cheart na lipéid athscálaithe a chur in ionad na lipéad atá cheana ar tháirgí atá ar taispeáint, ar an idirlíon freisin, a luaithe is féidir tar éis an dáta athsholáthraithe atá sonraithe sa ghníomh tarmligthe maidir leis an lipéad athscálaithe. Níor cheart do dhéileálaithe na lipéid athscálaithe a chur ar taispeáint roimh an dáta athsholáthraithe.

(22)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. Ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh i dtaca lena róil féin sa slabhra soláthair agus ba cheart dóibh a áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar dá bhun.

(23)

Chun muinín custaiméirí as an lipéad fuinnimh a chaomhnú, níor cheart úsáid lipéad eile a dhéanann aithris ar an lipéad fuinnimh a cheadú i gcomhair táirgí a bhaineann le fuinneamh agus táirgí nach mbaineann le fuinneamh. I gcás nach gcumhdaítear táirgí a bhaineann le fuinneamh le gníomhartha tarmligthe, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann scéimeanna a choinneáil nó scéimeanna nua a thabhairt isteach maidir le lipéadú na dtáirgí sin. Ar an gcúis chéanna, níor cheart lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní a cheadú is dóigh a chuirfeadh custaiméirí ar míthreoir nó a chuirfeadh mearbhall orthu maidir leis an ídiú fuinnimh atá ag an táirge ábhartha. Lipéid dá bhforáiltear de bhun dhlí an Aontais, amhail boinn a lipéadú maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile comhshaoil, agus lipéid bhreise amhail Energy Star AE agus Éicilipéad AE, níor cheart a mheas go bhfuil na lipéid sin míthreorach nó mearbhlach.

(24)

Go minic anois, déantar nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí dá dtairgí a thairiscint do chustaiméirí i ndiaidh na táirgí a bheith curtha ar an margadh agus curtha in úsáid. Cé go mbíonn nuashonruithe den sórt sin ceaptha chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an táirge, féadtar tionchar a bheith acu ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar pharaiméadair tháirge eile a léirítear ar an lipéad fuinnimh. Má tá na hathruithe sin chun aimhleas an mhéid atá luaite ar an lipéad, ba cheart custaiméirí a chur ar an eolas faoi na hathruithe sin agus ba cheart an rogha a thabhairt dóibh glacadh leis an nuashonrú nó diúltú dó.

(25)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ní mór a shoiléiriú go bhfuil feidhm maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh ag na rialacha maidir le faireachas margaidh san Aontas agus maidir le rialú ar tháirgí ag teacht isteach san Aontas, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I bhfianaise phrionsabal na saorghluaiseachta earraí, tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh údaráis faireachais margaidh na mBallstát i gcomhar le chéile go héifeachtach. Ba cheart an comhar sin maidir le lipéadú fuinnimh a threisiú trí thacaíocht an Choimisiúin do Ghrúpaí Comhar Riaracháin (AdCos) um Éicidhearthóireacht agus um Lipéadú Fuinnimh.

(26)

Leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le faireachas margaidh ar tháirgí, déantar forálacha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus roinnt gníomhartha reachtacha earnáilsonracha an Aontais um chomhchuibhiú a chomhtháthú. Áirítear sa togra forálacha maidir le clásail choimirce atá i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a mbeadh feidhm acu maidir le gníomhartha reachtacha uile an Aontais um chomhchuibhiú. Chomh fada agus atá an rialachán nua fós á mheas ag na comhreachtóirí, is iomchuí tagairt a dhéanamh do Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus clásáil choimirce a chur san áireamh sa Rialachán seo.

(27)

Gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ní dírithe go heisiach atá siad ar chosaint na sláinte agus na sábháilteachta, ach tá siad infheidhme chomh maith maidir le forfheidhmiú dlí an Aontais a fhéachann le cosaint a thabhairt do leasanna poiblí eile, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2013 dar teideal “20 gníomhaíocht le haghaidh táirgí sábháilte agus comhlíontacha don Eoraip: plean gníomhaíochta ilbhliantúil maidir le faireachas táirgí san AE”, rinneadh modheolaíocht ghinearálta an Aontais um measúnú riosca a nuashonrú ionas go gclúdófaí na rioscaí go léir, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le lipéadú fuinnimh.

(28)

Chun gníomhaíocht faireachais margaidh atá comhleanúnach agus cost-éifeachtach a dhéanamh ar fud an Aontais, teastaíonn freisin malartú agus cartlannú cuimsitheach dea-struchtúrtha na faisnéise tábhachtaí uile idir na Ballstáit faoi ghníomhaíochtaí náisiúnta a dhéantar sa chomhthéacs sin, lena n-áirítear tagairt d'fhógraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Tá an bunachar sonraí “Córas Faisnéise agus Cumarsáide don Fhaireachas Margaidh” (ICSMS) arna bhunú ag an gCoimisiún oiriúnach chun bunachar sonraí iomlán d'fhaisnéis um fhaireachas margaidh, agus ba cheart, dá bhrí sin, a úsáid a spreagadh.

(29)

D'fhonn uirlis úsáideach do chustaiméirí a chur ar bun, ionas go bhféadfar bealaí malartacha a bheith ann do dhéileálaithe chun bileoga faisnéise táirgí a fháil, chun faireachán ar chomhlíonadh a éascú agus chun sonraí atá cothrom le dáta a sholáthar don phróiseas rialála maidir le hathbhreithnithe ar lipéid agus ar bhileoga atá sonrach ó thaobh táirge, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí táirgí a chur ar bun agus a choinneáil ina bhfuil cuid phoiblí agus cuid a bhaineann le comhlíonadh, ar cheart go mbeadh rochtain air trí thairseach ar líne.

(30)

Gan dochar d'oibleagáidí faireachais margaidh na mBallstát ná d'oibleagáidí an tsoláthróra comhréireacht táirge a sheiceáil, ba cheart do sholáthróirí an fhaisnéis a cheanglaítear maidir le comhlíonadh táirge a chur ar fáil go leictreonach sa bhunachar sonraí táirgí. Ba cheart an fhaisnéis atá ábhartha do thomhaltóirí agus do dhéileálaithe a chur ar fáil go poiblí sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí dtáirgí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil mar shonraí oscailte ionas go mbeidh deis ag forbróirí feidhmchlár móibíleach agus uirlisí comparáide eile úsáid a bhaint aisti. Ba cheart rochtain dhíreach fhurasta ar an gcuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí a éascú le huirlisí atá dírithe ar an úsáideoir, amhail cód dinimiciúil freagairt thapa (cód QR), a áireamh ar an lipéad clóite.

(31)

Ba cheart an chuid sin den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh a bheith faoi réir rialacha diana maidir le cosaint sonraí. Na codanna sonracha riachtanacha den doiciméadacht theicniúil den chuid a bhaineann le comhlíonadh, ba cheart dóibh a chur ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún. I gcás faisnéis theicniúil áirithe a bheith ann atá chomh híogair sin go mbeadh sé míchuí í a chur san áireamh i gcatagóir na doiciméadachta teicniúla mar a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh an chumhacht a choinneáil chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin nuair is gá, i gcomhréir leis an dualgas comhair atá ar sholáthróirí nó trí mheán codanna breise den doiciméadacht theicniúil a uaslódáiltear sa bhunachar sonraí táirgí ar bhonn deonach.

(32)

Chun go mbeidh an bunachar sonraí táirgí úsáideach chomh luath agus is féidir, ba cheart go mbeadh clárú éigeantach i gcás gach múnla ar cuireadh na n-aonaid de ar an margadh amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart clárú a bheith roghnach do mhúnlaí nár cuireadh na n-aonaid díobh ar an margadh ach amháin roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus nach margaítear a thuilleadh. Ba cheart idirthréimhse iomchuí a sholáthar d'fhorbairt an bhunachair sonraí agus a lamháil do sholáthróirí chun a n-oibleagáid chlárúcháin a chomhlíonadh. Nuair a dhéantar aon athruithe atá ábhartha maidir leis an lipéad agus leis an mbileog faisnéise faoin táirge comhardaithe ar tháirge atá ar an margadh, ba cheart an táirge a mheas mar mhúnla nua agus ba cheart don soláthróir é a chlárú sa bhunachar sonraí táirgí. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar le húdaráis faireachais margaidh agus le soláthróirí, aird ar leith a thabhairt ar an bpróiseas idirthréimhse go dtí go gcuirfear chun feidhme an chuid phoiblí agus an chuid a bhaineann le comhlíonadh den bhunachar sonraí táirgí.

(33)

Na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun, ba cheart iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(34)

Chun éifeachtúlacht fuinnimh, maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann dreasachtaí a chruthú maidir le húsáid táirgí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Is faoi na Ballstáit atá sé cineál na ndreasachtaí sin a chinneadh. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le státchabhair agus níor cheart iad a bheith ina mbacainní gan údar ar an margadh. Ní dochar an Rialachán seo do thoradh aon nós imeachta maidir le státchabhair a d'fhéadfaí a chur ar bun amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 107 agus le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i ndáil leis na dreasachtaí sin.

(35)

Chun ídiú fuinnimh, feidhmíocht agus faisnéis eile faoi na táirgí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo ag ceanglais atá sonrach ó thaobh an táirge de a thomhas, ba cheart modhanna iontaofa cruinne in-athsholáthraithe a úsáid lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais agus ríomha a aithnítear go ginearálta. Ba cheart caighdeáin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais chun leasa fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart fíorúsáid táirge ar leith a chur san áireamh a mhéid is féidir sna modhanna agus sna caighdeáin sin, ba cheart gnáthiompar tomhaltóirí a léiriú iontu agus ba cheart dóibh a bheith daingean chun teacht timpeall a tharlaíonn d'aon ghnó nó go neamhbheartaithe a dhíspreagadh. Ba cheart an fheidhmíocht chomparáideach ó thaobh úsáid iarbhír táirgí a léiriú i lipéid fuinnimh, laistigh de na srianta mar gheall ar an ngá atá le tástáil saotharlainne atá iontaofa agus inatáirgthe. Níor cheart a ligean do sholáthróirí, dá bhrí sin, bogearraí ná crua-earraí a áireamh más amhlaidh go n-athraítear feidhmíocht an táirge faoi dhálaí tástála go huathoibríoch mar gheall orthu sin. Mura mbeidh caighdeáin foilsithe tráth a gcuirfear i bhfeidhm na gceanglas atá sonrach ó thaobh an táirge de, ba cheart don Choimisiún modhanna idirthréimhseacha tomhais agus ríomha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis na ceanglais sin atá sonrach ó thaobh an táirge de. Ach a mbeidh tagairt do chaighdeán den sórt sin foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart comhlíonadh an chaighdeáin sin toimhde comhréireachta a thabhairt i dtaca le modhanna tomhais i gcomhair na gceanglas sin atá sonrach ó thaobh an táirge de arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo.

(36)

Ba cheart don Choimisiún plean oibre fadtéarmach a sholáthar chun athbhreithniú a dhéanamh ar lipéid ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh ar leith ina mbeadh liosta táscach de tháirgí eile a bhféadfaí lipéad fuinnimh a bhunú ina gcás. Ba cheart tús a chur le cur chun feidhme an phlean oibre le hanailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch ar na grúpaí táirgí lena mbaineann. Ba cheart breathnú ar fhaisnéis fhorlíontach san anailís sin freisin, lena n-áirítear an deis faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le feidhmíocht táirge a bhaineann le fuinneamh, amhail an t-ídiú fuinnimh atá ag an táirge, an mharthanacht nó an fheidhmíocht chomhshaoil atá aige, agus an costas a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil, i gcomhréir leis an gcuspóir geilleagar ciorclach a chur chun cinn. A bhuí le faisnéis fhorlíontach den sórt sin, ba cheart go gcuirfí feabhas ar a intuigthe agus a éifeachtaí atá an lipéad le haghaidh tomhaltóirí agus níor cheart aon tionchar diúltach a bheith aici ar thomhaltóirí.

(37)

Maidir le soláthróirí na dtáirgí a mhargaítear i gcomhréir le Treoir 2010/30/AE roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir na hoibleagáide a bhaineann le leagan leictreonach de dhoiciméadacht theicniúil na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fáil arna iarraidh sin do na húdaráis faireachais margaidh. Ba cheart go n-áiritheofaí, le forálacha idirthréimhseacha iomchuí, deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas i dtaca leis an méid sin.

(38)

Ina theannta sin, ar mhaithe le trasdul gan chastacht chuig an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart go leanfadh na ceanglais atá ann faoi láthair a leagtar síos i rialachán tharmligthe de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE agus de Threoir 96/60/CE (8) ón gCoimisiún maidir leis na grúpaí táirgí ábhartha go dtí go ndéantar iad a aisghairm nó a ionadú le gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo. Is gan dochar do chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo cur i bhfeidhm na gceanglas sin atá ann faoi láthair.

(39)

D'fhonn grúpaí táirgí sonracha maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a bhunú i gcomhréir le sraith critéar ar leith, agus d'fhonn lipéid agus bileoga faisnéise atá sonrach ó thaobh an táirge de a bhunú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(40)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena chinneadh, faoi nós imeachta cosanta an Aontais, cibé acu an bhfuil údar le beart náisiúnta nó nach bhfuil agus le ceanglais mhionsonraithe a bhunú a bhaineann leis na ceanglais oibríochta i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(41)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceadú do chustaiméirí táirgí níos éifeachtúla a roghnú trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, tríd an gcreat rialúcháin comhchuibhithe a fhorbairt tuilleadh agus a áirithiú go mbeifear in ann cothromaíocht a ghnóthú ar bhealach níos fearr do mhonaróirí ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(42)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun Treoir 2010/30/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta agus a chur i bhfeidhm.

(43)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/30/AE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos creat a bhfuil feidhm aige maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh (“táirgí”) a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís. Foráiltear leis do lipéadú na dtáirgí sin agus do sholáthar faisnéise caighdeánaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, le hídiú fuinnimh agus acmhainní eile arna dhéanamh ag táirgí le linn a n-úsáide agus faisnéis fhorlíontach a bhaineann le táirgí, agus a bhuí leis sin, is féidir le custaiméirí táirgí ar éifeachtúla iad ná a mhalairt a roghnú d'fhonn a n-ídiú fuinnimh a laghdú.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a)

táirgí athláimhe, ach amháin más táirgíathláimhe iad a allmhairíodh ó thríú tír;

(b)

modh iompair daoine nó earraí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “táirge a bhaineann le fuinneamh” nó “táirge” aon earra nó córas ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide, a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, lena n-áirítear páirteanna ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide d'aon earra nó córas den sórt sin a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís do chustaiméirí agus a bheartaítear a ionchorprú i dtáirgí;

(2)

ciallaíonn “grúpa táirgí” grúpa táirgí ag a bhfuil an phríomhfheidhmiúlacht chéanna;

(3)

ciallaíonn “córas” meascán roinnt earraí a bhfuil feidhm shonrach acu nuair a chuirtear le chéile iad i dtimpeallacht a bhfuil súil léi agus ina bhféadfar ansin an éifeachtúlacht fuinnimh a chinneadh mar eintiteas amháin;

(4)

ciallaíonn “múnla” leagan de tháirge a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna, atá ábhartha i gcomhair an lipéid agus na bileoige faisnéise faoin táirge, agus an t-aitheantóir múnla céanna, ag gach aonad de;

(5)

ciallaíonn “aitheantóir múnla” an cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar dealú idir múnla sonrach de tháirge agus múnlaí eile arb ionann trádmharc nó ainm ceánna soláthróirí dóibh;

(6)

ciallaíonn “múnla comhionann” múnla arb ionann na saintréithe teicniúla, atá ábhartha don lipéad, agus an bhileog faisnéise faoin táirge agus saintréithe agus bileog faisnéise múnla eile, a chuireann an soláthróir céanna ar an margadh i seirbhís ach nach ionann an t-aitheantóir múnla;

(7)

ciallaíonn “cuir ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(8)

ciallaíonn “cuir ar an margadh” táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(9)

ciallaíonn “cuir i seirbhís” céadúsáid táirge chun na críche dár ceapadh é ar mhargadh an Aontais;

(10)

ciallaíonn “monaróir” duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(11)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón monaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(12)

ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(13)

ciallaíonn “déileálaí” miondíoltóir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a dhéanann táirgí a dhíol le custaiméirí nó le suiteálaithe, nó a fhruiliú, a thairiscint i gcomhair fruilcheannaigh nó a chur ar taispeáint do chustaiméirí nó do shuiteálaithe, le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh siad ar íocaíocht nó ná bíodh;

(14)

ciallaíonn “soláthróir” an monaróir atá bunaithe san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais;

(15)

ciallaíonn “ciandíolachán” díol, fruiliú nó fruilcheannach trí phostdíol, trí chatalóg, ar líne, trí theileamhargaíocht nó trí mhodh ar bith eile nuair nach féidir a bheith ag súil leis go bhfeicfeadh an custaiméir ionchasach an táirge ar taispeáint;

(16)

ciallaíonn “custaiméir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn, a fhruilíonn nó a fhaigheann táirge dá úsáid féin, bíodh sé á dhéanamh chun críocha atá lasmuigh dá shlí maireachtála, gnó, ceird nó gairm féin, nó ná bíodh;

(17)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir feidhmíocht aschuir, seirbhís, earraí nó fuinneamh agus ionchur fuinnimh;

(18)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(19)

ciallaíonn “lipéad” léaráid ghrafach, i bhfoirm chlóite nó leictreonach, lena n-áirítear scála dúnta agus úsáid á baint as na litreacha ó A go G amháin, ina bhfuil gach litir comhfhreagrach d'aicme agus gach aicme comhfhreagrach do choigilteas fuinnimh, i seacht ndath éagsúla ó dhubhuaine go dearg, chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi éifeachtúlacht fuinnimh agus ídiú fuinnimh; áirítear ann lipéid athscálaithe agus lipéid ina bhfuil níos lú aicmí agus dathanna i gcomhréir le hAirteagal 11(10) agus (11);

(20)

ciallaíonn “athscálú” cleachtas lena gcuirtear le déine na riachtanas le haicmiú fuinnimh ar lipéad a bhaint amach i gcás grúpa táirgí ar leith;

(21)

ciallaíonn “lipéad athscálaithe” lipéad i gcomhair grúpa táirgí ar leith a ndearnadh athscálú air, agus is féidir a dhealú ó lipéid roimh athscálú agus comhchuibheas amhairc agus aireachtála gach lipéid a chaomhnú;

(22)

ciallaíonn “bileog faisnéise faoi tháirge” doiciméad caighdeánach faisnéise faoi tháirge, i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach;

(23)

ciallaíonn “doiciméid theicniúla” doiciméid a bheidh leordhóthanach le go bhféadfaidh údaráis faireachais margaidh measúnú a dhéanamh ar chruinneas lipéid táirge agus bileoige faisnéise faoi tháirge, lena n-áirítear tuarascálacha tástála nó fianaise theicniúil den chineál céanna;

(24)

ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis, mar a shonraítear i ngníomh tarmligthe faoi fheidhmíocht fheidhmiúil agus chomhshaoil a bhaineann le táirge;

(25)

ciallaíonn “bunachar sonraí táirgí” bailiúchán sonraí a bhaineann le táirge, arna shocrú ar mhodh córasach agus is éard atá ann cuid phoiblí atá dírithe ar thomhaltóirí, ina bhfuil teacht leictreonach ar fhaisnéis a bhaineann le paraiméadair táirgí aonair, tairseach ar líne ar mhaithe le hinrochtaineacht agus cuid a bhaineann le comhlíonadh, lena mbaineann ceanglais inrochtaineachta agus slándála atá sonraithe go soiléir;

(26)

ciallaíonn “lamháltas fíoraithe” an diallas uasta is inghlactha den tomhas agus de na torthaí ríofa de thástálacha fíoraithe a rinne údaráis faireachais margaidh, nó a rinneadh thar a gceann, i gcomparáid le luachanna na bparaiméadar dearbhaithe nó foilsithe, lena léirítear diallas a thagann as comhathraithe idirshaotharlainne.

Airteagal 3

Oibleagáidí ginearálta soláthróirí

1.   Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh, áiritheoidh an soláthróir go mbeidh lipéid chruinne chlóite agus bileoga faisnéise faoi tháirge ag gabháil leo, i gcás gach aonaid aonair, saor in aisce, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha.

Mar mhalairt ar an mbileog faisnéise faoi tháirge a sholáthar in éineacht leis an táirge, féadfar foráil a dhéanamh le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 16(3) gur leor don soláthróir paraiméadair bileog faisnéise den sórt sin faoi tháirge a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí. I gcás den sórt sin, soláthróidh an soláthróir an bhileog faisnéise faoi tháirge i bhfoirm chlóite don déileálaí arna iarraidh sin.

Féadfar foráil a dhéanamh le gníomhartha tarmligthe go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge.

2.   Seachadfaidh an soláthróir lipéid chlóite, lena n-áirítear lipéid athscálaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(13), agus bileoga faisnéise faoi tháirge saor in aisce do na déileálaí, go pras agus ar aon chaoi cúig lá oibre ar a dhéanaí arna iarraidh sin do dhéileálaí.

3.   Áiritheoidh an soláthróir go bhfuil na lipéid agus na bileoga faisnéise faoi tháirge a sholáthraíonn sé cruinn agus táirgfidh siad doiciméadacht theicniúil ar leor é chun measúnú a dhéanamh ar a gcruinneas.

4.   A luaithe a chuirtear aonad múnla i seirbhís, iarrfaidh an soláthróir toiliú sainráite ón gcustaiméir i leith aon athruithe a bheartaítear a thabhairt isteach san aonad trí bhíthin nuashonruithe a bheadh chun dochair pharaiméadair lipéad éifeachtúlachta fuinnimh an aonaid sin, mar a leagtar amach iad sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Cuirfidh an soláthróir an custaiméir ar an eolas faoi chuspóir an nuashonraithe agus faoi na hathruithe sna paraiméadair, lena n-áirítear aon athrú in aicme an lipéid. Tabharfaidh an soláthróir an rogha don chustaiméir, go ceann tréimhse atá comhréireach le meántréimhse saoil an táirge, diúltú don nuashonrú gan cailleadh inseachanta feidhmiúlachta a bheith mar thoradh air sin.

5.   Ní chuirfidh an soláthróir táirgí ar an margadh a dheartar sa chaoi go ndéantar feidhmíocht múnla a athrú go huathoibríoch faoi dhálaí tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d'aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil leis an táirge.

Airteagal 4

Oibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí

1.   Amhail ón 1 Eanáir 2019, déanfaidh an soláthróir, sula gcuirtear aonad múnla nua, a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ar an margadh, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a iontráil don mhúnla sin sna codanna poiblí agus sna codanna a bhaineann le comhlíonadh den bhunachar sonraí táirgí.

2.   I gcás ina gcuirtear aonaid de mhúnlaí atá cumhdaithe le gníomh tarmligthe ar an margadh idir an 1 Lúnasa 2017 agus an 1 Eanáir 2019, déanfaidh an soláthróir, faoin 30 Meitheamh 2019, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí maidir leis na múnlaí sin.

Go dtí iontrála na sonraí sa bhunachar sonraí táirgí, cuirfidh an soláthróir leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil ar fáil lena iniúchadh laistigh de 10 lá tar éis iarraidh a fháil ó údaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.

3.   Maidir le múnlaí, a gcuirtear na n-aonaid díobh ar an margadh go heisiach roimh an 1 Lúnasa 2017, féadfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí.

4.   Measfar gur múnla nua é táirge a ndéantar athruithe ina leith atá ábhartha maidir leis an lipéad nó leis an mbileog faisnéise faoi tháirge. Cuirfidh an soláthróir in iúl sa bhunachar sonraí nuair nach gcuireann siad aonaid múnla ar an margadh a thuilleadh.

5.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo maidir le pacáistí téitheoirí dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún (12), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún (13) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1187 ón gCoimisiún (14), i gcás gur na déileálaithe, agus an déileálaithe amháin, atá freagrach as lipéid a sholáthar do na pacáistí sin.

6.   Nuair a chuirfear an t-aonad deiridh de mhúnla ar an margadh, coimeádfaidh an soláthróir an fhaisnéis maidir leis an múnla sin sa chuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh go ceann tréimhse 15 bliana. Más ábhartha i ndáil le meántréimhse saoil táirge, féadfar foráil a dhéanamh do tréimhse caomhaontais sonraí níos giorra ná sin de bhun pointe (q) d'Airteagal 16(3). Ní scriosfar an fhaisnéis sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí.

Airteagal 5

Oibleagáidí déileálaithe

1.   Déanfaidh an déileálaí an méid seo a leanas:

(a)

taispeánfaidh siad ar dhóigh infheicthe, lena n-áirítear i gcás ciandíolachán ar líne, an lipéad arna sholáthar ag an soláthróir nó arna chur ar fáil i gcomhréir le mír 2 i gcás aonaid múnla a chumhdaítear leis an ngníomh tarmligthe ábhartha; agus

(b)

an bhileog faisnéise faoi tháirge a chur ar fáil do chustaiméirí, lena n-áirítear i bhfoirm fhisiciúil arna iarraidh sin ag an bpointe díola.

2.   Más rud é, in ainneoin Airteagal 3(1), nach mbeidh lipéad ag déileálaí, iarrfaidh sé lipéad ón soláthróir i gcomhréir le hAirteagal 3(2).

3.   Más rud é, in ainneoin Airteagal 3(1), nach mbeidh bileog faisnéise faoi tháirge ag déileálaí, iarrfaidh sé ón soláthróir í i gcomhréir le Airteagal 3(2); nó, má roghnaíonn sé déanamh amhlaidh, cuirfidh sé i gcló í nó déanfaidh sé í a íoslódáil ón mbunachar sonraí táirgí lena taispeáint go leictreonach, más rud é go bhfuil na feidhmeanna sin ar fáil don táirge ábhartha.

Airteagal 6

Na hoibleagáidí eile atá ar sholáthróirí agus ar dhéileálaithe

Déanfaidh an soláthróir agus an déileálaí an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh siad tagairt d'aicme éifeachtúlachta an táirge agus do réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad i bhfógraí amhairc nó ábhar teicniúil chun múnla sonrach a chur chun cinn i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe ábhartha;

(b)

comhoibreoidh siad le húdaráis faireachais margaidh agus gníomhóidh siad gan mhoill chun aon chás de neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe ábhartha a thagann faoina gcúraim a leigheas, ar a dtionscnamh féin nó nuair a éileoidh údaráis faireachais margaidh orthu déanamh amhlaidh;

(c)

ní dhéanfaidh siad, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe, lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a sholáthar ná a chur ar taispeáint nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ná na ngníomhartha tarmligthe ábhartha, más dóchúil go gcuirfidh siad custaiméirí ar míthreoir nó go gcuirfidh siad mearbhall orthu maidir leis an ídiú fuinnimh nó ídiú acmhainní eile le linn a úsáide nó le linn a n-úsáide;

(d)

i gcás táirgí nach gcumhdaítear le gníomhartha, ní sholáthróidh siad lipéid ná ní chuirfidh siad lipéid ar taispeáint má dhéanann siad aithris ar na lipéid, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha;

(e)

i gcás táirgí nach mbaineann le fuinneamh, ní sholáthróidh siad lipéid ná ní chuirfidh siad lipéid ar taispeáint má dhéanann siad aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i ngníomhartha tarmligthe.

Ní dhéanfaidh pointe (d) sa chéad fomhír difear ar na lipéid dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, mura bhforáiltear do na lipéid sin i ngníomhartha tarmligthe.

Airteagal 7

Oibleagáidí na mBallstát

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar tháirgí, atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha, a chur ar an margadh nó i seirbhís, laistigh dá gcríocha.

2.   I gcás ina dtabharfaidh na Ballstáit dreasachtaí i gcomhair táirge a shonraítear i ngníomh tarmligthe, is ar an dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear ar bhealach suntasach, nó ar aicmí is airde ná sin, a bheidh na dreasachtaí sin dírithe, mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin.

3.   Nuair a dhéanfar lipéid a thabhairt isteach agus lipéid a athscálú, áiritheoidh na Ballstáit go reáchtáiltear feachtais faisnéise oideachasúla agus fógraíochta maidir le lipéadú fuinnimh, más iomchuí, i gcomhar le soláthróirí agus le déileálaithe. Tacóidh an Coimisiún le comhar agus le dea-chleachtais a mhalartú i ndáil leis na feachtais sin, lena n-áirítear trí phríomhtheachtaireachtaí coiteanna a mholadh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus sásraí forfheidhmithe a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialacháin seo agus ar na gníomhartha tarmligthe, agus glacfaidh siad na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Maidir le rialacha lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 15 de Threoir 2010/30/AE, measfar go gcomhlíontar leo ceanglais na míre seo maidir le pionóis.

Faoin 1 Lúnasa 2017, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nár tugadh fógra ina leith roimhe sin agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.

Airteagal 8

Faireachas an Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 16 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún comhar agus malartú faisnéise faoi fhaireachas margaidh ar lipéadú fuinnimh maidir le táirgí, agus tacóidh sé leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise sin idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhfuil faireachas margaidh de chúram orthu nó atá i gceannas ar rialú táirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais agus idir iad agus an Coimisiún, inter alia trí pháirt níos mó a thabhairt do AdCos um Éicidhearthóireacht agus um Lipéadú Fuinnimh.

Déanfar na malartuithe faisnéise sin freisin nuair a thugtar le fios le torthaí tástála go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo agus an gníomh tarmligthe ábhartha.

3.   Áireofar i gcláir ghinearálta um fhaireachas margaidh nó i gcláir earnáilsonracha na mBallstát a bhunaítear de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 gníomhaíochtaí forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hAdCos um Éicidhearthóireacht um Lipéadú Fuinnimh, treoirlínte a fhorbairt chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir leis na cleachtais is fearr i ndáil le tástáil táirgí agus comhroinnt faisnéise idir na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus an Coimisiún.

5.   Beidh an ceart ag údaráis faireachais margaidh na costais a bhaineann le doiciméid a iniúchadh agus le tástáil fhisiciúil a dhéanamh ar tháirgí a aisghabháil ó sholáthróir i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó na ngníomhartha tarmligthe ábhartha.

Airteagal 9

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo

1.   I gcás ina mbeidh údar leordhóthanach ag na húdaráis faireachais margaidh i mBallstát amháin lena mheas go bhfuil riosca maidir le gnéithe de chosaint an leasa phoiblí ag roinnt le táirge a chumhdaítear faoin Rialachán seo, amhail gnéithe den chosaint comhshaoil agus den chosaint do thomhaltóirí, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge ábhartha ina gcumhdaítear na ceanglais faoi lipéadú fuinnimh atá ábhartha don riosca agus a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Comhoibreoidh soláthróirí agus déileálaithe de réir mar is gá leis na húdaráis faireachais margaidh chun chríoch na meastóireachta sin.

2.   I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe ábhartha á gcomhlíonadh ag an táirge sin, ceanglóidh siad gan mhoill ar an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, ar an déileálaí na bearta ceartaitheacha uile is iomchuí a dhéanamh ionas go mbeidh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó, i gcás inarb iomchuí, é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh siad.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa mhír seo.

3.   I gcás ina measfaidh na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh amhail dá dtagraítear i mír 2 srianta dá gcríoch náisiúnta féin, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí a chuir siad de cheangal ar an soláthróir nó ar an déileálaí.

4.   Áiritheoidh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach nó shriantach is iomchuí i gcomhréir le mír 2 maidir leis na táirgí uile lena mbaineann a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

5.   I gcás nach ndéanfaidh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an táirge a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta acu, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh sin; nó chun é a aisghairm.

6.   Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart arna nglacadh de bhun mír 5 gan mhoill. Folófar na sonraí uile atá ar fáil san fhaisnéis sin go háirithe;

(a)

na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint;

(b)

ionad tionscnaimh an táirge;

(c)

cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis;

(d)

cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a ríomh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí.

Go háirithe, tabharfaidh an t-údarás faireachais margaidh le fios an toradh é an neamhchomhlíonadh ar mhainneachtain an táirge ceanglais a chomhlíonadh i ndáil le gnéithe de chosaint leas an phobail a leagtar síos sa Rialachán seo nó an toradh é ar easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 lena mbronntar toimhde comhréireachta air.

7.   Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, maidir lena gcuid agóidí freisin.

8.   Más rud é, laistigh de 60 lá tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 6 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a rinne Ballstát, measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh féin, i ndáil leis an táirge lena mbaineann agus an méid sin a dhéanamh gan mhoill.

Airteagal 10

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9(4) agus (5) a thabhairt chun críche, go ndéanfar agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis an Ballstát agus leis an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, leis an déileálaí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil agus féadfaidh sé beart malartach iomchuí a mholadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

2.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é, agus don soláthróir nó don déileálaí lena mbaineann, gan mhoill.

3.   Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

4.   I gcás ina measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a chur síos d'easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 9(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.

5.   Bearta ceartaitheacha nó bearta sriantacha de bhun Airteagal 9(2), (4), (5) nó (9), nó Airteagal 10(3), leathnófar iad chuig gach aonad de mhúnla neamhchomhlíontach agus dá mhúnlaí coibhéiseacha, ach amháin na haonaid sin a dtaispeánann an soláthróir ina leith go bhfuil siad comhlíontach.

Airteagal 11

Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú

1.   Maidir leis na grúpaí táirgí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, déanfaidh an Coimisiún athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm ar an 1 Lúnasa 2017 faoi réir mhír 4 agus mhír 5 agus mhíreanna 8 go 12.

De mhaolú ar an gceanglas coigilteas suntasach fuinnimh agus costais a leagtar amach in bpointe (b) d'Airteagal 16(3) a bhaint amach, i gcás nach bhféadfar an coigilteas sin a bhaint amach le hathscálú, áiritheoidh sé scála A go G aonchineálach ar a laghad.

2.   I gcás nach ann do lipéad le haghaidh grúpa táirgí an1 Lúnasa 2017, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir mhír 8 go mír 12, lipéid a thabhairt isteach.

3.   Féadfaidh an Coimisiún lipéid a athscálú tuilleadh atá athscálaithe i gcomhréir le mír 1 nó a tugadh isteach i gcomhréir le mír 2 a athscálú tuilleadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 6, agus faoi réir mhír 8 go mír 12.

4.   D'fhonn scála A go G aonchineálach a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 2 Lúnasa 2023, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach do ghrúpaí táirgí arna gcumhdach ag gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Threoir 2010/30/AE agus é mar aidhm leis sin an lipéad athscálaithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne araon, 18 mí i ndiaidh teacht i bhfeidhm na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Agus ord na ngrúpaí táirgí a bheidh le hathscálú á chinneadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cion na dtáirgí sna haicmí is airde.

5.   De mhaolú ar mhír 4, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

athbhreithnithe a thíolacadh ar na grúpaí táirgí a chumhdaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1187 faoin 2 Lúnasa 2025, d'fhonn iad a athscálú, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, faoin 2 Lúnasa 2026, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach.

Ar chaoi ar bith, glacfar na gníomhartha tarmligthe lena dtabharfar isteach lipéid athscálaithe A go G tráth nach déanaí ná an 2 Lúnasa 2030.

(b)

faoin 2 Samhain 2018, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach do ghrúpaí táirgí a chumhdaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (15), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún (16), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún (17), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún (18) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún (19) agus Treoir 96/60/CE agus é mar aidhm leo an lipéad athscálaithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne araon, 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm.

6.   Maidir leis na táirgí a d'fhéadfadh an Coimisiún a gcuid lipéad a athscálú tuilleadh i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an lipéad d'fhonn é a athscálú má mheasann sé an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil 30 % d'aonaid na múnlaí ar cuid de ghrúpa táirgí iad a dhíoltar laistigh de mhargadh an Aontais laistigh d'aicme A, an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr, agus gur féidir a bheith ag súil lena thuilleadh forbartha teicneolaíochta; nó

(b)

go bhfuil 50 % d'aonaid na múnlaí ar cuid de ghrúpa táirgí iad a dhíoltar laistigh de mhargadh an Aontais laistigh d'aicme éifeachtúlachta fuinnimh A agus aicme B, an dá aicme is fearr, agus gur féidir a bheith ag súil lena thuilleadh forbartha teicneolaíochta.

7.   Déanfaidh an Coimisiún staidéar athbhreithnithe má mheasann sé go gcomhlíontar coinníollacha phointe (a) nó (b) de mhír 6.

Más rud é, i gcás grúpa sonrach táirgí, nach gcomhlíontar na coinníollacha sin laistigh d'ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ábhartha, sainaithneoidh an Coimisiún cé acu bacainní, más ann dóibh, a chuir cosc ar an lipéad a ról a chomhlíonadh.

I gcás lipéid nua, déanfaidh sé staidéar ullmhúcháin bunaithe ar an liosta táscach de ghrúpaí táirgí a leagtar amach sa phlean oibre.

Cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar a staidéar athbhreithnithe cuirfidh sé na torthaí agus, i gcás inarb iomchuí, dréachtghníomh tarmligthe faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin faoi cheann 36 mhí den meastachán arna ndéanamh ag an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 6 á chomhlíonadh. Pléifidh an Fóram Comhairliúcháin an staidéar athbhreithnithe agus an meastachán.

8.   Nuair a dhéantar lipéad a thabhairt isteach nó a athscálú, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeifear ag súil go mbeidh aon táirge in aicme fuinnimh A tráth a dtabharfar isteach an lipéad sa dóigh gur 10 mbliana ar a laghad an tréimhse a thógfaidh sé, mar a mheastar, gur laistigh den tréimhse sin a chuimseofar formhór na múnlaí san aicme sin.

9.   De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina bhfuiltear ag súil le forbairt teicneolaíochta níos gasta, leagfar síos ceanglais ionas nach mbeifear ag súil go mbeidh táirgí in aicme fuinnimh A ná in aicme fuinnimh B tráth a dtabharfar an lipéad isteach.

10.   Más rud é nach ceadmhach, i gcás grúpa táirgí ar leith, aon mhúnlaí ar d'aicme E, d'aicme F nó d'aicme G iad a chur ar an margadh nó i seirbhís a thuilleadh de thoradh beart cur chun feidhme maidir le héicidhearthóireacht arna ghlacadh de bhun Threoir 2009/125/CE, léireofar le dath liath ar an lipéad an aicme nó na haicmí sin mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an lipéad le dath liath ar na haicmí ach amháin maidir le haonaid nua táirge a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís.

11.   I gcás ina mbeidh sé dodhéanta, ar chúiseanna teicniúla, seacht n-aicme fuinnimh a shainiú lena dtabharfaí coigilteas suntasach fuinnimh agus costais ó thaobh an chustaiméara de, féadfar níos lú aicmí a chuimsiú faoin lipéad, de mhaolú ar phointe (14) d'Airteagal 2. I gcásanna den sórt sin, déanfar an speictream dúghlas go dearg den lipéad a choinneáil.

12.   Feidhmeoidh an Coimisiún na cumhachtaí agus na hoibleagáidí a thugtar dó leis an Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 16.

13.   I gcás ina ndéanfar lipéad a athscálú de bhun mhír 1 nó mhír 3:

(a)

déanfaidh an soláthróir, agus táirge á gcur ar an margadh acu, na lipéid atá ann cheana agus na lipéid athscálaithe agus na bileoga faisnéise faoin táirge a chur ar fáil do dhéileálaithe go ceann tréimhse ag tosú ceithre mhí roimh an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo, má éilíonn an lipéad atá ann cheana agus an lipéad athscálaithe go ndéanfar tástáil éagsúil ar an múnla, féadfaidh soláthróirí a roghnú gan an lipéad atá ann cheana a sholáthar le haonaid múnlaí a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís le linn na tréimhse cheithre mhí roimh an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint, mura ndearnadh aonaid ar cuid den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad a chur ar an margadh roimh thús na tréimhse ceithre mhí. Sa chás sin, ní tháirgfidh déileálaí na haonaid sin chun a ndíolta roimh an dáta sin. Déanfaidh an soláthróir fógra faoin iarmhairt sin a thabhairt don déileálaí lena mbaineann a luaithe is féidir, lena n-áirítear nuair a chuireann sé na haonaid sin san áireamh sna tairiscintí a dhéanann sé do dhéileálaithe.

(b)

déanfaidh an soláthróir, i gcás táirgí a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís roimh an tréimhse ceithre mhí, an lipéad athscálaithe a sheachadadh arna iarraidh sin don dhéileálaí i gcomhréir le hAirteagal 3(2) amhail ó thús na tréimhse sin. I gcás na dtáirgí sin, gheobhaidh an déileálaí lipéad athscálaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo:

(i)

déileálaí nach féidir leis lipéad athscálaithe a fháil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás aonaid atá i stoc acu cheana, nach féidir leis lipéad athscálaithe a fháil toisc gur scoir an soláthróir dá ghníomhaíochtaí, ceadófar dóibh na haonaid sin a dhíol go heisiach leis an lipéad neamh-athscálaithe go dtí naoi mí tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint; nó

(ii)

má éilíonn an lipéad neamh athscálaithe agus an lipéad athscálaithe go ndéanfar tástáil éagsúil ar an múnla, díolmhófar an soláthróir ón gceanglas lipéad athscálaithe a sholáthar i gcás aonaid a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís roimh an tréimhse ceithre mhí, mura ndéantar aon aonaid ar cuid den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad a chur ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís tar éis thús na tréimhse ceithre mhí. Sa chás sin, ceadófar don déileálaí na haonaid sin a dhíol go heisiach leis an lipéad neamh-athscálaithe go dtí naoi mí tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint.

(c)

déanfaidh an déileálaí, laistigh de 14 lá oibre tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint, déanfaidh siad na lipéid athscálaithe a chur in ionad na lipéad atá ann cheana ar tháirgí atá ar taispeáint, i siopaí agus ar líne. Ní dhéanfaidh an déileálaí na lipéid athscálaithe a chur ar taispeáint roimh an dáta sin.

De mhaolú ar phointe (a), (b) agus (c) den mhír seo, féadfar foráil, le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 16(3), do rialacha sonracha le haghaidh lipéid clóite fuinnimh ar an bpacáistíocht.

Airteagal 12

Bunachar sonraí táirgí

1.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí táirgí a chur ar bun agus a choinneáil ina mbeidh cuid phoiblí, cuid a bhaineann le comhlíonadh agus tairseach ar líne lena dtabharfar rochtain ar an dá chuid sin.

Ní chuirfear an bunachar sonraí táirgí in ionad fhreagrachtaí na n-údarás faireachais margaidh ná ní mhodhnaítear iad leis.

2.   Is chun na gcríoch seo a leanas a bheidh an bunachar sonraí táirgí:

(a)

tacú leis na húdaráis faireachais margaidh agus iad i mbun a gcuid tascanna faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha, lena n-áirítear forfheidhmiú na ngníomhartha sin;

(b)

faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh agus, a lipéid fuinnimh agus a mbileoga faisnéise faoin táirge;

(c)

faisnéis faoi éifeachtúlacht fuinnimh táirgí atá cothrom le dáta a chur ar fáil don Choimisiún le haghaidh lipéid fuinnimh a athbhreithniú;

3.   Beidh sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí agus sa tairseach ar líne an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 1 agus i bpointe 2 faoi seach d'Iarscríbhinn I, agus a chuirfear ar fáil don phobal. Comhlíonfaidh an chuid phoiblí den bhunachar sonraí na critéir i mír 7 den Airteagal seo agus na critéir fheidhmiúla a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn I.

4.   Is ag na húdaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún amháin a bheidh rochtain ar an gcuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh agus ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn I, lena n-áirítear na codanna sonracha den doiciméadacht theicniúil amhail dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Comhlíonfaidh an chuid a bhaineann le comhlíonadh na critéir i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo agus na critéir fheidhmiúla a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn I.

5.   Na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, ní chumhdófar iontu ach amháin:

(a)

cur síos ginearálta ar an múnla, ar leor é chun an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

(b)

tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

(c)

réamhchúraimí sonracha a ghlacfar nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

(d)

paraiméadair thomhaiste theicniúla an mhúnla;

(e)

na ríomhanna a dhéantar leis na paraiméadair thomhaiste;

(f)

coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b).

Ina theannta sin, féadfaidh an soláthróir codanna breise den doiciméadacht a uaslódáil sa bhunachar sonraí ar bhonn deonach.

6.   Maidir le sonraí seachas iad sin a shonraítear i mír 5 nó nach bhfuil ar fáil sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí, nuair a bheadh gá ag údaráis faireachais margaidh agus/nó ag an gCoimisiún leo chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, beidh siad in ann na sonraí sin a fháil ón sholáthróir arna iarraidh sin.

7.   Bunófar an bunachar sonraí táirgí i gcomhréir le na critéir seo a leanas:

(a)

íoslaghdú an ualaigh riaracháin ar an soláthróir agus ar úsáideoirí eile an bhunachair sonraí;

(b)

so-láimhsitheacht don úsáideoir agus cost-éifeachtacht; agus

(c)

seachaint uathoibríoch clárú iomarcach.

8.   Bunófar an chuid sin den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh i gcomhréir le na critéir seo a leanas:

(a)

cosaint ar úsáid neamhbheartaithe agus coimirciú faisnéise rúnda trí bhíthin socruithe dochta slándála;

(b)

cearta rochtana bunaithe ar an bprionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”;

(c)

próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le Treoir 95/46/CE, de réir mar is infheidhme;

(d)

teorainn a chur leis an rochtain ar shonraí ina raon feidhme ionas go gcuirfear cosc ar chóipeáil tacar móra sonraí;

(e)

inrianaitheacht an rochtain ar shonraí don soláthróir a mhéid a bhaineann lena ndoiciméadacht theicniúil.

9.   Na sonraí sa chuid sin den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh, caithfear leo i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (20). Go háirithe, beidh feidhm ag na socruithe sonracha cibearshlándála i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 (21) ón gCoimisiún agus ag a rialacha cur chun feidhme. Léireofar sa leibhéal rúndachta an díobháil iarmhartach a thagann as nochtadh na sonraí do dhaoine neamhúdaraithe.

10.   Beidh rochtain agus cearta eagarthóireachta ag an soláthróir ar an bhfaisnéis a chuir sé sa bhunachar sonraí táirgí de bhun Airteagal 4(1) agus (2). Coimeádfar taifead ar na hathruithe a rinneadh ag dul siar, chun críocha faireachais margaidh, agus taifead á choinneáil ar na dátaí a ndearnadh eagarthóireacht orthu, má rinneadh.

11.   Na custaiméirí sin a bhaineann úsáid as an gcuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí, beidh siad in ann an aicme fuinnimh is fearr do gach grúpa táirgí a shainaithint go héasca agus ar an gcaoi sin beidh siad in ann saintréithe na múnlaí a chur i gcomparáid agus na táirgí is mó éifeachtúlacht fuinnimh acu a roghnú.

12.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, mionsonraí oibríochta an bhunachair shonraí táirgí a shonrú. Tar éis dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 13

Caighdeáin chomhchuibhithe

1.   Tar éis gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú, foilseoidh an Coimisiún, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go bhfuil na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe á gcomhlíonadh ag an múnla.

3.   Beidh sé mar aidhm leis na caighdeáin chomhchuibhithe ionsamhlú a dhéanamh ar an bhfíorúsáid, a mhéid is féidir, agus gnáthmhodh tástála á choinneáil ag an am céanna. Thairis sin, cuirfear san áireamh leis na modhanna tástála na costais ghaolmhara don tionscal agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

4.   Na modhanna tomhais agus ríofa arna áireamh leis na caighdeáin chomhchuibhithe, beidh siad iontaofa, beacht agus in-athchruthaithe, agus beidh siad ag teacht le ceanglais Airteagal 3(4) agus (5).

Airteagal 14

Fóram Comhairliúcháin

(1)   Déanfaidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, a áirithiú maidir le gach gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 16 agus gach gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal12(12) den Rialachán seo, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus páirtithe leasmhara a bhaineann leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna agus lucht tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta an chomhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún Fóram Comhairliúcháin ar bun ina dtiocfaidh na páirtithe sin le chéile. Déanfar an Fóram Comhairliúcháin a chomhcheangal leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2009/125/CE.

(2)   Más iomchuí, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú, déanfaidh an Coimisiún dearadh agus inneachar na lipéad i gcomhair grúpaí táirgí sonracha a thástáil le grúpaí ionadaíocha de chustaiméirí an Aontais lena n-áirithiú go bhfuil na lipéid sothuigthe dóibh.

Airteagal 15

Plean oibre

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14, plean oibre fadtéarmach a bhunú a chuirfear ar fáil go poiblí. Leagfar amach sa phlean oibre liosta táscach de ghrúpaí táirgí a mheastar a bheith ina dtosaíochtaí maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Leagfar amach sa phlean oibre freisin pleananna maidir le hathbhreithniú agus le hathscálú na lipéad do ghrúpaí táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11(4) agus (5), seachas athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2017 ar athscálú é dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún an plean oibre a nuashonrú go tréimhsiúil tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin. Féadfar an plean oibre a chomhcheangal leis an bplean oibre a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Threoir 2009/125/CE agus déanfar é a athbhreithniú gach trí bliana.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an plean oibre.

Airteagal 16

Gníomhartha tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais mhionsonraithe a bhunú i ndáil le lipéid i gcomhair grúpaí táirgí.

2.   Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 grúpaí táirgí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

de réir na bhfigiúirí is déanaí dá bhfuil ar fáil agus i bhfianaise na gcainníochtaí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, beidh acmhainneacht shuntasach sa ghrúpa táirgí fuinneamh, agus acmhainní eile más ábhartha, a shábháil;

(b)

laistigh den ghrúpa táirgí, beidh difear suntasach sna leibhéil feidhmíochta ábhartha idir múnlaí a bhfuil feidhmiúlacht chomhionann acu;

(c)

ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ó thaobh inacmhainneacht agus chostas saolré an ghrúpa táirgí de;

(d)

i gcás ina dtugtar isteach ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh grúpa táirgí, ní bheidh tionchar diúltach suntasach aige ar fheidhmiúlacht an táirge le linn úsáide;

3.   Sonrófar i ngníomhartha tarmligthe a bhaineann le grúpaí táirgí sonracha na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

sainmhíniú ar an ngrúpa táirgí sonracha a thagann faoin sainmhíniú ar “táirge a bhaineann le fuinneamh” a leagtar amach i bpointe 1 d'Airteagal 2 atá le cumhdach leis na ceanglais mhionsonraithe maidir le lipéadú;

(b)

dearadh agus inneachar an lipéid, lena n-áirítear scála A go G a léireoidh an t-ídiú fuinnimh; chomh fada agus is féidir beidh saintréithe deartha aonfhoirmeacha ag an scála sin do gach grúpa táirgí agus i ngach cás beidh sé soiléir soléite. Freagróidh céimeanna A go G den aicmiú do choigiltis shuntasacha fuinnimh agus costais agus dealú iomchuí idir táirgí ó thaobh an chustaiméara de. Sonrófar iontu freisin an chaoi a léireofar céimeanna A go G den aicmiú, agus i gcás inarb infheidhme an t-ídiú fuinnimh, in áit fheiceálach ar an lipéad;

(c)

más iomchuí, úsáid acmhainní eile agus faisnéis fhorlíontach faoin táirge, aibhseoidh an lipéad éifeachtúlacht fuinnimh an táirge sa chás sin. Beidh an fhaisnéis fhorlíontach soiléir agus ní bheidh tionchar diúltach aici ar intuigtheacht shoiléir agus ar éifeachtacht an lipéid ina iomláine i dtaca leis na custaiméirí. Beidh sí bunaithe ar shonraí a bhaineann le saintréithe fisiceacha táirge a bheidh údaráis faireachais margaidh in ann a thomhas agus a fhíorú;

(d)

i gcás inarb iomchuí, tagairt a chur isteach ar an lipéad lena bhféadfaidh custaiméirí táirgí fuinnimh chliste a shainaithint, is é sin táirgí atá in ann a bpatrúin tomhaltais a athrú go huathoibríoch agus a bharrfheabhsú mar fhreagairt do spreagadh seachtrach (amhail comharthaí ó nó trí chóras lárnach bainistithe fuinnimh baile, ó chomharthaí praghais, ó chomharthaí rialaithe díreacha, ó thomhas áitiúil agus tríothu sin) nó in ann seirbhísí eile a chur ar fáil lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus glacadh fuinnimh in-athnuaite, chun go bhfeabhsófar an tionchar comhshaoil a bhainfidh le húsáid fuinnimh ar fud an chórais iomlán fuinnimh;

(e)

na suíomhanna ina mbeidh an lipéad ar taispeáint, amhail ceangailte d'aonad an táirge in áit nach ndéanfar damáiste dó, clóite ar an bpacáistíocht, tugtha i bhformáid leictreonach nó ar taispeáint ar líne, agus ceanglais Airteagal 3(1), agus na himpleachtaí do custaiméirí, do sholáthróirí agus do dhéileálaithe á gcur san áireamh;

(f)

i gcás inarb iomchuí, modhanna leictreonacha le táirgí a lipéadú;

(g)

an dóigh ina gcuirfear ar fáil an lipéad agus an bhileog faisnéise faoin táirge i gcás ciandíolacháin;

(h)

an t-inneachar riachtanach agus, i gcás inarb iomchuí, an fhormáid agus mionsonraí eile a bhaineann leis an mbileog faisnéise faoin táirge agus faoin doiciméadacht theicniúil, lena n-áirítear an deis paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge a iontráil sa bhunachar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 3(1);

(i)

na lamháltais fíorúcháin a bheidh le húsáid ag na Ballstáit agus comhlíonadh na gceanglas á fhíorú acu;

(j)

an chaoi a gcuimseofar an aicme fuinnimh agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad i bhfógraí amhairc agus in ábhar fógraíochta teicniúil, lena n-áirítear inléiteacht agus infheictheacht;

(k)

na modhanna tomhais agus na modhanna ríofa dá dtagraítear in Airteagal 13, a úsáidfear chun faisnéis na bileoige faisnéise faoin lipéad agus faoin táirge a chinneadh, lena n-áirítear an sainmhíniú ar an innéacs eifeachtúlachta fuinnimh (EEI), nó paraiméadar coibhéiseach;

(l)

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá, i gcás fearais mhóra, le leibhéal níos airde éifeachtúlachta fuinnimh chun aicme fuinnimh ar leith a bhaint amach;

(m)

formáid aon tagairtí breise ar an lipéad lenar féidir le custaiméirí rochtain a fháil go leictreonach ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi fheidhmíocht an táirge mar a luaitear ar an mbileog faisnéise faoin táirge. D'fhéadfadh formáid na dtagairtí sin a bheith i bhfoirm seoladh suímh gréasáin, cód dinimiciúil mearfhreagartha (cód QR), nasc ar lipéid ar líne nó aon mhodh oiriúnach eile a dhírítear ar an tomhaltóir;

(n)

an chaoi a ndéanfar i gcás inarb iomchuí” na haicmí fuinnimh a léiríonn ídiú fuinnimh an táirge le linn a úsáide a léiriú ar thaispeáint idirghníomhach an táirge;

(o)

an dáta le meastóireacht a dhéanamh agus, le hathbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin, ar an ngníomh tarmligthe;

(p)

i gcás inarb iomchuí, difríochtaí i bhfeidhmíochtaí fuinnimh i réigiúin éagsúla aeráide;

(q)

maidir leis an gceanglas faisnéis a choinneáil sa chuid den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh in Airteagal 4(6), tréimhse choinneála sonraí is lú ná 15 bliana, i gcás inarb iomchuí i gcoibhneas le meántréimhse saoil an táirge.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach grúpa sonrach táirgí. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le huainiú don ghníomh tarmligthe a ghlacadh i gcás grúpa sonrach táirgí, ní chuirfidh sé moill ar an nglacadh ar chúinsí a bhaineann le gníomh tarmligthe a ghlacadh i ndáil le grúpa sonrach táirgí eile, seachas i gcás eisceachtúil a bhfuil bonn leis.

5.   Coinneoidh an Coimisiún fardal uasdátaithe de na gníomhartha tarmligthe ábhartha uile agus de na bearta lena bhforbraítear Treoir 2009/125/CE freisin, lena n_áirítear tagairtí iomlána do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha uile.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(4) agus (5) agus in Airteagal 16 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse sé bliana ón 1 Lúnasa 2017. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse sé bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(4) agus (5) agus in Airteagal 16 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Rachfar i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit tar éis an chomhairliúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 14.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(4) agus (5) agus Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an coiste de chúnamh ag an gCoimisiún a bunaíodh le hAirteagal 19 den Treoir 2009/125/CE. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Meastóireacht agus tuairisciú

Faoin 2 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo a mheas agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun maidir le custaiméirí a chumasú chun táirgí níos éifeachtúla a roghnú, lena gcuirfear san áireamh an tionchar ar ghnó, an t-ídiú fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa, gníomhaíochtaí faireachais margaidh, agus an costas a bhaineann leis an mbunachar sonraí a bhunú agus a choimeád ar bun.

Airteagal 20

Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha

1.   Déantar Treoir 2010/30/AE a aisghairm le héifeacht ón1 Lúnasa 2017.

2.   Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.   Maidir le múnlaí ar cuireadh na n-aonaid díobh ar an margadh nó i seirbhís i gcomhréir le Treoir 2010/30/AE roimh an1 Lúnasa 2017, déanfaidh an soláthróir, go ceann tréimhse a mbeidh deireadh leis cúig bliana tar éis an t-aonad deireanach a mhonarú, leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil le haghaidh cigireachta laistigh de 10 lá ón uair a bhfaighidh siad iarraidh ó na húdaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.

4.   Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nghlacadh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE agus de Threoir 96/60/CE, fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí go n-aisghairtear iad le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo lena gcumhdaítear an grúpa táirgí ábhartha.

Beidh feidhm ag oibleagáidí faoin Rialachán seo i dtaca le grúpaí tairgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10 de bhun Threoir 2010/20/AE.

5.   Maidir le grúpaí tairgí a chumhdaítear cheana le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE, nó le Treoir 96/60/CE, i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo, féadfaidh aicmiú an lipéadaithe fuinnimh arna bhunú le Treoir 2010/30/AE leanúint d'fheidhm a bheith aige go dtí an dáta a dtiocfaidh na rialacháin tharmligthe lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo chun feidhm a bheith acu.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2017.

De mhaolú ar an dara mír, beidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le hoibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 82, 3.3.2016, lch. 6.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2017.

(3)  Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir lena chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis caighdeánach táirge i ndáil leis an méid fuinnimh agus an méid acmhainní eile a ídíonn táirgí a bhaineann le fuinneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 1).

(4)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(6)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(7)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(8)  Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 1996 ag cur Threoir 92/75/CEE ón gComhairle chun feidhme a mhéad a bhaineann le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin agus triomadóirí cumasctha tí (IO L 266, 18.10.1996, lch. 1).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 1).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí uisce, umar stórála uisce thé agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 83).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1187 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú coirí breosla sholadaigh agus pacáistí coire breosla sholadaigh, téitheoirí forlíontacha, rialuithe teochta agus grianfheistí (IO L 193, 21.7.2015, lch. 43).

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéad a bhaineann le lipéadú fuinnimh do mhiasniteoirí tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 1).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d'fhearais chuisniúcháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 17).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47).

(18)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do theilifíseáin (IO L 314, 30.11.2010, lch. 64).

(19)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do lampaí leictreacha agus do shoilse (IO L 258, 26.9.2012, lch. 1).

(20)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(21)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil cumarsáide agus córas faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40)


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH SA BHUNACHAR SONRAÍ TÁIRGÍ AGUS CEANGLAIS FHEIDHMIÚLA DON CHUID PHOIBLÍ DEN BHUNACHAR SONRAÍ

1.

Faisnéis atá le cur isteach ag an soláthróir sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí:

(a)

ainm nó trádmharc, seoladh, sonraí teagmhála agus aitheantas dlíthiúil eile an tsoláthróra;

(b)

aitheantóir an mhúnla;

(c)

an lipéad i bhformáid leictreonach;

(d)

an aicme/na haicmí éifeachtúlachta fuinnimh agus paraiméadair eile ar an lipéad;

(e)

paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge i bhfoirm leictreonach.

2.

Faisnéis atá le cur isteach ag an gCoimisiún sa tairseach ar líne:

(a)

sonraí teagmhála údaráis faireachais margaidh na mBallstát;

(b)

plean oibre de bhun Airteagal 15;

(c)

miontuairiscí ar an bhFóram Comhairliúcháin;

(d)

fardal a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus le gníomhartha cur chun feidhme, modhanna idirthréimhseacha tomhais agus ríofa agus caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

3.

Faisnéis atá le cur isteach ag an soláthróir sa chuid den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh:

(a)

aitheantóir múnla na múnlaí coibhéiseacha uile a cuireadh ar an margadh cheana;

(b)

na doiciméid theicniúla mar a shonraítear in Airteagal 12(5).

Cuirfidh an Coimisiún nasc ar fáil don Chóras Faisnéise agus Cumarsáide don Fhaireachas Margaidh (ICSMS), lena n-áirítear toradh na seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanann na Ballstáit agus na bearta sealadacha a ghlactar.

4.

Critéir fheidhmiúla don chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí:

(a)

beifear in ann teacht ar gach múnla mar thaifead aonair;

(b)

ginfidh sé comhad aonair de lipéad fuinnimh gach múnla a mbeifear in ann a fheiceáil, a íoslódáil agus phriontáil, chomh maith leis na leaganacha teanga den bhileog iomlán faisnéise faoin táirge, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais;

(c)

beidh an fhaisnéis inléite, insortáilte agus inchuardaithe ag meaisín, lena n-urramófar caighdeáin oscailte don úsáid saor in aisce ó thríú páirtithe;

(d)

bunófar agus coimeádfar ar bun deasc chabhrach ar líne nó pointe teagmhála le haghaidh an tsoláthróra agus déanfar tagairt shoiléir dó ar an tairseach.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2010/30/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)(a) agus (b)

Airteagal 1(2)(a) agus (b)

Airteagal 1(3)(c)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2(a)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2(b)

Airteagal 2, pointe 22

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2, pointe 13

Airteagal 2(h)

Airteagal 2, pointe 14

Airteagal 2(i)

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2(j)

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2(k)

Airteagal 3

Airteagal 7

Airteagal 3(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(1)(b)

Airteagal 6(c)

Airteagal 3(1)(c)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 8(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 6(b) agus Airteagal 9

Airteagal 3(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(a)

Airteagal 5

Airteagal 4(b)

Airteagal 4(c)

Airteagal 6(a)

Airteagal 4(d)

Airteagal 6(a)

Airteagal 5

Airteagal 3(1) agus Airteagal 6

Airteagal 5(a)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 5(b) pointí (i), (ii), (iii) agus (iv)

Airteagal 4(6) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 5(c)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(d)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(d), an dara fomhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(e)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(f)

Airteagal 5(g)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(h)

Airteagal 6

Airteagal 5(1) agus Airteagal 6

Airteagal 6(a)

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 6(b)

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 7

Airteagal 16(3)(e) agus (g)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 10(1)

Airteagal 16

Airteagal 10(1), an dara mír

Airteagal 16(2)

Airteagal 10(1), an tríú mír

Airteagal 10(1), an ceathrú mír

Airteagal 16(3)(c)

Airteagal 10(2)(a)

Airteagal 16(2)(a)

Airteagal 10(2)(b)

Airteagal 16(2)(b)

Airteagal 10(2)(c)

Airteagal 10(3)(a)

Airteagal 10(3)(b)

Airteagal 10(3)(c)

Airteagal 14

Airteagal 10(3)(d)

Airteagal 10(4)(a)

Airteagal 16(3)(a)

Airteagal 10(4)(b)

Airteagal 16(3)(k)

Airteagal 10(4)(c)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 10(4)(d)

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 10(4)(d), an dara mír

Airteagal 10(4)(d), an tríú mír

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 10(4)(d), an ceathrú mír

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(4)(d), an cúigiú mír

Airteagal 11

Airteagal 10(4)(e)

Airteagal 16(3)(e)

Airteagal 10(4)(f)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 10(4)(g)

Airteagal 16(3)(j)

Airteagal 10(4)(h)

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(4)(i)

Airteagal 16(3)(i)

Airteagal 10(4)(j)

Airteagal 16(3)(o)

Airteagal 11(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11(3)

Airteagal 17(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 17(3)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 13

Airteagal 17(6)

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 7(4)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 21

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II


28.7.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

24


RIALACHÁN (AE) 2017/1370 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2017

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (2), leagadh síos formáid aonfhoirmeach do víosaí.

(2)

I bhfianaise teagmhais thromchúiseacha góchumtha agus calaoise, meastar go bhfuil amhras tarraingthe ar an dearadh coiteann don ghreamán víosa atá i gcúrsaíocht le 20 bliain.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart dearadh coiteann nua a bhunú ina mbeadh gnéithe slándála níos nua-aimseartha chun go mbeidh an greamán víosa níos sláine agus chun brionnú a chosc.

(4)

Arna iarraidh sin d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe, ba cheart don Choimisiún socruithe iomchuí a dhéanamh leis an mBallstát iarrthach chun faisnéis theicniúil a mhalartú leis an mBallstát sin chun go n-eiseoidh an Ballstát sin víosaí náisiúnta.

(5)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(6)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011, faoi seach.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis  (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Arna iarraidh sin d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún socruithe iomchuí leis an mBallstát iarrthach chun faisnéis theicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 2, a mhalartú leis an mBallstát sin chun go n-eiseoidh an Ballstát iarrthach na víosaí náisiúnta.

Maidir leis na costais nach ndéanann Éire ná an Ríocht Aontaithe ranníocaíocht ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is í Éire nó an Ríocht Aontaithe faoi seach a iompróidh iad má dhéanann siad iarraidh den sórt sin.”;

(2)

cuirtear an t íomhá agus an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Na greamáin víosa lena gcomhlíontar na sonraíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95, agus ar sonraíochtaí iad is infheidhme go dtí an dáta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfar iad a úsáid le haghaidh víosaí a eisítear le linn tréimhse sé mhí tar éis an dáta sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Déanfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm 15 mhí ar a dhéanaí tar éis na sonraíochtaí teicniúla breise dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 a ghlacadh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Meitheamh 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meitheamh 2017.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95:

IARSCRÍBHINN

Image

Gnéithe slándála

1.

Déanfar portráid dhaite lánpháirthithe den sealbhóir a tháirgeadh ar ardchaighdeáin slándála.

2.

Gné is athraitheach don tsúil (‘Kinegram’ nó a choibhéis) a bheidh sa spás seo. Ag brath ar an gcaoi a mbreathnaíonn tú air, beidh na litreacha ‘EU’, ‘EUE’ agus línte guilloche cinéimiteacha le feiceáil ar mhéideanna éagsúla agus ar dhathanna éagsúla.

3.

An cód tíre trí litir mar a leagtar amach i nDoiciméad ICAO 9303 maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite an Bhallstáit eisiúna, nó an t-acrainm ‘BNL’ más an Bheilg, Lucsamburg nó an Ísiltír a eisíonn iad, a bheidh sa bhosca seo, agus is i bprionta dath-athraitheach a bheidh sé. Ag brath ar an gcaoi a mbreathnaíonn tú air, beidh dathanna éagsúla air.

4.

Is iad seo a leanas agus iad i litreacha cás-uachtair a bheidh sa spás seo:

(a)

an focal ‘VISA’. Féadfaidh an Ballstát eisiúna an téarma coibhéiseach a áireamh i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais;

(b)

ainm an Bhallstáit eisiúna, as Béarla, as Fraincis agus as teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais;

(c)

cód tíre trí litir an Bhallstáit eisiúna, mar a leagtar amach é i nDoiciméad ICAO 9303.

5.

Uimhir náisiúnta naoi ndigit an ghreamáin agus í scríofa go cothrománach a bheidh sa bhosca seo, agus beidh sé réamhphriontáilte i ndath dubh. Úsáidfear cineál speisialta clófhoirne.

6.

Uimhir náisiúnta naoi ndigit an ghreamáin scríofa go ceartingearach a bheidh sa bhosca seo, agus beidh sé réamhphriontáilte i ndath dearg. Úsáidfear cineál speisialta clófhoirne, atá éagsúil leis an gcineál a úsáidtear i mbosca 5. Is ionann ‘uimhir an ghreamáin víosa’ agus an cód tíre trí litir mar a leagtar amach é i nDoiciméad ICAO 9303 agus an uimhir náisiúnta dá dtagraítear i mbosca 5 agus i mbosca 6.

7.

Na litreacha ‘EU’ agus éifeacht íomha folaigh acu a bheidh sa bhosca seo. Beidh dath dorcha ar na litreacha sin nuair a chlaonfar iad siar ón mbreathnóir, agus beidh dath geal orthu ansin nuair a iompófar 90° iad.

8.

An cód dá dtagraítear i mbosca 3 agus éifeacht íomha folaigh aige a bheidh sa bhosca seo. Beidh dath dorcha ar an gcód sin nuair a chlaonfar é siar ón mbreathnóir, agus dath dorcha air ansin nuair a chlaonfar 90°é.

Píosaí atá le líonadh isteach

Is i mBéarla agus i bhFraincis a bheidh na teidil atá ar na boscaí. Féadfaidh an Ballstát eisiúna aistriúchán a chur isteach i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais.

9.

Beidh na focail ‘bailí do’ ag tús na líne sa bhosca seo. Luafaidh an t údarás eisiúna an chríoch ina bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal ann.

10.

Beidh an focal ‘ón’ ag tús na líne sa bhosca seo agus na focail ‘go dtí an’ níos faide ar aghaidh ar an líne. Luafaidh an t údarás eisiúna an tréimhse fanachta atá údaraithe don sealbhóir víosa leis an víosa. Níos faide ar aghaidh ar an líne beidh na focail ‘fad na tréimhse fanachta’ (i.e. fad na tréimhse fanachta atá beartaithe ag an iarratasóir) agus an focal ‘lá’ arís.

11.

Beidh na focail ‘an cineál víosa’ ag tús na líne sa bhosca seo. Déanfaidh an t-údarás eisiúna catagóir an víosa a léiriú. Níos faide ar aghaidh ar an líne beidh na focail ‘Uimh. an Phas’ agus ‘líon na n-iontrálacha’.

12.

Beidh na focail ‘arna eisiúint in’ ag tús na líne sa bhosca seo agus úsáidfear é chun ionad an údaráis eisiúna a lua. Níos faide ar aghaidh ar an líne beidh an focal ‘an’ (agus líonfaidh an t údarás eisiúna an dáta eisiúna isteach ina dhiaidh sin).

13.

Na focail ‘Sloinne, Ainm’ a bheidh ag tús na líne sa bhosca seo.

14.

An focal ‘nótaí’ a bheidh ag tús na líne sa bhosca seo. Úsáidfidh an t údarás eisiúna an spás thíos faoi bhun ‘nótaí’ chun aon fhaisnéis eile a lua.

15.

An fhaisnéis ábhartha mheaisín-inléite chun rialuithe seachtracha teorann a éascú a bheidh sa bhosca seo. Sa chrios meaisín-inléite beidh téacs priontáilte sa phriontáil chúlra infheicthe, i dteannta na bhfocal ‘an tAontas Eorpach’ i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais. Ní bheidh éifeacht ag an téacs seo ar ghnéithe teicniúla an chreasa meaisín-inléite ná ar inléiteacht an chreasa sin.

16.

Fágfar an bosca seo bán ionas gur féidir barrachód coiteann 2D a chur ann amach anseo.


TREORACHA

28.7.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

29


TREOIR (AE) 2017/1371 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Iúil 2017

maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Baineann cosaint leasanna airgeadais an Aontais ní hamháin le bainistiú leithreasuithe buiséid ach leis na bearta uile a dhéanann difear dá shócmhainní ar bhealach diúltach nó a bhagraíonn difear a dhéanamh dá shócmhainní agus do shócmhainní na mBallstát ar bhealach diúltach a mhéid atá na bearta sin ábhartha do bheartais an Aontais.

(2)

Leis an gCoinbhinsiún arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint an 26 Iúil 1995 (3), lena n-áirítear Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996 (4), Prótacal an 29 Samhain 1996 (5) agus Prótacal an 19 Meitheamh 1997 (6) a ghabhann leis (“an Coinbhinsiún”), bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainmhíniú i réimse na calaoise lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. Rinne na Ballstáit an Coinbhinsiún a dhréachtú agus tugadh aird ann ar an gcaoi nach raibh an chalaois lena ndéantar difear d'ioncam agus caiteachas an Aontais teoranta do thír amháin i roinnt mhaith cásanna agus gur minic gurbh iad gréasáin eagraithe coiriúla a rinne an chalaois. Ar an mbonn sin, aithníodh cheana féin sa Choinbhinsiún sin gur iarradh, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh ar iompar calaoiseach lena ndéantar dochar do na leasanna sin. I gcomhthráth, glacadh Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (7). Leagtar síos leis an Rialachán sin rialacha ginearálta a bhaineann le seiceálacha aonchineálacha agus le bearta agus pionóis riaracháin maidir le mírialtachtaí i dtaca le dlí an Aontais agus, ag an am céanna, déantar tagairt ann do rialacha earnála sa réimse sin, gníomhartha calaoiseacha mar a shainmhínítear iad sa Choinbhinsiún agus i gcur i bhfeidhm dhlí coiriúil agus imeachtaí coiriúla na mBallstát.

(3)

Maidir le beartas an Aontais i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais, rinneadh bearta um chomhchuibhiú faoina réir cheana amhail Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95. D'fhonn cur chun feidhme bheartas an Aontais sa réimse sin a áirithiú, tá sé riachtanach go leanfar de dhlí coiriúil na mBallstát a chomhfhogasú tríd an gcosaint ar leasanna airgeadais an Aontais a chomhlánú faoin dlí riaracháin agus sibhialta do na cineálacha iompair is tromchúisí a bhaineann leis an gcalaois sa réimse sin, agus neamhréireachtaí á seachaint ag an am céanna, laistigh de na réimsí dlí sin agus ina measc araon.

(4)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ní mór teacht ar shainmhíniú coiteann ar an gcalaois a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo lenar cheart iompar calaoiseach a chumhdach i dtaca le caiteachais, ioncam agus sócmhainní ar chostas bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (“buiséad an Aontais”), lena n-áirítear oibríochtaí airgeadais amhail gníomhaíochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí. Le coincheap na gcionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais chánach bhreisluacha (“CBL”) (“comhchóras CBL”) mar a bunaíodh le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (8), tagraítear do na cineálacha is tromchúisí de chalaois CBL, go háirithe calaois rothlach, calaois CBL trí thrádálaithe atá in easnamh, agus calaois CBL arna déanamh laistigh d'eagraíocht choiriúil, ar rudaí iad a chruthaíonn bagairtí tromchúiseacha don chomhchóras CBL agus, ar an gcaoi sin, do bhuiséad an Aontais. Ba cheart a mheas go bhfuil cionta i gcoinne an chomhchórais CBL tromchúiseach i gcás ina bhfuil nasc acu le críoch dhá Bhallstát de chuid an Aontais nó níos mó, nuair a eascraíonn siad as scéim chalaoiseach ina ndéantar na cionta sin ar bhealach struchtúrtha agus é mar aidhm leo buntáiste míchuí a bhreith ar an gcomhchóras CBL agus arb EUR 10 000 000 ar a laghad an damáiste iomlán a dhéantar mar thoradh ar na cionta. Le coincheap an damáiste iomláin, tagraítear don damáiste a mheastar a bheith déanta arb é an toradh ar an scéim chalaoise ina hiomláine do leasanna airgeadais na mBallstát lena mbaineann agus don Aontas araon, agus rátaí úis agus pionóis á n-eisiamh. Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo cur leis na hiarrachtaí na feiniméin choiriúla sin a chomhrac.

(5)

Agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme ag an gCoimisiún faoi bhainistiú roinnte nó indíreach, féadfaidh sé cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na Ballstáit, nó iad a chur faoi chúram comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí arna mbunú de bhun na gConarthaí nó faoi chúram eintitis nó daoine eile. I gcás na bainistíochta roinnte nó indírí sin, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith ag leasanna airgeadais an Aontais agus atá acu agus iad faoi bhainistiú dhíreach an Choimisiúin.

(6)

Chun críocha na Treorach seo, is éard atá i gcaiteachas a bhaineann le soláthar aon chaiteachas i dtaca leis na conarthaí poiblí arna gcinneadh le hAirteagal 101(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

(7)

Tá dlí an Aontais maidir le sciúradh airgid infheidhme go hiomlán maidir le sciúradh airgid a bhaineann le maoin a dhíorthaítear ó na cionta coiriúla a chumhdaítear leis an Treoir seo. Aon tagairt a dhéantar don dlí sin, ba cheart dó a áirithiú go mbeidh feidhm ag an gcóras smachtbhannaí a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le gach cás tromchúiseach cionta coiriúla i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais.

(8)

Bagairt thar a bheith tromchúiseach do leasanna airgeadais an Aontais is ea an t-éilliú agus i mórán cásanna d'fhéadfadh baint a bheith aige leis an iompar calaoiseach freisin. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach oifigeach poiblí breithiúnas nó discréid a fheidhmiú go neamhchlaon, ba cheart a áireamh ar shainmhínithe an éillithe breabanna a íoc d'fhonn dul i gcion ar bhreithiúnas nó ar dhiscréid oifigigh phoiblí agus glacadh breabanna den sórt sin, beag beann ar an dlí nó ar na rialacháin is infheidhme i dtír an oifigigh áirithe sin nó maidir leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann.

(9)

Is féidir difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach diúltach mar thoradh ar chineálacha áirithe iompair ó oifigeach poiblí a gcuirtear ar a iontaoibh cistí nó sócmhainní a bhainistiú, bíodh sé nó sí i gceannas orthu nó ag gníomhú i bhfeidhm mhaoirseachta, ar cineálacha iompair iad ina bhfuil sé d'aidhm acu cistí nó sócmhainní a mhíleithreasú, contrártha don chuspóir atá beartaithe agus trína ndéantar damáiste do leasanna airgeadais an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, sainmhíniú beacht a thabhairt isteach ar chionta coiriúla lena gcumhdaítear iompar den sórt sin.

(10)

Maidir le cionta coiriúla arb iad an t-éilliú éighníomhach agus an míleithreasú, is gá sainmhíniú ar oifigigh phoiblí a chur san áireamh lena gcumhdaítear gach oifigeach ábhartha, bíodh oifig fhoirmiúil san Aontas, sna Ballstáit nó i dtríú tíortha ina seilbh aige nó aici. Tá baint níos mó i gcónaí ag daoine príobháideacha le bainistiú chistí an Aontais. D'fhonn cistí an Aontais a chosaint go leordhóthanach ón éilliú agus ón míleithreasú, is gá mar sin go gcumhdófaí leis an sainmhíniú ar “oifigeach poiblí” daoine nach bhfuil oifig fhoirmiúil ina seilbh acu, ach, mar sin féin, a sanntar feidhm seirbhíse poiblí dóibh ar bhealach comhchosúil, ach a bhfuil an fheidhm sin á feidhmiú ar bhealach comhchosúil acu mar sin féin, i dtaca le cistí an Aontais, amhail conraitheoirí a bhfuil baint acu le bainistiú na gcistí sin.

(11)

Maidir leis na cionta coiriúla dá bhforáiltear sa Treoir seo, caithfidh feidhm a bheith ag coincheap na hintinne maidir leis na heilimintí uile de na cionta coiriúla sin. Féadfar cineál intinniúil gnímh nó neamhghnímh a infeiriú ó imthosca fíorasacha oibiachtúla. Na cionta coiriúla sin nach n-éilíonn intinn, ní chumhdaítear leis an Treoir seo iad.

(12)

Leis an Treoir seo, ní chuirtear iallach ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do smachtbhannaí príosúnachta mar gheall ar chionta coiriúla a dhéanamh nach de chineál tromchúiseach iad, i gcásanna ina dtoimhdítear faoin dlí náisiúnta go bhfuil intinn ann.

(13)

Go minic bíonn dlúthnasc idir roinnt cionta coiriúla i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais agus na cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus le gníomhartha reachtacha an Aontais atá bunaithe ar an bhforáil sin. Ba cheart, dá bhrí sin, comhleanúnachas idir gníomhartha reachtacha den sórt sin agus an Treoir seo a áirithiú i bhfoclaíocht na Treorach seo.

(14)

A mhéid is féidir le hiompar is inchurtha i leith duine nádúrtha damáiste nó bagairt a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart do dhaoine dlítheanacha a bheith faoi dhliteanas i leith na gcionta coiriúla, mar a shainmhínítear sa Treoir seo iad, arna ndéanamh thar a gceann.

(15)

D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar bhealach coibhéiseach ar fud an Aontais trí bhíthin bearta ar cheart iad a bheith ina ndíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do chineálacha agus leibhéil áirithe smachtbhannaí nuair a dhéantar na cionta coiriúla atá sainithe sa Treoir seo. Níor cheart do leibhéil na smachtbhannaí dul thar a bhfuil comhréireach do na cionta.

(16)

Os rud go bhforáiltear sa Treoir seo do rialacha íosta, tá an tsaoirse ag na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil do chionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(17)

Ní dhéanann an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm cuí agus éifeachtach bearta araíonachta nó smachtbhannaí seachas iad siúd ar de chineál coiriúil iad. Smachtbhannaí nach féidir gurb ionann iad agus smachtbhannaí coiriúla, a fhorchuirtear ar an duine céanna don iompar céanna, is féidir iad a chur san áireamh agus pianbhreith á cur ar an duine sin as cion coiriúil a shainmhínítear sa Treoir seo. I gcás smachtbhannaí eile, ba cheart lánurraim a thabhairt don phrionsabal go dtoirmisctear duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem). Ní dhéanann an Treoir seo iompar a choiriúlú nach bhfuil faoi réir pionóis araíonachta nó bearta eile freisin maidir le sárú ar dhualgais oifigiúla, i gcásanna inar féidir na pionóis araíonachta den sórt sin nó bearta eile den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir leis an duine lena mbaineann.

(18)

I gcásanna áirithe, ba cheart foráil a dhéanamh leis na smachtbhannaí i dtaca le daoine nádúrtha do phionós uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad. Ba cheart a áireamh le cásanna den sórt sin na cinn lena mbaineann damáiste suntasach nó lena mbaintear amach buntáiste suntasach trínar cheart an damáiste nó an buntáiste a thoimhdiú mar ní suntasach nuair is breis is EUR 100 000 a bhaineann leis. Más rud é nach bhforáiltear le dlí Ballstáit do thairseach shainráite do dhamáiste suntasach nó do bhuntáiste suntasach mar bhonn do phionós uasta, ba cheart don Bhallstát a áirithiú go ndéanfaidh a gcúirteanna méid an damáiste nó an bhuntáiste a chur san áireamh agus smachtbhannaí le haghaidh calaoise agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais á gcinneadh. Leis an Treoir seo, ní choisctear na Ballstáit foráil a dhéanamh do ghnéithe eile a léireodh cineál tromhchúiseach ciona choiriúla, mar shampla nuair atá baol an damáiste nó an bhuntáiste ann, ach go bhfuil sé de chineál an-suntasach. Mar sin féin, i gcás cionta i gcoinne an chomhchórais CBL, is í EUR 10 000 000 an tairseach ar cheart a thoimhdiú gurbh amhlaidh atá cion atá cothrom léi nó atá os a cionn suntasach, i gcomhréir leis an Treoir seo. Tá sé riachtanach íosleibhéil smachtbhannaí uasta príosúnachta a thabhairt isteach chun cosaint choibhéiseach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais. Beartaítear go mbeidh éifeacht dhíspreagthach láidir ag na smachtbhannaí ar choirpigh ionchasacha, le héifeacht ar fud an Aontais.

(19)

Maidir leis an bhfíric go ndéantar cion coiriúil laistigh d'eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear í i gCinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (10), ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar é sin a mheas mar imthoisc ghéaraitheach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme arna mbunú lena gcórais dlí. Ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar an imthoisc ghéaraitheach a chur ar fáil do bhreithimh lena bhreithniú agus pianbhreith á cur ar chiontóirí acu, cé nach bhfuil aon oibleagáid ann ar bhreithimh an imthoisc ghéaraitheach sin a chur san áireamh ina bpianbhreith. Níl sé d'oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh don imthoisc ghéaraitheach i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta go bhfuil na cionta coiriúla mar a shainmhínítear iad i gCinneadh Réime 2008/841/CGB inphionóis mar chion ar leithligh agus d'fhéadfadh sé go dtiocfadh smachtbhannaí níos déine as.

(20)

I bhfianaise, go háirithe, shoghluaisteacht dhéantóirí na coire agus shoghluaisteacht na bhfáltas a thagann as gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar chostas leasanna airgeadais an Aontais, mar aon leis na himscrúduithe trasteorann casta atá i gceist leis sin, ba cheart do gach Ballstát a dhlínse a bhunú d'fhonn cur ar a chumas gníomhaíochtaí den sórt sin a chomhrac. Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú dá bharr sin go gcumhdaítear ina dhlínse cásanna ina ndéantar cionta coiriúla trí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide ar a bhfuarthas rochtain óna gcríoch a úsáid.

(21)

I bhfianaise na ndlínsí iomadúla a d'fhéadfadh bheith ann do chionta coiriúla trasteorann a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear prionsabal ne bis in idem ina iomláine agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le tréimhsí teorann atá riachtanach d'fhonn cur ar a gcumas gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar chostas leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. I gcás cionta coiriúla is inphionóis le smachtbhanna uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, ba cheart gurbh ionann an tréimhse teorann agus cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion coiriúil. Ba cheart nár dhochar an méid sin do na Ballstáit sin nach leagann tréimhsí teorann amach d'imscrúdú, d'ionchúiseamh ná d'fhorfheidhmiú.

(23)

Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in imeachtaí coiriúla ná do rialacha eile faoi dhlí an Aontais, go háirithe faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá gá le foráil iomchuí a dhéanamh do chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcoinne na gcionta coiriúla a shainmhínítear sa Treoir seo lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún mar aon le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn an Coimisiún do na húdaráis náisiúnta inniúla agus a theastódh uathu chun comhordú ar a gcuid imscrúduithe a éascú. Níor cheart a bheith i gceist le cúnamh den sórt sin go mbeadh an Coimisiún rannpháirteach i nósanna imeachta imscrúdaithe nó ionchúisimh cásanna coiriúla aonair a sheolann na húdaráis náisiúnta. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí agus do na hiniúchóirí atá freagrach as buiséid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a iniúchadh aon fhíoras arbh fhéidir a cháiliú mar chion coiriúil faoin Treoir seo a nochtadh don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus d'údaráis inniúla eile, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 59 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

(24)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Féadfaidh tograí lena gcuirtear san áireamh éabhlóidí a d'fhéadfadh tarlú, go háirithe maidir le buiséad an Aontais a mhaoiniú, bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más gá.

(25)

Ba cheart an Treoir seo a chur in ionad an Choinbhinsiúin le haghaidh na mBallstát atá faoina ceangal.

(26)

Chun pointe (d) d'Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chur i bhfeidhm, ba cheart an tagairt do chalaois thromchúiseach lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún a fhorléiriú mar chalaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 7(3) den Treoir seo nó, maidir le cionta i gcoinne an chomhchórais CBL, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Treoir seo.

(27)

Áirítear ar chur chun feidhme ceart na Treorach seo ag na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus sonraí den sórt sin a mhalartú idir na Ballstáit ar láimh amháin, agus idir comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais ar an lámh eile. Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ar an leibhéal náisiúnta idir údaráis náisiúnta inniúla a rialú le acquis an Aontais. Ba cheart malartú sonraí pearsanta idir na Ballstáit a dhéanamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Sa mhéid a phróiseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) nó, i gcás inarbh infheidhme, ag gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin mar aon leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht imscrúduithe breithiúnacha.

(28)

Maidir leis an éifeacht athchomhairleach a bheartaítear le smachtbhannaí an dlí choiriúil a chur i bhfeidhm, tá gá le réamhchúram ar leith maidir le cearta bunúsacha. Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo agus cloítear léi leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon le prionsabal ne bis in idem. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ní foláir í a chur chun feidhme dá réir sin.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta riachtanacha a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar suimeanna a ghnóthú agus iad a aistriú chuig buiséad an Aontais go pras, gan dochar do rialacha earnáil-shonracha ábhartha an Aontais maidir le ceartúcháin airgeadais agus na méideanna a caitheadh go míchuí a ghnóthú.

(30)

Tá ról tábhachtach ag bearta riaracháin agus pionóis riaracháin i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ní dhíolmhaítear na Ballstáit leis an Treoir seo ón oibleagáid bearta riaracháin agus pionóis riaracháin an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.

(31)

Ba cheart é a chur d'oibleagáid ar na Ballstáit, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta do phionóis choiriúla i ndáil leis na gníomhaíochtaí calaoise agus leis na cionta coiriúla a bhaineann le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo. Níor cheart oibleagáidí a chruthú leis an Treoir seo i ndáil le pionóis den sórt sin nó le haon chóras eile forfheidhmithe dlí atá ar fáil a chur i bhfeidhm maidir le cásanna aonair. Féadfaidh na Ballstáit, i bprionsabal, leanúint de bhearta riaracháin agus de phionóis riaracháin a chur i bhfeidhm ag an am céanna sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo. Agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit, áfach, a áirithiú nach sáraítear an Chairt trí smachtbhannaí coiriúla a fhorchur mar gheall ar chionta coiriúla i gcomhréir leis an Treoir seo agus trí bhearta riaracháin agus smachtbhannaí riaracháin a fhorchur.

(32)

Níor cheart difear a dhéanamh leis an Treoir seo d'inniúlachtaí na mBallstát a riarachán cánach a struchtúrú agus a eagrú de réir mar is cuí leo chun cinneadh, measúnú agus bailiú ceart cánach breisluacha a áirithiú, mar aon le cur i bhfeidhm éifeachtach dlí CBL.

(33)

Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do na forálacha maidir leis na díolúintí a bhaint atá in CFAE, i bPrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CFAE agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus do na téacsanna lena gcuirtear chun feidhme iad, nó d'fhorálacha comhchosúla atá faoi chuimsiú an dlí náisiúnta. Agus an Treoir seo á trasuí sa dlí náisiúnta agus, ina theannta sin, agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm, cuirtear na pribhléidí agus na díolúintí sin, lena n-áirítear an urraim ar shaoirse shainordú an Chomhalta, san áireamh go hiomlán.

(34)

Ní dochar an Treoir seo do rialacha ginearálta agus do phrionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta choiriúil maidir le pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú i gcomhréir leis na himthosca nithiúla i ngach cás aonair.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh.21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná níl sí faoi réir a cur i bhfeidhm.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(39)

Chuathas i gcomhairle le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ghlac sí tuairim (15),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RAON FHEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta i ndáil le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i dtaca le calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, d'fhonn an chosaint i gcoinne na gcionta coiriúla a dhéanann difear do na leasanna airgeadais sin a neartú, i gcomhréir le acquis an Aontais sa réimse seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe agus raon feidhme

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “leasanna airgeadais an Aontais” na hioncaim, na caiteachais agus na sócmhainní uile a chumhdaítear leis nithe seo a leanas, a fhaightear tríothu, nó atá dlite dóibh:

(i)

buiséad an Aontais;

(ii)

buiséid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a bhunaítear de bhun na gConarthaí nó buiséid a bhainistíonn siad agus a ndéanann siad faireachán orthu go díreach nó go hindíreach;

(b)

ciallaíonn “duine dlíthiúil” aon eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, seachas Stáit nó comhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus seachas eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

2.   Maidir le hioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin i gcásanna cionta tromchúiseacha i gcoinne an chomhchórais CBL. Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh cionta i gcoinne an chomhchórais CBL tromchúiseach i gcás ina bhfuil nasc ag na gníomhartha nó na neamhghníomhartha a dhéantar go hintinniúil agus a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(2) le críoch dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas agus i gcás ina mbaineann damáiste iomlán ar a laghad EUR 10 000 000 leo.

3.   Ní dhéantar difear do struchtúr ná d'fheidhmiú riarachán cánach na mBallstát leis an Treoir seo.

TEIDEAL II

CIONTA COIRIÚLA I dTACA LE CALAOIS LENA nDÉANTAR DIFEAR DO LEASANNA AIRGEADAIS AN AONTAIS

Airteagal 3

Calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil atá i gcalaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, nuair a dhéantar go hintinniúil í.

2.   Chun críocha na Treorach seo, measfar gur calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais:

(a)

i leith caiteachas nach mbaineann le soláthar, aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht míleithreasú nó coinneáil éagórach cistí nó sócmhainní as buiséad an Aontais nó as buiséid arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ar a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

cur i mífheidhm cistí den sórt sin nó sócmhainní den sórt sin chun críoch eile seachas na críocha ar deonaíodh i dtosach báire chucu iad;

(b)

i leith caiteachas a bhaineann le soláthar, ar a laghad nuair a dhéantar é chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir an chiona nó do dhuine eile trí chailliúint do leasanna airgeadais an Aontais a chur faoi deara, aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht míleithreasú nó coinneáil éagórach cistí nó sócmhainní as buiséad an Aontais nó as buiséid arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ag a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

cur i mífheidhm cistí den sórt sin nó sócmhainní den sórt sin chun críoch eile seachas na críocha ar deonaíodh i dtosach báire chucu iad, lena ndéantar dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(c)

i leith ioncaim seachas ioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL dá dtagraítear i bpointe (d), aon ghníomh nó neamhghníomh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht acmhainní bhuiséad an Aontais nó buiséad arna mbainistiú ag an Aontas, nó thar a cheann, a laghdú go neamhdhlíthiúil;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach, ag a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

cur i mífheidhm sochair arna fháil go dlíthiúil, ag a bhfuil an éifeacht chéanna.

(d)

i leith ioncam a eascraíonn as acmhainní dílse CBL, aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéantar i scéimeanna calaoiseacha trasteorann i ndáil leis an méid seo a leanas:

(i)

ráitis nó doiciméid a bhaineann le CBL atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht acmhainní bhuiséad an Aontais a laghdú;

(ii)

neamhnochtadh faisnéise a bhaineann le CBL de shárú ar oibleagáid shonrach, ag a bhfuil an éifeacht chéanna; nó

(iii)

ráitis chearta a bhaineann le CBL a thíolacadh chun an neamhíocaíocht a cheilt ar shlí chalaoiseach nó cruthú éagórach ceart chun aisíocaíochtaí CBL.

Airteagal 4

Cionta coiriúla eile a bhaineann le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil a bheidh i sciúradh airgid mar a thuairiscítear é in Airteagal 1(3) de Threoir (AE) 2015/849 a bhaineann le maoin a eascraíonn as na cionta coiriúla a chumhdaítear sa Treoir seo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cionta coiriúla a bheidh in éilliú éighníomhach agus gníomhach, nuair a dhéantar go hintinniúil iad.

(a)

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “éilliú éighníomhach” gníomh oifigigh phoiblí a iarrann nó a fhaigheann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáistí de chineál ar bith, dó féin nó do thríú páirtí, nó a ghlacann gealltanas buntáiste den sórt sin, chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna ar dhóigh a dhéanann dochar, nó ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna airgeadais an Aontais.

(b)

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “éilliú gníomhach” gníomh duine a gheallann, a thairgeann nó a thugann, go díreach nó trí idirghabhálaí, buntáiste de chineál ar bith d'oifigeach poiblí dó féin nó do thríú páirtí chun gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna ar dhóigh a dhéanann dochar, nó ar dóigh di dochar a dhéanamh, do leasanna airgeadais an Aontais.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil a bheidh i míleithreasú, nuair a dhéantar go hintinniúil é.

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “míleithreasú” gníomhaíocht oifigigh phoiblí a gcuirtear ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh go díreach nó go hindíreach cistí nó sócmhainní a bhainistiú a dhéanann cistí a ghealladh nó a eisíoc nó sócmhainní a leithreasú nó a úsáid, ar dhóigh atá contrártha don chríoch dár beartaíodh iad agus a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais ar aon slí.

4.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “oifigeach poiblí”:

(a)

oifigeach de chuid an Aontais nó oifigeach náisiúnta, lena n-áirítear aon oifigeach náisiúnta de chuid Ballstát eile agus aon oifigeach náisiúnta de chuid tríú tír;

(i)

ciallaíonn “oifigeach de chuid an Aontais” duine:

is oifigeach nó fostaí eile a fhostaíonn an tAontas faoi chonradh de réir bhrí Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (16) (“na Rialacháin Foirne”); nó

a dtugann Ballstát nó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach ar iasacht é nó í don Aontas, a chuireann feidhmeanna i gcrích atá coibhéiseach leo siúd a dhéanann oifigigh nó seirbhísigh eile de chuid an Aontais.

Gan dochar do na forálacha maidir le pribhléidí agus díolúintí atá i bPrótacal Uimh. 3 agus i bPrótacal Uimh. 7, déanfar Comhaltaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, arna gcur ar bun i gcomhréir leis na Conarthaí agus foireann comhlachtaí den sórt sin a chomhshamhlú ina n-oifigigh de chuid an Aontais, a mhéid nach bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo;

(ii)

tuigfear an téarma “oifigeach náisiúnta” trí thagairt a dhéanamh don sainmhíniú ar “oifigeach” nó ar “oifigeach poiblí” i ndlí náisiúnta an Bhallstáit nó an tríú tír ina gcuireann an duine i dtrácht an fheidhm i gcrích.

Mar sin féin, i gcás imeachtaí a bhaineann le hoifigeach náisiúnta Ballstáit, nó le hoifigeach náisiúnta tríú tír, arna dtionscnamh ag Ballstát eile, ní cheanglófar ar oifigeach náisiúnta tríú tír an sainmhíniú ar “oifigeach náisiúnta” a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid atá an sainmhíniú sin comhoiriúnach lena dhlí náisiúnta.

Áireoidh an téarma “oifigeach náisiúnta” aon duine atá i seilbh oifig feidhmiúcháin, riaracháin nó bhreithiúnach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Déanfar aon duine atá i seilbh oifig reachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a chomhshamhlú ina oifigeach náisiúnta nó ina hoifigeach náisiúnta.

(b)

aon duine eile dá sanntar feidhm seirbhíse poiblí agus a fheidhmíonn an fheidhm sin a bhaineann le bainistiú leasanna airgeadais an Aontais nó cinntí ina leith sna Ballstáit nó i dtríú tíortha.

TEIDEAL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA I dTACA LE CALAOIS AGUS CIONTA COIRIÚLA EILE LENA nDÉANTAR DIFEAR DO LEASANNA AIRGEADAIS AN AONTAIS

Airteagal 5

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

1.   Déanfaidh na Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chionta coiriúla gríosú, agus cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh ar aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(3) a dhéanamh.

Airteagal 6

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 arna dhéanamh ar mhaithe leo ag aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar bhall d'orgán an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil ardseasamh aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe:

(a)

ar chumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

(b)

ar údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

ar údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá freisin chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás ina bhfuil duine atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe de chuid duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ní eisiafar an fhéidearthacht go mbeidh imeachtaí coiriúla ann in aghaidh daoine nádúrtha is déantóirí na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 nó atá faoi dhliteanas coiriúil ina leith faoi Airteagal 5 mar gheall ar dhliteanas daoine dlítheanacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Smachtbhannaí maidir le daoine nádúrtha

1.   Maidir le daoine nádúrtha, áiritheoidh na Ballstáit gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 le smachtbhannaí coiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 le pionós uasta lena ndéantar foráil do phríosúnacht.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 le pionós uasta príosúnachta ceithre bliana ar a laghad nuair a bhaineann damáiste suntasach nó buntáiste suntasach leo.

Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn as na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4 suntasach nuair is mó ná EUR 100 000 a bhaineann leis an damáiste nó an buntáiste.

Toimhdeofar go bhfuil an damáiste nó buntáiste a eascraíonn na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(2) agus faoi réir Airteagal 2(2) suntasach.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le smachtbhanna uasta príosúnachta ceithre bliana ar a laghad in imthosca tromchúiseacha eile arna sainmhíniú ina ndlí náisiúnta.

4.   I gcás cion coiriúil dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) nó in Airteagal 4 ar lú ná EUR 10 000 a bhaineann leis an damáiste nó ar lú ná EUR 10 000 a bhaineann leis an mbuntáiste, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí seachas smachtbhannaí coiriúla.

5.   Ní dochar mír 1 d'fheidhmiú cumhachtaí araíonachta ag na húdaráis inniúla in aghaidh oifigigh phoiblí.

Airteagal 8

Imthoisc ghéaraitheach

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go measfar gur imthoisc ghéaraitheach atá i gceist i gcás ina ndéantar cion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5 in eagraíocht choiriúil de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB.

Airteagal 9

Smachtbhannaí i dtaca le daoine dlítheanacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach, a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6, faoi réir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, agus áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus d'fhéadfadh smachtbhannaí eile a bheith ar áireamh orthu freisin, amhail an méid seo a leanas:

(a)

eisiamh ón teideal chun sochar poiblí nó cúnaimh;

(b)

eisiamh sealadach nó buan ó nósanna imeachta tairisceana poiblí;

(c)

dícháiliú sealadach nó buan chun gníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

(d)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(e)

foirceannadh breithiúnach;

(f)

bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion coiriúil a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.

Airteagal 10

Calcadh agus coigistiú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun calcadh agus coigistiú ionstraimeachtaí agus fáltas ó na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chumasú. Na Ballstáit sin atá faoi cheangal ag Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), déanfaidh siad na bearta sin i gcomhréir leis an Treoir sin.

Airteagal 11

Dlínse

1.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a bhunú más rud é:

(a)

gur ar a chríoch a rinneadh an cion coiriúil ina iomláine nó go páirteach; nó

(b)

gur náisiúnaí dá chuid é an ciontóir.

2.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a bhunú i gcás ina bhfuil an ciontóir faoi réir na Rialachán Foirne tráth an chiona choiriúil. Féadfaidh gach Ballstát staonadh ó na rialacha maidir le dlínse a bhunaítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm nó féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm i gcásanna sonracha nó i gcásanna ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha, agus sna cásanna sin amháin, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

3.   I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse a leathnú chuig cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;

(b)

déantar an cion coiriúil chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch; nó

(c)

is duine dá oifigigh an ciontóir a ghníomhaíonn agus é nó í i mbun a dhualgais nó a dualgais oifigiúil.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh feidhmiú a ndlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach amháin tar éis don íospartach tuairisc a thabhairt san áit ina ndearnadh an cion coiriúil, nó tar éis don Stát ina bhfuil an áit ina ndearnadh an cion coiriúil cáineadh a dhéanamh.

Airteagal 12

Tréimhsí teorann le haghaidh cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

1.   Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh do thréimhse teorann chun go gcumasófar iad a imscrúdú, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón uair a rinneadh na cionta coiriúla sin, ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a chumasú cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 is inphionóis le smachtbhanna uasta ceithre bliana príosúnachta ar a laghad, a ionchúiseamh, a thriail agus cinneadh breithiúnach a dhéanamh fúthu ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón uair a rinneadh an cion.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a bhunú atá níos giorra ná cúig bliana, ach nach bhfuil níos giorra ná trí bliana, ar choinníoll gur féidir briseadh isteach ar an tréimhse nó í a chur ar fionraí i gcás gníomhartha sonraithe.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun forfheidhmiú an méid seo a leanas a chumasú:

(a)

pionós ar mó ná bliain amháin príosúnachta é, nó mar rogha ar an méid sin,

(b)

pionós príosúnachta i gcás cion coiriúil is inphionóis le smachtbhanna uasta ar ceithre bliana príosúnachta ar a laghad é,

a fhorchuirtear tar éis ciontú deiridh i gcion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5, go ceann cúig bliana ar a laghad ó dháta an chiontaithe deiridh. Féadfar a áireamh sa tréimhse teorann sin faduithe a d'eascródh as briseadh nó fionraí.

Airteagal 13

Gnóthú

Ní dochar an Treoir seo don mhéid seo a leanas a ghnóthú:

(1)

ar leibhéal an Aontais: suimeanna a íocadh go míchuí i gcomhthéacs dhéanamh na gcionta coiriúla dá dtagraítear in i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 3(2), nó in Airteagal 4 nó in Airteagal 5;

(2)

ar an leibhéal náisiúnta, aon CBL nár íocadh i gcomhthéacs dhéanamh na gcionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(2), nó in Airteagal 4 nó in Airteagal 5.

Airteagal 14

Idirghníomhaíocht le gníomhartha dlíthiúla infheidhme eile de chuid an Aontais

Ní dochar don Treoir seo é cur i bhfeidhm beart riaracháin, pionós agus fíneálacha mar a leagtar síos i ndlí an Aontais, go háirithe iad sin ar de réir bhrí Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 iad, nó a leagtar síos sa dlí náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hoibleagáid shonrach faoi dhlí an Aontais. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéantar, le himeachtaí coiriúla ar bith, arna dtionscnamh ar bhonn forálacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme, difear míchuí do chur i bhfeidhm cuí, éifeachtach beart riaracháin, pionós agus fíneálacha nach féidir a ionannú le himeachtaí coiriúla, a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i bhforálacha náisiúnta cur chun feidhme.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún (OLAF) agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais

1.   Gan dochar do na rialacha maidir le comhar trasteorann agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla, rachaidh na Ballstáit, Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus an Coimisiún i mbun comhar lena chéile, laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach, sa chomhrac i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún, agus i gcás inarb iomchuí, Eurojust, an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil sin do na húdaráis náisiúnta inniúla agus a theastaíonn uathu chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit, laistigh dá n-inniúlachtaí, faisnéis a mhalartú leis an gCoimisiún chun gur fusa a bheidh sé na fíricí a shuí agus chun gníomhaíocht éifeachtach i gcoinne na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla na ceanglais rúndachta agus na rialacha cosanta sonraí a chur san áireamh i ngach cás ar leith. Gan dochar don dlí náisiúnta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis, féadfaidh Ballstát, chuige sin, agus faisnéis á soláthar don Choimisiún aige, coinníollacha sonracha a leagan síos chuige sin, lena gcumhdófar faisnéis a bheith á húsáid, ag an Coimisiún nó ag Ballstát eile a ndéantar an fhaisnéis a aistriú chuige.

3.   Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus na hiniúchóirí ar a bhfuil an fhreagracht as iniúchóireacht a dhéanamh ar bhuiséid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú de bhun na gConarthaí, agus as na buiséid a ndéanann na hinstitiúidí bainistiú agus iniúchadh orthu, aon fhíoras a dtagann siad air le linn dóibh a ndualgais a dhéanamh a nochtadh do OLAF agus d'údaráis inniúla eile, ar fíoras é a d'fhéadfaí a cháiliú mar chion coiriúil dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 nó in Airteagal 5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta amhlaidh.

Airteagal 16

An Treoir seo a chur in ionad an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

Leis seo, le haghaidh na mBallstát sin atá faoina ceangal, cuirtear an Treoir seo in ionad an Choinbhinsiúin maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint an 26 Iúil 1995, lena n-áirítear Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996, Prótacal an 29 Samhain 1996 agus Prótacal an 19 Meitheamh 1997 a ghabhann leis, le héifeacht amhail ón 6 Iúil 2019.

Le haghaidh na mBallstát a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí don Choinbhinsiún a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 17

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 6 Iúil 2019. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 6 Iúil 2019.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áiritheoidh siad ráiteas freisin á rá gurb amhlaidh, le haghaidh na mBallstát atá faoi cheangal na Treorach seo, go ndéanfar na tagairtí atá sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana don Choinbhinsiún a bhfuil an Treoir seo á cur ina ionad a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas atá an ráiteas sin le leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 18

Tuairisciú agus measúnú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 6 Iúil 2021 tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá d'fhonn an Treoir seo a chomhlíonadh.

2.   Gan dochar d'oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, cuirfidh na Ballstáit an staidreamh seo a leanas maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil má tá siad ar fáil ar leibhéal lárnach sa Bhallstát lena mbaineann:

(a)

líon na n-imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh, an líon a díbheadh, an líon a raibh éigiontú mar thoradh orthu, an líon a raibh ciontú mar thoradh orthu agus líon na n-imeachtaí leanúnacha;

(b)

na suimeanna a gnóthaíodh tar éis imeachtaí coiriúla agus an damáiste a mheastar a bheith i gceist.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 6 Iúil 2024 agus a thuarascáil a cuireadh isteach de bhun mhír 1 agus staidreamh na mBallstát a cuireadh isteach de bhun mhír 2 á gcur san áireamh, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar thionchar an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo ar chosc a chur ar chalaois a dhéanamh ar leasanna airgeadais an Aontais a thrasuí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 6 Iúil 2022 agus ar bhonn na sonraí a chuir na Ballstáit isteach, de bhun mhír 2, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, tar éis dó an méid seo a leanas a mheasúnú, maidir leis an gcuspóir ginearálta cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú:

(a)

an bhfuil an tairseach a luaitear in Airteagal 2(2) iomchuí;

(b)

an bhfuil na forálacha maidir le tréimhsí teorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 12 éifeachtach go leor;

(c)

an dtugtar aghaidh go héifeachtach sa Treoir seo ar chásanna calaoise i dtaca le soláthar.

5.   Más gá, beidh togra reachtach i dteannta na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, agus féadfar foráil shonrach a áireamh ann i ndáil le calaois i dtaca le soláthar.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 20

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 5 Iúil 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 134.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Aibreán 2017 (IO C 184, 9.6.2017, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 48.

(4)  IO C 313, 23.10.1996, lch. 1.

(5)  IO C 151, 20.5.1997, lch. 1.

(6)  IO C 221, 19.7.1997, lch. 11.

(7)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(8)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11. 12.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(10)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(13)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí ag comhlachtaí agus ag institiúidí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  IO C 383, 12.12.2012, lch. 1.

(16)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(17)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).


Ceartúchán

28.7.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 168 Eagrán Speisialta Gaeilge an 30 Meitheamh 2017 )

Ar leathanach 11, Airteagal 9 (2):

in ionad:

“Faoin 21 Bealtaine 2018 ...”,

léitear:

“Faoin 2 Meitheamh 2018 …”.

Ar leathanach 11, Airteagal 10:

in ionad:

“Faoin 21 Márta 2021 …”,

léitear:

“Faoin 2 Aibreán 2021 …”.

Ar leathanach 11, Airteagal 11 (2):

in ionad:

“Beidh feidhm aige ón 20 Márta 2018.”,

léitear:

“Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2018.”.