ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
30 Meitheamh 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/1128 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE ( 1 )

12

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 0 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1128 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain leanúnach ar sheirbhísí ábhair ar líne a chuirtear ar fáil go dleathach do thomhaltóirí ina mBallstát cónaithe chun go bhfeidhmeodh an margadh inmheánach ar bhealach rianúil agus chun prionsabail na saorghluaiseachta daoine agus seirbhísí a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Ós rud é gur limistéar gan teorainneacha inmheánacha atá sa mhargadh inmheánach agus go bhfuil sé ag brath, inter alia, ar shaorghluaiseacht daoine agus seirbhísí, tá sé riachtanach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí seirbhísí inaistrithe ábhair ar líne a úsáid a thugann rochtain ar ábhar amhail ceol, cluichí, scannáin, cláir shiamsaíochta nó imeachtaí spóirt, ní hamháin ina mBallstát cónaithe ach, chomh maith leis sin, nuair a bhíonn siad go sealadach i mBallstáit eile chun críoch amhail fóillíocht, taisteal, turais ghnó nó soghluaisteacht foghlama. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le bacainní ar rochtain ar sheirbhísí ábhair ar líne den sórt sin agus ar úsáid na seirbhísí sin, i gcásanna den sórt sin.

(2)

Na forbairtí teicneolaíocha as a dtagann iomadú gléasanna iniompartha amhail ríomhairí glúine, táibléid agus fóin chliste, tá méadú ag teacht ar an méid a éascaíonn siad úsáid seirbhísí ábhair ar líne trí rochtain a thabhairt orthu cibé áit ina bhfuil an tomhaltóir. Tá méadú mear ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar rochtain ar sheirbhísí ábhair ar líne agus ar sheirbhísí nuálaíocha ar líne, ní hamháin ina mBallstát cónaithe ach, chomh maith leis sin, nuair a bhíonn siad go sealadach i mBallstát eile.

(3)

Tá méadú ag teacht ar an méid a dhéanann tomhaltóirí socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse chun seirbhísí ábhair ar líne a fháil. Mar sin féin, is minic nach féidir le tomhaltóirí atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe leanúint de rochtain a fháil ar na seirbhísí ábhair ar líne agus d’úsáid a bhaint astu, ar seirbhísí iad a bhfuil an ceart faighte acu go dleathach rochtain a fháil orthu agus iad a úsáid ina mBallstát cónaithe.

(4)

Tá roinnt bacainní ann a chuireann bac ar sholáthar na seirbhísí ábhair ar líne do thomhaltóirí atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Áirítear ar sheirbhísí áirithe ar líne ábhar amhail ceol, cluichí, scannáin nó cláir shiamsaíochta atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara faoi dhlí an Aontais. Faoi láthair, tá na bacainní ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne éagsúil ó earnáil amháin go hearnáil eile. Is ann do na bacainní sin mar gheall ar na cearta maidir le tarchur ábhair atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara, amhail saothair chlosamhairc, a bheith á gceadúnú go minic ar bhonn críochach, agus mar go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a roghnú freastal ar mhargaí ar leith amháin.

(5)

Is amhlaidh atá i gcás ábhar, amhail imeachtaí spóirt, nach bhfuil cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara faoi dhlí an Aontais ach a d’fhéadfadh a bheith cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara faoin dlí náisiúnta nó de bhun reachtaíocht shonrach náisiúnta eile agus ar minic freisin a cheadúnaíonn lucht eagraithe imeachtaí den sórt sin nó a thairgeann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne ar bhonn críochach. Tá tarchur ábhair den sórt sin a dhéanann eagraíochtaí craolacháin cosanta ag cearta gaolmhara atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, áirítear go minic ar tharchur ábhair den sórt sin eilimintí atá cosanta ag cóipcheart amhail ceol, fís-seichimh thosaigh nó dheiridh nó grafaic. Chomh maith leis sin, gnéithe áirithe de tharchur ábhair den sórt sin, go háirithe na cinn sin a bhaineann le himeachtaí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí a chraoladh chomh maith le tuairiscí gearra nuachta maidir le himeachtaí a bhfuil an-suim ag an bpobal iontu, rinneadh iad a chomhchuibhiú le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ar deireadh, áirítear ar sheirbhísí meán closamhairc de réir bhrí Threoir 2010/13/AE seirbhísí a sholáthraíonn rochtain ar ábhar amhail imeachtaí spóirt, nuacht nó cúrsaí reatha.

(6)

Tá méadú ag teacht ar an méid a mhargaítear seirbhísí ábhair ar líne i bpacáiste nach féidir an t-ábhar atá ann nach bhfuil cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara a scaradh ón ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara gan luach na seirbhíse a sholáthraítear do thomhaltóirí a laghdú go suntasach. Tá sé seo fíor go háirithe i gcás ábhar a bhfuil costas breise leis amhail imeachtaí spóirt nó imeachtaí eile a bhfuil an-suim ag tomhaltóirí iontu. Chun gur féidir le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne rochtain iomlán ar a seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar do thomhaltóirí nuair a bhíonn tomhaltóirí go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, tá sé fíor-riachtanach go gcumhdaítear leis an Rialachán seo freisin ábhar den sórt sin a úsáideann seirbhísí ábhair ar líne agus, dá bhrí sin, go bhfuil feidhm aige maidir le seirbhísí meán closamhairc de réir bhrí Threoir 2010/13/AE chomh maith le tarchur na n-eagraíochtaí craolacháin ina n-iomláine.

(7)

Tá na cearta a bhaineann le saothair atá cosanta ag cóipcheart agus le hábhar atá cosanta ag cearta gaolmhara (“saothair agus ábhar cosanta eile”) comhchuibhithe, inter alia, i dTreoracha 96/9/CE (5), 2001/29/CE (6), 2006/115/CE (7) agus 2009/24/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is cuid dhílis de dhlíchóras an Aontais iad forálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, ar comhaontuithe iad arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, go háirithe an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil atá i gceangal mar Iarscríbhinn 1C a ghabhann le Comhaontú an 15 Aibreán 1994 lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Conradh WIPO um Chóipcheart an 20 Nollaig 1996, agus Conradh WIPO um Thaibhithe agus Fónagraim an 20 Nollaig 1996, arna leasú. Ba cheart dlí an Aontais a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta.

(8)

Maidir le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a bhaineann úsáid as saothair nó ábhar cosanta eile, amhail leabhair, saothair chlosamhairc, ceol ar taifead nó craoltaí, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an ceart acu ábhar den sórt sin a úsáid i gcás na gcríoch ábhartha.

(9)

I gcás ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara a tharchuireann soláthraithe seirbhíse ábhair ar líne, is gá údarú a fháil ó na sealbhóirí ábhartha cirt, amhail údair, taibheoirí, léiritheoirí nó eagraíochtaí craolacháin, maidir leis an ábhar a áirítear sa tarchur. Tá sin fíor chomh maith céanna nuair a dhéantar tarchur den sórt sin chun lamháil do thomhaltóir íoslódáil a dhéanamh d’fhonn seirbhís ábhair ar líne a úsáid.

(10)

Ní féidir ceadúnas a fháil i leith na gceart ábhartha i gcónaí, go háirithe nuair a dhéantar cearta ó thaobh ábhair a cheadúnú ar bhonn eisiach. D’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar go héifeachtach eisiachas críochach, is minic a ghabhann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne de láimh, ina gconarthaí ceadúnais le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear eagraíochtaí craolacháin nó eagraithe imeachtaí, a gcuid rannpháirtithe a chosc ar rochtain a fháil ar a seirbhísí agus úsáid a bhaint astu lasmuigh den chríoch arb ina leith a shealbhaíonn na soláthraithe an ceadúnas. Le srianta conarthacha den sórt sin a fhorchuirtear ar sholáthraithe, ceanglaítear orthu bearta a dhéanamh amhail toirmeasc a chur ar rochtain ar a seirbhísí ó sheoltaí prótacal idirlín (IP) atá lonnaithe lasmuigh den chríoch lena mbaineann. Dá bhrí sin, is sna conarthaí a tugadh i gcrích idir na soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus a gcuid rannpháirtithe atá ceann de na constaicí ar inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne, rud a léiríonn na clásail maidir le srian críochach atá sna conarthaí a tugadh i gcrích idir na soláthraithe sin agus na sealbhóirí cirt.

(11)

Ba cheart cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh agus meá á dhéanamh idir an cuspóir cearta maoine intleachtúla a chosaint agus na saoirsí bunúsacha arna ráthú ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(12)

Dá bhrí sin, is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil comhchuibhithe maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a oiriúnú agus cur chuige coiteann a chur ar fáil maidir le soláthar seirbhísí ábhair ar líne do rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe trí bhacainní ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a chuirtear ar fáil go dleathach a bhaint. Ba cheart inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú leis an Rialachán seo sna hearnálacha go léir lena mbaineann agus ar an tslí sin modhanna breise a sholáthar do thomhaltóirí rochtain dhleathach a bheith acu ar ábhar ar líne, gan difear a dhéanamh don ardleibhéal cosanta arna ráthú ag cóipcheart agus ag cearta gaolmhara san Aontas, gan na múnlaí ceadúnaithe atá ann cheana féin, amhail ceadúnú críochach, a athrú, agus gan difear a dhéanamh do na sásraí airgeadais atá ann cheana. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir coincheap inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne ó choincheap na rochtaine trasteorann a bheith ag tomhaltóirí ar sheirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, rud nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo.

(13)

I bhfianaise ionstraimí an Aontais atá ann i réimse an chánachais, tá sé riachtanach réimse an chánachais a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm aon fhorála a bhaineann le cánachas.

(14)

Sainmhínítear sa Rialachán seo roinnt coincheapa atá riachtanach lena chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an Ballstát cónaithe. Ba cheart an Ballstát cónaithe a chinneadh agus cuspóirí an Rialacháin seo agus an gá lena chur i bhfeidhm aonfhoirmeach san Aontas a áirithiú á gcur san áireamh. Tugtar le tuiscint sa sainmhíniú ar an mBallstát cónaithe go bhfuil cónaí iarbhír agus seasmhach sa Bhallstát sin ag an rannpháirtí. Ba cheart do sholáthraí seirbhísí ábhair ar líne a d’fhíoraigh an Ballstát cónaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith in ann glacadh leis, chun críocha an Rialacháin seo, gurbh é an t-aon Bhallstát cónaithe atá ag an rannpháirtí an Ballstát cónaithe mar atá fíoraithe. Níor cheart a chur d’oibleagáid ar sholáthraithe a fhíorú an bhfuil a gcuid rannpháirtithe ina rannpháirtithe freisin ar sheirbhís ábhair ar líne i mBallstát eile.

(15)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraíonn soláthraithe, tar éis dóibh na cearta ábhartha a fháil ó shealbhóirí cirt i gcríoch ar leith, dá rannpháirtithe ar bhonn conartha, ar aon mhodh lena n-áirítear sruthú, íoslódáil, trí fheidhmchláir nó trí aon teicníc eile lenar féidir an t-ábhar sin a úsáid. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas go gcumhdaítear leis an téarma “conradh” aon chomhaontú idir soláthróir agus rannpháirtí, lena n-áirítear aon socrú arb ina leith a ghlacann an rannpháirtí le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí chun seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar, cibé acu ar íocaíocht airgid nó gan íocaíocht den sórt sin. Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart a mheas go bhfuil conradh chun seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar i gceist nuair a chláraítear chun foláirimh ábhair a fháil nó nach ndéantar ach glacadh le fianáin HTML.

(16)

Seirbhís ar líne nach seirbhís meán closamhairc í de réir bhrí Threoir 2010/13/AE agus a úsáideann saothair, ábhar cosanta eile nó tarchur na n-eagraíochtaí craolacháin ar bhealach coimhdeachta amháin, níor cheart í a chumhdach faoin Rialachán seo. Áirítear ar sheirbhísí den sórt sin suíomhanna gréasáin a úsáideann saothair nó ábhar cosanta eile ar bhealach coimhdeachta amháin amhail mar eilimintí grafacha nó mar cheol a úsáidtear mar chúlra, más é príomhchuspóir an tsuímh gréasáin sin earraí a dhíol, mar shampla.

(17)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach maidir le seirbhísí ábhair ar líne ar féidir le rannpháirtithe rochtain a fháil orthu go héifeachtach agus iad a úsáid ina mBallstát cónaithe gan a bheith teoranta do shuíomh ar leith, ós rud é nach iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne nach dtairgeann seirbhísí inaistrithe ábhair ar líne i mBallstát cónaithe rannpháirtí na seirbhísí sin a thairiscint thar theorainneacha.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear ar íocaíocht airgid. Tá soláthraithe seirbhísí den sórt sin in ann a fhíorú cén Ballstát cónaithe atá ag a gcuid rannpháirtithe. Ba cheart a mheas go bhfuil an ceart seirbhís ábhair ar líne a úsáid faighte ar íocaíocht airgid má tugadh íocaíocht den sórt sin go díreach do sholáthraí na seirbhíse ábhair ar líne, nó do pháirtí eile amhail soláthraí a thairgeann pacáiste ina bhfuil seirbhís cumarsáide leictreonaí maille le seirbhís ábhair ar líne a oibríonn soláthraí eile. Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart íocaíocht táille éigeantaigh le haghaidh seirbhísí craolacháin phoiblí a mheas mar íocaíocht airgid le haghaidh seirbhís ábhair ar líne.

(19)

Níor cheart do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a rannpháirtithe a chur faoi réir aon mhuirir bhreise ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ábhair ar líne agus iad a úsáid i mBallstáit seachas a mBallstát cónaithe, d’fhéadfadh sé, áfach, go bhféadfadh rannpháirtithe a bheith faoi réir táillí is iníoctha le hoibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí den sórt sin.

(20)

Go ginearálta, ní dhéanann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc Ballstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe a fhíorú. Dá gcuirfí seirbhísí ábhair ar líne den sórt sin san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, bheadh athrú mór ar an gcaoi a seachadtar na seirbhísí sin agus bheadh costais dhíréireacha i gceist. Mar sin féin, mar gheall ar eisiamh na seirbhísí sin ó raon feidhme an Rialacháin seo, ní bheadh soláthraithe na seirbhísí sin in ann leas a bhaint as an sásra dlíthiúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus a chumasaíonn do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne inaistritheacht trasteorann seirbhísí den sórt sin a thairiscint, fiú nuair a chinneann siad infheistíocht a dhéanamh i modhanna lena ligtear dóibh Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú. Dá réir sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc a bheith in ann roghnú a bheith san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le Ballstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe a fhíorú. Má fheidhmíonn soláthraithe den sórt sin an rogha sin, ba cheart dóibh na hoibleagáidí céanna a fhorchuirtear faoin Rialachán seo ar na soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chuirtear ar fáil ar íocaíocht airgid a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a gcinneadh maidir leis an rogha sin a fheidhmiú a chur in iúl ar bhealach tráthúil do na rannpháirtithe, do shealbhóirí ábhartha cóipchirt agus ceart gaolmhar agus do shealbhóirí ábhartha aon cheart eile in ábhar na seirbhíse ábhair ar líne. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a sholáthar ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí.

(21)

Chun inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú, is gá a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur ar chumas a gcuid rannpháirtithe seirbhísí den sórt sin a úsáid sa Bhallstát ina bhfuil siad go sealadach ar an gcaoi chéanna a n-úsáidtear iad ina mBallstát cónaithe. Ba cheart rochtain a bheith ag rannpháirtithe ar sheirbhísí ábhair ar líne a thairgeann an t-ábhar céanna ar an raon céanna agus ar an líon céanna gléasanna, don mhéid céanna úsáideoirí agus leis an raon céanna feidhmiúlachtaí a thairgtear ina mBallstát cónaithe. Tá sé riachtanach go mbeadh an oibleagáid inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar éigeantach agus níor cheart do na páirtithe bheith in ann, dá bhrí sin, an oibleagáid sin a eisiamh, maolú uirthi nó a héifeacht a athrú. Aon ghníomhaíocht a dhéanann soláthraí a choiscfeadh rannpháirtithe ar rochtain ar an tseirbhís nó úsáid a bhaint aisti le linn dó nó di a bheith go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, mar shampla srianta ar fheidhmiúlachtaí na seirbhíse nó ar cháilíocht a seachadta, ba cheart sin a mheas mar theacht timpeall ar an oibleagáid inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a sholáthar agus dá bhrí sin ba cheart a mheas go bhfuil an ghníomhaíocht sin contrártha don Rialachán seo.

(22)

Le ceanglas a bheith ann go mbeadh seachadadh seirbhísí ábhair ar líne do rannpháirtithe a bheadh go sealadach i mBallstáit seachas a mBallstát cónaithe ar aon chaighdeán leis an tseirbhís sa Bhallstát cónaithe, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sin costais mhóra ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus dá bhrí sin ar deireadh thiar ar rannpháirtithe. Dá bhrí sin, ní hiomchuí i gcás an Rialacháin seo ceanglas a chur ar sholáthraithe cáilíocht seachadta seirbhísí den sórt sin a áirithiú a bheadh thar an gcaighdeán atá le fáil tríd an rochtain ar líne áitiúil a roghnaíonn rannpháirtí le linn dó nó di bheith go sealadach i mBallstát eile. I gcásanna den sórt sin, níor cheart don soláthraí a bheith faoi dhliteanas más rud é go bhfuil cáilíocht seachadta na seirbhíse níos ísle. Mar sin féin, má ráthaíonn an soláthraí go sainráite cáilíocht áirithe seachadta do rannpháirtithe le linn dóibh bheith go sealadach i mBallstáit eile, ba cheart dó bheith faoi cheangal ag an ráthaíocht sin. Ba cheart don soláthraí, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, faisnéis a thabhairt dá rannpháirtithe roimh ré maidir le cáilíocht seachadta seirbhíse ábhair ar líne a chuirtear ar fáil i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe, go háirithe faisnéis go bhféadfadh an cháilíocht seachadta a bheith éagsúil leis an gcáilíocht is infheidhme ina mBallstát cónaithe. Níor cheart don soláthraí a bheith faoi oibleagáid faisnéis a lorg go gníomhach maidir le cáilíocht seachadta seirbhíse i mBallstáit seachas Ballstát cónaithe an rannpháirtí. D’fhéadfaí an fhaisnéis ábhartha a sholáthar ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí.

(23)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo, an oibleagáid inaistritheacht trasteorann a gcuid seirbhísí a sholáthar gan na cearta ábhartha i mBallstát eile a fháil, tá sé riachtanach a leagan síos gur cheart na soláthraithe seirbhíse sin a bheith i gcónaí i dteideal na seirbhísí a sholáthar do rannpháirtithe nuair a bheidh siad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Ba cheart é sin a bhaint amach trína leagan síos gur cheart a mheas gur i mBallstát cónaithe an rannpháirtí a tharlaíonn soláthar seirbhísí ábhair ar líne den sórt sin, rochtain orthu agus an úsáid a bhaintear astu. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra dlíthiúil sin chun críche inaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart a mheas go gcuirtear seirbhís ábhair ar líne ar fáil go dleathach má chuirtear an tseirbhís agus an t-ábhar araon ar fáil ar bhealach dleathach sa Bhallstát cónaithe. Leis an Rialachán seo, agus go háirithe leis an sásra dlíthiúil lena meastar go dtarlaíonn soláthar na seirbhíse ábhair ar líne, rochtain uirthi agus úsáid a bhaintear aisti i mBallstát cónaithe an rannpháirtí, ní chuirtear bac ar sholáthraí a chumasú don rannpháirtí rochtain bhreise agus úsáid bhreise a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne a thairgeann an soláthraí go dleathach sa Bhallstát ina bhfuil an rannpháirtí go sealadach.

(24)

I gcás ceadúnú cóipchirt nó ceart gaolmhar, ciallaíonn an sásra dlíthiúil a leagtar síos sa Rialachán seo gur cheart a mheas gur i mBallstát cónaithe an rannpháirtí a dhéantar gníomhartha ábhartha atáirgthe, cumarsáide leis an bpobal agus chur ar fáil saothar agus ábhair chosanta eile, chomh maith leis na gníomhartha asbhainte nó ath-úsáide i ndáil le bunachair sonraí atá cosanta ag cearta sui generis, gníomhaíochtaí a tharlaíonn i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil do rannpháirtithe nuair a bhíonn siad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go ndéanann soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo gníomhartha den sórt sin ar bhonn na n-údaruithe faoi seach a fuair siad ó na sealbhóirí cirt lena mbaineann le haghaidh Bhallstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe. Aon uair a bhíonn an ceart ag soláthraithe gníomhartha cur in iúl don phobal nó gníomhartha atáirgthe a dhéanamh i mBallstát cónaithe a gcuid rannpháirtithe ar bhonn údarú ó na sealbhóirí cirt lena mbaineann, ba cheart é a bheith ar chumas rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe an tseirbhís a rochtain agus úsáid a bhaint aisti agus nuair is gá aon ghníomhartha ábhartha atáirgthe, amhail íoslódáil a dhéanamh, a bheidís i dteideal a dhéanamh ina mBallstáit cónaithe. Má sholáthraíonn soláthraithe seirbhís ábhair ar líne do rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát seachas a mBhallstáit cónaithe agus má bhaineann na rannpháirtithe sin úsáid as an tseirbhís i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart an soláthar sin agus an úsáid sin a bheith ina sárú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara ná ar aon chearta eile atá ábhartha maidir leis an tseirbhís ábhair ar líne a sholáthar, a rochtain agus a úsáid.

(25)

Níor cheart soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheith faoi dhliteanas i leith an tsáraithe ar aon fhorálacha conarthacha nach bhfuil i gcomhréir leis an oibleagáid é a chur ar chumas a gcuid rannpháirtithe seirbhísí den sórt sin a úsáid sa Bhallstát ina bhfuil siad go sealadach. Dá bhrí sin, ba cheart aon chlásail i gconarthaí atá ceaptha inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a thoirmeasc nó a theorannú a bheith neamh-infheidhmithe. Níor cheart ligean do sholáthraithe ná do shealbhóirí ceart atá ábhartha i ndáil le soláthar seirbhísí ábhair ar líne teacht timpeall ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí dhlí tríú tíre a roghnú mar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí eatarthu. Ba cheart feidhm a bheith ag an rud céanna maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir soláthraithe agus rannpháirtithe.

(26)

Leis an Rialachán seo, ba cheart a chur ar chumas rannpháirtithe seirbhísí ábhair ar líne, lenar shuibscríobh siad ina mBallstát cónaithe a theachtadh agus iad go sealadach i mBallstát eile. Níor cheart rannpháirtithe a bheith incháilithe d’inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne ach amháin má tá cónaí orthu i mBallstát de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne leis an Rialachán seo úsáid a bhaint as modhanna réasúnacha, comhréireacha agus éifeachtacha chun Ballstát cónaithe a rannpháirtithe a fhíorú. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe úsáid a bhaint as na modhanna fíoraithe a liostaítear sa Rialachán seo. Ní choisceann sé seo comhaontú idir soláthraithe agus sealbhóirí cirt maidir leis na modhanna fíoraithe sin laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo. Is é cuspóir an liosta deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis na modhanna fíoraithe a bheidh le húsáid ag soláthraithe chomh maith le cur isteach ar phríobháideacht rannpháirtithe a theorannú. I ngach cás, ba cheart éifeachtacht agus comhréireacht modha fíoraithe áirithe i mBallstát ar leith agus maidir leis an tseirbhís ábhair ar líne ar leith a chur san áireamh. Mura bhféadfar Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú le leibhéal leordhóthanach cinnteachta ar bhonn modh aonair fíoraithe, ba cheart do sholáthraithe brath ar dhá mhodh fíoraithe. I gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le Ballstát cónaithe an rannpháirtí, ba cheart don soláthraí bheith in ann fíorú Bhallstát cónaithe an rannpháirtí a dhéanamh arís. Ba cheart don soláthraí na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme, ar bearta iad a éilítear faoi rialacha cosanta sonraí is infheidhme chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta arna mbailiú chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú faoin Rialachán seo. Ar na samplaí de na bearta sin, áirítear faisnéis thrédhearcach a sholáthar do na daoine aonair faoi na modhanna a úsáidtear le haghaidh an fhíoraithe, agus chun críche an fhíoraithe, agus bearta slándála iomchuí.

(27)

Chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, ba cheart do sholáthraí seirbhíse ábhair ar líne brath, más féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí, amhail faisnéis bhilleála. Maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus i ndáil leis an bhfíorú arna dhéanamh ar athnuachan conartha, níor cheart cead a bheith ag an soláthraí iarraidh ar an rannpháirtí an fhaisnéis ba ghá a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú ach amháin nuair nach féidir é sin a chinneadh ar bhonn na faisnéise atá i seilbh an tsoláthraí cheana féin.

(28)

Ba cheart seiceálacha sheoltaí IP arna bhfeidhmiú faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ina theannta sin, chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, an rud is tábhachtaí ná an Ballstát ina bhfuil rochtain á fáil ag an rannpháirtí ar an tseirbhís seachas suíomh beacht an rannpháirtí. Dá réir sin, níor cheart sonraí maidir le suíomh beacht an rannpháirtí ná aon sonraí pearsanta eile a bhailiú ná a phróiseáil chun na críche sin. I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an soláthraí maidir le Ballstát cónaithe an rannpháirtí agus go ndéanann sé seiceáil sheoladh IP chun an Ballstát cónaithe a fhíorú, le seiceálacha den sórt sin, ba cheart a shuíomh an bhfuil rochtain á fáil ag an rannpháirtí ar an tseirbhís ábhair ar líne nó an bhfuil sí á húsáid laistigh nó lasmuigh den Bhallstát cónaithe, agus é sin amháin. Dá bhrí sin, níor cheart na sonraí a thiocfaidh as seiceáil sheoltaí IP a bhailiú ach amháin i bhformáid dhénártha agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Níor cheart don soláthraí dul thar an leibhéal mionsonraí sin.

(29)

Ba cheart do shealbhóir cóipchirt, cearta gaolmhara, nó aon cheart eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne a bheith in ann i gcónaí saoirse chonarthach a fheidhmiú chun údarú a thabhairt ábhar den sórt sin a sholáthar, a rochtain agus a úsáid faoin Rialachán seo gan an Ballstát cónaithe a fhíorú. Is féidir leis an méid sin a bheith ábhartha go háirithe in earnálacha amhail ceol agus ríomhleabhair go háirithe. Ba cheart do gach sealbhóir cirt bheith in ann cinntí den sórt sin a dhéanamh go héasca agus iad ag dul i mbun conarthaí le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne. Le conarthaí idir soláthraithe agus sealbhóirí cirt, níor cheart srian a chur ar an deis atá ag sealbhóirí cirt an t-údarú sin a tharraingt siar faoi réir fógra réasúnach a thabhairt don soláthraí. Mar sin, ní scaoileann an t-údarú a thugann sealbhóir aonair cirt an soláthraí ón oibleagáid chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú. Is i gcásanna ina gcinnfidh na sealbhóirí uile cóipchirt, ceart gaolmhar nó aon cheart eile san ábhar a úsáideann an soláthraí údarú a thabhairt a n-ábhar a sholáthar, a rochtain agus a úsáid gan Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, agus sna cásanna sin amháin, nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid chun fíorú a dhéanamh, agus ba cheart úsáid a bhaint as an gconradh idir an soláthraí agus an rannpháirtí chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gach gné eile den Rialachán seo leanúint de bheith infheidhme.

(30)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, go háirithe an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saoirse nochtaithe tuairimí, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil. Le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo, ba cheart na cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, agus tá sé riachtanach go mbeidh próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE. Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú go mbeidh aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo riachtanach, réasúnach agus comhréireach d’fhonn an cuspóir ábhartha a bhaint amach. I gcás inar leor rannpháirtí a fhíordheimhniú chun an tseirbhís a sholáthar, níor cheart é a bheith ina cheanglas an rannpháirtí a shainaithint. Maidir leis na sonraí arna mbailiú de bhun an Rialacháin seo chun an Ballstát cónaithe a fhíorú, níor cheart don soláthraí iad a stóráil níos faide ná mar is gá chun fíorú den sórt sin a chur i gcrích. Ba cheart sonraí den sórt sin a scriosadh láithreach agus ar bhealach do-athraithe tar éis an fíorú a chur i gcrích. Ní dochar é sin, áfach, do stóráil sonraí a bailíodh le haghaidh críoch dhlisteanach eile, faoi réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, lena n-áirítear na rialacha maidir le stóráil na sonraí sin.

(31)

Maireann conarthaí faoina gceadúnaítear ábhar ar feadh tréimhse sách fada, de ghnáth. Dá bhrí sin, agus d’fhonn a áirithiú gur féidir le gach tomhaltóir atá ina chónaí san Aontas úsáid a bhaint as inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne ar bhonn cothrom ó thaobh ama de agus gan aon mhoill mhíchuí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le conarthaí a tugadh i gcrích agus cearta a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm má tá na conarthaí sin agus na cearta sin ábhartha d’inaistritheacht trasteorann seirbhíse ábhair ar líne a cuireadh ar fáil tar éis an dáta sin. Tá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo riachtanach freisin chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann do sholáthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach, go háirithe do FBManna, trína chumasú do sholáthraithe a thug i gcrích conarthaí le sealbhóirí cirt a bhí le maireachtáil ar feadh tréimhse fhada chun inaistritheacht trasteorann a thairiscint dá gcuid rannpháirtithe, is cuma cén deis a bheidh ag soláthraí conarthaí den sórt sin a athchaibidliú. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás ina ndéanann soláthraithe na socruithe is gá chun inaistritheacht trasteorann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil, go mbeidh siad in ann an inaistritheacht sin a thairiscint i dtaca lena n-ábhar iomlán ar líne. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a thairgeann pacáistí lena nasctar seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí ábhair ar líne. Ar deireadh, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart a lamháil do shealbhóirí cirt gan é a bheith d’iallach orthu na conarthaí ceadúnaithe atá acu faoi láthair a athrú trí idirbheartaíocht chun a chumasú do sholáthraithe inaistritheacht trasteorann a seirbhísí a thairiscint.

(32)

Dá réir sin, ós rud é go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le roinnt conarthaí a tugadh i gcrích agus ceart a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach idir dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus dáta a chur i bhfeidhm, le gur féidir le sealbhóirí cirt agus le soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo na socruithe is gá a dhéanamh chun cúrsaí a chur in oiriúint don staid nua, agus le gur féidir le soláthraithe seirbhíse téarmaí úsáide a gcuid seirbhísí a leasú. Maidir le hathruithe ar théarmaí úsáide seirbhísí ábhair ar líne a thairgtear i bpacáistí ina gcuirtear le chéile seirbhís cumarsáide leictreonaí agus seirbhís ábhair ar líne, arb athruithe iad a dhéantar d’aontoisc d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor cheart go spreagfaidís aon cheart do rannpháirtithe faoi dhlíthe náisiúnta lena dtrasuítear an creat rialúcháin le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí conarthaí maidir le soláthar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin a tharraingt siar.

(33)

Leis an Rialachán seo, dírítear ar an iomaíochas a fheabhsú trí nuálaíocht a chothú i seirbhísí ábhair ar líne agus trí níos mó tomhaltóirí a mhealladh. Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, go háirithe Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE. Níor cheart na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a úsáid chun iomaíocht a shrianadh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le CFAE.

(34)

Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Threoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ná, go háirithe, Teideal III di. Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis an gcuspóir rochtain dhleathach a éascú ar ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara, chomh maith leis na seirbhísí a bhaineann leis sin.

(35)

Chun an cuspóir inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú san Aontas a bhaint amach, is iomchuí rialachán a ghlacadh, rialachán atá infheidhme go díreach sna Ballstáit. Tá gá leis sin chun a ráthú go gcuirfear i bhfeidhm na rialacha maidir le hinaistritheacht trasteorann go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ag an am céanna maidir le gach seirbhís ábhair ar líne. Is le Rialachán amháin is féidir a áirithiú go mbeidh an méid deimhneachta dlíthiúla ann atá riachtanach chun é a chur ar chumas tomhaltóirí tairbhe a bhaint as inaistritheacht trasteorann ar fud an Aontais.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an creat dlí a oiriúnú sa chaoi go soláthraítear inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne san Aontas, a ghnóthú agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Go háirithe, ní dhéanann an Rialachán seo difear suntasach don chaoi a gceadúnaítear na cirt agus ní chuirtear iallach leis ar shealbhóirí cirt agus soláthraithe conarthaí a athchaibidliú. Ina theannta sin, níl ceanglas sa Rialachán seo go nglacfaidh soláthraithe bearta chun cáilíocht seachadta na seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú lasmuigh de Bhallstát cónaithe na rannpháirtithe. Ar deireadh, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe a thairgeann seirbhísí ábhair ar líne gan airgead a íoc agus nach bhfeidhmíonn an rogha inaistritheacht trasteorann a seirbhísí a chumasú. Dá bhrí sin, níl aon chostais dhíréireacha i gceist leis dá bharr,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann san Aontas maidir le hinaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne, trína áirithiú gur féidir le rannpháirtithe ar sheirbhísí inaistrithe ábhair ar líne a sholáthraítear go dleathach ina mBallstát cónaithe rochtain a fháil ar na seirbhísí sin agus iad a úsáid agus iad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimse an chánachais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “rannpháirtí” aon tomhaltóir atá i dteideal, ar bhonn conradh le haghaidh soláthar seirbhíse ábhair ar líne le soláthraí, bíodh sé ar íocaíocht airgid nó gan an íocaíocht sin, rochtain ar sheirbhís den sórt sin agus í a úsáid sa Bhallstát cónaithe;

(2)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, de bhun conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

(3)

ciallaíonn “Ballstát cónaithe” an Ballstát, arna chinneadh ar bhonn Airteagal 5, ina bhfuil a áit nó a háit chónaithe iarbhír agus sheasta ag an rannpháirtí;

(4)

ciallaíonn “bheith go sealadach i mBallstát” bheith i mBallstát seachas an Bhallstát cónaithe ar feadh tréimhse theoranta ama;

(5)

ciallaíonn “seirbhís abhair ar líne” seirbhís a shainmhínítear le hAirteagal 56 agus le hAirteagal 57 CFAE agus a chuireann soláthraí ar fáil go dleathach do rannpháirtithe ina mBallstát cónaithe, ar théarmaí comhaontaithe agus ar líne, ar seirbhís inaistrithe í agus arb é atá inti an méid seo a leanas:

(i)

seirbhís meán closamhairc mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Threoir 2010/13/AE, nó

(ii)

seirbhís arb é a príomhghné rochtain a chur ar fáil ar shaothair, ar ábhar cosanta eile nó ar tharchur eagraíochtaí craolacháin, agus iad a úsáid, bíodh sin ar bhealach líneach nó ar éileamh;

(6)

ciallaíonn “inaistrithe” gné seirbhíse ábhair ar líne trínar féidir le rannpháirtithe rochtain go héifeachtach ar an tseirbhís ábhair ar líne agus í a úsáid ina mBallstát cónaithe gan a bheith teoranta do shuíomh ar leith.

Airteagal 3

An oibleagáid chun inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a chumasú

1.   Cuirfidh an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid ar cumas rannpháirtí atá go sealadach i mBallstát rochtain a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne agus í a úsáid ar an gcaoi chéanna a ndéantar é sa Bhallstát cónaithe, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar ar an ábhar céanna, ar an réimse céanna gléasanna agus ar an líon gléasanna céanna, don líon céanna úsáideoirí agus leis an líon feidhmiúlachtaí céanna.

2.   Ní dhéanfaidh an soláthraí aon táillí breise a fhorchur ar an rannpháirtí chun rochtain a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne agus chun í a úsáid de bhun mhír 1.

3.   Ní chumhdófar leis an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 aon cheanglais chaighdeáin is infheidhme maidir le seachadadh seirbhíse ábhair ar líne a bhfuil an soláthraí faoina réir nuair a sholáthraíonn sé an tseirbhís sin sa Bhallstát cónaithe, murar toilíodh a mhalairt idir an soláthraí agus an rannpháirtí.

Ní dhéanfaidh an soláthraí aon ghníomhaíocht chun cáilíocht seachadta na seirbhíse ábhair ar líne a laghdú agus inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne á cumasú aige i gcomhréir le mír 1.

4.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, faisnéis a sholáthar don rannpháirtí maidir le cáilíocht seachadta na seirbhíse ábhair ar líne sin a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1. Soláthrófar an fhaisnéis don rannpháirtí sula soláthrófar an tseirbhís ábhair ar líne i gcomhréir le mír 1 agus trí mhodhanna atá leordhóthanach agus comhréireach.

Airteagal 4

Logánú sholáthar na seirbhísí ábhair ar líne, na rochtana orthu agus a n-úsáide

Maidir le seirbhís ábhair ar líne a sholáthar faoin Rialachán seo do rannpháirtí atá go sealadach i mBallstát, agus maidir le rochtain a bheith ag an rannpháirtí sin ar an tseirbhís sin agus í á húsáid aige nó aici, measfar go ndéantar iad i mBallstát cónaithe an rannpháirtí, agus sa Bhallstát sin amháin.

Airteagal 5

Fíorú an Bhallstáit chónaithe

1.   Tráth a dtabharfar i gcrích conradh chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear ar íocaíocht airgid a sholáthar agus a ndéanfar athnuachan air, déanfaidh soláthraí Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú agus gan níos mó ná dhá cheann de na modhanna fíoraithe seo a leanas a úsáid le linn dó agus áiritheoidh sé go bhfuil na modhanna a úsáidtear réasúnach, comhréireach agus éifeachtach:

(a)

cárta aitheantais, modh leictreonach sainaitheantais, go háirithe iad siúd a thagann faoi na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó aon doiciméad aitheantais bailí eile lena ndeimhnítear Ballstát cónaithe an rannpháirtí;

(b)

sonraí íocaíochta, amhail cuntas bainc, nó uimhir chárta creidmheasa nó chárta dochair an rannpháirtí;

(c)

an áit ina suiteáiltear bosca bairr, díchódóir nó feiste comhchosúil chun seirbhísí a sholáthar don rannpháirtí;

(d)

táille cheadúnais a bheith á híoc le haghaidh seirbhísí eile a chuirtear ar fáil sa Bhallstát, amhail craolachán seirbhíse poiblí;

(e)

conradh soláthar seirbhíse idirlín nó teileafóin nó aon chonradh dá shamhail lena nasctar an rannpháirtí leis an mBallstát;

(f)

clárú ar rollaí áitiúla toghthóirí, má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí;

(g)

cánacha áitiúla a bheith á n-íoc, má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí;

(h)

bille fóntais de chuid an rannpháirtí lena nasctar an rannpháirtí leis an mBallstát;

(i)

seoladh billeála nó seoladh poist an rannpháirtí;

(j)

dearbhú ón rannpháirtí lena ndeimhnítear go bhfuil seoladh an rannpháirtí sa Bhallstát;

(k)

seoladh prótacal idirlín (IP) a sheiceáil, chun an Ballstát ina ndéanann an rannpháirtí rochtain ar an tseirbhís ábhair ar líne a shainaithint.

Ní dhéanfar na modhanna fíoraithe faoi phointe (i) go pointe (k) a úsáid ach amhain in éineacht le ceann amháin de na modhanna fíoraithe faoi phointe (a) go pointe (h) ach amháin mura n-áirítear an seoladh poist faoi phointe (i) i gclár oifigiúil atá ar fáil go poiblí.

2.   Má bhíonn amhras réasúnach ag an soláthraí faoi Bhallstát cónaithe an rannpháirtí le linn thréimhse an chonartha chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar, féadfaidh an soláthraí fíorú Bhallstáit cónaithe an rannpháirtí a dhéanamh arís, i gcomhréir le mír 1. I gcás den sórt sin, áfach, féadfar na modhanna fíoraithe faoi phointe (k) a úsáid agus na modhanna sin amháin. Ní dhéanfar sonraí a eascraíonn as úsáid na modhanna fíoraithe faoi phointe (k) a bhailiú ach amháin i bhformáid dhénártha.

3.   Beidh soláthraí i dteideal a iarraidh ar an rannpháirtí an fhaisnéis is gá a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a chinneadh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2. I gcás ina mainníonn an rannpháirtí an fhaisnéis sin a sholáthar agus, mar thoradh air sin, nach bhfuil an soláthraí in ann an Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, ní dhéanfaidh an soláthraí, ar bhonn an Rialacháin seo, a chur ar chumas an rannpháirtí rochtain a fháil ar an tseirbhís ábhair ar líne ná í a úsáid agus é nó í go sealadach i mBallstát.

4.   Maidir leis na sealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar nó maidir leo siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne, féadfaidh siad soláthar a n-ábhair, rochtain ar an ábhar sin agus úsáid an ábhair sin a údarú faoin Rialachán seo gan an Ballstát cónaithe a fhíorú. I gcásanna den sórt sin, maidir leis an gconradh idir an soláthraí agus an rannpháirtí chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar, is leor é chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a chinneadh.

Beidh sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn cearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne i dteideal an t-údarú a thugtar de bhun na chéad fhomhíre a tharraingt siar faoi réir fógra réasúnach a thabhairt don soláthraí.

5.   Ní chuirfidh an conradh idir an soláthraí agus na sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne srian leis an bhféidearthacht do shealbhóirí ceart den sórt an t-údarú dá dtagraítear i mír 4 a tharraingt siar.

Airteagal 6

Inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne arna soláthar gan airgead a íoc

1.   Maidir le seirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc, féadfaidh soláthraí na seirbhíse sin a chinneadh é a chur ar chumas na rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát rochtain a fháil ar an tseirbhís ábhair ar líne ar choinníoll go ndéanfaidh an soláthraí Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Sula ndéanfaidh sé an tseirbhís ábhair ar líne a sholáthar, déanfaidh an soláthraí a rannpháirtithe, na sealbhóirí ábhartha cóipchirt agus ceart gaolmhar agus sealbhóirí ábhartha aon cheart eile in ábhar na seirbhíse ábhair ar líne, a chur ar aon eolas maidir lena chinneadh an tseirbhís sin a sholáthar i gcomhréir le mír 1. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí mhodhanna atá leordhóthanach agus comhréireach.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís ábhair ar líne i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 7

Forálacha conarthacha

1.   Maidir le haon fhorálacha conarthacha, lena n-áirítear forálacha conarthacha idir soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, agus maidir leis na forálacha conarthacha idir soláthraithe den sórt sin agus a rannpháirtithe, nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na forálacha conarthacha sin lena gcuirtear toirmeasc ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne nó lena gcuirtear srian ar inaistritheacht den sórt sin go dtí tréimhse shonrach, beidh siad neamh-infheidhmithe.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo beag beann ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, agus beag beann ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir na soláthraithe sin agus a rannpháirtithe.

Airteagal 8

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chreat an Rialacháin seo lena n-áirítear, go háirithe, próiseáil a dhéantar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú faoi Airteagal 5, déanfar i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE í. Go háirithe, beidh úsáid na modhanna fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 agus aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán teoranta don mhéid is gá agus comhréireach chun an cuspóir ábhartha a bhaint amach.

2.   Úsáidfear sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal 5 chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, agus chuige sin amháin. Ní dhéanfar iad a chur in iúl, a aistriú, a roinnt, a cheadúnú ná a tharchur ná a nochtadh ar shlí eile do shealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar ná dóibh siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, ná d’aon tríú páirtithe eile.

3.   Ní dhéanfaidh an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal5 a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun fíorú Bhallstát cónaithe an rannpháirtí de bhun Airteagal 5(1) nó (2) a chur i gcrích. Tar éis gach fíorú a chur i gcrích, déanfar na sonraí a scriosadh láithreach agus ar bhealach do-athraithe.

Airteagal 9

Feidhmiú maidir le conarthaí atá ann cheana agus cearta a fuarthas cheana

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le conarthaí a tugadh i gcrích agus le cearta a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm má tá siad ábhartha le soláthar seirbhíse ábhair ar líne, le rochtain uirthi agus lena húsáid i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 6, tar éis an dáta sin.

2.   Faoin 21 Bealtaine 2018 , fíoróidh soláthraí seirbhíse ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid, i gcomhréir leis an Rialachán seo, Ballstát cónaithe na rannpháirtithe sin, a mbeidh conarthaí tugtha i gcrích acu chun an seirbhís ábhair ar líne a sholáthar roimh an dáta sin.

Laistigh de dhá mhí ón dáta a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne a soláthraíodh gan airgead a íoc an tseirbhís don chéad uair i gcomhréir le hAirteagal 6, fíoróidh an soláthraí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, Ballstát cónaithe na rannpháirtithe sin a thug conarthaí i gcrích chun seirbhíse ábhair ar líne a sholáthar roimh an dáta sin.

Airteagal 10

Athbhreithniú

Faoin 21 Márta 2021, agus mar a éilítear ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i bhfianaise na bhforbairtí dlíthiúla, teicniúla agus eacnamaíocha, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi.

Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír, inter alia, measúnú ar chur i bhfeidhm mhodhanna fíoraithe an Bhallstáit chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, agus teicneolaíochtaí nuafhorbartha agus caighdeáin agus cleachtais tionsclaíochta á gcur san áireamh, agus, más gá, measfar inti an bhfuil gá le hathbhreithniú. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil ar thionchar an Rialacháin seo ar FBManna agus ar chosaint sonraí pearsanta. Gabhfaidh togra reachtach leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.

Airteagal 11

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 20 Márta 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. DALLI


(1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 86.

(2)  IO C 240, 1.7.2016, lch. 72.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017.

(4)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(5)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(6)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(7)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

(8)  Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí ríomhchlár (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).

(9)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IOL 281, 23.11.1995, lch. 31). Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm agus a ionadú, le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018, le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (tá an teideal seo foilsithe cúpla uair san IO) (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IOL 201, 31.7.2002, lch 37).

(11)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


30.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

12


RIALACHÁN (AE) 2017/1129 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is céim shár-riachtanach atá sa Rialachán seo i dtabhairt chun críche Aontas na Margaí Caipitil, rud a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2015 dar teideal 'Plean Gníomhaíochta chun Aontas Margaí Caipitil a Thógáil' ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Is éard is aidhm d'Aontas na Margaí Caipitil cuidiú le gnólachtaí úsáid a bhaint as foinsí caipitil de chineálacha níos éagsúla ó áit ar bith laistigh den Aontas Eurpach (an “tAontas”), an dóigh a bhfeidhmíonn na margaí a dhéanamh níos éifeachtúla agus deiseanna breise a thabhairt d'infheisteoirí agus do choigilteoirí a gcuid airgid a chur chun tairbhe, chun fás a chothú agus poist a chruthú.

(2)

I dTreoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagadh síos prionsabail agus rialacha comhchuibhithe maidir leis an réamheolaire atá le tarraingt suas, le formheas agus le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. I bhfianaise na bhforbairtí reachtacha agus margaidh a tharla ó tháinig an Treoir sin i bhfeidhm, ba cheart í a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina hionad.

(3)

Tá sé ríthábhachtach, ar mhaithe le hinfheisteoirí a chosaint, faisnéis a nochtadh faoi aon urrúis atá á dtairiscint don phobal nó atá á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus ar an dóigh sin deireadh a chur le héagothroime ó thaobh faisnéise idir infheisteoirí agus eisitheoirí. Ach an nochtadh sin a chomhchuibhiú, féadfar sásra pas trasteorann a bhunú a éascóidh feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i réimse leathan urrús.

(4)

D'fhágfadh cineálacha cur chuige éagsúla ina leith seo go mbeadh ilroinnt sa mhargadh inmheánach, toisc go mbeadh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réir rialacha éagsúla i mBallstáit éagsúla agus d'fhéadfadh sé go mbeadh cosc ar réamheolairí a formheasadh i mBallstát amháin a úsáid i mBallstáit eile. In éagmais creat comhchuibhithe chun aonchineálacht an nochta, agus feidhmiú an phas san Aontas, a áirithiú, is dócha go gcuirfeadh difríochtaí i ndlíthe na mBallstát bacainní roimh fheidhmiú réidh rianúil an mhargaidh inmheánaigh d'urrúis. Dá bhrí sin, le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus dálaí a fheidhmithe a fheabhsú, go háirithe maidir le margaí caipitil, agus le leibhéal ard cosanta a ráthú do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí, is iomchuí creat rialála a leagan síos le haghaidh réamheolairí ar leibhéal an Aontais.

(5)

Is iomchuí agus is gá gur i bhfoirm reachtach rialacháin a bheidh na rialacha maidir le nochtadh nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais forálacha lena bhforchuirtear oibleagáidí go díreach ar dhaoine a bhfuil baint acu le hurrúis a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Ós rud é nach féidir creat dlíthiúil a chur ar bun do na forálacha maidir le réamheolairí d'uireasa bearta lena sonraítear ceanglais bheachta maidir le bunghnéithe éagsúla uile na réamheolairí, d'fhéadfadh fiú mionéagsúlachtaí sa chur chuige i leith gné amháin de na gnéithe sin, mórbhacainní roimh thairiscint trasteorann urrús, roimh il-liostú ar mhargaí rialáilte agus roimh rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a bheith mar thoradh orthu. Dá bhrí sin, trí úsáid a bhaint as rialachán, atá infheidhme go díreach gan dlí náisiúnta a bheith de dhíth, ba cheart laghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta atá éagsúil le chéile a bheith á ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart cur chuige comhsheasmhach agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú agus cosc a chur ar mhórbhacainní den sórt sin. Ach rialachán a úsáid is móide an mhuinín a chuirfear i dtrédhearcacht na margaí ar fud an Aontais, agus laghdófar an chastacht rialála a thagann roimh chuideachtaí agus na costais a bhíonn orthu a sheasamh maidir le cuardach agus comhlíonadh.

(6)

Léirigh an measúnú ar Threoir 2010/73/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nár éirigh leis na hathruithe a tugadh isteach a mbunspriocanna a bhaint amach agus go bhfuil gá le tuilleadh leasuithe ar chóras na réamheolairí san Aontas chun cur i bhfeidhm an chórais sin a shimpliú agus a fheabhsú, chun a éifeachtúlacht a mhéadú agus chun iomaíochas idirnáisiúnta an Aontais a fheabhsú, agus ar an dóigh sin rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar na hualaí riaracháin.

(7)

Is éard is aidhm leis an Rialachán seo cosaint infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh a áirithiú, agus an margadh inmheánach do chaipiteal a fheabhsú ag an am céanna. Trí bhíthin faisnéis a sholáthar atá, de réir chineál an eisitheora agus na n-urrús, riachtanach chun é a chur ar chumas infheisteoirí cinntí infheistíochta feasacha a dhéanamh, trína bhíthin sin agus trí rialacha maidir le gnó a dhéanamh freisin, áiritheofar cosaint infheisteoirí. Thairis sin, is modh éifeachtach an fhaisnéis sin leis an muinín a chuirtear in urrúis a mhéadú, rud a chuireann le dea-fheidhmiú agus dea-fhorbairt margaí urrús. Is é an dóigh is iomchuí leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil réamheolaire a fhoilsiú.

(8)

Ní chuireann na ceanglais maidir le nochtadh atá sa Rialachán seo cosc ar Bhallstát ná ar údarás inniúil ná ar mhalartán ceanglais shonracha eile a fhorchur, trína leabhar rialacha, a fhad a bhaineann le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, go háirithe i dtaca le rialáil chorparáideach. Níor cheart na ceanglais sin srian a chur, go díreach nó go hindíreach, le réamheolaire arna fhormheas ag údarás inniúil a tharraingt suas, ná le hinneachar ná le scaipeadh an réamheolaire sin.

(9)

Maidir le hurrúis neamhchothromais a eisíonn Ballstát nó údarás réigiúnach nó áitiúil de chuid Ballstáit, comhlachtaí idirnáisiúnta poiblí a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina mbaill díobh, an Banc Ceannais Eorpach nó bainc ceannais na mBallstát, níor cheart iad a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo agus, dá bhrí sin, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh dóibh.

(10)

Ba cheart urrúis chothromais agus urrúis neamhchothromais, a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, a bheith cumhdaithe faoi raon feidhme na hoibleagáide maidir le réamheolaire a fhoilsiú ionas go n-áiritheofar cosaint infheisteoirí. Roinnt de na hurrúis a chumhdaítear sa Rialachán seo, tugann siad teideal don sealbhóir urrúis inaistrithe a fháil nó méid airgid thirim a ghlacadh trí shocraíocht airgid a chinntear de réir tagairtí d'ionstraimí eile, go háirithe urrúis inaistrithe, airgeadraí, rátaí úis nó torthaí, tráchtearraí nó innéacsanna nó bearta eile. Cumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe, barántais, barántais chumhdaithe, deimhnithe, admhálacha taisce agus nótaí in-chomhshóite, amhail urrúis atá in-chomhshóite de rogha an infheisteora.

(11)

Lena áirithiú go bhformheasfar an réamheolaire agus go mbeidh sé faoi nós imeachta an phas Eorpaigh agus go ndéanfar maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag rannpháirtithe sa mhargadh, ní mór údarás inniúil a ainmniú do gach réamheolaire. Ar an gcaoi sin, ba cheart a chinneadh go soiléir leis an Rialachán seo cén Ballstát baile ar fearr is féidir leis an réamheolaire a fhormheas.

(12)

I gcás tairiscintí urrús don phobal ar lú a gcomaoin iomlán san Aontas ná EUR 1 000 000, is dóchúil go mbeadh an costas a bheadh ar réamheolaire a thabhairt ar aird i gcomhréir leis an Rialachán seo díréireach leis na fáltais is dócha a thiocfadh as an tairiscint. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan an oibleagáid maidir le réamheolaire a tharraingt suas faoin Rialachán seo a bheith infheidhme maidir le tairiscintí chomh beag sin. Níor cheart do na Ballstáit an oibleagáid chun réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo a leathnú chuig tairiscintí urrús don phobal a bhfuil a gcomaoin iomlán faoi bhun na tairsí sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais eile maidir le nochtadh a cheangal ar an leibhéal náisiúnta, sa mhéid nach mbeadh na ceanglais sin ina n-ualach díréireach nó neamhriachtanach i ndáil leis na hurrúis sin a thairgtear.

(13)

Ina theannta sin, i bhfianaise méideanna éagsúla na margaí airgeadais ar fud an Aontais, is iomchuí go mbeidh sé de rogha ag na Ballstáit tairiscintí urrús don phobal nach mó ná EUR 8 000 000 a dhíolmhú ón oibleagáid maidir le réamheolairí a fhoilsiú amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tairseach idir EUR 1 000 000 agus EUR 8 000 000 a leagan síos ina ndlí náisiúnta, arna shloinneadh mar chomaoin iomlán na tairisceana san Aontas thar thréimhse 12 mhí agus, má tá comaoin níos lú i gceist, ba cheart feidhm a bheith ag an díolmhú sin agus aird á tabhairt ar an leibhéal cosanta a mheasann siad a bheith iomchuí don infheisteoir baile. Mar sin féin, níor cheart, leis na hurrúis dhíolmhaithe sin a thairgtear don phobal agus a dhéantar, tairbhiú den chóras pas faoin Rialachán seo. Faoi bhun na tairsí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais eile maidir le nochtadh a cheangal ar an leibhéal náisiúnta, sa mhéid nach mbeadh na ceanglais sin ina n-ualach díréireach nó neamhriachtanach i ndáil leis na hurrúis dhíolmhaithe sin a thairgtear. Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar na Ballstáit sin rialacha a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta lena gceadaítear d’oibreoirí saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) inneachar an doiciméid a chinneadh, ar doiciméad maidir le ligean isteach é a chuirtear de cheangal ar eisitheoir a thaispeáint nuair a ligtear a chuid urrús isteach chun a dtrádála ar dtús nó rialacha mionsonraithe an athbhreithnithe a dhéanfar air a chinneadh.

(14)

Le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF nó le praghsanna tairgthe agus tairisceana a fhoilsiú, ní mheasfar gur tairiscint urrús don phobal ann féin é agus, dá bhrí sin, níl sé faoi réir na hoibleagáide chun réamheolaire a tharraingt suas faoin Rialachán seo. Níor cheart réamheolaire a cheangal ach amháin i gcás ina mbeadh teachtaireacht ag gabháil leis na staideanna sin, ar teachtaireacht í ar “tairiscint urrús don phobal” mar a shainmhínítear sa Rialachán seo a bheadh ann.

(15)

I gcás gur ar chiorcal infheisteoirí nach infheisteoirí cáilithe iad, agus orthu sin amháin, atá tairiscint urrús don phobal dírithe, ualach díréireach is ea é réamheolaire a tharraingt suas i bhfianaise an lín bhig daoine a bhfuil an tairiscint dírithe orthu, agus níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith ina cheangal réamheolaire a tharraingt suas. Bheadh feidhm ag an méid sin, mar shampla, i gcás tairiscint atá dírithe ar líon teoranta gaolta de chuid bainisteoirí cuideachta nó ar dhaoine dá lucht aitheantais.

(16)

Ba cheart an Rialachán seo a léiriú ar shlí atá i gcomhréir le Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i gcás inarb infheidhme, i gcomhthéacs tairiscintí táthcheangail, idirbhearta cumaisc agus idirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí.

(17)

Ach stiúrthóirí agus fostaithe a dhreasú urrúis a shealbhú ina gcuideachta féin, is féidir dea-thionchar a imirt ar rialáil cuideachtaí agus tionchar fadtéarmach a imirt ar thiomantas fostaithe agus ar bhraistint na húinéireachta ina measc, sa chaoi go mbeidh leasanna na scairshealbhóirí agus leasanna na bhfostaithe ag teacht le chéile, agus deiseanna infheistíochta á dtabhairt do na fostaithe. Is den tábhacht é fostaithe a bheith rannpháirteach in úinéireacht a gcuideachta i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar dóchúil go mbíonn ról tábhachtach ag fostaithe aonair i ndul chun cinn na gcuideachtaí sin. Dá bhrí sin, níor cheart aon oibleagáid a bheith ann maidir le réamheolaire a fhoilsiú i gcás tairiscintí a dhéantar i gcomhthéacs scéim scaireanna d’fhostaithe laistigh den Aontas, ar choinníoll go gcuirtear doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus faoi chineál na n-urrús agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte agus na cúiseanna atá léi, chun cosaint infheisteoirí a choimeád slán. Lena áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar scéimeanna scaireanna d'fhostaithe ag gach stiúrthóir agus ag gach fostaí is cuma cé acu laistigh den Aontas nó lasmuigh de atá a bhfostóir bunaithe, níor cheart aon chinneadh coibhéise maidir le margaí tríú tír a bheith ina cheangal a thuilleadh, ar chuntar go gcuirtear an doiciméadsin ar fáil. Ar an gcaoi sin, beidh gach rannpháirtí i scéimeanna scaireanna d'fhostaithe ag tairbhiú de chóir chomhionann agus d'fhaisnéis chomhionann.

(18)

Is minic a léiríonn eisiúintí caolúcháin scaireanna nó urrús lena dtugtar rochtain ar scaireanna go bhfuil idirbhearta ann a mbíonn tionchar nach beag acu ar struchtúr caipitil, ionchas agus staid airgeadais an eisitheora, a bhfuil gá leis an bhfaisnéis i réamheolaire faoina gcoinne. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil scaireanna ag eisitheoir a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte cheana, níor cheart gá a bheith le réamheolaire chun na scaireanna den aicme chéanna sin a ligean isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna ina dhiaidh sin, lena n-áirítear nuair is toradh na scaireanna sin ar urrúis eile a chomhshó nó ar mhalartú urrús eile nó ar théachtadh ceart a tugadh le hurrúis eile, ar choinníoll nach bhfuil sna scaireanna nua a ligtear isteach chun a dtrádála ach cion teoranta i ndáil le scaireanna den aicme chéanna a ligtear isteach cheana ar an margadh rialáilte céanna, ach amháin má tá an ligean isteach chun a dtrádála sin comhcheangailte le tairiscint urrús don phobal a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart an prionsabal céanna a bheith i bhfeidhm ar bhealach níos ginearálta maidir le hurrúis atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana ar mhargadh rialáilte.

(19)

Ní dochar an Rialachán seo do na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i ndáil le réiteach institiúidí creidmheasa, go háirithe Airteagal 53(2), Airteagal 59(2) agus Airteagal 63(1) agus (2) de, i gcásanna nach bhfuil aon oibleagáid ann réamheolaire a fhoilsiú.

(20)

Díolúintí ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú faoin Rialachán seo, ba cheart iad a chomhcheangal i gcás tairiscint urrús phoiblí agus/nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha do na díolúintí sin ag an am céanna. Mar shampla, i gcás ina ndéantar tairiscint a dhíriú ag an am céanna ar infheisteoirí cáilithe, ar infheisteoirí neamhcháilithe a gheallann go n-infheisteoidh siad EUR 100 000 ar a laghad in aghaidh an duine, ar fhostaithe an eisitheora agus ina theannta sin ar líon teoranta infheisteoirí neamhcháilithe nach mó ná an líon a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart an tairiscint a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú.

(21)

D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh mórdhíola d’urrúis neamhchothromais go cuí agus d’fhonn leachtacht an mhargaidh a mhéadú, tá sé tábhachtach láimhseáil laghdaithe ar leith a leagan amach le haghaidh urrúis neamhchothromais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus atá ceaptha d’infheisteoirí cáilithe. Ba cheart a bheith i gceist, le láimhseáil laghdaithe den sórt sin, ceanglais íosta faisnéise nach mbaineann ualach chomh trom sin leo ná na cinn atá infheidhme maidir le hurrúis neamhchothromais a thairgtear d’infheisteoirí miondíola, níor cheart ceanglas ar bith a bheith ann achoimre a áireamh sa réamheolaire agus ba cheart ceanglais níos solúbtha teanga a bheith infheidhme. Ba cheart an láimhseáil laghdaithe sin a bheith infheidhme maidir le, ar an gcéad dul síos, hurrúis neamhchothromais, beag beann ar an ainmníocht atá acu, nach dtrádáiltear ach ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach den mhargadh sin, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iadsan amháin, rochtain a bheith air chun críocha na trádála sna hurrúis sin agus, ar an dara dul síos, maidir le hurrúis neamhchothromais a bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad acu in aghaidh an aonaid, a léiríonn cumas infheistíochta níos airde na n-infheisteoirí a bhaineann leis an réamheolaire. Níor cheart aon athdhíol d’infheisteoirí neamhcháilithe a cheadú le haghaidh urrúis neamhchothromais, nach dtrádáiltear ach ar mhargadh rialáilte nó ar chuid shonrach den mhargadh sin, nach féidir ach amháin le hinfheisteoirí cáilithe rochtain a fháil air nó uirthi chun críocha trádála sna hurrúis sin, mura rud é go ndéantar réamheolaire a tharraingt suas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, a bheidh oiriúnach d’infheisteoirí neamhcháilithe. Chuige sin, tá sé fíor-riachtanach nach ndéanfaidh oibreoirí margaidh, agus na margaí rialáilte sin, nó cuid shonrach de, á mbunú acu, rochtain dhíreach nó neamhdhíreach ar an margadh rialáilte sin, nó ar chuid shonrach de, a cheadú d’infheisteoirí neamhcháilithe.

(22)

I gcás ina leithdháiltear urrúis gan gné na rogha indibhidiúla a bheith ann don fhaighteoir, lena n-áirítear leithdháiltí urrús i gcás nach bhfuil aon cheart ann an leithdháileadh a shéanadh, nó i gcás ina ndéantar an leithdháileadh go huathoibríoch i ndiaidh cinneadh cúirte, amhail leithdháileadh urrús do chreidiúnaithe atá ann cheana le linn imeacht breithiúnach dócmhainneachta, ní cháilítear an leithdháileadh sin mar thairiscint urrús don phobal.

(23)

Maidir le heisitheoirí, le tairgeoirí nó le daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide réamheolaire a fhoilsiú, ba cheart dóibh tairbhiú de phas aonair i gcás ina dtograíonn siad an Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn deonach.

(24)

I bhfianaise na sainiúlachtaí atá ag gabháil le cineálacha éagsúla urrús, eisitheoirí, tairiscintí agus ligin isteach, leagtar amach, sa Rialachán seo, rialacha d’fhoirmeacha éagsúla réamheolairí – réamheolaire caighdeánach, réamheolaire mórdhíola d’urrúis neamhchothromais, réamheolaire bunaidh, réamheolaire simplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus réamheolaire Fáis de chuid AE. Dá bhrí sin, ba cheart gach tagairt a dhéantar do “réamheolaire” faoin Rialachán seo a thuiscint mar thagairt do na foirmeacha réamheolairí sin uile, mura rud é go sonraítear a mhalairt go sainráite.

(25)

An fhaisnéis is gá a nochtadh i réamheolaire, níor cheart é a bheith ina cheangal i gcás tairiscintí urrús don phobal atá teoranta d'infheisteoirí cáilithe. Os a choinne sin, i gcás aon athdhíol leis an bpobal nó aon trádáil phoiblí trí urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh réamheolaire foilsithe.

(26)

Tugann réamheolaire bailí, arna tharraingt suas ag an eisitheoir nó ag an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas agus atá ar fáil don phobal tráth láithriú críochnaitheach na n-urrús trí idirghabhálaithe airgeadais nó in aon athdhíol urrús ina dhiaidh sin, tugann sé dóthain faisnéise le go bhféadfaidh infheisteoirí cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh. Dá bhrí sin, idirghabhálaithe airgeadais a láithríonn urrúis nó a athdhíolann iad ina dhiaidh sin, ba cheart go bhféadfaidís brath ar an réamheolaire tosaigh a d'fhoilsigh an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas a fhad agus atá sé bailí agus forlíonta go cuí agus go dtoilíonn an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas lena úsáid. Ba cheart go bhféadfadh an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas coinníollacha a chur le toiliú den sórt sin. Ba cheart an toiliú chun an réamheolaire a úsáid, lena n-áirítear aon choinníollacha a ghabhann leis, a thabhairt i gcomhaontú i scríbhinn á chur ar a gcumas do pháirtithe ábhartha measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann athdhíol nó láithriú críochnaitheach urrús an comhaontú. I gcás ina dtugtar toiliú an réamheolaire a úsáid, ba cheart an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire tosaigh a tharraingt suas a bheith faoi dhliteanas i leith na faisnéise a luaitear ann, agus i gcás réamheolaire bunaidh, i leith téarmaí críochnaitheacha a sholáthar agus a chomhdú agus níor cheart aon réamheolaire eile a bheith de cheangal. Mar sin féin, i gcás nach dtugann an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire tosaigh sin a tharraingt suas toiliú lena úsáid, ba cheart ceangal a bheith ar an idirghabhálaí airgeadais réamheolaire nua a fhoilsiú. Sa chás sin, ba cheart an t-idirghabhálaí airgeadais a bheith faoi dhliteanas i leith na faisnéise sa réamheolaire, lena n-áirítear gach faisnéis arna corprú de réir tagairtí agus, i gcás réamheolaire bunaidh, ba cheart dó a bheith faoi dhliteanas i leith na dtéarmaí críochnaitheacha.

(27)

Ach an fhaisnéis a bhíonn sa réamheolaire a chomhchuibhiú, ba cheart cosaint choibhéiseach a thabhairt d'infheisteoirí ar leibhéal an Aontais. Chun é a chur ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta eolasach a dhéanamh, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith leordhóthanach agus oibiachtúil agus ba cheart í a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, atá gonta agus atá sothuigthe. Ba cheart an fhaisnéis atá san áireamh i réamheolaire a chur in oiriúint do chineál an réamheolaire, do nádúr agus d’imthosca an eisitheora, s do chineál na n-urrús, agus chun a léiriú an infheisteoirí cáilithe amháin iad na hinfheisteoirí a ndírítear an tairiscint orthu.. Níor cheart faisnéis a bheith i réamheolaire nach bhfuil ábhartha maidir leis an eisitheoir agus na leis na hurrúis lena mbaineann ná nach mbaineann go sonrach leo, ós rud é go bhféadfadh an méid sin an fhaisnéis is ábhartha maidir leis an gcinneadh infheistíochta a cheilt agus an bonn a bhaint de chosaint infheisteoirí ar an gcaoi sin.

(28)

Ba cheart an réamheolaire a bheith ina fhoinse úsáideach faisnéise d'infheisteoirí, go háirithe d'infheisteoirí miondíola. Ba cheart é a bheith ina chuid féinchuimsitheach den réamheolaire agus a bheith dírithe ar fhaisnéis bhunriachtanach atá de dhíth ar infheisteoirí chun a chinneadh cé hiad na hurrúis atá á dtairiscint nó atá á ligean isteach chun a dtrádála is mian leo a scrúdú tuilleadh tríd an réamheolaire ina iomláine a athbhreithniú chun a gcinneadh a dhéanamh. San fhaisnéis bhunriachtanach sin ba cheart saintréithe bunaidh an eisitheora, an ráthóra, más ann dó, agus na n-urrús atá á dtairiscint nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart sin, agus na priacail a ghabhann leo, a thabhairt le fios. Ba cheart téarmaí agus coinníollacha ginearálta na tairisceana a thabhairt inti freisin.

(29)

Is éard is ceart a bheith sna fachtóirí priacail a chuirtear i láthair san achoimre rogha theoranta priacail sonrach a mheasann an t-eisitheoir a bheith ar na cinn is ábhartha don infheisteoir agus cinneadh infheistíochta á dhéanamh ag an infheisteoir. Ba cheart an tuairisc ar na fachtóirí priacail san achoimre a bheith ábhartha don tairiscint ar leith agus ba cheart í a ullmhú ar mhaithe le hinfheisteoirí agus ar mhaithe leo siúd amháin agus níor cheart ráitis ghinearálta a bheith inti faoi phriacal infheistíochta, ná teorainn a chur le dliteanas an eisitheora, an tairgeora nó aon daoine atá ag gníomhú thar a gceann. Sna fachtóirí priacail sin, ba cheart, i gcás inarb infheidhme, aird a tharraingt ar na priacail, go háirithe d’infheisteoirí miondíola, i gcás urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá faoi réir tarrtháil inmheánach faoi Threoir 2014/59/AE.

(30)

Ba cheart achoimre an réamheolaire a bheith gearr, simplí agus sothuigthe ag infheisteoirí. Teanga shimplí neamhtheicniúil ba cheart a úsáid ann, agus ba cheart faisnéis a chur i láthair ar dhóigh shothuigthe. Ba cheart níos mó ná tiomsú sleachta a tógadh as an réamheolaire a bheith ann. Is iomchuí uasfhad a shocrú don achoimre lena áirithiú nach ndíspreagfar infheisteoirí óna léamh agus le heisitheoirí a spreagadh leis an bhfaisnéis is sár-riachtanach d'infheisteoirí a roghnú. I gcúinsí áirithe a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart uasfhad an achoimre a leathnú.

(31)

Lena áirithiú go mbeidh struchtúr aonfhoirmeach in achoimre an réamheolaire, ba cheart ranna ginearálta agus fotheidil a thabhairt ann, agus réimsí táscacha inar cheart don eisitheoir tuairisc ghearr a thabhairt agus figiúirí a lua, más iomchuí. A fhad agus a chuirtear i láthair an fhaisnéis ar dhóigh chothrom agus chóir, ba cheart cead a bheith ag eisitheoirí an fhaisnéis a mheasann siad a bheith ábhartha agus fóntach a roghnú.

(32)

Ba cheart achoimre an réamheolaire a bheith múnlaithe a oiread is féidir ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I gcás ina dtagann urrúis faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 araon, bhéadh sé indéanta lánúsáid a bhaint arís as an doiciméad faisnéise bunriachtanaí san achoimre le costais chomhlíonta agus na hualaí riaracháin a chuirtear ar eisitheoirí a laghdú a oiread is féidir, agus mar sin déantar athúsáid den sórt sin a éascú leis an Rialachán seo. Níor cheart, áfach, an ceanglas maidir le hullmhú achoimre a tharscaoileadh nuair a cheanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ós rud é nach mbíonn faisnéis bhunriachtanach ann faoin eisitheoir ná faoi na hurrúis atá á dtairiscint don phobal nó atá á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

(33)

Níor cheart aon dliteanas sibhialta a bheith ar aon duine i bhfianaise na hachoimre amháin, lena n-áirítear aon aistriúchán di, ach amháin má tá an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht le codanna ábhartha den réamheolaire í, nó más rud é, nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den réamheolaire í, nach dtugtar faisnéis bhunriachtanach inti a chabhróidh le hinfheisteoirí agus é á bhreithniú acu ar cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin. Ba cheart rabhadh soiléir ina thaobh sin a bheith san achoimre.

(34)

Maidir le heisitheoirí a chruinníonn maoiniú ar mhargaí caipitil arís agus arís eile, ba cheart doiciméid chlárúcháin agus réamheolairí d'fhormáid shonrach a thairiscint dóibh agus ba cheart nósanna imeachta sonracha um chomhdú agus formheas a thairiscint dóibh freisin, chun solúbthacht bhreise a thabhairt dóibh agus chun é a chur ar a gcumas deiseanna margaidh a thapú. I ngach cás, ba cheart na formáidí agus na nósanna imeachta sin a bheith roghnach ag eisitheoirí.

(35)

I gcás gach urrús neamhchothromais, lena n-áirítear iad siúd a eisítear go leanúnach nó arís agus arís eile iad mar chuid de chlár tairisceana, ba cheart cead a bheith ag eisitheoirí réamheolaire a tharraingt suas i bhfoirm réamheolaire bunaidh.

(36)

Is iomchuí a shoiléiriú nár cheart a bheith i dtéarmaí críochnaitheacha réamheolaire bunaidh ach faisnéis a bhaineann le nóta mínithe na n-urrús is sonrach don eisiúint ar leith agus nach féidir í a chinneadh ach tráth na heisiúna ar leith. D'fheadfadh a leithéidí seo a bheith ar áireamh san fhaisnéis: uimhir aitheantais idirnáisiúnta na n-urrús (ISIN), an praghas eisiúna, an dáta aibíochta, aon dearbhán, an dáta feidhmithe, an praghas feidhmithe, an praghas fuascailte agus téarmaí eile nárbh eol iad tráth tarraingthe suas an réamheolaire bunaidh. I gcás nach bhfuil na téarmaí críochnaitheacha ar áireamh sa réamheolaire bunaidh níor cheart gur ghá formheas an údaráis inniúil ina leith a fháil; ba cheart iad a chomhdú leis an údarás sin, agus sin amháin. Ba cheart faisnéis nua eile a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú ar eisitheoir agus ar na hurrúis a chur ar áireamh i bhforlíonadh ar an réamheolaire bunaidh. Níor cheart cineál urrús nach bhfuil tuairisc air cheana sa réamheolaire bunaidh a chur ar áireamh sna téarmaí críochnaitheacha ná i bhforlíonadh.

(37)

I gcás réamheolaire bunaidh, níor cheart don eisitheoir achoimre a tharraingt suas ach amháin i ndáil le gach eisiúint ar leith atá á dtairiscint, le hualaigh riaracháin a laghdú agus leis an inléiteacht a fheabhsú d'infheisteoirí. Ba cheart an achoimre sin a bhaineann go sonrach leis na heisiúintí a chur i gceangal leis na téarmaí críochnaitheacha agus níor cheart don údarás inniúil í a fhormheas ach amháin i gcás ina bhfuil na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh nó i bhforlíonadh air.

(38)

D’fhonn feabhas a chur ar sholúbthacht agus ar chost-éifeachtúlacht an réamheolaire bunaidh, ba cheart cead a bheith ag eisitheoir réamheolaire bunaidh a tharraingt suas mar dhoiciméid ar leithligh.

(39)

Ba cheart eisitheoirí rialta a dhreasú leis an réamheolaire a tharraingt suas mar dhoiciméid ar leithligh arae is dóigh é sin le laghdú ar an gcostas a leanann comhlíonadh an Rialachán seo agus le caoi a thabhairt dóibh deiseanna margaidh a thapú go mear. Dá bhrí sin, eisitheoirí a bhfuil a n-urrúis á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó ar MTFanna, ba cheart é a bheith de rogha acu, ach gan é a bheith d'oibleagáid orthu, doiciméad clárúcháin uilíoch a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain airgeadais, doiciméad ina mbeadh faisnéis dhlíthiúil, ghnó, airgeadais, chuntasaíochta agus scairshealbhóireachta agus ina dtabharfaí tuairisc ar an eisitheoir don bhliain airgeadais áirithe sin. Ar an gcoinníoll go bhfuil na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart a mheas gur eisitheoir rialta é an eisitheoir amhail ón nóiméad a dhéanann an t-eisitheoir an doiciméad clárúcháin uilíoch a thíolacadh don údarás inniúil lena fhormheas. Trí dhoiciméad clárúcháin uilíoch a tharraingt suas, ba cheart go gcuirfí ar a chumas don eisitheoir an fhaisnéis a choimeád cothrom le dáta agus réamheolaire a tharraingt suas nuair atá dálaí an mhargaidh fabhrach d'urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, trí nóta mínithe na n-urrús agus achoimre a chur isteach. Ba cheart an doiciméad clárúcháin uilíoch a bheith ilchuspóireach sa mhéid agus gur cheart a inneachar a bheith mar an gcéanna is cuma cé acu le haghaidh urrúis chothromais nó neamhchothromais a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a úsáideann an t-eisitheoir é ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart na caighdeáin maidir le nochtadh don doiciméad clárúcháin uilíoch a bheith bunaithe ar na caighdeáin le haghaidh urrúis chothromais. Ba cheart don doiciméad clárúcháin uilíoch a bheith ina fhoinse tagartha ag an eisitheoir, ina dtugtar d'infheisteoirí agus d'anailísithe an t-íosmhéid faisnéise is gá le breithiúnas eolasach a dhéanamh ar ghnó, staid airgeadais, tuillimh agus ionchais, rialachas agus scairshealbhóireacht na cuideachta.

(40)

Aon eisitheoir a chomhdaigh doiciméad clárúcháin uilíoch agus a fuair formheas ina leith dhá bhliain as a chéile, is féidir a mheas gur eisitheoir is aithnidiúil don údarás inniúil é. Ba cheart go bhféadfaí gach doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar orthu ina dhiaidh sin a chomhdú gan aon fhormheas a fháil roimh ré agus an t-údarás inniúil é a athbhreithniú ar bhonn ex-post i gcás ina measann an t-údarás inniúil sin go bhfuil gá leis. Ba cheart do gach údarás inniúil minicíocht an athbhreithnithe sin a chinneadh ag cur san áireamh dó nithe amhail a mheasúnú ar phriacail an eisitheora, a fheabhas a bhí an nochtadh a rinne an t-eisitheoir san am a caitheadh, nó an fad ama ón uair dheireanach a rinneadh athbhreithniú ar dhoiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh.

(41)

Ba cheart go bhféadfaí an doiciméad clárúcháin uilíoch a leasú, a fhad agus nach cuid de réamheolaire formheasta é, bíodh sé ina leasú deonach ag an eisitheoir – mar shampla i gcás athrú ábhartha ar a eagar nó ar a staid airgeadais an eisitheora – nó ar iarratas ón údarás inniúil i gcomhthéacs athbhreithniú comhdaithe ex post i gcás, go dtagtar ar an tuairim nach mbeadh na caighdeáin maidir le hiomláine, sothuigtheacht agus comhsheasmhacht comhlíonta. Ba cheart leasuithe den saghas sin a fhoilsiú de réir na socruithe céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an doiciméad clárúcháin uilíoch. Go háirithe, nuair a aithníonn an t-údarás inniúil easnamh, botún substainte nó míchruinneas substainte, ba cheart don eisitheoir a dhoiciméad clárúcháin uilíoch a leasú agus an leasú sin a chur ar fáil don phobal gan moill mhíchuí. Ós rud é nach tairiscint urrús don phobal ná ligean isteach urrús chun a dtrádála atá i gceist, ba cheart an nós imeachta maidir le doiciméad clárúcháin uilíoch a leasú a bheith éagsúil leis an nós imeachta maidir le réamheolaire a fhorlíonadh, rud nár cheart feidhm a bheith aige go dtí go mbeidh an réamheolaire formheasta.

(42)

I gcás ina dtarraingíonn eisitheoir suas réamheolaire ina bhfuil doiciméid ar leithligh, ba cheart na codanna uile den réamheolaire a bheith faoi réir formheasa, lena n-áirítear, más infheidhme, an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe air, i gcás inar comhdaíodh iad cheana leis an údarás inniúil ach nár formheasadh iad. Níor cheart aon leasuithe a dhéantar ar an doiciméad clárúcháin uilíoch a bheith faoi réir formheas ag an údarás inniúil an tráth a chomhdaítear é agus níor cheart iad a fhormheas ach amháin nuair a dhéantar na comhchodanna uile den réamheolaire a thíolacadh lena bhformheas.

(43)

Le dlús a chur le hullmhú an réamheolaire agus le rochtain ar mhargaí caipitil a éascú ar bhealach costéifeachtach, ba cheart go bhféadfadh eisitheoirí rialta a ullmhaíonn doiciméad clárúcháin uilíoch tairbhiú de phróiseas formheasa níos tapa, ós rud é gur formheasadh an phríomhchuid den réamheolaire cheana nó go bhfuil sé ar fáil lena hathbhreithniú ag an údarás inniúil cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-am is gá le réamheolaire a fhormheas a chiorrú nuair is doiciméid chlárúcháin uilíoch atá sa doiciméad clárúcháin.

(44)

Ba cheart cead a bheith ag úsáideoirí rialta doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar ar an doiciméad sin a úsáid mar chuid de réamheolaire bunaidh. I gcás ina mbeidh eisitheoir rialta incháilithe chun réamheolaire Fáis de chuid AE a tharraingt suas faoin gcóras nochta simplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha nó réamheolaire mórdhíola d’urrúis neamhchothromais, ba cheart cead a bheith aige an doiciméad clárúcháin uilíoch atá aige, agus aon leasuithe a dhéantar air, a úsáid mar chomhchuid d’aon réamheolaire den sórt sin, in ionad an doiciméid clárúcháin ar leith a éilítear faoi na córais sin maidir le nochtadh.

(45)

Ar choinníoll go gcomhlíonann eisitheoir na nósanna imeachta maidir le comhdú, le scaipeadh agus le stóráil faisnéise rialáilte agus na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart cead a bheith aige na tuarascálacha airgeadais bliantúla agus leathbhliantúla a cheanglaítear faoi Threoir 2004/109/CE a fhoilsiú mar chodanna den doiciméad clárúcháin uilíoch, ach amháin murab ionann Ballstát baile an eisitheora chun críche an Rialacháin seo agus Threoir 2004/109/CE agus mura gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 20 de Threoir 2004/109/CE le teanga an doiciméid clárúcháin uilíoch. Ba cheart don méid sin nahualaí riaracháin a bhaineann le comhduithe iolracha a laghdú, gan difear a dhéanamh don fhaisnéis atá ar fáil don phobal ná do mhaoirseacht na dtuarascálacha sin faoi Threoir 2004/109/CE.

(46)

Ba cheart teorainn ama shoiléir a leagan síos do bhailíocht réamheolaire ionas nach ndéanfar cinntí infheistíochta atá bunaithe ar fhaisnéis nach bhfuil bord ar bhord leis an aimsir. Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, is ag tráth a fhormheasta ba cheart bailíocht réamheolaire a thosú, tráth is féidir leis an údarás inniúil a fhíorú gan dua. Níor cheart tairiscint urrús don phobal faoi réamheolaire bunaidh a fhadú thar bhailíocht an réamheolaire bunaidh ach amháin i gcás ina bhformheastar réamheolaire bunaidh comharbais agus ina bhfoilsítear é sula n-imíonn an bhailíocht sin in éag agus ina gcumhdaítear an tairiscint atá ag leanúint de bheith ann leis.

(47)

Fágann leagan amach an réamheolaire, gur faisnéis chomhchineálach amháin atá san fhaisnéis faoi chánacha ar an ioncam ó na hurrúis atá ann, rud nach fiú mórán ó thaobh faisnéise de don infheisteoir aonair. Ós rud é nach í amháin an tír ina bhfuil oifig chláraithe an eisitheora a bhfuil an fhaisnéis sin le cuimsiú, ach na tíortha ina n-iarrtar urrúis a thairiscint nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte chomh maith, is amhlaidh, nuair a aistrítear réamheolaire faoi nós imeachta an phas, go mbíonn sé costasach é a ullmhú agus d'fhéadfadh sé bac a chur ar thairiscintí trasteorann. Dá bhrí sin, níor cheart a bheith i réamheolaire ach rabhadh go bhféadfadh dlíthe chánach Bhallstát an infheisteora agus Bhallstát corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na hurrúis. Mar sin féin, ba cheart faisnéis iomchuí a bheith sa réamheolaire faoi chánachas i gcás ina mbaineann an infheistíocht atá beartaithe le córas cánach ar leith, mar shampla i gcás infheistíochtaí in urrúis a thugann cóir chánach fhabhrach d'infheisteoirí.

(48)

A luaithe a ligtear aicme urrús isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, tugann an t-eisitheoir nochtadh leanúnach d'infheisteoirí faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus faoi Threoir 2004/109/CE. Níl an gá le réamheolaire iomlán chomh géar céanna, dá bhrí sin, i gcásanna ina bhfuil urrúis á dtairiscint don phobal, nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ina dhiaidh sin ag eisitheoir dá leithéid. Ba cheart réamheolaire simplithe ar leith a bheith ar fáil, dá bhrí sin, lena úsáid i gcásanna eisiúintí tánaisteacha agus ba cheart a inneachar a laghdú i gcomparáid leis an inneachar a theastaíonn leis an ngnáthchóras, agus an fhaisnéis a nochtadh cheana á cur san áireamh. Mar sin féin, is gá faisnéis atá comhdhlúite agus dea-struchtúrtha a thabhairt d’infheisteoirí, go háirithe i gcás nach n-éilítear go nochtfar an fhaisnéis sin ar bhonn leanúnach faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus faoi Threoir 2004/109/CE.

(49)

Ba cheart an córas nochta simplithe um eisiúintí tánaisteacha a bheith ar fáil do thairiscintí don phobal ag eisitheoirí a bhfuil a n-urrúis á dtrádáil ar mhargaí fáis FBManna mar go gceanglaítear ar a n-oibreoirí faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) rialacha a bhunú agus a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar nochtadh leanúnach iomchuí.

(50)

Níor cheart an córas nochta simplithe um eisiúintí tánaisteacha a chur ar fáil lena úsáid ach amháin tar éis do thréimhse íosta dul thart ó ligeadh aicme urrús eisitheora isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna ar dtús. Ba cheart a áirithiú le moill 18 mí gur chomhlíon an t-eisitheoir, uair amháin ar a laghad, a oibleagáid maidir le tuarascáil airgeadais bhliantúil a fhoilsiú faoi Threoir 2004/109/CE nó faoi na rialacha atá ag oibreoir margaidh fáis FBManna.

(51)

Is ceann de phríomhchuspóirí Aontas na Margaí Caipitil é rochtain ar mhaoiniú ar mhargaí caipitil a éascú do FBManna san Aontas. Is iomchuí, an sainmhíniú ar FBManna a shíneadh d'fhonn FBManna mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE a chumhdach chun comhsheasmhacht idir an Rialachán seo agus Treoir 2014/65/AE a áirithiú. Toisc gur gnách gur ísle na méideanna is gá do FBManna a thiomsú i gcomparáid le heisitheoirí eile, is féidir an costas a bhaineann le réamheolaire caighdeánach a tharraingt suas a bheith díréireach ard agus na cuideachtaí sin a dhíspreagadh óna gcuid urrús a thairiscint don phobal. Mar sin féin, i ngeall ar a méid agus ar an teist níos giorra a d’fhéadfadh a bheith acu, d'fhéadfadh sé go mbeadh priacal infheistíochta sonrach ag FBManna le hais eisitheoirí níos mó agus ba cheart dóibh dóthain faisnéise a nochtadh le gur féidir le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh. Ina theannta sin, d’fhonn FBManna a spreagadh úsáid a bhaint as maoiniú an mhargaidh chaipitil, ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go dtabharfaí aird ar leith ar mhargaí fáis FBManna, atá ina n-uirlis thréitheach chun go bhféadfaidh cuideachtaí níos lú, atá ag fás, caipiteal a thiomsú. Braitheann rath na n-ionad sin, áfach, ar a gcumas freastal ar riachtanais mhaoiniúcháin FBManna atá ag fás. Ar an gcaoi chéanna, cuideachtaí áirithe a thairgeann urrúis don phobal nach mó ná EUR 20 000 000 a gcomaoin iomlán san Aontas, thairbheodh na cuideachtaí sin de rochtain níos éasca ar chistiú ó na margaí caipitil chun go mbeidís in ann fás agus ba cheart iad a bheith in ann cistí a thiomsú ar chostais nach bhfuil ard ar bhealach díréireach. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbunaítear, leis an Rialachán seo, córas comhréireach sonrach réamheolaire Fáis de chuid AE a bheidh ar fáil do na cuideachtaí sin. Ba cheart cothromaíocht cheart a bhaint amach idir an rochtain chostéifeachtúil ar mhargaí airgeadais agus cosaint infheisteoirí nuair atá inneachar réamheolaire Fáis de chuid AE á shocrú. Mar is amhlaidh do chineálacha eile réamheolairí faoin Rialachán seo, a luaithe a fhormheastar é, ba cheart, le réamheolaire Fáis de chuid AE, tairbhiú den chóras pas faoin Rialachán seo agus, dá bhrí sin, ba cheart é a bheith bailí le haghaidh aon tairiscint urrús don phobal ar fud an Aontais.

(52)

Ba cheart an fhaisnéis laghdaithe a cheanglaítear ar FBManna a nochtadh i réamheolairí Fáis de chuid AE a shocrú sa chaoi agus go bhfuil fócas ar fhaisnéis atá ábhartha agus infheistiú á dhéanamh sna hurrúis a tháirgtear, agus ar an ngá atá le comhréireacht a áirithiú idir méid na cuideachta agus a riachtanais tiomsaithe airgid, ar thaobh, agus ar an gcostas atá le réamheolaire a ullmhú, ar an taobh eile.

(53)

Níor cheart an córas i ndáil le nochtadh comhréireach do réamheolairí Fáis de chuid AE a bheith ar fáil i gcás ina bhfuil urrúis cheana ag cuideachta a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte chun go bhféadfadh infheisteoirí ar mhargaí rialáilte a bheith muiníneach go bhfuil na heisitheoirí a n-infheistíonn siad ina gcuid urrús faoi réir na haon sraithe amháin rialacha maidir le nochtadh. Dá bhrí sin, níor cheart caighdeán nochta dhá leibhéal a bheith ann ar mhargaí rialáilte, agus iad ag brath ar mhéid an eisitheora.

(54)

Is é an príomhchuspóir atá le fachtóirí priacail a bheith i réamheolaire deimhin a dhéanamh go ndéanfaidh infheisteoirí measúnú eolasach ar na priacail sin agus ar an gcaoi sin go ndéanfaidh siad cinntí infheistíochta agus láneolas acu ar na fíorais. Ba cheart, dá bhrí sin, fachtóirí priacail a theorannú do na priacail sin atá ábhartha maidir leis an eisitheoir agus lena chuid urrús, agus a bhaineann leo go sonrach, agus a thagann le hinneachar an réamheolaire leo. Níor cheart fachtóirí priacail atá comhchineálach agus nach bhfuil d'fheidhm acu ach séanadh a bheith i réamheolaire, mar go bhféadfaidís fachtóirí priacail níos sonraí ar cheart infheisteoirí a bheith ar an eolas fúthu a cheilt, ag cosc ar an gcaoi sin faisnéis a bheith á cur i láthair sa réamheolaire i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe. I measc nithe eile, d’fhéadfadh imthosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a bheith ina bpriacail shonracha agus ábhartha freisin don eisitheoir agus dá chuid urrús agus, sa chás sin, ba cheart iad a nochtadh. Chun cuidiú le hinfheisteoirí na priacail is ábhartha a aithint, ba cheart don eisitheoir, ar bhealach leordhóthanach, tuairisc a thabhairt ar gach fachtóir priacail, agus iad a chur i láthair, sa réamheolaire. Ba cheart líon srianta fachtóirí priacail arna roghnú ag an eisitheoir a áireamh san achoimre.

(55)

An cleachtas margaidh ar dá réir nach n-áirítear i réamheolaire formheasta praghas deiridh na tairisceana agus/nó méid na n-urrús a thairgtear don phobal cibé a shloinnfear é mar líon na n-urrús nó méid ainmniúil comhiomlán, ba cheart an cleachtas sin a bheith inghlactha nuair nach féidir praghas deiridh tairisceana den sórt sin agus/nó an méid sin a áireamh sa réamheolaire, ar choinníoll go dtabharfar cosaint d’infheisteoirí sa chás sin. Ba cheart d’infheisteoirí a bheith i dteideal ceart tarraingt siar a bheith acu a luaithe atáthar ar an eolas, faoi phraghas deiridh nó faoi mhéid deiridh na n-urrús, nó, mar mhalairt air sin, ba cheart a nochtadh sa réamheolaire an praghas uasta a d’fhéadfadh a bheidh ar infheisteoirí a íoc as na hurrúis, nó an méid uasta na n-urrús, nó na modhanna luachála agus na critéir, agus/nó na coinníollacha ar dá réir a dhéanfar praghas na n-urrús a chinneadh agus míniú ar aon mhodh luachála a úsáidtear, amhail modh an tsreabhaidh airgid lascainithe, nó anailís ghrúpa piaraí nó aon mhodh eile luachála a nglactar go coitianta leo. Ba cheart na modhanna luachála agus na critéir a bheith cruinn go leor chun go mbeidh an praghas intuartha agus ba cheart leibhéal cosanta infheisteora a áirithiú leo atá comhchosúil le nochtadh phraghas uasta na tairisceana. I ndáil leis sin, ní bheadh tagairt don mhodh “leabharbhunú” inghlactha ina haonar mar mhodh luachála nó mar chritéir luachála, i gcás nach n-áirítear praghas uasta sa réamheolaire.

(56)

Ba cheart cead a thabhairt faisnéis íogair a fhágáil ar lár i réamheolaire, nó codanna de, faoi imthosca áirithe trí bhíthin maolú arna thabhairt ag an údarás inniúil ionas nach gcuirfear an t-eisitheoir ina áit a dhíobhála.

(57)

Foilsíonn na Ballstáit lear faisnéise faoina staid airgeadais, faisnéis is gnách a bheith ar fáil san fhearann poiblí. Ar an gcaoi sin, i gcás ina ráthaíonn Ballstát urrúis atá á dtairiscint, níor ghá an fhaisnéis sin a chur sa réamheolaire.

(58)

Ach cead a thabhairt d'eisitheoirí doiciméid ina bhfuil faisnéis atá le nochtadh a chorprú de réir tagairtí i réamheolaire – faoi réir an cheanglais gur foilsíodh go leictreonach na doiciméid sin – ba cheart gurbh fhusa réamheolaire a tharraingt suas agus ba cheart go dtiocfadh laghdú ar na costais a sheasann eisitheoirí, gan cosaint infheisteoirí a chur i mbaol. Mar sin féin, an cuspóir a bhaineann leis an réamheolaire a shimpliú agus na costais a leanann a tharraingt suas a laghdú, níor cheart sin a bhaint amach ar dhóigh a ndéanfadh dochar do leasanna eile atá an réamheolaire ceaptha a chosaint, lena n-áirítear inrochtaineacht faisnéise. An teanga a úsáidtear don fhaisnéis arna corprú de réir tagairtí, ba cheart go mbeadh sí i gcomhréir leis an gcóras teanga atá i bhfeidhm maidir leis na réamheolairí. Ba cheart go mbeifí in ann tagairt do shonraí stairiúla san fhaisnéis a chorpraítear de réir tagartha. Áfach i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha a thuilleadh i ngeall ar athrú ábhartha, ba cheart an méid sin a rá go soiléir sa réamheolaire agus an fhaisnéis a tugadh cothrom le dáta a thabhairt freisin.

(59)

Ba cheart aon fhaisnéis rialáilte, mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE, a bheith incháilithe le haghaidh corprú de réir tagairtí i réamheolaire. Maidir le heisitheoirí a bhfuil a n-urrúis á dtrádáil ar MTF agus eisitheoirí a dhíolmhaítear ó thuarascálacha airgeadais bliantúla agus leathbhliantúla a fhoilsiú de bhun phointe (b) d'Airteagal 8(1) de Threoir 2004/109/CE, ba cheart cead a bheith acu, freisin, an t-iomlán dá bhfaisnéis airgeadais bhliantúil agus eatramhach, dá dtuarascálacha iniúchóireachta, dá ráitis airgeadais, dá dtuarascálacha bainistíochta nó dá ráitis rialachais chorparáidigh, nó cuid díobh, a chorprú de réir tagairtí i réamheolaire, faoi réir a bhfoilsithe leictreonaigh.

(60)

Ní ag gach eisitheoir atá rochtain ar fhaisnéis agus treoir leordhóthanach faoin bpróiseas grinnscrúdaithe agus formheasa ná ar na céimeanna is gá a leanúint le formheas a fháil do réamheolaire mar go bhfuil cineálacha cur chuige éagsúla ag na húdaráis inniúla ó Bhallstát go Ballstát. Leis an Rialachán seo, ba cheart deireadh a chur leis na difríochtaí sin trí na critéir chun grinnscrúdú a dhéanamh ar na réamheolairí a chomhchuibhiú agus trí na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le próisis fhormheasa na n-údarás inniúil a chomhchuibhiú trí shruthlíniú a dhéanamh orthu. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh cur chuige cóineasaithe ag na húdaráis inniúla uile agus grinnscrúdú á dhéanamh acu ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar shothuigtheacht na faisnéise atá i réamheolaire agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cur chuige comhréireach agus grinnscrúdú á dhéanamh ar réamheolairí ar bhonn imthosca an eisitheora agus na heisiúna. Ba cheart treoir maidir le réamheolaire a fhormheas a bheith ar fáil don phobal ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil. Ba cheart príomhról a bheith ag Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) i gcothú cóineasaithe maoirseachta sa réimse sin trína chumhachtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid (12). Go háirithe, ba cheart do ÚEÚM athbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo laistigh de thréimhse iomchuí roimh an athbhreithniú ar an Rialachán seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(61)

Le rochtain ar mhargaí na mBallstát a éascú, tá sé tábhachtach maidir leis na táillí a ghearrann údaráis inniúla as réamheolairí agus a ndoiciméid ghaolmhara a fhormheas agus a chomhdú, go bhfuil na táillí sin réasúnach, comhréireach agus go nochtfar go poiblí iad.

(62)

Ós rud é go n-áirithítear rochtain éasca ar fhaisnéis leis an idirlíon, agus chun inrochtaineacht níos fearr a áirithiú d'infheisteoirí, ba cheart an réamheolaire formheasta a fhoilsiú i bhfoirm leictreonach i gcónaí. Ba cheart an réamheolaire a fhoilsiú i roinn ar leith de shuíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora nó an duineatá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó, más infheidhme, ar shuíomh gréasáin na n-idirghabhálaithe airgeadais a láithríonn nó a dhíolann urrúis, lena n-áirítear gníomhairí íocaíochta, nó ar shuíomh gréasáin an mhargaidh rialáilte a bhfuiltear ag iarraidh urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ann, nó ar shuíomh gréasáin oibreora na MTF.

(63)

Ba cheart gach réamheolaire a fhormheastar, nó de rogha air sin, liosta de na réamheolairí sin le hipearnaisc chuig na codanna áirithe ar leith den suíomh gréasáin, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora, agus ba cheart don údarás inniúil gach réamheolaire a tharchur chuig ÚEUM mar aon leis na sonraí ábhartha is gá chun é a aicmiú. Ba cheart do ÚEUM córas stórála láraithe réamheolairí a sholáthar, ar a mbeidh rochtain saor in aisce agus saoráidí cuardaigh iomchuí ar fáil don phobal ag dul leis. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag infheisteoirí ar shonraí iontaofa ar féidir a úsáid agus a anailísiú ar bhonn tráthúil agus éifeachtúil, ba cheart faisnéis áirithe atá sna réamheolairí, amhail an ISINanna lena n-aithnítear na hurrúis agus na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh (LEIanna) lena sainaithnítear na heisitheoirí, na tairgeoirí agus na ráthóirí a bheith inléite ag meaisín lena n-áirítear nuair a úsáidtear meiteashonraí. Ba cheart go leanfadh réamheolairí de bheith ar fáil don phobal ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis a bhfoilsithe, lena áirithiú go mbeidh a dtréimhse infhaighteachta don phobal ar aon dul leis tréimhse infhaighteachta na dtuarascálacha airgeadais bliantúla agus leathbhliantúla faoi Threoir 2004/109/CE. Ba cheart, mar sin féin, réamheolairí a bheith ar fáil i gcónaí ar mheán marthanach d'infheisteoirí agus é saor in aisce arna iarraidh sin. I gcás ina ndéanfaidh infheisteoir ionchasach éileamh sonrach ar chóip pháipéir, ba cheart don infheisteoir sin a bheith in ann leagan clóite den réamheolaire a fháil. Mar sin féin, ní chuireann sin de cheangal ar an eisitheoir, ar an tairgeoir, ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar an idirghabhálaí airgeadais cóipeanna clóite den réamheolaire a chur ar leataobh chun freastal ar iarrataí ionchasacha den sórt sin.

(64)

Is gá, freisin, fógráin a chomhchuibhiú ionas nach lagófar muinín an phobail agus nach ndéanfar dochar do dhea-fheidhmiú na margaí airgeadais. Is den tábhacht é cothroime agus cruinneas fógrán, chomh maith lena gcomhsheasmhacht le hinneachar an réamheolaire má táthar chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear infheisteoirí miondíola. Gan dochar do na córais pas faoin Rialachán seo, is cuid dhílis de ról na n-údarás inniúil é maoirseacht a dhéanamh ar na fógráin sin. Ba cheart na ceanglais maidir le fógráin sa Rialachán seo a bheith gan dochar d’fhorálacha eile is infheidhme de chuid dhlí an Aontais, go háirithe maidir le cosaint tomhaltóirí agus cleachtais tráchtála mhíchothroma.

(65)

Ba cheart aon fhachtóir nua tábhachtach, aon bhotún substainte nó aon mhíchruinneas substainte a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an measúnú ar an infheistíocht, a thiocfaidh chun cinn tar éis fhoilsiú an réamheolaire ach roimh dhúnadh na tairisceana nó roimh thús na trádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart d'infheisteoirí meastóireacht cheart a dhéanamh air agus, dá bhrí sin, éilítear forlíonadh ar an réamheolaire a fhormheas agus a scaipeadh gan moill mhíchuí.

(66)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na teorainneacha ama éagsúla faoina bhfuil an t-eisitheoir le forlíonadh ar an réamheolaire a fhoilsiú agus faoina a bhfuil sé de cheart ag infheisteoirí a nglacadh le tairiscint a tharraingt siar tar éis foilsiú forlíonta. Ar thaobh, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid maidir le réamheolaire a fhorlíonadh nuair a thagann an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte chun cinn roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana nó tráth a thosaíonn trádáil na n-urrús sin ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí. Ar an taobh eile, níor cheart feidhm a bheith ag an gceart maidir le glacadh a tharraingt siar ach amháin i gcás ina mbaineann an réamheolaire le hurrúis atá á dtairiscint don phobal agus gur tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte chun cinn nó gur tugadh faoi deara é roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana agus seachadadh na n-urrús. Ar an ábhar sin, ba cheart ceangal a bheith idir an ceart maidir le tarraingt siar agus an uair a thagann an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte a bhfuil forlíonadh mar thoradh air chun cinn agus ba cheart feidhm a bheith aige ar choinníoll gur le linn na tréimhse ina bhfuil agus tairiscint ar oscailt agus roimh sheachadadh na n-urrús a tharla an teagmhas truiceartha. An ceart tarraingt siar a thugtar d’infheisteoirí de bharr fachtóir nua suntasach, botún substainte nó míchruinneas substainte a tháinig chun cinn nó a tugadh faoi deara le linn tréimhse bailíochta réamheolaire, ní dhéantar difear don cheart sin tríd an bhforlíonadh comhfhreagrach a bheith á fhoilsiú tar éis thréimhse bailíochta an réamheolaire sin. I gcás ar leith ina mbeidh tairiscint a leanann de bheith ann faoi dhá réamheolaire bunaidh i ndiaidh a chéile, ní dhéantar, d’ainneoin go bhfuil an t-eisitheoir i mbun réamheolaire bunaidh comharba a bheith formheasta aige, deireadh a chur leis an oibleagáid an réamheolaire bunaidh roimhe sin a fhorlíonadh go dtí go mbeidh deireadh lena bhailíocht agus na cearta tarraingt siar gaolmhara a dheonú. Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart a shonrú i bhforlíonadh an réamheolaire cathain a bheidh deireadh leis an gceart maidir le tarraingt siar. Ba cheart d'idirghabhálaithe airgeadais a gcuid ceart a chur in iúl d’infheisteoirí agus imeachtaí a éascú nuair a fheidhmíonn infheisteoirí a gceart maidir le glacadh a tharraingt siar.

(67)

Fágann an oibleagáid atá ar an eisitheoir an réamheolaire iomlán a aistriú go dtí na teangacha oifigiúla ábhartha uile go ndíspreagtar tairiscintí trasteorann nó iltrádáil. Chun tairiscintí trasteorann a éascú, níor cheart ach an achoimre a bheith ar fáil sa teanga oifigiúil nó ar a laghad i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga eile a nglacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin léi.

(68)

Ba cheart údarás inniúil an Bhallstáit is ósta a bheith i dteideal deimhniú a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit baile ina ndearbhaítear gur tarraingíodh suas an réamheolaire i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra a thabhairt don eisitheoir nó don duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas i leith dheimhniú formheasta an réamheolaire a dhírítear ar údarás an Bhallstáit is ósta le deimhneacht a thabhairt don eisitheoir nó don duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas i dtaca le cé acu ar tugadh nó nár tugadh fógra ina leith agus cathain a tugadh é. Gach aistriú a dhéantar de dhoiciméid idir údaráis inniúla chun críche fógraí, ba cheart iad a dhéanamh trí thairseach fógartha a bheidh le bunú ag ÚEUM.

(69)

I gcás ina dtugtar cead d’eisitheoir leis an Rialachán seo a Bhallstát baile a roghnú chun an réamheolaire a fhormheas, is iomchuí a áirithiú go bhféadfaidh an t-eisitheoir sin doiciméad clárúcháin, nó doiciméad clárúcháin uilíoch, a úsáid mar chuid dá réamheolaire, is doiciméad a d’fhormheas an t-údarás inniúil de Bhallstát eile é. Ba cheart, dá bhrí sin, córas lena dtugtar fógra a thabhairt isteach idir údaráis inniúla chun a áirithiú nach bhfuil an doiciméad clárúcháin sin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch sin, faoi réir a ghrinnscrúdaithe ná a fhormheasta ag an údarás inniúil a mbeidh an réamheolaire á fhormheas aige, agus nach leanfaidh údaráis inniúla de bheith freagrach ach as an gcuid de réamheolaire a bheidh formheasta acu, lena n-áirítear i gcás ina dtarraingítear forlíonadh suas ina dhiaidh sin.

(70)

Lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo go hiomlán, is gá, freisin, urrúis arna n-eisiúint ag eisitheoirí arna rialáil ag dlíthe tríú tíortha a áireamh ina raon feidhme. Chun malartuithe faisnéise agus comhar le húdaráis tríú tír maidir le forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla socruithe comhoibrithe a chur i gcrích le húdaráis inniúla i dtríú tíortha. Ba cheart aon aistriú sonraí pearsanta arna dhéanamh ar bhonn na socruithe sin Rialachán (AE) 2016/79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a chomhlíonadh.

(71)

Is é toradh a bheadh ar údarás inniúil de chineálacha éagsúla a bheith sna Ballstáit, agus freagrachtaí éagsúla acu, tabhú costas gan ghá agus forluí freagrachtaí gan aon tairbhe breise dá dhroim. I ngach Ballstát, ba cheart aon údarás inniúil amháin a ainmniú chun réamheolairí a fhormheas agus chun an fhreagracht a ghlacadh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Ba cheart an t-údarás inniúil sin a bhunú mar údarás riaracháin agus ar dhóigh a ráthóidh a neamhspleáchas ar ghníomhaithe eacnamaíocha agus a seachnóidh coinbhleachtaí leasa. Níor cheart ainmniú údaráis inniúil chun réamheolairí a fhormheas an comhar atá idir an t-údarás inniúil sin agus tríú páirtithe, amhail rialtóirí baincéireachta agus árachais nó údaráis liostaithe, d'fhonn grinnscrúdú agus formheas éifeachtúil réamheolairí a ráthú ar mhaithe le leas eisitheoirí, infheisteoirí, rannpháirtithe sa mhargadh agus an mhargaidh féin. Níor cheart é a bheith ceadmhach cúraimí údaráis inniúil a tharmligean chuigtríú páirtithe ach amháin i gcás ina mbaineann sin le réamheolairí formheasta a fhoilsiú.

(72)

Is féidir maoirseacht éifeachtach a ráthú ach sraith uirlisí, cumhachtaí agus acmhainní éifeachtacha a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go háirithe maidir le sraith íosta cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ba cheart a chur de chúram ar údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh sa dlí náisiúnta, trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, ba cheart d'údaráis inniúla agus do ÚEUM gníomhú go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus a gcuid cinntí a dhéanamh go neamhspleách.

(73)

D'fhonn sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath, is gá d’údaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil ar shuíomhanna seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha d'fhonn doiciméid a urghabháil. Teastaíonn rochtain ar áitreabh den saghas sin nuair atá amhras réasúnach ann go bhfuil doiciméid agus sonraí eile ann a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe agus go bhféadfadh sé go mbeidís ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. Ina theannta sin tá rochtain ar áitreabh den saghas sin riachtanach i gcás: nach gcomhlíonann an duine ar éilíodh faisnéis air cheana an t-éileamh sin; nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le creidiúint nach gcomhlíonfaí an t-éileamh sin dá ndéanfaí é, nó go ndéanfaí na doiciméid nó an fhaisnéis lena mbaineann an t-éileamh ar fhaisnéis, go ndéanfaí iad a bhaint, go ndéanfaí crioscaíleadh leo nó go ndéanfaí iad a scriosadh.

(74)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 maidir le Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais agus chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir smachtbhannaí agus bearta riaracháin iomchuí. Ba cheart na smachtbhannaí agus na bearta sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cur chuige comhchoiteann a áirithiú sna Ballstáit agus éifeacht dhíspreagthach a bheith acu. Níor cheart don Rialachán seo teorainn a chur le cumas na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le leibhéil níos airde smachtbhannaí riaracháin.

(75)

Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht dhíspreagthach ar an bpobal i gcoitinne ag cinntí lena bhforchuirtear smachtbhannaí nó bearta riaracháin eile arna nglacadh ag údaráis inniúla, ba cheart iad a fhoilsiú ach amháin má mheasann an t-údarás inniúil, i gcomhréir leis an Rialachán seo, gur gá iad a fhoilsiú gan ainm leo, moill a chur ar a bhfoilsiú nó gan iad a fhoilsiú.

(76)

Cé gur cheart ag na Ballstáit a bheith in ann rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus coiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart ceangal a chur ar na Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo agus na sáruithe sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta faoin 21 Iúil 2018. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, níl oibleagáid ar na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin agus choiriúla araon a fhorchur i ndáil leis an gcion chéanna, ach, ba cheart go mbeidís in ann sin a dhéanamh má cheadaítear é faoin dlí náisiúnta. Níor cheart, áfach, a bheith mar thoradh ar smachtbhannaí coiriúla a choimeád ar bun in ionad smachtbhannaí riaracháin, i dtaca le sáruithe ar an Rialachán seo, laghdú nó athrú a dhéanamh ar shlí eile ar chumas na n-údarás inniúil a bheith ag comhoibriú nó faisnéis a úsáid nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis sáruithe ábhartha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil.

(77)

D'fhéadfadh sé go gcuirfeadh sceithirí faisnéis nua ar a shúile do na húdaráis inniúla, rud a chuideodh leo cásanna sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go bhfuil socruithe iomchuí curtha ar bun chun sceithirí a chumasú údaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus iad a chosaint ar fhrithbhearta.

(78)

Chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le híosmhéid faisnéise doiciméad áirithe a chur ar fáil don phobal i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumaisc nó deighilte, grinnscrúdú, formheas, comhdú agus athbhreithniú an doiciméid clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air mar aon leis na coinníollacha ar a bhféadfar stádas eisitheora rialta a chailleadh, formáid an réamheolaire, an réamheolaire bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus an fhaisnéis shonrach nach mór a áireamh sa réamheolaire, an fhaisnéis íosta atá le háireamh sa doiciméad clárúcháin uilíoch, an fhaisnéis laghdaithe atá le háireamh sa réamheolaire simplithe i gcásanna eisiúintí tánaisteacha agus ag FBManna, inneachar laghdaithe sonrach agus formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire Fáis de chuid AE agus na hachoimre ar leith a ghabhann leis, na critéir maidir le measúnú a dhéanamh agus maidir le fachtóirí priacail a bheith á gcur i láthair ag an eisitheoir, grinnscrúdú agus formheas réamheolairí agus na critéir choibhéise ghinearálta le haghaidh réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí i dtríú tír. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirteachas chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(79)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le coibhéis dlíthe tríú tír maidir le réamheolairí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le cinneadh a dhéanamh ar an gcoibhéis sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(80)

Ba cheart caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais cosaint leormhaith ar infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Ós rud é gur comhlacht é ÚEUM a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí ceapadh dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur de chúram ÚEUM chun go ndéanfadh ÚEUM iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(81)

Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla rialála arna gceapadh ag ÚEUM a ghlacadh, maidir le hinneachar agus formáid chur i láthair na faisnéise airgeadais bunriachtanaí atá le cur san achoimre, i gcásanna inar féidir faisnéis áirithe a fhágáil ar lár sa réamheolaire, an fhaisnéis atá le corprú de réir tagairtí agus cineálacha breise doiciméad a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, foilsiú an réamheolaire, na sonraí is gá chun réamheolairí a aicmiú sa chóras stórála arna oibriú ag ÚEUM, na forálacha maidir le fógráin, na cásanna ina bhfágann fachtóir nua tábhachtach, botún substainte nó míchruinneas substainte a bhaineann le faisnéis atá le cur sa réamheolaire, ina bhfágann sé gur gá forlíonadh ar an réamheolaire a fhoilsiú, na socruithe teicniúla is gá chun go bhfeidhmeoidh thairseach fógartha ÚEUM, inneachar íosta na socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus na teimpléid atá le húsáid ina leith, agus an fhaisnéis a mhalartaítear idir údaráis inniúla agus ÚEUM i gcomhthéacs na hoibleagáide maidir le comhoibriú. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(82)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht freisin don Choimisiún bearta a ghlacadh chun caighdeáin theicniúla a chur chun feidhme arna bhforbairt ag ESMA maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha don fhógra atá le tabhairt maidir leis an deimhniú formheasta, an réamheolaire, an doiciméad clárúcháin, an doiciméad clárúcháin uilíoch, aon fhorlíonadh agus an aistriúchán a bheidh ag gabháil leis, an forlíonadh ar an réamheolaire agus an t-aistriúchán den réamheolaire agus/nó an achoimre, na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha don chomhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla, agus na nósanna imeachta agus foirmeacha do mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚEUM. Ba chear don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(83)

Agus a chuid cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme á bhfeidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo aige, ba cheart don Choimisiún na prionsabail seo a leanas a urramú:

an gá a áirithiú go mbeidh muinín ag infheisteoirí miondíola agus FBManna i margaí airgeadais trí chaighdeáin arda trédhearcachta a chur chun cinn i margaí airgeadais,

an gá atá leis na ceanglais maidir le nochtadh réamheolaire a shocrú agus méid an eisitheora agus an fhaisnéis a cheanglaítear ar eisitheoir a nochtadh cheana faoi Threoir 2004/109/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 á gcur san áireamh,

an gá atá le rochtain ar mhargaí caipitil a éascú do FBManna agus muinín infheisteoirí sna cuideachtaí sin á háirithiú ag an am céanna,

an gá atá le réimse leathan deiseanna infheistíochta iomaíocha, mar aon le leibhéal nochta agus cosanta a bheadh saincheaptha de réir a n-imthosca, a thabhairt d'infheisteoirí,

an gá atá lena áirithiú go ndéanfaidh údaráis rialála neamhspleácha rialacha a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach, go háirithe i dtaca leis an gcomhrac in aghaidh choireacht an bhóna bháin,

an gá atá le hardleibhéal trédhearcachta agus comhairliúcháin leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle,

an gá atá le nuálaíocht i margaí airgeadais a spreagadh chun go mbeidís fuinniúil agus éifeachtúil,

an gá atá le cobhsaíocht shistéamach an chórais airgeadais a áirithiú trí dhlúthfhaireachán frithghníomhach a dhéanamh ar nuálaíocht airgeadais,

an tábhacht a bhaineann le costas caipitil a laghdú agus rochtain air a mhéadú,

an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir na costais agus na sochair a bhaineann le haon bheart cur chun feidhme do na rannpháirtithe uile sa mhargadh, ar bhonn fadtéarmach,

an gá atá le hiomaíochas idirnáisiúnta mhargaí airgeadais an Aontais a chothú gan dochar d'fhairsingiú an chomhair idirnáisiúnta a bhfuil géarghá leis,

an gá atá le cothromaíocht deiseanna a bhaint amach do na rannpháirtithe uile sa mhargadh trí dlí Aontais a bhunú aon uair is iomchuí,

an gá atá le comhleanúnachas le dlí eile an Aontais sa réimse céanna a áirithiú, mar go bhféadfadh éagothromaíochtaí faisnéise agus easpa trédhearcachta oibriú na margaí a shaobhadh agus, fiú amháin, dochar a dhéanamh do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí beaga.

(84)

Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta a dhéanann na húdaráis inniúla, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus ba cheart do ÚEUM aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(85)

Ba cheart don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 21 Iúil 2022, athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar cé acu atá nó nach bhfuil na córais nochta d'eisiúintí tánaisteacha agus do réamheolaire Fáis AE, an doiciméad clárúcháin uilíoch agus achoimre an réamheolaire, fós oiriúnach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Go háirithe, ba cheart anailís a dhéanamh, sa tuarascáil, ar na figiúirí agus treochtaí ábhartha a bhaineann le réamheolairí Fáis AE agus measúnú a dhéanamh an bhfuil cothromaíocht chuí, sa chóras nua, idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na cuideachtaí atá i dteideal é a úsáid. Ba cheart a mheasúnú san athbhreithniú sin freisin, an féidir le heisitheoirí, go háirithe FBManna, LEInna agus ISINanna a fháil ar chostas réasúnta agus laistigh de thréimhse réasúnta ama.

(86)

Ba cheart cur i bhfeidhm cheanglais an Rialacháin seo a chur siar ionas go bhféadfar gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh agus ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla agus rannpháirtithe sa mhargadh na bearta nua a thuiscint agus a gcur i bhfeidhm a phleanáil.

(87)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint d'infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, agus Aontas na Margaí Caipitil á bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, de bharr a éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(88)

Tá an Rialachán seo ag cloí leis na cearta bunúsacha agus comhlíontar leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin.

(89)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001;

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus díolúintí

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais a leagan síos maidir le tarraingt suas, formheas agus dáileadh na réamheolairí atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá lonnaithe i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na cineálacha seo urrús a leanas:

(a)

aonaid a eisíonn gnóthais chomhinfheistíochta nach den chineál iata iad;

(b)

urrúis neamhchothromais a eisíonn Ballstát nó ceann d'údaráis réigiúnacha nó áitiúla Ballstáit, comhlachtaí idirnáisiúnta poiblí a bhfuil Ballstát amháin ar a laghad ina bhall díobh, an Banc Ceannais Eorpach nó bainc ceannais de chuid na mBallstát;

(c)

scaireanna i gcaipiteal banc ceannais de chuid na mBallstát;

(d)

urrúis a dhéanann Ballstát nó ceann d'údaráis réigiúnacha nó áitiúla Ballstáit a ráthú go neamhchoinníollach agus go neamh-inchúlghairthe;

(e)

urrúis a eisíonn comhlachais a bhfuil stádas dlíthiúil acu nó comhlachtaí neamhbhrabúsacha, atá aitheanta ag Ballstát, chun críocha an maoiniú riachtanach a fháil lena gcuspóirí neamhbhrabúsacha a bhaint amach;

(f)

scaireanna neamh-idirmhalartacha caipitil arb é is príomhchuspóir leo ceart a thabhairt do shealbhóir na scaireanna sin árasán, nó cineál eile maoine dochorraithe, nó cuid de, a áitiú agus ar scaireanna iad nach féidir a dhíol gan an ceart sin a ghéilleadh;

3.   Gan dochar don dara fomhír den mhír seo agus d’Airteagal 4, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tairiscint urrús don phobal ar lú ná EUR 1 000 000 an chomaoin iomlán ina leith san Aontas, agus a ríomhfar thar thréimhse 12 mhí.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit an oibleagáid chun réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo a leathnú chuig tairiscintí urrús don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Féadfaidh na Ballstáit, sna cásanna sin, áfach, ceanglais eile maidir le nochtadh a cheangal ar an leibhéal náisiúnta, sa mhéid nach mbeadh na ceanglais sin ina n-ualach díréireach nó neamhriachtanach.

4.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) maidir le haon cheann de na cineálacha seo tairiscintí urrús don phobal:

(a)

urrúis nach dtairgtear ach d'infheisteoirí cáilithe amháin;

(b)

urrúis a thairgtear do níos lú ná 150 duine nádúrtha nó dlítheanach, nach infheisteoirí cáilithe iad, in aghaidh an Bhallstáit;

(c)

urrúis a thairgtear arb é EUR 100 000 ar a laghad a n-ainmníocht in aghaidh an aonaid;

(d)

urrúis a thairgtear d'infheisteoirí a fhaigheann urrúis ar fiú EUR 100 000 ar a laghad an chomaoin iomlán ina leith in aghaidh an infheisteora, maidir le gach tairiscint ar leith;

(e)

scaireanna a eisítear in ionad scaireanna den aicme chéanna a eisíodh cheana, ar choinníoll nach bhfuil méadú ar an gcaipiteal eisithe mar thoradh ar eisiúint na scaireanna sin;

(f)

urrúis a thairgtear i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;

(g)

urrúis a thairgtear, a leithroinntear nó a leithroinnfear i dtaca le cumasc nó roinnt, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;

(h)

díbhinní a íoctar le scairshealbhóirí reatha i bhfoirm scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a n-íoctar díbhinní den sórt sin ina leith, ar choinníoll go bhfuil doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus faoi chineál na scaireanna agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint agus mionsonraí na tairisceana;

(i)

urrúis a thairgeann fostóir nó gnóthas cleamhnaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe atá aige faoi láthair nó a bhí aige, nó a leithroinneann sé orthu nó a leithroinnfidh sé orthu, ar choinníoll go gcuirtear doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus faoi chineál na n-urrús agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint nó an leithroinnt agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte sin.

(j)

urrúis neamhchothromais a eisíonn institiúid creidmheasa ar bhonn leanúnach nó arís is arís eile, i gcás inar lú ná EUR 75 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa a ríomhfar thar thréimhse 12 mhí an chomaoin chomhiomlán san Aontas maidir leis na hurrúis a tairgeadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir leis na hurrúis sin:

(i)

nach bhfuil siad fo-ordaithe, in-chomhshóite ná inmhalartaithe; agus

(ii)

nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach.

5.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú mar a leagtar amach in Airteagal 3(3) maidir le haon cheann díobh seo a leanas a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, ar choinníoll gur lú iad ná 20 %, thar thréimhse 12 mhí, den líon urrús a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna;

(b)

scaireanna a thagann as urrúis eile a chomhshó nó a mhalartú nó as feidhmiú na gceart a thugtar le hurrúis eile, i gcás gur den aicme chéanna na scaireanna sin agus na scaireanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte, ar choinníoll gur lú iad ná 20 %, thar thréimhse 12 mhí, den líon urrús den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, faoi réir an dara fomhír den mhír seo;

(c)

urrúis a thagann as údarás réitigh do chomhshó nó do mhalartú urrúis eile, cistí dílse eile nó dliteanais incháilithe eile i ngeall ar fheidhmiú cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2), Airteagal 59(2) nó in Airteagal 63(1) nó (2) de Threoir 2014/59/AE;

(d)

scaireanna a eisítear in ionad scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, i gcás nach bhfuil aon mhéadú ar an gcaipiteal eisithe mar thoradh ar eisiúint na scaireanna sin;

(e)

urrúis a thairgtear i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;

(f)

urrúis a thairgtear, a leithroinntear nó a leithroinnfear i dtaca le cumasc nó roinnt, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;

(g)

scaireanna a thairgtear saor in aisce do scairshealbhóirí reatha nó a leithroinntear nó a leithroinnfear orthu saor in aisce, agus díbhinní a íoctar i bhfoirm scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a n-íoctar na díbhinní sin ina leith, ar choinníoll gur den aicme chéanna na scaireanna sin agus na scaireanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna agus go bhfuil doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus cineál na scaireanna agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint nó an leithroinnt agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte sin;

(h)

urrúis a thairgeann fostóir nó gnóthas cleamhnaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe atá aige faoi láthair nó a bhí aige, nó a leithroinneann sé orthu nó a leithroinnfidh sé orthu, ar choinníoll gur den aicme chéanna na hurrúis sin agus na hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna agus go gcuirtear doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus cineál na n-urrús agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint nó an leithroinnt agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte sin;

(i)

urrúis neamhchothromais a eisíonn institiúid creidmheasa ar bhonn leanúnach nó arís is arís eile, i gcás inar lú ná EUR 75 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa a ríomhfar thar thréimhse 12 mhí an chomaoin chomhiomlán san Aontas maidir leis na hurrúis a tairgeadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir leis na hurrúis sin:

(i)

nach bhfuil siad fo-ordaithe, in-chomhshóite ná inmhalartaithe; agus

(ii)

nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach.

(j)

urrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte eile, ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

gur ligeadh na hurrúis sin, nó urrúis den aicme chéanna, isteach chun a dtrádála ar an margadh rialáilte eile sin ar feadh tréimhse níos faide ná 18 mí;

(ii)

gurb é rud, i gcás urrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála den chéad uair ar mhargadh rialáilte tar éis an 1 Iúil 2005, gur ligeadh isteach iad chun a dtrádála ar an margadh rialáilte eile sin faoi réir réamheolaire a formheasadh agus a foilsíodh i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE;

(iii)

gurb é rud, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (ii), i gcás urrúis ar glacadh leo ar liostú den chéad uair tar éis an 30 Meitheamh 1983, gur formheasadh na sonraí liostaithe i gcomhréir le ceanglais Threoir 80/390/CEE ón gComhairle (17) nó Threoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(iv)

gur comhlíonadh na hoibleagáidí leanúnacha maidir lena dtrádáil ar an margadh rialáilte eile sin;

(v)

i gcás an duine atá ag iarraidh go ligfí urrús isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte faoin díolúine sin, go gcuireann sé, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), doiciméad ar fáil don phobal sa Bhallstát ina bhfuil an margadh rialáilte a dteastaíonn uaidh go ligfí urrúis isteach chun a thrádála air, agus go gcomhlíontar Airteagal 7 le hinneachar an doiciméid sin, ach amháin go ndéanfar an t-uasfhad a leagtar amach in Airteagal 7(3) a shíneadh le dhá thaobh bhreise de leathanach A4, agus go dtarraingeofar suas é i dteanga atá inghlactha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an margadh rialáilte a dteastaíonn uaidh go ligfí urrús isteach chun a thrádála air; agus

(vi)

go luafar sa doiciméad dá dtagraítear i bpointe (v) an áit ar féidir an réamheolaire is déanaí a fháil agus an áit a bhfuil an fhaisnéis airgeadais a d'fhoilsigh an t-eisitheoir de bhun a oibleagáidí leanúnacha maidir le nochtadh ar fáil.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas gur lú na scaireanna ná 20 %, thar thréimhse 12 mhí, den líon scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndearnadh réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le Treoir 2003/71/CE tráth a dhéantar na hurrúis lena dtugtar rochtain ar na scaireanna a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(b)

i gcás inar eisíodh na hurrúis lena dtugtar rochtain ar na scaireanna roimh an 20 Iúil 2017;

(c)

i gcás ina gcáilíonn na scaireanna mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar a leagtar síos in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) d’institiúid mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4(1)(3) den rialachán sin í agus ina dtagann siad mar thoradh ar chomhshó ar ionstraimí Breise Leibhéal 1 arna eisiúint ag an institiúid sin mar gheall ar tharlú eachtra tucaide mar a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin;

(d)

i gcás ina gcáilíonn na scaireanna mar chistí dílse incháilithe nó cistí dílse bunúsacha incháilithe mar a shainmhínítear i Roinn 3 de Chaibidil VI de Theideal I de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) iad, agus ina dtagann siad mar thoradh ar chomhshó urrús eile a ndearna é a thruicearú chun críocha na hoibleagáidí maidir leis an Riachtanas um Chaipiteal Sócmhainneachta nó an tÍosriachtanas Caipitil a chomhlíonadh mar a shainmhínítear i Roinn 4 agus i Roinn 5 de Chaibidil VI de Theideal I de Threoir 2009/138/CE nó an ceanglas maidir le sócmhainneacht an ghrúpa a chomhlíonadh mar a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2009/138/CE;

6.   Maidir leis na díolúintí ón oibleagáid réamheolaire a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 a fhoilsiú, féadfar iad a chur le chéile. Mar sin féin, ní chuirfidh na díolúintí i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 5 le chéile más rud é go bhféadfaidh an méid seo a leanas a bheith mar thoradh air sin: ligean isteach láithreach nó ligean isteach iarchurtha chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte breis is 20 % den líon scaireanna chun a dtrádála thar thréimhse 12 mhí, is scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, gan réamheolaire a bheith foilsithe.

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 ina ndéantar forlíonadh ar an Rialachán seo trí íosmhéid faisnéise na ndoiciméad dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (g) de mhír 4 agus i bpointe (e) agus i bpointe (f) den chéad fhomhír de mhír 5 den Airteagal seo a leagan amach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “urrúis” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, amach ó ionstraimí margaidh airgid mar a shainmhínítear i bpointe (17) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ar lú ná 12 mhí a n-aibíocht;

(b)

ciallaíonn “urrúis chothromais” scaireanna agus urrúis inaistrithe eile atá coibhéiseach le scaireanna i gcuideachtaí, agus aon chineál eile urrús inaistrithe lena dtugtar an ceart aon cheann de na hurrúis réamhráite a fháil de thoradh a gcomhshóite nó de thoradh na cearta a thugtar leo a fheidhmiú, ar choinníoll gurb é eisitheoir na scaireanna foluiteacha nó eintiteas atá i ngrúpa an eisitheora sin a dhéanann na hurrúis den dara saghas sin a eisiúint;

(c)

ciallaíonn “urrúis neamhchothromais” na hurrúis uile nach urrúis chothromais iad;

(d)

ciallaíonn “tairiscint urrús don phobal” teachtaireacht a thugtar do dhaoine in aon fhormáid nó ar aon mhodh, ar leor an méid faisnéise a thugtar ann faoi théarmaí na tairisceana agus faoi na hurrúis atá le tairiscint le go bhféadfaidh infheisteoir a chinneadh na hurrúis sin a cheannach nó a shuibscríobh. Tá feidhm ag an sainmhíniú seo, freisin, maidir le hurrúis a thairgtear trí idirghabhálaithe airgeadais;

(e)

ciallaíonn “infheisteoirí cáilithe” daoine nó eintitis a liostaítear i bpointe (1) go pointe (4) de Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus daoine nó eintitis a gcaitear leo, arna iarraidh sin dóibh, mar chliaint ghairmiúla i gcomhréir le Roinn II den Iarscríbhinn sin, nó a aithnítear mar chontrapháirtithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má tá comhaontú déanta acu go gcaithfí leo mar chliaint neamhghairmiúlai gcomhréir leis an ceathrú mír de Roinn I den Iarscríbhinn sin.Chun críocha phointe (e) den Airteagal seo, ar iarraidh ón eisitheoir, tabharfaidh gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa aicmiú a gcliant le fios don eisitheoir faoi réir chomhlíonadh na ndlíthe ábhartha maidir le cosaint sonraí;

(f)

ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó 'FBManna' aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

cuideachtaí a chomhlíonann, de réir a gcuid cuntas deiridh bliantúil nó comhdhlúite, péire ar a laghad de na trí chritéar seo a leanas: gur lú ná 250 an líon daoine a bhí fostaithe acu ar an meán le linn na bliana airgeadais, nach mó ná EUR 43 000 000 iomlán a gcláir chomhardaithe agus nach mó ná EUR 50 000 000 a nglanláimhdeachas bliantúil; nó

(ii)

fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

(g)

ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(h)

ciallaíonn “eisitheoir” eintiteas dlíthiúil a eisíonn urrúis nó a bhfuil sé beartaithe aige urrúis a eisiúint;

(i)

ciallaíonn “tairgeoir” eintiteas dlíthiúil nó duine dlítheanach a thairgeann urrúis don phobal;

(j)

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(k)

ciallaíonn “fógrán” teachtaireacht lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:

(i)

a bhaineann le tairiscint ar leith urrús don phobal nó le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(ii)

a bhfuil sé mar aidhm shonrach léi suibscríobh nó fáil fhéideartha urrús a chur chun cinn;

(l)

ciallaíonn “faisnéis rialáilte” faisnéis rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE;

(m)

ciallaíonn “Ballstát baile”:

(i)

i gcás gach eisitheora urrús atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil luaite i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir;

(ii)

i gcás aon eisiúintí d'urrúis neamhchothromais arb é EUR 1 000 ar a laghad a n-ainmníocht in aghaidh an aonaid agus i gcás aon eisiúintí d'urrúis neamhchothromais lena dtugtar an ceart aon urrúis inaistrithe a fháil nó méid airgid a fháil, de thoradh a gcomhshóite nó de thoradh na cearta a thugtar leis na hurrúis sin a fheidhmiú, ar choinníoll nach é eisitheoir na n-urrús foluiteach ná eintiteas atá i ngrúpa an eisitheora sin eisitheoir na n-urrús neamhchothromais, ná an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir, nó i gcás inar ligeadh nó ina ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó inar tairgeadh na hurrúis don phobal, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Beidh an méid céanna infheidhme maidir le hurrúis neamhchothromais in airgeadra seachas an euro, ar choinníoll go bhfuil an luach ainmniúil íosta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, le EUR 1 000;

(iii)

i gcás gach eisitheora urrús atá bunaithe i dtríú tír agus nach luaitear i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na hurrúis a thairiscint don phobal den chéad uair nó ina ndéantar, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, an chéad iarraidh urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, faoi réir rogha eisitheoirí atá bunaithe i dtríú tír ina dhiaidh sin i gceann de na cásanna seo a leanas:

nár cinneadh an Ballstát baile trí rogha na n-eisitheoirí sin,

i gcomhréir le pointe (i)(iii) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE;

(n)

ciallaíonn “Ballstát óstach” an Ballstát ina dtairgtear urrúis don phobal nó ina n-iarrtar go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, ar mhargadh rialáilte, i gcás nach ionann é agus an Ballstát baile;

(o)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 31 mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;

(p)

ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta nach den chineál iata é” iontaobhais aonaid agus cuideachtaí infheistíochta lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:

(i)

tiomsaíonn siad caipiteal ó infheisteoirí éagsúla, d'fhonn é a infheistiú i gcomhréir le beartas sainithe infheistíochta ar mhaithe leis na hinfheisteoirí sin;

(ii)

déantar a n-aonaid, arna iarraidh sin don sealbhóir, a athcheannach nó a fhuascailt, go díreach nó go hindíreach, as a sócmhainní féin;

(q)

ciallaíonn “aonaid gnóthais comhinfheistíochta” urrúis arna n-eisiúint ag gnóthas comhinfheistíochta lena léirítear cearta na rannpháirtithe chun sócmhainní gnóthais den sórt sin;

(r)

ciallaíonn “formheas” toradh dearfach an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar shothuigtheacht na faisnéise atá sa réamheolaire;

(s)

ciallaíonn “réamheolaire bunaidh” réamheolaire lena gcomhlíontar Airteagal 8, agus, de rogha an eisitheora, téarmaí críochnaitheacha na tairisceana;

(t)

ciallaíonn “laethanta oibre” laethanta oibre an údaráis inniúil ábhartha gan an Satharn, an Domhnach ná laethanta saoire poiblí a áireamh, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an údarás inniúil sin;

(u)

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó 'STI' saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in i bpointe (22) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(v)

ciallaíonn “saoráid trádála eagraithe” nó 'STE' saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (23) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(w)

ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(x)

ciallaíonn “eisitheoir i dtríú tír” eisitheoir atá bunaithe i dtríú tír;

(y)

ciallaíonn “tréimhse na tairisceana” an tréimhse a bhféadfaidh infheisteoirí féideartha urrúis a cheannach nó suibscríobh dóibh lena linn.

(z)

ciallaíonn 'meán marthanach' aon ionstraim lena bhféadfar an méid a leanas a dhéanamh:

(i)

custaiméir a chumasú chun faisnéis a díríodh chuig an gcustaiméir sin féin a stóráil sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí agus go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus

(ii)

an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

Airteagal 3

An oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú agus díolúine ón oibleagáid sin

1.   Gan dochar d’Airteagal 1(4), ní dhéanfar urrúis a thairiscint don phobal san Aontas ach amháin tar éis réamheolaire a bheith foilsithe roimh ré i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Gan dochar d’Airteagal 4, féadfaidh Ballstát a chinneadh tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú a leagtar síos i mír 1 ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil tairiscintí den sórt sin faoi réir fógra a thabhairt fúthui gcomhréir le hAirteagal 25; agus

(b)

gur lú ná méid airgid arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, méid nach mó ná EUR 8 000 000, atá i gcomaoin iomlán gach tairisceana den chineál sin san Aontas.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM maidir le cibé acu a chinneann nó nach gcinneann siad an díolúine a fheidhmiú de bhun an chéad fhomhír seo agus conas a dhéanfaidh siad amhlaidh, lena n-áirítear an méid airgid ar fúithi a bheidh an díolúine i leith tairiscintí infheidhme sa Bhallstát sin. Tabharfaidh siad fógra freisin don Choimisiún agus don ÚEUM maidir le haon athruithe a dhéanfar ar an méid airgid sin ina dhiaidh sin.

3.   Gan dochar d’Airteagal 1(5), ní ligfear urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá lonnaithe nó ag feidhmiú san Aontas ach amháin tar éis réamheolaire a bheith foilsithe roimh ré i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Réamheolaire deonach

1.   Más rud é, i gcás tairiscint urrús don phobal nó urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nach dtig siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), nó go bhfuil siad díolmhaithe ón gceanglas réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 1(4), 1(5) nó 3(2), beidh eisitheoir, tairgeoir nó duine a iarrann go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i dteideal réamheolaire a tharraingt suas ar bhonn deonach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Réamheolaire den chineál sin arna tharraingt suas go deonach atá formheasta ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, arna chinneadh i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 2, beidh na cearta agus na hoibleagáidí uile aige dá bhforáiltear maidir le réamheolaire a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus beidh sé faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo, faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil sin.

Airteagal 5

Athdhíol urrús ina dhiaidh sin

1.   Maidir le haon athdhíol urrús ina dhiaidh sin a bhí faoi réir ceann amháin nó níos mó de na cineálacha tairisceana urrús don phobal a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 1(4), measfar gur tairiscint ar leith é agus beidh feidhm ag an sainmhíniú a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 2 d'fhonn a chinneadh an tairiscint urrús don phobal atá san athdhíol sin. Má thairgtear urrúis trí idirghabhálaithe airgeadais, beidh an tairiscint sin faoi réir foilsiú réamheolaire ach amháin má tá feidhm ag ceann amháin de na díolúintí a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 1(4) maidir leis an tairiscint chríochnaitheach.

Ní cheanglófar aon réamheolaire breise i gcás aon athdhíol urrús ina dhiaidh sin nó aon tairiscint chríochnaitheach urrús den sórt sin trí idirghabhálaithe airgeadais fad atá réamheolaire bailí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12 agus go ndéanann an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire sin a tharraingt suas é a thoiliú trí chomhaontú i scríbhinn gur féidir an réamheolaire sin a úsáid.

2.   I gcás ina mbaineann réamheolaire le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, urrús neamhchothromais nach bhfuil le trádáil ach ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach de, nach féidir ach amháin le hinfheisteoirí cáilithe rochtain a fháil air nó uirthi chun críocha trádála sna hurrúis sin, ní dhíolfar na hurrúis athuair le hinfheisteoirí neamhcháilithe, mura rud é go mbeidh réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheidh iomchuí d’infheisteoirí neamhcháilithe.

CAIBIDIL II

RÉAMHEOLAIRE A THARRAINGT SUAS

Airteagal 6

An réamheolaire

1.   Gan dochar d’Airteagal 14(2) agus d'Airteagal 18(1), beidh an fhaisnéis riachtanach sa réamheolaire atá ábhartha d’infheisteoir chun measúnú feasach a dhéanamh maidir leis an méid a leanas:

(a)

sócmhainní agus dliteanais, brabúis agus caillteanais, staid airgeadais agus ionchais an eisitheora agus aon ráthóra;

(b)

na cearta a ghabhann leis na hurrúis; agus

(c)

na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aici ar an eisitheoir.

D’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith éagsúil ag brath ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cineál an eisitheora;

(b)

cineál na n-urrús;

(c)

imthosca an eisitheora;

(d)

i gcás inarb ábhartha, cibé acu atá nó nach bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad ag na hurrúis neamhchothromais in aghaidh an aonaid nó cibé acu atá nó nach bhfuil na hurrúis neamhchothromais le trádáil ar mhargadh rialáilte amháin, nó cuid shonrach den mhargadh sin, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iad sin amháin, rochtain a bheith acu air chun críocha trádáil sna hurrúis.

2.   Scríobhfar an fhaisnéis i réamheolaire agus cuirfear í i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe, agus na fachtóirí a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1 á gcur san áireamh.

3.   Féadfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an réamheolaire a tharraingt suas ina mbeidh doiciméad amháin nó doiciméid ar leithligh.

Gan dochar d'Airteagal 8(8) agus don dara fomhír d’Airteagal 7(1), i gcás réamheolaire ina bhfuil doiciméid ar leithligh, beidh, an fhaisnéis is gá a thabhairt roinnte i ndoiciméad clárúcháin, nóta mínithe urrús agus achoimre. Is sa doiciméad clárúcháin a bheidh an fhaisnéis faoin eisitheoir. Is é a bheidh i nóta mínithe na n-urrús an fhaisnéis faoi na hurrúis atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

Airteagal 7

Achoimre an réamheolaire

1.   Beidh achoimre sa réamheolaire ina dtabharfar faisnéis bhunriachtanach a bheidh ag teastáil ó infheisteoirí le go dtuigfidh siad cineál agus priacail an eisitheora, an ráthóra agus na n-urrús atá á dtairiscint nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus, léifear í in éineacht le codanna eile den réamheolaire chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á mbreithniú acu ar cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh gá le hachoimre nuair a bhaineann an réamheolaire le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil urrúis den chineál sin le trádáil ach amháin ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach de, nach bhféadfaidh ach amháin infheisteoirí cáilithe rochtain a fháil air chun críocha trádáil sna hurrúis sin; nó

(b)

go bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad ag na hurrúis sin in aghaidh an aonaid.

2.   Beidh inneachar na hachoimre cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Tá an achoimre le léamh mar réamhrá a ghabhann leis an réamheolaire agus beidh sí comhsheasmhach leis na codanna eile den réamheolaire.

3.   Doiciméad gearr beacht a bheidh san achoimre, doiciméad nach mbeidh níos mó ná seacht dtaobh de leathanaigh A4 ann agus é clóite. Beidh an achoimre:

(a)

curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach soléite, ag úsáid carachtair atá inléite ó thaobh méid de;

(b)

scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca, go háirithe, i bhfriotal soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí.

4.   Beidh na ceithre roinn seo a leanas san achoimre:

(a)

réamhrá agus rabhaidh ann;

(b)

faisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;

(c)

faisnéis bhunriachtanach faoi na hurrúis;

(d)

faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint urrús don phobal agus/nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

5.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4:

(a)

an t-ainm agus an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) a bhaineann leis na hurrúis;

(b)

céannacht agus sonraí teagmhála an eisitheora, lena n-áirítear a aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);

(c)

i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála an tairgeora, lena n-áirítear a LEI má tá pearsantacht dhlítheanach ag an tairgeoir, nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(d)

céannacht agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil a fhormheasann an réamheolaire agus, más éagsúil, an údaráis inniúil a d’fhormheas an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch;

(e)

dáta formheasa an réamheolaire.

Beidh na rabhaidh seo a leanas san achoimre:

(a)

ní mór an achoimre a léamh mar réamhrá a ghabhann leis an réamheolaire;

(b)

ba cheart aon chinneadh infheistiú sna hurrúis a bheith bunaithe ar bhreithniú a rinne an t-infheisteoir ar an réamheolaire ina iomláine;

(c)

i gcás inarb infheidhme, go bhféadfaidh an t-infheisteoir an caipiteal infheistithe ar fad nó cuid de a chailleadh agus, i gcás nach bhfuil dliteanas an infheisteora teoranta do mhéid an infheistíochta, rabhadh gur féidir leis an infheisteoir níos mó ná an caipiteal a infheistíodh a chailleadh agus méid na gcaillteanas ionchasach sin;

(d)

i gcás ina dtugtar éileamh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá i réamheolaire os comhair cúirte, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar an infheisteoir is gearánaí na costais a bhaineann le haistriú an réamheolaire a sheasamh, faoin dlí náisiúnta, sula dtionscnófar na himeachtaí dlíthiúla;

(e)

is ar na daoine sin a leag amach an achoimre, lena n-áirítear aon aistriúchán di, agus orthu sin amháin, atá dliteanas sibhialta, ach amháin i gcás ina bhfuil an achoimre míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, nó más rud é, nuair a léitear in éineacht leis na codanna eile den réamheolaire í, nach dtugtar faisnéis bhunriachtanach inti chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á mbreithniú acu cibé acu ar cheart nó nár cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin;

(f)

i gcás inarb infheidhme, an foláireamh tuisceana atá riachtanach i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 8(3).

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4:

(a)

faoi fho-roinn dar teideal 'Cé hé eisitheoir na n-urrús?', tuairisc ghairid ar eisitheoir na n-urrús, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(i)

a shainchónaí agus a fhoirm dhlíthiúil, a LEI, an dlí faoina bhfeidhmíonn sé agus tír a chorpraithe;

(ii)

a phríomhghníomhaíochtaí;

(iii)

a scairshealbhóirí móra, lena n-áirítear an bhfuil sé faoi úinéireacht nó faoi rialú díreach nó indíreach agus, má tá, ainm an úinéara nó an rialaitheora sin;

(iv)

céannacht a phríomhstiurthóirí bainistíochta;

(v)

céannacht a iniúchóirí reachtúla.

(b)

faoi fho-roinn dar teideal 'Cad í an fhaisnéis airgeadais bhunriachtanach a bhaineann leis an eisitheoir?' rogha d'fhaisnéis bhunriachtanach stairiúil airgeadais maidir le gach bliain airgeadais den tréimhse a chuimsítear leis an bhfaisnéis bhunriachtanach stairiúil airgeadais, agus maidir le haon tréimhse eatramhach airgeadais ina dhiaidh sin a bhfuil sonraí comparáideacha ón tréimhse chéanna sa bhliain airgeadais roimhe sin ag gabháil léi. Déanfar an ceanglas maidir le faisnéis chomparáideach ón gclár comhardaithe a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis ón gclár comhardaithe deiridh bliana a thabhairt. Áireofar san fhaisnéis bhunriachtanach airgeadais, i gcás inarb iomchuí, an méid a leanas:

(i)

faisnéis airgeadais pro forma;

(ii)

tuairisc ghearr ar aon cháilíochtaí sa tuarascáil iniúchóireachta a bhaineann leis an bhfaisnéis stairiúil airgeadais.

(c)

faoi fho-roinn dar teideal “Cé na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir?” tuairisc ghearr ar na fachtóirí priacail is ábhartha a bhaineann leis an eisitheoir atá sa réamheolaire, agus nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.

7.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4:

(a)

faoi fho-roinn dar teideal 'Cad iad príomhghnéithe na n-urrús?', tuairisc ghairid ar na hurrúis atá á dtairiscint don phobal agus/nó atá á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

a gcineál, a n-aicme agus ISIN,

(ii)

i gcás inarb iomchuí, a n-airgeadra, a n-ainmníocht, a bparluach, an líon urrús a eisíodh, agus téarma na n-urrús;

(iii)

na cearta a ghabhann leis na hurrúis;

(iv)

sinsearacht choibhneasta na n-urrús i struchtúr caipitil an eisitheora i gcás dócmhainneachta, lena n-áirítear, más infheidhme, faisnéis faoi leibhéal fo-ordaithe na n-urrús agus faoin tionchar féideartha ar an infheistíocht i gcás réiteach faoi Threoir 2014/59/CE;

(v)

aon srianta ar a n-inaistritheacht saor in aisce;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, an beartas díbhinní nó eisíocaíochta;

(b)

faoi fho-roinn dar teideal “Cá dtrádálfar na hurrúis?”, léiriú á thabhairt le fios an bhfuil nó an mbeidh na hurrúis faoi réir iarraitais lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhach agus ina sainaithneofar na margaí uile ina ndéantar nó ina ndéanfar na hurrúis a thrádáil.

(c)

i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, faoi fho-roinn dar teideal “An bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis?” an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

tuairisc ghairid ar chineál agus raon feidhme na ráthaíochta,

(ii)

tuairisc ghairid ar an ráthóir, lena n-áirítear a LEI,

(iii)

faisnéis bhunriachtanach airgeadais is ábhartha chun críche measúnú a dhéanamh ar chumas an ráthóra a ghealltanais a chomhlíonadh faoin ráthaíocht, agus

(iv)

tuairisc ghairid ar na fachtóirí priacail is ábhartha a bhaineann leis an ráthóir a áirítear sa réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 16(3) nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.

(d)

faoi fho-roinn dar teideal “Cé na príomhphriacail a bhaineann go sonrach leis na hurrúis?” tuairisc ghairid ar na fachtóirí priacail is ábhartha do na hurrúis go sonrach, atá sa réamheolaire, nach mó ná líon iomlán na bhfachtóirí priacail a leagtar amach i mír 10.

I gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, féadfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d’Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur in ionad an inneachair a leagtar amach sa mhír seo. I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, gach Ballstát a ghníomhaíonn mar Bhallstát baile chun críche an Rialacháin seo, féadfaidh sé a cheangal ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d’Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chur in ionad an inneachair a leagtar amach sa mhír seo sna réamheolairí arna bhformheas ag a údarás inniúil.

I gcás in a bhfuil ionadú an ábhair de bhun an dara fomhír, cuirfear trí thaobh bhreise de leathanach A4 leis an t-uasfhad a leagtar amach i mír 3. Áireofar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar roinn leithleach den achoimre. I leagan amach leathanaigh na roinne sin, saineofar go soiléir mar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí é mar a leagtar amach i bpointe (c) go pointe (i) d'Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 1286/2014.

I gcás, i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 8(9), ina gcuimsítear roinnt urrús in achoimre amháin nach bhfuil de dhifear eatarthu ach méid beag mionsonraí, amhail an praghas eisiúna nó an dáta aibíochta, déanfar, an teorainn faid a leagtar amach i mír 3 a shíneadh le dá thaobh bhreise de leathanach A4. Mar sin féin, i gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú do na hurrúis sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus go dtéann an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar aghaidh leis an ionadú an ábhair dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, cuirfear trí thaobh bhreise de leathanach A4 leis an teorainn faid le haghaidh gach urrúis bhreise.

I gcás ina bhfuil faisnéis san achoimre dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear 1 thaobh breise de leathanach A4 leis an t-uasfhad a leagtar amach i mír 3.

8.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4:

(a)

faoi fho-roinn dar teideal 'Cé na coinníollacha agus cén t-amchlár faoinar féidir liom infheistiú san urrús seo?', más infheidhme, téarmaí agus coinníollacha ginearálta na tairisceana agus an t-amchlár a bhfuil coinne leis, na mionsonraí a bhaineann leis an urrús a ligean isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte, an plean dáileacháin, méid agus céatadán an chaolaithe a thiocfaidh láithreach as an tairiscint agus meastachán ar chostas iomlán na heisiúna agus/nó na tairisceana, lena n-áirítear meastachán ar an gcostas a ghearrfaidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir ar an infheisteoir.

(b)

murab ionann é agus an t-eisitheoir, faoi fho-roinn dar teideal “Cé hé an tairgeoir agus/nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála?”, tuairisc ghairid ar thairgeoir na n-urrús agus/nó ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lena n-áirítear a shainchónaí agus a fhoirm dhlíthiúil, an dlí faoina bhfuil sé ag oibriú agus tír a chorpraithe;

(c)

faoi fho-roinn dar teideal “Cén fáth a bhfuil an réamheolaire seo á tháirgeadh?” tuairisc ghairid ar na cúiseanna atá leis an tairiscint nó leis na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus, más infheidhme,

(i)

ar an úsáid a bhainfear as na fáltais agus ar ghlanmhéid measta na bhfáltas;

(ii)

léiriú á thabhairt le fios an bhfuil an tairiscint faoi réir comhaontú frithgheallta ar bhonn oibleagáid dhaingean, ina luaitear aon chuid nach gcumhdaítear,

(iii)

léiriú ar na coinbhleachtaí leasa is ábhartha a bhaineann leis an tairiscint nó an ligean isteach na n-urrús chun a dtrádála.

9.   Faoi gach ceann de na ranna a bhfuil tuairisc orthu i mír 6, i mír 7 agus i mír 8, féadfaidh an t-eisitheoir fo-cheannteidil a chur leo más gá, dar leis.

10.   Ní rachaidh líon iomlán na bhfachtóirí priacail a áirítear i ranna na hachoimre dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 6 agus i bpointe (c)(iv) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 7 thar 15.

11.   Ní bheidh crostagairtí do chodanna eile den réamheolaire san achoimre ná ní chorprófar faisnéis de réir tagairtí ann.

12.   I gcás ina gceanglaítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú le haghaidh na n-urrús atá á dtairiscint don phobal faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus ina n-éilíonn Ballstát baile ar an eisitheoir, ar an tairgeoir nó ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ionadú a dhéanamh ar inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí mar a leagtar amach i gcomhréir leis an dara habairt den dara fomhír de mhír 7 den Airteagal seo, measfar go bhfuil an oibleagáid chun an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar comhlíonta, le linn thréimhse na tairisceana, ag na daoine a thugann comhairle maidir le hurrúis nó a dhíolann na hurrúis thar ceann an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, de réir Airteagal 13 de Rialachán(AE) Uimh 1286/2014, ar an gcoinníoll go gcuireann siad an méid seo a leanas ar fáil do na hinfheisteoirí lena mbaineann ina ionad: achoimre an réamheolaire faoin uainiú agus faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal, 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán sin.

13.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla a dhréachtú chun inneachar agus formáid chur i láthair na faisnéise airgeadais bunriachtanaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6, agus na faisnéise airgeadais bunriachtanaí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 7, a shainiú, agus na cineálacha éagsúla urrús agus eisitheoirí á gcur san áireamh, agus áiritheoidh sé go mbeidh an fhaisnéis a thugtar ar aird gonta agus sothuigthe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

An réamheolaire bunaidh

1.   I gcás urrúis neamhchothromais lena n-áirítear barántais in aon fhoirm, féadfaidh, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, réamheolaire bunaidh a bheith sa réamheolaire agus is é a bheidh ann an fhaisnéis riachtanach faoin eisitheoir agus faoi na hurrúis atá á dtairiscint don phobal nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa réamheolaire bunaidh:

(a)

teimpléad dar teideal 'foirm na dtéarmaí críochnaitheacha', a bheidh le comhlánú maidir le gach eisiúint ar leith agus ina léirítear na roghanna atá ar fáil maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cinneadh i dtéarmaí críochnaitheacha na tairisceana;

(b)

seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfoilseofar na téarmaí críochnaitheacha.

3.   I gcás réamheolaire bunaidh ina bhfuil roghanna maidir leis an bhfaisnéis a éilítear i nóta ábhartha mínithe na n-urrús, cinnfear sna téarmaí críochnaitheacha cé acu de na roghanna is infheidhme maidir leis an eisiúint aonair trí thagairt a dhéanamh do ranna ábhartha an réamheolaire bunaidh nó trí fhaisnéis den chineál sin a mhacasamhlú.

4.   Léireofar na téarmaí críochnaitheacha i bhfoirm doiciméad ar leithligh nó cuirfear iad sa réamheolaire bunaidh nó in aon fhorlíonadh a bheidh ag gabháil leis. Déanfar na téarmaí críochnaitheacha a ullmhú i bhfoirm so-inanailísithe agus sothuigthe.

Ní bheidh sna téarmaí críochnaitheacha ach faisnéis a bhaineann le nóta mínithe na n-urrús agus ní úsáidfear iad chun an réamheolaire bunaidh a fhorlíonadh. Beidh feidhm ag pointe (b) d'Airteagal 17 i gcásanna den sórt sin.

5.   I gcás nach luaitear na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh, ná i bhforlíonadh, cuirfidh an t-eisitheoir ar fáil don phobal iad i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21 agus comhdóidh sé iad le húdarás inniúil an Bhallstáit baile, a luaithe is féidir a tráth a thairgeann urrúis don phobal agus, más féidir, sula gcuirfear tús leis na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

Cuirfear ráiteas soiléir agus feiceálach isteach sna téarmaí críochnaitheacha á thabhairt le fios:

(a)

gur chun críche an Rialacháin seo a ullmhaíodh na téarmaí críochnaitheacha agus nach mór iad a léamh in éineacht leis an réamheolaire bunaidh agus an forlíonadh nó na forlíontaí a ghabhann leis d'fhonn an fhaisnéis ábhartha go léir a fháil;

(b)

an áit ar foilsíodh an réamheolaire bunaidh agus an forlíonadh nó na forlíontaí a ghabhann leis i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21;

(c)

go bhfuil achoimre den eisiúint ar leith i gceangal leis na téarmaí críochnaitheacha.

6.   Féadfar réamheolaire bunaidh a tharraingt suas ina mbeidh doiciméad amháin nó roinnt doiciméad ar leithligh.

I gcás ina ndearna an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte doiciméad clárúcháin a chomhdú maidir le hurrúis neamhchothromais, nó doiciméad clárúcháin uilíoch i gcomhréir le Airteagal 9, agus, go dtograíonn sé réamheolaire bunaidh a tharraingt suas, beidh an méid seo a leanas sa réamheolaire bunaidh:

(a)

an fhaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin, nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch;

(b)

an fhaisnéis a bheadh i nóta ábhartha mínithe na n-urrús, dá mba ann dó, amach ó na téarmaí críochnaitheacha i gcás nach n-áirítear na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh.

7.   Déanfar an fhaisnéis shonrach faoi gach urrús ar leith a dheighilt go soiléir sa réamheolaire bunaidh.

8.   Ní tharraingeofar achoimre suas go dtí go mbeidh na téarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh, nó i bhforlíonadh, nó go gcomhdófar iad, agus is leis an eisiúint ar leithligh sin amháin a bhainfidh an achoimre sin.

9.   Beidh achoimre na heisiúna ar leithligh faoi réir na gceanglas céanna leis na téarmaí críochnaitheacha, mar a leagtar amach san Airteagal seo, agus beidh sí i gceangal leo.

Comhlíonfar Airteagal 7 le hachoimre na heisiúna ar leithligh agus beidh an méid seo a leanas inti:

(a)

an fhaisnéis bhunriachtanach sa réamheolaire bunaidh, lena n-áirítear an fhaisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;

(b)

an fhaisnéis bhunriachtanach sna téarmaí críochnaitheacha iomchuí lena n-áirítear an fhaisnéis bhunriachtanach nár áiríodh sa réamheolaire bunaidh.

I gcás ina mbaineann na téarmaí críochnaitheacha le hurrúis éagsúla nach bhfuil de dhifear eatarthu ach méid beag mionsonraí, amhail an praghas eisiúna nó an dáta aibíochta, féadfar achoimre amháin den eisiúint ar leithligh a chur i gceangal maidir leis na hurrúis sin uile, ar choinníoll go bhfuil deighilt shoiléir idir an fhaisnéis a bhaineann leis na hurrúis éagsúla.

10.   Déanfar an fhaisnéis atá sa réamheolaire bunaidh, más gá, a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 23.

11.   Féadfaidh tairiscint urrús don phobal leanúint de bheith ann tar éis don réamheolaire bunaidh faoinar tionscnaíodh í dul in éag ar choinníoll go bhformheasfar agus go bhfoilseofar réamheolaire bunaidh comharba tráth nach déanaí ná lá deiridh bhailíocht an réamheolaire bunaidh reatha. Beidh rabhadh feiceálach ar an gcéad leathanach de théarmaí críochnaitheacha na tairisceana sin, rabhadh ina dtabharfar le fios lá deiridh bhailíocht an réamheolaire bunaidh reatha agus an áit a bhfoilseofar an réamheolaire bunaidh comharba. Beidh foirm na dtéarmaí críochnaitheacha as an gcéad réamheolaire bunaidh ar áireamh sa réamheolaire bunaidh comharba nó corprófar í de réir tagairtí agus déanfar tagairt do na téarmaí críochnaitheacha atá ábhartha don tairiscint atá ag leanúint de bheith ann.

Beidh ceart tarraingthe siar de bhun Airteagal 23(2) infheidhme maidir le hinfheisteoirí, freisin, a d'aontaigh na hurrúis a cheannach nó suibscríobh dóibh le linn thréimhse bailíochta an réamheolaire bunaidh reatha, ach amháin i gcás inar tugadh na hurrúis dóibh cheana.

Airteagal 9

An doiciméad clárúcháin uilíoch

1.   Aon eisitheoir a ligtear isteach a chuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar MTF, féadfaidh sé doiciméad clárúcháin a tharraingt suas gach bliain airgeadais i bhfoirm doiciméad clárúcháin uilíoch ina mbeidh tuairisc ar struchtúr, gnó, staid airgeadais, tuilleamh agus ionchais, struchtúr rialachais agus scairsheilbhe na cuideachta.

2.   Aon eisitheoir a thograíonn doiciméad clárúcháin uilíoch a tharraingt suas gach bliain airgeadais, cuirfidh sé faoi bhráid údarás inniúil a Bhallstáit baile é lena fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(2) agus (4).

Tar éis don údarás inniúil doiciméad clárúcháin uilíoch an eisitheora a fhormheas dhá bhliain airgeadais as a chéile, féadfar doiciméid clárúcháin uilíoch chomharba a chomhdú leis an údarás inniúil gan formheas a fháil roimh ré.

I gcás nach n-éiríonn leis an eisitheoir, ina dhiaidh sin, doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú maidir le bliain airgeadais amháin, caillfear an cead doiciméid clárúcháin uilíoch chomharba a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré agus beidh gá gach doiciméad clárúcháin uilíoch comharba a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena fhormheas go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach sa dara fomhír arís.

Léireoidh an t-eisitheoir san iarratas a dhéanfaidh sé chuig an údarás inniúil cibé acu atá nó nach bhfuil an doiciméad clárúcháin uilíoch á thíolacadh lena fhormheas nó lena chomhdú gan formheas a fháil roimh ré.

I gcás ina n-iarrann an t-eisitheoir dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo fógra faoina dhoiciméad clárúcháin uilíoch de bhun Airteagal 26, tíolacfaidh sé a dhoiciméad clárúcháin uilíoch lena fhormheas, lena n-áirítear aon leasuithe a dhéantar air a comhdaíodh roimhe sin.

3.   Eisitheoirí ar fhormheas údarás inniúil, roimh an 21 Iúil 2019,dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, doiciméad clárúcháin dóibh ar a laghad dhá bhliain airgeadais as a chéile, doiciméad a tarraingíodh suas i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 (21) ón gCoimisiún agus a chomhdaigh doiciméad clárúcháin den sórt sin ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Threoir 2003/71/CE, nó ar éirigh leo doiciméad clárúcháin den sórt sin a fhormheas gach bliain, beidh cead acu, ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo ón 21 Iúil 2019.

4.   A luaithe a fhormheasfar an doiciméad clárúcháin uilíoch nó a chomhdófar é gan formheas a fháil roimh ré, déanfar é, agus na leasuithe air dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 9 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal gan moill mhíchuí, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21.

5.   Comhlíonfar na ceanglais teanga a leagtar síos in Airteagal 27 sa doiciméad clárúcháin uilíoch.

6.   Féadfar faisnéis a chorprú de réir tagairtí i ndoiciméad clárúcháin uilíoch faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19.

7.   Tar éis doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú nó a fhormheas, féadfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis atá ann a nuashonrú, tráth ar bith, trí leasú a ghabhann leis a chomhdú leis an údarás inniúil. Faoi réir na chéad agus an dara fomhír d’Airteagal 10(3), ní cheanglófar formheas ar chomhdú an leasaithe leis an údarás inniúil.

8.   Féadfaidh an t-údarás inniúil inneachar aon doiciméid clárúcháin uilíoch a comhdaíodh gan formheas a fháil roimh ré, agus inneachar na leasuithe a rinneadh air, a athbhreithniú tráth ar bith.

Is é a bheidh i gceist le hathbhreithniú an údaráis inniúil grinnscrúdú a dhéanamh ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar shothuigtheacht na faisnéise atá sa doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a rinneadh air.

9.   I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil, le linn an athbhreithnithe, nach gcomhlíontar na caighdeáin a bhaineann le hiomláine, sothuigtheacht agus comhsheasmhacht leis an doiciméad clárúcháin uilíoch agus/nó go bhfuil gá le leasuithe nó le faisnéis fhorlíontach, tabharfaidh sé fógra don eisitheoir maidir leis sin.

I gcás ina n-iarrann an t-údarás inniúil ar an eisitheoir leasú a dhéanamh nó faisnéis fhorlíontach a thabhairt, ní bheidh ar an eisitheoir an iarraidh sin a chur san áireamh ach sa chéad doiciméad clárúcháin uilíoch eile a chomhdófar don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach amháin más mian leis an eisitheoir an doiciméad clárúcháin uilíoch a úsáid mar chuid de réamheolaire a tíolacadh cheana lena fhormheas. Sa chás sin, comhdóidh an t-eisitheoir leasú ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, agus déanfaidh sé sin ar a dhéanaí faoin tráth a thíolacfar an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 20(6).

De mhaolú ar an dara fomhír, i gcás ina dtugann an t-údarás inniúil fógra don eisitheoir go mbaineann a iarratas ar leasú a dhéanamh nó ar fhfaisnéis fhorlíontach le heasnamh nó botún bainteach nó míchruinneas substainte, ar dócha go gcuirfeadh sé an pobal amú maidir le fíricí agus imthosca atá sár-riachtanach le measúnú feasach a dhéanamh ar an eisitheoir, sa chás sin comhdóidh an t-eisitheoir leasú ar an doiciméad clárúcháin uilíoch gan moill mhíchuí.

Féadfaidh an t-údarás inniúil leagan comhdhlúite den doiciméad clárúcháin uilíoch leasaithe a iarraidh ón eisitheoir, i gcás inar gá leagan comhdhlúite den chineál sin chun sothuigtheacht na faisnéise a chuirtear ar fáil sa doiciméad sin a áirithiú. Féadfaidh eisitheoir leagan comhdhlúite dá dhoiciméad clárúcháin uilíoch leasuithe a áireamh in iarscríbhinn a ghabhann leis an leasú.

10.   Ní bheidh feidhm ag mhír 7 agus mhír 9 ach amháin i gcás nach bhfuil an doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid den réamheolaire. I gcás ina bhfuil doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolaire, is ag Airteagal 23 maidir leis an réamheolaire a fhorlíonadh, agus ag Airteagal 23 amháin, a bheidh feidhm sa tréimhse idir tráth formheasta an réamheolaire agus dúnadh críochnaitheach na tairisceana urrús don phobal nó, de réir mar a bheidh, an tráth a chuirtear tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh.

11.   Eisitheoir a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír de mhír 2 nó i mír 3 den Airteagal seo, beidh stádas eisitheora rialta aige agus beidh sé in ann leas a bhaint as an bpróiseas formheasta níos tapa a bhfuil tuairisc air i gcomhréir le hAirteagal 20(6), ar choinníoll:

(a)

le linn don eisitheoir gach doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú nó a chur isteach lena fhormheas, go ndearbhaíonn sé i scríbhinn don údarás inniúil, chomh fada agus is eol dó, go bhfuil an fhaisnéis rialáilte go léir a raibh ceangal air a nochtadh faoi Threoir 2004/109/CE, más infheidhme, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, gur cumhdaíodh í agus gur foilsíodh í i gcomhréir leis na gníomhartha sin, le 18 mí anuas nó le linn na tréimhse ónar thosaigh an oibleagáid chun faisnéis rialáilte a nochtadh, cibé tréimhse acu is giorra; agus

(b)

i gcás ina bhfuil athbhreithniú déanta ag an údarás inniúil amhail dá dtagraítear i mír 8, go mbeidh a dhoiciméad clárúcháin uilíoch leasaithe ag an eisitheoir i gcomhréir le mír 9.

I gcás nach gcomhlíonann an t-eisitheoir aon cheann de na coinníollacha thuas, caillfidh sé stádas an eisitheora rialta.

12.   I gcás ina ndéantar an doiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh leis an údarás inniúil, nó a d'fhormheas an t-údarás inniúil, a phoibliú ceithre mhí ar a laghad tar éis dheireadh na bliana airgeadais, agus go bhfuil an fhaisnéis ann a cheanglaítear a nochtadh sa tuarascáil airgeadais bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE, sa chás sin measfar go bhfuil an oibleagáid atá ar an eisitheoir faoin Airteagal sin, a bhaineann leis an tuarascáil bhliantúil airgeadais a fhoilsiú, comhlíonta aige.

I gcás ina ndéantar an doiciméad clárúcháin uilíoch, nó leasú air, a chomhdú leis an údarás inniúil nó i gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil é a fhormheas, agus go bpoiblítear é trí mhí ar a laghad tar éis dheireadh na chéad sé mhí den bhliain airgeadais, agus go bhfuil an fhaisnéis ann a cheanglaítear a nochtadh sa tuarascáil leathbhliantúil airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE, sa chás sin measfar go bhfuil an oibleagáid atá ar an eisitheoir faoin Airteagal sin, a bhaineann leis an tuarascáil leathbhliantúil airgeadais a fhoilsiú, comhlíonta aige.

Sna cásanna dá dtagraítear orthu sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an t-eisitheoir an méid seo a leanas:

(a)

liosta crostagartha a chur san áireamh sa doiciméad clárúcháin uilíoch lena sainaithneofar an áit ar féidir teacht ar gach mír sa doiciméad clárúcháin uilíoch, is míreanna a cheanglaítear sna tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla airgeadais;

(b)

an doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Threoir 2004/109/CE agus é a chur ar fáil don sásra atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) den Treoir sin;

(c)

ráiteas freagrachta a chur sa doiciméad clárúcháin uilíoch de réir na dtéarmaí a cheanglaítear faoi phointe (c) d'Airteagal 4(2) agus pointe (c) d'Airteagal 5(2) de Threoir 2004/109/CE.

13.   Ní bheidh feidhm ag mír 12 ach amháin más ionann Ballstát baile an eisitheora chun críocha an Rialacháin seo agus an Ballstát baile chun críocha Threoir 2004/109/CE, agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 20 de Treoir sin le teanga an doiciméid clárúcháin uilíoch.

14.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 21 Eanáir 2019, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir a shonrú maidir le grinnscrúdú agus athbhreithniú ar an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, agus ar na nósanna imeachta d’fhormheas, do chomhdú agus d’athbhreithniú na ndoiciméad sin mar aon leis na coinníollacha faoina bhféadfar stádas eisitheora rialta a chailleadh.

Airteagal 10

Réamheolairí ina bhfuil doiciméid ar leithligh

1.   Eisitheoir a ndearna údarás inniúil a dhoiciméad clárúcháin a fhormheas cheana, ní bheidh air ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a tharraingt suas, más infheidhme, nuair a dhéantar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Sa chás sin, beidh nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre faoi réir formheas ar leith.

Más rud é, ó formheasadh an doiciméad clárúcháin, go dtagann fachtóir nua tábhachtach, botún substainte nó míchruinneas substainte chun cinn maidir leis an bhfaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin agus go bhféadfaí difear a dhéanamh do mheasúnú na n-urrús leis sin, déanfar forlíonadh ar an doiciméad clárúcháin a thíolacadh lena fhormheas faoin tráth a thíolacfar nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre isteach, ar a dhéanaí. Ní bheidh feidhm sa chás sin ag an gceart chun glacadh a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 23(2).

A luaithe a bheidh an doiciméad clárúcháin agus an forlíonadh, más infheidhme, mar aon le nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre, a luaithe a bheidh siad sin formheasta ag an údarás inniúil is réamheolaire a bheidh iontu.

2.   A luaithe a fhormheasfar é, cuirfear an doiciméad clárúcháin ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí agus i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21.

3.   Eisitheoir a ndearna an t-údarás inniúil a dhoiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheas cheana, nó a rinne doiciméad clárúcháin uilíoch a chomhdú gan formheas a fháil roimh ré de bhun an dara fomhír d’Airteagal 9(2), ní bheidh air ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a tharraingt suas ar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

I gcás inar formheasadh an doiciméad clárúcháin uilíoch cheana féin, beidh faoi réir formheas ar leith nóta mínithe na n-urrús, an achoimre agus na leasuithe uile ar an doiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh ó formheasadh an doiciméad clárúcháin uilíoch.

I gcás inar chomhdaigh an t-eisitheoir doiciméad clárúcháin uilíoch gan formheas a fháil roimh ré, beidh iomlán na ndoiciméad, lena n-áirítear na leasuithe ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, faoi réir formheasa, ainneoin gur doiciméid ar leithligh atá sna doiciméid sin.

A luaithe a bheidh an doiciméad clárúcháin uilíoch, arna leasú i gcomhréir le hAirteagal 9(7) nó (9), mar aon le nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre, a luaithe a bheidh siad sin formheasta ag an údarás inniúil is réamheolaire a bheidh iontu.

Airteagal 11

Freagracht a ghabhann le réamheolaire

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ar an eisitheoir, ar a laghad, nó ar a chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, ar an tairgeoir, ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar an ráthóir, de réir mar is amhlaidh, a bheidh an fhreagracht as an bhfaisnéis a thugtar i réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis. Aithneofar go soiléir sa réamheolaire na daoine atá freagrach as an réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis, agus déanfar sin trína n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna a lua, nó i gcás daoine dlítheanacha trína n-oifigí cláraithe a lua, agus chomh maith leis sin trí dhearbhuithe uathu á rá go bhfuil, chomh fada lena n-eolas, an fhaisnéis atá sa réamheolaire i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa réamheolaire a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin i leith dliteanas sibhialta maidir leis na daoine sin atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa réamheolaire.

Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit nach gceanglófar aon dliteanas sibhialta ar aon duine ar bhonn na hachoimre amháin de bhun Airteagal 7 nó na hachoimre sonraí ar réamheolaire fáis de chuid AE de bhun an dara fomhír d’Airteagal 15(1), lena n-áirítear aon aistriú di, ach amháin:

(a)

má tá sí míthreorach, míchruinn nó neamhréireach nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, nó

(b)

mura dtugtar, nuair a léitear in éineacht le codanna eile den réamheolaire í, faisnéis bhunriachtanach inti chun cabhrú le hinfheisteoirí agus é á bhreithniú acu ar cheart dóibh infheistiú sna hurrúis sin.

3.   Ní bheidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 freagrach as an bhfaisnéis a thugtar i ndoiciméad clárúcháin ná i ndoiciméad clárúcháin uilíoch, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolaire formheasta.

Beidh feidhm ag an gcéád fhomhír sin gan dochar d'Airteagal 4 agus d'Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE i gcás ina gcuirtear an fhaisnéis faoi na hAirteagail sin san áireamh i ndoiciméad clárúcháin uilíoch.

Airteagal 12

Bailíocht réamheolaire, doiciméid clárúcháin agus doiciméid clárúcháin uilíoch

1.   Beidh réamheolaire, is cuma an bhfuil doiciméad amháin nó doiciméid ar leithligh ann, bailí go ceann 12 mhí tar éis a fhormheasa maidir le hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar choinníoll go bhfuil aon fhorlíonadh a cheanglaítear de bhun Airteagal 23 ag dul leis.

I gcás ina bhfuil doiciméid ar leithligh i réamheolaire, cuirfear tús leis an tréimhse bailíochta tráth formheasa nóta mínithe na n-urrús.

2.   Beidh doiciméad clárúcháin a formheasadh roimhe sin bailí lena úsáid mar chuid de réamheolaire go ceann 12 mhí tar éis an fhormheasa.

Má thagann deireadh le bailíocht doiciméid clárúcháin den sórt sin, ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht réamheolaire ar cuid de é.

3.   Beidh doiciméad clárúcháin uilíoch bailí lena úsáid mar chuid de réamheolaire go ceann 12 mhí tar éis a fhormheasta amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 9(2) nó tar éis a chomhdaithe amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 9(2).

Má thagann deireadh le bailíocht doiciméid clárúcháin uilíoch den sórt sin, ní dhéanfar difear leis sin do bhailíocht réamheolaire ar cuid de é.

CAIBIDIL III

INNEACHAR AGUS FORMÁID AN RÉAMHEOLAIRE

Airteagal 13

Íosmhéid faisnéise agus formáid

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le formáid an réamheolaire, an réamheolaire bunaidh agus na dtéarmaí críochnaitheacha, agus maidir leis na sceidil lena sainítear an fhaisnéis shonrach atá le tabhairt i réamheolaire, lena n-áirítear LEInna agus ISINanna, agus dúbláil faisnéise a sheachaint i gcás ina bhfuil doiciméid ar leithligh i réamheolaire.

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh, go háirithe, agus sceidil éagsúla an réamheolaire á leagan amach:

(a)

na cineálacha éagsúla faisnéise faoi urrúis chothromais i gcomparáid le hurrúis neamhchothromais a bheidh de dhíth ar infheisteoirí; cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis is gá a chur i réamheolaire i gcás urrúis a bhfuil réasúnaíocht eacnamaíoch den chineál céanna leo, go háirithe urrúis dhíorthacha;

(b)

na caíonna éagsúla le hurrúis neamhchothromais a thairiscint agus a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus na tréithe éagsúla a bhaineann leo;

(c)

an fhormáid a úsáidtear agus an fhaisnéis faoi urrúis neamhchothromais, gach cineál barántais san áireamh, is gá a chur i réamheolairí bunaidh;

(d)

más infheidhme, cineál poiblí an eisitheora;

(e)

más infheidhme, cineál sonrach ghníomhaíochtaí an eisitheora.

Chun críocha phointe (b) den dara fhomhír, agus sceidil na réamheolairí éagsúla á leagan amach aige, leagfaidh an Coimisiún amach ceanglais shonracha faisnéise do réamheolairí a bhaineann le hurrúis neamhchothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

nach bhfuil le trádáil ach ar mhargadh rialáilte amháin, nó ar chuid shonrach de, a bhféadfaidh infheisteoirí cáilithe, agus iad sin amháin, rochtain a bheith acu air chun críocha trádáil sna hurrúis sin; nó

(b)

a bhfuil ainmníocht EUR 100 000 ar a laghad acu in aghaidh an aonaid.

Beidh na ceanglais faisnéise sin iomchuí, agus riachtanais faisnéise na n-infheisteoirí lena mbaineann á gcur san áireamh.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 21 Eanáir 2019, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le Airteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an sceideal a leagan amach lena sainítear an t-íosmhéid faisnéise a bheidh le cur sa doiciméad clárúcháin uilíoch.

Áiritheofar sa sceideal sin go mbeidh an fhaisnéis riachtanach uile faoin eisitheoir sa doiciméad clárúcháin uilíoch le go bhféadfar an doiciméad clárúcháin uilíoch céanna a úsáid ina dhiaidh sin chun urrúis chothromais nó urrúis neamhchothromais a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Maidir leis an bhfaisnéis airgeadais, an t-athbhreithniú agus na hionchais oibriúcháin agus airgeadais agus an rialachas corparáideach, déanfar na nithe sin a chur i gcomhréir, a mhéid is féidir, leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a nochtadh sna tuarascálacha bliantúla agus leathbhliantúla airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 de Threoir 2004/109/CE, lena n-áirítear an tuarascáil bainistíochta agus an ráiteas rialachais chorparáidigh.

3.   Beidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 bunaithe ar na caighdeáin i réimse na faisnéise airgeadais agus neamhairgeadais arna mbunú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta um choimisiúin urrús, go háirithe caighdeáin Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO),agus ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 14

Córas simplithe nochta le haghaidh eisiúintí tánaisteacha

1.   Féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire simplithe a tharraingt suas faoin gcóras simplithe nochta le haghaidh eisiúintí tánaisteacha, i gcás tairiscint urrús don phobal nó urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

eisitheoirí ar ligeadh urrúis dá gcuid isteach chun a dtrádála go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna agus a eisíonn urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a eisíodh cheana;

(b)

eisitheoirí ar ligeadh urrúis chothromais dá gcuid isteach chun a dtrádála go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna agus a eisíonn urrúis neamhchothromais.

(c)

eisitheoirí urrús, ar ligeadh na hurrúis sin isteach chun a dtrádála go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna.

Is é a bheidh sa réamheolaire simplithe achoimre i gcomhréir le hAirteagal 7, doiciméad sonrach clárúcháin is féidir leis na daoine dá dtagraítear sna pointí (a), (b) nó (c) sa chéad fomhír den mhír seo agus a úsáid agus nóta mínithe urrús ar leith is féidir leis na daoine dá dtagraítear sna pointí (a) agus (c) den chéad fhomhír a úsáid.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(1), agus gan dochar d'Airteagal 18(1), beidh sa réamheolaire simplithe an fhaisnéis ábhartha laghdaithe atá riachtanach le go mbeidh infheisteoirí in ann an méid a leanas a thuiscint:

(a)

ionchais an eisitheora agus na hathruithe móra a tháinig ar ghnó agus ar staid airgeadais an eisitheora agus an ráthóra ó dheireadh na bliana airgeadais deireanaí, más ann dóibh:

(b)

na cearta a théann leis na hurrúis;

(c)

na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir, lena n-áirítear ar a struchtúr foriomlán caipitil, agus an úsáid a bhaintear as na fáltais.

Déanfar an fhaisnéis atá sa réamheolaire simplithe a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus cabhróidh sí le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta feasach a dhéanamh. Cuirfear san áireamh freisin an fhaisnéis rialáilte a cuireadh in iúl don phobal de bhun Treoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, agus de bhun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 21 Eanáir 2019, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sceidil a leagan amach ina bhfuil an fhaisnéis laghdaithe a shonrú is gá a chur faoin gcóras simplithe nochta dá dtagraítear i mír 1.

Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna sceidil

(a)

An fhaisnéis bhliantúil agus leathbhliantúil airgeadais a foilsíodh sna 12 mhí roimh don réamheolaire a bheith formheasta;

(b)

i gcás inarb infheidhme, réamhfhaisnéisí agus meastacháin bhrabúis;

(c)

achoimre bheacht na faisnéise ábhartha a nochtadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 le linn na 12 mhí roimh don réamheolaire a bheith formheasta;

(d)

fachtóirí priacail;

(e)

i gcás urrúis chothromais, ráiteas an chaipitil oibre, an ráiteas caipitlithe agus fiachais, nochtadh coinbhleachtaí ábhartha leasa agus idirbhearta le páirtithe bainteacha, mór-scairshealbhóirí agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis airgeadais pro-forma.

Agus an fhaisnéis laghdaithe atá le cur faoin gcóras nochta simplithe á sonrú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh an gá le tiomsú-airgid a éascú ar na margaí caipitil agus, an tábhacht a bhaineann le costas an chaipitil a laghdú. Chun ualaí neamhriachtanacha a sheachaint d’eisitheoirí, nuair a bheidh an fhaisnéis laghdaithe á sonrú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh freisin an fhaisnéis a cheanglaítear cheana féin ar eisitheoir a nochtadh faoi Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chalabrú freisin ionas go ndírítear ar an bhfaisnéis atá ábhartha le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus ionas go mbeidh sí comhréireach.

Airteagal 15

Réamheolaire Fáis de chuid AE

1.   Féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire Fáis de chuid AE a tharraingt suas faoin gcóras nochta comhréireach a leagtar amach san Airteagal seo i gcás tairiscint urrús don phobal, ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis acu a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

FBManna;

(b)

eisitheoirí, nach FBManna iad, a bhfuil nó a mbeidh a n-urrúis á dtrádáil ar mhargadh fáis FBManna, ar choinníoll go raibh meánchaipitiliú margaidh ar lú é ná EUR 500 000 000 ag na heisitheoirí sin ar bhonn luachanna dheireadh na bliana do na trí bliana féilire roimhe sin;

(c)

eisitheoirí, cé is moite díobh siúd dá dtagraíteari bpointe (a) agus i bpointe (b), i gcás nach mó ná EUR 20 000 000 an tairiscint iomlán urrús don phobal san Aontas arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, agus ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis de chuid na n-eisitheoirí sin á dtrádáil ar MTF agus nach mó ná 499 meánlíon a bhfostaithe i rith na bliana airgeadais roimhe sin;

(d)

tairgeoirí urrúis arna n-eisiúint ag eisitheoirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

Réamheolaire fáis de chuid an Aontais Eorpaigh faoin gcóras nochta comhréirigh doiciméad atá ann a mbeidh formáid chaighdeánaithe aige, é scríofa i bhfriotal simplí agus éasca d’eisitheoirí a chomhlíonadh. Beidh achoimre shonrach bunaithe ar Airteagal 7 ann, doiciméad sonrach clárúcháin agus nóta urrús ar leith. Cuirfear an fhaisnéis sa réamheolaire fáis de chuid an Aontais Eorpaigh i láthair san ord caighdeánaithe i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 21 Eanáir 2019, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar inneachar laghdaithe, agus an fhormáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire Fáis de chuid AE, mar aon le hinneachar laghdaithe agus an fhormáid chaighdeánaithe na hachoimre sonraí.

Leis an achoimre shonrach, ní chuirfear aon ualach breise nó costais bhreise ar eisitheoirí sa mhéid nach mbeidh ag teastáil lena haghaidh ach an fhaisnéis ábhartha atá sna réamheolairí Fáis de chuid AE cheana féin. Agus formáid chaighdeánaithe na hachoimre sonraí á sonrú ag an gCoimisiún, déanfaidh sé na ceanglais a chalabrú le háirithiú gur giorra í ná an achoimre dá bhforáiltear in Airteagal 7.

Agus inneachar laghdaithe, formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire Fáis de chuid AE á sonrú ag an gCoimisiún, déanfaidh sé na ceanglais a chalabrú le díriú ar an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá ábhartha d’infheisteoirí agus cinneadh infheistíochta á dhéanamh acu;

(b)

an gá le comhréireacht idir méid na cuideachta agus an costas a bhaineann le réamheolaire a chur ar fáil.

Agus é sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

an gá le háirithiú gur éadroime an réamheolaire Fáis de chuid AE ná na réamheolairí caighdeánacha ó thaobh na hualaí riaracháin agus ó thaobh an chostais do na heisitheoirí;

(b)

an gá atá le rochtain ar mhargaí caipitil a éascú do FBManna, costais do FBManna a íoslaghdú agus muinín na n-infheisteoirí a áirithiú agus iad ag infheistiú sna cuideachtaí sin;

(c)

na cineálacha éagsúla faisnéise a bhaineann le hurrúis chothromais agus le hurrúis neamhchothromais a bhfuil gá ag infheisteoirí leo.

Beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V.

Airteagal 16

Fachtóirí priacail

1.   Ní luafar d'fhachtóirí priacail sa réamheolaire ach na priacail sin a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus/nó leis na hurrúis agus atá ábhartha maidir le cinneadh infheistíochta feasach a dhéanamh, de réir mar a thagann sé le hinneachar an doiciméid clárúcháin agus nóta mínithe na n-urrús.

Agus an réamheolaire á tharraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte déanfaidh sé ábharthacht na bhfachtóirí priacail a mheasúnú ar bhonn dhóchúlacht a dtarlaithe agus mhéid a dtionchair diúltaigh.

Déanfar cur síos leordhóthanach ar gach fachtóir priacail, ina míneofar an bealach a n-imríonn sé tionchar ar an eisitheoir nó ar na hurrúis atá á dtairiscint nó á ligean chun trádála. Féadfar measúnú ar ábharthacht na bhfachtóirí priacail dá bhforáiltear sa dara fomhír a nochtadh trí mheán scála cáilíochtúil, ard, meán nó íseal.

Cuirfear na fachtóirí priacail i láthair i líon teoranta catagóirí, ag brath ar a gcineál. I ngach catagóir, déanfar na fachtóirí priacail is ábhartha a lua i dtús de réir an mheasúnaithe dá bhforáiltear sa dara fomhír.

2.   Áiritheofar le fachtóirí priacail freisin iad siúd a eascraíonn as leibhéal fo-ordaithe urrúis agus tionchar mhéid nó uainiú, mar a mheastar, na n-íocaíochtaí do shealbhóirí na n-urrús i gcás féimheachta, nó aon nós imeachta eile dá samhail, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, dócmhainneacht institiúide creidmheasa nó a réitigh nó a athstruchtúraithe i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE).

3.   I gcás ina mbeidh ráthaíocht ag dul leis na hurrúis, beidh na fachtóirí sonracha agus ábhartha priacail sa réamheolaire a bhaineann leis an ráthóir a mhéid atá siad ábhartha do chumas an ráthóra a chuid gealltanas a chomhlíonadh faoin ráthaíocht.

4.   D’fhonn a spreagadh chun nochtadh iomchuí, dírithe a dhéanamh i ndáil le fachtóirí priacail, forbróidh ÚEUM treoirlínte chun cabhrú leis na húdaráis inniúla ina n-athbhreithniú ar shainiúlacht agus ar ábharthacht na bhfachtóirí priacail agus ar chur i láthair na bhfachtóirí priacail sna catagóirí éagsúla ag brath ar a gcineál.

5.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir a shonrú don mheasúnú arna dhéanamh ar shainiúlacht agus ar ábharthacht na bhfachtóirí priacail agus do chur i láthair na bhfachtóirí priacail sna catagóirí éagsúla ag brath ar a nádúr.

Airteagal 17

Praghas na tairisceana deiridh agus líon na n-urrús

1.   I gcás nach bhféadfar praghas na tairisceana deiridh agus/nó líon na n-urrús, cibé a shloinnfear mar líon na n-urrús nóméid comhiomlán ainmniúil atá le tairiscint don phobal a chur san áireamh sa réamheolaire:

(a)

féadfar glacadh an cheannaigh nó suibscríbhinn na n-urrús a tharraingt siar go ceann dhá lá oibre ar a mhéad nuair a bheidh praghas na tairisceana deiridh agus/nó líon na n-urrús a tairgtear don phobal comhdaithe; nó

(b)

déanfar na nithe seo a leanas a nochtadh sa réamheolaire:

(i)

an praghas uasta agus/nó líon uasta na n-urrús, a mhéid a bheidh siad ar fáil; nó

(ii)

na modhanna agus na critéir luachála agus/nó na coinníollacha a ndéanfar praghas na tairisceana deiridh a bheidh le cinneadhi gcomhréir leo agus míniú ar aon mhodhanna luachála a úsáideadh.

2.   Déanfar praghas na tairisceana deiridh agus líon na n-urrús a chomhdú le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus chuirtear ar fáil don phobal i gcomhréir le na socruithe atá leagtha amach in hAirteagal 21(2).

Airteagal 18

Faisnéis a fhágáil amach

1.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarú a thabhairt faisnéis áirithe atá le cur sa réamheolaire, nó codanna de, a fhágáil ar lár, i gcás ina measann sé go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeadh nochtadh na faisnéise sin in aghaidh leas an phobail;

(b)

go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar tromchúiseach don eisitheoir nó don ráthóir, más ann dó, ar choinníoll nach mbeadh mar thoradh ar an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár gur dhócha go gcuirfí an pobal amú maidir le fíricí agus tosca atá bunriachtanach le measúnú feasach a dhéanamh ar an eisitheoir nó ar an ráthóir, más ann dó, agus ar na cearta a théann leis na hurrúis a mbaineann an réamheolaire leo;

(c)

nach bhfuil mórán tábhachta leis an bhfaisnéis sin maidir le tairiscint ar leith nó maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar leith agus nach n-imreodh sé tionchar ar mheasúnú staid agus ionchais airgeadais an eisitheora nó an ráthóra, más ann dó.

Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil faoi bhráid ÚEUM gach bliain maidir leis an bhfaisnéis a d'údaraigh ÚEUM a fhágáil ar lár.

2.   Ar choinníoll go soláthraítearleordhóthanacht na faisnéise do na hinfheisteoirí, más rud é, ar bhonn eisceachtúil, go bhfuil faisnéis áirithe is gá a chur i réamheolaire, nó codanna de, mí-oiriúnach do réimse gníomhaíochta nó d'fhoirm dhlíthiúil an eisitheora nó an ráthóra, más ann dó, do na hurrúis lena mbaineann an réamheolaire, tabharfar faisnéis sa réamheolaire, nó codanna de, atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis is gá a thabhairt, ach amháin nuair nach ann dá leithéid sin d'fhaisnéis.

3.   I gcás ina bhfuil urrúis ráthaithe ag Ballstát, beidh eisitheoir, tairgeoir nó duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, le linn dó réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 4, i dteideal faisnéis a bhaineann leis an mBallstát sin a fhágáil ar lár.

4.   Féadfaidh ÚEUM, nó an Coimisiún i gcás ina n-iarrann sé amhlaidh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, chun na cásanna sin a shonrú inar féidir faisnéis a fhágáil ar lár i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé san áireamh na tuarascálacha sin a chuir údaráis inniúla faoi bhráid ÚEUM dá dtagraítear i mír 1.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19

Corprú de réir tagairtí

1.   Féadfar faisnéis a chorprú sa réamheolaire de réir tagairtí i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó go bhfuil sí á foilsiú go leictreonach an tráth céanna, agus gur tarraingíodh suas í i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagal 27 agus go bhfuil sí le fáil i gceann de na doiciméid seo a leanas:

(a)

doiciméid atá formheasta ag údarás inniúil, nó a comhdaíodh leis an údarás sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le Treoir 2003/71/CE;

(b)

doiciméid dá dtagraítear i bpointí (f) go (i) d’Airteagal 1(4) agus pointí (e) go (h) agus pointe (j)(v) den chéad fhomhír d'Airteagal 1(5);

(c)

faisnéis rialáilte;

(d)

faisnéis airgeadais bhliantúil agus eatramhach;

(e)

tuarascálacha iniúchóireachta agus ráitis airgeadais;

(f)

tuarascálacha bainistíochta amhail dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(g)

ráitis rialachais chorparáidigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2013/34/AE;

(h)

tuarascálacha ar luach sócmhainne nó cuideachta a chinneadh;

(i)

tuarascálacha ar luach saothair amhail dá dtagraítear in Airteagal 9b de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(j)

tuarascálacha bliantúla nó aon nochtadh faisnéise a cheanglaítear faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(k)

meamram agus airteagail chomhlachais.

Is í an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don eisitheoir a bheidh san fhaisnéis sin.

I gcás nach ndéantar ach codanna áirithe de dhoiciméad a chorprú de réir tagairtí, cuirfear ráiteas isteach sa réamheolaire á rá nach bhfuil na codanna neamhchorpraithe ábhartha don infheisteoir nó go gclúdaítear i gcuid eile den réamheolaire iad.

2.   Agus faisnéis á corprú de réir tagairtí, déanfaidh na heisitheoirí, na tairgeoirí nó na daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a áirithiú go mbeidh teacht éasca ar an bhfaisnéis sin. Go háirithe, cuirfear liosta crostagartha isteach sa réamheolaire le go mbeidh infheisteoirí in ann míreanna sonracha faisnéise a aithint go héasca, agus beidh hipearnaisc ann chuig na doiciméid uile ina bhfuil faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí.

3.   I gcás inar féidir, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte aon fhaisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí a chur isteach i bhformáid leictreonach inchuardaithe, san am céanna leis an gcéad dréacht den réamheolaire a cuireadh chuig an údarás inniúil, agus go cinnte le linn phróiseas athbhreithnithe an réamheolaire, ach amháin má rinne an t-údarás inniúil a bhfuil air an réamheolaire a fhormheas an fhaisnéis sin a fhormheas cheana nó má comhdaíodh í leis an údarás sin cheana.

4.   Féadfaidh ÚEUM, nó sa chás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an liosta doiciméad a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú trí chineálacha eile doiciméad a áireamh ann, ar doiciméid iad a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais atá le comhdú le húdarás poiblí nó le bheith formheasta aige.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL IV

SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN RÉAMHEOLAIRE A FHORMHEAS AGUS A FHOILSIÚ

Airteagal 20

An réamheolaire a ghrinnscrúdú agus a fhormheas

1.   Ní dhéanfar réamheolaire a fhoilsiú ach amháin má tá sé formheasta ag an údarás ábhartha inniúil, nó má tá gach cuid de formheasta ag an údarás ábhartha inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a chuirfear isteach an dréacht-réamheolaire, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoina chinneadh maidir le formheas an réamheolaire don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

I gcás nach n-éiríonn leis an údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i mír 3 agus mír 6, ní mheasfar gur formheas ar an iarratas atá ann.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM go bhfuil an réamheolaire agus aon fhorlíonadh ann formheasta, a luaithe is féidir agus aon nós tráth nach déanaí ná deireadh an chéad lá oibre tar éis an fógra sin a bheith tugtha don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

3.   Déanfar an teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 a fhadú go 20 lá oibre i gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le hurrúis arna n-eisiúint ag eisitheoir nár ligeadh aon urrúis dá chuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus nár thairg urrúis don phobal cheana.

Ní bheidh an teorainn ama 20 lá oibre infheidhme ach amháin maidir leis an gcéad uair a chuirtear an dréacht-réamheolaire isteach. I gcás inar gá an réamheolaire a chur isteach arís ina dhiaidh sin i gcomhréir le mír 4, beidh feidhm ag an teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2.

4.   I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann an dréacht-réamheolaire na caighdeáin iomláine, sothuigtheachta agus chomhsheasmhachta is gá chun é a fhormheas agus/nó i gcás ina bhfuil gá le hathruithe nó le faisnéis fhorlíontach:

(a)

tabharfaidh sé fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi sin go pras, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 nó, de réir mar is infheidhme, de mhír 3, arna ríomh ón dáta a cuireadh isteach an dréacht-réamheolaire agus/nó an fhaisnéis fhorlíontach; agus

(b)

sonróidh sé na hathruithe nó an fhaisnéis fhorlíontach sin is gá ar bhealach soiléir.

I gcásanna mar sin, ní bheidh an teorainn ama a leagtar amach sa cheád fhomhír de mhír 2 infheidhme ach ón tráth a cuireadh isteach dréacht-réamheolaire athbhreithnithe nó an fhaisnéis fhorlíontach a iarradh chuig an údarás inniúil.

5.   I gcás nach bhfuil an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte in ann nó toilteanach na hathruithe riachtanacha a dhéanamh nó an fhaisnéis bhreise a iarradh a chur ar fáil i gcomhréir le mír 4, beidh an t-údarás inniúil i dteideal formheas a dhiúltú don réamheolaire agus deireadh a chur leis an bpróiseas athbhreithnithe. I gcás mar sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoina chinneadh agus sonróidh sé na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin.

6.   De mhaolú ar mhír 2 agus mír 4, laghdófar na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 4 go cúig lá oibre i gcás réamheolairí ina bhfuil doiciméid ar leithligh arna dtarraingt suas ag eisitheoirí rialta dá dtagraítear in Airteagal 9(11), lena n-áirítear eisitheoirí rialta a úsáideann an nós imeacht fógra dá bhforáiltear in Airteagal 26. Tabharfaidh an t-eisitheoir rialta fógra don údarás inniúil cúig lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe an t-iarratas ar fhormheas a chur isteach.

Cuirfidh an t-eisitheoir rialta chuig an údarás inniúil iarratas ina mbeidh na leasuithe is gá ar an doiciméad clárúcháin uilíoch, más infheidhme, ar nóta mínithe na n-urrús agus ar an achoimre a cuireadh isteach lena bhformheas.

7.   D'fhonn formheas éifeachtúil agus tráthúil na réamheolairí a éascú, déanfaidh na húdaráis inniúla treoir maidir leis an bpróiseas grinnscrúdaithe agus formheasa a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin. Beidh pointí teagmhála chun críche formheasa i dtreoir den sórt sin. Beidh an deis ag an eisitheoir, an táirgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas dul i dteagmháil go díreach le foireann an údaráis inniúil le linn phróiseas formheasa an réamheolaire agus déileáil a bheith aige leis an bhfoireann sin.

8.   Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an nós imeachta formheasa i ndáil le réamheolaire a aistriú chuig údarás inniúil i mBallstát eile ar choinníoll go dtugtar fógra roimh ré do ÚEUM agus go gcomhaontaíonn an t-údarás inniúil eile sin leis an aistriú sin. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile na doiciméid chomhdaithe a aistriú i bhfoirm leictreonach chuig údarás inniúil an Bhallstáit eile, mar aon leis an gcinneadh uaidh an t-aistriú a dheonú, ar lá céanna an chinnidh. Cuirfear an t-aistriú sin in iúl, laistigh de thrí lá oibre ón dáta a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh, don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Beidh feidhm ag teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 3 amhail ón dáta a ghlacann údarás inniúil an Bhallstáit baile an cinneadh. Ní bheidh Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 infheidhme maidir le formheas an réamheolaire a aistriú i gcomhréir leis an mír seo. Nuair a bheidh aistriú an nós imeachta formheasa críochnaithe, measfar gurb é údarás inniúil ar aistríodh an nós imeachta formheasa chuige údarás inniúil an Bhallstáit baile i ndáil leis an réamheolaire sin chun críocha an Rialacháin seo.

9.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dhliteanas an údaráis inniúil, agus leanfaidh an dliteanas sin de bheith faoi rialú an dlí náisiúnta agus faoi sin amháin.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh a bhforálacha náisiúnta maidir le dliteanas údarás inniúil infheidhme ach amháin i leith réamheolairí a d'fhormheas a n-údarás inniúil féin.

10.   Leibhéal na dtáillí a ghearrann údarás inniúil an Bhallstáit baile i leith réamheolairí a fhormheas agus doiciméid atá ceaptha a bheith ina gcuid de réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 10 nó ina bhforlíonadh do réamheolairí, a fhormheas, agus i leith doiciméid clárúcháin uilíoch, leasuithe orthu agus téarmaí críochnaitheacha a chomhdú, beidh siad réasúnach agus comhréireach agus déanfar iad a chur in iúl don phobal, ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ar a laghad.

11.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 21 Eanáir 2019, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na critéir i ndáil le réamheolairí a ghrinnscrúdú, go háirithe iomláine, sothuigtheacht agus comhsheasmhacht na faisnéise iontu, agus na nósanna imeachta chun réamheolaire a fhormheas.

12.   Úsáidfidh ÚEUM a chumhachtaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn maidir le próisis ghrinnscrúdaithe agus fhormheasa na n-údarás inniúil nuair a bheidh iomláine, sothuigtheacht agus comhsheasmhacht na faisnéise atá i réamheolaire á measúnú acu. Chun na críche sin, forbróidh ÚEUM treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla maidir le maoirseacht agus forghníomhú i ndáil le réamheolairí, lena gcumhdaítear scrúdú a dhéanamh ar chomhlionadh an Rialacháin seo agus le haon ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacfar dá bhun. Cuirfidh ÚEUM cóineasú chun cinn, go háirithe, maidir le héifeachtúlacht, modhanna agus uainiú an ghrinnscrúdaithe a dhéanann na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis a thugtar i réamheolaire, agus úsáid á baint go háirithe as na hathbhreithnithe piaraí de bhun mhír 13.

13.   Gan dochar d'Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, eagróidh agus déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí amháin ar a laghad ar nósanna imeachta grinnscrúdaithe agus formheasa na n-údarás inniúil, lena n-áirítear ar na fógraí faoi dheimhnithe formheasa a mhalartaítear idir na húdaráis inniúla. Déanfar measúnú freisin san athbhreithniú piaraí ar thionchar na gcineálacha éagsúla cur chuige maidir le grinnscrúdú agus formheas na n-údarás inniúil ar an gcumas atá in eisitheoirí caipiteal a thiomsú san Aontas . Foilseofar an t-athbhreithniú piaraí seo faoin 21 Iúil 2022. I gcomhthéacs an athbhreithnithe piaraí seo, cuirfidh ÚEUM san áireamh tuairimí nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 21

An réamheolaire a fhoilsiú

1.   A luaithe a dhéanfar an réamheolaire a fhormheas, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte é a chur ar fáil don phobal tráth réasúnach sula ndéanfar na hurrúis atá i gceist a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála, agus ar a dhéanaí faoin tráth a chuirfear tús lena dtairiscint don phobal nó lena ligean isteach chun a dtrádála.

I gcás ina ndéantar aicme scaireanna a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte den chéad uair a thairiscint don phobal den chéad uair, cuirfear an réamheolaire ar fáil don phobal sé lá oibre ar a laghad roimh dheireadh na tairisceana.

2.   Measfar go mbeidh an réamheolaire, bíodh doiciméad amháin nó doiciméid ar leithligh ann, ar fáil don phobal a luaithe a fhoilseofar é i bhfoirm leictreonach ar aon cheann de na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

(a)

suíomh gréasáin an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte,

(b)

suíomh gréasáin na n-idirghabhálaithe airgeadais a chuireann na hurrúis ar fáil nó a dhíolann iad, lena n-áirítear gníomhairí íocaíochta;

(c)

suíomh gréasáin an mhargaidh rialáilte ar a n-iarrtar urrúis a ligean isteach chun a dtrádála nó i gcás nach bhfuiltear ag iarraidh aon ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, suíomh gréasáin oibreoir na MTF.

3.   Foilseofar an réamheolaire i gcuid ar leith den suíomh gréasáin agus beidh rochtain éasca ó leathanach baile an tsuímh gréasáin ar an gcuid sin den suíomh. Beidh an réamheolaire in-íoslódáilte, inphriontáilte agus i bhformáid leictreonach inchuardaithe nach féidir a athrú.

Na doiciméid ina bhfuil faisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí, na forlíonta agus/nó na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leis an réamheolaire agus cóip leithleach den achoimre, beidh teacht orthu sa chuid chéanna den suíomh ina bhfuil an réamheolaire, trí bhíthin hipearnasc, freisin, más gá.

Sonrófar ar bhealach soiléir sa chóip leithleach den achoimre cén réamheolaire a bhaineann sí léi.

4.   Ní gá próiseas clárúcháin a chur i gcrích, glacadh le séanadh maidir le dliteanas dlíthiúil a theorannú, ná táille a íoc chun an réamheolaire a rochtain. Rabhaidh lena sonraítear na dlínsí ina bhfuil tairiscint nó ligean isteach chun trádála á déanamh, ní mheasfar iad a bheith ina séanadh lena ndéantar an dliteanas dlíthiúil a theorannú.

5.   Foilseoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile ar a shuíomh gréasáin na réamheolairí formheasta go léir nó ar a laghad liosta de na réamheolairí formheasta, lena n-áirítear hipearnasc chuig na codanna ar leith den suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. agus ainm nó ainmneacha an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach i gcás ina dtugtar fógra faoi na réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 25. Coinneofar an liosta a fhoilseofar, lena n-áirítear na hipearnaisc, cothrom le dáta agus fanfaidh gach mír ar an suíomh gréasáin ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i mhír 7 den Airteagal seo ar a laghad.

An tráth céanna a thabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoi réamheolaire nó faoi aon fhorlíonadh a ghabhann leis a bheith formheasta, déanfaidh an t-údarás inniúil cóip leictreonach den réamheolaire, agus aon fhorlíonadh a ghabhann leis, a chur ar fáil do ÚEUM, mar aon leis na sonraí a bhfuil gá ag ÚEUM leo chun é a aicmiú sa chóras stórála dá dtagraítear i mír 6 agus de réir na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 47.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faisnéis maidir le gach fógra a gheobhaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 25 a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

6.   Déanfaidh ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, na réamheolairí uile a fuarthas ó na húdaráis inniúla a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, mar aon le haon fhorlíonta a ghabhann leo, téarmaí críochnaitheacha agus aistriúcháin ghaolmhara, más infheidhme, agus faisnéis faoin mBallstát óstach nó faoi na Ballstáit óstaigh i gcás ina dtugtar fógra faoi na réamheolairí i gcomhréir le hAirteagal 25. Déanfar foilsiú a áirithiú trí bhíthin córas stórála lena gcuirfear rochtain agus feidhmeanna cuardaigh saor in aisce ar fáil don phobal.

7.   Beidh fáil ag an bpobal ar gach réamheolaire formheasta i bhfoirm leictreonach ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 mbliana tar éis a fhoilsithe ar na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 2 agus mír 6.

I gcás ina n-úsáidtear hipearnaisc d’fhaisnéis a corpraíodh sa réamheolaire de réir tagairtí, agus na forlíonta agus/nó na téarmaí críochnaitheacha a bhaineann leis an réamheolaire, is hipearnaisc iad a bheidh feidhmiúil le linn na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

8.   Beidh i réamheolaire formheasta rabhadh feiceálach lena gcuirtear in iúl an uair a rachaidh bailíocht na réamheolairí in éag. Tabharfar le fios leis an rabhadh freisin nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid maidir le réamheolaire a fhorlíonadh i gcás fachtóirí nua tábhachtacha, botúin substainte, nó míchruinnis substainte, tráth nach mbeidh réamheolaire bailí a thuilleadh.

9.   I gcás réamheolaire ina bhfuil roinnt doiciméad agus/nó faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí, féadfar na doiciméid agus an fhaisnéis atá sa réamheolaire a fhoilsiú agus a dháileadh ar leithligh ar choinníoll go gcuirfear na doiciméid sin ar fáil don phobal de réir mhír 2. I gcás ina bhfuil doiciméid ar leithligh i réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 10, sonróidh gach ceann de na doiciméid sin, cé is moite de dhoiciméid a chorpraíodh de réir tagairtí, nach bhfuil ann ach cuid amháin den réamheolaire agus an áit a bhfuil na doiciméid ar leithligh eile le fáil.

10.   An réamheolaire agusaon fhorlíonadh a ghabhann leis an réamheolaire a chuirfear ar fáil don phobal, beidh a dtéacs agus a bhformáid mar an gcéanna, i ngach cás, leis an mbunleagan a d'fhormheas údarás inniúil an Bhallstáit baile.

11.   Tabharfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó na hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil na hurrúis á dtairiscint nó á ndíol acu, cóip saor in aisce den réamheolaire, ar mheán marthanach, d’aon infheisteoir ionchasach arna iarraidh sin dó. I gcás ina n-iarrfaidh infheisteoir cóip pháipéir go sonrach, déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó idirghabhálaí airgeadais a bhfuil na hurrúis á dtairiscint nó á ndíol acu leagan clóite den réamheolaire a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh siad an chóip sin a thabhairt ach sna dlínsí ina ndéanfar na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoin Rialachán seo.

12.   Féadfaidh ÚEUM, nó i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, caithfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh chun na ceanglais a bhaineann le foilsiú an réamheolaire a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

13.   Ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na sonraí is gá chun réamheolairí a aicmiú mar a thagraítear dóibh i mír 5 agus na socruithe praiticiúla chun a áirithiú go bhfuil sonraí den sórt sin, lena n-áirítear ISINanna na n-urrús agus LEInna na n-eisitheoirí, na dtairgeoirí agus na ráthóirí, meaisín-inléite.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 22

Fógráin

1.   Gach fógraíocht a bhaineann le hurrúis a bheith á dtairiscint don phobal nó le hurrúis a bheith á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, comhlíonfaidh sí na prionsabail i míreanna 2 go 5. Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 4 agus i bpointe (b) de mhír 5 ach amháin maidir le cásanna inar faoi réir na hoibleagáide maidir le réamheolaire a tharraingt suas atá an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

2.   Tabharfaidh fógráin le fios gur foilsíodh nó go bhfoilseofar réamheolaire agus an áit a bhfuil nó a mbeidh infheisteoirí in ann é a fháil.

3.   Más fógráin atá ann beidh sé le haithint go soiléir orthu gurb ea. Ní bheidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil i bhfógrán míchruinn ná míthreorach agus beidh sí comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa réamheolaire, freisin, má foilsíodh cheana é, nó leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith sa réamheolaire, nuair atá an réamheolaire fós le foilsiú.

4.   Gach faisnéis a nochtfar ó bhéal nó i scríbhinn, fiú murar chun críche fógraíochta é, i ndáil le hurrúis a bheith á dtairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, beidh sí comhsheasmhach leis an t-eolas atá sa réamheolaire.

5.   I gcás ina dhéantar faisnéis substainte a nochtadh ag eisitheoir nó ag tairgeoir agus í dírithe ar infheisteoir roghnaithe amháin nó níos mó, i bhfoirm labhartha nó i scríbhinn, déanfar faisnéis den sórt sin, de réir mar is infheidhme,;

(a)

a nochtadh do na hinfheisteoirí eile go léir a bhfuil an tairiscint dírithe orthu, i gcás nach gceanglaítear réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 1(4) nó (5); nó

(b)

a áireamh sa réamheolaire nó i bhforlíonadh ar an réamheolaire i gcomhréir le hAirteagal 23(1), i gcás ina gceanglaítear réamheolaire a fhoilsiú.

6.   Beidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear na fógráin rialú a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann gníomhaíochtaí fógraíochta, a bhaineann le hurrúis a bheith á dtairiscint don phobal nó a bheith á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, lemír 2 go mír 4.

I gcás inar gá, beidh údarás inniúil an Bhallstáit baile de chúnamh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear na fógráin maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na bhfógrán leis an bhfaisnéis atá sa réamheolaire.

Gan dochar d'Airteagal 32(1), ní bheidh sé mar réamhchoinníoll chun na hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála in aon Bhallstát óstach go gcaithfidh údarás inniúil grinnscrúdú a dhéanamh ar na fógráin.

Maidir le leas a bhaint as aon cheann de na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a leagtar amach in Airteagal 32 i ndáil le forfheidhmiú an Airteagail seo ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh, déanfar é a chur in iúl gan moill mhíchuí don údarás inniúil an Bhallstáit baile an eisitheora.

7.   Ní féidir le húdaráis inniúla na mBallstát óstaigh táillí a ghearradh ach amháin táillí i ndáil lena gcúraimí maoirseachta de bhun an Airteagail. Déanfar leibhéal na dtáillí a nochtadh ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil. Beidh na táillí sin neamh-idirdhealaitheach, réasúnach agus i gcomhréir leis an gcúram maoirseachta. Ní fhorchuirfidh údaráis inniúla na mBallstát óstaigh aon cheanglais nó nósanna imeachta riaracháin sa bhreis ar na cinn a bhfuil gá leo chun a gcuid cúraimí maoirseachta a fheidhmiú de bhun an Airteagail seo.

8.   De mhaolú ar mhír 6, chun críocha rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh gníomhaíochta fógraíochta i gcásanna trasteorann, féadfaidh aon dá údarás inniúil comhaontú a thabhairt i gcrích trínarb é údarás inniúil an Bhallstáit baile a leanfaidh den chomhlíonadh sin a rialú. Déanfar fógra a thabhairt do ÚEUM faoi aon chomhaontú den chineál sin a bheidh ann. Foilseoidh ÚEUM liosta de na comhaontuithe sin agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

9.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na forálacha i ndáil le fógraí a leagtar síos i mír 2 go mír 4 a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear na forálacha a shonrú i ndáil le scaipeadh fógrán agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit ina bhfuil na fógráin á scaipeadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   De bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, forbróidh ÚEUM treoirlínte agus moltaí a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i ndáil leis an rialú a fheidhmítear faoi mhír 6 den Airteagal seo. Sna treoirlínte agus sna moltaí sin cuirfear san áireamh gur gá a áirithiú nach gcuirfidh rialú den sórt sin isteach ar fheidhmiú an nós imeachta fógra a leagtar amach in Airteagal 25, agus go laghdaítear na hualaí riaracháin ar eisitheoirí a bhfuil tairiscintí trasteorann á ndéanamh san Aontas acu.

11.   Tá an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha eile de dhlí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 23

Forlíonta ar an réamheolaire

1.   Déanfar gach fachtóir nua tábhachtach, botún substainte nó míchruinneas substainte i ndáil leis an bhfaisnéis atá i réamheolaire agus lena bhféadfaí difear a dhéanamh do mheasúnú na n-urrús agus a thagann chun cinn nó a thugtar faoi deara sa tréimhse idir tráth formheasta an réamheolaire agus dúnadh thréimhse na tairisceana, nó an tráth a chuirtear tús leis an trádáil ar mhargadh rialáilte, cibé acu is déanaí a tharlóidh, a lua, gan moill mhíchuí, i bhforlíonadh ar an réamheolaire.

Déanfar forlíonadh den chineál sin a ghlacadh ar an gcaoi chéanna a nglactar réamheolaire, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad, agus foilseofar é de réir na socruithe céanna ar a laghad a cuireadh i bhfeidhm nuair a foilsíodh an réamheolaire bunaidh i gcomhréir le hAirteagal 21. Déanfar an achoimre, agus aon leaganacha aistrithe de, a fhorlíonadh freisin, más gá, chun an fhaisnéis nua atá san fhorlíonadh a chur san áireamh.

2.   I gcás ina mbaineann an réamheolaire le tairiscint urrús don phobal, beidh sé de cheart ag infheisteoirí a d'aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh a nglacadh a tharraingt siar, laistigh de dhá lá oibre tar éis an forlíonadh a fhoilsiú, ar choinníoll gur tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 chun cinn nó gur tugadh faoi deara é roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana nó roimh sheachadadh na n-urrús, cibé acu is túisce a tharlóidh. Féadfaidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir an tréimhse sin a fhadú. Luafar san fhorlíonadh dáta deiridh an chirt chun tarraingt siar.

Beidh san fhorlíonadh ráiteas feiceálach maidir leis an gceart chun tarraingt siar, ina luaitear go soiléir:

(a)

nach dtugtar ceart chun tarraingt siar ach amháin do na hinfheisteoirí sin a raibh sé comhaontaithe acu na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh agus i gcás nach raibh na hurrúis tugtha fós do na hinfheisteoirí an tráth ar tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte chun solais nó an tráth ar tugadh faoi deara é;

(b)

an tréimhse ina bhféadann infheisteoirí an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú; agus

(c)

cé leis a bhféadann na hinfheisteoirí dul i dteagmháil i gcás inar mian leo an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú.

3.   I gcás ina mbeidh na hurrúis á gceannach nó á suibscríobh trí idirghabhálaí airgeadais, cuirfidh an t-idirghabhálaí airgeadais sin na hinfheisteoirí ar an eolas go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú, cá háit agus cathain a bheadh sé á fhoilsiú agus go gcabhródh an t-idirghabhálaí airgeadais leo a gceart chun a nglacadh a tharraingt siar i gcás mar sin.

Rachaidh an t-idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil le hinfheisteoirí an lá a bhfoilsítear an forlíonadh.

I gcás ina mbeidh na hurrúis á gceannach nó á suibscríobh go díreach ón eisitheoir, cuirfidh an t-eisitheoir sin na hinfheisteoirí ar an eolas go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú agus cá háit a mbeadh sé á fhoilsiú agus go bhféadfaí go mbeadh ceart acu a nglacadh a tharraingt siar i gcás mar sin.

4.   I gcás ina n-ullmhaíonn an t-eisitheoir forlíonadh maidir le faisnéis sa réamheolaire bunaidh, faisnéis nach mbaineann ach le heisiúint amháin nó le roinnt eisiúintí ar leithligh, beidh feidhm ag an gceart atá ag infheisteoirí a nglacadh a tharraingt siar de bhun mhír 2 maidir leis an eisiúint nó leis na heisiúintí ábhartha agus ní bheidh feidhm acu maidir le haon eisiúint eile urrús faoin réamheolaire bunaidh.

5.   I gcás ina mbaineann an fachtóir nua tábhachtach, botún substainte nó míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 leis an bhfaisnéis atá i ndoiciméad clárúcháin nó i ndoiciméad clárúcháin uilíoch agus léi sin amháin, agus an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch ina chuid de réamheolairí éagsúla ag an aon am amháin, ní tharraingeofar suas agus ní fhormheasfar ach forlíonadh amháin. Sa chás sin, luafar san fhorlíonadh na réamheolairí uile lena mbaineann sé.

6.   Le linn don údarás inniúil forlíonadh a ghrinnscrúdú sula ndéanfar é a fhormheas, féadfaidh sé a iarraidh go mbeidh leagan comhdhlúite den réamheolaire forlíonta, den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch le fáil in iarscríbhinn, i gcás inar gá leagan comhdhlúite den sórt sin chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis atá sa réamheolaire sothuigthe. Measfar gur iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach faoi Airteagal 20(4) a bheidh in iarraidh den chineál sin. Féadfaidh eisitheoir in aon chás, dá dheoin féin, leagan comhdhlúite den réamheolaire forlíonta, den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch a chur in iarscríbhinn a ghabhann leis an forlíonadh.

7.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun cásanna a shonrú ina bhfágfadh fachtóir nua tábhachtach, botún substainte nó míchruinneas substainte i dtaobh na faisnéise sa réamheolaire gur gá forlíonadh a fhoilsiú leis an réamheolaire.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL V

URRÚIS A THAIRISCINT AGUS A LIGEAN ISTEACH CHUN A dTRÁDÁLA THAR THEORAINNEACHA AR MHARGADH RIALÁILTE AGUS TEANGACHA ATÁ LE hÚSÁID

Airteagal 24

Raon feidhme fhormheas na réamheolairí san Aontas

1.   Gan dochar d'Airteagal 37, i gcás ina dtagann go ndéanfar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i mBallstát amháin nó níos mó, nó i mBallstát eile seachas an Ballstát baile, beidh an réamheolaire arna fhormheas ag an mBallstát baile, agus aon fhorlíonta air, bailí maidir leis na hurrúis sin a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála i líon ar bith Ballstát óstach, ar choinníoll go gcuirfear fógra chuig ÚEUM agus chuig údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh i gcomhréir le hAirteagal 25. Ní ghabhfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstaigh orthu féin aon nósanna imeachta formheasta nó riaracháin a dhéanamh maidir le réamheolairí agus forlíonta arna bhformheas ag údaráis inniúla Ballstát eile agus a bhaineann le téarmaí críochnaitheacha.

2.   Más rud é, laistigh den fhráma ama a shonraítear in Airteagal 23(1), go dtugtar fachtóirí nua tábhachtacha, botún substainte nó míchruinneas substainte faoi deara, ceanglóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile go ndéanfar foilsiú forlíonaidh a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 20(1). Féadfaidh ÚEUM agus údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas go bhfuil breis faisnéise de dhíth.

Airteagal 25

Fógra a thabhairt faoi réamheolairí agus faoi fhorlíonta agus cur in iúl na dtéarmaí críochnaitheacha

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas, agus laistigh de lá amháin oibre ón uair a fhaightear an iarraidh sin nó, i gcás ina gcuirtear an iarraidh isteach in éineacht leis an réamheolaire, laistigh de lá amháin oibre tar éis an réamheolaire a fhormheas, déanfaidh sé deimhniú formheasa lena bhfianaítear gur tarraingíodh suas an réamheolaire i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus cóip leictreonach den réamheolaire sin, a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh.

I gcás inarb infheidhme, beidh ag dul leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír aistriúchán den réamheolaire agus d'aon achoimre agus is faoi fhreagracht an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas a dhéanfar an t-aistriúchán sin.

Leanfar an nós imeachta céanna do aon forlíonadh ar an réamheolaire.

Déanfar fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh.

2.   Beidh cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 18(1) agus (2) luaite sa deimhniú formheasa, mar aon leis an údar atá leis an gcur i bhfeidhm sin.

3.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoi dheimhniú formheasa an réamheolaire nó faoi aon fhorlíonadh a ghabhann leis a thabhairt do ÚEUM an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh.

4.   I gcás inar cuireadh réamheolaire bunaidh isteach cheana agus nár cuireadh a théarmaí críochnaitheacha sa réamheolaire bunaidh sin, ná i bhforlíonadh, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile iad a chur in iúl go leictreonach d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó na mBallstát óstach agus do ÚEUM a luaithe is indéanta tar éis a gcomhdaithe.

5.   Ní ghearrfaidh na húdaráis inniúla táille ar fhógra a thabhairt nó ar fhógra a fháil faoi réamheolairí agus faoi fhorlíonta orthu, ná ar aon ghníomhaíocht maoirseachta ghaolmhar, cibé acu sa Bhallstát baile nó sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstaigh.

6.   Déanfaidh ÚEUM tairseach fógartha a bhunú ina ndéanfaidh gach údarás inniúil na deimhnithe formheasa agus na cóipeanna leictreonacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 26(2) a uaslódáil, chomh maith le téarmaí críochnaitheacha na réamheolairí bunaidh, chun críche na bhfógraí agus na cumarsáide dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 26.

Gach aistriú de na doiciméid sin idir na húdaráis inniúla, déanfar é tríd an tairseach fógartha sin.

7.   Forbróidh ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na socruithe teicniúla is gá le go bhfeidhmeoidh an tairseach fógartha dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Iúil 2018.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí teicniúla na margaí airgeadais, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi dheimhniú formheasa, réamheolaire, aon fhorlíonadh a ghabhann leis an réamheolaire agus aistriúchán den réamheolaire agus/nó den achoimre.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Fógra a thabhairt faoi dhoiciméid chlárúcháin nó faoi dhoiciméid chlárúcháin uilíoch

1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le heisiúintí urrús neamhchothromais dá dtagraítear i bpointe (m)(ii) d’Airteagal 2 agus le heisitheoirí atá bunaithe i dtríú tír dá dtagraítear faoi phointe (m)(iii) d’Airteagal 2, i gcás nach ionann é an Ballstát baile a roghnaítear chun an réamheolaire a fhormheas de bhun na bhforálacha sin, agus an Ballstát a ndearna a údarás inniúil formheas ar an doiciméad clárúcháin nó ar an doiciméad clárúcháin uilíoch arna tharraingt suas ag an eisitheoir, ag an tairgeoir nó ag an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

2.   Arna iarraidh sin don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an doiciméad sin a tharraingt suas, déanfaidh an t-údarás inniúil a d’fhormheas doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i leith fhormheas an réamheolaire, le deimhniú formheasa lena bhfianaítear go ndearnadh an doiciméad clárúcháin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le cóip leictreonach den doiciméad sin. Tabharfar an fógra sin laistigh de lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil nó, i gcás inar cuireadh an iarraidh isteach in éineacht leis an dréachtdoiciméad clárúcháin nó dréachtdoiciméad clárúcháin uilíoch, laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an doiciméad sin a bheith formheasta.

I gcás inarb infheidhme, beidh ag dul leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír aistriúchán den doiciméad clárúcháin nó den doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air agus is faoi fhreagracht an eisitheora, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó an duine atá freagrach as doiciméid den sórt sin a tharraingt suas a dhéanfar an t-aistriúchán sin.

Déanfar fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir, don duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó don duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit is ósta faoi fhormheas an réamheolaire.

Beidh cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 18(1) agus (2) luaite sa deimhniú, mar aon leis an údar atá leis an gcur i bhfeidhm sin.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM fógra faoin deimhniú formheasa a thabhairt don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin, nó an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, a tharraingt suas an tráth céanna agus a thabharfar fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit is ósta faoi fhormheas an réamheolaire.

Ní ghearrfaidh na húdaráis inniúla sin aon táille as fógra a thabhairt nó a fháil faoi na doiciméid chlárúcháin, nó doiciméid clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar orthu, ná as aon ghníomhaíocht mhaoirseachta ghaolmhar.

3.   Doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch a dtugtar fógra de bhun mhír 2 ina leith, is féidir é a úsáid mar chuid de réamheolaire a chuirtear faoi bhráid an údaráis inniúil an Bhallstáit baile lena fhormheas.

Údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire, ní ghabhfaidh sé air féin aon ghrinnscrúdú ná aon fhormheas a dhéanamh maidir leis an doiciméad clárúcháin, nó leis an doiciméad clárúcháin uilíoch agus aon leasuithe a dhéantar air, ar tugadh fógra ina leith agus ní dhéanfaidh sé ach nóta mínithe na n-urrús agus an achoimre a fhormheas, agus é sin amháin tar éis an fógra a fháil.

4.   Beidh iarscríbhinn ag gabháil le doiciméad clárúcháin, nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch a dtugtar fógra ina leith de bhun mhír 2, ina leagtar amach an fhaisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir dá dtagraítear in Airteagal 7(6). Má dhéantar an doiciméad clárúcháin nó ar an doiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheas, meastar an iarscríbhinn a bheith formheasta freisin.

I gcás inarb infheidhme de bhun an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus an dara fomhír d'Airteagal 27(3) faoi seach, beidh aistriúchán ag gabháil leis an bhfógra den iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch a tháirgtear faoi fhreagracht an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch a tharraingt suas .

Agus an achoimre á tarraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas, déanfaidh sé ábhar na hiarscríbhinne a atáirgeadh gan aon athrú sa roinn dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(4). Údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire, ní dhéanfaidh sé grinnscrúdú ar an roinn sin den achoimre.

5.   I gcás ina dtagann fachtóir nua tábhachtach, botún substainte, nó míchruinneas substainte chun cinn nó i gcás ina dtugtar faoi deara é laistigh den tréimhse a shonraítear in Airteagal 23(1) agus i gcás ina mbaineann sé leis an bhfaisnéis atá sa doiciméad clárúcháin nó sa doiciméad clárúcháin uilíoch, déanfar an forlíonadh a cheanglaítear de bhun Airteagal 23 a thíolacadh lena fhormheas chuig an údarás inniúil a d’fhormheas an doiciméad clárúcháin nó an doiciméad clárúcháin uilíoch. Tabharfar fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile d’fhormheas an réamheolaire faoin bhforlíonadh sin laistigh de lá amháin oibre tar éis a fhormheasta, faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeidh doiciméad clárúcháin nó doiciméad clárúcháin uilíoch á úsáid mar chuid de réamheolairí éagsúla ag an aon am amháin, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23(5), tabharfar fógra faoin bhforlíonadh do gach údarás inniúil a d’fhormheas réamheolairí den sórt sin.

6.   D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus chun forbairtí teicniúla ar na margaí airgeadais a chur san áireamh, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt i leith deimhniú formheasa a bhaineann leis an doiciméad clárúcháin, an doiciméad clárúcháin uilíoch, aon fhorlíonadh a ghabhann leo agus an t-aistriúchán de na doiciméid sin.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27

Teangacha atá le húsáid

1.   I gcás inar sa Bhallstát baile amháin a iarrtar urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile léi.

2.   I gcás ina ndéantar tairiscint urrús don phobal nó ina n-iarrtar urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát amháin nó níos mó, seachas an Ballstát baile, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údaráis inniúla na mBallstát sin léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

Ceanglóidh údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh go ndéanfar an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 a chur ar fáil ina theanga oifigiúil féin nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi, ach ní cheanglóidh sé go ndéanfar aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.

Chun críche an ghrinnscrúdaithe agus an fhormheasa a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit baile, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann an t-údarás sin léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

3.   I gcás ina ndéantar tairiscint urrús don phobal nó ina n-iarrtar urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i níos mó ná Ballstát amháin, an Ballstát baile san áireamh, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile léi agus cuirfear ar fáil freisin é i dteanga a nglacann gach ceann d'údaráis inniúla na mBallstát óstach léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

Ceanglóidh údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh go ndéanfar an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 a chur ar fáil ina theanga oifigiúil féin nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi, ach ní cheanglóidh sé go ndéanfar aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.

4.   Tarraingeofar suas téarmaí críochnaitheacha agus achoimre gach eisiúna ar leith sa teanga chéanna inar tarraingíodh suas an réamheolaire bunaidh formheasta.

Nuair, i gcomhréir le hAirteagal 25(4), a chuirfear na téarmaí críochnaitheacha in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó, i gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát óstach amháin ann, d'údaráis inniúla na mBallstát óstach, beidh feidhm ag na rialacha teanga seo a leanas maidir leis na téarmaí críochnaitheacha agus leis an achoimre atá san iarscríbhinn a ghabhann leo:

(a)

beidh fáil ar achoimre ar an eisiúint ar leith atá ag gabháil leis na téarmaí i dteanga oifigiúil nó ina laghad ceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga eile lena ghlacann údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2 nó an dara fomhír de mhír 3, de réir mar is infheidhme;

(b)

i gcás ina bhfuil an réamheolaire bunaidh le haistriú de bhun mhír 2 nó mhír 3 de réir mar a bheidh infheidhme, beidh na téarmaí críochnaitheacha agus achoimre gach eisiúna ar leith a ghabhann leo faoi réir na gceanglas céanna aistriúcháin atá ar an réamheolaire bunaidh.

5.   I gcás ina mbaineann réamheolaire le hurrúis a bheith á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte d’urrúis neamhchothromais agus ina n-iarrtar an ligean isteach chun a dtrádála i gceann amháin nó níos mó Ballstát, tarraingeofar suas an réamheolaire i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh léi nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, de réir mar a bheidh, ar an gcoinníoll:

(a)

nach ndéanfar na hurrúis sin a thrádáil ach amháin ar mhargadh rialáilte, nó ar chuid shonrach de mhargadh rialáilte, nach bhfuil ach infheisteoirí cáilithe in ann rochtain a fháil uirthi chun na hurrúis sin a thrádáil; nó

(b)

go bhfuil ainmníocht ag na hurrúis sin arb ionann í agus EUR 100 000 in aghaidh an aonaid í ar a laghad.

CAIBIDIL VI

SAINRIALACHA I nDÁIL LE hEISITHEOIRÍ ATÁ BUNAITHE I dTRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 28

Urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir i dtríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá bunaithe san Aontas faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh air formheas a fháil dá réamheolaire, i gcomhréir le hAirteagal 20, ó údarás inniúil a Bhallstáit baile.

A luaithe a bheidh réamheolaire formheasta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag na cearta agus na hoibleagáidí uile a fhoráiltear do réamheolaire faoin Rialachán seo agus beidh an réamheolaire agus an t-eisitheoir i dtríú tír faoi réir fhorálacha uile an Rialacháin seo faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit baile.

Airteagal 29

Urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faoi réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le dlíthe tríú tír

1.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit baile eisitheora i dtríú tír réamheolaire arna tharraingt suas i gcomhréir le, agus faoi réir, dlíthe náisiúnta an eisitheora sin, a fhormheas maidir le hurrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar an gcoinníoll:

(a)

go bhfuil na ceanglais faisnéise a fhorchuirtear le dlíthe na tríú tír sin coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo; agus

(b)

go bhfuil socruithe comhair déanta ag an mBallstát baile le húdaráis ábhartha mhaoirseachta an eisitheora i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.   I gcás ina ndéanann eisitheoir i dtríú tír urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i mBallstát seachas an Ballstát baile, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 27.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir ghinearálta coibhéise a leagan síos, bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 7, 8 agus 13.

Ar bhonn na gcritéar thuasluaite, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun cinn a ghlacadh lena leagfar amach go bhfuil na ceanglais faisnéise a fhorchuirtear le dlí náisiúnta an tríú tír coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo. Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

Airteagal 30

Comhar le tríú tíortha

1.   Chun críche Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críche Airteagal 28, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus maidir le hoibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha, ach amháin más rud é go bhfuil an tríú tír sin, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), ar an liosta de na dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta i réimse an fhrithsciúrtha airgid agus an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta agus gur bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, . Áiritheofar leis na socruithe comhair sin malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do na húdaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Déanfaidh údarás inniúil ÚEUM agus na húdaráis inniúla eile a chur ar an eolas i gcás ina mbeartaíonn sé socrú den sórt sin a dhéanamh.

2.   Chun críche Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críche Airteagal 28, éascóidh agus comhordóidh ÚEUM socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha i dtríú tíortha a cheapadh.

Eascóidh agus comhordóidh ÚEUM freisin, más gá, an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha a mhalartú idir na húdaráis inniúla, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Airteagal 38 agus faoi Airteagal 39.

3.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá comhionann ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 35. Ní mór malartú faisnéise den sórt sin a bheith beartaithe chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chur i gcrích.

4.   Féadfaidh ÚEUM, nó i gcás go n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun íosmhéid inneachair na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, agus an doiciméad teimpléid atá le húsáid lena n-aghaidh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL VII

ÚEUM AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 31

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin a bheidh freagrach as na dualgais a thig ón Rialachán seo a chomhlíonadh agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha den Rialacháin seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoin méid sin.

Beidh an t-údarás inniúil neamhspleách ar rannpháirtithe sa mhargadh.

2.   Maidir le foilsiú leictreonach na réamheolairí formheasta agus na ndoiciméad gaolmhar, féadfaidh na Ballstáit a cheadú dá n-údarás inniúil an foilsiú sin a tharmligean chuig tríú páirtithe.

Má chinntear cúraimí a tharmligean, déanfar é le cinneadh sonrach ina ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(a)

na cúraimí atá le cur i gcrích agus na coinníollacha faoina ndéanfar sin

(b)

clásal faoina gcuirfear d'oibleagáid ar an tríú páirtí gníomhú agus a bheith eagraithe chun go seachnófar coinbhleachtaí leasa agus chun a áirithiú nach mbainfear úsáid mhíchothrom as an bhfaisnéis a fhaightear le linn do na cúraimí tarmligthe a bheith á gcur i gcrích nó nach gcuirfear cosc ar iomaíocht; agus

(c)

na socruithe go léir a dhéanann an t-údarás inniúil agus an tríú páirtí a dtarmligtear cúraimí chuige.

Is ar an údarás inniúil atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1 a bheidh an fhreagracht chríochnaitheach maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo a mhaoirsiú agus réamheolairí a fhormheas.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh chun cúraimí a tharmligean amhail dá dtagraítear sa dara fomhír, lena n-áirítear na coinníollacha mionsonraithe faoina rialaítear an tarmligean sin.

3.   Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh do chríocha Eorpacha thar lear a bhfuil an Ballstát sin freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

Airteagal 32

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

ceangal a chur ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faisnéis fhorlíontach a chur sa réamheolaire, más gá, chun infheisteoirí a chosaint;

(b)

ceangal a chur ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus na daoine a rialaíonn iad nó a rialaíonn siad, doiciméid agus faisnéis a chur ar fáil;

(c)

ceangal a chur ar iniúchóirí agus ar bhainisteoirí an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus ar idirghabhálaithe airgeadais arna gcoimisiúnú chun urrúis a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, faisnéis a sholáthar;

(d)

tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáithe a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;

(e)

fógráin a thoirmeasc nó a chur ar fionraí nó ceangal a chur ar eisitheoirí, ar thairgeoirí nó ar dhaoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó ar idirghabhálaithe airgeadais ábhartha scor d'fhógráin nó iad a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;

(f)

tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndéanfaí é a shárú;

(g)

trádáil ar mhargadh rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna a chur ar fionraí nó a cheangal ar na margaí rialáilte ábhartha, na MTFannaábhartha nó na OTFábhartha an céanna a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;

(h)

trádáil ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo;

(i)

i gcás ina bhfuil eisitheoir, tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh, an méid sin a phoibliú;

(j)

an grinnscrúdú ar réamheolaire a tíolacadh lena fhormheas a chur ar fionraí nó tairiscint don phobal nó cead urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a chur ar fionraí nó a shrianadh i gcás ina bhfuil an chumhacht atá ag an údarás inniúil á feidhmiú aige toirmeasc nó srian a fhorchur de bhun Airteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), go dtí go mbeidh deireadh leis an toirmeasc nó leis an srian sin;

(k)

formheas a dhiúltú maidir le haon réamheolaire arna tharraingt suas ag eisitheoir, tairgeoir nó duine áirithe atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte go ceann uastréimhse cúig bliana, i gcás ina mbeidh sáruithe tromchúiseacha déanta arís is arís eile ar an Rialacháin seo ag an eisitheoir, an tairgeoir, nó an duine sin atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(l)

gach faisnéis ábhartha, a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar mheasúnú na n-urrús, a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, a nochtadh, nó a cheangal ar an eisitheoir í a nochtadh, d'fhonn cosaint an infheisteora nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;

(m)

urrúis a chur ar fionraí nó ceangal a chur ar an margadh rialáilte ábhartha, MTFnó OTFtrádáil na n-urrús a chur ar fionraí i gcás ina measann siad gur de chineál é cás an eisitheora go ndéanfaí dochar do leasanna infheisteoirí leis an trádáil;

(n)

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh ag láithreacha seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha agus, chun na críche sin, dul isteach in áitreabh chun rochtain a fháil ar dhoiciméid agus ar shonraí eile i bhfoirm ar bith, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúduithe a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán a chruthú.

I gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an údarás breithiúnach cinneadh a dhéanamh faoi úsáid na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás inar diúltaíodh formheas a thabhairt ar réamheolaire de bhun phointe (k), cuirfidh an t-údarás inniúil an méid sin in iúl do ÚEUM agus, cuirfidh UÉUM an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla na mBallstát eile.

I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, beidh ÚEUM i dteideal páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i bpointe (n) den chéad fhomhír i gcás ina ndéanann dhá údarás inniúla nó níos mó cigireacht chomhpháirteach.

2.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí, dá dtagraítear i mír 1 in aon cheann de na slite seo a leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trína bhfhreagracht a tharmligean d'údaráis den chineál sin;

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad a theastaíonn uathu ag údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlíthe agus do rialacháin maidir le tairiscintí táthcheangail, le hidirbhearta cumaisc agus le hidirbhearta eile lena ndéantar difear d'úinéireacht nó do rialú cuideachtaí lena dtrasuitear Treoir 2004/25/CE agus lena bhforchuirtear ceanglais sa bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.

5.   Maidir le duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go mbeidh aon srian á shárú ag an duine sin maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine a thugann fógra faoin méid sin faoi dhliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.

6.   Tá mír 1 go mír 3 gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh i gcomhair críocha Eorpacha thar lear a bhfuil an Ballstát sin freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

Airteagal 33

Comhar idir údaráis inniúla

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile agus le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo. Malartóidh siad faisnéis, gan moill mhíchuí, agus comhoibreoidh siad i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 38, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, áiritheoidh siad go mbeidh na bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis inniúla comhoibriú leis na húdaráis bhreithiúnacha ina ndlínse chun an fhaisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla nó le himeachtaí a tionscnaíodh i gcás sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile agus do ÚEUM lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le comhoibriú le chéile agus le ÚEUM chun críocha an Rialachán seo.

2.   Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarratas ar fhaisnéis nó de bhun iarratas comhoibriú le himscrúdú in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas amháin:

(a)

i gcás inar dóchúil go ndéanfaí dochar dá imscrúdú féin, dá ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féin nó d'imscrúdú coiriúil, dá gcomhlíonfaí an iarraidh;

(b)

i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;

(c)

i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil leis na daoine sin agus ag éirí as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh chuige.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, aon fhaisnéis atá ag teastáil chun críocha an Rialacháin seo a thabhairt gan mhoill.

4.   Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair.

Cuirfidh údarás inniúil a iarrann cúnamh ÚEUM ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás cigireacht ar an láthair nó imscrúdú a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi, déanfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair nó imscrúdú a chomhordú i gcás ina n-iarrann ceann de na húdaráis inniúla air é sin a dhéanamh.

I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé ceann ar bith díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh as a stuaim féin;

(b)

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó in imscrúdú ar an láthair;

(c)

cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh as a stuaim féin;

(d)

iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh leis an gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh:

(e)

cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur ar aghaidh chuig ÚEUM cásanna inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le faisnéis a mhalartú, nó nár tugadh aghaidh uirthi laistigh de thráth réasúnach. Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚEUM, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo, gníomhú i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Féadfaidh ÚEUM, nó i gcás ina n-iarrann an Coimisiún amhlaidh, déanfaidh sé, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le malartú idir údaráis inniúla i gcomhréir le fomhír 1 a shonrú.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34

Comhar le ÚEUM

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis a bhfuil gá ag ÚEUM léi chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a thabhairt dó gan mhoill.

3.   D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha cur i bhfeidhm a áirithiú i leith an Airteagail seo, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na nósanna imeachta agus na foirmeacha maidir le malartú faisnéise amhail dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 35

Rúndacht ghairmiúil

1.   Measfar go bhfuil gach faisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile ina faisnéis a thugtar faoi rún agus beidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide gur féidir an fhaisnéis sin a nochtadh nó go bhfuil gá le nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh don údarás inniúil nó d’aon tríú páirtí ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige. Ní fhéadfar faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó d'údarás ar bith eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 36

Cosaint sonraí

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, cuirfidh údaráis inniúla a gcuid cúraimí i gcrích chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679.

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sé Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 37

Bearta réamhchúraim

1.   I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh lena chreidiúint go bhfuil neamhrialtachtaí déanta ag an eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ag na hidirghabhálaithe airgeadais atá i gceannas na tairisceana urrús don phobal, nó go bhfuil a n-oibleagáidí sáraithe ag na daoine sin faoin Rialachán seo, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit baile agus ÚEUM ar an eolas faoi sin.

2.   Más rud é, d'ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile, go leanann an t-eisitheoir, an tairgeoir, nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó na hidirghabhálaithe airgeadais atá i gceannas na tairisceana urrús don phobal, an Rialacháin seo a shárú, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile agus ÚEUM a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

3.   I gcás nach n-aontaíonn údarás inniúil le haon cheann de na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil eile de bhun mhír 2, féadfaidh sé aird ÚEUM a tharraingt ar an ábhar. Féadfaidh ÚEUM, gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL VIII

SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA RIARACHÁIN EILE

Airteagal 38

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil faoi Airteagal 32 agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar cumhacht d'údaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin a fhorchur agus chun bearta riaracháin iomchuí a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin ar a laghad maidir leis an méid a leanas:

(a)

sáruithe ar Airteagal 3, Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7(1) go (11), Airteagal 8, Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11(1) agus (3),Airteagal 14(1) agus (2), Airteagal 15(1), Airteagal 16(1), (2) agus (3), Airteagal 17, Airteagal 18, Airteagal 19(1) go (3), Airteagal 20(1), Airteagal 21(1) go (4) agus (7) go (11), Airteagal 22(2) go (5), Airteagal 23 (1), (2), (3) agus (5), agus Airteagal 27;

(b)

mainneachtain ó thaobh comhar nó comhlíonadh de i ndáil le himscrúdú nó le cigireacht, nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 32.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí riaracháin amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla cheana féin ina ndlí náisiúnta faoin 21 Iúil 2018. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, cuirfidh na Ballstáit na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus do ÚEUM.

Faoin 21 Iúil 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ÚEUM gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil le sáruithe a liostaítear i bpointe (a) de mhír 1:

(a)

ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl an duine nádúrtha nó an t-eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 42;

(b)

ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó ar an eintiteas dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht arb ionann í agus an sárú;

(c)

smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach dhá oiread ar a laghad de mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir sin a chinneadh;

(d)

i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 20 Iúil 2017, nó 3 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta.

I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d'fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

(e)

i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar luach EUR 700 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 20 Iúil 2017.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do smachtbhannaí breise nó do bhearta breise agus do smachtbhannaí airgid riaracháin a bheadh ar leibhéil níos airde ná iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 39

Cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí forchurtha smachtbhannaí a fheidhmiú

1.   Agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí agus na mbeart riaracháin eile á sainiú acu, cuirfidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, más iomchuí, na nithe seo a leanas:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar a léiríonn láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(d)

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(e)

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f)

a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)

sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;

(h)

bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú, i ndiaidh an tsáraithe, chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc.

2.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 38, comhoibreoidh údaráis inniúla go dlúth lena áirithiú go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha agus na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad éifeachtach agus iomchuí faoin Rialachán seo. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint nuair a bheidh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha á bhfeidhmiú acu agus nuair a bheidh smachtbhannaí agus bearta riaracháin eile á bhforchur acu i leith cásanna trasteorann.

Airteagal 40

Ceart achomhairc

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí a dhéanfar faoin Rialacháin seo cuí-réasúnaithe agus go mbeidh siad faoi réir ceart achomhairc os comhair binse.

Chun críocha Airteagal 20, beidh feidhm ag ceart achomhairc, freisin, i gcás nár ghlac an t-údarás inniúil cinneadh chun iarratas ar fhormheas a fhormheas nó a dhiúltú ná nach ndearna sé aon iarraidh ar athruithe nó ar fhaisnéis fhorlíontach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 20(2), (3) agus (6) i ndáil leis an iarratas sin.

Airteagal 41

Sáruithe a thuairisciú

1.   Bunóidh na húdaráis inniúla sásraí éifeachtacha ionas go spreagfar agus go gcuirfear ar chumas daoine aon sárú iarbhír ar an Rialachán seo, nó aon sárú a d'fhéadfadh a bheith ann, a thuairisciú dóibh.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ina chuid de na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil na dtuairiscí ar sháruithe iarbhír nó féideartha agus gníomhaíochtaí leantacha ina leith, lena n-áirítear cainéil shlána chumarsáide a bhunú i leith na dtuairiscí sin;

(b)

cosaint iomchuí, ar a laghad, ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú agus ar chóir neamhchothrom de chineálacha eile a dhéanfadh fostóirí nó tríú páirtithe ar na fostaithe sin atá ar conradh fostaíochta agus a thuairiscíonn sáruithe;

(c)

cosaint a thabhairt do chéannacht agus do shonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha a líomhnaítear gurb é atá freagrach as sárú agus an chosaint a thabhairt le linn gach céime den nós imeachta ach amháin más gá sin a nochtadh faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúdú breise nó nósanna imeachta breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go dtabharfar dreasachtaí airgeadais do dhaoine a thairgeann faisnéis ábhartha maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo, ar dreasachtaí iad atá le deonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach bhfuil dualgais dhlíthiúla nó chonarthacha eile ar na daoine sin cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, agus ar choinníoll gur faisnéis nua atá i gceist, agus go mbeidh forchur smachtbhanna riaracháin nó choiriúil nó glacadh birt riaracháin eile i leith shárú an Rialacháin seo mar thoradh uirthi.

4.   Cuirfidh na Ballstáit ceangal ar fhostóirí a thugann faoi ghníomhaíochtaí a ndéantar rialáil orthu ar mhaithe le cuspóirí seirbhísí airgeadais, nósanna imeachtaí cuí a chur ar bun ionas go mbeidh a bhfostaithe in ann sáruithe iarbhír nó féideartha a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach neamhspleách féinrialaithe.

Airteagal 42

Cinntí a fhoilsiú

1.   Má dhéanann údaráis inniúla cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna nó beart riaracháin eile de thoradh sárú ar an Rialachán seo, foilseoidh siad é ar a suíomhanna gréasáin oifigiúil díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine is ábhar don chinneadh sin. Áireofar ar a laghad san fhaisnéis a fhoilseofar faisnéis maidir le cineál an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine atá freagrach as an sárú. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaitheach.

2.   Má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanach, nó chéannacht nó shonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha, míréireach, mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó aon imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol leis an bhfoilsiú sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

cuirfidh siad siar fhoilsiú an chinnidh chun smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás go dtagann deireadh le cúiseanna a neamhfhoilsithe;

(b)

an cinneadh smachtbhanna nó beart a fhorchur a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear le foilsiú anaithnid dá leithéid cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c)

ní fhoilseoidh siad an cinneadh maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur i gcás ina meastar nach leor na roghanna a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)

comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta.

I gcás cinneadh smachtbhanna nó beart a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnta ama i gcás ina bhforáiltear go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú anaithnid le linn na tréimhse sin;

3.   I gcás ina bhfuil an cinneadh smachtbhanna nó beart a fhorchur faoi réir achomharc os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha nó údarás eile, déanfaidh údaráis inniúla faisnéis dá leithéid, agus aon fhaisnéis eile maidir leis an toradh ar an achomharc sin, a fhoilsiú láithreach, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur.

4.   Áiritheoidh údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán, atá i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse nach giorra ná cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choinneofar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach don tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Airteagal 43

Smachtbhannaí a thuairisciú do ÚEUM

1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán do ÚEUM maidir leis na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin eile go léir a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 38. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 38(1), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh a n-údarás inniúil sonraí, gan tréithe pearsanta luaite iontu agus iad comhiomlánaithe, a chur ar fáil do ÚEUM, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh. Déanfaidh ÚEUM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

2.   I gcás ina bpoiblíonn an t-údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin,, bearta riaracháin eile, nó smachtbhannaí coiriúla don phobal déanfaidh sé na smachtbhannaí nó na bearta riaracháin eile sin a thuairisciú, an tráth céanna, do ÚEUM.

3.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí nó na bearta riaracháin eile uile a forchuireadh ach nár foilsíodh i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(2), lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leo sin agus an toradh a bhí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfear an méid sin faoi bhráid ÚEUM. Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na críche sin amháin, coinneoidh ÚEUM bunachar lárnach sonraí de na smachtbhannaí a cuireadh in iúl dó. Is ag na húdaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuireann na húdaráis inniúla ar fáil.

CAIBIDIL IX

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(7), Airteagal 9(14), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 14(3), Airteagal 15(2), Airteagal 16(5) Airteagal 20(11) agus Airteagal 29(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinnte ón 20 Iúil 2017.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(7), Airteagal 9(14), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 14(3), Airteagal 15(2), Airteagal 16(5), Airteagal 20(11) agus Airteagal 29(3) a chúlghairm aon tráth. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfar difear leis sin do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(7), Airteagal 9(14), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 14(3), Airteagal 15(2), Airteagal 16(5) Airteagal 20(11) agus Airteagal 29(3) i bhfeidhm ach murar chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad ina choinne sin. Déanfar an tréimhse sin a fhadú go ceann trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 45

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis, arna bhunú le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún (27) Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 46

Aisghairm

1.   Déantar Treoir 2003/71/CE a aisghairm le héifeacht ón 21 Iúil 2019, ach amháin i gcás:

(a)

phointe (a) agus phointe (g) d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/71/CE, a aisghairtear le héifeacht ón 20 Iúil 2017: agus

(b)

phointe (h) d’Airteagal 1(2) agus phointe (e) d'Airteagal 3(2) de Threoir 2003/71/CE, a aisghairtear le héifeacht ón 21 Iúil 2018.

2.   Déanfar tagairtí do Threoir 2003/71/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Réamheolairí a formheasadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2003/71/CE roimh an 21 Iúil 2019, leanfaidh siad de bheith faoi réir an dlí náisiúnta sin go dtí deireadh a dtréimhse bailíochta, nó go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag caite tar éis an 21 Iúil 2019, cibé acu is túisce a tharlóidh.

Airteagal 47

Tuarascáil ÚEUM ar réamheolairí

1.   Bunaithe ar na doiciméid arna gcur ar fáil don phobal tríd an sásra dá dtagraítear in Airteagal 21(6), foilseoidh ÚEUM gach bliain tuarascáil ina mbeidh staitisticí faoi na réamheolairí a fhormheastar agus a dtugtar fógra maidir leo san Aontas agus anailís ar threochtaí, agus cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh inti:

(a)

na cineálacha eisitheoirí, go háirithe na catagóirí eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 15(1): agus

(b)

na cineálacha eisiúintí, go háirithe comaoin iomlán na dtairiscintí, na cineálacha urrús inaistrithe, na cineálacha an ionaid trádála agus na hainmníochta.

2.   Beidh an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

anailís ar an méid úsáide a bhaintear, ar fud an Aontais, as na córais nochta a leagtar amach in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 agus as an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

staitisticí faoi na réamheolairí bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus faoi réamheolairí a tarraingíodh suas mar dhoiciméid ar leithligh nó mar dhoiciméad amháin;

(c)

staitisticí faoi mheánchomaoin agus faoi chomaoin iomlán na dtairiscintí urrús don phobal faoi réir an Rialacháin seo, ag cuideachtaí neamhliostaithe, cuideachtaí a bhfuil a n-urrúis á dtrádáil ar MTFanna, lena n-áirítear margaí fáis FBManna, agus cuideachtaí a ligtear isteach a n-urrúis chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte. I gcás inarb infheidhme, úsáidfear na staitisticí sin chun miondealú a dhéanamh idir na chéad tairiscintí don phobal agus tairiscintí ina dhiaidh sin, agus idir urrúis chothromais agus urrúis neamhchothromais;

(d)

staitisticí maidir le húsáid na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt atá in Airteagal 25 agus Airteagal 26, lena n-áirítear miondealú in aghaidh an Bhallstáit maidir le líon na ndeimhnithe formheasa ar tugadh fógra maidir leo i ndáil le réamheolairí, doiciméid chlárúcháin agus doiciméid clárúcháin uilíoch.

Airteagal 48

Athbhreithniú

1.   Roimh an 21 Iúil 2022 tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

2.   Measúnófar sa tuarascáil, inter alia, an iomchuí i gcónaí, i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann leo, achoimre an réamheolaire, na córais nochta a leagtar amach in Airteagal 14 agus Airteagal 15 agus an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil, go háirithe:

(a)

an líon réamheolairí Fáis de chuid AE atá ag eintitis i ngach ceann de na ceithre chatagóir dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 15(1) agus anailís ar éabhlóid an lín sin agus ar na treochtaí ó thaobh rogha ionaid trádála na daoine atá i dteideal an réamheolaire Fáis de chuid AE a úsáid;

(b)

anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire Fáis de chuid AE, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid.

3.   Bunaithe ar an anailís dá dtagraítear i mír 2, déanfar measúnú sa tuarascáil ar cibé acu is gá nó nach gá aon leasuithe a dhéanamh ar an Rialachán seo chun cruinniú caipitil cuideachtaí beaga a éascú tuilleadh, agus leibhéal leordhóthanach cosanta infheisteoirí a áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear cibé acu is gá nó nach gá na tairseacha ábhartha a choigeartú.

4.   Ina theannta sin, déanfar meastóireacht sa tuarascáil ar cibé acu is féidir nó nach féidir le heisitheoirí, go háirithe FBManna, LEInna agus ISINanna a fháil ar chostas réasúnta agus laistigh de thréimhse réasúnta ama. Déanfar torthaí an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear in Airteagal 20(13) a chur san áireamh sa tuarascáil.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Gan dochar d’Airteagal 44(2), beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Iúil 2019, ach amháin Airteagal 1(3) agus Airteagal 3(2) a mbeidh feidhm acu ón 21 Iúil 2018 agus pointí (a), (b) agus (c) den cheád fhomhír d'Airteagal 1(5) agus an dara fomhír d'Airteagal 1(5) a mbeidh feidhm acu ón [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun Airteagal 11, Airteagal 20(9), Airteagal 31, Airteagal 32 agus Airteagail 38 go hAirteagal 43 a chomhlíonadh faoin 21 Iúil 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. DALLI


(1)  IO C 195, 2.6.2016, lch. 1.

(2)  IO C 177, 18.5.2016, lch. 9.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2017(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2017.

(4)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

(5)  Treoir 2010/73/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Treoir 2003/71/CE maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear urrúis isteach chun a dtrádála agus treoir 2004/109/CE maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (IO L 327, 11.12.2010, lch. 1).

(6)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

(7)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(11)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84)

(13)  Rialachán (AE) 206/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2001 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Treoir 80/390/CEE ón gComhairle an 17 Márta 1980 lena gcomhordaítear na ceanglais i ndáil leis na sonraí liostaithe a tharraingt suas, a ghrinnscrúdú agus a leithdháileadh, atá le foilsiú chun urrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin (IO L 100, 17.4.1980, lch. 1).

(18)  Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (IO L 184, 6.7.2001, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(20)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis atá i réamheolairí chomh maith le formáid, le corprú de réir tagairtí agus le foilsiú na réamheolairí sin agus scaipeadh fógrán (IO L 149, 30.4.2004, lch. 1).

(22)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(23)  Treoir (AE) 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachta liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17)

(24)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(25)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(27)  Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).


IARSCRÍBHINN I

RÉAMHEOLAIRE

I.

Achoimre

II.

Céannacht stiúrthóirí, bainisteoirí sinsearacha, comhairleoirí agus iniúchóirí

Is é an cuspóir don chuid seo ionadaithe na cuideachta agus daoine aonair eile a bhfuil baint acu le hurrúis a thairiscint nó a ligean isteach chun a dtrádála a shainaithint; is iad sin na daoine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas agus as iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais.

III.

Staitisticí faoin tairiscint agus an clár ama a mheastar a bheidh ann

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis shár-riachtanach a thabhairt faoin modh tairisceana agus dátaí tábhachtacha a shainaithint a bhaineann leis an tairiscint sin.

A.

Staitisticí faoin tairiscint

B.

An modh agus an clár ama a mheastar a bheidh ann

IV.

Faisnéis shár-riachtanach

Is é is cuspóir don chuid seo achoimre a thabhairt ar fhaisnéis shár-riachtanach faoi staid airgeadais, faoi chaipitliú agus faoi fhachtóirí priacail na cuideachta. Má dhéantar na ráitis airgeadais sa doiciméad a athshonrú chun athruithe ábhartha ar ghrúpstruchtúr nó ar bheartais chuntasaíochta na cuideachta a chur san áireamh, ní mór na mionsonraí airgeadais a roghnaíodh a athshonrú freisin.

A.

Na mionsonraí airgeadais a roghnaíodh

B.

Caipitliú agus féichiúnas (le haghaidh urrúis chothromais amháin)

C.

Na cúiseanna atá leis an tairiscint agus úsáid fáltas

D.

Fachtóirí priacail

V.

Faisnéis faoin gcuideachta

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, faoi na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, agus faoi na fachtóirí a dhéanann difear dá gnó. Beartaítear, leis, faisnéis a thabhairt faoina leordhóthanaí agus faoina oiriúnaí atá maoin, gléasra agus trealamh na cuideachta, agus faoi na pleananna atá aici a hacmhainn a mhéadú nó a laghdú amach anseo.

A.

Stair agus forbairt na cuideachta

B.

Forléargas gnó

C.

Struchtúr eagraíochtúil

D.

Maoin, gléasra agus trealamh

VI.

Athbhreithniú oibriúcháin agus airgeadais agus ionchais

Is é is cuspóir don chuid seo an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt: míniú an lucht bainistíochta ar fhachtóirí lena ndearnadh difear do staid airgeadais na cuideachta, na torthaí a bhí ar oibríochtaí le linn na dtréimhsí stairiúla a chuimsítear sna ráitis airgeadais, agus measúnú an lucht bainistíochta ar fhachtóirí agus ar threochtaí a mheastar a mbeidh éifeacht ábhartha acu ar staid airgeadais na cuideachta agus ar thorthaí a cuid oibríochtaí sa todhchaí.

A.

Torthaí oibriúcháin

B.

Leachtacht agus acmhainní caipitil

C.

Taighde agus forbairt, paitinní agus ceadúnais, etc.

D.

Treochtaí

VII.

Stiúrthóirí, bainisteoirí sinsearacha agus fostóirí

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi stiúrthóirí agus faoi bhainisteoirí na cuideachta, rud a ligfidh d'infheisteoirí measúnú a dhéanamh ar thaithí, ar cháilíochtaí agus ar luach saothair na stiúrthóirí agus na mbainisteoirí sin, agus ar an gcaidreamh atá acu leis an gcuideachta.

A.

Stiúrthóirí agus bainisteoirí sinsearacha

B.

Luach Saothair

C.

Cleachtais an bhoird

D.

Fostaithe

E.

Úinéireacht scaireanna

VIII.

Scairshealbhóirí móra agus idirbhearta le páirtithe bainteacha

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi na scairshealbhóirí móra agus faoi dhaoine eile a d'fhéadfadh a bheith i gceannas na cuideachta nó a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu uirthi. Ina theannta sin, tugtar faisnéis inti faisnéis faoi na hidirbhearta atá déanta ag an gcuideachta le daoine atá cleamhnaithe leis an gcuideachta agus faoina chothroime atá téarmaí na n-idirbheart sin i leith na cuideachta.

A.

Scairshealbhóirí móra

B.

Idirbhearta le páirtithe bainteacha

C.

Leasanna saineolaithe agus comhairleoirí

IX.

Faisnéis airgeadais

Is é is cuspóir don chuid seo sonrú a dhéanamh ar na ráitis airgeadais nach mór a chur san áireamh sa doiciméad, agus ar na tréimhsí atá le cumhdach, ar aois na ráiteas airgeadais agus ar fhaisnéis eile de chineál airgeadais. Na prionsabail chuntasaíochta agus iniúchóireachta a ghlacfar lena n-úsáid chun na ráitis airgeadais a ullmhú agus iniúchóireacht a dhéanamh orthu, cinnfear iad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta agus iniúchóireachta.

A.

Ráitis chomhdhlúite agus faisnéis eile airgeadais

B.

Athruithe suntasacha

X.

Sonraí a bhaineann leis an tairiscint agus le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi urrúis a thairiscint agus a ligean isteach chun a dtrádála, faoin bplean maidir le dáileadh na n-urrús agus faoi chúrsaí eile a bhaineann le hábhar.

A.

Tairiscint agus urrúis a ligean isteach chun a dtrádála

B.

Plean maidir le dáileadh

C.

Margaí

D.

Sealbhóirí a bhfuil urrúis acu le díol

E.

Caolú (i gcás urrúis chothromais amháin)

F.

Costais na heisiúna

XI.

Faisnéis bhreise

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt, ar faisnéis de chineál reachtach an chuid is mó di, nach gcumhdaítear in áiteanna eile sa réamheolaire.

A.

Scairchaipiteal

B.

Meamram agus airteagail chomhlachais

C.

Conarthaí tábhachtacha

D.

Rialuithe malairte

E.

Rabhadh maidir le himpleachtaí cánach

F.

Díbhinní agus gníomhairí íocaíochta

G.

Ráitis saineolaithe

H.

Doiciméid atá ar fáil don phobal

I.

Faisnéis thánaisteach


IARSCRÍBHINN II

DOICIMÉAD CLÁRÚCHÁIN

I.

Céannacht stiúrthóirí, bainisteoirí sinsearacha, comhairleoirí agus iniúchóirí

Is é is cuspóir don chuid seo ionadaithe na cuideachta agus daoine aonair eile, a bhfuil baint acu leis an gcuideachta do thairiscint nó do ligean urrúis isteach chun a dtrádála, a shainaithint; is iad sin na daoine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas agus as iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais.

II.

Faisnéis shár-riachtanach faoin eisitheoir

Is é is cuspóir don chuid seo achoimre a thabhairt ar fhaisnéis shár-riachtanach faoi staid airgeadais, faoi chaipitliú agus faoi fhachtóirí priacail na cuideachta. Má dhéantar na ráitis airgeadais sa doiciméad a athshonrú chun athruithe ábhartha ar ghrúpstruchtúr nó ar bheartais chuntasaíochta na cuideachta a chur san áireamh, ní mór na mionsonraí airgeadais a roghnaíodh a athshonrú freisin.

A.

Na mionsonraí airgeadais a roghnaíodh

B.

Caipitliú agus féichiúnas (i gcás urrúis chothromais amháin)

C.

Fachtóirí priacail a bhaineann leis an eisitheoir

III.

Faisnéis faoin gcuideachta

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, faoi na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, agus faoi na fachtóirí a dhéanann difear dá gnó. Tá sé beartaithe, leis, faisnéis a thabhairt faoina leordhóthanaí agus faoina oiriúnaí atá maoin, gléasra agus trealamh na cuideachta, agus faoi na pleananna atá aici a hacmhainn a mhéadú nó a laghdú.

A.

Stair agus forbairt na cuideachta

B.

Forléargas gnó

C.

Struchtúr eagraíochtúil

D.

Maoin, gléasra agus trealamh

IV.

Athbhreithniú oibriúcháin agus airgeadais agus ionchais

Is é is cuspóir don chuid seo an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt: míniú an lucht bainistíochta ar fhachtóirí lena ndearnadh difear do staid airgeadais na cuideachta, na torthaí a bhí ar oibríochtaí le linn na dtréimhsí stairiúla a chuimsítear sna ráitis airgeadais, agus measúnú an lucht bainistíochta ar fhachtóirí agus ar threochtaí a mheastar a mbeidh éifeacht ábhartha acu ar staid airgeadais na cuideachta agus ar thorthaí a cuid oibríochtaí sa todhchaí.

A.

Torthaí oibriúcháin

B.

Leachtacht agus acmhainní caipitil

C.

Taighde agus forbairt, paitinní agus ceadúnais, etc.

D.

Treochtaí

V.

Stiúrthóirí, bainisteoirí sinsearacha agus fostóirí

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi stiúrthóirí agus faoi bhainisteoirí na cuideachta, rud a ligfidh d'infheisteoirí measúnú a dhéanamh ar thaithí, ar cháilíochtaí agus ar luach saothair na stiúrthóirí agus na mbainisteoirí sin, agus ar an gcaidreamh atá acu leis an gcuideachta.

A.

Stiúrthóirí agus bainisteoirí sinsearacha

B.

Luach saothair

C.

Cleachtais an bhoird

D.

Fostaithe

E.

Úinéireacht scaireanna

VI.

Scairshealbhóirí móra agus idirbhearta le páirtithe bainteacha

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi na scairshealbhóirí móra agus faoi dhaoine eile a d'fhéadfadh a bheith i gceannas na cuideachta nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu uirthi. Ina theannta sin, tugtar faisnéis inti faisnéis faoi na hidirbhearta atá déanta ag an gcuideachta le daoine atá cleamhnaithe leis an gcuideachta agus faoina chothroime atá téarmaí na n-idirbheart sin i leith na cuideachta.

A.

Scairshealbhóirí móra

B.

Idirbhearta le páirtithe bainteacha

C.

Leasanna saineolaithe agus comhairleoirí

VII.

Faisnéis airgeadais

Is é is cuspóir don chuid seo sonrú a dhéanamh ar na ráitis airgeadais nach mór a bheith sa doiciméad, agus ar na tréimhsí atá le cumhdach, ar aois na ráiteas airgeadais agus ar fhaisnéis eile de chineál airgeadais. Na prionsabail chuntasaíochta agus iniúchóireachta a ghlacfar lena n-úsáid chun na ráitis airgeadais a ullmhú agus iniúchóireacht a dhéanamh orthu, cinnfear iad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta agus iniúchóireachta.

A.

Ráitis chomhdhlúite agus faisnéis eile airgeadais

B.

Athruithe suntasacha

VIII.

Faisnéis bhreise

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt, ar faisnéis de chineál reachtach an chuid is mó di, nach gcumhdaítear in áiteanna eile sa réamheolaire.

A.

Scairchaipiteal

B.

Meamram agus airteagail chomhlachais

C.

Conarthaí tábhachtacha

D.

Ráitis saineolaithe

E.

Doiciméid atá ar fáil don phobal

F.

Faisnéis thánaisteach


IARSCRÍBHINN III

NÓTA MÍNITHE NA nURRÚS

I.

Céannacht stiúrthóirí, bainisteoirí sinsearacha, comhairleoirí agus iniúchóirí

Is é is cuspóir don chuid seo ionadaithe na cuideachta agus daoine aonair eile, a bhfuil baint acu leis an gcuideachta do thairiscint nó do ligean urrúis isteach chun a dtrádála, a shainaithint; is iad sin na daoine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas agus as iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais.

II.

Staitisticí faoin tairiscint agus an clár ama a mheastar a bheidh ann

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis shár-riachtanach a thabhairt faoin modh tairisceana agus dátaí tábhachtacha a shainaithint a bhaineann leis an tairiscint sin.

A.

Staitisticí faoin tairiscint

B.

An modh agus an clár ama a mheastar a bheidh ann

III.

Faisnéis shár-riachtanach faoin eisitheoir

Is é is cuspóir don chuid seo achoimre a thabhairt ar fhaisnéis shár-riachtanach faoi staid airgeadais, faoi chaipitliú agus faoi fhachtóirí priacail na cuideachta. Má dhéantar na ráitis airgeadais sa doiciméad a athshonrú chun athruithe ábhartha ar ghrúpstruchtúr nó ar bheartais chuntasaíochta na cuideachta a chur san áireamh, ní mór na mionsonraí airgeadais a roghnaíodh a athshonrú freisin.

A.

Caipitliú agus féichiúnas (i gcás urrúis chothromais amháin)

B.

Faisnéis a bhaineann leis an gcaipiteal oibriúcháin (i gcás urrúis chothromais amháin)

C.

Na cúiseanna atá leis an tairiscint agus úsáid fáltas

D.

Fachtóirí priacail

IV.

Faisnéis shár-riachtanach faoi na hurrúis

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis shár-riachtanach a sholáthar faoi na hurrúis atá le tairiscint don phobal agus/nó le ligean isteach chun a dtrádála.

A.

Tuairisc ar chineál agus ar aicme na n-urrús atá á dtairiscint don phobal agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála

B.

Airgeadra na n-urrús a eisítear

C.

Sinsearacht choibhneasta na n-urrús i struchtúr caipitil an eisitheora i gcás dhócmhainneacht an eisitheora, lena n-áirítear, más infheidhme, faisnéis faoi leibhéal fo-ordaithe na n-urrús agus faoin tionchar féideartha ar an infheistíocht i gcás réiteach faoin Treoir 2014/59/AE

D.

An díbhinn, an beartas eisíocaíochta, na forálacha a bhaineann le hús iníoctha nó tuairisc ar an ionstraim fholuiteach, lena n-áirítear an modh a úsáidtear chun nasc a dhéanamh idir an ionstraim fholuiteach agus an ráta, agus léiriú ar an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi fheidhmíocht na hionstraime foluití roimhe seo agus amach anseo agus faoina luaineacht

E.

Tuairisc ar aon chearta a ghabhann leis na hurrúis, lena n-áirítear aon teorainneacha ar na cearta sin, agus an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú

V.

Leasanna saineolaithe

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt maidir le hidirbhearta a rinne an chuideachta le saineolaithe nó le comhairleoirí a fostaíodh ar bhonn teagmhasach.

VI.

Sonraí a bhaineann leis an tairiscint agus le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi thairiscint urrús agus faoina ligean isteach chun a dtrádála, faoin bplean maidir le dáileadh na n-urrús agus faoi chúrsaí eile a bhaineann le hábhar.

A.

Tairiscint agus urrúis a ligean isteach chun a dtrádála

B.

Plean maidir le dáileadh

C.

Margaí

D.

Sealbhóirí a bhfuil urrúis acu le díol

E.

Caolú (i gcás urrúis chothromais amháin)

F.

Costais na heisiúna

VII.

Faisnéis bhreise

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt, ar faisnéis de chineál reachtach an chuid is mó di, nach gcumhdaítear in áiteanna eile sa réamheolaire.

A.

Rialuithe malairte

B.

Rabhadh maidir le himpleachtaí cánach

C.

Díbhinní agus gníomhairí íocaíochta

D.

Ráitis saineolaithe

E.

Doiciméid atá ar fáil don phobal


IARSCRÍBHINN IV

DOICIMÉAD CLÁRÚCHÁIN DON RÉAMHEOLAIRE FÁIS DE CHUID AE

I.

Freagracht i leith an doiciméid clárúcháin

Is é is cuspóir don chuid seo an t-eisitheoir, agus a chuid ionadaithe, agus daoine aonair eile a bhfuil baint acu le tairiscint na cuideachta, a shainaithint; sin iad na daoine atá freagrach as an doiciméad clárúcháin a tharraingt suas.

II.

Straitéis, feidhmíocht agus an timpeallacht ghnó

Is é is críoch don chuid seo eolas a chur ar fáil maidir le straitéis agus cuspóirí na cuideachta a bhaineann le forbairt agus feidhmiú amach anseo agus faisnéis a thabhairt faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, faoi na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, faoina hinfheistíochtaí agus faoi na fachtóirí lena ndéantar difear don ghnó. Ina theannta sin, ní mór na fachtóirí priacail a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta agus faisnéis ábhartha treochtaí a áireamh.

III.

Rialachas corparáideach

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt i dtaca le stiúrthóirí agus bainisteoirí na cuideachta, rud a ligfidh d'infheisteoirí measúnú a dhéanamh ar thaithí, ar cháilíochtaí agus ar luach saothair na stiúrthóirí agus na mbainisteoirí sin, agus ar an gcaidreamh atá acu leis an gcuideachta.

IV.

Ráitis airgeadais agus príomhtháscairí feidhmíochta

Is é is cuspóir don chuid seo na ráitis airgeadais agus na príomhtháscairí feidhmíochta a shonrú ar gá iad a chur san áireamh sa doiciméad lena gcumhdaítear an dá bhliain airgeadais is déanaí (i gcás urrúis chothromais) nó an bhliain airgeadais deiridh (i gcás urrúis neamhchothromais) nó cibé tréimhse is giorra ar lena linn a raibh an t-eisitheoir ag feidhmiú.

V.

Athbhreithniú oibriúcháin agus airgeadais (i gcás urrúis chothromais amháin arna n-eisiúint ag cuideachtaí a bhfuil caipitliú margaidh os cionn EUR 200 000 000 acu).

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoin staid airgeadais agus faoi na torthaí oibriúcháin mura ndéantar na tuarascálacha arna dtíolacadh agus arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 29 de Threoir 2013/34/AE le haghaidh na dtréimhsí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais stairiúil, a chur san áireamh sa réamheolaire Fáis de chuid AE.

VI.

Faisnéis scairshealbhóirí

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi imeachtaí dlí agus eadrána, coinbhleachtaí leasa agus idirbhearta le páirtithe bainteacha mar aon le faisnéis faoin scairchaipiteal.


IARSCRÍBHINN V

NÓTA URRÚS LE hAGHAIDH AN RÉAMHEOLAIRE FÁIS DE CHUID AE

I.

Freagrachtaí i leith an nóta urrús

Is é is cuspóir don chuid seo an t-eisitheoir, agus a chuid ionadaithe, agus daoine aonair eile a bhfuil baint acu leis an gcuideachta do thairiscint nó do ligean urrúis isteach chun a dtrádála, a shainaithint; sin iad na daoine atá freagrach as an réamheolaire a tharraingt suas.

II.

Ráiteas faoin gcaipiteal oibre agus ráiteas faoi chaipitliú agus faoi fhéichiúnas (i gcás urrúis chothromais amháin arna n-eisiúint ag cuideachtaí a bhfuil caipitliú margaidh os cionn EUR 200 000 000 acu).

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt faoi chaipitliú agus faoi fhéichiúnas an eisitheora agus faisnéis i dtaobh an leor an caipiteal oibre le haghaidh cheanglais reatha an eisitheora nó, mura leor é, faisnéis i dtaobh an rúin atá ag an eisitheoir chun an caipiteal oibre breise is gá a sholáthar.

III.

Téarmaí agus coinníollacha na n-urrús

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis shár-riachtanach a sholáthar maidir le téarmaí agus coinníollacha na n-urrús agus tuairisc ar aon chearta a ghabhann leis na hurrúis. Ina theannta sin, ní mór na fachtóirí priacail a bhaineann go sonrach leis na hurrúis a áireamh.

IV.

Mionsonraí na tairisceana agus an clár ama a mheastar a bheidh ann

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt maidir le hurrúis a thairiscint agus, más infheidhme, a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF, lena n-áirítear praghas na tairisceana deiridh agus an méid urrús (cibé acu líon na n-urrús nó méid ainmniúil comhiomlán) a thairgfear, na cúiseanna atá leis an tairiscint, an plean maidir le dáileadh na n-urrús, úsáid fháltais na tairisceana, caiteachais na heisiúna agus na tairisceana, agus caolú (i gcás urrúis chothromais amháin).

V.

Faisnéis faoin ráthóir

Is é is cuspóir don chuid seo faisnéis a thabhairt maidir le ráthóir na n-urrús, más infheidhme, lena n-áirítear faisnéis shár-riachtanach faoin ráthaíocht a ghabhann leis na hurrúis, faoi na fachtóirí priacail agus faoin bhfaisnéis airgeadais a bhaineann go sonrach leis an ráthóir.


IARSCRÍBHINN VI

TÁBLA COMHGHAOIL

(dá dtagraítear in Airteagal 46)

Treoir 2003/71/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(b)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 1(2)(f)

Airteagal 1(2)(g)

Airteagal 1(2)(f)

Airteagal 1(2)(h)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(2)(i)

Airteagal 1(2)(j)

Airteagal 1(4)(j) agus Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (i)

Airteagal 1(3)

Airteagal 4

Airteagal 1(4)

Airteagal 2(1)(a)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(1)(b)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(1)(c)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(1)(d)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(1)(e)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(1)(f)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(1)(g)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(1)(h)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(1)(i)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(1)(j)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(1)(k)

Airteagal 2(1)(l)

Airteagal 2(1)(m)

Airteagal 2(m)

Airteagal 2(1)(n)

Airteagal 2(n)

Airteagal 2(1)(o)

Airteagal 2(p)

Airteagal 2(1)(p)

Airteagal 2(q)

Airteagal 2(1)(q)

Airteagal 2(r)

Airteagal 2(1)(r)

Airteagal 2(s)

Airteagal 2(1)(s)

Airteagal 2(1)(t)

Airteagal 2(4)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)(a)

Airteagal 1(4)(a)

Airteagal 3(2)(b)

Airteagal 1(4)(b)

Airteagal 3(2)(c)

Airteagal 1(4)(d)

Airteagal 3(2)(d)

Airteagal 1(4)(c)

Airteagal 3(2)(e)

Airteagal 3(2), an dara agus an tríú fomhír

Airteagal 5(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 1(4)(e)

Airteagal 4(1)(b)

Airteagal 1(4)(f)

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 1(4)(g)

Airteagal 4(1)(d)

Airteagal 1(4)(h)

Airteagal 4(1)(e)

Airteagal 1(4)(i)

Airteagal 4(1), ag dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír

Airteagal 4(2)(a)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 4(2)(b)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (d)

Airteagal 4(2)(c)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (e)

Airteagal 4(2)(d)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (f)

Airteagal 4(2)(e)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (g)

Airteagal 4(2)(f)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (h)

Airteagal 4(2)(g)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (b) agus pointe (c)

Airteagal 4(2)(h)

Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (j)

Airteagal 4(3)

Airteagal 1(7)

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(1) agus (2), Airteagal 14(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7

Airteagal 5(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 5(4), an chéad fhomhír

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(4), an dara fomhír

Airteagal 8(10)

Airteagal 5(4), an tríú fomhír, chéad abairt

Airteagal 8(5) agus Airteagal 25(4)

Airteagal 5(4), an tríú fomhír, dara habairt

Airteagal 8(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 13(1) agus Airteagal 7(13)

Airteagal 6(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(2)(a)

Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 7(2)(b)

Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 7(2)(c)

Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 7(2)(d)

Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 7(2)(e)

Airteagal 15(2)

Airteagal 7(2)(f)

Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (d)

Airteagal 7(2)(g)

Airteagal 14(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 17(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 17(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 17(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 18(1)

Airteagal 8(3)

Airteagal 18(2)

Airteagal 8(3a)

Airteagal 18(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 18(4), an chéad fhomhír

Airteagal 8(5), an chéad fhomhír

Airteagal 8(5), an dara fomhír

Airteagal 9(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 12(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 9(4)

Airteagal 12(2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 19(4)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(1), an chéad fhomír

Airteagal 12(2)

Airteagal 10(1), an dara fomhír

Airteagal 12(3)

Airteagal 13(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 20(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 20(3)

Airteagal 13(4)

Airteagal 20(4)

Airteagal 13(5)

Airteagal 20(8)

Airteagal 13(6)

Airteagal 20(9)

Airteagal 13(7)

Airteagal 14(1)

Airteagal 21(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 21(5)

Airteagal 14(4a)

Airteagal 21(6)

Airteagal 14(5)

Airteagal 21(9)

Airteagal 14(6)

Airteagal 21(10)

Airteagal 14(7)

Airteagal 21(11)

Airteagal 14(8)

Airteagal 21(12)

Airteagal 15(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 22(3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 22(4)

Airteagal 15(5)

Airteagal 22(5)

Airteagal 15(6)

Airteagal 22(6)

Airteagal 15(7)

Airteagal 22(9)

Airteagal 16(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 23(7)

Airteagal 17(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 24(2)

Airteagal 18(1)

Airteagal 25(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 18(3), an chéad fhomhír

Airteagal 25(3)

Airteagal 18(3), an dara fomhír

Airteagal 21(5)

Airteagal 18(4)

Airteagal 25(8)

Airteagal 19(1)

Airteagal 27(1)

Airteagal 19(2)

Airteagal 27(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 27(3)

Airteagal 19(4)

Airteagal 27(5)

Airteagal 20(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 29(2)

Airteagal 20(3)

Airteagal 29(3)

Airteagal 21(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 21(1a)

Airteagal 34(1)

Airteagal 21(1b)

Airteagal 34(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 31(2)

Airteagal 21(3)(a)

Airteagal 32(1)(a)

Airteagal 21(3)(b)

Airteagal 32(1)(b)

Airteagal 21(3)(c)

Airteagal 32(1)(c)

Airteagal 21(3)(d)

Airteagal 32(1)(d)

Airteagal 21(3)(e)

Airteagal 32(1)(e)

Airteagal 21(3)(f)

Airteagal 32(1)(f)

Airteagal 21(3)(g)

Airteagal 32(1)(g)

Airteagal 21(3)(h)

Airteagal 32(1)(h)

Airteagal 21(3)(i)

Airteagal 32(1)(i)

Airteagal 21(3), an dara fomhír

Airteagal 32(1), an dara fomhír

Airteagal 21(4)(a)

Airteagal 32(1)(l)

Airteagal 21(4)(b)

Airteagal 32(1)(m)

Airteagal 21(4)(c)

Airteagal 21(4)(d)

Airteagal 32(1)(n)

Airteagal 21(4), an dara fomhír

Airteagal 32(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 21(5)

Airteagal 31(3) agus Airteagal 32(6)

Airteagal 22(1)

Airteagal 35(2)

Airteagal 22(2), an chéad fhomhír

Airteagal 33(1)

Airteagal 22(2), an dara fomhír

Airteagal 22(2), an tríú fomhír

Airteagal 33(5)

Airteagal 22(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 33(6) agus (7)

Airteagal 23(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 37(2)

Airteagal 24(1)

Airteagal 45(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 45(2)

Airteagal 24(2a)

Airteagal 24(3)

Airteagal 24a

Airteagal 44

Airteagal 24b

Airteagal 44

Airteagal 24c

Airteagal 44

Airteagal 25(1)

Airteagal 38(1)

Airteagal 25(2)

Airteagal 42

Airteagal 26

Airteagal 40

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 46

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 48

Airteagal 31a

Airteagal 32

Airteagal 49

Airteagal 33