ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
22 Bealtaine 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2017/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Úcráin)

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 133 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

22.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/850 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Úcráin)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (2) ón gComhairle na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Comhdhéanamh na liostaí de thríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, ba cheart é a bheith ag teacht leis na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus ba cheart go bhfanfadh sé amhlaidh. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó iarscríbhinn amháin go dtí an iarscríbhinn eile, de réir mar is iomchuí.

(2)

Meastar go bhfuil na tagarmharcanna ar fad sa Phlean Gníomhaíochta Léirscaoilte Víosa a tugadh do Rialtas na hÚcráine i mí na Samhna 2010 bainte amach ag an Úcráin agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann sí na critéir is ábhartha lena saoránaigh a dhíolmhú ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal go dtí críoch na mBallstát. Déanfaidh an Coimisiún faireachán cuí ar chomhlíonadh leantach na gcritéar sin ag an Úcráin, go háirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na héillitheachta, i gcomhréir leis an sásra ábhartha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

(3)

Dá réir sin, ba cheart an tagairt don Úcráin a aistriú ó Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go dtí Iarscríbhinn II de. Ba cheart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh víosaí sin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus maidir leo sin amháin.

(4)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(7)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(8)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(a)

in Iarscríbhinn I, Cuid 1 (“NA STÁIT”), scriostar an tagairt don Úcráin.

(b)

in Iarscríbhinn II, Cuid 1 (“NA STÁIT”), cuirtear isteach an tagairt seo a leanas:

“An Úcráin (*1)

(*1)  Tá an tarscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen, (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen, (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).