ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

60
20 Bealtaine 2017


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2017/828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 2007/36/CE a mhéid a bhaineann le spreagadh rannpháirtíocht scairshealbhóirí fadtéarmacha ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 132 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

20.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TREOIR (AE) 2017/828 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leasaítear Treoir 2007/36/CE a mhéid a bhaineann le spreagadh rannpháirtíocht scairshealbhóirí fadtéarmacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ceanglais i ndáil le feidhmiú cearta scairshealbhóirí áirithe atá ag gabháil le scaireanna vótála i ndáil le cruinnithe ginearálta cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát agus a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát.

(2)

Léirigh an ghéarchéim airgeadais gur thacaigh scairshealbhóirí i mórán cásanna le dul i riosca iomarcach gearrthéarmach bainisteoirí. Thairis sin, tá fianaise shoiléir ann nach mbíonn an leibhéal reatha “faireacháin” ar chuideachtaí infheistíochta agus rannpháirtíocht infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne leordhóthanach go minic agus go mbíonn sé ródhírithe ar thorthaí gearrthéarmacha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le rialachas corparáideach fo-optamach agus feidhmíocht fho-optamach cuideachtaí liostaithe.

(3)

Ina theachtaireacht an 12 Nollaig 2012 dar teideal “Plean Gníomhaíochta: dlí cuideachtaí Eorpacha agus rialachas corparáideach - creat dlíthiúla nua-aimseartha ar mhaithe le rannpháirtíocht níos mó ag scairshealbhóirí agus cuideachtaí inbhuanaithe”, d’fhógair an Coimisiún roinnt gníomhaíochtaí i réimse an rialachais chorparáidigh, go háirithe chun rannpháirtíocht scairshealbhóirí fhadtéarmach a spreagadh agus trédhearcacht idir cuideachtaí agus infheisteoirí a fheabhsú.

(4)

Is minic a shealbhaítear scaireanna cuideachtaí liostaithe trí shlabhraí casta idirghabhálaithe a fhágann feidhmiú cearta scairshealbhóirí níos deacra agus a d’fhéadfadh feidhmiú mar bhac ar rannpháirtíocht scairshealbhóirí. Is minic nach mbíonn cuideachtaí ábalta a scairshealbhóirí a shainaithint. Is réamhriachtanas é sainaithint scairshealbhóirí i gcomhair cumarsáid dhíreach idir an scairshealbhóir agus an chuideachta agus, mar sin, tá sé riachtanach chun feidhmiú cearta agus rannpháirtíocht scairshealbhóirí a éascú. Tá sé seo ábhartha go háirithe i gcás staideanna trasteorann agus nuair atá meáin leictreonacha á n-úsáid. Mar sin, ba cheart go mbeadh an ceart ag cuideachtaí liostaithe go sainaithneofaí a scairshealbhóirí d’fhonn a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh leo. Ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar idirghabhálaithe, arna iarraidh sin ag an gcuideachta, faisnéis maidir le sainaithint scairshealbhóirí a chur in iúl don chuideachta. Ba cheart a lamháil do na Ballstáit, áfach, scairshealbhóirí a eisiamh ó na ceanglais sainaitheantais nach sealbhaíonn ach líon beag scaireanna.

(5)

Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ní mór leibhéal áirithe faisnéise faoi shainaithint scairshealbhóirí a tharchur chun na cuideachta. Ba cheart go mbeadh ar áireamh san fhaisnéis sin ar a laghad ainm agus sonraí teagmhála an scairshealbhóra, agus nuair is duine dlítheanach é an scairshealbhóir, a uimhir chlárúcháin nó, murab ann d’uimhir chlárúcháin, aitheantóir uathúil, amhail an Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (cód LEI) agus líon na scaireanna atá ag an scairshealbhóir chomh maith leis, má iarrann an chuideachta, catagóirí nó aicmí na scaireanna agus dáta a bhfála. Ní chumasódh tarchur faisnéise is lú don chuideachta a scairshealbhóirí a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo.

(6)

Faoin Treoir seo, ba cheart sonraí pearsanta na scairshealbhóirí a phróiseáil chun a chumasú don chuideachta a scairshealbhóirí atá ann cheana a shainaithint chun cumarsáid a dhéanamh leo go díreach, d’fhonn feidhmiú chearta na scairshealbhóirí agus rannpháirtíocht scairshealbhóirí leis an gcuideachta a éascú. Tá an méid sin gan dochar do dhlí na mBallstát lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí pearsanta scairshealbhóirí chun críocha eile, amhail cumasú do scairshealbhóirí comhoibriú lena chéile.

(7)

Chun a chumasú don chuideachta cumarsáid dhíreach a dhéanamh lena scairshealbhóirí atá ann cheana i bhfianaise feidhmiú cearta scairshealbhóirí agus rannpháirtíocht scairshealbhóirí, ba cheart go lamhálfaí do chuideachta agus d’idirghabhálaithe sonraí pearsanta maidir leis na scairshealbhóirí a stóráil fad is scairshealbhóirí iad. Is minic, áfach, nach eol do chuideachtaí agus d’idirghabhálaithe gur scoir duine de bheith ina scairshealbhóir murar chuir an duine sin in iúl nó bhfuair siad trí fheidhmiú sainaitheanta scairshealbhóirí nua, nach dtarlaíonn go minic ach uair sa bhliain i ndáil leis an gcruinniú ginearálta bliantúil nó himeachtaí tábhachtacha eile amhail tairiscintí táthcheangail nó cumaisc. Ba cheart dá bhrí sin go lamhálfaí do chuideachtaí agus d’idirghabhálaithe sonraí pearsanta a stóráil go dtí an dáta ar a dtagann siad ar an eolas faoin fíric go scoirfidh duine de bheith ina scairshealbhóir agus ar feadh uastréimhse 12 mhí tar éis an dáta ar a dtagann ar an eolas faoin fíric don chuideachta nó don idirghabhálaí. Ní dochar é seo don fhíric go bhféadfaidh gur gá don chuideachta nó don idirghabhálaí sonraí pearsanta daoine a scoir de bheith ina scairshealbhóirí chun críocha eile a stóráil, amhail taifid leordhóthanacha a áirithiú chun súil a choimeád ar chomharba i dteideal scaireanna cuideachta, taifid riachtanacha a chothabháil i leith cruinnithe ginearálta, lena n-áirítear i ndáil le bailíocht a rún, an chuideachta do chomhall a hoibleagáidí i ndáil le díbhinní a íoc nó le hús a bhaineann le scaireanna nó le haon suimeanna eile a bheidh le híoc le hiar-scairshealbhóirí.

(8)

Braitheann feidhmiú éifeachtach ag scairshealbhóirí ar a gcearta go mór ar éifeachtúlacht an tslabhra idirghabhálaithe ina gcoinnítear cuntais urrús thar ceann scairshealbhóirí nó daoine eile, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann. I slabhra na n-idirghabhálaithe, go háirithe nuair a bheidh mórán idirghabhálaithe i gceist leis an slabhra, ní sheachadtar faisnéis i gcónaí ón chuideachta chun a scairshealbhóirí agus ní tharchuirtear vótaí scairshealbhóirí i gcónaí i gceart chun na cuideachta. Is é is aidhm don Treoir seo tarchur faisnéise a fheabhsú idir feadh an tslabhra na n-idirghabhálaithe chun feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú.

(9)

I bhfianaise a ról tábhachtach, ba cheart go mbeadh iallach air idirghabhálaithe, feidhmiú na gceart ag scairshealbhóirí a éascú cibé acu an bhfeidhmíonn scairshealbhóirí féin na cearta sin nó an ainmníonn siad tríú duine chun déanamh amhlaidh. Nuair nach dteastaíonn ó scairshealbhóirí féin na cearta a fheidhmiú agus go mbeidh an t-idirghabhálaí ainmnithe acu chun déanamh amhlaidh, ba cheart go bhfeidhmeodh an t-idirghabhálaí na cearta sin ar údarú sainráite agus ar theagasc na scairshealbhóirí agus ar mhaithe leo.

(10)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh scairshealbhóirí a ghabhann leis na cuideachta infheistíochta trí vótáil bheith ar an eolas ar cuireadh a vótaí i gcuntas i gceart. Ba cheart dearbhú fála vótaí a chur ar fáil i gcás vótáil leictreonach. Lena chois sin, ba cheart go mbeadh an deis ar a laghad ag gach scairshealbhóir a chaithfidh vóta i gcruinniú ginearálta chun fíorú i ndiaidh an chruinnithe ghinearálta cibé acu an bhfuil an vóta taifeadta agus comhairthe go bailí ag an gcuideachta.

(11)

Chun infheistíocht chothromais ar fud an Aontais agus chun feidhmiú na gceart a bhaineann le scaireanna a éascú, ba cheart go mbunódh an Treoir seo ardleibhéal trédhearcachta maidir le muirir, lena n-áirítear praghsanna agus táillí, do na seirbhísí arna soláthar ag idirghabhálaithe. Gníomhaíonn idirdhealú idir na muirir a thoibhítear ar fheidhmiú cearta scairshealbhóirí cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann mar bhac ar infheistíocht trasteorann agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart é a thoirmeasc. Aon difríochtaí idir na muirir a thoibhítear chun cearta scairshealbhóirí intíre agus trasteorann a fheidhmiú níor cheart iad a lamháil ach amháin má tá siad cuí-dhlisteanaithe agus má léiríonn siad an éagsúlacht i gcostais iarbhír a thabhaítear as seachadadh na seirbhísí ag idirghabhálaithe.

(12)

Féadfar a áireamh i slabhra na n-idirghabhálaithe idirghabhálaithe nach bhfuil aon oifig nó nach bhfuil a gceannoifig chláraithe san Aontas acu. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh éifeachtaí ag na gníomhaíochtaí a dhéanann na hidirghabhálaithe tríú tír ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach chuideachtaí de chuid an Aontais agus ar rialachas corparáideach san Aontas. Ina theannta sin, chun na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir seo a bhaint amach, is gá a áirithiú go dtarchuirfear faisnéis ar fud shlabhra na n-idirghabhálaithe. Mura mbeadh idirghabhálaithe tríú tír faoi réir na Treorach seo agus mura raibh na hoibleagáidí céanna orthu a bhaineann le tarchur na faisnéise mar idirghabhálaithe de chuid an Aontais, bheadh baol ann go gcuirfí isteach ar shreabhadh na faisnéise. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh idirghabhálaithe tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí maidir le scaireanna cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe acu san Aontas agus a ligtear a scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe atá suite nó ag oibriú laistigh de Bhallstát faoi réir na rialacha maidir le sainaithint scairshealbhóirí, tarchur faisnéise, éascú cearta scairshealbhóir agus trédhearcacht agus neamh-idirdhealú costas chun cur i bhfeidhm éifeachtach na bhforálacha a áirithiú maidir le scaireanna arna sealbhú trí na hidirghabhálaithe sin.

(13)

Tá an Treoir seo gan dochar do dhlí náisiúnta lena rialaítear sealbhú agus úinéireacht urrús agus socruithe lena gcoimeádtar sláine urrús agus ní dhéanfaidh sé difear d’úinéirí tairbhiúla ná do dhaoine eile nach iadsan na scairshealbhóirí faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

(14)

Tá rannpháirtíocht éifeachtach agus inbhuanaithe scairshealbhóirí ar cheann de chlocha coirnéil mhúnla rialachais chorparáidigh na gcuideachtaí liostaithe, a bhraitheann ar shrianta agus ceartúcháin idir na horgáin éagsúla agus na geallsealbhóirí éagsúla. Ar na nithe ar féidir leo feabhas a chur ar fheidhmíocht airgeadais agus neamhairgeadais cuideachtaí tá rannpháirtíocht níos mó na scairshealbhóirí i rialachas corparáideach, lena n-áirítear maidir le fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, go háirithe amhail dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, a dtacaíonn an Náisiúin Aontaithe leo. Chomh maith leis sin, tá rannpháirtíocht níos mó gach scairshealbhóra, go háirithe fostaithe, sa rialachas corparáideach ina fhachtóir tábhachtach lena áirithiú go mbainfidh cuideachtaí liostaithe amach cur chuige níos fadtéarmaí agus is gá iad a spreagadh chuige sin agus é a chur san áireamh.

(15)

Is minic ar scairshealbhóirí tábhachtacha na gcuideachtaí liostaithe san Aontas iad infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne agus dá bhrí sin, is féidir ról tábhachtach a bheith acu i rialú corparáideach na gcuideachtaí sin, ach freisin go ginearálta maidir le straitéis agus le feidhmíocht fhadtéarmach. Tá léirithe ag taithí le blianta anuas, áfach, gur minic nach ndéileálann infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne le cuideachtaí ina bhfuil scaireanna acu agus léiríonn an fhianaise go gcuireann margaí caipitil brú go minic ar chuideachtaí feidhmiú sa ghearrthéarma, rud a d’fhéadfadh feidhmíocht fhadtéarmach airgeadais agus neamhairgeadais cuideachtaí a chur i mbaol agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis, i measc iarmhairtí diúltacha eile, le leibhéal fo-optamach infheistíochtaí, mar shampla i dtaighde agus i bhforbairt chun aimhleasa fheidhmíocht fhadtéarmach na gcuideachtaí agus an infheisteora araon.

(16)

Is minic nach mbíonn infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne trédhearcach faoina straitéisí infheistíochta agus faoina mbeartas rannpháirtíochta agus faoina gcur chun feidhme. Maidir le nochtadh poiblí na faisnéise sin, d’fhéadfadh sé tionchar dearfach a bheith aige ar fheasacht infheisteoirí, d’fhéadfadh sé tairbhithe deiridh amhail pinsinéirí sa todhchaí a chumasú cinntí infheistíochta a optamú, d’fhéadfadh sé an t-idirphlé idir cuideachtaí agus a scairshealbhóirí a éascú agus d’fhéadfadh sé rannpháirtíocht scairshealbhóra a spreagadh agus a gcuntasacht do scairshealbhóirí agus don tsochaí shibhialta a neartú.

(17)

Ba cheart dá bhrí sin d’infheisteoirí institiúideacha agus do bhainisteoirí sócmhainne a bheith níos trédhearcaí maidir lena gcur chuige ó thaobh rannpháirtíocht scairshealbhóirí de. Ba cheart dóibh beartas maidir le rannpháirtíocht scairshealbhóirí a fhorbairt agus a nochtadh go poiblí nó a mhíniú cén fáth ar roghnaigh siad gan é sin a dhéanamh. Ba cheart go ndéanfaí cur síos sa bheartas maidir le rannpháirtíocht scairshealbhóirí ar conas a dhéanann infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne an rannpháirtíocht scairshealbhóirí a chomhtháthú sa straitéis infheistíochta, ar cad iad na gníomhaíochtaí éagsúla rannpháirtíochta atá beartaithe acu agus an chaoi a ndéanann siad amhlaidh. Ba cheart go n-áireofaí sa bheartas maidir le rannpháirtíocht freisin beartais chun coinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a bhainistiú, go háirithe i gcásanna ina mbeidh caidreamh suntasach gnó ag na hinfheisteoirí institiúideacha nó ag na bainisteoirí sócmhainne nó ag a ngnóthais chleamhnaithe leis an gcuideachta infheistíochta. Ba cheart go mbeadh an beartas rannpháirtíochta nó an míniú ar fáil go poiblí ar líne.

(18)

Ba cheart go ndéanfadh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne faisnéis a nochtadh go poiblí maidir le cur chun feidhme a mbeartais rannpháirtíochta agus go háirithe an chaoi a ndearna siad a gcearta vótála a fheidhmiú. Chun an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú, áfach, ba cheart go mbeadh infheisteoirí in ann a chinneadh gan gach vóta a caitheadh a fhoilsiú má mheastar an vóta sin a bheith neamhshuntasach toisc ábhar an vóta nó toisc mhéid an tsealúchais sa chuideachta. Féadfar a áireamh sna vótaí neamhshuntasacha sin vótaí a caitheadh ar mhaithe le ceisteanna nós imeachta amháin nó vótaí a caitheadh i gcuideachtaí nach bhfuil ach bun beag ag an infheisteoir iontu i gcomparáid le sealúchais an infheisteora sin i gcuideachtaí infheistíochta eile. Ba cheart d’infheisteoirí a gcritéir féin a leagan síos maidir leis na vótaí atá neamhshuntasach ar bhonn ábhar an vóta nó mhéid an tsealúchais sa chuideachta agus na critéir sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.

(19)

Cuidíonn cur chuige meántéarmach go fadtéarmach go mór le maoirseacht fhreagrach sócmhainní. Ba cheart dá bhrí sin go nochtfadh na hinfheisteoirí institiúideacha don phobal, go bliantúil, faisnéis lena mínítear conas atá príomheilimintí a straitéise infheistíochta cothromais i gcomhréir le próifíl agus ré a ndliteanas agus conas a chuireann na gnéithe sin le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach a sócmhainní. I gcás ina n-úsáidfidh siad bainisteoir sócmhainne, trí shainorduithe lánroghnacha a bhaineann le bainistiú sócmhainní ar bhonn aonair nó trí chistí comhthiomsaithe, ba cheart go nochtfadh infheisteoirí institiúideacha don phobal príomheilimintí áirithe an tsocraithe leis an mbainisteoir sócmhainne, go háirithe maidir le conas a dhreasaíonn sé an bainisteoir sócmhainne chun a straitéis agus a chinntí infheistíochta a ailíniú le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus conas a mheasúnaíonn sé feidhmíocht an bhainisteora sócmhainne, lena n-áirítear a luach saothair, conas a dhéanann sé faireachán ar chostais láimhdeachais punainne arna dtabhú ag an mbainisteoir sócmhainne agus conas a dhreasaíonn sé an bainisteoir sócmhainne feidhmiú ar mhaithe le leas meántéarmach go fadtéarmach is fearr an infheisteora institiúidigh. Rannchuideodh sé sin le hailíniú cuí leasanna idir tairbhithe deiridh na n-infheisteoirí institiúideacha, na bainisteoirí sócmhainne agus na cuideachtaí infheistíochta agus d’fhéadfadh sé rannchuidiú le forbairt straitéisí infheistíochta níos fadtéarmaí agus caidreamh níos fadtéarmaí le cuideachtaí infheistíochta ina bhfuil rannpháirtíocht scairshealbhóra.

(20)

Ba cheart do bhainisteoirí sócmhainne faisnéis a thabhairt don infheisteoir institiúideach ionas go mbeadh an t-infheisteoir sin in ann a mheas cibé an bhfeidhmíonn an bainisteoir ar mhaithe le leas fadtéarmach is fearr an infheisteora agus conas a dhéanann sé é sin agus cibé an leanann an bhainisteoir sócmhainne straitéis a lena soláthraítear rannpháirtíocht éifeachtach scairshealbhóirí. I bprionsabal, is socruithe déthaobhach conarthach é an caidreamh idir an bainisteoir sócmhainne agus an t-infheisteoir institiúideach. Cé go bhféadfadh infheisteoirí móra institiúideacha a bheith in ann tuairisciú sonrach a lorg, áfach, ón mbainisteoir sócmhainne, go háirithe i gcás ina mbeidh na sócmhainní á mbainistiú ar bhonn sainordú lánroghnach, tá sé ríthábhachtach go socrófaí sraith íosta de cheanglais dhlíthiúla, le haghaidh infheisteoirí institiúideacha níos lú nach bhfuil chomh sofaisticiúil céanna, ionas go mbeidh siad in ann measúnú cuí a dhéanamh ar an mbainisteoir sócmhainne agus é a thabhairt chun cuntais. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar bhainisteoirí sócmhainne a nochtadh d’infheisteoirí institiúideacha conas atá a straitéis infheistíochta agus a cur chun feidhme ag rannchuidiú le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach shócmhainní an infheisteora institiúidigh nó an chiste. Ba cheart go gcuimseodh an nochtadh sin tuairisciú ar na príomhrioscaí ábhartha meántéarmacha go fadtéarmacha a bhaineann leis na hinfheistíochtaí punainne, lena n-áirítear san fhaisnéis sin ceisteanna a bhaineann le rialachas corparáideach agus rioscaí meántéarmacha go fadtéarmacha eile. Tá an faisnéis sin ríthábhachtach le gur féidir an t-infheisteoir institiúideach measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil anailís mheántéarmach nó fhadtéarmach ar an gcothromas agus ar an bpunann déanta ag an mbainisteoir sócmhainne agus cuidíonn sé sin go mór le rannpháirtíocht éifeachtach scairshealbhóirí. Sa mhéid go mbeidh tionchar ag na rioscaí meántéarmacha go fadtéarmacha sin ar thorthaí na n-infheisteoirí, féadfaidh comhtháthú níos éifeachtaí ar na ceisteanna sin sa phróiseas infheistíochta a bheith ríthábhachtach i gcomhair infheisteoirí institiúideacha.

(21)

Thairis sin, ba cheart do bhainisteoirí sócmhainne comhdhéanamh, láimhdeachas agus costais láimhdeachais na punainne chomh maith lena mbeartas maidir le hiasachtaí urrús a nochtadh d’infheisteoirí institiúideacha. Is táscaire suntasach i leibhéal an láimhdeachais punainne é cibé an bhfuil próisis an bhainisteora sócmhainne ailínithe go hiomlán leis an straitéis ar beartaíodh uirthi agus le leasa an infheisteora institiúidigh, agus cibé an dtugann sé le fios an bhfuil cothromas ag an mbainisteoir sócmhainne do thréimhse ama a chuirfidh ar a chumas bheith rannpháirteach sa chuideachta ar bhealach éifeachtach. Féadfaidh láimhdeachas ard punainne a bheith ina léiriú ar easpa cinnteachta i gcinntí infheistíochta agus in iompraíocht leanta móimintim, agus níl ceachtar den dá chleachtas sin dóchúil chun leasa is fearr na n-infheisteoirí institiúideacha san fhadtéarma, go háirithe sa mhéid go n-ardaíonn an láimhdeachas sin na costais arna dtabhú ag an infheisteoir agus is féidir leis tionchar a bheith aige ar riosca sistéimeacha. Ar an taobh eile de, féadfaidh láimhdeachas íseal a thabhairt le fios go bhfuiltear neamhairdeallach ar bhainistiú riosca nó ar ghluaiseacht i dtreo cur chuige níos éighníomhaí ó thaobh na hinfheistíochta de. Féadfaidh conspóid i réimse rannpháirtíocht scairshealbhóirí eascairt as iasachtaí urrús, faoina ndéantar scaireanna na n-infheisteoirí a dhíol, faoi réir ceart athcheannaigh. Is gá scaireanna díolta a athghairm chun críocha rannpháirtíochta, lena n-áirítear chun vótáil a dhéanamh ag an gcruinniú ginearálta. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an bainisteoir sócmhainne tuairisc a thabhairt ar a bheartas maidir le hiasachtaí urrús agus ar an gcaoi a gcuirtear an beartas sin i bhfeidhm chun a ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta a chomhlíonadh, go háirithe tráth chruinniú ginearálta na gcuideachta infheistíochta.

(22)

Ba cheart don bhainisteoir sócmhainne an t-infheisteoir institiúideach a chur ar an eolas freisin faoi cibé a ndéanann an bainisteoir sócmhainne cinntí infheistíochta ar bhonn an mheasúnaithe ar fheidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach an chuideachta infheistíochta, agus más amhlaidh, conas a dhéanann an bainisteoir sócmhainne na cinntí, lena n-áirítear a fheidhmíocht neamhairgeadais, agus, más amhlaidh, conas a dhéanann sé na cinntí infheistíochta sin. Tá úsáid ar leith le baint as an bhfaisnéis seo chun a chur in iúl cibé an bhfuil cur chuige fadtéarmach gníomhach glactha ag an mbainisteoir sócmhainne agus an gcuirtear nithe sóisialta, comhshaoil agus rialachais i gcuntas.

(23)

Ba cheart don bhainisteoir sócmhainne faisnéis chuí a sholáthar don infheisteoir institiúideach maidir le cibé acu an bhfuil coinbhleachta leasa tagtha chun cinn i dtaca le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus, más amhlaidh, cén chaoi ar dhéileáil an bainisteoir sócmhainne leo. Mar shampla, féadfaidh na coinbhleachtaí leasa sin cosc a chur ar an mbainisteoir sócmhainne vótáil nó a bheith rannpháirteach in aon chor. Ba cheart na cásanna seo uile a nochtadh don infheisteoir institiúideach.

(24)

Ba cheart go dtabharfaí cead do na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás nach mbeidh sócmhainní infheisteora institiúidigh bainistithe ar bhonn aonair, ach iad tiomsaithe le chéile le sócmhainní infheisteoirí eile agus bainistithe trí chiste, gur cheart go ndéanfaí faisnéis a sholáthar d’infheisteoirí eile ar a laghad arna hiarraidh sin dóibh, chun a chur ar chumas gach infheisteoir eile sa chiste céanna an fhaisnéis sin a fháil dá mba mhian leo amhlaidh.

(25)

Baineann a lán infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne úsáid as seirbhísí seach-chomhairleoirí a chuireann seirbhísí taighde, comhairle agus moltaí ar fáil dóibh maidir le conas vótáil ag cruinnithe ginearálta cuideachtaí liostaithe. Cé go bhfuil ról tábhachtach ag seach-chomhairleoirí sa rialachas corparáideach sa mhéid is go rannchuidíonn siad le costais anailíse a laghdú, ar anailís í ar fhaisnéis chuideachta, féadfaidh siad freisin tionchar tábhachtach a bheith acu ar iompraíocht vótála na n-infheisteoirí. Go háirithe, i gcás infheisteoirí a bhfuil punanna acu atá fíoréagsúlaithe agus scaireanna i sealúchais eachtracha bíonn siad ag brath i bhfad níos mó ar sheachmholtaí.

(26)

I bhfianaise a thábhachtaí is atá na seach-chomhairleoirí ba cheart go mbeidís faoi réir ceanglais trédhearcachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfadh seach-chomhairleoirí atá faoi réir cód iompraíochta tuairisciú go héifeachtach ar an gcaoi a bhfuil siad ag cur an chóid sin i bhfeidhm. Ba cheart dóibh freisin príomhfhaisnéis áirithe a bhaineann le hullmhú a dtaighde, a gcomhairle agus a moltaí vótála agus aon choinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha nó gnó caidrimh a nochtadh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thaighde, ar chomhairle agus ar ullmhú na moltaí vótála. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis sin fanta ar fáil go poiblí do thréimhse trí bliana ar a laghad chun go mbeadh infheisteoirí institiúideacha in ann seirbhísí seach-chomhairleoirí a roghnú ag cur i gcuntas an chaoi ar fheidhmigh siad roimhe sin.

(27)

Féadfaidh seach-chomhairleoirí i dtríú tír, nach bhfuil aon oifig chláraithe acu san Aontas, anailís a sholáthar maidir le cuideachtaí an Aontais. Chun a áirithiú go bhfuil an deis chéanna ann do sheach-chomhairleoirí de chuid an Aontas agus do sheach-chomhairleoirí i dtríú tír, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo i gcás seach-chomhairleoirí a dhéanann a ngníomhaíochtaí trí bhunaíocht san Aontas beag beann ar chineál na bunaíochta sin.

(28)

Rannchuidíonn stiúrthóirí le rath fadtéarmach na cuideachta. Tagann cineál agus struchtúr luach saothair na stiúrthóirí go príomha laistigh de raon inniúlachta na cuideachta, a bhoird ábhartha na gcuideachtaí, a scairshealbhóirí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaithe na bhfostaithe. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach éagsúlacht na gcóras rialachais chorparáidigh san Aontas a urramú, a thugann léiriú ar thuairimí na mBallstát éagsúil faoi róil na gcuideachtaí agus na gcomhlachtaí atá freagrach as cinntí a dhéanamh faoi bheartas luacha saothair na stiúrthóirí agus luacha saothair na stiúrthóirí indibhidiúla. Ós rud é go bhfuil luach saothair ar cheann de na príomhionstraimí chun go n-ailíneoidh cuideachtaí a leasanna agus leasanna a stiúrthóirí agus i bhfianaise ról ríthábhachtach na stiúrthóirí i gcuideachtaí, tá sé tábhachtach go gcinnfeadh comhlachtaí inniúla laistigh den cuideachta beartas luacha saothair na gcuideachtaí ar shlí iomchuí agus go mbeadh an deis ag scairshealbhóirí a dtuairimí a chur in iúl maidir le beartas luacha saothair na cuideachta.

(29)

Chun a áirithiú go mbeidh deis ag na scairshealbhóirí tionchar éifeachtach a bheith acu ar bheartas luacha saothair ba cheart go dtabharfaí an ceart dóibh vóta ceangailteach nó comhairleach a bheith acu maidir leis an mbeartas luacha saothair, ar bhonn soiléir, intuigthe agus forléargas cuimsitheach ar bheartas luacha saothair na cuideachta. Ba cheart go rannchuideodh an beartas luacha saothair leis an straitéis ghnó, le leasa fadtéarmacha agus le hinbhuanaitheacht na cuideachta agus ba cheart nach mbeadh sé nasctha go hiomlán nó go príomha le cuspóirí gearrthéarmacha. Ba cheart feidhmíocht stiúrthóirí a mheas ag úsáid na gcritéar airgeadais agus neamhairgeadais araon, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí é, fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Ba cheart go gcuirfeadh an beartas luacha saothair sin síos ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le pá na stiúrthóirí agus le raon a sciaranna coibhneasta. Is féidir é a cheapadh sa chaoi is go mbeidh sé ina chreat a mbeidh pá na stiúrthóirí le cur ann. Is gá an beartas luacha saothair a nochtadh go poiblí freisin, gan mhoill, i ndiaidh vótáil na scairshealbhóirí ag an gcruinniú ginearálta.

(30)

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh go mbeidh gá ag cuideachtaí maolú a dhéanamh ar roinnt rialacha atá sa bheartas luacha saothair de, mar shampla critéir le haghaidh luach saothair seasta nó athraitheach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh Ballstáit ábalta a cheadú do chuideachtaí a leithéid de mhaolú a chur i bhfeidhm go sealadach ar an mbeartas luacha saothair ar choinníoll go sonróidh siad ina mbeartas luacha saothair conas is gá na himthosca eisceachtúla sin a chur i bhfeidhm. Níor cheart go gcumhdódh imthosca eisceachtúla ach amháin cásanna ina mbeadh gá le maolú ar an mbeartas luacha saothair chun freastal ar leasanna fadtéarmacha agus ar inbhuanaitheacht na cuideachta ina hiomláine nó chun a hinmharthanacht a áirithiú. Ba cheart go mbeadh faisnéis san áireamh sa tuarascáil luacha saothair maidir leis an luach saothair a bronnadh nó atá dlite sna himthosca eisceachtúla sin.

(31)

Chun a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme an bheartais luacha saothair ag teacht leis an mbeartas sin, ba cheart go ndeonófaí an ceart do scairshealbhóirí chun vótáil ar thuarascáil luacha saothair na cuideachta. Chun trédhearcacht chorparáideach agus cuntasacht na stiúrthóirí a áirithiú, ba cheart an tuarascáil luacha saothair a bheith soiléir agus sothuigthe agus ba cheart go bhforálfaí forléargas cuimsitheach ar an luach saothair stiúrthóirí aonair le linn na bliana airgeadais deiridh lena mbaineann an tuarascáil. I gcás ina vótálfaidh na scairshealbhóirí i gcoinne na tuarascála luacha saothair, ba cheart don chuideachta a mhíniú sa chéad tuarascáil luacha saothair eile cén chaoi a cuireadh vótáil na scairshealbhóirí i gcuntas. Le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide, áfach, ba cheart go mbeadh sé ar chumas Ballstáit a fhoráil, mar rogha eile ar an vóta ar thuarascáil luacha saothair, nach mbeadh an tuarascáil luacha saothair le cur faoi bhráid na scairshealbhóirí ach amháin chun í a phlé ag an gcruinniú ginearálta bliantúil mar mhír ar leithligh ar an gclár oibre. I gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as an bhféidearthacht seo, ba cheart don chuideachta a mhíniú sa tuarascáil luacha saothair seo a leanas conas a cuireadh i gcuntas an plé a bhí ann ag an gcruinniú ginearálta.

(32)

Chun rochtain éasca a chur ar fáil do scairshealbhóirí ar an tuarascáil luacha saothair, agus chun infheisteoirí ionchasacha agus geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi luach saothair na stiúrthóirí, ba cheart an tuarascáil luach saothair a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na cuideachta. Níor cheart gur dochar é sin don fhéidearthacht go gceanglódh na Ballstáit go bhfoilseofaí an tuarascáil trí aon mheáin eile, mar shampla mar chuid den ráiteas rialachais chorparáidigh nó mar chuid den tuarascáil bhainistíochta.

(33)

Tá sé mar aidhm ag nochtadh luach saothair na stiúrthóirí aonair agus foilsiú na tuarascála luacha saothair trédhearcacht chorparáideach mhéadaithe agus cuntasacht stiúrthóirí méadaithe a chur ar fáil, chomh maith le maoirseoireacht feabhsaithe ag scairshealbhóirí ar luach saothair na stiúrthóirí. Cruthaíonn sé sin réamhriachtanas riachtanach le haghaidh fheidhmiú chearta na scairshealbhóir agus le haghaidh teagmháil i ndáil le luach saothair. Is gá go háirithe an fhaisnéis seo a nochtadh do scairshealbhóirí chun a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar luach saothair na stiúrthóirí agus a dtuairimí a nochtadh maidir le modúlachtaí agus leibhéal phá na stiúrthóirí agus maidir leis an nasc idir pá agus feidhmíocht gach stiúrthóra aonair, d’fhonn cásanna féideartha a réiteach inarb amhlaidh nach bhfuil údar le méid luach saothair stiúrthóra i bhfianaise a fheidhmíochta aonair ná i bhfianaise fheidhmíocht na cuideachta. Is gá tuarascáil luach saothair a fhoilsiú, chun a chur ar chumas na scairshealbhóirí, agus ar chumas infheisteoirí ionchasacha agus geallsealbhóirí chomh maith, measúnú a dhéanamh ar luach saothair na stiúrthóirí, agus ar an nasc atá idir feidhmíocht na cuideachta agus an chaoi a gcuireann an chuideachta a polasaí luach saothair i bhfeidhm i gcleachtas. Ní lamhálfadh nochtadh agus foilsiú na dtuarascálacha luach saothair anaithnidithe go sroichfí na cuspóirí sin.

(34)

Chun trédhearcacht chorparáideach agus cuntasacht stiúrthóirí a mhéadú agus chun a chur ar chumas scairshealbhóirí, infheisteoirí ionchasacha agus geallsealbhóirí léargas iomlán agus iontaofa a fháil ar an luach saothair gach stiúrthóir, is ríthábhachtach go ndéantar gach gné agus gach méid iomlán den luach saothair a nochtadh.

(35)

Go háirithe, chun dul timpeall ar na ceanglais arna leagan síos sa Treoir seo ag an gcuideachta a chosc, chun aon coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun dílseacht na stiúrthóirí don chuideachta a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le nochtadh agus le foilsiú an luach saothair a dhámhtar do stiúrthóirí aonair nó atá dlite do stiúrthóirí aonair, ní hamháin ón gcuideachta féin, ach ó aon ghnóthas ar leis an ngrúpa céanna iad freisin. Dá ndéanfaí luach saothair a thugann gnóthais ar leis an ngrúpa céanna agus an chuideachta iad do stiúrthóirí aonair nó atá dlite do stiúrthóirí aonair a eisiamh ón tuarascáil luach saothair, bheadh riosca ann go ndéanfadh cuideachtaí iarracht dul timpeall ar na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo trí luach saothair ceilte a chur ar fáil do na stiúrthóirí trí ghnóthas rialaithe. I gcás den sórt sin, ní bheadh léargas iomlán ná iontaofa ag scairshealbhóirí ar an luach saothair arna dheonú ag an gcuideachta do na stiúrthóirí agus ní bhainfí amach na cuspóirí atá á saothrú ag an Treoir seo.

(36)

Chun go gcuirfí forléargas iomlán ar luach saothair stiúrthóirí ar fáil, ba cheart, i gcás inarb infheidhme, méid an luach saothair a deonaíodh ar bhonn staid teaghlaigh stiúrthóiri aonair a nochtadh sa tuarascáil luach saothair freisin. Ba cheart dá bhrí sin, i gcás inarb infheidhme, go ndéanfaí codanna den luach saothair amhail liúntais leanaí nó liúntais teaghlaigh a chumhdach sa tuarascáil luach saothair. Toisc gur sonraí rí-íogaire iad sonraí pearsanta a thagraíonn do staid teaghlaigh stiúrthóirí aonair nó do chatagóirí speisialta sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ceanglaíonn siad cosaint ar leith, níor cheart ach méid an luach saothair, gan an foras ar ar deonaíodh é, a nochtadh sa tuarascáil.

(37)

Faoin Treoir seo, ba cheart go bpróiseálfar sonraí pearsanta arna gcur san áireamh sa tuarascáil luach saothair chun trédhearcacht chorparáideach ar luach saothair stiúrthóirí a mhéadú d’fhonn cuntasacht stiúrthóirí, agus formhaoirseoireacht scairshealbhóirí ar luach saothair stiúrthóirí, a fheabhsú. Tá an méid sin gan dochar do dhlí na mBallstát lena ndéantar foráil maidir le phróiseáil sonraí pearsanta stiúrthóirí chun críocha eile.

(38)

Tá sé riachtanach go ndéanfar measúnú ar luach saothair agus ar fheidhmíocht stiúrthóirí ní hamháin go bliantúil amháin ach thar thréimhse iomchuí freisin, chun a chur ar chumas scairshealbhóirí, infheisteoirí ionchasacha agus geallsealbhóirí measúnú a dhéanamh ar cé acu an gcúitíonn nó nach gcúitíonn an luach saothair feidhmíocht fhadtéarmach, agus chun an éabhlóid ar fheidhmíocht agus ar luach saothair na stiúrthóiri thar thréimhse mheántéarmach go fadtéarmach a thomhas, go háirithe i dtaca le feidhmíocht na cuideachta. Is minic gur gá roinnt blianta a bheith caite sular féidir a mheasúnú ar deonaíodh an luach saothair i gcomhréir le leasanna fadtéarmacha na cuideachta. Go háirithe maidir le dreasachtaí fadtéarmacha a dheonú, féadfaidh siad tréimhsí suas le 7 go 10 mbliana a chumhdach agus féadfar tréimhsí iarchurtha de roinnt blianta a chomhcheangal leo freisin.

(39)

Tá sé tábhachtach freisin go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an luach saothair stiúrthóra i gcaitheamh na tréimhse iomláine a chaitheann an stiúrthóir sin ar bhord na cuideachta. San Aontas, fanann stiúrthóirí ar bhord cuideachta ar feadh 6 bliana ar an meán, ach i mBallstáit áirithe is faide ná 8 mbliana an tréimhse sin.

(40)

Chun teorainn a chur leis an gcur isteach ar chearta na stiúrthóirí chun príobháideachta agus chun a gcuid sonraí pearsanta a chosaint, ba cheart teorainn 10 mbliana a bheith ann do chuideachtaí chun sonraí pearsanta stiúrthóirí a nochtadh go poiblí, ar sonraí iad a cuireadh san áireamh sa tuarascáil luach saothair. Tá an tréimhse sin ag teacht le tréimhsí eile arna leagan síos i ndlí an Aontais a bhaineann le doiciméad rialaithe chorparáidigh a nochtadh go poiblí. Mar shampla, faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), caithfidh go mbeidh an tuarascáil bhainistíochta agus na ráitis rialaithe chorparáidigh ar fáil don phobal ar feadh 10 mbliana ar a laghad mar chuid den tuarascáil airgeadais bhliantúil. Is léir go bhfuil leas ann go mbeidh na tuarascálacha éagsúla rialaithe chorparáidigh, lena n-áirítear an tuarascáil luach saothair, ar fáil go poiblí ar feadh 10 mbliana, ionas go gcuirfear staid fhoriomlán na cuideachta ar fáil do scairshealbhóirí agus do gheallsealbhóirí.

(41)

Ag deireadh na tréimhse 10 mbliana, ba cheart don chuideachta aon sonraí pearsanta a bhaint den tuarascáil luach saothair nó gan an tuarascáil luach saothair iomlán féin a nochtadh go poiblí a thuilleadh. D’fhéadfadh gá a bheith le rochtain ar na sonraí pearsanta sin chun críocha eile tar éis na tréimhse sin, amhail chun caingne dlí a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh na forálacha maidir le luach saothair gan dochar d’fheidhmiú iomlán na gcearta atá ráthaithe leis na Conarthaí, go háirithe in Airteagal 153(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, do phrionsabail ghinearálta dhlí naisiúnta na gconarthaí agus dhlí naisiúnta an tsaothair, do dhlí an Aontais agus don dlí naisiúnta maidir le rannpháirtíocht agus freagrachtaí ginearálta chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta lena mbaineann, agus do chearta na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb infheidhme, chun comhaontaithe a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí agus le na nósanna náisiúnta. I gcás inarb infheidhme, níor cheart gur dochar na forálacha maidir le luach saothair ach an oiread an dlí naisiúnta maidir le hionadaíocht na bhfostaithe sa chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta.

(42)

D’fhéadfadh idirbhearta le páirtithe gaolmhara dochar a dhéanamh do chuideachtaí agus do scairshealbhóirí, mar féadfaidh siad an deis a thabhairt don pháirtí gaolmhar leithreasú a dhéanamh ar luach ar leis an gcuideachta é. Dá bhrí sin, tá tábhacht le coimircí leormhaithe chun leasanna cuideachtaí agus scairshealbhóirí a chosaint. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar idirbhearta ábhartha páirtí ghaolmhair a thíolacadh lena bhformheas ag na scairshealbhóirí nó ag an gcomhlacht riaracháin nó maoirseoireachta de réir nósanna imeachta lena gcuirtear cosc leis an bpáirtí gaolmhar leas a bhaint as a sheasamh agus lena dtugtar cosaint leormhaith ar leasanna na cuideachta féin agus ar leasanna na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.

(43)

I gcás ina mbeidh baint ag stiúrthóir nó ag scairshealbhóir leis an idirbheart páirtí ghaolmhair, níor cheart go nglacfadh an stiúrthóir ná an scairshealbhóir sin páirt san fhormheas ná sa vóta. Ba cheart, áfach, go mbeadh Ballstáit in ann a lamháil don scairshealbhóir ar páirtí gaolmhar é páirt a ghlacadh sa vóta, ar choinníoll go ndéanfar foráil sa dlí naisiúnta do choimircí maidir leis an bpróiseas vótála chun cosaint a dhéanamh ar leasa cuideachtaí agus ar leasa na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, mar shampla tairseach níos airde le haghaidh an tromlaigh chun idirbhearta a fhormheas.

(44)

Ba cheart do chuideachtaí idirbhearta ábhartha a fhógairt go poiblí tráth nach déanaí ná an tráth a gcuirtear an t-idirbheart chun críche, ar a dhéanaí, agus ba cheart dóibh an páirtí gaolmhar, chomh maith le dáta agus luach an idirbhirt, agus aon fhaisnéis eile a bhfuil gá léi chun measúnú a dhéanamh ar chothroime an idirbhirt, a thabhairt le fios. Is gá an t-idirbheart sin a nochtadh go poiblí, mar shampla ar shuíomh gréasáin na cuideachta nó trí aon mhodh inrochtana eile, chun go gcuirfí scairshealbhóirí, creidiúnaithe, fostaithe agus páirtithe gaolmhara eile ar an eolas faoi na himpleachtaí a fhéadfaidh a bheith ag an idirbheart sin ar luach na cuideachta. Is gá go sainaithneofaí an páirtí gaolmhar chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an idirbheart agus chun agóid in aghaidh an idirbhirt a chumasú, lena n-áirítear trí bhíthin caingean dlí.

(45)

Bunaítear ceanglais trédhearcachta leis an Treoir seo le haghaidh cuideachtaí, infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní agus comhairleoirí seachvótála. Ní hé is aidhm leis na ceanglais trédhearcachta seo a éileamh ar chuideachtaí, ar infheisteoirí institiúideacha, ar bhainisteoirí sócmhainní ná ar chomhairleoirí seachvótála faisnéis áirithe a nochtadh don phobal, ar fáisnéis í lena ndéanfaí dochar dá seasamh gnó nó, i gcás nach cuideachtaí a bhfuil críoch tráchtála acu iad, do leas a gcomhaltaí nó a dtairbhithe, dá nochtfaí í. Níor cheart go mbainfeadh neamhnochtadh den sórt sin an bonn de na cuspóirí maidir le nochtadh a leagtar síos sa Treoir seo.

(46)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme forálacha maidir le scairshealbhóirí a shainaithint, maidir le faisnéis a tharchur, agus maidir le feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(47)

Go háirithe, ba cheart go sainaithneofaí le gníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin na ceanglais íosta le haghaidh caighdeánú maidir le formáidí atá le húsáid agus sprioc-amanna ar gá cloí leo. Trí chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lamháiltear an riail seo a choimeád cothrom le dáta le forbairtí sa mhargadh agus le forbairtí maoirseachta. D’fhéadfadh cur chun feidhme dibhéirseach a bheith mar thoradh ar ghlacadh seo caighdeáin naisiúnta ar neamhréir, ní a mhéadódh na rioscaí agus na costais oibríochtaí trasteorann, a chuirfeadh a n-éifeacht agus a n-éifeachtúlacht i gcontúirt agus a chuirfeadh ualach breise ar idirghabhálaithe dá bhrí sin.

(48)

Agus a chumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún na forbairtí ábhartha sa mhargadh, agus go háirithe tionscnaimh féinrialála atá ann cheana, a chur i gcuntas amhail, mar shampla, Caighdeáin Mhargaidh do Phróiseáil Gníomhaíochtaí Corparáideacha agus Caighdeáin Mhargaidh do Chruinnithe Ginearálta, agus ba cheart dó úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha a spreagadh don chumarsáid idir cuideachtaí agus a gcuid scairshealbhóirí, lena n-áirítear trí idirghabhálaithe agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaithe eile an mhargaidh.

(49)

Chun leagan amach níos inchomparáide agus níos comhsheasmhaí a áirithiú don tuarascáil luach saothair, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a ghlacadh chun leagan amach caighdeánaithe na tuarascála a shonrú. Is mór an éagsúlacht idir cleachtais na mBallstát mar atá siad anois maidir le leagan amach na faisnéise a chuirtear san áireamh sa tuarascáil luach saothair agus, mar thoradh air sin, ní mar a chéile leibhéal na trédhearcachta ná leibhéal na cosanta a chuireann na cleachtais sin ar fáil do scairshealbhóirí agus d’infheisteoirí. Is é an toradh atá ar an éagsúlacht cleachtas sin ná go gcuirtear deacrachtaí agus costais ar scairshealbhóirí agus ar infheisteoirí, go háirithe i gcás infheistíochtaí trasteorann, nuair is mian leo cur chun feidhme an bheartais luacha saothair a thuiscint, measúnú a dhéanamh air, agus dul i dteagmháil leis an gcuideachta faoin ábhar sainiúil sin. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Ballstáit, de réir mar is iomchuí, sula nglacfaidh sé a threoirlínte.

(50)

Chun a áirithiú go gcuirfear na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo nó na bearta a chuireann chun feidhme an Treoir seo i bhfeidhm i gcleachtas, ba cheart aon sárú ar na ceanglais sin a bheith faoi réir pionós. Chuige sin, ba cheart go mbeadh pionóis athchomhairleach agus comhréireach go leor.

(51)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, i bhfianaise nádúr idirnáisiúnta mhargadh cothromais an Aontais agus gur dócha gur sraitheanna éagsúla rialacha a leanfaidh gníomhaíocht ó na Ballstáit ina n-aonar, rud a fhéadfaidh an bonn a bhaint d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó constaicí nua a chruthú dó, ach, de bharr a scála agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(52)

Ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir le cosaint príobháideachais mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha a dhéanamh faoin Treoir seo. Go háirithe, ba cheart go gcoimeádfaí na sonraí cruinn agus cothrom le dáta, go gcuirfí an té is ábhar do na sonraí ar an eolas go hiomchuí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Treoir seo, agus go mbeadh an ceart ag an té is ábhar do na sonraí go ndéanfaí ceartúcháin ar shonraí atá neamhiomlán nó míchruinn, agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a scriosadh. Thairis sin, maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le céannacht scairshealbhóirí d’idirghabhálaithe triú tíortha, ba cheart go gcomhlíonfadh traschur na faisnéise sin na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679.

(53)

Ba cheart na sonraí pearsanta faoin Treoir seo a phróiseáil chun na críocha sonracha a leagtar amach sa Treoir seo. Maidir le próiseáil na sonraí pearsanta sin do chríocha eile nach iad na críocha ar bailíodh na sonraí sin lena n-aghaidh i dtús báire, ba cheart go mbeadh an phróiseáil sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(54)

Tá an Treoir seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha earnáil-sonracha an Aontais lena rialáiltear cineálacha sonracha cuideachta nó eintitis, amhail institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, bainisteoirí sócmhainní, comhlachtaí árachais agus cistí pinsin, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Ba cheart forálacha ghníomhartha reachtacha earnáil-sonracha an Aontais a mheas mar lex specialis i ndáil leis an Treoir seo agus ba cheart go mbeadh forlámhas acu ar an Treoir seo a mhéid atá na forálacha dá bhforáiltear sa Treoir seo contrártha do na forálacha a leagtar síos in aon ghníomh reachtach earnáil-sonrach de chuid an Aontais. Níor cheart, áfach, go dtuigfí forálacha sonracha i ngníomh reachtach earnáil-sonrach de chuid an Aontais i mbealach ina mbaintear an bonn de chur i bhfeidhm éifeachtach na Treorach seo nó de shroicheadh na haidhme ginearálta. Níor cheart go gcuirfí cur i bhfeidhm na Treorach seo as an áireamh toisc gurb ann do rialacha sonracha de chuid an Aontais in earnáil ar leith. I gcás ina ndéanfar foráil sa Treoir seo maidir le forálacha níos sonraí nó i gcás ina leagfar síos ceanglais leis an Treoir i gcomparáid leis na forálacha a leagtar síos le haon ghníomh reachtacha earnáil-sonracha ón Aontas, ba cheart go gcuirfí na forálacha sin i bhfeidhm i gcomhar le forálacha na Treorach seo.

(55)

Ní chuirtear aon chosc ar Bhallstáit leis an Treoir seo forálacha níos déine a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo chun feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú tuilleadh, chun rannpháirtíocht scairshealbhóirí a spreagadh, chun leas scairshealbhóirí mionlaigh a chosaint agus chun críocha eile a chomhall amhail sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa agus airgeadais. Níor cheart go gcuirfeadh forálacha den sórt sin bac ar chur i bhfeidhm na Treorach seo ná ar shroicheadh a gcuspóirí, agus ba cheart go gcomhlíonfaidís na rialacha a leagtar síos sna Conarthaí in aon chás.

(56)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an maidir le doiciméid mhíniúcháin (7), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta maidir le trasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta maidir le trasuí. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

(57)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé tuairim uaidh an 28 Deireadh Fómhair 2014 (9),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2007/36/CE

Leasaítear Treoir 2007/36/CE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Bunaítear leis an Treoir seo ceanglais maidir le feidhmiú cearta áirithe de chuid scairshealbhóirí a ghabhann le scaireanna le ceart vótála maidir le cruinnithe ginearálta cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe i mBallstát agus a bhfuil a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát. Bunaítear léi freisin ceanglais shonracha chun rannpháirtíocht scairshealbhóirí a spreagadh, go háirithe san fhadtéarma. Tá feidhm ag na ceanglais shonracha sin maidir le scairshealbhóirí a shainaithint, faisnéis a tharchur, feidhmiú ceart scairshealbhóirí a éascú, trédhearcacht d’infheisteoirí institiúideacha, do bhainisteoirí sócmhainní agus do chomhairleoirí seachvótála, luach saothair stiúrthóirí agus idirbhearta páirtithe gaolmhara.

2.   Is é an Ballstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta an Ballstát is inniúil le hábhair a chlúdaítear faoin Treoir seo a rialáil, agus is tagairtí do dhlí an Bhallstáit sin iad tagairtí don ‘dlí is infheidhme’.

Chun críche Chaibidil Ib a chur i bhfeidhm, déanfar an Ballstát inniúil a shainmhíniú mar a leanas:

(a)

le haghaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainní, an Ballstát baile mar a shainmhínítear é i ngníomh reachtach earnáilsonrach is infheidhme ón Aontas;

(b)

le haghaidh comhairleoirí seachvótála, an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe ag an gcomhairleoir seachvótála, nó i gcás nach mbeidh oifig chláraithe i mBallstát ag an gcomhairleoir seachvótála, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig ag an gcomhairleoir seachvótála, nó i gcás nach mbeidh a oifig chláraithe ná a cheannoifig i mBallstát ag an gcomhairleoir seachvótála, an Ballstát ina bhfuil bunaíocht ag an gcomhairleoir seachvótála.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna) de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(b)

gnóthais chomhinfheistíochta de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(*1)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32)."

(*2)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Ní bheidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 3 díolmhaithe ó na forálacha a leagtar síos i gCaibidil Ib.”;

(d)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“5.   Beidh feidhm ag Caibidil Ia maidir le hidirghabhálaithe a mhéid a sholáthraíonn siad seirbhísí do scairshealbhóirí nó d’idirghabhálaithe eile i ndáil le scaireanna cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát agus a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát.

6.   Beidh feidhm ag Caibidil Ib maidir lena leanas:

(a)

infheisteoirí institiúideacha a mhéid a infheistíonn siad go díreach nó trí bhainisteoirí sócmhainní i scaireanna arna dtrádáil ar mhargadh rialáilte,

(b)

bainisteoirí sócmhainní a mhéid a infheistíonn siad sna scaireanna sin thar ceann infheisteoirí, agus

(c)

comhairleoirí seachvótála a mhéid a sholáthraíonn siad seirbhísí do scairshealbhóirí i ndáil le scaireanna cuideachtaí a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát agus a nglactar a scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite nó a oibríonn laistigh de Bhallstát.

7.   Tá forálacha na Treorach seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos in aon ghníomh reachtach earnáilsonrach ón Aontas lena rialáiltear cineálacha sonracha cuideachtaí liostaithe nó cineálacha sonracha eintiteas. I gcás ina ndéanfar foráil sa Treoir seo maidir le rialacha níos sonraí nó i gcás ina gcuirfear ceanglais leis an Treoir i gcomparáid leis na forálacha a leagtar síos le haon ghníomh reachtach earnáilsonrach ón Aontas, cuirfear na forálacha sin i bhfeidhm i gcomhar le forálacha na Treorach seo.”.

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear i bpointe (21) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(*3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

(b)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(d)

ciallaíonn ‘idirghabhálaí’ duine, amhail gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), a sholáthraíonn seirbhísí chun scaireanna a choinneáil slán, scaireanna a riar nó cuntais urrús a chothabháil thar ceann scairshealbhóirí nó daoine eile;

(e)

ciallaíonn ‘infheisteoir institiúideach’:

(i)

gnóthas a chomhallann gníomhaíochtaí árachais saoil de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 2(3) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) agus gníomhaíochtaí athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 13 den Treoir sin ar choinníoll go gcumhdaítear leis na gníomhaíochtaí sin oibleagáidí árachais saoil, agus nach bhfuil eisiata de bhun na Treorach sin;

(ii)

institiúid um sholáthar scoir ceirde a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) i gcomhréir le hAirteagal 2 de, seachas i gcás inar chinn Ballstát gan an Treoir sin a chur i bhfeidhm ina hiomláine nó go páirteach maidir leis an institiúid sin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin;

(f)

ciallaíonn ‘bainisteoir sócmhainní’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE a sholáthraíonn seirbhísí bainistithe punainne d’infheisteoirí, AIFM (bainisteoir cistí infheistíochta malartacha) mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir sin nó cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE nó cuideachta infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ar choinníoll nach mbeidh cuideachta bainistíochta, arna húdarú faoin Treoir sin, ainmnithe aici chun í a bhainistiú;

(g)

ciallaíonn ‘comhairleoir seachvótála’ duine dlítheanach a dhéanann anailís, ar bhonn gairmiúil agus tráchtála, ar an nochtadh corparáideach agus, más iomchuí, ar fhaisnéis eile cuideachtaí liostaithe d’fhonn bonn eolais a chur faoi chinntí vótála infheisteoirí trí thaighde, trí chomhairle nó trí mholtaí vótála a thabhairt a bhaineann le feidhmiú na gceart vótála;

(h)

tá an bhrí chéanna le ‘páirtí gaolmhar’ atá leis sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8);

(i)

ciallaíonn ‘stiúrthóir’:

(i)

aon chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta;

(ii)

i gcás nach comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta cuideachta iad, an príomhoifigeach feidhmiúcháin agus, más ann dá leithéid d’fheidhm i gcuideachta, an leas-phríomhoifigeach feidhmiúcháin;

(iii)

i gcás ina gcinneann Ballstát amhlaidh, daoine eile a chomhallann feidhmeanna atá cosúil leis na feidhmeanna arna bhfeidhmiú faoi phointe (i) nó (ii);

(j)

ciallaíonn ‘faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí’ faisnéis lenar féidir céannacht scairshealbhóra a shuí, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(i)

ainm agus sonraí teagmhála (lena n-áirítear seoladh iomlán agus, más ann dó, seoladh ríomhphoist) an scairshealbhóra, agus, i gcás inar duine dlítheanach é, a uimhir chlárúcháin, nó, murab ann d’uimhir chlárúcháin, a aitheantóir uathúil, amhail aitheantóir eintitis dhlítheanaigh;

(ii)

líon na scaireanna i seilbh an scairshealbhóra; agus

(iii)

ach amháin a mhéid a iarrfaidh an chuideachta iad, ceann amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas: catagóirí nó aicmí na scaireanna sin nó an dáta óna bhfuil na scaireanna i seilbh an scairshealbhóra.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)."

(*6)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

(*7)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37)."

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).”"

(3)

Cuirtear isteach na Caibidlí seo a leanas:

“CAIBIDIL Ia

CÉANNACHT SCAIRSHEALBHÓIRÍ, FAISNÉIS A THARCHUR AGUS FEIDHMIÚ CEART SCAIRSHEALBHÓIRÍ A ÉASCÚ

Airteagal 3a

Céannacht scairshealbhóirí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag cuideachtaí céannacht a gcuid scairshealbhóirí a shuí. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach gceadaítear do chuideachtaí a bhfuil oifig chláraithe acu ar a gcríoch céannacht a iarraidh ach amháin maidir le scairshealbhóirí a bhfuil níos mó ná céatadán áirithe de scaireanna nó cearta vótála acu. Ní bheidh céatadán den sórt sin níos airde ná 0,5 %.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar iarraidh ón gcuideachta nó ó thríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, go ndéanfaidh na hidirghabhálaithe an fhaisnéis maidir le céannacht sealbhóirí a chur in iúl gan mhoill don chuideachta.

3.   I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra idirghabhálaithe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarraidh na cuideachta, nó iarraidh tríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, a tharchur idir idirghabhálaithe gan mhoill agus go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí a bhfuil an fhaisnéis iarrtha ina sheilbh aige an fhaisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a tharchur go díreach agus gan mhoill chuig an gcuideachta nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a fháil ó aon idirghabhálaí sa slabhra a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh aige.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ligfear don chuideachta iarraidh ar an taisclann lárnach urrús nó ar idirghabhálaí nó soláthróir seirbhíse eile an fhaisnéis maidir le céannacht scairshealbhóirí a bhailiú, lena n-áirítear ó na hidirghabhálaithe i slabhra na n-idirghabhálaithe, agus an fhaisnéis a tharchur chuig an gcuideachta.

Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí, ar iarraidh ón gcuideachta nó ó thríú páirtí arna ainmniú ag an gcuideachta, na sonraí faoin gcéad idirghabhálaí eile i slabhra na n-idirghabhálaithe a chur in iúl gan mhoill don chuideachta.

4.   Déanfar sonraí pearsanta scairshealbhóirí a phróiseáil de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh an chuideachta in ann céannacht a cuid scairshealbhóirí reatha a shuí chun cumarsáid a dhéanamh leo d’fhonn feidhmiú chearta na scairshealbhóirí agus an rannpháirtíocht na scairshealbhóirí leis an gcuideachta a éascú.

Gan dochar d’aon tréimhse stórála níos faide a leagtar síos le gníomh reachtach earnáilsonrach ón Aontas, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cuideachtaí agus idirghabhálaithe sonraí pearsanta scairshealbhóirí arna dtarchur chucu i gcomhréir leis an Airteagal seo chun na críche a shonraítear san Airteagal seo a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí tar éis dóibh a fháil amach nach scairshealbhóir a thuilleadh an duine lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le dlí maidir le faisnéis phearsanta na scairshealbhóirí a phróiseáil chun críocha eile.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag daoine dlítheanacha go ndéanfaí ceartúcháin ar fhaisnéis atá neamhiomlán nó míchruinn maidir lena gcéannacht sealbhóra.

6.   Aon idirghabhálaí a thuairiscíonn faisnéis maidir le céannacht scairshealbhóra i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit nach measfar go bhfuil sé ag sárú aon sriain ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.

7.   Faoin 10 Meitheamh 2019, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Údarás Maoirseachta Eorpach (ÚEUM), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil céannacht scairshealbhóirí teoranta do scairshealbhóirí ag a bhfuil níos mó ná céatadán áirithe de na scaireanna nó cearta vótála i gcomhréir le mír 1 agus, más amhlaidh atá, an céatadán is infheidhme. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin ar a shuíomh gréasáin.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais íosta a shonrú maidir le tarchur na faisnéise a leagtar síos i mír 2 a mhéid a bhaineann le formáid na faisnéise atá le tarchur, formáid an iarratais, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna atá le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 3b

Faisnéis a tharchur

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-éileofar ar na hidirghabhálaithe an fhaisnéis seo a leanas a tharchur gan mhoill ón gcuideachta chuig na scairshealbhóirí nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an scairshealbhóir:

(a)

an fhaisnéis nach mór don chuideachta a chur ar fáil don scairshealbhóir, ionas gur féidir leis an scairshealbhóir na cearta a eascraíonn óna chuid scaireanna a fheidhmiú, agus, atá dírithe ar na scairshealbhóirí ar fad a bhfuil scaireanna den aicme sin acu, nó

(b)

i gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil do scairshealbhóirí ar shuíomh gréasáin na cuideachta, fógra ina gcuirtear in iúl an áit ar an suíomh gréasáin ar féidir teacht ar an bhfaisnéis sin ar shuíomh gréasáin na cuideachta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin a sholáthar d’idirghabhálaithe ar bhealach caighdeánaithe agus tráthúil.

3.   Mar sin féin ní éileoidh Ballstáit go ndéanfaí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin a sholáthar agus a sheachadadh chuig idirghabhálaithe nuair a sheolfaidh cuideachtaí an fhaisnéis nó an fógra sin go díreach chuig a scairshealbhóirí ar fad, nó chuig tríú páirtí arna ainmniú ag na scairshealbhóirí.

4.   Cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar idirghabhálaithe an fhaisnéis a gheofar ó na scairshealbhóirí a bhaineann le feidhmiú na gceart a eascraíonn óna scaireanna a tharchur gan mhoill chuig an gcuideachta, i gcomhréir leis na treoracha a gheofar ó na scairshealbhóirí.

5.   I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra idirghabhálaithe, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 a tharchur idir idirghabhálaithe gan mhoill, ach amháin murar féidir leis an idirghabhálaí an fhaisnéis a tharchur go díreach chuig an gcuideachta nó chuig an scairshealbhóir nó,, chuig tríú páirtí arna ainmniú ag an scairshealbhóir.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na ceanglais íosta a shainiú chun an fhaisnéis a tharchur a leagtar síos i mír 1 go mír 5 den Airteagal seo maidir le cineálacha agus formáid na faisnéise atá le tarchur, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna a bheidh le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 3c

Feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-éascóidh na hidirghabhálaithe feidhmiú na gceart sin ag an scairshealbhóir, lena n-áirítear an ceart chun páirt a ghlacadh agus vótáil i gcruinnithe ginearálta, ar éascú é arb éard a bheidh ann laghad ceann amháin dóibh seo a leanas:

(a)

déanann an t-idirghabhálaí na socruithe is gá chun go mbeidh an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir in ann na cearta a fheidhmiú iad féin;

(b)

feidhmíonn an t-idirghabhálaí na cearta a eascraíonn ó na scaireanna ar údarú agus ar theagasc sainráite an scairshealbhóra agus chun tairbhe an scairshealbhóra.

2.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, nuair a chaithfear vótaí go leictreonach, go seolfar daingniú leictreonach go mbeidh na vótaí faighte chuig an duine a chaitheann an vóta.

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú tar éis an chruinnithe ghinearálta gur féidir leis an scairshealbhóir nó tríú páirtí ainmnithe ag an scairshealbhóir, ar a laghad ar iarraidh a bheith déanta, daingniú a fháil gur thaifead an chuideachta a vótaí go bailí agus gur chomhair sí iad, mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil dóibh cheana féin. Féadfaidh Ballstáit spriocdháta a bhunú maidir le daingniú den sórt sin a iarraidh. Ní bheidh an spriocdháta sin níos faide ná 3 mhí ó dháta an vóta.

I gcás go bhfaighidh an t-idirghabhálaí an deimhniú amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír, tarchuirfidh sé/sí é gan mhoill chuig an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir. I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra na n-idirghabhálaithe tarchuirfear an daingniú idir idirghabhálaithe gan mhoill, mura féidir an dearbhú a tharchur go díreach chuig an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais íosta a shonrú chun feidhmiú cearta na scairshealbhóirí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir le cineálacha an éascaithe, formáid an daingnithe leictreonaigh go mbeidh na vótaí faighte, an fhormáid chun an daingniú a tharchur go mbeidh na vótaí cláraithe agus comhairthe go bailí trí shlabhra na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna atá le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoi 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).

Airteagal 3d

Neamh-idirdhealú, comhréireacht agus trédhearcacht na gcostas

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar idirghabhálaithe aon mhuirir is infheidhme a nochtadh go poiblí le haghaidh seirbhísí dá bhforáiltear faoin gCaibidil seo ar leithligh do gach seirbhís.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon mhuirir a thobhach idirghabhálaí ar scairshealbhóirí, ar chuideachtaí agus ar idirghabhálaithe eile neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach i ndáil leis na costais iarbhír a thabhaítear chun na seirbhísí a sheachadadh. Ní cheadófar aon éagsúlacht idir na muirir a thoibhítear idir chearta intíre agus trasteorann a fheidhmiú ach amháin i gcás ina mbeidh siad cuí-dhlisteanaithe agus má léiríonn siad an éagsúlacht i gcostais iarbhír a thabhaítear chun na seirbhísí a sheachadadh.

3.   Féadfaidh Ballstáit idirghabhálaithe a thoirmeasc ó mhuirir a ghearradh ar na seirbhísí arna soláthar faoin gCaibidil seo.

Airteagal 3e

Idirghabhálaithe tríú tír

Tá feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le hidirghabhálaithe nach bhfuil a n-oifig chláraithe nó a gceannoifig san Aontas nuair a bheidh seirbhísí á soláthar acu dá dtagraítear in Airteagal 1(5).

Airteagal 3f

Faisnéis maidir le cur chun feidhme

1.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an Coimisiún ar an eolas faoi dheacrachtaí praiticiúla suntasacha i bhforfheidhmiú fhorálacha na Caibidle seo nó neamhchomhlíonadh fhorálacha na Caibidle seo ag idirghabhálaithe de chuid an Aontais nó ó tríú tír.

2.   Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Caibidle seo, lena n-áirítear a héifeachtacht, deacrachtaí i gcur chun feidhme praiticiúil agus forfheidhmiú, agus forbairtí ábhartha sa mhargadh ag leibhéal an Aontais agus ag an leibhéal idirnáisiúnta á gcur i gcuntas. Tabharfaidh an tuarascáil aghaidh freisin ar oiriúnacht raon chur i bhfeidhm na Caibidle seo i ndáil le hidirghabhálaithe ó thríú tíortha. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil faoin 10 Meitheamh 2023.

CAIBIDIL Ib

TRÉDHEARCACHT INFHEISTEOIRÍ INSTITIÚIDEACHA, BAINISTEOIRÍ SÓCMHAINNE AGUS SEACH-CHOMHAIRLEOIRÍ

Airteagal 3g

Beartas rannpháirtíochta

1.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) agus pointe (b) nó go nochtfaidh siad go poiblí míniú soiléir agus réasúnaithe cén fáth ar roghnaigh siad gan ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a chomhlíonadh.

(a)

Forbróidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne agus nochtfaidh siad go poiblí beartas rannpháirtíochta a dhéanann cur síos ar conas a chomhthiomsaíonn siad rannpháirtíocht na scairshealbhóirí ina straitéis infheistíochta. Déanfaidh an beartas cur síos ar conas a dhéanann siad faireachán ar chuideachtaí infheistíochta ar ábhair ábhartha, lena n-áirítear straitéis, feidhmíocht airgeadais agus neamhairgeadais agus riosca, struchtúr caipitil, tionchar sóisialta agus timpeallachta agus rialachas corparáideach, conas a bhíonn idirphléanna acu le cuideachtaí infheistíochta, conas a fheidhmíonn siad cearta vótála agus cearta eile a bhaineann le scaireanna, conas a chomhoibríonn siad le scairshealbhóirí eile, conas a dhéanann siad cumarsáid le scairshealbhóirí ábhartha na gcuideachtaí infheistíochta agus conas a bhainistíonn siad coinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha i ndáil lena rannpháirtíocht.

(b)

Déanfaidh infheisteoirí institiúideacha agus bainisteoirí sócmhainne, ar bhonn bliantúil, a nochtadh go poiblí conas a bheidh a mbeartas rannpháirtíochta seo curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear cur síos ginearálta ar a n-iompar vótála, míniú ar na vótaí is suntasaí agus an úsáid a bhain siad as seirbhísí seachchomhairleoirí. Déanfaidh siad conas a chaith siad vótaí i gcruinnithe ginearálta na gcuideachtaí ina sealbhaíonn siad scaireanna a nochtadh go poiblí. Féadfaidh an nochtadh sin vótaí atá neamhthábhachtach toisc ábhar an vóta nó toisc mhéid an tsealúchais sa chuideachta a eisiamh.

2.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar shuíomh gréasáin an infheisteora institiúidigh nó ar shuíomh gréasáin an bhainisteora sócmhainne. Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go bhfuil an fhaisnéis le foilsiú, saor in aisce, trí mheáin eile a bhfuil rochtain éasca orthu ar líne.

I gcás ina gcuirfidh an bainisteoir sócmhainní an beartas rannpháirtíochta, lena n-áirítear vótáil, i bhfeidhm thar ceann infheisteora institiúidigh, déanfaidh an t-infheisteoir institiúideach tagairt don áit ina mbeidh an fhaisnéis vótála sin foilsithe ag an mbainisteoir sócmhainne.

3.   Beidh rialacha coinbhleachta leasa is infheidhme maidir le hinfheisteoirí institiúideacha agus le bainisteoirí sócmhainní, lena n-áirítear Airteagal 14 de Threoir 2011/61/AE, pointe (b) d’Airteagal 12(1) agus pointe (d) d’Airteagal 14(1) de Threoir 2009/65/CE agus a rialacha cur chun feidhme ábhartha, agus Airteagal 23 de Threoir 2014/65/AE infheidhme freisin maidir le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta.

Airteagal 3h

Straitéis infheistíochta infheisteoirí institiúideacha agus socruithe le bainisteoirí sócmhainne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go nochtfaidh infheisteoirí institiúideacha don phobal conas atá na príomhmhíreanna dá straitéis infheistíochta cothromais i gcomhréir le próifíl agus le ré a ndliteanas, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus conas a chuireann siad le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach a sócmhainní.

2.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú i gcás ina n-infheisteoidh bainisteoir sócmhainne thar ceann infheisteora institiúidigh, cibé acu ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant nó trí ghnóthas comhinfheistíochta, go nochtfaidh an infheisteoir institiúideach an fhaisnéis seo a leanas go poiblí maidir lena shocrú leis an mbainisteoir sócmhainne:

(a)

conas a dhreasaíonn an socrú leis an mbainisteoir sócmhainne an bainisteoir sócmhainne chun a straitéis infheistíochta agus a chinntí a ailíniú le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanas fadtéarmach;

(b)

conas a dhreasaíonn an socrú sin an bainisteoir sócmhainne cinntí infheistíochta a dhéanamh bunaithe ar mheasúnuithe faoi fheidhmíocht airgeadais agus neamhairgeadais na cuideachta infheistíochta sa mheántéarma go dtí an fadtéarma agus chun dul i mbun plé le cuideachtaí infheistíochta chun a bhfeidhmíocht a fheabhsú sa mheántéarma go dtí an fadtéarma;

(c)

conas atá modh agus sprioc-am an mheasúnaithe ar fheidhmíocht an bhainisteora sócmhainní agus an luach saothair i gcomhair seirbhísí bainistithe sócmhainne a i gcomhréir le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus go gcuirtear dearbhfheidhmíocht fhadtéarmach i gcuntas;

(d)

conas a dhéanann an t-infheisteoir institiúideach faireachán ar chostais láimhdeachas punainne a thabhaíonn an bainisteoir sócmhainní agus conas a shainmhíníonn agus a dhéanann sé faireachán ar láimhdeachas punainne spriocdhírithe nó an raon láimhdeachais;

(e)

ré an tsocraithe leis an mbainisteoir sócmhainne.

Más rud é nach mbeidh eilimint amháin nó níos mó díobh sa socrú leis an mbainisteoir sócmhainní, tabharfaidh an t-infheisteoir institiúideach míniú soiléir agus réasúnaithe i dtaobh cén fáth gurb é seo an cás.

3.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an infheisteora institiúidigh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ach amháin mura mbeidh athrú ábharach ann. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfoilseofar an fhaisnéis, saor in aisce, trí mheáin eile a bhfuil rochtain éasca orthu ar líne.

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go lamhálfar d’infheisteoirí institiúideacha a rialaítear le Treoir 2009/138/CE an fhaisnéis seo a áireamh ina dtuarascálacha ar shócmhainneacht agus staid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 51 den Treoir sin.

Airteagal 3i

Trédhearcacht bainisteoirí sócmhainne

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go nochtfaidh bainisteoirí sócmhainne ar bhonn bliantúil don infheisteoir institiúideach lena ndearna siad socruithe dá dtagraítear in Airteagal 3h conas a dhéanann a straitéis infheistíochta agus an cur i bhfeidhm sin an socrú a chomhlíonadh agus rannchuidíonn sé le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach shócmhainní an infheisteora institiúidigh nó an chiste. Áireofar le nochtadh den sórt sin tuairisciú ar na príomhrioscaí meántéarmacha go fadtéarmacha ábharacha bainteach leis na hinfheistíochtaí, ar chomhdhéanamh na punainne, láimhdeachas agus costais láimhdeachais, ar úsáid seachchomhairleoirí chun críche gníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus a mbeartas maidir le hiasachtaí urrús agus é a chur chun feidhme chun a ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta a chur chun feidhme más infheidhme, go háirithe ag am chruinnithe ghinearálta na gcuideachtaí infheistíochta. Áireofar le nochtadh den sórt sin freisin faisnéis maidir le cibé acu, agus más amhlaidh atá conas, a dhéanann cinntí infheistíochta bunaithe ar mheasúnú ar fheidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach na cuideachta infheistíochta, lena n-áirítear feidhmíocht neamhairgeadais, agus cibé acu an bhfuil, agus más amhlaidh atá cé acu coinbhleachtaí leasanna a tháinig chun cinn i dtaca le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus conas a dhéileáil na bainisteoirí sócmhainne leo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil an fhaisnéis i mír 1 le nochtadh in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE nó in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE, nó teachtaireachtaí tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Threoir 2014/65/AE.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis a nochtadh de bhun mhír 1 ar fáil go poiblí cheana, níl de cheangal ar an mbainisteoir sócmhainne an fhaisnéis a chur ar fáil go díreach don infheisteoir institiúideach.

3.   I gcás nach mbainisteoidh an bainisteoir sócmhainne na sócmhainní ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant, féadfaidh Ballstáit a cheangal go gcuirfear faisnéis a nochtar de bhun mhír 1 sholáthar freisin d’infheisteoirí eile den chiste céanna ar a laghad ar é a iarraidh.

Airteagal 3j

Trédhearcacht seach-chomhairleoirí

1.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go nochtfaidh seach-chomhairleoirí go poiblí tagairt do chód iompair a chuireann siad i bhfeidhm agus go tuairisceoidh siad maidir le cur i bhfeidhm an chóid iompar seo.

I gcás nach gcuirfidh seach-chomhairleoirí cód iompair i bhfeidhm, cuirfidh siad míniú soiléir agus réasúnaithe ar fáil i dtaobh cén fáth gurb é seo an cás. I gcás ina gcuirfidh na seach-chomhairleoirí cóid iompair i bhfeidhm ach go n-imeoidh siad ó aon cheann dá mholtaí, déanfaidh siad na codanna óna n-imíonn siad a fhógairt, cuirfidh siad mínithe ar fáil ar na fáthanna a ndearna siad amhlaidh agus léireoidh siad, i gcás inarb iomchuí, aon bhearta malartacha a ghlactar.

Cuirfear faisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil go poiblí, saor in aisce, ar shuíomhanna gréasáin seach-chomhairleoirí agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a ngníomhaíochtaí a chur in iúl go leordhóthanach dá gcliaint, go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí a nochtadh go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad an fhaisnéis uile a leanas i ndáil lena dtaighde, lena gcomhairle agus lena moltaí vótála a ullmhú:

(a)

gnéithe riachtanacha na modhanna agus na samhlacha a chuireann siad i bhfeidhm;

(b)

na príomhfhoinsí faisnéise a úsáideann siad;

(c)

na nósanna imeachta a chuirtear ar bun chun cáilíocht an taighde, na comhairle agus na moltaí vótála agus cáilíochtaí na foirne a bhíonn páirteach a áirithiú;

(d)

an gcuireann agus má chuireann, conas a chuireann siad coinníollacha an mhargaidh náisiúnta, coinníollacha dlíthiúla agus rialála agus coinníollacha cuideachta-shonrach h i gcuntas;

(e)

gnéithe riachtanacha na mbeartas vótála a chuireann siad i bhfeidhm maidir le gach margadh;

(f)

an bhfuil idirphlé acu leis na cuideachtaí a bhfuil a dtaighde, a gcomhairle nó a moltaí vótála dírithe orthu, agus le geallsealbhóirí na cuideachta, agus, más amhlaidh atá, méid agus cineál an idirphlé sin;

(g)

an beartas chun coinbhleachtaí leasa féideartha a chosc agus bhainistiú.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil go poiblí ar shuíomhanna ghréasáin na seach-chomhairleoirí agus beidh sí ar fáil saor in aisce ar feadh trí bliana ar a laghad ón dáta a foilsithe. Ní gá an fhaisnéis a nochtadh ar leithligh i gcás ina mbeidh sí ar fáil mar chuid den nochtadh faoi mhír 1.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó fhéideartha nó caidreamh gnó a shainaithint agus a nochtadh dá gcliaint gan mhoill, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ullmhú an taighde, na comhairle nó na moltaí vótála agus na ngníomhaíochtaí a bheidh déanta acu chun an choinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha a dhíchur nó a mhaolú nó a bhainistiú.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal freisin maidir le seach-chomhairleoirí nach bhfuil oifig chláraithe ná ceannoifig acu san Aontas agus a bhfuil a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu trí bhunaíocht atá lonnaithe san Aontas.

Airteagal 3k

Athbhreithniú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hAirteagal 3g, le hAirteagal 3h agus le hAirteagal 3i a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an measúnú ar an ngá go nochtfaidh bainisteoirí sócmhainne faisnéis áirithe faoi Airteagal 3i, agus forbairtí ábhartha an Aontais agus forbairtí an mhargaidh idirnáisiúnta á gcur i gcuntas acu. Foilseofar an tuarascáil faoin 10 Meitheamh 2022 agus, más iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hAirteagal 3j a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear oiriúnacht a raoin agus a héifeachtacht agus an measúnú ar an ngá chun ceanglais rialála a chur ar bun le haghaidh seach-chomhairleoirí, agus forbairtí ábhartha an Aontais agus an mhargaidh idirnáisiúnta á gcur i gcuntas acu. Foilseofar an tuarascáil faoi 10 Meitheamh 2023 agus, más iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.

(*9)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84)."

(*10)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).”."

(4)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 9a

An ceart chun vótáil ar an mbeartas luach saothair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh cuideachtaí beartas luach saothair maidir le stiúrthóirí agus go mbeidh an ceart ag scairshealbhóirí chun vótáil ar an mbeartas luach saothair ag an gcruinniú ginearálta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an vóta ó na scairshealbhóirí ar an mbeartas luacha saothair ag an gcruinniú ginearálta ina cheangal. Ní íocfaidh cuideachtaí luach saothair lena stiúrthóirí ach amháin de réir beartas luach saothair atá formheasta ag an gcruinniú ginearálta.

I gcás nach mbeidh aon bheartas luach saothair formheasta fós agus nach ndéanfar an beartas atá beartaithe a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, féadfaidh an chuideachta leanúint de luach saothair a íoc lena stiúrthóirí i gcomhréir leis na cleachtais atá aici cheana agus cuirfidh siad beartas athbhreithnithe isteach lena fhormheas ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.

I gcás ina mbeidh beartas luach saothair formheasta ann cheana agus nach ndéanfar an beartas atá beartaithe a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, leanfaidh an chuideachta de luach saothair a íoc lena stiúrthóirí i gcomhréir leis an mbeartas formheasta atá ann cheana agus cuirfidh sí beartas athbhreithnithe isteach lena fhormheas ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, gur vóta comhairleach a bheidh sa vóta ag an gcruinniú ginearálta. Sa chás sin, ní íocfaidh cuideachtaí luach saothair lena stiúrthóirí ach amháin de réir beartas luach saothair atá curtha faoi vóta den sórt sin ag an gcruinniú ginearálta. I gcás ina ndiúltóidh an cruinniú ginearálta an beartas luach saothair atá beartaithe, cuirfidh an chuideachta beartas athbhreithnithe isteach ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a lamháil, in imthosca eisceachtúla, go maolóidh cuideachtaí go sealadach ar an mbeartas luach saothair, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha nós imeachta faoinar féidir an maolú a chur i bhfeidhm san áireamh agus go bhfuil gnéithe an bheartais ar féidir maolú orthu sonraithe ann.

Ní chlúdóidh imthosca eisceachtúla amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach cásanna ina mbeidh an maolú ar an mbeartas luach saothair riachtanach chun freastal ar leas fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta ina hiomláine nó chun a hinmharthanacht a áirithiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí an beartas luach saothair faoi vóta ag an gcruinniú ginearálta aon uair a dhéanfar athrú ábharach air agus i gcás ar bith ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana.

6.   Cuirfidh an beartas luach saothair le straitéis ghnó na cuideachta agus leasanna fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta agus míneoidh sé an dóigh a ndéanfaidh sé amhlaidh. Beidh sé soiléir sothuigthe agus déanfar cur síos ann ar chomhpháirteanna éagsúla an luach saothair sheasta agus an luach saothair inathraithe, lena n-áirítear gach bónas agus sochar eile i bhfoirm ar bith, is féidir a dhámhachtain do stiúrthóirí agus léireofar ann a gcion coibhneasta.

Míneofar sa bheartas luach saothair conas a cuireadh dálaí pá agus fostaíochta fhostaithe na cuideachta i gcuntas agus an beartas luach saothair á bhunú.

I gcás ina ndámhfaidh cuideachta luach saothair inathraithe, leagfar amach sa bheartas luach saothair critéir atá soiléir, cuimsitheach agus éagsúil óna chéile chun an luach saothair inathraithe a dhámhachtain. Léireofar sa bheartas critéir feidhmíochta airgeadais agus neamhairgeadais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhaineann le freagracht shóisialta chorparáideach agus míneofar conas a chuireann siad leis na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír, agus na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun a mhéid a bheidh na critéir feidhmíochta comhlíonta a chinneadh. Sonrófar ann faisnéis faoi aon tréimhsí iarchurtha agus faoin bhféidearthacht chun an chuideachta luach saothair inathraithe a aiséileamh.

I gcás ina ndámhfaidh an chuideachta luach saothair scairbhunaithe, sonrófar sa bheartas tréimhsí dílseacháin agus i gcás inarb infheidhme coinneáil scaireanna tar éis dílseacháin agus míneofar conas a chuireann an luach saothair scairbhunaithe leis na cuspóirí a leagtar amach sa chead fhomhír.

Léireofar sa bheartas luacha saothair ré na gconarthaí nó socruithe le stiúrthóirí agus na tréimhsí fógra is infheidhme, príomhghnéithe na scéimeanna pinsin fhorlíontacha nó scéimeanna luathscoir agus téarmaí an fhoirceanta agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an bhfoirceannadh.

Míneofar sa bheartas luacha saothair an próiseas cinnteoireachta a leantar lena chinneadh, lena athbhreithniú agus lena chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun coinbhleacht leasa a sheachaint nó a bhainistiú agus, i gcás inarb infheidhme, ról an choiste luach saothair nó aon choiste eile lena mbaineann. I gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar an mbeartas, cuirfear síos agus tabharfar míniú ar gach athrú suntasach atá ann agus ar conas a chuirtear vótaí agus tuairimí na scairshealbhóirí ar an mbeartas agus ar na tuarascálacha i gcuntas ann ó caitheadh an vóta is déanaí ar an mbeartas luach saothair ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí.

7.   Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, tar éis an vóta ar an mbeartas luach saothair ag an gcruinniú ginearálta, go ndéanfar an beartas mar aon le dáta agus torthaí an vóta a chur ar fáil go poiblí gan mhoill ar shuíomh gréasáin na cuideachta agus go mbeidh siad ar fáil go poiblí, saor in aisce, ar a laghad fad is infheidhme é.

Airteagal 9b

Faisnéis atá le soláthar sa tuarascáil luach saothair agus ceart chun vótáil ar an tuarascáil luach saothair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh an chuideachta suas tuarascáil luach saothair atá soiléir sothuigthe, ina soláthrófar forléargas cuimsitheach ar an luach saothair, lena n-áirítear gach sochar i bhfoirm ar bith, a dámhadh nó a bhí le dámhachtain le linn na bliana airgeadais do stiúrthóirí aonair, lena n-áirítear do stiúrthóirí nua-earcaithe agus d’iarstiúrthóirí, de réir an bheartais luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 9a.

I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil luach saothair maidir le luach saothair gach stiúrthóra aonair:

(a)

an luach saothair iomlán agus é deighilte de réir comhpháirte, cion coibhneasta an luach saothair sheasta agus inathraithe, míniú ar an dóigh a bhfuiltear ag comhlíonadh an bheartais luach saothair glactha, lena n-áirítear conas a chuireann sé le feidhmíocht fhadtéarmach na cuideachta, agus faisnéis faoi conas a rinneadh na critéir feidhmíochta a chur i bhfeidhm;

(b)

an t-athrú a tháinig go bliantúil ar an luach saothair, éabhlóid fheidhmíocht na cuideachta agus mheánluach saothair na cuideachta ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha i leith fhostaithe na cuideachta nach stiúrthóirí iad thar thréimhse ar a laghad na cúig bliana airgeadais is déanaí, a chuirfear i láthair ar dhóigh a fhágfaidh go bhféadfar comparáid a dhéanamh;

(c)

aon luach saothair ó aon ghnóthas a bhaineann leis an ngrúpa céanna mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11);

(d)

an líon scaireanna agus scair-roghanna a bheidh deonaithe nó tairgthe, agus na príomhdhálaí chun na cearta a fheidhmiú lena n-áirítear an praghas feidhmithe agus an dáta agus aon athrú air sin;

(e)

faisnéis faoin deis a úsáid chun an luach saothair inathraithe a aiséileamh;

(f)

faisnéis faoi aon imeacht ón nós imeachta maidir leis an mbeartas luach saothair a chur chun feidhme dá dtáirgítear in Airteagal 9a(6) agus faoi aon mhaolú a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9a(4), lena n-áirítear an míniú ar chineál na n-imthosca eisceachtúla agus an léiriú ar na gnéithe ar leith ar maolaíodh orthu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-áireoidh cuideachtaí sa tuarascáil luach saothair sainchatagóirí sonraí pearsanta maidir le stiúrthóirí aonair de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12) nó sonraí pearsanta a thagraíonn do staid teaghlaigh stiúrthóirí aonair.

3.   Déanfaidh cuideachtaí sonraí pearsanta na stiúrthóirí a áireofar sa tuarascáil luach saothair de bhun an Airteagail seo a phróiseáil chun cur le trédhearcacht chorparáideach maidir le luach saothair stiúrthóirí d’fhonn feabhas a chur ar chuntasacht na stiúrthóirí agus ar mhaoirseacht na scairshealbhóirí ar luach saothair na stiúrthóirí.

Gan dochar d’aon tréimhse níos faide a leagtar síos le haon ghníomh reachtach earnáil-sonrach ón Aontas, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh cuideachtaí sonraí pearsanta na stiúrthóirí a áireofar sa tuarascáil luach saothair i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil go poiblí de bhun mhír 5 den Airteagal seo níos mó tar éis 10 mbliana ón tráth a fhoilseofar an tuarascáil luach saothair.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le dlí chun sonraí pearsanta na stiúrthóirí a phróiseáil chun críocha eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag an gcruinniú ginearálta bliantúil chun vóta comhairleach a reáchtáil ar thuarascáil luach saothair na bliana airgeadais is déanaí. Míneoidh an chuideachta sa chéad tuarascáil luach saothair eile conas atá an vóta ag an gcruinniú ginearálta curtha i gcuntas.

Le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide, áfach, mar a shainmhínítear, faoi seach, in Airteagal 3(2) agus in Airteagal (3) de Threoir 2013/34/AE, féadfaidh na Ballstáit, mar mhalairt ar an vóta, a fhoráil go bhfuil an tuarascáil luach saothair don bhliain airgeadais is déanaí le cur isteach lena plé ag an gcruinniú ginearálta bliantúil mar mhír ar leith ar an gclár oibre. Míneoidh an chuideachta sa tuarascáil luacha saothair dá éis sin conas a rinneadh an plé ag an gcruinniú ginearálta a chur i gcuntas.

5.   Gan dochar d’Airteagal 5(4), tar éis an chruinnithe ghinearálta, déanfaidh na cuideachtaí an tuarascáil luach saothair a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, saor in aisce, ar feadh tréimhse 10 mbliana, agus féadfaidh siad a roghnú í a choinneáil ar fáil ar feadh tréimhse is faide ná sin ar choinníoll nach mbeidh sonraí pearsanta na stiúrthóiri ann a thuilleadh. Déanfaidh an t-iniúchóir reachtach nó an gnólacht iniúchóireachta a sheiceáil go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Airteagal seo soláthartha.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht chomhchoitinn ag stiúrthóirí na cuideachta, agus iad ag gníomhú faoina réim inniúlachta arna sannadh dóibh ag an dlí náisiúnta, chun a áirithiú go ndéanfar an tuarascáil luach saothair a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlithe, a rialacháin, agus a bhforálacha riaracháin maidir le dliteanas, ar a laghad i leith na cuideachta, maidir le stiúrthóirí na cuideachta i gcás sárú ar na dualgais dá dtagraítear sa mhír seo.

6.   D’fhonn comhchuibhiú a áirithiú i ndáil leis an Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh chun cur i láthair caighdeánaithe na faisnéise a leagtar síos i mír 1 a shonrú.

Airteagal 9c

Trédhearcacht agus formheas ar idirbhearta páirtí ghaolmhair

1.   Déanfaidh na Ballstáit idirbhearta ábhartha a shainiú chun críocha an Airteagail seo agus aird á tabhairt ar:

(a)

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag faisnéis faoin idirbheart ar chinntí eacnamaíocha scairshealbhóirí na cuideachta;

(b)

an riosca a chruthaíonn an t-idirbheart don chuideachta agus dá scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.

Agus idirbhearta ábharthacha á sainiú acu, déanfaidh Ballstáit cóimheas cainníochtúil amháin nó níos mó a shocrú bunaithe ar thionchar an idirbhirt ar staid airgeadais, ioncaim, sócmhainní, caipitliú, lena n-áiritear cothromas, nó láimhdeachas na cuideachta, nó cuirfidh siad san áireamh nádúr an idirbhirt agus seasamh an pháirtí ghaolmhair.

Féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe ábharthachta éagsúla a ghlacadh do chur i bhfeidhm mhír 4 atá éagsúil ó na cinn do chur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3, agus féadfaidh siad idirdhealú a dhéanamh idir na sainmhínithe de réir mhéid na cuideachta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhógairt go poiblí ar a dhéanaí tráth a dtugtar an t-idirbheart chun críche. Cuimseofar san fhógra ar a laghad faisnéis faoi chineál chaidreamh an pháirtí ghaolmhair, ainm an pháirtí ghaolmhair, dáta agus luach an idirbhirt agus aon fhaisnéis eile is gá chun a mheasúnú cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tuarascáil le cur ag gabháil leis an bhfógra poiblí dá dtagraítear i mír 2 ar tuarascáil í ina measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus ina míneofar na toimhdí ar ar bunaíodh í chomh maith leis na modhanna a úsáideadh.

Is ceann acu seo a leanas a tháirgeoidh an tuarascáil sin:

(a)

tríú páirtí neamhspleách nó;

(b)

comhlacht riaracháin nó comhlacht maoirseachta na cuideachta;

(c)

an coiste iniúchóireachta nó aon choiste inar stiúrthóirí neamhspleácha iad an tromlach,

Áiritheoidh na Ballstáit nach nglacfaidh na páirtithe gaolmhara páirt in ullmhú na tuarascála.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an cruinniú ginearálta nó comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta aon idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhormheas i gcomhréir le nósanna imeachta a chuireann cosc ar an bpáirtí gaolmhar leas a bhaint as a sheasamh agus a chuireann cosaint leormhaith ar fáil do leasanna na cuideachta agus do scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag scairshealbhóirí sa chruinniú ginearálta vótáil ar idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a ndearna comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta iad a fhormheas.

I gcás ina bhfuil baint ag stiúrthóir nó ag scairshealbhóir le hidirbheart an pháirtí ghaolmhair, ní ghlacfaidh an stiúrthóir nó an scairshealbhóir páirt san fhormheas ná sa vóta.

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don scairshealbhóir ar páirtí gaolmhar é páirt a ghlacadh sa vóta ar choinníoll go n-áirithíonn an dlí náisiúnta coimircí iomchuí a bhfuil feidhm acu roimh an bpróiseas vótála, nó lena linn, chun leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, a chosaint, trí chosc a chur ar an bpáirtí gaolmhar an t-idirbheart a fhormheas in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad nó in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na stiúrthóirí neamhspleácha.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, mír 3 ná mír 4 maidir le hidirbhearta a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar chun críche ar ghnáth-théarmaí margaidh. Maidir le hidirbhearta den sórt sin, déanfaidh comhlacht riaracháin nó maoirseoireachta na cuideachta nós imeachta inmheánach a bhunú chun a mheasúnú go tréimhsiúil cibé an gcomhlíontar na coinníollacha sin. Ní ghlacfaidh na páirtithe gaolmhara páirt sa mheasúnú sin.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, go ndéanfaidh cuideachtaí na ceanglais i mír 2, mír 3 nó mír 4 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar chun críche ar ghnáth-théarmaí margaidh.

6.   Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a eisiamh nó cead a thabhairt do chuideachtaí é a eisiamh as na ceanglais i mír 2, mír 3 agus mír 4:

(a)

idirbhearta arna ndéanamh idir an cuideachta agus a fochuideachtaí ar choinníoll go bhfuil siad faoi lánúinéireacht agus nach bhfuil leas ag aon pháirtí gaolmhar eile de chuid na cuideachta sa ghnóthas fochuideachta, nó go bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cosaint leormhaith ar leasanna na cuideachta, leasanna na fochuideachta agus a cuid scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh in idirbhearta den sórt sin;

(b)

cineálacha idirbheart arna sainiú go soiléir, a cheanglaíonn an dlí náisiúnta iad a fhormheas tríd an gcruinniú ginearálta, ar choinníoll go ndírítear go sonrach ar chóir chothrom do na scairshealbhóirí uile agus leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus go ndéantar iad a chosaint go leormhaith i bhforálacha dlí den sórt sin;

(c)

idirbhearta maidir le luach saothair stiúrthóirí, nó gnéithe áirithe de luach saothair stiúrthóirí, a bhronntar nó atá dlite i gcomhréir le hAirteagal 9a.

(d)

idirbhearta arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa bunaithe ar bearta a dhíríonn ar a gcobhsaíocht a choimirciú, arna nglacadh ag an údarás inniúil atá i gceannas ar an maoirseacht stuamachta de réir bhrí dhlí an Aontais;

(e)

idirbhearta a thairgtear do na scairshealbhóirí uile ar na téarmaí céanna i gcás ina n-áirithítear cóir chomhionann ar na scairshealbhóirí uile agus cosaint ar leasanna na cuideachta.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí idirbhearta ábharthacha a tugadh chun críche idir páirtí gaolmhar agus fochuideachta na cuideachta sin a fhógairt go poiblí. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tuarascáil ag gabháil leis an bhfógra, ar tuarascáil í ina measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus ina míneofar na toimhdí ar ar bunaíodh í chomh maith leis na modhanna a úsáideadh. Beidh feidhm ag na díolúintí dá bhforáiltear i mír 5 agus mír 6 maidir leis na bearta atá sonraithe sa mhír seo freisin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon idirbhearta leis an bpáirtí gaolmhar céanna a tugadh chun críche in aon tréimhse 12 mhí nó sa bhliain airgeadais chéanna agus nár cuireadh faoi réir na n-oibleagáidí a liostaítear i mír 2, mír 3 nó mír 4, a chomhiomlánú chun críocha na míreanna sin.

9.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le faisnéis ón taobh istigh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13), a nochtadh go poiblí.

(*11)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19)."

(*12)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*13)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).”."

(5)

Cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IIa

GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME AGUS PIONÓIS

Airteagal 14a

Nós Imeachta Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis, a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE (*14) ón gCoimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15) a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14b

Bearta agus pionóis

Na rialacha a bhaineann leis na bearta agus leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit iad a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

Beidh na bearta agus na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta cur chun feidhme sin faoin 10 Meitheamh 2019 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

(*14)  Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45)."

(*15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”"

Airteagal 2

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Meitheamh 2019. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar tagairt den sórt sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, déanfaidh na Ballstáit, tráth nach déanaí ná 24 mhí i ndiaidh ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 3a(8), Airteagal 3b(6) agus Airteagal 3c(3) de Threoir 2007/36/CE, na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 3a, Airteagal 3b, agus Airteagal 3c den Treoir sin a chomhlíonadh, a thabhairt i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Bealtaine 2017

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)  IO C 451, 16.12.2014, lch. 87.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Aibreán 2017.

(3)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí densórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  IO C 417, 21.11 2014, lch. 8.