ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
23 Nollaig 2016


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) 2016/2337 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú ( 1 )

20

 

*

Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt ( 1 )

22

 

*

Rialachán (AE) 2016/2339 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer

32

 

*

Rialachán (AE) 2016/2340 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhéid a bhaineann lena dháta cur i bhfeidhm ( 1 )

35

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 354 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

23.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/2336 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2016

lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), éilítear go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Ba cheart don chomhbheartas iascaigh (CBI) an cur chuige réamhchúraim agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais araon a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh d'fhonn a áirithiú go n-íoslaghdófar na tionchair dhiúltacha a bheidh ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara, agus chun féachaint lena áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí iascaigh an díghrádú ar an muirthimpeallacht. Sa chomhthéacs sin, tá Airteagal 2(2) agus Airteagal 7, Airteagal 20 agus Airteagal 22 den Rialachán sin thar a bheith ábhartha freisin.

(2)

Tá an tAontas tiomanta na rúin atá glactha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm, go háirithe Rún 61/105 agus Rún 64/72, ina n-iarrtar ar Stáit agus ar Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh a áirithiú go gcosnófar éiceachórais domhainfharraige leochaileacha ar an éifeacht atá ag gléasanna iascaireachta grinnill agus go ndéanfar stoic d'éisc dhomhainfharraige a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe.

(3)

Rinne an Coimisiún measúnú ar Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (4) agus chinn sé, go háirithe, go raibh raon feidhme an chabhlaigh lena mbaineann rómhór, go raibh easpa treorach ann ó thaobh rialú na gcalafort arna n-ainmniú agus na gclár samplála, agus go raibh caighdeán tuairiscithe na mBallstát ar na leibhéil iarrachta róluaineach. Thairis sin, baineadh de thátal as meastóireacht an Choimisiúin nach raibh aon éifeacht shubstaintiúil dhearfach ag an uasteorainn acmhainne, ar uastátal é a bhí infheidhme ó 2002 i leith agus arbh ionann é agus acmhainn chomhiomlán na soithí go léir a ghabh níos mó ná 10 dtona d'aon mheascán speiceas domhainfharraige in aon cheann de na blianta idir 1998 agus 2000. Ba cheart, mar sin, réimeas na huasteorann acmhainne a thabhairt cothrom le dáta mar chuid de na bearta chun na heasnaimh sin a sainíodh sa Rialachán sin a réiteach.

(4)

Ar mhaithe le laghduithe riachtanacha ar acmhainn iascaireachta in iascaigh domhainfharraige a choinneáil agus d'fhonn faisnéis níos cuimsithí a fháil maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige agus an tionchar a bhíonn acu ar an muirthimpeallacht, ba cheart gur faoi réir údarú iascaireachta a bheadh iascaireacht ar speicis domhainfharraige. Ba cheart a bheith ag gabháil le gach iarratas ar údarú iascaireachta tuairisc mhionsonraithe ar an limistéar iascaireachta a bheartaítear, lena n-áirítear folimistéir, ranna agus foranna na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF), chomh maith leis na cineálacha gléasanna, an raon doimhneachta a bheartaítear, an mhinicíocht agus an fad a bheartaítear don ghníomhaíocht iascaireachta agus ainmneacha na speiceas domhainfharraige lena mbaineann.

Ba cheart do chóras na n-údaruithe iascaireachta cuidiú freisin chun acmhainn na soithí atá incháilithe don iascaireacht ar speicis domhainfharraige a theorannú. D'fhonn bearta bainistíochta a dhíriú ar an gcuid sin den chabhlach a bhfuil an bhaint is mó aici le hiascaigh domhainfharraige, ba cheart na húdaruithe iascaireachta a eisiúint ag brath ar cibé an le sprioc-iascaigh nó iascaigh foghabhála a bhaineann siad. Níor cheart, mar sin féin, go gcuirfí cosc ar shoithí a ghabhann cainníocht bheag speiceas domhainfharraige agus nach bhfuil faoi réir cead iascaireachta domhainfharraige faoi láthair leanúint lena ngníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta mar thoradh ar chur i bhfeidhm na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír arna mbunú i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(5)

Ba cheart do shealbhóirí údaruithe iascaireachta a cheadaíonn speicis domhainfharraige a ghabháil comhoibriú agus gníomhaíochtaí taighde eolaíochta á ndéanamh d'fhonn feabhas a chur ar an measúnú a dhéantar ar stoic agus ar thaighde ar éiceachórais domhainfharraige.

(6)

D'fhonn cosaint na muirthimpeallachta a fheabhsú tuilleadh, is iomchuí iascaireacht spriocdhírithe a cheadú sna limistéir sin inar tharla gníomhaíocht iascaireachta domhainfharraige le linn na tréimhse tagartha 2009-2011 agus sna limistéir sin amháin. Mar sin féin, ar mhaithe le hiascaireacht thaiscéalaíoch, ba cheart go bhféadfadh soithí a dhíríonn ar speicis domhainfharraige dul i mbun iascaireachta níos faide amach ná an limistéar iascaireachta atá ann cheana ar an gcoinníoll go suítear le measúnacht tionchair arna déanamh i gcomhréir le treoirlínte de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT), nach mbeidh baol suntasach ag gabháil le síneadh an limistéir iascaireachta ó thaobh iarmhairt dhiúltach a bheith aige ar éiceachórais mhuirí leochaileacha (VMEanna).

(7)

De na gléasanna iascaireachta domhainfharraige go léir a úsáidtear, tá baol níos mó ag baint le gléasanna grinnill do VMEanna, agus is leosan a bhaineann an ráta tuairiscithe is airde de ghabhálacha neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige. D'fhonn iarmhairtí diúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige sin ar an éiceachóras muirí a íoslaghdú, ba cheart go ndéanfaí iascaireacht le tráil ghrinnill a theorannú d'uiscí os cionn doimhneacht ar leith agus go mbeadh iascaireacht le gléasanna grinnill faoi réir ceanglais shonracha chun VMEanna a chosaint. Ina theannta sin, ba cheart d'úsáid na ngléasanna grinnill a bheith faoi réir meastóireachta tar éis 13 Eanáir 2021. Ina theannta sin, i láthair na huaire déantar le Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle (5) srian a chur ar eangacha geolbhaigh grinnill dul isteach in iascaigh domhainfharraige.

(8)

D'fhonn drochiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag trálaeireacht grinnill a mhaolú, ní iomchuí iascaireacht le tráil ghrinnill a cheadú ach amháin ar doimhneacht 800 méadar nó os a chionn. Cuireann an teorann sin le bearta deonacha tionscaltreoraithe atá ann cheana, a gcuirtear i bhfeidhm in uiscí an Aontais agus lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí na n-iascach domhainfharraige in uiscí an Aontais.

(9)

D'fhonn iarmhairt na ngníomhaíochtaí iascaigh arna ndéanamh in uiscí domhainfharraige ar VMEanna a íoslaghdú, is iomchuí foráil a dhéanamh do shraith beart lena ndíreofar ar theagmhálacha le VMEannaa laghdú. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith ag riail na gluaiseachta ar aghaidh agus ag oibleagáid tuairiscithe i gcás ina mbíonn teagmháil le VME. Thairis sin, ba cheart liosta a bhunú de limistéir ina bhfuil VMEanna nó inar dóigh go mbeidh VMEanna ina bhfuil toirmeasc ar iascaireacht le gléasanna grinnill.

(10)

Ós rud é gur trí bhíthin caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bailiú sonraí is fearr is féidir, is iomchuí bailiú sonraí maidir le métiers domhainfharraige a ionchorprú i gcreat ginearálta bailithe eolaíochta sonraí, á áirithiú san am céanna go soláthrófar faisnéis bhreise atá riachtanach chun dinimic na hearnála iascaigh a thuiscint. Tá maoiniú ar mhaithe le sonraí a bhailiú faoin Rialachán seo ar fáil faoi na téarmaí agus na prionsabail maidir leis an gcreat um bailiú sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (6).

(11)

I Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), leagtar síos ceanglais rialaithe agus forfheidhmithe níos déine a mbíonn feidhm acu in imthosca sonracha. Ba cheart iascaireacht ar speicis domhainfharraige, atá soloite ó dhúchas ag an iascaireacht, bheith faoi réir leibhéil níos airde rialaithe. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh do chásanna sonracha de shárú rialacha an chomhbheartais iascaigh (CFP), ar cheart go mbainfí siar údarú iascaireachta mar thoradh orthu.

(12)

Le Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle (8) formheasadh an Coinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí maidir le hIascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 17 Márta 1982. Foráiltear sa Choinbhinsiún sin maidir le creatchlár iomchuí le haghaidh comhar iltaobhach i dtaca le caomhnú agus bainistiú réasúnach acmhainní iascaigh in uiscí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh. Sna bearta bainistíochta arna nglacadh faoi Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) tá córas ar leith beart chun VMEanna a chosaint i Limistéar Rialála NEAFC. Mar sin féin, d'fhonn leanúnachas a áirithiú i modus operandi reatha soithí an Aontais in uiscí NEAFC, maidir leis na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bhaineann le ceadúnas iascaireachta domhainfharraige, le calafoirt ainmnithe, agus le faisnéis arna gcur in iúl ag na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige i Limistéar Rialála NEAFC, ba cheart feidhm a bheith acu i gcónaí. Thairis sin, d'fhonn leanúint d'fheabhas a chur ar an eolas eolaíoch faoi na stoic sin, agus ós rud é nach n-áirítear clúdach breathnóirí leis na bearta is infheidhme de chuid NEAFC, is iomchuí an clúdach breathnóirí céanna a chur i bhfeidhm i ngach limistéar den Mhuir Thuaidh agus i ngach limistéar CECAF ina ndéantar iascaireacht ar speicis domhainfharraige.

(13)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtáscairí VME arna leagan amach in Iarscríbhinn III a leasú ar mhaithe leis an liosta sin a oiriúnú don chomhairle eolaíoch is déanaí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(14)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo dá mhéid a bhaineann sé le limistéir iascaireachta atá ann cheana a dhearbhú agus liosta de limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith a bhunú agus a oiriúnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(15)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le hiascaireacht thaiscéalaíoch dhomhainfharraige a fhormheas, agus maidir le cinneadh an limistéir iascaireachta atá ann cheana a choigeartú chun go n-áireofar ann suíomhanna na ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar faoi údarú iascaireachta arna eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm.

(16)

Tá sé riachtanach mar sin rialacha nua a bhunú chun iascaireacht ar stoic dhomhainfharraige a rialú in uiscí an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh agus sna huiscí idirnáisiúnta laistigh de réimse inniúlachta CECAF.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

Cabhróidh an Rialachán seo chun na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach a mhéid a bhaineann le speicis domhainfharraige agus gnáthóga domhainfharraige. Ina theannta sin, díreofar leis ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

eolas eolaíoch maidir le speicis domhainfharraige agus a gcuid gnáthóga a fheabhsú;

(b)

tionchair shuntasacha dhochracha ar VMEanna a chosc laistigh de chreat na hiascaireachta domhainfharraige agus caomhnú fadtéarmach stoc éisc domhainfharraige a áirithiú;

(c)

a áirithiú go bhfuil bearta Aontais chun críche bainistiú inbhuanaithe stoc éisc domhainfharraige comhsheasmhach leis na Rúin arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, go háirithe, Rún 61/105 agus Rún 64/72.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, nó gníomhaíochtaí iascaireachta a bheartaítear sna huiscí seo a leanas:

(a)

arna ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus ag soithí iascaireachta tríú tír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh, in uiscí an Iarthuaiscirt agus in uiscí an Iardheiscirt chomh maith le huiscí an Aontais i gcrios IIa ICES;

(b)

arna ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 de chuid CECAF.

2.   Tá mír 1 den Airteagal seo gan dochar d'Airteagal 16(5).

Airteagal 3

Ábhar

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le speicis a fhaightear in uiscí domhainfharraige agus lena mbaineann meascán de na tosca bitheolaíocha seo a leanas: aibiú ag aoiseanna sách sean, fás mall, ionchas saoil fada, rátaí mortlaíochta nádúrtha ísle, cuirtear go huaineach le líon na n-iasc óg inghafa in aicmí rathúla aoise agus d'fhéadfadh nach dtarlódh sceitheadh gach bliain (“speicis domhainfharraige”).

2.   Chun críche an Rialacháin seo, sainaithnítear speicis domhainfharraige agus, ina measc, na speicis shár-sholoite atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 (11) ón gComhairle.

2.   Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “criosanna ICES” na criosanna sin a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(b)

ciallaíonn “limistéir CECAF” na limistéir sin a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(c)

ciallaíonn “Limistéar Rialála NEAFC” na huiscí atá faoi réir an Choinbhinsiúin maidir le Comhar Iltaobhach sa Todhchaí maidir le hIascaigh san Atlantach Thoir Thuaidh atá lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse iascaireachta pháirtithe conarthacha an choinbhinsiúin sin;

(d)

ciallaíonn “speicis shár-sholoite” na speicis domhainfharraige a luaitear sa tríú colún “speicis shár-sholoite (x)” den tábla in Iarscríbhinn I;

(e)

ciallaíonn “métier” gníomhaíochtaí iascaireachta a dhírítear ar speicis áirithe, le gléas áirithe, i limistéar áirithe;

(f)

ciallaíonn “métier domhainfharraige” métier a dhírítear ar speicis domhainfharraige i gcomhréir leis na táscairí a leagtar síos in Airteagal 5(2);

(g)

ciallaíonn “lárionad faireacháin iascaigh” lárionad oibríochta a bhunaigh Ballstát brataí agus ina bhfuil crua-earraí agus bogearraí ríomhaire lenar féidir sonraí a ghlacadh agus a phróiseáil go huathoibríoch agus sonraí leictreonacha a tharchur;

(h)

Ciallaíonn “teagmhálacha” gabhálacha de chainníochtaí táscspeiceas de VME atá os cionn na leibhéal tairsí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(i)

ciallaíonn “gabhálacha neamhbheartaithe” gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí nach mór, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc gur mó iad ná na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha;

(j)

ciallaíonn “táscaigh VME” iad siúd atá ar áireamh in Iarscríbhinn III;

(k)

ciallaíonn “limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana” an chuid sin den limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(1) inar rinneadh gníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige go stairiúil agus a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 5

Údaruithe iascaireachta

1.   Na gníomhaíochtaí iascaireachta sin a dhírítear ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir údarú iascaireachta (“údarú iascaireachta dírithe”). Léireofar ar an údarú iascaireachta dírithe na speicis domhainfharraige sin a bhfuil an soitheach údaraithe chun díriú orthu.

2.   Chun críocha mhír 1, measfar gur speicis domhainfharraige na spriocspeicis ag soitheach iascaireachta a bheidh i mbun gníomhaíochta iascaireachta má tá ar a laghad 8 % de speicis domhainfharraige i ngach turas iascaireachta ina chuid cumarsáide maidir le gabhálacha (sa logleabhar, i ndearbhaithe maidir le gabháil, i nótaí díolacháin nó i ndoiciméad den chineál sin) sa bhliain féilire lena mbaineann.

Ní bheidh feidhm ag seo, áfach, i gcás soithí iascaireachta a bhfuil an taifead iomlán de speicis domhainfharraige sa bhliain féilire lena mbaineann níos lú ná 10 dtona. Tá an fhomhír sin gan dochar do mhír 6,

3.   Gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta a ghabhann speicis domhainfharraige mar fhoghabháil, cé nach ndíríonn siad ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir údarú iascaireachta (“údarú iascaireachta foghabhála”). Léireofar ar an údarú iascaireachta foghabhála na speicis domhainfharraige sin a d'fhéadfadh an soitheach teagmháil a dhéanamh leo mar fhoghabháil agus é dírithe ar speicis eile.

4.   An dá chineál údaraithe iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 den Airteagal seo, faoi seach, beidh siad sodhealaithe óna chéile sa bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 116 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

5.   Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta nach bhfuil aon údarú iascaireachta acu faoin Airteagal seo dul i mbun iascaireachta ar speicis domhainfharraige de bhreis ar 100 kg in aon turas iascaireachta amháin. Aon speicis domhainfharraige sa bhreis ar 100 kg arna ngabháil ag soithigh den sórt sin, ní choinneofar ar bord iad ná ní dhéanfar iad a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír, cé is moite de na gabhálacha neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige atá faoi réir na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a thabharfar i dtír agus a chomhairfear i gcoinne cuótaí.

6.   Ní mheasfar gur ag díriú ar speicis domhainfharraige atá soitheach iascaireachta a bhfuil údarú iascaireachta foghabhála aige agus a bhfuil rochtain aige ar chuóta le haghaidh foghabhálacha de speicis domhainfharraige nach bhfuil níos mó ná 15 % de bhreis ar an tairseach 10 dtona a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Tabharfaidh sé na gabhálacha sin i dtír agus déanfaidh sé iad a chomhaireamh i gcoinne an chuóta. Na gabhálacha neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige atá faoi réir na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfar iad a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí.

7.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo mutatis mutandis maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint chuig soithí iascaireachta triú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (14).

Airteagal 6

Bainistiú acmhainne

1.   An acmhainn chomhiomlán iascaireachta arna tomhas in olltonnáiste agus i gcileavatanna atá i ngach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta dírithe eisithe ag Ballstát chuige, ní sháróidh sí am ar bith acmhainn chomhiomlán iascaireachta shoithigh an Bhallstáit sin le linn 2009-2011, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá 10 dtona nó níos mó de speicis domhainfharraige gafa acu le linn aon cheann de na blianta féilire idir 2009-2011, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde; agus

(b)

tá siad cláraithe in aon cheann de na réigiúin is forimeallaí, de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, den Bhallstát sin agus i gcás ina raibh 10 % ar a laghad de ghabhálacha iomlána na bliana acu ina ngabhálacha de speicis domhainfharraige in aon cheann de na trí bliana féilire idir 2009-2011, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde.

2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, i gcás gur leithdháileadh deiseanna iascaireachta ar Bhallstát de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I roimh 12 Eanáir 2017, ach nár ghabh a chuid soithí 10 dtona nó níos mó de speicis domhainfharraige in aon cheann de na blianta tagartha, ní sháróidh acmhainn chomhiomlán iascaireachta an Bhallstáit sin am ar bith acmhainn chomhiomlán iascaireachta a chuid soithí in aon cheann de na trí bliana is déanaí inar ghabh ceann amháin ar a laghad dá shoithí 10 dtona nó níos mó de speicis domhainfharraige, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde.

Airteagal 7

Limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana

1.   Faoin 13 Iúil 2017, déanfaidh na Ballstáit ar deonaíodh cead iascaireachta domhainfharraige dá gcuid soithí i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, agus a mhéid a bhaineann sé le gníomhaíochtaí iascaireachta ó shoithí a ghabhann níos mó ná 10 dtona gach bliain féilire, an Coimisiún a chur ar an eolas, trí bhíthin taifid ó VMS) nó, mura bhfuil fáil ar thaifid ó VMS, trí bhíthin aon fhaisnéise eile a bheadh ábhartha agus infhíoraithe, ar shuíomhanna na ngníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh speicis domhainfharraige i gcás soithí den chineál sin le linn na mblianta féilire tagartha 2009-2011.

2.   Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear faoi mhír 1, agus ar bhonn na faisnéise eolaíche agus teicniúla is fearr atá ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, faoin 13 Eanáir 2018, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 8

Ceanglais ghinearálta maidir le hiarratais ar údaruithe iascaireachta

1.   Ag gabháil le gach iarratas ar údarú iascaireachta beidh tuairisc mhionsonraithe ar an limistéar ina mbeartaíonn an soitheach iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh, ar na cineálacha gléasanna, ar an raon doimhneachta ag a ndéanfar na gníomhaíochtaí, ar an minicíocht agus ar an bhfad a bheartaítear don ghníomhaíocht iascaireachta, chomh maith le hainmneacha na speiceas domhainfharraige atá i gceist.

2.   Ní dhéanfar údaruithe iascaireachta dírithe a eisiúint ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh de na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, agus go dtí go gcinnfear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 7, féadfar údaruithe iascaireachta dírithe a eisiúint ar choinníoll go soláthraíonn an soitheach iascaireachta fianaise go raibh sé i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa métier domhainfharraige le haghaidh ar a laghad na dtrí bliana sula gcuirtear an t-iarratas ar údarú iascaireachta isteach. Ní fhéadfar údarú iascaireachta den chineál sin a eisiúint ach amháin i leith suíomhanna ina ndearnadh gníomhaíochtaí iascaireachta den chineál sin cheana.

4.   Ní dhéanfar aon údarú iascaireachta a eisiúint chun iascaireacht le tráil ghrinnill a dhéanamh ar doimhneacht faoi bhun 800 méadar.

5.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát iarraidh a thíolacadh chun iascach taiscéalaíoch a dhéanamh ag suíomhanna atá lasmuigh de na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana. I gcás iarraidh den chineál sin, beidh measúnú tionchair ag gabháil léi, a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i dTreoirlínte Idirnáisiúnta 2008 FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir. Nuair a thíolactar iarraidh den chineál sin, léireoidh an Ballstát fad measta na n-iascach taisceolaíoch agus an líon soithí a mheastar a bheidh rannpháirteach agus an cháil a bheidh acu. Molfaidh sé bearta maolaitheacha chun teagmháil le VMEanna a sheachaint nó chun VMEanna a chosaint go héifeachtach.

6.   Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn comhairle ó chomhlacht comhairleach eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún formheas a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun go ndéanfar an t-iascach taiscéalaíoch a iarradh. Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas go háirithe a shainiú san fhormheas:

(a)

an limistéar le haghaidh iascaigh;

(b)

líon uasta na soithí agus an acmhainn uasta;

(c)

tréimhse iascaigh den chineál sin nach faide ná aon bhliain amháin í, inathnuaite uair amháin;

(d)

an céatadán uasta den ghabháil iomlán incheadaithe de speicis domhainfharraige a fhéadfar a ghabháil san iascach taisceolaíoch; agus

(e)

bearta maolaitheacha nach mór a chomhlíonadh chun VMEanna a chosaint.

7.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ionadaíoch sonraí a bheidh leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar stoic d'éisc dhomhainfharraige agus ar theagmhálacha le VMEanna agus chun iad sin a bhainistiú, ceanglófar le haon údarú iascaireachta a eisítear i gcomhréir le mír 6 go mbeidh breathnóirí eolaíochta nó cianfhaireachán leictreonach i láthair ar an soitheach lena mbaineann le linn an chéad 12 mhí de thréimshe an údaraithe iascaireachta.

8.   Ar bhonn iarraidh agus faisnéis a sholáthraíonn an Ballstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún coigeartú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar an gcinneadh maidir leis an limistéar iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana chun go n-áireofar ann suíomhanna na ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar faoi údarú iascaireachta a eisíodh i gcomhréir le mír 5 agus le mír 6 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Ceanglais shonracha maidir le VMEanna a chosaint

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta le gléasanna grinnill ag doimhneacht faoi bhun 400 méadar.

2.   Má tharlaíonn sé le linn oibríochtaí iascaireachta go sáraíonn cainníocht tháscairí VME, mar a shainítear in Iarscríbhinn III iad, a gabhadh san oibríocht iascaireachta sin, na tairseacha a shainítear in Iarscríbhinn IV, measfar gurb ionann sin agus teagmháil le VMEanna. Déanfaidh an soitheach iascaireachta an iascaireacht sa limistéar sin lena mbaineann a scor láithreach. Ní chuirfidh sé tús le hoibríochtaí athuair go dtí go mbainfidh sé limistéar eile amach a bheidh ar a laghad cúig mhuirmhíle ón limistéar inar tharla an teagmháil.

3.   Déanfaidh an soitheach iascaireachta gach teagmháil le VMEanna a thuairisciú láithreach do na húdaráis inniúla náisiúnta a chuirfidh an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

4.   Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear faisnéis bhithgheografach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, chun na suíomhanna a shainaithint inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith. Ina theannta sin, iarrfaidh an Coimisiún ar chomhlacht inniúil comhairleach eolaíoch measúnú bliantúil ar limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith.

Déanfar an measúnú i gcomhréir le Treoirlínte Idirnáisiúnta 2008 FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, agus cuirfear an cur chuige réamhchúraim i bhfeidhm maidir le bainsistiú iascaigh amhail dá dtagraítear i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus cuirfear ar fáil go poiblí é.

5.   I gcás ina sainaithnítear limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith, ar bhonn an nóis imeachta dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na Ballstáit agus an comhlacht comhairleach eolaíoch an méid sin a chur in iúl don Choimisiún go tráthúil.

6.   Faoin 13 Eanáir 2018, ar bhonn na faisnéise eolaíche agus teicniúla is fearr atá ar fáil agus ar bhonn na measúnuithe agus na sainaitheanta a dhéanann na Ballstáit agus an comhlacht comhairleach eolaíoch, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun críche liosta a bhunú de na limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta gach bliain ar bhonn comhairle a gheofar ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an liosta, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún limistéar a bhaint ón liosta ar choinníoll go gcinnfidh sé, ar bhonn measúnú tionchair agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhlacht comhairleach eolaíoch, go bhfuil dóthain fianaise ann chun a léiriú nach bhfuil VMEanna ann, nó gur glacadh bearta iomchuí caomhantais agus bainistíochta lena n-áirítear go ndéanfar tionchair shuntasacha dhochracha ar VMAanna sa limistéar sin a chosc. Déanfar na gníomhartha cur chur feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.

7.   Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh, ar bhonn na faisnéise eolaíche is fearr atá ar fáil, na táscairí VMEanna agus tá sé de chumhacht aige leasú a dhéanamh ar an liosta a áirítear in Iarscríbhinn III trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17.

8.   Beidh gá le measúnuithe tionchair nua más rud é go bhfuil athruithe suntasacha ar na teicnící a úsáidtear le haghaidh iascach a dhéanamh le gléas grinnill, nó i gcás ina bhfuil faisnéis nua eolaíoch a léiríonn go bhfuil VMEanna i limistéar áirithe.

9.   Beidh cosc ar iascaireacht le gléasanna grinnill sna limistéir uile a liostaítear i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 10

Forálacha sonracha rialaithe a chur i bhfeidhm

Beidh iascach agus gníomhaíochtaí iascaireachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi réir na bhforálacha atá in Airteagail 7, 17, 42, 43 agus 45, Airteagal 84(1)(a), Airteagal 95(3), Airteagal 104(1), Airteagal 105(3)(c), Airteagal 107(1), Airteagal 108(1) agus Airteagal 115(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 freisin, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 11

Calafoirt ainmnithe

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na calafoirt ina bhfuil aon tabhairt i dtír nó trasloingsiú de speicis domhainfharraige nó aon mheascán díobh siúd os cionn 100 kg le déanamh. Faoin 13 Márta 2017, déanfaidh na Ballstáit liosta na gcalafort ainmnithe sin a tharchur chuig an gCoimisiún.

2.   Ní fhéadfar aon chainníocht d'aon mheascán de speicis domhainfharraige os cionn 100 kg a thabhairt i dtír in aon áit seachas na calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit de bhun mhír 1.

Airteagal 12

Réamhfhógra

De mhaolú ar Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ceanglófar ar mháistrí na soithí iascaireachta ar fad de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe acu 100 kg nó níos mó de speicis domhainfharraige a thabhairt i dtír, beag beann ar fhad an tsoithigh iascaireachta fógra a thabhairt d'údarás inniúil a mBallstáit bhrataí maidir lena bhfuil beartaithe acu, ar a laghad ceithre huaire an chloig roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach. Cuirfidh an máistir nó aon duine eile atá freagrach as oibriú soithí 12 mhéadar ar fhad nó níos lú na húdaráis inniúla ar an eolas ar a laghad uair an chloig roimh an am a mheastar go dtiocfaidh an soitheach isteach sa chalafort.

Airteagal 13

Iontrálacha logleabhair maidir le huiscí doimhne

1.   I gcás ina mbeidh an oibleagáid maidir le logleabhar a choinneáil i bhfeidhm, déanfaidh máistrí ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu i gcomhréir le hAirteagal 5(1) nó (3) an méid seo a leanas agus iad i mbun métier domhainfharraige nó nuair atá siad ag iascaireacht faoi bhun 400 méadar:

(a)

líne nua a tharraingt sa logleabhar páipéir tar éis gach tarlú; nó

(b)

i gcás ina bhfuil siad faoi réir an chórais taifeadta leictreonaigh agus tuairiscithe, iontráil ar leith a dhéanamh tar éis gach tarlú.

2.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais taifead freisin i logleabhar an tsoithigh ar aon chainníochtaí de speicis domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhtar, a choinnítear ar bord, a dhéantar a athlastáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le Airteagal 5(5) agus aon chainníochtaí de tháscairí VME a liostaítear in Iarscríbhinn III atá os cionn na dtairseach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear comhdhéanamh agus meáchan speiceas, agus cuirfidh siad tuarascáil ar na cainníochtaí sin faoi bhráid na n-údarás inniúil.

Airteagal 14

Údaruithe iascaireachta a tharraingt siar

Gan dochar d'Airteagal 7(4) ná d'Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus i gcomhréir le hAirteagal 90(1) de, déanfar na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán seo a tharraingt siar ar feadh thréimhse dhá mhí ar a laghad, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

mainnítear na coinníollacha a leagtar amach san údarú iascaireachta maidir leis na teorainneacha ar úsáid gléasanna, na limistéir ina bhfuil oibríochtaí ceadaithe nó na teorainneacha gabhála ar na speicis a bhfuil sé ceadmhach díriú orthu a chomhlíonadh; nó

(b)

mainnítear breathnóir eolaíochta a thógáil ar bord nó ní cheadaítear gabhálacha a shampláil chun críocha eolaíochta mar a shonraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 15

Rialacha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú

1.   Gan dochar d'fhorálacha níos sainiúla sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 199/2008.

2.   Nuair a bheidh sonraí maidir le métiers domhainfharraige á mbailiú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le bailiú sonraí agus leis na leibhéil bheachtais a leagtar síos sa chlár ilbhliantúil ábhartha de chuid an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, teicniúla, comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, urramóidh na Ballstáit na ceanglais shonracha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn II don métier domhainfharraige.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na coinníollacha is gá ar áireamh sna húdaruithe iascaireachta ar fad a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 5 d'fhonn a áirithiú go mbeidh an soitheach i gceist páirteach, i gcomhar leis an insitiúid ábhartha eolaíochta, in aon scéim bailithe sonraí a chuimseodh a raon feidhme na gníomhaíochtaí iascaireachta a bhfuil údaruithe á n-eisiúint ina leith.

4.   Beidh sé de cheangal ar mháistir an tsoithigh, nó ar aon duine eile atá freagrach as oibriú an tsoithigh, an breathnóir eolaíochta a thógáil ar bord a shann an Ballstát don soitheach sin, ach amháin sa chás nach féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna slándála. Déanfaidh an máistir éascaíocht don bhreathnóir eolaíochta agus é i mbun a chuid cúram.

5.   Ar iarraidh a fháil dóibh ón gCoimisiún, déanfaidh Ballstát tuarascálacha bliantúla a thíolacadh ina bhfuil sonraí comhiomlána maidir le líon na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu, a bhfuil baint acu leis an iascaireacht dhomhainfharraige, maidir lena limistéar iascaireachta, an cineál trealaimh, an méid, an líon de gach cineál de na húdaruithe iascaireachta a eisíodh, a gcuid calafort tionscnaimh, iomlán na ndeiseanna iascaireachta domhainfharraige ar fáil dá shoithí agus céatadán comhiomlán na ndeiseanna iascaireachta sin a úsáideadh. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 16

Clúdach breathnóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit clár a bhunú maidir le clúdach breathnóirí chun a áirithiú go ndéanfar sonraí ábhartha, tráthúla agus cruinne a bhailiú faoi ghabháil agus faoi fhoghabháil na speiceas domhainfharraige agus faoi theagmhálacha le VMEanna agus aon fhaisnéis ábhartha eile chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach. Maidir le soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill a bhfuil údarú iascaireachta acu chun díriú ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir clúdach breathnóirí 20 % ar a laghad, seachas i gcás soithí nach bhfuil oiriúnach chun breathnóir a fháil ar chúiseanna slándála. Maidir le gach soitheach eile a bhfuil údarú aige chun díriú ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir clúdach breathnóirí 10 % ar a laghad, seachas i gcás soithí nach bhfuil oiriúnach chun breathnóir a fháil ar chúiseanna slándála.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh a Bhallstát ar oibreoir breathnóir a ghlacadh ar bord a shoithigh, ní chuirfear cosc ar an soitheach sin an calafort a fhágáil mura bhfuil breathnóir ann archúiseanna nach bhfuil neart ag an oibreoir orthu.

3.   Faoin 1 Eanáir 2018, iarrfaidh an Coimisiún comhairle eolaíoch, bunaithe ar shonraí a bhailítear faoin Rialachán seo, chun a mheas cibé an leor an cumhdach breathnóirí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo chun cuspóirí Airteagal 1 a bhaint amach, go háirithe chun an tionchar suntasach dochrach ar VMEanna a chosc laistigh de chreat na hiascaireachta domhainfharraige, agus cibé ar cheart é a leasú ar bhonn modheolaíocht samplála nuashonraithe. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill maidir le torthaí na comhairle eolaíche arna lorg.

4.   Más rud é, ar bhonn na comhairle eolaíche dá dtagraítear i mír 3, go measann an Coimisiún gur cheart na céatadáin de chlúdach breathnóirí a leagtar amach i mír 1 a choigeartú, féadfaidh an Coimisiún, mar ábhar práinne, togra a thíolacadh chun na céatadáin sin a athbhreithniú.

5.   De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le hiascaireacht ar speicis domhainfharraige ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill i Limistéar Rialála NEAFC.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 12 Eanáir 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an tsínte sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(6) i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, sula dtiocfaidh an tréimhse sin in éag, go bhfuil curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 18

An nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste um iascach agus um dhobharshaothrú de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.   Faoi cheann 13 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tuarascálacha na mBallstát agus na comhairle eolaíche a iarrfaidh sé chuige sin, tionchar na mbeart a leagadh síos sa Rialachán seo a mheasúnú agus cinnfidh sé an méid a baineadh amach na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 1.

2.   Beidh béim sa mheastóireacht ar threochtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

gach cineál gléasanna grinnill a úsáidtear nuair a dhírítear ar speiceas domhainfharraige, agus béim ar leith á cur ar na speicis shár-sholoite agus ar VMEanna;

(b)

na soithí a d'iompaigh ar ghléasanna a úsáid a bhfuil tionchar níos lú acu ar ghrinneall na farraige, agus dul chun cinn maidir le gabhálacha de thaisme a chosc, a íoslaghdú, agus, i gcás inar féidir, iad a dhíothú;

(c)

raon oibríochtaí soithí atá ag gabháil do gach métier domhainfharraige;

(d)

sláine agus iontaofacht na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit do chomhlachtaí eolaíochta chun críche stoc a mheasúnú, nó don Choimisiún i gcás glaonna ar shonraí ar leith;

(e)

na stoic dhomhainfharraige ar tháinig feabhas ar an gcomhairle eolaíoch ina leith;

(f)

éifeachtacht na mbeart tionlacain chun ábhar muirí aischurtha a sheachaint agus gabhálacha na speiceas sár-sholoite a laghdú;

(g)

cáilíocht na measúnuithe tionchair a dhéantar de bhun Airteagal 8;

(h)

líon na soithí agus na gcalafort san Aontas a bhfuil éifeacht dhíreach ag cur chun feidhme an Rialacháin seo orthu;

(i)

éifeachtacht na mbeart a bhunaítear chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach stoc éisc domhainfharraige a áirithiú agus chun foghabháil speiceas nach spriocspeicis iad a chosc, go háirithe foghabháil na speiceas shár-sholoite;

(j)

a mhéid a tugadh cosaint éifeachtach do VMEanna trí ghníomhaíochtaí údaraithe iascaireachta a shrianadh do limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana, riail na gluaiseachta ar aghaidh agus/nó trí bhearta eile;

(k)

an teorannú doimhneachta 800 méadar a chur i bhfeidhm.

3.   Ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún tograí a dhéanamh maidir le leasuithe ar an Rialachán seo, de réir mar is iomchuí. Go háirithe, má léirítear leis an meastóireacht sin nach gcomhlíonann iascaireacht le gléasanna grinnill na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú, agus é mar aidhm aige a áirithiú go rachadh údaruithe iascaireachta dírithe in éag nó go ndéanfaí iad a tharraingt siar i gcás soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill agus go ndéanfaí aon bhearta is gá maidir le gléasanna grinnill, lena n-áirítear soithí spiléir, a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcosnófar na speicis shár-sholoite agus VMEanna.

Airteagal 20

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh Airteagal 3, Airteagal 7 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, d'fheidhm a bheith acu maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar Rialála NEAFC.

4.   Aon cheadúnais iascaireachta speisialta arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, leanfaidh siad de bheith bailí ar feadh uastréimhse aon bhliain amháin tar éis an 12 Eanáir 2017.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 41.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh an 18 Deireadh Fómhair 2016 (IO C 433, 23.11.2016, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic domhainfharraige a iascach (IO L 351, 28.12.2002, lch. 6).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle an 27 Samhain 2009 lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (IO L 347, 24.12.2009, lch. 6).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(8)  Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1981 maidir leis an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a thabhairt i gcrích (IO L 227, 12.8.1981, lch. 21).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d'uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 33).


IARSCRÍBHINN I

Speicis domhainfharraige

Ainm eolaíoch

Ainm coitianta

Speicis shár-sholoite (x)

Centrophorus spp.

Siorcanna slogacha

 

Centroscyllium fabricii

Fíogach dubh

x

Centroscymnus coelolepis

Fíogach Portaingéalach

x

Centroscymnus crepidater

Fíogach slim socfhada

x

Dalatias licha

Siorc eite eitleoige

x

Etmopterus princeps

Lóchrannsiorc mór

x

Apristuris spp.

Catsúileach na hÍoslainne

 

Chlamydoselachus anguineus

Siorc rufach

 

Deania calcea

Fíogach éansocach

 

Galeus melastomus

Fíogach an bhéil dhuibh

 

Galeus murinus

Catsúileach luiche

 

Hexanchus griseus

Siorc liath na sróine finne

x

Etmopterus spinax

Siorc slimbhoilg

 

Oxynotus paradoxus

Garbhshiorc seol-eiteach

 

Scymnodon ringens

Fíogach scianfhiacaile

 

Somniosus microcephalus

Siorc beagcheannach

 

Alepocephalidae

Slimchinn

 

Alepocephalus Bairdii

Slimcheann Baird

 

Alepocephalus rostratus

Slimcheann Risso

 

Aphanopus carbo

Scabaird dhubh

 

Argentina silus

Airgintín mór

 

Beryx spp.

Alfainsíní

 

Chaceon (Geryon) affinis

Portán dearg domhainuisce

 

Chimaera monstrosa

Coinín mara

 

Hydrolagus mirabilis

Coinín mara mórshúileach

 

Rhinochimaera atlantica

Ciméara sciansocach

 

Coryphaenoides rupestris

Gránadóir cruinnsocach

 

Epigonus telescopus

Iasc cairdinéalach dubh

x

Helicolenus dactilopterus

An gormbhéal

 

Hoplostethus atlanticus

Gainneachán flannbhuí

x

Macrourus berglax

Gránadóir ceanngharbh

 

Molva dypterigia

Langa gorm

 

Mora moro

Móra coiteann

 

Antimora rostrata

Trosc domhainmhara gorm

 

Pagellus bogaraveo

Deargán

 

Polyprion americanus

Breac raice

 

Reinhardtius hippoglossoides

Haileabó Graonlannach

 

Cataetyx laticeps

 

 

Hoplosthetus mediterraneus

Gainneachán airgid

 

Macrouridae seachas Coryphaenoides rupestris agus Macrourus berglax

Gránadóirí seachas an gránadóir cruinnsocach agus an gránádóir ceanngharbh

 

Nesiarchus nasutus

Ronnach nathartha corcairghorm

 

Notocanthus chemnitzii

Eascann spíonach gheancach

 

Raja fyllae

Sciata cruinn

 

Raja hyperborea

Sciata artach

 

Raja nidarosiensus

Sciata Ioruach

 

Trachyscorpia cristulata

Deilgcheann Atlantach

 

Lepidopus caudatus

Scabaird airgid

 

Lycodes esmarkii

Puteascann Esmark

 

Sebastes viviparus

Péirse mhara bheag

 


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais shonracha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)

1.

Aon sonraí a bhailítear maidir le limistéar a chuimsíonn uiscí de chuid an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta araon, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a dhí-chomhbhailiú ar shlí a dtagraítear ar leithligh d'uiscí de chuid an Aontais nó d'uiscí idirnáisiúnta.

2.

I gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht sa métier domhainfharraige ag forluí le gníomhaíocht i métier eile sa limistéar céanna, déanfar an bailiú sonraí maidir leis an ngníomhaíocht sa métier domhainfharraige ar leithligh ón mbailiú sonraí maidir le gníomhaíocht sa métier eile.

3.

Déanfar ábhar muirí aischurtha a shampláil i ngach métier domhainfharraige. An straitéis samplála maidir le tabhairt i dtír agus ábhar muirí aischurtha, cuimseoidh sí gach speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I, mar aon le speicis a bhaineann leis an éiceachóras grinnill amhail coréil domhainuiscí, spúinsí nó orgánaigh eile a bhaineann leis an éiceachóras céanna.

4.

Iarrfar ar bhreathnóir a imlonnaítear ar bord meáchan aon choiréalaigh chlochaigh, aon choiréalaigh bhoig, aon spúinsí nó aon orgánach eile a bhaineann leis an éiceachóras céanna a thógtar ar bord le gléasanna an tsoithigh a shainaithint agus a dhoiciméadú.

5.

I gcás ina gceanglaítear leis an bplean ilbhliantúil is infheidhme maidir le bailiú sonraí nach mór sonraí a bhailiú maidir le hiarrachtaí iascaireachta ó thaobh uaireanta an chloig iascaireachta le tráil agus ama tumtha gléasanna éighníomhacha, baileoidh na Ballstáit na sonraí breise seo a leanas chomh maith leis na sonraí sin maidir le hiarrachtaí iascaireachta agus beidh siad in ann iad a chur ar fáil:

(a)

suíomh geografach na ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann le gach gabháil, ar bhonn sonraí an chórais um fhaireachán soithí arna dtarchur ag an soitheach chuig an lárionad faireacháin ar iascaigh;

(b)

na doimhneachtaí iascaireachta ag a n-úsáidtear na gléasanna, i gcás ina bhfuil an soitheach faoi réir tuarisciú le logleabhar leictreonach. Tabharfaidh máistir an tsoithigh fógra maidir leis an doimhneacht iascaireachta de réir na formáide caighdeánaí tuairiscithe.


IARSCRÍBHINN III

Speicis tháscacha VME

Measfar gur táscairí VME iad na cineálacha gnáthóg a liostaítear thíos, agus na tacsóin is dóchúla a bheidh i láthair.

Cineál ghnáthóg VME

Tacsóin ionadaíocha

1.

Sceir choiréalaigh fuaruisce

 

(a)

Sceir lophelia pertusa

Lophelia pertusa

(b)

Sceir solenosmilia variabilis

Solenosmilia variabilis

2.

Gairdín coiréalaigh

 

(a)

Gairdín cruaghrinneallach

 

(i)

Gairdíní gorgaineacha cruaghrinneallacha agus gairdíní coiréalaigh dhuibh

Anthothelidae

Chrysogorgiidae

Isididae, Keratoisidinae

Plexauridae

Acanthogorgiidae

Coralliidae

Paragorgiidae

Primnoidae

Schizopathidae

(ii)

Scleractinia coilíneacha ar lomáin carraige

Lophelia pertusa

Solenosmilia variabilis

(iii)

Cumaisc scleractinineacha neamhsceireacha

Enallopsammia rostrata

Madrepora oculata

b.

Gairdíní bog-ghrinneallacha coiréalaigh

 

(i)

Gairdíní corgaineacha bog-ghrinneallacha agus gairdíní coiréalaigh dhuibh

Chrysogorgiidae

(ii)

Bláir choiréalaigh cupaigh

Caryophylliidae

(iii)

Bláir stíolastaraidigh

Flabellidae

Nephtheidae

3.

Cumaisc spúinse domhainfharraige

 

(a)

Cumaisc eile spúinse

Geodiidae

Ancorinidae

Pachastrellidae

(b)

Gairdíní cruaghrinneallacha coiréalaigh

Axinellidae

Mycalidae

Polymastiidae

Tetillidae

(c)

Pobail spúinse gloine

Rossellidae

Pheronematidae

4.

Bláir pheann mara

Anthoptilidae

Pennatulidae

Funiculinidae

Halipteridae

Kophobelemnidae

Protoptilidae

Umbellulidae

Vigulariidae

5.

Paistí d'anamóine tiúibe

Cerianthidae

6.

Fána éiritheach láibe agus gainnimh

Bourgetcrinidae

Antedontidae

Hyocrinidae

Xenophyophora

Syringamminidae

7.

Paistí bríosónacha

 


IARSCRÍBHINN IV

Sainítear teagmháil le VME mar a leanas:

(a)

i gcás tuáil tráil, agus treallamh eile iascaireachta seachas spiléir: níos mó ná 30 kg coiréalaigh bheo agus/nó 400 kg spúinse bheo de tháscairí VME a bheith ann; agus

(b)

i gcás tacar spiléar: táscairí VME a bheith i láthair ar 10 nduán in aghaidh gach mírlíne de 1 000 duán nó in aghaidh gach mírlíne 1 200 m de spiléar, cibé ceann acu is giorra.


23.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

20


RIALACHÁN (AE) 2016/2337 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2016

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 109 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle (4), ceadaítear do na Ballstáit cúiteamh a thabhairt do 40 gnóthas iarnróid arna sonrú, chun oibleagáidí a íoc nach bhfuil ar ghnóthais atá i mbun modhanna iompair eile a sheasamh. Fágann cur i bhfeidhm ceart na rialacha maidir le normalú go bhfuil Ballstáit díolmhaithe ó oibleagáidí i leith fógraí a thabhairt maidir le státchabhair.

(2)

Glacadh sraith gníomhartha dlí lena ligtear iomaíocht isteach i margadh an lasta iarnróid agus sa mhargadh paisinéirí iarnróid idirnáisiúnta agus lena mbunaítear, i gcás Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), prionsabail bhunúsacha áirithe lena n-áirítear: an prionsabal go bhfuil gnóthais iarnróid le bainistiú de réir prionsabail a bhfuil feidhm leo maidir le cuideachtaí tráchtála; an prionsabal go bhfuil eintitis atá freagrach as acmhainn a leithdháileadh agus muirear a ghearradh as bonneagar iarnróid a úsáid le bheith ann ar leithligh ó eintitis a oibríonn seirbhísí iarnróid, agus go bhfuil scaradh cuntas le bheith ann; an prionsabal go bhfuil rochtain le bheith ag aon ghnóthas iarnróid arna cheadúnú i gcomhréir le critéir Aontais ar bhonneagar iarnróid ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach; agus an prionsabal go bhféadfaidh bainisteoirí bonneagair tairbhiú de mhaoiniú Stáit.

(3)

Tá Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ar neamhréir leis na bearta reachtacha atá i bhfeidhm faoi láthair agus neamh-chomhoiriúnach leo freisin. Go háirithe, i gcomhthéacs margadh léirscaoilte ina bhfuil gnóthais iarnróid in iomaíocht dhíreach leis na gnóthais iarnróid arna sonrú, ní iomchuí a thuilleadh cóir éagsúil a chur ar an dá ghrúpa sin.

(4)

Chun deireadh a chur le neamhréireachtaí i gcóras dlí an Aontais agus d'fhonn rannchuidiú le simpliú trí dheireadh a chur le gníomh dlí atá imithe i léig, is iomchuí dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 a aisghairm.

(5)

Féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a íoc do chostais na saoráidí crosairí ar bhonn Airteagal 8 de Threoir 2012/34/AE. Mar sin féin, tá gach seans ann go mbeidh am ag teastáil uathu chun an dlí náisiúnta agus na forálacha riaracháin atá acu a leasú d'fhonn aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, níor cheart feidhm láithreach a bheith ag an aisghairm sin i gcásanna a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69, cé is moite d'fhorálacha an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir le cuntais a normalú do chásanna Aicme IV a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Leanfaidh na forálacha sin d'fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2017.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 122.

(2)  IO C 356, 5.12.2013, lch. 92.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2016 (IO C 430, 22.11.2016, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1969 maidir le comhrialacha chun cuntas na ngóthas iarnróid a normalú (IO L 156, 28.6.1969, lch. 8)

(5)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).


23.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


RIALACHÁN (AE) 2016/2338 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2016

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'fhéadfadh iompar d'iarnród fás agus a chion módach a mhéadú agus ról tábhachtach a bheith aige i gcóras inbhuanaithe iompair agus soghluaisteachta, rud a chruthódh deiseanna nua infheistíochta agus poist. Mar sin féin, níor fhan fás na seirbhísí iompair do phaisinéirí d'iarnród cos ar chos le héabhlóid na modhanna eile iompair.

(2)

Tá margadh an Aontais do sheirbhísí idirnáisiúnta iompair do phaisinéirí d'iarnród oscailte don iomaíocht ó 2010 i leith. Chomh maith leis sin, d'oscail roinnt Ballstát a gcuid seirbhísí intíre do phaisinéirí don iomaíocht, trí chearta rochtana oscailte a thabhairt isteach, nó conarthaí seirbhíse poiblí a chur ar tairiscint, nó an dá rud. Ba cheart tionchar dearfach a bheith ag oscailt an mhargaidh do sheirbhísí intíre do phaisinéirí d'iarnród ar fheidhmiú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid agus ba cheart seirbhísí ní b'fhearr d'úsáideoirí a bheith mar thoradh air sin.

(3)

Ina Pháipéar Bán maidir le hiompar an 28 Márta 2011, d'fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige an margadh inmheánach do sheirbhísí iarnróid a chomhlánú agus fáil réidh leis na bacainní teicniúla, riaracháin agus dlíthiúla a chuireann bac ar iontráil sa mhargadh iarnróid.

(4)

Le comhlánú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, ba cheart forbairt iompair d'iarnród a chur chun cinn mar rogha inchreidte eile ar mhodhanna eile iompair, inter alia ó thaobh an phraghais agus na cáilíochta de.

(5)

Tá sé mar chuspóir sonrach ag an Rialachán seo feabhas a chur ar cháilíocht, ar thrédhearcacht, ar éifeachtúlacht agus ar fheidhmiú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród.

(6)

Maidir le seirbhísí ar an leibhéal trasteorann a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí iompair lena gcumhdaítear riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha, ba cheart dóibh a bheith faoi réir chomhaontú ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar.

(7)

Ba cheart do na húdaráis inniúla sonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí san iompar poiblí do phaisinéirí a shainiú. Ba cheart do shonraíochtaí den sórt sin a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sna Ballstáit.

(8)

Nuair is féidir, ba cheart do shonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí don iompar poiblí do phaisinéirí iarmhairtí dearfacha a ghiniúint sna gréasáin, inter alia ó thaobh caighdeáin fheabhsaithe seirbhísí, comhtháthú sóisialta agus críochach nó éifeachtacht fhoriomlán an chórais iompair phoiblí de.

(9)

Ba cheart oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith i gcomhréir le beartas iompair phoiblí. Mar sin féin, ní fhágann sin go bhfuil na húdaráis inniúla i dteideal méid ar leith cistiúcháin a fháil.

(10)

Agus doiciméid bheartais iompair phoiblí á n-ullmhú, ba cheart dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I measc na ngeallsealbhóirí sin, d'fhéadfaí oibreoirí iompair, bainisteoirí bonneagair, eagraíochtaí fostaithe agus ionadaithe úsáideoirí na seirbhísí poiblí iompair a áireamh.

(11)

Do chonarthaí seirbhíse poiblí nach ndámhtar ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí ag oibreoirí seirbhíse poiblí a chúiteamh go hiomchuí d'fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgeadais na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa bheartas iompair phoiblí. Go háirithe, ba cheart don chúiteamh sin caomhnú nó forbairt an bhainistithe éifeachtaigh ag an oibreoir seirbhíse poiblí a chur chun cinn chomh maith le seirbhísí iompair do phaisinéirí, ar seirbhísí iad atá ar chaighdeán sách ard, a sholáthar.

(12)

Faoi chuimsiú bhunú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta a áirithiú d'fhoireann na n-oibreoirí seirbhíse poiblí.

(13)

D'fhonn ceanglais shóisialta agus saothair a chomhtháthú go hiomchuí i nósanna imeachta le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a dhámhachtain, ba cheart d'oibreoirí seirbhíse poiblí, agus conarthaí seirbhíse poiblí á bhfeidhmiú acu, na hoibleagáidí sin i réimse an dlí shóisialta agus shaothair atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndámhtar an conradh seirbhíse poiblí agus a eascraíonn as dlíthe, rialacháin agus cinntí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus as na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na rialacha náisiúnta sin, agus a gcur i bhfeidhm, dlí an Aontais.

(14)

I gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit go n-aistreofaí an fhoireann a bhí earcaithe ag an oibreoir roimhe sin chuig an oibreoir seirbhíse poiblí nua a roghnaíodh, ba cheart na cearta a dheonú don fhoireann sin a mbeidís ina dteideal dá mba rud é go raibh aistriú ann de réir bhrí Threoir 2001/23/CE ón gComhairle (4). Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit forálacha den sórt sin a ghlacadh.

(15)

Ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir maidir le tairiscintí a ullmhú faoi nósanna imeachta iomaíocha tairisceana, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó á háirithiú ag an am céanna.

(16)

An oibleagáid ar údarás inniúil faisnéis a sholáthar do na páirtithe leasmhara go léir, ar faisnéis í atá fíor-riachtanach chun tairiscint a ullmhú faoi nós imeachta iomaíoch tairisceana, níor cheart go sínfeadh sí chuig faisnéis bhreise a chruthú i gcás nach ann don fhaisnéis sin.

(17)

D'fhonn an éagsúlacht in eagrú críochach agus polaitiúil na mBallstát a chur san áireamh, féadfaidh údarás inniúil arb éard atá ann grúpa údarás poiblí conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain. Sna himthosca sin, ba cheart rialacha soiléire a bheith ann lena socraítear na róil faoi seach a bheidh ag gach ceann de na húdaráis phoiblí i bpróiseas dámhachtana an chonartha seirbhíse poiblí.

(18)

Ag féachaint d'éagsúlacht na struchtúr riaracháin sna Ballstáit, i gcás conarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród arna ndámhachtain go díreach ag grúpa údarás inniúil áitiúil, is faoi na Ballstáit fós atá sé a chinneadh cé na húdaráis áitiúla atá inniúil maidir le “ceirtleáin uirbeacha” agus “limistéir thuaithe”.

(19)

Ba cheart conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, seachas sna cásanna sin a leagtar amach sa Rialachán seo.

(20)

Ba cheart na nósanna imeachta tairisceana iomaíocha le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí a bheith oscailte do gach oibreoir, ba cheart dóibh a bheith cóir agus ba cheart dóibh prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe a urramú.

(21)

In imthosca eisceachtúla, i gcás ina ndéantar conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, féadfar, go sealadach, conarthaí nua a dhámhachtain go díreach d'fhonn a áirithiú go ndéanfar seirbhísí a sholáthar ar an mbealach is éifeachtaí atá ann ó thaobh costais de. Níor cheart conarthaí den sórt sin a athnuachan chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí céanna nó oibleagáidí seirbhíse poiblí comhchosúla a chumhdach.

(22)

I gcás nach léiríonn ach an t-aon oibreoir amháin spéis tar éis go ndéantar fógra a fhoilsiú maidir leis an intinn nós imeachta iomaíoch tairisceana a eagrú, féadfaidh na húdaráis inniúla dul i mbun caibidlíocht leis an oibreoir sin chun an conradh a dhámhachtain gan nós imeachta oscailte tairisceana a fhoilsiú de bhreis.

(23)

Ba cheart na tairseacha de minimis le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain go díreach a oiriúnú chun go léireoidh siad méideanna agus costais aonaid níos airde i seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród i gcomparáid le modhanna eile iompair arna gcumhdach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart feidhm a bheith ag tairseacha níos airde freisin maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród i gcás inarb ionann an t-iarnród agus níos mó ná 50 % de luach na seirbhísí atá faoi chaibidil.

(24)

Chun limistéar Eorpach aonair iarnróid a bhunú, tá rialacha comhchoiteanna de dhíth maidir le dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí san earnáil seo, agus imthosca sonracha gach Ballstáit á gcur san áireamh ag an am céanna.

(25)

I gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe a bhaineann le cineál agus struchtúr an mhargaidh iarnróid nó an ghréasáin iarnróid, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith i dteideal conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach i gcás ina gcuirfeadh an conradh sin feabhas ar chaighdeán nó ar chost-éifeachtacht na seirbhísí, nó orthu araon.

(26)

Féadfaidh na húdaráis inniúla bearta a ghlacadh chun an iomaíocht idir gnóthais iarnróid a mhéadú trí líon na gconarthaí a dhámhfaidh siad ar aon ghnóthas iarnróid amháin a theorannú.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhforálann a gcórais dlí go bhféadfaidh comhlacht neamhspleách measúnú a dhéanamh ar chinntí an údaráis inniúil conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach ar chur chuige feidhmíochtbhunaithe. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh mar chuid d'athbhreithniú breithiúnach.

(28)

Agus nósanna imeachta iomaíocha tairsceana á n-ullmhú acu, ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaitheach ar rothra iarnróid oiriúnach a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis inniúla an tuarascáil mheasúnaithe a chur ar fáil go poiblí.

(29)

Roinnt de phríomhghnéithe na nósanna imeachta iomaíocha tairisceana a bheidh ann amach anseo le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí, is gá iad a bheith iomlán trédhearcach le go bhféadfar freagairt mhargaidh a bheith ann a bheidh eagraithe ar bhealach níos fearr.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Faoi réir chomhaontú údaráis inniúla na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar, féadfaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí baint a bheith acu le seirbhísí poiblí iompair ar an leibhéal trasteorann, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí iompair sin lena gcumhdaítear riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

ciallaíonn ‘seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród’ iompar poiblí paisinéirí d'iarnród, cé is moite d'iompar paisinéirí de mhodhanna eile rianbhunaithe, amhail meitreonna nó trambhealaigh;”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 2a

Oibleagáidí seirbhíse poiblí a shonrú

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil sonraíochtaí d'oibleagáidí seirbhíse poiblí i soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí agus i raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí sin a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 2(e). Áirítear leis sin go bhféadfaí seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais a ghrúpáil le seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais.

Agus na sonraíochtaí sin agus a raon feidhme á leagan síos aige, tabharfaidh an t-údarás inniúil an urraim chuí do phrionsabal na comhréireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Beidh na sonraíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sna Ballstáit.

Déanfar inneachar agus formáid na ndoiciméad beartais don iompar poiblí agus na nósanna imeachta le haghaidh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Le sonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus an cúiteamh gaolmhar ar iarmhairt ghlan airgeadais na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí:

(a)

déanfar cuspóirí an bheartais iompair phoiblí a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de; agus

(b)

déanfar soláthar an iompair phoiblí do phaisinéirí a chothabháil ó thaobh an airgeadais de, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa bheartas iompair phoiblí go fadtéarmach.”;

(4)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

leagfaidh siad amach go soiléir na hoibleagáidí seirbhíse poiblí, a shainmhínítear sa Rialachán seo agus a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 2a de, atá le comhlíonadh ag an oibreoir seirbhíse poiblí, agus na limistéir gheografacha lena mbaineann;

(b)

bunóidh siad, roimh ré, ar dhóigh oibiachtúil thrédhearcach:

(i)

na paraiméadair ar ar a mbonn a bhfuil an íocaíocht chúitimh, más ann, le ríomh; agus

(ii)

cineál agus réim aon chearta eisiacha a dheonaítear ar bhealach ina seachnófar forchúitimh.

I gcás conarthaí seirbhíse poiblí nach ndámhtar i gcomhréir le hAirteagal 5(1), (3) ná (3b), cinnfear na paraiméadair sin sa chaoi nach bhféadfaidh aon íocaíocht cúitimh a bheith níos mó ná an méid atá de dhíth chun an iarmhairt ghlan airgeadais ar chostais arna dtabhú agus ar ioncam arna ghiniúint i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus ioncam lena mbaineann agus arna choinneáil ag an oibreoir seirbhíse poiblí agus brabús réasúnta á gcur san áireamh;”

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4a.   I bhfeidhmiú conarthaí seirbhíse poiblí, comhlíonfaidh oibreoirí seirbhíse poiblí na hoibleagáidí is infheidhme i réimse an dlí shóisialta agus shaothair arna mbunú ag dlí an Aontais, an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.

4b.   Beidh feidhm ag Treoir 2001/23/CE maidir le hathrú oibreora seirbhíse poiblí i gcás inarb ionann an t-athrú sin agus gnóthas a aistriú de réir bhrí na Treorach sin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   I gcás ina gceanglaíonn údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar oibreoirí seirbhíse poiblí caighdeáin áirithe cháilíochta agus shóisialta a chomhlíonadh, nó critéir shóisialta agus cháilíochtúla a bhunú, beidh na caighdeáin agus na critéir sin san áireamh sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí. Agus Treoir 2001/23/CE á hurramú ag an am céanna, beidh faisnéis sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí sin freisin, i gcás inarb infheidhme, faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le haistriú na foirne sin a d'earcaigh an t-oibritheoir roimhe sin.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   Le conarthaí seirbhíse poiblí ceanglófar ar an oibreoir an fhaisnéis atá fíor-riachtanach chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain a sholáthar don údarás inniúil, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó á háirithiú ag an am céanna. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis ábhartha a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar maidir le tairiscint a ullmhú faoi nós imeachta iomaíoch tairisceana, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó á háirithiú ag an am céanna. Cuimseofar sa mhéid sin faisnéis faoi éileamh ó phaisinéirí, táillí, costais agus ioncaim a bhaineann leis an iompar poiblí do phaisinéirí arna chumhdach ag an nós imeachta iomaíoch tairisceana agus sonraí faoi shonraíochtaí bonneagair atá ábhartha chun na feithiclí nó an rothra atá riachtanach a oibriú, le cur ar chumas páirtithe leasmhara pleananna eolasacha gnó a dhréachtú. Tacóidh bainisteoirí bonneagair iarnróid le húdaráis inniúla chun na sonraíochtaí bonneagair ábhartha go léir a sholáthar. Beidh neamhchomhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach thuas faoi réir an athbhreithnithe dhlíthiúil dá bhforáiltear in Airteagal 5(7).”;

(5)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“2.   Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh aon údarás áitiúil inniúil, cibé acu an údarás leithleach nó grúpa d'údaráis é a sholáthraíonn seirbhísí poiblí comhtháite iompair do phaisinéirí, a chinneadh go soláthróidh sé féin seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó go ndéanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach ar eintiteas atá leithleach go dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás áitiúil inniúil rialú air nó, i gcás grúpa údarás, a ndéanann ar a laghad údarás áitiúil inniúil amháin rialú air, is cosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin.

I gcás seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród, ní fhéadfaidh an grúpa údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith comhdhéanta ach d'údaráis áitiúla inniúla a bhfuil limistéar geografach inniúlachta acu nach limistéar náisiúnta é. Ní fhéadfaidh an tseirbhís phoiblí iompair do phaisinéirí nó an conradh seirbhíse poiblí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach riachtanais iompair na gceirtleán uirbeach nó na limistéar tuaithe, nó iad araon, a chumhdach.

I gcás ina nglacfaidh údarás áitiúil inniúil cinneadh den sórt sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Aon údarás inniúil a bhainfidh leas as tríú páirtí seachas oibreoir inmheánach, déanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, ach amháin sna cásanna a shonraítear i míreanna 3a, 4, 4a, 4b, 5 agus 6. Beidh an nós imeachta iomaíoch tairisceana arna ghlacadh oscailte do gach oibreoir, beidh sé cóir agus urramóidh sé prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Tar éis thaisceadh na dtairiscintí agus aon réamhroghnú, féadfar caibidlíocht a áireamh sa nós imeachta i gcomhréir leis na prionsabail sin d'fhonn a chinneadh conas is fearr ceanglais shonraithe nó chasta a chomhall.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród arna ndámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí nua a dhámhachtain go sealadach agus go díreach i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain dhíreach i ngeall ar imthosca eisceachtúla. Ar na himthosca eisceachtúla sin, áireofar na cásanna seo a leanas:

tá roinnt nósanna imeachta iomaíocha tairisceana atá á reáchtáil cheana féin ag an údarás inniúil nó ag údaráis inniúla eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar líon agus ar cháilíocht na dtairiscintí is dóigh a gheofar má tá an conradh faoi réir nós imeachta tairisceana iomaíoch, nó

tá gá le hathruithe ar raon feidhme conartha seirbhíse poiblí amháin nó níos mó d'fhonn soláthar seirbhísí poiblí a bharrfheabhsú.

Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh cuí-réasúnaithe a eisiúint agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi gan moill mhíchuí.

Beidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain de bhun na míre seo comhréireach leis an imthoisc eisceachtúil lena mbaineann agus ní rachaidh sé thar 5 bliana i gcás ar bith.

Foilseoidh an t-údarás inniúil conarthaí den sórt sin. Le linn dó déanamh amhlaidh, déanfaidh sé cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó agus na leasanna tráchtála a chur san áireamh.

Ní dhéanfar an conradh ina dhiaidh sin a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí céanna a dhámhachtain ar bhonn na forála sin.

3b.   Agus mír 3 á cur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh an nós imeachta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

 

Féadfaidh na húdaráis inniúla an rún atá acu conradh seirbhíse poiblí iompair le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain a dhéanamh poiblí trí fhógra faisnéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

 

San fhógra faisnéise sin beidh tuairisc mhionsonraithe ar na seirbhísí is ábhar don chonradh atá le dámhachtain, chomh maith le cineál agus ré an chonartha.

 

Féadfaidh oibreoirí a spéis a léiriú laistigh de thréimhse a shocróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach lú í ná 60 lá tar éis an fógra faisnéise a fhoilsiú.

Más rud é, tar éis dhul in éag na tréimhse sin:

(a)

nach bhfuil ach oibreoir amháin tar éis spéis a léiriú páirt a ghlacadh sa nós imeachta chun an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain;

(b)

go bhfuil sé cruthaithe ag an oibreoir sin go cuí go mbeidh sé in ann an tseirbhís iompair a sholáthar iarbhír agus na hoibleagáidí arna mbunú sa chonradh seirbhíse poiblí á gcomhlíonadh aige;

(c)

nach cúngú saorga ar pharaiméadair an tsoláthair is cúis leis an easpa iomaíochta; agus

(d)

nach ann d'aon rogha réasúnta eile;

féadfaidh na húdaráis inniúla tús a chur le caibidlíocht leis an oibreoir seo d'fhonn an conradh a dhámhachtain gan nós imeachta oscailte tairisceana a fhoilsiú de bhreis.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach:

(a)

i gcás ina meastar go bhfuil a meánluach bliantúil níos lú ná EUR 1 000 000 nó, i gcás conradh seirbhíse poiblí ina gcuimsítear seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród, níos lú ná EUR 7 500 000; nó,

(b)

i gcás ina mbaineann siad le soláthar bliantúil de níos lú ná 300 000 ciliméadar de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó, i gcás conradh seirbhíse poiblí ina gcuimsítear seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród, níos lú ná 500 000 ciliméadar.

I gcás conradh seirbhíse poiblí arna dhámhachtain go díreach ar fhiontar beag nó meánmhéide nach mó ná 23 an líon feithiclí bóthair a bheidh á n-úsáid aige, féadfar na tairseacha sin a ardú go dtí meánluach bliantúil a mheastar a bheith níos lú ná EUR 2 000 000 nó go dtí soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí atá níos lú ná 600 000 ciliméadar.”;

(e)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4a.   Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach:

(a)

i gcás ina measann sé go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain dhíreach i ngeall ar shaintréithe struchtúracha agus geografacha ábhartha an mhargaidh agus an líonra lena mbaineann, go háirithe a méid, a saintréithe éilimh, castacht an líonra, leithlisiú teicniúil agus geografach an líonra sin, agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an gconradh, agus

(b)

i gcás ina gcuirfeadh conradh den sórt sin feabhas ar chaighdeán na seirbhísí nó ar an gcost-éifeachtacht, nó orthu araon, le hais an chonartha seirbhíse poiblí a dámhadh roimhe sin.

Ar an mbonn sin, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh cuí-réasúnaithe a fhoilsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi laistigh de mhí amháin ó dháta a fhoilsithe. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar aghaidh le dámhachtain an chonartha.

Maidir le Ballstáit ar lú ná 23 000 000 ciliméadar traenach, ar an 24 Nollaig 2017, an t-uasmhéid margaidh bliantúil ina leith agus nach bhfuil ach an t-aon údarás inniúil amháin acu ar an leibhéal náisiúnta agus an t-aon chonradh seirbhíse poiblí amháin lena gcumhdaítear an líonra ina iomláine, measfar go gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a). I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil de cheann de na Ballstáit sin conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chinneadh an fhomhír seo a chur i bhfeidhm maidir le Tuaisceart Éireann.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach, déanfaidh sé ceanglais feidhmíochta a bheidh intomhaiste, trédhearcach agus infhíoraithe a leagan síos. Déanfar na ceanglais sin a áireamh sa chonradh.

Leis na ceanglais feidhmíochta, cumhdófar ach go háirithe poncúlacht na seirbhísí, minicíocht na n-oibríochtaí traenach, caighdeán an rothra agus toilleadh iompair do phaisinéirí.

Áireofar sa chonradh táscairí sonracha feidhmíochta lena gcumasaítear don údarás inniúil measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh. Áireofar sa chonradh freisin bearta éifeachtacha díspreagthacha a bheidh le forchur i gcás ina mainneoidh an gnóthas iarnróid na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas go tréimhsiúil cibé an bhfuil na spriocanna bainte amach ag an ngnóthas iarnróid chun na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa chonradh iad agus cuirfidh sé a fhionnachtana ar fáil go poiblí. Déanfar measúnuithe tréimhsiúla den sórt sin ar a laghad gach 5 bliana. Glacfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí tráthúla, lena n-áirítear forchur pionós conarthach éifeachtach díspreagthach, i gcás nach mbainfear amach na feabhsaithe a cheanglaítear a dhéanamh i gcaighdeán na seirbhísí nó sa chost-éifeachtacht, nó iad araon. Am ar bith, féadfaidh an t-údarás inniúil an conradh a dámhadh faoin bhforáil seo a fhionraí, go hiomlán nó go páirteach, nó é a fhoirceannadh i gcás ina dteipeann ar an oibreoir na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh.

4b.   Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach i gcás nach mbaineann siad ach le hoibriú seirbhísí iarnróid do phaisinéirí ag oibreoir a dhéanann bainistiú ag an am céanna ar an mbonneagar iarnróid uile nó ar an gcuid is mó den bhonneagar sin ar a ndéantar na seirbhísí a sholáthar, sa chás ina n-eisítear an bonneagar iarnróid sin ó chur i bhfeidhm Airteagail 7, 7a, 7b, 7c, 7d, 8, 13 agus Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcomhréir le hAirteagal 2(3)(a) nó (b) den Treoir sin.

De mhaolú ar Airteagal 4(3), ní rachaidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain go díreach de bhun na míre seo agus de bhun mhír 4a den Airteagal seo thar 10 mbliana, seachas sna cásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(4).

Foilseofar na conarthaí a dhámhfar i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 4a, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó agus leasanna tráchtála á gcur san áireamh ag an am céanna.

(*1)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).”;"

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Má chuirtear isteach ar sheirbhísí nó má tá baol láithreach ann go dtarlódh cás den sórt sin, féadfaidh an t-údarás inniúil bearta éigeandála a dhéanamh.

Is éard a bheidh sna bearta éigeandála dámhachtain dhíreach nó comhaontú foirmiúil síneadh a chur le conradh seirbhíse poiblí nó ceanglas oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe a sholáthar. Beidh sé de cheart ag an oibreoir seirbhíse poiblí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirfear soláthar oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe. Ní rachaidh an tréimhse ar lena linn a dhámhtar conradh seirbhíse poiblí, a chuirtear síneadh leis nó a fhorchuirtear é trí bhearta éigeandála thar 2 bhliain.”;

(g)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6a.   Ar mhaithe le hiomaíocht a mhéadú i measc gnóthais iarnróid, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh go ndámhfar conarthaí do sheirbhísí iompair poiblí do phaisinéirí d'iarnród a chumhdóidh codanna den ghréasán céanna nó den phacáiste céanna bealaí ar ghnóthais éagsúla iarnróid. Chuige sin, sula seolfar an nós imeachta iomaíoch tairisceana, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh teorainn a chur le líon na gconarthaí a bheidh le dámhachtain ar aon ghnóthas iarnróid amháin.”;

(h)

i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre:

“I gcásanna a chumhdaítear faoi mhír 4a agus faoi mhír 4b, áireofar leis na bearta sin an deis measúnú a iarraidh ar an gcinneadh cuí-réasúnaithe arna ghlacadh ag an údarás inniúil ó chomhlacht neamhspleách arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. Cuirfear toradh an mheasúnaithe sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Rothra iarnróid

1.   D'fhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana a sheoladh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Cuirfear san áireamh leis an measúnú sin láithreacht chuideachtaí léasaithe rothra, nó gníomhaithe eile margaidh a dhéanann rothra a léasú, sa mhargadh ábhartha. Cuirfear an tuarascáil mheasúnaithe sin ar fáil go poiblí.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair, bearta iomchuí a dhéanamh d'fhonn rochtain éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

(a)

an t-údarás inniúil d'fháil an rothra a úsáidtear chun an conradh seirbhíse poiblí a chomhlíonadh d'fhonn é a chur ar fáil don oibreoir seirbhíse poiblí arna roghnú, ar phraghas an mhargaidh nó mar chuid den chonradh seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4(1)(b), Airteagal 6 agus, más infheidhme, na hIarscríbhinne;

(b)

an t-údarás inniúil do sholáthar ráthaíochta maidir le maoiniú an rothra a úsáidtear chun an conradh seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, ar phraghas an mhargaidh nó mar chuid den chonradh seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4(1)(b), Airteagal 6 agus, más infheidhme, de bhun na hIarscríbhinne, lena n-áirítear ráthaíocht lena ndéantar an riosca luacha iarmharaigh a chumhdach;

(c)

gealltanas ón údarás inniúil sa chonradh seirbhíse poiblí seilbh a ghlacadh ar an rothra ag coinníollacha airgeadais réamhshainithe ag deireadh an chonartha ar phraghas an mhargaidh, nó

(d)

comhar le húdaráis inniúla eile d'fhonn líon níos mó rothra a chur ar fáil;

3.   Má dhéantar an rothra a chur ar fáil d'oibreoir iompair phoiblí nua, cuirfidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis atá ar fáil san áireamh sna doiciméid tairisceana faoi chostas cothabhála an rothra agus faoin riocht fisiciúil atá air.”;

(7)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh gach cúiteamh a bhainfidh le riail ghinearálta nó le conradh seirbhíse poiblí Airteagal 4 a chomhlíonadh, is cuma conas a dámhadh an conradh. Déanfaidh gach cúiteamh, cibé cineál é, a bhainfidh le conradh seirbhíse poiblí nach ndámhtar i gcomhréir le hAirteagal 5(1), (3) nó (3b) nó a bhaineann le riail ghinearálta, na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a chomhlíonadh freisin.”;

(8)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Uair sa bhliain, poibleoidh gach údarás inniúil tuarascáil chomhiomlán maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé freagrach astu. Áireofar sa tuarascáil sin dáta tosaigh agus ré na gconarthaí seirbhíse poiblí, na hoibreoirí seirbhíse poiblí a roghnaíodh agus na híocaíochtaí cúitimh agus na cearta eisiacha a deonaíodh do na hoibreoirí seirbhíse poiblí sin trí bhíthin aisíocaíochta. Déanfaidh an tuarascáil idirdhealú idir iompar de bhus agus iompar d'iarnród agus cumasóidh sí faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú, ar cháilíocht agus ar mhaoiniú an ghréasáin iompair phoiblí agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí faisnéis a sholáthar maidir le cineál agus réim aon cheart eisiach a dheonaítear. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil freisin na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sa Bhallstát lena mbaineann. Éascóidh na Ballstáit rochtain lárnach ar na tuarascálacha seo, mar shampla, trí thairseach comhchoiteann gréasáin.”;

(b)

sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

an dáta tosaigh agus an ré a bheartaítear don chonradh seirbhíse poiblí.”;

(9)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Gan dochar do mhír 3,

(i)

beidh feidhm ag Airteagal 5 maidir le dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar agus de mhodhanna rianbhunaithe seachas iompar d'iarnród amhail meitreonna nó trambhealaí amhail ón 3 Nollaig 2019.

(ii)

beidh feidhm ag Airteagal 5 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród amhail ón 3 Nollaig 2019.

(iii)

scoirfidh Airteagal 5(6) agus Airteagal 7(3) d'fheidhm a bheith acu amhail ón 25 Nollaig 2023.

Ní mhairfidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 5(6) idir an 3 Nollaig 2019 agus an 24 Nollaig 2023 thar 10 mbliana.

Go dtí an 2 Nollaig 2019, déanfaidh na Ballstáit bearta chun Airteagal 5 a chomhlíonadh de réir a chéile ar mhaithe le fadhbanna tromchúiseacha struchtúracha a sheachaint, go háirithe cinn a bhaineann le hacmhainn iompair.

Laistigh de shé mhí tar éis an 25 Nollaig 2020, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar an dul chun cinn a sholáthar don Choimisiún ina gcuirfear béim ar chur chun feidhme dhámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí a chomhlíonann Airteagal 5. Ar bhonn na dtuarascálacha ar dhul chun cinn ó na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus, más iomchuí, tíolacfaidh sé tograí reachtacha iomchuí.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Maidir le conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród arna ndámhachtain ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta iomaíoch cóir amhail ón 24 Nollaig 2017 go dtí an 2 Nollaig 2019, féadfaidh siad leanúint ar aghaidh go dtí a ndáta éaga. De mhaolú ar Airteagal 4(3), ní rachaidh ré na gconarthaí sin thar 10 mbliana, seachas sna cásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(4).”;

(c)

sa chéad fhomhír de mhír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

amhail ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 24 Nollaig 2017 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta iomaíoch cóir tairisceana.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 24 Nollaig 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 122.

(2)  IO C 356, 5.12.2013, lch. 92.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnóthaí nó cuid de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).


23.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

32


RIALACHÁN (AE) 2016/2339 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2016

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D'fhonn sreafaí trádála a éascú, déanann Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a eisiamh maidir le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht idir dhá chalafort nó aerfort de chuid an Aontais gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais. Is éard atá sna forálacha sin na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, na rialacha lena rialaítear an oibleagáid earraí a iompar chuig áiteanna áirithe agus iad a thíolacadh do chustaim ag an bpointe a ndéanfar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus na rialacha lena rialaítear stóráil shealadach.

(2)

De thoradh an eisiaimh sin, níl aon bhunús dlí lena gceanglófaí na hearraí a dhílochtaítear nó a thrasloingsítear a thíolacadh ag an bpointe ag a dtagann siad isteach arís i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh í a fhágáil go sealadach. Gan tíolacadh den sórt sin, féadfaidh sé a bheith níos deacra d'údaráis chustaim maoirseacht ar na hearraí lena mbaineann a áirithiú, agus tá an baol ann nach ngearrfar dleacht allmhairí agus muirir eile mar is ceart, agus nach gcuirfear bearta neamhfhioscacha, amhail rialuithe tréidliachta agus fíteashláintíochta, i bhfeidhm go hiomchuí.

(3)

Ba cheart Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú, dá bhrí sin, chun staideanna éagsúla earraí nach earraí de chuid an Aontais iad agus earraí de chuid an Aontais a chur san áireamh.

(4)

Chun maoirseacht chustaim éifeachtach a áirithiú ar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad, na forálacha sin lena rialaítear an oibleagáid earraí a iompar chuig áiteanna áirithe, iad a thíolacadh do chustaim tráth a dhéantar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú, agus fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar an dílochtú nó an trasloingsiú, maille leis na forálacha lena rialaítear stóráil shealadach, ba cheart dóibh leanúint d'fheidhm a bheith acu maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú chun a fhoráil gurb iad na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, agus na rialacha sin amháin, atá eisiata maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad.

(5)

Chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú ar earraí de chuid an Aontais, ba cheart dealú a dhéanamh in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 idir staid earraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) den Rialachán sin agus earraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) den Rialachán sin.

(6)

Maidir le hearraí de chuid an Aontais ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas de bhun Airteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, níor cheart a eisiamh ach cur i bhfeidhm na rialacha lena rialaítear an oibleagáid an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le teacht árthaigh farraige nó aerárthaigh, sa dóigh go mbeifí in ann maoirseacht chustaim iomchuí a dhéanamh.

(7)

Ar an tslí chéanna, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 139 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena rialaítear an oibleagáid na hearraí a thíolacadh do chustaim tráth a dhéantar iad a dhílochtú nó a thrasloingsiú agus an oibleagáid faoi Airteagal 140 den Rialachán sin fanacht le húdarú a fháil sula ndéantar na hearraí a dhílochtú nó a thrasloingsiú, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le hearraí de chuid an Aontais a bhfuil a stádas coinnithe acu de bhua Airteagal 155(2) den Rialachán sin ag féachaint don fhíoras nár athraíodh a stádas agus nach gá cruthúnas a thabhairt maidir leis, fiú má d'fhág na hearraí críoch chustaim an Aontais go sealadach.

(8)

Na tagairtí in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 135(1) agus d'Airteagal 137 den Rialachán sin, ba cheart iad a scriosadh chun ceangal a chur ar an duine atá ag tabhairt earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais iad a iompar chuig an áit atá ainmnithe ag na húdaráis custaim, ionas go mbeidh na húdaráis sin in ann, más gá, a sheiceáil an earraí de chuid an Aontais iad nó an earraí nach earraí de chuid an Aontais iad.

(9)

An tagairt in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 141 den Rialachán sin, ba cheart í a scriosadh ionas go mbeidh sé soiléir maidir le hAirteagal 141(1) den Rialachán sin, airteagal ina ndéantar cur i bhfeidhm forálacha áirithe a eisiamh i dtaca le hearraí a aistrítear faoin nós imeachta idirthurais, go bhfuil feidhm aige freisin tráth a thagann earraí isteach arís i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh é a fhágáil go sealadach ar chonair dhíreach ar muir nó san aer.

(10)

Ar an tslí chéanna, an tagairt in Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d'Airteagal 144 go hAirteagal 149 den Rialachán sin maidir le stóráil shealadach, ba cheart í a scriosadh. Cé nach bhfuil feidhm ag na rialacha a leagtar síos sna hAirteagail sin maidir le hearraí de chuid an Aontais, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad. I dtaca leis sin, ba cheart Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a leasú dá réir sin.

(11)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun maoirseacht éifeachtach ar earraí a áirithiú gan a thuilleadh moille,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 136 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013:

“Airteagal 136

Earraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 ná ag Airteagal 133 i gcásanna ina dtabharfar earraí nach earraí de chuid an Aontais iad isteach i gcríoch chustaim an Aontais tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 ná ag Airteagal 133 i gcásanna ina dtabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí ar gá cruthúnas a thabhairt maidir lena stádas mar earraí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 153(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 127 go hAirteagal 130 ná ag Airteagal 133, ag Airteagal 139 agus ag Airteagal 140 i gcásanna ina dtabharfar earraí de chuid an Aontais isteach i gcríoch chustaim an Aontais, earraí a aistreofar gan aon athrú ar a stádas custaim i gcomhréir le hAirteagal 155(2), tar éis dóibh an chríoch sin a fhágáil go sealadach ar muir nó san aer agus tar éis a n-iompair ar chonair dhíreach gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2016.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


23.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) 2016/2340 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2016

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a mhéid a bhaineann lena dháta cur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach sraith beart arb é is aidhm leo cosaint d'infheisteoirí a fheabhsú agus muinín tomhaltóirí a athbhunú i dtionscal na seirbhísí airgeadais trí thrédhearcacht sa mhargadh infheistíochta miondíola a mhéadú. Cuireann an Rialachán sin de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe doiciméad faisnéise bunriachtanaí (“KID”) a tháirgeadh.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, tugtar an chumhacht don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) caighdeáin theicniúla rialála a ullmhú ina sonraítear na gnéithe a bhaineann leis an KID.

(3)

An 30 Meitheamh 2016, ghlac an Coimisiún an rialachán tarmligthe lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 (6) (an “rialachán tarmligthe”) ina sonraítear cur i láthair agus ábhar an KID agus a fhormáid chaighdeánaithe, an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus le ríomh na gcostas, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa KID agus na coinníollacha a leagan síos chun an ceanglas maidir leis an KID a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola a chomhlíonadh.

(4)

An 14 Meán Fómhair 2016, chuir Parlaimint na hEorpa i gcoinne an rialacháin tharmligthe a ghlac an Coimisiún an 30 Meitheamh 2016 agus d'iarr sí, in éineacht le tromlach mór na mBallstát, go gcuirfí siar dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

(5)

Le hiarchur dhá mhí dhéag, tabharfar am breise dóibh siúd lena mbaineann na ceanglais nua a chomhlíonadh. I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a leasú dá réir agus tá údar maith leis sin.

(6)

I ngeall ar an tréimhse an-ghearr atá fágtha sula gcuirfear i bhfeidhm na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm gan mhoill.

(7)

Dá bhrí sin, tá údar freisin leis an eisceacht i gcomhair cásanna práinneacha a chur i bhfeidhm sa chás seo, eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal (Uimh. 1) maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 34:

“Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2016.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) an 30 Meitheamh 2016 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú agus leasú doiciméad um fhaisnéis bhunriachtanach agus trí choinníollacha a leagan síos chun na ceanglais a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (C(2016)3999).