ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

59
22 Aibreán 2016


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 107 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

22.4.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/589 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2016

maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Saoirse bhunúsach atá ag saoránaigh an Aontais agus ceann de cholúin an mhargaidh inmheánaigh is ea saorghluaiseacht an lucht saothair agus cumhdaítear í faoi Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Cuirtear lena cur chun feidhme trí bhíthin dhlí an Aontais a bhfuil mar aidhm leis lánfheidhmiú na gceart a thugtar do shaoránaigh an Aontais agus do bhaill a dteaghlach a ráthú.

(2)

Is gné lárnach í saorghluaiseacht an lucht saothair chun margadh saothair níos cuimsithí a fhorbairt ar fud an Aontais, lena n-áirítear i réigiúin trasteorann, lenar dtugtar soghluaisteacht níos mó d'oibrithe, a mbíonn éagsúlacht níos mó mar thoradh uirthi agus lena gcuidítear fud fad an Aontais le cuimsiú sóisialta agus le comhtháthú daoine atá eisiata ón margadh saothair. Cuidítear dá bíthin sin freisin le scileanna cearta a aimsiú d'fholúntais agus dul i ngleic le bacainní i margadh an tsaothair.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) bunaíodh meicníochtaí le haghaidh imréitigh agus malartú faisnéise, agus leagtar síos forálacha i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún (5) maidir le feidhmiú líonra le haghaidh seirbhísí Eorpacha fostaíochta (líonra EURES) i gcomhréir leis an Rialachán sin. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtach sin chun léiriú a thabhairt ar phatrúin nua soghluaisteachta, ceanglais fheabhsaithe maidir le soghluaisteacht ar bhonn cothrom, athruithe sa teicneolaíocht i leith sonraí faoi fholúntais a chomhroinnt, úsáid bealaí éagsúla earcaíochta ag oibrithe agus ag fostóirí agus ról méadaitheach bróicéirí eile sa mhargadh saothair le taobh na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (“SPF”) ó thaobh seirbhísí earcaíochta a chur ar fáil.

(4)

D'fhonn cabhrú leis na hoibrithe sin a bhfuil an ceart acu oibriú i mBallstát eile an ceart sin a fheidhmiú go héifeachtach, tá cúnamh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais a bhfuil an ceart acu dul i mbun gníomhaíochta mar oibrí, arb é an dála céanna dá dteaghlaigh é, i gcomhréir le hAirteagal 45 CFAE. Ba cheart do na Ballstáit an rochtain chéanna a chur ar fáil d'aon náisiúnach de chuid tríú tír, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, agus an chothromaíocht chéanna a thabhairt dó agus a thugtar dá náisiúnaigh féin sa réimse sin. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha maidir le rochtain náisiúnach de chuid tríú tír ar mhargaí náisiúnta an tsaothair mar a leagtar amach iad i ndlí ábhartha an Aontais agus sa dlí náisiúnta.

(5)

Mar gheall ar an idirspleáchas méadaitheach idir na margaí saothair, beidh gá le comhar neartaithe i measc seirbhísí fostaíochta, lena n-áirítear sna réigiúin trasteorann sin, chun an tsaorgluaiseacht do gach oibrí a réadú trí shoghluaisteacht dheonach shaothair laistigh den Aontas, ar bhonn cothrom a bheidh ag teacht le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas de bhun phointe (a) d'Airteagal 46 CFAE. Ba cheart, dá bhrí sin, creat le haghaidh comhair maidir le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a bhunú idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Faoin gcreat sin ba cheart go bhféadfaí folúntais ar fud an Aontais a chomhthiomsú agus ba cheart go mbeifí in ann cur isteach ar na folúntais sin, socruithe a bhunú le seirbhísí tacaíochta lena mbaineann d'oibrithe agus fostóirí a sholáthar agus foráil a dhéanamh maidir le cur chuige comhchoiteann chun an fhaisnéis is gá a chomhroinnt chun comhar den sórt sin a éascú.

(6)

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) tar éis a mheas nach foláir míniúchán Aontais a thabhairt don choincheap “oibrí” in Airteagal 45 CFAE agus é a shainiú i gcomhréir le critéir oibiachtúla lena n-idirdhealaítear an caidreamh fostaíochta trí thagairt do chearta agus do dhualgais na ndaoine lena mbaineann. Chun go ndéanfar é a láimhseáil mar oibrí, ní foláir do dhuine dul i mbun gníomhaíochta atá dílis agus éifeachtach, seachas gníomhaíochtaí atá ar scála chomh beag sin go measfaí gur imeallach agus coimhdeach amháin iad. Meastar gurb í an ghné ríthábhachtach sa chaidreamh fostaíochta, go ndéanann duine, ar feadh tréimhse áirithe ama, seirbhísí a fheidhmiú i gcomhair duine eile agus faoina stiúradh agus go bhfaigheann sí/sé luach saothair mar chúiteamh air sin. (6) Meastar go n-áirítear leis an gcoincheap “oibrí” freisin, i gcásanna áirithe, daoine a bhfuil printíseacht (7) nó cúrsa oiliúna (8) idir lámha acu.

(7)

Is cinneadh seasta de chuid na Cúirte Breithiúnais é go bhfuil an tsaorsgluaiseacht d'oibrithe ar cheann de bhunchlocha an Aontais agus, dá bhrí sin, nach mór léirmhíniú leathan a thabhairt do na forálacha lena leagtar síos an tsaoirse sin. (9) De réir na Cúirte Breithiúnais cuimsítear le saorghluaiseacht oibrithe freisin, mar a leagtar amach in Airteagal 45 CFAE, cearta áirithe do náisiúnaigh de chuid na mBallstát a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Aontas chun críocha fostaíocht a lorg (10). Ba cheart, chun críocha an Rialacháin seo, dá bhrí sin, go dtuigfí leis an gcoincheap sin “oibrí”, go gcumhdaítear ann cuardaitheoirí poist, bíodh siad i gcaidreamh fostaíochta faoi láthair nó ná bíodh.

(8)

D'fhonn soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú, d'iarr an Chomhairle Eorpach, sa Chomhshocrú le haghaidh Fáis agus Post go bhfiosrófaí an fhéidearthacht printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna a chumhdach faoi líonra EURES chomh maith céanna. Ba cheart printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna a chumhdach faoin Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil iarratasóirí éiritheacha faoi réir caidreamh fostaíochta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann catagóirí áirithe cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí a eisiamh ó imréiteach d'fhonn comhleanúnachas agus feidhmiú a gcóras oideachais a áirithiú agus an gá atá ann lena mbearta beartais ghníomhacha a chur san áireamh chun a margadh saothair féin a dhearadh ar bhonn riachtanais na n-oibrithe a bhfuil na bearta sin dírithe orthu. Ba cheart an Moladh ón gComhairle ar an 10 Márta 2014 maidir le Creat Cáilíochta le haghaidh Tréimhsí Oiliúna (11) a chur san áireamh, chun críocha cáilíocht na gcúrsaí oiliúna a fheabhsú, go háirithe maidir leis an ábhar foghlama agus oiliúna agus na dálaí oibre, agus é mar aidhm an trasdul ón oideachas, ón dífhostaíocht nó ón neamhghníomhaíocht go dtí an obair a éascú. I gcomhréir leis an Moladh sin, ba chóir cearta agus coinníollacha oibre na ndaoine faoi oiliúint faoi dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a urramú.

(9)

Féadfar an fhaisnéis faoi thairiscintí printíseachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlánú trí uirlisí gréasán-bhunaithe agus trí na seirbhísí arna bhforbairt ag an gCoimisiún nó ag gníomhaithe eile, lena bhféadfaidh fostóirí faisnéis a roinnt go díreach le hoibrithe maidir le deiseanna le haghaidh printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna ar fud an Aontais.

(10)

Ó seoladh é i 1994 tá EURES ina líonra le haghaidh comhair idir an Coimisiún agus na SPFanna chun faisnéis, comhairle agus earcaíocht nó socrúcháin a chur ar fáil ar mhaithe le hoibrithe agus le fostóirí, agus ar mhaithe le saoránach ar bith de chuid an Aontais a dteastaíonn uaidh leas a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta d'oibrithe, trína líonra daonna agus trí uirlisí seirbhíse ar líne atá ar fáil ar an “Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile” (tairseach EURES). Tá gá le cur i bhfeidhm níos comhleanúnaí i dtaca le himréiteach, seirbhísí tacaíochta agus malartú faisnéise faoi shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas. Ba cheart dá bhrí sin líonra EURES a athbhunú agus a atheagrú mar chuid den chreat rialála athbhreithnithe d'fhonn é a neartú tuilleadh. Ba cheart róil agus freagrachtaí na n-eagraíochtaí éagsúla atá rannpháirteach i líonra EURES a chinneadh.

(11)

Ba cheart comhdhéanamh líonra EURES a bheith solúbtha go leor chun go bhféadfaí é a oiriúnú d'fhorbairtí athraitheacha ar an margadh le haghaidh seirbhísí earcaíochta. Toisc seirbhísí fostaíochta éagsúla a bheith tagtha chun cinn is léir go bhfuil gá le hiarracht chomhbheartaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit chun líonra EURES a leathnú mar phríomhuirlis an Aontais chun seirbhísí earcaíochta a chur ar fáil ar fud an Aontais. Thabharfadh ballraíocht níos leithne i líonra EURES sochair shóisialta, eacnamaíocha agus airgeadais agus d'fhéadfaí rannchuidiú freisin le foirmeacha nuálacha foghlama agus comhair a ghiniúint, lena n-áirítear i dtaca le caighdeáin cháilíochta d'fholúntais agus do sheirbhísí tacaíochta, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus trasteorann.

(12)

Le ballraíocht níos leithne i líonra EURES chuirfí leis an éifeachtúlacht i soláthar seirbhísí trí chomhpháirtíochtaí a éascú agus tríd an gcomhlántacht a fheabhsú mar aon le cáilíocht a fheabhsú agus mhéadófaí ar an sciar den mhargadh atá ag líonra EURES, a rá go gcuirfeadh rannpháirtithe nua folúntais, iarratais ar phoist agus curricula vitae (CVanna) ar fáil agus go dtairgfidís seirbhísí tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí.

(13)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta d'eagraíocht ar bith a bheith ina ball de chuid EURES, lena n-áirítear seirbhísí fostaíochta san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach nó sa tríú hearnáil, ar eagraíocht í a ghlacann mar chúram uirthi féin na critéir uile agus raon iomlán na gcúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(14)

Ní bheadh eagraíochtaí áirithe in ann an réimse iomlán cúraimí a chomhlíonadh a cheanglaítear ar Bhaill de chuid EURES faoin Rialachán seo ach d'fhéadfaidís rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh i líonra EURES. Tá sé iomchuí dá bhrí sin, an deis a thabhairt dóibh a bheith ina gComhpháirtithe de chuid EURES ar bhonn eisceachtúil. Níor cheart eisceacht den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá údar leis agus go bhféadfadh údar a bheith leis ar na cúiseanna seo a leanas: mar gheall ar a bheagmhéid an iarratasóra, a acmhainní teoranta airgeadais, toisc nach gnách go gcuireann sé an réimse iomlán cúraimí a cheanglaítear ar fáil nó toisc gur eagraíocht neamhbhrabúis é.

(15)

Dhéanfaí comhar trasnáisiúnta agus trasteorann agus tacaíocht do Chomhaltaí agus do Comhpháirtithe uile EURES atá ag oibriú sna Ballstáit a éascú le struchtúr ar leibhéal an Aontais (“an Oifig Eorpach Comhordúcháin”). Ba cheart don Oifig Eorpach Comhordúcháin faisnéis chomónta, uirlisí agus treoir a chur ar fáil, gníomhaíochtaí oiliúna a dhéantar a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit agus feidhm deisce cabhrach. Ba cheart do na gníomhaíochtaí oiliúna agus don deasc chabhrach, go háirithe, cabhrú leis na baill foirne a oibríonn in eagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES atá ina saineolaithe ar mheaitseáil post, socrúchán agus gníomhaíochtaí earcaíochta, chomh maith le faisnéis, treoir agus cúnamh a thabhairt d'oibrithe, d'fhostóirí agus d'eagraíochtaí ar spéis leo saincheisteanna faoi shoghluaisteacht trasnáisiúnta agus trasteorann agus a bhíonn i dteagmháil dhíreach leis na spriocghrúpaí sin chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh an Oifig Eorpach Comhordúcháin freagrach as tairseach EURES agus ardán coiteann TF a oibriú agus a fhorbairt. Chun a cuid oibre a threorú, ba cheart cláir ilbhliantúla oibre a fhorbairt i gcomhar leis na Ballstáit.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin (ONCanna) a bhunú leis an méid seo a leanas a áirithiú: go n-aistreofar na sonraí atá ar fáil chuig tairseach EURES agus chun tacaíocht ghinearálta agus cúnamh ginearálta a thabhairt do Chomhaltaí agus do Chomhpháirtithe uile EURES ina gcríoch féin, lena n-áirítear maidir leis an gcaoi ina ndéileáiltear le gearáin agus le fadhbanna le folúntais, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le húdaráis phoiblí ábhartha eile amhail cigireachtaí saothair. Ba cheart do na Ballstáit tacú le comhar lena gcontrapháirteanna sna Ballstáit eile, lena n-áirítear ar an leibhéal trasteorann agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin. Ba cheart go mbeadh sé de chúram ar na ONCanna sin freisin ceisteanna faoi chomhlíonadh a fhíorú i dtaca le caighdeáin maidir le buncháilíocht agus cáilíocht theicniúil na sonraí agus na cosanta sonraí. Chun cumarsáid a éascú leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus chun cuidiú le ONCanna comhlíonadh na gcaighdeán sin a chur chun cinn ó thaobh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES uile ar a gcríoch féin, ba cheart do na ONCanna a áirithiú go ndéanfar aistriú comhordaithe ar na sonraí chuig tairseach EURES trí chainéal comhordaithe aonair, nuair is iomchuí, agus úsáid á baint as ardáin náisiúnta TF atá ann cheana. Le go bhféadfar seirbhís ardcháilíochta a sholáthar in am is i dtráth, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh dóthain ball foirne agus acmhainní riachtanacha eile ag a ONCanna chun a gcúraimí, mar a leagtar síos iad sa Rialachán seo, a dhéanamh.

(17)

Cuireann rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i líonra EURES, go háirithe, leis an anailís ar bhacainní ar an tsoghluaisteacht chomh maith le cur chun cinn shoghluaisteacht an lucht saothair dheonaigh ar bhonn cothrom laistigh den Aontas, lena n-áirítear i réigiúin trasteorann. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, in ann freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Chomhordúcháin arna bhunú faoin Rialachán seo agus ba cheart go mbeadh idirphlé rialta leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin acu, agus ba cheart d'eagraíochtaí náisiúnta fostóirí agus do na ceardchumainn a bheith rannpháirteach i gcomhar le líonra EURES, arna éascú ag na ONCanna, trí idirphlé rialta leis na comhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta in ann iarratas a dhéanamh chun bheith ina gComhaltaí nó ina gComhpháirtithe EURES ach na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(18)

Ráite an stádas speisialta atá acu, ba cheart do na Ballstáit na SPFanna a cheapadh mar Chomhaltaí de chuid EURES, gan dul i mbun an nós imeachta faoi ligean isteach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann na SPFanna na híoschritéir chomhchoiteanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I (na híoschritéir chomhchoiteanna) mar aon leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Chomh maith leis sin, tá na Ballstáit ábalta cúraimí nó gníomhaíochtaí ginearálta a tharmligean dá SPFanna, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le heagrú na hoibre faoin Rialachán seo, lena n-áirítear forbairt agus oibriú na gcóras náisiúnta le haghaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES a ligean isteach. Ionas go gcomhlíonfaidh siad a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo, ba cheart cumas, cúnamh teicniúil agus acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha a bheith ag gach SPF.

(19)

I gcomhréir lena n-inniúlachtaí maidir le heagrú na margaí saothair, ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as eagraíochtaí a ligean isteach mar Chomhaltaí agus mar Chomhpháirtithe de chuid EURES ar a gcríoch. Ba cheart go mbeadh ligean isteach den sórt sin faoi réir na n-íoschritéar comhchoiteann agus sraith teoranta rialacha bunúsacha maidir leis an bpróiseas um ligean isteach chun trédhearcacht agus comhdheiseanna a áirithiú nuair atáthar ag ceangal le líonra EURES, ach ba cheart an tsolúbthacht is gá a cheadú chun na samhlacha agus na foirmeacha éagsúla náisiúnta comhair idir na SPFanna agus gníomhaithe eile sa mhargadh saothair sna Ballstáit a chur san áireamh. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann ligean isteach den sórt sin a chúlghairm sa chás nach gcomhlíonann eagraíocht na critéir nó na ceanglais is infheidhme a thuilleadh.

(20)

Is é is cúis leis na híoschritéir chomhchoiteanna a bhunú le bheith mar Chomhalta nó mar Chomhpháirtí EURES a áirithiú go gcloítear leis na híoschaighdeáin cháilíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, iarratais ar ligean isteach a mheasúnú ar a laghad le hais na n-íoschritéar comhchoiteann.

(21)

Ceann de chuspóirí líonra EURES is ea tacú le soghluaisteacht an lucht saothair ar bhonn cothrom agus deonach laistigh den Aontas agus, dá bhrí sin, ba cheart a áireamh freisin sna híoschritéir chomhchoiteanna le haghaidh eagraíochtaí a ligean isteach chun ceangal le líonra EURES, an ceanglas go dtiomnaíonn na heagraíochtaí sin iad féin chun lánurraim a léiriú do na caighdeáin saothair agus do na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme, lena n-áirítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na Ballstáit in ann ligean isteach a dhiúltú nó a chúlghairm i gcás eagraíochtaí a bhfuil na caighdeáin saothair nó na ceanglais dlí á sárú acu, go háirithe iad siúd a bhaineann le luach saothair agus coinníollacha oibre. Sa chás ina ndiúltófar ligean isteach nó cúlghairm arna mbunú ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sin nó na gceanglas sin, ba cheart go gcuirfeadh an ONC an OEC ar an eolas faoi agus ba cheart go gcuirfeadh sí sin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na ONCanna eile. Tá na ONCanna ábalta gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le heagraíochtaí a fheidhmíonn ar a gcríoch i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta atá acu.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí a ligtear isteach i líonra EURES d'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na heagraíochtaí forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gceart. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun an comhlíonadh is fearr is féidir a áirithiú. Ba cheart go mbeadh an faireachán bunaithe go príomha ar na sonraí a sholáthraíonn na heagraíochtaí sin do na ONCanna i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach d'fhéadfadh bearta rialaithe agus iniúchóireachta iomchuí a bheith i gceist leis an méid sin freisin, i gcás inarb iomchuí, mar shampla seiceálacha randamacha. Ba cheart go n-áireofaí leis sin faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme.

(23)

Ba cheart Grúpa Comhordúcháin a bhunú chun ról comhordaithe a fheidhmiú maidir leis na gníomhaíochtaí agus maidir le feidhmiú líonra EURES. Ba cheart dó fónamh mar ardán chun faisnéis a mhalartú agus chun na cleachtais is fearr a chomhroinnt i dtaca leis na nithe seo a leanas, go háirithe: faisnéis chuí agus treoir d'oibrithe a fhorbairt agus a scaipeadh ar fud líonra EURES, lena n-áirítear d'oibrithe teorann agus d'fhostóirí. Ba cheart dul i gcomhairle leis an nGrúpa freisin le linn an phróisis lena n-ullmhaítear teimpléid, caighdeáin theicniúla agus formáidí teicniúla agus i ndáil le mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha le haghaidh sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu. Ba cheart go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta in ann freastal ar phlé an Ghrúpa Chomhordúcháin a bhaineann, go háirithe, le pleanáil straitéiseach, forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí amhail dá dtagraítear sa Rialachán seo. Chun go mbainfear amach sinéirge in obair líonra EURES leis an obair a dhéanann Líonra SPF a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart go n-oibreodh an Grúpa Comhordaithe i gcomhar le Bord Líonra SPF. Ba cheart go gcumhdófaí leis an gcomhar sin dea-chleachtais a roinnt agus an Bord a choinneáil ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí reatha líonra EURES agus na gníomhaíochtaí atá pleanáilte.

(24)

Tá marc seirbhíse EURES, maille leis an lógó lena léirítear a bhuntréithe, cláraithe mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh le hOifig an Aontais Eorpaigh um Mhaoin Intleachtúil. Is ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin amháin atá an t-údarás cead a thabhairt do thríú páirtithe lógó EURES a úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (13). Ba cheart don Oifig Eorpach Comhordúcháin na heagraíochtaí lena mbaineann a chur ar an eolas dá réir sin.

(25)

D'fhonn faisnéis iontaofa, cothrom le dáta a thabhairt d'oibrithe agus d'fhostóirí faoi na gnéithe éagsúla de shoghluaisteacht an lucht saothair agus den chosaint shóisialta laistigh den Aontas, ba cheart do líonra EURES oibriú i gcomhar le comhlachtaí, seirbhísí agus líonraí eile de chuid an Aontais a éascaíonn soghluaisteacht agus a chuireann saoránaigh an Aontais ar an eolas faoina gcearta faoi dhlí an Aontais, amhail líonra Eorpach na gcomhlachtaí comhionannais (Equinet), An Eoraip Agatsa, Tairseach Eorpach na hÓige agus SOLVIT, eagraíochtaí a oibríonn ar son an chomhair trasteorann agus na heagraíochtaí atá freagrach as cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus na comhlachtaí atá freagrach as cothromaíocht d'oibrithe a chur chun cinn, anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus tacú léi, a ainmnítear i gcomhréir le Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Chun sineirgí a áirithiú, ba cheart do líonra EURES oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha a phléann le comhordú na slándála sóisialta.

(26)

D'éascófaí feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta d'oibrithe trí na modhanna a bhunú chun tacú le himréiteach, ionas go mbeidh rochtain iomlán ar an margadh saothair ag oibrithe agus fostóirí araon. Dá bhrí sin, ba cheart ardán coiteann TF a fhorbairt tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus ba cheart gurb é an Coimisiún a bheadh ina bhun. Leis an gceart sin a chinntiú cumhachtófar oibrithe chun rochtain a fháil ar na deiseanna fostaíochta ar fud an Aontais.

(27)

I gcomhair úsáid dhigiteach, d'fhéadfaí iarratais ar phost agus sonraí CV a shloinneadh mar phróifílí cuardaitheora poist.

(28)

Leis an ardán coiteann TF, lena dtugtar folúntais agus an deis chun cur isteach ar na folúntais sin le chéile, trínar féidir le hoibrithe agus fostóirí sonraí a mheaitseáil go huathoibríoch de réir critéir agus leibhéil éagsúla, ba cheart go mbeadh sé níos fusa cothromaíocht a bhaint amach ar mhargaí saothair an Aontais, agus chuideofaí ar an gcuma sin leis an leibhéal fostaíochta a mhéadú san Aontas.

(29)

D'fhonn saorghluaiseacht d'oibrithe a chur chun cinn, ba cheart a fhoilsiú ar thairseach EURES na folúntais uile a chuirtear ar fáil go poiblí trí na SPFanna agus trí Chomhaltaí eile de chuid EURES nó, i gcás inarb ábhartha, trí Chomhpháirtithe de chuid EURES. Mar sin féin, in imthosca sonracha agus leis an gcuspóir chun a áirithiú nach bhfuil ach faisnéis atá ábhartha maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas ar thairseach EURES, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an deis a thabhairt don fhostóir gan folúntas a fhoilsiú ar thairseach EURES, tar éis measúnú oibiachtúil arna dhéanamh ag an bhfostóir ar na ceanglais a bhaineann leis an bpost atá i gceist, is é sin le rá, scileanna agus inniúlachtaí sonracha atá ag teastáil chun dualgais an phoist a chomhlíonadh go sásúil, lena dtugtar údar maith don fhostóir gan an folúntas a fhoilsiú ar na cúiseanna sin amháin.

(30)

Ba cheart go mbeadh oibrithe in ann, tráth ar bith, a dtoiliú a tharraingt siar agus scriosadh nó modhnú aon chuid de na sonraí, nó na sonraí uile a cuireadh ar fáil, a éileamh. Ba cheart go mbeadh oibrithe in ann rogha a dhéanamh idir roghanna difriúla chun rochtain ar a gcuid sonraí nó ar airíonna áirithe díobh a shrianadh.

(31)

Tá an fhreagracht dhlíthiúil maidir le cáilíocht intreach agus theicniúil na faisnéise a chuirtear ar fáil don ardán coiteann TF, go háirithe i dtaca le sonraí folúntas, ar na heagraíochtaí a chuireann an fhaisnéis ar fáil i gcomhréir le dlí na mBallstát agus laistigh de na caighdeáin a dhéanann na Ballstáit a leagan síos. Ba cheart don Oifig Eorpach Comhordúcháin comhar a éascú ionas gur féidir aon chalaois nó mí-úsáid a bhaineann le malartú faisnéise ar leibhéal an Aontais a bhrath go luath. Ba cheart do na páirtithe go léir lena mbaineann a áirithiú go gcuirtear sonraí d'ardchaighdeán ar fáil.

(32)

Chun cur ar chumas fhoireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES, amhail láimhseálaithe cásanna, gníomhaíochtaí cuardaigh agus comhoiriúnaithe gasta agus leordhóthanacha a chur i gcrích, tá sé tábhachtach nach mbeidh constaicí teicniúla ar bith sna heagraíochtaí sin a chuirfeadh bac ar úsáid a bhaint as na sonraí atá ar fáil go poiblí ar thairseach EURES, ionas gur féidir sonraí den sórt sin a phróiseáil mar chuid de na seirbhísí earcaíochta agus socrúcháin a thairgtear.

(33)

Tá an Coimisiún i mbun forbartha ar chóras aicmithe Eorpach i dtaca le Scileanna/Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha Beatha (“an córas aicmithe Eorpach”). Téarmaíocht chaighdeánach is ea an córas aicmithe Eorpach maidir le gairmeacha beatha, scileanna, inniúlachtaí agus cáilíochtaí, arb é is aidhm dó iarratais ar líne a dhéanamh ar phoist a éascú laistigh den Aontas. Is iomchuí comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit a fhorbairt ó thaobh idir-inoibritheachta agus meaitseáil uathoibrithe folúntas le hiarratais ar phoist agus le CVanna (“meaitseáil uathoibrithe”), lena n-áirítear ar an leibhéal trasteorann, tríd an ardán coiteann TF. Ba cheart go n-áireodh comhar den sórt sin mapáil chuige agus ó liosta scileanna/inniúlachta agus gairmeacha beatha an chórais aicmithe Eorpaigh, chuig na córais náisiúnta aicmithe. Ba cheart na Ballstáit a choimeád ar an eolas faoin gcóras aicmithe Eorpach.

(34)

D'fhéadfadh na sonraí a d'fhorbair na Ballstáit i gcomhthéacs an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (EQF) fónamh mar ionchur don aicmiú Eorpach, maidir le cáilíochtaí. Leis na cleachtais is fearr agus an taithí a gnóthaíodh faoin EQF d'fhéadfaí rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar an ngaol idir na tacair sonraí faoin EQF agus an t-aicmiú Eorpach.

(35)

Le fardal a bhunú chun córais aicmithe náisiúnta a mhapáil le liosta scileanna/inniúlachta agus gairmeacha beatha an chórais aicmithe Eorpaigh nó, mar mhalairt air sin, an córas aicmithe Eorpach a chur in ionad na gcóras aicmithe náisiúnta, d'fhéadfaí costais a chruthú do na Ballstáit. Bheadh costais den sórt sin difriúil i measc na mBallstát. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht theicniúil agus, i gcás inar féidir, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil faoi na rialacha is infheidhme maidir leis na hionstraimí airgeadais ábhartha atá ar fáil, amhail Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(36)

Ba cheart do Chomhaltaí EURES agus, i gcás inarb iomchuí, do Chomhpháirtithe EURES, rochtain a áirithiú ar sheirbhísí tacaíochta do na hoibrithe agus na fostóirí go léir a mbeidh cúnamh á lorg acu. Ba cheart cur chuige comhchoiteann a bhunú maidir leis na seirbhísí sin agus ba cheart prionsabal na cothromaíochta d'oibrithe agus fostóirí a lorgaíonn cúnamh maidir le soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, is cuma cén áit a bhfuil siad san Aontas, a urramú a mhéad is féidir. Ba cheart prionsabail agus rialacha a bhunú, dá bhrí sin, maidir le seirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil ar chríoch na mBallstát aonair.

(37)

I gcás ina gcuirtear seirbhísí ar fáil faoin Rialachán seo, níor cheart caitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach difriúil agus níor cheart caitheamh le cásanna difriúla ar an mbealach céanna ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt go hoibiachtúil leis. Níor cheart go mbeadh aon idirdhealú á dhéanamh ar fhorais amhail náisiúntacht, gnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach maidir le seirbhísí den sórt sin a sholáthar.

(38)

Téann rogha chúnaimh níos leithne agus níos cuimsithí i dtaca le deiseanna soghluaisteachta an lucht saothair laistigh den Aontas chun leasa oibrithe. Trí na seirbhísí tacaíochta sin cuideofar le laghdú a dhéanamh ar na bacainní ar oibrithe agus iad ag iarraidh a gcearta faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú, agus déanfar na deiseanna fostaíochta go léir a thapú ar bhealach níos éifeachtúla ionas gur féidir leo cur lena n-ionchais fostaíochta agus leis na bealaí atá ann d'oibrithe lena n-áirítear do na hoibrithe sin a bhaineann le grúpaí leochaileacha. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain ag oibrithe leasmhara uile ar fhaisnéis ghinearálta maidir le deiseanna fostaíochta agus ar na coinníollacha maireachtála agus oibre i mBallstát eile, chomh maith le cúnamh bunúsach le CVanna a dhréachtú. Arna iarraidh sin dóibh ar bhealach réasúnach, ba cheart d'oibrithe leasmhara a bheith in ann cúnamh níos pearsanta a fháil freisin, agus cleachtas náisiúnta á chur san áireamh. Le cúnamh breise le haghaidh post a chuardach agus seirbhísí breise eile, d'fhéadfaí na nithe seo leanas a áireamh: seirbhísí maidir le folúntais oiriúnacha a roghnú, cúnamh le hiarratais ar phost agus CVanna a tharraingt suas agus soiléiriú a fháil maidir le folúntais shonracha i mBallstáit eile.

(39)

Leis na seirbhísí tacaíochta sin ba cheart gurbh fhusa iarrthóir oiriúnach a fháil i mBallstát eile do na fostóirí sin ar mian leo daoine a earcú ó laistigh den Aontas. Ba cheart go mbeadh rochtain ag fostóirí leasmhara uile ar fhaisnéis ghinearálta maidir le rialacha sonracha agus le gnéithe a bhaineann le hearcaíocht ó Bhallstát eile mar aon le cúnamh bunúsach le folúntais a dhréachtú. Má mheastar go bhfuil sé dóchúil go ndéanfar earcaíocht, ba cheart d'oibrithe leasmhara a bheith in ann cúnamh níos pearsanta a fháil, agus cleachtas náisiúnta á chur san áireamh. D'fhéadfaí na nithe seo leanas a áireamh: iarrthóirí a réamhroghnú, teagmhálacha díreacha idir fostóirí agus iarrthóirí a éascú agus úsáid á baint as uirlisí sonracha ar líne nó imeachtaí, amhail aontaí post, agus tacaíocht riaracháin le linn an phróisis earcaíochta, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(40)

Agus faisnéis bhunúsach á soláthar d'oibrithe agus d'fhostóirí maidir le tairseach EURES agus líonra EURES, ba cheart do Chomhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, do Chomhpháirtithe EURES, rochtain éifeachtach a chur ar bun do na seirbhísí tacaíochta faoin Rialachán seo, ní hamháin trína áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ar iarratas sonrach ó fhostóir nó ó oibrí ar leith, ach chomh maith leis sin, i gcás inarb iomchuí, trí fhaisnéis a sholáthar, ar a gconlán féin, maidir le EURES d'oibrithe agus d'fhostóirí tráth a gcéadteagmhála (“príomhshruthú EURES”), agus trí chúnamh a thabhairt go réamhghníomhach sa réimse seo le linn an phróisis earcaíochta.

(41)

Rachadh tuiscint dhomhain ar an éileamh ar shaothar i dtaobh gairmeacha beatha, earnálacha agus riachtanas fostóirí chun leasa an chirt chun saorghluaiseachta oibrithe laistigh den Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh ar cháilíocht mhaith d'fhostóirí, go háirithe do FBM, a chur san áireamh sna seirbhísí tacaíochta. Tá d'aidhm ag dlúthchaidreamh oibre idir seirbhísí fostaíochta agus fostóirí líon na bhfolúntas a mhéadú, feabhas a chur ar mheaitseáil iarrthóirí oiriúnacha chomh maith le feabhas a chur ar fhaisnéis ar mhargadh an tsaothair i gcoitinne.

(42)

Tá seirbhísí tacaíochta d'oibrithe ceangailte le feidhmiú a saoirse gluaiseachta bunúsaí mar oibrithe faoi dhlí an Aontais agus ba cheart iad a bheith saor in aisce. Mar sin féin, d'fhéadfadh seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí a bheith faoi réir táille, i gcomhréir le dlí náisiúnta agus le cleachtas náisiúnta.

(43)

D'fhonn deis a thabhairt d'eagraíochtaí a dhéanann iarratas ar ligean isteach agus a bhfuil sé d'aidhm acu faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil trí bhealaí ar líne chun bheith rannpháirteach i líonra EURES, ba cheart go bhféadfaidís na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur ar fáil mar ríomhsheirbhísí. Ag cur san áireamh go bhfuil éagsúlachtaí móra ag baint le litearthacht dhigiteach ar fud na mBallstát, ba cheart, ar a laghad, go mbeadh na SPFanna in ann seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil freisin ar bhealaí aslíne i gcás inar gá. Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit bearta iomchuí d'fhonn cáilíocht na faisnéise ar líne agus an tacaíocht a chuireann Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES ar fáil a áirithiú. D'fhéadfaidís a chur de chúram ar a ONCanna faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ar líne agus ar thacaíocht.

(44)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shoghluaisteacht a éascú i réigiúin trasteorann agus ar sheirbhísí a chur ar fáil d'oibrithe teorann atá faoi réir cleachtais náisiúnta agus córais dlí éagsúla agus a thagann ar bhacainní sonracha riaracháin, dlíthiúla nó bacainní cánach i ndáil le soghluaisteacht. Féadfaidh na Ballstáit roghnú struchtúir shonracha tacaíochta a bhunú, amhail comhpháirtíochtaí trasteorann, chun an cineál soghluaisteachta sin a éascú. Le struchtúir den sórt sin, laistigh de chreat líonra EURES, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha i ndáil le faisnéis agus treoir d'oibrithe teorann, chomh maith le seirbhísí socrúcháin agus earcaíochta agus comhar a chomhordú idir na heagraíochtaí rannpháirteacha.

(45)

Tá sé tábhachtach go mbeadh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES in ann comhoibriú maidir le seirbhísí a chur ar fáil d'oibrithe teorann a bhaineann go sonrach le heagraíochtaí lasmuigh de líonra EURES gan cearta a thabhairt ná oibleagáidí faoin Rialachán seo a fhorchur ar eagraíochtaí den sórt sin.

(46)

Ba cheart go mbeadh bearta gníomhacha mhargadh an tsaothair, a sholáthraíonn cúnamh i ndáil le poist a chuardach i ngach Ballstát, inrochtana do shaoránaigh an Aontais sin a bhfuil deiseanna fostaíochta á gcuardach acu i mBallstáit eile. Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear d'inniúlachtaí na mBallstát aonair i ndáil le rialacha nós imeachta a leagan síos agus le coinníollacha iontrála ginearálta a chur i bhfeidhm d'fhonn a áirithiú go mbainfear úsáid iomchuí as acmhainní poiblí atá ar fáil. Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus níor cheart go mbeadh oibleagáid ar na Ballstáit bearta gníomhacha mhargadh an tsaothair a onnmhairiú go dtí críoch Ballstáit eile má tá an saoránach ina chónaí ann cheana.

(47)

Is réamhchoinníollacha tábhachtacha iad le haghaidh soghluaisteachta lucht saothair laistigh den Aontas, trédhearcacht margaí saothair agus acmhainní leordhóthanacha meaitseála, lena n-áirítear scileanna agus cáilíochtaí a mheaitseáil le riachtanais mhargadh an tsaothair. Is féidir cothromaíocht níos fearr idir soláthar saothair agus éileamh ar shaothar a bhaint amach trí chomhoiriúnú feabhsaithe scileanna agus post trí chóras éifeachtúil ar leibhéal an Aontais le haghaidh malartú faisnéise ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an soláthar saothair agus ar an éileamh ar shaothar de réir earnála. Ba cheart córas mar sin a bhunú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus é a úsáid mar bhonn do na Ballstáit chun taca a chur faoi chomhar praiticiúil laistigh de líonra EURES. Ba cheart a chur san áireamh leis an malartú faisnéise sin sreabha agus patrúin soghluaisteachta lucht saothair san Aontas agus faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit orthu.

(48)

Ba cheart timthriall clársceidealaithe a bhunú chun tacú le comhordú na mbeart i dtaca le soghluaisteacht laistigh den Aontas. Ba cheart go gcuirfí san áireamh le clársceidealú chláir oibre náisiúnta na mBallstát sonraí i ndáil le sreabhadh agus patrúin soghluaisteachta, anailísiú sonraí ar ghanntanais agus ar bharrachais sa lucht saothair, agus taithí agus cleachtais earcaíochta faoi líonra EURES. Ba cheart a chuimsiú sa chlársceidealú athbhreithniú ar na hacmhainní agus na huirlisí atá ann cheana agus atá le fáil d'eagraíochtaí sa Bhallstát chun soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas a éascú.

(49)

Trí dhréachtchláir oibre náisiúnta faoin timthriall clársceidealaithe a chomhroinnt i measc na mBallstát ba cheart na ONCanna, i dteannta na hOifige Eorpaí Comhordúcháin, a bheith in ann acmhainní líonra EURES a dhíriú ar bhearta agus tionscadail iomchuí, agus, dá bhrí sin, forbairt líonra EURES a stiúradh mar uirlis atá dírithe níos mó ar thoradh a bhaint amach agus a thugann aird ar riachtanais oibrithe agus fostóirí de réir dhinimic na margaí saothair. D'fhéadfaí tacú leis sin trí dhea-chleachtais ar leibhéal an Aontais a roinnt, lena n-áirítear trí thuarascálacha ar ghníomhaíochtaí EURES.

(50)

D'fhonn faisnéis leordhóthanach a fháil chun feidhmíocht líonra EURES a thomhas, bunaítear leis an Rialachán seo na sonraí íosta a bheidh le bailiú sna Ballstáit a shainiú. D'fhonn faireachán a dhéanamh ar líonra EURES ar leibhéal an Aontais, ba cheart do na Ballstáit sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla inchomparáide a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, foráiltear do chreat nós imeachta leis an Rialachán seo chun mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha a bhunú i ndáil le sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu. Ba cheart go gcuideodh na sonraíochtaí sin le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí atá leagtha síos do líonra EURES faoin Rialachán seo agus ba cheart freisin go gcuirfidís leis na cleachtais atá ann faoi láthair laistigh de SPFanna. Ós rud é go bhféadfadh sé bheith deacair, in éagmais oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh oibrithe agus fostóirí, torthaí díreacha ar earcaíocht agus socrúcháin a fháil, ba cheart go mbainfeadh eagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES leas as faisnéis eile atá ar fáil, amhail líon na bhfolúntas a láimhseáiltear agus a líontar, nuair is féidir leis sin a bheith ina léiriú sochreidte ar na torthaí sin. Ba cheart do láimhseálaithe cásanna na n-eagraíochtaí sin tuarascáil a dhéanamh go rialta maidir lena dteagmhálaithe agus maidir leis na cásanna a láimhseálann siad, d'fhonn a áirithiú go mbeidh bonn seasta agus iontaofa ann do bhailiú na sonraí.

(51)

I gcás ina mbeidh próiseáil ar shonraí pearsanta i gceist leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní mór iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), chomh maith leis na bearta comhfhreagracha náisiúnta cur chun feidhme a ghabhann leo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le sonraí pearsanta a choinneáil.

(52)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 3 Aibreán 2014 (19).

(53)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(54)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann le haghaidh comhair a bhunú idir na Ballstáit chun folúntais a thabhairt le chéile leis an deis chun iarratas a dhéanamh orthu agus chun cabhrú le cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh sa mhargadh fostaíochta, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(55)

D'fhonn leasú a dhéanamh ar na réimsí gníomhaíochtaí de chuid EURES dá bhfuil bailiú sonraí riachtanach do na Ballstáit nó chun limistéir eile de ghníomhaíochtaí EURES ar an leibhéal náisiúnta laistigh de chreat an Rialacháin seo a chur leis na réimsí sin dá bhfuil bailiú sonraí riachtanach chun riachtanais athraitheacha an mhargaidh saothair a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, a tharmligean don Choimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le saineolaithe le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe Ballstát. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(56)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán teicniúil agus na bhformáidí is infheidhme maidir le himréiteach agus meaitseáil uathoibrithe, na samhlacha agus nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt idir na Ballstáit mar aon leis na mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha maidir le sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, agus chun liosta scileanna/inniúlachtaí agus gairmeacha beatha an chórais aicmithe Eorpaigh a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(57)

Chun críche comhdhéanamh líonra EURES a bhunú ar feadh idirthréimhse agus leanúnachas oibríochtúil a áirithiú le líonra EURES mar a bunaíodh laistigh de chreat Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, ba cheart go gcuirfí ar chumas eagraíochtaí a ainmnítear mar Chomhpháirtithe de chuid EURES nó mar Chomhpháirtithe Comhlachaithe de chuid EURES faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanúint ar aghaidh mar Chomhaltaí nó mar Chomhpháirtithe de chuid EURES ar feadh idirthréimhse. I gcás inar mian leis na heagraíochtaí sin fanacht i líonra EURES tar éis don idirthréimhse dul in éag, ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh chuige sin, nuair a bheidh an córas is infheidhme maidir le Comhaltaí agus le Comhpháirtithe EURES a ligean isteach bunaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(58)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear creat don chomhar leis an Rialachán seo chun go n-éascófar saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45 CFAE, trí phrionsabail agus rialacha a leagan síos maidir leis an méid a leanas:

(a)

eagrú líonra EURES idir an Coimisiún agus na Ballstáit;

(b)

comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir leis na sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le folúntais, iarratais ar phoist agus CVanna a roinnt;

(c)

bearta ó na Ballstáit agus bearta a dhéantar eatarthu chun cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh i margadh an tsaothair, d'fhonn leibhéal ard fostaíochta ar ardchaighdeán a bhaint amach;

(d)

feidhmiú líonra EURES, lena n-áirítear comhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus rannpháirtíocht gníomhaithe eile;

(e)

na seirbhísí tacaíochta don tsoghluaisteacht a bhaineann le feidhmiú líonra EURES atá le cur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí, trína ndéanfar freisin an tsoghluaisteacht a chur chun cinn ar bhonn cothrom;

(f)

cur chun cinn líonra EURES ar leibhéal an Aontais trí bhearta éifeachtacha cumarsáide idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit agus le saoránaigh an Aontais, ach sin gan dochar d'Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “seirbhísí poiblí fostaíochta” nó “SPFanna” eagraíochtaí na mBallstát, agus iad mar chuid d'aireachtaí ábhartha, de chomhlachtaí poiblí nó de chorparáidí a thagann faoin dlí poiblí, atá freagrach as beartais ghníomhacha i ndáil le margadh an tsaothair a chur chun feidhme agus as seirbhísí fostaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil chun leas an phobail;

(2)

ciallaíonn “seirbhísí fostaíochta” eintiteas dlíthiúil atá ag oibriú go dleathach i mBallstát, a chuireann seirbhísí ar fáil d'oibrithe a bhfuil fostaíocht á lorg acu agus d'fhostóirí atá ag iarraidh oibrithe a earcú;

(3)

ciallaíonn “folúntas” tairiscint ar fhostaíocht lena gceadófaí don iarratasóir a n-éireodh leis dul i mbun caidreamh fostaíochta lena gcáileofaí an t-iarratasóir sin mar oibrí chun críoch Airteagal 45 CFAE;

(4)

ciallaíonn “imréiteach” an malartú faisnéise agus an phróiseáil ar fholúntais, iarratais ar phost agus CVanna;

(5)

ciallaíonn “ardán coiteann TF” an bonneagar TF agus ardáin lena mbaineann a bhunaítear ar leibhéal an Aontais chun críche trédhearcacht agus imréiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn “oibrí teorann” oibrí a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát agus atá ag cur faoi i mBallstát eile a bhfilleann an t-oibrí sin air gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad de ghnáth.

(7)

ciallaíonn “comhpháirtíocht trasteorann EURES” grúpáil Comhaltaí nó Comhpháirtithe EURES agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile lasmuigh de líonra EURES, agus arb é is cuspóir léi comhar fadtéarmach a dhéanamh i struchtúir réigiúnacha; déantar comhpháirtíochtaí trasteorann de chuid EURES a bhunú i réigiúin trasteorann idir na dreamanna seo a leanas: na seirbhísí fostaíochta ar an leibhéal réigiúnach, áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, náisiúnta; na comhpháirtithe sóisialta; agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile, de chuid dhá Bhallstát ar a laghad nó de chuid Ballstáit agus tír eile atá rannpháirteach in ionstraimí an Aontais atá dírithe ar thacú le líonra EURES.

Airteagal 4

Inrochtaineacht

1.   Beidh na seirbhísí faoin Rialachán seo ar fáil do na hoibrithe agus fostóirí uile ar fud an Aontais, agus urramófar prionsabal na córa comhionainne.

2.   Áireofar an inrochtaineacht ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar thairseach EURES agus ar na seirbhísí tacaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas. Cinnfidh an Coimisiún agus Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES na modhanna chun é sin a áirithiú i ndáil lena n-oibleagáidí faoi seach.

CAIBIDIL II

AN LÍONRA EURES A ATHBHUNÚ

Airteagal 5

Athbhunú líonra EURES

1.   Athbhunaítear, leis seo, líonra EURES.

2.   Cuirtear an Rialachán seo in ionad an chreata rialála maidir le EURES mar a leagtar amach é i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún a ghlactar ar bhonn Airteagal 38 den Rialachán sin.

Airteagal 6

Cuspóirí líonra EURES

Faoi chuimsiú a réimse gníomhaíochtaí, cuideoidh líonra EURES i ndáil leis na cuspóirí a leanas:

(a)

cabhrú le feidhmiú na gceart a bhronntar le hAirteagal 45 CFAE agus le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011;

(b)

cur chun feidhme na straitéise comhordaithe don fhostaíocht agus, go háirithe, ar mhaithe le fórsa saothair sciliúil oilte agus solúbtha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 145 CFAE, a chur chun cinn;

(c)

feidhmiú, comhtháthú agus teacht le chéile na margaí saothair san Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal trasteorann;

(d)

soghluaisteacht dheonach ó thaobh geografaíochta agus gairme de a chur chun cinn san Aontas, lena n-áirítear i réigiúin trasteorann, ar bhonn cothrom agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta;

(e)

tacú leis an aistriú isteach i margadh an tsaothair, lena gcuirfí leis an obair i ndáil leis na cuspóirí sóisialta agus fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 CAE.

Airteagal 7

Comhdhéanamh líonra EURES

1.   Beidh líonra EURES comhdhéanta de na catagóirí eagraíochtaí seo a leanas:

(a)

Oifig Eorpach Comhordúcháin a bhunófar sa Choimisiún, agus a bheidh freagrach as tacú le líonra EURES a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh;

(b)

Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin (ONCanna) a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa Bhallstát sin, a ainmneoidh an Ballstát agus a bhféadfadh gurb ionann iad agus a SPF;

(c)

comhaltaí EURES, eadhon:

(i)

SPFanna faoi mar a cheapann na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 10; agus

(ii)

na heagraíochtaí a ligtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, nó ar feadh idirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 40, le tacaíocht a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, do sheirbhísí imréitigh agus tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí;

(d)

comhpháirtíochtaí EURES ar eagraíochtaí iad a ligtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, agus go háirithe le mír (2) agus le mír (4) de, nó ar feadh idirthréimhse, i gcomhréir le hAirteagal 40, le tacaíocht a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, do sheirbhísí imréitigh nó tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí.

2.   Féadfaidh eagraíochtaí de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta bheith i líonra EURES mar Chomhaltaí nó mar Chomhpháirtithe de chuid EURES i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 8

Freagrachtaí na hOifige Eorpaí Comhordúcháin

1.   Cuideoidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin le líonra EURES agus a ghníomhaíochtaí á gcomhlíonadh aige, go háirithe, trí na gníomhaíochtaí a leanas a fhorbairt agus a sheoladh, i ndlúthchomhar leis na ONCanna:

(a)

creat comhleanúnach a fhoirmliú agus gníomhaíochtaí cothrománacha tacaíochta a sholáthar chun leas líonra EURES, lena n-áirítear:

(i)

tairseach EURES agus seirbhísí TF gaolmhara, a oibriú agus a fhorbairt, lena n-áirítear córais agus nósanna imeachta chun malartú a dhéanamh ar fholúntais, iarratais ar phoist, CVanna agus doiciméid tacaíochta agus faisnéis eile, i gcomhar le seirbhísí nó líonraí faisnéise agus comhairleacha, agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais;

(ii)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le líonra EURES;

(iii)

clár coitianta oiliúna agus forbairt ghairmiúil leantach d'fhoireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES agus d'fhoireann ONCanna, lena n-áirítear an saineolas riachtanach;

(iv)

feidhm deisce cabhrach chun tacú le foireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtíochtaí EURES agus na ONCanna, go háirithe an fhoireann a bhfuil teagmháil dhíreach acu le hoibrithe agus fostóirí;

(v)

líonrú, malartú dea-chleachtais agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú laistigh de líonra EURES;

(b)

anailís a dhéanamh ar an tsoghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil, agus na cúinsí éagsúla sna Ballstáit á gcur san áireamh;

(c)

struchtúr oiriúnach don chomhar agus don imréiteach a fhorbairt laistigh den Aontas maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

2.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh bainistiú ar an Oifig Eorpach Comhordúcháin. Beidh idirphlé rialta ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin le hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.

3.   Dréachtóidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin, i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14, a cláir ilbhliantúla oibre.

Airteagal 9

Freagrachtaí na ONCanna

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na ONCanna i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 7(1)). Cuirfidh na Ballstáit an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas faoi na hainmniúcháin sin.

2.   Beidh gach ONC freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

obair a bhaineann le líonra EURES sa Bhallstát a eagrú, lena n-áirítear aistriú comhordaithe faisnéise faoi fholúntais, faoi iarratais ar phoist agus faoi CVanna chuig tairseach faisnéise EURES a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17, trí aon chainéal comhordaithe amháin;

(b)

comhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir leis an imréiteach laistigh den chreat atá leagtha amach i gCaibidil III;

(c)

aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le neamhréireachtaí idir líon na bhfolúntas a fhógraítear agus líon iomlán na bhfolúntas ar an leibhéal náisiúnta, a chur faoi bhráid na hOifige Eorpaí Comhordúcháin;

(d)

na bearta a chomhordú laistigh den Bhallstát lena mbaineann agus in éineacht le Ballstáit eile i gcomhréir le Caibidil V.

3.   Eagróidh gach ONC cur chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, na ngníomhaíochtaí cothrománacha tacaíochta a chuireann an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar fáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus le ONCanna eile. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna gníomhaíochta cothrománacha tacaíochta sin:

(a)

chun críche foilsithe, go háirithe ar thairseach EURES, bailiú agus fíorú na faisnéise nuashonraithe maidir le Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES atá ag oibriú ar chríoch náisiúnta ONC, a gcuid gníomhaíochtaí agus raon feidhme na seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn siad d'oibrithe agus d'fhostóirí;

(b)

soláthar na ngníomhaíochtaí réamhoiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí EURES agus roghnú na foirne a bheidh rannpháirteach sa chlár coiteann oiliúna agus i ngníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha;

(c)

bailiú agus anailís na sonraí a bhaineann le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 32.

4.   Chun críche foilsithe, go háirithe ar thairseach EURES, déanann gach ONC, chun tairbhe oibrithe agus fostóirí, an fhaisnéis agus an treoir atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta a chur ar fáil, a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a scaipeadh go tráthúil maidir leis an gcás sa Bhallstát i ndáil leis an méid a leanas:

(a)

dálaí maireachtála agus oibre, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le slándáil shóisialta agus íocaíochtaí cánach;

(b)

na nósanna imeachta ábhartha riaracháin maidir le fostaíocht, agus na rialacha atá infheidhme d'oibreoirí agus iad ag dul i mbun fostaíochta;

(c)

a creat náisiúnta rialála maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna agus rialacha agus ionstraimí atá ann cheana de chuid an Aontais;

(d)

gan dochar do phointe (b) d'Airteagal 17(2), an rochtain ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint;

(e)

cás na n-oibrithe teorann, go háirithe i réigiúin trasteorann;

(f)

cúnamh iar-earcaíochta i gcoitinne agus faisnéis faoi cá háit a bhfaightear an cúnamh sin laistigh de líonra EURES agus má tá faisnéis den sórt sin ar fáil, lasmuigh de líonra EURES.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na ONCanna faisnéis a chur ar fáil agus a scaipeadh i gcomhar lena seirbhísí agus líonraí agus comhlachtaí iomchuí faisnéise agus comhairleacha ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE.

5.   Malartóidh ONCanna faisnéis lena chéile maidir leis na meicníochtaí agus caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 17(5), agus maidir le caighdeáin i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí atá ábhartha don ardán coitianta TF. Comhoibreoidh siad lena chéile agus leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin, go háirithe i ndáil le gearáin agus folúntais a meastar nach bhfuil siad i gcomhréir leis na caighdeáin sin faoin dlí náisiúnta.

6.   Cuirfidh gach ONC tacaíocht ghinearálta ar fáil do Chomhaltaí agus do Chomhpháirtithe EURES maidir le comhoibriú lena gcontrapháirtithe EURES i mBallstáit eile, lena n-áirítear comhairle a thabhairt do Chomhaltaí agus do Chomhpháirtithe EURES faoin mbealach inar cheart gearáin a bhaineann le folúntais agus earcaíocht EURES a láimhseáil agus maidir le comhar leis na húdaráis phoiblí ábhartha. Má tá an fhaisnéis ar fáil don ONC, déanfar toradh na nósanna imeachta gearáin a tharchur chuig an Oifig Eorpach Comhordúcháin.

7.   Cuirfidh an ONC an comhoibriú le geallsealbhóirí chun cinn, geallsealbhóirí amhail na comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí gairmthreorach, institiúidí gairmoideachais agus ardoideachais, ionaid tráchtála, seirbhísí sóisialta agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí leochaileacha sa mhargadh saothair agus eagraíochtaí atá rannpháirteach i scéimeanna printíseachta agus i dtréimhsí oiliúna.

Airteagal 10

SPFanna a cheapadh mar Chomhaltaí de chuid EURES

1.   Ceapfaidh na Ballstáit an SPF nó na SPFanna atá ábhartha i ndáil le gníomhaíochtaí líonra EURES mar Chomhaltaí de chuid EURES. Cuirfidh na Ballstáit an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas faoi na ceapacháin sin. De bhua a gceaptha, beidh stádas speisialta laistigh de líonra EURES ag na SPFanna sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann na SPFanna, ina ról mar Chomhaltaí de chuid EURES, na hoibleagáidí ar fad atá leagtha síos sa Rialachán seo agus ar a laghad na híoschritéir chomhchoiteanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

3.   Féadfaidh SPF a n-oibleagáidí mar Chomhaltaí de chuid EURES a chomhlíonadh trí eagraíochtaí a fheidhmíonn faoi fhreagracht SPFanna, ar bhonn tarmligean, seachfhoinsiú nó comhaontuithe sonracha.

Airteagal 11

Ligean isteach mar Chomhaltaí de chuid EURES (nach SPFanna iad) agus mar Chomhpháirtithe de chuid EURES

1.   Gan moill mhíchuí ach ar a laghad faoin 13 Bealtaine 2018, beidh córas ar bun ag gach Ballstát, chun eagraíochtaí a ligean isteach le bheith ina gComhaltaí agus Comhpháirtithe de chuid EURES, chun faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus a mhéid a chomhlíonann siad an dlí infheidhme tráth a mbeidh an Rialachán seo á chur i bhfeidhm agus, i gcás inar gá, chun a ligean isteach a chúlghairm. Beidh an córas seo trédhearcach agus comhréireach agus déanfaidh sé prionsabail na córa comhionainne a urramú d'eagraíochtaí is iarratasóirí agus déanfaidh sé an próiseas cuí dlí a urramú agus cuirfidh sé réitigh leordhóthanacha ar fáil chun cosaint éifeachtach dlí a áirithiú.

2.   Chun críocha an chórais dá dtagraítear i mír 1, bunóidh na Ballstáit na ceanglais agus na critéir chun Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES a ligean isteach. Beidh ar a laghad na híoschritéir chomhchoiteanna a leagtar síos in Iarscríbhinn I sna ceanglais agus sna critéir sin. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais nó critéir bhreise a bhunú atá riachtanach ar mhaithe leis na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí na seirbhísí fostaíochta a chur i bhfeidhm i gceart agus ar mhaithe le bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar bheartais an mhargaidh saothair ar a gcríoch.

3.   Eagraíochtaí atá ag feidhmiú go dleathach i mBallstát, féadfaidh siad iarratas a chur isteach lena bheith ina gComhaltaí de chuid EURES, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus faoi réir an chórais dá dtagraítear i mír 1. Eagraíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh aige le bheith ina Comhalta de chuid EURES, gabhfaidh sí de láimh ina hiarratas na hoibleagáidí uile a bhaineann le Comhaltaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear gach cúram dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 12(2) a chomhlíonadh.

4.   Eagraíocht atá ag oibriú go dleathach i mBallstát, is féidir léi iarratas a dhéanamh le bheith ina Comhpháirtí de chuid EURES faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus faoi réir an chórais dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll go léiríonn sí gur féidir léi dhá cheann ar a mhéid de na cúraimí a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 12(2) a chomhlíonadh, ar fhorais scála, acmhainní airgeadais agus cineál na seirbhísí a chuireann an eagraíocht nó an struchtúr eagrúcháin ar fáil de ghnáth, lena n-áirítear í a bheith ina heagraíocht neamhbhrabúis. Eagraíocht a bhfuil iarratas á dhéanamh aici le bheith ina Comhpháirtí EURES, gabhfaidh sí de láimh ina hiarratas na ceanglais uile a bhfuil Comhpháirtithe de chuid EURES faoina réir faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear ar a laghad aon chúram amháin a chomhlíonadh de na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 12(2).

5.   Tabharfaidh na Ballstáit cead do na heagraíochtaí is iarratasóirí a bheith mar Chomhalta nó mar Chomhpháirtí EURES, más rud é go gcomhlíonann siad na critéir agus na ceanglais infheidhme dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4.

6.   Cuirfidh na ONCanna an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas maidir leis na córais dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na critéir agus na ceanglais bhreise amhail dá dtagraítear i mír 2, i leith Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES a ligtear isteach i gcomhréir leis an gcóras sin, agus maidir le haon diúltú iad a ligean isteach ar an mbonn nach gcomhlíontar pointe (1) de Roinn 1 d'Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na ONCanna.

7.   Déanfaidh na Ballstáit ligean isteach Comhaltaí nó Comhpháirtithe de chuid EURES a chúlghairm, más rud é nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na critéir nó na ceanglais infheidhme dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4. Cuirfidh na ONCanna an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar an eolas faoi aon chúlghairm den sórt sin agus faoi na forais di. Cuirfidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na ONCanna eile.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad a ghlacadh don tuairisc ar an gcóras náisiúnta agus do na nósanna imeachta maidir le faisnéis a chomhroinnt idir na Ballstáit maidir leis na córais dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 12

Freagrachtaí Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES

1.   Rannchuideoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES leis an líonra EURES i ndáil leis na gníomhaíochtaí a gceaptar iad ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10, nó a ligtear isteach iad ina leith i gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus (4), nó, ar feadh idirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 40, agus comhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí eile faoin Rialachán seo.

2.   Beidh Comhaltaí EURES rannpháirteach i líonra EURES, lena n-áirítear trí na cúraimí go léir seo a leanas a chomhlíonadh, agus beidh Comhpháirtithe EURES rannpháirteach i líonra EURES, lena n-áirítear trí cheann amháin ar a laghad de na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

cur le líon na bhfolúntas i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 17(1);

(b)

cur le líon na n-iarratas ar phoist agus na CVanna i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 17(1);

(c)

seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d'oibreoirí agus d'fhostóirí i gcomhréir le hAirteagal 23 agus Airteagal 24, Airteagal 25(1), Airteagal 26 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 27.

3.   Soláthróidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb infheidhme, Comhpháirtithe EURES, chun críocha tairseach EURES, na folúntais uile a chuirtear ar fáil go poiblí leo chomh maith le gach iarratas ar phost agus gach CV i gcás inar thoiligh an t-oibrí go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil freisin ar thairseach EURES i gcomhréir le hAirteagal 17(3). Beidh feidhm ag an dara fomhír d'Airteagal 17(1) agus ag Airteagal 17(2) maidir le folúntais a chuirtear ar fáil go poiblí trí Chomhaltaí EURES agus, i gcás inarb infheidhme, le Comhpháirtithe EURES.

4.   Ainmneoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES pointe teagmhála amháin nó níos mó, amhail oifigí socrúcháin agus earcaíochta, ionaid ghlaonna agus uirlisí féinfhreastail atá i gcomhréir leis na critéir náisiúnta, inar féidir le hoibrithe agus fostóirí tacaíocht a fháil i ndáil le himréiteach, le rochtain ar sheirbhísí tacaíochta, nó iad araon, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh na pointí teagmhála a bheith bunaithe freisin ar chláir mhalartaithe foirne nó ar oifigigh idirchaidrimh a chur ar iasacht, nó féadfaidh gníomhaireachtaí coiteanna socrúcháin a bheith rannpháirteach iontu.

5.   Áiritheoidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES, go léireoidh na pointí teagmhála a d'ainmnigh siad raon feidhme na seirbhísí tacaíochta a chuirtear ar fáil d'oibreoirí agus d'fhostóirí ar bhealach soiléir.

6.   I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, féadfaidh na Ballstáit, trína ONCanna a cheangal ar Chomhaltaí agus ar Chomhpháirtithe EURES rannchuidiú leis na nithe seo a leanas

(a)

bailiú na faisnéise agus na treorach atá le foilsiú ar thairseach EURES dá dtagraítear in Airteagal 9(4);

(b)

malartú na faisnéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 30;

(c)

an timthriall clársceidealaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 31;

(d)

bailiú sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 13

Freagrachtaí comhpháirteacha

I gcomhréir lena róil agus freagrachtaí faoi seach, féachfaidh gach eagraíocht atá rannpháirteach i líonra EURES, i ndlúthchomhar lena chéile, leis na deiseanna a chuireann soghluaisteacht lucht saothair san Aontas ar fáil a chur chun cinn go gníomhach, agus féachfaidh siad le feabhas a chur ar na bealaí agus modhanna lena mbainfidh oibrithe agus fostóirí tairbhe as soghluaisteacht ar bhonn cothrom agus lena dtapóidh siad na deiseanna sin ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal naisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann.

Airteagal 14

Grúpa Comhordúcháin

1.   Beidh an Grúpa Comhordúcháin comhdhéanta d'ionadaithe ar an leibhéal iomchuí ón Oifig Eorpach Comhordúcháin agus ó na ONCanna.

2.   Tacóidh an Grúpa Comhordúcháin le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí fhaisnéis a mhalartú agus trí threoir a fhorbairt. Go háirithe, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 11(8) agus in Airteagal 31(5), agus na dréachtchaighdeáin theicniúla agus na formáidí dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6) agus na mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha i ndáil le sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 32(3).

3.   Féadfaidh an Grúpa Comhordúcháin, inter alia, malartú dea-chleachtas a eagrú a bhaineann leis na córais náisiúnta don ligean isteach dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 23 go 27.

4.   Eagróidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin obair an Ghrúpa Comhordúcháin agus beidh sí ina cathaoirleach ar a chruinnithe. Coinneoidh sí na comhlachtaí nó na líonraí ábhartha eile ar an eolas faoin obair a dhéanann an Grúpa Comhordúcháin.

Beidh sé de cheart ag ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Chomhordúcháin.

5.   Oibreoidh an Grúpa Comhordúcháin i gcomhar le Bord líonra na SPFanna, go háirithe trína chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí líonra EURES agus trí dhea-chleachtais a mhalartú.

Airteagal 15

Sainaitheantas coiteann agus an trádmharc

1.   Úsáidfear an t-ainm “EURES” go heisiach i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh de líonra EURES i gcomhréir leis an Rialachán seo. Léireofar é le lógó caighdeánach, a gcinnfear a úsáid le scéim dearaidh ghrafaigh arna ghlacadh ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin.

2.   Bainfidh na heagraíochtaí uile atá rannpháirteach i líonra EURES dá dtagraítear in Airteagal 7 úsáid as marc seirbhísí EURES agus as an lógó, ina ngníomhaíochtaí uile a bhaineann le líonra EURES d'fhonn sainaitheantas coiteann físeach a áirithiú.

3.   Áiritheoidh eagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES go bhfuil an fhaisnéis agus an t-ábhar fógraíochta a chuireann siad ar fáil ag teacht le gníomhaíochtaí foriomlána cumarsáide, agus le caighdeáin choiteanna cháilíochta líonra EURES agus leis an bhfaisnéis a thagann ón Oifig Eorpach Comhordúcháin.

4.   Cuirfidh na heagraíochtaí atá rannpháirteach i líonra EURES aon mhí-úsáid a bhainfidh tríú páirtí nó tríú tír as marc seirbhíse EURES, nó as an lógó a dtiocfaidh siadsan le bheith ar an eolas faoi, in iúl don Oifig Eorpach Comhordúcháin gan mhoill.

Airteagal 16

Comhoibriú agus bearta eile

1.   Éascóidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin an comhoibriú idir líonra EURES agus seirbhísí agus líonraí faisnéise agus comhairleacha eile an Aontais.

2.   Comhoibreoidh na ONCanna leis na seirbhísí agus líonraí dá dtagraítear i mír 1 ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d'fhonn sinéirgí a bhaint amach agus forluí a sheachaint agus, i gcás inarb iomchuí, beidh baint ag Comhaltaí agus ag Comhpháirtithe EURES leis an gcomhoibriú sin.

3.   Cabhróidh na ONCanna leis an gcomhoibriú a dhéanfaidh líonra EURES leis na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, trína áirithiú go ndéanfar idirphlé rialta leis na comhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta.

4.   Spreagfaidh na Ballstáit dlúthchomhar ar leibhéal trasteorann idir gníomhaithe réigiúnacha, áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, náisiúnta, gníomhaithe amhail na cleachtais agus na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí trasteorann EURES.

5.   Féachfaidh na Ballstáit le réitigh a fhorbairt de chineál aonionaid don chumarsáid, lena n-áirítear cumarsáid ar líne, le hoibrithe agus le fostóirí i ndáil le réimsí coiteanna gníomhaíochta EURES agus na seirbhísí agus na líonraí dá dtagraítear i mír 1.

6.   Scrúdóidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, na féidearthachtaí go léir chun tosaíocht a thabhairt do shaoránaigh an Aontais nuair a bheidh folúntais á líonadh, d'fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar saothair agus an t-éileamh ar shaothar san Aontas. Féadfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá a ghlacadh chun na críche sin.

CAIBIDIL III

ARDÁN COITEANN TF

Airteagal 17

Eagrú ardán choiteann TF

1.   Chun folúntais agus iarratais ar phoist a thabhairt le chéile, cuirfidh gach Ballstát an méid seo a leanas ar fáil do thairseach EURES:

(a)

na folúntais uile a chuirfear ar fáil go poiblí trí SPF, mar aon leis na folúntais sin a sholáthróidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES i gcomhréir le hAirteagal 12(3);

(b)

gach iarratas ar phost agus gach CV atá ar fáil trí SPF chomh maith leis na cinn sin a sholáthraíonn Comhaltaí eile de chuid EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES, i gcomhréir le hAirteagal 12(3), ar an gcoinníoll gur thoiligh na hoibrithe lena mbaineann go mbeadh an fhaisnéis ar fáil ar thairseach EURES faoi na téarmaí atá sainithe i mír 3 den Airteagal seo.

Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit meicníocht a thabhairt isteach lena gceadófar d'fhostóirí roghnú gan folúntas a fhoilsiú ar thairseach EURES má tá údar maith leis an iarraidh sin de bharr na gceanglas a bhaineann leis an bpost ó thaobh scileanna agus inniúlachta de

2.   Agus sonraí maidir le folúntais á gcur ar fáil do thairseach EURES, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a eisiamh:

(a)

folúntais nach bhfuil oscailte ach do shaoránaigh ó thír ar leith mar gheall ar an gcineál folúntais atá i gceist nó mar gheall ar rialacha náisiúnta;

(b)

folúntais a bhaineann le catagóirí printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna arb é atá iontu, go príomha, gné foghlama, agus atá mar chuid de chórais náisiúnta oideachais nó a mhaoinítear go poiblí, mar chuid de bheartais ghníomhacha Ballstáit maidir leis an margadh saothair;

(c)

folúntais eile mar chuid de bheartais ghníomhacha Ballstáit maidir leis an margadh saothair.

3.   Beidh toiliú na n-oibrithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 sainráite, soiléir, tugtha faoi shaoirse, sonrach agus feasach. Féadfaidh oibrithe, tráth ar bith, a dtoiliú a tharraingt siar agus scriosadh nó modhnú aon chuid de na sonraí, nó na sonraí uile, arna cur ar fáil, a éileamh. Féadfaidh oibrithe rogha a dhéanamh idir roghanna difriúla chun rochtain ar a gcuid sonraí nó ar airíonna áirithe díobh a shrianadh.

4.   Maidir le hoibrithe ar oibrithe mionaoiseacha iad, cuirfear a dtoiliú ar fáil i dteannta thoiliú a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí dlíthiúla.

5.   Beidh na meicníochtaí iomchuí agus na caighdeáin iomchuí is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit chun buncháilíocht agus cáilíocht theicniúil na sonraí maidir le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna a áirithiú.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar foinsí sonraí a rianú chun faireachán a dhéanamh ar an gcáilíocht a ghabhann leis na sonraí sin.

7.   Le go mbeifear in ann folúntais a mheaitseáil le hiarratais ar phoist agus le CVanna, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil i gcomhréir le córas aonfhoirmeach agus ar bhealach trédhearcach.

8.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla agus na formáidí teicniúla is gá d'fhonn an córas aonfhoirmeach dá dtagraítear i mír 7 a bhaint amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).

Airteagal 18

Rochtain ar an ardán coiteann TF ar an leibhéal náisiúnta

1.   Áiritheoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES go mbeidh tairseach EURES le feiceáil go soiléir agus go mbeifear in ann cuardach a dhéanamh go héasca uirthi trí gach tairseach cuardaigh poist atá á bainistiú acu, bíodh na tairseacha sin ar an leibhéal lárnach, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, agus áiritheoidh siad go mbeidh na tairseacha sin nasctha le tairseach EURES.

2.   Maidir le heagraíochtaí a fheidhmíonn faoina bhfreagracht, áiritheoidh na SPFanna go mbeidh nasc chuig tairseach EURES le feiceáil go soiléir ar thairseacha gréasáin a bhainistíonn na heagraíochtaí sin.

3.   Áiritheoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES go bhféadfaidh na baill foirne sin dá gcuid a mbíonn baint acu le líonra EURES rochtain a fháil go héasca ar gach folúntas, ar gach iarratas ar phost agus ar gach CV a chuirtear ar fáil ar thairseach líonra EURES.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis i ndáil le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna dá dtagraítear faoi Airteagal 9(2)(a), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar í a aistriú trí bhealach comhordaithe aonair.

Airteagal 19

Meaitseáil uathoibríoch tríd an ardán coiteann TF

1.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile agus leis an gCoimisiún ó thaobh idir-inoibritheachta idir na córais náisiúnta agus an an t-aicmiú Eorpach arna fhorbairt ag an gCoimisiún. Coinneoidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin bhforbairt a dhéantar ar an aicmiú Eorpach.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta na scileanna, na n-inniúlachtaí agus na ngairmeacha atá mar chuid den aicmiú Eorpach, agus coinneoidh sé an liosta sin cothrom le dáta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3). I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Chun críche meaitseáil uathoibríoch a dhéanamh tríd an ardán coiteann TF, déanfaidh gach Ballstát, gan aon mhoill mhíchuí ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an dáta a nglacfar an liosta dá dtagraítear i mír 2, fardal tosaigh a bhunú chun a chórais náisiúnta aicmithe, a chórais réigiúnacha aicmithe agus a chórais earnálacha aicmithe a chur i gcomparáid leis an liosta sin agus, tar éis tús a chur leis an bhfardal a úsáid agus leas á bhaint as ríomhchlár a chuirfidh an Oifig Eorpach um Chomhordú ar fáil, déanfar é a nuashonrú le go mbeidh sé cothrom le dáta ó thaobh dul chun cinn sna seirbhísí earcaíochta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an t-aicmiú Eorpach a chur in ionad a gcóras náisiúnta aicmithe, tráth a mbeidh an t-aicmiú Eorpach tugtha chun críche, nó a gcórais náisiúnta idir-inoibritheacha aicmithe a choinneáil.

5.   Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus, i gcás inar féidir, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit sin nuair a bhunóidh siad an fardal de bhun mhír 3 agus do na Ballstáit sin a chinnfidh an t-aicmiú Eorpach a chur in ionad na gcóras náisiúnta aicmithe.

6.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin theicniúla is gá agus na formáidí is gá chun an mheaitseáil uathoibríoch a dhéanamh tríd an ardán coiteann TF trí leas a bhaint as an aicmiú Eorpach agus as an idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta agus an t-aicmiú Eorpach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).

Airteagal 20

Meicníocht lena n-éascaítear rochtain d'oibrithe agus d'fhostóirí

1.   Déanfaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES, arna iarraidh sin, cúnamh a thabhairt d'oibrithe agus d'fhostóirí a bhaineann leas as a gcuid seirbhísí, maidir le clárú na n-oibrithe agus na bhfostóirí sin ar thairseach EURES. Beidh an cúnamh sin saor in aisce.

2.   Áiritheoidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES go mbeidh na hoibrithe agus na fostóirí a bhaineann leas as a gcuid seirbhísí in ann teacht ar fhaisnéis ghinearálta faoin gcaoi, faoin am agus faoin áit ar féidir leo na sonraí lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta, a leasú agus a tharraingt siar.

CAIBIDIL IV

SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA

Airteagal 21

Prionsabail

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrithe agus fostóirí rochtain a fháil, gan aon mhoill mhíchuí bíodh sin ar líne nó as líne, ar sheirbhísí tacaíochta atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Tacóidh na Ballstáit le forbairt a dhéanamh ar chur chuige comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta maidir le seirbhísí tacaíochta.

Déanfar riachtanais réigiúnacha sonracha agus riachtanais áitiúla sonracha a chur san áireamh.

3.   Maidir leis na seirbhísí tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 22, Airteagal 25(1), Airteagal 26 agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 27, beidh siad saor in aisce.

Beidh na seirbhísí tacaíochta d'oibrithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 saor in aisce.

D'fhéadfadh seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 24 a bheith faoi réir táille.

4.   Aon táille a ghearrfar ar sheirbhísí a chuireann Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES ar fáil faoin gCaibidil seo, ní bheidh sí níos airde ná na táillí sin is infheidhme maidir le seirbhísí inchomparáide eile a chuireann Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES ar fáil. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES oibrithe agus fostóirí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus beacht faoi aon chostas lena mbaineann.

5.   Déanfaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES lena mbaineann oibrithe agus fostóirí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir maidir leis an raon seirbhísí tacaíochta a chuireann siad ar fáil, leis an áit ar féidir rochtain a fháil ar na seirbhísí sin, leis an mbealach inar féidir teacht ar na seirbhísí sin, agus maidir leis na coinníollacha faoina gcuirtear rochtain ar fáil, agus úsáid á baint as na modhanna atá acu chun faisnéis a scaipeadh. Foilseofar an fhaisnéis sin ar thairseach EURES.

6.   Gan dochar d'Airteagal 11(2), ní fhéadfaidh Comhaltaí EURES dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 7(1)) ná Comhpháirtithe EURES a gcuid seirbhísí a chur ar fáil ach amháin ar líne.

Airteagal 22

Rochtain ar fhaisnéis bhunúsach

1.   Déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis bhunúsach a chur ar fáil ar bhealach a bheidh sothuigthe agus áisiúil d'oibrithe agus d'fhostóirí faoi thairseach EURES, lena n-áirítear an bunachar sonraí maidir le hiarratais ar phoist agus le CVanna, agus faoi líonra EURES, lena n-áirítear sonraí teagmhála Chomhaltaí ábhartha EURES agus Chomhpháirtithe ábhartha EURES ar an leibhéal náisiúnta, faisnéis faoi na modhanna earcaíochta a úsáideann siad (ríomhsheirbhísí, seirbhísí pearsantaithe, suíomh na bpointí teagmhála) agus na naisc ghréasáin ábhartha.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES oibrithe agus fostóirí a chur i dteagmháil le Comhalta eile de chuid EURES nó le Comhpháirtí eile de chuid EURES.

2.   Tacóidh an Oifig Eorpach um Chomhordú leis an bhforbairt a dhéanfar ar fhaisnéis bhunúsach faoin Airteagal seo agus cuideoidh sí leis na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar líon leordhóthanach teangacha, agus riachtanais na margaí saothair sna Ballstáit á gcur san áireamh.

Airteagal 23

Seirbhísí tacaíochta d'oibrithe

1.   Déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an deis a thabhairt, gan aon mhoill mhíchuí, d'oibrithe a bhfuil fostaíocht á lorg acu rochtain a fháil ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

2.   Arna iarraidh sin d'oibrí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoracha a chur ar fáil maidir le deiseanna fostaíochta ar leith agus, go háirithe, cuirfidh siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil don oibrí:

(a)

faisnéis ghinearálta a chur ar fáil nó tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin maidir le dálaí maireachtála agus oibre sa tír chinn scríbe;

(b)

cúnamh agus treoracha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a fháil;

(c)

i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt maidir le hiarratais ar phoist agus le CVanna a chur i dtoll a chéile d'fhonn comhréireacht leis na caighdeáin theicniúla Eorpacha agus leis na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6) a áirithiú agus cúnamh a thabhairt maidir le huaslódáil iarratas ar phoist agus CVanna den sórt sin ar thairseach EURES;

(d)

i gcás inarb iomchuí, machnamh a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir le socrúchán a bhunú laistigh den Aontas mar chuid de phlean gníomhaíochta aonair nó tacú le plean aonair um shoghluaisteacht a chur ar bun mar bhealach chun teacht ar shocrúchán laistigh den Aontas;

(e)

i gcás inarb iomchuí, an t-oibrí a chur i dteagmháil le Comhalta eile de chuid EURES nó le Comhpháirtí eile de chuid EURES.

3.   Arna iarraidh sin go réasúnach d'oibrí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES tuilleadh cúnaimh a thabhairt maidir le post a chuardach agus cuirfidh siad seirbhísí breise eile ar fáil, agus riachtanais an oibrí á gcur san áireamh.

Airteagal 24

Seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí

1.   Déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an deis a thabhairt, gan aon mhoill mhíchuí, d'fhostóirí a bhfuil suim acu oibrithe a earcú ó Bhallstáit eile rochtain a fháil ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

2.   Arna iarraidh sin d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoracha a chur ar fáil maidir le deiseanna earcaíochta agus, go háirithe, cuirfidh siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil dóibh:

(a)

faisnéis a chur ar fáil maidir le rialacha sonracha a bhaineann le hearcú ó Bhallstát eile agus maidir le gnéithe a d'fhéadfadh an t-earcú sin a éascú;

(b)

i gcás inarb iomchuí, faisnéis a chur ar fáil maidir leis na riachtanais a bhaineann le post ar leith a cheapadh le haghaidh folúntais agus cúnamh a thabhairt maidir leis na riachtanais sin a cheapadh, agus faisnéis a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt maidir lena áirithiú go mbeidh an folúntas i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla Eorpacha agus leis na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6).

3.   I gcás ina n-iarrfaidh fostóir tuilleadh cúnaimh agus i gcás ina bhfuil dóchúlacht réasúnta ann go n-earcófaí laistigh den Aontas, déanfaidh Comhaltaí EURES nó, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES tuilleadh cúnaimh a thabhairt agus seirbhísí breise a chur ar fáil, agus riachtanais an fhostóra á gcur san áireamh.

Arna iarraidh sin, déanfaidh Comhaltaí EURES nó, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES treoracha ar leith a thabhairt maidir le riachtanais a chumadh le haghaidh folúntas.

Airteagal 25

Cúnamh iar-earcaíochta

1.   Arna iarraidh sin d'oibrí nó d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

faisnéis ghinearálta maidir le cúnamh iar-earcaíochta, amhail oiliúint maidir le cumarsáid idirchultúrtha, cúrsaí teanga agus tacaíocht i ndáil le comhtháthú, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le deiseanna fostaíochta do bhaill teaghlaigh oibrí.

(b)

i gcás inar féidir, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu.

2.   Gan dochar d'Airteagal 21(4), maidir le Comhaltaí agus le Comhpháirtithe EURES a chuireann cúnamh iar-earcaíochta ar fáil go díreach d'oibrithe nó d'fhostóirí, féadfaidh siad táille a ghearradh ar an gcúnamh sin.

Airteagal 26

Rochtain éascaithe ar fhaisnéis maidir le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíocht pinsin, le hárachas sláinte, le slándáil shóisialta agus maidir le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair

1.   Arna iarraidh sin d'oibrí nó d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES iarrataí ar fhaisnéis shonrach maidir leis na cearta a bhaineann le slándáil shóisialta, le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíocht pinsin agus maidir le hárachas sláinte a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh siad na hiarrataí sin a chur faoi bhráid comhlachtaí iomchuí eile ar an leibhéal náisiúnta a thugann tacaíocht d'oibrithe a gcearta a fheidhmiú i gcomhthéacs na saoirse gluaiseachta, lena n-áirítear na comhlachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE.

2.   Chun críche mhír 1, comhoibreoidh na ONCanna leis na húdaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 27

Seirbhísí tacaíochta i réigiúin trasteorann

1.   I gcás ina mbeidh Comhaltaí nó Comhpháirtithe EURES rannpháirteach, i réigiúin trasteorann, i struchtúir shonracha chomhair agus i struchtúir shonracha sheirbhíse, amhail comhpháirtíochtaí trasteorann, déanfaidh siad faisnéis maidir le staid shonrach oibrithe teorann atá ábhartha d'fhostóirí sna réigiúin sin a chur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí teorann.

2.   Ar na cúraimí a bheidh ar na comhpháirtíochtaí trasteorann, d'fhéadfaí a áireamh seirbhísí socrúcháin agus seirbhísí earcaíochta, comhar idir na heagraíochtaí rannpháirteacha a chomhordú, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann a chur i gcrích, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil d'oibrithe teorann agus treoracha a thabhairt dóibh, agus aird ar leith á tabhairt ar sheirbhísí ilteangacha.

3.   Maidir le heagraíochtaí seachas Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES atá rannpháirteach i struchtúir dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar mar chuid de líonra EURES iad ar mhaithe lena bheith rannpháirteach ann.

4.   Sna réigiúin trasteorann dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit iarracht réitigh a fhorbairt agus úsáid á baint as ionad ilfhreastail chun faisnéis a chur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí teorann.

Airteagal 28

Rochtain ar bhearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair

Ní chuirfidh na Ballstáit srian ar rochtain ar bhearta gníomhacha náisiúnta maidir leis an margadh saothair lena gcuirtear cúnamh cuardaigh poist ar fáil d'oibrithe gan d'fhoras a bheith leis an srianadh sin ach go bhfuil cúnamh á lorg ag oibrí fostaíocht a fháil ar chríoch Ballstáit eile.

CAIBIDIL V

FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS AN TIMTHRIALL CLÁRSCEIDEALAITHE

Airteagal 29

Faisnéis a mhalartú maidir le sreabhadh agus le patrúin

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán ar shreabhadh soghluaisteachta an lucht saothair san Aontas agus ar phatrúin soghluaisteachta an lucht saothair san Aontas agus poibleoidh siad an sreabhadh agus na patrúin sin ar bhonn staitisticí ó Eurostat agus na sonraí náisiúnta atá ar fáil.

Airteagal 30

Faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit

1.   Déanfaidh gach Ballstát, go háirithe, faisnéis atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus a anailísiú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ganntanas lucht saothair agus barrachas lucht saothair ar mhargaí saothair náisiúnta agus ar mhargaí saothair earnálacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí is leochailí sa mhargadh saothair agus sna réigiúin is mó atá buailte leis an dífhostaíocht;

(b)

gníomhaíochtaí de chuid EURES ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal trasteorann.

2.   Beidh na ONCanna freagrach as an bhfaisnéis atá ar fáil laistigh de líonra EURES a chomhroinnt agus as rannchuidiú leis an anailísiú comhpháirteach.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 31, agus aird á tabhairt ar an malartú faisnéise agus ar an anailísiú comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Déanfaidh an Oifig Eorpach um Chomhordú socruithe praiticiúla chun an malartú faisnéise a éascú i measc na ONCanna agus chun forbairt na hanailíse comhpháirtí a éascú.

Airteagal 31

Clársceidealú

1.   Déanfaidh na ONCanna cláir náisiúnta bhliantúla oibre a chur i dtoll a chéile le haghaidh gníomhaíochtaí líonra EURES ina mBallstáit.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas sna cláir náisiúnta oibre:

(a)

na príomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh laistigh de líonra EURES ar an leibhéal náisiúnta tríd is tríd agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal trasteorann;

(b)

na hacmhainní daonna foriomlána agus na hacmhainní airgeadais foriomlána a leithdháilfear chun iad a gcur chun feidhme;

(c)

na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a bheartófar agus, i gcás inar gá, chun iad a thabhairt cothrom le dáta.

3.   Tabharfar an deis do na ONCanna agus don Oifig Eorpach um Chomhordú athbhreithniú a dhéanamh le chéile ar na dréachtchláir náisiúnta oibre go léir. Tar éis bailchríoch a chur ar an athbhreithniú sin, glacfaidh na ONCanna faoi seach na cláir náisiúnta oibre.

4.   Tabharfar an deis d'ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais atá rannpháirteach sa Ghrúpa um Chomhordú barúil a thabhairt maidir leis na dréachtchláir náisiúnta oibre.

5.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid agus na nósanna imeachta is gá chun faisnéis a mhalartú maidir leis na cláir náisiúnta oibre ar leibhéal an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 37(2).

Airteagal 32

Sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun sonraí a bhailiú maidir leis na réimsí gníomhaíochta seo a leanas de chuid EURES a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta:

(a)

faisnéis agus treoracha ó líonra EURES, bunaithe ar an méid teagmhála a bheidh ag láimhseálaithe cásanna Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES le hoibrithe agus le fostóirí;

(b)

feidhmíocht fostaíochta, lena n-airítear socrúcháin agus earcaíocht a eascraíonn ó ghníomhaíocht EURES, ar bhonn líon na bhfolúntas, na n-iarratas ar phoist agus na CVanna a láimhseálfaidh agus a phróiseálfaidh láimhseálaithe cásanna Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES, agus ar bhonn líon na n-oibrithe a earcófar i mBallstát eile dá réir sin, de réir mar is eol do na láimhseálaithe cáis sin nó, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ar bhonn suirbhéanna;

(c)

sástacht custaiméirí le líonra EURES a dhearbhófar, inter alia, trí leas a bhaint as suirbhéanna.

2.   Beidh an Oifig Eorpach um Chomhordú freagrach as sonraí a bhailiú maidir le tairseach EURES agus as comhar a fhorbairt maidir leis an imréiteach faoin Rialachán seo.

3.   Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus laistigh de réimsí gníomhaíochta de chuid EURES a shonraítear sa mhír sin, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraíochtaí aonfhoirmeacha maidir le sonraí a bhailiú agus maidir le hanailís a dhéanamh orthu chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú líonra EURES. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(3).

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36 chun na réimsí a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhodhnú nó chun réimsí eile gníomhaíochta de chuid EURES a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta faoi chuimsiú an Rialacháin seo a chur leis an mír sin.

Airteagal 33

Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí EURES

Agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis a bailíodh amhail dá dtagraítear sa Chaibidil seo, déanfaidh an Coimisiún, gach ré bliain, tuarascáil ar ghníomhaíochtaí EURES a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

Go dtí go dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 35, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo cur síos ar an staid mar atá maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Sonraí pearsanta a chosaint

Déanfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Treoir 95/46/CE agus na bearta náisiúnta cur chun feidhme i ndáil léi, chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 35

Meastóireacht ex post

Faoin 13 Bealtaine 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le hoibriú agus le héifeachtaí an Rialacháin seo.

Féadfaidh tograí reachtacha lena leasaítear an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 36

Tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 32(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis an 12 Bealtaine 2016. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 32(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó tiocfaidh sé i bhfeidhm i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus ag an Chomhairle in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 37

Nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste “EURES” a bhunaítear leis an Rialachán seo de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 38

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

(1)   Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 mar a leanas:

(a)

Scriostar Airteagal 23

(b)

In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

(1)“2.   Beidh rannpháirtíocht in ais EURES ar oscailt do na comhlachtaí, do na gníomhaithe, agus do na hinstitiúidí uile a ainmníonn Ballstát nó an Coimisiún agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i líonra EURES, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Ar na comhlachtaí, ar na gníomhaithe agus ar na hinstitiúidí sin, áireofar, go háirithe, na dreamanna seo a leanas:

(a)

údaráis náisiúnta, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla;

(b)

seirbhísí fostaíochta;

(c)

eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus páirtithe leasmhara eile.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).”."

(2)   Déanfar tagairtí do na gníomhartha scriosta, amhail dá dtagraítear i bpointe (1)(a), a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 29 den Rialachán seo.

(3)   Beidh pointe (1)(b) den Airteagal seo gan dochar do na hiarratais ar mhaoiniú a thíolacfar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 roimh an 12 Bealtaine 2016.

Airteagal 39

Leasuithe ar Rialachán Uimh. 492/2011

(1)   Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 mar a leanas:

(a)

Scriostar Airteagal 11 agus Airteagal 12, Airteagal 13(2), Airteagail 14 go 20 agus Airteagal 38.

(b)

Scriostar Airteagal 13(1) le héifeacht ón 13 Bealtaine 2018.

(2)   Déanfar tagairtí do na forálacha scriosta a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 40

Forálacha idirthréimhseacha

Eagraíochtaí a ainmnítear mar “Chomhpháirtithe de chuid EURES” i gcomhréir le hAirteagal 3(c) de Chinneadh Cur chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún nó a chuireann seirbhísí teoranta ar fáil mar “Chomhpháirtithe Comhlachaithe de chuid EURES” i gcomhréir le hAirteagal 3(d) den Chinneadh sin an 12 Bealtaine 2016, féadfaidh siad, de mhaolú ar Airteagal 11 den Rialachán seo, a bheith rannpháirteach mar Chomhaltaí de chuid EURES dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(c)(ii) den Rialachán seo nó mar Chomhpháirtithe de chuid EURES dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(d) den Rialachán seo, go dtí an 13 Bealtaine 2019 ar choinníoll go ngabhfaidh siad de láimh na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás inar mian le ceann amháin de na heagraíochtaí sin a bheith rannpháirteach mar Chomhpháirtí de chuid EURES, cuirfidh sí in iúl don ONC cé acu de na cúraimí a chomhlíonfaidh sí de bhun Airteagal 11(4) den Rialachán seo. Cuirfidh an ONC ábhartha an Oifig Eorpach um Chomhordú ar an eolas faoi sin. Tar éis don idirthréimhse dul in éag, féadfaidh na heagraíochtaí lena mbaineann, d'fhonn fanacht i líonra EURES, iarratas a chur isteach chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 12(3) agus ag Airteagal 17(1) go (7) ón 13 Bealtaine 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Aibreán 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  IO C 424, 26.11.2014, lch. 27.

(2)  IO C 271, 19.8.2014, lch. 70.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Márta 2016.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le folúntais agus iarratais ar fhostaíocht a imréiteach agus EURES a athbhunú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 21).

(6)  Féach, go háirithe, breithiúnais na Cúirte Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum v Land Baden-Württemberg, C-66/85, ECLI:EU:C:1986:284, mír 16 agus mír 17, an 21 Meitheamh 1988, Steven Malcolm Brown v The Secretary of State for Scotland, C-197/86, ECLI:EU:C:1988:323, mír 21, agus an 31 Bealtaine 1989, I. Bettray v Staatssecretaris van Justitie, C-344/87, ECLI:EU:C:1989:226, mír 15 agus mír 16.

(7)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 19 Samhain 2002, Bülent Kurz, né Yüce v Land Baden-Württemberg, C-188/00, ECLI:EU:C:2002:694.

(8)  Breithiúnais na Cúirte Breithiúnais an 26 Feabhra 1992, M. J. E. Bernini v Minister van Onderwijs en Wetenschappe, C-3/90, ECLI:EU:C:1992:89 agus an 17 Márta 2005, Karl Robert Kranemann v Land Nordrhein-Westfalen, C-109/04, ECLI:EU:C:2005:187.

(9)  Féach, go háirithe, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 3 Meitheamh 1986, R. H. Kempf v Staatssecretaris van Justitie, C-139/85, ECLI:EU:C:1986:223, mír 13.

(10)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 26 Feabhra 1991, The Queen v Immigration Appeal Tribunal, ex parte Gustaff Desiderius Antonissen, C-292/89, ECLI:EU:C:1991:80.

(11)  IO C 88, 27.3.2014, lch. 1.

(12)  Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPF) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 32).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).

(14)  Treoir 2014/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 faoi bhearta lena n-éascaítear feidhmiú na gceart a thugtar d'oibrithe i gcomhthéacs na saorghluaiseachta d'oibrithe (IO L 128, 30.4.2014, lch. 8).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(17)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(19)  IO C 222, 12.7.2014, lch. 5.

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Íoschritéir chomhchoiteanna

(amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2))

Roinn 1.   SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR

1.

Gealltanas go mbeidh meicníochtaí leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar fáil chun a fhíorú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na caighdeáin saothair agus na ceanglais dlí is infheidhme, agus aon chórais cheadúnúcháin agus aon scéimeanna údarúcháin atá ann cheana maidir le seirbhísí fostaíochta nach SPFanna iad á gcur san áireamh agus na seirbhísí á soláthar, lena n-áirítear an dlí is infheidhme maidir le sonraí a chosaint agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais agus caighdeáin maidir le cáilíocht sonraí i ndáil le folúntais.

2.

Cumas agus inniúlacht léirithe seirbhísí maidir le himréiteach, seirbhísí tacaíochta, nó iad araon, amhail dá dtagraítear sa Rialachán seo, a chur ar fáil.

3.

Cumas seirbhísí a chur ar fáil trí bhealach inrochtana amháin nó níos mó, agus rochtain a bheith ann ar a laghad ar shuíomh gréasáin de chuid na heagraíochta.

4.

Cumas agus inniúlacht oibrithe agus fostóirí a chur i dteagmháil le Comhaltaí eile de chuid EURES nó le Comhpháirtithe eile de chuid EURES agus/nó le comhlachtaí ag a bhfuil saineolas ar shaorghluaiseacht d'oibrithe.

5.

Dearbhú go gcloífear leis an bprionsabal go mbeidh na seirbhísí tacaíochta saor in aisce d'oibrithe i gcomhréir leis an dara fomhór d'Airteagal 21(3).

Roinn 2.   PÁIRT A GHLACADH I LÍONRA EURES

1.

Cumas agus gealltanas maidir lena áirithiú go ndéanfar na sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(6) a sholáthar go tráthúil agus ar bhealach iontaofa.

2.

Gealltanas go gcloífear leis na caighdeáin theicniúla agus leis na formáidí teicniúla maidir le himréiteach agus le malartú faisnéise faoin Rialachán seo.

3.

Cumas agus gealltanas maidir le cuidiú leis an gclársceidealú agus leis an tuairisciú chuig an ONC chomh maith le faisnéis a chur ar fáil don ONC maidir le soláthar agus le feidhmíocht seirbhísí i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.

Acmhainní daonna iomchuí a bheith á leithdháileadh do na cúraimí faoi seach nó gealltanas go n-áiritheofar an leithdháileadh sin.

5.

Gealltanas go n-áiritheofar caighdeáin cháilíochta maidir le baill foirne agus go gclárófar na baill foirne do mhodúil ábhartha an chláir chomhchoitinn oiliúna amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d'Airteagal 8(1).

6.

Gealltanas nach mbainfear leas as trádmharc EURES ach amháin do sheirbhísí agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le líonra EURES.

IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 492/2011

An Rialachán seo

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 30(1), pointe (a)

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 9(2), pointí (b) agus (d), agus 9(3) agus Airteagal 13

Airteagal 11(2)

Airteagal 9 agus 10

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4)

Airteagal 12(3), an dara fomhír

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(3) agus Airteagal 17(1) go 17(6)

Airteagal 13(2)

Airteagal 17(7) go 17(8)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 10(1) agus 10(2), Airteagal 12(1) go 12(3) agus Airteagal 13

Airteagal 15(2)

Airteagal 9(3), pointe (a), agus Article10(1)

Airteagal 16

Airteagal 17(1)

Airteagal 30

Airteagal 17(2)

Airteagal 16(6)

Airteagal 17(3)

Airteagal 33

Airteagal 18

Airteagal 7(1), pointe (a)

Airteagal 19(1)

Airteagal 8

Airteagal 19(2)

Airteagal 20

Airteagal 8(1), pointe (a) (iii) agus (v), agus Airteagal 9(3), pointe (b)

Airteagal 38