ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
23 Nollaig 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 337 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

23.12.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/2365 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2015

maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Léiríodh leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais a tháinig chun cinn in 2007-2008 go raibh an iomarca gníomhaíochtaí amhantracha, bearnaí tábhachtacha rialála, maoirseacht mhí-éifeachtach, margaí teimhneacha agus táirgí róchasta sa chóras airgeadais. Ghlac an tAontas raon beart chun bonn níos stóinsí agus níos cobhsaí a chur faoin gcóras baincéireachta, lena n-áirítear ceanglais chaipitil, rialacha maidir le rialachas agus maoirseacht agus córais réitigh a neartú agus chun a áirithiú go ndéanann an earnáil airgeadais an ról atá aige a chomhlíonadh trí chaipiteal a dhíriú chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú. Is cinntitheach freisin ina thaobh sin an dul chun cinn atá déanta maidir le bunú an aontais bhaincéireachta. Mar sin féin, léiríodh leis an ngéarchéim freisin gur gá feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar fhaireachán, ní hamháin san earnáil bhaincéireachta thraidisiúnta ach i réimsí eile freisin ina mbíonn idirghabháil chreidmheasa a bhfuil cosúlacht na baincéireachta uirthi, ar a dtugtar “scáthbhaincéireacht” ar siúl, atá ar scála scáfar, agus a measadh cheana a bheith beagnach ar chomhluach le leath an chórais bhaincéireachta rialáilte. Is féidir leis an gcuid eile den earnáil airgeadais a bheith thíos leis mar gheall ar aon easnaimh maidir leis na gníomhaíochtaí sin, atá comhchosúil leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na hinstitiúidí creidmheasa.

(2)

I gcomhthéacs na hoibre sin le srian a chur le scáthbhaincéireacht, tá na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta maoinithe urrús (IMUanna) sainaitheanta ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (BCA) agus ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Le hIMUanna tagann méadú ar an luamhánú, ar an gcomhchiogalacht agus ar an idirnascacht sna margaí airgeadais. Go háirithe, i ngeall ar an easpa trédhearcachta a bhaineann le húsáid IMUanna, cuireadh cosc ar rialálaithe agus ar mhaoirseoirí chomh maith le hinfheisteoirí measúnú agus faireachán ceart a dhéanamh ar na rioscaí bainc ábhartha agus ar an leibhéal idirnascachta sa chóras airgeadais faoi seach sa tréimhse roimh an ngéarchéim airgeadais agus lena linn. Ina fhianaise sin, an 29 Lúnasa 2013 ghlac BCA an Creat Beartais dar teideal “An Fhormhaoirseacht agus an Rialáil ar an Scáthbhancaeireacht a Neartú”(“Creat Beartais BCA”) chun díriú ar rioscaí na scáthbhaincéireachta in iasachtú urrús agus comhaontuithe athcheannaigh ar thacaigh ceannairí an G20 leis i mí Mheán Fómhair 2013.

(3)

An 14 Deireadh Fómhair 2014, d’fhoilsigh BCA creat rialála do chaolchorrlaigh maidir le hIMUanna nach ndéantar a imréiteach go lárnach. In éagmais imréiteach, gabhann rioscaí móra le hoibríochtaí den sórt sin mura ndéantar iad a chomhthaobhú i gceart. Cé gur chéad chéim é chun cumas na gcontrapháirtithe chun anailís a dhéanamh ar na rioscaí agus iad a chosc feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le hathúsáid shócmhainní na gcliaint, táthar ag súil go gcríochnóidh BCA a chuid oibre, faoi 2016, i ndáil le roinnt moltaí faoi chaolchorrlaigh maidir le hIMUanna nach ndéantar a imréiteach go lárnach ar mhaithe le luamhánú iomarcach a sheachaint agus an riosca comhchruinnithe agus an riosca mainneachtana a mhaolú.

(4)

An 19 Márta 2012, d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Uaine maidir le Scáthbhaincéireacht. Ar bhonn an aiseolais fhairsing a fuarthas agus ar tharla go hidirnáisiúnta á chur san áireamh, d’eisigh an Coimisiún an 4 Meán Fómhair 2013, Teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal “Scáthbhaincéireacht- Ag tabhairt aghaidh ar Fhoinsí Nua Riosca san earnáil Airgeadais”. Cuireadh in iúl go láidir sa Teachtaireacht sin gur deacair, de dheasca chineál casta teimhneach IMUanna, contrapháirtithe a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar chomhchruinniú riosca, agus go mbíonn luamhánú iomarcach ann dá bharr sa chóras airgeadais freisin.

(5)

Ghlac Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil, a raibh Erkki Liikanen ina chathaoirleach air, tuarascáil maidir le hathchóiriú struchtúr earnáil bhaincéireachta an Aontais i mí Dheireadh Fómhair 2012. Breithníodh sa tuarascáil, i measc nithe eile, an caidreamh idir an córas baincéireachta traidisiúnta agus an córas scáthbhaincéireachta. Aithníodh sa tuarascáil na rioscaí a bhaineann le scáthbhaincéireacht amhail an-luamhánú agus comhchiogalacht, agus iarradh laghdú ar idirnascacht idir na bainc agus an córas scáthbhaincéireachta, arbh fhoinse aicídithe í le linn géarchéime baincéireachta a bhain leis an gcóras ina iomláine. Moladh sa tuarascáil freisin go ndéanfaí bearta struchtúracha áirithe chun déileáil leis na laigí a bhí ann i gcónaí in earnáil bhaincéireachta an Aontais.

(6)

Déileáiltear le hathchóirithe struchtúracha ar chóras baincéireachta an Aontais i dtogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta struchtúracha chun athléimneacht institiúidí creidmheasa an AE a fheabhsú. De thoradh bearta struchtúracha a fhorchur ar bhainc, áfach, d’fhéadfadh sé go mbogfaí gníomhaíochtaí áirithe go réimsí inar lú an méid rialála, amhail an earnáil scáthbhaincéireachta. Na ceanglais cheangailteacha maidir le trédhearcacht agus tuairisciú le haghaidh IMUanna a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart iad a bheith ag gabháil leis an togra sin, dá bhrí sin. Dá bhrí sin, comhlánaíonn na rialacha trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo an togra sin.

(7)

Freagraíonn an Rialachán seo don ghá atá ann feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí maoinithe urrús, arb ionann é sin agus feabhas a chur ar thrédhearcacht an chórais airgeadais é féin dá bharr. Chun coinníollacha coibhéiseacha a áirithiú maidir le hiomaíocht agus cóineasú idirnáisiúnta, leanann an Rialachán seo Creat Beartais BCA. Cruthaítear creat de chuid an Aontais inar féidir mionsonraí faoi IMUanna a thuairisciú go héifeachtúil do stórtha trádála agus inar féidir faisnéis faoi IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin a thabhairt d’infheisteoirí i ngnóthais chomhinfheistíochta. Ní áirítear conarthaí díorthacha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) iad sa sainmhíniú ar IMU atá sa Rialachán seo. Mar sin féin, áirítear air na hidirbhearta dá dtagraítear mar bhabhtálacha leachtachta agus babhtálacha comhthaobhachta i gcoitinne, nach dtagann faoin sainmhíniú ar chonarthaí díorthacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Is treise an gá le cóineasú idirnáisiúnta toisc gur dócha go bhféadfadh sé, i ndiaidh athchóiriú struchtúrach earnáil bhaincéireachta an Aontais, go mbogfadh gníomhaíochtaí, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann bainc thraidisiúnta faoi láthair, chuig an earnáil scáthbhaincéireachta agus go gcuimseoidís eintitis airgeadais agus neamhairgeadais. Dá bhrí sin, féadfaidh ní ba lú trédhearcachta fós a bheith ann le haghaidh rialálaithe agus maoirseoirí i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin, rud a chuirfeadh cosc orthu forléargas ceart a fháil ar na rioscaí a bhaineann le hIMUanna. Ní dhéanfadh an méid sin ach cor chun donais a chur sna naisc atá seanbhunaithe cheana idir an earnáil bhaincéireachta atá rialáilte agus an earnáil scáthbhaincéireachta i margaí áirithe.

(8)

Le forás chleachtais an mhargaidh agus forbairtí teicneolaíocha, cuirfear ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh idirbhearta seachas IMUanna a úsáid mar fhoinse cistithe, le haghaidh bainistiú leachtachta agus comhthaobhachta, mar straitéis mhéadaithe toraidh, chun díolta folmha a chumhdach nó le haghaidh arbatráiste maidir le cáin díbhinní. D’fhéadfadh idirbhearta den sórt sin éifeacht eacnamaíoch choibhéiseach a bheith acu agus d’fhéadfadh go mbeadh rioscaí comhchosúla ag baint leo is cosúil le hIMUanna, lena n-áirítear: comhchiogalacht mar thoradh ar luachanna acmhainní luaineacha agus ar luaineacht, claochlú aibíochta nó leachtachta a eascraíonn as sócmhainní fadtéarmacha nó neamhleachtacha a chistiú trí shócmhainní gearrthéarmacha nó leachtacha; agus aicídiú airgeadais a eascraíonn as idirnascacht na slabhraí idirbheart a bhaineann le hathúsáid comhthaobhachta.

(9)

Chun freagra a thabhairt ar na saincheisteanna a d’ardaigh Creat Beartais BCA agus na forbairtí atá beartaithe i ndiaidh athchóiriú struchtúrach earnáil bhaincéireachta an Aontais, is dóchúil go nglacfadh na Ballstáit bearta náisiúnta a bheadh éagsúil ó chéile agus a d’fhéadfadh bacainní a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do rannpháirtithe margaidh agus do chobhsaíocht airgeadais. Thairis sin, de dheasca easpa rialacha comhchuibhithe maidir le trédhearcacht is deacair d’údaráis náisiúnta na sonraí micrileibhéil a thagann ó Bhallstáit éagsúla a chur i gcomparáid agus dá bhrí sin is deacair dóibh tuiscint a fháil ar na fíor-rioscaí don chóras ó rannpháirtithe margaidh ar leith. Dá bhrí sin is gá cosc a chur ar shaobhadh agus ar bhacainní den sórt sin a theacht chun cinn san Aontas. Dá réir sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo, mar a léirítear é i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(10)

Dá bhrí sin, leis na rialacha nua maidir le trédhearcacht, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le tuairisciú mionsonraí i dtaobh IMUanna arna dtabhairt i gcrích ag na rannpháirtithe margaidh uile, bíodh siad ina n-eintitis airgeadais nó neamhairgeadais, lena n-áirítear comhdhéanamh na comhthaobhachta, má tá an chomhthaobhacht ar fáil lena hathúsáid nó má athúsáideadh í, agus an t-athsholáthar comhthaobhachta ag deireadh an lae agus na caolchorrlaigh curtha i bhfeidhm. D’fhonn na rialacha oibríochtúla breise a laghdú do rannpháirtithe an mhargaidh, ba cheart na rialacha agus na caighdeáin nua a bhunú ar an mbonneagar atá ann cheana, ar phróisis oibríochtúla agus ar fhormáidí a tugadh isteach maidir le conarthaí díorthacha a thuairisciú chuig stórtha trádála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), a mhéid is féidir agus is ábhartha, forluí a íoslaghdú agus neamhréireachtaí a sheachaint idir na caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus na caighdeáin arna nglacadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart an creat dlí a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith mar an gcéanna, a mhéid is féidir, le creat dlí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca le conarthaí díorthacha a thuairisciú chuig stórtha trádála atá cláraithe chun na críche sin. Ba cheart, freisin, dó sin a chur ar chumas stórtha trádála atá cláraithe nó aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán sin, an fheidhm stóir atá sannta ag an Rialachán seo a chomhlíonadh, má chomhlíonann siad critéir bhreise áirithe, faoi réir próiseas clárúcháin simplithe a thabhairt chun críche.

(11)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus éifeachtacht cumhachtaí ÚEUM chun smachtbhannaí a fhorchur a áirithiú, ba cheart na rannpháirtithe margaidh a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, trí thagairt a dhéanamh do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a bheith faoi réir na bhforálacha maidir le cumhachtaí ÚEUM faoi mar a leagtar síos iad sa Rialachán sin faoi mar a shonraítear iad, i dtaca leis na rialacha nós imeachta, le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 64(7) den Rialachán sin.

(12)

Ba cheart idirbhearta le comhaltaí de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) a dhíolmhú ón oibleagáid IMUanna a thuairisciú do stórtha trádála. Mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go bhfaigheadh rialálaithe agus maoirseoirí forléargas ceart ar na rioscaí a bhaineann le hIMUanna arna dtabhairt i gcrích ag na heintitis ar a ndéanann siad rialáil nó maoirseacht, ba cheart do na húdaráis ábhartha agus comhaltaí CEBC comhoibriú go dlúth lena chéile. Le comhar den sórt sin, ba cheart a chur ar chumas na rialálaithe agus na maoirseoirí a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh. Ba cheart do dhlúthchomhar den sórt sin a bheith rúnda, agus a bheith coinníollach ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis ábhartha inniúla, agus níor cheart go ndéanfar é a chur ar fáil ach d’fhonn cabhrú leis na húdaráis sin a bhfreagrachtaí faoi seach a chomhlíonadh agus an aird chuí á tabhairt ar phrionsabail agus ar cheanglais maidir le neamhspleáchas na mbanc ceannais agus a bhfeidhmeanna mar údaráis airgeadaíochta á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear feidhmíocht na n-oibríochtaí a bhaineann le hairgeadaíocht, leis an malartú eachtrach agus leis an mbeartas cobhsaíochta airgeadais, ar feidhmeanna iad a bhfuil an chumhacht dhlíthiúil ag comhaltaí CEBC chun dul ina mbun. Ba cheart do chomhaltaí CEBC a bheith in ann diúltú an fhaisnéis a chur ar fáil i gcás ina ndéanann siad idirbhearta agus a bhfeidhmeanna mar údaráis airgeadaíochta á gcomhlíonadh acu. Ba cheart dóibh fógra a thabhairt don údarás iarrthach faoi aon diúltú den sórt sin an fhaisnéis agus faoin gcúis a bhí leis.

(13)

Ba cheart faisnéis faoi na rioscaí a bhaineann go dlúth le margaí maoinithe urrús a stóráil go lárnach agus rochtain dhíreach éasca a bheith uirthi, i measc dreamanna eile, ag ÚEUM, ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ag na húdaráis inniúla ábhartha, ag BERS agus ag na bainc cheannais ábhartha de CEBC, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (10) á ndéanamh aige, chun críche rioscaí cobhsaíochta a leanann gníomhaíochtaí scáthbhaincéireachta de chuid eintiteas rialáilte agus neamhrialáilte a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu. Agus na caighdeáin theicniúla rialála dá bhforáiltear sa Rialachán seo á dtarraingt suas aige, nó athbhreithniú na gcaighdeán sin á bheartú aige, ba cheart d’ÚEUM na caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le rialáil stórtha trádála le haghaidh conarthaí díorthacha agus forbairt na gcaighdeán teicniúil sin sa todhchaí a chur san áireamh. Ba cheart freisin é a bheith mar aidhm le hÚEUM a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach láithreach ag na húdaráis inniúla ábhartha, ag BERS agus ag na bainc cheannais ábhartha CEBC, lena n-áirítear BCE, ar an bhfaisnéis a bheadh riachtanach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, lena n-áirítear chun beartas airgeadaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme agus chun formhaoirseacht a dhéanamh ar bhonneagair sa mhargadh airgeadais. D’fhonn é sin a áirithiú, ba cheart do ÚEUM na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis den sórt sin a leagan síos i ndréachtchaighdeáin theicniúla rialála.

(14)

Is gá forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla a thabhairt isteach agus neartú a dhéanamh ar na dualgais maidir le cúnamh agus comhar atá dlite dá chéile acu. Ós rud é go bhfuil an ghníomhaíocht trasteorann ag méadú, ba cheart do na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha a sholáthar dá chéile chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích, chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféadfadh sáruithe nó sáruithe amhrasta a bheith mar ábhar imní do na húdaráis in dhá Bhallstát nó níos mó. Sa mhalartú faisnéise, beidh dianrúndacht ghairmiúil ag teastáil chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a tharchur ar bhealach rianúil agus chun cearta ar leith a chosaint. Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta ná don dlí cánach náisiúnta, níor cheart do na húdaráis inniúla, d’ÚEUM, do chomhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad, a fhaigheann faisnéis rúnda, an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích. Maidir le comhlachtaí náisiúnta atá freagrach as cásanna drochriaracháin a chosc, a imscrúdú nó a cheartú, áfach, níor cheart go gcoiscfeadh an méid sin orthu a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(15)

Baineann bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta úsáid go forleathan as IMUanna chun a bpunann a bhainistiú go héifeachtúil. Is féidir le húsáid den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar fheidhmíocht na ngnóthas comhinfheistíochta sin. Is féidir IMUanna a úsáid chun cuspóirí infheistíochta a bhaint amach nó chun torthaí a fheabhsú. Baineann bainisteoirí úsáid freisin as babhtálacha an toraidh iomláin atá coibhéiseach le hIMUanna ó thaobh a n-éifeachtaí. Baineann bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta úsáid fhairsing as IMUanna agus as babhtálacha an toraidh iomláin chun rochtain a fháil ar straitéisí áirithe nó chun a dtorthaí a fheabhsú. D’fhéadfadh úsáid IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin próifíl riosca ghinearálta an ghnóthais chomhinfheistíochta a mhéadú ach ní chuirtear infheisteoirí ar an eolas go hiomchuí faoina n-úsáid. Tá sé sár-riachtanach a áirithiú go bhfuil infheisteoirí i ngnóthais chomhinfheistíochta den sórt sin in ann roghanna a dhéanamh go heolach agus measúnú a dhéanamh ar phróifíl fhoriomlán riosca agus cúitimh na ngnóthas comhinfheistíochta. Agus measúnú á dhéanamh ar IMUanna agus ar bhabhtálacha an toraidh iomláin, ba cheart don ghnóthas comhinfheistíochta substaint an idirbhirt a bhreithniú, mar aon lena fhoirm dhlíthiúil.

(16)

Is féidir le hinfheisteoir caillteanas suntasach a thabhú de dheasca infheistíochtaí a rinneadh ar bhonn faisnéise neamhiomláine nó míchruinne maidir le straitéis infheistíochta ciste. Dá bhrí sin, tá sé bunriachtanach go nochtfaidh gnóthas comhinfheistíochta an fhaisnéis mhionsonraithe ábhartha uile i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as IMUanna agus as babhtálacha an toraidh iomláin. Thairis sin, baineann tábhacht ar leith le trédhearcacht iomlán i réimse na ngnóthas comhinfheistíochta ós rud é nach le bainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta ach lena n-infheisteoirí sa chiste iomlán na sócmhainní atá faoi réir IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin. Gléas ríthábhachtach is ea nochtadh iomlán maidir le hIMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin mar chosaint ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann.

(17)

Tá dlúthbhaint ag na rialacha nua maidir le trédhearcacht IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin le Treoir 2009/65/CE (11) agus le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ós rud é gurb iad na Treoracha sin an creat dlí lena rialaítear bunú, bainistiú agus margú gnóthas comhinfheistíochta.

(18)

Féadfaidh gnóthais chomhinfheistíochta feidhmiú mar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna) arna mbainistiú ag cuideachtaí bainistíochta í GCUIanna nó ag cuideachtaí infheistíochta GCUIanna atá údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE nó mar chistí infheistíochta malartacha (CIManna) arna mbainistiú ag bainisteoirí chistí infheistíochta malartacha (BCIManna) atá údaraithe nó cláraithe faoi Threoir 2011/61/AE. Maidir leis na rialacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo maidir le trédhearcacht IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin, déantar forálacha na dTreoracha sin a chomhlánú agus, ba cheart dóibh feidhm a bheith acu de bhreis ar fhorálacha na dTreoracha sin.

(19)

D’fhonn infheisteoirí a chur ar an eolas maidir leis na rioscaí a ghabhann le húsáid IMUanna agus le babhtálacha an toraidh iomláin, ba cheart do bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta faisnéis mhionsonraithe faoi aon úsáid a bhain siad as na teicnící sin a thabhairt i dtuarascálacha tréimhsiúla. Na tuarascálacha tréimhsiúla atá ann faoi láthair a mbíonn ar chuideachtaí bainistíochta GCUIanna nó ar chuideachtaí infheistíochta GCUIanna agus ar BCIManna a sholáthar, ba cheart iad a chomhlánú leis an bhfaisnéis bhreise faoi úsáid IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin. Agus ábhar na dtuarascálacha tréimhsiúla sin á shonrú tuilleadh aige, ba cheart d’ÚEUM an t-ualach riaracháin a chur san áireamh mar aon le sonraíochtaí na gcineálacha éagsúla IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin.

(20)

Ba cheart beartas infheistíochta ghnóthais chomhinfheistíochta i dtaobh IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin a nochtadh go soiléir sna doiciméid réamhchonarthacha, amhail an réamheolaire i gcás GCUIanna agus an nochtadh réamhchonarthach d’infheisteoirí i gcás CIManna. Ba cheart a áirithiú leis sin go dtuigeann infheisteoirí, sula gcinnfidh siad infheistiú in GCUI nó in CIM ar leith, na rioscaí ar dlúthchuid de iad.

(21)

Le hathúsáid comhthaobhachta cuirtear leachtacht ar fáil agus cuirtear ar chumas na gcontrapháirtithe laghdú a dhéanamh ar na costais mhaoiniúcháin. Leis sin, áfach, tharlódh go gcruthófaí slabhraí casta comhthaobhachta idir an bhaincéireacht thraidisiúnta agus an scáthbhaincéireacht agus eascraíonn rioscaí do chobhsaíocht airgeadais as an méid sin. De dheasca na heaspa trédhearcachta i dtaobh an méid athúsáide atá déanta ar ionstraimí airgeadais atá tugtha mar chomhthaobhacht agus i dtaobh na rioscaí a ghabhann leo i gcás féimheachta, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de mhuinín na gcontrapháirtithe agus na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a mhéadú go mór.

(22)

D’fhonn trédhearcacht athúsáide a mhéadú, ba cheart íoscheanglais faisnéise a fhorchur. Ba cheart athúsáid a dhéanamh le heolas agus le toiliú sainráite an chontrapháirtí sholáthraithe agus sa chás sin amháin. Ba cheart feidhmiú cirt athúsáide dá bhrí sin a léiriú i gcuntas urrús an chontrapháirtí sholáthraithe, ach amháin má tá an cuntas sin faoi rialú dlí tríú tír a d’fhéadfadh foráil a dhéanamh do mhodh iomchuí eile chun léiriú a thabhairt ar athúsáid.

(23)

Cé go bhfuil raon feidhme na rialacha maidir le hathúsáid sa Rialachán seo níos leithne ná i dTreoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), ní leasaítear leis an Rialachán seo raon feidhme na Treorach sin ach ba cheart é a léamh de bhreis ar an Treoir sin. Maidir leis na coinníollacha ar faoina réir a mbeidh ceart athúsáide ag na contrapháirtithe agus an ceart sin a fheidhmiú, níor cheart go dtiocfadh laghdú ar dhóigh ar bith, mar gheall orthu, ar an gcosaint a thugtar do shocrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil faoi Threoir 2002/47/CE. I bhfianaise an méid sin, níor cheart ndéanfadh aon sárú ar na ceanglais trédhearcachta maidir le hathúsáid difear don dlí náisiúnta a bhaineann le bailíocht nó le héifeacht idirbhirt.

(24)

Leis an Rialachán seo bunaítear rialacha daingne maidir le faisnéis le haghaidh contrapháirtithe i dtaobh athúsáide, ar rialacha iad nár cheart dóibh dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha earnálacha atá oiriúnaithe do ghníomhairí, do struchtúir agus do chásanna sonracha. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le hathúsáid dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le gnóthais chomhinfheistíochta agus taisclanna nó maidir le cliaint ghnólachtaí infheistíochta, mar shampla, ach amháin a mhéid nach bhforáiltear d’aon rialacha níos déine i ndáil le hathúsáid faoin gcreat dlí le haghaidh gnóthais chomhinfheistíochta nó maidir le cosaint sócmhainní cliant ar lex specialis iad agus ag a bhfuil tosaíocht ar na rialacha atá sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’aon riail faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a chuireann srian ar chumas contrapháirtithe athúsáid a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais atá tugtha mar chomhthaobhacht ag contrapháirtithe nó ag daoine eile nach contrapháirtithe iad. Ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le hathúsáid a chur siar go dtí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo d’fhonn am leordhóthanach a thabhairt do chontrapháirtithe a gcuid socruithe comhthaobhachta atá fós le réiteach, lena n-áirítear máistir-chomhaontuithe, a oiriúnú agus d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann socruithe nua comhthaobhachta an Rialachán seo.

(25)

D’fhonn comhsheasmhacht idirnáisiúnta téarmaíochta a chur chun cinn, tá úsáid an téarma “athúsáid” sa Rialachán seo ar aon dul le Creat Beartais BCA. Mar sin féin, níor cheart neamhréireacht laistigh d’acquis an Aontais a bheith mar thoradh ar an méid sin, agus ba cheart, go háirithe, an méid sin a bheith gan dochar do bhrí an téarma “athúsáid” a mbaintear feidhm as i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE.

(26)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh contrapháirtithe na hoibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo agus go mbeidh siad faoi réir cóireála inchomparáide ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an chumhacht ag na húdaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur. Dá bhrí sin, ba cheart na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais sár-riachtanacha áirithe a shásamh i ndáil le seolaithe, le critéir atá le cur san áireamh agus smachtbhanna nó beart á chur i bhfeidhm, le foilsiú smachtbhannaí nó beart, le príomhchumhachtaí smachtbhannaí a fhorchur agus le leibhéil smachtbhannaí airgid riaracháin. Is iomchuí feidhm a bheith ag smachtbhannaí agus ag bearta eile a bhunaítear faoi Threoir 2009/65/CE agus faoi Threoir 2011/61/AE maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí i dtaca le trédhearcacht gnóthas comhinfheistíochta faoin Rialachán seo.

(27)

Na cumhachtaí arna dtabhairt d’údaráis inniúla smachtbhannaí a fhorchur, ba cheart dóibh a bheith gan dochar d’inniúlacht eisiach BCE, de bhun Airteagal 4(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 maidir le húdaruithe institiúidí creidmheasa a tharraingt siar ar mhaithe le maoirseacht stuamachta.

(28)

Na forálacha sa Rialachán seo maidir leis an iarratas ar stórtha trádála a chlárú agus tarraingt siar an chláraithe, ní dhéanann siad difear do na réitigh dá bhforáiltear i gCaibidil V de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(29)

Leis na caighdeáin theicniúla in earnáil na seirbhísí airgeadais, ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí a áirithiú ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é ÚEUM a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe aige, is éifeachtúil agus is iomchuí é forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint acu le roghanna beartais a chur mar chúram air. Ba cheart d’ÚEUM próisis riaracháin agus tuairiscithe éifeachtúla a áirithiú agus caighdeáin theicniúla á ndréachtú aige. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sna réimsí seo a leanas: mionsonraí na gcineálacha éagsúla IMUanna atá le tuairisciú, mionsonraí an iarratais ar chlárú nó ar shíneadh chlárú seirbhísí stóir trádála; mionsonraí na nósanna imeachta chun mionsonraí IMUanna a thuairiscítear dóibh a fhíorú; an mhinicíocht agus na mionsonraí a bhaineann le foilsiú mionsonraí stórtha trádála, na ceanglais maidir leo agus an rochtain a bheidh orthu; agus, más gá, inneachar na hIarscríbhinne a shonrú tuilleadh.

(30)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚEUM trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le formáid agus minicíocht na dtuarascálacha, formáid an iarratais ar chlárú nó ar shíneadh chláru seirbhísí stóir trádála, chomh maith leis na nósanna imeachta agus formáidí chun faisnéis faoi smachtbhannaí agus bearta eile a mhalartú le hÚEUM.

(31)

An chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, ba cheart í a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú liosta na n-eintiteas a eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin seo agus i dtaca le leasú an chineáil táillí, na n-ábhar a bhfuil táillí dlite ina leith, mhéid na dtáillí agus an mhodha ina bhfuil na stórtha trádála lena n-íoc. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh maidir le measúnú rialacha thríú tíortha chun stórtha trádála tríú tíortha a aithint, agus chun ceanglais a d’fhéadfadh a bheith dúblach nó codarsnach a sheachaint. Níor cheart go ndéanfadh an measúnú atá mar bhonn le cinntí maidir le coibhéis ceanglais i dtríú tír dochar do cheart an stóir trádála atá bunaithe sa tríú tír sin agus atá aitheanta ag ÚEUM seirbhísí tuairiscithe a sholáthar d’eintitis atá bunaithe san Aontas, mar gur cheart go mbeadh an cinneadh aitheantais neamhspleách ar an measúnú den sórt sin chun críocha cinneadh maidir le coibhéis.

(33)

I gcás ina ndéanfar gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis a tharraingt siar, ba cheart, go huathoibríoch, go mbeadh na contrapháirtithe faoi réir na gceanglas uile a leagtar síos sa Rialachán seo arís.

(34)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le húdaráis tríú tíortha chun féachaint an bhféadfaí teacht ar réitigh a thacódh le gach taobh chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais arna mbunú ag na tríú tíortha sin agus, ar an gcaoi sin, aon dhúbailt a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith sin a sheachaint.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon trédhearcacht ghníomhaíochtaí áirithe sna margaí airgeadais amhail úsáid IMUanna agus athúsáid comhthaobhachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar na rioscaí comhfhreagracha agus iad a shainaithint a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(36)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart meas a bheith ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cearta na cosanta agus prionsabal ne bis in idem, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil. Ní foláir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(37)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus thug sé tuairim an 11 Iúil 2014 (15).

(38)

Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát nó stórtha trádála aon mhalartú nó aon tarchur sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) iad. Ba cheart aon mhalartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag ÚEUM, ÚBE nó ÚEÁPC a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 iad.

(39)

Le cúnamh ó ÚEUM, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm idirnáisiúnta na hoibleagáide tuairiscithe a leagtar síos sa Rialachán seo agus tuarascálacha ina leith a ullmhú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart, leis an méid ama a thugtar chun tuarascálacha an Choimisiúin a chur isteach, cur chun feidhme éifeachtach roimh ré an Rialacháin seo a cheadú.

(40)

Tar éis thoradh na hoibre a dhéanfaidh na fóraim ábhartha idirnáisiúnta, agus le cúnamh ó ÚEUM, ó ÚEB agus ó BERS, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an dul chun cinn sna iarrachtaí idirnáisiúnta chun na rioscaí a bhaineann le hIMUanna a laghdú, lena n-áirítear moltaí BCA maidir le caolchorrlaigh d’IMUanna nach ndéantar a imréiteach go lárnach, agus maidir le hoiriúnacht na moltaí sin do mhargaí an Aontais.

(41)

Ba cheart cur chun feidhme na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur siar chun am leordhóthanach a thabhairt do stórtha trádála chun an t-údarú agus an t-aitheantas dá bhforáiltear sa Rialachán seo a iarraidh dá gcuid gníomhaíochtaí, agus am leordhóthanach a thabhairt do chontrapháirtithe agus do ghnóthais chomhinfheistíochta na ceanglais sin a chomhlíonadh. Go háirithe, is cuí cur i bhfeidhm aon cheanglais trédhearcachta breise le haghaidh gnóthais chomhinfheistíochta a chur siar, agus na Treoirlínte le haghaidh údaráis inniúla agus cuideachtaí bainistíochta GCUIanna a d’eisigh ÚEUM an 18 Nollaig 2012 á gcur san áireamh, inar leagadh síos creat roghnach do chuideachtaí bainistíochta GCUIanna i ndáil le hoibleagáidí maidir le nochtadh, agus an gá leis an ualach riaracháin ar bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta a laghdú. D’fhonn tuairisciú IMUanna a chur chun feidhme go héifeachtach, is gá céim chur i bhfeidhm na gceanglas de réir chineál an chontrapháirtí. Ba cheart do chur chuige den sórt sin cumas éifeachtach an chontrapháirtí na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh a chur san áireamh.

(42)

Tá dlúthnasc idir na rialacha aonfhoirmeacha nua maidir le trédhearcacht IMUanna agus díorthaigh thar an gcuntar (TAC) áirithe, eadhon babhtálacha an toraidh iomláin, atá leagtha síos sa Rialachán seo, agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, mar tagann díorthaigh TAC laistigh de raon feidhme na gceanglas tuairiscithe faoin Rialachán sin. D’fhonn a áirithiú go mbeidh raon feidhme comhleanúnach leis an dá shraith de cheanglais trédhearcachta agus tuairiscithe, tá gá le dealú soiléir idir díorthaigh TAC agus díorthaigh arna dtrádáil ar an malartán, bíodh na conarthaí sin á dtrádáil san Aontas nó ar mhargaí tríú tíortha. Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar dhíorthaigh TAC i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú d’fhonn a áirithiú go ndéantar an cineál céanna conarthaí díorthacha a shainaithint mar dhíorthaigh TAC nó díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, bíodh na conarthaí sin á dtrádáil san Aontas nó ar mhargaí tríú tíortha.

(43)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús (IMUanna) agus maidir le hathúsáid.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

contrapháirtí in IMU atá bunaithe:

(i)

san Aontas, lena n-áirítear a bhrainsí go léir is cuma cá háit a bhfuil siad lonnaithe;

(ii)

i dtríú tír, má thugtar an tIMU i gcrích le linn oibríochtaí brainse san Aontas de chuid an chontrapháirtí sin;

(b)

cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIanna) agus cuideachtaí infheistíochta GCUIanna i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

(c)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (“BCIManna”) atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;

(d)

contrapháirtí atá ag gabháil d’athúsáid agus atá bunaithe:

(i)

san Aontas, lena n-áirítear a bhrainsí go léir is cuma cá háit a bhfuil siad lonnaithe;

(ii)

i dtríú tír, i gceachtar den dá chás a leanas:

déantar an athúsáid le linn oibríochtaí brainse san Aontas de chuid an chontrapháirtí sin; nó

baineann an athúsáid le hionstraimí airgeadais arna gcur ar fáil faoi shocrú comhthaobhachta ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas nó ag brainse san Aontas de chuid contrapháirtí atá bunaithe i dtríú tír.

2.   Níl feidhm ag Airteagal 4 ná ag Airteagal 15 maidir leis an méid seo a leanas

(a)

comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), comhlachtaí eile de chuid na mBallstát a bhfuil feidhmeanna comhchosúla acu, agus comhlachtaí poiblí eile de chuid an Aontais a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú, nó páirt a bheith acu sa bhainistiú sin;

(b)

an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta.

3.   Níl feidhm ag Airteagal 4 maidir le hidirbhearta a bhfuil comhalta de CEBC ina chontrapháirtí iontu.

4.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

Chuige sin agus sula nglacfaidh sé gníomhartha reachtacha den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar bhainc cheannais agus ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó páirt a bheith acu sa bhainistiú sin.

Sa tuarascáil sin beidh anailís chomparáideach ar an gcóir a chuirtear ar bhainc cheannais agus ar na comhlachtaí sin i gcreat dlíthiúil roinnt tríú tíortha. Ar choinníoll go dtagtar ar an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach agus leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgeadaíochta na mbanc ceannais agus na gcomhlachtaí sin ó thríú tíortha a dhíolmhú ó Airteagal 15, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun iad a chur leis an liosta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “stór trádála” duine dlítheanach a dhéanann taifid ar IMUanna a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(2)

ciallaíonn “contrapháirtithe” contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais;

(3)

ciallaíonn “contrapháirtí airgeadais”:

(a)

gnólacht infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(b)

institiúid chreidhmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

(c)

gnóthas árachais nó gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(d)

GCUI agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bhainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

(e)

CIM atá á bhainistiú ag BCIManna atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE;

(f)

institiúid um chóir ar scor ceirde atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(g)

contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(h)

taisclann lárnach urrús (TLU) atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(i)

eintiteas tríú tír a mbeadh údarú nó clárú uaidh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) dá mba rud é go raibh sé bunaithe san Aontas;

(4)

ciallaíonn “contrapháirtí neamhairgeadais” gnóthas atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe 3;

(5)

ciallaíonn “bunaithe”:

(a)

más duine nádúrtha an contrapháirtí, an áit a bhfuil a cheannoifig aige;

(b)

más duine dlítheanach an contrapháirtí, an áit a bhfuil a oifig chláraithe aige;

(c)

mura bhfuil aon oifig chláraithe, faoin dlí náisiúnta, ag an gcontrapháirtí, an áit a bhfuil a cheannoifig aige;

(6)

ciallaíonn “brainse” áit a ndéantar gnó seachas an cheannoifig agus ar cuid de chontrapháirtí í agus nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici;

(7)

ciallaíonn “iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí” nó “iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí” aon idirbheart trína aistríonn contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí faoi réir gealltanas go dtabharfaidh an t-iasachtaí urrúis choibhéiseacha nó tráchtearraí coibhéiseacha ar ais ar dháta sa todhchaí nó nuair a iarrfaidh an t-aistreoir air é, ar idirbheart é a mheastar a bheith ina iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí i gcás an chontrapháirtí atá ag aistriú na n-urrús nó na dtráchtearraí agus a mheastar a bheith ina iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí i gcás an chontrapháirtí a bhfuil siad sin á n-aistriú chuige;

(8)

ciallaíonn “idirbheart ceannaigh-aisdíola” nó “idirbheart aischeannaigh díola” idirbheart trína gceannaíonn nó trína ndíolann contrapháirtí urrúis, tráchtearraí nó cearta faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí, lena gcomhaontaíonn sé urrúis, tráchtearraí nó na cearta faoi ráthaíocht den tuairisc chéanna faoi seach a aisdhíol nó a aischeannach ar phraghas sainithe ar dháta amach anseo, ar idirbheart é atá ina idirbheart ceannaigh-aisdíola don chontrapháirtí a bhfuil urrúis, tráchtearraí nó cearta faoi ráthaíocht á gceannach aige, agus atá ina idirbheart aischeannaigh díola don chontrapháirtí a bhfuil siad sin á ndíol aige nó, agus ar idirbhearta iad idirbhearta ceannaigh-aisdíola den sórt sin nó idirbhearta aischeannaigh díola den sórt sin nach rialaítear le comhaontú athcheannaigh ná le comhaontú athcheannaigh droim ar ais de réir bhrí phointe (9);

(9)

ciallaíonn “idirbheart athcheannaigh” idirbheart a rialaítear le comhaontú trína aistríonn contrapháirtí urrúis, tráchtearraí nó cearta faoi ráthaíocht a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí i gcás ina n-eisíonn malartán aitheanta, a shealbhaíonn na cearta do na hurrúis nó do na tráchtearraí, an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugtar cead leis an gcomhaontú do chontrapháirtí urrús ná tráchtearra ar leith a aistriú nó a gheallúint chuig níos mó ná contrapháirtí amháin i gcomhthráth, faoi réir gealltanas iad a athcheannach, nó urrúis nó tráchtearraí ionadacha den tuairisc chéanna a athcheannach ar phraghas sainithe ar dháta amach anseo atá sainithe, nó atá le sainiú, ag an aistreoir, agus ar comhaontú é atá ina chomhaontú athcheannaigh don chontrapháirtí a bhfuil na hurrúis nó na tráchtearraí á ndíol aige agus atá ina chomhaontú athcheannaigh droim ar ais é don chontrapháirtí atá á gceannach;

(10)

ciallaíonn “idirbheart iasachta corrlaigh” idirbheart ina dtugann contrapháirtí creidmheas i ndáil le hurrúis a cheannach, a dhíol, a iompar nó a thrádáil, ach gan iasachtaí eile atá urraithe le comhthaobhacht i bhfoirm urrús a áireamh;

(11)

ciallaíonn “idirbheart maoinithe urrús” nó “IMU”:

(a)

idirbheart athcheannaigh;

(b)

iasachtú i leith urrús nó tráchtearraí agus iasachtaíocht i leith urrús nó tráchtearraí;

(c)

idirbheart ceannaigh-aisdíola nó idirbheart aischeannaigh díola;

(d)

idirbheart iasachta corrlaigh;

(12)

ciallaíonn “athúsáid” an úsáid a bhaineann contrapháirtí glactha, ina ainm féin agus ar a chuntas féin nó ar chuntas contrapháirtí eile, lena n-áirítear aon duine nádúrtha, as ionstraimí airgeadais a fhaightear faoi shocrú comhthaobhachta; is éard atá in úsáid den sórt sin aistriú teidil nó feidhmiú cirt úsáide i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE ach gan leachtacht ionstraime airgeadais a áireamh i gcás mainneachtana an chontrapháirtí sholáthraithe;

(13)

ciallaíonn “socrú comhthaobhachta aistrithe teidil” socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear é i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE, a tugadh i gcrích idir contrapháirtithe chun aon oibleagáid a urrú.

(14)

ciallaíonn “socrú comhthaobhachta urrúis” socrú comhthaobhachta airgeadais urrúis mar a shainmhínítear é i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE, a tugadh i gcrích idir contrapháirtithe chun aon oibleagáid a urrú.

(15)

ciallaíonn “socrú comhthaobhachta” socrú comhthaobhacha aistrithe teidil agus socrú comhthaobhachta urrúis.

(16)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE í;

(17)

ciallaíonn “tráchtearra” tráchtearra mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (22) é.

(18)

ciallaíonn “babhtáil an toraidh iomláin” conradh díorthach mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ina n-aistríonn contrapháirtí amháin feidhmíocht eacnamaíoch iomlán oibleagáide tagartha, lena n-áirítear ioncam ó ús agus táillí, gnóthachain agus caillteanais ó ghluaiseachtaí praghais, agus caillteanais chreidmheasa, chuig contrapháirtí eile.

CAIBIDIL II

TRÉDHEARCACHT IMUANNA

Airteagal 4

Oibleagáidí tuairiscithe agus caomhnú maidir le hIMUanna

1.   Déanfaidh contrapháirtithe in IMUanna mionsonraí aon IMU arna thabhairt i gcrích acu, agus aon mhodhnú nó foirceannadh orthu, a thuairisciú do stór trádála atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 19. Déanfar na mionsonraí sin a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an t-idirbheart a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le hIMUanna:

(a)

a tugadh i gcrích roimh an dáta cur i bhfeidhm ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(2) agus atá fós amuigh ar an dáta sin, más rud é:

(i)

gur mó ná 180 lá an aibíocht atá fágtha sna hIMUanna sin ar an dáta sin; nó

(ii)

go bhfuil aibíocht oscailte ag na hIMUanna sin agus go bhfuil siad fós ann 180 lá tar éis an dáta sin;

(b)

a thugtar i gcrích ar an dáta ábhartha cur i bhfeidhm dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33 (2) nó ina dhiaidh sin.

Tuairisceofar na hIMUanna dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír laistigh de 190 lá tar éis an dáta cur i bhfeidhm ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 33(2).

2.   Contrapháirtí atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe, féadfaidh sé tuairisciú mionsonraí IMUanna a tharmligean.

3.   I gcás ina dtabharfaidh contrapháirtí airgeadais IMU i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais agus nach sáraíonn a chlár comhardaithe teorainneacha dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar a leagtar síos in Airteagal 3(3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), beidh an contrapháirtí airgeadais freagrach as tuairisciú thar cheann an dá chontrapháirtí.

I gcás inar GCUI atá á bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta é an contrapháirtí in IMUanna, beidh an chuideachta bhainistíochta freagrach as tuairisciú thar ceann an GCUI sin.

I gcás inar CIM é an contrapháirtí in IMUanna, beidh a BCIM freagrach as tuairisciú thar ceann an CIM sin.

4.   Coimeádfaidh contrapháirtithe taifead d’aon IMU atá tugtha i gcrích acu, modhnaithe nó foirceanta acu go ceann cúig bliana ar a laghad tar éis fhoirceannadh an idirbhirt.

5.   I gcás nach mbeidh stór trádála ar fáil chun mionsonraí IMUanna a thaifeadadh, áiritheoidh na contrapháirtithe go ndéanfar na mionsonraí sin a thuairisciú don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”).

Sna cásanna sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar mhionsonraí uile IMUanna a theastóidh uathu chun a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe féin a chomhlíonadh.

6.   Maidir le faisnéis a gheofar faoin Airteagal seo, comhlíonfaidh stórtha trádála agus ÚEUM na forálacha ábhartha maidir le rúndacht, le sláine agus le cosaint faisnéise agus déanfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar amach go háirithe in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh. Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 de agus do “chonarthaí díorthacha” a fhorléiriú mar thagairtí don Airteagal seo agus do “IMUanna” faoi seach.

7.   Contrapháirtí a thuairiscíonn mionsonraí IMU do stór trádála nó d’ÚEUM, nó eintiteas a thuairiscíonn mionsonraí den sórt sin thar ceann contrapháirtí, ní mheasfar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur le conradh nó le haon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin.

8.   Ní bheidh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe, ar a stiúrthóirí ná ar a fhostaithe de dhroim an nochtaithe sin.

9.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú agus chun comhsheasmhacht leis an tuairisciú a dhéanfar faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus leis na caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, ina sonrófar mionsonraí na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo maidir leis na cineálacha éagsúla IMUanna atá i gceist agus ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

na páirtithe in IMU agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a eascraíonn as;

(b)

an phríomhshuim; an t-airgeadra; na sócmhainní á n-úsáid mar chomhthaobhacht agus a gcineál, a gcáilíocht agus a luach; an modh a úsáidtear chun comhthaobhacht a sholáthar; an bhfuil comhthaobhacht ar fáil lena hathúsáid; i gcásanna ina bhfuil an chomhthaobhacht in-idirdhealaithe ó shócmhainní eile, má rinneadh í a athúsáid; aon athsholáthar comhthaobhachta a rinneadh, an ráta athcheannaigh, an táille iasachta nó an ráta iasachtaithe chorrlaigh; aon chaolchorrlach; an dáta luacha; an dáta aibíochta; an chéad dáta inghlaoite; agus deighleog an mhargaidh.

(c)

ag brath ar an gcineál IMU, mionsonraí maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

comhthaobhacht in airgead tirim a ath-infheistiú;

(ii)

urrúis nó tráchtearraí atá á dtabhairt ar iasacht nó á bhfáil ar iasacht.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt, cuirfidh ÚEUM san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na linnte sócmhainní agus forálfaidh sé go bhféadfar sonraí comhthaobhachta leibhéil seasaimh a thuairisciú i gcás inarb iomchuí

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha chur i bhfeidhm do mhír 1 den Airteagal seo, agus a mhéid is indéanta, comhsheasmhacht leis an tuairisciú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus comhchuibhiú formáidí idir stórtha trádála a áirithiú, forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus a riachtanais siúd á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo maidir leis na cineálacha éagsúla IMUanna atá i gceist.

Áireofar san fhormáid sin, go háirithe:

(a)

aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEIanna), nó réamh-aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (réamh-LEIanna) go dtí go gcuirfear an Córas Domhanda Aitheantóirí Eintiteas Dlítheanach chun feidhme go hiomlán;

(b)

uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna); agus

(c)

aitheantóirí uathúla trádála.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla sin á bhforbairt, tabharfaidh ÚEUM aird ar fhorbairtí idirnáisiúnta agus ar na caighdeáin a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda.

Cuirfidh ÚEUM na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III

STÓR TRÁDÁLA A CHLÁRÚ AGUS MAOIRSEACHT A DHÉANAMH AIR

Airteagal 5

Stór trádála a chlárú

1.   Is de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a chláróidh stór trádála le hÚEUM chun críocha Airteagal 4.

2.   Chun a bheith incháilithe le clárú faoin Airteagal seo, is é a bheidh i stór trádála duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas, cuirfidh sé nósanna imeachta i bhfeidhm le hiomláine agus le cruinneas na mionsonraí a thuairiscítear dó faoi Airteagal 4(1) a fhíorú, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 78, Airteagal 79 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun críche an Airteagail seo, déanfar tagairtí in Airteagal 78 agus Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 d’Airteagal 9 de a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 4 den Rialachán seo.

3.   Beidh éifeacht le clárú stóir trádála i gcríoch an Aontais ina hiomláine.

4.   Comhlíonfaidh stór trádála cláraithe na coinníollacha clárúcháin i gcónaí. Déanfaidh stór trádála, gan mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt d’ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha clárúcháin.

5.   Cuirfidh stór trádála ceann díobh seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:

(a)

iarratas ar chlárú;

(b)

iarratas ar shíneadh a chur le clárú chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo i gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Theideal VI, Caibidil 1 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

6.   Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas a fháil, measfaidh ÚEUM an bhfuil an t-iarratas iomlán.

I gcás nach mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoin mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis d’ÚEUM a mheasúnú a dhéanamh go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.

7.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na nithe uile seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus a bheidh le cur i bhfeidhm ag stórtha trádála chun iomláine agus cruinneas na mionsonraí a thuairiscítear dóibh faoi Airteagal 4(1) a fhíorú;

(b)

an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;

(c)

iarratas simplithe maidir le síneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5 d’fhonn dúbláil ceanglas a sheachaint.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 13 Eanair 2017.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar formáid an dá ní seo a leanas:

(a)

an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5;

(b)

an t-iarratas ar shíneadh a chur le clárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, forbróidh ÚEUM formáid shimplithe le go seachnófar dúbláil nósanna imeachta.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 13 Eanáir 2017.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú nó roimh síneadh a chuirtear le clárú

1.   I gcás ina ndéanann stór trádála iarratas ar chlárú nó ar shíneadh a chur le clárú, agus inar eintiteas é atá údaraithe nó cláraithe ag údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil sin agus rachaidh sé i gcomhairle leis sula gclárófar an stór trádála.

2.   Malartóidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil ábhartha gach faisnéis is gá chun an stór trádála a chlárú nó chun síneadh a chur leis an gclárú mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a mhéad atá an t-eintiteas ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le clárú agus údarú sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 7

An t-iarratas a scrúdú

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 40 lá oibre tar éis an fógra a fháil dá dtagraítear in Airteagal 5(6), scrúdú ar an iarratas ar chlárú, nó ar shíneadh a chur leis an gclárú ar an mbonn go gcomhlíonann an stór trádála an Chaibidil seo agus glacfaidh sé cinneadh lánréasúnaithe lena nglactar le clárú nó le síneadh a chur le clárú nó lena ndiúltaítear do chlárú nó le síneadh a chur le clárú,

2.   Beidh feidhm ag cinneadh a eiseoidh ÚEUM de bhun mhír 1 an cúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 8

Fógra a thabhairt faoi chinntí ÚEUM i ndáil le clárú nó le síneadh a chur le clárú

1.   I gcás ina nglacfaidh ÚEUM cinneadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó ina dtarraingíonn sé an clárú amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(1) siar, tabharfaidh sé fógra ina thaobh don stór trádála laistigh de chúig lá oibre, ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh.

Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) faoina chinneadh.

2.   Cuirfidh ÚEUM aon chinneadh a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 in iúl don Choimisiún.

3.   Foilseoidh ÚEUM liosta ar a láithreán gréasáin de na stórtha trádála a chláraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar an liosta sin a nuashonrú laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi mhír 1.

Airteagal 9

Cumhachtaí ÚEUM

1.   Déanfar na cumhachtaí a thugtar d’ÚEUM i gcomhréir le hAirteagail 61 go 68, le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dteannta Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis, a fheidhmiú i ndáil leis an Rialachán seo chomh maith. Déanfar tagairtí d’Airteagal 81(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 12(1) agus d’Airteagal 12(2) den Rialachán seo faoi seach.

2.   Na cumhachtaí a thugtar d’ÚEUM, nó d’aon oifigeach d’ÚEUM nó d’aon duine eile a údaraíonn ÚEUM faoi Airteagal 61, Airteagal 62 agus Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad a bheidh faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.

Airteagal 10

Clárú a tharraingt siar

1.   Gan dochar d’Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfaidh ÚEUM clárú stóir trádála a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a)

tugann an stór trádála suas an clárú go sainráite nó níl sé tar éis aon seirbhísí a sholáthar le sé mhí anuas;

(b)

ghnóthaigh an stór trádála an clárú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile;

(c)

ní chomhlíonann an stór trádála a thuilleadh na coinníollacha faoinar cláraíodh é.

2.   Déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) faoi chinneadh clárú stóir trádála a tharraingt siar.

3.   Má mheasann an t-údarás inniúil i mBallstát ina soláthraíonn an stór trádála a sheirbhísí agus ina bhfuil sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí gur comhlíonadh ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh sé iarraidh ar ÚEUM féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le clárú sin an stóir trádála a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan clárú an stóir trádála sin a tharraingt siar, luafaidh sé gach cúis lena chinneadh.

4.   Is é an t-údarás a ainmnítear faoi phointe (a) agus phointe (b) d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 11

Táillí maoirseachta

1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh na táillí sin i gcomhréir le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus clúdóidh siad an caiteachas riachtanach ar fad a bheidh ag ÚEUM maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu maille le haisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9(1) den Rialachán seo. A mhéid a thagraíonn Airteagal 9(1) den Rialachán seo d’Airteagal 74 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, déanfar tagairtí d’Airteagal 72(3) den Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí do mhír 2 den Airteagal seo.

I gcás stór trádála atá cláraithe cheana faoi Theideal VI, Caibidil 1 de Rialachán (AE)Uimh. 648/2012, ní dhéanfar na táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú ach amháin chun an caiteachas breise is gá a léiriú mar aon leis na costais a bhaineann le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu de bhun an Rialacháin seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.

Airteagal 12

Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí arna gcoimeád i stór trádála

1.   Foilseoidh stór trádála go tráthrialta suímh chomhiomlána de réir chineál IMUanna a thuairiscítear dó, agus beidh teacht gan dua ar an bhfaisnéis sin a fhoilseoidh siad.

2.   Déanfaidh stór trádála mionsonraí IMUanna a bhailiú agus a choinneáil agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain dhíreach agus láithreach ar na mionsonraí sin ag na heintitis seo a leanas le go mbeidh siad in ann a gcuid freagrachtaí agus sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:

(a)

ÚEUM

(b)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”).;

(c)

an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”);

(d)

BERS;

(e)

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na n-idirbheart tuairiscithe;

(f)

comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á gcomhlíonadh aige;

(g)

na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 19(1) ina leith.

(h)

na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(i)

na húdaráis ábhartha urrús agus margaidh de chuid an Aontais a gclúdóidh a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach idirbhearta, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(j)

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(k)

na húdaráis réitigh arna n-ainmniú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26)

(l)

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

(m)

na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ullmhóidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, agus riachtanais na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:

(a)

minicíocht agus mionsonraí na suíomh comhiomlán dá dtagraítear i mír 1 agus mionsonraí IMUanna dá dtagraítear i mír 2;

(b)

na caighdeáin oibriúcháin is gá, chun go gceadófar an méid seo a leanas a dhéanamh, ar bhealach tráthúil, struchtúraithe agus cuimsitheach:

(i)

stórtha trádala do bhailiú sonraí;

(ii)

sonraí ó stórtha éagsúla a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid;

(c)

mionsonraí na faisnéise a bhfuil rochtain le bheith ag na heintitis dá dtagraítear i mír 2 uirthi, agus a sainordú agus a riachtanais shonracha á gcur san áireamh;

(d)

na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain dhíreach agus láithreach le fáil ag na heintitis dá dtagraítear i mír 2 ar shonraí atá á gcoimeád i stórtha trádála.

Áireofar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin nach gcumasaítear aon pháirtí in aon IMU a aithint ón bhfaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 13 Eanáir 2017.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL IV

TRÉDHEARCACHT I LEITH INFHEISTEOIRÍ

Airteagal 13

Trédhearcacht na ngnóthas comhinfheistíochta i dtuarascálacha tréimhsiúla

1.   Déanfaidh cuideachtaí bainistíochta GCUIanna, cuideachtaí infheistíochta GCUIanna agus BCIManna infheisteoirí a chur ar an eolas faoin úsáid a bhaineann siad as IMUanna agus as babhtálacha an toraidh iomláin ar an mbealach seo a leanas:

(a)

i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUIanna nó cuideachtaí infheistíochta GCUIanna sna tuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE;

(b)

i gcás BCIManna sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22 de Threoir 2011/61/AE.

2.   San fhaisnéis maidir le IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin, áireofar na sonraí dá bhforáiltear i Roinn A den Iarscríbhinn.

3.   D’fhonn nochtadh aonfhoirmeach sonraí a áirithiú ach aird a thabhairt freisin ar shainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin, féadfaidh ÚEUM, ag cur san áireamh na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE chomh maith le cleachtais mhargaidh atá ag teacht chun cinn, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar tuilleadh ábhar Roinn A den Iarscríbhinn.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Trédhearcacht na ngnóthas comhinfheistíochta i ndoiciméid réamhchonarthacha

1.   Sa réamheolaire maidir le GCUIanna dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE, agus sa nochtadh d’infheisteoirí arna dhéanamh ag bainisteoirí BCIManna dá dtagraítear in Airteagal 23 (1) agus (3) de Threoir 2011/61/AE, sonrófar an tIMU agus babhtálacha an toraidh iomláin a mbeidh údarás lena n-úsáid ag cuideachtaí bainistíochta GCUIanna nó cuideachtaí infheistíochta GCUIanna, agus ag BCIManna faoi seach, agus beidh ráiteas soiléir ann go bhfuil úsáid á baint as na hidirbhearta agus na hionstraimí sin.

2.   Sa réamheolaire agus sa nochtadh faisnéise d’infheisteoirí dá dtagraítear i mír 1, áireofar, ar a laghad, na sonraí dá bhforáiltear i Roinn B den Iarscríbhinn.

3.   D’fhonn léiriú a thabhairt ar na cleachtais mhargaidh atá ag teacht chun cinn nó chun nochtadh aonfhoirmeach sonraí a áirithiú, féadfaidh ÚEUM, ag cur san áireamh na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar tuilleadh ábhar Roinn B den Iarscríbhinn.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á n-ullmhú aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh gur gá a cheadú go mbeidh dóthain ama ann sula gcuirfear iad i bhfeidhm.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL V

TRÉDHEARCACHT NA HATHÚSÁIDE

Airteagal 15

Athúsáid ionstraimí airgeadais a gheofar faoi shocrú comhthaobhachta

1.   Aon cheart atá ag contrapháirtithe chun ionstraimí airgeadais arna bhfáil mar chomhthaobhacht a athúsáid, beidh siad faoi réir an dá choinníoll seo a leanas ar a laghad:

(a)

gur chuir an contrapháirtí a fhaigheann na hionstraimí an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas go cuí i scríbhinn faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gceann amháin díobh seo a leanas:

(i)

toiliú a dheonú maidir le ceart comhthaobhacht a úsáid a sholáthraítear faoi shocrú comhthaobhachta urrúis i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE;

(ii)

socrú comhthaobhachta aistrithe teidil a thabhairt i gcrích;

(b)

gur thug an contrapháirtí soláthraithe a thoiliú sainráite roimh ré, a fianaíodh le síniú an chontrapháirtí sholáthraithe i scríbhinn nó ar bhealach atá coibhéiseach ó thaobh an dlí de, i ndáil le socrú comhthaobhachta urrúis, lena dtugtar, sna téarmaí, ceart úsáide i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2002/47/CE, nó gur chomhaontaigh sé go sainráite comhthaobhacht a sholáthar trí bhíthin socrú comhthaobhachta aistrithe teidil.

I ndáil le pointe (a) den chéad fhomhír, cuirfear an contrapháirtí soláthraithe ar an eolas i scríbhinn ar a laghad faoi na rioscaí agus na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht chun cinn i gcás mhainneachtain an chontrapháirtí a fhaigheann na hionstraimí.

2.   Má fheidhmíonn contrapháirtithe a gceart chun athúsáide, beidh siad faoi réir an dá choinníoll seo a leanas ar a laghad:

(a)

déantar an athúsáid i gcomhréir leis na téarmaí a shonraítear sa socrú comthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(b)

na hionstraimí airgeadais a fhaightear faoi shocrú comhthaobhachta, aistrítear ó chuntas an chontrapháirtí sholáthraithe iad.

De mhaolú ar phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inar bunaithe i dtríú tír a bheidh contrapháirtí i socrú comhthaobhachta agus cuntas an chontrapháirtí a chuireann an chomhthaobhacht ar fáil á choimeád i dtríú trí agus á rialú ag dlí an tríú tír sin, déanfar an athúsáid a fhianú trí aistriú ó chuntas an chontrapháirtí sholáthraithe nó trí mheáin iomchuí eile.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do reachtaíocht earnálach níos déine, go háirithe do Threoir 2009/65/CE agus do Threoir 2014/65/AE, agus don dlí náisiúnta arb é is aidhm dó leibhéal níos airde cosanta a áirithiú do chontrapháirtithe soláthraithe.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don dlí náisiúnta i ndáil le bailíocht nó éifeacht idirbhirt.

CAIBIDIL VI

MAOIRSEACHT AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 16

Údaráis inniúla a ainmniú, agus a gcumhachtaí

1.   Chun críche an Rialacháin seo, is éard a bheidh sna húdaráis inniúla:

(a)

maidir le contrapháirtithe airgeadais, údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus na húdaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;

(b)

maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais, na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)

chun críche Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo, i ndáil le cuideachtaí bainistíochta GCUIanna, cuideachtaí infheistíochta GCUIanna, na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE; agus

(d)

chun críche Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo, i ndáil le GCUIanna, na húdaráis inniúla a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 44 de Threoir 2011/61/AE.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí a thabharfar dóibh leis na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus déanfaidh siad maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo faireachán ar chuideachtaí bainistithe GCUIanna, ar chuideachtaí infheistíochta GCUIanna nó ar BCIManna atá bunaithe ina gcríocha chun a fhíorú nach mbaineann siad úsáid as IMUanna ná as babhtálacha an toraidh iomláin, ach amháin má chomhlíonann siad Airteagal 13 agus Airteagal 14.

Airteagal 17

Comhar idir údaráis inniúla

1.   Comhoibreoidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16 go dlúth le chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin chun a ndualgais de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a aithint agus a leigheas.

2.   Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar chomhoibriú nó ar fhaisnéis a mhalartú i gcomhréir le mír 1 ach amháin i gceann amháin de na himthosca eisceachtúla seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit a fhaigheann an iarraidh i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna; nó

(b)

i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i ndáil le daoine den sórt sin agus ag éirí as na gníomhaíochtaí céanna sa Bhallstát a fhaigheann an iarraidh;

I gcás diúltú den sórt sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra dá réir don údarás iarrthach agus d’ÚEUM, lena gcuirfear an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir ar fáil.

3.   Na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus comhaltaí ábhartha CEBC, comhoibreoidh siad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.

Beidh comhar den sórt sin faoi rún agus beidh sé coinníollach ar iarraidh cuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis inniúla ábhartha, agus is chun cur ar chumas na n-údarás sin a gcuid freagrachtaí faoi seach a chomhlíonadh agus chuige sin amháin an comhar sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, féadfaidh comhaltaí CEBC diúltú faisnéis a sholáthar i gcás ina bhfuil na hidirbhearta á ndéanamh acu chun a bhfeidhmeanna mar údaráis airgeadaíochta a chomhlíonadh.

I gcás diúltú amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír, tabharfaidh comhalta ábhartha CEBC fógra faoin diúltú sin don údarás iarrthach mar aon le míniú ar na cúiseanna leis.

Airteagal 18

Rúndacht ghairmiúil

1.   Aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo, beidh sí faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.

2.   Beidh oibleagáid na rúndachta gairmiúla infheidhme maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh riamh do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 16, d’ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC, nó d’iniúchóirí agus do shaineolaithe faoi theagasc na n-údarás inniúil nó ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC. Ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine sin agus iad i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine ná le húdarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achoimre nó chomhiomlán sa chaoi nach bhféadfaí contrapháirtí aonair, stór trádála ná aon duine eile a aithint, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta, ná don dlí cánach náisiúnta ná don Rialachán seo.

3.   Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta ná don dlí cánach náisiúnta, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla, ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha seachas údaráis inniúla, a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo, an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú agus chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh, i gcás údaráis inniúla, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, nó i gcás údaráis, comhlachtaí nó daoine nadúrtha nó dlítheanacha eile, chun na críche ar chuici a soláthraíodh faisnéis den sórt sin dóibh nó i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó chun an dá chríoch sin. I gcás ina dtabharfaidh ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, an t-údarás inniúil nó údarás, comhlacht nó duine eile a bhfuil faisnéis á cur in iúl acu toiliú leis, féadfaidh an t-údarás a gheobhaidh an fhaisnéis í a úsáid chun críocha neamhthráchtála eile.

4.   Ní choiscfidh mír 2 ná mír 3 ar ÚEUM, ar ÚBE, ar ÚEÁPC, ar na húdaráis inniúla ná ar na bainc cheannais ábhartha faisnéis rúnda a mhalartú nó a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa, cistí pinsean, idirghabhálaithe árachais agus athárachais, gnóthais árachais, margaí rialaithe nó oibreoirí margaidh nó ar shlí eile le toiliú an údaráis inniúil nó an údaráis, an chomhlachta nó an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh eile a chuir an fhaisnéis sin in iúl.

5.   Ní choiscfidh mír 2 ná mír 3 ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú nó a thraschur, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar faisnéis í nach bhfuarthas ó údarás inniúil de chuid Ballstát eile.

CAIBIDIL VII

CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 19

Coibhéis stórtha trádála agus iad a aithint

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:

(a)

go gcomhlíonann na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;

(b)

go ndéantar maoirseacht éifeachtach ar stórtha trádála agus forghníomhú éifeachtach ar a n-oibleagáidí sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;

(c)

go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéantar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go bhfuil na ráthaíochtaí sin coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar síos sa Rialachán seo; agus

(d)

go bhfuil stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorghníomhaithe rochtain dhíreach láithreach a thabhairt ar na sonraí do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, sonrófar freisin na húdaráis ábhartha ón tríú tír atá i dteideal rochtain a bheith acu ar na sonraí maidir le hIMUanna atá i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

2.   I gcás nach bhfuil stórtha trádála atá údaraithe i dtríú tír faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorghníomhaithe rochtain dhíreach láithreach a thabhairt ar na sonraí do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2), cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú leis an tríú tír sin faoi rochtain fhrithpháirteach ar fhaisnéis, agus faoi fhaisnéis a mhalartú, i ndáil le hIMUanna atá i stórtha trádála atá bunaithe sa tríú tír sin, chun a áirithiú go mbeidh rochtain dhíreach agus láithreach ag na heintitis uile dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú.

3.   Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí ná a ghníomhaíochtaí a sholáthar d’eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 4 go dtí go mbeidh aitheantas tugtha ag ÚEUM dó i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo.

4.   Cuirfidh stór trádála dá dtagraítear i mír 3 ceann acu seo a leanas faoi bhráid ÚEUM:

(a)

iarratas ar aitheantas;

(b)

iarratas ar shíneadh a chur le clárú chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo i gcás stór trádála a bhfuil aitheantas aige cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

5.   Gabhfaidh an fhaisnéis riachtanach uile le hiarratas amhail dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis atá riachtanach lena fhíorú go bhfuil an stór trádála údaraithe agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht éifeachtach i dtríú tír a chomhlíonann na critéir go léir a leanas:

(a)

gur chinn an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 1, go bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus in-fhorghníomhaithe ag an tríú tír;

(b)

go bhfuil comhaontuithe comhair tugtha i gcrích ag údaráis ábhartha an tríú tír le hÚEUM lena sonraítear an méid seo a leanas, ar a laghad:

(i)

sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige de thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9 (1) de pháirt amháin agus údaráis inniúla de chuid an tríú tír lena mbaineann den pháirt eile; agus

(ii)

nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

Cuirfidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta atá á n-aistriú chuig tríú tír.

6.   Laistigh de 30 lá oibre tar éis dó an t-iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas iomlán. Má chinneann ÚEUM nach bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM síos spriocdháta faoina bhfuil ar an stór trádála a rinne an t-iarratas faisnéis bhreise a sholáthar.

7.   Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a dtíolactar iarratas iomlán, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála a rinne an t-iarratas cé acu ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é, agus beidh míniú lánréasúnaithe ar a chinneadh ag gabháil leis sin.

8.   Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin liosta de na stórtha trádála a dtabharfar aitheantas dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 20

Rochtain indíreach ar shonraí idir údaráis

Féadfaidh ÚEUM comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le húdaráis ábhartha de chuid tríú tíortha nach mór dóibh a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh maidir le faisnéis faoi IMUanna a mhalartú go frithpháirteach a chuireann stórtha trádála an Aontais ar fáil d’ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 12(2) agus maidir le sonraí faoi IMUanna a bhailíonn agus a chothaíonn údaráis tríú tíortha, ar an gcoinníoll go mbeidh ráthaíochtaí maidir le rúndacht ghairmiúil ann, lena n-áirítear cosaint do rúin ghnó a roinnfeadh na húdaráis le tríú páirtithe.

Airteagal 21

Coibhéis tuairiscithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forghníomhaithe an tríú tír:

(a)

go bhfuil siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4;

(b)

go n-áirithíonn siad rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar síos sa Rialachán seo;

(c)

go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm agus á bhforghníomhú ar bhealach éifeachtach, cothromasach agus neamhshaofa ionas go n-áirithítear go ndéantar maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin; agus

(d)

a áirithiú go bhfuil rochtain dhíreach ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) ar na mionsonraí maidir le hIMUanna de bhun Airteagal 19(1), é sin nó rochtain indíreach ar na mionsonraí maidir le hIMUanna de bhun Airteagal 20.

2.   I gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis i leith tríú tír, amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanfaidh idirbheart atá faoi réir an Rialacháin seo, go mbeidh na riachtanais a leagtar síos in Airteagal 4 comhlíonta i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin agus gur chomhlíon na contrapháirtithe oibleagáidí ábhartha an tríú tír sin i ndáil leis an idirbheart sin.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hÚEUM, faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 4 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus cuirfidh an Coimisiún tuairisc chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhonn tráthrialta. I gcás ina nochtfar sa tuarascáil nach bhfuil na ceanglais choibhéiseacha á gcur i bhfeidhm go leordhóthanach nó go comhleanúnach ag údaráis tríú tír, breithneoidh an Coimisiún, laistigh de 30 lá féilire ón tráth a ndéanann an Coimisiún an tuarascáil a thíolacadh, an gá aitheantas coibhéise chreat dlíthiúil an tríú tír sin a tharraingt siar.

CAIBIDIL VIII

SMACHTBHANNAÍ RIARACHÁIN AGUS BEARTA RIARACHÁIN EILE

Airteagal 22

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar d’Airteagal 28 ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, do chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir le sáruithe ar an méid seo a leanas ar a laghad: Airteagal 4 agus Airteagal 15.

I gcás ina mbeidh feidhm maidir le daoine dlítheanacha ag na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit, i gcás sáraithe, cumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistíochta, agus ar dhaoine aonaracha eile atá freagrach as an sárú de réir an dlí náisiúnta.

2.   Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a dhéantar chun críoch mhír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaca le sárú ar na forálacha dá dtagraítear sa mhír sin, áiritheoidh siad go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm sa chaoi go mbeidh na cumhachtaí ar fad is gá ag údaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha nó ionchúisitheacha, nó le húdaráis an cheartais choiriúil ina ndlínse féin ar mhaithe le faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí a cuireadh ar bun i dtaca le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 4 agus Airteagal 15, agus ar mhaithe leis an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile agus d’ÚEUM chun a n-oibleagáid maidir le comhoibriú le chéile a chomhlíonadh, agus d’ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile agus tríú tíortha ábhartha eile maidir le feidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur.

Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis inniúla Ballstát eile freisin maidir le gnóthú na smachtbhannaí airgid a éascú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt d’udaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil di arís;

(b)

ráiteas poiblí ina sonrófar an duine atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 26;

(c)

an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;

(d)

toirmeasc sealadach ar aon duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú;

(e)

uas-smachtbhannaí riaracháin airgid dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás ina bhféadfaidh an t-údarás ábhartha iad sin a chinneadh, fiú más mó na smachtbhannaí sin ná na méideanna dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (g);

(f)

maidir le duine nádúrtha, uas-smachtbhanna riaracháin airgid EUR 5 000 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016;

(g)

maidir le daoine dlítheanacha, uas-smachtbhannaí riaracháin airgid arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(i)

I gcás sáruithe ar Airteagal 4, EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016 nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag an gcomhlacht bainistíochta;

(ii)

I gcás sáruithe ar Airteagal 15, EUR 15 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro a n-airgeadra, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 12 Eanáir 2016, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag an gcomhlacht bainistíochta.

Chun críocha phointe (g)(i) agus phointe (ii) den chéad fhomhír, i gcás gur máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais an duine dlítheanach nach mór dó cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú de réir Threoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim de réir na dtreoracha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil, arna bhformheas ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais bhunaidh.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh chun go mbeidh cumhachtaí ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa mhír seo. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do raon níos leithne smachtbhannaí agus do leibhéil smachtbhannaí a bheidh níos airde ná iad siúd dá bhforáiltear sa mhír seo.

5.   Ní dhéanfaidh sárú ar Airteagal 4 difear do bhailíocht téarmaí IMU ná don deis a bheidh ag na páirtithe téarmaí IMU a fhorfheidhmiú. Ní bheidh mar thoradh ar shárú ar Airteagal 4 an ceart chun cúiteamh a fháil ó pháirtí in IMU.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos le haghaidh smachtbhannaí riaracháin agus beart riaracháin eile amhail dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh na sáruithe dá dtagraítear sa mhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta cheana féin roimh an 13 Eanáir 2018. I gcás ina gcinnfidh siad gan rialacha le haghaidh smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a leagan síos, cuirfidh na Ballstáit na codanna ábhartha dá ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus d’ÚEUM.

7.   Faoin 13 Iúil 2017,déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1, le mír 3 agus le mír 4 a thabhairt don Choimisiún agus d’ÚEUM. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus d’ÚEUM gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Airteagal 23

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a chinneadh

Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:

(a)

a thromchúisí atá an sárú, agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c)

láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, trí fhachtóirí éagsúla a bhreithniú, amhail láimhdeachas iomlán i gcás duine dhlítheanaigh nó ioncam bliantúil i gcás duine nádúrtha;

(d)

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(f)

sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

Féadfaidh na húdaráis inniúla tosca sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa chéad mhír a chur san áireamh nuair a bheidh cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á gcinneadh acu.

Airteagal 24

Sáruithe a thuairisciú

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla sásraí éifeachtacha ar bun chun go bhféadfar sáruithe iarbhír nó sáruithe a d’fhéadfadh a tharlú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 15 a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ina chuid de na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha ar sháruithe ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 15 agus maidir leis an obair leantach a rinneadh ina leith, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú le haghaidh tuarascálacha den sórt sin;

(b)

cosaint iomchuí do dhaoine atá ag obair ar conradh fostaíochta agus a thuairiscíonn sáruithe ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 15 nó a gcuirtear sáruithe ar na hAirteagail sin ina leith, cosaint ar an bhfrithbheartaíocht, ar an idirdhealú agus ar chóir neamhchothrom de chineálacha eile;

(c)

cosaint sonraí pearsanta an duine a thuairiscíonn an sárú ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 15 agus an duine nádúrtha a líomhnaítear go ndearna sé an sárú, lena n-áirítear cosaint maidir lena gcéannacht a choinneáil faoi rún, ag gach céim den nós imeachta gan dochar do nochtadh faisnéise a bheith ina cheangal faoin dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe nó i gcomhthéacs nósanna imeachta breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.   Beidh nósanna imeachta inmheánacha iomchuí ar bun ag na contrapháirtithe le go mbeidh a bhfostaithe in ann sáruithe ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 15 a thuairisciú.

Airteagal 25

Malartú faisnéise le hÚEUM

1.   Gach bliain soláthróidh údaráis inniúla faisnéis chomhiomlánaithe agus mhionsonraithe d’ÚEUM maidir leis na smachtbhannaí riaracháin agus leis na bearta riaracháin uile eile atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 22. Foilseoidh ÚEUM faisnéis chomhiomlánaithe i dtuarascáil bhliantúil.

2.   I gcás inar roghnaigh Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaobh sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 22, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha luaite leo a sholáthar d’ÚEUM ar bhonn bliantúil maidir le gach imscrúdú coiriúil a rinneadh agus maidir le gach smachtbhanna coiriúil a forchuireadh. Déanfaidh ÚEUM sonraí a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh.

3.   I gcás ina ndearna an t-údarás inniúil smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile, nó smachtbhanna coiriúil a nochtadh don phobal, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thuairisciú d’ÚEUM an tráth céanna.

4.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus na foirmeacha maidir le malartú faisnéise amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Cinntí a fhoilsiú

1.   Faoi réir mhír 4 den Airteagal seo, maidir le haon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile i dtaca le sárú ar Airteagal 4 nó ar Airteagal 15, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis inniúla an cinneadh sin ar a suíomh gréasáin díreach tar éis an duine atá faoi réir an chinnidh sin a chur ar an eolas faoin gcinneadh.

2.   San fhaisnéis a fhoilseofar de bhun mhír 1, sonrófar ar a laghad cineál agus nádúr an tsáraithe agus céannacht an duine atá faoi réir an chinnidh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le cinntí lena bhforchuirfear bearta de chineál imscrúdaithe.

I gcás ina measfaidh údarás inniúil, tar éis measúnú a dhéanamh ar gach cás ar leith, go mbeadh sé díréireach céannacht an duine dhlítheanaigh atá faoi réir an chinnidh, nó sonraí pearsanta duine nádúrtha a fhoilsiú, nó i gcás ina ndéanfadh an foilsiú sin imscrúdú atá ar bun nó cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i gcontúirt, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin;

(b)

an cinneadh a fhoilsiú ar bhonn anaithnid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina n-áirithítear le foilsiú den sórt sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina mbeidh sé intuartha nach ann a thuilleadh do chúiseanna an fhoilsithe anaithnid le linn na tréimhse sin;

(c)

ní fhoilseoidh an t-údarás inniúil an cinneadh i gcás ina gceapann sé nach mbeadh an foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) leordhóthanach:

(i)

chun a áirithiú nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; ná

(ii)

chun comhréireacht fhoilsiú na gcinntí sin maidir le bearta a mheastar a bheith gan mórán tábhachta a áirithiú.

4.   I gcás ina mbeidh an cinneadh faoi réir achomharc os comhair údarás breithiúnach náisiúnta, riarachán náisiúnta nó údarás náisiúnta eile, foilseoidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin ar a suíomh gréasáin láithreach chomh maith le haon fhaisnéis a gheobhaidh siad ina dhiaidh sin faoi thoradh an achomhairc. Foilseofar aon chinneadh lena gcuirfear cinneadh faoi réir achomhairc ar neamhní freisin.

5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin uile nó na bearta riaracháin eile a forchuireadh ach nár foilsíodh, i gcomhréir le pointe (c) d’fhomhír 3, lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leis sin agus an toradh a bhí air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a forchuireadh agus go gcuirfidh siad an méid sin faoi bhráid ÚEUM. Chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus chun na gcríoch sin amháin, coinneoidh ÚEUM bunachar lárnach sonraí de smachtbhannaí riaracháin, de bhearta riaracháin eile agus de smachtbhannaí coiriúla a chuirfear in iúl dó. Is iad na húdaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuireann na húdaráis inniúla ar fáil.

6.   Áiritheoidh údaráis inniúla go leanfaidh rochtain ar aon chinneadh a fhoilseofar i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis lá a fhoilsithe. Coimeádfar na sonraí pearsanta a áirítear sna cinntí sin ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil go ceann na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Airteagal 27

An ceart chun achomhairc

Deimhneoidh Ballstáit go mbeidh cinntí agus bearta a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo cuí-réasúnaithe agus go mbeidh siad faoi réir ceart achomhairc os comhair binse. Beidh feidhm ag ceart achomhairc os comhair binse freisin i gcás nach nglacfar aon chinneadh, laistigh de shé mhí tar éis a thíolactha, i ndáil le hiarratas le haghaidh údarú ina soláthraítear an fhaisnéis ar fad a cheanglaítear.

Airteagal 28

Smachtbhannaí agus bearta eile chun críche Airteagal 13 agus Airteagal 14

Beidh smachtbhannaí agus bearta eile arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 13 agus ar Airteagal 14 den Rialachán seo.

CAIBIDIL IX

ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 29

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Laistigh de 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimsiún de bhun Airteagal 4(9), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, tuarascáil ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar chomhréireacht na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, mar aon le haon tograí iomchuí. Áireofar sa tuarascáil sin, go háirithe, forléargas ar oibleagáidí tuairiscithe comhchosúla a leagtar síos i dtríú tíortha agus aird á tabhairt ar obair ar an leibhéal idirnáisiúnta. Díreofar sa tuarascáil freisin ar thuairisciú aon idirbheart ábhartha nach n-áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar aon fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh, agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal trédhearcachta oibríochtaí maoinithe urrús.

Chun críocha na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM, laistigh de 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó níos minice i gcás ina dtarlaíonn forbairtí suntasacha sna cleachtais mhargaidh, tuarascáil ar éifeachtúlacht an tuairiscithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin, agus aird á tabhairt ar a oiriúnaí atá tuairisciú aontaobhach, go háirithe maidir le cumhdach agus cáilíocht an tuairiscithe mar aon le laghdú ar thuarascálacha do stórtha trádála, agus ar fhorbairtí suntasacha i gcleachtais sa mhargadh agus ag díriú ar idirbhearta a bhfuil cuspóir nó éifeacht acu atá coibhéiseach le hIMU.

2.   Tar éis obair ar an leibhéal idirnáisiúnta a thabhairt chun críche agus a chur san áireamh, sainaithneofar sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 rioscaí ábhartha maidir le hIMUanna a bheith in úsáid ag institiúidí creidmheasa agus ag cuideachtaí liostaithe agus déanfar anailís iontu ar a oiriúnaí a bheadh sé a fhoráil go ndéanfadh na heintitis sin nochtadh breise ina gcuid tuarascálacha tráthrialta.

3.   Faoin 13 Deireadh Fómhair 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an dul chun cinn maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun na rioscaí a bhaineann le hIMUanna a mhaolú, lena n-áirítear moltaí BCA maidir le caolchorrlaigh d’IMUanna nach ndéantar a imréiteach go lárnach, agus ar a iomchuí atá na moltaí sin do mhargaí an Aontais. Tíolacfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin, mar aon le haon tograí iomchuí.

Chun na críche sin, déanfaidh ÚEUM faoin 13 Deireadh Fómhair 2016, i gcomhar le hÚBE agus le BERS agus aird chuí á tabhairt ar na hiarrachtaí idirnáisiúnta, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle lena ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

an dtarlaíonn méadú suntasach ar luamhánú mar thoradh ar úsáid IMUanna, ar luamhánú é nach dtugtar aghaidh air leis an rialáil atá ann cheana;

(b)

i gcás inarb iomchuí, na roghanna atá ar fáil chun dul i ngleic leis an méadú sin;

(c)

an mbeidh bearta breise ag teastáil chun comhchiogalacht na giarála sin a laghdú.

I dtuarascáil ÚEUM, déanfar tionchar chainníochtúil mholtaí BCA a bhreithniú freisin.

4.   Laistigh de 39 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus laistigh de shé mhí tar éis gach tuarascála uasdátaithe ÚEUM amhail dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a thíolacadh, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le hÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11 go háirithe maidir leis an gceist an bhfuil táillí a gearradh ar stórtha trádála comhréireach i leith láimhdeachas an stóir thrádála lena mbaineann agus an bhfuil siad teoranta do chaiteachas riachtanach ÚEUM a chumhdach go hiomlán maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu chomh maith le haon chostais a aisíoc a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí de bhun Airteagal 9(1).

Chun críocha na dtuarascálacha ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 33 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó níos minice i gcás ina dtugtar athruithe ábhartha ar tháillí isteach, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na táillí a ghearrtar ar na stórtha trádála i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sna tuarascálacha sin, leagfar amach, ar a laghad, na mionsonraí faoi chaiteachas riachtanach ÚEUM maidir le stórtha trádála a chlárú, a aithint agus maoirseacht a dhéanamh orthu, na costais a thabhaigh na húdaráis inniúla agus obair á déanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe, mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí, chomh maith leis na táillí a ghearrtar ar stórtha trádála agus an chomhréireacht atá idir na táillí sin agus láimhdeachas stórtha trádála.

5.   Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhliantúil maidir le méideanna comhiomlána IMUanna de réir chineál an chontrapháirtí agus an idirbhirt ar bhonn sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 4.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus in Airteagal 11(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 12 Eanáir 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus in Airteagal 11(2), a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(4), nó Airteagal 11(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis, arna bhunú le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (28), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

“(7)

ciallaíonn ‘díorthach TAC’ nó ‘conradh díorthach TAC’ conradh díorthach nach ndéantar a fhorghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14), de Threoir 2004/39/CE ná ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 2a den Rialachán seo;”.

(2)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

Cinntí coibhéise chun díorthaigh TAC a shainmhíniú

1.   Chun críocha Airteagal 2(7) den Rialachán seo, measfar margadh tríú tír a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14) de Threoir 2004/39/CE i gcás ina gcomhlíonann sé ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III den Treoir sin agus ina mbeidh sé faoi réir maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach, de réir mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2004/39/CE á gcomhlíonadh ag margadh tríú tír agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach chun críocha mhír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2) den Rialachán seo.

3.   Foilseoidh an Coimisiún agus ÚEUM, ar a láithreán gréasáin, liosta de na margaí sin a meastar iad a bheith coibhéiseach i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta go tréimhsiúil.”.

(3)

In Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:

(a)

ÚEUM;

(b)

ÚBE;

(c)

ÚEÁPC;

(d)

BERS;

(e)

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar na stórtha trádála;

(f)

an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;

(g)

comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear BCE agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (30) á gcomhlíonadh aige;

(h)

na húdaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 75;

(i)

údaráis mhaoirseachta arna sainiú faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

(j)

urrúis ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis ábhartha margaidh a gcumhdaíonn a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach conarthaí, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní foluiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(k)

na húdaráis ábhartha de chuid tríú tíre a rinne comhaontú comhair le hÚEUM, amhail dá dtagraítear in Airteagal 76;

(l)

an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(m)

na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(n)

an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

(o)

údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus údaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;

(p)

na húdaráis inniúla arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo.

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 ón gComhairle lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)."

(31)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12)."

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009,lch. 1)"

(33)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).”"

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Eanáir 2016, cé is moite den mhéid seo a leanas:

(a)

Airteagal 4(1), a mbeidh feidhm aige:

(i)

12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe airgeadais dá dtagraítear i bpointe (3)(a) agus (b) d’Airteagal 3 agus d’eintitis de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe (3)(i) d’Airteagal 3 a mbeadh údarú nó clárú uathu i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (3)(a) agus (b) d’Airteagal 3 dá mba rud é go raibh siad bunaithe san Aontas;

(ii)

15 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe airgeadais dá dtagraítear i bpointí (3)(g) agus (h) d’Airteagal 3 agus d’eintitis de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe 3(i) d’Airteagal 3 a mbeadh údarú nó clárú uathu i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointí (3)(g) agus (h) d’Airteagal 3) dá mba rud é go raibh siad bunaithe san Aontas;

(iii)

18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe airgeadais dá dtagraítear i bpointe (3)(c) go 3(f) d’Airteagal 3 agus d’eintitis de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe (3)(i) d’Airteagal 3 a mbeadh údarú nó clárú uathu i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointí (3)(c) go (f) d’Airteagal 3) dá mba rud é go raibh siad bunaithe san Aontas; agus

(iv)

21 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe neamhairgeadais;

(b)

Airteagal 13, a mbeidh feidhm aige ón 13 Eanáir 2017;

(c)

Airteagal 14, a mbeidh feidhm aige ón 13 Iúil 2017 i gcás gnóthas comhinfheistíochta atá faoi réir Threoir 2009/65/CE nó faoi réir Threoir 2011/61/AE arna gcur ar bun roimh an 12 Eanáir 2016;

(d)

Airteagal 15, a mbeidh feidhm aige ón 13 Iúil 2016, lena n-áirítear le haghaidh socruithe comhthaobhachta atá i bhfeidhm ar an dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Samhain 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  IO C 336, 26.9.2014, lch. 5.

(2)  IO C 451, 16.12.2014, lch. 59.

(3)  IO C 271, 19.8.2014, lch. 87.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Samhain 2015.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(11)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(12)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(13)  Treoir 2002/47/CÉ ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  IO C 328, 20.9.2014, lch. 3.

(16)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(17)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(18)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(19)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárchais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(20)  Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le TLUanna agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta i dtaca le taifid a choimeád, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí sainithe chun críche na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).

(23)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis bhliantúla airgeadais, le ráitis chomhdhlúite airgeadais agus le tuarascálacha gaolmhara ar chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(24)  Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

(26)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/CE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(28)  Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Cuid A —   An fhaisnéis atá le soláthar i dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla GCUI agus i dtuarascáil bhliantúil CIM

Sonraí foriomlána:

Méid na n-urrús agus na dtráchtearraí atá ar iasacht mar chion de na sócmhainní iomlána atá intugtha ar iasacht á sainmhíniú gan airgead tirim ná airgead coibhéiseach san áireamh;

Méid na sócmhainní a sannadh do gach cineál IMU agus do bhabhtálacha an toraidh iomláin agus iad á sloinneadh mar mhéid iomlán (in airgeadra an ghnóthais chomhinfheistíochta) agus mar chion de shócmhainní an ghnóthais chomhinfheistíochta atá faoi bhainistíocht (SFB).

Sonraí maidir le comhchruinniú:

Na deich n-eisitheoirí comhthaobhachta is mó ó as measc na hIMUanna uile agus babhtálacha uile an toraidh iomláin (miondealú ar líon na n-urrús comhthaobhach agus na dtráchtearraí a fuarthas in aghaidh ainm an eisitheora);

Na deich gcontrapháirtithe is tábhachtaí le haghaidh gach cineál IMU agus bhabhtálacha an toraidh iomláin ar leithligh (Ainm an chontrapháirtí agus ollmhéid na n-idirbheart atá amuigh).

Sonraí na n-idirbheart comhiomlán do gach cineál IMU agus do bhabhtálacha an toraidh iomláin ar leithligh le miondealú de réir na gcatagóirí thíos:

Cineál agus cáilíocht na comhthaobhachta;

Grád aibíochta na comhthaobhachta á mhiondealú faoi na tráinsí aibíochta seo a leanas: níos lú ná lá amháin, lá amháin go seachtain amháin, seachtain amháin go mí amháin, mí amháin go trí mhí, trí mhí go bliain amháin, níos mó ná bliain amháin, aibíocht oscailte;

Airgeadra na comhthaobhachta;

Grád aibíochta na hIMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin á miondealú faoi na tráinsí aibíochta seo a leanas: níos lú ná lá amháin, lá amháin go seachtain amháin, seachtain amháin go mí amháin, mí amháin go trí mhí, trí mhí go bliain amháin, níos mó ná bliain amháin, idirbhearta oscailte;

An tír ina bhfuil na contrapháirtithe bunaithe;

Socrú agus imréiteach (e.g., trípháirteach, Contrapháirtí Lárnach, déthaobhach).

Sonraí maidir le comhthaobhacht a athúsáid:

An sciar den chomhthaobhacht a fuarthas a dhéantar a athúsáid, i gcomparáid leis an uasmhéid atá sonraithe sa réamheolaire nó sa nochtadh d’infheisteoirí;

Torthaí athinfheistíochta comhthaobhachta in airgead tirim don ghnóthas comhinfheistíochta.

Cumhdach na comhthaobhachta arna fáil ag an ngnóthas comhinfheistíochta mar chuid d’IMUanna agus de bhabhtálacha an toraidh iomláin

Líon agus ainmneacha na dtaisceánach agus méid na sócmhainní comhthaobhachta atá á gcumhdach ag gach ceann díobh

Cumhdach na comhthaobhachta arna tabhairt ag an ngnóthas comhinfheistíochta mar chuid d’IMUanna agus de bhabhtálacha an toraidh iomláin

An cion den chomhthaobhacht atá i gcuntais leithscartha nó i gcuntais chomhthiomsaithe, nó in aon chuntais eile

Sonraí maidir le fáltais agus costas i dtaca le gach cineál IMU agus le babhtálacha an toraidh iomláin á miondealú idir an gnóthas comhinfheistíochta, bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta agus tríú páirtithe (e.g. an gníomhaí a thugann an iasacht) i dtéarmaí iomlána agus mar chéatadán de na fáltais fhoriomlána a ghineann an cineál sin IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin

Cuid B —   An fhaisnéis atá le cur sa Réamheolaire i gcás GCUI agus sa nochtadh réamhchonarthach d’infheisteoirí i gcás CIM:

Tuairisc ghinearálta ar na hIMUanna agus ar bhabhtálacha an toraidh iomláin atá in úsáid ag an gnóthas comhinfheistíochta agus an réasúnaíocht dá n-úsáid

Na sonraí foriomlána nach mór tuairisciú a dhéanamh orthu maidir le gach cineál IMU agus babhtáil an toraidh iomláin

Na cineálacha sócmhainní is féidir a bheith faoina réir

An cion uasta SFB is féidir a bheith faoina réir

An cion ionchasach de SFB a bheidh faoi réir gach ceann díobh

Na critéir a úsáideadh chun contrapháirtithe a roghnú (lena n-áirítear stádas dlíthiúil, tír thionscnaimh, íosrátáil chreidmheasa)

Comhthaobhacht inghlactha: tuairisc ar chomhthaobhacht inghlactha maidir leis na cineálacha sócmhainní, an t-eisitheoir, an aibíocht, an leachtacht chomh maith leis na polasaithe éagsúlaithe comhthaobhachta agus na polasaithe comhghaolmhaireachta.

Luacháil na comhthaobhachta: tuairisc ar an modh a úsáideadh chun an chomhthaobhacht a luacháil agus tuairisc ar an réasúnaíocht a bhí leis, agus an mbaintear úsáid as corrlaigh le haghaidh marcáil laethúil ón margadh agus as corrlaigh athrúcháin laethúla.

Bainistiú riosca: tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le hIMUanna agus le babhtálacha an toraidh iomláin, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le bainistiú na comhthaobhachta, amhail rioscaí i dtaca le hoibríocht, le leachtacht, le contrapháirtithe, le coimeád agus leis an dlí, agus leis na rioscaí a eascraíonn, i gcás inarb infheidhme, as athúsáid.

Sonraíocht faoin gcaoi a gcumhdaítear sócmhainní atá faoi réir IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin agus comhthaobhacht a fuarthas (e.g. le taisceánach an chiste).

Sonraíocht faoi aon sriantaí (rialála nó féin-fhorchurtha) atá ar athúsáid na comhthaobhachta.

An polasaí maidir le torthaí a ghineann IMUanna agus ó bhabhtálacha an toraidh iomláin a roinnt: tuairisc ar chodanna an ioncaim a ghineann IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin a chuirtear ar ais ghnóthas comhinfheistíochta, agus tuairisc ar na costais agus na táillí a shanntar don bhainisteoir nó do thríú páirtithe (e.g. an gníomhaí a thugann an iasacht). Cuirfear in iúl sa réamheolaire nó sa nochtadh d’infheisteoirí freisin an bhfuil gaol idir na páirtithe sin agus an bainisteoir.