ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
5 Meitheamh 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta

19

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ( IO L 199, 31.7.2007 )

73

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 141 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

5.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/847 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2015

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is féidir le sreafaí airgid neamhdhleathaigh a chuirtear i gcúrsaíocht trí aistrithe cistí dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina bhagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus don fhorbairt idirnáisiúnta. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. D'fhéadfaí fóntacht, sláine agus cobhsaíocht an chórais trína n-aistrítear cistí mar aon leis an muinín as an gcóras airgeadais sin ar fad a chur i mbaol de dheasca iarrachtaí ó choirpigh agus a gcomhpháirtithe bréagriocht a chur ar fhoinse a gcuid fáltas ó choireacht nó cistí a aistriú le haghaidh gníomhaíochtaí coiriúla nó chun críocha sceimhlitheoireachta.

(2)

D'fhonn a gcuid gníomhaíochtaí coiriúla a éascú, is dóigh go ndéanfaidh lucht sciúrtha airgid agus maoinitheoirí sceimhlitheoireachta iarracht buntáiste a bhaint as an tsaoirse i ngluaiseachtaí caipitil laistigh de limistéar comhtháite airgeadais an Aontais, mura nglactar bearta comhordaithe áirithe ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm leis an gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimse an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus le cur chun feidhme domhanda a chuid moltaí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc le linn cistí a aistriú.

(3)

Mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta a bheidh le déanamh, ba cheart go n-áiritheodh an tAontas go ndéanfaí na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”) agus, go háirithe, Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge (“Moladh 16 de chuid FATF”), agus an nóta léirithe athbhreithnithe maidir lena chur chun feidhme a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú nó neamhréiteach ann idir íocaíochtaí náisiúnta laistigh de Bhallstát, ar thaobh amháin, agus íocaíochtaí trasteorann idir Ballstáit, ar an taobh eile. Maidir le gníomhaíocht neamh-chomhordaithe ag Ballstáit ag gníomhú uathu féin i réimse na n-aistrithe trasteorann cistí, d'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aici ar fheidhmiú rianúil córas íocaíochta ar leibhéal an Aontais agus dá bhrí sin d'fhéadfaidís dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.

(4)

D'fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart d'aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, eadhon na Moltaí leasaithe de chuid FATF.

(5)

Is modhanna ábhartha agus éifeachtacha iad cur chun feidhme agus forghníomhú an Rialacháin seo, lena n-áirítear Moladh 16 de chuid FATF, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

(6)

Níl an Rialachán seo ceaptha chun ualaí nó costais nach bhfuil gá leo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta ná ar dhaoine a úsáideann a gcuid seirbhísí. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh an cur chuige coisctheach spriocdhírithe agus comhréireach agus ba cheart go ndéanfadh sé saorghluaiseacht an chaipitil, ar ní é a ráthaítear ar fud an Aontais, a chomhlíonadh go hiomlán.

(7)

Taispeánadh i Straitéis Leasaithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta, an 17 Iúil 2008 (“An Straitéis Athbhreithnithe”), nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus chun rialú a dhéanamh ar sceimhlitheoirí amhrasta d'úsáid a gcuid acmhainní féin. Aithnítear go bhfuil FATF de shíor ag iarraidh a Mholtaí a fheabhsú agus go bhfuil sé ag oibriú i dtreo chomhthuiscint maidir leis an mbealach ina bhféadfar na Moltaí sin a chur i bhfeidhm. Tugtar dá n-aire i Straitéis Athbhreithnithe FATF Athbhreithnithe go ndéanann gach ball de FATF agus gach ball d'eagrais réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF measúnú ar bhonn rialta ar chur chun feidhme na Moltaí Athbhreithnithe, agus go bhfuil cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme tábhachtach dá bhrí sin.

(8)

D'fhonn maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, rinneadh bearta arb e is cuspóir dóibh cistí agus acmhainní geilleagracha daoine, grúpaí agus eintiteas áirithe a chalcadh, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle (3), Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle (5). Chun na críche céanna sin, rinneadh bearta eile arb e is cuspóir dóibh an córas airgeadais a chosaint i gcoinne aistriú cistí agus acmhainní geilleagracha chun críocha sceimhlitheoireachta freisin. Tá roinnt beart den sórt sin i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ní éiríonn go hiomlán leis na bearta sin, áfach, sceimhlitheoirí nó coirpigh eile a chosc ó rochtain a fháil ar chórais íocaíochta chun a gcistí a aistriú.

(9)

Is féidir inrianaitheacht iomlán i ndáil le haistrithe cistí a bheith ina huirlis an-tábhachtach agus an-luachmhar chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, agus chun bearta sriantacha a chur chun feidhme, go háirithe na cinn a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 agus le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, agus na rialacháin Aontais lena gcuirtear bearta den sórt sin chun feidhme á gcomhlíonadh ina n-iomláine. Dá bhrí sin, tá sé oiriúnach a áirithiú go dtarchuirfí faisnéis fad an tslabhra íocaíochta, foráil a dhéanamh maidir le córas lena gcuirtear ceangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta go ngabhfadh faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí le haistrithe cistí.

(10)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na bearta sriantacha a fhorchuirtear leis na Rialacháin a bhunaítear ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, amhail Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, a fhéadann a cheangal go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta na n-íocóirí agus na n-íocaithe, chomh maith le soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha, an beart iomchuí le cistí áirithe a chalcadh nó go gcomhlíonfaidh siad na srianta sonracha a bhaineann le haistrithe cistí áirithe.

(11)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin gan dochar don reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a thrasuí. Mar shampla, níor cheart tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bailíodh chun críocha an Rialacháin seo ar bhealach nach mbeadh ag luí le Treoir 95/46/CE. Ba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críocha tráchtála. Aithníonn na Ballstáit go léir gur foras leasa phoiblí tábhachtach é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart aistriú sonraí pearsanta go tríú tír nach n-áirithítear leibhéal leordhóthanach cosanta inti i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 95/46/CE a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 26 de. Maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta a fheidhmíonn i roinnt dlínsí a bhfuil craobhacha nó fochuideachtaí acu atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, tá sé tábhachtach nach gcuirfí cosc orthu sonraí faoi idirbhearta amhrasacha laistigh den eagraíocht chéanna a aistriú, ar an gcoinníoll go gcuireann siad cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí agus ag na soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha chun sonraí pearsanta a chosaint i gcoinne caillteanas tionóisceach, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain neamhúdaraithe.

(12)

Maidir le daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a mhalartú ina sonraí leictreonacha agus atá ag gníomhú faoi chonradh le soláthraí seirbhíse íocaíochta agus maidir le daoine nach gcuireann ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur ar fáil do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta nó nach gcuireann ach córais imréitigh agus socraíochta ar fáil dóibh, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(13)

Maidir le haistrithe cistí a chomhfhreagraíonn do sheirbhísí dá dtagraítear i bpointí (a) go (m) agus i bpointe (o) d'Airteagal 3 de Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is iomchuí freisin aistrithe cistí ar beag an baol leo go ndéanfar airgead a sciúradh nó an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go gcumhdófaí le heisiaimh den sórt sin cártaí íocaíochta, ionstraimí airgid leictreonaigh, fóin phóca nó feistí digiteacha nó teicneolaíochta faisnéise (TF) eile atá réamhíoctha nó iaríoctha a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, i gcás ina mbaintear feidhm astu go heisiach le hearraí nó seirbhísí a cheannach agus gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste le gach aistriú. Maidir le cárta íocaíochta, ionstraim airgid leictreonaigh, fón póca nó aon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, a úsáid chun aistriú cistí duine-go-duine a dhéanamh, tagann an méid sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áfach. Ina theannta sin, maidir le haistarraingtí ó Uathmheaisín Bainc (ATM), íocaíochtaí cánach, fíneálacha nó tobhaigh eile, aistrithe cistí a dhéantar trí íomhánna seice a mhalartú, lena n-áirítear seiceanna teasctha, nó billí malairte, agus aistrithe cistí nuair is soláthraithe seirbhíse íocaíochta iad an t-íocóir agus an t-íocaí araon ag feidhmiú thar a gceann féin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

D'fhonn léiriú a thabhairt ar shaintréithe na gcóras náisiúnta íocaíochta, ar choinníoll go bhfuil sé indéanta an t-aistriú cistí a rianú ar ais go dtí an t-íocóir i gcónaí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann aistrithe cistí baile áirithe a bhfuil luach íseal ag gabháil leo, lena n-áirítear íocaíochtaí gíoró leictreonacha, a úsáidtear le hearraí nó seirbhísí a cheannach, a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(15)

Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse íocaíochta a áirithiú nach bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir ná faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán.

(16)

Ionas nach mbainfí ó éifeachtúlacht na gcóras íocaíochtaí, agus d'fhonn an riosca go mbrúfaí idirbhearta faoi thalamh de thoradh ceanglas aitheantais ródhian a chothromú leis an mbagairt fhéideartha sceimhlitheoireachta ó mhion-aistrithe cistí, níor cheart an oibleagáid maidir le cruinneas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a sheiceáil a fhorchur, i gcás aistrithe cistí nach ndearnadh a fhíorú, ach amháin i gcás aistrithe aonair cistí os cionn EUR 1 000, ach ba cheart an oibleagáid maidir le cruinneas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a sheiceáil a fhorchur, mura rud é go ndealraíonn sé go bhfuil an t-aistriú nasctha le haistrithe cistí eile a bheadh os cionn EUR 1 000 lena chéile, i gcás ina bhfuarthas na cistí nó inar íocadh amach iad in airgead tirim nó in airgead leictreonach gan ainm, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith i ndrochamhras gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta

(17)

I gcás aistrithe cistí ó chuntas ina meastar fíorú a bheith déanta, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí a ghabhann le gach aistriú cistí a fhíorú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos faoi Threoir (AE) 2015/849.

(18)

I bhfianaise gníomhartha reachtacha an Aontais i dtaca le seirbhísí íocaíochta, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Treoir 2007/64/CE, ba cheart gur leor foráil a dhéanamh gur faisnéis shimplithe agus í sin amháin a bheadh i dteannta aistrithe cistí laistigh den Aontas, amhail an uimhir chuntais íocaíochta/na huimhreacha cuntais íocaíochta nó aitheantóir idirbhirt uathúil.

(19)

Ionas go bhféadfaidh na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha foinse na gcistí a úsáidtear chun na gcríoch sin a rianú, ba cheart faisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí a bheith ag gabháil le haistrithe cistí ón Aontas amach as an Aontas. Níor cheart rochtain ar fhaisnéis iomlán faoin íocóir ná faoin íocaí a thabhairt do na húdaráis sin ach amháin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath.

(20)

Údaráis Ballstáit atá freagrach as sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus na gníomhaireachtaí breithiúnacha ábhartha agus gníomhaireachtaí ábhartha um fhorghníomhú an dlí sna Ballstáit, ba cheart dóibh comhar a threisiú lena chéile agus le húdaráis ábhartha tríú tíortha, lena n-áirítear i dtíortha i mbéal a bhforbartha, d'fhonn an trédhearcacht, roinnt na faisnéise agus na gcleachtas is fearr a neartú tuilleadh.

(21)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cistí ó íocóir aonair chuig roinnt íocaithe a bheidh le cur i mbaisc chomhaid ina mbeidh aistrithe aonair ón Aontas go lasmuigh den Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh chun nach mbeidh ach uimhir chuntais íocaíochta an íocaí nó an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ar aistrithe aonair den sórt sin, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán maidir leis an íocaí, ar an gcoinníoll go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí sa bhaisc chomhaid a fhíorófar le haghaidh cruinnis agus go mbeidh an fhaisnéis iomlán maidir leis an íocaí iomlán inrianaithe.

(22)

Ar mhaithe le seiceáil an bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí ag gabháil le haistrithe cistí, agus mar chuidiú le hidirbhearta amhrasacha a aithint, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach chun a bhrath an bhfuil faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán. Ba cheart iarfhaireachán nó faireachán fíor-ama a áireamh ar na nósanna imeachta sin i gcás inarbh iomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, do na húdaráis inniúla a áirithiú go n-áireoidh na soláthraithe seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis idirbhirt a cheanglaítear leis an aistriú de dhroim sreinge nó leis an teachtaireacht lena mbaineann fad an tslabhra íocaíochta.

(23)

I bhfianaise na bagartha ionchasaí atá ag baint le haistrithe anaithnide go bhféadfar airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh. I gcomhréir leis an gcur chuige riosca-bhunaithe arna fhorbairt ag FATF, is iomchuí spriocdhíriú ar na réimsí lena mbaineann an riosca is airde agus lena mbaineann an riosca is ísle, d'fhonn díriú níos fearr ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh nósanna imeachta éifeachtacha agus riosca-bhunaithe ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach a bhfuil feidhm acu i gcás ina mbeadh an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh, chun go ligfí dóibh a chinneadh an t-aistriú sin a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus go ligfí dóibh a chinneadh cén ghníomhaíocht leantach oiriúnach a bheadh le déanamh.

(24)

Ba cheart do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí agus don soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach faireachas speisialta a dhéanamh, ag measúnú na rioscaí dóibh, nuair a thuigtear do cheachtar acu go bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán agus ba cheart dóibh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na hoibleagáidí um thuairisciú atá leagtha amach i dTreoir (AE) 2015/849 agus le bearta náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a thrasuí.

(25)

Ba cheart go mbeadh feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí a bhfuil faisnéis ina leith faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán gan dochar d'aon oibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha aon aistrithe cistí a fhionraí agus/nó a dhiúltú ar aistrithe iad a sháraíonnforáil de chuid an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.

(26)

D'fhonn cabhrú le soláthraithe seirbhíse íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun cásanna a bhrath ina bhfaigheann siad aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis ar iarraidh nó ina bhfuil faisnéis neamhiomlán faoin íocóir nó faoin íocaí agus chun gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh, ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) anseo feasta, a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), treoirlínte a fhoilsiú.

(27)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta freagairt go pras d'iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ó na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac sa Bhallstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sin bunaithe d'fhonn beart sciobtha a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

(28)

Is é an líon laethanta oibre i mBallstát soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra a chinneann líon na laethanta atá ann le freagairt a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir.

(29)

Ós rud é go bhféadfaidh sé, i gcás imscrúduithe coiriúla, nach mbeifear in ann na sonraí ná na daoine lena mbaineann in idirbheart a shainaithint go ceann míonna, nó blianta fiú, tar éis an aistrithe bhunaidh cistí, agus ionas go mbeifear in ann rochtain a fháil ar an bhfianaise a cheanglaítear i gcomhthéacs imscrúduithe, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta taifid a choimeád ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí go ceann tréimhse ama, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath. Ba cheart nach rachadh an tréimhse sin thar cúig bliana, agus ba cheart go scriosfaí na sonraí pearsanta uile ina dhiaidh sin, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta. Más gá chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mbeart agus ar chomhréireacht an bhirt, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a cheadú, nó a cheangal go leanfaí de, na taifid a choinneáil go ceann tréimhse bhreise nach faide ná cúig bliana, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus i ndáil le himeachtaí dlíthiúla leanúnacha.

(30)

Chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a fheabhsú agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar teideal “Atreisiú córas smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais”, ba cheart go bhfeabhsófaí an chumhacht chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus na cumhachtaí atá ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin, ag cur san áireamh a thábhachtaí is atá an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do Bhallstáit smachtbhannaí agus bearta a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM (ÚEManna).

(31)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Caibidil V den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(32)

Tá roinnt tíortha agus críoch nach bhfuil ina gcuid de chríoch an Aontais in aontas airgeadaíochta le Ballstát, ina gcuid de limistéar airgeadra Ballstáit nó tá coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe acu leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air, agus tátá soláthraithe seirbhíse íocaíochta acu a bhíonn rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin. Ionas nach mbeidh mórthionchar diúltach ar gheilleagair na dtíortha nó na gcríoch sin i ngeall ar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le haistrithe cistí idir na Ballstáit lena mbaineann agus na tíortha nó na críocha sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaí déileáil haistrithe cistí den chineál sin mar aistrithe cistí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann.

(33)

I bhfianaise líon na leasuithe ba ghá a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) de bhun an Rialacháin seo, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm, ar mhaithe le soiléire.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(35)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

(36)

Chun tabhairt isteach rianúil an chreata nua i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a áirithiú, is iomchuí gurb ionann dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an spriocdháta do thrasuí Threoir (AE) 2015/849.

(37)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus thug sé tuairim uaidh an 4 Iúil 2013 (17),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos rialacha leis an Rialachán seo maidir le faisnéis faoi íocóirí agus faoi íocaaithe a ghabhann le haistriú cistí, in aon airgeadra, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na soláthraithe seirbhíse íocaíochta a bhfuil baint acu le haistriú cistí bunaithe san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí, in aon airgeadra, a sheolfaidh nó a gheobhaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta nó soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach atá bunaithe san Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointí (a) go (m) nó (o) d'Airteagal 3 de Threoir 2007/64/CE.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim airgid leictreonaigh, ná le haon fón póca ná feiste dhigiteach ná teicneolaíochta faisnéise eile, atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

úsáidtear an cárta, an ionstraim nó an fheiste sin go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí; agus

(b)

gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste thuasluaite le gach aistriú a thiocfaidh ón idirbheart.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás ina n-úsáidtear cárta íocaíochta, ionstraim airgid leictreonaigh nó fón póca, nó aon fheiste dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí ó dhuine go duine a dhéanamh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar bun acu seachas doiciméid pháipéir a iompú ina sonraí leictreonacha agus a dhéanann amhlaidh de bhun chonradh le soláthraí seirbhíse íocaíochta ná maidir le daoine arb í an aon ghníomhaíocht atá ar bun acu córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur nó córais imréitigh agus socraíochta a sholáthar do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na haistrithe cistí seo a leanas:

(a)

aistrithe cistí lena ndéanann an t-íocóir airgead tirim a aistharraingt óna c(h)untas íocaíochta féin;

(b)

aistrithe cistí lena ndéantar cistí a aistriú chuig údarás poiblí mar íocaíocht ar chánacha, ar fhíneálacha nó ar thobhaigh eile laistigh de Bhallstát;

(c)

aistrithe cistí i gcás inar soláthraithe seirbhíse íocaíochta iad an t-íocóir agus an t-íocaí araon atá ag gníomhú thar a gceann féin;

(d)

aistrithe cistí a dhéantar trí íomhánna seice a mhalartú, lena n-áirítear seiceanna teasctha.

5.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aistrithe cistí laistigh dá chríoch chuig cuntas íocaíochta íocóra lena gceadófar íocaíocht go heisiach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí faoi réir Threoir (AE) 2015/849;

(b)

tá soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí in ann, trí bhíthin aitheantóir idirbhirt uathúil, an t-aistriú cistí ón duine a bhfuil comhaontú aige leis an íocaí chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, a rianú siar tríd an íocaí;

(c)

ní mó méid an aistrithe cistí ná EUR 1 000.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “maoiniú sceimhlitheoireachta” maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(4) de Threoir (AE) 2015/849;

(2)

ciallaíonn “sciúradh airgid” na gníomhaíochtaí sciúrtha airgid dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir (AE) 2015/849;

(3)

ciallaíonn “íocóir” duine ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn aistriú cistí ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine a thugann ordú aistrithe cistí;

(4)

ciallaíonn “íocaí” duine atá ceaptha an t-aistriú cistí a fháil;

(5)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” na catagóirí soláthraí seirbhíse íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE, daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thairbhíonn de tharscaoileadh de bhun Airteagal 26 den Treoir sin agus daoine dlítheanacha a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 9 de Threoir 2009/110/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena soláthraítear seirbhísí aistrithe cistí;

(6)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach” soláthraí seirbhíse íocaíochta, nach soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ná an íocaí é, a fhaigheann agus a sheachadann aistriú cistí thar ceann sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí nó thar ceann soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach eile;

(7)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir 2007/64/CE;

(8)

ciallaíonn “cistí” cistí mar a shainmhínítear iad i bpointe (15) d'Airteagal 4 de Threoir 2007/64/CE;

(9)

ciallaíonn “aistriú cistí” aon idirbheart a dhéantar ar a laghad go páirteach trí mhodhanna leictreonacha thar ceann íocóra trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta, d'fhonn cistí a chur ar fáil d'íocaí trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta, beag beann arb é an t-íocóir agus an t-íocaí an duine céanna agus beag beann arb é soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an duine céanna, lena n-áirítear:

(a)

aistriú creidmheasa mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;

(b)

dochar díreach, mar a shainítear é i bpointe (2) Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;

(c)

seoltán airgid mar a shainmhínítear é i bpointe (13) d'Airteagal 4 de Threoir 2007/64/CE, cibé an seoltán náisiúnta nó trasteorann é;

(d)

aistriú cistí a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim airgid leictreonaigh, nó le fón póca, nó le feiste dhigiteach nó TF eile, atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu;

(10)

ciallaíonn “aistriú baisc-chomhaid” beart aistrithe éagsúla aonair cistí arna gcur le chéile le haghaidh seachadadh;

(11)

ciallaíonn “aitheantóir idirbhirt uathúil” teaglam de litreacha, d'uimhreacha nó de shiombailí arna chinneadh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcomhréir le prótacail na gcóras socraíochta agus íocaíochta nó na gcóras teachtaireachtaí a úsáidtear chun na cistí a aistriú, lenar féidir an t-idirbheart a rianú siar go dtí an t-íocóir agus an t-íocaí;

(12)

ciallaíonn “aistriú cistí ó dhuine go duine” idirbheart idir daoine nádúrtha, ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí, chun críocha eile seachas trádáil, gnó nó gairm bheatha.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ AR SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSE ÍOCAÍOCHTA

ROINN 1

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra

Airteagal 4

Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

1.   Áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir leis na haistrithe cistí:

(a)

ainm an íocóra;

(b)

uimhir chuntais íocaíochta an íocóra; agus

(c)

seoladh, uimhir dhoiciméad phearsanta oifigiúil, uimhir aitheantais chustaiméara, nó áit bhreithe agus dáta breithe an íocóra.

2.   Áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocaí le haistrithe cistí:

(a)

ainm an íocaí; agus

(b)

uimhir chuntais íocaíochta an íocaí.

3.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1 agus phointe (b) de mhír 2, i gcás aistrithe nach ndéantar ó chuntas nó chuig cuntas íocaíochta, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí go bhfuil aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis an aistriú cistí in ionad uimhir (uimhreacha) an chuntais íocaíochta.

4.   Sula n-aistreoidh sé na cistí, áiritheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

5.   Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 4 a bheith déanta sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil céannacht íocóra fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin; nó

(b)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir 2015/849 maidir leis an íocóir.

6.   Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, ní dhéanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra aon aistriú cistí a fhorghníomhú sula ndéanfaidh sé a áirithiú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh ina n-iomláine.

Airteagal 5

Aistrithe cistí laistigh den Aontas

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta uile a bhfuil baint acu leis an slabhra íocaíochta bunaithe san Aontas, beidh uimhir chuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí araon, nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil, ar a laghad, ag gabháil leis an aistriú cistí gan dochar, i gcás inarb infheidhme, do na ceanglais faisnéise a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh 260/2012.

2.   D'ainneoin mhír 1, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, laistigh de thrí lá oibre ó iarraidh ar fhaisnéis a fháil, ar iarraidh ó sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó ón soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach, an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

le haghaidh aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí i gcomhréir le hAirteagal 4,

(b)

d'aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus nach ndealraíonn a bheith nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad, agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, ar a laghad:

(i)

ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus

(ii)

uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil.

3.   De mhaolú ar Airteagal 4(4), i gcás aistrithe cistí dá dtagraítear i mír 2(b) den Airteagal seo, ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an fhaisnéis a fhíorú, ar faisnéis í a bhaineann leis an íocóir, ach amháin:

(a)

i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)

i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra chun drochamhras a bheith air gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

Airteagal 6

Aistrithe cistí amach as an Aontas

1.   Maidir le haistriú baisc-chomhaid ó íocóir aonair i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta na n-íocaithe bunaithe lasmuigh den Aontas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(1) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil san aistriú baisc-chomhaid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 (1), (2) agus (3), gur fíoraíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus (5), agus go bhfuil uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), go bhfuil an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ar na haistrithe aonair.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), agus, i gcás inarb iomchuí, gan dochar don fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, is é a bheidh ag gabháil le haistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, an méid seo a leanas ar laghad:

(a)

ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus

(b)

uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil.

De mhaolú ar Airteagal 4(4), ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a bhaineann leis an íocóir, a fhíorú ach amháin:

(a)

i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)

i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra chun drochamhras a bheith air gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

ROINN 2

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra

Airteagal 7

Faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath

1.   Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun na cistí a aistriú, líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n-úsáid.

2.   Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, faireachán ex-post nó faireachán fíor-ama, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir agus faoin íocaí ar iarraidh:

(a)

le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)

le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2).

(c)

le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.

3.   I gcás aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, sula ndéanfaidh sé iad a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí cruinneas na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann leis an íocaí, a fhíorú ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a bheidh faighte ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 69 agus in Airteagal 70 de Threoir 2007/64/CE.

4.   I gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, ní gá do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí cruinneas na faisnéise a bhaineann leis an íocaí a fhíorú, ach amháin:

(a)

i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí na cistí a íoc amach in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)

i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí chun drochmahras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

5.   Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a bheith déanta:

(a)

i gcás ina bhfuil céannacht íocaí fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus go bhfuil an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin stóráilte i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin; nó

(b)

i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an íocaí.

Airteagal 8

Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh nó neamhiomlán

1.   Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú cistí ina bhfuil an fhaisnéis iomlán a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a ghlacadh.

I gcás ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí amach, agus é ag fáil aistrithe cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2), Airteagal 5(1)nó Airteagal 6 ar iarraidh nó neamhiomlán, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus na carachtair nó na hionchuir atá inghlactha faoi chleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á n-úsáid, diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí, sula ndéanfaidh sé na cistí a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, ar bhonn riosca-íogair.

2.   I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhíse íocaíochta arís agus arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bearta, agus d'fhéadfaí a áireamh air sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndiúltóidh sé aon aistrithe cistí ina dhiaidh sin ón soláthraí seirbhíse íocaíochta sin nó sula ndéanfaidh sé a chaidreamh gnó leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí tuairisc faoin mhainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le frith-sciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta.

Airteagal 9

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá ar iarraidh nó neamhiomlán san áireamh le linn dó measúnú á dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú chuig an Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

ROINN 3

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha

Airteagal 10

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a choinneáil leis an aistriú

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirghabhálacha go gcoinneofar an fhaisnéis ar fad a fuarthas faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann le haistriú cistí leis an aistriú.

Airteagal 11

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá ar iarraidh a bhrath

1.   Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun na cistí a aistriú líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n-úsáid.

2.   Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, faireachán ex-post nó faireachán fíor-ama, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh:

(a)

le haghaidh aistrithe cistí, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)

le haghaidh aistrithe cistí, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2);

(c)

le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra nó an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.

Airteagal 12

Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí ar iarraidh

1.   Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe i bhfeidhm atá bunaithe ar an riosca chun a chinneadh aistriú cistí ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a ghlacadh.

I gcás ina bhfaigheann an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach amach, agus é ag fáil aistrithe cistí, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2), Airteagal 5(1) nó Airteagal 6 ar iarraidh, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á n- úsáid, diúltóidh sé don aistriú nó iarrfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin íocóir agus faoin íocaí, sula ndéantar tarchur aistriú na gcistí nó ina dhiaidh sin, ar bhonn riosca-íogair.

2.   I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhíse íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, glacfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach bearta, agus d'fhéadfaí a áireamh orthu ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndiúltóidh sé aon aistriú cistí ina dhiaidh sin ón soláthraí seirbhíse íocaíochta sin nó sula ndéanfaidh sé a chaidreamh gnó leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta a shrianadh, a theorannú nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach tuairisc faoin mainneachtain sin, agus na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le frith-sciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta.

Airteagal 13

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá ar iarraidh san áireamh le linn dó measúnú á dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sí le tuairisciú chuig AFA i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

CAIBIDIL III

FAISNÉIS, COSAINT SONRAÍ, AGUS TAIFID A CHOIMEÁD

Airteagal 14

Faisnéis a chur ar fáil

Freagróidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta go hiomlán agus gan mhoill, lena n-áirítear trí phointe teagmhála lárnach i gcomhréir le hAirteagal 45(9) de Threoir (AE) 2015/849 i gcás inar ceapadh pointe teagmhála den sórt sin, agus i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta atá leagtha síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, d'fhiosrúcháin a thig go heisiach ó údaráis an Bhallstáit sin atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus achomhrac maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a sholáthar faoin Rialachán seo.

Airteagal 15

Sonraí a chosaint

1.   Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Threoir 95/46/CE, faoi mar a thrasuitear í isteach sa dlí nisiúnta. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáileann an Coimisiún nó na ÚEManna de bhun an Rialacháin seo, tá siad faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.   Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun críocha cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha tráchtála.

3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar de bhun Airteagal 10 de Threoir 95/46/CE a chur ar fáil do chliaint nua sula mbunófar caidreamh gnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, go háirithe, fógra ginearálta faoi na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faoin Rialachán seo agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu chun críocha cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta.

4.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta go n-urramófar rúndacht na sonraí a phróiseáiltear.

Airteagal 16

Taifid a choimeád

1.   Ní dhéanfar faisnéis faoin íocóir ná faoin íocaí a choinneáil níos faide ná mar atá géarghá léi. Coinneoidh soláthraíthe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí taifid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4 go 7 ar feadh thréimhse chúig bliana.

2.   Ar dhul in éag don tréimhse coinneála dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta go ndéantar na sonraí pearsanta a scriosadh, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta, arb é an dlí é lena gcinnfear na cúinsí faoina bhféadfaidh soláththraithe seirbhíse íocaíochta na sonraí a choinneáil tuilleadh nó faoina ndéanfaidh siad na sonraí a choinneáil tuilleadh. Ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse coinneála is faide a cheadú nó a cheangal ach amháin tar éis dóibh measúnú iomlán a dhéanamh ar an ngá le coinneáil tuilleadh den sórt sin agus ar a chomhréireacht, agus i gcás ina measann siad go bhfuil údar le coinneáil tuilleadh den sórt sin chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ní rachaidh an tréimhse coinneála bhreise sin thar chúig bliana.

3.   I gcás ina mbeidh imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh i mBallstát an 25 Meitheamh 2015, ar imeachtaí iad a bhaineann le sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus i gcás ina bhfuil faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí sin ar feitheamh i seilbh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta, féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis sin nó na doiciméid sin a choinneáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar feadh tréimhse cúig bliana ón 25 Meitheamh 2015. Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit coinneáil faisnéise nó sonraí den sórt sin a cheadú nó a cheangal ar feadh tréimhse bhreise chúig bliana, i gcás inar suíodh gá agus comhréireacht coinneála tuilleadh den sórt sin chun sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

CAIBIDIL IV

SMACHTBHANNAÍ AGUS FAIREACHÁN

Airteagal 17

Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin

1.   Gan dochar don cheart chun foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus chun iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin is infheidhme i leith aon sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá d'fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus beidh siad ar aon dul leis na smachtbhannaí a leagtar síos i gcomhréir le Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir (AE) 2015/849.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin mar gheall ar shárú ar fhorálacha an Rialacháin seo ar forálacha iad atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sin den dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, áiritheoidh na Ballstáit i gcás sáraithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, go bhféadfar smachtbhannaí nó bearta a chur i bhfeidhm, faoi réir an dlí náisiúnta, ar bhaill an chomhlachta bainistithe agus ar aon duine dlítheanach eile atá freagrach as an sárú, faoin dlí náisiúnta.

3.   Faoin 26 Meitheamh 2017 tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚEManna faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚEManna gan mhoill faoi aon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 58(4) de Threoir (AE) 2015/849, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú ag na húdaráis inniúla. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 18 ar bhain siad tairbhe astu, agus a rinne aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

cumhacht ionadaíocht a dhéanamh ar an duine dlítheanach;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh; nó

(c)

údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 18 a dhéanamh chun leasa an duine dhlítheanaigh sin, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

7.   Feidhmeoidh údaráis inniúla as a gcuid cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí fheidhm dhíreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trína bhfreagracht a tharmligean d'údaráis eile den sórt sin;

(d)

trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Maidir le feidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile d'fhonn a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

Airteagal 18

Forálacha sonracha

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a smachtbhannaí riaracháin agus ar a mbearta riaracháin ar a laghad na cinn sin a leagtar síos le hAirteagal 59(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 .i gcás na sáruithe seo a leanas ar an Rialachán seo:

(a)

mainneachtain arís is arís eile, nó mainneachtain chórasach, de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a áireamh, de shárú ar Airteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 6;

(b)

mainneachtain arís is arís eile, mainneachtain chórasach nó mainneachtain thromchúiseach de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta taifid a choinneáil, de shárú ar Airteagal 16;

(c)

mainneachtain de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagal 8 nó Airteagal 12;

(d)

mainneachtain thromchúiseach de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta idirghabhálach Airteagal 11 nó Airteagal 12 a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú

I gcomhréir le hAirteagal 60(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849, déanfaidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin a fhorchuirtear sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 17 agus in Airteagal 18 den Rialachán seo a fhoilsiú gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear faisnéis i ndáil le saghas agus le cineál an tsáraithe agus le céannacht na ndaoine atá freagrach as, más rud é gur gá agus gur comhréireach déanamh amhlaidh tar éis meastóireacht de réir an cháis.

Airteagal 20

Na húdaráis inniúla do chur smachtbhannaí nó bearta i bhfeidhm

1.   Agus cineál na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart riaracháin agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid á gcinneadh acu, cuirfidh na húdaráis inniúla na cúinsí ábhartha ar fad san áireamh, lena n-áirítear na cinn sin a liostaítear in Airteagal 60(4) de Threoir (AE) 2015/849,

2.   Maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 62 de Threoir (AE) 2015/849.

Airteagal 21

Sáruithe a thuairisciú

1.   Bunóidh na Ballstáit sásraí éifeachtacha chun go ndéanfaí tuairisciú sáruithe ar an Rialachán seo chuig na húdaráis inniúla a spreagadh.

Maidir leis na sásraí sin, áireofar orthu ar a laghad na cinn dá dtagraítear in Airteagal 61(2) de Threoir (AE) 2015/849.

2.   Déanfaidh na soláthraithe seirbhíse íocaíochta, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a bhunú dá gcuid fostaithe, nó do dhaoine a bhfuil post inchomparáide acu, chun sáruithe a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach slán, neamhspleách, sonrach agus anaithnid, ar bealach é a bheidh comhréireach le cineál agus méid an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta lena mbaineann.

Airteagal 22

Faireachán

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, agus na bearta is gá a dhéanamh d'fhonn an comhlíonadh sin a áirithiú agus spreagfaidh siad tuairisiciú chuig na húdaráis inniúla, trí shásraí éifeachtacha, ar sháruithe ar fhorálacha an Rialachán seo.

2.   I ndiaidh do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus do Chomhchoiste ÚEManna faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 (3), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil IV, agus aird ar leith á díriú ar chásanna trasteorann.

CAIBIDIL V

CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 23

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta (“an Coiste”). Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VI

MAOLUITHE

Airteagal 24

Comhaontuithe le tíortha agus le críocha nach cuid de chríoch an Aontais iad

1.   Féadfaidh an Coimisiún údarás a thabhairt d'aon Bhallstát comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír nó le críoch atá lasmuigh de réim feidhme críochach CAE agus CFAE dá dtagraítear in Airteagal 355 CFAE (an “tír nó an chríoch lena mbaineann”), ar comhaontú é ina bhfuil maoluithe ón Rialachán seo, ionas gur féidir déileáil le haistrithe cistí idir an tír nó an chríoch sin agus an Ballstát lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin.

Ní fhéadfar comhaontuithe den sórt sin a údarú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)

go roinneann an tír nó an chríoch lena mbaineann aontas airgeadaíochta leis an mBallstát lena mbaineann, go bhfuil sí mar chuid de limistéar airgeadra an Bhallstáit sin nó go bhfuil coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe aici leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air;

(b)

go bhfuil na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sa tír nó sa chríoch lena mbaineann rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin; agus

(c)

go gceanglaíonn an tír nó an chríoch lena mbaineann ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta atá faoina dlínse na rialacha céanna leis na rialacha a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.   Ballstát ar mian leis comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích, seolfaidh sé iarraidh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh ar fáil dó.

3.   Ar an gCoimisiún iarraidh den sórt sin a fháil, déileálfar go sealadach le haistrithe cistí idir an Ballstát sin agus an tír nó an chríoch lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin, go dtí go dtiocfar ar chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.   Más rud é, laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil, go measann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann agus sonróidh sé an fhaisnéis bhreise a cheanglaítear.

5.   Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an fhaisnéis ar fad a fháil a mheasann sé is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát iarrthach dá réir sin agus tarchuirfidh sé cóipeanna den iarraidh chuig na Ballstáit eile.

6.   Laistigh de thrí mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a thabhairt, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 23(2), an údaróidh sé don Bhallstát lena mbaineann an comhaontú is ábhar don iarraidh a thabhairt i gcrích.

Déanfaidh an Coimisiún, in aon chás, cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh laistigh de 18 mí ón iarraidh a fháil.

7.   Faoin 26 Márta 2017, na Ballstáit ar údaraíodh dóibh comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tír nó le críoch lena mbaineann de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2012/43/AE ón gCoimisiún (19), Chinneadh 2010/259/CÉ ón gCoimisiún (20), Chinneadh 2009/853/CE ón gCoimisiún (21) nó Chinneadh 2008/982/CE ón gCoimisiún (22), cuirfidh siad an fhaisnéis uasdhátaithe ar fáil don Choimisiún is gá chun breithmheas a dhéanamh faoi phointe (c) den dara fomhír de mhír 1.

Laistigh de thrí mhí ón bhfaisnéis sin a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear ar fáil chun a áirithiú go ndéanann an tír nó an chríoch lena mbaineann ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faoina dhlínse na rialacha céanna agus na rialacha sin a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Má mheasann an Coimisiún, tar éis an scrúdú sin, nach bhfuil an coinníoll a leagtar síos i bpointe (c) den dara fomhír de mhír 1 á chomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh sé an Cinneadh ábhartha ón gCoimisiún nó an Cinneadh ábhartha Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a aisghairm.

Airteagal 25

Treoirlínte

Faoin 26 Meitheamh 2017, déanfaidh na ÚEManna treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla agus ar na soláthraithe seirbhíse íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, maidir le bearta a bheidh le déanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le hAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 11 agus Airteagal 12 a chur chun feidhme.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 a aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Bealtaine 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 166, 12.6.2013, lch. 2.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 [(nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil] agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Aibreán 2015 [(nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil].

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe d'fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 70).

(4)  Rialachán (CE) Uimh 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 ag forchur bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe atá bainteach le gréasán Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2002, lch. 9).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 maidir le bearta sriantacha sonracha a fhorchur, ar bearta iad atá dírithe i gcoinne daoine, eintiteas nó comhlachtaí nádúrtha nó dlíthiúla áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (IO L 105, 27.4.2010, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (féach leathanach 73 den Iris Oifigiúil seo)

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir le faisnéis faoin íocóir a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 345, 8.12.2006, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(17)  IO C 32, 4.2.2014, lch. 9.

(18)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(19)  Cinneadh chun feidhme 2012/43/AE ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2012 lena n-údaraítear do Ríocht na Danmhairge comhaontuithe a thabhairt i gcrích leis an nGraonlainn agus le hoileáin Faró chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir gach ceann de na críocha sin mar aistrithe laistigh den Danmhairg, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 24, 27.1.2012, lch. 12).

(20)  Cinneadh 2010/259/CE ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2010 lena n-údaraítear do Phoblacht na Fraince comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Prionsacht Mhonacó chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir Phoblacht na Fraince agus Prionsacht Mhonacó mar aistrithe laistigh de Phoblacht na Fraince, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 112, 5.5.2010, lch. 23).

(21)  Cinneadh 2009/853/CE an 26 Samhain 2009 ón gCoimisiún an Bealtaine 2010 lena n-údaraítear do Phoblacht na Fraince comhaontú a thabhairt i gcrích le San Pierre agus Miquelon, Mayotte, An Nua-Chaladóin, Polainéis na Fraince, agus Oileáin Wallis agus Futuna, chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir an Fhrainc agus gach ceann de na críocha sin mar aistrithe laistigh den Fhrainc, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(IO L 312/71, 27.11.2009, lch. 71).

(22)  Cinneadh 2008/982/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena n-údaraítear don Ríocht Aontaithe comhaontú a thabhairt i gcrích le Báillcheantar Gheirsí, Báillcheantar Gheansaí agus Manainn chun go ndéileálfaí le haistrithe cistí idir an Ríocht Aontaithe agus na críocha sin mar aistrithe laistigh den Ríocht Aontaithe, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 352, 31.12.2008, lch. 34).


IARSCRÍBHINN

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 16

Airteagal 12

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagail 17 to 22

Airteagal 16

Airteagal 23

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 26

Airteagal 20

Airteagal 27


5.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

19


RIALACHÁN (AE) 2015/848 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2015

maidir le himeachtaí dócmhainneachta

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2012, ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle (3). Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil go bhfuil an Rialachán ag feidhmiú go maith tríd is tríd ach go mbeadh sé inmhianithe cur i bhfeidhm forálacha áirithe de a fheabhsú d'fhonn riar éifeachtach imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil roinnt leasuithe déanta ar an Rialachán sin agus go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Tá sé curtha mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú.

(3)

Ceanglófar le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh gur cheart imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a oibriú go héifeachtúil agus go héifeachtach. Tá gá leis an Rialachán seo a ghlacadh d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, ar cuspóir é a thagann faoi raon feidhme an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta de réir bhrí Airteagal 81 den Chonradh.

(4)

Tá níos mó agus níos mó éifeachtaí trasteorann ag gníomhaíochtaí gnóthas agus tá siad á rialú níos mó le dlí an Aontais dá bhrí sin. Tá éifeacht ag dócmhainneacht gnóthas den sórt sin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus tá gá le gníomh ón Aontas lena gceanglófar comhar na mbeart a bheidh le glacadh maidir le sócmhainní féichiúnaí dócmhainneach.

(5)

Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, tá sé riachtanach gan dreasachtaí a bheith ag páirtithe sócmhainní nó imeachtaí breithiúnacha a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, féachaint seasamh dlí níos fabhraí a fháil chun dochair na gcreidiúnaithe i gcoitinne (tóraíocht fóram).

(6)

Ba cheart go n-áireofaí sa Rialachán seo forálacha lena rialaítear dlínse maidir le himeachtaí dócmhainneachta agus gníomhaíochtaí a thagann díreach uathu agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo a thionscnamh. Ba cheart forálacha a bheith sa Rialachán freisin maidir le breithiúnais arna n-eisiúint in imeachtaí den sórt sin a aithint agus a fhorghníomhú agus forálacha maidir leis an dlí is infheidhme i leith imeachtaí dócmhainneachta. Ina theannta sin, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le comhordú imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna nó le roinnt ballchuideachtaí sa ghrúpa céanna cuideachtaí.

(7)

Féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin a bhaineann leis na himeachtaí sin, eisiatar iad sin ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart na himeachtaí sin a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart bealaí éalaithe rialála idir an dá ionstraim a sheachaint a oiread is féidir sa léirmhíniú ar an Rialachán seo. Toisc nach liostaítear nós imeachta náisiúnta in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán seo, áfach, níor cheart go dtabharfaí le tuiscint go gcumhdaítear é sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(8)

D'fhonn an aidhm a bhaint amach éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n-imeachtaí dócmhainneachta a bhfuil éifeachtaí trasteorann acu a fheabhsú, tá sé riachtanach agus iomchuí gur cheart na forálacha maidir le dlínse, aitheantas agus an dlí is infheidhme sa réimse seo a choimeád i mbeart de chuid dhlí an Aontais atá ceangailteach agus infheidhme sna Ballstáit.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí dócmhainneachta a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach ann, is cuma cé acu duine nádúrtha nó duine dlítheanach, trádálaí nó duine aonair an féichiúnaí. Tá liosta uileghabhálach de na himeachtaí dócmhainneachta sin in Iarscríbhinn A. Maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta in Iarscríbhinn A, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan aon iniúchadh breise á dhéanamh ag cúirteanna Ballstáit eile maidir le cibé an bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh. Níor cheart nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn A a chumhdach leis an Rialacháin seo.

(10)

Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin imeachtaí lena gcuirtear chun cinn tarrtháil gnóthas anásta ach atá inmharthana go heacnamaíoch agus chun an dara deis a thabhairt d'fhiontraithe. Ba cheart, go háirithe, go gcumhdófaí leis imeachtaí lena bhforáiltear d'athstruchtúrú féichiúnaí ag céim a bhfuil dealraitheacht dócmhainneachta, agus é sin amháin, ann agus d'imeachtaí lena bhfágtar go bhfuil smacht iomlán nó páirteach ag an bhféichiúnaí ar a shócmhainní agus ar a ghnóthaí fós. Ba cheart go gcumhdófaí ann freisin imeachtaí lena bhforáiltear do ghlanadh fiach nó do choigeartú fiach i ndáil le custaiméirí agus daoine féinfhostaithe, mar shampla tríd an tsuim atá le híoc ag an bhféichiúnaí a laghdú nó an tréimhse íocaíochta a thugtar don fheichiúnaí a fhadú. Toisc nach gá go ndéanfaí cleachtóir dócmhainneachta a cheapadh in imeachtaí den sórt sin, ba cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo má bhíonn siad ar siúl faoi rialú nó maoirseacht cúirte. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gcumhdódh an téarma “rialú” cásanna nach ndéanann an chúirt idirghabháil ach tar éis do chreidiúnaí nó do pháirtithe leasmhara eile achomharc a dhéanamh.

(11)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na nósanna imeachta lena ndeonaítear bac sealadach a chur ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe a thionscnaíonn creidiúnaithe aonair, i gcás ina bhféadfadh gníomhaíochtaí den chineál sin droch-thionchar a imirt ar chaibidlíocht agus ina bhféadfaidís cur isteach ar athstruchtúrú ghnó an fhéichiúnaí. Níor cheart, leis na nósanna imeachta sin, go gcuirfí isteach ar na creidiúnaithe i gcoitinne agus murar féidir teacht ar chomhaontú maidir le plean athstruchtúraithe ba cheart iad a chur i bhfeidhm mar réamhchéim roimh nósanna imeachta eile a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(12)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí, a bhfuil a dtionscnamh faoi réir poiblíochta, ionas go mbeadh ar chumas na gcreidiúnaithe bheith ar an eolas faoi na himeachtaí agus a n-éilimh a thaisceadh, agus, ar an mbealach sin, cineál comhchoiteann na n-imeachtaí a áirithiú, agus deis a thabhairt do na creidiúnaithe agóid a dhéanamh in aghaidh dhlínse na cúirte a thionscain na himeachtaí.

(13)

Dá réir sin, ba cheart imeachtaí dócmhainneachta atá faoi rún a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Cé go bhféadann ról tábhachtach a bheith ag imeachtaí den sórt sin i roinnt de na Ballstáit, bheadh sé dodhéanta do chreidiúnaí nó do chúirt atá suite i mBallstát eile a bheith ar an eolas gur tionscnaíodh imeachtaí dá sórt de bharr a nádúr rúnda, agus leis sin bheadh sé deacair foráil a dhéanamh do shainaithint éifeachtaí na n-imeachtaí sin ar fud an Aontais.

(14)

Maidir leis na comhimeachtaí a chumhdaítear leis an Rialacháin seo, ba cheart go n-áiritheofaí na creidiúnaithe uile nó formhór na gcreidiúnaithe a bhfuil fiacha uile nó cion suntasach dá fhiacha gan íoc ag féichiúnaí orthu, ar choinníoll nach ndéanfaí difear d'éilimh na gcreidiúnaithe sin nach bhfuil rannpháirteach sna himeachtaí sin. Ba cheart go gcumhdófaí leis sin freisin imeachtaí nach bhfuil ach baint ag creidiúnaithe airgeadais an fhéichiúnaí leo. Ba cheart gur imeachtaí lena ndírítear ar an bhféichiúnaí a tharrtháil a bheadh sna himeachtaí nach n-áirítear orthu creidiúnaithe uile an fhéichiúnaí. Maidir le himeachtaí a mbíonn scor cinntitheach ghníomhaíochtaí féichiúnaí nó leachtú sócmhainní an fhéichiúnaí mar thoradh orthu, ba cheart go n-áireofaí orthu creidiúnaithe uile an fhéichiúnaí. Ina theannta sin, cé go ndéantar, i roinnt imeachtaí dócmhainneachta do dhaoine nádúrtha, catagóirí sonracha éileamh, amhail éilimh chothabhála, a eisiamh ó aon urscaoileadh féich a d'fhéadfadh a bheith ann, níor cheart a thabhairt le tuiscint nach comhimeachtaí iad na himeachtaí sin.

(15)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le himeachtaí a thionscnaítear, faoi dhlí roinnt Ballstát, agus a stiúrtar ar feadh tréimhse ama áirithe ar bhonn eatramhach nó sealadach sula n-eiseoidh cúirt ordú lena ndeimhnítear leanúint na n-imeachtaí ar bhonn neamheatramhach. Cé go bhfuil an téarma “eatramhach” orthu, ba cheart go gcomhlíonfadh imeachtaí den sórt sin ceanglais eile an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le nósanna imeachta atá bunaithe ar dhlíthe a bhaineann le dócmhainneacht. Níor cheart, áfach, nósanna imeachta atá bunaithe ar dhlí ginearálta na gcuideachtaí ar dlí é nár ceapadh go heisiach le haghaidh cásanna dócmhainneachta a mheas a bheith bunaithe ar dhlíthe a bhaineann le dócmhainneacht. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go gcuirfí san áireamh sa chríoch chun fiach a choigeartú imeachtaí sonracha ina ndéantar na fiacha de dhuine nádúrtha ar ioncam an-íseal agus le luach an-íseal sócmhainne a dhíscríobh, ar choinníoll nach ndéantar foráil in imeachtaí den sórt sin choíche ar chreidiúnaithe a íoc.

(17)

Ba cheart go gcumhdófaí le raon feidhme an Rialacháin seo nósanna imeachta a thionscnaítear de bharr cásanna ina mbeadh deacrachtaí neamh-airgeadais ag an bhféichiúnaí, ar an gcoinníoll go mbagraíonn deacrachtaí den sórt sin ar bhealach nithiúil nó tromchúiseach ar ábaltacht an fhéichiúnaí a chuid fiacha a íoc go hiarbhír nó sa todhchaí de réir mar a bheidh na fiacha sin dlite. Féadfar an tréimhse ama a bheidh ábhartha chun bagairt den chineál sin a chinneadh a fhadú go tréimhse roinnt míonna nó níos faide fós d'fhonn gach cás a chur san áireamh ina mbeadh an féichiúnaí i dtuilleamaí deacrachtaí neamh-airgeadais a bhagraíonn ar stádás a ghnó mar ghnólacht agus, sa mheántéarma, ar a leachtacht. D'fhéadfadh an cás a bheith ann, mar shampla, i gcásanna a chailleann an féichiúnaí conradh atá fíorthábhachtach dó.

(18)

Ba cheart go mbeadh leasú an Rialacháin seo gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair a aisghabháil ó chuideachtaí dócmhainneachta mar a léirmhínigh cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(19)

Imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le gnóthais árachais, institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí, institiúidí nó gnóthais eile a chumhdaítear i dTreoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus gnóthais chomhinfheistíochta, ba cheart iad sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo toisc go bhfuil siad go léir faoi réir socruithe speisialta agus toisc go bhfuil cumhachtaí fairsinge idirghabhála ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

(20)

Ní gá idirghabháil údaráis bhreithiúnaigh a bheith i gceist in imeachtaí dócmhainneachta. Dá bhrí sin, ba cheart ciall leathan a thabhairt, i bhforálacha áirithe, don téarma “cúirt” sa Rialachán seo agus ba cheart go gcuimseodh sé duine nó comhlacht a dtugtar cumhacht dó faoin dlí náisiúnta imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. Le go mbeidh feidhm leis an Rialachán seo, ní hamháin gur cheart go gcomhlíonfadh imeachtaí (rud a chuimsíonn gníomhartha agus foirmiúlachtaí atá leagtha síos sa dlí) forálacha an Rialacháin seo, ach ba cheart go mbeadh aitheantas oifigiúil acu agus éifeacht leo ó thaobh an dlí sa Bhallstát ina ndéantar na himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

(21)

Sainítear cleachtóirí dócmhainneachta sa Rialachán seo agus liostaítear in Iarscríbhinn B iad. Ba cheart cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar gan baint a bheith ag comhlacht breithiúnach, faoin dlí náisiúnta, a rialú agus a údarú go hiomchuí le gníomhú in imeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go bhforálfaí leis an gcreat rialála náisiúnta do shocruithe cuí lena ndéileálfaí le haon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann.

(22)

Aithnítear leis an Rialachán seo nach bhfuil sé praiticiúil de bharr dlíthe substaintiúla atá an-éagsúil imeachtaí dócmhainneachta a thabhairt isteach a mbeadh raon feidhme uilíoch acu ar fud an Aontais. Ina fhianaise sin, is minic a bheadh deacrachtaí ag baint le dlí an stáit ina dtionscnófar imeachtaí a chur i bhfeidhm gan eisceacht. Tá feidhm aige seo, mar shampla, maidir leis na dlíthe náisiúnta atá an-éagsúil óna chéile maidir le leasanna slándála sna Ballstáit. Thairis sin, tá na cearta fabhracha atá ag roinnt creidiúnaithe in imeachtaí dócmhainneachta atá, i roinnt cásanna, go hiomlán éagsúil. Nuair a athbhreithneofar an Rialachán seo arís, beidh gá le bearta breise a shainaithint d'fhonn na cearta fabhracha atá ag fostaithe a fheabhsú ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart don Rialachán seo dlíthe náisiúnta éagsúla den sórt sin a chur san áireamh ar dhá bhealach. Ar thaobh amháin, ba cheart foráil a dhéanamh do rialacha speisialta maidir leis an dlí is infheidhme i gcás cearta an-tábhachtacha agus comhbhaintí dhlíthiúla (m.sh cearta in rem agus conarthaí fostaíochta). Ar an taobh eile, ba cheart go gceadófaí freisin d'imeachtaí náisiúnta lena gclúdaítear sócmhainní atá sa Stát ina ndéantar imeachtaí a thionscnamh, agus iad sin amháin, bheith ar siúl taobh le taobh le himeachtaí dócmhainneachta a mbaineann raon feidhme uilíoch leo.

(23)

Cumasófar leis an Rialachán seo na príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh sa Bhallstát ina a bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí. Baineann raon feidhme uilíoch leis na himeachtaí sin agus tá siad dírithe ar shócmhainní iomlán an fhéichiúnaí. Chun éagsúlacht leasa a chosaint, tá sé ceadaithe leis an Rialachán seo imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh a bheidh ar siúl ag an am céanna is atá na príomhimeachtaí dócmhainneachta. Féadfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an bhféichiúnaí. Tá éifeacht na n-imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha teoranta do na sócmhainní atá lonnaithe sa Stát sin. Freastalaíonn na rialacha éigeantacha maidir le comhar leis na príomhimeachtaí dócmhainneachta an gá atá le haontacht san Aontas.

(24)

I gcás inar tionscnaíodh príomhimeachtaí dócmhainneachta maidir le duine dlítheanach nó cuideachta i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a (h)oifig chláraithe, ba cheart go mbeifí in ann imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh sa Bhallstát ina bhfuil an oifig chláraithe, ar choinníoll go ndéanann an féichiúnaí gníomhaíocht eacnamaíoch trí mhodhanna agus sócmhainní daonna sa Stát sin, i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(25)

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le himeachtaí i ndáil le feichiúnaí a bhfuil a lárionad príomhleasa suite san Aontas.

(26)

Ní bhunaítear leis na rialacha dlínse a leagtar amach sa Rialachán seo ach an dlínse idirnáisiúnta, is é sin le rá go n-ainmnítear leo an Ballstát a bhféadfaidh a chúirteanna imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. Ba cheart dlínse críche laistigh den Bhallstát sin a bhunú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

(27)

Sula ndéanfar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, ba cheart don chúirt inniúil iniúchadh uaithi féin a dhéanamh ar cé acu atá lárionad príomhleasa nó bunaíocht an fhéichiúnaí lonnaithe laistigh dá dlínse go hiarbhír nó nach bhfuil.

(28)

Nuair a dheimhnítear ar áit infhionnta ag tríú páirtithe é lárionad príomhleasa an fheichiúnaí, ba cheart measúnú speisialta a thabhairt do na creidiúnaithe agus dá léargas faoin áit a riarann an féichiúnaí a leasanna. Má athraíonn an lárionad príomhleasanna, na creidiúnaithe ar chur ar an eolas faoin lonnaíocht nua ina ndéanann an féichiúnaí a ghníomhaíochtaí in am trátha, mar shampla trí aird a tharraingt ar athrú an tseolta i gcomhfhreagras tráchtála, nó leis an lonnaíocht nua a fhoilsiú trí bhealaí iomchuí eile.

(29)

Ba cheart go mbeadh roinnt cosaintí sa Rialachán seo lena ndírítear ar thóraíocht chalaoiseach nó éagórach fóram a chosc.

(30)

Dá réir sin, an toimhde gurb iad an oifig chláraithe, an phríomháit ghnó nó an áit ghnáthchónaí an lárionad príomhleasa, ba cheart go mbeifí in ann é a eitiú, agus ba cheart do chúirt ábhartha an Bhallstáit a mheas go cúramach arb é an fhírinne é go bhfuil lárionad príomhleasanna an fhéichiúnaí suite sa Bhallstát sin. I gcás cuideachta, ba cheart go bhféadfaí an toimhde sin a fhrisnéis sa chás ina mbeadh riarachán lárnach na cuideachta lonnaithe i mBallstát seachas an ceann ina bhfuil a hoifig chláraithe agus má bhunaítear, tar éis measúnú cuimsitheach ar na fachtóirí ábhartha uile, ar mhodh atá infhionnta ag tríú páirtithe, go bhfuil lárionad iarbhír riaracháin agus maoirseachta agus lárionad iarbhír bainistithe a cuid leasanna lonnaithe sa Bhallstát eile sin. I gcás duine aonair nach bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, ba cheart go mbeifí in ann an toimhde sin a fhrisnéis mar shampla sa chás ina mbeadh an phríomhchuid de shócmhainní an fhéichiúnaí suite lasmuigh de Bhallstát gnáthchónaí an fhéichiúnaí, nó ina bhféadfaí a bhunú gurbh í an phríomhchúis a bhí ann le bogadh ann go mbeidh sé in ann iarratas a dhéanamh ar imeachtaí dócmhainneachta sa dlínse nua agus go mbeidh tionchar ábhartha diúltach ag an iarratas sin ar leasanna creidiúnaithe a raibh gaol gnó acu leis an bhféichiúnaí roimh dó athlonnú.

(31)

Mar chuid den chuspóir céanna chun tóraíocht chalaoiseach nó éagórach fóram a chosc, níor cheart go mbeadh feidhm ag an toimhde go bhfuil an lárionad príomhleasa ag an áit a bhfuil an oifig cláraithe, ag príomháit ghnó an duine aonair nó ag an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair, faoi seach, i gcás cuideachta, duine dlítheanach nó duine aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, inar athraigh an féichiúnaí a oifig chláraithe nó a phríomháit ghnó chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dóchmhainneachta a thionscnamh, nó i gcás duine aonair nach bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, inar athraigh an féichiúnaí a ghnáthchónaí chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh dó iarratas a dhéanamh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

(32)

Sna cásanna uile, nuair atá amhras ann maidir le dlínse na cúirte mar gheall ar thosca an ábhair, ba cheart go gceanglódh an chúirt ar an bhféichiúnaí fianaise bhreise a chur isteach le tacú lena bhfuil á maíomh aige agus, i gcás ina gceadaítear sin leis an dlí is infheidhme maidir leis na himeachtaí dócmhainneachta, deis a thabhairt do chreidiúnaithe an fhéichiúnaí a gcuid tuairimí a chur i láthair maidir le ceist na dlínse.

(33)

I gcás ina n-aimseoidh an chúirt ar tugadh an iarraidh os a comhair imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nach bhfuil an lárionad príomhleasa ar a críoch, níor cheart don chúirt sin imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

(34)

Ina theannta sin, ba cheart leigheas éifeachtach a bheith ag aon chreidiúnaí atá ag an bhféichiúnaí i gcoinne an chinnidh imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. Ba cheart gur faoin dlí náisiúnta a rialófaí iarmhairtí aon dhúshlán an chinnidh lena n-osclaítear na príomhimeachtaí dócmhainneachta.

(35)

Maidir le cúirteanna an Bhallstáit ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta laistigh dá chríoch, ba cheart dlínse a bheith acu freisin i leith caingne a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo. Ba cheart go n-áireofaí i measc na ngníomhaíochtaí sin gníomhaíochtaí seachanta i gcoinne cosantóirí i mBallstáit eile agus gníomhaíochtaí maidir le hoibleagáidí a éiríonn le linn na n-imeachtaí dócmhainneachta, amhail réamhíocaíocht le haghaidh chostais na n-imeachtaí. Ina choinne sin, ní eascraíonn gníomhaíochtaí maidir le feidhmiú na n-oibleagáidí faoi chonradh a thug an féichiúnaí chun críche roimh thionscnamh imeachtaí go díreach ó na himeachtaí. I gcás ina bhfuil caingean bainteach le caingean eile atá bunaithe ar an dlí ginearálta sibhialta agus tráchtála, ba cheart go mbeadh an cleachtóir dócmhainneachta in ann an dá chaingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna san áit a bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir má mheasann sé gur éifeachtaí an fóram sin. D'fhéadfadh sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina dteastaíonn ón gcleachtóir dócmhainneachta caingean maidir le dliteanas stiúrthóra atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta a chomhcheangal le caingean atá bunaithe ar dhlí na gcuideachtaí nó ar an dlí ginearálta torta.

(36)

Ba cheart go gcumasófar don chúirt a bhfuil dlínse aici na príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh bearta cosanta agus sealadacha a ordú ón tráth a n-iarrtar na himeachtaí a thionscnamh. Tá bearta caomhnaithe, roimh na himeachtaí dócmhainneachta agus ina ndiaidh, thar a bheith tábhachtach chun éifeachtacht na n-imeachtaí dócmhainneachta a ráthú. Maidir leis sin, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo d'fhéidearthachtaí éagsúla. Ar thaobh amháin, ba cheart go mbeadh an chúirt is inniúil do na himeachtaí dócmhainneachta bheith in ann bearta cosanta agus sealadacha a ordú lena gclúdófar sócmhainní atá suite i gcríoch na mBallstát eile. Ar an taobh eile, ba cheart go mbeadh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar go sealadach roimh príomhimeachtaí dócmhainneachta bheith in ann, sna Ballstáit ina bhfuil bunaíocht an fhéichiúnaí lonnaithe, cur isteach ar na bearta caomhnaithe atá ar fáil faoi dhlí na mBallstát sin.

(37)

Sula dtionscnófar na príomhimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart an ceart chun tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh sa Bhallstát a bhfuil teaghlachas ag an bhféichiúnaí ann a theorannú do chreidiúnaithe áitiúla agus d'údaráis phoiblí nó do chásanna nach féidir príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh faoi dhlí an Bhallstáit ina a bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí. Is é is cúis leis an srian sin ná go bhfuil sé ar intinn cásanna ina n-iarrtar imeachtaí dócmhainneachta críche roimh na príomhimeachtaí dócmhainneachta a theorannú go docht don méid a mbeidh géarghá leis.

(38)

Tar éis príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, ní chuirfear srian leis an Rialachán seo ar an gceart tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh i mBallstát áit a bhfuil bunaíocht ag an bhféichiúnaí. Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta nó aon duine eile a chumhachtófar faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a iarraidh go dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

(39)

Ba cheart bhforálfaí leis an Rialachán seo do rialacha chun lonnaíocht acmhainní an fhéichiúnaí a shocrú, agus ba cheart go mbeidh feidhm acu nuair a chinnfear na sócmhainní a bhaineann leis na príomhimeachtaí agus leis na himeachtaí tánaisteacha, nó dálaí a bhaineann le cearta in rem ag tríú páirtithe. Ba cheart go ndéanfar foráil sa Rialachán seo, go háirithe, gur cheart paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo, trádmharc Comhphobail nó aon cheart comhchosúil eile, amhail cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí nó dearaí Comhphobail, a chur san áireamh sna príomhimeachtaí dócmhainneachta.

(40)

Is féidir le himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha freastal ar chríocha éagsúla, seachas an leas áitiúil a chosaint. D'fhéadfadh cásanna teacht chun cinn ina mbeadh eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí ró-chasta le riar mar aonad nó áit a bhfuil na difríochtaí sna córais dlí lena mbaineann chomh mór sin go mbeadh deacracht ann maidir le leathnú na n-éifeachtaí a thig as dlí an Stáit tionscnaimh na n-imeachtaí chuig na Ballstáit eile ina bhfuil na sócmhainní lonnaithe. Ar an gcúis sin, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta a iarraidh go dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha nuair a cheanglófar sin le riar éifeachtacht an stáit dócmhainneachta.

(41)

D'fhéadfadh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha cur isteach ar riarachán éifeachtach an eastáit dócmhainneachta freisin. Dá bhrí sin, leagtar amach sa Rialachán seo dhá dháil shonracha inar féidir leis an gcúirt a bhfuil éileamh ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh os a comhair, ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta i bpríomhimeachtaí dócmhainneachta, tionscnamh imeachtaí den sórt sin a chur ar fionraí nó a dhiúltú.

(42)

Ar an gcéad dul síos, bronnann an Rialachán seo ar an gcleachtóir dócmhainneachta i bpríomhimeachtaí dócmhainneachta an deis chun gealltanas a thabhairt do chreidiúnaithe áitiúla go mbainfear leo amhail is dá mbeadh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha tionscanta. Ní foláir don ghealltanas sin líon coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán a chomhlíonadh; go háirithe nach foláir do thromlach cáilithe creidiúnaithe áitiúla é a fhormheas. I gcás ina dtugtar gealltanas mar sin, ba cheart é a bheith ar chumas cúirte a bhfuil éileamh os a comhair imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh an iarraidh sin a dhiúltú nuair atá sí sásta go ndéantar cosaint leordhóthanach ar leasanna ginearálta creidiúnaithe áitiúla leis an ngealltanas sin. Agus na leasanna sin á meas aici, ba cheart don chúirt a chur san áireamh gur fhormheas tromlach cáilithe creidiúnaithe áitiúla an gealltanas.

(43)

Chun críche gealltanas a thabhairt do chreidiúnaithe áitiúla, ba cheart go mbeadh na sócmhainní agus na cearta atá lonnaithe sa Bhallstát a bhfuil teaghlachas ag an bhféichiúnaí ann ina bhfo-chatagóir den eastát dócmhainneachta, agus tráth a bheidh sé ag dáileadh na sócmhainní sin nó na bhfáltas a fuarthas mar thoradh orthu a réadú, ba cheart don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta urraim a thabhairt do na cearta tosaíochta a bheadh ag creidiúnaithe dá ndéanfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh sa Bhallstát sin.

(44)

Ba cheart go mbeadh an dlí náisiúnta infheidhme, mar is iomchuí, maidir le gealltanas a fhormheas. Go háirithe, i gcás ina bhfuil gá faoin dlí náisiúnta éilimh na gcreidiúnaithe a fhormheas roimh ré chun na rialacha vótála chun plean athstruchtúraithe a ghlacadh, ba cheart na héilimh sin a mheas a bheith formheasta chun críche vótála ar an ngealltanas. Nuair atá nósanna imeachta éagsúla ann faoin dlí náisiúnta chun pleananna athstruchtúraithe a ghlacadh, ba cheart go n-ainmneoidh Ballstáit an nós imeachta sonrach ar cheart a bheith ábhartha sa chomhthéacs sin.

(45)

Ar an dara dul síos, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo don fhéidearthacht go gcuirfeadh an chúirt bac sealacadh ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, nuair a deonaíodh bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, chun éifeachtúlacht an bhaic a deonaíodh sna príomhimeachtaí dócmhainneachta a chaomhnú. Ba cheart go bhféadfadh an chúirt an bac sealadach a dheonú má tá sí sásta go bhfuil bearta oiriúnacha i bhfeidhm chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe áitiúla a chosaint. I gcás den sórt sin, ba cheart go ndéanfaí na creidiúnaithe uile a bhféadfadh toradh na caibidlíochta maidir le plean athstruchtúraithe tionchar bheith orth a chur ar an eolas maidir leis an gcaibidlíocht agus go mbeidís in ann a bheith rannpháirteach iontu.

(46)

D'fhonn cosaint éifeachtach leasanna áitiúla a áirithiú, níor cheart cleachtóir dócmhainneachta na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta a bheith in ann na sócmhainní atá sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht lonnaithe a réadú ná a athlonnú ar bhealach mí-úsáideach, go háirithe d'fhonn bac a chur ar an bhféidearthacht go sásófaí go héifeachtach na leasanna sin dá dtionscnófaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha ina dhiaidh sin.

(47)

Níor cheart go gcuirfí bac leis an Rialachán seo ar chúirteanna an Bhallstáit inar cuireadh tús le himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha smachtbhannaí a fhorchur i dtaca le haon sárú ar a gcuid dualgas ag stiúrthóirí an fhéichiúnaí, ar choinníoll go bhfuil dlínse ag na cúirteanna sin aghaidh a thabhairt ar dhíospóidí den sórt sin faoina ndlí náisiúnta.

(48)

Is féidir le príomhimeachtaí agus imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha rannchuidiú le riarachán éifeachtach eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí nó le réadú éifeachtach na sócmhainní iomlána má bhíonn comhar cuí ann i measc na ngníomhaithe atá bainteach sna himeachtaí comhthráthacha uile. Tuigtear le comhar cuí go gcomhoibríonn na cleachtóirí dócmhainneachta éagsúla agus do na cúirteanna lena mbaineann go dlúth, go háirithe trí mhéid leordhóthanach faisnéise a mhalartú. D'fhonn ról ceannasach na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta a áirithiú, ba cheart roinnt deiseanna a thabhairt don chleachtóir dócmhainneachta in imeachtaí den sórt sin idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha atá ar feitheamh ag an am céanna. Go háirithe, ba cheart don chleachtóir dócmhainneachta a bheith in ann plean nó comhdhéanamh athstruchtúraithe a mholadh nó iarratas a dhéanamh ar réadú na sócmhainní sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a chur ar fionraí. Sa chomhar eatarthu, ba cheart do chleachtóirí dócmhainneachta agus do na cúirteanna na dea-chleachtais chomhair i gcásanna dócmhainneachta trasteorann a chur san áireamh, mar a leagtar amach sna prionsabail agus sna treoirlínte maidir le cumarsáid agus comhar atá glactha ag eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta a bhíonn ag feidhmiú i réimse an dlí dócmhainneachta, agus go háirithe sna treoirlínte ábhartha a d'ullmhaigh Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNICTRAL).

(49)

I bhfianaise comhar den sórt sin, féadfaidh cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteanna comhaontuithe agus prótacail a dhéanamh d'fhonn comhar trasteorann maidir le hilnósanna imeachta dócmhainneachta a éascú i mBallstáit éagsúla a bhaineann leis an aon fhéichiúnaí nó le cuideachtaí sa ghrúpa céanna cuideachtaí, nuair a luíonn an méid sin leis na rialacha is infheidhme i leith gach ceann de na himeachtaí. D'fhéadfadh go mbeadh na comhaontuithe agus na prótacail sin i bhfoirmeacha éagsúla, is é sin le rá i scríbhinn nó ó bhéal agus d'fhéadfadh raon feidhme éagsúil a bheith ag gabháil leo, sa tslí is go bhféadfadh sé a bheith idir cineálach agus sonrach, agus féadfaidh comhpháirtithe éagsúla dul ina mbun. Féadfar le comhaontuithe simplí cineálacha béim a chur ar an ngá atá le dlúthchomhar idir na comhpháirtithe, gan aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha, agus d'fhéadfaí creat prionsabal a bhunú le comhaontuithe níos mionsonraithe, níos sainiúla le hilnósanna imeachta dócmhainneachta a rialú agus féadfaidh na cúirteanna lena mbaineann na comhaontuithe sin a fhormheas, i gcás ina gceanglaítear sin sa dlí náisiúnta. Féadfar a léiriú leis na prionsabail sin comhaontú ar tháinig na comhpháirtithe air maidir le bearta nó gníomhartha áirithe a dhéanamh nó maidir le staonadh ó bhearta nó ó ghníomhartha áirithe.

(50)

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh cúirteanna i mBallstáit éagsúla comhoibriú lena chéile trí cheapadh na gcleachtóirí dócmhainneachta a chomhordú. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh siad cleachtóir dócmhainneachta amháin a cheapadh do roinnt nósanna imeachta dócmhainneachta a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna nó le cuideachtaí sa ghrúpa céanna cuideachtaí, ar an gcoinníoll go mbeidh sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le gach nós imeachta, go háirithe le haon cheanglais maidir le cáilíocht agus ceadúnúcháin an chleachtóra dócmhainneachta.

(51)

Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán go ndéanfar riarachán éifeachtach ar imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le cuideachtaí difriúla atá ina gcuid de ghrúpa cuideachtaí.

(52)

I gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i leith roinnt cuideachtaí sa ghrúpa céanna, ba cheart go mbeadh comhar cuí ann i measc na ngníomhaithe atá bainteach sna himeachtaí sin. Dá bhrí sin, an oibleagáid atá ar na cleachtóirí dócmhainneachta agus ar na cúirteanna éagsúla lena mbaineann dul i mbun comhair agus cumarsáide le chéile, ba cheart í a bheith cosúil leis an oibleagáid atá orthu siúd a bhfuil páirt acu sna príomhimeachtaí agus sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna. Níor cheart, leis an gcomhar idir cleachtóirí dócmhainneachta, a bheith bunoscionn le leasanna na gcreidiúnaithe áitiúla i ngach ceann de na himeachtaí agus ba cheart comhar den chineál sin a dhíriú ar theacht ar réiteach lena ndéanfaí sineirgí a ghiaráil sa ghrúpa.

(53)

Níor cheart go gcuirfeadh rialacha nua a thabharfar isteach maidir le himeachtaí dócmhainneachta grúpaí cuideachtaí teorainn leis an bhféidearthacht atá ag cúirt imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i leith roinnt cuideachtaí atá ina gcuid den ghrúpa céanna in aon dlínse amháin má shuíonn an chúirt go bhfuil lárionad príomhleasa na gcuideachtaí sin lonnaithe in aon Bhallstát amháin. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh an chúirt in ann, más iomchuí, an cleachtóir dócmhainneachta céanna a cheapadh sna himeachtaí go léir lena mbaineann, ar choinníoll nach mbeidh sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leo.

(54)

D'fhonn comhordú ar imeachtaí dócmhainneachta comhalta de ghrúpa cuideachtaí a éascú, agus chun athstruchtúrú comhordaithe an ghrúpa a cheadú, ba cheart go dtabharfaí isteach leis an Rialachán seo a rialacha nós imeachta maidir le comhordú ar himeachtaí dócmhainneachta comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí. Ba cheart go ndéanfaí gach iarracht le comhordú den sórt sin éifeachtacht an chomhordaithe a áirithiú, agus pearsantacht dhlíthiúil ar leith gach comhalta den ghrúpa á cur san áireamh ag an am céanna.

(55)

Ba cheart go mbeadh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i ndáil le comhalta de ghrúpa cuideachtaí in ann iarratas a dhéanamh chun imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh. Ba cheart don chleachtóir dócmhainneachta an t-údarú riachtanach a fháil sula ndéanfaidh sé iarratas den chineál sin, i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí is infheidhme. Ba cheart go sonrófaí san iarratas gnéithe riachtanacha an chomhordaithe, go háirithe leagan amach an phlean chomhordaithe, moladh maidir leis an té ba cheart a cheapadh mar chomhordaitheoir agus leagan amach chostais mheasta an chomhordaithe.

(56)

D'fhonn cineál saorálach na n-imeachtaí comhordaithe grúpa a áirithiú, ba cheart go mbeadh na cleachtóirí dócmhainneachta lena mbaineann in ann agóid a dhéanamh i gcoinne rannpháirtíocht sna himeachtaí laistigh de thréimhse shonraithe ama. Chun go mbeidh na cleachtóirí dócmhainneachta lena mbaineann in ann cinneadh stuama a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht sna himeachtaí comhordaithe grúpa, ba cheart go gcuirfí iad ar an eolas ag luathchéim maidir le gnéithe riachtanacha an chomhordaithe. Ba cheart, áfach, go mbeadh cleachtóir dócmhainneachta a dhéanann agóid faoina bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta comhordaithe grúpa in ann iarraidh a dhéanamh lena bheith rannpháirteach sna himeachtaí sin ina dhiaidh sin. I gcás mar sin, ba cheart don chomhordaitheoir cinneadh a dhéanamh maidir le hinghlacthacht an iarraidh. Ba cheart cinneadh an chomhordaitheora a chur in iúl do gach cleachtóir dócmhainneachta lena n-áirítear don chleachtóir dócmhainneachta iarrthach agus ba cheart go mbeadh an deis aige cur in aghaidh an chinnidh sin os comhair na cúirte a rinne na nósanna imeachta comhordaithe grúpa a thionscnamh.

(57)

Le himeachtaí comhordaithe grúpa, ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le riarachán éifeachtach a éascú maidir le himeachtaí dócmhainneachta bhaill an ghrúpa, agus ba cheart go mbeadh toradh dearfach do na creidiúnaithe dá mbarr. Ba cheart, mar sin, go n-áiritheodh an Rialachán seo go ndéanfaidh an chúirt lenar taisceadh iarratas ar imeachtaí comhordaithe grúpa measúnú ar na critéir sin sula dtionscnóidh sí imeachtaí comhordaithe grúpa.

(58)

Níor cheart go sárófaí na buntáistí a bhaineann le himeachtaí comhordaithe grúpa choíche le costais na n-imeachtaí sin. Is gá a áirithiú, mar sin, go mbeidh costas an chomhordaithe, agus riar na gcostas sin a íocfaidh gach comhalta den ghrúpa, leordhóthanach, comhréireach agus réasúnta, agus cinnfear sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin inar tionscnaíodh na himeachtaí comhordaithe grúpa. Maidir leis na cleachtóirí dócmhainneachta lena mbaineann, ba cheart go mbeidís in ann na costais sin a rialú ó phointe luath sna himeachtaí. D'fhéadfadh go mbeadh ar an gcleachtóir dócmhainneachta cead a iarraidh ar chúirt nó ar choiste creidiúnaithe agus costais á rialú ó phointe luath sna himeachtaí i gcás ina gceanglaítear sin sa dlí náisiúnta.

(59)

I gcás ina measann an comhordaitheoir go n-éilítear ardú suntasach sna costais le hais na gcostas a measadh i dtús báire lena chúraimí nó lena cúraimí a chomhlíonadh agus, ar chaoi ar bith, i gcás ina sáródh na costais 10 % de na costais mheasta, tabharfaidh an chúirt a thionscain na nósanna imeachta comhordaithe údarás don chomhordaitheoir grúpa costais mar sin a shárú. Sula ndéanfaidh sí a chinneadh, ba cheart don chúirt a thionscain na himeachtaí comhordaithe grúpa deis a thabhairt do na cleachtóirí dócmhainneachta rannpháirteacha éisteacht a fháil os comhair na cúirte chun ligean dóibh a mbarúlacha a chur in iúl faoi cé chomh iomchuí is atá iarraidh an chomhordaitheora.

(60)

I gcomhair comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí nach bhfuil rannpháirteach in imeachtaí comhordaithe grúpa, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh freisin do shásra malartach chun athstruchtúrú comhordaithe ar an ngrúpa a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an t-údarás ag cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí a bhaineann le comhalta de ghrúpa cuideachtaí le bac a iarraidh i ndáil le beart ar bith a bhaineann le fíorú na sócmhainní sna himeachtaí a tionscnaíodh maidir le baill eile den ghrúpa nach bhfuil faoi réir nósanna imeachta grúpa. Níor cheart go mbeadh sé indéanta bac den sórt sin a iarraidh ach sa chás ina gcuirfear plean athstruchtúraithe i láthair do bhaill an ghrúpa lena mbaineann, ina rachaidh an plean chun tairbhe na gcreidiúnaithe sna himeachtaí a n-iarrtar bac ina leith agus ina mbeidh gá leis an mbac lena áirithiú go bhféadfar an plean a chur chun feidhme mar is ceart.

(61)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo bac ar Bhallstáit rialacha náisiúnta a leagan síos chun na rialacha a fhorlíonadh maidir le comhar, cumarsáid agus comhordú i ndáil le dócmhainneacht comhalta de ghrúpaí cuideachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo, ar an gcoinníoll go bhfuil raon feidhme na rialacha náisiúnta sin teoranta don dlínse náisiúnta agus nach ndéanfaí éifeachtúlacht na rialacha a leagtar síos leis an Rialacháin seo a lagú leo.

(62)

Maidir leis na rialacha comhair, cumarsáide agus comhordaithe i gcomhthéacs dhócmhainneacht comhalta de ghrúpa cuideachtaí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, níor cheart go mbeadh feidhm acu ach sa chás inar tionscnaíodh imeachtaí a bhaineann le baill éagsúla den ghrúpa céanna cuideachtaí i níos mó ná Ballstát amháin.

(63)

Aon chreidiúnaí, a bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí air san Aontas, ba cheart go mbeadh an ceart aige a chuid éileamh a thaisceadh i ngach ceann de na himeachtaí dócmhainneachta atá ar feitheamh san Aontas a bhaineann le sócmhainní an fhéichiúnaí. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an méid sin maidir le húdaráis chánach agus institiúidí árachais shóisialta. Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar an gcleachtóir dócmhainneachta agus é i mbun éilimh a chur isteach thar ceann grúpaí áirithe creidiúnaithe, mar shampla fostaithe, i gcás go bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta. D'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe, áfach, ba cheart dáileadh na bhfáltas a chomhordú. Ba cheart do gach creidiúnaí bheith in ann an méid a fuair sé le linn imeachtaí dócmhainneachta a choimeád ach níor cheart teideal a bheith aige páirt a ghlacadh ach amháin i ndáileadh sócmhainní iomlána in imeachtaí eile má fuair creidiúnaithe a bhfuil an seasamh céanna acu comhréir chéanna a n-éileamh.

(64)

Tá sé riachtanach creidiúnaithe a bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí orthu san Aontas, nó oifig chláraithe acu ann, a chur ar an eolas maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnaítear a bhaineann le sócmhainní a gcuid féichiúnaithe. Lena áirithiú go ndéanfar faisnéis a chur ar aghaidh chuig creidiúnaithe go mear, níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a sheirbheáil sna Ballstáit i gcásanna ina dtagraítear don oibleagáid maidir le creidiúnaithe a chur ar an eolas sa Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfaí cúram na gcreidiúnaithe a éascú trí fhoirmeacha caighdeánacha a úsáid a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais agus na creidiúnaithe sin ag taisceadh éileamh in imeachtaí a tionscnaíodh i mBallstát eile. Ba cheart go mbeadh na hiarmhairtí a ghabhann leis na foirmeacha a fhágáil neamhiomlán ina ábhar don dlí náisiúnta.

(65)

Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo go n-aithneofaí láithreach na breithiúnais a bhaineann le tionscnamh, stiúradh agus clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta a thagann faoina raon feidhme agus breithiúnais a thugtar a bhaineann go díreach le himeachtaí dócmhainneachta den sórt sin. Ba é an chiall a bheadh ag aitheantas uathoibríoch dá bhrí sin go leathnaítear na héifeachtaí atá ag imeachtaí dlí sa Bhallstát ina dtionscnófar na himeachtaí go na Ballstát ar fad. Ba cheart go mbeadh aitheantas breithiúnas a thugann cúirteanna na mBallstát uathu bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí. Chuige sin, ba cheart na forais maidir le neamhaithint a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Is ar an mbonn seo freisin ba cheart teacht ar réiteach maidir le haon díospóid ina n-éilíonn na cúirteanna in dhá Bhallstát go bhfuil an inniúlacht acu na príomhimeachtaí a thionscnamh. Ba cheart go n-aithneofaí an cinneadh ón gcéad chúirt imeachtaí a thionscnamh sna Ballstáit eile gan an chumhacht a bheith ag na Ballstáit sin grinnscrúdú a dhéanamh ar chinneadh na Cúirte sin.

(66)

Ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo, i ndáil leis na hábhair a chlúdaítear leis, rialacha aonfhoirmeacha maidir le coinbhleacht dlíthe, a thagann in ionad rialacha náisiúnta an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, de réir a raon feidhme. Mura luaitear a mhalairt, ba cheart go mbeadh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina dtionscnófaí imeachtaí. (lex concursus). Ba cheart go mbeadh an riail seo maidir le coinbhleacht dlíthe bailí i gcás príomhimeachtaí dócmhainneachta agus imeachtaí áitiúla. Cinntear le lex concursus éifeachtaí uile na n-imeachtaí dócmhainneachta, idir nós imeachta agus substaint, maidir leis na daoine agus leis an gcaidreamh dlí lena mbaineann. Rialaítear gach coinníoll leis maidir le tionscnamh, stiúradh agus clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta.

(67)

Féadfaidh aithint uathoibríoch imeachtaí dócmhainneachta a mbeidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina dtionscnáitear imeachtaí ina leith cur isteach ar na rialacha a ndéantar idirbhearta fúthu i mBallstáit eile. Chun ionchais dhlisteanacha a chosaint mar aon le cinnteacht idirbhearta i mBallstáit seachas an Ballstát ina dtionscnófar na himeachtaí, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le roinnt eisceachtaí ar an riail ghinearálta.

(68)

Tá gá ar leith le tagairt speisialta a thig as dlí an stáit tionscnaimh i gcás cearta in rem, ós rud é go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le cearta den sórt sin i ndáil le creidmheas a thabhairt. Ba cheart an bunús, an bhailíocht agus an méid ceart in rem den sórt a chinneadh de réir lex situs agus níor cheart go mbeadh éifeacht ag tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta air. Ba cheart go mbeadh sealbhóir an chirt in rem bheith in ann leas a bhaint as a cheart chun deighilte nó socrú ar leithligh a bheith ann maidir le hurrús comhthaobhach. Sa chás ina bhfuil sócmhainní faoi réir cearta in rem faoi lex situs i mBallstát amháin ach ina bhfuil na príomhimeachtaí dócmhainneachta á ndéanamh i mBallstát eile, ba cheart go mbeadh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta in ann a iarraidh go dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha sa dlínse ina eascraíonn na cearta in rem as, má tá bunaíocht ag an bhféichiúnaí ann. Mura dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, ba cheart aon bharrachas ar dhíol na sócmhainne a chumhdaítear le cearta in rem a íoc leis an gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta.

(69)

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha éagsúla chun go bhféadfaidh cúirt ordú a dhéanamh go gcuirfí bac ar imeachtaí a thionscnamh nó bac ar imeachtaí don fhorfheidhmiú. Níor cheart, leis an mbac sin, go ndéanfaí difear do na cearta in rem atá ag creidiúnaithe nó ag tríú páirtithe.

(70)

Mura gceadaítear fritháireamh éileamh faoin dlí sa Stát inár tionscnaíodh imeachtaí, ba cheart do chreidiúnaí, beag beann air sin, bheith i dteideal an fhritháirimh más féidir sin faoin dlí is infheidhme maidir le héileamh an fhéichiúnaí dócmhainneachta. Ar an mbealach sin, bheadh feidhm ráthaíochta ag an bhfritháireamh bunaithe ar fhorálacha dlí ar féidir leis an gcreidiúnaí lena mbaineann brath orthu nuair a thagann an t-éileamh chun cinn.

(71)

Tá gá le cosaint speisialta i gcás córas íocaíochta agus margaí airgeadais, mar shampla maidir le comhaontuithe dúnta suíomh agus comhaontuithe glanluachála a bheidh le fáil i gcórais den sórt sin agus maidir le díol urrús agus ráthaíochtaí a chuirfear ar fáil d'idirbhearta mar sin arna rialú go háirithe ag Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcás idirbheart den sórt sin, ba cheart dá bhrí sin gurbh é an t-aon dlí a bheidh ábhartha, an dlí is infheidhme maidir leis an gcóras nó an margadh lena mbaineann. Tá sé beartaithe leis an dlí sin seo cosc a chur ar an bhféidearthacht atá ann do shásraí idirbhearta a íoc nó a shocrú agus dá bhforáiltear sna córais íocaíochta agus fritháirimh nó ar mhargaí rialaithe airgeadais na mBallstát bheith athraithe i gcás comhpháirtí gnó atá dócmhainneach. Tá forálacha speisialta i dTreoir 98/26/CE ar cheart tús áite a bheith acu thar na rialacha ginearálta a leagtar síos leis an Rialachán seo.

(72)

Chun go dtabharfar cosaint d'fhostaithe agus do phoist, ba cheart éifeachtaí na nósanna imeachta dócmhainneachta maidir le leanúint leis an bhfostaíocht nó an fhostaíocht a chealú agus ar chearta agus ar oibleagáidí gach páirtí san fhostaíocht sin a chinneadh leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú fostaíochta ábhartha i gcomhréir leis na rialacha ginearálta i ndáil le coinbhleacht dlíthe. Thairis sin, i gcásanna inar gá formheas cúirte nó formheas údaráis riaracháin chun conarthaí fostaíochta a chealú, ba cheart go gcoimeádfadh an Ballstát ina bhfuil bunaíocht an fhéichiúnaí lonnaithe an dlínse formheas mar sin a dheonú, fiú mura tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát sin. Aon cheisteanna eile maidir le dlí na dócmhainneachta, amhail an dtugtar cosaint d'éilimh na bhfostaithe le cearta fabhracha agus an stádas a thugtar do chearta fabhracha mar sin, ba cheart na ceisteanna sin a chinneadh le dlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta (príomhimeachtaí nó imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha) ach amháin i gcásanna inar gealladh go ndéanfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a sheachaint i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

(73)

Déanfar an dlí is infheidhme maidir le hiarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar aon chás nó ar aon imeacht eadrána atá ar feitheamh a bhaineann le sócmhainn nó le ceart atá mar chuid d'eastát an fhéichiúnaí a rialú le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an cás ar feitheamh nó ina bhfuil an eadráin ina suí. Níor cheart go ndéanfaí dochar, áfach, leis an riail sin, do rialacha náisiúnta i dtaca le haitheantas agus forghníomhú dámhachtainí eadrána.

(74)

Chun rialacha sonracha nós imeachta na gcóras cúirte i mBallstáit áirithe a chur san áireamh ba cheart go ndéanfaí foráil don tsolúbthacht a bheidh riachtanach maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an Rialachán seo. Dá réir sin, áireofar ar thagairtí a dhéantar sa Rialachán seo d'fhógra a thugann comhlacht breithiúnach Ballstát, i gcás ina n-éilítear sin le rialacha nós imeachta Ballstáit, ordú ón gcomhlacht breithiúnach sin fógra a thabhairt.

(75)

I gcás breithnithe gnó, ba cheart príomh-inneachar an chinnidh lena dtionscnaíodh na himeachtaí a fhoilsiú, ar iarratas ón gcleachtóir dócmhainneachta, i mBallstát seachas an Ballstát na cúirte a thug an cinneadh sin uaithi. Má tá bunaíocht sa Bhallstát lena mbaineann, ba cheart go mbeadh sé éigeantach an foilsiú sin a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh foilsiú ina réamhchoinníoll chun na himeachtaí eachtracha a aithint i gceachtar den dá chás áfach.

(76)

Chun foráil na faisnéise chuig creidiúnaithe agus cúirteanna ábhartha a fheabhsú agus chun cosc a chur le tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta eile i gcomhthráth, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit faisnéis ábhartha i gcásanna dócmhainneachta trasteorann a fhoilsiú i gclár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air. Ar mhaithe le rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú ag creidiúnaithe agus cúirteanna a bhfuil sainchónaí orthu nó atá lonnaithe i mBallstáit eile, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo d'idirnascadh clár dócmhainneachta den sórt sin tríd an Tairseach Eorpach r-Cheartas. Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit faisnéis ábhartha a fhoilsiú i roinnt clár agus ba cheart go mbeifí in ann níos mó ná clár amháin in aghaidh an Bhallstáit a idirnascadh.

(77)

Ba cheart go gcinnfear leis an Rialachán seo an méid íosta faisnéise a fhoilseofar sna cláir. dhócmhainneachta Níor cheart go gcuirfí aon bhac ar na Ballstáit faisnéis bhreise a chur san áireamh. Sa chás gur duine aonair é an féichiúnaí, níor cheart go mbeadh uimhir chlárúcháin á sonrú sna cláir ach amháin más é gníomhaíocht neamhspleách nó gníomhaíocht ghnó a bheidh á déanamh ag an bhféichiúnaí. Ba cheart go dtuigfí as an uimhir clárúcháin sin mar uimhir uathúil chlárúcháin gnó neamhspleách nó gníomhaíochta gairmiúla an fheichiúnaí a fhoilsítear sa chlár trádála í, más ann.

(78)

Tá faisnéis maidir le gnéithe áirithe de na himeachtaí dócmhainneachta fíorthábhachtach do na creidiúnaithe, amhail teorainneacha ama chun éilimh a chur isteach nó chun dúshláin cinntí a thabhairt. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán de cheangal ar Bhallstáit na teorainneacha ama sin a ríomh cás ar chás áfach. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh trí hipearnaisc a chur leis an Tairseach Eorpach r-Cheartas, áit a dtabharfar faisnéis fhéinmhínitheach maidir leis na critéir chun na teoireannacha ama sin a ríomh.

(79)

D'fhonn cosaint leordhóthanach a dheonú don fhaisnéis a bhaineann le daoine aonair nach bhfeidhmíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rochtain ar an bhfaisnéis sin a chur faoi réir critéar breise cuardaigh amhail uimhir phearsanta aitheantais an fhéichiúnaí, seoladh, dáta breithe nó dúiche na cúirte inniúla nó ba cheart do na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí rochtain ar an bhfaisnéis coinníollach iarratas ar údarás inniúil nó ar fhíorú gurb ann do leas dlisteanach i dtaca le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin.

(80)

Ba cheart freisin go mbeadh Ballstáit in ann gan a áireamh ina gcláir dhócmhainneachta faisnéis maidir le daoine aonair nach bhfeidhmíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go dtabharfar an fhaisnéis ábhartha do chreidiúnaithe trí fhógra aonair agus nach mbeidh éifeacht ag na himeachtaí ar éilimh creidiúnaithe nach mbeidh an fhaisnéis faighte acu.

(81)

D'fheadfadh sé tarlú nach mbeadh roinnt de na daoine lena mbaineann ar an eolas go bhfuil imeachtaí dócmhainneachta á dtionscnamh agus go mbeadh siad ag gníomhú de mheon macánta ar bhealach a bheadh ag teacht salach ar cúinsí nua. D'fhonn na daoine sin nach bhfuil ar an eolas go bhfuil imeachtaí eachtracha á dtionscnamh a chosaint, a rinne íocaíocht leis an bhféichiúnaí seachas an íocaíocht a dhéanamh leis an gcleachtóir eachtrach dócmhainneachta, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeadh éifeacht urscaoilte féich ag íocaíocht den sórt sin.

(82)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(83)

Cloítear leis an Rialachán seo leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i bhfeidhm Airteagal 8, Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, le sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chothrom a fháil.

(84)

Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta laistigh de chreat an Rialacháin seo.

(85)

Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (CEE, Euratom) Uimh 1182/71 ón gComhairle (11).

(86)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr creat dlí a chruthú chun imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a oibriú go cuí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(87)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i ndáil leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn go bhfuil rún acu a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(88)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(89)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé tuairim uaidh an 27 Márta 2013 (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith comhimeachtaí poiblí, lena n-áirítear imeachtaí eatramhacha, atá bunaithe ar dhlíthe a bhaineann leis an dócmhainneacht agus ina ndéantar, chun críche tarrtháil, coigeartú fiach, atheagrú nó leachtú:

(a)

féichiúnaí a dhífheistiú dá shócmhainní go hiomlán nó i bpáirt agus cleachtóir dócmhainneachta a cheapadh;

(b)

sócmhainní agus gnóthaí féichiúnaí a chur faoi réir rialú nó maoirseachta cúirte; nó

(c)

i gcás ina n-ordaíonn an chúirt bac sealadach ar ghníomhaíochtaí aonair forfheidhmithe nó trí an dlí a oibriú, chun caibidlíocht a cheadú idir an féichiúnaí agus a chuid creidiúnaithe, ar an gcoinníoll go bhforáiltear, leis na himeachtaí ina n-ordaítear an bac, do bhearta oiriúnacha chun na creidiúnaithe i gcoitinne a chosaint agus mura dtagtar ar chomhaontú gur réamhbhearta iad de chuid ceann de na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b).

Nuair is féidir tús a chur leis na himeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo i gcásanna inar dóchúil dócmhainneacht, agus sin amháin, is é an cuspóir a bheidh ag na himeachtaí sin dócmhainneacht an fhéichiúnaí nó scor gníomhaíochtaí gnó an fheichiúnaí a sheachaint.

Liostaítear na himeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo in Iarscríbhinn A.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himeachtaí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le:

(a)

gnóthais árachais;

(b)

institiúidí creidmheasa;

(c)

gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí eile, institiúidí eile agus gnóthais eile a mhéid a chumhdaítear iad i dTreoir 2001/24/CE; nó

(d)

gnóthais chomhinfheistíochta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “comhimeachtaí” imeachtaí ina n-áirítear creidiúnaithe uile féichiúnaí nó cuid shuntasach díobh ar choinníoll nach ndéanann na himeachtaí difear, sa chás deireanach, d'éilimh creidiúnaithe nach bhfuil bainteach leis na himeachtaí;

(2)

ciallaíonn “gnóthais chomhinfheistíochta” gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainítear iad i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus cistí infheistíochta malartacha (AIFanna) mar a shainítear iad i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(3)

ciallaíonn “féichiúnaí i seilbh” féichiúnaí ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta ina leith nach mbaineann ceapadh cleachtóra dócmhainneachta nó aistriú iomlán na gceart agus na ndleachtanna chun sócmhainní an fhéichiúnaí a riar go dtí cleachtóir dócmhainneachta leo go díreach agus i gcás, dá bhrí sin, ina bhfuil smacht iomlán nó páirteach ag an bhféichiúnaí ar a shócmhainní agus a ghnóthaí fós;

(4)

ciallaíonn “imeachtaí dócmhainneachta” na himeachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn A;

(5)

ciallaíonn “cleachtóir dócmhainneachta” aon duine nó aon chomhlacht arb é a fheidhm, lena n-áirítear ar bhonn eatramhach:

(i)

éilimh a cuireadh isteach sna himeachtaí dócmhainneachta a fhíorú agus a admháil;

(ii)

ionadaíocht a dhéanamh ar chomhleasanna na gcreidiúnaithe;

(iii)

sócmhainní a tógadh ón bhféichiúnaí a riar, go hiomlán nó i bpáirt;

(iv)

na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (iii) a leachtú; nó

(v)

maoirseacht a dhéanamh ar riar ghnóthaí an fhéichiúnaí.

Liostaítear na daoine agus na comhlachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír in Iarscríbhinn B;

(6)

ciallaíonn “cúirt”:

(i)

i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 1(1), Airteagal 4(2), Airteagal 5 agus Airteagal 6, Airteagal 21(3), pointe (j) d'Airteagal 24(2), Airteagal 36 agus Airteagal 39, agus Airteagal 61 go hAirteagal 77, comhlacht breithiúnach de chuid Ballstáit;

(ii)

i ngach airteagal eile, an comhlacht breithiúnach nó aon chomhlacht inniúil eile de chuid Ballstáit a bhfuil sé de chumhacht aige imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, tionscain den sórt sin a dhearbhú nó cinntí a ghlacadh le linn imeachtaí den sórt sin;

(7)

cuimsíonn “breithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta”:

(i)

cinneadh aon chúirte imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó tionscain imeachtaí den sórt sin a dhearbhú; agus

(ii)

an cinneadh ó chúirt lena gceaptar cleachtóir dócmhainneachta;

(8)

ciallaíonn “am tionscanta imeachtaí” an uair a bheidh éifeacht leis an mbreithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta, bíodh sé críochnaitheach nó ná bíodh;

(9)

ciallaíonn “an Ballstát ina bhfuil na sócmhainní suite”:

(i)

i gcás scaireanna cláraithe i gcuideachtaí seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (ii), an Ballstát a bhfuil a oifig chláraithe ag an gcuideachta a d'eisigh na scaireanna laistigh dá chríoch;

(ii)

i gcás ionstraimí airgeadais, a bhfuil iontrálacha i gclár nó i gcuntas arna gcoinneáil ag idirghabhálaí nó ar a shon (“urrúis i gcuntais reatha”) ina bhfianaise ar an teidlíocht, an Ballstát ina gcoinnítear an clár nó an cuntas ina ndéantar na hiontrálacha;

(iii)

i gcás airgid atá á choinneáil i gcuntais le hinstitiúid chreidmheasa, an Ballstát atá luaite ar IBAN an chuntais, nó, i gcás airgid atá á gcoinneáil i gcuntais le hinstitiúid chreidmheasa nach bhfuil IBAN aici: an Ballstát ina bhfuil riarachán lárnach na hinstitiúide creidmheasa a bhfuil an cuntas á choinneáil aici nó, i gcás ina choinnítear an cuntas le brainse, le gníomhaireacht nó le bunaíocht eile: an Ballstát ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an bhunaíocht eile lonnaithe;

(iv)

i gcás maoine agus cearta is gá don úinéir nó don té atá ina dteideal iad a iontráil i gclár poiblí seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i), an Ballstát a choinnítear an clár faoina údarás;

(v)

Paitinní Eorpacha, an Ballstát dár deonaíodh an phaitinn Eorpach;

(vi)

cóipcheart agus cearta gaolmhara, an Ballstát a bhfuil gnáthchónaí ar úinéir cearta mar sin nó ina bhfuil a hoifig chláraithe suite laistigh dá chríoch;

(vii)

i gcás maoine inláimhsithe, seachas an mhaoin dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv), an Ballstát a bhfuil an mhaoin suite laistigh dá chríoch;

(viii)

i gcás éileamh i gcoinne tríú páirtithe seachas iad siúd a bhaineann le sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (iii), an Ballstát a bhfuil lárionad príomhleasa an tríú páirtí a gceanglaítear air na héilimh a chomhlíonadh laistigh dá chríoch, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1);

(10)

ciallaíonn “bunaíocht” aon áit oibríochtaí a ndéanann féichiúnaí nó ina rinne sé sa tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar phríomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil neamhbhuan le modhanna agus sócmhainní daonna;

(11)

ciallaíonn “creidiúnaithe áitiúla” na creidiúnaithe ar eascair a n-éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí ó nó i ndáil le hoibriú bunaíochta atá suite i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí lonnaithe;

(12)

ciallaíonn “creidiúnaí eachtrach” creidiúnaí a bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí air nó oifig chláraithe aige i mBallstát nach é an Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí é, lena n-áirítear údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta na mBallstát;

(13)

ciallaíonn “grúpa cuideachtaí” máthairghnóthas agus a foghnóthais uile;

(14)

ciallaíonn “máthairghnóthas” gnóthas lena rialaítear foghnóthas amháin nó níos mó, go díreach nó go hindíreach. Maidir le gnóthas a ullmhaíonn ráitis chomhdhlúite airgeadais i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), measfar gur máthairghnóthas a bheidh ann.

Airteagal 3

Dlínse idirnáisiúnta

1.   Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite laistigh dá chríoch imeachtaí dócmhainneachta (“príomhimeachtaí dócmhainneachta”) a thionscnamh. Is é an áit a riarann an féichiúnaí a leasanna ar bhonn rialta agus atá infhionnta ag tríú páirtithe an áit a mbeidh ina lárionad príomhleasa.

I gcás cuideachta nó duine dhlítheanaigh, toimhdeofar gurb é an lárionad príomhleasa an oifig chláraithe mura bhfuil aon fhianaise ar mhalairt ann. Ní bheidh feidhm ag an toimhde seo ach amháin sa chás nár athraíodh an oifig chláraithe chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse trí mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

I gcás duine aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, toimhdeofar gurb í príomháit ghnó an duine aonair an lárionad príomhleasa mura bhfuil aon fhianaise ann dá mhalairt. Ní bheidh feidhm ag an toimhde seo ach amháin sa chás nár athraíodh príomháit ghnó an duine aonair chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

I gcás aon duine aonair eile, toimhdeofar gurb é an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair an lárionad príomhleasa mura bhfuil aon fhianaise ann dá mhalairt. Ní bheidh feidhm ag an toimhde seo ach amháin sa chás nár athraíodh an gnáthchónaí chuig Ballstát eile laistigh den tréimhse sé mhí roimh an iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh.

2.   I gcás ina mbeidh lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite laistigh de chríoch Bhallstáit, ní bheidh dlínse ag cúirteanna Ballstáit eile imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i gcoinne an fhéichiúnaí ach amháin má tá bunaíocht aige laistigh de chríoch an Bhallstáit eile sin. Beidh iarmhairtí na n-imeachtaí sin srianta do na sócmhainní sin de chuid an fhéichiúnaí a bheidh suite i gcríoch an Bhallstáit eile sin.

3.   I gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le mír 1, is imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a bheidh in aon imeachtaí a thionscnófar ina dhiaidh sin i gcomhréir le mír 2.

4.   Ní fhéadfar na himeachtaí dócmhainneachta críche dá dtagraítear i mír 2 a thionscnamh ach amháin sula dtionscnófar na príomhimeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le mír 1 i gcás:

(a)

nach féidir imeachtaí dócmhainneachta faoi mhír 1 a thionscnamh mar gheall ar na coinníollacha a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaí suite laistigh dá chríoch; nó

(b)

ina n-iarrann na grúpaí seo a leanas go dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta críche:

(i)

creidiúnaí a eascraíonn a héileamh as, nó tá a héileamh i ndáil le, oibriú bunaíochta atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit ina n-iarrtar imeachtaí críche a thionscnamh; nó

(ii)

údarás poiblí a bhfuil sé de cheart aige, faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil an bhunaíocht suite laistigh dá chríoch, tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh.

I gcás ina dtionscnaítear príomhimeachtaí dócmhainneachta, tiontóidh na himeachtaí dócmhainneachta críche ina n-imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

Airteagal 4

Fíorú ar dhlínse

1.   Déanfaidh cúirt a n-iarrtar uirthi imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh fíorú uaithi féin an bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3 nó nach bhfuil. Sa bhreithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta sonrófar na forais ar a bhfuil dlínse na cúirte bunaithe agus, go háirithe, sonrófar cé acu ar Airteagal 3(1) nó ar Airteagal 3(2) atá an dlínse bunaithe.

2.   D'ainneoin mhír 1, i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gan cinneadh cúirte, féadfaidh na Ballstáit a chur de chúram ar an gcleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí den sórt sin a fhíorú an bhfuil dlínse de bhun Airteagal 3 ag an mBallstát ina bhfuil iarratas ar imeachtaí a thionscnamh ar feitheamh nó nach bhfuil. Nuair is amhlaidh an cás, sonróidh an cleachtóir dócmhainneachta sa chinneadh lena n-osclófar na himeachtaí na forais ar a bhfuil an dlínse bunaithe agus, go háirithe, cé acu ar Airteagal 3(1) nó (2) atá sí bunaithe.

Airteagal 5

Athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh chun príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh

1.   Féadfaidh an féichiúnaí nó aon chreidiúnaí agóid a chur síos os comhair cúirte i gcoinne an chinnidh chun príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar fhorais dlínse idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh páirtithe seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 an cinneadh lena n-osclaítear na príomhimeachtaí dócmhainneachta a agóid ar fhorais seachas easpa dlínse idirnáisiúnta, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta.

Airteagal 6

Dlínse maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn go díreach ó imeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthnasc eatarthu

1.   Beidh dlínse ag na cúirteanna sa Bhallstát ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 3 maidir le haon ghníomhaíocht a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint aici leo, amhail gníomhaíochtaí seachanta.

2.   I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 le gníomhaíocht in ábhair shibhialta agus thráchtála i gcoinne an chosantóra chéanna, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta an dá ghníomhaíocht a thionscnamh os comhair cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir laistigh dá chríoch, nó, i gcás ina dtionscnaítear an ghníomhaíocht i gcoinne roinnt cosantóirí, os comhair cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar aon cheann de na cosantóirí laistigh dá chríoch, ar an gcoinníoll go bhfuil dlínse ag na cúirteanna sin de bhun rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

Beidh an chéad fhomhír i bhfeidhm maidir leis an bhféichiúnaí i seilbh, ar an gcoinníoll go mbeidh sé in ann gníomhaíochtaí a thionscnamh faoin dlí náisiúnta thar ceann an eastáit dócmhainneachta.

3.   Chun críche mhír 2, meastar gníomhaíochtaí a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá mbeadh imeachtaí ar leithligh ann.

Airteagal 7

An dlí is infheidhme

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí is infheidhme i leith imeachtaí dócmhainneachta dlí an Bhallstáit a ndéanfar na himeachtaí a thionscnamh laistigh dá chríoch, (“an Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí”).

2.   Cinnfidh dlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí na coinníollacha maidir le tionscnamh, seoladh agus cur i gcrích na n-imeachtaí sin. Go háirithe, cinnfidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na féichiúnaithe a bhféadfar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ina gcoinne mar gheall ar a n-acmhainneacht;

(b)

na sócmhainní ar cuid den eastát dócmhainneachta iad agus cóireáil sócmhainní a fuair an féichiúnaí nó a aistríodh dó tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta;

(c)

cumhachtaí faoi seach an fhéichiúnaí agus an chleachtóra dócmhainneachta;

(d)

na coinníollacha a bhféadfar fritháirimh a agairt fúthu;

(e)

iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí reatha ar páirtí an féichiúnaí iontu;

(f)

iarmhairtí na n-imeachtaí dócmhainneachta maidir le himeachtaí a thionscnaíonn creidiúnaithe aonair, seachas cáis atá ar feitheamh;

(g)

na héilimh atá le taisceadh i gcoinne eastát dócmhainneachta an fhéichiúnaí agus cóireáil na n-éileamh a thagann chun cinn tar éis imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh;

(h)

na rialacha lena rialaítear taisceadh, fíorú agus cead isteach éileamh;

(i)

na rialacha lena rialaítear dáileadh na bhfáltas a fuarthas mar thoradh ar réadú na sócmhainní, rangú éileamh agus cearta na gcreidiúnaithe a fuair sástacht pháirteach tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta de bhun cheart in-rem nó fritháirimh;

(j)

na coinníollacha agus na hiarmhairtí a bhaineann le clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta, go háirithe de réir comhshuímh;

(k)

ceart na gcreidiúnaithe tar éis clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta;

(l)

cé a sheasfaidh na costais agus caiteachas a thabhaítear sna himeachtaí dócmhainneachta;

(m)

na rialacha a bhaineann le neamhniú, in-neamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhacht na ngníomhartha dlíthiúla, a dhéanfadh dochar do na creidiúnaithe i gcoitinne.

Airteagal 8

Cearta in rem tríú páirtithe

1.   Ní dhéanfaidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta difear do chearta in rem creidiúnaithe nó tríú páirtithe maidir le sócmhainní, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe, idir shócmhainní sonracha agus bhailiúcháin sócmhainní éiginnte ina n-iomláine a athraíonn ó am go chéile, ar leis an bhféichiúnaí iad agus atá suite i gcríoch Ballstáit eile tráth thionscnamh na n-imeachtaí.

2.   Ciallóidh na cearta dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an ceart chun sócmhainní a dhiúscairt nó chun go ndéantar iad a dhiúscairt agus sástacht a fháil ó fháltas nó ioncam ó na sócmhainní sin, go háirithe de bhua liain nó morgáiste;

(b)

an ceart eisiach go gcomhlíonfar éileamh, go háirithe ceart a ráthaítear le lian i dtaca leis an éileamh nó trí shannadh an éilimh mar ráthaíocht;

(c)

an ceart chun sócmhainní a éileamh ó aon duine a bhfuil siad ina sheilbh aige nó atá á n-úsáid contrártha do mhianta an pháirtí i dteideal amhlaidh agus/nó aiseag a éileamh ó duine sin;

(d)

ceart in rem ar úsáid thairbhiúil na sócmhainní.

3.   Ceart, atá cláraithe i gclár poiblí agus infheidhmithe i gcoinne tríú páirtithe, bunaithe ar an bhféadfar ceart in rem de réir bhrí mhír 1 a fháil, measfar mar cheart in rem é.

4.   Ní choiscfidh mír 1 caingne le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta dá dtagraítear i bpointe (m) d'Airteagal 7(2).

Airteagal 9

Fritháireamh

1.   Ní dhéanfaidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta difear do cheart creidiúnaithe fritháireamh a n-éilimh i gcoinne éilimh féichiúnaí a iarraidh, i gcás ina mbeidh fritháireamh den sórt sin ceadaithe faoin dlí is infheidhme ar éileamh an fhéichiúnaí dhócmhainnaigh.

2.   Ní choiscfidh mír 1 caingne le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta dá dtagraítear i bponite (m) d'Airteagal 7(2).

Airteagal 10

Forchoimeádas teidil

1.   Ní dhéanfaidh imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne ceannaitheoir sócmhainne difear do chearta an díoltóra atá bunaithe ar fhorchoimeádas teidil i gcás ina mbeidh an tsócmhainn suite, tráth tionscnaimh imeachtaí, laistigh de chríoch Bhallstáit seachas an Stát ina ndearnadh imeachtaí a thionscnamh.

2.   Ní bheidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne díoltóir sócmhainne mar fhoras chun an díolachán a chealú nó a fhoirceannadh agus ní dhéanfaidh sé sin an ceannaitheoir a chosc ó theideal a fháil i gcás ina mbeidh an tsócmhainn dhíolta, tráth tionscnaimh imeachtaí, suite laistigh de chríoch Bhallstáit seachas an Stát ina ndearnadh imeachtaí a thionscnamh.

3.   Ní choiscfidh mír 1 agus mír 2 caingne le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta dá dtagraítear i bpointe (m) d'Airteagal 7(2).

Airteagal 11

Conarthaí maidir le maoin dhochorraithe

1.   Rialófar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonradh lena mbronnfar an ceart maoin dhochorraithe a fháil nó a úsáid faoi dhlí an Bhallstáit ina mbeidh an mhaoin dhochorraithe suite laistigh dá chríoch agus faoin dlí sin amháin.

2.   Beidh dlínse ag an gcúirt tionscanta na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta foirceannadh nó modhnú na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas, i gcás:

(a)

ina gceanglaítear le dlí an Bhallstáit is infheidhme maidir leis na conarthaí sin nach bhféadfaí conradh den chineál sin a fhoirceannadh nó a mhodhnú ach amháin le formheas ón gcúirt a thionscnaíonn imeachtaí dócmhainneachta; agus

(b)

nach bhfuil imeachtaí dócmhainneachta tionscanta cheana féin sa Bhallstát sin.

Airteagal 12

Córais íocaíochta agus margaí airgeadais

1.   Gan dochar d'Airteagal 8, rialófar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe i gcóras íocaíochta nó socraíochta nó i margadh airgeadais faoi dhlí an Bhallstáit is infheidhme maidir leis an gcóras sin nó leis an margadh sin agus faoin dlí sin amháin.

2.   Ní choiscfidh mír 1 aon chaingean le haghaidh neamhniú, in-neamhnitheachta nó neamh-in-fhorghníomhachta a fhéadfar a thionscnamh chun íocaíochtaí nó idirbhearta a chur ar ceal faoin dlí is infheidhme maidir leis an gcóras íocaíochta nó leis an margadh infheistíochta ábhartha.

Airteagal 13

Conarthaí fostaíochta

1.   Is é dlí an Bhallstáit, agus é sin amháin, is infheidhme maidir le conradh fostaíochta lena rialófar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chonarthaí agus ar chaidreamh fostaíochta.

2.   Coinneoidh cúirteanna an Bhallstáit inar bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh dlínse ar fhoirceannadh nó modhnú na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas, fiú murar tionscnaíodh aon imeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát sin.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír maidir le húdarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta foirceannadh nó modhnú na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a fhormheas.

Airteagal 14

Iarmhairtí ar chearta faoi réir clárú

Cinnfear iarmhairtí imeachtaí sócmhainneachta ar chearta féichiúnaí i ndáil le maoin dhochorraithe, le long nó le haerárthach faoi réir clárú i gclár poiblí faoi dhlí an Bhallstáit ina gcoinnítear an clár faoina údarú.

Airteagal 15

Paitinní Eorpacha a bhfuil éifeacht aonadach leo agus trádmharcanna Comhphobail

Chun críche an Rialacháin seo, maidir le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi, trádmharc Comhphobail nó aon cheart comhchosúil eile arna mbunú le dlí an Aontais, ní fhéadfar iad a áireamh ach amháin sna himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

Airteagal 16

Gníomhartha dochracha

Ní bheidh feidhm ag pointe (m) d'Airteagal 7(2) i gcás ina soláthróidh an duine a bhain leas as gníomh a bhí dochrach do na creidiúnaithe go léir cruthúnas:

(a)

go bhfuil an gníomh faoi réir dlí Bhallstáit seachas dlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí; agus

(b)

nach gceadaítear faoi dhlí an Bhallstáit sin aon slí chun agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh sin sa chás is ábhartha.

Airteagal 17

Cosaint ceannaitheoirí tríú páirtí

I gcás ina ndiúscróidh an féichiúnaí, trí ghníomh a cuireadh i gcrích tar éis imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, le haghaidh comaoine:

(a)

sócmhainn dhochorraithe,

(b)

long nó aerárthach atá faoi réir clárú i gclár poiblí, nó

(c)

urrúis lena gceanglaítear toisc iad a bheith ann clárú i gclár a leagtar síos faoin dlí,

rialófar bailíocht an ghnímh sin faoi dhlí an Stáit a mbeidh an tsócmhainn dhochorraithe suite laistigh dá chríoch nó ina gcoinnítear an clár faoina údarú.

Airteagal 18

Iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chásanna nó ar imeachtaí eadrána

Déanfar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta ar chás atá ar feitheamh nó ar imeacht eadrána atá ar feitheamh a bhaineann le sócmhainn nó le ceart atá mar chuid d'eastát an fhéichiúnaí a rialú le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an cás sin ar feitheamh nó ina bhfuil an binse eadrána ina suí, agus leis an dlí sin amháin.

CAIBIDIL II

AITHEANTAS IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA

Airteagal 19

Prionsabal

1.   Aithneofar aon bhreithiúnas lena dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta a thugann cúirt Bhallstáit ag a bhfuil dlínse de bhun Airteagal 3 i ngach Ballstáit eile go léir ón bpointe a mbeidh éifeacht aige sa Stát inar tionscnaíodh imeachtaí.

Beidh feidhm ag an riail a leagtar síos sa chéad fhomhír nuair nach féidir imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh in aghaidh féichiúnaí i mBallstáit eile mar gheall ar acmhainn féichiúnaí.

2.   Ní chuirfidh aitheantas na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) bac ar chúirt i mBallstát eile na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thionscnamh. Is imeachtaí tánaisteacha de réir bhrí Chaibidil III a bheidh sna himeachtaí sin.

Airteagal 20

Iarmhairtí aitheantais

1.   Beidh an iarmhairt chéanna, gan aon fhoirmiúlachtaí breise, ag an mbreithiúnas maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) in aon Bhallstát eile agus a bheidh aige faoi dhlí an Stáit ina dtionscnófar imeachtaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo agus fad nach bhfuil imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) tionscanta sa Bhallstát eile sin.

2.   Ní fhéadfar iarmhairtí na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a agóid in aon Bhallstát eile. Ní bheidh iarmhairtí ag aon srian ar chearta creidiúnaithe, amhail bac ar íocaíocht nó urscaoileadh fiachais, maidir le sócmhainní a bheidh suite laistigh de chríoch Bhallstáit eile ach amháin i gcás na gcreidiúnaithe sin a thug toiliú.

Airteagal 21

Cumhachtaí an chleachtóra dhócmhainneachta

1.   An cleachtóir dócmhainneachta arna cheapadh ag cúirt a bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3(1), féadfaidh sé na cumhachtaí go léir a thugtar dó faoi dhlí an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí a fheidhmiú i mBallstát eile, ar chuntar nár tionscnaíodh aon imeachtaí dócmhainneachta eile ansin agus nár tógadh aon bheart caomhnaithe dá mhalairt sa Bhallstát sin de bhun iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh sa Stát sin. Faoi réir Airteagal 8 agus Airteagal 10, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta go háirithe sócmhainní an fhéichiúnaí a thógáil amach as críoch an Bhallstáit ina bhfuil siad suite.

2.   An cleachtóir dócmhainneachta a cheapfaidh cúirt a mbeidh dlínse aici de bhun Airteagal 3(2), féadfaidh sé a mhaoímh in aon Bhallstát eile trí na cúirteanna nó lasmuigh díobh gur aistríodh maoin inchorraithe ó chríoch an Stáit inar tionscnaíodh imeachtaí go dtí críoch an Bhallstáit eile tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dócmhainneachta. Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta freisin aon chaingean maidir le cur a ceal a bheidh ar leas na gcreidiúnaithe a thabhairt isteach.

3.   Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta dlí an Bhallstáit ina mbeidh sé beartaithe aige gníomhú laistigh dá chríoch a chomhlíonadh, go háirithe maidir le himeachtaí chun sócmhainní a réadú. Ní fhéadfaidh bearta comhéigneacha a bheith ar cheann de na cumhachtaí sin, ach amháin má ordaíonn cúirt an Bhallstáit sin, ná an ceart breith a thabhairt i leith imeachtaí dlíthiúla nó díospóidí.

Airteagal 22

Cruthúnas ar cheapadh an chleachtóra dócmhainneachta

Tabharfar fianaise ar cheapadh an chleachtóra dócmhainneachta trí chóip dheimhnithe den chinneadh bhunaidh lena gceapfar é nó trí aon deimhniú eile a eiseoidh an cúirt a mbeidh dlínse aici.

D'fhéadfadh go mbeidh gá ann le haistriúchán a sholáthar go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit a mbeidh sé beartaithe aige gníomhú laistigh dá chríoch. Ní bheidh le reachtaíocht ná le foirmiúlacht chomhchosúil eile.

Airteagal 23

Filleadh agus leitháireamh íocaíochta

1.   Tar éis thionscnamh na n-imeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), creidiúnaí a fuair sástacht iomlán nó pháirteach, ar aon slí, go háirithe trí fhorfheidhmiú, ar an éileamh bheidh aige ar shócmhainní de chuid an fhéichiúnaí suite laistigh de chríoch Bhallstáit eile, fillfidh sé an méid a fuair sé don chleachtóir dócmhainneachta, faoi réir Airteagal 8 agus Airteagal 10.

2.   D'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe, ní bhfaighidh creidiúnaí a fuair, le linn imeachtaí dócmhainneachta, díbhinn ar a éileamh sciar de na dáiltí a dhéanfar in imeachtaí eile ach amháin má fhaigheann creidiúnaithe den rang nó den chatagóir chéanna leis díbhinn chomhchosúil sna himeachtaí sin nó in imeachtaí eile.

Airteagal 24

Cláir dhócmhainneachta a bhunú

1.   Bunóidh agus coinneoidh Ballstát clár amháin nó roinnt clár ar a gcríoch ina bhfoilseofar an fhaisnéis maidir le himeachtaí dócmhainneachta (“cláir dhócmhainneachta”). Foilseofar an fhaisnéis sin a luaithe is féidir tar éis imeachtaí den chineál sin a thionscnamh.

2.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil go poiblí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27 agus áireofar orthu an méid seo a leanas (“faisnéis shainordaitheach”):

(a)

dáta tionscanta imeachtaí dócmhainneachta;

(b)

an chúirt a thionscnaigh imeachtaí dócmhainneachta agus uimhir thagartha an cháis, más ann di;

(c)

an cineál imeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn A a tionscnaíodh agus, i gcás inarb iomchuí, aon fhochineál ábhartha de na himeachtaí sin a tionscnaíodh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

bíodh an dlínse i dtaca le himeachtaí a thionscnamh bunaithe ar Airteagal 3(1), ar Airteagal 3 (2) nó ar Airteagal 3 (4);

(e)

más cuideachta nó duine dlítheanach é an féichiúnaí, ainm, uimhir cláraithe, oifig chláraithe nó, má tá sé difriúil, seoladh poist an fhéichiúnaí;

(f)

más duine aonair é an féichiúnaí nach bhfeidhmíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil, ainm agus seoladh poist an fhéichiúnaí nó, i gcás ina gcosnaítear an seoladh, áit bhreithe agus dáta breithe an fhéichiúnaí;

(g)

ainm, seoladh poist nó seoladh ríomhphoist an chleachtóra dócmhainneachta, más ann dó, a ceapadh sna himeachtaí;

(h)

an teorainn ama maidir le héilimh a thaisceadh, más ann dóibh, nó tagairt do na critéir chun an teorainn ama sin a ríomh;

(i)

dáta clabhsúir na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta, más ann dóibh;

(j)

maidir le hagóid i gcoinne an chinnidh chun imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, an chúirt a dhéanfar an agóid os a comhair agus, i gcás inarb infheidhme, an teorainn ama ina ndéanfar í a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 5, nó tagairt do na critéir chun an teorainn ama sin a ríomh.

3.   Le mír 2, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit doiciméid nó faisnéis bhreise a áireamh ina gcláir náisiúnta dhócmhainneachta, amhail dícháiliú stiúrthóirí a bhaineann le dócmhainneacht.

4.   Ní bheidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le daoine aonair nach bhfeidhmíonn gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil a áireamh sna cláir dhócmhainneachta, ná faisnéis den chineál sin a chur ar fáil go poiblí trí chóras idirnasctha na gclár sin, ar choinníoll go gcuireann siad creidiúnaithe eachtracha aitheanta ar an eolas, de bhun Airteagal 54, faoi na gnéithe dá dtagraítear faoi phointe (j) de mhír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina mbaineann Ballstát úsáid as an deis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ní dhéanfaidh na himeachtaí dócmhainneachta difear d'éilimh creidiúnaithe eachtracha nach bhfuair an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

5.   Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag foilsiú na faisnéise sna cláir faoin Rialachán seo seachas na héifeachtaí sin a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus in Airteagal 55(6).

Airteagal 25

Cláir dhócmhainneachta a idirnascadh

1.   Bunóidh an Coimisiún córas díláraithe chun na cláir dhócmhainneachta a idirnascadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Is éard a bheidh sa chóras sin na cláir dhóchmhainneachta agus an Tairseach Eorpach r-Cheartas, a bheidh ina bpointe rochtana leictreonach lárnach don phobal ar fhaisnéis an chórais. Chun an fhaisnéis shainordaitheach agus aon doiciméad nó fhaisnéis eile atá sna cláir dhócmhainneachta a roghnóidh na Ballstáit chun iad a chur ar fáil trí Thairseach Eorpach don Cheartas, beidh seirbhís cuardaigh ag an gcóras i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.

2.   Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 87, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas faoin 26 Meitheamh 2019:

(a)

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna leictreonacha cumarsáide agus malartaithe faisnéis ar bhonn na sonraíochta comhéadain seanbhunaithe do chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta;

(b)

na bearta teicniúla a áirithíonn na híoschaighdeáin slándála TF maidir le faisnéis a chur in iúl agus a dháileadh laistigh de chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta;

(c)

íoschritéir don tseirbhís chuardaigh a chuireann an Tairseach Eorpach don r-Cheartas ar fáil, bunaithe ar an bhfaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 24;

(d)

íoschritéir maidir le torthaí cuardach den sórt sin a chur i láthair, bunaithe ar an bhfaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 24;

(e)

na bealaí agus na dálaí teicniúla a bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin gcóras idirnasctha; agus

(f)

gluais ina bhfuil míniú bunúsach ar na himeachtaí dócmhainneachta náisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn A.

Airteagal 26

Costais na cláir dhócmhainneachta a bhunú agus a idirnascadh

1.   Is ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar bunú, coinneáil ar bun agus forbairt chóras na gclár dócmhainneachta idirnasctha amach anseo.

2.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena gcláir dhócmhainneachta náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, chomh maith leis na costais a bhaineann leis na cláir sin a riar, a oibriú agus a choinneáil ar bun. Beidh an méid sin gan dochar don deis a d'fhéadfadh a bheith ann iarratas a chur isteach ar dheontais lena dtacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin faoi chláir mhaoiniúcháin an Aontais.

Airteagal 27

Coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis tríd an gcóras idirnaisc

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) d'Airteagal 24(2) ar fáil saor in aisce trí chóras idirnasc na gclár dócmhainneachta.

2.   Ní chuirfear bac ar na Ballstáit leis an Rialachán seo táille réasúnta a ghearradh, trí chóras idirnasc na gclár dócmhainneachta, ar an rochtain ar na doiciméid ná ar an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 24(3).

3.   Féadfaidh na Ballstáit rochtain a fháil ar fhaisnéis shainordaithe a bhaineann le daoine nach bhfuil i mbun gnó nó gníomhaíochta gairmiúla atá neamhspleách, agus a bhaineann le daoine atá i mbun gnó nó gníomhaíochta gairmiúla atá neamhspleách nuair nach bhfuil baint ag na himeachtaí dócmhainneachta leis an ngníomhaíocht a chur faoi réir critéar breise cuardaigh a bhaineann leis an bhféichiúnaí, de bhreis ar na critéir íosta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 25(2).

4.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 coinníollach ar iarraidh don údarás inniúil. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí rochtain ar an bhfaisnéis coinníollach ar fhíorú gurb ann do leas dlisteanach i dtaca le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin. Beidh an duine is iarrthóir in ann iarraidh ar fhaisnéis a chur isteach go leictreonach de bhíthin foirm chaighdeánach tríd an Tairseach Eorpach r-Cheartas. I gcás a mbeadh gá le leas dlisteanach, beidh sé incheadaithe ag an duine is iarrthóir é údar cuí a chur lena iarraidh le cóipeanna leictreonacha de na doiciméid ábhartha. Tabharfaidh an t-údarás inniúil freagra don duine is iarrthóir laistigh de thrí lá oibre.

Ní bheidh sé d'oibleagáid ar an duine is iarrthóir aistriúcháin a chur ar fáil ar na doiciméid lena gcuirfear údar cuí lena iarraidh nó aon costais a sheasamh a bhaineann leis an aistriúchán a thabhóidh an t-údarás inniúil.

Airteagal 28

Foilsiú i mBallstát eile

1.   Iarrfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige go bhfógrófar, in aon Bhallstát eile ina bhfuil teaghlachas de chuid an fhéichiúnaí lonnaithe, an fógra faoin mbreithiúnas lena dtionscnaítear na himeachtaí dócmhainneachta agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh lena gceaptar an cleachtóir dócmhainneachta, i gcomhréir leis na nósanna imeachta foilsithe dá bhforáiltear sa Bhallstát sin. Sonrófar san fhoilsiú sin, i gcás inarb iomchuí, an cleachtóir dócmhainneachta atá ceaptha agus an í an riail maidir le dlínse de bhun Airteagal 3(1) nó de bhun Airteagal 3(2) atá á cur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige a iarraidh go bhfoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon Bhallstát eile i gcás go measann an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige gur gá sin a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta foilseacháin dá bhforáiltear sa Bhallstát sin.

Airteagal 29

Clárú i gcláir phoiblí de chuid Ballstáit eile

1.   Maidir le dlí an Bhallstáit a bhfuil teaghlachas de chuid an fhéichiúnaí lonnaithe ann, agus ar cuireadh an teaghlachas sin isteach i gclár poiblí de chuid an Bhallstáit sin nó ar Ballstát é a bhfuil maoin dhochorraithe lonnaithe ann ar leis an bhféichiúnaí í, i gcás go gceanglaítear le dlí an Bhallstáit sin go ndéanfar faisnéis maidir le tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a fhoilsiú i gclár na talún, i gclár na gcuideachtaí nó in aon chlár poiblí eile, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí atá i seilbh na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar clárú den sórt sin.

2.   hta nó an féichiúnaí a bhfuil seilbh aige clárú den sórt sin a iarraidh in aon Bhallstát eile, ar choinníoll go gceadaítear cláruithe den sórt sin le dlí an Bhallstáit ina gcoimeádtar an clárú ann.

Airteagal 30

Costais

Measfar gur costais agus caiteachas a tabhaíodh sna himeachtaí na costais maidir le foilsiú agus clárú dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus in Airteagal 29.

Airteagal 31

Oibleagáid d'fhéichiúnaí a urramú

1.   I gcás a ndearnadh oibleagáid a urramú i mBallstát ar leas féichiúnaí a bheidh faoi réir imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i mBallstát eile, nuair ba cheart go ndearnadh í a urramú ar leas an chleachtóra dócmhainneachta sna himeachtaí sin, measfar go bhfuil an oibleagáid scaoilte ag an duine a bheidh á hurramú más rud é nach raibh sé ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí.

2.   I gcás ina n-urramófar an oibleagáid sin sula ndéanfar an foilsiú dá bhforáiltear in Airteagal 28 a chur i gcrích, toimhdeofar an duine a mbeidh an oibleagáid á hurramú aige, cheal cruthúnas dá mhalairt, a bheith aineolach ar na himeachtaí dócmhainneachta. I gcás ina n-urramófar an oibleagáid tar éis an foilsiú sin a bheith curtha i gcrích, toimhdeofar go raibh an duine a mbeidh an oibleagáid á hurramú aige, cheal cruthúnas dá mhalairt, eolach faoi thionscnamh na n-imeachtaí.

Airteagal 32

Aitheantas agus infhorfheidhmitheacht breithiúnas eile

1.   Aithneofar freisin, gan aon fhoirmiúlachtaí breise, breithiúnais a thugann cúirt a bhfuil a breithiúnas maidir le himeachtaí a thionscnamh aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 19, ar breithiúnais iad a bhaineann le cúrsa agus clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta, agus aithneofar ar an gcaoi céanna imshocraíochtaí ar thug an chúirt sin formheas ina leith. Déanfar breithiúnais den sórt sin a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAireagal 44 agus Airteagal 47 go hAirteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le breithiúnais a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo, fiú amháin más cúirt eile a thug na breithiúnais sin.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le breithiúnais a bhaineann le bearta caomhnaithe a rinneadh tar éis iarraidh a fháil go gcuirfí tús le himeachtaí dócmhainneachta nó a rinneadh i ndáil leis an iarraidh sin.

2.   Is le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a rialófar aitheantas agus forghníomhú breithiúnas nach iad na breithiúnais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil an Rialachán sin infheidhme.

Airteagal 33

Beartas poiblí

Féadfaidh aon Bhallstát diúltú aitheantas a thabhairt d'imeachtaí dócmhainneachta i mBallstát eile nó breithiúnas a tugadh a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs na n-imeachtaí sin i gcás inar léir go mbeadh éifeachtaí an aitheantais nó an fhorfheidhmithe sin acontrártha do bheartas poiblí an Bhallstáit sin, go háirithe a phrionsabail bhunúsacha nó cearta bunreachtúla agus saoirsí bunreachtúla an duine aonair.

CAIBIDIL III

IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA TÁNAISTEACHA

Airteagal 34

Tionscnamh imeachtaí

I gcás inar thionscain cúirt príomhimeachtaí dócmhainneachta agus gur aithníodh iad i mBallstát eile, féadfaidh cúirt de chuid an Bhallstáit eile sin, a bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3(2), imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Sa chás ina gceanglófaí le príomhimeachtaí dócmhainneachta go mbeadh an féichiúnaí dócmhainneach, ní dhéanfar athscrúdú ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí sa Bhallstát inar féidir imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh. Beidh iarmhairtí na n-imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha srianta do na sócmhainní sin de chuid an fhéichiúnaí atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit inar tionscnaíodh na himeachtaí sin.

Airteagal 35

An dlí is infheidhme

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é dlí an Bhallstáit ar tionscnaíodh na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha laistigh dá chríoch an dlí is infheidhme maidir le himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

Airteagal 36

An ceart chun gealltanas a thabhairt chun imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a sheachaint

1.   Chun tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a sheachaint, féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta gealltanas aontaobhach a thabhairt (an “gealltanas”) maidir leis na sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh, go gcomhlíonfaidh sé, tráth a bheidh sé ag dáileadh na sócmhainní sin nó na bhfáltas a fuarthas mar thoradh ar iad a réadú na cearta dáilte agus tosaíochta a bheadh ag creidiúnaithe áitiúla faoin dlí náisiúnta dá mba rud é gur tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát sin. Sonrófar sa ghealltanas na toimhdí fíorasacha ar a bhfuil sí bunaithe, go háirithe maidir le luach na sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann agus maidir leis na roghanna a bheadh ar fáil chun na sócmhainní sin a réadú.

2.   I gcás gur tugadh gealltanas i gcomhréir leis an Airteagal seo, is é dlí an Bhallstáit a bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ann an dlí is infheidhme maidir le dáileadh na bhfáltas a fuarthas mar thoradh ar réadú na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1, rangú éileamh na gcreidiúnaithe agus cearta creidiúnaithe i dtaca leis na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1. Beidh an pointe ábhartha ama chun na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, tráth a dtabharfar an gealltanas.

3.   Is i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inarbh fhéidir príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó i gceann de na teangacha oifigiúla dá chuid a thabharfar an gealltanas, nó, i gcás go bhfuil roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inarbh fhéidir imeachtaí dócmhainneachta táinisteacha a thionscnamh.

4.   Is i scríbhinn a dhéanfar an gealltanas. Beidh sé faoi réir aon cheanglais eile a bhaineann le foirm an Stáit ina ndéanfar na príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, más ann do na ceanglais sin, agus faoi réir ceanglais formheasa maidir le dáileadh.

5.   Déanfaidh na creidiúnaithe áitiúla atá aitheanta an gealltanas a fhormheas. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le tromlach cáilithe agus vótáil atá i bhfeidhm chun pleananna athstruchtúraithe a ghlacadh faoi dhlí an Bhallstáit a bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ann maidir le formheas an ghealltanais. Beidh creidiúnaithe in ann a bheith rannpháirteach sa vótáil trí mhodhanna cianchumarsáide, má cheadaítear a leithéid faoin dlí náisiúnta. Cuirfidh an cleachtóir dócmhainneachta na creidiúnaithe áitiúla atá aitheanta ar an eolas maidir leis an ngealltanas, na rialacha agus na nósanna imeachta lena fhormheas agus maidir le formheas nó diúltú an ghealltanais.

6.   Beidh gealltanas a thugtar agus a fhormheastar i gcomhréir leis an Airteagal seo ceangailteach ar an eastát. Má thionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha i gcomhréir le hAirteagal 37 agus le hAirteagal 38, aistreoidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, tar éis don ghealltanas a thabhairt, aon sócmhainní a bhain sé de chríoch an Bhallstáit sin chuig an gcleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha nó, sa chás gur réadaíodh na sócmhainní sin cheana, aistreoidh sé a bhfáltais.

7.   Nuair a thabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta gealltanas, cuirfidh sé na creidiúnaithe áitiúla ar an eolas maidir leis an dáileadh atá beartaithe sula ndéanfaidh sé na sócmhainní agus na fáltais dá dtagraítear i mír 1 a dháileadh. Mura mbeidh an fhaisnéis sin i gcomhréir le coinníollacha an ghealltanais nó leis an dlí is infheidhme, féadfaidh aon chreidiúnaí áitiúil dúshlán i gcoinne an dáilte sin a chur faoi bhráid chúirteanna an Bhallstáit inar tionscnaíodh príomhimeachtaí dócmhainneachta chun go gheobhaidh sé dáileadh i gcomhréir le coinníollacha an ghealltanais agus leis an dlí is infheidhme. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh aon dáileadh i gceist go dtí go ndéanfaidh an chúirt cinneadh maidir leis an dúshlán.

8.   Féadfaidh creidiúnaithe áitiúla iarratas a chur faoi bhráid chúirteanna an Bhallstáit inar tionscnaíodh príomhimeachtaí dócmhainneachta chun a cheangal ar an gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta aon bhearta iomchuí a ghlacadh ar gá iad lena áirithiú go gcomhlíonfar coinníollacha an ghealltanais atá ar fáil faoi dhlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh na príomhimeachtaí dócmhainneachta.

9.   Féadfaidh creidiúnaithe áitiúla iarratas a chur faoi bhráid chúirteanna an Bhallstáit sin freisin a bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ann d'fhonn a cheangal ar an gcúirt bearta sealadacha nó cosanta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeadh coinníollacha an ghealltanais á gcomhlíonadh ag an gcleachtóir dócmhainneachta.

10.   Beidh an cleachtóir dócmhainneachta faoi dhliteanas maidir le haon damáiste a dhéanfaí do chreidiúnaithe áitiúla ós rud é nár chomhlíon sé na hoibleagáidí agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

11.   Chun críche an Airteagail seo, aon údarás atá bunaithe sa Bhallstát ina bhféadfaí imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh agus a bhfuil sé de cheanglas air faoi Threoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a ráthú go n-íocfar éilimh fhostóirí nach bhfuil íoctha a dtig as conarthaí fostaíochta nó as caidreamh fostaíochta, measfar mar “creidiúnaí áitiúil” é.

Airteagal 37

An ceart a iarraidh go ndéanfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh

1.   Féadfaidh na daoine a leanas a iarraidh go ndéanfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh:

(a)

an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta;

(b)

aon duine nó údarás eile a chumhachtaítear chun tionscnaimh imeachtaí dócmhainneachta a iarraidh faoi dhlí an Bhallstáit ar laistigh dá chríoch sin a iarrfar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh.

2.   Nuair atá gealltanas ina cheangal i gcomhréir le hAirteagal 36, déanfar an iarraidh chun imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis fháil an fhógra maidir le formheas an ghealltanais.

Airteagal 38

Cinneadh maidir le himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh

1.   Déanfaidh cúirt a n-iarrtar uirthi imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh fógra a thabhairt láithreach don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta agus tabharfaidh sí deis éisteachta dó i leith ha hiarrata.

2.   I gcás inar thug an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta gealltanas, i gcomhréir le hAirteagal 36, ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta, ní dhéanfaidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh má bhíonn sí sásta go gcosnaítear leasa ginearálta na gcreidiúnaithe áitiúla go leordhóthanach leis an ngealltanas sin.

3.   I gcás inar deonaíodh bac sealadach ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe chun caibidlíocht a cheadú idir an féichiúnaí agus a chuid creidiúnaithe, féadfaidh an chúirt, ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta nó ón bhféichiúnaí i seilbh, bac a chur ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha le tréimhse nach faide ná trí mhí, ar choinníoll go bhfuil bearta oiriúnacha i bhfeidhm chun leas creidiúnaithe áitiúla a chosaint.

Féadfaidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 bearta cosanta a ordú chun leas na gcreidiúnaithe áitiúla a chosaint trí cheangal ar an bhféichiúnaí nó ar an gcleachtóir dócmhainneachta gan sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil a bhunaíocht lonnaithe a aistriú nó a dhiúscairt ach amháin i gcás go ndéantar é sin sa ghnáthchúrsa gnó. Féadfaidh an chúirt bearta eile a ordú freisin chun leas na gcreidiúnaithe áitiúla a chosaint le linn thréimhse an bhaic mura bhfuil sin neamhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le nós imeachta sibhialta.

Déanfaidh an chúirt an bac ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh a bhaint uaithi féin nó ar iarraidh ó chreidiúnaí más rud é go gcuirfear i gcrích le linn thréimhse an bhaic comhaontú sa chaibidlíocht dá dtagraítear sa chéad fho-mhír.

Féadfaidh an chúirt an bac a bhaint ar a conlán féin nó ar iarraidh ó chreidiúnaí má dhéantar dochar do chearta an chreidiúnaí mar gheall ar leanúint an bhaic, go háirithe má chuirtear isteach ar chaibidlíocht nó más léir anois nach dócha go gcuirfear i gcrích iad nó má sháraigh an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí atá i seilbh an toirmeasc maidir lena shócmhainní a dhiúscairt nó maidir lena mbaint de chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht lonnaithe.

4.   Ar iarraidh ón gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta, féadfaidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 cineál imeachtaí dócmhainneachta a liostaítear in Iarscríbhinn A seachas an cineál a iarradh ar dtús, a thionscnamh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh an chineáil sin nós imeachta faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh agus gurb iad na himeachtaí sin na cinn is iomchuí, agus leas na gcreidiúnaithe áitiúla á chur san áireamh chomh maith le leas na comhoiriúnachta idir na príomhimeachtaí dócmhainneachta agus na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha. Beidh feidhm ag an dara habairt d'Airteagal 34.

Airteagal 39

Athbhreithniú breithiúnach ar an gcinneadh chun príomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh

Féadfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta dúshlán a chur síos i gcoinne an chinnidh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, ar an bhforas nár chomhlíon an chúirt coinníollacha agus ceanglais Airteagal 38.

Airteagal 40

Réamhíocaíocht costas agus speansais

Nuair a cheanglaítear le dlí an Bhallstáit ina n-iarrtar tionscnamh na nósanna imeachta dócmhainneachta tánaisteacha go mbeidh sócmhainní an fhéichiúnaí leordhóthanach chun costais agus speansais na nósanna imeachta a chlúdach go páirteach nó go hiomlán, féadfaidh an chúirt, nuair a fhaigheann sí iarratas den sórt sin, a iarraidh ar an iarratasóir réamhíocaíocht a dhéanamh maidir le costais nó urrús iomchuí a sholáthar.

Airteagal 41

Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta

1.   Rachaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta agus an cleachtóir dócmhainneachta nó na cleachtóirí dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna i mbun comhair lena chéile a mhéid nach mbeidh comhar den sórt sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí faoi seach. Féadfaidh comhar mar sin a bheith i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear tabhairt chun críche comhaontuithe nó prótacal.

2.   Agus an comhar a leagtar amach i mír 1 á chur chun feidhme acu, déanfaidh na cleachtóirí dócmhainneachta an méid a leanas:

(a)

aon fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith ábhartha sna himeachtaí eile a chur in iúl dá chéile a luaithe is féidir, go háirithe aon dul chun cinn a dhéantar maidir le héilimh a thaisceadh agus a fhíorú agus gach beart arb é is aidhm dó an féichiúnaí a tharrtháil nó a athstruchtúrú nó na himeachtaí a fhoirceannadh, ar choinníoll go ndéantar socruithe iomchuí chun faisnéis rúnda a chosaint;

(b)

féachaint an bhféadfaí athstruchtúrú a dhéanamh ar an bhféichiúnaí agus, más féidir sin, ullmhú agus cur chun feidhme plean athstruchtúraithe a chomhordú;

(c)

comhordú a dhéanamh ar riar réadú nó úsáid sócmhainní agus gnóthaí an fhéichiúnaí; tabharfaidh an cleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha deis luath don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta moltaí a chur isteach maidir le réadú nó úsáid na sócmhainní sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 mutatis mutandis i gcás go mbeidh seilbh ag an bhféichiúnaí i gcónaí ar a shócmhainní agus go mbaineann na príomhimeachtaí dócmhainneachta nó na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha nó aon cheann de na himeachtaí críche dócmhainneachta leis an bhféichiúnaí céanna agus go bhfuil na himeachtaí sin tionscanta ag an am céanna.

Airteagal 42

Comhar agus cumarsáid idir cúirteanna

1.   Chun gur fusa a bheidh sé príomhimeachtaí, imeachtaí críche agus imeachtaí tánaisteacha a bhaineann le haon fhéichiúnaí amháin a chomhordú, aon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, rachaidh sí i gcomhar le haon chúirt eile a bhfuil iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh a mhéid atá comhar den sórt sin comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de na himeachtaí. Chun na críche sin, féadfaidh na cúirteanna, más iomchuí, duine nó comhlacht neamhspleách a cheapadh a ghníomhóidh de réir a threoracha, ar choinníoll nach mbeidh sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leo.

2.   Agus an comhar a leagtar amach i mír 1 á chur chun feidhme acu, féadfaidh na cúirteanna, nó aon duine ceaptha nó aon chomhlacht ceaptha atá ag gníomhú thar a gceann, de réir mar a dtagraítear dó sin i mír 1, cumarsáid a dhéanamh le chéile go díreach, nó faisnéis nó cúnamh a iarraidh ar a chéile go díreach, ar choinníoll go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí agus rúndacht na faisnéise a urramú leis an gcumarsáid sin.

3.   Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme trí mhodh ar bith a mheasann an chúirt a bheith oiriúnach. D'fhéadfadh sé go mbeadh baint aige leis an méid a leanas, go háirithe:

(a)

comhordú maidir le ceapadh na gcleachtóirí dócmhainneachta;

(b)

faisnéis a chur in iúl trí mhodh ar bith a mheasann an chúirt a bheith iomchuí;

(c)

riar agus maoirseacht shócmhainní agus gnóthaí an fhéichiúnaí a chomhordú;

(d)

stiúir na n-éisteachtaí a chomhordú;

(e)

comhordú maidir le prótacail a fhormheas, nuair is gá.

Airteagal 43

Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteanna

1.   D'fhonn éascaíocht a dhéanamh do chomhardú príomhimeachtaí agus imeachtaí críche agus tánaisteacha a thionscnaítear i leith aon fhéichiúnaí amháin,

(a)

rachaidh cleachtóir dócmhainneachta i bpríomhimeachtaí dócmhainneachta i gcomhar agus i gcumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh;

(b)

rachaidh cleachtóir dócmhainneachta in imeachtaí dócmhainneachta críche nó tánaisteacha i gcomhar agus i gcumarsáid leis an gcúirt ina bhfuil iarraidh ar phríomhimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, agus

(c)

rachaidh cleachtóir dócmhainneachta in imeachtaí dócmhainneachta críche nó in imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha i gcomhar agus i gcumarsáid leis an gcúirt ina bhfuil iarraidh ar phríomhimeachtaí dócmhainneachta eile críche nó imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

A mhéid nach mbeidh comhar ná cumarsáid den sórt sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme i gcás gach ceann de na himeachtaí agus ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist leo.

2.   Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme trí mhodh ar bith atá iomchuí, amhail na modhanna a leagtar amach in Airteagal 42(3).

Airteagal 44

Costais a bhaineann le comhar agus cumarsáid

Ní bheidh sé mar thoradh ar na ceanglais atá leagtha síos sin Airteagal 42 agus in Airteagal 43 go mbeidh na cúirteanna ag gearradh táillí ar a chéile as comhar agus as cumarsáid.

Airteagal 45

Cearta creidiúnaithe a fheidhmiú

1.   Féadfaidh aon chreidiúnaí a éileamh a thaisceadh sna príomhimeachtaí dócmhainneachta agus in aon imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

2.   Féadfaidh na cleachtóirí dócmhainneachta sna príomhimeachtaí agus in aon imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a gcuid éileamh a thaisceadh in imeachtaí eile a taisceadh cheana féin sna himeachtaí ar ceapadh lena n-aghaidh sin iad, ar choinníoll go bhfónfar ar an mbealach sin do leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí deireanacha sin, faoi réir cheart na gcreidiúnaithe agóid a dhéanamh i gcoinne taisceadh den sórt sin nó taisceadh a gcuid éileamh a tharraingt siar i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an dlí is infheidhme.

3.   Beidh an cleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta nó sna himeachtaí tánaisteacha i dteideal a bheith rannpháirteach in imeachtaí eile ar an mbonn céanna le creidiúnaí, go háirithe trí fhreastal ar chruinnithe creidiúnaithe.

Airteagal 46

Bac ar phróiseas réadú na sócmhainní

1.   Cuirfidh an chúirt a d'oscail na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha bac ar phróiseas réadú na sócmhainní go páirteach nó go hiomlán tar éis di iarraidh a fháil ón gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta. I gcás sen sórt sin d'fhéadfadh sé a bheith de cheangal ar an gcleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta aon bheart is iomchuí a ghlacadh chun leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a ráthú chomh maith le leasanna aicmí aonair chreidiúnaithe. Féadfar iarraidh den sórt sin ón gcleachtóir dócmhainneachta a dhiúltú i gcás inar follas nach chun leasa na gcreidiúnaithe sna príomhimeachtaí dócmhainneachta é, agus sa chás sin amháin. Féadfar bac den sórt sin ar phróiseas réadú na sócmhainní a ordú ar feadh tréimhse suas le trí mhí. Féadfar é a fhadú nó a athnuachan go ceann tréimhsí iontamhla.

2.   Cuirfidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 deireadh leis an mbac ar phróiseas réadú na sócmhainní:

(a)

arna iarraidh sin don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta;

(b)

uaithi féin, arna iarraidh sin do chreidiúnaí nó don chleachtóir dócmhainneachta sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha má dhealraíonn sé nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin a thuilleadh, go háirithe, a mhéid a bhaineann sé le leasanna na gcreidiúnaithe sna príomhimeachtaí dócmhainneachta nó sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

Airteagal 47

Cumhacht an chleachtóra dócmhainneachta pleananna athstruchtúraithe a mholadh

1.   I gcás go gceadaíonn dlí an Bhallstáit ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha ann go gcuirfear clabhsúr gan leachtú ar na himeachtaí sin le plean athstruchtúraithe, le himshocraíocht nó le beart inchomparáide eile, cumhachtófar don chleachtóir dócmhainneachta féin sna príomhimeachtaí dócmhainneachta beart den sórt sin a mholadh i gcomhréir le nós imeachta an Bhallstáit sin.

2.   Ní bheidh éifeacht ag aon srian ar chearta creidiúnaithe a eascraíonn as beart dá dtagraítear i mír 1 agus a mholtar in imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, amhail bac ar íocaíocht nó urscaoileadh fiachais, maidir le sócmhainní de chuid féichiúnaí nach gcumhdaítear leis na himeachtaí sin, gan toiliú na gcreidiúnaithe leasmhara uile.

Airteagal 48

An éifeacht a leanann as clabhsúr a chur ar imeachtaí dócmhainneachta

1.   Gan dochar d'Airteagal 49, má chuirtear clabhsúr ar imeachtaí dócmhainneachta ní chuirfidh sin cosc ar dhul ar aghaidh imeachtaí dócmhainneachta eile atá fós tionscanta an tráth sin agus a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna.

2.   I gcás go mbeadh díscaoileadh an duine dhlítheanaigh nó na cuideachta i gceist le himeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le duine dlisteanach nó le cuideachta i mBallstát oifig chláraithe an duine sin nó na cuideachta sin, ní bheidh deireadh leis an duine sin nó leis an gcuideachta sin go dtí go mbeidh clabhsúr ar aon imeachtaí dócmhainneachta eile a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna nó go mbeidh toiliú tugtha ag an gcleachtóir dócmhainneachta, nó ag na cleachtóirí dócmhainneachta sna himeachtaí sin don díscaoileadh.

Airteagal 49

Sócmhainní atá fágtha sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha

I gcás inarb indéanta, le réadú na sócmhainní sna himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha, go bhféadfar na héilimh go léir a cheadaítear faoi na himeachtaí sin a shásamh, déanfaidh an cleachtóir dócmhainneachta a ceapadh sna himeachtaí sin aon sócmhainní atá fágtha a aistriú láithreach chuig an gcleachtóir dócmhainneachta atá sna príomhimeachtaí dócmhainneachta.

Airteagal 50

Tionscnamh na bpríomhimeachtaí dócmhainneachta dá éis sin

I gcás ina dtionscnófar na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) tar éis na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thionscnamh i mBallstát eile, beidh feidhm ag Airteagail 41, ag 45, 46, 47 agus 49 maidir leis na himeachtaí a chéadtionscnaíodh, a mhéid a cheadaítear é le dul chun cinn na n-imeachtaí sin.

Airteagal 51

Imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha a thiontú

1.   Arna iarraidh sin don chleachtóir dócmhainneachta sna príomhimeachtaí dócmhainneachta féadfaidh cúirt an Bhallstáit ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha ann a ordú go dtiontófar na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha go cineál eile imeachtaí dócmhainneachta a liostaítear in Iarscríbhinn A, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh an chineáil sin imeachtaí faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh agus gurb é na himeachtaí sin na cinn is iomchuí i ndáil le leas na gcreidiúnaithe áitiúla agus le comhleanúnachas idir na príomhimeachtaí dócmhainneachta agus na himeachtaí dócmhainneachta tánaisteacha.

2.   Agus an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 á meas aici, féadfaidh an chúirt faisnéis a lorg ó na cleachtóirí dócmhainneachta atá páirteach sa dá chineál imeachtaí.

Airteagal 52

Bearta caomhnaithe

I gcás ina gceapfaidh cúirt Ballstáit a mbeidh dlínse aici de bhun Airteagal 3(1) riarthóir sealadach d'fhonn caomhnú sócmhainní féichiúnaí a áirithiú, cumhachtófar an riarthóir sealadach sin chun aon bhearta a iarraidh d'fhonn aon sócmhainní de chuid an fhéichiúnaí atá lonnaithe i mBallstát eile a shlánú agus a chaomhnú, ar choinníoll dá bhforáiltear faoi dhlí an Bhallstáit sin, don tréimhse idir an iarraidh maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus an breithiúnas lena dtionscnófar na himeachtaí.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS A SHOLÁTHAR DO CHREIDIÚNAITHE AGUS TAISCEADH A gCUID ÉILEAMH

Airteagal 53

An ceart chun éilimh a thaisceadh

Féadfaidh aon chreidiúnaí eachtrach éilimh a thaisceadh in imeachtaí dócmhainneachta le haon mhodh cumarsáide a nglactar leo faoi dhlí Stát tionscanta na n-imeachtaí. Ní bheidh uiríoll dlíodóra ná gairmí dhlíthiúil eile éigeantach díreach chun críche éilimh a thaisceadh.

Airteagal 54

An oibleagáid maidir le creidiúnaithe a chur ar an eolas

1.   A luaithe a thionscnófar imeachtaí dócmhainneachta i mBallstát, déanfaidh cúirt an Stáit sin a bhfuil dlínse aici, nó an cleachtóir dócmhainneachta a cheapfaidh an chúirt sin, na creidiúnaithe eachtracha aitheanta a chur ar an eolas láithreach.

2.   Áireofar sa bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, a sholáthrófar le fógra aonair, go háirithe, teorainneacha ama, na pionóis a leagtar síos i ndáil leis na teorainneacha ama sin, an comhlacht nó an t-údarás a chumhachtaítear chun taisceadh na n-éileamh agus aon bheart eile a leagtar síos a ghlacadh. Le fógra den sórt sin freisin léireofar an gá do chreidiúnaithe a gcuid éileamh a thaisceadh, ar creidiúnaithe iad a bhfuil éilimh thosaíochta nó éilimh urraithe in rem acu. Áireofar leis an bhfógra freisin cóip den fhoirm chaighdeánach le haghaidh na héilimh dá dtagraítear in Airteagal 55 a thaisceadh nó beidh faisnéis san fhógra faoin áit inar féidir teacht ar an bhfoirm sin.

3.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar fáil trí fheidhm a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 88. Foilseofar an fhoirm sa Tairseach Eorpach r-Cheartas agus beidh an ceannteideal “Fógra faoi imeachtaí dócmhainneachta” uirthi i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Tarchuirfear í i dteanga oifigiúil an Bhallstáit inar tionscnaíodh na himeachtaí nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inar tionscnaíodh imeachtaí, nó i dteanga eile ar léirigh an Stát sin gur féidir leis glacadh léi i gcomhréir le hAirteagal 55(5), más féidir a thabhairt le fios go bhfuil sé níos fusa do na creidiúnaithe eachtracha an teanga sin a thuiscint.

4.   In imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le duine aonair nach bhfuil gnó ná gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, ní bheidh sé éigeantach an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear san Airteagal seo a úsáid más rud é nach gá do chreidiúnaithe a n-éilimh a thaisceadh ionas go gcuirfear a n-éilimh san áireamh sna himeachtaí.

Airteagal 55

Nós imeachta maidir le héilimh a thaisceadh

1.   Féadfaidh aon chreidiúnaí eachtrach a éileamh a thaisceadh agus feidhm á baint aige as an bhfoirm chaighdeánach a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 88. Beidh ar an bhfoirm i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais an ceannteideal “Taisceadh éileamh”.

2.   Áireofar ar an bhfoirm chaighdeánach éileamh dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist, más ann dó, uimhir aitheantais phearsanta, más ann di, agus sonraí bainc an fhéichiúnaí eachtrach dá dtagraítear i mír 1;

(b)

méid an éilimh, agus sonrú na príomhshuime agus, i gcás inarb infheidhme, sonrú an úis agus an dáta ar ar eascair an t-éileamh agus an dáta ar tháinig sé le bheith dlite, más dáta difriúil é;

(c)

má tá ús á éileamh, an ráta úis, más de chineál dlítheanach nó conarthach an t-ús, an tréimhse dá bhfuil an t-ús á éileamh agus suim chaipitlithe an úis;

(d)

má éilítear costais a tabhaíodh maidir leis an éileamh a dhearbhú sular tionscnaíodh imeachtaí, méid agus sonraí na gcostas sin;

(e)

cineál an éilimh;

(f)

an éilítear aon stádas mar chreidiúnaí tosaíochta agus má éilítear an bonn is cúis leis an éileamh sin;

(g)

an líomhnaítear aon urrús luachmhar nó forchoimeád teidil i leith an éilimh nó nach líomhnaítear, agus má líomhnaítear, cad iad na sócmhainní a chumhdaíonn an leas urrúis atá á ghairm, an dáta ar deonaíodh an t-urrús agus, i gcás inar cláraíodh an t-urrús, an uimhir chláraithe; agus

(h)

an éilítear aon fhritháireamh agus má éilítear, méideanna na n-éileamh frithpháirteach a bhí ann an dáta a tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta, an dáta a d'eascair na héilimh agus an méid glan ar fhritháireamh atá á éileamh.

Beidh cóipeanna de aon doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an bhfoirm chaighdeánach le haghaidh éileamh.

3.   Cuirfear in iúl ar an bhfoirm caighdeánach nach bhfuil sé éigeantach faisnéis a sholáthar maidir leis na sonraí bainc agus uimhir aitheantais phearsanta an chreidiúnaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2.

4.   Nuair a thaisceann creidiúnaí a éileamh trí mheán eile seachas an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 san éileamh.

5.   Féadfar éilimh a thaisceadh i dteanga oifigiúil ar bith de chuid institiúidí an Aontais. Féadfaidh an chúirt, an cleachtóir dócmhainneachta nó an féichiúnaí atá i seilbh a cheangal ar an bhféichiúnaí aistriúchán a sholáthar i dteanga oifigiúil Stát tionscanta na n-imeachtaí nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite inar tionscnaíodh na himeachtaí a thionscnamh, nó i dteanga eile ar léirigh an Ballstát sin gur féidir leis glacadh léi. Luafaidh gach Ballstát cibé an nglacann nó nach nglacann sé le haon teanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais seachas a theanga féin chun críche éilimh a thaisceadh.

6.   Taiscfear éilimh laistigh den tréimhse a ordaítear faoi dhlí an Stáit inar tionscnaíomh na himeachtaí. I gcás creidiúnaí eachtraigh, ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 30 lá tar éis fhoilsiú thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta i gclár dócmhainneachta Stát tionscanta na n-imeachtaí. I gcás mbíonn Ballstát ag brath ar Airteagal 24(4), ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 30 lá tar éis don chreidiúnaí a bheith curtha ar an eolas de bhun Airteagal 54.

7.   I gcás ina mbeidh amhras ar na cúirteanna, ar an gcleachtóir dócmhainneachta nó ar an bhféichiúnaí a bhfuil seilbh aige maidir le héileamh arna thaisceadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad deis don chreidiúnaí tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an éileamh a bheith ann agus maidir le méid an éilimh.

CAIBIDIL V

IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA I LEITH COMHALTAÍ DE GHRÚPA CUIDEACHTAÍ

ROINN 1

Comhar agus cumarsáid

Airteagal 56

Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta

1.   I gcás ina mbaineann imeachtaí dócmhainneachta le dhá chomhalta nó níos mó de ghrúpa cuideachtaí, rachaidh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí a bhaineann le comhalta den ghrúpa i gcomhar le haon cleachtóir dócmhainneachta eile a cheaptar in imeachtaí a bhaineann le comhalta eile den ghrúpa céanna a mhéid atá comhar den sórt sin oiriúnach chun riaradh éifeachtach na n-imeachtaí sin a éascú, a mhéid atá sé comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme in imeachtaí den sórt sin agus a mhéid nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis. Féadfaidh an comhar sin a bheith i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear tabhairt chun críche comhaontuithe nó prótacal.

2.   Ó thaobh an chomhair a leagtar amach i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh cleachtóirí dócmhainneachta an méid a leanas

(a)

cuirfidh siad aon fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith ábhartha sna himeachtaí eile in iúl dá chéile a luaithe agus is féidir, ar choinníoll go ndéanfar na socruithe iomchuí chun faisnéis rúnda a chosaint;

(b)

breithneoidh siad an féidir comhordú a dhéanamh ar riarachán agus ar mhaoirseacht ghnóthaí chomhaltaí an ghrúpa atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta, agus más féidir, déanfaidh siad comhordú ar an riarachán agus ar an maoirseacht sin;

(c)

breithneoidh siad an féidir athstruchtúrú a dhéanamh ar chomhaltaí an ghrúpa atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta agus,más féidir, déanfaidh siad comhordú ar an bpróiseas trína ndéanfar plean athstruchtúraithe comhordaithe a mholadh agus a chaibidil.

Chun críocha phointe (b) agus phointe (c), féadfaidh cuid de na cleachtóirí dócmhainneachta nó na cleachtóirí dócmhainneachta uile dá dtagraítear i mír 1 toiliú le cumhachtaí breise a thabhairt don chleachtóir dócmhainneachta a cheaptar i gceann amháin de na himeachtaí i gcás ina bhfuil toiliú den sórt sin ceadaithe sna rialacha is infheidhme i leith gach ceann de na himeachtaí. Féadfaidh siad teacht ar chomhaontú freisin faoi leithdháileadh tascanna áirithe eatarthu, i gcás ina gceadaítear leithdháileadh mar sin a dhéanamh ar thascanna leis na rialacha is infheidhme do gach ceann de na himeachtaí.

Airteagal 57

Comhar agus cumarsáid idir cúirteanna

1.   I gcás ina mbaineann imeachtaí dócmhainneachta le dhá chomhalta nó níos mó de ghrúpa cuideachtaí, cúirt a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh, rachaidh sí i gcomhar le haon chúirt eile a bhfuil iarraidh ar imeachtaí a thionscnamh a bhaineann le comhalta eile den ghrúpa céanna ar feitheamh faoina bráid nó a rinne imeachtaí den sórt sin a thionscnamh a mhéid atá comhar den sórt sin oiriúnach chun riaradh éifeachtach na n-imeachtaí a éascú, comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme i ngach ceann de na himeachtaí agus nach mbaineann coinbhleacht leasa leo. Chun na críche sin, féadfaidh na cúirteanna, más iomchuí, duine nó comhlacht neamhspleách a cheapadh a ghníomhóidh de réir a threoracha, ar choinníoll nach mbeidh sin ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leo.

2.   Agus an comhar a leagtar amach i mír 1 á chur chun feidhme acu, féadfaidh cúirteanna, nó aon duine nó aon chomhlacht a ceapadh le gníomhú thar a gceann, dá dtagraítear i mír 1, cumarsáid a dhéanamh le chéile go díreach, nó faisnéis nó cúnamh a iarraidh ar a chéile go díreach, ar choinníoll go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí agus rúndacht na faisnéise a urramú leis an gcumarsáid sin.

3.   Féadfar an comhar dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme le haon mhodh a mheasann an chúirt a bheith oiriúnach. D'fhéadfadh baint a bheith aige, go háirithe, leis an méid seo a leanas:

(a)

comhordú maidir le ceapadh gcleachtóirí dócmhainneachta;

(b)

faisnéis a chur in iúl trí mhodh ar bith a mheasann an chúirt a bheith iomchuí;

(c)

riar agus maoirseacht shócmhainní agus ghnóthaí chomhaltaí an ghrúpa a chomhordú;

(d)

stiúir na n-éisteachtaí a chomhordú;

(e)

comhordú maidir le prótacail a fhormheas, nuair is gá.

Airteagal 58

Comhar agus cumarsáid idir cleachtóirí dócmhainneachta agus cúirteanna

Aon chleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta de ghrúpa cuideachtaí:

(a)

rachaidh sé i mbun comhair agus déanfaidh sé cumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar imeachtaí a thionscnamh i ndáil le comhalta eile den ghrúpa céanna cuideachtaí ar feitheamh faoina bráid nó a thionscnaigh imeachtaí den sórt sin; agus

(b)

féadfaidh sé faisnéis a iarraidh ar an gcúirt sin a bhaineann le himeachtaí i ndáil leis an mball eile den ghrúpa nó iarrfaidh sé cúnamh maidir leis na himeachtaí ar ceapadh eisean iontu,

a mhéid a bhfuil an comhar agus an chumarsáid sin oiriúnach chun na himeachtaí a riaradh ar bhealach éifeachtach, nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leo agus nach bhfuil siad ar neamhréir leis na rialacha is infheidhme.

Airteagal 59

Costais maidir le comhar agus cumarsáid in imeachtaí a bhaineann le comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí

Na costais a thabhaíonn cleachtóir dócmhainneachta maidir le comhar agus cumarsáid dá bhforáiltear in Airteagal 56 go hAirteagal 60, measfar iad mar chostais agus caiteachas a thabhaítear sna himeachtaí faoi seach.

Airteagal 60

Cumhachtaí an chleachtóra dócmhainneachta in imeachtaí a bhaineann le comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí

1.   Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta, a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a thionscnaítear i ndáil le comhalta de ghrúpa cuideachtaí, a mhéid atá oiriúnach d'fhonn riar éifeachtach na n-imeachtaí a éascú:

(a)

éisteacht a fháil in aon cheann de na himeachtaí arna dtionscnamh i ndáil le haon chomhalta eile den ghrúpa céanna;

(b)

bac a iarraidh i gcás aon bheart a bhaineann le fíorú na sócmhainní sna himeachtaí a thionscnaítear i ndáil le haon chomhalta eile den ghrúpa céanna; ar choinníoll:

(i)

gur beartaíodh plean athstruchtúraithe do chomhaltaí uile an ghrúpa nó do chuid de chomhaltaí an ghrúpa a ndearnadh imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh ina leith faoi phointe (c) d'Airteagal 56(2) agus go bhfuil seans réasúnta ann go n-éireoidh leis an bplean sin;

(ii)

go bhfuil bac den sórt sin riachtanach lena áirithiú go gcuirfear an plean athstruchtúraithe chun feidhme mar is cuí;

(iii)

go rachadh an plean athstruchtúraithe chun tairbhe na gcreidiúnaithe sna himeachtaí ina ndéantar an bac a iarraidh; agus

(iv)

maidir leis na himeachtaí dócmhainneachta ina gceaptar an cleachtóir dócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó na himeachtaí ina ndéantar an bac a iarraidh ina leith, níl ceachtar acu faoi réir comhordaithe faoi Roinn 2 den Chaibidil seo;

(c)

iarratas a chur isteach ar imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 61.

2.   Cuirfidh an chúirt a thionscain na himeachtaí dá dtagraítear bpointe (b) de mhír 1 bac ar aon bheart a bhaineann le fíorú na sócmhainní sna himeachtaí ina n-iomláine nó i bpáirt má tá sí sásta go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Sula ndéanfaidh sí an bac a ordú, éisteoidh an chúirt leis an gcleachtóir dócmhainneachta a ceapadh sna himeachtaí a n-iarrtar an bac ina leith. Féadfar bac den sórt sin a ordú do thréimhse ar bith, nach mbeidh níos faide ná trí mhí, a measann an chúirt é a bheith iomchuí agus atá comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí.

Féadfaidh an chúirt a bhfuil an bac á ordú aici ceangal a chur ar an gcleachtóir dócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1 aon bheart oiriúnach a bheidh ar fáil a dhéanamh faoin dlí náisiúnta chun go ráthófar leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí.

Féadfaidh an chúirt fad an bhaic a fhadú go ceann tréimhse bhreise nó tréimhsí breise den sórt sin, ar tréimhse í nó ar tréimhsí iad a mheasann sí a bheith iomchuí agus atá comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme maidir leis na himeachtaí, ar choinníoll go leantar de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) go (iv) de mhír 1 a chomhlíonadh agus nach bhfuil fad iomlán an bhaic (an tréimhse thosaigh agus aon fhaduithe sórt sin) níos faide ná sé mhí.

ROINN 2

Comhordú

Foroinn 1

Nós imeachta

Airteagal 61

Iarraidh imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh

1.   Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar in imeachtaí dócmhainneachta a tionscnaíodh i ndáil le comhalta den ghrúpa, féadfaidh sé imeachtaí comhordaithe grúpa a iarraidh ag cúirt ar bith a bhfuil dlínse aici ar imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhalta den ghrúpa.

2.   Déanfar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear leis an dlí is infheidhme i ndáil leis na himeachtaí a ceapadh an cleachtóir dócmhainneachta ina leith.

3.   Gabhfaidh an méid seo a leanas leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

togra maidir leis an duine a ainmnítear mar an comhordaitheoir grúpa (“an comhordaitheoir”), sonraí maidir lena incháilitheacht nó lena hincháilitheaht de bhun Airteagal 71, sonraí maidir lena cháilíochtaí nó lena cáilíochtaí agus a chomhaontú nó a comhaontú scríofa chun feidhmiú mar chomhordaitheoir;

(b)

breac-chuntas ar an gcomhordú grúpa a bheartaítear agus go háirithe na cúiseanna a bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63(1) comhlíonta;

(c)

liosta de na cleachtóirí dócmhainneachta a ceapadh maidir le comhaltaí den ghrúpa agus, i gcás inarb iomchuí, na cúirteanna agus na húdaráis inniúla atá rannpháirteach sna himeachtaí dócmhainneachta atá ag comhaltaí den ghrúpa;

(d)

breac-chuntas ar na costais a mheastar i ndáil leis an gcomhordú grúpa a bheartaítear agus meastachán chion na gcostas atá le híoc ag gach comhalta den ghrúpa.

Airteagal 62

Riail na tosaíochta

Gan dochar d'Airteagal 66, má iarrtar os comhair cúirteanna Bhallstáit éagsúla imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh, déanfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin.

Airteagal 63

Fógra ón gcúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair

1.   Tabharfaidh an chúirt a n-iarrtar uirthi imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh fógra a thabhairt, a luaithe is féidir, maidir leis an iarraidh do na himeachtaí comhordaithe grúpa agus faoin gcomhordaitheoir atá beartaithe do na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar i leith chomhaltaí an ghrúpa mar a léirítear sin san iarraidh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 61(3), má chomhlíontar an méid a leanas:

(a)

tá sé iomchuí imeachtaí den sórt sin a thionscnamh ionas go n-éascófar riar éifeachtach na n-imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le comhaltaí éagsúla an ghrúpa;

(b)

ní dócha go mbeidh míbhuntáiste ó thaobh airgid de ag baint le creidiúnaí aon chomhalta den ghrúpa a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh siad rannpháirteach sna himeachtaí tríd an gcomhalta sin a chur san áireamh sna himeachtaí sin; agus

(c)

comhlíonann an comhordaitheoir atá beartaithe na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 71.

2.   Liostófar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na heilimintí dá dtagraítear I bpointe (a) go (d) d'Airteagal 61(3).

3.   Seolfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 tríd an bpost cláraithe, agus é sin á dhearbhú le hadmháil.

4.   Tabharfaidh an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair deis éisteachta do na cleachtóirí dócmhainneachta.

Airteagal 64

Agóidí ó chleachtóirí dócmhainneachta

1.   Féadfaidh cleachtóir dócmhainneachta a cheaptar i leith aon chomhalta grúpa agóid a dhéanamh, faoin méid a leanas:

(a)

na himeachtaí dócmhainneachta a cheaptar é ina leith a chur isteach sna himeachtaí comhordaithe grúpa, nó;

(b)

an duine a mholtar mar chomhordaitheoir.

2.   Déanfar agóidí faoi bhun mhír 1 den Airteagal seo a thaisceadh leis an gcúirt dá dtagraítear in Airteagal 63 laistigh de 30 lá tar éis an fógra a fháil don iarraidh chun na himeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh ag an gcleachtóir dócmhainneachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Féadfar an agóid a dhéanamh le foirm chaighdeánach a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 88.

3.   Roimh an cinneadh a dhéanamh bheith páirteach nó gan bheith páirteach sa chomhordú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, gheobhaidh cleachtóir dócmhainneachta aon cheadú is gá faoi dhlí an Stáit maidir le tionscnamh imeachtaí a gceapfar é ina leith.

Airteagal 65

Torthaí agóide maidir leis an méid a chuirfear isteach i gcomhordú an ghrúpa

1.   Nuair atá agóid déanta ag cleachtóir dócmhainneachta maidir leis na himeachtaí a chur san áireamh a gceapfar é in imeachtaí comhordaithe grúpa ina leith sin, ní bheidh na himeachtaí sin san áireamh sna himeachtaí comhordaithe grúpa.

2.   Ní bheidh aon éifeacht ag cumhachtaí na cúirte dá dtagraítear in Airteagal 68 nó cumhachtaí an chomhordaitheora a eascraíonn ó na himeachtaí sin ar an gcomhalta sin, agus ní bheidh aon chaillteanas i gceist don chomhalta sin.

Airteagal 66

Rogha na cúirte do na himeachtaí comhordaithe grúpa

1.   Áit a mbeidh dhá thrian ar a laghad de na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar in imeachtaí dócmhainneachta chomhaltaí an ghrúpa tar éis comhaontú gurb í an chúirt ó Bhallstát eile a bhfuil dlínse aici an chúirt is iomchuí chun imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh, beidh dlínse eisiach ag an gcúirt sin.

2.   Déanfar an chúirt a roghnú trí chomhaontú comhpháirteach i scríbhinn nó i bhfianaise i scríbhinn. Féadfar é a dhéanamh go dtí go mbeidh imeachtaí comhordaithe grúpa tionscanta i gcomhréir le hAirteagal 68.

3.   Déanfaidh aon chúirt seachas an chúirt ar tugadh an t-ábhar os a comhair dlínse a dhiúltú i bhfabhar na cúirte sin.

4.   Cuirfear an iarraidh chun imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh faoi bhráid na cúirte a chomhaontófar i gcomhréir le hAirteagal 61.

Airteagal 67

Torthaí na n-agóidí maidir leis an gcomhordaitheoir atá beartaithe

I gcás ina ndéanann cleachtóir dócmhainneachta agóidí i gcoinne an duine a beartaíodh mar chomhordaitheoir, agus nach ndéanann an cleachtóir sin agóid freisin i gcoinne áireamh an chomhalta sin sna himeachtaí comhordaithe grúpa a gceaptar é ina leith, féadfaidh an chúirt gan an duine sin a cheapadh agus iarraidh ar an gcleachtóir atá ag déanamh agóide iarraidh nua a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 61(3).

Airteagal 68

Cinneadh maidir le himeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh

1.   Nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 64(2) féadfaidh an chúirt imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh, má tá sí sásta go bhfuil na coinníollacha in Airteagal 63(1) á gcomhlíonadh. I gcás mar sin, déanfaidh an chúirt an méid a leanas

(a)

comhordaitheoir a cheapadh;

(b)

cinneadh a dhéanamh maidir le breac-chuntas ar an gcomhordú; agus

(c)

cinneadh a dhéanamh maidir leis na costais a mheas agus an cion a bheidh le híoc ag comhaltaí an ghrúpa.

2.   Cuirfear an cinneadh lena dtionscnófar imeachtaí comhordaithe grúpa in iúl do na cleachtóirí dócmhainneachta is rannpháirtí agus don chomhordaitheoir.

Airteagal 69

Roghnú ina dhiaidh sin ag na cleachtóirí dócmhainneachta

1.   I gcomhréir lena dhlí náisiúnta, féadfaidh aon chleachtóir dócmhainneachta a iarraidh, tar éis an chinnidh ón gcúirt dá dtagraítear in Airteagal 68 na himeachtaí a chur isteach a gceapfar é ina leith, más rud é

(a)

go bhfuil agóid ann maidir le himeachtaí dócmhainneachta a chur isteach sna himeachtaí comhordaithe grúpa, nó

(b)

go bhfuil imeachtaí dócmhainneachta i leith chomhalta an ghrúpa tionscanta tar éis don chúirt imeachtaí comhordaithe grúpa a thionscnamh.

2.   Gan dochar do mhír 4, féadfaidh comhordaitheoir aontú don iarraidh sin tar éis dul I gcomhairle leis na cleachtóirí dócmhainneachta más rud é

(a)

go bhfuil sé nó sí sásta, agus an chéim atá bainte amach leis na himeachtaí comhordaithe grúpa aimsir na hiarrata á cur san áireamh, go bhfuil na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 63(1) á gcomhlíonadh, nó

(b)

go gcomhaontaíonn na cleachtóirí dócmhainneachta go léir, faoi réir na gcoinníollacha ina ndlí náisiúnta atá acu.

3.   Cuirfidh an comhordaitheoir a chinneadh nó a cinneadh in iúl don chúirt agus do na cleachtóirí dócmhainneachta is rannpháirtí de bhun mhír 2 agus maidir leis na cúiseanna a bhfuil sin bunaithe orthu.

4.   Féadfaidh aon chleachtóir dócmhainneachta is rannpháirtí nó aon rannpháirtí dócmhainneachta ar diúltaíodh a iarraidh bheith san áireamh sna himeachtaí comhordaithe grúpa agóid a dhéanamh maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi dhlí an Bhallstáit inar tionscnaíodh imeachtaí comhordaithe grúpa.

Airteagal 70

Moltaí agus an plean comhordaithe grúpa

1.   Agus na himeachtaí dócmhainneachta á seoladh acu, breathnóidh na cleachtóirí dócmhainneachta ar na moltaí ón gcomhordaitheoir agus ar an ábhar sa phlean comhordaithe grúpa dá dtagraítear faoi Airteagal 72(1).

2.   Ní bheidh sé d'oibleagáid ar chleachtóir dócmhainneachta moltaí an chomhordaitheora nó an plean comhordaithe grúpa a leanúint ina n-iomláine nó i bpáirt.

Muna leanann sé moltaí an chomhordaitheora nó an plean comhordaithe grúpa, tabharfaidh sé cúiseanna cén fáth nach ndearna sé sin do na daoine nó do na comhlachtaí a bhfuil iachall air faoina dhlí náisiúnta tuarascáil a chur chucu, agus don chomhordaitheoir.

Foroinn 2

Forálacha ginearálta

Airteagal 71

An comhordaitheoir

1.   Is é a bheidh sa chomhordaitheoir ná duine a bheidh incháilithe faoi dhlí Ballstáit chun gníomhú mar chleachtóir dócmhainneachta.

2.   Ní bheidh duine de na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar chun gníomhú i ndáil le haon cheann de chomhaltaí an ghrúpa ina chomhordaitheoir, agus ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist leis i ndáil le comhaltaí an ghrúpa, lena gcreidiúnaithe sin ná leis na cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar i ndáil le haon cheann de chomhaltaí an ghrúpa.

Airteagal 72

Cúraimí agus cearta an chomhordaitheora

1.   Féadfaidh an comhordaitheoir:

(a)

moltaí a shainaithint agus a leagan amach chun go ndéanfar na himeachtaí dócmhainneachta ar bhealach comhordaithe;

(b)

plean comhordaithe grúpa a mholadh a mbeidh sainaithint, cur síos agus moladh ann i ndáil le tacar cuimsitheach beart a bheidh iomchuí do chur chuige comhtháite maidir le dóchmhainneachtaí chomhaltaí an ghrúpa a réiteach. Go háirithe, féadfar go n-áiritheofar ar an bplean moltaí maidir leis an méid a leanas:

(i)

na bearta a rinneadh leis an bhfeidhmíochta eacnamaíoch agus fóntacht airgeadais an ghrúpa nó aon chuid den ghrúpa a athbhunú;

(ii)

díospóidí laistigh den ghrúpa a réiteach, maidir le hidirbhearta laistigh den ghrúpa agus gníomhartha seachanta;

(iii)

comhaontuithe idir cleachtóirí dócmhainneachta na gcomhaltaí dócmhainneacha den ghrúpa.

2.   Féadfaidh an comhordaitheoir an méid a leanas a dhéanamh freisin:

(a)

éisteacht a fháil agus a bheith rannpháirteach in aon cheann de na himeachtaí a thionscnófar i ndáil le haon chomhalta den ghrúpa, go háirithe trí fhreastal ar chruinnithe de chuid na gcreidiúnaithe;

(b)

idirghabháil a dhéanamh maidir le haon díospóid a eascraíonn idir dhá chleachtóir dócmhainneachta nó níos mó de chuid chomhaltaí an ghrúpa;

(c)

a phlean nó a plean comhordaithe grúpa a chur i láthair agus a mhíniú do na daoine nó do na comhlachtaí nach mór dó nó di tuarascáil a chur faoina mbráid faoina dhlí náisiúnta nó faoina dlí náisiúnta;

(d)

faisnéis a iarraidh ar aon chleachtóir dócmhainneachta i leith aon chomhalta den ghrúpa, áit a mbeidh an fhaisnéis sin úsáideach nó a d'fhéadfaí a bheith úsáideach, agus straitéisí agus bearta á sainaithint agus á leagan amach chun go bhféadfar na himeachtaí a chomhordú; agus

(e)

bac a iarraidh ar feadh tréimhse suas le sé mhí ón dáta a dtionscnófar na himeachtaí i ndáil le haon chomhalta den ghrúpa, ar choinníoll go mbeidh bac mar sin riachtanach d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an plean chun feidhme mar is cuí agus go rachadh sin chun tairbhe na gcreidiúnaithe sna himeachtaí a n-iarrtar an bac ina leith, nó a iarraidh aon bhac atá ann cheana a bhaint. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig an gCúirt a thionscain na himeachtaí ina ndéantar bac a iarraidh.

3.   Ní áireofar moltaí maidir le comhdhlúthú imeachtaí nó eastát dócmhainneachta ar an bplean dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

4.   Ní chumhdófar le cúraimí agus cearta an chomhordaitheora mar a shainítear iad faoin Airteagal seo aon chomhalta den ghrúpa nach bhfuil rannpháirteach in imeachtaí comhordaithe grúpa.

5.   Comhlíonfaidh an comhordaitheoir a dhualgais nó a dualgais go neamhchlaonta agus leis an gcúram cuí.

6.   Nuair a mheasann an comhordaitheoir go bhfuil méadú suntasach sna costais chun na cúraimí a chomhlíonadh i gcomparáid leis an meastachán ar na costais dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 61(3), agus in aon chás, áit a mbeidh na costais os cionn 10 % de na costais réamh-mheasta, déanfaidh an comhordaitheoir an méid a leanas

(a)

na cleachtóirí dócmhainneachta is rannpháirtí a chur ar an eolas gan mhoill, agus

(b)

formheas roimh ré a iarraidh ón gcúirt a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe grúpa.

Airteagal 73

Teangacha

1.   Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáid le cleachtóir dócmhainneachta an chomhalta ghrúpa is rannpháirtí sa teanga a bheidh comhaontaithe leis an gcleachtóir dócmhainneachta, nó mura mbeidh comhaontú ann, i dteanga oifigiúil nó i gceann de na teangacha oifigiúla de chuid Institiúidí an Aontais agus den chúirt a thionscnóidh na himeachtaí i leith chomhalta an ghrúpa sin.

2.   Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáid le cúirt i dteanga oifigiúil is infheidhme i ndáil leis an gcúirt sin.

Airteagal 74

Comhar idir cleachtóirí dócmhainneachta agus an comhordaitheoir

1.   Beidh cleachtóirí dócmhainneachta a cheapfar i leith chomhaltaí grúpa ag comhoibriú lena chéile a mhéid is nach mbeidh an comhar sin ar aon dul leis na rialacha is infheidhme do na himeachtaí faoi seach.

2.   Go háirithe, cuirfidh cleachtóirí dócmhainneachta in iúl aon fhaisnéis is ábhartha le go mbeidh an comhordaitheoir in ann a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích.

Airteagal 75

Ceapachán an chomhordaitheora a chúlghairm

Déanfaidh an chúirt ceapachán an chomhordaitheora a chúlghairm as a stuaim féin nó arna iarraidh sin don chleachtóir dócmhainneachta atá ag comhalta an ghrúpa is rannpháirtí más rud é:

(a)

go ngníomhaíonn an comhordaitheoir chun dochair do chreidiúnaithe chomhalta an ghrúpa is rannpháirtí; nó

(b)

go mainníonn an comhordaitheoir a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCaibidil seo.

Airteagal 76

Féichiúnaí atá i seilbh

Sa chaibidil seo, beidh feidhm freisin ag na forálacha is infheidhme faoin gCaibidil seo maidir leis an gcleachtóir dócmhainneachta, más iomchuí, don fhéichiúnaí atá i seilbh.

Airteagal 77

Costais agus dáileadh

1.   Beidh an íocaíocht don chomhordaitheoir leordhóthanach agus comhréireach do na cúraimí a dhéanfar agus léireofar speansais réasúnta léi.

2.   Agus na cúraimí curtha i gcrích, socróidh an comhordaitheoir ráiteas deiridh na gcostas agus an cion a bheidh le híoc ag gach comhalta agus cuirfidh sé a ráiteas faoi bhráid gach cleachtóir dócmhainneachta agus faoi bhráid na cúirte a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe.

3.   In éagmais agóidí ó na cleachtóirí dócmhainneachta laistigh de 30 lá tar éis an ráiteas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, measfar go mbeidh comhaontú ann maidir leis na costais agus an cion a bheidh le híoc ag gach comhalta. Cuirfear an ráiteas faoi bhráid na cúirte a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe le deimhniú.

4.   I gcás agóide, déanfaidh an chúirt a thionscnóidh na himeachtaí comhordaithe grúpa, arna iarraidh sin don chomhordaitheoir nó aon chleachtóir dócmhainneachta is rannpháirtí, cinneadh maidir leis na costais agus an cion a bheidh le híoc ag gach comhalta i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus lena gcuirfear san áireamh an meastúchán ar na costais dá dtagraítear in Airteagal 68 (1) agus, más infheidhme, Airteagal 72(6).

5.   Féadfaidh aon chleachtóir dócmhainneachta is rannpháirtí agóid a dhéanamh maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 4 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach faoi dhlí an Bhallstáit áit a dtionscnófar imeachtaí comhordaithe grúpa.

CAIBIDIL VI

COSAINT SONRAÍ

Airteagal 78

Cosaint sonraí

1.   Beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme i leith próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo, ar an gcoinníoll nach bhfuil na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 95/46/CE i dtrácht.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i leith próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 79

Freagrachtaí Ballstát i leith próiseáil sonraí pearsanta sna cláir náisiúnta dócmhainneachta

1.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, an údaráis phoiblí, na gníomhaireachta nó aon chomhlachta eile a ainmnítear ag an dlí náisiúnta chun feidhmeanna an rialtóra a fheidhmiú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, le go bhfoilseofar é ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go gcuirfear chun feidhme na bearta teicniúla chun slándáil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear sna cláir náisiúnta dócmhainneachta atá acu agus dá dtagraítear in Airteagal 24 a áirithiú.

3.   Beidh na Ballstáit freagrach as a fhíorú go n-áiritheoidh an rialtóir, a ainmnítear ag an dlí náisiúnta i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, go gcomhlíonfar na prionsabail maidir le cáilíocht sonraí, go háirithe cruinneas na sonraí a stóráiltear i gcláir náisiúnta dhócmhainneachta agus nuashonrú na sonraí sin.

4.   I gcomhréir le Treoir 95/46/CE, beidh na Ballstáit freagrach as bailiú agus stóráil na sonraí i mbunachair shonraí náisiúnta agus as na cinntí a dhéantar chun go mbeidh na sonraí sin ar fáil sa chlár idirnasctha ar féidir dul i gcomhairle leis tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

5.   Mar chuid de sholáthar na faisnéise sin, ar cheart í a chur ar fáil do dhaoine is ábhar do na sonraí chun iad a chumasú chun a gcuid ceart a fheidhmiú, agus go háirithe an ceart i leith sonraí a scriosadh, cuirfidh na Ballstáit na daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin tréimhse inrochtaineachta a leagadh síos maidir leis na sonraí pearsanta a stóráiltear i gcláir dhócmhainneachta.

Airteagal 80

Freagrachtaí an Choimisiúin i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Feidhmeoidh an Coimisiún freagrachtaí an rialtóra de bhun Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i gcomhréir leis na freagrachtaí faoi seach atá air a shainítear san Airteagal sin.

2.   Saineoidh an Coimisiún na beartais is gá agus cuirfidh sé i bhfeidhm na réitigh theicniúla is gá chun na freagrachtaí atá air a chomhlíonadh faoi chuimsiú fheidhm an rialtóra.

3.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme na bearta teicniúla a cheanglaítear chun slándáil na sonraí pearsanta faoi bhealach a áirithiú, go háirithe an rúndacht agus an sláine maidir le haon tarchur chuig an Tairseach Eorpach r-Cheartas agus uaidh.

4.   Ní dhéanfaidh oibleagáidí an Choimisiúin difear do na freagrachtaí ar na Ballstáit agus ar chomhlachtaí eile as ábhar agus oibriú na mbunachar sonraí idirnasctha a reáchtálann siad.

Airteagal 81

Oibleagáidí Faisnéise

Gan dochar don fhaisnéis a thabharfar d'ábhair na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, cuirfidh an Coimisiún ábhair na sonraí ar an eolas, trí bhíthin foilsiú tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, faoin ról atá aige ó thaobh na sonraí a phróiseáil agus faoi na críocha dá bpróiseálfar na sonraí.

Airteagal 82

Sonraí pearsanta a stóráil

Maidir le faisnéis ó bhunachair shonraí idirnasctha, ní stórálfar sonraí pearsanta a bhaineann le hábhair na sonraí ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Stórálfar na sonraí sin uile sna bunachair shonraí náisiúnta a fheidhmíonn na Ballstáit nó comhlachtaí eile.

Airteagal 83

Rochtain ar shonraí pearsanta tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas

Beidh na sonraí pearsanta a stóráiltear sna cláir náisiúnta dhócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 24 inrochtana tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas a fhad is go mbeidh siad inrochtana faoin dlí náisiúnta.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 84

Infheidhmeacht thar am

1.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ach i gcás imeachtaí dóchmhainneachta a thionscnófar tar éis an 26 Meitheamh 2017. Maidir le gníomhartha a rinne féichiúnaí roimh dáta cur chun feidhme an Rialacháin seo, is é an dlí is infheidhme tráth a ndearnadh na gníomhartha sin a rialóidh iad.

2.   D'ainneoin Airteagal 91 den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 d'fheidhm a bheith aige maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a tionscnaíodh roimh an 26 Meitheamh 2017.

Airteagal 85

Gaol le Coinbhinsiúin

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo in ionad na gCoinbhinsiún a tugadh i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó, i ndáil leis na cúrsaí dá dtagraítear ann, sa chaidreamh idir Ballstáit, go háirithe:

(a)

an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Fhrainc ar Dhlínse agus ar Bhailíocht agus Forghníomhú Breithiúnas, Dámhachtaintí Eadrána agus Ionstraimí Barántúla, a síníodh i bPáras an 8 Iúil 1899;

(b)

an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ostair ar Fhoirceannadh, ar Shocruithe, ar Chomhdhéanamh agus ar Fhionraí Íocaíochtaí (leis an bPrótacal Breise an 13 Meitheamh 1973), a síníodh sa Bhruiséil an 16 Iúil 1969;

(c)

an Coinbhinsiún idir an Bheilg agus an Ísiltír ar Dhlínse Críche, ar Fhéimheacht, agus ar Bhailíocht agus Forghníomhú Breithiúnas, Dámhachtaintí Eadrána agus Ionstraimí Barántúla, a síníodh sa Bhruiséil an 28 Márta 1925;

(d)

an Conradh idir an Ghearmáin agus an Ostair ar Fhéimheacht, ar Fhoirceannadh, ar Shocruithe, ar Chomhdhéanamh agus ar Fhionraí Íocaíochtaí, a síníodh i Vín an 25 Bealtaine 1979;

(e)

an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Ostair ar Dhlínse, ar Aithint agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas i bhFéimheacht, a síníodh i Vín an 27 Feabhra 1979;

(f)

an Coinbhinsiún idir an Fhrainc agus an Iodáil ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh sa Róimh an 3 Meitheamh 1930;

(g)

an Coinbhinsiún idir an Ghearmáin agus an Ostair ar Fhéimheacht, ar Fhoirceannadh, ar Shocruithe, ar Chomhdhéanamh agus ar Fhionraí Íocaíochtaí, a síníodh sa Róimh an 12 Iúil 1977;

(h)

an Coinbhinsiún idir Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas agus Ionstraimí Infhorghníomhaithe eile go cómhalartach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh sa Háig an 30 Lúnasa 1962;

(i)

an Coinbhinsiún idir an Ríocht Aontaithe agus Ríocht na Beilge lena bhforáiltear d'Fhorghníomhú Frithpháirteach Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, maille le Prótacal, a síníodh sa Bhruiséil an 2 Bealtaine 1934;

(j)

an Coinbhinsiún idir an Danmhairg, an Fhionlainn, an Iorua agus an Íoslainn ar Fhéimheacht, a síníodh i gCóbanhávan an 7 Samhain 1933;

(k)

an Coinbhinsiún Eorpach ar Ghnéithe Áirithe den Fhéimheacht, a síníodh in Iostanbúl an 5 Meitheamh 1990;

(l)

an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Ríocht na Gréige ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas go Cómhalartach, a síníodh san Aithin an 18 Meitheamh 1959;

(m)

an Comhaontú idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hOstaire ar Aithint agus Forghníomhú Dámhachtainí Eadrána agus Socraíochtaí Eadrána go Cómhalartach in Ábhair Tráchtála, a síníodh i mBéalgrád an 18 Márta 1960;

(n)

an Coinbhinsiún idir Daon-Phoblacht Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Poblacht na hIodáile ar Chomhar Breithiúnach Cómhalartach in Ábhair Sibhialta agus Riaracháin, a síníodh san Aithin an 3 Nollaig 1960;

(o)

an Comhaontú idir Poblacht Shóisialach Chónaidhmitheach na hIúgslaive agus Ríocht na Beilge ar Chomhar Breithiúnach Cómhalartach in Ábhair Sibhialta agus Riaracháin, a síníodh i mBéalgrád an 24 Meán Fómhair 1971;

(p)

an Coinbhinsiún idir Rialtas na hIúgslaive agus Rialtas na Fraince ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála, a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1971;

(q)

an Comhaontú idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus an Phoblacht Heilléanach ar Chúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh san Aithin an 22 Deireadh Fómhair 1980, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Ghréig;

(r)

an Comhaontú idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht na Cipire ar Chúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 23 Aibreán 1982, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Chipir;

(s)

an Conradh idir Rialtas Phoblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Rialtas Phoblacht na Fraince ar Chúnamh Dlíthiúil agus ar Aithint agus Forghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta, Teaghlaigh agus Tráchtála, a síníodh i bPáras an 10 Bealtaine 1984, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Fhrainc;

(t)

an Conradh idir Poblacht Shóisialach na Seicslóvaice agus Poblacht na hIodáile ar Chúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh i bPrág an 6 Nollaig 1985, atá fós i bhfeidhm idir Poblacht na Seice agus an Iodáil;

(u)

an Comhaontú idir Poblacht na Laitvia, Poblacht na hEastóine agus Poblacht na Liotuáine maidir le Cúnamh Dlíthiúil agus Comhbhaintí Dlíthiúla, a síníodh i dTaillinn an 11 Samhain 1992;

(v)

an Comhaontú idir an Eastóin agus an Pholainn maidir le Cúnamh Dlíthiúil a Thabhairt agus Comhbhaintí Dlíthiúla in Ábhair Shibhialta, Shaothair agus Choiriúla, a síníodh i dTaillinn an 27 Samhain 1998;

(w)

an Comhaontú idir Poblacht na Polainne agus Poblacht na Liotuáine maidir le Cúnamh Dlíthiúil agus Comhbhaintí Dlíthiúla in Ábhair Shibhialta, Teaghlaigh, Saothair agus Choiriúla, a síníodh i Vársá an 26 Eanáir 1993;

(x)

an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus an Phoblacht Heilléanach maidir le Cúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla maille lena Phrótacal, a síníodh i mBúcairist an 19 Deireadh Fómhair 1972;

(y)

an Coinbhinsiún idir Poblacht Shóisialach na Rómáine agus Poblacht na Fraince maidir le cúnamh dlíthiúil in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh i bPáras an 5 Samhain 1974;

(z)

an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus an Phoblacht Heilléanach maidir le Cúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh san Aithin an 10 Aibreán 1976;

(aa)

an Comhaontú idir Daon-Phoblacht na Bulgáire agus Poblacht na Cipire maidir le Cúnamh Dlíthiúil in Ábhair Shibhialta agus Choiriúla, a síníodh sa Niocóis an 29 Aibreán 1983;

(ab)

an Comhaontú idir Rialtas Dhaon-Phoblacht na Bulgáire agus Rialtas Phoblacht na Fraince maidir le Cúnamh Dlíthiúil Cómhalartach in Ábhair Shibhialta, a síníodh i Sóifia an 18 Eanáir 1989;

(ac)

an Conradh idir an Rómáin agus Poblacht na Seice maidir le cúnamh breithiúnach in ábhair shibhialta, a síníodh i mBúcairist an 11 Iúil 1994;

(ad)

an Conradh idir an Rómáin agus Poblacht na Polainne maidir le cúnamh dlíthiúil agus comhbhaintí dlíthiúla i gcásanna sibhialta, a síníodh i mBúcairist an 15 Bealtaine 1999.

2.   Leanfaidh na Coinbhinsiún dá dtagraítear i mír d'éifeacht a bheith acu i gcás imeachtaí a tionscnaíodh sula dtiocfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 i bhfeidhm.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

in aon Bhallstát, a mhéid is go mbeadh sé bunoscionn le hoibleagáidí a eascraíonn as féimheacht ó choinbhinsiún a bheadh tugtha i gcrích ag an mBallstát sin le triú tír amháin nó níos mó sula dtiocfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 i bhfeidhm;

(b)

i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a mhéid atá sé bunoscionn le hoibleagáidí a eascraíonn as féimheacht agus as foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha ó aon socruithe leis an gComhlathas a bheadh ann nuair a tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 i bhfeidhm.

Airteagal 86

Faisnéis faoin dlí náisiúnta dócmhainneachta agus faoi dhlí dócmhainneachta an Aontais

1.   D'fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal, soláthróidh na Ballstáit, laistigh de chreat an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (17), agus tuairisc ghearr ar an reachtaíocht náisiúnta agus ar na nósanna imeachta náisiúnta atá acu i ndáil le dócmhainneacht, go háirithe chomh fada agus go mbaineann siad leis na hábhair a liostaítear in Airteagal 7(2).

2.   Nuashonróidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go rialta.

3.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil don phobal maidir leis an Rialachán seo.

Airteagal 87

Córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta a bhunú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar idirnasc na gclár dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 25. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 89(3).

Airteagal 88

Na foirmeacha caighdeánacha a bhunú agus iad a leasú ina dhiaidh sin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar, agus nuair is gá sin, lena leasófar na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 27(4), in Airteagal 54, in Airteagal 55 agus in Airteagal 64(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 89(2).

Airteagal 89

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 90

Clásal maidir le hathbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná an 27 Meitheamh 2027, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí le haghaidh leasaithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.

2.   Tráth nach déanaí ná an 27 Meitheamh 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na n-imeachtaí comhordaithe grúpa faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí le haghaidh leasaithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.

3.   Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2016, cuirfidh an Coimisiún staidéar ar na saincheisteanna trasteorann i dtaca le dliteanais agus dícháiliúcháin na stiúrthóirí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

4.   Tráth nach déanaí ná an 27 Meitheamh 2020, cuirfidh an Coimisiún staidéar ar an tsaincheist tóraíocht éagórach fóram faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Airteagal 91

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn D a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 92

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2017, cé is moite de:

(a)

Airteagal 86, a mbeidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2016;

(b)

Airteagal 24(1), a mbeidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2018 agus

(c)

Airteagal 25, a mbeidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Bealtaine 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 271, 19.9.2013, lch. 55.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 12 Márta 2015(nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 160, 30.6.2000, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(5)  Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta ná in ábhair tráchtála (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 10.12.2007, lch. 79).

(7)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

(12)  IO C 358, 7.12.2013, lch. 15.

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na forálacha riaracháin maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(15)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, ráitis chomhdhlúite airgeadais agus tuarascálacha gaolmhara ar chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(16)  Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra(IO L 283, 28.10.2008, lch. 36).

(17)  Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 25).


IARSCRÍBHINN A

Imeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 2

BELGIQUE/BELGIË

Het faillissement/La faillite,

De gerechtelijke reorganisatie door een collectief akkoord/La réorganisation judiciaire par accord collectif,

De gerechtelijke reorganisatie door een minnelijk akkoord/La réorganisation judiciaire par accord amiable,

De gerechtelijke reorganisatie door overdracht onder gerechtelijk gezag/La réorganisation judiciaire par transfert sous autorité de justice,

De collectieve schuldenregeling/Le règlement collectif de dettes,

De vrijwillige vereffening/La liquidation volontaire,

De gerechtelijke vereffening/La liquidation judiciaire,

De voorlopige ontneming van beheer, bepaald in artikel 8 van de faillissementswet/Le dessaisissement provisoire, visé à l'article 8 de la loi sur les faillites,

БЪЛГАРИЯ

Производство по несъстоятелност,

ČESKÁ REPUBLIKA

Konkurs,

Reorganizace,

Oddlužení,

DEUTSCHLAND

Das Konkursverfahren,

Das gerichtliche Vergleichsverfahren,

Das Gesamtvollstreckungsverfahren,

Das Insolvenzverfahren,

EESTI

Pankrotimenetlus,

Võlgade ümberkujundamise menetlus,

ÉIRE/IRELAND

Compulsory winding-up by the court,

Bankruptcy,

The administration in bankruptcy of the estate of persons dying insolvent,

Winding-up in bankruptcy of partnerships,

Creditors' voluntary winding-up (with confirmation of a court),

Arrangements under the control of the court which involve the vesting of all or part of the property of the debtor in the Official Assignee for realisation and distribution,

Examinership,

Debt Relief Notice,

Debt Settlement Arrangement,

Personal Insolvency Arrangement,

ΕΛΛΑΔΑ

Η πτώχευση,

Η ειδική εκκαθάριση εν λειτουργία,

Σχέδιο αναδιοργάνωσης,

Απλοποιημένη διαδικασία επί πτωχεύσεων μικρού αντικειμένου,

Διαδικασία Εξυγίανσης,

ESPAÑA

Concurso,

Procedimiento de homologación de acuerdos de refinanciación,

Procedimiento de acuerdos extrajudiciales de pago,

Procedimiento de negociación pública para la consecución de acuerdos de refinanciación colectivos, acuerdos de refinanciación homologados y propuestas anticipadas de convenio,

FRANCE

Sauvegarde,

Sauvegarde accélérée,

Sauvegarde financière accélérée,

Redressement judiciaire,

Liquidation judiciaire,

HRVATSKA

Stečajni postupak,

ITALIA

Fallimento,

Concordato preventivo,

Liquidazione coatta amministrativa,

Amministrazione straordinaria,

Accordi di ristrutturazione,

Procedure di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore (accordo o piano),

Liquidazione dei beni,

ΚΥΠΡΟΣ

Υποχρεωτική εκκαθάριση από το Δικαστήριο,

Εκούσια εκκαθάριση από μέλη,

Εκούσια εκκαθάριση από πιστωτές

Εκκαθάριση με την εποπτεία του Δικαστηρίου,

Διάταγμα Παραλαβής και πτώχευσης κατόπιν Δικαστικού Διατάγματος,

Διαχείριση της περιουσίας προσώπων που απεβίωσαν αφερέγγυα,

LATVIJA

Tiesiskās aizsardzības process,

Juridiskās personas maksātnespējas process,

Fiziskās personas maksātnespējas process,

LIETUVA

Įmonės restruktūrizavimo byla,

Įmonės bankroto byla,

Įmonės bankroto procesas ne teismo tvarka,

Fizinio asmens bankroto procesas,

LUXEMBOURG

Faillite,

Gestion contrôlée,

Concordat préventif de faillite (par abandon d'actif),

Régime spécial de liquidation du notariat,

Procédure de règlement collectif des dettes dans le cadre du surendettement,

MAGYARORSZÁG

Csődeljárás,

Felszámolási eljárás,

MALTA

Xoljiment,

Amministrazzjoni,

Stralċ volontarju mill-membri jew mill-kredituri,

Stralċ mill-Qorti,

Falliment f'każ ta' kummerċjant,

Proċedura biex kumpanija tirkupra',

NEDERLAND

Het faillissement,

De surséance van betaling,

De schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

ÖSTERREICH

Das Konkursverfahren (Insolvenzverfahren),

Das Sanierungsverfahren ohne Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

Das Sanierungsverfahren mit Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

Das Schuldenregulierungsverfahren,

Das Abschöpfungsverfahren,

Das Ausgleichsverfahren,

POLSKA

Postępowanie naprawcze,

Upadłość obejmująca likwidację,

Upadłość z możliwością zawarcia układu,

PORTUGAL

Processo de insolvência,

Processo especial de revitalização,

ROMÂNIA

Procedura insolvenței,

Reorganizarea judiciară,

Procedura falimentului,

Concordatul preventiv,

SLOVENIJA

Postopek preventivnega prestrukturiranja,

Postopek prisilne poravnave,

Postopek poenostavljene prisilne poravnave,

Stečajni postopek: stečajni postopek nad pravno osebo, postopek osebnega stečaja and postopek stečaja zapuščine,

SLOVENSKO

Konkurzné konanie,

Reštrukturalizačné konanie,

Oddlženie,

SUOMI/FINLAND

Konkurssi/konkurs,

Yrityssaneeraus/företagssanering,

Yksityishenkilön velkajärjestely/skuldsanering för privatpersoner,

SVERIGE

Konkurs,

Företagsrekonstruktion,

Skuldsanering,

UNITED KINGDOM

Winding-up by or subject to the supervision of the court,

Creditors' voluntary winding-up (with confirmation by the court),

Administration, including appointments made by filing prescribed documents with the court,

Voluntary arrangements under insolvency legislation,

Bankruptcy or sequestration.


IARSCRÍBHINN B

Cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (5) d'Airteagal 2

BELGIQUE/BELGIË

De curator/Le curateur,

De gedelegeerd rechter/Le juge-délégué,

De gerechtsmandataris/Le mandataire de justice,

De schuldbemiddelaar/Le médiateur de dettes,

De vereffenaar/Le liquidateur,

De voorlopige bewindvoerder/L'administrateur provisoire,

БЪЛГАРИЯ

Назначен предварително временен синдик,

Временен синдик,

(Постоянен) синдик,

Служебен синдик,

ČESKÁ REPUBLIKA

Insolvenční správce,

Předběžný insolvenční správce,

Oddělený insolvenční správce,

Zvláštní insolvenční správce,

Zástupce insolvenčního správce,

DEUTSCHLAND

Konkursverwalter,

Vergleichsverwalter,

Sachwalter (nach der Vergleichsordnung),

Verwalter,

Insolvenzverwalter,

Sachwalter (nach der Insolvenzordnung),

Treuhänder,

Vorläufiger Insolvenzverwalter,

Vorläufiger Sachwalter,

EESTI

Pankrotihaldur,

Ajutine pankrotihaldur,

Usaldusisik,

ÉIRE/IRELAND

Liquidator,

Official Assignee,

Trustee in bankruptcy,

Provisional Liquidator,

Examiner,

Personal Insolvency Practitioner,

Insolvency Service,

ΕΛΛΑΔΑ

Ο σύνδικος,

Ο εισηγητής,

Η επιτροπή των πιστωτών,

Ο ειδικός εκκαθαριστής,

ESPAÑA

Administrador concursal,

Mediador concursal,

FRANCE

Mandataire judiciaire,

Liquidateur,

Administrateur judiciaire,

Commissaire à l'exécution du plan,

HRVATSKA

Stečajni upravitelj,

Privremeni stečajni upravitelj,

Stečajni povjerenik,

Povjerenik,

ITALIA

Curatore,

Commissario giudiziale,

Commissario straordinario,

Commissario liquidatore,

Liquidatore giudiziale,

Professionista nominato dal Tribunale,

Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore,

Liquidatore,

ΚΥΠΡΟΣ

Εκκαθαριστής και Προσωρινός Εκκαθαριστής,

Επίσημος Παραλήπτης,

Διαχειριστής της Πτώχευσης,

LATVIJA

Maksātnespējas procesa administrators,

LIETUVA

Bankroto administratorius,

Restruktūrizavimo administratorius,

LUXEMBOURG

Le curateur,

Le commissaire,

Le liquidateur,

Le conseil de gérance de la section d'assainissement du notariat,

Le liquidateur dans le cadre du surendettement,

MAGYARORSZÁG

Vagyonfelügyelő,

Felszámoló,

MALTA

Amministratur Proviżorju,

Riċevitur Uffiċjali,

Stralċjarju,

Manager Speċjali,

Kuraturi f'każ ta' proċeduri ta' falliment,

Kontrolur Speċjali,

NEDERLAND

De curator in het faillissement,

De bewindvoerder in de surséance van betaling,

De bewindvoerder in de schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

ÖSTERREICH

Masseverwalter,

Sanierungsverwalter,

Ausgleichsverwalter,

Besonderer Verwalter,

Einstweiliger Verwalter,

Sachwalter,

Treuhänder,

Insolvenzgericht,

Konkursgericht,

POLSKA

Syndyk,

Nadzorca sądowy,

Zarządca,

PORTUGAL

Administrador da insolvência,

Administrador judicial provisório,

ROMÂNIA

Practician în insolvență,

Administrator concordatar,

Administrator judiciar,

Lichidator judiciar,

SLOVENIJA

Upravitelj,

SLOVENSKO

Predbežný správca,

Správca,

SUOMI/FINLAND

Pesänhoitaja/boförvaltare,

Selvittäjä/utredare,

SVERIGE

Förvaltare,

Rekonstruktör,

UNITED KINGDOM

Liquidator,

Supervisor of a voluntary arrangement,

Administrator,

Official Receiver,

Trustee,

Provisional Liquidator,

Interim Receiver,

Judicial factor.


IARSCRÍBHINN C

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

 

Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle

(IO L 160, 30.6.2000, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 603/2005 ón gComhairle

(IO L 100, 20.4.2005, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 694/2006 ón gComhairle

(IO L 121, 6.5.2006, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle

(IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 681/2007 ón gComhairle

(IO L 159, 20.6.2007, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 788/2008 ón gComhairle

(IO L 213, 8.8.2008, lch. 1)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 210/2010 ón gComhairle

(IO L 65, 13.3.2010, lch. 1)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 583/2011 ón gComhairle

(IO L 160, 18.6.2011, lch. 52)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 663/2014 ón gComhairle

(IO L 179, 19.6.2014, lch. 4)

 

Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe

(IO L 236, 23.9.2003, lch. 33)


IARSCRÍBHINN D

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, na focail tosaigh

Airteagal 2, na focail tosaigh

Airteagal 2, pointe (a)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 2, pointe (b)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (c)

Airteagal 2, pointe (d)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (f)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 2, pointe (g), na focail tosaigh

Airteagal 2, pointe (9), na focail tosaigh

Airteagal 2, pointe (g), an chéad fhleasc

Airteagal 2, pointe (9)(vii)

Airteagal 2, pointe (g), an dara fleasc

Airteagal 2, pointe (9)(iv)

Airteagal 2 pointe (g), an tríú fleasc

Airteagal 2, pointe (9)(viii)

Airteagal 2, pointe (h)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 2, pointí (1) go (3) agus (11) go (13)

Airteagal 2, pointí (9)(i) go (iii), (v), (vi)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagal 8

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9

Airteagal 12

Airteagal 10

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 11

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 15

Airteagal 13, an chéad fhleasc

Airteagal 16, pointe (a)

Airteagal 13, an dara fleasc

Airteagal 16, pointe (b)

Airteagal 14, an chéad fhleasc

Airteagal 17, pointe (a)

Airteagal 14, an dara fleasc

Airteagal 17, pointe (b)

Airteagal 14, an tríú fleasc

Airteagal 17, pointe (c)

Airteagal 15

Airteagal 18

Airteagal 16

Airteagal 19

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 22

Airteagal 20

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 21(1)

Airteagal 28(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 28(1)

Airteagal 22

Airteagal 29

Airteagal 23

Airteagal 30

Airteagal 24

Airteagal 31

Airteagal 25

Airteagal 32

Airteagal 26

Airteagal 33

Airteagal 27

Airteagal 34

Airteagal 28

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 29

Airteagal 37(1)

Airteagal 37(2)

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 30

Airteagal 40

Airteagal 31

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 32

Airteagal 45

Airteagal 33

Airteagal 46

Airteagal 34(1)

Airteagal 47(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 47(2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 48

Airteagal 35

Airteagal 49

Airteagal 36

Airteagal 50

Airteagal 37

Airteagal 51

Airteagal 38

Airteagal 52

Airteagal 39

Airteagal 53

Airteagal 40

Airteagal 54

Airteagal 41

Airteagal 55

Airteagal 42

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 58

Airteagal 59

Airteagal 60

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 71

Airteagal 72

Airteagal 73

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 76

Airteagal 77

Airteagal 78

Airteagal 79

Airteagal 80

Airteagal 81

Airteagal 82

Airteagal 83

Airteagal 43

Airteagal 84(1)

Airteagal 84(2)

Airteagal 44

Airteagal 85

Airteagal 86

Airteagal 45

Airteagal 87

Airteagal 88

Airteagal 89

Airteagal 46

Airteagal 90(1)

Airteagal 90(2) go (4)

Airteagal 91

Airteagal 47

Airteagal 92

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn B

Iarscríbhinn C

Iarscríbhinn B

Iarscríbhinn C

Iarscríbhinn D


Ceartúchán

5.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

73


Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 199 Eagrán Speisialta Gaeilge an 31 Iúil 2007 )

Leathanach 12, poine 4.7:

in ionad:

“4.7.

Rogha cúirte arna comhaontú nó rogha binse arna chomhaontú ag na páirtithe

,

léitear:

“4.7.

Rogha cúirte arna comhaontú nó rogha binse arna chomhaontú ag na páirtithe

☐”

.