ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
19 Bealtaine 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2015/752 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú

16

 

*

Rialachán (AE) 2015/753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Aontas

23

 

*

Rialachán (AE) 2015/754 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena n-osclófar taraif-chuótaí áirithe de chuid an Aontais do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhuiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar

27

 

*

Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe

33

 

*

Rialachán (AE) 2015/756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce isteach san Aontas

50

 

*

Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ( 1 )

55

 

*

Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

77

 

*

Rialachán (AE) 2015/759 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach ( 2 )

90

 

*

Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha ( 1 )

98

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE) ( IO L 122, 24.4.2014 )

122

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia ( IO L 354, 31.12.2008 )

122

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 123 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/751 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Déanann ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh díobháil don iomaíochas, don fhás agus do chruthú fostaíochta laistigh den Aontas. D'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, is gá díothú a dhéanamh ar na constaicí díreacha agus indíreacha a chuireann cosc ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ar chomhlánú margaidh chomhtháite d'íocaíochtaí leictreonacha, gan idirdhealú idir íocaíochtaí naisiúnta agus íocaíochtaí trasteorann.

(2)

Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) tugadh bunús dlí chun margadh inmheánach uile-Aontais a chruthú d'íocaíochtaí ós rud é gur éascaigh sé ar bhealach suntasach gníomhaíocht na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, trí rialacha aonfhoirmeacha a chruthú i dtaobh seirbhísí íocaíochta a sholáthar.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), bunaíodh an prionsabal gurb ionann táillí a íocann úsáideoirí ar íocaíocht trasteorann in euro agus an íocaíocht chomhfhreagrach laistigh de Bhallstát, lena n-áirítear idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(4)

I Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) soláthraíodh na rialacha d'fheidhmiú aistrithe creidmheasa agus d'fheidhmiú dochar díreach in euro sa mhargadh inmheánach ach coinníodh idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe amach óna raon feidhme.

(5)

Tá sé mar aidhm ag Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir tomhaltóirí agus trádálaithe, lena n-áirítear rialacha i dtaobh táillí chun modhanna íocaíochta a úsáid, ar a mbonn a chuireann Ballstáit toirmeasc ar thrádálaithe ó bheith ag gearradh táillí ar thomhaltóirí, i ndáil le modh íocaíochta ar leith a úsáid, ar mó iad na táillí sin ná an costas a íocann an trádálaí as modh den sórt sin a úsáid.

(6)

Tá íocaíochtaí leictreonacha atá slán, éifeachtúil agus nuálach ríthábhachtach má tá tomhaltóirí, ceannaithe agus cuideachtaí leis na tairbhí iomlána a bhaint as an margadh inmheánach, go háirithe mar a ghluaiseann an domhan i dtreo na ríomhthráchtála.

(7)

Tá reachtaíocht eisithe i roinnt Ballstát nó tá reachtaíocht á hullmhú iontu chun táillí idirmhalartaithe a rialáil go díreach nó go hindíreach agus lena gcumhdaítear roinnt saincheisteanna, lena n-áirítear uasteorainneacha ar tháillí idirmhalartaithe ag leibhéil éagsúla, táillí do cheannaithe, an riail maidir le “Glacadh le Gach Cárta” agus bearta stiúrtha. Tá éagsúlachtaí móra idir na cinntí riaracháin atá ann cheana i roinnt Ballstát. Chun leibhéil na dtáillí idirmhalartaithe a dhéanamh níos comhsheasmhaí, táthar ag súil go dtabharfar isteach níos mó bearta rialúcháin ar an leibhéal náisiúnta a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar leibhéil na dtáillí sin nó ar neamhréitigh eatarthu. Mar thoradh ar bhearta náisiúnta den sórt sin, is é is dóchúla go mbeadh bacainní suntasacha ann ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh i réimse na n-íocaíochtaí cártabhunaithe agus íocaíochtaí ar an idirlíon agus íocaíochtaí móibíleacha atá bunaithe ar chártaí agus dá bhrí sin bheadh siad ina mbac ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar.

(8)

Is é an cárta íocaíochta an ionstraim íocaíochta leictreonaí is minicí a úsáidtear i gceannacháin mhiondíola. Ach, is fada ó cheann scríbe atá comhtháthú mhargadh cártaí íocaíochta an Aontais toisc nach féidir le mórán réiteach íocaíochta forbairt lasmuigh dá dteorainneacha náisiúnta agus toisc go gcuirtear bac ar ghníomhaithe nua uile-Aontais dul isteach sa mhargadh. Is gá deireadh a chur leis na constaicí ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh cártaí, lena n-áirítear i réimse íocaíochtaí cártabhunaithe agus íocaíochtaí ar an idirlíon agus íocaíochtaí móibíleacha atá bunaithe ar chártaí.

(9)

Le go mbeidh an margadh inmheánach in ann feidhmiú ar bhealach éifeachtach, ba cheart úsáid íocaíochtaí leictreonacha a chur chun cinn agus a éascú ar mhaithe le ceannaithe agus leis na tomhaltóirí. Is féidir cártaí agus íocaíochtaí leictreonacha eile a úsáid ar shlí níos ilúsáidí, lena n-áirítear deiseanna íocaíochtaí a dhéanamh ar líne d'fhonn leas a bhaint as an margadh inmheánach agus ríomhthráchtáil, agus le híocaíochtaí leictreonacha cuirtear íocaíochtaí a d'fhéadfadh bheith slán ar fáil do cheannaithe. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe in ionad íocaíochtaí in airgead tirim a bheith tairbhiúil do cheannaithe agus do thomhaltóirí, ar choinníoll go ndéantar na táillí ar úsáid na scéimeanna cártaí íocaíochta a shocrú ar leibhéal éifeachtach ó thaobh na heacnamaíochta, agus ag rannchuidiú ag an am céanna le hiomaíocht chóir, leis an nuáil agus le hoibreoirí nua a bheith ag teacht isteach sa mhargadh.

(10)

Cuirtear táillí idirmhalartaithe i bhfeidhm de ghnáth idir na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a fhaigheann cártaí agus na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a eisíonn cártaí, ar soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad a bhaineann le scéim áirithe cártaí íocaíochta. Táillí idirmhalartaithe is ea mórchuid de na táillí a bhíonn á ngearradh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta a fhaigheann cártaí ar cheannaithe as gach idirbheart íocaíochta cártabhunaithe. Déanann ceannaithe, ar a seal, na costais chártaí sin, cosúil lena gcostais eile ar fad, a chur san áireamh sna costais ghinearálta d'earraí agus seirbhísí. As an iomaíocht idir scéimeanna cártaí íocaíochta chun a áitiú ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a gcuid cártaí a eisiúint, tagann táillí idirmhalartaithe níos airde ar an margadh seachas táillí níos ísle, rud atá i gcodarsnacht le gnáthéifeacht smachtaithe praghsanna a thagann as iomaíocht i ngeilleagar margaidh. De bhreis ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha iomaíochta ar tháillí idirmhalartaithe, dá ndéanfaí na táillí sin a rialáil, chuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chuideofaí le costais na n-idirbheart a laghdú do na tomhaltóirí.

(11)

Le héagsúlacht mhór na dtáillí idirmhalartaithe atá ann cheana agus a leibhéal, cuirtear bac ar ghníomhaithe nua uile-Aontais a theacht chun cinn ar bhonn samhlacha gnó ina bhfuil táillí idirmhalartaithe níos ísle nó nach bhfuil aon táillí leo, rud atá chun aimhleasa barainneachtaí ionchasacha scála agus scóipe agus na n-éifeachtúlachtaí a thagann astu sin. Bíonn tionchar diúltach aige seo ar cheannaithe agus ar thomhaltóirí agus cuirtear bac ar an nuáil. Ós rud é go mbeadh ar ghníomhaithe uile-Aontais ar a laghad an leibhéal is airde táille idirmhalartaithe atá ann cheana sa mhargadh ar mian le bainc eisiúna dul isteach ann a thairiscint do na bainc sin, toradh eile is ea go leantar den ilroinnt an mhargaidh. D'fhéadfaí scéimeanna intíre atá ann cheana ina bhfuil táillí idirmhalartaithe níos ísle nó nach bhfuil aon táillí leo a bhrú amach as an margadh toisc an brú ó bhainc a bhíonn sa tóir ar an ioncam is mó ó tháillí idirmhalartaithe. Mar thoradh air sin, bíonn rogha níos teoranta ag tomhaltóirí agus ceannaithe araon, mar aon le praghsanna níos airde agus caighdeán níos ísle seirbhísí íocaíochta, agus cuirtear srian freisin lena gcumas réitigh íocaíochta uile — Aontais a úsáid. Ina theannta sin, ní féidir le ceannaithe na difríochtaí sna táillí a chúiteamh trí úsáid a bhaint as seirbhísí glactha cártaí atá á dtairiscint ag bainc i mBallstáit eile. Maidir le rialacha sonracha a chuireann scéimeanna cártaí íocaíochta i bhfeidhm, ceanglaítear an táille idirmhalartaithe a chur i bhfeidhm ag an “díolphointe” (tír an cheannaí) do gach idirbheart íocaíochta, ar bhonn a mbeartas i ndáil le ceadúnúchán críche. Cuireann an ceanglas seo cosc ar fhaighteoirí a seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann ar bhealach rathúil. D'fhéadfadh sé cosc a chur chomh maith ar cheannaithe a gcostais íocaíochta a laghdú chun tairbhe tomhaltóirí.

(12)

Agus an reachtaíocht atá ann cheana á cur i bhfeidhm, níl ag éirí leis an gCoimisiún ná leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta an staid seo a cheartú.

(13)

Dá bhrí sin, chun go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus saobhadh suntasach ar an iomaíocht trí dhlíthe éagsúla agus cinntí riaracháin éagsúla a bheadh ann, tá gá, i gcomhréir le hAirteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le bearta a ghlacadh d'fhonn aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dtáillí idirmhalartaithe arda agus éagsúla, le cur ar chumas soláthraithe seirbhísí íocaíochta a seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann agus le cur ar chumas tomhaltóirí agus ceannaithe seirbhísí trasteorann a úsáid.

(14)

Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais agus na rialacha iomaíochta náisiúnta. Níor cheart go gcuirfeadh sé bac ar Bhallstáit uasteorainneacha níos ísle nó bearta arb ionann cuspóir nó éifeacht dóibh a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach leis an reachtaíocht náisiúnta.

(15)

D'fhonn feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a éascú ó thaobh íocaíochtaí cártabhunaithe agus íocaíochtaí ar an idirlíon agus íocaíochtaí móibíleacha atá bunaithe ar chártaí, chun tairbhe tomhaltóirí agus ceannaithe, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heisiúint agus le fáil idirbhearta íocaíochtaí cártabhunaithe ar bhonn intíre agus trasteorann araon. Más féidir le ceannaithe faighteoir a roghnú lasmuigh dá mBallstát féin (“fáil trasteorann”), rud a éascófar tríd an uasleibhéal céanna de tháillí idirmhalartaithe intíre agus trasteorann araon ar idirbhearta faighte a fhorchur agus trí cheadúnúchán críche a thoirmeasc, ba cheart go bhféadfaí an tsoiléire dhlíthiúil riachtanach a chur ar fáil agus saobhadh san iomaíocht a chosc idir scéimeanna cártaí íocaíochta.

(16)

Mar thoradh ar thiomantais agus ar ghealltanais aontaobhacha a nglactar leo i gcreat imeachtaí iomaíochta, urramaítear na huastáillí idirmhalartaithe cheana féin i gcás mórán de na hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe ar bhonn trasteorann a dhéantar san Aontas. D'fhonn foráil a dhéanamh d'iomaíocht chóir sa mhargadh seirbhísí fála, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha a bhaineann le hidirbhearta trasteorann agus intíre go comhuaineach agus laistigh de thréimhse réasúnach tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus an deacracht agus an chastacht a bhaineann le haistriú na scéimeanna cártaí íocaíochta, a theastaíonn mar gheall ar an Rialachán seo, á gcur san áireamh.

(17)

Tá dhá phríomhchineál cárta creidmheasa ar fáil ar an margadh. Le cártaí dochair iarchurtha, cuirtear méid iomlán na n-idirbheart do dhochar chuntas shealbhóir an chárta ar dháta sonrach a chomhaontaítear roimh ré, de ghnáth uair sa mhí, agus ní íoctar ús. Le cártaí creidmheasa eile, is féidir le sealbhóir an chárta saoráid chreidmheasa a úsáid d'fhonn cuid de na méideanna atá le híoc a aisíoc ar dháta níos déanaí ná mar a shonraítear, in éineacht le hús nó costais eile.

(18)

Ba cheart go mbeadh gach idirbheart íocaíochta cártabhunaithe, idir chártaí dochair agus chártaí creidmheasa, faoi réir uasráta do tháillí idirmhalartaithe.

(19)

Léirítear leis an measúnú tionchair go mbeadh toirmeasc ar tháillí idirmhalartaithe ar idirbhearta le cárta dochair ina thairbhe i ndáil le glacadh cártaí, le húsáid cártaí, le forbairt an mhargaidh aonair agus go gcruthófaí níos mó tairbhí dá bharr do cheannaithe agus do thomhaltóirí ná mar a dhéanfaí le huasteorainn a shocrófaí ar aon leibhéal níos airde. Thairis sin, sheachnófaí éifeachtaí diúltacha a thagann as uasteorainn níos airde sna scéimeanna náisiúnta sin a bhfuil táillí idirmhalartaithe an-íseal acu nó nach bhfuil aon táillí acu ar idirbhearta dochair, de bharr forleathnú trasteorann nó de bharr iontrálaithe nua sa mhargadh a bheith ag méadú leibhéil na dtáillí go leibhéal na huasteorann. Le toirmeasc ar tháillí idirmhalartaithe ar idirbhearta le cárta dochair, dhíreofaí freisin ar an mbagairt go ndéanfaí samhail na dtáillí idirmhalartaithe a easpórtáil chuig seirbhísí íocaíochta nua nuálacha amhail córais mhóibíleacha agus córais ar líne.

(20)

Tá na huasteorainneacha sa Rialachán seo bunaithe ar “Thástáil Neafaise an Cheannaí”, mar a thugtar uirthi, tástáil a forbraíodh i scoláireacht na heacnamaíochta, lena sainaithnítear an leibhéal táille a mbeadh ceannaí sásta a íoc dá gcuirfeadh an ceannaí costas úsáide cárta íocaíochta don chustaiméir i gcomparáid le híocaíochtaí gan chárta (airgid thirim) (ag cur san áireamh an táille a íoctar le bainc fála as seirbhís, i.e. an muirear seirbhíse ceannaí agus an táille idirmhalartaithe). Ar an gcaoi sin, spreagtar úsáid ionstraimí íocaíochta éifeachtúla trí na cártaí sin a bhfuil tairbhí idirbhirt níos airde acu a chur chun cinn, agus ag an am céanna coisctear táillí díréireacha ar cheannaithe, rud a chuirfeadh costais fholaithe ar thomhaltóirí eile. Murach sin d'fheadfadh táillí iomarcacha do cheannaithe bheith ann i ngeall ar shocruithe comhchoiteanna do tháillí idirmhalartaithe, toisc go bhfuil drogall ar cheannaithe cúl a thabhairt d'ionstraimí íocaíochta costasacha ar eagla go gcaillfidís deiseanna gnó. Léiríonn an taithí go bhfuil na leibhéil sin comhréireach, toisc nach gceistíonn siad oibriú scéimeanna idirnáisiúnta cártaí ná soláthraithe idirnáisiúnta seirbhísí íocaíochta. Cuireann siad tairbhí ar fáil freisin do cheannaithe agus do thomhaltóirí agus soláthraíonn siad deimhneacht dhlíthiúil.

(21)

Mar sin féin, mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair, de réir na forbartha atá tagtha ar tháillí idirmhalartaithe i roinnt Ballstát, ligtear do thomhaltóirí tairbhe a bhaint as margaí éifeachtúla cártaí dochair, ó thaobh glacadh cártaí agus úsáid cártaí a bhfuil táillí idirmhalartaithe níos ísle ná leibhéal neafaise an cheannaí. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na Ballstáit in ann táillí idirmhalartaithe níos ísle a bhunú ar idirbhearta intíre le cárta dochair.

(22)

Thairis sin, d'fhonn a áirithiú go socrófar táillí cártaí dochair ar leibhéal éifeachtúil ó thaobh na heacnamaíochta de, agus struchtúr mhargaí intíre na gcártaí dochair á chur san áireamh, ba cheart go gcoinneofaí an deis chun uasteorainneacha maidir le táillí idirmhalartaithe a léiriú mar ráta comhréidh. D'fhéadfadh ráta comhréidh úsáid íocaíochtaí cártabhunaithe de shuimeanna ar luach beag (“micri-íocaíochtaí”) a spreagadh freisin. Ba cheart go bhféadfaí ráta comhréidh den sórt sin a chur i bhfeidhm freisin i gcomhcheangal le ráta céatadánach, ar choinníoll nach sáraítear le suim táillí idirmhalartaithe den sórt sin an céatadán sonrach den luach bliantúil idirbhirt iomlán ar an leibhéal intíre laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta. Thairis sin, ba cheart go bhféadfaí uasteorainn chéatadánach níos lú a shainiú do tháille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt agus uasmhéid táille sheasta a fhorchur mar theorainn ar mhéid na táille a eascraíonn ón ráta céatadánach in aghaidh gach idirbhirt is infheidhme.

(23)

Thairis sin, agus é á chur san áireamh go ndéantar iarracht, leis an Rialachán seo, na táillí idirmhalartaithe a chomhchuibhiú den chéad uair, tráth a bhfuil scéimeanna na gcártaí dochair agus na táillí idirmhalartaithe atá ann cheana an-éagsúil óna chéile, is gá foráil a dhéanamh go mbeadh solúbthacht ann do mhargaí cártaí íocaíochta intíre. Dá bhrí sin, le linn idirthréimhse réasúnach, maidir le hidirbhearta intíre le cárta dochair, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann meántáille ualaithe idirmhalartaithe nach mó ná 0,2 % den mheánluach bliantúil idirbhirt de gach idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta a chur i bhfeidhm ar gach idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta. I ndáil leis an uasteorainn maidir le táillí idirmhalartaithe arna ríomh ar an meánluach bliantúil idirbhirt laistigh de scéim amháin cártaí íocaíochta, is leor go bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta rannpháirteach i scéim cártaí íocaíochta (nó i gcineál eile comhaontuithe idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta) ina mbeidh, maidir le gach idirbheart intíre le cárta dochair, meántáille ualaithe idirmhalartaithe nach mó ná 0,2 % á chur i bhfeidhm. Anseo freisin, is féidir buntáille nó táille céatadáin nó meascán den dá rud a chur i bhfeidhm ar choinníoll go mbítear dílis don mheán-uasteorainn ualaithe.

(24)

D'fhonn sainiú a thabhairt ar na huasteorainneacha ábhartha ar tháillí idirmhalartaithe i gcás idirbhearta intíre le cárta dochair, is iomchuí a cheadú d'údaráis náisiúnta inniúla atá i dteideal a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh faisnéis a bhailiú maidir le líon agus luach na n-idirbheart uile le cárta dochair laistigh de scéim cártaí íocaíochta nó de na hidirbhearta le cárta dochair a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na soláthraithe seirbhíse íocaíochta. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh ar na scéimeanna cártaí íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta na sonraí ábhartha a chur ar fáil d'údaráis inniúla náisiúnta mar atá sonraithe ag na húdaráis sin agus i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagann siad síos. Ba cheart go leathnófaí oibleagáidí tuairiscithe chuig soláthraithe seirbhíse íocaíochta mar eisitheoirí nó faighteoirí agus ní hamháin chuig scéimeanna cártaí íocaíochta, d'fhonn a áirithiú go ndéantar aon fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla ar cheart, i gcás ar bith, a bheith in ann a cheangal go mbailítear faisnéis den sórt sin tríd an scéim cártaí íocaíochta. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go n-áirithíonn na Ballstáit go bhfuil nochtadh faisnéise ábhartha ar leibhéal leordhóthanach, ar faisnéis í a bhaineann leis na huasteorainneacha is infheidhme maidir le táillí idirmhalartaithe. De bhrí nach soláthraithe seirbhíse íocaíochta atá faoi réir maoirseacht stuamachta iad scéimeanna cártaí íocaíochta go ginearálta, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanann iniúchóir neamhspleách an fhaisnéis a sheolann na heintitis sin a dheimhniú.

(25)

Le roinnt ionstraimí íocaíochta ar leibhéal intíre, cuirtear ar chumas an íocóra idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a thionscnamh nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir idirbhearta le cárta dochair nó le cárta creidmheasa leis an scéim cártaí íocaíochta. Ní fios don scéim cártaí íocaíochta agus don fhaighteoir na roghanna a dhéanann sealbhóir an chárta; dá bhrí sin, níl an scéim cártaí íocaíochta in ann na huasteorainneacha éagsúla a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta le cárta dochair nó le cárta creidmheasa, ar féidir idirdhealú a dhéanamh ina leith ar bhonn na tráthúlachta a chomhaontaítear chun na hidirbhearta íocaíochta a chur chun dochair. Nuair a chuirtear san áireamh an gá atá le feidhmiúlacht na samhlacha gnó atá ann cheana a chaomhnú agus costais nach bhfuil bonn cirt leo nó costais iomarcacha ar costais iad a bhaineann le comhlíonadh dlí á sheachaint agus, ag an am céanna, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé go n-áirithítear cothroime iomaíochta leordhóthanach idir na catagóirí éagsúla de chártaí íocaíochta, is iomchuí an riail chéanna dá bhforáiltear leis an Rialachán seo le haghaidh idirbhearta le cárta dochair a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta íocaíochta i ndáil le “cártaí uilíocha” intíre den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart tréimhse ama bhreise a fhágáil chun na hionstraimí íocaíochta sin a chur in oiriúint. Dá bhrí sin, mar eisceacht agus le linn idirthréimhse 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialalcháin seo, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann uaschion na n-idirbheart íocaíochta intíre le “cártaí uilíocha” a shainiú a measfar iad bheith coibhéiseach le hidirbhearta le cárta creidmheasa. Mar shampla, d'fhéadfaí an uasteorainn ar chártaí creidmheasa a chur i bhfeidhm maidir leis an gcion de luach iomlán na n-idirbheart a sainíodh i gcás ceannaithe agus faighteoirí. Bheadh toradh matamaiticiúil na bhforálacha coibhéiseach ansin le huasteorainn aonair ar tháillí idirmhalartaithe ar idirbhearta intíre íocaíochta a rinneadh le cártaí uilíocha.

(26)

Leis an Rialachán seo ba cheart go gcumhdófaí gach idirbheart a bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe san Aontas.

(27)

I gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche a leagtar amach sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe, beag beann ar an timpeallacht ina dtarlaíonn an t-idirbheart sin, lena n-áirítear trí ionstraimí íocaíochta miondíola agus seirbhísí ar féidir iad a bheith as líne, ar líne nó móibíleach.

(28)

Go ginearálta, déantar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe ar bhonn dhá phríomhshamhail ghnó, “scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí” (sealbhóir an chárta — scéim fála agus eisiúna — ceannaí) agus “scéimeanna cártaí íocaíochta ceithre pháirtí” (sealbhóir an chárta — banc eisiúna — banc fála — ceannaí), mar a thugtar orthu. Is mó scéim chártaí íocaíochta ceithre pháirtí atá ag úsáid táille idirmhalartaithe go follasach, atá iltaobhach don chuid is mó. D'fhonn a aithint gurb ann do tháillí idirmhalartaithe intuigthe agus d'fhonn rannchuidiú le cothroime iomaíochta a chruthú, ba cheart glacadh le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí a úsáideann soláthraithe seirbhíse íocaíochta mar eisitheoirí nó mar fhaighteoirí amhail is gur scéimeanna cártaí íocaíochta ceithre pháirtí iad agus ba bheart dóibh na rialacha céanna a leanúint, agus ba cheart feidhm a bheith ag bearta trédhearcachta agus bearta eile a bhaineann le rialacha gnó maidir le gach soláthraí. Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar na sainiúlachtaí atá ann do scéimeanna trí pháirtí den sórt sin, is iomchuí idirthréimhse a cheadú ina bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh gan na rialacha i ndáil leis an uasteorainn ar tháillí idirmhalartaithe a chur i bhfeidhm más rud é nach bhfuil ach sciar fíortheoranta den mhargadh ag scéimeanna den sórt sin sa Bhallstát lena mbaineann.

(29)

Tá an tseirbhís eisiúna bunaithe ar chaidreamh conarthach idir eisitheoir na hionstraime íocaíochta agus an t-íocóir, beag beann ar cé acu an bhfuil na cistí á sealbhú ag an eisitheoir thar ceann an íocóra nó nach bhfuil. Cuireann an t-eisitheoir cártaí íocaíochta ar fáil don íocóir, údaraíonn sé idirbhearta ag teirminéil nó a gcoibhéis agus féadfaidh sé íocaíocht leis an bhfaighteoir a ráthú i gcás idirbhearta atá i gcomhréir le rialacha na scéime ábhartha. Dá bhrí sin, ní hionann cártaí íocaíochta nó seirbhísí teicniúla a dháileadh amháin, amhail sonraí a phróiseáil agus a storáil amháin, agus eisiúint.

(30)

Is é atá i gceist leis an tseirbhís fála ná sraith oibríochtaí ón uair a thionscnaítear idirbheart íocaíochta cártabhunaithe go dtí go n-aistrítear na cistí chuig cuntas íocaíochta an íocaí. Ag brath ar an mBallstát agus ar an tsamhail ghnó atá i bhfeidhm, eagraítear an tseirbhís fála ar bhealaí éagsúla. Dá bhrí sin, ní dhéanann an soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil an táille idirmhalartaithe á íoc aige conradh go díreach leis an íocaí i gcónaí. Mar sin féin, ba cheart a chumhdach sa sainmhíniú ar fhaighteoir faoin Rialachán seo idirghabhálaithe a chuireann cuid den tseirbhís fála ar fáil ach nach bhfuil gaol conarthach díreach acu le híocaithe. Cuirtear an tseirbhís fála ar fáil beag beann ar cé acu an bhfuil na cistí á sealbhú ag an bhfaighteoir thar ceann an íocaí nó nach bhfuil. Ní hionann seirbhísí teicniúla, amhail sonraí a phróiseáil agus a stóráil amháin nó oibriú na dteirminéal, agus fáil.

(31)

Tá sé tábhachtach a áirithiú nach rachfaí timpeall ar na forálacha a bhaineann le táillí idirmhalartaithe atá le híoc le soláthraithe seirbhíse íocaíochta nó atá le fáil ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta trí shreafaí malartacha táillí go heisitheoirí. D'fhonn an méid seo a sheachaint, ba cheart glacadh le “glanchúiteamh” na dtáillí a íocann an t-eisitheoir, lena n-áirítear muirir údarúcháin a d'fhéadfadh a bheith ann, le scéim cártaí íocaíochta, le faighteoir nó nó le haon idirghabhálaí eile, nó a fhaigheann an t-eisitheoir uathu, mar an táille idirmhalartaithe. Agus an táille idirmhalartaithe á ríomh, chun a sheiceáil an bhfuil imeacht timpeall ar bun, ba cheart iomlán na n-íocaíochtaí nó na ndreasachtaí faighte ag eisitheoir ó scéim cártaí íocaíochta i dtaobh na n-idirbheart arna rialáil lúide na táillí a d'íoc an t-eisitheoir leis an scéim cártaí íocaíochta a chur san áireamh. D'fhéadfaí íocaíochtaí, dreasachtaí agus táillí arna meas a bheith díreach (i.e. líonbhunaithe nó idirbheart-sonrach) nó indíreach (lena n-áirítear dreasachtaí margaidh, bónais, lacáistí as líon áirithe idirbheart a bhaint amach). Agus é á sheiceáil an bhfuiltear ag teacht timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart, ach go háirithe, brabúis na n-eisitheoirí a eascraíonn as cláir speisialta a cuireadh ar bun i gcomhpháirt le heisitheoirí agus le scéimeanna cártaí íocaíochta agus ioncam ó tháillí próiseála, ó tháillí ceadúnúcháin agus ó tháillí eile a sholáthraíonn ioncam do scéimeanna cártaí íocaíochta, a chur san áireamh. De réir mar is iomchuí, agus má bhíonn gnéithe oibiachtúla breise ag comhthacú leis, d'fhéadfaí eisiúint cártaí íocaíochta i dtríú tíortha a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh an bhfuiltear ag teacht timpeall ar an Rialachán seo.

(32)

Is minic nach mbíonn tomhaltóirí ar an eolas faoi na táillí a íocann ceannaithe as an ionstraim íocaíochta a úsáideann siad. Ag an am céanna, mar gheall ar shraithe cleachtas dreasaithe a chuireann eisitheoirí i bhfeidhm (amhail dearbháin taistil, bónais, lacáistí, aisíocaíochtaí, árachas saor in aisce, etc.), féadfar tomhaltóirí a stiúradh i dtreo ionstraimí íocaíochta a úsáid, rud a ghineann, ar an dóigh sin, táillí arda d'eisitheoirí. Chun cur ina choinne seo, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta a fhorchuireann srianta ar thaillí idirmhalartaithe ach amháin i gcás cártaí íocaíochta atá tar éis teacht ina n-olltáirgí agus a mbíonn deacracht go ginearálta ag ceannaithe diúltú dóibh de thoradh ar chomh forleathan is a eisítear iad agus a úsáidtear iad (i.e. cártaí dochair tomhaltoirí agus cártaí creidmheasa tomhaltóirí). D'fhonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh a fheabhsú i gcodanna neamhrialáilte na hearnála agus d'fhonn aistriú gnó ó chuid rialáilte na hearnála chuig cuid neamhrialáilte na hearnála a theorannú, is gá sraith beart a ghlacadh, lena n-áirítear an scéim agus an bonneagar a dheighilt óna chéile, an t-íocóir a stiúradh ag an íocaí agus glacadh roghnaitheach ionstraimí íocaíochta ag an íocaí.

(33)

Le scéim agus bonneagar a dheighilt óna chéile, ba cheart a chur ar chumas gach próiseálaithe dul in iomaíocht chun custaiméirí na scéimeanna a fháil. Ós rud é gur cuid shuntasach den chostas iomlán atá ar ghlacadh le cártaí é an costas próiseála, tá sé tábhachtach go n-osclófaí an chuid seo den slabhra breisluacha i dtreo iomaíocht éifeachtach. Ar bhonn scéim agus bonneagar a dheighilt óna chéile, ba cheart go mbeadh scéimeanna cártaí agus eintitis phróiseála neamhspleách ó thaobh cuntasaíochta, eagrúcháin agus próiseas cinnteoireachta. Níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh, mar shampla, trí chóir fhabhrach a thabhairt dá chéile nó trí fhaisnéis phribhléide a roinnt nach bhfuil ar fáil ag a n-iomaitheoirí maidir lena ndeighleog féin den mhargadh, ná trí cheanglais iomarcacha faisnéise a fhorchur ar a n-iomaitheoir ina ndeighleog féin den mhargadh, trí bheith ag tras-fhóirdheonú a gcuid gníomhaíochtaí faoi seach nó trí chomhshocruithe rialachais a bheith acu. Cuireann cleachtais idirdhealaitheacha den sórt sin le hilroinnt margaidh, bíonn tionchar diúltach acu ar ghníomhaithe nua teacht isteach sa mhargadh agus cuireann siad cosc ar ghníomhaithe uile-Aontais teacht chun cinn, agus dá bhrí sin cuireann siad bac ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh i réimse íocaíochtaí cártabhunaithe agus íocaíochtaí ar an idirlíon agus íocaíochtaí móibíleacha atá bunaithe ar chártaí, agus tá an méid sin chun dochair do cheannaithe, do chuideachtaí agus do thomhaltóirí.

(34)

Mar gheall ar rialacha scéime a chuireann scéimeanna cártaí íocaíochta i bhfeidhm agus mar gheall ar chleachtais a chuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta i bhfeidhm, is iondúil go mbíonn ceannaithe agus tomhaltóirí aineolach ar éagsúlachtaí idir táillí agus laghdaítear trédhearcacht an mhargaidh, mar shampla trí tháillí a “chumasc” nó trí cheannaithe a thoirmeasc branda cárta níos saoire a roghnú ar chártaí comhlipéadaithe nó tomhaltóirí a stiúradh chun cártaí níos saoire den sórt sin a úsáid. Fiú má tá ceannaithe ar an eolas faoi na costais dhifriúla, is minic a chuireann na rialacha scéime cosc orthu gníomhú leis na táillí a laghdú.

(35)

Bíonn costais dhifriúla don íocaí i gceist le hionstraim íocaíochta, agus bíonn ionstraimí áirithe níos costasaí ná cinn eile. Seachas nuair a dhéantar ionstraim íocaíochta ar leith a fhorchur de réir an dlí do chatagóirí áirithe íocaíochta nó nach féidir í a dhiúltú mar gheall ar a stádas mar airgead dlíthairgthe, ba cheart cead a chinn a bheith ag an íocaí, i gcomhréir le Treoir 2007/64/CE, íocóirí a stiúradh i dtreo ionstraim shonrach íocaíochta a úsáid. Forchuireann scéimeanna cártaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta roinnt srianta ar íocaithe sa chaoi seo, lena n-áirítear samplaí amhail srianta ar an íocaí ionstraimí sonracha íocaíochta do shuimeanna beaga a dhiúltú, ar sholáthar faisnéise don íocóir ar na táillí arna dtabhú ag an íocaí as ionstraimí sonracha íocaíochta nó teorannú arna fhorchur ar an íocaí maidir leis an líon scipéad ina shiopa nó ina siopa a ghlacann le hionstraimí sonracha íocaíochta. Ba cheart deireadh a chur leis na srianta sin.

(36)

I gcásanna ina stiúrann an t-íocaí an t-íocóir i dtreo ionstraim íocaíochta shonrach a úsáid, níor cheart don íocaí táille ar bith a lorg ón íocóir as ionstraimí íocaíochta a úsáid a bhfuil táillí idirmhalartaithe rialáilte laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ós rud é, i gcásanna den sórt sin, go n-éiríonn na buntáistí a bhaineann le formhuirearú teoranta agus go gcruthaítear castacht sa mhargadh ag an am céanna.

(37)

Tá dhá oibleagáid i gceist leis an riail maidir le “Glacadh le gach Cárta” arna forchur ag eisitheoirí agus ag scéimeanna cártaí íocaíochta d'íocaithe glacadh leis na cártaí go léir ón mbranda céanna, beag beann ar chostais dhifriúla na gcártaí seo (eilimint “Glacadh le gach Táirge”), agus beag beann ar an mbanc eisiúna aonair atá tar éis an cárta a eisiúint (eilimint “Glacadh le gach Eisitheoir”). Is chun leasa an tomhaltóra é maidir leis an gcatagóir céanna cártaí, nach féidir leis an íocaí idirdhealú a dhéanamh idir eisitheoirí nó sealbhóirí cártaí, agus is féidir le scéimeanna cartaí íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta oibleagáid den sórt sin a fhorchur orthu. Dá bhrí sin, is riail inchosanta laistigh de scéim cártaí íocaíochta í eilimint “Glacadh le gach Eisitheoir” den riail maidir le “Glacadh le gach Cárta”, ós rud é go gcuireann sí bac ar íocaithe idirdhealú a dhéanamh idir bainc aonair atá tar éis cárta a eisiúint. Go bunúsach, is cleachtas nasctha atá in eilimint “Glacadh le gach Táirge”, a bhfuil d'éifeacht aige inghlacthacht cártaí ar tháillí ísle a nascadh le hinghlacthacht cártaí ar tháillí arda. Dá mbainfí eilimint “Glacadh le gach Táirge” ón riail maidir le “Glacadh le gach Carta”, chuirfí ar chumas ceannaithe an rogha i ndáil le cártaí íocaíochta a chuireann siad ar fáil a theorannú go dtí cártaí íocaíochta ar chostas íseal nó níos ísle, rud a bheadh chun tairbhe na dtomhaltóirí trí chostais laghdaithe ceannaithe. Ansin, ní bheadh brú ar cheannaithe a ghlacann le cártaí dochair glacadh le cártaí creidmheasa, agus ní bheadh brú orthu siúd a ghlacann le cártaí creidmheasa glacadh le cártaí tráchtála. Mar sin féin, chun an tomhaltóir a chosaint agus cumas an tomhaltóra cártaí íocaíochta a úsáid chomh minic agus is féidir a chosaint, níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar cheannaithe glacadh le cártaí atá faoi réir na táille idirmhalartaithe rialáilte céanna ach amháin má eisítear é laistigh den bhranda céanna agus más é den chatagóir chéanna cártaí (cárta réamhíoctha, cárta dochair nó cárta creidmheasa). Bheadh timpeallacht níos iomaíche ann de thoradh teorannú den sórt sin i gcás cártaí le táillí idirmhalartaithe nach rialáiltear faoin Rialachán seo, toisc go mbeadh níos mó cumhachta idirbheartaíochta ag ceannaithe ó thaobh na gcoinníollacha faoina nglacann siad le cártaí den sórt sin. Níor cheart go mbeadh na srianta sin teoranta agus measta a bheith inghlactha ach amháin chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, lena dtabharfaí leibhéal iomchuí cinnteachta do na tomhaltóirí go nglacfaidh na ceannaithe na cártaí íocaíochta atá acu.

(38)

Ba cheart a áirithiú go ndéanfadh na soláthraithe seirbhíse íocaíochta idirdhealú soiléir idir cártaí tomhaltóirí agus cártaí tráchtála, ar bhonn teicniúil agus tráchtála araon. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go saineofar cárta tráchtála mar ionstraim íocaíochta nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh costais ghnó a mhuirearítear go díreach ar chuntas an ghnóthais nó eintiteas na hearnála poiblí nó an duine nádúrtha atá féinfhostaithe.

(39)

Ba cheart go mbeadh na modhanna ag íocaithe agus íocóirí na catagóirí éagsúla cártaí a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na brandaí agus catagóirí éagsúla in-sainaitheanta go leictreonach agus i gcás ionstraimí nua-eisithe íocaíochta cártabhunaithe, ba cheart go mbeidís in-sainaitheanta ar bhealach sofheicthe ar an bhfeiste. Ina theannta sin, ba cheart an t-íocóir a chur ar an eolas maidir le glacadh le hionstraim íocaíochta an íocóra nó le hionstraimí íocaíochta an íocóra ag díolphointe áirithe. Tá sé riachtanach go mbeadh aon srian ar úsáid branda áirithe fógartha ag an íocaí don íocóir ag an am céanna agus faoi na coinníollacha céanna ná an fhaisnéis go nglactar le branda áirithe.

(40)

D'fhonn a áirithiú gur éifeachtach é an iomaíocht idir na brandaí, tá sé tábhachtach gurb iad na húsáideoirí a roghnóidh an feidhmchlár íocaíochta agus nach é an margadh réamhtheachtach a fhorchuirfidh é, ina bhfuil scéimeanna cártaí íocaíochta, soláthróirí nó próiseálaithe seirbhíse íocaíochta. Le socrú den sórt sin, níor cheart go gcuirfí cosc ar íocóirí ná ar íocaithe rogha réamhshocraithe feidhmchláir a leagan síos, i gcás inar indéanta go teicniúil é sin, ar choinníoll gur féidir an rogha sin a athrú do gach idirbheart.

(41)

D'fhonn a áirithiú gur féidir sásamh a dhéanamh i gcás ina mbíonn an Rialachán seo curtha i bhfeidhm go héagórach, nó nuair a éiríonn díospóidí idir úsáideoirí seirbhíse íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí iocaíochta, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt atá leordhóthanach agus éifeachtach a bhunú nó bearta coibhéiseacha a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i dtaobh na bpionós is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus go gcuirtear i bhfeidhm iad.

(42)

Ba cheart go dtíolacfadh an Coimisiún tuarascáil ina ndéantar staidéar ar na héifeachtaí éagsúla atá ag an Rialachán seo ar fheidhmiú an mhargaidh. Tá sé riachtanach go mbeidh an deis ag an gCoimisiún an fhaisnéis a cheanglaítear chun an tuarascáil seo a shuí a bhailiú agus go gcomhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth leis an gCoimisiún chun na sonraí a bhailiú.

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo chun ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe agus íocaíochtaí ar an idirlíon agus íocaíochtaí móibíleacha atá bunaithe ar chártaí a ghnóthú, ach gur féidir, de bharr a bhfairsinge, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(44)

Leis an Rialachán seo, comhlíontar na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, cosaint tomhaltóirí, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha theicniúla agus ghnó maidir le hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a dhéantar laistigh den Aontas, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí araon suite ann.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí atá bunaithe ar ionstraimí sonracha íocaíochta nach féidir a úsáid ach ar bhealach teoranta amháin, agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ionstraimí nach gceadaítear don sealbhóir earraí nó seirbhísí a fháil ach amháin ar áitreabh an eisitheora nó laistigh de líonra teoranta soláthraithe seirbhíse atá faoi chomhaontú díreach tráchtála le heisitheoir gairmiúil;

(b)

ionstraimí nach féidir a úsáid ach chun réimse an-teoranta earraí nó seirbhísí a fháil;

(c)

ionstraimí nach bhfuil bailí ach i mBallstát amháin a sholáthraítear arna iarraidh sin do ghnóthas nó eintiteas na hearnála poiblí agus faoi rialú údarás poiblí náisiúnta nó réigiúnach chun críocha sonracha cánach nó sóisialta chun earraí nó seirbhísí sonracha a fháil ó sholáthraithe a bhfuil comhaontú tráchtála acu leis an eisitheoir.

3.   Níl feidhm ag Caibidil II maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta le cártaí tráchtála;

(b)

aistarraingtí airgid thirim ag uathmheaisíní bainc nó ag cuntar de chuid soláthraí seirbhíse íocaíochta; agus

(c)

idirbhearta le cártaí íocaíochta arna n-eisiúint ag scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí.

4.   Níl feidhm ag Airteagal 7 maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí.

5.   Nuair a thugann scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí ceadúnas do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eile ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe a eisiúint nó idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a fháil, nó an dá cheann, nó nuair a eisíonn sí ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe le comhpháirtí comhbhrandála nó trí ghníomhaire, meastar gur scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí atá i gceist. Mar sin féin, go dtí an 9 Nollaig 2018 i ndáil le hidirbhearta intíre íocaíochta, féadfar scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí den sórt sin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoi Chaibidil II, ar an gcoinníoll nach mó, ar bhonn bliana, na hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a dhéantar i mBallstát faoi scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí den sórt sin ná 3 % de luach gach idirbhirt íocaíochta cártabhunaithe a dhéantar sa Bhallstát sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “faighteoir” soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil conradh aige le híocaí chun glacadh le hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe agus chun na hidirbhearta sin a phróiseáil, a bhfuil de thoradh air cistí a aistriú chuig an íocaí;

(2)

ciallaíonn “eisitheoir” soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil conradh aige ionstraim íocaíochta a sholáthar d'íocóir chun idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe an íocóra a thionscnamh agus a phróiseáil;

(3)

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha seachas trádáil, gnó ná gairm an duine sin, i gconarthaí seirbhíse íocaíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(4)

ciallaíonn “idirbheart le cárta dochair” idirbheart íocaíochta cártabhunaithe, lena n-áirítear na hidirbhearta sin le cártaí réamhíoctha, nach idirbheart le cárta creidmheasa é;

(5)

ciallaíonn “idirbheart le cárta creidmheasa” idirbheart íocaíochta cártabhunaithe i gcás ina ndéanar méid an idirbhirt a chur do dhochar an íocóra go hiomlán nó i bpáirt ag dáta sonrach i mí an fhéilire a comhaontaíodh roimh ré, i gcomhréir le saoráid chreidmheasa réamhshocraithe, bíodh ús i gceist leis nó ná bíodh;

(6)

ciallaíonn “cárta tráchtála” aon ionstraim íocaíochta cártabhunaithe a eisítear do ghnóthais nó d'eintitis de chuid na hearnála poiblí nó do dhaoine nádúrtha féinfhostaithe a bhfuil a húsáid teoranta do chostais ghnó i gcás ina gcuirtear, go díreach, na híocaíochtaí a dhéantar le cártaí den sórt sin, de mhuirear ar chuntas an ghnóthais nó eintiteas na hearnála poiblí nó an duine nádúrtha atá féinfhostaithe;

(7)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta cártabhunaithe” seirbhís atá bunaithe ar bhonneagar agus rialacha gnó de chuid scéim cártaí íocaíochta chun idirbheart íocaíochta a dhéanamh trí bhíthin aon chárta, aon fheiste theileachumarsáide, dhigiteach nó TF nó aon bhogearra teileachumarsáide, digiteach nó TF más idirbheart le cárta dochair nó le cárta creidmheasa atá mar thoradh uirthi. Ní áirítear ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe idirbhearta atá bunaithe ar chineálacha eile seirbhísí íocaíochta;

(8)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta trasteorann” idirbheart íocaíochta cártabhunaithe i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir agus an faighteoir lonnaithe i mBallstáit éagsúla nó i gcás ina n-eisíonn eisitheoir atá lonnaithe i mBallstát atá éagsúil ó Bhallstát an díolphointe an ionstraim íocaíochta cártabhunaithe;

(9)

ciallaíonn “idirbheart intíre íocaíochta” aon idirbheart íocaíochta cártabhunaithe nach idirbheart íocaíochta trasteorann é;

(10)

ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar ar gach idirbheart go díreach nó go hindíreach (i.e. trí thríú páirtí) idir an t-eisitheoir agus an faighteoir atá rannpháirteach in idirbheart íocaíochta cártabhunaithe. Meastar gur cuid den táille idirmhalartaithe é an glanchúiteamh nó luach saothair eile a comhaontaíodh;

(11)

ciallaíonn “glanchúiteamh” méid iomlán na n-íocaíochtaí, na lacáistí nó na ndreasachtaí a fhaigheann eisitheoir ón scéim cártaí íocaíochta, ón bhfaighteoir nó ó haon idirghabhálaí eile i ndáil le hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe nó gníomhaíochtaí gaolmhara;

(12)

ciallaíonn “muirear seirbhíse ceannaí” táille a íocann an t-íocaí don fhaighteoir i ndáil le hidirbhearta íocaíochta cártabhunaithe;

(13)

ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó dlítheanach a bheartaítear mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta;

(14)

ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó dlítheanach a shealbhaíonn cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann ordú íocaíochta;

(15)

ciallaíonn “cárta íocaíochta” catagóir d'ionstraim íocaíochta trína gcuirtear ar chumas an íocóra idirbheart le cárta dochair nó le cárta creidmheasa a thionscnamh;

(16)

ciallaíonn “scéim cártaí íocaíochta” tacar aonair rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte cur chun feidhme chun idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a chur i gcrích agus ar tacar é atá deighilte ó aon bhonneagar nó aon chóras íocaíochta a thacaíonn le hoibriú na scéime, agus lena n-áirítear aon chomhlacht sonrach cinnteoireachta, eagraíocht shonrach chinnteoireachta nó eintiteas sonrach cinnteoireachta, atá freagrach as feidhmiú na scéime;

(17)

ciallaíonn “scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí” scéim cártaí íocaíochta ina ndéantar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe ó chuntas íocaíochta an íocóra chuig cuntas íocaíochta an íocaí trí idirghabháil na scéime, eisitheora (ar thaobh an íocóra) agus faighteora (ar thaobh an íocaí);

(18)

ciallaíonn “scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí” scéim cártaí íocaíochta ina soláthraítear, leis an scéim í féin, seirbhísí fála agus eisiúna agus déantar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe ó chuntas íocaíochta an íocóra chuig cuntas íocaíochta an íocaí laistigh den scéim. Nuair a thugann scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí ceadúnas do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eile ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe a eisiúint nó idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a fháil, nó an dá cheann, nó nuair a eisíonn sí ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe le comhpháirtí comhbhrandála nó trí ghníomhaire, breathnaítear uirthi mar scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí;

(19)

ciallaíonn “ionstraim íocaíochta” aon fheiste phearsantaithe (aon fheistí pearsantaithe) agus/nó tacar de nósanna imeachta atá comhaontaithe ag an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus a úsáidtear chun ordú íocaíochta a thionscnamh;

(20)

ciallaíonn “ionstraim íocaíochta cártabhunaithe” aon ionstraim íocaíochta, lena n-áirítear cárta, fón póca, ríomhaire nó aon fheiste theicneolaíoch eile ina bhfuil an feidhmchlár íocaíochta iomchuí, lena gcuirtear ar chumas an íocóra idirbheart íocaíochta cártabhunaithe a thionscnamh nach aistriú creidmheasa ná dochar díreach é mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012;

(21)

ciallaíonn “feidhmchlár íocaíochta” bogearra ríomhaireachta nó a choibhéis atá lódáilte ar fheiste ionas gur féidir idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a thionscnamh agus gur féidir leis an íocóir orduithe íocaíochta a eisiúint;

(22)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas atá sealbhaithe in ainm úsáideora seirbhíse íocaíochta amháin nó níos mó agus a úsáidtear chun idirbhearta íocaíochta a chur i gcrích, lena n-áirítear trí chuntas sonrach don airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe 2 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) é.

(23)

ciallaíonn “ordú íocaíochta” aon treoir a thugann íocóir dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ina n-iarrtar idirbheart íocaíochta a dhéanamh;

(24)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá údaraithe na seirbhísí íocaíochta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/64/CE a sholáthar nó atá aitheanta mar eisitheoir airgid leictreonaigh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2009/110/CE. Is féidir le soláthraí seirbhíse íocaíochta bheith ina eisitheoir nó ina fhaighteoir nó ina eisitheoir agus ina fhaighteoir;

(25)

ciallaíonn “úsáideoir seirbhíse íocaíochta” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta i gcáil íocóra nó íocaí, nó sa dá cháil sin;

(26)

ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, a thionscnaíonn an t-íocóir, nó a thionscnaítear thar ceann an duine sin, nó a thionscnaíonn íocaí na gcistí arna n-aistriú, beag beann ar aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí;

(27)

ciallaíonn “próiseáil” seirbhísí próiseála d'idirbhearta íocaíochta a fheidhmiú ó thaobh na mbeart is gá chun treoir íocaíochta idir an faighteoir agus an t-eisitheoir a láimhseáil;

(28)

ciallaíonn “eintiteas próiseála” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhísí próiseála d'idirbhearta íocaíochta ar fáil;

(29)

ciallaíonn “díolphointe” seoladh áitreabh fisiciúil an cheannaí ina ndéantar an t-idirbheart íocaíochta a thionscnamh. Mar sin féin:

(a)

i gcás ciandíolachán nó cianchonarthaí (i.e. r-thráchtáil) mar a shainmhínítear i bpointe 7 d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE iad, is é an díolphointe a bheidh ann seoladh na háite seasta gnó ag a ndéanann an ceannaí a chuid gnó beag beann ar an áit ina bhfuil suíomhanna gréasáin nó suíomhanna freastalaithe trína ndéantar an t-idirbheart íocaíochta a thionscnamh suite;

(b)

i gcás nach bhfuil áit sheasta ghnó ag an gceannaí, is é an díolphointe a bheidh ann an seoladh a bhfuil ceadúnas bailí gnó ag an gceannaí ina leith trína ndéantar an t-idirbheart íocaíochta a thionscnamh;

(c)

i gcás nach bhfuil áit sheasta ghnó ag an gceannaí ná ceadúnas bailí gnó aige, is é an díolphointe a bheidh ann an seoladh le haghaidh comhfhreagrais chun a chánacha a íoc maidir lena ghníomhaíochtaí díolacháin trína ndéantar an t-idirbheart íocaíochta a thionscnamh;

(30)

ciallaíonn “branda íocaíochta” aon ainm, téarma, comhartha, siombal ábharach nó digiteach, nó a theaglaim dóibh, lena bhféadfar a chur in iúl cén scéim cártaí íocaíochta a bhféadfar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a dhéanamh fúthu;

(31)

ciallaíonn “comhlipéadú” go n-áirítear dhá bhranda íocaíochta nó níos mó nó dhá fheidhmchlár íocaíochta nó níos mó den bhranda céanna ar an ionstraim íocaíochta cártabhunaithe chéanna;

(32)

ciallaíonn “comhbhrandáil” go n-áirítear branda íocaíochta amháin ar a laghad agus branda neamhíocaíochta amháin ar a laghad ar an ionstraim íocaíochta cártabhunaithe chéanna;

(33)

ciallaíonn “cárta dochair” catagóir ionstraime íocaíochta trína gcuirtear ar chumas an íocóra idirbheart le cárta dochair a thionscnamh seachas idirbhearta le cártaí réamhíoctha;

(34)

ciallaíonn “cárta creidmheasa” catagóir ionstraime íocaíochta trína gcuirtear ar chumas an íocóra idirbheart le cárta creidmheasa a thionscnamh;

(35)

ciallaíonn “cárta réamhíoctha” catagóir ionstraime íocaíochta ar a stóráiltear airgead leictreonach, mar a shainmhínítear i bpointe 2 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE é.

CAIBIDIL II

TÁILLÍ IDIRMHALARTAITHE

Airteagal 3

Táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí le cárta dochair

1.   Ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt a bheidh os cionn 0,2 % de luach an idirbhirt ar aon idirbheart le cárta dochair.

2.   Le haghaidh idirbhearta intíre le cárta dochair féadfaidh na Ballstáit cibé acu:

(a)

uasteorainn chéatadánach a shainiú do tháille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt atá níos lú ná an uasteorainn dá bhforáiltear i mír 1 agus féadfaidh siad uasmhéid táille sheasta a fhorchur mar theorainn ar an táille a eascraíonn ón ráta céatadánach is infheidhme; nó

(b)

a cheadú do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt nach mó ná EUR 0,05, nó, i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta a chur i bhfeidhm an 9 Meitheamh 2015, a dhéanfar a athbhreithniú gach cúig bliana nó nuair atá athrú suntasach sna rátaí malairte. Féadfar an táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt seo a chomhcheangal freisin le huasráta céatadánach nach mó ná 0,2 %, ar an gcoinníoll i gcónaí nach mbeidh suim na dtáillí idirmhalartaithe den scéim cártaí íocaíochta níos mó ná 0,2 % de luach bliantúil idirbhirt iomlán na n-idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta.

3.   Go dtí an 9 Nollaig 2020, maidir le hidirbhearta intíre le cárta dochair, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta meántáille idirmhalartaithe ualaithe a chur i bhfeidhm nach mó ná a chomhionann de 0,2 % de mheánluach bliantúil idirbhirt de gach idirbheart intíre le cárta dochair laistigh de gach scéim cártaí íocaíochta. Féadfaidh na Ballstáit uasteorainn níos ísle a shainiú don mheántáille idirmhalartaithe ualaithe, ar uasteorainn í a bheidh infheidhme maidir le gach idirbheart intíre le cárta dochair.

4.   Na luachanna bliantúla idirbhearta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, déanfar iad a ríomh ar bhonn bliantúil, ag tosú an 1 Eanáir agus ag críochnú an 31 Nollaig gach bliain agus cuirfear i bhfeidhm iad ón 1 Aibreán an bhliain dár gcionn. Cuirfear tús leis an tréimhse thagartha don chéad ríomh a dhéanfar ar mheánluach den sórt sin 15 mhí féilire roimh an dáta a gcuirfear mír 2 agus 3 i bhfeidhm agus rachaidh sé in éag trí mhí féilire roimh an dáta sin.

5.   Éileoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 13, arna hiarraidh sin dóibh ar scéimeanna cártaí íocaíochta agus/nó ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, an fhaisnéis go léir is gá a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm ceart mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo a fhíorú. Cuirfear faisnéis den sórt sin chuig an údarás inniúil roimh an 1 Márta den bhliain i ndiaidh na tréimhse tagartha dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 4. Aon fhaisnéis eile lena gcuirtear ar chumas na n-údarás inniúil comhlíonadh na bhforálacha den Chaibidil seo a fhíorú, cuirfear chuig na húdaráis inniúla arna hiarraidh sin i scríbhinn dóibh agus laistigh den spriocdháta a bheidh leagtha síos acu í. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách an fhaisnéis sin.

Airteagal 4

Táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí le cárta creidmheasa

Ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt a bheidh os cionn 0,3 % de luach an idirbhirt ar aon idirbheart le cárta creidmheasa. Maidir le hidirbhearta intíre le cárta creidmheasa, féadfaidh na Ballstáit uasteorainn níos ísle a shainiú don táille idirmhalartaithe in aghaidh gach idirbhirt.

Airteagal 5

Imchéimniú a thoirmeasc

Chun críocha chur i bhfeidhm na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, measfar gur cuid den táille idirmhalartaithe aon luach saothair a chomhaontófar, lena n-áirítear glanchúiteamh, ag a mbeidh cuspóir nó éifeacht atá coibhéiseach, a gheobhaidh eisitheoir ón scéim cártaí íocaíochta ón bhfaighteoir nó ó aon idirghabhálaí eile i ndáil le hidirbhearta íocaíochta nó gníomhaíochtaí lena mbaineann.

CAIBIDIL III

RIALACHA GNÓ

Airteagal 6

Ceadúnú

1.   Beidh toirmeasc ar aon srianta críche laistigh den Aontas nó ar aon rialacha ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach i gcomhaontuithe ceadúnúcháin nó i rialacha i ndáil le scéim cártaí íocaíochta maidir le cártaí íocaíochta a eisiúint nó idirbhearta cártabhunaithe íocaíochta a fháil.

2.   Beidh toirmeasc ar aon cheanglas nó oibleagáid maidir le ceadúnas nó údarú ó thír shonrach a fháil chun feidhmiú ar bhonn trasteorann nó riail ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach i gcomhaontuithe ceadúnúcháin nó i rialacha i ndáil le scéim cártaí íocaíochta maidir le cártaí íocaíochta a eisiúint nó idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe a fháil.

Airteagal 7

An scéim cártaí íocaíochta agus na heintitis phróiseála a dheighilt óna chéile

1.   Scéimeanna cártaí íocaíochta agus na heintitis phróiseála:

(a)

beidh siad neamhspleách ó thaobh cuntasaíochta, eagrúcháin agus phróisis na cinnteoireachta de;

(b)

ní dhéanfaidh siad praghsanna do ghníomhaíochtaí scéimeanna cártaí íocaíochta agus do ghníomhaíochtaí próiseála a chur i láthair ar bhealach cuachta agus ní dhéanfaidh siad gníomhaíochtaí den sórt sin a thras-fhóirdheonú;

(c)

ní dhéanfaidh siad idirdhealú ar aon bhealach idir a bhfochuideachtaí nó a scairshealbhóirí ar thaobh amháin agus úsáideoirí scéimeanna cártaí íocaíochta agus comhpháirtithe conarthacha eile ar an taobh eile agus ní chuirfidh siad aon choinníollacha le soláthar aon seirbhíse a thairgeann siad tar éis dá bpáirtnéar conarthach glacadh le haon tseirbhís eile a thairgeann siad.

2.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe na scéime suite a éileamh ar scéim cártaí íocaíochta tuarascáil neamhspleách a sholáthar lena ndaingnítear go bhfuil mír 1 á comhlíonadh aige.

3.   Le scéimeanna cártaí íocaíochta beidh eintitis phróiseála éagsúla in ann teachtaireachtaí maidir le húdarú agus imréiteach i ndáil le hidirbhearta aonair cártabhunaithe a dheighilt agus a phróiseáil.

4.   Beidh toirmeasc ar aon idirdhealú críche sna rialacha maidir le próiseáil arna bhfeidhmiú ag scéimeanna cártaí íocaíochta.

5.   Áiritheoidh eintitis phróiseála laistigh den Aontas go bhfuil a gcóras idir-inoibritheach ó thaobh teicniúlachta de le córais eile eintiteas próiseála laistigh den Aontas trí na caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid. Ina theannta sin, ní ghlacfaidh scéimeanna cártaí íocaíochta rialacha gnó lena gcuirtear srian le hidir-inoibritheacht i measc eintitis phróiseála laistigh den Aontas ná ní chuirfidh siad i bhfeidhm iad.

6.   Tar éis dó dul i gcomhairle le painéal comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), féadfaidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena mbunaítear na ceanglais a chomhlíonfaidh scéimeanna cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 9 Nollaig 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 8

Comhlipéadú agus an rogha maidir le branda íocaíochta nó feidhmchlár íocaíochta

1.   Beidh toirmeasc ar aon rialacha i ndáil le scéim cártaí íocaíochta agus aon rialacha i gcomhaontuithe ceadúnúcháin nó aon bhearta a mbeidh éifeacht choibhéiseach leo, lena gcuirtear bac nó cosc ar eisitheoir dhá bhranda éagsúla íocaíochta nó dhá fheidhmchlár íocaíochta nó níos mó a chomhlipéadú ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe.

2.   D'fhéadfaí go mbeadh dhá bhranda íocaíochta éagsúla nó níos mó ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe de dhíth ar an tomhaltóir, tráth a ndéanann sé comhaontú conarthach le soláthraí seirbhíse íocaíochta, ar an gcoinníoll go ndéanann an soláthraí seirbhíse íocaíochta seirbhís den sórt sin a thairiscint. In am agus i dtráth sula sínítear aon chonradh, cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta léirfhaisnéis oibiachtúil ar fáil don tomhaltóir faoi na brandaí uile íocaíochta atá ann maille lena saintréithe, lena n-áirítear a bhfeidhmiúlacht, a gcostas agus a sláine atá siad.

3.   Beidh bonn cirt oibiachtúil le haon éagsúlacht sa chaoi a gcaitear le heisitheoirí nó le faighteoirí i rialacha scéime agus i rialacha i gcomhaontuithe ceadúnúcháin a bhaineann le comhlipéadú ar bhrandaí éagsúla íocaíochta nó feidhmchláir éagsúla íocaíochta ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe agus ní bheidh aon idirdhealú i gceist.

4.   Le scéimeanna cártaí íocaíochta, ní fhorchuirfear aon cheanglais maidir le tuairisciú, oibleagáidí maidir le táillí a íoc ná oibleagáidí comhchosúla a bhfuil an cuspóir nó an éifeacht chéanna leo maidir le cártaí a eisiúint agus maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta a fháil d'idirbhearta a dhéantar ar aon fheiste ar a bhfuil a mbranda íocaíochta i ndáil le hidirbhearta nach n-úsáidtear a scéim lena n-aghaidh.

5.   Maidir le haon phrionsabail ródúcháin nó bearta cosúla a bhfuil sé mar aidhm leo idirbhearta a threorú trí bhealach nó próiseas sonrach agus caighdeáin agus ceanglais theicniúla agus slándála eile i ndáil le dhá bhranda éagsúla íocaíochta agus dhá fheidhmchlár íocaíochta nó níos mó a láimhseáil ar ionstraim íocaíochta cártabhunaithe, beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

6.   Maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta, eisitheoirí, faighteoirí, eintitis phróiseála agus soláthraithe eile seirbhíse teicniúla, ní chuirfidh siad sásraí uathoibríocha, bogearraí ná feistí isteach san ionstraim íocaíochta ná sa trealamh a chuirtear i bhfeidhm ag an díolphointe lena gcuirtear teorainn le rogha branda íocaíochta nó feidhmchláir íocaíochta, nó an dá cheann, ag an íocóir nó ag an íocaí agus leas á bhaint acu as ionstraim íocaíochta chomhlipéadaithe.

Beidh an rogha fós ag íocaithe sásraí uathoibríocha, bogearraí nó feistí a shuiteáil sa trealamh a úsáidfear ag an díolphointe lena roghnófar branda íocaíochta nó feidhmchlár íocaíochta áirithe mar thosaíocht ach ní choiscfidh íocaithe an t-íocóir ar shárú a dhéanamh ar rogha uathoibríoch tosaíochta den sórt sin a dhéanfaidh an t-íocaí ina threalamh féin a mhéid a bhaineann le catagóirí cártaí nó le hionstraimí gaolmhara íocaíochta a nglacann an t-íocaí leo.

Airteagal 9

Díchumasc

1.   Tairgfidh gach faighteoir dá íocaí agus gearrfaidh sé air muirir seirbhíse ceannaí a shonrófar ina n-aonar do chatagóirí éagsúla agus brandaí éagsúla cártaí íocaíochta a bhfuil leibhéil táillí idirmhalartaithe éagsúla acu murab é go n-iarrann íocaithe ar an bhfaighteoir i scríbhinn muirir seirbhíse ceannaí chumaisc a ghearradh.

2.   Áireoidh faighteoirí ina gcomhaontuithe le híocaithe faisnéis ar leith atá sonraithe faoi mhéid na muirear seirbhíse ceannaí, na dtáillí idirmhalartaithe agus na dtáillí scéime is infheidhme i leith gach catagóire agus branda cártaí íocaíochta, mura ndéanann an t-íocaí iarraidh dhifriúil i scríbhinn ina dhiaidh sin.

Airteagal 10

Riail maidir le “Glacadh le Gach Cárta”

1.   Ní chuirfidh scéimeanna cártaí íocaíochta ná soláthraithe seirbhíse íocaíochta aon riail i bhfeidhm lena gcuirfear mar oibleagáid ar íocaithe a ghlacann le hionstraim íocaíochta cártabhunaithe eisithe ag eisitheoir amháin glacadh freisin le hionstraimí íocaíochta eile cártabhunaithe a eisíodh faoi chuimsiú na scéime céanna cártaí íocaíochta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hionstraimí íocaíochta cártabhunaithe, ar ionstraimí do thomhaltóirí iad, den bhranda céanna agus den chatagóir chéanna cárta réamhíoctha, cárta dochair nó cárta creidmheasa atá faoi réir táillí idirmhalartaithe faoi Chaibidil II den Rialachán seo.

3.   Tá mír 1 gan dochar do scéimeanna íocaíochtaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a d'fhéadfadh foráil a dhéanamh nach bhféadfar cártaí a dhiúltú ar bhonn chéannacht an eisitheora nó ar bhonn chéannacht shealbhóir an chárta.

4.   Íocaithe a chinneann gan glacadh le gach cárta nó ionstraimí íocaíochta eile ó scéim cártaí íocaíochta, cuirfidh siad tomhaltóirí ar an eolas faoin méid sin, ar bhealach soiléir agus aonchiallach an tráth céanna a chuirfidh siad an tomhaltóir ar an eolas faoi ghlacadh le cártaí eile agus ionstraimí íocaíochta de chuid na scéime cártaí íocaíochta. Déanfar faisnéis den sórt sin a thaispeáint go soiléir ag bealach isteach an tsiopa agus ag an scipéad airgid.

I gcás ciandíolachán, déanfar an fhaisnéis seo a thaispeáint ar láithreán gréasáin an íocaí nó ar mheán eile leictreonach nó móibíleach is infheidhme. Tabharfar an fhaisnéis sin don íocóir go tráthúil agus sula ndéanfaidh an t-íocóir comhaontú ceannaigh leis an íocaí.

5.   Áiritheoidh eisitheoirí go bhfuil a n-ionstraimí íocaíochta in-sainaitheanta go leictreonach agus, i gcás a gcuid ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe arna nua-eisiúint, go bhfuil siad in-sainaitheanta ar bhealach sofheicthe freisin, lena gcuirfear ar chumas íocaithe agus íocóirí a shainaithint go soiléir cé na brandaí agus na catagóirí cártaí réamhíoctha, cártaí dochair, cártaí creidmheasa nó cártaí tráchtála a roghnaíonn an t-íocóir.

Airteagal 11

Rialacha maidir le stiúradh

1.   Beidh toirmeasc ar aon riail i gcomhaontuithe ceadúnúcháin, i rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus i gcomhaontuithe idir faighteoirí cártaí agus íocaithe lena gcuirtear cosc ar íocaithe custaiméirí a stiúradh i dtreo aon ionstraim íocaíochta a úsáid is rogha leis an íocaí. Cumhdófar sa toirmeasc seo aon riail lena gcuirtear cosc ar íocaithe cóir níos fabhraí nó cóir is lú fabhar a chur ar ionstraimí íocaíochta cártabhunaithe de scéim cártaí íocaíochta ar leith ná ar chinn eile.

2.   Beidh toirmeasc ar aon riail i gcomhaontuithe ceadúnúcháin, i rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus i gcomhaontuithe idir faighteoirí cártaí agus íocaithe ina gcuirtear cosc ar íocaithe íocóirí a chur ar an eolas faoi tháillí idirmhalartaithe agus muirir seirbhíse ceannaí.

3.   Tá mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le muirir, laghduithe nó sásraí eile stiúrtha a leagtar amach i dTreoir 2007/64/CE agus i dTreoir 2011/83/AE.

Airteagal 12

Faisnéis a thabhairt don íocaí faoi idirbhearta íocaíochta aonair cártabhunaithe

1.   Tar éis idirbheart íocaíochta aonair cártabhunaithe a dhéanamh, tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an fhaisnéis seo a leanas don íocaí:

(a)

an tagairt lenar féidir leis an íocaí an t-idirbheart íocaíochta cártabhunaithe a shainaithint;

(b)

méid an idirbhirt íocaíochta san airgeadra ina gcuirtear suim de shochar i gcuntas íocaíochta an íocaí;

(c)

méid aon mhuirear ar an idirbheart íocaíochta cártabhunaithe, agus an muirear seirbhíse ceannaí agus méid na táille idirmhalartaithe á gcur in iúl go leithleach.

Le réamhthoiliú sainráite an íocaí, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhiomlánú le branda, feidhmchlár, catagóirí ionstraime íocaíochta agus rátaí na dtáillí idirmhalartaithe is infheidhme maidir leis an idirbheart.

2.   Féadfar foráil a áireamh sna conarthaí idir faighteoirí agus íocaithe go dtabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, nó go gcuirfear ar fáil í, ar bhonn tréimhsiúil, uair sa mhí ar a laghad, agus ar bhealach comhaontaithe ionas gur féidir le híocaithe faisnéis a stóráil agus a atáirgeadh gan athrú.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla a mbeidh sé de chumhacht acu forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú agus dá dtabharfar cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

3.   Féadfaidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla faoin 9 Meitheamh 2016. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú dá éis sin maidir leis na húdaráis sin.

5.   Beidh acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 chun a gcuid cúraimí a dhéanamh.

6.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, lena n-áirítear gníomhú i gcoinne iarrachtaí de chuid na soláthraithe seirbhíse íocaíochta teacht timpeall ar an Rialachán seo, agus gach beart is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.

Airteagal 14

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 9 Meitheamh 2016 agus cuirfidh siad in iúl dó gan mhoill má dhéantar aon leasú ar na forálacha sin ina dhiaidh sin lena ndéanfaí difear dóibh.

Airteagal 15

Socrú, nósanna imeachta maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt

1.   Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt atá leordhóthanach agus éifeachtach a áirithiú nó a chur chun cinn nó déanfaidh siad bearta coibhéiseacha chun díospóidí a thiocfaidh chun cinn faoin Rialachán seo idir íocaithe agus a soláthraithe seirbhíse íocaíochta a shocrú. Chun na gcríoch sin, ainmneoidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana, más iomchuí, nó bunóidh siad comhlachtaí nua. Beidh na comhlachtaí neamhspleách ó na páirtithe.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis sin faoin 9 Meitheamh 2017. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú dá éis sin maidir leis na comhlachtaí sin.

Airteagal 16

Cártaí uilíocha

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, i ndáil le hidirbhearta intíre íocaíochta nach féidir a idirdhealú sa scéim cártaí íocaíochta mar idirbhearta le cárta dochair nó le cárta creidmheasa, déanfar na forálacha maidir le cártaí dochair nó maidir le hidirbhearta le cárta dochair a chur i bhfeidhm.

2.   De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 9 Nollaig 2016, féadfaidh na Ballstáit cion nach mó ná 30 % de na hidirbhearta íocaíochta intíre dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar idirbhearta iad a déanfar a mheas le bheith coibhéiseach le hidirbhearta le cárta creidmheasa a mbeidh feidhm ag an uasteorainn don táille idirmhalartaithe a leagtar síos in Airteagal 4 maidir leo.

Airteagal 17

Clásal athbhreithnithe

Faoin 9 Meitheamh 2019, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil ón gCoimisiún breathnófar go háirithe ar cé chomh hiomchuí atá leibhéil na dtáillí idirmhalartaithe agus ar shásraí stiúrtha amhail muirir, agus úsáid agus costas modhanna éagsúla íocaíochta agus an leibhéal ar a dtagann gníomhaithe nua, teicneolaíocht nua agus samhlacha gnó nuálacha ar an margadh san áireamh. Measfar, go háirithe, an méid seo a leanas sa mheastóireacht:

(a)

forbairt na dtáillí d'íocóirí;

(b)

leibhéal na hiomaíochta i measc soláthraithe cártaí íocaíochta agus scéimeanna cártaí íocaíochta;

(c)

na héifeachtaí ar chostais don íocóir agus don íocaí;

(d)

leibhéil an chur ar aghaidh a dhéanfaidh na ceannaithe den laghdú ar na leibhéil táille idirmhalartaithe;

(e)

na riachtanais theicniúla agus a n-impleachtaí do na páirtithe uile lena mbaineann;

(f)

éifeachtaí an chomhlipéadaithe ar an tsoláimhsitheacht don úsáideoir, go háirithe do dhaoine aosta agus d'úsáideoirí leochaileacha eile;

(g)

an éifeacht ar an margadh atá ag cártaí tráchtála a bheith eisiata ó Chaibidil II, agus an staid sna Ballstáit sin ina bhfuil cosc ar fhormhuirearú á cur i gcomparáid leis an staid sna Ballstáit sin ina bhfuil sé ceadaithe;

(h)

an éifeacht ar an margadh atá ag na forálacha speisialta do tháillí idirmhalartaithe ar idirbhearta intíre le cárta dochair;

(i)

forbairt na fála trasteorann agus a héifeacht ar an margadh aonair, agus an staid maidir le cártaí le táillí a bhfuil uasteorainn acu á cur i gcomparáid leis an staid maidir le cártaí nach mbaineann táillí uasteorannaithe leo, lena mheas arbh fhéidir a shoiléiriú cén táille idirmhalartaithe a mbeidh feidhm aige maidir le fáil trasteorann;

(j)

cur i bhfeidhm iarbhír na rialacha maidir leis an scéim cártaí íocaíochta agus an phróiseáil a dheighilt óna chéile, agus an gá le hathmhachnamh a dhéanamh ar dhíchuachadh dlíthiúil.

(k)

an gá a d'fhéadfadh a bheith ann, ag brath ar éifeacht Airteagal 3(1) maidir le luach iarbhír na dtáillí idirmhalartaithe ar idirbhearta ardluacha agus meánluacha le cárta dochair, leis an mír sin a athbhreithniú trína fhoráil gur cheart an uasteorainn a theorannú chuig cíbe ceann is ísle den dá mhéid EUR 0,07 nó 0,2 % de luach an idirbhirt.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún ina bhféadfar an uasteorainn do na táillí idirmhalartaithe a leasú.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2015, seachas Airteagail 3, 4, 6 agus 12, a mbeidh feidhm acu ón 9 Nollaig 2015, agus seachas Airteagail 7, 8, 9 agus 10, a mbeidh feidhm acu ón 9 Meitheamh 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 193, 24.6.2014, lch. 2.

(2)  IO C 170, 5.6.2014, lch. 78.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015

(4)  Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012., lch. 22).

(7)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(8)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


RIALACHÁN (AE) 2015/752 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 (3) a leasú go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

An 15 Deireadh Fómhair 2007, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (5) (“CCC”), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010.

(3)

Is gá na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de CCC a leagan síos.

(4)

Ordaítear i CCC go bhféadfar táirgí iascaigh de thionscnamh Mhontainéagró a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na dtaraif-chuótaí. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialáiltear bainistiú na dtaraif-chuótaí sin.

(5)

I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (AE) Uimh. 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (8) nó, de réir mar a bheidh, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (9).

(6)

I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (10).

(7)

Chun na forálacha iomchuí den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(8)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(9)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 41(5) agus Airteagal 42(4) de CCC, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (“CCC”).

Airteagal 2

Lamháltais d'éisc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 29 de CCC, maidir leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC, nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Montainéagró, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 41 de CCC.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 42 de CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcásanna ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 41(5) agus Airteagal 42(4) de CCC, féadfaidh an Coimisiún bearta láithreacha a ghlacadh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 41 agus Airteagal 42 de CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo. I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 9(4) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1.   D'ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart cosanta a dhéanamh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC, maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)

laistigh de thrí lá oibre tar éis an iarraidh a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC; nó

(b)

laistigh de thrí lá roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 41(5) de CCC, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta a chinn sé in iúl don Chomhairle.

2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta den sórtsin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 9(4).

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   Chun críocha Airteagail 5 go 8 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) de CCC a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus/nó i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 73 de CCC ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas sin ag luí le CCC.

Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 73(10) de CCC, glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus, i gcásanna eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 207 den Chonradh.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfadh Montainéagró bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 73 de CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos i CCC. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 46 de CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)

fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

Aon fhoilsiú faoi Airteagal 46(5) de CCC, déanfaidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 46(4) de CCC, a chur ar fionraí go sealadach.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar a cheanglaítear faoi CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 140/2008.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile, a chur i bhfeidhm, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhontainéagró a chur i bhfeidhm (IO L 43, 19.2.2008, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  IO L 108, 29.4.2010, lch. 3.

(6)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimimt na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(7)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán Aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle

(IO L 43, 19.2.2008, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 15 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 140/2008

An Rialachán seo

Airteagail 1 to 8

Airteagail 1 to 8

Airteagal 8a

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

23


RIALACHÁN (AE) 2015/753 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Aontas

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Bunaítear le Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce (5) córas na bhfabhar is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach san Aontas.

(3)

I gcás táirgí a gceanglaíonn rialacháin de chuid an Aontais praghas allmhairiúcháin áirithe a urramú ina leith, tá cur i bhfeidhm an chórais fhabhraigh taraife faoi réir an praghas sin a urramú.

(4)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun an córas allmhairiúcháin do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a allmhairítear isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   I gcás táirgí a gceanglaíonn rialacháin de chuid an Aontais praghas allmhairiúcháin áirithe a urramú ina leith, beidh cur i bhfeidhm an chórais fhabhraigh taraife faoi réir an praghas sin a urramú.

2.   I gcás táirgí iascaigh a bhfuil praghas tagartha leagtha síos dóibh, beidh cur i bhfeidhm na taraife fabhraí faoi réir an praghas sin a urramú.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an Choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an Choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/98.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le hallmhairiú táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce isteach sa Chomhphobal, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4115/86 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3010/95 (IO L 113, 15.4.1998, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Cinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce an 25 Feabhra 1998 maidir leis an gcóras trádála i gcás táirgí talmhaíochta (IO L 86, 20.3.1998, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle

(IO L 113, 15.4.1998, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 255/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 84, 20.3.2014, lch. 57)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sín amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh 779/98

An Rialachán seo

Article 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an chéad mhír

Airteagal 2(1)

Airteagal 2, an dara mír

Airteagal 2(2)

Airteagal 2a

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

27


RIALACHÁN (AE) 2015/754 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

lena n-osclófar taraif-chuótaí áirithe de chuid an Aontais do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhuiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 774/94 (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Rinne an tAontas lamháltais taraife a chaibidliú faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) agus faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála. Tháinig comhaontuithe as an gcaibidlíocht sin a formheasadh le Cinneadh 94/87/CE (5) ón gComhairle agus Cinneadhl 94/800/CE (6) ón gComhairle.

(3)

Déantar foráil sna comhaontuithe sin maidir le hoscailt, faoi choinníollacha áirithe, taraif-chuótaí do mhairteoil ardcháilíochta a chumhdaítear le cóid AC 0201 30 00, 0202 30 90, 0206 10 95 agus 0206 29 91, muiceoil a chumhdaítear le cóid AC 0203 19 13 agus 0203 29 15, feoil éanlaithe clóis a chumhdaítear le cóid AC 0207 14 10, 0207 14 50, 0207 14 70, 0207 27 10, 0207 27 20 agus 0207 27 80, cruithneacht agus maislín a chumhdaítear le cóid AC 1001 11 00, 1001 19 00 agus 1001 99 00, agus brain, géaráin agus iarmhair eile a chumhdaítear le cóid AC 2302 30 10, 2302 30 90, 2302 40 10 agus 2302 40 90.

(4)

Cumhdaítear tréimhse neamhchinntithe leis na comhaontuithe sin. Dá bhrí sin agus ar mhaithe le cuíchóiriú agus éifeachtúlacht, ba cheart na cuótaí a oscailt ar bhonn ilbhliantúil.

(5)

D'fhéadfadh córas lena ráthófaí cineál, foinse agus tionscnamh na dtáirgí bheith iomchuí. Chun na críche sin, ba cheart allmhairithe faoi chuimsiú na lamháltas taraife comhaontaithe a bheith faoi réir deimhniú barántúlachta a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí.

(6)

D'fhéadfadh sé gurbh iomchuí na hallmhairithe sin a leathadh amach feadh na bliana ar bhonn riachtanas mhargadh an Aontais. Chun na críche sin, d'fhéadfadh sé gurbh iomchuí córas chun cuótaí a ídiú a bheadh bunaithe ar thíolacadh ceadúnais allmhairiúcháin.

(7)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar an Rialachán seo a ghlacadh, más rud é go ndéantar méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta a choigeartú, go háirithe mar thoradh ar chinneadh ón gComhairle lena ndéantar comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(8)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca leis na rialacha is gá chun na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a riar, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil de chuid an Aontais, cuóta arb ionann é agus 20 000 tona ina iomlán, arna shloinneadh i meáchan an táirge, do mhairteoil ardcháilíochta atá úr, fuaraithe nó reoite agus a chumhdaítear le cóid AC 0201 agus 0202 agus do na táirgí a chumhdaítear le cóid AC 0206 10 95 agus 0206 29 91.

Is é 20 % ráta dleachta na Comhtharaife Custaim is infheidhme don chuóta sin.

Airteagal 2

Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil de chuid an Aontais, cuóta arb ionann é agus 7 000 tona ina iomlán, do mhuiceoil atá úr, fuaraithe nó reoite agus a chumhdaítear le cóid AC 0203 19 13 agus 0203 29 15.

Is é 0 % ráta dleachta na Comhtharaife Custaim is infheidhme don chuóta sin.

Airteagal 3

Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil de chuid an Aontais, cuóta arb ionann é agus 15 500 tona ina iomlán, d'fheoil éanlaithe clóis atá úr, fuaraithe nó reoite agus a chumhdaítear le cóid AC 0207 14 10, 0207 14 50 agus 0207 14 70.

Is é 0 % ráta dleachta na Comhtharaife Custaim is infheidhme don chuóta sin.

Airteagal 4

Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil de chuid an Aontais, cuóta arb ionann é agus 2 500 tona ina iomlán, d'fheoil turcaí atá úr, fuaraithe nó reoite agus a chumhdaítear le cóid AC 0207 27 10, 0207 27 20 agus 0207 27 80.

Is é 0 % ráta dleachta na Comhtharaife Custaim is infheidhme don chuóta sin.

Airteagal 5

Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil de chuid an Aontais, cuóta arb ionann é agus 300 000 tona ina iomlán, do chruithneacht ardcháilíochta a chumhdaítear le cóid AC 1001 11 00, 1001 19 00 agus 1001 99 00.

Is é 0 % ráta dleachta na Comhtharaife Custaim is infheidhme don chuóta sin.

Airteagal 6

Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil de chuid an Aontais, cuóta arb ionann é agus 475 000 tona ina iomlán, do bhran, géarán agus iarmhar eile cruithneachta agus gránach, seachas arbhar Indiach agus rís, a chumhdaítear le cóid AC 2302 30 10, 2302 30 90, 2302 40 10 agus 2302 40 90.

Is é EUR 30,60 in aghaidh an tona ráta dleachta na Comhtharaife Custaim is infheidhme don chuóta sin i gcás táirgí a chumhdaítear le cóid AC 2302 30 10 agus 2302 40 10 agus EUR 62,25 in aghaidh an tona i gcás táirgí a chumhdaítear le cóid AC 2302 30 90 agus 2302 40 90.

Airteagal 7

Chun gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus i gcás ina ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, nó an Chomhairle, méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a choigeartú, go háirithe le cinneadh ón gComhairle lena ndéantar comhaontú le tríú tír amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 maidir leis na leasuithe a dhéantar dá thoradh sin ar an Rialachán seo.

Airteagal 8

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá chun na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a riar agus, de réir mar is iomchuí:, leagfaidh sé síos:

(a)

forálacha lena ráthaítear cineál, foinse agus tionscnamh an táirge ábhartha;

(b)

forálacha maidir le haithint an doiciméid lena gceadaítear fíorú na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c)

forálacha maidir le heisiúint ceadúnas allmhairiúcháin agus a dtéarma bailíochta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 9

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 9 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta a dhréachtú tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheureadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10

1.   Beidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunu le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, taobh istigh den teorainn ama leis an tuairim a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an Choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an Choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 11

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 774/94.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 12

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle an 29 Márta 1994 lena n-osclófar taraif-chuótaí áirithe Comhphobail do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhuiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar (IO L 91, 8.4.1994, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Cinneadh 94/87/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir le Comhaontuithe a tugadh i gcrích i bhfoirm Miontuairiscí Comhaontaithe i ndáil le síolta ola áirithe idir an Comhphobal Eorpach agus an Airgintín, an Bhrasaíl, Ceanada, an Pholainn agus Uragua, faoi seach, de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) (IO L 47,18.2.1994 lch. 1).

(6)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

 

Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle

(IO L 91, 8.4.1994, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2198/95 ón gCoimisiún

(IO L 221, 19.9.1995, lch. 3)

 

Rialachán (AE) Uimh. 252/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 84, 20.3.2014, lch. 35)


IARSCRÍBHINN II

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 774/94

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1, an chéad mhír

Airteagal 1(2)

Airteagal 1, an dara mír

Airteagal 2(1)

Airteagal 2, an chéad mhír

Airteagal 2(2)

Airteagal 2, an dara mír

Airteagal 3(1)

Airteagal 3, an chéad mhír

Airteagal 3(2)

Airteagal 3, an dara mír

Airteagal 4(1)

Airteagal 4, an chéad mhír

Airteagal 4(2)

Airteagal 4, an dara mír

Airteagal 5(1)

Airteagal 5, an chéad mhír

Airteagal 5(2)

Airteagal 5, an dara mír

Airteagal 6(1)

Airteagal 6, an chéad mhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 6, an dara mír

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8a

Airteagal 9

Airteagal 8b

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) 2015/755 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

(3)

Ba cheart aonfhoirmeacht a áirithiú sna rialacha maidir le hallmhairí trí fhorálacha a leagan síos, a mhéid is féidir i bhfianaise gnéithe sainiúla an chórais eacnamaíoch sna tríú tíortha atá i gceist, atá cosúil leis na forálacha sin a chuirtear i bhfeidhm faoi na comhrialacha maidir le tríú tíortha eile.

(4)

Na comhrialacha is infheidhme maidir le hallmhairí, tá feidhm acu freisin maidir le táirgí guail agus cruach, gan dochar d'aon bhearta lena gcuirtear comhaontú chun feidhme a bhaineann go sonrach le táirgí den sórt sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart léirscaoileadh allmhairithe, is é sin gan aon srianta cainníochtúla a bheith orthu, a bheith ar an bpointe tosaigh le haghaidh rialacha an Aontais.

(6)

I gcás roinnt táirgí, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar théarmaí agus ar choinníollacha an allmhairiúcháin, treochtaí in allmhairiú, gnéithe éagsúla na staide eacnamaíche agus tráchtála, agus na bearta, más ann dóibh, atá le glacadh.

(7)

I gcás na dtáirgí sin, d'fhéadfadh sé teacht chun solais gur cheart don Aontas faireachas a dhéanamh ar roinnt áirithe de na hallmhairí sin.

(8)

Is faoin gCoimisiún atá sé na bearta cosanta a ghlacadh is gá chun leasa an Aontais agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana.

(9)

D'fhéadfadh sé gurbh oiriúnaí bearta faireachais nó cosanta atá teoranta do réigiún amháin nó níos mó den Aontas ná bearta a mbeadh feidhm acu maidir leis an Aontas ina iomláine. Níor cheart bearta den sórt sin a údarú ach go heisceachtúil, áfach, agus i gcás nach ann d'aon rogha mhalartach. Is gá a áirithiú go bhfuil bearta den sórt sin sealadach agus go ndéanann siad a laghad suaite is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(10)

I gcás ina gcuirfear faireachas Aontais i bhfeidhm, is faoi réir doiciméad faireachais a thíolacadh a chomhlíonann critéir aonfhoirmeacha ba cheart na táirgí lena mbaineann a scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart d'údaráis na mBallstát an doiciméad sin a eisiúint laistigh de thréimhse áirithe, ar iarratas simplí an allmhaireora, ach gan an t-allmhaireoir aon cheart allmhairiúcháin a fháil tríd sin. Dá bhrí sin, níor cheart an doiciméad faireachais a bheith bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a bhfanann na rialacha allmhairiúcháin gan athrú.

(11)

Ar mhaithe le dea-bhainistíocht riaracháin agus chun cabhrú le hoibreoirí de chuid an Aontais, ba cheart ábhar agus leagan amach an doiciméid faireachais a ailíniú chomh fada agus is féidir leis na comhfhoirmeacha ceadúnais allmhairithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 738/94 ón gCoimisiún (5), Rialachán (CE) Uimh. 3168/94 ón gCoimisiún (6), agus Rialachán (CE) Uimh. 3169/94 ón gCoimisiún (7), agus saintréithe teicniúla an doiciméid faireachais á gcur san áireamh.

(12)

Tá sé chun leasa an Aontais gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún malartú faisnéise chomh hiomlán agus is féidir a eascraíonn as faireachas Aontais a dhéanamh..

(13)

Is gá critéir bheachta a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil fhéideartha agus chun imscrúdú a thabhairt isteach ach a ligean don Choimisiún fós bearta iomchuí a thabhairt isteach i gcásanna práinneacha.

(14)

Chun na críche sin, ba cheart forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le himscrúduithe a thosú, maidir leis na seiceálacha agus na cigireachtaí is gá, maidir le héisteacht a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann, maidir le cóireáil na faisnéise a fhaightear agus maidir leis na critéir chun díobháil a mheasúnú.

(15)

Tá na forálacha maidir le himscrúduithe atá leagtha síos sa Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais ná do rialacha náisiúnta a bhaineann le rúndacht ghairmiúil.

(16)

Ní mór freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(17)

Ar mhaithe le haonfhoirmeacht i rialacha d'allmhairí, ba cheart do na foirmiúlachtaí atá le déanamh ag allmhaireoirí a bheith simplí agus comhionann beag beann ar an áit ina dtéann na hearraí trí chustaim. Is inmhianaithe dá bhrí sin a fhoráil gur cheart aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as foirmeacha a fhreagraíonn don eiseamal atá i gceangal leis an Rialachán seo.

(18)

Doiciméid faireachais arna n-eisiúint i dtaca le bearta faireachais an Aontais, ba cheart dóibh a bheith bailí ar fud an Aontais, is cuma cén Ballstát a d'eisigh iad.

(19)

Na táirgí teicstíle a thagann faoi Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle (8), tá siad faoi réir cóireála sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(20)

An chumhacht chun an liosta de thríú tíortha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 a leasú, cuireadh san áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle (9) í. Ós rud é go ndeachaigh forálacha Theideal I de Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 maidir leis an sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de in éag an 11 Nollaig 2013, agus go bhfuil forálacha Theideal II den Rialachán sin imithe i léig anois, is iomchuí, ar mhaithe le comhleanúnachas, soiléireacht agus le réasúntacht, Airteagal 14a agus Airteagal 14b den Rialachán sin a thabhairt isteach sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 a aisghairm.

(21)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) d'fhonn Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, chun tíortha a bhaint den liosta de thríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT).

(22)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(23)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart dochar ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

(24)

Nuair a leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, rinneadh an dara fomhír d'Airteagal 18(2) a scriosadh go hearráideach. Ba cheart an fhoráil sin a chur isteach arís.

(25)

Toisc go bhfuil an Airméin, an Rúis, An Táidsíceastáin agus Vítneam tagtha chun bheith ina gcomhaltaí de EDT, ní mór na tíortha sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 trí ghníomh tarmligthe de chuid an Choimisiúin. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ní áirítear iad sa liosta tríú tíortha a leagtar amach anois in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 1

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhairiú táirgí de thionscnamh na dtríú tíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, cé is moite de tháirgí teicstíle a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 517/94.

2.   Déanfar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú isteach san Aontas faoi shaoirse, agus, dá réir sin, ní bheidh siad faoi réir aon srianta cainníochtúla, gan dochar do na bearta cosanta a fhéadfar a ghlacadh faoi Chaibidil V.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN AONTAIS

Airteagal 2

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas má dhealraíonn sé ó threochtaí in allmhairiú gur gá bearta faireachais nó cosanta. Beidh san eolas sin an fhianaise atá ar fáil ar bhonn na gcritéar arna leagan síos in Airteagal 6. Cuirfidh an Coimisiún an t-eolas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit uile láithreach bonn.

CAIBIDIL III

NÓS IMEACHTA AN AONTAIS UM IMSCRÚDÚ

Airteagal 3

1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun bonn cirt a thabhairt d'imscrúdú, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar na nithe seo a leanas san fhógra sin:

(a)

achoimreofar an fhaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis nach mór an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

(b)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

(c)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le mír 4.

Cuirfidh an Coimisiún tús leis an imscrúdú, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an bhfaisnéis de ghnáth laistigh de 21 lá ón dáta ar a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé is gá agus, má mheasann sé gurb iomchuí é, féachfaidh sé leis an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.

Déanfaidh foireann ón mBallstát a mbeidh na seiceálacha sin á ndéanamh ina chríoch cúnamh a thabhairt don Choimisiún sa chúram seo, ar choinníoll gur mian leis an mBallstát sin déanamh amhlaidh.

Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1, chomh maith le hionadaithe na tíre onnmhairithe, féadfaidh siad iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún faoi chuimsiú an imscrúdaithe, seachas doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó a Bhallstáit, ar choinníoll í a bheith ábhartha do chosaint a leasanna agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 5 agus go bhfuil sí in úsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Chun na críche sin, seolfaidh siad iarraidh i scríbhinn chuig an gCoimisiún, a léiríonn an fhaisnéis atá ag teastáil.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus nósanna imeachta a leag sé síos á leanúint acu, an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi chora i margadh an táirge atá á imscrúdú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Ní mór éisteacht a thabhairt do na páirtithe sin má bhíonn iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léireofar gur dócha go hiarbhír go n-imreoidh toradh na n-imscrúduithe tionchar orthu agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.

5.   I gcás nach gcuirtear faisnéis ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an Rialachán seo nó ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, nó go bhfuil bac suntasach á chur ar an imscrúdú, féadfar na torthaí a chinneadh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún gur thug páirtí leasmhar nó tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as fíorais atá le fáil.

6.   I gcás inandealraíonn sé don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoina chinneadh laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit.

Airteagal 4

1.   Ag deireadh an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) (“an Coiste”).

2.   I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá aon bhearta faireachais Aontais a dhéanamh ná aon bhearta cosanta Aontais a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2). Foilseofar cinneadh an t-imscrúdú a fhoirceannadh, agus príomhchonclúidí an imscrúdaithe luaite ann chomh maithe le hachoimre ar na cúiseanna leo sin, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Má mheasann an Coimisiún gur gá bearta faireachais Aontais nó bearta cosanta Aontais, glacfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil IV agus V, tráth nach déanaí ná naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfar an teorainn ama sin a shíneadh ar feadh tréimhse uasta breise dhá mhí. Ansin foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leagfar amach fad an tsínte agus achoimre ar na cúiseanna atá leis.

4.   Ní choiscfidh forálacha na Caibidle seo, aon tráth, bearta faireachais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7 go hAirteagal 12 ná, i gcás staid chriticiúil a éilíonn idirghabháil láithreach agus ina mbeadh aon mhoill ina cúis le díobháil ba dheacair a leigheas, bearta cosanta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 13, 14 agus 15.

Déanfaidh an Coimisiún na bearta imscrúdaithe gan mhoill a mheasfaidh sé a bheith riachtanach fós. Déanfar torthaí an imscrúdaithe a úsáid chun athscrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinneadh.

Airteagal 5

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n-áirítear a gcuid oifigeach araon, aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda.

Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt le hiarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

4.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d'fhoinse na faisnéise sin.

5.   Ní choiscfidh mír 1 go mír 4 ar údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar ar bunaíodh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leasanna dlisteanacha na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nár cheart a gcuid rún a gnó a nochtadh.

Airteagal 6

1.   Scrúdú ar an treocht in allmhairiú, ar na coinníollacha ina ndéantar é agus ar an mórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Aontais a eascraíonn ó allmhairí den sórt sin, déanfaidh sé na tosca seo a leanas, go háirithe, a chumhdach:

(a)

méid na n-allmhairithe, go háirithe nuair a bhí méadú suntasach ann, bíodh sé sin mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeacht nó le tomhaltas san Aontas;

(b)

praghas na n-allmhairí, go háirithe i gcás inar gearradh go suntasach faoi phraghasanna i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil san Aontas;

(c)

an tionchar atá aige dá éis sin ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó iomaíocha go díreach, mar atá léirithe ag treochtaí i dtosca eacnamaíocha áirithe amhail:

táirgeacht,

úsáid an chumais táirgthe,

stoic,

díolacháin,

sciar den mhargadh,

praghsanna (i.e. ísliú ar phraghsanna nó cosc ar mhéaduithe praghsanna a bheadh tar éis tarlú de ghnáth),

brabúis,

toradh ar chaipiteal arna úsáid,

sreabhadh airgid,

fostaíocht.

2.   Agus é i mbun an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh córas eacnamaíoch sonrach na dtíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

3.   I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt mórdhíobhála, déanfaidh an Coimisiún scrúdú freisin an bhfuil sé intuartha go soiléir gur dócha go dtiocfaidh díobháil iarbhír as staid ar leith. Maidir leis seo, is féidir tosca amhail na cinn seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

ráta méadaithe na n-onnmhairithe chuig an Aontas;

(b)

an cumas onnmhairithe sa tír thionscnaimh nó sa tír onnmhairithe, ar cumas é atá ann cheana féin nó a bheidh ag feidhmiú sa todhchaí intuartha, agus an dóchúlacht gur chuig an Aontas a rachaidh na honnmhairí a bheidh mar thoradh air sin.

CAIBIDIL IV

FAIREACHAS

Airteagal 7

1.   Más gá é ar mhaithe le leasanna an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin:

(a)

cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Aontais a thabhairt isteach ar allmhairithe áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta a leag an Coimisiún síos;

(b)

cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachán a dhéanamh ar threocht na n-allmhairithe sin, allmhairithe áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 8.

2.   Maidir le cinntí a ghlactar de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

3.   Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag na bearta faireachais. Mura bhforáiltear dá mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na sé mhí inar tugadh na bearta isteach.

Airteagal 8

1.   Ní fhéadfar táirgí atá faoi réamhfhaireachas Aontais a chur i saorchúrsaíocht ach amháin ar dhoiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag na Ballstáit an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh de chúig lá oibre ar a mhéid tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, is cuma cén áit ghnó san Aontas atá aige. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, ach amháin má chruthaítear a mhalairt.

2.   Déanfar an doiciméad faireachais ar fhoirm a fhreagraíonn don mhúnla in Iarscríbhinn II.

Ach amháin i gcás ina bhforáiltar a mhalairt leis an gcinneadh faireachas a fhorchur, ní bheidh in iarratas an allmhaireora le haghaidh doiciméad faireachais ach an méid seo a leanas:

(a)

ainm agus seoladh iomlán an iarratasóra (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs agus aon uimhir lena sainaithníonn an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratasóir), móide uimhir chláraithe CBL an iarratasóra má tá sé faoi dhliteanas i leith CBL;

(b)

más iomchuí, ainm agus seoladh iomlán an dearbhóra nó aon ionadaí arna cheapadh ag an iarratasóir (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs);

(c)

tuairisc ar na hearraí lena dtabharfar na nithe seo a leanas ina leith:

an t-ainm trádála,

an cód ainmníochta comhcheangailte,

an áit tionscnaimh agus an áit choinsínithe,

(d)

an chainníocht arna dearbhú, i gcileagraim agus, más iomchuí, aon aonaid bhreise eile (péirí, míreanna, etc.);

(e)

luach na n-earraí, CAL ag teorainn an Aontais, in euro;

(f)

an ráiteas seo a leanas, dátaithe agus sínithe ag an iarratasóir, agus ainm an iarratasóra litrithe i gceannlitreacha:

“Déanaimse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha fíor agus go bhfuilim á tabhairt de mheon macánta, agus go bhfuilim bunaithe san Aontas.”

3.   Beidh an doiciméad faireachais bailí ar fud an Aontais, beag beann ar Bhallstát a eisiúna.

4.   I gcás cinnidh go sáraíonn an praghas aonaid ag a ndéantar an t-idirbheart an praghas a léirítear sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, nó gur mó luach iomlán nó cainníocht iomlán na dtáirgí a thíolactar le haghaidh allmhairiú ná an luach nó an chainníocht a thugtar sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, ní choiscfidh an cinneadh sin scaoileadh an táirge atá i gceist le haghaidh saorchúrsaíochta. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis éisteacht a thabhairt do na tuairimí a thug an Coiste agus ag cur san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile de chuid na n-idirbheart lena mbaineann, céatadán difriúil a shocrú, ar céatadán é nár cheart a bheith níos mó ná 10 % de ghnáth.

5.   Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe le haghaidh léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n-idirbheart lena mbaineann. Ní fhéadfar doiciméid faireachais den sórt sin a úsáid i gcás ar bith thar an tréimhse dhul in éag a bheidh leagtha síos ag an am céanna agus trí bhíthin an nós imeachta céanna lenar forchuireadh faireachas, agus cuirfidh siad san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile na n-idirbheart.

6.   I gcás ina n-éilíonn cinneadh a glacadh faoi Airteagal 7 é sin, ní mór áit tionscnaimh na dtáirgí atá faoi fhaireachas Aontais a chruthú le deimhniú tionscnaimh. Ní dhéanfaidh an mhír seo dochar d'fhorálacha eile a bhaineann le haon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird.

7.   I gcás ina bhfuil an táirge atá faoi réamhfhaireachas Aontais faoi réir beart cosanta réigiúnach i mBallstát, féadfar an t-údarú ar allmhairiú a dheonaigh an Ballstát sin a chur in ionad an doiciméid faireachais.

8.   Déanfar foirmeacha doiciméid faireachais agus sleachta astu a tharraingt suas i ndúblach, cóip amháin, í marcáilte “Cóip an tsealbhóra” agus a mbeidh an uimhir 1 uirthi, le heisiúint chuig an iarratasóir, agus an chóip eile, í marcáilte “Cóip don údarás inniúil” agus a mbeidh an uimhir 2 uirthi, lena choimeád ag an údarás a d'eisigh an doiciméad. Chun críocha riaracháin, féadfaidh an t-údarás inniúil cóipeanna breise a chur le foirm 2.

9.   Déanfar foirmeacha a phriontáil ar pháipéar bán a bheidh saor ó laíon meicniúil, cóirithe don scríobh agus a mheánn idir 55 agus 65 gram in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Is é 210 × 297 mm an mhéid a bheidh iontu. Is é 4,24 mm a bheidh mar spás idir na línte (an séú cuid d'orlach). Beidh leagan amach na bhfoirmeacha le leanúint go beacht. Ar an dá thaobh de chóip Uimh. 1, arb é an doiciméad faireachais é féin, beidh de bhreis cúlra patrúin giolóise clóite buí chun aon fhalsú trí mheán meicniúil nó ceimiceach a nochtadh.

10.   Beidh na Ballstáit freagrach as na foirmeacha a chur á gcló.Féadfaidh clódóirí arna gceapadh ag an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe na foirmeacha a phriontáil freisin. Sa chás deireanach sin, caithfear tagairt don cheapachán ag an mBallstát a bheith le feiceáil ar gach foirm. Ar gach foirm beidh léiriú ar ainm agus seoladh an chlódóra nó marc chun an clódóir a aithint.

Airteagal 9

Nuair a éilíonn leasanna an Aontais é, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, más dócha go dtiocfaidh an staid dá dtagraítear in Airteagal 13(1) chun cinn:

teorainn a chur le tréimhse bhailíochta aon doiciméid faireachais a bheidh ag teastáil,

eisiúint an doiciméid sin a chur faoi réir coinníollacha áirithe agus, mar bheart eisceachtúil, faoi réir clásal cúlghairme a chur isteach.

Airteagal 10

I gcás nach mbeidh allmhairiú táirge curtha faoi réir réamhfhaireachas Aontais, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 22(2) agus i gcomhréir le hAirteagal 15, faireachas a thabhairt isteach a bheidh teoranta d'allmhairiú isteach i réigiún amháin nó i níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais, agus sa chás sin amháin.

Airteagal 11

1.   Ní féidir táirgí atá faoi fhaireachas réigiúnach a chur i saorchúrsaíocht sa réigiún lena mbaineann ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an sórtsin doiciméad a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh d'uasmhéid cúig lá oibre tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, beag beann ar a áit ghnó san Aontas. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt. Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe le haghaidh léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n-idirbheart lena mbaineann.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(2).

Airteagal 12

1.   Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún laistigh de na chéad deich lá de gach mí i gcás fhaireachas Aontais nó faireachais réigiúnaigh:

(a)

i gcás réamhfhaireachais, mionsonraí maidir le suimeanna airgid (arna ríomh ar bhonn na bpraghsanna CAL) agus cainníochtaí earraí ar ina leith a eisíodh doiciméid faireachais le linn na tréimhse roimhe sin;

(b)

i ngach cás, mionsonraí na n-allmhairí i rith na tréimhse roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

Miondealófar an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit de réir táirge agus de réir tíre.

Féadfar forálacha éagsúla a leagan síos an tráth céanna agus leis an nós imeachta céanna leis na socruithe faireachais.

2.   Má éilíonn cineál na dtáirgí nó imthosca speisialta an méid sin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na tráthchláir do chur isteach na faisnéise a leasú.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas.

CAIBIDIL V

BEARTA COSANTA

Airteagal 13

1.   I gcás táirge a allmhairítear isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu nó faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais a dhéanann táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leis, féadfaidh an Coimisiún, chun leasanna an Aontais a chosaint, ag gníomhú dó arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na rialacha allmhairithe don táirge sin a athrú trína fhoráil nach bhféadfar é a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le húdarú allmhairithe a thabhairt ar aird, agus beidh deonú an údaraithe sin faoi rialú cibé forálacha agus faoi réir cibé teorainneacha a leagfaidh an Coimisiún síos.

2.   Cuirfear na bearta a ghlacfar in iúl do na Ballstáit gan mhoill agus gabhfaidh éifeacht leo láithreach.

3.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. I gcomhréir le hAirteagal 15, féadfaidh siad a bheith teoranta do réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

Mar sin féin, ní choiscfidh bearta den sórt sin scaoileadh táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta má tá na táirgí cheana féin ar a mbealach chuig an Aontas ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú agus go bhfuil, i gcás na dtáirgí sin nach bhféadfar, faoi Airteagal 8 agus Airteagal 11, iad a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird, an doiciméad sin ag gabháil leo iarbhír.

4.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), nó i gcásanna éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 22(4), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéid ó iarraidh den sórt sin a fháil.

Airteagal 14

1.   Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe sa staid dá dtagraítear in Airteagal 13(1), bearta cosanta iomchuí a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 13(3).

Airteagal 15

Más rud é, go háirithe, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 6, gur léir go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos chun bearta a ghlacadh faoi Chaibidil IV agus Airteagal 13 á gcomhlíonadh i réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, tar éis réitigh mhalartacha a scrúdú, cur i bhfeidhm beart faireachais nó beart cosanta a bheidh teoranta don réigiún/do na réigiúin lena mbaineann a údarú go heisceachtúil má mheasann sé go bhfuil bearta den sórt sin arna gcur i bhfeidhm ag an leibhéal sin níos iomchuí ná bearta arna gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

Ní mór na bearta sin a bheith sealadach agus a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 agus Airteagal 13 faoi seach.

Airteagal 16

1.   Fad a bheidh aon bheart faireachais nó aon bheart cosanta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus le Caibidil V, i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)

éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

(b)

déanamh amach an bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin fós riachtanach.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart faireachais nó aon bheart cosanta dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé an beart a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Nuair a bhaineann cinneadh den sórt sin le bearta faireachais réigiúnaigh, beidh feidhm aige ón séú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

1.   Ní choiscfidh an Rialachán seo comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as rialacha speisialta atá i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha.

2.   Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo ar na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm:

(a)

toirmisc, srianta cainníochtúla ná bearta faireachais ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí, le cosaint sláinte agus saol daoine, ainmhithe nó plandaí, le cosaint seod náisiúnta ina bhfuil luach ealaíne, staire nó seandálaíoch, nó maoin tionscail agus tráchtála a chosaint;

(b)

foirmiúlachtaí speisialta a bhaineann le malairt eachtrach;

(c)

foirmiúlachtaí a tugadh isteach de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta i gcomhréir le CFAE.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta nó na foirmiúlachtaí atá le tabhairt isteach nó le leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

I gcás fíorphráinne, cuirfear na bearta nó na foirmiúlachtaí náisiúnta atá i gceist in iúl don Choimisiún láithreach ar iad a ghlacadh.

Airteagal 18

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a thíolacann sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (11).

Airteagal 19

1.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta ná d'fheidhmiú forálacha riaracháin Aontais nó náisiúnta a dhíorthaítear astu ná d'fheidhmiú na n-ionstraimí sonracha arna nglacadh faoi Airteagal 352 CFAE is infheidhme maidir le hearraí ar toradh próiseála táirgí talmhaíochta iad. Feidhmeoidh sé mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

2.   I gcás táirgí atá cumhdaithe ag na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 go hAirteagal 12 ná ag Airteagal 16 maidir leis táirgí sin a gceanglaítear ina leith i rialacha an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha ceadúnas nó doiciméad allmhairithe eile a thabhairt ar aird.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 13, 15 agus 16 maidir leis na táirgí sin a bhforálann rialacha den sórt sin go gcuirfí srianta cainníochtúla ar allmhairiú i bhfeidhm ina leith.

Airteagal 20

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn I, chun tíortha a bhaint den liosta de thríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí den EDT.

Airteagal 21

1.   Is faoi réir nagcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

1.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 23

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 24

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Aibreán 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn III.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 738/94 ón gCoimisiún an 30 Márta 1994 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 520/94 lena mbunaítear nós imeachta Comhphobail chun cuótaí cainníochta a riaradh (IO L 87, 31.3.1994, lch. 47).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 3168/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 lena mbunaítear ceadúnas Comhphobail allmhairíochta i raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe, prótacail ná socruithe déthaobhacha eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 335, 23.12.1994, lch. 23).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 3169/94 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1994 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha agus ag bunú ceadúnas allmhairithe Comhphobail i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin (IO L 335, 23.12.1994, lch. 33).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe, prótacail ná socruithe déthaobhacha eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 519/94 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(12)  Rialachán (AE) 2015/478 an 11 Márta 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na dTríú tíortha

 

An Asarbaiseáin

 

An Bhealarúis

 

An Chasacstáin

 

An Chóiré Thuaidh

 

An Tuircméanastáin

 

An Úisbéiceastáin


IARSCRÍBHINN II

Image 1

Téacs an íomhá

Image 2

Téacs an íomhá

Image 3

Téacs an íomhá