ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
27 Márta 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainn

1

 

*

Rialachán (AE) 2015/476 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an tAontas a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith fhóirdheontais

6

 

*

Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith fhóirdheontais agus beart cosanta

11

 

*

Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí

16

 

*

Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí

34

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 334/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, a mhéid a bhaineann le coinníollacha áirithe le haghaidh rochtain ar an margadh ( IO L 103, 5.4.2014 )

41

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún ( IO L 158, 27.5.2014 )

42

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 83 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/475 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainn

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Siníodh Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (“an Comhaontú”) sa Bhruiséil an 22 Iúil 1972.

(3)

Is gá rialacha mionsonraithe chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagail 23 go 28 den Chomhaontú a chur chun feidhme.

(4)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25, in Airteagal 25a agus in Airteagal 27 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (“an Comhaontú”), chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 23, 25, 25a agus Airteagal 27 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

Airteagal 2

1.   I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an gComhaontú. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfaí bearta cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 24 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, cinneadh an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí.

Airteagal 3

I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú ag an Aontas, beidh na nósanna imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) infheidhme.

Airteagal 4

1.   Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25, in Airteagal 25a agus in Airteagal 27 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúramacha dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 28(3) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, nó i gcás práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialacháin seo.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Airteagal 5

Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fógra ón Aontas a chur chuig an gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 28(2) den Chomhaontú.

Airteagal 6

1.   Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (8) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 8

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (IO L 301, 31.12.1972, lch. 162).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle

(IO L 301, 31.12.1972, lch. 162)

 

Rialachán (CEE) Uimh. 640/90 ón gComhairle

(IO L 74, 20.3.1990, lch. 4)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 2 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

An Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72

An Rialachán seo

Airteagail 1 go hAirteagal 4

Airteagail 1 go hAirteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) 2015/476 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir leis na bearta a fhéadfaidh an tAontas a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith fhóirdheontais

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Rialachán (CE) Uimh 1515/2001 ón gComhairle (3) leasaithe go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (5) ón gComhairle, leagadh síos comhrialacha maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (6) ón gComhairle, leagadh síos comhrialacha maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad.

(4)

Faoi Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”) thángthas ar Chomhaontú maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta lena rialaítear Réiteach Díospóidí (an Comhaontú um Réiteach Díospóidí). Bunaíodh an Comhlacht um Réiteach Díospóide de bhun an Chomhaontaithe um Réiteach Díospóidí.

(5)

Ag féachaint don Aontas a cheadú, i gcás a mheasann sé gurb iomchuí, beart arna ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 a oiriúnú leis na moltaí agus na rialacha atá i dtuarascáil arna glacadh ag an gComhaontú um Réiteach Díospóide, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos chuige sin.

(6)

D'fhéadfadh an Coimisiún a mheas gurb iomchuí aon bhearta speisialta eile a aisghairm, a leasú nó a ghlacadh i ndáil le bearta arna ndéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 nó Rialachán (CE) Uimh 597/2009, lena n-áirítear bearta nach raibh ina n-ábhair réitigh díospóide faoin gComhaontú um Réiteach Díospóide, d'fhonn na léirithe dlí, arna ndéanamh i dtuarascáil arna glacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide, a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, nuair is iomchuí, bearta den sórt sin a chur ar fionraí nó a athbhreithniú.

(7)

Is féidir leas a bhaint as an gComhaontú um Réiteach Díospóidí gan teorainn ama. Níl ach éifeacht ionchasach ag na moltaí i dtuarascálacha arna nglacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide. Dá dhroim sin, is iomchuí a shonrú go mbeidh éifeacht ag aon bhearta arna nglacadh faoin Rialachán seo ó dháta a dteacht i bhfeidhm, mura sonraítear a mhalairt, agus dá bharr sin nach gcuirfear aon bhonn le haisíoc na ndleachtanna a bailíodh roimh an dáta ar fáil leis na bearta sin.

(8)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta a ghlacadh tar éis tuarascála arna glacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(9)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun bearta a chur ar fionraí le haghaidh tréimhse teoranta ama de bharr éifeachtaí beart den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Aon uair a ghlacann an Chomhlacht um Réiteach Díospóide tuarascáil a bhaineann le beart de chuid an Aontais arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nó de bhun an Rialacháin seo (“beart is ábhar díospóide”), féadfaidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh, cibé acu a mheasann sé is iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3):

(a)

aon bheart is ábhar díospóide a aisghairm nó a leasú; nó

(b)

aon bhearta cur chun feidhme speisialta eile a ghlacadh a mheastar atá iomchuí sna cúinsí sin chun go gcomhlíonfaidh an tAontas na moltaí agus na rialuithe atá sa tuarascáil.

2.   Chun críocha bearta a ghlacadh faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun an fhaisnéis a chomhlánú, ar faisnéis í a fuarthas le linn an imscrúdaithe a raibh glacadh an bhirt is ábhar díospóide mar thoradh air.

3.   A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé athbhreithniú a thionscnamh.

4.   A mhéid is iomchuí an beart is ábhar díospóide nó an beart leasuithe a chur ar fionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Airteagal 2

1.   Féadfaidh an Coimisiún aon bheart atá luaite in Airteagal 1(1) a ghlacadh freisin, má mheasann sé gur iomchuí sin, d'fhonn na léirithe dlí, arna ndéanamh i dtuarascáil arna glacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide maidir le beart nach ábhar díospóide é, a chur san áireamh.

2.   Chun críocha bearta a ghlacadh faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun an fhaisnéis a chomhlánú a fuarthas le linn an imscrúdaithe a raibh glacadh an bhirt nach ábhar díospóide é mar thoradh air.

3.   A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé athbhreithniú a thionscnamh.

4.   A mhéid is iomchuí an beart nach ábhar díospóide é nó an beart leasuithe a fhionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta ama, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Airteagal 3

Beidh éifeacht ag aon bhearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo ó dháta a dteacht i bhfeidhm agus ní chuirfidh siad aon bhonn le haisíoc na ndleachtanna a bailíodh roimh an dáta sin, mura sonraítear a mhalairt.

Airteagal 4

1.   Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 5

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 6

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle an 23 Iúil 2001 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT (Eagraíocht Dhomhanda Trádála) maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais (IO L 201, 26.7.2001, lch. 10).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Rialachán Aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle

(IO L 201, 26.7.2001, lch. 10)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

An Iarscríbhinn, Pointe 7 amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001

An Rialachán seo

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 3a

Airteagal 4

Airteagal 3b

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

11


RIALACHÁN (AE) 2015/477 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith fhóirdheontais agus beart cosanta

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 (2) ón gComhairle leasaithe go substaintiúil (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (4) ón gComhairle, leagadh rialacha comhchoiteanna síos chun cosaint a thabhairt ar allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (5) ón gComhairle, leagadh rialacha comhchoiteanna síos chun cosaint a thabhairt ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (6) ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 (7) ón gComhairle, leagadh rialacha comhchoiteanna síos chun bearta cosanta i gcoinne allmhairí ó thíortha áirithe nach Ballstáit den Aontas iad a ghlacadh. Féadfaidh bearta cosanta a bheith i bhfoirm bearta taraife is infheidhme maidir le gach allmhaire nó na hallmhairí sin ar mó ná cainníocht réamhchinntithe iad. Cuireann bearta cosanta den sórt sin in iúl go bhfuil na hearraí i dteideal dul isteach i margadh an Aontais tar éis na dleachtanna ábhartha a bheith íoctha.

(5)

Féadfaidh allmhairiú earraí áirithe a bheith faoi réir bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais ar thaobh amháin agus faoi réir bearta cosanta taraife ar an taobh eile. Is é is aidhm do na bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais an saobhadh margaidh a tháinig as cleachtais trádála mhíchothroma a réiteach, agus is é is aidhm do na bearta cosanta taraife cosaint a thabhairt ar allmhairí atá dulta i méid go mór.

(6)

Mar sin féin, d'fhéadfadh éifeacht níos mó ná mar a bhí beartaithe nó ba inmhianaithe ó thaobh bheartas cosanta trádála agus chuspóirí an Aontais a bheith mar thoradh ar an gcomhcheangal de bhearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus bearta cosanta taraife ar an aon táirge amháin. Go háirithe, d'fhéadfadh comhcheangal beart den sórt sin ualach dochraideach neamh-inmhianaithe a chur ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe atá ag iarraidh earraí a onnmhairiú chuig an Aontas, rud a d'fhéadfadh sé gurb é an eifeacht a bheidh leo go ndiúltófaí rochtain dóibh ar mhargadh an Aontais.

(7)

Mar thoradh air sin, níor cheart táirgeoirí onnmhairiúcháin atá ag iarraidh earraí a onnmhairiú chuig an Aontas a bheith faoi réir ualaí dochraideacha neamh-inmhianaithe agus ba cheart rochtain a bheith acu fós ar mhargadh an Aontais.

(8)

Is inmhianaithe a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir cuspóirí na mbeart cosanta taraife agus na mbeart frithdhumpála agus/nó frith-fhóirdheontais a chomhlíonadh gan rochtain ar mhargadh an Aontais a dhiúltú do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos ionas gur féidir leis an gCoimisiún bearta a dhéanamh, i gcás ina measann sé gurb iomchuí sin a dhéanamh, d'fhonn a áirithiú nach mbeidh éifeacht den sórt sin ag baint le comhcheangal de bhearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais i agus bearta cosanta taraife ar an táirge céanna.

(9)

Cé go bhféadfar a thuar go bhféadfaidh an dleacht cosanta agus na bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais bheith infheidhme go comhuaineach maidir leis an táirge céanna, ní féidir a chinneadh roimhe ré i gcónaí cén uair go díreach a d'fhéadfadh sé sin tarlú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann foráil a dhéanamh maidir le cás den sórt sin ar bhealach lena n-áiritheofar go mbeidh intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach ann do gach oibreoir lena mbaineann.

(10)

Féadfaidh an Coimisiún a mheas gurb iomchuí bearta frithdhumpála agus/nó frith-fhóirdheontais a leasú, a fhionraí nó a aisghairm nó foráil a dhéanamh maidir le díolúintí go hiomlán nó go páirteach ó aon dleacht frithdhumpála nó frithchúitimh a bheadh iníoctha murach sin, nó gurb iomchuí aon bhearta speisialta eile a ghlacadh. Maidir le bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais, níor cheart aon fhionraí ná aon leasú orthu, ná aon díolmhú uathu a dheonú ach go ceann tréimhse teoranta.

(11)

Ba cheart aon bhearta a dhéantar faoin Rialachán seo a bheith infheidhme ó dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin, seachas má shonraítear a mhalairt iontu, agus níor cheart dóibh, dá bhrí sin, bonn a sholáthar le haisíoc na ndleachtanna arna mbailiú roimh an dáta sin.

(12)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí níos mó ná mar is inmhianaithe ó thaobh bheartas cosanta trádála agus chuspóirí an Aontais a bheith mar thoradh ar chomhcheangal de bhearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus bearta cosanta taraife ar na hallmhairí céanna, féadfaidh sé cibé beart nó bearta de na bearta seo a leanas a ghlacadh de réir mar is iomchuí leis i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2):

(a)

bearta chun bearta frithdhumpála agus/nó frith-fhóirdheontais atá ann cheana a leasú, a chur ar fionraí nó a aisghairm;

(b)

bearta chun allmhairí a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó dhleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh a bheadh iníoctha murach sin;

(c)

aon bhearta speisialta eile a mheastar gurb iomchuí iad sa chás lena mbaineann.

2.   Beidh aon leasú, fionraí nó díolúine de bhun mhír 1 teoranta ó thaobh ama de agus ní bheidh feidhm aige nó aici ach amháin nuair a bheidh na bearta cosanta ábhartha i bhfeidhm.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag aon bheart a ghlactar de bhun an Rialacháin seo óna dháta theacht i bhfeidhm. Ní bheidh sé mar bhonn le haisíoc na ndleachtanna arna mbailiú roimh an dáta sin mura ndéantar foráil maidir lena mhalairt sa bheart sin.

Airteagal 3

1.   Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 4

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 452/2003.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 maidir le bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus beart cosanta (IO L 69, 13.3.2003, lch. 8).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint a thabhairt ar allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint a thabhairt ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na rialacha comhchoiteanna le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna i ndáil le hallmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle

(IO L 69, 13.3.2003, lch. 8)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 10 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 452/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2a

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


RIALACHÁN (AE) 2015/478 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir le comhrialacha d'allmhairí

(codú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (3) ón gComhairle a leasú go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith fothaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

(3)

Thug an Comhphobal Eorpach an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”) i gcrích. In Iarscríbhinn 1A a ghabhann leis an gComhaontú sin tá inter alia an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (“CGTT 1994”) agus an Comhaontú maidir le Bearta Cosanta.

(4)

Sásaíonn an Comhaontú maidir le Bearta Cosanta an riachtanas le disciplíní CGTT 1994 a shoiléiriú agus a threisiú, go háirithe disciplíní Airteagal XIX de. Tá ceangal sa Chomhaontú sin deireadh a chur le bearta cosanta nach gcuimsítear sna rialacha sin, amhail srianta deonacha ar onnmhairí, socruithe ordúla margaíochta agus aon socruithe comhchosúla eile maidir le hallmhairí nó le honnmhairí.

(5)

Cumhdaítear táirgí guail agus cruach faoin gComhaontú maidir le Bearta Cosanta freisin. Dá bhrí sin, na comhrialacha maidir le hallmhairí, go háirithe i ndáil le bearta cosanta, tá feidhm acu freisin maidir leis na táirgí sin gan dochar d'aon bhearta a d'fhéadfaí a dhéanamh chun comhaontú a chur i bhfeidhm a bhainfeadh go sonrach le táirgí guail agus cruach.

(6)

Tá na táirgí teicstíle a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 (5) ón gComhairle faoi réir cóireála speisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, iad sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon bhaol de thoradh treochtaí in allmhairiú a bhféadfadh call a bheith le faireachas an Aontais orthu nó le bearta cosanta a chur i bhfeidhm orthu.

(8)

I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar na téarmaí agus ar na coinníollacha faoina ndéantar an t-allmhairiú, ar an treocht in allmhairiú, ar ghnéithe éagsúla na staideanna eacnamaíocha agus trádála agus, más iomchuí, ar na bearta atá le cur i bhfeidhm.

(9)

I gcás ina gcuirfear réamhfhaireachas an Aontais i bhfeidhm, is faoi réir doiciméad faireachais a thíolacadh a chomhlíonann critéir aonfhoirmeacha ba cheart na táirgí lena mbaineann a scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart d'údaráis na mBallstát an doiciméad sin a eisiúint laistigh de thréimhse áirithe, ar iarratas simplí an allmhaireora, ach gan an t-allmhaireoir aon cheart allmhairiúcháin a fháil tríd sin. Dá bhrí sin, níor cheart an doiciméad faireachais a bheith bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a bhfanfaidh na rialacha allmhairiúcháin gan athrú.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an fhaisnéis a thiocfaidh as faireachas an Aontais a mhalartú is iomláine is féidir.

(11)

Is ar an gCoimisiún atá an cúram na bearta cosanta a ghlacadh a theastaíonn chun leasa an Aontais. Ba cheart an leas sin a chur san áireamh ina iomláine agus ba cheart, go háirithe, leasanna tháirgeoirí, úsáideoirí agus thomhaltóirí an Aontais a chuimsiú iontu.

(12)

Ní féidir bearta cosanta a úsáid i gcoinne baill EDT ach amháin má dhéantar an táirge lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu agus faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais a dhéanann táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leis, mura bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta ann a cheadaíonn maolú ar an riail seo.

(13)

Ba cheart na téarmaí “mórdhíobháil”, “bagairt mórdhíobhála” agus “táirgeoirí an Aontais” a shainmhíniú agus ba cheart critéir bheachta a leagan síos chun díobháil a chinneadh.

(14)

Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirtear aon bhearta cosanta i bhfeidhm, faoi réir an choinníll go mbeadh cead ag an gCoimisiún i gcásanna práinne bearta sealadacha a chur i bhfeidhm.

(15)

Ba cheart forálacha mionsonraithe a bheith ann maidir le himscrúduithe a thosú, maidir leis na seiceálacha agus na cigireachtaí atá ina gceangal, maidir le rochtain tíortha onnmhairithe agus páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis arna bailiú, maidir le héisteachtaí do na páirtithe lena mbaineann agus maidir leis na deiseanna do na páirtithe sin a dtuairimí a chur isteach.

(16)

Tá na forálacha maidir le himscrúduithe atá leagtha síos sa Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais nó do rialacha náisiúnta maidir le rúndacht ghairmiúil.

(17)

Ní mór freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(18)

I gcásanna ina ndéantar bearta cosanta i bhfoirm cuóta níor cheart leibhéal an chuóta sin a leagan, i bprionsabal, níos ísle ná an meánleibhéal allmhairí thar thréimhse ionadaíoch trí bliana ar a laghad.

(19)

I gcásanna ina leithdháiltear cuóta i measc tíortha is soláthraithe, féadfar cuóta gach tíre a chinneadh trí chomhaontú leis na tíortha féin nó tríd an leibhéal allmhairí thar thréimhse ionadaíoch a úsáid mar thagairt. Ba cheart maolú ar na rialacha sin a bheith indéanta i gcás ina bhfuil mórdhíobháil agus méadú neamhréireach ar allmhairí, ar choinníoll go ndéantar comhairliúchán faoi choimirce an Choiste um Choimircí EDT.

(20)

Ba cheart fad uasta beart cosanta a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le síneadh, léirscaoileadh de réir a chéile agus athbhreithniú beart den sórt sin.

(21)

Ba cheart na himthosca a leagan síos ina ndéanfar táirgí de thionscamh tíre i mbéal forbartha atá ina ball de chuid EDT a dhíolmhú ó bhearta cosanta.

(22)

D'fhéadfadh sé gurbh oiriúnaí bearta faireachais nó cosanta atá teoranta do réigiún amháin nó níos mó den Aontas ná bearta a mbeadh feidhm acu maidir leis an Aontas ina iomláine. Níor cheart bearta den sórt sin a údarú ach go heisceachtúil áfach, agus i gcás nach ann d'aon rogha mhalartach. Is gá a áirithiú go bhfuil bearta den sórt sin sealadach agus go ndéanann siad a laghad suaite is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(23)

Ar mhaithe le haonfhoirmeacht i rialacha d'allmhairí, ba cheart do na foirmiúlachtaí atá le déanamh ag allmhaireoirí a bheith simplí agus comhionann beag beann ar an áit ina dtéann na hearraí trí chustaim. Is inmhianaithe dá bhrí sin a fhoráil gur cheart aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as foirmeacha a fhreagraíonn don eiseamal atá i gceangal leis an Rialachán seo.

(24)

Doiciméid faireachais arna n-eisiúint i dtaca le bearta faireachais an Aontais, ba cheart dóibh a bheith bailí ar fud an Aontais is cuma cén Ballstát a d'eisigh iad.

(25)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(26)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart dochar ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁILTA

Airteagal 1

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhairiú táirgí de thionscamh tríú tíortha, ach amháin:

(a)

táirgí teicstíle atá faoi réir rialacha allmhairithe sonracha faoi Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle;

(b)

táirgí de thionscamh tríú tíortha áirithe a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle (7).

2.   Déanfar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú faoi shaoirse isteach san Aontas agus dá réir sin, gan dochar do na bearta cosanta is féidir a dhéanamh faoi Chaibidil V, ní bheidh siad faoi réir aon srianta cainníochtúla.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN AONTAIS

Airteagal 2

Cuirfidh na Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú go bhfuil gá le bearta faireachais nó cosanta. Beidh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil, arna cinneadh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 9. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit uile gan mhoill.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh Coiste um Choimircí cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

5.   De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcás ina rachfar ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn le haghaidh bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo, déanfar nós imeachta den sórt sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 amhlaidh. Má théitear ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa Choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos. Má théitear ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa Choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos.

CAIBIDIL III

NÓS IMEACHTA AN AONTAIS UM IMSCRÚDÚ

Airteagal 4

1.   Gan dochar d'Airteagal 7, cuirfear nós imeacht imscrúdaithe an Aontais chun feidhme sula gcuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm.

2.   Ag úsáid na gcúinsí dá dtagraítear in Airteagal 9 mar bhonn, beidh sé d'aidhm ag an imscrúdú a chinneadh an bhfuil allmhairiú an táirge i gceist ina chúis le mórdhíobháil, nó bagairt mórdhíobhála, do na táirgeoirí lena mbaineann san Aontas.

3.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “mórdhíobháil” lagú suntasach foriomlán ar sheasamh tháirgeoirí an Aontais;

(b)

ciallaíonn “bagairt mórdhíobhála” mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú;

(c)

ciallaíonn “táirgeoirí an Aontais” na táirgeoirí ina n-iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, nó na táirgeoirí sin arb ionann a gcomh-aschur de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí atá in iomaíocht dhíreach agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin.

Airteagal 5

1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun bonn cirt a thabhairt chun imscrúdú a thionscnamh, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar na nithe seo a leanas san fhógra sin:

(a)

achoimreofar an fhaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis nach mór gach faisnéis ábhartha a chur chuig an gCoimisiún;

(b)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh, más rud é go bhfuil tuairimí agus faisnéis den sórt sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

(c)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le mír 4.

Cuirfidh an Coimisiún tús leis an imscrúdú, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an bhfaisnéis de ghnáth laistigh de 21 lá ón dáta ar a gcuirfear an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus, má mheasann sé gurb iomchuí, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.

Déanfaidh foireann ón mBallstát a mbeidh na seiceálacha sin á ndéanamh ina chríoch cúnamh a thabhairt don Choimisiún sa tasc seo, ar choinníoll gur mian leis an mBallstát seo é sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus nósanna imeachta a leag sé síos á leanúint acu, an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi chora i margadh an táirge atá á imscrúdú.

4.   Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 agus ionadaithe na tíre onnmhairithe, féadfaidh siad, ar iarraidh a dhéanamh i scríbhinn, scrúdú a dhéanamh ar gach faisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún maidir leis an imscrúdú, amach ó dhoiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó a Bhallstáit, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le cur i láthair a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 8 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú.

Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne, féadfaidh siad a gcuid tuairimí i leith na faisnéise i dtrácht a chur in iúl don Choimisiún. Féadfar na tuairimí sin a chur san áireamh nuair atá leorfianaise ann a thacaíonn leo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Ní mór éisteacht a thabhairt do pháirtithe den sórt sin má bhíonn iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léireofar gur dócha go n-imreoidh toradh na n-imscrúduithe tionchar orthu agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht ó bhéal a bheith acu.

6.   I gcás nach gcuirtear faisnéis ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an Rialachán seo nó ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, nó go bhfuil bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar na torthaí a chinneadh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur thug páirtí leasmhar nó tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá le fáil.

7.   I gcás inar cosúil don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na Ballstáit laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit.

Airteagal 6

1.   Ag deireadh an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choiste.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná aon bhearta cosanta a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

3.   Má mheasann an Coimisiún gur gá bearta faireachais nó cosanta an Aontais, glacfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil IV agus V, tráth nach déanaí ná naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfar an teorainn ama sin a shíneadh ar feadh tréimhse uasta breise dhá mhí. Ansin foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leagfar amach fad an tsínte agus achoimre ar na fáthanna atá leis.

Airteagal 7

1.   Ní choiscfidh forálacha na Caibidle seo úsáid beart faireachais, aon tráth, i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 ná úsáid beart cosanta sealadach i gcomhréir le hAirteagail 15, 16 agus 17.

Cuirfear bearta cosanta sealadacha i bhfeidhm:

(a)

in imthosca fíor-thromchúiseacha ina ndéanfadh moill dochar ba dheacair a leigheas, a fhágann gur gá gníomhú gan mhoill; agus

(b)

i gcás ina dtugann réamhchinneadh fianaise fhollasach go raibh méadú san allmhairiú ina chúis le mórdhíobháil nó ina chúis le bagairt mórdhíobhála.

Ní mhairfidh bearta den sórt sin níos faide ná 200 lá.

2.   Is i bhfoirm méadú ar leibhéal na dleachta custaim atá ann cheana a bheidh na bearta cosanta sealadacha, bíodh an leibhéal sin ag nialas nó níos airde, más dócha go gcuirfidh gníomhaíocht den sórt sin cosc nó leigheas ar an mórdhíobháil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gan mhoill cibé bearta imscrúdaithe a bhfuil gá leo fós.

4.   I gcás ina n-aisghairfear na bearta cosanta sealadacha toisc nach ann d'aon mhórdhíobháil ná d'aon bhagairt mórdhíobhála, déanfar na dleachtanna custaim arna mbailiú de thoradh na mbeart sealadach a aisíoc a luaithe is féidir. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 235 et seq. de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (8).

Airteagal 8

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n-áirítear a gcuid oifigeach araon, aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis a gheofar ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda.

Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh di.

4.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d'fhoinse na faisnéise sin.

5.   Ní choiscfidh mír 1 go mír 4 ar údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar ar bunaíodh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 9

1.   Scrúdú ar an treocht in allmhairiú, ar na dálaí ina ndéantar é agus ar mhórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Aontais a d'fhéadfadh teacht ó allmhairí den sórt sin, déanfaidh sé na tosca seo a leanas, go háirithe, a chumhdach:

(a)

méid na n-allmhairithe, go háirithe nuair a bhí méadú suntasach ann, bíodh sé sin mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeacht nó le tomhaltas san Aontas;

(b)

praghas na n-allmhairí, go háirithe i gcás inar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghasanna i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil san Aontas;

(c)

an tionchar atá aige ar tháirgeoirí an Aontais mar atá léirithe ag treochtaí i gcúinsí eacnamaíocha áirithe amhail:

táirgeacht,

úsáid an chumais táirgthe,

stoic,

díolacháin,

sciar den mhargadh,

praghsanna (i.e. ísliú ar phraghsanna nó cosc ar mhéaduithe praghsanna a bheadh tar éis tarlú de ghnáth),

brabúis,

toradh ar chaipiteal arna úsáid,

sreabhadh airgid,

fostaíocht;

(d)

cúinsí, seachas treochtaí in allmhairiú, ar cúis le díobháil do tháirgeoirí an Aontais atá nó a bhí iontu.

2.   I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt mórdhíobhála, déanfaidh an Coimisiún scrúdú freisin an bhfuil sé intuartha go soiléir gur dócha go dtiocfaidh díobháil iarbhír as staid ar leith.

Maidir leis sin, is féidir tosca mar seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

ráta méadaithe na n-onnmhairithe chuig an Aontas;

(b)

an cumas onnmhairithe sa tír thionscnaimh nó sa tír onnmhairithe, mar atá sé nó mar is dócha go mbeidh sé cuibheasach luath amach anseo, agus an dóchúlacht go n-úsáidfear an cumas sin chun onnmhairiú a dhéanamh chuig an Aontas.

CAIBIDIL IV

FAIREACHAS

Airteagal 10

1.   I gcás inar baol go ndéanfaidh an treocht in allmhairiú táirge de thionscamh tríú tír atá cumhdaithe ag an Rialachán seo díobháil do tháirgeoirí an Aontais, agus nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfar allmhairiú an táirge sin, más iomchuí, a chur faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

faireachas cúlghabhálach an Aontais arna dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2;

(b)

réamhfhaireachas an Aontais arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.   Maidir leis an gcinneadh chun faireachas a fhorchur, glacfaidh an Coimisiún é trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

3.   Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag na bearta faireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na sé mhí inar tugadh na bearta isteach.

Airteagal 11

1.   Ní fhéadfar táirgí atá faoi réamhfhaireachais an Aontais a chur i saorchúrsaíocht gan doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag na Ballstáit an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, is cuma cén áit ghnó san Aontas atá aige. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt.

2.   Déanfar an doiciméad faireacháin ar fhoirm a fhreagraíonn don mhúnla in Iarscríbhinn I.

Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt leis an gcinneadh faireachán a fhorchur, ní bheidh in iarratas an allmhaireora le haghaidh doiciméad faireachais ach an méid seo a leanas:

(a)

ainm iomlán agus seoladh an iarratasóra (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs agus aon uimhir lena sainaithníonn an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratasóir), móide uimhir chláraithe CBL an iarratasóra má tá sé faoi dhliteanas i leith CBL;

(b)

más iomchuí, ainm iomlán agus seoladh an dearbhóra nó aon ionadaí arna cheapadh ag an iarratasóir (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs);

(c)

tuairisc ar na hearraí lena dtabharfar:

an t-ainm trádála,

an cód ainmníochta comhcheangailte,

an áit tionscnaimh agus an áit choinsínithe;

(d)

an chainníocht arna dearbhú, i gcileagraim agus, más iomchuí, aon aonad breise eile (péirí, míreanna, etc.);

(e)

luach na n-earraí, CAL ag teorainn an Aontais, in euro;

(f)

an ráiteas seo a leanas, dátaithe agus sínithe ag an iarratasóir, agus ainm an iarratasóra litrithe i gceannlitreacha:

“Déanaimse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha fíor agus go bhfuilim á tabhairt de mheon macánta, agus go bhfuilim bunaithe san Aontas.”

3.   Beidh an doiciméad faireachais bailí ar fud an Aontais, beag beann ar Bhallstáit a eisiúna.

4.   I gcás cinnidh go sáraíonn an praghas aonaid ag a ndéantar an t-idirbheart an praghas a léirítear sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 % nó gur mó luach iomlán nó cainníocht na dtáirgí a thíolactar le haghaidh allmhairiú ná an luach nó an chainníocht a thugtar sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, ní choiscfidh an cinneadh sin scaoileadh an táirge atá i gceist le haghaidh saorchúrsaíochta. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis éisteacht a thabhairt do na tuairimí a thug an Coiste agus ag cur san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile de chuid na n-idirbheart lena mbaineann, céatadán difriúil a shocrú, nár cheart a bheith níos mó ná 10 % de ghnáth.

5.   Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe chun léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n-idirbheart lena mbaineann. Ní fhéadfar doiciméid faireachais den sórt sin a úsáid i gcás ar bith thar an tréimhse dhul in éag a bheidh leagtha síos ag an am céanna agus trí bhíthin an nós imeachta céanna lenar forchuireadh faireachas, agus cuirfidh siad san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile na n-idirbheart.

6.   Nuair a éilíonn an cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 10 é sin, ní mór áit tionscnaimh na dtáirgí atá faoi fhaireachán an Aontais a chruthú le deimhniú tionscnaimh. Ní dhéanfaidh an mhír seo difear d'fhorálacha eile a bhaineann le haon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird.

7.   I gcás ina bhfuil an táirge atá faoi fhaireachas an Aontais faoi réir beart cosanta réigiúnach i mBallstát, féadfar an t-údarú ar allmhairiú a dheonaigh an Ballstát sin a chur in ionad an doiciméid faireachais.

8.   Déanfar foirmeacha doiciméid faireachais agus sleachta astu a tharraingt i ndúblach, cóip amháin, í marcáilte “Cóip an tsealbhóra” agus a mbeidh an uimhir 1 uirthi, le heisiúint chuig an iarratasóir, agus an chóip eile, í marcáilte “Cóip don údarás inniúil” agus a mbeidh an uimhir 2 uirthi, lena choimeád ag an údarás a d'eisigh an doiciméad. Chun críocha riaracháin féadfaidh an t-údarás inniúil cóipeanna breise a chur le foirm 2.

9.   Déanfar foirmeacha a phriontáil ar pháipéar bán a bheidh saor ó laíon meicniúil, cóirithe don scríobh agus a mheánn idir 55 g agus 65 g in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Is é 210 mm × 297 mm an mhéid a bheidh iontu; is é 4,24 mm a bheidh mar spás idir na línte (an séú cuid d'orlach); beidh leagan amach na bhfoirmeacha le leanúint go beacht. Ar an dá thaobh de chóip Uimh. 1, is é sin an doiciméad faireachais féin, beidh de bhreis cúlra patrúin giolóise clóite buí chun aon fhalsú trí mheán meicniúil nó ceimiceach a nochtadh.

10.   Beidh na Ballstáit freagrach as na foirmeacha a chur á gcló. Is féidir na foirmeacha a phriontáil freisin ag clódóirí arna gceapadh ag an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe. Sa chás deireanach sin, caithfear tagairt don cheapachán ag an mBallstát a bheith le feiceáil ar gach foirm. Ar gach foirm beidh léiriú ar ainm agus seoladh an chlódóra nó marc chun an clódóir a aithint.

Airteagal 12

I gcás nár cuireadh allmhairiú táirge faoi réir fhaireachas an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún faireachas a thabhairt isteach, i gcomhréir le hAirteagal 17, i gcás allmhairithe isteach i réigiún amháin nó níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais agus i gcás na n-allmhairithe sin amháin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé faireachas a thionscnamh.

Airteagal 13

1.   Ní féidir táirgí atá faoi fhaireachas réigiúnach a chur i saorchúrsaíocht sa réigiún lena mbaineann ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh d'uasmhéid cúig lá oibre tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, beag beann ar a áit ghnó san Aontas. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt. Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe d'allmhairí léirscaoilte i leith na n-idirbheart lena mbaineann.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 11(2).

Airteagal 14

1.   Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún laistigh de na chéad deich lá de gach mí i gcás fhaireachán an Aontais nó faireacháin réigiúnaigh:

(a)

i gcás réamhfhaireachais, sonraí maidir le suimeanna airgid (arna ríomh ar bhonn na bpraghsanna CAL) agus cainníochtaí na n-earraí ar ina leith a eisíodh cáipéisí faireachais le linn na tréimhse roimhe sin;

(b)

i ngach cás, sonraí na n-allmhairí i rith na tréimhse roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

Miondealófar an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit de réir táirge agus de réir tíre.

Féadfar forálacha éagsúla a leagan síos ag an am céanna agus leis an nós imeachta céanna leis na socruithe faireachais.

2.   Má éilíonn cineál na dtáirgí nó imthosca speisialta sin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an tráthchláir do chur isteach na faisnéise a leasú.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

CAIBIDIL V

BEARTA COSANTA

Airteagal 15

1.   I gcás táirge a allmhairítear isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu agus/nó faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, chun leas an Aontais a chosaint, ag gníomhú dó arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

teorainn a chur le tréimhse bailíochta doiciméad faireachais laistigh de bhrí Airteagal 11 atá le heisiúint tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt seo;

(b)

na rialacha allmhairiúcháin a athrú i gcás an táirge i gceist trína scaoileadh chun saorchúrsaíochta a chur faoi réir an choinníll údarú allmhairithe a thaispeáint, agus beidh deonú an údaraithe sin faoi rialú na bhforálacha agus faoi réir na dteorainneacha a leagfaidh an Coimisiún síos.

Gabhfaidh éifeacht leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) láithreach.

2.   Maidir le baill EDT, ní ghlacfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 ach nuair a chomhlíontar an dá choinníoll atá sonraithe sa chéad fhomhír den mhír sin.

3.   Má tá cuóta á leagan síos, cuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

a inmhianaithe atá sé sreafaí traidisiúnta trádála a choinneáil, an oiread is féidir;

(b)

méid na n-earraí a onnmhairítear faoi chonarthaí arna dtabhairt i gcrích ar ghnáth-théarmaí agus ar ghnáthchoinníollacha roimh bheart cosanta de réir bhrí na Caibidle seo a theacht i bhfeidhm, i gcás inar thug an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na conarthaí sin;

(c)

an gá gan baint amach na haidhme dar leagadh síos an cuóta a chur i gcontúirt.

Ní shocrófar aon chuóta ag leibhéal faoi bhun an mheánleibhéil allmhairithe thar thréimhse na dtrí bliana ionadaíocha deiridh a bhfuil staitisticí ar fáil dóibh ach amháin más gá leibhéal eile chun mórdhíobháil a chosc nó a leigheas.

4.   I gcásanna ina leithdháiltear cuóta i measc na dtíortha is soláthróirí, féadfar leithdháileadh a chomhaontú leis na tíortha sin a bhfuil leas suntasach acu sa táirge lena mbaineann a sholáthar lena allmhairiú isteach san Aontas.

Ina éagmais sin, déanfar an cuóta a leithdháileadh i measc na dtíortha is soláthróirí i gcomhréir lena sciar d'allmhairiú na dtáirgí lena mbaineann isteach san Aontas le linn tréimhse ionadaíche roimhe sin, agus aird chuí á tabhairt ar aon chúinse sonrach a d'fhéadfadh sé gur chuir sé isteach nó go bhfuil sé ag cur isteach ar an trádáil sa táirge.

Mar sin féin, ar choinníoll nach dtugtar neamhaird ar a oibleagáid féachaint chuige go ndéantar comhairliúcháin faoi choimirce Choiste um Choimircí an EDT, féadfaidh an tAontas imeacht ón modh leithdháilte sin i gcás mórdhíobhála má tá méadú tagtha ar allmhairithe de thionscnamh tíre is soláthróir amháin nó níos mó ar céatadán d'ardú é an méadú sin atá díréireach i ndáil leis an méadú iomlán ar allmhairithe den táirge lena mbaineann thar thréimhse ionadaíoch roimhe sin.

5.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. I gcomhréir le hAirteagal 17, féadfaidh siad a bheith teoranta do réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

Mar sin féin, ní choiscfidh bearta den sórt sin scaoileadh táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta má tá na táirgí cheana féin ar a mbealach chuig an Aontas ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú agus go bhfuil, i gcás na dtáirgí sin nach bhféadtar, de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11, iad a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le doiciméad faireacháin a thabhairt ar aird, an doiciméad sin ag gabháil leo dáiríre.

6.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), nó i gcás éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 3(4), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón iarraidh sin a fháil.

Airteagal 16

Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus le téarmaí Chaibidil III, bearta iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur ar tháirge a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méadaithe chomh mór sin agus/nó ar théarmaí nó ar choinníollacha a bheidh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le díobháil thromchúiseach do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis.

Beidh feidhm ag Airteagal 15(2) go (5).

Airteagal 17

Más rud é gur léir, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 9 go príomha, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos chun bearta a ghlacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 15 á gcomhlíonadh i réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, tar éis réitigh mhalartacha a scrúdú, cur i bhfeidhm beart faireacháin nó cosanta a bheidh teoranta don réigiún/do na réigiúin lena mbaineann a údarú go heisceachtúil má mheasann sé gurb oiriúnaí bearta den sórt sin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an leibhéal sin ná bearta a bheith á gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

Ní mór na bearta sin a bheith sealadach agus a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 10 agus Airteagal 15.

Airteagal 18

Ní chuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm ar tháirge de thionscnamh tíre i mbéal forbartha atá ina bhall de chuid EDT a fhad is nach mó ná 3 % sciar na tíre sin d'allmhairithe an Aontais den táirge lena mbaineann, ar choinníoll nach mó ná 9 % d'allmhairithe iomlána an Aontais den táirge lena mbaineann an sciar atá ag tíortha i mbéal forbartha a bhfuil sciar níos lú ná 3 % d'allmhairithe acu.

Airteagal 19

1.   Ní mór fad beart cosanta a bheith teoranta don tréimhse ama is gá chun cosc nó leigheas a chur ar mhórdhíobháil agus chun a éascú do tháirgeoirí an Aontais dul in oiriúint don chor. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná ceithre bliana, lena n-áirítear fad aon bhirt shealadaigh.

2.   Féadfar an tréimhse tosaigh sin a shíneadh, ach amháin i gcás na mbeart dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 15(4) ar choinníoll go gcinnfear an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil gá fós leis an mbeart cosanta chun cosc nó leigheas a chur ar mhórdhíobháil;

(b)

go bhfuil fianaise ann go bhfuil táirgeoirí an Aontais ag dul in oiriúint don chor.

3.   Glacfar síntí i gcomhréir le téarmaí Chaibidil III agus ag baint úsáid as na nósanna imeachta céanna leis na bearta tosaigh. Ní bheidh beart a shínfear ar an dóigh sin níos sriantaí ná mar a bhí sé ag deireadh na tréimhse tosaigh.

4.   Más faide an beart ná aon bhliain amháin, ní mór an beart a léirscaoileadh de réir a chéile go tráthrialta le linn na tréimhse feidhme, lena n-áirítear an tréimhse sínte.

5.   Ní bheidh tréimhse iomlán birt cosanta, lena n-áirítear tréimhse feidhme aon bheart sealadach, an tréimhse tosaigh feidhme agus aon iarchur a dhéanfaí uirthi, níos faide ná ocht mbliana.

Airteagal 20

1.   Fad a bhíonn aon bheart faireachais nó cosanta i bhfeidhm, ar beart é a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus Caibidil V, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, agus tráth nach déanaí ná lárphointe na tréimhse ina gcuirfear na bearta i bhfeidhm ar feadh os cionn trí bliana, na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)

éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

(b)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ceart luas an léirscaoileadh a bhrostú agus an dóigh is iomchuí a ndéanfaí sin;

(c)

déanamh amach an bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin fós riachtanach.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon fhaireachas nó aon bheart cosanta dá dtagraítear in Airteagail 10, 12, 15, 16 agus 17 a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

I gcás cinnidh a bhaineann le beart faireachais réigiúnaigh, beidh feidhm aige ón séú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

1.   I gcás ina raibh allmhairithe de tháirge faoi réir birt cosanta cheana, ní chuirfear aon bheart eile i bhfeidhm ar an táirge sin go dtí go mbeidh tréimhse darb ionann fad agus an beart roimhe sin istigh. Ní bheidh tréimhse den sórt sin níos giorra ná dhá bhliain.

2.   D'ainneoin mhír 1, féadfar beart cosanta 180 lá nó níos lú a fhorchur arís i gcás táirge:

(a)

má tá bliain amháin ar a laghad caite ón dáta a tugadh beart cosanta isteach maidir le hallmhairiú an táirge sin; agus

(b)

murar cuireadh beart cosanta i bhfeidhm ar an táirge céanna níos mó ná dhá uair le linn na tréimhse cúig bliana díreach roimh an dáta a tugadh an beart isteach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh lena gcuirtear chun feidhme gníomhartha reachtacha, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), chun go bhféadfar cearta agus oibleagáidí an Aontais nó a Bhallstát uile a fheidhmiú agus a chomhall ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe iad sin a bhaineann le trádáil i dtráchtearraí.

Airteagal 23

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (9).

Airteagal 24

1.   Ní choiscfidh an Rialachán seo comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as rialacha speisialta atá i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha.

2.   Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo glacadh nó cur i bhfeidhm an méid seo a leanas ag na Ballstáit de:

(a)

toirmisc, srianta cainníochtúla ná bearta faireachais ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí, le cosaint sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí, le cosaint seod náisiúnta ina bhfuil luach ealaíne, staire nó seandálaíoch, nó maoin tionscail agus tráchtála a chosaint;

(b)

foirmiúlachtaí speisialta a bhaineann le malairt eachtrach;

(c)

foirmiúlachtaí a tugadh isteach de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta nó na foirmiúlachtaí atá beartaithe acu a dtabhairt isteach nó a leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

I gcás fíorphráinne, cuirfear na bearta nó na foirmiúlachtaí náisiúnta atá i gceist in iúl don Choimisiún gan mhoill tar éis a nglactha.

Airteagal 25

1.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta ná d'fheidhmiú forálacha riaracháin Aontais nó náisiúnta a dhíorthaítear astu ná d'fheidhmiú na n-ionstraimí sonracha is infheidhme maidir le hearraí ar toradh próiseála táirgí talmhaíochta iad. Beidh sé ag feidhmiú mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

2.   I gcás táirgí atá cumhdaithe ag na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 14 ná ag Airteagal 21 maidir leis táirgí sin a gceanglaítear ina leith i rialacha an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha ceadúnas nó doiciméad allmhairithe eile a thabhairt ar aird.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 15, 17 agus 20 go 24 maidir leis na táirgí sin a bhforálann rialacha den sórt sin go gcuirfí srianta cainníochtúla ar allmhairiú i bhfeidhm ina leith.

Airteagal 26

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 260/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 27

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 an 7 Iúil 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).


IARSCRÍBHINN I

Image 1

Téacs an íomhá

Image 2

Téacs an íomhá

Image 3

Téacs an íomhá

Image 4

Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN II

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE MAR AON LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle

(IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 19 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN III

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 260/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 19

Airteagal 18

Airteagal 20

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 23a

Airteagal 23

Airteagail 24 go 27

Airteagail 24 go 27

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III


27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

34


RIALACHÁN (AE) 2015/479 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 (3) a leasú go suntasach (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

(3)

Ba cheart comhrialacha a leagan síos le haghaidh onnmhairithe ón Aontas.

(4)

Tá onnmhairí nach mór léirscaoilte go hiomlán sna Ballstáit go léir. Is féidir, dá bhrí sin, glacadh leis mar phrionsabal de chuid an Aontais nach bhfuil onnmhairithe go tríú tíortha faoi réir aon sriain chainníochtúil, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus gan dochar do bhearta den sórt sin a d'fhéadfadh Ballstáit a ghlacadh i gcomhréir leis an gConradh.

(5)

Ba cheart a chur in iúl don Choimisiún más rud é go measann Ballstát go bhféadfadh bearta cosanta a bheith riachtanach mar thoradh ar fhorbairtí neamhghnácha ar an margadh.

(6)

Ní mór scrúdú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, go háirithe ar bhonn aon fhaisnéise den sórt sin, ar théarmaí agus coinníollacha onnmhairithe, ar threochtaí onnmhairithe, ar ghnéithe éagsúla na staide eacnamaíche agus tráchtála, agus ar na bearta a bheidh le glacadh, más ann dóibh.

(7)

D'fhéadfadh an scrúdú sin a léiriú gur cheart don Aontas faireachas a dhéanamh ar onnmhairí áirithe, nó gur cheart bearta cosanta eatramhacha a thabhairt isteach mar chosaint in éadan cleachtas nach raibh súil leo.

(8)

Aon bhearta cosanta ar gá iad chun leasa an Aontais, ba cheart iad a ghlacadh agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana.

(9)

I gcásanna lena mbaineann deacrachtaí soláthair iarbhír nó féideartha, is gá a údarú do na Ballstáit atá faoi cheangal ag gealltanais idirnáisiúnta agus iad ag bunú córais chun táirgí ola a leithdháileadh idir páirtithe conarthacha, cloí leis na hoibleagáidí a éiríonn maidir le tríú tíortha, gan dochar d'fhorálacha an Aontais arna nglacadh chun na críche céanna. Ba cheart go mbeadh an t-údarú sin i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta iomchuí de bhun gealltanas arna ndéanamh ag an Aontas nó ag na Ballstáit uile.

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach táirge, cibé a mbaineadh sé le tionsclaíocht nó le talmhaíocht. Ba cheart dá fheidhmiú a bheith ina chomhlánú ar fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta, agus le feidhmiú na n-ionstraimí speisialta arna nglacadh faoi Airteagal 352 den Chonradh maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte. Ní mór aon fhorluí idir forálacha an Rialacháin seo agus forálacha na n-ionstraimí sin, go háirithe sna clásail chosanta, a sheachaint, áfach.

(11)

Éilíonn cur chun feidhme an Rialacháin seo dálaí aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

BUNPHRIONSABAL

Airteagal 1

Beidh onnmhairiú táirgí ón Aontas go dtí tríú tíortha saor, is é sin le rá, ní bheidh siad faoi réir aon sriain chainníochtúil, cé is moite de na srianta sin a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN AONTAIS

Airteagal 2

Más rud é, mar thoradh ar aon fhorbairtí neamhghnácha ar an margadh, go measann Ballstát go bhféadfadh bearta cosanta de réir bhrí Chaibidil III a bheith de dhíth, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún, a chuirfidh na Ballstáit eile ar an eolas.

Airteagal 3

1.   Beidh an Coiste um Choimircí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 4

Chun críche measúnú a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch agus tráchtála maidir le táirge áirithe, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit sonraí staidrimh a sholáthar maidir le treochtaí sa mhargadh don táirge sin agus, chun na críche sin, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus le nós imeachta a shonróidh an Coimisiún, faireachas a fheidhmiú ar onnmhairí táirgí den sórt sin. Déanfaidh na Ballstáit cibé céimeanna is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí ón gCoimisiún agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig an gCoimisiún na sonraí a iarrtar. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas.

CAIBIDIL III

BEARTA COSANTA

Airteagal 5

1.   I dtreo is go seachnófar cás géibheannach mar gheall ar easpa táirgí riachtanacha, nó d'fhonn cás den sórt sin a leigheas, agus nuair is gá idirghabháil a dhéanamh láithreach chun leasa an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, agus ag cur cineál na dtáirgí agus gnéithe áirithe eile na n-idirbheart i dtrácht san áireamh, féadfaidh sé onnmhairiú táirge a chur faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird, agus rialófar deonú an údaraithe sin leis na forálacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2), nó i gcásanna éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 3(3).

2.   Tabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Ballstáit faoi na bearta a glacadh. Beidh éifeacht ag bearta den sórt sin láithreach.

3.   Féadfar na bearta a theorannú d'onnmhairithe go tíortha áirithe nó d'onnmhairí ó réigiúin áirithe san Aontas. Ní dhéanfaidh siad difear do tháirgí atá ar an tslí cheana féin chuig teorainn an Aontais.

4.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 1, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ó iarraidh den sórt sin a fháil.

5.   I gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis gníomhú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cinnfidh sé, tráth nach déanaí ná 12 lá oibre tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt a bheidh glactha aige, ar cheart bearta iomchuí a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 6. Más rud é, ag deireadh na sé seachtaine tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt, nach bhfuil aon bheart glactha, measfar an beart atá i gceist a bheith cúlghairthe.

Airteagal 6

1.   Nuair is gá sin chun leasa an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2):

(a)

chun cosc a chur ar chás géibheannach teacht chun cinn mar gheall ar easpa táirgí riachtanacha, nó chun cás den sórt sin a leigheas;

(b)

chun a cheadú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta arna dtabhairt ag an Aontas nó na Ballstáit uile, go háirithe na cinn a bhaineann le trádáil i dtáirgí príomhúla.

2.   Féadfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 a theorannú d'onnmhairithe go tíortha áirithe nó d'onnmhairí ó réigiúin áirithe de chuid an Aontas. Ní dhéanfaidh siad difear do tháirgí atá ar an tslí cheana féin chuig teorainn an Aontais.

3.   Nuair a thabharfar isteach srianta cainníochtúla ar onnmhairí, cuirfear an méid seo go háirithe san áireamh:

(a)

méid na n-earraí a onnmhairítear faoi chonarthaí arna dtabhairt i gcrích ar ghnáth-théarmaí agus ar ghnáthchoinníollacha roimh bheart cosanta de réir bhrí na Caibidle seo a theacht i bhfeidhm, beart cosanta a chuir an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún i gcomhréir lena dhlíthe náisiúnta; agus

(b)

an gá gan baint amach na haidhme dar tugadh srianta cainníochtúla isteach a chur i gcontúirt.

Airteagal 7

1.   Fad a bhíonn aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)

éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

(b)

a fhionnadh an gá an beart a chur i bhfeidhm fós.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá an beart a chur i bhfeidhm fós, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 5 nó in Airteagal 6 a chúlghairm nó a leasú, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 8

Maidir leis na tairgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go dtí go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta iomchuí de bhun na ngealltanas idirnáisiúnta a rinne an tAontas nó na Ballstáit uile, údarófar do na Ballstáit, gan dochar do rialacha arna nglacadh ag an Aontas sa réimse sin, an córas comhroinnte práinneach a chur chun feidhme lena dtugtar isteach oibleagáid maidir le leithdháileadh i gcás tríú tíortha dá bhforáiltear i ngealltanais idirnáisiúnta a bheidh déanta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi na bearta a bhfuil sé de rún acu a ghlacadh. Cuirfidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh in iúl don Chomhairle agus do na Ballstáit eile.

Airteagal 9

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7).

Airteagal 10

Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo Ballstát ó shrianta cainníochtúla a ghlacadh nó a fhorghníomhú ar onnmhairí ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó le slándáil an phobail, ná ó cosaint sláinte agus beatha daoine nó ainmhithe agus plandaí, seoda náisiúnta atá luachmhar nó a mbaineann luach ealaíne, staire nó seandálaíoch leo, nó maoin tionscail agus trádála.

Airteagal 11

Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta, agus d'fheidhmiú na n-ionstraimí speisialta arna nglacadh faoi Airteagal 352 den Chonradh do tháirgí talmhaíochta próiseáilte. Feidhmeoidh sé mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

I gcás táirgí atá cumhdaithe ag ionstraimí den sórt sin, ámh, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5 den Rialachán seo maidir leis na táirgí sin a ndéanann rialacha an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha foráil i dtaobh srianta cainníochtúla ar onnmhairithe a chur i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis na táirgí sin a n-éilíonn rialacha den sórt sin ceadúnas nó aon doiciméad eile onnmhairiúcháin i ndáil leo.

Airteagal 12

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 13

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 291, 7.11.2009, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (féach leathanach 16 san Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).


IARSCRÍBHINN I

Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 8

Cód AC

Tuairisc

2709 00

Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, amh

2710

Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, seachas olaí atá amh; ullmhóidí nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile, ina bhfuil 70 % nó níos mó d'olaí peitriliam nó d'olaí as mianraí biotúmanacha de réir meáchain, nuair is iad na holaí sin is bun-chomhábhar do na hullmhóidí; olaí dramhaíola:

2710 11 11 to 2710 11 90

Olaí éadroma

2710 19 11 to 2710 19 29

Meánolaí

2710 19 31 to 2710 19 99

Olaí troma, ach amháin olaí bealaithe, a úsáidtear i gcloig agus in uaireadóirí agus a leithéidí, arna gcoinneáil i ngabhdáin bheaga nach bhfuil níos mó ná 250g glan d'ola iontu

2711

Gáis pheitriliam agus hidreacarbóin ghásacha eile:

Leachtaithe:

2711 12

– –

Própán:

– – –

Própán d'íonacht nach lú ná 99 %

– – –

Eile

2711 13

– –

Bútáin

I staid ghásach:

ex 2711 29 00

– –

Eile:

– – –

Própán

– – –

Bútáin


IARSCRÍBHINN II

Rialachán Aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle,

(IO L 291, 7.11.2009, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

An Iarscríbhinn, Pointe 21 sin amháin


IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 9a

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III


Ceartúchán

27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

41


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 334/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, a mhéid a bhaineann le coinníollacha áirithe le haghaidh rochtain ar an margadh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 103 Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Aibreán 2014 )

Leathanach 22, aithris (3):

In ionad:

“(3)   I bpointe (e) d'Airteagal 19(1) agus in Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart a shoiléiriú gur teorainn ascnaimh shonrach nó teorainneacha ascnaimh sonracha don inneachar iarmhair in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia iad na teorainneacha a cheanglaítear a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).”

,

Léitear:

“(3)   I bpointe (e) d'Airteagal 19(1) agus in Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart a shoiléiriú gur teorainneacha ascnaimh sonracha nó teorainneacha don inneachar iarmhair in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia iad na teorainneacha a cheanglaítear a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).”

.

27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 158 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Bealtaine 2014 )

Leathanach 86, i mír 1(b) d'Airteagal 5:

in ionad:

“(b)

sa bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (i) maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointe (e) den dara fomhír.”

léitear:

“(b)

sa bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointe (g) den dara fomhír.”