ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
29 Bealtaine 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 542/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha atá le cur i bhfeidhm i dtaca le Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus le Cúirt Bhreithiúnais Benelux

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 543/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL)

5

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

7

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 545/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal ( 2 )

10

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 546/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn

15

 

*

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 547/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

18

 


 

(1)   Faoin tagairt L 163 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 542/2014 ÓPHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha atá le cur i bhfeidhm i dtaca le Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus le Cúirt Bhreithiúnais Benelux

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a), pointe (c) agus pointe (e) d’Airteagal (81)(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 19 Feabhra 2013, shínigh na tíortha seo a leanas an Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní (3) (‘Comhaontú CAP’): Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, ArdDiúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Le Comhaontú CAP, foráiltear dá theacht i bhfeidhm tráth nach luaithe ná an chéad lá den cheathrú mí tar éis theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i ndáil leis an ngaol atá ag an Rialachán sin le Comhaontú CAP.

(2)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, shínigh Ríocht na Beilge, ArdDiúcacht Lucsamburg agus Ríocht na hÍsiltíre, ar páirtithe iad i gConradh an 31 Márta 1965 maidir le bunú agus reacht Chúirt Bhreithiúnais Benelux (“Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux”), Prótacal lena leasaítear an Conradh sin. Leis an bPrótacal sin, rinneadh indéanta dlínse a aistriú chuig Cúirt Bhreithiúnais Benelux in ábhair shonracha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(3)

Tá sé riachtanach rialáil a dhéanamh ar an ngaol atá ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 le Comhaontú CAP agus le Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux trí bhíthin leasuithe ar an Rialachán sin.

(4)

Ba cheart a mheas gur cúirteanna de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus Cúirt Bhreithiúnais Benelux ionas go n-áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht do chosantóirí arbh fhéidir iad a agairt sa dá chúirt sin ag suíomh atá i mBallstát seachas an ceann a ainmnítear le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(5)

Tá na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 dá bhforáiltear sa Rialachán seo i dtaca le Cúirt Aontaithe na bPaitinní beartaithe chun dlínse idirnáisiúnta na Cúirte sin a bhunú agus ní dhéanann siad difear do leithdháileadh inmheánach na n-imeachtaí ar ranna na Cúirte sin ná do na socruithe a leagtar síos i gComhaontú CAP maidir le feidhmiú dlínse, lena n-áirítear dlínse eisiach, le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú sin.

(6)

Ós rud é gur cúirteanna iad is coiteann do roinnt Ballstát, ní féidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní ná le Cúirt Bhreithiúnais Benelux, ní hamhail cúirt Bhallstáit amháin, dlínse a fheidhmiú ar bhonn an dlí náisiúnta i leith cosantóirí nach bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát. Chun ceadú don dá Chúirt sin dlínse a fheidhmiú i leith cosantóirí den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 freisin maidir le hábhair a thagann faoi dhlínse Chúirt Aontaithe na bPaitinní agus Chúirt Bhreithiúnais Benelux, faoi seach, maidir le cosantóirí a bhfuil sainchónaí orthu i dtríú Stáit. Áirithítear le rialacha dlínse Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 atá ann faoi láthair go bhfuil dlúthnasc idir na himeachtaí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith agus críoch na mBallstát. Is iomchuí dá bhrí sin na rialacha sin a leathnú chuig imeachtaí i gcoinne gach cosantóra, gan féachaint dá sainchónaí. Agus rialacha dlínse Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 á gcur i bhfeidhm ag Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus ag Cúirt Bhreithiúnais Benelux (dá ngairtear “cúirt choiteann” go leithleach anseo feasta), níor cheart ach na rialacha sin is iomchuí don ábhar ar tugadh dlínse dóibh ina leith a chur i bhfeidhm.

(7)

Ba cheart go mbeadh cúirt choiteann in ann díospóidí lena mbaineann cosantóirí ó thríú Stáit a éisteacht ar bhonn rialach coimhdí dlínse in imeachtaí a bhaineann le sárú ar phaitinn Eorpach as a eascraíonn dochar laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Ba cheart an dlínse choimhdeach sin a fheidhmiú i gcás ina bhfuil maoin ar leis an cosantóir í suite in aon Bhallstát ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann agus i gcás ina bhfuil nasc leordhóthanach ag an díospóid atá i gceist le haon Bhallstát den sórt sin, mar shampla, toisc go bhfuil sainchónaí ar an éilitheoir ansin nó go bhfuil an fhianaise a bhaineann leis an díospóid ar fáil ansin. Le linn di a dlínse a bhunú, ba cheart go bhféachfadh an chúirt choiteann do luach na maoine atá i gceist, ar luach é nár chearta bheith diomaibhseach agus ar luach é ba cheart bheith amhail is go mbeadh sé indéanta an breithiúnas a fhorghníomhú, ar a laghad go páirteach, sna Ballstáit ar páirtithe iad san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann.

(8)

Maidir le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i dtaobh lis pendens agus caingne gaolmhara, arb é is aidhm dóibh imeachtaí comhthreomhara agus breithiúnais atá bunoscionn lena chéile a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith leo nuair a thugtar imeachtaí i gcúirt choiteann agus i gcúirt i mBallstát a bhfuil feidhm ag Comhaontú CAP nó Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux, de réir mar a bheidh, ann.

(9)

Maidir le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i dtaobh lis pendens agus caingne gaolmhara, ba cheart go mbeadh feidhm acu sa tsli chéanna, i gcás, le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear i gcomhaontú CAP, go dtugtar imeachtaí a bhaineann le cineálacha áirithe díospóidí i gCúirt Aontaithe na bPaitinní, ar thaobh amháin, agus i gcúirt náisiúnta Bhallstáit ar páirtí é i gComhaontú CAP, ar an taobh eile.

(10)

Ba cheart breithiúnais a thugann Cúirt Aontaithe na bPaitinní nó Cúirt Bhreithiúnais Benelux a aithint agus a fhorghníomhú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i mBallstát nach páirtí é i gComhaontú CAP nó i gConradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux, de réir mar a bheidh.

(11)

Ba cheart breithiúnais a thugann cúirteanna Bhallstáit, nach páirtí i gComhaontú CAP nó i gConradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux, de réir mar a bheidh, a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a leasú dá réir sin.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach nuair atá an Rialachán seo á ghlacadh agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Danmhairg na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a chur i bhfeidhm a leagtar síos leis an Rialachán seo de bhun Airteagal 3 de Chomhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCaibidil VII de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 71a

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur cúirt Bhallstáit í cúirt is coiteann do roinnt Ballstát mar a shonraítear i mír 2 í (“cúirt choiteann”) nuair a fheidhmíonn cúirt choiteann den sórt sin, de bhun na hionstraime lena mbunaítear í, dlínse in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh gach cúirt de na cúirteanna seo a leanas ina cúirt choiteann:

(a)

Cúirt Aontaithe na bPaitinní a bhunaítear leis an gComhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní a síníodh an 19 Feabhra 2013 (“Comhaontú CAP”); agus

(b)

Cúirt Bhreithiúnais Benelux a bhunaítear le Conradh an 31 Márta 1965 maidir le bunú agus reacht Chúirt Bhreithiúnais Benelux (“Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux”).

Airteagal 71b

Cinnfear dlínse cúirte coitinne mar a leanas:

(1)

beidh dlínse ag cúirt choiteann i gcás ina mbeadh dlínse ag cúirteanna Ballstáit, ar Ballstát é ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann, in ábhar a rialaítear leis an ionstraim sin, faoin Rialachán seo;

(2)

i gcás nach bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir i mBallstát, agus nach dtugtar dlínse ina leith ar shlí eile leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Caibidil II de réir mar is iomchuí gan féachaint do shainchónaí an chosantóra.

Féadfar iarratas a chur isteach chuig cúirt choiteann le haghaidh beart sealadach, lena n-áirítear bearta cosanta, fiú má tá dlínse ag cúirteanna tríú Stáit maidir le substaint an ábhair;

(3)

i gcás ina bhfuil dlínse ag cúirt choiteann i leith cosantóra faoi phointe 2 i ndíospóid a bhaineann le sárú ar phaitinn Eorpach a eascraíonn dochar as laistigh den Aontas, féadfaidh an chúirt sin dlínse a fheidhmiú freisin maidir le dochar a eascraíonn lasmuigh den Aontas as sárú den chineál sin.

Ní bheifear in ann an dlínse sin a bhunú ach amháin má tá maoin ar leis an cosantóir í suite in aon Bhallstát ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann agus má tá nasc leordhóthanach ag an díospóid le haon Bhallstát den sórt sin.

Airteagal 71c

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 29 go hAirteagal 32 i gcás ina dtugtar imeachtaí i gcúirt choiteann agus i gcúirt Ballstáit nach páirtí san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann é.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 29 go hAirteagal 32 i gcás, le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 83 de Chomhaontú CAP, go dtugtar imeachtaí i gCúirt Aontaithe na bPaitinní agus i gcúirt Ballstáit ar páirtí i gComhaontú CAP é.

Airteagal 71d

Beidh feidhm an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas a aithint agus a fhorghníomhú:

(a)

breithiúnais a thugann cúirt choiteann atá le haithint agus le forghníomhú i mBallstát nach páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann; agus

(b)

breithiúnais a thugann cúirteanna Ballstáit ar Ballstát é nach páirtí san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann atá le haithint agus le forghníomhú i mBallstát ar páirtí é san ionstraim sin.

I gcás ina mbeidh aithint agus forghníomhú breithiúnais a thug cúirt choiteann á lorg i mBallstát ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann, áfach, beidh feidhm ag aon rialacha de chuid na hionstraime sin maidir le haithint agus le forghníomhú in ionad rialacha an Rialacháin seo.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(3)  IO C 175, 20.6.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 an 12 Nollaig 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(5)  IO L 299, 16.11.2005, lch. 62.


29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RIALACHÁN (AE) Uimh. 543/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don tionscnamh ón mBeilg, ón mBulgáir, ó Phoblacht na Seice, ón nGearmáin, ón Eastóin, ón nGréig, ón Spáinn, ón bhFrainc, ón gCróit, ón Iodáil, ón gCipir, ó Laitvia, ón Liotuáin, ó Lucsamburg, ón Ungáir, ó Mhálta, ón Ísiltír, ón Ostair, ón bPolainn, ón bPortaingéil, ón Rómáin, ón tSlóivéin, ón tSlóvaic, ón bhFionlainn agus ón tSualainn,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 4 de Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle (2), is in Bramshill, an Ríocht Aontaithe, atá a shuíomh ag CEPOL.

(2)

D'ainneoin Airteagal 4 de Chinneadh 2005/681/CGB, trí litreacha dar dáta an 12 Nollaig 2012 agus an 8 Feabhra 2013, chuir an Ríocht Aontaithe CEPOL ar an eolas gur chinn sí go haontaobhach nár mhian léi a thuilleadh an suíomh a óstú ina críoch. I dteannta óstáil a dhéanamh ar CEPOL, is in Bramshill freisin atá suíomh náisiúnta oiliúna na bpóilíní de chuid na Gníomhaireachta Náisiúnta um Fheabhsú Póilíneachta ar chinn an Ríocht Aontaithe go ngabhfadh Coláiste Póilíneachta nua a lonnófar in áit eile a hionad. Chinn an Ríocht Aontaithe dá bhrí sin suíomh oiliúna náisiúnta na bpóilíní in Bramshill a dhúnadh agus an suíomh a dhíol ag cur in iúl go raibh na costais ghaolmhara ard agus nár tháinig aon samhail mhalartach ghnó chun cinn chun an suíomh a reáchtáil. I bhfianaise oibleagáid chomhar dílis an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe i bhfianaise na n-oibleagáidí a dhíorthaíonn as Airteagal 4 CAE, ba cheart go gcabhródh an tAontas agus a Bhallstáit le chéile go frithpháirteach ó thaobh gníomhaíochtaí oibríochtúla CEPOL a choinneáil ar bun. Chuige sin, ceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe go háirithe aistriú rianúil CEPOL chuig an suíomh nua a áirithiú, gan gnáthbhuiséad CEPOL a chur i mbaol.

(3)

I bhfianaise an chomhaontaithe de thoil a chéile a tháinig ionadaithe Rialtais na mBallstát air an 8 Deireadh Fómhair 2013 agus i bhfianaise an ghá stádas CEPOL mar ghníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a choinneáil ar bun, ba cheart go ndéanfaí socruithe ar dá réir a dhéanfar CEPOL a óstáil i mBúdaipeist a luaithe agus a imíonn sé ó Bramshill. Ba cheart go ndéanfaí na socruithe sin a ionchorprú i gCinneadh 2005/681/CGB.

(4)

I bhfianaise an chreata dhlíthiúil a tugadh isteach le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tá sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar Chinneadh 2005/681/CGB, agus stádas CEPOL mar ghníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a áirithiú ag an am céanna.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2005/681/CGB a leasú dá réir.

(6)

Sula dtosóidh CEPOL a chéim oibríochtúil sa suíomh nua, ba cheart go dtabharfaí comhaontú ceanncheathrún i gcrích de bhun na nósanna imeachta bunaithe.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach nuair atá an Rialachán seo á ghlacadh agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

I bhfianaise an ghá phráinnigh atá le suíomh nua CEPOL a bhunú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Suíomh

Is i mBúdaipeist, an Ungáir, a bheidh suíomh CEPOL.";

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 21a

Athbhreithniú

Faoin 30 Samhain 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena éifeachtaí atá an Cinneadh seo, agus an gá le stádas CEPOL mar ghníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a áirithiú á chur san áireamh. Más iomchuí, beidh togra reachtach chun an Cinneadh seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin, tar éis anailís chuimsitheach ar chostais/shochair agus measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh.".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Méan Fómhair 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(2)  Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/820/CGB (IO L 256, 1.10.2005, lch. 63).


29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


RIALACHÁN (AE) Uimh. 544/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (3) (“an Coinbhinsiún”).

(2)

Ag a 16ú Cruinniú Speisialta in 2008, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“ICCAT”), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 08-05 chun plean téarnaimh nua do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú, a chuirfí in ionad an iarphlean téarnaimh a glacadh in 2006. Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (4) chun na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

(3)

Ag a 17ú Cruinniú Speisialta in 2010, ghlac ICCAT Moladh 10-04 lena leasaítear an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 le Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe leasaithe sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

(4)

Ag a 18ú Cruinniú Speisialta in 2012, ghlac ICCAT Moladh 12-03 lena leasaítear tuilleadh an plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. Chun na séasúir iascaireachta a chur in oiriúint níos fearr do ghníomhaíochtaí na gcabhlach, foráiltear do mhodhnú ar na séasúir iascaireachta i Moladh 12-03, agus sainítear anois iad mar shéasúir oscailte, seachas séasúir dhúnta mar a sainíodh iad sna Moltaí roimhe sin ó ICCAT. Ina theannta sin, tá modhnú déanta ar na dátaí is féidir le soithí peas-saighneoireachta, báid bhaoite agus báid trálála iascaireacht a dhéanamh. Ar deireadh, ionas nach mbeadh aon neamhchinnteacht ann i leith na dtrealamh nach bhfuil faoi réir aon rialacha sonracha maidir le séasúir iascaireachta, ba ghá foráil a áireamh a thabharfadh cead go sainráiteach do gach trealamh eile, cé is moite de gach cineál sruthlíonta, iascaireacht a dhéanamh ó cheann ceann na bliana. Féadfaidh ICCAT na tréimhsí agus na dátaí do na séasúir iascaireachta san Atlantach a athbhreithniú in 2015, ar chomhairle ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh de ICCAT (SCRS).

(5)

Ag a 23ú Gnáthchruinniú i Samhain 2013, ghlac ICCAT Moladh 13-08 lena gcomhlánaítear Moladh 12-03, d’fhonn go mbeifear in ann na séasúir iascaireachta a mhodhnú do bháid bhaoite agus do bháid trálála san Atlantach Thoir nach mbíonn tionchar acu ar chosaint láithreacha sceite an tuinnín ghoirm sa Mheánmhuir. De réir Mholadh ICCAT sin, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha agus na Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha, Eintitis Chomhoibritheacha Neamhchonarthacha agus Eintitis Chomhoibritheacha Neamhchonarthacha Iascaireachta dáta tosaigh difriúil a shonrú do na séasúir iascaireachta dá mbáid bhaoite agus dá mbáid trálála atá ag oibriú san Atlantach Thoir, agus fad iomlán an tséasúir oscailte á choinneáil do na hiascaigh sin. Sa Mholadh ICCAT sin, leagtar síos rialacha freisin le haghaidh ceamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean. Is é an cuspóir go n-athbhreithneodh SCRS na sonraíochtaí teicniúla ar fad, lena n-áirítear an déine samplála, an modh samplála, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) ag a chruinniú in 2014, agus go modhnófadh ICCAT iad, dá mba gá sin, ag a chruinniú in 2014 ar bhonn mholtaí ó SCRS.

(6)

D’fhonn Moladh 12-03 ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais chun caomhnú éifeachtach stoc an tuinnín ghoirm a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i leith na séasúr iascaireachta lena mbaineann, agus ar deireadh chun deis a thabhairt do Bhallstáit a bpleananna iascaireachta, cumais agus cigireachta a shainiú mar aon lena n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, agus d’fhonn Moladh 13-08 ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais i ndáil le córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean agus go bhféadfaí dáta tosaigh difriúil a shonrú do na séasúir iascaireachta do bháid bhaoite agus do bháid trálála san Atlantach Thoir, is gá forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a mhodhnú a luaithe agus is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Séasúir iascaireachta

1.   Ceadófar do shoithí gábhála spiléireachta peiligeacha mórscála atá níos faide ná 24 m tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine, cé is moite den limistéar siar ó 10°I agus ó thuaidh ó 42°T, áit ina gceadófar iascaireacht den sórt sin le linn na tréimhse ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Eanáir.

2.   Ceadófar peas-saighneoireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh.

3.   Ceadófar do bháid bhaoite agus do bháid trálála tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

D’ainneoin na chéad fomhíre, do na blianta 2014 agus 2015, agus ós rud é nach ndéantar aon difear do chosaint na láithreacha sceite, féadfaidh na Ballstáit a shonrú, ina gcuid pleananna náisiúnta bliantúla iascaireachta, dáta tosaigh difriúil do bháid bhaoite agus do bháid trálála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá ag oibriú san Atlantach Thoir, ar choinníoll go leanann fad iomlán an tséasúir oscailte do na hiascaigh sin de bheith ag comhlíonadh na chéad fhomhíre.

Sa phlean iascaireachta Aontais atá le cur faoi bhráid ICCAT faoin 15 Feabhra de gach bliain, sonrófar cibé acu a rinneadh dátaí tosaigh na n-iascach sin a mhodhnú nó nach ndearna, agus luafar comhordanáidí na limistéar lena mbaineann.

4.   Ceadófar do thrálaeir pheiligeacha tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

5.   Ceadófar iascaireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar chaitheamh aimsire nó mar spórt le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

6.   Ceadófar iascaireacht an tuinnín ghoirm le trealaimh, seachas iadsan dá dtagraítear i mír 1 go mír 5, ó cheann ceann na bliana. D’ainneoin sin, toirmeascfar iascaireacht tuinnín ghoirm le gach cineál sruthlíonta.”;

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 24a

Ceamaraí steiréascópacha a úsáid le linn oibríochtaí cur i gcaighean

Déanfar úsáid ceamaraí steiréascópacha i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ní lú ná 20 % de líon na n-iasc atá á gcur i gcaighean a bheidh déine samplála na n-iasc beo; nuair is féidir sin ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, déanfar sampláil na n-iasc beo ar bhealach seicheamhach, trí cheann as gach cúig eiseamal a thomhas; beidh ina leithéid de shampla den sórt sin éisc a thomhaistear ag fad idir 2 m agus 8 m ón gceamara;

(b)

socrófar toisí an gheata aistrithe idir an caighean deontóra agus an caighean faighteach ar uasleithead 10 m agus uasairde 10 m;

(c)

nuair a bheidh dáileadh ilmhódach i gceist le tomhais faid na n-éisc (dhá cheann nó níos mó de cohóirt ar mhéideanna difriúla), beifear in ann níos mó ná algartam coinbhéartachta amháin a úsáid don t-aon oibríocht amháin cur i gcaighean; úsáidfear na halgartaim is déanaí a bhfuil bunaithe ag an mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh de ICCAT chun fad go gabhal an eireabaill a choinbhéartú i meáchan iomlán, de réir catagóir méide na n-éisc a tomhaiseadh le linn na hoibríochta cur i gcaighean;

(d)

déanfar tomhais steiréascópacha an fhaid a bhailíochtú roimh gach oibríocht cur i gcaighean trí bharra scála a úsáid ag fad idir 2 m agus 8 m;

(e)

nuair a chuirfear torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl, sonrófar leis an bhfaisnéis an lamháil earráide a ghabhann le sonraíochtaí teicniúla an chórais cheamara steiréascópaigh, lamháil nach mbeidh níos mó ná +/- 5 %.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 157.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(3)  Cinneadh 86/238/CCE ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach de Chomhdháil Lánchumhachtaigh na Stáit is Páirtithe don Choinbhinsiún arna shíneadh i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1559/2007 (IO L 96, 15.4.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 157, 16.6.2012, lch. 1).


29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

10


RIALACHÁN (AE) Uimh. 545/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chun an t-idirdhealú a chomhrac go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun féachaint leis go ndéantar Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, agus chun lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, amhail príomhspriocanna Eoraip 2020, tá gá le staidreamh inchomparáide, iontaofa agus oibiachtúil maidir le cás na ndaoine atá fostaithe, cás na ndaoine atá dífhostaithe agus cás na ndaoine sin atá lasmuigh de mhargadh an tsaothair, agus ní mór ag an am céanna rúndacht an staidrimh, an phríobháideacht agus cosaint sonraí pearsanta a urramú.

(2)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm CFAE, caithfear na cumhachtaí a tugadh don Choimisiún a ailíniú le hAirteagal 290 den Chonradh sin agus leis an gcreat nua dlíthiúil a d’eascair as teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Ghabh an Coimisiún air féin, faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos in CFAE.

(4)

Tagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 577/98 (3), don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhrí sin ba cheart athbhreithniú a dhéanamh air i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos in CFAE.

(5)

Chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla, go háirithe, a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le liosta athróga na suirbhéanna a choigeartú, mar a shonraítear faoi chuimsiú an liosta de 14 ghrúpa de shaintréithe suirbhéanna dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 577/98, chun clár trí bliana a bhunú ina mbeidh modúil ad hoc, agus ina sonrófar, i gcás gach modúil ad hoc, an t-ábhar, liosta de réimse na faisnéise speisialaithe agus an cur síos air (“fomhodúil ad hoc”) agus an tréimhse tagartha. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn an liosta d’athróga struchtúracha a ghlacadh mar aon le minicíocht an bhailithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(6)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(7)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 577/98 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(8)

I bhfianaise thábhacht mhodúil ad hoc an tSuirbhé ar an bhFórsa Saothair do bheartais an Aontais, tá ranníocaíocht ón Aontas i leith cur chun feidhme na modúl sin a mhaoiniú le bronnadh i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le comhroinnt réasúnta an ualaigh airgeadais idir buiséad an Aontais agus buiséad na mBallstát. Ba cheart deontais a chur ar fáil, gan gairmeacha tograí, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart na deontais a bhronnadh ar na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), faoi réir chur chun feidhme iarbhír na modúl ad hoc. Féadfaidh deontais arna soláthar chun suirbhéanna ar an bhfórsa saothair a dhéanamh a bheith i bhfoirm cnapshuimeanna. Sa chomhthéacs seo, ba cheart úsáid na gcnapshuimeanna a bheith ar cheann de na príomh-mhodhanna chun bainistiú na ndeontas a shimpliú.

(9)

De mhaolú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus i bhfianaise an mhéadaithe ar an ualach a bhaineann leis an bhfaisnéis bhreise atá le bailiú do mhodúil ad hoc an tSuirbhé ar an bhFórsa Saothair, faisnéis a rannchuideoidh leis na táscairí a sholáthar do spriocanna beartais an Aontais, is gá costais tuarastail phearsanra na gcóras riaracháin náisiúnta a chómhaoiniú fiú dá mbeadh an t-údarás poiblí ábhartha tar éis tabhairt faoin mbeart a dtacaítear leis gan deontas ón Aontas, mar aon le costais ábhartha eile atá incháilithe a chómhaoiniú.

(10)

Maidir le cumhachtaí a tharchur chuig an gCoimisiún, tá an Rialachán seo teoranta do na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún cheana agus atá i Rialachán (CE)Uimh. 577/98 a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus leis an gcreat nua reachtach a eascraíonn as teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, agus, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme na gcumhachtaí sin a athbhreithniú. Ós rud é gurb amhlaidh i gcónaí é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 577/98 a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(11)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ní mór nach ndéanfadh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a ghlacadh.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 577/98 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7c, maidir le liosta athróga na suirbhéanna a choigeartú, mar a shonraítear sa liosta de 14 ghrúpa de shaintréithe suirbhéanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gur gá a dhéanamh de thoradh fhorbairt na dteicníochtaí agus na gcoincheap. Le gníomh tarmligthe a ghlactar i gcomhréir leis an mír seo, ní dhéanfar athróga éigeantacha as athróga roghnacha. Beidh na hathróga éigeantacha atá le cumhdach go leanúnach faoi na saintréithe suirbhéanna i bpointe (a) go pointe (j) agus i bpointe (l), pointe (m) agus pointe (n) de mhír 1 den Airteagal seo. Beidh na hathróga sin laistigh den 94 shaintréith suirbhéanna. Glacfar an gníomh tarmligthe faoi seach tráth nach déanaí ná 15 mhí ar a laghad roimh thús thréimhse tagartha an tsuirbhé.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7c, maidir le liosta d’athróga (dá ngairfear ‘athróga struchtúracha’ anseo feasta) amach as saintréithe na suirbhéanna atá sonraithe i mír 1 den Airteagal seo nach gá suirbhé a dhéanamh orthu ach mar mheáin bhliantúla, trí leas a bhaint as foshampla de bharúlacha neamhspleácha ag tagairt do 52 sheachtain, seachas mar mheáin ráithiúla.

2a.   Comhlíonfaidh athróga struchtúracha an coinníoll nach rachaidh earráid chaighdeánach choibhneasta (gan éifeacht an deartha a áireamh) aon mheastacháin bhliaintúil in ionannas 1 % nó níos mó den daonra atá in aois oibre thar an méid a leanas:

(a)

9 % i gcás Ballstát ina bhfuil daonra idir 1 mhilliún agus 20 milliún áitritheoir; agus

(b)

5 % i gcás Ballstát ina bhfuil daonra de 20 milliún áitritheoir nó os a chionn.

Díolmhófar Ballstáit ina bhfuil níos lú ná 1 mhilliún áitritheoirí ó na ceanglais maidir leis an earráid chaighdeánach choibhneasta agus baileofar na hathróga don sampla iomlán mura gcomhlíonfaidh an sampla an critéar a leagtar amach i bpointe (a).

I gcás Ballstát a úsáideann foshampla chun sonraí maidir le hathróga struchtúracha a bhailiú, má úsáidtear níos mó ná tonn amháin, is iad barúlacha neamhspleácha a bheidh san fhoshampla iomlán a úsáidtear.

2b.   Áiritheofar comhsheasmhacht idir na hiomláin bhliantúla foshampla agus na meáin bhliantúla de shamplaí iomlána don fhostaíocht, don dífhostaíocht agus do dhaonra neamhghníomhach de réir inscne agus do na haoisghrúpaí seo a leanas: 15 go 24, 25 go 34, 35 go 44, 45 go 54, agus 55 +.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le seiceáil, códú na n-athróg agus liosta na bprionsabal chun ceisteanna a fhoirmliú a bhaineann le staid an tsaothair. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).”;

(b)

scriostar mír 4.

(2)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 7a

Modúil ad hoc

1.   Féadfar tacar eile saintréithe a chur isteach (dá ngairtear “modúl ad hoc” anseo feasta) chun an fhaisnéis a dtugtar tuairisc uirthi in Airteagal 4(1) a fhorlíonadh.

2.   Leis an sampla a úsáidtear chun faisnéis a bhailiú maidir le modúil ad hoc, soláthrófar freisin faisnéis maidir le hathróga struchtúracha.

3.   Leis an sampla a úsáidtear chun faisnéis a bhailiú maidir le modúil ad hoc, comhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis maidir leis na modúil ad hoc sna 52 sheachtain tagartha a bhailiú agus beidh sé faoi réir na gceanglas céanna atá in Airteagal 4(2a); nó

(b)

an fhaisnéis maidir leis na modúil ad hoc sa sampla iomlán de ráithe amháin ar a laghad a bhailiú.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7c lena mbunaítear clár modúl ad hoc a chumhdaíonn trí bliana. Leis an gclár seo, saineofar ábhar, liosta agus cur síos réimse na faisnéise speisialaithe (dá ngairtear “modúl ad hoc” anseo feasta) do gach modúl ad hoc, lena bhfoirmítear an creat faoina gcinnfear saintréithe teicniúla an mhodúil ad hoc dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus an tréimhse tagartha. Glacfar an clár tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thús thréimhse tagartha an cláir.

5.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chláir dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a áirithiú, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saintréithe teicniúla an mhodúil ad hoc faoi gach fomhodúl ad hoc i gcomhréir le réimse na faisnéise speisialaithe dá dtagraítear sa mhír sin, mar aon leis na scagairí agus na cóid a úsáidfear chun sonraí a tharchur agus an spriocdháta chun na torthaí a tharchur a d’fhéadfadh a bheith difriúil ón spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

6.   Déanfar liosta mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú i modúl ad hoc a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh thús na tréimhse tagartha don mhodúl sin. Ní beidh níos mó ná 11 saintréith theicniúla i modúl ad hoc.

Airteagal 7b

Foráil maidir le maoiniú

Bronnfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais ar na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), maidir leis na modúil ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 7a den Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 128(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), féadfaidh an tAontas deontais a bhronnadh, gan gairm tograí, ar na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta sin agus ar údaráis náisiúnta eile. D’fhéadfadh na deontais a bheith ina n-íocaíochtaí cnapshuime agus bronnfar iad ar choinníoll go mbeidh na Ballstáit páirteach iarbhír i gcur chun feidhme modúl ad hoc.

Airteagal 7c

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Agus na cumhachtaí atá tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 7a á bhfeidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Ní athrófar leis na gníomhartha tarmligthe sin cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 7a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Meitheamh 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 7a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(2) agus Airteagal 7a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)."

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238)."

(8)  Rialachán (AE, Euratom) No 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)”."

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

2.   I gcás ina déanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 577/98 arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh 18 Meitheamh 2014.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal (IO L 77, 14.3.1998, lch. 3).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


RIALACHÁN (AE) Uimh. 546/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle (4) bunaítear beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Aontais i leith soithí a úsáidtear chun earraí a iompar le huiscebhealach intíre sna Ballstáit.

(2)

I dtaca le nuachóiriú agus athstruchtúrú na gcabhlach, ba cheart bearta sóisialta a bheartú, ag céim luath de rogha, chun cabhrú leis na comhaltaí criú uile, lena n-áirítear oibreoirí agus úinéir-oibreoirí ar mian leo tionscal na n-uiscebhealaí intíre a fhágáil nó ar mian leo athoiliúint a fháil i gcomhair poist in earnáil eile, chomh maith le bearta chun bunú grúpaí gnóthas a spreagadh, chun scileanna na n-oibreoirí sa loingseoireacht intíre a fheabhsú agus chun oiriúnú soithí don dul chun cinn teicniúil a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le soithí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Ba cheart an cúlchiste arna chur ar bun i ngach Ballstát ina bhfuil uiscebhealaí acu atá nasctha le huiscebhealaí i mBallstát eile agus a bhfuil tonnáiste cabhlaigh de bhreis is 100 000 tona acu, amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a úsáid do bhearta a bhaineann le húinéirí-oibreoirí. D’fhéadfaí cistí tiomnaithe eile atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a úsáid chun tacú le himeachtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag na comhpháirtithe sóisialta.

(3)

Chun na críche sin, d’fhéadfaí na cúlchistí a úsáid má dhéanann na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar iompar ar uiscebhealaí intíre é sin a iarraidh d’aon ghuth.

(4)

Níor baineadh úsáid as na cúlchistí riamh, cúlchistí nach bhfuil iontu ach ranníocaíochtaí ón tionscal, agus uaidh sin amháin.

(5)

Baineann na bearta i dtaca le nuachóiriú chabhlaigh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 le cúrsaí sóisialta agus le sábháilteacht na timpeallachta oibre amháin. Ní fhoráiltear do chineálacha eile beart tacaíochta chun cúinsí fabhracha don nuáil ó thaobh an chomhshaoil de a chruthú.

(6)

Maidir leis na bearta in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 maidir le gairmoiliúint nó scéimeanna athoiliúna, baineann siad le comhaltaí criú uile atá ag fágáil na hearnála, lena n-áirítear úinéir-oibreoirí, agus ní leosan amháin atá cáilithe mar oibrithe.

(7)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 do bhearta a spreagann úinéir-oibreoirí chun dul isteach i gcomhlachais trádála, ach ní do bhearta a threisíonn na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar iompar ar uiscebhealaí intíre ar leibhéal an Aontais, cé gur féidir le heagraíochtaí níos láidre ar fud an Aontais cabhrú chun ilroinnt san earnáil a mhaolú.

(8)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a chomhlánú le bearta chun scéimeanna oiliúna nó athoiliúna a chur ar bun do chomhaltaí criú seachas iadsan amháin atá cáilithe mar “oibrithe” atá ag fágáil an tionscail, le bearta chun úinéir-oibreoirí a spreagadh chun dul isteach i gcomhlachais trádála, le bearta chun comhlachais ghairmiúla a threisiú agus chun nuáil soithí a spreagadh agus a gcur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil ó thaobh an chomhshaoil de.

(9)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit taighde agus nuálaíocht a neartú in earnáil an iompair uiscebhealaí intíre agus sa bhonneagar calafoirt ilmhódach trí na hionstraimí airgeadais atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faoi Fhís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2014-2020 (‘Fís 2020’) (5) agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (6), agus leis sin comhtháthú na hearnála sin in iompar ilmhódach a áirithiú.

(10)

Ba cheart don Choimisiún tacú le bearta don nuálaíocht agus le hoiriúnú na gcabhlach d’uiscebhealaí intíre don dul chun cinn teicniúil maidir leis an gcomhshaol trí úsáid ionstraimí airgeadais ó chistí Aontais atá ann cheana amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus Fís 2020 a chur chun cinn, agus ba cheart dó slite a mholadh chun na cúlchistí a ghiaráil trí bhíthin ionstraimí airgeadais atá ann cheana chomh maith leis na hionstraimí airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

(11)

Ós rud é gur cuireadh culchistí ar bun trí bhíthin ranníocaíochtaí ó earnáil na tionsclaíochta, ba cheart go bhféadfaí iad a úsáid chun na soithí a oiriúnú do na ceanglais theicniúla agus comhshaoil a ghlacfar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear a n–oiriúnú d’fhorbairt breise na gcaighdeán Eorpach i ndáil le hastaíochtaí inneall, chomh maith le spreagadh éifeachtúlachta breosla inneall, le húsáid breoslaí malartacha agus aon bhearta eile chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, agus le haghaidh soithí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear soithí atá oiriúnaithe d’aibhneacha.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 718/1999:

‘Airteagal 8

Gan dochar d’Airteagal 3(5), féadfaidh aon Bhallstát bearta a ghlacadh go háirithe chun:

é a dhéanamh níos fusa d’iompróirí ar uiscebhealaí intíre atá ag fágáil an tionscail pinsean luathscoir a fháil nó bogadh go gníomhaíocht eacnamaíoch eile, inter alia trí fhaisnéis chuimsitheach a sholáthar,

gairmoiliúint nó scéimeanna athoiliúna a eagrú do na comhaltaí criú, lena n-áirítear oibreoirí agus úinéir-oibreoirí atá ag fágáil an tionscail agus faisnéis iomchuí faoi na scéimeanna sin a sholáthar,

scileanna sa loingseoireacht intíre agus eolas ar lóistíocht a fheabhsú chun forbairt agus todhchaí na gairme a chosaint,

úinéir-oibreoirí a spreagadh chun dul isteach i gcomhlachais trádála agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar iompar ar uiscebhealaí ar leibhéal an Aontais a threisiú,

oiriúnú soithí don dul chun cinn teicniúil a spreagadh chun dálaí oibre, lena n-áirítear cosaint sláinte, a fheabhsú agus chun an tsábháilteacht a chur chun cinn,

nuáil i ndáil le soithí a spreagadh agus a n-oiriúnú don dul chun cinn teicniúil ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear soithí atá neamhdhíobhálach ó thaobh an chomhshaoil,

slite a spreagadh chun úsáid cúlchistí a ghiaráil i gcomhar le hionstraimí airgeadais atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoi Fhís 2020 agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus le hionstraimí airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 21 Eanáir 2014 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 31 Eanáir 2014 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (IO L 90, 2.4.1999, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus on gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348. 20.12.2013, lch. 129).


29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


RIALACHÁN (AE, Euratom) Uimh. 547/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an 25 Deireadh Fómhair 2012 agus ag gabháil leis bhí ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún inar cinneadh an Rialachán sin a athbhreithniú chun toradh na caibidlíochta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 a chur i gcuntas.

(2)

Tar éis Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ghlacadh, agus i gcomhréir leis an ráiteas comhpháirteach, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú chun na rialacha tabhairt anonn don Chúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála agus do thionscadail arna maoiniú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a áireamh.

(3)

Maidir leis an gCúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála, tá na leithreasaí comhfhreagracha iontráilte i dTeideal ‘Cúlchistí’ de bhuiséad ginearálta an Aontais. Dá bhrí sin, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis na leithreasaí a cuireadh i gcúlchiste agus nár úsáideadh i mbliain n a thabhairt anonn go bliain n+1.

(4)

De bharr chineál na dtionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, i neart cásanna beidh nósanna imeachta casta conarthacha de dhíth. Dá bhrí sin, féadfaidh caillteanas i leithreasaí bliantúla faoi chomhair oibleagáidí a bheith mar thoradh ar mhoilleanna teoranta féin ar na tionscadail sin a chríochnú agus an bonn a bhaint d’inmharthanacht na dtionscadal sin agus dá bhrí sin de chinneadh polaitiúil an Aontais a líonraí iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide agus a bhonneagar a nuachóiriú. D’fhonn an méid sin a chosc, ba cheart foráil a dhéanamh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí nach n-úsáidtear faoi dheireadh gach ceann de bhlianta airgeadais 2014, 2015 agus 2016 a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile le haghaidh tionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Ba cheart an tabhairt anonn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena formheas.

(5)

Tar éis Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a ghlacadh, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 a leasú d’fhonn leithreasaí saortha a chur ar fáil arís chun an cúlchiste feidhmíochta agus an ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus na hionstraimí airgeadais urrúsúcháin a chur chun feidhme i bhfabhar na bhfiontar beag agus meánmhéide (“FBManna”),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

Leasaítear leis seo Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(c)

méideanna a chomhfhreagraíonn do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don Chúlchiste Cúnaimh Éigeandála;”;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile amháin.”

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo agus d’Airteagal 14, ní dhéanfar leithreasaí a cuireadh i gcúlchiste agus leithreasaí le haghaidh caiteachais foirne a thabhairt anonn. Chun críocha an Airteagail seo, folaíonn caiteachas foirne luach saothair agus liúntais chomhaltaí agus fhoireann na n-institiúidí a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal II de Chuid a Dó:

“TEIDEAL II

NA CISTÍ STRUCHTÚRTHA, AN CISTE COMHTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE, CISTÍ I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS ARNA mBAINISTIÚ FAOIN mBAINISTÍOCHT ROINNTE AGUS AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA”;

(3)

In Airteagal 178, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Cuirfear na leithreasaí saortha ar fáil arís sna cásanna seo a leanas:

(a)

saoradh na leithreasaí ó chlár faoi na socruithe chun an cúlchiste feidhmíochta a bhunaítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme (7);

(b)

saoradh na leithreasaí ó chlár atá tiomnaithe d’ionstraim airgeadais ar leith i bhfabhar FBManna tar éis scor de rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais, faoi mar a thagraítear dó sa seachtú fomhír d’Airteagal 39 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).”;"

(4)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 178a

Tabhairt anonn leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

1.   Do na blianta airgeadais 2014, 2015 agus 2016, leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh tionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus óng Comhairle (8) nár gealladh fós faoi dheireadh na bliana airgeadais, ní fhéadfar iad a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais eile agus go dtí an bhliain sin amháin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tograí thabhairt anonn i leith na bliana airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais reatha.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an dara ceann acu ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, gach togra thabhairt anonn a phlé faoin 31 Márta den bhliain airgeadais reatha.

4.   Formheasfar an togra thabhairt anonn más rud é, faoin spriocdháta a leagtar amach i mír 3, go dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é;

(b)

go bhformheasfaidh ceann amháin de Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é gan an ceann eile acu gníomhú;

(c)

go staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhú nó nach gcinnfidh siad é a dhiúltú.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).”."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 4, 8.1.2014, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).


Ráiteas comhpháirteach maidir leis an urscaoileadh leithleach le haghaidh Gnóthas Comhpháirteach faoi Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais

1.

Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart go gcuirfí na Gnóthais Chomhpháirteacha ar bun faoi Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais ionas go mbainfidh siad tairbhe as rialacha airgeadais simplithe a bheadh níos oiriúnaí dá gcineál príobháideach poiblí.

Mar sin féin, aontaíonn siad freisin:

I bhfianaise chineál sonrach agus stádas reatha na nGnóthas Comhpháirteach, agus chun leanúnachas leis an Seachtú Clár Réime a áirithiú, ba cheart go leanfadh na Gnóthais Chomhpháirteacha de bheith faoi réir urscaoilte leithligh a bheidh le tabhairt ag Parlaimint na hEorpa ar mholadh ón gComhairle. Ar an gcúis sin, tabharfar isteach maoluithe ar leith ó Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais i ngníomhartha na nGnóthas Comhpháirteach atá le bunú faoiChlár Fhís 2020. Déanfaidh na maoluithe sin tagairt don urscaoileadh leithleach agus cuirfear san áireamh aon oiriúnaithe breise is gá.

Chun go mbeidh na Gnóthais Chomhpháirteacha in ann tairbhe láithreach a bhaint as an simpliú a tugadh isteach sa chreat airgeadais nua, ní mór don rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha faoi Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais teacht i bhfeidhm.

2.

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire go ndéanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

áiritheoidh sé go n-áireofar i rialacha airgeadais na nGnóthas Comhpháirteach maoluithe ón Eiseamláir de Rialachán Airgeadais le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha chun tionscnamh an urscaoilte leithligh atá ina ngníomhartha a léiriú;

molfaidh sé modhnuithe ábhartha ar Airteagal 209 agus ar Airteagal 60(7) den Rialachán Airgeadais i gcreat an athbreithnithe ar an Rialachán Airgeadais sa todhchaí.