ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
24 Aibreán 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE)

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún ( 2 )

18

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ( 3 )

44

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 378/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir leis an gcreat airgeadais don tréimhse 2014-2018 ( 2 )

67

 


 

(1)   Faoin tagairt L 122 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

 

(3)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 375/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 214(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is bunluach de chuid an Aontais an dlúthpháirtíocht agus tá poitéinseal ann go bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhealaí chun dlúthpháirtíocht shaoránaigh an Aontais le daoine i dtríú tíortha atá sobhuailte ag géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó ag tubaistí nádúrtha, nó a ndéanann na himeachtaí sin difear dóibh, a chur in iúl. Thairis sin, is é an tAontas trí chéile an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan, mar a bhfuil beagnach 50 % den chabhair dhaonnúil fhoriomlán á sholáthar aige.

(2)

Is bealach soiléir agus infheicthe é an tsaorálaíocht le dlúthpháirtíocht a chur in iúl sa mhéid is gur deis é do dhaoine aonair a gcuid eolais, scileanna agus ama a úsáid ar mhaithe le daoine eile, gan inspreagadh airgid a bheith ann.

(3)

Is gá tuilleadh dlúthpháirtíochta a fhorbairt le híospartaigh géarchéimeanna agus tubaistí i dtríú tíortha chomh maith le leibhéil feasachta agus soiléireacht na cabhrach daonnúla agus na saorálaíochta i gcoitinne i measc shaoránaigh an Aontais a ardú.

(4)

Leagtar amach fís an Aontais i ndáil le cabhair dhaonnúil, lena n-áirítear cuspóir coiteann, prionsabail choiteanna agus an dea-chleachtas, mar aon le creat coiteann, chun cabhair dhaonnúil an Aontais a chur i bhfeidhm, sa Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach dar teideal “Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil” (2). Leagann an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil béim ar thiomantas docht an Aontais maidir le cur chuige atá bunaithe ar riachtanais agus i ndáil leis na bunphrionsabail dhaonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, a urramú agus a chur chun cinn. Ba cheart go mbunófaí gníomhaíochtaí an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil (“an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) ar an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(5)

Seachadtar cabhair dhaonnúil an Aontais i staideanna ina bhféadfadh ionstraimí eile a bhaineann le comhar um fhorbairt, le bainistíocht géarchéime agus le cosaint shibhialta a bheith i bhfeidhm. Ba cheart don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE oibriú ar bhealach comhleanúnach agus comhlántach agus forluí le beartais agus ionstraimí ábhartha de chuid an Aontais a sheachaint, go háirithe le beartas an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil, beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, le Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an AE arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus Toscaireachtaí AE chun freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna daonnúla i dtríú tíortha a chomhordú.

(6)

Ba cheart leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE go rannchuideofaí leis na hiarrachtaí chun acmhainn an Aontais a neartú chun cabhair dhaonnúil bunaithe ar riachtanais a sholáthar agus chun acmhainn agus teacht aniar pobal i dtríú tíortha atá soghonta nó atá buailte le tubaiste a neartú. Tá sé tábhachtach thairis sin comhar a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le comhpháirtithe daonnúla eile agus le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart an comhar sin a shaothrú i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Náisiúin Aontaithe, chun tacaíocht a thabhairt do ról lárnach agus foriomlán comhordúcháin Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordúchán Gnóthaí Daonnúla (UN-OCHA).

(7)

Tá méadú suntasach tagtha ar líon, raon feidhme agus castacht géarchéimeanna daonnúla, bídís nádúrtha nó de dhéantús an duine, ar fud an domhain thar na blianta agus is dealraitheach go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh, agus go leanfaidh as éileamh níos mó ar ghníomhaithe daonnúla freagairt láithreach, éifeachtach, éifeachtúil agus comhleanúnach a sholáthar agus tacú le pobail áitiúla tríú tíortha chun soghontacht na bpobal sin a laghdú agus chun a n-acmhainn chun teacht aniar i ndáil le tubaistí a neartú.

(8)

Féadfaidh saorálaithe rannchuidiú le hacmhainn an Aontais cabhair dhaonnúil atá bunaithe ar riachtanais agus atá ar bhonn prionsabail a neartú agus rannchuidiú le héifeachtacht na hearnála daonnúla a mhéadú nuair a dhéantar iad a roghnú, a oiliúint agus a ullmhú go leormhaith chun a áirithiú go bhfuil na scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha acu chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá i ngátar ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, ar choinníoll gur féidir leo brath ar thacaíocht agus ar mhaoirsiú leordhóthanach ar an láthair.

(9)

Tá scéimeanna saorálaíochta ann san Eorpa agus ar fud an domhain ina ndírítear ar imlonnú i dtríú tíortha. Scéimeanna náisiúnta iad sin go minic a dhíríonn den chuid is mó nó go heisiach ar thionscadail forbartha. Ba cheart go ndéanfaí leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, dá bhrí sin, luach breise a sholáthar trí dheiseanna a chur ar fáil do shaorálaithe rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil, rud a neartóidh, ar an tslí sin, saoránacht Eorpach ghníomhach. Is féidir luach breise a sholáthar leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE freisin trí chomhar trasnáisiúnta a chothú i ndáil le heagraíochtaí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, rud a d'fheabhsódh an caidreamh idirnáisiúnta, a chuirfeadh chun cinn íomhá dhearfach den Aontas ar domhan agus a spreagfadh suim i dtionscadail dhaonnúla uile-Eorpacha.

(10)

Ba cheart don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bheith cost-éifeachtúil, agus go gcomhlánfaí leis scéimeanna saorálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana gan dúbláil a dhéanamh orthu, agus ba cheart a bheith dírithe ar dhul i ngleic le riachtanais agus bearnaí nithiúla sa réimse daonnúil.

(11)

Faoi mar a cuireadh i bhfios sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Conas dlúthpháirtíocht shaoránaigh de chuid AE a léiriú trí shaorálaíocht: An chéad mhachnamh maidir le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil”, tá bearnaí i reáchtáil na saorálaíochta daonnúla mar atá faoi láthair, ar bearnaí iad is féidir le tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach AE a líonadh leis na saorálaithe a bhfuil na próifílí cearta acu, arna n-imlonnú chuig an áit cheart ag an am ceart. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh go háirithe trí chaighdeáin agus nósanna imeachta Eorpacha a sholáthar i dtaca le saorálaithe daonnúla a shainaithint agus a roghnú, tá garmharcanna arna gcomhaontú i ndáil le hoiliúint agus ullmhúchán saorálaithe daonnúla le haghaidh imlonnú, bunachar sonraí de shaorálaithe ionchasacha a shainaithnítear bunaithe ar na riachtanais sa réimse sin, agus deiseanna do shaorálaithe rannchuidiú leis na hoibríochtaí daonnúla, ní hamháin trí bhíthin imlonnú ach freisin trí thacaíocht cúloifige agus trí ghníomhaíochtaí saorálaíochta ar líne.

(12)

Ba cheart d'oiliúint iomchuí, chomh maith le slándáil agus sábháilteacht na saorálaithe a bheith ríthábhachtach i gcónaí agus a bheith faoi réir malartuithe rialta faisnéise, lena n-airítear leis na Ballstáit. Níor cheart Saorálaithe Cabhrach AE a imlonnú chun oibríochtaí a dhéantar i limistéar coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta.

(13)

Déanann an tAontas a oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil bunaithe ar riachtanais agus i gcomhar le heagraíochtaí cur chun feidhme. Ba cheart ról suntasach a bheith ag na heagraíochtaí sin sa tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a chur chun feidhme chun úinéireacht ag na gníomhaithe sa réimse sin a áirithiú agus chun go mbainfí an méid is mó a d'fhéadfaí as gníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin. Ba cheart go ndéanfadh an tAontas go sonrach sainaithint, roghnú, ullmhú agus imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE, chomh maith le hobair leantach le linn sannachán agus ina ndiaidh, a chur ar iontaoibh eagraíochtaí den sórt sin i gcomhréir leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an gCoimisiún. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, i gcás inarb iomchuí, tarraingt ar shaorálaithe ar tugadh oiliúint chuí dóibh agus atá ullamh le haghaidh imlonnú chuig a oifigí allamuigh le haghaidh cúraimí tacaíochta.

(14)

Luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal: “Straitéis athnuaite 2011-14 de chuid AE don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach” gur féidir ról tábhachtach a bheith ag cuideachtaí príobháideacha agus gur féidir leo rannchuidiú le hoibríochtaí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil, go háirithe trí shaorálaíocht i measc a bhfostaithe.

(15)

Ba cheart go gcabhrófaí leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE le hEorpaigh de gach aois saoránacht Eorpach ghníomhach a léiriú. Ba cheart leis an tionscnamh go gcabhrófaí le saorálaíocht a chur chun cinn ar fud an Aontais agus le forbairt phearsanta agus le feasacht idirchultúrtha saorálaithe is rannpháirteacha, rud a chuirfeadh feabhas ar a n-inniúlachtaí agus lena n-infhostaitheacht sa gheilleagar domhanda.

(16)

Tugann prionsabail an Aontais maidir le comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú le fios gur cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas de gach aicme agus de gach aois in ann dul ina mbun seo mar shaoránaigh ghníomhacha. I bhfianaise dhúshláin shonracha an chomhthéacs dhaonnúil, ba cheart do Shaorálaithe Cabhrach AE a bheith 18 mbliana d'aois mar an aois íosta, agus d'fhéadfadh éagsúlacht leathan próifílí agus glún a bheith iontu, lena n-áirítear saineolaithe agus daoine oilte ar scor.

(17)

Is réamhchoinníoll ríthábhachtach é stádas soiléir dlíthiúil chun go mbeidh saorálaithe in ann a bheith rannpháirteach in imlonnú i dtíortha lasmuigh den Aontas. Ba cheart téarmaí imlonnaithe na saorálaithe a shainmhíniú i gconradh, ina n-áireofar na caighdeáin maidir le cosaint agus sábháilteacht na saorálaithe, freagrachtaí na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí, cumhdach árachais, cumhdach cothaithe, cóiríocht agus costais ábhartha eile. Ba cheart imlonnú na saorálaithe i dtríú tíortha a bheith faoi réir socruithe leordhóthanacha sábháilteachta agus slándála.

(18)

Ba cheart na moltaí atá sa Chlár Oibre Beartais maidir le Saorálaíocht san Eoraip agus obair na n-eagraíochtaí saorálaíochta Eorpacha agus idirnáisiúnta agus clár Shaorálaithe na Náisiún Aontaithe a chur i gcuntas sna gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

(19)

Ba cheart leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE go dtabharfaí tacaíocht do ghníomhaíochtaí bunaithe ar riachtanais atá dírithe ar acmhainn na n-ósteagraíochtaí do chabhair dhaonnúil i dtríú tíortha a neartú chun an ullmhacht agus an fhreagairt áitiúil do ghéarchéimeanna daonnúla a fheabhsú agus chun tionchar éifeachtach agus inbhuanaithe shaothar Shaorálaithe Cabhrach AE ar an talamh a áirithiú trí bhainistiú riosca tubaistí, ullmhacht agus freagairt, cóitseáil, oiliúint i mbainistiú saorálaithe agus réimsí ábhartha eile.

(20)

Ba cheart leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, i gcás inarb ábhartha, go ndíreofaí ar rannchuidiú leis an bpeirspictíocht inscne i mbeartas an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a neartú, rud a chuirfeadh le freagairtí daonnúla leormhaithe do riachtanais shonracha ban agus fear de gach aois. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar le grúpaí agus le líonraí ban chun rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban i gcabhair dhaonnúil a chur chun cinn agus tarraingt ar a gcumais agus ar a saineolas chun rannchuidiú le téarnamh, le cothú na síochána, le laghdú ar riosca tubaistí agus le hacmhainn chun teacht aniar pobal atá buailte a fhorbairt.

(21)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais ar feadh ré iomlán na tréimhse airgeadais, arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(22)

Ba cheart leithdháileadh an chúnaimh airgeadais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). De bharr a shonraí is atá gníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfar cúnamh airgeadais a dheonú do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha arna rialú leis an dlí phoiblí nó leis an dlí phríobháideach. Tá sé tábhachtach, freisin, a áirithiú go n-urramaítear rialacha an Rialacháin sin, go háirithe maidir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta atá leagtha síos sa Rialachán sin.

(23)

Ba cheart gurb iad na treoirphrionsabail chun cuspóirí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bhaint amach ná feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar cháilíocht an chaiteachais, agus úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais á háirithiú.

(24)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis. Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh le cosc a chur ar mhírialtachtaí agus ar chalaois agus ba cheart na bearta a bhfuil gá leo a dhéanamh chun cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (6), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (7), agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(25)

Ba cheart go mbeadh tríú tíortha, go háirithe tíortha aontachta, tíortha is iarrthóirí, tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), in ann a bheith rannpháirteach ar bhonn comhaontuithe comhair.

(26)

Ba cheart do shaorálaithe rannpháirteacha ó thíortha comhoibritheacha agus d'eagraíochtaí ó thíortha comhoibritheacha a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme cloí freisin leis na prionsabail a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, agus urraim do na prionsabail sin a chur ar aghaidh, agus béim á cur ar an “spás daonnúil” a chosaint.

(27)

Chun foráil a dhéanamh maidir le haiseolas agus feabhsú leanúnach, agus chun solúbthacht agus éifeachtacht a nglactha a mhéadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a bhaineann leis na caighdeáin chun Saorálaithe Cabhrach AE a roghnú, a bhainistiú agus a imlonnú, le leasú ar na táscairí feidhmíochta agus ar na tosaíochtaí téamacha agus le coigeartú na gcéatadán chun an t-imchlúdach airgeadais a leithdháileadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na nósanna imeachta i gcomhair roghnú, bainistiú agus imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE, an sásra deimhniúcháin, an clár oiliúna agus clár oibre bliantúil an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AEAE a ghlacadh.

(29)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(30)

Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ní théann sé thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun críocha feidhmiú rianúil an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a áirithiú. Maidir le haon próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún, déanfar sin a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Rialóidh Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag eagraíochtaí a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme atá bunaithe go dlíthiúil san Aontas.

(31)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 23 Samhain 2012 (12).

(32)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (13). Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA RÉAMHRÁITEACHA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) mar chreat faoina mbeidh saorálaithe Eorpacha in ann rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí an Aontais chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú.

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le hoibríocht an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus rialacha maidir le cúnamh airgeadais a sholáthar.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(1)

roghnú, oiliúint agus imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú;

(2)

gníomhaíochtaí a thacaíonn le himlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE, agus a dhéanann an t-imlonnú sin a chur chun cinn agus a ullmhú, chun tacú le cabhair dhaonnúil agus í a chomhlánú i dtríú tíortha;

(3)

gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh den Aontas atá dírithe ar acmhainn ósteagraíochtaí do chabhair dhaonnúil i dtríú tíortha a fhorbairt.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “saorálaí” duine a roghnaíonn, dá dheoin féin agus gan inspreagadh airgid, dul i mbun gníomhaíochtaí atá chun leasa pobail agus na sochaí i gcoitinne;

(b)

ciallaíonn “saorálaí is iarrthóir” duine atá incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 11(3) chun iarratas a dhéanamh ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE;

(c)

ciallaíonn “Saorálaí Cabhrach de chuid AE” saorálaí is iarrthóir a roghnaíodh, ar tugadh oiliúint dó i gcomhréir leis na caighdeáin, na nósanna imeachta agus na critéir tagartha sainiúla, agus ar measúnaíodh é a bheith incháilithe agus atá cláraithe le bheith ar fáil le himlonnú chun tacú le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú;

(d)

ciallaíonn “cabhair dhaonnúil” gníomhaíochtaí agus oibríochtaí i dtríú tíortha agus atá beartaithe le cúnamh éigeandála riachtanas-bhunaithe a sholáthar d'fhonn beatha daoine a chaomhnú, angar daoine a mhaolú agus a chosc agus dínit an duine a chothabháil i gcás géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó tubaistí nádúrtha. Cuimsíonn sí oibríochtaí cúnaimh, fóirithinte agus cosanta i ngéarchéimeanna daonnúla nó go díreach ina ndiaidh, bearta tacaíochta chun rochtain ar dhaoine i ngátar a áirithiú agus chun saorshreabhadh cúnaimh a éascú, mar aon le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an ullmhacht le haghaidh tubaistí a fheabhsú agus riosca tubaistí a laghdú, agus rannchuidíonn sí le hacmhainn chun teacht aniar an phobail a neartú mar aon lena n-acmhainn dul i ngleic le géarchéimeanna agus teacht astu;

(e)

ciallaíonn “tríú tír” tír lasmuigh den Aontas áit a ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 4

Cuspóir

Is é an cuspóir a bheidh ag an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE rannchuidiú le hacmhainn an Aontais a neartú maidir le cabhair dhaonnúil riachtanas-bhunaithe a sholáthar, ar cabhair í atá dírithe ar an mbeatha a chaomhnú, ar fhulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus ar dhínit an duine a chothabháil agus atá dírithe ar acmhainn agus teacht aniar pobal i dtríú tír atá soghonta nó atá buailte le tubaiste, go háirithe trí ullmhacht do thubaistí a neartú, laghdú ar riosca tubaistí agus tríd an nasc a fheabhsú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt. Bainfear amach an cuspóir sin trí luach breise rannchuidithe comhpháirteacha Shaorálaithe Cabhrach AE, a mbeidh luachanna an Aontais agus dlúthpháirtíocht le daoine i ngátar á gcur in iúl acu agus tuiscint ar shaoránacht Eorpach á chur chun cinn go sofheicthe.

Airteagal 5

Prionsabail ghinearálta

1.   Tabharfar gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE i gcrích i gcomhréir le prionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas agus leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

2.   Tabharfaidh na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE freagairt ar riachtanais dhaonnúla pobal áitiúil agus ar cheanglais na n-ósteagraíochtaí agus díreoidh siad ar fheabhas a chur ar éifeachtacht na hearnála daonnúla.

3.   Beidh sábháilteacht agus slándáil saorálaithe is iarrthóirí agus Shaorálaithe Cabhrach de chuid AE ina dtosaíochtaí.

4.   Cuirfear chun cinn leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE gníomhaíochtaí comhpháirteacha riachtanas-bhunaithe idir na saorálaithe rannpháirteacha ó na tíortha éagsúla agus ó na heagraíochtaí a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin chun feidhme mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10.

Airteagal 6

Comhleanúnachas agus comhlántachtaí ghníomhaíocht an Aontais

1.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfar comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú le hionstraimí agus le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus le beartais ábhartha eile an Aontais, go háirithe an beartas um chabhair dhaonnúil, an beartas maidir le comhar um fhorbairt agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, agus dúbláil agus forluí á seachaint, agus á aithint go bhfuil cabhair dhaonnúil á rialú ag na prionsabail cabhrach daonnúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar aistriú rianúil a áirithiú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt.

2.   Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach trí chomhleanúnachas agus comhchuibheas a áirithiú idir na scéimeanna náisiúnta saorálaíochta ábhartha agus na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE. Tógfaidh na gníomhaíochtaí sin ar dhea-chleachtais ábhartha agus ar chláir atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, bainfidh siad úsáid as líonraí Eorpacha bunaithe.

3.   Cothóidh an tAontas comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus le comhpháirtithe daonnúla agus le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha, agus gníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE á gcur chun feidhme.

I bhfreagairt idirnáisiúnta chomhleanúnach ar ghéarchéimeanna daonnúla a chur chun cinn, beidh na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Náisiúin Aonaithe, chun tacú le ról comhordaitheach lárnach agus foriomlán UN-OCHA.

Airteagal 7

Cuspóirí oibríochtúla

1.   Leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le cumas an Aontais chun cabhair dhaonnúil a sholáthar a mhéadú agus a fheabhsú.

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

líon Shaorálaithe Cabhrach AE atá imlonnaithe cheana nó atá réidh le himlonnú agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá agus líon Shaorálaithe Cabhrach AE a bhfuil a gconarthaí imlonnaithe críochnaithe acu;

líon na ndaoine a thairbhíonn den chabhair dhaonnúil arna soláthar tríd an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus na meánchostais in aghaidh an duine a thairbhíonn den chabhair sin;

maidir leis an AE, leibhéal sástachta na Saorálaithe Cabhrach imlonnaithe agus na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí a mhéid a bhaineann le rannchuidiú daonnúil éifeachtach Shaorálaithe Cabhrach AE ar an talamh.

(b)

Feabhsú scileanna, eolais agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus téarmaí agus coinníollacha a rannpháirtíochta:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

líon na saorálaithe is iarrthóirí a oiltear agus na saorálaithe a bhfuil éirithe go rathúil leo sa mheasúnú tar éis na hoiliúna;

líon na n-eagraíochtaí sallchuir deimhnithe a chuireann na caighdeáin agus na nósanna imeachta maidir le himlonnú agus bainistiú saorálaithe is iarrthóirí Shaorálaithe Cabhrach AE i bhfeidhm.

leibhéal sástachta na saorálaithe a oiltear agus a imlonnaítear, agus na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí a mhéid a bhaineann le cáilíocht oiliúna, leibhéal eolais agus inniúlachtaí na saorálaithe, le comhlíonadh agus leormhaitheas na gcaighdeán agus na nósanna imeachta don imlonnú agus le bainistiú saorálaithe is iarrthóirí Shaorálaithe Cabhrach AE.

(c)

Acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt agus saorálaíocht i dtríú tíortha a chothú:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

líon agus cineál na ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne i dtríú tíortha;

an líon foirne agus saorálaithe ó thríú tír atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí forbartha acmhainne.;

leibhéal sástachta fhoireann na n-ósteagraíochtaí agus na saorálaithe ó thríú tíortha atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne a mhéid a bhaineann le cáilíocht agus le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

(d)

Prionsabail cabhrach daonnúla an Aontais a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil a chur in iúl, ar prionsabail iad amhail:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

líon, cineál agus costais na ngníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide agus ardaithe feasachta.

(e)

Cur le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na saorálaíochta ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh an Aontais a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí daonnúla a fheabhsú:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

líon na n-eagraíochtaí sallchuir deimhnithe;

líon agus cineál na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil le haghaidh na n-eagraíochtaí sallchuir;

na caighdeáin agus na nósanna imeachta maidir le bainistiú Shaorálaithe Cabhrach AE a scaipeadh agus a mhacasamhlú trí scéimeanna saorálaíochta eile.

2.   Úsáidfear na táscairí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 1 chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht, de réir mar is iomchuí. Tá siad táscach agus féadfar iad a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24 chun taithí ón tomhas ar dhul chun cinn a chur san áireamh.

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAOIN TIONSCNAMH MAIDIR LE SAORÁLAITHE CABHRACH AE

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE

Saothrófar leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 7 trí bhíthin na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

caighdeáin agus nósanna imeachta i ndáil leis na saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach AE a fhorbairt agus a chothabháil;

sásra deimhniúcháin le haghaidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí a fhorbairt agus a chothabháil;

saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú;

clár oiliúna agus tacaíocht le haghaidh oiliúna agus socrúchán printíseachta a bhunú;

bunachar sonraí de Shaorálaithe Cabhrach AE a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta;

imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú;

acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt;

líonra a bhunú agus a bhainistiú don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE;

cumarsáid agus ardú feasachta;

gníomhaíocht choimhdeach a chuireann le cuntasacht, trédhearcacht agus éifeachtacht an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

Airteagal 9

Caighdeáin agus nósanna imeachta i ndáil leis na saorálaithe is iarrthóirí agus le Saorálaithe Cabhrach AE

1.   Agus é ag tógáil ar chleachtais ábhartha atá ann cheana féin, bunóidh an Coimisiún caighdeáin agus nósanna imeachta lena gcumhdófar na coinníollacha, na socruithe agus na ceanglais riachtanacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag eagraíochtaí sallchuir agus ag ósteagraíochtaí nuair a bheidh saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach AE á sainaithint, á roghnú, á n-ullmhú, á mbainistiú agus á n-imlonnú acu chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na caighdeáin a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

creat inniúlachtaí a úsáidtear chun saorálaithe a shainaithint, a roghnú agus a ullmhú mar ghairmithe sóisearacha nó sinsearacha;

forálacha chun comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú a áirithiú sa phróiseas maidir le sainaithint agus roghnú;

forálacha chun an dlí náisiúnta ábhartha agus an dlí ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le dlí na tíre óstaí, a bheith á chomhlíonadh ag eagraíochtaí sallchuir agus ag ósteagraíochtaí;

na caighdeáin lena rialófar na comhpháirtíochtaí idir na heagraíochtaí sallchuir agus na hósteagraíochtaí;

forálacha chun na scileanna agus na hinniúlachtaí a ghnóthóidh Saorálaithe Cabhrach AE a shainaithint i gcomhréir le tionscnaimh ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a leagan síos:

na nósanna imeachta a bheidh le leanúint le haghaidh saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú, agus le haghaidh ullmhú réamh-imlonnaithe riachtanach na saorálaithe sin, lena n-áirítear socrúcháin printíseachta, i gcás inarb ábhartha;

forálacha le haghaidh imlonnú agus bainistiú Shaorálaithe Cabhrach AE i dtríú tíortha, lena n-áirítear inter alia maoirsiú allamuigh, tacaíocht leanúnach trí chóitseáil, trí mheantóireacht, trí oiliúint bhreise, trí choinníollacha oibre riachtanacha, agus trí thacaíocht iar-imlonnaithe;

soláthar clúdach árachais agus coinníollacha maireachtála saorálaithe lena n-áirítear clúdach cothaithe, cóiríochta, taistil agus speansais ábhartha eile;

nósanna imeachta a bheidh le leanúint roimh imlonnú, lena linn agus ina dhiaidh, chun dualgas cúraim agus bearta iomchuí sábháilteachta agus slándála a áirithiú, lena n-áirítear prótacail aslonnaithe leighis agus pleananna slándála a chumhdaíonn aslonnú ó thríú tíortha, lena n-áirítear na nósanna imeachta riachtanacha le hidirchaidreamh leis na húdaráis náisiúnta;

nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht aonair Shaorálaithe Cabhrach AE, agus chun an fheidhmíocht sin a mheasúnú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 10

Sásra deimhniúcháin d'eagraíochtaí sallchuir agus d'ósteagraíochtaí

1.   Forbróidh an Coimisiún sásra deimhniúcháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme le rannpháirtíocht comhpháirtithe daonnúla, más iomchuí, lena n-áiritheofar go gcomhlíonann na heagraíochtaí sallchuir na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9, agus sásra deimhniúcháin difreáilte do na hósteagraíochtaí.

Bunóidh an Coimisiún an nós imeachta a bhaineann le feidhmiú na sásraí deimhniúcháin, ag tógáil ar na sásraí deimhniúcháin agus na nósanna imeachta ábhartha atá ann cheana féin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

2.   Agus an sásra deimhniúcháin á cheapadh, féachfaidh an Coimisiún le sineirgíochtaí a aimsiú le hionstraimí comhpháirtíochta an Choimisiúin sa réimse daonnúil agus sna caighdeáin dhaonnúla atá ann cheana, agus simpliú riaracháin mar aidhm leis. Beidh an sásra deimhniúcháin cuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach a mhéid a bhaineann le haon chineál eagraíochta incháilithe.

3.   Beidh eagraíochtaí sallchuir incháilithe do dheimhniúchán, más rud é:

(a)

go gcloíonn siad leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

go bhfuil siad gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3 í; agus

(c)

go mbaineann siad le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(i)

eagraíochtaí neamhrialtasacha seachbhrabúsacha arna mbunú i gcomhréir le dlí Ballstáit a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe laistigh den Aontas,

(ii)

comhlachtaí um dlí poiblí a bhfuil saintréith shibhialtach ag gabháil leo arna rialú ag dlí Ballstáit,

(iii)

eagraíochtaí neamhrialtasacha neamhbhrabúsacha arna mbunú sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23 faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal sin agus sna comhaontuithe a luaitear ann,

(iv)

comhlachtaí um dlí poiblí a bhfuil saintréith shibhialtach ag gabháil leo arna mbunú sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23 faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal sin agus sna comhaontuithe a luaitear ann,

(v)

Cónaidhm Idirnáisiúnta de chuid Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.

4.   Beidh eagraíochtaí i dtríú tíortha incháilithe le bheith ina n-ósteagraíochtaí más rud é:

(a)

go gcloíonn leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

go bhfuil siad gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla mar atá sainmhínithe i bpointe (d) d'Airteagal 3; agus

(c)

go mbaineann siad le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(i)

eagraíochtaí neamhrialtasacha neamhbhrabúsacha a oibríonn nó atá bunaithe i dtríú tír de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm sa tír sin,

(ii)

comhlachtaí um dhlí phoiblí a bhfuil saintréith shibhialtach ag gabháil leo arna rialú ag dlí tríú tír,

(iii)

gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.   Gan dochar do na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, féadfaidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a chur chun feidhme i gcomhar le heagraíochtaí príobháideacha brabúsacha.

6.   Ar bhonn measúnú roimh ré ar riachtanais, d'fhéadfadh eagraíochtaí sallchuir a bheidh le deimhniú tairbhiú den chúnamh teicniúil atá dírithe ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a neartú agus ar a áirithiú go mbeidh na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 á gcomhlíonadh.

Féadfaidh na hósteagraíochtaí a bheidh le deimhniú tairbhiú freisin den chúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15.

7.   Foilseoidh an Coimisiún liosta de na heagraíochtaí sallchuir agus de na hósteagraíochtaí deimhnithe in am trátha tar éis an deimhniú a bheith déanta.

Airteagal 11

Saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú

1.   Ar bhonn réamh-mheasúnú arna dhéanamh ag eagraíochtaí sallchuir nó ag ósteagraíochtaí nó gníomhaithe ábhartha eile ar na riachtanais i dtríú tíortha, déanfaidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir na saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú le haghaidh oiliúna.

2.   Déanfar saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú i gcomhréir leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus déanfar prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na gcomhdheiseanna a urramú.

3.   Beidh na daoine seo a leanas a bhfuil aois íosta 18 mbliana acu incháilithe le hiarratas a dhéanamh bheith ina saorálaithe is iarrthóirí:

(a)

saoránaigh an Aontais;

(b)

náisiúnaigh tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i mBallstát den Aontas; agus

(c)

saoránaigh ó na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23(1) faoi na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 12

Clár oiliúna agus tacaíocht le socrúcháin oiliúna agus printíseachta

1.   Agus é ag tógáil ar chláir agus ar nósanna imeachta atá ann cheana féin agus, más iomchuí, le rannpháirtíocht na n-institiúidí sainfheidhme, déanfaidh an Coimisiún clár oiliúna a bhunú chun na saorálaithe is iarrthóirí a ullmhú don imlonnú chun tacú le cabhair dhaonnúil agus í a chomhlánú.

2.   Beidh saorálaithe is iarrthóirí a sainaithníodh agus a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 incháilithe le bheith rannpháirteach sa chlár oiliúna arna chur chun feidhme ag eagraíochtaí cáilithe. Maidir le raon feidhme aonair agus inneachar na hoiliúna is gá do gach saorálaí is iarrthóir a chur i gcrích, is í an eagraíocht sallchuir lena mbaineann, i gcomhairle leis an ósteagraíocht dheimhnithe, ar bhonn riachtanas agus taithí roimh ré an tsaorálaí is iarrthóir agus an t-imlonnú atá beartaithe á gcur san áireamh a bhunóidh é.

3.   Mar chuid dá n-oiliúint agus go háirithe mar ullmhúchán lena n-imlonnú, féadfar a cheangal ar na saorálaithe is iarrthóirí tabhairt faoi shocrúcháin printíseachta in eagraíochtaí deimhnithe sallchuir, i dtír seachas a dtír tionscnaimh féin nuair is féidir.

4.   Gan dochar do mhír 3, i gcás saorálaithe is iarrthóirí nach dtairbhíonn de shocrúchán printíseachta, féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, ullmhúchán réamh-imlonnaithe, a bheidh saincheaptha do riachtanais agus d'imthosca speisialta an imlonnaithe, a fháil. Comhlíonfaidh an t-ullmhúchán agus an socrúchán printíseachta sin na caighdeáin agus na nósanna imeachta maidir le hullmhúchán dá dtagraítear in Airteagal 9.

5.   Áireofar sa chlár oiliúna measúnú ar ullmhacht na saorálaithe is iarrthóirí a bheith imlonnaithe chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú, agus chun na riachtanais áitiúla a chomhlíonadh. Déanfar an measúnú sin i gcomhar leis na heagraíochtaí sallchuir.

6.   Glacfaidh an Coimisiún socruithe an chláir oiliúna agus an nós imeachta maidir le measúnú ar a ullmhaithe atá na saorálaithe is iarrthóirí atá le himlonnú a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 13

Bunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE

1.   Measfar gur Saorálaithe Cabhrach AE iad na saorálaithe is iarrthóirí ar éirigh leo sa mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus beidh siad incháilithe le haghaidh imlonnaithe. Dá bhrí sin, áireofar iad i mbunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE.

2.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht agus incháilitheacht Shaorálaithe Cabhrach AE le haghaidh imlonnaithe agus rialóidh sé rochtain ar an mbunachar sonraí agus a úsáid. Déanfar próiseáil na sonraí pearsanta a bhaileofar sa bhunachar sonraí sin nó don bhunachar sonraí sin a chur i gcrích, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 14

Saorálaithe Cabhrach AE a imlonnú i dtríú tíortha

1.   Féadfar Saorálaithe Cabhrach AE atá sa bhunachar sonraí a imlonnú chun tacú le cabhair dhaonnúil agus í a chomhlánú, mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3 ar na bealaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir iad a imlonnú chuig ósteagraíochtaí i dtríú tíortha; nó

(b)

i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún iad a imlonnú chuig a oifigí allamuigh um chabhair dhaonnúil le haghaidh cúraimí tacaíochta.

2.   Comhlíonfaidh imlonnuithe na fíor-riachtanais arna gcur in iúl ar an leibhéal áitiúil ag na hósteagraíochtaí.

3.   I gcás an imlonnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, áiritheoidh eagraíochtaí sallchuir deimhnithe go gcomhlíontar na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9. Ní imlonnófar Saorálaithe Cabhrach AE chuig oibríochtaí a dhéantar i limistéar coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta.

4.   Déanfaidh na heagraíochtaí sallchuir deimhnithe údaráis náisiúnta ábhartha na mBallstát agus tíortha rannpháirteacha eile a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 23 sula n-imlonnófar duine dá saoránaigh mar Shaorálaí Cabhrach de chuid AE i gcomhréir leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9.

5.   Déanfar na téarmaí sonracha imlonnaithe agus ról Shaorálaithe Cabhrach AE, i ndlúthchomhar leis na hósteagraíochtaí, a leagan amach i gconradh idir eagraíochtaí sallchuir agus Saorálaithe Cabhrach AE, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí, fad agus suíomh imlonnaithe agus cúraimí Shaorálaithe Cabhrach AE.

6.   I gcás an imlonnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, síneoidh an Coimisiún “conradh imlonnaithe do shaorálaithe” le Saorálaithe Cabhrach AE, ina saineofar téarmaí agus coinníollacha sonracha an imlonnaithe. Ní dhéanfaidh na conarthaí imlonnaithe do shaorálaithe na cearta ná na hoibleagáidí a thig as Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus as Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (14) a thabhairt don saorálaí.

7.   Beidh meantóir ainmnithe ón ósteagraíocht ag gach Saorálaí Cabhrach de chuid AE chun an Saorálaí Cabhrach de chuid AE a mhaoirsiú agus tacú leis le linn an imlonnaithe.

Airteagal 15

Acmhainn ósteagraíochtaí do chabhair dhaonnúil a fhorbairt

Ar bhonn measúnú roimh ré ar riachtanais i dtríú tíortha arna dhéanamh ag na heagraíochtaí sallchuir agus na hósteagraíochtaí nó ag na gníomhaithe ábhartha eile, tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí atá dírithe ar acmhainn na n-ósteagraíochtaí le haghaidh cabhrach daonnúla a neartú chun an ullmhacht áitiúil agus an fhreagairt do ghéarchéimeanna cabhrach daonnúla a fheabhsú agus chun tionchar éifeachtach agus inbhuanaithe shaothar Shaorálaithe Cabhrach AE ar an talamh a áirithiú, lena n-áirítear:

(a)

bainistiú riosca tubaistí, ullmhacht agus freagairt ar thubaistí, cóitseáil, oiliúint i mbainistiú saorálaithe, agus réimsí ábhartha eile le haghaidh foirne agus saorálaithe ó ósteagraíochtaí;

(b)

dea-chleachtais a mhalartú, cúnamh teicniúil, cláir nasctha agus malartú foirne agus saorálaithe, líonraí a chruthú agus gníomhaíochtaí ábhartha eile.

Airteagal 16

Líonra don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE

1.   Déanfaidh an Coimisiún líonra don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bhunú agus a bhainistiú ar líonra é atá comhdhéanta:

(a)

de shaorálaithe is iarrthóirí agus de Shaorálaithe Cabhrach an AE atá rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach sa tionscnamh;

(b)

de na heagraíochtaí sallchuir agus de na hósteagraíochtaí,

(c)

d'ionadaithe na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa.

2.   Déanfaidh an líonra don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

idirghníomhú a éascú agus a bheith mar ardán chun eolas a roinnt, féachaint ar fhaisnéis agus í a scaipeadh le haghaidh malartú dea-chleachtais chomh maith le chun críocha an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 21(3);

(b)

forbairt comhpháirtíochtaí a éascú agus tionscadail chomhpháirteacha a fhorbairt le haghaidh imlonnú agus le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha acmhainne a mbeidh eagraíochtaí sallchuir ar fud an Aontais mar aon le hósteagraíochtaí i dtríú tíortha páirteach ann;

(c)

bonn a sholáthar ar ar féidir tógáil ar ghníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE d'fhonn feabhsú leanúnach agus faireachán agus meastóireacht éifeachtach a áirithiú;

(d)

deiseanna maidir le saorálaíocht ar líne a sholáthar i dtionscnaimh a bhaineann leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

Airteagal 17

Cumarsáid agus ardú feasachta

1.   Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí faisnéise poiblí, cumarsáide agus ardaithe feasachta chun an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE atá infheicthe a chur chun cinn agus chun saorálaíocht i gcabhair dhaonnúil a spreagadh laistigh den Aontas agus ina Bhallstáit agus sna tríú tíortha a thairbhíonn de na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin.

2.   Forbróidh an Coimisiún plean cumarsáide i ndáil le cuspóirí, gníomhaíochtaí agus torthaí infheicthe an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE ina ndéanfar gníomhaíochtaí cumarsáide agus scaipthe a shainiú don phobal, agus a bheidh dírithe go háirithe ar shaorálaithe is iarrthóirí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus ar thairbhithe na ngníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin. Déanfaidh an Coimisiún agus na tairbhithe, go háirithe eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí, chomh maith le Saorálaithe Cabhrach de chuid AE, an plean cumarsáide a chur chun feidhme.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ AGUS LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 incháilithe le haghaidh cúnaimh airgeadais, lena n-áirítear na bearta is gá lena gcur chun feidhme mar aon leis na bearta is gá atá dírithe ar an gcomhordú idir an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus scéimeanna ábhartha eile a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ag tógáil ar na dea-chleachtais atá ann cheana féin.

2.   Féadfaidh an cúnamh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 speansais eile a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bhainistiú agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach a chumhdach freisin.

3.   Féadfar na speansais dá dtagraítear i mír 2, go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, mar a leagtar amach in Airteagal 17, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéid is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, a chumhdach mar aon le speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise (lena n-áirítear idirnascadh le córais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo agus a ceapadh chun malartú sonraí trasearnála a chur chun cinn, agus trealamh bainteach), agus speansais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile ar fad arna dtabhú ag an gCoimisiún.

Airteagal 19

Tairbhithe airgeadais

Féadfar cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a dheonú ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha cibé acu atá siad á rialú ag an dlí príobháideach nó ag an dlí poiblí, agus measfar iad a bheith ina dtairbhithe airgeadais ina dhiaidh sin de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 20

Imchlúdach airgeadais

1.   Is é EUR 147 936 000 ag praghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Más gá, d'fhéadfaí leithreasaí íocaíochta a iontráil sa bhuiséad thar 2020 chun speansais chomhchosúla a chlúdach, chun bainistiú íocaíochta gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a chumasú.

2.   Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh, thar an tréimhse 2014-2020, i gcomhréir leis na cuspóirí oibríochtúla, na tosaíochtaí téamacha agus na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na tosaíochtaí a leasú agus chun gach ceann de na figiúirí san Iarscríbhinn a choigeartú le níos mó ná 10 bpointe céatadáin agus suas go dtí 20 pointe céatadáin. Níor cheart na coigeartuithe sin tarlú ach amháin tar éis thorthaí athbhreithniú ón gCoimisiún ar na tosaíochtaí agus ar na céatadáin théamacha a leagtar amach san Iarscríbhinn i bhfianaise thoradh na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27(4), agus sa chás sin glacfar na gníomhartha tarmligthe faoi 30 Meitheamh 2018.

4.   Más rud é, i gcás athbhreithniú riachtanach ar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil le tacú le gníomhaíochtaí freagartha éigeandála, go n-éilítear é sin ar mhórchúiseanna práinne, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn le níos mó ná 10 bpointe céatadáin agus suas go dtí 20 pointe céatadáin, laistigh de na leithdháiltí buiséadacha atá ar fáil agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25.

Airteagal 21

Cineálacha idirghabhála airgeadais agus nósanna imeachta cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Féadfaidh cúnamh airgeadais arna dheonú faoin Rialachán seo a bheith in aon cheann de na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus méid an chaiteachais iomláin ghaolmhair. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, agus na riachtanais mheasúnaithe, agus tráthchlár táscach cur chun feidhme á gcur san áireamh i gcás inarb iomchuí. I gcás deontas, áireofar sa chlár oibre bliantúil na tosaíochtaí, na critéir riachtanacha mheastóireachta agus an t-uasráta cómhaoinithe. Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil freisin rannpháirtíocht tríú tíortha faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23.

Airteagal 22

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

3.   Ceadófar don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais, le cinneadh deontais nó le conradh arna chistiú leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

4.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, déanfaidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhacht a thabhairt go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar na ráthaíochtaí nós imeachta go léir.

CAIBIDIL IV

COMHAR LE TÍORTHA EILE

Airteagal 23

Comhar le tíortha eile

1.   Beidh an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE oscailte do rannpháirteachas acu seo a leanas:

(a)

saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha aontacha, ó thíortha is iarrthóirí, ó iarrthóirí ionchasacha agus ó thíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna Comhaontuithe Réime ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó Chomhairlí Comhlachais, nó i socruithe comhchosúla;

(b)

saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gComhaontú LEE;

(c)

saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Eorpacha eile, faoi réir comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tíortha sin.

2.   Urramóidh na saorálaithe rannpháirteacha agus na heagraíochtaí a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme ó na tíortha comhoibritheacha na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

3.   Bunófar an comhar leis na tíortha rannpháirteacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, ar leithreasaí breise ó thíortha rannpháirteacha a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leis na tíortha sin.

CAIBIDIL V

TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2), in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 20(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht bliana ón 25 Aibreán 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airteagal 20(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) nó Airteagal 20(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

An nós imeachta práinne

1.   In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tiocfaidh gníomhartha a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad is nach léirítear agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 26

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste arna bhunú faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 maidir le cabhair dhaonnúil cúnamh don Choimisiún (15). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VI

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 27

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais go rialta chun a gcur chun feidhme a mheas, agus déanfar meastóireacht orthu go rialta trí mheastóireacht sheachtrach neamhspleách chun an éifeachtúlacht, an éifeachtacht agus a dtionchar a mheasúnú i bhfianaise chuspóirí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE. Áireofar san fhaireachán agus sa mheastóireacht na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus gníomhaíochtaí eile maidir le gnéithe sonracha an Rialacháin seo ar féidir iad a lainseáil tráth ar bith le linn a chur chun feidhme.

2.   Maidir leis na heagraíochtaí sallchuir a imlonnaíonn Saorálaithe Cabhrach AE lasmuigh den Aontas, beidh siad freagrach as faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus cuirfidh siad tuarascálacha faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin go rialta lena gcosnófar cearta uile saorálaithe aonair maidir le cosaint sonraí pearsanta.

3.   Sna meastóireachtaí, bainfear úsáid as na caighdeáin mheastóireachta atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus é mar chuspóir acu tionchar fadtéarmach an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE ar chabhair dhaonnúil a thomhas. Sa tréimhse mheastóireachta, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go rialta leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear saorálaithe, eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí, an pobal áitiúil a fhaigheann cúnamh, eagraíochtaí daonnúla agus oibrithe allamuigh. Úsáidfear torthaí na meastóireachta mar aiseolas chun athruithe a dhéanamh ar dhearadh an chláir agus ar leithdháileadh acmhainní.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a)

tuarascálacha bliantúla lena scrúdófar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme an Rialacháin seo agus, a mhéid is féidir, maidir leis na príomhthorthaí;

(b)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, tuarascáil mheastóireachta eatramhach ar thorthaí a fuarthas agus ar ghnéithe cáilíochta agus cainníochtúla cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear tionchar an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE ar an earnáil dhaonnúil daonnúla agus ar chost-éifeachtúlacht an chláir, le linn na gcéad trí bliana dá chur chun feidhme;

(c)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2018, teachtaireacht maidir le cur chun feidhme leanúnach an Rialacháin seo bunaithe ar an tuarascáil mheastóireachta eatramhach dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo;

(d)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021, tuarascáil mheastóireachta ex-post maidir leis an gcur chun feidhme don tréimhse airgeadais seacht mbliana.

5.   Faoin 1 Meán Fómhair 2019, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo agus beidh, i gcás inarb iomchuí tar éis an tuarascáil mheastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin.

6.   Cuirfidh an Coimisiún SEGS ar an eolas go rialta faoi ghníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE i gcomhréir leis na socruithe ábhartha oibre.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Márta 2014.

(2)  IO C 25, 30.1.2008, lch. 1.

(3)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(4)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(7)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 31).

(12)  IO C 100, 6.4.2013, lch. 14.

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(14)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus na Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir leis an gcabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CUSPÓIRÍ OIBRÍOCHTÚLA, TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA AGUS CÉATADÁIN MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH AN IMCHLÚDAIGH AIRGEADAIS LE HAGHAIDH CHUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

Tosaíocht théamach 1

Imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú:

Díreoidh an tosaíocht théamach seo ar an dtosaíocht théamach faoi phointe (a) d'Airteagal 7(1) (Rannchuidiú le cumas an Aontais a mhéadú agus a fheabhsú i dtaca le cabhair dhaonnúil a sholáthar):

Acmhainn chun teacht aniar a fhorbairt agus bainistiú riosca tubaistí i dtíortha soghonta, leochaileacha nó atá buailte le tubaiste agus i ngéarchéimeanna dearmadta, lena n-áirítear forbairt acmhainne ag Saorálaithe Cabhrach AE agus gníomhaíochtaí sna staideanna seo a leanas den timthriall bainistithe tubaiste: cosc tubaistí, ullmhacht, laghdú ar riosca tubaistí agus téarnamh ó ghéarchéimeanna nádúrtha agus géarchéimeanna de dhéanamh an duine — 31 % +/- 10 bpointe céatadáin;

Tacaíocht le haghaidh oibríochtaí freagartha éigeandála, lena n-áirítear forbairt acmhainne ag Saorálaithe Cabhrach AE agus gníomhaíochtaí i lóistíocht agus iompar, i gcomhordú, i mbainistiú tionscadal, in airgeadas agus riarachán, i gcumarsáid agus abhcóideacht — 10 % +/- 8 bpointe céatadáin;

Tosaíocht théamach 2

Ag forbairt acmhainní Shaorálaithe Cabhrach AE agus eagraíochtaí chur chun feidhme: 55 % +/- 10 bpointe céatadáin;

Díreoidh an tosaíocht théamach seo ar an gcuspóir oibríochtúil faoi phointe (b) d'Airteagal 7(1) (Feabhsú scileanna, eolais agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus téarmaí agus coinníollacha a rannpháirtíochta): pointe (c) d'Airteagal 7(1) Cur le hacmhainn ósteagraíochtaí agus saorálaíocht i dtríú tíortha a chothú; agus pointe (e) d'Airteagal 7(1) (Cur le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na saorálaíochta ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí cabhrach daonnúla a fheabhsú):

Socrúcháin oiliúna agus printíseachta le haghaidh saorálaithe is iarrthóirí;

Forbairt acmhainne ósteagraíochtaí le haghaidh cabhrach daonnúla, lena n-áirítear tacaíocht chun dul faoi deimhniúchán;

Deimhniúchán/Cúnamh teicniúil le haghaidh eagraíochtaí sallchuir.

Tosaíocht théamach 3

Bearta tacaíochta: 4 % +/– 2 phointe céatadáin

Díreoidh an cuspóir téamach seo ar an gcuspóir oibríochtúil faoi phointe (d) d'Airteagal 7(1) (Cumarsáid prionsabail cabhrach daonnúla an Aontais mar a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil a chur in iúl).


24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

18


RIALACHÁN (AE) Uimh. 376/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart leibhéal ginearálta sábháilteachta atá ard a áirithiú san eitlíocht shibhialta san Aontas agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh líon na dtionóiscí agus na dteagmhas a laghdú d'fhonn muinín an phobail san iompar eitlíochta a áirithiú.

(2)

Tá ráta na dtionóiscí marfacha san eitlíocht shibhialta tar éis fanacht seasmhach go leor le deich mbliana anuas. Mar sin féin, d'fhéadfadh méadú ar líon na dtionóiscí sna deicheanna blianta atá amach romhainn a bheith mar thoradh ar an méadú ar aerthrácht agus mar thoradh ar chastacht mhéadaithe theicniúil na n-aerárthach.

(3)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cosc a chur ar thionóiscí trí sheoladh imscrúduithe sábháilteachta atá tapa, éifeachtúil agus d'ardchaighdeán a éascú. Faoin Rialachán seo, níor cheart go gcuirfí isteach ar phróiseas na n-imscrúduithe ar thionóiscí agus ar theagmhais a bhainistíonn údaráis náisiúnta um imscrúdú sábháilteachta mar atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. I gcás tionóisce nó teagmhais thromchúisigh, bíonn an fógra i leith an tarluithe faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 freisin.

(4)

Forchuirtear le gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais atá ann faoi láthair, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus a rialacháin chur chun feidhme, oibleagáidí ar eagraíochtaí áirithe chun córais tuairiscithe ar tharluithe a bhunú i gcomhthéacs a gcóras bainistíochta sábháilteachta. Níor cheart go ndíolmhófaí eagraíochtaí ón Rialachán seo a chomhlíonadh ar an ábhar go gcomhlíonann siad Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacháin chur chun feidhme. Ar an dóigh chéanna, níor cheart go ndíolmhófaí eagraíochtaí a chomhlíonann an Rialachán seo ó Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacháin chur chun feidhme a chomhlíonadh. Ba cheart, áfach, nach mbeadh dhá chóras tuairiscithe chomhthreomhara mar thoradh ar an méid sin agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, a rialacháin chur chun feidhme, agus an Rialachán seo a mheas mar chórais chomhlántacha.

(5)

De réir na taithí roimhe seo, sula mbíonn tionóisc ann, is minic go léiríonn teagmhais a bhaineann le sábháilteacht agus easnaimh go bhfuil guaiseanna sábháilteachta ann. Is áis thábhachtach dá bhrí sin í an fhaisnéis sábháilteachta chun guaiseanna sábháilteachta iarbhír nó guaiseanna sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath. Ina theannta sin, cé go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith in ann foghlaim ó thionóisc, is léir anois nach bhfuil ach úsáid teoranta i gceist maidir le cumas córas atá go hiomlán frithghníomhach feabhsuithe a thabhairt chun cinn. Ba cheart, dá bhrí sin, córais fhrithghníomhacha a chomhlánú le córais onnghníomhacha a bhaineann leas as cineálacha eile faisnéise sábháilteachta chun feabhas éifeachtach a chur ar shábháilteacht eitlíochta. Ba cheart don Aontas, dá Bhallstáit, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (“an Ghníomhaireacht”) agus d'eagraíochtaí rannchuidiú le sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú trí chórais sábháilteachta atá níos onnghníomhaí agus bunaithe ar fhianaise agus ina ndírítear ar chosc tionóiscí bunaithe ar anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sábháilteachta ar fad atá ábhartha, lena n-áirítear faisnéis faoi tharluithe eitlíochta sibhialta.

(6)

D'fhonn sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú, ba cheart faisnéis ábhartha maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a thuairisciú, a bhailiú, a stóráil, a chosaint, a mhalartú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi, agus ba cheart beart sábháilteachta iomchuí a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a bhailítear. Ba cheart d'údaráis sábháilteachta eitlíochta ábhartha na mBallstát, d'eagraíochtaí, mar chuid dá gcóras bainistíochta sábháilteachta, agus don Ghníomhaireacht an cur chuige onnghníomhach, fianaise-bhunaithe a chur chun feidhme.

(7)

Ba cheart go mbeadh na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar eagraíochtaí i ndáil le tuairisciú ar tharluithe a bheith comhréireach le méid na heagraíochta lena mbaineann agus le raon feidhme a gníomhaíochta. Ba cheart, mar sin, go mbeifí in ann, go háirithe i gcás eagraíochtaí beaga, cinneadh a dhéanamh faoi fheidhmeanna a bhaineann le láimhseáil tarluithe a nascadh nó a chumasc laistigh den eagraíocht, cúraimí i ndáil le tuairisciú ar tharluithe a roinnt le heagraíochtaí eile den chineál céanna nó na sonraí faoi tharluithe a bhailiú, a mheas, a phróiseáil, a anailísiú agus a stóráil, a sheachfhoinsiú chuig eintitis speisialaithe atá formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart go gcloífeadh eintitis den sórt sin le prionsabal na cosanta agus prionsabal na rúndachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart go leanfadh an eagraíocht seachfhoinsithe leis an rialú is iomchuí a dhéanamh ar chúraimí seachfhoinsithe agus ba cheart go mbeadh sí cuntasach agus freagrach sa deireadh as na ceanglais a fhorordaítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(8)

Is gá a áirithiú go dtuairisceoidh foireann tosaigh lucht gairme na heitlíochta tarluithe lena ngabhann riosca suntasach do shábháilteacht na heitlíochta. Ba cheart na córais tuairiscithe éigeantaigh a chomhlánú le córais tuairiscithe dheonaigh, agus ba cheart go gcuirfeadh an péire acu ar chumas daoine aonair sonraí faoi tharluithe a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta a thuairisciú. Ba cheart córais tuairiscithe éigeantaigh agus dheonaigh a bhunú laistigh d'eagraíochtaí, den Ghníomhaireacht agus d'údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart an fhaisnéis a bhaileofar a aistriú chuig an údarás atá inniúil chun faireachán iomchuí a dhéanamh d'fhonn sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú. Ba cheart d'eagraíochtaí anailís a dhéanamh ar na tarluithe sin a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht d'fhonn na guaiseanna sábháilteachta a shainaithint agus aon bheart ceartaitheach nó coisctheach is iomchuí a dhéanamh. Ba cheart d'eagraíochtaí réamhthorthaí a gcuid anailíse a chur chuig údarás inniúil a mBallstát nó chuig an nGníomhaireacht agus ba cheart dóibh na torthaí críochnaitheacha a chur chucu freisin má aimsítear leis na torthaí sin riosca iarbhír nó riosca a d'fhéadfadh bheith ann. Ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht nós imeachta comhchosúil a bhunú i gcás na dtarluithe sin a tíolactar chucu go díreach agus ba cheart dóibh faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar mheasúnú na heagraíochta agus ar aon bheart ceartaitheach nó coisctheach a dhéanann an eagraíocht.

(9)

Tá catagóirí éagsúla ball foirne ann a oibríonn san eitlíocht shibhialta nó atá gafa leis ar bhealach éigin atá i láthair nuair a tharlaíonn teagmhais ar teagmhais ábhartha iad chun tionóiscí a chosc. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh rochtain acu ar uirlisí chun cur ar a gcumas na teagmhais sin a thuairisciú, agus ba cheart ráthaíocht a thabhairt maidir lena gcosaint. D'fhonn baill foirne a spreagadh tarluithe a thuairisciú agus d'fhonn cur ar a gcumas a thuiscint i gceart an dea-thionchar a bhíonn ag an tuairisciú ar tharluithe ar an aershábháilteacht, ba cheart fógra a thabhairt dóibh go rialta faoi na bearta a dhéantar faoi chórais tuairiscithe ar tharluithe.

(10)

Is mór an difear idir na guaiseanna agus na rioscaí a bhaineann le haerárthaigh atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach agus na guaiseanna agus na rioscaí a bhaineann le cineálacha eile aerárthach. Dá bhrí sin, cé gur cheart earnáil uile na heitlíochta a chumhdach leis an Rialachán seo, ba cheart do na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis bheith comhréireach leis an réimse gníomhaíochta agus le castacht chineálacha eile aerárthach. Ba cheart, dá réir sin faisnéis arna bailiú maidir le tarluithe lena mbaineann aerárthaigh seachas iad siúd atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach bheith faoi réir oibleagáidí simplí tuairiscithe a oireann níos fearr don bhrainse sin eitlíochta.

(11)

Ba cheart modhanna eile a spreagadh chun faisnéis sábháilteachta a bhailiú de bhreis ar na córais a cheanglaítear leis an Rialachán seo, d'fhonn faisnéis bhreise a bhailiú a d'fhéadfadh cuidiú le sábháilteacht na heitlíochta a fheabhsú. Eagraíochtaí a bhfuil córais dhea-fheidhmiúla maidir le bailiú faisnéise sábháilteachta acu faoi láthair, ba cheart go gceadófaí dóibh leanúint d'úsáid na gcóras sin taobh leis na córais atá le bunú chun críocha an Rialacháin seo.

(12)

Ba cheart go mbeadh rochtain iomlán ag údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus ag aon eintiteas a gcuirtear de chúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil laistigh den Aontas ar shonraí maidir le tarluithe atá bailithe ag a mBallstáit agus ar thuarascálacha ar tharluithe atá stóráilte ag a mBallstáit, d'fhonn a chinneadh cé na teagmhais ar cheart imscrúdú sábháilteachta a dhéanamh ina leith agus chun réimsí a shainaithint a mbeadh ceachtanna sábháilteachta le foghlaim uathu ar mhaithe le sábháilteacht eitlíochta agus ar mhaithe lena n-oibleagáidí formhaoirseachta a chomhlíonadh.

(13)

Tá sé ríthábhachtach sonraí a fháil atá iomlán agus d''ardcháilíocht toisc go bhféadfadh torthaí míthreoracha a bheith léirithe ag anailís agus treochtaí a thagann ó shonraí míchruinne agus toisc go bhféadfadh sé go mbeifí ag díriú iarrachtaí ar bheart míchuí mar gheall ar an méid sin. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go gcaillfí muinín san fhaisnéis a thagann ó scéimeanna um thuairisciú ar tharluithe de dheasca na sonraí míchruinne sin. D'fhonn cáilíocht na dtuarascálacha ar tharluithe a áirithiú, agus chun a gcomhláine a éascú, ba cheart faisnéis íosta áirithe a bheith iontu a d'fhéadfadh bheith éagsúil ag brath ar chatagóir an teagmhais. Ina theannta sin, ba cheart nósanna imeachta a chur chun feidhme chun cáilíocht na faisnéise a sheiceáil agus chun neamhréireacht a sheachaint idir tuarascáil ar tharlú agus na sonraí a bailíodh i dtús i dtaca leis an tarlú. Thairis sin, le tacaíocht ón gCoimisiún, ba cheart ábhar treorach leordhóthanach a fhorbairt, go háirithe chun cáilíocht na sonraí a áirithiú agus chun comhláine na sonraí chomh maith le comhtháthú sonraí i mbunachair shonraí atá comhsheasmhach agus comhionann a éascú. Ba cheart, don Choimisiún go háirithe, ceardlanna a eagrú chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil.

(14)

Ba cheart don Choimisiún comhscéim Eorpach um aicmiú riosca a fhorbairt chun aon ghníomhaíocht thapa is gá a shainaithint i gcás tarluithe sábháilteachta aonair ardriosca a áirithiú. Ba cheart go mbeifí in ann, leis an scéim sin, príomhréimsí riosca a shainaithint freisin, leis an scéim sin, i gcás faisnéise comhiomlánaithe. Leis an scéim sin ba cheart go dtabharfaí cabhair dos na heintitis ábhartha agus measúnú á dhéanamh acu ar tharluithe agus iad ag cinneadh an áit is fearr lena n-iarrachtaí a dhíriú. Le comhscéim Eorpach um aicmiú riosca, ba cheart go n-éascófaí cur chuige comhtháthaithe comhchuibhithe i leith an bhainistithe riosca ar fud an chórais eitlíochta Eorpaigh agus chuirfeadh sin ar chumas na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta díriú ar iarrachtaí chun sábháilteacht a fheabhsú ar bhealach comhchuibhithe.

(15)

Le comhscéim Eorpach um aicmiú riosca, ba cheart go mbeifí in ann freisin, príomhréimsí riosca laistigh den Aontas a shainaithint ar bhonn faisnéise comhiomlánaithe ó pheirspictíocht Eorpach agus tacú leis an obair atá déanta i réimse an Chláir Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta agus an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta araon, de bharr na scéime sin. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht iomchuí a thabhairt chun aicmiú riosca atá comhsheasmhach agus comhionann sna Ballstáit ar fad a áirithiú.

(16)

Chun malartú faisnéise a éascú, ba cheart tuarascálacha ar tharluithe a stóráil i mbunachair shonraí, ar bunachair shonraí iad ba cheart a bheith comhoiriúnach leis an Ionad Comhordaithe Eorpach um Chórais Tuairiscithe ar Theagmhais Aerárthaí (ECCAIRS) (na bogearraí atá in úsáid ag na Ballstáit ar fad agus ag an Stór Lárnach Eorpach chun tuarascálacha ar tharluithe a stóráil) agus le tacsanomaíocht ADREP (tacsanomaíocht de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), in úsáid do bhogearraí ECCAIRS freisin). Ba cheart don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tacaíocht theicniúil a chur ar fáil ar mhaithe le hidir-inoibritheacht na gcóras.

(17)

Ba cheart go stórálfadh eagraíochtaí tuarascálacha ar tharluithe a thagann ó shonraí faoi tharluithe a bhailítear faoi na córais tuairiscithe éigeantaigh agus i gcás inarb infheidhme, faoi na córais tuairiscithe dheonaigh i mbunachar sonraí amháin nó níos mó. Ba cheart go bhféadfadh castacht an bhunachair shonraí bheith ar comhréir le méid na heagraíochta lena mbaineann agus/nó leis an tábhacht atá léi i leith chuspóirí an Rialacháin seo, agus ba cheart, ar a laghad, do chomhad sonraí bheith ann ina mbeadh na comhréimsí sonraí sainordaitheacha agus, i gcás inarb infheidhme, na réimsí sonraí sainordaitheacha sonracha.

(18)

Ba cheart tarluithe lena bhfuil baint ag aerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag eagraíocht atá bunaithe i mBallstát a thuairisciú fiú i gcás inar tharla sé lasmuigh de chríoch an Bhallstáit sin.

(19)

Ba cheart faisnéis maidir le tarluithe a mhalartú laistigh den Aontas chun guaiseanna iarbhír nó guaiseanna a d'fhéadfadh bheith ann a bhrath. Ba cheart go gcuirfeadh an malartú faisnéise freisin ar chumas na mBallstát rochtain bheith acu ar an bhfaisnéis ar fad is ábhartha maidir le tarluithe a tharlaíonn ina gcríoch féin nó ina n-aerspás ach a thuairiscítear do Bhallstát eile. Ba cheart go gcuirfí leis ar chumas na Gníomhaireachta teacht ar fhaisnéis shonrach faoi tharluithe agus ba cheart go mbeadh rochtain aige ar na tuarascálacha uile ar tharluithe a bailíodh san Aontas d'fhonn beart ceartaitheach a dhéanamh, más gá, chun feidhmiú in éadan riosca a sainaithníodh san Aontas. Ba cheart go gcuirfeadh an malartú faisnéise seo ar chumas údaráis inniúla na mBallstát faisnéis bheacht a fháil maidir le tarluithe ina n-aerspás agus, nuair is gá sin, beart ceartaitheach a dhéanamh chun feidhmiú in éadan riosca a sainaithníodh ina gcríoch.

(20)

Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag an malartú faisnéise tionóiscí agus teagmhais eitlíochta a chosc. Níor cheart é a úsáid chun milleán nó dliteanas a shannadh nó chun tagarmharcanna a bhunú le haghaidh feidhmíochta sábháilteachta.

(21)

Is tríd an Stór Lárnach Eorpach an bealach is éifeachtúla le líon mór faisnéise sábháilteachta a mhalartú idir na Ballstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, ar choinníoll go bhfuil rochtain iomlán ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht air.

(22)

Ba cheart an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht agus a thagann ó thuarascálacha ar tharluithe a bhailítear san Aontas a aistriú chuig an Stór Lárnach Eorpach go tráthúil. Ba cheart bailiú faisnéise maidir le teagmhais a áireamh leis sin mar aon leis an bhfaisnéis maidir le tionóiscí agus maidir le teagmhais thromchúiseacha arna n-imscrúdú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

(23)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo le faisnéis maidir le tarluithe agus a stóráiltear i mbunachair shonraí eagraíochtaí, na mBallstát agus na Gníomhaireachta.

(24)

Ba cheart an fhaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht atá sa Stór Lárnach Eorpach a bheith ar fáil d'eintitis a bhfuil an cúram orthu sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialú laistigh den Aontas, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht agus do na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu tionóiscí agus teagmhais laistigh den Aontas a imscrúdú.

(25)

Ba cheart go bhféadfadh páirtithe leasmhara rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach, faoi réir na rialacha maidir le rúndacht na faisnéise sin agus faoi réir anaithnideacht na ndaoine lena mbaineann.

(26)

Ós rud é gur ag na pointí náisiúnta teagmhála atá an t-eolas is fearr ar pháirtithe leasmhara atá bunaithe i mBallstát áirithe, ba cheart do gach pointe náisiúnta teagmhála déileáil leis na hiarrataí ó pháirtithe leasmhara atá bunaithe i gcríoch a Bhallstáit féin. Ba cheart don Choimisiún déileáil le hiarrataí ó pháirtithe leasmhara ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(27)

Ba cheart anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe agus rioscaí sábháilteachta a shainaithint. Ba cheart aon bheart iomchuí, a leanfaidh chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú tuilleadh a shainaithint agus a chur chun feidhme go tráthúil. Ba cheart faisnéis a scaipeadh laistigh d'eagraíochtaí, d'údaráis inniúla na mBallstát agus den Ghníomhaireacht maidir leis an anailís a dhéantar ar tharluithe agus maidir leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith mar is dreasú é do dhaoine aonair tarluithe a thuairisciú má sholáthraítear aiseolas maidir leis na tarluithe a tuairiscíodh. Ba cheart faisnéis faoin anailís ar tharluithe agus faoin obair leantach ina leith a scaipeadh freisin, nuair is infheidhme agus más féidir, ar na daoine aonair a thuairiscigh na tarluithe go díreach d'údaráis inniúla na mBallstát nó don Ghníomhaireacht. Ba cheart d'aiseolas den sórt sin na rialacha maidir le rúndacht a chomhlíonadh agus ba cheart cosaint a thabhairt de bhun an Rialacháin seo don tuairisceoir agus do na daoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú.

(28)

Leis an Rialachán seo ba cheart go gcuirfear cabhair ar fáil do na Ballstáit, don Ghníomhaireacht agus d'eagraíochtaí chun rioscaí sábháilteachta eitlíochta a bhainistiú. Déantar córais bainistíochta sábháilteachta na n-eagraíochtaí a chomhlánú le córais bainistíochta sábháilteachta na mBallstát agus na Gníomhaireachta. Cé go ndéanann eagraíochtaí bainistiú ar rioscaí sábháilteachta a bhaineann lena ngníomhaíocht sonrach, déanann údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht bainistiú ar rioscaí sábháilteachta do chórais eitlíochta na mBallstáit ina n-iomláine agus do chórais eitlíochta an Aontais ina n-iomláine faoi seach, agus aghaidh á tabhairt acu ar rioscaí sábháilteachta don eitlíocht sna Ballstáit lena mbaineann nó ar leibhéal an Aontais. Leis na freagrachtaí atá ar an nGníomhaireacht agus ar údaráis inniúla na mBallstát, níor cheart eagraíochtaí a shaoradh ó na freagrachtaí atá orthu go díreach maidir leis an tsábháilteacht a bhainistiú, ar cuid bhunúsach í de na hearraí agus de na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. Chun na críche sin, ba cheart go mbaileodh eagraíochtaí faisnéis maidir le tarluithe agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh orthu d'fhonn na guaiseacha a bhaineann lena ngníomhaíochtaí a shainaithint agus gníomh a dhéanamh ina gcoinne. Ba cheart freisin go ndéanfadh siad na rioscaí sábháilteachta a bhaineann leo a mheas agus acmhainní a leithdháileadh chun bearta cuí maolaithe riosca a ghlacadh go tráthúil. Ba cheart don údarás inniúil ábhartha faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas foriomlán, agus, nuair is gá, ba cheart dó a iarraidh go ndéanfaí beart breise chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar ba cheart ar easnaimh shábháilteachta. Ar an lámh eile, ba cheart go ndéanfadh údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht córais bainistíochta sábhailteachta eagraíochtaí a chomhlánú ar leibhéal an Bhallstáit agus ar leibhéal na hEorpa faoi seach.

(29)

Agus an beart atá le háireamh ina gClár Sábháilteachta Stáit agus ina bPlean Sábháilteachta Stáit á gcinneadh ag na Ballstáit agus lena áirithiú go bhfuil an beart bunaithe ar fhianaise, ba cheart do na Ballstáit leas a bhaint as an bhfaisnéis a thagann ó na tuarascálacha ar tharluithe a bhailíodh agus as an anailís orthu. Déantar Cláir Shábháilteachta Stáit agus Pleananna Sábháilteachta Stáit a chomhlánú ar leibhéal na hEorpa leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an fheabhsaithe ar shábháilteacht eitlíochta a bhaint amach go leordhóthanach mar nach bhfuil na córais tuairiscithe a oibríonn na Ballstáit ar leithligh chomh héifeachtúil céanna le líonra comhordaithe ina mbeadh malartú faisnéise le go bhféadfaí fadhbanna sábháilteachta féideartha agus príomhréimsí riosca ar leibhéal an Aontais a shainaithint, ba cheart an anailís ar leibhéal náisiúnta a chomhlánú le hanailís agus le bearta leantacha ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú gur fearr a dhéanfaí tionóiscí agus teagmhais eitlíochta a chosc. Ba cheart do líonra anailísithe sábháilteachta eitlíochta an cúram sin a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún. Ba cheart go bhféadfadh an líonra sin cinneadh a dhéanamh, trí chomhthoil, cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí eile chuig a gcruinnithe, lena n-áirítear fostaithe nó ionadaithe tionscail.

(31)

Ba cheart don Chlár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus don Phlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta leas a bhaint go háirithe as obair líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta chun na críche na bearta is gá a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais a chinneadh i bpeirspictíocht atá bunaithe ar fhianaise.

(32)

Ba cheart faisnéis chomhiomlánaithe ghinearálta maidir le leibhéal na sábháilteachta eitlíochta sna Ballstáit agus san Aontas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. Ba cheart a chumhdach san fhaisnéis sin, go háirithe, treochtaí agus anailís a thagann ó chur chun feidhme an Rialacháin seo ag na Ballstáit, chomh maith le faisnéis i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir lena bhfuil sa Stór Lárnach Eorpach, agus féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí tháscairí maidir le feidhmíocht shábháilteachta (SPIanna) a fhoilsiú.

(33)

Tá córas sábháilteachta na heitlíochta sibhialta bunaithe ar bhonn aiseolais agus ar bhonn na gceachtanna a foghlaimíodh ó thionóiscí agus ó theagmhais. Tá tuairisciú ar tharluithe agus úsáid faisnéise tarluithe ar mhaithe le sábháilteacht a fheabhsú bunaithe ar ghaol muiníne idir an té a thuairiscigh agus an t-eintiteas atá i gceannas ar an bhfaisnéis a bhailiú agus a mheasúnú. Chuige sin ní mór na rialacha maidir le rúndacht a chur i bhfeidhm go docht. Maidir le faisnéis sábháilteachta a chosaint ar úsáid mhíchuí agus maidir leis an rochtain theoranta ar an Stór Lárnach Eorpach do pháirtithe leasmhara amháin atá rannpháirteach i bhfeabhsú sábháilteachta eitlíochta sibhialta, is é an cuspóir atá leo a áirithiú go mbeidh faisnéis sábháilteachta le fáil go leanúnach le gur féidir beart coisctheach cuí a ghlacadh in am trátha agus sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú. Sa chomhthéacs seo, ba cheart faisnéis sábháilteachta íogair a chosaint mar is iomchuí agus ba cheart bailiú na faisnéise sin a áirithiú trína rúndacht agus trína fhoinse a ráthú agus trí mhuinín na foirne atá ag obair san eitlíocht shibhialta as córais tuairiscithe ar tharluithe a áirithiú. Ba cheart bearta iomchuí a bhunú chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin a bhailítear trí scéimeanna um thuairisciú ar tharluithe faoi rún agus go mbeidh an rochtain ar an Stór Lárnach Eorpach teoranta. Ba cheart an rúndacht is gá i dtaca le faisnéis den sórt sin a chur san áireamh i rialacha náisiúnta um shaoráil faisnéise. Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear a chosaint go leordhóthanach ar úsáid neamhúdaraithe nó ar nochtadh neamhúdaraithe. Ba cheart í a úsáid chun sábháilteacht eitlíochta a chothú nó a fheabhsú amháin agus níor cheart í a úsáid chun milleán nó dliteanas a shannadh.

(34)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh muinín ag na fostaithe nó ag pearsanra ar conradh as córas tuairiscithe ar tharluithe na heagraíochta, ba cheart cosaint iomchuí a thabhairt don fhaisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe agus níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha seachas sábháilteacht na heitlíochta a chothú nó a fheabhsú. Le rialacha inmheánacha an “chultúir chóir” a ghlac na heagraíochtaí de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcuideofaí go mór leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé gur bealach éifeachtach é leis an gcuspóir seo a bhaint amach dá gcuirfí srian ar tharchur na sonraí pearsanta, nó ar tharchur na faisnéise trínar féidir an tuairisceoir nó na daoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a shainaithint, trí na ranna a láimhseálann tuarascálacha ar tharluithe a scoitheadh amach ón gcuid eile den eagraíocht.

(35)

Ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do thuairisceoir nó do dhuine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tuarascálacha ar tharluithe a chur ó aithint agus níor cheart na sonraí a bhaineann leis an tuairisceoir agus leis na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a chur isteach i mbunachair shonraí.

(36)

Ina theannta sin, ba cheart “cultúr sábháilteachta” a chur chun cinn sa chóras eitlíochta sibhialta, ar cultúr é trína n-éascófaí tuairisciú spontáineach ar tharluithe agus, ar an gcaoi sin, trína ndéanfaí prionsabal an “chultúir chóir” a chur ar aghaidh. Is gné ríthábhachtach é “an cultúr cóir” de théarma níos leithne “cultúr sábháilteachta” atá mar bhunchloch ag córas stóinseach bainistíochta sábháilteachta. Le timpeallacht a ghlacann le prionsabail an “chultúir sábháilteachta”, níor cheart cosc a chur ar bheart a dhéanamh atá riachtanach chun leibhéal na sábháilteachta eitlíochta a chothabháil nó a fheabhsú.

(37)

Le “cultúr cóir” ba cheart daoine aonair a spreagadh le faisnéis a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú. Ach níor cheart daoine aonair a scaoileadh óna ngnáthfhreagrachtaí. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go mbeadh fostaithe ná pearsanra ar conradh faoi réir aon chlaontachta ar bhonn na faisnéise atá curtha ar fáil acu de bhun an Rialacháin seo, seachas i gcás mí-iompair thoiliúil nó i gcás inar tugadh neamhaird fhollasach, mhillteanach, thromchúiseach ar riosca follasach agus i gcás inar theip glan ar fhreagracht ghairmiúil an cúram a bhí ag teastáil a ghlacadh sna himthosca sin, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó i gcás ina gcuirtear sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.

(38)

D'fhonn daoine a spreagadh tarluithe a thuairisciú, ní hamháin gur cheart na tuairisceoirí a chosaint, ach ba cheart na daoine sin a luaitear sna tuarascálacha ar tharluithe lena mbaineann a chosaint freisin. Mar sin féin, níor cheart go saorfadh cosaint den sórt sin na daoine sin óna n-oibleagáidí maidir le tuairisciú faoin Rialachán seo. Go háirithe i gcás ina luaitear duine i dtuarascáil ar tharlú agus ina bhfuil oibleagáid air féin an tarlú céanna sin a thuairisciú, agus i gcás ina mainníonn sé d'aon ghnó é a thuairisciú, ba cheart ansin go gcaillfeadh an duine sin an chosaint a bheadh aige nó aici agus ba cheart go ngearrfaí pionóis air nó uirthi agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(39)

Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta agus do riaradh cuí an cheartais, tá sé tábhachtach a mhéid a chosnaítear an tuairisceoir agus na daoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe ó chlaontacht nó ó ionchúiseamh a shocrú go soiléir.

(40)

Chun muinín daoine aonair as an gcóras a fheabhsú, ba cheart láimhseáil na dtuarascálacha ar tharluithe a eagrú sa chaoi is go dtabharfar cosaint iomchuí do rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe i ndáil le “cultúr cóir” a chothú. Ba cheart go ndíreofaí leis sin, a mhéid is féidir, ar chóras neamhspleách láimhseála tarluithe a bhunú.

(41)

Tá ról suntasach ag foireann eagraíochtaí, ag foireann údaráis inniúla na mBallstát agus ag foireann na Gníomhaireachta a bhfuil lámh acu i dtarluithe a mheas, a phróiseáil nó a anailísiú maidir le guaiseacha sábhailteachta agus easnaimh shábháilteachta a shainaithint. Léirítear leis an taithí atá faighte gur féidir breathnú siar ar tharluithe i ndiaidh tionóisce agus anailís a dhéanamh as ar féidir rioscaí agus easnaimh a shainaithint nárbh fhéadfaí a shainaithint murach sin. Dá bharr sin, d'fhéadfaí go mbeadh eagla ar na daoine sin a bhfuil lámh acu i dtarluithe a mheas, a phróiseáil nó a anailísiú roimh na hiarmhairtí a d'fhéadfadh bheith ann maidir le hionchúiseamh os comhair na n-údarás breithiúnacha. Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta ná do riaradh cuí an cheartais, níor cheart go ndéanfadh na Ballstáit imeachtaí a thionscnamh i gcoinne daoine a bhfuil lámh acu, in údaráis inniúla na mBallstát, i dtarluithe a mheas, a phróiseáil nó a anailísiú, i dtaca le cinntí a ghlacann siad mar chuid dá ndualgais a mheastar, ina dhiaidh sin ar bhreathnú siar, a bheith mícheart nó neamhéifeachtach, ach a bhí comhréireach agus iomchuí tráth ar glacadh iad, leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil ag an am.

(42)

Ba cheart an deis a bheith ag fostaithe agus ag pearsanra ar conradh sáruithe a thuairisciú, ar sáruithe iad ar na prionsabail lena sainítear a gcosaint mar atá sí bunaithe leis an Rialachán seo, agus níor cheart pionóis a ghearradh orthu as ucht na sáruithe sin a thuairisciú. Ba cheart do na Ballstáit na hiarmhairtí a shainiú atá ann dóibh siúd a bhfuil prionsabail chosaint an tuairisceora agus na ndaoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe sáraithe acu agus ba cheart réitigh a ghlacadh nó pionóis a fhorchur mar is iomchuí.

(43)

D'fhéadfaí daoine a chur ó tharluithe a thuairisciú toisc eagla bheith orthu go n-ionchoireoidís iad féin agus go bhféadfaí iad a ionchúiseamh os comhair na n-údarás breithiúnach. Féadfar cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach gan cur isteach go míchuí ar chórais ceartais na mBallstát. Maidir le sáruithe ar an dlí nach bhfuil réamhbheartaithe nó sáruithe ar an dlí atá neamhaireach ar sáruithe iad nach dtagann ar aire údaráis na mBallstát ach amháin de bharr gur tuairiscíodh iad de bhun an Rialacháin seo, is iomchuí mar sin go bhforálfaí nár cheart dóibh a bheith faoi réir imeachtaí disciplíneacha, riaracháin nó dlíthiúla, seachas i gcás ina mbeadh foráil eile dó sin ann dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme. Maidir leis an gceart a bheadh ag tríú páirtithe imeachtaí sibhialta a thionscnamh, níor cheart go gcumhdófaí leis an gcosc seo é agus ba cheart gur faoi réir an dlí náisiúnta amháin a bheadh sé.

(44)

Mar sin féin, i gcomhthéacs timpeallacht an “chultúir chóir” a fhorbairt, ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit i gcónaí an cosc atá ar thuarascálacha ar tharluithe a úsáid mar fhianaise i gcoinne tuairisceoirí in imeachtaí riaracháin agus araíonachta a chur i bhfeidhm freisin maidir le himeachtaí sibhialta nó coiriúla.

(45)

Ina theannta sin, ba cheart an comhar idir na húdaráis sábháilteachta agus na húdaráis bhreithiúnacha a fheabhsú agus a dhéanamh foirmiúil trí bhíthin réamhshocruithe eatarthu féin lenar cheart an chothromaíocht idir leasanna éagsúla an phobail atá i gceist a urramú agus lenar cheart, mar shampla, rochtain ar thuarascálacha ar tharluithe atá sna bunachair shonraí náisiúnta agus a n-úsáid a chumhdach go háirithe.

(46)

Chun tacú leis na freagrachtaí breise a cuireadh ar an nGníomhaireacht faoin Rialachán seo, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a thabhairt di chun cur ar a cumas na cúraimí breise a shanntar di a dhéanamh.

(47)

Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, moltar gur cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(48)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus le líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta dá dtagraítear anseo.

(49)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(50)

Na rialacha maidir le próiseáil sonraí agus cosaint daoine aonair mar a leagtar síos iad i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart iad a urramú go hiomlán i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na rialacha maidir le rochtain ar shonraí mar a leagtar síos iad i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a urramú go hiomlán i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo seachas maidir le scaipeadh sonraí agus faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach, atá faoi chosaint rialacha rochtana níos déine atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(51)

Ba cheart go mbeadh pionóis infheidhme, go háirithe, maidir le duine nó le heintiteas a bhaineann mí-úsáid as faisnéis a chosnaítear leis an Rialachán seo de shárú ar an Rialachán seo; a ghníomhaíonn chun dochair don tuairisceoir nó do dhaoine eile a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe, seachas i gcásanna nuair a bhíonn feidhm ag na díolúintí a leagtar síos sa Rialachán seo; nach mbunaíonn timpeallacht atá iomchuí chun sonraí a bhailiú i dtaca le tarluithe; nach ndéanann anailís ar an bhfaisnéis a bhailítear; nach ngníomhaíonn chun aghaidh a thabhairt air nuair a bhraitear easnaimh shábháilteachta nó aon easnaimh shábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann; nó nach roinneann an fhaisnéis arna bailiú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(52)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú i réimse an tuairiscithe ar tharluithe san eitlíocht shibhialta, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí uile-Aontais, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(53)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 a leasú dá réir sin.

(54)

Maidir le Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún (10), Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (11), ba cheart, dá bhrí sin, iad a aisghairm.

(55)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 10 Aibreán 2013 (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú san Aontas trína áirithiú go dtuairiscítear, go mbailítear, go stóráiltear, go gcosnaítear, go malartaítear agus go scaiptear faisnéis ábhartha a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta sibhialta agus go ndéantar anailís uirthi.

Áirithítear leis an Rialachán seo:

(a)

i gcás inarb iomchuí, go ndéantar beart sábháilteachta go tráthúil bunaithe ar anailís arna déanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear;

(b)

go mbeidh faisnéis sábháilteachta fós ar fáil trí rialacha maidir le rúndacht agus maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis a thabhairt isteach agus trí chosaint chomhchuibhithe agus fheabhsaithe a thabhairt do tuairisceoirí agus do dhaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe; agus

(c)

go mbreathnófar ar rioscaí i dtaobh shábháilteacht na heitlíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus go ndéileálfar leo ar na leibhéil sin freisin.

2.   Is é an t-aon chuspóir atá le tuairisciú ar tharluithe tionóiscí agus teagmhais a chosc seachas milleán nó dliteanas a shannadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tuairisceoir” duine nádúrtha a thuairiscíonn tarlú nó faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht de bhun an Rialacháin seo;

(2)

ciallaíonn “aerárthach” aon mheaisín is féidir tacaíocht a fháil san atmaisféar ó imoibrithe an aeir seachas imoibrithe an aeir i gcoinne dhromchla an domhain;

(3)

ciallaíonn “teagmhas” teagmhas de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(4)

ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas tromchúiseach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(5)

ciallaíonn “tionóisc” tionóisc de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(6)

ciallaíonn “faisnéis atá curtha ó aithint” faisnéis a eascraíonn ó thuarascálacha ar tharluithe as ar baineadh na sonraí pearsanta uile amhail ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha;

(7)

ciallaíonn “tarlú” aon imeacht a bhaineann le sábháilteacht a chuireann aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile i mbaol nó a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí é nó mura dtabharfaí aghaidh air, agus áirítear air tionóisc nó teagmhas tromchúiseach go háirithe;

(8)

ciallaíonn “eagraíocht” aon eagraíocht a chuireann táirgí eitlíochta ar fáil agus/nó a fhostaíonn na daoine a bhíonn ag teastáil chun tarluithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4(6) nó a dhéanann conradh leis na daoine sin nó a bhaineann úsáid as seirbhísí na ndaoine sin;

(9)

ciallaíonn “anaithnidiú” na sonraí pearsanta ar fad a bhaineann leis an tuairisceoir agus leis na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe agus aon sonraí, lena n-áirítear ainm na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí a bhfuil baint aici nó acu leis an tarlú, ar sonraí iad a bhféadfaí céannacht an tuairisceora nó céannacht tríú páirtí a nochtadh leo nó a bhféadfaí an fhaisnéis sin a thuiscint ón tuarascáil ar tharlú, a bhaint de thuarascálacha ar tharluithe;

(10)

ciallaíonn “guais” coinníoll nó rud ag a bhfuil an acmhainneacht bás a thabhairt ar dhuine, duine a ghortú, díobháil a dhéanamh do threalamh nó do struchtúir, ábhair a chailleadh, nó laghdú a dhéanamh ar chumas duine feidhm fhorordaithe a chomhlíonadh;

(11)

ciallaíonn “údarás um imscrúdú sábháilteachta” an t-údarás náisiúnta buan um imscrúdú sábháilteachta eitlíochta sibhialta atá i mbun imscrúduithe sábháilteachta nó i mbun formhaoirseachta orthu mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(12)

ciallaíonn an “cultúr cóir” an cultúr atá ann nuair nach gcuirtear pionós ar oibreoirí tosaigh nó ar dhaoine eile as gníomhartha, easnaimh nó cinntí arna ndéanamh acu atá i gcomhréir lena dtaithí agus lena n-oiliúint, ach nuair nach nglactar le mórfhaillí, le sáruithe toiliúla agus le gníomhartha scriosacha;

(13)

ciallaíonn “pointe teagmhála”:

(a)

i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear i mBallstát iarraidh ar fhaisnéis, an t-údarás inniúil atá ainmnithe ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6(3);

(b)

i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear lasmuigh den Aontas iarraidh ar fhaisnéis, an Coimisiún;

(14)

ciallaíonn “páirtí leasmhar” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó ná bíodh, is féidir bheith rannpháirteach i bhfeabhsú na sábháilteachta eitlíochta trí rochtain a bheith aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe arna malartú ag na Ballstáit agus a thagann faoi chatagóir amháin de pháirtithe leasmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(15)

ciallaíonn an “Clár Sábháilteachta Stáit” sraith chomhtháite gníomhartha dlíthiúla agus gníomhaíochtaí lena ndírítear ar shábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú i mBallstát;

(16)

ciallaíonn an “Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” measúnú ar shaincheisteanna sábháilteachta agus an plean gníomhaíochta a bhaineann leis ar an leibhéal Eorpach;

(17)

ciallaíonn an “Clár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” an tsraith chomhtháite rialachán ar leibhéal an Aontais, in éineacht leis na gníomhaíochtaí agus na próisis a úsáidtear chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a bhainistiú i gcomhpháirt ar an leibhéal Eorpach;

(18)

ciallaíonn “córas bainistíochta sábháilteachta” cur chuige córasach chun sábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú lena n-áirítear na struchtúir, na freagrachtaí, na beartais agus na nósanna imeachta eagraíochtúla is gá agus áirítear leis aon chóras bainistíochta, atá neamhspleách nó comhtháite le córais bhainistíochta eile de chuid na heagraíochta, a thugann aghaidh ar an tsábháilteacht a bhainistiú.

Airteagal 3

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha

(a)

maidir le tuairisciú ar tharluithe a chuireann an t-aerárthach, na daoine atá ar bord, aon duine eile, an trealamh nó an tsuiteáil lena ndéantar difear d'oibríochtaí an aerárthaigh i mbaol nó tarluithe a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí iad nó mura dtabharfaí aghaidh orthu; agus tuairisciú ar aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht sa chomhthéacs sin;

(b)

maidir le hanailís agus maidir le bearta leantacha i dtaca le tarluithe arna dtuairisciú agus maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht;

(c)

maidir le lucht gairme na heitlíochta a chosaint;

(d)

maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis sábháilteachta arna bailiú;

(e)

maidir le faisnéis a chomhtháthú sa Stór Lárnach Eorpach; agus

(f)

maidir leis an bhfaisnéis anaithnid a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara chun an fhaisnéis a theastaíonn uathu d'fhonn sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a fheabhsú a chur ar fáil dóibh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bhfuil baint ag aerárthaí sibhialta, cé is moite d'aerárthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bhfuil baint ag na haerárthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

Airteagal 4

Tuairisciú éigeantach

1.   Na tarluithe sin lena ngabhfadh riosca suntasach do shábháilteacht na heitlíochta agus a thagann faoi na catagóirí seo a leanas, déanfaidh na daoine a liostaítear i mír 6 iad a thuairisciú trí na córais tuairiscithe éigeantaigh ar tharluithe de bhun an Airteagail seo:

(a)

tarluithe a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, amhail:

(i)

tarluithe a bhaineann le himbhualadh;

(ii)

tarluithe a bhaineann le héirí ó thalamh agus le tuirlingt;

(iii)

tarluithe a bhaineann le breosla;

(iv)

tarluithe le linn eitilte;

(v)

tarluithe a bhaineann le cumarsáid;

(vi)

tarluithe a bhaineann le díobháil, le héigeandálaí agus le cásanna ríthábhachtacha eile;

(vii)

an fhoireann a bheith éagumasaithe agus tarluithe eile a bhaineann leis an bhfoireann;

(viii)

dálaí meitéareolaíochta nó tarluithe a bhaineann leis an tslándáil;

(b)

tarluithe a bhaineann le dálaí teicniúla, cothabháil agus deisiúchán an aerárthaigh, amhail:

(i)

lochtanna struchtúracha;

(ii)

mífheidhmeanna córas;

(iii)

fadhbanna cothabhála agus deisiúcháin;

(iv)

fadbhanna tiomána (lena n-áirítear innill, liáin agus córais rótair) agus fadhbanna maidir le haonaid chumhachta chúnta;

(c)

tarluithe a bhaineann le seirbhísí agus saoráidí aerloingseoireachta, amhail:

(i)

imbhuailtí, neas-imbhuailtí nó imbhuailtí a d'fhéadfadh a bheith ann,

(ii)

tarluithe sonracha bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (ATM/ANS);

(iii)

tarluithe oibríochta ATM/ANS;

(d)

tarluithe a bhaineann le haeradróim agus seirbhísí talún, amhail:

(i)

tarluithe a bhaineann le gníomhaíochtaí agus saoráidí aeradróim;

(ii)

tarluithe a bhaineann le láimhseáil paisinéirí, bagáiste, post agus lasta;

(iii)

tarluithe a bhaineann le seirbhísí láimhseála aerárthaí ar an talamh agus le seirbhísí gaolmhara.

2.   Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe dá dtagraítear i mír 1.

3.   Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe lena n-áirítear sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú ag eagraíochtaí de bhun mhír 2 a bhailiú.

4.   Bunóidh an Ghníomhaireachta Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (“an Ghníomhaireacht”) córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe, lena n-áirítear sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú de bhun mhír 2 ag eagraíochtaí a dheimhnigh nó a d'fhormheas an Ghníomhaireacht a bhailiú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina n-aicmeofar tarluithe dá dtagrófar tráth a mbeidh tarluithe á dtuairisciú de bhun mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Áireoidh an Coimisiún liosta ar leithligh sna gníomhartha cur chun feidhme sin ina n-aicmeofar tarluithe is infheidhme maidir le haerárthaí seachas iad siúd atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach. Is éard a bheidh sa liosta leagan simplithe den liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a oiriúnú ar shainiúlachtaí an bhrainse sin den eitlíocht.

6.   Tuairisceoidh na daoine nádúrtha seo a leanas na tarluithe dá dtagraítear i mír 1 tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 2 ag an eagraíocht a fhostaíonn an tuairisceoir nó, ina éagmais sin, tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 3 ag an mBallstát inar bunaíodh a n-eagraíocht, nó ag an mBallstát inar eisíodh, inar bailíochtaíodh nó inar athraíodh ceadúnas an phíolóta, nó tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 4 ag an nGníomhaireacht:

(a)

an píolóta atá i gceannas ar aerárthach, nó i gcásanna nach bhfuil an píolóta atá i gceannas in ann an tarlú a thuairisciú, aon bhall den fhoireann atá sa chéad áit eile den slabhra ceannais in aerárthach atá cláraithe i mBallstát nó aerárthach atá cláraithe lasmuigh den Aontas ach atá in úsáid ag oibreoir dá n-áirithíonn Ballstát formhaoirseacht ar oibríochtaí nó oibreoir atá bunaithe san Aontas;

(b)

duine a dhearann aerárthach, nó aon trealamh nó cuid de, nó a dhéanann monarú, faireachán leanúnach ar aeracmhainneacht, cothabháil nó modhnú air, faoi fhormhaoirseacht Ballstáit nó faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta;

(c)

duine a shíníonn deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta, nó ar scaoileadh chun seirbhíse i ndáil le haerárthach, nó aon trealamh nó cuid de, faoi fhormhaoirseacht Ballstáit nó faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta;

(d)

duine a chomhlíonann feidhm faoina gceanglaítear air nó uirthi bheith údaraithe ag Ballstát mar bhall foirne de sholáthróir seirbhísí aerthráchta ar a bhfuil freagrachtaí maidir le seirbhísí aerloingseoireachta nó mar oifigeach seirbhíse faisnéise eitilte;

(e)

duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le bainistíocht sábháilteachta aerfoirt a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir leis;

(f)

duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le saoráidí aerloingseoireachta a shuiteáil, a mhodhnú, a chothabháil, a dheisiú, a imchóiriú, a sheiceáil le linn eitilte nó cigireacht a dhéanamh orthu, ar saoráidí iad ar ina leith a áirithíonn Ballstát formhaoirseacht;

(g)

duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le seirbhís ar an talamh ar aerárthaí, lena n-áirítear breoslú, ullmhú bileoige lóid, luchtú, dí-oighriú agus tarraingt ag aerfort atá cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

7.   Tuairisceoidh na daoine a liostaítear i mír 6 tarluithe laistigh de 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú, mura gcuirfidh imthosca eisceachtúla cosc air sin.

8.   Tar éis fógra a fháil faoi tharlú, déanfaidh aon eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach gcumhdaítear faoi mhír 9 na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a thuairisciú d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 6(3), a luaithe is féidir, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú.

9.   Tar éis fógra a fháil faoi tharlú, déanfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le mír 2 a thuairisciú don Ghníomhaireacht a luaithe is féidir, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú.

Airteagal 5

Tuairisciú deonach

1.   Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a)

sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b)

aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír do shábháilteacht na heitlíochta nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

2.   Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a)

sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b)

aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí de bhun mhír 6, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin.

3.   Bunóidh an Ghníomhaireacht córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a)

sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b)

aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ach ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 5, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin.

4.   Bainfear úsáid as na córais tuairiscithe dheonaigh chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe agus na faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a éascú, ar tharluithe agus faisnéis iad a bhfuil na nithe seo a leanas fíor fúthu:

(a)

nach bhfuil sé éigeantach iad a thuairisciú de bhun Airteagal 4(1);

(b)

go bhfuil siad a thuairisciú ag daoine nach bhfuil liostaithe in Airteagal 4(6).

5.   Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil don Ghníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta.

6.   Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach bhfuil deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, arna ainmniú de bhun Airteagal 6(3), sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh ar aon eagraíocht atá bunaithe ina gcríoch sonraí na dtarluithe uile arna mbailiú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí córais eile a bhunú maidir le bailiú agus próiseáil faisnéise sábháilteachta chun sonraí a bhailiú maidir le tarluithe a d'fhéadfadh sé nach ngabhfadh na córais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 4 agus i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo iad. D'fhéadfadh tuairisciú d'eintitis seachas na heintitis sin a leagtar amach in Airteagal 6(3) a bheith ar áireamh sna córais sin agus d'fhéadfadh rannpháirtíocht ghníomhach an méid seo a leanas a bheith ag baint leo:

(a)

an tionscal eitlíochta;

(b)

eagraíochtaí gairmiúla na bhfoirne eitlíochta.

8.   Féadfar an fhaisnéis a fhaightear ó thuairisciú deonach agus éigeantach a chomhtháthú i gcóras aonair.

Airteagal 6

Faisnéis a bhailiú agus a stóráil

1.   Maidir le sonraí i dtaca le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5, ainmneoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát duine amháin nó níos mó chun bailiú, próiseáil agus stóráil na sonraí sin agus an mheastóireacht agus anailís orthu a láimhseáil go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht an té a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

2.   Trí chomhaontú leis an údarás inniúil, féadfaidh eagraíochtaí beaga sásra simplithe a chur ar bun le sonraí tarluithe a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus le meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu. Féadfaidh siad na cúraimí sin a roinnt le heagraíochtaí den chineál céanna, agus na rialacha maidir le rúndacht agus le cosaint de bhun an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an am céanna.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críoch eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú, d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

Is iad seo a leanas na húdaráis a bhféadfaí a ainmniú de bhun na chéad fomhíre, i gcomhpháirt nó go leithleach:

(a)

an t-údarás náisiúnta um eitlíocht shibhialta; agus/nó

(b)

an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta; agus/nó

(c)

aon chomhlacht nó eintiteas neamhspleách eile atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil an fheidhm sin curtha de chúram air.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná comhlacht nó eintiteas amháin, ainmneoidh sé ceann acu sin mar phointe teagmhála le haghaidh an aistrithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.   Ainmneoidh an Ghníomhaireacht duine amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

5.   Stórálfaidh eagraíochtaí tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí amháin nó níos mó.

6.   Stórálfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le Airteagal 5 i mbunachar sonraí náisiúnta.

7.   Stórálfar faisnéis ábhartha maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha sa bhunachar sonraí náisiúnta sin freisin, ar faisnéis í a bhaileoidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta nó a eiseoidh siad.

8.   Stórálfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí.

9.   Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

10.   Beidh rochtain iomlán ag údaráis eitlíochta sibhialta na mBallstát ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun críocha a bhfreagrachtaí a bhaineann le sábháilteacht.

Airteagal 7

Cáilíocht agus ábhar tuarascálacha ar tharluithe

1.   Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   Déanfar aicmiú riosca sábháilteachta don tarlú lena mbaineann a áireamh sna tuarascálacha ar tharluithe sin dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6. Is é údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an t-aicmiú sin a athbhreithniú, a leasú más gá, agus a fhormhuiniú, i gcomhréir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

3.   Bunóidh eagraíochtaí, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht próisis seiceála cáilíochta sonraí chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na sonraí, go háirithe idir an fhaisnéis a bailíodh ar dtús agus an tuarascáil a stóráiltear sa bhunachar sonraí.

4.   Úsáidfear sna bunachair shonraí dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6 formáidí atá:

(a)

caighdeánaithe chun malartú faisnéise a éascú; agus

(b)

comhoiriúnach maidir le bogearraí ECCAIRS agus maidir le tacsanomaíocht ADREP.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht trí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 14(2), comhscéim Eorpach um aicmiú riosca a fhorbairt chun go mbeidh sé ar chumas na n-eagraíochtaí, na mBallstát agus na Gníomhaireachta tarluithe a aicmiú i dtéarmaí an riosca sábháilteachta. Ar an gcaoi sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le comhoiriúnacht maidir leis na scéimeanna um aicmiú riosca atá ann cheana.

Déanfaidh an Coimisiún an scéim sin a fhorbairt faoin 15 Bealtaine 2017.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a shainiú.

7.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

8.   Tacóidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht le húdaráis inniúla na mBallstát leis an gcúram atá orthu sonraí a chomhtháthú, lena n-áirítear, mar shampla:

(a)

le comhtháthú na faisnéise íosta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

le haicmiú riosca na dtarluithe dá dtagraítear i mír 2; agus

(c)

le bunú próiseas seiceála cáilíochta sonraí dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht an tacaíocht sin ar fáil ar bhealach a chuirfear le comhchuibhiú an phróisis iontrála sonraí ar fud na mBallstát, agus go háirithe tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil don fhoireann a oibríonn sna comhlachtaí nó sna heintitis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), (3) agus (4):

(a)

ábhar treorach;

(b)

ceardlanna; agus

(c)

oiliúint iomchuí.

Airteagal 8

Stór Lárnach Eorpach

1.   Bainisteoidh an Coimisiún Stór Lárnach Eorpach chun na tuarascálacha uile ar tharluithe a bhailítear san Aontas a stóráil.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, an Stór Lárnach Eorpach cothrom le dáta tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht arna storáil sna bunachair shonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6) a aistriú chuige.

3.   Comhaontóidh an Ghníomhaireacht na prótacail theicniúla leis an gCoimisiún chun na tuarascálacha uile ar tharluithe arna mbailiú ag an nGníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacha cur chun feidhme a aistriú chuig an Stór Lárnach Eorpach, go háirithe i gcás tarluithe a stóráiltear sa Chóras Inmheánach um Thuairisciú ar Tharluithe (CITT) chomh maith leis an bhfaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5).

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na socruithe chun an Stór Lárnach Eorpach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 9

Malartú faisnéise

1.   Glacfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht páirt i malartú faisnéise tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht a stóráiltear ina mbunachair shonraí féin a chur ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tríd an Stór Lárnach Eorpach.

Aistreofar tuarascálacha ar tharluithe chuig an Stór Lárnach Eorpach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis iad a chur isteach sa bhunachar sonraí náisiúnta.

Tabharfar tuarascálacha ar tharluithe cothrom le dáta le faisnéis bhreise a bhaineann le sábháilteacht nuair is gá sin.

2.   Aistreoidh na Ballstáit faisnéis a bhaineann le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha chuig an Stór Lárnach Eorpach freisin mar a leanas:

(a)

le linn don imscrúdú ina dtaobh a bheith ar siúl, an réamhfhaisnéis fhíorasach maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha;

(b)

agus an t-imscrúdú curtha i gcrích:

(i)

tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe; agus

(ii)

tráth a mbeidh sí ar fáil, achoimre as Béarla ar thuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.

3.   Cuirfidh Ballstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le sábháilteacht ar aghaidh chuig údarás ábhartha an Bhallstáit nó chuig an nGníomhaireacht a luaithe is féidir, más rud é, agus sonraí maidir le tarluithe á mbailiú, nó agus tuarascálacha ar tharluithe á stóráil nó anailís á déanamh i gcomhréir le hAirteagal 13(6), go sainaithníonn sé nó sí cúrsaí sábháilteachta a mheasann sé nó sí:

(a)

a bheith ina n-ábhar spéise ag Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht; nó

(b)

go bhféadfadh go gcaithfeadh na Ballstáit eile nó an Ghníomhaireacht beart sábháilteachta a dhéanamh ina leith.

Airteagal 10

An fhaisnéis sábháilteachta a stóráiltear sa Stór Lárnach Eorpach a scaipeadh

1.   Aon eintiteas ar cuireadh an cúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, nó aon údarás um imscrúdú sábháilteachta laistigh den Aontas, beidh rochtain iomlán, slán, ar líne aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Bainfear leas as an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

2.   Féadfaidh páirtithe leasmhara a liostaítear in Iarscríbhinn II rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Déanfaidh páirtithe leasmhara atá bunaithe san Aontas iarrataí ar fhaisnéis a dhíriú ar phointe teagmhála an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

Díreoidh páirtithe leasmhara atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-iarraidh chuig an gCoimisiún.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nuair a dhéanfar iarraidh de bhun na míre seo.

3.   Faoi réir Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní nochtfar an fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach a bhaineann le himscrúduithe sábháilteachta leanúnacha atá ar bun i gcomhréir leis an Rialachán sin do pháirtithe leasmhara de bhun an Airteagail seo.

4.   Chun críche cúiseanna slándála, ní thabharfar rochtain dhíreach ar an Stór Lárnach Eorpach do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 11

Iarrataí a phróiseáil agus cinntí

1.   Cuirfear isteach iarrataí ar fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach agus leas á bhaint as na foirmeacha a d'fhormheas an pointe teagmhála. Áireofar sna foirmeacha sin na míreanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar a laghad.

2.   Fíoróidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh:

(a)

gur páirtí leasmhar atá ag déanamh na hiarrata; agus

(b)

go bhfuil sé nó sí inniúil chun déileáil leis an iarraidh sin.

Nuair a chinnfidh an pointe teagmhála go bhfuil Ballstát eile nó an Coimisiún inniúil le déileáil leis an iarraidh, aistreoidh sé an iarraidh sin chuig an mBallstát sin nó chuig an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh meastóireacht ar bhonn gach cáis ar leith ar an údar atá leis an iarraidh agus ar a praiticiúlacht.

Féadfaidh pointe teagmhála faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara i scríbhinn nó trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha cumarsáide atá slán.

4.   Má ghlactar leis an iarraidh, cinnfidh an pointe teagmhála an méid faisnéise agus leibhéal na faisnéise atá le soláthar. Gan dochar d'Airteagal 15 ná d'Airteagal 16, beidh an fhaisnéis teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun críche na hiarrata.

Ní sholáthrófar faisnéis nach mbaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin ach i bhfoirm chomhiomlánaithe nó anaithnid. Féadfar faisnéis i bhfoirm neamh-chomhiomlánaithe a chur ar fáil don pháirtí leasmhar má léiríonn sé go mionsonraithe i scríbhinn an t-údar atá leis. Bainfear leas as an bhfaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

5.   Déanfaidh an pointe teagmhála faisnéis a bhaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin, agus an fhaisnéis sin amháin, a sholáthar do pháirtithe leasmhara a liostaítear i bpointe (b) d'Iarscríbhinn II.

6.   Féadfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh ó pháirtí leasmhar a liostaítear i bpointe (a) d'Iarscríbhinn II cinneadh ginearálta a dhéanamh faisnéis a sholáthar don pháirtí leasmhar sin ar bhonn rialta, ar choinníoll:

(a)

go mbaineann an fhaisnéis arna hiarraidh le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí féin;

(b)

nach ndeontar leis an gcinneadh ginearálta rochtain ar ábhar iomlán an bhunachair shonraí;

(c)

nach mbaineann an cinneadh ginearálta ach le faisnéis anaithnid.

7.   Úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis ach chun na críche a shonraítear san fhoirm iarrata, críoch ba cheart a bheith comhoiriúnach le cuspóir an Rialacháin seo mar atá luaite in Airteagal 1; agus

(b)

ní nochtfaidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear gan toiliú i scríbhinn a fháil ó sholáthraí na faisnéise agus glacfaidh sé na bearta is gá chun go n-áiritheofar rúndacht iomchuí na faisnéise a fhaightear.

8.   Beidh an cinneadh chun faisnéis a scaipeadh de bhun an Airteagail seo teoranta do na nithe a bhfuil fíorghá ag an úsáideoir leo.

Airteagal 12

Taifead ar iarrataí agus malartú faisnéise

1.   Déanfaidh an pointe teagmhála taifead ar gach iarraidh a fhaightear agus an beart a dhéantar de bhun na hiarrata sin.

Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún go tráthúil aon uair a fhaightear iarraidh agus/nó aon uair a dhéantar beart.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta cothrom le dáta de na hiarrataí a bheidh faighte agus den bheart a bheidh déanta ag na pointí teagmhála éagsúla agus ag an gCoimisiún féin a chur ar fáil do na pointí teagmhála ar fad.

Airteagal 13

Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal náisiúnta

1.   Forbróidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát próiseas chun anailís a dhéanamh ar tharluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 5(1) d'fhonn guaiseanna sábháilteachta a bhaineann le tarluithe sainaitheanta nó le grúpaí tarluithe sainaitheanta a shainaithint.

Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh gach eagraíocht aon bhearta iomchuí ceartaitheacha nó coisctheacha a bhfuil gá leo, chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.

2.   Nuair a shainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, tar éis na hainilíse dá dtagraítear i mír 1, aon bhearta iomchuí ceartaitheacha nó coisctheacha a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó easnaimh sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sí an beart sin chun feidhme go tráthúil; agus

(b)

bunóidh sí próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht an bhirt.

3.   Déanfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát faisnéis a chur ar fáil go rialta dá fostaithe agus do phearsanra atá ar conradh maidir leis an anailís agus na bearta leantacha a dhéantar ar tharluithe a ndéantar beart coisctheach nó ceartaitheach ina leith.

4.   I gcás ina sainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát ach nach gcumhdaítear le mír 5 riosca sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó riosca sábháilteachta eitlíochta sibhialta a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr a hainilíse ar tharluithe nó ar ghrúpa tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(6), déanfaidh sí an méid seo a leanas a tharchur chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin laistigh de 30 lá ón lá a dtabharfaidh an tuairisceoir fógra i leith an tarlaithe:

(a)

torthaí tosaigh na hanailíse arna déanamh de bhun mhír 1, más ann dóibh; agus

(b)

aon bheart a bheidh le déanamh de bhun mhír 2.

Déanfaidh an eagraíocht torthaí deiridh na hanailíse, nuair is gá, a thuairisciú a luaithe a bheidh siad ar fáil agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 30 lá ón lá a dtabharfar fógra i leith an tarlaithe.

Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit iarraidh ar eagraíochtaí torthaí tosaigh nó torthaí deiridh na hanailíse a tharchur chuige, ar anailís í a dhéantar ar aon tarlú ar tugadh fógra dó ina leith ach nach bhfuair sé aon bheart leantach ina leith nó nach bhfuair sé ach na torthaí tosaigh ina leith.

5.   I gcás ina sainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht riosca sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó riosca sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr a hainilíse ar tharluithe nó ar ghrúpa tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5), tarchuirfidh an eagraíocht na nithe seo a leanas chuig an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá ón dáta a thugann an tuairisceoir fógra i leith an tarlaithe:

(a)

torthaí tosaigh na hanailíse a rinneadh de bhun mhír 1, más ann dóibh; agus

(b)

aon bheart a bheidh le déanamh de bhun mhír 2.

Déanfaidh an eagraíocht atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht torthaí deiridh na hanailíse, nuair is gá, a tharchur chuig an nGníomhaireacht a luaithe a bheidh siad ar fáil agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná trí mhí ón lá a dtabharfar fógra faoin tarlú.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar eagraíochtaí torthaí tosaigh nó torthaí deiridh na hanailíse a tharchur chuige, ar anailís í a dhéantar ar aon tarlú ar tugadh fógra dó ina leith ach nach bhfuair sí aon bheart leantach ina leith nó nach bhfuair sí ach na torthaí tosaigh ina leith.

6.   Forbróidh gach Ballstát agus an Ghníomhaireacht próiseas chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis maidir le tarluithe a thuairiscítear go díreach chucu i gcomhréir le hAirteagal 4(6) le hAirteagal 5(2) agus le hAirteagal 5(3) d'fhonn guaiseanna sábháilteachta a bhaineann leis na tarluithe sin a shainaithint. Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh siad aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha iomchuí a bhfuil gá leo chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.

7.   Nuair a shainaithníonn Ballstát nó an Ghníomhaireacht, tar éis na hainilíse dá dtagraítear i mír 6, aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha iomchuí a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh an Ballstát sin nó an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

an beart sin a chur chun feidhme go tráthúil; agus

(b)

próiseas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht an bhirt sin.

8.   I gcás gach tarlaithe nó grúpa tarluithe a ndéantar faireachán orthu i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, beidh rochtain ag gach Ballstát agus ag an nGníomhaireacht ar an anailís a rinneadh agus déanfaidh siad faireachán mar is iomchuí ar an mbeart a dhéanann na heagraíochtaí a bhfuil siad freagrach faoi seach astu.

Má chinneann an Ballstát nó an Ghníomhaireacht gur míchuí é cur chun feidhme agus éifeachtacht an bhirt a thuairiscítear chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar na heasnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann, áiritheoidh sé go ndéanfar beart iomchuí breise agus go gcuirfidh an eagraíocht ábhartha chun feidhme iad.

9.   Faisnéis a bhaineann leis an anailís ar tharluithe aonair nó ar ghrúpaí tarluithe agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, agus ar faisnéis í a fuarthas de bhun an Airteagail seo, déanfar an fhaisnéis sin, nuair a bhíonn sí ar fáil, a stóráil sa Stór Lárnach Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3), ar bhealach tráthúil agus tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis a stórála sa bhunachar sonraí náisiúnta.

10.   Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis a fuarthas ón anailís ar thuarascálacha ar tharluithe chun na bearta feabhais atá le déanamh, más ann dóibh, laistigh den Chlár Sábháilteachta Stáit a shainaithint.

11.   D'fhonn an pobal a chur ar an eolas faoin leibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta, foilseoidh gach Ballstát, ar a laghad uair sa bhliain, athbhreithniú sábháilteachta. Déanfaidh an t-athbhreithniú sábháilteachta an méid seo a leanas:

(a)

beidh faisnéis chomhiomlánaithe agus anaithnid maidir leis an gcineál tarluithe agus faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a thuairiscítear trína chórais náisiúnta tuairiscithe éigeantaigh agus dheonaigh ann;

(b)

sainaithneofar treochtaí;

(c)

sainaithneofar an beart atá déanta aige.

12.   Féadfaidh na Ballstáit tuarascálacha anaithnide ar tharluithe agus na torthaí ar anailís riosca a fhoilsiú freisin.

Airteagal 14

Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an Aontais

1.   Glacfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhar lena chéile, páirt go tráthrialta i malartú agus in anailísiú na faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Gan dochar do na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfar a iarraidh ar bhreathnóirí páirt a ghlacadh ar bhonn gach cáis ar leith, i gcás inarb iomchuí.

2.   Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát le chéile trí líonra anailísithe sábháilteachta eitlíochta.

Cuirfidh líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta le feabhsú ar shábháilteacht eitlíochta san Aontas, go háirithe trí anailís sábháilteachta a dhéanamh chun tacú leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta.

3.   Tacóidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíochtaí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta trí, mar shampla, chúnamh a thabhairt chun cruinnithe an líonra a ullmhú agus a eagrú.

4.   Áireoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi thoradh na hanailíse faisnéise dá dtagraítear i mír 1 san athbhreithniú bliantúil sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 15

Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéise

1.   Glacfaidh na Ballstáit agus eagraíochtaí, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus an Ghníomhaireacht na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na sonraí maidir le tarluithe a gheobhaidh siad de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 10 a áirithiú.

Ní phróiseálfaidh gach Ballstát, gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, nó an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

2.   Gan dochar do na forálacha a bhaineann le faisnéis sábháilteachta a chosaint in Airteagal 12, Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní úsáidfear an fhaisnéis a thagann ó thuarascálacha ar tharluithe ach amháin chun na críche ar bailíodh í ina leith.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí an fhaisnéis maidir le tarluithe a chur ar fáil nó a úsáid:

(a)

d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh; nó

(b)

chun críche ar bith seachas an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú.

3.   Agus iad ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 14 maidir leis an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát an méid seo a leanas:

(a)

rúndacht na faisnéise a áirithiú; agus

(b)

úsáid na faisnéise a theorannú ionas nach n-úsáidfear í ach amháin le haghaidh nithe atá fíor-riachtanach d'fhonn a gcuid oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh gan milleán nó dliteanas a shannadh; i ndáil leis sin, úsáidfear an fhaisnéis go háirithe don bhainistíocht riosca agus chun anailís a dhéanamh ar threochtaí sábháilteachta a bhféadfadh moltaí nó bearta sábháilteachta teacht as, lena dtabharfaí aghaidh ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n-údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus a n-údaráis inniúla um riaradh ceartais le chéile trí réamhshocruithe riaracháin. Féachfaidh na réamhshocruithe riaracháin sin leis an gcothromaíocht cheart a áirithiú idir an gá atá le riaradh cuí ceartais, ar thaobh amháin, agus an gá atá le faisnéis sábháilteachta a bheith ar fáil go leanúnach, ar an taobh eile.

Airteagal 16

Foinse na faisnéise a chosaint

1.   Chun críocha an Airteagail seo, áirítear go háirithe le “mionsonraí pearsanta” ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha.

2.   Áiritheoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát go gcuirfear na mionsonraí pearsanta uile ar fáil d'fhoireann na heagraíochta sin seachas na daoine a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ach amháin i gcás ina mbeidh géarghá leis sin chun tarluithe a imscrúdú d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta.

Scaipfear faisnéis atá curtha ó aithint laistigh den eagraíocht mar is iomchuí.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát nach ndéanfar aon mhionsonraí pearsanta a thaifead choíche sa bhunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6). Cuirfear faisnéis den sórt sin atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad ionas go bhféadfaidh siad, mar shampla, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú sábháilteachta eitlíochta.

4.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach ndéanfar aon mhionsonraí pearsanta a thaifead choíche i mbunachar sonraí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(8). Cuirfear faisnéis den sórt sin atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad ionas go bhféadfaidh siad, mar shampla, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú sábháilteachta eitlíochta.

5.   Ní chuirfear cosc ar na Ballstáit agus ar an nGníomhaireacht aon bheart is gá a dhéanamh chun an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú.

6.   Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme, staonfaidh na Ballstáit ó imeachtaí a thionscnamh i ndáil le sáruithe gan réamhbheartú nó sáruithe atá neamhaireach ar an dlí, ar sáruithe iad nach dtagann ar a n-aire ach amháin de bharr gur tuairiscíodh iad de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír sna cásanna dá dtagraítear i mír 10. Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na dtuairisceoirí nó na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a neartú, féadfaidh na Ballstáit go háirithe an riail sin a chur i bhfeidhm gan na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 10.

7.   Má thionscnaítear aon imeachtaí disciplíneacha nó riaracháin faoin dlí náisiúnta, ní bhainfear leas as faisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe:

(a)

i gcoinne na dtuairisceoirí; nó

(b)

i gcoinne na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sna cásanna dá dtagraítear i mír 10.

Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na dtuairisceoirí nó na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a neartú, féadfaidh na Ballstáit go háirithe an méid sin a leathnú go nósanna imeachta sibhialta nó coiriúla.

8.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha reachtacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm lena ráthaítear leibhéal níos airde cosanta don tuairisceoir nó do na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe ná mar a ráthaítear sna forálacha a bhunaítear sa Rialachán seo.

9.   Ní bheidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh a thuairiscíonn tarluithe nó a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 faoi réir aon dochair óna bhfostóir nó ón eagraíocht dá bhfuil na seirbhísí curtha ar fáil ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an tuairisceoir ar fáil, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 10.

10.   Ní bheidh feidhm ag an gcosaint faoi mhír 6, faoi mhír 7 agus faoi mhír 9 den Airteagal seo maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcásanna mí-iompair thoiliúil;

(b)

i gcásanna inar tugadh neamhaird fhollasach, ghéar agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar fhreagracht ghairmiúil an cúram sin a ghlacadh ba léir a bhí ag teastáil sna cúinsí sin, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó a cuireadh sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.

11.   Tar éis dul i gcomhairle lena hionadaithe foirne, glacfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát rialacha inmheánacha ina dtugtar tuairisc ar an gcaoi a n-urramaítear prionsabail an “chultúir chóir” agus ar an gcaoi a gcuirtear chun feidhme iad laistigh den eagraíocht sin, go háirithe an prionsabal dá dtagraítear i mír 9.

Féadfaidh an comhlacht a ainmníodh de bhun mhír 12 iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha inmheánacha na n-eagraíochtaí atá bunaithe ina Bhallstát sula gcuirfear chun feidhme na rialacha inmheánacha sin.

12.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht a bheidh freagrach as mír 6, mír 9 agus mír 11 a chur chun feidhme.

Féadfaidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh sáruithe líomhnaithe ar na rialacha a bhunaítear leis an Airteagal seo a thuairisciú don chomhlacht sin. Ní ghearrfar pionóis ar fhostaithe agus ar an bpearsanra atá ar conradh as sáruithe líomhnaithe a thuairisciú. Féadfaidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sháruithe líomhnaithe den sórt sin.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht arna ainmniú comhairle a chur ar údaráis ábhartha a Bhallstáit maidir le réitigh nó pionóis i ndáil le hAirteagal 21 a chur chun feidhme.

13.   An 15 Bealtaine 2019 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus go háirithe maidir le gníomhaíochtaí an chomhlachta arna ainmniú de bhun mhír 12. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.

Airteagal 17

Na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

liosta na réimsí sonraí éigeantacha i dtuarascálacha ar tharluithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta, i gcás, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, go mbeidh gá le hathruithe d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta;

(b)

an iarraidh ar an bhfoirm fhaisnéise maidir le Stór Lárnach Eorpach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta, chun an taithí a fuarthas agus forbairtí nua a chur san áireamh;

(c)

aon cheann de na hIarscríbhinní a ailíniú le bogearraí ECCAIRS agus le tacsanomaíocht ADREP, agus, ina theannta sin, le gníomhartha dlíthiúla a ghlacann an tAontas agus le comhaontuithe idirnáisiúnta.

D'fhonn liosta na réimsí éigeantacha a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tuairim/tuairimí iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus in Airteagal 17 don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(6 ) agus Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(6 ) agus Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gcomhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste a bhunaítear le hAirteagal 65 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta

1.   Cé is moite d'Airteagal 10 agus Airteagal 11, lena mbunaítear rialacha níos déine maidir le rochtain ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 21

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú eile a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 22

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 996/2010

Scriostar Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

Mar sin féin, beidh an tAirteagal sin infheidhme i gcónaí go dtí an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 24(3).

Airteagal 23

Aisghairmeacha

Aisghairtear Treoir 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007. Beidh feidhm acu i gcónaí go dtí an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 24(3).

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Faoin 16 Samhain 2020, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Cumhdófar leis sa tuarascáil sin, go háirithe, an méid a rannchuidítear leis an Rialachán seo le líon na dtionóiscí aerárthaigh agus na mbásanna gaolmhara a laghdú. Más iomchuí agus ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún tograí chun an Rialachán seo a leasú.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 15 Samhain 2015 agus ní roimh an dáta a dtiocfaidh na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(5) i bhfeidhm. Beidh feidhm ag Airteagal 7(2) nuair a thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme ina sonraítear agus ina bhforbraítear an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus (7) i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 198, 10.7.2013, lch. 73.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Márta 2014 .

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(9)  Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú tarluithe in eitlíocht shibhialta (IO L 167, 4.7.2003, lch. 23).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le tarluithe eitlíochta sibhialta a mhalartaítear i gcomhréir le Treoir 2003/42/CE a chomhtháthú i stór lárnach (IO L 294, 13.11.2007, lch. 3).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme chun faisnéis maidir le tarluithe eitlíochta sibhialta a mhalartaítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2003/42/CE a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara (IO L 295, 14.11.2007, lch. 7).

(12)  IO C 358, 7.12.2013, lch. 19.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA gCEANGLAS IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA SCÉIMEANNA UM THUAIRISCIÚ ÉIGEANTACH AGUS DEONACH AR THARLUITHE

Nóta:

Ní mór na réimsí sonraí a chomhlanú leis an bhfaisnéis arna hiarraidh. I gcás nach bhféadfadh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a chur isteach mar nár chuir an eagraíocht nó an tuairisceoir ar fáil í, is féidir an réimse sonraí a chomhlánú leis an luach “anaithnid”. D'fhonn a áirithiú, áfach, go ndéanfar an fhaisnéis iomchuí a tharchur, níor cheart, a mhéid is féidir, leas a bhaint as an luach “anaithnid” sin agus nuair is féidir ba cheart an tuarascáil a chomhlánú le faisnéis tráth níos déanaí

1.   RÉIMSÍ SONRAÍ ÉIGEANTACHA COITEANNA

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Teideal

Teideal

(2)

Faisnéis Chomhdúcháin

Eintiteas Freagrach

Uimhir Chomhaid

Stádas an Tarlaithe

(3)

Dáta

Dáta UTC

(4)

Áit

Stát/Limistéir an Tarlaithe

Áit an Tarlaithe

(5)

Aicmiú

Aicme an Tarlaithe

Catagóir an Tarlaithe

(6)

Insint

Teanga na hInsinte

Insint

(7)

Teagmhais

Cineál an Teagmhais

(8)

Aicmiú riosca

2.   RÉIMSÍ SONRAÍ SONRACHA ÉIGEANTACHA

2.1.   Réimsí sonraí a bhaineann le haerárthaigh

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Aitheantas an Aerárthaigh

Stát a Chláraithe

Déantús/Samhail/Sraith

Uimhir sraithe an aerárthaigh

Clárúchán an Aerárthaigh

Glao-chomhartha

(2)

Oibriú an aerárthaigh

An tOibreoir

Cineál oibríochta

(3)

Tuairisc an Aerárthaigh

Catagóir an Aerárthaigh

Cineál Tiomána

Grúpa Maise

(4)

Stair Eitilte

Pointe Imeachta Deireanach

Ceann Scríbe Beartaithe

Céim na hEitilte

(5)

Aimsir

A bhaineann le haimsir

2.2.   Réimsí sonraí a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Gaol le ATM

Difear a rinne ATM

An tseirbhís a ndearnadh difear di (tionchar ar sheirbhís ATM)

(2)

Ainm Aonaid ATS

2.2.1   Réimsí sonraí a bhaineann le Sárú ar Íosfhad Scartha/Cailliúint Scartha agus le Sárú ar Aerspás

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Aerspás

Cineál aerspáis

Aicme aerspáis

Ainm FIR/UIR

2.3.   Réimsí sonraí a bhaineann le haeradróim

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Táscaire Suímh (Táscaire EESI an aerfoirt)

(2)

Suíomh an aeradróim

2.4.   Réimsí sonraí a bhaineann le dochar d'aerárthach nó díobháil do dhuine

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach á thaifeadadh agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1)

Déine

An Damáiste Is Mó

Leibhéal an Ghortaithe

(2)

Díobhálacha do dhaoine

Líon na ndíobhálacha ar an talamh (marfach, tromchúiseach, miondíobháil)

Líon na ndíobhálacha ar an aerárthach (marfach, tromchúiseach, miondíobháil)


IARSCRÍBHINN II

PÁIRTITHE LEASMHARA

(a)

Liosta de na páirtithe leasmhara a fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le gach cás ar leith faoi Airteagal 11(4) nó ar bhonn cinnidh ghinearálta faoi Airteagal 11(6):

1.

Monaróirí: dearthóirí agus monaróirí aerárthach, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaí, agus a gcomhlachais faoi seach; dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna bainistithe aerthráchta (ATM) agus dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna do sheirbhísí aerloingseoireachta (ANS); agus dearthóirí agus monaróirí corás agus trealaimh a úsáidtear ar thaobh an aeir d'aeradróim

2.

Cothabháil: eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cothabháil nó imchóiriú aerárthaí, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaí; le suiteáil, modhnú, cothabháil, deisiú, imchóiriú, seiceáil eitiltí nó cigireacht ar shaoráidí aerloingseoireachta; nó le cothabháil nó imchóiriú córas thaobh an aeir, comhpháirteanna agus trealamh aeradróim

3.

Oibreoirí: aerlínte agus oibreoirí aerárthaí agus comhlachais aerlínte agus oibreoirí; oibreoirí aeradróm agus comhlachais oibreoirí aeradróm

4.

Soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta agus soláthróirí feidhmeanna a bhaineann go sonrach le ATM

5.

Soláthróirí seirbhísí aeradróim: eagraíochtaí a bhfuil láimhseáil aerárthaí ar an talamh de chúram orthu, lena n-áirítear breoslú, ullmhú bileog lóid, luchtú agus tarraingt ag aerfort, maille le tarrtháil agus comhrac dóiteán, nó seirbhísí éigeandála eile

6.

Eagraíochtaí oiliúna eitlíochta

7.

Eagraíochtaí tríú tíortha: údaráis eitlíochta rialtais agus údaráis fiosraithe tionóiscí ó thríú tíortha

8.

Eagraíochtaí idirnáisiúnta eitlíochta

9.

Taighde: saotharlanna, lárionaid nó eintitis taighde poiblí agus príobháideacha; nó ollscoileanna atá ag déanamh taighde nó staidéar ar an tsábháilteacht eitlíochta

(b)

Liosta de na páirtithe leasmhara a fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le gach cás ar leith faoi Airteagal 11(4) agus Airteagal 11(5):

1.

Píolótaí (ar bhonn pearsanta)

2.

Rialaitheoirí aerthráchta (ar bhonn pearsanta) agus comhaltaí foirne ATM/ANS eile atá ag déanamh cúraimí a bhaineann le sábháilteacht

3.

Innealtóirí/teicneoirí/foireann leictreonaice sábháilteachta aerthráchta/bainisteoirí eitlíochta nó aeradróim (ar bhonn pearsanta)

4.

Comhlachtaí ionadaíochta gairmiúla d'fhoireann a mbíonn cúraimí a bhaineann le sábháilteacht á ndéanamh acu


IARSCRÍBHINN III

IARRAIDH AR FHAISNÉIS ÓN STÓR LÁRNACH EORPACH

1.

Ainm:

Feidhm/post:

Cuideachta:

Seoladh:

Teileafón:

Seoladh ríomhphoist:

Dáta:

Cineál an ghnó:

An catagóir iarrthóra (féach Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith (1)):

2.

An fhaisnéis atá á hiarraidh (más é do thoil é, bí chomh sonrach agus is féidir agus cuir isteach an dáta/tréimhse ábhartha atá uait):

 

3.

Fáth na hiarrata:

 

4.

Mínigh an chríoch dá n-úsáidfear an fhaisnéis:

 

5.

An dáta faoinar bhfuil an fhaisnéis ag teastáil:

6.

Ba cheart an fhoirm, agus í comhlíonta, a sheoladh, trí ríomhphost, chuig: (pointe teagmhála)

7.

Rochtain ar fhaisnéis

Ní cheanglaítear ar an bpointe teagmhála aon fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an pointe teagmhála sin a dhéanamh ach amháin má tá sé deimhneach go bhfuil an iarraidh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Geallann an t-iarrthóir nach n-úsáidfidh seisean ná a eagraíocht an fhaisnéis ach chun na críche a ndearna sé tuairisc air faoi phointe 4. Meabhraítear freisin nach gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn na hiarrata seo ar fáil ach chun críocha sábháilteachta eitilte dá bhforáiltear in Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus ní chun críocha eile amhail, go háirithe, milleán nó dliteanas a shannadh nó chun críocha tráchtála.

Níl cead ag an iarrthóir an fhaisnéis a sholáthraítear a nochtadh d'aon duine gan toiliú scríofa an phointe teagmhála.

Mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo, féadfar rochtain ar fhaisnéis bhreise ón Stór Lárnach Eorpacha a dhiúltú agus, más infheidhme, pionóis a ghearradh.

8.

Dáta, áit agus síniú:


(1)  IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.


24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

44


RIALACHÁN (AE) Uimh. 377/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur faoi bhráid na bparlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tionscnamh de chuid fhaireachán na Cruinne ba ea Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) a bhfuil an tAontas i gceannas air agus atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit agus le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE). Cuireadh tús le GMES i mí na Bealtaine 1998 nuair a rinne na hinstitiúidí a raibh baint acu le gníomhaíochtaí spáis a fhorbairt san Eoraip dearbhú comhpháirteach ar ar tugadh “Forógra Baveno”. Iarradh san Fhorógra tiomantas fadtéarmach d'fhorbairt seirbhísí faireacháin comhshaoil spásbhunaithe, ina n-úsáidfí, scileanna agus teicneolaíochtaí Eorpacha agus ina ndéanfaí tuilleadh forbartha orthu. In 2005, rinne an tAontas rogha straitéiseach chun acmhainn neamhspleách fhaire na Cruinne ar leis an Eoraip í a fhorbairt go comhpháirteach le GSE chun seirbhísí a sheachadadh sna réimsí comhshaoil agus slándála.

(2)

Ag cur leis an tionscnamh sin, bunaíodh an clár Eorpach um Fhaireachán na Cruinne (GMES) agus na rialacha maidir lena chéad oibriúcháin a chur chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

Cé go mba cheart leanúint den chlár a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) Uimh. 911/2010, faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4), ba cheart an t-ainm “Copernicus” a chur in ionad an acrainm “GMES” d'fhonn an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a éascú. Chláraigh an Coimisiún an trádmharc ionas gurbh fhéidir le hinstitiúidí an Aontais é a úsáid agus ionas go mbeadh sé ceadúnaithe d'úsáideoirí leasmhara eile, go háirithe soláthraithe príomhsheirbhísí.

(4)

Tá clár Copernicus (Copernicus) bunaithe ar chomhpháirtíocht idir an tAontas, GSE agus na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart go bhforbrófaí é ar bhonn cumais Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana agus ba cheart go gcomhlánódh sé iad trí shócmhainní nua a fhorbrófar i gcomhpháirt. D'fhonn an cur chuige sin a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún iarracht idirphlé a choinneáil le GSE agus leis na Ballstáit a bhfuil spás ábhartha agus sócmhainní ábhartha in situ acu.

(5)

D'fhonn a chuid cuspóirí a bhaint amach, ba cheart do Copernicus cumas uathrialach an Aontais maidir le breathnóireachtaí ón spás a áirithiú agus ba cheart dó seirbhísí oibriúcháin a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil, na cosanta sibhialta agus na slándála sibhialta, lena gcloífear go hiomlán le sainorduithe náisiúnta maidir le rabhadh oifigiúil. Ba cheart dó úsáid a bhaint freisin as na misin rannpháirteacha atá ar fáil agus na sonraí in situ a chuireann na Ballstáit ar fáil go príomha. A mhéid is féidir, ba cheart go mbainfeadh Copernicus leas as cumais maidir le breathnóireachtaí ón spás agus seirbhísí na mBallstát. Ba cheart do Copernicus leas a bhaint as cumais tionscnaimh tráchtála san Eoraip, agus leis sin cuirfidh sé le hearnáil spáis tráchtála inmharthana a fhorbairt san Eoraip. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí chun cinn córais chun an leas is fearr is féidir a bhaint as traschur sonraí chun na cumais a fheabhsú tuilleadh mar fhreagairt ar éileamh ón úsáideoir atá ag dul i méid ar shonraí gar d'fhíor-am.

(6)

Chun úsáid teicneolaíochtaí de chuid fhaire na Cruinne a chur chun cinn agus a éascú ag údaráis áitiúla agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) araon, ba cheart go gcuirfí chun cinn gréasáin atá tiomanta do dháileadh shonraí Copernicus, lena n-áirítear comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha.

(7)

Is é cuspóir is ceart a bheith le Copernicus faisnéis chruinn iontaofa a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil agus na slándála, a bheidh saincheaptha do riachtanais úsáideoirí agus lena dtacófar le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an margadh inmheánach, le hiompar, le comhshaol, le fuinneamh, le cosaint shibhialta agus le slándáil shibhialta, le comhar le tríú tíortha agus le cabhair dhaonnúil.

(8)

Ba cheart go measfaí Copernicus mar rannchuidiú ón Eoraip do Chóras Domhanda na gCóras um Fhaire na Cruinne (GEOSS) arna fhorbairt laistigh de chreat an Ghrúpa um Fhaire na Cruinne (GEO).

(9)

Ba cheart Copernicus a chur chun feidhme ar dhóigh atá comhsheasmhach le hionstraimí eile agus le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe gníomhaíochtaí maidir le comhshaol agus athrú aeráide, agus le hionstraimí i réimsí na slándála, chosaint na sonraí pearsanta, an iomaíochais agus na nuálaíochta, an chomhtháthaithe, an taighde, an iompair, an iomaíochais agus an chomhair idirnáisiúnta agus le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte (Galileo agus EGNOS). Ba cheart go gcomhlíonfadh sonraí Copernicus sonraí tagartha spásúil na mBallstát comh maith le rialacha cur chun feidhme agus treoirlínte teicniúla an bhonneagair d'fhaisnéis spásúil san Aontas a bunaíodh le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ina theannta sin, ba cheart do Copernicus an Comhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS), mar a thagraítear dó sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2008 dar teideal: I dTreo Comhchórais um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS), agus gníomhaíochtaí an Aontais i réimse na práinnfhreagartha a chomhlánú. Ba cheart go gcuirfí chun feidhme Copernicus i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (6), is iad sin go háirithe: trédhearcacht, cruthú dálaí atá oiriúnach do sheirbhísí a fhorbairt agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus le cruthú post. Ba cheart go mbeadh sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus ar fáil gan srian agus ar bhealach oscailte chun tacú le Clár Oibre Digiteach don Eoraip, amhail dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2010 dar teideal: Clár Oibre Digiteach don Eoraip.

(10)

Is clár é Copernicus a sholáthrófar faoin straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach (“stráitéis Eoraip 2020”). Ba cheart go rachadh sé chun tairbhe do raon leathan beartas de chuid an Aontais agus go rannchuideodh sé le cuspóirí stráitéis Eoraip 2020 a bhaint amach, go háirithe trí bheartas spáis éifeachtach a fhorbairt d'fhonn na huirlisí a chur ar fáil chun dul i ngleic le roinnt de na príomhdhúshláin dhomhanda agus chun na spriocanna maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht fuinnimh a bhaint amach. Ba cheart go dtacódh Copernicus freisin le cur chun feidhme bheartas spáis na hEorpa agus le fás mhargaí na hEorpa do shonraí agus do sheirbhísí atá bunaithe ar spás.

(11)

Ba cheart go mbainfeadh Copernicus tairbhe as na torthaí arna soláthar le Fís 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), go háirithe trína chuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta le haghaidh teicneolaíochtaí agus feidhmchlár de chuid Fhaire na Cruinne a bheidh ann amach anseo a úsáidfidh teicneolaíochtaí agus sonraí cianbhraiteachta agus san aer agus teicneolaíochtaí agus sonraí atá ar an láthair d'fhonn freagairt do na mórdhúshláin a bhaineann leis an tsochaí. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún sineirgí, trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí i ndáil le gnéithe éagsúla Copernicus.

(12)

Ba cheart go mbeadh forbairt eilimint spáis Copernicus bunaithe ar anailís ar roghanna chun freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí a bheidh ag teacht chun cinn, lena n-áirítear soláthar ó na misin náisiúnta/phoiblí agus ó sholáthraithe tráchtála san Eoraip, misin nua thiomnaithe a shonrú, comhaontuithe idirnáisiúnta lena n-áiritheofar rochtain ar mhisin neamh-Eorpacha agus an margadh Eorpach um fhaire na Cruinne.

(13)

Ar mhaithe le soiléireacht agus d'fhonn rialú costas a éascú, ba cheart an t-uasmhéid a leithdháileann an tAontas chun gníomhaíochtaí Copernicus a chur chun feidhme a mhiondealú ina chatagóirí éagsúla. Mar sin féin, ar mhaithe le solúbthacht agus d'fhonn dea-reáchtáil Copernicus a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cistí a ath-leithdháileadh ó chatagóir amháin go catagóir eile.

(14)

Braitheann soláthar seirbhísí oibriúcháin ar dhea-fheidhmiú, ar infhaighteacht leanúnach agus ar shábháilteacht eilimint spáis Copernicus. Is bagairt thromchúiseach é an méadú atá faoin riosca go mbeidh imbhualadh ann le satailítí eile agus le smionagar spáis maidir le heilimint spáis Copernicus. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cosaint eilimint spáis Copernicus agus a oibriúchán, lena n-áirítear le linn lainseáil na satailítí, ar áireamh i ngníomhaíochtaí Copernicus. Chuige sin, d'fhéadfadh an buiséad a leithdháilfear ar Copernicus ranníocaíocht chomhréireach a mhaoiniú leis na costais a ghabhann le seirbhísí atá in ann cosaint den sórt sin a sholáthar, a mhéid is féidir tar éis dhianbhainistiú costas agus chomhlíonadh iomlán an uasmhéid de EUR 26,5 milliún i bpraghsanna reatha a bhunaítear sa Rialachán seo. Ba cheart ranníocaíocht den sórt sin a úsáid chun sonraí agus seirbhísí a sholáthar, agus chuige sin amháin, agus ní chun bonneagar a cheannach.

(15)

D'fhonn cur chun feidhme Copernicus agus a phleanáil fhadtéarmach a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún clár oibre bliantúil a ghlacadh, lena n-áirítear plean cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun cuspóirí Copernicus a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an plean cur chun feidhme sin ag breathnú chun cinn agus go ndéanfadh sé cur síos ar na gníomhaíochtaí is gá chun Copernicus a chur chun feidhme agus athrú ar riachtanais na n-úsáideoirí agus an dul chun cinn teicneolaíochta á gcur san áireamh.

(16)

Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme eilimint seirbhíse Copernicus bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla i bhfianaise chastacht Copernicus agus na n-acmhainní a leithdháilfear dó. Leis sin d'éascófaí glacadh seirbhísí ag an bpobail mar bheadh úsáideoirí in ann infhaighteacht agus forbairt seirbhísí a fheiceáil roimh ré mar aon le comhar leis na Ballstáit agus le páirtithe eile. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, de réir mar is gá, sonraíochtaí teicniúla na seirbhísí go léir de chuid Copernicus a ghlacadh agus a nuashonrú, ag tabhairt aghaidh ar ghnéithe amhail raon feidhme, leagan amach, punanna seirbhíse teicniúla, miondealú táscach ar chostais agus ar phleanáil, leibhéil feidhmithe, riachtanais rochtana ar shonraí spáis agus ar shonraí in situ, forbairt, caighdeáin, cartlannú agus scaipeadh sonraí.

(17)

Ba cheart go mbeadh cur chun feidhme eilimint spáis Copernicus bunaithe ar na sonraíochtaí teicniúla i bhfianaise chastacht Copernicus agus na n-acmhainní a leithdháilfear dó. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, de réir mar is gá, sonraíochtaí teicniúla ina mionsonrófar na gníomhaíochtaí a thacófar faoi eilimint spáis Copernicus, agus miondealú táscach a gcostais agus a bpleanála, a ghlacadh agus a nuashonrú. Ós rud é gur cheart do Copernicus tógáil ar infheistíochtaí a rinne an tAontas, GSE, agus na Ballstáit i gcomhthéacs an Fhaireacháin Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil, ba cheart go gcuirfeadh na gníomhaíochtaí faoi eilimint spáis Copernicus gnéithe Chás Fadtéarmach (LTS) GSE san áireamh, i gcás inarb iomchuí, ar doiciméad é a rinne GSE a ullmhú agus a nuashonrú, lena mbunaítear creat foriomlán d'eilimint spáis Copernicus.

(18)

Ba cheart go mbeadh Copernicus faoi cheannas an úsáideora, agus, dá bhrí sin, bheadh rannpháirtíocht leanúnach, éifeachtach úsáideoirí de dhíth, go háirithe ó thaobh ceanglais seirbhíse a shainiú agus a bhailíochtú.

(19)

Tá gné idirnáisiúnta Copernicus thar a bheith ábhartha maidir le sonraí agus faisnéis a mhalartú, agus le rochtain ar bhonneagar breathnóireachta. Tá malartú den sórt sin níos éifeachtúla ó thaobh costais de ná scéimeanna ceannaithe sonraí agus neartaíonn sé gné dhomhanda Copernicus.

(20)

Foráiltear sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus sna Comhaontuithe Réime le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí féideartha do rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais. Ba cheart é a bheith ar chumas tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile bheith rannpháirteach trí chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir leis sin a thabhairt i gcrích.

(21)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú leis na cláir ar bhonn comhaontuithe iomchuí.

(22)

Ba cheart freagracht iomlán as Copernicus a bheith ag an gCoimisiún. Ba cheart dó na tosaíochtaí a shainiú agus comhordú agus maoirseacht iomlán Copernicus a áirithiú. Ba cheart go n-áireofaí leis sin freisin iarrachtaí speisialta chun feasacht a ardú i measc an phobail faoi a thábhachtaí atá na cláir spáis do shaoránaigh na hEorpa. Ba cheart go gcuirfeadh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le Copernicus in am trátha.

(23)

Agus Copernicus á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, brath ar eagraíochtaí Eorpacha idir-rialtasacha a bhfuil comhpháirtíochtaí bunaithe aige leo cheana féin, go háirithe GSE, le haghaidh chomhordú teicniúil eilimint spáis Copernicus, shainiú a leagain amach, sócmhainní spáis a fhorbairt agus a sholáthar, le haghaidh rochtana ar shonraí agus le haghaidh misin thiomnaithe a oibriú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún brath freisin ar an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (Eumetsat) maidir le misin thiomnaithe a oibriú i gcomhréir lena saineolas agus lena sainordú.

(24)

Agus an ghné sin de Copernicus a bhaineann le comhpháirtíocht á cur san áireamh, agus d'fhonn dúbailt saineolais theicniúil a sheachaint, ba cheart cur chun feidhme Copernicus a tharmligean chuig eintitis a bhfuil an inniúlacht theicniúil agus an inniúlacht ghairmiúil iomchuí acu. Ba cheart go spreagfaí eintitis den sórt sin forfheidhmiú na gcúraimí sin a oscailt chun an iomaíochais suas go dtí leibhéal leordhóthanach, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Rialachán Airgeadais”).

(25)

Ba cheart go n-áireofaí i gclár Copernicus eilimint seirbhíse lena n-áirithítear faisnéis a sheachadadh maidir le faireachán a dhéanamh ar an atmaisféar, faireachán a dhéanamh ar an muirthimpeallacht, faireachán a dhéanamh ar an talamh, leis an athrú aeráide, le bainistíocht éigeandála agus le slándáil. Ba cheart go soláthrófaí an fhaisnéis seo a leanas i gclár Copernicus, go háirithe: faisnéis maidir le staid an atmaisféir lena n-áirítear ar scála áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus domhanda; faisnéis maidir le staid na n-aigéan, lena n-áirítear trí ghrúpáil Eorpach tiomnaithe d'fhaireachán ar an bhfarraige a bhunú; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d'fhaireachán ar an talamh a thacaíonn le cur chun feidhme beartas áitiúil, náisiúnta agus Eorpach; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d'oiriúnú agus do mhaolú an athraithe aeráide; faisnéis gheospásúil lena dtugtar tacaíocht do bhainistiú éigeandála, lena n áirítear trí ghníomhaíochtaí coisctheacha agus slándáil shibhialta lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Ba cheart go sainaithneodh an Coimisiún socruithe conarthacha iomchuí lena gcothaítear inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhíse.

(26)

Agus eilimint seirbhíse Copernicus á cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún dul in iontaoibh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin de bharr chineál speisialta na gníomhaíochta agus an tsaineolais shonraigh, eintiteas inniúil, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (Satcen), Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF), gníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha eile, grúpálacha nó cuibhreannais comhlachtaí náisiúnta, nó aon chomhlacht ábhartha a d'fhéadfadh bheith incháilithe i gcomhair tarmligin i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Nuair a bheifear ag roghnú an eintitis ba cheart go mbeadh aird chuí ar an gcost-éifeachtúlacht a bhainfidh leis na cúraimí sin a shannadh agus an tionchar a bheidh acu ar struchtúr rialachais an eintitis agus ar a acmhainní airgeadais agus daonna.

(27)

Bhí rannpháirtíocht ghníomhach ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) de chuid an Choimisiúin i dtionscnamh GMES agus i gcur chun feidhme oibríochtaí tosaigh GMES a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 911/2010. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bhrath ar thacaíocht eolaíoch agus theicniúil ó JRC do chur chun feidhme Copernicus.

(28)

Maidir le soláthar poiblí na n-eintiteas atá freagrach as cur chun feidhme Copernicus, ba cheart go mbeadh sé comhoiriúnach le rialacha an Aontais nó le caighdeáin idirnáisiúnta choibhéiseacha, a mhéid a cheadaítear leis na forálacha maidir le conarthaí poiblí sa Rialachán Airgeadais. Maidir le coigeartuithe sonracha is gá do na rialacha sin, agus leis na socruithe do shíneadh na gconarthaí atá ann cheana, ba cheart go saineofaí iad sna comhaontuithe comhfhreagracha ó na toscaireachtaí. Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an gCoimisiún, ar an gcéad dul síos, an luach ar airgead is fearr a fháil, costais a rialú, rioscaí a mhaolú, éifeachtúlacht a fheabhsú agus spleáchas ar an t-aon soláthróir amháin a laghdú. Ba cheart go n-áiritheofaí rochtain oscailte agus iomaíocht chóir ar fud an tslabhra soláthair, lena dtabharfaí deiseanna cothroma rannpháirtíochta don tionscal ar gach leibhéal, lena n-áirítear, go háirithe, d'iontrálaithe nua agus FBManna. Aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht nó aon spleáchas fadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ann ar sholáthraí aonair, ba cheart iad a sheachaint. Chun rioscaí a bhaineann leis an gclár a mhaolú, spleáchas ar fhoinse aonair soláthair a sheachaint agus rialú foriomlán níos fearr ar Copernicus agus ar a gcostais agus ar a sceideal a áirithiú, ba cheart ilfhoinsiú a shaothrú, nuair is iomchuí. Lena chois sin, ba cheart go ndéanfaí forbairt an tionscail Eorpaigh a chaomhnú agus a chur chun cinn sna réimsí uile a bhaineann le faire na Cruinne, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an tAontas iontu.

(29)

Ba cheart an riosca a bhaineann le droch-chomhlíonadh conartha nó le neamhchomhlíonadh conartha a mhaolú chomh fada agus is féidir. Chuige sin, ba cheart do chonraitheoirí inbhuanaitheacht a gcomhlíonta chonarthaigh a léiriú maidir leis na gealltanais arna ndéanamh agus le fad an chonartha. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, ceanglais a shonrú a bhaineann le hiontaofacht na soláthairtí agus le soláthar na seirbhísí. Sa bhreis air sin, i gcás earraí agus seirbhísí de chineál atá íogair a cheannach, féadfaidh údaráis chonarthacha ceannach den sórt sin a chur faoi réir ceanglas sonrach, go háirithe d'fhonn slándáil faisnéise a áirithiú. Ba cheart cead a thabhairt do thionscail an Aontais dul ar iontaoibh foinsí neamh-Aontais maidir le heilimintí agus le seirbhísí áirithe i gcás ina léirítear go bhfuil buntáistí suntasacha ann i dtéarmaí cáilíochta agus costas, agus aird á tabhairt, áfach, ar chineál straitéiseach na gclár agus ar cheanglais an Aontais maidir le slándáil agus rialú onnmhairithe. Ba cheart leas a bhaint as infheistíocht earnála poiblí agus as taithí agus inniúlacht thionsclaíoch, agus é á áirithiú nach sáraítear na rialacha maidir le tairiscintí iomaíocha.

(30)

Chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar chostas iomlán táirge, seirbhíse nó oibre a ndéanfar tairiscint ina leith, lena n-áirítear a chostas oibriúcháin fadtéarmach nó a costas oibriúcháin fadtéarmach, ba cheart an costas iomlán thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ndéanfar tairiscint ina leith a chur san áireamh de réir mar is iomchuí le linn an tsoláthair, trí chur chuige bunaithe ar chost-éifeachtúlacht a úsáid amhail costáil saolré nuair a leantar nós imeachta soláthair atá bunaithe ar chritéar na dámhachtana tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch. Chun na críche sin, ba cheart don údarás conarthach a chinntiú go luafar go sonrach an mhodheolaíocht lena mbeartaítear costais shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ríomh, sna doiciméid chonarthacha nó i bhfógra an chonartha agus go mbeifear in ann cruinneas na faisnéise a thabharfaidh na tairgeoirí a fhíorú.

(31)

Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás conarthach cothroime iomaíochta a athbhunú i gcás ina bhfuil faisnéis phribhléideach faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nglaoch sin ar thairiscintí ag cuideachta amháin nó níos mó, roimh an nglaoch ar thairiscintí. Ba cheart go bhféadfaí conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist, leasú a thabhairt isteach sa chonradh, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a chomhlíonta, nó fiú íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur. Ar deireadh, i ngeall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann le Copernicus, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí poiblí a thuar go beacht agus is inmhianaithe dá bhrí sin conarthaí a thabhairt i gcrích i bhfoirm shonrach, foirm nach sonraíonn praghas seasta agus cinntitheach agus ag an am céanna a áiríonn clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(32)

D'fhonn an méid is fearr is féidir a choimeád in Copernicus trí na rioscaí teicniúla agus sceidil a laghdú a mhéid is mó is féidir, mar aon leis an gcostas a bhaineann leo agus d'fhonn iontaofacht inbhuanaithe an tsoláthair a áirithiú, ba cheart go mbainfeadh Copernicus an fheidhm is mó is féidir as infheistíochtaí airgeadais agus bonneagair na hearnála poiblí a rinneadh cheana agus as an taithí thionsclaíoch agus as an inniúlacht a fhaightear trí na hinfheistíochtaí den chineál sin a dhéantar i GMES. Ba cheart gur fíor go háirithe an méid sin i dtaca leis an méid a bhaineann leis na heilimintí aisfhillteacha den deighleog spáis agus talaimh a d'fhorbair GSE agus a cuid Stát Rannpháirtíochta i gcomhthéacs an chláir roghnaigh Eilimintí Spáis GMES agus le rannchuidiú airgeadais ón Aontas. Sa chás deireanach ba cheart don údarás conarthach machnamh cuí a dhéanamh ar fheidhm a bhaint as an nós imeachta idirbheartaíochta gan fógra conartha nó a choibhéis a fhoilsiú roimh ré.

(33)

D'fhonn cuspóirí Copernicus a bhaint amach ar bhonn inbhuanaithe, is gá gníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe éagsúla atá rannpháirteach in Copernicus a chomhordú agus cumas seirbhíse agus breathnóireachta trína gcomhlíontar éilimh na n-úsáideoirí a fhorbairt a bhunú agus a fheidhmiú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gcabhródh coiste (Coiste Copernicus) leis an gCoimisiún chun comhordú ranníocaíochtaí an Aontais, na mBallstát, na n-eagraíochtaí idir-rialtasacha chomh maith le comhordú leis an earnáil phríobháideach le clár Copernicus a áirithiú, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as inniúlachtaí reatha agus chun bearnaí a shainaithint ar a dtabharfar aghaidh ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart dó cabhrú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme leanúnach Copernicus. Ba cheart go mbeadh ionadaithe na n-eintiteas a bhfuil cúraimí cur chun feidhme buiséid de chúram orthu in ann páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, in obair Choiste Copernicus ós rud é gur gá, ó thaobh rialachais fhónta phoiblí de, bainistíocht aonfhoirmeach a dhéanamh ar Copernicus mar aon le cinnteoireacht níos tapúla agus rochtain chomhionann a thabhairt ar fhaisnéis. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go mbeadh ionadaithe tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas in ann páirt a ghlacadh in obair Choiste Copernicus faoi réir srianta slándála agus de réir mar a bhforáiltear dó sin i dtéarmaí comhaontuithe den sórt sin. Níor cheart go mbeadh ionadaithe den sórt sin i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta vótála Choiste Copernicus sin.

(34)

Ba cheart obair na n-eintiteas a bhfuil cúraimí cur chun feidhme tairgthe chucu ag an gCoimisiún a thomhas freisin de réir táscairí feidhmíochta. Thabharfadh sé sin léiriú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar dhul chun cinn oibríochtaí Copernicus agus ar chur chun feidhme Copernicus.

(35)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún (9) bunaíodh na coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d'úsáideoirí GMES agus sainmhíníodh na critéir i dtaca le srian a chur ar rochtain ar shonraí tiomnaithe GMES agus ar fhaisnéis faoi sheirbhís GMES.

(36)

Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis a chuirtear le chéile i gcreat Copernicus a chur ar fáil go hiomlán, go hoscailte agus saor in aisce, faoi réir coinníollacha agus teorainneacha iomchuí, d'fhonn a gcuid úsáide agus a gcomhroinnt a chur chun cinn, agus d'fhonn margaí Eorpacha um fhaire na Cruinne a neartú, go háirithe san earnáil iartheachtach, agus fás agus cruthú fostaíochta a chothú dá réir sin.

(37)

Ba cheart don Choimisiún a bheith ag obair le soláthróirí sonraí le go ndéanfar coinníollacha ceadúnaithe maidir le sonraí tríú páirtí a chomhaontú ionas go ndéanfar a n-úsáid laistigh de Copernicus a éascú, ag cloí leis an Rialachán seo agus leis na cearta tríú páirtí is infheidhme.

(38)

Ba cheart go gcuirfí san áireamh na cearta rochtana i dtaca le sonraí Sentinel Copernicus arna dtabhairt faoin gClár Eilimintí Spáis GMES mar a d'fhormheas Bord an Chláir maidir le Faire na Cruinne de chuid GSE an 24 Meán Fómhair 2013.

(39)

Toisc gur clár sibhialta faoi smacht sibhialta é Copernicus, ba cheart tús áite a thabhairt do shonraí a fháil agus faisnéis a tháirgeadh, lena n-áirítear íomhánna ardtaifigh, nach riosca nó bagairt iad i leith shlándáil an Aontais nó a chuid Ballstát. Toisc go bhféadfadh cosaint a bheith de dhíth maidir le roinnt shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, áfach, agus chun cúrsaíocht shlán faisnéise den sórt sin a áirithiú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart do na rannpháirtithe uile in Copernicus méid áirithe cosanta a chur ar fáil d'fhaisnéis rúnaicmithe AE arb ionann é agus an chosaint a thugtar faoi na rialacha slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (10) agus faoi na rialacha slándála de chuid na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (11).

(40)

Toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag roinnt shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear íomhánna ardtaifigh, ar shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, ba cheart an Chomhairle a chumasú na bearta a ghlacadh d'fhonn déileáil le rioscaí agus le bagairtí do shlándáil an Aontais nó dá Bhallstáit.

(41)

Ba cheart gurb é an tAontas a bheadh mar úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir a chruthófar nó a fhorbrófar faoi Copernicus. Ionas go gcomhlíonfar go hiomlán na cearta bunúsacha go léir a bhainfeadh le húinéireacht, ba cheart na socruithe riachtanacha a dhéanamh leis na húinéirí atá ann cheana. Ba cheart go mbeadh sé le tuiscint nach gcumhdaítear leis na forálacha maidir le húinéireacht sócmhainní doláimhsithe a leagtar síos sa Rialachán seo cearta doláimhsithe nach féidir a aistriú faoi dhlíthe náisiúnta ábhartha. Ba cheart go mbeadh úinéireacht den sórt sin ag an Aontas gan dochar don fhéidearthacht don Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí é sin ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt. Ionas go nglacfaidh an-chuid úsáideoirí iartheachtacha le seirbhísí Copernicus, ba cheart, go háirithe, go mbeadh an tAontas in ann úinéireacht na hoibre a dhéanfar faoi Copernicus a aistriú chuig tríú páirtithe nó a cheadú nó na cearta maoine intleachtúla a cheadúnú dóibh, ar cearta iad a éireoidh as obair a dhéanfar faoi Copernicus.

(42)

Ba cheart leas airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(43)

Ós rud é gur clár casta é Copernicus, ba cheart go mbeadh cabhair saineolaithe neamhspleácha ag an gCoimisiún as measc teaglaim leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear go háirithe saineolaithe ar shaincheisteanna slándála a ainmneoidh na Ballstáit, ionadaithe ar eintitis náisiúnta ábhartha a bheidh freagrach as saincheisteanna spás agus ionadaithe ar úsáideoirí Copernicus, ar saineolaithe iad a chuirfidh an saineolas teicniúil agus eolaíoch is gá ar fáil don Choimisiún, chomh maith le dearcthaí idir-dhisciplíneacha agus trasearnála, agus tionscnaimh ábhartha atá ar bun cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh.

(44)

D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an gclár oibre bliantúil a ghlacadh, leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na n-eilimintí seirbhíse agus spáis, le gnéithe slándála agus leis na bearta le haghaidh cóineasú na mBallstát a chur chun cinn maidir le húsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus agus le haghaidh rochtana ag na Ballstáit ar theicneolaíocht agus ar fhorbairt a bhaineann le Faire na Cruinne, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(45)

Ós rud é go bhfuil Copernicus faoi cheannas an úsáideora, bíonn rannpháirtíocht leanúnach, éifeachtach úsáideoirí de dhíth, go háirithe ó thaobh ceanglais seirbhíse a shainiú agus a bhailíochtú. Ar mhaithe le cur le luach na n-úsáideoirí, ba cheart go ndéanfaí a n-ionchur siúd a lorg go gníomhach trí chomhairliúchán rialta le húsáideoirí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Chun na críche sin, ba cheart meitheal (“Fóram na nÚsáideoirí”) a chur ar bun chun cabhrú le Coiste Copernicus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí a shainaithint, le comhlíonadh na seirbhíse a fhíorú agus le húsáideoirí san earnáil phoiblí a chomhordú.

(46)

Ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis na ceanglais sonraí is gá le haghaidh na seirbhísí oibrúcháin a fhorbairt, na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir le clárú agus úsáid na sonraí agus na faisnéise sin, maidir leis na critéir shonracha teicniúla is gá chun cosc a chur ar chur isteach ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir leis na critéir le haghaidh srian a chur ar fháil nó scaipeadh shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus mar gheall ar chearta contrártha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(47)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo ionas go mbeifear in ann athchoigeartú agus athruithe nua a chur san áireamh. Ba cheart go háirithe, go measfaí sa mheastóireacht éifeachtaí an bheartais maidir le sonraí Copernicus agus le faisnéis Copernicus ar gheallsealbhóirí agus ar úsáideoirí iartheachtacha, agus a éifeacht ar ghnó agus ar infheistíochtaí náisiúnta agus príobháideacha i mbonneagair de chuid fhaire na Cruinne chomh maith. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh sa mheastóireacht freisin ar an gcaoi a d'fhéadfadh gníomhaireachtaí ábhartha Eorpacha, a bheith páirteach amach anseo, b'fhéidir, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS. D'fhonn cur leis na torthaí agus leas a bhaint as an eolas agus as an saineolas a fhaightear trí chéimeanna chur chun feidhme Copernicus, ba cheart go saothrófaí múnlaí nua eagrúcháin ar mhaithe le pleanáil níos fearr a dhéanamh amach anseo agus le tiomantas fadtéarmach eacnamaíoch a áirithiú.

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú Copernicus, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go mbeidh cumas pan-Eorpach ag baint leis freisin agus go mbraithfidh sé ar sholáthar seirbhísí comhordaithe ar fud na mBallstát nach mór a chomhordú ar leibhéal an Aontais, ach gur féidir, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(49)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais arb éard a bheidh ann an méid príomhthagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(50)

Is iomchuí tréimhse mhaoinithe an Rialacháin seo a ailíniú leis an tréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014.

(51)

Is gá freisin Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 a aisghairm d'fhonn creat iomchuí a bhunú maidir le rialachas agus cistiúchán agus d'fhonn Copernicus a bheidh ag feidhmiú go hiomlán a áirithiú. Ba cheart go leanfadh aon bheart arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 de bheith bailí d'fhonn a leanúnachas a áirithiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FÓRÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear Copernicus, clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus), agus leagtar síos ann na rialacha maidir le cur chun feidhme an chláir.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Clár sibhialta faoi cheannas an úsáideora a bheidh faoi rialú sibhialta is ea Copernicus, a chuirfidh leis na hacmhainní náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana, agus lena n-áiritheofar comhleanúnachas leis na gníomhaíochtaí a baineadh amach faoin bhFaireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil.

2.   Is iad seo a leanas na heilimintí atá in Copernicus:

(a)

eilimint seirbhíse lena n-áiritheofar cur ar fáil faisnéise sna réimsí seo a leanas: faireachán ar an atmaisféar, faireachán ar an muirthimpeallacht, faireachán ar an talamh, an t-athrú aeráide, bainistíocht éigeandála agus slándáil;

(b)

eilimint spáis lena n-áiritheofar breathnóireachtaí inbhuanaithe ón spás le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

eilimint in situ lena n-áiritheofar rochtain chomhordaithe ar bhreathnóireachtaí le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a) trí fhearais san aer, ar farraige, agus ar talamh.

3.   Bunófar naisc agus idirphlé iomchuí idir na heilimintí dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “misin thiomnaithe” misin spásbhunaithe de chuid fhaire na Cruinne a bheidh á n-úsáid in Copernicus agus á n-oibriú ann, go háirithe misin Sentinel;

(2)

ciallaíonn “misin rannpháirteacha” misin spásbhunaithe de chuid fhaire na Cruinne a chuirfidh sonraí ar fáil do Copernicus, ar sonraí iad lena gcomhlánófar na sonraí a chuirfidh na misin thiomnaithe ar fáil;

(3)

ciallaíonn “sonraí ó mhisin thiomnaithe” sonraí ón spás de chuid fhaire na Cruinne, ar sonraí ó mhisin thiomnaithe iad a bheidh á n-úsáid in Copernicus;

(4)

ciallaíonn “sonraí ó mhisin rannpháirteacha” sonraí ón spás de chuid fhaire na Cruinne, ar sonraí ó mhisin rannpháirteacha iad a bheidh á gceadúnú nó á soláthar lena n-úsáid in Copernicus;

(5)

ciallaíonn “sonraí in situ” sonraí breathnóireachta ó bhraiteoirí ar an talamh, ar an bhfarraige nó san aer mar aon le sonraí tagartha agus coimhdeacha a bheidh á gceadúnú nó á soláthar lena n-úsáid in Copernicus;

(6)

ciallaíonn “sonraí agus faisnéis tríú páirtí” sonraí agus faisnéis a chruthaítear lasmuigh de raon feidhme Copernicus a bhfuil gá leo le haghaidh chur chun feidhme chuspóirí Copernicus;

(7)

ciallaíonn “sonraí Copernicus” sonraí ó mhisin thiomnaithe, sonraí ó mhisin rannpháirteacha agus sonraí in situ;

(8)

ciallaíonn “faisnéis Copernicus” faisnéis a thiocfaidh ó na seirbhísí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1) tar éis sonraí Copernicus a phróiseáil nó a mhúnlú;

(9)

ciallaíonn “úsáideoirí Copernicus” iad siúd a leanas:

(a)

bunúsáideoirí Copernicus: institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a bhfuil sé de chúram orthu seirbhís phoiblí nó beartas poiblí a shainiú, a chur chun feidhme nó a fhorfheidhmiú sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(2) nó faireachán a dhéanamh orthu;

(b)

úsáideoirí taighde: ollscoileanna nó aon eagraíocht eile taighde agus oideachais;

(c)

úsáideoirí tráchtála agus príobháideacha;

(d)

carthanachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 4

Cuspóirí

1.   Cuirfidh Copernicus leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar an gCruinne chun tacú le cosaint an chomhshaoil agus leis na hiarrachtaí i leith cosanta sibhialta agus slándála sibhialta;

(b)

sochair shocheacnamaíocha a uasmhéadú, agus leis an méid sin tacú le stráitéis Eoraip 2020 agus lena cuspóirí maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach trí úsáid fhaire na Cruinne a chur chun cinn i bhfeidhmeanna agus i seirbhísí;

(c)

forbairt tionscail Eorpaigh spáis agus seirbhísí atá iomaíoch a chaomhnú agus deiseanna a uasmhéadú d'fhiontair Eorpacha i dtaca le córais nuálacha agus le seirbhísí nuálacha de chuid fhaire na Cruinne a fhorbairt agus a sholáthar;

(d)

rochtain neamhspleách ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a áirithiú agus ar na príomhtheicneolaíochtaí i dtaca le faire na Cruinne agus seirbhísí geofaisnéise, agus leis sin an Eoraip a chumasú chun cinnteoireacht agus gníomhaíocht neamhspleách a bhaint amach;

(e)

tacú le beartais Eorpacha agus cur leo agus tionscnaimh dhomhanda amhail GEOSS a chaomhnú.

2.   Ionas go mbainfear amach na cuspóirí ginearálta, atá leagtha amach i mír 1, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Copernicus:

(a)

sonraí agus faisnéis a bheidh beacht agus intaofa a sholáthar d'úsáideoirí Copernicus ar bhonn fadtéarmach agus inbhuanaithe lena gcumasófar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus lena dtabharfar freagairt do riachtanais bhunúsáideoirí Copernicus;

(b)

rochtain inbhuanaithe agus iontaofa a sholáthar ar shonraí ón spás agus faisnéis ó chumas uathrialach fhaire na Cruinne ar leis an Eoraip í agus ag a bhfuil sonraíochtaí teicniúla comhsheasmhacha agus a chuirfidh leis na sócmhainní agus na hacmhainní Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana, agus a chomhlánóidh iad más gá;

(c)

rochtain inbhuanaithe agus iontaofa a sholáthar ar shonraí in situ, ag brath, go háirithe, ar na hacmhainní atá ann cheana agus a oibrítear ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, mar aon le rochtain ar chórais agus gréasáin dhomhanda breathnóireachta.

3.   Déanfar baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach i mír 1 agus i mír 2 a thomhas leis na táscairí toraidh seo a leanas:

(a)

sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus arna gcur ar fáil i gcomhréir leis na ceanglais faoi seach i dtaca le leibhéal seirbhíse a chur ar fáil maidir leis an gcomhshaol, le cosaint shibhialta agus leis an tslándáil shibhialta;

(b)

éileamh méadaithe i dtaca le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a dhéanfar a thomhas de réir an dul chun cinn i líon na n-úsáideoirí, de réir mhéid na sonraí agus na faisnéise breisluacha ar a bhfuarthas rochtain, de réir líon méadaithe na seirbhísí iartheachtacha agus de réir leathnú an scaipthe ar fud na mBallstát agus an Aontais;

(c)

sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a úsáidfidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, lena n-áirítear leibhéal an ghlactha ag úsáideoirí agus leibhéal shástacht na n-úsáideoirí, agus na sochair a sholáthraítear do shochaithe na hEorpa;

(d)

dul i bhfód ar an margadh, lena n-áirítear leathnú na margaí atá ann cheana agus cruthú margaí nua agus iomaíochas na n-oibreoirí Eorpacha iartheachtacha;

(e)

teacht ar shonraí Copernicus ar bhonn inbhuanaithe, ar sonraí iad chun tacú le seirbhísí Copernicus.

Airteagal 5

Eilimint seirbhíse Copernicus

1.   Is éard a bheidh in eilimint seirbhíse Copernicus na seirbhísí seo a leanas:

(a)

an tseirbhís faireacháin ar an atmaisféar, a sholáthróidh faisnéis maidir le cáilíocht an aeir ar scála Eorpach, agus faisnéis maidir le comhdhéanamh ceimiceach an atmaisféir ar scála domhanda. Soláthróidh sé faisnéis go háirithe do chórais faireacháin ar cháilíocht an aeir a oibrítear ar an scála áitiúil go hidirnáisiúnta, agus rannchuideoidh sé le faireachán a dhéanamh ar athróga aeráide ceimice an atmaisféir, lena n-áirítear, nuair is féidir, an t-imoibriú le ceannbhrat na bhforaoisí;

(b)

an tseirbhís faireacháin ar chomhshaol na mara, a sholáthróidh faisnéis maidir le staid agus dinimic na n-éiceachóras fisiciúil aigéin agus mara do na limistéir aigéin dhomhanda agus do na limistéir Eorpacha réigiúnacha, mar thaca le sábháilteacht na mara, le faireachán ar shreabha dramhaíola, ar chomhshaol na mara, ar na réigiúin chósta agus ar na réigiúin pholacha, agus ar acmhainní mara agus le faireachán ar réamhaisnéis mheitéareolaíoch agus ar an aeráid;

(c)

an tseirbhís faireacháin ar thalamh, a sholáthróidh faisnéis maidir le húsáid talún agus le clúdach talún, an crióisféar, athrú aeráide agus athróga bithgheoifisceacha, lena n-áirítear dinimic na nithe sin, ar faisnéis í a bheidh ina tacaíocht ag an bhfaireachán comhshaoil ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil ar an mbithéagsúlacht, ar ithir, ar uiscí intíre agus uiscí cósta, ar fhoraoisí agus ar fhásra, agus ar acmhainní nádúrtha, agus, go ginearálta, ar bheartais maidir le comhshaol, talmhaíocht, forbairt, fuinneamh, pleanáil uirbeach, bonneagar agus iompar a chur chun feidhme;

(d)

an tseirbhís um an athrú aeráide, a sholáthróidh faisnéis d'fhonn an bonn eolais a mhéadú chun tacú le beartais oiriúnaithe agus maolaithe. Rannchuideoidh sé go háirithe Athróga Aeráide Riachtanacha, anailísí, réamh-mheastacháin agus táscairí maidir leis an aeráid ar scálaí ama agus spásúlachta atá ábhartha do straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe do na réimsí sochair earnála agus shochaíocha éagsúla san Aontas a sholáthar;

(e)

an tseirbhís bainistithe práinne, a sholáthróidh faisnéis maidir le práinnfhreagairt i dtaca le cineálacha éagsúla tubaistí, lena n-áirítear guaiseacha meitéareolaíocha, guaiseacha geoifisiceacha, tubaistí de dhéanamh an duine a dhéantar d'aon ghnó agus trí thimpiste agus tubaistí eile de dhéanamh an duine, chomh maith le gníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhachta, freagartha agus aisghabhála;

(f)

an tseirbhís slándála, a sholáthróidh faisnéis a bheidh ina tacaíocht ag dúshláin shlándála shibhialta na hEorpa lena bhfeabhsófar inniúlachtaí maidir le géarchéimeanna a chosc, ullmhú agus freagairt dóibh, go háirithe i gcás faireachais teorann agus mhuirí, ach tacóidh sí freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, gan dochar do shocruithe maidir le comhar a d'fhéadfaí a thabhairt chun críche idir an Coimisiún agus comhlachtaí éagsúla de chuid an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh.

2.   Cuirfear prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta san áireamh agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 á soláthar, beidh na seirbhísí sin éifeachtach ó thaobh costais de agus díláraithe i gcás inarb iomchuí, chun an spás atá ann cheana in situ agus na sonraí tagartha agus na hacmhainní atá ann cheana sna Ballstáit a chomhtháthú ar an leibhéal Eorpach, agus ar an gcaoi sin déanfar dúbláil a sheachaint. Déanfar soláthar sonraí nua a dhéanann dúbláil ar fhoinsí atá ann cheana féin a sheachaint mura rud é nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó mura rud é nach bhfuil sé cost-éifeachtach úsáid a bhaint as tacair shonraí atá ann cheana féin nó as tacair shonraí is féidir a uasghrádú nó murar féidir sin a dhéanamh in am trátha.

Cuirfidh na seirbhísí córais bheachta rialaithe cáilíochta chun feidhme agus soláthróidh siad faisnéis maidir le leibhéal na seirbhísí, lena n-áirítear infhaighteacht, iontaofacht, cáilíocht agus tráthúlacht na seirbhísí sin.

3.   D'fhonn a áirithiú go bhforbraítear na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus go nglactar leo san earnáil phoiblí, rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas freisin:

(a)

gníomhaíochtaí forbartha chun cáilíocht agus feidhmíocht na seirbhísí a fheabhsú, lena n-áirítear iad a fhorbairt agus a chur in oiriúint, rioscaí oibriúcháin a sheachaint nó a mhaolú agus leas a bhaint as sineirgí idir iad agus gníomhaíochtaí gaolmhara, mar shampla faoi Fhís 2020;

(b)

gníomhaíochtaí tacaíochta arb é atá iontu bearta chun daoine a spreagadh glacadh le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus agus leas a bhaint astu trí:

(i)

údaráis phoiblí ar fúthu atá sé seirbhís phoiblí nó beartas poiblí a shainiú, a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú nó faireachán a dhéanamh orthu sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Áireofar air sin forbairt acmhainní agus nósanna imeachta agus uirlisí caighdeánacha a fhorbairt chun sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a chomhtháthú i sreabhadh oibre na n-úsáideoirí;

(ii)

úsáideoirí eile agus feidhmchláir iartheachtacha. Áireofar air sin gníomhaíochtaí for-rochtana, oiliúna agus scaipthe.

Airteagal 6

Eilimint spáis Copernicus

1.   Le heilimint spáis Copernicus, soláthrófar breathnóireachtaí ón spás, a fhreastalóidh go príomha do na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

2.   Is éard a bheidh in eilimint spáis Copernicus misin thiomnaithe agus sonraí misin rannpháirteacha, agus áireofar léi na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

soláthar breathnóireachtaí ón spás, lena n-áirítear:

(i)

misin thiomnaithe a thabhairt chun críche, a chothabháil agus a oibriú, lena n-áirítear satailítí a thascáil, satailítí a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, sonraí a fháil, a phróiseáil, a chartlannú agus a scaipeadh, buanchalabrú agus buanbhailíochtú;

(ii)

soláthar sonraí in situ maidir le calabrú agus bailíochtú breathnóireachtaí ó mhisin thiomnaithe;

(iii)

sonraí ó mhisin rannpháirteacha a sholáthar, a chartlannú agus a scaipeadh, ar sonraí iad a chomhlánaíonn sonraí ó mhisin thiomnaithe;

(b)

gníomhaíochtaí mar fhreagra ar an athrú a thagann ar riachtanais úsáideoirí, lena n-áirítear:

(i)

bearnaí breathnóireachta a aithint agus misin nua thiomnaithe a shonrú ar bhonn riachtanais an úsáideora;

(ii)

forbairtí atá dírithe ar mhisin thiomnaithe a nuachóiriú agus a chomhlánú, lena n-áirítear gnéithe nua den bhonneagar gaolmhar spáis a dhearadh agus a sholáthar;

(c)

satailítí a chosaint ar an riosca imbhuailte lena gcuirtear san áireamh creat de chuid an Aontais maidir le tacaíocht d'fhaireachas agus do rianú spáis a chur chun feidhme;

(d)

satailítí a dhíchoimisiúnú ar bhealach sábháilte ag deireadh a ré.

Airteagal 7

Eilimint in situ Copernicus

1.   Le heilimint in situ Copernicus, beidh rochtain ar shonraí in situ, a fhreastalóidh go príomha ar sheirbhísí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Áireofar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

sonraí in situ a sholáthar do na seirbhísí oibriúcháin, lena n-áirítear sonraí in situ tríú páirtí ar leibhéal idirnáisiúnta, bunaithe ar na hacmhainní atá ann cheana;

(b)

comhordú agus comhchuibhiú ar bhailiú agus ar sholáthar sonraí in situ;

(c)

cúnamh teicniúil don Choimisiún maidir leis na ceanglais seirbhíse a bhaineann le sonraí breathnóireachta in situ;

(d)

comhar le hoibreoirí in situ d'fhonn comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí forbartha a bhaineann leis an mbonneagar agus na líonraí breathnóireachta in situ a chur chun cinn;

(e)

bearnaí sna breathnóireachtaí in situ a shainaithint, ar bearnaí iad nach féidir a líonadh leis an mbonneagar ná leis na líonraí atá ann cheana, lena n-áirítear ar fud na cruinne, agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, agus prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh.

2.   Bainfear leas in Copernicus as na sonraí in situ i gcomhréir leis na cearta tríú páirtí is infheidhme, lena n-áirítear cearta na mBallstát, agus na srianta is infheidhme maidir le húsáid nó maidir le hathdháileadh.

3.   I gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí na heiliminte in situ dá dtagraítear in Airteagal 11(1) den Rialachán seo a thabhairt, i bpáirt nó go hiomlán, do na hoibreoirí seirbhísí, nó, más gá comhordú foriomlán a dhéanamh, féadfaidh sé na gníomhaíochtaí sin a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

Airteagal 8

Imchlúdach airgeadais

1.   Déantar an t-imchlúdach airgeadais chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 a chur chun feidhme a shocrú mar EUR 4 291,48 millún i bpraghsanna reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú sna catagóirí caiteachais seo a leanas, i bpraghsanna reatha:

(a)

i gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7, EUR 897,415 milliún;

(b)

i gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, EUR 3 394,065 milliún, lena n-áirítear uasmhéid EUR 26,5 milliún do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(2).

3.   Féadfaidh an Coimisiún cistí a leithdháileadh an athuair ó chatagóir amháin caiteachais, mar a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2, go catagóir eile, suas go huasteorainn 10 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina sroicheann ath-leithdháileadh an athuair méid carnach atá níos mó ná 10 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Coiste Copernicus, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

4.   An t-ús a ghintear le híocaíochtaí a dhéantar le heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach, sannfar iad do ghníomhaíochtaí atá faoi réir an chomhaontaithe tarmligin nó an chonradh a tugadh i gcrích idir an Coimisiún agus an t-eintiteas lena mbaineann. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, osclóidh na heintitis a bheidh freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach cuntais chun go bhféadfar na cistí agus an t-ús comhfhreagrach a shainaithint.

5.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Féadfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí a mhairfidh breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla.

6.   D'fhéadfadh sé go gcumhdódh an leithdháileadh airgeadais do Copernicus costais freisin a bhainfidh le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a mbeidh gá díreach leo chun Copernicus a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith le costais a bhainfidh le líonraí TF ina ndíreofar ar fhaisnéis a phróiseáil agus sonraí a mhalartú.

7.   Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme Copernicus a thabhairt do na heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais. I gcás ina gcuirfear buiséad Copernicus chun feidhme trí bhainistiú indíreach ar bhonn Airteagal 10(3) nó Airteagal 11(1), beidh feidhm ag rialacha soláthair na n-eintiteas a gcuirfear cúraimí cur chun feidhme buiséid de chúram orthu, a mhéid is incheadaithe, faoi Airteagal 60 den Rialachán Airgeadais. Maidir le coigeartuithe sonracha is gá do na rialacha sin, agus leis na socruithe do shíneadh na gconarthaí atá ann cheana, saineofar iad sna comhaontuithe comhfhreagracha ó na toscaireachtaí.

CAIBIDIL II

RIALACHAS COPERNICUS

Airteagal 9

Ról an Choimisiúin

1.   Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht iomlán maidir le Copernicus agus maidir leis an gcomhordú idir na heilimintí éagsúla de. Bainisteoidh sé na cistí a leithdháiltear faoin Rialachán seo agus déanfaidh sé cur chun feidhme Copernicus a mhaoirsiú lena n-áirítear tosaíochtaí a shocrú, mar aon le rannpháirtíocht úsáideoirí, an costas, an sceideal, an fheidhmíocht agus soláthar.

2.   Déanfaidh an Coimisiún bainistiú, thar ceann an Aontais agus ina réimse inniúlachta, ar chaidrimh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, á áirithiú go mbeidh Copernicus comhordaithe le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.   Éascóidh an Coimisiún comhordú ar ranníocaíochtaí na mBallstát ag díriú ar sheachadadh oibriúcháin seirbhísí agus infhaighteacht fhadtéarmach na sonraí breathnóireachta is gá.

4.   Tacóidh an Coimisiún le forbairt iomchuí ar sheirbhísí Copernicus agus áiritheoidh sé an chomhlántacht, an chomhsheasmhacht agus na naisc idir Copernicus agus beartais, ionstraimí, cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais d'fhonn a áirithiú go mbainfidh na beartais, ionstraimí, cláir agus gníomhaíochtaí sin tairbhe as seirbhísí Copernicus.

5.   Cuirfidh an Coimisiún chun cinn timpeallacht infheistíochta fhadtéarmach chobhsaí agus rachaidh sé i gcomhairle leis na geallsealbhóirí má chinneann sé táirgí sheirbhísí sonraí Copernicus agus sheirbhísí faisnéise Copernicus araon a chumhdaítear leis an Rialachán seo a athrú.

6.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh eintiteas ar bith a mbeidh cúraimí cur chun feidhme de chúram air seirbhísí ar fáil do gach Ballstát.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 maidir le ceanglais sonraí a bhunú ar mhaithe le heilimint seirbhíse Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a fhorbairt.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4) maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na sonraíochtaí teicniúla a ghabhann le heilimint seirbhíse Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1), maidir lena chur chun feidhme;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla a ghabhfaidh le heilimint spáis Copernicus, dá dtagraítear in Airteagal 6, maidir lena chur chun feidhme agus maidir le forbairt na heiliminte sin bunaithe ar riachtanais na n-úsáideoirí.

9.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fad a bheidh ábhartha agus a bhainfidh le Copernicus ar fáil, in am trátha, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa, ar faisnéis í a bhaineann go háirithe le bainistiú riosca, costas foriomlán, costais bhliantúla oibríochta gach mír thábhachtach de bhonneagar Copernicus, leis an sceideal, leis an bhfeidhmíocht, leis an soláthar agus leis an measúnú ar bhainistíocht cearta maoine intleachtúla.

Airteagal 10

Ról Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa

1.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin chun críche le GSE agus cuirfidh sé na cúraimí seo a leanas de chúram air:

(a)

comhordú teicniúil eilimint spáis Copernicus a áirithiú;

(b)

ollstruchtúr foriomlán eilimint spáis Copernicus agus forbairt an ollstruchtúir sin a shainiú bunaithe ar riachtanais úsáideoirí, a bheidh á gcomhordú ag an gCoimisiún;

(c)

na cistí a leithdháiltear a bhainistiú;

(d)

nósanna imeachta faireacháin agus rialaithe a áirithiú;

(e)

misin nua thiomnaithe a fhorbairt;

(f)

soláthar a fháil do mhisin thiomnaithe athfhillteacha;

(g)

na misin thiomnaithe a oibriú, seachas iad siúd arna oibriú ag Eumetsat i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;

(h)

scéim a chomhordú ionas go mbeadh rochtain ag seirbhísí Copernicus ar shonraí ó mhisin rannpháirteacha;

(i)

cearta rochtana a fháil agus coinníollacha úsáide sonraí tráchtála ó shatailítí a chaibidliú, ar sonraí iad atá de dhíth ar sheirbhísí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

2.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin chun críche le Eumetsat agus cuirfidh sé mar chúram air bheith freagrach as misin thiomnaithe a oibriú agus rochtain a thabhairt ar shonraí ó mhisin rannpháirteacha, de bhun an tsainordaithe agus an tsaineolais a bheidh aige.

3.   Cuirfear na comhaontuithe tarmligin i gcrích le GSE agus le Eumetsat ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán Airgeadais, gníomhóidh GSE agus Eumetsat, i gcás inarb iomchuí, mar údaráis chonarthacha a mbeidh sé d'acmhainn acu cinntí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme agus comhordú na gcúraimí soláthair a tarmligeadh chucu.

5.   A mhéid is gá do na cúraimí agus do chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligfear, leagfar síos leis na comhaontuithe tarmligin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a chuirfear ar iontaoibh GSE agus Eumetsat agus cuirfear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, Cás Fadtéarmach (LTS) GSE. Go háirithe, leagfar síos leo na gníomhaíochtaí a bheidh le cur chun feidhme maidir le forbairt, soláthar agus oibriú eilimint spáis Copernicus, cistiú ábhartha, nósanna imeachta bainistíochta agus bearta faireacháin agus rialaithe, na bearta is infheidhme i gcás ina bhfeidhmeofar conarthaí ar bhealach neamhdhóthanach i dtéarmaí costas, sceidil, feidhmíochta agus soláthair, agus na rialacha maidir le húinéireacht na sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

6.   Déantar foráil leis na bearta faireacháin agus rialaithe, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais shealadacha, d'fhaisnéis chórasach chuig an gCoimisiún i dtaobh costas agus sceidil, agus, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha lena n-áirithítear cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí laistigh de theorainn na mbuiséad a leithdháileadh.

7.   Rachfar i gcomhairle le Coiste Copernicus, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear Coiste Copernicus ar an eolas roimh ré maidir leis na comhaontuithe tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, in éineacht le GSE agus le Eumetsat.

8.   Cuirfidh an Coimisiún Coiste Copernicus ar an eolas maidir le torthaí mheastóireacht na dtairiscintí soláthair agus na gconarthaí a bheidh le tabhairt i gcrích ag GSE agus ag Eumetsat le heintitis ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le fochonraitheoireacht.

Airteagal 11

Oibreoirí Seirbhísí

1.   Féadfaidh an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme na heiliminte seirbhíse a chur faoi chúram na n-eintiteas seo a leanas trí bhíthin comhaontuithe tarmligin nó comhaontuithe conarthacha, i gcás ina mbeidh údar cuí leis de bharr, inter alia, an chineáil speisialta gníomhaíochta, an tsaineolais shonraigh, an tsainordaithe shonraigh, an oibriúcháin shonraigh agus na hacmhainne bainistithe atá ann cheana:

(a)

an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA);

(b)

an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex);

(c)

an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA);

(d)

Lárionad Satailíte an Aontais Eorpaigh (Satcen);

(e)

Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF);

(f)

gníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha eile, grúpaí nó cuibhreannais de chomhlachtaí náisiúnta.

Cuirfear na comhaontuithe tarmligin i gcrích leis na hoibreoirí seirbhísí ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Nuair a roghnófar na heintitis dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí ar an gcost-éifeachtúlacht a bhainfidh leis na cúraimí sin a chur de chúram orthu agus ar an tionchar a bheidh acu ar struchtúr rialachais na n-eintiteas agus ar a n-acmhainní airgeadais agus daonna.

3.   Rachfar i gcomhairle le Coiste Copernicus, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear Coiste Copernicus ar an eolas roimh ré faoi na comhaontuithe tarmligin a bheidh le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí air, agus na hoibreoirí seirbhísí.

Airteagal 12

Clár oibre an Choimisiúin

1.   Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme clár oibre bliantúil le haghaidh Copernicus de bhun Airteagal 84 den Rialachán Airgeadais.

2.   Áireofar sa chlár oibre bliantúil plean cur chun feidhme ina sonrófar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na heilimintí Copernicus dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 agus breathnóidh sé chun cinn agus cuirfidh sé an t-athrú ar riachtanais na n-úsáideoirí agus dul chun cinn teicneolaíochta san áireamh.

3.   Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo.

Airteagal 13

Comhar leis na Ballstáit

1.   Rachaidh an Coimisiún i mbun comhair leis na Ballstáit d'fhonn malartú sonraí agus faisnéise a fheabhsú eatarthu agus forbairt dáilte sonraí a chothú ar na leibhéil réigiúnacha agus áitiúla. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh na sonraí is gá agus an fhaisnéis is gá ar fáil do Copernicus. Tá misin rannpháirteacha, bonneagair seirbhísí agus bonneagair in situ na mBallstát ríthábhachtach do Copernicus.

2.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun úsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus a chur chun cinn i measc na mBallstát agus chun tacú leis an rochtain a bhíonn acu ar an teicneolaíocht agus ar fhorbairt Fhaire na Cruinne. Ní dhéanfaidh bearta den sórt sin saor-iomaíocht a shaobhadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4).

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR POIBLÍ

ROINN I

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le soláthar poiblí

Airteagal 14

Prionsabail ghinearálta

Gan dochar d'Airteagal 8(7) agus do bhearta is gá chun leasanna riachtanacha slándála an Aontais nó leasanna riachtanacha slándála poiblí a chosaint nó chun ceanglais an Aontais um rialú onnmhairithe a chomhlíonadh, beidh feidhm ag an Rialachán Airgeadais, agus go háirithe na prionsabail maidir le rochtain oscailte agus le hiomaíocht chothrom tríd an slabhra tionsclaíoch soláthair ar fad, tairiscint ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil, na rialacha soláthair is infheidhme a chur in iúl go soiléir, critéir roghnúcháin agus dámhachtana chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a thugann cothroime iomaíochta do gach tairgeoir féideartha, maidir le Copernicus.

Airteagal 15

Cuspóirí sonracha

Le linn an nós imeachta soláthair, saothróidh na húdaráis chonarthacha na cuspóirí seo a leanas ina nglaonna ar thairiscintí:

(a)

an rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir a chur chun cinn do na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad, go háirithe na hiontrálaithe nua agus na FBManna, ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí fhochonraitheoireacht a chur chun cinn do thairgeoirí;

(b)

mí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht agus spleáchas a d'fhéadfaí a bheith ann ar sholáthraí aonair a sheachaint;

(c)

leas a bhaint as infheistíochtaí earnála poiblí roimhe sin agus as na ceachtanna a foghlaimíodh, as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha, agus a áirithiú chomh maith go gcloífear leis na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch;

(d)

an t-ilfhoinsiú a shaothrú nuair is iomchuí sin d'fhonn feabhas a chur ar rialú foriomlán níos fearr ar chlár Copernicus, ar a chostais agus ar a sceideal;

(e)

an costas iomlán a chur san áireamh nuair is iomchuí thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre atá á chur nó á cur amach ar thairiscintí.

ROINN II

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le soláthar poiblí

Airteagal 16

Dálaí córa iomaíochta a bhunú

Déanfaidh an t-údarás conarthach na bearta iomchuí chun dálaí cothroma iomaíochta a bhunú i gcás ina bhféadfaidh, de bharr rannpháirtíochta oibreora eacnamaíochta roimhe sin i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leo siúd is ábhar don ghlaoch ar thairiscintí:

(a)

buntáistí suntasacha a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch sin ó thaobh faisnéise pribhléidí, rud nach mbeadh ar aon dul le prionsabail an chaithimh chomhionainn; nó

(b)

tionchar a imirt ar ghnáthdhálaí na hiomaíochta nó ar neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht na dámhachtana nó chomhlíonadh na gconarthaí.

Ní dhéanfaidh na bearta seo an iomaíocht a shaobhadh, nó ní dhéanfaidh siad dochar don chóir chomhionann nó do rúndacht na sonraí arna mbailiú i leith gnóthas, a gcaidrimh ghnó agus a struchtúir chostas. Sa chomhthéacs sin, cuirfear san áireamh sna bearta sin cineál agus mionsonraí an chonartha a bheartófar.

Airteagal 17

Slándáil faisnéise

Nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe i gceist le conarthaí, nuair a éilítear faisnéis rúnaicmithe iontu, agus/nó nuair a bhíonn faisnéis rúnacmithe iontu, sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid chonarthacha na bearta agus ceanglais is gá chun slándáil faisnéise den sórt sin a áirithiú ar an leibhéal riachtanach.

Airteagal 18

Iontaofacht soláthair

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid tairisceana na ceanglais atá aige i ndáil le hiontaofacht na soláthairtí agus le soláthar na seirbhísí d'fhonn an conradh a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Conradh lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist.

2.   Áireoidh conradh lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist céim sheasta a bhfuil gealltanas buiséadach ag gabháil léi arb é a bheidh mar thoradh air gealltanas daingean oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a conraíodh don chéim sin a chur ar fáil, agus céim amháin nó níos mó céimeanna a bheidh coinníollach ó thaobh buiséid agus forghníomhaithe araon. Déanfar tagairt sna doiciméid tairisceana do na gnéithe sonracha a bhaineann le conarthaí lena mbeidh céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist. Sonrófar iontu go háirithe ábhar an chonartha, an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh agus na socruithe le haghaidh soláthair oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí ag gach céim.

3.   Beidh oibleagáidí na céime seasta ina n-iomlán comhsheasmhach; is amhlaidh a bheidh freisin i gcás oibleagáidí gach céime coinníollaí, agus oibleagáidí na gcéimeanna ar fad roimhe sin á gcur san áireamh.

4.   Beidh cur i gcrích gach céime coinníollaí faoi réir cinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh, cinneadh a dtugtar fógra ina leith don chonraitheoir i gcomhréir leis an gconradh. I gcás ina ndearbhaítear céim choinníollach go déanach nó i gcás nach ndearbhaítear í, féadfaidh an conraitheoir, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, tairbhe a bhaint as liúntas go dtí go ndéanfar an dearbhú nó as liúntas mar chúiteamh toisc nár cuireadh an chéim i gcrích.

5.   I gcás, maidir le céim ar leith, inar léir don údarás conarthach nach ndearnadh oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a comhaontaíodh don chéim sin, féadfaidh sé cúiteamh a éileamh agus deireadh a chur leis an gconradh, má fhoráiltear dó sin leis an gconradh, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann.

Airteagal 20

Conarthaí um aisíocaíocht costas

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú, laistigh de theorainn buaicphraghais, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

Is éard a bheidh sa phraghas a bheidh le híoc maidir le conarthaí den sórt sin aisíocaíocht na gcostas díreach ar fad a thabhaíonn an conraitheoir le linn dó an conradh a chomhlíonadh, amhail caiteachas ar shaothar, ábhar, tomhaltáin agus úsáid an trealaimh agus na mbonneagar is gá chun an conradh a chomhlíonadh. Méadófar na costais sin le táille shocraithe a chumhdóidh costais indíreacha agus an brabús, nó le suim a chumhdóidh costais indíreacha agus cúiteamh táille dreasachta a bheidh bunaithe ar chuspóirí a bhaint amach maidir le feidhmíocht agus sceidil seachadta.

2.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú i gcás nach féidir praghas seasta a shocrú ar bhealach beacht oibiachtúil agus más féidir a thaispeáint go réasúnta go mbeadh an praghas seasta sin as cuimse ard de bharr éiginnteachtaí a bhaineann go dlúth le comhlíonadh an chonartha toisc:

(a)

go bhfuil eilimintí an-chasta nó eilimintí a éilíonn úsáid teicneolaíochta nua sa chonradh, agus dá bhrí sin go bhfuil líon suntasach rioscaí teicniúla ag baint leis; nó

(b)

nach mór, ar chúiseanna oibriúcháin, tús a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chonartha, cé nach féidir fós praghas iomlán seasta cinntitheach a shocrú toisc rioscaí suntasacha a bheith ann nó toisc go mbraitheann comhlíonadh an chonartha i bpáirt ar chomhlíonadh conarthaí eile.

3.   Is éard a bheidh sa bhuaicphraghas maidir le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas an t-uasphraghas atá iníoctha. Ní fhéadfar é a shárú ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar maith leo faoi réir chomhaontú an údaráis chonarthaigh roimh ré.

4.   Sonrófar an méid seo a leanas sna doiciméid tairisceana le haghaidh nós imeachta soláthair phoiblí a bhaineann le conarthaí um aisíocaíocht iomlán costas nó conarthaí um aisíocaíocht pháirteach costas:

(a)

cineál an chonartha, is é sin le rá arb é atá i gceist leis conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas laistigh de theorainn buaicphraghais;

(b)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas, eilimintí an chonartha atá faoi réir aisíocaíochta costais;

(c)

an buaicphraghas iomlán;

(d)

na critéir dámhachtana, lena gcaithfear a bheith in ann creatúlacht an bhuiséid fhoriomláin mheasta, na gcostas is in-aisíoctha, na sásraí chun na costais sin a chinneadh, agus an bhrabúis dá dtagraítear sa tairiscint a mheas;

(e)

meicnic an mhéadaithe dá dtagraítear i mír 1 atá le cur i bhfeidhm ar na costais dhíreacha;

(f)

na rialacha agus na nósanna imeachta lena gcinntear incháilitheacht na gcostas atá beartaithe ag an tairgeoir chun an conradh a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 5;

(g)

na rialacha cuntasaíochta nach mór do na tairgeoirí a chomhlíonadh;

(h)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas atá le hathrú go conradh le praghas seasta cinntitheach, na paraméadair a bhaineann le hathrú den sórt sin.

5.   Ní bheidh na costais a dhearbhóidh an tairgeoir le linn dó conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a chomhlíonadh incháilithe ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá siad tabhaithe iarbhír i rith fhad an chonartha, cé is moite de chostais an trealaimh, na mbonneagar agus na sócmhainní seasta doláimhsithe is gá chun an conradh a chomhlíonadh, nithe a fhéadfar a mheas mar incháilithe i leith iomlán a luacha ceannaigh;

(b)

tá tagairt déanta dóibh sa bhuiséad foriomlán measta a fhéadfar a athbhreithniú le leasuithe ar an gconradh tosaigh;

(c)

tá gá leo chun an conradh a chomhlíonadh;

(d)

is toradh iad ar chomhlíonadh an chonartha agus tá siad inchurtha i leith chomhlíonadh an chonartha;

(e)

is féidir iad a shainaithint agus a fhíorú, tá taifead orthu i dtaifead cuntasaíochta an chonraitheora agus tá siad cinntithe i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear sna sonraíochtaí agus sa chonradh;

(f)

comhlíonann siad forálacha an dlí chánach agus shóisialta is infheidhme;

(g)

ní mhaolaíonn siad ar théarmaí an chonartha;

(h)

tá siad réasúnta, tá údar maith leo agus comhlíonann siad ceanglais an bhainistithe fhónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

Beidh an conraitheoir freagrach as a chuntasaíocht costála féin agus as taifid fhónta chuntasaíochta a choinneáil nó as aon doiciméad eile a choinneáil is gá chun a thaispeáint gur tabhaíodh na costais a n-iarrann sé aisíocaíocht ina leith agus go gcomhlíonann siad na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo. Measfar nach incháilithe na costais nach féidir leis an gconraitheoir bunús a thabhairt leo agus diúltófar iad a aisíoc.

6.   Cuirfidh an t-údarás conarthach na cúraimí seo a leanas i gcrích d'fhonn a áirithiú go ndéantar conarthaí um aisíocaíocht costas a chomhlíonadh i gceart:

(a)

cinnfidh sé an buaicphraghas is réalaí is féidir, agus an tsolúbthacht is gá chun na rioscaí teicniúla a chur san áireamh á tabhairt ag an am céanna;

(b)

athróidh sé conradh um aisíocaíocht pháirteach costas go conradh le praghas iomlán seasta cinntitheach a luaithe is féidir praghas seasta cinntitheach den sórt sin a shocrú le linn chomhlíonadh an chonartha. Chuige sin, déanfaidh sé na paraiméadair a bhaineann leis an athrú ó chonradh um aisíocaíocht costas go conradh le praghas seasta cinntitheach a chinneadh;

(c)

cuirfidh sé bearta faireacháin agus rialaithe chun feidhme, ar bearta iad a dhéanann foráil, go háirithe, do chóras chun réamhaisnéis a dhéanamh i dtaobh an chostais mheasta;

(d)

déanfaidh sé prionsabail, uirlisí agus nósanna imeachta oiriúnacha do chur chun feidhme na gconarthaí a chinneadh, go háirithe chun incháilitheacht na gcostas a dhearbhaigh an conraitheoir nó a fhochonraitheoirí le linn chomhlíonadh an chonartha a shainaithint agus a sheiceáil, agus chun leasuithe ar an gconradh a thabhairt isteach;

(e)

seiceálfaidh sé go gcomhlíonann an conraitheoir agus a fhochonraitheoirí na caighdeáin chuntasaíochta atá sonraithe sa chonradh agus an oibleagáid doiciméid chuntasaíochta a sholáthar ar cheart dóibh léargas fíorcheart ar na cuntais a thabhairt;

(f)

déanfaidh sé a áirithiú go leanúnach, ar feadh chomhlíonadh an chonartha, éifeachtacht na bprionsabal, na n-uirlisí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 21

Leasuithe

Féadfaidh an t-údarás conarthach agus na conraitheoirí an conradh a athrú le leasú ar choinníoll go gcomhlíonann an leasú sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

ní athraíonn sé ábhar an chonartha;

(b)

ní chuireann sé as do chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha;

(c)

ní thugann sé isteach coinníollacha, ar coinníollacha iad, dá mba rud é go raibh siad i ndoiciméid an chonartha ar dtús, a thabharfadh cead isteach do thairgeoirí seachas iad siúd ar tugadh cead isteach dóibh ar dtús nó a thabharfadh cead glacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi ar dtús.

Airteagal 22

Fochonraitheoireacht

1.   Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar an tairgeoir cuid den chonradh a ligean ar fochonradh, trí chóras tairiscintí iomaíocha ar leibhéil iomchuí fochonraitheoireachta, do chuideachtaí seachas na cuideachtaí sin lena mbaineann grúpa an tairgeora féin go háirithe d'iontrálaithe nua agus do FBManna.

2.   Sloinnfidh an t-údarás conarthach an chuid riachtanach den chonradh atá le ligean ar fochonradh i bhfoirm raoin ó íoschéatadán go huaschéatadán. Áiritheoidh sé go bhfuil céatadáin den sórt sin comhréireach le cuspóir agus le luach an chonartha, agus aird á tabhairt ar chineál na hearnála gníomhaíochta lena mbaineann, agus go háirithe, ar na dálaí iomaíocha agus ar an acmhainneacht thionsclaíoch arna mbreathnú.

3.   Má thugann an tairgeoir le fios ina thairiscint nach bhfuil sé ar intinn aige aon chuid den chonradh a roinnt nó cuid níos lú ná íosmhéid an raoin dá dtagraítear i mír 2 a ligean ar fochonradh, cuirfidh sé cúis an chinnidh sin faoi bhráid an údaráis chonarthaigh. Cuirfidh an t-údarás conarthach an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.   Féadfaidh an t-údarás conarthach diúltú do na fochonraitheoirí a bheidh roghnaithe ag an iarrthóir ag céim nós imeachta dámhachtana an phríomhchonartha nó a bheidh roghnaithe ag an tairgeoir ar glacadh leis do chomhlíonadh an chonartha. Tabharfaidh sé údar maith i scríbhinn leis an diúltú sin, diúltú nach féidir leis a bheith bunaithe ach ar na critéir arna n-úsáid chun tairgeoirí a roghnú don phríomhchonradh.

CAIBIDIL IV

BEARTAS SONRAÍ AGUS SLÁNDÁLA

Airteagal 23

Beartas shonraí Copernicus agus beartas fhaisnéis Copernicus

1.   Beidh na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus na cuspóirí seo a leanas á dtacú le beartas shonraí Copernicus agus beartas fhaisnéis Copernicus um ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Copernicus:

(a)

úsáid agus comhroinnt shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus a chur chun cinn;

(b)

neartú a dhéanamh ar mhargaí Eorpacha um fhaire na Cruinne, go háirithe san earnáil iartheachtach, d'fhonn fás agus cruthú post a chumasú;

(c)

cur le hinbhuanaitheacht agus leanúnachas maidir le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a sholáthar;

(d)

tacú leis na comhphobail Eorpacha taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta.

2.   Cuirfear sonraí ó mhisin thiomnaithe chomh maith le faisnéis Copernicus ar fáil trí ardáin scaipthe Copernicus, faoi choinníollacha teicniúla réamhshainithe, ar bhonn iomlán, oscailte agus saor in aisce, faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:

(a)

coinníollacha ceadúnaithe le haghaidh sonraí agus faisnéise tríú páirtí;

(b)

formáidí, saintréithe agus modhanna scaipthe;

(c)

leasanna slándála agus caidreamh seachtrach an Aontais nó a Bhallstáit;

(d)

an riosca go gcuirfear isteach, ar chúiseanna sábháilteachta nó teicniúla, ar an gcóras lena dtáirgfear sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus;

(e)

rochtain iontaofa ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus a áirithiú le haghaidh úsáideoirí Eorpacha.

Airteagal 24

Coinníollacha agus teorainneacha a bhaineann le rochtain ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus lena n-úsáid

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus beartais sonraí agus faisnéise de chuid tríú páirtithe á n-urramú aige agus gan dochar do na rialacha ná do na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bonneagar spáis agus bonneagar in situ faoi rialú náisiúnta nó faoi rialú eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus agus maidir le clárú agus úsáid shonraí Copernicus agus fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear na bealaí scaipthe;

(b)

na critéir theicniúla shonracha is gá ionas nach gcuirfear isteach ar shonraí Copernicus agus ar fhaisnéis Copernicus, lena n-áirítear tús áite maidir le rochtain;

(c)

na critéir agus na nósanna imeachta a bhaineann le srian a chur le sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a fháil nó a scaipeadh i ngeall ar choinbhleacht cearta a bheith ann.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, agus beartais sonraí agus faisnéise de chuid tríú páirtithe á n-urramú aige agus gan dochar do na rialacha agus do na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bonneagar spáis agus in situ faoi rialú náisiúnta nó faoi rialú eagraíochtaí idirnáisiúnta, bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na sonraíochtaí teicniúla maidir le sonraí ó mhisin thiomnaithe a tharchur chuig stáisiúin ghlactha nó trí naisc thiomnaithe d'ardleithead banda chuig stáisiúin nach cuid de Copernicus iad a tharchur agus maidir lena n-úsáid;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla chun sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus a chartlannú.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta ábhartha ceadúnaithe ar bun le haghaidh sonraí ó mhisin thiomnaithe agus fhaisnéis Copernicus, agus i ndáil le sonraí satailíte a tharchur chuig stáisiúin ghlactha nó trí naisc thiomnaithe d'ardleithead banda chuig stáisiúin nach cuid de Copernicus iad i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le cearta tríú páirtithe is infheidhme.

Airteagal 25

Leasanna slándála a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chreat slándála Copernicus, agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 á gcur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le bearta slándála, ar bearta iad a cheapfar chun aon rioscaí nó bagairtí do leasanna nó do shlándáil an Aontais nó dá Bhallstáit a sheachaint, go háirithe d'fhonn comhlántacht a áirithiú leis na prionsabail a leagtar amach i gCinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus i gCinneadh 2013/488/AE.

2.   Ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla slándála a bheidh riachtanach do Copernicus. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(4).

3.   Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe neamhspleácha ó na Ballstáit d'fhonn sonraíochtaí teicniúla an chreata slándála dá dtagraítear i mír 2 a shainmhíniú.

4.   D'ainneoin mhír 2, glacfaidh an Chomhairle na bearta a bheidh le déanamh, tráth ar bith a d'fhéadfadh sonraí agus faisnéis a chuirfear ar fáil le Copernicus dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó dá Bhallstáit.

5.   Má ghintear nó má láimhseáiltear faisnéis rúnaicmithe AE laistigh de Copernicus, áiritheoidh gach rannpháirtí méid cosanta a bheidh coibhéiseach leis an gcosaint dá bhforáiltear leis na rialacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.

CAIBIDIL V

ILGHNÉITHEACH

Airteagal 26

Comhar idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh na tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas páirt a ghlacadh in Copernicus, ar bhonn comhaontuithe iomchuí:

(a)

tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar Páirtithe Conarthacha iad den Chomhaontú LEE i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú LEE;

(b)

tíortha is iarrthóirí, chomh maith le tíortha is iarrthóirí féideartha i gcomhréir leis na Comhaontuithe Réime faoi seach nó i gcomhréir le Prótacal a ghabhann le Comhaontú Comhlachais lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais;

(c)

Cónaidhm na hEilvéise, tríú tíortha eile nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) ná i bpointe (b), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe arna gcur i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin de bhun Airteagal 218 CFAE, lena leagtar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe maidir lena rannpháirtíocht.

2.   Féadfaidh na tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 tacaíocht airgeadais nó rannchuidiú comhchineáil a sholáthar do Copernicus. Glacfar leis an tacaíocht airgeadais sin agus leis na ranníocaíochtaí sin mar ioncam sannta seachtrach, i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais agus beidh siad inghlactha faoi théarmaí agus faoi choinníollacha an chomhaontaithe arna chur i gcrích leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta faoi seach.

3.   Le Copernicus féadfar aghaidh a thabhairt ar chomhordú idirnáisiúnta a dhéanamh ar chórais um breathnóireacht agus ar mhalartuithe sonraí atá gaolmhar leis d'fhonn an diminsean domhanda agus a chomhlántacht a neartú agus na comhaontuithe idirnáisiúnta agus na próisis chomhordúcháin atá ann cheana á gcur san áireamh.

Airteagal 27

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Copernicus chun feidhme, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an mball, ar gach uile thairbhí deontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoi Copernicus.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an mball i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (15) d'fhonn a shuí ar tharla aon chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh deifir do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais, nó i ndáil le conradh arna chistiú faoi Copernicus.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a éireoidh as Copernicus a chur chun feidhme, beidh forálacha lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchóireachtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.

Airteagal 28

Úinéireacht

1.   Is é an tAontas a bheidh ina úinéir ar gach sócmhainn inláimhsithe agus doláimhsithe a chruthófar nó a fhorbrófar faoi Copernicus. Chuige sin, tabharfar comhaontuithe i gcrích le tríú páirtithe, nuair is iomchuí, maidir le cearta úinéireachta atá ann cheana.

2.   Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le haistriú úinéireachta chuig an Aontas a leagan síos sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún, trí chreat iomchuí, go mbainfear an úsáid is fearr as na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo; bainisteoidh sé, go háirithe, na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le Copernicus ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, agus cuirfidh sé san áireamh an gá a bheidh le cosaint agus luacháil a thabhairt do chearta maoine intleachtúla an Aontais, leasanna na ngeallsealbhóirí uile agus an gá a bheidh leis na margaí agus na nuatheicneolaíochtaí a fhorbairt go comhchuí agus an gá a bheidh le leanúnachas seirbhísí. Chuige sin, déanfaidh sé a áirithiú go n-áiritheofar sna conarthaí a dhéanfar, faoi Copernicus, an fhéidearthacht cearta maoine intleachtúla a thiocfaidh as obair a dhéanfar faoi Copernicus a aistriú nó a cheadúnú.

Airteagal 29

Cúnamh don Choimisiún

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe neamhspleácha ó réimsí éagsúla a bheidh gaolmhar le raon chlár Copernicus, as measc teaglaim leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear ionadaithe ar úsáideoirí Copernicus agus eintitis náisiúnta a bheidh freagrach as an spás, chun an saineolas teicniúil agus eolaíoch is gá a chur ar fáil dó, chomh maith le peirspíochtaí idirdhisciplíneacha agus trasearnálacha, agus tionscnaimh ábhartha atá ar bun cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh.

Airteagal 30

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (Coiste Copernicus) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Tiocfaidh Coiste Copernicus le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha go háirithe maidir le gnéithe slándála (an “Bord Slándála”).

2.   Déanfaidh Coiste Copernicus “Fóram na nÚsáideoirí” a bhunú mar mheitheal chun comhairle a chur ar Choiste Copernicus i dtaobh gnéithe éagsúla de riachtanais na n-úsáideoirí, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

3.   Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   Beidh ionadaithe na n-eintiteas a bhfuil cúraimí Copernicus curtha de chúram orthu rannpháirteach, más iomchuí, mar bhreathnóirí in obair Choiste Copernicus faoi na coinníollacha a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

6.   Féadfar foráil a dhéanamh leis na comhaontuithe a thabharfaidh an tAontas i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 26, maidir le rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, más iomchuí, in obair Choiste Copernicus faoi na coinníollacha a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

7.   Tiocfaidh Coiste Copernicus le chéile go rialta, ar bhonn ráithiúil, más féidir. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ag gach cruinniú maidir le dul chun cinn Copernicus. Sna tuarascálacha sin, tabharfar forléargas ginearálta ar stádas agus forbairtí Copernicus, go háirithe i dtéarmaí bainistíochta riosca, costas, sceidil, feidhmíochta, soláthair, agus comhairle ábhartha a chuirfear ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(7) agus Airteagal 24(1) fad a leanfaidh ré Copernicus.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(7) agus in Airteagal 24(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(7) agus Airteagal 24(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2017, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta le chéile ar bhaint amach chuspóirí na gcúraimí uile arna maoiniú le Copernicus ar leibhéal a dtorthaí agus a dtionchar, ar a mbreisluach Eorpach agus ar a éifeachtúla a úsáideadh na hacmhainní. Díreofar go háirithe sa mheastóireacht ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí go léir, chomh maith lena mhéid a chuir na bearta leis na cuspóirí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 4, feidhmiú an struchtúir eagrúcháin agus raon feidhme na seirbhísí as a mbaineadh úsáid. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht measúnú ar rannpháirtíocht na ngníomhaireachtaí Eorpacha ábhartha a d'fhéadfadh a bheith ann (lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS) agus más iomchuí beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis.

Go háirithe, measfar sa mheastóireacht éifeacht bheartas shonraí Copernicus agus bheartas fhaisnéis Copernicus, ar gheallsealbhóirí agus ar úsáideoirí iartheachtacha, agus a thionchar ar ghnó agus ar infheistíochtaí náisiúnta agus príobháideacha i mbonneagair de chuid fhaire na Cruinne.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí agus le húsáideoirí Copernicus, agus déanfaidh sé imscrúdú ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Copernicus agus ar a mhéid a chuireann sé leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4. Cuirfidh an Coimisiún toradh na meastóireachtaí sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus déanfaidh sé bearta iomchuí a mholadh, i gcás inarb iomchuí.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, cibé uair is gá, cúnamh a fháil ó aonáin neamhspleácha, tabhairt faoi mheastóireacht ar na modhanna le tionscadail a chur i gcrích chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag a gcur chun feidhme, d'fhonn a mheas ar baineadh amach na cuspóirí, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.

4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát meastóireacht shonrach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na tionscadail nasctha atá á maoiniú faoin Rialachán seo nó, nuair is cuí, í a sholáthar in éineacht leis an bhfaisnéis agus an cúnamh is gá chun tabhairt faoi mheastóireacht ar na tionscadail sin.

Airteagal 33

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010.

2.   Aon bheart a rinneadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 911/2010, leanfaidh sé de bheith bailí.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 911/2010, arna aisghairm, a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 16 Deireadh Fómhair 2013.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Márta 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013) (IO L 276, 20.10.2010, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2013 lena forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár Eorpach um fhaireachán na Cruinne (GMES) trí choinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe a bhunú d'úsáideoirí GMES agus trí chritéir i dtaca le rochtain ar shonraí tiomanta GMES agus ar fhaisnéis faoi sheirbhís GMES a shainiú (IO L 309, 19.11.2013, lch. 1).

(10)  Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 33

Rialachán (AE) Uimh. 911/2010

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2, 5, 6 agus 7

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4, 9, 10, 11, 13 agus 26

Airteagal 5

Airteagal 5, 9, 11 agus 13

Airteagal 6

Airteagal 14 go hAirteagal 22

Airteagal 7

Airteagal 9 agus Airteagal 26

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25

Airteagal 10

Airteagal 24 agus Airteagal 31

Airteagal 11

Airteagal 31

Airteagal 12

Airteagal 31

Airteagal 13

Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 25

Airteagal 14

Airteagal 4 agus Airteagal 32

Airteagal 15

Airteagal 9 agus Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 30

Airteagal 17

Airteagal 30

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 34

Iarscríbhinn

Airteagal 4


24.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

67


RIALACHÁN (AE) Uimh. 378/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 maidir leis an gcreat airgeadais don tréimhse 2014-2018

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear go bhfuil na Ballstáit le suirbhéanna a dhéanamh ar struchtúr feirmeacha in 2010, in 2013 agus in 2016. Tá na Ballstáit le ranníocaíocht uasta airgeadais 75 % a fháil ina leith ón Aontas i gcomhair na gcostas maidir leis na suirbhéanna sin a dhéanamh, faoi réir uasmhéideanna sainithe.

(2)

Chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha a dhéanamh agus chun ceanglais an Aontais maidir le faisnéis a shásamh, tá gá le cistiúchán nach beag ó Bhallstáit agus ón Aontas.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, leagadh síos an t-imchlúdach airgeadais maidir le cur chun feidhme an chláir suirbhéanna, lena n-áirítear maidir le bainistíocht, cothabháil agus forbairt na gcóras bunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun na sonraí arna soláthar ag Ballstáit a phróiseáil, agus socraíodh an méid don tréimhse 2008-2013.

(4)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008, ba cheart go socródh an t-údarás buiséadach agus reachtach an méid don tréimhse 2014-2018, ar thogra ón gCoimisiún, ar bhonn an chreata nua airgeadais don tréimhse dar tús 2014.

(5)

Níor cheart go ndéanfadh an t-imchlúdach airgeadais atá beartaithe maoiniú ach ar Shuirbhé ar Struchtúr Feirmeacha a dhéanamh in 2016 agus ar bhainistíocht ghaolmhar, ar chothabháil ghaolmhar agus ar fhorbairt ghaolmhar na gcóras bunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun sonraí arna soláthar ag Ballstáit a phróiseáil.

(6)

I bhfianaise aontachas na Cróite agus an ghá atá ann le suirbhéanna a dhéanamh ar struchtúr gabháltas talmhaíochta sa Bhallstát sin in 2016, ba cheart ranníocaíocht uasta ón Aontas in aghaidh an tsuirbhé a shocrú don Chróit ós rud é nach ndearnadh aon fhoráil di san Ionstraim Aontachais.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Maidir leis an suirbhé ar struchtúr feirmeacha in 2016, EUR 500 000 a bheidh san uasmhéid i gcás na Cróite.”;

(2)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   EUR 20 650 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais don tréimhse 2014-2018 chun na suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha in 2016 a chur chun feidhme, lena n-áirítear na leithreasuithe is gá le haghaidh bhainistíocht, chothabháil agus fhorbairt na gcóras bunachar sonraí arna n-úsáid laistigh den Choimisiún chun na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit faoin Rialachán seo a phróiseáil.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas leis:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

(*)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”;"

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 14a

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, trí phionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireacht a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gclár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiúchán den sórt sin leo, go díreach nó go hindíreach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (**) d'fhonn a shuíomh an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach i gceist a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a bhaineann le cistiúchán an Aontais.

Gan dochar don chéad ná don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thagann as cur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchóireachtaí den sórt sin agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

(**)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 24 Márta 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 14).