ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
8 Aibreán 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014–2020 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ( 2 )

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

9

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle ( IO L 84, 20.3.2014 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

12

 


 

(1)   Faoin tagairt L 105 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

8.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 258/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014–2020 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Ar bhonn an Chinnidh sin, chuaigh cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair don Ghrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), d’Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS), atá ina comharba dlíthiúil ar Fhondúireacht an Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASCF) agus don Bhord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) go dtí an 31 Nollaig 2013.

(2)

Tá géarchéim sna margaí airgeadais ó 2008 i leith, agus tá ceist an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta ag croílár chlár oibre polaitiúil an Aontais dá bhrí sin. Tá creat coiteann tuairiscithe airgeadais a fheidhmíonn go cuí ríthábhachtach don mhargadh inmheánach, d’fheidhmiú éifeachtach na margaí caipitil agus chun margadh comhtháite a thabhairt i gcrích do sheirbhísí airgeadais san Aontas.

(3)

Mar aon le ról lárnach a bheith aige chun a áirithiú go mbeidh infheisteoirí feistithe le faisnéis thábhachtach a bhaineann leis an gclár comhardaithe, an ráiteas sochair agus dochair agus sreabhadh airgid, tacaíonn ráitis airgeadais le rialachas corparáideach éifeachtach.

(4)

Mar aon leis an ról ríthábhachtach a bhíonn acu maidir le leasanna scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a chosaint, is iad buncharraig an rialaithe stuama ráitis airgeadais sa chiall go mbraitheann na hionstraimí reachtacha uile ar ráitis airgeadais chuideachta, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Bíonn rialtóirí ag brath ar théarmaíocht chuntasaíochta chun a thuiscint cé acu rioscaí atá á dtógáil ag cuideachta agus dá bhrí sin cad a éilítear ar an gcuideachta sin.

(5)

Tá gá le teanga chuntasaíochta dhomhanda i ngeilleagar domhanda, agus na traidisiúin chuntasaíochta éagsúla a úsáidtear cheana féin á gcur i gcuntas. D’éiligh G20 arís agus arís eile go mbeadh caighdeáin chuntasaíochta dhomhanda agus cóineasú caighdeán cuntasaíochta reatha agus sa todhchaí ann. Glactar agus úsáidtear Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), arna bhforbairt ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB), i mórán dlínsí ar fud an domhain, ach gan a bheith i roinnt dlínsí móra díobh. Ní foláir caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta den sórt sin a fhorbairt faoi phróiseas trédhearcach atá freagrach go daonlathach. Chun a áirithiú go n-urramófar leasanna an Aontais agus go mbeidh na caighdeáin dhomhanda ar ardcháilíocht agus go mbeidh siad ag teacht le dlí an Aontais, ní foláir leasanna an Aontais a chur i gcuntas go leordhóthanach sa phróiseas sin maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú. Áirítear sna leasanna sin cothabháil an phrionsabail gur cheart go dtabharfadh ráitis airgeadais “léargas fíor agus cothrom”, agus gur cheart go mbeidís iontaofa agus intuigthe, inchomparáide agus ábhartha.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), níor cheart IFRS a ionchorprú i ndlí an Aontais d’fhonn a bheith curtha i bhfeidhm ag comhlachtaí le hurrúis atá liostaithe ar mhargadh rialaithe san Aontas, ach amháin má chomhlíonann IFRS na critéir a leagtar amach sa Rialachán sin, lena n-áirítear an ceanglas go dtabharfaidh cuntais “léargas fíor agus cothrom” mar a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, tá príomhról ag IFRS i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus dá bhrí sin tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas trína ndéantar IFRS a fhorbairt agus a fhormheas caighdeáin atá ag teacht le ceanglais chreat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh.

(7)

Is iad IASB a eisíonn IFRS agus is iad Coiste Léirmhíniúcháin IFRS a eisíonn léirmhínithe gaolmhara, dhá chomhlacht laistigh d’Fhondúireacht IFRS is ea iad sin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a bhunú d’Fhondúireacht IFRS.

(8)

In 2001, bhunaigh eagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar eisitheoirí agus ar an sciar de ghairm na cuntasóireachta a raibh baint acu leis an bpróiseas um thuairisciú airgeadais EFRAG. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, soláthraíonn EFRAG tuairimí don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíonann caighdeán cuntasaíochta arna eisiúint ag IASB, nó léirmhíniú arna eisiúint ag Coiste Léirmhíniúcháin IFRS, atá le formhuiniú, na critéir maidir le formhuiniú a leagtar amach sa Rialachán sin.

(9)

Tá ról “ghuth cuntasóireachta aonair na hEorpa” á ghlacadh ag EFRAG ar an leibhéal domhanda. Ag gníomhú dó sa cháil sin, cuidíonn EFRAG le próiseas IASB maidir le caighdeáin a shocrú. Ionas go gcomhlíonfaidh EFRAG ról den sórt sin, ba cheart é a bheith faoi lé gach dearcaidh féideartha atá san Aontas le linn próisis chuí, trína mbíonn ról riachtanach ag bunaitheoirí caighdeán náisiúnta, ag rialtais agus rialtóirí chomh maith le geallsealbhóirí eile, mar gheall ar na difríochtaí suntasacha tuairime atá ann cheana féin idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí éagsúla. Ba cheart d’idirghníomhaíochtaí uile EFRAG le IASB a bheith trédhearcach go hiomlán agus ba cheart go ndéanfar aon chinneadh a dhéanfaidh EFRAG tar éis dul i gcomhairle go hiomlán le bunaitheoirí caighdeán náisiúnta.

(10)

Agus ról EFRAG á chur san áireamh le linn measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann IFRS an ceanglas maidir le dlí agus beartas cuideachta an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, ní foláir don Aontas maoiniú cobhsaí EFRAG a áirithiú, agus ar an gcaoi sin cuidiú lena chistiúchán.

(11)

An 12 Samhain 2013 d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil Philippe Maystadt, comhairleoir speisialta don Choimisinéir atá freagrach as an margadh agus seirbhísí inmheánacha (“tuarascáil an chomhairleora speisialta”), inar imlínigh sé leasuithe féideartha ar rialachas EFRAG atá dírithe ar ranníocaíocht an Aontais le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta. Chun cuspóirí ionchais an chláir cómhaoinithe a bhunaítear leis an Rialachán seo (an “Clár”) a bhaint amach, tá sé riachtanach go n-athbhreithneofar na socruithe do rialachas i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil an chomhairleora speisialta, agus go gcuirfear na hathchóirithe sin i bhfeidhm gan mhoill. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an athchóirithe ar rialachais EFRAG agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn ina chur i bhfeidhm. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an athchóirithe rialachais a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Márta 2014.

(12)

Ba cheart obair theicniúil EFRAG a bheith dírithe ar chomhairle theicniúil don Choimisiún maidir le formhuiniú IFRS chomh maith leis an rannpháirtíocht iomchuí i bpróiseas forbartha IFRS den sórt sin agus ba cheart go n-áiritheofaí go gcuirfear leasanna an Aontais san áireamh go leordhóthanach sa phróiseas bunaithe caighdeán idirnáisiúnta. Ba cheart go n-áireodh na leasanna sin coincheap na “stuamachta”, an ceanglas a choimeád maidir le “léargas fíor agus cothrom” arna leagan síos i dTreoir 2013/34/AE agus ba cheart go gcuirfidís san áireamh tionchar na gcaighdeán ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an ngeilleagar. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar obair theicniúil EFRAG i dtuarascálacha arna n-ullmhú i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo.

(13)

I réimse na hiniúchóireachta reachtúla, in 2005 bhunaigh an Grúpa Faireacháin, eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar athchóiriú rialachais ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), PIOB. Is é ról PIOB an próiseas is bun le glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus gníomhaíochtaí eile IFAC maidir le leas an phobail a mhaoirsiú. Is féidir ISAnna a ghlacadh lena gcur i bhfeidhm san Aontas ar chuntar, go háirithe, gur forbraíodh iad faoi phróiseas cuí, faoi mhaoirseacht phoiblí agus go trédhearcach faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Beartaítear freisin le tograí iniúchóireachta an 30 Samhain 2011, go dtabharfar isteach ISAnna san Aontas.

(14)

De bharr thabhairt isteach ISAnna san Aontas agus phríomhról PIOB maidir lena áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE, tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas trína ndéantar na caighdeán sin a fhorbairt agus a fhormheas caighdeáin atá ag teacht le creat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh. Aithnítear freisin ról PIOB go sainráite sa togra ón gCoimisiún chun Treoir 2006/43/CE a leasú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a áirithiú do PIOB.

(15)

Tá comhlachtaí atá ag obair i réimse na cuntasóireachta agus na hiniúchóireachta ag brath go mór ar chistiúchán agus tá príomhról acu san Aontas, ar ról é atá cinntitheach maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Cómhaoiníodh tairbhithe beartaithe an chláir arna bhunú le Cinneadh Uimh. 716/2009/CE le deontais oibriúcháin ó bhuiséad an Aontais, agus dá bhrí sin d’éirigh leo cur lena neamhspleáchas airgeadais ó fhoinsí ón earnáil phríobháideach agus ó fhoinsí ad hoc, rud a chuir lena gcumas agus lena n-inchreidteacht. Níor cheart go bhfeicfí cistiúchán poiblí ann féin, áfach, mar rud a dhaingníonn neamhspleáchas den sórt sin ón earnáil phríobháideach. Go háirithe, ba cheart go gceanglófaí trédhearcacht níos mó maidir le ballraíocht bhoird, inter alia, IASB agus EFRAG chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar na geallsealbhóirí go léir sa phróiseas maidir le caighdeáin a shocrú agus maidir le formhuiniú. Ba cheart do EFRAG agus IASB gach beart iomchuí a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, lena n-áirítear ceanglais maidir le nochtadh a chuirtear in oiriúint d’fheidhm agus do fhreagrachtaí chatagóirí éagsúla na foirne a fhostaíonn na heagraíochtaí sin.

(16)

Léiríodh le taithí go n-áirithíonn cómhaoiniú ón Aontas go dtéann sé chun sochair do na tairbhithe cistiúchán soiléir, cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a fháil agus go gcuidíonn sé na tairbhithe a chumasú lena misean leas an phobail a bhaint amach ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de chistiúchán leordhóthanach a sholáthar trí bhíthin ranníocaíocht ón Aontas d’fhonn caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú don chuntasóireacht agus don iniúchóireacht, agus go háirithe d’Fhondúireacht IFRS, do EFRAG agus do PIOB.

(17)

Sa bhreis ar a bpatrúin chistiúcháin a athrú, tá athchóirithe rialachais déanta ag Fondúireacht IFRS agus ag an EFRAG chun a áirithiú go n-éiríonn leo a misean leas an phobail a chur i gcrích trí bhíthin a struchtúir agus a bpróiseas ar bhealach atá neamhspleách, éifeachtúil, trédhearcach agus freagrach go daonlathach. Maidir le Fondúireacht IFRS, bunaíodh an Bord Faireacháin in 2009 chun cuntasacht agus maoirseacht an phobail a áirithiú, feabhsaíodh éifeachtacht Chomhairle Chomhairleach na gCaighdeán, feabhsaíodh trédhearcacht, agus cuireadh ról na measúnuithe tionchair ar bhonn foirmiúil mar chuid de phróiseas cuí IASB. Leanfar d’iarrachtaí chun an tslí ina rialaítear na comhlachtaí sin a fheabhsú. In 2013 thionscain an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. Clúdaíonn raon feidhme na meastóireachta, go háirithe na critéir maidir le formhuiniú IFRS san Aontas arna leagan síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin agus na socruithe rialachais a rinne Fondúireacht IFRS agus IASB. Faoin 31 Nollaig 2014, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún an mheastóireacht a chur i gcrích agus na torthaí a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach i láthair chun feidhmiú an Rialacháin sin a fheabhsú.

(18)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir, arb éard a bheidh ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (9), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(19)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus le Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (11) a dhéanann cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais, tá siad le bheith curtha i bhfeidhm le linn chur chun feidhme an Chláir, agus prionsabail na simplíochta agus na comhsheasmhachta á gcur i gcuntas i rogha na n-ionstraimí buiséadacha, an teorainn ar líon na gcásanna ina mbíonn an fhreagracht dhíreach ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme agus bainistíocht, agus an chomhréireacht is gá idir leibhéal na n-acmhainní agus an t-ualach riaracháin a bhaineann lena n-úsáid.

(20)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cláir oibre bhliantúla a bhunú.

(21)

Táthar ag súil go mbeidh an Clár ina chuidiú chun na cuspóirí maidir le hinchomparáideacht agus trédhearcacht cuntas cuideachtaí a áirithiú ar fud an Aontais a bhaint amach, agus maidir le héisteacht a thabhairt do riachtanais an Aontais i gcomhthéacs comhchuibhithe dhomhanda ar na caighdeáin um thuairisciú airgeadais. Ba chabhair é labhairt le guth Eorpach aonair chun glacadh IFRS ar an leibhéal idirnáisiúnta agus chun cóineasú agus caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta ar ardcháilíocht a chur chun cinn sna Ballstáit ar fad. Cuidíonn an Clár freisin leis an straitéis Eoraip 2020, trí mhargadh aonair na seirbhísí airgeadais agus an chaipitil a neartú, agus cuidíonn sé le gné sheachtrach na straitéise freisin.

(22)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an deis cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhlachtaí áirithe a shaothraíonn cuspóir ar cuid é de bheartas an Aontais i réimse an fhorbartha caighdeán, an fhormhuinithe caighdeán nó na maoirseachta ar phróisis socraithe caighdeán a bhaineann le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht.

(23)

Tá cistiúchán ón Aontas beartaithe i gcás méid teoranta dea-shainithe de na comhlachtaí is tábhachtaí i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Laistigh den chreat reatha institiúideach, ba cheart cistiúchán cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a áirithiú leis na socruithe cistiúcháin ionas go mbeidh sé ar chumas na gcomhlachtaí ábhartha an misean atá acu i ndáil leis an Aontas nó leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil. Ba cheart do na comhlachtaí sin miondealú ar na figiúirí den chistiúchán eile ó fhoinsí malartacha a nochtadh.

(24)

Ba cheart don Choimisiún, agus na forbairtí á gcur san áireamh tar éis na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil an chomhairleora speisialta, tuarascálacha a chur isteach i Márta 2014 agus ar bhonn bliantúil amhail ó 2015, i Meitheamh ar a dhéanaí, maidir le dul chun cinn EFRAG i gcur chun feidhme a athchóirithe rialachais. Thionscain IASC an t-athbhreithniú ar an gCreat Coincheapúil. Tar éis an Creat Coincheapúil athbhreithnithe a eisiúint, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haon athruithe a tugadh isteach sa Chreat Coincheapúil, agus na cúiseanna leis sin, agus béim ar leith á cur ar choincheapa na stuamachta agus na hiontaofachta chun a áirithiú go n-urramófar “léargas fíor agus cothrom”, mar a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE. Ba cheart do na tairbhithe a áirithiú go mbainfí úsáid éifeachtach agus eacnamaíoch as airgead poiblí, lena n-airítear taisteal agus speansais ghaolmhara.

(25)

Ba cheart go dtiocfadh an Clár in ionad an chláir chómhaoiniúcháin a bhí ag na tairbhithe roimhe seo. Dá bhrí sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Uimh. 716/2009/CE a aisghairm.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár Aontais a bhunú don tréimhse 2014 go 2020 d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí comhlachtaí a chuireann le gnóthú chuspóirí beartais an Aontais maidir le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(27)

Aon mhaoiniú ar thairbhithe nua, fiú amháin más comharba díreach nó comharbaí díreacha ar cheann de na tairbhithe a liostaítear sa Rialachán seo iad, ba cheart é a bheith faoi réir fhormheas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(28)

Is iomchuí tréimhse chur chun feidhme an Chláir seo a ailíniú le tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (12). Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis seo clár Aontais (an “Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, d’fhonn tacú le gníomhaíochtaí comhlachtaí a chuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach i ndáil le tuairisciú airgeadais agus le hiniúchóireacht.

2.   Cumhdaíonn an Clár gníomhaíochtaí maidir le hionchur a fhorbairt nó a sholáthar i ndáil le caighdeáin a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheasúnú nó faireachán a dhéanamh orthu, nó maoirseacht a dhéanamh ar phróisis maidir le caighdeáin a shocrú chun tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, arna gcur i gcrích ag Fondúireacht IFRS, ag EFRAG nó ag PIOB.

Airteagal 2

Cuspóir

Is é cuspóir an Chláir na dálaí a fheabhsú i gcomhair fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le forbairt thrédhearcach agus neamhspleách na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht.

Airteagal 3

Tairbhithe

1.   Tairbheoidh na tairbhithe seo a leanas faoin gClár:

(a)

i réimse an tuairiscithe airgeadais:

(i)

EFRAG don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(ii)

Fondúireacht IFRS;

(b)

i réimse na hiniúchóireachta: PIOB.

2.   Na comhlachtaí sin a bhíonn ag oibriú i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, ar comhlachtaí iad a fhaigheann cistiúchán ón Aontas tríd an gClár, beidh dualgas cúraim orthu chun a neamhspleáchas féin a áirithiú agus a áirithiú go n-úsáidfear airgead poiblí le barainneacht agus le héifeachtúlacht, beag beann ar na sruthanna éagsúla cistiúcháin a d’fhéadfadh dul chun tairbhe dóibh.

Airteagal 4

Deontais a dhámhachtain

Soláthrófar maoiniú faoin gClár i bhfoirm deontas oibriúcháin a dhéanfar a dhámhachtain ar bhonn bliantúil.

Airteagal 5

Trédhearcacht

Tairbhí ar bith de chistiúchán a dhéanfar a dhámhachtain faoin gClár, léireoidh sé in áit fheiceálach, amhail laithreán gréasáin, foilseachán nó tuarascáil bhliantúil, go bhfuil cistiúchán faighte aige ó bhuiséad an Aontais agus miondealú ar fhigiúirí cistiúcháin eile ó fhoinsí malartacha.

Airteagal 6

Forálacha airgeadais

1.   Is é EUR 43 176 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014 go 2020.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Is mar seo a leanas a bheidh an miondealú táscach den imchlúdach airgeadais a leagtar síos i mír 1 don triúr tairbhithe:

(a)

le haghaidh EFRAG: EUR 9 303 000;

(b)

le haghaidh Fhondúireacht IFRS: EUR 31 632 000;

(c)

le haghaidh PIOB: EUR 2 241 000.

Airteagal 7

An Clár a chur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Deanfaidh gach clár oibre bliantúil cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme mar a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo, tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na torthaí a bhfuiltear ag súil leo;

(b)

miondealú ar an mbuiséad in aghaidh an tairbhí, i gcomhréir leis na méideanna táscacha a leagtar síos in Airteagal 6(3).

Chun trédhearcacht a áirithiú, luafar freisin sa chlár oibre bliantúil, ar mhodh tagartha, an cuspóir a leagtar síos in Airteagal 2, an modh cur chun feidhme arna chinneadh in Airteagal 4 agus torthaí na dtuarascálacha.

Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 8

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireacht a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bhfuil cistí de chuid an Aontais faighte acu faoin gClár.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach le cistiúchán den sórt sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (13) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a bhaineann le cistiúchán Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, comhaontuithe deontais, agus cinntí deontais agus conarthaí a thig as cur chun feidhme an Rialacháin seo, tabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí den sórt sin, agus seiceálacha agus cigireachtaí den sórt sin ar an láthair a dhéanamh.

Airteagal 9

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Márta 2014, cuirfidh an Coimisiún an chéad tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil leis na hathchóirithe rialachais is gá i réimse na cuntasaíochta agus na faisnéise airgeadais i leith ERFAG, agus, inter alia, na forbairtí á gcur san áireamh tar éis na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil an chomhairleora speisialta, agus i ndáil leis na céimeanna a bheidh glactha cheana ag EFRAG chun na hathchóirithe sin a chur chun feidhme.

2.   Faoin 31 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le torthaí mheastóireacht an Choimisiúin ar Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí chun an Rialachán sin a leasú d’fhonn a fheidhmiú a fheabhsú, agus i ndáil leis na socruithe rialachais do na hinstitiúidí ábhartha go léir.

3.   Ó 2015, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil i ndáil le gníomhaíocht Fhondúireacht IFRS maidir le forbairt IFRS, PIOB agus EFRAG.

4.   Maidir le Fondúireacht IFRS, cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 a cuid gníomhaíochta agus go háirithe na prionsabail ghinearálta ar forbraíodh caighdeáin nua ina leith. Déanfaidh an tuarascáil measúnú freisin i dtaobh an gcuirtear i gcuntas go cuí le IFRS samhlacha gnó éagsúla, an bhfuil iarmhairtí iarbhír idirbheart eacnamaíoch á léiriú leo, nach bhfuil siad róchasta, agus an seachnaítear claontachtaí saorga gearrthéarmacha agus luaineachta leo.

Tar éis an Creat Coincheapúil athbhreithnithe a eisiúint, tabharfar aghaidh sa tuarascáil ar aon athruithe a tugadh isteach sa Chreat Coincheapúil, agus cuirfear béim ar leith ar choincheapa na stuamachta agus na hiontaofachta.

5.   Maidir le PIOB nó a eagraíocht chomharbach, cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 forbairtí in éagsúlú foinsí cistiúcháin. Má shroicheann an cistiúchán ó IFAC i mbliain ar leith níos mó ná dhá thrian de chistiúchán iomlán PIOB, molfaidh an Coimisiún a ranníocaíocht bhliantúil don bhliain sin a theorannú go dtí uasmhéid EUR 300 000.

6.   Maidir le EFRAG, cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 na nithe seo a leanas:

(a)

an gcuirfear i gcuntas go cuí le EFRAG ina obair theicniúil ar chaighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta ceanglas Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, go háirithe, agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil IFRS nua nó leasaithe i gcomhréir le prionsabal an “léargais fhír agus chothroim” agus an gcuideoidh siad leis an leas poiblí Eorpach;

(b)

cibé acu an soláthraítear le EFRAG ina obair theicniúil ar IFRS measúnú leormhaith i dtaobh an bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta, bídís ina ndréachtchaighdeáin, iad nua nó leasaithe, arna bhforbairt ag IASB, fianaise-bhunaithe, an bhfreagraíonn siad do riachtanais an Aontais, agus éagsúlacht na samhlacha cuntasaíochta agus eacnamaíochta agus na ndearcaí san Aontas á gcur i gcuntas; agus

(c)

dul chun cinn EFRAG i gcur chun feidhme a athchóirithe rialachais, agus na forbairtí á gcur i gcuntas tar éis na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil an chomhairleora speisialta.

Mas iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach isteach chun go leanfar le maoiniú EFRAG tar éis an 31 Nollaig 2016.

7.   Tarchuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain.

8.   Tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag roimh dheireadh an Chláir, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i gcrích chuspóir an Chláir. Déanfaidh an tuarascáil sin ábharthacht fhoriomlán agus comhleanúnachas foriomlán an Chláir a mheas mar aon le héifeachtacht a fheidhmithe agus éifeachtacht fhoriomlán agus aonair chlár oibre na dtairbhithe i dtéarmaí an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach.

9.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar aghaidh chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar eolas.

Airteagal 10

Aisghairm

Déanfar Treoir Uimh. 716/2009/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 161, 6.6.2013, lch. 64.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Márta 2014.

(3)  Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena mbunaítear clár Comhphobail chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta (IO L 253, 25.9.2009, lch. 8).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(7)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cinéalacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(8)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

(9)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(13)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


8.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


RIALACHÁN (AE) Uimh. 259/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh comhdhéanamh na liostaí tríú tíortha in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (2) ar comhréir leis na critéir atá leagtha síos ann, agus ba cheart dó leanúint de bheith ar comhréir leo. Maidir leis na tríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar a staid i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

(2)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach arna fhormheas ag Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir i bPrág an 7 Bealtaine 2009, agus lena Plean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí atá críochnaithe ag Poblacht na Moldóive, measann an Coimisiún go gcomhlíonann Poblacht na Moldóive na tagarmharcanna uile atá leagtha síos sa Phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí.

(3)

Toisc go gcomhlíonann sí na tagarmharcanna uile, ba cheart Poblacht na Moldóive a aistriú go hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an tarscaoileadh víosaí sin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag Poblacht na Moldóive i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(4)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(5)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(6)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear sa Phrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (A), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(7)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (9); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (10); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(10)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005.

(11)

Maidir leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, Cuid 1, déantar an tagairt don Mholdóiv a scriosadh;

(2)

in Iarscríbhinn II, Cuid 1, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

“Moldóive, Poblacht na (*)

(*)  Beidh an tarscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 3 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Márta 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar cheann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(7)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar cheann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(9)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(10)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


Ceartúcháin

8.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

12


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 84 an 20 Márta 2014 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Ar leathanach 26, Airteagal 36(2):

in ionad:

“27 Márta 2014”,

léitear:

“an 28 Márta 2015”;

ar leathanach 26, Airteagal 36(3):

in ionad:

“27 Márta 2014”,

léitear:

“an 28 Márta 2015”.