ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2014.084.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
20 Márta 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 248/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 maidir leis an ascnamh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais ( 2 )

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 249/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 ón gComhairle lena dtoirmisctear allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha (Thunnus obesus) arb iad an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon tíortha a dtionscanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1036/2001

4

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE

6

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle

14

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 252/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí cur chun feidhme agus na cumhachtaí tarmligthe atá le tabhairt don Choimisiún

35

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 253/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir leis na rialacha mionsonraithe a shainiú chun an sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a laghdú ( 2 )

38

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí do na blianta 2014-20 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE

42

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 255/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle i réimse allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc, maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

57

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach agus a chuirtear in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle

61

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 257/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 maidir le cuimsiú na Graonlainne i gcur chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley

69

 


 

(1)   Faoin tagairt L 84 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 248/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 maidir leis an ascnamh chuig aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha uile-Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I dteannta Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is céim thábhachtach é Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i dtaca le limistéar aonair d’íocaíochtaí euro (SEPA) a chur i gcrích, limistéar nach ndéanfar aon idirdhealú ann idir íocaíochtaí náisiúnta in euro agus íocaíochtaí trasteorann in euro. Is é príomhchuspóir Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ascnamh a dhéanamh ó scéimeanna aistrithe creidmheasa agus dochar díreach náisiúnta chuig scéimeanna comhchuibhithe i dtaca le haistrithe creidmheasa SEPA (ACS) agus le scéimeanna dochair dhíreacha SEPA (DDS), inter alia trí uimhir idirnáisiúnta uathúil chuntas bainc (IBAN) a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais, uimhir is féidir a úsáid le haghaidh gach ACS agus gach DDS atá ainmnithe in euro.

(2)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 go dtarlóidh an t-ascnamh chuig SEPA faoin 1 Feabhra 2014 le go mbeidh dóthain ama ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus úsáideoirí seirbhísí íocaíochta chun a bpróisis a chur in oiriúint do na ceanglais theicniúla a eascraíonn as an ascnamh chuig ACS agus DDS.

(3)

Ón tráth a glacadh Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 i leith, tá faireachán grinn déanta ag an gCoimisiún agus ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an dul chun cinn i dtaca leis an ascnamh chuig SEPA. Tionóladh roinnt cruinnithe le Ballstáit, udaráis phoiblí náisiúnta agus rannpháirtithe margaidh. Tá tuarascálacha maidir le dul chun cinn an ascnaimh chuig SEPA foilsithe go rialta ag an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhonn sonraí íocaíochta arna mbailiú ag na bainc ceannais náisiúnta. Léiríonn na tuarascálacha sin go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag roinnt Ballstát sa limistéar euro agus go bhfuil rátaí ascnaimh le haghaidh ACS gar do 100 % ag na Ballstáit sin faoi láthair. Tá sé tuairiscithe ag formhór mór na soláthraithe seirbhísí íocaíochta go bhfuil siad comhlíontach maidir le SEPA cheana féin. Tá na rátaí ascnaimh i roinnt Ballstát eile níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis, áfach. Is amhlaidh atá sé i gcás DDS go háirithe.

(4)

Leagadh béim arís ar thábhacht an ascnaimh chuig SEPA sna conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 14 Bealtaine 2013. Tugadh faoi deara go raibh an t-ascnamh chuig SEPA i bhfad ó bheith curtha i gcrích agus go raibh iarrachtaí ag teastáil láithreach ó na rannpháirtithe margaidh go léir chun an t-ascnamh chuig SEPA a chur i gcrích in am. Glacadh le plean gníomhaíochta inar tugadh cuireadh do cheannaithe, corparáidí, FBManna agus riaracháin phoiblí na bearta inmheánacha nithiúla is gá a dhéanamh láithreach chun a bpróisis a oiriúnú agus chun a gcuid cliant a chur ar an eolas faoina sonraí IBAN.

(5)

In ainneoinn na sáriarrachtaí atá déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach, na Ballstáit, a gcuid údarás poiblí náisiúnta agus rannpháirtithe margaidh le roinnt míonna anuas, léiríonn na staitisticí is deireanaí faoin ascnamh nár ardaíodh an ráta ascnaimh iomlán sa limistéar euro chuig ACS ach ó 40 % i Meitheamh 2013 go dtí thart ar 64 % i Samhain 2013, agus nár shroich an ráta ascnaimh iomlán chuig DDS ach 26 %. Cé go léiríonn na staisticí náisiúnta go bhfuil dul chun cinn maith déanta i roinnt Ballstát, tá grúpa suntasach Ballstát ann atá tite go mór chun deiridh ó thaobh na rátaí ascnaimh lena mbeifear ag súil. Dá bhrí sin, ní móide go mbeidh na rannpháirtithe margaidh go léir comhlíontach maidir le SEPA faoin 1 Feabhra 2014.

(6)

Ón 1 Feabhra 2014, beidh ar bhainc agus ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta eile diúltú aistrithe creidhmheasa nó dochair dhíreacha a phróiseáil mura bhfuil siad comhlíontach maidir le SEPA mar gheall ar a gcuid oibleagáidí dlíthiúla, cé go bhféadfaidís, go teicniúil, na híocaíochtaí sin a phroiseáil, mar atá cúrsaí faoi láthair, trí leanúint d’úsáid na scéimeanna íocaíochtaí leagáide atá ann faoi láthair i dteannta le ACS agus DDS. D’uireasa ascnaimh iomláin chuig ACS agus DDS, ní fhéadtar moilleanna ar na híocaíochtaí sin a eisiamh dá bhrí sin. D’fhéadfaí cur isteach ar gach úsáideoir seirbhísí íocaíochta, agus go háirithe ar FBManna agus tomhaltóirí.

(7)

Ta sé riachtanach go seachnófaí aon chur isteach neamhriachtanach ar íocaíochtaí de dheasca an t-ascnamh chuig SEPA a bheith neamhchríochnaithe faoin 1 Feabhra 2014. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a thabhairt, ar feadh tréimhse teoranta ama, do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, leanúint d’idirbhearta íocaíochta a phróiseáil trína scéimeanna leagáide i dteannta a gcuid scéimeanna ACS agus DDS, mar atáthar ag déanamh faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse a thabhairt isteach ina gceadófar leanúint de phróiseáil chomhthreomhar den sórt sin ar íocaíochtaí atá i bhformáidí éagsúla. Nuair a chuimhnítear ar na figiúirí a bhaineann leis an ascnamh mar atá siad faoi láthair agus an luas ascnaimh lena bhfuiltear ag súil, meastar gurb iomchuí idirthréimhse aonuaire sé mhí. Ba cheart breathnú ar mharthanú den sórt sin ar chórais leagáide nach bhfuil comhlíontach maidir le SEPA mar bheart eisceachtúil agus, dá bhrí sin, ba cheart é a choinneáil chomh gearr agus is féidir, ós rud é go bhfuil gá le hascnamh mear agus cuimsitheach chun na tairbhí go léir a bhaineann le margadh íocaíochtaí comhtháite a bhaint amach. Tá sé tábhachtach freisin teorainn ama a chur leis na costais ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i leith úsáid leanúnach na scéimeanna íocaíochtaí leagáide i gcomhthreo le córas SEPA. D’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí íocaíochta a bhfuil an t-ascnamh chuig SEPA déanta acu ina iomláine cheana féin breathnú ar sheirbhísí tiontaithe a chur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí íocaíochta nach bhfuil an t-ascnamh déanta acu go fóill le linn na hidirthréimse. Le linn na hidirthréimhse, ba cheart do Bhallstáit staonadh ó phionóis a ghearradh ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a phróiseálann íocaíochtaí neamhchomhlíontacha agus ar úsáideoirí seirbhísí íocaíochta nach bhfuil an t-ascnamh déanta acu go fóill.

(8)

Tá sé curtha in iúl cheana ag roinnt úsáideoirí móra ionstraimí dochair dhírigh go bhfuil sé beartaithe acu an t-ascnamh a dhéanamh gar don spriocdháta. Dá gcuirfí aon cheann de na tionscadail ascnaimh sin siar, d’fhéadfadh sé strus sealadach a chur ar íocaíochtaí isteach agus ar shreabhadh airgid, agus dá dhroim sin, ar leibhéil chistíochta na gcuideachtaí lena mbaineann. D’fhéadfaí baic áirithe a bheith ann mar thoradh ar ascnamh déanach ar mhórscála den sórt sin, ar leibhéal na mbanc agus na ndíoltóirí bogearraí go háirithe, toisc go bhféadfadh srianta acmhainní áirithe cur isteach orthu. A bhuí leis an tréimhse bhreise chun an córas nua a thabhairt isteach de réir a chéile, d’fhéadfaí cur chuige níos céimsí a ghlacadh. Na rannpháirtithe margaidh sin nár chuir tús go fóill leis an oiriúnú is gá chun bheith comhlíontach maidir le SEPA, iarrtar orthu iad féin a oiriúnú chomh luath agus is féidir. Mar sin féin, ba cheart do rannpháirtithe margaidh a bhfuil tús curtha acu le hoiriúnú a bpróiseas íocaíochta cheana an t-ascanamh a chríochnú chomh tapa agus is féidir.

(9)

I bhfianaise an chuspóra fhoriomláin, mar atá ascanamh comhordaithe agus comhtháite a bhaint amach, is iomchuí go mbeadh feidhm ag an idirthréimhse maidir le ACS agus DDS araon. Chuirfeadh idirthréimhsí éagsúla i gcomhair ACS agus DDS mearbhall ar thomhaltóirí, soláthraithe seirbhísí íocaíochta, FBManna agus úsáideoirí seribhísí íocaíochta eile.

(10)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun aon neamhleanúnachas a sheachaint i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, tá sé riachtanach go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm go práinneach agus go mbeadh feidhm leis, le héifeacht chúlghabhálach, ón 31 Eanáir 2014.

(11)

I bhfianaise phráinn an ábhair, ba cheart go mbeadh feidhm ag eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuimmeah Adamhach.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh SSIanna leanúint, go dtí an 1 Lúnasa 2014, d’idirbhearta íocaíochta in euro atá i bhformáidí atá éagsúil ó na formáidí is gá le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo.

Is ón 2 Lúnasa 2014 a chuirfidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 6(1) agus (2) i bhfeidhm, rialacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 11.

De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SSIanna, go dtí an 1 Feabhra 2016, seirbhísí tiontaithe le haghaidh idirbheart íocaíochta náisiúnta a chur ar fáil do USIanna, a chuirfidh ar chumas USIanna ar tomhaltóirí iad leanúint de BBAN a úsáid in ionad an aitheantóra cuntais íocaíochta atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn ar choinníoll go n-áirithítear an idir-inoibritheacht trí BBAN an íocóra agus an íocaí a thiontú go teicniúil agus go slán go dtí an t-aitheantóir cuntais íocaíochta ábhartha atá sonraithe i bpointe (1)(a) den Iarscríbhinn. Déanfar an t-aitheantóir cuntais íocaíochta sin a sheachadadh chuig an USI a thionscain an t-idirbheart, i gcás inarb iomchuí sula ndéantar an íocaíocht. I gcás den sórt sin, ní thoibheoidh SSIanna aon mhuirir ná táillí eile ar an USI atá bainteach go díreach ná go hindíreach leis na seirbhísí tiontaithe sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 31 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Feabhra 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

4


RIALACHÁN (AE) Uimh. 249/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 ón gComhairle lena dtoirmisctear allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha (Thunnus obesus) arb iad an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon tíortha a dtionscanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1036/2001

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas ina pháirtí conarthach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (Coinbhinsiún ICCAT) ón 14 Samhain 1997, tar éis Cinneadh 86/238/CEE ón gComhairle (2) a ghlacadh.

(2)

Le Coinbhinsiún ICCAT, déantar foráil maidir le creat do chomhar réigiúnach i ndáil le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird. Bhunaigh an Coinbhinsiún ICCAT Coimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), arb é a ghlacann bearta caomhnaithe agus bainistithe. Tagann na bearta sin chun bheith ina gceangal ar na páirtithe conarthacha.

(3)

In 1998, ghlac ICCAT rún 98-18 a bhaineann le gabhálacha tuinníní gan tuairisciú gan rialáil ag soithí spiléir ar scála mór i limistéar an Choinbhinsiúin. Sa rún sin, bunaíodh nósanna imeachta chun tíortha a aithint a ndearna soithí dá gcuid iascaireacht ar thuinníní agus ar speicis cosúil le tuinníní ar bhealach a laghdaigh éifeacht bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT. Shonraigh sé freisin bearta is ceart a ghlacadh, lena n-áirítear bearta sriantacha trádála neamh-idirdhealaitheacha más gá, d’fhonn cosc a chur ar shoithí na dtíortha sin leanúint ar aghaidh le cleachtais iascaireachta den sórt sin.

(4)

Tar éis rún 98-18 a ghlacadh, d’aithin ICCAT an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon mar thíortha a ndéanann a gcuid soithí iascaireacht ar thuinníní mórshúileacha Atlantacha (Thunnus obesus) ar bhealach a laghdaíonn éifeachtacht bhearta caomhnaithe agus bainistithe an ICCAT agus shuigh sé a chuid fionnachtana i dtaca leis na sonraí maidir le gabhálacha, trádáil agus gníomhaíochtaí na soithí.

(5)

Dá bharr sin, mhol ICCAT do pháirtithe conarthacha bearta iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir le forálacha rún 98-18, go gcuirfí toirmeasc ar allmhairiú tuinníní mórshúileacha Atlantacha agus a dtáirgí, i bhfoirm ar bith, ó na tíortha sin.

(6)

In 2004, toirmisceadh allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha arb iad an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon tíortha a dtionscanta isteach san Aontas i Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 ón gComhairle (3).

(7)

Ag a 14ú cruinniú speisialta in 2004, thug ICCAT aitheantas do na hiarrachtaí a rinne an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach agus Siarra Leon chun dul i ngleic leis na hábhair imní a bhí aige agus ghlac sé moltaí lena ndéantar bearta sriantacha trádála i gcoinne na dtrí thír sin a chur i leataobh.

(8)

Mar thoradh air sin, le Rialachán (CE) Uimh. 919/2005 (4), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 827/2004, chun an toirmeasc ar allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha agus a dtairgí ón gCambóid, ón nGuine Mheánchiorclach agus ó Shiarra Leon isteach san Aontas a chur i leataobh. Mar thoradh ar an leasú sin toirmeascann Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 allmhairí den sórt sin ón mBolaiv agus ón tSeoirsia amháin.

(9)

Ag a 22ú cruinniú bliantúil rialta in 2011, thug ICCAT aitheantas do na gníomhaíochtaí a rinne an Bholaiv agus an tSeoirsia agus ghlac sé moladh 11-19 lena gcuirtear na toirmisc ar allmhairiú tuinníní mórshúileacha Atlantacha agus a dtáirgí a lean d’fheidhm a bheith acu ar an dá thír sin i leataobh.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 827/2004.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2014.

(2)  Cinneadh Uimh. 86/238/CEE an 9 Meitheamh 1986 maidir leis an gComhphobal d’aontú don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal a cuireadh i gceangal le Gníomh Críochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaí na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna siniú i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162,18.6.1986, lch. 33).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 an 26 Aibreán 2004 ón gComhairle lena dtoirmisctear allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha (Thunnus obesus) arb iad an Bholaiv, an Chambóid, an Ghuine Mheánchiorclach, an tSeoirsia agus Siarra Leon tíortha a dtionscanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1036/2001 (IO L 127, 29.4.2004, lch. 21).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 919/2005 an 13 Meitheamh 2005 lean leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 827/2004 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar allmhairí tuinníní mórshúileacha Atlantacha ón gCambóid, ón nGuine Mheánchiorclach agus ó Shiarra Leon tíortha a dtionscanta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 826/2004 ón gComhairle lena dtoirmisctear ar allmhairí tuinnín gorm Atlantach ón nGuine Mheánchiorclach agus ó Shiarra Leon agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 828/2004 ón gComhairle lena dtoirmisctear ar allmhairí colgán ó Shiarra Leon (IO L 156, 18.6.2005, lch. 1).


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) Uimh. 250/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas agus na Ballstáit cuspóir a leagan síos dóibh féin, arb é an cuspóir sin calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear smuigléireacht agus góchumadh toitíní, a chomhrac. D’fhonn tionchar fadtéarma an chaiteachais a fheabhsú agus macasamhlú a sheachaint, ba cheart dlúthchomhar rialta agus comhordú a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus idir údaráis na mBallstát.

(2)

Gníomhaíochtaí a fhéachann le faisnéis níos fearr, oiliúint speisialaithe, lena n-áirítear staidéir dlí chomparáidigh agus cúnamh teicniúil agus eolaíoch a sholáthar, is cuidiú suntasach iad chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ag an am céanna chun leibhéal coibhéiseach cosanta ar fud an Aontais a bhaint amach.

(3)

San am atá thart, bhíothas in ann, a bhuí le tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin trí Chinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (Clár Hercule) a leasaíodh agus a leathnaíodh le Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (Clár Hercule II), feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí a rinne an tAontas agus na Ballstáit maidir le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(4)

Sheol an Coimisiún athbhreithniú ar a bhfuil bainte amach ag clár Hercule II ina dtugtar tuairisc ar a ionchuir agus a aschuir.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair in 2011, chun meastóireacht a dhéanamh ar an ngá le leanúint den chlár nó gan leanúint de.

(6)

Chun leanúint de na gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne smuigléireachta agus góchumtha toitíní, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, a chomhrac, agus fiú chun na gníomhaíochtaí sin a fhorbairt, agus na dúshláin nua i gcomhthéacs déine buiséadaí á gcur san áireamh freisin, ba cheart clár nua a ghlacadh.

(7)

Ba cheart an Clár seo a chur chun feidhme trí na moltaí agus na bearta a liostaítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2013 dar teideal “Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigléireachta agus foirmeacha eile den trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE” a chur san áireamh.

(8)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme agus é i lánchomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I gcomhréir leis an Rialachán sin, tá deontas ceaptha chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíocht a bheartaítear d’fhonn cuspóir de chuid bheartas an Aontais a bhaint amach agus níl sé le bheith mar aon chuspóir amháin aige trealamh a cheannach.

(9)

Ba cheart don Chlár bheith oscailte do rannpháirtíocht Stát aontach, tíortha is iarrthóirí iad agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí agus a thairbhíonn de straitéis réamh-aontachais, chomh maith le tíortha comhpháirtíochta faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil ailíniú leordhóthanach na reachtaíochta ábhartha agus na modhanna riaracháin do reachtaíocht ábhartha agus modhanna riaracháin an Aontais déanta ag na tíortha sin, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na Stát agus na dtíortha sin i gcláir an Aontais a bunaíodh leis na comhaontuithe réime, cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe comhchosúla faoi seach, chomh maith le tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá rannpháirteach sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE).

(10)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheántéarmach neamhspleách maidir le cur chun feidhme an Chláir seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chomh maith le tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Fairis sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme bliantúil an Chláir, lena n-áirítear torthaí na ngníomhaíochtaí a maoiníodh agus faisnéis i dtaca leis an gcomhsheasmhacht agus comhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil.

(11)

Comhlíonann an Rialachán seo prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Leis an gClár, ba cheart comhar idir na Ballstáit agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú, d’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus leas á bhaint as acmhainní ar shlí níos éifeachtúla ná mar a fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta. Is gá beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá bonn údair leis an mbeart sin toisc gur léir go gcuidíonn sé leis na Ballstáit buiséad ginearálta an Aontais agus buiséid náisiúnta a chosaint le chéile agus go spreagann sé úsáid struchtúir choiteanna an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú. Níor cheart go gcuirfeadh an Clár isteach, áfach, ar fhreagrachtaí na mBallstát.

(12)

Ba cheart an Clár a rith ar feadh tréimhse seacht mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (6).

(13)

D’fhonn foráil a dhéanamh do mhéid solúbthachta i leithdháileadh na gcistí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leithdháileadh táscach na gcistí a leasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin aige, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(14)

Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh ina mbeidh na gníomhaíochtaí a maoiníodh, na critéir roghnúcháin agus dámhachtana agus na himthosca eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, amhail cásanna a bhaineann le Ballstáit atá neamhchosanta ar riosca maidir le leasanna airgeadais an Aontais, ina mbíonn an t-uasráta cómhaoinithe de 90 % de na costais incháilithe infheidhme. Ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a phlé leis an gCoiste Comhairleach chun an Cosc Calaoise a Chomhordú (COCOLAF) arna bhunú le Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún (7).

(15)

Ba cheart go saothródh na Ballstáit chun a ranníocaíochtaí airgeadais a fheabhsú faoin gcomhaoiniú i gcás deontas a dheonaítear faoin gClár.

(16)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún na céimeanna is gá chun a áirithiú go bhfuil na cláir oibre bhliantúla comhsheasmhach agus comhlántach le cláir ábhartha eile arna maoiniú ag an Aontas, go háirithe i réimse an chustaim, d’fhonn tionchar foriomlán ghníomhaíochtaí an Chláir a neartú agus chun aon fhorluí de chuid an Chláir le cláir eile a sheachaint.

(17)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais, ar feadh thréimhse iomlán an Chláir, arb ionann é agus an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(18)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

(19)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 804/2004/CE a aisghairm. Ba cheart bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chun go bhféadfar oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí a rinneadh faoin gCinneadh sin a chríochnú mar aon le hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear ann.

(20)

Is iomchuí trasdul rianúil gan bhriseadh a áirithiú idir Clár Hercule II agus an Clár agus is iomchuí go ndéanfaí ré an chláir a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an gClár amhail ón 1 Eanáir 2014.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis seo an clár gníomhaíochta ilbhliantúil “Hercule III” (“an Clár”) chun gníomhaíochtaí i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chur chun cinn don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach

Rannchuideoidh an clár leis na nithe seo a leanas uile:

(a)

gníomhaíochtaí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne smuigléireachta agus góchumtha toitíní;

(b)

comhar agus comhordú trasnáisiúnta feabhsaithe ar leibhéal Aontais, idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus go háirithe maidir le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht oibríochtaí trasteorann;

(c)

calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc go héifeachtach, trí chomhoiliúint speisialaithe a thairiscint d’fhoireann údarás náisiúnta agus réigiúnach agus do gheallsealbhóirí eile.

Déanfaidh an Clár coigiltis a chruthú go háirithe, ar coigiltis iad a thig as soláthar comhchoiteann saintrealaimh agus bunachar sonraí a úsáidfidh na geallsealbhóirí agus as an oiliúint speisialaithe.

Airteagal 3

Cuspóir ginearálta

Is é a bheidh i gcuspóir ginearálta an Chláir leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus sa chaoi sin, iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh a fheabhsú agus cosaint airgead na gcáiníocóirí a áirithiú.

Airteagal 4

Cuspóir sonrach

Is é a bheidh i gcuspóir sonrach an Chláir calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.

Déanfar an cuspóir sonrach a thomhas trí thagairt a dhéanamh, inter alia, do spriocleibhéil agus bunlínte agus trí mheán na dtáscairí feidhmíochta a leanas:

(a)

líon na ngabhálacha, na gcoigistithe agus na ngnóthaithe tar éis cásanna calaoise arna mbrath trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus oibríochtaí trasteorann;

(b)

breisluach agus úsáid éifeachtach an trealaimh theicniúil chómhaoinithe;

(c)

malartú faisnéise i measc Ballstáit maidir leis na torthaí a baineadh amach leis an ábhar teicniúil;

(d)

líon agus cineál na ngníomhaíochtaí oiliúna, lena n-áirítear an oiliúint speisialaithe.

Airteagal 5

Cuspóirí oibríochtúla

Is iad seo a leanas uile a bheidh i gcuspóirí oibríochtúla an Chláir:

(a)

cosc agus imscrúdú calaoise agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a fheabhsú thar na leibhéil reatha trí chomhar trasnáisiúnta agus ildisciplíneach a fheabhsú;

(b)

cosaint leasanna airgeadais an Aontais i gcoinne calaoise a mhéadú trí mhalartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtas a éascú, lena n-áirítear malartuithe foirne;

(c)

an comhrac i gcoinne calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a neartú trí thacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil d’imscrúduithe náisiúnta, agus go háirithe d’údaráis chustaim agus údaráis um fhorghníomhú an dlí;

(d)

nochtadh leasanna airgeadais an Aontais is eol faoi láthair do chalaois, d’éilliú agus do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a theorannú, i gcomparáid leis an leibhéal nochta atá ann inniu, d’fhonn bac a chur ar fhorbairt geilleagair neamhdhleathaigh in eochair-réimsí ina bhfuil riosca amhail an chalaois eagraithe, lena n-áirítear smuigléireacht agus góchumadh toitíní;

(e)

leibhéal fhorbairt chosaint shonrach dhlíthiúil agus bhreithiúnach leasanna airgeadais an Aontais i gcoinne calaoise a fheabhsú trí anailís chomparáideach dlí a chur chun cinn.

Airteagal 6

Comhlachtaí atá incháilithe do chistiú

Beidh gach ceann de na comhlachtaí seo a leanas incháilithe do chistiú faoin gClár:

(a)

údaráis náisiúnta nó réigiúnacha tíre rannpháirtí, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 7(1), ar údaráis iad a dhéanann neartú na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun cinn;

(b)

institiúidí taighde agus oideachais agus eintitis neamhbhrabúis ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe agus ag feidhmiú le bliain amháin ar a laghad, i mBallstát nó i dtír rannpháirteach, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 7(1), agus go ndéanann siad neartú na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun cinn.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht sa chlár

1.   Is iad na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 a bheidh sna tíortha rannpháirteacha (“tíortha rannpháirteacha”).

2.   Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(a)

Stáit aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí agus a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na Stát agus na dtíortha sin i gcláir an Aontais a bunaíodh leis na comhaontuithe réime, cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe comhchosúla faoi seach;

(b)

tíortha comhpháirtíochta faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar choinníoll go bhfuil comhfhogasú leordhóthanach na reachtaíochta ábhartha agus na modhanna riaracháin do reachtaíocht ábhartha agus modhanna riaracháin an Aontais déanta ag na tíortha sin. Glacfaidh na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann páirt sa Chlár i gcomhréir leis na forálacha a bheidh le cinneadh leis na tíortha sin tar éis bhunú Comhaontuithe Réime maidir lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais;

(c)

tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

3.   Maidir le hionadaithe tíortha a ghlacann páirt sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais do thíortha Oirdheisceart na hEorpa, le hionadaithe ó Chónaidhm na Rúise, agus le hionadaithe ó thíortha áirithe lenar thug an tAontas comhaontú i gcrích maidir le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí a bhaineann le calaois, agus ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, féadfaidh siad páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú faoin gClár aon uair a fhónann sin chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach a bhaint amach. Glacfaidh na hionadaithe sin páirt sa Chlár i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

Déanfaidh an Clár, faoi na coinníollacha céanna is atá leagtha amach sna cláir oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11, tacaíocht airgeadais iomchuí a sholáthar do na gníomhaíochtaí uile seo a leanas:

(a)

soláthar cúnaimh theicniúil speisialaithe d’údaráis inniúla na mBallstát trí cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)

eolas sonrach, trealamh speisialaithe ardteicneolaíoch agus uirlisí éifeachtacha theicneolaíocht na faisnéise (TF) a sholáthar lena n-éascaítear comhar trasnáisiúnta agus comhar leis an gCoimisiún;

(ii)

an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann;

(iii)

tacú le cumas na mBallstát toitíní arna ngabháil a stóráil agus a scriosadh chomh maith le seirbhísí neamhspleácha anailíse chun anailís a dhéanamh ar thoitíní arna ngabháil;

(iv)

malartuithe foirne do thionscadail shonracha a fheabhsú, go háirithe i réimse an chomhraic i gcoinne smuigléireachta agus góchumtha toitíní;

(v)

tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil d’údaráis na mBallstát um fhorghníomhú an dlí agus gníomhaíochtaí trasteorann neamhdhleathacha agus calaois a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais á gcomhrac acu, lena n-áirítear go háirithe tacaíocht d’údaráis chustaim;

(vi)

cumas theicneolaíocht na faisnéise a fhorbairt ar fud na dtíortha rannpháirteacha trí bhunachair shonraí shonracha agus uirlisí TF sonracha lena n-éascaítear rochtain ar shonraí agus anailís ar shonraí a fhorbairt agus a sholáthar;

(vii)

malartú sonraí a mhéadú, uirlisí TF le haghaidh imscrúduithe a fhorbairt agus a sholáthar, agus faireachán a dhéanamh ar obair faisnéise;

(b)

eagrú oiliúna speisialaithe spriocdhírithe, agus ceardlann oiliúna ar anailís riosca, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, comhdhálacha, atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(i)

tuiscint níos fearr ar mheicníochtaí an Aontais agus ar mheicníochtaí náisiúnta a chothú tuilleadh;

(ii)

taithí agus dea-chleachtais a mhalartú idir na húdaráis ábhartha sna tíortha rannpháirteacha, lena n-áirítear seirbhísí speisialaithe um fhorghníomhú an dlí, chomh maith le hionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

(iii)

gníomhaíochtaí na mBallstát, na dtíortha rannpháirteacha, agus ionadaithe eagraíochtaí poiblí idirnáisiúnta, mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 7(3), a chomhordú;

(iv)

eolas a scaipeadh, go háirithe i dtaobh riosca a shainaithint níos fearr chun críocha imscrúdaithe;

(v)

gníomhaíochtaí taighde ardphróifíle a fhorbairt, lena n-áirítear staidéir;

(vi)

comhar idir cleachtóirí agus acadóirí a fheabhsú;

(vii)

feasacht a ardú tuilleadh i dtaobh na breithiúnachta agus brainsí eile de ghairm an dlí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(c)

aon ghníomhaíocht eile nach gcumhdaítear faoi phointe (a) nó pointe (b) den Airteagal seo, dá bhforáiltear sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11, atá riachtanach chun na cuspóirí ginearálta, na cuspóirí sonracha agus na cuspóirí oibríochtúla a ndéantar foráil dóibh in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 faoi seach a bhaint amach.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 9

Imchlúdach airgeadais

1.   EUR 104 918 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2020.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdháilfear méideanna táscacha ar na gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8, laistigh de na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn do gach cineál gníomhaíochta. Féadfaidh an Coimisiún imeacht ón leithdháileadh táscach cistí atá leagtha síos san Iarscríbhinn, ach ní fhéadfaidh sé an cion leithdháilte den imchlúdach airgeadais a mhéadú le níos mó ná 20 % do gach cineál gníomhaíochta.

Sa chás go mbeadh gá dul thar an teorainn 20 % sin, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun leithdháileadh táscach na gcistí atá leagtha síos san Iarscríbhinn a mhodhnú.

Airteagal 10

Cineál idirghabhála airgeadais agus cómhaoinithe

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Is in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a sholáthrófar faoi Airteagal 8:

(a)

deontais;

(b)

soláthar poiblí;

(c)

aisíocaíocht na gcostas arna dtabhú ag na hionadaithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3) chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí faoin gClár.

3.   Ní ceannach trealaimh amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

4.   Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80 % de na costais incháilithe. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear dóibh in Airteagal 11, amhail cásanna a bhaineann leis na Ballstáit atá neamhchosanta ar riosca maidir le leasanna airgeadais an Aontais, ní rachaidh an ráta cómhaoinithe thar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 11

Cláir oibre bhliantúla

Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla chun an Clár a chur chun feidhme. Leis na cláir sin, áiritheofar go gcuirfear chun feidhme na cuspóirí ginearálta, na cuspóirí sonrach agus na cuspóirí oibríochtúla dá bhforáiltear in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 faoi seach ar bhealach comhsheasmhach agus cuirfear síos ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cuir chun feidhme agus a méid iomlán. I gcás deontas, áireofar sna cláir oibre bhliantúla na gníomhaíochtaí arna maoiniú, na critéir roghnúcháin agus dámhachtana agus an t-uasráta cómhaoinithe.

Na hacmhainní atá leithdháilte ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin gClár, rannchuideoidh siad freisin le cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir dá bhforáiltear in Airteagal 3.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (10) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh díobháil do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le conradh arna gcistiú faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

CAIBDIL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht

1.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear cuspóirí an Chláir a bhaintear amach agus na torthaí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar bhonn bliantúil. Áireofar uirthi sin faisnéis maidir leis an gcomhar agus an comhordú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus maidir le comhsheasmhacht agus comhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha iomchuí eile ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí arna dtacú faoin gClár a scaipeadh ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear ar na láithreáin ghréasáin ábhartha, chun an trédhearcacht maidir le húsáid na gcistí a mhéadú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnúil ar an gClár agus déanfaidh sé an méid seo a leanas chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a)

faoin 31 Nollaig 2017, tuarascáil mheántéarmach neamhspleách mheastóireachta maidir lena mhéid a baineadh amach cuspóirí na ngníomhaíochtaí, na torthaí agus na tionchair ar fad, éifeachtacht agus éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus a bhreisluach don Aontas, ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil meastóireachta mheántéarma aghaidh ar na féidearthachtaí i ndáil le simpliú, a chomhtháthú inmheánach agus seachtrach, ábharthacht leanúnach gach cuspóra de chuid an Chláir, chomh maith leis an méid a rannchuidíonn na gníomhaíochtaí le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachta maidir le baint amach chuspóirí chlár Hercule II;

(b)

faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil deiridh meastóireachta maidir leis an méid a baineadh amach cuspóirí an Chláir, lena n-áirítear a bhreisluach, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle; ina theannta sin, déanfar meastóireacht ar thionchair fhadtéarmacha agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir d’fhonn rannchuidiú le cinneadh maidir leis an bhféidearthacht Clár ina dhiaidh sin a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí.

3.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha uile agus na tairbhithe eile na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun an trédhearcacht agus an chuntasacht a mhéadú agus chun faireachán agus meastóireacht ar an gClár a cheadú, lena n-áirítear maidir le comhar agus comhordú, amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 21 Márta 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE.

Leanfaidh oibleagáidí airgeadais, áfach, a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCinneadh sin agus oibleagáidí tuairiscithe a shonraítear ann de bheith faoi réir an Chinnidh sin go dtí go gcríochnófar na hoibleagáidí sin.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 201, 7.7.2012, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2014.

(3)  Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíocht i réimse chosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 9).

(4)  Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2007 lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochta i réimse chosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule II) (IO L 193,25.7.2007, lch. 18).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(7)  Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1994 lena mbunaítear coiste comhairliúcháin chun an cosc calaoise a chomhordú (IO L 61, 4.3.1994, lch. 27).

(8)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle. (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais an Chomhphobail Eorpaigh a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292,15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

LEITHDHÁILEADH TÁSCACH NA GCISTÍ

Is mar seo a leanas a leithdháilfear méideanna táscacha ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8:

Cineálacha gníomhaíochta

Sciar an bhuiséid (mar %)

(a)

Cúnamh teicniúil

70 ar a laghad

(b)

Oiliúint

25 ar a mhéad

(c)

Aon ghníomhaíocht eile nach gcumhdaítear faoi phointe (a) nó pointe (b) d’Airteagal 8

5 ar a mhéad


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 13

Gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh, i gcomhthéacs idirphlé struchtúrtha le Parlaimint na hEorpa, ar tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin é, lena n-áirítear miondealú an bhuiséid a leagtar amach san Iarscríbhinn, ó mhí Eanáir 2015 ar aghaidh, agus an clár oibre a thíolacadh chuig an gCoiste atá freagrach i bParlaimint na hEorpa i gcomhthéacs thuarascáil PIF.


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


RIALACHÁN (AE) Uimh. 251/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (3) agus le Rialachán (CE) Uimh. 122/94 ón gCoimisiún (4), d’éirigh leo fíonta cumhraithe, deochanna cumhraithe de bhunadh fíona agus manglaim táirgí fíona cumhraithe (“táirgí fíona cumhraithe”) a rialáil. I bhfianaise nuálaíochta teicneolaíochta, forbairtí sa mhargadh agus ionchais tomhaltóirí atá ag síorathrú, áfach, is gá na rialacha is infheidhme maidir le sainmhíniú, le tuairisc, le cur i láthair, le lipéadú agus le cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta, agus modhanna táirgíochta traidisiúnta a chur san áireamh ag an am céanna.

(2)

Tá gá le tuilleadh leasuithe mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, d’fhonn na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 a chur ar comhréim le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I bhfianaise raon feidhme na leasuithe sin, is iomchuí Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad. Le Rialachán (CE) Uimh. 122/94, tugadh isteach rialacha maidir le blaistiú agus maidir le halcól a chur le táirge, rialacha is infheidhme maidir le roinnt táirgí fíona cumhraithe, agus d’fhonn soiléire a áirithiú, ba cheart na rialacha sin a chorprú sa Rialachán seo.

(3)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(4)

Tá táirgí fíona cumhraithe tábhachtach do thomhaltóirí, do tháirgeoirí agus d’earnáil na talmhaíochta san Aontas. Ba cheart do na bearta is infheidhme maidir le táirgí fíona cumhraithe rannchuidiú le leibhéal ard cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, cleachtais mheabhlacha a chosc agus trédhearcacht sa mhargadh agus iomaíocht chóir a bhaint amach. Tríd an méid sin a dhéanamh, déanfaidh na bearta an clú atá bainte amach ag táirgí fíona cumhraithe an Aontais sa mhargadh inmheánach agus ar an margadh domhanda a choimirciú trí leanúint de chleachtais thraidisiúnta arna n-úsáid i dtáirgeadh táirgí fíona cumhraithe chomh maith leis an éileamh méadaithe ar chosaint tomhaltóirí agus ar fhaisnéis a chur san áireamh. Ba cheart nuálaíocht theicneolaíoch a chur san áireamh freisin i leith na dtáirgí sin a bhfeabhsaíonn an nuálaíocht sin a gcáilíocht, gan dochar a dhéanamh do charachtar traidisiúnta na dtáirgí fíona cumhraithe lena mbaineann.

(5)

Is mór an t asraon d’earnáil talmhaíochta an Aontais táirgeadh na dtáirgí fíona cumhraithe, agus ba cheart béim a chur air sin sa chreat rialúcháin.

(6)

Ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí fíona cumhraithe go léir a chuirtear ar an margadh san Aontas, cibé acu sna Ballstáit nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad. Chun an clú atá ar tháirgí fíona cumhraithe an Aontais ar an margadh domhanda a chaomhnú agus a fheabhsú, ba cheart feidhm freisin a bheith ag na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le táirgí fíona cumhraithe a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

(7)

Chun soiléire agus trédhearcacht a áirithiú i ndlí an Aontais lena rialaítear táirgí fíona cumhraithe, is gá na táirgí a chumhdaítear faoin dlí sin, na critéir maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus go háirithe, an ainmníocht díolacháin, a shainmhíniú go soiléir. Ba cheart freisin rialacha sonracha a leagan síos le haghaidh táisc dheonaigh maidir le bunáitíocht le go mbeidís mar fhorlíonadh ag gabháil leis na rialacha sin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Trí na rialacha sin a leagan síos, rialaítear gach céim den slabhra táirgeachta agus cosnaítear na tomhaltóirí agus cuirtear ar an eolas go cuí iad.

(8)

Ba cheart do na sainmhínithe ar tháirgí fíona cumhraithe cleachtais cháilíochta thraidisiúnta a urramú i gcónaí ach iad a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta.

(9)

Ba cheart táirgí fíona cumhraithe a tháirgeadh i gcomhréir le rialacha áirithe agus le srianta áirithe, lena ráthaítear go gcomhlíontar ionchais tomhaltóirí maidir le cáilíocht agus le modhanna táirgíochta. Chun na caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse seo a chomhlíonadh, ba cheart na modhanna táirgíochta a bhunú agus ba cheart, mar riail ghinearálta, go gcuirfeadh an Coimisiún na caighdeáin a mholann agus a fhoilsíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíona agus Fíniúna (OIV) san áireamh.

(10)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí fíona cumhraithe.

(11)

Thairis sin, ba cheart gur de thionscnamh talmhaíochta go heisiach é an t-alcól eitile a úsáidfear chun táirgí fíona cumhraithe a tháirgeadh, le go gcomhlíonfar ionchais tomhaltóirí agus le go ndéanfar de réir na gcleachtas cáilíochta traidisiúnta. Áiritheoidh sé sin go mbeidh asraon ann do bhuntáirgí na talmhaíochta.

(12)

Agus earnáil na dtáirgí fíona cumhraithe chomh tábhachtach agus chomh casta agus atá, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos maidir le tuairisc agus cur i láthair táirgí fíona cumhraithe a bheidh mar fhorlíonadh ar na forálacha maidir le lipéadú a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ba cheart freisin go gcoiscfeadh na rialacha sonracha sin aon mhí-úsáid a bhainfí as ainmníochtaí díolacháin táirgí fíona cumhraithe i gcás táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

(13)

D’fhonn tuiscint tomhaltóirí a éascú, ba cheart go bhféadfaí na hainmníochtaí díolacháin a leagtar síos sa Rialachán seo a fhorlíonadh le gnáthainm an táirge de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

(14)

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (8), inter alia, maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte atá le húsáid mar bhia, lena n-áirítear táirgí fíona cumhraithe. Dá réir sin, táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin agus sna gníomhartha a ghlactar dá bhun, féadfar iad a chur ar an margadh mar tháirgí fíona cumhraithe orgánacha.

(15)

Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm agus chun go mbeidh leibhéal ard cáilíochta ag táirgí fíona cumhraithe a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha níos déine a ghlacadh ná na rialacha atá sa Rialachán seo maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo agus a tháirgtear ina gcríoch féin, a mhéid atá rialacha den sórt sin comhoiriúnach le dlí an Aontais.

(16)

Ós rud é nach bhfuil feidhm maidir le táirgí fíona cumhraithe ag Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus ag na forálacha maidir le tásca geografacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart rialacha sonracha maidir le cosaint tásc geografach a leagan síos do tháirgí fíona cumhraithe. Ba cheart tásca geografacha a úsáid chun táirgí fíona cumhraithe a aithint mar tháirgí de thionscnamh críche tíre, nó de thionscnamh réigiúin nó ceantair sa chríoch sin, i gcás ina bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith áirithe eile an táirge fíona chumhraithe inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh agus ba cheart don Choimisiún tásca geografacha den sórt sin a chlárú.

(17)

Ba cheart nós imeachta a leagan síos sa Rialachán seo chun tásca geografacha tríú tíre agus Aontais a chlárú, a chomhlíonadh, a athrú agus, b’fhéidir, a chur ar ceal.

(18)

Ba cheart d’údaráis Ballstát a bheith freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus ba cheart socruithe a dhéanamh chun go mbeidh an Coimisiún ábalta faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin.

(19)

D’fhonn eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i dtaca le próisis táirgthe a bhunú chun táirgí fíona cumhraithe a fháil; leis na critéir maidir le teorannú na limistéar geografach agus leis na rialacha, na srianta agus na maoluithe a bhaineann le táirgeacht i limistéir den sórt sin; leis na coinníollacha faoina bhféadfar ceanglais bhreise a áireamh i sonraíocht táirge; leis na cásanna ina bhféadfaidh táirgeoir aonair cur isteach ar thásc geografach a chosaint agus leis na srianta a chinneadh lena rialaítear an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint den sórt sin a chinneadh; leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh i leith iarratais ar chosaint tásc geografach, le grinnscrúdú ag an gCoimisiún; leis an nós imeachta agóide; nósanna imeachta maidir le tásca geografacha a leasú agus a chealú a bhunú; leis na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann a bhunú; leis an dáta a ndéanfar iarratas nó iarraidh a thíolacadh agus an dáta a mbeidh feidhm ag an gcosaint agus ag an leasú ar chosaint; leis na coinníollacha maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirge, lena n-áirítear na coinníollacha ina cheaptar gur mionleasú é an leasú agus na coinníollacha a bhaineann le hiarratais ar leasuithe agus le formheas leasuithe, ar leasuithe iad nach bhfuil aon athrú ar an doiciméad aonair i gceist leo, a bhunú; leis na srianta a bhaineann le hainm faoi chosaint; le nádúr agus cineál na faisnéise a bhfuiltear chun fógra a thabhairt ina leith sa mhalartú faisnéise idir Ballstáit agus an Coimisiún, na modhanna fógartha, na rialacha a bhaineann leis na cearta rochtana ar fhaisnéis nó ar chórais faisnéise arna gcur ar fáil agus na rialacha mionsonraithe maidir le foilsiú na faisnéise. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(20)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le modhanna anailíse chun comhdhéanamh táirgí fíona cumhraithe a chinneadh; le cinntí maidir le cosaint a bhronnadh ar thásca geografacha agus le hiarratais ar chosaint den sórt sin a dhiúltú; le cinntí maidir le cosaint tásca geografacha agus sonraíochtaí geografacha atá ann cheana a chealú; le cinntí maidir le hiarratais ar leasuithe i gcás mionleasuithe ar shonraíochtaí táirge na dtásc geografach; leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge i dtaca leis an tásc geografach a shainmhíniú; leis na modhanna chun cinntí maidir le tásca geografacha atá ar fáil don phobal a chosaint nó diúltú dóibh; le rialacha a bhaineann le hiarratais trasteorann a thíolacadh, le na rialacha maidir le seiceálacha agus fíoruithe atá le déanamh ag Ballstáit; leis an nós imeachta, lena n-áirítear inghlacthacht, le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar thásc geografacha chomh maith agus leis an nós imeachta, lena n-áirítear inghlacthacht, le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a thíolacadh a bhaineann le tásca geografacha faoi chosaint atá ann cheana; le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag Ballstáit; agus le rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá a chur ar fáil chun na forálacha maidir leis an malartú faisnéise idir Ballstáit agus an Coimisiún a chur i bhfeidhm, leis na socruithe maidir le hinneachar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le spriocdhátaí na bhfógraí agus na socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar aghaidh nó a chur ar fáil do na Ballstáit, do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, nó don phobal; ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(21)

Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus, ag féachaint dá nádúr speisialta, ag gníomhú dó gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, an doiciméad aonair a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dó cinneadh a dhéanamh cibé acu an ndéanfaidh sé iarratas ar chosaint táisc gheografaigh a dhiúltú ar na forais go bhfuil sé neamh-inghlactha agus cibé acu ar cheart dó clár de thásca geografacha atá faoi chosaint ag an Rialachán seo a bhunú agus a choimeád ar bun, lena n-áirítear na tásca geografacha atá ann cheana a áireamh sa chlár sin nó iad a bhaint den chlár.

(22)

D’fhéadfadh sé go gcothódh an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo deacrachtaí nach ndéileáiltear leo sa Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta idirthréimhseacha is gá a ghlacadh.

(23)

Ba cheart go gceadófaí go leor ama agus socruithe iomchuí chun trasdul rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú. Ar aon chaoi, ba cheart margú na stoc atá ann cheana a cheadú taréis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú ar tháirgí fíona cumhraithe agus rialacha maidir le cosaint tásc geografach tháirgí fíona cumhraithe a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a scála agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le sainmhíniú, le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus maidir le tásca geografacha ar tháirgí fíona cumhraithe a chosaint.

2.   Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, beidh feidhm aige maidir le cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí fíona cumhraithe go léir a chuirtear ar an margadh san Aontas, cibé acu sna Ballstáit nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad, maille leis na táirgí fíona cumhraithe a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ainmníocht díolacháin” an t-ainm atá ar aon cheann de na táirgí fíona cumhraithe a leagtar síos sa Rialachán seo;

(2)

ciallaíonn “tuairisc” an liosta de na saintréithe sonracha atá ag táirge fíona cumhraithe;

(3)

ciallaíonn “tásc geografach” tásc lena sainaithnítear táirge fíona cumhraithe mar tháirge a thionscnaíonn i réigiún, in áit shonrach, nó i dtír, i gcás ina bhfuil cáilíocht áirithe, clú áirithe nó saintréithe áirithe eile an táirge sin inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh.

CAIBIDIL II

SAINMHÍNIÚ, TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ TÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE

Airteagal 3

Táirgí fíona cumhraithe a shainiú agus a aicmiú

1.   Is iad táirgí fíona cumhraithe ná táirgí a fhaightear ó tháirgí de chuid earnáil an fhíona dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus atá blaistithe. Aicmítear iad sna catagóirí seo a leanas:

(a)

fíonta cumhraithe,

(b)

deochanna cumhraithe de bhunadh fíona,

(c)

manglaim táirgí fíona cumhraithe.

2.   Is é is fíon cumhraithe ná deoch:

(a)

a fuarthas ó tháirge fíona amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 5 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II agus i bpointe 1 agus i bpointí 3 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíon “Retsina”;

(b)

ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 75 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c)

a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi;

(d)

a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e)

a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(f)

a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(g)

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 14,5 % toirte agus is lú ná 22 % toirte inti agus neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 17,5 % toirte inti.

3.   Is é is deoch chumhraithe de bhunadh fíona ná deoch:

(a)

a fuarthas ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna atá sainmhínithe i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointí 4 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(b)

ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c)

nach bhfuil aon alcól curtha léi, ach amháin sa chás ina bhforálann Iarscríbhinn II dá mhalairt;

(d)

a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e)

a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(f)

a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(g)

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 4,5 % toirte agus is lú ná 14,5 % toirte.

4.   Is é is manglam cumhraithe de tháirgí fíona ná deoch:

(a)

a fuarthas ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointí 4 go 11 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(b)

ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c)

nach bhfuil aon alcól curtha léi;

(d)

a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e)

a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(f)

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 1,2 % toirte agus is lú ná 10 % toirte.

Airteagal 4

Próisis táirgthe agus modhanna anailíse le haghaidh táirgí fíona cumhraithe

1.   Táirgfear táirgí fíona cumhraithe i gcomhréir leis na ceanglais, na srianta agus na tuairiscí a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 maidir le próisis táirgthe údaraithe a bhunú chun táirgí fíona cumhraithe a fháil, agus ionchais na dtomhaltóirí á gcur san áireamh.

Agus na próisis táirgthe údaraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á mbunú, déanfaidh an Coimisiún na próisis táirgthe atá molta agus atá foilsithe ag OIV a chur san áireamh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, modhanna anailíse a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun comhdhéanamh táirgí fíona cumhraithe a chinneadh. Beidh na modhanna sin bunaithe ar aon mhodhanna ábhartha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV, mura rud é go mbeidís neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún modhanna den sórt sin, is iad na modhanna atá le húsáid na modhanna atá ceadaithe ag an mBallstát lena mbaineann.

4.   Na cleachtais agus srianta fíoneolaíochta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 74, le hAirteagal 75(4) agus le hAirteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh feidhm acu maidir le táirgí fíniúna a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí fíona cumhraithe.

Airteagal 5

Ainmníochtaí díolacháin

1.   Is iad na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh in úsáid le haghaidh aon táirge fíona chumhraithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir leis an ainmníocht díolacháin chomhfhreagrach a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le gnáthainm mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2)(o) de Rialachán Uimh. 1169/2011.

2.   I gcás táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le níos mó ná ainmníocht díolacháin amháin, ní údaraítear ach ceann amháin de na hainmníochtaí díolacháin sin a úsáid, ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt in Iarscríbhinn II.

3.   Deoch alcólach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfar í a thuairisciú, a chur i láthair nó a lipéadú trí fhocail nó trí fhrásaí amhail “cosúil”, “cineál”, “stíl”, “déanta”, “blas” nó aon téarma eile dá samhail a chur le haon cheann de na hainmníochtaí díolacháin.

4.   Féadtar tásc geografach arna chosaint faoin Rialachán seo a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.

5.   Gan dochar d’Airteagal 26, ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó le tásca geografacha faoi chosaint a cheadaítear do tháirgí fíona.

Airteagal 6

Sonraí breise a bhaineann leis na hainmníochtaí díolacháin

1.   Is féidir na hainmníochtaí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 5 a fhorlíonadh freisin leis na sonraí seo a leanas maidir le cion siúcra atá an táirge fíona chumhraithe:

(a)   “ríthirim”: i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle ná 30 gram in aghaidh an lítir agus, i gcás chatagóir na bhfíonta cumhraithe agus de mhaolú ar Airteagal 3(2)(g), neart íosta alcóil iomlán de réir toirte de 15 % toirte;

(b)   “tirim”: i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle ná 50 gram in aghaidh an lítir agus, i gcás chatagóir na bhfíonta cumhraithe agus de mhaolú ar Airteagal 3(2)(g), neart íosta alcóil iomlán de réir toirte de 16 % toirte;

(c)   “leath-thirim”: i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra idir 50 gram agus níos lú ná 90 gram in aghaidh an lítir;

(d)   “leath-mhilis”: i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra idir 90 gram agus níos lú ná 130 gram in aghaidh an lítir;

(e)   “milis”: i gcás táirgí ina cion siúcra de130 gram in aghaidh an lítir nó níos mó.

Is mar shiúcra inbhéartaithe a shloinntear an cion siúcra a luaitear i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír.

Féadfar tásc maidir leis an gcion siúcra, arna shloinneadh i ngraim de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir, a bheith i dteannta na sonraí “leath-mhilis” agus “milis”.

2.   I gcás ina gcuirtear an sonra “súilíneach” mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin, nó go bhfuil an sonra sin san áireamh inti, ní bheidh an méid d’fhíon súilíneach a úsáidtear sa deoch níos lú ná 95 % de thoirt an fhíona arna úsáid.

3.   Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh freisin le tagairt don phríomhbhlastán a úsáidtear sa deoch.

Airteagal 7

Bunáitíocht a chur i bhfios

I gcás ina gcuirtear bunáitíocht táirgí fíona cumhraithe i bhfios, freagróidh sí don áit ina dtáirgtear an táirge fíona cumhraithe. Tabharfar an bhunáitíocht le fios leis na focail “arna tháirgeadh in (…)”, nó cuirfear in iúl i dtéarmaí coibhéiseacha í, agus beidh ainm an Bhallstáit chomhfhreagraigh nó an tríú tír chomhfhreagrach mar fhorlíonadh léi.

Airteagal 8

An teanga a úsáidtear i gcur i láthair agus i lipéadú táirgí fíona cumhraithe

1.   Ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a aistriú ar an lipéad nó i gcur i láthair táirgí fíona cumhraithe.

Beidh sonraí breise dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcás ina gcuirtear i bhfocail iad, i dteanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.

2.   Taispeánfar ainm an táisc gheografaigh arna chosaint faoin Rialachán seo ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha ina gcláraítear é, fiú i gcás ina gcuirtear an tásc geografach in ionad na hainmníochta díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 5(4).

I gcás ina ndéantar ainm táisc gheografaigh atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a scríobh in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar é a thaispeáint freisin i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

Airteagal 9

Rialacha níos déine arna gcinneadh ag na Ballstáit

Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm maidir le táirgí fíona cumhraithe a ngabhann tásca geografacha arna gcosaint faoin Rialachán seo leo agus a tháirgtear ina gcríoch féin nó chun tásca geografacha nua a bhunú, féadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le táirgeadh agus tuairisc atá níos déine ná na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leagan síos a mhéid is atá siad ag luí le dlí an Aontais.

CAIBIDIL III

TÁSCA GEOGRAFACHA

Airteagal 10

Inneachar na n-iarratas ar chosaint

1.   Sna hiarratais ar chosaint ainmneacha mar thásca geografacha, áireofar comhad teicniúil ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

an t-ainm atá le cosaint;

(b)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c)

sonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2; agus

(d)

doiciméad aonair ina ndéantar coimriú ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2.   Chun bheith incháilithe do thásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh táirge an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach ina n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an t-ainm atá le cosaint;

(b)

tuairisc ar an táirge, go háirithe ar a phríomh-shaintréithe anailíseacha mar aon le tásc ar a shaintréithe orgánaileipteacha;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na próisis agus na sonraíochtaí áirithe táirgthe chomh maith leis na srianta ábhartha ar an táirge a dhéanamh;

(d)

teorannú an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(e)

na mionsonraí a thacaíonn leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2;

(f)

na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta nó, i gcás dá bhforáiltear ag Ballstáit, ag eagraíocht a bhainistíonn an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint don fhíoras go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil, agus neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(g)

tásc den phríomh-amhábhar as a bhfaightear an táirge fíona cumhraithe;

(h)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn gur comhlíonadh forálacha na sonraíochta táirge agus a gcuid cúraimí sonracha.

Airteagal 11

Iarratas ar chosaint a bhaineann le limistéar geografach i dtríú tír

1.   I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, i dteannta na nithe dá bhforáiltear in Airteagal 10, beidh cruthúnas ann go bhfuil an t-ainm atá i gceist faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

2.   Seolfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas ar chosaint go díreach chuig an gCoimisiún nó seolfar chuig an gCoimisiún é trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

3.   Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó beidh aistriúchán deimhnithe go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis.

Airteagal 12

Iarratasóirí

1.   Féadfaidh aon ghrúpa leasmhar de tháirgeoirí, nó táirgeoir aonair i gcásanna eisceachtúla, iarratas ar chosaint táisc gheografaigh a thaisceadh. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh san iarratas ar chosaint.

2.   Féadfaidh táirgeoirí iarratas ar chosaint a thaisceadh i gcomhair na dtáirgí fíona cumhraithe a tháirgeann siad féin, agus ina gcomhair siúd amháin.

3.   I gcás ainm lena n-ainmnítear limistéar geografach trasteorann, féadfar iarratas comhpháirteach ar chosaint a thaisceadh.

Airteagal 13

Réamh-nós imeachta náisiúnta

1.   Beidh iarratais ar chosaint tásc geografach i gcomhair táirgí fíona cumhraithe de thionscnamh an Aontais, faoi réir réamh-nós imeachta náisiúnta i gcomhréir le mír 2 go mír 7 den Airteagal seo.

2.   Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú sa Bhallstát a dtionscnaíonn an tásc geografach ina chríoch.

3.   Scrúdóidh an Ballstát an t-iarratas ar chosaint chun a fhíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

Déanfaidh an Ballstát, trí bhíthin nós imeachta náisiúnta, a áirithiú go bhfoilseofar an t-iarratas ar chosaint go leormhaith agus forálfaidh sé do thréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta foilsithe an iarratais ina bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá ina chónaí nó bunaithe ar chríocha an Bhallstáit agóid a dhéanamh, le linn na tréimhse sin, in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh leis an mBallstát.

4.   Má mheasann an Ballstát nach gcomhlíonann an tásc geografach na ceanglais ábhartha nó nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais i gcoitinne, diúltóidh sé don iarratas.

5.   Má mheasann an Ballstát go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha, déanfaidh sé:

(a)

an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge a fhoilsiú ar an idirlíon ar a laghad; agus

(b)

iarratas ar chosaint a sheoladh ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus an fhaisnéis seo a leanas ann:

(i)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(ii)

an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 10(2);

(iii)

an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(d);

(iv)

dearbhú ón mBallstát go measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an iarratasóir na coinníollacha is gá; agus

(v)

an tagairt don fhoilseachán, amhail dá dtagraítear i bpointe (a).

Seolfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar aghaidh i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó beidh aistriúchán deimhnithe go ceann de na teangacha sin ag gabháil léi.

6.   Faoin 28 Márta 2015, glacfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is gá chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh.

7.   I gcás nach bhfuil aon reachtaíocht náisiúnta ag Ballstát a bhaineann le cosaint tásc geografach, féadfaidh sé, ar bhonn idirthréimhseach amháin, cosaint a dheonú don ainm i gcomhréir le téarmaí na Caibidle seo ar an leibhéal náisiúnta. Gabhfaidh éifeacht le cosaint den sórt sin ón dáta a dtaisctear an t-iarratas leis an gCoimisiún. Beidh deireadh lena leithéid de chosaint náisiúnta idirthréimhseach ar an dáta sin a ndéantar cinneadh maidir le clárú nó diúltú faoin gCaibidil seo.

Airteagal 14

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún

1.   Poibleoidh an Coimisiún an dáta a ndearnadh an t-iarratas ar chosaint a chur isteach.

2.   Scrúdóidh an Coimisiún na hiarratais ar chosaint dá dtagraítear in Airteagal 13(5) féachaint an gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh d’uireasa an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34 (2) a chur i bhfeidhm, an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(d) agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 13(5)(a) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha ina leagtar síos sa Chaibidil seo, cinnfidh sé, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an t-iarratas a dhiúltú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 15

Nós imeachta agóide

Laistigh de dhá mhí ó dháta an fhoilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 14(3), féadfaidh Ballstát nó tríú tír ar bith, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, atá ina chónaí nó bunaithe i mBallstát eile seachas an ceann atá ag déanamh iarratais ar chosaint nó i dtríú tír, agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe a bhaineann leis na coinníollacha incháilitheachta mar atá siad leagtha síos sa Chaibidil seo a thaisceadh leis an gCoimisiún.

I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tír, taiscfear an ráiteas sin, go díreach nó trí bhíthin údarás an tríú tír lena mbaineann, laistigh den teorainn ama dhá mhí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 16

Cinneadh maidir le cosaint

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil aige ag deireadh an nós imeachta agóide dá dtagraítear in Airteagal 15, déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an chosaint a thabhairt don tásc geografach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo agus atá ag luí le dlí an Aontais, nó an t-iarratas a dhiúltú i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 17

Comhainmneacha

1.   I gcás ainm a dtaisctear iarratas ar chosaint ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.   Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.

3.   Beidh úsáid ainm chomhainmnigh chláraithe faoi réir dóthain difríochta a bheith ann sa chleachtas idir comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin agus an t-ainm atá ar an gclár cheana féin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus don ghá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.

Airteagal 18

Forais maidir le diúltú cosanta

1.   Ní dhéanfar ainmneacha a tháinig chun bheith cineálach a chosaint mar thásc geografach.

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “ainm a tháinig chun bheith cineálach” ainm táirge fíona chumhraithe, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit nó leis an réigiún inar táirgeadh an táirge sin ar dtús, nó inar cuireadh ar an margadh é, is ainm coitianta anois é ar tháirge fíona cumhraithe san Aontas.

Lena shuíomh cibé atá ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil cuirfear na tosca ábhartha go léir san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá sé san Aontas, go háirithe i réimsí tomhaltais;

(b)

dlí ábhartha an Aontais nó an dlí ábhartha náisiúnta.

2.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, gur cosúil go gcuirfeadh an chosaint sin an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge fíona chumhraithe.

Airteagal 19

Gaolmhaireacht le trádmharcanna

1.   I gcás ina bhfuil tásc geografach faoi chosaint faoin Rialachán seo, diúltófar trádmharc a chlárú ar trádmharc é a thig faoi Airteagal 20(2) agus a bhaineann le táirge fíona cumhraithe má dhéantar an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc a chur isteach tar éis an dáta a cuireadh isteach an t-iarratas ar an dtásc geografach a chosaint chuig an gCoimisiún agus go bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ina dhiaidh sin.

Déanfar neamhbhailí na trádmharcanna sin a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír.

2.   Gan dochar d’Airteagal 17(2), maidir le trádmharc a thig faoi Airteagal 20(2), agus a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid, agus má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann, i gcríoch an Aontais roimh an dáta a gcuirtear isteach an t-iarratas ar chosaint tásc geografach chuig an gCoimisiún, féadfar leanúint ar aghaidh á úsáid agus á athnuachan d’ainneoin cosaint a bheith tugtha do thásc geografach, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é mar a shonraítear i dTreoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle (14).

I gcásanna den sórt sin, féadfar an tásc geografach a úsáid taobh leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 20

Cosaint

1.   Féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch a bhfuil táirge fíona cumhraithe á mhargú aige na tásca geografacha atá faoi chosaint faoin rialachán seo a úsáid má táirgeadh an táirge i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2.   Déanfar tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo agus na táirgí fíona cumhraithe a úsáideann na hainmneacha faoi chosaint sin i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge a chosaint in aghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

aon úsáid tráchtála dhíreach nó indíreach a bhaintear as ainm faoi chosaint:

(i)

ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(ii)

a mhéid is a bhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag tásc geografach;

(b)

aon mhí-úsáid, aithris nó tabhairt chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má dhéantar an t-ainm faoi chosaint a aistriú, a thras-scríobh nó a thraslitriú nó má chuirtear nath mar “stíl”, “cineál”, “modh”, “mar a tháirgtear in”, “aithris”, “blas”, “cosúil” nó nath comhchosúil éigin leis;

(c)

aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunáitíocht, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistíocht laistigh nó ar an bpacáistíocht lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge fíona lena mbaineann, agus an táirge a bheith pacáistithe i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d)

aon chleachtais eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.   Ní thiocfaidh tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 18(1).

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta riaracháin agus breithiúnacha iomchuí chun úsáid neamhdhleathach tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo amhail dá dtagraítear i mír 2 a chosc nó a stopadh.

Airteagal 21

An Clár

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm, clár leictreonach de thásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo i gcomhair táirgí fíona cumhraithe a bhunú agus a chothabháil agus beidh rochtain ag an bpobal air.

Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas de bhun comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár dá dtagraítear sa chéad mhír mar thásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 22

Údarás inniúil a ainmniú

1.   Ainmneoidh Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann an Chaibidil seo i dteideal a bheith cumhdaithe faoi chóras seiceálacha.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ainm an údaráis inniúil nó ainmneacha na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Poibleoidh an Coimisiún a n-ainmneacha agus a seoltaí agus déanfaidh sé iad a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.

Airteagal 23

Comhlíonadh na sonraíochtaí a fhíorú

1.   Maidir le tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a bhaineann le limistéar geografach laistigh den Aontas, is iad seo a leanas a áiritheoidh go ndéanfar fíorú bliantúil ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, le linn tháirgeadh an táirge fíona chumhraithe agus le linn nó tar éis a oiriúnaithe:

(a)

an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22; nó

(b)

ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí rialaithe atá freagrach as an bhfíorú de réir bhrí phointe 5 den dara mír d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus ar comhlacht é a oibríonn mar chomhlacht deimhniúcháin táirgí nó ar comhlachtaí iad a oibríonn mar chomhlachtaí deimhniúcháin táirgí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán sin.

Is iad na hoibreoirí atá faoi réir an fhíoraithe sin a íocfaidh as na costais a bhaineann leis.

2.   Maidir le tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a bhaineann le limistéar geografach i dtríú tír, is iad seo a leanas a áiritheoidh go ndéanfar fíorú bliantúil ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, le linn tháirgeadh an táirge fíona chumhraithe agus le linn nó tar éis a oiriúnaithe:

(a)

údarás poiblí amháin nó níos mó arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)

comhlacht deimhniúcháin amháin nó níos mó.

3.   Comhlíonfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 Caighdeán EN ISO/IEC 17065:2012 (Measúnaithe comhréireachta – Ceanglais do chomhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus táirgí), agus creidiúnófar iad i gcomhréir leis an gcaighdeán sin.

4.   I gcás ina bhfíoraíonn an t-údarás nó na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus i bpointe (a) de mhír 2 gur comhlíonadh an tsonraíocht táirge, tabharfaidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le hoibiachtúlacht agus le neamhchlaontacht, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 24

Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

1.   Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 12 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge a bhaineann le tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo, go háirithe d’fhonn forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 10(2) a athshainiú. Tabharfar tuairisc ar na leasuithe sin agus na cúiseanna leo le fios san iarratas.

2.   I gcás ina bhfuil sé i gceist sa leasú atá beartaithe go ndéanfaí athrú amháin nó níos mó ar an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 10(1), beidh feidhm ag Airteagail 13 go 16 mutatis mutandis maidir leis an iarratas ar leasú. I gcás, áfach, nach bhfuil beartaithe ach mionleasú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an bhformheasfaidh sé an t-iarratas gan an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 15 a leanúint agus i gcás ina bhformheasfaidh sé an t-iarratas, foilseoidh an Coimisiún na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 14(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 25

Cealú

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó ó dhuine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, cinneadh a dhéanamh trí ghníomhartha cur chun feidhme cosaint táisc gheografaigh a chealú mura n-áirithítear go bhfuil an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach á chomhlíonadh a thuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Beidh feidhm ag Airteagail 13 go 16 mutatis mutandis.

Airteagal 26

Sonrúcháin gheografacha atá ann cheana

1.   Maidir le sonrúcháin gheografacha táirgí fíona cumhraithe a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 agus aon sonrúchán geografach a chuirtear faoi bhráid Ballstát agus a bheidh formheasta ag an mBallstát sin roimh 27 Márta 2014, cosnófar iad go huathoibríoch mar thásca geografacha faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34 (2) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, iad a liostú sa chlár dá ndéantar foráil in Airteagal 21 den Rialachán seo.

2.   Cuirfidh Ballstáit an méid seo a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir le sonrúcháin gheografacha atá ann cheana féin dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na comhaid theicniúla amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10(1);

(b)

na cinntí náisiúnta formheasa.

3.   Maidir le sonrúcháin gheografacha dá dtagraítear i mír 1, nach dtíolacfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ina leith faoin 28 Márta 2017, caillfidh siad cosaint faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a glacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm, an beart foirmiúil comhfhreagrach, is é sin le rá bainfidh sé na hainmneacha sin den chlár dá bhforáiltear in Airteagal 21.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 25 maidir le sonrúcháin gheografacha atá ann cheana agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Go dtí an 28 Márta 2018 féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus ar a thionscnamh féin, a chinneadh an chosaint atá ar ainmníochtaí geografacha atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chealú mura gcomhlíonann siad pointe (3) d’Airteagal 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 27

Táillí

Féadfaidh Ballstáit táille a ghearradh chun a gcostais a chlúdach, lena n-áirítear na costais a thabhaíonn siad le linn dóibh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint, ar ráitis agóide, ar iarratais ar leasuithe agus ar iarrataí ar chealuithe faoin gCaibidil seo.

Airteagal 28

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun saintréithe an táirgthe sa limistéar geografach teorannaithe a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a bhaineann leis an méid seo a leanas a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33:

(a)

critéir maidir le teorannú an limistéir gheografaigh; agus

(b)

rialacha, srianta agus maoluithe maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach teorannaithe.

2.   Chun cáilíocht agus inrianaitheacht na dtáirgí a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 d’fhonn na coinníollacha a bhunú faoina bhféadfaidh ceanglais bhreise ar na ceanglais sin dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(f) a bheith ar áireamh i sonraíochtaí táirgí.

3.   Chun cearta nó leasanna dlisteanacha táirgeoirí nó oibreoirí a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na cásanna a chinneadh ina bhféadfaidh táirgeoir aonair cur isteach ar thásc geografach a chosaint;

(b)

na srianta a chinneadh lena rialaítear an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar thásc geografach a chosaint;

(c)

na coinníollacha a bhunú a bheidh le leanúint i leith iarratais ar chosaint tásc geografach, ghrinnscrúdú ag an gCoimisiún, an nós imeachta agóide, agus nósanna imeachta maidir le tásca geografacha a leasú agus a chealú;

(d)

na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann a bhunú;

(e)

an dáta a shocrú a ndéanfar iarratas nó iarraidh a thíolacadh;

(f)

an dáta a shocrú a dtosóidh an chosaint;

(g)

na coinníollacha a bhunú faoina measfar gur mionleasú de réir bhrí Airteagal 24(2) atá i gceist le leasú;

(h)

an dáta a shocrú a dtiocfaidh leasú i bhfeidhm;

(i)

na coinníollacha a bhunú a bhaineann leis na hiarratais ar leasuithe ar an shonraíocht táirge táisc gheografaigh faoi chosaint agus a bhaineann le formheas na leasuithe sin, nuair nach dtagann aon athrú ar an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 10(1) i gceist le leasuithe den sórt sin.

4.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 a bhaineann leis na srianta maidir leis an ainm cosanta.

Airteagal 29

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta uile is gá a bhaineann leis an gCaibidil seo a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge maidir leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh;

(b)

na modhanna chun cinntí maidir le cosaint nó diúltú dá dtagraítear in Airteagal 16 a chur ar fáil don phobal;

(c)

iarratais trasteorann a chur isteach;

(d)

seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta uile is gá a bhaineann leis an gCaibidil seo a ghlacadh maidir leis an nós imeachta, lena n-áirítear inghlacthacht, le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar thásc geografach a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta, lena n-áirítear inghlacthacht, le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a thíolacadh a bhaineann le sonrúcháin gheografacha faoi chosaint atá ann cheana, go háirithe maidir le:

(a)

múnlaí do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b)

teorainneacha ama;

(c)

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le tíolacadh chun tacú leis an iarratas nó leis an iarraidh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 30

Iarratas neamh-inghlactha nó iarraidh neamh-inghlactha

I gcás ina measfar nach bhfuil iarratas nó iarraidh a cuireadh isteach faoin gCaibidil seo inghlactha, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a glacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm, an t-iarratas nó an iarraidh a dhiúltú toisc gan é nó í a bheith inghlactha.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Seiceálacha agus fíorú ar tháirgí fíona cumhraithe

1.   Beidh na Ballstáit freagrach as seiceálacha ar tháirgí fíona cumhraithe. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo agus go háirithe ainmneoidh siad an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as seiceálacha i leith na n-oibleagáidí arna mbunú ag an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, nuair is gá, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag na Ballstáit maidir le hurramú oibleagáidí a thig as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 32

Malartú faisnéise

1.   Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún fógra dá chéile faoi aon fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonadh. Féadfar, i gcás inarb iomchuí sin, an fhaisnéis sin a thabhairt nó a chur ar fáil do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus don phobal.

2.   Chun go mbeidh na fógraí dá dtagraítear i mír 1 tapa, éifeachtúil, beacht agus costéifeachtach, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an méid seo a leanas a leagan síos:

(a)

nádúr agus cineál na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh;

(b)

na modhanna fógartha;

(c)

na rialacha a bhaineann leis na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar na córais faisnéise a chuirfear ar fáil;

(d)

coinníollacha agus modhanna foilsithe na faisnéise.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a chur ar fáil;

(b)

socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh, chomh maith le rialacha maidir le hinneachar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le spriocdhátaí na bhfógraí;

(c)

socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar aghaidh nó a chur ar fáil do na Ballstáit, do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, nó don phobal.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 28, 32(2), agus 36(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 27 Márta 2014. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil i leith tharmligean na cumhachta a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 28, 32(2) agus 36(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(2), Airteagal 28, Airteagal 32(2), agus Airteagal 36(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an Comhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 34

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um tháirgí fíona cumhraithe cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) agus in Airteagal 29(1)(b), i gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 leis seo amhail ón 28 Márta 2015.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 36

Bearta idirthréimhseacha

1.   Chun an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 go dtí na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo a éascú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33, i gcás inarb iomchuí, maidir le bearta a ghlacadh chun an Rialachán seo a leasú nó chun maolú uaidh, ar rialachán é a fhanfaidh i bhfeidhm go dtí an 28 Márta 2018.

2.   Féadtar táirgí fíona cumhraithe nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 roimh 27 Márta 2014 a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

3.   Féadfar táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann Airteagail 1 go 6 agus Airteagal 9 den Rialachán seo agus a táirgeadh roimh 27 Márta 2014 a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin Rialachán (CEE) 1601/91 i dtaca le gach gné nach rialaítear le hAirteagail 1 go 6 agus Airteagal 9 den Rialachán seo.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Márta 2015. Beidh feidhm ag Airteagal 36(1) agus (3), áfach, amhail ón 27 Márta 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 43, 15.2.2012, lch. 67

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2014.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe (IO L 149, 14.6.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 122/94 ón gComhairle an 25 Eanáir 1994 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíona cumhraithe agus manglaim a dhéantar as táirgí fíona cumhraithe a chur i bhfeidhm (IO L 21, 26.1.1994, lch. 7).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Treoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 299, 8.11.2008, lch. 25).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE TEICNIÚLA, CEANGLAIS THEICNIÚLA AGUS SRIANTA TEICNIÚLA

(1)   Blaistiú

(a)

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun fíonta cumhraithe a bhlaistiú:

(i)

substaintí aiceanta blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(ii)

blastáin, mar a shainítear in Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008:

arb ionann iad agus fanailin,

a bhfuil boladh agus/nó blas almóinní orthu,

a bhfuil boladh agus/nó blas aibreog orthu,

a bhfuil boladh agus/nó blas uibheacha orthu, agus

(iii)

luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó bia-ábhair bhlaistithe.

(b)

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun deochanna cumhraithe de bhunadh fíona agus manglaim chumhraithe de tháirgí fíona a bhlaistiú:

(i)

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008; agus

(ii)

luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó bia-ábhair bhlaistithe.

Maidir leis na substaintí sin a chur leis, bronnann siad saintréithe orgánaileipteacha seachas saintréithe an fhíona ar an táirge críochnaithe.

(2)   Milsiú

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun táirgí fíona cumhraithe a mhilsiú:

(a)

siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra bán mínghlanta, deastrós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe, síoróip siúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/111/CÉ (1);

(b)

úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon fíonchaor coigeartaithe tiubhaithe, mar a shainmhínítear i bpointe 10, i bpointe 13 agus i bpointe 14 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)

siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear go heisiach ó théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, aigéid mhianracha ná breiseáin cheimiceacha eile;

(d)

mil mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/110/CE ón gComhairle (2),

(e)

síoróip charúib;

(f)

substaintí nádúrtha carbaihiodráite ar bith eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí sin.

(3)   Alcól a chur le deoch

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun fíonta cumhraithe áirithe agus deochanna cumhraithe áirithe de bhunadh fíona a ullmhú:

(a)

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, mar a shainítear in Iarscríbhinn I, pointe 1, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, lena n-áirítear tionscnamh fíonsaothraithe,

(b)

alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe,

(c)

driogáit fíona nó driogáit fíonchaor triomaithe,

(d)

driogáit de thionscnamh talmhaíochta, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I, pointe 2, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008,

(e)

biotáille fíona, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, pointe 4, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008,

(f)

biotáille de mharc fíonchaor, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, pointe 6, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008,

(g)

deochanna biotáilleacha a dhriogtar ó fhíonchaora triomaithe coipthe.

An t-alcól eitile a úsáidfear chun datháin, blastáin nó aon bhreiseáin údaraithe eile arna n-úsáid in ullmhú táirgí fíona cumhraithe a chaolú nó a thuaslagadh, ní mór go mbeidh sé de thionscnamh talmhaíochta agus ní mór nach n-úsáidfear é ach i ndáileog a bhfuil fíorghá léi agus ní mheasfar go bhfuil alcól á chur leis an deoch chun táirge fíona cumhraithe a tháirgeadh.

(4)   Breiseáin agus dathúchán

Tá feidhm maidir le táirgí fíona cumhraithe ag na rialacha maidir le breiseáin bia, lena n-áirítear dathanna, a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(5)   Uisce a chur le deoch

Ceadaítear uisce a chur le táirgí fíona cumhraithe agus iad á n-ullmhú ar choinníoll nach n-úsáidfear é ach i ndáileog a bhfuil gá léi:

chun úscra blaistithe a ullmhú,

chun dathúcháin agus milseoirí a thuaslagadh,

chun comhdhéanamh críochnaitheach an táirge a choigeartú.

Ní foláir go mbeidh cáilíocht an uisce a chuirtear leis an deoch i gcomhréir le Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Treoir 98/83/CE ón gComhairle (4), agus níor cheart dó nádúr an táirge a athrú.

Féadfaidh an t-uisce seo a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha.

(6)   Ceadaítear dé-ocsaíd charbóin a chur le táirgí fíona cumhraithe agus iad á n-ullmhú.

(7)   Neart alcóil:

Ciallaíonn “neart alcóil de réir toirte” an cóimheas idir toirt an alcóil íon atá i láthair sa táirge atá i gceist ag teocht 20 °C agus toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn “neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d’alcól íon, ag teocht 20 °C, in 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn “neart alcóil féideartha de réir toirte” an líon toirteanna d’alcól íon ag teocht 20 °C arbh fhéidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn “neart alcóil iomlán de réir toirte”, suim an nirt alcóil iarbhír de réir toirte agus an nirt alcóil fhéideartha de réir toirte.


(1)  Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 53).

(2)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).

(3)  Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir leis an gcomhfhogasú de dhlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).

(4)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).


IARSCRÍBHINN II

AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR THÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE

A.   AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR FHÍONTA CUMHRAITHE

(1)   Fíon cumhraithe:

Táirgí a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(2).

(2)   Greadóg de bhunadh fíona:

Fíon cumhraithe a bhféadfadh alcól a bheith curtha leis.

Tá úsáid an téarma “greadóg” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(3)   Fíon mormónta

Fíon cumhraithe:

a bhfuil alcól curtha léi, agus

a bhfuarthas an blas sainiúil atá air trí shubstaintí iomchuí ón speiceas Artemisia a úsáid.

(4)   Fíon cumhraithe searbh:

Fíon cumhraithe a bhfuil blas searbh sainiúil air agus a bhfuil alcól curtha leis.

Maidir leis an ainmníocht díolacháin “fíon cumhraithe searbh”, leanann ainm na príomhshubstainte searbh-bhlaistithe í ach féadfar na téarmaí seo a leanas, nó téarmaí coibhéiseacha i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais, a í a fhorlíonadh nó a ionadú:

“Fíon Quinquina”, arb é cuinín aiceanta an príomhbhlastán atá ann,

Bitter vino”, arb é blastán de cheadharlach aiceanta an príomhbhlastán atá ann agus dath údaraithe buí agus/nó dearg. Tá úsáid an téarma “bitter” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú,

Americano” atá blaistithe toisc gurb ann do shubstaintí blaisithe aiceanta atá díorthaithe as mormónta agus as ceadharlach agus atá daite le hábhar dathúcháin údaraithe buí agus/nó dearg.

(5)   Fíon cumhraithe ubh-bhunaithe

Fíon cumhraithe:

a bhfuil alcól curtha leis,

a bhfuil buíocáin uibhe d’ardcháilíocht nó eastóscanna díorthaithe díobh curtha leis,

a bhfuil cion siúcra ann atá sloinnte i dtéarmaí siúcra inbhéartaithe de bhreis is 200 gram, agus

ar ina ullmhú is í an chainníocht íosta buíocán uibhe a úsáidtear sa mheascán 10 ngram in aghaidh an lítir.

Maidir leis an ainmníocht díolacháin “fíon cumhraithe ubh-bhunaithe”, féadfaidh an téarma “cremovo” a bheith ag gabháil léi i gcás ina bhfuil táirge ó ainmniú cosanta tionscnaimh “Marsala” san fhíon sin i gcion nach lú ná 80 %.

Maidir leis an ainmníocht díolacháin “fíon cumhraithe ubh-bhunaithe”, féadfaidh an téarma “cremovo zabaione” a bheith ag gabháil léi i gcás ina bhfuil fíon ó ainmniú cosanta tionscnaimh “Marsala” sa táirge sin i gcion nach lú ná 80 % agus ina bhfuil cion buíocáin uibhe nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir ann.

(6)   Väkevä viiniglögi/Starkvinsglögg

Fíon cumhraithe:

a bhfuil alcól curtha leis, agus,

a bhfuarthas an blas sainiúil atá air trí chlóibh agus/nó trí chainéal a úsáid.

B.   AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR DHEOCHANNA CUMHRAITHE DE BHUNADH FÍONA

(1)   Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

Táirgí a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(3).

(2)   Deoch chumhraithe de bhunadh fíona treisithe

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a bhfuil alcól curtha léi,

nach lú ná 7 % toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte;

atá milsithe,

a fhaightear ó fhíon bán,

a bhfuil driogáit fíonchaor triomaithe curtha léi, agus

atá blaistithe le heastóscán cardamaim amháin;

a bhfuil alcól curtha léi,

nach lú ná 7 % toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte,

atá milsithe,

a fhaightear ó fhíon dearg, agus

a bhfuil ullmhóidí blaistithe nach bhfaightear ach ó spíosraí, ginsing, cnónna, úscraí torthaí citris agus luibheanna aramatacha amháin, curtha léi.

(3)   Sangría/Sangria

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon,

atá cumhraithe trí eastóscáin nó úscraí aiceanta torthaí citris a chur léi, le sú nó gan sú na dtorthaí sin,

a bhféadfadh spíosraí a bheith curtha léi,

a bhféadfadh dé-ocsaíd charbóin a bheith curtha léi,

nach bhfuil daite,

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 4,5 % toirte agus níos ísle ná 12 % toirte, agus

a bhféadfadh cáithníní soladacha de laíon nó de scamhadh torthaí citris a bheith inti agus a dtagann dath na dí as na hamhábhair a úsáidtear inti amháin.

Ní fhéadfar “Sangría” nó “Sangria” a úsáid mar ainmníocht díolacháin ach amháin nuair a tháirgtear an táirge sa Spáinn nó sa Phortaingéil. Nuair a tháirgtear an táirge i mBallstáit eile, ní fhéadfar “Sangría” nó “Sangria” a úsáid ach amháin chun cur leis an ainmníocht díolacháin “deoch chumhraithe de bhunadh fíona”, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: “arna tháirgeadh in …”, arna leanúint le hainm an Bhallstáit tháirgthe nó ainm réigiúin is srianta.

(4)   Clarea

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona, a fhaightear ó fhíon bán de réir na gcoinníollacha céanna atá ann do Sangría/Sangria.

Ní fhéadfar “Clarea” a úsáid mar ainmníocht díolacháin ach amháin nuair a tháirgtear an táirge sa Spáinn. Nuair a tháirgtear an táirge i mBallstáit eile, ní fhéadfar “Clarea” a úsáid ach amháin chun cur leis an ainmníocht díolacháin “deoch chumhraithe de bhunadh fíona”, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: “arna tháirgeadh in …”, arna leanúint le hainm an Bhallstáit tháirgthe nó ainm réigiúin is teoranta.

(5)   Zurra

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona a fhaightear trí bhranda nó trí bhiotáille fíona, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a chur le Sangría/Sangria nó le Clarea, agus b’fhéidir go mbeadh píosaí torthaí curtha léi. Ní foláir nach mbeidh an neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi bhun 9 % toirte agus go mbeidh sé níos ísle ná 14 % toirte.

(6)   Bitter soda

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó “bitter vino” a bhfuil cion nach lú ná 50 % de réir toirte de sa táirge críochnaithe,

a bhfuil dé-ocsaíd charbóin nó uisce carbónáitithe curtha léi, agus

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 8 % toirte, agus ar lú ná 10,5 % toirte.

Beidh úsáid an fhocail “bitter” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainiú.

(7)   Kalte Ente

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear trí fhíon, fíon leathshúilíneach nó fíon leathshúilíneach aeraithe a mheascadh le fíon súilíneach nó le fíon súilíneach aeraithe,

a bhfuil substaintí líomóide aiceanta nó eastóscáin díobh curtha léi, agus

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

Ní foláir nach lú ná 25 % de réir toirte den fhíon súilíneach nó den fhíon súilíneach aeraithe a bheidh sa táirge críochnaithe.

(8)   Glühwein

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin,

atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó, agus

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

Gan dochar do na cainníochtaí uisce a thig as cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I, pointe 2, tá cosc ar uisce a chur léi.

I gcás ina bhfuil sí ullmhaithe le fíon bán, ní foláir focail lena léirítear fíon bán, ar nós an fhocail “bán”, a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin “Glühwein”;

(9)   Viiniglögi/Vinglögg/Karštas vynas

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin,

atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó,

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

I gcás ina n-ullmhaítear le fíon bán í, ní foláir focail a chuireann fíon bán in iúl, amhail an focal “bán” a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin “Viiniglögi/Vinglögg/Karštas vynas”.

(10)   Maiwein

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon a bhfuil plandaí Galium odoratum (L.) Scop. (Asperula odorata L.) nó eastóscáin díobh curtha leis chun a áirithiú gurb é blas Galium odoratum (L.) Scop. (Asperula odorata L.) an blas is láidre ann, agus

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

(11)   Maitrank

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon bán inar maothaíodh plandaí Galium odoratum (L.) Scop. (Asperula odorata L.) nó ar cuireadh eastóscáin Asperula odorata L. leis chomh maith le horáistí agus/nó torthaí eile, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm sú, sú tiubhaithe nó eastóscáin, agus a bhfuil uasmhéid 5 % de mhilsiú siúcra ann, agus

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

(12)   Pelin

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán agus meascán sonrach luibheanna,

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 8.5 % toirte inti, agus

a bhfuil cion siúcra arna shloinneadh mar 45-50 gram de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir inti, agus a bhfuil aigéadacht iomlán nach lú ná 3 ghram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach inti.

(13)   Aromatizovaný dezert

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán, siúcra agus meascán spíosraí milseog,

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 9 % toirte agus ar lú ná 12 % de réir toirte, agus

a bhfuil cion siúcra arna shloinneadh mar 90-130 gram de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir inti, agus a bhfuil aigéadacht iomlán ar a laghad 2,5 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach inti.

Ní fhéadfar “Aromatizovaný dezert” a úsáid mar ainmníocht díolacháin ach amháin nuair a tháirgtear an táirge i bPoblacht na Seice. Nuair a tháirgtear an táirge i mBallstáit eile, ní fhéadfar “Aromatizovaný dezert” a úsáid ach amháin chun cur leis an ainmníocht díolacháin “deoch chumhraithe de bhunadh fíona” ar choinníoll go bhfuil “arna tháirgeadh i …” ag gabháil leis na focail móide ainm an Bhallstáit inar táirgeadh é nó ainm réigiúin atá níos srianta.

C.   AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR MHANGLAIM TÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE

(1)   Manglam cumhraithe de tháirgí fíona

Táirge a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(4).

Tá úsáid an téarma “manglam” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(2)   Manglam de bhunadh fíona

Manglam cumhraithe de tháirgí fíona

nach bhfuil an cion d’úrfhíon fíonchaor tiubhaithe níos mó ná 10 % de thoirt iomlán an táirge chríochnaithe,

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi bhun 7 % toirte inti agus,

ina bhfuil cion siúcra, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, atá níos ísle ná 80 gram in aghaidh an lítir.

(3)   Manglam cumhraithe leathshúilíneach de bhunadh fíonchaor

Manglam cumhraithe de tháirgí fíona

a fhaightear ó úrfhíon fíonchaor amháin,

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi bhun 4 % toirte inti, agus

ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go heisiach ó choipeadh na dtáirgí arna n-úsáid.

(4)   Manglam fíona shúilínigh

Manglam cumhraithe de tháirgí fíona, atá measctha le fíon súilíneach.


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagail 2(1) go (4)

Airteagal 3 agus Iarscríbhinn II

Airteagal 2(5)

Airteagal 6(1)

Airteagal 2(6)

Airteagal 6(2)

Airteagal 2(7)

Airteagal 3

Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 4(1) go (3)

Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(1)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 5(4)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 20(1)

Airteagal 6(3)

Airteagal 5(5)

Airteagal 6(4)

Airteagal 9

Airteagal 7(1) agus (3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7

Airteagal 8(4), an chéad mhír agus an dara mír

Airteagal 8(4), an tríú mír

Iarscríbhinn I, pointe (3), an dara mír

Airteagal 8(4a)

Airteagail 8(5) go (8)

Airteagal 8

Airteagal 8(9)

Airteagal 9(1) go (3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 10a

Airteagal 2, pointe 3, agus Airteagal 10 go hAirteagal 30

Airteagal 11

Airteagal 1(3)

Airteagail 12 go 15

Airteagal 33 agus Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 16

Airteagal 36

Airteagal 17

Airteagal 37

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I(3)(a)–

Iarscríbhinn II


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) Uimh. 252/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí cur chun feidhme agus na cumhachtaí tarmligthe atá le tabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle (2), tugtar de chumhacht don Choimisiún cuid d’fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme.

(2)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 774/94 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)

D’fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 774/94 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar an Rialachán sin a ghlacadh, más rud é go ndéantar méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta a choigeartú, go háirithe trí chinneadh ón gComhairle comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(4)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 774/94, i dtaca leis na rialacha is gá maidir le riar na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 774/94 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/94 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

‘Airteagal 7

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá chun na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a riar agus, de réir mar is iomchuí:

(a)

na forálacha lena ráthaítear cineál, foinse agus tionscnamh an táirge;

(b)

an fhoráil maidir le haithint an doiciméid lena gceadaítear fíorú na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c)

eisiúint ceadúnas allmhairiúcháin agus a dtéarma bailíochta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8b(2).

Airteagal 8

D’fhonn gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus i gcás ina ndéantar méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a choigeartú ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle nó ag an gComhairle, go háirithe le cinneadh ón gComhairle lena ndéantar comhaontú le tríú tír amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a maidir leis na leasuithe a dhéantar dá thoradh sin ar an Rialachán seo.’.

(2)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8a

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana amhail ón 9 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Maidir le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear fadú dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8b

1.   Tabharfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nach bhfuil foilsithe go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 774/94 ón gComhairle an 29 Márta 1994 lena n-osclófar taraifchuótaí áirithe Comhphobail do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhuiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riar (IO L 91, 8.4.1994, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le códú

Má ghlactar an Rialachán seo, déanfar líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha atá i gceist. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha chomh tapa agus is féidir tar éis an Rialachán sin a ghlacadh, agus ar a dhéanaí roimh an 30 Meán Fómhair 2014.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime i dtaca leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, mar atá, go soláthróidh sé don Pharlaimint faisnéis agus doiciméadúchán iomlán ar a chuid cruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

38


RIALACHÁN (AE) Uimh. 253/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir leis na rialacha mionsonraithe a shainiú chun an sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe maidir leis an sprioc 147 g CO2/km a bhaint amach faoi 2020, faoi réir a indéantachta a dhaingniú, lena n-áirítear na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 11. Is iomchuí go bhfuil an Rialachán seo chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(2)

I bhfianaise an naisc idir astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, d’fhéadfaí freisin, trí rialacha mionsonraithe a shainiú maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú, cuidiú le hídiú breosla agus na costais ábhartha a laghdú d’úinéirí na bhfeithiclí sin ar bhealach costéifeachtach.

(3)

Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh, d’fhonn comhlíonadh na sprice 147 g CO2/km a fhíorú, gur cheart leanúint le hastaíochtaí CO2 a thomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus a bhearta cur chun feidhme, agus le teicneolaíochtaí nuálacha.

(4)

De réir na hanailíse teicniúla a rinneadh don mheasúnú tionchair, tá na teicneolaíochtaí chun an sprioc 147 g CO2/km a chomhlíonadh ar fáil agus d’fhéadfaí na laghduithe atá de dhíth a bhaint amach ag costas níos ísle ná mar a bhí measta san anailís a rinneadh roimhe seo sular glacadh an Rialachán (AE) Uimh. 510/2011. Chomh maith leis sin, tá laghdú tagtha freisin ar an difríocht idir na meánastaíochtaí CO2 reatha a bhaineann go sonrach le feithiclí tráchtála éadroma nua agus an sprioc de 147 g CO2/km. Dá bhrí sin, tá sé dearbhaithe go bhfuil sé indéanta é sin a bhaint amach faoi 2020.

(5)

Mar aitheantas ar an tionchar díréireach ar na monaróirí is lú a eascraíonn as comhlíonadh na spriocanna sonracha astaíochta a shainmhínítear ar bhonn áirgiúlacht na feithicle, ar ualach mór riaracháin an nós imeachta maolaithe agus ar a laghad a baineadh d’astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí a dhíolann na monaróirí seo, ba cheart monaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua in aghaidh na bliana, a chláraítear san Aontas go bliantúil, a eisiamh ó raon feidhme na sprice maidir le hastaíochtaí sonracha agus ó phréimh na n-astaíochtaí iomarcacha.

(6)

Ba cheart go ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta le haghaidh maolú a dheonú do mhonaróirí ísealtáirgeachta le go mbeidh níos mó solúbthachta ann maidir le cathain a bhfuil iarratas ar maolú le tíolacadh ag monaróirí den sórt sin agus cathain a bhfuil an Coimisiún le maolú den sórt sin a dheonú.

(7)

Le go mbeidh tionscal na ngluaisteán in ann tabhairt faoi infheistíocht agus faoi nuálaíocht go fadtéarmach, is rud inmhianaithe é tásca a thabhairt maidir le conas gur cheart Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a leasú don tréimhse tar éis 2020. Ba cheart do na tásca sin bheith bunaithe ar mheasúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus ar na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chost-éifeachtúil do laghdú CO2 a fhorbairt d’fheithiclí tráchtála éadroma. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den sórt sin faoi 2015 agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an athbhreithnithe sin. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin, más iomchuí, tograí le haghaidh leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 maidir le spriocanna astaíochta CO2 a bhunú le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua don tréimhse tar éis 2020, lena n-áirítear tograí i dtaca leis an deis a d’fhéadfadh a bheith ann sprioc réalaíoch agus indéanta a leagan síos do 2025, bunaithe ar mheasúnú dearfach tionchair lena ndéanfaí iomaíochas leanúnach thionscal na ngluaisteán a mheas agus na tionscail a bhraitheann air, agus conair shoiléir laghdaithe astaíochtaí á saothrú i gcomhthráth i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais. Agus na tograí sin á ndréachtú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de agus go mbeidh siad cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(8)

Is codanna sonracha den lorg foriomlán carbóin atá mar thoradh ar iompair de bhóthar faoi láthair astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le soláthar fuinnimh agus déantús feithiclí agus is dócha go mbainfidh tábhacht mhéadaithe shonrach leo amach anseo. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomh beartais chun cuidiú le monaróirí na réitigh is fearr is féidir a bhaint amach lena gcuirfí san áireamh, go háirithe, astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le gineadh fuinneamh a sholáthraítear d’fheithiclí, amhail leictreachas agus breoslaí malartacha, agus ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh na hastaíochtaí réamhtheachtacha sin dochar do na tairbhí a bhainfeadh leis an úsáid fheabhsaithe d’fhuinneamh oibríochtúil ag feithiclí, rud is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 510/2011.

(9)

De bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011, tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir leis an teacht atá ar shonraí maidir leis an lorg agus an bpálasta agus maidir le húsáid a bhaint astu mar pharaiméadair áirgiúlachta maidir le spriocanna astaíochtaí CO2 i Rialachán 510/2011 mar atá curtha in iúl sna foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011. Cé go bhfuil na sonraí sin ar fáil agus go bhfuil measúnú déanta sa mheasúnú tionchair ar an úsáid ab fhéidir a bhaint astu, táthar den tuairim go bhfuil sé níos éifeachtúla ó thaobh costais de mais in ord reatha a choinneáil mar pharaiméadar áirgiúlachta don sprioc 2020 le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma.

(10)

Is iomchuí an cur chuige maidir leis an sprioc a shocrú bunaithe ar gaol líneach idir áirgiúlacht na feithicle tráchtála éadroime agus a sprioc maidir le hastaíochtaí CO2 mar a léirítear é sna foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a choinneáil, i ngeall is go bhfágann sé seo go mbeifear in ann éagsúlacht a choinneáil i margadh na bhfeithiclí tráchtála éadroma agus go mbeidh ar chumas na monaróirí dul i ngleic le riachtanais dhifriúla na gcustaiméirí, nach mbeidh saobhadh iomaíochta nach bhfuil call leis ann dá bharr. Is iomchuí áfach an cur chuige sin a nuashonrú chun léiriú a thabhairt ar na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a cláraíodh.

(11)

Ina mheasúnú tionchair, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an teacht atá ar shonraí loirg agus ar úsáid an loirg mar pharaiméadair fhóntais i bhfoirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011. Ar bhonn an mheasúnaithe sin tá an Coimisiún den tuairim gurb é an mhais an paraiméadar fóntais is ceart a úsáid san fhoirmle 2020.

(12)

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 43/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) tá sé ina cheangal ar an gCoimisiún tabhairt faoi mheasúnú tionchair ar mhaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta tástála d’fhonn léiriú leordhóthanach a thabhairt ar na hastaíochtaí CO2 a thugann gluaisteáin uathu i ndáiríre. Le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 leathnaítear an athbhreithniú a dhéantar ar nósanna imeachta tástálacha chun feithiclí tráchtála éadroma a áirithiú. Is gá leasú a dhéanamh ar an “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (NEDC) atá in úsáid faoi láthair, chun cur in iúl na ndálaí tiomána iarbhír a áirithiú léi agus chun measúnú astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla faoina gcumas a sheachaint. Ba cheart nós imeachta nua a bheidh níos réadúla agus níos iontaofa a chomhaontú a luaithe is féidir. Tá an obair chuige sin idir lámha leis an bhforbairt atá á déanamh ar nós imeachta tástála feithiclí éadroim domhanda comhchuibhithe (WLTP) faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ach tá clabhsúr le cur uirthi fós. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear astaíochtaí sonracha CO2 a shanntar do ghluaisteáin nua phaisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua níos fearr i gcomhréir leis na hastaíochtaí iarbhír a ghintear faoi dhálaí gnáthúsáide ba cheart WLTP a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir. I bhfianaise an méid sin, bunaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 uasteorainneacha astaíochtaí le haghaidh 2020 mar a thomhaistear iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (6). Nuair a leasófar na nósanna imeachta tástála, ba cheart na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a choigeartú lena áirithiú go mbeidh an ghéire chéanna i bhfeidhm ar mhonaróirí agus ar aicmí feithiclí. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún staidéar láidir comhghaoil a dhéanamh ar NEDC agus ar na sraitheanna nua tástála WLTP chun go n-áiritheofaí go gcuirtear in iúl léi sin na dálaí tiomána iarbhír.

(13)

D’fhonn a áirithiú go léireofar fíorastaíochtaí go leordhóthanach agus gurb inchomparáide go hiomlán na luachanna tomhaiste CO2, ba cheart don Choimisiún a áirithiú, ionas nach mbeidh na monaróirí in ann leas a bhaint as solúbthacht i dtimthriall na tástála, go ndéanfar sainmhíniú beacht ar na gnéithe sin den nós imeachta tástála a mbíonn tionchar sonrach acu ar astaíochtaí CO2 tomhaiste. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na diallais idir luachanna astaíochta cineálcheadaithe CO2 agus na hastaíochtaí a thig as feithiclí a chuirtear ar díol, lena n-áirítear trí mhachnamh a dhéanamh ar nós imeachta comhlíonta a thabhairt isteach d’fheithiclí atá i seirbhís, lenar féidir a áirithiú go ndéanfar tástáil neamhspleách ar shampla ionadaíoch feithiclí, agus trí mhachnamh a dhéanamh freisin ar na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna lena léirítear difríochtaí sonracha idir astaíocht CO2 suirbhé agus astaíochtaí chéad cineálcheadaithe CO2.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sainmhíniú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe i dtaca le sprioc 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma nua, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ó 2020 ar aghaidh, socraítear sprioc de 147 g CO2/km sa Rialachán seo do mheánastaíochtaí na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus a bhearta cur chun feidhme, agus i gcomhréir lena theicneolaíochtaí nuálacha.’.

(2)

in Airteagal 2, cuirtear mír 4 seo a leanas isteach:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 8(4)(b) agus (c), Airteagal 9 ná Airteagal 10(1)(a) agus (c) i leith monaróra atá, in éineacht leis na gnóthais uile atá nasctha leis, freagrach as níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.’.

(3)

in Airteagal 11(3), scriostar an abairt dheireanach.

(4)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Cuirfear faoi chaibidil coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc de theicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás go gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 monaróra.’;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún forálacha sonracha trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh nós imeachta chun na teicneolaíochtaí nuálacha nó na pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, faoin 31 Nollaig 2012. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo. Beidh na forálacha mionsonraithe sin i gcomhréir leis na forálacha arna mbunú faoi Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, agus beidh siad bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:’.

(5)

Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna sonracha astaíochta agus na rialacha mionsonraithe atá leagtha amach ann chomh maith le gnéithe eile den Rialachán seo d’fhonn spriocanna astaíochtaí CO2 a bhunú le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua don tréimhse tar éis 2020. Ar mhaithe le sin, beidh an measúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus leis na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach do laghdú CO2 a fhorbairt do fheithiclí tráchtála éadroma. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus beidh toradh an athbhreithnithe sin inti. Áireofar san tuarascáil sin aon tograí iomchuí le haghaidh leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear an deis a d’fhéadfadh a bheith ann sprioc réalaíoch agus indéanta a leagan síos, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair lena ndéanfar iomaíochas leanúnach thionscal na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mheas agus na tionscail a bhraitheann air. Agus tograí den sórt sin á bhforbairt aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de agus go mbeidh siad cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.’;

(b)

leasaítear mír 6 mar seo a leanas:

(i)

scriostar an dara fomhír;

(ii)

cuirtear an dá fomhír a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Cinnfidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na paraiméadair chomhghaoil a mbeidh gá leo chun go léireofar aon athrú sa nós imeachta rialála le haghaidh na n-astaíochtaí sonracha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (7) a thomhas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligean a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, agus, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, chun na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, ag baint leasa as an modheolaíocht a glacadh de bhun na chéad míre, agus áiritheoidh sé i gcomhthráth go gceanglófar ceanglais laghdaithe, faoi na nósanna imeachta tástála idir sean is nua, ar ceanglais iad a bheidh ar chomhdhéine le haghaidh monaróirí agus le haghaidh feithiclí a mbaintear úsáid éagsúil astu.

(6)

In Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   I gcás nach dtugann an coiste dá dtagraítear i mír 1 aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’.

(7)

I bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo isteach:

‘(c)

ó 2020:

Formula

más rud é:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

an luach arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(5)

a

=

0,096.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 44, 15.2.2013, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 692/2008 an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).’.


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


RIALACHÁN (AE) Uimh. 254/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí do na blianta 2014-20 agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 169 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal “Eoraip 2020 – Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach” (“Eoraip 2020”), iarrtar go ndéanfar saoránaigh a chumhachtú chun páirt iomlán a ghlacadh sa mhargadh inmheánach, rud a éilíonn go ndéanfar a gcumas earraí agus seirbhísí a cheannach ar bhonn trasteorann, go háirithe ar líne, agus a muinín i ndáil leis an méid sin, a neartú.

(2)

Rannchuidíonn an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus le tomhaltóirí a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh trí thacaíocht a thabhairt do bheartas na mBallstát lena ndéantar iarracht a áirithiú gur féidir le saoránaigh tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus trí na bearta sin a chomhlánú agus, le linn dó déanamh amhlaidh, go ndéantar a sábháilteacht agus a leasanna dlí agus eacnamaíocha a chosaint go cuí trí bhíthin gníomhaíochtaí nithiúla.

(3)

Leis an gClár ilbhliantúil Tomhaltóirí do na blianta 2014-20 (“an Clár”), ba cheart go gcuideofaí le hardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus ba cheart go dtabharfaí lántacaíocht leis d’uaillmhianta Eoraip 2020 maidir leis an bhfás agus leis an iomaíochas trí chomhtháthú a dhéanamh ar ábhair imní shonracha arna sainaithint in Eoraip 2020 maidir leis an gclár oibre digiteach don Eoraip d’fhonn a áirithiú go mbeidh leas méadaithe tomhaltóirí mar thoradh ar dhigitiú, maidir le fás inbhuanaithe trí bhogadh i dtreo patrúin níos inbhuanaithe tomhaltais, maidir le cuimsiú sóisialta tríd an gcás sonrach a bhaineann le tomhaltóirí leochaileacha a chur san áireamh mar aon le riachtanais daonra atá ag dul in aois, agus maidir le rialachán cliste inter alia trí fhaireachán a dhéanamh ar mhargadh na dtomhaltóirí chun cabhrú le rialacháin chliste agus spriocdhírithe a dhearadh.

(4)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2012 dar teideal “Clár Eorpach do Thomhaltóirí – Muinín agus fás a chothú” (an “Clár do Thomhaltóirí”), leagtar amach creat straitéiseach do bheartas tomhaltóirí an Aontais sna blianta atá romhainn trí thacaíocht a thabhairt do leasanna tomhaltóirí i mbeartais uile an Aontais. Is é an aidhm atá leis an gClár do Thomhaltóirí go gcruthófar straitéis ina ndéanfar, le gníomhaíocht pholaitiúil, tacaíocht éifeachtúil, éifeachtach a thabhairt do thomhaltóirí ar feadh a saoil trína áirithiú gur sábháilte a bheidh na táirgí agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh, trí fhaisnéis a chur ar fáil dóibh agus trína gcur ar an eolas, trí thacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh, trína gcearta a neartú, trí rochtain ar cheartas agus ar shásamh a thabhairt dóibh agus trína áirithiú go ndéantar reachtaíocht tomhaltóirí a fhorfheidhmiú.

(5)

Leis an gcor chun donais eacnamaíoch a tharla le déanaí, léiríodh easnaimh agus neamh-chomhsheasmhachtaí sa mhargadh inmheánach, a chuir isteach go díobhálach ar mhuinín na dtomhaltóirí agus na saoránach. Cé go bhfuil sé tábhachtach na bacainní buiséadacha faoina bhfeidhmíonn an tAontas faoi láthair a aithint, ba cheart don Aontas, dá ainneoin sin, acmhainní leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil ionas go bhféadfar spriocanna an Chláir a bhaint amach agus ba cheart tacaíocht a thabhairt, dá bhrí sin, d’Eoraip 2020.

(6)

Is ríthábhachtach é, chun an margadh inmheánach a thabhairt chun críche, go gcuirfear deireadh leis na bacainní ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfeabhsófar iontaoibh agus muinín na saoránach sa chóras, go háirithe agus ceannach trasteorann á dhéanamh acu, ar bacainní neamhréireacha iad nach bhfuil bonn cirt leo. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an Aontas na dálaí cearta a chruthú chun tomhaltóirí a chumhachtú trí uirlisí leordhóthanacha, eolas leordhóthanach agus inniúlacht leordhóthanach a chur ar fáil dóibh chun cinntí maithe agus eolasacha a dhéanamh agus trí fheasacht na dtomhaltóirí a mhúscailt.

(7)

Cuirtear san áireamh leis an Rialachán seo an timpeallacht eacnamaíoch, shóisialta agus theicniúil agus na dúshláin choimhdeachta atá ag teacht chun cinn. Go sonrach, leis na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gClár, déanfar iarracht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le domhandú, le digitiú, le leibhéal méadaitheach castachta na gcinntí sin is gá do thomhaltóirí a dhéanamh, leis an ngá dul i dtreo patrún níos inbhuanaithe tomhaltais, daonra atá ag dul in aois agus eisiamh sóisialta agus an tsaincheist maidir le tomhaltóirí leochaileacha. Is ardtosaíocht é go ndéanfar leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is príomhchuid é comhordú le beartais agus le cláir eile an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear leasanna tomhaltóirí go hiomlán san áireamh i mbeartais eile. D’fhonn sineirgí a chur chun cinn agus d’fhonn dúbailt a sheachaint, ba cheart go ndéanfadh cistí agus cláir eile de chuid an Aontais foráil do thacaíocht airgeadais i ndáil le leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú ina réimsí faoi seach.

(8)

Leis an gClár ba cheart go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta do gach tomhaltóir, agus go dtabharfar aird ar leith ar thomhaltóirí leochaileacha, d’fhonn a gcuid riachtanas sonrach a chur san áireamh agus a gcumas a neartú, mar a iarradh sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2012 maidir le straitéis chun cearta tomhaltóirí leochaileacha a neartú (4). Go háirithe, ba cheart go n-áiritheofaí sa Chlár go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí leochaileacha ar fhaisnéis maidir le hearraí agus maidir le seirbhísí, d’fhonn go mbeidh deiseanna comhionanna acu roghanna saora agus eolasacha a dhéanamh, go háirithe ós rud é go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag tomhaltóirí leochaileacha rochtain a fháil ar fhaisnéis do thomhaltóirí agus í a thuiscint agus go mbeadh an baol ann dá bharr go gcuirfí amú iad.

(9)

Ba cheart go gcuirfí leanaí san áireamh sa Chlár go háirithe, lena n-áirítear trí bheith ag obair le geallsealbhóirí chun go n-áiritheofar a dtiomantas d’fhógraíocht fhreagrach maidir le mionaoisigh, go háirithe fógraíocht mhíthreorach ar líne a chomhrac.

(10)

Ba cheart gníomhaíochtaí a leagan síos sa Chlár, lena gcuirfí creat Aontais ar fáil lena maoiniú. I gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), soláthraítear leis an Rialachán seo an bunús dlí le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin agus le haghaidh chur chun feidhme an Chláir. Leis an Rialachán seo cuirtear leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi Chinneadh Uimh. 1926/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus leantar leo.

(11)

Tá sé tábhachtach cosaint tomhaltóirí a fheabhsú. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, ba cheart cuspóirí sonracha a leagan síos maidir le sábháilteacht, maidir le faisnéis do thomhaltóirí agus oideachas do thomhaltóirí agus maidir le tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, maidir le cearta agus sásamh mar aon le forfheidhmiú i ndáil le cearta tomhaltóirí. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar luach agus ar thionchar na mbeart a dhéanfar faoin gClár chun gur fusa beartais níos cliste a cheapadh chun leasa na dtomhaltóirí. D’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas tomhaltóirí agus go háirithe ar thionchar beacht na mbeart a rinneadh, ba cheart forbairt a dhéanamh ar tháscairí, ar cheart an luach atá acu a mheas, áfach, i gcomhthéacs níos leithne.

(12)

Tá sé tábhachtach muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, is gá an raon feidhme do ghníomhaíocht a neartú, go háirithe trí thacaíocht iomchuí airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais agus do lárionaid Eorpacha do thomhaltóirí, agus an príomhról atá acu faisnéis agus cúnamh a sholáthar do thomhaltóirí faoina gcearta á chur san áireamh, tacaíocht á tabhairt do thomhaltóirí le linn díospóidí tomhaltóirí, go háirithe i ndáil le rochtain ar shásraí iomchuí réitigh díospóidí, agus leasanna tomhaltóirí á gcur chun cinn i ndea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart go mbeadh sé de chumas ag na heagraíochtaí agus ag na lárionaid sin cosaint agus muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar an láthair agus trí chabhair, faisnéis agus oideachas a chur in oiriúint don duine aonair.

(13)

Is gá foráil a dhéanamh do na gníomhaíochtaí incháilithe trína mbainfear na cuspóirí sin amach.

(14)

Is gá na catagóirí tairbhithe féideartha atá incháilithe le haghaidh deontas a shainiú.

(15)

Áirítear sa Rialachán seo méid tagartha airgeadais don Chlár, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), agus ní bheidh tionchar ag an méid sin ar chumhachtaí buiséadacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar a leagtar amach iad in CFAE.

(16)

Agus spiorad phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus na solúbthachta á gcur san áireamh i gcur chun feidhme an Chláir, ba cheart go gceadófaí don ghníomhaireacht feidhmiúcháin leanúint de bheith ar bun má chomhlíontar na ceanglais uile a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle (8).

(17)

Ba cheart comhordú níos fearr a dhéanamh ar chaiteachas na gcistí de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát i réimse na sábháilteachta tomhaltóirí, an oideachais do thomhaltóirí, na gceart tomhaltóirí agus an fhorfheidhmithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh comhlántacht, éifeachtúlacht agus infheictheacht níos fearr ann, agus d’fhonn sineirgí buiséadacha níos fearr a bhaint amach freisin.

(18)

Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch déantar foráil do chomhar sa réimse maidir le cosaint tomhaltóirí idir an tAontas agus a Bhallstáit ar thaobh amháin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar an taobh eile. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun an Clár a oscailt do rannpháirtíocht tíortha eile, go háirithe tíortha comharsanachta an Aontais agus tíortha atá ag déanamh iarratais ar bhallraíocht den Aontas, tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht den Aontas, nó tíortha atá ag aontú dó.

(19)

I gcomhthéacs chur chun feidhme an Chláir, agus i bhfianaise dhomhandú an tslabhra táirgeachta agus idirspleáchas méadaitheach na margaí, ba cheart comhar le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár a spreagadh, ag cur san áireamh aon chomhaontuithe iomchuí idir na tíortha sin agus an tAontas.

(20)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú d’fhonn athruithe sa chreat reachtach i réimse na cosanta tomhaltóirí a chur san áireamh, agus maidir le hIarscríbhinn I a leasú trí ghníomhaíochtaí sonracha lena mbaineann a bhaint aisti, d’fhonn torthaí tuarascála meastóireachta ón gCoimisiún a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(21)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cláir oibre bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ós rud é nach leagtar amach na critéir maidir le sábháilteacht táirgí sa Chlár ach go bhfuil sé d’aidhm aige tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh uirlisí chun beartas sábháilteachta táirgí a chur chun feidhme, agus ós rud é gur méid measartha beag atá i gceist, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an nós imeachta comhairleach.

(22)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar chineál thrasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an phoitéinsil níos fearr atá ann i ngníomhaíocht an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(24)

Ba cheart Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE a aisghairm.

(25)

Is iomchuí trasdul gan briseadh a áirithiú idir clár na gníomhaíochta Comhphobail i réimse an bheartais tomhaltóirí (2007-2013) a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1926/2000/CE, agus an Clár seo, go háirithe maidir le leanúint le hidirbhearta ilbhliantúla agus leis an meastóireacht ar an rath a bhí ar an gclár roimhe sin agus ar na réimsí ar gá tuilleadh airde a thabhairt orthu. Ina theannta sin, is iomchuí ré an Chláir seo a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-20 a leagtar síos i Rialachán (AE Euratom) Uimh. 1311/2013 (10) ón gComhairle. Mar sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gClár seo amhail ón 1 Eanáir 2014. Amhail ón 1 Eanáir 2021, ba cheart, más gá, an caiteachas a bhaineann le bainistiú na ngníomhaíochtaí nach bhfuil lánchríochnaithe faoi dheireadh 2020 a chumhdach le leithreasuithe cúnaimh theicniúil agus riaracháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clár ilbhliantúil tomhaltóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo clár ilbhliantúil tomhaltóirí, ina gcuimsítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“an Clár”).

Airteagal 2

Cuspóir ginearálta

Is é an cuspóir ginearálta atá ag an gClár ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, tomhaltóirí a chumhachtú agus an tomhaltóir a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh, faoi chuimsiú straitéise foriomláine maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Déanfar amhlaidh leis an gClár trí rannchuidiú le sláinte, le sábháilteacht agus le leasanna dlí agus eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, mar aon lena gceart chun faisnéise agus oideachais a chur chun cinn agus leis an gceart iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú, agus trí thacaíocht a thabhairt do leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i réimsí eile beartais. Leis an gClár, déanfar beartais na mBallstát a chomhlánú, tacófar leo agus déanfar faireachán orthu.

Airteagal 3

Cuspóirí agus táscairí sonracha

1.   Déanfar an cuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 2 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

Cuspóir I - Sábháilteacht: sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe trí ghníomhaíocht agus éifeachtacht chóras mear-rabhaidh AE maidir le hearraí tomhaltais contúirteacha (RAPEX).

(b)

Cuspóir II - Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí, agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí: feabhas a chur ar an oideachas a chuirtear ar thomhaltóirí, ar an bhfaisnéis atá acu agus ar a bhfeasacht maidir lena gcearta, an bonn fianaise le haghaidh beartas tomhaltóirí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí tomhaltóirí, agus riachtanais shonracha na dtomhaltóirí leochaileacha á gcur san áireamh freisin.

(c)

Cuspóir III - Cearta agus sásamh: cearta tomhaltóirí a fhorbairt agus a atreisiú go háirithe trí ghníomhaíocht chliste rialála agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar shásamh simplí, éifeachtúil, caoithiúil agus atá ar chostas íseal lena n-áirítear réiteach malartach díospóidí.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe trí dhul in iontaoibh réitigh mhalartaigh díospóidí d’fhonn díospóidí trasteorann a réiteach agus trí ghníomhaíocht córais réitigh díospóidí ar líne ar fud an Aontais, agus tríd an gcéadatán de thomhaltóirí a dhéanann gníomhaíocht mar fhreagairt d’fhadhb a bhí acu.

(d)

Cuspóir IV - Forfheidhmiú: tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú ceart tomhaltóirí tríd an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin a neartú agus trí thacaíocht a chur ar fáil do thomhaltóirí trí bhíthin comhairle.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe trí leibhéal an tsreabhaidh faisnéise agus trína éifeachtaí a bheidh an comhar laistigh den Ghréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, trí ghníomhaíocht Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí agus trína mhéid a bhfuil tomhaltóirí ar an eolas fúthu.

Is tosaíocht trasearnála é go mbeadh an fhaisnéis do thomhaltóirí ar ardchaighdeán agus go mbeadh rannpháirtíocht na dtomhaltóirí ar ardchaighdeán agus, dá bhrí sin, forálfar dóibh go sainráite, i ngach cás inar gá, sna cuspóirí agus sna gníomhaíochtaí earnálacha uile a mhaoineofar faoin gClár.

2.   Leagtar amach an tuairisc ar na táscairí in Iarscríbhinn II.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhaíochtaí tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 d’fhonn na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

Bainfear amach na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 trí na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach sa liosta seo a leanas:

(a)

faoi chuspóir I – Sábháilteacht:

(1)

comhairle eolaíoch agus anailís riosca is ábhartha do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí maidir le táirgí agus seirbhísí neamhbhia lena n-áirítear tacaíocht do chúraimí na gcoistí eolaíocha neamhspleácha a bhunaítear le Cinneadh 2008/721/CE ón gCoimisiún (11);

(2)

gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú maidir le sábháilteacht táirgí i ndáil le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht seirbhísí do thomhaltóirí;

(3)

bunachair shonraí maidir le cosmaidí a choimeád ar bun agus a fhorbairt tuilleadh;

(b)

faoi chuspóir II – Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí, agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí:

(4)

rochtain ar an mbonn fianaise a chruthú agus feabhas a chur uirthi, ar bonn fianaise é le haghaidh ceaptha beartas sna réimsí a bhaineann le tomhaltóirí, le haghaidh rialacháin chliste agus spriocdhírithe a dhearadh agus le haghaidh aon mhífheidhmiú sa mhargadh nó athruithe i riachtanais tomhaltóirí a bhrath, lena gcuirtear bonn ar fáil d’fhorbairt beartas tomhaltóirí, do shainaithint na réimsí is mó cruthaithe faidhbe do thomhaltóirí agus do leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i mbeartais eile de chuid an Aontais;

(5)

tacaíocht a thabhairt trí eagraíochtaí do thomhaltóirí ar leibhéal an Aontais a mhaoiniú agus trí acmhainn na n-eagraíochtaí do thomhaltóirí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trí thrédhearcacht a mhéadú agus trí chur le malartú na gcleachtas is fearr agus an tsaineolais;

(6)

feabhas a chur ar thrédhearcacht mhargaí tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí inchomparáide agus iontaofa ag tomhaltóirí agus rochtain éasca acu orthu, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, chun cabhrú leo comparáid a dhéanamh, ní hamháin idir na praghsanna, ach idir cáilíocht agus inbhuanaitheacht na n-earraí agus na seirbhísí freisin;

(7)

feabhas a chur ar oideachas do thomhaltóirí mar phróiseas ar feadh an tsaoil, agus díriú ar leith ar thomhaltóirí leochaileacha;

(c)

faoi chuspóir III – Cearta agus sásamh:

(8)

reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí agus tionscnaimh rialála eile arna n-ullmhú ag an gCoimisiún, faireachán ar an gcaoi a dhéanann na Ballstáit iad a thrasuí agus an mheastóireacht ina dhiaidh sin ar a dtionchar, agus tionscnaimh chomhrialála agus féinrialála a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar iarbhír a bhíonn ag na tionscnaimh sin ar mhargaí tomhaltóirí;

(9)

rochtain ar shásraí i dtaca le réiteach díospóidí a éascú do thomhaltóirí, go háirithe ar scéimeanna um réiteach malartach díospóidí, lena n-áirítear trí chóras ar líne ar fud an Aontais agus trí líonrú a dheanamh ar eintitis náisiúnta um réiteach malartach díospóidí, agus aird ar leith á tabhairt ar bhearta leordhóthanacha do riachtanais agus do chearta tomhaltóirí leochaileacha; faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht sásraí réitigh díospóidí do thomhaltóirí, lena n-áirítear trí uirlisí TF ábhartha a fhorbairt agus a choimeád ar bun, agus trí na cleachtais is fearr atá ann faoi láthair agus an taithí atá ann faoi láthair sna Ballstáit a mhalartú;

(d)

faoi chuspóir IV – Forfheidhmiú:

(10)

gníomhaíochtaí faireachais agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(11)

ranníocaíochtaí airgeadais i leith gníomhaíochtaí comhpháirteacha le comhlachtaí poiblí nó neamhbhrabúsacha ar líonraí an Aontais iad a chuireann faisnéis agus cúnamh ar fáil do thomhaltóirí chun cuidiú leo a gcearta a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar réiteach díospóidí iomchuí, lena n-áirítear scéimeanna réitigh ar líne lasmuigh den chúirt (Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí).

I gcás inarb infheidhme, déantar na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo a shonrú tuilleadh in Iarscríbhinn I trí ghníomhaíochtaí sonracha a liostú fúthu.

Airteagal 5

Tairbhithe atá incháilithe le haghaidh deontas

1.   Féadfar deontais maidir le feidhmiú eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais a dheonú d’eagraíochtaí tomhaltóirí Eorpacha a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:

(a)

is eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha, atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile iad, agus is iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí leasanna sláinte, sábháilteachta, eacnamaíocha agus dlí tomhaltóirí san Aontas a chur chun cinn agus a chosaint;

(b)

tá siad sainordaithe chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais ag eagraíochtaí i leath de na Ballstáit ar a laghad atá ionadaíoch, i gcomhréir le rialacha nó cleachtas náisiúnta, do thomhaltóirí, agus atá gníomhach ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Féadfar deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí idirnáisiúnta a chuireann prionsabail agus beartais chun cinn a chuireann le cuspóirí an Chláir a dheonú d’eagraíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:

(a)

is eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha iad atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile, agus is iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí leasanna sláinte, sábháilteachta, eacnamaíocha agus dlí tomhaltóirí a chur chun cinn agus a chosaint;

(b)

cuireann siad na gníomhaíochtaí uile a leanas i gcrích: foráil a dhéanamh do shásra foirmiúil le haghaidh ionadaithe tomhaltóirí ón Aontas agus ó thríú tíortha d’fhonn cur leis an bplé polaitiúil a dhéantar agus cur leis na beartais pholaitiúla, cruinnithe a eagrú le hoifigigh bheartas agus rialtóirí beartas chun leasanna tomhaltóirí leis na húdaráis phoiblí a chun cinn agus chun tacú leis na leasanna sin, na saincheisteanna coitianta agus na dúshláin choitianta a bhíonn os comhair tomhaltóirí a shainaithint, tuairimí tomhaltóirí a chur chun cinn i gcomhthéacs an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an tAontas agus tríú tíortha, cur le malartú agus le scaipeadh saineolais agus eolais ar shaincheisteanna tomhaltóirí san Aontas agus i dtríú tíortha, agus moltaí a thabhairt maidir le beartais.

3.   Féadfar deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí ar leibhéal an Aontais a bunaíodh chun na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú i réimse na sábháilteachta táirgí a dheonú do chomhlachtaí a aithnítear chun na críche sin le reachtaíocht an Aontais.

4.   Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí ar fud an Aontais maidir le forbairt cód iompair, na gcleachtas is fearr agus treoirlínte le haghaidh comparáide praghsanna, comparáide cáilíochta táirgí agus comparáide inbhuanaitheachta a dheonú d’eagraíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha uile a leanas:

(a)

is eagraíochtaí neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha, atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile iad, agus tá cur chun cinn agus cosaint leasanna tomhaltóirí i measc a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí;

(b)

tá siad gníomhach i leath de na Ballstáit ar a laghad.

5.   Féadfar deontais chun imeachtaí a eagrú don Uachtaránacht a bhaineann le beartas tomhaltóirí an Aontais a dheonú d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht na bhfoirmeachtaí den Chomhairle, amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ina sheilbh aige nó do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag an mBallstát sin.

6.   Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta d’údaráis na mBallstát atá freagrach as gnóthaí tomhaltóirí agus d’údaráis chomhfhreagracha i dtríú tíortha a dheonú d’údaráis arna gcur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 nó le Treoir 2001/95/CE ag Ballstát nó ag tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, nó do chomhlachtaí neamhbhrabúsacha atá ceaptha go sainráite ag na húdaráis sin chun na críche sin.

7.   Féadfar deontais d’oifigigh forfheidhmiúcháin ó Bhallstáit agus ó thríú tíortha a dheonú d’oifigigh ó údaráis arna gcur in iúl don Choimisiún chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Threoir 2001/95/CE ag Ballstát nó ag tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo.

8.   Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta a dheonú do chomhlacht a ainmneoidh Ballstát nó tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 7 ar comhlacht neamhbhrabúsach é a roghnófar trí nós imeachta trédhearcach nó trí chomhlacht poiblí. Beidh an comhlacht a ainmneofar ina chuid de líonra Aontais a sholáthraíonn faisnéis agus cúnamh do thomhaltóirí chun cuidiú leo a gcearta a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar réiteach díospóidí iomchuí (Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí). Féadfar comhpháirtíocht réime a bhunú mar shásra fadtéarmach maidir le comhar idir an Coimisiún agus Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí agus/nó a chomhlachtaí comhairliúcháin.

9.   Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochta a dheonú do chomhlachtaí láimhseála gearán atá bunaithe agus a fheidhmíonn i mBallstát an Aontais agus i dtíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, atá freagrach as gearáin ó thomhaltóirí a bhailiú, nó as iarrachtaí a dhéanamh chun gearáin a réiteach, nó comhairle a thabhairt, nó as faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le gearáin nó fiosruithe, agus atá ina dtríú páirtí ag gearán nó ag fiosrú a dhéanann tomhaltóir faoi thrádálaí. Ní áireofar leo sin sásraí láimhseála gearán ó thomhaltóirí a fheidhmíonn trádálaithe agus trína ndéileáiltear le fiosruithe agus le gearáin go díreach leis an tomhaltóir nó sásraí trína soláthraítear seirbhísí láimhseála gearán a fheidhmíonn trádálaí nó a fheidhmítear thar ceann trádálaí.

Airteagal 6

Creat Airgeadais

1.   EUR 188 829 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme go ceann na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht tríú tíortha sa Chlár

Féadfaidh na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh sa Chlár:

(a)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá rannpháirteach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tríú tíortha, go háirithe tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí mar aon le hiarrthóirí féideartha, agus tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais arna mbunú leis na Comhaontuithe Réime, leis na Cinntí ón gComhairle Chomhlachaithe nó le comhaontuithe comhchosúla faoi seach.

Airteagal 8

Cineálacha idirghabhálacha agus uasleibhéal an chómhaoinithe

1.   I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas a bheith i bhfoirm deontas nó soláthair phoiblí nó idirghabhálacha ar bith eile is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach.

2.   Déanfar na deontais ón Aontas agus a n-uasleibhéil chomhfhreagracha a shainiú mar a leanas:

(a)

deontais maidir le feidhmiú eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, mar a shainítear in Airteagal 5(1), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe;

(b)

deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí idirnáisiúnta a chuireann prionsabail agus beartais chun cinn a chuireann le cuspóirí an Chláir, mar a shainítear in Airteagal 5(2), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe;

(c)

deontais maidir le feidhmiú comhlachtaí ar leibhéal an Aontais a bunaíodh chun na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin sa réimse um shábháilteacht táirgí a chomhordú agus a aithnítear chun na críche seo le reachtaíocht an Aontais, mar a shainítear in Airteagal 5(3), nach mó ná 95 % de na costais incháilithe;

(d)

deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí ar fud an Aontais chun cóid chleachtais, na cleachtais is fearr, treoirlínte le haghaidh comparáide praghsanna, comparáide cáilíochta táirgí agus comparáide inbhuanaitheachta a fhorbairt, mar a shainítear in Airteagal 5(4), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe;

(e)

deontais chun imeachtaí a eagrú don Uachtaránacht a bhaineann le beartas tomhaltóirí an Aontais d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil Uachtaránacht na bhfoirmeachtaí den Chomhairle, amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ina sheilbh aige nó do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag an mBallstát sin, nach mó iad ná 50 % de na costais incháilithe;

(f)

deontais le haghaidh gníomhaíochta d’údaráis na mBallstát atá freagrach as gnóthaí tomhaltóirí agus d’údaráis chomhfhreagracha i dtríú tíortha atá rannpháirteach de bhun Airteagal 7, mar a shainítear in Airteagal 5(6), nach mó ná 50 % de na costais incháilithe, ach amháin i gcás gníomhaíochtaí maidir le fóntas eisceachtúil, sa chás nach mbeidh ranníocaíocht an Aontais maidir leis na costais incháilithe níos mó ná 70 %;

(g)

deontais maidir le hoifigigh forfheidhmiúcháin a mhalartú ó Bhallstáit agus ó thríú tíortha atá rannpháirteach de bhun Airteagal 7, mar a shainítear in Airteagal 5(7), ina gcumhdaítear liúntais taistil agus chothaithe;

(h)

deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag Ballstát nó ag tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 7, mar a shainítear in Airteagal 5(8), nach mó iad ná 70 % de na costais incháilithe;

(i)

deontais le haghaidh gníomhaíochta do chomhlachtaí náisiúnta um ghearáin tomhaltóirí, mar a shainítear in Airteagal 5(9), nach mó iad ná 50 % de na costais incháilithe.

3.   Measfar go mbeidh fóntas eisceachtúil ag baint le gníomhaíochtaí de réir bhrí phointe (f) de mhír 2 i gcás ina mbeidh an méid seo a leanas i gceist:

(a)

maidir leis na deontais a dheonófar do na húdaráis agus a chuirfear in iúl don Choimisiún chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, baineann siad le sé Bhallstát ar a laghad nó baineann siad le sáruithe lena ndéanfaí dochar in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin nó ar dócha go ndéanfaí dochar dóibh;

(b)

maidir leis na deontais a dheonófar do na húdaráis atá freagrach as sábháilteacht táirgí tomhaltais, baineann siad le deich mBallstát ar a laghad a ghlacann páirt i líonra Eorpach údaráis inniúla na mBallstát maidir le sábháilteacht táirgí dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2001/95/CE nó cuireann siad le gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh a chur chun feidhme i réimse na sábháilteachta táirgí tomhaltais dá bhforáiltear i ngníomh dlíthiúil de chuid an Aontais.

Airteagal 9

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

1.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais eile a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun an Clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach, inter alia cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéad go mbaineann siad le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo, in éineacht leis na speansais uile a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a thabhóidh an Coimisiún le haghaidh an Clár a bhainistiú.

2.   Ní mó ná 12 % den imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar an gClár a bheidh i gceist leis an méid iomlán a leithdháilfear chun na speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a chumhdach agus do chúnamh teicniúil agus riaracháin dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 10

Modhanna cur chun feidhme

Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme trí na modhanna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 11

Comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais eile

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht iomlán a áirithiú idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe faoi chlár Ilbhliantúil 2014-20 “um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht” (14).

Airteagal 12

Cláir oibre bhliantúla

Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla. Leis na cláir oibre bhliantúla, déanfar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, mar aon leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 agus a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I, a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla i bhfoirm gníomhartha chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo. Leagfar amach, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, na gnéithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus go háirithe an méid a leanas:

(a)

cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis, agus leithdháileadh táscach na n-acmhainní airgeadais;

(b)

sceideal ama na nglaonna a bheartófar ar thairiscintí agus na nglaonna ar thograí.

Airteagal 13

Meastóireacht agus scaipeadh

1.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh Ballstáit faisnéis faoina bhráid maidir le cur chun feidhme agus le tionchar an Chláir.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

faoin 30 Meán Fómhair 2017:

(i)

athbhreithniú a dhéanamh ar na cuspóirí a bhaineann le gach beart a ghnóthú (ar leibhéal na dtorthaí agus na dtionchar), an staid mar atá i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 4 agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, leithdháileadh na gcistí ar na tairbhithe i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5, éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus a bhreisluach Eorpach, agus forbairtí i réimse na cosanta tomhaltóirí á gcur san áireamh, d’fhonn cinneadh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí;

(ii)

an tuarascáil mheastóireachta ar an athbhreithniú a rinneadh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle;

(b)

faoin 31 Nollaig 2017, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh nó, faoi réir mhír 3, gníomh tarmligthe a ghlacadh.

Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil mheastóireachta aghaidh ar an réim i ndáil le simpliú, a chomhtháthú inmheánach agus seachtrach, ábharthacht leanúnach gach cuspóra, mar aon leis an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfidh sé san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach an chláir ba réamhtheachtaí.

Déanfar meastóireacht ar thionchair fhadtéarmacha agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir d’fhonn cur le cinneadh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí féideartha cláir ina dhiaidh sin.

3.   Chun an staid a chur san áireamh ina mbainfear de thátal as, leis an tuarascáil mheastóireachta faoi mhír 2, nach bhfuil na gníomhaíochtaí sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I curtha chun feidhme faoin 31 Nollaig 2016, agus nach féidir iad a chur chun feidhme faoi dheireadh an Chláir, lena n-áirítear nuair nach bhfuil na gníomhaíochtaí sonracha sin ábhartha a thuilleadh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 a ghnóthú, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn I a leasú trí na gníomhaíochtaí sonracha lena mbaineann a bhaint aisti.

4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo ar fáil don phobal.

Airteagal 14

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar bhonn seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a cistíodh faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 13(3) a thabhairt don Choimisiún le haghaidh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 13(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(3) agus Airteagal 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Bearta idirthréimhseacha

1.   Leanfaidh Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1926/2006/CE d’fheidhm a bheith aige maidir le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gCinneadh sin nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2013. Dá bhrí sin, féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, ar speansais iad a bhfuil gá leo chun an trasdul a áirithiú idir na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 1926/2006/CE agus an Clár.

2.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad i ndiaidh an 31 Nollaig 2020 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhartha nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 18

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 89.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 217.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Feabhra 2014.

(4)  IO C 264 E, 13.9.2013, lch. 11.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh.1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(6)  Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear clár um ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais tomhaltóirí (2007-2013) (IO L 404, 30.12.2006, lch. 39).

(7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-20 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  Cinneadh Uimh. 2008/721/CE ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 lena mbunaítear struchtúr comhairleach de Choistí Eolaíocha agus saineolaithe i réimse na sábháilteachta tomhaltóirí, na sláinte poiblí agus an chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/210/CE (IO L 241, 10.9.2008, lch. 21).

(12)  Treoir Uimh. 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-20 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

CINEÁLACHA GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Cuspóir I

Sábháilteacht: sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais

1.

Comhairle eolaíoch agus anailís riosca is ábhartha do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí maidir le táirgí agus seirbhísí neamhbhia lena n-áirítear tacaíocht do chúraimí na gcoistí eolaíocha neamhspleácha arna mbunú le Cinneadh 2008/721/CE.

2.

Gníomhaíochtaí faireachais mhargaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú maidir le sábháilteacht táirgí i ndáil le Treoir 2001/95/CE, agus gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht seirbhísí tomhaltóirí:

(a)

uirlisí TF (amhail bunachair shonraí, córais faisnéise agus cumarsáide) a fhorbairt, a nuachóiriú agus a choimeád ar bun go háirithe ionas go bhféadfar feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras atá ann cheana tríd an acmhainneacht onnmhairithe sonraí a mhéadú, trí shortáil agus trí bhaint ar bhonn staitisticí, agus trí mhalartú agus úsáid leictreonach sonraí idir na Ballstáit a éascú;

(b)

seimineáir, comhdhálacha, ceardlanna agus cruinnithe geallsealbhóirí agus saineolaithe maidir le rioscaí agus forfheidhmiú sa réimse sábháilteachta táirgí a eagrú;

(c)

malartuithe oifigeach forfheidhmiúcháin agus oiliúint lena ndírítear ar chur chuige rioscabhunaithe a chomhtháthú;

(d)

gníomhaíochtaí comhchomhair faoi leith i réimse na dtáirgí agus na seirbhísí tomhaltais neamhbhia, faoi Threoir 2001/95/CE;

(e)

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí agus seirbhísí neamhbhia, lena n-áirítear an bonn eolais le haghaidh tuilleadh caighdeán nó tagarmharcanna sábháilteachta eile a bhunú, agus soiléiriú na gceanglas inrianaitheachta;

(f)

comhar i dtaca le riarachán, forfheidhmiú agus inrianaitheacht táirgí, agus gníomhaíochtaí coisctheacha a fhorbairt le tríú tíortha seachas na tíortha sin a thagann faoi Airteagal 7 den Rialachán seo, lena n-áirítear leis na tríú tíortha sin as a dtagann formhór na dtáirgí a gcuirtear an tAontas ar an eolas fúthu toisc nach gcomhlíonann siad reachtaíocht an Aontais;

(g)

tacaíocht do chomhlachtaí atá aitheanta ag reachtaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú idir Ballstáit.

3.

Bunachair shonraí maidir le cosmaidí a choimeád ar bun agus a fhorbairt tuilleadh

(a)

an Tairseach fógartha um Tháirgí Cosmaideacha a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a choimeád ar bun;

(b)

an bunachar sonraí maidir le comhábhair chosmaideacha a choimeád ar bun chun tacú le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009.

Cuspóir II

feabhas a chur ar an oideachas a chuirtear ar thomhaltóirí, ar an bhfaisnéis atá acu agus ar a bhfeasacht maidir lena gcearta, an bonn fianaise le haghaidh beartas tomhaltóirí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí tomhaltóirí, agus riachtanais shonracha na dtomhaltóirí leochaileacha á gcur san áireamh freisin Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí, agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí:

4.

Rochtain ar an mbonn fianaise a chruthú agus feabhas a chur uirthi, ar bonn fianaise é le haghaidh ceaptha beartas sna réimsí a dhéanann difear do thomhaltóirí, le haghaidh rialacháin chliste agus spriocdhírithe a cheapadh agus le haghaidh aon mhífheidhmiú sa mhargadh nó athruithe i riachtanais tomhaltóirí a bhrath, lena gcuirtear bonn ar fáil d’fhorbairt beartas tomhaltóirí, do shainaithint na réimsí is mó cruthaithe faidhbe do thomhaltóirí agus do leasanna tomhaltóirí a chomhtháthú i mbeartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

staidéir agus anailís a dhéanamh ar fud an Aontais ar thomhaltóirí agus ar mhargaí tomhaltóirí chun go gceapfar rialacháin chliste agus spriocdhírithe, chun aon mhífheidhmiú sa mhargadh nó aon athruithe i riachtanais tomhaltóirí a bhrath;

(b)

bunachair shonraí a fhorbairt agus a choimeád ar bun, go háirithe chun na sonraí a bhailítear a chur ar fáil do gheallsealbhóirí amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, údaráis náisiúnta agus taighdeoirí;

(c)

forbairt agus anailís a dhéanamh ar fhianaise staidrimh náisiúnta agus ar fhianaise ábhartha eile. Déanfar bailiú sonraí agus táscairí náisiúnta, go háirithe, maidir le praghsanna, gearáin, forfheidhmiú, sásamh a fhorbairt i gcomhar le geallsealbhóirí náisiúnta.

5.

Tacaíocht a thabhairt trí na heagraíochtaí tomhaltóirí a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais agus trí fhorbairt acmhainní d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trí thrédhearcacht a mhéadú agus trí chur le malartú cleachtais is fearr agus saineolais

(a)

ranníocaíochtaí airgeadais le feidhmiú eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, ar eagraíochtaí iad a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán seo;

(b)

forbairt acmhainní le haghaidh eagraíochtaí tomhaltóirí réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, go sonrach trí oiliúint a bheith ar fáil i dteangacha éagsúla agus ar fud an Aontais agus trí mhalartú dea-chleachtais agus saineolais le haghaidh ball foirne, go háirithe le haghaidh eagraíochtaí tomhaltóirí i mBallstáit nach bhfuil forbairt leordhóthanach déanta acu nó a léiríonn leibhéal measartha íseal de mhuinín agus d’fheasacht tomhaltóirí a thaispeántar trí fhaireachán a dhéanamh ar mhargaí tomhaltóirí agus ar an timpeallacht tomhaltais sna Ballstáit;

(c)

trédhearcacht níos fearr agus tuilleadh malartuithe dea-chleachtais agus saineolais, go háirithe trí fheabhas a chur ar líonrú, agus cuideofar leis an bhfeabhas sin trí thairseach ar líne a bhunú d’eagraíochtaí tomhaltóirí le go gcuirfear ionad malartaithe idirghníomhaigh agus líonraithe ar fáil agus le go gcuirfear ábhair a tháirgtear le linn tréimhsí oiliúna ar fáil saor in aisce;

(d)

tacaíocht do chomhlachtaí idirnáisiúnta a chuireann prionsabail agus beartais chun cinn atá comhsheasmhach le cuspóirí an Chláir.

6.

Feabhas a chur ar thrédhearcacht margaí tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí inchomparáide, iontaofa ag tomhaltóirí agus rochtain éasca acu orthu, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, chun cabhrú leo comparáid a dhéanamh, ní hamháin idir na praghsanna ach idir cáilíocht agus inbhuanaitheacht na n-earraí agus na seirbhísí

(a)

feachtais spreagtha feasachta maidir le saincheisteanna a théann i gcion ar thomhaltóirí, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha leis na Ballstáit;

(b)

gníomhaíochtaí a chuireann feabhas ar thrédhearcacht margaí tomhaltóirí maidir le, mar shampla, táirgí airgeadais miondíola, fuinneamh, cumarsáid dhigiteach agus teileachumarsáid, iompar;

(c)

gníomhaíochtaí lena n-éascófar rochtain ag tomhaltóirí ar fhaisnéis ábhartha, inchomparáide, iontaofa agus a bhfuil fáil uirthi go héasca faoi earraí, faoi sheirbhísí agus faoi mhargaí, go háirithe faisnéis faoi phraghsanna, faoi cháilíocht agus faoi inbhuanaitheacht earraí agus seirbhísí, bíodh an fhaisnéis sin as líne nó ar líne, mar shampla trí láithreáin ghréasáin chomparáide agus trí ghníomhaíochtaí lena n-áirithítear ardcháilíocht agus iontaofacht na láithreán gréasáin sin, lena n-áirítear i gcás ceannachán trasteorann;

(d)

gníomhaíochtaí a mhéadaíonn rochtain tomhaltóirí ar fhaisnéis maidir le tomhaltas inbhuanaithe earraí agus seirbhísí;

(e)

tacaíocht d’imeachtaí a bhaineann le beartas tomhaltóirí an Aontais a eagraíonn an Ballstát a bhfuil Uachtaránacht na bhfoirmeachtaí den Chomhairle, amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha ina sheilbh aige maidir le saincheisteanna i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais atá bunaithe;

(f)

ranníocaíochtaí airgeadais le comhlachtaí náisiúnta um ghearáin chun cabhrú le húsáid modheolaíochta comhchuibhithe chun gearáin agus fiosrúcháin tomhaltóirí a aicmiú agus a thuairisciú;

(g)

tacaíocht do chomhlachtaí ar fud an Aontais i ndáil le cóid iompair, cleachtais is fearr agus treoirlínte le haghaidh comparáide praghsanna, comparáide cáilíochta agus comparáide inbhuanaitheachta a fhorbairt, lena n-áirítear trí láithreáin ghréasáin chomparáide;

(h)

tacaíocht do chumarsáid maidir le saincheisteanna tomhaltóirí, lena n-áirítear trí scaipeadh faisnéise atá ceart agus ábhartha ag na meáin a spreagadh i dtaca le saincheisteanna tomhaltóirí.

7.

Feabhas a chur ar oideachas do thomhaltóirí mar phróiseas feadh an tsaoil agus díriú ar leith ar thomhaltóirí leochaileacha

(a)

tairseach idirghníomhach a fhorbairt maidir le malartú na gcleachtas is fearr agus na n-ábhar i dtaca le hoideachas feadh an tsaoil do thomhaltóirí agus, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear amú iad, díriú ar leith ar thomhaltóirí leochaileacha a mbíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar fhaisnéis do thomhaltóirí agus í a thuiscint;

(b)

forbairt a dhéanamh, i gcomhar leis na geallsealbhóirí amhail údaráis náisiúnta, múinteoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí agus na daoine a bhíonn gníomhach ar leibhéal an phobail, ar bhearta agus ábhair oideachais i dtaca le meáin éagsúla lena n-áirítear meáin dhigiteacha a bhaineann, mar shampla, le cearta tomhaltóirí lena n-áirítear saincheisteanna trasteorann, sláinte agus sábháilteacht, reachtaíocht an Aontais maidir le tomhaltóirí, tomhaltas inbhuanaithe agus eiticiúil lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin de chuid an Aontais, feasacht maidir le hairgeadas agus na meáin, go háirithe trí leas a bhaint as ábhair a táirgeadh ar an leibhéal náisiúnta nó a táirgeadh do thionscnaimh a rinneadh cheana (e.g. ábhair a bhailiú, a thiomsú, a aistriú agus a scaipeadh).

Cuspóir III

Cearta agus sásamh: cearta tomhaltóirí a fhorbairt agus a atreisiú go háirithe trí ghníomhaíocht chliste rialála agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar shásamh simplí, éifeachtúil, caoithiúil agus atá ar chostas íseal lena n-áirítear réiteach malartach díospóidí

8.

Reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí agus tionscnaimh rialála eile arna n-ullmhú ag an gCoimisiún, faireachán ar an gcaoi a dhéanann na Ballstáit iad a thrasuí agus meastóireacht ina dhiaidh sin ar a dtionchar, agus tionscnaimh chomhrialála agus féinrialála a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar iarbhír a bhíonn ag na tionscnaimh sin ar mhargaí tomhaltóirí, lena n-áirítear:

(a)

staidéir agus gníomhaíochtaí cliste rialála amhail meastóireachtaí ex-ante agus ex-post, measúnuithe tionchair, comhairliúcháin leis an bpobal, meastóireacht agus simpliú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana;

(b)

seimineáir, comhdhálacha, ceardlanna agus cruinnithe geallsealbhóirí agus saineolaithe;

(c)

bunachair shonraí a bhféadtar rochtain éasca agus phoiblí a fháil orthu agus ina gcuimsítear cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorbairt agus a choimeád ar bhun;

(d)

meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár.

9.

Rochtain ar shásraí réitigh díospóidí a éascú do thomhaltóirí, go háirithe ar scéimeanna um réiteach malartach díospóidí, lena n-áirítear trí chóras ar líne ar fud an Aontais agus trí líonrú a dhéanamh ar eintitis náisiúnta um réiteach malartach díospóidí, agus aird ar leith á tabhairt ar bhearta leordhóthanacha do riachtanais agus do chearta tomhaltóirí leochaileacha; trí fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht sásraí réitigh díospóidí do thomhaltóirí, lena n-áirítear trí uirlisí TF ábhartha a fhorbairt agus a choimeád ar bun freisin agus trí na cleachtais is fearr atá ann faoi láthair agus an taithí atá ag na Ballstáit a mhalartú

(a)

uirlisí TF a fhorbairt agus a choimeád ar bun;

(b)

tacaíocht maidir le córas réitigh díospóidí ar líne ar fud an Aontais a fhorbairt agus maidir lena choimeád ar bun, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh seirbhísí gaolmhara amhail aistriúchán;

(c)

tacaíocht maidir le líonrú eintiteas náisiúnta um réiteach malartach díospóidí, agus maidir lena ndea-chleachtas agus lena dtaithí a mhalartú agus a scaipeadh;

(d)

uirlisí sonracha a fhorbairt chun rochtain ar shásamh a éascú do dhaoine leochaileacha a mbíonn leisce orthu sásamh a lorg.

Cuspóir IV

Forfheidhmiú: tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú ceart tomhaltóirí tríd an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin a neartú agus trí thacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí trí bhíthin comhairle

10.

Gníomhaíochtaí faireachais agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

uirlisí TF a fhorbairt agus a choimeád ar bun, amhail bunachair shonraí, córais faisnéise agus chumarsáide;

(b)

gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar chomhar idir údaráis chomh maith le faireachán agus forfheidhmiú a chomhordú amhail malartuithe oifigeach forfheidhmiúcháin, gníomhaíochtaí coitianta, oiliúint le haghaidh oifigeach forfheidhmiúcháin agus le haghaidh bhaill na mbreithiúna;

(c)

seimineáir, comhdhálacha, ceardlanna agus cruinnithe geallsealbhóirí agus saineolaithe maidir le forfheidhmiú a eagrú;

(d)

comhar riaracháin agus forfheidhmiúcháin le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár agus le heagraíochtaí náisiúnta.

11.

Ranníocaíochtaí airgeadais i leith gníomhaíochtaí comhpháirteacha le comhlachtaí poiblí nó neamhbhrabúsacha arb éard iad líonraí an Aontais a chuireann faisnéis agus cúnamh ar fáil do thomhaltóirí chun cuidiú leo a gcearta a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar réiteach díospóidí iomchuí, lena n-áirítear scéimeanna réitithe ar líne lasmuigh den chúirt (Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí), lena gcumhdaítear freisin an méid seo a leanas;

(a)

uirlisí TF a fhorbairt agus a choimeád ar bun, amhail bunachair shonraí, córais faisnéise agus chumarsáide, ar córais iad a bhfuil gá leo maidir le feidhmiú cuí Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí;

(b)

gníomhaíochtaí chun próifíl agus infheictheacht na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí a ardú.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 3 DEN RIALACHÁN SEO

Cuspóir I

Sábháilteacht: sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais

Táscaire

Foinse

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc

% d’fhógraí RAPEX ina gcuimsítear frithghníomh amháin ar a laghad (ag Ballstáit eile)

RAPEX

43 % (843 fógra) in 2010

Méadú 10 % faoi 2020

Líon cóimheasa na bhfrithghníomhartha / líon na bhfógraí (rioscaí tromchúiseacha) (1)

RAPEX

1,07 in 2010

Méadú 15 % faoi 2020

Cuspóir II

Faisnéis agus oideachas do thomhaltóirí agus tacaíocht d’eagraíochtaí tomhaltóirí: feabhas a chur ar an oideachas a chuirtear ar thomhaltóirí, ar an bhfaisnéis atá acu agus ar a bhfeasacht maidir lena gcearta, an bonn fianaise le haghaidh beartas tomhaltóirí a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí tomhaltóirí, agus riachtanais shonracha na dtomhaltóirí leochaileacha á gcur san áireamh freisin

Táscaire

Foinse

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc

Líon na gcomhlachtaí um ghearáin agus líon na dtíortha a chuir gearáin isteach chuig an ECCRS

Córas ECCRS (Clárú Gearán ó Thomhaltóirí na hEorpa)

33 chomhlachtaí um ghearáin i 7 dtíortha in 2012

70 comhlachtaí um ghearáin i 20 tír faoi 2020

Cuspóir III

Cearta agus sásamh: cearta tomhaltóirí a fhorbairt agus a atreisiú go háirithe trí ghníomhaíocht chliste rialála agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar shásamh simplí, éifeachtúil, caoithiúil agus atá ar chostas íseal lena n-áirítear réiteach malartach díospóidí

Táscaire

Foinse

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc

% na gcásanna sin a bhí idir lámha ag na ECCanna agus nár réitíodh go díreach le trádálaithe ach a cuireadh ar aghaidh chuig réiteach malartach díospóidí (ADR) ina dhiaidh sin

Tuarascáil bhliantúil ECC

9 % in 2010

75 % faoi 2020

Líon na gcásanna ar déileáladh leo trí chóras réitigh díospóidí ar líne (ODR) ar fud an Aontais.

Clár ODR

17 500 (méid na ngearán a bhain le hidirbhearta ríomhthráchtála agus a fuair ECCanna) in 2010

100 000 faoi 2020

% tomhaltóirí a chuaigh i mbun gnímh mar fhreagairt ar fhadhb a bhain dóibh sa 12 mhí roimhe seo:

Scórchlár na dTomhaltóirí

83 % in 2010

90 % faoi 2020

Cuspóir IV

Forfheidhmiú: tacaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú ceart tomhaltóirí tríd an gcomhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin a neartú agus trí thacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí trí bhíthin comhairle

Táscaire

Foinse

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc

Leibhéal an tsreabhaidh faisnéise agus an chomhair laistigh de Líonra CPC:

Bunachar sonraí Líonra CPC (CPCS

meáin bhliantúlaithe 2007-2010

 

líon na n-iarrataí maidir le faisnéis a mhalartú idir údaráis CPC

 

129

méadú 30 % faoi 2020

líon na n-iarrataí maidir le bearta forfheidhmiúcháin idir údaráis CPC

 

142

méadú 30 % faoi 2020

líon na bhfoláireamh laistigh de líonra CPC

 

63

méadú 30 % faoi 2020

% na n-iarrataí ar fhorfheidhmiú a bhí idir lámha i líonra CPC laistigh de 12 mhí

Bunachar sonraí Líonra CPC (CPCS)

50 % (tréimhse tagartha 2007-10)

60 % faoi 2020

% na n-iarrataí ar fhaisnéis a bhí idir lámha i líonra an CPC laistigh de 3 mhí

Bunachar sonraí Líonra CPC (CPCS)

33 % (tréimhse tagartha 2007-10)

50 % faoi 2020

Líon na dteagmhálacha le tomhaltóirí ar dhéileáil Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí (ECC) leo

Tuarascáil ECC

71 000 in 2010

Méadú 50 % faoi 2020

Líon na gcuairteanna ar líonraí ECCanna

Tuarascáil Mheastóireachta ECC-Net

1 670 000 in 2011

Méadú 70 % faoi 2020

D’fhéadfadh sé go measfaí na táscairí seo in éineacht le táscairí comhthéacs ghinearálta agus le táscairí cothrománacha.


(1)  is féidir le fógra roinnt frithghníomhartha a spreagadh ó údaráis Ballstát eile


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

57


RIALACHÁN (AE) Uimh. 255/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle i réimse allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile ón Tuirc, maidir leis na cumhachtaí tarmligthe agus na cumhachtaí cur chun feidhme atá le tabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle (2), tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm socruithe speisialta d’allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta eile de thionscnamh na Tuirce. Tugtar cumhachtaí don Choimisiún leis freisin coigeartuithe ar an Rialachán sin a ghlacadh, má leasaítear na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle (3), tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis rialacha mionsonraithe speisialta a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an chórais allmhairiúcháin do tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a cheadaítear a allmhairiú isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce (4).

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle (5), tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta fionraí dá dtagraítear sa Rialachán sin a aisghairm, a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh.

(4)

De thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE.

(5)

Ar mhaithe le heilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe is gá ar an Rialachán sin i gcás ina leasaítear coinníollacha reatha na socruithe speisialta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais, go háirithe maidir le méideanna, nó i gcás ina dtugtar comhaontú nua i gcrích. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(6)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2008/97, Rialachán (CE) Uimh. 779/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

“Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun na socruithe speisialta allmhairiúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8b(2).

Airteagal 8

Chun na gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle na leasuithe ar choinníollacha reatha na socruithe speisialta dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a fhormheas, nó comhaontú nua a thabhairt i gcrích, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a maidir leis na leasuithe iarmhartacha ar an Rialachán seo.”.

(2)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 9 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8b

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 779/98 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá a ghlacadh chun an córas allmhairiúcháin do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar táirgí iad de thionscnamh na Tuirce agus a allmhairítear isteach san Aontas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/98 ó Chomhairle Chomhlachais CE-na Tuirce a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(2).”.

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 3

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta fionraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhoirceannadh a luaithe is a chuirfear na bacainní ar onnmhairí fabhracha ón Aontas go dtí an Tuirc i leataobh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3a(2).”.

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 3a

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste ar a laghad amhlaidh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Feabhra 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2008/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur i bhfeidhm socruithe speisialta d’allmhairí ola olóige agus táirgí talmhaíochta áirithe eile de thionscnamh na Tuirce (IO L 284, 16.10.1997, lch. 17).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 779/98 ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le táirgí talmhaíochta de thionscnamh na Tuirce a allmhairiú isteach sa Chomhphobal, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4115/86 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3010/95 (IO L 113, 15.4.1998, lch. 1).

(4)  IO L 86, 20.3.1998, lch. 1.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1506/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 lena mbunaítear lamháltas i bhfoirm taraif-chuóta Comhphobail don Tuirc i 1998 i leith cnónna coill agus lena gcuirtear lamháltais áirithe ar fionraí (IO L 200, 16.7.1998, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(9)  Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le códú

Beidh líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha atá i gceist ag gabháil le glacadh an Rialacháin seo. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún go ndéanfar códú ar na gníomhartha chomh tapa agus is féidir a luaithe a ghlacfar an Rialachán, agus roimh an 30 Meán Fómhair 2014 ar a dhéanaí.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint maidir lena chruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

61


RIALACHÁN (AE) Uimh. 256/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach agus a chuirtear in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá léargas foriomlán ar fhorbairt na hinfheistíochta i mbonneagar fuinnimh an Aontais fíorthábhachtach d’fhorbairt bheartas fuinnimh an Aontais, agus fíorthábhachtach don Choimisiún chun a chúramaí i réimse an fhuinnimh a chur i gcrích. A bhuí le hinfhaighteacht rialta shonraí cothrom le dáta, ba cheart a chur ar chumas an Choimisiúin na comparáidí agus na meastóireachtaí is gá a dhéanamh agus bearta ábhartha a mholadh atá bunaithe ar na figiúirí agus ar na hanailísí iomchuí, go háirithe maidir leis an gcóimheá idir soláthar agus éileamh i gcúrsaí fuinnimh amach anseo.

(2)

Tá athrú suntasach tagtha ar chúrsaí fuinnimh laistigh agus lasmuigh den Aontas le blianta beaga anuas, agus dá thoradh sin is saincheist fhíorthábhachtach í an infheistíocht i mbonneagar fuinnimh d’fhonn soláthar fuinnimh san Aontas a chinntiú, ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go ndéanfar an t-aistriú i dtreo córais fuinnimh ísealcharbóin a bhfuil an tAontas tosnaithe air cheana féin.

(3)

Mar gheall ar an gcomhthéacs nua fuinnimh, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach i ngach cineál bonneagair, i ngach earnáil fuinnimh chomh maith le forbairt ar chineálacha nua bonneagair agus teicneolaíochtaí nua a nglacfar leo sa mhargadh. Mar gheall ar léirscaoileadh na hearnála fuinnimh agus ar comhtháthú breise an mhargaidh inmheánaigh, tá ról níos suntasaí ag oibreoirí eacnamaíochta i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh. Ag an am céanna, mar gheall ar cheanglais nua beartais, amhail spriocanna a dhéanann difear don mheascán breosla, athrófar beartais na mBallstát i bhfabhar bonneagair fuinnimh nua agus/nó nuachóirithe.

(4)

Sa chomhthéacs seo, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar infheistíocht i mbonneagar fuinnimh an Aontais, go háirithe chun bheith in oirchill fadhbanna, dea-chleachtas a chur chun cinn agus níos mó trédhearcachta a bhunú i dtaca le forbairt an chórais fuinnimh amach anseo san Aontas.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, agus go háirithe ba cheart dá Fhaireachlann Margaidh don Fhuinneamh sonraí cruinne agus faisnéis chruinn a bheith ar fáil acu faoi thionscadail infheistíochta, lena n-áirítear díchoimisiúnú sna comhchodanna is suntasaí de chóras fuinnimh an Aontais.

(6)

I dtaca le hinfheistíocht an Aontais amach anseo, tá tábhacht ag sonraí agus faisnéis faoi fhorbairtí intuartha ar acmhainn táirgthe tarchuir agus stórála faoi thionscadail sna hearnálacha fuinnimh éagsúla don Aontas. Dá bhrí sin is gá a áirithiú go dtabharfar fógra don Choimisiún i dtaobh tionscadail infheistíochta a bhfuil tús curtha le hobair tógála nó le hobair díchoimisiúnaithe nó a bhfuil cinneadh deiridh infheistíochta déanta ina leith.

(7)

De bhun Airteagal 41 agus Airteagal 42 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), tá d’oibleagáid ar ghnóthais fógra a thabhairt faoina dtionscadail infheistíochta. Ní foláir tuairisciú tráthrialta ar chur chun feidhme na dtionscadal infheistíochta a bheith ag gabháil mar fhorlíonadh le faisnéis den sórt sin. Beidh an tuairisciú breise sin gan dochar d’Airteagail 41 go 44 de Chonradh Euratom. Mar sin féin, ba cheart forchur ualaigh dhúbailte ar ghnóthais a sheachaint i gcás inar féidir.

(8)

Ionas go mbeidh dearcadh comhsheasmhach ag an gCoimisiún faoi fhorbairtí amach anseo ar chóras fuinnimh an AE ina iomláine, ní foláir creat tuairiscithe comhchuibhithe le haghaidh tionscadal infheistíochta a bheith ann agus é bunaithe ar chatagóirí nuashonraithe maidir le sonraí oifigiúla agus faisnéis oifigiúil a bheidh le tarchur ag na Ballstáit.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit, chun na críche seo, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí agus faoi fhaisnéis i ndáil le tionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh, bíodh siad sin beartaithe nó i mbun tógála ina gcríoch, ar tionscadail iad a bhaineann le táirgeadh, stóráil agus iompar ola, gáis nádúrtha, leictreachais, lena n-áirítear leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, leictreachas ó ghual agus lignít, agus comhghiniúint leictreachais agus teasa úsáidigh; táirgeadh bithbhreoslaí; gabháil, iompar agus stóráil dé-ocsaíde carbóin. Ba cheart do na Ballstáit fógra chomh maith a thabhairt don Choimisiún maidir le sonraí agus faisnéis i dtaca le tionscadail infheistíochta in idirnaisc leictreachais agus idirnaisc gáis le tríú tíortha. Ba cheart é bheith d’oibleagáid ar na gnóthais lena mbaineann fógra maidir le sonraí agus faisnéis den sórt sin a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann.

(10)

I bhfianaise an amscála a ghabhann le tionscadail infheistíochta in earnáil an fhuinnimh, ba cheart gur leor tuairisciú a dhéanamh gach re bliain.

(11)

D’fhonn ualaigh riaracháin dhíréireacha a sheachaint agus d’fhonn na costais ar Bhallstáit agus ar ghnóthais a íoslaghdú, go háirithe i gcás fiontar beag agus meánmhéide, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo Ballstáit agus gnóthais a dhíolmhú ó oibleagáidí tuairiscithe, ar choinníoll go ndearnadh cheana faisnéis choibhéiseach agus inchomparáide a sholáthar don Choimisiún de bhun gníomhartha dlíthiúla an Aontais a bhaineann go sonrach le hearnáil an fhuinnimh agus a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí mhargaí iomaíocha fuinnimh an Aontais a bhaint amach, eadhon inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais agus cinnteacht an tsoláthair fuinnimh chuig an Aontas. Ba cheart go seachnófaí, dá bhrí sin, aon dúbailt ar cheanglais tuairiscithe a shonraítear sa tríú pacáiste maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha. Chun an t-ualach tuairiscithe a éascú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit d’fhonn na cásanna a shoiléiriú ina measfaidh sé ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag na sonraí nó an fhaisnéis a cuireadh in iúl cheana dó faoi ghníomhartha dlíthiúla eile.

(12)

Ba cheart don Choimisiún, agus go háirithe ba cheart dá Fhaireachlann Margaidh don Fhuinneamh, a bheith in ann na bearta iomchuí go léir a ghlacadh chun sonraí a phróiseáil, agus chun an fógra faoi shonraí a shimpliú agus a áirithiú chomh maith, go háirithe uirlisí agus nósanna imeachta comhtháite TF a oibriú, ar bearta iad ar cheart go ráthófaí leo rúndacht na sonraí nó an fhaisnéis a cuireadh in iúl don Choimisiún.

(13)

Tá cosaint daoine aonair i ndáil le Ballstáit bheith ag próiseáil sonraí pearsanta faoi rialú ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus tá cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ní dhéanann an Rialachán seo athrú ar bith ar na forálacha sin.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit, nó a gcuid eintiteas tarmligthe, agus don Choimisiúin rúndacht sonraí agus faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit nó a gcuid eintiteas tarmligthe, cé is moite de shonraí agus faisnéis a bhaineann le tionscadail trasteorann, comhiomlánú a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis sin ar an leibhéal náisiúnta sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad. Dá mbeadh gá leis, ba cheart don Choimisiún comhiomlánú breise a dhéanamh ar na sonraí seo ar bhealach nach bhféadfaí aon mhionsonraí maidir le gnóthais ar leith ná suiteálacha ar leith a nochtadh ná a bhaint mar thátal astu.

(15)

Ba cheart don Choimisiún, agus go háirithe ba cheart dá Fhaireachlann Margaidh don Fhuinneamh, anailís a sholáthar go rialta agus go tras-earnálach ar fhorás struchtúrach agus ar pheirspictíochtaí chóras fuinnimh an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, anailís níos dírithe a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den chóras fuinnimh sin. Ba cheart don anailís sin rannchuidiú go háirithe le slándáil fuinnimh a fheabhsú trí na bearnaí féideartha sa bhonneagar agus san infheistíocht a aithint d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar agus éileamh i gcúrsaí fuinnimh. Ba cheart don anailís bheith ina hábhar caibidle i bplé ar leibhéal an Aontais faoi bhonneagair fuinnimh agus ba cheart dá bhrí sin í a sheoladh ar aghaidh go Parlaimint na hEorpa, go dtí an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus í a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara.

(16)

Beidh fiontair bheaga agus mheánmhéide ábalta tairbhiú, i gcomhthéacs a bpleanála infheistíochta, ó anailís trasearnála an Choimisiúin agus ó na sonraí agus ón bhfaisnéis arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo.

(17)

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe ó na Ballstáit nó ó aon saineolaithe inniúla eile; d’fhonn tuiscint choiteann ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa bhonneagar agus ar na rioscaí gaolmhara a fhorbairt agus chun trédhearcacht i ndáil le forbairtí amach anseo a rachaidh chun leasa go háirithe d’iontrálaithe nua sa mhargadh a chothú.

(18)

Ba cheart don Rialachán seo teacht in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle (5), a cuireadh ar ceal ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 6 Meán Fómhair 2012 (6) agus a raibh a éifeachtaí le cothabháil go dtí go dtiocfadh rialachán nua i bhfeidhm. Dá bhrí sin, le teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh éifeacht le neamhniú Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 mar a rialaigh an Chúirt. Ina theannta sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle (7), a aisghaireadh leis an Rialachán a cuireadh ar neamhní (AE, Euratom) Uimh. 617/2010, a aisghairm leis an Rialachán seo.

(19)

Leagtar amach foirm agus sonraí teicniúla maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí agus faoi fhaisnéis i ndáil le tionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010 (8). Ba cheart go leanfadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010 de bheith infheidhme go dtí go ndéanfar é a leasú, rud a dhéanfar i ndiaidh ghlacadh an Rialacháin seo.

(20)

Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit ach gur féidir, de bharr a scála agus a n-éifeachtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaíonn an Rialachán seo creat coiteann chun fógra a thabhairt don Choimisiún i leith sonraí agus faisnéise i dtaobh tionscadail infheistíochta i mbonneagar fuinnimh sna hearnálacha ola, gáis nádúrtha, leictreachais – lena n-áirítear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, leictreachas ó ghual agus lignít, agus comhghiniúint leictreachais agus teasa úsáidigh – chomh maith le tionscadail infheistíochta a bhaineann le táirgeadh bithbhreosla agus gabháil, iompar agus stóráil dé-ocsaíde carbóin a tháirgeann na hearnálacha sin.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tionscadail infheistíochta de na cineálacha atá liostaithe san Iarscríbhinn ar a bhfuil obair thógála nó dhíchoimisiúnaithe tosaithe nó a ndearnadh cinneadh infheistíochta deiridh ina leith.

Anuas air sin féadfaidh na Ballstáit aon sonraí measta nó réamhfhaisnéis a chur isteach maidir le tionscadail infheistíochta de na cineálacha a liostaítear san Iarscríbhinn ar a bhfuil sé beartaithe tús a chur le hobair thógála laistigh de chúig bliana agus i dtaca leis na tionscadail infheistíochta atá le díchoimisiúnú laistigh de thrí bliana, ach nach ndearnadh cinneadh infheistíochta deiridh ina leith.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “bonneagar” aon chineál suiteálacha nó aon chuid de shuiteáil a bhaineann le táirgeadh, tarchur agus stóráil, lena n-áirítear idirnaisc idir an tAontas agus tríú tíortha;

(2)

ciallaíonn “tionscadail infheistíochta” tionscadail chun:

(i)

bonneagar nua a thógáil;

(ii)

acmhainn an bhonneagair atá ann cheana a chlaochlú, a nuachóiriú, a mhéadú nó a laghdú;

(iii)

an bonneagar atá ann cheana a dhíchoimisiúnú go páirteach nó go hiomlán;

(3)

ciallaíonn “cinneadh infheistíochta deiridh” an cinneadh arna dhéanamh ar leibhéal gnóthais chun cistí a chur ar leataobh go cinntitheach do chéim infheistíochta tionscadail;

(4)

ciallaíonn “céim infheistíochta” an chéim ina dtarlaíonn tógáil nó díchoimisiúnú agus ina dtabhaítear costais chaipitiúla; ní áirítear ann céim na pleanála;

(5)

ciallaíonn “céim pleanála” an chéim sin ina n-ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus staidéir theicniúla, ceadúnais agus údaruithe a fháil agus costais chaipitiúla a thabhú;

(6)

ciallaíonn “tionscadail infheistíochta atá á dtógáil” tionscadail infheistíochta a bhfuil an tógáil tosaithe orthu agus a bhfuil costais chaipitiúla tabhaithe ina leith;

(7)

ciallaíonn “díchoimisiúnú” an chéim ina dtógtar an bonneagar as feidhm go buan;

(8)

ciallaíonn “táirgeadh” leictreachas a ghiniúint agus breoslaí a phróiseáil, lena n-áirítear bithbhreoslaí;

(9)

ciallaíonn “tarchur” iompar foinsí nó táirgí fuinnimh nó dé-ocsaíde carbóin trí líonra, go háirithe:

(i)

trí phíblínte, seachas líonraí píblínte réamhtheachtacha agus seachas an chuid sin de phíblínte a úsáidtear go príomha mar chuid de dháileadh áitiúil; nó

(ii)

trí chórais idirnasctha ar bhreis ardvoltais agus ar ardvoltas, seachas na córais a úsáidtear go príomha mar chuid de dháileadh áitiúil;

(10)

ciallaíonn “gabháil” an próiseas lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha le haghaidh stórála;

(11)

ciallaíonn “stóráil” stocáil fuinnimh nó foinsí fuinnimh ar bhonn buan nó sealadach i suíomhanna bonneagair nó geolaíocha atá os cionn na talún nó faoi thalamh, nó dé-oscsaíd charbóin a choimeád i bhfoirmíochtaí geolaíocha faoi thalamh;

(12)

ciallaíonn “gnóthas” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, cibé acu príobháideach nó poiblí, a dhéanann cinneadh ar thionscadail infheistíochta nó a chuireann tionscadail infheistíochta chun feidhme;

(13)

ciallaíonn “foinsí fuinnimh”:

(i)

príomhfhoinsí fuinnimh, amhail ola, gás nádúrtha nó gual;

(ii)

foinsí claochlaithe fuinnimh, amhail leictreachas;

(iii)

foinsí fuinnimh in-athnuaite lena n-áirítear hidrealeictreachas, bithmhais, bithghás, fuinneamh gaoithe, gréine, taoidmhear, tonnta agus geoiteirmeach; agus

(iv)

táirgí fuinnimh, amhail táirgí ola scagtha agus bithbhreoslaí;

(14)

ciallaíonn “comhlacht sonrach” comhlacht a bhfuil cúram air, faoi aon ghníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a bhaineann go sonrach leis an earnáil fuinnimh, pleananna ilbhliantúla ar fud an Aontais um fhorbairt agus um infheistíocht i líonraí a ullmhú agus a ghlacadh i ndáil leis an mbonneagar fuinnimh, amhail an líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha leictreachais (“ENTSO-E”) dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) amhail an líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha gáis (“ENTSO-G”) dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(15)

ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe” sonraí arna gcomhiomlánú ar leibhéal Ballstáit amháin nó níos mó.

Airteagal 3

Fógra a thabhairt faoi shonraí

1.   Agus an t-ualach a ghabhann le bailiú agus tuairisciú á choimeád ar leibhéal comhréireach, déanfaidh na Ballstáit, nó na heintitis a dtarmligeann siad an cúram sin chucu, na sonraí agus an fhaisnéis go léir a cheanglaítear faoin Rialachán seo a thiomsú ón 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bliain ina dhiaidh sin.

Tabharfaidh siad fógra faoi na sonraí agus faoin bhfaisnéis is ábhartha don tionscadal atá sonraithe sa Rialachán seo don Choimisiún sa bhliain 2015, arb í an chéad bhliain tuairiscithe í, agus gach dara bliain ina dhiaidh sin. Tabharfar an fógra sin i bhfoirm chomhiomlánaithe, cé is moite de shonraí agus faisnéis ábhartha a bhaineann le tionscadail tarchurtha trasteorann.

Tabharfaidh na Ballstáit nó na heintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu fógra faoi na sonraí comhiomlánaithe agus faoin bhfaisnéis is ábhartha don tionscadal faoin 31 Iúil sa bhliain tuairiscithe lena mbaineann.

2.   Tá na Ballstáit nó a n-eintitis tarmligthe díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, ar chuntar, agus sa mhéid is, de bhun ghníomhartha dlí an Aontais a bhaineann go sonrach leis an earnáil fuinnimh nó de bhun Chonradh Euratom:

(a)

go mbeidh fógra faoi na sonraí nó faoin bhfaisnéis atá comhionann le ceanglais an Rialacháin seo tugtha don Choimisiún cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann nó ag an eintiteas a dtarmligeann sé an cúram chuige agus go mbeidh dáta an fhógra agus an gníomh sonrach dlíthiúil lena mbaineann tugtha le fios aige; nó

(b)

go mbeidh cúram ullmhúchán an phlean infheistíochta ilbhliantúil i mbonneagar fuinnimh ar leibhéal an Aontais curtha ar chomhlacht sonrach agus go ndéanfaidh an comhlacht sin na sonraí agus an fhaisnéis atá comhionann le ceanglais an Rialacháin seo a thiomsú chun na gcríoch sin. Sa chás sin agus chun críocha an Rialacháin seo, tabharfaidh an comhlacht sonrach sin fógra faoi na sonraí agus faoin bhfaisnéis ábhartha ar fad don Choimisiún.

Airteagal 4

Foinsí sonraí

Tabharfaidh na gnóthais lena mbaineann, roimh an 1 Meitheamh i ngach bliain tuairiscithe, fógra faoi na sonraí nó faoin bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 do na Ballstáit, nó dá n-eintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu, is é sin, na Ballstáit nó na heintitis a mbeartaíonn siad na tionscadail infheistíochta a dhéanamh ina gcríoch. Léireofar sna sonraí nó san fhaisnéis faoina dtabharfar fógra staid na dtionscadal infheistíochta amhail ar an 31 Márta sa bhliain ábhartha tuairiscithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás gnóthais a ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh ina leith úsáid a bhaint as meáin eile chun sonraí nó faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 a sholáthar don Choimisiún, ar choinníoll go mbeidh na sonraí nó an fhaisnéis a sholáthrófar inchomparáideach.

Airteagal 5

Inneachar an fhógra

1.   Maidir le tionscadail infheistíochta de na cineálacha atá liostaithe san Iarscríbhinn, tabharfaidh an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 3 an méid seo a leanas le fios, i gcás inarb iomchuí:

(a)

toilleadh na hacmhainne atá pleanáilte nó á tógáil;

(b)

cineál agus príomhthréithe an bhonneagair nó na n-acmhainní atá pleanáilte nó á dtógáil, lena n-áirítear ionad tionscadal tarchurtha trasteorann, más infheidhme;

(c)

an bhliain is dóchúil ina mbeidh an coimisiúnú;

(d)

cineál na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear;

(e)

na suiteálacha lenar féidir freagairt do ghéarchéimeanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, amhail trealamh lenar féidir sreabha cúltreo nó malartú breosla a dhéanamh; agus

(f)

suiteáil córas gabhála carbóin nó sásraí iarfheistithe chun carbón a ghabháil agus a stóráil.

2.   Maidir le haon díchoimisiúnú beartaithe ar acmhainní, tabharfaidh an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 3 na nithe seo a leanas le fios:

(a)

cineál agus acmhainn an bhonneagair lena mbaineann; agus

(b)

an bhliain is dóchúil ina mbeidh an díchoimisiúnú.

3.   Áireofar in aon fhógra faoi Airteagal 3, i gcás inarb iomchuí:

(a)

méid iomlán na n-acmhainní táirgthe, tarchurtha agus stórála suiteáilte atá ann ag tús na bliana tuairiscithe lena mbaineann nó a mbristear isteach ar a n-oibriú ar feadh tréimhse is faide ná trí bliana; agus

(b)

faisnéis ábhartha maidir le moill agus/nó constaicí le cur i bhfeidhm tionscadail infheistíochta, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ag na Ballstáit, ag a n-aonáin tharmligthe nó ag an gcomhlacht sonrach lena mbaineann.

Airteagal 6

Caighdeán agus poiblíocht na sonraí

1.   Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit, na heintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu nó, más iomchuí, na comhlachtaí sonracha cáilíocht, ábharthacht, cruinneas, soiléire, tráthúlacht agus comhleanúnachas na sonraí agus na faisnéise a dtugann siad fógra don Choimisiúin ina leith a áirithiú.

Nuair a dhéanann comhlachtaí sonracha fógra a thabhairt, féadfaidh nótaí tráchta iomchuí ó na Ballstáit a bheith ag gabháil leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a dtugtar fógra ina leith.

2.   Féadfaidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis atá comhiomlánaithe a chuirfear ar aghaidh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú, in anailísí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) go háirithe, ar choinníoll nach ndéanfar aon mhionsonraí maidir le gnóthais ar leithligh a nochtadh nó nach féidir aon mhionsonraí den sórt sin a bhaint mar thátal as an bhfoilsiú sin.

3.   Caomhnóidh na Ballstáit, na heintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu, nó an Coimisiún araon rúndacht sonraí nó faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de agus atá ina seilbh acu a chaomhnú.

Airteagal 7

Forálacha cur chun feidhme

Faoi na teorainneacha atá leagtha síos ag an Rialachán seo, faoin 10 Meitheamh 2014, glacfaidh an Coimisiún na forálacha is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, i ndáil le foirm agus sonraí teicniúla eile fhógra na sonraí agus na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 5. Go dtí sin, beidh feidhm fós ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010.

Airteagal 8

Próiseáil sonraí

Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt, óstáil, bainistiú agus cothabháil na n-acmhainní TF atá riachtanach chun aon phróiseáil ar na sonraí nó ar an bhfaisnéis faoi bhonneagar fuinnimh, a dtugtar fógra ina leith don Choimisiún de bhun an Rialacháin seo, a fháil, a stóráil agus a chur i gcrích.

Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún go ráthóidh na hacmhainní TF dá dtagraítear sa chéad mhír rúndacht na sonraí nó na faisnéise a thugtar i bhfógra dó de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 9

Cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí

Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais, agus go háirithe, ní dhéantar athrú leis ar oibleagáidí na mBallstát maidir le próiseáil sonraí pearsanta, mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE, ná ní dhéantar athrú leis ar na hoibleagáidí atá ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 10

Faireachán agus tuairisciú

1.   Ar bhonn na sonraí agus na faisnéise a chuirfear ar aghaidh agus, más iomchuí, ar bhonn aon fhoinsí sonraí eile lena n-áirítear sonraí arna gceannach ag an gCoimisiún, agus anailísí ábhartha curtha san áireamh amhail na pleananna ilbhliantúla um fhorbairt i líonraí gáis agus leictreachais, cuirfidh an Coimisiún anailís trasearnála ar éabhlóid struchtúrach agus ar pheirspictíochtaí chóras fuinnimh an Aontais ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus foilseoidh an Coimisiún an anailís sin gach dara bliain. Beidh sé d’aidhm ag an anailís sin go háirithe:

(a)

bearnaí ionchasacha a shainaithint amach anseo idir éileamh agus soláthar fuinnimh a bhfuil tábhacht ag baint leo i gcás beartais fuinnimh an Aontais, lena n-áirítear i gcás fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, le béim ar easnaimh ionchasacha amach anseo agus fabhtanna sa bhonneagar táirgthe agus tarchurtha;

(b)

constaicí infheistíochta a shainaithint agus dea-chleachtais a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt orthu; agus

(c)

trédhearcacht a mhéadú ar mhaithe le rannpháirtithe sa mhargadh agus iontrálaithe ionchasacha sa mhargadh.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún aon anailís shonrach, a mheasfar is gá nó is iomchuí, a sholáthar ar bhonn na sonraí agus na faisnéise seo.

2.   Agus na hanailísí dá dtagraítear i mír 1 á n-ullmhú, féadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit agus/nó aon saineolaithe eile, comhlachais ghairmiúla a bhfuil inniúlacht shonrach acu sa réimse lena mbaineann a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún.

Tabharfaidh an Coimisiún deis do na Ballstáit ar fad ráiteas a thabhairt faoi na dréachtanailísí.

3.   Pléifidh an Coimisiún na hanailísí leis an páirtithe leasmhara, amhail ENTSO-E, ENTSO-G, an Grúpa Comhordaithe Gáis agus an Grúpa Soláthair Ola, an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus an Grúpa Comhordaithe Ola.

Airteagal 11

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus tíolacfaidh sé torthaí an athbhreithnithe sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. San athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún scrúdú, inter alia:

(a)

ar shíneadh féideartha a chur le raon feidhme an Rialacháin seo chun na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(i)

eastóscadh gáis, ola agus guail;

(ii)

críochfoirt le haghaidh gáis nádúrtha chomhbhrúite;

(iii)

cineálacha breise stórála leictreachais; agus

(b)

an cheist maidir le cibé acu ba cheart nó nár cheart tairseacha do shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite a ísliú.

I scrúdú na roghanna seo, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas an gá atá le cothromaíocht a áirithiú idir an t-ualach riaracháin méadaithe agus na buntáistí an fhaisnéis bhreise a fháil.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón 9 Aibreán 2014.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 271, 19.9.2013, lch. 153.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2014.

(3)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281 an 23.11.1995, lch. 31).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2010 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 7).

(6)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2012 i gCás C-490/10, an Pharlaimint v an Chomhairle (2012 ECR I-0000)).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle an 22 Aibreán 1996 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta ar spéis leis an gComhphobal sna hearnálacha peitriliam, gáis nádúrtha agus leictreachais (IO L 102, 25.4.1996, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2010, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 617/2010 ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach (IO L 248, 22.9.2010, lch. 36).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).


IARSCRÍBHINN

TIONSCADAIL INFHEISTÍOCHTA

1.   OLA

1.1.   Scagadh

gléasraí driogtha ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 1 mhilliún tona in aghaidh na bliana,

síneadh ar an toilleadh driogtha thar 1 mhilliún tona in aghaidh na bliana,

gléasraí “athfhoirmithe/scoilte” ag a bhfuil toilleadh íosta de 500 tona in aghaidh an lae,

gléasraí díshulfaraithe le haghaidh ola breosla iarmhartaí/ola gáis/bunábhair/táirgí eile peitriliam,

Ní chuirtear san áireamh gléasraí ceimiceacha nach dtáirgeann ola bhreosla agus/nó breoslaí mótair, nó gur mar sheachtháirgí amháin a tháirgeann siad iad.

1.2.   Iompar

píblínte amhola ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 3 mhilliún tona méadrach in aghaidh na bliana, agus leathnú nó fadú ar na píblínte sin, nach lú a bhfad ná 30 ciliméadar,

píblínte táirgí peitriliam ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 1,5 milliún tona in aghaidh na bliana, agus leathnú nó fadú ar na píblínte sin, nach lú a bhfad ná 30 ciliméadar,

píblínte ar naisc fhíor-riachtanacha iad sna líonraí idirnasctha náisiúnta nó idirnáisiúnta agus píblínte agus tionscadail comhleasa arna sainaithint sna treoirlínte arna dtabhairt isteach faoi Airteagal 171 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).

Ní chuirtear san áireamh píblínte a úsáidtear chun críoch míleata ná na píblínte sin trína dtugtar soláthairtí do ghléasraí nach dtagann faoi réim raon feidhme phointe 1.1.

1.3.   Stóráil

suiteálacha stórála d’amhola agus do tháirgí peitriliam (suiteálacha ag a bhfuil toilleadh 150 000 m 3 nó níos mó nó, i gcás umar, ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 100 000 m 3),

Ní chuirtear san áireamh umair atá beartaithe chun críoch míleata ná na humair sin trína dtugtar soláthairtí do ghléasraí nach dtagann faoi réim raon feidhme phointe 1.1.

2.   GÁS

2.1.   Tarchur

gás, lena n-áirítear gás nádúrtha agus bithghás, píblínte iompair atá mar chuid de líonra ina bhfuil píblínte ardbhrú den chuid is mó, seachas na píblínte atá mar chuid de líonra píblínte réamhtheachtacha agus seachas an chuid sin de phíblínte ardbhrú a úsáidtear go príomha mar chuid de dháileadh áitiúil gáis nádúrtha,

“píblínte agus tionscadail leasa choitinn” arna sainaithint sna treoirlínte a bunaíodh faoi Airteagal 171 CFAE.

2.2.   Críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)

críochfoirt chun GNL a allmhairiú, ag a bhfuil toilleadh athghásaithe 1 bhilliún m3 in aghaidh na bliana nó níos mó.

2.3.   Stóráil

suiteálacha stórála atá nasctha leis na píblínte iompair dá dtagraítear i bpointe 2.1.

Ní chuirtear san áireamh píblínte gáis, críochfoirt agus suiteálacha a úsáidtear chun críoch míleata ná na píblínte gáis, na críochfoirt agus na suiteálacha sin trína dtugtar soláthairtí do ghléasraí ceimiceacha nach dtáirgeann táirgí fuinnimh, nó nach dtáirgeann iad ach mar sheachtháirgí.

3.   LEICTREACHAS

3.1.   Táirgeadh

stáisiúin chumhachta teirmí agus núicléiche (gineadóirí ag a bhfuil acmhainn 100 MW nó níos mó);

suiteálacha giniúna cumhachta bithmhaise/bithleachta/dramhaíola (gineadóirí ag a bhfuil acmhainn 20 MW nó níos mó),

stáisiúin chumhachta a chomhghineann leictreachas agus teas inúsáidte (suiteálacha ag a bhfuil acmhainn leictreach 20 MW nó níos mó),

stáisiúin chumhachta hidrileictrí (suiteálacha ag a bhfuil acmhainn 30 MW nó níos mó),

feirmeacha cumhachta gaoithe ag a bhfuil acmhainn 20 MW nó níos mó,

suiteálacha teirmeacha agus geoiteirmeacha gréine comhchruinnithe (ag a bhfuil acmhainn 20 MW nó níos mó),

suiteálacha fótavoltacha (ag a bhfuil acmhainn 10 MW nó níos mó).

3.2.   Tarchur

línte tarchurtha lasnairde, má ceapadh iad le haghaidh voltais a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal náisiúnta do na línte idirnaisc, agus ar choinníoll gur ceapadh iad le haghaidh voltais 220 kV nó níos mó,

cáblaí tarchurtha faoi thalamh agus fomhuirí, má ceapadh iad le haghaidh voltais 150 kV nó níos mó,

tionscadail leasa choitinn arna sainaithint sna treoirlínte a bunaíodh faoi Airteagal 171 CFAE

4.   BITHBHREOSLA

4.1.   Táirgeadh

Suiteálacha lenar féidir bithbhreoslaí a tháirgeadh nó a scagadh (suiteálacha ag a bhfuil toilleadh 50 000 tona in aghaidh na bliana nó níos mó).

5.   DÉ-OCSAÍD CHARBÓIN

5.1.   Iompar

píblínte CO2 a bhaineann le suiteálacha táirgthe dá dtagraítear i bpointe 1.1 agus i bpointe 3.1.

5.2.   Stóráil

suiteálacha stórála (suíomh nó mórláthair stórála ag a bhfuil toilleadh 100 kt nó níos mó),

Ní chuirtear san áireamh suiteálacha stórála a bheartaítear le haghaidh taighde agus forbartha teicneolaíochta.


20.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


RIALACHÁN (AE) Uimh. 257/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 maidir le cuimsiú na Graonlainne i gcur chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 ón gComhairle (2), bunaítear Córas Comhphobail deimhniúcháin agus rialuithe allmhairithe agus onnmhairithe do dhiamaint gharbha chun críocha scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chur chun feidhme.

(2)

Ní cuid de chríoch an Aontais an Ghraonlainn, ach tá sí san áireamh i liosta na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I gcomhréir le hAirteagal 198 CFAE, is é is cuspóir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha agus na gcríoch thar lear a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir na tíortha agus na críocha sin agus an tAontas ina iomláine.

(3)

I gCinneadh 2014/136/AE ón gComhairle (3) leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta trína gcumasaítear don Ghraonlainn páirt a ghlacadh i scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley um dhiamaint gharbha trína comhar leis an Aontas Eorpach. Neartódh comhar den sórt sin an caidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus an Ghraonlainn i dtionscal na ndiamant, agus go háirithe chuirfeadh sé ar chumas na Graonlainne diamaint gharbha a onnmhairiú agus Deimhniú AE arna eisiúint chun críocha na scéime deimhniúcháin ag gabháil leo, d’fhonn forbairt eacnamaíoch na Graonlainne a chur chun cinn.

(4)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 a leasú ionas go bhféadfaidh Cinneadh 2014/136/AE teacht i bhfeidhm agus go háirithe chun foráil a dhéanamh maidir le cuimsiú na Graonlainne sa scéim deimhniúcháin.

(5)

Dá réir sin, beidh toirmeasc ar an nGraonlainn glacadh le hallmhairí nó onnmhairí de dhiamaint gharbha chuig aon rannpháirtí, nó uaidh, seachas an tAontas gan deimhniú bailí. Ceadóidh na leasuithe atá sa Rialachán seo onnmhairiú diamant garbh ón nGraonlainn chuig tríú tíortha fad a bheidh Deimhniú AE ag gabháil leo.

(6)

I dteannta an choinníll atá ann cheana féin a éilíonn fianaise gur allmhairíodh na diamaint gharbha go dleathach isteach san Aontas, ba cheart coinníoll malartach a thabhairt isteach i gcás diamant a baineadh agus a eastóscadh sa Ghraonlainn agus nár onnmhairíodh riamh cheana, go háirithe fianaise ina leith sin a sholáthar.

(7)

Ina theannta sin, ba cheart leasuithe a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe maidir le diamaint gharbha a chur faoi bhráid údaráis an Aontais chun críocha fíorúcháin, chun na rialacha speisialta maidir le trasdul a leathnú chuig an nGraonlainn, rannpháirtíocht na Graonlainne sa Choiste do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 a chumasú agus foráil a dhéanamh maidir le hionadaíocht na Graonlainne i bPróiseas Kimberley agus maidir le comhoibriú le Ballstáit eile tríd an gCoimisiún.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 mar seo a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Leis an Rialachán seo bunaítear córas Aontais deimhniúcháin agus rialuithe allmhairithe agus onnmhairithe do dhiamaint gharbha chun críocha scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chur chun feidhme.

Chun críocha na scéime deimhniúcháin, déanfar críoch an Aontais agus críoch na Graonlainne a mheas mar eintiteas amháin gan teorainneacha inmheánacha.

Ní dhéanann an Rialachán seo dochar d’aon fhorálacha atá i bhfeidhm maidir le foirmiúlachtaí agus rialuithe custaim, agus ní théann sé ina n-ionad.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Déanfar allmhairiú na ndiamant garbh isteach i gcríoch an Chomhphobail (4) nó sa Ghraonlainn a thoirmeasc mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar coimeádáin agus na deimhnithe a ghabhann leo a chur isteach gan mhoill le haghaidh fíorúcháin le chéile, chuig údarás Comhphobail sa Bhallstát ina n-allmhairítear iad nó sa Bhallstát dá mbíonn siad ceaptha, mar a léirítear sna doiciméid a ghabhann leo. Déanfar coimeádáin atá ceaptha don Ghraonlainn a chur isteach le haghaidh fíorúcháin chuig ceann d’údaráis an Chomhphobail, bíodh sé sin sa Bhallstát ina n-allmhairítear iad, nó i gceann de na Ballstáit eile ina bhfuil údarás Comhphobail bunaithe.”;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na rannpháirtithe i dtaobh na socruithe praiticiúla le deimhniú na n-allmhairí isteach i gcríoch an Chomhphobail nó sa Ghraonlainn a chur ar fáil d’údarás inniúil an rannpháirtí onnmhairithe a bhailíochtaigh an deimhniú.”;

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Déanfar onnmhairiú na ndiamant garbh ó chríoch an Chomhphobail nó ón nGraonlainn a thoirmeasc mura gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:”;

(6)

in Airteagal 12(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

gur chuir an t-onnmhaireoir fianaise dhochloíte ar fáil:

(i)

gur onnmhairíodh na diamaint gharbha a bhfuil deimhniú á iarraidh ina leith go dleathach i gcomhréir le hAirteagal 3; nó

(ii)

gur baineadh nó gur eastóscadh na diamaint gharbha a bhfuil deimhniú á iarraidh ina leith sa Ghraonlainn i gcás nár onnmhairíodh na diamaint gharbha roimhe sin chuig rannpháirtí eile seachas an tAontas.”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 11, Airteagal 12 agus Airteagal 14 maidir le diamaint gharbha a thagann isteach i gcríoch an Chomhphobail nó sa Ghraonlainn chun críocha trasdula amháin chuig rannpháirtí atá lasmuigh de na críocha sin, ar choinníoll nach ndearnadh crioscaíl ar an gcoimeádán bunaidh ina bhfuil na diamaint gharbha á n-iompar ná ar an deimhniú bunaidh a ghabhann leo agus a d’eisigh údarás inniúil de chuid rannpháirtí ag an bpointe iontrála nó imeachta i gcríoch an Chomhphobail nó sa Ghraonlainn, agus go bhfuil cuspóir an trasdula fianaithe go soiléir ar an deimhniú a ghabhann leo.”:

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

1.   Beidh an tAontas, lena n-áirítear an Ghraonlainn, ina rannpháirtí i scéim deimhniúcháin KP.

2.   Féachfaidh an Coimisiún, a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais, lena n-áirítear an Ghraonlainn, i scéim deimhniúcháin KP, le cur chun feidhme optamach scéim deimhniúcháin KP a áirithiú, go háirithe trí chomhar leis na rannpháirtithe. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a mhalartú leis na rannpháirtithe ar an trádáil idirnáisiúnta i ndiamaint gharbha agus, nuair is iomchuí, comhoibreoidh sé le gníomhaíochtaí faireacháin agus le socrú aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn.”;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

Féadfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú. Féadfaidh an cathaoirleach nó ionadaí de chuid Ballstáit nó na Graonlainne ceisteanna den sórt sin a tharraingt anuas.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2368/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 lena gcuirtear chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley um thrádáil idirnáisiúnta i ndiamaint gharbha (IO L 358, 31.12.2002, lch. 28).

(3)  Cinneadh 2014/136/AE ón gComhairle an 20 Feabhra 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta chun rannpháirtíocht na Graonlainne i scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chumasú (Féach leathanach 99 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009 thug an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh athruithe áirithe isteach sa téarmaíocht, mar shampla, an focal “Aontas” a chur in ionad “Comhphobal”.