ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2014.077.gla

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
15 Márta 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II)

11

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta

27

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

44

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha

77

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain

85

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú

95

 


 

(1)   Faoin tagairt L 77 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 230/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é atá sa Rialachán seo ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais. agus Tagann sé i gcomharbas ar Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (2) a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2)

Ar phríomhchuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar atá leagtha amach, inter alia, in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá, síocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc, slándáil idirnáisiúnta a neartú agus cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine. Géarchéimeanna agus coinbhleachtaí a dhéanann dochar do thíortha agus do réigiúin, agus tosca eile amhail an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an foréigean inscne, an t-athrú aeráide, dúshláin cibearshlándála agus bagairtí slándála a thagann ó thubaistí nádúrtha, cuireann siad an chobhsaíocht agus an tslándáil i mbaol. D'fhonn dul i ngleic leis na saincheisteanna sin ar mhodh éifeachtach agus tráthúil, tá gá le hacmhainní sonracha airgeadais agus le hionstraimí sonracha maoinithe gur féidir oibriú ar mhodh atá comhlántach le cabhair dhaonnúil agus le hionstraimí comhair fhadtéarmaigh.

(3)

Ina conclúidí an 15 agus an 16 Meitheamh 2001, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach Clár an Aontais maidir le Coinbhleachtaí Foréigneacha a Chosc, lena leagtar béim ar thiomantas polaitiúil an Aontais cosc coinbhleachtaí a shaothrú, rud atá ar cheann de na príomhchuspóirí de chaidreamh seachtrach an Aontais agus dhearbhaigh sí go bhféadann ionstraimí do chomhar le haghaidh na forbartha rannchuidiú leis an sprioc sin a bhaint amach. Athshonraíodh sna conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le coinbhleachtaí a chosc bailíocht an chláir sin mar bhunús bailí beartais chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais sa réimse coinbhleachtaí a chosc. Ina conclúidí an 17 Samhain 2009, d'fhormhuinigh an Chomhairle an “Coincheap maidir le hIdirghabháil AE agus Inniúlachtaí Idirphlé AE a neartú”.

(4)

I gconclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le freagairt AE ar staideanna leochaileacha agus na conclúidí a chuir an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát in iúl go láidir, ag teacht le chéile dóibh faoi thionól na Comhairle, dar dáta an 19 Samhain 2007 freisin, maidir leis an tslándáil agus an fhorbairt, cuireadh béim ar an ngaol idir an fhorbairt agus an tslándáil le straitéisí agus beartais an Aontais d'fhonn rannchuidiú le comhtháthú beartas ar mhaithe leis an bhforbairt mar a chumhdaítear in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus maidir le comhleanúnachas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i gcoitinne. Go sonrach, ba é conclúid na Comhairle gur cheart a áireamh in obair a dhéanfar ar an tslándáil agus ar an bhforbairt amach anseo impleachtaí slándála agus forbartha an athraithe aeráide, saincheisteanna comhshaoil agus bainistithe acmhainní nádúrtha agus imirce.

(5)

D'fhormheas an Chomhairle Eorpach Straitéis Slándála na hEorpa an 12 Nollaig 2003 agus an anailís chomhroinnte a rinneadh ar a Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme an 11 Nollaig 2008. Ina theachtaireacht dar teideal “Straitéis Slándála Inmheánaí AE i mbun Gnímh: Cúig chéim i dtreo Eoraip atá níos sláine”, thug an Coimisiún dá aire freisin a thábhachtaí atá an comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha, go háirithe chun críocha ilbhagairtí amhail ceannaíocht i ndaoine, gáinneáil drugaí agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.

(6)

Ina Theachtaireacht, “I dtreo fhreagairt AE ar staideanna leochaileacha — ag dul i ngleic le timpeallachtaí achrannacha le haghaidh na forbartha, na cobhsaíochta agus na síochána inbhuanaí”, tugann an Coimisiún aitheantas don rannchuidiú riachtanach a rinneadh le comhar an Aontais maidir leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht a chothú trí aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha foréigneacha agus ar bhunchúiseanna neamhshláine agus coinbhleachtaí foréigneacha, agus ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis na spriocanna sin a bhaint amach.

(7)

An 8 Nollaig 2008, d'fhormheas an Chomhairle cur chuige cuimsitheach chun go gcuirfidh an tAontas chun feidhme na Rúin 1325 (2000) agus 1820 (2008) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, lena dtugtar aitheantas do na dlúthnaisc atá ann maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an tsíocháin, an tslándáil, an fhorbairt agus comhionannas inscne. Iarrann an tAontas ar bhonn comhchuí go gcuirfear chun feidhme ina iomláine an clár maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil, mar a leagtar amach sna Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála Náisiún Aontaithe, go háirithe i ndáil leis an ngá atá ann an foréigean in aghaidh na mban i gcásanna coinbhleachta a chomhrac agus rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn ó thaobh chothú na síochána.

(8)

Iarrtar i gCreat Straitéiseach AE agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas, a ghlac an Chomhairle i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2012, go ndéanfar forbairt ar threoir oibríochtúil chun a áirithiú go dtabharfar aird ar chearta an duine i ndearadh agus i gcur chun feidhme bhearta cúnaimh na frithsceimhlitheoireachta, agus cuirtear i bhfios go láidir ann maidir le céasadh agus cóireáil eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a dhíothú agus meas ar an bpróis chuí (lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta, an ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta) gur tosaíochtaí Aontais iad agus cearta an duine á gcur chun feidhme.

(9)

Tugtar tús áite don daonlathas agus do chearta an duine i ndáil le caidreamh an Aontais le tríú tíortha, agus mar sin, ba cheart iad a mheas mar phrionsabail faoin Rialachán seo.

(10)

Sa Dearbhú ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2004 maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac, iarradh go ndéanfaí cuspóirí na frithsceimhlitheoireachta a chomhtháthú le cláir le haghaidh cúnaimh sheachtraigh. I Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, a ghlac an Chomhairle an 30 Samhain 2005, iarradh comhar méadaithe frithsceimhlitheoireachta le tríú tíortha agus leis na Náisiúin Aontaithe. Iarradh sna Conclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2011 maidir leis na naisc a fheabhsú idir gnéithe inmheánacha agus seachtracha na frithsceimhlitheoireachta go ndéanfaí cumas na n-údarás inniúil a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha a neartú i gclársceidealú straitéiseach na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta a bunaíodh trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006.

(11)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 d'fhonn cur ar chumas an Aontais freagra comhchuí agus comhtháite a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn, chun dul i ngleic le bagairtí sonracha ar an tslándáil dhomhanda agus thrasréigiúnach agus chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú. Is é is aidhm don Rialachán seo Ionstraim athbhreithnithe a thabhairt isteach, lena bhforbraítear an taithí a fuarthas maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006, d'fhonn éifeachtúlacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí an Aontais a mhéadú sna réimsí a leanas: freagairt ar ghéarchéimeanna agus coinbhleachtaí a chosc, cothú na síochána agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus dul i ngleic le bagairtí agus dúshláin slándála.

(12)

Ba cheart go saothrófaí, leis na bearta a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo, na cuspóirí atá in Airteagal 21 CAE agus in Airteagal 208 agus Airteagal 212 CFAE. D'fhéadfaidís a bheith comhlántach le bearta a ghlac an tAontas agus cuspóirí Comhbheartas Seachtrach agus Slándála á saothrú, agus a bheith comhchuí leo, faoi chuimsiú Theideal V CAE, agus bearta a glacadh faoi chuimsiú Chuid a Cúig CFAE. Ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún comhoibriú chun an comhchuibheas sin a áirithiú, i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach.

(13)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo comhchuí leis na forálacha maidir le heagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”) mar atá bunaithe le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (3). Deimhnítear i nDearbhú 2010 ón Ardionadaí maidir le cuntasaíocht pholaitiúil prionsabail an idirphlé, na comhairliúcháin, soláthar faisnéise agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa.

(14)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún agus SEGS, mar is iomchuí, tuairimí agus faisnéis a mhalartú le Parlaimint na hEorpa go rialta agus go minic. Ina theannta sin, i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha idirinstitiúideacha maidir leis an gceist sin, tabharfar rochtain do Pharlaimint na hEorpa ar dhoiciméid ionas go ndéanfar an ceart grinnscrúdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a fheidhmiú ar bhealach feasach.

(15)

Leagfar síos rialacha coiteanna agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an (5).

(16)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta clársceidealaithe agus cur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(17)

De thoradh chineál na ngníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, agus go háirithe ar a n-impleachtaí buiséadacha, ba cheart i bprionsabail an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun iad a ghlacadh, ach amháin i gcás beart ar mhionscála airgeadais.

(18)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh láithreach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

(19)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí de na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ag a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir Ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach, agus trí shineirgí a chruthú idir an Ionstraim seo, ionstraimí eile an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid sin freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

(20)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr áfach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(21)

Leagtar síos sa Rialachán seo, imchlúdach airgeadais do thréimhse a chur chun feidhme, le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus do ré iomlán an Chláir, clúdach airgeadais arb é an tsuim phríomhthagartha é do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais (6).

(22)

Is iomchuí tréimhse chur chun feidhme an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ionstraim (an “Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin”) lena bhforáiltear, don tréimhse ó 2014 go dtí 2020, do thacaíocht dhíreach do bheartais sheachtracha an Aontais trí éifeachtúlacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí an Aontais a mhéadú i réimsí amhail freagairt ar ghéarchéimeanna, coinbhleachtaí a chosc, cothú na síochána agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus dul i ngleic le bagairtí domhanda agus trasréigiúnacha.

2.   Tabharfaidh an tAontas faoi bhearta do chomhar le haghaidh forbartha, maille le bearta do chomhar airgeadais, eacnamaíoch agus teicniúil le tríú tíortha, le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus le gníomhaithe eile stáit agus na sochaí sibhialta faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, áirítear sa téarma “gníomhaithe na sochaí sibhialta” eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na bpobal dúchasacha, grúpaí saoránach áitiúil agus cumainn trádálaithe, comharchumainn, ceardchumainn, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasa eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí áitiúla (lena n-áirítear líonraí) a bhfuil baint acu le comhar agus le lánpháirtiú díláraithe, réigiúnach, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí na mban agus eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí teagaisc, cultúrtha, taighde agus eolaíocha, ollscoileanna, eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha, na meáin agus aon eagraíochtaí neamhrialtasacha agus aon fhorais phoiblí agus phríobháideach gur dóigh go rannchuideoidh siad leis an bhforbairt nó le gné sheachtrach na mbeartas inmheánach. Féadfar maoiniú a thabhairt do chomhlachtaí nó do ghníomhaithe eile nach bhfuil liostaithe sa mhír seo i gcás inar gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

4.   Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a bheidh ag an Rialachán seo:

(a)

i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, rannchuidiú go tapa leis an gcobhsaíocht, trí fhreagairt éifeachtach a chur ar fáil a bheadh deartha le cabhrú leis na dálaí atá riachtanach maidir le cur chun feidhme ceart bheartais sheachtracha agus gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú;

(b)

rannchuidiú le coinbhleachtaí a chosc, le cumas agus le hullmhacht a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar staideanna réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime agus chun síocháin a chothú; agus

(c)

aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha domhanda agus trasréigiúnacha, ar an tslándáil idirnáisiúnta agus ar an gcobhsaíocht.

Airteagal 2

Comhchuibheas agus comhlántacht chúnamh an Aontais

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na bearta a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo comhchuí le creat foriomlán bheartas straitéiseach an Aontais do na tíortha comhpháirtíochta, agus go háirithe le cuspóirí na mbeart dá dtagraítear i mír 2, agus le bearta ábhartha eile de chuid an Aontais.

2.   Maidir le bearta a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo, d'fhéadfaidís a bheith comhlántach le bearta a glacadh faoi Theideal V CAE agus faoi Chuid a Chúig CFAE agus beidh siad comhchuí leo. Tabharfar leis na bearta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo aird chuí ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa.

3.   Beidh cúnamh Aontais faoin Rialachán seo comhlántach don chúnamh eile a chuirtear ar fáil faoi ionstraimí eile Aontais do chúnamh seachtrach agus ní chuirfear ar fáil é ach amháin a mhéad nach bhféadfar freagairt leormhaith agus éifeachtach a chur ar fáil faoi na hionstraimí sin, agus beartófar agus cuirfear chun feidhme é ar bhealach ina mbainfí amach comhleanúnachas gníomhaíochtaí faoi na hionstraimí sin, i gcás inarb infheidhme.

4.   Cuirfear na saincheisteanna cothrománacha a leanas san áireamh, i gcás inar féidir, lena n-áirítear sa chlársceidealú:

(a)

cur chun cinn an daonlathais agus an dea-rialachais;

(b)

cearta an duine agus an dlí daonnúil, lena n-áirítear cearta leanaí agus cearta na bpobal dúchasach;

(c)

neamh-idirdhealú;

(d)

comhionannas inscne agus cumhachtú na mban;

(e)

coinbhleachtaí a chosc; agus

(f)

an t-athrú aeráide.

5.   Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 (8) ón gComhairle agus Cinneadh Uimh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) atá incháilithe le haghaidh maoiniú faoi na gníomhartha sin, ní dhéanfar maoiniú orthu faoin Rialachán seo.

6.   D'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cúnaimh an Aontais agus bhearta cúnaimh náisiúnta a fheabhsú agus d'fhonn cistiú dúbailte a chosc, cuirfidh an Coimisiún dlúth-chomhordú chun cinn idir gníomhaíochtaí an Aontais agus gníomhaíochtaí na mBallstát ar leibhéal na cinnteoireachta agus ar bhonn praiticiúil araon. Chuige sin, oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún córas chun faisnéis a mhalartú. Féadfaidh an Coimisiún tionscnaimh a dhéanamh chun an comhordú sin a chur chun cinn. Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus comhar le heagraíochtaí iltaobhacha, réigiúnacha agus foréigiúnacha agus le deontóirí eile.

TEIDEAL II

CINEÁLACHA CÚNAMH AONTAIS

Airteagal 3

Cúnamh mar fhreagra ar ghéarchéimeanna nó ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn chun coinbhleachtaí a chosc

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d'fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) a shaothrú sna réimsí mar fhreagairt do na cásanna eisceachtúla a leanas nach bhfuil súil leo:

(a)

i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn;

(b)

cás ina gcuirtear i mbaol an daonlathas, an t-ord poiblí, cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó slándáil nó sábháilteacht daoine aonair, go háirithe na daoine sin atá faoi lé foréigin inscne i gcásanna éagobhsaíochta; nó

(c)

cás ina bhfuil an baol ann go n-eascróidh coinbhleacht armtha as nó go ndéanfaidh an tríú tír nó tíortha lena mbaineann a dhíchobhsú go holc.

Féadfar an cúnamh sin aghaidh a thabhairt freisin ar chásanna inar agair an tAontas clásail na n-eilimintí sár-riachtanacha de chuid Comhaontuithe idirnáisiúnta d'fhonn comhar le tríú tíortha a fhionraí go páirteach nó go hiomlán.

2.   Leis an gcúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

tacaíocht, trí bhíthin cúnamh teicniúil agus lóistíochúil a sholáthar, do na hiarrachtaí a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus gníomhaithe stáit agus na sochaí sibhialta ó thaobh chothú muiníne, idirghabháil, comhphlé agus athmhuintearais a chur chun cinn;

(b)

tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil go háirithe i dtíortha leochaileacha, tíortha ina bhfuil coinbhleacht agus tíortha ina raibh coinbhleacht;

(c)

tacaíocht a thabhairt do bhunú agus d'fheidhmiú na riarachán eatramhach a sainordaíodh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(d)

tacaíocht a thabhair don mhéid a leanas: forbairt institiúidí stáit atá daonlathach agus iolraíoch, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna hinstitiúidí sin, riarachán sibhialta éifeachtach agus formhaoirseacht shibhialta a dhéanamh ar an gcóras slándála, chomh maith le bearta chun cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach a neartú, agus iad ag comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus gach cineál gáinneála aindleathaí;

(e)

tacaíocht a thabhairt do bhinsí coiriúla idirnáisiúnta agus do bhinsí ad hoc náisiúnta, do choimisiúin fírinne agus athmhuintearais, agus do shásraí chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh maidir le cearta an duine agus chun ceart maoine a dhearbhú agus a bhreithniú, a bhunaítear i gcomhréir le caighdeáin dlí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse chearta an duine agus réimse an smachta reachta;

(f)

tacaíocht a thabhairt do bhearta atá riachtanach chun tús a chur le hathshlánú agus le hatógáil bonneagair ríthábhachtaigh, tithíochta, foirgneamh poiblí agus sócmhainní eacnamaíocha, maille le cumas táirgthe riachtanach, chomh maith le tacaíocht do bhearta eile chun gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, fostaíocht a chruthú agus chun na híoschoinníollacha a bhunú atá riachtanach chun forbairt shóisialta inbhuanaithe a bheith ann;

(g)

tacaíocht do bhearta sibhialta a bhaineann le díshlógadh agus le hathimeascadh iarchomhraiceoirí agus a muintir sa tsochaí shibhialta, agus lena n-aisdúichiú, nuair is iomchuí, chomh maith le tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar chás na saighdiúirí linbh agus na gcomhraiceoirí mná;

(h)

tacaíocht do bhearta chun na torthaí sóisialta atá ar athstruchtúrú na bhfórsaí armtha a mhaolú;

(i)

tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh talún frithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialta, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí. Féadfar go gcumhdófar le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo inter alia, oideachas rioscaí, brath agus imréiteach mianach agus, i gcomhar leis an méid sin, scrios na stoc-charn;

(j)

tacaíocht do bhearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom agus an rochtain atá orthu a chomhrac, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí;

(k)

tacaíocht do bhearta chun a áirithiú go gcomhlíontar ar bhealach leordhóthanach na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí i ngéarchéimeanna agus i gcásanna coinbhleachta;

(l)

tacaíocht d'athshlánú agus d'athimeascadh na n-íospartach coinbhleachta armtha, lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí;

(m)

tacaíocht do bhearta chun urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an daonlathais agus an smachta reachta, agus na hionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara a chur chun cinn agus a chosaint;

(n)

tacaíocht do bhearta socheacnamaíocha chun rochtain chothrom agus bainistiú follasach ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

(o)

tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag gluaiseachtaí tobanna daonra a bhaineann leis an staid pholaitiúil agus slándála, lena n-áirítear bearta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bpobal óstach i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

(p)

tacaíocht do bhearta chun forbairt agus eagrú na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus lena rannpháirtíocht sa phróiseas polaitiúil, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna próisis sin agus bearta chun meáin chumarsáide neamhspleácha, iolraíocha agus ghairmiúla a chur chun cinn;

(q)

tacaíocht do bhearta mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine atá ina mbagairtí don chobhsaíocht agus don tsláinte phoiblí a nasctar le paindéim, in éagmais chúnamh daonnúil agus cosanta sibhialta an Aontais, nó mar chomhlánú ar an gcúnamh sin.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais a sholáthar freisin nach cumhdaítear go sainráite le mír 2 den Airteagal seo. Beidh cúnamh mar sin teoranta do bhearta eisceachtúla um chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ar bearta iad lena gcomhlíontar na coinníollacha a leanas uile:

(a)

tagann siad faoi raon feidhme ginearálta an Rialacháin seo agus faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) araon;

(b)

tá siad teoranta don fhad tréimhse a leagtar síos in Airteagal 7(2);

(c)

bheidís incháilithe de ghnáth faoi ionstraimí eile Aontais do chúnamh seachtrach nó faoi na comhpháirteanna eile den Rialachán seo ach, mar gheall ar an ngá le freagairt go tapa don chás, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu trí bhearta maidir le géarchéim nó maidir le géarchéim atá ag teacht chun cinn.

Airteagal 4

Cúnamh maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le cothú na síochána agus maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d'fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 1(4). Le cúnamh den sórt sin, cumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar chumas an Aontais agus a chomhpháirtithe a fhorbairt agus a neartú maidir le coinbhleachtaí a chosc, le cothú na síochána agus le dul i ngleic le riachtanais réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí eile idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus le gníomhaithe Stáit agus na sochaí sibhialta agus iad ag iarraidh an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

réamhrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta a chur chun cinn maidir le ceapadh beartais agus é a cur chun feidhme;

(b)

cothú muiníne, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas a éascú agus acmhainní a fhorbairt ina leith, agus aird faoi leith á leagan ar theannais idirphobail atá ag teacht chun cinn;

(c)

acmhainní a neartú le haghaidh rannpháirtíochta agus imlonnú i misin chobhsaíochta shibhialtach;

(d)

téarnamh iar-choinbhleachta agus téarnamh iarthubaiste a fheabhsú, atá ábhartha ó thaobh na staide polaitiúla agus slándála;

(e)

srian a chur ar úsáid acmhainní nádúrtha chun coinbhleachtaí a mhaoiniú, agus chun tacú leis na geallsealbhóirí agus tionscnaimh amhail Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley á gcomhlíonadh acu, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme rialuithe éifeachtúla baile maidir le táirgeadh, agus trádáil acmhainní nádúrtha.

2.   Cuirfear san áireamh i mbearta faoin Airteagal seo:

(a)

aistriú feasa gnó, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, measúnú riosca nó measúnú ar an mbagairt, taighde agus anailís, córais réamhrabhaidh, oiliúint, agus soláthar seirbhísí;

(b)

rannchuideoidh bearta faoin Airteagal sin le hidirphlé struchtúrach maidir le saincheisteanna cothaithe na síochána;

(c)

féadfar a bheith san áireamh sna bearta freisin cúnamh airgeadais agus teicniúil chun gníomhaíochtaí tacaíochta cothaithe síochána agus forbartha Stáit a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Cúnamh maidir le tabhairt faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d'fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 1(4) a shaothrú sna réimsí a leanas:

(a)

bagairtí ar an ord poiblí, ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, ar bhonneagair ríthábhachtach agus ar an tsláinte phoiblí;

(b)

maolú rioscaí agus ullmhacht i gcoinne rioscaí, bídís ina rioscaí toiliúla, de thaisme nó nádúrtha, a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha.

2.   Leis an gcúnamh, cumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar an méid a leanas:

(a)

cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach agus sibhialta a bhíonn ag gabháil don chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, lena n-áirítear cibearchoireacht, agus gach cineál gáinneála aindleathaí agus don rialú éifeachtúil ar thrádáil mhídhleathach agus ar idirthuras mídhleathach;

(b)

aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar an mbonneagar ríthábhachtach, lena bhféadfar iompar idirnáisiúnta a áireamh, lena n-áirítear trácht paisinéirí agus lastais, oibríochtaí fuinnimh agus dáileadh fuinnimh, agus faisnéis leictreonach agus líonraí cumarsáide. Le bearta den sórt sin leagfar béim faoi leith ar chomhar trasréigiúnach agus ar chur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta i réimsí na feasachta rioscaí, na hanailíse leochaileachta, na hullmhachta i gcomhair éigeandálaí, an bhainistithe fholáirimh agus iarmharta;

(c)

freagra leordhóthanach ar mhórbhagairtí ar an tsláinte phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear eipidéimí tobanna a d'fhéadfadh tionchar trasnáisiúnta a bheith acu;

(d)

aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí domhanda agus trasréigiúnacha an athraithe aeráide a d'fhéadfadh tionchar díchobhsaitheach a bheith acu ar an tsíocháin agus ar an tslándáil.

3.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2:

(a)

tabharfar tosaíocht do chomhar trasréigiúnach a bhfuil baint ag dhá thríú tír nó níos mó leis a bhfuil toil shoiléir polaitíochta léirithe acu chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag teacht chun cinn. Féadfar comhar sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta a dhéanamh freisin le tíortha aonair, réigiúin aonair nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha;

(b)

leagfaidh siad béim faoi leith ar dhea-rialachas, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(c)

maidir le cúnamh d'údaráis atá rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, tabharfar tosaíocht do bhearta tacaithe a bhaineann le forbairt agus le neartú na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta, le cur chun feidhme agus le cleachtadh an dlí airgeadais, an dlí custaim agus an dlí inimirce, le forbairt na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí atá ar chomhréim leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus lena gcomhlíontar an dlí idirnáisiúnta, neartú an rialaithe dhaonlathaigh agus na sásraí formhaoirseachta institiúideacha, agus le cosc a chur ar radacachas foréigneach;

(d)

maidir le cúnamh a bhaineann le fadhb na ndrugaí, tabharfar an aird chuí ar chomhar idirnáisiúnta a dhírítear ar dhea-chleachtais a chur chun cinn, ar cleachtais iad a bhaineann le héileamh, le táirgeadh agus le dochar a laghdú.

4.   Leis an gcúnamh, sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, cumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar an méid a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí taighde sibhialta a chur chun cinn mar mhalairt ar thaighde a bhaineann le cosaint,

(b)

feabhas a chur ar chleachtais sábháilteachta a bhaineann le saoráidí sibhialta ina ndéantar ábhair nó oibreáin íogaire cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a stóráil, nó a láimhseáil i gcomhthéacs na gclár taighde sibhialta;

(c)

faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí, tacú le bonneagar sibhialta agus staidéir shibhialta ábhartha a bhunú atá riachtanach chun saoráidí agus láithreáin a bhaineann le hairm a dhíchóimeáil, a leasú agus a athchóiriú i gcás ina ndearbhaítear nach cuid de chlár cosanta iad sin a thuilleadh;

(d)

cumas na n-údarás inniúil sibhialta a neartú a bhfuil baint acu le forbairt agus le forfheidhmiú ar rialú éifeachtach na gáinneála aindleathaí ar ábhair nó ar oibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha; (lena n-áirítear an trealamh chun iad a tháirgeadh nó a sheachadadh);

(e)

an creat dlíthiúil agus na cumais institiúideacha a fhorbairt chun rialuithe onnmhairithe éifeachtacha ar earraí dé-úsáide a bhunú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear bearta do chomhar réigiúnach;

(f)

forbairt a dhéanamh ar ullmhacht éifeachtach i gcomhair tubaistí sibhialta, ar phleanáil éigeandála, ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna, agus ar an gcumas bearta glantacháin a dhéanamh.

TEIDEAL III

CLÁRSCEIDEALÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 6

Creat ginearálta

Cuirfear cúnamh an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 tríd an méid seo a leanas:

(a)

bearta eisceachtúla um chúnamh agus cláir um fhreagairt eatramhach amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)

páipéir straitéise téamaí agus cláir ilbhliantúla tháscacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8;

(c)

cláir ghníomhaíochta bhliantúla, bearta aonair agus bearta speisialta;

(d)

bearta tacaíochta.

Airteagal 7

Bearta eisceachtúla um chúnamh agus cláir um fhreagairt eatramhach

1.   Déanfar cúnamh an Aontais faoi Airteagal 3 a sholáthar trí bhearta eisceachtúla um chúnamh agus trí chláir um fhreagairt eatramhach.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún bearta eisceachtúla um chúnamh a ghlacadh ar bearta iad a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(3). D'fhéadfaí fad suas go dtí 18 mí a bheith ar Bheart Eisceachtúil um Chúnamh den sórt sin agus féadfar sé mhí sa bhreis, suas go dtí uastréimhse iomlán 30 mí, a chur leis dhá uair i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a chur chun feidhme, ar an gcoinníoll nach dtiocfaidh méadú ar an tsuim airgeadais a bhaineann leis an mbeart.

I gcásanna géarchéime agus coinbhleachta fada, féadfaidh an Coimisiún an dara beart eisceachtúil um chúnamh a ghlacadh de thréimhse suas go dtí 18 mí.

Ní bheidh fad an bhirt eisceachtúil um chúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éineacht leis an bhfad dá dtagraítear sa dara fomhír níos faide ná 36 mí.

3.   I gcás ina bhfuil costais de bhreis agus EUR 20 000 000 ar bheart eisceachtúil um chúnamh, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

4.   Sula ndéanfar beart eisceachtúil um chúnamh a bhfuil costas suas le EUR 20 000 000 aige a ghlacadh nó a shíneadh, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina chineál agus faoina chuspóirí agus faoi na suimeanna airgeadais a bheartaítear leis. Mar an gcéanna, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé athruithe substainteacha ar bhearta eisceachtúla um chúnamh a glacadh cheana féin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle maidir le pleanáil agus le cur chun cinn na mbeart sin ina dhiaidh sin, ar mhaithe le comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

5.   A luaithe is féidir tar éis beart eisceachtúil um chúnamh a ghlacadh, agus ar aon chuma laistigh de thrí mhí ón dáta a nglacfar an beart, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus tabharfaidh sé forbhreathnú ar chineál, ar chomhthéacs agus ar réasúnaíocht na mbeart a glacadh, lena n-áirítear a mhéid a chomhlánaítear leis an mbeart sin freagairt leanúnach, phleanáilte an Aontais.

6.   Féadfaidh an Coimisiún cláir um fhreagairt eatramhach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 d'fhonn go mbunófar nó go n-athbhunófar na coinníollacha riachtanacha is gá chun go gcuirfear beartais um chomhar seachtrach an Aontais chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

Le cláir um fhreagairt eatramhach, cuirfear le bearta eisceachtúla um chúnamh.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go cuí, ar mhodh tráthúil faoin gcaoi a bhfuil an cúnamh ón Aontais de bhun Airteagal 3 á bheartú agus á chur chun feidhme aige, lena n-áirítear na suimeanna airgeadais a bheartaítear, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin nuair a bheidh athruithe nó síntí suntasacha ar an gcúnamh sin á ndéanamh aige.

Airteagal 8

Páipéir straitéise téamaí agus cláir ilbhliantúla tháscacha

1.   Is é a bheidh i bpáipéir straitéise téamaí an bunús ginearálta chun cúnamh a chur chun feidhme faoi Airteagal 4 agus faoi Airteagal 5. Soláthrófar leis na páipéir straitéise téamaí creat le haghaidh comhair idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta nó na réigiúin lena mbaineann.

2.   Comhlíonfaidh ullmhú agus cur i bhfeidhm na bpáipéar straitéise téamaí prionsabail na héifeachtachta cabhrach, amhail comhpháirtíocht agus comhordú, agus i gcás inarb iomchuí, comhchuibhiú. Chuige sin, beidh páipéir straitéise téamaí comhchuí le doiciméid chláreagrúcháin a fhormheastar nó a ghlactar faoi ionstraimí eile an Aontais le haghaidh cúnaimh sheachtraigh agus seachnófar leo dúbailt na doiciméid sin.

Beidh Páipéir Straitéise Téamacha bunaithe, i bprionsabal, ar idirphlé an Aontais nó, i gcás inarb iomchuí, ar idirphlé na mBallstát ábhartha leis na tíortha comhpháirtíochta nó leis na réigiúin lena mbaineann ina mbeidh an tsochaí shibhialta agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach, chun a áirithiú go nglacfaidh an tír nó na réigiúin lena mbaineann úinéireacht leordhóthanach ar an bpróiseas.

Rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas chláreagrúcháin d'fhonn comhchuibheas agus comhlántacht a chur chun cinn ina ngníomhaíochtaí comhair.

3.   Beidh ag gabháil le gach páipéar straitéise téamaí clár ilbhliantúil táscach ina mbeidh achoimre ar na réimsí tosaíochta a roghnaítear le haghaidh mhaoiniú an Aontais, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus an creat ama a ghabhann le tacaíocht an Aontais.

Cinnfear sa chlár ilbhliantúil táscach leithdháiltí táscacha airgeadais maidir le gach clár ann agus aird á tabhairt ar riachtanais agus ar dheacrachtaí sonracha na dtíortha comhpháirtíochta nó na réigiún lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí airgeadais a thabhairt i bhfoirm raoin, más gá.

4.   Déanfaidh an Coimisiún páipéir straitéise téamaí a fhormheas agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le hathbhreithnithe shubstaintiúla a bhfuil d'éifeacht acu an páipéir straitéise téamacha agus cláir ilbhliantúla tháscacha a leasú go suntasach.

5.   Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 maidir le leasuithe neamhshubstaintiúla nó coigeartuithe teicniúla ar pháipéir straitéise téamaí agus ar chláir ilbhliantúla tháscacha ar de bhun iad n-athshanntar cistí laistigh de na leithdháiltí táscacha airgeadais de réir réimse tosaíochta, nó go ndéantar laghdú nó méadú, nach mó ná 20 % é, ar mhéid an leithdháilte tháscaigh airgeadais thosaigh ach gan EUR 10 000 000 a shárú, ar an gcoinníoll nach ndéanann na leasuithe nó coigeartuithe teicniúla sin difear do na réimsí tosaíochta agus do na cuspóirí a leagtar amach sna doiciméid sin.

I gcásanna den sórt sin, cuirfear leasuithe nó coigeartuithe teicniúla in iúl do Pharlaimint na hEorpa gan mhoill agus d'ionadaithe na mBallstát sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 11.

6.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, ina n-éilítear freagairt mhear ón Aontas, féadfaidh an Coimisiún páipéir straitéise téamaí agus cláir ilbhliantúla tháscacha a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

7.   Maidir le haon chlársceidealú nó athbhreithnithe ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil athbreithnithe mheántréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus na tuarascála sin.

Airteagal 9

An tSochaí Shibhialta

Déanfar bearta faoin Rialachán seo a ullmhú, a chlársceidealú, a chur chun feidhme agus déanfar faireachán orthu nuair is féidir agus nuair is iomchuí i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta.

Airteagal 10

Cearta an Duine

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear chun feidhme na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe agus go ndéanfar sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

2.   I gcomhréir le Creat Straitéiseach AE agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas, déanfaidh an Coimisiún treoir oibríochtúil a fhorbairt chun a áirithiú go gcuirfear cearta an duine san áireamh i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbearta dá dtagraítear i mhír 1, go háirithe maidir le cosc ar chéasadh agus ar chóireáil eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus meas ar an bpróis chuí, lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta, triail chóir agus cearta na cosanta. Beidh dearcadh soiléir chearta an duine freisin sna bearta lena dtugtar aghaidh ar an gcibearshlándáil agus ar an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar chur chun feidhme is na mbeart dá dtagraítear i mír chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí maidir le cearta an duine., Áireoidh an Coimisiún faisnéis ina leith sin sa tuairisciú a dhéanfaidh sé go tráthrialta.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 11

Coiste

Beidh coiste (“coiste na hIonstraime um Chobhsaíocht agus um Shíocháin”) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, go háirithe Airteagal 9 de.

Airteagal 13

Imchlúdach airgeadais

1.   EUR 2 338 719 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Sa tréimhse ó 2014-2020:

(a)

déanfar 70 pointe céatadáin ar a laghad den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar na bearta a thagann faoi Airteagal 3; agus

(b)

leithdháilfear naoi bpointe céatadáin den imchlúdach airgeadais ar bhearta a thagann faoi Airteagal 4.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014 .

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh na Cobhsaíochta (IO L 327, 24.11.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

(9)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le hIonstraim Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméad chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh

(2)  Nuair is infheidhme.


15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

11


RIALACHÁN (AE) Uimh. 231/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1)

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal “Buiséad don Eoraip 2020”, leagann an Coimisiún amach an creat maidir le hionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, lena n-áirítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II).

(2)

Ós rud é gur imigh Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle (4) in éag an 31 Nollaig 2013 agus d'fhonn gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí, ba cheart creat um pleanáil agus um sholáthar cúnaimh sheachtraigh a chothabháil don tréimhse ó2014 go 2020. Ba cheart ionstraim shonrach chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú a bheith ag tacú i gcónaí le beartas um méadú an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, ICR II a bhunú.

(3)

Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a thacaíonn le luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta den Aontas. Ní fhéadfaidh Stát Eorpach a chuir iarratas isteach ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bhunaigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 (“critéir Chóbanhávan”) agus ar an gcoinníoll nach gcuirfear an iomarca stró ar chumas an Aontais an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann na critéir sin le cobhsaíocht na n-institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar na mionlaigh agus cosaint na mionlach, agus geilleagar margaidh atá feidhmiúil, chomh maith leis an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an cumas na cearta agus na hoibleagáidí faoi na Conarthaí a ghlacadh, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

(4)

Tá an straitéis um an méadú atá bunaithe ar an gcomhdhlúthú, ar an gcoinníollacht agus ar an gcumarsáid i gcomhar le cumas an Aontais comhaltaí nua a lánpháirtiú, fós mar bhunús maidir le comhthoiliú athnuaite don mhéadú. Tá próiseas an aontachais bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar chur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne ar gach iarrthóir, agus gach ceann acu á meas ar a bhfiúntas bunaidh. Tá an ghluaiseacht i dtreo an aontachais ag brath ar a mhéid a urramaíonn gach iarrthóir luachanna an Aontais agus a mhéid is féidir leo na hathchóirithe riachtanacha a ghabháil ar láimh d'fhonn a chórais pholaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin agus eacnamaíocha a chur ar chomhréim le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais.

(5)

Leis an méadú, treisítear an tsíocháin, an daonlathas agus an chobhsaíocht san Eoraip agus cuireann sé ar chumas an Aontais bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Cruthaítear athchóiriú polaitiúil agus eacnamaíoch forleathan i dtíortha an mhéadaithe, a théann chun sochair an Aontais ina iomláine freisin, le cumhacht claochlaithe phróiseas an mhéadaithe.

(6)

Dheonaigh an Chomhairle Eorpach an stádas mar thír is iarrthóir don Íoslainn, do Mhontainéagró, do Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, don Tuirc agus don tSeirbia. Tá dearcadh na hEorpa deimhnithe i dtaobh na mBalcán Thiar. Gan dochar do sheasaimh maidir le stádas nó d'aon chinneadh a bheidh le déanamh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle amach anseo, féadfar iad siúd a bhfuil an dearcadh Eorpach sin ina leith, nach bhfuil stádas mar thír is iarrthóir deonaithe orthu a mheas mar iarrthóirí ionchasacha chun críche an Rialacháin seo amháin. Ba cheart cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a dheonú do na tairbhithe uile a liostaítear in Iarscríbhinn I.

(7)

Ba cheart cúnamh faoin Rialachán seo a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle agus aird chuí á tabhairt ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Méadú agus ar na Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn atá i bpacáiste bliantúil an Choimisiúin um méadú, mar aon leis na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart go dtabharfaí cúnamh chomh maith i gcomhlíonadh na gcomhaontuithe a thug an tAontas chun críche leis na tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I, agus i gcomhréir leis na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus Aontachais. Ba cheart don chúnamh a bheith dírithe go príomha ar líon áirithe réimsí beartais a chuideoidh leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, meas a bheith acu ar chearta bunúsacha agus comhionannas inscne, an chaoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Maidir leis an gcúnamh, ba cheart leanúint de na hiarrachtaí chun an comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus an fhorbairt chríochach a chur chun cinn leis, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart dó freisin a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta a fheabhsú, rud a thabharfaidh buntaca do chlár oibre maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ag díriú go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, d'fhonn spriocanna straitéis Eoraip 2020 don fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (“Straitéis Eoraip 2020”) a bhaint amach agus d'fhonn bheith ar comhréim go forásach le critéir Chóbanhávan. Ba cheart an comhchuibheas idir an cúnamh airgeadais agus an dul chun cinn foriomlán arna dhéanamh maidir le cur chun feidhme na straitéise réamhaontachais a neartú.

(8)

D'fhonn na hathruithe sa chreat beartais um méadú nó athruithe móra sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca leis na tosaíochtaí téamacha le haghaidh an chúnaimh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur in oiriúint agus a nuashonrú. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go gcuirfear doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus ar bhealach iomchuí.

(9)

Na príomhdhúshláin atá ann don chuid is mó de na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I an smacht reachta, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, a neartú agus an dea-rialachas a neartú, lena n-áirítear an riarachán poiblí a athchóiriú, agus tá sin bunriachtanach chun go ndruidfeadh na tairbhithe i dtreo an Aontais agus chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an Aontais a ghlacadh chucu féin ina n-iomláine dá éis sin. I bhfianaise go mbeidh na hathchóirithe atá le baint amach sna réimsí sin níos fadtéarmaí agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart don chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na ceanglais a chuirtear ar na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I sa réimse sin a luaithe is féidir.

(10)

Is gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ullmhaithe níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus iad féin a ailíniú le hiarrachtaí an Aontais chun tabhairt faoi na saincheisteanna sin. Ba cheart do chúnamh an Aontais faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc chun céatadán bhuiséad an Aontais a bhaineann le haeráid a ardú go 20 % ar a laghad a bhaint amach freisin.

(11)

Ba cheart don Aontas tacú freisin leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na dtairbhithe uile a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar an taithí atá ag na Ballstáit. Ba cheart don chomhar seo díriú go háirithe ar an taithí atá faighte ag na Ballstáit sa phróiseas athchóirithe a roinnt.

(12)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhchuibheas, agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta, le deontóirí eile. Ba cheart an ról atá ag an tsochaí shibhialta a fheabhsú sna cláir a chuirfear chun feidhme trí chomhlachtaí rialtais agus mar thairbhí díreach den chúnamh ón Aontas.

(13)

Na tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta chun cuspóirí sna réimsí ábhartha beartais a bhaint amach, a dtacófar leo faoin Rialachán seo, ba cheart iad a shainiú i bpáipéir straitéise tháscacha a bhunóidh an Coimisiún do ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais don tréimhse ó 2014 go 2020, i gcomhpháirt leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar a riachtanais shonracha agus ar a gclár oibre um méadú, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear sa Rialachán seo, agus aird chuí á tabhairt ar na straitéisí ábhartha náisiúnta. Ba cheart do na páipéir straitéise na réimsí beartais le haghaidh cúnaimh a bhfuiltear le tacú leo a shainaithint freisin agus, gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ba cheart dóibh na leithdháiltí táscacha ó chistí an Aontais in aghaidh réimse beartais a leagan síos, a mhiondealófar in aghaidh na bliana, lena n-áirítear meastachán ar chaiteachas a bhaineann le haeráid. Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a chur san áireamh iontu chun freastal ar riachtanais éiritheacha agus chun dreasachtaí a thabhairt d'fhonn feidhmíocht a fheabhsú. Ba cheart do na páipéir straitéise comhchuibheas agus comhsheasmhacht le hiarrachtaí na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a áirithiú mar a léirítear iad ina mbuiséid náisiúnta, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar an tacaíocht a chuirfidh deontóirí eile ar fáil. D'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí inmheánacha agus seachtracha, ba cheart na páipéir straitéise a athscrúdú agus a athbhreithniú de réir mar is cuí.

(14)

Is é leas an Aontais é cuidiú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ina n-iarrachtaí maidir le hathchóiriú d'fhonn ballraíocht Aontais a bhaint amach. Ba cheart cúnamh a bhainistiú le fócas láidir ar thorthaí agus le dreasachtaí dóibh siúd a léiríonn a dtiomantas don athchóiriú tríd an gcúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil agus trí dhul chun cinn a dhéanamh chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh.

(15)

Ba cheart go leanfadh an cúnamh d'úsáid a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh siad fiúntach sa phróiseas réamhaontachais. Ba cheart don trasdul ó bhainistiú díreach na gcistí réamhaontachais ag an gCoimisiún go bainistiú indíreach ag na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith forásach agus i gcomhréir le cumas na dtairbhithe sin faoi seach. I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtíoch, ba cheart don Choimisiún formhaoirsiú parlaiminteach a spreagadh i ngach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I ar an gcúnamh a thabharfar don tairbhí sin.

(16)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Baineann na cumhachtaí sin leis na páipéir straitéise, na doiciméíd clársceidealaithe agus leis na rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha agus ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe an treo a mbeidh a mbeartas ag dul nó a n-impleachtaí airgeadais, ba cheart, go ginearálta, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais. Agus na coinníollacha aonfhoirmeacha á mbunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme an chúnaimh réamhaontachais roimhe sin a chur san áireamh. Ba cheart na coinníollacha aonfhoirmeacha sin a leasú más gá.

(17)

Ba cheart don choiste a bhunófar faoin Rialachán seo a bheith inniúil freisin i leith gníomhartha dlí agus ghealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, agus i leith chur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle (6).

(18)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse a chur i bhfeidhm arb éard a bheidh ann an méid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nóis imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(19)

Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach, mar aon le sineirgí a chruthú idir ICR II, ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid seo freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

(20)

Déantar rialacha agus forálacha coiteanna chun ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú a leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(22)

Is iomchuí féachaint chuige go n-áiritheofaí trasdul gan stró, gan bhriseadh ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) arna bhunú faoi Rialachan (CE) Uimh. 1085/2006 go ICR II agus go ndéanfaít tréimse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (9). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir ginearálta

Is é is aidhm don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) don tréimhse ó 2014 go 2020 tacú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nglacadh agus i gcur chun feidhme na n-athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin chun luachanna an Aontais a chomhlíonadh agus chun na tairbhithe a ailíniú go forásach le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais, d'fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas.

Tríd an tacaíocht sin, cuirfidh ICR II le cobhsaíocht, le slándáil agus le rathúnas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Cuspóirí sonracha

1.   Déanfaidh cúnamh faoin Rialachán seo na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú, de réir riachtanais gach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus de réir a gclár oibre ar leith um méadú faoi seach:

(a)

tacaíocht i gcomhair athchóirithe polaitiúla, inter alia tríd an méid a leanas:

(i)

an daonlathas agus a chuid institiúidí a neartú, lena n-áirítear breithiúnacht neamhspleách agus éifeachtúíl, agus an smacht reachta a neartú, lena n-áirítear a chur chun feidhme;

(ii)

cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, urraim fheabhsaithe ar chearta na mionlach, lena n-áirítear daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha, urraim ar éagsúlacht chultúrtha, comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, mar aon le saoirse na meán agus meas ar éagsúlacht chultúrtha;

(iii)

comhar réigiúnach agus caidreamh maith idir comharsana;

(iv)

athmhuintearas, bearta chun síocháin agus muinín a chothú a chur chun cinn;

(v)

an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe;

(vi)

riarachán poiblí agus dea-rialachas a neartú ar gach leibhéal;

(vii)

bearta neartaithe cumais maidir le feabhas a chur ar fhorghníomhú an dlí, ar bhainistiú teorann agus ar bheartas imirce a chur chun feidhme, lena n-áirítear sreabha imirce a bhainistiú;

(viii)

an tsochaí shibhialta a fhorbairt;

(ix)

an t-idirphlé sóisialta a fhorbairt agus cumais na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú;

(b)

tacaíocht d'fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríche, d'fhonn go mbeidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach ann, inter alia, trí na nithe seo a leanas:

(i)

caighdeáin an Aontais a bhaint amach sa gheilleagar, lena n-áirítear geilleagar margaidh atá ag feidhmiú, chomh maith le rialachas buiséadach agus eacnamaíoch;

(ii)

athchóirithe eacnamaíocha is gá chun déileáil le brú iomaíochta agus leis na fórsaí margaidh san Aontas, agus cabhrú spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach ag an am céanna;

(iii)

fostaíocht agus soghluaisteacht lucht saothair a chothú, cruthú post ardchaighdeáin a chur chun cinn agus caipiteal daonna a fhorbairt;

(iv)

cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn, go háirithe cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch na mionlach agus na ngrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas, teifigh agus daoine díláithrithe;

(v)

córas oideachais cuimsitheach agus comhtháite a chothú agus oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a athbhunú;

(vi)

caipiteal fisiciúil a fhorbairt, lena n-áirítear feabhas a chur ar ar an mbonneagar, agus ar na naisc le gréasáin an Aontais agus le gréasáin réigiúnacha;

(vii)

taighde, forbairt teicneolaíochta agus cumas nuálaíochta a neartú;

(c)

cumas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a neartú ar gach leibhéal maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn ó bhallraíocht Aontais a chomhlíonadh trí thacaíocht a thabhairt d'ailíniú forásach le acquis an Aontais, dá ghlacadh, dá chur chun feidhme agus dá fhorfheidhmiú, lena n-áirítear ullmhú do bhainistiú ar Chistí struchtúracha an Aontais, ar an gCiste Comhtháthaithe, agus ar an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

(d)

lánpháirtíocht réigiúnach agus comhar críche a neartú a bhaineann leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1, le Ballstáit agus, nuair is iomchuí, le tríú tíortha faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) .

2.   Maidir leis an bhfaireachán agus an measunú ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfar iad ar bhonn táscairí atá réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, nuair is iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, lena gclúdaítear, inter alia, an méid a leanas:

(a)

dul chun cinn maidir leis an méid seo a leanas a neartú: an daonlathas, an smacht reachta, córas breithiúnach neamhspleách agus éifeachtúil, urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta daoine ar de mhionlaigh nó de ghrúpaí leochaileacha iad, saoirsí bunúsacha, comhionannas inscne agus cearta na mban, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, athmhuintearas, dea-chaidrimh comharsanachta agus teacht ar ais dídeanaithe, agus go háirithe cuntais teiste a bhunú sna réimsí sin;

(b)

dul chun cinn maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha agus buiséadacha, lena dtugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha agus maicreacnamaíocha; fóntacht agus éifeachtacht na straitéisí forbartha sóisialta agus eacnamaíche, dul chun cinn i dtreo fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh agus oideachas, oiliúint ar ardchaighdeán, agus fostaíocht a bheidh cuimsitheach agus lánpháirtithe a chruthú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí poiblí a gheobhaidh tacaíocht ó ICR II, dul chun cinn chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú;

(c)

dul chun cinn maidir leis an gcorpas reachtaíochta a ailíniú le acquis an Aontais, lena n-áirítear cuntas teiste maidir lena chur chun feidhme, dul chun cinn maidir le hathchóiriú institiúideach a bhaineann leis an Aontas, lena n-áirítear an cúnamh dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a aistriú chuig bainistíocht indíreach;

(d)

dul chun cinn maidir le dea-rialachas a neartú agus a threisiú agus na hacmhainní riaracháin, institiúideacha agus ionsúcháin ar gach leibhéal, lena n-áirítear acmhainní daonna leordhóthanacha, a bhfuil gá leo chun an reachtaíocht a bhaineann leis an acquis a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú;

(e)

na tionscnaimh maidir le comhar réigiúnach agus comhar críochach agus forás na sreabh trádála.

3.   Úsáidfear na táscairí dá dtagraítear i mír 2 d'fhonn faireachán, measúnú agus athscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht, de réir mar is cuí. Úsáidfear na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 4 mar phointe tagartha agus measúnú á dhéanamh ar na torthaí ar chúnamh ICR II. Saineofar na táscairí feidhmíochta ábhartha agus áireofar iad sna páipéir agus sna cláir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 agus bunófar iad sa tslí go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ar bhealach oibiachtúil thar tréimhse ama agus, i gcás inarb iomchuí, trasna clár.

Airteagal 3

Réimsí beartais

1.   Tabharfaidh cúnamh faoin Rialachán seo aghaidh ar na réimsí beartais seo a leanas go háirithe:

(a)

athchóirithe mar ullmhúchán do bhallraíocht Aontais agus forbairt institiúidí agus forbairt acmhainní a bhaineann leo sin;

(b)

forbairt shocheacnamaíoch agus forbairt réigiúnach;

(c)

fostaíocht, beartais shóisialta, oideachas, comhionannas inscne a chur chun cinn agus forbairt acmhainní daonna;

(d)

talmhaíocht agus forbairt tuaithe;

(e)

comhar réigiúnach agus comhar críochach.

2.   Leis an gcúnamh faoi na réimsí beartais uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfar tacaíocht do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir leis na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 a bhaint amach, go háirithe trí athchóirithe beartais, trí dhlíthe a chomhfhogasú, trí acmhainní a fhorbairt agus trí infheistíocht.

I gcás inarb iomchuí, tabharfar aird chuí ar an dea-rialachas, ar an smacht reachta agus ar an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe.

3.   Féadfar a áireamh ar an gcúnamh faoi na réimsí beartais dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) de mhír 1 maoiniú ar na cineálacha gníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14)agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

4.   Féadfar le cúnamh faoin réimse beartais dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iltíre nó ar ghníomhaíochtaí cothrománacha go háirithe, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair thrasteorann, thrasnáisiúnta agus idir-réigiúnaigh.

Airteagal 4

Creat don chúnamh

1.   Soláthrófar cúnamh faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú a shaineoidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle agus tabharfar aird chuí leis ar an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis um Méadú agus ar na Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn atá i bpacáiste bliantúil an Choimisiúin um méadú, mar aon leis na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh agus an creat beartais um méadú.

2.   Díreofar an cúnamh ar chás sonrach na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1, agus déanfar é a choigeartú do na cásanna sin, agus aird á tabhairt ar na hiarrachtaí breise a mbeidh gá leo chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh chomh maith le cumais na dtairbhithe sin. Déanfar an cúnamh a dhifreáil maidir le raon feidhme agus déine i gcomhréir le riachtanais, le tiomantas d'athchóirithe agus leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na hathchóirithe sin a chur chun feidhme. Díreofar go príomha leis an gcúnamh ar chabhair a thabhairt do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I na hathchóirithe earnála a cheapadh agus a chur chun feidhme. Beidh na beartais agus na straitéisí earnála cuimsitheach agus cabhrófar leo na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 2 (1) a bhaint amach.

3.   I gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 2(1), déantar na tosaíochtaí téamacha chun cúnamh a chur ar fáil i gcomhréir le riachtanais agus le hacmhainní na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a leagan amach in Iarscríbhinn II. Féadfar, le gach ceann de na tosaíochtaí téamacha sin, cabhrú níos mó ná cuspóir sonrach amháin a bhaint amach.

4   I gcomhréir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 2(1), tacófar leis an gcúnamh le comhar trasteorann, idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus idir na tairbhithe sin agus na Ballstáit nó na tíortha a chumhdaítear faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (“IEC”) arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, d'fhonn dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn, lánpháírtíocht Aontais a chothú agus forbairt shocheacnamaíoch a chur chun cinn. Leagtar na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh do chomhar críche amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 5

Comhlíonadh, comhleanúnachas agus comhlántacht

1   Beidh cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo comhsheasmhach le beartais an Aontais. Comhlíonfaidh sé comhaontuithe a thugann an tAontas i gcrích leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus urramófar leis gealltanais faoi chomhaontuithe iltaobhacha ar páirtí iontu an tAontas.

2.   Cuirfidh an Coimisiún le cur chun feidhme ghealltanais an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, i dtreo na trédhearcachta agus na cuntasachta feabhsaithe agus cúnamh á sheachadadh, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le méid agus leithdháileadh an chúnaimh a nochtadh go poiblí, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí inchomparáide ar bhonn idirnáisiúnta agus nach mbeidh deacrachtaí ann maidir le rochtain a fháil orthu, lena roinnt ná lena bhfoilsiú.

3.   Comhoibreoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun comhleanúnachas a áirithiú agus déanfaidh siad gach iarracht chun nach mbeidh aon dúbláil idir an cúnamh a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo agus cúnamh eile a chuirfidh an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta ar fáil, lena n-áirítear trí chruinnithe rialta agus cuimsitheacha arb é is aidhm dóibh comhordú a dhéanamh ar an gcúnamh.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus BEI comhordú ar a gcláir chúnaimh faoi seach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú maidir le seachadadh an chúnaimh agus chun cistiú dúbailte a chosc, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe maidir le comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus maidir le beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht cabhrach. Is éard a bheidh i gceist le comhordú comhairliúcháin rialta agus malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla thimthriall an chúnaimh, go háirithe ar an mbunleibhéal, agus beidh na comhairliúcháin sin ina gcéim thábhachtach I bpróisis clársceidealaithe de chuid na mBallstát agus an Aontais.

5.   D'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú maidir le seachadadh an chúnaimh agus d'fhonn cistiú dúbailte a chosc, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na bearta is gá chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le heagraíochtaí agus le heintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí, cistí agus cláir na Náisiún Aontaithe, agus deontóirí neamh-Aontais.

6.   Agus cúnamh faoin Rialachán seo á ullmhú, á chur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh air, gníomhóidh an Coimisiún i bprionsabal i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Áireofar ar an gcomhpháirtíocht, más iomchuí, údaráis inniúla agus údaráis náisiúnta, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Déanfaidh an Coimisiún comhordú i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha a spreagadh.

Neartófar acmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, mar thairbhithe díreacha cúnaimh.

TEIDEAL II

PLEANÁIL STRAITÉISEACH

Airteagal 6

Páipéir Straitéise

1.   Cuirfidh an Coimisiún cúnamh faoin Rialachán seo ar fáil, i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar bhonn páipéar straitéise táscach tíre nó iltíre (na “páipéir straitéise”), a bhunófar ar feadh ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais don tréimhse ó 2014 go 2020.

2.   Saineofar sna páipéir straitéise na tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta chun go gcomhlíonfar na cuspóirí sna réimsí ábhartha beartais dá dtagraítear in Airteagal 3, a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1 agus in Airteagal 2, faoi seach. Glacfar na páipéir straitéise i gcomhréir leis an gcreat le haghaidh cúnaimh a leagtar amach in Airteagal 4 agus déanfar na straitéisí ábhartha náisiúnta a chur san áireamh go cuí iontu.

3.   Áireofar leis na páipéir straitéise leithdháileadh táscach chistí an Aontais de réir réimse beartais, de réir mar is infheidhme, agus iad miondealaithe de réir bliana agus beifear in ann aghaidh a thabhairt leo ar riachtanais a bheidh ag teacht chun cinn, gan dochar don deis cúnamh a chur le chéile ó réimsí difriúla beartais. Áireofar ar na páipéir straitéise na táscairí le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ag féachaint do na spriocanna a leagfar amach iontu a bhaint amach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme na bpáipéar straitéise agus ar a ábhartha aleanann siad de bheith i bhfianaise fhorbairt an chreata bheartais dá dtagraítear in Airteagal 4. Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1) ar an eolas maidir le torthaí an mheasúnaithe sin agus féadfaidh sé athbhreithnithe a mholadh i dtaca leis na páipéir stratéise dá dtagraítear san Airteagal seo agus/nó na cláir agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de réir mar is iomchuí. Déanfar athscrúdú ar na páipéir straitéise sin ag an meántéarma chomh maith agus déanfar iad a athbreithniú mar is iomchuí.

5.   Glacfaidh an Coimisiún na páipéir straitéise dá dtagraítear san Airteagal seo agus aon athbhreithniú orthu i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

TEIDEAL III

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 7

Clársceidealú

1.   Déanfar cúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo a chur chun feidhme go díreach, go hindíreach nó trí bhainistiú comhroinnte trí chláir agus trí bhearta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 agus i gcomhréir le rialacha sonracha lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir le struchtúir bhainistithe agus nósanna imeachta bainistithe, a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo. Déanfar cur chun feidhme, de ghnáth, i bhfoirm clár bliantúil nó clár ilbhliantúil, ar cláir a bhainfidh go sonrach le tír faoi leith nó cláir iltíre iad, chomh maith le cláir chomhair thrasteorann, a bhunófar i gcomhréir leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6 agus a dhréachtóidh na tairbhithe faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus/nó ag an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí.

2.   Maidir le haon chlársceidealú nó le haon athscrúdú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil Mheántéarma maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 (“an tuarascáil mheántéarma maidir le hathscrúdú”) a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 8

Comhaontuithe réime agus fo-chomhaontuithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún agus na tairbhithe faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn I comhaontuithe réime maidir le cur chun feidhme an chúnaimh a thabhairt i gcrích.

2.   Féadfar fo-chomhaontuithe a bhaineann le cur chun feidhme an chúnaimh a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a údaráis chur chun feidhme, de réir mar is gá.

Airteagal 9

Forálacha trasionstraime

1.   I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar incháilitheacht na gclár agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a leathnú chuig tíortha, críocha agus réigiúin nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 1, i gcás ina mbeidh an clár nó an beart a bheidh le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann.

2.   Rannchuideoidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le cláir nó le bearta a bhunófar faoin Rialachán seo le haghaidh comhair thrasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó CFRE de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na ranníocaíochta sin.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR II rannchuidiú le cláir nó bearta maidir le comhar trasnáisiúnta nó idir-réigiúnach a bhunófar agus a chuirfear chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh.1299 /2013 agus ina nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirt.

4.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR II rannchuidiú le cláir chomhair thrasteorann nó le bearta comhair trasteorann a bhunófar agus a chuirfear chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 agus ina nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo páirt.

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh ICR cur le cláir nó le bearta a thugtar isteach mar chuid de straitéis mhacrairéigiúnach agus ina mbeidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirteach.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 10

Cumhacht a tharmligean

Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Go háirithe, tar éis fhoilsiú na tuarascála meántéarma maidir le hathscrúdú, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh inti, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi mar a thagraítear di in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Rialacha breise cur chun feidhme a ghlacadh

I dteannta na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, glacfar rialacha sonracha lena mbunófar coinníollacha aonfhoirmeacha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Airteagal 13

Coiste

1.   Bunófar Coiste um an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“Coiste ICR II”) ina mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus beidh sé faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   Tabharfaidh Coiste IPA II cúnamh don Choimisiún i dtaca leis na réimsí beartais uile dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh Coiste ICR II inniúil freisin maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh 1085/2006 agus maidir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh 389/2006 a chur chun feidhme.

Airteagal 14

Luaíocht a thabhairt ar fheidhmíocht

1.   Forálfar leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6 go leanfaidh méid iomchuí cúnaimh de bheith ar fáil chun luaíocht a thabhairt do thairbhí aonair a liostaítear in Iarscríbhinn I ar an méid seo a leanas:

(a)

dul chun cinn sonrach chun critéir na ballraíochta a chomhlíonadh; agus/nó

(b)

cúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil trína mbainfear torthaí thar barr amach i leith spriocanna sonracha a leagfar síos sa pháipéar ábhartha straitéise.

2.   I gcás ina mbeidh an dul chun cinn a dhéanfar agus/nó na torthaí a bhainfidh tairbhí amach a liostaítear in Iarscríbhinn I fós go suntasach faoi bhun na leibhéal comhaontaithe a leagfar amach sna páipéir straitéiseacha, déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí a choigeartú go comhréireach, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

3.   Cuirfear méid iomchuí ar leataobh do na luaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus leithdháilfear é ar bhonn measúnaithe ar fheidhmíocht agus ar dhul chun cinn le linn roinnt bhlianta ach tráth nach déanaí ná in 2017 agus in 2020 faoi seach. Cuirfear na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), faoi mar a shonraítear iad sna páipéir straitéise, san áireamh.

4.   Le leithdháileadh táscach chistí an Aontais sna páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 6, déanfar an deis a d'fhéadfadh a bheith ann chun cistí breise lena mbaineann a leithdháileadh ar bhonn feidhmíochta agus/nó dul chun cinn a chur san áireamh.

Airteagal 15

An t-imchlúdach airgeadais

1.   Is EUR 11 698 668 000 ag praghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020. Leithdháilfear suas le 4 % den imchlúdach airgeadais ar chláir chomhair thrasteorann idir na tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit, ar aon dul lena gcuid riachtanas agus tosaíochtaí.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse ó 2014 go 2020.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), déanfar méid táscach EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, eadhon an Ionstraim um Chomhar um Fhorbairt arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IEC arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ICR II agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí i leith soghluaisteachta foghlama go dtí tíortha neamh-Aontais agus ó na tíortha sin, agus ar chomhar agus ar idirphlé beartais le húdaráis, le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí sna tíortha sin. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla nach gcumhdóidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh an cistiú sin léirithe sa chlársceidealú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 11, 15.1.2013, lch. 77.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch 110.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR), (IO L 210, 31.7.2006, lch. 82).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (IO L 65, 7.3.2006, lch. 5).

(7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013 lch. 884).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE) Uimh.1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha i ndáil le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(12)  Rialachán (AE) Uimh.1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch.281).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

(15)  Rialachán (AE) Uimh.1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487)

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus +”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE, (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

An Albáin

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

An Íoslainn

An Chosaiv (1)

Montainéagró

An tSeirbia

An Tuirc

Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine


(1)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.


IARSCRÍBHINN II

Tosaíochtaí téamacha don chúnamh

Féadfaidh cúnamh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

Prionsabal an dea-riaracháin phoiblí agus an dea-rialachais a chomhlíonadh. Ba cheart go ndíreofaí le hidirghabhálacha sa réimse seo ar an méid seo a leanas: riarachán poiblí a neartú, lena n-áirítear an tseirbhís shibhialta a dhéanamh níos gairmiúla agus a dhípholaitiú, lena gcothófar prionsabail atá bunaithe ar fhiúntas agus lena n-áiritheofar nósanna imeachta sásúla riaracháin, feabhas a chur ar an gcumas chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a neartú agus tacú le dul chun cinn chun geilleagair mhargaidh atá ag feidhmiú agus atá níos iomaíche a bhaint amach, tacú le rannpháirtíocht i sásra iltaobhach an Aontais maidir le faireachas fioscach agus comhar córasach le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais i ndáil le bunghnéithe an bheartais eacnamaíoch mar aon le bainistiú poiblí airgeadais a neartú;

(b)

Feidhmiú ceart na n-institiúidí is gá a bhunú agus a chur chun cinn go luath chun an smacht reachta a chinntiú. Díreofar le hidirghabhálacha sa réimse seo ar an méid seo a leanas: córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a chur ar bun, lena n-áirítear córais maidir le hardú céime, le meastóireacht agus le hearcaíocht a bheidh trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra, lena áirithiú go mbunófar córais stóinsithe chun na teorainneacha a chosaint, sreabha imirce a bhainistiú agus tearmann a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sin uathu, uirlisí éifeachtacha a fhorbairt don chomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe; cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad — lena n-áirítear na Romaigh, mar aon le daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha — agus na saoirsí bunúsacha, mar aon le saoirse na meán.

(c)

An cumas atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chun líonrú a spreagadh i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus iadsan atá ag tairbhithe a liostaítear i Iarscríbhinn I ar gach leibhéal, le go mbeidís in ann bheith páirteach in idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

(d)

Infheistiochtaí in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil. Díreofar le hidirghabhálacha sa réimse seo ar an méid a leanas: rochtain chothrom ar oideachas luath-óige, ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas ar cháilíocht ard a chur chun cinn; fágáil luath na scoile a laghdú; córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chur in oiriúint d'éilimh mhargadh an tsaothair, caighdeán agus ábharthacht an ardoideachais a fheabhsú, rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar an oideachais agus na hoiliúna; go mór mór chun éagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus chun oideachas neamhscartha a chothú.

(e)

An fhostaíocht a chothú agus soghluaisteacht an luchta saothair a thacú. Díreofar le hidirghabhálacha sa réimse seo: ar dhaoine óga nach bhfuil i bhfostaíocht, in oideachas nó in oiliúint (NEET) a lánpháirtiú go hinbhuanaithe i margadh an tsaothair, lena n-áirítear trí bhearta lena spreagfar infheistíocht chun poist mhaithe a chruthú; ar thacú le daoine dífhostaithe a lánpháirtiú; agus ar rannpháirtíocht níos fearr a spreagadh i margadh an tsaothair do na grúpaí go léir atá faoi ghannionadaíocht. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann tacú le comhionannas inscne, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint don athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun mar aon le hinstitiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú.

(f)

Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Díreofar le hidirghabhálacha: ar lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh; ar chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar bhonn gnéis, bunaidh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonta ghnéasaigh; agus ar rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe ar ardchaighdeán a fheabhsú, amhail cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta don leas coiteann, lena n-áirítear trí chórais chosanta sóisialta a nuachóiriú.

(g)

Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scroigeanna tráchta a fhuascailt i bpríomh-bhonneagar líonraí; go háirithe infheistiú i dtionscadail a bhfuil ardbhreisluach Eorpach ag baint leo. Ba cheart na hinfheistíochtaí a shainaithneofar a chur in ord tosaíochta de réir an méid a chuidíonn siad leis an tsoghluaiseacht, leis an inbhuanaitheacht, le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, a ábhartha atá siad le naisc le Ballstáit, agus leis an gcomhleanúnachas leis an Limistéar Iompair Eorpach Aonair.

(h)

Timpeallacht na hearnála príobháidí a fheabhsú mar aon le hiomaíochas na bhfionta,r lena n-áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don lánpháirtiú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail a fheabhsaíonn an timpeallacht ghnó.

(i)

Taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú, go háirithe tríd an mbonneagar taighde a fheabhsú, timpeallacht cumasaithe a chothú agus líonrú agus comhar a chur chun cinn.

(j)

Cuidiú leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht maidir le soláthar an bhia agus córais fheirmeoireachta inmharthana agus éagsúla a choimeád ar bun i bpobail bheoga thuaithe agus amuigh faoin tuath.

(k)

Feabhas a chur ar an gcumas atá ag an earnáil agraibhia déileáil le brú iomaíochais agus le fórsaí an mhargaidh mar aon le bheith ag teacht de réir a chéile le rialacha agus le caighdeáin an Aontais, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á saothrú ag an am céanna maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe.

(l)

Caighdeán an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú, cuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, an athléimneacht i gcoinne athrú aeráide a mhéadú agus rialachas agus faisnéis maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn. Cuirfear beartais chun cinn le maoiniú ICR II chun cabhrú leis an sprioc chun geilleagar ísealcharbóin, slán, inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a bhaint amach.

(m)

Athmhuintearas, bearta chun síocháin agus muinín a chothú a chur chun cinn.


IARSCRÍBHINN III

Tosaíochtaí téamacha don chúnamh don chomhar críochach

Féadfaidh cúnamh don chomhar trasteorann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

an fhostaíocht a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha thar teorainneacha tríd an méid seo, inter alia: margaí trasteorann saothair a lánpháirtiú, lena n-áirítear soghluaisteacht thrasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; comhionannas inscne; comhdheiseanna; pobail na n-imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht i seirbhísí poiblí sláinte agus sóisialta;

(b)

an comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide a chur chun cinn, cosc ar rioscaí agus bainistíocht ar rioscaí, trí, inter alia, comhghníomhaíochtaí chun an comhshaol a chosaint; úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, éifeachtúlacht acmhainne, foinsí fuinnimh in-athnuaite agus an ghluaiseacht chun geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin slán a bhaint amach; infheistíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, teacht aniar ó thubaistí a áirithiú agus córais bainistithe tubaiste a fhorbairt agus a bheith ullamh i gcás éigeandála;

(c)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú trí, inter alia, imeallú a laghdú trí rochtain níos fearr ar líonraí agus ar sheirbhísí iompair, faisnéise agus cumarsáide agus infheistiú i gcórais agus i saoráidí trasteorann maidir le huisce, le dramhaíl, agus le fuinneamh;

(d)

an turasóireacht agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a spreagadh.

(e)

infheistiú san aos óg, san oideachas agus i scileanna trí, inter alia, comhoideachas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon le gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óg;

(f)

rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus pleanáil agus cumas riaracháin na n-údarás áitiúil agus na n-údarás réigiúnach a fheabhsú;

(g)

an iomaíochas, an timpeallacht ghnó agus forbairt na bhfiontar beag agus meánmhéide, an trádáil agus an infheistiú a fheabhsú trí, inter alia, fiontraíocht a chur chun cinn agus a thacú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus margaí áitiúla trasteorann a fhorbairt agus idirnáisiúnú;

(h)

an taighde a neartú, mar aon le forbairt teicneolaíochta, nuáil agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide trí, inter alia: roinnt na n-acmhainní daonna agus na saoráidí don taighde agus don fhorbairt teicneolaíochta a chur chun cinn.

Féadfaidh cistiú ICR II rannpháirtíocht na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhaoiniú freisin, de réir mar is iomchuí, i gcláir thrasnáisiúnta agus idir-réigiúnacha faoin tacaíocht ó CEFR le sprioc an Chomhair Chríche Eorpaigh agus i gcláir trasteorann maidir le comhar faoi IEC. Sna cásanna sin, bunófar raon feidhme an chúnaimh i gcomhréir le creat rialála na hionstraime ábhartha (arb é CEFR nó IEC).


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Comhdhearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le maoiniú clár cothrománach do mhionlaigh

Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach gur ceart pointe (ii) de phointe (a) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) a léirmhíniú amhail gur cheart a thuiscint as pointe (ii) go gceadaítear cláir a mhaoiniú atá dírithe ar an meas ar mhionlaigh agus an chosaint orthu a fheabhsú i gcomhréir le critéir Chóbanhávan, mar a bhí leagtha síos faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid gníomhartha cur chun feidhme chun forálacha maidir le cur chun feidhme rialacha áirithe a leagan síos i Rialachán Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)

Measann an Coimisiún Eorpach i dtaobh na rialacha maidir le cláir um chomhar trasteorann mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus rialacha cur chun feidhme sonracha eile níos mionsonraithe i Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), measann sé gurb é is aidhm leis na rialacha sin an bunghníomh a fhorlíonadh agus gur cheart dá bhrí sin gur gníomhartha tarmligthe iad le glacadh ar bhonn Airteagal 290 den CFAE. Ní chuirfidh an Coimisiún Eorpach in aghaidh ghlacadh an téacs mar atá comhaontaithe ag na comhreachtóirí. Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach, áfach, go bhfuil ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE á scrúdú faoi láthair ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás na “mbithicídí”.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire i dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) nach bhfuil aon tagairt shainráite don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh i gcásanna nach gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na Tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II)

Tugann Parlaimint na hEorpa dá aire go n-úsáidtear an téarma “na tairbhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I” síos tríd an téacs de Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II). Measann Parlaimint na hEorpa go mbaineann an téarma sin le tíortha.


15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

27


RIALACHÁN (AE) Uimh. 232/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 (1) agus Airteagal 212 (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IEC) mar cheann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh. Gabhann sé ionad Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2)

Foráiltear in Airteagal 8 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas chun gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanachta d'fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar.

(3)

Faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), cuireann an tAontas gaolmhaireacht tosaíochta ar fáil do thíortha Chomharsanacht na hEorpa, lena gcuirtear leis an gcomhthiomantas do luachanna amhail an daonlathas agus cearta an duine, an smacht reachta, dea-rialachas, agus prionsabail an gheilleagair mhargaidh agus an fhorbairt inbhuanaithe, chuimsitheach agus le cur chun cinn na luachanna sin. Thairis sin, soláthraítear leis, i gcás inarb iomchuí, creat le haghaidh soghluaisteachta feabhsaithe agus teagmhála pearsanta feabhsaithe, go háirithe trí chomhaontuithe maidir le héascú víosaí agus le hathghlacadh isteach, agus, ar bhonn gach cáis ina cháilíocht féin, trí léirscaoileadh víosaí.

(4)

Ón tráth ar seoladh é,, rinneadh le BCE an caidreamh a neartú le tíortha comhpháirtíochta agus cuireadh sochair inbhraite ar fáil leis don Aontas agus dá chomhpháirtithe araon, lena n-áirítear tionscnaimh réigiúnacha agus tacaíocht don daonlathú sa Chomharsanacht Eorpacha sheoladh. Spreag roinnt forbairtí móra sa Chomharsanacht Eorpach athscrúdú straitéiseach cuimsitheach ar BCE. Foráiltear leis an athscrudú, inter alia, do níos mó tacaíochta a thabhairt do na comhpháirtithe atá tiomanta do shochaithe daonlathacha a fhorbairt agus d'athchóirithe a ghabháil ar láimh, i gcomhréir leis an gcur chuige bunaithe ar dhreasachtaí “dá mhéad … is ea is mó” agus ar an bprionsabal da ngairtear “an chuntasacht fhrithpháirteach”, agus foráiltear do chomhpháirtíocht le sochaithe agus do chur chuige níos difreálaithe agus níos saincheaptha i leith na dtíortha comhpháirtíochta aonair. Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbunófaí naisc shoiléire idir creat BCE agus an tacaíocht atá le soláthar faoin Rialachán seo.

(5)

Ba cheart go dtacófaí leis an Rialachán seo le cur chun feidhme tionscnamh polaitiúil a chuir cruth ar BCE, Comhpháirtíocht an Oirthir idir an tAontas agus a chomharsana ón oirthear, an Chomhpháirtíocht le haghaidh an Daonlathais agus an Rathúnais Chomhroinnte agus an tAontas don Réigiún Meánmhuirí i gComharsanacht an deiscirt. Tionscnaimh thábhachtacha ó thaobh straitéise iad na tionscnaimh uile sin, lena gcuirtear creata fóinteacha polaitiúla comhionanna ar fáil chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus ina measc, é bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta. Ba cheart go dtacófaí freisin leis an Rialachán seo le cur chun feidhme an chomhair réigiúnaigh ar fud na comharsanachta Eorpaí, inter alia faoi chuimsiú bheartas Dhiminsean an Tuaiscirt nó faoi chuimsiú Shineirge na Mara Duibhe, agus, go príomha i gcás an chomhair thrasteorann, le gnéithe seachtracha na straitéisí ábhartha macrairéigiúnacha

(6)

Ba cheart go saothrófaí cuspóirí an Rialacháin seo le rannpháirtíocht iomchuí ó chomhpháirtithe gníomhaíochta seachtraí, lena n-áirítear eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla, agus tacaíocht an Aontais á hullmhú agus á cur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh uirthi, i bhfianaise thábhacht róil na gcomhpháirtithe sin. Ba cheart go dtacódh an Rialachán seo le cumas eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a neartú chun cuntasacht éifeachtach bhaile agus úinéireacht éifeachtach áitiúil a ráthú, agus chun bheith mar ghníomhaithe iomlána i bpróiséas an daonlathaithe.

(7)

Aithnítear sa Rialachán seo an stádas faoi leith a bhaineann le Cónaidhm na Rúise mar chomharsa de chuid an Aontais agus mar chomhpháirtí straitéiseach sa réigiún sin.

(8)

Ba cheart tacaíocht faoin Rialachán seo agus faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) araon a chur ar fáil i gcomhair na gclár um chomhar trasteorann idir na Ballstáit ar thaobh amháin, agus tíortha comhpháirtíochta agus/nó Cónaidhm na Rúise ar an taobh eile (“tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann”) feadh theorainneacha seachtracha an Aontais, chun forbairt agus comhar a bheidh réigiúnach, comhtháite agus inbhuanaithe a chur chun cinn idir na limistéir teorann chomharsanachta mar aon le comhtháthú comhchuí críochach ar fud an Aontais agus in éineacht le tíortha comharsanachta. Tá sé tabahchtach go ndéanfaí na nósanna imeachta a chomhchuibhiú leo siúd atá ann i gcomhthéacs an chomhair chríochaigh Eorpaigh, i gcás inarb iomchuí, chun a áirithiú go gcuirfear comhar trasteorann chun feidhme ar bhealach éifeachtúil.

(9)

Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach comhar a chothú agus a éascú idir an Aontas agus lena chomhpháirtithe, agus le tíortha rannpháirteacha eile, ar mhaithe lena leas coiteann, go háirithe trí na hacmhainní a chuirtear ar fáil a chomhordú ar an mbealach is fearr agus is éifeachtaí is féidir agus trí ranníocaíochtaí ó ionstraimí inmheánacha agus seachtracha bhuiséad an Aontais a chomhthiomsú, go mór mór ar mhaithe le comhar trasteorann agus le tionscnaimh chomhair réigiúnaigh, le tionscnaimh bhonneagair chun leasa an Aontais a bhfuil baint ag tíortha comharsanachta leo, agus réimsí eile comhair.

(10)

Na haonaid chríochacha feadh na dteorainneacha ar le tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) iad agus na haonaid chríochacha ábhartha sna tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ba cheart go mbeadh siad in ann a bheith rannpháirteach freisin i gcomhar trasteorann. Ba cheart go leanfadh rannpháirtíocht tíortha ó LEE sna cláir um chomhar trasteorann de bheith bunaithe ar a gcuid acmhainní dílse.

(11)

Táthar ag súil go soláthróidh Ballstáit AE, na tíortha comhpháirtíochta agus tíortha rannpháirteacha eile a mbeidh páirt á glacadh acu sa chomhar trasteorann agus sa chomhar réigiúnach cómhaoiniú. Neartóidh sé sin an úinéireacht i measc na dtíortha, méadófar ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil do na cláir agus éascófar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí áitiúla.

(12)

D'fhonn an téarmaíocht a úsáidtear sa Rialachán seo a chomhchuibhiú le téarmaíocht an chomhair chríochaigh Eorpaigh, ba cheart cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a thabhairt ar dhoiciméid chur chun feidhme le haghaidh na gclár um chomhar trasteorann.

(13)

Ba cheart don tacaíocht a sholáthrófar do thíortha comharsanachta atá i mbéal forbartha faoin gcreat a bhunaítear le BCE a bheith comhcuí le cuspóirí agus le prionsabail bheartas seachtrach an Aontais agus go háirithe lena bheartas forbraíochta, agus leis an gcomhbheartas eachrach agus slándála an Aontais. Ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibheas le gnéithe seachtracha de bheartais agus d'ionstraimí inmheánacha an Aontais freisin.

(14)

Ba cheart go bhféachfaidh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhchuibheas agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach, agus trí shineirgí a chruthú idir IEC, ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart go ndéanfaí athneartú frithpháirteach freisin ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

(15)

Tá Straitéis Chomhpháirteach AE agus na hAfraice ábhartha maidir le caidreamh leis na comharsana Meánmhara ó Thuaisceart na hAfraice.

(16)

Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit feabhas a chur ar chomhchuibheas, ar éifeachtacht agus ar chomhlántacht a gcuid beartas faoi seach maidir le comhar le tíortha comharsanachta. Lena áirithiú go ndéanfaidh comhar an Aontais agus comhar na mBallstát comhlánú agus athneartú ar a chéile, is iomchuí a fhoráil do chlársceidealú comhpháirteach, ar cheart é a chur chun feidhme cibé uair is féidir agus is ábhartha. Ba cheart comhar cuí agus comhordú cuí le deontóirí nach den Aontas a áirithiú freisin.

(17)

Ba cheart i bprionsabal go ndéanfaí tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a ailíniú le straitéisí agus le bearta comhfhreagracha náisiúnta nó áitiúla na dtíortha comhpháirtíochta agus, i gcás inarb ábhartha, le bearta Chónaidhm na Rúise freisin.

(18)

Ba cheart don Choimisiún féachaint chuige go mbainfear an úsáid is éifeachtúla is féidir as na hacmhainní atá ar fáil trí ionstraimí airgeadais a úsáid a bhfuil éifeacht luamhánaithe acu. D'fhéadfaí an éifeacht sin a mhéadú trí chead a thabhairt cistí a infheistítear le hionstraimí airgeadais agus a ghintear leo a úsáid agus a athúsáid.

(19)

Tá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide ar cheann de na dúshláin mhóra a bhfuil aghaisdh le tabhairt uirthi ag an Aontas agus tá gníomhaíocht idirnáisiúnta ag teastáil go práinneach. I gcomhréir leis an rún atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal “Buiséad do Eoraip 2020” maidir leis an gcuid sin de bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go 20 % ar a laghad, ba cheart go rannchuideofaí tríd an Rialachán seo leis an sprioc sin a bhaint amach.

(20)

Le creat cobhsaí le haghaidh comhair le tíortha comharsanachta i réimse an fhuinnimh agus na n-acmhainní, atá comhsheasmhach le rialacha mhargadh inmheánach an Aontais, cuidítear le feabhas a chur ar shlándáil an Aontais sa réimse sin.

(21)

Tá comhionannas inscne, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe agus an neamhionannais ina gcuspóirí trasnaí i ngach gníomhaíocht a dhéantar faoin Rialachán seo.

(22)

Tá an tAontas tiomanta, ina chaidreamh lena chomhpháirtithe ar fud an domhain, do chaighdeán maith oibre a chur chun cinn chomh maith le ceartas sóisialta, daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán saothair atá aitheanta go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear deireadh a chur le fostú leanaí, agus na gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil.

(23)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais dá thréimhse chur i bhfeidhm arb éard a bheidh ann an méid príomh-thagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, i dtaca le comhar maidir le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (6), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(24)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh. Ba cheart na bearta sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na comhaontuithe is infheidhme a thugtar i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

(25)

Chun tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a oiriúnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta de thosaíochtaí do thacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo agus le leithdháiltí airgeadais de réir cineál cláir a leasú. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(26)

Chun coinníoillacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(27)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le creataí tacaíochta aonair ilbhliantúla, le doiciméid clársceidalaithe eile agus le rialacha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha sonracha do chur chun feidhme an chomhair trasteorainn a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(28)

Ba cheart, i bprionsabal, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh, i bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go háirithe iad a bheith dírithe ar bheartais nó a n-impleachtaí buiséadacha, ach amháin i gcás beart ar mhionscála airgeadais.

(29)

Bunaítear rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)

(30)

Bunaítear na rialacha lena rialaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh (SEGS) 2010/427/AE ón gComhairle (9)

(31)

Is i dtíortha Chomharsanacht na hEorpa, áit ar ceann de na príomhchuspóirí beartaisiad féin a ailíniú le rialacha agus le caighdeáin an Aontais, is fearr atá an tAontas i riocht a cúnamh faoin Rialachán seo a chur ar fáil. Ní féidir tacaíocht shonrach áirithe a chur ar fáil ach amháin ar leibhéal an Aontais. Féadfar cur le rath na n-athchóirithe i dtíortha Chomharsanacht na hEorpa leis an taithí atá ag na Ballstáit maidir le trasdul agus féadfar cabhrú le cur chun cinn luachanna uilíocha sa Chomharsanacht freisin.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais i ngeall ar fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(33)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Ba cheart, dá bhrí sin go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme ginearálta

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IEC) d'fhonn níos mó dul chun cinn a dhéanamh maidir le limistéar rathúnais chomhroinnte agus dea-chomharsanúlachta a ina mbeidh an tAontas Eorpach agus na tíortha agus na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I (“na tíortha comhpháirtíochta”) páirteach trí ghaolmhaireacht speisialta a fhorbairt a bheidh bunaithe ar chomhar, ar shíocháin agus ar shlándáil, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas chomhroinnte do luachanna uilíocha an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine i gcomhréir le CAE.

2.   Úsáidfear tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo chun leasa na dtíortha comhpháirtíochta agus na réigiún atá páirteach sa chomhar trasteorann. Is féidir í a úsáid freisin chun leasa chomhchoitinn an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta.

3.   Féadfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a úsáid freisin le cur ar chumas Chónaidhm na Rúise páirt a ghlacadh i gcomhar trasteorann, i gcomhar réigiúnach ina mbeidh an tAontas rannpháirteach agus i gcláir ábhartha iltíre, lena n-áirítear comhar maidir le hoideachas, go háirithe malartuithe mac léinn.

4.   Déanann an tAontas luachanna na saoirse, an daonlathais, uilíocht, urramú, agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, prionsabail an chomhionannais agus an smachta reachta ar a bhfuil sé fothaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú trí chomhphlé agus trí chomhar le tríú tíortha agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta á gcomhlíonadh. Dá réir sin, comhlíonfaidh maoiniú faoin Rialachán seo na luachanna agus na prionsabail sin, agus gealltanais an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta chomh maith, agus beartais ábhartha agus seasaimh ábhartha de chuid an Aontais á gcur san áireamh.

Airteagal 2

Na cuspóirí sonracha a bhaineann le tacaíocht an Aontais

1.   Díreofar le tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo ar chomhar polaitiúil feabhsaithe, daonlathas domhain agus inbhuanaithe, lánpháirtiú eacnamaíoch comhleanúnach agus comhpháirtíocht neartaithe le sochaithe a chur chun cinn idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta agus díreofar, go háirithe, ar chur chun feidhme comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair, comhaontuithe comhlachais nó comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus pleananna gníomhaíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha.

2.   Díreofar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn, an smacht reachta, prionsabail an chomhionannais, an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe de gach cineál, daonlathas domhain inbhuanaithe a bhunú, dea-rialachas a chur chun cinn, an comhrac i gcoinne an éillithe, an cumas institiúideach a neartú ar gach leibhéal agus sochaí shibhialta a bhfuil rath uirthi a fhorbairt lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta;

(b)

comhtháthú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais a bhaint amach mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála lena n-áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena n-áirítear limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, institiúidí agus infheistíochtaí gaolmhara a fhorbairt, go háirithe i gcás idirnasc;

(c)

dálaí a chruthú chun imirce dhleathach a eagrú níos fearr agus chun soghluaisteacht dhea-bhainistithe daoine a chothú, chun comhaontuithe atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo agus a tugadh i gcrích i gcomhréir leis an gCur Chuige Domhanda i leith na hImirce agus na Soghluaisteachta a chur chun feidhme, agus chun teagmhálacha duine le duine a chur chun cinn, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachais, gairmiúla agus spóirt;

(d)

tacú le gach gné den fhorbairt chliste, inbhuanaithe agus chuimsitheach, bochtaineacht a laghdú; lena n-áirítear trí fhorbairt na hearnála príobháidí agus eisiamh sóisialta a laghdú; forbairt acmhainní san eolaíocht, san oideachas agus go háirithe san ardoideachas, sa teicneolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht a chur chun cinn; comhtháthú inmheánach eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn; forbairt tuaithe a chothú; sláinte phoiblí a chur chun cinn; agus tacú le cosaint an chomhshaoil, le gníomhaíocht ar son na haeráide agus le hathléimneacht ó thubaistí;

(e)

cothú muiníne a chur chun cinn, chomh maith le dea-chaidreamh idir comharsana agus bearta eile trína gcuirtear le slándáil de gach cineál agus le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, lena n-áirítear coinbhleachtaí fadtréimhseacha;

(f)

comhar foréigiúnach, réigiúnach agus ar fud na Comharsanachta Eorpaí chomh maith le comhar trasteorann a fheabhsú.

3.   Déanfar gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2a thomhas agus úsáid á baint go háirithe as na nithe seo a leanas: tuarascálacha tréimhsiúla ábhartha an Aontais faoi chur chun feidhme BCE, agus na táscairí iomchuí atá bunaithe ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhlachtaí ábhartha eile i gcás phointe(a), pointe (d) agus pointe(e) de mhír 2; a mhéid a bheidh creat rialála an Aontais á ghlacadh ag na tíortha comhpháirtíochta mar is iomchuí i gcás phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) de mhír 2; líon na gcomhaontuithe iomchuí agus na ngníomhaíochtaí comhair i gcás pointe (c) agus pointe (f) de mhír 2

Beidh na táscairí a úsáidfear chun baint amach na gcuspóirí sonracha a thomhas réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, bainfidh siad go sonrach le tíortha faoi leith agus beidh siad intomhaiste, agus áireofar orthu, inter alia, toghcháin dhaonlathacha a ndéanfar faireachán leordhóthanach orthu, meas ar chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, breithiúnacht neamhspleách, comhar maidir le saincheisteanna ceartais, saoirse agus slándála, an leibhéal éillithe, sreabha trádála, comhionannas inscne agus táscairí a chumasaíonn míréireachtaí inmheánacha eacnamaíocha a thomhas, lena n-áirítear leibhéil fostaíochta.

4.   Féadfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán a úsáid i réimsí ábhartha eile freisin nuair a bheidh sé sin comhsheasmhach le cuspóirí foriomlána BCE.

Airteagal 3

Creat beartais

1.   Na comhaontaithe comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe comhlachais agus comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann sa todhchaí a chruthaíonn gaolmhaireacht le tíortha comhpháirtíochta, teachtaireachtaí comhfhreagracha ón gCoimisiún, Conclúidí comhfhreagracha ón gComhairle Eorpach, agus Conclúidí comhfhreagracha ón gComhairle chomh maith le dearbhuithe ábhartha ó chruinnithe mullaigh nó conclúidí ábhartha cruinnithe aireachta le tíortha comhpháirtíochta BCE lena n-áirítear i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, is iad a bheidh, agus prionsabal na húinéireachta á urramú acu, i gcreat foriomlán beartais an Rialacháin seo chun tacaíocht an Aontais a chlársceidealú agus a chur chun feidhme faoin Rialachán seo.

2.   Is iad pleananna gníomhaíochta nó doiciméid choibhéiseacha eile a chomhaontófar ar bhonn comhpháirteach, amhail cláir oibre chomhlachais idir na tíortha comhpháirtíochta agus an tAontas, i bhformáidí déthaobhacha agus iltaobhacha, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i nDiminsean an Deiscirt de BCE, a chuirfidh na príomhphointí tagartha ar fáil chun tosaíochtaí a leagan síos maidir le tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo agus chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 2(3).

3.   I gcás nach mbeidh aon chomhaontuithe, faoi mar a leagtar amach i mír 1, déanta idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, féadfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chur ar fáil nuair atá sé úsáideach chun cuspóirí beartais an Aontais a shaothrú, agus déanfar é a chlársceidealú ar bhonn cuspóirí den sórt sin, agus riachtanais na tíre lena mbaineann á gcur san áireamh.

Airteagal 4

Difreáil, comhpháirtíocht agus cómhaoiniú

1.   Maidir leis an tacaíocht a chuireann an tAontas ar fáil faoin Rialachán seo do gach tír comhpháirtíochta i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1), beidh sí dreasacht- bunaithe agus déanfar í a dhifreáil i bhfoirm agus i méideanna, agus na nithe uile seo a leanas á léiriú:

(a)

riachtanais na tíre comhpháirtíochta amhail daonra agus an leibhéal forbartha;

(b)

tiomantas do chuspóirí a chur chun feidhme agus dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme, ar cuspóirí iad maidir le hathchóiriú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta agus ar thángthas ar chomhaontú frithpháirteach fúthu;

(c)

tiomantas na tíre comhpháirtíochta do dhaonlathas domhain inbhuanaithe a chothú agus dul chun cinn maidir leis sin;

(d)

comhpháirtíocht leis an Aontas, lena n-áirítear an leibhéal uaillmhéine don chomhpháirtíocht sin;

(e)

acmhainn ionsúcháin agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith agan tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo.

Léireofar tacaíocht den sórt sin sna doiciméid ilbhliantúla chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 7.

2.   Tar éis na doiciméid chlársceidealaithe a shonraítear in Airteagal 7 a ghlacadh, agus gan dochar do na gnéithe eile a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfar sciar na n-acmhainní a thairgfear do thíortha comhpháirtíochta a oiriúnú i gcomhréir go príomha leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad i ndáil le daonlathas domhain inbhuanaithe a fhorbairt agus a chomhdhlúthú agus le cuspóirí a chur chun feidhme, ar cuspóirí maidir le hathchóiriú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta iad agus ar thángthas ar chomhaontú fúthu, i gcomhréir leis an gcur chuige dreasacht-bhunaithe.

Maidir le bratchláir iltíre, cinnfear an sciar sin de réir an dul chun cinn a dhéanfaidh na tíortha comhpháirtíochta ó thaobh daonlathas domhain, inbhuanaithe a fhorbairt, agus aird á tabhairt freisin ar an dul chun cinn a dhéanfaidh siad i gcur chun feidhme na gcuspóirí sin lena gcuideofar chun an sprioc sin a bhaint amach, ar cuspóirí iad ar thángthas ar chomhaontú fúthu.

Déanfar an dul chun cinn a dhéanfaidh na tíortha comhpháirtíochta a mheasúnú go tráthrialta, go háirithe trí thuarascálacha de chuid BCE, ar tuarascálacha ar dhul chun cinn iad, a n-áireofar treochtaí iontu le hais na mblianta roimhe sin.

Féadfaidh sé sé go ndéanfar an tacaíocht a bhreithniú athuair má thítear ar gcúl go tromchúiseach nó go leanúnach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an gcur chuige dreasacht-bhunaithe chun tacú leis an tsochaí shibhialta, le teagmhálacha duine le duine, lena n-áirítear comhar idir na h-údaráis áitiúla, tacaíocht chun feabhas a chur ar chearta an duine nó bearta tacaíochta a bhaineann le géarchéim. Má thitear ar gcúl ar bhealach tromchúiseach nó leanúnach, d'fhéadfadh sé go méadófar ar an tacaíocht sin.

4.   Beidh an cur chuige dreasacht-bhunaithe faoin Rialachán seo faoi réir malartuithe tráthrialta tuairimí i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

5.   Is i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe a shocrófar i bprionsabal tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo. Beidh na geallsealbhóirí seo a leanas páirteach sa chomhpháirtíocht sin, de réir mar is iomchuí agus tacaíocht ón Aontas á hullmhú, á chur chun feidhme agus san fhaireachán a bheidh á déanmh uirthi:

(a)

údaráis náisiúnta agus áitiúla; agus

(b)

eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

lena n-áirítear trí chomhairliúchán agus trí rochtain thráthúil ar fhaisnéis ábhartha lena ligfear dóibh ról a bhfuil brí leis a bheith acu sa phróiseas sin.

6.   Déanfaidh na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha rannpháirteacha eile tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chómhaoiniú, i bprionsabal, trí bhíthin cistí poiblí, ranníocaíochtaí ó na tairbhithe nó ó fhoinsí eile. Féadfar ceanglais chómhaoinithe a tharscaoileadh i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo agus i gcás inar gá sin le tacú le forbairt ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe neamhstáit, go háirithe eagraíochtaí mionscála na sochaí sibhialta, gan dochar do chomhlíonadh na gcoinníollacha eile a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh, 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 5

Comhchuibheas agus comhordú deontóirí

1.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar comhchuibheas le gach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. Chuige sin, maidir leis na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), beidh siad bunaithe ar na doiciméid faoi bheartas comhair dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) agus ar leasanna, ar thosaíochtaí beartais agus ar straitéisí sonracha an Aontais chomh maith. Urramóidh na bearta sin na gealltanais arna ndéanamh faoi chomhaontaithe iltaobhacha agus faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta ar páirtithe iontu an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta.

2.   Áiritheoidh an tAontas, na Ballstáit agus BEI comhchuibheas idir tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo agus tacaíocht eile a dhéanfaidh an tAontas, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha a chur ar fáil.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú ar a gcláir thacaíochta faoi seach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a mhéadú maidir le tacaíocht agus idirphlé beartais a sheachadadh agus chun forluí an chistithe a sheachaint i gcomhréir leis na prionsabail atá bunaithe maidir le comhordú oibríochtúil a neartú i réimse na tacaíochta seachtraí, agus maidir le beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhordú comhairliúcháin rialta agus malartuithe minice faisnéise ábhartha le linn na gcéimeanna éagsúla de thimthriall na tacaíochta, go háirithe ar an láthair. Cuirfear clársceidealú comhpháirteach chun feidhme cibé uair is féidir agus is ábhartha. Mura bhféadfar é sin a bhaint amach, breithneofar dul i mbun socruithe eile, amhail comhar tarmligthe agus socruithe maidir le haistriú, chun an leibhéal comhordaithe is airde is féidir a áirithiú.

Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú maidir le clársceidealú comhpháirteach leis na Ballstáit laistigh den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, agus cuirfidh sé moltaí san áireamh sna cásanna sin nár baineadh amach an clársceidealú comhpháirteach go hiomlán ina leith.

4.   Déanfaidh an tAontas na bearta riachtanacha, in éineacht leis na Ballstáit, lena n-áirítear comhairliúcháin ag tús an phróisis clársceidealaithe, d'fhonn a áirithiú go mbeidh comhlántacht, comhordú agus comhar ceart ann le heagraíochtaí agus le heintitis iltaobhacha, lena n-áirítear institiúidí Eorpacha airgeadais, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí, cistí agus cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, fondúireachtaí príobháideacha agus fondúireachtaí polaitiúla agus deontóirí nach ón Aontas Eorpach dóibh.

5.   Leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 7(3), tagrófar freisin, a mhéid is féidir, do ghníomhaíochtaí deontóirí eile an Aontais.

TEIDEAL II

CLÁRSCEIDEALÚ TÁSCACH AGUS LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Airteagal 6

Cineálacha clár

1.   Déanfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chlársceidealú tríd an méid seo a leanas:

(a)

cláir dhéthaobhacha ina gcuimseofar tacaíocht ón Aontas d'aon tír chomhpháirtíochta amháin;

(b)

cláir iltíre lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin a bhaineann le roinnt tíortha comhpháirtíochta nó leo go léir, bunaithe ar thosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir agus dhiminsean an deiscirt de BCE agus an obair a rinneadh i gcomhthéacs an Aontais don Réigiún Meánmhuirí á cur san áireamh, mar aon le comhar réigiúnach agus foréigiúnach, go príomha idir dhá thír chomhpháirtíochta nó níos mó, lena n-áirítear freisin faoi chuimsiú Dhiminsean an Tuaiscirt agus Sineirge na Mara Duibhe. Féadfaidh Cónaidhm na Rúise a bheith i gceist leis sin i gcomhréir le hAirteagal 1(3);

(c)

cláir um chomhar trasteorann ina ndíreofar ar chomhar idir Ballstát amháin nó níos mó, ar thaobh amháin, agus tír chomhpháirtíochta amháin nó níos mó agus/nó Cónaidhm na Rúise (“tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann”), ar an taobh eile, ar comhar é a dhéanfar feadh a gcoda comhroinnte de theorainn sheachtrach an Aontais.

2.   Is in Iarscríbhinn II atá na tosaíochtaí don tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo leagtha amach.

3.   Cuirfear tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 agus, i gcás na gclár dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6 (1) den Rialachán seo, i gcomhréir freisin leis na rialacha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha sonracha chun an comhar trasteorann a chur chun feidhme, faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 12 den Rialachán seo.

Airteagal 7

Clársceidealú agus leithdháileadh táscach cistí maidir le cláir tháscacha thíre agus iltíre

1.   Cinnfear leithdháiltí táscacha airgeadais le haghaidh clár tíre ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4(1).

2.   I gcás tíortha inarb ann do na doiciméid sin dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo, glacfar creat tacaíochta aonair ilbhliantúil cuimsitheach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Leis an gcreat sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

athscrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcreat beartais agus maidir le baint amach na gcuspóirí sin ar thángthas ar chomhaontú fúthu roimhe seo agus breithniú a dhéanamh ar an staid mar atá maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta, lena n-áirítear an leibhéal uaillmhéine do chomhpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta leis an Aontas;

(b)

cuspóirí agus tosaíochtaí maidir le tacaíocht an Aontais a leagan amach, a roghnófar go príomha as measc na gceann sin a áirítear sna doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo agus i straitéisí nó i bpleananna na dtíortha comhpháirtíochta i gcás ina mbeidh na straitéisí nó na pleananna sin comhsheasmhach leis an gcreat foriomlán beartais, agus a léirítear le measúnú tráthrialta an Aontais go bhfuil gá le tacaíocht ina leith;

(c)

na torthaí a mbeifear ag súil leo a léiriú; agus

(d)

leibhéal táscach an mhaoiniúcháin a leagan amach agus é miondealaithe de réir tosaíochta.

Tabharfar leithdháiltí airgeadais le haghaidh gach creata tacaíochta aonair i bhfoirm raon nach mó ná 20 % de na leithdháiltí sin.

I bprionsabal, comhfhreagróidh fad tréimhse creata tacaíochta aonair d'fhad tréimhse an doiciméid ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

3.   I gcás tíortha nach ann do na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo ina leith, déanfar doiciméad cuimsitheach clársceidalaithe lena n-áireofar straitéis agus clár táscach ilbhliantúil a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 Déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a)

straitéis freagartha de chuid an Aontais a shainiú ar bhonn anailís ar an staid sa tír lena mbaineann, ar an gcaidreamh atá aige leis an Aontas, agus ar straitéisí nó ar phleananna na dtíortha comhpháirtíochta i gcás ina mbeidh na straitéisí nó na pleananna sin comhsheasmhach leis an gcreat foriomlán beartais;

(b)

na cuspóirí agus na tosaíochtaí do thacaíocht an Aontais a leagan amach;

(c)

na torthaí a mbeifear ag súil leo a léiriú; agus

(d)

leibhéal táscach an mhaoiniúcháin a leagan amach agus é miondealaithe de réir tosaíochta.

Tabharfar leithdháiltí táscacha airgeadais tionlacan i bhfoirm raon nach mó ná 20 % de na leithdháíltí sin. Beidh fad tréimhse ilbhliantúil iomchuí i gceist leis an doiciméad clársceidealaithe.

4.   I gcás clár iltíre, glacfar le doiciméad clársceidealaithe cuimsitheach lena n-áireofar straitéis agus clár táscach ilbhliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagan amach do thacaíocht ón Aontas leis an réigiún nó leis an bhfo-réigiún, lena léireofar i gcás inarb iomchuí na tosaíochtaí sin arna gcinneadh faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir nó faoi chuimsiú an Aontais don Réigiún Meánmhuirí;

(b)

na torthaí a mbeifear ag súil leo a léiriú; agus

(c)

leibhéal táscach an mhaoiniúcháin a leagan amach, agus é miondealaithe de réir tosaíochta.

Cinnfear leithdháiltí airgeadais do chláir iltíre ar bhonn critéar trédhearcach, oibiachtúil.

Beidh fad tréimhse ilbhliantúil iomchuí ag an ndoiciméad clársceidealaithe.

5.   Déanfar doiciméid an chreata tacaíochta aonair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a athscrúdú nuair is gá, lena n-áirítear i bhfianaise na dtuarascálacha tréimhsiúla ábhartha de chuid an Aontais, agus an obair a dhéanfaidh na comhlachtaí comhpháirteacha a bunaíodh faoi na comhaontuithe leis na tíortha comhpháirtíochta á cur san áireamh, agus féadfar iad a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Déanfar na doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo a athscrúdú ag meántéarma na ndoiciméad nó cibé uair is gá, agus féadfar iad a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

6.   Chun go n-éascófar cur chun feidhme an chur chuige dreasacht-bhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2), leithdháilfear méid i raon 10 % den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airtegal 17 (1) ar bhratchláir iltíre lena bhforlíonfar na leithdháiltí airgeadais tíre dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3). Sonrófar na tíortha a fhéadfaidh leithdháiltí a fháil leis na cinntí ábhartha ón gCoimisiún lena mbunaítear na bratchláir sin, agus cinnfear na leithdháiltí féin ar bhonn an dul chun cinn i dtreo daonlathais dhomhain inbhuanaithe agus chur chun feidhme na gcuspóirí ar thángthas ar chomhaontú fúthu i ndáil leis an athchóiriú a rannchuideoidh leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

7.   Nuair is gá bearta a chur chun feidhme ar bhonn níos éifeachtaí ar mhaithe le leas coiteann an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, i réimsí amhail an comhar trasnáisiúnta agus idirnaisc thrasnáisiúnta, féadfar cistiú faoin Rialachán seo a chomhthiomsú le cistiú a chumhdaítear faoi rialacháin ábhartha eile an Aontais. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tsraith aonair rialacha a bhfuil feidhm le bheith aici maidir le cur chun feidhme.

8.   Beidh na Ballstáit rannpháirteach sa phróiseas clársceidealaithe, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Beidh dlúthbhaint ag na Ballstáit sin agus na deontóirí eile a thug gealltanas a dtacaíocht a chlársceidealú ar bhonn comhpháirteach leis an Aontas. Féadfar a ranníocaíocht a chumhdach sna doiciméid clársceidealaithe de réir mar is iomchuí.

9.   I gcás ina mbeidh gealltanas tugtha ag Ballstáit agus ag deontóirí eile a dtacaíocht a chlársceidealú ar bhonn comhpháirteach, féadfaidh doiciméad chlársceidealaithe ilbhliantúil comhpháírteach ionad an chreata tacaíochta aonair agus na ndoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a ghlacadh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar amach sna míreanna sin.

10.   I gcás géarchéimeanna nó bagairtí ar an daonlathas, ar an smacht reachta nó ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, nó i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine, féadfar athscrúdú ad hoc a dhéanamh ar dhoiciméid chlársceidealaithe. Áiritheofar in athscrúdú éigeandála den sórt sin go ndéanfar an comhchuibheas idir beartais an Aontais, tacaíocht an Aontais a sholáthraítear faoin Rialachán seo agus tacaíocht a sholáthaítear faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú a choimeád ar bun. Féadfar doiciméid chlársceidealaithe athbhreithnithe a ghlacadh de dhroim athscrúdaithe éigeandála. Sa chás sin, seolfaidh an Coimisiún na doiciméid chlársceidealaithe athbhreithnithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar eolas laistigh de mhí amháin ó dháta a nglactha.

11.   Maidir le haon chlársceidealú nó aon athscrúdú ar chláir a dhéanfar tar éis fhoilsiú natuarascála meántéarma maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

TEIDEAL III

COMHAR TRASTEORANN

Airteagal 8

Incháilitheacht gheografach

1.   Is féidir na cláir um chomhar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(1) a bhunú:

(a)

le haghaidh teorainneacha talún lena gcumhdaítear na haonaid chríochacha a chomhfhreagraíonn do leibhéal Ainmníocht na n-Aonad Críche um Staidreamh (NUTS) 3 nó dá choibhéis ar feadh na dteorainneacha talún idir na Ballstáit agus na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, gan dochar do choigeartuithe féideartha a bheidh riachtanach chun comhchuibheas agus leanúnachas na gníomhaíochta comhair a áirithiú, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4);

(b)

le haghaidh teorainneacha muirí lena gcumhdaítear aonaid chríochacha a chomhfhreagraíonn do leibhéal NUTS 3 nó dá choibhéis ar feadh na dteorainneacha muirí idir na Ballstáit agus na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, agus 150 km ar a mhéad eatarthu, gan dochar do choigeartuithe féideartha a bheidh riachtanach chun comhchuibheas agus leanúnachas na gníomhaíochta comhair a áirithiú;

(c)

timpeall imchuach farraige, lena gcumhdaítear aonaid chríochacha ar an gcósta a chomhfhreagraíonn do leibhéal NUTS 2 nó dá choibhéis atá os comhair imchuach farraige is coiteann do Bhallstáit agus do na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann.

2.   D'fhonn a áirithiú go leanfar de na scéimeanna comhair atá ann cheana agus i gcásanna eile a bhfuil bonn cirt leo, agus d'fhonn cur le cuspóirí an chláir, féadfar ligean d'aonaid chríochacha atá tadhlach leis na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 páirt a ghlacadh i gcomhar trasteorann. Déanfar na coinníollacha faoina bhféadfaidh na haonaid chríochacha a bheith rannpháirteach i gcomhar a leagan síos sna cláir chomhpháirteacha oibríochtúla.

3.   I gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, féadfar lárionaid shóisialta, eacnamaíocha nó chultúrtha sna Ballstáit nó i dtíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann nach bhfuil tadhlach le haonaid chríochacha incháilithe a chur ar áireamh ar an gcoinníoll go gcuirfidh an rannpháirtíocht sin leis na cuspóirí a leagtar síos sa doiciméad clársceidealaithe. Déanfar na coinníollacha faoina bhféadfadh lárionaid den sórt sin a bheith rannpháirteach i gcomhar a leagan síos sna cláir chomhpháirteacha oibríochtúla.

4.   Nuair a dhéanfar cláir a bhunú de bhun phointe (b) de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú na rannpháirtithe, moladh a dhéanamh go ndéanfar an incháilitheacht gheografach a leathnú chun aonad críochach iomlán leibhéal NUTS 2 a áireamh a bhfuil aonad críochach leibhéal NUTS 3 lonnaithe ina limistéar.

5.   Leis an gcomhar trasteorann, díreofar ar a bheith comhchuí le cuspóirí na straitéisí macrairéigiúnacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

Airteagal 9

Clársceidealú agus cistí a leithdháileadh do chomhar trasteorann

1.   Déanfar doiciméad clársceidealaithe a ullmhú chun an méid seo a leanas a shainiú:

(a)

na cuspóirí straitéiseacha a bheidh le saothrú trí bhíthin comhair thrasteorann, agus na tosaíochtaí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo mar gheall ar an gcomhar sin;

(b)

an liosta de na cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a bheidh le bunú;

(c)

an miondealú táscach ar acmhainní idir cláir um theorainneacha talún agus muirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(1) agus cláir um imchuacha farraige l dá dtagraítear i i bpointe (c) d'Airteagal 8(1);

(d)

na leithdháiltí ilbhliantúla táscacha ar gach clár comhpháirteach oibríochtúil;

(e)

na haonaid chríochacha a bheidh incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngach clár comhpháirteach oibríochtúil, mar aon leis na haonaid chríochacha agus na lárionaid a shonraítear in Airteagal 8(2), (3) agus (4);

(f)

an leithdháileadh táscach chun tacú, mar is iomchuí, le gníomhaíochtaí forbartha acmhainní cothrománacha, le líonrú agus le malartú taithí i measc na gclár;

(g)

na ranníocaíochtaí leis na cláir thrasnáisiúnta a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ina mbeidh tíortha comhpháirtíochta agus/nó Cónaidhm na Rúise rannpháirteach.

Cuimseoidh an doiciméad clársceidealaithe tréimhse seacht mbliana agus glacfaidh an Coimisiún é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Déanfar é a athscrúdú ag an meántéarma nó cibé uair is gá agus féadfar é a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta sin.

2.   Déanfaidh CFRE cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a chómhaoiniú. Déanfar méid foriomlán na ranníocaíochta ó CFRE a chinneadh de bhun Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na ranníocaíochta sin.

3.   Féadfaidh an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a chómhaoiniú ar cláir iad ina mbeidh tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin rannpháirteach. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid an chómhaoinithe sin.

4.   Beidh leithdháiltí táscacha na gcistí ar chláir chomhpháirteacha oibríochtúla bunaithe ar chritéir oibiachtúla, go háirithe ar dhaonra na n-aonad críochach incháilithe mar a shainítear iad i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 8 (1). Agus na leithdháiltí táscacha á gcinneadh, féadfar coigeartuithe a dhéanamh ionas go léireofar an gá le cothromaíocht idir na ranníocaíochtaí ó CFRE agus na ranníocaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo agus idir tosca eile a dhéanann difear do dhéine an chomhair, amhail saintréithe na limistéar teorann agus an cumas atá acu tacaíocht ón Aontas a bhainistiú agus a ionsú.

Airteagal 10

Cláir chomhpháirteacha oibriochtúla

1.   Déanfar comhar trasteorann a chur chun feidhme trí chláir chomhpháirteacha oibríochtúla ilbhliantúla ina gcumhdófar comhar maidir le teorainn nó grúpa teorainneacha agus ina gcuimseofar bearta ilbhliantúla lena saothrófar sraith chomhsheasmhach tosaíochtaí agus a fhéadfar a chur chun feidhme le tacaíocht ón Aontas. Beidh cláir chomhpháirteacha oibríochtúla bunaithe ar an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1). Áireofar iontu tuairisc achomair ar na córais rialaithe agus bainistithe a chumhdóidh na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus in Airteagal 12(2).

2.   Bunófar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla le haghaidh teorainneacha talún agus muirí le haghaidh gach teorann ar an leibhéal críochach iomchuí agus áireofar iontu aonaid chríochacha incháilithe ar le Ballstát amháin nó níos mó agus le tír amháin eile nó níos mó atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann iad.

3.   Maidir le cláir chomhpháirteacha oibríochtúla thart ar imchuacha farraige, cláir iltaobhacha a bheidh iontu, bunófar iad ar an leibhéal críochach iomchuí, agus áireofar iontu aonaid chríocha incháilithe a bhfuil aghaidh acu ar imchuach farraige comhchoiteann ar le roinnt tíortha rannpháirteacha éagsúla é, lena n-áireofar Ballstát amháin ar a laghad agus tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann. Féadfar a áireamh iontu gníomhaíochtaí déthaobhacha lena dtabharfar tacaíocht do chomhar idir Ballstát amháin agus tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann.

4.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha tograí le haghaidh clár comhpháirteach oibríochtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn comhpháirteach laistigh de bhliain amháin tar éis dháta formheasa an doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus tar éis na rialacha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha sonracha chun an comhar trasteoranna a chur chun feidhme a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de spriocdháta a leagtar amach sna rialacha cur chun feidhme,gach clár comhpháirteach oibríochtúil a ghlacadh tar éis dó measúnú a dhéanamh ar a chomhsheasmhacht leis an Rialachán seo, leis an doiciméad clársceidealaithe agus leis na rialacha cur chun feidhme feidhme. Cuirfidh an Coimisiún na cláir chomhpháirteacha um chomhar trasteorann faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát mar eolas laistigh de mhí amháin tar éis dháta glactha na gclár sin.

5.   Limistéir i dtíortha seachas Ballstáit nó tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, atá tadhlach le limistéir incháilithe faoi mar a shainítear i i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(1) iad nó a bhfuil aghaidh acu ar imchuach farraige comhchoiteann áit a bhfuil clár comhpháirteach oibríochtúil á bhunú, féadfar iad a chumhdach le clár comhpháirteach oibríochtúil agus féadfaidh siad tairbhe a bhaint as tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1).

6.   Déanfaidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha na bearta cuí a ghlacadh chun a áirithiú gur cláir lánchomhlántacha agus neartaitheacha ar dhóigh fhrithpháirteach a bheidh sna cláir um chomhar trasteorann, go háirithe i gcás imchuach fharraige, a bhunófar faoin Rialachán seo agus sna cláir um chomhar trasnáisiúnta a bhunófar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 lena ngabhfaidh cumhdach geografach a bheidh forluiteach i bpáirt.

7.   Féadfar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a athbhreithniú tráth ar bith ar thionscnamh ó na tíortha rannpháirteacha nó ón gCoimisiún ar chúiseanna amhail:

(a)

athruithe ar thosaíochtaí comhair nó forbairtí socheacnamaíocha;

(b)

torthaí ar chur chun feidhme na mbeart lena mbaineann agus na torthaí a gheofar tríd an bpróiseas faireacháin agus meastóireachta;

(c)

an gá le méideanna na gcistí a bheidh ar fáil a choigeartú agus acmhainní a athleithdháileadh.

8.   Faoi dheireadh na bliana féilire tar éis na bliana a nglacfar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún comhaontú maoinithe a thabhairt i gcrích le tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann. Cuimseofar sa chomhaontú maoinithe sin na forálacha dlíthiúla a bheidh riachtanach chun clár comhpháirteach oibríochtúil a chur chun feidhme agus féadfaidh tíortha rannpháirteacha eile agus an túÚdarás bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d' Airteagal 12(2) nó an tír ina mbeidh an t-údarás bainistíochta é a chomhshíniú freisin.

Más gá, déanfar comhaontú, mar shampla i bhfoirm meamraim tuisceana, a thabhairt i gcrích idir na tíortha rannpháirteacha agus an t-údarás bainistíochta chun freagrachtaí sonracha airgeadais mar aon le rialacha mionsonraithe sonracha cur chun feidhme na dtíortha lena mbaineann i ndáil leis an gclár a leagan amach, lena n-áirítear na tascanna bainistithe agus riaracháin agus na freagrachtaí atá orthu.

9.   Bunófar clár comhpháirteach oibríochtúil lena mbaineann níos mó ná tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann má shíníonn ar a laghad tír amháin eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann an comhaontú maoinithe. Is féidir le tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann a chumhdófar faoi chlár atá bunaithe dul i bpáirt leis an gclár tráth ar bith tríd an gcomhaontú maoinithe a shíniú.

10.   Má ghabhann tír rannpháirteach de láimh clár comhpháirteach oibríochtúil a chómhaoiniú, déanfar na socruithe agus na cosaintí riachtanacha maidir leis an gcómhaoiniú a iniúchadh, a sholáthar, a úsáid agus maidir le faireachán a dhéanamh air a shoiléiriú sa chlár sin. Déanfaidh gach tír rannpháirteach agus údarás bainistíochta an chláir chomhpháirtigh oibríochtúil nó an tír ina mbeidh an t-údarás bainistíochta an comhaontú maoinithe gaolmhar a shíniú.

11.   Féadfar foráil a dhéanamh i gcláir oibríochtúlacomhpháírteacha freisin maidir le ranníocaíocht airgeadais ó ionstraimí agus leo, ar ranníocaíochtaí iad a bhféadfaí deontais a chomhcheangal leo, faoi réir ag rialacha na n-ionstraimí sin, ar an gcoinníoll go gcuireann sé sin le baint amach thosaíochtaí na gclár sin.

12.   Agus iad ag déanamh de réir phrionsabal na comhpháirtíochta, roghnóidh tíortha rannpháirteacha agus a n-údaráis áitiúla, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ar bhonn comhpháirteach le haghaidh tacaíochta ón Aontas, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh comhsheasmhach le tosaíochtaí agus le bearta cláir chomhpháirtigh oibríochtúil.

13.   I gcásanna sonracha a bhfuil bonn cirt cuí leo, más rud é:

(a)

nach féidir clár comhpháirteach oibríochtúil a chur isteach i ngeall ar fhadhbanna a thagann chun cinn i gcaidrimh idir tíortha rannpháirteacha nó idir an tAontas agus tír eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann;

(b)

nach féidir clár comhpháirteach oibríochtúil a chur chun feidhme i ngeall ar fhadhbanna a thagann chun cinn i gcaidrimh idir tíortha rannpháirteacha;

(c)

nach bhfuil clár comhpháirteach oibríochtúil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na tíortha rannpháirteacha go fóil,; nó

(d)

nár shínigh aon cheann de na tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann agus a bheidh rannpháirteach sa chlár an comhaontú maoinithe iomchuí faoi dheireadh na bliana tar éis dháta glactha an chláir,

déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann, na bearta is gá chun go bhféadfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann an ranníocaíocht ó CFRE leis an gclár comhpháirteach oibríochtúil a úsáid de bhun Airteagal 4(7) agus (8) de Rialachán (AE) Uimh 1299/2013.

14.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí nó clár comhair thrasteorann a mhaireann breis agus bliain airgeadais amháin a mhiondealú i dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Airteagal 11

Cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a bhainistiú

1.   Déanfar cláir chomhpháirteacha oibríochtúla a chur chun feidhme, de ghnáth trí bhainistiú comhroinnte leis na Ballstáit. Féadfaidh tíortha rannpháirteacha, áfach, a mholadh go ndéanfadh eintiteas a liostaítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 an cur chun feidhme trí bhainistiú indíreach, agus i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo.

2.   Deimhneoidh an Coimisiún dó féin ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil go bhfuil córais bhainistithe agus rialaithe a chomhlíonfaidh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, an Rialachán seo agus na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo curtha ar bun agus á n-oibriú ag an mBallstát i gcás an bhainistithe chomhroinnte, nó ag an tír eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta i gcás an bhainistithe indírigh.

Áiritheoidh Ballstáit, tíortha eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann agus eagraíochtaí idirnáisiúnta feidhmiú éifeachtach a gcórais rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach, agus comhlíonadh phrionsabal an bhainistithe fhónta airgeadais.Beidh siad freagrach as na cláir a bhainistiú agus a rialú.

Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát nó ar thír eile atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann, nó ar an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann scrúdú a dhéanamh ar ghearán a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin maidir le roghnú nó cur chun feidhme na n-oibríochtaí a gheobhaidh tacaíocht faoin Teideal seo nó maidir le feidhmiú an chórais bhainistithe agus rialaithe.

3.   Ionas go bhféadfaidh na cláir chomhpháirteacha oibríochtúla ullmhú go leormhaith don chur chun feidhme, beidh caiteachas a thabhófar tar éis clár chomhpháirteacha oibríochtúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin incháilithe ón 1 Eanáir 2014.

4.   I gcás ina mbeidh srian ar incháilitheacht i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, beidh an t-eintiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a fhéadfaidh glaonna ar thograí agus ar thairiscintí a sheoladh, i dteideal glacadh go bhfuil tairgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe, nó earraí de thionscnamh neamh-incháilithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus le hAirteagal 9(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Airteagal 12

Rialacha cur chun feidhme maidir le comhar trasteorann

1.   Déanfar rialacha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha sonracha chun an Teideal seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

2.   Áireofar ar na hábhair a chumhdófar faoi na rialacha cur chun feidhme forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas, inter alia:

(a)

ráta agus modhanna an chómhaoinithe;

(b)

ábhar, ullmhú, modhnú agus dúnadh na gclár comhpháirteach oibríochtúil;

(c)

ról agus feidhm struchtúir na gclár, e.g. an comhchoiste faireacháin, an túdarás bainistíochta agus a ardrúnaíocht chomhpháirteach theicniúil, lena n-áirítear an gradam, an t-aitheantas, an chuntasacht agus an fhreagracht éifeachtach atá acu, tuairisc ar chórais bhainistíochta agus rialaithe, agus coinníollacha lena rialaítear bainistiú teicniúil agus airgeadais thacaíocht an Aontais, lena n-áirítear incháilitheacht an chaiteachais;

(d)

nósanna imeachta aisghabhála sna tíortha rannpháirteacha uile

(e)

an faireachán agus an mheastóireacht;

(f)

gníomhaíochtaí infheictheachta agus faisnéise;

(g)

bainistiú comhroinnte agus indíreach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Cumhacht a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun Iarscríbhinn II a leasú. Go háirithe, tar éis fhoilsiú na tuarascála meántéarma maidir le hathscrúdú, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh sa tuarascáil sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar Iarscríbhinn II faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin.Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh.Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Coiste

Tabharfaidh an Coiste um an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

Airteagal 16

Rannpháirtíocht tríú tíre nach gcumhdaítear le hAirteagal 1

1.   I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach nó trasréigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, chun incháilitheacht gníomhaíochtaí sonracha a leathnú, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 chuig tíortha, críocha agus limistéir nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile.

D'ainneoin Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, féadfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha ó thíortha, ó chríocha agus ó limistéir lena mbaineann páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta lena ndéanfar gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh sna doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do na féidearthachtaí dá dtagraítear i mír 1den Airteagal seo.

Airteagal 17

Imchlúdach airgeadais

1.   Is EUR15 432 634 000 ag praghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020.Leithdháilfear suas le 5 % den imchlúdach airgeadais ar na cláir um chomhar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(1).

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúla.

3.   I gcomhréír le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn, déanfar méid táscach EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, eadhon an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), BCE, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais II (ICR II) arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus an Ionstraim Chomhpháirtíochta arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a leithdháileadh i leith ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama go dtí tíortha comhpháirtíochta de réir bhrí Rialachan (AE) Uimh. 1288/2013 nó uathu, agus ar chomhar agus idirphlé beartais le húdaráis, le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí sna tíortha sin.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla nach gcumhdóidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh leithdháileadh an chistithe sin léirithe sa chlársceidealú táscach ilbhliantúil dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a shainaithneofar sna tíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais

Airteagal 18

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Is i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE a bheidh feidhm ag an Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 11, 15.1.2013, lch. 77.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014 .

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus Chomhpháírtíochta (IO L 310, 9.11.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna do chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhiantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh, 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh.1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Is iad na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 1:

 

an Ailgéir

 

an Airméin

 

an Asarbaiseáin

 

an Bhealarúis

 

an Éigipt

 

an tSeoirsia

 

Iosrael

 

an Iordáin

 

an Liobáin

 

an Libia

 

Poblacht na Moldóive

 

Maracó

 

an críoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil (cPf)

 

an tSiria

 

an Túinéis

 

an Úcráin


IARSCRÍBHINN II

Tosaíochtaí maidir le tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo

Chun tacú leis na cuspóirí sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach, agus doiciméid a comhaontaíodh ar bhonn comhpháirteach á gcur san áireamh mar a leagtar síos in Airteagal 3(2), féadfaidh maoiniú ón Aontas díriú ar na tosaíochtaí a leagtar amach i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo.

Féadfaidh sé go bhfuil roinnt tosaíochtaí ábhartha maidir le níos mó ná cineál amháin cláir.Le leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an liosta táscach tosaíochtaí seo, tabharfar urraim ar phrionsabal na comhúinéireachta.

Tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna trasnaí, lena n-áirítear daonlathas domhain agus inbhuanaithe, cearta an duine, comhionannas inscne, an comhrac in aghaidh an éilithe agus an comhshaol laistigh de na tosaíochtaí sin.

1.

Díreoidh tacaíocht ón Aontas ar leibhéal déthaobhach, mar is iomchuí, ar na tosaíochtaí seo a leanas, idir alia:

cearta an duine, dea-rialachas agus smacht reatha, lena n-áirítear athchóiriú ceartais, an riaracháin phoiblí agus na hearnála slándála;

comhar institiúideach agus forbairt acmhainneachta,lena n-áirítear le haghaidh cur chun feidhme comhaontuithe Aontais;

tacaíocht do ghníomhaithe sa tsochaí shibhialta agus dá ról i bpróiseas na n-athchóirithe agus sna trasdulta daonlathacha;

forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus uileghabhálach, lena n-áirítear ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus comhtháthú críochach;

earnalácha sóisialta a fhorbairt, don óige go háirithe, agus béim á cur ar cheartas sóisialta agus ar chomhtháthú agus ar fhostaíocht;

forbairt i réimse na trádála agus san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear tacaíocht do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, d'fhostaíocht, agus do limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha;

talmhaíocht agus forbairt tuaithe, lena n-áirítear slándáil bia;

bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha;

earnáil an fhuinnimh le béim ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh;

iompar agus bonneagar;

oideachas agus forbairt scileanna, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint;

soghluaiseacht agus bainistiú imirce, lena n-áirítear cosaint na n-imirceach;

cothú muiníne agus bearta eile a chuireann le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, lena n-áirítear tacaíocht do na daoine atá thíos mar gheall, agus d'atógáil.

Féadfaidh na tosaíochtaí a leagtar amach sa phointe seo rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin de chuid an Rialacháin seo.

2.

De réir mar is iomchuí, tabharfaidh tacaíocht Aontais ar leibhéal iltíre aghaidh ar na tosaíochtaí seo a leanas, inter alia:

cearta an duine, dea-rialachas agus an smacht reatha;

comhar institiúideach agus forbairt acmhainneachta;

comhar réigiúnach, go háirithe i gcreat Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus na Comhpháirtíochta don Daonlathas agus don Ráthúnas Comhroinnte;

forbairt ardoideachais agus scileanna, soghluaisteacht mac léinn agus foirne, óige agus cultúr;

forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, forbairt i réimse na trádála agus san earnáil phríobháideach agus tacaíocht do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide;

earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear gréasáin fuinnimh;

idirnaisc iompair agus bonneagair;

bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear uisce, fás glas, comhshaol agus maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó;

tacaíocht don tsochaí shibhialta;

soghluaiseacht agus bainistiú imirce;

cothú muiníne agus bearta eile a chuireann le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach.

Féadfaidh na tosaíochtaí a leagtar amach sa phointe seo rannchuidiú le níos mó ná cuspóir amháin de chuid an Rialacháin seo.

3.

De réir mar is iomchuí, tabharfaidh tacaíocht Aontais trí chláir um chomhar trasteorann aghaidh ar na tosaíochtaí seo a leanas:

forbairt eacnamaíoch agus shóisialta;

an comhshaol, an tsláinte phoiblí, an tsábháilteacht agus an tslándáil;

soghluaisteacht daoine, earraí agus caipitil.

Léiríonn na tosaíochtaí a leagtar amach sa phointe seo dúshláin choiteanna. Is creat chun tosaíochtaí sonracha le tíortha atá rannpháirteach sa chomhar trasteorann iad. Is iad eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta a bheidh rannpháirteach i bhforbairt na gclár agus beidh siad, mar aon le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar phríomhthairbhithe na gclár sin.

Leithdháiltí airgeadais de réir an chineáil chláir

 

Cláir dhéthaobhacha: suas le 80 %

 

Cláir iltíre: suas le 35 %

 

Comhar trasteorann: suas le 5 %


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe do gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach toscaíochta do chláir geografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach eile a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le húsáid gníomhartha cur chun feidhme chun forálacha a leagan síos i Rialachán Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II )

Measann an Coimisiún Eorpach i dtaobh na rialacha maidir le cláir um chomhar trasteorann mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus rialacha cur chun feidhme sonracha eile níos mionsonraithe i Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus i Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), measann sé gurb é is aidhm leis na rialacha sin an bunghníomh a fhorlíonadh agus gur cheart dá bhrí sin gur gníomhartha tarmligthe iad le glacadh ar bhonn Airteagal 290 den CFAE. Ní chuirfidh an Coimisiún Eorpach in aghaidh ghlacadh an téacs mar atá comhaontaithe ag na comhreachtóirí. Meabhraíonn an Coimisiún Eorpach, áfach, go bhfuil ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE á scrúdú faoi láthair ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás na “mbithicídí”.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire i dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) nach bhfuil aon tagairt shainráite don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh i gcásanna nach gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.


15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

44


RIALACHÁN (AE) Uimh. 233/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is cuid de bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt é an Rialachán seo agus is é atá ann ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais. Gabhann sé ionad Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2)

Tá an comhrac i gcoinne na bochtaineachta mar phríomhchuspóir bheartas forbartha an Aontais i gcónaí, faoi mar a leagtar síos i dTeideal V, Caibidil 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i dTeideal III, Caibidil 1 de Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gcomhréir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna), agus le cuspóirí agus le gealltanais eile maidir le forbairt a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a d'fhormheas an tAontas agus na Ballstáit faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe (NA) agus fóram idirnáisiúnta inniúla eile.

(3)

Déantar leis an ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le Beartas Forbartha an Aontais Eorpaigh: “An Comhdhearcadh Eorpach” (4) (an “Comhdhearcadh Eorpach”) agus na leasuithe comhaontaithe a rinneadh air, an creat beartais ginearálta, na treoshuímh ghinearálta agus an fócas ginearálta a sholáthar le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo a threorú.

(4)

Le himeacht ama, ba cheart go gcuideodh cúnamh ón Aontas le spleáchas ar chabhair a laghdú.

(5)

Tá gníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus dlúthpháirtíocht, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Féachfaidh an tAontas le forbairt agus comhdhlúthú a dhéanamh ar thiomantas do na prionsabail sin i dtíortha agus ar chríocha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta trí idirphlé agus trí chomhar. Agus na prionsabail sin á saothrú aige, léiríonn an tAontas a bhreisluach mar ghníomhaí i ndáil le beartais forbartha.

(6)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, agus go háirithe le linn an phróisis chlársceidealaithe, ba cheart go dtabharfadh an tAontas aird chuí ar na tosaíochtaí, ar na cuspóirí agus ar na tagarmharcanna a bhunaigh an tAontas le haghaidh tíortha comhpháirtíochta i dtaca le cearta an duine agus leis an daonlathas, go háirithe a straitéisí tíortha maidir le cearta an duine.

(7)

Tá meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha agus go bhfuil sé riachtanach ina theanta sin an smacht reachta, prionsabail an daonlathais, an trédhearcacht, an dea-rialachas, an tsíocháin agus an chobhsaíocht agus comhionannas inscne a chur chun cinn d'fhonn tíortha comhpháirtíochta a fhorbairt agus aithníonn sé go mba cheart na saincheisteanna sin a phríomhshruthú i mbeartas forbartha an Aontais, go háirithe i gclársceidealú agus i gcomhaontuithe le tíortha comhpháirtíochta.

(8)

D'fhonn comhchuibheas agus ábharthacht na cabhrach a áirithiú agus na costais a bhíonn ar thíortha comhpháirtíochta a laghdú ag an am céanna, tá éifeachtacht cabhrach, trédhearcacht, comhar agus comhlántacht níos mó agus comhchuibhiú níos fearr, ailíniú le tíortha comhpháirtíochta, mar aon le comhordú nósanna imeachta, idir an tAontas agus na Ballstáit araon agus i gcaidreamh le deontóirí eile agus gníomhaithe forbartha araon fíor-riachtanach. Trí bhíthin a bheartais forbartha, tá an tAontas tiomanta do na conclúidí ón Dearbhú maidir le hÉifeachtacht Cabhrach a ghlac an Fóram Ardleibhéil um Éifeachtacht Cabhrach, a tionóladh i bPáras, an 2 Márta 2005, ó Chlár Oibre Accra do Ghníomhaíocht a glacadh an 4 Meán Fómhair 2008 agus a nDearbhú leantach a glacadh in Busan an 1 Nollaig 2011 a chur chun feidhme. Bhí na gealltanais sin ina gcúis le roinnt conclúidí ón gComhairle agus ó chruinniú Ionadaithe Rialtais na mBallstát leis an gComhairle, amhail Cód Cleachtais AE maidir le Comhlántacht agus Roinnt an tSaothair sa Bheartas Forbraíochta, agus an Creat Oibriúcháin um Éifeachtacht Cabhrach. Ba cheart athneartú a dhéanamh ar na hiarrachtaí agus na nósanna imeachta chun clársceidealú comhpháirteach a bhaint amach.

(9)

Ba cheart do chúnamh an Aontais tacú le Straitéis Chomhpháirteach AE-Afraic a glacadh ag an Cruinniú Mullaigh AE-Afraic an 8-9 Nollaig 2007 i Liospóin agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi ina dhiaidh sin agus leis an méid a cuireadh léi, atá bunaithe ar an bhfís chomhroinnte, ar na prionsabail chomhroinnte agus ar na cuspóirí comhroinnte atá mar thaca le Comhpháirtíocht Straitéiseach an AE agus na hAfraice.

(10)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit feabhas a chur ar chomhsheasmhacht, ar chomhordú agus ar chomhlántacht a gcuid beartas faoi seach maidir le comhar um fhorbairt, go háirithe trí fhreagairt ar thosaíochtaí tíortha comhpháirtíochta agus ar thosaíochtaí réigiún comhpháirtíochta ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach. Lena áirithiú go ndéanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú, agus lena áirithiú go ndéanfar cabhair chost-éifeachtach a sheachadadh lena seachnófar forluí agus bearnaí ag an am céanna, is práinneach agus is iomchuí freisin foráil a dhéanamh do nósanna imeachta maidir le clársceidealú comhpháirteach ar cheart iad a chur chun feidhme nuair is féidir agus nuair is ábhartha.

(11)

Tá beartas agus gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh comhair um fhorbairt á stiúradh ag SFManna amhail díothú na dianbhochtaineachta agus an dianocrais, lena n-áirítear aon leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin, agus ag na cuspóirí forbartha agus ag na prionsabail agus na gealltanais forbartha a d'fhormheas an tAontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear maidir lena gcomhar laistigh de na NA agus d'fhóraim idirnáisiúnta inniúla eile i réimse an chomhair um fhorbairt. Tá beartas agus gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh comhair um fhorbairt á stiúradh freisin ag a ghealltanais agus ag a oibleagáidí a bhaineann le cearta an duine agus le forbairt, lena n-áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Coinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún NA um Chearta an Linbh agus Dearbhú NA maidir leis an gCeart i leith Forbartha.

(12)

Tá an tAontas tiomanta go mór do chomhionannas inscne mar cheart an duine, mar shaincheist an cheartais shóisialta agus mar bhunluach de bheartas forbartha an Aontais. Tá comhionannas inscne lárnach i leith na SFManna go léir a bhaint amach. Ar an 14 Meitheamh 2010, d'fhormhuinigh an Chomhairle Plean Gníomhaíochta AE 2010-2015 maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan san Fhorbairt.

(13)

Ba cheart don Aontas, mar ábhar práinne, cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn mar fhreagairt ar staideanna géarchéime agus ar staideanna tubaiste agus ar staideanna a ndéanann coinbhleacht difear dóibh agus ar staideanna leochaileachta, lena n-áirítear staideanna trasdula agus iar-ghéarchéime. Ba cheart dó sin cur go háirithe leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le freagairt AE ar staideanna leochaileachta agus Conclúidí ón gComhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, an 19 Samhain 2007 chomh maith, maidir le slándáil agus forbairt, chomh maith le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Chonclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le coinbhleachtaí a chosc chomh maith le conclúidí ábhartha ar bith a rinneadh ina dhiaidh sin.

(14)

Go háirithe sna staideanna sin is mó gátar agus ina bhfuil an bhochtaineacht is forleithne agus is doimhne, ba cheart tacaíocht ón Aontas a dhíriú ar athléimneacht tíortha agus a bpobal a neartú i gcás teagmhas díobhálach. Ba cheart é sin a dhéanamh tríd an meascán iomchuí de bhealaí cur chuige, d'fhreagraí agus d'ionstraimí a sholáthar go háirithe trína áirithiú go mbeidh na bealaí cur chuige atá dírithe ar shlándáil, ar dhaonnúlachas, agus ar fhorbairt cothrom, comhsheasmhach agus comhordaithe go héifeachtach, agus fóirithint, athshlánú agus forbairt á nascadh sa chaoi sin.

(15)

Ba cheart do chúnamh an Aontais díriú ar an áit a bhfuil an tionchar is mó aige, ag féachaint dá acmhainn chun gníomhú ar scála domhanda agus chun freagairt ar dhúshláin dhomhanda amhail díothú na bochtaineachta, forbairt inbhuanaithe chuimsitheach agus cur chun cinn domhanda an daonlathais, an dea-rialachais, chearta an duine agus an smachta reachta, agus dá ghealltanas fadtéarmach agus intuartha do chúnamh forbartha agus dá ról maidir le comhordú a dhéanamh le na Ballstát. D'fhonn an toradh sin a áirithiú, ba cheart prionsabal na difreála a chur chun feidhme, ní amháin ar leibhéal an leithdháilte cistí, ach ar leibhéal an chlársceidealaithe freisin, lena áirithiú go ndíreofar spriocanna comhair dhéthaobhaigh um fhorbairt ar thíortha comhpháirtíochta a bhfuil an gá is mó acu leis, lena n-áirítear Stáit leochaileacha agus Stáit an-soghonta, agus orthu siúd a bhfuil acmhainn theoranta acu foinsí eile maoinithe a rochtain chun tacú lena gcuid forbartha féin. Ba cheart don Aontas dul i mbun comhpháirtíochtaí nua le tíortha a imíonn ar aghaidh ó na cláir chabhrach déthaobhaí, go háirithe ar bhonn na gclár réigiúnach agus téamach faoin ionstraim seo agus faoi ionstraimí téamacha eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, go háirithe an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “Ionstraim um Chomhpháirtíocht”).

(16)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí de na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chur chuige cuimsitheach i gcás gach tíre atá bunaithe ar an gcomhtháthú agus ar an gcomhlántacht idir na hionstraimí de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, agus trí shineirgí a chruthú idir an ionstraim seo, ionstraimí eile de chuid an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith mar thoradh ar an méid sin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú. Agus an tAontas ag dréim le comhsheasmhacht fhoriomlán a bhaint amach i ndáil lena ghníomhaíocht sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE, tá an tAontas le comhtháthú beartas a áirithiú ar mhaithe le forbairt mar a cheanglaítear le hAirteagal 208 CFAE.

(17)

Agus prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt á urramú, ba cheart go ndéanfaí foráil do chomhsheasmhacht feabhsaithe idir beartais an Aontais leis an Rialachán seo. Ba cheart dó ailíniú iomlán idir tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta a chumasú freisin trí úsáid a bhaint, nuair is féidir, mar bhonn chun gníomhaíocht an Aontais a chlársceidealú, as pleananna forbartha náisiúnta nó as doiciméid forbartha chuimsitheacha den chineál céanna, a ghlacfar le rannpháirtíocht comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha lena mbaineann. Thairis sin, ba cheart dó comhordú níos fearr i measc deontóirí, go háirithe idir an tAontas agus na Ballstát, a shaothrú trí chlársceidealú comhpháirteach.

(18)

I saol domhanda, tá beartais éagsúla inmheánacha Aontais, amhail an comhshaol, an t-athrú aeráide, cineálacha fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, fostaíocht (lena n-áirítear obair chuibhiúil do gach duine), comhionannas inscne, fuinneamh, uisce, iompar, sláinte, oideachas, ceartas agus slándáil, cultúr, taighde agus nuálaíocht, an tsochaí faisnéise, imirce agus talmhaíocht agus iascach, ag éirí níos tábhachtaí i ngníomhaíocht sheachtrach Aontais anois.

(19)

Leagtar béim i straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, a tharraingeodh patrúin fáis lena gcuirtear feabhas ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críche agus lena gcuirtear ar chumas daoine bochta cuidiú níos mó le saibhreas náisiúnta agus tairbhe níos mó a bhaint as, ar ghealltanas an Aontais le cur chun cinn a dhéanamh, ina chuid beartas inmheánach agus seachtrach, ar fhás cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe lena dtugtar trí cholún le chéile: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil.

(20)

Tá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil i measc na ndúshlán mór atá os comhair an Aontais agus tíortha atá i mbéal forbartha agus tá gá práinneach sa dá cheann acu le gníomhaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an gcuspóir le 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a dhíriú ar shochaí ísealcharbóin agus ar shochaí atá athléimneach ó thaobh aeráide de, agus ba cheart don chlár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” dá bhforáiltear sa Rialachán seo 25 % ar a laghad dá chistí a úsáid chun an t-athrú aeráide agus an comhshaol a chumhdach. Ba cheart go mbeadh tacaíocht fhrithpháirteach ag teacht ó ghníomhaíochtaí sna réimsí sin, nuair is féidir, chun a dtionchar a neartú.

(21)

Ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais, leis an Rialachán seo, cuidiú chun gealltanas comhpháirteach an Aontais a bhaint amach maidir le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d'fhorbairt dhaonna chun feabhas a chur ar shaolta daoine. D'fhonn rannchuidiú leis sin, ba cheart do 25 % ar a laghad den chlár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” tacaíocht a thabhairt do réimse sin na forbartha.

(22)

Ba cheart do 20 % ar a laghad den chúnamh faoin Rialachán seo a chionroinnt ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, atá dírithe ar an tsláinte agus ar an oideachas, agus ar oideachas meánscoile chomh maith, agus é á aithint nach mór leibhéal éigin solúbthachta a bheith mar ghnáth-chleachtas amhail i gcásanna ina bhfuil cúnamh eisceachtúil i gceist. Ba cheart sonraí a bhaineann le comhlíonadh an cheanglais sin a áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(23)

I gClár Gníomhaíochta Iostanbúl NA do na Tíortha Is Lú Forbairt don Deich mBliana 2011-2020, gheall na tíortha is lú forbairt trádáil agus beartais um fhorbairt acmhainní trádála a chomhtháthú le straitéisí náisiúnta forbartha. Thairis sin, ag an 8ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála a tionóladh sa Ghinéiv an 15-17 Nollaig 2011, chomhaontaigh airí go gcoinneofaí, ó 2011 ar aghaidh, leibhéil Cúnaimh don Trádáil lena léireofaí ar a laghad an meánleibhéal don tréimhse ó 2006 go 2008. Ní foláir tabhairt faoi Chúnamh don Trádáil agus faoi obair chun trádáil a éascú ar bhealach níos fearr agus níos dírithe i dteannta na n-iarrachtaí sin.

(24)

Cé go mba cheart tacú go háirithe le tíortha atá i mbéal forbartha le cláir théamacha, maidir le roinnt tíortha is tairbhithe mar aon leis na tíortha agus críocha thar lear (TCTL) nach gcomhlíonann a saintréithe na ceanglais lena bhféadfaí iad a shainiú mar fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil (“CFO”) ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (“OECD/DAC”) ach a chumhdaítear le pointe (b) d'Airteagal 1(1), ba cheart díobh bheith i dteideal clár téamach faoi réir coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(25)

Is ionann eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo agus na mionsonraí i leith réimsí de chomhar agus d'oiriúnuithe ar leithdháiltí airgeadais in aghaidh an limistéir gheografaigh agus an réimse comhair. Mar thoradh air sin, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na heilimintí sin de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta, ar eilimintí iad ina leagtar amach na mionsonraí de na réimsí comhair faoi chláir gheografacha agus théamacha agus na leithroinntí táscacha airgeadais in aghaidh an limistéir gheografaigh agus an réimse comhair. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(26)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na páipéir straitéise agus leis na cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(27)

De bharr chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go háirithe de bharr chineál a dtreoshuímh bheartais agus a n-impleachtaí buiséadacha, ba cheart, i bprionsabail, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart ar mhionscála airgeadais.

(28)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm láithreach leo a ghlacadh i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

(29)

Leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna i dtaca le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

(30)

Bunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (8),

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais, ar feadh thréimhse a chur chun feidhme, arb é an tsuim phríomhthagartha é,, laistigh de bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar um chúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (9), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(33)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an rialachán seo, bunaítear ionstraim (an “Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt” nó “ICT”) faoina bhféadfaidh an tAontas na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

cláir gheografacha a dhíreofar ar thacú leis an gcomhar um fhorbairt le tíortha i mbéal forbartha a áirítear ar liosta d'fhaighteoirí CFO arna bhunú ag OECD/DAC, ach amháin na cinn seo a leanas:

(i)

tíortha is sínitheoirí leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (11), gan an Afraic Theas a áireamh;

(ii)

tíortha atá incháilithe don Chiste Eorpach Forbraíochta;

(iii)

tíortha atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (an “Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht”);

(iv)

tairbhithe atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (an “Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais”).

(b)

cláir théamacha chun aghaidh a thabhairt ar earraí poiblí domhanda agus ar dhúshláin phoiblí dhomhanda a bhaineann le forbairt agus chun tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d'údaráis áitiúla i dtíortha comhpháirtíochta de bhun phointe (a) den mhír seo, tíortha a bheidh incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iii) de phointe (a) den mhír seo, agus tíortha agus críocha a thagann faoi raon feidhme Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (14).

(c)

clár Pan-Afracach chun tacú leis an straitéis chomhpháirteach idir an Afraic agus an tAontas agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi agus na codanna breise a cuireadh léi ina dhiaidh sin, chun gníomhaíochtaí de chineál tras-réigiúnach, ilchríochach nó domhanda san Afraic agus leis an Afraic a chumhdach.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn réigiún eintiteas geografach ina bhfuil níos mó ná tír amháin i mbéal forbartha.

3.   Gairfear “tíortha comhpháirtíochta” nó “réigiúin chomhpháirtíochta”, de réir mar a bheidh, anseo feasta sa Rialachán seo ar na tíortha agus ar na críocha dá dtagraítear i mír 1 faoin gclár ábhartha geografach, téamach nó Pan-Afracach.

Airteagal 2

Cuspóirí agus critéir incháilitheachta

1.   Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an Chomhdhearcaidh Eorpaigh agus na leasuithe comhaontaithe a rinneadh air ina dhiaidh sin:

(a)

is é cuspóir príomhúil an chomhair faoin Rialachán seo an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad;

(b)

i gcomhréir leis an gcuspóir príomhúil sin dá dtagraítear i bpointe (a), rannchuideoidh comhar faoin Rialachán seo leis na nithe seo a leanas:

(i)

forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil inbhuanaithe a chothú, agus

(ii)

an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, cearta an duine agus prionsabail ábhartha an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo.

Déanfar baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thomhas trí úsáid a bhaint as táscairí ábhartha, lena n-áirítear táscairí forbartha daonna, go háirithe SFM 1 le haghaidh phointe (a) agus SFManna 1 go 8 le haghaidh phointe (b), agus, i ndiaidh 2015, táscairí eile a chomhaontóidh an tAontas agus na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta.

2.   Leis an gcomhar faoin Rialachán seo rannchuideofar leis na gealltanais agus na cuspóirí idirnáisiúnta i réimse na forbartha a chomhaontaigh an tAontas a bhaint amach, go háirithe na SFManna agus spriocanna nua forbartha ó 2015 ar aghaidh.

3.   Dearfar gníomhaíochtaí faoi na cláir gheografacha chun na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh.

Dearfar gníomhaíochtaí faoi na cláir théamacha agus faoin gclár Pan-Afracach chun na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá feidhm ag an ngníomhaíocht le tír nó le críoch is tairbhí nach gcáilíonn mar thír nó mar chríoch is faighteoir CFO i gcomhréir le OECD/DAC; nó

(b)

má chuireann an ghníomhaíocht tionscnamh domhanda, tosaíocht beartais de chuid an Aontais nó oibleagáid nó gealltanas idirnáisiúnta de chuid an Aontais, dá dtagraítear i bpointe (b) agus (e) d'Airteagal 6(2), chun feidhme agus nach bhfuil de thréithe ag an ngníomhaíocht na critéir maidir le CFO a chomhlíonadh.

4.   Gan dochar do phointe (a) de mhír 3, déanfaidh 95 % ar a laghad den chaiteachas a ndéantar foráil dó faoi na cláir théamacha agus déanfaidh 90 % ar a laghad den chaiteachas a ndéantar foráil dó faoin gclár Pan-Afracach na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh.

5.   Ní dhéanfar cistiú ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 (15) agus atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin Rialachán seo ach amháin má tá gá ann comhar leanúnach a áirithiú ó dhálaí géarchéime go dálaí seasta le haghaidh forbartha. I gcásanna den sórt sin, tabharfar aird ar leith ar nasc éifeachtach a áirithiú idir fóirithint dhaonnúil, athshlánú agus comhar um fhorbairt.

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1.   Is é aidhm an Aontais prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urramú do chearta an duine agus do saoirsí bunúsacha ar a bhfuil sé bunaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí idirphlé agus trí chomhar le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta.

2.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, saothrófar cur chuige difreálaithe i measc tíortha comhpháirtíochta, d'fhonn a áirithiú go gcuirtear comhar sonrach saincheaptha ar fáil dóibh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

a riachtanais, bunaithe ar chritéir amhail an daonra, an t-ioncam per capita, méid na bochtaineachta, dáileadh an ioncaim agus leibhéal na forbartha daonna;

(b)

a gcumas acmhainní airgeadais a ghiniúint agus rochtain a fháil orthu agus a gcumas ionsúcháin; agus

(c)

a dtiomantais agus a bhfeidhmíocht, bunaithe ar chritéir agus ar tháscairí, amhail dul chun cinn polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta, comhionannas inscne, dul chun cinn maidir le dea-rialachas agus cearta an duine, agus úsáid éifeachtach na cabhrach, go háirithe an bealach ina n-úsáidtear acmhainní ganna don fhorbairt i dtír, ag tosú amach lena cuid acmhainní féin; agus

(d)

an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta.

Tabharfar tosaíocht do na tíortha a mbeidh an gá is mó acu leis, go háirithe na tíortha is lú forbairt, tíortha ísealioncaim agus tíortha ina mbeidh géarchéim, tíortha iar-ghéarchéime nó tíortha a bheidh i staideanna leochaileacha agus soghonta sa phróiseas leithdháilte acmhainní.

Cuirfear critéir amhail an tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna, an tInnéacs um Leochaileacht Eacnamaíoch agus innéacsanna ábhartha eile san áireamh, lena n-áirítear chun bochtaineacht agus neamh-chomhionannas a intíre a thomhas, d'fhonn tacú leis an anailís agus d'fhonn na tíortha sin is mó atá ar an anás a shainaithint.

3.   Trí na cláir ar fad, déanfar na saincheisteanna trasnaí mar a shainítear sa Chomhdhearcadh Eorpach iad a phríomhshruthú. Ina theannta sin, déanfar cosc ar choinbhleachtaí, obair chuibhiúil agus an t-athrú aeráide a phríomhshruthú, i gcás inarb ábhartha.

Measfar go gcuimsítear na gnéithe a leanas sna saincheisteanna trasnaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a dtabharfar aird speisialta orthu, más gá sin: neamh-idirdhealú, cearta daoine ar de mhionlaigh iad, cearta daoine faoi mhíchumas, cearta daoine a bhfuil galar tromchúiseach orthu agus cearta grúpaí leochaileacha eile, croí-chearta saothair agus cuimsiú sóisialta, cumhachtú na mban, an smacht reachta, cumas a fhorbairt do pharlaimintí agus don tsochaí shibhialta, agus idirphlé a chur chun cinn, rannpháirtíocht agus athmhuintearas, mar aon le hinstitiúidí a fhorbairt, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach.

4.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh sé comhleanúnach ó thaobh beartas de ar mhaithe le forbairt agus comhsheasmhach le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí de chuid an Aontais agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE.

Maidir leis sin, beidh na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo, lena n-áirítear iad siúd a bhainisteoidh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), bunaithe ar na beartais maidir le comhar um fhorbairt a leagtar amach in ionstraimí amhail comhaontuithe, dearbhuithe agus pleananna gníomhaíochta idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta lena mbaineann, agus ar chinntí, leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí ábhartha an Aontais chomh maith.

5.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit malartuithe faisnéise rialta minice a lorg, lena n-áirítear le deontóirí eile, agus cuirfidh siad comhordú agus comhlántacht níos fearr i measc na ndeontóirí chun cinn trí bheith ag obair i dtreo clársceidealaithe chomhpháirtigh ilbhliantúil, bunaithe ar straitéisí laghdaithe bochtaineachta na dtíortha comhpháirtíochta nó ar straitéisí coibhéiseacha forbraíochta. Féadfaidh siad dul i mbun gníomhaíochta comhpháirtí, lena n-áirítear anailís chomhpháirteach agus freagra comhpháirteach ar na straitéisí sin a shainaithníonn earnálacha tosaíochta idirghabhálacha agus leithdháilte intíre an tsaothair a shainaithint, trí bhíthin chómhisin na ndeontóirí uile agus trí úsáid a bhaint as socruithe cómhaoinithe agus socruithe comhair tarmligthe.

6.   Cuirfidh an tAontas cur chuige iltaobhach chun cinn maidir le dúshláin dhomhanda agus rachaidh sé i gcomhar leis na Ballstáit ina leith sin. I gcás inarb iomchuí, cothóidh sé comhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí déthaobhacha eile.

7.   Beidh an caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit, de pháirt amháin, agus na tíortha comhpháirtíochta, den pháirt eile, bunaithe ar chomhluachanna chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta agus ar phrionsabail na húinéireachta agus na comhfhreagrachta, agus cuirfear na comhluachanna agus na prionsabail sin chun cinn sa chaidreamh sin.

Thairis sin, cuirfear san áireamh, sa chaidreamh le tíortha comhpháirtíochta, a thiomanta a bheidh siad maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta agus caidreamh conarthach leis an Aontas a chur chun feidhme agus cuirfear san áireamh freisin an teist a bheidh orthu ina leith sin.

8.   Cuirfidh an tAontas comhar éifeachtach le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta chun cinn i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Déanfaidh sé a thacaíocht a ailíniú lena gcuid straitéisí forbraíochta náisiúnta nó réigiúnacha, beartas athchóirithe náisiúnta nó réigiúnach agus nósanna imeachta náisiúnta nó réigiúnacha nuair is féidir, agus tacóidh sé le húinéireacht dhaonlathach, mar aon le cuntasacht intíre agus fhrithpháirteach. Chuige sin, cuirfidh sé na nithe seo a leanas chun cinn:

(a)

próiseas forbraíochta atá trédhearcach agus atá faoi stiúir agus faoi úinéireacht na tíre comhpháirtíochta nó an réigiúin, lena n-áirítear saineolas áitiúil a chur chun cinn;

(b)

cur chuige atá bunaithe ar chearta lena gcuimseofar cearta uile an duine, cibé ar cearta sibhialta agus polaitiúla nó eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha iad, d'fhonn prionsabail chearta an duine a chomhtháthú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta chun a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chur chun feidhme agus chun tacú le sealbhóirí cearta, ina ndíreofar ar ghrúpaí bochta agus leochaileacha, chun a gcearta a éileamh;

(c)

daonra na dtíortha comhpháirtíochta a chumhachtú, cineálacha cur chuige cuimsitheacha agus rannpháirteacha maidir le forbairt agus rannpháirtíocht leathan gach aicme den tsochaí sa phróiseas forbartha agus san idirphlé náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear idirphlé polaitiúil. Tabharfar aird go háirithe ar an ról faoi seach atá ag na Parlaimintí, na húdaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta, inter alia i dtaca le rannpháirtíocht, le maoirseacht agus le cuntasacht;

(d)

módúlachtaí agus ionstraimí comhair éifeachtacha mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 i gcomhréir le dea-chleachtas OECD/DAC iad, lena n-áirítear leas a bhaint as ionstraimí nuálacha amhail deontais agus iasachtaí a mheascadh agus sásraí eile roinnte riosca in earnálacha agus tíortha roghnaithe agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, agus aird chuí á tabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht fiachais, líon na sásraí sin, agus an ceanglas chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe an bhochtaineacht a laghdú.

Déanfar gach clár, idirghabháil agus módúlacht agus ionstraim maidir le comhar a chur in oiriúint do na dálaí ar leith i ngach tír chomhpháirtíochta nó i ngach réigiún comhpháirtíochta, le béim ar chineálacha cur chuige atá bunaithe ar chláir, ar mhaoiniú cabhrach intuartha a sholáthar, ar acmhainní príobháideacha a úsáid, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach áitiúil, ar rochtain uilíoch agus neamh-idirdhealaitheach ar bhunseirbhísí, agus ar chórais na dtíortha a fhorbairt agus a úsáid;

(e)

ioncam intíre a úsáid trí bheartas fioscach na dtíortha comhpháirtíochta a threisiú chun an bhochtaineacht agus an spleáchas ar chabhair a laghdú;

(f)

tionchar feabhsaithe na mbeartas agus an chlársceidealaithe trí chomhordú, trí chomhsheasmhacht agus trí chomhchuibhiú i measc na ndeontóirí chun forluí agus dúbailt a sheachaint, comhlántacht a fheabhsú agus tacú le tionscnaimh na ndeontóirí uile;

(g)

comhordú sna tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta ag baint úsáid as treoirlínte comhaontaithe agus prionsabail chomhaontaithe an dea-chleachtais maidir le comhordú agus éifeachtacht cabhrach;

(h)

líon cur chuige maidir le forbairt atá bunaithe ar thorthaí, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as creataí trédhearcacha ar leibhéal na dtíortha maidir le torthaí, bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar spriocanna agus ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta amhail iadsan atá ag SFManna, chun torthaí a mheas agus a chur in iúl, lena n-áirítear na haschuir agus an méid a thagann as an gcabhair fhorbraíochta agus an tionchar a bheidh aici

9.   Tacóidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, le cur chun feidhme an chomhair dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh agus an idirphlé dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh, gné forbraíochta na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus an chomhair thriantánaigh. Cuirfidh an tAontas an comhar Theas-Theas chun cinn chomh maith.

10.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas agus malartóidh sé tuairimí go tráthrialta léi.

11.   Déanfaidh an Coimisiún malartuithe faisnéise rialta leis an tsochaí shibhialta agus leis na húdaráis áitiúla.

12.   Ina ghníomhaíochtaí maidir le comhar um fhorbairt, bainfidh an tAontas leas as taithí na mBallstát i ndáil le hathchóiriú agus le trasdul de réir mar is iomchuí agus as na ceachtanna a foghlaimíodh agus roinnfidh sé an t-eolas sin.

13.   Ní bhainfear leas as cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo chun fáil arm nó armlón a mhaoiniú, nó chun oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta i gceist leo a mhaoiniú.

TEIDEAL III

CLÁIR

Airteagal 4

Cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme

Déanfar cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 tríd an méid seo a leanas:

(a)

cláir gheografacha;

(b)

cláir théamacha, arna gcomhdhéanamh de:

(i)

chlár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” agus

(ii)

chlár um “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla” agus

(c)

clár Pan-Afracach.

Airteagal 5

Cláir gheografacha

1.   Cuirfear gníomhaíochtaí comhair an Aontais faoin Airteagal seo chun feidhme i ndáil le gníomhaíochtaí de chineál náisiúnta, de chineál réigiúnach, de chineál tras-réigiúnach agus de chineál ilchríochach.

2.   Cuimseofar comhar i gclár geografach i réimse iomchuí gníomhaíochta:

(a)

ar bhonn réigiúnach le tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(1), go háirithe chun tionchar an ghrádúcháin i dtíortha comhpháirtíochta a fhuascailt, ar tíortha iad ina léirítear neamhchothromaíochtaí leathana atá ag fás; nó

(b)

ar bhonn déthaobhach:

(i)

le tíortha comhpháirtíochta nach tíortha ard-mheánioncaim iad a bheidh ar liosta OECD/DAC maidir le tíortha a bheidh i mbéal forbartha, nó nach mó ná aon faoin gcéad d'olltáirgeacht intíre an domhain olltáirgeacht intíre na tíre; agus

(ii)

i gcásanna eisceachtúla, lena n-áirítear d'fhonn cúnamh ó dheontais forbartha a chéimniú amach, féadfar dul i mbun comhair dhéthaobhaigh le líon teoranta tíortha comhpháirtíochta eile nuair atá údar cuí leis i gcomhréir le hAirteagal 3(2). Déanfar an céimniú amach i ndlúthchomhar le deontóirí eile. Nuair a chuirfear deireadh leis an gcineál sin comhair, beidh idirphlé beartais leis na tíortha lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, ina ndíreofar ar riachtanais na ngrúpaí is boichte agus is leochailí.

3.   D'fhonn na cuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfar cláir gheografacha a tharraingt ó na réimsí comhair atá sa Chomhdhearcadh Eorpach agus sna leasuithe comhaontaithe a rinneadh air ina dhiaidh sin chomh maith leis na réimsí comhair seo a leanas:

(a)

cearta an duine, an daonlathas agus dea-rialachas:

(i)

cearta an duine, daonlathas agus an smacht reachta;

(ii)

comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus deiseanna comhionanna do mhná;

(iii)

bainistíocht na hearnála poiblí ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil;

(iv)

beartas agus riarachán cánach;

(v)

an comhrac in aghaidh an éillithe;

(vi)

an tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla;

(vii)

cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint;

(b)

fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna:

(i)

sláinte, oideachas, cosaint shóisialta, fostaíocht agus cultúr;

(ii)

timpeallacht an ghnó, lánpháirtíocht réigiúnach agus margaí domhanda;

(iii)

talmhaíocht inbhuanaithe, slándáil bia agus cothaithe;

(iv)

fuinneamh inbhuanaithe;

(v)

bainistiú acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear talamh, foraoiseacht agus uisce;

(vi)

an t-athrú aeráide agus an comhshaol;

(c)

réimsí eile a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na forbartha:

(i)

imirce agus tearmann;

(ii)

fóirithint dhaonnúil agus comhar um fhorbairt a nascadh;

(iii)

athléimneacht agus rioscaí tubaiste a laghdú;

(iv)

forbairt agus slándáil, lena n-áirítear coinbhleachtaí a chosc.

4.   Leagtar amach sonraí breise maidir leis na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 3 in Iarscríbhinn I.

5.   Laistigh de gach clár déthaobhach, díreoidh an tAontas a chúnamh, i bprionsabal, ar thrí earnáil ar a mhéid a bheidh le comhaontú leis an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann nuair is féidir.

Airteagal 6

Cláir théamacha

1.   Cuirfidh gníomhaíochtaí a dhéanfar trí chláir théamacha luach le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi chláir gheografacha, agus déanfaidh siad comhlánú orthu, agus beidh siad comhleanúnach leo.

2.   Beidh feidhm ag ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas maidir le clársceidealú na ngníomhaíochtaí téamacha:

(a)

ní féidir cuspóirí beartais an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach ar bhealach iomchuí nó ar bhealach éifeachtach trí na cláir gheografacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i gcásanna nach bhfuil aon chlár geografach ann nó inar cuireadh an clár geografach ar fionraí nó i gcás nach bhfuil comhaontú ann maidir leis an ngníomhaíocht leis an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann;

(b)

tabharfar aghaidh ar na tionscnaimh dhomhanda leis na gníomhaíochtaí lena dtacófar leis na spriocanna forbraíochta arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta nó earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda;

(c)

is de chineál ilréigiúnach, ilnáisiúnta agus/nó de chineál trasnaí iad na gníomhaíochtaí;

(d)

leis na gníomhaíochtaí, cuirfear chun feidhme beartais nó tionscnaimh nuálacha a mbeidh sé de chuspóir acu bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo;

(e)

leis na gníomhaíochtaí, léireofar tosaíocht beartais an Aontais nó oibleagáid nó gealltanas idirnáisiúnta an Aontais is ábhartha don chomhar um fhorbairt.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, rachaidh na gníomhaíochtaí téamacha díreach chun tairbhe na dtíortha agus na gcríoch a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) agus cuirfear i gcrích sna tíortha nó sna críocha sin iad. Féadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích lasmuigh de na tíortha nó na críocha sin nuair is é sin an bealach is éifeachtaí chun cuspóirí an chláir lena mbaineann a bhaint amach.

Airteagal 7

Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda

1.   Beidh sé de chuspóir ag cúnamh an Aontais faoin gclár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” tacú le gníomhaíochtaí i réimsí a dhéanfar a phiocadh ón méid a leanas:

(a)

an comhshaol agus an t-athrú aeráide;

(b)

fuinneamh inbhuanaithe;

(c)

forbairt dhaonna, lena n-áirítear obair chuibhiúil, ceartas sóisialta agus cultúr;

(d)

slándáil bia agus cothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe; agus

(e)

imirce agus tearmann.

2.   Leagtar amach sonraí breise de na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 1 i gCuid A d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 8

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla

1.   Beidh sé de chuspóir ag cúnamh an Aontais faoin gclár um “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla” eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla a neartú i dtíortha comhpháirtíochta agus, nuair a fhoráiltear sin sa Rialachán seo, san Aontas agus tairbhithe atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 231/2014.

Déanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú a chur i gcrích don chuid is mó. I gcás inarb iomchuí, d'fhonn a n-éifeachtacht a áirithiú, féadfaidh gníomhaithe eile gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tairbhe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil lena mbaineann.

2.   Leagtar amach sonraí breise de na réimsí comhair faoin Airteagal seo i gCuid B d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

An Clár Pan-Afracach

1.   Beidh sé de chuspóir ag cúnamh ón Aontas faoin gclár Pan-Afracach tacú leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an Afraic agus an tAontas, agus leis na leasuithe a rinneadh uirthi agus na codanna breise a cuireadh léi ina dhiaidh sin, chun gníomhaíochtaí de chineál tras-réigiúnach, ilchríochach nó domhanda san Afraic agus leis an Afraic a chumhdach.

2.   Beidh an clár Pan-Afracach comhlántach agus comhsheasmhach le cláir eile faoin Rialachán seo, agus le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, go háirithe an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht.

3.   Leagtar amach sonraí breise de na réimsí comhair faoin Airteagal seo in Iarscríbhinn III.

TEIDEAL III

CLÁRSCEIDEALÚ AGUS LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Airteagal 10

Creat ginearálta

1.   Maidir le cláir gheografacha, déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta a dhréachtú ar bhonn doiciméid straitéise, mar a fhoráiltear in Airteagal 11.

Maidir le cláir théamacha, déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha a dhréachtú mar a fhoráiltear in Airteagal 13.

Déanfar an clár ilbhliantúil táscach Pan-Afracach a dhréachtú mar a fhoráiltear in Airteagal 14.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ar bhonn na ndoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán seo.

3.   Féadfar tacaíocht ón Aontas a sholáthar i bhfoirm beart nach bhfuil cumhdaithe sna doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 den Rialachán seo, mar a fhoráiltear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

4.   Rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas clársceidealaithe, agus lena linn, d'fhonn comhsheasmhacht, comhlántacht agus comhchuibheas a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí comhair. D'fhéadfadh sé go rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i mbun clársceidealaithe chomhpháirtigh de thoradh ar chomhairliúchán den sórt seo. Rachaidh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus gníomhaithe forbartha eile, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla eile agus comhlachtaí cur chun feidhme eile. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

5.   Le clársceidealú faoin Rialachán seo, tabharfar aird chuí ar chearta an duine agus ar an daonlathas i dtíortha comhpháirtíochta.

6.   Féadfar cistí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a fhágáil gan leithdháileadh lena áirithiú go dtabharfaidh an tAontas freagra iomchuí i gcás cúinsí gan choinne, go háirithe i gcásanna leochaileacha, géarchéime agus iar-ghéarchéime, agus ionas go mbeadh sioncroineacht ann le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta agus d'fhonn leithdháiltí airgeadais táscacha a mhodhnú mar thoradh ar na hathbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 11(6), Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(3). Faoi réir leithdháileadh, nó ath-leithdháileadh na gcistí sin ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15, cinnfear úsáid na gcistí sin ag dáta níos déanaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Maidir leis an gcuid sin de chistí a fhágtar gan leithdháileadh ar leibhéal gach cineál cláir, ní rachaidh sé os cionn 5 %, seachas chun críoch sioncroineachta agus i gcás na dtíortha dá tagraítear in Airteagal 12(1).

7.   Gan dochar d'Airteagal 2(3), féadfaidh an Coimisiún leithdháileadh sonrach airgeadais a áireamh chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta an comhar atá acu leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas a neartú.

8.   Maidir le haon chlársceidealú nó le haon athbhreithniú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 11

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh clár geografach

1.   Comhlíonfar in ullmhú, i gcur chun feidhme agus in athbhreithniú na ndoiciméad clársceidealaithe uile faoin Airteagal seo prionsabail an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus na prionsabail maidir le héifeachtacht cúnaimh, eadhon úinéireacht dhaonlathach, comhpháirtíocht, comhordú, comhchuibhiú, ailíniú le córais na tíre comhpháirtíochta nó le córais réigiúnacha, trédhearcacht, cuntasacht fhrithpháirteach agus díriú na dtorthaí mar a leagtar síos in Airteagal 3(4) go (8). I gcás inar féidir, déanfar an clárthréimhse a shioncroiniú le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta.

Bunófar doiciméid chlársceidealaithe do cláir gheografacha, lena n-áirítear doiciméid chlársceidealaithe chomhpháirteacha, a mhéid is féidir, ar idirphlé idir an tAontas, na Ballstáit agus an tír chomhpháirtíochta nó an réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n-áirítear parlaimintí náisiúnta agus parlaimintí réigiúnacha, agus beidh an tsochaí shibhialta agus na húdaráis áitiúla agus comhpháirtithe eile rannpháirteach d'fhonn úinéireacht ar an bpróiseas a threisiú agus tacaíocht do straitéisí forbartha náisiúnta a spreagadh, go háirithe na straitéisí sin a bhfuil sé mar aidhm acu an bhochtaineacht a laghdú.

2.   Dréachtóidh an tAontas páipéir straitéise don tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann chun creat comhtháite a sholáthar do chomhar um fhorbairt idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta nó an réigiún comhpháirtíochta sin, i gcomhréir le críoch ghinearálta agus le raon feidhme ginearálta, le cuspóirí, le prionsabail agus le forálacha beartais a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Ní bheidh aon pháipéar straitéise ag teastáil le haghaidh na dtíortha nó na réigiún seo a leanas:

(a)

tíortha a mbeidh straitéis forbartha náisiúnta acu i bhfoirm plean forbartha náisiúnta nó doiciméad forbartha dá shamhail a ghlacfaidh an Coimisiún leis mar bhonn don chlár ilbhliantúil táscach comhfhreagrach, tráth a nglacfar an doiciméad deireanach sin a luadh;

(b)

tíortha nó réigiúin ar dréachtaíodh doiciméad comhchreata dóibh ina leagtar síos straitéis chuimsitheach Aontais, lena n-áirítear caibidil ar leith faoin mbeartas forbartha;

(c)

tíortha nó réigiúin ar comhaontaíodh doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach ilbhliantúil ina leith idir an tAontas agus na Ballstáit;

(d)

réigiúin a mbeidh straitéis acu a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an Aontas;

(e)

tíortha a bhfuil sé beartaithe ag an Aontas a straitéis a shioncronú le timthriall nua náisiúnta a thosóidh roimh an 1 Eanáir 2017; sa chás sin áireofar freagra an Aontais i leith na tíre sin sa chlár ilbhliantúil táscach don tréimhse eatramhach idir an 1 Eanáir 2014 agus tús an timthrialla náisiúnta nua.

(f)

na tíortha nó réigiúin a gheobhaidh leithdháileadh de chistí an Aontais faoin Rialachán seo nach mó é ná EUR 50 000 000 don tréimhse 2014-2020.

I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (f) den chéad fomhír, beidh straitéis forbartha an Aontais don tír nó don réigiún lena mbaineann sa chlár ilbhliantúil táscach don tír sin nó don réigiún sin.

4.   Déanfar athbhreithniú ar na páipéir straitéise ag a meántéarma nó ar bhonn ad hoc de réir mar is gá, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair arna dtabhairt i gcrích leis an tír chomhpháirtíochta nó an réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann, de réir mar is iomchuí.

5.   Dréachtófar cláir ilbhliantúla tháscacha do chláir gheografacha do gach tír nó do gach réigiún a fhaigheann leithdháileadh airgeadais táscach de chistí an Aontais faoin Rialachán seo. Ach amháin i gcás na dtíortha nó na réigiún dá dtagraítear i bpointe (e) agus (f) den chéad fhomhír de mhír 3, dréachtófar na doiciméid sin ar bhonn na bpáipéar straitéise nó ar bhonn doiciméad coibhéiseach dá dtagraítear i mír 3.

Chun críche an Rialacháin seo, féadfar an doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach ilbhliantúil dá bhforáiltear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo a mheas mar an gclár ilbhliantúil táscach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na prionsabail agus na coinníollacha a bhunaítear sa mhír seo, lena n-áirítear leithdháileadh táscach maidir le cistí, agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 15

Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha do chláir gheografacha na réimsí tosaíochta a roghnófar lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta a bheidh soiléir, sonrach agus trédhearcach an leithdháileadh airgeadais táscach, go foriomlán agus in aghaidh na réimse tosaíochta araon agus, i gcás inarb iomchuí, modúlachtaí cabhracha.

Glacfaidh an Coimisiún na leithdháiltí airgeadais ilbhliantúla táscacha laistigh de gach clár geografach i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, bunaithe ar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3(2), agus na deacrachtaí ar leith á gcur san áireamh nach mór do thíortha nó réigiúin ina bhfuil géarchéim, atá leochaileach, atá soghonta, atá i mbun coinbhleachta nó i mbaol tubaistí aghaidh a thabhairt orthu, in éineacht le sainiúlacht na gclár éagsúil.

I gcás inarb iomchuí, féadfar an leithdháileadh airgeadais a thabhairt i bhfoirm raoin agus/nó féadfar cistí áirithe a fhágáil gan iad a leithdháileadh. Ní fhéadfar foráil d'aon leithdháileadh táscach airgeadais thar an tréimhse 2014-2020, mura rud é go bhfuil siad go sonrach faoi réir infhaighteacht na n-acmhainní i ndiaidh na tréimhse sin.

Féadfar na cláir ilbhliantúla tháscacha do chláir gheografacha a athbhreithniú i gcás inar gá, lena n-áirítear d'fhonn iad a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, agus athbhreithnithe meántéarmacha nó ad hoc ar an doiciméad straitéise ar a mbeidh siad bunaithe á gcur san áireamh.

Féadfar leithdháiltí airgeadais táscacha, tosaíochtaí, cuspóirí sonracha, torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, modúlachtaí cabhracha a chur in oiriúint freisin mar thoradh ar athbhreithnithe, go háirithe i gcás géarchéime, nó tar éis géarchéime.

Áireofar, le hathbhreithnithe den sórt sin, riachtanais agus gealltanais agus an dul chun cinn a bheidh déanta i dtaca leis na cuspóirí a comhaontaíodh i dtaobh na forbartha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cearta an duine, leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus leis an dea-rialachas.

6.   Tuairisceoidh an Coimisiún faoi chlársceidealú comhpháirteach leis na Ballstáit laistigh den tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, agus áireofar ansin moltaí i dtaobh cásanna nár baineadh clársceidealú comhpháirteach amach go hiomlán.

Airteagal 12

Clársceidealú le haghaidh tíortha agus réigiún ina bhfuil géarchéim, tíortha agus réigiún iar-ghéarchéime nó tíortha agus réigiún atá i staideanna leochaileachta

1.   Agus na doiciméid chlársceidealaithe á ndréachtú do thíortha agus do réigiúin ina mbeidh géarchéim, do thíortha agus do réigiúin iar-ghéarchéime nó do thíortha agus do réigiúin a bheidh i staideanna leochaileachta nó a bheidh i mbaol tubaistí nádúrtha, tógfar leochaileacht, riachtanais speisialta agus dálaí na dtíortha nó na réigiún lena mbaineann san áireamh mar is iomchuí.

Ba cheart aird chuí a thabhairt do choinbhleachtaí a chosc, Stáit agus síocháin a thógáil, athshlánú iarchoinbhleachta agus bearta atógála, mar aon le ról na mban agus le cearta leanaí sna próisis sin.

I gcás ina mbeidh baint dhíreach ag tíortha comhpháirtíochta nó ag réigiúin chomhpháirtíochta le géarchéim, le hiar-ghéarchéim nó le staid leochaileachta, nó go mbeidh tionchar acu orthu, leagfar béim ar leith ar bhorradh a chur faoi chomhordú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt i measc na ngníomhaithe ábhartha go léir le cabhrú an t-athrú a dhéanamh ó staid éigeandála chuig céim na forbartha.

Déanfar foráil sna doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh tíortha agus réigiún a bheidh i staid leochaileachta nó le haghaidh tíortha agus réigiún a bheidh i mbaol tubaistí nádúrtha d'ullmhacht maidir le tubaistí agus do thubaistí a chosc agus d'iarmhairtí tubaistí den sórt sin a bhainistiú agus déanfar leis na doiciméid sin aghaidh a thabhairt ar leochaileacht i leith suaití agus ar athléimneacht a fheabhsú.

2.   Ar mhórchúiseanna práinne a mbeidh údar cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh feidhm láithreach leo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 d'fhonn páipéir straitéise agus cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo a mhodhnú.

Féadfar straitéis shonrach oiriúnaithe a bheith i gceist le hathbhreithnithe den sórt sin chun an t-athrú chuig comhar fadtéarmach agus forbairt fhadtéarmach a áirithiú, agus comhordú agus trasdul níos fearr á gcur chun cinn idir na hionstraimí beartais daonnúla agus forbartha.

Airteagal 13

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh clár téamach

1.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach straitéis an Aontais don téama lena mbaineann, agus, maidir leis an gclár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda”, i gcás gach réimse comhair, na tosaíochtaí a roghnófar lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta a bheidh soiléir, sonrach agus trédhearcach, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na modúlachtaí cabhracha.

I gcás inarb infheidhme, leagfar síos acmhainní agus tosaíochtaí maidir le hidirghabháil don rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda.

Beidh cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach mar chomhlánú ar na cláir gheografacha agus beidh siad ar aon dul leis na páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Tabharfar an leithdháileadh airgeadais táscach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta. I gcás inarb is iomchuí, féadfar an leithdháileadh airgeadais táscach a thabhairt i bhfoirm raoin agus/nó féadfar cistí áirithe a fhágáil gan leithdháileadh.

Déanfar na cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh clár téamach a athbhreithniú más gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, agus athbhreithnithe meántéarmacha nó ad hoc á gcur san áireamh.

Féadfar leithdháiltí airgeadais táscacha, tosaíochtaí, cuspóirí sonracha, torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, modúlachtaí cabhracha a chur in oiriúint freisin mar thoradh ar athbhreithnithe.

Airteagal 14

Doiciméid chlársceidealaithe don chlár Pan-Afracach

1.   Comhlíonfaidh ullmhúchán agus cur chun feidhme na ndoiciméad clársceidealaithe don chlár Pan-Afracach, agus an t-athbhreithniú orthu, na prionsabail éifeachtachta cabhrach mar a leagtar síos in Airteagal 3(4) go (8) iad.

Bunófar doiciméid chlársceidealaithe don chlár Pan-Afracach ar idirphlé ina mbeidh baint ag na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail an Pharlaimint Phan-Afracach.

2.   Leagfar amach sa chlár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach na tosaíochtaí a roghnófar don mhaoiniú, na cuspóirí sonracha, na torthaí a mbeifear ag súil leo, táscairí feidhmíochta a bheidh soiléir, sonrach agus trédhearcach, agus i gcás inarb iomchuí, modúlachtaí cabhracha.

Beidh an clár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach comhleanúnach le cláir gheografacha agus le cláir théamacha faoin Rialachán seo.

3.   Tabharfar an leithdháileadh táscach airgeadais sa chlár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta. I gcás inarb iomchuí, féadfar an leithdháileadh táscach airgeadais sin a thabhairt i bhfoirm raoin.

Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár ilbhliantúil táscach don chlár Pan-Afracach más gá, chun freagairt ar dhúshláin nó ar fhadhbanna cur chun feidhme nach rabhthas ag súil leo, agus chun aon athbhreithniú ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach a chur san áireamh.

Airteagal 15

Páipéir straitéise a fhormheas agus cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 11 a fhormheas agus déanfaidh sé cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 13 agus Airteagal 14 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le hathbhreithnithe a mbeidh sé d'éifeacht acu an straitéis nó clársceidealú na straitéise a mhodhnú go suntasach.

2.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún, féadfaidh an Coimisiún páipéir straitéise dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo agus cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Rannpháirtíocht tríú tíre nach mbeidh incháilithe faoin Rialachán seo

I gcúinsí eisceachtúla a mbeidh bonn cirt cuí leo, agus gan dochar d'Airteagal 2(3) den Rialachán seo, agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach nó tras-réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, laistigh de na cláir ilbhliantúla táscacha i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo nó de na bearta ábhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, incháilitheacht na ngníomhaíochtaí a leathnú chuig tíortha agus chuig críocha nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo, sa chás go bhfuil an ghníomhaíocht a bheidh le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach, tras-réigiúnach nó trasteorann.

Airteagal 17

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

1.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na nithe seo a leanas a leasú:

(a)

na sonraí de na réimsí comhair dá dtagraítear:

(i)

in Airteagal 5(3) mar a leagtar amach i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn I iad;

(ii)

in Airteagal 7(2) mar a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn II iad;

(iii)

in Airteagal 8(2) mar a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II iad;

(iv)

in Airteagal 9(3) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad, go háirithe san obair leantach do Chruinnithe Mullaigh AE agus na hAfraice;

(b)

leithdháiltí táscacha airgeadais faoi na cláir gheografacha agus faoin gclár téamach “Earraí Poiblí Domhanda agus Dúshláin Phoiblí Dhomhanda”, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad. Ní bheidh sé d'éifeacht ag na leasuithe an méid tosaigh a laghdú níos mó ná 5 %, seachas i gcás leithdháiltí faoi phointe (b) d'Iarscríbhinn IV (1)

2.   Go háirithe, tar éis don tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh sa tuarascáil sin, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 don Choimisiún go ceann tréimhse bhailíocht an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin.

Airteagal 19

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste ICF”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí choiste ICF maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

Airteagal 20

Imchlúdach airgeadais

1.   Is EUR 19 661 639 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Leagtar síos in Iarscríbhinn IV na méideanna táscacha a leithdhálfar ar gach clár dá dtagraítear in Airteagal 5 go hAirteagal 9 don tréimhse 2014-2020.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), déanfar méid táscach de EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí i leith soghluaiseachta foghlama go dtí tíortha comhpháirtíochta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus ó na tíortha sin, agus ar chomhar agus idirphlé beartais le húdaráis, institiúidí, agus eagraíochtaí ó na tíortha sin.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla lena gcuimseofar na chéad cheithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Léireofar leithdháileadh an chistithe sin i gclársceidealú táscach ilbhliantúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. D'fhéadfaí na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí gníomhaíochta seachtraí an Aontais.

4.   Ní rachaidh an cistiúchán faoin Rialachán seo le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 thar EUR 707 000 000. Déanfar na cistí a tharraingt ó leithdháiltí airgeadais do chláir gheografacha, agus sonrófar an dáileadh réigiúnach agus an cineál gníomhaíochtaí a mbeifear ag súil leo. Úsáidfear cistiúchán de bhun an Rialacháin seo a dhírítear ar ghníomhaíochtaí maoinithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 le haghaidh gníomhaíochtaí chun tairbhe na dtíortha comhpháirtíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus aird ar leith á tabhairt ar na tíortha is boichte. Díreoidh gníomhaíochtaí soghluaiseachta mac léinn agus na foirne idir tíortha rannpháirteacha agus tíortha comhpháirtíochta a chisteofar tríd an leithdháileadh ón Rialachán seo ar réimsí a bhaineann le forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe tíortha atá i mbéal forbartha.

5.   Áireoidh an Coimisiún ina tuarascáil bhliantúil maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 liosta de na gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a gheobhaidh cistiú ón Rialachán seo agus an méid a chomhlíonfaidh siad na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar mach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 den Rialachán seo iad.

Airteagal 21

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014 .

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

(4)  IO C 46, 24.2.2006, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (féach leathanach 77 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(9)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).


IARSCRÍBHINN I

RÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR GHEOGRAFACHA

A.   COMHRÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR GHEOGRAFACHA

Tarraingeofar cláir gheografacha ó na réimsí comhair a leagtar síos thíos, rud nár cheart a léamh mar chomhionannas le hearnálacha. Bunófar na tosaíochtaí i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta i réimse an bheartais forbartha a rinne an t-Aontas, go háirithe SFManna agus spriocanna nua forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta ó 2015 ar aghaidh lena modhnófar SFManna nó a chuirfear ina n-ionad, agus ar bhonn idirphlé beartais le gach tír nó réigiún comhpháirtíochta incháilithe.

I.   Cearta an duine, an daonlathas agus dea-rialachas

(a)   Cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta

(i)

tacú le daonlathú agus institiúidí daonlathacha a neartú, lena n-áirítear ról na bparlaimintí;

(ii)

an smacht reachta agus neamhspleáchas na gcóras breithiúnach agus cosanta a neartú agus rochtain chothrom, gan bhac ar cheartas do chách a áirithiú;

(iii)

tacú le feidhmiú trédhearcach, cuntasach institiúidí agus an díláraithe; idirphlé sóisialta rannpháirteach intíre agus idirphlé eile maidir le rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn;

(iv)

saoirse na meán a chur chun cinn, lena n-áirítear le haghaidh modhanna nua-aimseartha cumarsáide;

(v)

iolrachas polaitiúil a chur chun cinn, cearta sibhialta, cultúrtha, eacnamaíocha, polaitiúla agus sóisialta a chosaint agus daoine ar de mhionlaigh iad agus de na grúpaí is leochailí iad a chosaint;

(vi)

tacú leis an gcomhrac i gcoinne idirdhealaithe agus cleachtais idirdhealaitheacha bunaithe ar aon fhoras, inter alia, tionscnamh ciníoch nó eitneach, sainaicme, reiligiún nó creideamh, gnéas, aitheantas inscne nó gnéaschlaonadh, cleamhnú sóisialta, míchumas, stádas sláinte nó aois;

(vii)

clárú sibhialta a chur chun cinn, go háirithe clárú breithe agus báis.

(b)   Comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus comhdheiseanna do mhná

(i)

comhionannas agus cothromas inscne a chur chun cinn;

(ii)

cearta na mban agus na gcailíní a chosaint, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí i gcoinne pósadh páistí agus cleachtais thraidisiúnta dhochracha eile amhail ciorrú ball giniúna ban agus aon chineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an fhoréigin inscne;

(iii)

cumhachtú na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear an ról atá acu mar ghníomhaithe forbartha agus ó thaobh thógáil na síochána.

(c)   Bainistíocht na hearnála poiblí ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil

(i)

tacú leis an earnáil phoiblí a fhorbairt chun na críche rochtain uilíoch, neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí bunúsacha a fheabhsú, go háirithe ar shláinte agus ar oideachas;

(ii)

tacú le cláir chun feabhas a chur ar fhoirmliú beartais, ar bhainistiú poiblí airgeadais, lena n-áirítear comhlachtaí agus bearta iniúchta, rialaithe agus frithchalaoise a bhunú agus a atreisiú, agus ar fhorbairt institiúideach, lena n-áirítear bainistiú acmhainní daonna;

(iii)

saineolas teicniúil na bparlaimintí a fheabhsú, chun go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar fhoirmliú agus ar mhaoirseacht na mbuiséad náisiúnta agus rannchuidiú leo siúd, lena n-áirítear maidir le hioncaim bhaile ó acmhainní a bhaint agus ó chúrsaí cánach.

(d)   Beartas agus riarachán cánach

(i)

tacú le córais chánach bhaile a fhorbairt nó a neartú, a bheidh cothrom, trédhearcach, éifeachtach, forchéimnitheach agus inbhuanaithe;

(ii)

inniúlachtaí faireacháin a neartú i dtíortha atá i mbéal forbartha sa chomhrac i gcoinne imghabhála cánach agus sreabha neamhcheadaithe airgeadais;

(ii)

tacú le táirgeadh agus scaipeadh na hoibre maidir le calaois chánach agus an tionchar atá aici, go háirithe ag comhlachtaí maoirseachta, parlaimintí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

(iv)

tacú le tionscnaimh iltaobhacha agus réigiúnacha maidir le riarachán cánach agus athchóirithe cánach;

(v)

tacú le tíortha atá i mbéal forbartha a bheith rannpháirteach ar bhealach níos éifeachtaí i struchtúir agus próisis idirnáisiúnta um chomhar cánach;

(vi)

tacú le tuairisciú de réir tíre agus de réir tionscadail a chur san áireamh i reachtaíocht na dtíortha comhpháirtíochta chun an trédhearcacht airgeadais a fheabhsú.

(e)   An comhrac in aghaidh an éillithe

(i)

cuidiú le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic le gach cineál éilithe, lena n-áirítear trí abhcóideacht, ardú feasachta agus tuairisciú;

(ii)

cumas na gcomhlachtaí rialaithe agus na gcomhlachtaí maoirseachta agus na mbreithiúna a mhéadú.

(f)   An tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla

(i)

tacú le cumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt, d'fhonn an tionchar atá acu agus a rannpháirtíocht ghníomhach sa phróiseas forbartha a neartú agus chun an t-idirphlé polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch a chur ar aghaidh;

(ii)

tacú le cumas na n-údarás áitiúil a fhorbairt agus an saineolas atá acu a úsáid chun cur chuige críochach a chur chun cinn maidir le forbairt, lena n-áirítear próisis díláraithe;

(iii)

timpeallacht cumasúcháin a chur chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht saoránach agus ghníomhaíocht na sochaí sibhialta.

(g)   Cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint

(i)

deonú doiciméad dlíthiúil a chur chun cinn;

(ii)

tacú le caighdeán saoil atá leordhóthanach agus sláintiúil agus le dul in aois sláintiúil;

(iii)

a áirithiú go soláthrófar oideachas bunúsach do chách.

II.   Fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna

(a)   Sláinte, oideachas, cosaint shóisialta, fostaíocht agus cultúr

(i)

tacú le hathchóirithe earnálacha lena méadófar rochtain ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, go háirithe seirbhísí sláinte agus oideachais ar ardcháilíocht, lena ndíreofar ar na SFManna lena mbaineann agus ar rochtain ar sheirbhísí den chineál sin ag daoine bochta agus ag grúpaí leochaileacha agus ag grúpaí ar an imeall;

(ii)

cumais áitiúla a neartú chun freagairt ar na dúshláin dhomhanda, réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as tacaíocht earnálach buiséid a mbeidh idirphlé beartais níos dlúithe ag baint leis;

(iii)

córais sláinte a neartú, inter alia trí aghaidh a thabhairt ar an nganntanas soláthróirí cáilithe sláinte, maoiniú cothrom don tsláinte agus leigheas agus vacsaíní a bheith ar phraghas réasúnta do dhaoine bochta;

(iv)

cur chun feidhme iomlán, éifeachtach Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus torthaí a gcomhdhálacha athbhreithnithe agus sa chomhthéacs seo sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo a chur chun cinn;

(v)

soláthar leordhóthanach uisce óil ardcháilíochta a bhfuil praghas réasúnta air, sláintíocht agus sláinteachas leordhóthanach a áirithiú;

(vi)

tacaíocht don oideachas ardcháilíochta agus rochtain chomhionann ar an oideachas sin a fheabhsú;

(vii)

tacú le gairmoiliúint d'infhostaitheacht agus leis an gcumas chun taighde i bhfabhar na forbartha inbhuanaithe a dhéanamh agus chun torthaí an taighde sin a úsáid;

(viii)

tacú le scéimeanna agus íosteorainneacha náisiúnta don chosaint shóisialta, lena n-áirítear córais árachais shóisialta do scéimeanna sláinte agus pinsin, lena ndíreofar ar neamhionannas a laghdú;

(ix)

tacú le clár oibre um obair chuibhiúil, agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn;

(x)

idirphlé idirchultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus urramú gach cultúir ar bhealach comhionann a chur chun cinn;

(xi)

comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn chun rannchuidiú tionscal cultúrtha le fás eacnamaíoch i dtíortha atá i mbéal forbartha a spreagadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cumas an fháis an bochtaineacht a chomhrac, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail rochtain ar an margadh agus cearta maoine intleachtúla.

(b)   Timpeallacht an ghnó, lánpháirtíocht réigiúnach agus margaí domhanda

(i)

tacú le hearnáil phríobháideach áitiúil iomaíoch a fhorbairt, lena n-áirítear trí chumas institiúideach áitiúil agus cumas gnó áitiúil a fhorbairt;

(ii)

tacú le córais áitiúla táirgthe agus fiontair áitiúla a fhorbairt lena n-áirítear fiontair ghlasa;

(iii)

fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), micrifhiontair agus comharchumainn agus trádáil chóir a chur chun cinn,

(iv)

margaí áitiúla, baile agus réigiúnacha a chur chun cinn, lena n-áirítear margaí d'earraí agus do sheirbhísí comhshaoil,

(v)

tacú le hathchóirithe ar chreat reachtach agus rialála agus leis na hathchóirithe sin a fhorfheidhmiú,

(vi)

rochtain a éascú ar sheirbhísí gnó agus ar sheirbhísí airgeadais amhail micreachreidmheas agus coigilteas, micrea-árachas agus aistriú íocaíochta;

(vii)

tacú le cearta saothair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a fhorfheidhmiú;

(viii)

dlíthe agus clárlanna na talún a bhunú agus a fheabhsú chun talamh agus cearta maoine intleachtúla a chosaint;

(ix)

beartais taighde agus nuálaíochta a rannchuideoidh le forbairt inbhuanaithe, chuimsitheach a chur chun cinn;

(x)

infheistíochtaí a chur chun cinn lena nginfear fostaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear trí shásraí a mheascadh, ar infheistíochtaí iad lena ndíreofar ar mhaoiniú a thabhairt do chuideachtaí baile agus ar chaipiteal baile a ghiaráil, go háirithe ar leibhéal na FBManna, agus lena dtabharfar tacaíocht d'acmhainní daonna a fhorbairt;

(xi)

bonneagar a fheabhsú agus caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil á n-urramú ina n-iomláine;

(xii)

cur chuige earnála maidir le hiompar inbhuanaithe a chur chun cinn, riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta a chomhlíonadh, sábháilteacht, inacmhainneacht agus éifeachtúlacht iompair a áirithiú, droch-éifeachtaí ar an gcomhshaol a laghdú;

(xiii)

dul i ngleic leis an earnáil phríobháideach chun forbairt inbhuanaithe a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta a fheabhsú, freagracht shóisialta chorparáideach agus freagracht chomhshaoil agus cuntasacht agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn;

(xiv)

cuidiú le tíortha atá i mbéal forbartha sa trádáil agus in iarrachtaí réigiúnacha agus ilchríochacha lánpháirtíochta, agus cúnamh a chur ar fáil le haghaidh lánpháirtíocht rianúil na dtíortha sin sa gheilleagar domhanda de réir a chéile;

(xv)

tacú le rochtain níos ginearálta ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide d'fhonn an bhearna dhigiteach a líonadh.

(c)   Talmhaíocht inbhuanaithe, slándáil bia agus cothaithe

(i)

cuidiú le cumas na dtíortha atá i mbéal forbartha athléimneach maidir le turraingí a fhorbairt (amhail ganntanas acmhainní agus soláthair, luaineacht praghsanna), chomh maith le dul i ngleic le cineálacha éagothroime, trí rochtain níos fearr ar thalamh, ar bhia, ar uisce, ar fhuinneamh agus ar airgeadais a thabhairt do dhaoine bochta gan dochar a dhéanamh don chomhshaol;

(ii)

tacú le cleachtais inbhuanaithe talmhaíochta agus le taighde ábhartha talmhaíochta, agus díriú ar ghabháltas talmhaíochta beag agus ar shlite beatha tuaithe;

(iii)

tacú le mná sa talmhaíocht;

(iv)

iarrachtaí na rialtas a spreagadh chun infheistíocht phríobháideach a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta agus éiceolaíochta a éascú;

(v)

tacú le cur chuige straitéiseach maidir le slándáil an tsoláthair bhia, lena ndíreofar ar infhaighteacht bhia, ar rochtain, ar bhonneagar, ar stóráil agus ar chothú;

(vi)

aghaidh a thabhairt ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bhia agus ar mhíchothú trí idirghabhálacha bunúsacha i gcás idirthréimhse agus leochaileachta;

(vii)

tacú le forbairt chríochach a bheidh faoi stiúir tíortha, rannpháirteach, dílárnaithe agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(d)   Fuinneamh inbhuanaithe

(i)

feabhas a chur ar sheirbhísí fuinnimh a bheidh nua-aimseartha, inbhuanaithe, éifeachtúil, glan agus inathnuaite a mbeidh praghas réasúnta orthu;

(ii)

réitigh áitiúla agus réigiúnacha ar fhuinneamh inbhuanaithe agus táirgeadh dílárnaithe fuinnimh a chur chun cinn.

(e)   Bainistiú acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear talamh, foraoiseacht agus uisce, go háirithe an méid seo a leanas:

(i)

tacú le próisis mhaoirseachta agus le comhlachtaí maoirseachta agus le hathchóirithe rialachais lena gcuirtear chun cinn bainistiú agus caomhnú inbhuanaithe, trédhearcach na n-acmhainní nádúrtha;

(ii)

rochtain chothrom ar uisce a chur chun cinn, chomh maith le bainistiú lánpháirtithe acmhainní uisce agus bainistiú abhantracha;

(iii)

cosaint agus úsáid inbhuanaithe sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachóras a chur chun cinn;

(iv)

pátrúin inbhuanaithe táirgthe agus ídithe agus bainistiú sábháilte, inbhuanaithe ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl a chur chun cinn, agus an tionchar a bheidh acu ar shláinte á gcur san áireamh.

(f)   An t-athrú aeráide agus an comhshaol

(i)

úsáid teicneolaíochtaí níos glaine, fuinneamh inbhuanaithe agus tíosacht ar acmhainní a chur chun cinn d'fhonn forbairt ísealcharbóin a bhaint amach agus caighdeáin chomhshaoil a atreisiú ag an am céanna;

(ii)

feabhas a chur ar chumas na dtíortha atá i mbéal forbartha déileáil le hiarmhairtí an athraithe aeráide trí thacú le bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú i leith an athraithe aeráide, bunaithe ar éiceachóras, agus le bearta chun rioscaí tubaiste a laghdú;

(iii)

tacú le comhaontuithe iltaobhacha ábhartha comhshaoil a chur chun feidhme, go háirithe an ghné chomhshaoil den chreat institiúideach le haghaidh na forbartha inbhuanaithe a neartú agus cosaint na bithéagsúlachta a chur chun cinn;

(iv)

cuidiú le tíortha comhpháirtíochta agus iad ag déileáil le dúshlán an díláithrithe agus na himirce a eascraíonn as iarmhairtí an athraithe aeráide, agus slite beatha na daoine is teifigh aeráide iad a fhorbairt an athuair.

III.   Réimsí eile a bhfuil tábhacht leo ó thaobh na forbartha

(a)   Imirce agus tearmann

(i)

tacú le hiarrachtaí chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an idirghaol idir an imirce, an tsoghluaisteacht, an fhostaíocht agus laghdú bochtaineachta, ionas go mbeidh an imirce ina ghné dhearfach don fhorbairt agus go laghdófar “imirce daoine oilte”;

(ii)

tacú leis na tíortha atá i mbéal forbartha agus beartais fhadtéarmacha á nglacadh chun sreabha imirce a bhainistiú, lena n-urramaítear cearta an duine atá ag imircigh agus a dteaghlach agus lena bhfeabhsaítear a gcosaint shóisialta.

(b)   Fóirithint dhaonnúil agus comhar um fhorbairt a nascadh

(i)

réigiúin agus tíortha a ndéanann coinbhleacht chomh maith le tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha dochar dóibh a athchruthú agus a athshlánlú, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

(ii)

gníomhaíochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha a dhéanamh, lena ndírítear ar neamhthuilleamaíocht agus ar lánpháirtiú nó ath-lánpháirtiú daoine díbrithe, agus lena nasctar fóirithint, athshlánú agus forbairt.

(c)   Athléimneacht agus rioscaí tubaiste a laghdú

(i)

i staideanna leochaileacha, tacú le seirbhísí bunúsacha a sheachadadh agus institiúidí Stát a bheidh dlisteanach, éifeachtach agus athléimneach agus sochaí shibhialta a bheidh gníomhaíoch agus eagraithe a fhorbairt, i gcomhpháirtíocht leis an tír lena mbaineann;

(ii)

rannchuidiú le cur chuige coisc i ndáil le leochaileacht Stát, coinbhleacht, tubaistí nádúrtha agus cineálacha eile géarchéimeanna trí chuidiú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta agus le hiarrachtaí na n-eagraíochtaí réigiúnacha córais réamhrabhaidh agus rialachas daonlathach agus forbairt acmhainní institiúideach a neartú;

(iii)

tacú le rioscaí tubaiste a laghdú, le hullmhacht agus cosc agus le hiarmhairtí tubaistí den chineál sin a bhainistiú.

(d)   Forbairt agus slándáil, lena n-áirítear coinbhleachtaí a chosc

(i)

aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna coinbhleachta, lena n-áirítear bochtaineacht, díghrádú, saothrú agus dáileadh éagothrom agus rochtain ar thalamh agus ar acmhainní nádúrtha, rialachas lag, sáruithe ar chearta an duine agus neamh-chomhionannas inscne mar bhealach chun tacú le coinbhleacht a chosc agus a réiteach agus le forbairt síochána;

(ii)

idirphlé, rannpháirtíocht agus athmhuintearas a chur chun cinn d'fhonn síocháin a chur chun cinn agus an foréigean a sheachaint, i gcomhréir leis an deachleachtas idirnáisiúnta;

(iii)

comhar agus athchóiriú beartais a chothú i réimse na slándála agus an cheartais, sa chomhrac i gcoinne drugaí agus gáinneála eile, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, éilliú agus sciúradh airgid.

B.   RÉIMSÍ SONRACHA COMHAIR DE RÉIR RÉIGIÚIN

Tacóidh cúnamh ón Aontas le gníomhaíochtaí agus le hidirphlé earnála i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le Cuid A den Iarscríbhinn seo, agus le críoch fhoriomlán agus raon feidhme foriomlán, cuspóir foriomlán agus prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo. Tógfar na réimsí a bhfuil cur síos orthu thíos san áireamh go sonrach, ag léiriú straitéisí atá comhaontaithe go comhpháirteach.

I.   Meiriceá Laidineach

(a)

Comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil agus cothromas, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban;

(b)

dul i ngleic le saincheisteanna rialachais agus tacú le hathchóirithe beartais, go háirithe i réimsí na mbeartas sóisialta, bhainistiú an airgeadais phoiblí agus an chánachais, na slándála (lena n-áirítear drugaí, coiriúlacht agus éilliú), dea-rialachas agus institiúidí poiblí a atreisiú ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach (lena n-áirítear trí mheicníochtaí nuálacha maidir le comhar teicniúil a sholáthar, mar shampla Chúnamh Teicniúil agus Malartú Faisnéise (TAIEX) agus nascadh), cearta an duine a chosaint, lena n-áirítear cearta na mionlach, na ndaoine dúchasacha agus shliocht na hAfraice, meas ar phríomhchaighdeáin shaothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), an comhshaol, an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe, an comhrac in aghaidh an fhoréigin ghnéasaigh, an fhoréigin inscne agus an fhoréigin i gcoinne leanaí agus an comhrac in aghaidh drugaí a tháirgeadh, a thomhailt agus a gháinneáil;

(c)

tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách chomh maith leis an idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(d)

cuimsiú sóisialta a neartú go háirithe trí chórais cosanta sóisialta a chur ar bun agus a threisiú, lena n-áirítear scéimeanna árachais shóisialta, agus trí athchóirithe fioscacha, cumas na gcóras cánach a neartú agus treisiú leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus na himghabhála cánach, rud a chuideoidh leis an gcomhionannas agus leis an dáileadh rachmais a fheabhsú;

(e)

cuidiú le Stáit Mheiriceá Laidinigh a n-oibleagáid maidir le dícheall cuí a chomhlíonadh i ndáil le marú na mban a chosc, a imscrúdú,, imeachtaí dlíthiúla a thionscain ina leith, smachtbhannaí a chur air, é a chúiteamh agus aird a thabhairt air;

(f)

tacú le próisis éagsúla a bhaineann le lánpháirtíocht réigiúnach agus le hidirnascacht de bhonneagair líonra, agus comhlántacht a áirithiú ag an am céanna le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó BEI agus ó institiúidí eile;

(g)

dul i ngleic leis an nasc idir an tslándáil agus an fhorbairt;

(h)

an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus an oideachais;

(i)

tacú le beartais i réimse an oideachais agus comhréimse ardoideachais Mheiriceá Laidinigh a fhorbairt;

(j)

dul i ngleic le leochaileacht eacnamaíoch agus rannchuidiú le hathrú mór struchtúrach trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú i ndáil le caidreamh trádála a bheidh oscailte agus cothrom, infheistíochtaí níos tairbhiúla le haghaidh níos mó post agus poist níos fearr sa gheilleagar a bheidh glas agus cuimsitheach, malartú faisnéise agus comhar sa taighde, sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht, agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn i ngach foirm, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin maidir le sreabha imirce, slándáil bia (lena n-áirítear talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe), an t-athrú aeráide, fuinnimh inbhuanaithe agus seirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce, ithir agus foraoisí; tacú le micrifhiontair agus FBManna a fhorbairt mar phríomhfhoinse an fháis chuimsithigh, na forbartha agus post; cúnamh forbraíochta a chur chun cinn don trádáil lena n-áiritheofar go bhféadfaidh micrifhiontair agus FBManna de chuid Mheiriceá Laidinigh tairbhe a bhaint as na deiseanna idirnáisiúnta trádála; agus athruithe ar an scéim ghinearálaithe fabhar á gcur san áireamh;

(k)

na hiarmhairtí díobhálacha a bheadh ar gheilleagair roinnt mhaith tíortha sa réigiún de dheasca eisiaimh ón scéim ghinearálaithe fabhar a mhaolú;

(l)

bearta leantacha iomchuí a áirithiú tar éis beart éigeandála gearrthéarmach chun dul i ngleic le hathshlánú i ndiaidh tubaistí nó le hathshlánú iar-ghéarchéime a chuirfear chun feidhme trí ionstraimí maoiniúcháin eile.

II.   An Áise Theas

(1)   Rialachas daonlathach a chur chun cinn

(a)

tacú le próisis dhaonlathacha, rialachas daonlathach éifeachtach a chothú, institiúidí agus comhlachtaí poiblí a neartú (lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil), tacú le dílárú éifeachtúil, le hathstruchúrú Stáit agus le próisis toghcháin;

(b)

tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách a fhorbairt, lena n-áirítear na meáin, agus an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(c)

institiúidí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú, athchóirithe institiúideacha agus riaracháin, an dea-rialachas, an frithéilliú agus bainistiú airgeadais phoiblí a chur chun cinn, agus tacú leis an smacht reachta;

(d)

cosaint chearta an duine a neartú, lena n-áirítear cearta na mionlach, na n-imirceach, na ndaoine dúchasacha agus na ngrúpaí leochaileacha, an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe, an fhoréigin ghnéasaigh, an fhoréigin inscne agus an fhoréigin in aghaidh leanaí, agus an comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine;

(e)

cearta an duine a chosaint, trí athchóirithe institiúide a chur chun cinn (lena n-áirítear athchóiriú i ndáil leis an dea-rialachas agus leis an bhfrithéilliú, le bainistiú airgeadais phoiblí, le cánachas agus le riarachán poiblí) agus athchóirithe reachtacha, riaracháin agus rialála a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe i Stáit leochaileacha agus i dtíortha i staideanna coinbhleachta agus iar-choinbhleachta.

(2)   Cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna a chur cinn i ngach foirm

(a)

comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil agus cothromas agus comhionannas inscne trí oideachas, trí shláinte agus trí bheartais shóisialta eile;

(b)

an cumas rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta a neartú, go háirithe sna hearnálacha sláinte agus oideachais; feabhas a chur ar an rochtain a bheidh ag gach duine ar an oideachas d'fhonn eolas, scileanna agus infhostaitheacht ar mhargadh an tsaothair a ardú, lena n-áirítear — i gcás inarb iomchuí — trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar idirdhealú ar bhonn oibre agus sleachta, agus go háirithe idirdhealú a bhunaítear ar shainaicmiú;

(c)

cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, fostaíocht chuibhiúil agus croíchaighdeáin chuibhiúla saothair, cothromas agus comhionannas inscne a chur chun cinn trí bheartais oideachais, sláinte agus beartais eile shóisialta;

(d)

oideachais, gairmoiliúint agus seirbhísí sláinte d'ardcháilíocht a mbeidh rochtain ag gach duine orthu (lena n-áirítear cailíní agus mná) a chur chun cinn;

(e)

i gcomhthéacs an naisc atá idir an tslándáil agus an fhorbairt, an foréigean inscne agus sliochtbhunaithe, fuadach leanaí, an t-éilliú agus an choireacht eagraithe, táirgeadh agus úsáid drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí agus cineálacha eile gáinneála a chomhrac;

(f)

comhpháirtíochtaí lena ndíreofar ar fhorbairt a bhunú ar thalmhaíocht, ar fhorbairt san earnáil phríobháideach, ar thrádáil, ar infheistíocht, ar chúnamh, ar imirce, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar theicneolaíocht agus ar earraí poiblí a sholáthar, lena ndírítear ar an mbochtaineacht a laghdú agus ar chuimsiú sóisialta.

(3)   Tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, athléimneacht shochaithe na hÁise Theas a mhéadú i gcoinne an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha

(a)

fás agus slite beatha inbhuanaithe agus cuimsitheacha, forbairt tuaithe chomhtháite, talmhaíocht inbhuanaithe agus foraoiseacht inbhuanaithe, an tslándáil bia agus an cothú a chur chun cinn;

(b)

leas inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus as fuinneamh in-athnuaite, cosaint na bithéagsúlachta, bainistiú uisce agus dramhaíola, cosaint ithreach agus foraoise a chur chun cinn;

(c)

cabhrú le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí thacú le bearta oiriúnaithe, le bearta maolaithe agus le bearta laghdaithe i ndáil le rioscaí tubaiste;

(d)

tacú leis na hiarrachtaí feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch, ar iomaíochas agus ar thrádáil, ar fhorbairt na hearnála príobháidí agus béim faoi leith á leagan ar mhicreafhiontair agus ar FBManna agus ar chomharchumainn;

(e)

tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana, i bhfuinnimh inbhuanaithe, san iompar, sa talmhaíocht agus in iascach inbhuanaithe, seirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce agus foraoisí, agus poist chuibhiúla a chruthú sa gheilleagar glas;

(f)

tacú le hullmhacht maidir le tubaistí agus athshlánú fadtéarmach iarthubaistí, lena n-áirítear i réimse na slándála bia agus cothaithe agus an chúnaimh do dhaoine díbrithe.

(4)   Tacú le lánpháirtíocht réigiúnach agus le comhar réigiúnach

(a)

lánpháirtíocht réigiúnach agus comhar réigiúnach a spreagadh, ar bhealach lena ndíreofar ar thorthaí trí thacaíocht do lánpháirtíocht réigiúnach agus d'idirphlé, go háirithe trí Chomhlachas na hÁise Theas um Chomhar Réigiúnach agus trí chuspóirí forbartha phróiseas Iostanbúl (“Croílár na hÁise”) a chur chun cinn;

(b)

tacú le bainistiú éifeachtacht teorann agus le comhar éifeachtach trasteorann chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; an choireacht eagraithe, táirgeadh agus úsáid drugaí agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac;

(c)

tacú le tionscnaimh réigiúnacha lena ndíreofar ar na haicídí teagmhálacha móra; rannchuidiú le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla.

III.   An Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas

(1)   Rialachas daonlathach a chur chun cinn

(a)

cabhrú leis an daonlathú; institiúidí agus comhlachtaí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú, trí athchóirithe institiúide a chur chun cinn (lena n-áirítear athchóiriú i ndáil leis an dea-rialachas agus leis an bhfrithéilliú, le bainistiú airgeadais phoiblí, le cánachas agus le riarachán poiblí) agus athchóirithe reachtacha, riaracháin agus rialála a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe i Stáit leochaileacha agus i dtíortha i staideanna coinbhleachta agus iar-choinbhleachta;

(b)

an chosaint maidir le cearta an duine a neartú, lena n-áirítear cearta na mionlach agus na ndaoine dúchasacha, croíchaighdeáin saothair a chur chun cinn, an t-idirdhealú a chomhrac, an foréigean gnéasach, an foréigean inscne agus an foréigean in aghaidh leanaí, lena n-áirítear leanaí i gcoinbhleacht armtha, a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gáinneála ar dhaoine;

(c)

Tacú le struchtúr chearta an duine Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), go háirithe leis an obair a dhéanann Coimisiún Idir-Rialtasach ASEAN maidir le Cearta an Duine;

(d)

institiúidí agus comhlachtaí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú;

(e)

tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách; an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(f)

tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh sa réigiún le feabhas a chur ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar shlándáil na saoránach, lena n-áirítear trí athchóiriú earnála ar an gceartas agus ar an tslándáil, agus trí idirphlé idireitneach agus idirchreidimh a chur chun cinn chomh maith le próisis síochána a bheidh idireitneach agus idirchreidimh;

(g)

i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, in aghaidh táirgeadh agus úsáid drugaí agus na gáinneála ar dhrugaí, agus in aghaidh cineálacha gáinneála eile, agus tacú le bainistiú éifeachtach teorann agus comhar trasteorann le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; tacú le gníomhaíochtaí um ghlanadh mianach.

(2)   Cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna a chur cinn i ngach foirm

(a)

comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil, agus cothromas agus comhionannas inscne;

(b)

an cumas rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta a neartú, go háirithe sna hearnálacha sláinte agus oideachais; feabhas a chur ar an rochtain a bheidh ag gach duine ar an oideachas d'fhonn eolas, scileanna agus infhostaitheacht ar mhargadh an tsaothair a ardú, lena n-áirítear — i gcás inarb ábhartha — trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar idirdhealú ar bhonn oibre agus sleachta, agus go háirithe idirdhealú a bhunaítear ar shainaicmiú;

(c)

comhpháirtíochtaí lena ndíreofar ar fhorbairt a bhunú ar thalmhaíocht, ar fhorbairt san earnáil phríobháideach, ar thrádáil, ar infheistíocht, ar chúnamh, ar imirce, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar theicneolaíocht agus ar earraí poiblí a sholáthar, lena ndíreofar ar an mbochtaineacht a laghdú agus ar chuimsiú sóisialta;

(d)

tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh sa réigiún le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n-áirítear na cinn sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla;

(e)

oideachas cuimsitheach, foghlaim agus oiliúint ar feadh an tsaoil (lena n-áirítear ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint) a chur chun cinn agus feabhas a chur ar fheidhmiú mhargaí an tsaothair,

(f)

geilleagar glas agus fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, go háirithe i ndáil le talmhaíocht, leis an tslándáil bia agus le cothú, leis na fuinnimh inbhuanaithe agus le cosaint agus feabhas ar na seirbhísí bithéagsúlachta agus ar na seirbhísí éiceachórais;

(g)

i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, an foréigean inscne agus an foréigean sliochtbhunaithe agus fuadach leanaí a chomhrac.

(3)   Tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus athléimneacht shochaithe na hÁise Thoir Theas i gcoinne an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a mhéadú

(a)

tacú leis na bearta maolaithe agus oiriúnaithe i ndáil leis an athrú aeráide, tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b)

tacú leis an réigiún an t-athrú aeráide a phríomhshruthú i straitéisí forbartha inbhuanaithe, beartais agus ionstraimí le haghaidh oiriúnaithe agus maolaithe a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair a ghabhann leis an athrú aeráide agus feabhas a chur ar thionscnaimh chomhair fhadtéarma agus leochaileacht ó thaobh tubaistí a laghdú, tacú le Creat Il-Earnálach ASEAN maidir leis an Athrú Aeráide: Talmhaíocht agus Foraoiseacht i dtreo na Slándála Bia;

(c)

i bhfianaise an mhéadaithe a tháinig ar an daonra agus éileamh athraitheach na dtomhaltóirí, tacú le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, i bhfuinnimh inbhuanaithe, san iompar, sa talmhaíocht agus in iascach inbhuanaithe, seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce agus foraoisí, agus poist cuibhiúla a chruthú sa gheilleagar glas.

(d)

fóirithint, athshlánú agus forbairt a nascadh trína áirithiú go ndéanfar obair leantach ar bhearta gearrthéarma éigeandála lena dtabharfar aird ar athshlánú iarthubaistí nó ar athshlánú iar-ghéarchéime a chuirfear i bhfeidhm trí ionstraimí maoiniúcháin eile; tacú le hullmhacht tubaistí agus le hathshlánú fadtéarmach iarthubaistí, lena n-áirítear i réimse na slándála bia agus cothaithe agus cúnaimh do dhaoine díbrithe.

(4)   Tacú le lánpháirtíocht agus le comhar réigiúnach ar fud na hÁise Thuaidh agus na hÁise Thoir Theas

(a)

lánpháirtíocht agus comhar réigiúnach méadaithe a spreagadh ar bhealach lena ndíreofar ar thorthaí trí thacú leis an lánpháirtíocht réigiúnach agus leis an idirphlé réigiúnach;

(b)

tacú le lánpháirtíocht shocheacnamaíoch agus le nascacht ASEAN, lena n-áirítear cur chun feidhme chuspóirí Chomhphobal Eacnamaíoch ASEAN lena ndíreofar ar an bhforbairt, an Mháistirphlean maidir le Nascacht ASEAN agus na Físe Iar-2015;

(c)

cúnamh a bhaineann leis an trádáil agus cabhair forbartha don trádáil a chur chun cinn, lena n-áirítear a áirithiú go mbainfidh micreafhiontair agus FBManna tairbhe as deiseanna trádála idirnáisiúnta;

(d)

maoiniú do bhonneagair agus do líonraí inbhuanaithe a ghiaráil ar mhaithe le lánpháirtíocht réigiúnach, le cuimsiú sóisialta, le comhtháthú agus le fás inbhuanaithe, agus comhlántacht á háirithiú le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an BEI agus institiúidí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais leo chomh maith le hinstitiúidí eile sa réimse sin;

(e)

idirphlé a spreagadh idir institiúidí agus tíortha ASEAN agus an tAontas.

(f)

tacú le tionscnaimh réigiúnacha lena ndíreofar ar na haicídí teagmhálacha móra; rannchuidiú le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla.

IV.   An Áise Láir

(a)

Mar chuspóirí uileghabhálacha, rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach, le comhtháthú sóisialta agus leis an daonlathas;

(b)

tacú leis an tslándáil bia, rochtain ar shlándáil inbhuanaithe fuinnimh, ar uisce agus ar shláintíocht do dhaonraí áitiúil; tacú le hullmhacht maidir le tubaistí agus le hoiriúnú don athrú aeráide agus iadsan a chur chun cinn;

(c)

tacú le parlaimintí ionadaíocha a toghadh go daonlathach, próisis an dea-rialachais agus an daonlathais a chur chun cinn agus tacú leo; bainistiú fónta airgeadais phoiblí, an smacht reachta, lena mbainfidh institiúidí a fheidhmíonn go maith agus urraim éifeachtach do chearta an duine agus comhionannas inscne; tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách, agus an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(d)

fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar éagothromais shóisialta agus réigiúnacha, agus tacú leis an nuálaíocht agus leis an teicneolaíocht, le hobair chuibhiúil, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn trí thacú le micreafhiontair agus FBManna, agus ag an am céanna forbairt gheilleagar margaidh a bheidh rialáilte agus sóisialta, trádáil agus infheistíocht oscailte agus chothrom, lena n-áirítear athchóirithe rialála a spreagadh;

(e)

tacú le bainistiú éifeachtúil teorann agus le comhar éifeachtach trasteorann chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus gach cineál gáinneála, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh táirgeadh agus úsáid drugaí mar aon leis na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn acu, lena n-áirítear VEID/SEIF;

(f)

comhar, idirphlé agus lánpháirtíocht réigiúnach agus déthaobhach a chur chun cinn, lena n-áirítear le tíortha a chumhdaítear leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus le hionstraimí eile an Aontais chun tacú le hathchóirithe beartais, lena n-áirítear trí institiúidí a thógáil, i gcás inarb iomchuí, trí chúnamh teicniúil (e.g TAIEX), trí fhaisnéis a mhalartú agus trí nascadh, agus trí infheistíochtaí lárnacha trí na sásraí iomchuí chun acmhainní airgeadais a úsáid in earnálacha an oideachais, an chomhshaoil agus an fhuinnimh, trí fhorbairt maidir le hastaíochtaí ísle/athléimneacht maidir le tionchar an athraithe aeráide;

(g)

an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus an oideachais; tacú le rochtain do na daonraí, daoine óga agus mná go háirithe, ar fhostaíocht, inter alia, trí thacú le feabhas a chur ar oideachas ginearálta, ar ghairmoideachas agus ar ardoideachas.

V.   An Meánoirthear

(a)

Aghaidh a thabhairt ar an daonlathú agus ar an rialachas (lena n-áirítear i réimse na cánach), ar an smacht reachta, ar chearta an duine agus ar chomhionannas inscne, ar shaoirsí bunúsacha agus ar shaincheisteanna polaitiúla comhionannais ionas go spreagfar athchóirithe polaitiúla, an comhrac in aghaidh an éillithe agus trédhearcacht an phróisis bhreithiúnaigh agus institiúidí poiblí dlisteanacha, daonlathacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil chomh maith le sochaí shibhialta ghníomhach, neamhspleách agus eagraithe; an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(b)

tacú leis an tsochaí shibhialta agus í ag troid chun saoirsí bunúsacha, cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint;

(c)

fás cuimsitheach a chur chun cinn agus comhtháthú sóisialta agus forbairt a spreagadh, go háirithe maidir le fostaíocht a chruthú, le cuimsiú sóisialta, le hobair chuibhiúil agus le cothromas agus le comhionannas inscne; an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus an oideachais, agus aghaidh a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar neamhionannas agus ar idirdhealú ar bhonn oibre agus sleachta, agus go háirithe idirdhealú a bhunaítear ar shainaicmiú;

(d)

tacú le cultúr sibhialta a fhorbairt, go háirithe trí oiliúint, oideachas agus rannpháirtíocht leanaí, daoine óga agus ban;

(e)

athchóiriú eacnamaíoch inbhuanaithe agus éagsúlú, caidrimh thrádála oscailte agus chóir, forbairt ar gheilleagar margaidh sóisialta rialáilte agus inbhuanaithe a fhorbairt, infheistíocht tháirgiúil agus inbhuanaithe sna príomhearnálacha (amhail an earnáil fuinnimh, agus béim á leagan ar fhuinneamh in-athnuaite) a chur chun cinn;

(f)

dea-chaidrimh chomharsanachta, comhar, idirphlé agus lánpháirtíocht réigiúnach a chur chun cinn, lena n-áirítear le tíortha a chumhdaítear san Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus Stáit na Murascaille a chumhdaítear san Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus in ionstraimí eile an Aontais lena n-áirítear, trí thacú le hiarrachtaí lánpháirtíochta sa réigiún, go táscach maidir le geilleagar, fuinneamh, uisce, iompar agus dídeanaithe;

(g)

bainistiú inbhuanaithe agus éifeachtach a chur chun cinn i ndáil le hacmhainní uisce chomh maith le cosaint acmhainní uisce a chur chun cinn;

(h)

acmhainní a úsáidtear faoin Rialachán seo a chomhlánú trí obair chomhchuibhithe agus tacaíocht trí bhíthin ionstraimí agus beartas eile an Aontais, lena bhféadfar díriú ar rochtain ar mhargadh inmheánach an Aontais, ar shoghluaisteacht saothair agus ar lánpháirtíocht réigiúnach níos leithne;

(i)

i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, táirgeadh agus úsáid drugaí agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac;

(j)

i gcomhthéacs an naisc idir an fhorbairt agus an imirce, bainistiú a dhéanamh ar an imirce agus cabhrú le daoine easáitithe agus le dídeanaithe.

VI.   Tíortha eile

(a)

Tacú le comhdhlúthú ar shochaí dhaonlathach, ar dhea-rialachas, ar urraim do chearta an duine, ar chomhionannas inscne, ar Stát a rialófar leis an smacht reachta agus a rannchuideoidh leis an gcobhsaíocht agus leis an lánpháirtíocht réigiúnach agus ilchríochach; tacú le sochaí shibhialta ghníomhach, eagraithe agus neamhspleách, agus an t-idirphlé sóisialta a neartú trí thacaíocht do na comhpháirtithe sóisialta;

(b)

tacaíocht a sholáthar do na hiarrachtaí oiriúnaithe atá mar thoradh ar bhunú limistéar éagsúil saorthrádála;

(c)

tacú leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta, an éagothromais agus an eisiaimh, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhunúsacha na bpobal atá faoi mhíbhuntáiste agus trí chomhtháthú sóisialta agus beartais athdháilte a chur chun cinn lena ndíreofar ar éagothroime a laghdú;

(d)

an cumas a neartú chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí bunúsacha sóisialta a chur ar fáil, go háirithe in earnáil na sláinte agus in earnáil an oideachais;

(e)

feabhas a chur ar choinníollacha maireachtála agus ar choinníollacha oibre agus béim faoi leith á leagan ar chlár oibre cuibhiúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS);

(f)

aghaidh a thabhairt ar leochaileacht eacnamaíoch agus cabhrú leis an aistriú struchtúrach agus béim á leagan ar fhostaíocht chuibhiúil trí fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach agus trí gheilleagar ísealcharbóin, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh, bunaithe ar acmhainní inathnuaite trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú ar chaidrimh thrádála chóir, infheistíochtaí torthúla le haghaidh níos mó post agus poist níos fearr sa gheilleagar cuimsitheach glas, aistriú eolais agus comhar ó thaobh taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta, forbairt inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn i ngach foirm, agus béim faoi leith á leagan ar na dúshláin a ghabhann le an imirce, leis an tithíocht, leis an tslándáil bia (lena n-áirítear talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe), leis an athrú aeráide, le fuinnimh inbhuanaithe agus le seirbhísí bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear uisce agus ithir;

(g)

dul i ngleic le foréigean bunaithe ar ghnéas agus ar inscne agus le saincheisteanna sláinte, lena n-áirítear VEID/SEIF agus an tionchar atá acu ar an tsochaí.


IARSCRÍBHINN II

RÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR THÉAMACHA

A.   AN CLÁR UM “EARRAÍ POIBLÍ DOMHANDA AGUS UM DHÚSHLÁIN PHOIBLÍ DHOMHANDA”

Tá sé mar aidhm ag an gclár um “Earraí Poiblí Domhanda agus um Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda” comhar, malartú eolais agus taithí agus cumais na dtíortha comhpháirtíochta a neartú, d'fhonn cabhrú le díothú na bochtaineachta, leis an gcomhtháthú sóisialta agus le forbairt inbhuanaithe. Tarraingeofar an clár seo ó na réimsí comhair a leanas, chun an tsineirgíocht is mó a áirithiú uathu i bhfianaise na hidirnascachta móire atá eatarthu.

I.   An comhshaol agus an t-athrú aeráide

(a)

cabhrú leis an ngné sheachtrach de bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus do na prionsabail eile a leagtar amach in CFAE;

(b)

obair réamhtheachtach a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha SFManna a bhaint amach, nó aon chreat ina dhiaidh sin a chomhaontóidh an tAontas agus na Ballstáit, a bhaineann le húsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil;

(c)

tionscnaimh agus gealltanais chomhaontaithe an Aontais a chur chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach agus/nó trasteorann, go háirithe i réimsí an athraithe aeráide tríd an méid a leanas a chur chun cinn: straitéisí athléimneacha aeráide ísealcharbóin lena dtugtar tosaíocht do straitéisí leis an mbithéagsúlacht a chur chun cinn, cosaint na n-éiceachóras agus na n-acmhainní nádúrtha, bainistiú inbhuanaithe lena n-áirítear aigéin, talamh, uisce, iascach agus foraoisí (mar shampla trí shásraí amhail FLEGT), fairsingiú fásaigh, bainistiú comhtháite ar acmhainní uisce,, bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl, éifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar glas;

(d)

lánpháirtíocht agus príomhshruthú na gcuspóirí maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol i gcomhar an Aontais um fhorbairt a ardú trí thacaíocht d'obair mhodheolaíochta agus taighde maidir le tíortha atá i mbéal forbartha, a dhéantar sna tíortha atá i mbéal forbartha agus a dhéanann na tíortha sin, lena n-áirítear sásraí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, mapáil, measúnú agus luacháil ar éiceachórais, saineolas comhshaoil a fheabhsú agus gníomhaíochtaí nuálacha agus comhtháthú beartas a chur chun cinn;

(e)

an rialachas comhshaoil a neartú agus tacú le forbairt beartais idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtúlacht rialachas domhanda na forbartha inbhuanaithe, trí chúnamh a thabhairt d'fhaireachán réigiúnach agus idirnáisiúnta agus do mheasúnú réigiúnach agus idirnáisiúnta ar an gcomhshaol agus trí bhearta comhlíonta agus forghníomhaithe éifeachtacha a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha le haghaidh comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha;

(f)

bainistiú rioscaí tubaiste agus oiriúnú don athrú aeráide araon a chomhtháthú sa phleanáil agus san infheistíocht forbartha, agus cur chun feidhme straitéisí a chur chun cinn lena ndíreofar ar an riosca tubaiste a laghdú, amhail éiceachórais a chosaint agus bogaigh a athbhunú;

(g)

aitheantas a thabhairt dá chinntithí agus a bheidh talmhaíocht agus coinneáil beostoc i mbeartais maidir leis an athrú aeráide trí thalmhaíocht ghabháltas bheag agus feirmeoireacht beostoc a chur chun cinn mar straitéisí neamhspleácha oiriúnaithe agus maolaithe sa Deisceart mar gheall ar an úsáid inbhuanaithe a bhaintear as acmhainní amhail uisce agus féarach.

II.   Fuinneamh inbhuanaithe

(a)

rochtain ar sheirbhísí fuinnimh iontaofa, slána, inacmhainne, inbhuanaithe agus atá fabhrach don aeráid mar phríomh-thiománaí do dhíothú na bochtaineachta agus don fhás cuimsitheach agus don fhorbairt, le béim ar leith ar fhoinsí fuinnimh inbhuanaithe áitiúla agus réigiúnacha a úsáid agus ar rochtain a áirithiú do dhaoine bochta i réigiúin iargúlta;

(b)

spreagadh a thabhairt chun úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe as cur chuige díláraithe, agus as éifeachtúlacht fuinnimh agus straitéisí forbartha inbhuanaithe le hastaíochtaí ísle a chur chun cinn;

(c)

slándáil fuinnimh a chur chun cinn do thíortha comhpháirtíochta agus do phobail áitiúla trí, cuir i gcás, fhoinsí fuinnimh agus bealaí fuinnimh a éagsúlú, ag cur san áireamh saincheisteanna maidir le luaineacht praghsanna, le poitéinseal astaíochtaí a laghdú, agus na margaí a fheabhsú agus idirnaisc agus trádáil fuinnimh, agus go háirithe leictreachais a chothú.

III.   Forbairt dhaonna, lena n-áirítear obair chuibhiúil, ceartas sóisialta agus an cultúr

(a)   Sláinte

(i)

sláinte agus folláine na ndaoine i dtíortha atá i mbéal forbartha a fhorbairt trí thacú le rochtain cuimsitheach uilíoch ar shaoráidí, ar earraí agus ar sheirbhísí sláinte poiblí riachtanacha ar ardchaighdeán, agus soláthar cothrom díobh sin a chur ar fáil, le leanúntas cúraim sláinte ó chúram sláinte coisctheach go hiarchóireáil, agus béim faoi leith ar riachtanais daoine ar de ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste nó de ghrúpaí leochaileacha iad;

(ii)

tacú le clár oibre beartais na dtionscnamh domhanda a bhfuil leas suntasach díreach acu do thíortha comhpháirtíochta agus é sin a mhúnlú, agus díriú na dtorthaí, éifeachtacht cabhrach agus an tionchar ar chórais sláinte á gcur san áireamh, lena n-áirítear tacú le tíortha comhpháirtíochta dul i ngleic leis na tionscnaimh sin ar bhealach níos fearr;

(iii)

tacú le tionscnaimh shonracha, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda, lena neartófar córais shláinte agus lena gcuideofar le tíortha beartais sláinte náisiúnta fhónta atá inbhuanaithe agus bunaithe ar fhianaise a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus i réimsí tosaíochta amhail sláinte leanaí agus máithreacha, lena n-áirítear imdhíonadh agus freagairt ar bhagairtí sláinte domhanda (amhail VEID/SEIF, an eitinn agus maláire agus galair eile a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair eile a ndéantar faillí orthu);

(iv)

cur chun feidhme iomlán, éifeachtach Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus torthaí a gcomhdhálacha athbhreithnithe agus sa chomhthéacs sin sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo a chur chun cinn;

(v)

seirbhísí riachtanacha agus tacaíocht síceolaíochta a chur chun cinn, a chur ar fáil agus a fhorbairt d'íospartaigh an fhoréigin, go háirithe do mhná agus do leanaí.

(b)   Oideachas, eolas agus scileanna

(i)

tacú leis na spriocanna arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bhaint amach san oideachas trí thionscnaimh agus comhpháirtíochtaí domhanda, le béim ar leith ar eolas, scileanna agus luachanna a chur chun cinn le haghaidh forbartha cuimsithí agus inbhuanaithe;

(ii)

malartú taithí, dea-chleachtais agus nuálaíochta a chur chun cinn, bunaithe ar chur chuige cothromaithe maidir le forbairt na gcóras oideachais;

(iii)

rochtain chothrom ar an oideachas agus caighdeán an oideachais a fheabhsú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, i gcás imirceach, i gcás na mban agus na gcailíní, i gcás daoine ar de mhionlaigh creidimh iad, daoine faoi mhíchumas, daoine atá ag maireachtáil i gcomhthéacs leochaileach agus sna tíortha sin is faide ó spriocanna domhanda a bhaint amach, agus feabhas a chur ar chríochnú an bhunoideachais a chomhlánú agus dul ar aghaidh go dtí an t-iar-bhunoideachas íochtarach.

(c)   Comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus cearta na mban agus na gcailíní a chosaint

(i)

tacú le cláir ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun cumhachtú eacnamaíoch agus sóisialta, ceannaireacht agus rannpháirtíocht chothrom pholaitiúil na mban agus na gcailíní a chur chun cinn;

(ii)

tacú le tionscnaimh náisiúnta, le tionscnaimh réigiúnacha agus le tionscnaimh dhomhanda chun an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chomhtháthú i mbeartais, i bpleananna agus i mbuiséid, lena n-áirítear i gcreatanna forbartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta agus sa chlár oibre um éifeachtacht cabhrach; cuidiú le cleachtais roghnúcháin gnéis atá laofa ó thaobh inscne a dhíothú;

(iii)

aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscne agus tacú le híospartaigh an fhoréigin sin.

(d)   Leanaí agus daoine óga

(i)

gáinneáil ar leanaí agus gach cineál foréigin in aghaidh leanaí agus mí-úsáide leanaí, agus fostú leanaí, i gcáil ar bith, a chomhrac, agus pósadh leanaí a chomhrac, agus beartais a chur chun cinn ina gcuirfí leochaileacht agus poitéinseal leanaí agus daoine óga go háirithe san áireamh, ina dtabharfaí cosaint dá gcearta, lena n-áirítear clárú breithe, agus dá leasanna, dá n-oideachas, dá sláinte agus dá slí bheatha, ag tosú le rannpháirtíocht agus le cumhachtú;

(ii)

cur le haird agus le cumas tíortha atá i mbéal forbartha beartais a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe do leanaí agus do dhaoine óga agus ról na leanaí agus na ndaoine óga mar ghníomhaithe i dtaca leis an bhforbairt a chur chun cinn;

(iii)

tacú le straitéisí agus idirghabhálacha nithiúla a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sonracha agus ar na dúshláin atá roimh leanaí agus roimh dhaoine óga, go háirithe i dtaobh na sláinte, an oideachais agus na fostaíochta, agus a sainleasanna siúd á gcur san áireamh sna gníomhaíochtaí ábhartha uile.

(e)   Neamh-idirdhealú

(i)

tacú le tionscnaimh áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus domhanda chun neamh-idirdhealú ar fhorais inscne, céannachta inscne, bunúis chiníoch nó eitnigh, sainaicme, reiligiúin nó creidimh, míchumais, galair, aoise, gnéaschlaonta a chur chun cinn trí bheartais, trí phleananna agus trí bhuiséid a fhorbairt agus trí dhea-chleachtas agus saineolas a roinnt;

(ii)

a áirithiú go mbíonn idirphlé níos leithne ann maidir leis an neamh-idirdhealú agus maidir le cosantóirí chearta an duine a chosaint.

(f)   Fostaíocht, scileanna, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta

(i)

Tacú le leibhéil arda d'fhostaíocht tháirgiúil chuibhiúil go háirithe le tacaíocht don mhéid seo a leanas: beartais fhónta agus straitéisí fónta oideachais agus fostaíochta, gairmoiliúint le haghaidh infhostaitheachta a bheidh ábhartha ó thaobh riachtanais agus dhearcthaí mhargadh an tsaothair, dálaí oibre lena n-áirítear sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, obair chuibhiúil a chur chun cinn bunaithe ar chaighdeáin bunúsacha saothair na EIS, lena n-áirítear comhrac in aghaidh saothair leanaí, agus idirphlé sóisialta mar aon le soghluaisteacht lucht saothair a éascú agus cearta na n-imirceach a urramú agus a chur chun cinn ag an am céanna;

(ii)

cuimsiú sóisialta a neartú go háirithe trí chórais cosanta sóisialta a chur ar bun agus a threisiú, lena n-áirítear scéimeanna árachais shóisialta dóibh siúd atá ag maireachtáil beo bocht, agus trí athchóirithe fioscacha, cumas na gcóras cánach a neartú agus treisiú leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus na himghabhála cánach, rud a chuideoidh leis an gcomhionannas agus leis an dáileadh rachmais a fheabhsú;

(iii)

cuimsiú sóisialta agus comhionannas inscne a neartú le comhar maidir le rochtain chothrom ar sheirbhísí bunúsacha, fostaíocht do chách, cumhachtú agus urramú ar chearta ghrúpaí sonracha, go háirithe imircigh, leanaí agus daoine óga, daoine faoi mhíchumas, mná, daoine dúchasacha agus daoine ar de mhionlaigh iad lena áirithiú go mbeidh na grúpaí sin in ann páirt a ghlacadh agus leas a bhaint as cruthú saibhris agus as éagsúlacht chultúrtha agus go mbeidh siad ag déanamh amhlaidh.

(g)   Fás, poist agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí

(i)

gníomhaíochtaí a chur chun cinn atá dírithe ar bhreis post agus ar phoist mhaithe a chruthú trí chumas iomaíochta agus athléimneacht micreafhiontar agus FBManna áitiúla a fhorbairt agus iad a lánpháirtiú sa gheilleagar áitiúil, sa gheilleagar réigiúnach agus sa gheilleagar domhanda, trí chuidiú le tíortha atá i mbéal forbartha iad féin a lánpháirtiú i gcórais trádála réigiúnacha agus iltaobhacha;

(ii)

ceirdeanna áitiúla a fhorbairt d'fhonn an oidhreacht chultúrtha áitiúil a chaomhnú;

(iii)

earnáil phríobháideach áitiúil a fhorbairt a bheidh freagrach ar bhonn sóisialta agus éiceolaíochta agus timpeallacht an ghnó a fheabhsú;

(iv)

beartais éifeachtacha eacnamaíocha a chur chun cinn a thacóidh leis an ngeilleagar áitiúil agus le tionscail áitiúla a fhorbairt, agus druidim chuig geilleagar glas cuimsitheach, éifeachtúlacht acmhainní, tomhaltas inbhuanaithe agus próisis inbhuanaithe táirgthe;

(v)

an chumarsáid leictreonach a chur chun cinn mar uirlis chun tacú le fás ar son na mbocht sna hearnálacha go léir d'fhonn an bhearna dhigiteach idir tíortha atá i mbéal forbartha agus tíortha tionsclaithe agus laistigh de thíortha i mbéal forbartha a laghdú, chun creat leordhóthanach beartais agus rialála a bhaint amach sa réimse sin agus chun forbairt bonneagar riachtanach agus úsáid seirbhísí agus feidhmchlár bunaithe ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur chun cinn;

(vi)

cuimsiú airgeadais a chur chun cinn trí rochtain ar sheirbhísí airgeadais a éascú agus trí leas éifeachtach a bhaint astu, amhail micreachreidmheas agus coigilteas, micrea-árachas agus aistriú íocaíochta do mhicreafhiontair agus FBManna agus do theaghlaigh, go háirithe grúpaí faoi míbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha.

(h)   Cultúr

(i)

idirphlé idirchultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus urramú gach cultúir ar bhealach comhionann a chur chun cinn;

(ii)

comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn chun rannchuidiú tionscal cultúrtha le fás eacnamaíoch i dtíortha atá i mbéal forbartha a spreagadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cumas an fháis an bochtaineacht a chomhrac, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail rochtain ar an margadh agus cearta maoine intleachtúla;

(iii)

meas ar luachanna sóisialta, cultúrtha agus spioradálta na ndaoine dúchasacha agus na mionlach a chur chun cinn d'fhonn cur leis an gcomhionannas agus leis an gceartas i sochaithe ileitneacha i gcomhréir le cearta uilíocha an duine, a bhfuil an uile dhuine ina dteideal, lena n-áirítear daoine dúchasacha agus daoine ar de mhionlaigh iad;

(iv)

tacú leis an gcultúr mar earnáil eacnamaíoch a bhfuil an-chosúlacht uirthi ó thaobh fáis agus forbartha de.

IV.   Slándáil bia agus cothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe

Neartófar le comhar sa réimse seo comhar, an malartú eolais agus taithí agus cumas na dtíortha comhpháirtíochta maidir le ceithre cholún na slándála bia trí chur chuige a bheidh íogair ó thaobh inscne: infhaighteacht bia (táirgeadh), rochtain (lena n-áirítear talamh, bonneagar d'fhonn bia a iompar ó limistéir barrachais go limistéir easnaimh, margaí, cúlchistí náisiúnta bia a bhunú, líontáin sábhála), úsáid (idirghabhálacha sa chothú ar bhealaí a bheidh feasach ón taobh sóisialta de) agus cobhsaíocht, agus aghaidh á tabhairt freisin ar thrádáil chóir agus tabharfar tús áite do chúig ghné ag an am céanna: talmhaíocht agus coinneáil beostoic ar ghabháltais bheaga, próiseáil bia chun breisluach a chruthú, rialachas, lánpháirtíocht réigiúnach agus sásraí cúnaimh do phobail leochaileacha, tríd an méid seo a leanas:

(a)

forbairt talmhaíochta ara ghabháltais bheaga agus coinneáil beostoic ar ghabháltais bheaga a chur chun cinn trí rochtain shlán ar theicneolaíocht a bheidh bunaithe ar an éiceachóras, a mbaineann carbón íseal léi agus atá athléimneach ó thaobh na haeráide de (lena n-áirítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide), trí straitéisí oiriúnaithe áitiúla agus uathrialaitheacha maidir leis an athrú aeráide a aithint, a chur chun cinn agus a threisiú, agus trí sheirbhísí leathnaithe agus teicniúla, trí scéimeanna forbartha tuaithe, bearta infheistíochta atá táirgiúil agus freagrach, i gcomhréir le treoirlínte idirnáisiúnta, bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní talún agus ar acmhainní nádúrtha, trí chearta talún an daonra a chosaint ina bhfhoirmeacha éagsúla agus trí rochtain ar thalamh do phobail áitiúla a chosaint, trí éagsúlacht ghéiniteach a chosaint i dtimpeallacht cumasúcháin eacnamaíochta;

(b)

tacú le ceapadh beartais agus le rialachas a bheidh freagrach ó thaobh na heacnamaíochta de agus ón taobh sóisialta de i ndáil leis na hearnálacha ábhartha, le ról na ngníomhaithe poiblí agus na ngníomhaithe neamhphoiblí ina rialáil agus i dtaobh úsáid a bhaint as earraí poiblí, i dtaobh an chumais eagrúcháin, i dtaobh na n-eagraíochtaí gairmiúla agus na n-institiúidí gairmiúla;

(c)

an tslándáil bia agus cothaithe a neartú trí bheartais chuí, lena n-áirítear trí na seirbhísí bithéagsúlachta agus na seirbhísí éiceachórais a chosaint, trí bheartais um oiriúnú don athrú aeráide, trí chórais faisnéise, trí ghéarchéim a chosc agus a bhainistiú, agus trí straitéisí um chothú a bheidh dírithe ar phobail leochaileacha ina mbaintear leas as na hacmhainní is gá chun idirghabhálacha bunúsacha a dhéanamh trína bhféadfaí formhór mór na gcásanna mhíchothaithe a chosc;

(d)

cleachtais shábháilte agus inbhuanaithe a chothú ar fud shlabhra an tsoláthair bhia agus bheatha.

V.   Imirce agus tearmann

Tá comhar sa réimse seo ceaptha leis an idirphlé polaitiúil a neartú, mar aon leis an gcomhar, leis an malartú eolais agus taithí agus le hinniúlachtaí na dtíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus inniúlachtaí na n-údarás áitiúil chun tacú le soghluaisteacht an duine mar ghné dhearfach d'fhorbairt an duine. Tabharfaidh comhar sa réimse seo aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le sreabha imirce, lena n-áirítear imirce Theas-Theas, bunaithe ar chur chuige na gcearta, bunaithe ar chearta, lena gcumhdófar cearta uile an duine, bíodh cearta sibhialta agus polaitiúla nó eacnamaíocha, sóisialta nó cultúrtha i gceist, agus tabharfar aghaidh freisin ar chás na n-imirceach leochaileach amhail mionaoisigh gan tionlacan, íospartaigh na gáinneála, iarrthóirí tearmainn, imirceach ban, agus an bhail a bheidh ar leanaí, ar mhná agus ar theaghlaigh a bheidh fágtha ina dtíortha dúchais, tríd an méid seo a leanas:

(a)

rialachas imirce a chur chun cinn ar gach leibhéal, ag díriú go háirithe ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíochta a bhaineann leis an imirce, agus tabharfar aitheantas don ról tábhachtach a bhíonn ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear an diaspóra, chomh maith leis na húdaráis áitiúla agus aghaidh á tabhairt ar an imirce mar ghné thábhachtach den straitéis forbartha;

(b)

a áirithiú go ndéanfar sreabha imirce, agus gach gné díobh, a bhainistiú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí inniúlachtaí na rialtas agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile i dtíortha comhpháirtíochta a fheabhas sna réimsí seo a leanas: imirce dhleathachagus soghluaisteacht dhleathach; imirce neamhdhlíthiúil, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc; imircigh neamhdhlíthiúil a chur abhaile ar bhonn inbhuanaithe agus tacú le hathfhilleadh deonach agus leis an ath-imeascadh; acmhainneachtaí comhtháite maidir le bainistiú teorann; agus cosaint idirnáisiúnta agus tearmann;

(c)

uasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar forbartha a bheidh ag soghluaisteacht mhéadaithe réigiúnach agus dhomhanda daoine, agus go háirithe ag dea-bhainistiú imirce lucht oibre, ag feabhsú lánpháirtithe na n-imirceach i dtíortha chinn scríbe, cearta na n-imirceach agus a dteaghlach a chur chun cinn agus a chosaint trí thacaíocht a thabhairt do bheartais fhónta réigiúnacha agus náisiúnta maidir le himirce agus le tearmann a cheapadh agus a chur chun feidhme agus tríd an ngné imirce a lánpháirtiú isteach i mbeartais eile réigiúnacha agus náisiúnta agus trí thacú le rannpháirtíocht eagraíochtaí imirceach agus údarás áitiúil i gceapadh beartas agus i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeartas;

(d)

feabhas a chur ar chomhthuiscint ar an nasc idir an imirce agus an fhorbairt, lena n-áirítear ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha bheartais an rialtais, san imirce, sa tearmann nó in earnálacha eile;

(e)

cur le hacmhainneachtaí tearmainn agus ligean isteach imirceach sna tíortha comhpháirtíochta.

Déanfar comhar sa réimse seo a bhainistiú ar bhealach comhleanúnach leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, agus prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt á urramú go hiomlán.

B.   AN CLÁR UM “EAGRAÍOCHTAÍ NA SOCHAÍ SIBHIALTA AGUS ÚDARÁIS ÁITIÚLA”

I gcomhréir leis na conclúidí ón Tionscnamh ón gCoimisiún um Idirphlé Struchtúrtha agus leis an tacaíocht ón Aontas do chearta an duine, don daonlathas agus don dea-rialachas, is é is cuspóir don chlár eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta a neartú agus, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo, is é is cuspóir dó san Aontas, sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha a neartú. Leis an gclár, táthar ag iarraidh timpeallacht cumasúcháin a chothú ar mhaithe le rannpháirtíocht na saoránach agus le gníomhaíocht ón sochaí sibhialta agus ar mhaithe le comhar, le malartú eolais agus taithí agus le hacmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta chun tacú le spriocanna forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

Chun críocha an Rialacháin seo, is gníomhaithe neamhstáit, neamhbhrabúsmhara a oibríonn ar bhonn neamhspleách cuntasach iad “eagraíochtaí na sochaí sibhialta” agus cuimsíonn siad na comhlachtaí seo a leanas: eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail dhúchasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta agus/nó eitneacha, eagraíochtaí diaspóra, eagraíochtaí imirceach i dtíortha comhpháirtíochta, cumainn trádálaithe áitiúla agus grúpaí saoránach, comharchumainn, cumainn fostóirí agus ceardchumainn (comhpháirtithe sóisialta), eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí a bhíonn ag comhrac in aghaidh an éillithe agus na calaoise agus a bhíonn ag cur an dea-rialachais chun cinn, eagraíochtaí cearta sibhialta agus eagraíochtaí a bhíonn ag dul i ngleic le hidirdhealú, eagraíochtaí áitiúla (lena n-áirítear líonraí) atá páirteach i gcomhar díláraithe réigiúnach agus i lánpháirtíocht dhíláraithe réigiúnach, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí ban agus eagraíochtaí óige, eagraíochtaí comhshaoil, teagaisc, cultúrtha, taighde agus eolaíocha, ollscoileanna, eaglaisí agus comhlachais chreidimh agus pobail chreidimh, na meáin agus aon chomhlachais neamhrialtasacha agus aon fhondúireachtaí neamhspleácha, lena n-áirítear fondúireachtaí polaitiúla neamhspleácha, ar dóigh dóibh rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

Chun críocha an Rialacháin seo cuimsítear le “údaráis áitiúla” raon leathan de leibhéil fhonáisiúnta agus de bhrainsí fo-náisiúnta de rialtas, i.e. bardais, pobail, ceantair, contaetha, cúigí, réigiúin, etc.

Rannchuideoidh an clár seo leis na nithe seo a leanas:

(a)

sochaí chuimsitheach agus chumhachtaithe i dtíortha comhpháirtíochta trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus seirbhísí bunúsacha a bheidh neartaithe a sheachadadh do dhaonraí a bheidh i ngátar;

(b)

leibhéal méadaithe feasachta san Eoraip maidir le saincheisteanna forbartha agus tacaíocht ghníomhach phoiblí a shlógadh san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha don bhochtaineacht a laghdú agus do straitéisí forbartha inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta;

(c)

acmhainn mhéadaithe líonraí, ardán agus comhghuaillíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus údarás áitiúil na hEorpa agus an Deiscirt chun idirphlé beartais a bheidh substainteach agus leantach a áirithiú i réimse na forbartha agus chun rialachas daonlathach a chur chun cinn.

Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh tacaíocht a fháil ón gclár seo:

(a)

idirghabhálacha i dtíortha comhpháirtíochta a thacóidh le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe trí sheirbhísí bunúsacha a chur ar fáil a sheachadfar trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus trí údaráis áitiúla;

(b)

acmhainn forbartha na ngníomhaithe spriocdhírithe a bheidh comhlántach don tacaíocht a dheonófar faoi chuimsiú an chláir náisiúnta, gníomhaíochtaí a dhíreofar ar na nithe seo a leanas:

(i)

timpeallacht cumasúcháin a chruthú ar mhaithe le rannpháirtíocht na saoránach agus le gníomhaíocht na sochaí sibhialta agus ar mhaithe le hacmhainn eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach go héifeachtach i bpróiseas an cheaptha beartais agus san fhaireachán ar chur chun feidhme na mbeartas;

(ii)

éascú a dhéanamh ar idirphlé feabhsaithe agus ar idirghníomhú feabhsaithe idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla, an Stát agus gníomhaithe forbartha eile i gcomhthéacs na forbartha;

(iii)

neartú a dhéanamh ar acmhainn na n-údarás áitiúil a bheith rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas forbartha, agus aitheantas á thabhairt ar a ról agus a ngnéithe ar leith;

(c)

feasacht an phobail a ardú ar shaincheisteanna forbartha, rud lena gcuirtear ar chumas daoine a bheith ina saoránaigh ghníomhacha, fhreagracha agus oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur chun cinn don fhorbairt san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, chun beartas forbartha a dhaingniú sa sochaí, chun tacaíocht phoiblí níos mó a fháil do ghníomhaíocht in aghaidh na bochtaineachta agus do chaidreamh níos cothroime idir tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha, chun feasacht a mhúscailt ar na saincheisteanna agus ar na deacrachtaí atá os comhair tíortha atá i mbéal forbartha agus a gcuid pobal, agus chun an ceart chun próiseas forbartha a chur chun cinn ina bhféadfar cearta uile agus saoirsí bunúsacha uile an duine a bhaint amach go hiomlán agus chun an ghné shóisialta den domhandú a chur chun cinn;

(d)

comhordú, forbairt acmhainní agus neartú institiúide de líonraí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil, laistigh dá gcuid eagraíochtaí agus idir cineálacha éagsúla páirtithe leasmhara atá gníomhach sa díospóireacht phoiblí maidir le forbairt mar aon le comhordú, forbairt acmhainní agus neartú institiúide de líonraí na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil agus na mbrateagraíochtaí de chuid an Deiscirt.


IARSCRÍBHINN III

RÉIMSÍ COMHAIR FAOIN gCLÁR PAN-AFRACACH

Tacófar tríd an gclár Pan-Afracach le cuspóirí agus prionsabail ghinearálta chomhpháirtíocht straitéiseach idir an Aifric agus an tAontas. Leis an gclár sin, déanfar na prionsabail maidir le comhpháirtíocht duine-lárnach agus maidir le “caitheamh leis an Afraic mar an aon ní amháin” a chur chun cinn, mar aon le comhtháthú idir na leibhéil réigiúnacha agus na leibhéil ilchríochacha. Díreofar ann ar ghníomhaíochtaí san Afraic agus leis an Afraic, ar de chineál trasréigiúnach, ilchríochach nó domhanda iad, agus tacófar leis tionscnaimh chomhpháirteacha idir an Afraic agus AE ar an leibhéal domhanda. Leis an gclár, tabharfar tacaíocht go háirithe sna réimsí a leanas den chomhpháirtíocht:

(a)

an tsíocháin agus an tslándáil;

(b)

an rialachas daonlathach agus cearta an duine;

(c)

an trádáil, an comhtháthú réigiúnach agus bonneagar (lena n-áirítear amhábhair);

(d)

FSManna agus spriocanna nua iar-2015 don fhorbairt arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta;

(e)

fuinneamh;

(f)

an t-athrú aeráide agus an comhshaol;

(g)

imirce, soghluaisteacht agus tearmann;

(h)

eolaíocht, sochaí na faisnéise agus an spás;

(i)

saincheisteanna trasnaí.


IARSCRÍBHINN IV

LEITHDHÁILTÍ AIRGEADAIS TÁSCACHA DON TRÉIMHSE 2014-2020

(figiúirí airgeadaíochta i milliún EUR)

Iomlán

19 662

(1)

Cláir gheografacha

11 809 (1)

(a)

In aghaidh an limistéir gheografaigh

 

(i)

Meiriceá Laidineach

2 500

(ii)

An Áise Theas

3 813

(iii)

An Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas

2 870

(iv)

An Áise Láir

1 072

(v)

An Meánoirthear

545

(vi)

Tíortha Eile

251

(b)

In aghaidh an limistéir chomhair

 

(i)

Cearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas

15 % ar a laghad

(ii)

Fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna

45 % ar a laghad

(2)

Cláir théamacha

7 008

(a)

Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda

5 101

(i)

An comhshaol agus an t-athrú aeráide (2)

27 %

(ii)

Fuinneamh inbhuanaithe

12 %

(iii)

Forbairt dhaonna, lena n-áirítear obair chuibhiúil, ceartas sóisialta agus cultúr

25 %

ina measc:

 

Sláinte

ar a laghad 40 %

Oideachas, eolas agus scileanna

ar a laghad 17,5 %

Comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus cosaint chearta na mban agus na gcáilíní; leanaí agus daoine óga, an neamh-idirdhealú; fostaíocht, scileanna, an chosaint shóisialta agus an cuimsiú sóisialta; fás, poist agus páirtíocht na hearnála príobháidí, an cultúr ar a laghad

27,5 %

(iv)

Slándáil bia agus cothaithe agus talmhaíocht inbhuanaithe

29 %

(v)

Imirce agus tearmann

7 %

Úsáidfear 50 % ar a laghad de na cistí, sula n-úsáidfear na marcóirí atá bunaithe ar mhodheolaíocht OECD (marcóirí Rio), le haghaidh gníomhaíochta aeráide agus cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol.

(b)

Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla

1 907

(3)

An clár Pan-Afracach

845


(1)  A bhfuil EUR 758 milliún de gan a bheith leithdháilte.

(2)  I bprionsabal, leithdhálfar cistí go cothrom idir an comhshaol agus an t-athrú aeráide.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe do gach tír/réigiún, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach eile a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Dearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le pointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

Maidir le cur i bhfeidhm phointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, meastar go bhfuil na tíortha comhpháirtíochta seo a leanas incháilithe le haghaidh comhair dhéthaobhaigh, mar chásanna eisceachtúla, lena n-áirítear i bhfianaise deontais forbraíochta a chéimniú amach: Cúba, an Cholóim, Eacuadór, Peiriú agus an Afraic Theas.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hAirteagal 5 de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020

Iarrfaidh an Coimisiún Eorpach tuairimí Pharlaimint na hEorpa sula n-athraíonn siad cur i bhfeidhm phointe (ii) de phointe (b) d'Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le leithdháileadh do sheirbhísí bunúsacha

Ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais, le Rialachán Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 cuidiú chun gealltanas comhpháirteach an Aontais a bhaint amach maidir le tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d'fhorbairt dhaonna chun feabhas a chur ar shaol daoine i gcomhréir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise. Cuirfear 20 % ar a laghad den chúnamh arna leithdháileadh faoin Rialachán sin ar leataobh do sheirbhísí sóisialta bunúsacha, agus béim ar shláinte agus ar oideachas, agus don mheánoideachas, ag glacadh leis nach mór leibhéal solúbthachta a bheith mar ghnáth-chleachtas, amhail i gcásanna a mbaineann cúnamh eisceachtúil leo. Áireofar sonraí maidir le hurramú an dearbhaithe seo sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraim an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

I dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), tugann Parlaimint na hEorpa dá haire nach bhfuil aon tagairt shainráite sna Rialacháin sin don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh mura gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.


15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

77


RIALACHÁN (AE) Uimh. 234/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2), Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart don Aontas caidreamh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha. Is éard atá sa Rialachán seo ionstraim nua chomhlántach lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh, lena leathnaítear amach comhpháirtíochtaí comhair agus idirphlé beartais chuig réimsí agus chuig ábhair taobh amuigh den chomhar um fhorbairt. Cuireann sé leis an taithí a fuarthas le tíortha tionsclaithe agus le tíortha ardioncaim agus le críocha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle (3).

(2)

Tá raon feidhme an chomhair de bhun na na gclár geografach le tíortha, críocha agus réigiúin i mbéal forbartha faoin ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) beagnach go hiomlán teoranta do bhearta airgeadais atá ceaptha d'fhonn na critéir le haghaidh cúnaimh oifigiúil forbartha (COF) a chomhlíonadh, ar chritéir iad a bhunaigh an Coiste Cúnaimh Forbartha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (CCF-ECFE).

(3)

Le deich mbliana anuas, agus ar bhonn seasta, neartaigh an tAontas a chaidreamh déthaobhach le raon leathan de thíortha agus de chríocha tionsclaithe agus tíortha agus críocha eile ardioncaim nó meánioncaim ar fud réigiúin dhifriúla an domhain.

(4)

Teastaíonn ón Aontas ionstraim airgeadais don bheartas eachtrach a bhfuil raon feidhme domhanda aici lena gceadaítear maoiniú na mbeart nach mbeadh incháilithe, b'fhéidir, mar chúnamh forbartha oifigiúil ach atá ríthábhachtach maidir le treisiú agus le comhdhlúthú chaidreamhan Aontais leis na tríú tíortha lena mbaineann, go háirithe trí idirphlé beartais agus trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt. Leis an ionstraim nua sin, atá nuálach ó thaobh raon feidhme agus cuspóirí de, ba cheart go gcruthófaí timpeallacht dhearfach i gcomhair caidrimh neartaithe idir an tAontas agus tríú tíortha ábhartha agus go gcuirfí príomhleasanna an Aontais chun cinn.

(5)

Tá sé chun leasa an Aontais a chaidreamh agus a idirphlé a neartú le tíortha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas naisc a chothú leo, go háirithe i leith tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha a bhfuil ról tábhachtach méadaithe acu i gcúrsaí domhanda, lena n-áirítear i rialachas domhanda, i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta, i bhfóraim agus comhlachtaí iltaobhacha, amhail an G8 agus an G20, agus i ndul i ngleic le dúshláin ar cúraimí domhanda iad.

(6)

Is gá don Aontas comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a fhorbairt le gníomhaithe nua ar an leibhéal idirnáisiúnta d'fhonn ord idirnáisiúnta seasmhach cuimsitheach a chur chun cinn, earraí poiblí domhanda coiteanna a shaothrú, príomhleasanna an Aontais a chothú agus eolas an Aontais a mhéadú sna tíortha sin.

(7)

Is gá go mbeadh raon feidhme domhanda ag an Rialachán seo, lena mbeifear in ann tacú le bearta comhair, i gcás inarb iomchuí, chun bheith mar bhonn agus taca le caidreamh le haon tír ina bhfuil leasanna straitéiseacha ag an Aontas, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo.

(8)

Tá sé chun leas an Aontais leanúint leis an idirphlé agus leis an gcomhar a chur chun cinn le tíortha nach bhfuil incháilithe a thuilleadh i gcomhair clár déthaobhach faoin Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt a bunaíoadh le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt”).

(9)

Thairis sin, is chun leas an Aontais é institiúidí cuimsitheacha domhanda a bheith ann a bheidh bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach.

(10)

Faoin Rialachán seo, ba cheart don Aontas tacú le cur chun feidhme na gné seachtraí den straitéis a leag an Coimisiún amach sa teachtaireacht uaidh an 3 Márta, dar teideal “Eoraip 2020 — Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” (“Eoraip 2020”), lena dtugtar le chéile trí cholún: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil. Go háirithe, ba cheart go dtacófaí leis an Rialachán seo le cuspóirí a bhaineann le saincheisteanna domhanda amhail an t-athrú aeráide, an tslándáil fuinnimh, éifeachtúlacht acmhainní, an trasdul go geilleagar níos glaise, eolaíocht, nuáil agus iomaíochas, soghluaisteacht, trádáil agus infheistíocht, comhpháirtíochtaí eacnamaíocha, comhar gnólachta, fostaíochta agus rialála le tríú tíortha, agus rochtain níos fearr ar mhargaí do chuideachtaí ón Aontas lena n-áirítear idirnáisiúnú fiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Ba cheart go gcuirfí chun cinn leis an Rialachán freisin taidhleoireacht phoiblí, comhar i gcúrsaí oideachais agus acadúla agus gníomhaíochtaí for-rochtana.

(11)

Aithnítear, go háirithe, go bhfuil an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide ar cheann de na dúshláin mhóra dhomhanda atá os comhair an Aontais agus ag an bpobal idirnáisiúnta i gcoitinne. Is réimse é an t-athrú aeráide ina bhfuil gá práinneach le gníomhaíocht idirnáisiúnta agus ina mbeidh gá le comhar le tíortha comhpháirtithe d'fhonn cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Ba cheart don Aontas cur lena iarrachtaí chun comhthoil dhomhanda a chur chun cinn ina leith sin. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011, dar teideal “Buiséad don Eoraip 2020” a iarrann ar an Aontas an chuid sin dá bhuiséad a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go 20 % ar a laghad, ba cheart go rannchuideofaí leis an Rialachán seo le baint amach na sprice sin.

(12)

Maidir le dúshláin thrasnáisiúnta, amhail díghrádú comhshaoil agus rochtain ar amhábhair agus ar thearc-chré mar aon lena n-úsáid inbhuanaithe, tá gá le cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar rialacha.

(13)

Tá an tAontas tiomanta do chuidiú leis na spriocanna bithéagsúlachta domhanda 2020 a bhaint amach agus tá sé tiomanta freisin don Straitéis ghaolmhar maidir le húsáid acmhainní.

(14)

Tá an tAontas tiomanta dá chaidreamh lena chomhpháirtithe ar fud an domhain chun caighdeán maith oibre a chur chun cinn do chách maraon le daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta agus na gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil.

(15)

Is leas straitéiseach tábhachtach don Aontas é borradh a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht trí thrádáil oscailte agus infheistíocht ar an leibhéal iltaobhach agus déthaobhach a chur chun cinn agus trí thacú le comhaontuithe trádála agus infheistíochta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu a chaibidliú agus a chur chun feidhme. Faoin Rialachán seo, ba cheart don Aontas cuidiú le timpeallacht shlán a chruthú chun deiseanna trádála agus infheistíochta a mhéadú ar fud an domhain do chuideachtaí ón Aontas, go háirithe do FBManna, lena n-áirítear trí thacú le comhar rialála agus cóineasú rialála, trí chaighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn, trí fheabhas a chur ar chosaint cearta maoine intleachtúla, agus trí bhacainní nach bhfuil údar leo ar rochtain ar an margadh a bhaint.

(16)

De bhun Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá gníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag cruthú, forbairt agus méadú an Aontais féin, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(17)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais i leith gníomhaíochta seachtrachí, chomh maith le trí shineirgí a chruthú idir an Rialachán seo, ionstraimí eile chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid seo freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoin ionstraim chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú.

(18)

D'fhonn a áirithiú gur infheicthe a bheidh cúnamh ón Aontas i leith shaoránaigh na dtíortha is tairbhithe agus i leith shaoránaigh an Aontais, ba cheart go mbeadh, i gcás inarb iomchuí, cumarsáid spriocdhírithe agus faisnéis spriocdhírithe ann trí mhodhanna leordhóthanacha.

(19)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is gá cur chuige difreálaithe agus solúbtha a shaothrú le tíortha comhpháirtíochta tábhachtacha ar cur chuige é lena gcuirtear san áireamh comhthéacsanna eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla na dtíortha sin chomh maith le leasanna sonracha an Aontais, a thosaíochtaí beartais agus a straitéisí, agus an cumas á choinneáil i gcomhthráth chun idirghabháil a dhéanamh áit ar bith ar domhan de réir mar is gá. Ba cheart don Aontas cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm i dtaca le beartas eachtrach lena n-áirítear beartais earnála an Aontais.

(20)

D'fhonn éifeacht a chur lena ghealltanas ar mhaithe lena leasanna a chur chun cinn agus a chosaint ina chaidreamh le tríú tíortha, ba cheart don Aontas a bheith in ann freagairt, ar bhealach solúbtha agus tráthúil, ar riachtanais atá ag teacht chun cinn nó ar riachtanais gan choinne trí bhearta speisialta a ghlacadh nach gcumhdaítear le cláir ilbhliantúla tháscacha.

(21)

Ba cheart go saothrófaí, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, cuspóirí an Rialacháin seo i gcomhairle le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, agus tábhacht a gcuid ról á gcur san áireamh.

(22)

Le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoin Rialachán seo, ba cheart cur le torthaí soiléire (lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair) i dtíortha a bhainfidh tairbhe as cúnamh ón Aontas. Más iomchuí agus más indéanta, ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ar éifeachtúlacht na hionstraime a bhunaítear leis an Rialachán seo ar bhonn táscairí atá réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, nuair is iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hionstraime seo.

(23)

Maidir le gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart go dtabharfaidís aird chuí, i gcás inarb iomchuí, ar na Rúin agus ar na Moltaí ó Pharlaimint na hEorpa.

(24)

D'fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a oiriúnú don chás atá ag athrú go tapa i dtríú tíortha, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na tosaíochtaí a shainítear san Iarscríbhinn. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(25)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). I bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe an treo a bhfuil a mbeartas ag dul agus a n-impleachtaí airgeadais, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais.

(26)

Leagtar síos rialacha coiteanna agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoniú i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(27)

Leagtar síos leis an Rialachán seo, imchlúdach airgeadais don tréimhse iomlán ina gcuirtear an Rialacháin seo i bhfeidhm arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(28)

Bunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9)

(29)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, de bharr a fairsinge, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, de réir mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(30)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (“An Ionstraim um Chomhpháirtíocht”) chun leasanna coiteanna agus leasanna de chuid an Aontais a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn. Leis an Ionstraim um Chomhpháirtíocht, tacófar le bearta a fhreagraíonn, ar bhealach éifeachtach solúbtha, do chuspóirí a eascraíonn as caidreamh déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach an Aontais le tríú tíortha agus a théann i ngleic le dúshláin atá ann don domhan uile agus a áirithíonn obair leantach leordhóthanach maidir le cinntí a dhéantar ar leibhéal iltaobhach.

2.   Léireofar sna bearta a bheidh le maoiniú faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht na cuspóirí sonracha seo a leanas de chuid an Aontais:

(a)

tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhpháirtíocht comhair, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile. Déanfar an cuspóir sin a thomhas, inter alia, de réir an dul chun cinn a bheidh déanta ag tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide nó tríd an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le caighdeáin an Aontais i dtaca leis an gcomhshaol;

(b)

an ghné idirnáisiúnta de “Eoraip 2020” a chur chun feidhme. Déanfar an cuspóir sin a thomhas de réir líon na mbeartas agus na gcuspóirí ón straitéis “Eoraip 2020” a bheidh á nglacadh ag tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta;

(c)

rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus deiseanna trádála, infheistíochta agus gnó a fheabhsú d'do chuideachtaí ón Aontas, agus bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a bhaint, trí bhíthin comhpháirtíochtaí eacnamaíocha agus trí chomhar gnó agus rialála. Déanfar an cuspóir sin a thomhas de réir sciar an Aontais i dtrádáil eachtrach le tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta agus de réir sreafaí infheistíochta go tíortha comhpháirtíochta a ndírítear orthu le gníomhaíochtaí, le cláir agus le bearta faoin Rialachán seo;

(d)

tuiscint fhorleathan maidir leis an Aontas agus a infheicthe atá sé agus a ról ar an ardán domhanda a fheabhsú trí thaidhleoireacht phoiblí, trí theagmháil idir dhaoine, trí chomhar i gcursaí oideachais agus acadúla, meithle machnaimh agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana chun leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn. Féadfar an cuspóir sin a thomhas, inter alia, de réir suirbhéanna tuairimí nó meastóireachtaí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, tacaítear go príomha le bearta comhair le tíortha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas maidir le naisc a chur chun cinn leo, go háirithe tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha a bhfuil ról tábhachtach méadaithe acu ingnóthaí domhanda, lena n-áirítear i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta agus i dtrádáil idirnáisiúnta, i bhfóraim iltaobhacha agus i rialachas domhanda, agus i ndul i ngleic le dúshláin atá ann don domhan uile nó le tíortha a bhfuil leas suntasach eile ag an Aontas iontu.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh gach tríú tír, réigiún agus críoch bheith incháilithe le haghaidh comhair faoin Rialachán seo.

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1.   Is é aidhm an Aontais prionsabail an daonlathais, an chomhionannais, an prionsabal maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú agus an smacht reachta, ar phrionsabail iad ar a bhfuil an tAontas bunaithe, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú trí idirphlé agus trí chomhar le tríú tíortha.

2.   D'fhonn feabhas a chur ar thionchar chúnamh an Aontais, saothrófar cur chuige difreálaithe agus solúbtha, nuair is iomchuí, agus comhar le tríú tíortha á cheapadh, agus aird a thabhairt ar a gcomhthéacsanna eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla agus ar leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí an Aontais freisin.

3.   Cothóidh an tAontas cur chuige iltaobhach comhleanúnach i leith dúshlán domhanda agus cothóidh sé comhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí, cistí agus cláir na Náisiún Aontaithe, agus deontóirí déthaobhacha eile.

4.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, agus le linn dó beartas, pleanáil straitéiseach agus bearta clársceidealaithe agus cur chun feidhme a cheapadh. beidh sé mar aidhm ag an Aontas comhchuibheas agus comhsheasmhacht le réimsí eile a ghníomhaíochta seachtraí a áirithiú, go háirithe an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, agus le beartais ábhartha eile an Aontais.

5.   Bearta a mhaoinítear faoin Rialachán seo, bunófar iad, i gcás inarb iomchuí, ar bheartais chomhair a leagtar amach in ionstraimí amhail comhaontuithe, dearbhuithe agus pleananna gníomhaíochta idir an tAontas agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann nó idir an tAontas agus na tríú tíortha agus réigiúin lena mbaineann.

Leis na bearta a mhaoinítear faoin Rialachán seo cumhdófar freisin réimsí a bhaineann le leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí an Aontais a chur chun cinn.

6.   Cuirfear tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

Airteagal 4

Clársceidealú agus leithdháileadh táscach cistí

1.   Glacfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha (MIPanna) i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 (3) den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

2.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha leasanna agus tosaíochtaí straitéiseacha nó frithpháirteacha, cuspóirí sonracha agus torthaí ionchais an Aontais. Maidir le tíortha nó réigiúin ar bunaíodh doiciméad comh-chreata ina leith, lena leagtar síos straitéis chuimsitheach an Aontais, beidh na MIPanna bunaithe ar an doiciméad sin.

3.   Leagfar amach sna MIPanna réimsí tosaíochta a roghnaítear le haghaidh maoinithe ón Aontas agus leagfar amach iontu cionroinnt táscach na gcistí, san iomlán, in aghaidh na réimse tosaíochta agus in aghaidh na tíre comhpháirtíochta nó an ghrúpa tíortha comhpháirtíochta don tréimhse lena mbaineann, lena n-áirítear an rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda. Féadfar na méideanna sin a léiriú, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm raoin.

4.   Leis na MIPanna, féadfar foráil do mhéid cistí, nach mó ná 5 % den mhéid iomlán, nach leithdháiltear ar réimse tosaíochta ná ar thír chomhpháirtíochta ná ar ghrúpa de thíortha comhpháirtíochta. Cuirfear in áirithe na cistí sin i gcomhréir le hAirteagal 2(2, (3) agus (5) Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

5.   Féadfar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a chur i bhfeidhm MIPanna a leasú i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

6.   An fhad a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh, agus an tAontas i mbun comhair le tríú tíortha, cé chomh gairid dá chéile is atá na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha agus críocha thar lear.

7.   Maidir le haon chlársceidealú nó athbhreithniú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán(AE) Uimh. 236/2014 (an “tuarascáil athscrúdú mhéantéarmach”) a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 5

Tosaíochtaí téamacha

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun leasú a dhéanamh ar na tosaíochtaí téamacha atá le saothrú le cúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo. Tar éis don Tuarascáil Athscrúdú Mheántéarmach a bheith foilsithe, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh sa tuarascáil sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5 a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht cun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún ar feadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

Coiste

Tabharfaidh Coiste na hIonstraime um Chomhpháirtíocht cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

Imchlúdach airgeadais

1.   EUR 954 765 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn déanfar méid táscach EUR 1 680 000 000 ó na hionstraimí éagsúla chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht foghlama go dtí tíortha comhpháirteacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1288/2014 nó uathu, agus ar chomhar agus ar idirphlé beartais le húdaráis, institiúidí agus eagraíochtaí sna tíortha sin. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla a chumhdóidh na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh leithdháileadh an chistithe sin léirithe sa chlársceidealú táscach ilbhliantúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

3.   Maidir le gníomhaíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, ní bhfaighidh siad maoiniú ón Ionstraim um Chomhpháirtíocht ach sa mhéid go bhfuil siad incháilithe do mhaoiniú faoi ionstraimí eile chun ghníomhaíocht sheachtrach eile a mhaoiniú, agus go gcomhlánaíonn siad tionscnaimh eile faoi Rialachán seo nó treisíonn siad na tionscnaimh sin.

Airteagal 9

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1934/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair le tíortha tionsclaithe agus le críocha tionsclaithe agus le tíortha ardioncaim agus le críocha ardioncaim eile (IO L 405, 30.12.2006, lch. 41).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhair um fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais i leith gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (féach leathanach 27 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo)


IARSCRÍBHINN

TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA FAOIN IONSTRAIM UM CHOMHPHÁIRTÍOCHT: CREAT GINEARÁLTA DON CHLÁRSCEIDEALÚ

1.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 1(2):

Tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhpháirtíocht comhair, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile.

Tacú le Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair, pleananna gníomhaíochta ionstraimí déthaobhach comhchosúla a chur chun cinn;

An t-idirphlé polaitiúil agus eacnamaíoch le tríú tíortha a bhfuil ábharthacht ar leith acu i ngnóthaí domhanda, lena n-áirítear i mbeartas eachtrach, a dhoimhniú;

Tacú le rannpháirtíocht le tríú tíortha ábhartha maidir le saincheisteanna déthaobhacha agus domhanda ar ábhar leasa coitinn iad;

Obair leanúnach leordhóthanach nó cur chun feidhme comhordaithe a chur chun cinn i leith na gconclúidí ó fhóraim idirnáisiúnta, amhail ón G-20.

Comhar a atreisiú maidir le dúshláin dhomhanda lena dtugtar aghaidh ar leith ar an athrú aeráide, ar chinnteacht fuinnimh agus ar an gcomhshaol a chosaint.

Iarrachtaí a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta chun astaíochtaí gáis ceapa teasa a laghdú, go háirithe trí chaighdeáin leordhóthanacha rialála agus feidhmíochta a chur chun cinn agus trí thacú leo;

Glasú an táirgthe agus na trádála a neartú;

Comhar fuinnimh a fhorbairt;

Foinsí fuinnimh inathnuaite agus inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 1(2):

An ghné idirnáisiúnta de “Eoraip 2020” a chur chun feidhme, lena dtugtar le chéile trí cholún: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil:

Idirphlé beartas agus comhar le tríú tíortha ábhartha a fheabhsú, agus na réimsí uile faoi chuimsiú Eoraip 2020 á gcur san áireamh;

Beartais inmheánacha an Aontais le tíortha tábhachtacha comhpháirtíochta a chur chun cinn agus tacú le cóineasú rialála i ndáil leis sin.

3.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 1(2):

Caidreamh eacnamaíoch agus caidreamh trádála le tíortha comhpháirtíochta a éascú agus tacú leis:

Timpeallacht shlán a chur chun cinn le haghaidh infheistíochta agus gnó, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla a chosaint, dul i ngleic le bacainní ar rochtain ar an margadh, comhar treisithe rialála agus deiseanna a chur chun cinn d'earraí agus do sheirbhísí an Aontais, go háirithe i limistéir ina bhfuil buntáiste iomaíoch ag an Aontas, agus caighdeáin idirnáisiúnta;

Tacú le comhaontuithe trádála agus infheistíochta an Aontais a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú agus caibidlíocht a dhéanamh ina leith.

4.   Cuspóir a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 1(2):

Comhar san ardoideachas a fheabhsú: Soghluaisteacht na mac léinn agus na foirne a fheabhsú, lena mbeidh mar thoradh uirthi comhpháirtíochtaí a chruthú lena ndírítear ar cháilíocht an ardoideachais a fheabhsú agus céimeanna ilábhair a chruthú as a dtiocfaidh aitheantas acadúil clár Clár “Erasmus+”;

Eolas forleathan ar an Aontas a fheabhsú agus próifíl an Aontais a ardú: luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta trí thaidhleoireacht fheabhsaithe phoiblí agus gníomhaíochtaí for-rochtana a thacaíonn le cuspóirí na hionstraime.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcúnamh a thugtar faoi na hionstraimí airgeadais a fhionraí

Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire i dtaobh Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt don tréimhse 2014-2020, Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), nach bhfuil aon tagairt shainráite don fhéidearthacht go bhfionrófaí cúnamh i gcásanna nach gcomhlíonfadh an tír is tairbhí na bunphrionsabail atá leagtha amach san ionstraim lena mbaineann agus go háirithe prionsabail an daonlathais, smachta reachta agus urramú chearta an duine.

Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim airgeadais iomlán a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá bhfionrófaí aon chúnamh faoi na hionstraimí seo. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.


15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

85


RIALACHÁN (AE) Uimh. 235/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 agus Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é atá sa Rialachán seo ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais agus gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh 1889/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Bunaítear ionstraim maoinithe leis chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain agus chun tacú leo, ar ionstraim í ina ndéantar soláthar maidir le cúnamh neamhspleách ó thoiliú rialtas agus údaráis phoiblí na tríú tíortha lena mbaineann.

(2)

Foráiltear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

(3)

De bhun Airteagal 2 agus Airteagal 3(3) den CAE agus de bhun Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is luach bunúsach agus cuspóir den Aontas comhionannas idir mná agus fir agus ba cheart go gcuirfeadh an tAontas comhionannas príomhshrutha inscne chun cinn ina ghníomhaíochtaí uile.

(4)

De bhun Airteagal 21 CAE, tá gníomhaíocht sheachtrach an Aontais le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(5)

Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, is dhá cholún bhunúsacha de bheartas forbartha an Aontais iad cearta an duine, daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas agus fás cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Is gné ríthábhachtach de chaidreamh conarthach an Aontais le tríú tíortha é tiomantas chun cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha a urramú, a chur chun cinn agus a chosaint.

(6)

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach an 12 Nollaig 2011, dar teideal “Cearta an Duine agus Daonlathas i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an AE — I dTreo cur chuige níos éifeachtaí”, moladh bearta sonracha d'fhonn éifeachtacht agus comhchuibheas chur chuige an Aontais i leith chearta an duine agus an daonlathais a mhéadú.

(7)

Tá sé ceaptha go gcabhróidh an ionstraim a bhunaítear leis seo le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear na cuspóirí sin de chuid a bheartais forbartha, go háirithe na cuspóirí a leagadh amach sa Chomhráiteas ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ón bParlaimint agus ón gCoimisiún maidir le Beartas Forbartha an Aontais Eorpaigh dar teideal “An Chomhthoil Eorpach” agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: an Clár Oibre don Athrú” agus na beartais sin de chuid an Aontais a bhaineann le cearta daonna, lena n-áirítear na cuspóirí a leagtar amach i gCreat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas, a ghlac an Chomhairle an 25 Meitheamh 2012.

(8)

I gcomhréir le Creat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, d'fhonn prionsabail de chuid chearta an duine a chomhtháthú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Aontas cur chuige a chur i bhfeidhm a bheidh bunaithe ar chearta agus lena gcuimseofar gach ceart de chuid an duine, bíodh sin cearta sibhialta agus polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta nó cultúrtha.

(9)

Tá an rannchuidiú a dhéanann an tAontas le daonlathas agus leis an smacht reachta agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint fréamhaithe sa Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine, sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla agus sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus aon ionstraim eile um chearta an duine lena nglactar faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe (NA), chomh maith le hionstraimí réigiúnacha ábhartha maidir le cearta an duine.

(10)

Is cuid de chearta bunúsacha an duine iad comhionannas inscne, cearta na mban, lena n-áirítear cumhachtú na mban, agus an neamh-idirdhealú, atá bunriachtanach i ndáil leis an gceartas sóisialta agus chun comhrac i gcoinne an éagothromais. Ba cheart go mbeadh cur chun cinn na gcearta sin ina phríomhthosaíocht thras-earnálach den Rialachán seo.

(11)

Tá an daonlathas agus cearta an duine nasctha go dlúth agus treisíonn siad a chéile, mar a luaitear i gConclúidí na Comhairle an 18 Samhain 2009, maidir le tacaíocht daonlathais i gcaidreamh seachtrach an AE. Is réamhchoinníollacha iad na saoirsí bunúsacha smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh, cainte, tionóla agus comhlachais maidir le hiolrachas polaitiúil, maidir le próisis dhaonlathacha agus maidir le sochaí oscailte, agus tá rialú daonlathach, cuntasacht bhaile agus scaradh cumhachtaí bunriachtanach chun breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta a chothú, agus tá siad sin riachtanach chun cearta an duine a chosaint go héifeachtach.

(12)

Is dúshlán leanúnach go bunúsach atá ann cultúr de chearta an duine a thógáil agus a chothú agus tacú le teacht chun cinn na sochaí sibhialta neamhspleáiche, lena n-áirítear trí chur le ról sochaí den sórt sin sna tíortha ábhartha agus chun an daonlathas a chur ag obair do chách, cé go bhfuil sé fíorphráinneach agus achrannach i stáit dhaonlathacha atá ag teacht chun cinn go háirithe, agus is le muintir na tíre lena mbaineann a bhaineann sé ar an gcéad dul síos, ach ar dúshlán é nach laghdaíonn tiomantas an phobail idirnáisiúnta ar dhóigh ar bith. Teastaíonn réimse institiúidí, lena n-áirítear parlaimintí daonlathacha náisiúnta agus comhthionóil atá tofa go háitiúil a áirithíonn rannpháirtíocht, ionadaíocht, sofhreagracht agus cuntasacht. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a dhíriú ar na tíortha atá i mbun trasdula chomh maith leis na tíortha sin lena mbaineann staideanna leochaileacha nó staideanna iar-choinbhleachta. Ba cheart go ndéanfaí an taithí ón trasdul agus na ceachtanna a foghlaimíodh faoi chreat na mbeartas um méadú agus um chomharsanacht a chur san áireamh.

(13)

D'fhonn tabhairt faoi na saincheisteanna sin ar bhealach éifeachtach, trédhearcach, tráthúil agus solúbtha tar éis do Rialachán (CE) Uimh. 1889/2006 dul in éag, tá gá leanúnach ann i gcomhair acmhainní airgeadais sonracha agus ionstraim maoinithe shonrach ar féidir leo leanúint ag oibriú ar bhealach neamhspleách.

(14)

Ba cheart cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo a dhearadh ar chaoi is go gcomhlánófar na huirlisí éagsúla eile atá ann maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le daonlathas agus le cearta an duine. Áirítear ar na huirlisí sin idirphlé polaitiúil agus gníomhartha sonraithe taidhleoireachta chomh maith le hionstraimí éagsúla maidir le comhar airgeadais agus teicniúil, lena n-áirítear cláir gheografacha agus cláir théamacha araon. Leis an gcúnamh Aontais, ba cheart go gcuirfí leis na gníomhaíochtaí atá níos dírithe ar ghéarchéim faoin Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin, arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear gníomhaíochtaí práinneacha a bheidh ag teastáil i rith na gcéimeanna tosaigh den phróiseas trasdula.

(15)

Faoin Rialachán seo, tá an tAontas le cúnamh a chur ar fáil chun tabhairt faoi shaincheisteanna áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus domhanda a bhaineann leis an daonlathas agus le cearta an duine agus i gcomhpháirt leis an tsochaí shibhialta. Sa mhéid seo, cuimsítear le sochaí sibhialta gach cineál gníomhaíochta sóisialta ag daoine aonair nó ag grúpaí atá neamhspleách ón stát agus a gcabhraíonn a ngníomhaíochtaí le cur chun cinn cearta an duine agus an daonlathais, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine mar atá siad sainmhínithe i nDearbhú NA ar Cheart agus ar Fhreagracht Daoine Aonair, Grúpaí agus Orgán na Sochaí chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a dtugtar Aitheantas Uilechoiteann dóibh a Chur Chun Cinn agus a Chosaint (an Dearbhú ar Chosantóirí Chearta an Duine). Ba cheart aird chuí a thabhairt ar straitéisí tíortha de chuid an Aontais maidir le cearta áitiúla an duine agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

(16)

Ina theannta sin, cé nach mór príomhshruthú níos mó a dhéanamh ar chuspóirí daonlathais agus chuspóirí a bhaineann le cearta an duine i ngach ionstraim chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, ba cheart go mbeadh ról comhlántach sainiúil breise ag cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo de bhrí go bhfuil gné dhomhanda ag baint leis agus go bhfuil neamhspleáchas gníomhaíochta aige ó thoiliú rialtas agus údaráis phoiblí na tríú tíortha lena mbaineann. Ba cheart go gcuirfeadh an ról sin deis ar fáil le haghaidh comhair agus comhpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta maidir le saincheisteanna leochaileacha a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas, amhail an tairbhiú a bhaineann imircigh as cearta an duine agus cearta na n-iarrthóirí tearmainn agus daoine atá easáitithe ina dtír féin, agus cuirfear an tsolúbthacht ar fáil mar aon leis an imoibríocht is gá chun freagairt do dhálaí athraitheacha nó do riachtanais tairbhithe nó tréimhsí éigeandála. Leis an Rialachán seo, ba cheart an tAontas a chumasú freisin chun bearta agus cuspóirí sonracha a lua agus tacú leo ar leibhéal idirnáisiúnta, gan iad a bheith nasctha ó thaobh tíreolaíochta de ná bainteach le géarchéimeanna, agus óna bhféadfadh cur chuige trasnáisiúnta a bheith ag teastáil nó lena bhféadfadh oibríochtaí laistigh den Aontas agus i réimse tríú tíortha a bheith i gceist. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo ba cheart go cuirfear an creat is gá i gcomhair oibríochtaí ar fáil leis, amhail tacaíocht do mhisin bhreathnadóireachta toghcháin neamhspleácha á seoladh ag an Aontas (EOManna AE) óna dteastaíonn comhchuibheas beartais, córas bainistíochta comhaontaithe agus caighdeáin oibríochta comhchoiteann.

(17)

Féadfar soláthar tacaíochta straitéisí do pharlaimintí daonlathacha agus do chomhthionóil bhunreachta náisiúnta a chur san áireamh chun an daonlathas a fhorbairt agus a chomhdhlúthú faoin Rialachán seo, go háirithe chun a gcumas a fheabhsú chun tacú le próisis athchóirithe daonlathaigh agus chun iad a chur chun cinn.

(18)

Ba cheart go dtabharfadh an tAontas aird ar leith ar thíortha agus ar chásanna práinneacha ina bhfuil an baol is mó do chearta an duine agus do shaoirse bhunúsach, agus ina bhfuil neamhaird shuntasach, chórasach á déanamh de na cearta agus de na saoirsí sin. I gcásanna den chineál sin, ba cheart gurb iad na tosaíochtaí polaitiúla a bheadh i gceist meas a chur chun cinn ar na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, modhanna gníomhaíochta agus tacaíocht inláimhsithe a chur ar fáil do shochaí shibhialta áitiúil agus cur lena cuid oibre, a dhéantar i ndálaí an-achrannach. I gcásanna nó i dtíortha den chineál sin agus d'fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha chosanta na gcosantóirí chearta an duine agus na ngníomhaithe ar son an daonlathais, ba cheart go mbeadh an tAontas in ann freagairt ar bhealach solúbtha agus in am cuí, trí leas a bhaint as nósanna imeachta riaracháin níos gasta agus níos solúbtha agus trí bhíthin réimse sásraí cistiúcháin. Ba cheart go mbeadh sé sin amhlaidh go háirithe nuair a d'fhéadfadh tionchar díreach a bheith ag an rogha socruithe nós imeachta ar éifeachtacht na mbeart nó ina bhféadfadh imeaglú tromchúiseach, frithbheartaíocht nó cineálacha eile baoil a bheith ann do thairbhithe dá bharr.

(19)

I gcásanna coimhlinte, ba cheart go ndéanfadh an tAontas an bealach ina bhfuil gach páirtí sa choimhlint ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí dlí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, i gcomhréir le treoirlínte ábhartha AE. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an cúnamh Aontais a thugtar faoin Rialachán seo ina thacú i dtíortha atá faoi thrasdul chun timpeallacht iomchuí a chothú ionas go dtiocfaidh gníomhaithe polaitiúla chun cinn a bheidh tiomanta do chóras ilpháirtí daonlathach agus iolraíoch. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Rialachán seo freisin struchtúr daonlathach, roinnt na gcumhachtaí agus údaráis phoiblí chuntasacha a chur chun cinn.

(20)

Cuireann EOManna AE go mór agus go rathúil le próisis dhaonlathacha i dtríú tíortha. Is mó i bhfad atá i gceist, áfach, le cur chun cinn an daonlathais agus le tacaíocht a léiriú dó ná an próiseas toghchánach amháin agus dá bharr sin ba cheart gach céim den timthriall toghchánach a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níor cheart do chaiteachas ar EOManna AE suim dhíréireach den chistiú iomlán atá ar fáil faoin Rialachán seo a chomhghabháil.

(21)

Ba cheart go gcuirfí i bhfios go láidir an tábhacht atá le seasamh Ionadaí Speisialta AE um Chearta an Duine (ISAE) a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh an ISAE le haontas, comhchuibheas agus éifeachtacht ghníomhaíocht agus bheartas chearta an duine an Aontais agus ba cheart go gcabhródh sé le háirithiú go ndéantar gach ionstraim den Aontas agus gach gníomhaíocht ó na Ballstáit a shaothrú go seasta, d'fhonn cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach.

(22)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais i leith gníomhaíochta seachtraí, agus trí shineirgí a chruthú idir an Rialachán seo, agus ionstraimí eile i leith gníomhaíochta seachtraí agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid sin freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí i leith gníomhaíochta seachtraí.

(23)

Tá an tAontas agus na Ballstáit le féachaint le faisnéis a mhalartú go rialta agus le dul i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas chláraithe d'fhonn comhlántacht a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí faoi seach. Ba cheart go rachadh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus le gníomhairí eile freisin.

(24)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochtaí Seachtraí (SEGS), mar is iomchuí, tuairimí agus faisnéis a mhalartú le Parlaimint na hEorpa go rialta agus go minic. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí rochtain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar dhoiciméid ionas go bhféadfaidh siad a gceart grinnscrúdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a fheidhmiú ar bhealach feasach. Ba cheart, leis na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo, aird chuí a thabhairt ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(25)

Ba cheart go saothródh an tAontas, lena n-áirítear trína thoscaireachtaí nuair is iomchuí, malartú rialta faisnéise agus go rachadh sé i mbun comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, ar gach leibhéal, lena n-áirítear i dtríú tíortha, a luaithe is féidir sa phróiseas clársceidealaithe, d'fhonn rannchuidiú na sochaí sibhialta faoi seach a éascú, agus chun a áirithiú go nglacfaidh sí ról fónta sa phróiseas sin.

(26)

D'fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a oiriúnú don chás atá ag athrú go tapa i dtríú tíortha, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na tosaíochtaí a shainítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(27)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le clársceidealú agus maoiniú na ngníomhaíochtaí sin a dtacaítear leo faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe treoshuíomh a mbeartas agus a n-impleachtaí airgeadais, ba cheart, i bprionsabail, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais.

(28)

Tá rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú gníomhaíochta seachtraí leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(29)

Leagtar síos sa Rialachán seo, imchlúdach airgeadais do thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus do ré iomlán an Chláir, clúdach airgeadais arb é an méid phríomhthagartha é do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le smacht buiséadach agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (8).

(30)

Bunaítear eagrúchán agus feidhmiú SEGS i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9).

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)

Is iomchuí trasdul réidh gan bhriseadh idir Rialachán (AE) Uimh. 1889/2006 agus an Rialachán seo a áirithiú agus is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (EIDHR) don tréimhse 2014-2020 faoina gcuirfidh an tAontas cúnamh ar fáil d'fhorbairt agus do chomhdhlúthú an daonlathais agus don smacht reachta agus d'urraim ar gach ceart bunúsach agus saoirse bhunúsach an duine.

Le cúnamh den sórt sin díreofar go háirithe orthu seo a leanas:

(a)

tacú le daonlathas i dtríú tíortha agus é a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí dhaonlathas rannpháirteach agus ionadaíoch a fheabhsú, an timthriall dhaonlathach fhoriomlán a neartú, go háirithe trí ról gníomhach don tsochaí shibhialta a neartú laistigh den timthriall sin, agus tríd an smacht reachta, agus trí iontaofacht na bpróiseas toghchánaíochta a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin EOManna AE;

(b)

cur leis an meas agus leis an urraim a thugtar do chearta agus do shaoirsí bunúsacha an duine, agus le cur chun feidhme na gceart agus na saoirsí sin, faoi mar a leagadh amach iad i nDearbhú Uilechoiteann NA maidir le Cearta an Duine agus in ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile um chearta an duine, agus a gcosaint, a gcur chun cinn, a gcur chun feidhme agus an faireachán a dhéantar orthu a neartú, go príomha trí bhíthin tacaíochta d'eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, do chosantóirí chearta an duine agus d'íospartaigh diansmachta agus mí-úsáide.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Díreofar leis an gcúnamh ón Aontas ar na nithe seo a leanas:

(a)

tacú le daonlathas rannpháirteach agus ionadaíoch, i gcomhréir leis an gcur chuige foriomlán maidir leis an timthriall dhaonlathach, lena n-áirítear daonlathas parlaiminte agus próisis daonlathaithe agus iad a fheabhsú, agus é sin a dhéanamh den chuid is mó trí bhíthin eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, inter alia tríd an méid a leanas a dhéanamh:

(i)

cur chun cinn saoirse comhlachais agus tionóla, gluaiseacht neamhbhactha daoine, saoirse tuairimíochta agus cainte, lena n-áirítear léiriú polaitiúil, ealaíonta agus cultúrtha, rochtain gan bhac ar fhaisnéis, preas saor agus meáin neamhspleácha iolraíocha, idir thraidisiúnta agus bunaithe ar TFC, saoirse idirlín agus bearta chun dul i ngleic le bacainní riaracháin maidir le feidhmiú na saoirsí sin, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na cinsireachta, go háirithe trí reachtaíocht ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

(ii)

an smacht reachta a neartú, neamhspleáchas na mbreithiúna agus an reachtais a chur chun cinn, leasuithe dlí agus institiúideacha agus a gcur chun feidhme a thacú agus meastóireacht a dhéanamh orthu sin, agus rochtain ar cheartas a chur chun cinn, chomh maith le tacú le hinstitiúidí náisiúnta do chearta an duine;

(iii)

an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, binsí coiriúla ad hoc idirnáisiúnta agus próisis an cheartais idirthréimhsigh agus meicníochtaí um fhírinne agus um athmhuintearas a chur chun cinn agus a neartú;

(iv)

tacú leis an trasdul chuig daonlathas agus le leasuithe chun cuntasacht agus formhaoirseacht dhaonlathach agus bhaile, a bheidh éifeachtach agus trédhearcach, a bhaint amach, lena n-áirítear leasuithe in earnálacha na slándála agus an cheartais, agus bearta a neartú i gcoinne éilliú;

(v)

iolrachas polaitiúil agus ionadaíocht dhaonlathach polaitíochta a chur chun cinn agus rannpháirtíocht pholaitiúil na mban agus na bhfear a spreagadh, go háirithe rannpháirtíocht ball grúpaí imeallaithe agus leochaileacha, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon, i bpróisis athchóirithe daonlathaigh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta;

(vi)

an daonlathas áitiúil a atreisiú trí chomhar feabhsaithe idir eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla a áirithiú, lena neartófar ar an dóigh sin an ionadaíocht pholaitiúil ar an leibhéal is gaire do na saoránaigh;

(vii)

rannpháirtíocht chothrom idir mná agus fir sa saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúil a chur chun cinn agus tacú le comhionannas inscne, le rannpháirtíocht na mban sna próisis chinnteoireachta agus le hionadaíocht pholaitiúil ban, go háirithe sa phróiseas trasdula polaitiúla, daonlathaithe agus na togála stáit;

(viii)

rannpháirtíocht chothrom daoine faoi mhíchumas sa saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúil a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú le bearta chun feidhmiú na saoirsí gaolmhara ag na daoine sin a éascú, agus tacú le comhionannas deiseanna, le neamh-idirdhealú agus le hionadaíocht pholaitiúil;

(ix)

tacú le bearta chun idir-réiteach idir codanna de shochaithe a éascú go síochánta, lena n-áirítear tacú le bearta chun muinín a chothú maidir le cearta an duine agus daonlathú;

(b)

cur chun cinn agus cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, faoi mar a fógraíodh iad i nDearbhú Uilechoiteann NA maidir le Cearta an Duine agus ionstraimí idirnáisiúnta, agus réigiúnacha eile i réimse na gcearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, go príomha trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bhaineann inter alia le:

(i)

pionós an bháis a dhíothú agus moratóirí a bhunú d'fhonn é a dhíothú, agus i gcás ina bhfuil pionós an bháis fós ann pléadáil ar son a dhíothaithe agus ar son íoschaighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh;

(ii)

cosc ar chéastóireacht, agus ar íde nó ar phionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach eile, chomh maith le fuadach forfheidhmithe agus athshlánú íospartaigh an chéasta;

(iii)

tacaíocht do chosantóirí chearta an duine, iad a chosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas práinneach cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Dhearbhú NA ar Chosantóirí Chearta an Duine; d'fhéadfaí na cuspóirí sin lena n-áirítear cúnamh ar théarma níos faide agus rochtain ar dhídean a sholáthar a chumhdach le meicníocht do chosantóir chearta an duine;

(iv)

an comhrac i gcoinne ciníochais agus na seineafóibe agus an idirdhealaithe bunaithe ar aon fhoras, lena n-áirítear inscne, cine, dath, sainaicme, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, claonadh gnéasach agus féiniúlacht inscne;

(v)

saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin beart chun deireadh a chur le gach cineál fuatha, éadulaingthe, agus idirdhealaithe bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh agus trí chaoinfhulaingt agus meas ar éagsúlacht reiligiúnach agus chultúrtha a chothú laistigh de shochaithe agus i measc sochaithe;

(vi)

cearta na bpobal dúchasach mar a fógraíodh iad i nDearbhú NA maidir le Cearta na bPobal Dúchasacha, trí, inter alia, béim a chur ar thábhacht a rannpháirtíochta i bhforbairt na dtionscadal a bhaineann leo agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh d'fhonn a gcuid idirghníomhaíochta le sásraí idirnáisiúnta agus a rannpháirtíocht iontu a éascú;

(vii)

cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh náisiúnta nó eitneacha, reiligiúnacha agus teanga iad mar a fógraíodh iad i nDearbhú NA maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga;

(viii)

cearta daoine atá leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirinscneach (LGBTI), lena n-áirítear bearta chun an homaighnéasachas a dhíchoiriúlú, chun cur in aghaidh foréigin agus géarleanúna de nádúr homafóbach agus trasfóbach, agus saoirse tionóla, comhlachais agus cainte a chur chun cinn do dhaoine LGBTI;

(ix)

cearta na mban faoi mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú agus sa Phrótacal Roghnach a ghabhann leis, lena n-áirítear bearta chun cur in aghaidh gach cineáil foréigin in aghaidh na mban agus cailíní, go háirithe ciorrú ball giniúna ban, póstaí éigeantais agus cleamhnas, coireanna “onóra”, foréigean teaghlaigh agus gnéis, agus gáinneáil ar mhná agus ar chailíní;

(x)

cearta an linbh, faoi mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA um Chearta an Linbh agus na Prótacail Roghnacha a ghabhann leis, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne saothar leanaí, gáinneála leanaí agus striapachais linbh, agus saighdiúirí linbh a earcú agus a úsáid agus cosaint leanaí ón idirdhealú beag beann ar chine, ar dhath, ar ghnéas, ar theanga, ar reiligiúin nó ar chreideamh, ar thuairim pholaitiúil nó ar aon tuairim eile, ar thionscnamh náisiúnta, eitneach nó sóisialta, ar mhaoin, ar mhíchumas, ar bhreith nó ar stádas ar bith eile;

(xi)

cearta daoine faoi mhíchumas mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas;

(xii)

cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, lena n-áirítear an ceart chuig caighdeán maireachtála leordhóthanach agus croíchaighdeáin saothair;

(xiii)

freagracht shóisialta chorparáideach, go háirithe trí chur chun feidhme Phrionsabail Threoracha NA maidir le Gnó agus le Cearta an Duine, agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh mar a leagadh amach in Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(xiv)

oideachas, oiliúint agus faireachán i réimse chearta an duine agus an daonlathais;

(xv)

tacaíocht d'eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta nó idirnáisiúnta na sochaí sibhialta atá bainteach le caomhnú, le cur chun cinn, nó le cosaint chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha;

(xvi)

feabhsú na gcaighdeán agus comhlíonadh na gcaighdeán sna príosúin a chur chun cinn, i gcomhréir le dínit an duine agus le bunchearta.

(c)

neartú an chreata idirnáisiúnta chun cearta an duine, ceartas, comhionannas inscne, smacht reachta agus an daonlathas a chosaint, agus chun an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe trí bhíthin:

(i)

tacaíocht a sholáthar i gcomhair ionstraimí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha i réimsí chearta an duine, ceartais, an smachta reachta, agus daonlathais;

(ii)

comhar na sochaí sibhialta a chothú le heagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear acmhainní eagraíochtaí neamhrialtasacha a fheabhsú, a bhfuil sé d'aidhm acu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a bhaineann le cearta an duine, le ceartas, le smacht reachta, agus le daonlathas agus iad a chur chun cinn;

(iii)

faisnéis faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a scaipeadh, oiliúint a chur ar fáil faoi agus tacú lena fhorfheidhmiú;

(d)

muinín a chruthú sna próisis toghchánaíochta daonlathaí agus sna hinstitiúidí daonlathacha agus cur lena n-iontaofacht agus lena dtrédhearcacht, ag gach céim den timthriall toghchánach, go háirithe:

(i)

trí bhíthin imlonnú EOManna AE agus trí bhearta eile chun faireachán a dhéanamh ar na próisis toghchánaíochta;

(ii)

trí rannchuidiú le hacmhainn bhreathnóireachta toghchánaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta baile a fhorbairt ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla, agus trí thacú lena dtionscnaimh chun rannpháirtíocht sa phróiseas toghchánach agus san obair leantach a fheabhsú;

(iii)

trí thacú le bearta atá dírithe ar phróisis toghchánaíochta a chomhtháthú go comhsheasmhach sa timthriall dhaonlathach agus eolas maidir leis na moltaí a rinne Misin an Aontais um Breathnadóireacht Toghcháin a scaipeadh agus a chur chun feidhme, ag obair go háirithe le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le comhar leis na hinstitiúidí ábhartha poiblí, lena n-áirítear parlaimintí agus rialtais, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(iv)

trí thoradh síochánta an phróisis toghchánaigh a chur chun cinn, tríd an bhforéigean toghchánach a laghdú agus trí ghlacach torthaí inchreidte ag gach cuid den tsochaí a chur chun cinn.

2.   Cuirfear san áireamh prionsabail mar neamh-idirdhealú ar bhonn ar bith, príomhshruthú inscne, rannpháirtíocht, cumhachtú, cuntasacht, oscailteacht agus trédhearcacht nuair is ábhartha i gcás gach beart dá dtagraítear sa Rialachán seo.

3.   Cuirfear na bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo chun feidhme i gcríocha tríú tíortha nó beidh baint dhíreach acu le cásanna a tharlóidh i dtríú tíortha, nó le gníomhaíochtaí domhanda nó réigiúnacha.

4.   Cuirfear san áireamh sna bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo tréithe sonracha na ngéarchéimeanna nó na gcásanna práinne agus tíortha nó cásanna ina bhfuil easpa thromchúiseach ann maidir le saoirsí bunúsacha, áiteanna is mó a bhfuil slándáil an duine i mbaol nó áiteanna ina bhfuil eagraíochtaí agus cosantóirí chearta an duine ag gníomhú faoi na dálaí is deacra.

Airteagal 3

Comhordú, comhchuibheas agus comhlántach chúnamh an Aontais

1.   Beidh cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo i gcomhréir le creat foriomlán ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ina gcomhlánú ar an méid a fhoráiltear dó leis na hionstraimí nó leis na conarthaí eile le haghaidh cúnaimh sheachtraigh.

2.   D'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht, ar chomhchuibheas agus ar chomhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, féachfaidh an tAontas agus na Ballstát le faisnéis a mhalartú go rialta agus rachaidh siad i gcomhairle lena chéile go luath sa phróiseas clársceidealaithe d'fhonn comhlántacht agus comhchuibheas a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí faoi seach ar leibhéal na cinnteoireachta agus ar an láthair araon. D'fhéadfadh go n-eascróidh clársceidealú comhpháirteach agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir an tAontas agus na Ballstáit as comhairliúcháin mar sin. Rachaidh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus le gníomhairí eile freisin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS, mar is iomchuí, tuairimí agus faisnéis a mhalartú le Parlaimint na hEorpa go rialta.

4.   Féachfaidh an tAontas le faisnéis a mhalartú go rialta leis an tsochaí shibhialta, agus rachaidh sé i gcomhairle léi, ar gach leibhéal, lena n-áirítear i dtríú tíortha. Go háirithe, soláthróidh an tAontas, aon uair is féidir agus i gcomhréir le nósanna imeachta ábhartha, treoir theicniúil agus tacaíocht maidir leis an nós imeachta iarratais.

Airteagal 4

Creat ginearálta um chlársceidealú agus um chur chun feidhme

1.   Cuirfear cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 agus trí na bearta seo a leanas:

(a)

páipéir straitéise, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus athbhreithnithe orthu de réir mar is iomchuí;

(b)

cláir gníomhaíochta bhliantúla, bearta aonair agus bearta tacaíochta faoi Airteagal 2 agus faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014;

(c)

bearta speisialta faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

2.   Maidir le haon chlársceidealú nó athscrúdú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil mheántréimhseach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 (an “tuarascáil mheántréimhseach maidir le hathscrúdú”) a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 5

Páipéir straitéise

1.   Leagfar amach i bPáipéir Straitéise straitéis an Aontais maidir leis an gcúnamh a thabharfaidh sé faoin Rialachán seo, bunaithe ar thosaíochtaí an Aontais, ar an staid idirnáisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe. Beidh siad comhsheasmhach leis an gcríoch fhoriomlán, leis na cuspóirí, le raon feidhme agus le prionsabail an Rialacháin seo.

2.   Leagfar amach sna Páipéir straitéise na réimsí tosaíochta a roghnófar lena maoiniú ag an Aontas le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach iontu an chionroinnt airgeadais tháscach chomh maith, idir chionroinnt fhoriomlán agus an chionroinnt in aghaidh gach réimse tosaíochta, i bhfoirm raoin nuair is iomchuí.

3.   Formheasfar na páipéir straitéise i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 16(3) den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Tabharfar páipéir straitéise cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta céanna nuair is gá sin de bharr athruithe suntasacha ar dhálaí agus ar bheartais.

Airteagal 6

Tosaíochtaí téamacha agus tarmligean na gcumhachtaí

Liostaítear na sainchuspóirí agus na tosaíochtaí sainiúla atá le saothrú le cúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo san Iarscríbhinn.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na tosaíochtaí téamacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tar éis don tuarascáil mheántréimhseach maidir le hathscrúdú a bheith foilsithe, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh inti, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar an Iarscríbhinn faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6 a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Coiste

Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

Rochtain ar dhoiciméid

D'fhonn a áirithiú go bhfuil siad in ann a gcumhachtaí grinnscrúdaithe a fheidhmiú ar bhealach feasach, beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar dhoiciméid uile EIDHR is ábhartha don chleachtadh sin, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

Airteagal 10

Imchlúdach airgeadais

Is é EUR 1 332 752 000 an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle a údaróidh na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 11

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 11, 15.1.2013, lch.81.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1889/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain (IO L 386, 29.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


IARSCRÍBHINN

Cuspóirí sonracha agus tosaíochtaí EIDHR

Tá treoshuíomh straitéiseach an Aontais chun sprioc EIDHR a chomhlíonadh bunaithe ar chúig chuspóir a ndéantar cur síos orthu san Iarscríbhinn seo.

1.

Cuspóir 1 — Tacaíocht do chearta an duine agus do chosantóirí chearta an duine i gcásanna is mó atá siad i mbaol.

Le gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin soláthrófar tacaíocht éifeachtach do chosantóirí chearta an duine (CCDanna) is mó atá i mbaol agus do chásanna ina bhfuil an bhagairt is mó ar chearta bunúsacha. Cabhróidh EIDHR, inter alia, le fónamh do riachtanais phráinneacha CCDanna, tabharfaidh sé tacaíocht sa mheántéarma agus san fhadtéarma freisin lena gcuirfear ar chumas CCDanna agus na sochaí sibhialta a gcuid oibre a chur i gcrích. Déanfar an chúis imní atá ann faoi láthair i ndáil leis na deiseanna don tsochaí shibhialta atá ag éirí níos lú a chur san áireamh leis na gníomhaíochtaí.

2.

Cuspóir 2 — Tacaíocht do Thosaíochtaí an Aontais i réimse chearta an Duine

Leis na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin díreofar ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach nó gealltanas sonrach téamach ag an tAontas ina leith (e.g. treoirlínte reatha AE agus treoirlínte a bheidh ann amach anseo i réimse chearta an duine a ghlacfaidh an Chomhairle nó rúin a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa), i gcomhréir le hAirteagal 2. Beidh na gníomhaíochtaí ar aon dul leis na tosaíochtaí a leagtar amach i gCreat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas.

Leis na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin tacófar, inter alia le dínit an duine, (go háirithe an comhrac i gcoinne phionós an bháis agus i gcoinne na céastóireachta agus pionóis nó íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach), le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha; leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis, leis an gcomhrac i gcoinne idirdhealaithe de gach cineál; le cearta na mban agus le comhionannas inscne. Tabharfar aird freisin ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse chearta an duine.

3.

Cuspóir 3 — Tacaíocht don daonlathas

Tacóidh gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin le gníomhaithe síochánta ar son an daonlathais i dtríú tíortha d'fhonn daonlathas rannpháirteach agus ionadaíoch, trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú. Beidh gníomhaíochtaí dírithe ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus ionadaíocht pholaitiúil a chomhdhlúthú agus ar thacaíocht le hiarrachtaí ar son an daonlathais chomh maith leis sin.

Tabharfar aghaidh ar ghnéithe uile an daonlathaithe, lena n-áirítear an smacht reachta agus cearta sibhialta agus polaitiúla a chur chun cinn agus a chosaint amhail saoirse tuairimíochta ar líne agus as líne, saoirse tionóil agus comhlachais. Áirítear leis sin rannpháirtíocht ghníomhach sa díospóireacht mhodheolaíoch atá á forbairt i réimse na tacaíochta don daonlathas.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear moltaí EOManna AE san áireamh.

4.

Cuspóir 4 — EOManna AE

Díreofar leis na gníomhaíochtaí faoin gcuspóir seo ar bhreathnóireacht toghcháin lena gcuideofar le trédhearcacht agus le muinín atá ag dul i méid sa phróiseas toghcháin mar chuid den chur chun cinn i gcoitinne agus don tacaíocht a bhaineann le próisis dhaonlathacha a bhfuil cur síos orthu i gcuspóir 3.

Aithnítear EOManna AE ar scála iomlán go forleathan mar thionscadail shuaitheanta maidir le gníomhaíocht eachtrach an Aontais agus is iad an príomhchineál gníomhaíochta faoin gcuspóir seo.

Tá siad in áit mhaith chun measúnú eolach a sholáthar maidir le próisis toghcháin agus le moltaí chun iad a fheabhsú tuilleadh i ndáil le comhar AE agus idirphlé polaitiúil le tríú tíortha. Go háirithe, déanfar an cur chuige ina chuimsítear gach céim den timthriall toghchánach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí leantacha, a fhorbairt tuilleadh le gníomhaíochtaí comhlántacha idir clársceidealú déthaobhacha agus tionscadail EIDHR.

5.

Cuspóir 5 — Tacú le príomhghníomhaithe agus príomhphróisis atá dírithe, lena n-áirítear ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta agus réigiúnacha maidir le cearta an duine.

An príomhaidhm atá ann creataí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a neartú chun cearta an duine, an ceartas, an smacht reachta agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint i gcomhréir le tosaíochtaí beartais Aontais.

Áireofar ar ghníomhaíochtaí faoin gcuspóir seo gníomhartha chun tacú leis an méid atá á dhéanamh ag an tsochaí shibhialta áitiúil maidir le hidirphlé AE i ndáil le cearta an duine (ar aon dul le treoirlínte ábhartha AE) agus ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta agus réigiúnacha maidir le cearta an duine agus ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta maidir le ceartas coiriúil a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Tabharfar aird chuí ar an mbealach a gcuirfidh an tsochaí shibhialta na sásraí sin chun cinn agus conas a ndéanfaidh siad faireachán orthu.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe i gcomhair daonlathais agus cearta an duine ar fud an domhain agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Comhdhearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le Misin Bhreathnóireachta um Thoghcháin

Leagann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach béim ar thábhacht an méid a chuidíonn Misin Bhreathnóireachta an Aontais Eorpaigh um Thoghcháin le beartas caidrimh sheachtraigh an Aontais chun tacú le daonlathas i dtíortha comhpháirtíochta. Cuidíonn Misin Bhreathnóireachta an AE um Thoghcháin le trédhearcacht agus muinín sna próisis thoghchánacha a mhéadú, agus tugann siad measúnú eolasach ar thoghcháin chomh maith le moltaí lena bhfeabhsú tuilleadh, i bhfianaise comhair Aontais agus idirphlé pholaitiúil le tíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, aontaíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún gur cheart suas le 25 % den bhuiséad thar an tréimhse 2014-2020 do Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim airgeadais i gcomhair daonlathais agus cearta an duine ar fud an domhain a thiomnú do mhaoiniú Mhisin Bhreathnóireachta an AE um Thoghcháin, ag brath ar thosaíochtaí bliantúla toghcháin.


15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

95


RIALACHÁN (AE) Uimh. 236/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid a leanas:

(1)

Ba cheart don Aontas Eorpach sraith chuimsitheach ionstraimí a ghlacadh chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina gcuimseofar réimse beartas a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin, ar gá rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh a gcur chun feidhme. Is iad na hionstraimí sin chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú don tréimhse ó 2014 go 2020: an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (“DCI”), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (“EIDHR”) arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (“IEC”) arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), an Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le Síocháin arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“ICR II”) arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha arna bunú ag Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (dá ngairtear “na hIonstraimí” le chéile agus “an Ionstraim” go leithleach anseo feasta).

(2)

Ba cheart go mbeadh rialacha agus na nósanna imeachta coiteanna comhsheasmhach leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena n-áirítear na rialacha comhfhreagracha a ghlacann an Coimisiún (10) chun an Rialachán sin a chur chun feidhme.

(3)

Foráiltear leis na hIonstraimí, go ginearálta, gur cheart go mbeadh gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú ar a mbonn siúd, ina n-ábhar dó chlársceidealú ilbhliantúil táscach, ina gcuirfear an creat ar fáil ar cheart cinntí maoinithe a ghlacadh faoina chuimsiú i gcomhréir lei Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (11).

(4)

Ba cheart go mbeadh cinntí maoinithe i bhfoirm clár gníomhaíochta bliantúil nó ilbhliantúil agus beart aonair agus an phleanáil dá bhforáiltear leis an gclársceidealú ilbhliantúil táscach á leanúint, i bhfoirm beart speisialta i gcás ina mbeidh gá leo de bharr riachtanas nó cúinsí gan choinne agus a mbeidh bonn cirt cuí leo, agus i bhfoirm Beart Tacaíochta. Féadfar Bearta Tacaíochta a ghlacadh mar chuid de chlár bliantúil nó ilbhliantúil gníomhaíochta nó taobh amuigh de raon feidhme dhoiciméid chlársceidealaithe tháscacha.

(5)

Leis na cinntí maidir le maoiniú, ba cheart a áireamh, in iarscríbhinn, tuairisc ar gach gníomhaíocht, ina sonraítear a cuspóirí, a príomhghníomhaíochtaí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na modhanna cur chun feidhme, a buiséad agus a tráthchlár táscach, aon bhearta tacaíochta a bhaineann léi agus aon socruithe maidir le faireachán ar fheidhmíocht, agus ba cheart iad a fhormheas i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(6)

Agus aird á tabhairt ar chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin ó thaobh clársceidealú beartas nó forghníomhú airgeadais, agus go háirithe ar a n-impleachtaí buiséadacha, ba cheart, go ginearálta, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin le haghaidh beart aonair agus speisialta atá faoi bhun tairseacha réamhshainithe. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh láithreach i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne. Ba cheart an méid sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(7)

Maidir leis na hIonstraimí a chur chun feidhme, i gcás ina gcuirfear bainistiú na hoibríochta de chúram ar idirghabhálaí airgeadais, ba cheart go gcuimseodh cinneadh an Choimisiúin go háirithe forálacha a bhaineann le roinnt riosca, le trédhearcacht, le luach saothair don idirghabhálaí atá freagrach as an gcur chun feidhme, le húsáid agus le hathúsáid cistí, na smbrabús féideartha, agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe agus leis na sásraí rialaithe, agus forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 á gcur san áireamh.

(8)

Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir Ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtraach, agus trí shineirgí a chruthú idir na hIonstraimí agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid seo freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hIonstraimí, agus, i gcás inarb iomchuí,úsáid ionstraimí airgeadais a bhfuil éifeacht luamhánaithe acu.

(9)

Ba cheart, de bhun Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta le bunú ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an méadú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(10)

I gcomhréir leis na gealltanais a thug an tAontas ag an 3ú agus an 4ú Fóram Ardleibhéil maidir le hÉifeachtacht Cabhrach (Accra 2008 agus Busan 2011), agus leis an moladh ó Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (“OECD-DAC”) maidir le cúnamh oifigiúil forbartha a dhícheangal do na Tíortha is Lú Forbartha agus na Tíortha Bochta a bhfuil Fiachais Ollmhóra orthu, ba cheart don Choimisiún cabhair ón Aontas a neamhcheangal a mhéid is féidir, lena n-áirítear i gcás sásraí nuálacha maoiniúcháin, agus rannpháirtíocht na n-eintiteas ó thíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn i nósanna imeachta ina mbronntar conarthaí.

(11)

D'fhonn a áirithiú gur infheicthe a bheidh cúnamh ón Aontas do shaoránaigh na dtíortha is tairbhithe agus do shaoránaigh an Aontais, ba cheart go mbeadh, i gcás inarb iomchuí, cumarsáid spriocdhírithe agus faisnéis spriocdhírithe ann trí mhodhanna leordhóthanacha.

(12)

Le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoi na hIonstraimí, ba cheart go rannchuideofaí le torthaí soiléire (lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair) i dtíortha a thairbheoidh de chúnamh airgeadais seachtrach ón Aontas. Aon uair a bheidh sé indéanta agus iomchuí, ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ar éifeachtúlacht Ionstraime) ar leith ar bhonn táscairí atá réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena mbaineann.

(13)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis. Ba cheart na bearta sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na comhaontuithe is infheidhme a thugtar i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

(14)

Ba cheart foráil a dhéanamh do mhodhanna maoinithe, do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, do rialacha maidir le náisiúntacht agus le tionscnamh, do mheastóireacht ar na gníomhaíochtaí, do thuairisciú agus d'athscrúdú agus do mheastóireacht na nIonstraimí.

(15)

Gan dochar do na sásraí comhair a forbraíodh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar gach leibhéal i gcomhréir le hAirteagal 11 CAE, beidh ról suntasach ag geallsealbhóirí na dtíortha is tairbhithe, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla maidir le beartas seachtrach an Aontais. Le linn an phróisis cur chun feidhme, go háirithe ullmhú agus cur chun feidhme na mbeart a rinneadh faoin Rialachán seo agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta sin, tá sé tábhachtach dul i gcomhairlego cuí leis na geallsealbhóirí sin lena áirithiú chun go mbeidh ról bríoch acu sa phróiseas agus chun go measfar a sainiúlachtaí ar bhealach cuí.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 208, Airteagal 209 (3) agus Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus faoi na téarmaí a leagtar síos i reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus i gCinneadh Uimh. 1080/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), rannchuidíonn BEI le cur chun feidhme na mbeart atá riachtanach le cur le cuspóirí forbartha an Aontais agus le beartais sheachtracha eile, agus déanann sé idirghabháil mar chomhlánú ar ionstraimí an Aontais don ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart deiseanna a thapú le maoiniú BEI a chomhcheangal le hacmhainní buiséadacha an Aontais. Téitear i gcomhairle le BEI i bpróiseas clársceidealaithe an Aontais i gcás inarb iomchuí.

(17)

Oibríonn eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí forbartha go rialta i gcomhar le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha mar chomhpháirtithe cur chun feidhme agus féadfaidh sé go ndéanfar r tascanna cur chun feidhme buiséid a chur de chúram orthu i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo. De mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 58 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo chun go bhféadfar cúraimí den sórt sin a chur de chúram ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha faoi choinníollacha a bheidh coibhéiseach leis na cinn a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.

(18)

D'fhonn feabhas a chur ar an úinéireacht atá ag na tíortha comhpháirtíochta ar a bpróisis fhorbartha agus ar inbhuanaitheacht na cabhrach seachtraí agus i gcomhréir leis na gealltanais idirnáisiúnta maidir le héifeachtach cabhrach a thug an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí i bhfianaise chineál na gníomhaíochta lena mbaineann, úsáid institiúidí, córas agus nósanna imeachta dílse na dtíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn.

(19)

I gcomhréir leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir leis an bhForbairt agus leis an gclár oibre náisiúnta maidir le héifeachtacht cabhrach, agus mar a chuirtear in iúl leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2011 maidir lena bhfuil i ndán do thacaíocht bhuiséadach do thíortha atá i mbéal forbartha, leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “Tionchar Bheartas AE a mhéadú — Clár Oibre le haghaidh Athraithe”, agus na Conclúidí ón gComhairle i ndáil le “Cur Chuige Amach Anseo maidir le Tacaíocht Bhuiséadach AE do Thríú Tíortha” an 14 Bealtaine 2012, tá leas éifeachtach le baint as an tacaíocht bhuiséadach chun tacú leis an mbochtaineacht a laghdú agus chun tacú le húsáid a bhaint as córais na dtíortha, déanfar an chabhair níos intuartha agus neartófar an úinéireacht atá ag tíortha comhpháirtíochta ar bheartais agus ar athchóirithe maidir leis an bhforbairt. Ba cheart go mbeadh eisíocaíochtaí na dtráinsí buiséadacha a thuartar ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na cuspóirí a chomhaontófar le tíortha comhpháirtíochta. Ba cheart don tAontas tacú le forbairt an rialaithe pharlaimintigh, acmhainní iniúchta, trédhearcacht agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis i dtíortha a thairbhíonn ó chúnamh airgeadais den chineál sin ón Aontas.

(20)

Féadfar gníomhaíocht Aontais a chur chun feidhme lena ndírítear ar phrionsabail an daonlathais a chur ar aghaidh agus ar dhaonlathú a neartú, inter alia, trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na hinstitiúidí neamhspleácha atá gníomhach sa réimse sin amhail an Dearlaic Eorpach don Daonlathas.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(22)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabail

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha agus na dálaí chun go gcuirfeadh an tAontas cúnamh airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear cláir ghníomhaíochta agus bearta eile, faoi na hionstraimí seo a leanas i chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú don tréimhse ó 2014 go 2020: an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (“ICF”), an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (“EIDHR”), an Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (“IEC”), an Ionstraim chun cur le Cobhsaíocht agus le Síocháin, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“ICR II”) agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha, dá ngairtear “na hIonstraimí” le cheile agus “an Ionstraim” go leithleach anseo feasta.

Chun críoch an Rialacháin seo, áirítear críocha agus réigiúin sa téarma “tíortha”, de réir mar is iomchuí.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí lena maoinítear clár Erasmus + faoi Rialachán (AE) Uimh. 233/2014, faoi Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, faoi Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 234/2014. Cuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), bunaithe ar dhoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh dá dtagraítear san Ionstraim is infheidhme, agus an chomhréireacht á háirithiú ag an am céanna leis na Rialacháin sin.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime is infheidhme agus i gcomhréir le cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais. Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas a chuirfear ar fáil ar bhonn na nIonstraimí comhsheasmhach leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena gcuirtear an creat bunúsach airgeadais agus dlí ar fáil le haghaidh a gcur chun feidhme.

4.   Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, úsáidfidh an Coimisiún na modhanna cur chun feidhme is éifeachtaí agus is éifeachtúla. Tabharfaidh an Coimisiún tús áite freisin d'úsáid na nósanna imeachta is simplí, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, i bhfianaise chineál na gníomhaíochta.

5.   Agus mír 4 á cur san áireamh, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, beidh an Coimisiún i bhfábhar córais tíortha comhpháirtíochta a úsáid nuair is féidir agus inarb iomchuí i bhfianaise chineál na gníomhaíochta.

6.   Beidh sé mar aidhm ag an Aontas prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urraaim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha ar a bhfuil sé bunaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, bunaithe ar an idirphlé agus ar an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta, i gcás inarb iomchuí. Déanfaidh an tAontas na prionsabail sin a chomhdhlúthú i gcur chun feidhme na nIonstraimí.

Airteagal 2

Cláir ghníomhaíochta, bearta aonair agus bearta speisialta a ghlacadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta bhliantúla, bunaithe ar dhoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh dá dtagraítear san Ionstraim ábhartha, i gcás inarb infheidhme. Féadfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla a ghlacadh freisin i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

Sonrófar sna cláir ghníomhaíochta na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a mbeifear ag súil leo, na príomhghníomhaíochtaí, na modhanna cur chun feidhme, an buiséad agus an t-amchlár táscach, aon bhearta tacaíochta a bhaineann leo agus socruithe faireacháin ar fheidhmíocht.

Nuair is gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sara nglacfar na cláir ghníomhaíochta bhliantúla nó na cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla nó ina dhiaidh sin.

I gcás riachtanas nó dálaí gan choinne agus a mbeidh bonn cirt cuí leo, agus nuair nach féidir iad a mhaoiniú ó fhoinsí níos iomchuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh nach bhforálfar dóibh i ndoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh, lena n-áirítear bearta chun an t-aistriú ó chabhair éigeandála chuig oibríochtaí fadtéarmacha forbartha a éascú nó bearta chun daoine a ullmhú níos fearr le déileáil le géarchéimeanna athfhillteacha.

2.   Glacfar cláir ghníomhaíochta, bearta aonair agus bearta speisialta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

3.   Ní gá an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 don mhéid seo a leanas:

(a)

bearta aonair nach mó cúnamh airgeadais an Aontais ná EUR 5 mhilliún ina leith;

(b)

bearta speisialta nach mó cúnamh airgeadais an Aontais ná EUR 10 milliún ina leith;

(c)

leasuithe teicniúla ar chláir ghníomhaíochta, ar bhearta aonair agus ar bhearta speisialta. Is coigeartuithe iad leasuithe teicniúla, amhail:

(i)

an tréimhse chur chun feidhme a shíneadh;

(ii)

cistí a athshannadh idir gníomhaíochtaí atá i gclár gníomhaíochta bliantúil nó ilbhliantúil, nó

(iii)

buiséad na gclár gníomhaíochta bliantúil nó ilbhliantúil, nó bearta aonair nó speisialta a mhéadú nó a laghdú méid nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 10 milliún,

ar an gcoinníoll nach mbeidh éifeacht mhór ag leasuithe den sórt sin ar chuspóirí an bhirt lena mbaineann.

Cuirfear na bearta a ghlacfar faoin mír sin in iúl laistigh de mhí amháin ó thráth a nglactha do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.   Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a bhaineann le cláir ghníomhaíochta agus le bearta aonair maidir le comhar trasteorann IEC.

5.   Ar mhórchúiseanna práinne a mbeidh bonn cirt cuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún bearta aonair nó bearta speisialta a ghlacadh, lena n-áirítear leasuithe ar na cláir agus na bearta reatha gníomhaíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

6.   Tabharfar faoi scagadh iomchuí comhshaoil, lena n-áirítear le haghaidh thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal an tionscadail, i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla is infheidhme an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle (16), arb éard atá iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol le haghaidh tionscadal atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe le haghaidh mór-bhonneagar nua. I gcás inarb ábhartha, bainfear leas as MSC i gcur chun feidhme clár earnála. Áiritheofar rannpháirtíocht geallsealbhóirí leasmhara i measúnuithe comhshaoil mar aon le rochtain phoiblí ar thorthaí measúnuithe den sórt sin.

7.   Agus cláir agus tionscadail á ndearadh agus á gcur chun feidhme, tabharfar aird chuí ar chritéir maidir le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 3

Bearta tacaíochta

1.   Féadfar a chumhdach le maoiniú an Aontais caiteachas le haghaidh chur chun feidhme na nIonstraimí agus le haghaidh bhaint amach a gcuid cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá go díreach le haghaidh cur chun feidhme dá leithéid, mar aon le caiteachas ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin is gá leis na hoibríochtaí arna maoiniú faoi na hIonstraimí a bhainistiú.

2.   Ar an gcoinníoll go mbainfidh na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) le cuspóirí ginearálta na hIonstraime is infheidhme a chuirfear chun feidhme trí ghníomhaíochtaí, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach le maoiniú an Aontais:

(a)

staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá chun na gníomhaíochtaí a bhainistiú;

(b)

gníomhaíochtaí taighde agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus scaipeadh na ngníomhaíochtaí agus na staidéar sin;

(c)

caiteachas a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt mar aon le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

3.   Féadfar bearta tacaíochta a mhaoiniú lasmuigh de raon feidhme na ndoiciméad clársceidealtha táscach. I gcás inarb infheidhme, glacfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le bearta tacaíochta a ghlacadh nach mó cúnamh airgeadais an Aontais EUR ná 10 milliún ina leith.

Cuirfear na bearta nach mó cúnamh airgeadais an Aontais ná EUR 10 milliún ina leith in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16 laistigh de mhí amháin ó thráth a nglactha.

TEIDEAL II

FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA MODHANNA MAOINITHE

Airteagal 4

Forálacha ginearálta maoinithe

1.   Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil trí bhíthin na gcineálacha maoinithe a bheartaítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus trí bhíthin an méid a leanas go háirithe:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;

(c)

tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó earnála;

(d)

ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais a bhunaíonn an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 187 (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(e)

ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó samhail chothromais, infheistíochtaí nó rannpháirteachais, agus ionstraimí roinnte riosca, faoi cheannaireacht BEI gach uair ar féidir sin ar aon dul leis an sainordú seachtrach atá aige faoi Chinneadh Uimh. 1080/20111/AE, faoi cheannaireacht institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais e.g. na bainc dhéthaobhacha forbraíochta, a d'fhéadfadh a bheith comhthiomsaithe le deontais bhreise ó fhoinsí eile.

2.   Tá an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó an tacaíocht bhuiséadach earnála amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas comhroinnte do luachanna uilíocha, agus dírítear léi ar chomhpháirtíochtaí conarthacha a neartú idir an Aontas agus na tíortha comhpháirtíochta d'fhonn an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn, tacú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe, cuimsitheach agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.

Beidh aon chinneadh chun an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó an tacaíocht bhuiséadach earnála dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a sholáthar bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a chomhaontóidh an tAontas, ar shraith chritéar incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí.

Beidh sé mar cheann de na príomhchinntithigh don chinneadh sin measúnú ar thiomantas, ar chuntas teiste agus ar dhul chun cinn na dtíortha comhpháirtíochta maidir leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta. Déanfar an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó an tacaíocht bhuiséadach earnála a dhifreáil chun freagairt ar bhealach níos fearr do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtí, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

Agus an tacaíocht bhuiséadach ghinearálta nó earnála á cur ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 186 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfaidh an Coimisiún sainiú agus faireachán ar a choinníollacht, agus tabharfaidh sé tacaíocht do rialú parlaiminteach agus do chumais iniúchta a fhorbairt agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus le rochtain phoiblí ar fhaisnéis. Beidh eisíocaíocht na tacaíochta buiséadaí ginearálta nó na tacaíochta buiséadaí r earnála ag brath ar dhul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

3.   Aon eintiteas a gcuirfear de chúram air na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh sé ceanglais Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chomhlíonadh agus comhlíonfaidh sé cuspóirí, caighdeáin agus beartais mar aon leis na cleachtais is fearr maidir le cistí an Aontais a úsáid agus maidir le tuarascáil a thabhairt ina leith.

Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur chun feidhme agus tuairiscithe.

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil freisin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, trí bhíthin ranníocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí arna mbunú nó arna mbainistiú ag BEI, ag Ballstáit,,, ag tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun cómhaoiniú a mhealladh ó líon deontóirí, nó chuig cistí arna mbunú ag deontóir amháin nó níos mó ar mhaithe le cur chun feidhme comhpháirteach tionscadal.

4.   Déanfar rochtain chómhalartach ag institiúidí airgeadais an Aontais ar ionstraimí airgeadais a bhunaíonn eagraíochtaí eile a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí.

5.   Agus an cúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 á cur ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na bearta riachtanacha uile is gá chun infheictheacht thacaíocht airgeadais an Aontais a áirithiú. Ina measc siúd, beidh bearta lena bhforchuirfear ceanglais infheictheachta ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais, seachas i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo. Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag na faighteoirí.

6.   Sannfar an t-ioncam ar fad a ghinfear ó ionstraim airgeadais amháin don Ionstraim chomhfhreagrach airgeadais mar ioncam sannta inmheánach. Gach cúig bliana, breathnóidh an Coimisiún ar an méid a bheidh déanta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtaí a bheidh na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair.

7.   Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais a chur chun feidhme, faoi mar a fhoráiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfaidh ranna an Choimisiúin, toscaireachtaí an Aontais agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin go díreach é, faoi bhainistíocht cchomhroinnte leis na Ballstáit nó go hindíreach trí bhíthin cúraimí cur chun feidhme buiséid a chur de chúram ar na heintitis a liostaítear sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Áiritheoidh na heintitis sin comhsheasmhacht le beartas seachtrach AE agus féadfaidh siad cúraimí cur chun feidhme buiséadacha a chur de chúram ar eintitis eile faoi choinníollacha a bheidh coibhéiseach leis na coinníollacha a mbeidh feidhm leo maidir leis an gCoimisiún.

Comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá acu faoi Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 uair in aghaidh na bliana. Tíolacfar an tuairim iniúchóireachta i gcás inar gá sin, laistigh de mhí amháin ón dáta a dtíolacfar an tuarascáil agus an dearbhú bainistíochta chun go gcuirfear san áireamh i ndeimhniú an Choimisiúin í.

Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (c)(ii) d'Airteagal 58(1)(de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus comhlachtaí na mBallstát faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 58(1)(c)(v) agus (vi) den Rialachán sin a chuir an Coimisiún cúram orthu, cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram freisin ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a mbeidh an acmhainn oibríochtúil agus airgeadais acu, faoi dhálaí a bheidh coibhéiseach leosan a mbeidh feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.

Measfar go gcomhlíonann eintitis chomhlíonfaidh na critéir a leagtar síos in Airteagal 60(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 na critéir roghnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 139 den Rialachán sin.

8.   Roghnófar na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 6(1), agus na modhanna cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach, agus ar bhonn a gcumais torthaí a sheachadadh, agus go háirithe, costais na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamhchomhlíonta a mbeidh coinne leis á gcur san áireamh. Maidir le deontais, áireofar leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar scálaí costas aonaid.

9.   Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoi na hIonstraimí a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó le cómhaoiniú comhpháirteach.

I gcás cómhaoinithe chomhthreomhair, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon eilimintí inaitheanta agus déanann na comhpháirtithe éagsúla a chuireann cómhaoiniú ar fáil iad sin a mhaoiniú ar bhealach a fhágann gur féidir úsáid dheiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí.

I gcás cómhaoinithe chomhpháirtigh, déantar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a chuireann an cómhaoiniú ar fáil agus comhthiomsaítear na hacmhainní ar bhealach a fhágann nach féidir an fhoinse maoinithe a shainaithint a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíochta faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht. I gcás den sórt sin, comhlíonfar, le conarthaí deontais agus soláthair a bheith á bpoibliú ex-post faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, na rialacha lena rialaítear an eintieas a mbeidh an cúram curtha air, más ann dó.

10.   Igcás ina dtéitear in iontaoibh an chineáil maoinithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó in Airteagal 6(1), féadfaidh an comhar idir an tAontas agus a chuid comhpháirtithe a bheith sna foirmeacha seo a leanas inter alia:

(a)

socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chúnamh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;

(b)

bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;

(c)

ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhunú agus a riar;

(d)

cláir tacaíochta le haghaidh beartas earnála, trína gcuirfidh an tAontas tacaíocht ar fáil do chlár earnála tíre comhpháirtíochta;

(e)

i gcás IEC agus ICR II, ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíochta na dtíortha i gcláir agus i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais;

(f)

fóirdheontas rátaí úis;

(g)

maoiniú trí dheontais do ghníomhaireachtaí an Aontais.

11.   Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí tíortha is tairbhithe, cuirfidh an Coimisiún a sonraíochtaí san áireamh mar aon le riachtanais agus comhthéacs, nuair a bheidh módúlachtaí an mhaoinithe, an cineál ranníocaíochta, na módúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin chun deontais a bhainistiú á sainiú aige d'fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de gheallsealbhóirí den sórt sin agus freagairt dóibh ar an dóigh is fearr. Tabharfar spreagadh do mhódúlachtaí sonracha i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe fodheontas, dámhachtain dhíreach nó glaonna ar thograí a bheidh srianta ó thaobh cáilitheachta nó cnapshuimeanna.

12.   Agus a thacaíocht don trasdul agus don athchóiriú á cur chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta, déanfaidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as taithí na mBallstát agus as na ceachtanna a foghlaimíodh agus comhroinnfidh sé an t-eolas sin.

Airteagal 5

Cánacha, dleachtanna agus muirir

Ní ghinfidh cúnamh an Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.

I gcás inarb infheidhme, déanfar forálacha iomchuí a chaibidliú le tríú tíortha d'fhonn na gníomhaíochtaí lena gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais chun feidhme a dhíolmhú ó chánacha, ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir fhioscacha eile. Dá uireasa sin, beidh na cánacha, na dleachtanna agus na muirir sin incháilithe faoi na dálaí a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 6

Forálacha ginearálta maoinithe

1.   De bhreis ar na cineálacha maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, d'fhéadfaí cúnamh airgeadais an Aontais faoi na hionstraimí seo a leanas a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 trí bhíthin na gcineálacha maoinithe seo a leanas freisin:

(a)

faoi ICF agus faoi IEC, faoiseamh ó fhiachais, i gcomhthéacs clár faoisimh ó fhiachais arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta;

(b)

faoi ICF agus faoi an Ionstraim chun cur leis an gCobhsaíocht agus leis an tSíocháin, i gcásanna eisceachtúla, cláir earnála agus ghinearálta allmhairithe, a d'fhéadfadh a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(i)

cláir earnála allmhairithe chomhchineáil;

(ii)

cláir earnála allmhairithe trína gcuirtear malartú eachtrach ar fáil chun allmhairí a mhaoiniú don earnáil i dtrácht; nó

(iii)

cláir ghinearálta allmhairithe trína gcuirfear malartú eachtrach ar fáil chun allmhairí ginearálta réimse leathan táirgí a mhaoiniú;

(c)

dámhachtain dhíreach de na nithe seo a leanas faoi EIDHR:

(i)

deontais ar luach íseal do chosantóiri chearta an duine chun gníomhartha práinneacha cosanta a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú;

(ii)

deontais, i gcásanna inarb iomchuí nach mbeidh gá le cómhaoiniú ina leith, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú sna dálaí nó sna cásanna is deacra dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 i gcás ina mbeadh sé míchuí glao ar thograí a fhoilsiú. Ní rachaidh na deontais sin thar EUR 1 000 000 agus beidh ré suas le 18 mhí acu, a fhéadfar a shíneadh 12 mhí breise i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a gcur chun feidhme;

(iii)

deontais d'Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; agus don Ionad Eorpach Idir-Ollscoile um Chearta an Duine agus um an Daonlathú, ina gcuirtear Céim Mháistir Eorpach ar fáil i gCearta an Duine agus sa Daonlathú agus Clár Comhaltachta AE-NA, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina gcuirtear dioplómaí i gcearta an duine ar fáil, lena n-áirítear scoláireachtaí do mhic léinn agus do Chosantóirí Chearta an Duine de chuid tríú tíortha.

2.   Faoi ICR II agus faoi IEC, cuirfear cláir um chomhar trasteorann chun feidhme go háirithe maidir leis an mbainistíocht chomhroinnte in éineacht leis na Ballstáit nó maidir leis an mbainistíocht indíreach in éineacht le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Leagfar síos rialacha mionsonraithe i ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2014.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla a ghlacadh:

(a)

ar feadh tréimhse suas go trí bliana i gcás gníomhaíochtaí athfhillteacha; agus

(b)

ar feadh tréimhse suas le seacht mbliana faoi ICR II.

Má dhéantar gealltanais ilbhliantúla, beidh forálacha iontu lena luaitear go bhfuil na gealltanais táscach i gcás gach bliana seachas an chéad bhliain ghealltanais agus go mbeidh siad ag brath ar bhuiséid bhliantúla an Aontais a bheidh ann amach anseo.

4.   D'fhéadfaí gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí faoi ICS agus ICR II agus faoi IEC a shínfidh thar bhreis agus aon bhliain amháin a mhiondealú thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla.

I gcásanna den sórt sin, mura bhforálfar a mhalairt leis na rialacha is infheidhme, maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do chlár nár úsáideadh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain i ndiaidh bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, chun críche réamh-mhaoinithe nó chun íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nár thíolaic an t-eintiteas ar cuireadh de chúram air aon ráiteas deimhnithe caiteachais nó aon iarraidh ar íocaíocht, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a tharraingt siar.

5.   Na rialacha lena rialaítear comhar trasteorann faoi ICR II a chuirfear chun feidhme trí bhainistíocht chomhroinnte le Ballstáit, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha atá i Rialachán (AE) Uimhir 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus i Rialachán (AE) Uimhir 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

Airteagal 7

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú a aisíoc agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún, nó ag a ionadaithe, agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe ar thángthas orthu leo, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (20), d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a chisteofar faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

TEIDEAL III

RIALACHA MAIDIR LE NÁISIÚNTACHT AGUS LE TIONSCNAMH LE hAGHAIDH SOLÁTHAIR PHOIBLÍ, DEONTAIS AGUS NÓSANNA IMEACHTA DÁMHACHTANA EILE

Airteagal 8

Rialacha coiteanna

1.   Beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí soláthair, agus i nósanna imeachta deontais agus dámhachtana eile le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun leasa tríú páirtithe ar oscailt do gach duine nádúrtha ar náisiúnach de thír incháilithe é, agus do na gach duine dlítheanach a bheidh bunaithe go héifeachtach i dtír incháilithe mar a shainítear le haghaidh na hIonstraime is infheidhme faoin Teideal seo é, agus beidh sí ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta.

D'fhéadfaí a áireamh le daoine dlítheanacha eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha agus neamhbhrabúsacha agus fondúireachtaí neamhspleácha polaitiúla, eagraíochtaí pobalbhunaithe agus gníomhaireachtaí neamhbhrabúsacha den earnáil phríobháideach, institiúidí agus eagraíochtaí agus líonraí díobh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

2.   I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineofar le comhpháirtí nó deontóir eile nó a chuirfear chun feidhme trí Bhallstát trí bhainistíocht chomhroinnte, nó trí chiste iontaobhais a bhunóidh an Coimisiún, na tíortha a bheidh incháilithe faoi rialacha an chomhpháirtí sin, deontóra eile nó Ballstáit nó a chinnfear i ngníomh bunaidh an chiste iontaobhais, beidh na tíortha sin incháilithe freisin.

I gcás gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí cheann de na comhlachtaí a gcuirfear de chúram air bainistiú indíreach a dhéanamh fasoi chuimsiú catagóire a liostaítear i bpointe (c)(ii) go (c)(viii) d'Airteagal 58 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, beidh tíortha a bheidh incháilithe faoi rialacha an chomhlachta lena mbaineann incháilithe chomh maith.

3.   I gcás gníomhaíochtaí a mhaoineofar le ceann de na hIonstraimí agus, ina theannta sin, le hionstraim Aontais eile le haghaidh gníomhaíochta seachtraí, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Forbraíochta, measfar go mbeidh na tíortha a shainaithntofear faoi aon cheann de na hionstraimí sin incháilithe chun críche na gníomhaíochta sin.

I gcás gníomhaíochtaí de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann a mhaoineofar le ceann de na hIonstraimí, féadfar a mheas go mbeidh na tíortha, na críocha agus na réigiúin a chumhdófar faoin ngníomhaíocht incháilithe chun críche na gníomhaíochta sin.

4.   Is de thionscnamh tíre incháilithe a bheidh na soláthairtí uile a cheannófar faoi chonradh soláthair, nó i gcomhréir le comhaontú deontais, a mhaoineofar faoin Rialachán seo. Féadfaidh siad bheith de thionscnamh aon tíre má tá méid na soláthairtí le ceannach faoi bhun na tairsí chun an nós imeachta iomaíoch caibidlithe a úsáid. Chun críocha an Rialacháin seo, sainmhínítear an téarma “tionscnamh” in Airteagal 23 agus 24 de Rialachán (CEE) Uimhir 2913/92 (21) ón gComhairle agus i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais lena rialaítear tionscnamh neamhfhabhair.

5.   Ní bhaineann na rialacha faoin Teideal seo le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar chonradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, agus ní chruthaítear leis na rialacha srianta náisiúntachta le haghaidh na ndaoine nádúrtha sin.

6.   Chun cumais áitiúla, margaí áitiúla agus ceannacháin áitiúla a chur chun cinn, déanfar tosaíocht a thabhairt do chonraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha nuair a fhoráiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, do dhámhachtain ar bhonn tairisceana aonair. I ngach cás eile, déanfar rannpháirtíocht conraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin.

7.   Féadfar incháilitheacht faoi mar a leagtar amach í sa Teideal seo a shrianadh i bhfianaise náisiúntacht, suíomh geografach nó chineál na n-iarratasóirí, i gcás ina gceanglófar srianta den sórt sin de bharr chineál sonrach agus chuspóirí na gníomhaíochta agus igcás inar gá an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach. Féadfaidh feidhm a bheith ag na srianta sin leis an rannpháirtíocht maidir le nósanna imeachta dámhachtana i gcás gníomhaíochtaí comhair trasteorann go háirithe.

8.   Daoine nádúrtha agus dlítheanacha a mbronnfar conarthaí orthu, comhlíonfaidh siad an reachtaíocht chomhshaoil is infheidhme, lena n-áirítear comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, agus croíchaighdeáin saothair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta (22).

Airteagal 9

Incháilitheacht faoi ICF, IEC agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha

1.   Beidh táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi ICF, faoi IEC agus faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh tríú tíortha:

(a)

Ballstáit, tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014, agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéir Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

i ndáil le IEC, tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach faoi IEC agus Cónaidhm na Rúise i gcás ina dtarlóidh an nós imeachta iomchuí i gcomhthéacs na gclár comhair ilnáisiúnta agus trasteorann ina bhfuil siad rannpháirteach;

(c)

tíortha agus críocha i mbéal forbartha, a chuimsítear i liosta d'fhaighteoirí a d'fhoilsigh ECFE-DAC nach comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha thar lear a chumhdaítear le Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (23);

(d)

tíortha i mbéal forbartha a chuimsítear iad i liosta ECFE-DAC d'fhaighteoirí CFS, ar comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha eile, i gcás inar tairbhithe iad den ghníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas faoi na hIonstraimí a chumhdaítear leis an Airteagal seo;

(e)

tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith. Féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse teoranta d'aon bhliain amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoi na hIonstraimí a chumhdaítear leis an Airteagal seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena ré i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2), agus tar éis dul i gcomhairle leis an tír thairbhíoch nó leis na tíortha tairbhíocha lena mbaineann; agus

(f)

tíortha is comhaltaí ECFE, i gcás conarthaí a chuirfear chun feidhme i dTír is Lú Forbartha nó i dTír Bhocht ag a bhfuil Fiachais Ollmhóra, a chuimsítear sa liosta d'fhaighteoirí ODA.

2.   Féadfaidh an Coimisiún glacadh le tairgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe nó le hearraí ó thíortha neamh-incháilithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

tíortha a bhfuil naisc thraidisiúnta eacnamaíocha, thrádála nó gheografacha acu le tíortha comharsanachta is tairbhithe, nó

(b)

práinn nó táirgí agus seirbhísí i margaí na dtíortha lena mbaineann gan bheith ar fáil, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt cuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme i mbainistiú comhroinnte, beidh an Ballstát ábhartha a ndearna an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuige i dteideal táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó earraí de thionsnamh neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4), a ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin, mar tháirgeoirí, iarratasóirí, iarrthóirí agus earraí incháilithe.

Airteagal 10

Incháilitheacht faoi ICR II

1.   Beidh táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi ICR II:

(a)

Ballstáit, tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha comhpháirtíochta a chumhdófar faoi IEC, agus

(b)

tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith faoi na coinníollacha a leagtar síos I bpointe (e) d'Airteagal 9(1).

2.   Féadfaidh an Coimisiún glacadh le táirgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe nó le hearraí ó thíortha neamh-incháilithe i gcásanna lena mbainfidh práinn nó táirgí agus seirbhísí i margaí na dtíortha lena mbaineann gan bheith ar fáil, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt cuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme i mbainistiú comhroinnte, beidh an Ballstát ábhartha a ndearna an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuige i dteideal táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó earraí ó thíortha neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 8(4), a ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin, mar tháirgeoirí, iarratasóirí, iarrthóirí agus earraí incháilithe.

Airteagal 11

Incháilitheacht faoi EIDHR agus faoin Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

1.   Gan dochar do theorainneacha ar gné dhílis de chineál agus de chuspóirí na gníomhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8(7) iad, beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí nó deontas soláthair, mar aon le hearcú saineolaithe, ar oscailt gan teorainneacha faoin Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta agus faoi EIDHR agus faoin Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin.

2.   Faoi EIDHR, beidh na comhlachtaí agus na gníomhaithe seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1), (2) agus (3,)agus le pointe (c) d'Airteagal 6(1):

(a)

eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus neamhbhrabúsacha agus fondúireachtaí polaitiúla neamhspleácha, eagraíochtaí pobalbhunaithe agus gníomhaireachtaí neamhbhrabúsacha den earnáil phríobháideach, institiúidí agus eagraíochtaí agus líonraí díobh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(b)

gníomhaireachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha de chuid na hearnála poiblí, agus líonraí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)

comhlachtaí parlaiminte náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta, nuair is gá sin d'fhonn cuspóirí EIDHR a bhaint amach agus nach féidir an beart a bheartófar a mhaoiniú faoi Ionstraimeile;

(d)

eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta agus réigiúnacha;

(e)

daoine nádúrtha, eintitis gan phearsantacht dhlítheanach agus, i gcásanna eisceachtúla a mbeidh bonn cirt cuí leo, comhlachtaí nó gníomhaithe eile nach sainaithnítear sa mhír seo, nuair is gá sin d'fhonn cuspóirí EIDHR a bhaint amach.

Airteagal 12

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé athscrúdú ar an dul chun cinn a dhéanfar chun na torthaí a mbeifear ag súil leo a bhaint amach, agus aschur agus torthaí á gcumhdach aige. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chomh maith ar thionchar agus ar éifeachtacht a gcuid beartas agus a gcuid gníomhaíochtaí earnála, agus ar éifeachtacht an chlársceidlaithe, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin meastóireachtaí neamhspleácha seachtracha. Tabharfar aird chuí ar thograí ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle maidir le meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha. Ba cheart go mbeadh na meastóireachtaí bunaithe ar phrionsabail dhea-chleachtas ECFE-DAC chun a fháil amach ar baineadh amach na cuspóirí sonracha, agus i gcás inarb infheidhme an comhionannas inscne á chur san áireamh, agus chun moltaí a fhoirmiú d'fhonn oibríochtaí amach anseo a fheabhsú. Déanfar na meastóireachtaí sin ar bhonn táscairí a bheidh réamhshainithe, soiléir, trédhearcach agus, i gcás inarb iomchuí, a bhaineann go sonrach le tír faoi leith agus a bheidh intomhaiste.

2.   Seolfaidh an Coimisiún a chuid tuarascálacha meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16. Féadfar meastóireachtaí sonracha a phlé sa choiste sin arna iarraidh sin do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir á gceapadh agus nuair a bheidh acmhainní á gcionroinnt.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí sa chéim mheastóireachta de chúnamh an Aontais a chuirfear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aghaidh a thabhairt ar chómheastóireachtaí le Ballstáit AE agus leis na comhpháirtithe forbraíochta.

4.   Léireofar sa tuarascáil a luaitear in Airteagal 13 na príomhcheachtanna a bheidh foghlamtha agus an obair leantach a ghabhfaidh leis na moltaí ó na meastóireachtaí a rinneadh sna blianta roimhe sin.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA COITEANNA EILE

Airteagal 13

Tuarascáil bhliantúil

1.   Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur chun feidhme bearta um chúnamh airgeadais seachtrach an Aontais agus, ó 2015 ar aghaidh, déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil ar bhaint amach chuspóirí gach Rialacháin trí tháscairí lena dtomhasfar na torthaí a gheofar agus éifeachtúlacht na hIonstraime ábhartha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an tuarascáil seo a chur faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún chomh maith.

2.   Cuimseofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis a bhaineann leis an mbliain roimhe faoi na bearta a maoiníodh, torthaí na gcleachtaí faireacháin agus meastóireachta, rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha, agus cur chun feidhme gealltanas buiséadach agus leithreasaí faoi íocaíochta, arna miondealú de réir tíre, réigiúin agus earnála comhair. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar thorthaí chúnamh airgeadais an Aontais agus, a mhéid is féidir, bainfear leas as táscairí sonracha agus intomhaiste dá fheidhm maidir le cuspóirí na nIonstraimí a bhaint amach. I gcás an chomhair um fhorbairt, déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, ar cloíodh le prionsabail na héifeachtachta cúnaimh, lena n-áirítear d'ionstraimí nuálacha airgeadais.

3.   Sa tuarascáil bhliantúil a ullmhófar in 2021 beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiúchán ar fad a rialaítear leis an Rialachán seo, lena n-áireofar ioncaim sheachtracha sannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus lena dtairgtear achoimre ar chaiteachas de réir tíre is tairbhí, úsáide ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.

Airteagal 14

Gníomhú ar son na haeráide agus caiteachas ar an mbithéagsúlacht

Déanfar meastachán bliantúil ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht ar bhonn dhoiciméad an chlársceidealaithe tháscaigh a ghlacfar. Beidh an cistiúchán a leithdháilfear i gcomhthéacs na nIonstraimí faoi réir córais rianaithe bhliantúil bunaithe ar mhodheolaíocht an ECFE (“marcóirí Rio”), gan a chur as an áireamh go n-úsáidfí modheolaíochtaí a bheadh níos cruinne nuair a bheidh ann dóibh, a bheidh comhtháite sa mhodheolaíocht reatha do bhainistiú feidhmíochta chláir an AE, chun caiteachas a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht a chainníochtú ar leibhéal na gclár gníomhaíochta, agus na bearta aonair agus speisialta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), agus a thaifeadfar laistigh de mheastóireachtaí agus den tuarascáil bhliantúil.

Airteagal 15

Rannpháirtíocht geallsealbhóirí i dtíortha is tairbhithe

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, go rachfar nó go ndeachthas i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha i dtíortha is tairbhithe sa phróiseas cur chun feidhme, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha a gceadófar dóibh ról bríoch a bheith acu sa phróiseas sin.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh na coistí arna mbunú leis na hIonstraimí cúnamh don Choimisiún. Is coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sna coistí sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Fanfaidh an cinneadh a ghlacfar i bhfeidhm ar feadh ré an doiciméid, an chláir ghníomhaíochta nó an bhirt a ghlacfar nó a leasófar.

5.   Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí an choiste maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

Airteagal 17

Athscrúdú meántéarmach agus meastóireacht ar na hIonstraimí

1.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheántéarmach maidir le hathscrúdú, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, faoi chur chun feidhme gach ceann de na hIonstraimí agus an Rialacháin seo. Cumhdófar leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017 agus díreofar leis ar chuspóirí gach Ionstraime a bhaint amach trí tháscairí lena dtomhasfar na torthaí a gheofar agus éifeachtúlacht na nIonstraimí.

Fairis sin, d'fhonn cuspóirí gach Ionstraime a bhaint amach, díreofar sa tuarascáil sin ar bhreisluach gach Ionstraime, ar dheiseanna simpliúcháin, ar chomhtháiteacht inmheánach agus sheachtrach, lena n-áirítear an chomhlántacht agus na sineirgí idir na hIonstraimí, ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, ar an gcaoi ina rannchuideoidh na bearta le gníomhaíocht sheachtrach chomhsheasmhach an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, le tosaíochtaí an Aontais d'fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Cuirfear aon torthaí agus aon chonclúidí maidir le tionchar fadtéarmach na nIonstraimí san áireamh sa tuarascáil. Beidh faisnéis ann freisin faoin éifeacht luamhánaithe a baineadh amach le cistí gach ceann de na hionstraimí airgeadais.

Déanfar an tuarascáil chun go bhfeabhsófar cur chun feidhme chúnamh an Aontais go sonrach. Beidh sé mar eolas i dtaca le cinntí faoi athnuachan, faoi mhodhnú nó faoi fhionraí na gcineálacha sin gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoi na hIonstraimí.

Beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiúchán ar fad a rialaítear leis an Rialachán seo sa tuarascáil freisin, lena n-áireofar ioncaim sheachtracha sannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus lena tairgtear achoimre ar chaiteachas de réir tíre is tairbhí, úsáide ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta ar an tréimhse ó 2014 go 2020 laistigh den athscrúdú eatramhach ar an gcéad thréimhse airgea