ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.347.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 56
20 Nollaig 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE

25

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ( 1 )

33

 

*

Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE ( 1 )

50

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1289/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

74

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ( 1 )

81

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ( 1 )

104

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ( 1 )

174

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ( 1 )

185

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

209

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ( 1 )

221

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta ( 1 )

238

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1297/2013 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, leis na rialacha saortha i gcás Ballstát áirithe agus leis na rialacha maidir le híocaíochtaí an iarmhéid deiridh

253

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1298/2013 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir leis an leithdháileadh airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa

256

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEORPA agus ón gCOMHAIRLE an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

259

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle

281

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

289

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

303

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

320

 

*

Rialachán (AE) Uimh 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013. maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle

470

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

487

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle

549

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle

608

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

671

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006

855

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus a ndáileadh i dtaca leis an mbliain 2014 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm sa bhliain 2014

865

 

*

Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020

884

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 347 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1285/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don bheartas Eorpach um loingseoireacht satailíte dhá chóras um loingseoireacht satailíte a sholáthar don Aontas, eadhon an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus córas EGNOS ('na córais'). Eascraíonn na córais seo as clár Galileo agus clár EGNOS faoi seach. Is éard atá i ngach bonneagar díobh satailítí agus gréasán de stáisiúin talún.

(2)

Is é is aidhm do chlár Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte atá deartha go sonrach chun críocha sibhialta a chur ar bun agus a oibriú, ar bonneagar é ar féidir le gníomhaithe éagsúla poiblí agus príobháideacha san Eoraip agus ar fud an domhain a úsáid. Feidhmíonn an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo go neamhspleách ar na córais eile atá ann cheana nó a d'fhéadfadh a bheith ann, ag cur ar an dóigh sin i measc nithe eile le huathriail straitéiseach an Aontais, rud a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle béim air.

(3)

Is é is aidhm do chóras EGNOS feabhas a chur ar cháilíocht na gcomharthaí oscailte ó na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana ('GNSS') agus ar na comharthaí sin ón tseirbhís oscailte a thairgtear leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, nuair a bheidh siad ar fáil. Ba cheart go gclúdófaí, mar thosaíocht, leis na seirbhísí a sholáthraíonn clár EGNOS, críocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip, lena n-áirítear chun na críche seo, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara.

(4)

Thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún tacaíocht do chlár Galileo agus do chlár EGNOS i gcónaí.

(5)

Ós rud é go bhfuil a lán forbartha déanta ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS, as a dtagann córais atá ag céim saothraithe, tá gá le hionstraim dlí sonrach chun freastal ar a riachtanais, go háirithe i dtéarmaí rialachais agus slándála, d'fhonn an ceanglas maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a shásamh agus d'fhonn úsáid na gcóras a chur chun cinn.

(6)

Is bonneagair iad na córais a chuirtear ar bun mar ghréasáin thras-Eorpacha ar leithne i bhfad a n-úsáid ná teorainneacha náisiúnta na mBallstát. Thairis sin, rannchuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin le réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear gréasáin thras-Eorpacha a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

(7)

Is uirlis de chuid an bheartais thionsclaíoch iad clár Galileo agus clár EGNOS agus is cuid de straitéis Eoraip 2020 iad, mar atá léirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Samhain 2010 dar teideal 'Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe: an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht a chur chun tosaigh'. Déantar tagairt dóibh freisin sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2011 dar teideal 'I dtreo straitéise spáis de chuid an Aontais Eorpaigh atá chun leasa a shaoránaigh'. Tá a lán buntáistí do gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais ag na cláir sin, arb é EUR 130 billiún a luach carnach measta don tréimhse 2014-2034.

(8)

Tá líon na n-earnálacha eacnamaíoch, go háirithe na hearnálacha iompair, teileachumarsáide, talmhaíochta agus fuinnimh, a bhaineann úsáid mhéadaithe as córais um loingseoireacht satailíte ag dul i méid. Is féidir le húdaráis phoiblí freisin tairbhe a bhaint as na córais seo i réimsí éagsúla amhail seirbhísí éigeandála, na póilíní, bainistíocht ghéarchéime nó bainistíocht teorann. Tairbheoidh an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol go mór mar gheall ar úsáid loingseoireachta satailíte a fhorbairt. Déantar tairbhí socheacnamaíocha den sórt sin a fho-roinnt ina dtrí phríomhchatagóir: tairbhí díreacha a leanann as fás an mhargaidh spáis, tairbhí díreacha a leanann as fás an mhargaidh iartheachtaigh d'fheidhmchláir agus do sheirbhísí bunaithe ar GNSS, agus tairbhí indíreacha a leanann as teacht chun cinn feidhmchlár nua in earnálacha eile nó a leanann as aistriú teicneolaíochta chuig earnálacha eile, as a dtagann deiseanna nua do mhargaí in earnálacha eile, gnóthaithe táirgiúlachta thar an tionscal agus tairbhí poiblí a ghintear tríd an truailliú a laghdú nó trí leibhéil feabhsaithe sábháilteachta agus slándála a bheith ann.

(9)

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtabharfadh an tAontas tacaíocht d'fhorbairt feidhmchlár agus seirbhísí bunaithe ar na córais. Sa tslí sin, beidh saoránaigh an Aontais in ann tairbhiú de na córais, agus déanfar a áirithiú leis go gcothabhálfar muinín an phobail i gclár Galileo agus i gclár EGNOS. Is é Fís 2020 - an Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht ("Fís 2020") arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an () an ionstraim iomchuí chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le forbairt feidhmchlár bunaithe ar GNSS a mhaoiniú. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí cuid réamhtheachtach atá an-sonrach de ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha a mhaoiniú ón mbuiséad a leithdháilfear do chlár Galileo agus do chlár EGNOS faoin Rialachán seo, sa chás go bhfuil baint ag gníomhaíochtaí den sórt sin le heilimintí bunúsacha amhail slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo, rud a éascóidh forbairt feidhmchlár thar earnálacha difriúla den gheilleagar. Dá ainneoin sin, níor cheart go gcuirfeadh maoiniú den sórt sin imlonnú nó saothrú an bhonneagair a bhunófar faoi na cláir i mbaol.

(10)

I bhfianaise úsáid mhéadaitheach na loingseoireachta satailíte thar líon mór réimsí gníomhaíochta, d'fhéadfadh cur isteach ar sholáthar seirbhísí dochar mór a dhéanamh do shochaí an lae inniu agus caillteanais do go leor oibreoirí eacnamaíocha a bheith mar thoradh air. Ina theannta sin, de bhrí go bhfuil gné straitéiseach ag baint leo, is bonneagair íogaire iad córais um loingseoireacht satailíte, agus d'fhéadfadh sé go mbainfí úsáid mhailíseach astu. Is féidir leis na tosca sin tionchar a imirt ar shlándáil an Aontais, a Bhallstát agus a shaoránach. Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais slándála a chur san áireamh le linn dhearadh, fhorbairt, imlonnú agus shaothrú na mbonneagar a bhunófar faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS i gcomhréir le cleachtais chaighdeánacha.

(11)

Áirítear i gclár Galileo céim sainithe atá tugtha chun críche, céim forbartha agus bailíochtaithe go dtí 2013, céim imlonnaithe a thosaigh in 2008 agus ar cheart di a bheith críochnaithe in 2020 agus céim saothraithe ar cheart di tosú de réir a chéile ó 2014-15 chun go mbeidh an córas ar fad go hiomlán oibríochtúil in 2020. Tógadh agus láinseáladh an chéad cheithre satailít oibríochtúla tógtha agus láinseáilte le linn na céime forbartha agus bailíochta, agus ba cheart go mbeadh an cnuasach iomlán satailítí críochnaithe le linn na céime imlonnaithe agus ba cheart go ndéanfaí uasghrádú le linn na céime saothraithe. Ba cheart go ndéanfaí an bonneagar ar talamh a bhaineann leis na céimeanna sin a fhorbairt agus a oibriú dá réir sin.

(12)

Tá clár EGNOS ag an gcéim saothraithe ó dearbhaíodh go raibh a sheirbhís oscailte agus a sheirbhís ar a dtugtar 'sábháilteacht bheatha' ag oibriú i Deireadh Fómhair 2009 agus i Márta 2011 faoi seach. Faoi réir na srianta teicniúla agus airgeadais agus ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta, d'fhéadfaí cumhdach geografach na seirbhísí arna soláthar ag córas EGNOS a shíneadh chuig réigiúin eile den domhan, go háirithe chuig críocha na dtíortha is iarrthóirí, chuig críocha na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an Aerspás Eorpach Aonair agus chuig críocha na dtíortha i mBeartas Comharsanachta na hEorpa. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí an síneadh sin chuig réigiúin eile den domhan a mhaoiniú le leithreasaí buiséadacha atá sannta do chlár Galileo agus do chlár EGNOS faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an … (3) agus níor cheart go gcuirfeadh an síneadh sin moill ar shíneadh an chumhdaigh ar fud chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip.

(13)

Rinneadh athphróifíliú ar bhundearadh sheirbhís sábháilteachta beatha Galileo faoi mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun a idir-inoibritheacht le GNSS eile a áirithiú, chun freagairt go héifeachtúil do riachtanais úsáideora na seirbhíse sábháilteachta beatha agus chun coimpléascacht, rioscaí agus costais an bhonneagair atá ag teastáil a laghdú.

(14)

Chun glacadh sheirbhís sábháilteachta beatha EGNOS a uasmhéadú, ba cheart í a chur ar fáil gan mhuirear dhíreach don úsáideoir. Ba cheart freisin an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí (PRS) de chuid Galileo a thairiscint saor in aisce do na rannpháirtithe PRS seo a leanas, de réir bhrí Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5): na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí ("SEGS") agus gníomhaireachtaí cuí-údaraithe de chuid an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé le tuiscint nach ndéanfaidh éagmais na muirear difear do na forálacha maidir leis na costais a bhaineann le feidhmiú údarás inniúil PRS mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1104/2011/AE.

(15)

Chun úsáid na seirbhísí a sholáthraítear a bharrfheabhsú, ba cheart go mbeadh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach lena chéile agus, a mhéid is féidir, le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le gnáthmhodhanna radaloingseoireachta, sa chás ina leagfar comhoiriúnacht den sórt sin agus idir-inoibritheacht den sórt sin síos i gcomhaontú idirnáisiúnta, gan dochar do chuspóir na huathrialach straitéisí.

(16)

Ós rud é go bhfuil an tAontas, i bprionsabal, freagrach as clár Galileo agus as clár EGNOS a mhaoiniú go hiomlán, ba cheart a fhoráil gurb ag an Aontas a bheidh úinéireacht na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi na cláir sin. Chun aon chearta bunúsacha a bhaineann le húinéireacht a chomhlíonadh go hiomlán, ba cheart na socruithe is gá le húinéirí atá ann cheana a dhéanamh, go háirithe maidir le codanna riachtanacha na mbonneagar agus a slándáil. Ba cheart go mbeadh sé le tuiscint nach gcumhdaítear leis na forálacha maidir le húinéireacht sócmhainní doláimhsithe a leagtar síos sa Rialachán seo cearta doláimhsithe nach féidir a aistriú faoi dhlíthe náisiúnta ábhartha. Ba cheart go mbeadh úinéireacht den sórt sin ag an Aontas gan dochar don fhéidearthacht don Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí é sin ar bhonn measúnaithe de réir gach cáis ar leith, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt. Ba cheart go mbeadh an tAontas in ann, go háirithe, úinéireacht na gceart maoine intleachtúla a thiocfaidh as an obair a dhéanfar faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS a aistriú go tríú páirtithe nó féadfaidh sé na cearta maoine intleachtúla sin a cheadúnú. Chun glacadh loingseoireachta satailíte sa mhargadh a éascú, is gá a áirithiú gur féidir le tríú páirtithe an úsáid is fearr a bhaint go háirithe as na cearta maoine intleachtúla de chuid an Aontais a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS, lena n-áirítear ar an leibhéal sóisialta agus eacnamaíoch.

(17)

Ní dhéanfaidh na forálacha maidir le húinéireacht a leagtar síos sa Rialachán seo difear do na sócmhainní a chruthófar nó a fhorbrófar lasmuigh de chlár Galileo agus de chlár EGNOS. D'fhéadfadh sé, ó am go ham, go mbeadh sócmhainní den sórt sin ábhartha, áfach, d'fheidhmiú na gclár. Chun forbairt teicneolaíochta nua a spreagadh lasmuigh de chlár Galileo agus de chlár EGNOS, ba cheart don Choimisiún spreagadh a thabhairt do thríú páirtithe a aird a tharraingt ar shócmhainní ábhartha doláimhsithe agus ba cheart, i gcás ina mbeadh sé tairbhiúil do na cláir, téarmaí maidir le húsáid iomchuí na sócmhainní sin a chaibidliú.

(18)

Ba cheart céim imlonnaithe agus céim saothraithe chlár Galileo agus céim saothraithe chlár EGNOS a bheith go hiomlán maoinithe ag an Aontas. Mar sin féin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann maoiniú breise a thabhairt do chlár Galileo agus do chlár EGNOS nó ranníocaíocht chomhchineáil a dhéanamh leo, ar bhonn comhaontuithe iomchuí, chun eilimintí breise sna cláir a bhaineann le cuspóirí ionchasacha áirithe na mBallstát lena mbaineann a mhaoiniú. Ba cheart freisin go mbeadh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta in ann rannchuidiú leis na cláir.

(19)

Chun comhleanúnachas agus cobhsaíocht chlár Galileo agus chlár EGNOS a áirithiú agus a ngné Eorpach agus a mbreisluach bunúsach Eorpach á chur san áireamh, beidh maoiniú leordhóthanach agus comhsheasmhach ag teastáil le linn tréimhsí pleanála airgeadais. Is gá freisin an méid airgid a bheidh ag teastáil i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a shonrú, chun críochnú chéim imlonnaithe chlár Galileo agus chéim saothraithe chlár Galileo agus chéim saothraithe chlár EGNOS a mhaoiniú.

(20)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 déantar uasmhéid EUR 7 071,73 milliún i bpraghsanna reatha a leithdháileadh do mhaoiniú na ngníomhaíochtaí a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ar mhaithe le soiléireacht agus d'fhonn rialú costas a éascú, ba cheart an méid foriomlán sin a mhiondealú ina chatagóirí éagsúla. Mar sin féin, ar mhaithe le solúbthacht agus d'fhonn dea-reáchtáil na gclár a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cistí a ath-leithdháileadh ó chatagóir amháin go catagóir eile. Ba cheart go mbeadh cosaint na gcóras agus a bhfeidhmithe, lena n-áirítear le linn lainseáil na satailítí, ar áireamh freisin sna gníomhaíochtaí cláir. Chuige sin, d'fhéadfadh an buiséad arna leithdháileadh ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS ranníocaíocht a mhaoiniú leis na costais a ghabhann le seirbhísí atá in ann cosaint den sórt sin a sholáthar, agus sin a mhéid is féidir agus dianbhainistíocht costas á leanúint agus i gcomhlíonadh iomlán an uasmhéid arna bhunú i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Ba cheart ranníocaíocht den sórt sin a úsáid chun sonraí agus seirbhísí a sholáthar agus chuige sin amháin agus ní chun bonneagar a cheannach. Leis an Rialachán seo bunaítear imchlúdach airgeadais chun leanúint le clár Galileo agus le clár EGNOS, agus beidh an clúdach sin, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (7) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta airgeadais bhliantúil.

(21)

Ba cheart na gníomhaíochtaí dá ndeonófar leithreasaí buiséadacha de chuid an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS don tréimhse 2014-2020 a shonrú sa Rialachán seo. Ba cheart leithreasaí den sórt sin a dheonú go príomha do ghníomhaíochtaí a bhaineann le céim imlonnaithe chlár Galileo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bainistíochta agus faireacháin don chéim sin, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú an chórais a bunaíodh faoi chlár Galileo, lena n-áirítear réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí ullmhúcháin do chéim saothraithe an chláir sin, agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú chóras EGNOS. Ba cheart iad a dheonú freisin chun gníomhaíochtaí áirithe eile a mhaoiniú a bhfuil gá leo chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhainistiú agus a bhaint amach, go háirithe tacaíocht do thaighde agus d'fhorbairt eilimintí bunúsacha, amhail slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, modúil bhogearraí le haghaidh faireacháin suite agus sláine. Is comhéadan idir na seirbhísí a thairgeann na bonneagair agus feidhmchláir iartheachtacha iad na heilimintí sin, agus éascaíonn siad forbairt na bhfeidhmchlár ar fud earnálacha éagsúla an gheilleagair. Is catalaíoch iad a bhforbairt in uasmhéadú tairbhí socheacnamaíocha ós rud é go n-éascaíonn sé glacadh sa mhargadh leis na seirbhísí a thairgtear. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an straitéis a leantar chun costais a bhainistiú.

(22)

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gcuirtear san áireamh sna costais infheistíochta ná sna costais oibriúcháin faoi mar a mheastar don tréimhse 2014-2020 na hoibleagáidí airgeadais gan coinne a bhféadfadh sé go gcaithfidh an tAontas iad a ghlacadh, go háirithe iad siúd a bhaineann le dliteanas a eascraíonn ó chomhlíonadh na seirbhísí nó ó úinéireacht Aontais ar na córais, go háirithe maidir le haon mhífheidhmiú na gcóras. Tá anailís shonrach á déanamh ag an gCoimisiún ar na hoibleagáidí sin.

(23)

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach gcumhdaíonn na hacmhainní buiséadacha a bheartaítear faoin Rialachán seo obair arna maoiniú ag cistí atá sannta do chlár Fís 2020, amhail na cistí a bhaineann le forbairt feidhmchlár atá díorthaithe ó na córais. Le hobair den sórt sin, beifear in ann úsáid na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú chlár Galileo agus chlár EGNOS a bharrfheabhsú, fáltas maith sóisialta agus eacnamaíocha ar na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag an Aontas a áirithiú agus cur le fios gnó chuideachtaí an Aontais i dtaobh theicneolaíocht na loingseoireachta satailíte. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur ann do thrédhearcacht agus do shoiléireacht maidir le foinsí éagsúla maoinithe do ghnéithe éagsúla na gclár.

(24)

Ina theannta sin, ba cheart gurbh ar an Aontas a fhabhródh an t-ioncam a ghinfidh na córais, ar ioncam é a eascróidh, go háirithe, ón tseirbhís tráchtála arna soláthar ag an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, chun go gcúiteofaí go páirteach é maidir leis na hinfheistíochtaí a rinne sé roimh ré, agus ba cheart an t-ioncam sin a úsáid chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a thacú. D'fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin maidir le sásra comhroinnte ioncaim i gconarthaí a chuirfear i gcrích le heintitis san earnáil phríobháideach.

(25)

Chun costais sa bhreis agus moilleanna a raibh tionchar acu ar fheidhmiú chlár Galileo agus chlár EGNOS roimhe seo a sheachaint, is gá cur leis na hiarrachtaí chun smacht a fháil ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le costais sa bhreis agus/nó moilleanna, faoi mar a d'iarr Parlaimint na hEorpa ina rún an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an athbhreithniú lár téarma ar na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte: measúnú cur chun feidhme, dúshláin amach anseo agus peirspictíochtaí maoinithe (8) agus faoi mar a iarradh i gconclúidí na Comhairle an 31 Márta 2011 agus mar atá léirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal 'Buiséad don Eoraip 2020'.

(26)

Éilítear le dea-rialachas poiblí chlár Galileo agus chlár EGNOS go ndéantar, ar thaobh amháin, cúraimí agus freagrachtaí a scaradh óna chéile go docht daingean, go háirithe idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) agus, ar an taobh eile, an rialachas a oiriúnú de réir a chéile do riachtanais oibríochtúla na gcóras.

(27)

Ós rud é go ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais, nach ndéanann, i bprionsabal, ach maoiniú a thabhairt do chlár Galileo agus do chlár EGNOS amháin agus a bhfuil úinéireacht na gcóras aige, ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as dul chun cinn na gclár agus as maoirseacht foriomlán a dhéanamh orthu. Ba cheart dó na cistí arna leithdháileadh ar na cláir faoin Rialachán seo a bhainistiú, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí uile na gclár agus leithdháileadh soiléir freagrachtaí agus cúraimí a áirithiú, go háirithe idir an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES. Chuige sin, ba cheart cúraimí sonracha a shannadh don Choimisiún, anuas ar na cúraimí a bhaineann leis na freagrachtaí ginearálta sin agus na cúraimí eile nach mór dó a chur i gcrích faoin Rialacháin seo. Chun acmhainní agus inniúlachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a bharrfheabhsú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún cúraimí áirithe a tharmligean trí chomhaontuithe tarmligin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom), Uimh. 966/2012.

(28)

I bhfianaise na tábhachta atá ag cláir bhonneagar ar talamh na gcóras do chlár Galileo agus do chlár EGNOS agus i bhfianaise a thionchair ar a slándáil, ba cheart cinneadh shuíomh an bhonneagair a bheith mar cheann de na cúraimí sonracha a shanntar don Choimisiún. Ba cheart próiseas oscailte agus trédhearcach a leanúint i gcónaí maidir le himlonnadh bhonneagar ar talamh na gcóras. Ba cheart suíomh bonneagair den sórt sin a chinneadh trí na srianta geografacha agus teicniúla a bhaineann le dáileadh barrmhaith geografach an bhonneagair ar talamh a chur san áireamh, chomh maith le haon suiteálacha nó trealamh atá ann cheana a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach do na cúraimí ábhartha, agus chomh maith leis sin trína áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais slándála gach stáisiúin ar talamh agus riachtanais náisiúnta slándála gach Ballstáit.

(29)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhaint amach agus cúraimí áirithe a bhaineann le dul chun cinn na gclár sin a chur chun feidhme. Is gníomhaireacht de chuid an Aontais í atá, mar chomhlacht de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, faoi réir na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Ba cheart cúraimí áirithe a bhaineann le slándáil na gclár agus lena hainmniú ionchasach mar údarás inniúil PRS a shannadh dó. Ba cheart freisin go gcuideodh sé le cur chun cinn agus margú na gcóras, lena n-áirítear trí theagmhálacha a bhunú le húsáideoirí agus le húsáideoirí ionchasacha na seirbhísí a chuirfear ar fáil faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS, agus ba cheart dó faisnéis faoina riachtanais agus faoi fhorbairtí ar mhargadh na loingseoireachta satailíte a bhailiú. Ina theannta sin, ba cheart di na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún di a chur i gcrích trí chomhaontú tarmligin amháin nó níos mó lena gcumhdaítear cúraimí éagsúla sonracha eile a bhaineann leis na cláir, go háirithe cúraimí a bhaineann le céimeanna saothraithe na gcóras, lena n-áirítear bainistíocht oibríochtúil na gclár, cur chun cinn na bhfeidhmchlár agus seirbhísí ar mhargadh na loingseoireachta satailíte agus cur chun cinn fhorbairt na n-eilimintí bunúsacha a bhaineann leis na cláir. Chun go mbeidh an Coimisiún, ag déanamh ionadaíochta thar ceann an Aontais, in ann a chumhacht rialaithe a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a thabharfar don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a bheith ar áireamh sna comhaontuithe tarmligin sin.

Ba cheart aistriú freagrachta don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS maidir leis na cúraimí a bhaineann le bainistíocht oibríochtúil chlár Galileo agus chlár EGNOS agus a bhaineann lena saothraithe a dhéanamh céim ar céim agus a bheith ar choinníoll go dtabharfar chun críche athbhreithniú maidir le haistriú go rathúil agus ar choinníoll go mbeidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS ullamh glacadh le cúraimí den sórt sin, d'fhonn leanúnacht na gclár sin a áirithiú. Maidir le EGNOS, ba cheart go ndéanfaí an t-aistriú an 1 Eanáir 2014; maidir le Galileo táthar ag súil leis go ndéanfar an t-aistriú in 2016.

(30)

Maidir le céim imlonnaithe chlár Galileo, ba cheart go gcuirfeadh an tAontas comhaontú tarmligin i gcrích le GES ina leagfar amach cúraimí GES sa chéim sin. Ba cheart don Choimisiún, ag déanamh ionadaíochta thar ceann an Aontais, gach iarracht a dhéanamh an comhaontú tarmligin sin a thabhairt i gcrích laistigh de shé mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun go mbeidh an Coimisiún, in ann a chumhacht rialaithe a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a thabharfar do GES a bheith ar áireamh sa chomhaontú tarmligin. I leith na ngníomhaíochtaí a mhaoiníonn an tAontas amháin, ba cheart do choinníollacha den sórt sin leibhéal rialaithe a ráthú atá inchomparáide leis an leibhéal a cheanglófaí dá mba gníomhaireacht de chuid an Aontais í GES.

(31)

Maidir le céim saothraithe chlár Galileo agus chlár EGNOS, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS socruithe oibre a thabhairt i gcrích le GES ina leagfar amach cúraimí GES maidir le glúine na gcóras amach anseo a fhorbairt agus maidir le tacaíocht theicniúil a sholáthar i ndáil le glúin reatha na gcóras. Ba cheart go gcomhlíonfadh na socruithe sin Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Níor cheart go gcuimseofaí leis na socruithe sin ról GES ó thaobh gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde agus teicneolaíocht, ná luathchéimeanna na ngníomhaíochtaí éabhlóide agus taighde a bhaineann leis na bonneagair a bunaíodh faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS. Ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a mhaoiniú lasmuigh de raon feidhme an bhuiséid a leithdháiltear do na cláir, mar shampla ó chistí a leithdháiltear do Fís 2020.

(32)

Cuimsíonn an fhreagracht as dul chun cinn chlár Galileo agus chlár EGNOS, go háirithe, an fhreagracht as a slándáil agus as slándáil a gcóras agus a bhfeidhmithe. Seachas i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle (10), ar gá í a athbhreithniú chun léiriú a dhéanamh ar athruithe i gclár Galileo agus i gclár EGNOS agus ar athruithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thig ó Chonradh Liospóin, is é an Coimisiún atá freagrach as slándáil, fiú más rud é go dtugtar cúraimí áirithe slándála don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS. Is é an Coimisiún atá freagrach as sásraí a chur ar bun chun comhordú leormhaith a áirithiú idir na heintitis éagsúla atá freagrach as slándáil.

(33)

Maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i ndáil le cúrsaí slándála, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe slándála ábhartha na mBallstát.

(34)

Ós rud é go bhfuil saineolas sonrach ag SEGS agus go mbíonn teagmháil rialta aici le riaracháin tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tá sí in inmhe cuidiú leis an gCoimisiún cúraimí áirithe dá chuid a chur i gcrích, ar cúraimí iad a bhaineann le slándáil na gcóras agus le slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS i réimse an chaidrimh eachtraigh, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (11). Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil SEGS bainteach go hiomlán lena ghníomhaíochtaí maidir le cúraimí a bhaineann le cúrsaí slándála a chur chun feidhme i réimse an chaidrimh sheachtraigh. Chuige sin, ba cheart gach tacaíocht theicniúil riachtanach a chur ar fáil do SEGS.

(35)

Chun cúrsaíocht shlán faisnéise a áirithiú, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go gcuirfí ar fáil leis na rialacháin slándála méid áirithe cosanta d'fhaisnéis rúnaicmithe AE arb ionann sin agus an chosaint a thugtar faoi na rialacha slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (12) agus faoi na rialacha slándála de chuid na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh 2013/488/EU (13). Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go bhfuil a rialacháin náisiúnta slándála infheidhme maidir le gach duine nádúrtha ar a bhfuil sainchónaí ar a chríoch agus maidir le gach eintiteas dlíthiúil atá bunaithe ar a chríoch a dheileáileann le faisnéis rúnaicmithe AE a mhéid a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS. Ba cheart rialacháin slándála GES agus Chinneadh 15.6.2011 ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (14) a mheas a bheith coibhéiseach leis na rialacha slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus le rialacha slándála a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE.

(36)

Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le rochtain ar dhoiciméid a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bhreis air sin, níor cheart go mbeadh sé le tuiscint ón Rialachán seo, go gcuirtear oibleagáid ar Bhallstát neamhaird a thabhairt ar a chuid ceanglas bunreachtúil i ndáil le rochtain ar dhoiciméid.

(37)

Chun cistí de chuid an Aontais arna dtugtar do chlár Galileo agus do chlár EGNOS a leithdháileadh, arb é atá sa leithdháileadh uasteorainn nach cheart don Choimisiún a shárú, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha soláthair phoiblí a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, conarthaí a chaibidliú sa chaoi is go ndéantar úsáid bharrmhaith acmhainní, seirbhísí sásúla, reáchtáil rianúil na gclár, dea-bhainistíocht rioscaí agus comhlíonadh an sceidil bheartaithe a áirithiú. Ba cheart don údarás conarthach ábhartha a dhícheall a dhéanamh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.

(38)

Ós rud é gurb é an tAontas, i bprionsabal, a mhaoineoidh clár Galileo agus clár EGNOS, ba cheart go gcomhlíonfadh an soláthar poiblí faoi na cláir sin rialacha an Aontais maidir le conarthaí poiblí agus ba cheart go bhféachfadh siad, ar an gcéad dul síos, leis an luach is fearr ar airgead a fháil, leis na costais a rialú, leis na rioscaí a mhaolú, le héifeachtúlacht a fheabhsú agus leis an spleáchas ar sholáthraithe aonair a laghdú. Ba cheart go n-áiritheofaí rochtain oscailte agus iomaíocht chóir ar fud an tslabhra soláthair, lena dtabharfaí deiseanna cothroma rannpháirtíochta don tionscal ar gach leibhéal, lena n-áirítear, go háirithe, d'iontrálaithe nua agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide ('FBManna'). Aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht nó aon spleáchas fadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ann ar sholáthraí aonair, ba cheart iad a sheachaint. Chun rioscaí a bhaineann leis an gclár a mhaolú, spleáchas ar fhoinsí aonair soláthair a sheachaint agus rialú foriomlán níos fearr ar na cláir agus ar a gcostais agus ar a sceidil a áirithiú, ba cheart ilfhoinsiú a shaothrú, nuair is iomchuí. Lena chois sin, ba cheart go ndéanfaí forbairt an tionscail Eorpaigh a chaomhnú agus a chur chun cinn sna réimsí uile a bhaineann le loingseoireacht satailíte, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an tAontas iontu. Ba cheart an riosca a bhaineann le droch-chomhlíonadh conartha nó le neamhchomhlíonadh conartha a mhaolú chomh fada agus is féidir. Chuige sin, ba cheart do chonraitheoirí inbhuanaitheacht a gcomhlíonta chonarthaigh a léiriú maidir leis na gealltanais arna ndéanamh agus le fad an chonartha. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chonarthacha, de réir mar is iomchuí, ceanglais a shonrú a bhaineann le hiontaofacht na soláthairtí agus le soláthar na seirbhísí.

Sa bhreis air sin, i gcás earraí agus seirbhísí de chineál atá íogair a cheannach, féadfaidh údaráis chonarthacha ceannach den sórt sin a chur faoi réir ceanglas sonrach, go háirithe d'fhonn slándáil faisnéise a áirithiú. Ba cheart cead a thabhairt do thionscail an Aontais dul ar iontaoibh foinsí neamh-Aontais maidir le comhpháirteanna agus seirbhísí áirithe i gcás ina léirítear go bhfuil buntáistí suntasacha ann i dtéarmaí cáilíochta agus costas, agus aird á tabhairt, áfach, ar chineál straitéiseach na gclár agus ar cheanglais an Aontais maidir le slándáil agus rialú onnmhairithe. Ba cheart leas a bhaint as infheistíocht earnála poiblí agus as taithí agus inniúlacht thionsclaíoch, lena n-áirítear iad sin a fuarthas i gcéim sainithe agus i gcéim forbartha agus bhailíochtaithe na gclár, agus é á áirithiú nach sáraítear na rialacha maidir le tairiscintí iomaíocha.

(39)

Chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar chostas iomlán táirge, seirbhíse nó oibre a ndéanfar tairiscint ina leith, lena n-áirítear a gcostas oibriúcháin fadtéarmach, ba cheart an costas iomlán thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ndéanfar tairiscint ina leith a chur san áireamh de réir mar is iomchuí le linn an tsoláthair, trí chur chuige bunaithe ar chost-éifeachtúlacht a úsáid amhail costáil saolré nuair a leantar nós imeachta soláthair atá bunaithe ar chritéar na dámhachtana tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch. Chun na críche sin, ba cheart don údarás conarthach a chinntiú go luafar go sonrach an mhodheolaíocht lena mbeartaítear costais shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre a ríomh, sna doiciméid chonarthacha nó i bhfógra an chonartha agus go mbeifear in ann cruinneas na faisnéise a thabharfaidh na tairgeoirí a fhíorú.

(40)

Is teicneolaíocht chasta í an loingseoireacht satailíte atá á forbairt an t-am ar fad. Is é an toradh atá air sin ná éiginnteacht agus rioscaí do chonarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS, a mhéid is féidir gealltanais fhadtéarmacha maidir le trealamh nó seirbhísí a bheith i gceist le conarthaí den sórt sin. Fágann na saintréithe sin gur gá bearta ar leith i ndáil le conarthaí poiblí a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a chur chun feidhme. Mar sin, ba cheart go bhféadfadh an t-údarás conarthach machaire réidh a athbhunú i gcás ina bhfuil faisnéis phribhléideach faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nglaoch sin ar thairiscintí ag cuideachta amháin nó níos mó, roimh an nglaoch ar thairiscintí. Ba cheart go bhféadfaí conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist, leasú a thabhairt isteach sa chonradh, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a chomhlíonta, nó fiú íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur. Ar deireadh, mar gheall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí a thuar go beacht agus is inmhianaithe dá bhrí sin conarthaí a thabhairt i gcrích i bhfoirm shonrach, foirm nach sonraíonn praghas seasta daingean agus a áiríonn clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(41)

Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ("CAE"), nár cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh, ar bearta iad a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS nó do na seirbhísí. Ba cheart a shoiléiriú freisin gur cheart do na Ballstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a ghlacadh chun cosaint stáisiún ar talamh a bheidh bunaithe ar a gcríocha a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún obair le chéile agus leis na comhlachtaí iomchuí idirnáisiúnta agus leis na húdaráis rialála iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an speictream raidió is gá don chóras arna bhunú faoi chlár Galileo a chur ar fáil agus go ndéanfar é a chosaint le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme iomlán na bhfeidhmchlár a bheidh bunaithe ar an gcóras sin, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(42)

I bhfianaise chineál domhanda na gcóras, tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaidh an tAontas comhaontuithe i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhthéacs chlár Galileo agus chlár EGNOS faoi Airteagal 218 CFAE, go háirithe chun a gcur chun feidhme rianúil a áirithiú, déileáil le ceisteanna áirithe a bhaineann le slándáil agus muirear, na seirbhísí a thugtar do shaoránaigh an Aontais a bharrfheabhsú, agus freastal ar riachtanais tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Is fónta freisin, i gcás inar gá, comhaontuithe atá ann cheana a oiriúnú d'athruithe i gclár Galileo agus i gclár EGNOS. Le linn ullmhúchán nó chur chun feidhme na gcomhaontuithe sin, féadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh chúnamh SEGS, GES agus na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, laistigh de theorainneacha na gcúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo.

(43)

Ba cheart a dheimhniú go bhféadfaidh an Coimisiún, agus cúraimí áirithe neamhrialála dá chuid á gcur i gcrích aige, i gcás inar gá agus a mhéid is gá, dul ar iontaoibh chúnamh teicniúil páirtithe seachtracha áirithe. Féadfaidh eintitis eile a bhfuil baint acu le rialachas poiblí chlár Galileo agus chlár EGNOS úsáid a bhaint as an gcúnamh teicniúil céanna agus cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á gcur i gcrích acu.

(44)

Tá an tAontas fothaithe ar urraim do chearta bunúsacha agus go háirithe ar Airteagal 7 agus ar Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a thugann aitheantas ar leith don cheart bunúsach chun príobháideachta agus do chosaint sonraí pearsanta. Ba cheart cosaint sonraí pearsanta agus an tsaoil phríobháidigh a áirithiú faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS.

(45)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí sin, trí phionóis riaracháin agus airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(46)

Is gá a áirithiú go gcoimeádfar Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS, go háirithe maidir le bainistíocht riosca, costas, sceideal agus feidhmíocht. Ina theannta sin, tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile i bPainéal Idirinstitiúideach Galileo i gcomhréir le dearbhú Comhpháirteach maidir le Painéal Idirinstitiúideach Galileo a fhoilsítear in éineacht leis an Rialachán seo.

(47)

Ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí, bunaithe ar tháscairí comhaontaithe, a dhéanamh d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart arna ndéanamh chun cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhaint amach a mheas.

(48)

Chun slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na cuspóirí ardleibhéil is gá chun slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe a áirithiú. Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(49)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(50)

Ós rud é go n-éilíonn rialú poiblí fónta bainistíocht aonfhoirmeach chlár Galileo agus chlár EGNOS, cinnteoireacht níos tapa agus rochtain chomhionann ar fhaisnéis, ba cheart go mbeadh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus GES in ann páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí in obair an Choiste um Chláir Eorpacha GNSS ("an Coiste") a bunaíodh chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go mbeadh ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas in ann páirt a ghlacadh in obair an Choiste faoi réir srianta slándála agus de réir mar a fhoráiltear i dtéarmaí comhaontuithe den sórt sin. Ní bheidh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, GES, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta vótála de chuid an Choiste.

(51)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córais um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú, a bhaint amach go leordhóthanach, toisc go dtéann sé thar chumas airgeadais agus teicniúil aon Bhallstáit aonair, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí an chuspóra, is féidir é a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(52)

Scoir Comhghnóthas Galileo, a cruthaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle (17) dá oibríochtaí an 31 Nollaig 2006. Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 a aisghairm.

(53)

I bhfianaise an ghá meastóireacht a dhéanamh ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS, mhéid na leasuithe atá le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, agus ar mhaithe le soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha maidir le córais a chur chun feidhme agus a shaothrú faoi na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, go háirithe na rialacha a bhaineann le rialachas agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais.

Airteagal 2

Córais agus cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte

1.   Le cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, Galileo agus EGNOS, cumhdófar na gníomhaíochtaí go léir is gá chun na córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte, eadhon an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus córas EGNOS a shainiú, a fhorbairt, a bhailíochtú, a thógáil, a oibriú, a athnuachan agus a fheabhsú agus slándáil agus idir-inoibritheacht na gcóras sin a áirithiú.

Beidh sé d'aidhm ag na cláir sin tairbhí socheacnamaíocha na gcóras Eorpach um loingseoireacht satailíte a uasmhéadú, go háirithe trí úsáid na gcóras a chur chun cinn agus forbairt feidhmchlár agus seirbhísí atá bunaithe ar na córais sin a chothú.

2.   Bonneagar uathrialaitheach do chóras domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) a bheidh sa chóras a bhunófar faoi chlár Galileo a bheidh comhdhéanta de chnuasach satailítí agus de ghréasán domhanda stáisiún talún. Beidh sé ina córas sibhialta faoi rialú sibhialta.

3.   Bonneagar do chóras réigiúnach um loingseoireacht satailíte a bheidh sa chóras EGNOS lena ndéanfar faireachán agus ceartúchán ar chomharthaí oscailte a astaíonn na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana, chomh maith leis na comharthaí seirbhíse oscailte a thairgeann na córais arna mbunú faoi chlár Galileo, nuair a bheidh siad ar fáil. Cuimsíonn sé stáisiúin talún agus roinnt trasfhreagróirí atá suiteáilte ar shatailítí geochobhsaí.

4.   Is iad a bheidh mar chuspóirí sonracha ag clár Galileo ná a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astaíonn an córas arna bhunú faoin gclár sin a úsáid chun na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

seirbhís oscailte (OS) a thairiscint atá saor in aisce don úsáideoir agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncronaithe, lena ndírítear go príomha ar fheidhmchláir loingseoireachta satailíte ardtoirte;

(b)

go gcuirfear le seirbhísí faireacháin sláine a dhírítear ar úsáideoirí feidhmchláir sábháilteachta beatha i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, trí chomharthaí seirbhíse oscailte Galileo agus/nó i gcomhar le córais eile um loingseoireacht satailíte;

(c)

seirbhís tráchtála (CS) a thairiscint chun feidhmchláir a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála trí bhíthin feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte;

(d)

seirbhís atá faoi rialáil phoiblí (PRS) a thairiscint atá srianta d'úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas amháin, le haghaidh feidhmchlár íogair a éilíonn ardleibhéal leanúnachais seirbhíse, atá saor in aisce do na Ballstáit, don Chomhairle, don Choimisiún, do SEGS agus, i gcás inarb iomchuí, do ghníomhaireachtaí cuí-údaraithe de chuid an Aontais; úsáideann an tseirbhís seo comharthaí láidre criptithe. Déanfar an cheist i dtaobh muirear a ghearradh ar rannpháirtithe eile PRS dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a mheasúnú de réir gach cáis ar leith agus déanfar forálacha iomchuí a shonrú sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 3(5) den Chinneadh sin;

(e)

cur leis an tseirbhís cuardaigh agus tarrthála (SAR) de chóras COSPAS-SARSAT trí chomharthaí guaise a bhrath a tharchuirfear ó rabhcháin agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais chucu.

5.   Is iad a bheidh mar chuspóirí sonracha ag clár EGNOS ná a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astaíonn córas EGNOS a úsáid chun na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

seirbhís oscailte (OS) a thairiscint atá saor in aisce don úsáideoir agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncronaithe, lena ndírítear go príomha ar fheidhmchláir loingseoireachta satailíte ardtoirte sa limistéar a chumhdaítear le córas EGNOS;

(b)

seirbhís do scaipeadh sonraí tráchtála, eadhon Seirbhís Rochtana Sonraí EGNOS (EDAS), a thairiscint chun forbairt feidhmchlár le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála a chur chun cinn trí bhíthin feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear trína sheirbhís oscailte;

(c)

seirbhís sábháilteachta beatha (SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh; leis an tseirbhís seo, a chuirtear ar fáil saor ó mhuirir dhíreacha don úsáideoir, comhlíontar go háirithe riachtanais leanúnachais, infhaighteachta agus cruinnis atá ag earnálacha áirithe agus áirítear leis teachtaireacht sláine lena gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas faoi aon chliseadh i gcórais atá á dtreisiú ag córas EGNOS ar fud an limistéir atá clúdaithe nó faoi aon chomharthaí as lamháltas ó na córais sin;

Mar thosaíocht, soláthrófar na feidhmeanna sin laistigh de chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip chomh luath agus is féidir.

D'fhéadfaí clúdach geografach chóras EGNOS a shíneadh chuig réigiúin eile den domhan, go háirithe chuig críocha na dtíortha is iarrthóirí, chuig críocha na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an Aerspás Eorpach Aonair agus chuig críocha thíortha i mBeartas Comharsanachta na hEorpa, faoi réir féidearthachta teicniúla agus ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta. Ní chumhdófar costas sínidh den sórt sin, lena n-áirítear na costais ghaolmhara saothraithe, leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 9. Ní chuirfidh síneadh den sórt sin moill ar shíneadh chlúdach geografach chóras EGNOS ar fud chríocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip.

Airteagal 3

Céimniú chlár Galileo

Is iad seo a leanas na céimeanna a bheidh i gclár Galileo:

(a)

céim sainithe inar dearadh struchtúr an chórais agus inar cinneadh a eilimintí agus ar tháinig deireadh léi in 2001;

(b)

céim forbartha agus bhailíochtaithe, atá sceidealaithe le bheith críochnaithe faoin 31 Nollaig 2013, arb é atá inti, tógáil agus lainseáil na gcéad satailítí, cur ar bun na gcéad bhonneagar ar talamh agus na hoibreacha agus na hoibríochtaí go léir is gá chun an córas i bhfithis a bhailíochtú;

(c)

céim imlonnaithe le bheith críochnaithe faoin 31 Nollaig 2020 ina mbeidh:

(i)

tógáil, bunú agus cosaint gach bonneagair spásbhunaithe, go háirithe na satailítí uile atá ag teastáil chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a bhaint amach agus na satailítí breise atá ag teastáil, agus an chothabháil éabhlóideach ghaolmhar agus na hoibríochtaí gaolmhara;

(ii)

tógáil, bunú agus cosaint gach bonneagair ar talamh, go háirithe an bhonneagair atá ag teastáil chun satailítí a rialú agus na sonraí satailíte radaloingseoireachta a phróiseáil, agus ionad seirbhísí agus ionad eile ar talamh, agus an chothabháil éabhlóideach ghaolmhar agus na hoibríochtaí gaolmhara;

(iii)

ullmhúcháin don chéim saothraithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhaineann le seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a sholáthar;

(d)

céim saothraithe ina mbeidh:

(i)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(ii)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair ar talamh, go háirithe ionad seirbhísí agus ionad eile ar talamh, gréasán agus láithreán, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(iii)

forbairt ghlúine an chórais amach anseo agus éabhlóid na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4);

(iv)

na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár;

(v)

soláthar agus margú na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4);

(vi)

comhar le GNSS eile; agus

(vii)

gach gníomhaíocht eile is gá chun an córas a fhorbairt agus chun oibriú rianúil an chórais a áirithiú.

Cuirfear tús de réir a chéile leis an gcéim saothraithe idir 2014 agus 2015, nuair a sholáthrófar na seirbhísí tosaigh don tseirbhís oscailte, don tseirbhís cuardaigh agus tarrthála agus don tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí. Cuirfear feabhas ar na seirbhísí tosaigh sin de réir a chéile agus cuirfear na feidhmeanna eile a shonraítear sna cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(4) chun feidhme de réir a chéile d'fhonn acmhainn iomlán oibríochtúil a bhaint amach faoi 31 Nollaig 2020.

Airteagal 4

Céim saothraithe EGNOS

Is éard atá, go príomha, i gcéim saothraithe EGNOS:

(a)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair spásbhunaithe, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(b)

bainistíocht, cothabháil, feabhas leanúnach, éabhlóid agus cosaint an bhonneagair ar talamh, go háirithe gréasáin, láithreáin agus saoráidí tacaíochta, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(c)

forbairt ghlúine an chórais amach anseo agus éabhlóid na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(5);

(d)

na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár;

(e)

soláthar agus margú seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(5);

(f)

na heilimintí ar fad a thugann údar maith le hiontaofacht an chórais agus a shaothraithe;

(g)

gníomhaíochtaí comhordaithe a bhaineann leis na cuspóirí sonracha a chur i gcrích de bhun an dara fomhír agus an triú fomhír d'Airteagal 2(5).

Airteagal 5

Comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcóras

1.   Beidh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach ón taobh teicniúil de.

2.   Beidh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as clár Galileo agus as clár EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le gnáthmhodhanna loingseoireachta, sa chás ina leagfar síos ceanglais den sórt sin maidir le comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht i gcomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 29.

Airteagal 6

Úinéireacht

Beidh an tAontas ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS. Chuige sin, tabharfar comhaontuithe i gcrích le tríú páirtithe, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta úinéireachta atá ann cheana.

Áiritheoidh an Coimisiún, trí chreat iomchuí, an úsáid is fearr is féidir do shócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo: go háirithe, déanfaidh sé bainistiú chomh héifeachtúil agus is féidir ar na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS, agus an gá le cosaint agus luach a thabhairt do chearta maoine intleachtúla an Aontais, leasanna na ngeallsealbhóirí go léir, agus an gá le forbairt chomhchuí na margaí agus na dteicneolaíochtaí nua á gcur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh sé a áirithiú go n-áireofar sna conarthaí a dhéanfar, faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS, an fhéidearthacht cearta maoine intleachtúla a thiocfaidh as obair a dhéanfar faoi na cláir sin a aistriú go tríú páirtithe nó na cearta maoine intleachtúla sin a cheadúnú do thríú páirtithe.

CAIBIDIL II

RANNÍOCAÍOCHT AGUS SÁSRAÍ BUISÉADACHA

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí

1.   Maidir le leithreasaí buiséadacha an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS don tréimhse 2014-2020 faoin Rialachán seo, deonófar iad chun na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

céim imlonnaithe chlár Galileo a chur i gcrích de réir mar a thagraítear in Airteagal 3(c);

(b)

céim saothraithe chlár Galileo de réir mar a thagraítear in Airteagal 3(d);

(c)

céim saothraithe chlár EGNOS de réir mar a thagraítear in Airteagal 4;

(d)

bainistíocht agus faireachán chlár Galileo agus chlár EGNOS.

2.   Déanfar leithreasaí buiséadacha an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS, i gcomhréir le hAirteagal 9(2), a dheonú freisin chun gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde agus forbairt eilimintí bunúsacha a mhaoiniú, amhail slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo.

3.   Déanfaidh leithreasaí buiséadacha an Aontais arna sannadh do chlár Galileo agus do chlár EGNOS caiteachas an Choimisiúin a chumhdach freisin, ar caiteachas é a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, cigireachta, iniúchta agus meastóireachta is gá chun na cláir a bhainistiú agus chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5) a chur chun feidhme. Go háirithe, féadfaidh caiteachas den sórt sin an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

staidéir agus cruinnithe le saineolaithe;

(b)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid institiúideach faoi thosaíochtaí beartais an Aontais i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu le cuspóirí an Rialacháin seo, d'fhonn go háirithe sineirgí a chruthú le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais;

(c)

gréasáin teicneolaíochta TF a bhfuil sé mar aidhm acu faisnéis a phróiseáil nó a aistriú;

(d)

aon chúnamh teicniúil nó riaracháin eile a thugtar don Choimisiún chun na cláir a bhainistiú.

4.   Déanfar costais chlár Galileo agus chlár EGNOS agus costais chéimeanna éagsúla na gclár sin a shainaithint go soiléir. Cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 36 ("an Coiste") ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir le leithdháileadh chistí de chuid an Aontais, lena n-áirítear an cúlchiste teagmhasach, ar gach ceann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo agus maidir le húsáid na gcistí sin.

Airteagal 8

Clár Galileo agus chlár EGNOS a mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 7(1), (2) agus (3) a mhaoiniú, chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, gan dochar d'aon ranníocaíocht ó aon fhoinse eile maoinithe, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh Ballstáit iarraidh a dhéanamh ar mhaoiniú breise do chlár Galileo agus do chlár EGNOS chun eilimintí breise a chlúdach i gcásanna ar leith, ar choinníoll nach gcruthófar leis na heilimintí breise sin aon ualach airgeadais nó teicniúil nó aon mhoill don chlár lena mbaineann. Ar bhonn iarrata ó Bhallstát, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3), cé acu ar comhlíonadh nó nach comhlíonadh an dá choinníoll sin. Cuirfidh an Coimisiún aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na míre seo ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste.

3.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta maoiniú breise a chur ar fáil do chlár Galileo agus do chlár EGNOS freisin. Sonróidh na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 29 coinníollacha agus socruithe a gcuid páirtíochta.

4.   Is éard a bheidh sa mhaoiniú breise dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 9

Acmhainní

1.   EUR 7 071,73 milliún i bpraghsanna reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a bheidh san uasmhéid arna leithdháileadh ag an Aontas chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 (1), (2) agus (3) a chur chun feidhme agus chun na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a chlúdach.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Déanfar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhiondealú sna catagóirí caiteachais seo a leanas i bpraghsanna reatha:

(a)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 7(1), EUR 1 930 milliún;

(b)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7(1), EUR 3 000 milliún;

(c)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1), EUR 1 580 milliún;

(d)

maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) agus in Airteagal 7(3), EUR 561,73 milliún;

2.   Gan dochar d'aon mhéideanna a leithdháiltear d'fhorbairt feidhmchlár bunaithe ar na córais laistigh do Fís 2020, déanfaidh na leithreasaí buiséadacha a shannfar do chlár Galileo agus do chlár EGNOS, lena n-áirítear caiteachais shannta, na gníomhaíochtaí faoi mar a thagraítear in Airteagal 7(2) a mhaoiniú suas chomh fada le huasmhéid EUR 100 milliún ag praghsanna tairiseacha.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cistí a ath-leithdháileadh ó chatagóir caiteachais amháin, mar a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (d) den triú fomhír de mhír 1, chuig catagóir caiteachais eile, suas chomh fada le huasteorainn de 10 % den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Sa chás go sroicheann an t-ath-leithdháileadh méid carnach is mó ná 10 % den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon ath-leithdháileadh cistí idir catagóirí caiteachais.

4.   Cuirfear na leithreasaí chun feidhme i gcomhréir le forálacha infheidhme an Rialacháin seo agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

5.   Leithreasófar na ceangaltais bhuiséadacha le haghaidh chlár Galileo agus chlár EGNOS i dtráthchodanna bliantúla.

6.   Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a bhainistiú ar bhealach trédhearcach agus cost-éifeachtúlach. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an straitéis a leantar chun costais a bhainistiú.

Airteagal 10

Ioncam arna ghiniúint ag clár Galileo agus ag clár EGNOS

1.   Baileoidh an tAontas an t-ioncam a ghintear ó shaothrú na gcóras, íocfar isteach i mbuiséad an Aontais é agus sannfar do chlár Galileo agus do chlár EGNOS é, agus go háirithe don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(1). Má tharlaíonn gur mó an t-ioncam ná an t-ioncam a bheidh riachtanach chun céimeanna saothraithe na gclár a mhaoiniú, déanfar aon oiriúnú ar phrionsabal an leithdháilte a fhormheas ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh maidir le sásra comhroinnte ioncaim i gconarthaí a chuirfear i gcrích le cuideachtaí san earnáil phríobháideach.

3.   An t-ús arna ghiniúint ag íocaíochtaí réamh-mhaoinithe arna ndéanamh le heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach, sannfar é do ghníomhaíochtaí atá faoi réir an chomhaontaithe tarmligin nó an chonartha arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an t-eintiteas lena mbaineann. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, osclóidh na heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach cuntais chun go bhféadfar na cistí agus an t-ús comhfhreagrach a shainaithint.

CAIBIDIL III

RIALACHAS POIBLÍ CHLÁR GALILEO AGUS CHLÁR EGNOS

Airteagal 11

Prionsabail maidir le rialachas chlár Galileo agus chlár EGNOS

Beidh rialachas poiblí chlár Galileo agus chlár EGNOS bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

leithdháileadh docht maidir leis na cúraimí agus leis na freagrachtaí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis, go háirithe an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES, faoi fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin;

(b)

comhar dílis idir na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus na Ballstáit;

(c)

rialú láidir na gclár, lena n-áirítear go gcloíonn gach eintiteas lena mbaineann go docht le costas agus sceideal, ina réimsí freagrachta, maidir le cuspóirí chlár Galileo agus chlár EGNOS;

(d)

barrfheabhsú agus cuíchóiriú úsáid na struchtúr atá ann cheana, chun dúbailt an tsaineolais theicniúil a sheachaint.

(e)

úsáid a bhaint as na córais bhainistíochta tionscadal dea-chleachtais agus as na teicnící bainistíochta tionscadal dea-chleachtais chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS, i bhfianaise na riachtanas ar leith agus le tacaíocht ó shaineolaithe sa réimse sin.

Airteagal 12

Ról an Choimisiúin

1.   Beidh freagracht foriomlán ag an gCoimisiún maidir le clár Galileo agus le clár EGNOS. Déanfaidh sé bainistiú ar na cistí a leithdháiltear faoin Rialachán seo, agus maoirseacht ar chur i bhfeidhm gach gníomhaíocht sna cláir, go háirithe maidir lena gcostas, sceideal agus bhfeidhmíocht.

2.   I dteannta na freagrachta foriomláine dá dtagraítear i mír 1 agus na cúraimí sonracha dá dtagraítear sa Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

leithdháileadh soiléir na gcúraimí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu le clár Galileo agus le clár EGNOS a áirithiú agus chuige sin déanfaidh sé, go háirithe trí chomhaontuithe tarmligin, na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 15 faoi seach a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus do GES;

(b)

cur chun feidhme tráthúil chlár Galileo agus chlár EGNOS laistigh de na hacmhainní a leithdháilfear ar na cláir agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 2 a áirithiú.

Chuige sin, bunóidh sé agus cuirfidh sé i bhfeidhm ionstraimí iomchuí agus bearta struchtúracha a bheidh riachtanach chun na rioscaí a bhaineann leis na cláir a shainaithint, a rialú, a mhaolú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(c)

thar ceann an Aontais agus laistigh dá réimse inniúlachta, an caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhainistiú;

(d)

gach faisnéis ábhartha a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS, go háirithe maidir le bainistíocht riosca, le costas foriomlán, le costais oibriúcháin bhliantúil gach míre suntasaí de bhonneagar Galileo, le hioncaim, le sceideal agus le feidhmíocht, chomh maith le forbhreathnú ar chur chun feidhme na gcóras bainistíochta tionscadal agus na dteicnící bainistíochta tionscadal dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 11, a chur ar fáil go tráthúil do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa;

(e)

measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le húsáid na gcóras Eorpach um loingseoireacht satailíte a chur chun cinn agus a áirithiú thar earnálacha éagsúla an gheilleagair, lena n-áirítear trí anailís a dhéanamh ar conas leas a bhaint as na tairbhí a ghintear ag na córais.

3.   Ar mhaithe le dul chun cinn rianúil chéim imlonnaithe agus chéim saothraithe chlár Galileo agus ar mhaithe le dul chun cinn rianúil chéim saothraithe chlár EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, na bearta atá riachtanach don mhéid seo a leanas a leagan síos:

(a)

na rioscaí is gné dhílis de dhul chun cinn chlár Galileo agus chlár EGNOS a bhainistiú agus a laghdú;

(b)

na príomhchéimeanna cinnteoireachta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár a shainiú;

(c)

suíomh bhonneagar ar talamh na gcóras a shocrú i gcomhréir le riachtanais slándála, mar thoradh ar phróiseas trédhearcach agus oscailte agus feidhmiú an bhonneagair sin a áirithiú;

(d)

na sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla is gá chun na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 2(4) a chomhlíonadh a chinneadh agus éabhlóidí córas a chur chun feidhme.

Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

Airteagal 13

Slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe

1.   Áiritheoidh an Coimisiún slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS lena n-áirítear slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

an gá le forbhreathnú agus le comhtháthú maidir le riachtanais agus le caighdeáin a bhaineann le slándáil sna cláir go léir a chur san áireamh;

(b)

a áirithiú go dtacóidh éifeacht fhoriomlán na gceanglas agus na gcaighdeán sin le dul chun cinn rathúil na gclár, go háirithe i dtéarmaí costas, bainistíochta riosca agus sceidil.

(c)

sásraí comhordaithe idir na comhlachtaí éagsúla atá i gceist a bhunú;

(d)

na caighdeáin agus na ceanglais slándála atá i bhfeidhm a chur san áireamh ionas nach n-ísleofar leibhéal ginearálta na slándála agus nach ndéanfar difear d'fheidhmiú na gcóras atá ann cheana féin bunaithe ar na caighdeáin agus ar na riachtanais sin.

2.   Gan dochar d'Airteagal 14 agus d'Airteagal 16 den Rialachán seo agus d'Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35, lena leagfar síos na cuspóirí ardleibhéil is gá chun slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú.

3.   Bunóidh an Coimisiún na sonraíochtaí teicniúla is gá agus bearta eile chun na cuspóirí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

4.   Leanfaidh SEGS ar aghaidh ag cabhrú leis an gCoimisiún, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna i réimse an chaidrimh sheachtraigh, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 14

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS

1   I gcomhréir leis na treoirlínte a leag an Coimisiún síos, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, an méid seo a leanas:

(a)

maidir le slándáil chlár Galileo agus chlár EGNOS agus gan dochar d'Airteagal 13 agus d'Airteagal 16, a áirithiú:

(i)

trína Bhord um Chreidiúnú Slándála, an creidiúnú slándála i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010; chuige sin, cuirfidh sí tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí iniúchtaí slándála córais;

(ii)

feidhmiú Ionad Faireacháin Slándála Galileo, dá dtagraítear in Airteagal 6(d) de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, i gcomhréir leis na caighdeáin agus ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, chomh maith leis na treoracha de bhun Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES;

(b)

na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a dhéanamh, agus cabhrú leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 8(6) den Chinneadh sin;

(c)

cur, i gcomhthéacs chéim imlonnaithe agus chéim saothraithe chlár Galileo agus chéim saothraithe chlár EGNOS, le cur chun cinn agus margú na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5), lena n-áirítear tríd an anailís mhargaidh is gá a chur i gcrích, go háirithe tríd an tuarascáil mhargaidh a tháirgeann an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go bliantúil maidir leis an margadh le haghaidh feidhmchlár agus seirbhísí, trí theagmhálacha dlútha a bhunú le húsáideoirí agus le húsáideoirí féideartha na gcóras ar mhaithe le faisnéis a bhailiú ar a gcuid riachtanas, trí fhorbairtí i margaí iartheachtacha loingseoireachta satailíte a leanúint, agus trí phlean gníomhaíochta a dhréachtú maidir le glacadh ag pobal úsáideora na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5), a chuimsíonn go háirithe gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le caighdeánú agus deimhniúchán.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS cúraimí eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS, lena n-áirítear cúraimí bainistíochta na gclár, agus beidh sí cuntasach iontu. Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí sin a thabhairt di trí chomhaontú tarmligin arna ghlacadh ar bhonn cinnidh tarmligin, i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí oibríochtúla lena n-áirítear bainistíocht bhonneagar na gcóras, cothabháil agus feabhsú leanúnach na gcóras, na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe agus soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5);

(b)

gníomhaíochtaí forbartha agus imlonnaithe maidir le héabhlóid na gcóras agus glúine na gcóras atá le teacht agus cur leis an sainmhíniú ar éabhlóidí seirbhíse, lena n-áirítear soláthar.

(c)

forbairt feidhmchlár agus seirbhísí a chur chun cinn bunaithe ar na córais, chomh maith le feasacht feidhmchlár agus seirbhísí den sórt sin a mhúscailt, lena n-áirítear sainaithint, nascadh agus comhordú a dhéanamh ar líonra na n-ionad barr feabhais Eorpach i bhfeidhmchláir agus seirbhísí GNSS, ag tarraingt ar shaineolas na hearnála poiblí agus príobháidí, agus bearta a bhaineann le cur chun cinn den sórt sin agus múscailt feasachta a mheas;

(d)

forbairt eilimintí bunúsacha a chur chun cinn, mar shampla slis-seiteanna agus glacadóirí cumasaithe do Galileo.

3.   Déanfaidh an comhaontú tarmligin dá dtagraítear i mír 2 leibhéal iomchuí uathrialach agus údaráis a bhronnadh ar an nGníomhaireacht Eorpach GNSS, le tagairt ar leith don údarás conarthach, faoi chuimsiú Airteagal 58(1)(c) agus Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ina theannta sin, leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí arna gcur ar iontaoibh na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus, go háirithe, na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme, an maoiniú ábhartha, na nósanna imeachta bainistíochta, bearta faireacháin agus rialaithe, na bearta is infheidhme i gcás ina gcuirtear conarthaí chun feidhme ar bhealach neamhdhóthanach i dtéarmaí costas, sceidil agus feidhmíochta, chomh maith leis na rialacha maidir le húinéireacht sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

Déanfar foráil leis na bearta faireacháin agus rialaithe, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais shealadacha, d'fhaisnéis chórasach chuig an gCoimisiún i dtaobh costas agus sceidil, agus, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha lena n-áirithítear cur chun feidhme na mbonneagar laistigh de theorainn na mbuiséad arna leithdháileadh.

4.   Rachaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS i mbun na socruithe oibre le GES a bheidh riachtanach chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo maidir le céim saothraithe chlár Galileo agus chlár EGNOS. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas maidir le socruithe oibre den sórt sin a chuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS i gcrích agus maidir le haon athrú orthu. Aon uair is iomchuí, féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a mheas freisin dul ar iontaoibh eintiteas eile san earnáil phoiblí nó phríobháideach.

5.   I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus laistigh de raon feidhme a misin, cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a saineolas teicniúil ar fáil don Choimisiún agus tabharfaidh sí aon fhaisnéis is gá dó chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as na córais dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 12(2) a chur chun cinn agus a áirithiú.

6.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2). Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas roimh ré maidir leis na comhaontuithe tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS.

7.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste a chur ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar aon tairiscintí soláthair agus ar aon chonarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le fochonraitheoireacht.

Airteagal 15

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis

1.   Maidir le céim imlonnaithe chlár Galileo dá dtagraítear in Airteagal 3(c), cuirfidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcrích gan mhoill le GES ina sonrófar cúraimí an dara páirtí, go háirithe maidir le dearadh, forbairt agus soláthar an chórais. Tabharfar an comhaontú tarmligin i gcrích le GES ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

A mhéid is gá do na cúraimí agus do chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligtear, leagfar síos leis an gcomhaontú tarmligin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí arna gcur ar iontaoibh GES agus, go háirithe, na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme maidir le dearadh, forbairt agus soláthar an chórais, an maoiniú ábhartha, na nósanna imeachta bainistíochta agus na bearta faireacháin agus rialaithe, na bearta is infheidhme i gcás ina gcuirtear conarthaí chun feidhme ar bhealach neamhdhóthanach i dtéarmaí costas, sceidil agus feidhmíochta, chomh maith leis na rialacha maidir le húinéireacht sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

Déanfar foráil leis na bearta faireacháin agus rialaithe, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais shealadacha, d'fhaisnéis chórasach chuig an gCoimisiún i dtaobh costas agus sceidil, agus, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir na buiséid bheartaithe, an fheidhmíocht agus an sceideal, do ghníomhaíochtaí ceartaitheacha lena n-áirithítear cur chun feidhme na mbonneagar laistigh de theorainn na mbuiséad arna leithdháileadh.

2.   Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2). Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste ar an eolas roimh ré maidir leis an gcomhaontú tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus GES.

3.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coiste a chur ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar thairiscintí soláthair agus ar chonarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach atá le tabhairt i gcrích ag GES, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le fochonraitheoireacht.

4.   Maidir le céim saothraithe chlár Galileo agus chlár EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 3(d) agus in Airteagal 4, déanfaidh na socruithe oibre idir an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES, dá dtagraítear in Airteagal 14(4) aghaidh a thabhairt ar ról GES le linn na céime seo agus ar a comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach GNSS, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceapadh, dearadh, faireachán, soláthar agus bailíochtú faoi chuimsiú fhorbairt ghlúine na gcóras amach anseo;

(b)

tacaíocht theicniúil faoi chuimsiú fheidhmiú agus chothabháil ghlúin reatha na gcóras.

Comhlíonfaidh na socruithe seo Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus na bearta arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3).

5.   Gan dochar don chomhaontú tarmligin ná do na socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 faoi seach, féadfaidh an Coimisiún saineolas teicniúil agus faisnéis is gá maidir le cur i gcrích a chúraimí faoin Rialachán seo a iarraidh ar GES.

CAIBIDIL IV

GNÉITHE A BHAINEANN LE SLÁNDÁIL AN AONTAIS NÓ LE SLÁNDÁIL NA mBALLSTÁT

Airteagal 16

Gníomhaíocht Chomhpháirteach

I ngach cás inar féidir le feidhmiú na gcóras dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES.

Airteagal 17

Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a chur i bhfeidhm

Faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

áiritheoidh gach Ballstát go dtugann a rialacháin slándála náisiúnta leibhéal cosanta d'fhaisnéis rúnaicmithe AE atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta sin a thugtar faoi na rialacha maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus faoi na rialacha slándála de chuid na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE;

(b)

cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir leis an rialachán slándála náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a).

(c)

ní fhéadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha agus daoine dlítheanacha a bhunaítear i dtríú tíortha plé le faisnéis rúnaicmithe AE a bhaineann le clár Galileo agus le clár EGNOS ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir rialacháin slándála, sna tíortha sin, lena n-áiritheofar leibhéal cosanta atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a thugtar faoi rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom agus le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/488/AE. Sainmhíneofar coibhéis an rialacháin slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhaontú um shlándáil faisnéise idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE agus Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE á chur san áireamh;

(d)

gan dochar d'Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE agus do na rialacha lena rialaítear réimse na slándála tionsclaíche mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom, féadfar rochtain a thabhairt do dhuine nádúrtha nó do dhuine dlítheanach, do thríú tír nó d'eagraíocht idirnáisiúnta ar fhaisnéis rúnaicmithe AE i gcás ina meastar gur gá sin agus de réir gach cáis ar leith, i gcomhréir le cineál agus inneachar faisnéise den sórt sin, leis an ngá don fhaighteoir a bheith ar an eolas agus le méid an bhuntáiste don Aontas.

CAIBIDIL V

SOLÁTHAR POIBLÍ

ROINN I

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le soláthar poiblí a thugtar i gcrích mar chuid de chéim imlonnaithe agus de chéim saothraithe chlár galileo agus de chéim saothraithe chlár egnos

Airteagal 18

Prionsabail ghinearálta

Gan dochar do bhearta is gá chun leasanna riachtanacha slándála an Aontais nó leasanna riachtanacha slándála poiblí a chosaint nó chun ceanglais an Aontais um rialú onnmhairithe a chomhlíonadh, beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le céim imlonnaithe agus le céim saothraithe chlár Galileo agus maidir le céim saothraithe chlár EGNOS. Thairis sin, beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta seo a leanas maidir le céim imlonnaithe agus céim saothraithe Chlár Galileo agus le céim saothraithe Chlár EGNOS: rochtain oscailte agus iomaíocht chóir tríd an slabhra soláthair tionsclaíoch ar fad, tairiscint ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil, na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme a chur in iúl go soiléir, critéir roghnúcháin agus dámhachtana chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a thugann machaire réidh do gach tairgeoir féideartha.

Airteagal 19

Cuspóirí sonracha

Le linn an nós imeachta soláthair, saothróidh na húdaráis chonarthacha ina nglaonna ar thairiscintí na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir oibreoirí eacnamaíocha uile a chur chun cinn ar fud an Aontais, go háirithe rannpháirtíocht iontrálaithe nua agus FBManna lena n-áirítear trí spreagadh a thabhairt do thairgeoirí dul ar iontaoibh fochonraitheoireachta;

(b)

mí-úsáid cheannasachta a d'fhéadfadh a bheith ann agus spleáchas ar sholáthraí aonair a sheachaint;

(c)

leas a bhaint as infheistíochtaí earnála poiblí roimhe sin agus as na ceachtanna a foghlaimíodh, agus as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha chomh maith, lena n-áirítear iad sin a fuarthas i gcéim sainithe, céim forbartha agus bhailíochtaithe agus céim imlonnaithe chlár Galileo agus chlár EGNOS, agus a áirithiú chomh maith go gcomhlíonfar na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch;

(d)

an t-ilfhoinsiú a shaothrú nuair is iomchuí sin chun rialú foriomlán níos fearr a áirithiú ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS, ar a gcostas agus ar a sceideal;

(e)

an costas iomlán a chur san áireamh nuair is iomchuí thar shaolré úsáideach an táirge, na seirbhíse nó na hoibre atá á thairiscint nó atá á tairiscint.

ROINN 2

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le soláthar poiblí a thugtar i gcrích mar chuid de chéim imlonnaithe agus de chéim saothraithe chlár galileo agus de chéim saothraithe chéim egnos

Airteagal 20

Dálaí córa iomaíochta a bhunú

Glacfaidh an t-údarás conarthach na bearta iomchuí chun dálaí córa iomaíochta a áirithiú i gcás ina bhféadfadh rannpháirtíocht roimhe sin cuideachta i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le hábhar an ghlaoigh ar thairiscintí:

(a)

buntáistí suntasacha a thabhairt don chuideachta sin i dtéarmaí faisnéise pribhléidí agus a bheith ina cúis le himní, dá bhrí sin, i dtaobh chomhlíonadh phrionsabal an chaithimh chomhionann; nó

(b)

tionchar a imirt ar ghnáthdhálaí na hiomaíochta nó ar neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht na dámhachtana nó comhlíonadh na gconarthaí.

Ní dhéanfaidh na bearta sin iomaíocht a shaobhadh, nó ní dhéanfaidh siad dochar don iomaíocht nó ní dhéanfaidh siad rúndacht na sonraí arna mbailiú i leith gnóthas, a gcaidrimh ghnó agus a struchtúir chostas a chur i mbaol. Sa chomhthéacs sin, cuirfear san áireamh sna bearta sin cineál agus mionsonraithe an chonartha bheartaithe.

Airteagal 21

Slándáil faisnéise

Nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe i gceist le conarthaí, nuair a éilítear faisnéis rúnaicmithe iontu, agus/nó nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe iontu, sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid tairisceana na bearta agus na ceanglais is gá chun slándáil faisnéise den sórt sin a chosaint ag an leibhéal riachtanach.

Airteagal 22

Iontaofacht soláthair

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid tairsceana a chuid riachtanais i ndáil le hiontaofacht soláthairtí agus seirbhísí a sholáthar chun an conradh a fhorghníomhú.

Airteagal 23

Conarthaí lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist.

2.   Áireoidh conradh lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist céim sheasta lena mbeidh gealltanas buiséadach ag gabháil arb é atá mar thoradh air gealltanas daingean oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a conraíodh don chéim sin a chur ar fáil, agus ceann amháin nó níos mó céimeanna atá coinníollach ó thaobh buiséid agus forghníomhaithe araon. Déanfar tagairt sna doiciméid tairisceana do na gnéithe sonracha a bhaineann le conarthaí lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist. Sonrófar iontu, go háirithe, ábhar an chonartha, an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh agus na socruithe le haghaidh soláthar oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí ag gach céim.

3.   Beidh oibleagáidí na céime seasta ina n-iomlán comhsheasmhach; is amhlaidh a bheidh freisin i gcás oibleagáidí gach céime coinníollaí, agus oibleagáidí na gcéimeanna ar fad roimhe sin á gcur san áireamh.

4.   Beidh cur i gcrích gach céime coinníollaí faoi réir chinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh, cinneadh a dtugtar fógra ina leith don chonraitheoir i gcomhréir leis an gconradh. I gcás ina ndearbhaítear céim choinníollach go déanach nó nach ndearbhaítear í, féadfaidh an conraitheoir, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, tairbhe a bhaint as liúntas go dtí go ndéanfar an dearbhú nó as liúntas neamh-fhorghníomhaithe.

5.   Más rud é, maidir le céim ar leith, go bhfaighidh an t-údarás conarthach nach bhfuil oibreacha, soláthairtí, nó seirbhísí a comhaontaíodh don chéim sin curtha i gcrích, féadfaidh sé damáistí a éileamh agus an conradh a fhoirceannadh, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos ann.

Airteagal 24

Conarthaí um aisíocaíocht costas

1.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú, laistigh de theorainn buaicphraghais, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

Is éard a bheidh sa phraghas a bheidh le híoc maidir le conarthaí den sórt sin ná aisíocaíocht na gcostas díreach ar fad arna dtabhú ag an gconraitheoir le linn dó an conradh a chomhlíonadh, amhail caiteachas ar shaothar, ábhar, tomhaltáin, agus úsáid trealaimh agus bonneagair is gá chun an conradh a chomhlíonadh. Déanfar na costais sin a mhéadú le táille sheasta lena gcumhdaítear costais indíreacha agus an brabús, nó le suim lena gcumhdaítear costais indíreacha agus cúiteamh táille dreasachta bunaithe ar chuspóirí a bhaint amach maidir le feidhmíocht agus sceidil seachadta.

2.   Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a roghnú i gcás nach féidir praghas seasta beacht a shonrú ar bhealach oibiachtúil agus más féidir a thaispeáint go réasúnta go mbeadh praghas seasta den sórt sin as cuimse ard de bharr éiginnteachtaí a bhaineann go dlúth le comhlíonadh an chonartha toisc:

(a)

go bhfuil eilimintí an-chasta nó eilimintí a éilíonn úsáid teicneolaíochta nua sa chonradh agus, dá bhrí sin, go bhfuil líon suntasach rioscaí teicniúla ag baint leis; nó

(b)

nach mór, ar chúiseanna oibríochtúla, tús a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chonartha, cé nach féidir fós praghas seasta daingean a shocrú go hiomlán mar gheall ar rioscaí suntasacha nó toisc go mbraitheann comhlíonadh an chonartha i bpáirt ar chomhlíonadh conarthaí eile.

3.   Is é a bheidh sa bhuaicphraghas maidir le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó le conradh um aisíocaíocht pháirteach costas an t-uasphraghas atá iníoctha. Ní fhéadfar é a shárú ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar maith leo faoi réir chomhaontú an údaráis chonarthaigh roimh ré.

4.   Sonrófar an méid seo a leanas i ndoiciméid tairisceana nós imeachta soláthair a bhaineann le conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó le conradh um aisíocaíocht pháirteach costas:

(a)

cineál an chonartha, is é sin le rá arb é atá i gceist leis conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas laistigh de theorainn buaicphraghais;

(b)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas, eilimintí an chonartha atá faoi réir aisíocaíochta costas;

(c)

an buaicphraghas iomlán;

(d)

na critéir dámhachtana, lena gcaithfear a bheith in ann creatúlacht an bhuiséid fhoriomláin mheasta, na gcostas is inaisíoctha, na sásraí chun na costais sin a chinneadh, agus an bhrabúis dá dtagraítear sa tairiscint a mheas;

(e)

cineál an mhéadaithe dá dtagraítear i mír 1 atá le cur i bhfeidhm ar chostais dhíreacha;

(f)

na rialacha agus na nósanna imeachta lena gcinntear incháilitheacht na gcostas atá beartaithe ag an tairgeoir chun an conradh a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 5;

(g)

na rialacha cuntasaíochta nach mór do na tairgeoirí a chomhlíonadh;

(h)

i gcás conartha um aisíocaíocht pháirteach costas atá le hathrú go conradh le praghas seasta daingean, na méadrachtaí a bhaineann le hathrú den sórt sin.

5.   Ní bheidh na costais arna ndearbhú ag an tairgeoir le linn dó conradh um aisíocaíocht iomlán costas nó conradh um aisíocaíocht pháirteach costas a chomhlíonadh incháilithe ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá siad tabhaithe iarbhír i rith an chonartha, cé is moite de chostais an trealaimh, na mbonneagar agus na sócmhainní seasta doláimhsithe is gá chun an conradh a chomhlíonadh, nithe a fhéadfar a mheas mar incháilithe chomh fada le hiomlán a luacha ceannaigh;

(b)

tá tagairt déanta dóibh sa bhuiséad foriomlán measta a fhéadfar a athbhreithniú le leasuithe ar an gconradh tosaigh;

(c)

tá gá leo chun an conradh a chomhlíonadh;

(d)

is toradh iad ar chomhlíonadh an chonartha agus tá siad inchurtha i leith chomhlíonadh an chonartha;

(e)

is féidir iad a shainaithint agus a fhíorú, tá taifead orthu i dtaifead cuntasaíochta an chonraitheora agus tá siad cinntithe i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear sna sonraíochtaí agus sa chonradh;

(f)

comhlíonann siad forálacha na reachtaíochta cánach agus sóisialta is infheidhme;

(g)

ní mhaolaíonn siad ar théarmaí an chonartha;

(h)

tá siad réasúnta, tá údar maith leo agus comhlíonann siad ceanglais na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

Beidh an conraitheoir freagrach as a chuntasaíocht costála féin, as taifid fhónta chuntasaíochta a choinneáil nó as aon doiciméad eile is gá chun a thaispeáint gur tabhaíodh na costais a n-iarrann sé aisíocaíocht ina leith agus go gcomhlíonann siad na prionsabail a leagtar amach san Airteagal seo a choinneáil. Meastar nach incháilithe na costais nach féidir leis an gconraitheoir bunús a thabhairt leo agus diúltaítear iad a aisíoc.

6.   Beidh an t-údarás conarthach freagrach as na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích chun a áirithiú go ndéantar conarthaí um aisíocaíocht costas a chomhlíonadh i gceart:

(a)

cinnfidh sé an buaicphraghas is réalaí is féidir, agus an tsolúbthacht is gá chun na rioscaí teicniúla a chur san áireamh á tabhairt ag an am céanna;

(b)

athróidh sé conradh um aisíocaíocht pháirteach costas go conradh le praghas iomlán seasta daingean a luaithe is féidir, le linn chomhlíonadh an chonartha, praghas seasta daingean den sórt sin a chinneadh. Chuige sin, cinnfidh sé na paraiméadair i leith athraithe chun conradh a tugadh i gcrích ar bhonn aisíocaíochta costas a athrú go conradh le praghas seasta daingean;

(c)

cuirfidh sé bearta faireacháin agus rialaithe chun feidhme a dhéanfaidh foráil, go háirithe, do chóras réamhaisnéise ar chostais mheasta;

(d)

déanfaidh sé prionsabail, uirlisí agus nósanna imeachta oiriúnacha do chomhlíonadh an chonartha a chinneadh, go háirithe chun incháilitheacht na gcostas arna ndearbhú ag an gconraitheoir nó ag a fhochonraitheoirí le linn chomhlíonadh an chonartha a shainaithint agus a sheiceáil, agus chun leasuithe ar an gconradh a thabhairt isteach;

(e)

seiceálfaidh sé go gcomhlíonann an conraitheoir agus a fhochonraitheoirí na caighdeáin chuntasaíochta a sonraítear sa chonradh agus an oibleagáid a gcuid doiciméad cuntasaíochta a sholáthar ar cheart dóibh léargas fíor agus cóir ar na cuntais a thabhairt;

(f)

déanfaidh sé a áirithiú go leanúnach, ar feadh chomhlíonadh an chonartha, éifeachtacht na bprionsabal, na n-uirlisí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 25

Leasuithe

Féadfaidh an t-údarás conarthach agus na conraitheoirí an conradh a athrú le leasú ar choinníoll go gcomhlíonann an leasú na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

ní athraíonn sé ábhar an chonartha;

(b)

ní chuireann sé as do chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha;

(c)

ní thugann sé isteach coinníollacha, ar coinníollacha iad, dá mba rud é go raibh siad i ndoiciméid an chonartha ar dtús, a thabharfadh cead isteach do thairgeoirí seachas iad siúd ar tugadh cead isteach dóibh ar dtús nó a thabharfadh cead glacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi ar dtús.

Airteagal 26

Fochonraitheoireacht

1.   Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar an tairgeoir sciar den chonradh a ligean ar fochonradh, trí chóras tairiscintí iomaíocha ar leibhéil iomchuí fochonraitheoireachta, do chuideachtaí seachas na cuideachtaí sin lena mbaineann grúpa an tairgeora féin go háirithe d'iontrálaithe nua agus do FBManna.

2.   Sloinnfidh an t-údarás conarthach sciar riachtanach an chonartha atá le ligean ar fochonradh mar raon ó íoschéatadán go uaschéatadán., Áiritheoidh sé go bhfuil céadatáin den sórt sin comhréireach le cuspóir agus luach an chonartha,agus aird á tabhairt ar chineál na hearnála gníomhaíochta lena mbaineann, agus go háirithe, ar na dálaí iomaíochta agusar an acmhainneacht thionsclaíoch arna mbreathnú.

3.   Má thugann an tairgeoir le fios ina thairscint nach bhfuil sé ar intinn aige aon sciar den chonradh a chur ar fochonradh nó sciar níos lú ná íosmhéid an raoin dá dtagraítear i mír 1a a chur ar fochonradh, cuirfidh sé na cúiseanna a bhaineann leis sin faoi bhráid an údaráis chonarthaigh. Cuirfidh an t-údarás conarthach an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Féadfaidh an t-údarás conarthach diúltú do na fochonraitheoirí roghnaithe ag an iarrthóir ag céim nós imeachta dámhachtana an phríomhchonartha nó roghnaithe ag an tairgeoir ar glacadh leis do chomhlíonadh an chonartha. Tabharfaidh sé údar maith i scríbhinn lena dhiúltú, diúltú nach féidir leis a bheith bunaithe ach ar na critéir arna n-úsáid chun tairgeoirí a roghnú don phríomhchonradh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 27

Cláreagrú

Glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil i bhfoirm phlean cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun cuspóirí sonracha chlár Galileo a leagtar síos in Airteagal 2(4) a chomhlíonadh i gcomhréir leis na céimeanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus le cuspóirí sonracha chlár EGNOS a leagtar amach in Airteagal 2(5). Déanfaidh an clár oibre bliantúil foráil chomh maith do mhaoiniú na ngníomhaíochtaí sin.

Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

Airteagal 28

Gníomhaíochtaí na mBallstát

Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun go n-áiritheofar dea-fheidhmiú chlár Galileo agus chlár EGNOS lena n-áirítear bearta chun a áirithiú go ndéanfar na stáisiúin talún atá ar a gcríocha a chosaint, ar bearta iad a bheidh ar a laghad coibhéiseach leo siúd a theastaíonn chun na bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a chosaint de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (18). Ní ghlacfaidh na Ballstáit aon bhearta lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do na cláir nó do na seirbhísí a chuirtear ar fáil trína saothrú, go háirithe i dtéarmaí leanúnachas fheidhmiú na mbonneagar.

Airteagal 29

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi chlár Galileo agus faoi chlár EGNOS i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 CFAE.

Airteagal 30

Cúnamh teicniúil

Chun na cúraimí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh an chúnaimh theicniúil is gá, go háirithe inniúlacht agus shaineolas na n-údarás náisiúnta atá inniúil i réimse an spáis, nó cúnaimh saineolaithe neamhspleách agus comhlachtaí atá in ann anailís agus tuairimí neamhchlaonta a sholáthar faoi dhul chun cinn chlár Galileo agus chlár EGNOS.

Féadfaidh na heintitis a bhfuil baint acu le rialachas poiblí na gclár, seachas an Coimisiún, go háirithe, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES, an cúnamh teicniúil céanna a fháil i gcur i gcrích na gcúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo.

Airteagal 31

Sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint le linn dhearadh, chur chun feidhme agus shaothrú na gcóras agus go n-áireofar cosaintí iomchuí iontu.

2.   Déanfar na sonraí pearsanta uile a láimhseáiltear i gcomhthéacs na gcúraimí agus na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

Airteagal 32

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

Féadfaidh an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann maoiniú den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i i Rialachán (AE Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) ón gComhairle (22) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le maoiniú an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur i bhfeidhm, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 33

Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

1.   Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo. Gach bliain, nuair a thíolacfaidh sé an réamh-dhréachtbhuiséad, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme chlár Galileo agus chlár EGNOS. Beidh sa tuarascáil sin an fhaisnéis go léir a bhaineann leis na cláir, go háirithe i dtéarmaí na bainistíochta riosca, costas foriomlán, costas oibriúcháin bliantúil, ioncam, sceidil agus feidhmíochta, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 12(2) agus maidir le feidhmiú na gcomhaontuithe tarmligin a thugtar i gcrích de bhun Airteagal 14(2) agus 15(1). Áireofar sa tuarascáil:

(a)

forbhreathnú ar leithdháileadh agus úsáid cistí a leithdháileadh ar na cláir mar a thagraítear in Airteagal 7(4);

(b)

faisnéis ar an straitéis bhainistíochta costas arna saothrú ag an gCoimisiún mar a thagraítear in Airteagal 9(6);

(c)

measúnú ar bhainistíocht cearta maoine intleachtúla;

(d)

forbhreathnú ar chur chun feidhme na gcóras agus na dteicnící bainistíochta tionscadal, lena n-áirítear córais agus teicnící bainistíochta riosca, mar a thagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 12(2);

(e)

meastóireacht ar na bearta a rinneadh chun tairbhí socheacnamaíocha na gclár a bharrfheabhsú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar thairiscintí soláthair agus ar chonarthaí le heintitis san earnáil phríobháideach a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus GES de bhun Airteagal 14(7) agus Airteagal 15(3) faoi seach.

Cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle freisin:

(a)

maidir le haon ath-leithdháileadh cistí idir catagóirí caiteachais a dhéantar de bhun Airteagal 9(3);

(b)

maidir le haon tionchar ar chlár Galileo agus ar chlár EGNOS a eascraíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 8(2).

Airteagal 34

Athbhreithniú ar chur cun feidhme an Rialacháin seo

1.   Faoin 30 Meitheamh 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, d'fhonn cinneadh a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí, ar bearta iad a bhaineann le:

(a)

cuspóirí na mbeart sin a bhaint amach, i dtéarmaí torthaí agus tionchar araon;

(b)

héifeachtacht úsáid acmhainní;

(c)

breisluach Eorpach.

Sa mheastóireacht tabharfar aghaidh freisin ar fhorbairtí teicneolaíochta a bhaineann leis na córais, ar an scóip atá ann do shimpliú, ar a comhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, ar ábharthacht na gcuspóirí ar fad, chomh maith leis an méid a chuireann na bearta le tosaíochtaí an Aontais i dtéarmaí fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na mbeart roimhe sin.

2.   Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí sonracha chlár Galileo agus chlár EGNOS a leagtar síos in Airteagal 2(4) agus (5) faoi seach, ar bhonn táscairí feidhmíochta mar shampla:

(a)

i gcomhair Galileo agus maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

imlonnú a bhonneagair:

líon agus infhaighteacht a satailítí oibríochtúla, agus líon na satailítí breise ar talamh atá ar fáil i gcoinne líon na satailítí atá beartaithe dá dtagraítear sa chomhaontú tarmligin;

infhaighteacht iarbhír eilimintí an bhonneagair ar talamh (ar nós stáisiún talún, lárionad rialaithe) i gcoinne infhaighteachta pleanáilte;

(ii)

leibhéal seirbhíse:

mapa infhaighteachta seirbhíse i gcoinne doiciméid sainmhínithe seirbhíse

(iii)

costas:

innéacs feidhmíochta costais in aghaidh na míre mórchostais den chlár bunaithe ar chóimheas lena gcuirtear costas iarbhír i gcomparáid le costas buiséadaithe;

(iv)

sceideal:

innéacs feidhmíochta sceidil in aghaidh mhórmhír an chláir bunaithe ar chostas buiséadaithe na hoibre a rinneadh a chur i gcomparáid le costas buiséadaithe na hoibre sceidealaithe.

(v)

leibhéal margaidh:

treocht margaidh bunaithe ar an gcéatadán de ghlacadóirí Galileo agus de ghlacadóirí EGNOS i líon iomlán na samhlacha glacadóirí a áirítear sa tuarascáil margaidh a chuireann an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS ar fáil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(1).

(b)

i gcomhair EGNOS agus maidir le:

(i)

síneadh a chumhdaigh:

dul chun cinn an tsínidh chumhdaigh i gcoinne plean comhaontaithe sínidh chumhdaigh;

(ii)

leibhéal seirbhíse:

innéacs infhaighteachta seirbhíse bunaithe ar líon na n-aerfort a bhfuil nósanna imeachta ascnaimh acu atá bunaithe ar EGNOS agus a bhfuil stádas oibríochtúil acu i gcoinne líon iomlán na n-aerfort a bhfuil nósanna imeachta ascnaimh acu atá bunaithe ar EGNOS;

(iii)

costas:

innéacs feidhmíochta costais bunaithe ar chóimheas lena gcuirtear costas iarbhír i gcomparáid le costas buiséadaithe;

(iv)

sceideal:

innéacs feidhmíochta sceidil bunaithe ar chostas buiséadaithe na hoibre a rinneadh a chur i gcomparáid le costas buiséadaithe na hoibre sceidealaithe.

3.   Déanfaidh na comhlachtaí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

CAIBIDIL VII

TARMLIGEAN AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 13(2), don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 1 Eanáir 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh an cinneadh maidir le cúlghairm deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   Glacfaidh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus GES páirt mar bhreathnóirí in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta.

5.   Féadfar foráil a dhéanamh le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabharfaidh an tAontas i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 29, de réir mar is iomchuí, do rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta.

6.   Tiocfaidh an Coiste le chéile go tráthrialta, de rogha ar cheithre huaire sa bhliain, ar bhonn ráithiúil. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn na gclár ag gach cruinniú. Beidh forbhreathnú ginearálta sna tuarascálacha sin maidir le stádas agus le forbairtí na gclár, go háirithe i dtéarmaí bainistíochta riosca, costais, sceidil agus feidhmíochta. Uair amháin in aghaidh na bliana, ar a laghad, áireofar sna tuarascálacha sin na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

Aisghairmeacha

1.   Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Aon bheart a rinneadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 nó Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh 683/2008, arna aisghairm, a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil arna leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 179.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 [lena mbunaítear Fís 2020 - An Creatchlár um thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/AE (Féach leathanach 104den Iris Oifigiúil seo)

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh (IO L 196, 24.7.2008, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis na rialacha i leith rochtana ar an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí a sholáthraítear ag an gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte arna bhunú faoi chlár Galileo (IO L 287, 4.11.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  IO L 420du 20.12.2013, p. 1

(8)  IO C 380 E, 11.12.2012, lch. 84.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 276, 20.10.2010, lch. 11).

(10)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe fheidhmiú an chórais Eorpaigh um radaloingseoireacht satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh (IO L 246, 20.7.2004, lch. 30).

(11)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(12)  2001/844/CE,CEGC,Euratom: Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1).

(13)  2013/488/AE: Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(14)  IO C 304, 15.10.2011, lch. 7.

(15)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an Speictream Raidió (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2002 lena ndéantar Comhghnóthas Galileo a chur ar bun (IO L 138, 28.5.2002, lch. 1).

(18)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthabhachtacha Eorpacha a aithint agus a ainmniú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann a gcosaint a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 683/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12(1)

Airteagal 11

Airteagal 12(2) agus (3)

Airteagal 12

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 13

Airteagal 13(4)

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15

Airteagal 27

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 18 go hAirteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 15

Airteagal 19(1) go (4)

Airteagal 36

Airteagal 19(5)

Airteagal 35

Airteagal 20

Airteagal 31

Airteagal 21

Airteagal 32

Airteagal 22

Airteagal 33

Airteagal 23

 

Airteagal 24

Airteagal 38

Iarscríbhinn

Airteagal 1


Dearbhú comhpháirteach

ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)

1.   

Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.

2.   

Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:

(a)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;

(b)

na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(c)

ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;

(d)

éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus

(e)

athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.

3.   

I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.

4.   

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.

5.   

Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:

triúr ón gComhairle,

triúr ó Pharlaimint na hEorpa,

ionadaí amháin ón gCoimisiún,

agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).

6.   

Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1286/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 197 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chuir an clár gníomhaíochta ilbhliantúil um chánachas a bhí i bhfeidhm roimh 2014 go suntasach le héascú agus le feabhsú comhair idir údaráis chánach laistigh den Aontas agus tá feabhas mór curtha aige ar an gcomhar sin. D'aithin riaracháin chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach an chláir sin lena n-áirítear cosaint leasanna airgeadais na mBallstát, an Aontais agus na gcáiníocóirí. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá aitheanta don deich mbliana amach anseo mura mbreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin nó mura dtéann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe. Le clár Fiscalis, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit ina féidir na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, agus atá níos costéifeachtaí ná gach Ballstát a bheith ag bunú creataí comhair aonair ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den clár seo trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna.

(2)

Tá an clár a bunaíodh faoin Rialachán seo, "Fiscalis 2020", agus a rath ríthábhachtach sa staid eacnamaíoch reatha agus ba cheart dó comhar i gcúrsaí fioscacha a thacú.

(3)

Táthar ag súil leis go rannchuideoidh na gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020, eadhon na córais Eorpacha faisnéise mar a shainítear sa Rialachán seo (Córais Eorpacha Faisnéise), na gníomhaíochtaí comhpháirteacha d'oifigigh údarás cánach agus na comhthionscnaimh oiliúna, le réadú na Straitéise Eoraip 2020 i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh trí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú, trí chreat a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear cumas riaracháin na n-údarás cánach agus dul chun cinn teicniúil agus nuálaíocht theicniúil a chur ar aghaidh. Agus creat á chur ar fáil do ghníomhaíochtaí lena ndéantar iarracht údaráis chánach níos éifeachtúla a bheith ann, lena neartaítear iomaíochas gnóthaí, lena gcuirtear chun cinn fostaíocht agus lena gcuirtear le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha na mBallstát an Aontais agus na gcáiníocóirí a chosaint, déanfaidh Fiscalis 2020 feidhmiú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach a neartú ar bhealach gníomhach, agus ag an am céanna cuirfear leis na bacainní agus na saofa atá sa mhargadh inmheánach cheana a dhíothú de réir a chéile.

(4)

Ba cheart raon feidhme Fiscalis 2020 a thabhairt i gcomhréir leis na riachtanais reatha atá ann ionas go ndíreodh sé ar na cánacha uile a chomhchuibhítear ar leibhéal an Aontais agus ar chánacha eile a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit.

(5)

D'fhonn tacú le próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart go mbeadh Fiscalis 2020 oscailte do thíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa má chomhlíontar coinníollacha áirithe agus mura dtacaíonn rannpháirtíocht na dtíortha sin ach leis na gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020, ar gníomhaíochtaí iad arb é an cuspóir atá leo comhrac a dhéanamh i gcoinne calaoise cánach agus imghabhála cánach, agus aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach chánach. Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla den gheilleagar domhanda ag éirí níos idirnasctha, ba cheart go leanfar le Fiscalis 2020 d'fhoráil a dhéanamh maidir le cuireadh a thabhairt do shaineolaithe gníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020 a fheabhsú. Níor cheart a iarraidh ar shaineolaithe seachtracha, amhail ionadaithe d'údaráis rialtasacha, oibreoirí eacnamaíocha agus a n-eagraíochtaí nó ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith páirteach ach amháin má mheastar go bhfuil a rannchuidiú riachtanach chun cuspóirí Fiscalis 2020 a bhaint amach.

(6)

Cuirtear san áireamh i gcuspóirí agus tosaíochtaí Fiscalis 2020 na fadhbanna agus na dúshláin atá sainaitheanta don chánachas sna deich mbliana amach romhainn. Ba cheart go mbeadh ról i gcónaí ag Fiscalis 2020 i réimsí tábhachtacha amhail dlí an Aontais a chur chun feidhme go comhleanúnach i réimse an chánachais, chun malartú faisnéise a áirithiú, comhar riarachán a thacú agus inniúlacht riaracháin na n-údarás cánach a fheabhsú. I bhfianaise na gcineálacha fadhbanna a bhaineann leis na dúshláin nua a sainaithníodh, ba cheart béim bhreise a chur ar thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach. Ba cheart go gcuirfí béim freisin ar an ualach riaracháin a laghdú d'údaráis chánach agus ar na costais chomhlíonta a laghdú do cháiníocóirí agus ar chásanna cánachais dhúbailte a chosc.

(7)

Ar an leibhéal oibríochtúil, ba cheart do Fiscalis 2020 Córais Eorpacha Faisnéise agus gníomhaíochtaí comhair riaracháin a chur chun feidhme, a oibriú agus a thacú, ba cheart dó scileanna agus inniúlachtaí na n-oifigeach cánach a threisiú, tuiscint agus cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le réimse an chánachais a thacú agus feabhsú nósanna imeachta riaracháin agus roinnt agus scaipeadh dea-chleachtas riaracháin a éascú. Ba cheart go ndéanfaí na cuspóirí sin a shaothrú agus béim á cur ar thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach.

(8)

Ba cheart uirlisí an chláir a bhí infheidhme roimh Fiscalis 2020 a fhorlíonadh má táthar chun freagairt go cuí do na dúshláin a bheidh os comhair na n-údarás cánach amach as seo go ceann deich mbliana agus má táthar chun fanacht ar aon dul le forbairtí i ndlí an Aontais. Ba cheart do Fiscalis 2020 na nithe seo a leanas a chumhdach: rialuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus cineálacha eile comhair riaracháin mar a bhunaítear i ndlí ábhartha an Aontais maidir le comhar riaracháin; foirne saineolaithe; gníomhaíochtaí chun acmhainn riaracháin phoiblí a fhorbairt lena gcuirfear oiliúint shonrach speisialaithe ar fáil i réimse an chánachais do na Ballstáit sin ina bhfuil cúinsí eisceachtúla ar leith a thugann údar do ghníomhaíochtaí spriocdhírithe den sórt sin; agus i gcás inarb iomchuí, staidéir agus comhghníomhaíochtaí cumarsáide chun tacú le dlí an Aontais i réimse an chánachais a chur chun feidhme.

(9)

Tá ról sár-riachtanach ag na Córais Eorpacha Faisnéise ó thaobh údaráis chánach a idirnascadh agus leis sin ó thaobh na córais chánachais laistigh den Aontas a neartú agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith á maoiniú agus á bhfeabhsú faoi Fiscalis 2020. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí córais faisnéise nua a bhaineann le cúrsaí cánach agus a bhunaítear faoi dhlí an Aontais a chur le Fiscalis 2020. Ba cheart Córais Eorpacha Faisnéise, nuair is iomchuí, a bheith bunaithe ar shamhlacha forbraíochta comhroinnte agus ar struchtúir chomhroinnte TF.

(10)

I gcomhthéacs feabhas a chur ar chomhar riaracháin i gcoitinne agus an comhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach a thacú, d'fhéadfadh sé go bhfónfadh sé don Aontas comhaontuithe a chur i gcrích le tríú tíortha, ionas go bhféadfadh na tíortha sin leas a bhaint as comhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise chun tacú le malartú slán faisnéise idir iad féin agus na Ballstát faoi chuimsiú na gcomhaontuithe déthaobhacha cánach.

(11)

Ba cheart comhghníomhaíochtaí oiliúna a chur i gcrích freisin faoi Fiscalis 2020. Ba cheart do Fiscalis 2020 tacú i gcónaí le tíortha rannpháirteacha scileanna gairmiúla agus eolas a bhaineann le cúrsaí cánachais a threisiú trí ábhar feabhsaithe oiliúna a forbraíodh go comhpháirteach, a bheidh dírithe ar oifigigh chánach agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Chun na críche sin, ba cheart clár tacaíochta ilghnéitheach i leith oiliúna don Aontas a fhorbairt as comhchur chuige reatha oiliúna Fiscalis 2020, ar comhchur chuige é a bhí bunaithe den chuid is mó ar ríomhfhoghlaim lárnach a fhorbairt.

(12)

Ba cheart do Fiscalis 2020 tréimhse seacht mbliana a chumhdach chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (2).

(13)

Leagan an Rialachán seo síos clúdach airgeadais ó thús deireadh Fiscalis 2020 a bheidh ina mhéid príomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (3), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(14)

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin, a leagtar amach ina Theachtaireacht maidir le hAthbhreithniú Buiséid 2010, chun cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más rud é go saothraíonn na gníomhaíochtaí a bheartaítear faoi Fiscalis 2020 cuspóirí is coiteann d'ionstraimí maoiniúcháin éagsúla, gan mhaoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach.

(15)

Ba cheart na bearta is gá chun gnéithe airgeadais an Rialacháin seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5).

(16)

Ba cheart gurb ar thíortha rannpháirteacha a thitfidh costas eilimintí náisiúnta Fiscalis 2020 lena n-áireofaí, inter alia, comhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad sna Córais Eorpacha Faisnéise, agus aon oiliúint eile nach cuid de chomhthionscnaimh oiliúna í.

(17)

Agus a thábhachtaí atá rannpháirtíocht iomlán na dtíortha rannpháirteacha sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha á cur san áireamh, d'fhéadfadh ráta cómhaoinithe de 100 % de na costais incháilithe i ndáil le costais taistil agus chóiríochta a bheith ann i gcás inar gá sin chun cuspóirí Fiscalis 2020 a bhaint amach ina n-iomláine, ar costais iad atá nasctha le heagrú imeachtaí agus liúntas laethúil.

(18)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis a chur i bhfeidhm.

(19)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir oibre bhliantúla a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár ilbhliantúil a bhunú chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach, a bhaint amach go leordhóthanach toisc nach féidir leo an comhar agus an comhordú is gá a dhéanamh go héifeachtúil chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(21)

Ba cheart do Choiste Fiscalis 2020 cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun Fiscalis 2020 a chur chun feidhme.

(22)

Chun an mheastóireacht ar Fiscalis 2020 a éascú, ba cheart go mbunófaí creat iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach le Fiscalis 2020 ón tús. Ba cheart don Choimisiún, in éineacht le tíortha rannpháirteacha, táscairí inathraithe a bhunú agus bunlínte réamh-shainmhínithe a shocrú chun faireachán a dhéanamh ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faoi Fiscalis 2020. Ba cheart go ndéanfaí meastóireacht mheántéarma ar bhaint amach chuspóirí Fiscalis 2020, ar a éifeachtúlacht agus a bhreisluach ar an leibhéal Eorpach. Sa bhreis air sin, ba cheart go ndéileálfaí le tionchar fadtéarmach agus le héifeachtaí inbhuanaitheachta Fiscalis 2020 i meastóireacht chríochnaitheach. Ba cheart go n-áiritheofaí trédhearcacht iomlán le tuairisciú rialta maidir le faireachán agus le tuarascálacha meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(23)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), rialaítear an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann na húdaráis inniúla de réir na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún a bheith de réir na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(24)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad Chinneadh Uimh. 1482/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear clár gníomhaíochta ilbhliantúil "Fiscalis 2020" ("an clár") leis seo chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach agus chun tacú le comhar i ndáil leis sin.

2.   Cumhdóidh an clár an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "údaráis chánach" na húdaráis phoiblí agus na comhlachtaí eile sna tíortha rannpháirteacha atá freagrach as cánachas a riar nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin.

(2)

ciallaíonn "saineolaithe seachtracha":

(a)

ionadaithe de chuid údarás rialtasach, lena n-áirítear na hionadaithe sin ó thíortha nach bhfuil rannpháirteach sa chlár de bhun Airteagal 3(2);

(b)

oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

ionadaithe de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile;

(3)

ciallaíonn "cánachas" an méid seo a leanas:

(a)

cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (10);

(b)

dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE ón gComhairle (11);

(c)

dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE ón gComhairle (12);

(d)

cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle (13).

(e)

cánacha eile a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2010/24/AE ón gComhairle (14) a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit;

(4)

ciallaíonn "rialuithe déthaobhacha nó iltaobhacha" an tseiceáil chomhordaithe ar dhliteanas cánach duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann, a eagraíonn dhá thír rannpháirteacha nó níos mó a bhfuil comhleasanna nó leasanna comhlántacha acu, agus a mbeidh ar a laghad dhá Bhallstát ina measc.

Airteagal 3

Rannpháirtíocht sa chlár

1.   Is na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 na tíortha rannpháirteacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin.

2.   Féadfaidh aon cheann de na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa chlár:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha atá ag tairbhiú de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat-chomhaontuithe lena mbaineann, sna cinntí lena mbaineann ó Chomhairle Chomhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla.

(b)

tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil leibhéal leordhóthanach comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais.

Beidh na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír rannpháirteach sa chlár i gcomhréir leis na forálacha a chinnfear leis na tíortha sin tar éis creat-chomhaontuithe a bhunú maidir lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais. Le rannpháirtíocht na dtíortha sin, ní thacófar ach le gníomhaíochtaí faoin gclár ar gníomhachtaí iad arb é an cuspóir atá leo calaois chánach agus imghabháil chánach a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar phleanáil ionsaitheach chánach.

Airteagal 4

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoin gclár

Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe a reáchtálfar faoin gclár aon uair atá sé sin riachtanach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a bhaint amach. Roghnóidh an Coimisiún, in éineacht leis na tíortha rannpháirteacha, na saineolaithe seachtracha bunaithe ar na scileanna, an taithí agus an fhaisnéis atá acu atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha, agus aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann á cur san áireamh, agus cothromaíocht idir ionadaithe gnó agus saineolaithe eile na sochaí sibhialta á dearbhú. Foilsítear liosta saineolaithe seachtracha roghnaithe agus déantar é a nuashonrú go rialta.

Airteagal 5

An cuspóir foriomlán agus an cuspóir sonrach

1.   Is é an cuspóir foriomlán a bheidh ag an gclár ná feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcóras cánachas sa mhargadh inmheánach tríd an gcomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n-údaráis chánach agus a n-oifigigh a fheabhsú.

2.   Is é an cuspóir sonrach a bheidh ag an gclár ná tacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach agus dlí an Aontais a chur chun feidhme i réimse an chánachais trí mhalartú faisnéise a áirithiú, trí thacú le comhar riaracháin agus, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, trí inniúlacht riaracháin na dtíortha rannpháirteacha a fheabhsú, d'fhonn cuidiú leis an ualach riaracháin ar na húdaráis chánach agus costais chomhlíonta do cháiníocóirí a laghdú.

3.   Tomhaisfear a mhéid a mbainfear na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, go háirithe, ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

infhaighteacht an chomhlíonra cumarsáide le haghaidh na gCóras Eorpach Faisnéise agus rochtain iomlán air;

(b)

an t-aiseolas ó thíortha rannpháirteacha maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí faoin gclár.

Airteagal 6

Cuspóirí oibríochtúla agus tosaíochtaí an chláir

1.   Is iad seo a leanas a bheidh mar chuspóirí oibríochtúla agus tosaíochtaí an chláir:

(a)

na Córais Eorpacha Faisnéise le haghaidh cánachais a chur chun feidhme, a fheabhsú, a oibriú agus tacú leis na córais sin;

(b)

tacú leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar riaracháin;

(c)

scileanna agus inniúlachtaí oifigeach cánach a atreisiú;

(d)

tuiscint agus cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le réimse an chánachais a fheabhsú;

(e)

tacú le feabhas a chur ar nósanna imeachta riaracháin agus roinnt dea-chleachtas riaracháin.

2.   Déanfar na cuspóirí agus na tosaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a shaothrú agus béim ar leith á cur ar thacú leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, imghabhála cánach agus pleanála ionsaithí cánach.

CAIBIDIL II

Gníomhaíochtaí incháilithe

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Soláthróidh an clár, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14, tacaíocht airgeadais don méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha:

(i)

seimineáir agus ceardlanna;

(ii)

grúpaí tionscadal, comhdhéanta go ginearálta de líon teoranta tíortha, a bheidh ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, a shaothrú;

(iii)

rialuithe déthaobhacha nó iltaobhacha agus gníomhaíochtaí eile dá bhforáiltear i ndlí an Aontais maidir le comhar riaracháin, a eagraíonn dhá thír rannpháirteacha nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad.

(iv)

turais oibre arna reáchtáil ag na tíortha rannpháirteacha nó ag tír eile chun cur ar a gcumas d'oifigigh a gcuid saineolais nó tuisceana ar chúrsaí cánach a fháil, nó chun an saineolas nó an tuiscint sin a leathnú;

(v)

foirne saineolaithe, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a gcuid saineolais chun tascanna a chur i gcrích i réimsí sonracha, go háirithe sna Córais Eorpacha Faisnéise, agus a bhfuil, b'fhéidir, seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thacaíocht leo;

(vi)

forbairt ar acmhainní riarachán poiblí agus gníomhaíochtaí chun tacú leis sin;

(vii)

staidéir;

(viii)

tionscadail chumarsáide;

(ix)

aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí foriomlána, sonracha agus oibríochtúla agus leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an ngá le gníomhaíocht eile den chineál sin.

(b)

Córais Eorpacha Faisnéise a thógáil: forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar chomhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise a leagtar amach i bpointe A den Iarscríbhinn agus ar Chórais Eorpacha Faisnéise nua arna mbunú faoi dhlí an Aontais, d'fhonn údaráis chánach a idirnascadh go héifeachtúil;

(c)

comhghníomhaíochtaí oiliúna: gníomhaíochtaí oiliúna a forbraíodh go comhpháirteach chun tacú leis na scileanna gairmiúla riachtanacha agus don eolas riachtanach maidir le cúrsaí cánachais.

Ní bheidh na turais oibre dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) den chéad fhomhír níos faide ná mí amháin. I gcás turas oibre arna reáchtáil laistigh de thríú tíortha, ní bheidh incháilithe faoin gclár ach costais taistil agus chothaithe (lóistín agus liúntas laethúil).

Déanfaidh an Coimisiún na foirne saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) den chéad fhomhír a eagrú i gcomhar le tíortha rannpháirteacha. agus ní bheidh siad ar bun níos faide na bliain amháin, mura mbeidh údar cuí leis sin.

2.   Leithdháilfear na hacmhainní do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear san Airteagal seo ar bhealach cothrom, agus i gcomhréir le fíor-riachtanais na ngníomhaíochtaí sin.

3.   Agus meastóireacht á déanamh ar an gclár, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an ngá le huasteorainneacha buiséadacha a thabhairt isteach do na gníomhaíochtaí incháilithe éagsúla.

Airteagal 8

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.   Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1).

2.   Áiritheoidh tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil an phróifíl iomchuí agus na cáilíochtaí iomchuí acu, lena n-áirítear scileanna teanga, a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

3.   Déanfaidh tíortha rannpháirteacha, i gcás inarb iomchuí, na bearta is gá chun cur leis an bhfeasacht faoi na gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus lena áirithiú go mbainfear úsáid as na haschuir a ghintear.

Airteagal 9

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir leis na Córais Eorpacha Faisnéise

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha go ndéanfar na córais Eorpacha faisnéise dá dtagraítear i bpointe A den Iarscríbhinn a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil mar is iomchuí.

2.   I gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, comhordóidh an Coimisiún na gnéithe sin a bhaineann le bunú agus le feidhmiú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais, agus na gcomhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad, de na Córais Eorpacha Faisnéise dá dtagraítear i bpointe A den Iarscríbhinn, a bhfuil gá leo d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhais orthu go leanúnach.

3.   Beidh úsáid chomhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise dá dtagraítear i bpointe A den Iarscríbhinn ag tíortha neamh-rannpháirteacha faoi réir comhaontuithe leis na tíortha sin a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le comhghníomhaíochtaí oiliúna

1.   Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i gcomhghníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1).

2.   Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil próifíl iomchuí agus cáilíochtaí oiriúnacha acu, lena n-áirítear scileanna teangan, a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna comhghníomhaíochtaí oiliúna.

3.   Nuair is iomchuí, déanfaidh tíortha rannpháirteacha ábhar oiliúna a forbraíodh go comhpháirteach a chomhtháthú ina gcuid clár oiliúna náisiúnta, lena n-áirítear modúil ríomhfhoghlama, cláir oiliúna agus caighdeáin oiliúna ar comhaontaíodh i gcomhpháirt fúthu.

CAIBIDIL III

Creat airgeadais

Airteagal 11

Creat airgeadais

1.   Is é EUR 223 366 000 i bpraghsanna reatha an clúdach airgeadais chun an clár a chur chun feidhme.

2.   Sa leithdháileadh airgeadais don chlár féadfar a chumhdach freisin speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, seiceála, iniúchta agus meastóireachta atá de dhíth ar bhonn rialta chun an clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar fhaisnéis a phróiseáil agus a mhalartú, mar aon leis na speansais cúnaimh theicniúil agus riaracháin uile eile arna dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistíocht an chláir.

Ní rachaidh, de ghnáth, an chuid sin de chostas foriomlán an Chláir a chaitear ar chúrsaí riaracháin thar 5 %.

Airteagal 12

Cineálacha idirghabhála

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Beidh tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 7 sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

aisíocaíocht costas arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Is é a bheidh sa ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas le 100 % de na costais incháilithe i gcás inar costais taistil agus chóiríochta, costais atá nasctha le himeachtaí agus liúntais laethúla iad na costais sin.

Beidh feidhm ag an ráta sin maidir le gach gníomhaíocht incháilithe cé is moite d'fhoirne saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (a)(v) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1). Sonrófar sna cláir oibre bhliantúla an ráta cómhaoinithe is infheidhme d'fhoirne saineolaithe nuair a éileoidh na gníomhaíochtaí sin go mbronnfar deontais.

4.   Déanfar comhpháirteanna an Aontais de na Córais Eorpacha Faisnéise a mhaoiniú ag an gclár. Titfidh na costais a ghabhann le fáil, forbairt, suiteáil, cothabháil agus oibriú laethúil na gcomhpháirteanna neamh-Aontais sna Córais Eorpacha Faisnéise, ar na tíortha rannpháirteacha ach go háirithe.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, i gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair araon, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maidir le maoiniú faoin Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

Cumhachtaí cur chun feidhme

Airteagal 14

Clár oibre

Chun an clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomharthaí cur chun feidhme, cláir oibre bhliantúla, ina leagfar amach na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus a méid iomlán. Beidh iontu freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, léiriú ar an tsuim arna leithdháileadh ar gach cineál gníomhaíochta agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, áireofar sna cláir oibre bhliantúla na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta riachtanacha agus an t-uasráta cómhaoinithe. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin bunaithe ar na torthaí a fuarthas i mblianta roimhe sin agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 15

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 16

Faireachán ar ghníomhaíochtaí faoin gclár

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, faireachán ar an gclár agus ar ghníomhaíochtaí faoin gclár.

2.   Bunóidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus, i gcás inar gá, cuirfidh siad táscairí nua leo le linn an chláir. Úsáidfear na táscairí chun éifeachtaí an chláir i gcoinne bunlínte réamh-shainmhínithe a thomhas.

3.   Cuirfidh an Coimisiún toradh an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1 agus na táscairí dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go poiblí.

4.   Úsáidfear toradh an fhaireacháin chun an mheastóireacht a dhéanamh ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 17.

Airteagal 17

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta mheántéarma agus tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Déanfar torthaí na meastóireachtaí sin a chomhtháthú i gcinntí maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fheadfaí a dhéanamh ar an gclár i dtréimhsí ina dhiaidh sin Is meastóir seachtrach neamhspleách a dhéanfaidh na meastóireachtaí sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2018, tuarascáil mheastóireachta mheántéarma a tharraingt suas faoi bhaint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí faoin gclár, faoi éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus faoin mbreisluach a bhaineann leis ar an leibhéal Eorpach maidir leis an gclár. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil sin freisin ar shimpliú agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí, agus ar rannchuidiú an chláir le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2021, tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a tharraingt suas faoi na hábhair dá dtagraítear i mír 2 agus faoin iarmhairt fhadtéarmach agus faoi inbhuanaitheacht éifeachtaí an chláir.

4.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh na tíortha rannpháirteacha, na sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha atá ar fáil dó chun rannchuidiú lena thuarascálacha meántéarma agus críochnaitheacha.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 18

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoin gCinneadh sin de bheith faoina réir go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 48 agus IO C 11, 15.1.2013, lch 84.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  IO C 37, 20.12.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme do bhuiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena mbunaítear clár Comhphobail chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach (Fiscalis 2013) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2235/2002/CE (IO L 330, 15.12.2007, lch. 1).

(10)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(11)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dhleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(12)  Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).

(13)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 ag athstruchtúrú an chreata Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(14)  Treoir 2010/24/AE an 16 Márta 2010 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú.(IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile ((IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

CÓRAIS EORPACHA FAISNÉISE AGUS A gCOMHPHÁIRTEANNA AONTAIS

A.

Is iad seo a leanas na córais Eorpacha faisnéise:

(1)

an comhlíonra cumarsáide / comhéadan coiteann na gcóras (CCN/CSI – CCN2), CCN mail3, an droichead CSI, an droichead http, CCN LDAP agus uirlisí gaolmhara, tairseach gréasáin CCN, faireachán CCN;

(2)

córais chúltaca, go háirithe an uirlis chumraíochta feidhmchláir do CCN, an uirlis tuairiscithe gníomhaíochta (ART2), bainistíocht leictreonach Taxud na dtionscadal ar líne (TEMPO), uirlis bhainistíochta seirbhíse (SMT), an córas bainistíochta úsáideoirí (UM), córas BPM, an deais infhaighteachta agus AvDB, tairseach do bhainistíocht seirbhíse TF, bainistíocht eolairí agus rochtana úsáideoirí;

(3)

spás faisnéise agus cumarsáide na gClár (PICS);

(4)

na córais a bhaineann le CBL, go háirithe an córas malartaithe faisnéise CBL (VIES) agus an aisíocaíocht CBL, lena n-áirítear feidhmchlár tosaigh VIES, uirlis faireacháin VIES, an córas staidrimh um Chánachas, VIES-ar-líne, uirlis chumraíochta VIES-ar-líne, uirlisí tástála aisíocaíochta VIES agus CBL, algartaim uimhreacha CBL, malartú ríomh-fhoirmeacha CBL, CBL ar ríomh-sheirbhísí(VoeS); uirlis tástála VoeS, uirlis tástála ríomh-fhoirmeacha CBL, mion-ionad ilfhreastail (MoSS);

(5)

córais a bhaineann le haisghabháil, go háirithe ríomh-fhoirmeacha um aisghabháil éileamh, ríomh-fhoirmeacha um ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú (UIPE) agus d'fhoirm aonfhoirmeach um fhógra (UNF);

(6)

córais a bhaineann le cánachas díreach, go háirithe cánachas ar chórais choigiltis, uirlis tástála maidir le cánachas ar choigiltis, ríomh-fhoirmeacha um chánachas díreach, uimhir aitheantais chánach TIN-ar-líne, na malartuithe a bhaineann le hAirteagal 8 de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (1) agus uirlisí tástála bainteacha;

(7)

córais eile a bhaineann le cánachas, go háirithe, an bunachar sonraí 'Cánacha san Eoraip' (TEDB);

(8)

na córais mháil, go háirithe an córas um mhalartú sonraí máil (SEED), an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS), ríomh-fhoirmeacha MVS, feidhmchlár tástála (TA);

(9)

lárchórais eile, go háirithe, córas Cánachais Cumarsáide agus Faisnéise na mBallstát (TIC), an córas tástála féinseirbhíse (SSTS), córas staidrimh a bhaineann le cánachas, an feidhmchlár lárnach um fhoirmeacha gréasáin, an córas seirbhísí lárnacha / faisnéise bainistíochta um Mhál (CS/MISE).

B.

Is iad comhpháirteanna Aontais na gCóras Eorpach Faisnéise:

(1)

sócmhainní TF amhail crua-earraí, bogearraí agus naisc líonra na gcóras, lena n-áirítear an bonneagar sonraí gaolmhar;

(2)

seirbhísí TF is gá chun tacú leis na córais a fhorbairt, a chothabháil, a fheabhsú agus a oibriú; agus

(3)

aon eilimintí eile atá, ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe, sainaitheanta ag an gCoimisiún mar comheilimintí ag na tíortha rannpháirteacha.


(1)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1287/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 agus 195 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I mí an Mhárta 2010 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal "Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach" ("Straitéis Eoraip 2020"). D'fhormhuinigh Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh 2010 an Teachtaireacht sin. Freagraíonn an Straitéis Eoraip 2020 don ghéarchéim eacnamaíoch agus tá sé beartaithe aici an tAontas a ullmhú don chéad deich mbliana eile atá romhainn. Leagtar amach cúig chuspóir uaillmhianacha inti maidir leis an aeráid agus fuinneamh, fostaíocht, nuálaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta atá le baint amach faoi 2020 agus sainaithnítear inti príomhspreagthaí fáis, a bhfuil mar aidhm acu Aontas níos idirghníomhaí agus níos iomaíche a chruthú. Leagtar béim inti freisin ar a thábhachtaí atá sé fás a neartú i ngeilleagar na hEorpa agus leibhéal ard fostaíochta, geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus comhtháthú sóisialta á gcur chun cinn ag an am céanna. Ba cheart go mbeadh ról ríthábhachtach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Tá an ról atá acu soiléir ón méid go bhfuil FBManna luaite i sé cinn as seacht de thionscnaimh shuaitheantais Straitéis Eoraip 2020.

(2)

Chun a áirithiú go mbeidh ról lárnach ag fiontair, go háirithe FBManna, i gcur chun cinn fáis eacnamaíoch san Aontas, atá ina phríomhthosaíocht, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht i mí Dheireadh Fómhair 2010 dar teideal "Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe - an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht á gcur i lár an aonaigh", ar thacaigh an Chomhairle leis i mí na Nollag in 2010. Tionscnamh suaitheanta is ea é sin den Straitéis Eoraip 2020. Leagtar straitéis amach sa Teachtaireacht a bhfuil sé d'aidhm aici fás agus fostaíocht a fheabhsú trí bhonn tionsclaíoch láidir atá éagsúil agus iomaíoch a chothú agus trí thacaíocht a thabhairt don bhonn sin san Eoraip, go háirithe trí choinníollacha creata a fheabhsú d'fhiontair, agus trí roinnt gnéithe den mhargadh inmheánach a neartú, lena n-áirítear seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gnó.

(3)

I mí an Mheithimh 2008, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal "Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip", ar thacaigh an Chomhairle i mí na Nollag leis in 2008. Leis an nGníomh um Ghnólachtaí Beaga (SBA) cuirtear creat cuimsitheach beartais ar fáil do FBManna, cuirtear fiontraíocht chun cinn agus daingnítear an prionsabal "Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús" sa dlí agus sa bheartas chun acmhainn iomaíochta na FBManna a neartú. Cuirtear deich bprionsabal ar bun leis an SBA agus leagann sé amach gníomhaíochtaí maidir le beartas agus bearta reachtacha chun acmhainn na FBManna fás agus fostaíocht a chruthú a chur chun cinn. Cuidíonn cur i bhfeidhm an SBA le baint amach chuspóirí na Straitéise Eoraip 2020. Leagadh amach roinnt gníomhaíochtaí do FBManna sna tionscnaimh shuaitheanta cheana.

(4)

Bhí SBA faoi réir a athbhreithnithe ó shin, a foilsíodh i mí Feabhra 2011, arbh uirthi sin a ghlac an Chomhairle an 30 agus an 31 Bealtaine 2011 na conclúidí. Déantar cur chun feidhme SBA a mheas leis an athbhreithniú sin agus déantar measúnú ar riachtanais FBManna atá ag feidhmiú sa timpeallacht eacnamaíoch reatha inar deacra atá sé ag éirí dóibh i gcónaí teacht ar mhaoiniú agus ar mhargaí. San athbhreithniú sin tá forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh sa chéad dá bhliain de SBA, leagtar amach gníomhaíochtaí nua chun dul i ngleic le dúshláin a thagann as an ngéarchéim eacnamaíoch agus atá tuairiscithe ag geallsealbhóirí, agus moltar bealaí chun roghnú agus cur chun feidhme an SBA a fheabhsú ar bealaí iad ina mbeidh ról soiléir ag geallsealbhóirí agus ag eagraíochtaí gnó ar an líne tosaigh. Ba cheart go léireofaí le cuspóirí sonracha cláir le haghaidh iomaíochas fiontar agus FBManna na tosaíochtaí a leagtar amach san athbhreithniú sin. Tá sé tábhachtach é a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme cláir den sórt sin á chomhordú le cur chun feidhme SBA.

Go háirithe, le gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí sonracha, ba cheart go gcabhrófaí leis an deich bprionsabal thuasluaite a chur i gcrích agus leis na gníomhaíochtaí nua a shainaithneofar i bpróiseas athbhreithnithe SBA.

(5)

Leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 creat airgeadais ilbhliantúil do 2014 go 2020 (3). Sa chreat airgeadais ilbhliantúil sin cuirtear síos ar an dóigh a mbainfear amach na cuspóirí beartais maidir le fás a mhéadú agus tuilleadh fostaíochta a chruthú san Eoraip agus maidir le geilleagar ísealcharbóin atá níos fabhraí don timpeallacht agus Aontas atá níos feiceálaí go hidirnáisiúnta a bhunú.

(6)

Chun cuidiú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, agus go háirithe FBManna, chun tacú le FBManna atá ann cheana, chun cultúr fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn, chun an tsochaí eolais a chur chun cinn agus forbairt a dhéanamh atá bunaithe ar fhás eacnamaíoch, ba cheart clár um iomaíochas fiontar agus um FBManna ("clár COSME") a chur ar bun.

(7)

Ba cheart go dtabharfaí tús áite i gclár COSME don chlár oibre maidir leis an simpliú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2012 dar teideal "Clár Oibre chun CAI 2014-2020 a shimpliú". Ba cheart go mbeadh comhordú níos fearr i gceist le caiteachas an Aontais agus na mBallstát maidir le hiomaíochas na bhfiontar agus FBManna a chur chun cinn d'fhonn comhlántacht a áirithiú, chomh maith le héifeachtúlacht agus le hinfheictheacht níos fearr, agus chun sineirgí buiséadacha níos fearr a bhaint amach.

(8)

Tá an Coimisiún tar éis a thiomnú go ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí ar son na haeráide a chomhtháthú i gcláir chaiteachais an Aontais agus go ndíreoidh sé ar a laghad 20 % de bhuiséad an Aontais ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, chomh maith le cosc ar rioscaí, chun cinn agus clár COSME á ullmhú, á dhearadh agus á chur chun feidhme. Ba cheart do bhearta atá cumhdaithe faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an aistriú go geilleagar agus sochaí ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chur chun cinn.

(9)

Eascraíonn sé ó Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (4), go bhfuil eintitis agus comhlachtaí de chuid na dtíortha agus na gcríoch thar lear incháilithe chun páirt a ghlacadh i gclár COSME.

(10)

Tá sé beartaithe go gcuirfidh beartas iomaíochais an Aontais na socruithe beartais agus na socruithe institiúideacha i bhfeidhm a chruthóidh dálaí faoina bhféadfaidh fiontair, go háirithe FBManna, fás ar bhealach inbhuanaithe. Chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht a bhaint amach, ní mór an cumas chun iomaíochas eacnamaíoch agus fás fiontar a bhaint amach agus a choinneáil i gcomhréir le cuspóirí inbhuanaithe forbartha. Is í an táirgiúlacht fheabhsaithe, lena n-áirítear táirgiúlacht acmhainne agus fuinnimh, an phríomhfhoinse fáis inbhuanaithe ioncaim. Braitheann iomaíochas freisin ar chumas cuideachtaí lántairbhe a bhaint as deiseanna cosúil leis an margadh inmheánach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do FBManna, arb ionann iad agus 99 % de na fiontair uile san Aontas, a mbaineann gach dhá phost reatha as trí san earnáil phríobháideach leo, chomh maith le 80 % de na poist atá á gcruthú as an nua, agus is iad a sholáthraíonn níos mó ná leath den bhreisluach iomlán a chruthaíonn fiontair san Aontas. Príomhspreagadh is ea iad FBManna maidir le fás eacnamaíoch, fostaíocht agus comhtháthú sóisialta.

(11)

Tá sé réamh-mheasta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2012 dar teideal "Aisghabháil rathúil post a bhaint amach" go bhféadfaí níos mó ná cúig mhilliún post a chruthú faoi 2020 le beartais chun an t-aistriú chuig an ngeilleagar glas a chur chun cinn amhail éifeachtúlacht acmhainní, éifeachtúlacht fuinnimh, beartais maidir leis an athrú aeráide, agus go háirithe in earnáil FBManna. Agus sin á chur san áireamh, d'fhéadfaí a áireamh sna gníomhaíochtaí sonracha faoi chlár COSME forbairt táirgí, seirbhísí, teicneolaíochtaí agus próiseas inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le héifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus freagracht shóisialta chorparáideach.

(12)

Tá béim ar leith á leagan ar iomaíochas i gceapadh beartais san Aontas le blianta beaga anuas mar gheall ar theipeanna sa mhargadh, teipeanna beartais agus teipeanna institiúideacha ina mbaintear an bonn d'iomaíochas fhiontair an Aontais, agus go háirithe d'iomaíochas na FBManna.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart do chlár COSME aghaidh a thabhairt ar theipeanna sa mhargadh a dhéanann difear d'iomaíochas gheilleagar an Aontais ar scála domhanda agus a bhaineann bonn d'acmhainneacht fiontar, go háirithe FBManna, dul in iomaíocht lena gcomhpháirtithe ar fud an domhain.

(14)

Ba cheart do chlár COSMEdíriú go háirithe ar FBManna, mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (5). Agus an Rialachán seo á chur hun feidhme, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle na ngeallsealbhóirí uile is ábhartha, lena n-áirítear na heagraíochtaí ionadaíocha do FBManna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicrifhiontair, ar fhiontair a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí ceardaíochta, ar dhaoine féinfhostaithe, ar na gairmeacha beatha liobrálacha agus ar fhiontair shóisialta. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar fhiontraithe nua, óga agus ar bhanfhiontraithe a d'fhéadfadh a bheith ann, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile, amhail daoine níos sine, imircigh agus fiontraithe a thagann as grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta nó as grúpaí leochaileacha amhail daoine atá faoi mhíchumas agus ba cheart aistrithe gnó, seach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí a chur chun cinn mar aon leis an dara deis a tabhairt d'fhiontraithe.

(15)

Baineann cuid mhaith d'fhadhbanna iomaíochais an Aontais le deacrachtaí FBManna teacht ar mhaoiniú toisc go mbíonn sé crua orthu a n-acmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus toisc gur deacair dóibh rochtain a fháil ar chaipiteal riosca. Bíonn tionchar diúltach ag na deacrachtaí sin ar leibhéal agus ar cháilíocht na bhfiontar nua arna gcruthú agus ar fhás agus ar ráta marthanais fiontar, agus a réidhe atá fiontraithe nua dul i gceannas ar chuideachtaí inmharthana i gcás aistriú gnó/comharbais. Tá luach breise cruthaithe ag ionstraimí airgeadais an Aontais a cuireadh i bhfeidhm faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus tá siad tar éis cabhrú le 220 000 FBM ar a laghad. Maidir leis na hionstraimí nua atá beartaithe, baineann an breisluach feabhsaithe don Aontas, inter alia, le neartú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh fiontair chaipitil agus le margadh airgeadais uile-Eorpach a fhorbairt do FBManna agus chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nach féidir le Ballstáit aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais soiléir, comhleanúnach agus comhlántach maidir le hionstraimí airgeadais na mBallstát do FBManna, go gcuirfí éifeacht luamhánaithe ar fáil leo agus go seachnófaí saobhadh sa mhargadh leo i gcomhréir le Rialachán (AE, Eurataom) Uimh 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Eintitis a bhfuil sé de chúram orthu na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, ba cheart dóibh breisíocht a áirithiú agus maoiniú dúbailte trí acmhainní an Aontais a sheachaint.

(16)

Ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún aird ar infheictheacht an mhaoinithe dá bhforáiltear trí ionstraimí airgeadais an Rialacháin seo lena áirithiú go mbeifear ar an eolas faoi infhaighteacht thacaíocht an Aontais agus go n-aithneofar an tacaíocht dá bhforáiltear ar an margadh. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar idirghabhálaithe airgeadais é a shoiléiriú d'fhaighteoirí deiridh go raibh an maoiniú á chur ar fáil tríd an tacaíocht ó na hionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo. Ba chearta don Choimisiún agus do na Ballstáit na bearta cuí a ghlacadh, lena n-áirítear córais ar líne atá furasta le húsáid, chun faisnéis a scaipeadh maidir leis na hionstraimí airgeadais atá ar fáil i measc FBManna agus idirghabhálaithe. Níor cheart go mbeadh dúbláil i gceist leis na córais sin, a bhféadfadh tairseach aonair a bheith san áireamh leo, agus leis na córais atá ann faoi láthair.

(17)

Chruthaigh an Líonra Fiontar Eorpach ("an Líonra") go bhfuil breisluach ag baint leis do FBManna na hEorpa mar ionad ilfhreastail chun tacú le gnóthaí trí chabhrú le fiontaircur lena n-iomaíochas agus deiseanna gnó sa mhargadh inmheánach agus lasmuigh de a fhiosrú. Ní féidir modheolaíochtaí ná modhanna oibre a chuíchóiriú ná éirim Eorpach a thabhairt isteach i seirbhísí tacaíochta gnó ach ar leibhéal an Aontais. Chuidigh an Líonra, go háirithe, le FBManna comhpháirtithe a aimsiú do chomhar nó d'aistriú teicneolaíochta sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha, agus chuidigh sé leo comhairle a fháil faoi fhoinsí maoinithe Aontais, faoi dhlí an Aontais agus faoi mhaoin intleachtúil agus faoi chláir Aontais a thacaíonn leis an éicea-nuálaíocht agus le táirgeadh inbhuanaithe. Fuair sé aiseolas freisin maidir le dlí agus caighdeáin an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint le saineolas an líonra ó thaobh neamhshiméadrachtaí faisnéise a shárú agus costais a bhaineann le hidirbhearta trasteorann a mhaolú.

(18)

Tá iarracht níos mó ag teastáil chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cáilíocht na seirbhísí agus as feidhmíocht an Líonra, go háirithe maidir le feasacht FBManna agus úsáid na seirbhísí ina dhiaidh sin, trí seirbhísí idirnáisiúnaithe agus nuála a chomhtháthú tuilleadh, tríd an gcomhar idir an Líonra agus geallsealbhóirí FBManna réigiúnacha agus áitiúla, dul i gcomhairle na n-eagraíochtaí ósta agus leas níos fearr a bhaint astu, maorlathas a laghdú, tacaíocht TF a fheabhsú agus cur le hinfheictheacht an Líonra agus a chuid seirbhísí sna réigiúin gheografacha atá clúdaithe.

(19)

Cuireann idirnáisiúnú teoranta FBManna san Eoraip agus taobh amuigh den Eoraip isteach ar iomaíochas. Dar le roinnt meastachán, déanann 25 % de FBManna an Aontais earraí a onnmhairiú faoi láthair nó rinne siad amhlaidh am éigin sna trí bliana a chuaigh thart. Ón gcéatadán sin ní bhíonn ach 13 % de FBManna an Aontais ag onnmhairiú taobh amuigh den Aontas ar bhonn rialta agus ní dhearna ach 2 % de FBManna an Aontais infheistíocht taobh amuigh dá dtír dhúchais. Ina theannta sin, is léir ó shuirbhé Eorabharaiméadair 2012 an acmhainneacht atá ann nach bhfuil leas á baint aisti maidir le fás FBManna i margaí glasa, san Aontas agus lasmuigh de, i dtéarmaí idirnáisiúnaithe agus rochtain ar an soláthar poiblí. I gcomhréir le GGB, ina n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do FBManna tairbhe a bhaint as fás margaí taobh amuigh den Aontas, tugann an tAontas cúnamh airgeadais do roinnt tionscnamh amhail Ionad AE-na Seapáine um Chomhar Tionsclaíoch agus deasc cabhrach FBManna sa tSín maidir le Cearta Maoine Intleachtúla. Cruthaítear breisluach don Aontas trí chomhar a chur chun cinn agus trí sheirbhísí a thairiscint ar an leibhéal Eorpach lena gcomhlánaítear lársheirbhísí trádála cur chun cinn na mBallstát gan iad a dhúbláil, rud a chuireann leis an iarracht atá á déanamh ag soláthróirí seirbhísí poiblí agus príobháideacha sa réimse sin. Ba cheart go n-áireofaí ar na seirbhísí sin faisnéis maidir le cearta maoine intleachtúla, caighdeáin agus rialacha agus deiseanna an tsoláthair phoiblí. Ba cheart Cuid II de na Conclúidí ón gComhairle an 6 Nollaig 2011, dar teideal "Cur Chun Feidhme an Bheartais Thionsclaíoch a Neartú ar fud an AE" maidir leis an dteachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe - an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht á gcur i lár an aonaigh" a chur san áireamh go hiomlán. Ar an gcaoi sin, ba cheart do straitéis dea-shainithe cnuasaigh Eorpach a bheith comhlántach leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach cnuasaigh a ghríosú le barrfheabhas a bhaint amach agus le dul i mbun comhair go hidirnáisiúnta, agus é a chur san áireamh go bhféadfadh braisliú FBManna bheith ina phríomh-mhodh chun a n-acmhainneacht a neartú maidir le nuáil, agus le tosú ag feidhmiú ar mhargaí thar lear.

(20)

Chun acmhainn iomaíochta fhiontair an Aontais a fheabhsú, go háirithe FBManna, ní mór do na Ballstáit agus don Choimisiún timpeallacht fhabhrach gnó a chruthú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar leasanna FBManna agus leasanna na n-earnálacha ina bhfuil FBManna gníomhach. Tá gá le tionscnaimh ar leibhéal an Aontais freisin d'fhonn faisnéis agus eolas a mhalartú ar bhonn Eorpach agus sa chás sin bíonn seirbhísí digiteacha an-éifeachtach go deo ó thaobh costais de sa réimse sin. Leis na gníomhaíochtaí sin, beidh cothrom na féinne ann do FBManna.

(21)

Cuirtear bac ar shaoránaigh, ar thomhaltóirí agus ar fhiontraithe, go háirithe FBManna, leis na bearnaí, an ilroinnt agus an maorlathas nach bhfuil gá leis, an leas is fearr is féidir a bhaint as an margadh inmheánach. Dá bhrí sin tá géarghá le hiarracht chomhbheartaithe ó na Ballstáit, Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an gcur chun feidhme agus ar na heasnaimh reachtaíochta agus faisnéise. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta, ba cheart do na Ballstáit, Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún obair i gcomhar a chéile chun an t-ualach riaracháin agus rialála nach bhfuil gá leis ar FBManna a laghdú agus a sheachaint. I bhfianaise na ngníomhaíochtaí faoi chlár COSME, arb é an t-aon chlár san Aontas ina ndírítear go sonrach ar FBManna, ba cheart cur leis na haidhmeanna sin a chur chun feidhme, go háirithe trí na coinníollacha creata d'fhiontair a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh ról ag seiceálacha oiriúnachta agus measúnuithe tionchair a mhaoinítear faoi chlár COSME san iarracht sin.

(22)

Rud eile a bhfuil drochthionchar aige ar iomaíochas is ea go bhfuil spiorad fiontraíochta cuibheasach lag san Aontas. Níor mhaith ach le 45 % de shaoránaigh an Aontais (agus níos lú ná 40 % de na mná) a bheith féinfhostaithe, i gcomparáid le 55 % sna Stáit Aontaithe agus 71 % sa tSín (de réir Shuirbhé Eorabharaiméadair na bliana 2009 maidir le fiontraíocht). De réir SBA, ba cheart aird a thabhairt ar gach cás atá i ndán d'fhiontraithe, lena n-áirítearnuathionscnamh, fás, aistriú agus féimheacht (dara seans). Tá breisluach ard Aontais ag baint le hoideachas fiontraíochta a chur chun cinn, ag baint le bearta chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a fheabhsú, amhail tagarmharcáil agus malartú dea-chleachtas.

(23)

Seoladh Clár Erasmus d'Fhiontraithe Óga d'fhonn fiontraithe nua nó fiontraithe atá ag teacht chun cinn a chumasú taithí ghnó a fháil i mBallstát seachas ina gceann féin agus a mbuanna fiontraíochta a neartú ar an gcaoi sin. I ndáil leis an gcuspóir na coinníollacha creata a fheabhsú chun fiontraíocht agus cultúr na fiontraíochta a chur chun cinn, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh atá saincheaptha le go gcuirfidh siad feabhas ar a gcumas i leith saineolas, scileanna agus dearcaidh fiontraíochta a fhorbairt agus le go gcuirfidh siad feabhas ar a n-acmhainneacht teicneolaíochta agus ar an tslí a mbainistíonn siad fiontair.

(24)

Cruthaítear le hiomaíochas domhanda, le hathruithe déimeagrafacha, agus le srianta ó thaobh acmhainní de agus treochtaí sóisialta atá ag teacht chun cinn, dúshláin agus deiseanna do roinnt earnálacha éagsúla a bhfuil dúshláin dhomhanda i ndán dóibh agus a bhfuil cion ard FBManna iontu. Mar shampla, ní mór d'earnálacha dearadhbhunaithe iad féin a chur in oiriúint chun tairbhe a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe a bhaineann leis an móréileamh atá ar tháirgí uileghabhálacha pearsantaithe. Ós rud é go mbaineann na dúshláin sin leis na FBManna uile san Aontas sna hearnálacha sin, tá gá le hiarracht chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais chun fás breise a chruthú trí thionscnaimh ina gcuirfear dlús le táirgí agus seirbhísí nua atá ag teacht chun cinn.

(25)

Ag tacú leis an ngníomhaíocht sna Ballstáit, féadfaidh clár COSME tacú le tionscnaimh i réimsí earnálacha agus trasearnálacha ina mbeadh acmhainneacht shuntasach ag baint leo maidir le fás agus gníomhaíocht fiontraíochta, go háirithe iad sin a bhfuil cion ard FBManna iontu, lena gcuirfear dlús le tionscail iomaíocha agus inbhuanaithe atá ag teacht chun cinn, bunaithe ar na samhlacha gnó is iomaíche, ar tháirgí agus ar phróisis feabhsaithe, ar struchtúir eagraíochtúla nó ar shlabhraí luacha atá modhnaithe. Mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 dar teideal "An Eoraip, príomhcheann scríbe tuarasóireachta an domhain – creat polaitiúil nua don tuarasóireacht san Eoraip", ar thacaigh an Chomhairle léi i mí Dheireadh Fómhair 2010, is earnáil thábhachtach de chuid gheilleagar an Aontais í earnáil na turasóireachta. Cuireann fiontair san earnáil sin 5 % go díreach le hOlltáirgeacht Intíre an Aontais (OTI). Sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE"), aithnítear an tábhacht atá leis an turasóireacht, agus leagtar síos inniúlachtaí an Aontais sa réimse sin. Tá tionscnamh turasóireachta na hEorpa in ann gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú trí thimpeallacht fhabhrach a chruthú agus trí chomhar idir na Ballstáit a chur chun cinn go háirithe i ndáil le malartú na ndea-chleachtas. Táthar in ann a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, feabhas a chur ar bhonn eolais na turasóireachta trí shonraí agus anailís a chur ar fáil, agus tionscadail thrasnáisiúnta comhair a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus ceanglais éigeantacha d'fhiontair an Aontais á seachaint ag an am céanna.

(26)

Leagtar amach i gclár COSME gníomhaíochtaí i dtaca leis na cuspóirí, mar aon leis an imchlúdach iomlán airgeadais chun na cuspóirí sin a bhaint amach, íoschlúdach airgeadais le haghaidh ionstraimí airgeadais, cineálacha éagsúla beart cur chun feidhme, agus socruithe trédhearcacha maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar leasanna airgeadais an Aontais agus maidir le cosaint na leasanna sin.

(27)

Comhlánaítear le clár COSME cláir eile de chuid an Aontais, agus ag an am céanna aithnítear ann gur cheart do gach ionstraim oibriú i gcomhréir lena nósanna imeachta sonracha féin. Níor cheart, mar sin, go bhfaigheadh na costais incháilithe chéanna maoiniú faoi dhó. D'fhonn breisluach a bhaint amach agus le go mbeidh tionchar suntasach ag cistiú an Aontais, ba cheart dlúthshineirgíochtaí a fhorbairt idir clár COSME, Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ("Clár Fís 2020"), Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ("na Cistí Struchtúracha") agus cláir eile de chuid an Aontais.

(28)

Ba cheart na prionsabail maidir le trédhearcacht agus maidir le comhdheiseanna idir fir agus mná a chur san áireamh i ngach tionscnamh agus gníomhaíocht atá cumhdaithe faoi chlár COSME. Ba cheart meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha do gach saoránach a chur san áireamh sna tionscnaimh agus sna gníomhaíochtaí sin freisin.

(29)

Ba cheart go mbeadh próiseas trédhearcach ann sula dtugtar deontais do FBManna. Ba cheart go mbeadh próiseas trédhearcach ag baint le deontaisa thabhairt agus a íoc, gan mhaorlathas agus go mbeadh sé i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna.

(30)

Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán chlár COSME, imchlúdach airgeadais arb é an phríomhmhéid tagartha dó do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (10) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh.

(31)

Chun a áirithiú nach n-úsáidtear maoiniú ach chun dul i ngleic le teipeanna sa mhargadh, le teipeanna beartais agus le teipeanna institiúideacha, agus chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint, ba cheart do chistiú ó chlár COSME rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a chomhlíonadh.

(32)

Sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sna Prótacail a ghabhann le Comhaontuithe Comhlachais, déantar foráil maidir le rannpháirtíocht na dtíortha lena mbaineann i gcláir de chuid an Aontais. Ba cheart go bhféadfadh tríú tíortha eile bheith rannpháirteach freisin nuair a thugtar an méid sin le fios i gcomhaontuithe agus nósanna imeachta.

(33)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais do chlár COSME agus é a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht chlár COSME do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.

(34)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chlár COSME a d'fhágfadh go bhféadfaí aon choigeartuithe a dhéanamh. Ba cheart tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme a chur le chéile, ina gcuirfí an dul chun cinn atá bainte amach in iúl mar aon leis na gníomhaíochtaí atá pleanáilte.

(35)

Ba cheart faireachán bliantúil a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár COSME le cabhair ó tháscairí lárnacha chun torthaí agus tionchair a mheas. Ba cheart go gcuirfí an bunús is lú ar fáil leis na táscairí sin, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, chun measúnú ar a mhéid atá cuspóirí chlár COSME bainte amach.

(36)

Leis an tuarascáil eatramhach a ullmhóidh an Coimisiún maidir le baint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoi chlár COSME, ba cheart go n-áireofaí meastóireacht ar thearc-rannpháirtíocht FBManna, nuair a fheictear gur ann dá leithéid i líon suntasach Ballstát. I gcás inarb iomchuí, d'fhéadfadh na Ballstáit torthaí na tuarascála eatramhaí a chur san áireamh ina mbeartas féin faoi seach.

(37)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(38)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cláir oibre bhliantúla a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme chlár COSME. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Áirítear ar roinnt de na gníomhaíochtaí atá san áireamh sa chlár oibre bliantúil gníomhaíochtaí a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 5(4) den Rialachán sin.

(39)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 a tharmligean chuig an gCoimisiún CFAE i ndáil leis na táscairí breise, i ndáil le hathruithe ar mhionsonraí sonracha áirithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais agus i ndáil le modhnuithe ar na méideanna táscacha, rud a d'fhágfadh go rachadh na modhnuithe sin ar na méideanna táscacha thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais i ngach cás. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(40)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlithiúil, ba cheart Cinneadh Uimh. 1639./2006 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Ábhar

Airteagal 1

Bunú

Bunaítear clár le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais chun acmhainn iomaíochta fiontar, agus go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a fheabhsú ("clár COSME") don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn "FBManna" micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

1.   Le clár COSME, cabhrófar leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bhaint amach, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna a bhunaítear san Aontas agus FBManna a bhunaítear i dtríú tíortha atá rannpháirteach i gclár COSME de bhun Airteagal 6:

(a)

iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, go háirithe FBManna;

(b)

an cultúr fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás na FBManna a chur chun cinn.

2.   Is leis na táscairí seo a leanas a dhéanfar baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a thomhas:

(a)

feidhmiú na FBManna maidir le hinbhuanaitheacht;

(b)

athruithe ar an ualach neamhriachtanach riaracháin agus rialála atá ar na FBManna nua agus ar na FBManna atá ann cheana;

(c)

athruithe ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú laistigh den Aontas nó taobh amuigh de;

(d)

athruithe ar fhás na FBManna;

(e)

athruithe ar chion na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe.

3.   Leagtar amach san Iarscríbhinn liosta sonraithe de tháscairí agus de spriocanna do chlár COSME.

4.   Tabharfaidh clár COSME tacaíocht do chur chun feidhme Straitéis Eoraip 2020 agus rannchuideoidh sé le baint amach na cuspóra maidir le "fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach". Rannchuideoidh clár COSME go háirithe le baint amach na príomhsprice maidir le fostaíocht.

CAIBIDIL II

Cuspóirí sonracha agus réimsí gníomhaíochta

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha chlár COSME:

(a)

rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais:

(b)

rochtain ar mhargaí a fheabhsú, go háirithe laistigh den Aontas ach ar an leibhéal domhanda freisin;

(c)

feabhas a chur ar na coinníollacha creata ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe i gcás FBManna, lena n-áirítear earnáil na turasóireachta;

(d)

fiontraíocht agus cultúr na fiontraíochta a chur chun cinn.

2.   Maidir leis an ngá atá ann fiontair a chur in oiriúint do gheilleagar astaíochtaí ísle atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus tíosach ar acmhainní agus ar fhuinneamh, cuirfear an gá sin chun cinn agus clár COSME á chur chun feidhme.

3.   Chun tionchar chlár COSME maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1 a thomhas, úsáidfear na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn.

4.   Sna cláir oibre bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, mionsonrófar na gníomhaíochtaí uile a bheidh le cur chun feidhme faoi chlár COSME.

Airteagal 5

Buiséad

1.   EUR 2,302 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun clár COSME a chur chun feidhme, agus leithdháilfear suim nach lú ná 60 % den méid sin ar ionstraimí airgeadais.

Déanfar na leithreasuithe nua a údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil

2.   Féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo costais eile a chumhdach freisin, costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun clár COSME a bhainistiú agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach. Cumhdófar leis go háirithe, ar bhealach costéifeachtach, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta chlár COSME, costais a bhaineann le gréasáin TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon leis na costais uile eile cúnaimh, idir chúnamh teicniúil agus chúnamh riaracháin, atá á dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistiú chlár COSME.

Ní rachaidh na costais sin thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais.

3.   Leis an imchlúdach airgeadais do chlár COSME leithdháilfear na suimeanna táscacha de 21.5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b), 11 % ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c) agus 2.5 % ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d). Féadfaidh an Coimisiún imeacht ó na suimeanna táscacha sin ach ní mó ná 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais an t–imeacht i ngach cás. I gcás go dtarlódh sé gur gá dul thar an teorainn sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na suimeanna táscacha sin a mhodhnú.

4.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais costais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, a bhfuil gá leo chun an t-aistriú a áirithiú idir clár COSME agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE (12). Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun costais chosúla a chumhdach, le go bhféadfar gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Féadfaidh siad seo a leanas a bheith rannpháirteach i gclár COSME:

(a)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an LEE, agus tíortha Eorpacha eile nuair a cheadaítear sin leis na comhaontuithe agus na nósanna imeachta;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais atá bunaithe sna Creat-Chomhaontuithe ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó na Comhairlí Comhlachais, nó i socruithe eile cosúil leo sin;

(c)

tíortha a thagann faoi raon feidhme bheartais chomharsanachta na hEorpa, nuair a cheadaítear é sin leis na comhaontuithe agus na nósanna imeachta agus i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais atá bunaithe sna Creat-Chomhaontuithe ábhartha, sna Prótacail ábhartha a ghabhann le Comhaontuithe Comhlachais agus sna Cinntí ábhartha ó na Comhairlí Comhlachais.

2.   Féadfaidh eintiteas atá bunaithe i dtír dá dtagraítear i mír 1 a bheith rannpháirteach i gcodanna de chlár COSME i gcás ina bhfuil an tír sin rannpháirteach faoi na coinníollacha a leagtar amach sna comhaontuithe faoi seach a gcuirtear síos orthu i mír 1.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht eintiteas ó thíortha neamh-rannpháirteacha

1.   I gcodanna de chlár COSME nach bhfuil tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5 rannpháirteach iontu, féadfaidh eintitis atá bunaithe sa tír sin a bheith rannpháirteach. Féadfaidh eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha eile a bheith rannpháirteach freisin i ngníomhaíochtaí faoi chlár COSME.

2.   Ní beidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 i dteideal rannchuidithe airgeadais a fháil ón Aontas, seachas i gcás ina bhfuil sé sár-riachtanach do chlár COSME, go háirithe maidir le hiomaíochas agus rochtain ar mhargaí d'fhiontair an Aontais. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin maidir le heintitis a dhéanann brabús.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna

1.   Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm leo rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna agus feabhas a chur uirthi i gcéimeannanuathionscnaimh, fáis agus aistrithe na FBManna, ar rochtain í a bheadh comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais do FBManna ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. D'fhonn comhlántacht a áirithiú, déanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú go dlúth leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe, Chlár Fís 2020 agus ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. Beidh sé d'aidhm leis na gníomhaíochtaí sinroghnú agus soláthar maoiniú cothromais agus fiachais araon a spreagadh, a bhféadfadh síolchistiú, cistiú aingil agus maoiniú cuasachothromais bheith san áireamh leo faoi réir éileamh an mhargaidh ach lena n-eisiatar scamhadh sócmhainní.

2.   Mar aon leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar tacaíocht an Aontais a thabhairt freisin do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar an maoiniú trasteorann agus ilnáisiúnta, faoi réir éileamh an mhargaidh, agus sa dóigh sin tabharfar cúnamh do FBManna a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú i gcomhréir le dlí an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh freisin ar an deis a d'fhéadfadh a bheith ann sásraí nuálacha airgeadais a fhorbairt, amhail sásraí slua-chistithe, faoi réir éileamh an mhargaidh.

3.   Tá mionsonraí na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 leagtha síos in Airteagal 17.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargaí a fheabhsú

1.   Chun leanúint d'fheabhas a chur ar iomaíochas fhiontair an Aontais agus ar a rochtain ar na margaí, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun rochtain FBManna ar an margadh inmheánach a fheabhsú amhail soláthar faisnéise (lena n-áirítear trí sheirbhísí digiteacha) agus ardú feasachta i ndáil le cláir, dlí agus caighdeáin an Aontais, i measc nithe eile.

2.   Díreofar le bearta sonracha ar rochtain na FBManna a éascú maidir leis na margaí lasmuigh den Aontas. Féadfar a áireamh ar na bearta sin faisnéis a sholáthar faoi na bacainní atá ann cheana ar dhul isteach sa mhargadh agus faoi dheiseanna gnó, soláthar poiblí agus nósanna imeachta custaim, agus feabhas a chur ar na seirbhísí tacaíochta maidir le caighdeáin agus cearta maoine intleachtúla i dtríú tíortha a dtugtar tús áite dóibh. Leis na bearta sin, déanfar príomhghníomhaíochtaí chur chun cinn trádála na mBallstát a chomhlánú ach ní dhéanfar iad a dhúbláil.

3.   Féadfaidh sé a bheith d'aidhm ag gníomhaíochtaí faoi chlár COSME comhar idirnáisiúnta a chothú, lena n-áirítear idirphlé tionsclaíoch agus rialála a dhéanamh le tríú tíortha. Féadfaidh sé a bheith d'aidhm le bearta sonracha difríochtaí idir an tAontas agus tíortha eile a laghdú maidir le creataí rialála do tháirgí, cur le forbairt an fhiontair agus an bheartais thionsclaíoch agus cur le feabhsú na timpeallachta gnó.

Airteagal 10

An Líonra Fiontar Eorpach

1.   Tacóidh an Coimisiún leis an Líonra Fiontar Eorpach ("an Líonra") seirbhísí comhtháite tacaíochta gnó a sholáthar do FBManna an Aontais a fhéachann le deiseanna a aimsiú sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha. D'fhéadfadh Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i measc na ngníomhaíochtaí a dhéanfar tríd an Líonra:

(a)

seirbhísí faisnéise agus comhairleacha a sholáthar maidir le tionscnaimh agus dlí an Aontais; tacaíocht a thabhairt maidir le feabhas a chur ar chumas lucht bainistíochta cur le hiomaíochas na FBManna; tacaíocht a thabhairt lena ndírítear ar fheabhas a chur ar eolas airgeadais na FBManna, lena n-áirítear seirbhísí faisnéise agus comhairleacha maidir le deiseanna cistithe, agus ar fheabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú agus ar scéimeanna ábhartha oiliúnaithe agus meantóireachta; bearta chun go méadófar rochtain na FBManna ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar shaineolas maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol; agus cur chun cinn chláir maoiniúcháin agus ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais (lena n-áirítear clár Fís 2020 i gcomhar le pointí teagmhála náisiúnta agus na Cistí Struchtúracha);

(b)

gnó trasteorann, T&F, aistriú teicneolaíochta agus eolais agus comhpháirtíochtaí teicneolaíochta agus nuálaíochta a éascú;

(c)

bealach cumarsáide idir FBManna agus an Coimisiún a chur ar fáil.

2.   Féadfar leas a bhaint as an Líonra freisin chun seirbhísí a sholáthar thar ceann clár eile de chuid an Aontais amhail clár Fís 2020, lena n-áirítear seirbhísí tiomnaithe comhairleacha lena spreagtar na FBManna chun a bheith rannpháirteach i gcláir eile de chuid an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar comhordú éifeachtúil ar na hacmhainní éagsúla airgeadais le haghaidh an Líonra agus go ndéanfar seirbhísí a sholáthraíonn an Líonra thar ceann cláir eile an Aontais a mhaoiniú leis na cláir sin.

3.   Déanfar cur chun feidhme an Líonra a chomhordú i ndlúthpháirtíocht leis na Ballstáit sa chaoi nach ndúblálfar gníomhaíochtaí i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

Déanfaidh an Coimisiún an Líonra a mheasúnú maidir lena héifeachtacht, leis an rialú a dhéantar air agus le soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán ar fud an Aontais.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí chun na coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe FBManna

1.   Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do ghníomhaíochtaí chun na coinníollacha creata d' iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe FBManna, a fheabhsú ar mhaithe le héifeachtacht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht agus comhordú a mhéadú i mbeartais náisiúnta agus réigiúnacha a gcuirtear iomaíochas, inbhuanaitheacht agus fás fiontair an Aontais chun cinn leo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sonracha i dtaca le feabhas a chur ar na coinníollacha creata do na fiontair, go háirithe na FBManna, trí ualach riaracháin agus rialála, nach bhfuil gá leis, a laghdú agus a sheachaint. Féadfar a áireamh ar na bearta sin meastóireacht a dhéanamh ar bhonn rialta ar an éifeacht a bhíonn ag dlí ábhartha an Aontais maidir le FBManna, i gcás inarb iomchuí de bhíthin scórchláir, tacaíochta do ghrúpaí saineolaithe neamhspleácha, agus malartaithe faisnéise agus dea-chleachtais, lena n-áiritear faisnéis agus dea-chleachtas maidir le cur i bhfeidhm sistéamach na tástála FBManna ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm leo straitéisí nua iomaíochais agus forbartha gnó a fhorbairt. Féadfar gníomhaíochtaí de na cineálacha seo a leanas a áireamh:

(a)

bearta chun feabhas a chur ar cheapadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeartas a mbíonn éifeacht acu ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht fiontar, lena n-áirítear tríd an dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le coinníollacha creata agus bainistiú braislí den chéad scoth agus gréasáin ghnó; agus trí chomhoibriú trasnáisiúnta i measc braislí agus gréasán gnó agus forbairt táirgí, seirbhísí, teicneolaíochtaí agus próiseas inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le héifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus freagracht shóisialta chorparáideach;

(b)

bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe idirnáisiúnta na mbeartas iomaíochais, lena ndíreofaí go háirithe ar chomhar i leith beartais idir na Ballstáit, tíortha eile atá rannpháirteach i gClár COSME agus comhpháirtithe trádála domhanda an Aontais;

(c)

bearta chun feabhas a chur ar fhorbairt beartais na FBManna, ar chomhar idir lucht déanta beartas, ar athbhreithnithe piaraí agus ar mhalartú an dea-chleachtais idir na Ballstáit, agus an fhianaise atá ar fáil agus barúlacha na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, go háirithe d'fhonn gurbh fhusa do FBManna rochtain a fháil ar chláir agus ar bhearta Aontais, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta GGB.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhordú a chur chun cinn, tacú le gníomhaíocht a dhéantar sna mBallstáit chun go gcuirfear dlús le teacht chun cinn tionscal iomaíoch a bhfuil acmhainneacht acu maidir leis an margadh. D'fhéadfaí a áireamh sa tacaíocht sin gníomhaíochtaí chun malartú an dea-chleachtais a chur chun cinn agus scileanna agus riachtanais oiliúna na dtionscal a shainaithint, go mór mór riachtanais FBManna, agus r-scileanna go háirithe. Féadfar a áireamh uirthi freisin gníomhaíochtaí chun roghnú samhlacha nua gnó agus comhar FBManna i slabhraí luachanna nua a spreagadh mar aon le leas tráchtála a bhaint as smaointe ábhartha do tháirgí nua agus do sheirbhísí nua.

5.   Féadfaidh an Coimisiún cur le gníomhaíochtaí na mBallstát chun feabhas a chur ar iomaíochas agus inbhuanaitheacht FBManna an Aontais sna réimsí sin a bhfuil acmhainneacht shonrach fáis iontu, go háirithe iad siúd a bhfuil cion ard FBManna iontu, amhail earnáil na turasóireachta. D'fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú an dea-chleachtais.

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí chun fiontraíocht a chur chun cinn

1.   Cuirfidh an Coimisiún le cur chun cinn na fiontraíochta agus an chultúir fiontraíochta trí fheabhas a chur ar na coinníollacha creata lena n-imrítear tionchar ar fhorbairt na fiontraíochta lena n-airítear trí na bacainní ar chur ar bun na bfiontar a laghdú. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do thimpeallacht ghnó agus do chultúr gnó atá fabhrach d'fhiontair inbhuanaithe, do ghnólachtaí nuathionscanta, don fhás, d'aistriú gnó, don dara seans (atosú), mar aon le seachchuideachtaí agus mac-chuideachtaí.

2.   Tabharfar aird ar leith ar fhiontraithe ionchasacha, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe óga agus ar bhanfhiontraithe, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile freisin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a dhéanamh amhail cláir shoghluaisteachta d'fhiontraithe nua le go gcuirfidh siad feabhas ar a gcumas i leith saineolas, scileanna agus dearctaí fiontraíochta a fhorbairt agus le go gcuirfidh siad feabhas ar a n-acmhainneacht teicneolaíochta agus ar an tslí a mbainistíonn siad fiontair.

4.   Féadfaidh an Coimisiún tacú le bearta na mBallstát chun oideachas, scileanna agus dearcthaí fiontraíochta a fhorbairt agus a éascú, go háirithe i measc fiontraithe nua agus ionchasacha.

CAIBIDIL III

Clár COSME a chur chun feidhme

Airteagal 13

Cláir oibre bhliantúla

1.   Chun clár COSME a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Le gach clár oibre bliantúil cuirfear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo agus leagfar an méid seo a leanas amach go mion ann:

(a)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, na cuspóirí a shaothrófar maidir le gach gníomhaíocht, ar cuspóirí iad a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, na torthaí a mbeifear ag súil leo, an modh cur chun feidhme, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht, méid iomlán le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile agus tráthchlár táscach cur chun feidhme agus próifíl íocaíochta;

(b)

táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla iomchuí maidir le gach gníomhaíocht, chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí a soláthraíodh na torthaí agus a baineadh amach cuspóirí na gníomhaíochta i dtrácht;

(c)

maidir le deontais agus bearta a bhaineann leo, na critéir mheastóireachta bunriachtanacha a leagfar síos sa tslí is go mbainfear amach ar an mbealach is fearr na cuspóirí a shaothraítear le clár COSME, agus an ráta uasta cómhaoinithe;

(d)

caibidil mhionsonraithe ar leith maidir leis na hionstraimí airgeadais, a léireofar inti, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, na hoibleagáidí i ndáil le faisnéis faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena n-áirítear cionroinnt an imchlúdaigh airgeadais a mbeifear ag súil léi, idir an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Ráthaíochta Iasachta dá dtagraítear in Airteagal 18 agus Airteagal 19 den Rialachán seo faoi seach,agus faisnéis amhail leibhéal na ráthaíochta agus an gaol le clár Fís 2020.

2.   Cuirfidh an Coimisiún clár COSME chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 996/2012.

3.   Cuirfear clár COSME chun feidhme chun a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh forbairtí agus riachtanais a bheidh ann amach anseo san áireamh, go háirithe tar éis na meastóireachta eatramhaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(3), agus chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ábhartha maidir le margaí atá i mbun forbartha, maidir leis an ngeilleagar agus maidir le hathruithe sa tsochaí.

Airteagal 14

Bearta tacaíochta

1.   I dteannta na mbeart atá cumhdaithe faoi na cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta go rialta, lena n-áirítear na bearta seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar an anailís agus ar an bhfaireachán a dhéantar ar shaincheisteanna earnála agus trasearnála;

(b)

dea-chleachtas agus dea-mhodhanna cur chuige don bheartas a shainaithint agus a scaipeadh, agus iad a fhorbairt tuilleadh;

(c)

seiceálacha oiriúnachta ar an dlí atá ann cheana agus measúnuithe tionchair ar bhearta nua de chuid an Aontais atá an-ábhartha maidir le hiomaíochas fiontar, chun go sainaithneofar na réimsí dlí atá ann cheana ar gá a shimpliú, agus chun go n-áiritheofar go n-íoslaghdófar ualuithe ar FBManna i réimsí a molfar bearta reachtacha nua iontu;

(d)

meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht a bhfuil tionchar aige ar na fiontair, go háirithe ar na FBManna, ar bheartas tionsclaíoch agus ar bhearta a bhaineann le hiomaíochas;

(e)

córais chomhtháite ar líne a chur chun cinn ar córais iad atá furasta le húsáid agus lena soláthraítear faisnéis maidir le cláir atá ábhartha do na FBManna, agus a áirithiú nach ndéantar na tairsigh atá ann cheana a dhúbláil leis an méid sin.

2.   Ní rachaidh costas iomlán na mbeart tacaíochta sin thar 2,5 % d'imchlúdach airgeadais chlár COSME.

Airteagal 15

Faireachán agus meastóireacht

1.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh faireachán ar chur chun feidhme agus bainistiú chlár COSME.

2.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil faireacháin ina scrúdófar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme airgeadais, torthaí, costais agus, más féidir, tionchar na ngníomhaíochtaí. Áireofar sa tuarascáil faisnéis faoi thairbhithe, nuair is féidir, do gach glao ar thograí, faisnéis faoin méid caiteachais a bhaineann le cúrsaí aeráide agus an tionchar atá ag an tacaíocht a thugtar do chuspóirí maidir leis an athrú aeráide, sonraí ábhartha maidir leis na hiasachtaí a thugtar faoin tSaoráid Ráthaíochta Iasachtaí os cionn agus faoi EUR 150 000 a mhéid nach gcruthaíonn bailiú na faisnéise sin ualach riaracháin gan údar d'fhiontair, go háirithe do FBManna. Áireofar sa tuarascáil faireacháin an tuarascáil bhliantúil ar gach ionstraim airgeadais mar a cheanglaítear le hAirteagal 140(8) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Tráth nach déanaí ná 2018, bunóidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta, ar leibhéal na dtorthaí agus na n-iarmhairtí, maidir le baint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí ar fad a bhfuil tacaíocht faighte acu faoi Chlár COSME agus maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus an breisluach Eorpach a bhaineann léi, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil eatramhach mheastóireachta aghaidh freisin ar an raon feidhme i ndáil le simpliú, le comhtháthú inmheánach agus seachtrach, le hábharthacht leanúnach gach cuspóra, mar aon leis an méid a chuireann na bearta le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uileghabhálaigh. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil torthaí na meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin agus beidh sí mar fhoinse faisnéise tráth a mbeidh cinneadh á dhéanamh i ndáil le beart eile a dhéanfaí ina dhiaidh sin a bhféadfaí athnuachan, leasú nó fionraí birt dá eis sin a bheith i gceist leis.

4.   Bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh ar thionchar fadtéarmach na mbeart agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí na mbeart.

5.   Maidir le tairbhithe na ndeontas agus leis na páirtithe uile a bhfuil cistí faighte acu ón Aontas faoin Rialachán seo, cuirfidh siad na sonraí agus an fhaisnéis atá riachtanach agus iomchuí ar fáil don Choimisiún le go mbeifear in ann faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann.

6.   Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus foilseoidh sé iad.

CAIBIDIL IV

Forálacha airgeadais agus cineálacha cúnaimh airgeadais

Airteagal 16

Cineálacha cúnaimh airgeadais

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais faoi chlár COSME a chur chun feidhme go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na heintitis a liostaítear in Airteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 17

Ionstraimí airgeadais

1.   Déanfar ionstraimí airgeadais faoi chlár COSME, a chuirtear ar bun i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a fheidhmiú agus é d'aidhm leo rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna, le linn na gcéímeanna ar lena linn atá siad á nuathionscnamh, ag fás agus á n-aistriú. Áireofar sna hionstraimí airgeadais saoráid cothromais agus saoráid iasachta faoi ráthaíocht. Cuirfear an t-éileamh ó idirghabhálaithe airgeadais san áireamh agus cistí á leithdháileadh ar na saoráidí sin.

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfar na hionstraimí airgeadais do na FBManna a chomhcheangal leis na hionstraimí agus na deontais seo a leanas agus féadfar iad a chomhlánú leo:

(a)

ionstraimí airgeadais eile a bhunaigh na Ballstáit agus a n-údaráis bhainistíochta, a mhaoinítear le cistí náisiúnta nó cistí réigiúnacha nó a mhaoinítear faoi chuimsiú oibríochtaí na gCistí Struchtúracha, i gcomhréir le hAirteagal 33(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

ionstraimí airgeadais eile a bhunaigh na Ballstáit agus a n-údaráis bhainistíochta ar ionstraimí iada maoinítear le cistí náisiúnta nó réigiúnaí lasmuigh d'oibríochtaí na gCistí Struchtúracha;

(c)

deontais atá maoinithe ag an Aontas, lena n-áirítear faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 18 agus Airteagal 19 faoi seach a bheith comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais le haghaidh FBManna laistigh de chreat beartas comhtháthaithe an Aontais.

4.   Féadfaidh an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht a cheadú go ndéanfar a n-acmhainní airgeadais a chomhthiomsú, i gcás inarb iomchuí, le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus/nó na réigiún atá toilteanach cuid de na Cistí Struchtúracha a tugadh dóibh a ranníoc i gcomhréir le hAirteagal 33(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013.

5.   Féadfaidh na hionstraimí airgeadais torthaí inghlactha a ghiniúint chun cuspóirí na gcomhpháirtithe nó na n-infheisteoirí eile a chomhlíonadh. Féadfaidh an tSaoráid Cothromais d'Fhás feidhmiú ar bhonn fo-ordaithe ach beidh sé d'aidhm aici luach na sócmhainní a sholáthraítear le buiséad an Aontais a chaomhnú.

6.   Cuirfear an tSaoráid Cothromais d'Fhás agus an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht chun feidhme i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (13).

7.   Déanfar na hionstraimí airgeadais faoi chlár COSME a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhlántacht agus i gcomhtháthú leo siúd a bunaíodh faoi chlár Fís 2020 le haghaidh na FBManna.

8.   I gcomhréir le hAirteagal 60 (1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, áiritheoidh na heintitis ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais orthu feiceálacht ghníomhaíocht an Aontais agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu. Chuige sin, áiritheoidh an t-eintiteas ar cuireadh cúraimí air go gcuireann idirghabhálaithe airgeadais faighteoirí deiridh ar an eolas go sainráite gur de bharr na tacaíochta a thugtar trí ionstraimí airgeadais faoi chlár COSME sin a raibh teacht acu ar an maoiniú. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ag faighteoirí deiridh ionchasacha ar fhoilsiú ex post na faisnéise maidir leis na faighteoirí i gcomhréir le Airteagal 60(2)(e) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

9.   I gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfar aisíocaíochtaí a ghintear leis an dara fuinneog den tSaoráid um Ardfhás agus um FBManna Nuálaíocha a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE, ar aisíocaíochtaí iad a fuarthas i ndiaidh 31 Nollaig 2013, a shannadh don tSaoráid Cothromais Fáis a bunaíodh faoi Airteagal 14a den Rialachán seo.

10.   Cuirfear na hionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

Airteagal 18

An tSaoráid Cothromais Fáis

1.   Déanfar Saoráid Cothromais d'Fhás (EFG) a chur chun feidhme mar thairseach ar ionstraim airgeadais aonair Aontais um maoiniú cothromais lena dtacófar le fás, agus le taighde agus nuálaíocht (T&N) thionscadail de chuid an Aontais ón gcéadchéim (síolchaipiteal san áireamh,) go dtí céim an fháis, agus tiocfaidh tacaíocht airgeadais ó chlár Fís 2020 agus ó chlár COSMEdon ionstraim airgeadais aonair um maoiniú cothromais.

2.   Leis an EFG, díreofar ar chistí lena gcuirtear an méid seo ar fáil: caipiteal fiontair agus maoiniú mezzanine, ar nós iasachtaí fo-ordaithe agus iasachtaí rannpháirteachais, d'fhiontair forbraíochta agus d'fhiontair ag céim an fháis, go háirithe na fiontair sin a oibríonn thar theorainneacha, ach beidh an deis aige freisin infheistíocht a dhéanamh i gcistí céadchéime i gcomhar leis an tSaoráid Cothromais le haghaidh T&N faoi chlár Fís 2020 agus saoráidí comh-infheistíochta a chur ar fáil d'aingil ghnó. I gcás infheistíochtaí céadchéime, ní sháróidh an infheistíocht ó EFG 20 % d'infheistíocht iomlán an Aontais ach amháin i gcás cistí ilchéime agus cistí cistí, cás ina dtabharfar an cistiú ó EFG agus ón tSaoráid Cothromais le haghaidh T&N faoi chlár Fís 2020 ar bhonn pro rata, ar bhonn bheartais infheistíochta na gcistí. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an uasteorainn 20 % a leasú i bhfianaise dálaí athraitheacha sa mhargadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

3.   Bainfidh EFG agus an tSaoráid Cothromais le haghaidh T&N faoi chlár Fís 2020, leas as an sásra céanna seachadta.

4.   Beidh an tacaíocht ón EFG i bhfoirm ceann de na hinfheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíocht dhíreach ón gCiste Eorpach Infheistíochta nó ó eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin; nó

(b)

trí chistí cistí nó feithiclí infheistíochta a dhéanann infheistíocht thar theorainneacha, a bhunaítear leis an gCiste Eorpach Infheistíochta nó eintitis eile (lena n-áirítear bainisteoirí na hearnála poiblí nó) a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin in éineacht le hinfheisteoirí ó institiúidí airgeadais príobháideacha agus/nó ó institiúidí airgeadais poiblí.

5.   Infheisteoidh EFG i gcistí caipitil riosca idirmheánacha lena n-áirítear i gcistí cistí, ag cur infheistíochtaí ar fáil do FBManna agus iad ag forbairt agus ag fás. Infheistíochtaí fadtéarmacha a bheidh sna hinfheistíochtaí faoin EFG, i.e. is gnách go nglacfaidh siad suíomhanna 5 go 15 bliana i gcistí caipitil riosca. Ar aon nós, ní faide saolré na n-infheistíochtaí faoi EFG ná 20 bliain ón uair a shínítear an comhaontú idir an Coimisiún agus an t-eintiteas a gcuirtear de chúram air é a chur chun feidhme.

Airteagal 19

An tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht

1.   Soláthrófar an méid seo a leanas leis an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht (LGF):

(a)

frithráthaíochtaí agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh scéimeanna ráthaíochta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhráthaíochtaí;

(b)

ráthaíochtaí díreacha agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh aon idirghabhálaithe airgeadais eile a shásaíonn na critéir incháilitheachta dá dtagraítear i mír 5.

2.   Déanfar an LGF a chur chun feidhme mar chuid d'ionstraim amháin Aontais um maoiniú fiachais a thacóidh le fás agus T&N fhiontair an Aontais, agus úsáidfear an sásra céanna seachadta agus a úsáideann tairseach na Saoráide Fiachais do T&N atá ceangailte le héileamh FBManna faoi chlár Fís 2020 (RSI II).

3.   Is éard a bheidh san LGF:

(a)

ráthaíochtaí do mhaoiniú fiachais (lena n-áirítear trí iasachtaí fo-ordaithe agus iasachtaí rannpháirteachais, léasú, nó ráthaíochtaí bainc), trína laghdófar na deacrachtaí áirithe a bhíonn ag FBManna inmharthana maidir le maoiniú a fháil i ngeall ar an riosca ard a bhraitear leo nó an easpa comhthaobhachta leormhaithe atá ar fáil acu;

(b)

urrúsú phunanna maoinithe fiachais na FBManna, trína slógfar breis maoinithe fiachais le haghaidh FBManna faoi shocruithe roinnte riosca iomchuí i gcomhar leis na spriocinstitiúidí. Beidh an tacaíocht do na hidirbhearta urrúsúcháin sin coinníollach ar ghealltanas ó na hinstitiúidí tionscnaimh cuid shuntasach den toradh leachtachta nó den chaipiteal slógtha a úsáid le haghaidh iasachtaí nua do FBManna i dtréimhse réasúnta ama. Déanfar méid an mhaoinithe nua fiachais sin a ríomh maidir le méid an riosca punainne atá faoi ráthaíocht. Déanfar an méid sin agus an tréimhse ama a idirbheartú ar bhonn leithligh le gach institiúid tionscnaimh faoi seach.

4.   Beidh an LGF á oibriú ag an gCiste Eorpach Infheistíochta nó ag eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin. Féadfaidh aibíocht suas le 10 mbliana a bheith ag ráthaíochtaí aonair faoin LGF.

5.   Déanfar incháilitheacht faoin LGF a chinneadh do gach idirghabhálaí ar bhonn a gcuid gníomhaíochtaí agus ar a éifeachtaí atá siad maidir le cabhrú le FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú do thionscadail inmharthana. Féadfaidh idirghabhálaithe leas a bhaint as LGF chun tacú le gnóthaí chun sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe agus caipiteal oibre a mhaoiniú, agus féadfar leas a bhaint as i gcomhair aistrithe gnó. Beidh idirbhearta aonair agus idirbhearta ildíoltóra mar aon le hidirbhearta ilnáisiúnta ar áireamh i gcritéir a bhaineann le hurrúsú phunanna maoinithe fiachais na FBManna. Is bunaithe ar na dea-chleachtais margaidh a bheidh an incháilitheacht, go háirithe maidir le cáilíocht chreidmheasa agus éagsúlú riosca na punainne urrúsaithe.

6.   Cé is moite d'iasachtaí sa phunann urrúsaithe, déanfaidh an LGF iasachtaí go dtí EUR 150 000 le haibíocht íosta 12 mhí a chumhdach. Leis an LGF, cumhdófar freisin iasachtaí os cionn EUR 150 000 i gcásanna nach ndéanann na FBManna a chomhlíonann na critéir chun a bheith incháilithe faoi chlár COSME na critéir a chomhlíonadh chun a bheith incháilithe faoi thairseach FBManna i Saoráid Fiachais Chlár Fís 2020, agus le haibíocht íosta 12 mhí.

Os cionn na tairsí sin, is faoi na hidirghabhálaithe airgeadais a bheidh sé a léiriú an mbeidh an FBM incháilithe nó neamh-incháilithe faoi thairseach FBManna i Saoráid Fiachais Chlár Fís 2020.

7.   Beidh an LGF ceaptha sa chaoi is go bhféadfar tuairisc a thabhairt ar na FBManna a fhaigheann tacaíocht, maidir le líon agus méid na n-iasachtaí araon.

Airteagal 20

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir agus gach tríú páirtí eile a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE,Euratom) Uimh 883/2013 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (15) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais maidir le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a cistíodh faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL V

Coiste agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 22

Gníomhartha tarmligthe

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir leis na táscairí breise a chuirtear leis na táscairí a luaitear sa liosta san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nuair a d'fhéadfaí leis na táscairí sin cuidiú leis an dul chun cinn a thomhas ó thaobh cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár COSME a bhaint amach.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir le hathruithe ar mhionsonraí sonracha áirithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais. Is iad na mionsonraí sin cion na hinfheistíochta ón EFG as iomlán na hinfheistíochta Aontais i gcistí caipitil fiontair chéadchéime agus comhdhéanamh na bpunann iasachtaí úrrúsaithe.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 maidir le modhnuithe ar na méideanna táscacha a shonraítear in Airteagal 5(3), a d'fhágfadh go rachadh na modhnuithe ar na méideanna sin thar 5 % de luach an imchlúdaigh airgeadais i ngach cás, i gcás ina dtarlódh sé gur gá dul thar an teorainn sin.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22 ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 23 Nollaig 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Déantar Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Mar sin féin, aon ghníomhaíochtaí a thionscnaítear faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE agus aon oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, leanfaidh siad de bheith á rialú leis an gCinneadh sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

3.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 na costais a bhaineann le cúnamh teicneolaíochta agus riaracháin a theastaíonn chun an t-aistriú idir clár COSME agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE a áirithiú freisin.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 125.

(2)  IO C 91, 18.12.2012, lch. 37.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an gComhphobal Eorpach ('Cinneadh maidir le comhlachú thar lear') (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).

(5)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch.1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón g Comhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 202 - An Clár Creata do Thaighde agus do Nuálaíocht (2014-2020) (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo)

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos comhfhorálacha maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a chumhdaítear leis an gcomhchreat straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais. (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 883/99 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le fiosrúcháin a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ DO CHUSPÓIRÍ AGUS DO SPRIOCANNA GINEARÁLTA AGUS DO CHUSPÓIRÍ AGUS DO SPRIOCANNA SONRACHA

Cuspóir ginearálta:

1.

Iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, go háirithe FBManna

A.

Táscaire Iarmharta (1)

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc fhadtéarmach agus garsprioc (2020)

A.1.

Feidhmiú na FBManna i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Déanfar sin a thomhas ar bhonn rialta, mar shampla trí shuirbhé Eorabharaiméadair

Méadú ar chion na FBManna a tháirgíonn táirgí glasa, i.e. táirgí nach ndéanann dochar don chomhshaol (2) i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)

A.2.

Athruithe ar an ualach neamhriachtanach riaracháin agus rialála atá ar na FBManna nua agus ar na FBManna atá ann cheana (3)

An líon laethanta a thóg sé FBM nua a chur ar bun in 2012: 5,4 lá oibre.

Laghdú mór ar líon na laethanta is gá le FBM nua a chur ar bun

An costas a bhain le fiontar a nuathionscnamh in 2012: EUR 372

Laghdú mór ar mheánchostais an nuathionscanta san Aontas i gcomparáid leis an mbonnlíne

Líon na mBallstát ina dtógann sé mí ceadúnais agus ceadanna (lena n-áirítear ceadanna comhshaoil) a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a fheidhmiú: 2

Ardú mór ar líon na mBallstát ina dtógann sé mí ceadúnais agus ceadanna (lena n-áirítear ceadanna comhshaoil) a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a fheidhmiú

Líon na mBallstát ina raibh ionad ilfhreastail do nuathionscnamh gnólachta ina bhféadfadh fiontraithe na nósanna imeachta go léir is gá a chur i gcrích (e.g. clárú, cáin, CBL agus slándáil shóisialta) trí phointe aonair teagmhála, cibé an pointe teagmhála fisiciúil é (oifig) nó an ceann fíorúil é (an gréasán), nó an dá rud, in 2009: 18

Ardú mór ar líon na mBallstát ina bhfuil ionad ilfhreastail do nuathionscnamh gnólachta

A.3.

Athruithe ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú laistigh den Aontas nó taobh amuigh de

25 % de FBManna atá ag onnmhairiú agus 13 % de FBManna atá ag onnmhairiú taobh amuigh den Aontas (2009) (4)

Ardú ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú agus ardú ar chion na FBManna atá ag onnmhairiú lasmuigh den Aontas i gcomparáid leis an mbonnlíne


Cuspóir ginearálta:

2.

Cultúr na fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn

Táscaire Iarmharta

Cúrsaí mar atá faoi láthair

Sprioc fhadtéarmach agus garsprioc (2020)

B.1.

Athruithe ar fhás na FBManna

In 2010, b'ionann láimhdeachas FBManna agus breis agus 58 % d'Oll-Bhreisluach iomlán an Aontais;

Méadú ar aschur na FBManna (breisluach) agus a gcuid fostaithe i gcomparáid leis an mbonnlíne

Líon iomlán na bhfostaithe in FBManna in 2010: milliún (67 % de na poist san earnáil phríobháideach san Aontas)

B.2.

Méadú ar líon na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe

Tomhaistear an figiúr sin gach dhá bhliain nó gach trí bliana trí shuirbhé Eorabharaiméadair. Is é 37 % an figiúr is déanaí a fuarthas in 2012 (45 % in 2007 agus in 2009).

Méadú ar líon na saoránach san Aontas ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe i gcomparáid leis an mbonnlíne


Cuspóir sonrach:

Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais

C.

Ionstraimí Airgeadais le haghaidh fáis

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

C.1.

Líon na ngnólachtaí atá ag baint tairbhe as maoiniú fiachais

Amhail ón 31 Nollaig 2012 EUR 13,4 billiún de mhaoiniú slógtha, a shroich 219 000 (Saoráid Ráthaíochta FBM (SMEG)).

Luach an mhaoiniú slógtha sa raon idir EUR 14,3 billiún agus EUR 21,5 billiún; líon na ngnólachtaí a fhaigheann iasachtaí a bhfuil ráthaíocht ó chlár COSME ag gabháil leo sa raon idir 220 000 agus 330 000 .

C.2.

Líon na n-infheistíochtaí VC ón gClár agus an méid iomlán a infheistíodh.

Amhail ón 31 Nollaig 2012 EUR 2,3 billiún de mhaoiniú caipitil fiontair slógtha chuig 289 FBM (an tSaoráid um Ardfhás agus um FBM Nuálaíoch, GIF)

Luach iomlán na n-infheistíochtaí caipitil fiontair sa raon idir EUR 2,6 billiún agus EUR 3,9 billiún; líon iomlán na ngnólachtaí a fhaigheann infheistíochtaí caipitil fiontair ón Chlár COSMEsa raon idir 360 agus 540.

C.3.

An Cóimheas luamhánaithe

An cóimheas luamhánaithe don saoráid SMEG 1:32

An cóimheas luamhánaithe don GIF 1:6,7

Ionstraim fiachais 1:20 - 1:30

Ionstraim cothromais 1:4 - 1:6 (5)

C.4.

Breisíocht an EFG agus an LGF

Breisíocht an tSaoráid SMEG: Chuir 64 % de na tairbhithe deiridh in iúl go raibh an tacaíocht ríthábhachtach chun an maoiniú a bhí ag teastáil uathu a fháil

Breisíocht an GIF: Chuir 62 % de thairbhithe deiridh an GIF in iúl go raibh an tacaíocht ríthábhachtach chun an maoiniú a bhí ag teastáil uathu a fháil

Méadú ar chion na dtairbhithe deiridh a mheasann go soláthraíonn an EFG nó an LGF maoiniú nárbh fhéidir a fháil ar bhealach eile i gcomparáid leis an mbonnlíne


Cuspóir sonrach:

Rochtain ar mhargaí a fheabhsú, go háirithe laistigh den Aontas ach ar an leibhéal domhanda freisin

D.

Comhar Tionsclaíoch Idirnáisiúnta

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

D.1.

Líon na gcás ina bhfuil feabhas tagtha ar ailíniú rialachán an Aontais agus tríú tíortha maidir le táirgí tionsclaíocha

Meastar, maidir le comhar rialála leis na príomh-chomhpháirtithe trádála (SAM, an tSeapáin, an tSín, an Bhrasaíl, an Rúis, Ceanada, an India), go bhfuil ar an meán 2 réimse ábhartha ina ndearnadh ailíniú suntasach ar rialacháin theicniúla

4 réimse ábhartha san iomlán ina mbeidh ailíniú suntasach déanta ar rialacháin theicniúla leis na príomh-chomhpháirtithe trádála (SAM, an tSeapáin, an tSín, an Bhrasaíl, an Rúis, Ceanada, an India)

E.

An Líonra Fiontar Eorpach

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

E.1.

Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe

Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe: 2 475 (2012)

Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe: 2 500 in aghaidh na bliana

E.2.

Aitheantas don Líonra i measc phobal na FBManna

Tomhaisfear an t-aitheantas don Líonra i measc phobal na FBManna in 2015

Ardú san aitheantas a thugtar don Líonra i measc phobal na FBManna i gcomparáid leis an mbonnlíne

E.3.

Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí a sholáthraíonn an Líonra)

Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí): 78 %

Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíseísonraí): > 82 %

E.4.

Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta

Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta: 435 000 (2011)

Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta: 500 000 in aghaidh na bliana

E.5.

Líon na FBManna a úsáideann seirbhísí digiteacha (lena n-áirítear seirbhísí faisnéise leictreonaí) a sholáthraíonn an Líonra

2 mhilliún FBM in aghaidh na bliana a úsáideann seirbhísí digiteacha

2,3 mhilliún FBM in aghaidh na bliana a úsáideann seirbhísí digiteacha


Cuspóir sonrach:

Feabhas a chur ar na coinníollacha creata ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe i gcás FBManna, sna hearnálacha uile, lena n-áirítear earnáil na turasóireachta

F.

Gníomhaíochtaí chun iomaíochas a fheabhsú

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

F.1

Líon na mbeart simpliúcháin arna nglacadh

5 bheart simpliúcháin in aghaidh na bliana (2010)

7 mbeart simpliúcháin ar a laghad in aghaidh na bliana

F.2.

An creat rialála a dhéanamh oiriúnach don fheidhm

Seoladh seiceálacha oiriúnachta ó 2010 i leith. Is é an t-aon seiceáil oiriúnachta ábhartha atá ann go dtí seo an treoirthionscadal maidir le "cineálcheadú mótarfheithiclí" atá ar bun faoi láthair

Suas le 5 sheiceáil oiriúnachta le seoladh in imeacht chlár COSME

F.3.

Líon na mBallstát a bhfuil an tástáil ar dhíonadh ó thaobh an iomaíochais á húsáid acu

Líon na mBallstát a bhfuil an tástáil ar dhíonadh ó thaobh an iomaíochais á húsáid acu: 0

Ardú mór ar líon na mBallstát a mbeidh an tástáil ar dhíonadh ó thaobh an iomaíochais á húsáid acu

F.4.

Gníomhaíochtaí maidir le héifeachtúlacht acmhainní (lena n-áireofar fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc) a bheidh ar bun ag FBManna

Déanfar sin a thomhas ar bhonn rialta, mar shampla trí shuirbhé Eorabharaiméadair

Ardú ar chion FBManna an Aontais a mbeidh gníomhaíocht amháin ar a laghad ar bun acu d'fhonn bheith níos tíosaí ar acmhainní (lena n-áireofar fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc) i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)

Ardú ar chion FBManna an Aontais a mbeidh sé ar intinn acu gníomhaíochtaí breise a chur ar bun d'fhonn bheith níos tíosaí ar acmhainní (lena n-áireofar fuinneamh, ábhair nó uisce, athchúrsáil, etc) gach dhá bhliain i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)

G.

Beartas FBM a fhorbairt

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

G.1.

Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna

Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna: 15

Ardú mór ar líon na mBallstát a mbeidh tástáil FBManna á húsáid acu


Cuspóir sonrach:

Feabhas a chur ar na coinníollacha creata ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, go háirithe i gcás FBManna, sna hearnálacha uile, lena n-áirítear earnáil na turasóireachta

H.

Turasóireacht

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

H.1.

Rannpháirtíocht i dtionscadail comhair thrasnáisiúnta

Trí thír atá cumhdaithe in aghaidh an tionscadail in 2011

Méadú ar líon na mBallstát a ghlacann páirt i dtionscadail chomhair thrasnáisiúnta a mhaoiníonn Clár COSME i gcomparáid leis an mbonnlíne

H.2.

Líon na gceann scríbe a ghlacann na múnlaí maidir le forbairt inbhuanaithe turasóireachta arna gcur chun cinn ag Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa

Bronnadh stádas Cinn scríbe Eorpaigh Sármhaitheasa ar 98 ceann scríbe (20 in aghaidh na bliana ar an meán - 10 in 2007, 20 in 2008, 22 in 2009, 25 in 2010 agus 21 in 2011)

Glacfaidh breis agus 200 ceann scríbe na múnlaí maidir le forbairt inbhuanaithe turasóireachta a chuirtear chun cinn le Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa (timpeall is 20 ceann in aghaidh na bliana)

I.

Coincheapa Nua Gnó

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

I.1.

Líon na dtairgí/seirbhísí nua sa mhargadh

Déanfar sin a thomhas ar bhonn rialta

(Go dtí seo, ní raibh i gceist leis an ngníomhaíocht sin ach obair anailíseach ar scála teoranta)

Méadú ar líon carnach na dtáirgí/seirbhísí nua i gcomparáid leis an mbonnlíne (an tomhas tosaigh)


Cuspóir sonrach:

Fiontraíocht agus cultúr na fiontraíochta a chur chun cinn

J.

Tacaíocht a thabhairt don fhiontraíocht

An toradh is deireanaí atá ar eolas (bonnlíne)

Sprioc fhadtéarmach (2020)

J.1.

Líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm bunaithe ar dhea-chleachtas a sainaithnítear tríd an gclár

Líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm: 22 (2010)

Ardú mór ar líon na mBallstát a mbeidh réitigh fiontraíochta i bhfeidhm acu

J.2.

Líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm, ar réitigh iad lena ndírítear ar ábhar fiontraithe, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe ban, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile

Glacann 12 Bhallstát faoi láthair páirt i Líonra Eorpach na Meantóirí d'Fhiontraithe Ban Tá straitéis shonrach faoi láthair ag 6 Ballstát agus 2 réigiún maidir le hOideachas Fiontraíochta, tá cuspóirí náisiúnta ionchorpraithe ag 10 mBallstát maidir le hoideachas fiontraíochta i straitéisí níos ginearálta foghlama ar feadh an tsaoil agus tá straitéisí fiontraíochta a bplé faoi láthair in 8 mBallstát

Ardú mór ar líon na mBallstát a chuireann réitigh fiontraíochta i bhfeidhm, ar réitigh iad lena ndírítear ar ábhar fiontraithe, ar fhiontraithe nua, ar fhiontraithe ban, agus ar spriocghrúpaí sonracha eile i gcomparáid leis an mbonnlíne.


(1)  Tagraíonn na táscairí seo d'fhorbairtí sa réimse beartais maidir le Fiontraíocht agus Tionscal. Ní hé an Coimisiún amháin atá freagrach as na spriocanna a bhaint amach. Tá réimse fachtóirí eile ann nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu a dhéanann difear do thorthaí sa réimse beartais sin.

(2)  Is táirgí agus seirbhísí a bhfuil príomhfheidhm acu an riosca don chomhshaol a laghdú agus truailliú a íoslaghdú agus úsáid acmhainní a íoslaghdú iad táirgí agus seirbhísí glasa. Áirítear leis sin freisin táirgí a bhfuil gnéithe comhshaoil acu (éicea-dheartha, éicilipéadaithe, a tháirgtear ar bhealach órgánach, agus lena bhfuil cion tábhachtach díobh athchúrsáilte). Foinse: Flash Eurobarometer 342, ", FBManna, Tíosach ar acmhainní agus na Margaí Glasa".

(3)  Sna Conclúidí ón gComhairle an 31 Bealtaine 2011 moladh do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, an méid ama a thógann sé fiontair nua a chur ar bun a laghdú go trí lá oibre agus an costas a laghdú go EUR 100 faoi 2012, agus an t-am a chaitear le ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach an fhiontair a thosú agus a fheidhmiú a laghdú go trí mhí faoi dheireadh 2013.

(4)  "Idirnaisiúnu FBManna Eorpacha", EIM, 2010, http://ec.europa.eu/enterprise/policies/sme/market-access/files/internationalisation_of_european_smes_final_en.pdf

(5)  Beidh de thoradh ar EUR 1 ó bhuiséad an Aontais EUR 20-30 i maoiniú agus EUR 4-6 in infheistíochtaí cothromais ar feadh shaolré Chlár COSME.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

50


RIALACHÁN (AE) Uimh 1288/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 "Buiséad don Eoraip" éilítear clár aonair i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, lena n-áirítear gnéithe idirnáisiúnta an ardoideachais, ina dtabharfar le chéile an clár gníomhaíochta san earnáil um fhoghlaim ar feadh an tsaoil ("Foghlaim le haghaidh an tSaoil") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (4), agus clár um an Aos Óg i mBun Gníomhaíochta ("an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (5), clár gníomhaíochta Erasmus Mundus ("Erasmus Mundus") a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (6), an clár ALFA III a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1905/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cláir Tempus agus Edulink chun a áirithiú go mbainfear amach éifeachtúlacht níos mó, fócas straitéiseach níos láidre agus sineirgí a bhainfear leas astu idir na gnéithe éagsúla den chlár aonair. Ina theannta sin tá sé beartaithe spórt a chuimsiú mar chuid den chlár aonair sin (an "Clár").

(2)

Sna tuarascálacha eatramhacha measúnaithe ar an gclár Foghlama ar feadh an tSaoil, ar an gclár "An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta" agus ar chlár Erasmus Mundus, agus sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh faoi ghníomhaíocht an Aontais a dhéanfar amach anseo san oideachas, san oiliúint, san óige agus san ardoideachas, léiríodh go bhfuil gá mór agus, ar bhealach, gá atá ag éirí níos mó, le leanúint den chomhar agus den tsoghluaisteacht sna réimsí sin ar an leibhéal Eorpach. Sna tuarascálacha measúnaithe, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé na naisc idir cláir an Aontais agus forbairtí beartais san oideachas, san oiliúint agus san óige a dhéanamh níos dlúithe, iarradh go ndéanfaí gníomhaíocht an Aontais a struchtúrú sa chaoi is go bhfreagróidh sí níos fearr do pharaidím na foghlama ar feadh an tsaoil, agus éilíodh cur chuige níos simplí, níos áisiúla agus níos solúbtha maidir leis an ngníomhaíocht sin a chur chun feidhme, agus éilíodh deireadh a chur le hilroinnt na gclár um chomhar idirnáisiúnta ardoideachais.

(3)

Ba cheart don Chlár díriú ar inrochtaineacht an mhaoinithe agus trédhearcacht na nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna) agus digitiú. Tá sruthlíniú agus simpliú na heagraíochta agus na bainistíochta, agus fócas leanúnach ar chaiteachas riaracháin a laghdú, ríthábhachtach chomh maith do rath an Chláir.

(4)

Sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh maidir le roghanna straitéiseach an Aontais chun inniúlacht nua an Aontais a chur chun feidhme i réimse an spóirt agus i dtuarascáil mheasúnaithe an Choimisiúin maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin i réimse an spóirt, cuireadh táscairí áisiúla ar fáil maidir leis na réimsí tosaíochta le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais, agus léiríodh an breisluach a d'fhéadfadh an tAontas a sholáthar ó thaobh tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar thaithí agus ar eolas faoi cheisteanna éagsúla a bhaineann leis an spórt ar an leibhéal Eorpach a ghiniúint, a chomhroinnt agus a scaipeadh, ar choinníoll go bhfuil siad dírithe go háirithe ar leibhéal an phobail.

(5)

Le straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, sainítear straitéis fáis an Aontais le haghaidh na ndeich mbliana atá amach romhainn chun fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach den sórt sin a chothú. Leagtar amach inti cúig chuspóir uaillmhianacha atá le baint amach faoin mbliain 2020, go háirithe i réimse an oideachais, chun rátaí luathfhágála na scoile a laghdú faoi bhun 10 % agus le cur ar chumas 40 % ar a laghad de dhaoine idir 30 agus 34 bliain d'aois oideachas tríu leibhéal nó a chomhionann a chríochnú. Áirítear inti freisin a tionscnamh suaitheanta, go háirithe "An Óige ag Bogadh" agus an Clár do Phoist agus do Scileanna Nua.

(6)

Ina conclúidí an 12 Bealtaine 2009, d'iarr an Chomhairle go mbunófaí creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint (ET 2020), lena mbunófaí ceithre chuspóir straitéiseacha d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann i gcónaí maidir le hEoraip eolasbhunaithe a chruthú agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur ar fáil do chách.

(7)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú ar an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus de bhun Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cuirtear chun cinn leis an gclár inter alia comhionannas idir fir agus mná agus bearta chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach. Tá gá le rochtain ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ó ghrúpaí leochaileacha a leathnú agus aghaidh a thabhairt go gníomhach ar riachtanais speisialta foghlama na ndaoine faoi mhíchumas i gcur chun feidhme an Chláir.

(8)

Ba cheart a áireamh sa chlár gné láidir idirnáisiúnta go háirithe maidir leis an ardoideachas, ní amháin chun caighdeán an ardoideachais Eorpaigh a fheabhsú d'fhonn cuspóirí ET 2020 a bhaint amach agus chun an tAontas a dhéanamh níos mealltaí mar cheann scríbe staidéir, ach chun an chomhthuiscint idir daoine a chur chun cinn agus chun cur le forbairt inbhuanaithe an ardoideachais sna tíortha comhpháirtíochta freisin, chomh maith lena bhforbairt shocheacnamaíoch is leithne, inter alia trí scaipeadh lucht éirime a spreagadh trí ghníomhartha soghluaisteachta le náisiúnaigh tíortha comhpháirtíochta. Chun na críche sin, ba cheart maoiniú a chur ar fáil ón Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt (ICF), ón Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IEC), ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) agus ón Ionstraim um Chomhpháirtíocht maidir le comhar le tríú tíortha (IC). Féadfar cistí a chur ar fáil ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) i gcomhréir leis na nósanna imeachta a rialaíonn é. Ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le húsáid na gcistí sin, agus comhréir á háirithiú leis na Rialacháin faoi seach lena mbunaítear na hionstraimí sin agus an ciste sin.

(9)

Ina rún an 27 Samhain 2009 maidir le creat athnuaite um chomhar Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) leag an Chomhairle béim ar an ngá atá ann breathnú ar gach duine óg mar acmhainn sa tsochaí agus féachadh lena rannpháirtíocht a éascú i bhforbairt na mbeartas a dhéanfaidh difear dóibh trí idirphlé leanúnach struchtúrtha idir cinnteoirí agus daoine óga agus eagraíochtaí óige ar gach leibhéal.

(10)

Trí fhoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a thabhairt le chéile in aon chlár amháin, ba cheart go gcruthófaí sineirgí agus go gcothófaí comhoibriú trasna na n-earnálacha éagsúla oideachais, oiliúna agus óige. Le linn an Clár a chur i bhfeidhm, ba cheart riachtanais shonracha na n-earnálacha éagsúla agus, i gcás inarb iomchuí, ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur i gcuntas go cuí.

(11)

Chun an tsoghluaisteacht, an cothromas agus barr feabhais sa staidéar a chothú, ba cheart don Aontas, ar bhonn píolótach, Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn le cur ar chumas mac léinn, beag beann ar a dtosca sóisialta, a gcéim mháistreachta a dhéanamh i dtír eile ina bhfuil rannpháirtíocht sa chlár ar oscailt (an "tír de chuid an Chláir"). Ba cheart do Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn a bheith ar fáil d'institiúidí airgeadais atá sásta iasachtaí a thairiscint chun staidéar máistreachta a dhéanamh i dtíortha eile de chuid an Chláir i dtéarmaí atá fabhrach do mhic léinn. Níor cheart go ngabhfadh an uirlis bhreise nuálach seo le haghaidh soghluaisteacht foghlama in ionad aon chóras deontais ná iasachta reatha a thacaíonn le soghluaisteacht mac léinn ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, ná forbairt an chórais sa todhchaí a bhac. Ba cheart do Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn a bheith faoi réir dlúthfhaireacháin agus dlúthmheastóireachta, go háirithe maidir le glacadh sa mhargadh i dtíortha éagsúla. I gcomhréir le hAirteagal 21(2) agus (3), ba cheart tuarascáil mheastóireachta lár téarma a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná deireadh 2017, d'fhonn treoir pholaitiúil a fháil maidir le leanúint ar aghaidh Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis seo, más féidir, saincheisteanna riaracháin a réiteach a chruthaíonn deacrachtaí i víosaí agus i gceadanna cónaithe a fháil. I gcomhréir le Treoir 2004/114/CE ón gComhairle (8), spreagtar na Ballstáit chun nósanna imeachta brostaithe um ligean isteach a bhunú.

(13)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2011 dar teideal "Ag tacú le fás agus poist – clár oibre chun córais ardoideachais na hEorpa a nuachóiriú", tá creat leagtha amach trína bhféadfaidh an tAontas, na Ballstáit agus na hinstitiúidí ardoideachais comhoibriú le líon na gcéimithe a ardú, caighdeán an oideachais a fheabhsú agus féachaint chuige go rannchuideoidh an t-ardoideachas agus an taighde a mhéid is féidir chun cabhrú le geilleagair na mBallstát agus le sochaithe na mBallstát teacht slán ón ngéarchéim eacnamaíochta domhanda agus iad níos láidre fós.

(14)

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíochta óige san Aontas ar shlí níos fearr, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais agus gairmoideachais agus gnóthaí, d'fhonn infhostaitheacht na mac léinn a fheabhsú agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt.

(15)

Le Dearbhú Bologna, a shínigh na hAirí Oideachais ó 29 tír Eorpach an 19 Meitheamh 1999, bunaíodh próiseas idir-rialtasach arb é is aidhm dó limistéar Eorpach um ardoideachais a chruthú óna dteastaíonn tacaíocht leanúnach ar leibhéal an Aontais.

(16)

Aithnítear go forleathan an ról ríthábhachtach a bhí ag gairmoideachas agus gairmoiliúint (GG) chun roinnt spriocanna a leagtar amach i straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach agus mar a shainítear i bpróiseas athnuaite Chóbanhávan (2011-2020), go háirithe a poitéinseal á chur i gcuntas le linn aghaidh a thabhairt ar leibhéal ard dífhostaíochta na hEorpa, go háirithe dífhostaíocht óige agus dífhostaíocht fhadtéarmach, cultúr foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn. Tá cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ar ardchaighdeán, lena n-áirítear i micreafhiontair agus i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, de dhíth chun an bhearna idir an t-eolas a fuarthas trí oideachas agus oiliúint agus na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá i saol na hoibre, chomh maith le feabhas a chur ar infhostaitheacht daoine óga.

(17)

Is gá an comhar Eorpach idir scoileanna, agus soghluaisteacht na bhfoirne scoile agus na bhfoghlaimeoirí a neartú agus a dhéanamh níos líonmhaire d'fhonn dul i ngleic leis na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Chlár Oibre le haghaidh Comhair Eorpaigh maidir le scoileanna i gcomhair an 21ú haois, eadhon feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais scoile san Aontas i réimsí na forbartha inniúlachtaí agus d'fhonn an cothromas agus cuimsiú sna córais agus sna hinstitiúidí scoile a fheabhsú, agus chun gairm na múinteoireachta agus ceannasaíocht na scoileanna a threisiú agus tacaíocht a sholáthar dóibh. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tosaíocht a thabhairt do na spriocanna straitéiseacha maidir le ráta luathfhágála na scoile a laghdú, le feidhmíocht i mbunscileanna a fheabhsú, le rannpháirtíocht agus le caighdeán an oideachais agus an chúraim luath-óige a fheabhsú, agus mar aon leis na spriocanna chun inniúlachtaí gairmiúla na múinteoirí scoile agus na gceannairí scoile a láidriú, agus feabhas a chur ar na deiseanna oideachais do leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo agus na leanaí sin atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

(18)

Is é is aidhm don Chlár Oibre Eorpach athnuaite d'Fhoghlaim Aosach atá ar áireamh i Rún ón gComhairle an 28 Samhain 2011 a chur ar chumas gach aosaigh a gcuid scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú i rith a saoil, Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fheabhas a chur ar dheiseanna foghlama don líon ard Eorpach atá ar bheagán oiliúna, go háirithe trí fheabhas a chur ar litearthacht agus ar uimhearthacht agus trí chonairí foghlama solúbtha agus bearta athdheise a chur chun cinn.

(19)

Fóram Eorpach na hÓige, na Lárionaid Faisnéise Náisiúnta um Aitheantas Acadúil (NARIC), na líonraí Eurydice, Euroguidance agus Eurodesk, mar aon leis na Seirbhísí Tacaíochta Náisiúnta um Ríomhnascadh, Lárionaid Náisiúnta Europass, agus na hOifigí Faisnéise Náisiúnta sna tíortha comharsanachta, is fíor-riachtanach go ndéanfaidh siad siúd gníomhaíocht d'fhonn cuspóirí an chláir a bhaint amach, go háirithe trí fhaisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiúin ar bhonn rialta maidir lena réimsí éagsúla gníomhaíochta agus trí thorthaí an Chláir a scaipeadh san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta.

(20)

Ba cheart comhar faoin gClár agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, go háirithe i gcomhpháirt le Comhairle na hEorpa, a neartú.

(21)

D'fhonn rannchuidiú le barr feabhais a fhorbairt i staidéir um lánpháirtíocht Eorpach ar fud an domhain agus chun freagairt don ghá atá ag méadú le haghaidh eolais, agus idirphlé ar an bpróiseas lánpháirtíochta Eorpaí agus ar a fhorbairt, tá sé tábhachtach chun sármhaitheas a spreagadh sa teagasc, sa taighde agus sa mhachnamh sa réimse seo trí thacú le hinstitiúidí acadúla nó le cumainn atá gníomhach i réimse na lánpháirtíochta Eorpaí, agus comhlachais ag a mbeidh aidhm leasa Eorpaigh, trí Ghníomh Jean Monnet.

(22)

Tá comhoibriú faoin gClár agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais fíorthábhachtach chun mothú úinéireachta leithne a chruthú i daca le straitéisí agus faoi bheartais foghlama ar feadh an tsaoil agus chun tuairimí agus ábhair imní geallsealbhóirí a chur san áireamh ar gach leibhéal.

(23)

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún "An Ghné Eorpach den Spórt a Fhorbairt" an 18 Eanáir 2011, tá leagtha amach smaointe an Choimisiúin maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, agus moltar ann liosta de ghníomhaíochtaí tairbhiúla a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun céannacht spórt na hEorpa a mhéadú i dtrí chaibidil leathana: ról an spóirt sa tsochaí, an ghné eacnamaíoch a bhaineann leis an spórt agus eagrúchán an spóirt. Is gá a chur i gcuntas freisin luach breise an spóirt, lena n-áirítear spórt dúchasach, agus a rannchuidiú le hoidhreacht chultúrtha agus stairiúil an Aontais.

(24)

Tá gá le díriú go háirithe ar spórt an phobail agus obair dheonach i spórt i ngeall ar an ról tábhachtach a imríonn siad i gcur chun cinn cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus gníomhaíocht fhisiciúil chun sláinte a fheabhsú.

(25)

Trí bhíthin cáilíochtaí agus inniúlachtaí a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos aitheanta agus a mhéid a ghlactar le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a leathnú, ba cheart go gcuirfí le héascú na soghluaisteachta, rud a chuideoidh chun oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeáin a fhorbairt, agus a éascóidh an tsoghluaisteacht ar fud na hEorpa chun críocha foghlama ar feadh an tsaoil agus chun críocha gairme, idir tíortha agus thar earnálacha araon. Trí bhíthin rochtain a thabhairt ar na modhanna, ar na cleachtais agus ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear i dtíortha eile, cabhrófar le hinfhostaitheacht a fheabhsú.

(26)

Chuige sin, moltar leathnú a dhéanamh ar úsáid chreata aonair an Aontais do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) arna bunú le Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (9), an Chláir Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) agus an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) arna bhunú de bhun Mholadh 2006/143/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (CEC) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 (11), an Chórais Creidmheasa Eorpaigh don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (12) agus an Chreata Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET) arna bhunú de bhun an Mholta ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (13) agus an Chórais Eorpaigh d'Aistriú Creidmheasa (ECTS).

(27)

D'fhonn an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus d'fhonn treisiú leis na sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, ba cheart go rannchuideodh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin bainteach le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

(28)

Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoi chuimsiú an Chláir a áirithiú, mar aon le comhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát i gcomhlíonadh Airteagal 167(4) CFAE agus comhlántacht le gníomhaíochtaí eile, go háirithe i réimsí an chultúir, na meán, na fostaíochta, an taighde agus na nuálaíochta, an tionscail agus an fhiontair, an bheartais chomhtháthaithe agus forbartha, chomh maith le beartas méadaithe agus tionscnaimh, ionstraimí agus straitéisí i réimse an bheartais réigiúnaigh agus an chaidrimh sheachtraigh.

(29)

Tá an Clár deartha chun tionchar dearfach agus inbhuanaithe a bheith aige ar bheartais agus ar chleachtais an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Ba cheart an tionchar sistéamach sin a bhaint amach trí na gníomhaíochtaí éagsúla agus na gníomhaíochtaí atáthar ag brath a dhéanamh leis an gClár, a dhíríonn ar athruithe a chothú ar an leibhéal institiúideach agus, i gcás inarb iomchuí, gurb é a bheidh mar thoradh air nuálaíocht ar leibhéal an chórais. Ní cheanglaítear ar thionscadail aonair a bhfuil tacaíocht airgeadais á lorg ina leith ón gClár go mbeidh aon tionchar sistéamach mar sin. Is é toradh carnach na dtionscadal sin ba cheart a chur leis an tionchar sistéamach a bhaint amach.

(30)

D'fhonn an fheidhmíocht a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear meastóireacht agus faireachán a dhéanamh, ní mór táscairí sonracha, intomhaiste agus réadúla feidhmíochta a fhorbairt ar féidir iad a thomhas le himeacht ama, agus a léiríonn loighic na hidirghabhála.

(31)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit úsáid TFCanna agus teicneolaíochtaí nua a optamú d'fhonn rochtain ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas, le hoiliúint, le hóige agus le spórt a éascú. D'fhéadfadh soghluaisteacht fhíorúil a bheith ar áireamh anseo, ar cheart di soghluaisteacht foghlama a chomhlánú, ach gan í a ionadú.

(32)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir. arb éard a bheidh ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar um chúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (14), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(33)

D'fhonn leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht airgeadais a chuiretear ar fáil faoin gClár d'fheidhmiú comhlachtaí, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún, le linn chéim tosaigh an C hláir, a cheapeadh gur incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo, fiú más rud é gur tabhaíodh iad ag an tairbhí sular tíolacadh an t-iarratas ar mhaoiniú.

(34)

Tá gá le critéir feidhmíochta a bhunú ar cheart leithdháileadh cistí buiséid idir na Ballstáit le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhainistíonn na Gníomhaireachtaí Náisiúnta a bheith bunaithe orthu.

(35)

Féadfaidh na tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas agus na tíortha sin de chuid Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar chuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais ar bhonn comhaontuithe réime, cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó comhaontuithe eile dá samhail.

(36)

Féadfaidh Cónaidhm na hEilvéise páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais i gcomhréir le comhaontú atá le síniú idir an tAontas agus an tír sin.

(37)

Féadfaidh daoine ó thír nó ó chríoch thar lear (TCT) agus le comhlachtaí agus le hinstitiúidí inniúla poiblí agus/nó príobháideacha ó TCT páirt a ghlacadh sna cláir i gcomhréir le Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (15). Ba cheart na srianta a fhorchuirtear le hiargúltacht na réigiún is forimeallaí den Aontas agus na TCTanna a chur i gcuntas nuair a chuirfear an Clár chun feidhme.

(38)

Ina gComh-Theachtaireacht dar teideal "Freagairt nua ar chomharsanacht atá ag athrú" an 25 Bealtaine 2011 leag Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach, amach, inter alia, aidhm rannpháirtíocht na dTíortha comharsanachta i ngníomhaíochtaí an Aontais maidir le soghluaisteacht agus forbairt acmhainní san ardoideachas a éascú tuilleadh agus an chéad chlár eile oideachais a oscailt do thíortha comharsanachta.

(39)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis. Cé go dteastaíonn níos mó maoinithe ó chúnamh seachtrach an Aontais, tá na hacmhainní atá ar fáil don tacaíocht sin teoranta mar gheall ar chás eacnamaíoch agus buiséadach an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, féachaint leis an úsáid is éifeachtúla agus inbhuanaithe is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, go háirithe trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais a bhfuil éifeacht ghiarála acu.

(40)

D'fhonn rochtain ar an gClár a fheabhsú, ba cheart na deontais chun tacú le soghluaisteacht an duine aonair a choigeartú ar chostais mhaireachtála agus chothaithe na tíre aíochta. I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Beidh feidhm ag an díolúine chéanna maidir le comhlachtaí poiblí nó príobháideach a dhámhann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann.

(41)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), féadfar am deonach a aithint mar chómhaoiniú i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil.

(42)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020", leagann an Coimisiún béim ar a ghealltanas do chistiú an Aontais a shimpliú. Trí bhíthin clár aonair a chruthú maidir le hoideachas, le hoiliúint, leis an óige agus leis an spórt, ba cheart go ndéanfaí foráil do shimpliú mór, do chuíchóiriú agus do shineirgí i mbainistiú an Chláir. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a shimpliú níos mó fós trí bhíthin cistiú cnapshuime, cistiú de réir costais aonaid nó cistiú ráta chomhréidh a úsáid, chomh maith leis na ceanglais fhoirmiúla agus mhaorlathacha atá ar na tairbhithe agus ar na Ballstáit a laghdú.

(43)

Ba cheart gurb iad na bprionsabail threoracha chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach ná feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar chaighdeán na gcaiteachas, fad a áirithítear úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais.

(44)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofar bainistíocht fhónta airgeadais an Chláir agus a cur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht an Chláir do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.

(45)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfar freagairt go sciobtha do riachtanais athraithe le linn fhad tréimhse an Chláir, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil le forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí breise a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(46)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(47)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an gClár trí réimse dhifriúla, agus ba cheart go ndéileálfadh an coiste a bhunaítear faoin Rialachán seo le saincheisteanna cothrománacha agus earnála araon. Is faoi na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad na hionadaithe ábhartha chun freastal ar chruinnithe an choiste sin i gcomhréir leis na hábhair a bheidh ar chlár an choiste, agus is faoi chathaoirleach an choiste a áirithiú go gcuirfear in iúl go soiléir ar chlár na gcruinnithe an earnáil, nó na hearnálacha, a bheidh i gceist agus na hábhair, de réir earnála, a bheidh le plé le linn gach cruinnithe. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le rialacha nós imeachta an choiste agus ar bhonn ad hoc, ba cheart go bhféadfaí cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe coiste i gcáil breathnóirí.

(48)

Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart leis an gClár, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir le bainistiú an Chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2014 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofaí na gníomhaíochtaí nach bhfuil tugtha chun críche faoi na cláir ba réamhtheachtaithe faoi dheireadh 2013.

(49)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an Clár a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstát ach gur fearr, dá bhrí sin, i ngeall ar a scála agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, amhail a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, amhail a leagtar amach san Airteagal sin é, ní rachaidh an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(50)

Ba cheart, mar sin, Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2009/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE a aisghairm.

(51)

D'fhonn leanúnachas a áirithiú i dtaca leis an tacaíocht chistiúcháin a chuirtear ar fáil faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014. Ar chúiseanna práinne, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luath agus is féidir tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Raon feidhme an Chláir

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ar a dtugtar "Erasmus +" (an "Clár").

2.   Cuirfear an Clár chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Cumhdófar leis an gClár na réimsí seo a leanas, fad a urramófar struchtúir agus riachtanais shonracha na n-earnálacha éagsúla sna Ballstáit:

(a)

oideachas agus oiliúint ar gach leibhéal, maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear oideachas scoile (Comenius), ardoideachas (Erasmus), ardoideachas idirnáisiúnta (Erasmus Mundus), gairmoideachas agus gairmoiliúint (Leonardo da Vinci) agus foghlaim aosach (Grundtvig);

(b)

óige (An Óige i mBun Gníomhaíochta), go háirithe i gcomhthéacs na foghlama neamhfhoirmiúla agus neamhfhoirmeálta;

(c)

spórt, go háirithe spórt an phobail.

4.   Áireofar leis an gClár gné idirnáisiúnta atá dírithe ar ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a thacú, lena n-áirítear a chuspóirí forbraíochta, trí chomhar idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta.

Airteagal 2

Mínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "foghlaim ar feadh an tsaoil" an t-oideachas ginearálta, an gairmoideachas nó an ghairmoiliúint, foghlaim neamhfhoirmiúil nó an fhoghlaim neamhfhoirmiúil ar fad a dhéantar i rith an tsaoil, arb é an toradh atá uirthi, scileanna nó inniúlachtaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí a fheabhsú ó thaobh cúrsaí pearsanta, cúrsaí sibhialta, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí sóisialta agus/nó ó thaobh na fostaíochta de, lena n-áirítear soláthar seirbhísí comhairliúcháin nó treorach;

(2)

ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim a bhíonn ar siúl trí ghníomhaíochtaí pleanáilte (i dtéarmaí cuspóirí foghlama agus am foghlama) i gcás ina bhfuil foirm éigin de thacaíocht foghlama i láthair (e.g. caidreamh mac léinn-múinteoir), ach nach bhfuil mar chuid den oideachas foirmiúil agus den chóras oiliúna;

(3)

ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim mar thoradh ar ghníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le hobair, le teaghlach nó le fóillíocht agus nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; d'fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó thaobh an fhoghlaimeora;

(4)

ciallaíonn "idirphlé struchtúrtha" an t-idirphlé struchtúrtha le daoine óga agus le heagraíochtaí óige, is fóram do mhachnamh leanúnach frithpháirteach ar thosaíochtaí, ar chur chun feidhme agus ar an obair leantach a bhaineann le comhar Eorpach i réimse na hóige.

(5)

baineann "trasnáisiúnta", mura léirítear a mhalairt, le haon ghníomh lena mbaineann dhá thír de chuid an Chláir ar a laghad amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(1);

(6)

baineann "idirnáisiúnta" le haon ghníomhaíocht lena ngabhfaidh tír amháin de chuid an Chláir ar a laghad agus tríú tír amháin ("tír comhpháirtíochta") ar a laghad;

(7)

ciallaíonn "soghluaisteacht foghlama" bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í, d'fhonn staidéar, oiliúint nó foghlaim neamhfhoirmiúil nó neamhfhoirmeálta a ghabháil ar láimh; féadfaidh sé a bheith i bhfoirm tréimhsí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe ógra, obair dheonach, teagasc nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghairmiúil forbraíochta. d'fhéadfadh sí gníomhaíochtaí ullmhúcháin, amhail oiliúint sa teanga aíochta a chuimsiú, mar aon le gníomhaíochtaí seolta, óstála agus gníomhaíochtaí a leanann ón méid sin.

(8)

Ciallaíonn "comhar maidir le nuálaíocht agus le dea-chleachtais a mhalartú" tionscadail um chomhar trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta a mbíonn eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus/nó na hóige páirteach iontu, agus d'fhéadfadh eagraíochtaí eile a bheith ar áireamh ann;

(9)

Ciallaíonn "tacaíocht d'athchóiriú beartas" aon chineál gníomhaíochta arb é is aidhm di nuachóiriú na gcóras oideachais agus oiliúna a éascú, chomh maith le tacaíocht do bheartas Eorpach um an óige a fhorbairt trí bhíthin phróiseas an chomhair bheartais idir na Ballstáit, go háirithe Modh Oscailte Comhordúcháin agus an t-idirphlé struchtúraithe le daoine óga;

(10)

ciallaíonn "soghluaisteacht fhíorúil" agus tacar gníomhaíochtaí a dtacaíonn teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide leo, lena n-áirítear ríomhfhoghlaim, arna n-eagrú ar leibhéal institiúideach, a bhaineann amach nó a éascaíonn taithí chomhoibritheach trasnáisiúnta agus/nó idirnáisiúnta i gcomhthéacs an teagaisc agus/nó na foghlama;

(11)

ciallaíonn "baill foirne" daoine atá páirteach san oideachas, san oiliúint nó san fhoghlaim neamhfhoirmiúil don aos óg, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach. agusféadfaidh ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, ceannairí scoile, oibrithe don ógra agus baill foirne nach mbíonn ag plé go díreach leis an oideachas a bheith ar áireamh inti;

(12)

ciallaíonn "oibrí don ógra" gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus tacú le daoine óga maidir lena bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil phearsanta;

(13)

ciallaíonn "daoine óga" daoine atá idir trí bliana déag d'aois agus tríocha bliain d'aois;

(14)

ciallaíonn "institiúid ardoideachais":

(a)

aon sórt institiúide ardoideachais, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, a chuireann céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile tríú leibhéal ar fáil, is cuma cad a ghairtear de na hinstitiúidí sin;

(b)

aon institiúid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, a chuireann gairmoideachas nó gairmoiliúint tríú leibhéal ar fáil;

(15)

ciallaíonn "comhchéimeanna" clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil a bhfuil teastas céime amháin mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha;

(16)

ciallaíonn "céim dhúbailte/ilchéim" clár staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad (céim dhúbailte) nó níos mó institiúidí ardoideachais (ilchéim) ar fáil ina bhfaigheann an mac léinn teastas céime ar leith ó gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha ar an gclár staidéir a bheith críochnaithe;

(17)

ciallaíonn "gníomhaíocht óige" gníomhaíocht a dhéanann daoine óga, ina n-aonair nó mar chuid de ghrúpa, lasmuigh d'uaireanta scoile (amhail malartuithe ógra nó obair dheonach nó oiliúint óige), go háirithe trí eagraíochtaí óige, agus arb é a príomhthréith cur chuige neamhfhoirmiúil maidir leis an bhfoghlaim;

(18)

ciallaíonn "comhpháirtíocht" comhaontú idir grúpa institiúidí agus/nó eagraíochtaí i dtíortha éagsúla de chuid an Chláir chun comhghníomhaíochtaí Eorpacha a dhéanamh i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt nó chun gréasán neamhfhoirmiúil a bhunú i réimse ábhartha amhail comhthionscadail foghlama do dhaltaí agus dá múinteoirí i bhfoirm malartuithe ranga agus soghluaisteachta fadtéarmaí aonair, dianchlár san ardoideachas agus comhoibriú idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla chun an comhar idir-réigiúnach, lena n-áirítear trasteorann, a chothú; féadfar é a leathnú chun institiúidí agus/nó eagraíochtaí ó thíortha comhpháirtíochta d'fhonn cáilíocht na comhpháirtíochta a neartú;

(19)

ciallaíonn "inniúlachtaí lárnacha" an tacar bunúsach sin d'eolas, de scileanna agus de mheonta a theastaíonn ó gach duine ar mhaithe le féinchomhlíonadh agus féinfhorbairt, saoránacht ghníomhach, cuimsiú sóisialta agus fostaíocht, mar a thuairiscítear i Moladh 2006/962/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(20)

ciallaíonn "Modh Oscailte Comhordúcháin"(MOC) modh idir-rialtasach lena gcuirtear creat ar fáil le haghaidh comhair idir na Ballstáit, ar féidir a mbeartais náisiúnta a dhíriú ar chuspóirí comhchoiteanna áirithe ar an gcaoi sin. Faoi raon feidhme an Chláir seo, tá feidhm ag an Modh Oscailte Comhordúcháin maidir leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an óige;

(21)

ciallaíonn "uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais" ionstraimí a chuidíonn le geallsealbhóirí torthaí foghlama agus cáilíochtaí a thuiscint, a léirthuiscint agus, más iomchuí, a aithint ar fud an Aontais;

(22)

ciallaíonn "tíortha comharsanachta" na tíortha agus na críocha atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. …/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (19).:

(23)

ciallaíonn "déghairm" traenáil spóirt ar ardleibhéal a chónascadh le hoideachas ginearálta nó le hobair.

(24)

ciallaíonn "spórt an phobail" spórt eagraithe a imríonn an lucht spóirt amaitéarach go háitiúil agus spórt do chách.

Airteagal 3

Breisluach Eorpach

1.   Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a d'fhéadfadh breisluach Eorpach a chur ar fáil agus a rannchuidíonn leis an gcuspóir ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhaint amach.

2.   Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir go háirithe trí na nithe seo a leanas:

(a)

an ghné thrasnáisiúnta atá acu, go háirithe maidir le soghluaisteacht agus comhar atá dírithe ar thionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

comhlántacht agus sineirge le cláir agus le beartais eile ag leibhéal náisiúnta, an Aontais agus idirnáisiúnta;

(c)

an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

Airteagal 4

Cuspóir ginearálta an Chláir

Rannchuideoidh an clár leis an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)

cuspóirí na straitéise Eoraip 2020, lena n-áirítear an phríomhsprioc oideachais;

(b)

cuspóirí don chreat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint ("ET 2020"), lena n-áirítear na tagarmharcanna;

(c)

forbairt inbhuanaithe tíortha comhpháirtíochta i réimse an ardoideachais;

(d)

na cuspóirí foriomlána atá ag an gcreat athnuaite le haghaidh comhair Eorpaigh i réimse na hóige (2010-2018)

(e)

cuspóir an ghné Eorpach den spórt a fhorbairt, go háirithe spórt don phobal, a bheadh ag teacht le plean oibre an Aontais don spórt; agus

(f)

luachanna Eorpacha a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

CAIBIDIL II

An t-oideachas agus an oiliúint

Airteagal 5

Cuspóirí sonracha

1.   I gcomhréir le cuspóir ginearálta an Chláir amhail a shainítear in Airteagal 4, go háirithe cuspóirí ET 2020, chomh maith le tacú le forbairt inbhuanaithe tíortha comhpháirtíochta i réimse an ardoideachais, saothrófar leis an gClár na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

leibhéal na n-inniúlachtaí agus na scileanna lárnacha a fheabhsú go háirithe i ndáil le hábharthacht na n-inniúlachtaí agus na scileanna sin maidir le margadh an tsaothair agus le rannchuidiú le sochaí chomhtháite, go háirithe trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú, agus trí chomhar idir saol an oideachais agus na hoiliúna chomh maith le saol na hoibre a neartú;

(b)

feabhsuithe ar ardchaighdeán, barr feabhais i nuálaíocht agus idirnáisiúnú ar leibhéal na n-institiúidí oideachais agus oiliúna a chothú, go háirithe trí chomhar trasnáisiúnta idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus geallsealbhóirí eile a fheabhsú;

(c)

teacht chun cinn limistéir Eorpaigh um fhoghlaim ar feadh an tsaoil a spreagadh agus feasachta faoi a ardú ar limistéar é a bheidh deartha chun athchóirithe beartas a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta agus chun tacú le nuachóiriú ar chórais oideachais agus oiliúna, go háirithe trí chomhar maidir le beartas a fheabhsú, trí úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais, agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh;

(d)

Gné idirnáisiúnta an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú, go háirithe trí chomhar idir institiúidí an Aontais agus institiúidí tír comhpháirtíochta i réimse VET agus san ardoideachas, trí bhíthin institiúidí ardoideachais Eorpacha a dhéanamh níos tarraingtí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear a chuid cuspóirí forbartha tríd an tsoghluaisteacht agus comhar idir institiúidí ardoideachais an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn agus trí fhorbairt spriocdhírithe acmhainní i dtíortha comhpháirtíochta;

(e)

Teagasc agus foghlaim teangacha a fheabhsú agus éagsúlacht leathan teangacha an Aontais agus feasacht idirchultúrtha a chur chun cinn;

(f)

barr feabhais i ngníomhaíochtaí teagaisc agus taighde maidir leis an lánpháirtíocht Eorpach a chur chun cinn trí bhíthin ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar fud an domhain, faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10.

2.   Chun críocha measúnú a dhéanamh ar an gClár, leagtar amach in Iarscríbhinn I táscairí intomhaiste agus ábhartha i ndáil leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí an Chláir

1.   I réimsí an oideachais agus na hoiliúna, saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an gClár trí bhíthin na gcineálacha gníomhaíochta seo a leanas:

(a)

soghluaisteacht foghlama daoine aonair;

(b)

comhar um an nuáil agus um dhea-chleachtais; agus

(c)

tacaíocht d'athchóiriú beartas.

2.   Déantar cur síos ar ghníomhaíochtaí sonracha Jean Monnet in Airteagal 10.

Airteagal 7

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair

1.   Trí ghníomhaíocht maidir le soghluaisteacht foghlama daoine aonair cothófar na gníomhaíochtaí seo a leanas laistigh de thíortha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 24(1):

(a)

soghluaisteacht na mac léinn i ngach timthriall an ardoideachais agus na mac léinn, na bprintíseach agus na ndaltaí i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint. D'fhéadfadh tréimhse staidéir in institiúid chomhpháirtíochta a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht sin, nó tréimhse oiliúna nó taithí a fháil mar phrintíseacht, cúntóir nó duine faoi oiliúint thar lear. Féadfar soghluaisteacht céime a chothú ar leibhéal Máistreachta trí Sháoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn dá dtagraítear in Airteagal 20.

(b)

soghluaisteacht foirne, sna tíortha de chuid an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 24(1). D'fhéadfadh teagasc nó cúntóireachtaí nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha gairmiúla thar lear a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht seo.

2.   Chomh maith leis sin, leis an ngníomhaíocht seo, cothófar soghluaisteacht idirnáisiúnta mac léinn, daoine óga agus ball foirne chuig tíortha comhpháirtíochta agus ó thríú tíortha i ndáil le hardoideachas, lena n-áirítear soghluaisteacht atá eagraithe ar bhonn comhchéimeanna, céimeanna dúbailte nó ilchéimeanna glaonna ardchaighdeáin nó comhghlaonna.

Airteagal 8

Comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas;

1.   Cothóidh comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas:

(a)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir eagraíochtaí agus/nó institiúidí a bhfuil baint acu le hoideachas agus le hoiliúint nó le hearnálacha ábhartha eile, arb aidhm leo comhthionscnaimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus an phiarfhoghlaim agus idirmhalartú na taithí a chur chun cinn;

(b)

comhpháirtíochtaí idir saol na hoibre agus institiúidí oideachais agus oiliúna mar seo a leanas:

comhaontais eolais idir institiúidí ardoideachais agus saol na hoibre, go háirithe, a chuireann an chruthaitheacht, an nuáil, an fhoghlaim obair-bhunaithe agus an fhiontraíocht chun cinn trí dheiseanna foghlama ábhartha a thairiscint, lena n-áirítear curaclaim nua agus cur chuige oideolaíoch a fhorbairt;

comhaontais scileanna earnála idir soláthraithe oideachais agus oiliúna agus saol na hoibre a chuireann an infhostaitheacht chun cinn, a rannchuidíonn le curaclaim nua atá dírithe ar earnálacha ar leith nó curaclaim nua tras-earnála, ina fhorbraítear bealaí nuálacha gairmtheagaisc agus gairmoiliúna agus a chuireann uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais i bhfeidhm.

(c)

Ardáin tacaíochta TF, ina gcúmhdaítear na hearnálacha oiliúna agus oideachais uile, lena n-áirítear Ríomhnascadh lena gceadaítear an phiarfhoghlaim, an tsoghluaisteacht fhíorúil agus malartuithe an dea-chleachtais, agus lena dtugtar rochtain do rannpháirtithe ó thíortha comharsanachta.

2.   Cothófar forbairt, forbairt acmhainní, lánpháirtiú réigiúnach, malartuithe eolais agus próisis nuachóirithe leis an ngníomhaíocht seo chomh maith trí bhíthin comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais san Aontais agus i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir le piarfhoghlaim agus comhthionscadail oideachais, agus trí chomhar réigiúnach chuirfidh a chun cinn agus Oifigí Náisiúnta Faisnéise, go háirithe le tíortha comharsanachta.

Airteagal 9

Tacaíocht d'athchóiriú beartas

1.   Áireofar ar ghníomhaíocht maidir le tacaíocht d'athchóiriú beartas gníomhaíochtaí arna dtionscnamh ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme chlár oibre an Aontais maidir le hoideachas, agus le hoiliúint i gcomhthéacs MOC, agus le próisis Bologna agus Chóbanhávan;

(b)

uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a chur chun feidhme i dtíortha de chuid an Chláir - go háirithe creat aonair an Aontais do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass), an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Córas Eorpach d'Aistriú Creidmheasa (ECTS, an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (ECVET), agus an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET), an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR) agus an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (ENQA) agus tacaíocht a sholáthar do Líonraí ar fud an Aontais agus d'eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) Eorpacha atá gníomhach i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

(c)

an t-idirphlé maidir le beartas le geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha i réimse an oideachais agus na hoiliúna;

(d)

NARIC, na líonraí Eurydice agus Euroguidance, agus na Lárionaid Náisiúnta Europass.

2.   Cothófar freisin, leis an ngníomhaíocht seo, an t-idirphlé maidir le beartas le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí Jean Monnet

Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíochtaí Jean Monnet:

(a)

teagasc agus taighde a chur chun cinn maidir le lánpháirtíocht Eorpach ar fud an domhain i measc sain-acadóirí, foghlaimeoirí agus saoránach, go háirithe trí bhíthin Chathaoireacha Jean Monnet a chruthú agus gníomhaíochtaí acadúla eile, agus trí chabhair a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha eolais eile in institiúidí ardoideachais;

(b)

tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí institiúidí acadúla nó cumann acadúil atá gníomhach sa réimse staidéir um lánpháirtíocht Eorpach agus tacaíocht a thabhairt do lipéad Jean Monnet maidir le barr feabhais.

(c)

tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu:

(i)

Institiúid Ollscoile Eorpach Fhlórans;

(ii)

Coláiste na hEorpa (campais Bhrugge agus Natolin);

(iii)

an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (IERP), Maastricht;

(iv)

Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier;

(v)

an Ghníomhaireacht Eorpach don Fhorbairt san Oideachas um Riachtanais Speisialta, Odense;

(vi)

an tIonad Idirnáisiúnta d'Oiliúint Eorpach (IIOE), Nice.

(d)

díospóireacht beartais agus malartuithe idir an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas a chur chun cinn maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais.

CAIBIDIL IIa

An Óige

Airteagal 11

Cuspóirí sonracha

1.   I gcomhréir le cuspóir ginearálta an Chláir amhail a shonraítear in Airteagal 4, go háirithe cuspóirí an chreata athnuaite don chomhoibriú Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) saothrófar, leis an gClár, na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

leibhéal príomhinniúlachtaí agus príomhscileanna daoine óga a fheabhsú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deiseanna níos lú acu, mar aon lena rannpháirtíocht sa saol daonlathach san Eoraip agus i margadh an tsaothair, a saoránacht ghníomhach, a n-idirphlé idirchultúrtha, a gcuimsiú sóisialta agus a ndlúthpháirtíocht a chur chun cinn, go háirithe trí dheiseanna soghluaisteachta foghlama a mhéadú do dhaoine óga, dóibh siúd atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus do cheannairí ógra, agus trí naisc idir réimse na hóige agus margadh an tsaothair a neartú;

(b)

feabhsú na cáilíochta a chothú san obair leis an óige, go háirithe trí fheabhas a chur ar an gcomhar idir eagraíochtaí don óige agus/nó geallsealbhóirí eile;

(c)

athchóirithe beartais a chomhlánú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, tacú le beartas don ógra a fhorbairt a bheidh bunaithe ar eolas agus ar fhianaise mar aon leis an bhfoghlaim neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil a aithint, go háirithe trí chomhar beartais a fheabhsú, trí leas níos fearr a bhaint as uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais agus trí dhea-chleachtais a scaipeadh;

(d)

feabhas a chur ar ghné idirnáisiúnta gníomhaíochtaí óige agus ról oibrithe agus eagraíochtaí óige mar struchtúir tacaíochta do dhaoine óga i gcomhlántacht le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe tríd an tsoghluaisteacht agus an comhar a chur chun cinn idir geallsealbhóirí an Aontais agus geallsealbhóirí tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí acmhainní a thógáil ar bhealach spriocdhírithe i dtíortha comhpháirtíochta.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar an gClár, leagtar amach in Iarscríbhinn I táscairí intomhaiste agus ábhartha i ndáil leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí an Chláir

Saothrófar na cuspóirí seo a leanas leis an gClár trí bhíthin na gcineálacha gníomhaíochta seo a leanas:

(a)

soghluaisteacht foghlama daoine aonair;

(b)

comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas;

(c)

tacaíocht d'athchóiriú beartas.

Airteagal 13

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair

1.   Trí ghníomhaíocht soghluaisteachta foghlama do dhaoine aonair cothófar:

(a)

soghluaisteacht daoine óga i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla idir tíortha an Chláir; d'fhéadfadh malartuithe óige agus obair dheonach tríd an tSeirbhís Dheonach Eorpach a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht seo, chomh maith le gníomhaíochtaí nuálaíocha ag tógáil ar fhorálacha atá ann cheana maidir le soghluaisteacht;

(b)

soghluaisteacht na ndaoine sin atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus soghluaisteacht ceannairí ógra; féadfaidh oiliúint agus gníomhaíochtaí líonraithe a bheith i gceist le soghluaisteacht den sórt sin;

2.   Leis an ngníomhaíocht sin, tacófar le soghluaisteacht daoine óga, daoine atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus ceannairí ógra, chuig tíortha comhpháirtíochta agus ó na tíortha sin, go háirithe tíortha comharsanachta.

Airteagal 14

Comhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas

1.   Trí chomhar um an nuáil agus um malartú dea-chleachtas cothófar:

(a)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha arb é is aidhm dóibh tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear tionscnaimh don óige agus tionscadail saoránachta, a chuireann chun cinn an tsaoránacht ghníomhach, an nuáil shóisialta, an rannpháirtíocht sa saol daonlathach agus an fhiontraíocht, tríd an bpiarfhoghlaim agus trí idirmhalartú na taithí;

(b)

ardáin tacaíochta TF lena gceadaítear an phiarfhoghlaim, obair eolasbhunaithe leis an óige agus malartú dea-chleachtas.

2.   Cothófar forbairt, forbairt acmhainní agus malartuithe eolais trí bhíthin comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí i dtíortha de chuid an Chláir agus i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe trí phiarfhoghlaim leis an ngníomhaíocht seo.

Airteagal 15

Tacaíocht d'athchóiriú beartas

1.   Le tacaíocht d'athchóiriú beartais, áireofar gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

clár oibre bheartas an Aontais a chur chun feidhme maidir leis an óige trí MOC;

(b)

uirlisí trédhearchachta agus aitheantais an Aontais a chur chun feidhme i dtíortha an Chláir, go háirithe an tÓgphas, agus tacaíocht do líonraí ar fud an Aontais agus do ENRanna Eorpacha um an óige;

(c)

idirphlé maidir le beartas le geallsealbhóirí ábhartha Eorpacha, agus an t-idirphlé struchtúrtha le daoine óga;

(d)

Fóram Eorpach na hÓige, ionaid acmhainní chun obair leis an óige a fhorbairt agus líonra Eurodesk.

2.   Cothófar freisin, leis an ngníomhaíocht seo, idirphlé maidir le beartas le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

CAIBIDIL IV

An Spórt

Airteagal 16

Cuspóirí sonracha

1.   I gcomhréir le cuspóir ginearálta an Chláir, amhail a shonraítear in Airteagal 4, agus le plean oibre an Aontais don spórt, díreofar, leis an gClár, go háirithe ar spórt an phobail agus saothrófar na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

dul i ngleic le bagairtí trasteorann ar ionracas an spóirt, amhail dópáil, cluichí a fheallsocrú agus foréigean, mar aon le gach saghas éadulaingthe agus idirdhealaithe;

(b)

dea-rialachas i spórt agus déghairmeacha na lúthchleasaithe a chur chun cinn agus a thacú;

(c)

gníomhaíochtaí deonacha sa spórt, mar aon le cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus feasacht ar thábhacht gníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte a chur chun cinn trí bhíthin rannpháirtíochta méadaithe sa spórt agus rochtain chomhionann air do chách.

2.   Chun críocha measúnú a dhéanamh ar an gClár, leagtar amach in Iarscríbhinn I táscairí intomhaiste agus ábhartha i ndáil leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 17

Gníomhaíochtaí

1.   Leanfar cuspóirí an chomhair trí na gníomhaíochtaí trasnáisiúnta seo a leanas, agus a dhíreoidh go háirithe ar spórt an phobail:

(a)

tacaíocht do chomhpháirtíochtaí comhoibríocha;

(b)

tacaíocht d'imeachtaí spóirt Eorpacha neamhbhrabúis lena mbaineann roinnt tíortha de chuid an Chláir agus rannchuidiú leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 16(1);

(c)

tacaíocht maidir leis an mbonn fianaise faoi bheartas a cheapadh a neartú;

(d)

idirphlé le geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha.

2.   Leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar cistiú forlíontach a ghiaráil ó thríú páirtithe, amhail gnóthais phríobháideacha.

CAIBIDIL IV

Forálacha airgeadais

Airteagal 18

Buiséad

1.   Socraítear gurb é EUR 14 774 524 000 i bpraghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Clár seo a chur chun feidhme amhail ón 1 Eanáir 2014.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí an Chláir mar a leanas, le corrlach solúbthachta nach mó ná 5 % de gach ceann de na méideanna leithdháilte:

(a)

77,5 % ar an oideachas agus ar an oiliúint, as a sannfar na leithdháiltí íosta seo a leanas:

(i)

43 % ar an ardoideachas, a sheasann do 33,3 % den bhuiséad iomlán;

(ii)

22 % ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, a sheasann do 17 % den bhuiséad iomlán;

(iii)

15 % ar an oideachas scoile, a sheasann do 11,6 % den bhuiséad iomlán;

(iv)

5 % ar fhoghlaim aosach, a sheasann do 3,9 % den bhuiséad iomlán;

(b)

10 % ar an óige;

(c)

3,5 % ar Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn;

(d)

1,9 % ar Jean Monnet;

(e)

1,8 % ar an spórt, nach leithdháiltear níos mó ná 10 % de ar an ngníomhaíocht a luaitear faoi phointe (b) d'Airteagal 12(1);

(f)

3,4 % mar dheontais oibriúcháin do ghníomhaireachtaí náisiúnta; agus

(g)

1,9 % chun an caiteachas riaracháin a chlúdach.

3.   Maidir leis na leithdháiltí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2, 63 % déanfar ar a laghad a leithdháileadh ar shoghluaisteacht foghlama daoine aonair, 28 % ar a laghad ar chomhar um nuáil agus um malartú dea-chleachtas agus 4,2 % chun tacú le hathchóiriú beartas.

4.   De bhreis ar an imchlúdach airgeadais mar atá léirithe i mír 1, agus d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn, déanfar cistiú breise, amhail dá bhforáiltear sna hionstraimí seachtracha éagsúla (an Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt (DCI), an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI), an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (PI) agus an Ionstraim um Chomhpháirtíocht (IPA), a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht foghlama chuig tíortha nó ó thíortha comhpháirtíochta agus ar idirphlé comhair agus beartais le húdaráis/le hinstitiúidí/le heagraíochtaí ó na tíortha sin. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le húsáid na gcistí sin, agus comhréir leis na Rialacháin faoi seach lena rialaítear na hionstraimí seachtracha sin á háirithiú agus, i gcás DCI, a chomhlíonann don Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, na critéir le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha arna bhunú ag Coiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta agus Forbartha.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla lena gcuimseofar na chéad cheithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Cinnfear leidháileadh an chistithe sin i gclárú táscach ilbhliantúil na n-ionstraimí seachtracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. Féadfaidh comhar le tíortha comhpháirtíochta a bheith bunaithe, i gcás inarb ábhartha, ar leithreasaí breise ó na tíortha sin a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leo.

Díreoidh gníomhaíocht shoghluaisteacht na mac léinn agus na foirne idir tíortha an Chláir agus tíortha comhpháirtíochta a mhaoinítear tríd an leithdháileadh ón DCI ar réimsí a bhaineann le forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe tíortha atá ag forbairt.

5.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhachta, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a cheanglaítear chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le TF a bhfuil béim acu ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, agus le gach speansas maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.

6.   Dá bhrí sin, féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, ar speansais iad a bhfuil gá leo chun an trasdul a áirithiú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 1298/2008/CE. Dá mbeadh gá leis sin, d'fhéadfaí leithreasaí a chur isteach sa bhuiséad i ndiaidh 2020 chun costais amhail sin a chumhdach, d'fhonn bainistiú na ngníomhartha agus na ngníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a chumasú.

7.   Déanfar na cistí do shoghluaisteacht foghlama daoine aonair dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 12 atá le bainistiú ag gníomhaireacht nó ag gníomhaireachtaí náisiúnta ('gníomhaireact násiúnta') a leithdháileadh ar bhonn an daonra agus an chostais mhaireachtála sa Bhallstát, an fhaid idir príomhchathracha na mBallstát agus feidhmíochta. Is ionann paraiméadar na feidhmíochta agus 25 % d'iomlán na gcistí de réir na gcritéar dá dtagraítear i mír 8 agus i mír 9. Maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 8(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 14 (1) a roghnóidh gníomhaireacht náisiúnta agus a ndéanfaidh an ghníomhaireacht sin bainistiú orthu, leithdháilfear na cistí ar bhonn critéar a shaineoidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3). Beidh na foirmlí sin, a mhéid is féidir, neodrach maidir le córais éagsúla oideachais agus oiliúna na mBallstát, déanfar laghduithe móra ar an mbuiséad bliantúil a leithdháiltear ar na Ballstáit ó bhliain go chéile a sheachaint leo agus déanfar neamhchothromaíochtaí iomarcacha i leibhéal na ndeontas a leithdháiltear a íoslaghdú leo.

8.   Beidh feidhm agLeithdháileadh na gcistí bunaithe ar fheidhmíocht d'fhonn úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a chur chun cinn. Is ar na sonraí is déanaí atá ar fáil a bhunófar na critéir as a mbaintear feidhm chun feidhmíocht a thomhas agus beidh siad dírithe go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

leibhéal na táirgeachta réadaithe bliantúla; agus

(b)

leibhéal na n-íocaíochtaí bliantúla arna réadú.

9.   Beidh leithdháileadh na gcistí don bhliain 2014 bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh agus maidir le glacadh an bhuiséid faoi na cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil, An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus Erasmus Mundus suas go dtí a agus lena n-áirítear an 31 Nollaig 2013.

10.   Féadfar tacaíocht a chur ar fáil sa Chlár trí bhíthin módúlachtaí cistithe nuálacha sonracha, go háirithe na cinn atá leagtha amach in Airteagal 20.

Airteagal 19

Módúlachtaí cistithe sonracha

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh tacaíocht airgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012.

2.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta nó lena gcuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a sheoladh chun tionscadail a mhaoiniú ar bhonn cistí comhfhreagracha. Féadfar tionscadail a luacháil agus a roghnú trí nósanna imeachta luachála agus roghnaithe a bheidh le comhaontú ag na gníomhaireachtaí cistí lena mbainfidh, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012.

3.   Comhlachtaí poiblí, mar aon le scoileanna, le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a bhfuil os cionn 50 % dá n-ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an cumas airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an cumas sin a léiriú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 130(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a cheapadh gur costais atá incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo agus a thabhaítear le linn na chéad sé mhí de 2014, fiú más rud é gur tabhaíodh ag an tairbhí iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

5.   Ní bheidh feidhm ag an tsuim dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 137(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ar an tacaíocht airgeadais don tsoghluaisteacht foghlama arna ndeonú ar dhaoine aonair.

Airteagal 20.

Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn

1.   Soláthróidh Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn páirteacha d'idirghabhálaithe airgeadais le haghaidh iasachtaí arna ndeonú ar na téarmaí is fabhraí is féidir, do mhic léinn a thugann faoi chéim dara timthriall, amhail céim Mháistreachta, ag institiúid ardoideachais aitheanta i dtír de chuid an Chláir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(1) nach í a dtír chónaithe ná an áit a bhfuair siad a gcáilíocht arna deonú rochtain ar chlár na Máistreachta í.

2.   Déanfaidh ráthaíochtaí a eiseofar trí Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinniasachtaí incháilithe nua mac léinn a chlúdach suas go huasmhéid de EUR 12 000 do chlár bliana agus suas le EUR 18 000 do chlár a mhaireann suas le dhá bhliain, nó a gcoibhéis in airgeadra áitiúil.

3.   Déanfar bainistiú Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn ar leibhéal an Aontais a chur ar iontaoibh an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ar bhonn comhaontaithe tarmligin leis an gCoimisiún, ina leagfar amach na rialacha mionsonraithe agus na ceanglais mhionsonraithe lena rialaítear cur chun feidhme Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn le hoibleagáidí na bpáirtithe faoi seach. Ar an mbonn seo, déanfaidh an CEI comhaontuithe le hidirghabhálaithe airgeadais, a chur i gcrích: amhail bainc, institiúidí náisiúnta agus/nó réigiúnacha iasachtaí mac léinn nó institiúidí eile aitheanta airgeadais, agus déanfaidh sé gach iarracht a áirithiú go roghnófar idirghabhálaí airgeadais ó gach tír de chuid an Chláir, d'fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ó thíortha uile an Chláir ar an Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn agus i modh comhsheasmhach agus neamh-idirdhealaitheach.

4.   Soláthraítear faisnéis theicniúil maidir le feidhmiú Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn in Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL VI

Torthaí feidhmíochta agus scaipeadh

Airteagal 21

Faireachán agus luacháil a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán rialta ar fheidhmíocht agus ar thorthaí an Chláir le hais chuspóirí an Chláir agus tuairisceoidh sé air sin, maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

an breisluach Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b)

dáileadh na gcistí a bhaineann leis na hearnálacha oideachais oiliúna, agus óige, d'fhonn a áirithiú go mbeidh leithdháileadh cistithe ann lena dtugtar ráthaíocht i ndáil le tionchar sistéamach inbhuanaithe nuair a thiocfaidh an Clár chun deiridh;

(c)

úsáid a bhaint as na cistí a fuarthas ó na hionstraimí seachtracha, dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus a rannchuidiú le cuspóirí agus prionsabail na n-ionstraimí sin faoi seach.

2.   I dteannta a ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha a dhéanamh, taiscfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lár téarma tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017 d'fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus chun, éifeachtúlacht an Chláir agus a bhreisluach Eorpach a mheas, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi. Díreofar sa tuarascáil mheastóireachta lár téarma ar an scóip chun an Clár a shimpliú, ar chomhchuibheas inmheánach agus seachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile agus an chaoi ina rannchuidíonn na bearta arna nglacadh le straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Cuirfear san áireamh freisin torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach na gclár ba réamhtheachtaithe chomh maith (Foghlaim ar feadh an tSaoil, an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta, Erasmus Mundus agus cláir ardoideachais idirnáisiúnta eile).

3.   Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht lár téarma dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún:

4.   Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil VII agus do dhualgais na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 28, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2017 maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha faoi seach.

5.   Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoin 30 Meitheamh 2022.

Airteagal 22

Cumarsáid agus scaipeadh

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-eiseofar faisnéis, go ndéanfar poiblíocht agus go mbeidh athleanúint ann maidir leis na gníomhartha uile agus na gníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoin gClár, chomh maith le heisiúint na dtorthaí a bhí ar na cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil, An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus Erasmus Mundus a bhí ann roimhe.

2.   Ba cheart dóibh siúd a bhaineann tairbhe as na tionscadail tacaíochta de bharr gníomhartha agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 10, Airteagal 12, 17 agus in Airteagal 20 na torthaí a fhaightear sna tionscadail sin agus na tionchair a imrítear leo a chraobhscaoileadh agus a eisiúint go cuí. Féadfar foráil gníomhaíochtaí faisnéise piar go piar maidir le deiseanna soghluaisteachta a áireamh sa mhéid seo.

3.   Ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 28 beartas comhsheasmhach a dhéanamh maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na gníomhartha a ndéanann siad bainistiú orthu laistigh den Chlár a eisiúint agus a shaothrú go héifeachtach agus ba cheart dóibh cabhrú leis an gCoimisiún sa chúram ginearálta um fhaisnéis faoin gClár agus a chuid torthaí a eisiúint, lena n-áirítear gníomhartha agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus trí fhaisnéis a thabhairt do spriocghrúpaí ábhartha faoi na ngníomhaíochtaí ina dtír.

4.   Is é "Erasmus+" an t-ainm branda a mbainfidh na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gClár feidhm astu chun críche an fháisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a eisiúint. Maidir leis na hearnálacha éagsúla den Chlár, úsáidfear na hainmneacha branda seo a leanas:

"Comenius", a bhaineann le hoideachas ar scoil;

"Erasmus" a bhaineann le gach cineál ardoideachais, laistigh de thíortha an Chláir;

"Erasmus Mundus" a bhaineann le gach cineál gníomhaíochtaí ardoideachais, idir tíortha an Chláir agus tíortha comhpháirtíochta;

"Leonardo da Vinci", a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint;

"Grundtvig", a bhaineann le foghlaim aosach;

"An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta", a bhaineann le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta i réimse na hóige.;

"Spóirt", a bhaineann le gníomhaíochtaí i réimse an spóirt.

5.   Rannchuideoidh gníomhaíochtaí cumarsáide freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ar choinníoll go bhfuil baint acu sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

CAIBIDIL VI

Rochtain ar an gClár

Airteagal 23

Rochtain

1.   Féadfaidh aon chomhlacht príobháideach nó poiblí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna nó spórt an phobail iarratas a chur isteach ar maoiniú i ndáil leis an gClár. Déanfaidh an Clár, i gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagail 13 (1) agus pointe (a) d'Airteagal 14 (1), tacú le grúpaí daoine óga atá gníomhach in obair leis an óige, ach ní gá an obair sin a bheith ar siúl i gcomhthéacs eagraíocht óige.

2.   Tráth a bheidh an Clár á gcur i bhfeidhm, inter alia maidir le roghnú na rannpháirtithe agus dámhachtain na scoláireachtaí, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine a bhfuil riachtanais speisialta nó a bhfuil níos lú deiseanna acu a chur chun cinn.

Airteagal 24

Rannpháirtíocht tíortha

1.   Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár ("tíortha an Chláir"):

(a)

na Ballstáit:

(b)

na tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime, sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail;

(c)

na tíortha sin de chuid CSTE ar páirtithe iad i gComhaontú LEE, i gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe sin;

(d)

Cónaidhm na hEilvéise, ar bhonn comhaontaithe dhéthaobhaigh a bheidh le cur i gcrích leis an tír sin;

(e)

na tíortha sin atá cumhdaithe ag beartas comharsanachta na hEorpa a bhfuil comhaontaithe curtha i gcrích acu leis an Aontas lena bhforáiltear go bhféadfaí páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais, faoi réir chur i gcrích comhaontaithe dhéthaobhaigh leis an Aontas maidir leis na coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht sa Chlár.

2.   Beidh tíortha an Chláir faoi réir na ndualgas uile agus comhlíonfaidh siad na cúraim uile a bhaineann leis na Ballstáit agus a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Leis an gClár, tabharfar tacaíocht do chomhar le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe tíortha comharsanachta, i ngníomhaíochtaí agus i ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 10 agus in Airteagal 12.

CAIBIDIL VII

Córas bainistíochta agus iniúchóireachta

Airteagal 25

Comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht an Chláir a áirithiú leis na nithe seo a leanas:

(a)

na beartais agus na cláir ábhartha, go háirithe na cinn sin a bhaineann leis an gcultúr agus leis na meáin, leis an bhfostaíocht, leis an taighde agus leis an nuáil, leis an tionscal agus leis an bhfiontraíocht, leis an mbeartas comhtháthaithe agus forbartha chomh maith le beartas agus tionscnaimh méadaithe, ionstraimí agus straitéisí i réimse an bheartais réigiúnaigh agus an chaidrimh sheachtraigh;

(b)

na foinsí Eorpacha cistithe eile is ábhartha do bheartais oideachais, oiliúna, óige, agus spóirt, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa agus na hionstraimí airgeadais eile a bhaineann le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus "Fís 2020" -an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais a bhaineann leis an gceartas agus le saoránacht, sláinte, cláir um chomhar seachtrach agus cúnamh réamhaontachais.

Airteagal 26

Na comhlachtaí cur chun feidhme

Is iad na comhlachtaí seo a leanas a chuirfidh an Clár chun feidhme ar mhodh comhsheasmhach:

(a)

an Coimisiún, ar leibhéal an Aontais;

(b)

na gníomhaireachtaí náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha an Chláir.

Airteagal 27

An t-údarás náisiúnta

1.   Tagraíonn an téarma "údarás náisiúnta" d'údarás náisiúnta amháin nó níos mó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Laistigh de 22 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht an duine (na daoine) atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an údarás náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. I gcás chur in ionad an údaráis náisiúnta le linn ré an Chláir, cuirfidh an Ballstát ábhartha an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin, bearta atá dírithe ar réiteach saincheisteanna as a n-eascraíonn deacrachtaí chun víosaí a fháil.

4.   Faoin 22 Márta 2014, ainmneoidh an t-údarás náisiúnta gníomhaireacht náisiúnta nó gníomhaireachtaí náisiúnta. I gcásanna gurb ann do níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin, bunóidh na Ballstáit sásra cuí chun cur chun feidhme an Chláir ar an leibhéal náisiúnta a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, go háirithe d'fhonn cur chun feidhme an Chláir a bheadh comhtháite agus éifeachtúil ó thaobh costas de a áirithiú agus teagmháil éifeachtach leis an gCoimisiún a áirithiú maidir leis sin, agus d'fhonn a éascú go bhféadfaí cistí a aistriú idir gníomhaireachtaí, agus ar an gcaoi sin foráil do sholúbthacht agus d'úsáid níos fearr a bhaint as na cistí a leithdháiltear ar na Ballstáit. Gan dochar d'Airteagal 29(3), cinnfidh gach Ballstát conas a eagróidh sé an caidreamh atá aige idir a údarás náisiúnta agus an ghníomhaireacht náisiúnta, lena n-áirítear cúraimí amhail clár oibre bliantúil na gníomhaireachta náisiúnta a bhunú.

Cuirfidh an t-údarás náisiúnta measúnú ex-ante comhlíonta oiriúnach ar fáil don Choimisiún lena gcuirfear in iúl go gcomhlíonann an t-údarás náisiúnta pointí (c)(v) agus (vi) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 60(1), (2) agus (3) de Rialachán Uimh. 966/2012 agus le hAirteagal 38 dá Rialachán Tarmligthe Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (20) chomh maith le ceanglais an Aontais i ndáil le caighdeáin rialála inmheánacha do ghníomhaireachtaí náisiúnta agus rialacha le haghaidh bhainistiú cistí an Chláir do thacaíocht deontais.

5.   Ainmneoidh an t-údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 30.

6.   Bunóidh an t-údarás náisiúnta a mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante ar a seiceálacha agus a iniúchtaí féin, agus/nó ar seiceálacha agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 30.

7.   Sa chás sin is ionann an t-údarás náisiúnta atá sannta don Chlár agus an t-údarás náisiúnta atá sannta do na Cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil nó An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, d'fhéadfaí raon feidhme na seiceálacha agus na hiniúchtaí i ndáil leis an measúnú comhlíonta ex-ante a theorannú do cheanglais atá nua agus sonrach maidir leis an gClár.

8.   Déanfaidh an t-údarás náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairle leis in am trátha sula nglacfaidh sé aon chinneadh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar bhainistiú an Chláir, go háirithe maidir lena ghníomhaireacht náisiúnta.

9.   Soláthróidh an t-údarás náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a ghníomhaireachta náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca leis na rialacha Aontais is infheidhme.

10.   Sa chás ina ndiúltaíonn an Coimisiún do shainiú an údaráis náisiúnta de bharr na meastóireachta arna déanamh aige ar an measúnú comhlíonta ex-ante, áiritheoidh an t-údarás náisiúnta go ndéanfar na céimeanna feabhais is gá le chun a chumasú don údarás náisiúnta na ceanglais íosta a leagann an Coimisiún síos a chomhlíonadh, nó go ndéanfaidh sé comhlacht eile a shainiú mar údarás náisiúnta.

11.   Bunaithe ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus ar fheidhmíocht an údaráis náisiúnta, soláthróidh an t-údarás náisiúnta faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis na gClár don Choimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.

12.   Glacfaidh an t-údarás náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an ngníomhaireacht náisiúnta trí bhíthin tacaíocht deontais a dhámhachtain faoin gClár.

13.   I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na gníomhaireachta náisiúnta d'aon easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíocht ar pháirt na gníomhaireachta náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh i gcoinne na gníomhaireachta náisiúnta dá bharr sin, beidh an t-údarás náisiúnta faoi dhliteanais na cistí nár gnóthaíodh a aisíoc leis an gCoimisiúin.

14.   Sna a thuairiscítear i mír 13, féadfaidh an t-údarás náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, an ghníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm. I gcás inar mian leis an údarás náisiúnta an sainordú sin a chúlghairm ar aon chúis a bhfuil údar maith leo, cuirfidh sé an chúlghairm in iúl don Choimisiún sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

15.   I gcás cúlghairme, déanfaidh an t-údarás náisiúnta na rialuithe riachtanacha maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe agus áiritheoidh sé go n-aistreofar gan bhacainn go dtí an ghníomhaireacht náisiúnta nua na cistí sin agus na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú. Soláthróidh an t-údarás náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don ghníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conartha vis-à-vis tairbhithe an Chláir agus vis-à-vis an Coimisiún a dhéanamh go dtí go n-aistreofar na hoibleagáidí sin go dtí gníomhaireacht náisiúnta nua.

16.   Má iarrann an Coimisiún air amhlaidh, ainmneoidh an t-údarás náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na n-institiúidí nó na n-eagraíochtaí sin, chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sonracha de chuid an Chláir ina gcríocha faoi seach.

Airteagal 28

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.   Tagraíonn an téarma "údarás náisiúnta" d'údarás náisiúnta amháin nó níos mó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta:

(a)

beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d'eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; ní fhéadfar aireacht a ainmniú mar ghníomhaireacht náisiúnta;

(b)

beidh cumas bainistíochta, foireann agus bonneagar leormhaith aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena n-áiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

(c)

beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

(d)

cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna n-eisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal cistí an Aontais a n-iarrfar uirthi a bhainistiú;

(e)

beidh sí ainmnithe d'fhad tréimhse an Chláir.

3.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as gach céim de shaolré thionscadal na ngníomhaíochtaí seo a leanas de chuid an Chláir a bhainistiú, i gcomhréir le pointí (v) agus (vi) de phointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus le hAirteagal 44 de dá Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012:

(a)

foghlaim soghluaisteachta daoine aonair cé is moite den tsoghluaisteacht arna heagrú ar bhonn comhchéimeanna nó céimeanna dúbailte/ilchéimeanna, tionscadail saorálaíochais ar mhórscála agus Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn;

(b)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha laistigh den ghníomhaíocht "comhar maidir le nuálaíocht agus le malartú dea-chleachtas";

(c)

gníomhaíochtaí ar mhionscála lena dtacaítear le comhrá struchtúraithe i réimse na hóige a bhainistiú laistigh den ghníomhaíocht "tacaíocht d'athchóiriú beartas".

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfar na cinntí roghnúcháin agus dámhachtana do na comhpháirtíochtaí straitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a bhainistiú ar leibhéal an Aontais, má dhéantar cinneadh chun na críche sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3) agus i gcásanna sonracha amháin ina bhfuil forais shoiléire ann do lárú den sórt sin.

5.   Eiseoidh an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíocht deontais do thairbhithe trí chomhaontú deontais nó trí chinneadh deontais, arna shonrú ag an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann de chuid an Chláir.

6.   Tuairisceoidh an ghníomhaireacht náisiúnta gach bliain don Choimisiún agus don údarás náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 60(5) de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna n-eisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

7.   Ní fhéadfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta agus ise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

8.   I gcás ina ndéantar sainordú gníomhaireachta náisiúnta a cúlghairm, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta sin fós freagrach ó thaobh an dlí de as a hoibleagáidí conartha a chomhlíonadh i leith tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún go dtí go n-aistreofar na hoibleagáidí sin chuig gníomhaireacht náisiúnta nua.

9.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir is réamhtheachtaí eadhon na cláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

Airteagal 29

An Coimisiún Eorpach

1.   Laistigh de dhá mhí tar éis dó an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 27(4) a fháil ón údarás náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na gníomhaireachta náisiúnta, glacfaidh sé leis go coinníollach nó diúltóidh sé don ainmniú sin. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta go dtí go nglacfar leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena ghaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta.

2.   Nuair a ghlacfaidh sé leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta atá ainmnithe don Chlár, déanfaidh an Coimisiún na freagrachtaí dlíthiúla maidir leis na comhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir réamhtheachtaí eadhon an clár Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta agus atá fós oscailte ag tús an Chláir a chur ar bhonn foirmiúil.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 27(4), déanfar an méid seo a leanas leis an doiciméad lena rialaítear an gaol conarthach idir an Coimisiún agus an ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)

leagfar síos ann na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais i gcomhair tacaíochta deontais ag na gníomhaireachtaí náisiúnta;

(b)

áireofar ann clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta dá bhfuil tacaíocht ón Aontas á cur ar fáil;

(c)

sonrófar ann na ceanglais tuairiscithe le haghaidh na gníomhaireachta náisiúnta.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil gach bliain don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)

cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát lena mbaineann do ghníomhaíochtaí an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú.

(b)

ranníocaíocht airgeadais chun tacú le cúraimí bainistíochta an Chláir atá curtha ar an ngníomhaireacht náisiúnta. Cuirfear an ranníocaíocht sin ar fáil i bhfoirm ranníocaíochta ráta chomhréidh le costais oibríochtúla na gníomhaireachta náisiúnta agus socrófar í ar bhonn mhéid na gcistí den Aontas do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na gníomhaireachta náisiúnta.

5.   Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha den ghníomhaireacht náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

6.   Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27(4), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, go háirithe bunaithe ar mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante an údaráis náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur i gcuntas go cuí.

7.   Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

8.   I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

9.   Eagróidh an Coimisiún cruinnithe rialta le gréasán na ngníomhaireachtaí náisiúnta d'fhonn cur chun feidhme comhtháite an Chláir a áirithiú ar fud tíortha uile an Chláir.

Airteagal 30

Comhlacht iniúchóireachta neamhspleách

1.   Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)

beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)

áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí;

(c)

ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de. Beidh sé, go háirithe, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ón eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de.

3.   Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL IX

An Córas rialaithe

Airteagal 31

Prionsabail an chórais rialaithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.   Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le gníomhartha agus gníomhaíochtaí an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

3.   Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as rialuithe príomhúla na dtairbhithe deontais i gcomhair ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir, dá dtagraítear in Airteagal 28(3). Tabharfaidh na rialuithe sin urrús réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

4.   Maidir le cistí an Chláir arna n-aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 32

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún iniúchtaí a dhéanamh nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir, ar gach fochonraitheoir agus tríú páirtithe eile a fuair cistí de chuid an Aontais. Féadfaidh siad iniúchtaí agus seiceálacha a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta freisin.

2.   Féadfaidh OLAF seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

3.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí deontais a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

CAIBIDIL IX

Tarmligean cumhachtaí agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 33

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

D'fhonn bainistiú na gcúraimí a chur ar an leibhéal is iomchuí, ní chumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 maidir le leasú a dhéanamh ar Airteagal 28(3), ach amháin i dtaca le foráil a dhéanamh do ghníomhaíochtaí breise a bheidh le bainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta.

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33, déanfar í a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 33 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh leis le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

An Clár a chur chun feidhme

D'fhonn an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3). Áiritheofar le gach clár oibre bliantúil go gcuirfear chun feidhme na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 4, 5, 11 agus 16 ar mhodh comhsheasmhach agus tabharfaidh siad breac-chuntas ar na torthaí ionchasacha, ar an modh cur chun feidhme agus ar a méid iomlán. Cuimseofar sna cláir oibre bliantúla freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, agus dáileadh na gcistí idir na Ballstáit i gcomhair na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú trí na gníomhaireachtaí náisiúnta, agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, áireofar iontu an t-uasráta cómhaoinithe, a chuirfidh i gcuntas sainiúlachtaí na spriocghrúpaí, go háirithe a gcumas cómhaoinithe agus an bhféadfaí maoiniú a mhealladh ó thriú páirtithe. Maidir le gníomhaíochtaí a bheidh ag díriú ar eagraíochtaí ag a bhfuil cumais theoranta airgeadais, is ag 50 % ar a laghad a bheidh an ráta cómhaoinithe socraithe.

Airteagal 36

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna earnála. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus ar bhonn ad hoc, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe i gcáil breathnóirí.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL X

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 37

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Déanfar Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Déanfar gníomhaíochtaí a thionscnófar ar an 31 Nollaig 2013 nó roimhe ar bhonn Chinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Chinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Chinneadh Uimh 1298/2008/CE a riar, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhthéacs na gclár roimhe seo i réimsí na foghlama ar feadh an tsaoil, na hóige agus an chomhair idirnáisiúnta san ardoideachas agus na gníomhaíochtaí sin atá le cur chun feidhme faoin gClár.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Nollaig 2013

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 154.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 200.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2013.

(4)  Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear clár gníomhaíochta san earnáil um fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 327, 24.11.2006, lch. 45).

(5)  Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir leis an gClár "An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta" don tréimhse 2007 go 2013 (IO L 327, 24.11.2006, lch. 30).

(6)  Cinneadh Uimh 1298/2008/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Erasmus Mundus 2009-2013 d'fheabhsú na cáilíochta in ardoideachas agus do chur chun cinn tuiscint idirchultúrtha trí chomhoibriú le tríú tíortha (IO L 340, 19.12.2008, lch. 83).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear Ionstraim Maoinithe le haghaidh Comhair um Fhorbairt (IO L 378, 27.12.2006, lch. 41).

(8)  Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12).

(9)  Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le creat aonair Comhphobail do thrédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí (Europass) (IO L 390, 31.12.2004, lch. 6).

(10)  Treoir 2006/143/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le breis comhair Eorpaigh i ndearbhú cáilíochta san ardoideachas (IO L 64, 4.3.2006, lch. 60).

(11)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 111, 6.5.2008, lch. 1).

(12)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le bunú Córais Eorpaigh um Chreidmheas do Ghairmoideachas agus do Ghairmoiliúint (ECVET) (IO L 155, 8.7.2009, lch. 11).

(13)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le bunú Córais Eorpaigh um Chreidmheas do Ghairmoideachas agus do Ghairmoiliúint (IO C 155, 8.7.2009, lch. 1).

(14)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1

(15)  Cinneadh 2001/822/EC ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachas na dtíortha thar lear agus na gcríoch leis an gComhphobal Eorpach ("Cinneadh Cumann Thar Lear") (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 394, 30.12.2006, lch. 10).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. …/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an … 2013 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IO L …)

(20)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

TÁSCAIRÍ CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR AN GCLÁR

Déanfar dlúthfhaireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d'fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí fíorthábhachtacha.

Eoraip 2020 príomhspriocanna oideachais

Céatadán na ndaoine idir 18-24 bliana d'aois nach bhfuil acu ach oideachas meánscoile agus nach bhfuil cláraithe in oideachas ná in oiliúint.

Céatadán na ndaoine idir 30-34 bliana d'aois a bhfuil oideachas treasach nó a chomhionann bainte amach acu

Tagarmharc soghluaisteachta, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir le tagarmharc le haghaidh soghluaisteacht foghlama

Céatadán na gcéimithe ardoideachais ag a raibh tréimhse staidéir nó oiliúna thar lear a bhaineann le hardoideachas (lena n-áirítear socrúcháin oibre).

Céatadán na ndaoine idir 18-34 bliana d'aois ag a bhfuil cáilíocht ghairmoiliúna nó ghairmoideachais tosaigh agus ag a raibh tréimhse staidéir nó oiliúna thar lear a bhaineann le gairmoiliúint agus gairmoiliúint tosaigh.

Cáinníochtúil (ginearálta)

Líon na foirne arna thacú ag an gclár, de réir tíre agus earnála

Líon na rannpháirtithe a bhfuil riachtanais speisialta nó níos lú deiseanna acu.

Líon agus cineál na n-eagraíochtaí agus na dtionscadal, de réir tíre agus de réir gníomhaíochta

An t-oideachas agus an oiliúint

Líon na ndaltaí, na mac léinn agus na n-oiliúnaithe atá rannpháirteach sa chlár de réir tíre, earnála, gníomhaíochta agus inscne

Líon na mac léinn ardoideachais a fhaigheann tacaíocht chun staidéar a dhéanamh i dtír comhpháirtíochta, chomh maith le líon na mac léinn ó thír comhpháirtíochta a thagann chun staidéar a dhéanamh i dtír de chuid an Chláir

Líon na n-institiúidí ardoideachais ó thíortha comhpháirtíochta a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair

Líon úsáideoirí Euroguidance

Céatadán na rannpháirtithe a fuair teastas, dioplóma nó cineál eile aitheantais fhoirmiúil as a rannpháirtíocht sa Chlár.

Céatadán na rannpháirtithe a dhearbhaíonn a bpríomhinniúlachtaí a bheith feabhsaithe acu

Céatadán na rannpháirtithe atá faoi ghluaiseacht fhadtéarmach a dhearbhaíonn go bhfuil a scileanna teanga feabhsaithe acu

Jean Monnet

Líon na mac léinn atá ag fáil oiliúna trí ghníomhaíochtaí Jean Monnet.

An Óige

Líon na ndaoine óga atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta a dtacaíonn an Clár leo, de réir tíre, gníomhaíochta agus inscne

Líon na n-eagraíochtaí óige ó thíortha de chuid an Chláir agus ó thíortha comhpháirtíochta araon atá rannpháirteach i ngíomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta agus comhair

Líon úsáideoirí líonra Eurodesk

Céatadán na rannpháirtithe a fuair teastas, mar shampla an tÓgphas, dioplóma nó cineál eile aitheantais fhoirmiúil as a rannpháirtíocht sa Chlár.

Céatadán na rannpháirtithe a dhearbhaíonn a bpríomhinniúlachtaí a bheith feabhsaithe acu

Céatadán na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí deonacha a dhearbhaíonn a scileanna teanga a bheith feabhsaithe acu

An Spórt

Méid bhallraíocht eagraíochtaí spóirt a dhéanann iarratas ar an gClár, agus a ghlacann páirt ann, de réir tíre

Céatadán na rannpháirtithe a bhain úsáid as torthaí na dtionscadal trasteorann chun:

(a)

bagairtí don spórt a chomhrac;

(b)

dea-rialachas agus déghairmeacha a fheabhsú;

(c)

cuimsiú sóisialta, comhionannas deiseanna agus rátaí rannpháirtíochta a fheabhsú


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS THEICNIÚIL MAIDIR LE SÁORÁID RÁTHAÍOCHTA NA NIASACHTAÍ DO MHIC LÉINN

1.   Roghnú idirghabhálaithe airgeadais

Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnófar idirghabhálaithe airgeadais i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr sa mhargadh i dtaobh, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

an méid maoiniúcháin a chuirfear ar fáil do mhic léinn;

(b)

na téarmaí is fearr is féidir arna dtairiscint do mhic léinn, faoi réir na caighdeáin íosta maidir le hiasachtú mar a leagtar amach i mír 2 a bheith á gcomhlíonadh acu;

(c)

rochtain ar airgeadas ag gach cónaitheoir thíortha an Chláir amhail dá dtagraítear in Airteagal 24(1);

(d)

bearta chun calaois a chosc; agus

(e)

a bheith ag cloí le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

2.   Cosaint d'iasachtaithe

Is iad na coimircí seo a leanas na téarmaí íosta nach mór a bheith á soláthar ag na hidirghabhálaithe airgeadais ar mian leo iasachtaí mac léinn, arna ráthú ag Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn, a sholáthar.

(a)

ní iarrfar aon chomhthaobhacht ná ráthaíocht tuismitheora;

(b)

deonófar iasachtaí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

(c)

mar chuid den phróiseas measúnaithe, déanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais riosca an mhic léinn maidir le dócmhainneacht a mheas, agus na leibhéil fiachais fhabhraithe agus aon bhreith dhlíthiúil le haghaidh fiach neamhíoctha á gcur i gcuntas; agus

(d)

beidh aisíocaíocht bunaithe ar shamhail hibrideach, a cheanglaíonn íocaíochtaí caighdeánaithe morgáiste-bhunaithe le coimircí sóisialta, go háirithe:

(i)

ráta úis atá i bhfad níos ísle ná rátaí an mhargaidh;

(ii)

tréimhse cairde tosaigh roimh thús na n-aisíocaíochtaí, ar tréimhse í a mhairfidh 12 mhí ar a laghad tar éis chríoch an chláir staidéir, nó, i gcás nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta do mhoilleanna den sórt sin, foráil a bheith ann chun aisíocaíochtaí ainmniúla a dhéanamh i rith na tréimhse 12 mhí sin;

(iii)

foráil a bheith ann do "shaoire ó aisíocaíochtaí" ar feadh íostréimhse 12 mhí thar shaolré na hiasachta, a fhéadfar a agairt arna iarraidh sin ag an gcéimí, nó, i gcás nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta do mhoilleanna den sórt sin, foráil a bheith ann íocaíochtaí ainmniúla a dhéanamh i rith na tréimhse 12 mhí sin;

(iv)

an rogha a bheith ann íocaíocht an úis a iarchur le linn na tréimhse staidéir;

(v)

árachas in aghaidh an bháis nó in aghaidh míchumais; agus

(vi)

gan aon phionóis le haghaidh íocaíocht a dhéanamh go luath, bíodh sé go hiomlán nó go páirteach.

Féadfaidh idirghabhálaithe airgeadais aisíocaíochtaí a bheadh ag brath ar ioncam a thairiscint, chomh maith le téarmaí níos fearr amhail tréimhsí cairde níos faide, "saoire ó aisíocaíochtaí" níos faide nó aibíocht níos déanaí, chun riachtanais shainiúla na gcéimithe a chur i gcuntas, amhail iad siúd a thugann faoi staidéir dochtúireachta, nó níos mó ama a cheadú do chéimithe fostaíocht a fháil. Cuirfear san áireamh na coinníollacha feabhsaithe sin a bheith á soláthar sa nós imeachta chun na hidirghabhálaithe airgeadais á roghnú

3.   Faireachán agus meastóireacht

Beidh Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn faoi réir faireacháin agus meastóireachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo, agus ar bhonn Airteagal 140(8) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Mar chuid den phróiseas seo, tuairisceoidh an Coimisiún ar éifeachtaí Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn ar na tairbhithe agus ar na córais ardoideachais. Áireofar, inter alia, i dtuarascáil an Choimisiúin sonraí maidir le hábhair imní chomh maith le bearta arna mbeartú chun déileáil leo i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na mac léinn atá ag fáil iasachtaí atá á dtacú ag Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn, lena n-áirítear sonraí maidir lena rátaí comhlíonta;

(b)

méid na n-iasachtaí atá faoi chonradh ag na hidirghabhálaithe airgeadais;

(c)

leibhéal na rátaí uis;

(d)

fiacha gan íoc agus na leibhéil réamhshocraithe, lena n-áirítear aon bhearta arna nglacadh ag idirghabhálaithe i gcoinne iad siúd a dhéanann mainneachtain maidir lena n-iasachtaí;

(e)

bearta chun calaois a chosc arna nglacadh ag idirghabhálaithe airgeadais;

(f)

próifíl na mac léinn a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh, lena n-áirítear a gcúlra socheacnamaíoch, a dtír thionscnaimh agus a dtír chinn scríbe, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um chosaint sonraí;

(g)

cothromaíocht gheografach an roghnúcháin; agus

(h)

cumhdach geografach na n-idirghabhálaithe airgeadais.

In ainneoin na gcumhachtaí arna dtabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag Airteagal 140(9) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athruithe rialála iomchuí a mholadh, lena n-áirítear athruithe reachtacha, mura sásúil an glacadh sa mhargadh tuartha nó rannpháirtíocht na n-idirghabhálaithe.

4.   Buiséad

Cumhdóidh an leithdháileadh buiséadach costas iomlán Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn, lena n-áirítear na hoibleagáidí airgeadais i leith na n-idirghabhálaithe rannpháirteacha airgeadais agus glaoch á dhéanamh acu ar ráthaíochtaí páirteacha agus ar na táillí bainistíochta ón CEI.

Maidir leis an mbuiséad a shanntar don tSaoráid, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 18(2), ní mó ná 3,5 % a bheidh ann de bhuiséad iomlán an Chláir.

5.   Infheictheacht agus múscailt feasachta

Rannchuideoidh gach idirghabhálaí airgeadais le cur chun cinn Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn trí fhaisnéis a sholáthar do mhic léinn ionchasacha. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis is gá a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtíortha an Chláir chun a chumasú dóibh gníomhú mar idirghabhálaithe d'fhaisnéis maidir leis Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn.


(1)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

74


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1289/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 77(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

après transmission du projet d'acte législatif aux parlements nationaux,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An sásra cómhalartachta atá le cur chun feidhme má chuireann tríú tír amháin atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (2) ceanglas víosa i bhfeidhm do náisiúnaigh Bhallstáit amháin ar a laghad, is gá é a oiriúnú i bhfianaise theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le bunúis dlí thánaisteacha. Ina theannta sin, is gá an sásra a oiriúint chun foráil a dhéanamh do fhreagra ón Aontas ar mhaithe le dlúthpháirtíocht, má chuireann tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ceanglas víosa i bhfeidhm do na náisiúnaigh i mBallstát amháin ar a laghad.

(2)

Ar fhógra a fháil ó Bhallstát go bhfuil tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ag cur ceanglais víosa i bhfeidhm le haghaidh náisiúnaigh an Bhallstáit sin, ba cheart go ngníomhódh gach Ballstát ar aon bhonn, agus freagra Aontais á thabhairt dá bhíthin sin ar chás a bhfuil éifeacht aige ar an Aontas ina iomláine agus lena gcaitear lena chuid saoránach faoi réir ar bhealach éagsúil.

(3)

Is cuspóir í an chómhalartacht iomlán víosaí ar cheart don Aontas a shaothrú ar bhealach onnghníomhach ina chaidreamh le tríú tíortha, agus inchreidteacht agus leanúnachas bheartas seachtrach an Aontais a fheabhsú ar an mbealach sin.

(4)

Ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo sásra le haghaidh fionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh tríú tíre atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ("an sásra fionraíochta") i staid éigeandála nuair atá freagairt phráinneach ag teastáil chun deacrachtaí atá ag Ballstát amháin ar a laghad a réiteach, agus tionchar ginearálta na staide éigeandála ar an Aontas Eorpach ina iomláine á chur san áireamh.

(5)

Chun críocha an tsásra fionraithe, léirítear le méadú atá tobann agus suntasach gur méadú é a sháraíonn tairseach an 50 %. Féadfaidh sé méadú níos ísliú a léiriú freisin má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

(6)

Chun críocha an tsásra fionraithe, léirítear le ráta íseal aitheantais ráta aitheantais maidir le hiarratais ar thearmann atá cothrom le 3 nó 4 %. Féadfaidh sé ráta aitheantais níos airde a léiriú freisin má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

(7)

Tá sé riachtanach aon mhí-úsáid a bheadh mar thoradh ar dhíolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh ó thríú tír i gcás cuairteanna gearrchónaithe a sheachaint agus freagairt don mhí-úsáid sin nuair a d'fhéadfadh na daoine sin beartas poiblí (ordre public) nó slándáil inmheánach na mBallstát lena mbaineann a chur i mbaol.

(8)

Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo bunús dlí don cheanglas víosa nó don díolúine ón gceanglas sin i gcás shealbhóirí doiciméad taistil, u a eisíonn eintitis áirithe arna aithint ag an mBallstáit lena mbaineann mar ábhair dlí idirnáisiúnta nach eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta iad.

(9)

Ó tharla nach bhfuil feidhm ag na rialacha is infheidhme i leith dídeanaithe agus daoine gan stát ar rialacha iad a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 ón gComhairle (3) nuair atá cónaí ar na daoine sin sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn, is gá soiléiriú a dhéanamh ar staid na gceanglas víosa atá ar dhídeanaithe áirithe agus ar dhaoine áirithe gan stát a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn. Ba cheart go ligfí do na Ballstáit, trí bhíthin an Rialacháin seo, cinneadh a dhéanamh maidir leis an díolúine víosa a thabhairt don chatagóir sin daoine nó oibleagáid a chur orthu víosa a bheith acu i gcomhréir lena n-oiblgeadáidí idirnáisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit cinntí den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún.

(10)

Ba cheart go mbeadh Rialachán Uimh. (CE) 539/2001 gan dochar do chur i bhfeidhm comhaontuithe idirnáisiúnta a chuir an Comhphobal Eorpach i gcrích roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, oibleagáidí a fhágann gur gá imeacht ó na comhrialacha maidir le víosaí, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh.

(11)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh páirt leordhóthanach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle sa dara céim de chur chun feidhme shásra na cómhalartachta, ráite an nádúr polaitiúil ró-íogair a ghabhann le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh uile tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus a himpleachtaí cothrománacha ar Bhallstáit, ar na tíortha a mbaineann Schengen leo agus ar an Aontas féin, go háirithe i dtaca lena gcaidreamh seachtrach agus feidhmiú ginearálta limistéir Schengen, ba cheart na cumhachtaí maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don gCoimisiún i ndáil le gnéithe áiririthe den sásra cómhalartachta. Cuirtear san áireamh le cumhacht den sórt sin a tharmligean don Choimisiún an gá atá le plé polaitiúil faoi bheartas an Aontais maidir le víosaí i limistéar Schengen. Léirítear leis freisin an gá atá le trédhearcacht chuí agus cinnteacht reachtach a áirithiú maidir leis an sásra cómhalartachta a chur i bhfeidhm nuair a chuirtear i bhfeidhm é ar náisiúnaigh uile ón tríú tír lena mbaineann, go háirithe trí leasú sealadach comhfhreagrach ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(12)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an sásra fionraíochta agus forálacha áirithe den sásra cómhalartachta i bhfeidhm go héifeachtach agus go háirithe chun go bhféadfar na tosca uile atá ábhartha chomh maith leis na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann faoi chur chun feidhme na sásraí sin a áireamh go cuí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don gCoimisiún i ndáil leis na catagóirí a chinneadh maidir le náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann ar cheart dóibh a bheith faoi réir fionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa laistigh de chreat shásra na cómhalartachta; agus faoi fhad comhfhreagrach na fionraíochta sin agus na cumhachtaí chun an sásra fionraíochta a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 (4). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh.

(13)

A fhad a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an mbaint atá ag Ríocht na hIorua le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6)

(14)

A fhad a bhaineann leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(15)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe(B), Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(16)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE (11). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (12). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 leis seo mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   I gcás inar chuir tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II ceanglas víosa i bhfeidhm le haghaidh náisiúnach Ballstáit amháin ar a laghad, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

laistigh de 30 lá tar éis don tríú tír an ceanglas víosa a chur chun feidhme nó, i gcásanna ina gcoimeádfar an ceanglas víosa atá ann 9 Eanáir 2014, laistigh de 30 lá ón dáta sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas ina leith i scríbhinn.

Maidir leis an bhfógra sin:

(i)

sonrófar ann dáta cur chun feidhme an cheanglais víosa agus cineálacha na ndoiciméad taistil agus na víosaí lena mbaineann;

(ii)

áireofar leis an bhfógra sin míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta a rinne an Ballstát lena mbaineann d'fhonn taisteal gan víosa a áirithiú leis an tríú tír lena mbaineann agus áireofar leis an fhaisnéis go léir is ábhartha.

Foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoin bhfógra sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear faisnéis maidir le dáta cur chun feidhme an cheanglais víosa agus cineálacha na ndoiciméad taistil agus na víosaí lena mbaineann.

Má chineann an tríú tír an ceanglas víosa a tharraingt siar sula n-éagann an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo, ní thabharfar an fógra, nó, aistarraingeofar é agus ní fhoilseofar an fhaisnéis;

(b)

déanfaidh an Coimisiún, láithreach bonn tar éis dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún céimeanna, i gcomhar le húdaráis an tríú tír, go háirithe i réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus tráchtála, d'fhonn taisteal gan víosa a athbhunú nó a thabhairt isteach agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill maidir leis na céimeanna sin;

(c)

i gcás nach bhfuil an tríú tír tar éis an ceanglas víosa a tharraingt siar laistigh de 90 lá tar éis dáta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus in ainneoin na gcéimeanna a glacadh i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí do chatagóirí áirithe náisiúnach an tríú tír sin. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát iarraidh dá shórt, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi;

(d)

Déanfaidh an Coimisiún, agus céimeanna breise á meá aige i gcomhréir le pointe (e), pointe (f) nó pointe (h), toradh na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann chun taisteal gan víosa leis an tríú tír i gceist a áirithiú, mar aon leis na céimeanna a ghlacfar i gcomhréir le pointe (b) chun a athbhunú nó a thabhairt isteach, agus na hiarmhairtí a thagann ó fhionraí na díolúine ón gceanglas víosa i ndáil leis an gcaidreamh seachtrach a bhíonn ag an Aontas agus a Bhallstáit leis an tríú tír ábhartha si;.

(e)

muna mbíonn an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír sin lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún, sé mhí ar a dhéanaí ó dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a) agus ansin ag eatraimh nach faide ná sé mhí laistigh de thréimhse iomlán nach rachaidh thar an dáta ina ngabhfaidh éifeacht leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f) nó má chuirtear ina aghaidh:

(i)

gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ar iarraidh ón mBallstát (Ballstáit) lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin lena gcuirfear ar fionraí go sealadach, go ceann tréimhse sé mhí, an díolúine ón gceanglas víosa atá ag catagóirí áirithe náisiúnach ón tríú tír lena mbaineann; Cinnfear leis an ngníomh cur chun feidhme sin dáta, laistigh de 90 lá tar éis a theacht i bhfeidhm, ar a ngabhfaidh éifeacht le fionraí na díolúine ón gceanglas víosa, agus na hacmhainní atá ar fáil i gconsalachtaí na mBallstát á gcur san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige,féadfaidh an Coimisiún tréimhsí breise nach faide ná sé mhí a chur leis an bhfionraí sin agus modhnú a dhéanamh ar chatagóirí na náisiúnach ón tríú tír atá i dtreis agus ar fionraíodh an díolúine ón gceanglas víosa ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2). Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Rialachán sin,éileofar go mbeidh víosa ina sheilbh ag gach catagóir náisiúnaigh ón tríú tír dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme, le linn thréimhsí na fionraíochta sin, agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát; nó

(ii)

cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 4a(1) lena ndéanfar measúnú ar an gcás agus ina léireofar na cúiseanna ar bheartaigh an coiste gan an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis.

Cuirfear na tosca ábhartha uile, amhail iad siúd dá dtagraítear i bpointe (d), san áireamh sa tuarascáil sin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpah agus an Chomhairle plé polaitiúil a dhéanamh ar bhonn na tuarascála sin;

(f)

Muna mbíonn an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír lena mbaineann laistigh de 24 mhí tar éis dháta an fhoilsithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de phointe (a), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 4b lena gcuirfear ar fionraí sealadach, ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag, cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II ar feadh tréimhse 12 mhí le haghaidh náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann. Cinnfear leis an ngníomh tarmligthe dáta, laistigh de 90 lá tar éis a theacht i bhfeidhm, ar a ngabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II, agus na hacmhainní atá ar fáil i gconsalachtaí na mBallstát á gcur san áireamh agus lena leasófar Iarscríbhinn II dá réir. Déanfar an leasú sin trí bhíthin fo-nóta a chur le hais ainm an tríú tír atá i dtreis, ina gcuirtear in iúl go bhfuil an díolúine ón víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sainníteaar tréimhse na fionraíochta sin.

Maidir leis an dáta ar a ngabhann éifeacht le fionraíocht chur i bhfeidhm Iarscríbhinn II do náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann nó i gcás ina mbíonn agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe á chur in iúl de bhun Airteagal 4b(5),rachaidh aon ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun phointe (e) a bhaineann leis an tríú tír sin.

Má tharlaíonn sé go ndéanann an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh mar a thagraítear dó i bpointe (h),cuirfear 6 mhí de shíneadh breise leis an tréimhse fionraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo. Déanfar an fonóta dá dtagraítear san fhomhír sin a leasú dá réir.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 4, éileofar go mbeidh víosa ina sheilbh ag gach catagóir náisiúnaigh ón tríú tír a mbaineann an gníomh tarmligthe léi, le linn thréimhsí na fionraíochta sin, agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát.

(g)

aon fhógra a dhéanfaidh Ballstát eile ina dhiaidh sin de bhun phointe (a) a bhaineann leis an tríú tír chéanna le linn thréimhse feidhme na mbeart de réir phointí (e) go (f) i ndáil leis an tríú tír sin, déanfar iad a chumasc sna nósanna imeachta leantacha sin gan fad a chur leis na sprioc-amanna nó le tréimhsí feidhme a leithéidí de bhearta;

(h)

Muna bhfuil an ceanglas víosa tarraingthe siar ag an tríú tír laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an gnímh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (f), féadfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a thíolacadh chun an tagairt don tríú tír a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I;

(i)

ní chuirfidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (e),(f) agus (h) isteach ar an gceart atá ag an gCoimisiún togra reachtaíochta a chur isteach am ar bith lena leasaítear an Rialachán sin d'fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I;

(j)

I gcás ina gcuirfidh an tríú tír lena mbaineann deireadh leis an gceanglas víosa, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún faoi sin láithreach. Foilseoidh an Coimisiún an fógra gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Aon ghníomh cur chun feidhme nó gníomh tarmhligthe a ghlactar de bhun phointe (e) nó phointe (f) a bhaineann leis an tríú tír lena mbaineann, rachaidh sé in éag seacht lá tar éis an fhoilsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo. Má tá ceanglas víosa tugtha isteach ag an tríú tír atá i dtreis maidir le náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát nó níos mó,éagfaidh na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a bhaineann leis an tríú tír sin seacht lá tar éis an fógra a fhoilsiú a bhaineann leis an mBallstát deiridh a raibh a náisiúnaigh faoi réir cheanglas víosa ag an tríú tír sin. Déanfar an fonóta sa chéad fhomhír de phointe (f) a scrios tar éis don gníomh tarmligthe lena mbaineann dul in éag. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis an dul in éag sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan mhoill.

Sa chás ina gcuireann an tríú tír atá i dtreis deireadh leis an gceanglas víosa agus nach dtugann an Ballstát lena mbaineann aon fhógra di i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den phointe seo, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh gan mhoill ar a thionscnamh féin leis an bhfoilsiúchán dá dtagraítear sa bhfomhír sin agus beidh feidhm ag an dara fomhír den phointe seo.";

(b)

scriostar mír 5;

(2)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

"Airteagal 1a

1.   De mhaolú ar Airteagal 1(2), déanfar an díolúine ón gceanglas víos do náisiúnaigh trí tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna éigeandála, mar rogha dheiridh, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún má tá ceann amháin nó níos mó de na cúinsí seo a leanas os a chomhair, thar thréimhse sé mhí, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin nó sna sé mhí dheireanacha roimh theacht i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa maidir le náisiúnaigh tríú tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II, a bhféadfadh cás éigeandála teacht as agus nach mbeadh an Ballstát in ann a réiteach as a stuaim féin, eadhon méadú tobann agus suntasach, i ndáil le líon:

(a)

na náisiúnach de chuid an tríú tír sin agus a mheastar a bheith ag fanacht go mídhleathach ar chríoch an Bhallstáit gan ceart a bheith acu é sin a dhéanamh;

(b)

na n-iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh de chuid an tríú tír sin, i gcás ina bhfuil brúnna sonracha ar chóras tearmainn an Bhallstáit de thoradh méadú den sórt sin;

(c)

na n-iarratas ar athiontráil a diúltaíodh atá curtha faoi bhráid an tríú tír sin ag an mBallstát, ar mhaithe lena náisiúnaigh féin.

Maidir leis an gcomparáid leis an tréimhse sé mhí roimh chur chun feidhme na díolúine ón gceanglas víosa dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh sí infheidhme ach amháin le linn thréimhse de sheacht mbliana ó dháta cur chun feidhme na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh an tríú tír sin.

Tabharfar foras cuí leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus cuimseofar leis sonraí agus staidreamh ábhartha mar aon le míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann d'fhonn an staid a chur ina ceart. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi fhógra den sórt sin.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra arna dhéanamh de bhun mhír 2, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

cibé acu an bhfuil aon cheann de na tosca a shainnítear i bpointe (a),pointe (b) nó pointe (c) de mhír 2 le sonrú sa chás nó nach bhfuil;

(b)

líon na mBallstát a ndéanann aon cheann de na cásanna a shonraítear i mír 2 difear dóibh;

(c)

iarmhairt iomlán na méaduithe dá dtagraítear i mír 2 ar chúrsaí imirce san Aontas i bhfianaise na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil;

(d)

na tuarascálacha a ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn nó an Oifig Eorpach Póilíní (Eurpol) má éilítear sin sa chás sonrach ar tugadh fógra faoi;

(e)

ceist fhoriomlán an bheartais phoiblí agus na slándála inmheánaí, i gcomhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí a scrúdaithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn an scrúdúcháin dá dtagraítear i mír 3, agus ag cur san áireamh na hiarmhairtí a thiocfaidh ó fhionraí na díolúine ón gceanglas víosa i ndáil le caidreamh seachtrach an Aontais agus a chuid Ballstát leis an tríú tír lena mbaineann, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis an tríú tír sin chun réitigh fhadtéarmacha a aimsiú, gur gá dul i mbun gnímh, glacfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go sealadach maidir leis na náisiúnaigh ón tríú tír lena mbaineann ar feadh tréimhse sé mhí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme. Cinnfear leis an gcinneadh cur chun feidhme an dáta a dtiocfaidh fionraí na díolúine ón gceanglas víosa i bhfeidhm.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 4, cuirfear de cheangal ar náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann, le linn na dtréimhsí le linn tréimhsí na fionraíochta sin, víosa bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát.

5.   Roimh dheireadh thréimhse bailíochta an chinnidh cur chun feidhme a ghlacfar de bhun mhír 4, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtaíochta lena leasófar an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil d'fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II chuig Iarscríbhinn I.

6.   I gcás ina mbeidh togra reachtaíochta curtha isteach ag an gCoimisiún de bhun mhír 5, féadfaidh sé bailíocht an chinnidh cur chun feidhme a ghlacfar de bhun mhír 4 a shíneadh go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) a ghlacfar an cinneadh bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a shíneadh.

Airteagal 1b

Faoin 10 Eanáir 2018, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a mbeidh measúnú inti ar éifeachtúlacht an tsásra chómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 1(4) agus an tsásra fionraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 1a agus, más gá, cuirfidh sé togra reachtach isteach maidir leis an Rialachán seo a leasú d'fhonn na sásraí thuasluaite a leasú. Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a ghníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith molta den sórt sin."

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceanglas víosa dá bhforáiltear le hAirteagal 1(1) nó ón díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear le hAirteagal 1(2) i gcás na ndaoine seo a leanas:

(a)

sealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla nó pasanna speisialta;

(b)

baill d'aerchriú agus de mhuirchriú sibhialtach agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh;

(c)

baill de mhuirchriú sibhialtach nuair a rachaidh siad i dtír, ar baill iad a mbeidh doiciméad aitheantais maraí acu a eisíodh i gcomhréir le Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair Uimh. 108 an 13 Bealtaine 1958 nó Uimh. 185 an 16 Meitheamh 2003 nó i gcomhréir le Coinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú an 9 Aibreán 1965 ();

(d)

criú agus baill de mhisin éigeandála nó tarrthála i gcás tubaiste nó tionóisce;

(e)

criú sibhialtach long a bheidh ag loingsiú in uiscí intíre idirnáisiúnta;

(f)

sealbhóirí doiciméad taistil a d'eisigh eagraíochtaí idirnáisiúnta idir-rialtasacha a bhfuil Ballstát amháin ar a laghad ina bhall díobh, nó a d'eisigh eintitis eile a n-aithneoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil siad faoi réir an dlí idirnáisiúnta, le hoifigigh na n-eagraíochtaí nó na n-eintiteas sin.".

(b)

i mír 2 cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"(d)

gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as an gComhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh i Strasbourg an 20 Aibreán 1959, lena n-aithnítear dídeanaithe agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe nó in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d'eisigh an Ríocht Aontaithe nó Éire, a aithneoidh an Ballstát lena mbaineann.";

(4)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

"Airteagal 4a

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag mír 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtabharfaidh an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 4b

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 1(4) don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 9 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 1(4) a chúlghairm am ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (f) d'Airteagal 1(4) i bhfeidhm ach amháin muna mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (OJ L 55, 28.2.2011, p. 13)."."

Airteagal 2

Beidh feidhm ag Airteagal 1a de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 arna leasú ag an Rialachán seo, agus go háirithe ag forálacha an dara fomhír ne míre sin, maidir le tríú tíortha a raibh feidhm agan díolúine ón gceanglas víosa maidir lena náisiúnaigh roimh an 9 Eanáir 2014 ".

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle and 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm a gus forbairt acquis Schengen (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.)

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.).

(9)  OJ L 160, 18.6.2011, p. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, ar son an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a chealú agus gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19)

(11)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(12)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2000 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

81


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1290/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173, Airteagal 183 agus an dara mír d'Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear "Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" ("Fís 2020") le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ní foláir an Rialachán sin a chomhlánú le rialacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a gabhadh ar láimh faoin Chár Réime agus maidir le saothrú agus leathadh torthaí na ngníomhaíochtaí sin.

(2)

Ba cheart Fís 2020 a chur chun feidhme d'fhonn rannchuidiú go díreach le ceannaireacht thionsclaíoch agus fás agus fostaíocht a chruthú san Eoraip agus le leas na saoránach, agus ba cheart go léireofaí ann fís straitéiseach na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal "Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 Aontas na Nuálaíochta" ina dtugann an Coimisiún air féin rochtain le haghaidh na rannpháirtithe a shimpliú go mór.

(3)

Ba cheart do Fís 2020 tacú leis an Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus lena fheidhmiú, ar limistéar é ina mbeidh taighdeoirí, eolas eolaíochta agus teicneolaíocht i saorchúrsaíocht, trí chomhar a neartú idir an tAontas agus na Ballstáit araon, agus i measc na mBallstát, go háirithe trí thacar rialacha comhleanúnacha a chur i bhfeidhm.

(4)

Sna rialacha maidir le rannpháirtíocht, maidir le saothrú agus maidir le scaipeadh i bhFís 2020 ("na Rialacha") a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart a léiriú ar bhealach leordhóthanach moltaí Pharlaimint na hEorpa ina rún an 11 Samhain 2010 maidir le cur chun feidhme na gClár Réime um Thaighde a shimpliú (5) agus moltaí na Comhairle maidir le ceanglais riaracháin agus airgeadais na gclár réime taighde a shimpliú. Ba cheart do na Rialacha leanúint leis na bearta simpliúcháin a cuireadh chun feidhme cheana féin faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).Ba cheart dóibh glacadh leis na moltaí a rinneadh i dtuarascáil dheiridh an tSainghrúpa dar teideal 'Meastóireacht Eatramhach ar an 7ú Clár réime' an 12 Samhain 2010 agus ba cheart go gcumasódh siad tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ualach riaracháin do rannpháirtithe agus castacht na bhforálacha airgeadais a laghdú d'fhonn rannpháirtíocht a éascú agus líon na n-earráidí airgeadais a laghdú. Ba cheart go léireofaí sna Rialacha freisin ábhair imní a d'ardaigh an pobal taighde, maraon le moltaí a rinne an pobal taighde, ar nithe iad araon atá mar thoradh ar an díospóireacht a tionscnaíodh leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2010 dar teideal "Cur chun feidhme na gclár réime taighde a shimpliú", agus an Páipéar Uaine a tháinig ina dhiaidh sin an 9 Feabhra 2011 "Ó Dhúshláin go Deiseanna: I dtreo Comhchreata Straitéisigh le haghaidh cistiúchán AE don Taighde agus don Nuálaíocht".

(5)

Ba cheart go n-áireofaí leis an meastóireacht eatramhach a dhéanfar ar Fhís 2020 meastóireacht ar an tsamhail nua cistithe, lena n-áirítear an tionchar a bheadh aici ar leibhéil chistithe, ar rannpháirtíocht sa Chlár réime agus ar tharraingteacht Fhís 2020.

(6)

Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go gcuirfear treoir agus faisnéis ar fáil do na rannpháirtithe uile a d'fhéadfadh a bheith ann tráth a fhoilseofar an t-iarratas ar thograí.

(7)

Chun comhleanúnachas a áirithiú le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, ba cheart Fís 2020 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (8), agus aird chuí á tabhairt ar chineál áirithe na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.

(8)

Ba cheart cur chuige comhtháite a áirithiú trí na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíocht agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) a glacadh le Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE, an Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta a bunaíodh le Cinneadh Uimh 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a bunaíodh le Rialachán (CE) 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) chun go mbeidh sé níos fusa bheith rannpháirteach, chun tacar níos comhleanúnaí uirlisí a chruthú agus chun an tionchar eolaíoch agus eacnamaíoch a mhéadú agus dúbailt agus ilroinnt a sheachaint ag an am céanna. Ba cheart feidhm a bheith ag comhrialacha chun creat comhleanúnach a áirithiú a éascódh rannpháirtíocht i gcláir a fhaigheann ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas ó bhuiséad Fís 2020, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcláir a bhíonn á mbainistiú ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, comhghnóthais nó aon struchtúr eile faoi Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus rannpháirtíocht i gcláir a ghabhann na Ballstáit ar láimh de bhun Airteagal 185 CFAE.

Ba cheart, áfach, solúbthacht a áirithiú i ndáil le rialacha sonracha a ghlacadh nuair atá bonn cirt leo de bharr riachtanas sonrach na ngníomhaíochtaí éagsúla. Chun go gcuirfí san áireamh na riachtanais shonracha oibriúcháin a shainaithnítear i gcreat ghníomh ábhartha bunaidh na gcomhlachtaí a bunaíodh faoi Airteagal 187 CFAE, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéantar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(9)

Ba cheart do ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail atá luaite i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí den chineál sin i gcomhréir le haon oibleagáid dhlíthiúil lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta agus le haon chinntí ábhartha ón gCoimisiún, amhail fógra an 28 Meitheamh 2013 (11), agus le prionsabail eiticiúla, lena n-áirítear aon sárú sláine taighde a sheachaint.

(10)

I gcomhréir le cuspóirí an chomhair idirnáisiúnta a leagtar amach in Airteagal 180 agus Airteagal 186 CFAE, ba cheart rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil a bheidh bunaithe i dtríú tíortha agus rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Ba cheart cur chun feidhme na Rialacha bheith i gcomhréir leis na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 agus le hAirteagal 215 CFAE agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh i gcur chun feidhme na Rialacha, coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis an Aontais i gcláir chomhfhreagracha tríú tíortha.

(11)

Ba cheart do na rialacha foráil a dhéanamh maidir le creat cuimsitheach agus trédhearcach chun cur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtúla is féidir a áirithiú, ag cur san áireamh an gá atá ag na rannpháirtithe ar fad, go háirithe i ndáil le micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), le rochtain éasca trí nósanna imeachta simplithe. D'fhéadfaí an cúnamh airgeadais ón Aontas a sholáthar i bhfoirmeacha éagsúla.

(12)

I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus i dteannta an cheanglais maidir le poiblíocht a shonraítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012, ba cheart don Choimisiún glaonna oscailte ar thograí a fhoilsiú ar leathanaigh Idirlín Fís 2020, trí chainéil shonracha faisnéise, agus ba cheart dó a áirithiú go leathfar go forleathan iad, lena n-áirítear trí na pointí náisiúnta teagmhála agus i bhformáidí inrochtaine, arna iarraidh sin, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta.

(13)

Ba cheart na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus ar bhonn paraiméadar oibiachtúil agus intomhaiste, agus cuspóir foriomlán Fís 2020 á thabhairt san áireamh chun Limistéar Eorpach Taighde a fheidhmeoidh go maith a bhaint amach.

(14)

Go ginearálta, an tréimhse idir an dáta deiridh chun tograí críochnaithe a chur isteach agus síniú na gcomhaontuithe deontas le hiarratasóirí nó iad a chur ar an eolas faoi chinntí deontas, ba cheart go mbeadh sí níos giorra ná an tréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 [Rialachán Airgeadais]. I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus le haghaidh ghníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde, ba cheart go gceadófaí tréimhse níos faide.

(15)

Ba cheart don Choimisiún leanúint dá iarrachtaí chun na nósanna imeachta a shimpliú ar bhealaí atá indéanta mar thoradh ar an bhfeabhas ar chórais TF, amhail an tairseach do rannpháirtithe a shíneadh tuilleadh ar tairseach é ba cheart feidhmiú mar an t-aon phointe iontrála amháin ón tráth a fhoilsítear na laonna ar thograí, agus ina dhiaidh sin cur isteach na nglaonna, go dtí go gcuirfear an ghníomhaíocht chun feidhme, agus é d'aidhm ag an gCoimisiún ionad uileghnó a bhunú. Féadfaidh an córas aiseolas a chur ar fáil d'iarratasóirí maidir le dul chun cinn agus amlíne a n-iarratas.

(16)

Ba cheart láimhseáil sonraí rúnda agus faisnéis rúnaicmithe a rialú ledlí an Aontais ar fad is ábhartha, lena n-áirítear rialacha inmheánacha na nInstitiúidí, amhail Cinneadh 2001/844/CE CEGC, Euratom ón gCoimisiún (12), ina leagtar síos na forálacha maidir le slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh.

(17)

Is gá na coinníollacha íosta le haghaidh rannpháirtíochta a bhunú, mar riail ghinearálta agus maidir le sonraíochtaí na ngníomhaíochtaí faoi Fís 2020. Go háirithe, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an líon rannpháirtithe agus na háiteanna ina mbeidh siad bunaithe. I gcás gníomhaíochta gan rannpháirtíocht eintitis a bheidh bunaithe i mBallstát, ba cheart dul i mbun na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 173 agus in Airteagal 179 CFAE a bhaint amach.

(18)

De bhun Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (13), is féidir le heintitis dhlíthiúla na dtíortha agus na gcríoch thar lear bheith rannpháirteach i Fís 2020 faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos ann.

(19)

Ba cheart don Choimisiún tráthúlacht na nglaonna ar thograí agus na n-iarratas ar fhaisnéis a mheas, agus gnáth-thréimhsí saoire á dtabhairt san áireamh.

(20)

I gcás tograí nár éirigh leo, ba cheart don Choimisiún aiseolas a thabhairt do na hiarratasóirí lena mbaineann.

(21)

Le sásraí soiléire, trédhearcacha chun glaonna ar thograí ar ábhair shonracha a fhorbairt, ba cheart cothroime iomaíochta a éascú, ba cheart go méadófaí mealltacht Fhís 2020 agus go méadófaí an rannpháirtíocht.

(22)

Ba cheart don Choimisiún, i ngach gné de Fís 2020, gníomhú i gcomhréir le prionsabail an Chóid Eorpaigh um Dhea-Chleachtas Riaracháin mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2000/633/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (14).

(23)

Is iomchuí téarmaí agus coinníollacha a bhunú maidir le cistiú an Aontais a sholáthar do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoi Fís 2020. Chun castacht na rialuithe cistiúcháin atá ann cheana a laghdú, ba cheart córas simplithe um aisíocaíocht costais a ghlacadh ina n-úsáidfí cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costais aonaid ar bhealach ní b'fhearr.

(24)

Déantar tagairt do na rátaí aisíocaíochta a luaitear sa Rialachán seo mar uasrátaí d'fhonn an ceanglas neamhbhrabúis agus prionsabal an chómhaoinithe a chomhlíonadh, agus chun a cheadú do rannpháirtithe ráta níos ísle a iarraidh. I bprionsabal, ba cheart gur 100 % nó 70 % na gnáthrátaí aisíocaíochta."

(25)

Ba cheart go dtabharfaí sainmhínithe na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) i ndáil le Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí (LUT) san áireamh i rangú an taighde teicneolaíochta, na forbartha táirge agus na ngníomhaíochtaí taispeántais.

(26)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha i réimse an taighde agus na nuálaíochta trí bhíthin cineálacha nua cistiúcháin amhail duaiseanna, soláthar réamhthráchtála, soláthar poiblí réiteach nuálaíoch, Ionstraim na FBManna agus an ghníomhaíochtaí um Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta a bhfuil rialacha sonracha ag teastáil ina leith.

(27)

Chun cothroime iomaíochta a choimeád do gach gnóthas atá gníomhach sa mhargadh inmheánach, ba cheart cistiú a sholáthraítear trí Fís 2020 a bheith i gcomhréir le rialacha Státchabhrach chun éifeachtacht caiteachais phoiblí a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh a chosc amhail cistiú príobháideach a bhrú amach, struchtúir neamhéifeachtacha margaidh a chruthú agus gnólachtaí neamhéifeachtúla a chaomhnú. Maidir le cisitú gníomhaíochtaí nuálaíochta, ba cheart aire a thabhairt chun a áirithiú nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh leo agus nach gcuirfear isteach ar an margadh léi gan chúis leormhaith.

(28)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirithítear cothromaíocht iomchuí idir iontaoibh agus rialú.

(29)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 996/2012, ba cheart go soláthrófaí leis na rialacha an bunús chun gnáthchleachtais chuntasaíochta na dtairbhithe a ghlacadh ar bhonn níos leithne.

(30)

Tá sé léirithe gur sásra tábhachtach cosanta atá sa Chiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus a ndéanann an Coimisiún bainistiú air, agus maolaítear leis na rioscaí a bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nár aisíoc rannpháirtithe mainneachtana. Dá bhrí sin, ba cheart Ciste nua um Ráthaíocht Rannpháirtithe ("an Ciste") a bhunú. Chun bainistiú níos éifeachtúla agus chun cumhdach níos fearr ar riosca na rannpháirtithe a áirithiú, ba cheart don Chiste gníomhaíochtaí a chumhdach faoin gclár a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE, faoin gclár a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle 2006/970/Euratom (16), faoin gclár a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle 2012/93/Euratom (17) chomh maith le gníomhaíochtaí faoi Fhís 2020 agus faoi Rialachán (Euratom) Uimh. 1314/2013 ón gComhairle (18). Níor cheart cláir a ndéanann eintitis seachas comhlachtaí cistiúcháin an Aontais bainistiú orthu a chumhdach leis an gCiste.

(31)

Chun trédhearcacht a fheabhsú, ba cheart go bhfoilseofaí ainmneacha na saineolaithe a chuidigh leis an gCoimisiún nó le comhlachtaí cistiúcháin ábhartha i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I gcás ina mbeadh baol ann do shlándáil nó do shláine an tsaineolaí nó ina ndéanfaí dochar dá phríobháideachas, níor cheart don Choimisiún ná do na comhlachtaí cistiúcháin na hainmneacha sin a fhoilsiú.

(32)

Ba cheart sonraí pearsanta a bhaineann leis na saineolaithe a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

(33)

Ba cheart rialacha maidir le saothrú agus leathadh torthaí a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann na rannpháirtithe na torthaí sin a chosaint, a shaothrú agus a leathadh de réir mar is iomchuí agus chun an fhéidearthacht maidir le breis coinníollacha saothraithe chun leasa straitéisigh na hEorpa. Na rannpháirtithe sin a chistigh an tAontas agus a bhfuil sé beartaithe acu na torthaí a gineadh i ngeall ar an gcistiú sin a shaothrú, go príomha, i dtríú tíortha nach bhfuil bainteach le Fís 2020, ba cheart dóibh a léiriú conas a rachaidh an cistiú ón Aontas chun tairbhe do chumas iomaíochta na hEorpa i gcoitinne (prionsabal na cómhalartachta), mar a leagtar amach sa chomhaontú deontais.

(34)

I gcás taighde a d'fhéadfaí a fhorbairt tuilleadh ina theicneolaíocht núíosach míochaine (amhail. drugaí, vacsaíní agus diagnóisic míochaine), ba cheart bearta a ghlacadh chun saothrú agus leathadh láithreach bonn na dtorthaí a áirithiú, i gcás inarb iomchuí.

(35)

In ainneoin gur éirigh le hionstraimí airgeadais AE maidir le fiachas agus cothromas atá ann cheana don Taighde, don Fhorbairt agus Nuálaíocht agus don Fhás, is príomh-shaincheist fós í an rochtain ar airgeadas riosca, go háirithe le haghaidh FBManna nuálaíocha. Chun an úsáid is éifeachtaí a bhaineann leis na hionstraimí maidir le fiachas agus cothromas a cheadú, ba cheart go gceadófaí dóibh bheith ceangailte lena chéile agus le deontais a chisteofar go háirithe faoi bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear faoi Fís 2020. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, leanúnachas a áirithiú i leith na Saoráide Airgeadais Riosca-Roinnte (SARR) a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE agus an chéim luath den tSaoráid Ardfháis agus Nuálach do FBManna (GIF1) a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE faoi chuimsiú a n-ionstraimí airgeadais rathúla maidir le fiachas agus cothromas faoi Fhís 2020, 'Seirbhís iasachta agus ráthaíochta an Aontais le haghaidh Taighde agus nuálaíochta' agus 'Ionstraimí Cothromais an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta' faoi seach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh tionchar díreach ar na hionstraimí airgeadais a bunaíodh faoi Fhís 2020, ag ioncaim agus aisíocaíochtaí a ghintear le haon cheann de na hionstraimí airgeadais sin.

(36)

Ba cheart don Choimisiún comhlántachtaí leordhóthanacha a áirithiú idir ionstraim na FBManna faoi Fís 2020 agus na hionstraimí airgeadais faoi Fhís 2020 agus faoi chlár COSME a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), chomh maith le scéimeanna agus ionstraimí a bheidh bunaithe go comhpháirteach leis na Ballstáit, amhail Comhchlár Eurostar (21) s.

(37)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus soiléireachta, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha sonracha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a ghabhtar ar láimh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, lena n-áirítear rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a chisteofar ag comhlachtaí cistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán sin.

Leagtar síos sa Rialachán seo freisin na rialacha maidir le torthaí a shaothrú agus a leathadh.

2.   Faoi réir na rialacha sonraithe a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha ábhartha Rialachán (AE)(Euratom) 966/2012 agus Rialachán 1268/2012.

3.   Féadfar, le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 nó aon bhunghníomh lena gcuirtear cúraimí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme de chúram ar chomhlacht cistiúcháin faoi Airteagal 185 CFAE, rialacha a bhunú a imíonn ó na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo Chun go gcuirfí san áireamh a riachtanais shonracha oibriúcháin mar a sainaithníodh iad i gcreat an ghnímh bhunusaigh ábhartha bhunaidh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, i ndáil le comhlachtaí cistiúcháin a bheidh bunaithe faoi Airteagal 187 CFAE chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta i nglaonna ar thograí a eisíonn comhlachtaí cistiúcháin a bheidh bunaithe i réimse na haerloingseoireachta d'fhonn líon na rannpháirtithe a leagtar amach in Airteagal 9(1) a laghdú;

(b)

incháilitheacht i leith cistithe mar a leagtar amach in Airteagal 10 lena gceadaítear comhlachtaí cistiúcháin a bheidh bunaithe i réimse na dtionscal bithbhunaithe agus na míochainí nuálacha chun teorainn a chur ar an incháilitheacht i leith cistithe do chineálacha sonracha rannpháirtithe;

(c)

na rialacha lena rialaítear saothrú agus leathadh na dtorthaí, lena gceadaítear comhlachtaí cistiúcháin a bheidh bunaithe i réimse na míochainí nuálacha, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

chun na deiseanna chun aistriú agus ceadúnú na dtorthaí agus an réamheolais a shíneadh le haghaidh eintiteas cleamhnaithe, ceannaitheoirí agus aon eintitis chomharba, i gcomhréir leis an gcomhaontú deontas agus gan toiliú a fháil ó na rannpháirtithe eile dá dtagraítear in Airteagal 44 (1) agus (2);

(ii)

chun foráil a dhéanamh do chomhaontuithe sonracha le haghaidh ceart rochtaine ar réamheolas chun forbairt a dhéanamh ar thorthaí le haghaidh tráchtálaíochta nó na torthaí tráchtálaíochta féin (saothrú díreach) dá dtagraítear in Airteagal 48 (2)go (4);

(iii)

chun na rialacha a chomhlánú trí fhorálacha a thabhairt isteach maidir le húinéireacht agus rochtain ar shonraí, ar eolas agus ar fhaisnéis atá lasmuigh de chuspóirí gníomhaíochta agus nach bhfuil gá leo chun an ghníomhaíocht (seacheolas) dá dtagraítear in Airteagal 41 (2), agus in Airteagail 45 go 48 a chur chun feidhme agus a shaothrú;

(iv)

chun rialacha maidir le saothrú a shíneadh chun críocha eile seachas an ghníomhaíocht (úsáid taighde) a chur chun feidhme ná forbairt a dhéanamh ar thorthaí le haghaidh tráchtálaíochta nó na torthaí tráchtálaíochta féin (saothrú díreach) dá dtagraítear in Airteagal 48;

(v)

chun critéir shonracha a leagan amach chun fo-cheadúnú a cheadú ó rannpháirtí amháin go rannpháirtí eile sa ghníomhaíocht chéanna dá dtagraítear in Airteagal 46 (2);

(vi)

chun cearta rochtana na rannpháirtithe, a n-eintiteas cleamhnaithe agus tríú páirtithe a shíneadh, faoi na coinníollacha a shainítear sa chomhaontú cuibhreannais dá dtagraítear in Airteagal 24(2), mar cheadúnaithe ar thorthaí nó réamheolas chun críocha eile seachas an ghníomhaíocht (úsáid taighde) a chur chun feidhme faoi choinníollacha iomchuí lena n-áirítear téarmaí airgeadais, nó forbairt a dhéanamhar thorthaí le haghaidh tráchtálaíochta nó na torthaí tráchtálaíochta féin (saothrú díreach) dá dtagraítear in Airteagal 46go 48.,

(vii)

chun a leagan síos go mbeidh cearta rochtaine le haghaidh saothraithe dhírigh coinníollach ar chomhaontú na rannpháirtithe lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 48;

(viii)

maidir leis an leathadh trí fhoilseacháin eolaíocha i bhfoirm rochtaine oscailte, dá dtagraítear in Airteagal 43(2), go mbeidh sé roghnach;

(d)

cistiú a thabhairt do na gníomhaíochtaí, lena gceadaítear do chomhlachtaí cistiúcháin i réimse na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach rátaí aisíocaíochta a chur i bhfeidhm atá éagsúil leis na rátaí a leagtar amach in Airteagal 28(3) i gcásanna ina dtugann Ballstát amháin nó níos mó comhchistiú do rannpháirtí nó do ghníomhaíocht.

Féadfaidh comhlacht cistiúcháin a gcuirtear cúraimí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme de chúram air faoi Airteagal 58(1)(c)(i) nó 58(1)(c)(ii) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh sé rialacha a chur i bhfeidhm a imíonn ó na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, faoi réir toilithe ón gCoimisiún, má éilíonn a riachtanais shonracha oibriúcháin é sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC).

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'cearta rochtana' cearta chun torthaí nó réamheolas a úsáid faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(2)

ciallaíonn 'eintiteas cleamhnaithe' aon eintiteas dlíthiúil atá faoi rialú díreach nó indíreach rannpháirtí, nó faoin rialú díreach nó indíreach céanna leis an rannpháirtí, nó a rialaíonn rannpháirtí go díreach nó go hindíreach; féadfaidh rialú bheith i gceist le haon cheann de na foirmeacha a leagtar amach in Airteagal 8(2);

(3)

ciallaíonn 'tír ghaolmhar' tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas, mar a shainaithnítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013;

(4)

ciallaíonn 'réamheolas' sonraí, saineolas nó faiséis ar bith, is cuma cén chineál iad, inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear aon cheart amhail cearta maoine intleachtúla (i) atá i seilbh rannpháirtithe roimh dóibh aontú don ghníomhaíocht; (ii) ar gá iad chun an ghníomhaíocht a dhéanamh nó chun torthaí na gníomhaíochta a shaothrú; agus (iii) a shainaithníonn na rannpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 45;

(5)

ciallaíonn 'gníomh bunaidh' gníomh dlíthiúil atá glactha ag institiúidí an Aontais i bhfoirm rialacháin, treorach nó cinnidh laistigh de bhrí Airteagal 288 CFAE lena soláthraítear bonn dlíthiúil don ghníomhaíocht;

(6)

ciallaíonn 'gníomhaíocht nuálaíochta' gníomhaíocht arb é is aidhm di go príomha gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar phleananna agus ar shocruithe nó ar dhearaí a tháirgeadh i gcomhair táirgí, próiseas nó seirbhísí atá nua, athraithe nó feabhsaithe. Chuige sin, feádfaidh an méid a leanas bheith i gceist leo: fréamhshamhlú, tástáil, léiriú, píolótú, fíorú táirgí ar mhórscála, agus macasamhlú an mhargaidh;

(7)

ciallaíonn 'gníomhaíocht comhordaithe agus tacaíochta' gníomhaíocht arb é atá ann go príomha bearta tionlacain amhail caighdeánú, leathadh, ardú feasachta agus cumarsáid, líonrú, seirbhísí comhordaithe nó tacaíochta, idirphlé beartais agus cleachtaí agus staidéir um fhoghlaim fhrithpháirteach, lena n-áirítear staidéir deartha le haghaidh bonneagair nua agus féadfaidh gníomhaíochtaí comhlántachta a bheith i gceist, amhail líonrú agus comhordú idir cláir i dtíortha éagsúla;

(8)

ciallaíonn 'leathadh' nochtadh poiblí na dtorthaí trí mheán iomchuí ar bith (seachas nochtadh mar thoradh ar na torthaí a chosaint nó a shaothrú), lena n-áirítear trí na torthaí a fhoilsiú i bhfoilseacháin eolaíocha i meán ar bith;

(9)

ciallaíonn 'saothrú' torthaí a úsáid i ngníomhaíochtaí taighde breise seachas iad sin atá clúdaithe ag an ngníomhaíocht lena mbaineann, nó chun táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú agus a mhargú, nó chun seirbhís a chruthú agus a sholáthar, nó i ngníomhaíochtaí i ndáil le caighdeánú;

(10)

ciallaíonn 'coinníollacha cothroma agus réasúnacha' coinníollacha iomchuí lena n-áirítear téarmaí airgeadais nó coinníollacha saor ó ríchíosanna, agus aird á tabhairt ar chúinsí sonracha an iarrata ar rochtain, a bhféadfar a shainiú trí bhíthin luach iarbhír nó féideartha na dtorthaí nó an réamheolais a bhfuil rochtain á lorg ina leith agus/nó raon feidhme, fad nó tréithe eile an tsaothraithe atá beartaithe;

(11)

ciallaíonn 'comhlacht cistiúcháin' comhlacht nó údarás, seachas an Coimisiún, mar a thagraítear dó i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, a gcuireann an Coimisiún de chúram orthu cúraimí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013;

(12)

ciallaíonn 'eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach' eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha gaolmhara tromlach a ball, agus a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Eoraip;

(13)

ciallaíonn 'eintiteas dlíthiúil' aon duine nádúrtha, nó aon duine dlithiúil a chruthaítear agus a n-aithnítear iad mar sin faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí;

(14)

ciallaíonn 'eintiteas dlíthiúil neamhbhrabúsach' eintiteas dlíthiúil atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil sé d'oibleagáid dhlithiúil nó reachtach air gan brabús a roinnt ar a gheallsealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;

(15)

ciallaíonn 'rannpháirtí' aon eintiteas dlíthiúil a dhéanann gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a bhfuil cearta agus oibleagáidí aige i ndáil leis an Aontas nó le comhlacht cistiúcháin eile faoin Rialachán seo;

(16)

ciallaíonn 'gníomhaíocht chun clár a chomhchistiú' gníomhaíocht a chisteofar trí dheontas a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige glaonna nó cláir aonair a chisteoidh eintitis, seachas comhlachtaí cistiúcháin Aontais, a bhainistíonn cláir taighde agus nuálaíochta a fhorlíonadh. Féadfar go n-áireofar i ngníomhaíocht chun clár a chomhchistiú gníomhaíochtaí comhlántacha líonraithe agus comhordaithe idir cláir i dtíortha éagsúla;

(17)

ciallaíonn 'soláthar réamhthráchtála' soláthar seirbhísí taighde agus forbartha a mbaineann roinnt an riosca-sochair faoi dhálaí margaidh leo, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, ina bhfuil scaradh soiléir idir na seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthraítear ó úsáid cainníochtaí tráchtála de na táirgí deiridh;

(18)

ciallaíonn 'an soláthar poiblí de réitigh nuálaíocha' soláthar i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir chéadtrialach le haghaidh earraí nó seirbhísí nuálaíocha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála, agus féadfar tástáil chomhlíontachta a áireamh leis sin;

(19)

ciallaíonn 'torthaí' aon aschur inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid na gníomhaíochta, amhail sonraí, eolas agus faisnéis, a ghintear sa ghníomhaíocht, is cuma cén chineál é agus is cuma an féidir é a chosaint nó nach féidir, mar aon le cearta ar bith atá ag gabháil leis, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;

(20)

ciallaíonn 'FBM' micrifhiontair agus fiontair bheagmhéide agus mheánmhéide, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (22).

(21)

ciallaíonn 'clár oibre' an doiciméad a ghlacann an Coimisiún chun an clár sonrach a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh 2013/743/AE (23);

(22)

ciallaíonn 'plean oibre' an doiciméad atá comhchosúil le clár oibre an Choimisiún a ghlacann na comhlachtaí cistiúcháin a gcuirtear de chúram orthu Fís 2020 a chur chun feidhme i bpáirt i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, meastar go bhfuil eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme comhshamhlaithe le heintiteas dlíthiúil ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 131(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Airteagal 198 de Rialachán Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar gur comhlachtaí cistiúcháin iad faighteoirí deontais.

Airteagal 3

Rúndacht

Faoi réir na gcoinníollacha a bunófar sna comhaontuithe cur chun feidhme, cinntí cur chun feidhme nó conarthaí cur chun feidhme, sonraí, eolas nó faisnéis ar bith a luaitear a bheith rúnda i gcreat gníomhaíochta, coinneofar rúnda iad, agus aird chuí á tabhairt ar dhlí an Aontais maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe agus rochtain uirthi.

Airteagal 4

Faisnéis atá le cur ar fáil

1.   Gan dochar d'Airteagal 3, cuirfidh an Coimisiún ar fáil d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigi nó do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon Bhallstát nó tír ghaolmhar, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis úsáideach atá ina sheilbh aige a bhaineann le torthaí a ghinfidh rannpháirtí laistigh de ghníomhaíocht a chistigh an tAontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann ábhartha maidir le beartas poiblí;

(b)

nár sholáthar na rannpháirtithe cúiseanna fónta leordhóthanacha chun an fhaisnéis lena mbaineann a choinneáil siar.

I gcás gníomhaíochtaí faoin gcuspóir sonrach 'Sochaithe slána - Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a saoránaigh a chosaint', déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis úsáideach atá ina sheilbh aige a chur ar fáil d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais nó d'údaráis náisiúnta na mBallstát maidir le torthaí a ghinfidh rannpháirtí laistigh de ghníomhaíocht a chistigh an tAontas. Cuirfidh an Coimisiún fógra chuig an rannpháirtí a bhaineann le cumarsáid den sórt sin. I gcás go n-iarrfaidh Ballstát nó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais go gcuirfí faisnéis chuige, cuirfidh an Coimisiún fógra maidir leis an gcumarsáid sin chuig na Ballstáit go léir.

2.   Ní mheasfar go n-aistreofar aon cheart nó oibleagáid de chuid an Choimisiúin ná na rannpháirtithe chuig an bhfaighteoir leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun mhír 1. Mar sin féin, láimhseálfaidh an faighteoir an fhaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda ach amháin má phoiblítear é nó má chuireann na rannpháirtithe ar fáil go poiblí é, nó má cuireadh in iúl don Choimisiún é gan srianta maidir le rúndacht. Beidh feidhm ag rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil i ndáil le faisnéis rúnaicmithe.

Airteagal 5

Treoir agus faisnéis do rannpháirtithe a d'fhéadfadh a bheith ann

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012, áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go gcuirfear treoir leordhóthanach agus faisnéis leordhóthanach ar fáil do na rannpháirtithe uile a d'fhéadfadh a bheith ann tráth a fhoilseofar an glao ar thograí, go háirithe an comhaontú samplach deontais is infheidhme.

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 6

Cineálacha cistiúcháin

I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, féadfaidh cineál amháin cistiúcháin nó níos mó dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a bheith ann, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar nó ionstraimí airgeadais.

Airteagal 7

Eintitis dhlíthiúla a fhéadfaidh bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí

1.   Féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil, beag beann ar áit a bhunaithe, nó aon eagraíocht idirnáisiúnta bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo mar aon le haon choinníoll a leagtar síos sa chlár oibre nó sa phlean oibre ábhartha.

2.   Féadfaidh an clár oibre ábhartha rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil i bhFís 2020, nó codanna de, a shrianadh más eintitis dhlíthiúla iad a bheidh bunaithe i dtríú tíortha ina measann an Coimisiún gur chun dochar leasanna an Aontais atá coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta eintiteas dlíthiúil ó na Ballstáit, nó rannpháirtíochta a n-eintiteas cleamhnaithe a bheidh bunaithe i dtriú tíortha, i gcláir taighde agus nuálaíochta an tríú tír.

3.   Féadfaidh an clár oibre nó an plean oibre ábhartha eintitis nach bhfuil in ann ráthaíochtaí sásúla slándála a sholáthar, lena n-áirítear ráthaíochtaí maidir le himréiteach slándála, a eisiamh má tá bonn cirt leis ar chúiseanna slándála.

4.   Féadfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí leis na cearta agus na hoibleagáidí céanna le heintiteas dlíthiúil a bheidh bunaithe i mBallstát.

Airteagal 8

Neamhspleáchas

1.   Measfar go bhfuil dhá eintiteas dhlíthiúla neamhspleách ar a chéile i gcás nach bhfuil ceachtar acu faoi rialú díreach nó indíreach an eintitis eile nó faoin rialú díreach nó indíreach céanna leis an eintiteas eile.

2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh ceachtar den dá chineál rialaithe seo a bheith ann:

(a)

seilbh dhíreach nó indíreach ar níos mó ná 50 % de luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe san eintiteas dlíthiúil lena mbaineann, nó tromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó chomhlacha an eintitis sin;

(b)

seilbh dhíreach nó indíreach, i bhfírinne nó i ndlí, ar chumhachtaí cinnteoireachta san eintiteas dlíthiúil lena mbaineann.

3.   Chun críocha mhír 1, ní mheasfar gur ionann na caidrimh seo a leanas idir eintitis dhlíthiúla agus caidrimh rialaithe:

(a)

seilbh dhíreach nó indíreach ar níos mó ná 50 % de luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe nó tromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhlach a bheith ag an gcorparáid infheistíochta poiblí chéanna, an t-infheisteoir institiúideach céanna nó an chuideachta caipitil fiontair chéanna;

(b)

úinéireacht ag an gcomhlacht poiblí céanna ar na heintitis dhlíthiúla, nó déanann an comhlacht poiblí céanna maoirseacht orthu.

CAIBIDIL II

Deontais

Roinn I

Nós imeachta um dhámhachtain

Airteagal 9

Coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta

1.   Beidh feidhm ag na coinníollacha íosta seo a leanas:

(a)

beidh ar a laghad trí eintiteas dhlíthiúla rannpháirteach i ngníomhaíocht;

(b)

bunófar gach ceann de na trí eintiteas dhlíthiúla sin i mBallstát éagsúil nó i dtír chomhlachaithe; agus

(c)

beidh na trí eintiteas dhlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) neamhspleách ar a chéile de réir bhrí Airteagal 8.

2.   Chun críocha mhír 1, i gcás inarb é an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, nó eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach, nó eintiteas a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais ceann de na rannpháirtithe, measfar go mbeidh sé bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar seachas Ballstát nó tír ghaolmhar ina bhfuil rannpháirtí sa ghníomhaíocht chéanna bunaithe.

3.   De mhaolú ar mhír 1, is í an choinníoll íosta rannpháirtíocht eintitis dhlíthiúil amháin a bheidh bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe, i gcás

(a)

gníomhaíochtaí taighde 'ar theorainneacha an eolais' atá á ndéanamh ag an gComhairle Eorpach um Thaighde:

(b)

ionstraim na FBManna, i gcás ina bhfuil luach breise Eorpach atá soiléir ag an ngníomhaíocht,

(c)

gníomhaíochtaí comhchistithe clár; agus

(d)

i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus a ndéantar foráil dóibh sa chlár oibre nó sa phlean oibre,.

4.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta agus gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta, is í an choinníoll íosta rannpháirtíocht eintitis dhlíthiúil amháin.

5.   I gcás inarb iomchuí agus nuair a bheidh bonn cirt cuí leis, féadfar foráil a dhéanamh i gcláir oibre nó i bpleananna oibre maidir le breis coinníollacha de réir ceanglas sonrach beartais nó de réir an chineáil gníomhaíochta nó chuspóirí na gníomhaíochta, lena n-áirítear inter alia coinníollacha maidir le líon na rannpháirtithe, an cineál rannpháirtí agus an áit ina mbeidh siad bunaithe.

Airteagal 10

Incháilitheacht le haghaidh cistiúcháin

1.   Tá na rannpháirtithe seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin ón Aontas:

(a)

eintiteas dlíthiúil ar bith a bheidh bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar, nó a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais;

(b)

aon eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach;

(c)

aon eintiteas dlíthiúil a bheidh bunaithe i dtríú tír agus a shaineofar sa chlár oibre.

2.   I gcás eagraíochta idirnáisiúnta rannpháirtí, nó i gcás eintitis dhlíthiúil rannpháirtigh atá bunaithe i dtríú tír, nach bhfuil ceachtar acu incháilithe le haghaidh cistiúcháin de réir mhír 1, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

measfar go bhfuil rannpháirtíocht riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an ghníomhaíocht;

(b)

déanfar foráil maidir leis an gcistiú sin faoi chomhaontú déthaobhach eolaíoch agus teicneolaíoch nó faoi aon socrú eile idir an tAontas agus an eagraíocht idirnáisiúnta nó, i gcás eintiteas a bheidh bunaithe i dtríú tíortha, idir an tAontas agus an tír ina mbeidh an t-eintiteas dlíthiúil bunaithe.

Airteagal 11

Glaonna ar thograí

1.   Eiseofar glaonna ar thograí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1268/12, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar an ngá le trédhearcacht agus neamh-idirdhealú, agus le solúbthacht a bheidh iomchuí i leith chineál éagsúil earnáil an taighde agus earnáil na nuálaíochta.

2.   Mar eisceacht agus gan dochar do na cásanna eile dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012, ní eiseofar glaonna ar thograí i ndáil le gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta ná gníomhaíochtaí chun clár a chomhchistiú a dhéanfaidh eintitis dhlíthiúla a dhéantar a shainaithint sna cláir oibre nó sna pleananna oibre, ar choinníoll nach dtagann an ghníomhaíocht faoi raon feidhme glao ar thograí.

3.   I gcomhréir le rialacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012, soláthrófar tréimhsí ama leordhóthanacha chun iarratais a ullmhú, a mbeidh fógra réasúnach ag baint leo i leith glaonna do thograí a bheidh ag teacht chun cinn trí chlár oibre a fhoilsiú agus tréimhse ama réasúnach idir glao do thograí a fhoilsiú agus an spriocdháta chun togra a chur isteach.

Airteagal 12

Glaonna coiteanna i gcomhar le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Féadfar glaonna coiteanna ar thograí i gcomhar le tríú tíortha nó lena n-eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eolaíocha agus teicneolaíocha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a eisiúint chun comhchistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí i réimsí tosaíochta comhleasa agus ina mbeifí ag súil le comhthairbhe i gcás ina bhfuil breisluach soiléir don Aontas. Déanfar tograí a mheas agus a roghnú trí bhíthin nósanna imeachta coiteanna meastóireachta agus roghnúcháin a chinnfear. Áiritheoidh na nósanna imeachta meastóireachta agus roghnúcháin sin go gcomhlíonfar na prionsabail a leagtar amach i dTeideal VI de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus bainfidh grúpa cothrom de shaineolaithe neamhspleácha leis, iad á gceapadh ag gach páirtí.

2.   Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla a fhaigheann cistiú ón Aontas comhaontú deontais i gcrích leis an Aontas nó leis an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha. Áireofar sa chomhaontú deontais sin cur síos ar an obair atá le déanamh ag na rannpháirtithe sin agus ag na heintitis dhlíthiúla rannpháirteacha ó na tríú tíortha lena mbaineann.

3.   Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla a fhaigheann cistiú ón Aontas comhaontú comhordaithe i gcrích leis an heintitis dhlíthiúla rannpháirteacha a fhaigheann cistiú ó na tríú tíortha ábhartha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 13

Tograí

1.   Áireofar sna tograí dréachtphlean chun na torthaí a shaothrú agus a leathadh, nuair a fhoráiltear dó sin sa chlár oibre nó sa phlean oibre.

2.   Áireofar in aon togra maidir le gaschealla suthacha daonna, de réir mar is iomchuí, sonraí faoi bhearta ceadúnaithe agus rialaithe a ghlacfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann mar aon le sonraí faoi na formheasanna eiticiúla a sholáthrófar. Maidir le díorthú na ngascheall suthach daonna, beidh institiúidí, eagraíochtaí agus taighdeoirí faoi réir ceadúnú agus rialú dian i gcomhréir le creat dlíthiúil na mBallstát lena mbaineann.

3.   Togra atá ag teacht salach ar phrionsabail eiticiúla nó ar aon reachtaíocht is infheidhme, nó togra nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh Uimh. /2013/AE, sa chlár oibre, nó sa phlean oibre nó sa ghlao ar thograí, féadfar an togra sin a eisiamh ó na nósanna imeachta meastóireachta, roghnúcháin agus dámhachtana tráth ar bith.

4.   I gcás inarb ábhartha agus ina sonraítear dó sa chlár oibre nó sa phlean oibre, míneofar leis na tograí cén chaoi a bhfuil anailís inscne ábhartha d'ábhar an tionscadail atá beartaithe agus a mhéid a bhfuil sí ábhartha.

Airteagal 14

Athbhreithniú eitice

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithnithe eitice ar bhonn córasach i ndáil le tograí a mbaineann ceisteanna eiticiúla leo. Fíorófar san athbhreithniú sin go bhfuil prionsabail eiticiúla agus reachtaíocht á n-urramú agus, i gcás taighde atá á dhéanamh lasmuigh den Aontas, go gceadófaí an taighde céanna a dhéanamh i mBallstát.

2.   Déanfaidh an Coimisiún próiseas an athbhreithnithe eitice a thrédhearcaí is féidir agus áiritheoidh sé go ndéanfar é ar bhealach tráthúil lena seachnófar, i gcás inarb iomchuí, na doiciméid a chur isteach an athuair.

Airteagal 15

Critéir roghnúcháin agus dámhachtana

1.   Déanfar na tograí a chuirfear isteach a mheas ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:

(a)

sármhaitheas;

(b)

tionchar;

(c)

cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme.

2.   Ní bheidh feidhm ach ag an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir le tograí maidir le gníomhaíochtaí 'ar theorainneacha an eolais' a dhéanfaidh CET.

3.   Maidir leis an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, féadfar ualú níos airde a thabhairt don tionchar mar chritéar i gcás tograí le haghaidh gníomhaíochtaí nuálaíochta.

4.   Leagfar síos sa chlár oibre nó sa phlean oibre breis sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a leagtar síos i mír 1, agus sonrófar ann ualuithe agus tairseacha.

5.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhéidearthacht go bhféadfaí nós imeachta taiscithe dhá chéim dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1268/2012, i gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil an méid sin comhsheasmhach le cuspóirí an ghlao.

6.   Déanfar tograí a rangú de réir na dtorthaí meastóireachta. Déanfar an roghnúchán ar bhonn an rangaithe sin.

7.   Déanfaidh saineolaithe neamhspleácha an mheastóireacht.

8.   I gcás eintitis dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) nó i gcúinsí eisceachtúla eile a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfar an mheastóireacht a dhéanamh ar bhealach lena maolaítear ó mhír 7. I ngach cás ina ndéantar an mheastóireacht sin, cuirfidh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe maidir leis an nós imeachta meastóireachta a úsáideadh agus maidir lena thoradh ar fáil do na Ballstáit.

9.   I gcás inarb ionann an cistiú atá á iarraidh ar an Aontas don ghníomhaíocht agus EUR 500 000, nó i gcás inar mó ná sin é déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, trí mheáin a thagann leis an dlí náisiúnta, acmhainn airgeadais na gcomhordaitheoirí agus a n-acmhainn siúd amháin a fhíorú roimh ré, cibé uair a bhfuil forais amhrais ann, de réir na faisnéise atá ar fáil, maidir le hacmhainn airgeadais an chomhordaitheora agus na rannpháirtithe eile.

10.   Ní fhíorófar an acmhainn airgeadais i ndáil le heintitis dhlíthiúla a ráthaíonn Ballstát nó tír chomhlachaithe a n-inmharthanacht nó i ndáil le hardionaid oideachais nó le hionaid mheánoideachais.

11.   Féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil eile acmhainn airgeadais a ráthú, agus déanfar a acmhainn airgeadais siúd, ar a uain, a fhíorú i gcomhréir le mír 9.

Airteagal 16

An nós imeachta athbhreithnithe ar mheastóireacht

1.   Cuirfidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha nós imeachta athbhreithnithe ar mheastóireacht atá trédhearcach ar fáil d'iarratasóirí a mheasann nach ndearnadh an mheastóireacht ar a dtogra i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo, sa chlár oibre, sa phlean oibre ábhartha nó sa ghlao ar thograí.

2.   Bainfidh iarratas ar athbhreithniú le togra ar leith, agus cuirfidh comhordaitheoir an togra isteach é laistigh de 30 lá ón dáta a chuirfidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an comhordaitheoir ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta.

3.   Is é an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha a bheidh freagrach as an iarratas dá dtagraítear i mír 2 a scrúdú. Ní chumhdófar leis an scrúdú sin ach gnéithe na meastóireachta a bhaineann le nós imeachta, agus ní chumhdófar leis fiúntas an togra.

4.   Soláthróidh coiste athbhreithnithe ar mheastóireacht ar a bhfuil foireann ón gCoimisiún nó foireann ón gcomhlacht cistiúcháin ábhartha tuairim ar ghnéithe nós imeachta an phróisis meastóireachta. Oifigeach ón gCoimisiún nó ón gcomhlacht cistiúcháin ábhartha a bheidh ina chathaoirleach air, ó roinn nach é an roinn atá freagrach as an nglao ar thograí. Féadfaidh an coiste ceann acu seo a leanas a mholadh:

(a)

go ndéanfadh meastóirí ar meastóirí iad go príomha nach raibh baint acu sa mheastóireacht tosaigh athmheastóireacht ar an togra;

(b)

an mheastóireacht tosaigh a dhearbhú.

5.   Ar bhonn an mholta dá dtagraítear i mír 4, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha Cinneadh agus cuirfear in iúl do chomhordaitheoir an togra é. Déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an cinneadh sin gan mhoill mhíchuí.

6.   Ní chuirfidh an nós imeachta athbhreithnithe moill ar phróiseas roghnúcháin na dtograí nach ábhar na n-iarratas ar athbhreithniú na tograí sin.

7.   Ní chuirfidh an nós imeachta athbhreithnithe bac ar aon ghníomhaíocht eile a fhéadfaidh an rannpháirtí a ghlacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 17

Fiosrúcháin agus gearáin

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh nós imeachta ann chun gur féidir le rannpháirtithe fiosrúcháin nó gearáin a dhéanamh faoina rannpháirtíocht i Fís 2020.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear faisnéis faoin gcaoi a dhéantar ábhar imní, fiosrúcháin nó gearáin a chlárú ar fáil do na rannpháirtithe ar fad agus go bhfoilseofar í ar líne.

Airteagal 18

Comhaontú deontais

1.   Dréachtóidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhaontuithe samplacha deontais idir an Coimisiún agus na rannpháirtithe nó idir an comhlacht ábhartha cistiúcháin agus na rannpháirtithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Má tá gá le modhnú mór ar chomhaontú deontais samplach, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, é a athbhreithniú i gcás inarb iomchuí.

2.   Rachaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha i mbun comhaontú deontais leis na rannpháirtithe. Chun eintiteas a bhaint as nó a ionadú roimh an gcomhaontú deontais a shíniú, caithfear bonn cirt cuí a bheith leis.

3.   Bunófar leis an gcomhaontú deontais cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe, agus cearta an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin ábhartha chomh maith agus an Rialachán seo á chomhlíonadh. Bunófar leis freisin cearta agus oibleagáidí na n-eintiteas dlíthiúil ar rannpháirtithe iad le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta chomh maith le ról agus cúraimí chomhordaitheoir an chuibhreannais.

4.   Ar bhonn ceanglais i gclár oibre nó i bplean oibre, leis an gcomhaontú deontais féadfar cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe a bhunú maidir le cearta rochtana, saothrú agus leathadh, sa bhreis orthu sin a leagtar síos sa Rialachán seo.

5.   Léireoidh an comhaontú deontais, i gcás inarb iomchuí agus a mhéid is féidir, na prionsabail ghinearálta a leagtar síos sa Mholadh ón gCoimisiún ar an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair maidir le Taighdeoirí a Earcú, lena n-áirítear prionsabail na sláine taighde, an Moladh ón gCoimisiún maidir le maoin intleachtúil i ngníomhaíochtaí aistrithe eolais a bhainistiú, an Cód Cleachtais d'ollscoileanna agus d'institiúidí poiblí taighde eile chomh maith le prionsabal an chomhionannais inscne a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.

6.   Beidh san áireamh sa chomhaontú deontais, i gcás inarb iomchuí, forálacha lena n-áirithítear go n-urramófar prionsabail eiticiúla, lena n-áirítear trí bhord neamhspleách eitice a bhunú chomh maith le ceart an Choimisiúin chun iniúchadh eitice a dhéanamh ag saineolaithe neamhspleácha.

7.   I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh deontais shonracha le haghaidh gníomhaíochtaí bheith mar chuid de chreat comhpháirtíochta i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012.

Airteagal 19

Cinntí deontais

I gcás inarb iomchuí, agus i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 121(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 fógra a thabhairt maidir le cinntí deontais seachas dul i mbun comhaontuithe deontais, nó féadfaidh an comhlacht cistiúcháin ábhartha é sin a dhéanamh chomh maith. Na forálacha sa Rialachán seo lena dtagraítear do chomhaontuithe deontais, beidh feidhm acu mutatis mutandis.

Airteagal 20

Am chun deontais a thabhairt

1.   I gcomhréir le hAirteagal 128(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, sonrófar sna glaonna ar thograí an dáta a bhfuil sé pleanáilte faoina gcuirfear na hiarratasóirí go léir ar an eolas maidir le toradh mheastóireacht a n-iarratais agus an dáta táscach maidir le síniú comhaontuithe deontais nó fógra maidir le cinntí deontais.

2.   Beidh na dátaí dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar na tréimhsí seo a leanas:

(a)

maidir leis na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoi thoradh mheastóireacht eolaíoch a n-iarratais, uastréimhse chúig mhí ón dáta deiridh chun na tograí iomlána a chur isteach;

(b)

maidir le comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí nó iad a chur ar an eolas faoi chinntí deontais, uastréimhse trí mhí ón dáta a gcuirfear iarratasóirí ar éirigh leo ar an eolas.

3.   Féadfar go sárófar na tréimhsí sin do ghníomhaíochtaí CET agus i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo, go háirithe ina bhfuil na gníomhaíochtaí casta, i gcás ina bhfuil líon mór tograí nó arna iarraidh sin do na hiarratasóirí.

4.   Tabharfar dóthain ama do rannpháirtithe an fhaisnéis agus na doiciméid a cheanglaítear le haghaidh shíniú an chomhaontaithe deontais a chur isteach. Déanfaidh an Coimisiún cinntí agus iarratais ar fhaisnéis a thapúla is féidir. Déanfar athchur isteach doiciméad a sheachaint, a mhéid is féídir.

Airteagal 21

Am chun íocaíocht a dhéanamh

Íocfar rannpháirtithe in am tráthúil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Nuair a íocfar an comhordaitheoir, cuirfidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na rannpháirtithe ar an eolas ina leith.

Airteagal 22

Córas leictreonach slán

Maidir leis na malartuithe sonraí uile a dhéanfar leis na rannpháirtithe, lena n-áirítear na comhaontuithe deontais a chríochnú, fógra a dhéanamh faoi na cinntí deontais agus aon leasú orthu sin, féadfar iad a dhéanamh trí chóras leictreonach malartaithe sonraí a bhunóidh an Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin, mar a shonraítear in Airteagal 179 de Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012.

Roinn II

Cur chun feidhme

Airteagal 23

Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh na rannpháirtithe gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012, Cinneadh 2013/743/AE an clár oibre nó an plean oibre, an glao ar thograí agus an comhaontú deontais.

2.   Ní dhéanfaidh na rannpháirtithe aon ghealltanas nach mbeidh ag teacht leis an Rialachán seo nó leis an gcomhaontú deontais. I gcás nach gcomhlíonann an rannpháirtí a oibleagáidí maidir le cur chun feidhme teicniúil na gníomhaíochta, comhlíonfaidh rannpháirtithe eile na hoibleagáidí gan aon bhreis chistiúcháin ón Aontas ach amháin má bhaineann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an oibleagáid sin uathu. Má mhainníonn rannpháirtí, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 39(3), an méid atá dlite ón gCiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 38 a aistriú chuig comhordaitheoir na gníomhaíochta. Beidh freagracht airgeadais gach rannpháirtí teoranta dá fhiacha féin, faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an gCiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe. Áiritheoidh na rannpháirtithe go gcuirfear an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ar an eolas in am trátha faoi aon imeacht a d'fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do chur chun feidhme na gníomhaíochta nó do leasanna an Aontais.

3.   Cuirfidh na rannpháirtithe an ghníomhaíocht chun feidhme agus déanfaidh siad na bearta réasúnta ar fad is gá chuige sin. Beidh na hacmhainní cuí acu nuair is gá chun an ghníomhaíocht a dhéanamh. I gcás ina mbeidh gá leis chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfaidh siad glaoch ar thríú páirtithe, lena n-áirítear fochonraitheoirí, chun obair a dhéanamh faoin ngníomhaíocht nó féadfaidh siad na hacmhainní a chuireann tríú páirtí ar fáil trí mheán ranníocaíochtaí comhchineáil a úsáid de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais. Beidh an fhreagracht fós ar rannpháirtithe i leith an Choimisiúin nó an comhlachta ábhartha cistiúcháin agus i leith na rannpháirtithe eile i dtaobh an obair atá le déanamh.

4.   Beidh dámhachtain fochonarthaí chun gnéithe áirithe na gníomhaíochta a dhéanamh teoranta do chásanna dá bhforáiltear sa chomhaontú deontais agus do chásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo nach bhféadtaí a fheiceáil roimh ré ag teacht tráth theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe deontais.

5.   Féadfaidh tríú páirtithe nach fochonraitheoirí iad obair a dhéanamh faoin ngníomhaíocht de réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Déanfar an tríú páirtí agus an obair a bheidh á déanamh aige a aithint sa chomhaontú deontais.

Féadfaidh na costais a thabhaíonn na tríú páirtithe sin a bheith incháilithe má chomhlíonann an tríú páirtí na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeadh sé incháilithe do chistiú, dá mba rannpháirtí é;

(b)

gurb eintiteas cleamhnaithe é nó go bhfuil nasc dlíthiúil aige le rannpháirtí as a mbaintear de thátal comhoibriú nach bhfuil teoranta don ghníomh;

(c)

go sonraítear sa chomhaontú deontais é;

(d)

go gcloíonn sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis an rannpháirtí faoin gcomhaontú deontais maidir le hincháilitheacht costas agus rialú ar chaiteachas;

(e)

go nglacann sé le dliteanas comhpháirteach agus leithleach leis an rannpháirtí maidir le ranníocaíocht an Aontais a chomhfhreagraíonn don mhéid atá dearbhaithe ag tríú páirtí, má éilítear an Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin é.

6.   Féadfaidh tríú páirtithe freisin acmhainní a chur ar fáil do rannpháirtí trí bhíthin ranníocaíochtaí comhchineáil leis an ngníomhaíocht. Tá costais atá á dtabhú ag tríú páirtithe i ndáil lena ranníocaíochtaí comhchineáil a dhéantar saor in aisce, incháilithe do mhaoiniú ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a bunaíodh sa chomhaontú deontais.

7.   Féadfaidh tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe bheith mar chuid den ghníomhaíocht faoi na coinníollacha a bunaíodh i Rialachán (AE) Uimh. 966/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012 Féadfar dul thar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 137(1) de Rialachán (AE, Euratom) 966/2012 nuair is gá chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach.

8.   Maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh rannpháirtithe ar údaráis chonarthacha iad laistigh de bhrí Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus Threoir 2009/80/CE (26) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh soláthar réamhthráchtála agus soláthar réiteach nuálaíoch a bheith mar phríomhaidhm acu nó mar chuid dá n-aidhm, nuair a dhéantar foráil dó sin i gclár oibre nó i bplean oibre agus nuair a éilítear a leithéid do chur chun feidhme na gníomhaíochta. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 51 (2), (4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na nósanna imeachta soláthair a dhéanann na rannpháirtithe.

9.   Comhlíonfaidh na rannpháirtithe an reachtaíocht náisiúnta, na rialacháin agus na rialacha eiticiúla sna tíortha ina ndéanfar an ghníomhaíocht. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na rannpháirtithe formheas na gcoistí eitice ábhartha náisiúnta nó áitiúla sula gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht.

10.   Déanfar aon obair a bhaineann le hainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 13 CFAE agus comhlíonfar leis an obair sin an ceanglas go ndéanfaí úsáid ainmhithe chun críocha eolaíocha a ionadú, a laghdú agus a athmhúnlú i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

Airteagal 24

Cuibhreannas

1.   Comhaltaí aon chuibhreannais ar mhaith leo bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht, ceapfaidh siad comhalta amháin a fheidhmeoidh mar chomhordaitheoir agus sainaithneofar an comhordaitheoir sin sa chomhaontú deontais. Is é an comhordaitheoir a bheidh ar an gcéad phointe teagmhála idir chomhaltaí an chuibhreannais maidir le caidreamh leis an gCoimisiún nó leis an gcomhlacht ábhartha cistiúcháin, mura sonraítear a mhalairt sa chomhaontú deontais nó i gcás nach gcomhlíontar a gcuid oibleagáidí mar a leagtar amach faoin gcomhaontú deontais iad.

2.   Tabharfaidh comhaltaí cuibhreannais atá rannpháirteach i ngníomhaíocht comhaontú inmheánach i gcrích (an comhaontú cuibhreannais) lena mbunófar a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir leis an ngníomhaíocht a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais, ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo dá bhforáiltear sa chlár oibre nó sa phlean oibre nó sa ghlao ar thograí. Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na príomhcheisteanna a bhféadfaidh na rannpháirtithe aghaidh a thabhairt orthu ina gcuid comhaontuithe cuibhreannais.

3.   Féadfar a fhoráil sa chomhaontú cuibhreannais an méid a leanas, inter alia:

(a)

eagrú inmheánach an chuibhreannais;

(b)

dáileadh an chistithe ón Aontas;

(c)

rialacha maidir le leathadh, le húsáid agus le cearta rochtana, sa bhreis ar na rialacha i dTeideal III, Caibidil I, den Rialachán seo, agus ar na forálacha sa chomhaontú deontais;

(d)

socruithe chun díospóidí inmheánacha a réiteach;

(e)

dliteanas, slánú agus socruithe maidir le rúndacht idir na rannpháirtithe.

Féadfaidh comhaltaí an chuibhreannais aon socrú a dhéanamh sa chuibhreannas a measfaidh siad a bheidh iomchuí a mhéid nach mbíonn an socrú sin ag teacht salach ar an gcomhaontú deontais ná ar an Rialachán seo.

4.   Féadfaidh an cuibhreannas moladh a dhéanamh rannpháirtí a áireamh nó a bhaint nó an comhordaitheoir a athrú, i gcomhréir le forálacha ábhartha an chomhaontaithe deontais, ar choinníoll go mbeidh an t-athrú i gcomhréir leis na coinníollacha rannpháirtíochta, nach ndéanfaidh sé dochar do chur chun feidhme na gníomhaíochta agus nach mbeidh sé ag teacht salach ar phrionsabal na córa comhionainne.

Roinn III

Cineálacha deontas agus rialacha cistiúcháin

Airteagal 25

Foirm na ndeontas

Is iad na cineálacha deontas dá bhforáiltear in Airteagal 123 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a fhéadfaidh a bheith sna deontais, agus spriocanna na gníomhaíochta á gcur san áireamh.

Airteagal 26

Incháilitheacht na gcostas

1.   Déantar na coinníollacha maidir le hincháilitheacht costas a shainiú in Airteagal 126 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Féadfaidh costais atá á dtabhú ag tríú páirtithe faoin ngníomhaíocht bheith incháilithe de réir fhorálacha an Rialacháin seo agus an chomhaontaithe deontais.

2.   Is iad na costais neamh-incháilithe na costais sin nach gcomhlíonann coinníollacha mhír 1 lena n-áirítear, go háirithe forálacha maidir le cailliúintí nó muirir a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, costais aistrithe, costais a bhaineann le toradh ar chaipiteal, costais a aisíoctar i ndáil le gníomhaíocht eile nó clár eile Aontais, fiach agus muirir féich agus róchaiteachas nó caiteachas doscaí.

Airteagal 27

Costais dhíreacha incháilithe phearsanra

1.   Gan dochar do na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26, beidh costais dhíreacha incháilithe phearsanra teoranta do thuarastail móide muirir slándála sóisialta agus costais eile a áirítear i luach saothair phearsanra a shanntar don ghníomhaíocht, a eascraíonn ón dlí náisiúnta nó ón gconradh fostaíochta.

2.   Gan dochar do na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26, féadfar luach saothair breise a fhaigheann pearsanra atá in eintitis dhlíthiúla neamhbhrabúsacha a shanntar don ghníomhaíocht, lena n-áirítear íocaíochtaí ar bhonn conarthaí forlíontacha beag beann ar chineál na n-íocaíochtaí sin, a bhreithniú freisin mar chostais dhíreacha incháilithe phearsanra, suas go dtí an tsuim a leagtar amach i mír 3, má chomhlíonann siad na coinníollacha breise seo a leanas:

(a)

Gur cuid de ghnáthchleachtais luach saothair an rannpháirtí iad agus go n-íoctar iad ar bhealach comhleanúnach tráth ar bith a n-éilítear an cineál sin oibre nó saineolais;

(b)

Gur critéir oibiachtúla a bheidh sna critéir sin a mbainfear leas astu chun íocaíochtaí forlíontacha a ríomh agus go gcuirfidh an rannpháirtí i bhfeidhm iad i gcoitinne, beag beann ar cad as a dtagann an cistiú.

3.   Féadfaidh luach saothair breise a bheidh incháilithe go suas le EUR 8 000 an duine in aghaidh na bliana. I gcás duine nach mbeidh ag obair go heisiach ar son na gníomhaíochta, beidh teorainn i bhfeidhm in aghaidh na huaire. Déanfar an teorainn in aghaidh na huaire a ríomh trí EUR 8 000 a roinnt ar líon na n-uaireanta táirgiúla bliantúla a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 31.

Airteagal 28

An ghníomhaíocht a chistiú

1.   Ní rachaidh an cistiú le haghaidh gníomhaíochta thar na costais incháilithe iomlána lúide fáltais na gníomhaíochta.

2.   Meastar gurb iad fáltais na gníomhaíochta an méid seo a leanas:

(a)

acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil do na rannpháirtithe trí bhíthin aistrithe airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil a dhéantar saor in aisce, agus ar dhearbhaigh an rannpháirtí gurb ionann a luach agus costais incháilithe, ar choinníoll go ndéanann an tríú páirtí an ranníocaíocht lena húsáid go sonrach sa ghníomhaíocht;

(b)

ioncam a ghintear leis an ngníomhaíocht, seachas ioncam a ghintear trí thorthaí na gníomhaíochta a shaothrú;

(c)

ioncam a ghintear ó dhíol na sócmhainní a ceannaíodh faoin gcomhaontú deontais go dtí luach an chostais a ghearr an rannpháirtí i dtús báire ar an ngníomhaíocht.

3.   Cuirfear ráta amháin aisíocaíochta de na costais incháilithe i bhfeidhm in aghaidh na gníomhaíochta i gcás gach gníomhaíochta atá á cistiú inti. Socrófar an t-uasráta sa chlár oibre nó sa phlean oibre.

4.   Féadfaidh an luach ar an deontas Fís 2020 a bheith cothrom le 100 % ar a mhéid de na costais incháilithe iomláin, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

5.   Beidh teorainn 70 % ar a mhéid de na costais incháilithe iomlána leis an deontas Fís 2020 do ghníomhaíochtaí nuálaíochta agus do ghníomhaíochtaí chun clár a chomhchistiú.

De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh, i gcás gníomhaíochtaí nuálaíochta, luach deontais Fhís 2020 a bheith cothrom le 100 % ar a mhéid de na costais incháilithe iomlána i gcás eintiteas dlíthiúil neamhbhrabúsach, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

6.   Beidh feidhm freisin ag na rátaí aisíocaíochta a chinntear san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ina bhfuil an ráta comhréidh, an t-aonad costais nó maoiniú cnapshuime socraithe don ghníomhaíocht ar fad nó do chuid de.

Airteagal 29

Costais indíreacha

1.   Cinnfear costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána a chur i bhfeidhm, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta agus costais na n-acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil nach n-úsáidtear ar áitreabh an tairbhí, chomh maith le tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú páirtithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar costais indíreacha a dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó costas aonaid nuair a fhoráiltear dó sa chlár oibre nó sa phlean oibre.

Airteagal 30

Meastóireacht a dhéanamh ar na leibhéil cistithe

Áireofar leis an meastóireacht eatramhach a dhéanfar ar Fís 2020 meastóireacht a dhéanamh ar éifeacht na ngnéithe éagsúla a tugadh isteach leis na leibhéil nua cistithe a leagtar síos in Airteagal 27, in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 den Rialachán seo, agus é d'aidhm léi sin a mheas cibé an raibh staideanna míchuibhiúla ann mar thoradh ar an gcur chuige nua, ar staideanna iad lena ndéanfaí difear neamhfhabhrach do tharraingteacht Fhís 2020.

Airteagal 31

Uaireanta táirgiúla bliantúla

1.   Ní chumhdóidh costais incháilithe phearsana ach na huaireanta iarbhír a oibríonn na daoine atá bainteach go díreach leis an obair a dhéanamh faoin ngníomhaíocht. Is é an rannpháirtí a sholáthróidh an fhianaise maidir leis na huaireanta iarbhír a oibrítear, agus déanfaidh sé sin de ghnáth trí chóras taifeadta ama.

2.   Maidir le daoine a bheidh ag obair go heisiach ar son na gníomhaíochta, ní gá an t-am a thaifead. Sna cásanna sin, síneoidh an rannpháirtí dearbhú a dhearbhóidh go raibh an duine lena mbaineann ag obair go heisiach ar son na gníomhaíochta.

3.   Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa chomhaontú deontais:

(a)

na ceanglais íosta maidir leis an gcóras taifeadta ama;

(b)

rogha idir líon uaireanta táirgiúla bliantúla seasta agus an modh lena suífear líon na n-uaireanta táirgiúla bliantúla a bheidh le húsáid chun rátaí in aghaidh na huaire a ríomh don phearsanra, agus gnáthchleachtais chuntasaíochta an rannpháirtí á gcur san áireamh.

Airteagal 32

Úinéirí FBManna, agus daoine nádúrtha gan tuarastal

Féadfaidh úinéirí FBManna nach bhfaigheann tuarastal agus daoine nádúrtha eile nach bhfaigheann tuarastal costais phearsanra a ghearradh ar bhonn costais aonaid.

Airteagal 33

Costais aonaid

1.   I gcomhréir le hAirteagal 124 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh an Coimisiún modhanna a bhunú chun costais aonaid a chinneadh bunaithe ar:

(a)

sonraí staitistiúla nó modhanna oibiachtúla dá samhail;

(b)

sonraí stairiúla so-iniúchta an rannpháirtí.

2.   Féadfar costais dhíreacha incháilithe phearsanra a mhaoiniú ar bhonn costas aonaid a chinntear de réir ghnáthchleachtais an rannpháirtí i ndáil le cuntasaíocht costais, ar choinníoll go gcomhlíonann siad iomlán na gcritéar seo a leanas:

(a)

go ríomhfar iad ar bhonn iomlán na gcostas iarbhír pearsanra atá taifeadta i gcuntais ghinearálta an rannpháirtí a bhféadfaidh an rannpháirtí iad a choigeartú ar bhonn gnéithe a ndéantar buiséadú nó meastachán orthu de réir na gcoinníollacha atá sannta ag an gCoimisiún;

(b)

go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 26 agus Airteagal 27;

(c)

go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an ceanglas neamhbhrabúis agus go seachnófar cistiú faoi dhó costas;

(d)

go ríomhfar iad ag féachaint go cuí le hAirteagal 31.

Airteagal 34

Deimhniú ar ráitis airgeadais

Cumhdóidh an deimhniú ar ráitis airgeadais méid iomlán an deontais atá á éileamh ag rannpháirtí i bhfoirm aisíocaíochta costas iarbhír agus i bhfoirm scála na gcostas aonaid dá dtagraítear in Airteagal 33(2), seachas na méideanna a dhearbhaítear ar bhonn cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe nó costas aonaid seachas na costais aonaid a chinntear de réir ghnáthchleachtais an rannpháirtí i ndáil le cuntasaíocht costais. Ní chuirfear an deimhniú isteach ach amháin nuair is ionann an méid sin agus EUR 325 000 nó nuair is mó ná sin é tráth a éilítear iarmhéid an deontais a íoc.

Airteagal 35

Deimhnithe ar an modheolaíocht

1.   Féadfaidh rannpháirtithe a ríomhann costais dhíreacha phearsanra agus a éilíonn na costais sin ar bhonn costas aonaid deimhniú ar an modheolaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Comhlíonfaidh an mhodheolaíocht sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 33(2) agus comhlíonfaidh sí ceanglais an chomhaontaithe deontais.

2.   I gcás ina nglacann an Coimisiún le deimhniú ar an modheolaíocht, beidh sé bailí do gach gníomhaíocht a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus ríomhfaidh an rannpháirtí costais, agus éileoidh sé costais, ar a bhonn. A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún leis an deimhniú ar an modheolaíocht, ní chuirfidh sé aon earráid chórasach ná aon earráid thréimhsiúil i leith na modheolaíochta sin.

Airteagal 36

Iniúchóirí deimhniúcháin

1.   Bunóidh iniúchóir neamhspleách atá cáilithe chun iniúchtaí reachtacha a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) nó i gcomhréir le rialacháin náisiúnta dá samhail, na deimhnithe ar na ráitis airgeadais agus ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 34 agus 35, nó bunóidh oifigeach poiblí inniúil neamhspleách ar dhílsigh na húdaráis náisiúnta ábhartha an acmhainn dhlíthiúil dó iniúchadh a dhéanamh ar an rannpháirtí agus nach raibh baint aige leis na ráitis airgeadais a ullmhú, na deimhnithe ar na ráitis sin agus ar an modheolaíocht sin.

2.   Ar iarratas ón gCoimisiún, ón gCúirt Iniúchóirí nó ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, déanfaidh an t-iniúchóir a sheachadann an deimhniú ar na ráitis airgeadais agus ar an modheolaíocht rochtain a dheonú ar na doiciméid tacaíochta agus ar na páipéir iniúchta oibre ar eisíodh deimhniú ar na ráitis airgeadais ar a mbonn.

Airteagal 37

Cistiú carnach

Féadfar deontas ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a dhámhachtain de thoradh gníomhaíochta ar dámhadh deontas ó bhuiséad an Aontais uirthi, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na deontais na hítimí costais céanna.

Roinn IV

Ráthaíochtaí

Airteagal 38

Ciste um Ráthaíocht Rannpháirtithe

1.   Bunaítear leis seo ciste um ráthaíocht rannpháirtithe (an "Ciste") agus cumhdóidh sé an riosca a bhaineann le suimeanna nach ngnóthaítear, ar suimeanna iad atá dlite don Aontas faoi ghníomhaíochtaí a mhaoinítear trí dheontais ón gCoimisiún faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE agus ón gCoimisiún nó ó chomhlachtaí cistiúcháin an Aontais faoi "Fhís 2020" de réir na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Tiocfaidh an Ciste in áit agus i gcomharbas ar an gCiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006.

2.   Feidhmeofar an Ciste i gcomhréir le hAirteagal 39. Cuirfear aon -ús airgeadais a ghineann an Ciste leis an gCiste agus úsáidfear é chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 39(3) amháin.

3.   I gcás nach leor an t-ús airgeadais chun na hoibríochtaí a thuairiscítear in Airteagal 39(3) a chumhdach, ní dhéanfaidh an Ciste idirghabháil agus gnóthóidh an Coimisiún nó comhlacht ábhartha cistiúcháin de chuid an Aontais aon mhéid atá dlite go díreach ó na rannpháirtithe nó ó thríú páirtithe.

4.   Meastar gur ráthaíocht leordhóthanach é an Ciste faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ní fhéadfar glacadh le ráthaíocht bhreise nó le hurrús breise ó rannpháirtithe nó ní fhéadfar iad a chur orthu ach amháin sa chás atá luaite i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoi Fís 2020 a gcumhdaíonn an Ciste a riosca, ranníocaíocht ionann is 5 % de chistiú an Aontais don ghníomhaíocht. Ag deireadh na gníomhaíochta, tabharfar an méid a cuireadh leis an gCiste ar ais chuig na rannpháirtithe, tríd an gcomhordaitheoir.

6.   Féadfar ráta ranníocaíochta na rannpháirtithe leis an gCiste a leagtar amach i mír 5 a laghdú ar bhonn na meastóireachta eatramhaí ar Fís 2020.

Airteagal 39

An Ciste a Fheidhmiú

1.   Is é an Coimisiún i gcáil ionadaí an Aontais a bhainisteoidh an Ciste agus feidhmeoidh sé mar ghníomhaire feidhmiúcháin ar son na rannpháirtithe, i gcomhréir leis na gcoinníollacha a bunaíodh leis an gcomhaontú deontais.

Féadfaidh an Coimisiún an Ciste a bhainistiú go díreach nó bainistíocht airgeadais an Chiste a chur de chúram ar an mBanc Eorpach Infheistíochta nó ar institiúid iomchuí airgeadais ("an banc taiscíochta"). Is é an banc taiscíochta a bhainisteoidh an Ciste de bhun threoracha an Choimisiúin.

2.   Féadfar ranníocaíocht na rannpháirtithe leis an gCiste a chúiteamh ón gcéad réamh-mhaoiniú agus íocfar é leis an gCiste ar son na rannpháirtithe.

3.   I gcás ina bhfuil méideanna dlite don Aontas ó rannpháirtí, féadfaidh an Coimisiún, gan dochar do phionóis is féidir a chur ar an rannpháirtí mainneachtana, ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an méid atá dlite a aistriú ón gCiste chuig comhordaitheoir na gníomhaíochta, nó ordú a thabhairt don bhanc taiscíochta an méid sin a dhéanamh. Déanfar an t-aistriú sin tar éis deireadh a chur le rannpháirtíocht an rannpháirtí mainneachtana nó tar éis an rannpháirtíocht a tharraingt siar más gníomhaíocht leanúnach é agus má aontaíonn na rannpháirtithe atá fágtha lena chur chun feidhme de réir na gcuspóirí céanna. Measfar gur cistiú an Aontais iad méideanna a aistreofar ón gCiste;

(b)

an méid sin a ghnóthú go héifeachtúil ón gCiste.

Eiseoidh an Coimisiún ordú gnóthaithe i gcoinne an rannpháirtí sin nó i gcoinne an tríú páirtí chun sochar an Chiste. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún Cinneadh gnóthaithe a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

4.   Ioncam atá sannta don Chiste de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 atá sna méideanna a ghnóthaítear. A luaithe a bheidh na deontais ar fad a gcumhdaíonn an Ciste a riosca curtha chun feidhme ina n-iomláine, gnóthóidh an Coimisiún suimeanna ar bith a bheidh fós gan íoc agus cuirfear isteach i mbuiséad an Aontais iad, faoi féir chinntí an údaráis reachtaigh.

CAIBIDIL III

Saineolaithe

Airteagal 40

Saineolaithe neamhspleácha a cheapadh

1.   Féadfaidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí, comhlachtaí cistiúcháin, saineolaithe neamhspleácha a cheapadh chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí i gcomhréir le hAirteagal 15 nó chun comhairle nó cúnamh a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

meastóireacht ar thograí;

(b)

monatóireacht ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí atá á ndéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 chomh maith le gníomhaíochtaí Clár Taighde agus/nó Nuálaíochta a tháinig roimhe seo;

(c)

beartas nó cláir taighde agus nuálaíochta an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear Fís 2020, agus an Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú;

(d)

meastóireacht a dhéanamh ar Chláir Taighde agus Nuálaíochta;

(e)

beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais a dhearadh lena n-áirítear cláir a ullmhú don todhchaí.

2.   Roghnófar saineolaithe neamhspleácha ar bhonn na scileanna, na taithí agus an eolais is iomchuí chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh. I gcásanna ina mbeidh ar shaineolaithe neamhspleácha déileáil le faisnéis rúnaicmithe, beidh gá le himréiteach slándála iomchuí sula gceapfar iad.

Déanfar saineolaithe neamhspleácha a shainaithint agus a roghnú ar bhonn glaonna ar iarratais ó dhaoine aonair agus glaonna atá dírithe ar eagraíochtaí ábhartha amhail gníomhaireachtaí taighde, institiúidí taighde, ollscoileanna, eagraíochtaí um chaighdeánú, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta nó fiontraíochtaí d'fhonn bunachar sonraí d'iarratasóirí a bhunú.

Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, má mheastar é a bheith iomchuí agus i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, aon saineolaí aonair a roghnú, ar bhealach trédhearcach, nach bhfuil sa bhunachar sonraí a bhfuil na scileanna iomchuí aige.

Agus saineolaithe neamhspleácha á gceapadh aige, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha bearta iomchuí chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe agus sna painéil meastóireachta a lorg i dtéarmaí scileanna éagsúla, taithí éagsúil agus eolas éagsúil, éagsúlachta geografaí agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse na gníomhaíochta. I gcás inarb iomchuí, féachfar le cothromaíocht a bhaint amach idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí.

Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha comhairle a lorg ó na cuideachtaí comhairliúcháin chun saineolaithe neamhspleácha a cheapadh. I gcás gníomhaíochtaí taighde 'ar theorainneacha an eolais' a dhéanann an Chomhairle Eorpach um Thaighde, ceapfaidh an Coimisiún saineolaithe ar bhonn togra ó Chomhairle Eolaíoch na Comhairle Eorpaí um Thaighde.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha nach ndéanfaidh saineolaí a thugann aghaidh ar choinbhleacht leasa maidir le hábhar a mbeidh air tuairim a thabhairt ina leith meastóireacht, agus nach dtabharfaidh sé comhairle ná cúnamh maidir leis an gceist shonrach i dtrácht.

4.   Maidir leis na malartuithe sonraí uile a dhéanfar leis na saineolaithe neamhspleácha, lena n-áirítear na comhaontuithe deontais a thabhairt chun críche agus aon leasú orthu sin, féadfar iad a dhéanamh trí chóras leictreonach malartaithe sonraí a bhunóidh an Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin, mar a shonraítear in Airteagal 287(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012.

5.   Foilseofar ainmneacha na saineolaithe a cheapfar i gcáil phearsanta, a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún nó do na comhlachtaí cistiúcháin chun Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Cinneadh 2013/743/AE a chur chun feidhme, foilseofar na hainmneacha sin, maraon lena réimse saineolais, uair amháin ar a laghad sa bhliain ar shuíomh idirlín an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin ábhartha. Déanfar faisnéis den sórt sin a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

TEIDEAL III

RIALACHA MAIDIR LE TORTHAÍ A SHAOTHRÚ AGUS A LEATHADH

CAIBIDIL I

Deontais

Roinn I

Torthaí

Airteagal 41

Úinéireacht na dtorthaí

1.   Beidh torthaí faoi úinéireacht an rannpháirtí a ghin iad.

2.   Nuair is i gcomhpháirt a ghin rannpháirtithe gníomhaíochta na torthaí agus nach féidir an sciar den obair a rinne gach ceann acu i dtaca leis na torthaí comhpháirteacha sin a shuíomh, nó i gcás nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir na torthaí comhpháirteacha chun cosaint ábhartha ar chearta maoine intleachtúla a iarraidh, a fháil nó chun an chosaint sin a chothabháil, beidh na torthaí faoi chomhúinéireacht acu. Bunóidh na comhúinéirí comhaontú maidir le leithdháileadh agus téarmaí na comhúinéireachta sin i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais. Féadfaidh na comhúinéirí aontú nach leanfaidh siad leis an gcomhúinéireacht ach go socróidh siad córas eile, inter alia trína scaireanna úinéireachta a aistriú go húinéir aonair agus go mbeidh cearta rochtana ag na rannpháirtithe eile, nuair a bheidh na torthaí ginte.

Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt sa chomhaontú comhúinéireachta, beidh gach comhúinéir i dteideal ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe chun na torthaí atá faoi chomhúinéireacht a shaothrú, gan an ceart focheadúnais a dheonú a bheith acu, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

tabharfar réamhfhógra do na comhúinéirí eile;

(b)

tabharfar cúiteamh cóir réasúnach do na comhúinéirí eile;

3.   Má tá fostaithe nó aon pháirtí atá ag obair do rannpháirtí i dteideal cearta ar na torthaí a ghintear a éileamh, áiritheoidh an rannpháirtí lena mbaineann gur féidir na cearta sin a fheidhmiú ar bhealach a thagann lena oibleagáidí faoin gcomhaontú.

Airteagal 42

Na torthaí a chosaint

1.   I gcás inar féidir na torthaí a úsáid chun críocha saothraithe tráchtála nó thionsclaíoch nó má mheastar le réasún go mbeifí in ann úsáid chun na críocha sin a bhaint astu, scrúdóidh an rannpháirtí ar leis é na torthaí an féidir iad a chosaint, agus, más féidir, más réasúnach agus má thugann na cúinsí bonn cirt leis, cosnóidh sé go leordhóthanach iad go ceann tréimhse iomchuí ar limistéar iomchuí, ag féachaint go cuí dá leasanna dlisteanacha, agus do leasanna dlisteanacha rannpháirtithe eile na gníomhaíochta, a leasanna tráchtála go háirithe.

2.   I gcás nach mbeidh sé beartaithe ag rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas na torthaí a ghin sé a chosaint ar chúiseanna seachas an neamhfhéidearthacht sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta nó i ngeall ar gan mórán acmhainneachta saothraithe tráchtála ná tionsclaíche a bheith iontu, agus mura mbeidh sé beartaithe ag an rannpháirtí iad a aistriú go heintiteas dlíthiúil eile a bheidh bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar d'fhonn iad a chosaint, cuirfidh sé an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha ar an eolas sula leathann sé aon ní a bhaineann leis na torthaí sin. Féadfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais nó an chomhlachta cistiúcháin, le toiliú ón rannpháirtí lena mbaineann, úinéireacht na dtorthaí sin a ghlacadh chuige agus na bearta is gá a dhéanamh chun iad a chosaint.

Ní fhéadfaidh an rannpháirtí toiliú a dhiúltú leis sin ach amháin má thaispeánann sé go ndéanfaí mórdhíobháil dá leasanna dlisteanacha. Ní leathfar aon ní a bhaineann leis na torthaí sin go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún, nó ag an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha nach nglacfaidh sé úineireacht na dtorthaí chuige, nó go gcinnfidh sé ar an úinéireacht a ghlacadh chuige féin agus na bearta is gá a dhéanamh chun a gcosaint a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an cinneadh sin gan aon mhoill mhíchuí. Leagfar síos teorainneacha ama ina leith sin sa chomhaontú deontais.

3.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas gan torthaí a chosaint níos mó nó gan síneadh ar an gcosaint sin a iarraidh ar chúiseanna seachas gan mórán acmhainneachta saothraithe tráchtála ná tionsclaíche a bheith iontu laistigh de thréimhse nach mbeidh níos faide ná cúig bliana tar éis an t-íosmhéid a bheith íoctha, cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin ábhartha agus féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin leanúint den chosaint nó síneadh a chur léi trí úinéireacht na dtorthaí a ghlacadh chuige féin. Ní fhéadfaidh an rannpháirtí toiliú a dhiúltú leis sin ach amháin má thaispeánann sé go ndéanfaí mórdhíobháil dá leasanna dlisteanacha. Leagfar síos teorainneacha ama ina leith sin sa chomhaontú deontais.

Airteagal 43

Saothrú agus leathadh torthaí

1.   Gach rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas, déanfaidh sé a dhícheall na torthaí ar leis iad a shaothrú, nó cuirfidh sé iad á saothrú ag eintiteas dlíthiúil eile, go háirithe trína n-aistriú agus trína gceadúnú i gcomhréir le hAirteagal 44.

Leagfar síos sa chomhaontú deontais aon oibleagáid bhreise maidir le saothrú. I gcás taighde a d'fhéadfaí a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra shochaíocha, féadfar a áireamh ar na hoibleagáidí saothraithe breise ceadúnú ar bhonn téarmaí neamheisiacha. Léireofar na hoibleagáidí breise sin sa chlár oibre nó sa phlean oibre.

2.   Faoi réir aon sriain a bhaineann le cosaint maoine intleachtúla, le rialacha slándála nó le leasanna dlisteanacha, déanfaidh gach rannpháirtí na torthaí ar leis iad a leathadh a luaithe is féidir. Féadfar teorainneacha ama ina leith sin a leagan síos sa chomhaontú deontais.

Leagfar síos sa chomhaontú deontais aon oibleagáid bhreise maidir le leathadh.

Maidir le leathadh a dhéanamh trí fhoilseacháin eolaíocha, beidh feidhm ag rochtain oscailte faoi na téarmaí agus coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Na costais a bhaineann le rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a eascraíonn as taighde a chisteofar faoi Fís 2020, agus a thabhófar laistigh de thréimhse na gníomhaíochta, beidh siad incháilithe le haghaidh a n-aisíoctha faoi choinníollacha an chomhaontaithe deontais. Ag féachaint go cuí le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, ní fhoráilfear leis an gcomhaontú deontais coinníollacha maidir le rochtain oscailte ar fhoilseacháin, a mbeadh mar thoradh orthu costais foilseacháin bhreise tar éis don ghníomhaíocht a bheith críochnaithe.

Maidir le sonraí taighde a leathadh, féadfar a leagan síos sa chomhaontú deontais, i gcomhthéacs na rochtana oscailte ar shonraí taighde agus i gcomhthéacs na sonraí sin a chaomhnú, na téarmaí agus na coinníollacha faoina dtabharfar rochtain oscailte ar na torthaí sin, go háirithe i gcás taighde 'ar theorainneacha an eolais' a dhéanann an Chomhairle Eorpach um Thaighde agus i gcás Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) nó i gcás réimsí iomchuí eile, agus leasanna dlisteanacha na rannpháirtithe mar aon le haon baic ar bith a bhaineann le rialacha i ndáil le cosaint sonraí, le cosaint maoine intleachtúla nó le rialacha slándála á gcur san áireamh. Sa chás sin, léireofar sa chlár oibre nó sa phlean oibre más gá sonraí taighde a leathadh trí rochtain oscailte.

Tabharfar réamhfhógra do na rannpháirtithe eile i dtaca le haon ghníomhaíocht leata. I ndiaidh dó an fógra sin a fháil, féadfaidh rannpháirtí agóid a dhéanamh má thaispeánann sé go ndéanfadh an leathadh atá á bheartú mórdhíobháil dá leasanna dlisteanacha ó thaobh torthaí nó réamheolais de. Sna cásanna sin, ní fhéadfar an ghníomhaíocht leata a dhéanamh mura ndéantar na bearta is gá chun na leasanna dlisteanacha sin a chosaint. Leagfar síos teorainneacha ama ina leith sin sa chomhaontú deontais.

3.   Ionas go bhféadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha faireachán agus leathadh a dhéanamh, soláthróidh na rannpháirtithe gach faisnéis maidir lena ngníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú agus leathadh agus soláthróidh siad na doiciméid atá riachtanach i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Faoi réir leasanna dlisteanacha na rannpháirtithe a chuir an fhaisnéis ar fáil, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Sa chomhaontú deontais, leagfar síos, inter alia, teorainneacha ama maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe sin.

4.   Gach iarratas ar phaitinn, gach caighdeán, gach foilseachán nó cineál eile leata, lena n-áirítear nithe i bhfoirm leictreonach, a bhaineann le torthaí, beidh ag gabháil leis, más féidir, ráiteas.(agus féadfar ráiteas a dhéantar le modhanna físeacha a áireamh ann) go bhfuair an ghníomhaíocht tacaíocht airgeadais ón Aontas. Bunófar téarmaí an ráitis sin sa chomhaontú deontais.

Airteagal 44

Aistriú agus ceadúnú torthaí

1.   I gcás ina n-aistríonn rannpháirtí úinéireacht torthaí, déanfaidh sé na hoibleagáidí atá air faoin gcomhaontú deontais maidir leis an torthaí sin a aistriú chuig an aistrí, lena n-áirítear an oibleagáid iad a aistriú arís aon uair a dhéanfar aistriú ina dhiaidh sin.

Gan dochar d'oibleagáidí rúndachta a thagann as dlíthe nó rialacháin maidir le cumaisc agus éadálacha, más rud é go mbeidh cearta rochtana fós ag rannpháirtithe eile ar na torthaí atá le haistriú nó más rud é go bhféadfadh sé go n-iarrfaidís deonú na gceart rochtana a aistriú, déanfaidh rannpháirtí a bhfuil sé beartaithe aige na torthaí a aistriú réamhfhógra a thabhairt do na rannpháirtithe eile, mar aon le faisnéis leordhóthanach ar an té atá beartaithe bheith ina úinéir nua ar na torthaí sa chaoi is go bhféadfaidh na rannpháirtithe sin anailís a dhéanamh ar éifeacht an aistrithe atá beartaithe ar fheidhmiú a gceart.

I ndiaidh an fhógra, féadfaidh rannpháirtí agóid a dhéanamh i gcoinne aistriú na húinéireachta má thaispeánann sé go rachadh an t-aistriú sin chun dochair d'fheidmhiú a gceart rochtana. Sa chás sin, ní fhéadfar an t-aistriú a dhéanamh go dtí go dtiocfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann ar chomhaontú. Déanfar teorainneacha ama a leagan síos ina leith sin sa chomhaontú deontais.

Trí chomhaontú i scríbhinn a dhéanamh roimh ré, féadfaidh na rannpháirtithe eile an ceart atá acu réamhfhógra a fháil agus agóid a dhéanamh i gcoinne aistrithe úinéireachta ó rannpháirtí go tríú páirtí atá ainmnithe go sonrach.

2.   Ar chuntar gur féidir cearta rochtana ar na torthaí a fheidhmiú agus go gcomhlíonfaidh an rannpháirtí ar leis iad gach oibleagáid bhreise maidir le saothrú, féadfaidh an rannpháirtí sin na torthaí ceadúnais a dheonú nó an ceart iad a shaothrú a dheonú ar shlí eile d'aon eintiteas dlíthiúil, lena n-áirítear ar bhonn eisiach. Féadfar ceadúnais eisiacha do thorthaí a dheonú faoi réir thoiliú na rannpháirtithe uile eile lena mbaineann a dhéanfaidh a gcearta rochtana ina leith a tharscaoileadh.

3.   Maidir le torthaí a ghinfidh rannpháirtithe a fuair cistiú ón Aontas, féadfar a fhoráil sa chomhaontú deontais go bhféadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha agóid a dhéanamh i gcoinne aistrithe úinéireachta chuig tríú páirtithe a bheidh bunaithe i dtríú tíortha nach mbaineann le Fís 2020, nó i gcoinne deonuithe ceadúnais eisiaigh do thríú páirtithe a bheidh bunaithe sna tíortha sin, má mheasann sé nach mbeidh an deontas nó an t-aistriú sin ag luí leis an sprioc iomaíochas gheilleagar an Aontais a fhorbairt nó go mbeidh sé ag teacht salach ar phrionsabail eiticiúla nó slándála.

Sna cásanna sin, ní aistreofar an úinéireacht ná ní dheonófar ceadúnas eisiach mura mbeidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha sásta go gcuirfear ar bun na cosaintí iomchuí.

Nuair is iomchuí, déanfar foráil sa chomhaontú deontais go dtabharfar fógra don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin ábhartha sula ndéanfar aon aistriú úinéireachta den sórt sin nó sula ndeonófar ceadúnas eisiach den sórt sin. Déanfar teorainneacha ama i ndáil leis seo a leagan síos sa chomhaontú deontais.

Roinn II

Cearta rochtana ar réamheolas agus ar thorthaí

Airteagal 45

Cúlra

Déanfaidh rannpháirtithe an réamheolas is bun lena ngníomhaíocht a lua ar bhealach ar bith i gcomhaontú i scríbhinn.

Airteagal 46

Prionsabail maidir le cearta rochtana

1.   I scríbhinn a dhéanfar aon iarraidh cearta rochtana a fheidhmiú nó aon tarscaoileadh ceart rochtana.

2.   Ach amháin má chomhaontaíonn úinéir na dtorthaí nó úinéir an réamheolais a bhfuil rochtain air á iarraidh a mhalairt, ní áireofar i gcearta rochtana an ceart focheadúnais a dheonú.

3.   Roimh dóibh aontú do chomhaontú deontais, cuirfidh rannpháirtithe sa ghníomhaíocht chéanna a chéile ar an eolas maidir le haon srian dlí nó le haon teorainn ar rochtain a dheonú ar a réamheolas. Aon chomhaontú a thabharfaidh rannpháirtí i gcrích ina dhiaidh sin maidir le réamheolas, áiritheofar ann go bhféadfar gach ceart rochtana a fheidhmiú.

4.   Má chuirtear deireadh le rannpháirteachas rannpháirtí i ngníomhaíocht, ní dhéanfar difear leis sin don oibleagáid atá ar an rannpháirtí sin rochtain a dheonú faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bunaíodh sa chomhaontú deontais.

5.   I gcás ina mainníonn rannpháirtí ina chuid oibleagáidí agus nach leigheastar an mhainneachtain sin, féadfar a shonrú sna comhaontuithe cuibhreannais nach mbeidh cearta rochtana níos mó ag an rannpháirtí mainneachtana sin.

Airteagal 47

Cearta rochtana maidir le cur chun feidhme

1.   Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar thorthaí rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá na torthaí sin de dhíth ar an gcéad ceann acu sin chun a chuid oibre faoin ngníomhaíocht a dhéanamh.

Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna.

2.   Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar réamheolas rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá an réamheolas sin de dhíth ar an gcéad ceann acu sin chun a chuid oibre faoin ngníomhaíocht a dhéanamh agus faoi réir srianta nó teorainneacha ar bith de bhun Airteagal 46(3).

Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna, ach amháin má chomhaontaíonn na rannpháirtithe a mhalairt sula n-aontóidh siad don chomhaontú deontais.

Airteagal 48

Cearta rochtana maidir le saothrú

1.   Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar thorthaí rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá na torthaí sin de dhíth ar an gcéad ceann acu sin chun a chuid torthaí féin a shaothrú.

Faoi réir comhaontaithe, deonófar an rochtain sin faoi choinníollacha córa réasúnacha.

2.   Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar réamheolas rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá an réamheolas sin de dhíth ar an gcéad ceann acu sin chun a chuid torthaí féin a shaothrú agus faoi réir aon srianta nó teorainneacha de bhun Airteagal 46(3).

Faoi réir comhaontaithe, deonófar an rochtain sin faoi choinníollacha córa réasúnacha.

3.   Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa chomhaontú cuibhreannais, beidh cearta rochtana ag eintiteas cleamhnaithe a bheidh bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar ar thorthaí nó ar réamheolas faoi choinníollacha cothroma, réasúnacha, faoi réir aon srianta nó teorainneacha de bhun Airteagal 46(3), má tá gá leis na torthaí agus leis an réamheolas sin chun na torthaí a ghin an rannpháirtí a bhfuil sé cleamhnaithe leis a shaothrú. Ní dhéanfar na cearta rochtana a iarraidh agus a fháil go díreach ón rannpháirtí ar leis é na torthaí nó an réamheolas ach amháin má chomhaontaítear é i gcomhréir le hAirteagal 46(2).

4.   Is féidir iarraidh rochtana faoi mhír 1, faoi mhír 2 nó faoi mhír 3 a dhéanamh suas go bliain tar éis dheireadh na gníomhaíochta mura gcomhaontaíonn na rannpháirtithe ar theorainn ama eile.

Airteagal 49

Cearta rochtana an Aontais agus na mBallstát

1.   Chun críocha beartais nó cláir de chuid an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh orthu, a mbeidh bonn cirt cuí leo, beidh cearta rochtana ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais ar thorthaí rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas, agus ar a thorthaí sin amháin, Tá na cearta rochtana sin teoranta d'úsáidí neamhthráchtála agus neamhiomaíocha.

Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna.

2.   Maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar faoin sprioc shonrach 'Sochaithe slána - Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a saoránach a chosaint' den tosaíocht um dúshláin shocaíocha a leagtar amach i gCuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, beidh na cearta rochtana is gá ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus ag údaráis náisiúnta na mBallstát, chun críocha a gcuid beartas nó clár a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu sa réimse seo, ar thorthaí rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas. Beidh na cearta rochtana sin teoranta d'úsáid neamhthráchtáil agus neamhiomaíoch. Deonófar cearta rochtana saor ó ríchíosanna agus ar chomhaontú déthaobhach a fháil chun coinníollacha sonracha a shainiú a mbeidh mar aidhm acu a áirithiú go n-úsáidfear na cearta sin chun na críche a bhí beartaithe agus go mbeidh na hoibleagáidi iomchuí maidir le rúndacht i bhfeidhm. Ní áireofar i measc na gceart rochtana sin réamheolas maidir leis an rannpháirtí. Cuirfidh an Ballstát iarrthach, an institiúid iarrthach,an comhlacht iarrthach, an oifig iarrthach nó an gníomhaireacht iarrthach de chuid an Aontais gach Ballstát ar an eolas maidir leis an iarraidh. Beidh feidhm ag rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil i ndáil le faisnéis rúnaicmithe.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA SONRACHA

Airteagal 50

Duaiseanna

1.   Féadfaidh cistiú an Aontais bheith i bhfoirm duaiseanna mar a shainmhínítear i dTeideal VII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012.

2.   Beidh bronnadh gach duaise coinníollach ar ghlacadh leis na hoibleagáidí iomchuí poiblíochta. Maidir leis na torthaí a leathadh, beidh feidhm ag Teideal III den Rialachán seo. Féadfaidh oibleagáidí sonracha maidir le saothrú agus leathadh a bheith sa chlár oibre nó sa phlean oibre.

Airteagal 51

Soláthar, soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálaíoch

1.   Aon soláthar a dhéanfaidh an Coimisiún ar a shon féin nó i gcomhar leis na Ballstáit, beidh sé faoi réir na rialacha maidir le soláthar poiblí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 966/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1268/2012.

2.   Féadfaidh cistiú an Aontais bheith i bhfoirm soláthair réamhthráchtála nó soláthair réiteach nuálaíoch a dhéanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin ar a shon féin nó i gcomhar le húdaráis chonarthacha ó Bhallstáit agus ó thíortha gaolmhara.

Na nósanna imeachta i ndáil le soláthar:

(a)

comhlíonfaidh siad prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na bainistíochta fónta airgeadais, na comhréireachta, rialacha iomaíochta agus, nuair is infheidhme, Treoir 2004/17/CE, Treoir 2004/18/CE agus Treoir 2009/81/CE nó, i gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún ar a shon féin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(b)

féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí a soláthrófar a bheith teoranta i gcás soláthair réamhthráchtála do chríoch na mBallstát agus na dtíortha a bhfuil baint acu le Fís 2020, nuair a thugann cuspóirí na ngníomhaíochtaí bonn cirt cuí leis;

(c)

féadfaidh siad dámhachtain conarthaí iolracha a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú);

(d)

déanfaidh siad foráil maidir le dámhachtain na gconarthaí ar an táirgeoir/na táirgeoirí is buntáistí go heacnamaíoch.

3.   Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa ghlao ar thairiscintí, is faoi úinéireacht an Aontais a bheidh torthaí a ghinfidh soláthar de chuid an Choimisiúin.

4.   Déanfar forálacha sonracha maidir le húinéireacht, cearta rochtana, agus ceadúnú a leagan síos sna conarthaí maidir le soláthar réamhthráchtála d'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-éileamh is mó is féidir ar na torthaí agus d'fhonn buntáistí míchuí a sheachaint. Beidh ar a laghad na cearta maoine intleachtúla gaolmhara faoi úinéireacht an chonraitheora a ghinfidh na torthaí agus é i mbun soláthair réamhthráchtála. Beidh ar a laghad cearta rochtana saor ó ríchíosanna ar na thorthaí le haghaidh a n-úsáide féin ag na húdaráis chonarthacha, agus beidh an ceart acu ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe, nó an ceart ceangal a chur ar chonraitheoirí rannpháirteacha iad a dheonú, chun na torthaí a shaothrú faoi choinníollacha córa réasúnacha gan aon cheart a bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a dheonú. Mura ndéanann conraitheoir saothrú tráchtála ar na torthaí laistigh de thréimhse shocraithe tar éis an tsoláthair réamhthráchtála mar a shainaithnítear é sa chonradh, aistreoidh sé úinéireacht na dtorthaí chuig na húdaráis chonarthacha.

5.   Féadfar forálacha sonracha maidir le húinéireacht, cearta rochtana, agus ceadúnú a leagan síos sna conarthaí maidir le soláthar poiblí réiteach nuálaíoch d'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-éileamh is mó is féidir ar na torthaí agus d'fhonn buntáistí míchuí a sheachaint.

Airteagal 52

Ionstraimí Airgeadais

1.   Féadfaidh na hionstraimí airgeadais a bheith in aon cheann de na foirmeacha dá dtagraítear i dTeideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus cuirfear chun feidhme i gcomhréir leis sin iad, agus féadfar iad a chur le chéile agus le deontais a chisteofar faoi bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.

2.   De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimhir 966/2012, déanfar ioncaim agus aisíocaíochtaí bliantúla araon a ghinfear ó ionstraim airgeadais a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a shannadh, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán Uimhir 966/2012, don ionstraim airgeadais sin.

3.   De mhaolú ar an dara fomhír d'Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimhir 966/2012, déanfar ioncaim agus aisíocaíochtaí a ghinfear leis an tSaoráid Airgeadais Roinnte Riosca a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE agus an chéim luath den tSaoráid Ardfháis agus Nuálach do FBManna (GIF1) a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE, a shannadh, i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimhir 966/2012, do na hionstraimí airgeadais atá le teacht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.

Airteagal 53

Ionstraim FBM

1.   Ní fhéadfaidh ach FBManna cur isteach ar ghlaonna ar thograí a eisítear faoin ionstraim atá dírithe ar FBManna dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013. Féadfaidh siad comhoibriú le comhlachtaí eile, le heagraíochtaí taighde agus le hollscoileanna.

2.   Nuair a bheidh comhlacht bailíochtaithe mar FBM, déanfar talamh slán de go mairfidh an stádas dlíthiúil sin ar feadh thréimhse iomlán an tionscadail, fiú amháin i gcásanna ina sáraíonn an comhlacht, de bharr a fháis, uasteorainneacha shainmhínithe FBM.

3.   I gcás na hionstraim d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó i gcás na ndeontas ó chomhlachtaí cistiúcháin nó ón gCoimisiún atá dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le húinéireacht, le cearta rochtana,agus le saothrú agus le leathadh.

Airteagal 54

An Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 7, féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht faoin gConair Mhear i dtreo na Nuálaíochta ("FTI"). Gníomhaíochtaí nuálaíochta a bheidh sna gníomhaíochtaí a chisteofar faoin gConair Mhear. Beidh an Chonair Mhear oscailte do thograí a bhaineann le haon réimse teicneolaíochta faoin sprioc shonrach "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" a leagtar amach i bPointe 1 de Chuid II d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 nó d'aon cheann de na cuspóirí sonracha faoin tosaíocht "Dúshláin shochaíocha" a leagtar amach i bpointe 1 go pointe 7 de Chuid III d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin.

2.   Féadfar tograí a chur isteach tráth ar bith. Déanfaidh an Coimisiún trí scoithdháta in aghaidh na bliana a shocrú chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí. Ní bheidh an méid ama idir scoithdháta agus síniú an chomhaontaithe deontais nó an fógra maidir leis an gcomhaontú deontais níos faide ná sé mhí. Déanfar na tograí a rangú de réir a dtionchar, a gcáilíochta, éifeachtúlacht a gcur chun feidhme agus a sármhaitheasa, agus beidh ualú níos airde ag gabháil do chritéir an tionchair. Ní bheidh níos mó ná cúig eintiteas dhlíthiúla rannpháirteach in aon ghníomhaíocht amháin. Ní bheidh méid an deontais níos mó ná EUR 3 mhilliún.

Airteagal 55

Forálacha sonracha eile

1.   I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí slándála, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le soláthar poiblí réamhthráchtála, réitigh nuálacha a sholáthar, athruithe ar chomhdhéanamh an chuibhreannais, faisnéis rúnaicmithe, saothrú, leathadh, rochtain oscailte ar fhoilseacháin taighde, aistrithe agus ceadúnais torthaí a dheonú.

2.   I gcás gníomhaíochtaí atá ceaptha tacú le bonneagar taighde nua nó bonneagar taighde atá ann cheana, féadfar a leagan síos sa chomhaontú deontais forálacha sonracha a bhaineann le húsáideoirí an bhonneagair agus le rochtain na n-úsáideoirí orthu.

3.   I gcás gníomhaíochtaí taighde 'ar theorainneacha an eolais' a dhéanann an Chomhairle Eorpach um Thaighde, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le cearta rochtana, iniomparthacht agus leathadh, nó a bhaineann le rannpháirtithe, taighdeoirí, agus aon pháirtí a mbaineann an ghníomhaíocht leis.

4.   I gcás gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, féadfar a leagan síos sa chomhaontú deontais forálacha sonracha maidir le gealltanais a bhaineann le taighdeoirí a bhaineann sochar as an ngníomhaíocht, maidir le húinéireacht, maidir le cearta rochtana agus maidir le hiniomparthacht.

5.   I gcás gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le húinéireacht, cearta rochtana, saothrú agus leathadh na dtorthaí.

6.   I gcás Phobail Eolais agus Nuálaíochta de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le húinéireacht, cearta rochtana, saothrú agus leathadh.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 56

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré Fhís 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 1(3) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna an Pharlaimint Eorpach nó an Chomhairle agóid laistigh de dhá mhí ó fhógra maidir leis an ngníomh sin a bheith curtha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle nó, mura cuireadh in iúl don Pharlaimint agus don Choimisiún nach ndéanfadh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 57

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, lena n-áirítear a lán-fhoirceannadh nó a bpáirt-fhoircheannadh, go dtí go ndéanfar clabhsúr orthu nó go dtí go dtabharfaidh an Coimisiún nó comhlachtaí cistiúcháin cúnamh airgeadais dóibh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon reachtaíocht eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013, reachtaíocht a leanfaidh d'fheidhm a bheith aici maidir leis na gníomhaíochtaí go dtí go gcuirfear clabhsúr leo.

3.   Maidir le suimeanna ar bith ón gCiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006, mar aon leis na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leo, aistreofar chuig an gCiste iad amhail ón 31 Nollaig 2013. Aon rannpháirtí i ngníomhaíochtaí a dhéanfar faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE agus a shíneoidh comhaontuithe deontais tar éis an 31 Nollaig 2013, déanfaidh sé a ranníocaíocht leis an gCiste.

Airteagal 58

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C, lch. 318, 20.10.2012, lch. 1.

(2)  IO C, lch. 181, 21.6.2012, lch. 111.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Samhain 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 1982/2006/CE(Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo)

(5)  IO C 74E, 13.3.2012, lch. 34.

(6)  Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an Seachtú Clár réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh an taighde, na forbartha teicneolaí agus gníomhaíochtaí taispeántais (2007-2013) (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 an 29 Deireadh Fómhair 2012 ón gCoimisiún maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad lena leasaítear na rialacha mionsonraithe maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1.).

(9)  Cinneadh Uimh 1639/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deiereadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007-2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(10)  Rialachán (CE) 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).

(11)  IO C 205, 19.7.2013, lch. 9.

(12)  2011/844/CE/CEGC, Euratom: Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha CIO L 317, 3.12.2001,.

(13)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2011 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an gComhphobal Eorpach ('Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear') (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1)

(14)  2000/633/ CE, CEE, Euratom: Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2000, lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 267, 20.10.2000, lch. 63).

(15)  Rialachán Uimh. 1906/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht gnóthas, ionad taighde agus ollscoileanna i ngníomhaíochtaí faoin Seachtú Clár réime agus maidir le leathadh torthaí taighde (2007-2013) (IO L 391, 30.12.2006, lch. 1).

(16)  Cinneadh ón gComhairle maidir le Seachtú Clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) le haghaidh taighde núicléach agus gníomhaíochtaí oiliúna (2007 go 2011) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 60).

(17)  2012/93/Euratom: Cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2011 lena mbunaítear Clár réime an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2012-2013) (IO L 47, 18.2.2012, lch. 25).

(18)  Rialachán (Euratom) Uimh. 1314/2013 ón gComhairle maidir le Clár Taighde agus Traenála an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) lena gcomhlánaitear Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Féach leathanach 948 den Iris Oifigiúil seo)

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas Fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (Féach leathanach 33 den Iris Oifigiúil seo).

(21)  Cinneadh Uimh. 743/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le rannpháirtíocht an choimisiúin i gclár taighde agus forbartha arna ghabháil ar láimh ag roinnt Ballstát arb é is aidhm dó tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide a dhéanann taighde agus forbairt (IO L 201, 30.7.2008, lch. 58).

(22)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicreafhiontair, fhiontair bheaga agus fhiontair mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(23)  Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gCuirtear Chun Feidhme Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíoacht (2014 - 2020) (Féach leathanach 965 den Iris Oifigiúil seo).

(24)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).

(25)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

(26)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

(27)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíocha (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).

(28)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtacha ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite agus lean leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir *3/349/CEE, agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 09.06.2006, lch. 87).


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

104


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1291/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus Airteagal 182(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé de chuspóir ag an Aontais a chuid fothaí eolaíocha agus teicneolaíocha a neartú trí Limistéar Eorpach Taighde ("LET") a bhaint amach ina mbeidh taighdeoirí, eolas eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse, agus tríd an Aontas a spreagadh chun dul i dtreo sochaí eolais agus chun teacht chun bheith ina gheilleagar níos iomaíche agus inbhuanaithe, lena n-áirítear an t-iomaíochas i leith a chuid tionsclaíochta. D'fhonn dul sa tóir ar an gcuspóir sin, ba cheart don Aontas gníomhaíochtaí a chur ar bun chun taighde, forbairt theicneolaíoch, léiriú agus nuálaíocht a chur chun feidhme, comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn, torthaí a leathadh agus a bharrfheabhsú agus oiliúint agus soghluaisteacht a spreagadh.

(2)

Tá sé de chuspóir ag an Aontas freisin féachaint chuige go mbeidh na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscail an Aontais a áirithiú. Chuige sin, ba cheart don ghníomhaíocht a bheith dírithe ar úsáid níos fearr a dhéanamh de chumas tionsclaíoch na mbeartas nuálaíochta, taighde agus forbartha teicneolaíochta a chothú.

(3)

Tá an tAontas tiomanta Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Ar na cuspóirí a leagtar síos sa straitéis sin, tá fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, ina gcuirtear béim ar an ról atá ag taighde agus nuálaíocht mar phríomhghníomhaithe spreagtha an rathúnais shóisialta agus eacnamaíoch agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus ina leagtar síos an sprioc don Aontas féin caiteachas ar Thaighde agus ar Fhorbairt a ardú le hinfheistíocht phríobháideach a mhealladh a bheidh suas le dhá thrian de na hinfheistíochtaí iomlána, agus iomlán carnach 3 % den olltáirgeacht intíre (OTI) a bhaint amach faoin mbliain 2020 agus táscaire déine nuálaíochta a fhorbairt. Ba cheart go léireofaí an sprioc uaillmhianach sin i mbuiséad ginearalta an Aontais trí aistriú chuig infheistíochtaí lena ndíreofar ar an todhchaí a mhaoiniú, amhail an taighde, an fhorbairt agus an nuálaíocht. Sa chomhthéacs sin, leagtar síos i dtionscnamh suaitheanta "Aontas Nuálaíochta" de chuid straitéis Eoraip 2020 cur chuige straitéiseach agus comhtháite maidir leis an taighde agus leis an nuálaíocht, ina leagtar síos an creat agus na cuspóirí ar cheart do chistiú na taighde agus na nuálaíochta an Aontais amach anseo cur leo. Is príomhfhachtóirí iad an taighde agus an nuálaíocht i dtionscnaimh shuaitheanta eile de chuid straitéis Eoraip 2020, go háirithe maidir leis an Eoraip a bheidh éifeachtach ó thaobh acmhainní de, maidir le beartas tionsclaíoch don ré domhandaithe, agus maidir le clár oibre digiteach don Eoraip, agus maidir le cuspóirí eile beartais, amhail an aeráid agus an beartas fuinnimh. Ina theannta sin, d'fhonn cuspóirí straitéis Eoraip 2020 a bhaineann leis an taighde agus an nuálaíocht a bhaint amach, tá ról lárnach ag an mbeartas omhtháthaithe trí inniúlacht a neartú agus cosán i dtreo barr feabhais a sholáthar.

(4)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal "Athbhreithniú Buiséid AE", cuireadh príomhphrionsabail chun cinn ar cheart dóibh a bheith mar bhuntaca le buiséad ginearálta an Aontais amach anseo, eadhon díriú ar ionstraimí lena mbaineann breisluach aitheanta don Aontas, díriú níos mó ar thorthaí, agus foinsí eile cistiúcháin príobháideacha agus poiblí a ghiaráil, agus beartaíodh ann réimse iomlán ionstraimí an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht a thabhairt le chéile i gcomhchreat straitéiseach.

(5)

D'iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí simpliú radacach ar chistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais ina Rún dar dáta 11 Samhain 2010 (4), tá aird dírithe aici ar an tábhacht a bhaineann leis an Aontas Nuálaíochta chun an Eoraip a chlaochlú don domhan iar-ghéarchéime, ina rún dar dáta 12 Bealtaine 2011 (5), tá aird dírithe aici ar na ceachtanna tábhachtacha atá le foghlaim tar éis na meastóireachta eatramhaí ar an Seachtú Clár Réime ina rún dar dáta 8 Meitheamh 2011 (6) agus tá tacaíocht tugtha aici don choincheap i leith comhchreata straitéisigh le haghaidh cistiúcháin na taighde agus na nuálaíochta ina rún dar dáta 27 Meán Fómhair 2011 (7).

(6)

An 26 Samhain 2010, d'iarr an Chomhairle go ndéanfaí le cláir chistiúcháin an Aontais amach anseo díriú níos mó ar thosaíochtaí Eoraip 2020, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus ar theicneolaíochtaí lárnacha, taighde comhoibritheach a spreagfaidh tionscal a éascú, na hionstraimí a chuíchóiriú, rochtain a shimpliú go suntasach, an tréimhse chuig an margadh a laghdú agus barr feabhais a neartú tuilleadh.

(7)

Ag an gcruinniú an 4 Feabhra 2011, thacaigh an Chomhairle Eorpach le coincheap an chomhchreata straitéisigh maidir le cistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais d'fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht cistiúcháin den sórt sin ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus d'iarr sé ar an Aontas tabhairt faoi na bacainní atá fós ar thallann agus infheistíocht a mhealladh go tapa d'fhonn an Limistéar Eorpach Taighde a chur i gcrích faoin mbliain 2014 agus fíormhargadh aonair a bhaint amach don eolas, don taighde agus don nuálaíocht.

(8)

Sa Pháipéar Uaine ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2011 dar teideal "Ó Dhúshláin go Deiseanna: I dtreo comhchreata straitéisigh le haghaidh cistiúcháin an AE do Thaighde agus Nuálaíocht', sainaithníodh ceisteanna lárnacha maidir leis an mbealach chunna cuspóirí uaillmhianacha sin a leagtar amach sa Teachtaireacht ón Choimisiúin an 19 Deireadh Fómhair 2010 a bhaint amach agus seoladh comhairliúchán ginearálta inar aontaigh páirtithe leasmhara agus institiúidí an Aontais den chuid is mó leis na smaointe a cuireadh i láthair ann.

(9)

Leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige straitéiseach comhtháite freisin sna tuairimí a rinne an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta (CLET) a sheachadadh an 3 Meitheamh 2011, agus a rinne Coiste na Réigiún a sheachadadh an 30 Meitheamh 2011 (8), agus a rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a sheachadadh an 13 Iúil 2011 (9).

(10)

Ina Teachtaireacht an 29 Meitheamh 2011 dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020", bheartaigh an Coimisiún, le comhchreat straitéiseach amháin maidir leis an Taighde agus leis Nuálaíocht, aghaidh a thabhairt ar na réimsí a chumhdaítear sa tréimhse faoi Sheachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin ('an Seachtú Clár Réime') a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus leis an gcuid nuála den Chreatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007 go 2013) a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), chomh maith leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ('EIT')'a bunaíodh e Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), d'fhonn rannchuidiú le sprioc na Straitéise Eoraip 2020 caiteachas ar Thaighde agus ar Fhorbairt a mhéadú go 3 % den OTI faoin mbliain 2020 a bhaint amach. Sa Teachtaireacht sin, thug an Coimisiún gealltanas freisin an t-athrú aeráide a phríomhshruthú isteach i gcláir caiteachais an Aontais agus ar a laghad 20 % de bhuiséad ginearálta an Aontais a dhíriú ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid.

Is cuspóirí atreisithe frithpháirteacha atá i ngníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid agus éifeachtúlacht acmhainní chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Ba cheart go gcomhlánófaí na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an dá cheann trí na cuspóirí sonracha eile a ghabhann le Fís 2020 - an Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2014-2020 ('Fís 2020') a bunaíodh leis an Rialachán seo.Mar thoradh air sin, táthar ag súil go mbainfidh ar a laghad 60 % de bhuiséad foriomlán Fís 2020 le forbairt inbhuanaithe. Táthar ag súil freisin gur caiteachas a bhaineann leis an aeráid a bheidh i gceist le os cionn 35 % de bhuiséad iomlán Fís 2020, lena n-áirítear bearta atá comhoiriúnach lena chéile lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht acmhainní. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil maidir le scála agus torthaí na tacaíochta do chuspóirí athraithe aeráide. Ba cheart go rianófaí caiteachas a bhaineann leis na aeráid faoi Fís 2020 i gcomhréir leis an modheolaíocht atá luaite sa Teachtaireacht sin.

(11)

I bhFís 2020, dírítear ar thrí thosaíocht, eadhon eolaíocht den scoth a ghineadh d'fhonn barr feabhais an Aontais san eolaíocht a neartú, ceannaireacht thionsclaíoch a chothú chun tacú le gnóthais, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) agus nuálaíocht agus dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, d'fhonn freagairt go díreach do na dúshláin atá aitheanta i Straitéis Eoraip 2020 trí thacú le gníomhaíochtaí ina gcumhdaítear an speictream iomlán ón taighde go dtí an margadh. Ba cheart go dtacófaí le Fís 2020 le gach céim den slabhra taighde agus nuálaíochta (lena n-áirítear nuálaíocht neamhtheicniúil agus shóisialta, agus na gníomhaíochtaí atá níos giorra don mhargadh), agus ba cheart go mbeidh ráta éagsúil cistiúcháin ag gabháil leis na gníomhartha nuálaíochta agus taighde, ar ráta é a bheidh bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go mbeadh an cistiú breise a fhaightear ó fhoinsí eile níos mó ag brath ar a chóngaraí agus a bheidh an ghníomhaíocht a mbeidh tacaíocht á fáil aici don mhargadh. Áirítear ionstraimí nuála airgeadais ar ghníomhaíochtaí atá níos cóngaraí don mhargadh, agus dírítear leo ar riachtanais taighde speictream leathan beartas de chuid an Aontais a chomhlíonadh trí bhéim a chur ar eolas a ghintear leis na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh a úsáid a mhéid is féidir go dtí go ndéanfar an t-eolas sin a shaothrú ar bhonn tráchtála. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do thosaíochtaí Fís 2020 freisin trí chlár maidir leis an taighde núicléach agus le hoiliúint núicléach arna bhunú le Rialachán (Euratom) Uimh. 1314/2013 (13) faoin gChonradh.

(12)

Ba cheart go mbeadh Fís 2020 ar fáil do rannpháirtithe nua d'fhonn comhar forleathan agus thar barr a áirithiú le comhpháirtithe ar fud an Aontais d'fhonn Limistéar Eorpach Taighde comhtháite a bhaint amach.

(13)

Ba cheart don Airmheán Comhpháirteach Taighde ("ACT") tacaíocht theicniúil agus eolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a chur ar fáil do bheartais an Aontais agus freagairt go solúbtha d'éilimh ar bheartais nua.

(14)

I gcomhthéacs thriantán an eolais maidir leis an taighde, leis an nuálaíocht agus leis an ardoideachas, ba cheart do na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) faoin IEN rannchuidiú go mór le dul i ngleic le cuspóirí Fís 2020, lena n-áirítear na dúshláin shochaíocha, trí chomhtháthú a dhéanamh ar an taighde, ar an oideachas agus ar an nuálaíocht go háirithe. Ba cheart go ndéanfadh EIT fiontraíocht a chothú ina chuid gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus ardoideachais a bhíonn aici. Ba cheart go háirithe, go gcuirfeadh sí sároideachas fiontraíochta chun cinn agus go dtacódh sí le cruthú gnóthaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 182(1)den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), socraítear i bhFis 2020 an t-uasmhéid foriomlán agus leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht airgeadais an Aontaisinti maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht a ndéantar foráil ina leith.

(16)

Leagtar síos leis an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán Fís 2020, imchlúdach airgeadais arb é an príomhmheid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (14).

(17)

Ba cheart go mbeadh cothromaíocht iomchuí idir na tionscadail bheaga agus na tionscadail mhóra laistigh de thosaíocht na "dúshláin shochaíocha"agus den chuspóir sonrach "Ceannaireacht sna teicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha".

(18)

Ba cheart go gcomhlánfaí leis na gníomhaíochtaí laistigh den chuspóir sonrach "Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn" na gníomhaíochtaí laistigh de na codanna eile d'Fhís 2020, agus go lorgófaí sineirgí i gcásanna inarbh fhéidir.

(19)

Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear bailchríoch cheart ar Fís 2020 agus arna cláir ba réamhtheachtaithe, go háirithe maidir le leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir le bainistiú na gclár, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú.

(20)

Is aidhm lárnach ag Fís 2020 é an simpliú agus ba cheart go mbeadh sin le feiceáil ina dhearadh, ina rialacha, ina bhainistiú airgeadais agus ina chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag Fís 2020, rannpháirtíocht láidir ollscoileanna, ionad taighde, tionscail agus FBManna go sonrach a mhealladh agus a bheith ar oscailt do rannpháirtithe nua, ós rud é go dtugtar le chéile an réimse iomlán tacaíochta taighde agus nuálaíochta i gcomhchreat straitéiseach amháin, lena n-áirítear sraith chuíchóirithe cineálacha tacaíochta agus go mbaintear úsáid as rialacha rannpháirtíochta in éineacht le prionsabail is infheidhme maidir le gach gníomh faoi Fís 2020. Ba cheart go laghdófaí costais riaracháin rannpháirtíochta mar thoradh ar rialacha cistiúcháin níos simplí, agus leis na rialacha sin cabhrófar earráidí airgeadais a chosc agus a laghdú.

(21)

Ba cheart do Fís 2020 cur le haidhmeanna na gComhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha i gcomhréir leis an tionscnamh suaitheanta, ‘an tAontas Nuálaíochta’, trína dtugtar le chéile na gníomhaithe ábhartha uile ón slabhra iomlán taighde agus nuálaíochta d'fhonn cuíchóiriú, simpliú agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar ionstraimí agus ar thionscnaimh.

(22)

D'fhonn an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí a láidriú agus muinín an phobail san eolaíocht a neartú, ba cheart go gcothófaí le Fís 2020 rannpháirtíocht eolach saoránach agus na sochaí sibhialta i ndáil le hábhair thaighde agus nuálaíocha trí oideachas eolaíochta a chur chun cinn, trí rochtain níos fusa a sholáthar ar eolas eolaíoch, trí chláir oibre fhreagracha maidir le taighde agus le nuálaíocht a fhorbairt lena bhfreastalaítear ar imní agus ionchas na saoránach agus na sochaí sibhialta agus trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Fís 2020 a éascú. Ba cheart go rachadh rannpháirtíocht saoránach agus na sochaí sibhialtach le chéile le gníomhaíochtaí for-rochtana poiblí le tacaíocht phoiblí a ghiniúint agus a choimeád.

(23)

Ba cheart go mbeadh cothromaíocht iomchuí idir na tionscadail bheaga agus na tionscadail mhóra laistigh den tosaíocht 'Dúshláin shochaíocha'agus den chuspóir sonrach "Ceannaireacht sna teicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha".

(24)

Ba cheart go bhfreagrófaí le cur chun feidhme Fís 2020 do na deiseanna agus do na riachtanais athraitheacha a ghabhann leis an eolaíocht agus an teicneolaíocht, an tionscal, beartais agus an tsochaí. Dá réir sin, ba cheart na cláir oibre a bheith socraithe i gcuibhreann dlúth le páirtithe leasmhara ó gach earnáil lena mbaineann, agus ba cheart solúbthacht leordhóthanach a bheith iontu i gcomhair forbairtí nua. Ba cheart comhairle sheachtrach a lorg ar bhonn leanúnach fad a mhaireann Fís 2020, agus ba cheart úsáid a bhaint as struchtúir ábhartha amhail Cláir Oibre Eorpacha Teicneolaíochta, Comhthionscnaimh Chlárúcháin, Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha chomh maith le comhairle a fháil ó phainéil eolaíocha, amhail an Painéal Eolaíoch le haghaidh Sláinte.

(25)

Ba cheart leis na gníomhaíochtaí a fhorbraítear faoi Fís 2020 an comhionannas a chur chun cinn idir mná agus firsa taighde agus sa nuálaíocht trí aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna is bun le héagothroime inscne go háirithe, trí acmhainneacht iomlán taighdeoirí fireann agus baineann a shaothrú, agus trí chomhtháthú a dhéanamh ar an ngné inscne san inneachar taighde agus nuálaíochta, agus trí aird faoi leith a dhíriú ar chothromaíocht inscne a áirithiú, faoi réir an cháis i réimse an taighde agus na nuálaíochta, i bpainéil luachála agus i gcomhlachtaí ábhartha comhairleacha agus saineolaithe eile d'fhonn cáilíocht an taighde a fheabhsú agus an nuálaíocht a spreagadh. Ina theannta sin, ba cheart go ndíreofaí leis na gníomhaíochtaí ar chur chun feidhme na bprionsabal a bhaineann le comhionannas idir fir agus mná mar a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 8 CFAE iad.

(26)

Ba cheart go gcabhrófaí le Fís 2020 le mealltacht na gairme taighde san Aontas. Ba cheart aird leordhóthanach a thabhairt ar an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair maidir le Taighdeoirí a Earcú, arna leagan amach i Moladh an Choimisiúin 11 Márta 2005 (15), chomh maith le creataí tagartha ábhartha eile a shainítear i gcomhthéacs LET, agus cineál deonach na cairte agus an chóid iompair á n-urramú ag an am céanna.

(27)

Chun go bhféadfaí dul i mbun iomaíochta ar bhonn domhanda, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra shochaíocha ar bhealach éifeachtach cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach, ba cheart go mbainfeadh an tAontas leas iomlán as na hacmhainní daonna atá aige. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gcabhrófaí le Fís 2020 LET a bhaint amach, forbairt choinníollacha réime á spreagadh chun cabhrú le taighdeoirí Eorpacha fanacht san Eoraip nó filleadh ar an Eoraip, taighdeoirí a mhealladh as áiteanna eile ar fud na cruinne agus an Eoraip a léiriú mar cheann scríbe níos tarraingtí do na taighdeoirí is fearr.

(28)

Ba cheart rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a áirithiú chun cúrsaíocht agus saothrú eolais a ardú. Thairis sin, ba cheart go ndéanfaí rochtain oscailte ar na sonraí taighde a bhíonn mar thoradh ar thaighde a chistítear go poiblí faoi Fís 2020 a chur chun cinn, agus na srianta a bhaineann le príobháideacht, slándáil náisiúnta nó cearta maoine intleachtúla á gcur san áireamh.

(29)

Ba cheart prionsabail bhunúsacha eiticiúla a urramú i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu faoi Fís 2020. Ba cheart tuairimí an Ghrúpa Eorpaigh um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí a chur san áireamh. Ba cheart Airteagal 13 CFAE a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí taighde agus ba cheart úsáid ainmhithe sa taighde agus sa tástáil a laghdú d'fhonn deireadh a chur le húsáid ainmhithe faoi dheoidh. Ba cheart leibhéal ard cosanta sláinte daonna i gcomhréir le hAirteagal 168 CFAE a áirithiú le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile.

(30)

Le Fís 2020, ba cheart go dtabharfaí aird chuí ar chóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach san inneachar taighde agus nuálaíochta ag gach céim den timthriall taighde.

(31)

Ní dhéanann an Coimisiún úsáid gascheall suthacha daonna a shireadh go sainráite. Tá úsáid gascheall daonna, más ann di, bíodh siad ina ngaschealla ó dhaoine lánfhásta nó ina ngaschealla suthacha, ag brath ar bhreithiúnas na n-eolaithe maidir leis na cuspóirí ar mian leo a bhaint amach, agus tá an úsáid faoi réir athbhreithnithe eitice dhéin. Níor cheart cistiú a dhéanamh ar aon tionscadal ina mbaintear úsáid as gaschealla suthacha daonna nach bhfuil an formheas is gá faighte ó na Ballstáit ina leith. Níor cheart cistiú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht atá toirmiscthe sna Ballstáit ar fad. Níor cheart cistiú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht i mBallstát ina bhfuil gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe.

(32)

D'fhonn an tionchar is mó is féidir a bhaint amach, ba cheart go bhforbrófaí le Fís 2020 sineirgí dlútha le cláir eile de chuid an Aontais i réimsí amhail an t-oideachas, an spás, an comhshaol, an fuinneamh, an talmhaíocht agus an t-iascach, an t-iomaíochas agus FBManna, slándáil inmheánach, an cultúr agus na meáin.

(33)

Féachtar le Fís 2020 agus leis an mbeartas comhtháthaithe araon go mbeadh ailíniú níos cuimsithí le cuspóirí Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach. Leis an gcur chuige sin, iarrtar go mbeidh sineirgí níos mó ann idir Fís 2020 agus an beartas comhtháthaithe. Ba cheart mar sin, go ndéanfaí léi idirghníomhaíochtaí dlúithe a fhorbairt leis na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta freisin, lena bhféadfar cabhair a thabhairt go sonrach chun inniúlachtaí taighde agus nuálaíochta áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a neartú, go háirithe i gcomhthéacs straitéisí um speisialtóireacht chliste.

(34)

Is foinse shuntasach nuálaíochta, fáis agus poist san Eoraip iad FBManna. Dá bhrí sin, tá gá le rannpháirtíocht láidir FBManna, mar a shainítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 (16), i bhFís 2020. Ba cheart dó sin tacú le haidhmeanna an Ghnímh um Ghnólachtaí Beaga, a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2008 dar teideal "Smaoinigh ar Bheag ar dTús: "Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eorpaip". Le Fís 2020, ba cheart go gcuirfí réimse bealaí ar fáil chun tacú leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus le hinniúlachtaí FBManna i gcaitheamh chéimeanna éagsúla an timthrialla nuálaíochta.

(35)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún meastóireachtaí agus go ndéanfadh sé taifead ar ráta rannpháirtíochta na FBManna i bhFís 2020. Más rud é nach mbaintear amach an sprioc de 20 % den bhuiséad comhcheangailte iomlán le haghaidh an chuspóra shonraigh maidir le “Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha” agus le haghaidh na tosaíochta “Dúshláin shochaíocha” do FBManna, ba cheart go scrúdódh an Coimisiún na cúiseanna a bheadh leis sin agus ba cheart go molfadh sé bearta nua leordhóthanacha gan mhoill, chun go mbeadh FBManna in ann a rannpháirtíocht a ardú.

(36)

Féadfaidh cláir fhorlíontacha lena ngabhann rannpháirtíocht Bhallstáit áirithe amháin, rannpháirtíocht an Aontais i gcláir a chuirfidh roinnt Ballstát i gcrích, nó bunú comhghnóthas nó socruithe eile de réir bhrí Airteagal 184, Airteagal 185 agus Airteagal 187 CFAE a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme Fís 2020. Ba cheart go ndéanfaí cláir fhorlíontacha den sórt sin a shainaithint agus a chur chun feidhme ar bhealach oscailte, trédhearcach agus éifeachtúil.

(37)

Chun go laghdófaí an oiread ama a bhíonn i gceist ó choincheap go dtí go dtéitear chun margaidh, agus cur chuige ón mbun aníos á úsáid, agus chun rannpháirtíocht an tionscail, FBManna agus na ndreamanna ar iarrthóirí ar Fhís 2020 iad den chéad uair a ardú, ba cheart an treoir-Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta a chur chun feidhme laistigh den chuspóir sonrach "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus sa tosaíocht,"dúshláin shochaíocha". Ba cheart go spreagfaí infheistíocht ón earnáil phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht leis sin, go gcuirfí an taighde agus an nuálaíocht chun cinn agus béim á leagan ar luach a chruthú, agus go gcuirfí dlús leis na teicneolaíochtaí a fhorbairt go táirgí, próisis agus seirbhísí nuálacha.

(38)

Ba cheart go n-aithneofaí le cur chun feidhme Fís 2020 an ról uathúil atá ag na hollscoileanna i mbonn eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais mar institiúidí barr feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht, agus ról ríthábhachtach á imirt acu i ndáil le Limistéar Eorpach an Ardoideachais agus an Limistéar Eorpach Taighde LETa nascadh.

(39)

D'fhonn an tionchar is mó is féidir a bhaint amach do chistiú an Aontais, ba cheart go ndéanfadh Fís 2020 sineirgí níos dlúithe a fhorbairt, a fhéadfaidh bheith i bhfoirm comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí, le cláir idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha trína gcuirtear tacaíocht ar fáil do thaighde agus do nuálaíocht. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go spreagfaí le Fís 2020 an leas is fearr a bhaint as acmhainní agus dúbailt nach bhfuil gá leis a sheachaint.

(40)

Ba cheart tionchar níos mó a bhaint amach trí chistí Fís 2020 agus cistí ón earnáil phríobháideach a chomhcheangal laistigh de chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha i réimsí tábhachtacha ina bhféadfadh taighde agus nuálaíocht cur le haidhmeanna iomaíochais níos leithne na hEorpa, infheistíocht phríobháideach a ghiaráil agus cabhrú tabhairt faoi dhúshláin shochaíocha. Ba cheart go mbunófaí na comhpháirtíochtaí sin ar ghealltanas fadtéarmach, lena n-áirítear ranníocaíocht chothrom ó na comhpháirtithe uile, go mbeidís siad freagrach as a spriocanna a bhaint amach agus go mbeidís ailínithe le cuspóirí straitéiseacha an Aontais maidir le taighde, leis an bhforbairt agus leis an nuálaíocht. Ba cheart go ndéanfaí na comhpháirtíochtaí a rialáil agus a fheidhmiú ar bhealach oscailte, trédhearcach, éifeachtach agus éifeachtúil agus ba cheart go dtabharfaí deis leo do réimse leathan geallsealbhóirí atá gníomhach ina réimsí sonracha faoi leith a bheith rannpháirteach. Féadfar leanúint leis na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha i bhfoirm Comhthionscnamh Teicneolaíochta arna seoladh faoin Seachtú Clár Réime agus úsáid á baint as struchtúr atá níos oiriúnaí don chuspóir atá leo.

(41)

Ba cheart go gcuirfí comhar le tríú tíortha chun cinn le Fís 2020, bunaithe ar chomhleas agus ar leas coiteann. Ba cheart go ndíreofaí ar chomhar idirnáisiúnta san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht d'fhonn cur le baint amach chuspóirí na straitéise Eoraip 2020 chun iomaíochas a neartú, cur le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus beartais sheachtracha agus forbartha an Aontais a chothú, lena n-áirítear sineirgí a fhorbairt le cláir sheachtracha agus cur le tiomantais idirnáisiúnta an Aontais, amhail baint amach Spriocanna Forbartha na Mílaoise. Ba cheart go ndéanfaí gníomhaíochtaí idirnáisiúnta comhair a choimeád ar a laghad ar leibhéal an Seachtú Clár Réime.

(42)

Chun cothrom iomaíochta a choimeád do gach gnóthas atá gníomhach sa mhargadh inmheánach, ba cheart cistiú a fhaightear ó Fhís 2020 a bheith i gcomhréir le rialacha státchabhrach chun éifeachtacht caiteachais phoiblí a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh a chosc amhail cistiú príobháideach a bhrú amach, struchtúir neamhéifeachtacha margaidh a chruthú agus gnólachtaí neamhéifeachtúla a chaomhnú.

(43)

D'aithin Comhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 an gá le cur chuige nua maidir le rialú agus bainistiú riosca i gcistiú taighde an Aontais, agus d'iarr sí cothromaíocht nua idir iontaoibh agus rialú agus idir glacadh riosca agus seachaint riosca. D'iarr Parlaimint na hEorpa, ina rún dar dáta 11 Samhain 2010 maidir le cur chun feidhme na gCreatchlár Taighde, gluaiseacht phragmatach i dtreo an tsimplithe riaracháin agus airgeadais agus dúirt si ann gur cheart do bhainistiú cistiúcháin taighde Eorpaigh a bheith níos bunaithe ar iontaoibh agus níos fulangaí i dtreo rannpháirtithe ó thaobh rioscaí de. Baineadh de thátal as tuarascáil eatramhach mheasúnaithe an Seachtú Clár Réime go bhfuil gá le cur chuige níos radacaí chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le simpliú, agus gur gá cothromaíocht idir rioscaí agus iontaoibh a athbhunú.

(44)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis a fhorchur. Ba cheart go laghdófaí an t-ualach rialaithe do rannpháirtithe mar thoradh ar straitéis rialaithe athbhreithnithe, trína n-athrófar an fócas ó íoslaghdú rátaí earráide i dtreo rialaithe bunaithe ar riosca agus calaois a bhrath.

(45)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistiú fónta airgeadais Fhís 2020 agus a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is aisiúla don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht Fhís 2020 do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna. Is gá comhlíonadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus na gceanglas a bhaineann le simpliú agus rialáil níos fearr a áirithiú.

(46)

Éilítear le bainistiú éifeachtach ar fheidhmíocht, lena n-áirítear meastóireacht agus faireachán, go ndéanfaí táscairí sonracha feidhmíochta a fhorbairt, a bhféadfaí a thomhas le himeacht ama; beidh na táscairí sin réalaíoch agus léireofar leo an chúis a bheidh laistiar den idirghabháil; agus beidh siad ábhartha maidir le céimlathas na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí. Ba cheart sásraí comhordaithe iomchuí a bhunú idir cur chun feidhme Fís 2020 agus faireachán a dhéanamh air, agus faireachán ar dhul chun cinn, ar mhórghníomhartha agus ar fheidhmiú LET.

(47)

Faoi dheireadh 2017, mar chuid den mheastóireacht idirthréimhseach ar Fís 2020, ba cheart mbeadh na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha atá ann cheana agus na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha nua araon, lena n-áirítear na Comhthionscnaimh Theicneolaíochta, a bheith faoi réir measúnaithe dhomhain, ar cheart go n-áireofaí ann, inter alia, anailís ar a oscailte,a thrédhearcaí agus éifeachtaí agus atá siad. Ba cheart go n-áireofaí leis an measúnú sin an mheastóireacht a rinneadh ar IET mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 í ionas go bhféadfaí measúnú a dhéanamh bunaithe ar phrionsabail choiteanna.

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an creat foriomlán taighde agus nuálaíochta a neartú agus na hiarrachtaí a dhéantar ar fud an Aontais a chomhordú, agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, d'fhonn dúbláil a sheachaint, mais chriticiúil a chothú i réimsí lárnacha agus a áirithiú go n-úsáidfear airgeadas poiblí ar bhealach barrmhaith, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(49)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus soiléireachta, ba cheart Treoir Uimh. 1982/2006/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) ("Fís 2020") leis an Rialachán seo, agus cinntear an creat lena rialaítear tacaíocht ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, agus neartaítear fotha eolaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa agus lena gcothaítear leasanna don tsochaí agus saothrófar níos fearr acmhainneacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch na mbeartas maidir leis an nuálaíocht, leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch ar an gcaoi sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta' raon iomlán na ngníomhaíochtaí taighde, forbartha teicneolaíche, taispeántais agus nuálaíochta, lena n-áirítear comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, leathadh agus barrfheabhsú torthaí agus oiliúna ar ardcháilíocht agus soghluaisteachta taighdeoirí san Aontas a spreagadh;

(2)

ciallaíonn 'gníomhaíochtaí díreacha' gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanann an Coimisiún trína Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT);

(3)

ciallaíonn 'gníomhaíochtaí indíreacha' gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a soláthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais dóibh agus a dhéanann na rannpháirtithe;

(4)

ciallaíonn 'comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach' comhpháirtíocht ina ngeallann comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach, an tAontas agus, i gás inarb iomchuí, comhpháirtithe eile, amhail comhlachtaí na hearnála poiblí, go dtacóidh siad go comhpháirteach le gníomhaíochtaí nó le clár taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(5)

ciallaíonn 'comhpháirtíocht phoiblí-phoiblí' comhpháirtíocht ina ngeallann comhlachtaí ón earnáil phoiblí nó comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal idirnáisiúnta, in éineacht leis an Aontas go dtacóidh siad go comhpháirteach le gníomhaíochtaí nó le clár taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(6)

ciallaíonn 'bonneagair thaighde' saoráidí, acmhainní agus seirbhísí a mbaineann na comhphobhail taighde leas astu le taighde a dhéanamh agus le nuálaíocht a chothú ina réimsí. I gcás inarb ábhartha, féadfar iad a úsáid i réimsí eile seachas an taighde, mar shampla chun críche oideachais nó seirbhísí poiblí. Áirítear leo: trealamh mór eolaíoch (nó tacair ionstraimí); acmhainní eolasbhunaithe amhail bailiúcháin, cartlanna nó sonraí eolaíocha; ríomh-bhonneagar amhail sonraí agus córais ríomhaireachta agus líonraí cumarsáide; agus aon bhonneagar eile de chineál uathúil a bheidh riachtanach le go mbainfear barr feabhas amach sa taighde agus sa nuálaíocht. Féadfaidh bonneagair den sórt sin a bheith ‘suite ar shuíomh amháin’, ‘fíorúil nó dáilte’;

(7)

Tá an bhrí chéanna le 'straitéis um speisialtóireacht chliste' agus atá le straitéis um speisialtóireacht chliste amhail a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) é.

Airteagal 3

Bunú Fís 2020

Bunaítear Fís 2020 leis seo i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 4

Breisluach Aontais

Déanfar le Fís 2020 breisluach agus tionchar an Aontais a uasmhéadú, ag díriú ar chuspóirí agus ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtúil ag gníomhú dóibh féin. Beidh ról lárnach ag Fís 2020 i le baint amach Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach ("Straitéis Eoraip 2020")trí chomhchreat straitéiseach a chur ar fáil le haghaidh chistiú taighde agus nuálaíochta ar chaighdeán feabhais an Aontais, agus ar an gcaoi sin gníomhóidh sé mar bhealach chun infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a ghiaráil, cruthófar deiseanna poist nua mar thoradh air agus áiritheofar inbhuanaitheacht, fás, forbairt eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus iomaíochas tionsclaíoch ar bhonn fadtéarmach ar fud na hEorpa, mar aon le díriú ar dhúshláin shochaíocha ar fud an Aontais.

Airteagal 5

Cuspóir ginearálta, tosaíochtaí agus cuspóirí sonracha

1.   Is é cuspóir ginearálta Fís 2020 rannchuidiú le sochaí agus geilleagar a thógáil a bheidh bunaithe ar an eolas agus ar an nuálaíocht a thógáil ar fud an Aontais trí chistiú breise a luamhánúle haghaidh na taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus trí chabhrú spriocanna taighde agus forbartha a bhaint amach, lena n-áirítear sprioc 3 % OTI don taighde agus don fhorbairt ar fud an Aontais faoi 2020. Dá réir sin, tacóidh Fís 2020 leis an Straitéis Eoraip 2020 agus le beartais eile an Aontais a chur chun feidhme, chomh maith le Limistéar Eorpach Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú. Leagtar amach i réamhrá Iarscríbhinn I an chéad sraith de tháscairí feidhmíochta ábhartha chun dul chun cinn i dtreoi an chuspóir ghinearálta a mheas.

2.   Rachfar i mbun an chuspóra ginearálta aleagtar amach i mír 1 trí bhíthin trí thosaíocht atreisithe fhrithpháirteacha a bheidh tiomanta do na nithe seo a leanas:

(a)

Eolaíocht den scoth;

(b)

Ceannaireacht thionsclaíoch;

(c)

Dúshláin shochaíocha.

Leagtar amach na cuspóirí sonracha a chomhfhreagraíonn do gach ceann de na trí thosaíocht a leagtar amach sa chéad fhomhír i gCuid I go Cuid III d'Iarscríbhinn I, mar aon le treoirlínte do na gníomhaíochtaí.

3   Déanfar an cuspóir ghinearálta atá leagtha amach i mír 1 a shaothrú trí nacuspóirí sonracha 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' agus "Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' a leagtar amach i gCuid IIIa agus IIIb d'Iarscríbhinn 1, faoi seach.

4.   Rannchuideoidh ACT leis an gcuspóir ginearálta agus leis na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, faoi seach, trí thacaíocht eolaíochta agus theicniúil a sholáthar do bheartais an Aontais i gcomhar le geallsealbhóirí taighde náisiúnta agus réigiúnacha, de réir mar is iomchuí, mar shampla maidir le straitéisí um speisialtóireacht chliste a fhorbairt. Leagtar amach an cuspóir sonrach agus na treoirlínte do na gníomhaíochtaí i gCuid VI d'Iarscríbhinn I.

5.   Rannchuideoidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) leis an gcuspóir ginearálta agus leis na tosaíochtaí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 faoi seach, agus beidh sé de chuspóir sonrach aici triantán an eolais – an taighde, an nuálaíocht agus an t-ardoideachas – a chomhtháthú. Leagtar amach táscairí feidhmíochta ábhartha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht l i réamhrá Iarscríbhinn I agus leagtar amach treoirlínte don chuspóir sonrach sin agus do na gníomhaíochtaí i gCuid VII d'Iarscríbhinn I.

6.   Faoi chuimsiú na dtosaíochtaí, na gcuspóirí sonracha agus na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, d'fhéadfaí aird a thabhairt ar riachtanais nua gan choinne a thiocfaidh chun cinn le linn thréimhse cur chun feidhme Fís 2020. Má tá bonn cirt cuí leo, féadfar a áireamh sa mhéid sin freagairtí ar dheiseanna, ar ghéarchéimeanna agus freagairtí ar bhagairtí a thiocfaidh chun cinn, ar riachtanais a bhaineann le beartais nua an Aontais a fhorbairt.

Airteagal 6

Buiséad

1.   Déantar an t-imchlúdach airgeadais chun Fís 2020 a chur chun feidhme a shocrú mar EUR 770 283 milliún i bpraghsanna reatha, agus as sin déanfar EUR 743 169 milliún ar a mhéid a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Déanfar an méid le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Theideal XIX CFAE a dháileadh i measc na dtosaíochtaí a leagtar amach Airteagal 5(2) den Rialachán seo mar a leanas:

(a)

Eolaíocht den scoth - EUR 244 411 milliún i bpraghsanna reatha;

(b)

Ceannaireacht thionsclaíoch - EUR 170 155 milliún i bpraghsanna reatha;

(c)

Dúshláin shochaíocha - EUR 29 679 milliún i bpraghsanna reatha;

Is mar a leanas a bheidh an t-uasmhéid foriomlán le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó Fís 2020 leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5(3) agus le gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT.

(i)

Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú, 8 165 milliún i bpraghsanna reatha;

(ii)

Cuid IIIb ' 'Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí, 4 622 milliún i bpraghsanna reatha;.

(iii)

Cuid IV - Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT, 19 026 milliún i bpraghsanna reatha;.

Déantar an miondealú táscach i gcomhair na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 5(3) a leagan amach in Iarscríbhinn II.an.

3.   Déanfar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a mhaoiniú trí bhíthin ranníocaíochta uasta ó Fhís 2020 dar luach 27 114 milliún i bpraghsanna reatha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

4.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais Fhís 2020 na costais seo a leanas a chumhdach: costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a mbeidh gá leo chun Fís 2020 a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir agus cruinnithe saineolaithe, a mhéid a bhainfidh siad le cuspóirí Fís 2020, costais a bhainfidh le líonraí teicneolaíochta faisnéise lena ndíreofar ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile a thabhóidh an Coimisiún chun Fís 2020 a bhainistiú.

Más gá agus má tá bonn cirt cuí leis, féadfar leithreasaí a iontráil i mbuiséad Fís 2020 i ndiaidh 2020 d'fhonn costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú. Ní mhaoineofar le Fís 2020 tógáil nó oibriú clár Galileo, clár Copernicus nó an Comhghnóthas Eorpach d'ITER.

5.   D'fhonn freagairt do chásanna gan choinne nó do riachtanais agus d'fhorbairtí nua, féadfaidh an Coimisiún, tar éis na meastóireachta eatramhaí ar Fhís 2020 dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus torthaí an athbhreithnithe ar EIT dá dtagraítear in Airteagal 32(2) é, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna a leagtar amach i gcomhair na dtosaíochtaí agus na gcuspóirí sonracha 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' agus "Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' i mír 2 den Airteagal seo agus ar an miondealú táscach de réir cuspóirí sonracha faoi chuimsiú na dtosaíochtaí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus an ranníocaíocht le EIT i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, sna dálaí céanna, leithreasaí a aistriú idir na tosaíochtaí agus na cuspóirí sonracha chomh maith le EIT suas le huasmhéid 7,5 % den leithdháileadh tosaigh iomlán i gcomhair gach tosaíochta agus na gcuspóirí sonracha 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' agus "Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' agus suas le 7,5 % den mhiondealú táscach tosaigh i leith gach cuspóra shonraigh agus suas le huasmhéid 7,5 % den ranníocaíocht le EIT. Ní cheadófar aon aistriú den sórt sin maidir leis an méid a leagtar amach i mír 2 den mhír seo le haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha an ACT.

Airteagal 7

Comhlachú tríú tíortha

1.   Féadfaidh na páirtithe seo a leanas comhlachú le Fís 2020:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime faoi seach, sna cinntí ó chomhairlí comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail;

(b)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), nó tíortha nó críocha arna gcumhdach le Beartas Comharsanachta na hEorpaa chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(i)

tá inniúlacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta acu;

(ii)

tá cuntas teiste maith acu maidir le rannpháirtíocht i gcláir taighde agus nuálaíochta an Aontais;

(iii)

caitheann siad ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla.

(c)

tíortha nó críocha atá comhlachaithe leis an Seachtú Clár Réime.

2.   Déanfar téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht tíortha comhlachaithe i bhFís 2020, lena n-áirítear an ranníocaíocht airgeadais bunaithe ar OTI na tíre comhlachaithe a chinneadh trí bhíthin comhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus na tíortha comhlachaithe.

Beidh na téarmaí agus na coinníollacha maidir le comhlachas Stáit CSTE ar páirtithe iad sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe sin.

TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL I

Cur chun feidhme, bainistiú agus cineálacha tacaíochta

Airteagal 8

Cur chun feidhme trí bhíthin cláir shonraigh agus na ranníocaíochta le EIT

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme tríd an gclár comhdhlúite sonrach arna bhunú le Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle (19), ina sonrófar na cuspóirí agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme, agus trí ranníocaíocht airgeadais do IET.

Sa chlár sonrach sin, leagfar amach Cuid amháin le haghaidh gach ceann de na trí thosaíocht a leagtar amach in Airteagal 5(2), Cuid do gach ceann de na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus Cuid le haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT.

Beidh comhordú éifeachtach idir trí tosaíochtaí Fís 2020.

Airteagal 9

Bainistiú

1.   Cuirfidh an Coimisiún Fís 2020 chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cuid de chur chun feidhme Fís 2020 a chur ar iontaoibh na gcomhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) d' 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 10

Cineálacha tacaíochta ón Aontas

1.   Tacóidh Fís 2020 le gníomhaíochtaí indíreacha trí chineál amháin cistiúcháin nó níos mó dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus ionstraimí airgeadais. Beidh ionstraimí airgeadais mar chineál príomha cistiúcháin do ghníomhaíochtaí gar don mhargadh, a dtugtar tacaíocht dóibh faoi Fhís 2020.

2.   Tacóidh Fís 2020 le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh ACT chomh maith.

3.   I gcás ina rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh ACT le tionscnaimh a bhunaítear faoi Airteagal 185 nó faoi Airteagal 187 CFAE, ní ghlacfar leis an rannchuidiú sin mar chuid den ranníocaíocht airgeadais a leithdháiltear do na tionscnaimh sin.

Airteagal 11

Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh na dtorthaí

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh na dtorthaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) maidir le gníomhaíochtaí indíreacha.

CAIBIDIL II

Clárú

Roinn I

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 12

Comhairle sheachtrach agus rannphaírtíocht shochaíoch

1.   Chun Fís 2020 a chur chun feidhme, cuirfear san áireamh comhairle agus ionchur a sholáthróidh na comhlachtaí seo a leanas: grúpaí neamhspleácha comhairleacha ina mbeidh saineolaithe ar ardleibhéil a bhunaigh an Coimisiún, ó réimse leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear taighde, tionscal agus an tsochaí shibhialta leis na peirspictíochtaí riachtanacha idirdhisciplíneacha agus trasearnálacha a chur ar fáil, agus na tionscnaimh ábhartha atá ann ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh. Cuirfear ionchur eile ar fáil ó struchtúir idirphlé a chruthaítear faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta; ó ghníomhaíochtaí forásacha; ó chomhairliúcháin phoiblí spriocdhírithe lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhairliúcháin le húdaráis nó le geallsealbhóirí náisiúnta agus réigiúnacha; agus ó phróisis thrédhearcacha agus idirghníomhacha lena n-áiritheofar go dtacófar le taighde freagrach agus nuálaíocht fhreagrach.

Déanfar comhairle i dtaca le tosaíochtaí straitéiseacha a aithint agus a dhearadh ón gCoiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus Nuálaíochta, ón nGrúpa um Beartas Fiontraíochta agus ó ghrúpaí eile a bhaineann leis an nGrúpa Beartais Taighde a chur san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí.

2.   Tabharfar aird iomlán ar ghnéithe ábhartha na gclár oibre um thaighde agus nuálaíocht a bhunaítear, inter alia, le EIT, leis na Cláir Oibre Eorpacha Teicneolaíochta agus leis Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha, chomh maith le comhairle ó phainéil eolaíocha, amhail an Painéal Eolaíoch le haghaidh Sláinte.

Airteagal 13

Sineirgí le cláir náisiúnta agus comhchlárúchán

1.   I gcomhair chur chun feidhme Fís 2020, cuirfear san áireamh an gá a bheidh le sineirgí iomchuí agus comhlántachtaí a chruthú idir cláir thaighde agus tionscnaimh náisiúnta agus Eorpacha, mar shampla i réimsí ina ndéanfar iarrachtaí maidir le comhordú trí Chomhthionscnaimh Chlárúcháin.

2.   Féadfar tacaíocht Aontais a bhreithniú mar aon le haon tacaíocht eile atá le tabhairt do Chomhthionscnaimh Chlárúcháin trí na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 26, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcritéar a leagtar síos le haghaidh na n-ionstraimí sin.

Airteagal 14

Saincheisteanna trasnaí

1.   Cuirfear naisc agus comhéadain chun feidhme ar fud thosaíochtaí Fís 2020 agus faoina gcuimsiú. Maidir leis sin, tabharfar aird faoi leith ar na nithe seo a leanas:

(a)

ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha chomh maith leteicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí a bheidh ag teacht chun cinn;

(b)

agus ar réimsí a bhainfidh le nascadh ó fhionnachtain go dtí cur i bhfeidhm sa mhargadh;

(c)

ar thaighde agus nuálaíocht a bheidh idirdhisciplíneach agus trasearnálach;

(d)

ar dhaonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha;

(e)

ar athrú aeráide agus ar fhorbairt inbhuanaithe;

(f)

ar fheidhmiú agus ar bhaint amach an (LET) agus an tionscnaimh shuaitheanta Aontas Nuálaíochta a chothú;

(g)

ar dhálaí creata a thacóidh leis an Aontas Nuálaíochta;

(h)

ar chabhair a thabhairt do thionscnaimh shuaitheanta ábhartha Eoraip 2020 uile (lena n-áirítear an Clár Oibre Digiteach don Eoraip);

(i)

ar rannpháirtíocht níos leithne ar fud an Aontais ó thaobh taighde agus nuálaíochta de agus ar chabhrú le deireadh a chur leis an deighilt idir an taighde agus an nuálaíocht san Eoraip;

(j)

ar líonraí idirnáisiúnta taighdeoirí agus nuálaithe sármhaithe amhail an Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (COST);

(k)

ar chomhar le tríú tíortha;

(l)

ar nuálaíocht fhreagrach agus taighde freagrach lena n-áirítear inscne;

(m)

ar rannpháirtíocht FBManna agus na hearnála príobháidí go ginearálta;

(n)

ar tharraingteacht na gairme taighde a fheabhsú;

(o)

ar shoghluaisteacht thrasteorann agus thrasearnála taighdeoirí a éascú.

2.   I gcás ina dtacaítear le gníomhaíocht indíreach a bhfuil baint mhór aici le roinnt de na tosaíochtaí sonracha nó na cuspóirí sonracha dá dtagraítear ' in Airteagal 5(2) agus (2a), féadfar an tsuim airgeadais don ghníomhaíocht sin a chomhthiomsú ó na suimeanna a leithdháilfear ar gach tosaíocht nó ar gach cuspóir sonrach lena mbaineann.

Airteagal 15

Cineál athraitheach na heolaíochta, na teicneolaíochta, na nuálaíochta, na ngeilleagar agus na sochaí

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme ar bhealach ina n-áiritheofar go mbeidh na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a dtacófar leo ábhartha do riachtanais athraitheacha agus ina ndéanfar cineál athraitheach na heolaíochta, na teicneolaíochta, na nuálaíochta, na ngeilleagar agus na sochaí i ndomhan domhandaithe a chur san áireamh, i gcás ina gcuimseofar gnéithe gnó, eagraíochta, teicniúla, sochaíocha agus comhshaoil leis an nuálaíocht. Cuirfear an chomhairle sheachtrach dá dtagraítear in Airteagal 12 san áireamh sna tograí maidir le hathruithe a dhéanfar ar na tosaíochtaí agus ar na gníomhaíochtaí faoi Fhís 2020, chomh maith leis na moltaí ón meastóireacht eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 32(3).

Airteagal 16

Comhionannas inscne

Áiritheofar le Fís 2020 go gcuirfear comhionannas inscne agus gné na hinscne chun cinn go héifeachtach in inneachar na taighde agus na nuálaíochta. Ba cheart aird faoi leith a dhíriú ar chomhionannas inscne a áirithiú, faoi réir an cháis i réimse an taighde agus na nuálaíochata lena mbaineann, i bpainéil mheastóireachta agus i gcomhlachtaí amhail grúpaí comhairleacha agus sainghrúpaí.

Déanfar an ghné inscne a chomhtháthú ar bhealach leordhóthanach in inneachar taighde agus nuálaíochta na straitéisí, na gclár agus na dtionscadal agus cloífear leis ag gach céim den timthriall taighde.

Airteagal 17

Gairmréimeanna taighdeoirí

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013, rud a chuirfidh ar an gcaoi sin le hatreisiú an chómhargaidh do thaighdeoirí agus le tarraingteacht ghairmréim an taighdeora ar fud an Aontais i gcomhthéacs LET lena gcuirfear san áireamh gné thrasnáisiúnta an chuid is mó de na gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoi.

Airteagal 18

Rochtain oscailte

1.   Áiritheofar rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a bheidh mar thoradh ar thaighde a mhaoineofar go poiblí faoi Fhís 2020 Cuirfear an méid sin i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013.

2.   Déanfar rochtain oscailte ar shonraí taighde a bheidh mar thoradh ar thaighde a mhaoineofar go poiblí faoi Fís 2020 a chur chun cinn. Cuirfear an méid sin i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013.

Airteagal 19

Prionsabail eiticiúla

1.   Beidh na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta go léir a dhéanfar faoi Fís 2020 i gcomhréir le prionsabail eiticiúla agus leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a Phrótacail Fhorlíontacha.

Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, ar cheart an duine chun sláine fisicí agus intinne, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe agus ar an ngá le leibhéil arda chosanta ar shláinte an duine a áirithiú.

2.   Díreofar na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanfar faoi Fhís 2020 ar iarratais shibhialta go heisiach.

3.   Ní chuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair na réimsí taighde seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht taighde a cheapfar chun daoine a chlónáil chun críocha atáirgthe;

(b)

gníomhaíocht taighde cheapfar chun oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh na hathruithe sin bheith inoidhreachta (21);

(c)

gníomhaíochtaí taighde a cheapfar chun suthanna daonna a chruthú leo ar mhaithe le taighde amháin nó d'fhonn gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí aistriú núicléas cille sómaí.

4.   D'fhéadfaí maoiniú a sholáthar le haghaidh taighde ar ghaschealla daonna, daoine fásta agus suthach araon, ag brath ar inneachar an togra eolaíochta agus ar chreat dlí an Bhallstáit lena mbaineann. Ní dheonófar aon chistiú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a bhfuil toirmeasc orthu sna Ballstáit uile. Ní dhéanfar cistiú le haghaidh aon ghníomhaíocht i mBallstát ina mbeidh gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe.

5.   D'fhéadfaí na réimsí taighde a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a athbhreithniú laistigh de chomhthéacs na meastóireachta eatramhaí a leagtar amach in Airteagal 32(3) i bhfianaise dhul chun cinn na heolaíochta.

Airteagal 20

Comhlántacht le cláir eile de chuid an Aontais

Cuirfear Fís 2020 chun feidhme ar bhealach a bheidh comhlántach le cláir chistiúcháin agus beartais chistiúcháin eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta (Cistí CESI), an Comhbheartas Talmhaíochta, an Clár le haghaidh Iomaíochas Fiontar agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide(COSME) (2014-2020), Clár "Erasmus+" agus Clár Life.

Airteagal 21

Sineirgí le cistí CES

Chomh maith le beartais struchtúracha Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha, rannchuideofar le Fís 2020 freisin le deireadh a chur leis an mbearna taighde agus nuálaíochta san Aontas trí shineirgí le Cistí CES a chur chun cinn. Nuair is féidir, féadfar leas a bhaint as cistiú carnach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 é.

Roinn II

Réimsí sonracha gníomhaíochta

Airteagal 22

Fiontair bheaga agus mheánmhéide

1.   Tabharfar aird faoi leith ar rannpháirtíocht leormhaith fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a áirithiú agus Fís 2020 á cur chun feidhme, agus ar an tionchar a bheidh ag an taighde agus an nuálaíocht ar na fiontair bheaga agus mheánmhéide sin. Déanfar measúnuithe cainníochtúla agus cáilíochtúla ar rannpháirtíocht FBManna mar chuid de na socruithe meastóireachta agus faireacháin.

2.   Anuas ar choinníollacha níos fearr a bhunú le go mbeidh na FBManna páirteach sna deiseanna ábhartha uile faoi Fhís 2020, déanfar bearta sonracha a ghlacadh. Go háirithe, déanfar ionstraim thiomnaithe FBM lena ndíreofar ar gach cineál FBM agus lena ngabhfaidh acmhainneacht nuálaíochta, sa chiall is leithne, a chruthú faoi chóras bainistithe aonair lárnach agus cuirfear chun feidhme í go príomha ón mbun aníos trí iarraidh leanúnach, oscailte a bheidh dírithe ar riachtanais FBManna mar a leagtar amach faoin gcuspóir sonrach "Nuálaíocht i bhFiontair Bheagmhéide agus Mheánmhéide" i bPointe 3.3.(a) de Chuid II d'Iarscríbhinn I iad. Cuirfear san áireamh san ionstraim sin cuspóir sonrach "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" a leagtar amach i bPointe 1 de Chuid II d'Iarscríbhinn I agus gach ceann de na cuspóirí sonracha faoin tosaíocht "Dúshláin shochaíocha" a leagtar amach i bPointe 1 go Pointe 7 de Chuid III d'Iarscríbhinn I agus a chuirfear chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

3.   Ba cheart go dtabharfaí íosmhéid 20 % den bhuiséad comhcheangailte iomlán le haghaidh an chuspóra shonraigh maidir le "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus le haghaidh na tosaíochta "Dúshláin shochaíocha" do FBManna mar thoradh ar an gcur chuige comhtháite a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 agus ar shimpliú na nósanna imeachta.

4.   Díreofar aird faoi leith ar ionadaíocht leordhóthanach a dhéanamh ar FBManna i gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 25.

Airteagal 23

Tionscadail chomhoibritheacha agus cláir chomhpháirtíochta

Ba cheart go ndéanfaí Fís 2020 a chur chun feidhme go príomha trí thionscadail chomhoibritheacha thrasnáisiúnta, a bhainfear amach trí ghlaonna ar thograí i gcláir oibre Fhís 2020 arna bhunú le Treoir 2013/743/AE. Déanfar tionscadail den sórt sin a mhaoiniú trí chomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus poiblí-poiblí. Déanfar na comhpháirtíochtaí sin a dhearadh le rannchuidiú na mBallstát agus leagfar síos iontu prionsabail maidir lena mbainistiú inmheánach.

Airteagal 24

Conair Mhear i dtreo na Nuálaíochta

Déanfar an Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta (CMN) a chur chun feidhme i bhfoirm lán phíolóta i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 lena mbunófar glao FTI, a gcuirfear tús léi in 2015.

Airteagal 25

Comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha

1.   Féadfar Fís 2020 a chur chun feidhme trí bhíthin comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha i gcás ina ngeallfaidh na comhpháirtithe go léir lena mbaineann go dtacóidh siad le forbairt agus cur chun feidhme taighde réamhiomaíoch agus gníomhaíochtaí nuálaíochta de thábhacht straitéiseach d'iomaíochas agus do cheannaireacht thionsclaíoch an Aontais nó chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha shonracha. Cuirfear comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun feidhme ar bhealach nach gcuirfear isteach leo ar rannpháirtíocht iomlán na n-imreoirí Eorpacha is fearr.

2.   Bainfidh rannpháirtíocht an Aontais sna comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha úsáid as na struchtúir atá ann cheana agus as na struchtúir a bhaineann le rialachas éadrom agus féadfaidh sé tarlú i gcomhréir le ceann de na cineálacha seo a leanas:

(a)

ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas le comhghnóthais a bhunaítear de bhun Airteagal 187 CFAE faoin Seachtú Clár Réime, faoi réir an leasaithe ar a gcuid gníomhartha bunúsacha; le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha nua a bhunaítear de bhun Airteagal 187 CFAE; agus le comhlachtaí cistiúcháin eile dá dtagraítear i bpointe (iv), agus i bpointe (vi) de phointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ní chuirfear an cineál sin comhpháirtíochtaí chun feidhme ach amháin i gcás ina mbeidh bonn cirt léi de bharr raon feidhme na gcuspóirí a dtabharfar fúthu agus scála na n-acmhainní a bheidh riachtanach agus na measúnaithe ábhartha tionchair á gcur san áireamh, agus i gcás nach gcomhlíonfadh na cineálacha eile comhpháirtíochta na cuspóirí nó nach nginfí an giaráil riachtanach leo;

(b)

socruithe conarthacha idir na comhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1, ar socruithe iad ina sonrófar cuspóirí na comhpháirtíochta, ceangaltais faoi seach na gcomhpháirtithe, príomhtháscairí feidhmíochta, agus na haschuir a bheidh le soláthar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainaithint a mbeidh tacaíocht ó Fhís 2020 ag teastáil uathu.

Chun go mbeidh na páirtithe leasmhara rannpháirteach, lena n-áirítear, mar is iomchuí, úsáideoirí deiridh, ollscoileanna, FBManna agus institiúidí taighde, tabharfaidh comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha rochtain ar chistí poiblí trí phróisis thrédhearcacha agus go príomha trí ghlaonna iomaíocha, arna rialú le rialacha maidir le rannpháirtíocht a bheidh i gcomhréir le rialacha Fís 2020. Ba cheart go mbeadh bonn cirt cuí le heisceachtaí ar úsáid glaonna iomaíocha.

3.   Sainaithneofar comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus déanfar iad a chur chun feidhme ar bhealach oscailte, trédhearcach agus éifeachtúil. Bunófar sainaithint na gcomhpháirtithe sin ar na critéir a leanas:

(a)

léiriú bhreisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais agus an rogha ionstraime a úsáidfear;

(b)

scála an tionchair ar iomaíochas tionsclaíoch, cruthú post, fás inbhuanaithe agus saincheisteanna socheacnamaíocha, lena n-áirítear dúshláin shochaíocha, a ndéanfar iad a mheas in aghaidh cuspóirí intomhaiste a shonrófar ar bhealach soiléir;

(c)

an gealltanas fadtéarmach, lena n-áirítear rannchuidiú cothrom ó na comhpháirtithe go léir bunaithe ar chomhfhís agus ar chuspóirí a shaineofar go soiléir;

(d)

scála na n-acmhainní lena mbaineann agus an cumas infheistíochtaí breise sa taighde agus sa nuálaíocht a ghiaráil;

(e)

sainiú soiléir ar róil gach comhpháirtí agus príomhtháscairí feidhmíochta comhaontaithe thar an tréimhse roghnaithe.

(f)

comhlántacht le codanna eile Fhís 2020 agus ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha taighde agus nuálaíochta an Aontais, go háirithe le tosaíochtaí straitéis Eoraip 2020;

I gcás inarb iomchuí, áiritheofar comhlántacht idir tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí agus rannpháirtíocht na mBallstát i gcás comhpháirtíochtaí príobháideacha-poiblí.

4.   Féadfar na tosaíochtaí taighde a chumhdófar le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a áireamh, i gcás inarb iomchuí, in nglaonna rialta i gcláir oibre Fís 2020, d'fhonn sineirgí nua a fhorbairt le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a mbainfidh tábhacht straitéiseach leo.

Airteagal 26

Comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha

1.   Rannchuideoidh Fís 2020 le comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí a neartú, de réir mar is iomchuí, i gcásanna ina gcuirfear gníomhaíochtaí ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta chun feidhme ar bhealach comhpháirteach laistigh den Aontas.

Tabharfar aird faoi leith ar Chomhthionscnaimh Phleanála idir na Ballstáit. Féadfaidh aon Bhallstát nó aon tír chomhlachaithe a bheith rannpháirteach sna Comhthionscnaimh Phleanála a mbeidh tacaíocht á fáil acu ó Fís 2020.

2.   Féadfar tacú le comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí faoi chuimsiú na dtosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 5(2), nó tharstu, go háirithe trí na bealaí seo a leanas:

(a)

ionstraim ERA-NET ina n-úsáidfear deontais chun tacú le comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí ina n-ullmhúchán, struchtúir líonraithe a bhunú, ceapadh, cur chun feidhme agus comhordú comhghníomhaíochtaí, agus gan cur le níos mó ná comhghlao aonair amháin in aghaidh na bliana ag an Aontas agus gníomhartha de chineál trasnáisiúnta freisin;

(b)

rannpháirtíocht an Aontais i gcláir a dhéanfaidh roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE i gcás ina mbeidh bonn cirt leis an rannpháirtíocht de bharr raon feidhme na gcuspóirí a shaothrófar agus scála na n-acmhainní a éileofar.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, beidh cistiú breise coinníollach ar bhreisluach na gníomhaíochta a léiriú ar leibhéal an Aontais agus ar cheangaltais tháscacha airgeadais roimh ré, in airgead tirim nó i bhfoirm chomhchineáil, ó na heintitis rannpháirteacha sna glaonna comhpháirteacha agus sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Féadfaidh ionstraim ERA-NET rialacha agus módúlachtaí cur chun feidhme na nglaonna comhpháirteacha agus na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhchuibhiú a bheith mar cheann dá cuspóirí aici, i gcás inar féidir. Féadfar í a úsáid freisin le hullmhú le haghaidh tionscnaimh de bhun Airteagal 185 CFAE.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní mholfar tionscnaimh den sórt sin ach amháin i gcásanna ina mbeidh gá le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe agus ina mbeidh ardleibhéal tiomantais ó na tíortha rannpháirteacha do chomhtháthú ar leibhéil eolaíochta, bhainistíochta agus airgeadais. Ina theannta sin, aithneofar tograí maidir le tionscnaimh den sórt sin ar bhonn na gcritéar seo a leanas go léir:

(a)

sainiú soiléir ar an gcuspóir a bheidh le saothrú agus a ábharthacht do chuspóirí Fís 2020 agus do chuspóirí beartais níos leithne an Aontais;

(b)

ceangaltais airgeadais tháscacha na dtíortha rannpháirteacha, in airgead tirim nó i bhfoirm chomhchineáil, lena n-áirítear réamhcheangaltais chun infheistíochtaí náisiúnta agus/nó réigiúnacha a ailíniú le haghaidh taighde agus nuálaíochta trasnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, chun acmhainní a chomhthiomsú;

(c)

breisluach na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais;

(d)

an mhais chriticiúil, maidir le méid agus líon na gclár lena mbaineann, cosúlacht nó comhlántacht na ngníomhaíochtaí agus an scair de thaighde ábhartha a chumhdófar leo;

(e)

oiriúnacht Airteagal 185 CFAE chun na cuspóirí a bhaint amach.

Airteagal 27

Comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Beidh eintitis dhlíthiúla mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 iad, a bheidh bunaithe i dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí indíreacha de chuid Fís 2020 faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin. Déanfar an comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chomhtháthú i Fís 2020 agus laistigh di freisin d'fhonn na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach go háirithe:

(a)

barr feabhas agus tarraingteacht an Aontais í i gcúrsaí taighde agus nuálaíochta chomh maith lena iomaíochas eacnamaíoch agus tionsclaíoch a neartú;

(b)

dul i ngleic ar bhealach éifeachtach leis na dúshláin shochaíocha chomhchoiteanna;

(c)

tacú le cuspóirí seachtracha an Aontais agus lena chuspóirí maidir le beartais forbartha, agus na cláir sheachtracha agus na cláir forbartha á gcomhlánú, lena n-áirítear oibleagáidí idirnáisiúnta agus na spriocanna gaolmhara a ghabhann leo, amhail Spriocanna Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Déanfar iarracht teacht ar shineirgí le beartais eile an Aontais.

2.   Is ar bhonn cur chuige straitéisigh mar aon le comhleasa, tosaíochtaí agus comhshochair a chuirfear chun feidhme na spriocghníomhaíochtaí arb éard is cuspóir leo an comhar le tríú tíortha áirithe nó le grúpaí áirithe de thríú tíortha, lena n-áirítear comhpháirtithe straitéiseacha an Aontais, a chur chun cinn, agus cuirfear san áireamh a gcumas san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus a riachtanais sonracha, na deiseanna margaidh a ghabhann leo, agus an tionchar a measfar a bheidh ag na gníomhaíochtaí sin.

Ba cheart rochtain chómhalartach ar chláir sna tríú tíortha a spreagadh agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart faireachán a dhéanamh uirthi. D'fhonn an tionchar is fearr a bhaint as an comhar idirnáisiúnta, cuirfear chun cinn an comhordú agus sineirgí le tionscnaimh de chuid na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe. Féadfaidh cineál an chomhair a bheith éagsúil ag brath ar na tíortha comhpháirtíochta sonracha.

Cuirfidh tosaíochtaí comhair forbairtí i mbeartais an Aontais san áireamh chomh maith le deiseanna comhair le tríú tíortha, agus déileáil le cearta maoine intleachtúla ar bhealach cóir agus cothromasach maidir le cearta maoine intleachtúla.

3.   Ina theannta sin, cuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí cothrománacha agus gníomhaíochtaí trasnaí arb éard is aidhm leo forbairt straitéiseach ar an gcomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn.

Airteagal 28

Faisnéis, cumarsáid, saothrú agus scaipeadh torthaí

Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le Fís 2020 a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta cumarsáide maidir le tionscadail agus le torthaí tacaithe. Go háirithe, cuirfear faisnéis chríochnaitheach thráthúil ar fáil do na Ballstáit.

Rannchuideoidh an chuid de bhuiséad Fhís 2020 a leithdháilfear ar an gcumarsáid freisin le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid is féidir a bhainfidh siad le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo.

Beidh gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh agus chun gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh ina gcuid ríthábhachtach de gach ceann de na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi Fís 2020. Cuirfear faisnéis agus teachtaireachtaí a bhaineann le Fís 2020, lena n-áirítear faisnéis agus teachtaireachtaí faoi thionscadail a dtacófar leo, ar fáil ar bhealach inrochtana i bhfoirm dhigiteach.

Ina theannta sin, tacófar leis na gníomhaíochtaí sonracha seo:

(a)

tionscnaimh a dhíreofar ar an bpobal a chur ar an eolas maidir le cistiú a fháil faoi Fís 2020 agus rochtain ar an gcistiú sin a éascú, go háirithe i gcás na réigiún sin nó na gcineálacha sin rannpháirtithe a bhfuil rannpháirtíocht íseal acu i gcoibhneas le rannpháirtithe eile;

(b)

sainchúnamh a thabhairt do thionscadail agus do chuibhreannais chun rochtain leordhóthanach a thabhairt dóibh ar na scileanna is gá chun torthaí a chur in iúl, a shaothrú agus a scaipeadh ar an mbealach is fearr;

(c)

gníomhaíochtaí lena dtabharfar le chéile agus lena scaipfear torthaí ó raon tionscadal, lena n-áirítear iad siúd a d'fhéadfaí a chistiú ó fhoinsí eile, chun bunachair shonraí áisiúla agus tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na torthaí is tábhachtaí a chur ar fáil, agus, i gcás inarb ábhartha, na torthaí a chur in iúl agus a scaipeadh don phobal eolaíoch, don tionscal eolaíoch agus don phobal i gcoitinne;

(d)

torthaí a scaipeadh do lucht ceaptha beartas, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, chun na comhlachtaí iomchuí a spreagadh úsáid a bhaint as na torthaí a bhainfidh le beartas ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, ar an leibhéal réigiúnach;

(e)

tionscnaimh chun idirphlé agus díospóireacht leis an bpobal a chothú faoi chúrsaí eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta trí rannpháirtíocht an chomhphobail taighde agus nuálaíochta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus chun leas a bhaint as na meáin shóisialta agus as teicneolaíochtaí agus modheolaíochtaí eile atá nuálach, go háirithe chun cuidiú le feasacht a ardú i measc an phobail i leith na sochar a bhaineann le taighde agus nuálaíocht i dtaca le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin sochaíocha;

CAIBIDIL III

Rialú

Airteagal 29

Rialú agus iniúchóireacht

1.   An córas rialaithe a bhunófar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ceapfar é chun urrús réasúnach a thabhairt go ndéanfar laghdú dóthanach agus bainistíocht leormhaith ar na rioscaí a bhaineann le héifeacht agus le héifeachtúlacht na n-oibríochtaí, agus ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht na n-idirbheart is bun leo freisin, agus cuirfear san áireamh gur ar bhonn ilbhliantúil a dhéanfar na cláir, chomh maith leis na cineálacha íocaíochtaí lena mbaineann.

2.   Áiritheofar leis an gcóras rialaithe go mbeidh cothromaíocht iomchuí idir iontaobhas agus rialú, agus cuirfear san áireamh costais riaracháin agus costais eile ar gach leibhéal, go háirithe i gcás rannpháirtithe, ionas go mbainfear amach cuspóirí Fís 2020 agus go meallfar chuige na taighdeoirí is fearr agus na fiontair is nuálaí.

3.   Mar chuid den chóras rialaithe, déanfar an straitéis iniúchóireachta le haghaidh caiteachais ar ghníomhaíochtaí indíreacha thar Fís 2020 ina hiomláine a bhunú ar iniúchadh airgeadais a dhéanfar ar shampla ionadaíoch den chaiteachas. Comhlánófar an sampla ionadaíoch sin le rogha a bhunófar ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas.

Déanfar iniúchtaí ar an gcaiteachas ar ghníomhaíochtaí indíreacha faoi Fhís 2020 ar bhealach comhtháite agus i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta d'fhonn ualach na hiniúchóireachta ar na rannpháirtithe a íoslaghdú.

Airteagal 30

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

Gan dochar do mhír 3, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain i ndiaidh íocaíocht na hiarmhéide.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 ón gComhairle (23), d'fhonn a fháil amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a rinne difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le haon chomhaontú deontais de chuid Fís 2020, le haon chinneadh faoi dheontas nó le haon chonradh.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna comhaontuithe deontais, sna cinntí faoi dheontas agus sna conarthaí, a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL IV

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 31

Faireachán

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán go bliantúil ar chur chun feidhme Fís 2020, ar an gclár sonrach a ghabhfaidh léi agus ar ghníomhaíochtaí IET. Áireofar leis an bhfaireachán sin, ba cheart a bheith bunaithe ar fhianaise chainníochtúil agus, i gcás inarb iomchuí, ar fhianaise cháilíochtúil, faisnéis faoi ábhair thrasnaí amhail eolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí, inbhuanaitheacht agus an t-athrú aeráide, lena n-áirítear faisnéis faoin méid caiteachais a bhain le cúrsaí aeráide, faoi rannpháirtíocht FBManna, faoi rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, faoi chomhionannas inscne, faoi rannpháirtíocht a leathnú agus faoi dhul chun cinn i gcoinne táscairí feidhmíochta. Áireofar thairis sin leis an bhfaireachán faisnéis faoin méid cistithe i gcomhair comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí, lena n-áirítear Comhthionscnaimh Phleanála Tabharfar faoin bhfaireachán ar chistiú na gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, i gcás inarb iomchuí sin, i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin sin agus cuirfidh sé na torthaí sin ar fáil don phobal.

Airteagal 32

Meastóireacht

1.   Déanfar na meastóireachtaí ar bhealach sách tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta.

2.   Faoin 31 Nollaig 2017, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, a roghnófar ar bhonn nós imeachta a bheidh trédhearcach, athbhreithniú ar EIT, ina gcuirfear san áireamh an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008. Seolfar glaoch PEN in 2018 faoi réir thoradh dearfach an athbhreithnithe seo. Déanfaidh an t-athbhreithniú sin measúnú ar dhul chun cinn an EIT le hais na nithe seo a leanas:

(a)

an leibhéal ídithe a dhéanfar ar chistí a leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo agus a éifeachtúla a úsáidfear é, agus idirdhealú á dhéanamh idir an méid airgid a chaithfear le céad bhabhta PEN agus éifeacht an airgid shíl le haghaidh na gcéimeanna ina dhiaidh, agus cumas IET cistí a mhealladh ó na comhpháirtithe in PENanna agus ón earnáil phríobháideach go háirithe, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 294/2008;

(b)

ranníocaíocht EIT agus PENanna leis an tosaíocht Dúshláin shochaíocha" a réiteach agus leis an tosaíocht shonrach "Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus an fheidhmíocht a ndearnadh measúnú uirthi ar bhonn na dtáscairí a shainítear in Iarscríbhinn I;

(c)

an méid a chuirfidh EIT agus PENanna le hardoideachas, le taighde, agus le nuálaíocht a chomhtháthú;

(d)

cumas na PENanna páirtithe ábhartha nua a imeascadh nuair is féidir leo breisluach a sholáthar.

3.   Faoin 31 Nollaig 2017, agus tar éis a chur san áireamh an mheastóireacht ex-post ar an Seachtú Clár Réime a bheidh le críochnú faoin 31 Nollaig agus an t-athbhreithniú ar EIT, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, a roghnófar ar bhonn próisis a bheidh trédhearcach, meastóireacht eatramhach ar Fís 2020, ar an gclár sonrach a ghabhfaidh léi, lena n-áirítear an Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET), agus ar ghníomhaíochtaí EIT.

Leis an meastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar dhul chun cinn chodanna difriúla de Fís 2020 le hais na rudaí seo a leanas:

(a)

a mbeidh bainte amach (ar leibhéal na dtorthaí agus an dul chun cinn a bheidh déanta chun tionchar a bhaint amach, bunaithe, i gcás inarb infheidhme, ar na táscairí a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn II den chlár sonrach) i dtaca le cuspóirí Fís 2020 agus ábharthacht leanúnach na mbeart gaolmhar uile;

(b)

éifeachtúlacht agus úsáid na n-acmhainní, agus aird ar leith á tabhairt do shaincheisteanna trasnaí agus d'eilimintí eile dá dtagraítear in Airteagal 14(1); agus

(c)

breisluach an Aontais.

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach, beidh na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha atá ann cheana agus na comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha nua araon, lena n-áirítear na Comhthionscnaimh Theicneolaíochta, faoi réir measúnaithe dhomhain, lena n-áireofaí, inter alia, anailís ar a oscailte, a thrédhearcaí agus a éifeachtaí a bheidh siad. Áireofar leis an measúnú sin an mheastóireacht a dhéanfar ar IET dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ionas go bhféadfaí measúnú a dhéanamh bunaithe ar phrionsabail choiteanna.

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach, beidh CMN faoi réir measúnaithe dhomhain lena n-áireofar, inter alia, rannchuidiú le nuálaíocht, rannpháirtíocht tionscail, rannpháirtíocht iarratasóirí nua, éifeacht oibríochtúil agus maoiniú, agus giaráil infheistíochta príobháidí. Cinnfear CMN a chur chun feidhme tuilleadh ar bhonn thorthaí na meastóireachta, agus d'fhéadfaí í a choigeartú nó a leathnú dá réir sin.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht eatramhach gnéithe a bhaineann le scaipeadh agus saothrú thorthaí an taighde.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht eatramhach sin freisin an tsolúbthacht a bheidh ann chun a thuilleadh simplithe a dhéanamh agus gnéithe a bhaineann le rochtain ar dheiseanna cistiúcháin ag rannpháirtithe i ngach réigiún, agus ag an earnáil phríobháideach, go háirithe ag FBManna, agus leis an raon feidhme chun an chothromaíocht inscne a chur chun cinn. Fairis sin, cuirfear san áireamh inti an méid a rannchuideoidh na bearta le cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach agus maidir leis na torthaí i leith thionchar fadtéarmach na mbeart réamhtheachtach, agus méid na sineirge agus na hidirghníomhaíochta le cláir chistiúcháin eile an Aontais, lena n-áirítear Cistí ESI.

Mar chuid den mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú iomlán ar shamhail cistiúcháin Fís 2020 le hais na dtáscairí seo a leanas, inter alia:

rannpháirtíocht na rannpháirtithe a mbeidh bonneagair thaighde ar ardleibhéal ar fáil dóibh nó a mbeidh sé de nós acu úsáid a bhaint as costáil ionsú sa Seachtú Clár Réime cheana;

simpliú le haghaidh rannpháirtithe a mbeidh bonneagair thaighde ar ardleibhéal ar fáil dóibh nó a mbeidh sé de nós acu úsáid a bhaint as costáil ionsú sa Seachtú Clár Réime cheana;

gnáthchleachtais chuntasaíochta tairbhithe a ghlacadh;

a mhéid a úsáidfear an luach saothair breise a fhaigheann pearsanra dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht eatramhach freisin, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le comhar le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear i limistéir ina mbeidh comhthionscnaimh phleanála.

4   Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, a roghnófar ar bhonn próisis a bheidh trédhearcach, meastóireacht ex-post ar Fhís 2020, ar an gclár sonrach a ghabhfadh léi agus ar ghníomhaíochtaí IET. Cumhdófar leis an mheastóireacht sin an réasúnaíocht, an chaoi a gcuirfear chun feidhme í agus a mbeidh baint amach, chomh maith le tionchair fhadtéarmacha na mbeart agus a inbhuaine a bheidh siad, chun fónamh do chinneadh a dhéanamh maidir le haon bheart ina dhiaidh sin a athnuachan, a athrú nó a chur ar fionraí. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht gnéithe a bhaineann le leathadh agus saothrú thorthaí an taighde.

5.   Trí bhíthin na dtáscairí feidhmíochta le haghaidh na gcuspóirí ginearálta agus le haghaidh EIT, faoi mar a leagtar amach sa réamhrá d'Iarscríbhinn I, agus trí bhíthin na gcuspóirí sonracha faoi a bhunaítear sa chlár sonrach, lena n-áirítear na bonnlínte iomchuí, socrófar na coinníollacha is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a mbeifear ag tabhairt faoi chuspóirí Fís 2020 a bhaint amach.

6.   I gcás inarb iomchuí agus ina mbeidh siad ar fáil, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann.

7.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, chomh maith lena bharúlacha féin, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

TEIDEAL III

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 33

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Déantar Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   D'ainneoin mhír II, aon ghníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE agus aon oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, leanfaidh siad de bheith á rialú ag an gCinneadh sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

3.   Féadfar na costais a bhaineann le cúnamh teicneolaíochta agus riaracháin a theastaíonn chun an t-aistriú ó na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE go dtí Fís 2020 a áirithiú a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 111.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 143.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2013.

(4)  IO C 74 E, 13.3.2012, lch. 34.

(5)  IO C 377 E, 7.12.2012, lch. 108.

(6)  IO C 380 E, 11.12.2012, lch. 9.

(7)  IO C 56 E, 26.2.2013, lch. 1.

(8)  IO C 259, 2.9.2011, lch. 1.

(9)  IO C 318, 29.10.2011, lch. 121.

(10)  Cinneadh Uimh 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1).

(11)  Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 to 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus um Theicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).

(13)  Rialacháin (Euratom) Uimh. 1314/2013 ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) lena rannchuidítear le Clár Réime Horizon 2020 um Thaighde agus Nuálaíocht (Féach leathanach 948 den Iris Oifigiúil seo)

(14)  IO C 373. 20.12.2013, lch. 1.

(15)  IO L 75, 22.3.2005, lch. 67.

(16)  Moladh ón gCoimisiún 2003/361/CE an 6 Bealtaine 2003 a bhaineann le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1) ón gComhairle.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCoiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(19)  Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 202 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE and 2006/975/CE (Féach leathanach 965 den Iris Oifigiúil seo).

(20)  Rialachán (AE) (Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh in 'Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)' agus ag aisghairm Rialachán (CE) Uimh 1906/2006 (Féach leathanach 81 den Iris Oifigiúil seo).

(21)  Féadtar taighde a bhaineann leis an gcóireáil i gcás ailse na ngónad a mhaoiniú.

(22)  Rialachán (AE, Euratom) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(23)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus mírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Treoirlínte do na cuspóirí sonracha agus do na gníomhaíochtaí sonracha

Tá sé mar chuspóir ginearálta ag Fís 2020 sochaí agus geilleagar ceannródaíoch a bheidh bunaithe ar an eolas agus ar an nuálaíocht a thógáil ar fud an Aontais ar fad, agus cur leis an bhforbairt inbhuanaithe freisin. Tacóidh sí leis an straitéis Eoraip 2020 agus le beartais eile de chuid an Aontais freisin, chomh maith leis an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a bhaint amach agus a fheidhmiú.

Is iad seo a leanas na táscairí feidhmíochta chun an dul chun cinn a mheasúnú i gcoinne an chuspóra ghinearálta sin:

sprioc straitéis Eoraip 2020 maidir leis an taighde agus leis an bhforbairt (T&F) (3 % den olltáirgeacht intíre);

táscaire an ascurtha maidir leis an nuálaíocht i gcomhthéacs Straitéis Eoraip 2020 (1).

cion na dtaighdeoirí sa phobal gníomhach.

Rachfar i mbun an chuspóra ghinearálta seo trí bhíthin trí cinn de thosaíochtaí atá éagsúil lena chéile ach, san am céanna, a threisíonn a chéile, agus beidh tacar cuspóirí sonracha mar chuid de gach ceann de na tosaíochtaí sin. Cuirfear chun feidhme iad ar bhealach leanúnach d'fhonn caidreamh a chothú idir na cuspóirí sonracha difriúla, d'fhonn dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus d'fhonn a gcomhthionchar a threisiú.

Rannchuideoidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) le cuspóir ginearálta agus le tosaíochtaí Fís 2020 a bhaint amach, agus beidh sé mar chuspóir sonrach aige tacaíocht eolaíochta agus teicneolaíochta a bheidh dírithe ar chustaiméirí a thabhairt do bheartais an Aontais.

Rannchuideoidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) le cuspóir ginearálta agus le tosaíochtaí Fís 2020 a bhaint amach, agus beidh sé mar chuspóir sonrach aici triantán an ardoideachas an taighde, agus na nuálaíochta - a chomhtháthú ina chéile. Is iad seo a leanas na táscairí chun feidhmíocht EIT a mheasúnú:

eagraíochtaí ó ollscoileanna, ón earnáil ghnó agus ó earnáil an taighde atá comhtháite sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna);

comhoibriú laistigh de thriantán an eolais d'fhonn táirgí, seirbhisí agus próisis nuálacha a fhorbairt.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na mórthreoirlínte dul na gcuspóirí sonracha agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), (3) agus (4).

Saincheisteanna trasnaí agus bearta tacaíochta in Fís 2020

Gníomhaíochtaí trasnaí, a bhfuil liosta táscach díobh in Airteagal 14, cuirfear chun cinn iad idir cuspóirí sonracha na dtrí thosaíochtaí de réir mar is gá chun eolas nua, príomhinniúlachtaí agus dul chun cinn ceannródaíoch sa teicneolaíocht a fhorbairt, chomh maith le faisnéis a úsáid chun luach eacnamaíoch agus sochaíoch a bhaint aisti. Thairis sin, i mórán cásanna, caithfear réitigh idirdhisciplíneacha a fhorbairt a bhaineann le roinnt cuspóirí sonracha de Fís 2020. Cuirfear dreasachtaí ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le saincheisteanna trasnaí den sórt sin le Fís 2020, lena n-áirítear trí chuachadh éifeachtúil buiséad.

Na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí

Deanfar taighde sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí a chomhtháthú go hiomlán i ngach tosaíocht de chuid Fís 2020 agus i ngach ceann de na cuspóirí sonracha agus rannchuideoidh an taighde sin leis an mbonn fianaise chun beartais a cheapadh ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Maidir leis na dúshláin shochaíocha, déanfar na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí a phríomhshruthú mar chuid bhunriachtanach de na gníomhaíochtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha d'fhonn a dtionchar a mhéadú. Leis an gcuspóir sonrach den dúshlán sochaíoch 'An Eoraip i ndomhan atá i mbun athraithe- sochaithe atá cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach' tacófar le taighde sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí trí dhíriú ar shochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha.

An eolaíocht agus an tsochaí

Déanfar an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí chomh maith le taighde agus nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn, an eolaíocht, an t-oideachas agus cultúr a neartú agus déanfar muinín an phobail i dtaobh na heolaíochta a threisiú trí ghníomhaíochtaí Fís 2020 lena spreagfar saoránaigh agus an tsochaí shibhialta chun dul i ngleic go feasach le cúrsaí taighde agus nuálaíochta.

Inscne

Is gealltanas de chuid an Aontais cur chun cinn an chothromais idir na hinscní san eolaíocht agus sa nuálaíocht. Tabharfar aghaidh ar cheist na hinscne mar shaincheist thrasnaí chun míchothromaíochtaí idir fir agus mná a réiteach, agus chun diminsean inscne a chomhtháthú i gclárú agus in ábhar a bhaineann le taighde agus núalaíocht.

FBManna

Spreagfar agus tacófar le Fís 2020 rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide i mbealach comhtháite ar fud na gcuspóirí sonracha uile. I gcomhréir le hAirteagal 22, déanfar bearta mar a leagtar amach faoin gcuspóir sonrach 'Nuálaíocht i FBManna (ionstraim thiomnaithe FBManna) a chur i bhfeidhm sa chuspóir sonrach 'An Cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' agus sa tosaíocht 'Dúshláin shochaíocha'.

An Chonair Mhear i dtreo na Nuálaíochta (CMN)

Le CMN, amhail a leagtar amach in Airteagal 24 é, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálaíochta faoin gcuspóir sonrach "An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha" agus faoin tosaíocht ''Dúshláin shochaíocha', de réir loighce ón mbun aníos ar bhonn glao a bheidh oscailte ar bhonn leanúnach, agus 'am chun rochtain a cheadú' nach dtéann thar sé mhí i gceist léi.

Rannpháirtíocht a leathnú

In ainneoin roinnt cóineasaithe le déanaí, tá an-difríocht le sonrú maidir le cumas féideartha nuálaíochta agus taighde na mBallstát, agus bearnaí móra idir na "ceannairí nuálaíochta" agus na "nuálaithe measartha". Cabhrófar le gníomhaíochtaí chun an deighilt taighde agus nuálaíochta san Eoraip a réiteach trí shineirgí a chur chun cinn le Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta(Cistí ESI) agus trí bhearta sonracha chun barr feabhas a scaoileadh i réigiúin bheagfheidhmíochta taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN), agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht in Fís 2020 a fhorleathnú agus cuideofar leis LET a bhaint amach freisin.

Comhar Idirnáisiúnta

Tá gá le comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an iomad cuspóirí sonracha a leagtar amach in Fís 2020. Tá comhar idirnáisiúnta bunriachtanach i gcomhair taighde bunúsaí agus ceannródaíche chun tairbhe a bhaint as deiseanna a eascraíonn as eolaíocht agus teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn. Is riachtanach é an comhar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus chun iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa a fheabhsú. Tá sé bunriachtanach freisin go gcuirfí soghluaisteacht taighdeoirí agus foirne nuálaíochta (T agus FN) ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cinn d'fhonn an comhar domhanda sin a fheabhsú. Is gné bhunúsach de ghealltanais dhomhanda an Aontais atá sa chomhar idirnáisiúnta maidir le taighde agus nuálaíocht. Cuirfear comhar idirnáisiúnta chun cinn mar sin i ngach ceann de na trí thosaíochtaí de Fís 2020. I dteannta sin, tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí cothrománacha tiomnaithe chun forbairt chomhtháite agus éifeachtach an chomhair idirnáisiúnta ar fud Fís 2020 a áirithiú.

Forbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide

Spreagfar agus tacófar, le Fís 2020, gníomhaíochtaí chun ceannaireacht na hEorpa a úsáid sa rás chun próisis nua agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt lena gcuirtear forbairt inbhuanaithe, go ginearálta, chun cinn agus lena ndéantar an t-athrú aeráide a chomhrac. Cabhrófar tríd an gcur chuige comhrománach sin, a bheidh comhtháite go hiomlán i dtosaíochtaí Fís 2020, leis an Aontas rath a bhaint amach i ndomhan ísealcharbóin ina bhfuil srianta ar acmhainní, agus geilleagar atá tíosach ar acmhainní, inbhuanaithe agus iomaíoch á thógáil.

Nascadh ó fhionnachtain go dtí cur i bhfeidhm sa mhargadh

Le gníomhaíochtaí nasctha síos trí Fís 2020, iarrtar fionnachtain a thabhairt isteach i bhfeidhmiú an mhargaidh, céim a éascóidh saothrú agus margú smaointe nuair is iomchuí sin. Ba cheart na céimeanna a bhunú ar choincheap leathan nuálaíochta d'fhonn nuálaíocht thrasearnála a spreagadh.

Bearta tacaíochta trasnaí

Tacófar na bearta trasnaí le líon beart tacaíochta cothrománach, lena n-áirítear tacaíocht maidir le: mealltacht ghairm an taighdeora a fheabhsú, lena n-áirítear prionsabail ghinearálta na Cairte Eorpaí do Thaighdeoirí lena n-atreisítear bonn fianaise chomh maith le forbairt agus tacaíocht ERA (lena n-áirítear na cúig thionscnaimh de chuid ERA) agus an Aontais Nuálaíochta; feabhas a chur ar na dálaí chun tacaíocht a thabhairt don Aontas Nuálaíochta, lena n-áirítear na prionsabail sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú (2) agus measúnú a dhéanamh ar ionstraim luachshocraithe a bhunú maidir le Cearta Maoine Intleachtúla san Eoraip; riar agus comhardú na líonraí idirnáisiúnta um taighdeoirí agus nuálaithe sármhaithe, amhail COST.

CUID I.

TOSAÍOCHT 'Eolaíocht den scoth'

Is éard is aidhm leis an gCuid seo barr feabhas bhonn eolaíochta an Aontais a threisiú agus a leathnú agus LET a dhaingniú d'fhonn córas taighde agus nuálaíochta an Aontais a dhéanamh níos iomaíche ar fud an domhain. Tá na ceithre chuspóir shonracha seo a leanas inti:

(a)

Trí bhíthin "an Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET)", soláthrófar cistiú tarraingteach agus solúbtha chun cur ar chumas taighdeoirí tréitheacha cruthaitheacha, agus dá bhfoirne, dul i mbun oibre ar na gnéithe is fearr gealladh agus is nua-aimseartha den eolaíocht, ar bhonn iomaíochta ar fud an Aontais.

(b)

Trí bhíthin "Teicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn CET (CETanna)", tabharfar tacaíocht don chomhoibriú sa taighde d'fhonn feabhas a chur ar chumas na hEorpa nuálaíocht cheannródaíoch, réabhlóideach a bhaint amach. Cothófar leo an comhoibriú eolaíochta idir disciplíní éagsúla ar smaointe úrnua, ardriosca, agus cuirfear dlús leis an bhforbairt ar na réimsí úra sin den eolaíocht agus den teicneolaíocht is fearr gealladh, chomh maith leis an struchtúrú ar na comhphobail eolaíochta a fhreagraíonn do na réimsí sin ar fud an Aontais.

(c)

Trí "Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie", soláthrófar oiliúint nuálach den scoth ar an taighde, chomh maith le deiseanna tarraingteacha chun dul chun cinn a dhéanamh sa ghairmréim agus chun eolas a mhalartú, trí bhíthin shoghluaisteacht na dtaighdeoirí thar theorainneacha agus idir na hearnálacha d'fhonn iad a ullmhú chun dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha reatha agus leis na dúshláin a bheidh ann amach anseo.

(d)

Trí bhíthin na"Bonneagair taighde", forbrófar agus tacófar leis na bonneagair Eorpacha taighde den scoth agus cabhrófar leo agus iad ag rannchuidiú le ERA tríd a gcumas chun nuálaíochta a chothú, trí thaighdeoirí ar ardleibhéal a mhealladh agus trí chaipiteal daonna a chur faoi oiliúint, agus comhlánófar iad sin leis an mbeartas de chuid an Aontais lena mbaineann siad agus leis an gcomhar idirnáisiúnta.

Léiríodh cheana go bhfuil breisluach ard ar gach ceann de na cuspóirí sin don Aontas. Nuair a chuirtear le chéile iad, is tacar cumhachtach, cothromúil gníomhaíochtaí iad agus, in éineacht le gníomhaíochtaí eile ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, cumhdaíonn siad an réimse iomlán riachtanas atá ag an Eoraip maidir leis an ardeolaíocht agus leis an ardteicneolaíocht. Agus iad á dtabhairt le chéile in aon chlár amháin, beifear in ann iad a fheidhmiú ar bhealach níos comhchuí, cuíchóirithe, simplithe agus níos dírithe agus, san am céanna, an leanúnachas atá chomh tábhachtach sin dá n-éifeacht a choinneáil ar bun.

Is é cineál na ngníomhaíochtaí a bheith dírithe ar an am atá romhainn amach, iad ag cothú scileanna san fhadtéarma, ag díriú ar an gcéad ghlúin eile den eolaíocht, den teicneolaíocht, de thaighdeoirí agus den nuálaíocht, agus ag tabhairt tacaíochta do dhaoine tréitheacha atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais, as tíortha comhlachaithe agus as an domhan mór féin. Ós rud é go bhfuil comhphobal Eorpach na heolaíochta dírithe ar an eolaíocht agus go bhfuil a chuid socruithe cistiúcháin ón mbun aníos agus dírithe ar lucht imscrúdaithe, beidh ról tábhachtach aige maidir le cinneadh a dhéanamh ar na réimsí taighde a dtabharfar fúthu faoi Fhís 2020.

CUID II.

TOSAÍOCHT 'Ceannaireacht thionsclaíoch'

Tá sé mar aidhm ag an gCuid seo dlús a chur leis an bhforbairt ar theicneolaíochtaí agus ar nuálaíochtaí a bheidh mar thaca agus mar bhonn ag gnólachtaí sa todhchaí, agus cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide san Eoraip teacht chun bheith ina gcuideachtaí ceannródaíocha sa domhan mór. Tá na trí chuspóir shonracha seo a leanas inti:

(a)

Trí bhíthin "ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha", cuirfear tacaíocht ar fáil don taighde, don fhorbairt agus do thaispeántais, agus, i gcás inarb iomchuí, do chaighdeánú agus do dheimhniú i gcás inarb iomchuí, ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ar nanaitheicneolaíocht, ar ábhair shárfhorbartha, ar an mbiteicneolaíocht, ar an ardmhonaraíocht agus ar an ardphróiseáil, agus ar chúrsaí spáis. Leagfar béim ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcóineasú ar fud na dteicneolaíochtaí difriúla agus eatarthu freisin agus ar a gcaidreamh le dúshláin shochaíocha. Cuirfear riachtanais an úsáideora san áireamh sna réimsí sin ar fad.

(b)

Is éard is aidhm le "Rochtain ar mhaoiniú riosca" sárú a dhéanamh ar easnaimh ar infhaighteacht fiachais agus ar mhaoiniú cothromais le haghaidh cuideachtaí agus tionscadal atá dírithe ar an taighde, ar an bhforbairt nó ar an nuálaíocht ag gach céim dá bhforbairt. In éineacht le hionstraim chothromais an Chláir le haghaidh Iomaíochas na bhFiontar agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (COSME) (2014-2020), tabharfaidh sé tacaíocht don fhorbairt ar chaipiteal riosca ar leibhéal an Aontais.

(c)

Trí bhíthin "Nuálaíocht i FBManna", soláthrófar tacaíocht a bheidh dírithe ar FBManna chun go spreagfar gach cineál nuálaíochta in FBManna, agus díreofar orthu siúd a bhfuil sé de chumas acu fás a dhéanamh agus a bheith ina gcuideachtaí idirnáisiúnta sa mhargadh aonair agus lasmuigh de.

Déanfar na gníomhaíochtaí de réir cláir oibre atá dírithe ar ghnó. Feidhmeoidh na buiséid le haghaidh na gcuspóirí sonracha 'Rochtain ar mhaoiniú riosca' agus 'Nuálaíocht i FBManna' de réir loighce atá dírithe ar an éileamh, ón mbun aníos. Comhlánófar na buiséid sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais. Cuirfear chun feidhme ionstraim atá tiomnaithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar bhealach ón mbun aníos go príomha, ar ionstraim í a bheidh dírithe ar riachtanais FBManna, agus cuspóirí sonracha na tosaíochta 'Dúshláin shochaíocha' agus an cuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha' á gcur san áireamh.

Beidh cur chuige comhtháite i bhfeidhm in Fís 2020 maidir le rannpháirtíocht FBManna, agus a gcuid riachtanas aistrithe eolais agus teicneolaíochta á gcur san áireamh, inter alia, rud a fhágann gur cheart go dtabharfaí do FBManna íosmhéid de 20 % d'iomlán na mbuiséad cumasctha le haghaidh na gcuspóirí sonracha go léir maidir le dúshláin shochaíocha agus leis an gcuspóir sonrach 'An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha'.

Sa chuspóir sonrach 'An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha', leanfar cur chuige atá dírithe ar an teicneolaíocht chun forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí cumasúcháin a d'fhéadfaí a úsáid i roinnt réimsí, tionscal agus seirbhísí. Na teicneolaíochtaí sin a rachaidh i ngleic le dúshláin shochaíocha, tacófar lena gcur i bhfeidhm, chomh maith leis na tosaícht 'Dúshláin shochaíocha'.

CUID III.

TOSAÍOCHT 'Dúshláin shochaíocha'

Freagraíonn an Chuid seo go díreach do thosaíochtaí an bheartais agus do na dúshláin shochaíocha atá aitheanta i straitéis Eoraip 2020, agus arb éard is aidhm dóibh an mhais chriticiúil is gá chun spriocanna an Aontais maidir lena bheartas ar thaighde agus ar iarrachtaí ar nuálaíocht a spreagadh. Díreofar an cistiú ar na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine;

(b)

Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí mara, ar chúrsaí muirí agus ar uisce intír,e agus an bithgheilleagar;

(c)

Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil;

(d)

Iompar atá cliste, glas agus comhtháite;

(e)

Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair;

(f)

An Eoraip i ndomhan atá ag athrú – sochaithe atá uilechuimsitheach, nuálach agus macnamhach;

(g)

Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint.

Beidh cur chuige atá dírithe ar na dúshláin sin i bhfeidhm sna gníomhaíochtaí ar fad agus féadfaidh taighde bunúsach, taighde feidhmeach, malartú faisnéise nó nuálaíocht bheith sa chur chuige, agus díreofar go háirithe ar thosaíochtaí beartais gan réamhchinneadh a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí nó ar na réitigh ba cheart a fhorbairt. I dteannta réiteach atá dírithe ar theicneolaíocht, tabharfar aird ar nuálaíocht neamhtheicniúil agus eagraíochtúil córas maraon le ar nuálaíocht na hearnála poiblí. Leagfar béim ar mhais chriticiúil d'acmhainní agus d'eolas a thabhairt le chéile ó réimsí, ó theicneolaíochtaí agus ó dhisciplíní éagsúla eolaíochta agus ó bhonneagair thaighde d'fhonn dul i ngleic leis na dúshláin. Cumhdófar leis na gníomhaíochtaí an próiseas ar fad ón taighde bunúsach go dtí an margadh, agus leagfar béim úr ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an nuálaíocht, amhail scéimeanna píolótacha, gníomhaíochtaí taispeántais, trialacha sábháilte, tacaíocht don soláthar poiblí, ceapadh, nuálaíocht atá dírithe ar na húsáideoirí deiridh, an nuálaíocht shóisialta, malartú faisnéise agus an chaoi a nglacann an margadh le nuálaíochtaí agus le caighdeánú.

CUID IV.

AN CUSPÓIR SONRACH 'BARR FEABHAS A LEATHNÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT A ARDÚ'

Is é an cuspóir sonrach 'Barr feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú' cumas dhaoine tréitheacha na hEorpa a shaothrú go hiomlán agus a áirithiú go mbainfear an leas is fearr as sochair gheilleagair atá faoi thionchar na nuálaíochta agus go scaipfear iad ar fud an Aontais i gcomhréir le prionsabal an bharr feabhais.

CUID V.

AN CUSPÓIR SONRACH 'EOLAÍOCHT I GCOMHAR LEIS AN TSOCHAÍ AGUS LE HAGHAIDH NA SOCHAÍ'

Is é aidhm an chuspóra shonraigh 'Eolaíocht i gcomhar leis an tsochaí agus le haghaidh na sochaí' comhar éifeachtach a chruthú idir an eolaíocht agus an tsochaí, daoine tréitheacha nua a earcú don eolaíocht agus barr feabhas eolaíoch a chur le feasacht agus freagracht shóisialta.

CUID VI.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÍREACHA NEAMHNÚICLÉACHA AN AIRMHEÁIN CHOMHPHÁIRTIGH TAIGHDE (ACT)

Beidh gníomhaíochtaí ACT ina ndlúthchuid de Fís 2020 d'fhonn tacaíocht stóinsithe atá bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do bheartais an Aontais. Díreofar iad sin ar riachtanais na gcustaiméirí, agus comhlánófar iad le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an am atá romhainn amach.

CUID VII.

AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (IET)

Beidh ról tábhachtach ag EIT trí bhíthin taighde, eardoideachas, nuálaíocht agus ardoideachas den scoth a thabhairt le chéile, rud a dhéanfaidh triantán an eolais a chomhtháthú. Déanfaidh EIT sin go príomha trí bhíthin PENanna. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go roinnfear an taithí ar phobail laistigh de PENanna agus lasmuigh díobh féin trí bhearta spriocdhírithe scaipthe agus malartaithe eolais, rud a fhágann go nglacfar níos sciobtha leis na samhlacha nuálaíochta ar fud an Aontais.

CUID I

EOLAÍOCHT DEN SCOTH

1.   An Chomhairle Eorpach um Thaighde

1.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach barr feabhas, fuinneamh agus cruthaitheacht an taighde Eorpaigh a threisiú.

Tá uaillmhian leagtha amach ag an Eoraip chun glacadh le samhail eacnamaíoch úr bunaithe ar an bhfás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Beidh níos mó ná feabhsuithe beaga ar na teicneolaíochtaí reatha agus ar an eolas reatha ag teastáil chun claochlú den sórt sin a chur i bhfeidhm. Is éard a theastóidh cumas i bhfad níos fearr chun na nuálaíochta atá bunaithe ar an eolaíocht agus ar an taighde bunúsach, agus í sin ag eascairt as an eolas is réabhlóidí amuigh, sa chaoi go bhféadfaidh an Eoraip a bheith ina ceannaire agus í ag cruthú na n-aistrithithe paraidíme teicneolaíochta agus eolaíochta a stiúrfaidh fás na táirgiúlachta, iomaíochas, rachmas, forbairt inbhuanaithe agus dul chun cinn sóisialta sna tionscail agus sna hearnálacha amach anseo. Go dtí seo, is nós le haistrithe paraidíme den sórt sin eascairt ón mbonn eolaíochta san earnáil phoiblí sula leantar ar aghaidh chun an dúshraith a leagan le haghaidh tionscal agus earnálacha úrnua.

Tá dlúthcheangal idir an nuálaíocht a thugann treoir don domhan agus an eolaíocht den scoth. Cé go raibh sí chun tosaigh tráth dá raibh, tá an Eoraip chun deiridh anois agus í ag iarraidh an obair is fearr agus is úire a dhéanamh san eolaíocht; ón dara cogadh domhanda i leith, tá sí ina tánaiste ag na Stáit Aontaithe maidir le dul chun cinn mór a dhéanamh sa teicneolaíocht. In ainneoin gurb é an tAontas a fhoilsíonn an líon is mó foilseacháin eolaíochta ar domhan go fóill, foilsíonn Stáit Aontaithe Mheiriceá dhá oiread na ndoiciméad is tábhachtaí (an 1 % is tábhachtaí díobh, de réir líon na n-uaireanta a luaitear iad). Ar an gcuma chéanna, léiríonn rangú idirnáisiúnta na n-ollscoileanna gurb iad ollscoileanna SAM atá in uachtar. Ina theannta sin, bhí 70 % de bhuaiteoirí dhuais Nobel go dtí seo lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Seo gné amháin den dúshlán: cé go n-infheistíonn an Eoraip agus na Stáit Aontaithe thart ar an oiread céanna airgid ina mboinn eolaíochta san earnáil phoiblí, tá beagnach trí oiread líon na dtaighdeoirí ag obair san earnáil phoiblí san Aontas ná mar atá i SAM, rud a fhágann go bhfaigheann taighdeoirí i bhfad níos lú infheistíochta, in aghaidh an taighdeora, san Eoraip. Ina theannta sin, bíonn SAM níos cúramaí agus acmhainní á leithdháileadh ar na taighdeoirí is fearr. Sin ceann de na fáthanna nach mbíonn taighdeoirí an Aontais a oibríonn san earnáil phoiblí, ar an meán, chomh rathúil céanna lena gcomhthaighdeoirí i SAM, agus nach mbíonn an comhthionchar céanna ag a gcuid oibre ar an eolaíocht, in ainneoin gur líonmhaire go mór taighdeoirí an Aontais.

Gné mhór eile den dúshlán is ea nach leor na dálaí oibre a chuirtear ar fáil san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa chun na taighdeoirí is fearr a mhealladh. Is minic a thógann sé cuid mhaith blianta sula n-éiríonn le taighdeoirí óga tréitheacha a bheith ina n-eolaithe neamhspleácha ina gcáil féin. Fágann sin go gcuirtear amú cumas na hEorpa sa taighde trí mhoill a chur ar theacht chun cinn na chéad ghlúine eile de thaighdeoirí a mbíonn smaointe úra acu agus fuinneamh iontu, nó, i gcásanna áirithe trí bhac a chur orthu, é sin nó trí thaighdeoirí den scoth a mhealladh chun tús a chur lena ngairmréim san Eoraip agus ansin ardú céime a lorg in áit eile.

Ina theannta sin, fágann na nithe sin ar fad go ndéantar an Eoraip níos neamhtharraingtí fós san iomaíocht dhomhanda le haghaidh eolaithe tréitheacha a mhealladh.

1.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Cruthaíodh an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) chun go gcuirfí ar fáil do na taighdeoirí is fearr san Eoraip, idir fhir agus mhná, na hacmhainní a theastaíonn uathu chun dul in iomaíocht ar leibhéal domhanda, agus déantar sin trí bhíthin foirne aonair a chistiú ar bhonn iomaíochta ar fud na hEorpa. Feidhmíonn sí ar bhonn féinrialach: is Comhairle neamhspleách Eolaíochta ina mbíonn eolaithe, innealtóirí agus scoláirí a bhfuil ardcháil agus saineolas bainte amach acu, ar mná agus fir iad in aoisghrúpaí éagsúla, a bhunaíonn an straitéis ghinearálta i leith na heolaíochta, agus is aici atá údarás iomlán ar chinntí a dhéantar faoin gcineál taighde a mhaoinítear. Is gnéithe bunúsacha de ERC iad sin, agus tugann siad ráthaíocht go mbíonn an clár eolaíochta éifeachtach, go mbíonn na hoibríochtaí agus an próiseas athbhreithnithe piaraí ar ardchaighdeán, agus go mbíonn cáil mhaith uirthi i measc chomhphobal na heolaíochta.

Agus é ag feidhmiú ar fud na hEorpa ar bhonn iomaíoch, tá ERC in ann tarraingt ar thacar de dhaoine tréitheacha agus de smaointe, ar tacar é atá níos leithne ná mar a bheadh ar fáil faoi aon scéim náisiúnta. Bíonn na taighdeoirí is fearr agus na smaointe is fearr in iomaíocht le chéile. Tuigeann na hiarratasóirí go mbíonn orthu obair shármhaith a dhéanamh, agus is éard a fhaigheann siad i gcomaoin air sin cistiú solúbtha ar mhachaire réidh, gan spleáchas do scrogaill áitiúla ná do chistiú náisiúnta a bheith ar fáil.

Mar sin bítear ag súil le go mbeidh tionchar substaintiúil díreach ag an taighde ceannródaíoch a fhaigheann cistiú ón gComhairle Eorpach um Thaighde, go ndéanfaidh sé dul chun cinn san eolas is ceannródaíche, go réiteoidh sé an bealach le haghaidh torthaí úra agus torthaí gan choinne san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, agus le haghaidh réimsí úra den taighde a fhéadfaidh, faoi dheoidh, na smaointe úrnua a stiúrfaidh an nuálaíocht agus an airgtheacht sa ghnóthas agus a rachaidh i ngleic le dúshláin shochaíocha a ghiniúint. Tá an teaglaim sin d'eolaithe aonair den scoth agus smaointe nuálacha mar bhonn agus mar thaca ag gach céim den slabhra nuálaíochta.

Thairis sin, tá tionchar mór struchtúrach ag ERC trí bhíthin feabhsúcháin ar chaighdeán an chórais Eorpaigh taighde a spreagadh go mór, de bhreis ar na taighdeoirí agus ar na tionscadail a chistíonn ERC go díreach. Déanann tionscadail agus taighdeoirí a fhaigheann cistiú ó ERC sprioc shoiléir, uaillmhianach a leagan síos le haghaidh an taighde cheannródaíoch san Eoraip, ardaíonn siad a phróifíl, agus déanann siad níos tarraingtí é do na taighdeoirí is fearr ar fud an domhain. Toisc ardghradam a bheith ag roinnt leo siúd a fhaigheann deontais ó ERC agus an 'stampa barr feabhais' a ghabhann leis sin, tá an iomaíocht ag éirí níos géire idir ollscoileanna na hEorpa agus eagraíochtaí eile taighde chun na dálaí oibre is tarraingtí a thairiscint do na taighdeoirí is fearr. Maidir le cumas na gcóras náisiúnta agus na n-institiúidí aonair taighde chun lucht buaite deontas ó ERC a mhealladh agus a óstáil, tá sé sin ina thagarmharc a fhéadfar a úsáid chun a gcuid láidreachtaí agus laigí a mheasúnú agus chun a gcuid beartas agus cleachtas a athchóiriú dá réir. Dá bhrí sin tá an cistiú ó ERC de bhreis ar na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun an córas taighde Eorpach a athchóiriú, a chumas a chothú, na féidearthachtaí is d'inneach de a bhaint amach, agus é a dhéanamh níos tarraingtí.

1.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Is éard a bheidh i ngníomhaíocht bhunúsach ERC cistiú tarraingteach fadtéarmach a chur ar fáil chun tacú le taighdeoirí den scoth agus lena bhfoirne taighde agus iad i mbun taighde cheannródaíoch, ardghnóthachain/ardriosca.

Bronnfar cistiú ó ERC i gcomhréir leis na prionsabail seanbhunaithe seo a leanas: Is é an barr feabhais eolaíoch an t-aon chritéar amháin a mheasfar agus deontais ón ERC á mbronnadh. Feidhmeoidh ERC ar bhonn 'ón mbun aníos' gan aon tosaíochtaí réamhchinntithe a dhéanamh. Beidh deontais ó ERC ar fáil d'fhoirne aonair taighdeoirí a oibríonn san Eoraip, is cuma cén aois iad, cén inscne atá acu nó cé as dóibh. Beidh sé d'aidhm ag ERC iomaíochas sláintiúil a chothú trasna na hEorpa, ar iomaíochas é a bheidh bunaithe ar nósanna imeachta meastóireachta a bheidh stóinsithe, trédhearcach agus neamhchlaonta, agus a thabharfaidh aghaidh, go háirithe, ar laofacht inscne a d'fhéadfadh a bheith ann.

Beidh sé mar thosaíocht ar leith ag ERC cúnamh a thabhairt do na taighdeoirí is fearr atá ag tosú agus a bhfuil smaointe den scoth acu chun an trasdul a dhéanamh chuig obair neamhspleách, agus déanfar sin trí bhíthin tacaíocht leormhaith a thabhairt dóibh ag an gcéim thábhachtach sin agus iad ag bunú nó ag comhdhlúthú a bhfoireann taighde féin nó a gclár taighde féin. Leanfaidh ERC freisin de leibhéil iomchuí tacaíochta a sholáthar do thaighdeoirí bunaithe.

Tabharfaidh ERC tacaíocht freisin, de réir mar is gá, do bhealaí úra oibre san eolaíocht a d'fhéadfadh torthaí ceannródaíoch a chruthú, agus a d'fhéadfadh fionnachtain a dhéanamh ar an gcumas atá sa taighde a chistíonn sé chun nuálaíocht tráchtála agus sóisialta a bhaint amach.

Faoi 2020, féachfaidh ERC, dá bhrí sin, leis na nithe seo a leanas a léiriú: go bhfuil na taighdeoirí is fearr ag glacadh páirte i gcomórtais ERC, go n-eascraíonn as an gcistiú a thugann an ERC uaidh foilseacháin eolaíochta den chaighdeán is airde chomh maith le torthaí taighde a d'fhéadfadh tionchar mór a bheith acu ó thaobh na sochaí agus ó thaobh an gheilleagair de, agus go bhfuil méid mór déanta ag ERC chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí mar ionad do na heolaithe is fearr ar domhan. Beidh sé mar sprioc ag ERC go háirithe feabhsú intomhaiste a bhaint amach i líon na bhfoilseachán de chuid an Aontais a áirítear sa chéad 1 % d'fhoilseacháin is minice a luaitear ar domhan. Ina theannta sin, féachfaidh sé le méadú substaintiúil a chur ar líon na dtaighdeoirí den scoth nach as an Eoraip dóibh a dtugann sé cistiú dóibh. Roinnfidh ERC taithí agus dea-chleachtais le gníomhaireachtaí cistiúcháin réigiúnacha agus náisiúnta ionas go gcuirfí chun cinn tacaíocht do thaighdeoirí den scoth. Thairis sin, déanfaidh ERC infheictheacht a gcuid clár a mhéadú tuilleadh.

Déanfaidh Comhairle Eolaíochta ERC faireachán leanúnach ar oibríochtaí agus ar nósanna imeachta meastóireachta ERC agus measfaidh siad cén bealach is fearr lena chuid cuspóirí a bhaint amach trí bhíthin scéimeanna deontas a reáchtáil ina leagfar béim ar an éifeachtacht, ar an tsoiléireacht, ar an gcobhsaíocht agus ar an tsimplíocht do na hiarratasóirí féin agus don chaoi a dhéanfar na scéimeanna a chur chun feidhme agus a bhainistiú agus, de réir mar is gá, le dul i ngleic le riachtanais atá ag teacht chun cinn. An córas athbhreithnithe piaraí atá ag ERC, atá bunaithe ar láimhseáil atá iomlán trédhearcach, cothrom agus neamhchlaonta a dhéanamh ar na tograí ionas gur féidir taighdeoirí eolaíochta atá sármhaith, ceannródaíoch agus tréitheach a shainaithint beag beann ar inscne, ar náisiúntacht, ar institiúid nó ar aois an taighdeora, féachfar lena choinneáil ar bun agus lena dhéanamh níos fearr fós. Ar deireadh, leanfaidh ERC de bheith ag déanamh a chuid staidéar straitéiseach féin chun ullmhú dá chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh agus chun tacú leo, chun leanúint de bheith i ndlúth-thadhall le pobal na heolaíochta, le gníomhaireachtaí cistiúcháin réigiúnacha agus náisiúnta agus le geallsealbhóirí eile, agus de bheith mar aidhm aici lena ghníomhaíochtaí a chomhlánú leis an taighde atá ar bun ar leibhéil eile.

Áiritheoidh ERC trédhearcacht sa chumarsáid faoina ghníomhaíochtaí agus faoina thorthaí le pobal na heolaíochta agus leis an bpobal i gcoitinne agus coinneoidh sé sonraí nuashonraithe ó thionscadail mhaoinithe.

2.   Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET)

2.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach teicneolaíochtaí úrnua a chothú, lena bhféadfaí réimsí nua a oscailt don eolas eolaíoch agusdo theicneolaíochtaí agus cur leis na tionscail Eorpacha den chéad ghlúin eile, trí bhíthin fionnachtain a dhéanamh ar smaointe núíosacha agus ardriosca a fhorbraíonn bunúis eolaíocha. Trí thacaíocht sholúbtha a thabhairt don taighde comhoibritheach atá dírithe ar spriocanna a bhaint amach agus atá idirdhisciplíneach ar scálaí éagsúla, agus trí chleachtais nuálacha taighde a ghlacadh, tá sé mar aidhm deiseanna ar mhaithe le leas fadtéarmach na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí a shainaithint agus a thapú. Trí bhíthin FET, beidh breisluach an Aontais ag baint le teorainneacha an taighde nua-aimseartha.

Trí bhíthin FET, cuirfear chun cinn taighde agus teicneolaíocht in ábhair nach dtuigtear, nach nglactar leo nó nach nglactar go forleathan, agus cothófar an smaointeoireacht núíosach fhadbhreathnaitheach chun teacht ar bhealaí rathúla le teicneolaíochtaí cumhachtacha nua a fhorbairt, agus d'fhéadfadh cuid acu sin a bheith ar na paraidímí teicneolaíochta agus intleachtúla is tábhachtaí sna blianta atá romhainn amach. Trí bhíthin FET, cothófar iarrachtaí ar thaighde ar mhionscála a dhéanamh i ngach réimse, lena n-áirítear téamaí atá ag teacht chun cinn agus mórdhúshláin eolaíochta agus teicneolaíochta ar gá dlúthchomhar idir cláir ar fud na hEorpa agus lasmuigh di chun tabhairt fúthu. Beidh an cur chuige sin dírithe ar bharr feabhais a bhaint amach agus cumhdófar leis na nithe seo a leanas: fionnachtain a dhéanamh ar smaointe réamhiomaíochta chun an teicneolaíocht sa todhchaí a shocrú; cur ar a gcumas don tsochaí agus don earnáil tionsclaíochta leas a bhaint as an gcomhoibriú ar thaighde ildisciplíneach ar gá dul ina bhun ar leibhéal Eorpach trí bhíthin ceangal a dhéanamh idir an taighde atá dírithe ar an eolaíocht agus an taighde atá dírithe ar dhúshláin shochaíocha agus ar spriocanna sochaíocha nó ar an iomaíochas tionsclaíoch.

2.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

An obair cheannródaíoch a mbaineann tionchar claochlaitheach léi, is mó a bhraitheann sí ar an dian-chomhoibriú idir disciplíní san eolaíocht agus sa teicneolaíocht (mar shampla, faisnéis agus cumarsáid, bitheolaíocht, bithinnealtóireacht agus an róbataic, ceimic, fisic, matamaitic, samhaltú míochaine, eolaíochtaí um chóras an Domhain, eolaíocht na n-ábhar, eolaíochtaí an néarchórais agus na heolaíochtaí cognaíocha, na heolaíochtaí sóisialta nó an eacnamaíocht) agus na healaíona, na heolaíochtaí iompraíochta agus na daonnachtaí. Chuige sin, d'fhéadfadh sé tarlú go dteastódh ní amháin barr feabhais san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, ach meonta nua agus idirghníomhaíochtaí núíosacha idir réimse leathan den lucht taighde.

Cé gur féidir smaointe áirithe a fhorbairt ar mhionscála, d'fhéadfadh smaointe eile a bheith chomh dúshlánach sin gur gá tabhairt fúthu ar bhonn comhoibritheach thar thréimhse shubstaintiúil ama. Tá sin aitheanta ag mórgheilleagair ar fud an domhain, agus tá an iomaíocht dhomhanda ag éirí níos géire chun deiseanna teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn san eolaíocht is ceannródaíche, agus a d'fhéadfadh tionchar mór a imirt ar an nuálaíocht agus ar leas na sochaí, a shainaithint agus a thapú. D'fhonn a bheith éifeachtach, d'fhéadfadh sé tarlú gur gá a na cineálacha sin gníomhaíochtaí a fhorbairt go mear chun go mbeidh siad ar mhórscála, agus é sin a dhéanamh trí bhíthin iarrachta comhchoitinne Eorpaí a bheadh dírithe ar spriocanna comhchoiteanna chun mais chriticiúil a thógáil, sineirgí a chothú agus na hiarmhairtí luamhánaithe is fearr a bhaint amach.

Le FET, rachfar i ngleic leis an réimse iomlán den nuálaíocht atá dírithe ar an eolaíocht: ó luathfhionnachtain ar mhionscála, ón mbun aníos, a dhéanamh ar smaointe atá i dtús fáis nó leochaileach; go dtí pobail úra taighde agus nuálaíochta a bhunú ar réimsí taighde mórthionchair atá ag teacht chun cinn, agus mórthionscnaimh thaighde chomhoibritheacha atá bunaithe ar chlár taighde arb éard is aidhm leis spriocanna uaillmhianacha fadbhreathnaitheacha a bhaint amach. Beidh a luach féin ag gach ceann de na trí leibhéal rannpháirtíochta sin, agus beidh siad ag comhlánú a chéile agus sineirgisteach. Mar shampla, trí fhionnachtain ar mhionscála a dhéanamh, d'fhéadfaí a léiriú gur gá forbairt a dhéanamh ar théamaí nua a bhféadfadh gníomhaíocht ar mhórscála bunaithe ar threochláir iomchuí eascairt astu. I measc na ndaoine a d'fhéadfadh a bheith páirteach iontu, tá réimse leathan den lucht taighde, lena n-áirítear taighdeoirí óga agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shaothraíonn an taighde go dian, agus pobail de gheallsealbhóirí (an tsochaí shibhialta, lucht déanta beartas, taighdeoirí san earnáil tionsclaíochta agus san earnáil phoiblí), iad go léir dírithe ar chláir thaighde a bhíonn ag fás, ag forbairt agus ag éirí níos éagsúla.

2.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Cé go bhfuil sé mar aidhm ag FET a bheith fadbhreathnaitheach, éagsúil agus tionchar mór a imirt, agus is de réir cineálacha difriúla loighce a dhéanfar a chuid gníomhaíochtaí: ó chur chuige oscailte go dtí céimeanna éagsúla de struchtúir a chur ar ábhair, ar phobail agus ar chistiú.

Trí bhíthin na ngníomhaíochtaí, treiseofar na cineálacha loighce a stiúrfaidh an ghníomhaíocht, ar an scála iomchuí, agus sainaithneofar agus tapófar deiseanna ar mhaithe le leas fadtéarmach na saoránach, an gheilleagair agus na sochaí:

(a)

Trí bhíthin smaointe núíosacha a chothú ('FET Open'), tabharfar le FET tacaíocht do thaighde eolaíochta agus teicneolaíochta luathchéime agus ina ndéantar fionnachtain ar bhunúis nua le haghaidh teicneolaíochtaí úrnua don todhchaí trí bhíthin paraidímí reatha a cheistiú agus réimsí úra a thaiscéaladh. Trí bhíthin próiseas roghnúcháin a fheidhmíonn ón mbun aníos agus atá oscailte do gach smaoineamh ar thaighde, cothófar punann éagsúil de spriocthionscadail. Fachtóirí an-tábhachtach réimsí, forbairtí agus treochtaí úra a shainaithint, chomh maith le lucht taighde agus nuálaíochta atá úr agus a bhfuil cumas mór acu a mhealladh.

(b)

Trí bhíthin pobail agus téamaí atá ag teacht chun cinn a chothú ('FET Proactive'), rachfar le FET, i ndlúthchomhar leis na dúshláin shochaíocha agus le téamaí na ceannaireachta tionsclaíche, i ngleic le roinnt téamaí fionnachtana taighde a bhfuil gealladh fúthu agus a d'fhéadfadh mais chriticiúil de thionscadail idirghaolmhara a ghiniúint, ar tionscadail iad a bheidh ina bhfionnachtain leathan ilghnéitheach ar na téamaí agus a dhéanfaidh comhthiomsú ar eolas na hEorpa.

(c)

Trí bhíthin tabhairt faoi mhórdhúshláin idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht ('FET Suaitheanta'), le FETn, agus toradh na dtionscadal ullmhúcháin dá gcuid á chur san áireamh go hiomlán, tabharfar tacaíocht do thaighde uaillmhianach atá ar mhórscála agus atá dírithe ar eolaíocht agus ar theicneolaíocht agus é mar aidhm aige talamh úr a bhriseadh san eolaíocht agus sa teicneolaíocht i réimsí a shainaithnítear mar réimsí ábhartha ar bhealach oscailte agus trédhearcach ina mbeidh páirt á glacadh ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí ábhartha. D'fhéadfadh an comhar idir cláir Eorpacha, cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha dul chun leasa na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart don dul chun cinn eolaíoch bonn láidir leathan a sholáthar don nuálaíocht agus don chur i bhfeidhm eacnamaíoch as seo amach, chomh maith le sochair núíosacha a thabhairt don tsochaí. Bainfear amach na gníomhaíochtaí sin trí úsáid a bhaint as na hionstraimí cistithe atá ann cheana.

Déanfar 40 % d'acmhainní FET a dhíriú ar "FET Open".

3.   Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

3.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt is fearr is féidir ar chaipiteal intleachtúil na hEorpa agus go mbainfear úsáid dhinimiciúil as d'fhonn scileanna nua agus eolas agus an nuáil a fhorbairt agus a aistriú agus, ar an gcaoi sin, a chumas iomlán a bhaint amach ar fud na n-earnálacha agus na réigiún ar fad.

Is é an eilimint is bunriachtanaí chun an eolaíocht is fearr agus an nuálaíocht atá bunaithe ar thaighde is táirgiúla a bhaint amach taighdeoirí dinimiciúla, cruthaitheacha, a bhfuil ardoiliúint orthu.

Cé go bhfuil réimse mór éagsúil d'acmhainní daonna san Eoraip chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh, ní mór é a athnuachan, a fheabhsú agus a oiriúnú go rialta do riachtanais mhargadh an tsaothair a bhíonn ag athrú go mear. Sa bhliain 2011 níor oibrigh ach 46 % den réimse sin san earnáil ghnó, céatadán is ísle i bhfad ná mar atá ag príomhiomaitheoirí eacnamaíocha na hEorpa, e.g. 69 % sa tSín, 73 % sa tSeapáin agus 80 % sna Stáit Aontaithe. Ina theannta sin, fágann cúrsaí déimeagrafacha go sroichfidh líon díréireach taighdeoirí aois scoir in imeacht an dornáin blianta atá romhainn. Beidh sé sin, chomh maith leis an ngá atá ann i bhfad níos mó poist taighde ar ardchaighdeán a chruthú fad a éiríonn an geilleagar taighde Eorpach níos déine, ar na dúshláin is mó os comhair chóras taighde nuálaíochta agus oideachais, na hEorpa sna blianta atá romhainn amach.

Ní mór tosú ar an athchóiriú is gá nuair a bhíonn taighdeoirí ag tosú amach ar a ngairmréim, is é sin, le linn a chuid staidéar dochtúireachta nó le linn oiliúint iarchéime atá inchomparáide leo sin. Ní mór don Eoraip scéimeanna oiliúna úrscothacha, nuálacha a fhorbairt, iad comhsheasmhach le riachtanais an taighde agus na nuálaíochta a bhíonn an-iomaíoch agus atá ag éirí níos idirdhisciplíní i gcónaí. Beidh gá le rannpháirtíocht shuntasach gnólachtaí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaithe socheacnamaíocha eile, chun na scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta leathana a bheidh ag teastáil i bpoist sa todhchaí a thabhairt do thaighdeoirí agus chun iad a spreagadh chun smaoineamh ar dhul isteach i dtionscal nó sna cuideachtaí is nuálaí mar ghairmréim. Beidh sé tábhachtach freisin feabhas a chur ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí sin, óir tá sí ar leibhéal ró-íseal faoi láthair: sa bhliain 2008, ní bhfuair ach 7 % d'ábhair dhochtúra oiliúint i mBallstát eile, ach is é 20 % an sprioc atá le baint amach faoin mbliain 2030.

Ní mór leanúint den athchóiriú sin le linn gach céime de ghairmréim na dtaighdeoirí. Is ríthábhachtach feabhas a chur ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí ar gach leibhéal, lena n-áirítear ar shoghluaisteacht na dtaighdeoirí sin atá i lár a ngairmréimee, ní amháin idir tíortha ach idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach freisin. Spreagann sé sin go mór an fhoghlaim agus scileanna nua a fhorbairt. Bíonn tionchar mór aige freisin ar an gcomhar a chothú idir an lucht acadúil, ionaid taighde agus earnáil na tionsclaíochta i dtíortha éagsúla. Is iad na daoine féin an ghné is tábhachtaí den chomhar inbhuanaithe a bhaint amach, ar príomhfhactóir é an comhar sin don Eoraip agus í ag iarraidh a bheith nuálach, cruthaitheach agus in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sochaíocha, agus beidh sé ríthábhachtach chun ilroinnt na mbeartas náisiúnta a réiteach. Chun go bhfillfidh an Eoraip ar chonair an fháis inbhuanaithe agus chun go rachaidh sí i ngleic le dúshláin shochaíocha, is ríthábhachtach iad an comhoibriú agus roinnt eolais trí bhíthin na soghluaisteachta aonair a sholáthar i ngach céim den ghairmréim agus trí bhíthin baill foirne taighde agus nuálaíochta a bhfuil ardoiliúint orthu a mhalartú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le héagothromaíochtaí i gcumais taighde agus nuála a shárú.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart go spreagfaí le Fís 2020 forbairt gairmréime agus shoghluaiseacht na dtaighdeoirí trí bhíthin coinníollacha feabhsaithe atá le sainiú maidir le hiniomparthacht dheontais Fhís 2020.

Áiritheofar le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie comhdheiseanna éifeachtacha maidir le soghluaiseacht taighdeoirí fireanna agus baineanna, lena n-áirítear trí bhearta sonracha chun baic a bhaint.

Más mian leis an Eoraip a bheith ar aon chéim lena cuid iomaitheoirí sa taighde agus sa nuálaíocht, ní mór di níos mó ban óg agus fear óg a mhealladh chun dul i mbun gairmeacha sa taighde agus deiseanna agus ionaid tharraingteacha a chur ar fáil le haghaidh an taighde agus na nuálaíochta. Ba cheart do na daoine is tréithí san Eoraip agus in áiteanna eile breathnú ar an Eoraip mar áit iontach le hoibriú ann. Is gnéithe bunúsacha nach foláir a áirithiú ar bhealach leanúnach ar fud na hEorpa ar fad iad na nithe seo a leanas: an comhionannas inscne, an fhostaíocht sheasmhach agus dálaí maithe oibre atá ar ardchaighdeán agus aitheantas.

3.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Ní leor cistiú a thugann an tAontas uaidh ann féin, ná na Ballstáit ina n-aonar, chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Cé go bhfuil athchóirithe tugtha isteach ag na Ballstáit cheana chun feabhas a chur ar a gcuid institiúidí oideachais threasaigh agus chun nuachóiriú a dhéanamh ar a gcuid córas oiliúna, ní ionann an dul chun cinn atá déanta ar fud na hEorpa ar fad, agus tá difríochtaí móra idir tíortha. Ar an iomlán, is lag i gcónaí an comhar a dhéantar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san Eoraip. Tá sé mar an gcéanna maidir leis an gcomhionannas inscne agus leis na hiarrachtaí a dhéantar mic léinn agus taighdeoirí as áiteanna lasmuigh LET a mhealladh. Faoi láthair, is as tríú tíortha thart ar 20 % de na hiarrthóirí dochtúireachta san Aontas, ach sna Stáit Aontaithe is as áiteanna thar lear thart ar 35 % díobh. Chun an t-athrú sin a chur i bhfeidhm níos sciobtha, ní mór cur chuige straitéiseach ar leibhéal an Aontais a théann thar na teorainneacha náisiúnta a ghlacadh. Is ríthábhachtach an cistiú a thugann an tAontas uaidh chun dreasachtaí a chruthú le haghaidh na n-athchóirithe struchtúracha atá riachtanach agus chun iad a spreagadh.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie chun an tsoghluaisteacht a chur chun cinn, ar bhonn trasnáisiúnta agus idir na hearnálacha araon, agus chun gairmeacha sa taighde a thosú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar gairmeacha iad a bhfuil deiseanna fostaíochta agus dálaí oibre den scoth ag gabháil leo de réir phrionsabail na Cairte Eorpaí le haghaidh Taighdeoirí agus an Chóid Iompair um Earcú Taighdeoirí. Níl a gcómhaith le fáil sna Ballstáit maidir le scála nó raon feidhme, le cistiú, le gné idirnáisiúnta, le giniúint nó le haistriú eolais. Neartaigh siad acmhainní na n-institiúidí sin atá in ann taighdeoirí idirnáisiúnta a mhealladh agus dá bhrí sin spreag siad ionaid bhairr feabhais a scaipeadh ar fud an Aontais. Tá siad ina n-eiseamláir agus imríonn siad tionchar mór struchtúrach trí bhíthin a ndea-chleachtais a scaipeadh ar leibhéal náisiúnta. Trí bhíthin cur chuige ón mbun aníos a bheith glactha ag gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, féadfaidh bunáite mór na n-institiúidí sin oiliúint a chur ar ghlúin nua taighdeoirí atá in ann dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna.

Trí bhíthin gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a fhorbairt tuilleadh, rannchuideofar go mór leLET a fhorbairt. Lena struchtúr iomaíoch cistiúcháin a chuimsíonn an Eoraip ar fad, spreagfaidh gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú, cineálacha úra, cruthaitheacha agus nuálacha oiliúna amhail dochtúireachtaí comhpháirteacha nó iolracha agus dochtúireachtaí tionsclaíocha, lena ngabhfaidh lucht nuálaíochta agus oideachais, a chaithfidh dul in iomaíocht ar bhonn domhanda le cáil an bhairr feabhais a bhaint amach dóibh féin. Trí bhíthin cistiú ón Aontas a chur ar fáil do na cláir thaighde agus oiliúna is fearr de réir na bPrionsabal maidir le hoiliúint nuálach dochtúireachta san Eoraip, cuirfidh siad chun cinn leathadh agus glacadh níos leithne, ag bogadh i dtreo oiliúna dochtúireachta níos struchtúrathe.

Cuimseoidh deontais Marie Skłodowska-Curie soghluaisteacht shealadach na dtaighdeoirí agus na n-innealtóirí a bhfuil taithí acu ó institiúidí poiblí go dtí an earnáil phríobháideach, nó a mhalairt, rud a spreagfaidh agus a thacóidh le hollscoileanna, le hionaid taighde agus le gnólachtaí, agus le gníomhairí eile socheacnamaíocha chun comhar a dhéanamh le chéile ar scála Eorpach agus ar scála idirnáisiúnta. Trí bhíthin an chórais mheastóireachta atá seanbhunaithe, trédhearcach agus cothrom, sainaithneoidh gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie daoine an-tréitheacha a phléann leis an taighde agus leis an nuálaíocht i gcomórtas idirnáisiúnta a thugann aitheantas agus, dá bhrí sin, spreagadh do thaighdeoirí chun a ngairmréim a chur chun cinn san Eoraip.

Ní leis an Eoraip amháin a bhaineann na dúshláin shochaíocha sin atá le sárú ag lucht T&N a bhfuil ardoiliúint orthu. Is dúshláin idirnáisiúnta iad sin atá ríchasta agus ollmhór. Ní mór do na taighdeoirí is fearr san Eoraip agus sa domhan comhoibriú le chéile trasna tíortha, earnálacha agus disciplíní. Beidh ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí Marie Skłodowska Curie sa mhéid sin trí bhíthin tacaíocht a thabhairt chun baill foirne a mhalartú d'fhonn an smaointeoireacht chomhoibritheach a chothú trí eolas a roinnt ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha, rud atá an-tábhachtach don nuálaíocht oscailte.

Beidh meicníocht chomhchistiúcháin na ngníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie ríthábhachtach chun líon na ndaoine tréitheacha san Eoraip a mhéadú. Méadófar an tionchar uimhriúil agus struchtúrach a imríonn gníomhaíocht an Aontais trí bhíthin cistiú réigiúnach, náisiúnta, agus idirnáisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach, a luamhánú chun cláir nua a chruthú a mbeidh spriocanna comhchomhsúla agus comhiomlánacha acu, agus chun cláir reatha a oiriúnú don oiliúint, don tsoghluaisteacht agus don fhorbairt gairmréime ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha. Déanfaidh sásra den sórt sin an taighde agus an obair san oideachas a cheangal níos dlúithe le chéile.

Rannchuideoidh gach gníomhaíocht faoin dúshlán sin le meon úrnua a chruthú san Eoraip, meon atá riachtanach chun an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a bhaint amach. Neartófar le bearta cistiúcháin Marie Skłodowska-Curie comhthiomsú acmhainní san Eoraip agus, dá bhrí sin, cuirfidh siad feabhas ar oiliúint, ar shoghluaisteacht agus ar fhorbairt gairmréime na dtaighdeoirí a chomhordú agus a rialú. Rannchuideoidh siad leis na spriocanna beartais a leagtar amach sna tionscnaimh suaitheantais 'an tAontas Nuálaíochta', 'An Óige ag Bogadh' agus An Clár do Phoist agus do Scileanna Nua a bhaint amach', agus beidh siad an-tábhachtach chun LET a bhaint amach freisin. Forbrófar gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie mar sin chun dlúthshineirge a bhaint amach le cláir eile a thacaíonn leis na cuspóirí beartais sin, lena n-áirítear clár Erasmus + agus PENanna de chuid EIT.

3.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Scileanna nua a chothú trí bhíthin oiliúint tosaigh den scoth a chur ar thaighdeoirí

Is é an sprioc glúin nua taighdeoirí cruthaitheacha nuálacha a oiliúint a bheidh in ann eolas agus smaointe a thiontú ina dtáirgí agus ina seirbhísí a rachaidh chun leas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais.

Beidh na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: oiliúint nuálach den scoth a chur ar fáil do thaighdeoirí atá ag tosú ar a ngairmréim ar leibhéal iarchéime trí thionscadail idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear meantóireacht chun eolas agus taithí a aistriú idir taighdeoirí nó trí chláir dhochtúireachta lena gcabhraítear le taighdeoirí a gcuid gairmréimeanna taighde a fhorbairt a dhéanamh ina mbeidh ollscoileanna, institiúidí taighde, bonneagair thaighde, gnólachtaí, FBManna, agus grúpaí socheacnamaíocha eile ó Bhallstáit, ó thíortha comhlachaithe agus/nó ó thríú tíortha páirteach iontu. Cuirfidh sin feabhas ar ionchais ghairmréime na dtaighdeoirí óga iarchéime san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

(b)   Barr feabhais a chothú trí bhíthin na soghluaisteachta trasteorann agus na soghluaisteachta idir na hearnálacha

Is é an sprioc feabhas a chur ar chumas cruthaitheachta agus nuálaíochta na dtaighdeoirí a bhfuil taithí acu, ar gach leibhéal gairmréime, trí bhíthin deiseanna soghluaisteachta trasteorann agus idir na hearnálacha a chruthú.

Beidh na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: taighdeoirí a bhfuil taithí acu a spreagadh chun a gcuid scileanna a leathnú nó a fheabhsú trí bhíthin na soghluaisteachta, agus déanfar sin trí dheiseanna tarraingteacha gairme a chur ar fáil in ollscoileanna, in institiúidí taighde, i mbonneagair thaighde, i ngnólachtaí, i FBManna agus i ngrúpaí socheacnamaíocha eile ar fud na hEorpa agus lasmuigh di. Leis sin, ba cheart go bhfeabhsófaí leibhéal nuálaíochta na hearnála príobháidí agus go gcuirfí soghluaisteacht trasteorann chun cinn. Tabharfar tacaíocht freisin do dheiseanna chun oiliúint a fháil agus chun eolas nua a fháil in institiúid taighde ardleibhéil i dtríú tír, chun gairm sa taighde a atosú tar éis sos a ghlacadh agus chun taighdeoirí a (ath-)lánpháirtiú i bpost taighde níos fadtréimhsí san Eoraip, lena n-áirítear an tír arb as dóibh, tar éis dóibh taithí a fháil ó shoghluaisteacht thrasnáisiúnta/idirnáisiúnta lena gcumhdaítear gnéithe fillte agus ath-lánpháirtithe.

(c)   An nuálaíocht a spreagadh trí bhíthin eolas a mhalartú

Is é an sprioc an comhar idirnáisiúnta trasteorann agus idir na hearnálacha sa taighde agus sa nuálaíocht a threisiú trí bhíthin pearsanra taighde agus nuálaíochta a mhalartú d'fhonn a bheith in ann dhúshláin dhomhanda níos fearr.

Príomhghníomhaíocht is ea baill foirne T&N a mhalartú idir comhpháirtíocht d'ollscoileanna, d'institiúidí taighde, de bhonneagair thaighde, de ghnólachtaí, do FBManna agus de ghrúpaí socheacnamaíocha eile, laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain araon. Áireofar leis sin an comhar le tríú tíortha a chothú.

(d)   An tionchar struchtúrach a dhéanamh níos mó trí bhíthin na gníomhaíochtaí a chómhaoiniú

Is é an sprioc tionchar uimhriúil agus struchtúrach ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a fheabhsú agus barr feabhais a chothú ar an leibhéal náisiúnta in oiliúint, i soghluaisteacht agus i bhforbairt gairmréime na dtaighdeoirí; agus déanfar sin trí bhíthin cistí sa bhreis a ghiaráil.

Beidh na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanfar: eagraíochtaí réigiúnacha, eagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach, a spreagadh, le cabhair ó shásra cómhaoinithe, chun cláir nua a chruthú agus chun cláir reatha a oiriúnú don oiliúint, don tsoghluaisteacht agus don fhorbairt gairmréime ar bhonn idirnáisiúnta agus idir na hearnálacha. Leis sin, cuirfear feabhas ar chaighdeán na hoiliúna sa taighde san Eoraip i ngach céim den ghairmréim, lena n-áirítear ar leibhéal na dochtúireachta; cothófar saorchúrsaíocht taighdeoirí agus an eolais eolaíoch san Eoraip; cuirfear gairmréimeanna tarraingteacha sa taighde chun cinn trí bhíthin earcaíocht oscailte agus dálaí tarraingteacha oibre a thairiscint; agus tabharfar tacaíocht don chomhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus fiontair, agus don chomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

(e)   Tacaíocht shonrach agus gníomhaíocht bheartais

Is iad na spriocanna faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí agus baic i ngníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a shainaithint, agus tionchar na ngníomhaíochtaí sin a mhéadú. Sa chomhthéacs sin, forbrófar táscairí agus déanfar anailís ar shonraí a bhaineann le soghluaisteacht, le scileanna, le gairmréimeanna na dtaighdeoirí agus le comhionannas inscne, lorgófar sineirgí agus an dlúthchomhar leis na gníomhaíochtaí tacaíochta beartais i dtaca le taighdeoirí, lena gcuid fostóirí agus lena lucht cistiúcháin a dhéanfar faoin gcuspóir sonrach 'An Eoraip i ndomhain atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus machnamhacha'. Is éard is aidhm leis an ngníomhaíocht sin freisin an pobal a chur ar an eolas maidir lena thábhachtaí agus lena tharraingtí atá gairmréimeanna sa taighde, agus leathadh a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus na nuálaíochta a eascraíonn ón obair a dtacaíonn gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie léi.

4.   Bonneagair thaighde

4.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach bonneagair thaighde den scoth a chothú san Eoraip, iad a chur ar fáil do gach taighdeoir san Eoraip agus lasmuigh de, agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na mbonneagar sin dul chun cinn agus nuálaíocht a dhéanamh san eolaíocht.

Is gnéithe ríthábhachtacha iad na bonneagair thaighde d'iomaíochas na hEorpa trasna na réimsí eolaíochta ar fad agus tá siad riachtanach chun nuálaíocht atá bunaithe ar an eolaíocht a dhéanamh. I roinnt mhaith réimsí, ní féidir taighde a dhéanamh gan rochtain ar shár-ríomhairí, ar shaoráidí anailíseacha, ar fhoinsí radaíochta le haghaidh ábhar nua, ar sheomraí íonghlana agus ardmhéadreolaíocht le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí, ar shaotharlanna atá feistithe go speisialta i gcomhair taighde bhitheolaíoch agus mhíochaine, ar bhunachair shonraí le haghaidh na géanómaíochta agus na n-eolaíochtaí sóisialta, ar réadlanna agus braiteoirí le haghaidh na ndomhaneolaíochtaí agus le haghaidh an chomhshaoil, ar líonraí leathanbhanda ardluais chun sonraí a aistriú, etc. Is gá bonneagair thaighde a bheith ann chun an taighde atá ag teastáil le haghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin shochaíocha a dhéanamh. Spreagtar leo an comhar thar theorainneacha agus thar dhisciplíní agus cruthaítear spás Eorpach atá leanúnach agus oscailte le haghaidh an taighde ar líne. Cuirtear soghluaisteacht daoine agus smaointe chun cinn trí bhonneagair taighde, tugtar le chéile na heolaithe is fearr as áiteanna ar fud na hEorpa agus an domhain, agus cuirtear feabhas ar an oideachas eolaíochta. Tá dúshlán ag baint leo do thaighdeoirí agus do chuideachtaí nuálaíocha ó thaobh teicneolaíocht úrscothach a fhorbairt. Ar an gcaoi sin, neartaítear leo tionscal nuálaíochta ardteicneolaíochta na hEorpa. Gríosaíonn na bonneagair thaighde na comhphobail Eorpacha taighde agus nuálaíochta chun barr feabhais a bhaint amach, agus féadfaidh siad a bheith ina dtaispeántais iontacha den eolaíocht don tsochaí i gcoitinne

Ní mór don Eoraip, i gcomhréir le critéir a chomhaontófar go comhchoiteann, bonn leormhaith agus seasmhach a bhunú chun bonneagair thaighde a thógáil, a chothabháil agus a fheidhmiú más mian léi taighde den scoth a choinneáil ar bun. Chun é sin a dhéanamh, tá gá le comhar substaintiúil éifeachtach idir lucht cistiúcháin náisiúnta, réigiúnach agus ón Aontas féin agus, chuige sin, déanfar iarracht naisc láidre a dhéanamh leis an mbeartas comhtháthaithe d’fhonn sineirgí agus cur chuige comhtháite a áirithiú.

Tugann an cuspóir sonrach sin aghaidh ar ghealltanas bunúsach de chuid tionscnaimh shuaitheanta an Aontais Nuálaíochta, rud a leagann béim ar an ról tábhachtach atá ag na bonneagair thaighde den scoth sa nuálaíocht agus sa taighde ceannródaíoch. Leagtar béim sa tionscnamh ar an ngá atá le hacmhainní a chomhthiomsú san Eoraip, agus i gcásanna áirithe sa domhan mór, d’fhonn bonneagair thaighde a thógáil agus a fheidhmiú. Ar aon bhonn leis sin, leagtar béim sa tionscnamh suaitheanta Clár Oibre Digiteach don Eoraip ar an ngá atá le bonneagair ríomhaireachta na hEorpa a threisiú agus ar a thábhachtaí atá sé braislí nuálaíochta a fhorbairt d’fhonn buntáiste nuálaíochta na hEorpa a neartú.

4.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá bonneagair úrscothacha taighde ag éirí níos casta agus níos costasaí, agus is minic is gá trealaimh, seirbhísí agus foinsí difriúla sonraí a chomhtháthú agus comhar fairsing trasnáisiúnta a dhéanamh. Níl a dóthain acmhainní ag aon tír ar leith chun tacaíocht a thabhairt do na bonneagair thaighde go léir a theastaíonn uaithi. Tá dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas leis an gcur chuige Eorpach i leith bonneagar taighde, mar atá, cuireadh chun feidhme agus forbraíodh go leanúnach treochlár an Fhóraim Straitéisigh Eorpaigh um Bonneagair thaighde (ESFRI) le haghaidh bonneagar, rinneadh áiseanna náisiúnta taighde a chomhtháthú agus a oscailt, agus forbraíodh bonneagair ríomhaireachta is bonn agus is taca ag Limistéar Eorpach Taighde digiteach oscailte. Leis na gréasáin de bhonneagair thaighde ar fud na hEorpa, neartaítear an bonn acmhainní daonna trí oiliúint den scoth a chur ar fáil do ghlúin nua taighdeoirí agus innealtóirí agus tríd an gcomhar idirdhisciplíneach a chur chun cinn. Déanfar sineirgí le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a spreagadh.

Trí bhreis forbartha a dhéanamh ar bhonneagair thaighde ar leibhéal na hEorpa agus trí úsáid níos leithne a bhaint astu, rannchuideofar go mór leis an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt. Cé go bhfuil ról lárnach ag na Ballstáit i gcónaí i bhforbairt agus i maoiniú bonneagar taighde, is tábhachtach freisin an pháirt a ghlacann an tAontas i dtacaíocht a thabhairt don bhonneagar ar leibhéal na hEorpa, amhail comhardú maidir le bonneagair thaighde Eorpacha a spreagadh trí theacht chun cinn áiseanna nua agus comhtháite a chothú, trí rochtain leathan ar bhonneagair náisiúnta agus Eorpacha a chur ar fáil agus trí thacú leis an rochtain sin, trína áirithiú go mbíonn na beartais réigiúnacha, náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta comhsheasmhach le chéile agus éifeachtach. Is gá dúbláil agus ilroinnt iarrachtaí a sheachaint, úsáid éifeachtach agus chomhordaithe na n-áiseanna a chothú, agus, i gcás inarb iomchuí, acmhainní a chomhthiomsú ionas go bhféadfaidh an Eoraip bonneagair thaighde a fháil agus a fheidhmiú ar leibhéal den scoth.

Trí bhíthin TFC tá an eolaíocht athraithe ó bhonn trí chian-chomhoibriú, trí ollphróiseáil sonraí, trí thurgnamh in-silico agus trí rochtain ar chianacmhainní a chumasú. Dá bhrí sin éiríonn an taighde níos trasnáisiúnta agus níos idirdhisciplíní, rud a éilíonn úsáid bhonneagar TFC atá fornáisiúnta amhail an eolaíocht féin.

Leis na héifeachtúlachtaí scála agus réimse atá bainte amach leis an gcur chuige Eorpach i leith bonneagar taighde, lena n-áirítear bonneagair ríomhaireachta, a thógáil, a úsáid agus a bhainistiú, rannchuideofar go mór le feabhas a chur ar chumas na hEorpa chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh agus chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche ar an leibhéal idirnáisiúnta.

4.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Beidh sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí forbairt a dhéanamh ar na bonneagair thaighde Eorpacha le haghaidh na bliana 2020 agus ina dhiaidh sin, a n-acmhainneacht chun nuálaíochta agus a n-acmhainní daonna a chothú, agus an beartas Eorpach maidir le bonneagair thaighde a threisiú.

(a)   Bonneagair thaighde Eorpacha a fhorbairt le haghaidh na bliana 2020 agus ina dhiaidh sin

An aidhm a bheidh ann is ea gníomhíochtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh: (1) bonneagair thaighde de chuid ESFRI agus bonneagair eile den scoth a ullmhú, a chur chun feidhme, agus a oibriú, lena n-áirítear áiseanna comhpháirtíochta réigiúnaí a fhorbairt, nuair is ann do bhreisluach láidir d'idirghabháil ón Aontas; (2) rochtain thrasnaisiúnta ar bhonneagair thaighde náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil leas Eorpach iontu agus iad a chomhtháthú, ionas go mbeidh eolaithe Eorpacha in ann iad a úsáid, beag beann ar an áit ina bhfuil siad, chun taighde ardleibhéil a dhéanamh; (3) r-bhonneagair a fhorbairt, a imscaradh agus a oibriú chun cumas ceanródaíoch i líonrú, i ríomhaireacht agus i sonraí eolaíocha a áirithiú sa domhan mór.

(b)   Acmhainneacht nuálaíochta na mbonneagar taighde agus a n-acmhainní daonna a chothú

Beidh sé mar aidhm na nithe seo a leanas a bhaint amach: bonneagair thaighde a spreagadh chun glacadh le teicneolaíocht úr go luath nó chun bheith ina bhforbróirí ceannródaíocha maidir leis an teicneolaíocht, comhpháirtíochtaí taighde agus forbartha le hearnáil na tionsclaíochta a chur chun cinn, úsáid thionsclaíoch na mbonneagar taighde a éascú, agus cruthú braislí nuálaíochta a spreagadh. Leis an ngníomhaíocht sin, tabharfar tacaíocht d’oiliúint agus/nó do mhalartú ball foirne a bhainistíonn nó a fheidhmíonn bonneagair thaighde.

(c)   An beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a threisiú

Beidh sé mar aidhm tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí idir lucht déanta beartas iomchuí agus na comhlachtaí cistiúcháin iomchuí, mapáil agus faireachán a dhéanamh ar uirlisí cinnteoireachta agus ar ghníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta freisin. Féadfar tacú le bonneagair thaighde Eorpacha ina ngníomhaíochtaí a bhaineann le caideamh idirnáisiúnta.

Coinneofar leis na cuspóirí a leagtar amach faoi líntí gníomhaíochta (b) (c) trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe, agus trí na gníomhaíochtaí eile a fhorbrófar faoi líne ghníomhaíochta (a) nuair is iomchuí.

CUID II

CEANNAIREACHT THIONSCLAÍOCH

1.   An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha

Is é an cuspóir sonrach cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar an gceannaireacht dhomhanda tríd an taighde agus tríd an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus spáis, ábhair atá mar bhonn is mar thaca leis an iomaíochas thar réimse tionscal agus earnálacha, idir chinn reatha agus chinn atá ag teacht chun cinn.

Tá athrú ag teacht go mear ar thimpeallacht an ghnó dhomhanda agus tá idir dhúshláin agus dheiseanna don tionscal Eorpach ag gabháil le cuspóirí Eoraip 2020 chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach. Ní mór don Eoraip dlús a chur leis an nuálaíocht chun an t-eolas a ghintear a thiontú ina bhonn agus ina thaca le haghaidh táirgí, seirbhísí agus margaí reatha agus feabhas a chur ar na nithe sin; agus cinn nua a chruthú, ag díríu isteach i gcónaí ar cháilíocht agus inbhuanaitheacht. Ba cheart leas, sa chiall is leithne den fhocal sin, a bhaint as an nuálaíocht, ní amháin chun críche na teicneolaíochta ach chun gnéithe gnó, eagrúcháin agus sóisialta a áireamh freisin.

Chun fanacht i dtús cadhnaíochta maidir leis an iomaíochas domhanda a bhfuil bonn láidir teicneolaíochta faoi agus acmhainneacht mhór thionsclaíoch ann, ní mór tuilleadh infheistíochta straitéisí a dhéanamh sa taighde, san fhorbairt, sa bhailíochtú, agus i scéimeanna píolótacha i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide; i nanaitheicneolaíochtaí; in ábhair shárfhorbartha; sa bhiteicneolaíocht; san ardmhonaraíocht agus san ardphróiseáil; agus i gcúrsaí spáis.

Is tábhachtach go bhfaighidh earnáil tionsclaíochta na hEorpa máistreacht ar theicneolaíochtaí cumasúcháin agus go n-úsáidfidh sí iad agus go gcomhtháthódh sí iad chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa, agus chun a áirithiú go mbeidh na nithe seo a leanas ag an Eoraip: geilleagar atá sárfhorbartha, inbhuanaithe agus iomaíoch, ceannaireacht dhomhanda ar na hearnálacha ardteicneolaíochta cur chun feidhme, agus an cumas chun réitigh éifeachtacha agus inbhuanaithe ar dhúshláin shochaíocha a fhorbairt. Toisc a leithéid sin de ghníomhaíochtaí a bheith forleatach, is féidir tuilleadh dul chun cinn a spreagadh leo trí bhíthin aireagán, feidhmeanna agus seirbhísí a chomhlánaíonn a chéile, rud a áiritheoidh toradh níos airde ar infheistíocht sna teicneolaíochtaí sin ná mar a gheofaí in aon réimse eile.

Leis na gníomhaíochtaí sin, rannchuideofar le spriocanna na dtionscnamh suaitheanta "Aontas Nuálaíochta", "Eoraip atá tíosach ar Acmhainní", "Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe", agus "Clár Oibre Digiteach don Eoraip" de chuid straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach, chomh maith le spriocanna bheartas an Aontais maidir leis an spás a bhaint amach.

Comhlántachtaí le gníomhaíochtaí eile in “Fís 2020”

Beidh na gníomhaíochtaí a liostaítear faoin gcuspóir sonrach ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’ bunaithe go príomha ar chláir taighde agus nuálaíochta a shaineofar trí rannpháirtíocht earnáil na tionsclaíochta agus na hearnála gnó, lena n-áirítear FBManna in éineacht leis an gcomhphobal taighde agus leis na Ballstáit ar bhealach oscailte agus trédhearcach, agus beidh siad dírithe go mór ar infheistiú ón earnáil phríobháideach a ghiaráil agus ar an nuálaíocht.

Tabharfar tacaíocht do theicneolaíochtaí cumasúcháin a chomhtháthú i réitigh ar dhúshláin shochaíocha, mar aon leis na dúshláin ábhartha féin. Maidir le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí cumasúcháin nach rangaítear faoi na dúshláin shochaíocha ach atá tábhachtach d’iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa, tacófar leo siúd faoi ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’. Ba cheart comhordú iomchuí a lorg leis na tosaíochtaí 'Eolaíocht den Scoth' agus 'Dúshláin Shochaíocha'.

Cur chuige comhchoiteann

Aireofar leis an gcur chuige gníomhaíochtaí atá dírithe ar chláir oibre agus réimsí atá níos oscailte araon chun tionscadail nuálacha agus réitigh cheannródaíocha a chur chun cinn, lena gcumhdaítear an slabhra luach iomlán, lena n-áirítear taighde agus forbairt, mórghníomhaíochtaí píolótacha agus taispeántais, trialacha sábháilte agus saotharlanna beo, fréamhshamhaltú agus táirgí a bhailíochtú i línte píolótacha. Ceapfar na gníomhaíochtaí chun an t-iomaíochas tionsclaíoch a dhéanamh níos fearr tríd an tionsclaíocht a spreagadh, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, le breis infheistíochta a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht, lena n-áirítear trí iarrataí oscailte. Díreofar go leordhóthanach ar thionscadail mhionscála agus mheánscála.

Cur chuige comhtháite i leith Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin

Is gné thábhachtach den chuspóir sonrach ‘An Cheannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha’ iad na hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin (ETCanna), a sainítear mar an mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic, an fhótónaic, an nanaitheicneolaíocht, an bhiteicneolaíocht, ábhair shárfhorbartha agus córais ardmhonaraíochta (3). Trasnaíonn na teicneolaíochtaí sin atá ildisciplíneach agus atá dian ar eolas agus ar chaipiteal cuid mhaith earnálacha éagsúla, agus is leo siúd a fhéadfaidh buntáiste iomaíoch mór a bheith ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa, chun fás a spreagadh agus chun poist nua a chruthú. Trí chur chuige comhtháite a ghlacadh ina gcuirtear chun cinn ETCanna a chónascadh, a chóineasú agus a mhalartú i dtimthriallta difriúla nuálaíochta agus i slabhraí luacha, is féidir torthaí taighde a bhfuil gealladh fúthu a bhaint amach agus an bealach a réiteach le haghaidh teicneolaíochtaí tionsclaíocha nua, táirgí, seirbhísí agus feidhmeanna núíosacha (e.g. i gcúrsaí spáis, iompair, talmhaíochta, iascaigh, foraoiseachta, comhshaoil, bia, sláinte agus fuinnimh). Dá bhrí sin bainfear leas as an iomad idirghníomhaíochtaí a ghabhann le ETCanna agus le teicneolaíochtaí cumasúcháin tionsclaíocha eile ar bhealach solúbtha, mar fhoinse thábhachtach nuálaíochta. Comhlánóidh an méid sin tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht in ETCanna a fhéadfaidh údaráis náisiúnta nó réigiúnacha a sholáthar faoi Chistí an Bheartais Chomhtháthaithe faoi chuimsiú straitéisí um speisialtóireacht chliste.

Ceanglaítear iarrachtaí níos fearr i dtaighde trasteicneolaíochta le nuálaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh tionscadail ildhisiplíneacha agus il-ETC mar bhunchuid den tosaíocht 'Ceannaireacht Thionsclaíoch'. Le struchtúr cur chun feidhme 'Fís 2020' lena dtugtar tacaíocht d'ETCanna agus do ghníomhaíochtaí trasnaí ETC (il-ETCanna), ba cheart go n-áiritheofaí sineirgí agus comhordú éifeachtach, i measc nithe eile, le dúshláin shochaíocha. Ina theannta sin, lorgófar sineirgí, i gcás inarb iomchuí, idir gníomhaíochtaí ETC agus na gníomhaíochta faoi chreat an Bheartais Chomhtháthaithe do na blianta 2014-2020, mar aon le EIT.

Le haghaidh na dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha ar fad, lena n-áirítear na ETCanna, beidh sé mar mhóraidhm idirghníomhaíochtaí idir na teicneolaíochtaí, agus leis na feidhmeanna faoi na dúshláin shochaíocha, a chothú. Cuirfear é sin ar fad san áireamh agus na cláir oibre agus na tosaíochtaí á bhforbairt agus á gcur chun feidhme. Chuige sin, tá sé riachtanach go nglacfaidh geallsealbhóirí a ionadaíonn do na peirspictíochtaí éagsúla páirt iomlán sna tosaíochtaí a shocrú agus a chur chun feidhme. I gcásanna áirithe, beidh gá freisin le gníomhartha a chómhaoinítear in éineacht leis na teicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha, agus leis na dúshláin shochaíocha ábhartha. D'fhéadfaí a áireamh leis sin cómhaoiniú do chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí arb éard is aidhm dóibh teicneolaíochtaí a fhorbairt agus an nuálaíocht a chothú agus teicneolaíochtaí den sórt sin a chur i bhfeidhm d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha.

Tá ról tábhachtach ag TFC toisc go gcuireann sí na bonneagair, na teicneolaíochtaí agus na córais bhunúsacha is tábhachtaí ar fáil le haghaidh próiseas eacnamaíoch agus sóisialta atá ríthábhachtach, chomh maith le táirgí agus seirbhísí nua, idir phríobháideach agus phoiblí. Ní mór d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa fanacht i dtús cadhnaíochta sna forbairtí teicneolaíocha in TFC, réimse ina bhfuil go leor teicneolaíochtaí ag éirí suaite, rud a chruthaíonn deiseanna nua.

Is earnáil faoi fhás mear é an spás agus tugann sé faisnéis ríthábhachtach do go leor réimsí den tsochaí chomhaimseartha: sásaíonn sé a cuid éileamh bunúsach, téann sé i ngleic le ceisteanna uilíocha eolaíochta, agus cabhraíonn sé le stádas an Aontais mar mhórghníomhaí idirnáisiúnta a dhaingniú. Tá an taighde ar chúrsaí spáis mar bhonn is mar thaca le gach gníomhaíocht a dhéantar sa spás, ach faoi láthair tugtar aghaidh air i gcláir atá á reáchtáil ag Ballstáit, ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) nó i gcomhthéacs Chreatchlár AE le haghaidh taighde. Ní foláir leanúint le hinfheistíocht agus le gníomhaíocht a dhéanamh i dtaighde ar chúrsaí spáis ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 189 CFAE chun bheith iomaíoch i gcónaí; chun bonneagair agus cláir spáis an Aontais, amhail Copernicus agus Galileo a chosaint; agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh ról ag an Aontas i gcúrsaí spáis sa todhchaí.

Ina theannta sin, is foinse thábhachtach fáis agus fostaíochta iad na seirbhísí agus na feidhmeanna nuálacha iartheachtacha soláimhsithe ina n-úsáidtear an fhaisnéis a eascraíonn ón earnáil sin agus is deis thábhachtach a bheidh ina bhforbairt don Aontas.

An chomhpháirtíocht agus an bhreisluach

Féadfaidh an Eoraip mais chriticiúil a bhaint amach tríd an gcomhpháirtíocht, trí bhraislí agus trí ghréasáin, tríd an gcaighdeánú, agus tríd an gcomhar a chur chun cinn idir disciplíní agus earnálacha difriúla san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a bhfuil na riachtanais chéanna taighde agus forbartha orthu, chun talamh úr a bhriseadh, teicneolaíochtaí úra, agus réitigh nuálacha táirge, seirbhíse agus próisis a cheapadh.

Cláir thaighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, ach freisin trí naisc éifeachtacha a dhéanamh idir an earnáil acadúil agus earnáil na tionsclaíochta, giaráil infheistíochtaí breise, rochtain a bheith ar mhaoiniú riosca, caighdeánú a dhéanamh ar an soláthar réamhthráchtálach agus tacaíocht a thabhairt dó, agus táirgí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar: is gnéithe riachtanacha iad sin go léir chun aghaidh a thabhairt ar an iomaíochas.

I dtaca leis sin de, bíonn naisc láidre le EIT de dhíth chun daoine atá tréitheach san fhiontraíocht a tháirgeadh agus a chur chun cinn agus chun dlús a chur leis an nuálaíocht trí dhaoine as tíortha, as disciplíní agus as eagraíochtaí difriúla a thabhairt le chéile.

Trí chomhar a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, is féidir tacaíocht a thabhairt do dheiseanna trádála trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh táirgí agus seirbhísí agus teicneolaíochtaí úra atá ag teacht chun cinn. D'fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag caighdeáin den sórt sin a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear geallsealbhóirí ó earnáil na heolaíochta agus na tionsclaíochta. Cuirfear chun cinn gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an gcaighdeánú agus leis an idir-inoibritheacht, leis an tsábháilteacht agus le gníomhaíochtaí réamhrialála.

1.1.   Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC)

1.1.1.   Cuspóir sonrach do TFC

De réir tionscnamh suaitheantais an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip (4), is é an cuspóir sonrach atá le taighde agus le nuálaíocht in TFC cur ar a cumas don Eoraip tacú leis na deiseanna ag eascairt ón dul chun cinn in TFC, iad a fhorbairt agus leas a bhaint astu, chun sochar na saoránach, na ngnólachtaí agus na gcomhphobal eolaíochtaí.

Agus í ar an ngeilleagar is mó ar domhan agus an cion is mó de mhargadh TFC aici (is mo a luach ná EUR 2 600 billiún inniu), ba cheart go mbeadh uaillmhianta ag an Eoraip go mbeidh a cuid gnólachtaí, rialtas, ionad taighde agus forbartha agus ollscoileanna mar cheannairí i bhforbairtí Eorpacha agus domhanda in TFC, iad ag cothú gnólachtaí nua agus ag déanamh níos mó infheistíochtaí i nuálaíochtaí a bhaineann le TFC.

Faoin mbliain 2020, ba cheart d’earnáil TFC na hEorpa ar a laghad méid coibhéiseach lena cion de mhargadh domhanda TFC a sholáthar; faoi láthair is ionann an cion sin agus aon trian den mhargadh. Ba cheart don Eoraip freisin gnólachtaí nuálacha in TFC a chothú ionas gurb iad cuideachtaí a bunaíodh le fiche bliain anuas a dhéanfaidh aon trian den infheistíocht gnóthas ar fad i dtaighde agus i bhforbairt in TFC san Aontas, b'fhiú EUR 35 billiún an méid sin sa bhliain 2011. Chuige sin, theastódh méadú ar infheistíochtaí poiblí i dtaighde agus i bhforbairt in TFC ar bhealaí ina ndéanfaí an caiteachas príobháideach a ghiaráil, i dtreo na sprice chun infheistíochtaí a fhairsingiú sna deich mbliana atá romhainn, agus méadú mór a dhéanamh ar líon na n-ionad Eorpach agus na mbraislí Eorpacha a bhfuil barr feabhais bainte amach acu in TFC.

Chun máistreacht a fháil ar theicneolaíocht agus ar shlabhraí gnóthais atá ag éirí níos casta agus níos ildisciplíní in TFC, teastaíonn an chomhpháirtíocht, rioscaí a roinnt agus mais chriticiúil a shlógadh ar fud an Aontais. Trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ba cheart go gcuideofaí le hearnáil na tionsclaíochta aghaidh a thabhairt ar pheirspictíocht an mhargaidh aonair agus barainneachtaí scála agus réimse a bhaint amach. Leis an gcomhar atá dírithe ar chomhchláir oibre theicneolaíochta atá oscailte agus a mbíonn iarmhairtí agus tionchair ghiarála acu, féadfaidh réimse leathan de gheallsealbhóirí leas a bhaint as forbairtí nua agus nuálaíochtaí eile a chruthú. Le comhpháirtíocht ar leibhéal an Aontais, is féidir comhdhearcaidh a shocrú, pointe fócasach soiléir a bhunú do na comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus tacófar le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin agus ar réitigh chomh-inoibritheacha san Aontas agus ar fud an domhain araon.

1.1.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá TFC mar bhonn is mar thaca ag an nuálaíocht agus ag an iomaíochas trasna réimse leathan de mhargaí agus d’earnálacha príobháideacha agus poiblí, agus is trína mbíthin is féidir dul chun cinn eolaíoch a dhéanamh sna disciplíní ar fad. In imeacht na ndeich mbliana atá romhainn amach, is soiléire fós a bheidh an tionchar a imreoidhag na teicneolaíochtaí digiteacha, na gnéithe, na bonneagair agus na seirbhísí a bhaineann le TFC ar gach réimse den saol. Leanfaidh acmhainní ríomhaireachta, cumarsáide agus stórála sonraí de bheith ag fáil leathantais sna blianta atá le teacht. Ginfidh braiteoirí, meaisíní agus táirgí atá feabhsaithe-le-faisnéis, ollmhéideanna faisnéise agus sonraí, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí fíor-ama, rud a fhágann go mbeidh sé coitianta gníomhaíocht a dhéanamh i bhfad ón láthair, go bhféadfar próisis ghnó agus láithreáin táirgthe inbhuanaithe a úsáid ar fud an domhain lena bhféadfar réimse leathan de sheirbhísí agus d’fheidhmeanna a chruthú.

Is trí TFC a sholáthrófar cuid mhaith seirbhísí tráchtála agus poiblí riachtanacha, agus gach próiseas táirgthe faisnéise tábhachtach san eolaíocht, san fhoghlaim, sa ghnó agus in earnáil an chultúir agus in earnáil na cruthaitheachta chomh maith leis an earnáil phoiblí, agus beidh rochtain níos éasca orthu dá bhrí sin. Is trí TFC a sholáthrófar an bonneagar criticiúil le haghaidh próiseas táirgthe agus gnó, na cumarsáide agus idirbheart. Beidh TFC riachtanach freisin chun tabhairt faoi na dúshláin shochaíocha is tábhachtaí, chomh maith leis na próisis shochaíocha amhail comhphobail a eagrú, iompar na dtomhaltóirí, rannpháirtíocht pholaitiúil agus an pobal a rialú, mar shampla trí bhíthin na meán sóisialta agus ardáin agus uirlisí comhchoiteanna feasachta. Tá sé ríthábhachtach go gcomhtháthófar agus go dtacófar le taighde atá bunaithe ar pheirspictíocht an úsáideora d'fhonn réitigh iomaíocha a fhorbairt.

Leis an tacaíocht a thugann an tAontas don taighde agus don nuálaíocht in TFC, cuidítear go suntasach leis na teicneolaíochtaí agus na feidhmeanna den chéad ghlúin eile a fhorbairt, óir is cuid mhór d’iomlán an chaiteachais ar an taighde agus ar an nuálaíocht chomhoibritheach meánriosca agus ardriosca san Eoraip í. Go dtí seo, is riachtanach an infheistíocht phoiblí a rinneadh i dtaighde agus i nuálaíocht in TFC ar leibhéal an Aontais, agus is mar sin atá go fóill, chun an mhais chriticiúil a spreagadh chun talamh úr a bhriseadh, chun réitigh, táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus chun úsáid níos fearr a bhaint astu. Tá ról tábhachtach aici go fóill i gclár oibre oscailte agus teicneolaíochtaí is infheidhme ar fud an Aontais a fhorbairt, i nuálaíochtaí a thástáil agus a phíolótú i bhfíorthosca pan-Eorpacha agus san úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní nuair atá aghaidh á tabhairt ar iomaíochas an Aontais agus le dúshláin shochaíocha choitianta. Tríd an tacaíocht a thugann an tAontas don taighde agus don nuálaíocht in TFC, féadfaidh fiontair teicneolaíochta bheaga agus mheánmhéide fás agus leas a bhaint as méid na margaí ar fud an Aontais. Leis an tacaíocht sin, táthar ag neartú an chomhair agus an fheabhais idir eolaithe agus innealtóirí an Aontais, ag treisiú sineirgí leis na buiséid náisiúnta agus eatarthu, agus ag gníomhú mar phointe fócasach le haghaidh an chomhair le comhpháirtithe as áiteanna lasmuigh den Eoraip.

Sna meastóireachtaí leantacha a rinneadh ar ghníomhaíochtaí TFC i sa Seachtú Clár Réime, léiríodh gur ríthábhachtach an infheistíocht a díríodh ar an taighde agus ar an nuálaíocht in TFC agus a rinneadh ar leibhéal an Aontais chun an cheannaireacht thionsclaíoch a chothú i réimsí amhail an chumarsáid mhóibíleach, córais TFC a bhraitheann ar an tsábháilteacht, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail éifeachtúlacht fuinnimh, an tsláinte, sábháilteacht an tsoláthair bia, an t-iompar nó an t-athrú déimeagrafach. Trí infheistíochtaí ón Aontas i mbonneagair thaighde TFC, cuireadh na háiseanna taighde, líonraithe agus ríomhaireachta is fearr ar domhan ar fáil do thaighdeoirí Eorpacha.

1.1.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Trí roinnt línte gníomhaíochta, díreofar ar dhúshláin a bhaineann leis an gceannaireacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch in TFC, agus cumhdófar cláir chineálacha le haghaidh taighde agus nuálaíochta in TFC, lena n-áirítear go háirithe na nithe seo a leanas:

(a)

Glúin nua comhpháirteanna agus córas: Comhpháirteanna agus córais atá sárfhorbartha, leabaithe agus tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní a cheapadh;

(b)

An ríomhaireacht den chéad ghlúin eile: Córais agus teicneolaíochtaí ríomhaireachta atá sárfhorbartha agus slán, lena n-áirítear néalríomhaireacht;

(c)

An tIdirlíon don Todhchaí:bogearra, crua-earra, bonneagair, teicneolachtaí agus seirbhísí;

(d)

Teicneolaíochtaí inneachair agus bainistíocht faisnéise: TFC le haghaidh ábhar digiteach agus le haghaidh tionscail na cruthaitheachta agus an chultúir;

(e)

Comhéadain shárfhorbartha agus róbait: róbataic agus spásanna cliste;

(f)

An mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic agus an fhótónaic: Eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bhaineann leis an micrileictreonaic, leis an nanaileictreonaic agus leis an bhfótónaic lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí candamacha freisin.

Táthar ag súil go gcumhdófar an réimse iomlán riachtanas leis na sé mhórlíne ghníomhaíochta sin, agus iomaíochas earnáil thionsclaíochta na hEorpa ar fud an domhain á chur san áireamh. D’áireofaí leo sin an cheannaireacht thionsclaíoch i réitigh chineálacha atá bunaithe ar TFC, táirgí agus seirbhísí atá riachtanach chun dul i ngleic le mórdhúshláin shochaíocha, chomh mhaith le cláir thaighde agus nuálaíochta in TFC atá dírithe ar fheidhmeanna a dtacófar leo in éineacht leis an dúshlán sochaíoch iomchuí. I bhfianaise an dul chun cinn ar an teicneolaíocht i ngach réimse den saol a bhíonn ag dul i méid i gcónaí, beidh an idirghníomhaíocht idir daoine agus teicneolaíocht tábhachtach i leith an méid sin, agus beidh sé mar chuid de thaighde TFC thuasluaite atá dírithe ar fheidhmeanna.

Áireofar leis na sé líne ghníomhaíochta sin freisin bonneagair thaighde a bhaineann le TFC go sonrach amhail saotharlanna beo le haghaidh turgnamh, agus bonneagair le haghaidh eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin bunúsacha agus iad a chomhtháthú i dtáirgí sárfhorbartha agus i gcórais chliste nuálacha, lena n-áirítear trealamh, uirlisí, seirbhísí tacaíochta, seomraí íonghlana, agus rochtain ar theilgcheártaí chun fréamhshamhaltú a dhéanamh.

Tacóidh Fís 2020 le córais taighde agus forbartha agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha á n-urramú go hiomlán acu agus go háirithe a gceart chun príobháideachais.

1.2.   Nanaitheicneolaíochtaí

1.2.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí

Is é cuspóir sonrach an taighde agus na nuálaíochta nanaitheicneolaíochtaí ceannaireacht an Aontais a áirithiú sa mhargadh domhanda seo ina bhfuil ardchumas fáis, trí dhul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch agus infheistíocht i nanaitheicneolaíochtaí a spreagadh agus an glacadh atá leo i dtáirgí agus i seirbhísí ard-bhreisluacha, iomaíocha ar fud raon feidhmeanna agus earnálacha.

Faoi 2020, beidh nanaitheicneolaíochtaí á bpríomhshruthú, is é sin le rá go mbeidh siad comhtháite go leanúnach leis an gcuid is mó de na teicneolaíochtaí agus de na feidhmeanna, a spreagfar le sochair don tomhaltóir, le cáilíocht saoil, le cúram sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus leis an bhféidearthacht láidir thionsclaíoch chun réitigh a bhaint amach, nárbh ann dóibh roimhe sin, i dtaca le táirgiúlacht agus tíosacht acmhainní.

Ina theannta sin, ní mór don Eoraip an tagarmharc domhanda a shocrú maidir le himscaradh na nanaitheicneolaíochta ar bhonn sábháilte agus freagrach, agus maidir le rialachas ina leith lena n-áiritheofar sochair mhóra ar bhonn tionsclaíoch agus tionchar sochaíoch i gceangal le hardchaighdeáin sábháilteachta agus inbhuanaitheachta.

Is ionann táirgí ina n-úsáidtear nanaitheicneolaíochtaí agus margadh domhanda nach acmhainn don Eoraip neamhaird a thabhairt air. Tá meastacháin an mhargaidh maidir le luach na dtáirgí ina n-ionchorprófar nanaitheicneolaíocht mar phríomh-chomhpháirt chomh hard le EUR 700 billiún faoi 2015 agus EUR 2 thrilliún faoi 2020, lena mbainfidh idir 2 agus 6 mhilliún post faoi seach. Ba cheart do chuideachtaí nanaitheicneolaíochta na hEorpa an fás dédhigiteach sin ar an margadh a shaothrú agus a bheith ábalta sciar den mhargadh cothrom le sciar na hEorpa de chistiú taighde domhanda (i.e. ceathrú cuid) a ghabháil faoi 2020.

1.2.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is speictream de theicneolaíochtaí atáthar a fhorbairt i gcónaí iad nanaitheicneolaíochtaí, lena mbaineann féidearthacht chruthaithe, a bhfuil tionchar réabhlóideach acu ar an méid seo a leanas; m.sh. ábhair, TFC, soghluaisteacht iompair, eolaíochtaí saoil, cúram sláinte (lena n-áirítear cóireáil), earraí tomhaltóra agus monaraíocht a luaithe a dhéantar táirgí ceannródaíocha atá inbhuanaithe agus iomaíoch agus próisis tháirgthe cheannródaíocha as an taighde.

Tá ról ríthábhachtach ag nanaitheicneolaíochtaí maidir le freastal a dhéanamh ar na dúshláin a shainaithítear sa straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfidh imscaradh rathúil na n-eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin seo le hiomaíochas thionscal an Aontais trí tháirgí úrnua agus feabhsaithe nó próisis níos éifeachtaí a chumasú agus freagairtí a chur ar fáil ar dhúshláin shochaíocha sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí.

Tá an cistiú taighde domhanda le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí dúbailte ó thuairim agus EUR 6.5 billiún in 2004 go tuairim agus EUR 12.5 billiún in 2008, agus ceathrú den mhéid sin ag teacht ón Aontas. Tá ceannaireacht taighde aitheanta ag an Aontas i naineolaíochtaí agus i nanaitheicneolaíochtaí agus réamh-mheastar go mbeidh 4 000 cuideachta sna réimsí siúd san Aontas faoi 2015. Ní mór an cheannaireacht taighde sin a choinneáil agus a fhairsingiú agus a aistriú le go mbainfear leas praiticiúil aisti agus le go ndéanfar tráchtálú uirthi.

Ní mór don Eoraip a staid sa mhargadh domhanda a dhaingniú agus a fhorbairt anois trí chomhar forleathan a chur chun cinn i slabhraí luacha éagsúla agus trasna slabhraí luacha éagsúla agus idir earnálacha tionsclaíocha éagsúla chun táirgí tráchtála sábháilte, inbhuanaithe agus inmharthana a dhéanamh de phróiseas méadaithe ó scálú na dteicneolaíochtaí sin. Tá saincheisteanna an mheasúnaithe agus an bhainistithe riosca mar aon le rialachas freagrach ag teacht chun cinn mar fhachtóirí cinntitheacha maidir le tionchar nanaitheicneolaíochtaí sa todhchaí ar an tsochaí, ar an gcomhshaol agus ar an ngeilleagar.

Ar an gcaoi sin, beidh fócas na ngníomhaíochtaí ar fheidhmiú nanaitheicneolaíochtaí sa gheilleagar ar bhonn forleathan, freagrach agus inbhuanaithe chun sochair lena mbaineann tionchar ard sochaíoch agus tionsclaíoch a chumasú. D’fhonn na deiseanna féideartha a áirithiú, lena n-áirítear cuideachtaí nua a chur ar bun agus poist nua a ghiniúint, ba cheart go gcuirfí na huirlisí riachtanacha ar fáil trí thaighde ionas gur féidir caighdeánú agus rialú a chur chun feidhme i gceart.

1.2.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   An chéad ghlúin eile de nana-ábhair, de nanaifheistí agus de nanachórais a fhorbairt

Díriú ar tháirgí atá nua ó bhonn lena gcumasófar réitigh inbhuanaithe i raon leathan earnálacha.

(b)   Forbairt agus feidhmiú nanaitheicneolaíochtaí ar bhonn sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú

Eolas eolaíoch maidir le tionchar féideartha na nanaitheicneolaíochtaí agus na nanachóras ar shláinte nó ar an gcomhshaol a chur chun cinn, agus uirlisí a chur ar fáil chun measúnú agus bainistiú riosca a dhéanamh ar feadh na saolré iomláine, lena n-áirítear saincheisteanna caighdeánaithe.

(c)   Gné shochaíoch na nanaitheicneolaíochta a fhorbairt

Díriú ar rialachas na nanaitheicneolaíochta chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil.

(d)   Nana-ábhair, comhpháirteanna agus córais a shintéisiú agus a mhonarú go héifeachtúil agus ar bhealach inbhuanaithe

Díriú ar oibriúcháin nua, ar chomhtháthú cliste próiseas nua agus próiseas atá ann cheana, lena n-áirítear cóineasú teicneolaíochta agus méadú ó scála a dhéanamh chun táirgeadh fíorbheacht táirgí agus sáslach ilfhóinteach solúbtha ar mórscála a bhaint amach lena n-áirithítear faisnéis a thiontú go héifeachtúil go nuálaíocht thionsclaíoch.

(e)   Teicnící feabhsaithe cumais, modhanna tomhais agus trealamh a fhorbairt agus a chaighdeánú

Díriú ar na teicneolaíochtaí atá mar bhonn agus mar thaca ó thaobh tacú le forbairt agus le tabhairt isteach nana-ábhar agus nanachóras sábháilte, casta ar an margadh.

1.3.   Ábhair shárfhorbartha

1.3.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh ábhar sárfhorbartha

Is é cuspóir sonrach an taighde agus na nuálaíochta maidir le hábhair shárfhorbartha, forbairt a dhéanamh ar ábhair lena mbaineann feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht inseirbhíse fheabhsaithe, le haghaidh táirgí níos iomaíche agus níos sábháilte a dhéanann íoslaghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ar ídiú acmhainní.

Is príomhchumasúcháin iad ábhair agus iad i gcroílár na nuálaíochta tionsclaíche. Tá ábhair shárfhorbartha lena mbaineann ábhar eolais ardleibhéil, feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht fheabhsaithe fíor-riachtanach le haghaidh iomaíochais thionsclaíoch agus forbairt inbhuanaithe ar fud raon leathan feidhmeanna agus earnálacha

1.3.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá ábhair shárfhorbartha nua de dhíth chun táirgí agus próisis inbhuanaithe agus lena mbainfidh feidhmíocht níos fearr a fhorbairt agus lena ndéanfar acmhainní tearca a ionadú. Is cuid den réiteach ar ár ndúshláin thionsclaíocha agus shochaíocha iad na hábhair sin, as a dtiocfaidh feidhmíocht níos fearr ó thaobh a n-úsáide de, riachtanais níos lú ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de, agus inbhuanaitheacht le linn shaolré uile na dtáirgí.

I ndáil le forbairt atá dírithe ar fheidhmeanna, is minic is gá ábhair iomlán nua a dhearadh, agus an cumas chun feidhmíochtaí inseirbhíse beartaithe a chur ar fáil leo. Is gné thábhachtach iad na hábhair sin maidir le slabhra soláthair monaraíochta ardluacha. Tá siad mar bhunús freisin le haghaidh dul chun cinn i réimsí teicneolaíochta trasnaí (mar shampla teicneolaíochtaí cúraim sláinte, bitheolaíochtaí, leictreonaic agus fótónaic), agus i ngach earnáil den mhargadh a bheag nó a mhór. Is ionann na hábhair iad féin agus príomhbheart chun luach na dtáirgí agus a bhfeidhmíocht a mhéadú. Tá luach agus tionchar measta na n-ábhar sárfhorbartha suntasach, agus ráta fáis bliantúil thart ar 6 % ag gabháil leo agus méid margaidh ionchais tuairim is EUR 100 billiún faoi 2015.

Ceapfar ábhair de réir cur chuige saolré iomlán, ó sholáthar na n-ábhar atá ar fáil go dtí deireadh ré (próiseas athghiniúnach), agus cuir chuige nuálacha chun na hacmhainní (lena n-áirítear fuinneamh) is gá le haghaidh a dtrasfhoirmithe a íoslaghdú nó chun drochthionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Cumhdófar freisin úsáid leanúnach, athchúrsáil nó úsáid thánaisteach ábhar a bhfuil a ré caite mar aon le nuálaíocht shochaíoch ghaolmhar, amhail athruithe ar iompar na dtomhaltóirí agus samhlacha nua gnó.

D’fhonn dlús a chur faoin dul chun cinn, cothófar cur chuige ildisciplíneach agus inréimneach, lena mbainfidh ceimic, fisic, eolaíochtaí innealtóireachta, samhaltú teoiriciúil agus ríomhaireachtúil, eolaíochtaí bitheolaíocha agus dearadh tionsclaíoch a bheidh níos cruthaithí.

Cothófar comhghuaillíochtaí nua agus nuálaíochta glasa mar aon le siombóis thionsclaíoch ionas gur féidir le tionscail a samhlacha gnó a éagsúlú, a fhorleathnú agus a gcuid dramhaíola a athúsáid mar bhunús le táirgiúlacht nua.

1.3.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Teicneolaíochtaí ábhar trasnaí agus cumasúcháin

Taighde ar ábhair de réir dearaidh, ar ábhair fheidhmeacha, ar ábhair ilfheidhmeacha lena mbaineann ábhar eolais ardleibhéil, feidhmiúlachtaí nua agus feidhmíocht fheabhsaithe, agus ar ábhair struchtúracha le haghaidh nuálaíochta i ngach earnáil thionsclaíoch, lena n-áirítear tionscail na cruthaitheachta.

(b)   Ábhair a fhorbairt agus a thrasfhoirmiú

Taighde agus forbairt chun forbairt agus méadú ó scálú ar bhonn éifeachtúil, sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú ionas gur féidir monaraíocht thionsclaíoch táirgí atá bunaithe ar dhearadh sa todhchaí a chumasú, chun bainistiú ábhar "gan dramhaíl" a bhaint amach san Eoraip.

(c)   Bainistíocht ar chomhpháirteanna ábhar

Taighde agus forbairt i ndáil le teicnící nua agus nuálacha le haghaidh ábhar, comhpháirteanna agus chóras.

(d)   Ábhair do thionscal ísealcharbóin atá inbhuanaithe agus tíosach ar acmhainní

Forbairt a dhéanamh ar tháirgí agus ar fheidhmeanna nua, ar shamhlacha gnó agus iompar freagrach tomhaltóirí a laghdaíonn an t-éileamh ar fhuinneamh, agus a éascaíonn táirgeadh ísealcharbóin.

(e)   Ábhair le haghaidh tionscail na cruthaitheachta, lena n-áirítear oidhreacht

Dearadh agus forbairt ar theicneolaíochtaí inréimneacha a fheidhmiú chun deiseanna nua gnó a chruthú, lena n-áirítear caomhnú agus athchóiriú ábhar a bhfuil luach stairiúil nó cultúrtha ag gabháil leo, mar aon le nua-ábhair.

(f)   Méadreolaíocht, tréithriú, caighdeánú agus rialú cáilíochta

Teicneolaíochtaí a chur chun cinn amhail tréithriú, meastóireacht neamhscriosach, measúnú agus faireachán leantach agus samhaltú réamhfháistineach ar fheidhmíocht maidir le dul chun cinn in eolaíocht na n-ábhar agus san innealtóireacht agus an tionchar a bheidh orthu.

(g)   An leas is fearr a bhaint as úsáid ábhar

Taighde agus forbairt chun imscrúdú a dhéanamh ar ionadú agus ar mhalairt roghanna maidir le húsáid ábhar agus cineálacha cur chuige éagsúla gnó atá nuálach agus acmhainní ríthábhachtacha a shainaithint.

1.4.   Biteicneolaíocht

1.4.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh biteicneolaíochta

Is é cuspóir sonrach an taighde agus na nuálaíochta biteicneolaíochta táirgí tionsclaíocha agus próisis thionsclaíocha iomaíocha, inbhuanaithe agus nuálacha a fhorbairt agus rannchuidiú mar ghníomhaí nuálaíochta i roinnt earnálacha Eorpacha, amhail talmhaíocht, foraoiseacht, bia, fuinneamh, ceimiceáin agus sláinte mar aon leis an mbithgheilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis.

Tacóidh bunús láidir eolaíoch, teicneolaíochta agus nuálach i mbiteicneolaíocht le tionscail na hEorpa ceannaireacht a bhaint amach san eochairtheicneolaíocht chumasúcháin sin. Neartófar an staid sin a thuilleadh tríd an measúnú sláinte agus sábháilteachta, an tionchar eacnamaíoch agus comhshaoil in úsáid na teoicneolaíochta agus gnéithe bainistíochta na rioscaí foriomlána agus sonracha maidir le himscaradh na biteicneolaíochta a chomhtháthú.

1.4.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Agus an bhiteicneolaíocht á spreagadh ag an méadú ar eolas ar chórais bheo, tá sí ar tí sruth feidhmeanna nua a chur ar fáil agus bonn tionsclaíoch an Aontais agus a chumas nuálaíochta a neartú. Is i bhfeidhmeanna tionsclaíocha a fheictear samplaí den tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le biteicneolaíocht lena n-áirítear bithchógaisíocht, bia agus táirgeadh bia agus bithcheimiceáin, a dtiocfaidh méadú oiread de 12 %-20 % ar sciar an mhargaidh na mbithcheimiceán, de réir mar a mheastar, i dtaca le táirgeadh ceimiceán faoi 2015. Tugtar aghaidh leis an mbiteicneolaíocht freisin, ar chuid de dhá phrionsabal déag na Ceimice Glaise, mar a thugtar orthu, i ngeall ar roghnaíocht agus éifeachtúlacht na mbithchóras. Is féidir na hualaí eacnamaíocha féideartha d’fhiontair an Aontais a laghdú trí bhíthin féidearthacht na bpróiseas biteicneolaíochta agus na dtáirgí bithbhunaithe a ghabháil chun astaíochtaí CO2 a laghdú, ar astaíochtaí a mheastar a bheibh ina gcoibhéis idir 1 agus 2.5 billiún tonna CO2 in aghaidh na bliana faoi 2030.

Cheana féin, in earnáil bhithchógaisíochta na hEorpa, díorthaítear tuairim agus 20 % de na cógais reatha ó bhiteicneolaíocht, ar cógais nua suas le 50 % díobh. Beidh ról tábhachtach ag an mbiteicneolaíocht san aistriú chuig geilleagar bithbhunaithe trí bhíthin próisis thionsclaíocha nua a fhorbairt. Cruthaítear bealaí nua trí bhíthin biteicneolaíochta chun an talmhaíocht, an dobarshaothrú agus foraoiseacht inbhuanaithe a fhorbairt agus chun acmhainneacht ollmhór acmhainní muirí a shaothrú chun feidhmeanna tionsclaíocha, sláinte, fuinnimh, ceimiceáin agus comhshaoil nuálacha a tháirgeadh. Táthar ag tuar go dtiocfaidh fás 10 % in aghaidh na bliana ar earnáil na biteicneolaíochta muirí (gorm) atá ag teacht chun cinn.

Tá eochairfhoinsí nuálaíochta eile ag an gcomhéadan idir an bhiteicneolaíocht agus teicneolaíochtaí cumasúcháin agus inréimneacha eile, go háirithe nanaitheicneolaíochtaí agus TFC, lena mbaineann feidhmeanna amhail braiteacht agus diagnóisiú.

1.4.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Béim a chur ar bhiteicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta mar ghníomhaí nuálaíochta sa todhchaí

Réimsí teicneolaíochta éiritheacha amhail bitheolaíocht shintéiseach, bithfhaisnéisíocht agus bitheolaíocht chóras, lena mbaineann féidearthacht mhórle haghaidh táirgí nuálacha agus teicneolaíochtaí agus feidhmeanna a bheidh go hiomlán úrnua.

(b)   Táirgí agus próisis thionsclaíocha bunaithe ar bhiteicneolaíocht

Biteicneolaíocht thionsclaíoch agus dearadh bithphróiseas ar scála na dtionscal a fhorbairt le haghaidh táirgí tionsclaíocha agus próiseas tionsclaíoch atá inbhuanaithe (e.g. ceimiceán, sláinte, mianadóireacht, fuinneamh, laíon agus páipéar, táirgí atá bunaithe ar shnáithíní agus ar adhmad, teicstíl, stáirse, próiseáil bhia) agus na gnéithe comhshaoil agus sláinte lena mbaineann, lena n-áirítear oibriúcháin ghlantacháin.

(c)   Teicneolaíochtaí ardáin nuálacha agus iomaíocha

Teicneolaíochtaí ardáin a fhorbairt (e.g. géanómaíocht, meitighéanómaíocht, próitéamaíocht, meitibileacht, uirlisí móilíneacha, córais léirithe, ardáin feinitíopála agus ardáin atá bunaithe ar chealla) chun ceannaireacht agus buntáiste iomaíoch i líon fairsing earnálacha a bhfuil tionchar eacnamaíoch acu a fheabhsú.

1.5.   Ardmhonaraíocht agus an ardphróiseáil

1.5.1.   Cuspóir sonrach

Is é cuspóir sonrach thaighde agus nuálaíocht na hardmhonaraíochta agus na hardphróiseála fiontair mhonaraíochta, córais agus próisis na haimsire seo a chlaochlú. Déanfar é sin inter alia trí eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin a ghiaráil d'fhonn teicneolaíochtaí monaraíochta agus próiseála tras-earnála a bhaint amach a mbeidh breis dlútheolais, inbhuanaitheachta, éifeachtachta ó thaobh acmhainní agus fuinnimh ag baint leo as a dtiocfaidh táirgí, próisis agus seirbhísí níos nuálaí. Trí bhíthin táirgí, próisis agus seirbhísí inbhuanaithe nua a chumasú agus iad a úsáid ar bhealach iomaíoch, beidh ardmhonaraíocht agus ardphróiseáil ríthábhachtach freisin chun tosaíocht "Na dúshláin sochaíocha" a bhaint amach.

1.5.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá an earnáil monaraíochta ríthábhachtach don gheilleagar Eorpach, í ag rannchuidiú tuairim agus 17 % de OTI agus thart ar 22 mhilliún post san Aontas in 2007 ina tuilleamaí. Idir maolú na mbac eacnamaíoch ar thrádáil agus éifeacht chumasúcháin na teicneolaíochta cumarsáide, tá monaraíocht faoi réir iomaíocht ghéar agus claonadh ann í a aistriú chuig na tíortha ina bhfuil an costas foriomlán is ísle. Tá gá le hathrú radacach ar an gcur chuige Eorpach maidir le monaraíocht má tá an Eoraip chun bheith iomaíoch i gcónaí ar bhonn domhanda agus d’fhéadfadh Fís 2020 cuidiú chun na páirtithe leasmhara go léir a thabhairt le chéile chun é sin a bhaint amach.

Ní mór don Eoraip an infheistíocht a mhéadú ar leibhéal an Aontais chun ceannaireacht agus inniúlacht na hEorpa a chothabháil i leith teicneolaíochtaí monaraíochta agus an t-aistriú a dhéanamh chuig earraí ardluacha dlútheolais, chun na dálaí agus na sócmhainní a chruthú le haghaidh seirbhís saolré inbhuanaithe a tháirgeadh agus a chur ar fáil i dtaobh táirge monaraíochta. Ní mór do thionscail mhonaraíochta agus do phróisis atá dian ó thaobh acmhainní a gcuid acmhainní agus eolais a shaothrú tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus an infheistíocht a mhéadú i dtaighde, i bhforbairt agus i nuálaíocht chun dul chun cinn breise a chumasú i dtreo geilleagair ísealcharbóin, iomaíoch, inbhuanaithe atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de agus chun na laghduithe uile-Aontais a comhaontaíodh maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa le haghaidh earnálacha tionsclaíocha a chomhlíonadh faoi 2050 (5).

Trí bheartais láidre an Aontais, dhéanfadh an Eoraip na hearnálacha tionsclaíocha reatha a mhéadú agus earnálacha tionsclaíocha éiritheacha na todhchaí a chothú. Is suntasach iad luach agus tionchar measta earnáil na gcóras monaraíochta sárfhorbartha, lena mbaineann méid margaidh ionchais dar luach EUR 150 billiún faoi 2015 agus ráta fáis bliantúil tuairim agus 5 %.

Is ríthábhachtach é go gcoimeádfar an t-eolas agus an inniúlacht chun cumas monaraíochta agus próiseála a choinneáil san Eoraip. Beidh béim na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar mhonaraíocht agus ar phróiseáil inbhuanaithe, sábháilte lena dtabharfar an nuálaíocht theicniúil agus an díriú ar chustaiméirí atá riachtanach isteach chun táirgí agus seirbhísí dlútheolais lena mbaineann ídiú íseal ar ábhar agus ar fhuinneamh a tháirgeadh.

Ina theannta sin, ní mór don Eoraip na teicneolaíochtaí agus an t-eolas cumasúcháin a aistriú chuig earnálacha táirgiúla eile, amhail tógáil, atá ina mórfhoinse gás ceaptha teasa áit ar ionann gníomhaíochtaí tógála agus tuairim is 40 % d’ídiú fuinnimh san Eoraip, as a dtagann 36 % de na hastaíochtaí CO2. Ní mór don earnáil tógála, ina ngintear 10 % d’OTI agus ina gcuirtear tuairim agus 16 mhilliún post ar fáil san Eoraip idir 3 mhilliún fiontar, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide 95 % díobh, ábhair nuálacha agus cineálacha éagsúla cur chuige maidir le monaraíocht a ghlacadh chun a tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú.

1.5.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Teicneolaíochtaí le haghaidh Mhonarchana na Todhchaí

Fás tionsclaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn trí bhíthin athrú straitéiseach san Eoraip ó mhonaraíocht chostas-bhunaithe go cur chuige bunaithe ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar chruthú táirgí ardbhreisluacha agus monaraíocht ardfheidhmíochta, éirimiúil TFC-chumasaithe i gcóras comhtháite.

(b)   Teicneolaíochtaí trína gcumasaítear foirgnimh agus córais atá tíosach ar Fhuinneamh agus a bhfuil tionchar íseal ar an gcomhshaol acu

Ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 a laghdú trí theicneolaíochtaí agus córais tógála inbhuanaithe a thaighde, a fhorbairt agus a úsáid, lena dtabharfar aghaidh ar an slabhra breisluacha iomlán agus tionchar foriomlán fhoirgneamh ar an gcomhshaol a laghdú.

(c)   Teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de i dtionscail phróiseas atá dian ó thaobh fuinnimh de

Iomaíochas na dtionscal próiseas a mhéadú, trí éifeachtúlachtaí acmhainne agus fuinnimh a fheabhsú go suntasach agus tionchar comhshaoil gníomhaíochtaí tionsclaíocha den sórt sin a laghdú trí bhíthin an tslabhra luacha iomláine, glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin a chur chun cinn, próisis thionsclaíocha níos inbhuanaithe agus, i gcás inarb infheidhme, foinsí fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú.

(d)   Samhlacha gnó inbhuanaithe nua

Coincheapa agus modheolaíochtaí a dhíorthú le haghaidh samhlacha gnó oiriúnaitheacha ‘eolas-bhunaithe’ i gcineálacha cur chuige éagsúla saincheaptha, lena n-áirítear cineálacha malartacha cur chuige atá táirgiúil ó thaobh acmhainní.

1.6.   An Spás

1.6.1.   Cuspóir sonrach le haghaidh an spáis

Is é an cuspóir sonrach maidir le spástaighde agus maidir leis an nuálaíocht spáis tionscal spáis (lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide) agus pobal spástaighde a bheidh iomaíoch, nuálach agus éifeachtach ó thaobh costais de a chothú chun bonneagar spáis a fhorbairt agus a shaothrú d’fhonn freastal ar bheartas an Aontais agus ar riachtanais na sochaí sa todhchaí.

Tá neartú earnáil spáis na hEorpa, idir an earnáil phoiblí agus earnáil phríobháideach, trí threisiú le spástaighde agus le nuálaíocht spáis, ríthábhachtach chun cumas na hEorpa a chothabháil agus a chosaint i dtaca leis an spás a úsáid d'fhonn tacú le beartais an Aontais, le leasa straitéiseacha idirnáisiúnta agus le hiomaíochas i measc na náisiún a bhfuil loingseoireacht spáis fadbhunaithe acu agus na náisiún ina bhfuil sí ag teacht chun cinn. Gníomhófar ar leibhéal an Aontais i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí spástaighde na mBallstát agus Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE), d'fhonn comhlántacht idir gníomhairí éagsúla a chur chun cinn.

1.6.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is cumasúchán tábhachtach é an spás, d’ainneoin gur minic nach dtugtar é sin faoi deara, le haghaidh seirbhísí agus táirgí éagsúla atá ríthábhachtach do shochaí an lae inniu, amhail loingseoireacht agus cumarsáid, chomh maith le réamhaisnéis na haimsire, agus faisnéis gheografach a fhaightear ó fhaire na Cruinne a déanann satailítí. Braitheann ceapadh agus cur chun feidhme beartas ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach ar bhonn níos minice ar fhaisnéis a dhíorthaítear ón spás. Tá earnáil dhomhanda an spáis ag fás agus ag forleathnú go mear chuig réigiúin nua (e.g. an tSín, Meiriceá Theas agus an Afraic). I láthair na huaire is onnmhaireoir suntasach é earnáil tionsclaíochta na hEorpa de shatailítí den chéad scoth chun críocha tráchtála agus eolaíocha. Is dúshlán do staid na hEorpa sa réimse seo an méadú ar iomaíocht dhomhanda.

Is ábhar leasa don Eoraip é a áirithiú go leanfaidh an borradh atá faoina cuid tionsclaíochta sa mhargadh sin atá thar a bheith iomaíoch. Ina theannta sin, mar thoradh ar na sonraí a fuarthas ó shatailítí agus ó thóireadóirí eolaíocha, rinneadh cuid den dul chun cinn eolaíoch is suntasaí a tharla le scór nó tríocha bliain anuas sa domhaneolaíocht, san fhisic bhunúsach, sa réalteolaíocht agus sa phláinéadeolaíocht. Ina theannta sin, chuir teicneolaíochtaí spáis nuálaíocha, m. sh., an róbataic le dul chun cinn na faisnéise agus na teicneolaíochta san Eoraip. Agus an cumas uathúil seo aici, tá ról ríthábhachtach ag earnáil spáis na hEorpa freastal ar na dúshláin a shainaithnítear trí bhíthin straitéis Eoraip 2020.

Tá taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht mar bhonn agus mar thaca ag cumas sa spás atá ríthábhachtach do shochaí na hEorpa. Cé go gcaitheann Stáit Aontaithe Mheiriceá tuairim is 25 % dá mbuiséad spáis ar thaighde agus ar fhorbairt, caitheann an tAontas níos lú ná 10 % orthu. Ina theannta sin, tugtar aghaidh i spástaighde san Aontas ar chláir náisiúnta na mBallstát, ar chláir GSE agus ar Chreatchláir AE le haghaidh taighde.

D'fhonn buntáiste teicneolaíochta agus iomaíoch na hEorpa a choinneáil agus chun leas a bhaint as infheistíochtaí, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ag féachaint d'Airteagal 4(3) agus d'Airteagal 189 CFAE i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí spástaighde na mBallstát agus GSE, a bhfuil forbairt ar shatailít thionsclaíoch mar aon le misin domhainspáis bainistithe aici ar bhonn idir-rialtasach ar son Bhallstáit GSE ó 1975. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais freisin chun rannpháirtíocht na dtaighdeoirí is fearr ó na Ballstáit go léir a chur chun cinn, agus chun na baic ar chomharthionscadail spástaighde trasna na dteorainneacha náisiúnta a ísliú.

Ina theannta sin, beidh an fhaisnéis a chuirfidh satailítí Eorpacha ar fáil ina hacmhainneacht mhéadaitheach le haghaidh tuilleadh forbartha ar sheirbhísí iartheachtacha nuálacha bunaithe ar shatailítí. Is earnáil ghníomhaíochta shamplach í sin le haghaidh fiontar beag agus meánmhéide agus ba cheart tacú léi trí bhíthin beart taighde agus nuálaíochta d’fhonn sochair iomlána na deise sin a bhaint, agus go háirithe ó thaobh na n-infheistíochtaí suntasacha a rinneadh sa dá chlár de chuid an Aontais Galileo agus GMES.

Is é nádúr an spáis teorainneacha críche a tharchéimniú, lena soláthraítear fuinneog uathúil a mbaineann gné uiledhomhanda léi, agus ar an gcaoi sin téitear i mbun tionscadal mórscála trí bhíthin comhair idirnáisiúnta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh comhbheartas spáis Eorpach agus gníomhaíochtaí spástaighde agus nuálaíochta spáis ar leibhéal Eorpach ann d’fhonn ról suntasach a bhaint amach i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta spáis sna blianta romhainn amach.

Tá taighde ar an spás agus ar an nuálaíocht faoi Fís 2020 ar chomhréim le tosaíochtaí bheartas spáis an Aontais agus le riachtanais chláir oibríochtúla na hEorpa de réir mar a dhéanann Comhairlí Spáis an Aontais agus an Coimisiún Eorpach iad a shainiú i gcónaí (6).

Is infheistíocht straitéiseach é bonneagar Spáis na hEorpa amhail clár COPERNICUS agus clár GALILEO agus beidh gá le feidhmeanna iartheachtacha nuálacha a fhorbairt. Chun na críche sin, tacófar le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí spáis trí na socruithe i ndáil le Dúshláin Shochaíocha, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn buntáistí socheacnamaíocha a ghnóthú chomh maith le toradh as infheistíocht agus as ceannaireacht Eorpach i bhfeidhmeanna iartheachtacha.

1.6.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Iomaíochas Eorpach, neamhspleáchas agus nuálaíocht earnáil spáis na hEorpa a chumasú

Is éard atá i gceist leis sin tionscal spáis fiontraíoch, iomaíoch agus inbhuanaithe mar aon le pobal spástaighde den chéad scoth a chosaint agus a fhorbairt tuilleadh chun ceannaireacht agus neamhspleáchas na hEorpa a chothabháil agus a neartú ó thaobh córas spáis de, nuálaíocht san earnáil spáis a chothú, agus nuálaíocht spásbhunaithe ar an talamh a chumasú, mar shampla trí shonraí cianbhraiteachta agus loingseoireachta a úsáid.

(b)   Dul chun cinn i dteicneolaíochtaí spáis a chumasú

Is é an aidhm ardteicneolaíochtaí spáis agus coincheapa oibriúcháin a fhorbairt agus a chumasú ón tráth a smaoinítear orthu go dtí go léirítear iad sa spás. Áirítear leis sin teicneolaíochtaí lena dtugtar tacaíocht chun rochtain ar an spás a fháil, teicneolaíochtaí chun sócmhainní spáis a chosaint ó bhagairtí amhail smionagar agus grianbhladhmanna chomh maith le cumarsáid satailíte, loingseoireacht agus cianbhraiteacht. Ní mór oideachas agus oiliúint a chur ar fáil ar bhonn leanúnach le haghaidh innealtóirí agus eolaithe ardoilte, mar aon le naisc láidre idir na hinnealtóirí agus na heolaithe sin agus úsáideoirí feidhmchlár spáis, chun ardteicneolaíochtaí spáis a fhorbairt agus a fheidhmiú.

(c)   Saothrú sonraí spáis a chumasú

Féadfar sonraí ó shatailítí Eorpacha (eolaíocha, poiblí nó tráchtála) a shaothrú ar bhonn méadaithe shuntasaigh má dhéantar iarracht bhreise le haghaidh próiseáil, cartlannú, bailíochtú, caighdeánú agus infhaighteacht inbhuanaithe na sonraí spáis chomh maith le tacú le táirgí agus seirbhísí nua faisnéise a eascraíonn as na sonraí sin a fhorbairt, ag féachaint d'Airtegal 189 (TFEU), maraon le nuálaíochtaí maidir le láimhseáil agus le scaipeadh agus le hidir-inoibritheacht sonraí, go háirithe rochtain ar shonraí agus ar mheiteashonraí Domhaneolaíochta agus iad a mhalartú, féadfar toradh níos mó as infheistíocht i mbonneagar spáis a áirithiú, agus rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, go háirithe ma bhíonn siad comhordaithe in iarracht dhomhanda mar shampla trí bhíthin Chóras Domhanda na gCóras um Faire na Cruinne (GEOSS), eadhon trí bhíthin leas iomlán a bhaint as clár Copernicus mar an príomh-rannchuidiú Eorpach, clár loingseoireachta satailíte na hEorpa Galileo nó IPCC le haghaidh saincheisteanna um athrú aeráide. Tacófar leis na nuálaíochtaí sin a thabhairt isteach go tapa sa phroiséas ábhartha cur i bhfeidhm agus cinnteoireachta. Áirítear leis sin chomh maith saothrú na sonraí le haghaidh imscrúdaithe eolaíoch bhreise.

(d)   Taighde Eorpach a chumasú mar thaca le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta spáis

Bíonn gné dhomhanda ó bhun i gceist le gníomhaíochtaí spáis. Tá sé sin thar a bheith soiléir i gcás gníomhaíochtaí amhail Feasacht Shuíomhúil Spáis (SSA), agus líon mór tionscadal eolaíochta agus taiscéalaíochta spáis eile. Bíonn teicneolaíocht spáis ar thús cadhnaíochta á forbairt ar bhonn níos minice faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin. Is fachtóir tábhachtach ratha le haghaidh thaighdeoirí agus thionscal na hEorpa rochtain orthu a áirithiú. Tá sainiú agus cur chun feidhme na bpleananna oibre fadtéarmacha agus comhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta tábhachtach don chuspóir sin.

2.   Rochtain ar mhaoiniú riosca

2.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach atá leis cabhrú aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa mhargadh ó thaobh rochtain a fháil ar mhaoiniú riosca le haghaidh taighde agus nuálaíochta.

Tá drochbhail ar chúrsaí infheistíochta sa réimse T&N, go háirithe i gcás na bhfiontar beag agus meánmhéide nuálach agus na bhfiontar meánchaipitlithe a bhféadfadh fás ard a bheith i ndán dóibh. Tá roinnt bearnaí móra sa mhargadh i dtaca le soláthar maoinithe, toisc gurb iondúil go measann lucht an mhargaidh go bhfuil riosca rómhór ag baint leis na nuálaíochtaí sin atá riachtanach chun na spriocanna beartas a bhaint amach agus dá bhrí sin ní bhaintear amach na sochair níos leithne don tsochaí ina n-iomláine.

Cabhróidh saoráid le haghaidh fiach ('an tSaoráid fiachais') agus saoráid le haghaidh cothromais ('an tSaoráid chothromais') chun fadhbanna den sórt sin a shárú trí fheabhas a chur ar phróifílí maoinithe agus próifílí riosca na ggníomhaíochtaí T&N lena mbaineann. Déanfaidh siad sin éascú, faoi seach, ar an rochtain a bheidh ag gnólachtaí agus ag tairbhithe eile ar iasachtaí, ar ráthaíochtaí agus ar fhoirmeacha eile maoinithe riosca; spreagfaidh siad infheistíocht luath-chéime agus forbairt cistí nua caipitil fiontair agus cistí atá ann cheana; feabhsóidh siad aistriú eolais agus margadh na maoine intleachtúla; meallfaidh siad cistí chuig an margadh caipitil fiontair; agus, tríd is tríd, cuideoidh siad le catalú na gluaiseachta ó cheapadh, ó fhorbairt agus ó thaispeáint na dtáirgí agus na seirbhísí nua, go dtí go ndéanfar tráchtálú orthu.

Is é an éifeacht fhoriomlán a bheidh acu cur le toilteanas na hearnála príobháidí infheistíocht a dhéanamh i T&N agus dá bhrí sin tacú le baint amach ceann de phríomhspriocanna Eoraip 2020: go mbeidh 3 % de OTI an Aontais á infheistiú i T&F faoi dheireadh na deich mbliana seo agus dhá thrian á ranníoc ag an earnáil phríobháideach. Cabhróidh an úsáid a bhainfear as ionstraimí airgeadais freisin le cuspóirí T&N na n-earnálacha agus na réimsí beartais uile a bhaint amach ar cuspóirí agus réimsí iad atá ríthábhachtach chun tabhairt faoi na dúshláin shochaíocha, chun cur le hiomaíochas, agus chun tacú le fás inbhuanaithe, uilechuimsitheach agus le soláthar do leas an chomhshaoil agus do leas an phobail.

2.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá gá le Saoráid fiachais ar leibhéal an Aontais le haghaidh T&N chun cur leis an dóchúlacht go dtabharfar iasachtaí agus ráthaíochtaí agus go mbainfear amach na cuspóirí beartais maidir le T&N. Is dócha go mairfidh an bhearna atá sa mhargadh faoi láthair idir éileamh agus soláthar iasachtaí agus ráthaíochtaí i ndáil le hinfheistíochtaí baolacha T&N, bearna a bhfuil aghaidh á tabhairt uirthi leis an tSaoráid Airgeadais Riosca-Roinnte (SARR) atá ann faoi láthair, agus is dócha go staonfaidh na bainc thráchtála den chuid is mó ó iasachtaí a mbeadh baol níos airde ag baint leo a thabhairt. Bhí an-éileamh ar mhaoiniú iasachta ón SARR ó seoladh an tsaoráid i lár na bliana 2007: i gcéad chéim na Saoráide (2007-2010), bhí a ráta roghnaithe 50 % níos airde, i dtéarmaí fhormheas gníomhach na n-iasachtaí, ná an ráta a raibh ionchas leis ar dtús (EUR 7.6 billiún i gcomparáid leis an EUR 5 billiún a rabhthas á thuar).

Ina theannta sin, ní bhíonn sé ar chumas na mbanc de ghnáth luach a chur ar shócmhainní eolais, amhail maoin intleachtúil, agus dá bhrí sin is minic nach mbíonn siad sásta infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí eolasbhunaithe. Dá thoradh sin ní féidir lena lán cuideachtaí bunaithe nuálaíocha - idir bheag agus mhór - iasachtaí a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí T&N a bhfuil rioscaí níos airde ag baint leo. Áiritheoidh an Coimisiún i ndearadh agus i gcur chun feidhme a shaoráide nó a shaoráidí, a dhéanfar i gcomhpháirtíocht le hEintiteas Iontaobhaithe amháin nó roinnt eintiteas iontaobhaithe i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go gcuirfear san áireamh leibhéil agus foirmeacha iomchuí rioscaí teicneolaíochta agus airgeadais, d'fhonn na riachtanais shainaitheanta a chomhlíonadh.

Eascraíonn na bearnaí seo sa mhargadh go bunúsach ó éiginnteachtaí, ó neamhshiméadracht faisnéise, agus ó na costais arda a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo: bíonn teist róghearr go dtí seo ar ghnólachtaí a bunaíodh le gairid chun iasachtóirí a d’fhéadfadh iasachtaí a thabhairt dóibh a shásamh, agus is minic nach féidir le gnólachtaí bunaithe, fiú amháin, go leor faisnéise a sholáthar, agus ar aon nós ní bhíonn sé soiléir ag tús infheistíochta T&N cibé an mbeidh nuálaíocht rathúil ann de thoradh na n-iarrachtaí a ghlacfar.

Ina theannta sin, is iondúil nach mbíonn comhthaobhacht go leor ag fiontair ag céimeanna forbartha coincheapa ná nuair a bhíonn siad ag obair i réimsí atá ag teacht chun cinn. Dídhreasacht eile is ea an chaoi, fiú má éiríonn le gníomhaíochtaí T&N táirge nó próiseas tráchtála a chruthú, nach léir ar chor ar bith go mbeidh an chuideachta a bhfuil an obair déanta aici in ann na sochair go léir a thagann uaidh a fháil go heisiach di féin.

I dtéarmaí luach breise an Aontais, cabhróidh an tsaoráid Fiachais chun na heasnaimh sa mhargadh a leigheas ar easnaimh iad lena gcuirtear cosc ar an earnáil phríobháideach infheistiú i T&N ar an leibhéal is fearr. Nuair a chuirfear chun feidhme í, beifear in ann mais chriticiúil acmhainní ó bhuiséad an Aontais a chur i dtoll a chéile agus, ar bhonn roinnte riosca ón institiúid (nó ó na hinstitiúidí) airgeadais a mbeidh sé de chúram uirthi (nó orthu) í a chur chun feidhme. Spreagfaidh an méid sin gnólachtaí chun níos mó dá gcuid airgid féin a infheistiú i T&N ná mar a dhéanfaidis siad murach an tsaoráid. Ina theannta sin, cabhróidh an tsaoráid Fiachais le heagraíochtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, na rioscaí a bhaineann le soláthar réamhthráchtálach agus le soláthar táirgí agus seirbhísí nuálacha a laghdú.

Tá saoráid Chothromais i gcomhair T&N ag teastáil ar leibhéal an Aontais le feabhas a chur ar infhaighteacht maoinithe cothromais i gcomhair infheistíochtaí luatha agus infheistíochtaí ag céim fáis agus le cur le forbairt mhargadh an chaipitil riosca san Aontas. Le linn na céime aistrithe teicneolaíochta agus nuathionscanta, bíonn ar chuideachtaí nua “gleann an bháis” a thrasnú ina dtagann deireadh le deontais taighde phoiblí agus nach féidir leo maoiniú príobháideach a mhealladh chucu. Maidir leis an tacaíocht phoiblí a bhfuil sé d’aidhm aici giaráil a dhéanamh ar chistiú príobháideach síl agus nuathionscanta chun an bhearna sin a líonadh, tá sí ró-ilroinnte nó ró-eatramhach, nó níl an saineolas is gá ag an lucht bainistíochta. Ina theannta sin, tá an chuid is mó de na cistí caipitil riosca san Eoraip róbheag le tacú le fás leanúnach na gcuideachtaí nuálacha agus ní bhíonn an mhais chriticiúil acu le speisialtóireacht a dhéanamh agus le hoibriú ar bhonn trasnáisiúnta.

Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an méid sin. Bhíodh thart ar EUR 7 billiún á n-infheistiú in aghaidh na bliana i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide ag cistí caipitil riosca na hEorpa sular tharla an ghéarchéim airgeadais, agus infheistíodh idir EUR 3 agus 4 billiún in 2009 agus in 2010. Bhí tionchar ag an laghdú a rinneadh ar chistiú caipitil riosca ar líon na gcomhlachtaí nuathionscanta ar tugadh cistí caipitil riosca dóibh: fuair thart ar 3 000 fiontar beag agus meánmhéide cistiú caipitil riosca sa bhliain 2007 i gcomparáid le tuairim is 2 500 in 2010.

I dtéarmaí bhreisluach an Aontais, comhlánfaidh an tsaoráid Chothromais i gcomhair T&N scéimeanna náisiúnta agus scéimeanna réigiúnacha nach bhfuil in ann infheistíochtaí T&N trasteorann a chur ar fáil. Lena chois sin, beidh éifeacht taispeántais ag idirbhearta luathchéime a rachaidh chun sochair infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha ar fud na hEorpa. Maidir le céim an fháis, is ar an leibhéal Eorpach amháin is féidir an scála is gá a bhaint amach mar aon le rannpháirtíocht láidir infheisteoirí príobháideacha atá fíor-riachtanach má tá margadh féinchothabhálach caipiteal riosca le feidhmiú.

Cuideoidh na saoráidí Fiachais agus Cothromais, a mbeidh tacaíocht acu ó thacar beart tionlacain, le cuspóirí bbeartais Fís 2020 a bhaint amach. Chuige sin, beidh siad tiomanta do chomhdhlúthú agus d’ardú caighdeán bhonn eolaíochta na hEorpa; do chur chun cinn taighde agus nuálaíochta le clár oibre dírithe ar ghnó; agus d'aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na sochaí agus béim faoi leith acu ar ghníomhaíochtaí mar phíolótú, mar thaispeántais, mar thrialacha sábháilte agus féachaint an nglacfaidh an margadh leo. Ba cheart gníomhaíochtaí tacaíochta sonracha amhail gníomhaíochtaí oiliúna agus faisnéise le haghaidh FBManna a sholáthar. Féadfar dul i gcomhairle le húdaráis reigiúnacha, le comhlachais FBManna, le cumainn lucht trádála agus le hidirghabhálaithe ábhartha airgeadais, nuair is iomchuí, i ndáil le clárú agus le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin.

Ina theannta sin, cabhróidh siad le dul i ngleic le baint amach na gcuspóirí T&N atá ag cláir agus réimsí beartais eile, amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, gníomhú ar son na haeráide (athrú chuig geilleagar ísealcharbóin agus oiriúnú don athrú aeráide), agus an Comhbheartas Iascaigh. Forbrófar comhlántachtaí le hionstraimí airgeadais náisiúnta agus réigiúnacha i gcomhthéacs an Chomhchreata Straitéisigh i gcomhair Beartais Comhtháthaithe, áit a bhfuiltear á thuar go mbeidh ról níos leithne ag ionstraimí airgeadais.

Nuair a bhíothas á ndearadh, cuireadh san áireamh an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar na saintréithe sonracha a bhaineann le heasnaimh sa mhargadh, (mar an méid fuinnimh agus ráta cruthaithe cuideachtaí) agus riachtanais mhaoinithe na réimsí sin agus réimsí eile gan saobhadh ar an margadh a chruthú. Ní foláir breisluach Eorpach soiléir a bheith ag baint le húsáid na n-ionstraimí airgeadais agus ba cheart giaráil agus feidhm a sholáthar mar chomhlánú d'ionstraimí náisiúnta. B’fhéidir go ndéanfaí oiriúnú ar leithdháiltí buiséadacha idir na hionstraimí i rith Fís 2020 mar fhreagra ar athruithe ar dhálaí eacnamaíocha.

Maidir leis an tsaoráid Chothromais agus deis na bhfiontar beag agus meánmhéide leas a bhaint as an tsaoráid Fiachais, cuirfear i bhfeidhm iad mar chuid de dhá ionstraim airgeadais de chuid an Aontais lena soláthraítear cothromas agus fiachas chun tacú le T&N agus fás na bhfiontar beag agus meánmhéide i gcomhcheangal leis na saoráidí cothromais agus fiachais atá ann faoi COSME. Áiritheofar comhlántacht idir Fís 2020 agus COSME.

2.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   An tsaoráid Fiachais a chuirfidh maoiniú fiachais ar fáil i gcomhair T&N: 'Seirbhís iasachta agus ráthaíochta an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta'

Is é an aidhm feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú fiachais — iasachtaí, ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí agus cineálacha eile maoinithe fiachais agus riosca — i gcomhair eintiteas poiblí agus eintiteas príobháideach agus i gcomhair comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí atá páirteach i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhfuil infheistíochtaí rioscúla ag teastáil lena dtabhairt chun foirfeachta. Díreofar ar thacú le saothair thaighde agus nuálaíochta a bhfuil an-seans acu barr feabhais a bhaint amach.

Ós rud é go n-áirítear ar cheann de na cuspóirí atá ag Fís 2020 cuidiú leis an mbearna idir T&F agus an nuálaíocht a laghdú, cuidiú le táirgí agus seirbhísí nua nó feabhsaithe a thabhairt chuig an margadh, agus an ról ríthábhachtach atá ag céim an chruthúnais choincheapa i bpróiseas an tarchuir eolais á chur san áireamh, féadfar sásraí a thabhairt isteach lena gcumasófar maoiniú i gcomhair chéimeanna an chruthúnais choincheapa a bheidh riachtanach d'fhonn bailíochtú a dhéanamh ar thábhacht, ar ábharthacht agus ar thionchar nuálach thorthaí na taighde sa todhchaí nó an aireagán a bhaineann leis an aistriú.

Táthar ag súil go mbeidh na tairbhithe deiridh a ndíreofar orthu ina n-eintitis dhlíthiúla de gach méid a mbeidh ar a gcumas airgead a fháil ar iasacht agus a aisíoc, agus go háirithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil an cumas iontu dul i mbun nuálaíochta agus fás go tapa; fiontair mheánchaipitlithe agus gnólachtaí móra; ollscoileanna agus institiúidí taighde; cineálacha éagsúla bonneagair thaighde agus bonneagair nuálaíochta; comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha; agus tionscadail nó meáin i gcomhair cuspóirí speisialta.

Beidh dhá phríomhghné ag baint leis an gcistiú a thabharfar don tsaoráid Fiachais:

(1)

Gné faoi thionchar an éilimh ag soláthar iasachtaí agus ráthaíochtaí ar bhonn tús freastail a thabhairt don cheann is luaithe, mar aon le tacaíocht faoi leith do thairbhithe amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide agus fiontair mheánchaipitlithe. Tabharfaidh an chomhpháirt sin freagra ar an bhfás seasta agus leanúnach atá le feiceáil i líon iasachtaí SARR atá faoi thionchar an éilimh. Tacófar le gníomhaíochtaí faoin bhfuinneog le haghaidh Fiontar Beag agus Meánmhéide a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain níos fearr a sholáthar d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus d’eintitis eile atá faoi thionchar T&F nó faoi thionchar nuálaíochta, nó faoi thionchar an dá rud le chéile. D'fhéadfaí tacú ag céim 3 d'Ionstraim FBManna a áireamh air sin faoi réir leibhéal an éilimh a bheidh ann.

(2)

Gné a bheidh spriocdhírithe ar bheartais agus ar phríomhearnálacha atá ríthábhachtach le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, le cur le ceannaireacht thionsclaíoch agus le hiomaíochas, le tacú le fás cuimsitheach, inbhuanaithe, ísealcharbóin agus soláthar do leas an chomhshaoil agus do leas an phobail. Cabhróidh an ghné sin leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar ghnéithe taighde agus nuálaíochta chuspóirí beartas na n-earnálacha.

(b)   An tsaoráid Chothromais lena gcuirfear maoiniú cothromais ar fáil i gcomhair T&N: ‘ionstraimí cothromais an Aontais i gcomhair taighde agus nuálaíochta’

Is é an sprioc atá leo rannchuidiú le sárú na n-easnamh atá i margadh caipitil riosca na hEorpa agus cothromas agus cuasachothromas a chur ar fáil le freastal ar riachtanais forbartha agus maoinithe fiontar atá i mbun nuála ó chéim an tsíl ar aghaidh go céimeanna fáis agus fairsingithe. Leagfar béim ar thacú le cuspóirí Fís 2020 agus le beartais ghaolmhara.

Na fiontair idir bheag agus mhór atá i mbun gníomhaíochtaí nuálaíochta nó a bhfuil tús á chur acu le gníomhaíochtaí den sórt sin, d'fhéadfadh gurb iad na tairbhithe deiridh a ndíreofar orthu, agus leagfar béim faoi leith ar FBManna nuálacha agus ar fhiontair mheánchaipitlithe.

Leis an tsaoráid Chothromais díreofar ar chistí luathchéime caipitil fiontair agus cistí de chistí lena gcuirtear caipiteal fiontair agus cuasachothromais (lena n-áirítear caipiteal mezzanine) ar fáil d’fhiontair phunainne aonair. Lena chois sin beidh sé ar chumas na saoráide infheistíochtaí chéim an fháis agus leathnaithe a dhéanamh i gcomhcheangal leis an tSaoráid Chothromais le haghaidh an Fháis faoi COSME chun go dtabharfar tacaíocht leanúnach le linn tréimhsí tosaigh agus tréimhsí forbartha cuideachtaí.

Beidh an tsaoráid Chothromais faoi thionchar an éilimh go príomha, agus bainfidh sí leas as cur chuige punainne, trína roghnóidh na cistí caipitil riosca agus idirghabhálaithe inchomparáide eile na gnólachtaí a ndéanfaidh siad infheistiú iontu.

Féadfar cur in áirithe cistí a chur i bhfeidhm chun cabhrú le spriocanna áirithe beartas a bhaint amach, ag tógáil ar an gcaoi ar éirigh go maith le cúrsaí sa Chlár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) inar cuireadh cistí in áirithe i gcomhair éiceanuálaíochta, mar shampla chun spriocanna a bhaint amach a bhaineann leis na dúshláin aitheanta shocaíocha.

Leis an bhfuinneog nuathionscanta, a thacaíonn le céim an tsíl agus leis na luathchéimeanna, féadfar infheistíochtaí cothromais a dhéanamh in eagraíochtaí aistrithe eolais agus i gcomhlachais den sórt sin trí thacaíocht a thabhairt d' aistriú teicneolaíochta (lena n-áirítear torthaí taighde agus aireagáin a éiríonn as réimse an taighde phoiblí a aistriú go dtí an earnáil táirgiúla, mar shampla trí chruthúnas an choincheapa) i gcistí caipitil síl, i gcistí síl trasteorann agus i gcistí luathchéime, i meáin chomh-infheistíochta aingeal gnó, i sócmhainní maoine intleachtúla, in ardáin do mhalartú agus trádáil ar chearta maoine intleachtúla, agus i gcistí caipitil riosca luathchéime, i measc rudaí eile, agus i gcistí na gcistí a bhíonn ag feidhmiú thar theorainneacha agus infheistiú i gcistí caipitil fiontair. D'fhéadfaí tacú ag céim 3 den Ionstraim FBManna a áireamh air sin faoi réir leibhéal an éilimh a bheidh ann.

Déanfaidh an fhuinneog fáis infheistíochtaí ag céimeanna fáis agus fairsingithe i gcomhcheangal leis an tSaoráid Ghnáthscaireanna um Fhás faoi COSME, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcistí na gcistí den earnáil phoiblí agus phríobháideach a fheidhmíonn thar theorainneacha agus infheistiú i gcistí caipitil riosca, a ndíreoidh an chuid is mó acu ar théamaí a thacaíonn le cuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach.

3.   Nuálaíocht in FBMAnna

3.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach fás inbhuanaithe eacnamaíoch a spreagadh trí leibhéil nuálaíochta in FBManna a ardú, agus a riachtanais éagsúla nuálaíochta a chuimsiú le linn na timthrialla nuálaíochta go léir i gcás gach cineál nuálaíochta, agus sa chaoi sin níos mó FBManna a chruthú a fhásfaidh go tapa agus a bheidh gníomhach ar bhonn idirnáisiúnta.

Nuair a chuirtear san áireamh an ról lárnach atá ag FBManna i ngeilleagar na hEorpa, is léir go mbeidh ról ríthábhachtach ag taighde agus ag nuálaíocht sna fiontair bheaga agus mheánmhéide ó thaobh cur le hiomaíochas, le fás geilleagrach agus le cruthú post, agus sa chaoi sin spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach, go mór mór maidir lena tionscnamh suaitheanta, an tAontas Nuálaíochta.

In ainneoin go bhfuil sciar tábhachtach eacnamaíochta agus fostaíochta ag FBManna, agus an chaoi a bhféadfaidís nuálaíocht shuntasach a bhaint amach, mar sin féin tá cineálacha éagsúla fadhbanna le sárú acu má tá siad le bheith níos nuálaí agus níos iomaíche lena n-áirítear teirce acmhainní airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú, teirce scileanna i mbainistiú nuálaíochta, laigí i líonrú agus i gcomhar le páirtithe seachtracha agus úsáid neamhleor den soláthar poiblí chun nuálaíocht in FBManna a chothú. Cé go mbíonn an oiread céanna, a bheag nó a mhór, de chuideachtaí nuathionscanta san Eoraip is a bhíonn sna Stáit Aontaithe, bíonn sé níos deacra ar FBManna na hEorpa méadú agus éirí ina gcuideachtaí móra ná mar a bhíonn i gcás a macasamhla sna Stáit Aontaithe. Cuirtear brú breise orthu sa timpeallacht ghnó idirnáisiúnaithe, áit a bhfuil na slabhraí luacha ag éirí níos idircheangailte i gcónaí. Ní mór do FBManna feabhas a chur ar a gcumas taighde agus nuálaíochta. Ní mór dóibh eolas agus smaointe gnó a ghiniúint, a roghnú agus a thráchtálú níos tapúla agus ar bhonn níos leithne chun go mbeidh rath orthu san iomaíocht i margaí domhanda atá ag athrú go tapa. Is é an dúshlán atá ann breis nuálaíochta a spreagadh in FBManna, agus sa chaoi sin a n-iomaíochas, a n-inbhuanaitheacht agus a bhfás a fheabhsú.

Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe na beartais nuálaíochta gnó agus na cláir nuálaíochta gnó, idir náisiúnta agus réigiúnach, a chomhlánú, comhar a chothú idir FBManna, lena n-áirítear comhar trasnáisiúnta, comhar idir cnuasaigh agus gníomhaithe ábhartha eile nuálaíochta san Eoraip, chun an bhearna idir T&F agus roghanna rathúla margaidh a líonadh, timpeallacht a chur ar fáil lena n-éascaítear nuálaíocht sa ghnó lena n-áirítear bearta an éilimh agus bearta lena gcuirfear an t-aistriú eolais chun cinn, agus tacaíocht a chur ar fáil lena gcuirfi nádúr athraitheach na bpróiseas nuálaíochta, na teicneolaíochtaí nua, na margaí agus na samhlacha gnó san áireamh.

Bunófar naisc láidre le beartais an Aontais a bhaineann le tionscail faoi leith, go háirithe le COSME agus le cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, d’fhonn a chinntiú go mbeidh sineirgí ann agus cur chuige comhtháite.

3.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is iad FBManna is mó a chuireann nuálaíocht chun cinn toisc go mbíonn siad in ann gnólachtaí rathúla a dhéanamh de smaointe nua go tapa agus go héifeachtúil. Tá tábhacht ag baint leo sa chaoi go gcuireann siad eolas breise agus torthaí an taighde ar fáil don mhargadh. Tá ról lárnach ag FBManna maidir le próisis aistrithe teicneolaíochta agus eolais, óir cuidíonn siad le teicneolaíochtaí a thagann chun cinn de bharr taighde in ollscoileanna, taighde i gcuideachtaí ina ndírítear ar thaighde agus taighde i gcomhlachtaí taighde, a aistriú go dtí an margadh. Tá sé léirithe le fiche bliain anuas go ndearna FBManna nuálacha athnuachan ar earnálacha iomlána agus gur chruthaigh siad tionscail nua. Tá fiontair atá ag fás go tapa ríthábhachtach d'fhorbairt tionscal atá ag teacht chun cinn agus chun dlús a chur faoi na hathruithe struchtúracha sin atá riachtanach don Eoraip má tá sí le bheith ina geilleagar eolas-bhunaithe agus inbhuanaithe le fás marthanach agus poist ardcháilíochta.

Bíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide le fáil i ngach earnáil den gheilleagar. Cuid níos tábhachtaí de gheilleagar na hEorpa is ea iad ná mar atá i gcás réigiún eile amhail na Stáit Aontaithe. Is féidir le gach cineál FBM dul i mbun nuálaíochta. Is gá iad a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht agus feabhas a chur ar a gcumas próisis nuálacha a bhainistiú. Lena linn sin ba cheart go mbeidís in ann tarraingt ar acmhainneacht iomlán nuálach an mhargaidh inmheánaigh agus LET le deiseanna nua gnó a chruthú san Eoraip agus lasmuigh di agus cabhrú chun teacht ar réitigh ar dhúshláin thábhachtacha na sochaí.

Nuair a ghlacann FBManna páirt i dtaighde agus i nuálaíocht an Aontais neartaíonn sé sin a gcumas T&F agus teicneolaíochta, méadaíonn an méid sin a n-acmhainn eolas nua a fháil amach, a tharraingt chucu féin agus a úsáid, cuireann sé le leas a bhaint as réitithe nua geilleagracha, spreagann sé nuálaíocht maidir le táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó, cuireann sé gníomhaíochtaí gnó chun cinn i margaí níos mó agus cuireann sé bonn idirnáisiúnta faoi ghréasáin eolais FBManna. Sáraíonn feidhmíocht na bhfiontar beag agus meánmhéide feidhmíocht na FBManna eile nuair a bhíonn dea-bhainistíocht na nuálaíochta ar bun acu, rud a fhágann go dtéann siad i muinín saineolais sheachtraigh agus scileanna seachtracha go minic.

Tá comhoibriú trasteorann ina ghné thábhachtach de straitéis nuálaíochta FBManna i ndáil le cuid dá gcuid fadhbanna maidir lena méid a shárú, fadhbanna mar rochtain ar inniúlachtaí teicneolaíocha agus eolaíocha agus ar mhargaí nua. Cabhraíonn siad le brabús a bhaint as smaointe nua agus na cuideachtaí féin a mhéadú, agus infheistíocht phríobháideach sa taighde agus sa nuálaíocht a mhéadú dá thoradh sin.

Bíonn ról ríthábhachtach ag cláir réigiúnacha agus náisiúnta thaighde agus nuálaíochta i gcur chun cinn FBManna, ar cláir iad a fhaigheann tacaíocht ó bheartas comhtháthaithe na hEorpa go minic. Go háirithe, bíonn ról ríthábhachtach ag cistí an Bheartais Chomhtháthaithe trí chumas a fhorbairt agus cosán i dtreo barr feabhais a sholáthar do FBManna d’fhonn tionscadail den scoth a fhorbairt a d’fhéadfadh dul san iomaíocht chun cistiú a fháil faoi Fhís 2020. Dá ainneoin sin, níl ach cúpla clár náisiúnta agus cúpla clár réigiúnach ann a chuireann cistiú ar fáil do thaighde trasnáisiúnta agus do ghníomhaíochtaí nuálacha a chuireann FBManna i gcrích, do scaipeadh agus do roghnú réiteach nuálaíochta nó seirbhísí tacaíochta nuálaíochta trasteorann ar fud an Aontais. Is é an dúshlán atá ann tacaíocht atá oscailte ó thaobh téama de a chur ar fáil do FBManna chun tionscadail idirnáisiúnta a chur i gcrích i gcomhréir le straitéisí nuálaíochta cuideachtaí. Tá gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais riachtanach, dá bhrí sin, chun gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal náisiúnta réigiúnach a chomhlánú, d’fhonn feabhas a chur ar a dtionchar agus rochtain a sholáthar ar na córais tacaíochta taighde agus nuálaíochta.

3.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Príomhshruthú tacaíochta do FBManna go háirithe trí ionstraim thiomnaithe

Tabharfar tacaíocht do FBManna le Fís 2020. Chun na críche sin bunófar coinníollacha níos fearr do na FBManna le go mbeidh siad rannpháirteach in Fís 2020. Chomh maith leis sin cuirfidh ionstraim thiomnaithe do FBManna tacaíocht chéimneach gan uaim ar fáil a chuimseoidh an timthriall nuálaíochta ina hiomláine. Beidh ionstraim FBM dírithe ar gach cineál FBM atá nuálach agus a léiríonn uaillmhian láidir le dul i mbun forbartha, fáis agus idirnáisiúnaithe. Cuirfear ar fáil í i gcomhair gach cineál nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíochtaí seirbhíse, neamhtheicneolaíochta, agus sóisialta, ó tharla go bhfuil breisluach Eorpach soiléir ag gach gníomhaíocht acu. Is é an aidhm atá ann cumas nuálaíochta FBManna a fhorbairt agus caipitliú a dhéanamh air tríd an mbearna atá sa chistiú i gcomhair taighde ardriosca agus nuálaíochta na céime tosaigh a líonadh, nuálaíochtaí a spreagadh agus an tráchtálú a dhéanann an earnáil phríobháideach ar thorthaí taighde a mhéadú.

Feidhmeoidh an ionstraim faoi chóras bainistithe aonair lárnach, faoi chóras íseal riaracháin agus faoi phointe iontrála aonair. Cuirfear chun feidhme í go príomha 'ón mbun aníos' trí iarraidh leanúnach oscailte.

Cuirfear ionstraim thiomnaithe na bhfiontar beag agus meánmhéide i bhfeidhm do gach ceann de na cuspóirí sonracha maidir le dúshláin shochaíocha agus maidir le ceannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha agus cionroinnfear suim airgid chuige sin.

(b)   Tacaíocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide dhiantaighde

Is é an sprioc atá ann cur chun cinn na nuálaíochta trasnáisiúnta atá dírithe ar an margadh agus atá idir lámha ag FBManna atá i mbun T&F. Díreofar gníomhaíocht shonrach ar FBManna a bhfuil diantaighde ar bun acu in aon earnáil a léiríonn an cumas saothrú tráchtála a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail. Beidh an ghníomhaíocht sin bunaithe ar Chlár Eurostars.

(c)   Cur le cumas nuálaíochta FBManna

Tacófar le gníomhaíochtaí trasnáisiúnta a chabhraíonn le cur chun feidhme na mbeart sonrach FBM in Fís 2020 agus a dhéanann comhlánú orthu, go háirithe chun cur le cumas nuálaíochta FBManna. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú le bearta náisiúnta comhchosúla nuair is iomchuí. Tá sé beartaithe dul i ndlúthchomhar le Líonra an Phointe Teagmhála Náisiúnta (NCP) agus leis an Líonra Fiontar Eorpach (EEN).

(d)   Tacú le nuálaíocht atá faoi thionchar an mhargaidh

Tacú le nuálaíocht thrasnáisiúnta atá faoi thionchar an mhargaidh chun feabhas a chur ar chreatchoinníollacha le haghaidh nuálaíochta agus dul i ngleic leis na bacainní sonracha a chuireann cosc ar fhás FBManna nuálacha.

CUID III

DÚSHLÁIN SHOCHÁIOCHA

1.   An tsláinte, an tathrú déimeagrafach agus an fholláine

1.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach sláinte agus folláine gach duine a fheabhsú dá saol ar fad.

Sláinte agus folláine do gach duine ar feadh a shaoil - leanaí, daoine fásta agus daoine níos sine - córais sláinte agus chúraim ar ardcháilíocht, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus atá nuálaíoch, agus deiseanna le haghaidh post nua agus fáis, is iad sin na haidhmeanna atá leis an tacaíocht atá á tabhairt don taighde agus don nuálaíocht mar fhreagra ar an dúshlán seo agus is mór an chabhair do Eoraip 2020 a bheidh iontu.

Tá costas a bhaineann le córais sláinte agus chúraim shóisialta an Aontais ag méadú agus tá bearta cúraim agus coiscthe ag éirí níos costasaí i gcás gach duine is cuma cén aois iad; meastar go dtiocfaidh beagnach dúbláil ar líon na nEorpach a bheidh os cionn 65 bhliain d’aois ó 85 milliún in 2008 go dtí 151 milliún faoin mbliain 2060, agus go méadóidh líon na ndaoine os cionn 80 ó 22 milliún go 61 milliún sa tréimhse chéanna. Beidh laghdú nó srianadh na gcostas sin, ionas nach n-éireoidh siad neamh-iniompartha, ag brath, i bpáirt, ar fheabhas a chur ar shláinte agus folláine gach duine ar feadh a shaoil agus ar an ábhar sin braithfidh sin ar ghalair agus míchumas a chosc, a leigheas agus a bhainistiú go héifeachtach.

Is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte agus bás anaibí riochtaí agus galair ainsealacha agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu.

Faigheann breis agus 2 mhilliún duine bás san Aontas gach bliain de bharr galar cardashoithíoch (CVD) agus cosnaíonn sé sin níos mó ná EUR 192 billiún ar an ngeilleagar agus faigheann duine as ceathrar bás de bharr ailse agus is í is mó a thugann bás daoine atá idir 45 agus 64 bliain d’aois. Tá os cionn 27 milliún duine san Aontas ag fulaingt le diaibéiteas agus os 120 milliún a bhfuil riochtaí réamatacha agus matánchnámharlaigh ag cur orthuIs mórdhúshlán i gcónaí iad galair neamhchoitianta, galair atá tar éis thart ar 30 milliún duine ar fud na hEorpa a bhualadh.Meastar gurb é 800 billiún EURO costas iomlán na neamhord inchinne (lena n-áirítear costais a bhaineann le sláinte mheabhrach, lena n-áirítear an galar dubhach ach gan a bheith teoranta dóibh) Meastar go mbíonn neamhoird inchinne amháin ag gabháil do 165 mhilliún duine san Aontas, ar chostas 118 billiún EURO. Meastar go méadóidh na suimeanna sin go suntasach, go mór mór de bharr daonra na hEorpa a bheith ag dul in aois agus de bharr na méaduithe gaolmhara ar ghalair néarmheathlúchán. Tá baint ag tosca comhshaoil, tosca gairme, stíl mhaireachtála agus tosca socheacnamaíocha lena lán de na riochtaí sin agus meastar go bhfuil baint acu le hoiread is trian den ualach galair ar domhan.

Cúis imní ar fud an domhain iad galair thógálacha (e.g. VEID/SEIF, eitinn agus maláire), agus is orthu sin a leagtar an 41 % den 1.5 billiún bliain coigeartaithe saoil de bharr míchumais ar fud an domhain, a mbaineann 8 % díobh sin leis an Eoraip. Ábhar imní ar fud an domhain freisin is ea galair a bhaineann le bochtaineacht agus galair a ndéantar siléig iontu. Ní mór ullmhú i gcomhair eipidéimí atá ag teacht chun cinn, i gcomhair galar tógálach atá á nochtadh féin in athuair (lena n-áirítear galair a bhaineann le huisce) agus don fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh atá ag faire ar mhéadú. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar an mbaol méadaithe i dtaca le galair a iompraíonn ainmhithe.

Idir an dá linn tá próisis forbartha drugaí agus vacsaíní ag éirí níos costasaí agus níos neamhéifeachtaí. Áirítear ar na hiarrachtaí chun an rath maidir le forbairt drugaí agus vacsaíní a mhéadú modhanna malartacha chun tástáil chlasaiceach sábháilteachta agus éifeachtúlachta a ionadú. Ní mór aghaidh a thabhairt ar éagothroime mharthanach sláinte agus riachtanais sainghrúpaí den phobal (e.g. daoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu) agus ní mór rochtain ar chórais sláinte agus chúraim atá éifeachtach agus inniúil a áirithiú do gach duine san Eoraip beag beann ar a n-aois agus a gcúlra.

Déanann tosca eile amhail cothú, gníomhaíocht choirp, rachmas, cuimsiú, rannpháirtíocht, caipiteal sóisialta agus obair difear freisin don tsláinte agus don fholláine agus ní mór cur chuige iomlánaíoch a chur i bhfeidhm.

Tiocfaidh athrú ar an struchtúr aoise agus ar struchtúr an daonra san Eoraip toisc gur airde anois an t-ionchas saoil atá ann. Dá bhrí sin, beidh an taighde lena gcuirfear le sláinte ar feadh an tsaoil, le haosú gníomhach agus leis an bhfolláine do chách ríthábhachtach chun an tsochaí a chur in oiriúint go rathúil don athrú déimeagrafach.

1.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Ní chuireann teorainneacha náisiúnta bac ar ghalar ná ar mhíchumas. Maidir leis na dúshláin sin, is féidir, trí iarracht iomchuí i ndáil le taighde, forbairt agus nuálaíocht ar leibhéal na hEorpa, i gcomhar le tríú tíortha agus le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear othair agus úsáideoirí deiridh, cur go mór le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda sin, agus dá bhrí sin saothrú chun Spriocanna Forbartha Mílaoise na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus sláinte agus folláine a áirithiú do gach duine agus faoi sheasamh na Eorpa mar cheannaire i margaí domhanda na nuálaíochta sa tsláinte agus san fholláine a áirithiú, margaí atá ag athrú go tapa.

Braithfidh an fhreagairt air sin ar thaighde den scoth lena bhféadfaí feabhas a chur ar an tuiscint bhunúsach atá againn ar na nithe is cúis le sláinte, galar, míchumas, coinníollacha sláintiúla fostaíochta, forbairt agus dul in aois (lena n-áirítear ionchas saoil), agus ar an gcaoi a n-aistreofar an t-eolas a gheofar de bharr an taighde sin agus an t-eolas atá ann cheana, go forleathan agus gan uaim, chuig táirgí, straitéisí, idirghabhálacha agus seirbhísí a bheidh nuálaíoch, intomhaiste, éifeachtach, sábháilte agus inrochtana. Ina theannta sin, mar gheall ar ábharthacht na ndúshlán sin ar fud na hEorpa, agus i mórán cásanna, ar fud an domhain, éilítear freagairt orthu a mbeidh tacaíocht fhadtéarmach chomhordaithe á tabhairt do chomhoibriú idir foirne ildisciplíneacha, ilearnála den scoth mar chuid di. Tá sé riachtanach freisin aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ó thaobh léargas na n-eolaíochtaí sóisialta agus eacnamaíochta agus na ndaonnachtaí.

Ar an gcaoi chéanna, tá an dúshlán chomh casta sin agus na comhpháirteanna chomh hidirspleách ar a chéile go gcaithfear freagairt dóibh ar leibhéal na hEorpa. Tá infheidhmeacht ag mórán cineálacha cur chuige, uirlisí agus teicneolaíochtaí ar fud mórán réimsí taighde agus nuálaíochta a mbaineann an dúshlán sin leo agus is ar leibhéal an Aontais is fearr a thabharfar tacaíocht dóibh. Áirítear leo sin an bunús móilíneach atá le galair a thuiscint, straitéisí teirpeacha agus nuálaíocha agus córais núíosacha samhla a shainaithint, cur i bhfeidhm ildisciplíneach an eolais san fhisic, sa cheimic agus sa bhitheolaíocht chóras, cohóirt fhadtéarmacha agus cur i gcrích trialacha cliniciúla (lena n-áirítear díriú ar fhorbairtí agus éifeachtaí na gcógas i ngach aoisghrúpa), úsáid chliniciúil a bhaint as na córais eolaíochta "-omics", agus as an mbithleigheas córas nó forbairt TFC agus cur i bhfeidhm na nithe sin i gcleachtas an chúram sláinte, go háirithe sa ríomhshláinte. Is fearr aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha daonraí faoi leith ar bhealach comhtháite, mar shampla i bhforbairt an leighis shrathaithe agus/nó phearsanta, trí chóir leighis a dhéanamh ar ghalair neamhchoitianta, agus trí shocruithe a cheapadh le cur ar chumas daoine maireachtáil go neamhspleách nó le cúnamh ó dhaoine eile.

Cuirfear tacaíocht ar fáil do réimse iomlán na ngníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta chun éifeacht na ngníomhartha ar leibhéal an Aontais a uasmhéadú. Idir thaighde bunúsach, aistriú eolais faoi na galair go teiripic nua, thrialacha móra, ghníomhaíochtaí píolótacha agus léirithe, tharraingt ar infheistíocht phríobháideach; agus sholáthar poiblí agus réamhthráchtálach táirgí, sheirbhísí nua, réitigh intomhaiste atá comh-inoibritheach nuair is gá sin agus a bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh trí chaighdeáin atá sainmhínithe agus/nó trí threoirlínte coitianta. Cuirfidh an iarracht chomhordaithe, Eorpach seo le cumais eolaíocha sa taighde sláinte agus tacóidh sí le forbairt leanúnach an Limistéir Eorpaigh Taighde. Beidh nasc idir an iarracht sin, nuair is iomchuí sin, le gníomhaíochtaí a dhéantar a fhorbairt i gcomhthéacs an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis, na dTiosncnamh Comhphleanála, lena n-áirítear "Taighde ar an nGalar Néar-Meathlúcháin", "Aiste Bia Sláintiúil le haghaidh Saoil Shláintiúil', "Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh", agus "Fad Saol, Scoth Saoil" chomh maith leis an gComhpháirtíocht phíolótach Eorpach um Nuáil maidir le hAosú Gníomhach agus Folláin.

Is ardán geallsealbhóirí a bheidh dírithe ar an eolaíocht a bheidh sa Phainéal Eolaíoch le haghaidh Sláinte ina mionléireofar an t-ionchur eolaíoch a bhaineann leis an Dúshlán Sochaíoch sin. Cuirfidh sé anailís shoiléir eolaíoch fócasaithe ar fáil maidir le scrogaill taighde agus nuálaíochta agus maidir le deiseanna a bhaineann leis an Dúshlán Sochaíoch sin, cuideoidh sé lena thaighde agus lena thosaíochtaí nuálaíochta a shainmhíniú agus spreagfaidh sé rannpháirtíocht eolaíoch ar fud an Aontais ann. Trí chomhar gníomhach le geallsealbhóirí, cuideoidh sé le cumais a fhorbairt agus le comhroinnt eolais a chothú agus le comhoibriú níos láidre ar fud an Aontais sa réimse sin.

1.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Coisctear galair agus cuidítear leis an bhfolláine a fheabhsú trí chur chun cinn éifeachtach na sláinte, a fhaigheann tacaíocht ó bhonn fianaise stóinsithe, agus tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de chomh maith. Braitheann cur chun cinn na sláinte, aosú gníomhach, folláine agus cosc ar ghalair ar thuiscint ar na nithe is cúis le sláinte freisin, ar uirlisí coisctheacha éifeachtacha, ar fhaireachas agus ullmhacht éifeachtach maidir le sláinte agus galar, agus ar chláir scagthástála éifeachtacha freisin. Éascaítear cur chun cinn éifeachtach sláinte freisin trí fhaisnéis níos fearr a sholáthar do shaoránaigh, rud a spreagann roghanna freagracha ó thaobh sláinte.

Is le tuiscint bhunúsach ar na nithe is cúis leo agus ar chúiseanna na nithe sin a chuirtear buntaca faoi iarrachtaí rathúla chun galair, míchumas, anbhainne agus feidhmiú laghdaithe a chosc, a luathbhrath, a bhainistiú, cóir leighis a chur orthu agus iad a leigheas, agus le tuiscint i leith a gcuid bpróiseas agus a n-iarmhairtí, mar aon leis na fachtóirí is bun le dea-shláinte agus folláine. D'fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar an tsláinte agus ar ghalair, caithfidh dlúthnasc a bheith ann idir taighde bunúsach, taighde cliniciúil, taighde eipidéimeolaíochta agus taighde socheacnamaíoch. Tá sé riachtanach freisin go ndéanfaí sonraí a chomhroinnt go héifeachtach, go ndéanfaí próiseáil chaighdeánaithe ar na sonraí agus go ndéanfaí na sonraí sin a nascadh le staidéir chohóirt mhórscála, chomh maith le torthaí taighde a aistriú go dtí an clinic, go háirithe trí thrialacha cliniciúla a dhéanamh, trialacha ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar gach aoisghrúpa chun a áirithiú go mbeidh cógais curtha in oiriúint dá n-úsáid siúd.

Toisc go bhfuil na seanghalair thógálacha á nochtadh féin athuair, lena n-áirítear an eitinn agus toisc gur mó anois ná riamh na galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, leagtar béim ar an ngá atá le cur chuige cuimsitheach i leith galar a bhaineann leis an mbochtaineacht agus i leith galar a bhfuil siléig déanta iontu. A dhála sin, éilíonn an fhadhb mhéadaitheach atá ann maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh cur chuige cuimsitheach comhchosúil.

Ba cheart leigheas pearsanta a fhorbairt d'fhonn roinnt cur chuige coisctheach agus teiripeach a oiriúnú do riachtanais an othair, agus ní mór buntaca a chur fúthu tríd an ngalar a luathbhrath. Is dúshlán don tsochaí é í féin a chur in oiriúint do na héilimh bhreise a bheidh ar na hearnálacha sláinte agus cúraim de bharr an daonra a bheith ag dul in aois. Má táthar chun sláinte agus cúram éifeachtach do chách a chothabháil, tá gá le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar chinnteoireacht maidir le cosc agus cóir leighis a sholáthar, chun scaipeadh an dea-chleachtais a shainaithint agus chun tacú leis sna hearnálacha sláinte agus cúraim, agus chun tacú le cúram comhtháite. Is trí thuiscint níos fearr a fháil ar phróiseas an aosaithe agus ar na galair sin a bhaineann le haosú a chos, a choinneofar saoránaigh na hEorpa sláintiúil agus gníomhach ar feadh a saoil. Tá sé chomh tábhachtach céanna go bhfuil nuálaíochtaí teicneolaíochta, sóisialta, eagraíochtúla agus sóisialta á roghnú go forleathan, lena gcuirtear ar chumas daoine scothaosta go háirithe, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu chomh maith le daoine atá faoi mhíchumas, fanacht gníomhach, agus neamhspleách. Má dhéanatar é sin cuideofar le tréimhse a bhfolláine fisicí, sóisialta agus intinne a mhéadú agus a fhadú.

Déanfar na gníomhaíochtaí sin go léir a ghabháil ar láimh ar bhealach lena gcuirfear tacaíocht ar fáil ar feadh an timthrialla taighde agus nuálaíochta, lena neartófar iomaíochas na dtionscal atá bunaithe san Eoraip agus lena bhforbrófar deiseanna margaidh nua. Leagfar béim freisin ar theagmháil a dhéanamh le gach geallsealbhóir sláinte - lena n-áirítear othair agus eagraíochtaí othar, soláthróirí sláinte agus cúraim - d'fhonn clár oibre taighde agus nuálaíochta a fhorbairt ina mbeidh saoránaigh rannpháirteach go gníomhach agus ina léirítear a riachtanais agus a n-ionchais.

Áireofar na nithe seo a leanas leis na gníomhaíochtaí sonracha: tuiscint a fháil ar na nithe is cinntithigh le sláinte (lena n-áirítear fachtóirí a bhaineann le cothú, le gníomhaíocht choirp, leis an gcomhshaol, le cúrsaí socheacnamaíocha agus le gairm, le hinscne, agus leis an aeráid), ar nithe iad lena gcuirtear feabhas ar chur chun cinn na sláinte agus ar chosc an ghalair; galair a thuiscint agus feabhas a chur ar fháthmheas agus ar thuaras; cláir galarchoisc agus scagthástála éifeachtacha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an measúnú a dhéantar ar sho-ghabhálacht i leith galair; an faireachas ar ghalair thógálacha agus ar ullmhacht a fheabhsú chun eipidéimí agus galair atá ag teacht chun cinn a chomhrac; vacsaíní agus drugaí coisctheacha agus teiripeacha nua agus níos fearr a fhorbairt; cógas in-silico a úsáid chun bainistiú agus tuar galar a fheabhsú; cógais athghiniúnacha, cóireálacha oiriúnaithe a fhorbairt agus chun galair a chóireáil, lena n-áirítear cógas maolaitheach; eolas a aistriú go dtí cleachtas cliniciúil agus gníomhaíochtaí nuálaíochta intomhaiste; faisnéis faoin tsláinte a fheabhsú agus sonraí cohóirt agus riaracháin sláinte a thiomsú agus a úsáid ar bhealach níos fearr; anailís chaighdeánaithear na sonraí agus na teicnící; aosú gníomhach, maireachtáil neamhspleách agus chuidithe; feasacht agus cumhachtú aonair i gcomhair fhéin-bhainistíocht na sláinte; cúram comhtháite a chur chun cinn, lena n-áirítear gnéithe síceasóisialta; feabhas a chur ar uirlisí eolaíochta agus ar mhodhanna chun tacú le cinnteoireacht agus riachtanais rialála; agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsoláthair de chúram sláinte a bharrfheabhsú agus éagothroimí sláinte agus neamhionannais a laghdú trí chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus ar scaipeadh an dea-chleachtais, mar aon le teicneolaíochtaí agus cuir chuige nuálaíocha. Ní mór rannpháirtíocht ghníomhach soláthróirí cúraim sláinte a spreagadh chun go mbeidh glacadh agus cur chun feidhme tapa ann maidir le torthaí.

2.   Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre agus an bithgheilleagar

2.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach soláthairtí leordhóthanacha bia sábháilte, sláintiúil agus ardchaighdeáin agus táirgí eile bithbhunacha a dhaingniú, trí chórais táirgthe phríomhúla a fhorbairt atá táirgiúil, inbhuanaithe agus éifeachtach ó thaobh acmhainní de, lena gcothófar seirbhísí éiceachórais lena mbaineann agus téarnamh na bithéagsúlachta, in éineacht le slabhraí soláthair, próiseála agus margaíochta ísealcharbóin agus iomaíocha. Ar an mbealach sin déanfar an t-aistriú chuig bithgheilleagar Eorpach inbhuanaithe a luathú agus laghdófar an bhearna idir teicneolaíochtaí nua agus cur chun feidhme na dteicneolaíochtaí sin.

Thar na blianta seo atá romhainn amach, beidh dúshláin eile os comhair na hEorpa, lena n-áirítear iomaíocht mhéadaithe i leith acmhainní nádúrtha teoranta agus finideacha, iarmhairtí an athraithe aeráide, go háirithe ar chórais táirgthe phríomhúla (talmhaíocht lena n-áirítear riar ainmhithe agus gairneoireacht, foraoiseacht, iascach agus dobharshaothrú) agus an gá le soláthar bia inbhuanaithe, sábháilte agus slán a chur ar fáil do dhaonra na hEorpa agus do dhaonra an domhain atá ag dul i méid. Meastar go mbeidh méadú 70 % ar sholáthar bia an domhain riachtanach chun bia a sholáthar do dhaonra 9 billiún an domhain faoin mbliain 2050. Eascraíonn 10 % d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Aontais ón talmhaíocht, agus cé go bhfuil laghdú ag teacht orthu san Eoraip, meastar go dtiocfaidh méadú suas le 20 % ar astaíochtaí ón talmhaíocht ar fud an domhain faoi 2030. Ina theannta sin, ní mór don Eoraip soláthairtí leordhóthanacha amhábhar, fuinnimh agus táirgí tionsclaíocha a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe a áirithiú, i ndálaí ina mbeidh acmhainní breosla iontaise ag dul i léig (meastar go dtiocfaidh laghdú thart ar 60 % ar tháirgeadh ola agus gáis leachtaigh faoi 2050), ach beidh uirthi fanacht iomaíoch ag an am céanna. Is fadhb mhór í an bhithdhramhaíl (meastar go bhfuil suas le 138 milliún tonna in aghaidh na bliana san Aontas, agus go bhfuil suas le 40 % de i líonta talún) a bhfuil costas ard i gceist léi, d’ainneoin an bhreisluach ard a d'fhéadfadh a bheith aici.

Mar shampla, cuirtear thart ar 30 % den bhia uile a tháirgtear i dtíortha forbartha i leataobh. Is gá athruithe móra a dhéanamh chun an méid sin a laghdú 50 % san Aontas faoi 2030 (7). Ina theannta sin, ní bhaineann teorainneacha náisiúnta le hábhar maidir le hiondul agus leathadh galar agus lotnaidí planda agus ainmhí, lena n-áirítear galair zónóiseacha, agus pataiginí bia-iompartha. Cé go bhfuil gá le bearta coisctheacha náisiúnta éifeachtacha, tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais riachtanach le haghaidh rialú deiridh agus riaradh éifeachtúil an mhargaidh aonair. Tá an dúshlán casta, tá tionchar aige ar raon leathan earnálacha idirnasctha agus tá cur chuige iomlánaíoch agus sistéamach ag teastáil ina leith.

Tá níos mó acmhainní bitheolaíochta ná riamh ag teastáil chun go sásófar éileamh an mhargadh ar sholáthar bhia atá slán agus sláintiúil, ar bithábhar, ar bhithbhreoslaí agus ar tháirgí bithbhunacha, ó earraí tomhaltais go dtí bulc-cheimiceáin. Tá cumas teoranta ag na héiceachórais trastíre agus uisceach atá riachtanach do tháirgeadh na n-acmhainní áfach, fad is a bhíonn éilimh ag coimhlint lena chéile maidir lena úsáid na gcumas sin, agus go minic ní dhéantar iad a bhainistiú ar an mbealach is fearr, mar atá léirithe mar shampla trí mheathlú mór a tháinig ar chion carbóin agus ar thorthúlacht na hithreach agus an t-ídiú ar an stoc éisc. Tá raon feidhme tearcúsáidte ann chun seirbhísí éiceachórais a chothú ó thalamh feirme, foraoisí, uiscí na mara agus fionnuiscí trí spriocanna agranamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chomhtháthú i dtáirgeadh inbhuanaithe agus i dtomhaltas inbhuanaithe.

Féadfar acmhainneacht acmhainní bitheolaíochta agus éiceachóras a úsáid ar bhealach i bhfad níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus níos comhtháite. Mar shampla, d’fhéadfaí leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht na bithmhaise ó fhoraoisí agus sruthanna dramhaíola ó bhunúis talmhaíochta, uisceacha, thionsclaíocha agus bhardasacha.

Go bunúsach, tá gá le trasdul i dtreo úsáid bharrmhaith agus in-athnuaite acmhainní bitheolaíochta agus i dtreo príomhchóras próiseála agus táirgthe inbhuanaithe, lena bhféadfaí níos mó bia, snáithín agus táirgí bithbhunacha eile a tháirgeadh agus ag an am céanna na hionchuir, an tionchar ar an gcomhshaol agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa a íoslaghdú, chomh maith le seirbhísí éiceachórais a fheabhsú, gan aon dramhaíl a bheith i gceist agus luach leormhaith a chruthú don tsochaí. Is í an aidhm córais tairgiúlachta bia a bhunú lena ndéanfar an bonn acmhainní a neartú, a atreisiú agus a chothú agus lena bhféadfar rachmas inbhuanaithe a ghiniúint. Ní mór dúinn na freagairtí ar an gcaoi a ghintear, a dháiltear, a mhargaítear, a ídítear agus a rialaítear an táirgeadh bia a thuiscint agus a fhorbairt ar bhealach níos fearr. Tá iarracht chriticiúil den nuálaíocht agus den taighde a bheidh idirnasctha ina príomhghné chun é sin a bhaint amach, san Eoraip agus níos faide anonn, mar aon le hidirphlé leanúnach idir geallsealbhóirí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha agus eile.

2.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Is iad an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an t-iascach agus an dobharshaothrú mar aon leis na tionscail bhithbhunacha na mórearnálacha atá mar bhonn agus mar thaca ag an mbithgheilleagar. Tá margadh mór atá ag dul i méid i gceist leis an mbithgheilleagar. Meastar gur fiú breis agus EUR 2 thrilliún é, lena soláthraítear 20 milliún post agus lenar bhain 9 % den fhostaíocht iomlán san Aontas in 2009. Cuirfidh infheistíochtaí i dtaighde agus i nuálaíocht faoin dúshlán sochaíoch sin ar chumas na hEorpa ceannaireacht a ghlacadh sna margaí lena mbaineann agus beidh ról acu i gcuspóirí na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach, mar aon lena tionscnaimh shuaitheanta – an tAontas Nuálaíochta agus Eoraip atá Éifeachtúil ar Acmhainní.

Ginfear breisluach mór Aontais de thoradh ar bhithgheilleagar Eorpach atá iomlán feidhmiúil – lena gcuimsítear táirgeadh inbhuanaithe acmhainní in-athnuaite ó thimpeallachtaí talún, iascaigh agus dobharshaothraithe agus iad a aistriú go dtí bia, beatha, táirgí snáithín bithbhunacha agus bithfhuinneamh, mar aon leis na hearraí poiblí gaolmhara. Comhthreormhar leis an bhfeidhm a bhaineann leis an margadh, cothaíonn an bithgheilleagar freisin raon leathan d'fheidhmeanna leasa poiblí, bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais. Má dhéantar é a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, féadfar lorg comhshaoil an táirgthe phríomhúil agus an tslabhra soláthair ina iomláine a laghdú. Féadfar a n-iomaíochas a mhéadú, féintuilleamaí na hEorpa a fheabhsú agus poist agus deiseanna gnó a sholáthar atá ríthábhachtach d'fhorbairt tuaithe agus cósta. Is de chineál Eorpach agus domhanda iad na dúshláin a bhaineann le sábháilteacht an tsoláthair bhia, le talmhaíocht agus feirmeoireacht inbhuanaithe, le táirgeadh uisceach, le foraoiseacht agus leis an mbithgheilleagar foriomlán. Tá gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais riachtanach chun braislí a thabhairt le chéile chun an leithead agus an mhais chriticiúil atá riachtanach le haghaidh iarrachtaí a dhéanann Ballstát nó grúpaí Ballstát a chomhlánú. Trí bhíthin cur chuige ilghníomhaí, áiritheofar na hidirghníomhaíochtaí crostoirchithe riachtanacha idir taighdeoirí, gnóthaí, feirmeoirí/táirgeoirí, comhairleoirí agus úsáideoirí deiridh. Tá gá le gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais freisin chun comhchuibheas a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar an dúshlán sin thar earnálacha agus le naisc láidre le beartais ábhartha an Aontais. Trí thaighde agus nuálaíocht a chomhordú ar leibhéal an Aontais, tabharfar spreagadh agus cabhrófar chun na hathruithe riachtanacha a luathú ar fud an Aontais.

Nascfar taighde agus nuálaíocht le raon leathan beartas de chuid an Aontais agus le spriocanna gaolmhara, agus tacóidh siad lena gcur i ngníomh, ar beartas iad lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta (go háirithe an Beartas Forbartha Tuaithe, na Tiosncnaimh Chomhphleanála, lena n-áirítear "Talmhaíocht, Slándáil Bia agus Athrú Aeráide", "Réim Bia Shláintiúil le haghaidh Saoil Shláintiúil"; agus "Farraigí agus Aigéin Shláintiúla agus Tháirgiúla") agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach ‘Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta’ agus an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach maidir le hUisce, an Comhbheartas Iascaigh, an Beartas Muirí Comhtháite, an Clár Eorpach um Athrú Aeráide, an Treoir Réime Uisce (8), an Treoir Réime maidir le Straitéis Mhuirí (9), Plean Gníomhaíochta AE um Fhoraoiseacht, an Straitéis Théamach Ithreach, Straitéis Bithéagsúlachta 2020 an Aontais, an Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh, beartais nuálaíochta agus thionsclaíocha an Aontais, beartais sheachtracha agus beartais chúnaimh don fhorbairt, straitéisí sláinte plandaí, straitéisí leasa agus sláinte ainmhí agus creataí rialála chun an comhshaol, an tsláinte agus an tsábháilteacht a chosaint, chun éifeachtúlacht acmhainní agus gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid a chur chun cinn, agus chun dramhaíl a laghdú. Má dhéantar an timthriall iomlán ón mbuntaighde go dtí an nuálaíocht a chomhtháthú níos fearr i mbeartais ghaolmhara an Aontais, cuirfear feabhas suntasach ar a mbreisluach Aontais, soláthrófar iarmhairtí giarála, méadófar a n-ábharthacht shochaíoch, soláthrófar táirgí sláintiúla bia agus cabhrófar le margaí bithgheilleagair agus margaí bainistíochta aigéan, farraigí agus talún inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh.

Ar mhaithe le tacú le beartais an Aontais a bhaineann leis an mbithgheilleagar agus chun rialachas agus faireachán ar an taighde agus ar an nuálaíocht a éascú, déanfar taighde socheacnamaíoch agus gníomhaíochtaí forásacha maidir leis an straitéis bithgheilleagair, lena n-áirítear forbairt táscairí, bunachar sonraí, samhlacha, fadbhreathnaitheacht agus tuar, measúnú tionchair ar thionscnaimh maidir leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol.

Tacófar le gníomhaíochtaí a spreagann ag dúshláin iad ina ndíreofar ar thairbhí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil agus ar nuachóiriú na margaí agus na n-earnálacha a bhaineann leis an mbithgheilleagar trí thaighde ildisciplíneach, lena spreagfar an nuálaíocht agus forbrófar straitéisí, cleachtais, táirgí inbhuanaithe agus próisis nua mar thoradh air sin. Saothrófar cur chuige forleathan i leith na nuálaíochta chomh maith, ó nuálaíocht teicneolaíochta, neamh-theicneolaíochta, eagraíochtúil, eacnamaíoch agus shóisialta go dtí, mar shampla, bealaí le teicneolaíocht a aistriú, samhlacha nua gnó, brandáil agus seirbhísí. Ní mór a aithint gur féidir le feirmeoirí agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide rannchuidiú leis an nuálaíocht. Cuirfear san áireamh sa chur chuige i leith an bhithgheilleagair a thábhachtaí atá an t-eolas agus an éagsúlacht áitiúil.

2.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Talmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe

Is í an aidhm soláthar leordhóthanach bia, beatha, bithmhais agus amhábhar eile a chur ar fáil, agus acmhainní nádúrtha amhail uisce agus ithir agus bithéagsúlacht a chosaint, i bpeirspictíocht Eorpach agus dhomhanda, agus seirbhísí éiceachóras a fheabhsú, lena n-áirítear dul i ngleic leis an athrú aeráide agus é a mhaolú. Díreofar na gníomhaíochtaí ar cháilíocht agus ar luach na dtáirgí talmhaíochta a ardú trí thalmhaíocht níos inbhuanaithe agus níos táirgiúla a sheachadadh, lena n-áirítear riar ainmhithe agus córais foraoiseachta atá éifeachtach ó thaobh acmhainní (sa mhéid a bhainean le hísealcharbón agus le ionchur íseal seachtrach agus uisce) a chosnaíonn acmhainní nádúrtha, atá éagsúil,a tháirgeann níos lú dramhaíola, ar féidir iad a chur in oiriúint do chomhshaol athraitheach, agus atá athléimneach. Ina theannta sin, díreofar na gníomhaíochtaí ar sheirbhísí, ar choincheapa agus ar bheartais le haghaidh slite beatha tuaithe rathúla a fhorbairt agus tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh.

Go háirithe i gcás na foraoiseachta, tá sé mar aidhm bithmhais agus táirgí bithbhunacha a tháirgeadh, agus córais seirbhísí éiceolaíochta a chur ar fáilar bhealach inbhuanaithe, ag féachaint go cuí do ghnéithe eacnamaíocha, éiceolaíochta agus sóisialta na foraoiseachta. Leis na gníomhaíochtaí, beifear ag díriú ar tháirgeadh agus ar inbhuanaitheacht na gcóras foraoiseachta inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh, ar córais iad atá éifeachtach ó thaobh acmhainní agus lena gcuideofar go mór le hathléimneacht na foraoise agus le cosaint na bithéagsúlachta agus lena bhfhéadfar freastal ar an mbreis éilimh atá ar bhithmhais.

Féachfar freisin ar an idirghníomhaíocht idir plandaí feidhmiúla agus an tsláinte agus an fholláine, agus ar shaothrú na gairneoireachta agus na foraoiseachta chun glasú uirbeach a fhorbairt.

(b)   Earnáil agraibhia inbhuanaithe agus iomaíoch le haghaidh réime bia atá sábháilte agus sláintiúil

Tá sé mar aidhm riachtanais saoránach agus an chomhshaoil maidir le bia sábháilte, sláintiúil agus inacmhainne a chomhlíonadh, agus chun próiseáil agus scaipeadh agus tomhailt bia agus beatha a dhéanamh níos inbhuanaithe agus earnáil an bhia a dhéanamh níos iomaíche ag féachaint, ag an am céanna, do ghné chultúrtha cháilíocht an bhia. Díreofar na gníomhaíochtaí ar bhianna sláintiúla agus sábháilte do chách, ar roghanna eolasacha ag tomhaltóirí, ar réitigh maidir le réimeanna bia agus ar nuálaíochtaí le haghaidh dea-shláinte agus ar mhodhanna próiseála bia iomaíocha lena n-úsáidtear níos lú acmhainní agus breiseáin agus lena dtáirgtear níos lú fotháirgí, dramhaíola agus gás ceaptha teasa.

(c)   Acmhainneacht acmhainní uisceacha beo a scaoileadh

Is í an aidhm acmhainní uisceacha beo a bhainistiú, a shaothrú ar bhonn inbhuanaithe agus a chothabháil chun tairbhí/torthaí sóisialta agus eacnamaíocha ó aigéin, ó fharraigí agus ó uiscí intíre na hEorpa a uasmhéadú agus bithéagsúlacht a chosaint san am céanna. Díreofar na gníomhaíochtaí ar ranníocaíocht bharrmhaith chun soláthairtí bia a dhaingniú trí iascach inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt, trí bhainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar éiceachórais a chuireann táirgí agus seirbhísí ar fáil, mar aon le dobharshaothrú Eorpach iomaíoch agus neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhthéacs an gheilleagair dhomhanda, agus ar nuálaíocht mara agus muirí trí bhiteicneolaíocht a fheabhsú chun fás cliste “gorm” a mhéadú.

(d)   Tionscail bhithbhunacha inbhuanaithe agus iomaíocha agus tacaíocht le haghaidh bithgheilleagar Eorpach a fhorbairt.

Is í an aidhm tionscail bhithbhunacha Eorpacha ísealcharbóin, inbhuanaithe agus iomaíocha atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn. Díreofar na gníomhaíochtaí ar an mbithgheilleagar eolas-bhunaithe a chothú trí tháirgí agus próisis thionsclaíocha thraidisiúnta a aistriú go dtí cinn atá tíosach ar fhuinneamh agus cinn ina mbaintear úsáid as acmhainní bithbhunacha, ar bhithscaglanna comhtháite dara glúin agus ghlúine iardain a fhorbairt, ar an leas is fearr is féidir a bhaint as bithmhais ó tháirgeadh príomhúil, lena n-áirítear iarmhair, fotháirgí bithdhramhaíola agus an tionscail bhithbhunaigh, agus margaí nua a oscailt trí thacú le córais le haghaidh caighdeánaithe agus deimhniúcháin, rialála agus taispeántais/trialach allamuigh agus gníomhaíochtaí eile, agus iarmhairtí an bhithgheilleagair ar úsáid na talún agus athruithe in úsáid na talún á gcur san áireamh, mar aon le tuairimí agus le hábhair imní na sochaí sibhialta.

(e)   Taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí

Is í an aidhm tionchar aigéan agus farraigí AE ar an tsochaí agus ar fhás eacnamaíoch a mhéadú trí acmhainní muirí a shaothrú ar bhonn inbhuanaithe chomh maith le leas a bhaint as foinsí éagsúla den fhuinneamh muirí agus as an réimse leathan úsáidí a bhaintear as na farraigí.

Díreofar gníomhaíochtaí ar na dúshláin a ghabhann le heolas leathan eolaíochta agus teicneolaíochta i dtaobh cúrsaí mara agus cúrsaí muirí d'fhonn acmhainneacht na bhfarraigí agus na n-uiscí intíre a scaoileadh i raon tionscal mara agus muirí, ag féachaint, ag an am céanna, leis an gcomhshaol a chosaint agus leis an gcur in oiriúint don athrú aeráide. Trí chur chuige straitéiseach comhordaithe le haghaidh taighde ar chúrsaí mara agus muirí ar fud gach dúshláin agus colúin de Fís 2020 tacófar le beartais ábhartha an Aontais a chur chun feidhme freisin agus cuideoidh sé sin le croí-chuspóirí gorma fáis a sheachadadh.

3.   Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

3.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach aistriú go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inacmhainne, inbhuanaithe agus iomaíoch agus a nglacfaidh an pobal leis, lena ndírítear ar spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú chun dul i ngleic le hacmhainní atá ag éirí níos teirce, le riachtanais fuinnimh atá ag éirí níos géire agus leis an athrú aeráide.

Tá sé beartaithe ag an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2020, agus tá sé beartaithe laghdú breise 80-95 % a dhéanamh faoin mbliain 2050. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí 20 % den ídiú fuinnimh deiridh le foinsí in-athnuaite fuinnimh in 2020, mar aon le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 20 %. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, beidh gá le hollchóiriú ar an gcóras fuinnimh lena gceanglófar próifíl ísealcharbóin, agus roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise, slándáil fuinnimh agus inacmhainneacht a fhorbairt, agus iomaíochas eacnamaíoch na hEorpa á threisiú ag an am céanna. Tá an Eoraip i bhfad ón sprioc fhoriomlán sin faoi láthair. Braitheann 80 % de chóras fuinnimh na hEorpa ar bhreoslaí iontaise go fóill, agus táirgeann an earnáil 80 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais. D'fhonn cuspóirí fadtéarmacha an Aontais maidir le fuinneamh agus aeráid a bhaint amach, is iomchuí go méadófaí sciar an bhuiséid a thiomnaítear don fhuinneamh inathnuaite, d'éifeachtúlacht fuinnimh an úsáideora deiridh, d'eangacha cliste agus do ghníomhaíochtaí stórála fuinnimh i gcomparáid leis an Seachtú Clár Réime, agus go méadófaí an buiséad a thiomnaítear do ghlacadh na ngníomhaíochtaí nuálaíochta fuinnimh sa mhargadh, gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh faoi chuimsiú an Chláir Eorpaigh um Stuamacht Fuinnimh laistigh den Chlár Réime um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007 go 2013). Féachfar leis an leithdháileadh iomlán i leith na ngníomhaíochtaí sin 85 % den bhuiséad, ar a laghad, a bhaint amach faoin dúshlán sin. Caitear 2.5 % d’Olltáirgeacht Intíre (OTI) an Aontais ar allmhairí fuinnimh gach bliain agus is cosúil go dtiocfaidh méadú air sin. Dá leanfadh an treocht sin ar aghaidh, bheifí ag brath go hiomlán ar allmhairí ola agus gáis faoi 2050. I bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh luaineacha ar an margadh domhanda, mar aon le himní faoi shlándáil an tsoláthair, tá sciar níos mó dá gcuid ioncaim á chaitheamh ag tionscail agus tomhaltóirí Eorpacha ar fhuinneamh. Is i gcathracha na hEorpa a úsáidtear 70-80 % (10) den tomhaltas iomlán fuinnimh in AE agus is iad is cúis leis an gcion céanna d'astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Tugtar le fios sa phlean oibre chun geilleagar ísealcharbóin iomaíoch a bhaint amach faoi 2050 (11) nach mór na laghduithe sprice in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach laistigh de chríoch an Aontais go príomha. Chuimseofaí leis sin astaíochtaí CO2 a laghdú breis is 90 % faoi 2050 san earnáil chumhachta, breis is 80 % in earnáil na tionsclaíochta, faoi 60 % ar a laghad in earnáil an iompair agus thart ar 90 % san earnáil chónaithe agus i seirbhísí. Léirítear freisin sa phlean oibre, go gcuideoidh an gás nádúrtha, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, leis an gcóras fuinnimh a athrú ó bhonn, in éineacht le teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin a úsáid.

Chun na laghduithe uaillmhianacha sin a bhaint amach, ní foláir infheistíocht shuntasach a dhéanamh i dtaighde, i bhforbairt, i dtaispeántas agus i bhfeidhmiú céimneach sa mhargadh ar phraghasanna réasúnta i leith seirbhísí agus teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin atá iontaofa, éifeachtúil, sábháilte agus slán, lena n-áirítear gás, stóráil leictreachais agus feidhmiú céimneach chóras beag fuinnimh agus chóras atá ar mhicreascála. Ní foláir dlúthbhaint a bheith acu sin le réitigh neamh-theicneolaíochta ó thaobh soláthair agus éilimh araon de, lena n-áirítear trí thús a chur le próisis rannpháirtíochta agus trí thomhaltóirí a lánpháirtiú. Ní foláir an méid sin go léir a bheith mar chuid de bheartas ísealcharbóin ibhuanaithe comhtháite, lena n-áirítear máistreacht a fháil ar phríomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, go háirithe réitigh TFC agus monaraíocht agus próiseáil cheannródaíoch, agus ábhair cheannródaíocha. Is é an sprioc seirbhísí agus teicneolaíochtaí fuinnimh éifeachtúla a fhorbairt agus a sholáthar, lena n-áirítear comhtháthú an fhuinnimh inathnuaite, ar féidir iad a ghlacadh go forleathan ar mhargaí na hEorpa agus ar mhargaí idirnáisiúnta, agus chun bainistíocht chliste a bhunú ar thaobh an éilimh bunaithe ar mhargadh trádála fuinnimh oscailte agus trédhearcach agus ar chórais chliste bainistíochta éifeachtúlachta fuinnimh atá slán.

3.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Ní foláir do teicneolaíochtaí nua agus do réitigh nua coimhlint, ó thaobh costais agus iontaofachta de, le córais fuinnimh barrfheabhsaithe atá i seilbh sealbhóirí dea-bhunaithe agus le teicneolaíochtaí dea-bhunaithe. Tá taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun na foinsí fuinnimh ísealcharbóin nua sin atá níos glaine agus níos éifeachtúla a dhéanamh tarraingteach chun críocha tráchtála ar an scála is gá. Ní féidir le hearnáil na tionsclaíochta amháin ná leis na Ballstáit aonair na costais agus na rioscaí a iompar, ar costais agus rioscaí iad a bhfuil a bpríomhghníomhaithe lasmuigh den mhargadh, (aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin, fuinneamh inacmhainne agus sábháilte a sholáthar).

Beidh cur chuige straitéiseach de dhíth chun an fhorbairt seo a luathú ar leibhéal an Aontais, lena gcuimsítear soláthar, éileamh agus úsáid fuinnimh, i leith foirgneamh, seirbhísí, úsáid sa bhaile, iompair agus slabhraí luacha tionsclaíocha. Cuimseofar leis sin acmhainní a chur ar chomhréim ar fud an Aontais, lena n-áirítear cistí beartais chomhtháthaithe, go háirithe trí bhíthin na straitéisí náisiúnta agus na straitéisí réigiúnacha maidir le speisialtóireacht chliste, scéimeanna trádála astaíochtaí (ETS), soláthar poiblí agus meicníochtaí maoinithe eile. Beidh gá le beartais rialála agus úsáide freisin maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, cúnamh teicniúil saincheaptha agus forbairt acmhainní chun bacainní neamh-theicneolaíochta a bhaint.

Tá cur chuige straitéiseach den sórt sin sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET). Cuirtear clár oibre fadtéarmach ar fáil ann chun dul i ngleic leis na príomhbhaic nuálaíochta atá os comhair na dteicneolaíochtaí fuinnimh ag céimeanna an taighde cheannródaíoch, T&F agus an chruthúnais choincheapa agus ag céim an taispeántais, nuair atá caipiteal á lorg ag cuideachtaí chun tionscadail mhóra chéaduaire a mhaoiniú agus chun próiseas imlonnaithe an mhargaidh a oscailt. Ní dhéanfar siléig i dteicneolaíochtaí nua a d'fhéadfadh a bheith suaiteach.

Meastar gurb ionann na hacmhainní a bheidh ag teastáil chun an Plean SET a chur chun feidhme ina iomláine agus EUR 8 billiún in aghaidh na bliana thar an 10 mbliana (12) seo atá romhainn amach. Is mó i bhfad an méid sin níos mó ná cumas na mBallstát aonair nó cumas gheallsealbhóirí leasmhara na n-earnálacha taighde agus tionsclaíochta ina n-aonair. Tá gá le hinfheistíochtaí i dtaighde agus nuálaíocht ar leibhéal an Aontais, mar aon le slógadh iarrachtaí ar fud na hEorpa i bhfoirm cur chun feidhme chomhpháirtigh agus rioscaí agus cumas a chomhroinnt. Comhlánfar gníomhaíochtaí na mBallstát dá bhrí sin le cistiú ón Aontas do thaighde ar fhuinneamh agus do nuálaíocht fuinnimh, ar cistiú é lena ndíreofar ar theicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag baint leo, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a mbainfeadh an cumas chun acmhainní náisiúnta a ghiaráil leo agus chun poist a chruthú san Eoraip. Trí bhíthin na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, tacófar freisin le cláir ardriosca, ardchostais, fhadtéarmacha nach féidir le Ballstáit aonair a chur i gcrích, déanfar iarrachtaí a chomhthiomsú chun rioscaí infheistíochta a laghdú i ngníomhaíochtaí mórscála amhail taispeántas tionsclaíoch agus forbrófar réitigh fuinnimh idir-inoibritheacha ar fud na hEorpa.

Tríd an bPlean SET a chur chun feidhme mar cholún taighde agus nuálaíochta de bheartas fuinnimh na hEorpa, déanfar slándáil soláthair an Aontais agus an t-aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin a threisiú, cabhrófar le cláir taighde agus nuálaíochta a nascadh le hinfheistíochtaí tras-Eorpacha agus réigiúnacha i mbonneagar fuinnimh agus méadófar toilteanas infheisteoirí caipiteal a scaoileadh le haghaidh tionscadal a bhfuil agaí tionscanta fada agus rioscaí suntasacha teicneolaíochta agus margaidh ag baint leo. Cruthófar leis sin deiseanna nuálaíochta do chuideachtaí beaga agus móra agus cabhrófar leo iomaíochas a bhaint amach ar an leibhéal domhanda nó bheith iomaíoch i gcónaí ar an leibhéal sin, áit a bhfuil méadú ag teacht ar na deiseanna móra i ndáil le teicneolaíochtaí fuinnimh.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, soláthraítear ‘mais chriticiúil’ de thoradh na gníomhaíochta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun spéis na gceannairí teicneolaíochta eile a mhealladh agus chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú d’fhonn cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Beidh sé níos éasca dá réir sin do chomhpháirtithe idirnáisiúnta idirghníomhú leis an Aontas chun comhghníomhaíocht a fhorbairt i gcásanna ina bhfuil comhshochar agus comhleas i gceist.

Dá bhrí sin, beidh na gníomhaíochtaí faoin dúshlán seo mar chnámh droma teicneolaíochta de bheartas fuinnimh agus aeráide na hEorpa. Cabhróidh na gníomhaíochtaí sin le baint amach an Aontais Nuálaíochta i réimse an fhuinnimh, chomh maith leis na spriocanna beartais a ndearnadh cur síos orthu in ‘Eoraip atá Éifeachtúil ar Acmhainní’, ‘Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe’ agus ‘Clár Oibre Digiteach don Eoraip’.

Tugtar faoi ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le fuinneamh comhleáite núicléach agus eamhnaithe núicléach faoin gclár EURATOM arna bhunú le Rialachán (Euratom) Uimh 1314/2013. I gcás inarb iomchuí, ba cheart breathnú ar shineirgí a d'fhéadfadh a bheith idir an dúshlán sin agus cuid EURATOM de Fís 2020.

3.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   Ídiú fuinnimh agus lorg carbóin a laghdú trí úsáid chliste agus inbhuanaithe

Díreofar gníomhaíochtaí ar thaighde agus ar thástáil iomlán coincheap nua, réitigh neamhtheicneolaíochta, córais agus comhpháirteanna níos éifeachtúla, níos inghlactha go sóisialta agus níos inacmhainne a bhfuil faisnéis ionsuite iontu, d’fhonn bainistiú fuinnimh fíor-ama a chumasú le haghaidh na bhfoirgneamh nua agus atá ann cheanaagus atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus na bhfoirgneamh atá dearfach ó thaobh fuinnimh, le haghaidh na bhfoirgneamh, na gcathracha agus na ndúichí a iarfheistíodh, le haghaidh téimh agus fuaraithe in-athnuaite, tionscal an-éifeachtúil agus roghnú forleathan na réiteach agus seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh agus réiteach caomhnaithe fuinnimh ag cuideachtaí, ag daoine aonair, ag pobail agus ag cathracha.

(b)   Soláthar leictreachais ísealchostais agus ísealcharbóin

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar fhorbairt agus ar léiriú iomlán na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh nuálaíocha, ar ghléasraí cumhachta breosla iontaise atá éifeachtach, solúbtha agus ísealcharbóin agus theicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin nó teicneolaíochtaí lena n-athúsáidtear CO2, lena dtairgfear teicneolaíochtaí níos mó agus níos saoire atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, a mbeidh éifeachtúlacht comhshóite níos airde ag baint leo agus a bheidh níos infhaighte le haghaidh margaí éagsúla agus timpeallachtaí oibríochta éagsúla.

(c)   Breoslaí malartacha agus foinsí fuinnimh soghluaiste

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar fhorbairt agus ar léiriú iomlán teicneolaíochtaí agus slabhraí luacha chun bithfhuinneamh agus breoslaí malartacha eile a dhéanamh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe, ar mhaithe le cumhacht agus le teas, ar mhaithe le hiompar ar tír, ar muir agus san aer, a mbeidh féideadearthacht comhshóite níos éifeachtúla fuinnimh ag baint leo, chun an t-am go dtí an margadh a laghdú i gcás ceall hidrigine agus ceall breosla agus chun roghanna nua lena léirítear acmhainneacht fhadtéarmach a thabhairt chun aibíochta.

(d)   Eangach leictreachais cliste aonair san Eoraip

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thaighde, ar fhorbairt agus ar léiriú iomlán teicneolaíochtaí eangach nua fuinnimh chliste, teicneolaíochtaí comhardaithe agus cúltaca lena gcumasófar breis solúbthachta agus éifeachtúlachta, lena n-áirítear gléasraí cumhachta coinbhinsiúnta, fuinneamh solúbtha, stóráil, córais agus dearaí margaidh chun pleanáil, faireachán, rialú agus feidhmiú sábháilte a dhéanamh ar líonraí comh-inoibritheacha, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le caighdeánú, i margadh oscailte atá dícharbónaithe, inbhuanaithe ó thaobh comhshaoil, aeráid-dhíonach agus iomaíoch, i ngnáth-dhálaí agus i ndálaí éigeandála.

(e)   Teicneolaíochtaí agus eolas nua

Díreofar gníomhaíochtaí ar thaighde ildisciplíneach le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh atá glan, sábháilte agus inbhuanaithe (lena n-áirítear gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha) agus ar chur chun feidhme comhpháirteach clár taighde uile-Eorpach agus saoráidí den scoth.

(f)   Cinnteoireacht stóinsithe agus caidreamh poiblí

Díreofar gníomhaíochtaí ar na huirlisí forbartha, modhanna, samhlacha agus cásanna peirspictíocha atá dírithe ar an am atá romhainn amach le haghaidh tacaíochta beartais stóinsithe agus trédhearcaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí maidir le dul i ngleic leis an bpobal, rannpháirtíocht úsáideoirí, an tionchar ar an gcomhshaol, agus measúnú inbhuanaitheachta d'fhonn cur leis an tuiscint atá againn ar threochtaí agus ar ionchais shocheacnamaíocha a bhaineann leis an bhfuinneamh.

(g)   Roghnú na nuálaíochta fuinnimh sa mhargadh - ag tógáil ar an gClár Eorpach um Stuamacht Fuinnimh

Breiseofar tuilleadh na gníomhaíochtaí sin a gabhadh ar láimh faoi chuimsiú an Chláir Eorpaigh um Stuamacht Fuinnimh (CESF) agus tógfar orthu. Díreofar gníomhaíochtaí ar nuálaíocht fheidhmeach agus ar chaighdeáin a chur chun cinn chun roghnú na seirbhísí agus na dteicneolaíochtaí fuinnimh sa mhargadh a éascú, chun dul i ngleic le bacainní neamhtheicneolaíochta agus chun cur chun feidhme bheartas fuinnimh an Aontais ar bhealach cost-éifeachtúil a luathú. Déanfar cúram freisin den nuálaíocht le haghaidh na teicneolaíochtaí atá ann cheana a úsáid ar bhealach cliste, inbhuanaithe

4.   Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

4.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach córas iompair Eorpach a bhaint amach atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, sábháilte agus leanúnach chun leasa na saoránach uile, an gheilleagair agus na sochaí.

Ní mór don Eoraip réiteach a dhéanamh idir riachtanais iompair a cuid saoránach agus na riachtanais i dtaobh earraí agus na riachtanais athraitheacha a eascraíonn as dúshláin nua dhéimeagrafacha agus shochaíocha agus na riachtanais maidir le feidhmíocht eacnamaíoch agus na riachtanais atá ag sochaí ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh agus ag geilleagar aeráid-dhíonach. In ainneoin an fháis atá tagtha uirthi, ní mór don earnáil iompair laghdú substaintiúil a dhéanamh ar gháis cheaptha teasa agus ar thionchair dhíobhálacha chomhshaoil eile, agus ní mór di deireadh a chur lena spleáchas ar ola, agus ar bhreoslaí iontaise eile, agus a leibhéil arda éifeachtúlachta agus soghluaisteachta a choinneáil agus comhtháthú críochach á chur chun cinn san am céanna.

Ní féidir soghluaisteacht inbhuanaithe a bhaint amach ach trí athrú radacach a dhéanamh ar an gcóras iompair, lena n-áirítear an córas iompair poiblí, bunaithe ar dhul chun cinn i dtaighde iompair, ar nuálaíocht fhorleathan, agus trí réitigh iompair níos glaise, níos sábháilte, níos iontaofa agus níos cliste a chur chun feidhme go comhleanúnach ar fud na hEorpa.

Ní mór dul chun cinn tráthúil spriocdhírithe a bheith mar thoradh ar an taighde agus ar an nuálaíocht i dtaca le gach modh iompair chun go gcabhrófar le baint amach phríomhchuspóirí beartas an Aontais, le go dtreiseofar iomaíochas eacnamaíoch, le go dtacófar leis an athrú chuig geilleagar aeráid-dhíonach agus ísealcharbóin a bheidh éifeachtúil ó thaobh fuinnimh, agus le go gcaomhnófar ceannaireacht ar an margadh domhanda do thionscail na seirbhísí agus na monaraíochta araon.

Cé go mbeidh sé riachtanach infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh sa nuálaíocht agus sa taighde agus i gcur i bhfeidhm na dtorthaí, beidh costais shochaíocha, éiceolaíocha agus eacnamaíocha ann atá do-ghlactha san fhadtéarma mura gcuirfear feabhas ar inbhuanaitheacht an chórais iompair agus soghluaisteachta ina iomláine agus mura gcoimeádfar ceannaireacht teicneolaíochta Eorpach san iompar, agus déanfaidh sé damáiste do phoist san Eoraip agus don fhás eacnamaíoch fadtéarmach.

4.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Spreagthaí lárnach maidir le hiomaíochas agus fás eacnamaíoch na hEorpa is ea earnáil an iompair. Cinntítear leis soghluaisteacht daoine agus earraí atá riachtanach má táimid chun margadh aonair comhtháite a bheith againn san Eoraip agus comhtháthú críochach agus sochaí oscailte, chuimsitheach. Tá sé ar cheann de bhuntáistí móra na hEorpa ó thaobh cumas tionsclaíoch agus caighdeán seirbhíse de, agus tá ról ceannasach aige i go leor de mhargaí an domhain. Nuair a chuirtear an tionscal iompair agus déantúsaíocht trealamh iompair le chéile, is ionann iad agus 6.3 % de OTI an Aontais. Is mó fós an ranníocaíocht fhoriomlán ó earnáil an iompair le geilleagar an Aontais, agus an trádáil, seirbhísí agus soghluaisteacht oibrithe á gcur san áireamh. Ag an am céanna táthar in iomaíocht le tionscal iompair na hEorpa in áiteanna eile ar fud an domhain agus an iomaíocht sin ag éirí níos déine i gcónaí. Beidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha ag teastáil chun buntáiste iomaíoch na hEorpa a chinntiú amach anseo agus chun míbhuntáistí ár gcóras iompair reatha a mhaolú.

Cuireann an earnáil iompair go mór le gáis cheaptha teasa agus gineann sí suas leis an gceathrú cuid de na hastaíochtaí go léir. Cuireann sí go mór le fadhbanna eile truaillithe aeir freisin. Fós féin braitheann an córas iompair 96 % ar bhreoslaí iontaise. Tá sé bunriachtanach an tionchar seo ar an gcomhshaol a laghdú trí fheabhas spriocdhírithe a chur i gcrích ar bhonn teicniúil, agus aird á tabhairt don chaoi ina mbíonn dúshláin éagsúla os comhair gach modha iompair agus don chaoi ina mbíonn gnéithe de thimthriallacha éagsúla chomhtháthú na teicneolaíochta i gceist leis na modhanna sin. Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar fhadhb an bhrú tráchta; níl na córais sách cliste fós; ní bhíonn na roghanna eile maidir le haistriú chuig modhanna iompair atá níos inbhuanaithe tarraingteach i gcónaí; faigheann 34 000 duine bás ar bhóithre an Aontais in aghaidh na bliana, figiúr atá an-ard go deo; bíonn saoránaigh agus gnólachtaí ag súil le córas iompair atá slán, sábháilte agus inrochtana do chách. Eascraíonn dúshláin sonracha as an gcomthéacs uirbeach agus cuireann sé deiseanna ar fáil i leith inbhuanaitheacht an chórais iompair agus i leith cáilíochta beatha níos fearr.

Meastar gurb é an toradh a bheidh ar na rátaí fáis a bhfuiltear ag súil leo maidir le cúrsaí iompair go mbeidh plódú ollmhór tráchta san Eoraip laistigh de fiche bliain nó níos mó agus tionchar dofhulaingthe aige ar chostais eacnamaíocha agus ar an tsochaí, agus drochiarmhairtí aige maidir leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí. Táthar á thuar go ndúblóidh an líon ciliméadar a thaistealaíonn paisinéirí sa 40 bliain atá romhainn agus go mbeidh an ráta dhá uair níos airde fós ann maidir le haerthaisteal, má leanann na treochtaí go nuige seo isteach sa todhchaí. Bheadh astaíochtaí CO2 35 % níos airde faoi 2050 (13). Thiocfadh méadú thart ar 50 % go beagnach EUR 200 billiún in aghaidh na bliana ar chostais a bhaineann le brú tráchta. Thiocfadh méadú EUR 60 billiún ar chostais sheachtracha tionóiscí i gcomparáid le costais na bliana 2005.

Ní féidir ligean do chúrsaí leanúint ar aghaidh mar atá siad. Díreofar taighde agus nuálaíocht, a spreagfar le cuspóirí beartais, ar na príomhdhúshláin, agus cabhróidh siad go suntasach le baint amach spriocanna an Aontais an méadú ar theocht an domhain a theorannú chuig 2 °C, astaíochtaí CO2 ó iompar a laghdú 60 %, brú tráchta agus costais tionóisce a laghdú go suntasach, agus beagnach deireadh a chur le bás ar na bóithre faoi 2050 (13).

Is fadhbanna coitianta ar fud an Aontais iad truailliú, brú tráchta, sábháilteacht agus slándáil agus éilíonn siad freagraí comhoibritheacha uile-Eorpacha. Is trí dhlús a chur le forbairt agus le cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua agus réiteach nuálaíoch maidir le feithiclí (14), le bonneagair agus le bainistiú iompair, a dhéanfar córas iompair idirmhódúil agus ilmhódúil, a mbeidh rochtain níos fusa air, a bheidh níos glaine, níos sábháilte, níos sláine, agus níos éifeachtaí, a bhaint amach san Aontas; na torthaí is gá a bhaint amach chun athrú aeráide a mhaolú agus éifeachtacht ó thaobh acmhainní a fheabhsú; ceannaireacht na hEorpa maidir le táirgí iompair agus seirbhísí gaolmhara a choinneáil ar bun ar na margaí domhanda. Ní féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí iarrachtaí ilroinnte náisiúnta ina n-aonar.

Beidh cistiú ar leibhéal an Aontais i gcomhair taighde agus nuálaíocht iompair ag teastáil chun comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát trí dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach soiléir acu. Ciallaíonn an méis sin go leagfar béim ar réimsí tosaíochta a mheaitseálann cuspóirí beartais na hEorpa; ina bhfuil mais chriticiúil iarrachtaí riachtanach; i gcás inar féidir le réitigh iompair idir-inoibritheacha nó réitigh iompair ilmhódúla chomtháite ar fud na hEorpa cuidiú le deireadh a chur le scrogaill sa chóras iompair; nó inar féidir rioscaí infheistíochta taighde a laghdú, obair cheannródaíoch a dhéanamh maidir le comhchaighdeáin, agus t-am a thógann sé chun torthaí taighde a chur ar an margadh a laghdú trí iarrachtaí a chomhthiomsú ar bhonn trasnáisiúnta agus trí leas níos fearr a bhaint as an taighde a rinneadh cheana agus é a scaipeadh ar bhealach níos éifeachtaí,.

Beidh réimse leathan tionscnamh, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí ábhartha príobháideacha-poiblí, a chuimseoidh an slabhra nuálaíochta go léir agus a leanfaidh cur chuige comhtháite i leith réiteach nuálaíoch don chóras iompair, i gceist sna gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Tá roinnt gníomhaíochtaí ann a bhfuil sé de chuspóir sonrach acu cabhrú torthaí a thabhairt chuig an margadh: cur chuige clár maidir le taighde agus nuálaíocht, tionscadail taispeántais, gníomhaíochtaí maidir le glacadh margaidh agus tacaíocht a thabhairt do chaighdeánú, do rialáil agus do straitéisí nuálaíocha soláthair. Ina theannta sin, cabhróidh rannpháirtíocht agus saineolas na bpáirtithe leasmhara chun an bhearna a líonadh idir torthaí taighde agus a gcur i bhfeidhm san earnáil iompair.

Má dhéantar infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht chun córas iompair níos glaise, níos cliste, iontaofa agus iomlán comhtháite a chur ar fáil cabhróidh sé sin go mór le baint amach cuspóiri Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach mar aon le cuspóirí thionscnamh suaitheanta an Aontais Nuálaíochta. Tacóidh na gníomhaíochtaí le cur chun feidhme an Pháipéir Bháin um Iompar arb é is aidhm dó Limistéar Iompair Eorpach Aonair a chruthú. Cabhróidh na gníomhaíochtaí sin le baint amach na spriocanna beartais a ndearnadh cur síos orthu sna tionscnaimh shuaitheanta maidir le ‘Eoraip atá tíosach ar Acmhainní’, ‘Beartas tionsclaíoch do ré an Domhandaithe’ agus ‘Clár Oibre Digiteach don Eoraip’. Déanfaidh siad comhéadan leis na Comhthionscnaimh Chlárúcháin ábhartha freisin.

4.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Eagrófar na gníomhaíochtaí ar bhealach ina bhforálfar do chur chuige comhtháite a bheidh sonrach don mhodh de réir mar is iomchuí. Beidh gá le hinfheictheacht agus leanúnachas ilbhliantúil chun na sonraíochtaí a bhaineann le gach modh iompair agus cineál iomlánaíoch na ndúshlán a chur san áireamh, mar aon le Cláir Oibre ábhartha um Thaighde Straitéiseach agus Nuálaíocht a bhaineann leis na Cláir Oibre Eorpacha Teicneolaíochta maidir le hiompar.

(a)   Córas iompair atá éifeachtúil ar acmhainní agus a léiríonn meas ar an gcomhshaol.

Is é an aidhm a chinntiú go mbeidh an tionchar is lú is féidir ag na córais iompair ar an aeráid agus ar an gcomhshaol (lena n-áirítear truailliú de dheasca torainn agus truailliú aeir) trí fheabhas a chur ar a cháilíocht agus a éifeachtúlacht i dtaca le húsáid acmhainní nádúrtha, le breosla, agus trí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus trína spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

Díreofar na gníomhaíochtaí ar thomhailt acmhainní, go háirithe breoslaí iontaise, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leibhéil torainn a laghdú, chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtúlacht iompair agus feithiclí, dlús a chur faoi fhorbairt, faoi mhonarú agus faoi úsáid ghlúin nua feithiclí glana (feithiclí leictreacha, hidrigine agus feithiclí eile nach mbeidh astaíochtaí ar bith astu nó astaíochtaí ísle astu) lena n-áirítear trí dhul chun cinn a dhéanamh i ndearadh inneall agus trí bharrfheabhas a chur orthu, i stóráil fuinnimh agus maidir le bonneagar; cumas breoslaí malartacha agus inbhuanaithe agus córais tiomána agus oibriúcháin nuálaíocha agus níos éifeachtúla a iniúchadh agus leas a bhaint astu, lena n-áirítear bonneagar breosla agus muirearú; an leas is fearr a bhaint as pleanáil agus úsáid bonneagar, trí bhíthin córas iompair cliste, lóistíochtaí agus trealamh cliste; agus bainistiú éilimh agus iompar poiblí agus iompar neamhmheicnithe a mhéadú, agus slabhraí soghluaisteachta idirmhódúla, go háirithe i limistéir uirbeacha. Spreagfar nuálaíocht a bheidh dírithe ar gach modh iompair chun nach mbeidh ach astaíochtaí ísle astu nó chun nach mbeidh astuithe ar bith astu.

(b)   Soghluaisteacht níos fearr, níos lú brú tráchta, breis sábháilteachta agus slándála

Is í an aidhm na riachtanais soghluaisteachta atá ag fás agus na riachtanais maidir le so-athraitheacht iompair a réiteach le chéile trí réitigh nuálaíocha le haghaidh córas iompair a bheidh gan bhearnaí, idirmhódúil, cuimsitheach, inrochtana, inacmhainne, sábháilte, slán, sláintiúil, agus urrúnta.

Díreofar ar ghníomhaíochtaí chun brú tráchta a laghdú, feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar idir-inoibritheacht agus ar roghanna do phaisinéirí agus ar mheaitseáil riachtanas úsáideoirí trí iompar, trí bhainistíocht soghluaisteachta, agus lóistíocht chomhtháite ó dhoras go doras a fhorbairt agus a chur chun cinn; feabhas a chur ar iompar idirmhódúil agus cur i bhfeidhm pleanála cliste agus réiteach bainistíochta chliste; agus an líon tionóiscí agus tionchar bagairtí slándála a laghdú go mór.

(c)   Ceannaireacht dhomhanda ag tionscal iompair na hEorpa

Is í an aidhm iomaíochas agus feidhmíocht tionscal déantúsaíochta iompair na hEorpa agus seirbhísí gaolmhara, (lena n-áirítear próisis lóistíochta, cothabháil, deisiúchán, iarfheistiú agus athchúrsáil) a threisiú agus ceannaireacht na hEorpa á choimeád an bun i réimsí ar leith (e.g. an aerloingseoireacht).

Díreofar sna gníomhaíochtaí ar fhorbairt na chéad ghlúine eile de mhodhanna nuálaíocha aeriompair, iompair d'uisce agus iompair de thalamh, ar a áirithiú go ndéanfar córais nuálaíocha agus trealamh nuálaíoch a mhonarú ar bhealach inbhuanaithe agus ar ullmhú le haghaidh modhanna iompair a bheidh ann amach anseo trí oibriú ar theicneolaíochtaí, ar choincheapa agus ar dhearaí núíosacha agus ar chórais rialaithe chliste agus ar chaighdeáin idir-inoibritheacha, ar phróisis éifeachtúla táirgthe, ar sheirbhísí nuálaíocha agus ar nósanna imeachta deimhniúcháin, ar amanna forbartha níos giorra agus ar chostais laghdaithe saolré, gan amhras a tharraingt ar shábháilteacht ná ar shlándáil oibriúcháin.

(d)   Taighde socheacnamaíoch agus iompraíoch agus gníomhaíochtaí forásacha le haghaidh beartas a cheapadh

Is í an aidhm tacú le ceapadh beartas feabhsaithe atá riachtanach chun nuálaíocht a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá cruthaithe ag cúrsaí iompair agus ar riachtanais na sochaí a bhaineann leo.

Díreofar leis na gníomhaíochtaí ar feabhas a chur ar na hiarmhairtí, na treochtaí agus ar na hionchais socheacnamaíocha a bhaineann le cúrsaí iompair, lena n-áirítear an fhorbairt a thiocfaidh ar an éileamh amach anseo, agus sonraí agus anailísí bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do lucht déanta beartas. Tabharfar aird freisin ar leathadh na dtorthaí a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí sin.

5.   Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair;

5.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach geilleagar agus sochaí a bheidh tíosach ar acmhainní - agus ar uisce -agus díonach ar athrú aeráide a bhaint amach, acmhainní nádúrtha agus éiceachórais a chosaint agus a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe, agus soláthar agus úsáid inbhuanaithe amhábhar a chur ar fáil, d’fhonn freastal ar riachtanais dhaonra an domhain atá dul i méid agus é sin a dhéanamh laistigh de theorainneacha inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus éiceachórais na cruinne. Cabhróidh na gníomhaíochtaí le hiomaíochas na hEorpa a fheabhsú, leis an soláthar amhábhar a áirithiú agus cur le folláine, agus ag an am céanna sláine comhshaoil, athléimneacht agus inbhuanaitheacht a chinntiú, agus é mar aidhm an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C ar an meán agus cur ar chumas éiceachóras agus na sochaí iad féin a chur in oiriúint don athrú aeráide agus d'athruithe eile ar an gcomhshaol.

Tharla méadú faoi dheich i rith an 20ú haois ar an méid breosla iontaise a bhí á úsáid agus an méid acmhainní ábhartha a bhí á n-eastóscadh. Tá an ré sin inar samhlaíodh go raibh acmhainní flúirseach agus saor ag teacht chun deiridh anois. Tá brú mór anois ar amhábhair, ar uisce, ar aer, ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais talún, uisceacha agus mara. Tá go leor d’éiceachórais mhóra an domhain á ndíghrádú, agus tá suas le 60 % de na seirbhísí a sholáthraíonn siad á n-úsáid ar bhealaí nach bhfuil inbhuanaithe. Úsáidtear thart ar 16 thonna d'ábhair in aghaidh an duine gach bliain san Aontas agus díobh sin, diomlaítear thart ar 6 thonna díobh agus cuirtear a leath díobh go láithreáin líonta talún. Tá an t-éileamh domhanda ar acmhainní ag méadú de réir mar atá méadú ag teacht ar dhaonra an domhain agus ar a dtoilmhianta, go háirithe i gcás daoine atá ag tuilleamh ioncaim meánmhéide sna tíortha sin atá ag teacht chun cinn. Ní mór fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní.

Tháinig méadú thart ar 0.8 °C ar mheánteocht dhromchla an Domhain le 100 bliain anuas agus tá sé á thuar go dtiocfaidh méadú idir 1.8 agus 4 °C uirthi roimh dheireadh an 21ú haois (i gcoibhneas leis an meánteocht sa tréimhse ó 1980 go 1999) (15). Cruthóidh tionchair dhóchúla na n-athruithe sin ar chórais nádúrtha agus ar chórais dhaonna dúshláin don domhan agus dá cumas oiriúnaithe, agus cuirfidh siad forbairt eacnamaíoch agus dea-bhail an chine dhaonna amach anseo i mbaol.

Tá borradh ag teacht ar na tionchair atá ag an athrú aeráide agus léiríonn fadhbanna comhshaoil, amhail aigéadú na n-aigéan, athruithe i gcúrsaíocht aigéanach, ardú ar theocht na farraige, leá oighir san Artach agus salandacht laghdaithe an tsáile, díghrádú agus úsáid talún, cailliúint ithirthorthúlachta; ganntanais uisce, triomaigh agus tuilte, guaiseacha seismeacha agus bolcánacha, athruithe maidir le leathadh spáis na speiceas, truailliú ceimiceach, ró-shaothrú acmhainní agus cailliúint na bithéagsúlachta go bhfuil an domhan ag druidim lena teorainneacha inbhuanaitheachta. Mar shampla, meastar go mbeidh ró-éileamh 40 % á dhéanamh ar sholáthar uisce i gceann 20 bliain mura gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht ar fud na n-earnálacha go léir, lena n-áirítear trí chórais nuálaíocha uisce, rud a chuirfidh strus agus ganntanais rímhór faoi deara maidir le huisce. Is scanrúil an rud é go bhfuil foraoisí á scrios ar ráta 5 mhilliún heicteár in aghaidh na bliana. Is féidir le hidirghníomhaíochtaí idir acmhainní éagsúla rioscaí sistéamacha a chruthú - nuair a ídítear acmhainn amháin, déantar pointe dosheachanta tubaiste a chruthú maidir le hacmhainní agus le héiceachórais eile. Bunaithe ar na treochtaí reatha, is cosúil go mbeidh coibhéis dhá Dhomhan eile ag teastáil faoi 2050 le freastal ar an daonra domhanda atá ag fás.

Tá soláthar inbhuanaithe agus bainistíocht éifeachtúil ar acmhainní, lena n-áirítear iad a thaiscéaladh, a eastóscadh, a phróiseáil, a athúsáid, a athchúrsáil agus ionadú fíor-riachtanach d'fheidhmiú sochaithe nua-aimseartha agus a ngeilleagar. Tá earnálacha na hEorpa, amhail an tógáil, ceimiceáin, gluaisteáin, aeraspás, innealra agus trealamh a chuireann breisluach iomlán thart ar EUR 1,3 thrilliún ar fáil mar aon le thart ar 30 milliún duine a fhostú, ag brath go mór ar rochtain ar amhábhair. Mar sin féin, tá brú mór ag teacht ar sholáthar amhábhar don Aontas. Ina theannta sin, tá an tAontas ag brath go mór ar allmhairí na n-amhábhar sin a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, agus a bhfuil tionchar scanrúil ag saobhadh ar an margadh orthu.

Ina theannta sin, tá taiscí luachmhara mianraí fós ag an Aontas a bhfuil bac á chur lena dtaiscéaladh, lena n-eastóscadh agus lena bpróiseáil toisc nach bhfuil teicneolaíochtaí leordhóthanacha ann fós chuige sin agus nach bhfuil bainistiú leordhóthanach maidir le timthriall athcúrsála ann, de bharr easpa infheistíochta agus toisc iomaíocht dhomhanda atá ag dul i méid a bheith ag cur isteach ar an obair. Nuair a chuirtear san áireamh a thábhachtaí is atá amhábhair d’iomaíochas na hEorpa, agus don gheilleagar agus an chaoi a bhféadfaí iad a úsáid i dtáirgí nuálaíocha is léir gur tosaíocht ríthábhachtach don Aontas é go mbeadh soláthar inbhuanaithe amhábhar ann agus go ndéanfaí bainistiú éifeachtúil ar acmhainní.

Braitheann cumas geilleagair chun é féin a chur in oiriúint agus teacht aniar níos mó a bheith ann maidir le hathrú aeráide, chun a bheith níos éifeachtúla ar acmhainní agus fanacht iomaíoch ag an am céanna, ar leibhéil arda éiceanuálaíochta a bheith ann ó thaobh na sochaí, na heacnamaíochta, an eagrúcháin agus na teicneolaíochta de. Ós rud é gur fiú EUR 1 trilliún éiceanuálaíocht ar an margadh domhanda in aghaidh na bliana agus go bhfuiltear ag súil go méadófar í faoi thrí faoi 2030, is léir go gcuireann éiceanuálaíocht deis mhór ar fáil chun iomaíochas a mhéadú agus poist a chruthú i ngeilleagair na hEorpa.

5.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Má tá spriocanna an Aontais agus spriocanna idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí agus tiúchan gás ceaptha teasa le baint amach agus má táthar le déileáil leis an tionchar atá ag an athrú aeráide, ní mór druidim le sochaí ísealcharbóin agus ní mór réitigh teicneolaíochta agus neamhtheicneolaíochta atá cost-éifeachtúil agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus ní mór bearta maolaithe agus oiriúnaithe a dhéanamh agus tuiscint níos láidre a fháil ar na freagairtí sochaíocha i ndáil leis na dúshláin sin. Ní mór do chreata beartais an Aontais agus an domhain a áirithiú go dtabharfar cosaint d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, go mbeidh meas orthu agus go ndéanfar iad a athchóiriú go hiomchuí d'fhonn a gcumas acmhainní agus seirbhísí a sholáthar sa todhchaí a chaomhnú. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uisce sa timpeallacht tuaithe, sa timpeallacht uirbeach agus sa timpeallacht thionsclaíoch chun nuálaíocht córas uisce agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus chun éiceachórais uisceacha a chosaint. Is féidir le taighde agus le nuálaíocht cabhrú le rochtain iontaofa agus inbhuanaithe a fháil ar amhábhair, agus cabhrú leis na hamhábhair sin a shaothrú ar thalamh agus ar ghrinneall na farraige, agus laghdú suntasach a dhéanamh ar an méid acmhainní a úsáidtear agus a dhiomlaítear.

Dá bhrí sin díreofar gníomhaíochtaí an Aontais ar thacú le príomhchuspóirí agus le príomhbheartais an Aontais lena gcumhdaítear an timthriall nuálaíochta ina iomláine agus lena gcumhdaítear gnéithe de thriantán an eolais, lena n-áirítear: an Straitéis Eoraip 2020, na tionscnaimh shuaitheanta 'an tAontas Nuálaíochta'; 'Beartas tionsclaíoch do ré domhandaithe', 'Clár Oibre Digiteach don Eoraip', ‘Eoraip atá tíosach ar Acmhainní’ agus an Treochlár (16) comhfhreagrach; agus an Treochlár chun bogadh go geilleagar iomaíoch ísealcharbóin in 2050; ‘Oiriúnú d'athrú aeráide: I dtreo creata gníomhaíochta Eorpaigh’ (17); an Tionscnamh faoi Amhábhair (18); Straitéis an Aontais um Fhorbairt Inbhuanaithe (19); Beartas Muirí Lánpháirtithe don Aontas (20); an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; an Treoir Réime Uisce agus na fo-Threoracha a ghabhann léi; an Treoir maidir le Tuilte (21); an Plean Gníomhaíochta Éiceanuálaíochta agus Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 (22). Nascfar na gníomhaíochtaí sin, nuair is iomchuí, leis na Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha ábhartha agus leis na Tionscnaimh Comhphleanála ábhartha. Atreiseoidh na gníomhaíochtaí sin cumas na sochaí níos mó teacht aniar a bheith inti maidir le hathrú comhshaoil agus aeráide agus áiritheoidh siad go mbeidh amhábhair le fáil.

I bhfianaise nádúr trasnáisiúnta agus domhanda na haeráide agus an chomhshaoil, an scála a bhaineann leo agus a chasta is atá siad, agus i bhfianaise ghné idirnáisiúnta an tslabhra soláthair amhábhar, ní mór gníomhaíochtaí a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal níos forleithne ná sin. Éilíonn carachtar ildisciplíneach an taighde atá riachtanach go gcomhthiomsófar eolas agus acmhainní comhlántacha d'fhonn dul i ngleic leis an dúshlán seo go héifeachtach agus ar bhealach inbhuanaithe. D’fhonn úsáid acmhainní agus tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, agus iomaíochas a mhéadú ag an am céanna, beidh gá le trasdul cinntitheach sochaíoch agus teicneolaíoch chuig geilleagar a bheidh bunaithe ar chaidreamh inbhuanaithe idir an dúlra agus folláine an duine. Cuirfidh gníomhaíochtaí comhordaithe taighde agus nuálaíochta feabhas ar an tuiscint ar athruithe aeráide agus comhshaoil agus ar an réamhaisnéis a dhéantar fúthu i bpeirspictíocht córasach agus trasearnála, laghdóidh siad neamhchinnteachtaí, sainaithneoidh siad leochaileachtaí, rioscaí, costais agus deiseanna agus déanfaidh siad iad a mheas, agus lena chois sin cuirfidh siad le réimse réiteach agus freagraí beartas agus na sochaí agus cuirfidh siad lena n-éifeacht. Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á gcur i gcrích, déanfar iarracht seachadadh agus scaipeadh an taighde agus na nuálaíochta a fheabhsú chun tacú le ceapadh beartas agus déanfar iarracht gníomhaithe ar gach leibhéal den tsochaí a chumasú chun páirt a ghlacadh sa phróiseas seo.

Má táthar le dul i ngleic le hinfhaighteacht amhábhar, ní mór taighde comhordaithe agus iarrachtaí nuálaíochta a dhéanamh i mórán disciplíní agus earnálacha chun cabhrú le réitigh a sholáthar ar fud an tslabhra soláthair go léir (idir thaiscéaladh agus eastóscadh, phróiseáil, dhearadh, úsáid inbhuanaithe agus athúsáid, athchúrsáil agus ionadú), réitigh a bheidh indéanta, slán ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de, agus a nglacfaidh an tsochaí leo. Soláthróidh nuálaíocht sna réimsí sin deiseanna le haghaidh fáis agus post, chomh maith le roghanna nuálaíocha a mbeidh baint ag eolaíocht, ag teicneolaíocht, ag an ngeilleagar, ag an tsochaí, ag beartas agus ag rialachas leo. Ar na cúiseanna sin, táthar tar éis Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha maidir le hUisce agus le hAmhábhair a sheoladh.

D'fhéadfadh sé go gcruthóidh éiceanuálaíocht stuama deiseanna le haghaidh fáis agus post. Rachaidh na réitigh a fhorbrófar trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i ngleic leis na príomhbhagairtí ar iomaíochas tionsclaíoch agus cinnteoidh siad go mbeifear in ann iad a ghlacadh go tapa agus a mhacasamhlú ar fud an Mhargaidh Aonair agus níos faide anonn. Cuirfidh sé seo ar chumas an gheilleagair an trasdul a dhéanamh chuig geilleagar glas a chuireann úsáid inbhuanaithe acmhainní san áireamh. Beidh siad seo a leanas ina gcomhpháirtithe sa chur chuige sin: lucht déanta beartas idirnáisiúnta, Eorpach agus náisiúnta; cláir thaighde agus nuálaíochta idirnáisiúnta agus de chuid na mBallstát; lucht gnó agus tionscal na hEorpa; an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach agus gníomhaireachtaí comhshaoil náisiúnta; agus páirtithe leasmhara ábhartha eile.

Chomh maith le comhoibriú déthaobhach agus réigiúnach, tacóidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais le hiarrachtaí agus le tionscnaimh ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), an Clár Oibre Idir-Rialtasach ar Bhithéagsúlacht agus ar Sheirbhísí Éiceachórais (IPBES) agus an Grúpa um Fhaire na Cruinne (GEO).

5.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

(a)   An t-athrú aeráide a chomhrac agus oiriúnú dó

Is í an aidhm bearta agus straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe a bheidh cost-éifeachtúil agus inbhuanaithe a fhorbairt, a dhíreoidh ar CO2 agus ar gháis cheaptha teasa eile agus aerasóil, agus a leagfaidh béim ar réitigh ghlasa, idir réitigh theicneolaíochta agus réitigh neamhtheicneolaíochta, trí fhianaise a chruthú i gcomhair beart a bheidh eolasach, luath agus éifeachtach agus i gcomhair líonrú na n-inniúlachtaí riachtanacha. Díreofar na gníomhaíochtaí na nithe seo a leanas: tuiscint níos fearr a fháil ar athrú aeráide agus na priacail a ghabhann le holltubaistí agus le hathruithe tobanna a bhaineann leis an aeráid d'fhonn réamh-mheastacháin iontaofa maidir leis an aeráid a sholáthar; ar mheasúnú tionchar ar leibhéal domhanda, réigiúnach agus áitiúil, agus ar leochaileachtaí agus bearta oiriúnaithe, coiscthe agus bainistithe riosca a bheidh nuálaíoch agus cost-éifeachtúil a fhorbairt; tacú le beartais maolaithe agus le straitéisí lena n-áirítear staidéir a dhíríonn ar an tionchar a bhíonn ag beartais earnálacha eile.

(b)   An comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha, uisce, bithéagsúlacht agus éiceachórias a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe

Is í an aidhm eolas agus uirlisí a sholáthar chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú agus a chosaint ionas go mbeidh cothroime inbhuanaithe idir acmhainní teoranta agus na riachtanais atá anois, agus a bheidh amach anseo, ag an tsochaí agus ag an ngeilleagar. Díreofar na gníomhaíochtaí ar na nithe seo a leanas: cur leis an tuiscint atá againn ar an mbithéagsúlacht agus ar fheidhmiú na n-éiceachóras, ar na hidirghníomhaíochtaí atá acu le córais shóisialta agus an ról atá acu i gcothú an gheilleagair agus fholláine an duine; cuir chuige chomhtháite a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le huisce agus leis an aistriú chuig bainistiú inbhuanaithe agus úsáid acmhainní uisce agus seirbhísí; agus ar eolas agus uirlisí a sholáthar ar mhaithe le cinnteoireacht éifeachtach agus le rannpháirtíocht an phobail.

(c)   A áirithiú go mbeidh soláthar inbhuanaithe ann d’amhábhair nach ábhair fuinnimh ná ábhair thalmhaíochta iad

Is í an aidhm an bonn eolais faoi amhábhair a fheabhsú agus réitigh nuálaíocha a fhorbairt chun amhábhair a thaiscéaladh, a eastóscadh, a phróiseáil, a úsáid agus a ath-úsáid, a athchúrsáil agus a aisghabháil ar bhealaí cost-éifeachtúla, tíosach ar acmhainní agus nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, agus chun ábhair eile a chur ina n-ionad ar bhealaí a bheadh tarraingteach ó thaobh costais de, a bheadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mbeadh tionchar níos lú acu ar an gcomhshaol, lena n-áirítear próisis agus córais lúbiata. Díreofar na gníomhaíochtaí ar na nithe seo a leanas: feabhas a chur ar an mbonn eolais ar infhaighteacht na n-amhábhar; cur chun cinn soláthar inbhuanaithe agus éifeachtúil amhábhar, úsáid agus athúsáid amhábhar, lena n-áirítear acmhainní mianraí, ón talamh agus ón bhfarraige; roghanna malartacha a aimsiú i gcás amhábhar criticiúil; agus feabhas a chur ar fheasacht agus scileanna na sochaí i leith amhábhar.

(d)   An trasdul chuig geilleagar glas agus sochaí ghlas a chumasú trí bhíthin éiceanuálaíochta

Is í an aidhm gach cineál éiceanuálaíochta a chothú a chumasaíonn an trasdul go geilleagar glas. Leis na gníomhaíochtaí sin, inter alia, tógfar ar na gníomhaíochtaí a gabhadh ar láimh sa Chlár Éicea-Nuálaíochta agus breiseofar iad agus díreofar ar na nithe seo leanas: teicneolaíochtaí, próisis, seirbhísí agus táirgí éiceanuálaíochta a neartú, lena n-áirítear bealaí a chíoradh lena bhféadfar méid na n-amhábhar sa táirgiúlacht agus sa tomhaltas a laghdú, bacainní sa chomhthéacs sin a shárú, agus dlús a chur faoina nglacadh ar an margadh agus faoina macasamhlú, agus aird faoi leith á tabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; tacú le beartais nuálaíocha, samhlacha eacnamaíocha inbhuanaithe agus athruithe sochaíocha; tomhas agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn go dtí geilleagar glas; agus éifeachtúlacht acmhainní a chothú trí chórais dhigiteacha.

(e)   Córais chuimsitheacha, inbhuanaithe, dhomhanda faisnéise agus breathnóireachta comhshaoil a fhorbairt

Is í an aidhm a chinntiú go gcuirfear na sonraí agus an fhaisnéis fhadtéarmach ar fáil atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo. Díreofar na gníomhaíochtaí ar na cumais, ar na teicneolaíochtaí agus ar na bonneagair shonraí a sholáthar chun breathnadóireacht agus faireachán a dhéanamh ar an Domhan ó chianbhraiteoireacht agus ó thomhais in situ araon ionas gur féidir eolas a sholáthar go tráthúil agus go cruinn agus réamhaisnéisí agus réamh-mheastacháin a cheadú. Spreagfar rochtain shaor, oscailte agus neamhshrianta ar shonraí agus ar fhaisnéis idir-inoibritheach. Leis na gníomhaíochtaí, cuideofar le gníomhaíochtaí oibríochtúla Chlár Copernicus, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanfar amach anseo, a shainiú agus cuirfear feabhas ar an leas a bhaintear as na sonraí GMES do ghníomhaíochtaí taighde.

(f)   Oidhreacht chultúrtha

Is í an aidhm taighde a dhéanamh ar na straitéisí, ar na modheolaíochtaí agus ar na huirlísí a theastaíonn chun go mbeidh oidhreacht chultúrtha a bheidh dinimiciúil, inbhuanaithe ann san Eoraip mar fhreagairt don athrú aeráide. Cuirtear comhthéacs beo ar fáil do na pobail stóinsithe lena bhfreagraítear d'athruithe ilathráideacha leis an oidhreacht chultúrtha sna foirmeacha fisiciúla éagsúla a ghabhann leis. Éilítear cur chuige ildisciplíneach chun feabhas a chur ar an tuiscint ar ábhar stairiúil. Leis na gníomhaíochtaí, díreofar ar na leibhéil stóinseachta a shainiú trí bharúlacha, trí fhaireachán a dhéanamh agus trí shamhaltú mar aon le tuiscint níos fearr a chur ar fáil maidir leis an dearcadh atá ag pobail ar an athrú aeráide agus maidir leis an gcaoi ina bhfreagraíonn siad dó.

6.   An Eoraip i nDomhain atá ag Athrú- Sochaithe Cuimsitheacha, Nuálaíocha agus Slána

6.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach tuiscint níos fearr ar an Eoraip a chothú, réitigh a sholáthar agus tacú le sochaithe Eorpacha a bheidh cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach nuair atá claochluithe ag tarlú nach bhfacthas a samhail riamh cheana agus fás ag teacht ar idirthuilleamaíocht dhomhanda.

Tá dúshláin mhóra socheacnamaíocha le sárú ag an Eoraip lena ndéantar difear suntasach dá thodhchaí chomhchoiteann. Áirítear orthu sin an fás atá ag teacht ar idirthuilleamaíocht eacnamaíoch agus cultúrtha, aosú agus athrú déimeagrafach, eisiamh sóisialta agus bochtaineacht, lánpháirtiú agus dínascadh, éagothroime agus imirce, deighilt dhigiteach a bheith ag méadú, cothú cultúir nuálaíochta agus cruthaitheachta sa tsochaí agus i bhfiontair, agus muinín a bheith ag dul i laghad in institiúidí daonlathacha agus idir saoránaigh laistigh de theorainneacha agus thar theorainneacha. Dúshláin ollmhóra is ea iad sin agus éilíonn siad cur chuige comhchoiteann ón Eoraip, a bheidh bunaithe ar eolas eolaíoch comhroinnte a fhéadann eolaíochtaí sochaíocha agus daonnúla agus eile a sholáthar.

Tá éagothroime shuntasach i gcónaí san Aontas idir na tíortha éagsúla agus laistigh díobh. Is éard atá san Innéacs Forbartha Daonna tomhas comhiomlán maidir le dul chun cinn sláinte, oideachais agus ioncaim, agus scóráil na mBallstát idir 0.771 agus 0, 910 ar an Innéacs in 2011, rud a léirigh difríochtaí suntasacha idir tíortha. Tá neamhionannais shuntasacha inscne fós ann: mar shampla, faigheann fir ar an meán 17.8 % níos mó pá san Aontas ná mar a fhaigheann mná (23). Sa bhliain 2011 bhí duine as gach seisear saoránach san Aontas (thart ar 80 milliún duine) i mbaol bochtaineachta inniu. Le scór bliain anuas tá méadú tagtha ar bhochtaineacht daoine fásta óga agus teaghlach a bhfuil leanaí acu. Tá an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg ag os cionn 20 %. Tá 150 milliún Eorpach (thart ar 25 %) nár bhain úsáid as an idirlíon riamh agus b’fhéidir nach bhfaighidh siad dóthain litearthachta digití chuige sin go deo. Tá neamhshuim agus polarú polaitiúil le sonrú i dtoghcháin freisin, rud a léiríonn go bhfuil laghdú ag teacht ar mhuinín na saoránach as na córais pholaitiúla atá ann faoi láthair.

Tugann na figiúirí sin le tuiscint go bhfuil roinnt grúpaí sóisialta agus roinnt pobal á bhfágáil ar chúl i gcónaí maidir le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch agus b’fhéidir maidir le polaitíocht dhaonlathach freisin. Leis na neamhionannais sin, ní hamháin go múchtar forbairt na sochaí ach cuirtear as do gheilleagair an Aontais freisin agus laghdaítear ar na cumais taighde agus nuálaíocha laistigh de thíortha agus i measc tíortha.

Dúshlán lárnach a bheidh ann agus aghaidh á tabhairt ar na míchothromaíochtaí sin suíomhanna a chothú ina bhféadfaí féiniúlachtaí Eorpacha, náisiúnta agus eitneacha maireachtáil lena chéile agus a chéile a shaibhriú.

Anuas air sin, táthar ag súil le hardú suntasach 42 %, ó 87 milliún in 2010 go 124 milliún in 2030, i líon na nEorpach a bheidh níos sine ná 65 bliana. Is mórdhúshlán é sin don gheilleagar, don tsochaí agus d'inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Tá rátaí táirgiúlachta agus fáis eacnamaíoch na hEorpa ag titim i gcoibhneas le tíortha eile le dhá scór bliain. Ina theannta sin, tá meath ag teacht go tapa ar an scair den táirgeacht eolais dhomhanda atá ag an Eoraip agus, má bhí sí chun tosaigh maidir le feidhmiú nuálaíochta, tá na príomhgheilleagair atá ag teacht chun cinn mar an Bhrasaíl agus an tSín ag breith suas uirthi. Cé go bhfuil bonn láidir taighde ag an Eoraip, ní mór sócmhainn chumhachtach a dhéanamh de le haghaidh earraí agus seirbhísí nuálaíocha.

Tuigtear go maith nach mór don Eoraip níos mó a infheistiú san eolaíocht agus sa nuálaíocht agus go mbeidh uirthi comhordú i bhfad níos fearr a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí sin ná mar a rinneadh go dtí seo: Ó theacht na géarchéime airgeadais, méadaíodh tuilleadh ar mhórán de na neamhionannais eacnamaíocha agus shóisialta san Eoraip agus tá an chuma air gur tamall mór fada a bheidh sé don chuid is mó den Aontas go dtí go mbeidh rataí an fháis eacnamaíoch mar a bhí siad roimh an ngéarchéim. Tugtar le tuiscint leis an ngéarchéim reatha freisin gur dúshlánach é réitigh a fháil ar ghéarchéimeanna a léiríonn ilchineálacht na mBallstát agus a gcuid leasanna.

Ní mór dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealaí nuálaíocha agus ildhisciplíneacha toisc go n-idirghníomhaíonn siad ar bhealaí casta agus is minic a tharlaíonn siad gan choinne. Is féidir le nuálaíocht an chuimsitheacht a lagú, rud is féidir a fheiceáil, mar shampla, sa deighilt dhigiteach nó i ndeighilt an mhargaidh saothair. Bíonn sé deacair uaireanta freastal ag an am céanna ar nuálaíocht shóisialta agus ar mhuinín shóisialta nuair a bhíonn beartais á gceapadh, mar shampla i limistéir faoi mhíbhuntáiste sóisialta i gcathracha móra na hEorpa. Thairis sin, nuair a thagann éilimh fhorásacha na saoránach agus an nuálaíocht le chéile ceapann lucht déanta beartas agus gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta freagraí uaireanta a dhéanann neamhaird de na teorainneacha atá idir earnálacha, gníomhaíochtaí, earraí nó seirbhísí. Léiríonn feiniméin mar fhás an Idirlín, na gcóras airgeadais, na heacnamaíochta atá ag dul in aois agus na sochaí éiceolaíochta go soiléir an chaoi a bhfuil sé riachtanach smaoineamh ag an am céanna ar na ceisteanna sin ó thaobh na ngnéithe cuimsitheachta agus nuálaíochta a bhaineann leo agus freagra a thabhairt orthu le chéile.

Ós rud é go bhfuil na dúshláin sin casta agus toisc go bhfuil athrú ag teacht ar an héilimh, ní mór taighde nuálaíoch agus teicneolaíochtaí, próisis agus modhanna a bheidh nua agus cliste a fhorbairt mar aon le meicníochtaí nuálaíochta sóisialta, gníomhaíochtaí comhordaithe agus beartais a bheidh ullamh i gcomhair na n-athruithe a thiocfaidh san Eoraip nó a rachaidh i gcion orthu. Iarrann sé go dtiocfaí ar thuiscint athnuaite maidir le cinntithighna nuálaíochta. Chomh maith leis sin, iarrtar tuiscint ar na treochtaí bunúsacha agus na hiarmhairtí laistigh de na dúshláin sin agus ní mór na foirmeacha dlúthpháirtíochta, iompraíochta, comhordaithe agus cruthaitheachta sin a athaimsiú nó a athchruthú lena gcinntítear gur samhail faoi leith í an Eoraip i dtéarmaí sochaithe atá cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach i gcomparáid le réigiúin eile sa domhan.

Ní mór cur chuige níos straitéisí a ghlacadh freisin maidir le comhar le tríú tíortha, ar cur chuige é a bheidh bunaithe ar thuiscint níos fearr ar an ról a bhí ag an Aontais san am atá thart, atá aige faoi láthair agus a bheidh aige amach anseo mar ghníomhaí domhanda.

6.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Leis na dúshláin sin, téitear thar na teorainneach náisiúnta, agus ar an gcaoi sin bíonn gá le hanailísí comparáideacha níos casta chun bonn a fhorbairt ar a bhféadfar beartais náisiúnta agus beartais Eorpacha a thuiscint níos fearr. Ba cheart go dtabahrfadh anailísí comparáideacha den sórt sin aghaidh ar shoghluaisteacht (soghluaisteacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil ach inniúlachtaí, eolas agus smaointe freisin) agus foirmeacha den chomhar institiúideach, idirghníomhaíochtaí idirchultúrtha agus comhoibriú idirnáisiúnta. Mura mbíonn tuiscint níos fearr ar na dushláin sin agus réamh-mheastáchán déanta ina leith, bíonn brú ar thíortha Eorpacha dul san iomaíocht lena chéile seachas comhoibriú de thairbhe fórsaí an domhandaithe, agus ar an gcaoi sin bíonn béim ar éagsúlachtaí san Eoraip seachas comóntachtaí agus cothromaíocht cheart a bheith idir an comhar agus an iomaíocht. Má théitear i ngleic ar an leibhéal náisiúnta amháin le saincheisteanna ríthábhachtacha, lena n-áirítear saincheisteanna socheacnamaíocha, bíonn contúirt ann go ndéanfar acmhainní a úsáid go neamhéifeachtúil, fadhbanna a sheachtrú chuig tíortha Eorpacha agus neamh-Eorpacha eile agus aibhsiú ar theannais shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla a fhéadfaidh cur isteach go díreach ar aidhmeanna na gConarthaí i dtaca lena chuid luachanna, go háirithe Teideal I den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

D'fhonn sochaithe atá cuimsitheach, nuálaíoch agus machnamhach a thuiscint, a anailísiú agus a thógáil, tá freagairt ag teastáil ón Eoraip lena scaoilfear acmhainn na smaointe roinnte do thodhchaí na hEorpa chun eolas nua, teicneolaíochtaí nua agus cumais nua a chruthú. Le coincheap na sochaithe cuimsitheacha, aithnítear gur neart Eorpach é an éagsúlacht sa chultúr, i réigiúin agus i suíomhanna socheacnamaíocha. Is gá an éagsúlacht Eorpach a iompú ina foinse nuálaíochta agus forbartha. Cuideoidh an dianiarracht sin leis an Eoraip dul i ngleic lena dúshláin ní amháin ar bhonn inmheánach ach mar ghníomhaí domhanda ar an ardán idirnáisiúnta. Is amhlaidh a bheidh an dianiarracht sin, ar an gcaoi sin, ina cúnamh do Bhallstáit tairbhe a bhaint as eispéiris in áiteanna eile agus ligean dóibh a ngníomhaíochtaí sonracha féin a chomhfhreagraíonn dá gcomhthéacsanna faoi seach a shainiú.

Dá bhrí sin, beidh cothú modhanna nua comhair idir tíortha laistigh den Aontas agus idir tíortha ar fud an domhain, agus ar fud na bpobal taighde agus nuálaíochta ábhartha ina thasc lárnach i gcomhthéacs an dúshláin sin. Saothrófar, ar bhonn rianúil, tacú le próisis nuálaíochta sóisialta, gníomhaíochtaí chun riarachán poiblí cliste agus rannpháirteach a spreagadh, chomh maith le cabhrú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise agus chun é a chur chun cinn d’fhonn ábharthacht na ngníomhaíochtaí sin go léir a fheabhsú le haghaidh lucht déanta beartais, gníomhaithe sóisialta agus eacnamaíocha agus le haghaidh saoránach. Beidh taighde agus nuálaíocht ina réamhchoinníoll maidir le hiomaíochas na ngnólachtaí agus na seirbhísí Eorpacha agus tabharfar aird ar leith ar an inbhuanaitheacht, ar an oideachas a chur chun cinn, ar an bhfostaíocht a mhéadú, agus ar an mbochtaineacht a laghdú.

Ar an gcaoi sin, tacóidh cistiú an Aontais i gcomhthéacs an dúshláin sin le forbairt, le cur chun feidhme agus le hoiriúnú phríomhbheartais an Aontais, eadhon cuspóirí straitéis Eoraip 2020. Déanfaidh sé comhéadan, mar is iomchuí, le Comhthionscnaimh Chlárúcháin, lena n-áirítear "Oidhreacht Chultúrtha", "Fad Saoil, Scoth Saoil" agus "An Eoraip Uirbeach" agus rachfar i mbun comhordaithe le gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

6.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

6.3.1.   Sochaithe cuimsitheacha

Is í an aidhm tuiscint níos fearr a fháil ar na hathruithe i sochaí na hEorpa agus a n-iarmhairt ar an gcomhtháthú sóisialta, agus cuimsiú sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil agus dinimic dhearfach idirchultúir san Eoraip agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta a anailísiú agus a fhorbairt, trí bhíthin eolaíocht ar thús cadhnaíochta agus idirdhisciplíneachta, dul chun cinn teicneolaíoch agus nuálaíochtaí eagrúcháin. Áirítear, inter alia, an imirce, an comhtháthú, an t-athrú déimeagrafach, sochaí atá ag dul in aois agus míchumais, an t-oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar na príomhdhúshláin nach mór dul i ngleic leo maidir le samhlacha Eorpacha don chomhtháthú sóisialta agus d'fholláine an duine, chomh maith le laghdú na bochtaineachta agus an t-eisiamh sóisialta, agus na saintréithe éagsúla réigiúnacha agus cultúrtha á gcur san áireamh.

Tá príomhról anseo ag an taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Daonnachtaí toisc go ndéantar iniúchadh leosan thar am agus thar spás agus féadfar iniúchadh a dhéanamh leo ar an todhchaí a thuarfaí. Tá stair mhór roinnte ag an Eoraip sa chomhar agus sa choinbhleacht araon. Cuirtear inspioráid agus deiseanna ar fáil lena caidreamh cultúrtha dinimiciúil. Tá gá le taighde chun féiniúlachta agus muintearas a thuiscint sna pobail, sna réigiúin agus sna náisiúin. Tacóidh an taighde le lucht déanta beartas chun beartais a dhearadh chun fostaíocht a chothú, chun bochtaineacht a chomhrac agus chun nach bhfaighidh na nithe seo leanas aon leathantas: cineálacha éagsúla scoilteanna, coinbhleacht agus eisiamh polaitiúil agus sóisialta, leithcheal agus míchothromaíochtaí, amhail míchothromaíochtaí inscne agus míchothromaíochtaí ó ghlúin go glúin, leithcheal mar gheall ar mhíchumas nó ar bhunús eitneach nó scoilteanna digiteacha nó nuálaíochta, i sochaithe Eorpacha agus i réigiúin eile an domhain. Cuirfidh sé go háirithe le cur chun feidhme agus le hoiriúnú na straitéise “Eoraip 2020” agus le gníomhaíocht sheachtrach ghinearálta an Aontais.

Díreofar sna gníomhaíochtaí ar an méid a leanas a thuiscint agus a chothú nó a chur chun feidhme:

(a)

na sásraí chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn;

(b)

na heagraíochtaí, na cleachtais, na seirbhísí agus na beartais a bhfuiltear muiníneach astu agus atá riachtanach chun sochaithe athléimneacha, cuimsitheacha, rannpháirteacha, oscailte agus cruthaitheacha a thógáil san Eoraip, go háirithe trí imirce, comhtháthú agus athrú déimeagrafach a chur san áireamh;

(c)

Ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda go háirithe maidir le cearta an duine agus ceartas domhanda;

(d)

timpeallachtaí inbhuanaithe, cuimsitheacha a chur chun cinn tríd an bpleanáil agus dearadh nuálaíoch spásúil agus uirbeach.

6.3.2.   Sochaithe cuimsitheacha

Is é an aidhm forbairt sochaithe nuálacha agus beartas san Eoraip a chothú trí bhíthin teagmháil a choimeád le saoránaigh, le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le fiontair agus le húsáideoirí lena mbaineann taighde agus nuálaíocht agus beartais taighde agus nuálaíochta chomhordaithe a chur chun cinn i gcomhthéacs an domhandaithe agus an ghá atá ann na caighdeáin eiticiúla is airde a chur chun cinn. Cuirfear tacaíocht faoi leith ar fáil chun an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt agus creatchoinníollacha le haghaidh nuálaíochta a fhorbairt.

Is foinse mhór cruthaíochta agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht ó thaobh an ghnó, na hearnála poiblí agus na nuálaíochta sóisialta, é eolas cultúrtha agus sochaíoch. I mórán cásanna, freisin, gabhann nuálaíochtaí atá dírithe ar an úsáideoir agus nuálaíochtaí sóisialta roimh fhorbairt na dteicneolaíochtaí nuálaíocha, na seirbhísí agus na bpróiseas eacnamaíoch. Is acmhainn iontach iad na tionscail chruthaitheacha chun dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha agus le hiomaíochas. Siocair go bhfuil na hidirghaoil idir nuálaíocht shóisialta agus theicneolaíoch casta, agus nach minic a bhíonn siad líneach, tá gá le tuilleadh taighde, lena n-áirítear taighde trasearnálach agus ildisciplíneach i ndáil leis an bhforbairt a dhéantar ar gach cineál nuálaíochta agus gníomhaíochta a mhaoinítear chun go spreagfar forbairt éifeachtach i leith na nuálaíochta sin sa todhchaí.

Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a leanas:

(a)

an bunús fianaise agus an tacaíocht don tionscnamh suaitheantais 'Aontas Nuálaíochta' agus don Limistéar Eorpach Taighde a neartú;

(b)

cineálacha nua nuálaíochta a iniúchadh, agus béim faoi leith á leagan ar nuálaíocht shóisialta agus ar chruthaitheacht shóisialta agus tuiscint a fháil ar an mbealach ina bhforbraítear gach cineál nuálaíochta, ina n-éiríonn leo nó ina dteipeann orthu;

(c)

leas a bhaint as acmhainn nuálaíoch, chruthaitheach, tháirgiúil gach glúine:

(d)

comhar comhleanúnach, éifeachtach le tríú tíortha a chur chun cinn.

6.3.3.   Sochaithe machnamhacha – oidhreacht chultúrtha agus féiniúlacht Eorpach

Tá sé mar aidhm rannchuidiú le tuiscint a fháil ar bhunús intleachtúil na hEorpa: ar an stair a bhaineann léi agus ar na tionchair fhlúirseacha Eorpacha agus neamh-Eorpacha; mar inspioráid dár saol sa lá atá inniu ann. Is é príomhthréith na hEorpa pobail (lena n-áirítear mionlaigh agus daoine dúchasacha), traidisiúin agus féiniúlachtaí, idir réigiúnach agus náisiúnta, atá difriúil agus éagsúil óna chéile agus tá leibhéil dhifriúla san fhorbairt eacnamaíoch agus shochaíoch mar phríomhthréith di chomh maith. Leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht, leis na meáin, le tionscal agus iompar, cuirtear le héagsúlacht na dtuairimí agus na stíleanna maireachtála. Ba cheart aitheantas a thabhairt don éagsúlacht sin agus do na deiseanna a ghabhann leis.

Tá bailiúcháin Eorpacha i leabharlanna, i gcartlanna, lena n-áirítear i gcartlanna digiteacha, in iarsmalanna, i ngailearaithe agus in institiúidí poiblí eile ina bhfuil an t-uafás doiciméadachta agus rudaí ar féidir a scrúdú, ar doiciméadacht agus ar rudaí iad atá mórthaibhseach agus nár baineadh leas ceart astu go fóill. Léirítear stair na mBallstát aonair leis na hacmhainní cartlainne sin agus le hoidhreacht dholáimhsithe freisin, agus léirítear freisin comhoidhreacht Aontais a tháinig chun cinn in imeacht na mblianta. Ba cheart go mbeadh rochtain ag taighdeoirí agus ag saoránaigh ar ábhair den chineál sin, trí theicneolaíochtaí nua freisin, chun go mbeidh siad in ann amharc chun tosaigh trí chartlann an ama a chuaigh thart. Tá inrochtaineacht agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha sna foirmeacha sin ag teastáil do bheocht na ngníomhaíochtaí maireachtála laistigh de chultúir Eorpacha agus tharstu agus cuirtear le fás inbhuanaithe eacnamaíoch leo.

Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a leanas:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar oidhreacht, ar chuimhne, ar fhéiniúlacht, ar chomhtháthú agus ar chaidreamh cultúrtha agus aistriú, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar a léirítear faoin méid sin i mbailiúcháin chultúrtha agus eolaíocha, i gcartlanna cultúrtha agus eolaíocha agus in iarsmalanna cultúrtha agus eolaíocha, chun tuiscint níos fearr a sholáthar don lá atá inniu ann trí léirmhínithe níos saibhre a dhéanamh ar an aimsir chaite.

(b)

taighde ar stair, ar litríocht, ar ealaín, ar fhealsúnacht agus ar reiligiúin thíortha agus réigiúin na hEorpa agus ar an tionchar a bhí acusan ar an éagsúlacht Eorpach mar atá sa lá atá inniu ann.

(c)

taighde ar ról na hEorpa sa domhan, ar an tionchar frithpháirteach agus ar na ceangail idir réigiúin an domhain, agus dearcadh ón taobh amuigh ar chultúir na hEorpa.

7.   Sochaithe Slána – 'Saoirse agus Slándáil na Heorpa agus a Cuid Saoránach a Chosaint'

7.1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach sochaithe Eorpacha a chothú nuair atá claochlaithe ag tarlú nach bhfacthas a samhail riamh cheana agus fás ag teacht ar idirthuilleamaíocht dhomhanda agus ar bhagairtí domhanda, agus an cultúr Eorpach na saoirse agus an cheartais a neartú ag an am céanna.

Ní dhearnadh an Eoraip a chomhdhlúthú ar bhealach chomh síochánta riamh agus tá an leibhéal slándála atá ag saoránaigh Eorpacha ard i gcomparáid le codanna eile den domhan. Maireann leochaileacht na hEorpa i gcónaí, áfach, i gcomhthéacs domhandú atá ag síormhéadú ina bhfuil bagairtí agus dúshláin slándála atá ag éirí níos mó agus níos sofaisticiúla os comhair na sochaithe.

Tháinig laghdú ar an mbagairt a ghabhann le hionsuithe míleata ar mhórscála agus dírítear imní slándála ar bhagairtí nua ilghnéitheacha, idirghaolmhara agus trasnáisiúnta. Ní mór gnéithe amhail cearta an duine, díghrádú an chomhshaoil, cobhsaíocht pholaitiúil agus an daonlathas, saincheisteanna sóisialta, féiniúlacht chultúrtha agus reiligiúnach nó an imirce a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, tá gnéithe inmheánacha agus gnéithe seachtracha na slándála fite fuaite go dlúth lena chéile. Éilíonn an tAontas freagairtí éifeachtacha, agus réimse cuimsitheach agus nuálach ionstraimí slándála á úsáid le saoirse agus slándáil a chosaint. Féadfaidh ról soiléir tacaíochta a bheith ag an taighde agus ag an nuálaíocht cé nach bhféadfar slándáil a ráthú leis an méid sin ann féin. Ba cheart go ndíreofaí le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar bhagairtí slándála a thuiscint, a bhrath, a chosc, a dhíspreagadh agus ullmhú in aghaidh na mbagairtí sin agus cosaint a thabhairt ina n-éadan. Thairis sin, tugtar dúshláin bhunúsacha le slándáil nach bhféadfar a réiteach le láimhseáil neamhspleách, atá sonrach don earnáil, ach a bhfuil cur chuige níos uaillmhianaí, níos comhordaithe agus níos iomlánaíche ag teastáil ina leith.

Is iomaí cineál easpa sábháilteachta, cibé mar gheall ar an gcoireacht, ar an bhforéigean, ar an sceimhlitheoireacht, ar thubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine, ar chibearionsaithe, ar mhí-úsáid príobháideachais agus ar chineálacha eile mí-oird shóisialta agus eacnamaíoch atá ag dul i gcion níos mó agus níos mó ar shaoránaigh.

De réir na meastachán, is dócha go mbeidh suas le 75 milliún íospartach díreach coireachta gach bliain san Eoraip (24). Measadh gurbh é EUR 650 billiún an costas díreach a bhí ag an gcoireacht, ag an sceimhlitheoireacht, ag gníomhaíochtaí mídhleathacha, ag an bhforéigean agus ag tubaistí san Eoraip in 2010, rud ab ionann agus thart faoi 5 % de OTI an Aontais. Léiríodh torthaí marfacha na sceimhlitheoireacht i gcodanna éagsúla den Eoraip agus ar fud na cruinne, cailleadh a lán daoine agus bhí cailliúintí móra eacnamaíocha ann mar gheall ar an sceimhlitheoireacht freisin. Ba shuntasach an tionchar cultúrtha agus domhanda a bhí aici freisin.

Bíonn baint níos mó i gcónaí ag saoránaigh, ag gnólachtaí agus ag institiúidí le hidirghníomhaíochtaí agus le hidirbhearta digiteacha sna réimsí sóisialta, airgeadais agus tráchtála den saol ach tarlaíonn cibearchoireanna ar fiú na billiúin Euro iad gach bliain, cibearionsuithe ar bhonneagar criticiúil agus sáraítear príobháideacht daoine aonair agus eintitis ar fud na mór-roinne de bharr fhorbairt an Idirlín. Má bhíonn athruithe ar chineál na neamhshláine agus ar na tuairimí atá ann ina leith sa saol laethúil, tá an seans ann go ndéanfar difear leis an méid sin don mhuinín atá ag na saoránaigh, ní hamháin as institiúidí ach as a chéile freisin.

Ionas nach dtiocfaí aniar aduaidh orainn leis na bagairtí sin agus chun iad a chosc agus a bhainistiú, is gá na cúiseanna atá taobh thiar dóibh a thuiscint, teicneolaíochtaí nuálacha, réitigh nuálacha, uirlisí fadbhreathnaitheacha agus eolas a fhorbairt, an comhar idir soláthraithe agus úsáideoirí a chothú, réitigh slándála sibhialta a aimsiú, cur lena iomaíche atá na tionscail agus na seirbhísí Eorpacha sin a bhaineann le slándáil, lena n-áirítear TFC, agus mí-úsáid na príobháideachta agus sáruithe ar chearta an duine san Idirlíon a chosc agus a chomhrac, agus cearta aonair agus saoirse á n-áirithiú do shaoránaigh na hEorpa ag an am céanna.

Ba cheart níos mó airde a thabhairt ar idir-inoibritheacht agus ar chaighdeánú chun feabhas a chur ar chomhar trasteorann níos fearr idir na cineálacha éagsúla seirbhísí slándála.

Mar fhocal scoir, ós rud é gur cheart go mbeadh idirghníomhaíocht idir beartais slándála agus beartais shóisialta éagsúla, gné thábhachtach den dúshlán sochaíoch seo is ea gné shochaíoch an taighde slándála a bhreisiú.

Caithfidh urraim do luachanna bunúsacha amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta a bheith mar bhonn d'aon ghníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an dúshláin sin chun go gcuirfear slándáil ar fáil do shaoránaigh Eorpacha.

7.2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Tá ar an Aontas agus ar a shaoránaigh, ar a thionscail agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar réimse bagairtí slándála amhail an choireacht, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil aindleathach agus móréigeandálaí mar thoradh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dheantús an duine. D'fhéadfadh gur bagairtí thar theorainneacha a bheadh sna bagairtí sin agus go mbeidís dírithe ar spriocanna fisiciúla nó ar an gcibearspás agus go mbeadh ionsaithe á ndéanamh ó fhoinsí éagsúla. Le hionsaithe i gcoinne córas faisnéise nó cumarsáide de chuid na n-údarás poiblí nó de chuid na n-eintiteas príobháideach mar shampla, ní amháin go mbaintear an bonn den mhuinín atá ag na saoránaigh i gcórais faisnéise agus chumarsáide agus go mbíonn caillteanais dhíreacha airgeadais mar thoradh orthu agus go gcailltear deiseanna gnó, ach d'fhéadfadh go ndéanfaí an-difear leo do bhonneagar fíorthábhachtach agus do sheirbhísí fíorthábhachtacha amhail an fuinneamh, an eitlíocht agus iompar eile, soláthar uisce agus bia, an tsláinte an t-airgeadas nó an teileachumarsáid.

Leis na bagairtí sin, d'fhéadfadh go gcuirfí bunsraitheanna inmheánacha ár sochaí i gcontúirt. Leis an teicneolaíocht agus an dearadh cruthaitheach, féadfar rannchuidiú go mór le freagairt ar bith atá le déanamh. Mar sin féin, ba cheart réitigh nua a fhorbairt agus a iomchuí atá na bealaí agus a leordhóthanaí atá siad don éileamh sochaíoch á gcur san áireamh ag an am céanna, go háirithe i dtéarmaí ráthaíochtaí i leith chearta agus shaoirsí bunúsacha na saoránach.

Ar deireadh, léirítear dúshlán ollmhór eacnamaíoch leis an tslándáil freisin, nuair a áirítear sciar na hEorpa den mhargadh slándála domhanda atá ag fás go mear. Agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag bagairtí áirithe ar sheirbhísí, ar ghréasáin nó ar ghnólachtaí á chur san áireamh, tá an leas a bhainfear as réitigh shlándála leordhóthanacha ríthábhachtach i gcás an gheilleagair agus i gcás iomaíochas monaraíochta na hEorpa. Tá comhar idir na Ballstáit agus freisin comhar le tríú tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid den dúshlán sin.

Ar an gcaoi sin tacóidh cistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais i gcomhthéacs an dúshláin shochaíoch sin le forbairt, le cur chun feidhme agus le hoiriúnú phríomhbheartais an Aontais, eadhoncuspóirí straitéis Eoraip 2020, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála agus Straitéis Slándála Inmheánach an Aontais agus an tionscaimh suiatheanta "an Clár Oibre Digiteach don Eoraip". Rachfar i mbun comhordaithe le gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

7.3.   Dul na ngníomhaíochtaí

Is é an aidhm tacú le beartais an Aontais maidir le slándáil inmheánach agus sheachtrach agus cibearshlándáil, iontaoibh agus príobháideacht sa Mhargadh Aonair Digiteach a áirithiú, agus ag an am céanna iomaíochas tionscal agus sheirbhísí slándála an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear TFC. Díreofar leis na gníomhaíochtaí ar thaighde agus ar fhorbairt na chéad ghlúine eile de réitigh nuálacha, trí oibriú ar choincheapa agus ar dhearaí núíosacha, agus trí chaighdeáin idir-inoibritheacha. Déanfar é sin trí theicneolaíochtaí agus réitigh nuálaíocha a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar bhearnaí slándála agus lena laghdófar an baol ó bhagairtí slándála.

Déanfar éilimh na n-úsáideoirí deiridh éagsúla (saoránaigh, gnóthaí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta aguslucht riaracháin, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus údaráis idirnáisiúnta, lucht cosainta sibhialta, lucht forghníomhaithe dlí, gardaí teorann, etc.) a chomhtháthú trí bhíthin na ngníomhaíochtaí misean-dírithe sin d’fhonn éabhlóid na mbagairtí slándála agus chosaint na príobháideachta agus na ngnéithe sochaíocha riachtanacha a chur san áireamh.

Beidh fócas na ngníomhaíochtaí mar seo a leanas:

(a)

an choireacht, an gháinneáil aindleathach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-áirítear dul i ngleic le hidéanna agus le creidiúntí sceimhlitheoireachta agus iad a thuiscint.

(b)

stóinseacht na mbonneagar fíorthábhachtach, na slabhraí soláthair agus na modhanna iompair a chosaint agus a fheabhsú,

(c)

slándáil a neartú trí bhainistiú teorann;

(d)

cibearshlándáil a fheabhsú;

(e)

stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus tubaistí a mhéadú;

(f)

an phríobháideacht agus an tsaoirse a áirithiú, lena n-áirítear ar an Idirlíon, agus feabhas a chur ar thuiscint shochaíoch, dhíthiúil agus eiticiúil réimsí uile na slándála, an riosca agus an bhainistithe.

(g)

feabhas a chur ar chaighdeánú agus ar idir-inoibritheacht na gcóras, lena n-áirítear chun críoch éigeandála;

(h)

tacú le beartais slándála seachtracha an Aontais, lena n-áirítear cosc ar choinbhleacht agus cothú na síochána.

CUID IV

SÁRMHAITHEAS A LEATHNÚ AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT A ARDÚ

1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach cumas dhaoine tréitheacha na hEorpa a shaothrú go hiomlán agus a áirithiú go mbainfear an leas is fearr as sochair gheilleagair atá faoi thionchar na nuálaíochta agus go scaipfear iad ar fud an Aontais i gcomhréir le prionsabal na sármhaitheasa.

In ainneoin na treochta a bhí ann le déanaí feidhmíocht nuálach tíortha aonair agus réigiún a chomhtháthú, tá éagsúlachtaí móra ann i gcónaí i measc na mBallstát. Thairis sin, trí shrian a chur ar bhuiséid náisiúnta, tá an baol ann go ndéanfar bearnaí a leathnú leis an ngéarchéim airgeadais atá ann faoi láthair. Ó thaobh iomaíochas na hEorpa agus inniúlacht na hEorpa aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha san am atá le teacht, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí cumas dhaoine tréitheacha na hEorpa a shaothrú agus go leathnófaí na leasanna a ghabhann le nuálaíocht ar fud an Aontais.

2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Caithfidh an Eoraip an leas is fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil san Aontas agus acmhainneacht taighde agus nuálaíochta nár úsáideadh fós a shaothrú chun go ndéanfar dul chun cinn go dtí sochaí inbhuanaithe, cuimsitheach agus cliste.

Trí stóir shármhaitheasa a chothú agus a nascadh, cabhrófar tríd na gníomhaíochtaí a bheartaítear le LET a neartú.

3.   Dul na nGníomhaíochtaí

Trí ghníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh, éascófar leathnú na sármhaitheasa agus na rannpháirtíochta trí na gníomhaíochtaí a leanas:

Institiúidí sármhaithe taighde agus réigiúin bheagfheidhmíochta Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta a chur le chéile, agus é mar aidhm ionaid nua sármhaitheasa a chruthú (nó uasghrádú suntasach a dhéanamh ar ionaid atá ann cheana) i mBallstáit agus i réigiúin bheagfheidhmíochta Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta.

Institiúidí taighde a nascadh agus é mar aidhm réimse sainithe taighde in institiúid atá ag teacht chun cinn a neartú go mór trí naisc le dhá institiúid cheannródaíocha idirnáisiúnta ar a laghad i réimse sainithe.

Cathaoirligh ar an Limistéar Eorpach Taighde a bhunú le fir agus mná léinn ar fheabhas a mhealladh chuig institiúidí a mbeidh acmhainneacht shoiléir acu do shármhaitheas taighde, chun go gcabhrófar leis na hinstitiúidí sin an acmhainneacht sin a shaothrú ina iomláine agus chun go gcruthófar cothromaíocht do thaighde agus do nuálaíocht i LET. Ba cheart féachaint ar shineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann le gníomhaíochtaí.

Saoráid Tacaíochta Beartais le feabhas a chur ar cheapadh, ar chur chun feidhme agus ar luacháil na mbeartas náisiúnta/réigiúnach taighde agus nuálaíochta.

Tacú le rochtain ar na gréasáin idirnáisiúnta do thaighdeoirí agus do nuálaithe thar barr nach bhfuil rannpháirteach go leor i ngréasáin Eorpacha ná i ngréasáin idirnáisiúnta, COST san áireamh.

Inniúlacht riaracháin agus oibríochtúil ghréasáin trasnáisiúnta na bPointí Náisiúnta Teagmhála a neartú, lena n-áirítear trí oiliúint, ionas go mbeifear in ann tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do rannpháirtithe ionchasacha leo.

CUID V

EOLAÍOCHT i gCOMHAR LEIS AN tSOCHAÍ AGUS DON tSOCHAÍ

1.   Cuspóir sonrach

Tá sé mar aidhm comhar éifeachtach a chothú idir eolaíocht agus an tsochaí, daoine sárchumasacha a earcú le haghaidh na heolaíochta agus sármhaitheas eolaíoch a nascadh le feasacht shóisialta agus le freagracht shóisialta.

2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Braitheann neart an chórais Eorpaigh eolaíochta agus teicneolaíochta ar a acmhainneacht leas a bhaint as éirim agus as smaointe is cuma cibé áit ina bhfuil siad. Ní bhainfear sin amach mura mbeidh idirphlé tairbheach agus saibhir ann idir an eolaíocht agus an tsochaí le heolaíocht níos freagraí a áirithiú agus le go bhféadfar beartais a fhorbairt a bheidh níos ábhartha do shaoránaigh. Tháinig ardú ar líon na saincheisteanna tábhachtacha eiticiúla, dlíthiúla agus sóisialta a bhfuil tionchar acu ar an ngaol idir an eolaíocht agus an tsochaí leis an dul chun cinn mear atá déanta i dtaighde comhaimseartha agus i nuálaíocht chomhaimseartha eolaíocha. Saincheist ríthábhachtach, a rinneadh a ghéarú go mór leis an ngéarchéim eacnamaíoch atá ann faoi láthair is ea feabhas a chur ar an gcomhar idir an eolaíocht agus an tsochaí chun go bhféadfar an tacaíocht shóisialta agus pholaitiúil a thugtar don eolaíocht agus don teicneolaíocht a leathnú i ngach Ballstát. Éilítear le hinfheistíocht phoiblí san eolaíocht toghlach leathan sóisialta agus polaitiúil lena roinntear luachanna na heolaíochta, ar toghlach é a bheidh oilte agus gafa le próisis na heolaíochta agus in ann a mhéid a chuirtear le heolas, leis an tsochaí agus le dul chun cinn eacnamaíoch de bharr na heolaíochta a aithint.

3.   Dul na nGníomhaíochtaí

Is mar a leanas a bheidh fócas na ngníomhaíochtaí:

(a)

gairmeacha eolaíocha agus teicneolaíocha a dhéanamh níos mealltaí do mhic léinn agus daltaí óga, agus idirghníomhaíocht inbhuanaithe a chothú idir scoileanna, institiúidí taighde, an tionsclaíocht agus eagraíochtaí na sochaí sóisialta;

(b)

comhionannas inscne a chur chun cinn go háirithe trí thacú le hathruithe struchtúracha ó thaobh eagrú na n-institiúidí taighde de agus ó thaobh ábhar agus ceapadh na ngníomhaíochtaí taighde de;

(c)

an tsochaí a lánpháirtiú i saincheisteanna, i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí eolaíochta agus nuálaíochta le leasanna agus luachanna na saoránach a chomhtháthú agus le go gcuirfear le cáilíocht, ábharthacht, inghlacthacht shóisialta agus inbhuanaitheacht na dtorthaí taighde agus nuálaíochta sna réimsí gníomhaíochta éagsúla idir nuálaíocht shóisialta agus réimsí amhail an bhith-theicneolaíocht agus an nanaitheicneolaíocht;

(d)

saoránaigh a spreagadh dul i mbun na heolaíochta trí oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil eolaíochta, agus trí leathadh gníomhaíochtaí eolaíochtbhunaithe a chur chun cinn, eadhon in ionaid eolaíochta agus ar bhealaí iomchuí eile;

(e)

inrochtaineacht agus an úsáid a bhaintear as na torthaí a bheidh ar thaighde a mhaoinítear go poiblí a fhorbairt.

(f)

rialachas a fhorbairt le go gcuirfidh na páirtithe leasmhara uile (taighdeoirí, na húdaráis phoiblí, tionscal agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta) taighde freagrach agus nuálaíocht fhreagrach chun cinn, a bheidh íogair ó thaobh riachtanais agus éilimh na sochaí de; creat eitice a chur chun cinn do thaighde agus do nuálaíocht;

(g)

réamhchúraim chuí agus chomhréireacha a dhéanamh i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trí na tionchair ar an gcomhshaoil, ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht a d'fhéadfadh a bheith ann a réamh-mheas agus a mheasúnú;

(h)

feabhas a chur ar eolas maidir le cumarsáid eolaíochta le go gcuirfear feabhas ar cháilíocht agus ar éifeachtacht na n-idirghníomhaíochtaí idir eolaithe, na meáin i gcoitinne agus an pobal.

CUID VI

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÍREACHA NEAMHNÚICLÉACHA AN AIRMHEÁIN CHOMHPHÁIRTIGH TAIGHDE (JRC)

1.   Cuspóir Sonrach

Is é an cuspóir sonrach tacaíocht theicniúil agus eolaíochta atá dírithe ar chustaiméirí a chur ar fáil do bheartais an Aontais agus freagairt go solúbtha ar éilimh ar bheartais nua.

2.   Réasúnaíocht Agus Breisluach An Aontais

Tá clár oibre beartais sainithe ag an Aontas go dtí 2020 lena ndéanfar freastal ar shraith dúshlán casta agus idirnasctha, amhail bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus an t-iomaíochas. D’fhonn dul i ngleic go rathúil leis na dúshláin sin, tá fianaise eolaíoch stóinsithe de dhíth lena mbainfidh disciplíní eolaíocha éagsúla agus lena gcumasófar measúnú iontaofa ar roghanna beartais. Déanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, agus a ról mar sheirbhís eolaíochta maidir le ceapadh beartais an Aontais á chomhlíonadh aige, an tacaíocht eolaíoch agus theicniúil riachtanach a chur ar fáil ar feadh gach céim den timthriall ceaptha beartais, ó cheapadh go cur chun feidhme agus go measúnú. Chun cur leis an gcuspóir conrach sin, díreoidh sé a thaighde go soiléir ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus inniúlachtaí trasnaí agus comhar leis na Ballstáit á bhfeabhsú aige ag an am céanna.

Cuireann neamhspleáchas an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde ó leasanna speisialta, mar aon lena ról tagartha eolaíoch teicniúil, lena chumas an cothú comhdhearcaidh atá riachtanach idir páirtithe leasmhara agus lucht ceaptha beartas a éascú. Baineann Ballstáit agus saoránaigh an Aontais tairbhe as taighde an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, atá ríléir i réimsí amhail an tsláinte agus cosaint tomhaltóirí, an comhshaol, an tsábháilteacht agus an tslándáil, agus bainistiú géarchéimeanna agus tubaistí.

Ar dhóigh níos sonraí, bainfidh na Ballstáit agus na réigiúin tairbhe chomh maith as an tacaíocht a thabharfar dá Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste.

Tá an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ina dhlúthchuid den Limistéar Eorpach Taighde agus tacóidh sé go gníomhach i gcónaí lena fheidhmithe trí dhlúthchomhar le piaraí agus le páirtithe leasmhara, rochtain ar a shaoráidí a uasmhéadú agus trí thaighdeoirí a chur faoi oiliúint agus trí dhlúthchomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta a mbíonn cuspóirí comhchosúla á saothrú acu. Cuirfidh sé sin freisin le lánpháirtiú na mBallstát nua agus na dTíortha Comhlachaithe; i dtaca leis na tíortha sin, cuirfidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde cúrsaí oiliúna eolaíocha agus teicniúla tiomanta ar fáil i gcónaí maidir le corpas dlí an Aontais. Bunóidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde naisc le cuspóirí sonracha ábhartha eile Fís 2020. I gcáil comhlánaithe ar a ghníomhaíochtaí díreacha agus ar mhaithe le tuilleadh comhtháthaithe agus líonraithe sa Limistéar Eorpach Taighde, d’fhéadfadh an Limistéar Eorpach Taighde rannpháirtiú i ngníomhaíochtaí indíreacha Fís 2020 agus in ionstraimí comhordaithe i réimsí ina bhfuil an saineolas ábhartha aige breisluach Aontais a tháirgeadh.

3.   Dul na nGníomhaíochtaí

Díreofar gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde i Fís 2020 ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar na dúshláin shochaíocha a dtabharfaidh siad aghaidh orthu. Tá na gníomhaíochtaí seo ar chomhréim le cuspóirí straitéis Eoraip 2020, agus leisna ceannteidil:"an tSlándáil agus an tSaoránacht" agus "an Eoraip Dhomhanda" sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil. do 2014-2020.

Fuinneamh, iompar, an comhshaol agus athrú aeráide, an talmhaíocht agus sábháilteacht an tsoláthair bia, an tsláinte agus cosaint tomhaltóirí, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, ábhair thagartha, agus an tsábháilteacht agus an tslándáil (lena n-áirítear an tsábháilteacht núicléach agus an tslándáil núicléach i gclár Euratom) a bheidh mar phríomhréimsí inniúlachta an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Na gníomhaíochtaí sna réimsí sin a dhéanfar san Airmheán Chomhpháirteach Taighde, seolfar iad agus aird á tabhairt ar thionscnaimh ábhartha ar leibhéal na réigiún, ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais, i gcomhthéacs LET a mhúnlú.

Feabhsaítear na limistéir inniúlachta sin go suntasach le cumais chun dul i ngleic leis an timthriall beartais iomlán agus chun roghanna beartais a mheasúnú. Áirítear air sin

(a)

réamh-mheas agus fadbhreathnaitheacht - faisnéis straitéiseach réamhghníomhach maidir le treochtaí agus le himeachtaí i dtaca leis an eolaíocht, leis an teicneolaíocht agus leis an an tsochaí agus lena n-impleachtaí féideartha le haghaidh beartas poiblí.

(b)

eacnamaíocht - le haghaidh seirbhíse comhtháite ina gcuimsítear na gnéithe eolaíocha agus teicniúla mar aon leis na gnéithe maicreacnamaíocha.

(c)

samhaltú - díriú ar inbhuanaitheacht agus ar eacnamaíocht agus ar mhaolú spleáchas an Choimisiúin ar sholáthraithe seachtracha le haghaidh anailís ríthábhachtach ar chnámha scéil.

(d)

anailís beartais - imscrúdú trasearnálach ar roghanna beartais a chumasú.

(e)

measúnú tionchair - fianaise eolaíoch a chur ar fáil chun tacú le roghanna beartais.

Leanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde den tsármhaitheas i dtaighde agus de chaidreamh forleathan a shaothrú le hinstitiúidí taighde mar bhunús chun tacaíocht eolaíoch agus theicniúil, a bheidh inchreidte agus stóinsithe, a thabhairt i leith beartas. Chuige sin, neartóidh sé comhar le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, inter alia trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha. Déanfaidh sé taighde taiscéalaíoch fosta agus inniúlachtaí a fhorbairt i réimsí éiritheacha ar bhonn roghnach atá ábhartha do bheartas.

Díreoidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ar an méid seo a leanas:

3.1.   Eolaíocht den scoth

Taighde a dhéanamh chun an bonn fianaise eolaíoch a fheabhsú le haghaidh beartais a cheapadh agus iniúchadh a dhéanamh ar réimsí éiritheacha na heolaíochta agus na teicneolaíochta, lena n-áirítear clár taighde taiscéalaíoch.

3.2.   Ceannaireacht thionsclaíoch

Rannchuidiú le hiomaíochas Eorpach trí thacaíocht a thabhairt don phróiseas caighdeánaithe agus do chaighdeáin trí thaighde réamhnormatach, trí thomhais tagartha agus ábhair thagartha a fhorbairt, agus trí mhodheolaíochtaí i gcúig réimse fhócasacha (fuinneamh; iompar; an tionscnamh suiatheanta 'An Clár Oibre Digiteach don Eoraip'; an tslándáil agus an tsábháilteacht; cosaint tomhaltóirí a chomhchuibhiú. Measúnuithe sábháilteachta ar theicneolaíochtaí nua a thabhairt chun críche i réimsí amhail fuinneamh agus iompar agus sláinte agus cosaint tomhaltóirí. Rannchuidiú chun úsáid, caighdeánú agus bailíochtú teicneolaíochtaí agus sonraí spáis a éascú, go háirithe chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha.

3.3.   Dúshláin shochaíocha

(a)   An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine

Rannchuidiú le cosaint sláinte agus tomhaltóirí trí thacaíocht eolaíoch agus theicniúil i réimsí amhail bia, beatha, táirgí tomhaltóirí; an comhshaol agus an tsláinte; cleachtais diagnóiseach agus scagtha maidir le sláinte; agus cothú agus réimeanna bia.

(b)   Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre agus an bithgheilleagar

Tacú le forbairt agus le cur chun feidhme bheartais talmhaíochta agus iascaigh na hEorpa agus faireachán orthu, lena n-áirítear sábháilteacht bia agus sábháilteacht an tsoláthair bia agus bithgheilleagar a fhorbairt trí bhíthin e.g. réamhaisnéisí táirgthe barr, anailísí teicniúla agus socheacnamaíocha agus samhaltú agus farraigí sláintiúla agus táirgiúla a chur chun cinn.

(c)   Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

Tacú le spriocanna aeráide agus fuinnimh 20/20/20 maidir le taighde ar ghnéithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha an tsoláthair fuinnimh, éifeachtúlachta, teicneolaíochtaí ísealcharbóin, agus líonraí tarchurtha fuinnimh/leictreachais.

(d)   Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

Tacú le beartas an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe, sábháilte agus slán daoine agus earraí trí staidéir saotharlainne, trí shamhaltaithe agus trí chineálacha cur chuige faireacháin éagsúla, lena n-áirítear teicneolaíochtaí ísealcharbóin chun críocha iompair, amhail leictrithe, feithiclí glana agus éifeachtúla agus breoslaí malartacha, agus córais um shoghluaisteacht chliste.

(e)   Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair

Imscrúdú a dhéanamh ar na dúshláin thrasearnálacha maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha trí bhíthin faireachán a dhéanamh ar phríomhathróga comhshaoil agus creat samhaltaithe comhtháite a fhorbairt le haghaidh measúnú inbhuanaitheachta.

Tacú le héifeachtúlacht acmhainní, laghdaithe astaíochtaí agus soláthar inbhuanaithe amhábhar trí bhíthin measúnuithe sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha comhtháite ar phróisis táirgthe, ar theicneolaíochtaí agus ar tháirgí agus ar sheirbhísí atá glan ó thaobh an chomhshaoil de.

Tacú le cuspóirí bheartas forbartha an Aontais maidir le taighde chun cuidiú le soláthairtí imleora agus acmhainní imleora a áirithiú ag díriú ar fhaireachán ar pharaiméadair chomhshaoil agus acmhainne, ar anailísí a bhaineann le sábháilteacht bia agus sábháilteacht an tsoláthair bia, agus tarchur eolais.

(f)   An Eoraip i ndomhain atá ag athrú - Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána

Rannchuidiú agus faireachán ar chur chun feidhme an tionscnaimh shuaitheanta 'An tAontas Nuálaíochta' le hanailísí maicreacnamaíocha ar na spreagthaí agus ar na bacainní a bhaineann leis an taighde agus leis an nuálaíocht, agus modheolaíochtaí, scórchláir agus táscairí a fhorbairt.

Tacú leis an Limistéar Eorpach Taighde (ERA) trí fhaireachán a dhéanamhar fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus anailís a dhéanamh ar spreagthaí agus ar bhacainní maidir le cuid de na príomhghnéithe lena mbaineann; agus trí líonrú taighde, oiliúint, agus trí shaoráidí agus bhunachair shonraí JRC a chur ar fáil d’úsáideoirí i mBallstáit agus i dTíortha is iarrthóirí agus i dtíortha comhlachaithe.

Rannchuidiú le príomhchuspóirí an tionscnaimh shuaitheanta 'Clár Oibre Digiteach don Eoraip' trí anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla ar ghnéithe eacnamaíocha agus sóisialta (an Geilleagar Digiteach, an tSochaí Dhigiteach, an Saol Digiteach).

(g)   Sochaithe slána – Saoirse, slándáil agus na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint.

Tacú le sábháilteacht agus le slándáil inmheánach trí leochaileacht na mbonneagar criticiúil mar chomhpháirteanna ríthábhachtacha feidhmeanna sochaíocha a shainaithint agus a mheasúnú; agus trí mheasúnú feidhmíochta oibriúcháin agus trí mheasúnú sóisialta agus eiticiúil ar theicneolaíochtaí a bhaineann le céannacht dhigiteach; Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála domhanda lena n-áirítear bagairtí éiritheacha nó hibrideacha trí uirlisí sárfhorbartha a fhorbairt le haghaidh mianadóireachta agus anailíse agus le haghaidh bainistiú géarchéime.

Cumas an Aontais a fheabhsú maidir le tubaistí idir thubaistí nádúrtha agus thubaistí de dhéantús an duine a bhainistiú trí fhaireachán a dhéanamh ar na bonneagair agus trí fhorbairt a dhéanamh ar shaoráidí tástála agus ar réamhrabhadh ilghuaise domhanda agus ar chórais faisnéise bainistithe riosca a neartú, ag baint leasa as creataí breathnadóireachta satailít-bhunaithe le haghaidh an Domhain.

CUID VII

AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (EIT)

1.   Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach triantán eolais an ardoideachais, na nuálaíochta agus an an taighde a chomhtháthú agus ar an gcaoi sin cumas nuálaíochta an Aontais a threisiú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha.

Tá roinnt laigí struchtúracha os comhair na hEorpa ó thaobh cumais nuálaíochta de agus an chumais seirbhísí, táirgí agus próisis nua achur ar fáil, rud a chuireann as don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus do chruthú post. I measc na bpríomh-shaincheisteanna atá i gceist, tá teist na hEorpa atá sách lag maidir le daoine éirimiúla a mhealladh agus a choimeád; tearcúsáid láidreachtaí taighde reatha maidir le luach eacnamaíoch nó sóisialta a chruthú; an easpa torthaí ar thaighde a thugtar chuig an margadh; leibhéil ísle ghníomhaíochta fiontraíochta agus mheoin; giaráil íseal na hinfheistíochta príobháidí i dTaighde & Forbairt, scála acmhainní, lena n-áirítear acmhainní daonna, i moil sármhaitheasa nach leor chun dul in iomaíocht ar bhonn domhanda; agus líon iomarcach bacainní ó thaobh comhair laistigh de thriantán an ardoideachais, na nuálaíochta agus an an taighde ar an leibhéal Eorpach.

2.   Réasúnaíocht agus breisluach an Aontais

Más gá don Eoraip dul san iomaíocht ar scála idirnáisiúnta, ní mór na laigí struchtúracha sin a shárú. Tá na gnéithe a sainaithníteart thuas coitianta ar fud na mBallstát agus bíonn tionchar acu ar chumas nuálaíochta an Aontais ina iomláine.

Rachaidh EIT i ngleic leis na saincheisteanna sin trí athruithe struchtúracha a chur chun cinn i dtimpeallacht nuálaíochta na hEorpa. Déanfaidh sé é sin trí chomhtháthú an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chothú de réir na gcaighdeán is airde, go háirithe trína Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus timpeallachtaí nua a chruthú dá bhrí sin a chabhróidh le nuálaíocht, trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo agus trí chruthú gnóthaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí a spreagadh. Ar an gcaoi sin, rannchuideoidh EIT go hiomlán le cuspóirí straitéis Eoraip 2020 agus go háirithe le cuspóirí thionscnaimh shuaitheanta an Aontais Nuálaíochta agus an Óige ag Bogadh.

Fairis sin, ba cheart don EIT agus dá chuid PENanna sineirgí agus caidreamh a chothú thar thosaíochtaí Fhís 2020 agus le tionscnaimh ábhartha eile. Go háirithe, cuirfidh an EIT, trí na PENanna le cuspóirí sonracha na tosaíochta "Dúshláin shochaíocha" agus leis an gcuspóir sonrach "An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha".

Oideachas agus fiontraíocht a chomhtháthú le taighde agus le nuálaíocht

Is éard atá i ngné shonrach EIT ardoideachas agus fiontraíocht a chomhtháthú le taighde agus le nuálaíocht mar naisc i slabhra nuálaíochta aonair ar fud an Aontais agus níos faide anonn, agus ba cheart go n-eascródh as sin, inter alia, ardú ar sheirbhísí, ar tháirgí agus ar phróisis nuálacha a thugtar chuig an margadh.

Loighic an ghnó agus cur chuige bunaithe ar thorthaí

Feidhmíonn EIT trí bhíthin a chuid PENanna i gcomhréir le loighic ghnó agus glactar cur chuige dírithe ar thorthaí léi. Is réamhriachtanas é ceannaireacht láidir: bíonn gach PEN faoi stiúir ag POF. Déanann einitis dlí aonair ionadaíocht thar ceann comhpháirtithe PEN chun cinnteoireacht níos cuíchóirithe a chumasú. Ní mór do PENanna pleananna gnó bliantúla a tháirgeadh a bheidh sainithe go soiléir, ina leagfar amach straitéis ilbhliantúil agus lena n-áireofar punann uaillmhianach gníomhaíochtaí idir oideachas agus cruthú gnó, lena mbainfidh spriocanna inghnóthaithe soiléire ag féachaint do thionchar ar bhonn margaidh agus sochaíoch. De thoradh na rialacha reatha maidir le PENanna a bhaineann le rannpháirtíocht, le meastóireacht agus le faireachán, bítear in ann mearchinntí sprioctha a dhéanamh. Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag an lucht gnó agus ag fiontraithe agus na gníomhaíochtaí i PENanna a chur i gcrích agus ba cheart do PENanna a bheith in ann infheistíocht agus gealltanas fadtéarmach a fháil ó earnáil an ghnó.

Ilroinnt a shárú le cúnamh ó chomhpháirtíochtaí comhtháite fadtéarmacha

Is fiontair thar a bheith comhtháite iad PENanna EIT, trína ndéantar comhpháirtithe ó earnáil na tionsclaíochta lena n-áirítear FBManna, ó institiúidí ardoideachais, taighde agus teicneolaíochta, a bhfuil cáil na sármhaitheasa orthu, a thabhairt le chéile ar bhealach oscailte, cuntasach agus trédhearcach. Cuireann PENanna ar chumas comhpháirtithe ar fud an Aontais agus lasmuigh de teacht le chéile i gcumraíochtaí nua trasteorann, acmhainní reatha a bharrfheabhsú, rochtain a fháil ar dheiseanna gnó nua trí shlabhraí luacha nua ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin ardriosca ar mhórscála. Cuireann PENanna fáilte roimh rannpháirtíocht iontrálaithe nua a thugann breisluach don chomhpháirtíocht, FBManna san áireamh.

Príomhshócmhainn nuálaíochta na hEorpa: daoine éirimiúla

Is bunghné na nuálaíochta í an tallann. Cothaíonn EIT daoine agus na hidirghníomhaíochtaí eatarthu trí mhic léinn, taighdeoirí, agus fiontraithe a chur ag croílár a shamhla nuálaíochta. Cuirfidh EIT cultúr fiontraíoch agus cruthaitheach mar aon le hoideachas trasdisciplíneach ar fáil do dhaoine éirimiúla, trí chéimeanna máistreachta agus PhD faoi lipéad EIT, atá ceaptha chun teacht chun cinn mar bhranda sármhaitheasa lena mbainfidh aitheantas idirnáisiúnta. Ar an dóigh sin, cuireann EIT soghluaisteacht agus oiliúint chun cinn go láidir laistigh de thriantán an eolais.

3.   Dul na nGníomhaíochtaí

Feidhmeoidh EIT go príomha trí na PENanna go háirithe sna réimsí ina dtairgtear fíoracmhainneacht nuálaíochta. Cé go bhfuil a lán neamhspleáchais ar an bhforiomlán ag PENanna a gcuid straitéisí agus gníomhaíochtaí féin a shainiú, tá roinnt gnéithe nuálaíocha coiteann do PENanna go léir, ar gnéithe iad a lorgófar comhar agus sineirgí ina leith. De bhreis air sin, cuirfidh EIT feabhas ar an tionchar a bheidh aige trí dhea-chleachtais a scaipeadh maidir leis an gcaoi a bhféadfar an triantán eolais agus forbairt na fiontraíochta a chomhtháthú, trí chomhpháirtithe ábhartha nua a chomhtháthú i gcás ina bhféadfaidh siad breisluach a thabhairt, agus trí chultúr nua comhroinnte eolais a chothú go gníomhach.

(a)   Gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a thraschur agus a fheidhmiú chun gnó nua a chruthú

Beidh sé mar aidhm ag EIT cúinsí a chruthú ina bhféadfar acmhainneacht nuálach na ndaoine a fhorbairt agus leas a bhaint as a smaointí, beag beann ar a staid sa slabhra nuálaíochta. Dá bhrí sin, cuideoidh EIT chun dul i ngleic leis an ‘paradacsa Eorpach’ nach bhfuil leas iomlán á bhaint as an taighde den scoth atá ann cheana ná baol air. Ar an dóigh sin, cuideoidh EIT smaointe a thabhairt chun margaidh. Go príomha trí PENanna agus trí bhíthin an fhócais atá aige meonta fiontraíochta a chothú, déanfaidh sé deiseanna gnó nua a chruthú i bhfoirm gnóthaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí agus laistigh d’earnáil reatha na tionsclaíochta freisin. Cuirfear béim ar chineálacha nua nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht theicneolaíoch, shóisialta agus neamhtheicniúil.

(b)   Taighde ceannródaíoch a spreagtar ag nuálaíocht i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de

Spreagfar straitéis agus gníomhaíochtaí EIT le fócas a leagfar ar réimsí lena dtairgtear fíoracmhainneacht nuálaíochta agus a bhfuil baint shoiléir acu leis na dúshláin shochaíocha a ndírítear orthu i bhFís 2020. Trí aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin shochaíocha ar bhealach cuimsitheach, cuirfidh EIT cineálacha cur chuige éagsúla idirdhisciplíneacha agus ildisciplíneacha chun cinn agus cuideoidh sé le hiarrachtaí taighde na gcomhpháirtithe i PENanna a spriocdhíriú.

(c)   Daoine éirimiúla, oilte agus fiontraíocha a fhorbairt le cúnamh ó chúrsaí oideachais agus oiliúna

Comhtháthóidh EIT oideachas agus oiliúint go hiomlán ag gach céim de ghairmréimeanna agus tacófar le forbairt curaclam nua agus nuálach agus éascófar an fhorbairt sin chun an gá atá le próifílí nua mar gheall ar dhúshláin shochaíocha agus eacnamaíocha chasta a léiriú. Chuige sin, beidh príomhról ag EIT chun céimeanna agus dioplómaí nua atá comhpháirteach nó atá ina n-ilchéimeanna agus ina n-ildioplómaí a chur chun cinn i mBallstáit agus prionsabal na coimhdeachta á urramú aige.

Beidh ról substaintiúil ag EIT freisin coincheap na ‘fiontraíochta’ a mhionchoigeartú trína chlár oideachasúil, lena gcuirtear fiontraíocht chun cinn i gcomhthéacs dianeolais, ag cur le taighde nuálach agus ag rannchuidiú le réitigh a bhfuil ábharthacht shochaíoch ard ag baint leo.

(d)   An dea-chleachtas is fearr agus comhroinnt eolais ar bhonn sistéamach a scaipeadh

Beidh sé mar aidhm ag EIT ceannródaíocht a dhéanamh ar chineálacha cur chuige nua agus comhchultúr traschurtha nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, FBManna san áireamh. D'fhéadfadh go dtarlódh sin, trí bhíthin taithí éagsúil PENanna a chomhroinnt, inter alia, trí bhíthin sásraí scaipthe éagsúla, amhail ardán páirtithe leasmharaagus scéim comhaltachta.

(e)   An ghné idirnáisiúnta

Tugann EIT aird ar an gcomhthéacs domhanda ina bhfeidhmíonn sé agus cuideoidh sé le naisc a chothú le príomhchomhpháirtithe idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 27(2). Trí ionaid sármhaitheasa a mhéadú ó scála le PENanna agus trí dheiseanna nua oideachais a chothú, beidh sé mar aidhm tarraingteacht na hEorpa a neartú do dhaoine éirimiúla ó áiteanna eile.

(f)   Tionchar uile-Eorpach a fheabhsú trí shamhail chistiúcháin nuálaíoch

Rannchuideoidh EIT go mór leis na cuspóirí a leagtar amach i Fís 2020, go háirithe trí aghaidh a thabhairt na dúshláin shochaíocha ar bhealach a bheidh comhlántach le tionscnaimh eile sna réimsí sin. Faoi chuimsiú Fís 2020, tástálfaidh sé cineálacha cur chuige éagsúla nua agus simplithe maidir le cistiú agus le rialachas agus dá bhrí sin beidh ról ceannródaíochta aige laistigh den timpeallacht nuálaíochta Eorpach. Cuirfear cuid den ranníocaíocht bhliantúil i leith PENanna ar bhealach iomaíoch. Beidh cur chuige na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht maidir le cistiú bunaithe go dlúth ar éifeacht ghiarála láidir, lena ndéantar cistí poiblí agus cistí príobháideacha araon a úsáid ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus cuirfear sin in iúl, ar bhealach trédhearcach, do na Ballstáit agus do na páirtithe leasmhara ábhartha. Ina theannta sin, úsáidfidh sé sásraí nua chun tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do ghníomhaíochtaí aonair trí bhíthin Fhondúireacht EIT.

(g)   Forbairt réigiúnach a nascadh le deiseanna Eorpacha

Trí na PENanna agus na hionaid chomhlonnaithe lena mbaineann – nóid sármhaitheasa, ag tarraingt comhpháirtithe ardoideachais, taighde agus gnó le chéile i láthair gheografach áirithe – beidh EIT nasctha freisin leis an mbeartas réigiúnach. Go háirithe, áiritheoidh sé nasc níos fearr idir institiúidí ardoideachais, margadh an tsaothair agus an nuálaíocht agus fás réigiúnach, i gcomhthéacs na straitéisí réigiúnacha agus náisiúnta um speisialtóireacht chliste. Ar an dóigh sin, rannchuideoidh sé le cuspóirí bheartas comhtháthaithe an Aontais.


(1)  COIM(2013)0624.

(2)  Moladh ón gCoimisiún maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú i ngníomhaíochtaí i ndáil le faisnéis a mhalartú agus Cód Cleachtais d'ollscoileanna agus d'eagraíochtaí eile um thaighde poiblí (C(2008) 1329, 10.4.2008).

(3)  COIM(2009)0512.

(4)  COIM(2010)0245.

(5)  COIM(2011)0112.

(6)  COIM(2011)0152.

(7)  COIM(2011)0112.

(8)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Comhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(9)  Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil muirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(10)  Ionchas ar Fhuinneamh Domhanda, Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta - Feidhmiúchán na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, 2008.

(11)  COIM(2011)0112.

(12)  COIM(2009)0519.

(13)  Páipéar Bán ón gCoimisiún dar teideal Treochlár um Limistéar Eorpach Iompair Aonair – I dtreo córais iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní COIM(2011)0144 leagan deireanach.

(14)  Tá brí leathan le baint as "feithiclí", agus áirítear leis gach cineál iompair.

(15)  An Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe ón bPainéal Idir-rialtasach um Athrú Aeráide (IPCC), 2007 (www.ipcc.ch).

(16)  COIM(2011)0571.

(17)  COIM(2009)0147.

(18)  COIM(2011)0025.

(19)  COIM(2009)0400.

(20)  COIM(2007)0575.

(21)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 288, 6.11.2007, lch 27).

(22)  COIM(2012)0710.

(23)  COIM(2010)0491.

(24)  COIM(2011)0274.


IARSCRÍBHINN II

Miondealú ar an mbuiséad

Seo a leanas an miondealú táscach le haghaidh Fís 2020:

 

EUR million i bpraghsanna reatha

I

Eolaíocht den scoth, lena n-áirítear:

24 441,1

1.

An Chomhairle Eorpach um Thaighde (CET)

13 094,8

2.

Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET)

2 696,3

3.

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie

6 162

4.

Bonneagair taighde

2 488

II

An cheannaireacht thionsclaíoch, lena n-áirítear:

17 015,5

1.

An cheannaireacht i dteicneolaíochtaí cumasúcháin agus tionsclaíocha (*1), (*4)

13 557

2.

Rochtain ar mhaoiniú riosca (*2)

2 842,3

3.

Nuálaíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (*3)

616,2

III

Dúshláin shochaíocha, lena n-áirítear (*4)

29 679

1.

An tsláinte, an t-athrú déimeagrafach agus an fholláine

7 471,8

2.

Sábháilteacht an tsoláthair bia, an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe, taighde ar chúrsaí na mara agus ar chúrsaí muirí agus ar uisce intíre agus an bithgheilleagar

3 851,4

3.

Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil

5 931,2

4.

Iompar atá cliste, glas agus comhtháite

6 339,4

5.

Gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol, éifeachtúlacht acmhainní agus amhábhair

3 081,1

6.

An Eoraip i ndomhain atá ag athrú - sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus slána

1 309,5

7.

Sochaithe slána – Saoirse agus slándáil na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint.

1 694,6

IV

Feabhas a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú

816,5

V

Eolaíocht i gcomhar leis an tSochaí agus don tSochaí

462,2

IV

Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde

1 902,6

V

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IET)

2 711,4

IOMLÁN

77 028,3


(*1)  Lena n-áirítear EUR 7 711 milliún le haghaidh Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC), arna mhiondealú mar seo: EUR 1 594 milliúnle haghaidh na fótónaice, na micrileictreonaice agus na nanaileictronaice; EUR 3 851 milliún le haghaidh nanaitheicneolaíochtaí, ábhar sárfhorbartha, na hardmhonaraíochta agus na hardphróiseála; EUR 516 milliún le haghaidh na biteicneolaíochta; agus EUR 1 479 le haghaidh cúrsaí spáis. Dá thoradh sin, beidh 5 961 milliún% ar fáil mar thacaíocht d’Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin.

(*2)  Féadfar thart ar EUR 994 milliún den tsuim sin a tabhairt do thionscadail de chuid an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) a chur chun feidhme. Féadfar thart ar thrian di a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

(*3)  Laistigh den sprioc íosmhéid 20 % d’iomlán na mbuiséad, arna nglacadh le chéile, don chuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha' agus don tosaíocht 'na Dúshláin Shochaíocha' a leithdháileadh d'FBManna, leithdháilfear íosmhéid 5 % de na buiséid nasctha sin ar an ionstraim tiomanta do FBManna i dtús báire. Leithdháilfear 7 % de na buiséid iomlána don chuspóir sonrach 'Ceannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha' agus don tosaíocht 'na Dúshláin Shochaíocha' ar an ionstraim tiomanta do FBManna agus é meánaithe thar tréimhse chlár Fís 2020.

(*4)  Maoineofar treoirghníomhaíochtaí na Conaire Mire i dtreo na Nuálaíochta ón gcuspóir sonrach a bhaineann le Ceannaireacht i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin agus Tionsclaíocha agus ó chuspoirí ábhartha sonracha thosaíocht 'na Dúshláin Shochaíocha'. Déanfar líon leordhóthanach tionscadal a sheoladh chun go bhféadfar meastóireacht iomlán a dhéanamh arCMN.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

174


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1292/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir na Straitéise 'Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, tá ról tábhachtach ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ("EIT") a rannchuidíonn le roinnt tionscnamh suaitheanta.

(2)

Le linn na tréimhse ó 2014 go 2020 ba cheart go rannchuideodh EIT le cuspóirí "Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht" a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1291/2013 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ("Fís 2020"), trí thriantán an ardoideachais, an taighde, agus na nuálaíochta a chomhtháthú.

(3)

Chun creat comhleanúnach a áirithiú do rannpháirtithe in "Fís 2020", ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (Rialacha maidir le Rannpháirtíocht) maidir le EIT.

(4)

Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le cearta maoine intleachtúla a bhainistiú sna Rialacha maidir le Rannpháirtíocht.

(5)

Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le comhlachas tríú tíortha in "Fís 2020".

(6)

Ba cheart do EIT fiontraíocht a chothú ina ghníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta. Ba cheart go ndéanfadh sé, go háirithe, oideachas fiontraíochta den scoth a chur chun cinn agus go dtabharfadh sé tacaíocht do bhunú gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí seachthairbheacha.

(7)

Ba cheart do EIT dul i ngleic go díreach le hionadaithe náisiúnta agus réigiúnacha agus le geallsealbhóirí eile ón slabhra nuálaíochta ionas go mbeadh iarmhairtí tairbheacha ar an dá thaobh ann. Chun idirphlé agus malartú den sórt sin a dhéanamh níos córasaí, ba cheart go ndéanfaí Fóram Geallsealbhóirí de chuid EIT a bhunú, ina dtabharfaí le chéile an pobal níos leithne de gheallsealbhóirí faoi shaincheisteanna cothrománacha. Ba cheart do EIT freisin gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a dhéanamh lena ndíreofar ar na geallsealbhóirí ábhartha.

(8)

Ba cheart do EIT rannpháirtíocht a bheadh cothromúil go cuí a chur chun cinn idir na gníomhairí éagsúla ón triantán eolais atá rannpháirteach sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta ("PENanna"). Thairis sin, ba cheart dó rannpháirtíocht láidir ón earnáil phríobháideach, go háirithe ó mhicrifhiontair/fhiontair bheagmhéide agus mheánmhéide ("FBManna"), a chur chun cinn.

(9)

Ba cheart go ndéanfaí raon feidhme ranníocaíocht EIT le PENanna a shainiú agus ba cheart bunús achmhainní airgeadais PENanna a shoiléiriú.

(10)

Ba cheart comhdhéanamh chomhlachtaí EIT a shimpliú. Ba cheart feidhmiú Bhord Rialaithe EIT a chuíchóiriú agus ba cheart tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar róil agus ar chúraimí an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóra faoi seach.

(11)

Ba cheart go ndéanfaí PENanna nua, lena n-áirítear a réimsí tosaíochta agus eagrú agus uainiú an phróisis roghnúcháin, a sheoladh ar bhonn na módúlachtaí arna sainiú sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, tar éis próiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch a bheith ann.

(12)

Ba cheart do PENanna a gcuid gníomhaíochtaí oideachais a leathnú chun an bonn scileanna ar fud an Aontais a fheabhsú trí chúrsaí gairmiúla agus cúrsaí eile iomchuí oiliúna a sholáthar.

(13)

Ní mór don Choimisiún agus do EIT oibriú i gcomhar le chéile maidir le faireachán agus meastóireachtaí ar PENanna a eagrú d'fhonn comhchuibheas leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta foriomlán ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh prionsabail shoiléire ann chun faireachán a dhéanamh ar PENanna agus ar EIT.

(14)

Ba cheart do PENanna sineirgí a lorg le tionscnaimh ábhartha Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha.

(15)

D'fhonn rannpháirtíocht níos leithne eagraíochtaí ó Bhallstáit éagsúla in PENanna a áirithiú, ba cheart eagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunú i dtrí Bhallstát éagsúil ar a laghad.

(16)

Ba cheart do EIT agus do PENanna gníomhaíochtaí for-rochtana a fhorbairt agus na cleachtais is fearr a scaipeadh, lena n-áirítear tríd an Scéim Nuálaíochta Réigiúnach.

(17)

Ba cheart do EIT na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu a ghlacadh sula seolfar an próiseas roghnúcháin le haghaidh PENanna.

(18)

Ba cheart go ndéanfaí tuairim an Choimisiúin maidir le cuspóirí sonracha EIT, mar a shainítear iad in "Fís 2020", agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais, a chur san áireamh i gClár Saothair Tríbhliantúil EIT.

(19)

Toisc go dtagann EIT faoi "Fís 2020", bainfidh sé le príomhshruthú chaiteachas an athraithe aeráide mar a shainítear in "Fís 2020".

(20)

Ba cheart go bhfaighfí ionchur tráthúil don mheastóireacht ar "Fís 2020" in 2017 agus in 2023 ón meastóireacht ar EIT.

(21)

Ba cheart don Choimisiún a ról a neartú maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gnéithe sonracha de ghníomhaíochtaí EIT.

(22)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán "Fís 2020", arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart go soláthrófaí an ranníocaíocht airgeadais do EIT ó "Fís 2020".

(23)

Cé go rabhthas ag súil leis i dtosach, ní bhfaighidh Fondúireacht EIT ranníocaíocht dhíreach ó bhuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta urscaoilte an Aontais leis.

(24)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart go gcuirfí Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1.   ciallaíonn "nuálaíocht": an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d'éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach don tsochaí;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

"2.   ciallaíonn "Pobal Eolais agus Nuálaíochta" (PEN): comhpháirtíocht uathrialaitheach d'institiúidí ardoideachais, d'eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile i bpróiseas na nuálaíochta i bhfoirm gréasáin straitéisigh, beag beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aige, atá bunaithe ar chomhphleanáil nuálaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun dúshláin EIT a chomhlíonadh agus chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ("Fís 2020");

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 an 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).""

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

"3.   ciallaíonn "ionad comhlonnaithe": limistéar geografach ina bhfuil príomh-chomhpháirtithe an triantáin eolais lonnaithe, agus ar féidir leo idirghníomhú go héasca, arb é an pointe fócasach do ghníomhaíocht PENanna sa limistéar sin é;";

(d)

scriostar pointe 4;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

"5.   ciallaíonn "eagraíocht chomhpháirtíochta": aon eagraíocht ar comhalta de PEN í, agus féadfar a áireamh leis, go háirithe, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí poiblí nó cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis;";

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

"9.   ciallaíonn "Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht" (COSN): doiciméad beartais ina leagtar amach réimsí tosaíochta agus straitéis fhadtéarmach EIT i leith tionscnaimh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, lena n-áirítear forléargas ar na gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a bheartaítear, ar feadh tréimhse seacht mbliana.";

(g)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"9a.   ciallaíonn "Scéim Nuálaíochta Réigiúnach" (SNR): scéim for-rochtana atá dírithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí agus geallsealbhóirí eile, chun nuálaíocht a chothú ar fud an Aontais;";

(h)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

"10.   Ciallaíonn "Fóram na nGeallsealbhóirí": ardán atá oscailte d'ionadaithe údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, do leasa eagraithe agus d'eintitis aonair ó ghnó, ón ardoideachas, ó thaighde, ó chomhlachais, ón tsochaí shibhialta agus ó chnuas-eagraíochtaí, mar aon le páirtithe leasmhara eile ón triantán eolais;

11.   Ciallaíonn "gníomhaíochtaí breisluacha PEN": gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta, nó eintitis dhlíthiúla PEN, i gcás inarb infheidhme, lena gcuirtear le comhtháthú thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bunaithe, riaracháin agus comhordaithe PENanna, agus lena gcuirtear le cuspóirí foriomlána EIT.".

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

"Airteagal 3

Misean agus Cuspóirí

Is é misean EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu. Déanfaidh sí sin trí shineirgí agus comhar a chur chun cinn idir an ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht den chaighdeán is airde, agus tríd an méid sin a lánpháirtiú, lena n-áirítear trí fhiontraíocht a chothú.

Tá Cuspóirí Ginearálta, Cuspóirí Sonracha agus táscairí ar thorthaí de chuid EIT don tréimhse ó 2014 go 2020 sainithe in "Fís 2020".".

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

Bord Rialaithe ar a mbeidh comhaltaí ardleibhéil a bhfuil taithí acu ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó. Beidh sé freagrach as gníomhaíochtaí EIT a stiúradh, as PENanna a roghnú, a ainmniú agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, agus as gach cinneadh straitéiseach eile. Beidh Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh aige;";

(b)

scriostar pointe (b);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

Stiúrthóir, arna cheapadh ag an mBord Rialaithe, a bheidh freagrach don Bhord Rialaithe as bainistíocht riaracháin agus airgeadais EIT agus is é a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar EIT;".

(4)

Leasaítear Airteagal 5(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

sainaithneoidh sí a príomhthosaíochtaí agus a príomhghníomhaíochtaí i gcomhréir le COSN;";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

roghnóidh agus ainmneoidh sí PENanna sna réimsí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 agus sainmhíneoidh sí a gcearta agus a n-oibleagáidí trí chomhaontú, cuirfidh sí an tacaíocht iomchuí ar fáil dóibh, cuirfidh sí bearta rialaithe cáilíochta iomchuí i bhfeidhm, déanfaidh sí faireachán leanúnach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sí meastóireacht orthu go tráthrialta, áiritheoidh sí go ndéanfar leibhéal iomchuí comhordaithe agus éascóidh sí cumarsáid agus comhar téamach idir PENanna;";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f)

cuirfidh sí scaipeadh na gcleachtas is fearr chun cinn chun triantán an eolais a lánpháirtiú, lena n-áirítear i measc PENanna, d'fhonn comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, agus spreagfaidh sí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear in SNR;";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h)

cuirfidh sí cineálacha cur chuige ildisciplíneacha maidir le nuálaíocht chun cinn, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha, cineálacha cur chuige eagraíochta agus múnlaí nua gnó a lánpháirtiú;";

(e)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

"(i)

áiritheoidh sí go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht ann idir gníomhaíochtaí EIT agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí;

(j)

cuirfidh sí PENanna chun cinn mar chomhpháirtithe nuálaíochta den scoth laistigh den Aontas agus lasmuigh de;

(k)

bunóidh sí Fóram na nGeallsealbhóirí le heolas a chur in iúl maidir le gníomhaíochtaí EIT, a taithí, a cleachtais is fearr agus a rannchuidiú le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais agus chun a cheadú do gheallsealbhóirí a ndearcthaí a chur in iúl. Tionólfar cruinniú d'Fhóram na nGeallsealbhóirí uair sa bhliain ar a laghad. Tiocfaidh ionadaithe na mBallstát le chéile i gcumraíocht speisialta, laistigh de chruinniú d'Fhóram na nGeallsealbhóirí, chun cumarsáid iomchuí agus sreabhadh faisnéise le EIT a áirithiú, agus chun go gcuirfear ar an eolas iad maidir lena bhfuil bainte amach, chun comhairle a chur ar fáil do EIT agus do PENanna, agus chun eispéiris a roinnt leo. Déanfaidh an chumraíocht speisialta d'ionadaithe na mBallstát laistigh d'Fhóram na nGeallsealbhóirí a áirithiú go mbeidh sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus gníomhaíochtaí PEN agus na cláir náisiúnta agus na tionscnaimh náisiúnta, lena n-áirítear an cómhaoiniú náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí PEN.".

(5)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

taighde ceannródaíoch agus nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí taighde Eorpaigh agus náisiúnta, agus a d'fhéadfadh iomaíochas na hEorpa a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réitigh ar na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu a fháil;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, chomh maith le cúrsaí oiliúna gairmiúla, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a dhéanann bonn sárchumais an Aontais a leathnú amach, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn, agus comhroinnt eolais, meantóireacht agus líonrú i measc faighteoirí céimeanna agus oiliúna a bhfuil lipéad EIT ag gabháil leo a chothú;";

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d)

gníomhaíochtaí for-rochtana agus scaipeadh na gcleachtas is fearr in earnáil na nuálaíochta agus béim ar fhorbairt an chomhair idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais;";

(iv)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"(e)

sineirgí agus comhlántachtaí a lorg idir gníomhaíochtaí PEN agus cláir Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana, i gcás inarb iomchuí.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Beidh uathriail shubstaintiúil fhoriomlán ag PENanna chun a n-eagraíocht inmheánach agus a gcomhdhéanamh a shainiú, mar aon lena gcláir oibre bheachta agus lena modhanna oibre beachta. Déanfaidh PENanna, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

socruithe rialachais a bhunú a thugann léargas ar an triantán eolais arb éard atá ann an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht;

(b)

a bheith d'aidhm acu a bheith ar oscailt do chomhaltaí nua i gcás inar luach breise don chomhpháirtíocht iad na comhaltaí seo.

(c)

feidhmiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir lena rialacha inmheánacha;

(d)

pleananna gnó a bhunú lena ngabhfaidh cuspóirí agus príomhtháscairí feidhmíochta;

(e)

straitéisí le haghaidh inbhuanaitheachta airgeadais a bhunú.".

(6)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Roghnóidh agus ainmneoidh EIT comhpháirtíocht le bheith ina PEN de réir nós imeachta iomaíoch, oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Glacfaidh agus foilseoidh EIT critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais agus ábharthacht na nuálaíochta. Beidh saineolaithe seachtracha agus neamhspleácha rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin.";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"1a.   Seolfaidh EIT roghnú agus ainmniú PENanna de réir na réimsí tosaíochta agus an sceidil ama a shainítear in COSN.";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   I gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i mír 1, áireofar, inter alia, na nithe seo a leanas sa chritéir roghnúcháin maidir le PEN a ainmniú:

(a)

an cumas nuálaíochta reatha agus an cumas nuálaíochta ionchasach, lena n-áirítear fiontraíocht, laistigh den chomhpháirtíocht, maille lena feabhas san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

(b)

cumas na comhpháirtíochta spriocanna COSN a bhaint amach agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóir ginearálta agus tosaíochtaí ginearálta "Fís 2020";

(c)

an cur chuige ildisciplíneach maidir le nuálaíocht, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha a lánpháirtiú;

(d)

cumas na comhpháirtíochta maoiniú inbhuanaithe, fadtéarmach agus féinchothaitheach a áirithiú lena n-áirítear ranníocaíocht shubstaintiúil agus mhéadaitheach ón earnáil phríobháideach, ón tionscal agus ó sheirbhísí;

(e)

rannpháirtíocht atá cothromúil go hiomchuí i gcomhpháirtíocht eagraíochtaí atá gníomhach i dtriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta;

(f)

go dtaispeánfar go bhfuil plean ann chun maoin intleachtúil a bhainistiú a bheidh oiriúnach don earnáil lena mbaineann, lena n-áirítear an tslí inar cuireadh an rannchuidiú ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla san áireamh;

(g)

bearta a thabharfaidh tacaíocht do rannpháirteachas na hearnála príobháidí agus do chomhoibriú léi, lena n-áirítear an earnáil airgeadais agus FBManna go háirithe, maille le tacaíocht a thabhairt do chruthú gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí seachthairbheacha agus FBManna, d'fhonn torthaí ghníomhaíochtaí PENanna a shaothrú ar bhonn tráchtála;

(h)

a thoilteanaí atá sé bearta nithiúla a bhunú chun idirghníomhú leis an bpobal agus leis na tríú hearnálacha, mar is iomchuí.

(i)

a thoilteanaí atá sé idirghníomhú le heagraíochtaí agus le líonraí eile lasmuigh de PEN d'fhonn na cleachtais is fearr agus ardchaighdeán feabhais a roinnt;

(j)

a thoilteanaí atá sé tograí nithiúla a bhunú le haghaidh sineirgí le tionscnaimh eile de chuid an Aontais agus tionscnaimh ábhartha eile.";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   An t-íoschoinníoll a chuirtear le PEN a bhunú go mbeidh ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta rannpháirteach ann, a bheidh bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad. Caithfidh gach eagraíocht chomhpháirtíochta den sórt sin a bheith neamhspleách ar a chéile, de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2)

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81).";"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   I dteannta an choinníll a leagtar amach i mír 3, beidh dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunaíonn PEN bunaithe sna Ballstáit. Beidh institiúid ardoideachais amháin agus cuideachta phríobháideach amháin ar a laghad ina gcuid de gach PEN.";

(f)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"5.   Maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, glacfaidh agus foilseoidh EIT iad sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna nua. Déanfar an chumraíocht speisialta d'ionadaithe na mBallstát laistigh d'Fhóram na nGeallsealbhóirí a chur ar an eolas go pras fúthu.".

(7)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

"Airteagal 7a

Prionsabail maidir le meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar PENanna

Déanfaidh EIT, ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta a leagtar amach, inter alia, i Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus in COSN, agus i gcomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN a eagrú. Tabharfar tuarascáil maidir le torthaí faireacháin agus meastóireachtaí den sórt sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfar iad a phoibliú.

Airteagal 7b

Ré PEN, leanúint le PEN agus críoch a chur le PEN

1.   Faoi réir fhothorthaí an fhaireacháin leanúnaigh agus na meastóireachtaí tráthrialta agus faoi réir saintréithe réimsí ar leith, creat ama idir seacht mbliana agus cúig bliana déag a bheidh ag PEN de ghnáth.

2.   Féadfaidh EIT creat-chomhaontú comhpháirtíochta a bhunú le PEN le haghaidh tréimhse tosaigh seacht mbliana.

3.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a socraíodh i dtús báire, laistigh de theorainneacha an imchlúdaigh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19, más sin an bealach is iomchuí chun cuspóirí EIT a bhaint amach.

4.   I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí, lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais atá aige a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis an gcomhaontú.".

(8)

In Airteagal 8(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"(aa)

na cleachtais is fearr a scaipeadh maidir le saincheisteanna cothrománacha;".

(9)

Scriostar Airteagal 10.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(2):

"2.   Poibleoidh EIT a rialacha nós imeachta, a sainrialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú dá dtagraítear in Airteagal 7 sula ndéanfar glaonna ar thograí chun na PENanna a roghnú a eisiúint.".

(11)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Maoineofar PENanna ó na foinsí seo a leanas, go háirithe:

(a)

ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta, a bheidh ina bhfoinse shubstaintiúil maoinithe;

(b)

ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó údaráis phoiblí laistigh díobh sin;

(c)

ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta nó ó institiúidí idirnáisiúnta;

(d)

ioncam a ghintear trí shócmhainní dílse agus trí ghníomhaíochtaí dílse PENanna agus trí ríchíosanna ó chearta maoine intleachtúla;

(e)

dearlaicí caipitil, lena n-áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag Fondúireacht EIT;

(f)

tiomnachtaí, deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair, ó institiúidí, ó fhondúireachtaí nó ó aon chomhlachtaí náisiúnta eile;

(g)

an ranníocaíocht ó EIT;

(h)

ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear iad sin arna maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

D'fhéadfadh ranníocaíochtaí comhchineáil a bheith san áireamh le ranníocaíochtaí.".

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe iomlána ghníomhaíochtaí breisluacha PEN a chumhdach le ranníocaíocht EIT le PENanna.".

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

"6.   Ní rachaidh ranníocaíocht EIT, ar an meán, thar 25 % de mhaoiniú iomlán PEN.

7.   Bunóidh EIT sásra athbhreithnithe iomaíoch chun cion iomchuí dá ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh ar PENanna. Áireofar leis measúnú phleananna gnó agus fheidhmíocht PENanna mar a thomhaistear iad trí fhaireachán leanúnach.".

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Clárú agus tuairisciú

1.   Glacfaidh EIT clár saothair rollach tríbhliantúil, a bheidh bunaithe ar COSN, a luaithe a ghlacfar é, lena mbeidh ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe EIT agus PENanna, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe. Beidh táscairí iomchuí ann freisin chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna agus EIT, agus úsáid á baint as cur chuige dírithe ar thorthaí. Cuirfidh EIT an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig den bhliain a chríochnaíonn dhá bhliain roimh theacht i bhfeidhm an chláir saothair rollaigh thríbhliantúil i dtrácht (bliain N - 2).

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim i leith chuspóirí sonracha EIT mar a shainítear in "Fís 2020" agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais laistigh de thrí mhí tar éis tíolacadh an chláir oibre. Tabharfaidh EIT aird chuí ar thuairim an Choimisiúin, agus i gcás easaontais tabharfaidh sé údar maith lena seasamh féin. Tarchuirfidh EIT an clár saothair deiridh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, mar eolas. Arna iarraidh sin, cuirfidh an Stiúrthóir an clár oibre deiridh faoi bhráid an choiste fhreagraigh de chuid Pharlaimint na hEorpa;

2.   Glacfaidh EIT tuarascáil bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain. Leagfar amach sa tuarascáil na gníomhaíochtaí a reáchtáil EIT agus PENanna i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, leis na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta EIT. Tarchuirfidh EIT an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cuirfidh sí iad ar an eolas uair amháin sa bhliain ar a laghad faoi ghníomhaíochtaí EIT, faoina rannchuidiú le "Fís 2020" agus le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais.".

(13)

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an focal "trí" in ionad an fhocail "cúig";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"2a.   Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi bhreis meastóireachtaí ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag EIT i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos, chun na fachtóirí a chuireann le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint. Agus an méid sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún an tionchar riaracháin ar EIT agus ar PENanna a bhreithniú go hiomlán.".

(14)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Sainmhíneoidh COSN na réimsí tosaíochta agus an straitéis fhadtéarmach do EIT ina gcuimseofar measúnú ar a tionchar socheacnamaíoch agus ar a cumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh. Cuirfidh COSN torthaí an fhaireacháin agus na meastóireachta ar EIT dá dtagraítear in Airteagal 16 san áireamh chomh maith.";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"2a.   Áireofar le COSN anailís ar na sineirgí agus na comhlántachtaí iomchuí agus ar na sineirgí agus na comhlántachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir gníomhaíochtaí EIT agus tionscnaimh, ionstraimí agus cláir eile de chuid an Aontais.";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle COSN i gcomhréir le hAirteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.".

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Gealltanais bhuiséadacha

1.   Déantar leis seo an t-imchlúdach airgeadais ó "Fís 2020" chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a shocrú mar EUR 2 711,4 milliún i bpraghsanna reatha.

2.   Is é a bheidh sa mhéid sin ná an phríomhthagairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (*3).

3.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais. Soláthrófar ranníocaíocht airgeadais EIT le PENanna faoin imchlúdach airgeadais.

(*3)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.""

(16)

Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtmheastachán, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta, agus an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil ag gabháil leis, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún iad faoin 31 Nollaig de bhliain N - 2.".

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.   Ar bhonn an mheastacháin sin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach do mhéid an fhóirdheontais a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta isteach i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.".

(17)

Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"1a.   Cuirfear an ranníocaíocht airgeadais le EIT chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain N don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad EIT roimh 15 Bealtaine de bhliain N + 2.".

(18)

Scriostar Airteagal 22(4).

(19)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 22a

Foirceannadh EIT

I gcás ina ndéanfar EIT a fhoirceannadh, déanfar í a leachtú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe le PENanna agus an ionstraim lena mbunaítear Fondúireacht EIT a leagfaidh síos na forálacha iomchuí i gcás den sórt sin.".

Airteagal 2

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 122.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear 'Fís 2020' – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i ‘Fís 2020’ – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), Féach leathanach 81 den Iris Oifigiúil seo

(5)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(6)  Rialachán (CE) Uimh 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Reachtanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

ROINN 1

COMHDHÉANAMH AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Beidh comhaltaí ceaptha agus comhaltaí ionadaíocha araon ar an mBord Rialaithe.

2.

Beidh 12 chomhalta cheaptha ann, arna gceapadh ag an gCoimisiún, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde. Téarma oifige ceithre bliana nach bhféadfar a athnuachan a bheidh acu.

Nuair is gá, cuirfidh an Bord Rialaithe togra faoi bhráid an Choimisiúin maidir le comhalta/comhaltaí nua a cheapadh. Roghnófar an t-iarrthóir/na hiarrthóirí ar bhonn toraidh nós imeachta thrédhearcaigh agus oscailte, lena ngabhann comhairliúchán le geallsealbhóirí.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus gheografach agus ar thuiscint ar an timpeallacht ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.

Ceapfaidh an Coimisiún an comhalta/na comhaltaí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus maidir le ceapachán deiridh chomhaltaí sin an Bhoird Rialaithe.

I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta ceaptha a théarma oifige a chríochnú, ceapfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, d'fhonn téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú. Féadfaidh an Coimisiún comhalta ionadaíoch, a bhfuil téarma oifige níos lú ná dhá bhliain curtha isteach acu, a athcheapadh le haghaidh tréimhse ceithre bliana breise ar iarratas ón mBord Rialaithe.

Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí Boird a ceapadh ar feadh tréimhse sé bliana ar dtús a gcuid téarmaí oifige a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin, beidh 18 gcomhalta cheaptha ann. Laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, roghnóidh an Bord Rialaithe, le formheas an Choimisiúin, aon trian den dáréag comhaltaí a cheapfar in 2012 chun téarma oifige dhá bhliain a chur isteach, agus roghnóidh sé aon trian le haghaidh tréimhse ceithre bliana agus aon trian le haghaidh tréimhse sé bliana.

In imthosca eisceachtúla agus bonn cirt cuí leo, chun iontaofacht an Bhoird Rialaithe a choinneáil, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, téarma oifige comhalta den Bhord a fhoirceannadh.

3.

Toghfaidh PENanna triúr comhaltaí ionadaíocha óna n-eagraíochtaí comhpháirtíochta. Téarma oifige dhá bhliain ar féidir é a athnuachan uair amháin a bheidh acu. Beidh deireadh lena dtéarma oifige má fhágann siad PEN.

Is é an Bord Rialaithe a ghlacfaidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun comhaltaí ionadaíocha a thoghadh agus chun comhaltaí eile a chur ina n-ionad ar bhonn togra ón Stiúrthóir. Leis an sásra seo, áireofar go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar an éagsúlacht agus cuirfear éabhlóid PENanna san áireamh.

Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí ionadaíocha a toghadh ar feadh tréimhse trí bliana ar dtús a gcuid téarmaí oifige a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin, beidh ceathrar comhaltaí ionadaíocha ann.

4.

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa EIT, agus cosnóidh siad a spriocanna, a misean, a céannacht,a huathriail agus a comhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

ROINN 2

FREAGRACHTAÍ AN BHOIRD RIALAITHE

Déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe:

(a)

dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), clár saothair rollach tríbhliantúil, buiséad, cuntais bhliantúla agus clár comhardaithe agus tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta EIT a ghlacadh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(b)

critéir agus nósanna imeachta a ghlacadh chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(c)

an nós imeachta roghnúcháin maidir le PENanna a ghlacadh;

(d)

comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí;

(e)

an mheastóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí PENanna a áirithiú;

(f)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, rialacha nós imeachta maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais EIT;

(g)

táillí cuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shainiú, trí chomhaontú leis an gCoimisiún; déanfar táillí den sórt sin a thagarmharcáil i gcoinne luacha saothair chomhchosúil sna Ballstáit;

(h)

nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir a roghnú;

(i)

an Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, an Stiúrthóir a bhriseadh as a phost nó as a post, agus údarás araíonachta a fheidhmiú air nó uirthi;

(j)

an tOifigeach Cuntasaíochta agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a cheapadh;

(k)

cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(l)

grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfaidh ré shainithe a bheith acu;

(m)

Feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún (1);

(n)

beidh sé de chumhacht aige Fondúireacht a bhunú, a mbeidh sé de shainchuspóir aici gníomhaíochtaí EIT a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh;

(o)

cinneadh maidir le beartas teanga EIT, agus prionsabail atá ann cheana maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh;

(p)

EIT a chur chun cinn ar fud an domhain, d'fhonn a mealltacht a mhéadú agus comhlacht den chéad scoth a dhéanamh di maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht.

ROINN 3

FEIDHMIÚ AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as líon na gcomhaltaí ceaptha. Dhá bhliain a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

2.

Gan dochar do mhír 3, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Éileoidh cinntí faoi phointí (a), (b), (c), (i) agus (o) de Roinn 2, agus faoi mhír 1 den Roinn seo tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, áfach.

3.

Ní fhéadfaidh na comhaltaí ionadaíocha vóta a chaitheamh ar chinntí faoi phointí (b), (c), (d), (e), (f), (g), (i), (j), (k), (o) agus (p) de Roinn 2..

4.

Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí uile ar a laghad.

5.

Beidh an Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Rialaithe. Triúr comhaltaí ceaptha a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an triúr comhaltaí eile seachas an Cathaoirleach as líon chomhaltaí ceaptha an Bhoird Rialaithe. Féadfaidh an Bord Rialaithe cúraimí sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin.

ROINN 4

AN STIÚRTHÓIR

1.

Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn EIT. Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ar feadh téarma oifige ceithre bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe síneadh ama ceithre bliana a chur leis an téarma oifige sin aon uair amháin má mheasann sé gur le leas EIT é déanamh amhlaidh.

2.

Beidh an Stiúrthóir freagrach as oibríochtaí agus as EIT a bhainistiú ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil uirthi. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí EIT.

3.

Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí EIT a eagrú agus a bhainistiú;

(b)

tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin ina gcuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá gcruinnithe agus gach faisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh siad a ndualgais a chur i gcrích;

(c)

dréacht-COSN, réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil, an dréacht-thuarascáil bhliantúil agus an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú d'fhonn iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

(d)

an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna a ullmhú agus a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil;

(e)

comhaontuithe conarthacha le PENanna a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích;

(f)

Fóram na nGeallsealbhóirí a eagrú, lena n-áirítear an chumraíocht speisialta d'ionadaithe na mBallstát;

(g)

a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú EIT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo;

(h)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear buiséad EIT a chur chun feidhme, agus aird iomchuí á tabhairt ar an gcomhairle a gheofar ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánach;

(i)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí uile na foirne;

(j)

na dréachtchuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus ina dhiaidh sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, tríd an gCoiste Feidhmiúcháin;

(k)

a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí EIT maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe atá tugtha i gcrích aici.

(l)

cumarsáid éifeachtach a áirithiú le hinstitiúidí an Aontais;

(m)

gníomhóidh an Stiúrthóir chun leasa EIT, agus a spriocanna agus a misean, a céannacht a huathriail agus a comhsheasmhacht a choimirciú ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

ROINN 5

FOIREANN EIT

1.

Is é a bheidh i bhfoireann EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag EIT faoi chonarthaí ar théarma seasta. Beidh feidhm ag coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh maidir leis an Stiúrthóir agus maidir le foireann EIT.

2.

Féadfar saineolaithe a thabhairt ar iasacht do EIT ar feadh tréimhse teoranta. Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe a bheidh ar iasacht obair a dhéanamh in EIT agus lena saineofar cearta agus freagrachtaí na saineolaithe sin.

3.

Feidhmeoidh EIT, i leith a foirne féin, na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an údarás arna údarú chun na conarthaí lena foireann a chur i gcrích.

4.

Féadfar a cheangal ar chomhalta foirne aon damáiste a fhulaingeoidh EIT a shlánú go hiomlán nó go páirteach, i gcás inar damáiste é a rinneadh de thoradh mí-iompair thromchúisigh uaidh nó uaithi i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhain le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas.

(1)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 357, 31.12.2002, lch. 72).


20.12.2013   

GA FR

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

185


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1293/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá beartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann, agus mura rachfar i ngleic leo beidh iarmhairtí suntasacha i ndán don Aontas.

(2)

Ba cheart dul i ngleic na ndúshlán comhshaoil agus aeráide sin, i ngeall ar a méid agus a gcastacht, a chistiú go príomha trí mhórchláir chistiúcháin de chuid an Aontais. Ina Theachtaireacht an 29 Meitheamh 2011 dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020" inar aithníodh dúshlán an athraithe aeráide, luaigh an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige an cion de bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go dtí 20 % ar a laghad le ranníocaíochtaí ó bheartais éagsúla. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis an sprioc sin a bhaint amach.

(3)

Ní féidir dul i ngleic leis na riachtanais shonracha uile maidir leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide sna cláir chistiúcháin sin de chuid an Aontais. Maidir leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide, tá gá le cineálacha sonracha cur chuige chun déileáil le comhtháthú míchothrom a gcuspóirí i gcleachtais na mBallstát, le cur chun feidhme míchothrom agus neamhleor na reachtaíochta sna Ballstáit, agus le scaipeadh neamhdhóthanach faisnéise faoi spriocanna beartais agus cur chun cinn neamhdhóthanach spriocanna beartais. Is iomchuí beart leantach a sholáthar don chlár a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán nua a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo Clár cistiúcháin tiomnaithe don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide ("Clár LIFE"). Ionas go mbainfear amach tionchar substaintiúil le cistiúchán an Aontais, ba cheart dlúthshineirgí agus comhlántacht a fhorbairt idir Clár LIFE agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais.

(4)

Tá sócmhainní comhshaoil leithdháilte go míchothrom ar fud an Aontais, ach baineann a dtairbhí leis an Aontas ina iomláine agus téann a dtairbhí i gcion ar an Aontas ina iomláine. I bhfianaise oibleagáid an Aontais na sócmhainní sin a chosaint, tá gá le cur i bhfeidhm comhsheasmhach phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, lena gceanglaítear go dtugtar aghaidh ar roinnt fadhbanna comhshaoil agus aeráide san Aontas ar bhealach níos fearr ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Ó 1992, tá ról fíor-riachtanach ag cláir LIFE maidir le dáileadh níos fearr na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta chun leas coiteann chomhshaoil an Aontais agus na haeráide a chaomhnú. Ba cheart go leanfadh Clár LIFE den ról seo a bheith aige.

(5)

I bhfianaise a shaintréithe agus a mhéide, ní féidir le Clár LIFE gach fadhb chomhshaoil agus aeráide a réiteach. Ina ionad sin, ba cheart go mbeadh sé ina phríomhchuspóir aige gníomhú mar chatalaíoch maidir le hathruithe i bhforbairt agus i gcur chun cinn beartas trí réitigh agus na cleachtais is fearr a sholáthar agus a scaipeadh chun spriocanna maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach agus trí theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann leis an gcomhshaoil agus leis an athrú aeráide a chur chun cinn. Sa mhéid sin, ba cheart do Chlár LIFE tacú le cur chun feidhme Chlár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal "Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid" mar a bunaíodh le Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ("7ú Chlár Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais").

(6)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais de EUR 3 456,655 milliún i bpraghsanna reatha, rud is fiú 0,318 % de mhéid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (6), do thréimhse iomlán Chlár LIFE arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(7)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí i Lucsamburg i Nollaig 1997, agus na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki i Meitheamh 2003, ba cheart go mbeadh na tíortha is iarrthóirí agus tíortha na mBalcán Thiar atá rannpháirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, mar aon le tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa, incháilithe chun a bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha arna gcur i gcrích leis na tíortha sin.

(8)

De bhun Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (8) (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear), tá daoine aonair ó thír nó ó chríoch thar lear (TCTL) agus, i gcás inarb infheidhme, na comhlachtaí ábhartha poiblí agus/nó príobháideacha agus institiúidí in TCTL incháilithe chun páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais, faoi réir rialacha agus cuspóirí an chláir atá i gceist, chomh maith leis na socruithe is infheidhme maidir leis an mBallstát lena bhfuil TCTL nasctha.

(9)

Le go mbeidh infheistíochtaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide laistigh den Aontas éifeachtach, ní mór roinnt gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lasmuigh dá theorainneacha. D'fhéadfadh sé nach ndéanfaí na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú faoi ionstraimí airgeadais gníomhaíochta seachtraí an Aontais i gcónaí. Ba cheart go bhféadfaí idirghabhálacha a dhéanamh i dtíortha nach bhfuil rannpháirteach go díreach in Clár LIFE, agus ba cheart go bhféadfadh daoine dlítheanacha atá bunaithe sna tíortha sin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Chlár LIFE go heisceachtúil, ar choinníoll go gcomhlíonfaí coinníollacha sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(10)

Ba cheart go soláthrófaí leis an Rialachán seo chomh maith creat le haghaidh comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus chun tacaíocht a sholáthar dóibh, d'fhonn freagairt do riachtanais bheartais chomhshaoil agus aeráide nach dtagann faoi raon feidhme ionstraimí airgeadais gníomhaíochta seachtraí, amhail staidéir áirithe.

(11)

Ba cheart ceanglais chomhshaoil agus aeráide a chomhtháthú isteach i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh Clár LIFE comhlántach le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (9), Ciste Sóisialta na hEorpa (10), an Ciste Comhtháthaithe (11), an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (12), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (13), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, agus Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (14) ("Fís 2020").

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlántacht den sórt sin a áirithiú ar gach leibhéal. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart comhlántacht a áirithiú trí chomhar struchtúrtha a bhunú idir Clár LIFE agus na cláir chistiúcháin de chuid an Aontais ar a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach sa Chomhchreat Straitéiseach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) ("Rialachán na bhForálacha Coiteanna"), go háirithe d'fhonn cistiú gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear tionscadail chomhtháite a chur chun cinn nó chun tacú le húsáid réiteach, modhanna agus cineálacha cur chuige arna bhforbairt faoi Chlár LIFE. Ba cheart do Chlár LIFE roghnú torthaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ó Fís 2020 a spreagadh. Sa chomhthéacs sin ba cheart dó deiseanna cómhaoinithe a chur ar fáil le haghaidh tionscadal a mbaineann tairbhí soiléire comhshaoil agus aeráide leo d'fhonn sineirgí idir Clár LIFE agus Fís 2020 a áirithiú. Ní mór comhordú a dhéanamh chun cistiúchán dúbailte a chosc. Ba cheart don Choimisiún bearta a dhéanamh chun forluí agus ualach riaracháin breise ar thairbhithe tionscadail a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe ó ionstraimí airgeadais éagsúla a chosc. Chun soiléireacht agus indéantacht phraiticiúil tionscadal comhtháite faoi chlár LIFE a áirithiú, ba cheart socruithe féideartha le haghaidh comhair a leagan amach ag céim luath. Ba cheart do na Ballstáit tagairt do shocruithe den sórt sin a shamhlú ina gComhaontuithe Comhpháirtíochta chun a áirithiú gur féidir buntáistí na dtionscadal comhtháite a chur san áireamh le linn cláir oibríochtúla nó forbartha tuaithe a dhréachtú.

(12)

Tá stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, mar aon le dul i ngleic le himní comhshaoil agus sláinte, fós ina bpríomhdhúshláin don Aontas. Tá iarrachtaí méadaithe ar leibhéal an Aontais riachtanach i leith na ndúshlán sin chun réitigh agus na cleachtais is fearr a sholáthar a chabhróidh le baint amach spriocanna na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal "Eoraip 2020: straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach" ("Straitéis Eoraip 2020"). Ina theannta sin, tá rialachas feabhsaithe, go háirithe trí mhúscailt feasachta agus trí rannpháirtíocht geallsealbhóirí, fíor-riachtanach chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh trí réimse tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol: an Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní, an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht, agus Rialachas Comhshaoil agus Faisnéis Chomhshaoil. Ba cheart go bhféadfadh tionscadail arna maoiniú le Clár LIFE rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu.

(13)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2011 dar teideal "Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní", moladh na garspriocanna agus na gníomhaíochtaí atá riachtanach chun an tAontas a chur ar an mbealach ceart chun fás inbhuanaithe atá tíosach ar acmhainní a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní tacú le cur chun feidhme éifeachtach bheartas comhshaoil an Aontais ag na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, go háirithe sna hearnálacha comhshaoil arna gcumhdach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní, trí fhorbairt agus comhroinnt réiteach nua agus na gcleachtas is fearr a éascú. Sa chomhthéacs seo, ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht a áirithiú agus forluí a sheachaint le Fís 2020.

(14)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2011 dar teideal "Ár n-árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bithéagsúlachta an AE go dtí 2020" ("Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020"), bunaíodh spriocanna chun stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus chun í a aisiompú. Áirítear leis na spriocanna sin, inter alia, cur chun feidhme iomlán Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (16) agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), mar aon le héiceachórais agus a gcuid seirbhísí a chothabháil agus a athchóiriú. Ba cheart do Chlár LIFE rannchuidiú leis na spriocanna sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart do réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta díriú ar chur chun feidhme agus ar bhainistíocht líonra Natura 2000, a cuireadh ar bun faoi Threoir 92/43/CEE, go háirithe i ndáil leis an gcreat gníomhaíochta tosaíochta arna ullmhú ar bhonn Airteagal 8 den Treoir sin, ar fhorbairt agus scaipeadh na gcleachtas is fearr i leith na bithéagsúlachta agus Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE, agus ar na dúshláin bhithéagsúlachta níos leithne freisin atá sainaitheanta i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020.

(15)

Ba cheart rannchuidiú Chlár LIFE le riachtanais bhliantúla chistiúcháin líonra Natura 2000 a mheas i gcomhthéacs na speansas daingnithe bithéagsúlachta ó chistí eile de chuid an Aontais. Ba cheart tábhacht ar leith a thabhairt do thionscadail chomhtháite faoi chlár LIFE mar shásra cistiúcháin comhordaithe le haghaidh líonra Natura 2000, de bharr an chumais atá iontu cistí a ghiaráil agus acmhainn ionsúcháin a mhéadú do chaiteachas dúlra agus bithéagsúlachta laistigh de chistí eile de chuid an Aontais.

(16)

Tá ról suntasach ag foraoisí i ndáil leis an gcomhshaol agus an aeráid maidir le bithéagsúlacht, uisce, ithir agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i measc nithe eile. Cabhraíonn foraoisí agus ithreacha leis an aeráid a rialú trí dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghlacadh ón atmaisféar agus déanann siad méideanna ollmhóra carbóin a stóráil. Chun an ról sin a bharrfheabhsú, is gá sonraí agus faisnéis atá ábhartha agus comhoiriúnach a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo creat a léiriú freisin chun tacú le sineirgí idir gníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide a bhaineann le foraoisí agus le hithreacha, lena n-áirítear maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin. I measc na réimsí eile le haghaidh sineirgí méadaithe, tá ganntanas uisce agus triomaigh, mar aon le rioscaí tuile a bhainistiú.

(17)

D'fhonn úsáid acmhainní Chlár LIFE a bharrfheabhsú, ba cheart go gcothófaí sineirgí idir gníomhaíochtaí faoin bhfochlár don Chomhshaol, go háirithe chun an bhithéagsúlacht a chosaint, agus bearta maolaithe ar an athrú aeráide agus oiriúnaithe don athrú aeráide faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

(18)

Admhaíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2011 dar teideal "Treochlár chun bogadh i dtreo geilleagair iomaíoch ísealcharbóin faoi 2050" ("Treochlár 2050") go mbeadh tástáil cineálacha nua cur chuige i leith an mhaolaithe ar an athrú aeráide fós fíor-riachtanach chun bogadh i dtreo geilleagair ísealcharbóin. Ní mór oiriúnú don athrú aeráide mar thosaíocht trasnaí an Aontais a áirithiú chomh maith. Ina theannta sin, tá cur chun cinn an rialachais agus múscailt feasachta bunriachtanach d'fhonn torthaí cuiditheacha a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht geallsealbhóirí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don fhochlár don Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le hiarrachtaí lena rannchuideofar le trí réimse tosaíochta: Maolú ar an Athrú Aeráide, Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide. Ba cheart go bhféadfadh tionscadail arna maoiniú le Clár LIFE rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu.

(19)

Ba cheart don réimse tosaíochta maidir le Maolú ar an Athrú Aeráide rannchuidiú le forbairt agus cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an aeráid, go háirithe maidir le faireachán ar ghás ceaptha teasa agus tuairisciú a dhéanamh ina leith, beartais a bhaineann le húsáid na talún, athruithe in úsáid na talún agus foraoiseacht, caomhnú linnte carbóin nádúrtha, an córas um thrádáil astaíochtaí, iarracht na mBallstát chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, gabháil agus stóráil charbóin, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar agus breoslaí, cosaint an chisil ózóin agus gáis fhluairínithe. Meastar go bhfuil tógáil an bhonneagair chun carbón a ghabháil agus a stóráil thar raon feidhme Chlár LIFE agus, dá bhrí sin, ní thacófar léi.

(20)

Is féidir na chéad iarmhairtí den athrú aeráide a fheiceáil san Eoraip agus ar fud an domhain cheana féin, amhail adhaimsir as a dtagann tuilte agus triomaigh, agus teochtaí agus leibhéil mara atá ag ardú. Dá bhrí sin, ba cheart don réimse tosaíochta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide cabhair a thabhairt do dhaonraí, d'earnálacha eacnamaíocha agus do réigiúin dul in oiriúint le tionchair den sórt sin trí straitéisí oiriúnaithe sonracha agus trí bhearta oiriúnaithe sonracha, d'fhonn Aontas níos athléimní a áirithiú. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí sa réimse seo comhlántach le gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin ionstraim airgeadais um chosaint shibhialta mar a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Meastar go bhfuil tógáil an mhórbhonneagair thar raon feidhme Chlár LIFE agus, dá bhrí sin, ní thacófar léi.

(21)

Tá cur chun feidhme iomlán an bheartais chomhshaoil agus aeráide agus na reachtaíochta comhshaoil agus aeráide nasctha go dlúth le rialachas níos fearr a bhaint amach, rannpháirtíocht geallsealbhóirí a fheabhsú agus faisnéis a scaipeadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na réimsí tosaíochta maidir le Rialachas agus le Faisnéis, sa dá fhochlár araon, tacú le forbairt ardán comhair agus le comhroinnt na gcleachtas is fearr le haghaidh comhlíonta agus forghníomhaithe níos éifeachtaí, lena n-áirítear cláir oiliúna do bhreithiúna agus d'ionchúisitheoirí poiblí, agus chun tacaíocht a ghiniúint ón bpobal agus ó gheallsealbhóirí i gcomhair iarrachtaí ceaptha beartas an Aontais i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide. Go háirithe, ba cheart dóibh tacú le feabhsuithe ar scaipeadh an bhoinn eolais agus na gcleachtas is fearr i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, ar mhúscailt feasachta, agus ar rannpháirtíocht phoiblí, rochtain ar fhaisnéis agus rochtain ar cheartas maidir le cúrsaí comhshaoil.

(22)

Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ba cheart do thionscadail arna maoiniú faoi Chlár LIFE critéir incháilitheachta agus dámhachtana a chomhlíonadh lena áirithiú go mbainfí an úsáid is fearr is féidir as cistí de chuid an Aontais agus chun breisluach an Aontais a áirithiú. Agus measúnú á dhéanamh ar bhreisluach an Aontais, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt, de réir mar is infheidhme maidir leis na réimsí tosaíochta, ar an acmhainn atá ann go macasamhlófaí agus go n-aistreofaí torthaí na dtionscadal, ar inbhuanaitheacht a dtorthaí agus ar an rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha na réimsí tosaíochta a bhaint amach, agus ar na tosaíochtaí téamacha a chuirtear chun feidhme trí na topaicí tionscadail freisin. Ba cheart tionscadail a mbeidh iarmhairtí trasearnálacha acu a spreagadh. Ba cheart don Choimisiún freisin úsáid soláthair phoiblí ghlais a chur chun cinn agus a spreagadh, go háirithe agus tionscadail á gcur chun feidhme.

(23)

D'fhonn cothrom iomaíochta a chothú le haghaidh gach gnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach agus chun saobhadh míchuí ar an iomaíocht a sheachaint, ba cheart cistiúchán arna sholáthar faoi Chlár LIFE a dhíriú chuig clistí margaidh, i gcás inarb iomchuí. Ina theannta sin, i gcásanna inarb ionann an cistiúchán sin agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart é a cheapadh ar shlí atá ag teacht leis na rialacha maidir le státchabhair sa chaoi is go ndéanfaí saobhadh ar an margadh a chosc, amhail cistiúchán príobháideach a bhrú amach, struchtúir mhargaidh neamhéifeachtacha a chruthú nó cuideachtaí neamhéifeachtúlacha a bhuanú, agus ní féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, ach amháin má chomhlíonann sé rialachán arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle (20).

(24)

D'fhonn cur chun feidhme beartais chomhshaoil agus aeráide a fheabhsú agus comhtháthú cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid i mbeartais eile a fheabhsú, ba cheart do Chlár LIFE tionscadail a chur chun cinn lena dtacaítear le cineálacha cur chuige comhtháite i leith chur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil agus aeráide agus an bheartais chomhshaoil agus aeráide. Ba cheart tionscadail chomhtháite den sórt sin a úsáid mar uirlisí nithiúla chun comhtháthú chuspóirí an chomhshaoil agus na haeráide i mbeartais eile de chuid an Aontais agus i gcaiteachas iomlán an Aontais a fheabhsú i gcomhréir le straitéis Eoraip 2020. Ba cheart dóibh samplaí de dhea-chleachtas a sholáthar do chur i bhfeidhm éifeachtach agus dea-chomhordaithe bheartas aeráide agus comhshaoil an Aontais sna Ballstáit agus i réigiúin. Le haghaidh an fhochláir don Chomhshaol, ba cheart do na tionscadail chomhtháite díriú go príomha ar chur chun feidhme Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020, go háirithe maidir le bainistíocht agus comhdhlúthú éifeachtach líonra Natura 2000 arna bhunú le Treoir 92/43/CEE trí chur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú ar bhonn Airteagal 8 den Treoir sin, trí chur chun feidhme Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (21), agus trí chur chun feidhme reachtaíochta dramhaíola agus aeir.

(25)

Ba cheart go mbeadh sásraí seachadta ilchuspóireacha (e.g. a bheidh dírithe ar thairbhí comhshaoil agus ar fhorbairt acmhainní) i gceist le tionscadail chomhtháite, a fhágann gur féidir torthaí a bhaint amach i réimsí beartais eile, go háirithe an comhshaol muirí i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). D'fhéadfadh tionscadail chomhtháite chomh maith a bheith beartaithe i réimsí comhshaoil eile. I gcás an fhochláir don Ghníomhú ar son na hAeráide, ba cheart go mbainfeadh na tionscadail sin go háirithe le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

(26)

Ba cheart do thionscadail chomhtháite tacú le sraith gníomhaíochtaí agus beart sonracha amháin, agus ba cheart gníomhaíochtaí eile lena gcomhlánaítear na cinn arna gcur san áireamh sa tionscadal a chistiú ó chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus ó chistí náisiúnta, cistí réigiúnacha agus cistí de chuid na hearnála príobháidí. Ba cheart do chistiúchán arna sholáthar trí bhíthin Chlár LIFE leas a bhaint as sineirgí agus ba cheart dó comhsheasmhacht idir foinsí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais a áirithiú trí fhócas straitéiseach comhshaoil agus aeráide a sholáthar fad a áirithítear go ndéantar nósanna imeachta a shimpliú.

(27)

Maidir le tionscadail chomhtháite, a dhíríonn go láidir ar chur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide agus bheartas comhshaoil agus aeráide an Aontais, trí chur chuige comhtháite, ceanglaítear leo gníomhaíocht i ngach cuid den Aontas agus i ngach earnáil ar ar díríodh sa Rialachán seo. Beidh gá le gné dáileacháin a thabhairt isteach sa phróiseas roghnúcháin chun cothromaíocht gheografach a éascú agus chun go ndéanfaidh na Ballstáit iarracht, más gá tacaithe ag tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid LIFE, ar thionscadail chomhtháite amháin ar a laghad a ullmhú agus a mholadh i rith chlárthréimhse LIFE.

(28)

I bhfianaise úrnuacht chur chuige an tionscadail chomhtháite, ba cheart geallsealbhóirí a thacú, nuair is gá, le cúnamh teicniúil. Ba cheart go maolódh nós imeachta iarratais dhá chéim ar an gcéim iarratais. Sa chéad chéim, ba cheart go gcuirfí in iúl le plean airgeadais cé acu foinsí Aontais, náisiúnta nó príobháideacha eile de chistiúchán atá le slógadh agus a mhéid a shlógfar iad. Sa dara céim amháin ba cheart litreacha intinne ó fhoinse cistiúcháin eile amháin ar a laghad a cheangal chun a áirithiú go bhfuil an ceanglas maidir le slógadh foinse cistiúcháin breise comhlíonta. A mhéid a shlógtar cistí eile de chuid an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh le linn na céime dámhachtana.

(29)

Tá rath na dtionscadal comhtháite ag brath ar dhlúthchomhar idir údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus na gníomhaithe neamhstáit a bhfuil imní orthu i dtaobh chuspóirí Chlár LIFE. Ba cheart prionsabail maidir le trédhearcacht agus nochtadh cinntí a bhaineann le forbairt, cur chun feidhme, measúnú agus faireachán tionscadal a chur i bhfeidhm dá bhrí sin.

(30)

I gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, i gcás tionscadal faoin bhfochlár don Chomhshaol, seachas tionscadail chomhtháite, ba cheart roinnt chomhréireach de chistí i measc na mBallstát uile ar feadh ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil a dhéanamh trí leithdháiltí náisiúnta táscacha a bhunú.

(31)

D'fhonn cur le hacmhainn Bhallstát a bheith rannpháirteach in Clár LIFE, ba cheart cistiúchán a ráthaítear do thionscadail forbartha acmhainní a chur ar fáil d'aon Bhallstát a chomhlíonann na ceanglais ábhartha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfí cistiúchán den sórt sin ar fáil ar bhonn plean forbartha acmhainní comhaontaithe a thabharfaidh breac-chuntas ar na hidirghabhálacha agus ar an gcistiúchán atá riachtanach.

(32)

Ba cheart go mbeadh cáilíocht ina critéar uileghabhálach a rialaíonn meastóireacht an tionscadail agus próiseas na dámhachtana in Clár LIFE. Is de chineál táscach na gnéithe dáileacháin arna dtabhairt isteach chun cothromaíocht gheografach a léiriú agus níor cheart go dtabharfaidís cistí daingnithe nó leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit le tuiscint.

(33)

Tá an tAontas ina pháirtí de Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Rochtain ar Cheartas i gcúrsaí Comhshaoil ("Coinbhinsiún Aarhus"). Dá bhrí sin, ba cheart tacú le hobair eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus le líonraí na n-eintiteas neamhbhrabúis a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu, ós rud é go bhfuil siad éifeachtach i dtacú le haidhmeanna Choinbhinsiún Aarhus trí ábhair imní agus dearcthaí shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn mar chuid den phróiseas forbartha beartas agus i dtacú lena chur chun feidhme, agus i múscailt feasachta ar fhadhbanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus freagraí beartais. Is iomchuí do Chlár LIFE tacú le raon leathan ENRanna agus líonraí na n-eintiteas neamhbhrabúis a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu, agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide, trí dheontais oibriúcháin a dhámhachtain ar bhealach iomaíoch agus trédhearcach, d'fhonn cabhrú leo rannchuidiú go héifeachtach le beartas an Aontais, agus le cur chun feidhme agus forfheidhmiú chuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun cinn agus a neartú, mar aon lena n-acmhainn a bheith ina bpáirtithe níos éifeachtaí a fhorbairt agus a neartú.

(34)

D'fhonn a ról a fheidhmiú i dtionscnamh fhorbairt agus chur chun feidhme beartais chomhshaoil agus aeráide, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as acmhainní ó Chlár LIFE chun tacú le hullmhú, cur chun feidhme agus príomhshruthú bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí agus earraí a cheannach. Ba cheart freisin go gcuimseofar sna hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialacháin seo cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, i dtaobh stádas chur chun feidhme agus thrasuíomh mhór-reachtaíocht uile chomhshaoil agus aeráide an Aontais chomh maith.

(35)

Is cosúil go leanfaidh an bhearna reatha atá sa mhargadh idir éileamh agus soláthar i dtaca le hiasachtaí, cothromas agus caipiteal riosca de bheith ann i gcomhthéacs géarchéime airgeadais agus, dá bhrí sin, is iomchuí úsáid ionstraimí airgeadais a cheadú chun tacú le tionscadail a bhfuil sé de chumas acu ioncam a ghiniúint i réimse an chomhshaoil nó i réimse na haeráide. Ba cheart ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó Chlár LIFE a úsáid chun dul i ngleic le riachtanais mhargaidh ar leith ar bhealach costéifeachtach, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a bhrú amach. Ba cheart go bhféadfaí ionstraimí airgeadais a chur le chéile le deontais arna gcistiú ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear deontais arna gcistiú faoin Rialachán seo.

(36)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chláir LIFE roimhe seo, tarraingítear aird ar an ngá le hiarrachtaí a dhíriú ar thosaíochtaí nithiúla beartais chomhshaoil agus aeráide agus ar réimsí le haghaidh gníomhaíochta. Níor cheart go mbeadh na tosaíochtaí téamacha seo uileghabhálach chun a cheadú d'iarratasóirí tograí a thíolacadh i réimsí eile agus chun smaointe nua a ionchorprú chun freagairt do dhúshláin nua. Ba cheart freisin do na cláir oibre ilbhliantúla sin a bheith solúbtha chun spriocanna agus cuspóirí Chlár LIFE a bhaint amach, fad is a sholáthrófar an chobhsaíocht is gá de thopaicí tionscadal a chuireann na tosaíochtaí téamacha chun feidhme le go mbeadh iarratasóirí féideartha in ann tograí a phleanáil, a ullmhú agus a chur isteach. Ba cheart go mbeadh an chéad chlár oibre ilbhliantúil sin bailí ar feadh ceithre bliana a bheidh dara clár oibre trí bliana á leanúint. Ba cheart go mbeadh sa dá chlár oibre liosta neamh-uileghabhálach de thopaicí tionscadail a chuireann na tosaíochtaí téamacha chun feidhme.

(37)

Leag an taithí ar chláir LIFE roimhe seo béim ar an tábhacht a bhaineann le pointí teagmhála náisiúnta de chuid LIFE, go háirithe chun tacaíocht a sholáthar d'iarratasóirí agus do thairbhithe agus leis sin go rannchuideofar le cur chun feidhme rathúil na gclár. Ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de chóras pointí teagmhála náisiúnta agus réigiúnacha de chuid LIFE agus, nuair is féidir, ba cheart iad a neartú, go háirithe sna Ballstáit ag a bhfuil glacadh tionscadal íseal, agus ba cheart comhoibriú idir an Coimisiún agus pointí teagmhála náisiúnta de chuid LIFE agus comhoibriú i measc pointí teagmhála náisiúnta agus réigiúnacha de chuid LIFE a threisiú. Leag an taithí ar chláir LIFE roimhe seo béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le scaipeadh éifeachtach torthaí tionscadail agus gníomhaíochtaí líonraithe a áirithiú chun éifeacht ghiarála agus breisluach Chlár LIFE an Aontais a mhéadú, go háirithe trí sheimineáir, ceardlanna agus gníomhaíochtaí eile a eagrú, a dhíríonn ar an malartú taithí, eolais agus dea-chleachtas laistigh den Aontas. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, leanúint de ghníomhaíochtaí scaipthe spriocdhírithe agus iad a neartú, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhíríonn go sonrach ar thionscadail chomhtháite, go háirithe sna Ballstáit ag a bhfuil glacadh tionscadal íseal, agus i ndáil le hearnálacha ar leith, agus chun an comhar agus an malartú taithí a éascú idir tairbhithe LIFE agus daoine eile. Ba cheart don Choimisiún leanúint freisin do liosta na dtionscadal a maoiníodh trí Chlár LIFE a fhoilsiú, lena n-áirítear tuairisc ghairid ar na cuspóirí agus ar na torthaí a gnóthaíodh agus achoimre ar na cistí a gealladh trí úsáid a bhaint as meán agus teicneolaíochtaí iomchuí.

(38)

D'fhonn simpliú a dhéanamh ar Chlár LIFE agus an t-ualach riaracháin a laghdú d'iarratasóirí agus do thairbhithe, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna gan cur as d'incháilitheacht CBL agus costas foirne buaine faoi na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. De réir cleachtais reatha, ba cheart go sáródh suim ranníocaíochtaí na n-eagraíochtaí poiblí (mar thairbhí comhordaithe agus/nó tairbhí comhlachaithe) leis an tionscadal le 2 % ar a laghad suim chostas tuarastail na foirne riaracháin náisiúnta a ghearrtar ar an tionscadal. Níor cheart cistí de chuid an Aontais a úsáid chun buiséid náisiúnta a fhóirdheonú, mar shampla, chun costais CBL a chlúdach. Níl ach faisnéis theoranta ar fáil, áfach, ar mhéideanna cistí de chuid an Aontais a úsáideadh chun CBL a chlúdach. Ba cheart don Coimisiún, dá bhrí sin, forléargas a sholáthar, sna meastóireachtaí meántéarma agus ex-post de Chlár LIFE, ar aisíocaíochtaí CBL in aghaidh an Bhallstáit a bheidh iarrtha ag tairbhithe tionscadal faoi Chlár LIFE ag an gcéim dheireanach íocaíochta.

(39)

Ba cheart na huasrátaí cómhaoinithe a shocrú ag cibé leibhéil is gá d'fhonn an leibhéal éifeachtach tacaíochta arna soláthar ag Clár LIFE a choinneáil.

(40)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar Chlár LIFE agus ar a fhochláir bunaithe ar tháscairí feidhmíochta comhfhreagracha d'fhonn coigeartuithe a chumasú, lena n-áirítear aon athbhreithniú is gá ar na tosaíochtaí téamacha. Nuair a bheidh na táscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar chláir agus ar thionscnaimh á sainiú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún béim a leagan ar fhaireachán cáilíochta ar bhonn táscairí feidhmíochta agus torthaí agus tionchar measta. Ba cheart don Choimisiún modh a mholadh chomh maith chun faireachán a dhéanamh ar rath fadtéarmach tionscadal, go háirithe i réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta. D'fhonn fianaise a sholáthar i dtaobh na gcomhthairbhí a fhéadfaidh an dá fhochlár a thabhairt do ghníomhú ar son na haeráide agus don bhithéagsúlacht, agus d'fhonn faisnéis a sholáthar ar an leibhéal caiteachais, ba cheart rianú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht san fhaireachán ar Chlár LIFE, mar a shainítear in "Buiséad don Eoraip 2020". Ba cheart go mbeadh rianú den sórt sin bunaithe ar mhodheolaíocht shimplí tríd an gcaiteachas a chur i gceann de thrí chatagóir: caiteachas a bhaineann leis an aeráid/le bithéagsúlacht amháin (le bheith ríofa mar 100 %), caiteachas a bhaineann go suntasach leis an aeráid/le bithéagsúlacht (le bheith ríofa mar 40 %), agus caiteachas nach mbaineann leis an aeráid/le bithéagsúlacht (le bheith ríofa mar 0 %). Níor cheart úsáid mhodheolaíochtaí níos beaichte a eisiamh as an modheolaíocht sin, i gcás inarb iomchuí.

(41)

Ó rud é go bhfuil taithí le fada an lá ag an gCoimisiún ar bhainistiú Chlár LIFE agus thionscadail LIFE, agus go bhfuil taithí dhearfach ag tairbhithe LIFE le Foirne Faireacháin seachtracha, ba cheart bainistiú Chlár LIFE fanacht laistigh den Choimisiún. Ba cheart aon athrú ar struchtúr bainistithe Chlár LIFE agus ar na tionscadail a bheith faoi réir anailíse costais/sochair ex-ante agus aird ar leith a thabhairt ar shaineolas leordhóthanach agus cuimsitheach a áirithiú, go háirithe i réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta.

(42)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus imscrúdú a dhéanamh orthu, cistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis.

(43)

Chun an mheastóireacht is fearr is féidir ar úsáid cistí de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí feidhmíochta is infheidhme maidir le tosaíochtaí téamacha don fhochlár don Comhshaol agus na réimsí tosaíochta don fhochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide, i dtaca le modhnú ar na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus i dtaca le céatadán an bhuiséid a leithdháiltear ar dheontais do thionscadail a thacaíonn le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta a mhéadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(44)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(45)

I gcás nach dtugann Coiste Chlár LIFE maidir leis an gComhshaol agus le Gníomhú ar son na hAeráide aon tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme, níor cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. Ba cheart dul i muinín an nós imeachta seo a dhlisteanú, inter alia, leis an ngá le measúnú a dhéanamh ar dháileadh comhréireach na gcistí idir tionscadail chomhtháite, go háirithe an t-uasmhéid a fhéadfaidh tionscadail chomhtháite aonair a fháil.

(46)

Chun trasdul éifeachtúil idir na bearta arna nglacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 agus faoi Chlár LIFE a áirithiú, is gá leanúint d'fhaireachán, d'iniúchóireacht agus de mheasúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán sin tar éis dó dul in éag.

(47)

Is ó shainiúlacht a chur chuige agus a fhócais a thagann breisluach Chlár LIFE, rud a chuireann a chuid idirghabhálacha in oiriúint go sonrach do riachtanais chomhshaoil agus aeráide. Féadfaidh Clár LIFE rannchuidiú le cur chun feidhme níos éifeachtaí beartas comhshaoil ná Ballstáit ag gníomhú dóibh féin mar gheall ar chomhthiomsú méadaithe acmhainní agus saineolais. Ina theannta sin, soláthraítear leis an gclár an t-ardán chun na cleachtais is fearr agus eolas a fhorbairt agus a mhalartú, athruithe a fheabhsú, a chatalú agus a luathú i gcur chun feidhme an acquis, agus chun acmhainneacht a fhorbairt, chun tacú le gníomhaithe príobháideacha, go háirithe ag FBManna, i dtástáil réiteach agus teicneolaíochtaí ar mhionscála agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí foghlaim óna chéile. Ina theannta sin, cruthaítear sineirgí thar chistí de chuid an Aontais agus thar chistí náisiúnta trí Chlár LIFE, fad is a dhéantar giaráil ar chistí breise na hearnála príobháidí, agus mar sin méadaítear comhleanúnachas idirghabháil an Aontais agus cuirtear cur chun feidhme níos aonchineálaí an acquis chun cinn.

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le cur chun feidhme agus forbairt bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, lena n-áirítear comhtháthú na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide isteach i mbeartais eile, agus rialachas níos fearr a chothú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(49)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

AN CLÁR DON CHOMHSHAOL AGUS DO GHNÍOMHÚ AR SON NA hAERÁIDE (LIFE)

Airteagal 1

Bunú

Bunaítear leis seo Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 ("Clár LIFE").

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "treoirthionscadail" tionscadail lena gcuirtear i bhfeidhm teicníocht nó modh nár cuireadh i bhfeidhm nó nár tástáladh roimhe seo, nó in aon áit eile, lena gcuirtear buntáistí comhshaoil nó aeráide féideartha ar fáil i gcomparáid leis an gcleachtas is fearr reatha agus is féidir a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar scála níos mó maidir le cásanna comhchosúla;

(b)

ciallaíonn "tionscadail taispeántais" tionscadail lena ndéantar gníomhaíochtaí, modheolaíochtaí nó cineálacha cur chuige éagsúla, atá úrnua nó anaithnid i gcomhthéacs sainiúil an tionscadail amhail comhthéacs geografach, éiceolaíoch nó socheacnamaíoch, a chur i gcleachtas, a thástáil, a scaipeadh, agus lena ndéantar meastóireacht orthu, ar féidir iad a chur i bhfeidhm in áiteanna eile in imthosca comhchosúla;

(c)

ciallaíonn "tionscadail na gcleachtas is fearr" tionscadail lena gcuirtear teicnící, modhanna agus cineálacha cur chuige iomchuí, costéifeachtúla agus úrscothacha i bhfeidhm agus comhthéacs sonrach an tionscadail á chur san áireamh;

(d)

ciallaíonn "tionscadail chomhtháite" tionscadail lena ndéantar pleananna nó straitéisí maidir leis an gcomhshaol nó leis an aeráid a cheanglaítear le reachtaíocht shonrach chomhshaoil nó aeráide an Aontais, arna bhforbairt de bhun ghníomhartha eile an Aontais nó arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát a chur chun feidhme, ar mhórscála críochach, go háirithe ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta, go príomha i réimsí an dúlra, lena n-áirítear, inter alia, bainistíocht líonra Natura 2000, uisce, dramhaíl, aer agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, fad a áirithítear rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus fad a chuirtear chun cinn comhordú le foinse ábhartha Aontais, náisiúnta nó phríobháideach amháin ar a laghad eile de chistiúchán, agus í a shlógadh;

(e)

ciallaíonn "tionscadail cúnaimh theicniúil" tionscadail lena soláthraítear, ar mhodh deontas gníomhaíochta, tacaíocht airgeadais chun cabhrú le hiarratasóirí tionscadail chomhtháite a ullmhú, agus go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíonann na tionscadail sin ceanglais tráthúlachta, theicniúla agus airgeadais Chlár LIFE i gcomhordú le cistí dá dtagraítear in Airteagal 8(3);

(f)

ciallaíonn "tionscadail forbartha acmhainní" tionscadail lena soláthraítear, ar mhodh deontas gníomhaíochta, tacaíocht airgeadais leis na gníomhaíochtaí is gá chun acmhainn na mBallstát a fhorbairt, lena n-áirítear pointí teagmhála náisiúnta nó réigiúnacha de chuid LIFE, d'fhonn na Ballstáit a chumasú chun a bheith rannpháirteach níos éifeachtaí in Clár LIFE;

(g)

ciallaíonn "tionscadail ullmhúcháin" tionscadail arna sainaithint go príomha ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun tacú le riachtanais shonracha maidir le beartas comhshaoil nó aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil nó aeráide an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(h)

ciallaíonn "tionscadail faisnéise, feasachta agus scaipthe" tionscadail atá dírithe ar thacú le cumarsáid, le scaipeadh faisnéise agus le múscailt feasachta i réimsí na bhfochlár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta agus táscairí feidhmíochta

1.   Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas go háirithe ag Clár LIFE:

(a)

rannchuidiú leis an athrú i dtreo geilleagair ísealcharbóin a bheidh tíosach ar acmhainní agus athléimneach ó thaobh na haeráide de, le cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú agus le stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú, lena n-áirítear tacú le líonra Natura 2000 agus dul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras;

(b)

feabhas a chur ar fhorbairt, ar chur chun feidhme agus ar fhorghníomhú bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus gníomhú mar chatalaíoch chun cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chomhtháthú agus a phríomhshruthú isteach i mbeartais eile de chuid an Aontais agus isteach i gcleachtas na hearnála poiblí agus príobháidí, agus chun an méid sin a chur chun cinn freisin, lena n-áirítear trí acmhainn na hearnála poiblí agus príobháidí a mhéadú;

(c)

tacú le rialachas comhshaoil agus aeráide níos fearr ar gach leibhéal, lena n-áirítear rannpháirtíocht níos fearr na sochaí sibhialta, ENRanna agus gníomhaithe áitiúla;

(d)

tacú le cur chun feidhme an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil.

Agus na cuspóirí sin á saothrú, rannchuideoidh Clár LIFE le forbairt inbhuanaithe agus le baint amach chuspóirí agus spriocanna Straitéis Eoraip 2020 agus straitéisí agus phleananna comhshaoil agus aeráide ábhartha an Aontais.

2.   Déanfar na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 1 a shaothrú trí bhíthin na bhfochlár seo a leanas:

(a)

an fochlár don Chomhshaol;

(b)

an fochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

3.   Déanfar measúnú ar fheidhmíocht Chlár LIFE de réir na dtáscairí seo a leanas go háirithe:

(a)

maidir leis an gcuspóir ginearálta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, feabhsuithe comhshaoil agus aeráide atá inchurtha. I ndáil leis an gcuspóir chun rannchuidiú le stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus í a aisiompú, déanfar na feabhsuithe comhshaoil atá inchurtha a thomhas trí bhíthin an chéatadáin de líonra Natura 2000 atá athchóirithe nó curtha faoi réir ag bainistíocht imleor, dromchla agus cineál na n-éiceachóras arna n-athchóiriú; agus líon agus cineál na ngnáthóg agus na speiceas a ndírítear orthu chun a stádas caomhnaithe a fheabhsú;

(b)

maidir leis na cuspóirí ginearálta atá nasctha leis an bhforbairt agus leis an gcur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, líon na n-idirghabhálacha arna bhforbairt nó arna ndéanamh lena ndéantar pleananna, cláir nó straitéisí a chur chun feidhme de bhun bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus líon na n-idirghabhálacha atá oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe nó a n-aistrithe;

(c)

maidir leis na cuspóirí ginearálta atá nasctha leis an gcomhtháthú agus leis an bpríomhshruthú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, líon na n-idirghabhálacha lena mbaintear sineirgí amach le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, nó a ndéantar iad a phríomhshruthú iontu, nó a chomhtháthú isteach i gcleachtas na hearnála poiblí nó príobháidí;

(d)

maidir leis an gcuspóir ginearálta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, líon na n-idirghabhálacha chun rialachas, scaipeadh faisnéise agus feasacht ar ghnéithe comhshaoil agus aeráide níos fearr a áirithiú.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun na táscairí feidhmíochta a shainiú tuilleadh i bhfianaise a gcur i bhfeidhm maidir le réimsí tosaíochta agus le tosaíochtaí téamacha dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Iarscríbhinn III faoi seach i dtaca leis an bhfochlár don Chomhshaol, agus in Airteagal 13 maidir leis an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

Airteagal 4

An Buiséad

1.   Déantar leis seo an t-imchlúdach airgeadais chun Clár LIFE a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go dtí 2020 a shocrú mar EUR 3 456 655 000 i bpraghsanna reatha, arb ionann é agus 0,318 % de mhéid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Is mar seo a leanas a bheidh an miondealú buiséadach le haghaidh na bhfochlár:

(a)

leithdháilfear EUR 2 592 491 250 den imchlúdach airgeadais foriomlán dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfochlár don Chomhshaol;

(b)

leithdháilfear EUR 864 163 750 den imchlúdach airgeadais foriomlán dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

Airteagal 5

Rannpháirtíocht tríú tíortha in Clár LIFE

Féadfaidh na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh in Clár LIFE:

(a)

tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar páirtithe iad sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE);

(b)

tíortha is iarrthóirí, iarrthóirí ionchasacha agus tíortha aontacha leis an Aontas;

(c)

tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa;

(d)

tíortha ar comhaltaí iad den Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle (24).

Saothrófar rannpháirtíocht den sórt sin i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha faoi seach lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta maidir le rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin i gcláir an Aontais.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas nó i dtíortha agus i gcríocha thar lear

1.   Gan dochar d'Airteagal 5, féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas agus i dtíortha agus i gcríocha thar lear (TCTLanna) i gcomhréir le Cinneadh 2001/822/CE (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) a mhaoiniú trí Chlár LIFE, ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach chun cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach agus chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo a áirithiú.

2.   Féadfaidh duine dlítheanach atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bheith rannpháirteach sna tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18, ar choinníoll go bhfuil an tairbhí a chomhordaíonn an tionscadal bunaithe san Aontas agus go gcomhlíonann an ghníomhaíocht atá le tabhairt chun críche lasmuigh den Aontas na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Comhar idirnáisiúnta

Agus Clár LIFE á chur chun feidhme, beidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus lena n-institiúidí agus lena gcomhlachtaí, indéanta de réir mar is gá ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 8

Comhlántacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go bhfuil an tacaíocht ó Chlár LIFE comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais fad a áiritheoidh siad freisin go gcuirfear chun feidhme bearta simplithe.

2.   Comhlíonfaidh oibríochtaí arna maoiniú faoi Chlár LIFE dlí an Aontais agus dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha an Aontais maidir le státchabhair. Go háirithe, déanfaidh Ballstáit cistiúchán faoi Chlár LIFE arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a chur in iúl don Choimisiún agus ní féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, ach amháin má chomhlíonann sé rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(1) agus Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 994/98.

3.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú idir Clár LIFE agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, d'fhonn sineirgí a chruthú, go háirithe i gcomhthéacs tionscadal comhtháite, agus chun tacú le húsáid réiteach, modhanna agus cineálacha cur chuige éagsúla arna bhforbairt mar chuid de Chlár LIFE. Déanfar an comhordú sin laistigh den chreat a bhunaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus tríd an gComhchreat Straitéiseach agus na sásraí a leagtar amach sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta mar a cheanglaítear leis an Rialachán sin.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus sineirgí freisin, agus seachnóidh sé forluí idir Clár LIFE agus beartais agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais, go háirithe Fís 2020 agus na cinn sin atá faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

TEIDEAL II

NA FOCHLÁIR

CAIBIDIL 1

An fochlár don Chomhshaol

Airteagal 9

Réimsí tosaíochta den fhochlár don Chomhshaol

1.   Beidh trí réimse tosaíochta i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol:

(a)

an Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní;

(b)

an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht:

(c)

Rialachas Comhshaoil agus Faisnéis Chomhshaoil.

2.   Cuimsíonn na réimsí tosaíochta dá dtagraítear i mír 1 na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inar gá, i gcomhréir le hAirteagal 29 chun cur le tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, iad a scriosadh nó a leasú, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

na tosaíochtaí a leagtar amach sa 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil;

(b)

na cuspóirí sonracha a leagtar amach do gach réimse tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 11 agus in Airteagal 12;

(c)

an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an chláir oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 24;

(d)

an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme na dtionscadal comhtháite;

(e)

na tosaíochtaí a thagann ó reachtaíocht nua chomhshaoil an Aontais a ghlactar tar éis 23 Nollaig 2013; nó

(f)

an taithí a fuarthas i gcur chun feidhme reachtaíocht chomhshaoil agus bheartas comhshaoil an Aontais atá ann cheana.

Déanfaidh an Coimisiún athmheas agus, más gá, athbhreithniú ar na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III tráth nach déanaí ná faoin meastóireacht mheántéarma ar Chlár LIFE dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(2).

3.   Déanfar ar a laghad 55 % de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontas gníomhaíochta faoin bhfochlár don Chomhshaol a thiomnú do thionscadail a thacaíonn le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 d'fhonn cur leis an gcéatadán dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo d'uasmhéid 10 %, ar choinníoll go bhfuil na cistí iomlána a iarrtar thar dhá bhliain i ndiaidh a chéile trí thograí a thagann faoi réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta agus a chomhlíonann íoscheanglais cháilíochta níos mó ná 20 % den mhéid comhfhreagrach arna ríomh don dá bhliain roimh na blianta sin.

Airteagal 10

Cuspóirí sonracha le haghaidh réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní

Is iad seo a leanas, go háirithe, cuspóirí sonracha an fhochláir don Chomhshaol le haghaidh réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní:

(a)

cineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, na cleachtais is fearr agus réitigh, lena n-áirítear forbairt agus léiriú teicneolaíochtaí nuálacha, ar dhúshláin chomhshaoil a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint, a bheidh oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe, lena n-áirítear maidir leis an nasc idir an comhshaol agus sláinte, agus mar thaca le beartas agus le reachtaíocht a bhaineann le bheith tíosach ar acmhainní, lena n-áirítear an Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní;

(b)

tacú le feidhmiú, le forbairt, le tástáil agus le taispeáint cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh pleananna agus clár a chur chun feidhme de bhun bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go príomha i réimsí an uisce, na dramhaíola agus an aeir;

(c)

feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a mheasúnú agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir leis na tosca, na brúnna agus na freagairtí a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol laistigh agus lasmuigh den Aontas a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Airteagal 11

Cuspóirí sonracha le haghaidh réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta

Is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an bhfochlár don Chomhshaol le haghaidh réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta:

(a)

rannchuidiú le forbairt agus le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020, agus Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, go háirithe trí chineálacha cur chuige, na cleachtais is fearr agus réitigh a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

(b)

tacú le forbairt bhreise agus le cur chun feidhme líonra Natura 2000 arna chur ar bun faoi Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, agus tacú le bainistiú a dhéanamh air, go háirithe cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh chur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú ar bhonn Airteagal 8 den Treoir sin a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

(c)

feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le beartas agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra agus maidir leis an mbithéagsúlacht a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir leis na tosca, na brúnna agus na freagairtí a mbíonn tionchar acu ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht laistigh agus lasmuigh den Aontas a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Airteagal 12

Cuspóirí sonracha le haghaidh réimse an Rialachais Chomhshaoil agus Faisnéise Comhshaoil

Is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an bhfochlár don Chomhshaol le haghaidh réimse tosaíochta an Rialachais Chomhshaoil agus Faisnéise Comhshaoil:

(a)

múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le cúrsaí comhshaoil, lena n-áirítear tacaíocht ón bpobal agus tacaíocht gheallsealbhóra a chothú maidir le ceapadh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil, agus eolas maidir le forbairt inbhuanaithe agus patrúin nua maidir le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b)

tacú le cumarsáid, le bainistiú, agus le scaipeadh faisnéise i réimse an chomhshaoil, agus comhroinnt eolais maidir le réitigh rathúla chomhshaoil agus cleachtas rathúil comhshaoil a éascú, lena n-áirítear trí ardáin chomhair i measc geallsealbhóirí a fhorbairt mar aon le hoiliúint;

(c)

comhlíonadh níos éifeachtaí reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, mar aon le cur chun feidhme na reachtaíochta sin, a chur chun cinn agus rannchuidiú leis, go háirithe trí bhíthin forbairt agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus na gcineálacha cur chuige maidir le beartas a chur chun cinn;

(d)

rialachas comhshaoil níos fearr a chur chun cinn trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ENRanna, a leathnú sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

CAIBIDIL 2

An fochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide

Airteagal 13

Réimsí tosaíochta den fhochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide

Beidh trí réimse tosaíochta i gceist leis an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide:

(a)

Maolú ar an Athrú Aeráide;

(b)

Oiriúnú don Athrú Aeráide;

(c)

Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide.

Airteagal 14

Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta maidir le Maolú ar an Athrú Aeráide

D'fhonn rannchuidiú le laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa, is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an réimse tosaíochta maidir le Maolú ar an Athrú Aeráide:

(a)

rannchuidiú le cur chun feidhme agus le forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear príomhshruthú ar fud na réimsí beartais, go háirithe trí chineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, na cleachtais is fearr agus réitigh maidir le maolú ar an athrú aeráide a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

(b)

feabhas a chur ar an mbonn eolais i ndáil le gníomhaíochtaí agus bearta éifeachtacha maidir le maolú ar an athrú aeráide a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus feabhas a chur ar an acmhainn an t-eolas sin a fheidhmiú sa chleachtas;

(c)

forbairt agus cur chun feidhme cineálacha cur chuige comhtháite a éascú, amhail le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú ar an athrú aeráide, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

(d)

rannchuidiú le forbairt agus le taispeáint teicneolaíochtaí, córas, modhanna agus ionstraimí maidir le maolú ar an athrú aeráide atá nuálaíoch agus oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe.

Airteagal 15

Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide

D'fhonn rannchuidiú le tacú le hiarrachtaí as a leanfaidh athléimneacht mhéadaithe in aghaidh an athraithe aeráide, is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an réimse tosaíochta maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide:

(a)

rannchuidiú le forbairt agus le cur chun feidhme bheartas an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear príomhshruthú ar fud na réimsí beartais, go háirithe trí chineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, na cleachtais is fearr agus réitigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige bunaithe ar an éiceachóras;

(b)

feabhas a chur ar an mbonn eolais i ndáil le gníomhaíochtaí agus bearta éifeachtacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus tosaíocht á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, dóibh siúd a bhfuil cur chuige bunaithe ar an éiceachóras á chur i bhfeidhm acu, agus feabhas a chur ar an acmhainn an t-eolas sin a fheidhmiú sa chleachtas;

(c)

forbairt agus cur chun feidhme cineálacha cur chuige comhtháite a éascú, amhail le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus tosaíocht á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, do chineálacha cur chuige bunaithe ar an éiceachóras;

(d)

rannchuidiú le forbairt agus le taispeáint teicneolaíochtaí, córas, modhanna agus ionstraimí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide atá nuálaíoch agus atá oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe.

Airteagal 16

Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta maidir le Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide

Is iad seo a leanas, go háirithe, a bheidh ina gcuspóirí sonracha ag an réimse tosaíochta maidir le Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide:

(a)

múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le cúrsaí aeráide, lena n-áirítear tacaíocht ón bpobal agus tacaíocht gheallsealbhóra a chothú maidir le ceapadh beartas an Aontais i réimse na haeráide, agus eolas maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(b)

tacú le cumarsáid, le bainistiú, agus le scaipeadh faisnéise i réimse na haeráide, agus comhroinnt eolais maidir le réitigh aeráide rathúla agus cleachtas aeráide rathúil a éascú, lena n-áirítear trí bhíthin ardáin chomhair i measc geallsealbhóirí a fhorbairt mar aon le hoiliúint;

(c)

comhlíonadh níos éifeachtaí reachtaíocht aeráide an Aontais, mar aon le cur chun feidhme na reachtaíochta sin, a chur chun cinn agus rannchuidiú leis, go háirithe trí bhíthin fhorbairt agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus na gcineálacha cur chuige maidir le beartas;

(d)

rialachas aeráide níos fearr a chur chun cinn trí chur le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear ENRanna, sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

TEIDEAL III

FORÁLACHA COITEANNA CUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

Cistiúchán

Airteagal 17

Cineálacha cistiúcháin

1.   Féadfaidh cistiúchán an Aontais a bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais i gcomhréir leis na forálacha maidir le hionstraimí airgeadais faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe Airteagal 139 agus Airteagal 140 de, agus le ceanglais oibríochtúla a leagtar amach i ngníomhartha sonracha an Aontais;

(d)

idirghabháil ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Déanfar cistiúchán faoin Rialachán seo arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a chur chun feidhme ar dhóigh is comhchuí le rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

4.   Déanfar 81 % ar a laghad de na hacmhainní buiséadacha do Chlár LIFE a leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontas gníomhaíochta nó, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin ionstraimí airgeadais amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir meastóireachta ex-ante mar a thagraítear di i bpointe (f) d'Airteagal 140(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, na hionstraimí airgeadais sin a áireamh mar chuid den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 24.

5.   Féadfar uasmhéid 30 % de na hacmhainní buiséadacha, a leithdháiltear ar na deontais ghníomhaíochta i gcomhréir le mír 4 a leithdháileadh ar thionscadail chomhtháite. Déanfar an t-uaschéatadán a athmheas faoi chuimsiú na meastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(2) agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis.

Airteagal 18

Tionscadail

Féadfar na tionscadail seo a leanas a mhaoiniú le deontais ghníomhaíochta:

(a)

treoirthionscadail;

(b)

tionscadail taispeántais;

(c)

tionscadail na gcleachtas is fearr;

(d)

tionscadail chomhtháite;

(e)

tionscadail cúnaimh theicniúil;

(f)

tionscadail forbartha acmhainní

(g)

tionscadail ullmhúcháin;

(h)

tionscadail faisnéise, feasachta agus scaipthe;

(i)

tionscadail ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 19

Critéir incháilitheachta agus dámhachtana agus roghnú tionscadal

1.   Comhlíonfaidh tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18 na critéir incháilitheachta bunaithe ar na sainmhínithe a leatar amach in Airteagal 2 agus na critéir dámhachtana seo a leanas:

(a)

is ar leas an Aontais a bheidh siad trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh chun ceann amháin de chuspóirí ginearálta Chlár LIFE a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, chomh maith leis na cuspóirí sonracha do na réimsí tosaíochta a liostaítear in Airteagal 9, na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, nó do na cuspóirí sonracha le haghaidh na réimsí tosaíochta a liostaítear in Airteagal 13;

(b)

áiritheofar leo cur chuige costéifeachtach agus beidh siad comhtháite ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de; agus

(c)

beidh siad fónta maidir leis an gcur chun feidhme arna bheartú.

2.   Beidh dámhachtain na dtionscadal faoi réir íoscheanglas cáilíochta a bheith á gcomhlíonadh ag na tionscadail i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.   Seachnófar leis na tionscadail a bheidh á maoiniú le Clár LIFE faoi réimse tosaíochta amháin an bonn a bhaint de chuspóirí comhshaoil nó aeráide i réimse tosaíochta eile agus, i gcásanna inar féidir, cuirfear sineirgí chun cinn leo idir na cuspóirí éagsúla chomh maith le húsáid an tsoláthair phoiblí ghlais.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún cothromaíocht gheografach do thionscadail chomhtháite trí thrí thionscadal comhtháite ar a laghad a leithdháileadh go táscach ar gach Ballstát, lena n-áiritheofar tionscadal comhtháite amháin ar a laghad faoin bhfochlár don Chomhshaol agus tionscadal comhtháite amháin ar a laghad faoin bhfochlár do Ghníomhaíocht Aeráide le linn chlárthréimhse LIFE dá dtagraítear in Airteagal 1.

Déanfar tionscadail chomhtháite a dháileadh d'fhonn na spriocanna a shocraítear i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 24(2) a chomhlíonadh do gach réimse dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2.

Chun a mheas an bhfuil soláthar shlógadh cistí Aontais, náisiúnta nó príobháideacha dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2 á chomhlíonadh, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le tograí le haghaidh tionscadal comhtháite:

(a)

ag an gcéad chéim den phróiseas iarratais: plean airgeadais; agus

(b)

ag an dara céim den phróiseas iarratais: litir intinne amháin ar a laghad, ar litir í lena léireofar a mhéid a shlógfar foinsí Aontais, náisiúnta nó príobháideacha ábhartha eile de chistiúchán, agus lena sonrófar foinsí cistiúcháin den sórt sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, ar feadh ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil, cothromaíocht gheografach a áirithiú do thionscadail eile seachas tionscadail chomhtháite a chuirtear isteach faoin bhfochlár don Chomhshaol, trí chistí a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát go léir de réir leithdháiltí náisiúnta táscacha arna mbunú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Sa chás nach bhfuil leithdháiltí náisiúnta táscacha infheidhme, is ar bhonn tuillteanais go heisiach a roghnófar tionscadail.

6.   Maidir leis an tsuim chómhaoinithe is gá chun tionscadail, seachas tionscadail chomhtháite, arna gcur isteach ag Ballstát a chistiú, agus gur tionscadail iad atá ar an liosta a bheidh tiomsaithe ag an gCoimisiún ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin, más lú í ná an leithdháileadh táscach don Bhallstát sin, úsáidfidh an Coimisiún, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a bheith á gcomhlíonadh, iarmhéid an leithdháilte náisiúnta tháscaigh sin chun na tionscadail sin arna gcur isteach ag Ballstáit eile, seachas tionscadail in TCTLanna, is mó a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a chómhaoiniú.

Le linn dó an liosta tionscadal a bheidh le cómhaoiniú a thíolacadh, tuairisceoidh an Coimisiún do Choiste Chlár LIFE maidir leis an gComhshaol agus le Gníomhú ar son na hAeráide i ndáil leis an gcaoi ar chuir sé na critéir leithdháiliúcháin a bunaíodh i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 san áireamh.

7.   Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar thionscadail thrasnáisiúnta nuair a bhíonn comhar trasnáisiúnta fíor-riachtanach le cosaint an chomhshaoil agus cuspóirí aeráide a ráthú, agus déanfaidh sé a dhícheall lena áirithiú go leithdháilfear 15 %, ar a laghad, de na hacmhainní buiséadacha atá tiomnaithe do thionscadail ar thionscadail thrasnáisiúnta. Breithneoidh an Coimisiún an ndéanfar cistiúchán a dhámhachtain do thionscadail thrasnáisiúnta fiú amháin i gcásanna inar sáraíodh iarmhéid leithdháilte náisiúnta tháscaigh Ballstáit amháin nó níos mó atá rannpháirteach sna tionscadail thrasnáisiúnta sin.

8.   Le linn an chéad chláir oibre ilbhliantúil, beidh Ballstát incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadal amháin forbartha acmhainní suas go dtí méid EUR 1 000 000, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil meánleibhéal ionsúcháin an Bhallstáit don bhliain 2010, don bhliain 2011 agus don bhliain 2012 dá leithdháileadh náisiúnta táscach, arna bhunú faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, faoi bhun 70 %;

(b)

go raibh OTI per capita an Bhallstáit in 2012 faoi bhun 90 % de mheán an Aontais; nó

(c)

gur aontaigh an Ballstát don Aontas i ndiaidh an 1 Eanáir 2013.

Le linn an dara clár oibre ilbhliantúil, beidh Ballstát incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadal amháin forbartha acmhainní suas go dtí méid EUR 750 000, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil meánleibhéal ionsúcháin an Bhallstáit dá leithdháileadh náisiúnta táscach don bhliain 2014, don bhliain 2015 agus don bhliain 2016, dá dtagraítear i mír 5, faoi bhun 70 %; agus

(b)

go mbeidh meánleibhéal ionsúcháin an Bhallstáit dá leithdháileadh náisiúnta táscach don bhliain 2014, don bhliain 2015 agus don bhliain 2016 méadaithe i gcomparáid leis an meánleibhéal ionsúcháin don bhliain 2010, don bhliain 2011 agus don bhliain 2012.

Chun bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadail forbartha acmhainní, geallfaidh an Ballstát acmhainní atá tiomnaithe do Chlár Life, lena n-áirítear inter alia leibhéil foirne, a choinneáil ar leibhéil nach bhfuil níos lú ná na leibhéil a bhí i bhfeidhm in 2012, ar feadh ré an chláir oibre ilbhliantúil. Beidh an gealltanas sin leagtha amach sa phlean forbartha acmhainní dá dtagraítear i mír 9.

D'eisceacht ar fhorálacha incháilitheachta na chéad fhomhíre agus an dara fomhír agus ar feadh ré iomlán Chlár LIFE, beidh Ballstát neamh-incháilithe le haghaidh cistiúcháin do thionscadail forbartha acmhainní má bhí OTI per capita in 2012 os cionn 105 % de mheán an Aontais. Déanfar cistiúchán do thionscadail forbartha acmhainní a theorannú do thionscadal amháin an Ballstát in aghaidh an chláir oibre ilbhliantúil.

9.   Bunóidh an Coimisiún nós imeachta dámhachtana mear do na tionscadail forbartha acmhainní go léir. Féadfar iarratais le haghaidh tionscadal forbartha acmhainní den sórt sin a chur isteach amhail ón 23 Nollaig 2013. Beidh iarratais bunaithe ar phlean forbartha acmhainní a bheidh le comhaontú idir an Ballstát agus an Coimisiún ina dtabharfar cuntas ar na hidirghabhálacha a bheidh le cistiú ag Clár LIFE chun go bhforbrófar acmhainn an Bhallstáit iarratais rathúla ar chistiúchán do thionscadail faoi na fochláir don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide a chur isteach. Féadfar na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna hidirghabhálacha sin, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

pearsanra nua a earcú agus oiliúint do phointí teagmhála náisiúnta nó réigiúnacha de chuid LIFE;

(b)

malartuithe taithí agus na gcleachtas is fearr a éascú agus scaipeadh agus úsáid torthaí tionscadal faoi Chlár LIFE a chur chun cinn;

(c)

cineálacha cur chuige i leith 'oiliúint don oiliúnóir';

(d)

cláir mhalartaithe agus iasachta idir na húdaráis phoiblí sna Ballstáit, go háirithe gníomhaíochtaí malartaithe maidir leis 'na daoine is fearr sa rang'.

Maidir leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear leis an bplean forbartha acmhainní, féadfaidh a bheith ar áireamh iontu saineolaithe a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí ad hoc san inniúlacht theicniúil agus próisis, ach ní fhéadfar a áireamh iontu saineolaithe a sholáthar, arb é a bpríomhfheidhm tograí a dhréachtadh lena gcur isteach faoi na glaonna bliantúla le haghaidh tograí.

Tabharfar cuntas freisin sa phlean forbartha acmhainní ar mheastacháin do chostais na n-idirghabhálacha sin.

Airteagal 20

Rátaí cómhaoinithe agus incháilitheacht costas le haghaidh tionscadal

1.   Beidh na huasrátaí cómhaoinithe do na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)

ar feadh ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil, suas go dtí 60 % de na costais incháilithe do na tionscadail go léir, seachas na tionscadail a shonraítear i bpointe (c), arna gcistiú faoin bhfochlár don Chomhshaol agus faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide araon;

(b)

ar feadh ré an dara clár oibre ilbhliantúil, suas go dtí 55 % de na costais incháilithe do na tionscadail go léir, seachas na tionscadail a shonraítear i bpointe (c), arna gcistiú faoin bhfochlár don Chomhshaol agus faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide araon;

(c)

ar feadh ré iomlán Chlár LIFE:

(i)

suas go dtí 60 % de na costais incháilithe do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (d), i bpointe (e) agus i bpointe (g) d'Airteagal 18;

(ii)

faoi réir phointe (iii), suas go dtí 60 % de na costais incháilithe do thionscadail arna gcistiú faoi réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta san fhochlár don Chomhshaol;

(iii)

suas go dtí 75 % de na costais incháilithe do thionscadail arna gcistiú faoi réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta san fhochlár don Chomhshaol a bhaineann le gnáthóga tosaíochta nó speicis thosaíochta le haghaidh chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE nó leis na speicis éan, a measann an Coiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Teicniúil agus Eolaíoch a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 2009/147/CE tosaíocht i dtaca le cistiúchán a bheith ag baint leo, nuair is gá sin chun an cuspóir caomhnaithe a bhaint amach;

(iv)

suas go dtí 100 % de na costais incháilithe do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 18.

2.   Leagtar síos na coinníollacha maidir le hincháilitheacht costas in Airteagal 126 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Áireofar CBL agus costais foirne le costais den sórt sin.

Sna meastóireachtaí meántéarma agus ex-post ar Chlár LIFE, soláthróidh an Coimisiún forléargas ar aisíocaíochtaí CBL in aghaidh an Bhallstáit a bheidh iarrtha ag tairbhithe tionscadal faoi Chlár LIFE ag an gcéim dheireanach íocaíochta.

3.   Measfar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe do mhaoiniú ón Aontas le haghaidh tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18 ar choinníoll:

(a)

go rannchuideoidh an ceannachán le feabhsú, le cothabháil agus le hathchóiriú shláine líonra Natura 2000 atá curtha ar bun faoi Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, lena n-áirítear trí nascthacht a fheabhsú trí chonairí, áiseanna foráis, nó eilimintí eile den bhonneagar glas a chruthú.

(b)

gurb é ceannach talún an t-aon bhealach amháin nó an bealach is costéifeachtaí chun an toradh is inmhianaithe i dtaobh caomhnú de a ghnóthú;

(c)

go gcuirfear an talamh arna ceannach in áirithe go fadtéarmach d'úsáid a bheidh ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11, in Airteagal 14 nó in Airteagal 15; agus

(d)

go n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh aistrithe nó ar dhóigh eile, go gcuirfear an talamh sin in áirithe go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

Airteagal 21

Deontais oibriúcháin

1.   Beidh deontais oibriúcháin ina dtacaíocht do chostais oibríochtúla agus riaracháin áirithe d'eintitis neamhbhrabúis a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu, atá gníomhach den chuid is mó i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide agus atá bainteach le beartas agus reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

2.   70 % de na costais incháilithe a bheidh in uasráta cómhaoinithe an Aontais le haghaidh deontas oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 22

Cineálacha eile gníomhaíochtaí

Féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú trí Chlár LIFE chun tacú le tionscnamh, cur chun feidhme agus príomhshruthú bheartais agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le gníomhaíochtaí den sórt sin:

(a)

faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais mhúscailte feasachta. Cuimseofar freisin sna hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide de bhun an Rialacháin seo cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, agus freisin maidir le stádas chur chun feidhme agus trasuíomh mhór-reachtaíocht uile chomhshaoil agus aeráide an Aontais;

(b)

staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(c)

ullmhú, cur chun feidhme, faireachán, seiceáil agus meastóireacht ar thionscadail, ar bheartais, ar chláir agus ar reachtaíocht;

(d)

ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

(e)

líonrú agus ardáin na gcleachtas is fearr;

(f)

gníomhaíocht ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 23

Tairbhithe

Féadfar comhlachtaí poiblí agus príobháideacha a chistiú le Clár LIFE.

D'fhonn feiceálacht Chlár LIFE a áirithiú, foilseoidh na tairbhithe Clár LIFE agus torthaí a dtionscadal, agus tacaíocht an Aontais a fhaightear i gcónaí á lua. Maidir le lógó Chlár LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn II, úsáidfear é do na gníomhaíochtaí cumarsáide go léir agus beidh sé ar chláir fógraí agus in áiteanna straitéiseacha inar féidir leis an bpobal é a fheiceáil. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú Chlár Life, beidh lógó Chlár LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún.

CAIBIDIL 2

Bearta cur chun feidhme

Airteagal 24

Cláir oibre ilbhliantúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh do Chlár LIFE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Ceithre bliana a bheidh i ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil agus trí bliana a bheidh i ré an dara clár oibre ilbhliantúil.

2.   Déanfar le gach clár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 3, an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

leithdháileadh cistí idir na réimsí tosaíochta agus idir na cineálacha éagsúla cistiúcháin faoi chuimsiú gach fochláir i gcomhréir le hAirteagal 9(3), le hAirteagal 17(4) agus le hAirteagal 17(5). Ní dhéanfar aon réamh-leithdháileadh breise maidir le deontais ghníomhaíochta tionscadail idir gach réimse tosaíochta nó lasmuigh díobh, cé is moite de thionscadail cúnaimh theicniúil agus de thionscadail forbartha acmhainní;

(b)

na topaicí tionscadail lena gcuirfear chun feidhme na tosaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le tionscadail a mhaoineofar le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(c)

torthaí, táscairí agus spriocanna atá cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaidh gach réimse tosaíochta agus cineáil tionscadal le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil i gcomhréir leis na táscairí feidhmíochta de bhun Airteagal 3(3) agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach le haghaidh gach réimse tacaíochta in Airteagail 10, 11, 12, 14, 15 agus 16;

(d)

an mhodheolaíocht theicniúil don nós imeachta roghnúcháin agus critéir roghnúcháin agus dámhachtana maidir le deontais i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012;

(e)

tráthchláir tháscacha le haghaidh na nglaonna ar thograí le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoi chuimse na gclár oibre ilbhliantúil, glaonna bliantúla le haghaidh tograí a fhoilsiú do na réimsí tosaíochta a liostaítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 13. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na cistí nár úsáideadh i nglao ar thograí ar leith a leithdháileadh idir na cineálacha éagsúla tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, an clár oibre ilbhliantúil a athbhreithniú faoi thráth na meastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE ar a dhéanaí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 25

Modhanna cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo á saothrú aige de réir mhodhanna chur chun feidhme an bhuiséid a leagtar amach in Airteagal 58 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe bainistiú díreach nó indíreach ag an gCoimisiún ar bhonn láraithe, nó comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 26

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

D'fhéadfadh sé go gcumhdódh leithdháileadh airgeadais Chlár LIFE caiteachas riachtanach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, cumarsáide agus meastóireachta atá ag teastáil go díreach chun bainistíocht a dhéanamh ar Chlár LIFE agus chun a chuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn rialta agus i gcomhar leis na pointí teagmhála náisiúnta de chuid LIFE, seimineáir agus ceardlanna a eagrú, liostaí de thionscadail arna gcistiú faoi Chlár LIFE a fhoilsiú nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile chun malartuithe taithí, eolais agus na gcleachtas is fearr maidir leis na tionscadail go léir agus macasamhlú agus aistriú torthaí ar fud an Aontais a éascú. Chun na críche sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi ghníomhaíochtaí a spriocdhíreoidh ar scaipeadh torthaí tionscadail i measc thairbhithe LIFE agus daoine eile, a dhíríonn go sonrach, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit ag a bhfuil glacadh íseal de chistí LIFE agus déanfaidh sé an chumarsáid agus an comhar idir tionscadail chríochnaithe nó tionscadail atá ar siúl fós a éascú le tairbhithe tionscadail nua, le hiarratasóirí nó le geallsealbhóirí sa réimse céanna.

Déanfaidh an Coimisiún seimineáir, ceardlanna ar leith nó, i gcás inarb iomchuí, cineálacha eile gníomhaíochtaí a eagrú gach dhá bhliain ar a laghad chun malartuithe taithí, eolais agus na gcleachtas is fearr a éascú maidir le dearadh, ullmhú agus cur chun feidhme tionscadal comhtháite chomh maith le héifeachtacht an chúnaimh a sholáthraítear trí thionscadail cúnaimh theicniúil. Is é a bheidh i gceist leis na gníomhaíochtaí sin cistí eile de chuid an Aontais agus geallsealbhóirí ábhartha eile a bheith á mbainistiú ag riaracháin náisiúnta nó réigiúnacha.

Airteagal 27

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme Chlár LIFE (agus a fhochlár), lena n-áirítear méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Déanfaidh sé measúnú freisin ar shineirgí idir Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus go háirithe idir a fhochláir. Déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí náisiúnta táscacha a ríomh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar feadh ré an dara clár oibre ilbhliantúil go heisiach ar mhaithe le tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún:

(a)

tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí na mbeart, tuarascáil sheachtrach neamhspleách mheastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE (agus a fhochláir), lena n-áirítear gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla dá chur chun feidhme, méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a mhéid a baineadh amach na sineirgí idir na cuspóirí, agus a chomhlántacht le cláir ábhartha eile an Aontais, baint amach chuspóirí na mbeart uile (ar leibhéal na dtorthaí agus na dtionchar, nuair is féidir), éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach Aontais an Chláir. Áireofar freisin sa tuarascáil mheastóireachta meántéarma sin anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil maidir le rannchuidiú Chlár LIFE le stádas caomhnúcháin na speiceas agus na ngnáthóg a liostaítear faoi Threoir 92/43/CEE agus faoi Threoir 2009/147/CE. Sa bhreis air sin díreoidh an mheastóireacht ar dheiseanna simpliúcháin, comhleanúnachas inmheánach agus sheachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, chomh maith leis an gcaoi ina rannchuidíonn na bearta faoi Chlár LIFE le cuspóirí agus spriocanna Straitéis Eoraip 2020 agus le forbairt inbhuanaithe. Cuirfear torthaí na meastóireachta maidir le hiarmhairt fhadtéarmach LIFE+ san áireamh ann. Beidh ráitis ón gCoimisiún in éineacht leis an tuarascáil mheastóireachta meántéarma lena n-áirítear an bealach ina gcuirfear torthaí na meastóireachta meántéarma ar áireamh agus Clár LIFE á chur chun feidhme, agus, go háirithe, a mhéid is gá na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a mhodhnú.

Beidh measúnú críochnúil sa tuarascáil mheastóireachta meántéarma maidir le méid agus cáilíocht an éilimh ar thionscadail chomhtháite, agus maidir le pleanáil agus chur chun feidhme na dtionscadal sin, nó beidh an measúnú sin ag gabháil leis an tuarascáil. Díreofar go sonrach ar an rath a fíoraíodh maidir le tionscadail chomhtháite, nó an rath a bhfuiltear ag súil leis ina dtaobh, i ngiaráil cistí eile de chuid an Aontais, ag cur san áireamh go háirithe tairbhí an chomhleanúnachais mhéadaithe le hionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, a mhéid a bhí na geallsealbhóirí rannpháirteach, nó a mhéid a clúdaíodh tionscadail faoi LIFE+ a bhí ann roimhe sin le tionscadail chomhtháite nó a bhfuiltear ag súil leis go gclúdófar leo iad.

(b)

tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, tuarascáil sheachtrach neamhspleách mheastóireachta ex-post ina gcumhdófar cur chun feidhme agus torthaí Chlár LIFE (agus a fhochlár), lena n-áirítear méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a mhéid atá Clár LIFE ina iomláine, agus gach ceann dá fhochlár, tar éis a chuspóirí a bhaint amach, a mhéid a fíoraíodh na sineirgí idir na cuspóirí éagsúla, agus rannchuidiú Chlár LIFE le cuspóirí agus spriocanna Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach. Scrúdófar freisin sa tuarascáil mheastóireachta ex-post a mhéid a baineadh amach comhtháthú chuspóirí an chomhshaoil agus na haeráide i mbeartais eile an Aontais agus, a mhéid is féidir, an tairbhe eacnamaíoch a baineadh amach trí Chlár LIFE chomh maith leis an tionchar agus leis an mbreisluach do na pobail atá rannpháirteach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo ar fáil go poiblí.

Airteagal 28

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleacha a ghearradh.

2.   Ar bhonn doiciméad agus ar bhonn seiceálacha ar an láthair, beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar gach tairbhí, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoi Chlár LIFE.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann cistiúchán den sórt sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (25) d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiúchán an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, déanfaidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhacht shainráite a thabhairt don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

3.   Coimeádfaidh tairbhithe chistí an Aontais gach doiciméad tacaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas ar aon tionscadal, ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deireanaí a rinneadh i leith an tionscadail sin, agus beidh siad ar fáil don Choimisiún.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar ann chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), in Airteagal 9(1a) agus in Airteagal 9(2a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 23 Nollaig 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), in Airteagal 9(1a) agus in Airteagal 9(2a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), Airteagal 9(1a) agus Airteagal 9(2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh Coiste Chlár LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 32

Bearta idirthréimhseacha

1.   D'ainneoin na chéad mhíre d'Airteagal 31, i gcás beart a tosaíodh roimh an 31 Eanáir 2014 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, leanfaidh siad de bheith faoi rialú an Rialacháin sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad agus comhlíonfaidh siad na forálacha teicniúla arna sainiú ann. Glacfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 30(1) den Rialachán seo ionad an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 amhail ón 23 Nollaig 2013.

2.   D'fhéadfadh sé go gcumhdódh an leithdháileadh airgeadais do Chlár LIFE speansais maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin freisin, lena n-áirítear aon fhaireachán, cumarsáid agus meastóireacht éigeantach is gá de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 i ndiaidh dó dul in éag, chun an trasdul idir na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 agus Clár LIFE a áirithiú.

3.   Na méideanna a theastóidh laistigh den imchlúdach airgeadais chun foráil a dhéanamh do bhearta faireacháin, cumarsáide agus iniúchóireachta sa tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020, ní mheasfar iad a bheith deimhnithe ach amháin má bhíonn siad ag luí leis an gcreat airgeadais a bheidh infheidhme ón 1 Eanáir 2021.

4.   Úsáidfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta a eascraíonn as aisíoc méideanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, chun Clár LIFE a mhaoiniú.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh éifeacht aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 111.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 61.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (IO L 149, 9.6.2007, lch. 1).

(5)  Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal "Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid"

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(8)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú sa Chomhphobal Eorpach ("Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear") (IO L 314, 30.11.2001, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 (Féach leathanach 470 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 (Féach leathanach 281 den Iris Oifigiúil seo).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (IO L 209, 11.8.2005, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(16)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(17)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(18)  Cinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Féach leathanach 924 den Iris Oifigiúil seo).

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal 93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (IO L 142, 14.5.1998, lch. 1).

(21)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(22)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 lena leasaítear Rialachán (CCE) Uimh. 1210/90 maidir le bunú na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus an líonra Eorpaigh um fhaisnéis agus breathnóireacht ar an gcomhshaol (IO L 117, 5.5.1999, lch. 1).

(25)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Critéir chun leithdháiltí náisiúnta táscacha a bhunú do thionscadail, seachas tionscadail chomhtháite, arna gcur isteach faoin bhfochlár don Chomhshaol.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, cistí a leithdháileadh i measc na mBallstát go léir don chlárthréimhse LIFE dá dtagraítear in Airteagal 1 do thionscadail seachas tionscadail chomhtháite, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

an Daonra

(i)

daonra iomlán gach Ballstáit (ualú 50 %); agus

(ii)

dlús daonra gach Ballstáit, suas go dtí teorainn dhá oiread mheándlús daonra an Aontais (ualú 5 %).

(b)

an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht

(i)

limistéar iomlán láithreáin Natura 2000 do gach Ballstát arna shloinneadh mar chion de limistéar iomlán Natura 2000 (ualú 25 %); agus

(ii)

cion de chríoch Ballstáit arna chumhdach ag láithreáin Natura 2000 (ualú 20 %).


ANNEXE II

Logo du programme LIFE

Image 1L3472013GA110120131211GA0001.0002241241Dearbhú comhpháirteachó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)1.Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.2.Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;(b)na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;(c)ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;(d)éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus(e)athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.3.I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.5.Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:triúr ón gComhairle,triúr ó Pharlaimint na hEorpa,ionadaí amháin ón gCoimisiún,agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).6.Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.L3472013GA18510120131211GA0009.000420812081Ráitis ón gCoimisiúnAn t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháilIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar learIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.L3472013GA25910120131217GA0015.000228012801Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA28110120131217GA0016.000328812881Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ChomhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.L3472013GA28910120131217GA0017.000330213021Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA30310120131217GA0018.000231713171Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.L3472013GA30310120131217GA0018.000331813181Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.L3472013GA30310120131217GA0018.000431913191Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTCTugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.L3472013GA32010120131217GA0019.001546614661Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 67Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 67 (4) lena n-eisiatar feidhmiú na gcostas simplithe a leagtar amach in Airteagal 67 (1) (b)-(d) i gcásanna ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal ar cuid í nó é d'oibríocht chun feidhme go heisiach trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, nach gcoiscfear leis an Airteagal sin cur chun feidhme oibríochta trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndéanann an tairbhí íocaíochtaí chuig an gconraitheoir mar thoradh orthu ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar chostais aonad atá réamhshainithe. Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún gur fíorchostais a tabhaíodh iarbhír agus a d'íoc an tairbhí faoi Airteagal 67 (1) (a) iad na costais a chinnfear agus a íocfaidh an tairbhí, ar costais iad a bheidh bunaithe ar na costais aonad sin a leagtar síos trí na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.L3472013GA32010120131217GA0019.001646714671Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá nasctha le hathbhunú leithreasaíComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, lena gcuirfear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar comhréim leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20, forálacha is gá chun na socruithe le haghaidh leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta a chur i bhfeidhm agus maidir le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 39 (tionscnamh FBM) a chur chun feidhme faoin Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna i gcomhair na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir leis na nithe a leanas a athbhunú:i.leithreasaí a bhí geallta le haghaidh clár i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta agus nárbh fholáir iad a shaoradh mar thoradh ar thosaíochtaí faoi na cláir sin nár baineadh a ngarspriocanna amach agus;ii.leithreasaí a bhí geallta i ndáil le cláir thiomnaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 39(4)b agus nárbh fholáir iad a shaoradh de bhrí go raibh gá ann le deireadh a chur le rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais.L3472013GA32010120131217GA0019.001746814681Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1Má bhíonn gá le tuilleadh maoluithe a mbeidh bonn cirt leo ar na rialacha comhchoiteanna d'fhonn sonraíochtaí i CEMI agus i CETFT a chur san áireamh, geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach na maoluithe sin a cheadú trí dhul ar aghaidh le dúthracht iomchuí chuig na modhnuithe riachtanacha ar an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.L3472013GA32010120131217GA0019.001846914691Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haon chúlghabhálacht i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) a eisiamhComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a leanas:maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagal 26 (2) den Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, leis na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh na Ballstáit chun go mbeidh na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) rannpháirteach in ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár dá dtagraítear in Airteagal 5 (2) áirítear na gníomhaíochtaí go léir a ghlacfaidh na Ballstáit ar leibhéal praiticiúil beag beann ar a dtráthúlacht mar aon leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad roimh dó siúd teacht i bhfeidhm agus roimh lá theacht i bhfeidhm an ghníomhartha tharmligthe le haghaidh cód iompair Eorpaigh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán céanna, le linn na gcéimeanna ullmhúcháin de nós imeachta clársceidealaithe de chuid Ballstáit, ar an gcoinníoll go mbainfear amach cuspóirí an phrionsabail comhpháirtíochta a leagtar síos sa Rialachán sin. Faoi chuimsiú an méid sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena n inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na ndréachtchlár a mholtar araon, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin agus leis na rialacha sonracha maidir le cistí;ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ar chor ar bith, go díreach nó go hindíreach ag an ngníomh tarmligthe lena leagtar síos cód iompair Eorpach, a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a fhormheas, ós rud é nach bhfuil sé ceaptha le reachtas AE cumhachtaí ar bith a thabhairt don Choimisiún lena bhféadfadh sé diúltú d'fhormheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár bunaithe amháin ar aon chineál neamh chomhlíonadh an chóid iompair Eorpaigh, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an dréacht-téacs den ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoi Airteagal 5(3) a chur ar fáil dóibh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an dáta ar a nglacfaidh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ná an dáta ar a vótálfar an dréacht thuarascáil maidir leis an Rialachán sin ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, cibé dáta acu siúd is túisce.L3472013GA54910120131217GA0022.000460716071Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cros-chomhlíonadhIarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ag na Ballstáit Threoir 2000/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce agus Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuirfear na Treoracha sin chun feidhme sna Ballstáit uile agus nuair a shainaithneofar na hoibleagáidí sin is infheidhme go díreach maidir le feirmeoirí, togra reachtach a thíolacadh chun codanna ábhartha na dTreoracha sin a áireamh i gcóras an tras-chomhlíonta.

IARSCRÍBHINN III

Tosaíochtaí téamacha don fhochlár don Chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 9(2)

A.

Réimse tosaíochta an Chomhshaoil agus Éifeachtúlachta Acmhainní:

(a)

Tosaíochtaí téamacha don Uisce, lena n-áirítear an mhuirthimpeallacht: gníomhaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don uisce a leagtar amach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

cineálacha cur chuige comhtháite chun Treoir 2000/60/CE a chur chun feidhme;

(ii)

gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(iii)

gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme chlár bhearta Threoir 2008/56/CE d'fhonn dea-stádas comhshaoil d'uiscí muirí a bhaint amach;

(iv)

gníomhaíochtaí chun úsáid shábháilte agus éifeachtúil acmhainní uisce a áirithiú, feabhas a chur ar bhainistiú cainníochtúil uisce, ardleibhéal cáilíochta uisce a choinneáil agus mí-úsáid agus meath acmhainní uisce a sheachaint.

(b)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh Dramhaíola: gníomhaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don dramhaíl a leagtar amach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh clár agus pleananna dramhaíola a chur chun feidhme;

(ii)

gníomhaíochtaí le haghaidh reachtaíocht dramhaíola an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt, agus béim ar leith ar chéad chéimeanna ord réitigh dramhaíola an Aontais (cosc, athúsáid agus athchúrsáil);

(iii)

gníomhaíochtaí le haghaidh éifeachtúlachta acmhainní agus thionchar shaolré na dtáirgí, patrún tomhaltais agus dhí-ábharú an gheilleagair.

(c)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh Éifeachtúlachta Acmhainní, lena n-áirítear an ithir agus foraoiseacha, agus an geilleagar glas agus ciorclach: gníomhaíochtaí le haghaidh chur chun feidhme an Treochláir maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus le haghaidh an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, ar gníomhaíochtaí iad nach cumhdaítear le tosaíochtaí téamacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí le haghaidh siombóise tionsclaíche agus aistriú eolais, agus samhlacha nua a fhorbairt don aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh agus ghlais;

(ii)

gníomhaíochtaí don Straitéis Théamach Ithreach (Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2006 dar teideal "Straitéis Théamach do Chosaint Ithreach") le béim ar leith ar mhaolú agus ar chúiteamh séalú ithreach agus ar úsáid níos fearr talún;

(iii)

gníomhaíochtaí le haghaidh córas faireachán agus faisnéise maidir le foraoiseacha agus chun tinte foraoiseacha a chosc.

(d)

Tosaíochtaí téamacha don Chomhshaol agus don tSláinte, lena n-áirítear ceimiceáin agus torann: gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don chomhshaol agus don tsláinte a leagtar amach sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (REACH) agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha) chun úsáid níos sábháilte, níos inbhuanaithe nó níos tíosaí de cheimiceáin a áirithiú (lena n-áirítear nana-ábhair);

(ii)

gníomhaíochtaí tacaíochta chun cur chun feidhme Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (an Treoir maidir le Torann) a éascú chun leibhéil torann a shroicheadh nach n-eascraíonn tionchair dhiúltacha shuntasacha agus rioscaí do shláinte an duine acu;

(iii)

gníomhaíochtaí tacaíochta chun mórthionóiscí a sheachaint, go háirithe cur chun feidhme Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (Treoir Seveso III).

(e)

Tosaíochtaí téamacha do Cháilíocht agus Astaíochtaí Aeir, lena n-áirítear an timpeallacht uirbeach: gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha don aer agus d'astaíochtaí sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní agus sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, go háirithe:

(i)

cineálacha cur chuige comhtháite maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta um Cháilíocht Aeir;

(ii)

gníomhaíochtaí tacaíochta chun comhlíonadh a éascú maidir le cáilíocht aeir agus astaíochtaí gaolmhara aeir, lena n-áirítear Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta);

(iii)

gníomhaíochtaí tacaíochta i ndáil le cur chun feidhme feabhsaithe Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha) agus béim speisialta ar fheabhas a chur ar an bpróiseas na teicnící is fearr atá ar fáil a shainiú agus a chur chun feidhme, rochtain phoiblí shaoráideach ar fhaisnéis a áirithiú agus rannchuidiú na Treorach maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha leis an nuálaíocht a fheabhsú.

B.

Réimse tosaíochta an Dúlra agus na Bithéagsúlachta:

(a)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh an Dúlra: gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí atá dírithe ar fheabhas a chur ar stádas caomhnaithe gnáthóg agus speiceas, lena n-áirítear gnáthóga agus speicis mhara, agus speicis éan, a bhaineann le leas an Aontais.

(ii)

gníomhaíochtaí a thacaíonn le seimineáir bhith-gheografacha líonra Natura 2000;

(iii)

cineálacha cur chuige comhtháite maidir le creataí gníomhaíochta tosaíochta a chur chun feidhme.

(b)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh na Bithéagsúlachta: gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020, go háirithe:

(i)

gníomhaíochtaí atá dírithe ar rannchuidiú le Sprioc 2 a chur i gcrích;

(ii)

gníomhaíochtaí atá dírithe ar rannchuidiú le Sprioc 3, le Sprioc 4 agus le Sprioc 5 a chur i gcrích.

C.

Réimse Tosaíochta an Rialachais Chomhshaoil agus Faisnéise Comhshaoil

(a)

faisnéis, cumarsáid agus feachtais múscailte feasachta i gcomhréir le tosaíochtaí an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol;

(b)

gníomhaíochtaí a thacaíonn le próiseas rialaithe éifeachtach chomh maith le bearta chun comhlíonadh a chur chun cinn i ndáil le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, agus a thacaíonn le córais faisnéise agus uirlisí faisnéise maidir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur chun feidhme.


(1)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baoil tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 27).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(5)  Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).

(6)  Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer (IO L 309, 27.11.2001, lch. 22).

(7)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).


Ráitis ón gCoimisiún

An t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháil

Is ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.

Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear

Is ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.

Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.

Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

209


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1294/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (1)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá éascaíocht mhór déanta ag an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil um chustaim a bhí i bhfeidhm roimh 2014 ar chomhar idir údaráis chustaim laistigh den Aontas agus tá feabhas mór curtha aige ar an gcomhar sin. Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis na Ballstáit uile agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Le clár Custam ar leibhéal an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtaí ná gach Ballstát a bheith ag bunú a chreata comhair aonair ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go n-áiritheofaí go leanfar leis an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil a bhí ann cheana trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, Clár Custam 2020 ('an Clár').

(2)

Maidir leis na gníomhaíochtaí faoin gClár, eadhon na Córais Eorpacha Faisnéise, na gníomhaíochtaí comhpháirteacha le haghaidh oifigeach custaim agus na tionscnaimh oiliúna coitinne, beidh siad ina gcuidiú leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste inbhuanaithe uilechuimsitheach a chur i gcrích trí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú. Ó tharla go mbeidh an Clár ina chreat ag gníomhaíochtaí atá ceaptha údaráis chustaim agus chánachais a dhéanamh níos éifeachtaí agus nuachóirithe, iomaíochas gnólachtaí a neartú, fostaíocht a chur chun cinn agus réasúnú agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát a leasanna airgeadais agus eacnamaíocha, agus iad siúd de chuid an Aontais, a chosaint, neartóidh sé feidhmiú an Aontais Chustaim go gníomhach, sa chaoi go bhféadfaidh gnólachtaí agus saoránaigh leas a bhaint as acmhainn iomlán an mhargaidh inmheánaigh agus na trádála domhanda.

(3)

D'fhonn próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart don Chlár a bheith oscailte do thíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar chuntar go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha áirithe. Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla an gheilleagair dhomhanda á gcomhshnaidhmeadh le chéile diaidh ar ndiaidh, ba cheart go leanfar leis an gClár d’fhoráil a dhéanamh maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe. Meastar gur bunriachtanach é go mbíonn saineolaithe seachtracha rannpháirteach aon uair nach féidir na cuspóirí a bhaineann le clár a bhaint amach gan rannchuidiú ó na saineolaithe sin. Déanann cur ar bun na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála comhar agus comhleanúnachas maidir le cúrsaí beartais a éascú i réimse atá ina ghné ábhartha de straitéisí agus gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach araon.

(4)

Ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcuspóirí an Chláir na fadhbanna agus na dúshláin atá sainaitheanta ó thaobh cúrsaí custaim de sna deich mbliana amach romhainn. Ba cheart go leanfadh an Clár de ról a bheith aige i réimsí sár-thábhachtacha amhail cur chun feidhme comhleanúnach dhlí an Aontais i réimse an chustaim agus nithe gaolmhara eile. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár bheith dírithe ar leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint agus ar shábháilteacht agus slándáil a chosaint. Ba cheart go gcuimseofaí leis sin, inter alia, comhar agus comhthiomsú faisnéise idir údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais a dhéanann faireachán ar an margadh agus na húdaráis chustaim. Ba cheart an Clár a dhíriú freisin ar thrádáil a éascú, agus déanfar sin ar bhealaí éagsúla, inter alia trí iarrachtaí comhpháirteacha calaois a chomhrac agus trí acmhainn riaracháin na n-údarás custaim a mhéadú. Faoi chuimsiú an méid sin, ba cheart anailís chostais/sochair a dhéanamh ar threalamh braite agus ar an teicneolaíocht a bhaineann leis chun gur fusa a bheidh sé d'údaráis chustaim uirlisí nua-aimseartha le haghaidh rialú custaim a fháil i ndiaidh 2020. Ba cheart fiosrú freisin cé hiad na bealaí a d'fhéadfadh bheith ann chun uirlisí nua-aimseartha le haghaidh rialuithe custaim a fháil, lena n-áirítear soláthar poiblí comhpháirteach.

(5)

Tá sé léirithe go bhfuil na huirlisí Cláir a bhí i bhfeidhm roimh 2014 leordhóthanach agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a choinneáil. I bhfianaise an ghá atá le comhar oibríochtúil níos struchtúrtha, ba cheart uirlisí breise a chur leis an gclár, eadhon, foirne saineolaithe atá comhdhéanta de shaineolaithe de chuid an Aontais agus saineolaithe náisiúnta chun tascanna i réimsí ar leith a chur i gcrích i gcomhar lena chéile, agus gníomhaíochtaí chun acmhainní riarachán poiblí a fhorbairt lenar cheart cúnamh speisialaithe a chur ar fáil do na tíortha rannpháirteacha sin a bhfuil forbairt ar a n-acmhainní riaracháin de dhíth orthu.

(6)

Tá ról sár-riachtanach ag na córais Eorpacha faisnéise ó thaobh córais chustaim san Aontas a neartú agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith á maoiniú faoin gClár. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí córais faisnéise nua a bhaineann le cúrsaí custaim agus a bhunaítear faoi dhlí an Aontais a chur leis an gClár. Ba cheart córais Eorpacha faisnéise, nuair is iomchuí, a bhunú ar shamhlacha forbraíochta comhroinnte agus ar struchtúir teicneolaíochta faisnéise, d'fhonn cur le solúbthacht agus éifeachtúlacht sa riarachán custaim.

(7)

Ba cheart go ndéanfaí leis inniúlachtaí an duine a fhorbairt trí oiliúint choiteann agus ba cheart í sin a chur ar fáil faoin gClár. Ní mór d'oifigigh chustaim a gcuid eolais agus scileanna a mhéadú agus a choinneáil cothrom le dáta chun riachtanais an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gClár i bhforbairt scileanna daoine trí thacaíocht a thabhairt chun oiliúint níos fearr a chur ar oifigigh chustaim agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Chun na críche sin, ba cheart clár tacaíochta ilghnéitheach do chúrsaí oiliúna san Aontas a fhorbairt as an gcur chuige um oiliúint choiteann atá san Aontas faoi láthair, atá bunaithe den chuid is mó ar ríomhfhoghlaim lárnach a fhorbairt.

(8)

Ba cheart don Chlár tábhacht chuí a thabhairt, agus scair leordhóthanach a bhuiséid a leithdháileadh, d'oibriú na gCóras Eorpach Faisnéise atá ann cheana le haghaidh oifigeach custaim agus do Chórais Eorpacha Faisnéise nua a fhorbairt atá riachtanach do chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart na meáin iomchuí a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a thabharfadh le chéile oifigigh ag obair leis na húdaráis custaim agus ar inniúlacht an duine a fhorbairt. Ina theannta sin, ba cheart go bhforálfaí sa chlár méid áirithe solúbthachta buiséadaí d'fhonn freagairt d'athruithe i dtosaíochtaí beartais.

(9)

Ba cheart don Chlár tréimhse seacht mbliana a chumhdach chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (2).

(10)

Leagtar síos leis an gRialachán seo clúdach airgeadais do thréimhse iomlán an Chláir a bheidh ina mhéid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséid agus bainistíocht fhónta airgeadais (3) ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(11)

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE' cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh. Ba cheart go n-áiritheodh na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais chun tacú le feidhmiú an aontais chustaim.

(12)

Ba cheart na bearta is gá chun gnéithe airgeadais an Rialacháin seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5).

(13)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis a chur i bhfeidhm.

(14)

Tá comhar maidir le measúnú cliste riosca sár-riachtanach chun go gcuirfear ar chumas nangnólachtaí atá comhlíontach agus iontaofa an buntáiste is fearr a bhaint as simpliú an ríomh-riaracháin chustaim, agus chun go bhféadfar díriú ar neamhrialtachtaí.

(15)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cláir oibre bhliantúla a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(16)

Chun freagairt go hiomchuí d'athruithe i dtosaíochtaí beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú na gcuspóirí sonracha a thomhas agus maidir le modhnú a dhéanamh ar na suimeanna táscacha a leithdháiltear ar gach saghas gníomhaíochta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(17)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár ilbhliantúil a bhunú chun feidhmiú an aontais custam a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstát ós rud é nach nach bhfuil siad in ann an comhar agus an comhordú is gá a dhéanamh go héifeachtúil chun an Clár a chur i gcrích, ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontaism, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(18)

Ba cheart a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste an chláir Custam 2020 chun an Clár a chur chun feidhme.

(19)

Chun an measúnú ar an gClár a éascú, ba cheart go mbunófaí ón tús creat iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach faoin gClir. Ba cheart go ndéanfaí measúnú meántéarmach ar bhaint amach chuspóirí an Chláir, ar éifeachtúlacht an chláir agus ar a bhreisluach Eorpach. Sa bhreis air sin, ba cheart go ndéileálfaí le tionchar fadtéarmach agus le héifeachtaí inbhuanaitheachta an Chláir i measúnú deireadh. Ba cheart trédhearcacht iomlán a áirithiú mar aon le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a dhéanamh go tráthrialta ar fhaireachán agus ar mheastóireacht. Ba cheart go mbeadh na meastóireachtaí sin bunaithe ar tháscairí, chun éifeachtaí an Chláir a thomhas i gcoinne bunlínte réamh-shainithe. Ba cheart do na táscairí, inter alia, tomhas a dhéanamh ar an tréimhse ama a mbeadh an Líonra Cumarsáide Coiteann ar fáil lena linn gan teipeanna córais mar is ag brath air sin atá feidhmiú cuí na gCóras Eorpach Faisnéise uile chun go gcomhoibreoidh na húdaráis chustaim go héifeachtúil laistigh den aontas custaim.

(20)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), rialaítear an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann údaráis inniúla a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún a bheith i gcomhréir leis na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(21)

Gabhann an Rialachán seo ionad Chinneadh Uimh. 624/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (9). Ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear clár ilbhliantúil 'Custam 2020' ("an Clár") leis seo chun tacú le feidhmiú an aontais chustaim.

2.   Cumhdóidh an Clár an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "údaráis chustaim" na húdaráis atá freagrach as rialacha maidir le cúrsaí custaim a chur i bhfeidhm;

(2)

ciallaíonn "saineolaithe seachtracha":

(a)

ionadaithe de chuid údarás rialtasach, lena n-áirítear údaráis rialtasacha tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár, de bhun Airteagal 3(2)

(b)

oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

ionadaithe de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile.

Airteagal 3

Rannpháirtíocht sa Chlár

1.   Is na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 na tíortha rannpháirteacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2.

2.   Féadfaidh aon cheann de na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha atá ag tairbhiú de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat-chomhaontuithe lena mbaineann, sna cinntí lena mbaineann ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla;

(b)

tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais.

Beidh na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír rannpháirteachsa Chlár i gcomhréir leis na forálacha a chinnfear leis na tíortha sin tar éis creat-chomhaontuithe a bhunú maidir lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais.

Airteagal 4

Rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoin gClár

Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe a reáchtálfar faoin gClár aon uair atá sé sin bunriachtanach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a bhaint amach. Is ar bhonn scileanna, taithí agus eolais atá ábhartha do na gníomhaíochtaí i gceist a roghnóidh an Coimisiún, in éineacht le tíortha rannpháirteacha, na saineolaithe sin.

Airteagal 5

Cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chláir go dtacófar le feidhmiú agus nuachóiriú an aontais chustaim d'fhonn an margadh inmheánach a neartú trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n-údaráis chustaim agus a n-oifigigh. Déanfar an cuspóir ginearálta a shaothrú trí cuspóirí sonracha a ghnóthú.

2.   Is iad na cuspóirí sonracha go dtacófar le húdaráis chustaim leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na calaoise agus cearta maoine intleachtúla a chosaint, go gcuirfear leis an tsábháilteacht agus leis an tslándáil, go ndéanfar saoránaigh agus an comhshaol a chosaint, go gcuirfear lena gcumas riaracháin agus go gcuirfear lena iomaíche atá gnólachtaí Eorpacha.

Déanfar na cuspóirí sonracha a bhaint amach go háirithe:

(a)

trí ríomhairiú;

(b)

trí bhealaí cur chuige nua-aimseartha agus comhchuibhithe i ndáil le nósanna imeachta agus rialuithe custaim;

(c)

trí thrádáil dhlisteanach a éascú;

(d)

trí chostais chomhlíonta agus ualach riaracháin a laghdú; agus

(e)

trí fheidhmiú na n-údarás custaim a fheabhsú.

3.   Déanfar baint amach na gcuspóirí sonracha a thomhas ar bhonn na dtáscairí atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Nuair is gá, féadfar na táscairí sin a choigeartú le linn thréimhse an Chláir.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

Cuspóirí oibríochtúla

Is é seo a leanas cuspóirí oibríochtúla an Chláir:

(a)

tacú le hullmhú, cur i bhfeidhm comhleanúnach agus cur chun feidhme éifeachtach dhlí agus bheartas an Aontais i réimse an chustaim;

(b)

na Córais Eorpacha Faisnéise le haghaidh oifigeach custaim a fhorbairt, a fheabhsú, a oibriú agus tacaíocht a thabhairt dóibh;

(c)

na cleachtais oibre agus na nósanna imeachta riaracháin is fearr a shainaithint, a fhorbairt, a roinnt agus a chur i bhfeidhm, go háirithe ag leanúint de ghníomhaíochtaí tagarmharcála,

(d)

scileanna agus inniúlachtaí oifigeach custaim a atreisiú,

(e)

comhar a fheabhsú idir údaráis chustaim agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, tríú tíortha agus údaráis eile rialtasacha, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais a dhéanann faireachas ar an margadh, maraon le oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son oibreoirí eacnamaíocha.

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

Soláthróidh an Clár, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14, tacaíocht airgeadais do na cineálacha seo a leanas gníomhaíochta:

(a)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha:

(i)

seimineáir agus ceardlanna;

(ii)

grúpaí tionscadal, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe go beacht, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n-áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

(iii)

turais oibre arna reáchtáil ag na tíortha rannpháirteacha nó ag tír eile chun cur ar a gcumas d'oifigigh a gcuid saineolais nó tuisceana ar chúrsaí custaim a leathnú, nó chun an saineolas nó an tuiscint sin a shealbhú; i gcás turas oibre arna reáchtáil laistigh de thríú tíortha, ní bheidh incháilithe faoin gClár ach costais taistil agus chothaithe (lóistín agus liúntas laethúil);

(iv)

gníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus oifigigh de chuid na dtíortha rannpháirteacha chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, chun aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint, agus, nuair is iomchuí, chun moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;

(v)

foirne saineolaithe, eadhon saghsanna comhair struchtúrtha, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a gcuid saineolais chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus a bhfuil, b'fhéidir, seirbhísí tacaíochta comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh acu;

(vi)

forbairt ar acmhainní riaracháin chustaim agus gníomhaíochtaí chun tacú leis sin;

(vii)

staidéir;

(viii)

gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;

(ix)

aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla atá leagtha amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6;

(b)

acmhainní TF a fhorbairt: forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar chomhpháirteanna an Aontais de na córais Eorpacha faisnéise atá leagtha amach i Roinn AA d'Iarscríbhinn I agus ar Chórais Eorpacha Faisnéise nua arna mbunú faoi dhlí an Aontais

(c)

inniúlacht daonna a fhorbairt: gníomhaíochtaí oiliúna coitinne a dhéanamh chun na scileanna gairmiúla riachtanacha agus an t-eolas riachtanach ar chúrsaí custaim a neartú.

Airteagal 8

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.   Ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’ Airteagal 7.

2.   Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil an phróifíl agus na cáilíochtaí oiriúnacha acu a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

3.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha na bearta is gá, i gcás inarb iomchuí, chun na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt maidir leis na gníomhaíochtaí sin agus trí fhéachaint chuige go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as torthaí na ngníomhaíochtaí.

Airteagal 9

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le hacmhainní TF a fhorbairt

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha go ndéanfar na córais Eorpacha faisnéise dá dtagraítear i Roinn A d'Iarscríbhinn II a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil mar is iomchuí.

2.   I gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, comhordóidh an Coimisiún na gnéithe sin a bhaineann le bunú agus le feidhmiú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais, a liostaítear amach i Roinn B d'Iarscríbhinn II, agus na gcomhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad, a gcuirtear síos orthu i bpointe C d'Iarscríbhinn II, de chuid na gCóras Eorpacha Faisnéise dá dtagraítear i Roinn A d'Iarscríbhinn II a bhfuil gá leo d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhais orthu i dtólamh.

3.   Is ar an Aontas a thitfidh na costais a ghabhann le fáil, forbairt, suiteáil, cothabháil agus oibríocht laethúil na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais. Is ar na tíortha rannpháirteacha a thitfidh na costais a ghabhann le fáil, forbairt, suiteáil, cothabháil agus oibríocht laethúil na gcomhpháirteanna sin nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad.

Airteagal 10

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le hinniúlacht an duine a fhorbairt

1.   Ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí oiliúna coitinne dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7.

2.   Nuair is iomchuí, déanfaidh na tíortha rannpháirteacha ábhar oiliúna a forbraíodh i gcomhpháirt a ionchorprú ina gcuid clár oiliúna náisiúnta, lena n-áirítear modúil ríomhfhoghlama, cláir oiliúna agus caighdeáin oiliúna ar comhaontaíodh orthu.

3.   Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha go gcuirfear ar a gcuid oifigeach an oiliúint tosaigh agus an oiliúint leanúnach is gá chun scileanna coiteanna gairmiúla agus eolas a shealbhú i gcomhréir leis na cláir oiliúna.

4.   Cuirfidh na tíortha rannpháirteacha an oiliúint teanga is gá ar a gcuid oifigeach chun go bhféadfaidh siad leibhéal cumais a bhaint amach atá leordhóthanach le bheith rannpháirteach sa Chlár.

CAIBIDIL III

CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 11

Creat airgeadais

1.   Is é EUR 522 934 000 i bpraghsanna reatha an clúdach airgeadais a bheidh ann chun an Clár a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Déanfar na leithreasaí bliantúla a údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag angComhairle laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdháilfear méideanna táscacha ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 7, laistigh de na céatadáin a leagtar amach in Iarscríbhinn III do gach cinéal gníomhaíochta. Féadfaidh an Coimisiún imeacht ón leithdháileadh táscach cistí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ach ní fhéadfaidh sé sciar leithdháilte an imchlúdaigh airgeadais a mhéadú níos mó ná 10 % do gach cineál gníomhaíochta.

Más gá an teorainn sin a sharú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, ar ghníomhartha iad lena ndéanfar an leithdháileadh táscach cistí a leagtar amach in Iarscríbhinn III sin a mhodhnú.

Aireagal 12

Cineálacha idirghabhála

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Beidh tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhartha incháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 7 sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

aisíocaíocht costas arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Beidh an ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas le 100 % de na costais incháilithe igcás liúntas laethúla, costas taistil agus chóiríochta agus costais atá nasctha le himeachtaí a eagrú.

Sonrófar sna cláir oibre bhliantúla an ráta cómhaoinithe is infheidhme nuair a éileoidh na gníomhaíochtaí go mbronnfar deontais.

4.   Sa leithdháileadh airgeadais don Chlár féadtar a chumhdach freisin:

(a)

speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá de dhíth chun an Clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí an Chláir seo;

(b)

speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar fhaisnéis a phróiseáil agus a mhalartú; agus

(c)

speansais do gach cineál cúnaimh theicniúil agus riaracháin eile arna dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistiú an Chláir.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair maoiniú ón Aontas faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 (11) d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maoinithe faoin Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

Clár oibre

1.   Chun an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla oibre a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear cuspóirí an Chláir chun feidhme tríd an méid a leanas a chinneadh:

(a)

na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla mar a leagtar amach iad in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, an modh cur chun feidhme lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na rialacha mionsonraithe chun foirne saineolaithe a bhunú dá dtagraítear i bpointe(v) de phointe (a) d’Airteagal 7 agus na torthaí a thuartar;

(b)

miondealú ar an mbuiséad de réir an chineáil ghníomhaíochta;

(c)

an ráta cómhaoiniúcháin do dheontais dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2.   Agus an clár oibre bliantúil á ullmhú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an cur chuige coiteann maidir leis an mbeartas custaim san áireamh. Déanfar an cur chuige sin a athbhreithniú go rialta agus a bhunú i gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus na Ballstáit faoi chuimsiú an Ghrúpa um Bheartas Custaim, atá comhdhéanta de cheannairí riarachán custaim ó na Ballstáit nó a n-ionadaithe agus ionadaithe de chuid an Choimisiúin.

Coinneoidh an Coimisiún an Grúpa um Beartas Custaim ar an eolas faoi bhearta maidir le cur chun feidhme an Chláir.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don.Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(3) agus sa dara fomhír d’Airteagal 11(2) don tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2014 agus dar críoch an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(3) agus sa dara fomhír d’Airteagal 11(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé aon difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(3) agus an dara fomhír d'Airteagal 11(2) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 17

Faireachán ar ghníomhaíochtaí faoin gClár

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, faireachán ar chur chun feidhme an chláir agus ar ghníomhaíochtaí faoin gClár ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh an Coimisiún toradh an fhaireacháin a chur ar fáil don phobal.

3.   Úsáidfear torthaí an fhaireacháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an gClár i gcomhréir le hAirteagal 18.

Airteagal 18

Meastóireacht

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lár téarma agus tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach ar an gClár faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maidir leis na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Déanfar torthaí na meastóireachtaí sin, lena n-áirítear easnaimh mhóra sainaitheanta, a chomhtháthú ina gcinntí maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fheadfaí a dhéanamh ar an gClár iardain. Is meastóir seachtrach neamhspleách a dhéanfaidh na meastóireachtaí sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2018, tuarascáil mheastóireachta lár téarma a tharraingt suas, ar tuarascáil í faoi bhaint amach cuspóirí ghníomhaíochtaí faoin gCláir, faoi éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus faoi bhreisluach an Chláir, ar an leibhéal Eorpach.Díreofar sa tuarascáil sin freisin ar shimpliú, ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí, agus ar rannchuidiú an chláir le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2021 tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus faoin iarmhairt fhadtéarmach agus faoi inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir a tharraingt suas

4.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tabharfaidh na tíortha rannpháirteacha, arna iarraidh sin don Choimisiún, na sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha chun rannchuidiú lena thuarascálacha meastóireachta lár téarma agus críochnaitheacha.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 624/2007/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoin gCinneadh sin, de bheith faoi réir an Chinnidh sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an 2 Nollaig 2013 creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 - 2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (CE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an AE agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  Cinneadh Uimh. 624/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam sa Chomhphobal (Custam 2013) (IO L 154,14.6.2007, lch. 25).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Táscairí

Déanfar baint amach na gcuspóirí sin dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas:

(a)

déanfaidh an t-aiseolas a thabharfaidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár agus úsáideoirí innéacs an chláir tomhas ar aireachtáil gheallsealbhóirí faoin gClár maidir le tionchar ghníomhaíochtaí an Chláir inter alia i dtéarmaí an méid a leanas:

(i)

tionchar líonraithe gníomhaíochtaí faoin gClár,

(ii)

tionchar comhair gníomhaíochtaí faoin gClár;

(b)

líon na dtreoirlínte agus na moltaí a eiseofar tar éis gníomhaíochtaí faoin gClár maidir le cineálacha nua-aoiseacha, comhchuibhithe cur chuige i leith nósanna imeachta custaim;

(c)

an Líonra Choitinn Cumarsáide le haghaidh Tháscaire na gCóras Eorpach faisnéise, lena dtomhaisfear infhaighteacht an líonra choitinn atá bunriachtanach chun na Córais Eorpacha Faisnéise a bhaineann le cúrsaí Custam a reáchtáil. Ba cheart go mbeadh an líonra ar fáil 98 % den am;

(d)

an tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme, lena dtomhaisfear an dul chun cinn i ndáil le dlí agus beartais an Aontais a ullmhú, a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme i réimse an inter alia ar an mbonn seo a leanas:

(i)

líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár a eagrófar sa réimse seo, go háirithe maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, ceisteanna na sábháilteachta agus na slándála, an comhrac i gcoinne na calaoise agus an tslándáil sa slabhra soláthair;

(ii)

líon na moltaí a eiseofar tar éis na ngníomhaíochtaí sin;

(e)

Táscaire Infhaighteachta an Chórais Eorpaigh Faisnéise lena dtomhaisfear infhaighteacht chomhpháirteanna an Aontais, ar comhpháirteanna d'fheidhmchláir TF custaim iad. Ba cheart go mbeidís siúd ar fáil 97 % den am le linn uaireanta gnó, 95 % den am taobh amuigh de na huaireanta sin;

(f)

Innéacs an Dea-Chleachtais agus na dTreoirlínte,lena dtomhaisfear an t-athrú a thiocfaidh ar shainaithint, forbairt, roinnt agus cur i bhfeidhm an dea-chleachtais oibre agus nósanna imeachta ar bhonn, inter alia, an méid seo a leanas:

(i)

líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár a eagrófar sa réimse seo,

(ii)

líon na dtreoirlínte agus na ndea-chleachtas a roinnfear;

(g)

an innéacs Foglama,lena tomhaisfear an dul chun cinn a thiocfaidh as gníomhaíochtaí faoin gClár arb é is aidhm dóibh scileanna agus inniúlachtaí oifigigh chustaim a athneartú agus ar bhonn, inter alia, an méid a leanas:

(i)

líon na n-oifigeach a gcuirtear oiliúint orthu trí ábhar coiteann oiliúna de chuid an Aontais a úsáid,

(ii)

líon na n-amanna a rinneadh modúil ríomhFhoghlama de chuid an Chláir a íoslódáil;

(h)

an Táscaire don Chomhar le tríú páirtithe, lena bunófar an chaoi a dtacóidh an clár le húdaráis nach údaráis custaim de chuid na mBallstát iad trí líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár a dtacaítear leis an gcuspóir sin leo a thomhas.


IARSCRÍBHINN II

Córais Eorpacha Faisnéise agus a gcomhpháirteanna Aontais agus neamh-Aontais

A.

Is iad seo a leanas na Córais Eorpacha Faisnéise:

(1)

an líonra cumarsáide coiteann/comheadán coiteann na gcóras (CCN/CSI – CCN2), CCN mail3, an droichead CSI, an droichead http, CCN LDAP agus uirlisí gaolmhara, tairseach gréasáin CCN, faireachán CCN;

(2)

córais chúltaca, go háirithe an uirlis chumraíochta feidhmchláir do CCN, an uirlis tuairiscithe gníomhaíochta (ART2), bainistíocht leictreonach Taxud na dtionscadal ar líne (TEMPO), uirlis bhainistíochta seirbhíse (SMT), an córas bainistíochta úsáideoirí (UM), an córas BPM, an deais infhaighteachta agus AvDB, tairseach do bhainistíocht seirbhíse TF, bainistíocht eolairí agus rochtana úsáideoirí;

(3)

Spás faisnéise agus cumarsáide an chláir (PICS);

(4)

na córais ghluaiseachta custaim, go háirithe an Córas (Nua) Ríomhchuidithe Idirthurais (N(C)TS), NCTS TIR don Rúis, an Córas Rialaithe Onnmhairí (ECS) agus an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS). Tacaíonn na feidhmchláir/comhpháirteanna seo a leanas leis na córais sin: an córas um malartú faisnéise le tríú tíortha (droichead SPEED), Nód Tiontaire Edifact SPEED (SPEED-ECN), Feidhmchlár Tástála Caighdeánach SPEED (SSTA), An Feidhmchlár Tástála Idirthurais Caighdeánach (SSTA), an Feidhmchlár Tástála Idirthurais (TTA), na Seirbhísí Lárnacha/Sonraí Tagartha (CSRD2) agus na Seirbhísí Lárnacha/Córas Bainistíochta Faisnéise (CS/MIS);

(5)

Córas Bainistíochta Riosca don Chomhphobal (CRMS) lena gcumhdaítear na Foirmeacha Faisnéise faoi Rioscaí agus fearainn fheidhmiúla CPCA do na Próifílí Coiteanna;

(6)

Córas na n-Oibreoirí Eacnamaíocha (EOS) lena gcumhdaítear Clárú agus Sainaithint Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI), Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO), Seirbhísí Rialta Loingseoireachta (RSS) agus aithint fhrithpháirteach le fearainn fheidhmiúla na dtíortha comhpháirtíochta. Is ionann an tSeirbhís Aonchineálach Gréasáin agus comhpháirt don chóras seo;

(7)

an córas cuótaí (TARIC3) arb ionann é agus córas sonraí tagartha le haghaidh feidhmchlár eile amhail an córas bainistíochta cuótaí (QUOTA2), an córas bainistíochta agus faireacháin um fhaireachas (SURV2), an Córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha (EBTI3), agus an Fardal Eorpach Custaim maidir le Substaintí Ceimiceacha (ECICS2). Tá na feidhmchláir a bhaineann leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus le fionraíochtaí (Fionraíochtaí) ag bainistiú faisnéis dhlíthiúil a bhfuil nasc díreach aici leis an gcóras taraifí;

(8)

na feidhmchláir chun críocha rialaithe, go háirithe an Córas Bainistíochta Eiseamal (SMS) agus an Córas Faisnéise um Nósanna Imeachta a Phróiseáil (ISPP);

(9)

an córas frith-ghóchumtha agus frith-phíoráideachta (COPIS);

(10)

an Córas Scaipthe Sonraí (DDS2) lena mbainistítear an fhaisnéis uile a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi tríd an Idirlíon;

(11)

an Córas Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS); agus

(12)

aon chórais eile san áireamh sa phlean straitéiseach ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus i gcomharbhaí an phlean sin.

B.

Is iad comhpháirteanna Aontais na gcóras Eorpach faisnéise:

(1)

sócmhainní TF amhail crua-earraí, bogearraí agus naisc líonra na gcóras lena n-áirítear an bonneagar sonraí gaolmhar;

(2)

seirbhísí TF is gá chun tacú leis na córais a fhorbairt, a chothabháil, a fheabhsú agus a oibriú; agus

(3)

agus aon eilimintí eile atá, ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe, sainaitheanta ag an gCoimisiún mar comheilimintí ag na tíortha rannpháirteacha.

C.

Is iad na comhpáirteanna neamh-Aontais de na Córais Faisnéise Eorpacha iad na comhpháirteanna nach sainaithnítear mar chomhpháirteanna Aontais i Roinn B.

(1)  Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht chustaim gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (IO L 23, 26.1.2008, lch. 25).


IARSCRÍBHINN III

Leithdháileadh táscach cistí

Déanfar cistí a leathdháileadh go táscach do ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 7 mar a leanas:

Cineálacha gníomhaíochta

Scair den chlúdach airgeadais

(i %)

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha

20 % ar a mhéid

Acmhainní TF a fhorbairt

75 % ar a laghad

Inniúlacht daonna a fhorbairt

5 % ar a mhéid


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

221


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1295/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4), an chéad fhleasc d'Airteagal 167(5) agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé d'aidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) aontas níos dlúithe a chur ar bun idir pobail na hEorpa agus tugann don Aontas an cúram, inter alia, chun rannchuidiú le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlachta náisiúnta agus réigiúnaí agus ag an am céanna a áirithiú gur ann do na dálaí is gá d'iomaíochas thionscal an Aontais. Chuige sin, tacaíonn agus forlíonann an tAontas, más gá, gníomhaíochtaí na mBallstát d'fhonn éagsúlacht chultúrtha agus teanga a urramú, i gcomhréir le hAirteagal 167 CFAE agus le Coinbhinsiún UNESCO 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn ("Coinbhinsiún UNESCO 2005"), treisíonn sé iomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus éascaíonn sé oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha.

(2)

Tá tacaíocht an Aontais d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta bunaithe go príomha ar an taithí a fuarthas le cláir an Aontais atá leagtha amach i gCinneadh Uimh. 1718/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ("clár MEDIA"), Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ("Clár cultúir") agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ("Clár MEDIA Mundus"). Rannchuidíonn Cinneadh 1622/2006/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ("gníomh i leith Phríomhchathair Chultúir na hEorpa) agus Cinneadh Uimh. 1194/2011/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ("gníomh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaí") le gníomhartha an Aontais chun tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

(3)

Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach don chultúr i ndomhan domhandaitheach', a d'fhormhuinigh an Chomhairle i rún an 16 Samhain 2007 (9) agus Parlaimint na hEorpa ina rún an 10 Aibreán 2008 (10), na cuspóirí do ghníomhaíochtaí todhchaíochta an Aontais d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá sé d'aidhm aige éagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, an cultúr mar chatalaíoch don chruthaitheacht sa chreat le haghaidh fáis agus post agus an cultúr mar ghné ríthábhachtach de chaidreamh idirnáisiúnta an Aontais.

(4)

Maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 11, Airteagal 21 agus Airteagal 22 de, déanann earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta rannchuidiú tábhachtach leis an gcomhrac i gcoinne gach cineál idirdhealaithe lena n-áirítear ciníochas agus seineafóibe agus is ardán tábhachtach iad le haghaidh na saoirse tuairimí a nochtadh agus chun urraim d'éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn.

(5)

Le Coinbhinsiún Unesco 2005, a tháinig i bhfeidhm an 18 Márta 2007, agus a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, cuirtear in bhfios go láidir go bhfuil gné chultúrtha agus gné eacnamaíoch araon ag baint le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí cultúrtha agus seirbhísí cultúrtha, toisc go gcuireann siad féiniúlachtaí, luachanna agus bríonna in iúl, agus ní mór, dá bhrí sin, gan caitheamh leo amhail is nach bhfuil acu ach luach tráchtála amháin. Tá sé d'aidhm ag an gCoinbhinsiún sin an comhar idirnáisiúnta a threisiú, lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta comhléiriúcháin agus comhdháileacháin, agus an dlúthpháirtíocht a threisiú freisin d'fhonn léiriú cultúrtha na dtíortha agus na ndaoine aonair uile a chothú. Sonraítear ann freisin go bhfuil aird chuí le tabhairt d'imthosca agus riachtanais speisialta na ngrúpaí sóisialta éagsúla, lena n-áirítear daoine a bhaineann le mionlaigh. Dá réir sin, ba cheart go gcothófaí éagsúlacht cultúr ar an leibhéal idirnáisiúnta le clár tacaíochta d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún sin.

(6)

Ba cheart, freisin, go rannchuideofaí le feabhsú ar luach na láithreán ábhartha, agus go dtabharfaí, ag an am céanna, tuiscint do na pobail ar an úinéireacht atá acu ar luach cultúrtha agus stairiúil láithreán den sórt sin, tríd an oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a chur chun cinn, i bhfianaise, inter alia, Choinbhinsiún 2003 Unesco maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe agus Choinbhinsiún 1972 Unesco maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint.

(7)

Sainítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Eoraip 2020 straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach" ("Straitéis Eoraip 2020"), straitéis lena ndírítear ar gheilleagar cliste, inbhuanaithe, agus uilechuimsitheach a dhéanamh de gheilleagar an Aontais, a mbeidh leibhéil arda fostaíochta, táirgiúlachta, agus comhtháthaithe shóisialta á soláthar ann. Sa straitéis sin, thug an Coimisiún dá aire gur gá don Aontas dálaí creata níos mealltaí a sholáthar le haghaidh nuálaíochta agus cruthaitheachta. Maidir leis sin, is foinse smaointe nuálacha iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, smaointe ar féidir táirgí agus seirbhísí a chruthaíonn fás agus fostaíocht agus a chabhraíonn le dul i ngleic le hathruithe sa tsochaí a dhéanamh díobh. Ina theannta sin, tá barr feabhais agus iomaíochas sna hearnálacha sin, go príomha mar thoradh ar iarrachtaí ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus gairmithe nach mór a chur chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart rochtain ar mhaoiniú d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fheabhsú.

(8)

Ina conclúidí maidir le seirbhísí faisnéise um shoghluaisteacht le haghaidh ealaíontóirí agus gairmithe cultúir (11), dhaingnigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir don Aontas agus chun a cuspóirí i Straitéis Eoraip 2020 a shaothrú, agus d'iarr sí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, ina réimsí inniúlachtaí faoi seach agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, soláthar faisnéise atá cuimsitheach agus beacht d'ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúir ar mian leo gluaisteacht laistigh den Aontas a éascú.

(9)

D'fhonn cur le feabhsú ar an réimse comhroinnte cultúir, tá sé tábhachtach soghluaisteacht thrasnáisiúnta ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta agus cúrsaíocht thrasnáisiúnta na saothar cruthaitheach agus cultúrtha, lena n-áirítear saothair agus táirgí closamhairc, a chur chun cinn, agus, ar an tslí sin, malartuithe cultúr agus idirphlé idirchultúrachais a chur chun cinn.

(10)

Bhí cláir MEDIA, Cultúr agus MEDIA Mundus faoi réir faireacháin rialta agus meastóireachtaí seachtracha, agus eagraíodh comhairliúcháin phoiblí maidir lena dtodhchaí, ar comhairliúcháin iad as a dtagann sé chun solais go bhfuil ról an-tábhachtach ag na cláir sin ó thaobh éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn. Dealraíonn sé freisin ó na gníomhaíochtaí faireacháin, meastóireachta agus comhairliúcháin sin, chomh maith le ó staidéir neamhspleácha éagsúla, go háirithe an staidéar ar ghné fiontraíochta na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach, go bhfuil dúshláin chomónta os comhair earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, mar atá na hathruithe tapa arb é is cúis leo an t-aistriú digiteach agus domhandú, ilroinnt an mhargaidh a bhaineann le héagsúlacht teanga, deacrachtaí ó thaobh rochtain ar mhaoiniú, nósanna imeachta casta riaracháin agus easpa sonraí inchomparáide, a dteastaíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais uathu uile.

(11)

Tá earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta éagsúlaithe feadh línte náisiúnta agus teanga, a bhfuil de thoradh air tírdhreach cultúir thar a bheith neamhspleách agus saibhir ó thaobh an chultúir de, a chuireann guth ar fáil do thraidisiúin chultúrtha éagsúla oidhreacht na hEorpa. Bíonn éagsúlacht den chineál sin, áfach, ina cúis le sraith bacainní freisin a chuireann bac ar chúrsaíocht thrasnáisiúnta rianúil saothar cultúrtha agus cruthaitheach agus a chuireann isteach ar shoghluaisteacht ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta laistigh den Aontas agus lasmuigh de, rud a bhféadfadh éagothromaíochtaí geografacha agus, ina dhiaidh sin, rogha shrianta don tomhaltóir a bheith mar thoradh air.

(12)

Ós rud é gur príomhthréith d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta í an éagsúlacht teanga a mbíonn ilroinnt ó thaobh teangacha de mar thoradh uirthi i roinnt earnálacha, tá fotheidealú, dubáil, agus reacaireacht bunriachtanach maidir le saothair chultúrtha agus chruthaitheacha, lena n-áirítear saothair chlosamhairc, a chur i gcúrsaíocht.

(13)

Tá tionchar ollmhór ag an aistriú digiteach ar an gcaoi a ndéantar earraí agus seirbhísí cultúrtha agus cruthaitheacha, a mbainistítear iad, a scaiptear iad, a mbíonn rochtain orthu, a n-úsáidtear iad agus a gcuirtear luach airgid orthu. Cé gur cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le féachaint le cothromaíocht nua a bhaint amach idir inrochtaineacht saothar cruthaitheach agus cultúrtha a mhéadú, luach saothair cothrom a bheith ag ealaíontóirí agus cruthaitheoirí agus teacht chun cinn samhlacha gnó nua, cuireann na hathruithe atá ann mar thoradh ar an aistriú digiteach deiseanna leathana ar fáil d'earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus do shochaí na hEorpa i gcoitinne. Féadfaidh costais dáilte níos ísle, bealaí nua dáileacháin, an acmhainn atá ann lucht éisteachta nua agus níos mó a fhorbairt, agus deiseanna nua do tháirgí nideoige rochtain a éascú agus cúrsaíocht saothar cultúrtha agus cruthaitheach ar fud an domhain a mhéadú. D'fhonn leas iomlán a bhaint as na deiseanna in agus oiriúnú do chomhthéacs an aistrithe dhigitigh agus domhandaithe, ní mór d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta scileanna nua a fhorbairt agus teastaíonn rochtain níos mó ar mhaoiniú uathu chun trealamh a uasghrádú, táirgeadh nua agus modhanna dáilte a fhorbairt agus a samhlacha gnó a oiriúnú.

(14)

Tá cleachtais reatha dáilte ina mbonn taca don chóras maoinithe do scannáin. Mar sin féin, tá gá níos mó agus níos mó poiblíocht a dhéanamh ar thairiscintí mealltacha dleathacha ar líne atá ag teacht chun cinn agus nuálaíocht a spreagadh. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, modhanna nua dáileacháin a chur chun cinn d'fhonn ligean do shamhlacha nua gnó teacht chun cinn.

(15)

Is saincheist leanúnach do go leor oibreoirí pictiúrlainne beaga, go háirithe oibreoirí scáileáin aonair, é digitiú na bpictiúrlann, mar gheall ar chostais arda an trealaimh dhigitigh. Cé gur ag na Ballstáit go príomha atá inniúlacht i leith cultúir agus gur cheart dóibh dá bhrí sin leanúint de dhul i ngleic leis an tsaaincheist seo ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, de réir mar is iomchuí, tá acmhainn mhaoinithe ann ó chláir agus ó chistí an Aontais, go háirithe na cinn sin atá dírithe ar fhorbairt áitiúil agus réigiúnach.

(16)

Ar mhaithe le lucht éisteachta a fhorbairt, go háirithe daoine óga, tá gá le gealltanas ar leith ó thaobh an Aontais, go háirithe, chun tacú le litearthacht meán agus scannáin.

(17)

Ar cheann de na dúshláin is mó d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do mhicrea-eagraíochtaí agus d'eagraíochtaí beaga agus meánmhéide, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, tá an deacracht atá le sárú acu maidir le rochtain a fháil ar na cistí a theastaíonn uathu chun a ngníomhaíochtaí a mhaoiniú, chun a n-iomaíochas a fhás, a chothabháil agus a mhéadú nó a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú. Cé gur dúshlán comónta é seo do FBManna i gcoitinne, tá an cás i bhfad níos achrannaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta de bharr chomh doláimhsithe atá go leor dá gcuid sócmhainní, próifíl fréamhshamhla a ngníomhaíochtaí, agus an gá intreach atá acu le dul i riosca, turgnaimh a dhéanamh agus a bheith nuálaíoch. Ní mór go dtuigfeadh an earnáil airgeadais an dul i riosca agus go dtacódh sí leis.

(18)

Mar threoirthionscadal, is tionscnamh trasearnálach é Comhaontas Eorpach na dTionscal Cruthaitheach a thacaíonn go príomha leis na tionscail chruthaitheacha ar leibhéal beartais. Tá sé d'aidhm aige cistí breise a fháil do thionscail chruthaitheacha agus an t-éileamh ar sheirbhísí tionscal cruthaitheach a spreagadh i measc tionscal agus earnálacha eile. Déanfar tástáil ar uirlisí nua d'fhonn tacaíocht níos fearr a thabhairt do nuálaíocht i dtionscail chruthaitheacha agus déanfar giaráil orthu chun fónamh d'ardán foghlama beartais lena gcuimsítear páirtithe leasmhara Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha.

(19)

Trí cláir MEDIA, Cultúr agus MEDIA Mundus reatha d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a thabhairt le chéile laistigh de chlár réime aonair cuimsitheach ('an Clár'), thabharfaí tacaíocht níos éifeachtaí do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí agus d'eagraíochtaí beaga agus meánmhéide ina gcuid iarrachtaí chun buntáiste a bhaint as na deiseanna a chuireann an t-aistriú digiteach agus domhandú ar fáil agus chabhrófaí leo dul i ngleic le saincheisteanna a bhfuil ilroinnt margaidh ag eascairt astu faoi láthair. D'fhonn a bheith éifeachtach, ba cheart don Chlár nádúr sonrach na n-earnálacha éagsúla, a spriocghrúpaí éagsúla agus a riachtanais shonracha a chur san áireamh trí chineálacha cur chuige sainoiriúnaithe laistigh de dhá fhochlár neamhspleácha agus de shraith thrasearnálach. Go háirithe, tá sé tábhachtach sineirgíochtaí a áirithiú ar an leibhéal cur chun feidhme idir an Clár agus na straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh speisialtóireachta cliste. Chuige sin, ba cheart go mbunófaí, leis an gClár, struchtúr comhchuibhithe tacaíochta d'earnálacha difriúla an chultúir agus na cruthaitheachta arbh é a bheadh ann córas deontas arna chomhlánú le hionstraim airgeadais.

(20)

Le clár tacaíochta d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ba cheart go gcuirfí san áireamh cineál déach an chultúir agus na ngníomhaíochtaí cultúrtha, agus aitheantas á thabhairt ar thaobh amháin do luach intreach agus ealaíonta an chultúir agus, ar an taobh eile, do luach eacnamaíoch na n-earnálacha sin, lena n-áirítear an méid a chuireann siad leis an gcruthaitheacht, leis an nuáil agus leis an gcuimsiú sóisialta sa tsochaí ina hiomláine.

(21)

Maidir le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart luach intreach an chultúir agus nádúr sonrach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur san áireamh, lena n-áirítear a thábhachtaí atá na heagraíochtaí neamhbhrabúis agus na tionscadail a thagann faoin bhFochlár Cultúir.

(22)

Ba cheart d'ionstraim airgeadais féinmhaoinitheach, an tSaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta ("an tSaoráid Ráthaíochta"), cur ar chumas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcoitinne fás, agus go soláthrófaí go sonrach giaráil leordhóthanach do ghníomhaíochtaí nua agus do dheiseanna nua. Ba cheart d'idirghabhálaithe airgeadais gníomhú i bhfabhar tionscadal i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta chun punann chothrom iasachtaí a áirithiú i dtéarmaí clúdaigh gheografaigh agus ionadaithe earnálaigh. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha sa chomhthéacs seo, chun cur chuige leathan a bhaint amach faoin tSaoráid Ráthaíochta.

(23)

Ba cheart cistiú a sholáthar chomh maith do ghníomhaíocht Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus do riar ghníomhaíocht an Lipéid Oidhreachta Eorpaí, toisc go rannchuidíonn siad le muintearas le limistéar comhchultúir a threisiú, le hidirphlé idirchultúrtha agus comhthuiscint a spreagadh agus le luach na hoidhreachta cultúrtha fheabhsú.

(24)

I dteannta Ballstát, agus tíortha agus críocha thar lear atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, de bhun Airteagal 58 de Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (12), ba cheart don Chlár a bheith oscailte freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht thíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar pháirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus do rannpháirtíocht thíortha de chuid Chónaidhm na hEilvéise. Ba cheart go bhféadfadh tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as straitéis réamhaontachais agus tíortha atá cumhdaithe ag an mBeartas Eorpach um Chomharsanacht a bheith rannpháirteach sa Chlár freisin, seachas a mhéid a bhaineann leis an tSaoráid Ráthaíochta.

(25)

Ba cheart don Chlár a bheith ar fáil freisin do ghníomhaíochtaí comhair dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh le tríú tíortha eile ar bhonn leithreasaí breise atá le sainiú agus socruithe sonracha atá le comhaontú leis na páirtithe lena mbaineann.

(26)

Ba cheart comhar sna réimsí cultúir agus closamhairc idir an Clár agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Unesco, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) a chothú.

(27)

Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gClár a áirithiú, mar aon leis an gcaoi a gcomhlánaítear gníomhaíochtaí na mBallstát leo agus an chaoi a gcomhlíontar Airteagal 167(4) CFAE leo agus an chaoi a bhfuil siad i gcomhréir le gníomhaíochtaí eile an Aontais, go háirithe i réimsí an oideachais, na fostaíochta, an mhargaidh inmheánaigh, na fiontraíochta, na hóige, na sláinte, na saoránachta agus an cheartais, an taighde agus na nuálaíochta, an bheartais tionscail agus comhtháthaithe, na turasóireachta agus an chaidrimh sheachtraigh, na trádála agus forbartha agus an chláir oibre dhigitigh.

(28)

I gcomhlíonadh na bprionsabal do mheasúnú lena mbaineann feidhmíocht, ba cheart go n-áireofaí leis na nósanna imeachta le haghaidh fhaireachán agus mheasúnú an chláir Chláir tuarascálacha mionsonraithe bliantúla agus ba cheart tagairt a dhéanamh iontu do spriocanna agus táscairí sonracha, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama, lena n-áirítear cinn cháilíochtúla. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, leis na nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta, obair na ngníomhaithe ábhartha, amhail Eurostat agus torthaí an tionscadail ESS-net Culture, agus Institiúid UNESCOUNESCO um Staidreamh.

(29)

Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus measúnú barrmhaith ar an gClár i rith ré iomlán an Chláir, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla breise a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(30)

Mar a shonraítear i dtuarascáil an Choimisiúin an 30 Iúil 2010 ar thionchar Pharlaimint na hEorpa agus Cinntí ón gComhairle lena modhnaítear bunúis dlí na gClár Eorpach i réimsí na Foghlama ar feadh an tSaoil, an Chultúir, na hÓige agus na Saoránachta, tá an giorrú suntasach a rinneadh ar na moilleanna i nósanna imeachta bainistíochta tar éis éifeachtúlacht na gclár a mhéadú. Ba cheart cúram ar leith a ghlacadh chun a áirithiú go leanfar de nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a shimpliú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as córais fónta agus oibiachtúla, a thugtar chun dáta go tráthrialta, chun cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh a chinneadh.

(31)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(32)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle (14), ó bhí 2009 ann tá an Coimisiún tar éis cúraimí cur chun feidhme a chur ar iontaoibh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir as bainistiú gníomhaíochtaí Aontais i réimse an oideachais, an chlosamhairc agus an chultúir. Dá bhrí sin, ar bhonn anailís chostais agus sochair, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gníomhaireacht feidhmiúcháin reatha chun an Clár a chur chun feidhme, dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(33)

Leagtar síos sa Rialachán, d'fhad iomlán an Chláir, imchlúdach airgeadais de EUR … arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i nithe buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (15), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(34)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear bearta maidir le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) ("an Rialachán Airgeadais").

(35)

Maidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus de bhun Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (17) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ba cheart bearta iomchuí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme chun calaois a chosc agus chun cistí a cailleadh nó a aistríodh nó a úsáideadh go míchuí a aisghabháil.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, i bhfianaise shaintréith thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta na ngníomhaíochtaí beartaithe, cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a choimirciú, a fhorbairt agus a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chur chun cinn agus iomaíochas earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe iomaíochas earnáil an chlosamhairc, a neartú, a bhaint amach go leordhóthanach agusgur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí tuartha na ngníomhaíochtaí, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh 1855/2006/CE agus Cinneadh 1041/2009/CE a aisghairm

(38)

Ba cheart forálacha a dhéanamh do bhearta a rialaíonn an t-aistriú ó chláir MEDIA, Cultúr agus MEDIA Mundus chuig an gClár,

(39)

Chun an leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht chistiúcháin a thugtar leis an gClár seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014. Ar chúiseanna práinne, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

(40)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht cistithe arna soláthar faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014. Ar chúiseanna práinne, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luath agus is féidir tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Bunú agus ré

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Eoraip na Cruthaitheachta chun tacaíocht a thabhairt d'earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta ('an Clár').

2.   Cuirfear an Clár chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta' gach earnáil a bhfuil a gníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúrtha agus/nó ar léirithe ealaíonta nó léirithe eile cruthaitheacha, bíodh nó ná bíodh na gníomhaíochtaí sin dírithe ar an margadhagus cibé cineál struchtúir trína gcuirtear i gcrích iad, agus beag beann ar an tslí a mhaoinítear an struchtúr sin. Áirítear leis na gníomhaíochtaí sin forbairt, cruthú, táirgeadh, scaipeadh agus caomhnú earraí agus seirbhísí a chorpraíonn léirithe cultúrtha nó ealaíonta nó léirithe eile cruthaitheachta, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail oideachas nó bainistíocht. Áirítear ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta inter alia: ailtireacht, cartlanna, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht ealaíonta, closamhairc (lena n-áirítear scannáin, teilifís, físchluichí agus ilmheáin), oidhreacht chultúrtha, inláimhsithe agus dholáimhsithe, dearadh, féilte, ceol, litríocht, taibhealaíona, foilsitheoireacht, raidió agus na hamharcealaíona;

(2)

ciallaíonn 'FBManna' micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (19).

(3)

ciallaíonn 'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha' idirghabhálaithe airgeadais de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 139(4) den An Rialachán Airgeadais, arna roghnú faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta ("an tSaoráid Ráthaíochta") i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a sholáthraíonn nó a bhfuil sé beartaithe acu an méid a leanas a sholáthar:

(a)

iasachtaí chuig FBManna agus chuig micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (ráthaíochtaí ón gCiste Eorpach Infheistíochta ("CEF")); nó

(b)

ráthaíochtaí d'iasachtaí chuig idirghabhálaithe airgeadais eile a sholáthraíonn iasachtaí chuig FBManna agus chuig micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (frith-ráthaíochtaí ón CEF);

(4)

ciallaíonn 'soláthróirí forbartha cumais' eintitis atá in ann saineolas a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn I chun go mbeidh idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha in ann measúnú éifeachtach a dhéanamh ar shainiúlachtaí agus ar rioscaí a bhaineann le FBManna agus le micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus lena dtionscadail.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)

éagsúlacht chultúrtha agus teanga Eorpach a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chur chun cinn;

(b)

iomaíochas earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe iomaíochas earnáil an chlosamhairc, a neartú d'fhonn fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

tacú le cumas earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun oibriú go trasnáisiúnta agus go hidirnáisiúnta;

(b)

cúrsaíocht thrasnáisiúnta saothar cultúir agus cruthaitheachta agus soghluaisteacht thrasnáisiúnta ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe ealaíontóirí, a chur chun cinn, chomh maith le dul i gcion ar lucht féachana nua agus lucht féachana níos mó agus feabhas a chur ar rochtain ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha san Aontas agus lasmuigh de, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí, ar dhaoine óga, ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar na grúpaí tearcionadaithe;

(c)

cumas airgeadais FBManna agus micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a neartú ar bhealach inbhuanaithe, agus ag ana m céanna féachaint le clúdach cothrom geografach agus ionadú cothrom earnálach a áirithiú;

(d)

forbairt beartais, an nuálaíocht, an chruthaitheacht, forbairt an lucht féachana agus samhlacha nua gnó agus bainistíochta a chothú trí thacaíocht a thabhairt don chomhar trasnáisiúnta maidir le beartas.

Airteagal 5

Breisluach Eorpach

1.   Agus aitheantas á thabhairt do luach intreach agus eacnamaíoch an chultúir, tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag roinnt leo in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Rannchuideoidh sé le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 agus a cuid tionscnamh suaitheanta a bhaint amach.

2.   Áiritheofar breisluach Eorpach trí cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

gné thrasnáisiúnta gníomhaíochtaí a dhéanann cláir agus beartais réigiúnacha, náisiúnta, agus idirnáisiúnta agus cláir agus beartais eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus an tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí den sórt sin ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chomh maith leis ar shaoránaigh agus ar an eolas atá acu ar chultúir seachas a gcultúir féin;

(b)

an comhar trasnáisiúnta idir gníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta lena n-áirítear ealaíontóirí, gairmithe closamhairc, eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus oibreoirí closamhairc a fhorbairt agus a chur chun cinn, ar comhar é atá dírithe ar fhreagairtí níos cuimsithí, níos gasta, níos éifeachtaí agus níos fadtéarmaí do dhúshláin dhomhanda a spreagadh;

(c)

na barainneachtaí scála agus an mhais chriticiúil a chothaíonn tacaíocht an Aontais ag cruthú éifeachta giarála le haghaidh cistí breise

(d)

machaire níos réidhe a áirithiú in earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí thíortha ag a bhfuil cumas táirgeachta íseal nó tíortha nó réigiúin a bhfuil limistéar srianta geografach agus/nó teanga iontu a chur san áireamh.

Airteagal 6

Struchtúr an Chláir

Cuimseofar sa Chlár na sraitheanna seo a leanas:

(a)

Fochlár MEDIA;

(b)

Fochlár Cultúir;

(c)

Sraith Thrasearnála.

Airteagal 7

Lógónna na bhFochlár

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an Clár infheicthe trí úsáid a bhaint as lógónna, a bhainfidh go sonrach le gach aon cheann de na Fochláir.

2.   Bainfidh tairbhithe Fhochláir MEDIA úsáid as an lógó a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia. Déanfaidh an Coimisiún mionsonraí breise maidir le húsáid an lógó agus cuirfidh sé na tairbhithe ar an eolas fúthu.

3.   Úsáidfidh tairbhithe Fhochláir Cultúir lógó a bheidh bunaithe ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún mionsonraí breise maidir le húsáid an lógó sin a bhunú agus cuirfidh sé na tairbhithe ar an eolas fúthu.

4.   Beidh an Coimisiún agus na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 16 i dteideal lógónna na bhFochlár a úsáid freisin.

Airteagal 8

Rochtain ar an gClár

1.   Cothófar, leis an gClár, éagsúlacht chultúrtha ar leibhéal idirnáisiúnta i gcomhréir le Coinbhinsiún UNESCO 2005.

2.   Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na mBallstát.

3.   Gan dochar do mhír 2a, beidh an Clár oscailte freisin do rannpháirtíocht na dtíortha seo a leanas, ar choinníoll go n-íocfaidh siad leithreasaí breise agus, i gcás Fhochláir MEDIA, go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20):

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí mar aon le tíortha is iarrthóirí ionchasacha atá ag baint tairbhe as straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais a bunaíodh leis na Comhaontuithe Réime, na Cinntí ó Chomhairle Comhlachaithe nó na comhaontuithe comhchosúla faoi seach;

(b)

na tíortha CSTE sin ar pháirtithe iad den (Comhaontú LEE), i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe sin;

(c)

Cónaidhm na hEilvéise, ar bhonn comhaontaithe dhéthaobhaigh leis an tír sin;

(d)

tíortha atá cumhdaithe leis an IonstraimEorpach um Chomharsanacht agus Chomhpháírtíocht i gcomhréir leis an nós imeachta arna sainiú leis na tíortha sin i ndiaidh na gcomhaontuithe réime lena bhforáiltear dá rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.

4.   Na tíortha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (d) de mhír 3, cuirfear bac orthu ó bheith rannpháirteach sa tSaoráid Ráthaíochta.

5.   Beidh an Clár ar fáil do ghníomhaíochtaí den chomhar déthaobhach nó iltaobhach atá dírithe ar thíortha nó ar réigiúin ar bhonn leithreasaí breise arna n-íoc ag na tíortha nó na réigiúin sin agus ar bhon socruithe sonracha a bheidh le comhaontú leo.

6.   Ceadófar leis an gClár comhar agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta amhail UNESCO, Comhairle na hEorpa, ECFE nó EDMI ar bhonn ranníocaíochtaí comhpháirteacha chun cuspóirí an Chláir a réadú.

CAIBIDIL II

Fochlár MEDIA

Airteagal 9

Tosaíochtaí Fhochlár MEDIA

1.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí i réimse atreisiú chumas na earnála closamhairc Eorpaí oibriú go trasnáisiúnta:

(a)

fáil agus feabhsú scileanna agus inniúlachtaí gairmithe na hearnála closamhairc a éascú, agus forbairt líonraí a éascú, lena n-áirítear úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha chun oiriúnú d'fhorbairt an mhargaidh a áirithiú, cineálacha nua cur chuige i leith fhorbairt an lucht féachana a thástáil agus samhlacha nua gnó a thástáil;

(b)

cumas oibreoirí closamhairc a mhéadú chun saothair chlosamhairc Eorpacha a fhorbairt a d'fhéadfaí a chur i gcúrsaíocht san Aontas agus níos faide i gcéin agus chun an comhléiriúchán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú, lena n-áirítear le craoltóirí teilifíse;

(c)

malartuithe gnó le gnó a spreagadh trí rochtain ar mhargaí agus ar uirlisí gnó a éascú lena gcuirfear ar cumas oibreoirí closamhairc infheictheacht a dtionscadal ar mhargaí an Aontais agus ar mhargaí idirnáisiúnta a mhéadú.

2.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí maidir le cúrsaíocht thrasnáisiúnta a chur chun cinn:

(a)

tacú leis an dáileadh amharclannaíochta trí mhargaíocht thrasnáisiúnta, brandáil thrasnáisiúnta, dáileadh trasnáisiúnta agus taispeántas trasnáisiúnta de shaothair chlosamhairc;

(b)

margaíocht thrasnáisiúnta, brandáil thrasnáisiúnta agus dáileadh trasnáisiúnta de shaothair chlosamhairc a chur chun cinn ar gach ardán eile nach ardán amharclannaíochta é;

(c)

tacú le forbairt an lucht féachana mar mhodh chun suim a spreagadh i saothair chlosamhairc Eorpacha, agus chun feabhas a chur ar an rochtain orthu, go háirithe tríd an gcur chun cinn, trí imeachtaí, trí litearthacht i scannáin agus trí fhéilte;

(d)

modhanna nua dáileacháin a chur chun cinn chun deis a thabhairt do shamhlacha nua gnó teacht chun cinn.

Airteagal 10

Bearta tacaíochta Fhochlár MEDIA

D'fhonn na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 9 a chur chun feidhme, soláthrófar tacaíocht le Fochlár MEDIA don mhéid seo a leanas:

(a)

raon cuimsitheach de bhearta oiliúna a fhorbairt lena gcuirtear chun cinn fáil agus feabhsú scileanna agus inniúlachtaí ag gairmithe na hearnála closamhairc, tionscnaimh roinnte eolais agus líonraithe, lena n-áirítear lánpháirtiú na dteicneolaíochtaí digiteacha;

(b)

saothar closamhairc Eorpach a fhorbairt go háirithe scannáin agus saothair theilifíse amhail ficsean, cláir faisnéise agus scannáin do leanaí agus scannáin bheochana, chomh maith le saothair idirghníomhacha amhail físchluichí agus ilmheáin a bhfuil cumas níos fearr maidir le cúrsaíocht trasteorann iontu;

(c)

gníomhaíochtaí lena ndíreofaí ar thacú le cuideachtaí léiriúcháin closamhairc Eorpacha, go háirithe cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha, d'fhonn comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta de shaothair chlosamhairc a éascú, lena n-áirítear saothair theilifíse;

(d)

gníomhaíochtaí lena gcabhrófaí le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta comhléiriúcháin teacht le chéile agus/nó tacaíocht indíreach a thabhairt do shaothair chlosamhairc arna gcomhléiriú ag cistí tacaíochta comhléiriúcháin idirnáisiúnta atá bunaithe i dtír atá rannpháirteach sa Chlár;

(e)

rochtain ar imeachtaí trádála agus ar mhargaí gairmiúla réimse an chlosamhairc a éascú agus úsáid uirlisí gnó ar líne a éascú laistigh den Aontas agus lasmuigh di;

(f)

córais tacaíochta a bhunú chun scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta a dháileadh tríd an dáileadh amharclannaíochta agus ar ardáin eile agus le haghaidh gníomhaíochtaí idirnáisiúnta díolacháin, go háirithe fotheidealú, dubáil, agus reacaireacht a chur le saothair chlosamhairc;

(g)

cúrsaíocht scannán Eorpach ar fud na cruinne agus scannán idirnáisiúnta san Aontas a éascú ar gach ardán dáileacháin, trí thionscadail chomhair idirnáisiúnta in earnáil an chlosamhairc;

(h)

gréasán oibreoirí pictiúrlainne Eorpacha a mbeadh cion suntasach de scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta á thaispeáint aige;

(i)

tionscnaimh lena gcuirfí i láthair agus lena gcuirfí chun cinn réimse éagsúlachta de shaothair chlosamhairc Eorpacha, lena n-áirítear gearrscannáin, amhail féilte agus ócáidí eile fógraíochta;

(j)

gníomhaíochtaí lena ndíreofaí ar litearthacht scannáin a chur chun cinn agus ar eolas agus spéis an lucht féachana a mhéadú i ndáil le saothair chlosamhairc Eorpacha, lena n-áirítear oidhreacht an chlosamhairc agus na cineamatagrafaíochta, go háirithe i measc lucht éisteachta óg;

(k)

gníomhaíochtaí nuálacha lena ndéanfaí samhlacha agus uirlisí nua gnó a thástáil i réimsí ar dóigh tionchar a bheith orthu ag tabhairt isteach agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha.

Airteagal 11

Faireachlann Eorpach Closamhairc

1.   Beidh an tAontas ina chomhalta den Fhaireachlann Eorpach Closamhairc ar feadh ré an Chláir ("an Fhaireachlann").

2.   Rannchuideoidh rannpháirtíocht an Aontais san Fhaireachlann le saothrú tosaíochtaí an Fhochláir MEDIA ar na modhanna seo a leanas:

(a)

trédhearcacht agus bunú machaire níos réidhe a spreagadh maidir le hinrochtaineacht na faisnéise dlí agus airgeadais/margaidh agus rannchuidiú le hinchomparáideacht na faisnéise dlí agus staidrimh;

(b)

sonraí agus anailís ar an margadh a sholáthar atá úsáideach chun línte gníomhaíochta an Fhochláir MEDIA a shainiú agus chun an tionchar a imríonn siad ar an margadh a mheasúnú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontais ina dhéileálacha leis an bhFaireachlann.

CAIBIDIL III

Fochlár Cultúir

Airteagal 12

Tosaíochtaí Fhochlár Cultúir

1.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí i réimse atreisiú chumas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun oibriú go trasnáisiúnta:

(a)

tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirfear na scileanna, na hinniúlachtaí agus an fios gnó ar fáil do ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta ar gníomhaíochtaí iad a rannchuideoidh le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú, lena n-áirítear oiriúnú do theicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh, cineálacha nuálacha cur chuige i leith fhorbairt an lucht féachana a thástáil agus samhlacha nua gnó agus bainistithe a thástáil;

(b)

tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirfear ar chumas ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta comhoibriú go hidirnáisiúnta agus a ngairmeacha beatha agus a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú san Aontas agus níos faide i gcéin, ar bhonn straitéisí fadtéarmacha nuair is féidir;

(c)

tacaíocht a chur ar fáil chun eagraíochtaí Eorpacha cultúir agus cruthaitheachta agus líonrú idirnáisiúnta a threisiú d'fhonn rochtain ar dheiseanna gairmiúla a éascú.

2.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí maidir leis an gcúrsaíocht thrasnáisiúnta agus maidir leis an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta a chur chun cinn:

(a)

tacú le turasóireacht, le himeachtaí, le taispeántais agus le féilte idirnáisiúnta;

(b)

tacú le cúrsaíocht litríocht na Eorpa d'fhonn an inrochtaineacht is leithne is féidir a áirithiú;

(c)

tacú le forbairt an lucht féachana mar mhodh chun suim a spreagadh i saothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha agus in oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe na hEorpa agus chun feabhas a chur ar an rochtain orthu.

Airteagal 13

Bearta tacaíochta Fhochlár Cultúir

1.   D'fhonn na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 12 a chur chun feidhme, soláthrófar tacaíocht leis an bhFochlár Cultúir do na nithe seo a leanas:

(a)

tionscadail um chomhar trasnáisiúnta lena dtabharfar eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla le chéile chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí earnálacha nó trasearnálacha;

(b)

gníomhaíochtaí a dhéanfaidh líonraí Eorpacha d'eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla;

(c)

gníomhaíochtaí a dhéanfaidh eagraíochtaí a bhfuil gairm Eorpach acu lena gcothófar forbairt nuathallann agus lena spreagfar soghluaisteacht thrasnáisiúnta ghníomhaithe an chultúir agus na cruthaitheachta agus cúrsaíocht na saothar, a bhfuil sé de chumas iontu tionchar forleathan a imirt ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus foráil d'éifeachtaí marthanacha;

(d)

aistriúchán liteartha agus a thuilleadh cur chun cinn de;

(e)

gníomhaíochtaí speisialta a mbeidh sé d'aidhm acu saibhreas agus éagsúlacht na gcultúr Eorpach a dhéanamh níos infheicthe, agus idirphlé idirchultúrtha agus comhthuiscint a spreagadh, lena n-áirítear duaiseanna cultúrtha an Aontais, an gníomh um Lipéad Oidhreachta Eorpaí agus an gníomh um Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa.

2.   Beidh na bearta a leagtar amach i mír 1 dírithe, go háirithe, ar thionscadail neamhbhrabúis.

CAIBIDIL IV

An tSraith Thrasearnálach

Airteagal 14

Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta

1.   Bunóidh an Coimisiún Saoráid Ráthaíochta a bheidh dírithe ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Feidhmeoidh an tSaoráid Ráthaíochta mar ionstraim neamhspleách agus bunófar agus bainisteofar í i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tSaoráid Ráthaíochta:

(a)

rochtain ar airgeadas a éascú do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta;

(b)

feabhas a chur ar chumas na n-idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le FBManna agus micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus lena gcuid tionscadal, lena n-áirítear trí bhearta cúnaimh theicniúil, tógála eolais agus líonraithe.

Cuirfear na tosaíochtaí chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 139(4) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún an tSaoráid Ráthaíochta chun feidhme i modh bainistithe indírigh trí chúraimí a chur ar iontaoibh CEI dá dtagraítear i bpointe (iii) d'Airteagal 58(1)(c) den Rialachán Airgeadais sin, faoi réir théarmaí an chomhaontaithe a thabharfaidh an Coimisiún agus an CEI i gcrích.

Airteagal 15

Comhar trasnáisiúnta beartais

1.   D'fhonn comhar trasnáisiúnta maidir le beartas a chur chun cinn, tacóidh an tSraith Thrasearnála leis an méid seo a leanas:

(a)

malartú trasnáisiúnta na taithí agus an fheasa gnó maidir le samhlacha nua gnó agus bainistithe, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus líonrú i measc na n-eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus lucht ceaptha beartas, a bhfuil baint acu le forbairt earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus an líonrú digiteach á chur chun cinn i gcás inarb iomchuí;

(b)

sonraí margaidh a bhailiú, staidéir, anailís ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus ar riachtanais scileanna, anailís ar bheartais chultúrtha náisiúnta agus Eorpacha agus tacaíocht do shuirbhéanna staidrimh bunaithe ar uirlisí agus ar chritéir a bhaineann go sonrach le gach earnáil ar leith agus meastóireachtaí lena n-áirítear gach gné d'éifeacht an Chláir a thomhas;

(c)

an táille ranníocaíochta le haghaidh bhallraíocht an Aontais san Fhaireachlann lena gcothófar bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh in earnáil an chlosamhairc a íoc;

(d)

tástáil cineálacha cur chuige nua agus trasearnálach gnó maidir le cistiú, dáileadh, agus luach airgid a chur ar chruthú;

(e)

comhdhálacha, seimineáir agus idirphlé ar bheartais lena n-áirítear i réimse na litearthachta cultúrtha agus litearthacht na meán, agus an líonrú digiteach á chur chun cinn i gcás inarb iomchuí;

(f)

a gcuid cúraimí á gcur i gcrích ag na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2014, cuirfidh an Coimisiún staidéar indéantachta i gcrích féachaint an bhféadfaí sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta seachas earnáil an chlosamhairc, agus tíolacfaidh sé torthaí an staidéir sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Ag brath ar thorthaí an staidéir indéantachta, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú chun a áirithiú go mbaileofar sonraí agus go ndéanfar anailís orthu in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta seachas earnáil an chlosamhairc.

Airteagal 16

Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta

1.   Bunóidh na tíortha atá rannpháirteach sa chlár, agus iad ag gníomhú leis an gCoimisiún, Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus a gcleachtas náisiúnta ("Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta").

2.   Tacóidh an Coimisiún le líonra na nDeasc um Eoraip na Cruthaitheachta.

3.   Cuirfidh na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta na cúraimí seo a leanas i gcrích, agus saintréithe sonracha gach earnála á gcur san áireamh acu:

(a)

faisnéis faoin gClár a sholáthar, agus é a chur chun cinn sna tíortha a bheidh rannpháirteach sa Chlár;

(b)

cuideoidh siad le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta maidir leis an gClár agus cuirfidh siad faisnéis bhunúsach iomchuí ar fáil maidir leis na deiseanna tacaíochta ábhartha eile atá ar fáil faoi bheartas an Aontais;

(c)

spreagfaidh siad comhar trasteorann in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

(d)

tacóidh siad leis an gCoimisiún trí chúnamh a chur ar fáil maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sna tíortha a bheidh rannpháirteach sa Chlár, mar shampla trí na sonraí a bheidh ar fáil faoi na hearnálacha seo a sholáthar;

(e)

tacóidh siad leis an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar cumarsáid chuí agus scaipeadh cuí ar thorthaí agus ar thionchair an Chláir.

(f)

áiritheoidh siad go ndéanfar eolas maidir leis an maoiniú Aontais arna deonadh agus maidir leis na torthaí a fuarthas dá dtíortha a chur in iúl agus a scaipeadh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú leis na Ballstáit, cáilíocht agus torthaí na seirbhíse a chuireann Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta ar fáil á áirithiú trí fhaireachán agus meastóireacht rialta agus neamhspleách.

CAIBIDIL V

Torthaí feidhmíochta agus scaipeadh

Airteagal 17

Comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht an Chláir a áirithiú leis an méid seo a leanas:

(a)

le beartais ábhartha an Aontais, amhail beartais i réimsí an oideachais, na fostaíochta, na sláinte, an mhargaidh inmheánaigh, an chláir oibre dhigitigh, na hóige, na saoránachta, an chaidrimh sheachtraigh, na trádála, an taighde agus na nuálaíochta, na fiontraíochta, na turasóireachta, mhéadú an cheartais agus na forbartha;

(b)

foinsí ábhartha eile de chistiú an Aontais i réimse na mbeartas cultúir agus meán, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, na cláir thaighde agus nuálaíochta, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais a bhaineann le ceartas agus le saoránacht, cláir chomhair sheachtraigh agus na hionstraimí réamhaontachais.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo agus cuirfear chun feidhme é gan dochar do cheanglais idirnáisiúnta an Aontais.

Airteagal 18

Faireachán agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán agus meastóireacht sheachtrach ar an gClár ar bhonn rialta, le táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla feidhmíochta a leagtar amach thíos:

(a)

táscairí le haghaidh na gcuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3:

(i)

cion na fostaíochta agus na holltáirgeachta náisiúnta a thagann ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus na hathruithe ar an gcion sin;

(ii)

líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha, lena n-áirítear aon uair is féidir, saothair ó thíortha seachas a dtír féin.

(b)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4:

(i)

scála gníomhaíochtaí idirnáisiúnta na n-eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus líon na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a cruthaíodh;

(ii)

líon gcineálacha taithí foghlama agus na ngníomhaíochtaí ar thacaigh an Clár leo agus trínar cuireadh feabhas ar inniúlachtaí ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear gairmithe na hearnála closamhairc, agus lenar méadaíodh a n-infhostaitheacht.

(c)

táscairí don chuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 4 maidir le Fochlár MEDIA:

(i)

an líon iontrálacha do scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta san Eoraip agus do scannáin Eorpacha ar fud an domhain (na 10 margadh neamh-Eorpacha is tábhachtaí) i bpictiúrlanna;

(ii)

an céatadán de shaothair chlosamhairc Eorpach i bpictiúrlanna, ar an teilifís agus ar ardáin dhigiteacha;

(iii)

líon na ndaoine sna Ballstáit a bhreathnaíonn ar shaothair chlosamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta agus líon na ndaoine sna tíortha atá rannpháirteach sa Chlár a bhreathnaíonn ar shaothair chlosamhairc Eorpacha;

(iv)

líon na bhfíschluichí Eorpacha a tháirgtear san Aontas agus sna tíortha atá rannpháirteach sa Chlár.

(d)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5 a mheid maidir le Fochlár Cultúir:

(i)

líon na ndaoine a dtéitear i gcion orthu go díreach agus go hindíreach trí thionscadail a dtacaíonn an Clár leo;

(ii)

líon na dtionscadal lena ndírítear ar leanaí, ar dhaoine óga agus ar ghrúpaí ar tearcionadaithe, agus líon na daoine a dtéitear i gcion orthu leis sin.

(e)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4:

(i)

líon na n-iasachtaí a ráthaíodh faoi chuimsiú na Saoráide Ráthaíochta, iad á n-aicmiú de réir tionscnaimh náisiúnta, méid agus earnálacha FBManna agus micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide;

(ii)

líon na n-iasachtaí deonaithe ag na hidirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha, iad á n-aicmiú de réir tionscnaimh náisiúnta;

(iii)

líon agus raon geografach na n-idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha;

(iv)

líon na FBManna agus na micrea-eagraíochtaí, na n-eagraíochtaí beaga agus na n-eagraíochtaí meánmhéide atá ag tairbhiú den tSaoráid Ráthaíochta, iad á n-aicmiú de réir a dtionscnaimh náisiúnta, a méid agus a n-earnálacha;

(v)

meánráta mainneachtana na n-iasachtaí;

(vi)

an éifeacht ghiarála a baineadh amach leis na hiasachtaí ráthaithe i ndáil leis an éifeacht ghiarála tháscach (1:5,7);

(f)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4:

(i)

líon na mBallstát a bhaineann úsáid as torthaí mhodh oscailte an chomhordaithe i bhforbairt a mbeartas náisiúnta

(ii)

agus líon na dtionscnamh nua agus torthaí na mbeartas sin.

2.   Cuirfear torthaí an phróisis faireacháin agus meastóireachta san áireamh nuair a bheidh an Clár á chur chun feidhme.

3.   Chomh maith le faireachán rialta ar an gClár, bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheántéarmach a bheidh bunaithe ar mheastóireacht sheachtrach agus neamhspleách, ina ndéanfar:

(a)

gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a chur san áireamh, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Chláir, go háirithe i dtaca lena gcuspóirí a bhaint amach mar aon lena bhreisluach Eorpach;

(b)

aghaidh a thabhairt ar an scóip atá ann maidir le simpliú, an Chláir a chomhchuibheas inmheánach agus seachtrach, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, mar aon le rannchuidiú na mbeart do thosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

(c)

a chur san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach Chinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Chinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Chinneadh Uimh. 1041/2009/CE.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheántéarmach mheastóireachta dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2017.

5.   Ar bhonn meastóireachta críochnaithí seachtraí agus neamhspleáiche, bunóidh an Coimisiún tuarascáil chríochnaitheach ina measfar tionchair fhadtéarmacha agus inbhuanaitheacht an Chláir bunaithe ar na táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a roghnaíodh. Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4, measfaidh an Coimisiún freisin éifeachtaí na Saoráide Ráthaíochta ar an rochtain ar iasachtaí ó na bainc agus na costais ghaolmhara do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí agus d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta, dá dtagraítear i mír 5 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2022.

Airteagal 19

Cumarsáid agus scaipeadh

1.   Tabharfaidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na tionscadail a fuair cistiú ón Aontas do na tíortha atá rannpháirteach sa Chlár trí na cinntí roghnúcháin a chur chucu laistigh de choicís tar éis a nglactha.

2.   Déanfaidh tairbhithe na dtionscadal arna dtacú ag an gClár an fhaisnéise i dtaobh chistiú an Aontais a fuarthas agus na dtorthaí a fuarthas a chur in iúl agus a scaipeadh.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha a scaipeadh ar na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta.

CAIBIDIL VII

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 20

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal -21 chun na táscairí feidhmíochta cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 18(1) a fhorlíonadh.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann fhad an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh an cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VIIa

Forálacha cur chun feidhme

Airteagal 22

Cur chun feidhme an Chláir

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, clár oibre bliantúil i ndáil leis na Fochláir agus leis an tSraith dá dtagraítear in Airteagal 6. Áiritheoidh an Coimisiún sna cláir oibre bhliantúla go ndéanfar na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 chomh maith leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 12 a chur chun feidhme go bliantúil ar shlí chomhsheasmhach agus tabharfaidh sé breac-chuntas ar na torthaí ionchasacha, ar an modh cur chun feidhme agus ar mhéid iomlán an phlean maoinithe. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil freisin tuairisc ar na bearta a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach beart agus tráthchlár cur chun feidhme táscach.

Maidir le deontais, áireofar sa chlár oibre bliantúil na tosaíochtaí, na critéir incháilitheachta, roghnúcháin agus dhámhachtana, agus uasráta an chómhaoinithe. Is 80 % de chostais na n-oibríochtaí a dtacaítear leo, ar a mhéad, a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón gClár.

Maidir leis an tSaoráid Ráthaíochta, áireofar sa chlár oibre bliantúil na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais, na critéir eisiata maidir le hinneachar na dtionscadal a thíolactar do na hidirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha, an leithdháileadh bhliantúil ar an CEI agus na critéir incháilitheachta, roghnúcháin agus dhámhachtana do sholáthróirí forbartha cumais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(4).

3.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte ginearálta i dtaca leis an gClár a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Airteagal 23

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste ('Coiste um Eoraip na Cruthaitheachta') cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Féadfaidh an Coiste um Eoraip na Cruthaitheachta teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nithiúla a bhaineann leis an tSraith Thrasearnálach.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Forálacha airgeadais

1.   Is EUR 1 462 724 000 a shocraítear a bheidh san imchlúdach airgeadais don Chlár don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí 31 Nollaig2020 i bpraghsanna reatha.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Déanfar an t- imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a)

56 % ar a laghad don Fhochlár MEDIA;

(b)

31 % ar a laghad don Fhochlár Cultúir;

(c)

13 % ar a mhéad don tSraith Thrasearnálach, agus 4 % ar a laghad á leithdháileadh le haghaidh na mbeart comhair trasnáisiúnta atá liostaithe in Airteagal 15 agus le haghaidh na na nDeasca um Eoraip na Cruthaitheachta.

3.   Beidh na costais riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme an chláir mar chuid de na leithdháiltí leagtha síos i mír 2 agus ní rachaidh méid iomlán na gcostas sin níos mó ná 7 % de bhuiséad an Chláir agus leithdháilfear 5 % de sin ar chur chun feidhme Fochlár MEDIA agus 2 % ar chur chun feidhme Fhochlár Cultúir.

4.   féadfar freisin an t-leis an imchlúdach airgeadais dá tagraítear i mír 1 speansais a chumdach ar speansais iada bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a riachtanach go díreach chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéad is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir, agus speansais atá nasctha le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le speansais maidir le cúnamh riaracháin agus teicniúil eile a thabhóidh an Coimisiún chun an Clár a bhainistiú.

5.   Leis an imchlúdach airgeadais, féadfar speansais a chumhdach maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a theastaíonn chun an t-aistriú a áirithiú idir na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1718/2006/CE, faoi Chinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 1041/2009/CE agus an Rialachán seo.

Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad i ndiaidh 2020 chun costais chomhchosúla a chumhdach, ionas go mbeifear ábalta na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

6.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo féadfaidh an Coimisiún costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tacaithe a bhreithniú mar chinn incháilithe fiú má thabhaíonn an tairbhí na costais sin roimh chur isteach an iarratais ar mhaoiniú.

Airteagal 25

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha agus cigireachtaí éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais, a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 26

Aisghairm agus foráil idirthréimhseach

1.   Déantar leis seo Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/EC a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu faoin 31 Nollaig 2013 ar bhonn na gCinntí dá dtagraítear i mír 1, leanfar dá mbainistiú go dtí go bhfoirceanntar iad i gcomhréir leis na Cinntí sin.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO L 181, 21.6.2012, lch. 35.

(2)  IO L 277, 13.9.2012, lch. 156.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013

(4)  Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir le clár tacaíochta don earnáil chlosamhairc Eorpach (MEDIA 2007) a chur chun feidhme (IO L 327, 24.11.2006, lch. 12).

(5)  Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Clár Cultúir do n a blianta 2007 go 2013 (IO L 372, 27.12.2006, lch. 1).

(6)  Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear clár comhair closamhairc le gairmithe ó thríú tíortha (MEDIA Mundus) (IO L 288, 4.11.2009, lch. 10).

(7)  Cinneadh 1622/2006/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear gníomhaíocht Chomhphobail i leith imeacht Phríomhchathair Chultúir na hEorpa do na blianta 2007 go dtí 2019 (IO L 304, 03.11.2006, lch. 1).

(8)  Cinneadh Uimh. 1194/2011/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais Eorpaigh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaí (IO L 303, 22.11.2011, lch. 1).

(9)  IO C 287, 29.11.2007, lch. 1.

(10)  IO C 247 E, 15.10.2009, lch. 32.

(11)  IO C 175, 15.6.2011, lch. 5.

(12)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an gComhphobal Eorpach ("An Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear") (IO L 314, 22.11.2011, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).

(15)  IO C 420, 20.12.2013, lch. 1

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. (IO L 298, 26.10,2012, lch. 1)

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

(19)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(20)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

NA SOCRUITHE CUR CHUN FEIDHME DO SHAORÁID RÁTHAÍOCHTA EARNÁLACHA AN CHULTÚIR AGUS NA CRUTHAITHEACHA

An tacaíocht airgeadais a sholáthraítear leis an tSaoráid Ráthaíochta, cuirfear in áirithe í do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, atá oiriúnaithe do riachtanais shonracha na n-earnálacha agus brandáilte dá réir.

1.   Cúraimí

Soláthrófar an méid seo a leanas leis an tSaoráid Ráthaíochta:

(a)

ráthaíochtaí d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha ó aon tír atá rannpháirteach sa tSaoráid Ráthaíochta;

(b)

saineolas breise d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le FBManna agus le micrea-eagraíochtaí, le heagraíochtaí beaga agus le heagraíochtaí meánmhéide agus lena gcuid tionscadal i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta;

2.   Idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha a roghnú

Roghnóidh an CEI na hidirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha i gcomhréir leis an dea-chleachtas margaidh agus leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 5. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san áireamh ar na critéir roghnúcháin:

(a)

méid an chistithe d'fhiachas a chuirtear ar fáil do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide;

(b)

an polasaí bainistithe riosca d'oibríochtaí trína dtugtar iasachtaí, go háirithe i ndáil le tionscadail i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta;

(c)

an cumas punann iasachtaí éagsúlaithe a fhorbairt agus chun plean margaíochta agus cur chun cinn a thairiscint do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide ar fud na réigiún agus na n-earnálacha.

3.   Fad tréimhse na Saoráide Ráthaíochta

Féadfaidh aibíocht suas le 10 mbliana a bheith ag ráthaíochtaí aonair.

I gcomhréir le pointe (i) d'Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí arna nginiúint leis na ráthaíochtaí a shannadh don tSaoráid Ráthaíochta ar feadh tréimhse nach faide ná tréimhse an ghealltanais móide 10 mbliana. Déanfar aisíocaíochtaí a ghintear i gcomhréir le forálacha de chuid comhaontuithe ábhartha tarmligin, trí oibríochtaí an Chiste Ráthaíochta Léiriúcháin MEDIA a bunaíodh roimh 2014, a shannadh don tSaoráid Ráthaíochta sa tréimhse 2014-2020. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an sannadh sin trí mheán an Choiste um Eoraip na Cruthaitheachta.

4.   Forbairt cumais

Faoin tSaoráid Ráthaíochta, ciallaíonn forbairt cumais saineolas a sholáthar d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha chun cur lena dtuiscint ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (i ngnéithe cosúil le cineál doláimhsithe na sócmhainní comhthaobhacha, méid an mhargaidh nach bhfuil mais chriticiúil aige, cineál fréamhshamhaltach táirgí agus seirbhísí) agus saineolas breise a sholáthar do gach idirghabhálaí airgeadais rannpháirteach i ndáil le forbairt punann agus le meastóireacht na rioscaí a bhaineann le tionscadail i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta.

Na hacmhainní a shannfar don fhorbairt cumais, teorannófar iad go dtí 10 % de bhuiséad na Saoráide Ráthaíochta iad.

Roghnóidh an CEI na soláthróirí forbartha cumais thar ceann na Saoráide Ráthaíochta agus faoi mhaoirseacht an Choimisiúin trí nós imeachta soláthair poiblí agus oscailte, ar bhonn critéar amhail an taithí i gcistiú earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an saineolas, an clúdach geografach, an cumas seachadta agus fios an mhargaidh.

5.   An Buiséad

Cuimseoidh an leithdháileadh buiséadach costas iomlán na Saoráide Ráthaíochta, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta i dtreo idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha, amhail caillteanais ó ráthaíochtaí, táillí bainistíochta do CEI as bainistiú acmhainní an Aontais, agus aon chostais nó speansais incháilithe eile.

6.   Infheictheacht agus múscailt feasachta

Cabhróidh CEI leis an tSaoráid Ráthaíochta a chur chun cinn vis-à-vis earnáil bhaincéireachta na hEorpa. Chomh maith leis sin, áiritheoidh gach idirghabhálaí airgeadais rannpháirteach agus an CEI go gcuirfear leibhéal iomchuí infheictheachta agus trédhearcachta i bhfeidhm ar an tacaíocht a thugtar faoin tSaoráid Ráthaíochta trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis na deiseanna airgeadais do na spriocfhiontair, eadhon, FBManna agus do na sprioc-eagraíochtaí, eadhon micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide.

Chuige sin, tabharfaidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis riachtanach do líonra na Deasc um Eoraip na Cruthaitheachta le go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích.

7.   Cineálacha iasachta

Le cineálacha iasachta a chumhdófar leis an tSaoráid Ráthaíochta, áireofar go háirithe an méid a leanas:

(a)

infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe agus inláimhsithe;

(b)

aistrithe gnó;

(c)

caipiteal oibre (amhail maoiniú eatramhach, maoiniú líonta bearnaí, sreabhadh airgid, línte creidmheasa).


IARSCRÍBHINN II

LÓGÓ FHOCHLÁR MEDIA

Is mar a leanas a bheidh lógó Fhochlár MEDIA:

Image 2L3472013GA110120131211GA0001.0002241241Dearbhú comhpháirteachó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)1.Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.2.Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;(b)na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;(c)ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;(d)éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus(e)athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.3.I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.5.Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:triúr ón gComhairle,triúr ó Pharlaimint na hEorpa,ionadaí amháin ón gCoimisiún,agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).6.Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.L3472013GA18510120131211GA0009.000420812081Ráitis ón gCoimisiúnAn t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháilIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar learIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.L3472013GA25910120131217GA0015.000228012801Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA28110120131217GA0016.000328812881Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ChomhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.L3472013GA28910120131217GA0017.000330213021Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA30310120131217GA0018.000231713171Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.L3472013GA30310120131217GA0018.000331813181Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.L3472013GA30310120131217GA0018.000431913191Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTCTugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.L3472013GA32010120131217GA0019.001546614661Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 67Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 67 (4) lena n-eisiatar feidhmiú na gcostas simplithe a leagtar amach in Airteagal 67 (1) (b)-(d) i gcásanna ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal ar cuid í nó é d'oibríocht chun feidhme go heisiach trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, nach gcoiscfear leis an Airteagal sin cur chun feidhme oibríochta trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndéanann an tairbhí íocaíochtaí chuig an gconraitheoir mar thoradh orthu ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar chostais aonad atá réamhshainithe. Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún gur fíorchostais a tabhaíodh iarbhír agus a d'íoc an tairbhí faoi Airteagal 67 (1) (a) iad na costais a chinnfear agus a íocfaidh an tairbhí, ar costais iad a bheidh bunaithe ar na costais aonad sin a leagtar síos trí na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.L3472013GA32010120131217GA0019.001646714671Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá nasctha le hathbhunú leithreasaíComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, lena gcuirfear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar comhréim leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20, forálacha is gá chun na socruithe le haghaidh leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta a chur i bhfeidhm agus maidir le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 39 (tionscnamh FBM) a chur chun feidhme faoin Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna i gcomhair na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir leis na nithe a leanas a athbhunú:i.leithreasaí a bhí geallta le haghaidh clár i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta agus nárbh fholáir iad a shaoradh mar thoradh ar thosaíochtaí faoi na cláir sin nár baineadh a ngarspriocanna amach agus;ii.leithreasaí a bhí geallta i ndáil le cláir thiomnaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 39(4)b agus nárbh fholáir iad a shaoradh de bhrí go raibh gá ann le deireadh a chur le rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais.L3472013GA32010120131217GA0019.001746814681Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1Má bhíonn gá le tuilleadh maoluithe a mbeidh bonn cirt leo ar na rialacha comhchoiteanna d'fhonn sonraíochtaí i CEMI agus i CETFT a chur san áireamh, geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach na maoluithe sin a cheadú trí dhul ar aghaidh le dúthracht iomchuí chuig na modhnuithe riachtanacha ar an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.L3472013GA32010120131217GA0019.001846914691Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haon chúlghabhálacht i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) a eisiamhComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a leanas:maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagal 26 (2) den Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, leis na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh na Ballstáit chun go mbeidh na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) rannpháirteach in ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár dá dtagraítear in Airteagal 5 (2) áirítear na gníomhaíochtaí go léir a ghlacfaidh na Ballstáit ar leibhéal praiticiúil beag beann ar a dtráthúlacht mar aon leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad roimh dó siúd teacht i bhfeidhm agus roimh lá theacht i bhfeidhm an ghníomhartha tharmligthe le haghaidh cód iompair Eorpaigh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán céanna, le linn na gcéimeanna ullmhúcháin de nós imeachta clársceidealaithe de chuid Ballstáit, ar an gcoinníoll go mbainfear amach cuspóirí an phrionsabail comhpháirtíochta a leagtar síos sa Rialachán sin. Faoi chuimsiú an méid sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena n inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na ndréachtchlár a mholtar araon, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin agus leis na rialacha sonracha maidir le cistí;ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ar chor ar bith, go díreach nó go hindíreach ag an ngníomh tarmligthe lena leagtar síos cód iompair Eorpach, a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a fhormheas, ós rud é nach bhfuil sé ceaptha le reachtas AE cumhachtaí ar bith a thabhairt don Choimisiún lena bhféadfadh sé diúltú d'fhormheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár bunaithe amháin ar aon chineál neamh chomhlíonadh an chóid iompair Eorpaigh, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an dréacht-téacs den ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoi Airteagal 5(3) a chur ar fáil dóibh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an dáta ar a nglacfaidh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ná an dáta ar a vótálfar an dréacht thuarascáil maidir leis an Rialachán sin ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, cibé dáta acu siúd is túisce.L3472013GA54910120131217GA0022.000460716071Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cros-chomhlíonadhIarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ag na Ballstáit Threoir 2000/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce agus Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuirfear na Treoracha sin chun feidhme sna Ballstáit uile agus nuair a shainaithneofar na hoibleagáidí sin is infheidhme go díreach maidir le feirmeoirí, togra reachtach a thíolacadh chun codanna ábhartha na dTreoracha sin a áireamh i gcóras an tras-chomhlíonta.

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

238


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1296/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46(d), Airteagal 149, Airteagal 153(2)(a) agus don tríú halt d'Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal 'Buiséad le haghaidh Eoraip 2020', ina moltar go ndéanfaí ionstraimí maoiniúcháin an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú agus go ndíreofaí níos fearr ar bhreisluach an Aontais agus ar thionchair agus ar thorthaí, bunaítear leis an Rialachán seo Clár de chuid an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ('an Clár') chun foráil a dhéanamh do leanúnachas agus d'fhorbairt gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích ar bhonn Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (5) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún (6) agus Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena bunaíodh Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (7) ('an tSaoráid').

(2)

Ar an 17 Meitheamh 2010 thacaigh an Chomhairle Eorpach le togra ón gCoimisiún maidir le Straitéis Eoraip 2020 i gcomhair post agus agus fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh ("Eoraip 2020"), lena bhforáiltear do chúig phríomhsprioc (lena n-áirítear iad siúd lena ndéileáiltear le fostaíocht, leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus leis an oideachas faoi seach) agus do sheacht dtionscnamh suaitheanta, agus ar an gcaoi sin soláthraítear creat beartais comhtháite do na deich mbliana amach romhainn. Thacaigh an Chomhairle Eorpach le húsáid iomlán a bhaint as ionstraimí agus beartais ábhartha de chuid an Aontais chun tacú le baint amach na gcuspóirí coiteanna agus thug sí cuireadh do na Ballstáit a gcuid gníomhaíochta comhordaithe a mhéadú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 148(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ghlac an Chomhairle treoirlínte an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le beartais fostaíochta, lena gcuimsítear treoirlínte comhtháite 'Eoraip 2020' mar aon leis na treoirlínte leathana maidir le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE. Ba cheart go rannchuideodh an Clár le baint amach spriocanna 'Eoraip 2020', go háirithe a chuspóirí maidir le laghdú na bochtaineachta agus fostaíocht de réir mar a shainmhínítear sna Treoirlínte Fostaíochta iad. Ba cheart don Chlár tacú le cur chun feidhme na dtionscnamh suaitheanta chun na críche sin, agus aird faoi leith á thabhairt ar an Ardán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta, ar an gClár Oibre do Scileanna Nua agus do Phoist, ar an Óige ag Bogadh agus ar an bPacáiste Fostaíochta don Óige.

(4)

Sna tionscnaimh shuaitheanta de chuid Eoraip 2020 dar teideal "Ardán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta" agus "Aontas Nuálaíochta", sainaithnítear nuálaíocht shóisialta mar uirlis chumhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta a eascraíonn as an méid seo a leanas – aosú an daonra, bochtaineacht, dífhostaíocht, patrúin nua oibre agus stíleanna maireachtála nua, agus ionchais saoránach maidir le ceartas sóisialta, oideachas agus cúram sláinte. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíocht chun dlús a chur le nuálaíocht shóisialta mar fhreagairt ar riachtanais shóisialta nach bhfuil á gcomhlíonadh nó nach bhfuil á gcomhlíonadh go leordhóthanach, maidir leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta a chomhrac, ardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith agus frithbhochtaineachta a ráthú, dálaí oibre a fheabhsú agus rochtain ar oiliúint do dhaoine leochaileacha a fheabhsú, agus aird chuí á tabhairt ar ról na n-údarás réigiúnach agus na n-údarás áitiúil. Ba cheart go mbeadh an Clár ina chatalaíoch freisin le haghaidh comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta agus i gcomhair líonraithe idir gníomhaithe san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus sa tríú hearnáil, chomh maith le tacú lena rannpháirtíocht i gcineálacha cur chuige nua a cheapadh agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le dúshláin agus riachtanais shóisialta dhithneasacha.

(5)

Ba cheart don Chlár cabhrú, go háirithe, chun réitigh nuálaíocha a shainaithint agus a anailísiú, agus chun a gcur chun feidhme a mhéadú ó scála, trí thástáil a dhéanamh le beartas sóisialta chun cabhrú leis na Ballstáit, i gcás inar gá, cur le héifeachtacht a margaí saothair agus tuilleadh feabhais a chur ar a mbeartais maidir le cosaint agus cuimsiú sóisialta. Is tástáil ar an láthair ar nuálaíochtaí sóisialta atá tionscadalbhunaithe é tástáil beartais shóisialta. Cumasaíonn sé tiomsú fianaise maidir le féidearthacht nuálaíochtaí sóisialta. Ba cheart go bhféadfaí smaointe ráthúla a shaothrú ar scála níos leithne le tacaíocht airgid ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) chomh maith le foinsí eile.

(6)

Ba cheart modh oscailte an chomhordaithe, a bhfuil a sholúbthacht agus a éifeachtacht oibriúcháin cruthaithe aige sna réimsí fostaíochta agus beartais shóisialta, a úsáid go forleathan agus ba cheart go mbainfeadh sé tairbhe as gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Clár leo.

(7)

Ceanglaítear leis an dul chun cinn i dtreo forbartha atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de san Eoraip go ndéanfaí scileanna agus inniúlachtaí nua a réamh-mheas agus a fhorbairt, ar scileanna agus inniúlachtaí iad a mbeidh sé mar thoradh orthu go gcuirfí feabhas ar na coinníollacha do chruthú fostaíochta, ar cháilíocht na fostaíochta agus ar na coinníollacha oibre trí bheartais tionlacain oideachais, margaidh saothair agus sóisialta i ndáil le claochlú tionscal agus seirbhísí. Ba cheart go rannchuideodh an Clár mar sin le cruthú post cáilíochta agus inbhuanaithe 'glas', 'cúraim' agus TFC a chur chun cinn chomh maith le réamh-mheas agus forbairt a dhéanamh ar scileanna agus inniúlachtaí nua do phoist nua cháilíochta agus inbhuanaithe trí bheartais fostaíochta agus shóisialta a nascadh le beartais thionsclaíocha agus struchtúrtha a thacaíonn leis an trasdul i dtreo geilleagair atá tíosach ar acmhainní agus ísealcharbóin. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh an Clár ina chatalaíoch freisin do thaiscéaladh ar an acmhainneacht cruthú post atá ag infheistíochtaí glasa agus sóisialta atá treoraithe ag an earnáil phoiblí agus ag tionscnaimh fostaíochta áitiúla agus réigiúnacha.

(8)

Ba cheart don Chlár aird a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar ghné chríochach na dífhostaíochta, na bochtaineachta agus an eisiaimh sóisialta, agus aird faoi leith a thabhairt ar an mborradh atá ag teacht ar éagothroime laistigh de agus idir réigiúin, idir limistéir thuaithe agus cathracha agus laistigh de chathracha.

(9)

Is gá gnéithe sóisialta an mhargaidh inmheánaigh a chomhdhlúthú. I gcomhthéacs an riachtanas atá ann muinín sa mhargadh inmheánach lena n-áirítear i saorghluaiseacht seirbhísí a fheabhsú trí urraim ar chearta oibrithe a áirithiú, is gá a áirithiú go dtabharfar stádas comhionann do chearta oibrithe agus fiontraithe araon maidir le saorghluaiseacht ar fud an Aontais.

(10)

In aon dul le Eoraip 2020, ba cheart don Chlár dul i mbun cur chuige comhtháite chun fostaíocht cháilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith leis an eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac agus a chosc agus ag an am céanna aird a thabhairt ar an ngá chun urraim a thabhairt do chomhionannas idir mná agus fir. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a réasúnú agus a shimpliú, go háirithe trí shraith forálacha coiteanna a bhunú lena n-áirítear, inter alia, cuspóirí ginearálta agus socruithe faireacháin agus meastóireachta. Ba cheart don Chlár díriú ar thionscadail a bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag baint leo, beag beann ar a méid. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart go dtacódh an Clár le cruthú agus le forbairt líonraí agus comhpháirtíochtaí. Ina theannta sin, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as roghanna costais simplithe (cnapshuim agus maoiniú ar ráta comhréidh) go háirithe chun scéimeanna soghluaisteachta a chur chun feidhme agus ag áirithiú go bhfuil imeachtaí trédhearcach. Ba cheart don Chlár a bheith ina ionad ilfhreastail i gcomhair soláthraithe micreamhaoiniúcháin ar leibhéal an Aontais, lena gcuirfear maoiniú ar fáil maidir le micrichreidmheas agus fiontraíocht shóisialta, ag éascú rochtain ar iasachtaí agus ag cur cúnaimh theicniúil ar fáil.

(11)

Ag cur san áireamh go bhfuil srian leis na cistí atá ar fáil don Chlár agus go bhfuil na cistí sin réamhleithdháilte ar an haiseanna éagsúla, ba cheart maoiniú a thabhairt ar dtús d'fhorbairt struchtúr a bhfuil éifeacht iolraitheora shoiléir acu, rud a rachaidh chun tairbhe gníomhaíochtaí agus tionscnamh eile. Ba cheart bearta cuí a shocrú chun aon fhéidearthacht forluí nó maoinithe dúbailte le cistí nó cláir eile a sheachaint, go háirithe an CSE.

(12)

Ba cheart go mbeadh fianaise bunaithe ar anailís iontaofa bheith ag an Aontas chun tacú le ceapadh beartas sa réimse fostaíochta agus sa réimse sóisialta, agus aird faoi leith á tabhairt ar thionchar géarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha. Cuireann fianaise den sórt sin breisluach le gníomhaíocht náisiúnta trí ghné an Aontais agus trí bhonn comparáide le haghaidh bailithe sonraí a sholáthar agus trí mhodhanna agus uirlisí staitistiúla a fhorbairt, mar aon le táscairí coiteanna chun críche an cás a léiriú ina iomláine i réimse na fostaíochta, i réimse an bheartais shóisialta agus i réimse na ndálaí oibre ar fud an Aontais, agus trí mheastóireacht ardchaighdeáin ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht clár agus beartas a áirithiú, d'fhonn, inter alia,spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach.

(13)

Tá an tAontas i staid uathúil chun ardán a sholáthar le haghaidh malartaithe beartas agus foghlama frithpháirtí idir tíortha atá rannpháirteach sa Chlár i réimsí na fostaíochta, na cosanta sóisialta agus an chuimsithe shóisialta, agus na fiontraíochta sóisialta. An t-eolas ar bheartais atá á gcur i bhfeidhm i dtíortha eile agus ar a dtorthaí, lena n-áirítear iad siúd a baineadh amach trí thástáil beartais shóisialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, leathnaíonn sé an raon roghanna atá ar fáil do lucht déanta beartas, agus spreagtar leis sin forbairtí beartais nua.

(14)

Tá sé ina ghné lárnach de bheartas sóisialta an Aontais a áirithiú gur ann d'íoschaighdeáin agus go mbíonn feabhas á chur ar dhálaí oibre san Aontas i gcónaí. Tá ról tábhachtach le himirt ag an Aontas ina áirithiú go ndéantar an creat reachtach a oiriúnú do nósanna oibre nua agus do rioscaí nua sláinte agus sábhailteachta agus go gcuirtear 'obair chuibhiúil' agus prionsabail na 'Rialála Cliste' san áireamh. Tá ról tábhachtach ag an Aontas freisin maidir le bearta a mhaoiniú chun feabhas a chur ar chomhlíonadh caighdeáin saothair faoi na coinbhinsiúin daingnithe de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus rialacha Aontais um chearta oibrithe a chosaint. Is é seo an cás, go háirithe, maidir le bearta chun feasacht a mhúscailt (e.g. trí lipéad sóisialta) trí eolas a scaipeadh agus trí dhlús a chur leis an díospóireacht faoi na príomhdhúshláin agus na saincheisteanna beartais a bhaineann le dálaí oibre, lena n-áirítear i measc na gcomhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile chomh maith le bearta cothromaíochta oibre agus saoil a chur chun cinn, gníomhaíochtaí coisctheacha a thionscnamh agus cultúr an choisc a chothú i réimse na sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

(15)

Tá ról lárnach ag comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thaobh fostaíocht cáilíochta a chur chun cinn agus an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, chomh maith le bheith ag troid i gcoinne na dífhostaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, baint a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcás inarb iomchuí, le foghlaim fhrithpháirteach agus le forbairt, cur chun feidhme agus scaipeadh beartas nua. Ba cheart don Choimisiún na torthaí a bhí ag cur chun feidhme an Chláir a chur in iúl do chomhpháirtithe sóisialta an Aontais agus d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus tuairimí a mhalartú leo.

(16)

Tá an tAontas tiomanta do ghné shóisialta an domhandaithe a threisiú agus dumpáil shóisialta a chomhrac trí chaighdeáin mhaithe oibre agus saothair a chur chun cinn, ní hamháin i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár go hidirnáisiúnta freisin, go díreach vis-à-vis tríú tíortha nó go hindíreach trí chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Dá réir sin, ní mór caidreamh oiriúnach a fhorbairt le tríú tíortha nach bhfuil ag glacadh páirte sa Chlár d'fhonn cabhrú chun a chuspóirí a bhaint amach, ag féachaint do chomhaontuithe ábhartha ar bith idir na tíortha sin agus an tAontas. D'fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin go bhfreastalódh ionadaithe na dtríú tíortha sin ar imeachtaí comhleasa (amhail comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir) a tharlaíonn i dtíortha atá ag glacadh páirte sa Chlár. Ina theannta sin, ba cheart comhar a fhorbairt leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, agus go háirithe le EIS agus le comhlachtaí ábhartha eile de chuid na Náisiún Aontaithe, le Comhairle na hEorpa agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), d'fhonn an Clár a chur chun feidhme ar bhealach ina gcuirtear ról na n-eagraíochtaí sin san áireamh.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 46 CFAE, leagtar síos forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a bhfuil sé beartaithe leo saorghluaiseacht d'oibrithe a bhaint amach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trí dhlúthchomhar idir seirbhísí fostaíochta lárnacha na mBallstát lena chéile agus leis an gCoimisiún a áirithiú. Ba cheart do Eures, arb éard atá ann líonra Eorpach de sheirbhísí fostaíochta, feidhmiú níos fearr na margaí saothair a chur chun cinn trí shoghluaisteacht dheonach thrasnáisiúnta thrasteorann gheografach oibrithe a éascú, lena soláthrófar trédhearcacht níos mó ar an margadh saothair, lena n-áiritheofar imréiteach folúntas agus iarratas ar fhostaíocht agus lena dtacófar le gníomhaíochtaí i réimse na seirbhísí socrúcháin, earcaíochta, comhairle agus treorach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann, ag rannchuidiú ar an tslí sin le cuspóirí Eoraip 2020. Ba cheart a mholadh do Bhallstáit seirbhísí EURES a chomhtháthú agus iad a chur ar fáil in "ionad ilfhreastail", nuair is iomchuí.

(18)

Ba cheart raon feidhme EURES a leathnú chun scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe a fhorbairt agus chun tacú leo, i ndiaidh glaonna ar thograí, ar leibhéal an Aontais d'fhonn folúntais a líonadh i gcás inar aithníodh easnaimh i margadh an tsaothair. I gcomhréir le hAirteagal 47 CFAE, ba cheart do na scéim sin tacú le soghluaisteacht dheonach i measc oibrithe óga san Aontas a éascú. Ba cheart go ndéanfadh scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe, cosúil leo siúd atá bunaithe ar an ngníomhaíocht ullmhúcháin 'Do chéad phost EURES', níos éasca do dhaoine óga é rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta agus glacadh le post i mBallstát eile, chomh maith le fostóirí a spreagadh chun fostaíocht a chruthú d'oibrithe óga taistil. Mar sin féin, ní ceart go ndíspreagfadh scéimeanna soghluaisteachta an tAontas agus na Ballstáit ó chúnamh a thabhairt do dhaoine óga chun fostaíocht a fháil ina dtír bhaile.

(19)

Tá ról tábhachtach ag comhpháirtíochtaí trasteorann EURES in go leor réigiún teorann ó thaobh fíormhargadh saothair a fhorbairt san Eoraip. Bíonn ar a laghad dhá Bhallstát i gceist le comhpháirtíochtaí trasteorann EURES, nó Ballstát agus tír rannpháirteach eile. Dá réir sin, tá nádúr cothrománach soiléir acu agus is foinse iad de bhreisluach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, go leanfaí ag tacú le comhpháirtíochtaí trasteorann EURES trí ghníomhaíochtaí cothrománacha Aontais, leis an bhféidearthacht go bhféadfaí a chomhlánú le hacmhainní náisiúnta nó le CSE.

(20)

Ba cheart critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh ar ghníomhaíochtaí EURES. Ós rud é go bhfuil socrúcháin isteach i mBallstát eile mar thoradh ar shocrúcháin amach i mBallstát amháin agus go mbraitheann siad ar staideanna na margaí saothair a bhíonn ag athrú de shíor agus ar phatrúin soghluaisteachta ghaolmhara, ba cheart do mheastóireacht díriú ní amháin ar shocrúcháin isteach nó amach i mBallstáít ar leith ach go speisialta ar fhigiúirí comhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais. Anuas air sin, á mheabhrú nach i gcónaí a bhíonn soghluaisteacht intomhaiste nó socrúcháin poist ina thoradh ar chomhairliú.

(21)

Tugtar le fios in Eoraip 2020, agus go háirithe i dTreoirlíne 7 dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/707/AE (8), go bhfuil féinfhostaíocht agus fiontraíocht ríthábhachtach chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.

(22)

Tá easpa rochtana ar chreidmheas, ar chothromas agus ar chuasachothromas shamhail-ghnáthscaireanna ar cheann de na príomhbhacainní ar chruthú gnó, go háirithe i measc na ndaoine is faide ó mhargadh an tsaothair. Ní mór iarrachtaí náisiúnta agus iarrachtaí an Aontais sa réimse seo a threisiú d'fhonn an soláthar agus an rochtain ar mhicreamhaoiniú a mhéadú chun an t-éileamh uathu siúd is mó atá i ngátar a chomhlíonadh, agus go háirithe daoine dífhostaithe, mná agus daoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thosú nó a fhorbairt, lena n-áirítear ar bhonn féinfhostaithe, ach nach bhfuil rochtain acu ar chreidmheas. Chomh maith leis sin, is micrifhiontair iad tromlach na gcuideachtaí a chruthaítear as an nua san Aontas. Ba cheart mar sin go mbeadh sé indéanta do mhicrichreidmheasanna bealach a sholáthar chun breisluach agus torthaí nithiúla a bhaint amach go mear. Mar chéad chéim, bhunaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tSaoráid in 2010. Ba cheart feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí cumarsáide maidir le deiseanna micreamhaoinithe ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun gur fearr a shroichfidh siad iad siúd a bhfuil micreamhaoiniú ag teastáil uathu.

(23)

Ba cheart go sroichfeadh micreamhaoiniú agus ag tacaíocht a thugtar d'fhiontraíocht shóisialta tairbhithe féideartha agus go mbeadh tionchar fadtéarmach aige.Ba cheart go rannchuideodh siad le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe agus ba cheart go mbeadh sé ina chatalaíoch do bheartais eacnamaíocha agus forbartha áitiúla. D'fhonn na deiseanna chun fiontair inmharthana a chruthú a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh cláir mheantóireachta agus oiliúna agus an t-eolas ábhartha ar fad ag gabháil le gníomhaíochtaí a bhaineann le micreamhaoiniú agus le fiontraíocht shóisialta, agus ba cheart don soláthróir airgeadais freagrach an t-eolas sin a nuashonrú go rialta agus é a chur ar fáil don phobal. Chun na críche sin, tá sé bunriachtanach go gcuirfí maoiniú leormhaith ar fáil, go sonrach trí CSE.

(24)

Is gá cumas institiúideach soláthraithe micreamhaoiniúcháin, agus go háirithe institiúidí micreamhaoiniúcháin nach bainc iad, a fheabhsú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Samhain 2007 dar teideal 'Tionscnamh Eorpach chun micrichreidmheas a fhorbairt chun tacú le fás agus le fostaíocht' agus leis an Tuarascáil ón gCoimisiún an 25 Iúil 2008 dar teideal 'Cur Chun Cinn Nuálaithe Ban agus na Fiontraíochta' le go mbeidh fáil níos mó ar mhicreamhaoiniú ag margadh micreamhaoiniúcháin úr an Aontais.

(25)

Is cuid lárnach de gheilleagar margaidh sóisialta iolraíoch na hEorpa an geilleagar sóisialta agus fiontraíocht shóisialta, agus tá ról tábhachtach acu ó thaobh cóineasú sóisialta níos mó san Eoraip a áirithiú. Tá siad bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta, agus ar phríomhacht an duine aonair agus ar chuspóirí sóisialta in áit caipitil, agus ar fhreagracht shóisialta, comhtháthú sóisialta agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Tá fiontair shóisialta in ann feidhmiú mar thosca d'athrú sóisialta trí réitigh nuálaíocha a thairiscint, agus trí mhargaí saothair uilechuimsitheacha agus seirbhísí sóisialta atá inrochtana do chách a chur chun cinn. Dá bhrí sin tugtar rannchuidiú luachmhar leo go cuspóirí Eoraip 2020 a chomhlíonadh. Ba cheart go bhfeabhsódh leis an gClár rochtain fiontar sóisialta ar chineálacha éagsúla airgeadais trí ionstraimí oiriúnacha a sholáthar chun a riachtanais shonracha airgeadais a chomhlíonadh ar feadh a saolré.

(26)

D'fhonn caipitliú ar thaithí eintiteas amhail Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht lena ngabhann micreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta a chur chun feidhme go hindíreach trí chúraimí cur chun feidhme buiséid a chur ar iontaoibh eintiteas den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) ("an Rialachán Airgeadais"). Le húsáid acmhainní an Aontais, déantar giaráil ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus ó infheisteoirí eile a chomhdhíriú, cruthaítear sineirgíochtaí idir gníomhaíocht na mBallstát agus gníomhaíocht an Aontais, agus aontaítear cineálacha cur chuige agus, ar an gcaoi sin, feabhsaítear an rochtain ar mhaoiniú atá ag grúpaí ardriosca faoi leith agus daoine óga agus an fhor-rochtain atá ag micreamhaoiniú dóibh. Déantar, rochtain ar mhaoiniú do mhicrifhiontair, lena n-áirítear iad siúd atá féinfhostaithe agus fiontair shóisialta a fheabhsú chomh maith. Ar an gcaoi sin cabhraíonn rannchuidiú an Aontais le forbairt na hearnála gnó sóisialta atá ag teacht chun cinn agus le forbairt an mhargaidh mhicreamhaoiniúcháin san Aontas agus spreagann sé gníomhaíochtaí trasteorann. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais ina gcomhlánú ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais le haghaidh micreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta. Eintitis a bhfuil cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tugtha ar iontaoibh dóibh, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil siad ag tabhairt breisluach Aontais agus nach bhfuil siad ag dúbailt maoiniú eile trí acmhainní an Aontais.

(27)

I gcomhréir le Eoraip 2020, ba cheart go rannchuideodh an Clár le dul i ngleic le fadhb phráinneach dhífhostaíocht na hóige. Ba cheart, dá bhrí sin, todhchaí a thabhairt do dhaoine óga agus an seans ról lárnach a bheith acu i bhforbairt na sochaí agus an gheilleagair san Eoraip, a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis i rith géarchéime.

(28)

Ba cheart don Chlár freisin aird a tharraingt ar an ról agus an tábhacht speisialta atá ag fiontair bheaga maidir le hoiliúint, saineolas agus fios gnó traidisiúnta, chomh maith lena áirithiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar mhicreamhaoiniú. Ba cheart don Chlár éascaíocht a dhéanamh do mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus tíortha eile atá rannphairteach sa Chlár i ngach ceann de na réimsí sin.

(29)

Ba cheart go dtacódh gníomhaíochtaí faoin gCláir le cur chun feidhme an Mholaidh ón gComhairle (10) maidir le Ráthaíocht Óige a bhunú ag na Ballstát agus ag gníomhaithe an mhargaidh saothair. Deirtear sa Moladh sin gur cheart do gach duine óg faoi bhun 25 tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna a fháil laistigh de thréimhse ceithre mhí i ndiaidh dóibh éirí dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Ba cheart don Chlár éascaíocht a dhéanamh do mhalartú dea-chleachtais idir na Ballstáit agus tíortha eile atá rannphairteach sa Chlár sa réimse sin.

(30)

De bhun Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 8 CFAE, is gá a áirithiú go rannchuideoidh an Clár le cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir i ngach ceann dá aiseanna agus dá ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear trí phríomhshruthú inscne agus, i gcás inarb ábhartha, trí ghníomhaíocht shonrach chun fostaíocht agus cuimsiú sóisialta na mban a chur chun cinn. De bhun Airteagal 10 CFAE, ba cheart don Chlár a áirithiú go rannchuideoidh chur chun feidhme a thosaíochtaí leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh chun an bealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna frith-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir a mheasúnú.

(31)

Áiríodh leis an gClár Progress don tréimhse 2007-2013 rannáin dar teideal le 'Frith-idirdhealú agus éagsúlacht' agus 'Comhionannas inscne' atá le coinneáil agus le forbairt tuilleadh faoin gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020. Tá sé ríthábhachtach, áfach, fócas láidir a choinneáil ar an gcomhionannas idir mná agus fir agus ar shaincheisteanna frith-idirdhealaithe i ngach tionscnamh agus gníomhaíocht ábhartha atá cumhdaithe ag an gClár, go háirithe ó thaobh feabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair, ar a ndálaí oibre agus cothromaíocht níos fearr idir an saol proifisiúnta agus an saol príobháideach a chur chun cinn.

(32)

De bhun Airteagal 9 CFAE agus chuspóirí Eoraip 2020, ba cheart go rannchuideodh an Clár le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a áirithiú, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus ba cheart na ceanglais a bhaineann le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chur san áireamh.

(33)

Ba cheart don Chlár cláir eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus ag an am céanna ba cheart dó a aithint gur cheart do gach ionstraim oibriú i gcomhréir lena nósanna imeachta sonracha féin. Mar sin de, níor cheart go bhfaigheadh na costais incháilithe chéanna maoiniú dúbailte. Agus é mar aidhm aige breisluach a bhaint amach agus tionchar substaintiúil a bheith ag maoiniú an Aontais, ba cheart sineirgíochtaí dlútha a fhorbairt idir an Clár, cláir eile de chuid an Aontais agus na Cistí Struchtúrtha, go háirithe an CSE agus Tionscnamh Fostaíochta na hÓige. Ba cheart go mbeadh an Clár ina chomhlánú ar chláir agus ar thionscnaimh eile de chuid an Aontais a dhíríonn ar dhífhostaíocht na hóige a chomhrac.

(34)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar shlí a ndéanfaidh sé níos éasca don údaráis inniúil nó do na húdaráis inniúla i ngach Ballstát rannchuidiú le cuspóirí an Chláir a bhaint amach.

(35)

D'fhonn éifeachtúlacht níos mó a áirithiú i gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus sineirgíochtaí níos láidre a chothú idir na gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide faoin gClár seo freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais ar feadh a mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir seo, agus soláthróidh siad faisnéis fúthu.

(36)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais, ar feadh tréimhse iomlán an Chláir arb a bheid an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach [an 2 Nollaig 2013] idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (11), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(37)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(38)

Chun a áirithiú go mbeidh an Clár sách solúbtha chun freagairt do riachtanais atá ag athrú agus do na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le linn a thréimhse, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hathdháileadh cistí idir na haiseanna agus chuig na rannáin indibhidiúla téamacha laistigh d'aiseanna an Chláir. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus ar bhealach iomchuí.

(39)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ('an Clár'), lena ndírítear ar rannchuidiú le cur chun feidhme Eoraip 2020, lena n-áirítear a príomhspriocanna, a Treoirlínte Comhtháite agus a tionscnaimh shuaitheanta trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do chuspóirí an Aontais maidir le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith agus chuibhiúil a ráthú, eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac agus dálaí oibre a fheabhsú.

2.   Mairfidh an Clár ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn 'fiontar sóisialta' gnóthas, beag beann ar a fhoirm dhlí:

(a)

a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige tionchair shóisialta intomhaiste dearfacha a bhaint amach seachas brabús a dhéanamh dá úinéirí, dá chomhaltaí agus dá scairshealbhóirí, i gcomhréir lena Airteagail Chomhlachais, lena Reachtanna nó le haon doiciméad dlíthiuil eile lenar bunaíodh an gnó, agus a bhfuil na nithe seo a leanas fíor ina leith:

(i)

go soláthraíonn sé seirbhísí nó earraí a thugann toradh sóisialta agus/nó

(ii)

go n-úsáideann sé modh táirgthe earraí nó seirbhísí trína léirítear a chuspóir sóisialta;

(b)

go n-úsáideann sé a bhrabúis go príomha chun a phríomhaidhm a bhaint amach agus go bhfuil nósanna imeachta agus rialacha réamh-mhínithe leagtha síos aige maidir le haon imthosca ina ndáiltear brabús ar scairshealbhóirí agus ar úinéirí chun a áirithiú nach ndéanfaidh dáileadh den sórt sin dochar dá phríomhaidhm; agus

(c)

go ndéantar é a bhainistiú ar bhealach fiontraíoch, cuntasach agus trédhearcach, go háirithe trí ról a thabhairt d'oibrithe, do chustaiméirí agus do gheallsealbhóirí a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;

(2)

ciallaíonn 'micrichreidmheas' iasacht suas le EUR 25 000;

(3)

ciallaíonn 'micrifhiontar' fiontar, lena n-áirítear duine féin-fhostaithe, ina bhfuil níos lú ná 10 nduine fostaithe, agus nach bhfuil a láimhdeachas bliantúil nó iomlán bliantúil a chláir chomhardaithe níos mó ná EUR 2 mhilliún, i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13),

(4)

cuimsítear le 'micreamhaoiniú' ráthaíochtaí, micrichreidmheas, gnáthscaireanna agus samhail-ghnáthscaireanna a thugtar do dhaoine agus do mhicrifhiontair a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar chreidmheas;

(5)

ciallaíonn 'nuálaíochtaí sóisialta' nuálaíochtaí atá sóisialta ó thaobh a gcuspóra agus a riachtanas de araon agus go háirithe iad siúd a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua (maidir le táirgí, seirbhísí agus samhlacha) a chomhlíonann riachtanais shóisialta agus ag an am céanna a chruthaíonn caidreamh nó comharaíochtaí sóisialta nua agus ar an gcaoi sin téann siad chun leasa na sochaí agus treisíonn siad freisin inniúlacht na sochaí chun gníomhú;

(6)

ciallaíonn 'tástáil beartais shóisialta' idirghabhálacha beartais a thugann freagra nuálaíocha ar riachtanais shóisialta, ar idirghabhálacha iad a chuirtear chun feidhme ar scála beag agus i gcoinníollacha lena ligtear a dtionchar a thomhas sula ndéantar arís iad ar scála níos mó, má tá na torthaí dearfach.

Airteagal 3

Struchtúr an Chláir

1.   Beidh na trí ais chomhlántachta seo a leanas sa Chlár:

(a)

An ais maidir le Dul Chun Cinn, a thacóidh le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht ar ionstraimí Aontais agus ar bheartais Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus dlí ábhartha an Aontais, agus a chuirfidh chun cinn ceapadh beartas fianaise-bhunaithe, nuálaíocht shóisialta agus dul chun cinn sóisialta, i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe sóisialta, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le comhlachtaí poiblí agus príobháideacha.

(b)

An ais maidir le EURES a thacóidh le gníomhaíochtaí a dhéanann EURES, eadhon na seirbhísí sainiúla atá ainmnithe ag stáit LEE agus Cónaidhm na hEilvéise, mar aon le comhpháirtithe sóisialta, soláthróirí seirbhíse fostaíochta eile agus páirtithe leasmhara eile, chun malartuithe agus scaipeadh faisnéise agus cineálacha eile comhair a fhorbairt, amhail comhpháirtíochtaí trasteorann, chun soghluaisteacht gheografach dheonach d'oibrithe a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus chun rannchuidiú le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe.

(c)

An ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta, lena méadófar rochtain ar mhaoiniú agus infhaighteacht maoinithe do dhaoine dlítheanacha agus fisiciúla de bhun Airteagal 26.

2.   Beidh feidhm ag na forálacha coiteanna a leagtar síos sa Teideal seo maidir leis na trí hais uile a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1, chomh maith le forálacha sonracha Theideal II.

Airteagal 4

Cuspóirí ginearálta an Chláir

1.   Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas i gceist leis an gClár:

(a)

úinéireacht a threisiú i measc lucht déanta beartas ar gach leibhéal, agus gníomhaíochtaí nithiúla, comhordaithe agus nuálaíocha a thabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, i ndáil le cuspóirí an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, i ndlúthchomharaíocht leis na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhlachtaí poiblí agus príobháideacha;

(b)

tacú le forbairt córas cosanta sóisialta agus margaí saothair atá leormhaith, inrochtana agus éifeachtach agus athchóiriú beartais a éascú, sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, go sonrach trí obair agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, mar aon le cultúr an choisc do shláinte agus sábháilteacht ag an obair, cothromaíocht níos sláintiúla idir an saol proifisiúnta agus an saol príobháideach agus do dhea- rialachas do chuspóirí sóisialta, lena n-áirítear cóineasú, chomh maith le foghlaim fhrithpháirteach agus nuálaíocht shóisialta;

(c)

a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach dlí an Aontais maidir le nithe a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, agus, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le nua-aoisiú dhlí an Aontais, ar aon dul le prionsabail oibre chuibhiúla, agus ag cur san áireamh prionsabail na Rialála Cliste;

(d)

soghluaisteacht gheografach dheonach oibrithe a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus borradh a chur faoi dheiseanna fostaíochta trí mhargaí saothair Aontais a fhorbairt atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach agus atá oscailte agus inrochtana do chách agus ag an am céanna cearta oibrithe ar fud an Aontais lena n-áirítear saoirse gluaiseachta a urramú.

(e)

fostaíocht agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí infhaighteacht agus inrochtaineacht micreamhaoinithe a mhéadú do dhaoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thosú agus do mhicrifhiontair atá ann cheana, agus trí rochtain ar mhaoiniú d'fhiontair shóisialta a mhéadú.

2.   I saothrú na gcuspóirí sin, beidh sé mar aidhm ag an gClár, ina chuid aiseanna agus gníomhaíochtaí uile, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aird faoi leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine óga;

(b)

comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, lena n-áirítear trí phríomhshruthú inscne agus, sa chás gur cuí, buiséadú inscne;

(c)

idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar aois nó ar threosuíomh gnéasach a chomhrac;

(d)

agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais á sainmhíniú agus á gcur chun feidhme aige, ardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith agus chuibhiúil a ráthú, dífhostaíocht fhadtéarmach a chomhrac agus an troid i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.

Airteagal 5

An Buiséad

1.   EUR 919 469 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leithdháilfear na céatadáin tháscacha seo a leanas ar na haiseanna a leagtar amach in Airteagal 3(1):

(a)

61 % don ais maidir le Progress;

(b)

18 % don ais maidir le EURES;

(c)

21 % don ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as suas go 2 % den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 chun caiteachais oibríochtúla chun tacú le cur chun feidhme an Chláir a mhaoiniú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 chun cúnamh teicniúil agus/nó cúnamh riaracháin a mhaoiniú, go háirithe maidir le hiniúchóireacht, eisfhoinsiú aistriúcháin, cruinnithe saineolaithe, agus gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ar comhleas don Choimisiún agus do na tairbhithe.

5.   Déanfar leithreasaí bliantúla a údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de heorainneacha atá leagtha síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 6

Gníomhaíocht chomhpháirteach

Féadfar gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár a chur chun feidhme go comhpháirteach le hionstraimí Aontais eile, ar choinníoll go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sincuspóirí an Chláir agus cuspóirí na n-ionstraimí eile lena mbaineann araon.

Airteagal 7

Comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár ar aon dul le agus comhlántach le gníomhaíochtaí Aontais eile, amhail Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEanna) amhail a shonraítear sa Chomhchreat Straitéiseach a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), go háirithe faoi CSE.

2.   Déanfaidh an Clár cláir eile de chuid an Aontais a chomhlánú gan dochar do nósanna imeachta sonracha na gclár sin. Ní bhfaighidh na costais incháilithe chéanna maoiniú dúbailte, agus forbrófar sineirgíochtaí dlútha idir an Clár, cláir eile an Aontais agus CSIEanna, go háirithe CSE.

3.   Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí arna dtacú ag an gClár dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha maidir le státchabhair, agus Coinbhinsiúin bhunúsacha an EIS.

4.   Áiritheofar comhsheasmhacht agus comhlántacht freisin trí dhlúthbhaint a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha leis.

Airteagal 8

Comhar le comhlachtaí ábhartha

Bunóidh an Coimisiún na naisc riachtanacha leis an gCoiste Fostaíochta, leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta, leis an gCoiste Comhairleach ar Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, le Grúpa na nArd-Stiúrthóirí don Chaidreamh Tionsclaíoch agus leis an gCoiste Comhairleach ar Shaoirse Gluaiseachta d'Oibrithe d'fhonn a áirithiú go gcoimeádfar ar an eolas iad go rialta agus go hiomchuí faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme an Chláir. Cuirfidh an Coimisiún coistí eile a dhéileálann le beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí atá ábhartha don Chlár ar an eolas freisin.

Airteagal 9

Torthaí agus cumarsáid a scaipeadh

1.   Cuirfidh an Coimisiún geallsealbhóirí an Aontais, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar an eolas faoi na torthaí maidir le cur chun feidhme an Chláir, agus iarrfar orthu tuairimí a mhalartú.

2.   Déanfar torthaí na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún, agus freisin do na comhpháirtithe sóisialta agus don phobal, agus scaipfear go rialta agus go hiomchuí iad, d'fhonn a dtionchar, a n-inbhuanaitheacht agus a mbreisluach Aontais a uasmhéadú.

3.   Rannchuideoidh gníomhaíochtaí cumarsáide freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh, ar feadh a mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, agus cuirfidh siad faisnéis faoi na tosaíochtaí sin ar fáil don phobal.

Airteagal 10

Forálacha airgeadais

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a bhainistiú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Sonróidh an comhaontú deontais an chuid de rannchuidú airgeadais an Aontais a bheidh bunaithe ar aisíocaíocht costas incháilithe iarbhír agus an chuid a bheidh bunaithe ar rátaí comhréidhe, ar chostais aonaid nó ar chnapshuimeanna.

Airteagal 11

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta coisctheacha iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, agus má bhraitear neamhrialtachtaí, trí acmhainní a aisghabháil, trí fhritháireamh go príomha, ach, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE, le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (15) agus leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, i dtaca le gach tairbhí deontas, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 (16) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (17), d'fhonn a shuíomh cé acu an raibh nó nach raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontas nó le conradh a maoiníodh faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 2a, beidh forálacha i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a eascraíonn as cur chun feidhme an Chláir seo lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe dá dtagraítear sna míreanna sin a sheoladh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 12

Faireachán

D'fhonn faireachán rialta a dhéanamh ar an gClár agus d'fhonn aon choigeartuithe is gá ar a thosaíochtaí beartais agus cistiúcháin a dhéanamh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil tosaigh faireacháin cháilíochtúil agus chainníochtúil lena gcumhdófar bliain amháin agus, ina dhiaidh sin, trí thuarascáil lena gcumhdófar tréimhsí dhá bhliain comhleanúnacha agus cuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad. Cuirfear na tuarascálacha ar aghaidh freisin, chun críocha eolais, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Cumhdóidh na tuarascálacha torthaí an Chláir agus a mhéid a cuireadh i bhfeidhm prionsabail an chomhionannais idir mná agus fir,agus an phríomhshruthaithe inscne agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar bhreithnithe frith-idirdhealaithe, lena n-áirítear saincheisteanna inrochtaineachta, tríd bhíthin a ghníomhaíochtaí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil don phobal chun cur le trédhearcacht an Chláir.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireacht lár téarma ar an gClár faoin 1 Iúil 2017 chun an dul chun cinn atá déanta aige maidir le cuspóirí an Chláir a bhaint amach a thomhas, ar bhonn cáilíochtúil agus cainníochtúil, chun aghaidh a thabhairt ar an timpeallacht shóisialta laistigh den Aontas agus ar aon athrú mór a tugadh isteach le reachtaíocht an Aontais, chun a chinneadh cé acu ar baineadh úsáid éifeachtach as acmhainní an Chláir nó nár baineadh agus chun a bhreisluach Aontais a mheas. Cuirfear torthaí na meastóireachta lár téarma sin i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Má nochtar go bhfuil easnaimh mhóra sa Chlár leis an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó in aon mheastóireacht a dhéantar de bhun Airteagal 19 de Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE nó Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 283/2010//AE, cuirfidh an Coimisiún, más iomchuí, togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n-áirítear leasuithe iomchuí ar an gClár, chun torthaí na meastóireachta a chur san áireamh.

3.   Sula ndéanfar aon togra d'fhadú an Chláir níos faide ná 2020, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht ar láidreachtaí agus laigeachtaí coincheapúla an Chláir sa tréimhse 2014 go 2020 i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

4.   Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar thionchar agus ar bhreisluach Aontais gus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh an mheastóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.

TEIDEAL II

FORÁLACHA ATÁ SONRACH D'AISEANNA CLÁIR

CAIBIDIL I

An Ais maidir le Dul Chun Cinn

Airteagal 14

Rannáin théamacha agus maoiniú

1.   Tacóidh an ais maidir le Progress le gníomhaíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c). Cloífidh an miondealú táscach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 5(2) den leithdháileadh idir na rannáin éagsúla leis na híos-chéatadáin seo a leanas thar thréimhse iomlán an Chláir:

(a)

fostaíocht, go háirithe chun dífhostaíocht na hóige a chomhrac: 20 %;

(b)

cosaint shóisialta, cuimsiú sóisialta agus laghdú agus cosc na bochtaineachta: 50 %;

(c)

dálaí oibre: 10 %.

Leithdháilfear aon fhuílleach ar cheann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) nó ar theaglaim díobh sin.

2.   Ón leithdháileadh foriomlán don ais maidir le Progress, agus laistigh dá réimsí éagsúla beartais, leithdháilfear 15 go 20 % de sin ar thástáil shóisialta a chur chun cinn mar mhodh chun réitigh nuálacha a thriail agus a mheas d'fhonn iad a mhéadú ó scála.

Airteagal 15

Cuspóirí sonracha

I dteannta na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4, is iad cuspóirí sonracha na haise maidir le Progress:

(a)

eolas anailíseach comparáideach ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a scaipeadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh beartais an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 bunaithe ar fhianaise fhónta agus iad ábhartha maidir le riachtanais, le dúshláin agus le dálaí sna Ballstáit ar leith agus sna tíortha eile atá rannpháirteach sa Chlár;

(b)

comhroinnt faisnéise, foghlaim fhrithpháirteach agus plé, atá éifeachtach agus cuimsitheach, i dtaca le beartais an Aontais sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 a éascú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis na tíortha eile atá rannpháirteachsa Chlár a gcuid beartas a fhorbairt agus dlí an Aontais a chur chun feidhme;

(c)

tacaíocht airgeadais a thabhairt chun tástáil a dhéanamh ar nuálaíochtaí beartais mhargadh an tsaothair agus shóisialta, agus, i gcás inar gá, cumas na bpríomhghníomhaithe a fhorbairt chun tástáil beartais shóisialta a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus an t-eolas agus an saineolas iomchuí a dhéanamh inrochtana;

(d)

tacaíocht airgeadais a thabhairt don Aontas agus d'eagraíochtaí náisiúnta chun an cumas atá acu a mhéadú chun cur chun feidhme beartas agus reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a chur chun cinn agus tacú léi dá dtagraítear in Airteagal 1 agus i ndlí ábhartha an Aontais.

Airteagal 16

Cineálacha gníomhaíochtaí

Féadfar na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú faoin ais maidir le Progress:

1.

Gníomhaíochtaí anailíseacha:

(a)

bailiú sonraí agus staidreamh, ag cur san áireamh critéar cáilíochtúil agus cainníochtúil araon, chomh maith le modheolaíochtaí coiteanna, aicmiúcháin, micrea-samhlúcháin, táscairí agus tagarmharcanna a fhorbairt, agus, i gcás inarb iomchuí, iad miondealaithe de réir gnéis agus aoisghrúpa;

(b)

suirbhéanna, staidéir, anailísí agus tuarascálacha, lena n-áirítear trí líonraí saineolaithe a mhaoiniú agus trí shaineolas maidir le rannáin téamacha a fhorbairt;

(c)

meastóireachtaí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus measúnuithe tionchair arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha araon;

(d)

faireachán agus measúnú ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais;

(e)

tástáil beartais shóisialta a ullmhú agus a chur chun feidhme mar mhodh chun réitigh nuálacha a thriail agus a mheas d'fhonn iad a mhéadú ó scála;

(f)

scaipeadh thorthaí na ngníomhaíochtaí anailíseacha sin.

2.

Gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, feasachta agus scaipthe:

(a)

malartuithe agus scaipeadh dea-chleachtais, cineálacha cur chuige nuálacha agus taithí nuálach, athbhreithnithe piaraí, tagarmharcáil agus foghlaim fhrithpháirteach ar an leibhéal Eorpach;

(b)

imeachtaí, comhdhálacha agus seimineáir Uachtaránacht na Comhairle;

(c)

cleachtóirí dlí agus beartais a oiliúint;

(d)

treoracha, tuarascálacha agus ábhar oideachasúil a dhréachtú agus a fhoilsiú agus bearta a bhaineann le faisnéis, cumarsáid agus clúdach meán na dtionscnamh a dtacaíonn an Clár leo;

(e)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(f)

córais faisnéise a fhorbairt agus a chothabháil d'fhonn faisnéis a mhalartú agus a scaipeadh maidir le beartas agus reachtaíocht Aontais agus ar an margadh saothair.

3.

Tacaíocht maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

costais oibriúcháin príomhghréasáin ar leibhéal an Aontais a mbaineann a gcuid gníomhaíochtaí le cuspóirí na haise maidir le Progress agus a rannchuidíonn siad leo;

(b)

forbairt cumais riarachán náisiúnta agus sainseirbhísí atá freagrach as soghluaisteacht gheografach a chur chun cinn, arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag soláthraithe micrichreidmheasa;

(c)

grúpaí oibre d'oifigigh náisiúnta a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais;

(d)

líonrú agus comhar i measc sainchomhlachtaí agus geallsealbhóirí ábhartha eile, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus seirbhísí fostaíochta ar an leibhéal Eorpach;

(e)

faireachlanna ar an leibhéal Eorpach a mhaoiniú, lena n-áirítear ar phríomhrannáin théamacha;

(f)

malartú pearsanra idir riaracháin náisiúnta.

Airteagal 17

Cómhaoiniú Aontais

I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí faoin ais maidir le Progress a mhaoiniú i ndiaidh glaonna ar thograí, féadfaidh siad, mar riail ghinearálta, cómhaoiniú ón Aontas a fháil nach mó ná 80 % den chaiteachas incháilithe iomlán. Ní dhéanfar aon tacaíocht os cionn na huasteorann sin a dheonú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

Airteagal 18

Rannpháirtíocht

1.   Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach san ais maidir le Progress:

(a)

Ballstáit:

(b)

tíortha LEE, i gcomhréir le Comhaontú LEE agus ballstáit EFTA;

(c)

na tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta atá leagtha síos sna creat-chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leo ar a rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.

2.   Féadfaidh na comhlachtaí, gníomhaithe agus institiúidí poiblí agus/nó príobháideacha uile, agus go háirithe na cinn seo a leanas a bheith rannpháirteach san ais maidir le Dul Chun Cinns:

(a)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

(b)

seirbhísí fostaíochta;

(c)

sainchomhlachtaí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

(d)

na comhpháirtithe sóisialta;

(e)

eagraíochtaí neamhrialtasacha;

(f)

institiúidí ardoideachais agus institiúidí taighde;

(g)

saineolaithe i meastóireacht agus i measúnú tionchair;

(h)

oifigí staidrimh náisiúnta;

(i)

na meáin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa, leis an ECFE, leis an EIS, le comhlachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe agus leis an mBanc Domhanda.

4.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár. Féadfaidh ionadaithe na dtríú tíortha sin freastal ar imeachtaí comhleasa (amhail comhdhálacha, ceardlanna agus seimineáir) a tharlaíonn i dtíortha atá rannpháirteach sa Chlár agus féadfar an costas i ndáil lena bhfreastal a chumhdach tríd an gClár.

CAIBIDIL II

An ais maidir le EURES

Airteagal 19

Rannáin théamacha agus maoiniú

Tacóidh an ais maidir le EURES le gníomhaíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha a liostaítear i bpointí (a), (b) and (c). Cloífidh miondealú táscach an leithdháilte a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 5(2) idir na rannáin éagsúla leis na híos-chéatadáin seo a leanas thar thréimhse iomlán an chláir:

(a)

trédhearcacht maidir le folúntais poist, le hiarratais ar phost agus le haon fhaisnéis ghaolmhar d'iarrthóirí agus d'fhostóirí: 32 %;

(b)

seirbhísí a fhorbairt chun oibrithe a earcú agus a chur i bhfostaíocht trí fholúntais agus iarratais ar phoist a imréiteach ar leibhéal an Aontais, go háirithe scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe: 30 %;

(c)

comhpháirtíochtaí trasteorann: 18 %.

Leithdháilfear aon fuílleach ar cheann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), nó ar theaglaim díobh sin.

Airteagal 20

Cuspóirí sonracha

I dteannta na gcuspóirí ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 4, is iad cuspóirí sonracha na haise maidir le EURES:

(a)

a áirithiú go ndéanfar folúntais post agus iarratais ar phoist, agus faisnéis agus comhairle chomhfhreagrach chomh maith le haon fhaisnéis ghaolmhar cosúil leis sin a bhaineann le dálaí maireachtála agus oibre, trédhearcach do na hiarratasóirí féideartha agus do na fostóirí, faoi seach. Bainfear é sin amach trí mhalartú agus scaipeadh ar an leibhéal trasnáisiúnta, idir-réigiúnach agus trasteorann trí úsáid a bhaint as foirmeacha caighdeánacha idir-inoibritheachta d'fholúntais poist agus d'iarratais ar phoist agus trí bhealaí oiriúnacha eile, amhail comhairliú agus meantóireacht aonair, go háirithe dóibh siúd ar bheagán oiliúna;

(b)

tacú le soláthar seirbhísí EURES ar seirbhísí iad a dhéanann earcú agus socrú oibrithe i bhfostaíocht cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn trí fholúntais agus iarratais a imréiteach; leathnóidh tacaíocht do sheirbhísí EURES go dtí céimeanna éagsúla socrúcháin, ó ullmhúchán réamh-earcaíochta go cúnamh iar-socrúcháin d'fhonn an t-iarrthóir a chomhtháthú go rathúil sa mhargadh saothair; d'fhéadfadh scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe a bheith i gceist lena leithéid de sheirbhísí tacaíochta chun folúntais poist a líonadh in earnáil, gairm bheatha, tír nó grúpa tíortha áirithe nó do ghrúpaí áirithe oibrithe, amhail daoine óga a mbeadh luí acu leis an tsoghluaisteacht, i gcás inar sainaithníodh gá soiléir eacnamaíoch.

Airteagal 21

Cineálacha Gníomhaíochtaí

Féadfar an ais maidir le EURES a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun soghluaisteacht dheonach daoine aonair san Aontas a chur chun cinn ar bhonn cothrom agus chun bacainní soghluaisteachta a bhaint as, agus go háirithe:

(a)

forbairt agus gníomhaíochtaí comhpháirtíochtaí trasteorann EURES sa chás go n-iarrann seirbhísí é a bhfuil freagracht chríochach orthu as réigiúin teorann;

(b)

seirbhísí faisnéise, comhairliú, socrúcháin agus earcaíochta a sholáthar d'oibrithe trasteorann;

(c)

forbairt an ardáin dhigitigh ilteangaigh d'imréiteach folúntas poist agus iarratas ar phoist;

(d)

scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe a fhorbairt, i ndiaidh glaonna ar thograí, chun folúntais post a líonadh, sa chás gur aithníodh easnaimh sa mhargadh saothair, agus/nó chun cabhrú le hoibrithe a bhfuil claonadh acu a bheith soghluaiste sa chás go bhfuil riachtanas soiléir eacnamaíoch aitheanta;

(e)

foghlaim fhrithpháirteach idir gníomhaithe EURES agus oiliúint comhairleoirí EURES, lena n-áirítear comhairleoirí chomhpháirtíocht trasteorann EURES;

(f)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feasacht a ardú maidir leis na tairbhí a bhaineann le soghluaisteacht gheografach agus ceirde i gcoitinne agus leis na gníomhaíochtaí agus seirbhísí atá á soláthar ag EURES.

Airteagal 22

Cómhaoiniú Aontais

I gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí faoin ais maidir le EURES a mhaoiniú i ndiaidh glaonna ar thograí, ní rachaidh cómhaoiniú Aontais, mar riail ghinearálta, thar 95 % den chaiteachas incháilithe iomlán. Ní dheonófar aon tacaíocht airgeadais os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcúinsí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

Airteagal 23

Faireachán ar Phatrúin Soghluaisteachta

D'fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhrath agus a chosc i ndáil le soghluaisteacht gheografach idir-Aontais, déanfaidh an Coimisiún, mar aon leis na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh 492/2011, faireachán rialta ar shreabha agus ar phatrúin soghluaisteachta.

Airteagal 24

Rannpháirtíocht

1.   Beidh rannpháírtíocht san ais maidir le EURES ar oscailt dóibh seo a leanas:

(a)

Ballstáit:

(b)

tíortha LEE, i gcomhréir le Comhaontú LEE, agus Cónaidhm na hEilvéise, i gcomhréir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (18).

2.   Beidh rannpháírtíocht san ais maidir le EURES ar oscailt do na comhlachtaí, na gníomhaithe, agus na institiúidí poiblí uile atá ainmnithe ag Ballstát nó ag an gCoimisiún agus a chomhlíonann na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach in líonra EURES a bheith rannpháirteach, mar atá leagtha amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/CE ón gCoimisiún. Áireofar, go háirithe, ar chomhlachtaí, ar ghníomhaithe agus ar institiúidí den sórt sin:

(a)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

(b)

seirbhísí fostaíochta;

(c)

eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus páirtithe leasmhara eile.

CAIBIDIL III

An Ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta

Airteagal 25

Rannáin théamacha agus maoiniú

Tacóidh an ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta le gníomhaíochtaí i gceann amháin nó níos mó de na rannáin théamacha a liostaítear i bpointí (a) agus (b). Cloífidh miondealú táscach an leithdháilte a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 5(2) idir na rannáin éagsúla leis na híos-chéatadáin seo a leanas le linn tréimhse iomlán an chláir:

(a)

micreamhaoiniú do ghrúpaí leochaileacha agus do mhicrifhiontair: 45 %;

(b)

fiontraíocht shóisialta: 45 %.

Leithdháilfear aon fhuílleach ar na rannáin théamacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) nó ar mheascán dóibh.

Airteagal 26

Cuspóirí sonracha

I dteannta na gcuspóirí sonracha atá leagtha amach in Airteagal 4, is iad cuspóirí sonracha na haise maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta:

(a)

rochtain agus infhaighteacht ar mhicreamhaoiniú dóibh seo a leanas a mhéadú:

(i)

daoine leochaileacha a chaill a bpost nó atá i mbaol a bpost a chailleadh, nó daoine a bhfuil deacracht acu dul isteach i margadh an tsaothair nó filleadh air, nó daoine atá i mbaol a bheith eisiata go sóisialta agus atá faoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain ar an ngnáthmhargadh creidmheasa agus ar mian leo a micrifhiontair féin a thosú nó a fhorbairt;

(ii)

micrifhiontair ag an staid nuathionscanta agus forbartha araon, go speisialta micrifhiontair a fhostaíonn daoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(b)

Cumas institiúideach na soláthraithe micrichreidmheasa a fhorbairt;

(c)

Tacú le margadh na hinfheistíochta sóisialta a fhorbairt chun rochtain ar mhaoiniú d'fhiontair shóisialta a éascú trí ghnáthscaireanna, samhail-ghnáthscaireanna, ionstraimí d'iasachtaí agus deontais suas go dtí EUR 500 000 a chur ar fáil d'fhiontair shóisialta, a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 30 milliún acu nó iomlán bliantúil den chlár comhardaithe nach mó ná EUR 30 milliún, nach gnóthas comhinfheistíochta iad féin.

D'fhonn comhlántacht a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, ina réimsí inniúlachta faoi seach, na gníomhaíochtaí seo a chomhordú go dlúth leo siúd a dtugtar fúthu i gcreat an bheartais chomhtháthaithe agus na mbeartas náisiúnta.

Airteagal 27

Cineálacha gníomhaíochtaí

Féadfar tacaíocht do mhicreamhaoiniú agus d'fhiontair shóisialta, lena n-áirítear forbairt cumais institiúidigh, go háirithe trí na hionstraimí airgeadais a bhforáiltear dóibh faoi Theideal VIII de Chuid a haon den Rialachán Airgeadais, agus deontais a sholáthar faoin ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta.

Airteagal 28

Rannpháirtíocht

1.   Beidh rannpháirtíocht faoin ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta ar oscailt do chomhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha arna mbunú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus a sholáthraíonn na nithe seo a leanas sna tíortha sin:

(a)

micreamhaoiniú do dhaoine agus do mhicrifhiontair; agus/nó

(b)

maoiniú le haghaidh fiontar sóisialta.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an ais inrochtana, gan idirdhealú, do gach comhlacht poiblí agus príobháideach sna Ballstáit.

3.   Chun lámh a shíneadh chuig na tairbhithe deiridh agus le micrifhiontair iomaíocha inmharthana a chruthú, is é a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha a chuireann gníomhaíochtaí i gcríoch dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna thairbhithe deiridh an mhicrichreidmheasa agus le heagraíochtaí, go háirithe na heagraíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ó CSE agusdéanfaidh siad cláir oiliúna agus mheantóireachta a chur ar fáil do na tairbhithe deiridh sin. Sa chomhthéacs sin, déanfar obair leantach leordhóthanach maidir leis na tairbhithe a áirithiú roimh agus i ndiaidh chruthú an mhicrifhiontair araon.

4.   Cloífidh comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 le caighdeáin arda i ndáil le rialachas, bainistíocht agus cosaint an chustaiméara ar aon dul le prionsabail Chód na hEorpa um Dhea-Iompar maidir le Soláthar Micreamhaoiniúcháin agus féachfaidh siad le cosc a chur ar ró-fhiachas daoine agus gnóthas, mar shampla, mar thoradh ar iasachtaí a bheith tugtha dóibh ag rátaí úis arda nó faoi théarmaí ar dóigh go mbeidh sé mar thoradh orthu go n-éireoidh siad dócmhainneach.

Airteagal 29

Rannchuidiú airgeadais

Cé is moite i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha, cuimseoidh na leithreasuithe airgeadais a leithdháilfear ar an ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta costas iomlán na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta i dtreo idirghabhálacha airgeadais, amhail caillteanais ó ráthaíochtaí, táillí bainistíochta do na heintitis a bhainistiónn rannchuidiú an Aontais agus aon chostais eile atá incháilithe.

Airteagal 30

Bainistíocht

1.   D'fhonn na hionstraimí agus na deontais dá dtagraítear in Airteagal 27 a chur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a thabhairt i gcrích leis na heintitis atá liostaithe in Airteagal 139(4) den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus leis an gCiste Eorpach Infheistíochta. I gcomhaontuithe den sórt sin leagfar amach forálacha mionsonraithe maidir leis na cúraimí arna gcur ar iontaoibh ar na heintitis sin, lena n-áirítear forálacha ina sonraítear an gá atá le breisíocht agus comhordú le hionstraimí airgeadais náisiúnta agus le hionstraimí airgeadais an Aontais a áirithiú agus an gá atá leis na hacmhainní a chionroinnt ar bhealach cothromúil ar na Ballstáit agus ar na tíortha rannpháirteacha eile. Is féidir ionstraimí airgeadais faoi Theideal VII de Chuid a hAon den Rialachán Airgeadais, a sheachadadh trí mheán infheistíochta tiomnaithe, ar féidir é a bheith maoinithe ag cistí an Chláir, ag infheisteoirí eile nó ag an dá rud.

2.   Féadfaidh an meán infheistíochta tiomnaithe dá dtagraítear i mír 1, inter alia, iasachtaí, caipiteal cothromais agus ionstraimí um chomhroinnt riosca d'idirghabhálaithe a chur ar fáil nó airgeadas díreach d'fhiontair shóisialta nó an dá rud. Is féidir caipiteal cothromais a chur ar fáil inter alia i bhfoirm rannpháirtíochtaí cothromais oscailte, infheistíochtaí díomhaoine, iasachtaí scairshealbhóirí agus teaglaim de chineálacha éagsúla rannpháirtíochtaí cothromais arna n-eisiúint do na hinfheisteoirí.

3.   Léireoidh na coinníollacha, amhail rátaí úis, do mhicreachreidmheasanna arna dtacú go díreach nó go hindíreach i gcreat na haise seo tairbhe na tacaíochta agus beidh siad inchosanta maidir leis na rioscaí atá taobh thiar díobh agus costas iarbhír an mhaoinithe a bhaineann le creidmheas.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 140(6) den Rialachán Airgeadais, sannfar aisíocaíochtaí bliantúla arna nginiúint ag ionstraim airgeadais amháin don ionstraim airgeadais sin go dtí an 1 Eanáir 2024, ach iontrálfar ioncaim i mbuiséad ginearálta an Aontais tar éis do chostais agus táillí bainistíochta a bheith asbhainte. I gcás ionstraimí airgeadais a bunaíodh cheana sa chreat airgeadais ilbhliantúil roimhe sin don tréimhse 2007-2013, déanfar aisíocaíochtaí bliantúla agus ioncaim a gineadh in oibríochtaí ar cuireadh tús leo sa tréimhse roimhe sin a shannadh don ionstraim airgeadais sa tréimhse reatha.

5.   Ar dhul in éag do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1 nó tar éis tréimhse infheistíochta an mheáin thiomanta infheistíochta a bheith críochnaithe, déanfar an t-iarmhéid atá dlite don Aontas a íoc isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais.

6.   Déanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb ábhartha, na bainisteoirí ciste comhaontuithe i scríbhinn a chur i gcrích leis na comhlachtaí poiblí agus na comhlachtaí príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 28. Leagfar síos sna comhaontuithe sin oibleagáidí na soláthraithe poiblí agus na soláthraithe príobháideacha chun úsáid a bhaint as na hacmhainní arna gcur ar fáil faoin ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 26 agus chun faisnéis a chur ar fáil chun na tuarascálacha bliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 31 a dhréachtú.

Airteagal 31

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Cuirfidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus, i gcás inarb ábhartha, na bainisteoirí ciste tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla chuig an gCoimisiún ina leagfar amach na gníomhaíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh agus ina gcumhdófar a gcur chun feidhme airgeadais agus an leithdháileadh agus inrochtaineacht maoinithe agus infheistíochta de réir earnála, limistéir gheografaigh agus cineáil tairbhí. Beidh cur síos sna tuarascálacha cur chun feidhme sin ar na hiarratais ar glacadh leo agus ar diúltaíodh rompu i ndáil le gach cuspóir sonrach agus na conarthaí a thug na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha lena mbaineann i gcrích, na gníomhaíochtaí a maoiníodh agus na torthaí, lena n-áirítear i dtéarmaí a dtionchair shóisialta, cruthú fostaíochta agus inbhuanaitheacht na tacaíochta arna tabhairt. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin chuig Parlaimint na hEorpa ar mhaithe le faisnéis.

2.   Beifear in ann an fhaisnéis arna cur ar fáil sna tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla sin ar dhul chun cinn a úsáid sna tuarascálacha faireacháin débhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13. Áireofar lena leithéid de thuarascálacha faireacháin na tuarascálacha bliantúla a bhforáiltear dóibh in Airteagal 8(2) de Chinneadh Uimh 283/2010/AE, mionsonraí maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéis maidir le comhlántacht le hionstraimí Aontais eile, go sonrach an CSE.

TEIDEAL III

CLÁIR OIBRE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Cláir Oibre agus forálacha críochnaitheacha

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos clár oibre aonair a chumhdóidh na trí ais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(3).

Beidh na cláir oibre, i gcás inarb ábhartha, ar feadh tréimhse rollach trí bliana agusbeidh cur síos iontu ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú i ngach clár oibre, mar aon leis an gcineál nós imeachta, an cuimsiú geografach, an spriocghrúpa agus creat ama cur chun feidhme táscach. Beidh léiriú san áireamh sna cláir oibre freisin maidir leis an méid arna leithdháileadh ar gach cuspóir sonrach agus feicfear iontu ath-leithdháileadh na gcistí i gcomhréir le hAirteagal 33. Déanfaidh na cláir oibre comhtháiteacht an Chláir a dhaingniú trí léiriú a thabhairt ar na naisc idir na trí hais.

Airteagal 33

Ath-leithdháileadh cistí idir na haiseanna agus chuig na rannáin théamacha aonair laistigh de na haiseanna.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhaíochtaí tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 34, le haghaidh ath-leithdháileadh cistí idir aiseanna agus chuig rannáin théamacha aonair laistigh de gach ais a bheadh níos mó ná 5 % agus níos lú ná 10 % ná an méid táscach a leagadh síos i ngach cás, sa chás go n-éilíonn forbairtí sa chomhthéacs soch-eacnamaíoch nó fionnachtana na meastóireachta lár téarma dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a leithéid. Léireofar an leithdháileadh cistí ar rannáin théamacha laistigh de gach ais sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 1 Eanáir 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 33 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an trách céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

Bearta cur chun feidhme breise

Déanfar bearta atá riachtanach do chur chun feidhme an Chláir, amhail na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar an gClár, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le héifeachtacht ó thaobh costas de agus na socruithe chun torthaí a scaipeadh agus a aistriú, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 36

Nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 37

Bearta idirthréimhseacha

Gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh 1672/2006/CE, a bheidh tionscanta roimh 1 Eanáir 2014, beidh siad fós á rialú ag an gCinneadh sin. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, tabharfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 38

Meastóireacht

1.   Cuirfear an mheastóireacht chríochnaitheach dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 283/2010/AE ar áireamh sa mheastóireacht chríochnaitheach dá bhforáiltear in Airteagal 14(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach shonrach ar an ais maidir le Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dul in éag do na comhaontuithe leis na heintitis.

Airteagal 39

Leasuithe ar Chinneadh Uimh. 283/2010/AE

Leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE mar a leanas:

(1)

In Airteagal 5 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ar dhul in éag na Saoráide, cuirfear an t-iarmhéid atá dlite don Aontas ar fáil le haghaidh micreamhaoinithe agus tacaíochta d'fhiontair shóisialta i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") (*1).

(*1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 238";"

(2)

In Airteagal 8, scriostar mír 3 agus mír 4.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 88.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 167.

(3)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta – PROGRESS (IO L 315, 15.11.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d'oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le folúntais agus iarratais ar fhostaíocht a imréiteach (IO L 328, 28.11.2012, lch. 21).

(7)  Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1).

(8)  Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte i dtaca le beartais fostaíochta na mBallstát(IO L 308, 24.11.2010, lch. 46).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh, 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(10)  Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht Óige (IO C 120, 26.4.2013, lch.1)

(11)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(14)  Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, le Ciste Talmhaíochta na hEorpa um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(15)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

253


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1297/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, leis na rialacha saortha i gcás Ballstát áirithe agus leis na rialacha maidir le híocaíochtaí an iarmhéid deiridh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais marthanach agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais, eacnamaíocha agus sóisialta sna Ballstáit. Go sonrach, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais, de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais freisin.

(2)

Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, chun éifeachtaí diúltacha na géarchéime eacnamaíche a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime sin ar an ngeilleagar réadach, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh a dhéanamh go práinneach chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid uasta agus an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistiú ó na Cistí Struchtúracha agus ón gCiste Comhtháthaithe (“na Cistí”). I bhfianaise mharthanacht na ndeacrachtaí airgeadais, is gá cur chun feidhme na mbeart arna nglacadh trí Rialachán (AE) Uimh. 1311/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a fhadú. Glacadh na bearta sin de bhun Airteagal 122(2), Airteagal 136 agus Airteagal 143 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Chun bainistíocht chistiú Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luathú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht chistithe don gheilleagar, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (4) ón gComhairle a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1311/ chun go bhféadfaí íocaíochtaí eatramhacha ó na Cistí a mhéadú de réir suime a chomhfhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír i leith gach aise tosaíochta i gcás Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha i ndán dóibh i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, agus ar Ballstáit iad a d'iarr leas a bhaint as an mbeart sin.

(4)

Le hAirteagal 77(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, fágtar gur féidir ráta cómhaoinithe méadaithe a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2013. Ós rud é, áfach, go bhfuil na Ballstáit fós i ngleic le deacrachtaí tromchúiseacha maidir lena gcobhsaíocht airgeadais, níor cheart an tréimhse cur i bhfeidhm do ráta cómhaoinithe méadaithe a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2013.

(5)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 7-8 Feabhra 2013 agus amhail dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá feidhm le bheith ag an méadú 10 bpointe céatadáin ar an ráta cómhaoinithe maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020 go dtí an 30 Meitheamh 2016, tráth a bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an bhféidearthacht an t-ardú a thabhairt. Toisc go bhfuil forluí ann idir na clárthréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020, is gá a áirithiú go ndéileálfar go comhsheasmhach agus go haonfhoirmeach le Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais le linn na dá thréimhse. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Ballstát atá ag fáil cúnamh airgeadais in ann leas a bhaint as an ardú ar an ráta cómhaoinithe go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus é a éileamh ina n-iarrataí ar an iarmhéid deiridh, fiú mura bhfuil an cúnamh airgeadais á sholáthar a thuilleadh.

(6)

Tá Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 dírithe ar rannchuidiú leis an gcistiú comhtháthaithe a dhíriú ar dhóigh oiriúnach ar na réigiúin agus ar na Ballstáit is lú forbairt. Chun rannchuidiú leis an laghdú ar éagothromaíochtaí i meándéiní cabhracha per capita, tá an t-uasleibhéal aistrithe (cadhpáil) ó na Cistí go dtí gach Ballstát faoi leith de bhun na Rialachán a bheidh ann amach anseo le bheith socraithe ag 2,35 % de OTI an Bhallstáit. Tá an chadhpáil le bheith curtha i bhfeidhm ar bhonn bliantúil, agus, más infheidhme, táthar leis sin gach aistriú (seachas do na réigiúin níos forbartha agus don “sprioc um chomhar críochach Eorpach”) chuig an mBallstát lena mbaineann a laghdú go comhréireach chun leibhéal uasta aistrithe a bhaint amach. I gcás Ballstát a tháinig isteach san Aontas roimh 2013 agus ar lú an meánfhás ar a bhfíor OTI sa tréimhse 2008-2010 ná – 1 %, tá an t-uasleibhéal aistrithe le bheith socraithe ag 2,59 % dá gcuid ODI.

(7)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déantar cadhpáil ar na leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit ag 110 % den leibhéal a bhí acu i dtéarmaí réadacha don tréimhse 2007-2013. Maidir leis na Ballstáit a ndéanann an chadhpáil sin difear dóibh, is gá cosaint bhreise a thabhairt dóibh ar an mbaol atá ann go saorfaí go huathoibríoch leithdháiltí sa tréimhse 2007-2013.

(8)

Ina conclúidí an 8 Feabhra 2013, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh phraiticiúla maidir leis an mbaol atá ann go saorfaí na cistí go huathoibríoch ó imchlúdach náisiúnta 2007-2013 a laghdú i gcás na Rómáine agus na Slóvaice, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú.

(9)

Ina theannta sin, chuir an Chomhairle Eorpach béim ar an ngá atá ann a áirithiú go mbeidh leibhéal agus próifíl na n-íocaíochtaí i ngach ceannteideal inláimhsithe, chun na gealltanais bhuiséadacha nár comhlíonadh a theorannú, go háirithe trí rialacha a chur i bhfeidhm maidir le saoradh uathoibríoch faoi gach ceannteideal. Dá bhrí sin, na forálacha lena ndéantar scaoileadh ó na rialacha maidir le saoradh do Bhallstáit a ndéanann an chadhpáil a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 difear dóibh, ba cheart iad a chothromú i bhfianaise an tionchair a bheidh aige ar na gealltanais bhuiséadacha nár comhlíonadh.

(10)

Ba cheart fadú d'aon bhliain amháin a dhéanamh ar an spriocdháta faoina gcaithfear an saoradh uathoibríoch a ríomh a dhéanfar ar na gealltanais bhuiséadacha bhliantúla do na blianta 2011 agus 2012, ach tá an gealltanas buiséid 2012, a bheidh fós ar oscailt an 31 Nollaig 2015, le dlistiniú faoin 31 Nollaig 2015. Ba cheart go gcuideodh an fadú sin le feabhas a chur ar ionsú na gcistí a gealladh do chláir oibríochtúla sna Ballstáit a ndéantar difear dóibh de dhroim caidhpeáil a leithdháiltí beartais chomhtháthaithe todhchaí ag 110 % den leibhéal a bhí acu i dtéarmaí réadacha don tréimhse 2007-2013. Is gá an tsolúbthacht sin a bheith ann chun dul i ngleic leis an gcás go bhfuil cur chun feidhme clár a dhéanann difear do na Ballstáit sin go háirithe ag tarlú níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis.

(11)

Ba cheart coigeartuithe teoranta den mhéid uasta cúnaimh ó na Cistí le haghaidh gach ais tosaíochta a chur i bhfeidhm nuair a bheidh méid an iarmhéid deiridh atá le híoc leis na cláir oibríochtúla á shuíomh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as ionsú na gCistí.

(12)

I bhfianaise chineál gan fasach na géarchéime, tá gá le bearta tacaíochta a ghlacadh go pras agus is iomchuí, dá bhrí sin, go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:

(a)

Leasaítear mír 2 mar a leanas:

“2.   De mhaolú ar Airteagal 53(2), ar an dara habairt d'Airteagal 53(4) agus ar na huasmhéideanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, déanfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid dheiridh a mhéadú le suim a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céatadáin os coinn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, ach gan dul thar 100%, ar suim í a bheidh le cur i bhfeidhm i leith suim an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachas arna thíolacadh go dtí deireadh na clárthréimhse, más rud é, tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 Nollaig 2013, go gcomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (*1) nó tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile de chuid an limistéir euro sular tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm;

(b)

tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 (*2) ón gComhairle;

(c)

tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach tar éis do theacht i bhfeidhm an Chonartha sin.

(*1)  IO: Cuir isteach le do thoil dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo."

(*2)  Rialachán (ECE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach do Bhallstáit i leith chomharduithe a n-íocaíochtaí(IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).”;"

(b)

Scriostar mír 6;

(c)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“12.   De mhaolú ar mhír 10, ní rachaidh rannchuidiú an Aontais trí íocaíocht an chomhardaithe deiridh le haghaidh gach ais tosaíochta thar níos mó ná 10 % de mhéid uasta an chúnaimh ó na Cistí le haghaidh gach ais tosaíochta mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena ndéantar an clár oibríochta a fhormheas. Ní rachaidh rannchuidiú an Aontais trí íocaíochtaí an iarmhéid deiridh, áfach, thar an rannchuidiú poiblí a bheidh dearbhaithe agus an méid uasta den chúnamh ó gach Ciste chuig an gClár Oibríochta mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena ndéantar an clár oibríochta a fhormheas.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2b.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1 agus ar mhír 2, i gcás Ballstát a ndéantar a leithdháiltí beartais chomhtháthaithe sa chlárthréimhse 2014-2020 a chadhpáil ag 110 % den leibhéal a bhí acu i dtéarmaí réadacha don tréimhse 2007-2013, is é a bheidh sa spriocdháta dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig den tríú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh bhliantúil ó 2007 go 2012 faoina gclár oibríochtúil.”;

(b)

I mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Tá an chéad fhomhír gan dochar do chur i bhfeidhm an sprioc-ama a leagtar síos i mír 2b maidir le gealltanas buiséid 2012 don Bhallstát dá dtagraítear sa mhír sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Tuairim an 19 Meán Fómhair 2013 (IO C 341, 21.11.2013, lch. 27)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1311/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 337, 20.12.2011, lch. 5).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

256


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1298/2013 Ó PHARLAIMINT NA HeORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 maidir leis an leithdháileadh airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe ó Chiste Sóisialta na hEorpa

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs na caibidlíochta ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, ba cheart aghaidh a thabhairt ar cheisteanna áirithe a eascraíonn as toradh deiridh na caibidlíochta.

(2)

Ag a cruinniú an 27 agus an 28 Meitheamh 2013 mheas Comhairle na hEorpa gur cheart teacht ar réiteach buiséadach chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin le haghaidh na mBallstát is mó atá thíos leo, eadhon an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn.

(3)

Ag féachaint don ghéarchéim eacnamaíoch reatha, d'fhonn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, agus chun cuidiú leis an iarracht speisialta atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha na dífhostaíochta, go háirithe dífhostaíocht i measc an ógra, agus na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta sa Fhrainc, san Iodáil agus sa Spáinn, ba cheart leithdháiltí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) do na Ballstát sin don bhliain 2013 a mhéadú.

(4)

D'fhonn na méideanna arna leithdháileadh ar na Ballstáit lena mbaineann a bhunú de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (2), ba cheart coigeartú a dhéanamh ar na forálacha lena socraítear acmhainní foriomlána na gCistí do na trí chuspóir a bhfuil siad ag rannchuidiú leo, agus ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin lena mbunaítear na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáideann na Ballstáit do mhiondealuithe bliantúla táscacha ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí.

(5)

D'fhonn éifeachtacht an mhéadaithe ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don bhliain 2013 a áirithiú agus chun cur chun feidhme clár oibriúcháin a éascú, ba cheart acmhainn ionsúite na mBallstát lena mbaineann maidir le cuspóirí Cóineasaithe agus iomaíochais réigiúnaigh agus fostaíochta réigiúnaí na gCistí a chur san áireamh.

(6)

Chun go mbeidh go leor ama ag na cláir oibriúcháin le tairbhe a bhaint as leithdháiltí CSE, is gá freisin an spriocdháta a shíneadh le haghaidh na hoibleagáidí buiséadacha maidir leis na cláir oibríochtúla atá le tairbhe a bhaint as na méideanna nua dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.

(7)

Ós rud é go mbaineann na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí sindon bhliain 2013, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar seo a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Is iad EUR 308 542 551 107 de réir phraghsanna 2004 na hacmhainní a bheidh ar fáil le haghaidh oibleagáidí buiséadacha as na Cistí i leith na tréimhse 2007 go 2013, de réir an mhiondealaithe bhliantúil a thaispeántar in Iarscríbhinn I.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 12 go 30 agus i mír 32 d'Iarscríbhinn II a chur isteach sna méideanna dá dtagraítear in Airteagail 19, 20 agus 21 agus déanfar iad a shainaithint go soiléir sna doiciméid clárúcháin.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19 agus Airteagal 20:

“Airteagal 19

Acmhainní do chuspóir an Chóineasaithe

Na hacmhainní foriomlána do chuspóir an Chóineasaithe, is 81,53 % de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bheidh iontu (i.e. iomlán EUR 251 543 760 146) agus déanfar iad a dháileadh ar na comhpháirteanna éagsúla mar seo a leanas:

(a)

70,50% (i.e. iomlán EUR 177 338 880 991) don mhaoiniú dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus an daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas náisiúnta agus ráta dífhostaíochta in úsáid mar na critéir leis na miondealaithe táscacha de réir Ballstáit a ríomh;

(b)

4,98 % (i.e. iomlán EUR 12 521 289 405) don tacaíocht idirthréimhseach agus shonrach dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus an daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas náisiúnta agus ráta dífhostaíochta in úsáid mar na critéir leis na miondealaithe táscacha de réir Ballstáit a ríomh;

(c)

23,23 % (.i. iomlán EUR 58 433 589 750) don mhaoiniú dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus an daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas náisiúnta agus ráta dífhostaíochta in úsáid mar na critéir leis na miondealaithe táscacha de réir Ballstáit a ríomh;

(d)

1,29% (i.e. iomlán EUR 3 250 000 000) don tacaíocht idirthréimhseach agus shonrach dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

Airteagal 20

Acmhainní don chuspóir iomaíochais réigiúnaigh agus fostaíochta réigiúnaí

Na hacmhainní foriomlána don chuspóir iomaíochais réigiúnaigh agus fostaíochta réigiúnaí, is 15,96 % de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bheidh iontu (i.e. iomlán EUR 49 239 337 841) agus déanfar iad a dháileadh ar na comhpháirteanna éagsúla mar seo a leanas:

(a)

78,91 % (.i. iomlán EUR 38 854 031 211) don mhaoiniú dá dtagraítear in Airteagal 6, agus an daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas náisiúnta agus ráta dífhostaíochta in úsáid mar na critéir leis na miondealaithe táscacha de réir Ballstáit a ríomh; agus

(b)

21,09 % (i.e. iomlán EUR 10 385 306 630) don tacaíocht idirthréimhseach agus shonrach dá dtagraítear in Airteagal 8(2), agus an daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas náisiúnta agus ráta dífhostaíochta in úsáid mar na critéir leis na miondealaithe táscacha de réir Ballstáit a ríomh.”;

(3)

In Airteagal 21(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Na hacmhainní foriomlána do chuspóir an chomhair chríochaigh Eorpaigh, is 2,51 % de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a bheidh iontu (i.e iomlán EUR 7 759 453 120) agus, seachas an méid dá dtagraítear i mír 22 d'Iarscríbhinn II, déanfar iad a dháileadh ar na comhpháirteanna éagsúla mar seo a leanas:”;

(4)

In Airteagal 75, cuirtear isteach an mhír 1b seo a leanas:

“1b.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar na hoibleagáidí buiséadacha do na méideanna dá dtagraítear i mír 32 d'Iarscríbhinn II faoin 30 Meitheamh 2014.”;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

“IARSCRÍBHINN I

Miondealú bliantúil ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí idir 2007 agus 2013

(dá dtagraítear in Airteagal 18)

(EUR, praghsanna 2004)

2007

2008

2009

2010

2011

2012

2013

42 863 000 000

43 318 000 000

43 862 000 000

43 860 000 000

44 073 000 000

44 723 000 000

45 843 551 107 ”;

(6)

In Iarscríbhinn II, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“32.

I gcás na bliana 2013, leithdháilfear clúdach breise EUR 125 513 290 faoi CSE mar seo a leanas: leithdháilfear EUR 83 675 527 ar an bhFrainc, leithdháilfear EUR 25 102 658 ar an Iodáil agus leithdháilfear EUR 16 735 105 ar an Spáinn.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25):


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

259


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1299/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. Faoin Airteagal sin agus faoin dara agus faoin tríú mír d'Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus le cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin tá aird faoi leith le tabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

(2)

Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na forálacha is coiteann do CFRE, do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) don Chiste Comhtháthaithe, do Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) forálacha sonracha a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochtaí a fhéadfaidh CFRE a mhaoiniú, agus sainítear na spriocanna do na gníomhaíochtaí sin ann. Níl na Rialacháin sin oiriúnaithe go hiomlán do riachtanais shonracha sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh i gcás ina mbíonn comhar idir dhá Bhallstát ar a laghad nó idir Ballstát amháin agus tríú tír. Is gá dá bhrí sin forálacha a leagan síos a bhaineann go sonrach le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh CCE maidir le raon feidhme, le cumhdach geografach, le hacmhainní airgeadais, le díriú téamach agus le tosaíochtaí infheistíochta, le cláreagrú, le faireachán agus le meastóireacht, le cúnamh teicniúil, le hincháilitheacht, le bainistíocht, le rialú agus le hainmniú, le rannpháirtíocht tríú tíortha, agus le bainistíocht airgeadais.

(3)

Chun breisluach bheartas comhtháthaithe an Aontais a ardú, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag forálacha sonracha simpliú suntasach a bhaint amach dóibh siúd uile atá rannpháirteach: tairbhithe, údaráis clár, údaráis i mBallstáit rannpháirteacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, de réir mar is iomchuí, agus tríú tíortha, mar aon leis an gCoimisiún.

(4)

Chun tacú le forbairt chomhchuí chríoch an Aontais ag leibhéil éagsúla, ba cheart do CFRE tacú le comhar trasteorann, trasnáisiúnta, agus idir-réigiúnach faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

(5)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar trasteorann dul i ngleic le dúshláin choitianta arna sainaithint go comhpháirteach i réigiúin teorann, amhail: droch-inrochtaineacht, go háirithe i ndáil le nascacht teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) agus bonneagar iompair, le tionscail áitiúla a bheith ag meath, le timpeallacht ghnó mhíchuí, le heaspa líonraí i measc riarachán áitiúil agus réigiúnach, le leibhéil ísle taighde agus nuálaíochta agus leibhéal íseal de ghlacadh TFC, le truailliú comhshaoil, le cosc ar riosca, le meonta diúltacha i dtreo saoránach tíre comharsanaí agus go mbeadh sé mar aidhm aige an acmhainneacht fáis nach bhfuil saothraithe i limistéar na teorann a shaothrú (forbairt saoráidí agus braislí taighde agus nuálaíochta trasteorann, comhtháthú mhargadh an tsaothair trasteorann, comhar i measc soláthraithe oideachais, lena n-áirítear ollscoileanna nó idir ionaid sláinte), agus an próiseas comhair ar mhaithe le forbairt chomhchuí fhoriomlán an Aontais á fheabhsú ag an am céanna.

(6)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar trasnáisiúnta comhar a láidriú trí mheán gníomhaíochtaí a chabhraíonn le forbairt chríochach chomhtháite nasctha le tosaíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais, agus ba cheart go n-áireofaí ann freisin comhar trasteorann muirí nach gcumhdaítear i gcláir um chomhar trasteorann.

(7)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar idir-réigiúnach éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú trí mhalartú taithí idir réigiúin a spreagadh maidir le cuspóirí téamacha agus le forbairt uirbeach, lena n-áirítear naisc uirbeacha-thuaithe, chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na gclár um chomhar críochach agus na ngníomhaíochtaí um chomhar críochach chomh maith le hanailís ar threochtaí forbartha i réimse an chomhtháthaithe chríochaigh a chur chun cinn trí staidéir, trí shonraí a bhailiú agus trí bhearta eile. Trí thaithí maidir leis na cuspóirí téamacha a mhalartú, ba cheart go gcuirfí feabhas ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ar an gcéad dul síos, ach freisin, i gcás inarb iomchuí, ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na gclár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, lena n-áirítear cothú a dhéanamh ar chomhar atá tairbheach go frithpháirteach idir braislí nuálacha diantaighde agus ar mhalartuithe idir taighdeoirí agus institiúidí taighde i réigiúin fhorbartha agus i réigiúin is lú forbairt araon, agus an taithí shuntasach a ghabhann le "Réigiúin Eolais" agus "An cumas Taighde i Réigiúin Chóineasaithe agus sna Réigiúin is Forimeallaí" faoin Seachtú Creatchlár um Thaighde á cur san áireamh.

(8)

Ba cheart critéir oibiachtúla a shocrú chun réigiúin agus limistéir incháilithe a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint réigiún agus limistéar incháilithe ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(9)

Ba cheart go dtacódh comhar trasteorann le réigiúin atá lonnaithe ar theorainneacha talún nó muirí. Bunaithe ar thaithí ó chlárthréimhsí roimhe seo, ba cheart don Choimisiún sainiú níos simplí a dhéanamh ar an liosta de na limistéir trasteorann atá le tacaíocht a fháil faoi chláir um chomhar trasteorann, de réir cláir chomhair. Agus an liosta sin á tharraingt suas aige, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún san áireamh na coigeartuithe a theastaíonn chun comhchuibheas a áirithiú, go háirithe maidir le teorainneacha talún agus muirí, agus leanúnachas limistéar clár arna bhunú don chlárthréimhse 2007-2013. D'fhéadfadh coigeartuithe den sórt sin na limistéir clár atá ann nó líon na gclár um chomhar trasteorann a laghdú nó a mhéadú, agus an fhéidearthacht go mbeadh forluí geografach ann á ceadú ag an am céanna.

(10)

Ba cheart don Choimisiún limistéir do chomhar trasnáisiúnta a shainiú ag féachaint do ghníomhaíochtaí a theastaíonn chun forbairt chríochach chomhtháite a chur chun cinn. Agus na limistéir sin á sainiú aige, ba cheart don Choimisiún an taithí a fuarthas i gcláir roimhe seo a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a chur san áireamh freisin.

(11)

Chun a áirithiú go mbeidh gach réigiún san Aontas in ann tairbhiú den mhalartú taithí agus dea-chleachtais, ba cheart go gcumhdódh cláir um chomhar idir-réigiúnach an tAontas ar fad.

(12)

Is gá leanúint de thacaíocht a thabhairt do chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach le tríú tíortha comharsanacha an Aontais nó, más iomchuí, an comhar sin a chur ar bun toisc gurb uirlis thábhachtach um beartas na forbartha réigiúnaí é comhar den sórt sin agus ba cheart go rachadh sé chun tairbhe réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart go rannchuideodh CFRE leis na cláir trasteorann agus imchuach farraige a bunaíodh faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) de bhun gnímh reachtaigh todhchaí de chuid an Aontais a bhaineann leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse 2014-2020 ('gníomh reachtach ENI') agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) de bhun gnímh reachtaigh todhchaí de chuid an Aontais a bhaineann leis an gCúnamh Réamhaontachais don tréimhse 2014-2020 ('gníomh reachtach IPA II').

(13)

Seachas na hidirghabhálacha ar theorainneacha seachtracha arna dtacú ag ionstraimí beartais sheachtraigh an Aontais a chumhdaíonn réigiúin teorann laistigh agus lasmuigh den Aontas, ba cheart go bhféadfadh cláir chomhair arna dtacú ag CFRE réigiúin atá laistigh den Aontas agus, i gcásanna áirithe, lasmuigh den Aontas a chumhdach, i gcás nach gcumhdaíonn ionstraimí beartais sheachtraigh na réigiúin lasmuigh den Aontas, toisc nach bhfuil siad sainithe mar thír tairbhí nó toisc nach féidir cláir um chomhar seachtrach den sórt sin a bhunú. Tá sé riachtanach, áfach, a áirithiú gur chun tairbhe réigiúin an Aontais den chuid is mó a rachadh an tacaíocht ó CFRE i gcás oibríochtaí a chuirtear chun feidhme ar chríoch tríú tíortha. Faoi na srianta sin, ba cheart don Choimisiún, agus liostaí de limistéir clár trasteorann agus trasnáisiúnta á dtarraingt suas aige, réigiúin i dtríú tíortha a chumhdach chomh maith.

(14)

Is gá na hacmhainní at leithdháiltear ar gach comhchuid éagsúil de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a leagan amach, agus díriú suntasach ar chomhar trasteorann á chaomhnú ag an am céanna, lena n-áirítear sciar gach Ballstáit de na méideanna foriomlána don chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, an cumas atá ar fáil do Bhallstáit a mhéid a bhaineann le solúbthacht idir na comhchodanna sin, agus leibhéil cistithe leordhóthanacha a áirithiú do chomhar i measc na réigiún is forimeallaí.

(15)

Chun tairbhe réigiúin an Aontais, ba cheart sásra a bhunú chun tacaíocht ó CFRE d'ionstraimí beartais sheachtraigh amhail ENI agus IPA II a eagrú, lena n-áirítear nuair nach féidir cláir um chomhar seachtrach a ghlacadh nó más gá deireadh a chur leo. Ba cheart go bhféachfadh an sásra sin le feidhmiú barrmhaith a bhaint amach mar aon leis an gcomhordú is mó agus is féidir idir na hionstraimí sin.

(16)

Ba cheart mórchuid chistiú CFRE do na cláir um chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí téamacha chun tionchar an bheartais chomhtháthaithe ar fud an Aontais a uasmhéadú. Ba cheart, áfach, an díriú faoin gclár um chomhar idir-réigiúnach ar chuspóirí téamacha a léiriú in aidhm gach oibríochta seachas i dteorannú ar líon na gcuspóirí téamacha, chun an méid is mó a bhaint as comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú go príomha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus freisin, i gcás inarb iomchuí, faoi spriocanna CCE. I gcás clár eile um chomhar idir-réigiúnach, ba cheart go dtiocfadh an díriú téamach as an raon feidhme sonrach atá acu.

(17)

Chun na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar amach i straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a sholáthar, ba cheart do CFRE, faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, rannchuidiú leis na cuspóirí téamacha a bhaineann le geilleagar a fhorbairt atá bunaithe ar eolas, ar thaighde agus ar nuálaíocht, lena n-áirítear trí chomhar idir gnóthaí a chothú, go háirithe idir FBManna, agus trí bhunú córas le haghaidh malartú faisnéise trasteorann i réimse TFC a chur chun cinn; geilleagar níos glaise, níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus níos iomaíche a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht inbhuanaithe trasteorann a chur chun cinn; ardfhostaíocht a mbeidh comhtháthú sóisialta agus críochach de thoradh uirthi a chothú, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí a thacaíonn le turasóireacht inbhuanaithe, cultúr agus oidhreacht náisiúnta mar chuid de straitéis chríochach arb é is aidhm di fás a bhaint amach atá oiriúnach don fhostaíocht; agus acmhainn riaracháin a fhorbairt. Ba cheart, áfach, an liosta de thosaíochtaí infheistíochta faoi na cuspóirí téamacha éagsúla a oiriúnú do riachtanais shonracha sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, trí thosaíochtaí infheistíochta breise a chur ar fáil lena dtabharfar cead, go háirithe, leanúint faoi chomhar trasteorann de chomhar dlí agus riaracháin agus comhar idir saoránaigh agus institiúidí, agus de chomhar i réimsí na fostaíochta, na hoiliúna, lánpháirtithe pobal agus an chuimsithe shóisialta i gcomhthéacs trasteorann agus trí straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú faoi chomhar trasnáisiúnta. Sa bhreis air sin, ba cheart tosaíochtaí infheistíochta sonracha nó breise a leagan síos le haghaidh clár áirithe um chomhar idir-réigiúnach chun a gcuid gníomhaíochtaí sonracha a léiriú.

(18)

Laistigh de na cuspóirí téamacha a bhaineann le comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac, agus an tábhacht phraiticiúil atá leis á chur san áireamh, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcás chlár trasteorann PEACE idir Tuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann ar mhaithe le síocháin agus athmhuintearas, go rannchuideodh CFRE freisin le cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn. I bhfianaise shainiúlachtaí an chláir trasteorann sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha áirithe sa Rialachán seo i dtaobh oibríochtaí a roghnú maidir leis an gclár trasteorann sin.

(19)

Is gá na ceanglais inneachair a ghabhann le cláir chomhair faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a oiriúnú dá riachtanais shonracha. Ba cheart freisin, dá bhrí sin, go gcumhdódh na ceanglais sin gnéithe atá riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach ar chríoch Ballstát rannpháirteach, amhail na gnéithe a bhaineann le comhlachtaí atá freagrach as iniúchóireacht agus rialú, an nós imeachta chun rúnaíocht chomhpháirteach a bhunú, agus leithdháileadh na ndliteanas i gcás ceartuithe airgeadais. Más rud é go mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige, ba cheart go leagfaí amach sna cláir chomhair lena mbaineann an dóigh a bhféadfadh idirghabhálacha rannchuidiú le straitéisí den sórt sin. Ina theannta sin, mar gheall ar ghné chothrománach clár um chomhar idir-réigiúnach, ba cheart inneachar na gclár comhair sin a oiriúnú, go háirithe maidir le sainmhíniú an tairbhí nó na dtairbhithe faoi chláir reatha INTERACT agus ESPON.

(20)

Chun comhordú feabhsaithe a neartú i ndáil le tacaíocht ó CFRE do chláir chomhair, arna nglacadh faoin Rialachán seo, ar tacaíocht í a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí agus go bhféadfadh maoiniú comhlántach ó Chiste Forbraíochta na hEorpa (CFE), ó ENI, ó IPA II agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a bheith ag gabháil leis, ba cheart do Bhallstáit agus tríú tíortha nó do thíortha nó críocha thar lear (tagrófar don cheann deireanach a luadh mar 'críocha' anseo feasta) atá rannpháirteach i gcláir chomhair den sórt sin rialacha le haghaidh sásraí comhordúcháin a leagan síos sna cláir sin.

(21)

Is iomchuí go mbeadh tríú tíortha nó críocha bainteach leis an bpróiseas ullmhúcháin do chláir chomhair, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach sna cláir sin glactha acu. Ba cheart nósanna imeachta speisialta a bhunú sa Rialachán seo do bhaint den sórt sin. De mhaolú ar an nós imeachta caighdeánach, i gcás ina mbíonn baint ag réigiúin is forimeallaí agus ag tríú tíortha nó críocha le cláir chomhair, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha dul i gcomhairle leis na tríú tíortha nó críocha faoi seach sula gcuirfear na cláir faoi bhráid an Choimisiúin. Chun gur éifeachtaí agus gur pragmataí é rannpháirtíocht tríú tíortha nó críoch i gcláir chomhair, ba cheart go bhféadfaí na comhaontuithe ar inneachar na gclár comhair agus rannchuidiú féideartha na dtríú tíortha nó na gcríoch a chur in iúl go foirmiúil i miontuairiscí na gcruinnithe comhairliúcháin le tríú tíortha nó críocha den sórt sin, arna bhformheas go foirmiúil, nó sna miontuairiscí ar phléití eagraíochtaí um chomhar réigiúnach, arna bhformheas go foirmiúil. Agus prionsabail na bainistíochta roinnte agus an tsimplithe á gcur san áireamh, ba cheart go mbeadh an nós imeachta um fhormheas na gclár comhair de chineál nach ndéanann an Coimisiún ach na gnéithe lárnacha de na cláir chomhair a fhormheas, agus ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha na gnéithe eile a fhormheas. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus leis an trédhearcacht, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcásanna ina leasaíonn Ballstát rannpháirteach nó Ballstáit rannpháirteacha gné de chlár comhair nach bhfuil faoi réir an chinnidh ón gCoimisiún, gur cheart don údarás bainistíochta don chlár sin fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chinneadh leasaitheach den sórt sin laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh leasaithigh sin.

(22)

I gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go dtabharfadh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa cur chuige níos comhtháite agus níos cuimsithí chun dul i ngleic le fadhbanna áitiúla. Chun cur chuige den sórt sin a láidriú, ba cheart tacaíocht ó CFRE i réigiúin teorann a chomhordú le tacaíocht ó CETFT agus ó CMIE agus ba cheart don tacaíocht sin, i gcás inarb iomchuí, a bheith bainteach le grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (EGTCanna) arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i gcás ina bhfuil forbairt áitiúil ar cheann dá gcuid cuspóirí.

(23)

Bunaithe ar thaithí ó chlárthréimhse 2007-2013, ba cheart na dálaí maidir le roghnú oibríochtaí a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú gur oibríochtaí ar oibríochtaí comhpháirteacha go fíor iad a roghnaítear. I ngeall ar chomhthéacs agus shainiúlachtaí ar leith na gclár comhair idir réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha nó críocha, ba cheart coinníollacha comhair níos éadroime a bhunú agus a oiriúnú ó thaobh oibríochtaí próiseála faoi na cláir sin. Ba cheart coincheap na dtairbhithe aonair a shainmhíniú agus ba cheart go mbeadh sé de chead ag tairbhithe den sórt sin oibríochtaí comhair a chur i gcrích as a stuaim féin.

(24)

Ba cheart freagrachtaí príomhthairbhithe, a bhfuil freagracht fhoriomlán acu as cur chun feidhme oibríochta, a shonrú.

(25)

Ba cheart na ceanglais maidir le tuarascálacha cur chun feidhme a oiriúnú do chomhthéacs an chomhair agus timthriall chur chun feidhme an chláir a léiriú. Ar mhaithe le bainistíocht fhónta, ba cheart go bhféadfaí tabhairt faoin athbhreithniú bliantúil i scríbhinn.

(26)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ba cheart don údarás bainistíochta a áirithiú go ndéanfar meastóireachtaí ar chláir chomhair ar bhonn an phlean meastóireachta agus go n-áireofar iontu meastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar na gclár sin. Uair amháin ar a laghad le linn na clárthréimhse, ba cheart measúnú a dhéanamh trí bhíthin meastóireachta ar an gcaoi ar rannchuidigh an tacaíocht a tugadh le cuspóirí an chláir a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh faisnéis ar áireamh i meastóireachtaí den sórt sin faoi aon choigeartuithe a bheartaítear a dhéanamh i rith na clárthréimhse.

(27)

Ba cheart comhshraith de tháscairí aschuir a leagan síos in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun éascú a dhéanamh ar an measúnú ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an chláir, arna oiriúnú do shaintréith shonrach na gclár comhair. Ba cheart na táscairí sin a chomhlánú le táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, le táscairí aschuir clár-shonracha.

(28)

I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, agus na costais riaracháin a bheith níos airde dá réir, go háirithe maidir le rialuithe agus aistriúchán, ba cheart go mbeadh an uasteorainn le haghaidh caiteachais ar chúnamh teicniúil níos airde ná an uasteorainn faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. Chun na costais níos airde a fhritháireamh, ba cheart Ballstáit a spreagadh uair ar bith is féidir chun an t-ualach riaracháin i ndáil le cur chun feidhme tionscadal comhpháirteach a laghdú. Sa bhreis air sin, ba cheart do chláir chomhair a bhfuil tacaíocht theoranta CFRE acu íosmhéid áirithe a fháil ar mhaithe le cúnamh teicniúil, ar méid é a d'fhéadfadh a bheith níos mó ná 6 %, chun maoiniú leordhóthanach le haghaidh gníomhaíochtaí éifeachtacha cúnaimh theicniúil a áirithiú.

(29)

I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, níl an riail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, trína mbeidh rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht caiteachais le glacadh ag gach Ballstát, iomchuí maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Bunaithe ar an taithí a fuarthas i gclárthréimhse 2007-2013, ba cheart go mbunófaí ordlathas soiléir i ndáil le rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais agus claonadh láidir ann i dtreo rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó i dtreo cláir chomhair ina iomláine chun aon chontrárthachtaí nó neamhréireachtaí féideartha idir Rialacháin éagsúla agus idir Rialacháin agus rialacha náisiúnta a sheachaint. Ba cheart, go háirithe, don Choimisiún, bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chlárthréimhse 2007-2013, rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh catagóirí costais a leagtar síos sa Rialachán seo a ghlacadh.

(30)

I ngeall ar rannpháirtíocht mhinic foirne ó níos mó ná Ballstát amháin i gcur chun feidhme oibríochtaí, agus mar gheall ar líon na n-oibríochtaí dá bhfuil costais foirne ina ngné shuntasach, ba cheart ráta comhréidh le haghaidh costas foirne a chur i bhfeidhm bunaithe ar chostais dhíreacha eile oibríochtaí comhair, agus ar an gcaoi sin cuntasaíocht aonair le haghaidh bainistíocht oibríochtaí den sórt sin a sheachaint.

(31)

Ba cheart na rialacha ar sholúbthacht maidir le suíomh oibríochtaí lasmuigh de limistéar an chláir a shimpliú. Sa bhreis air sin, is gá, trí shocruithe sainiúla, tacú le comhar éifeachtach trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach le tríú tíortha nó críocha atá i gcomharsanacht an Aontais, agus an comhar sin a éascú, nuair atá an méid sin riachtanach chun a áirithiú go gcuidítear go héifeachtach ina bhforbairt le réigiúin na mBallstát. Dá réir sin, is iomchuí an tacaíocht ó CFRE a údarú, ar bhonn eisceachtúil agus faoi dhálaí áirithe, le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de chuid Aontais an limistéir chláir agus ar chríoch tríú tíortha comharsanacha, i gcás ina rachaidh na hoibríochtaí sin chun tairbhe réigiúin an Aontais.

(32)

Ba cheart go spreagfaí Ballstáit chun feidhmeanna an údaráis bhainistíochta a shannadh do EGTC nó grúpáil den sórt sin a dhéanamh freagrach as an gcuid de chlár comhair a bhaineann leis an gcríoch arna chuimsiú ag EGTC sin a bhainistiú.

(33)

Ba cheart don údarás bainistíochta rúnaíocht chomhpháirteach a bhunú ar cheart di, inter alia, faisnéis a sholáthar d'iarratasóirí ar thacaíocht, déileáil le hiarratais ar thionscadail agus cuidiú le tairbhithe a n-oibríochtaí a chur chun feidhme.

(34)

Ba cheart go mbeadh údaráis bhainistíochta freagrach as na feidhmeanna a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena n-áirítear as fíoruithe bainistíochta, chun caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud limistéar iomlán an chláir. Más rud é, áfach, go mbíonn EGTC ainmnithe mar údarás bainistíochta, ba cheart go ndéanfaí na fíoruithe sin faoi fhreagracht an údaráis bainistíochta, ar a laghad i gcás na mBallstát sin agus na dtríú tíortha nó na gcríoch as a bhfuil comhaltaí rannpháirteach in EGTC, agus níor cheart rialaitheoirí a úsáid ach amháin sna Ballstáit agus sna tríú tíortha nó sna críocha eile. Fiú i gcás nach mbíonn EGTC ar bith ainmnithe, ba cheart go mbeadh an t-údarás bainistíochta údaraithe ag na Ballstáit rannpháirteacha chun tabhairt faoi fhíoruithe ar limistéar iomlán an chláir.

(35)

Ba cheart d'údaráis deimhniúcháin a bheith freagrach as feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh 1303/2013. Ba cheart go mbeadh an Ballstát in ann an t-údarás bainistíochta a ainmniú chun feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích freisin.

(36)

Ba cheart go mbeadh údarás aonair iniúchóireachta freagrach as tabhairt faoi fheidhmeanna na n-údarás deimhniúcháin mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 iad chun caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud limistéar iomlán an chláir. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ba cheart go gcuideodh grúpa iniúchóirí le húdarás iniúchóireachta an chláir.

(37)

Chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú agus chun éifeachtacht a bheartais chomhtháthaithe a threisiú, ba cheart go mbeadh sé de chead ag tríú tíortha a bheith rannpháirteach, trí rannchuidiú acmhainní IPA II agus ENI, le cláir um chomhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach. Ba cheart, áfach, d'oibríochtaí atá á gcómhaoiniú faoi chláir den sórt sin leanúint le cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe a shaothrú, fiú más rud é go gcuirtear chun feidhme iad, go hiomlán nó i bpáirt, lasmuigh de chríoch an Aontais. Sa chomhthéacs seo, is go teagmhasach a bhainfear amach an rannchuidiú le cuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, toisc gur cheart meáchanlár na gclár comhair a chinneadh trí chuspóirí téamacha agus trí thosaíochtaí infheistíochta an bheartais chomhtháthaithe. Chun rannpháirtíocht éifeachtach tríú tíortha i gcláir chomhair arna mbainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta roinnte a áirithiú, ba cheart coinníollacha cur chun feidhme cláir a leagan síos sna cláir chomhair iad féin agus freisin, i gcás inar gá, i gcomhaontuithe maoinithe, arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún, rialtais gach ceann de na tríú tíortha agus an Ballstát ina bhfuil údarás bainistíochta an chláir ábhartha chomhair. Ba cheart do choinníollacha cur chun feidhme cláir a bheith ag teacht le forálacha dhlí an Aontais is infheidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le forálacha dhlí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais.

(38)

Ba cheart slabhra soiléir dliteanais airgeadais a bhunú maidir le suimeanna a aisghnóthú i gcásanna neamhrialtachta, ag réimsiú ó thairbhithe go dtí an príomhthairbhí go dtí an t-údarás bainistíochta go dtí an Coimisiún. Ba cheart foráil a dhéanamh do dhliteanas Ballstát i gcás nach bhféadfar aisghnóthú a fháil.

(39)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chlárthréimhse 2007-2013, ba cheart maolú sainráite a bhunú chun caiteachas tabhaithe a chomhshó in airgeadra seachas an euro, tríd an ráta comhshóite míosúil a chur i bhfeidhm ar dháta chomh cóngarach agus is féidir do phointe ama an chaiteachais nó sa mhí sin ar cuireadh isteach an caiteachas lena fhíorú nó sa mhí sin ar tuairiscíodh an caiteachas don phríomhthairbhí. Ba cheart gur in euro, agus san airgeadra sin amháin, a dhéanfaí pleananna maoinithe, tuarascálacha agus cuntais i dtaobh oibríochtaí comhpháirteacha comhair a thíolacadh chuig an rúnaíocht chomhpháirteach, chuig údaráis an chláir agus chuig an gcoiste faireacháin. Ba cheart cruinneas an chomhshóite a bheith fíoraithe.

(40)

Chun rialacha sonracha a leagan amach maidir le comhtháscairí aschuir agus incháilitheacht caiteachais a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha sonracha maidir le leis an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(41)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na liostaí de limistéir thrasteorann, agus de limistéir thrasnáisiúnta, maidir le liosta de na cláir chomhair uile agus den mhéid foriomlán ó thacaíocht CFRE do gach clár comhair, maidir leis an ainmníocht a bhaineann le catagóirí idirghabhála agus maidir leis na samhlacha do chláir chomhair agus do thuarascálacha cur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(42)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh lena bhformheastar gnéithe áirithe de chláir chomhair, agus aon leasuithe dá éis sin ar na gnéithe sin.

(43)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.Ba cheart dá dhroim sin go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile den sórt sin is infheidhme d'fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Ba cheart go leanfadh iarratais ar chúnamh a fháil, ar iarratais iad a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, de bheith bailí.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a threisiú trí na príomh-mhíchothromaíochtaí san Aontas a cheartú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus ar an srian atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(45)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán raon feidhme CFRE ag féachaint do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus leagtar forálacha sonracha síos ann maidir leis an sprioc sin.

2.   Sainítear sa Rialachán seo, maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, príomhchuspóirí agus eagrúchán CFRE, critéir le haghaidh na mBallstát agus na réigiún le bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ó CFRE, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil le haghaidh tacaíochta ó CFRE agus na critéir maidir lena leithdháileadh.

Leagtar síos ann freisin na forálacha is gá chun cur chun feidhme éifeachtach, faireachán, bainistíocht airgeadais agus rialú na gclár oibríochtúil faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a áirithiú ("cláir chomhair"), lena n-áirítear nuair a bhíonn tríú tíortha rannpháirteach i gcláir chomhair den sórt sin.

3.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus ag Caibidil I de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus le cláir chomhair faoin sprioc sin, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach dá mhalairt faoin Rialachán seo nó i gcás nach féidir feidhm a bheith ag na forálacha sin ach amháin maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

Airteagal 2

Comhchodanna sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

Faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tacóidh CFRE leis na comhchodanna seo a leanas:

(1)

comhar trasteorann idir réigiúin chóngaracha chun forbairt réigiúnach chomhtháite a chur chun cinn idir réigiúin teorann chomharsanacha talún agus mhuirí in dhá Bhallstát nó níos mó nó idir réigiúin teorann chomharsanacha atá, ar a laghad, i mBallstát amháin agus i dtríú tír amháin ar theorainneacha seachtracha an Aontais seachas iad siúd a chuimsítear ag cláir faoi ionstraimí seachtracha airgeadais an Aontais;

(2)

comhar trasnáisiúnta ar fud críocha trasnáisiúnta níos mó, lena mbaineann comhpháirtithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus lena gcumhdaítear freisin comhar trasteorann muirí i gcásanna nach bhfuil cumhdaithe le comhar trasteorann, d'fhonn céim níos airde de chomhtháthú críochach a bhaint amach sna críocha sin;

(3)

comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

(a)

taithí a mhalartú lena ndírítear ar chuspóirí téamacha i measc comhpháirtithe ar fud an Aontais, lena n-áirítear i ndáil le forbairt na réigiún dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE, maidir le sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtas d'fhonn na dea-chleachtais sin a aistriú go príomha chuig cláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ach freisin, i gcás inarb ábhartha, chuig cláir chomhair;

(b)

taithí a mhalartú maidir le sainaithint, aistriú agus scaipeadh dea-chleachtais i ndáil le forbairt uirbeach inbhuanaithe, lena n-áirítear naisc uirbeacha-thuaithe;

(c)

taithí a mhalartú maidir le sainaithint, aistriú agus scaipeadh dea-chleachtas agus cineálacha cur chuige nuálacha maidir le cláir chomhair agus gníomhaíochtaí comhair a chur chun feidhme chomh maith le húsáid EGTCanna;

(d)

anailís a dhéanamh ar threochtaí forbartha maidir le haidhmeanna comhtháthaithe chríochaigh, lena n-áirítear gnéithe críochacha den chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus forbairt chomhchuí a dhéanamh ar chríoch an Aontais trí staidéir, trí bhailiú sonraí agus trí bhearta eile.

Airteagal 3

Cumhdach geografach

1.   Maidir le comhar trasteorann, is iad réigiúin leibhéal NUTS 3 an Aontais na réigiúin a dtacófar leo ar gach teorainn talún inmheánach agus seachtrach seachas na cinn sin a chuimsítear ag cláir faoi ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais, agus gach réigiún leibhéal NUTS 3 an Aontais ar feadh teorainneacha muirí nach bhfuil níos mó ná 150 km óna chéile, gan dochar do choigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéar clár comhair arna mbunú le haghaidh chlárthréimhse 2007-2013 a áirithiú.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an liosta de na limistéir trasteorann a gheobhaidh tacaíocht, arna miondealú de réir cláir chomhair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Sonrófar sa liosta sin freisin réigiúin sin leibhéal NUTS 3 de chuid an Aontais a chuirtear san áireamh le haghaidh leithdháileadh CFRE maidir le comhar trasteorann ag gach teorainn inmheánach, agus ag na teorainneacha seachtracha sin atá cumhdaithe ag ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais, amhail ENI de bhun ghníomh reachtach ENI agus IPA II de bhun ghníomh reachtach IPA II.

Agus dréachtchláir um chomhar trasteorann á dtíolacadh, féadfaidh Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus, chun comhtháthú limistéar trasteorann a áirithiú, a iarraidh go gcuirtear réigiúin bhreise leibhéal NUTS 3 seachas na cinn a liostaítear sa chinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír le limistéar ar leith um chomhar trasteorann.

Arna iarraidh sin ag na Ballstát lena mbaineann nó ag na Ballstáit lena mbaineann, chun comhar trasteorann ar theorainneacha muirí do na réigiúin is forimeallaí a éascú, agus gan dochar d'fhorálacha na chéad fhomhíre, féadfaidh an Coimisiún réigiúin leibhéal NUTS 3 sna réigiúin is forimeallaí atá ar feadh teorainneacha muirí atá níos mó ná 150 km ó chéile a áireamh sa chinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír mar limistéir trasteorann a fhéadfaidh tacaíocht a fháil as an leithdháileadh comhfhreagrach a thugtar do na Ballstáit sin.

2.   Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), féadfar réigiúin san Iorua agus san Eilvéis a chuimsiú i gcláir um chomhar trasteorann, agus féadfar Lichtinstéin, Andóra, Monacó agus San Marino agus tríú tíortha nó críocha atá i gcomharsanacht na réigiún is forimeallaí a chuimsiú freisin, agus beidh gach ceann díobh coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3.

3.   Le haghaidh comhair thrasnáisiúnta, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an liosta de limistéir thrasnáisiúnta a gheobhaidh tacaíocht, arna miondealú de réir cláir chomhair agus ina gcuimsítear réigiúin leibhéal NUTS 2, agus áiritheoidh sé leanúnachas an chomhair sin i limistéir chomhtháite níos fairsinge bunaithe ar chláir roimhe seo, agus, i gcás inarb iomchuí, straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige á chur san áireamh aige. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Agus dréachtchláir um chomhar trasnáisiúnta á dtíolacadh, féadfaidh Ballstáit a iarraidh go gcuirtear réigiúin bhreise leibhéal NUTS 2 atá lonnaithe in aice leis na réigiúin a liostaítear sa chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír le limistéar ar leith um chomhar trasnáisiúnta. Tabharfaidh Ballstáit cúiseanna i leith iarrata den sórt sin.

4.   Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), d'fhéadfadh sé go gcumhdódh cláir chomhair thrasnáisiúnta réigiúin in dhá cheann de na tríú tíortha nó de na críocha seo a leanas:

(a)

na tríú tíortha nó críocha a liostaítear nó dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir um chomhar trasnáisiúnta réigiúin i dtríú tíortha arna gcuimsiú ag ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais, amhail ENI de bhun ghníomh reachtach ENI, lena n-áirítear réigiúin ábhartha Chónaidhm na Rúise, agus IPA II de bhun ghníomh reachtach IPA II. Déanfar leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn do thacaíocht ENI agus IPA II chuig na cláir sin a chur ar fáil, ar choinníoll go dtugann na cláir aghaidh go leormhaith ar na cuspóirí ábhartha maidir le comhar seachtrach.

Réigiúin atá coibhéiseach le leibhéal NUTS 2 a bheidh i réigiúin den sórt sin.

5.   Maidir le comhar idir-réigiúnach, cumhdóidh tacaíocht ó CFRE críoch iomlán an Aontais.

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir um chomhar idir-réigiúnach na tríú tíortha nó críocha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo ina n-iomláine, nó cuid de na tríú tíortha nó de na críocha sin.

6.   Chun críocha faisnéise, déanfar réigiúin i dtríú tíortha nó i gcríocha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 den chéad mhír de mhír 4 den Airteagal seo a lua sna liostaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3.

7.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus d'fhonn éifeachtúlacht chur chun feidhme an chláir a mhéadú, féadfaidh na réigiúin is forimeallaí na méideanna de chuid CFRE a leithdháiltear ar chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, lena n-áirítear an leithdháileadh breise dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(2), a chomhcheangal i gclár aonair um chomhar críochach, agus na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de na leithdháiltí sin á gcomhlíonadh acu ag an am céanna.

Airteagal 4

Acmhainní le haghaidh sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh

1.   Beidh acmhainní le haghaidh sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh cothrom le 2,75 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an cheangaltais bhuiséadaigh ó CFRE, ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste Comhtháthaithe don chlárthréimhse 2014-2020 agus a leagtar amach in Airteagal 91(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (i.e., 8 948 259 330 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar seo a leanas:

(a)

74,05 % (i.e., EUR 6 626 631 760 ar an iomlán) le haghaidh comhair trasteorann;

(b)

20,36 % (i.e., EUR 1 821 627 570 ar an iomlán) le haghaidh comhair thrasnáisiúnta;

(c)

5,59 % (i.e., EUR 500 000 000 ar an iomlán) le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh.

2.   Do chláir faoi sprioc, an chomhair críochaigh Eorpaigh déanfar a leithdháileadh ar na réigiúin is forimeallaí méid nach lú ná 150 % de thacaíocht CFRE a fuair siad sa chlárthréimhse 2007-2013 le haghaidh cláir chomhair. Sa bhreis air sin, cuirfear méid EUR 50 000 000 ón leithdháileadh le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh ar leataobh le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí. I dtaca le díriú téamach, beidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an leithdháileadh breise sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún a sciar de na méideanna foriomlána le haghaidh comhair trasteorann agus thrasnáisiúnta, mar a thagraítear dóibh i bpointí 1 (a) agus (b), agus iad miondealaithe de réir bliana, a chur in iúl do gach Ballstát. Bainfear úsáid as an daonra sna limistéir dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 3(1) agus sa chéad fhomhír d'Airteagal 3(3) mar chritéar don mhiondealú de réir Ballstáit.

Bunaithe ar na méideanna a chuirtear in iúl de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh gach Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas faoinar bhain sé úsáid as an rogha aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 5, agus faoin mbealach ina ndearna sé an méid sin, agus faoi leithdháileadh na gcistí ar chláir trasteorann agus thrasnáisiúnta a bhfuil na Ballstáit rannpháirteach iontu. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na cláir chomhair uile agus ina léirítear méid foriomlán thacaíocht CFRE iomlán do gach clár. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann an rannchuidiú ó CFRE le cláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus le cláir trasteorann faoi IPA II a bhunú. Ní dhéanfar rannchuidiú CFRE a bhunófar do gach Ballstát a ath-leithdháileadh ina dhiaidh sin idir na Ballstáit lena mbaineann.

5.   Deonófar tacaíocht ó CFRE do chláir aonair trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus do na cláir trasteorann faoi IPA II ar choinníoll go ndéanann ENI agus IPA II méideanna coibhéiseacha, ar a laghad, a sholáthar. Beidh an choibhéis sin faoi réir ag uasmhéid a leagtar amach i ngníomh reachtach ENI nó i ngníomh reachtach IPA II.

6.   Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó CFRE do chláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus do chláir trasteorann faoi IPA II a chur isteach i línte buiséid ábhartha na n-ionstraimí sin le haghaidh ghnás buiséadach 2014.

7.   Maidir leis an rannchuidiú bliantúil ó CFRE leis na cláir faoi ENI agus faoi IPA II nach bhfuil clár ar bith tíolactha ina leith chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh faoi na cláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI, agus faoi na cláir trasteorann faoi IPA II, agus nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár eile a tíolacadh faoin gcatagóir céanna de na cláir um chomhar seachtrach, déanfar, i 2015 agus i 2016, é a leithdháileadh ar na cláir um chomhar trasteorann inmheánach faoi phointe (a) de mhír 1 ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.

Más rud é, faoin 30 Meitheamh 2017, go bhfuil cláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus cláir trasteorann faoi IPA II ann go fóill nár tíolacadh chuig an gCoimisiún, déanfar an rannchuidiú iomlán ó CFRE dá dtagraítear i mír 4 leis na cláir sin haghaidh na mblianta atá fanta suas go dtí 2020, nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár eile a ghlactar faoin gcatagóir céanna de na cláir um chomhar seachtrach, a leithdháileadh ar na cláir um chomhar trasteorann inmheánach faoi phointe (a) de mhír 1 ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.

8.   Maidir le haon chlár trasteorann agus imchuach farraige, dá dtagraítear i mír 4, a bhfuil an Coimisiún tar éis iad a ghlacadh, scoirfear díobh, nó laghdófar an leithdháileadh ar an gclár, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme, go háirithe, más rud é:

(a)

nár shínigh ceachtar de na tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach ag an gclár an comhaontú maoinithe iomchuí faoin spriocdháta a leagtar amach i gcomhréir le ngníomh reachtach ENI nó le gníomh reachtach IPA II; nó

(b)

nach féidir an clár a chur chun feidhme mar a bhí beartaithe i ngeall ar fhadhbanna sa chaidreamh idir na tíortha rannpháirteacha.

I gcásanna den sórt sin, maidir leis an rannchuidiú ó CFRE dá dtagraítear i mír 4 agus a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nach bhfuil geallta fós, nó tráthchodanna bliantúla a gealladh ach a saoradh ina n-iomláine nó i bpáirt as an ngealladh sin le linn na bliana buiséadaí céanna, agus nach bhfuiltear tar éis iad a ath-leithdháileadh ar chlár eile den chatagóir céanna de na cláir um chomhar seachtrach, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir um chomhar trasteorann inmheánach faoi phointe (a) de mhír 1 ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach, má iarrann an Ballstát nó na Ballstáit go ndéanfaí amhlaidh.

9.   Déanfaidh an Coimisiún achoimre bhliantúil ar chur chun feidhme airgeadais na gclár trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI, agus ar chláir trasteorann faoi IPA II, dá rannchuidíonn CFRE, a sholáthar, i gcomhréir leis an Airteagal seo, don Choiste arna bhunú faoi Airteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 5

Rogha aistrithe

Féadfaidh gach Ballstát suas go 15 % dá leithdháileadh airgeadais do gach ceann de na comhchodanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(1) a aistriú ó cheann de na comhchodanna chuig an gceann eile.

CAIBIDIL II

Díriú téamach agus tosaíochtaí infheistíochta

Airteagal 6

Díriú téamach

1.   Beidh ar a laghad 80 % de leithdháileadh CFRE ar gach clár um chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta dírithe ar cheithre cinn de na cuspóirí téamacha ar a mhéid a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Féadfar gach cuspóir téamach, a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a roghnú le haghaidh clár comhair idir-réigiúnaigh dá dtagraítear i bpointe 3(a) d'Airteagal 2 den Rialachán seo.

Airteagal 7

Tosaíochtaí infheistíochta

1.   Déanfaidh CFRE, laistigh dá raon feidhme amhail a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, rannchuidiú leis na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 trí ghníomhaíocht chomhpháirteach faoi na cláir um chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach. Sa bhreis ar na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, féadfaidh CFRE tacú freisin leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha a léirítear le haghaidh gach comhchuid de chomhar críochach Eorpach:

(a)

faoi chomhar trasteorann:

(i)

fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht d'ardchaighdeán a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht an lucht saothair trí mhargaí saothair trasteorann a chomhtháthú, lena n-áirítear soghluaisteacht trasteorann, tionscnaimh chomhpháirteacha áitiúla fostaíochta, seirbhísí faisnéise agus comhairleacha, agus oiliúint chomhpháirteach;

(ii)

cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac trí chomhionannas inscne agus comhdheiseanna a chur chun cinn, agus pobail thar theorainneacha a chomhtháthú;

(iii)

infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil trí scéimeanna comhpháirteacha oideachais, gairmoiliúna agus oiliúna a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(iv)

acmhainn institiúideach agus údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí chomhar dlíthiúil agus comhar riaracháin a chur chun cinn mar aon leis an gcomhar idir saoránaigh agus institiúidí;

(b)

faoi chomhar trasnáisiúnta: acmhainn institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú;

(c)

faoi chomhar idir-réigiúnach: acmhainn institiúideach údarás poiblí geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú:

(i)

trí dhea-chleachtais agus saineolas a scaipeadh agus buntáiste a bhaint de thorthaí an mhalartaithe taithí maidir le forbairt inbhuanaithe uirbeach, lena n-áirítear naisc uirbeacha-thuaithe de bhun phointe (3)(b)Airteagal 2;

(ii)

trí mhalartú taithí a chur chun cinn ionas go ndéanfaí treisiú ar éifeachtúlacht clár agus gníomhaíochtaí um chomhar críochach mar aon le húsáid EGTCanna de bhun de bhun phointe (3)(c)Airteagal 2;

(iii)

tríd an bunachar cruthúnais a neartú ionas go ndéanfaí treisiú ar éifeachtúlacht an bheartais chomhtháthaithe agus na cuspóirí téamacha a bhaint amach trí anailís a dhéanamh ar threochtaí forbartha de bhun phointe (3)(d)Airteagal 2);

2.   I gcás Chlár trasteorann PEACE agus laistigh den chuspóir téamach a bhaineann le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac, déanfaidh CFRE freisin rannchuidiú le cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn.

CAIBIDIL III

Cláreagrú

Airteagal 8

Inneachar, glacadh agus leasú na gclár comhair

1.   Beidh clár comhair comhdhéanta d'aiseanna tosaíochta. Gan dochar d'Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh ais tosaíochta ag comhfhreagairt do chuspóir téamach agus is é a bheidh inti tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid an chuspóra théamaigh sin i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 den Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, agus d'fhonn a tionchar agus a héifeachtúlacht a mhéadú trí chur chuige comhtháite atá comhleanúnach, ó thaobh an téama de, i dtaca le cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a shaothrú, féadfaidh ais tosaíochta, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí infheistíochta comhlántacha as cuspóirí téamacha éagsúla a chomhcheangal d'fhonn an rannchuidiú uasta leis an ais tosaíochta sin a bhaint amach.

2.   Rannchuideoidh clár comhair le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, agus leagfar amach sa chlár an méid seo a leanas:

(a)

dlisteanú ar rogha na gcuspóirí téamacha, na dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha agus na leithdháiltí airgeadais, ag féachaint don Chomhchreat straitéiseach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, bunaithe ar anailís ar na riachtanais laistigh de limistéar an chláir ina iomláine agus an straitéis a roghnaíodh mar fhreagairt ar riachtanais den sórt sin, agus aghaidh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar na naisc easnamhacha sa bhonneagar trasteorann, agus torthaí meastóireachta ex ante a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 á gcur san áireamh;

(b)

maidir le gach ais tosaíochta seachas cúnamh teicniúil:

(i)

na tosaíochtaí infheistíochta agus na cuspóirí sonracha comhfhreagracha;

(ii)

chun neart a chur le treoshuíomh thorthaí an chláreagraithe, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis na sainchuspóirí, agus na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí a bhfuil luach bonnlíne agus luach sprice acu, agus iad cainníochtaithe, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(iii)

tuairisc ar chineál agus ar shamplaí gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu faoi gach tosaíocht infheistíochta agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (i), lena n-áirítear na prionsabail atá mar threoraíocht agus oibríochtaí á roghnú agus, i gcás inarb iomchuí, na spriocghrúpaí príomha, críocha sonracha a ndírítear orthu, cineálacha na dtairbhithe úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais, agus mórthionscadal a shainaithint;

(iv)

na comhtháscairí aschuir agus na táscairí sonracha aschuir, lena n-áirítear an luach sprice cainníochtaithe, a mheastar a rannchuideoidh leis na torthaí, i gcomhréir le hAirteagal 16, i gcomhair gach tosaíochta infheistíochta;

(v)

céimeanna cur chun feidhme agus táscairí airgeadais agus aschuir, agus i gcás inarb iomchuí, táscairí ar thorthaí a shainaithint le húsáid mar gharspriocanna agus mar spriocanna don chreat feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 21(1) le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leisan rialachán sin;

(vi)

i gcás inarb iomchuí, achoimre d'úsáid bheartaithe an chúnaimh theicniúil, lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, gníomhaíochtaí chun treisiú a dhéanamh ar acmhainn riaracháin na n-údarás atá bainteach le bainistiú agus rialú na gclár agus na dtairbhithe agus, i gcás inar gá sin, gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar acmhainn riaracháin na gcomhpháirtithe ábhartha le bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na gclár;

(vii)

na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún agus miondealú táscach ar na hacmhainní cláreagraithe;

(c)

maidir le gach ais tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil:

(i)

cuspóirí sonracha;

(ii)

na torthaí a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh gach sainchuspóra agus, i gcás ina mbeidh údar maith oibiachtúil leo ag féachaint d'ábhar na ngníomhaíochtaí, na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí, ag a bhfuil luach bonnlíne agus luach sprice, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(iii)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (i);

(iv)

na táscairí aschuir a mheastar a rannchuideoidh leis na torthaí;

(v)

na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna nglacadh ag an gCoimisiún agus miondealú táscach ar na hacmhainní cláreagraithe;

Ní bheidh feidhm ag pointe (ii) sa chás nach rachaidh rannchuidiú an Aontais leis an ais tosaíochta nó leis na haiseanna tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil i gclár comhair EUR 15 000 000.

(d)

plean maoinithe ina bhfuil na táblaí seo a leanas (gan aon deighilt de réir an Bhallstáit rannpháirtigh):

(i)

tábla ina saineofar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí cómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 60, Airteagal 120 agus Airteagal 121 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó CFRE;

(ii)

tábla ina saineofar, don chlárthréimhse ar fad, don chlár comhair agus do gach ais tosaíochta, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó CFRE agus ón gcómhaoiniú náisiúnta. Maidir le haiseanna tosaíochta lena gcomhcheanglaítear tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha éagsúla, saineofar sa tábla méid an leithreasaithe airgeadais iomláin agus an cómhaoiniú náisiúnta le haghaidh gach ceann de na cuspóirí téamacha comhfhreagracha. Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú táscach sa tábla idir na comhchodanna poiblí agus príobháideacha. Déanfar, chun críocha faisnéise, aon rannchuidiú ó thríú tíortha atá rannpháirteach sa chlár agus rannpháirtíocht bheartaithe BEI a léiriú ann;

(e)

liosta de na mórthionscadail a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme le linn na clárthréimhse.

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an ainmníocht dá dtagraítear i bpointe (b)(vii) agus i bpointe (c)(v) den chéad fhomhír a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Agus inneachar agus cuspóirí á gcur san áireamh, déanfar tuairisc i gclár comhair ar an gcur chuige comhtháite i ndáil le forbairt chríochach, lena n-áirítear i dtaca le réigiúin agus le limistéir dá dtagraítear ain Airteagal 174(3) CFAE, ag féachaint do Chomhaontuithe Comhpháirtíochta na mBallstát rannpháirteacha, agus an tslí ina gcuireann an clár comhair sin le baint amach a chuspóirí agus a thorthaí a bhfuiltear ag súil leo á léiriú, agus an méid seo a leanas á shonrú, i gcás inarb iomchuí:

(a)

an cur chuige i leith ionstraimí maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a úsáid agus na prionsabail chun na limistéir ina gcuirfear chun feidhme í a shainaithint;

(b)

na prionsabail chun limistéir uirbeacha a shainaithint ina bhfuil gníomhaíochtaí comhtháite le haghaidh forbartha uirbí inbhuanaithe le cur chun feidhme agus an leithdháileadh táscach de thacaíocht CFRE le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin;

(c)

an cur chuige i leith úsáid ionstraim na hinfheistíochta críochaí comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 11, seachas i gcásanna nach gclúdaítear le pointe (b), agus an leithdháileadh airgeadais táscach a bheadh ag gabháil dóibh ó gach ais tosaíochta;

(d)

más rud é go mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha agus i straitéisí imchuach farraige, a mhéid a rannchuidíonn na hidirghabhálacha beartaithe faoin gclár comhair leis na straitéisí sin, faoi réir ag riachtanais limistéar an chláir faoi mar a shainaithníonn an Ballstát ábhartha iad agus, i gcás inarb infheidhme, tionscadail atá tábhachtach ar bhonn straitéise a shainaithnítear sna straitéisí sin á gcur san áireamh.

4.   Déanfar an méid seo a leanas a shainaithint freisin leis an gclár comhair:

(a)

na forálacha cur chun feidhme ina ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás iniúchóireachta a shainaithint;

(ii)

an comhlacht nó na comhlachtaí a bheidh ainmnithe chun cúraimí rialaithe a dhéanamh a shainaithint;

(iii)

an comhlacht nó na comhlachtaí a bheidh ainmnithe le bheith freagrach as cúraimí iniúchóireachta a dhéanamh a shainaithint;

(iv)

an nós imeachta chun an rúnaíocht chomhpháirteach a leagan síos;

(v)

tuairisc achoimre ar na socruithe rialaithe agus bainistíochta a leagan amach;

(vi)

cionroinnt dliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún a leagan amach.

(b)

an comhlacht a bhfuil an Coimisiún chun íocaíochtaí leis;

(c)

na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a tharraingt isteach in ullmhú an chláir chomhair, agus ról na gcomhpháirtithe sin maidir leis an gclár comhair a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa choiste faireacháin.

5.   Leagfar amach an méid seo a leanas freisin sa chlár comhair, ag féachaint d'inneachar na gComhaontaithe Comhpháirtíochta agus creat institiúideach agus dlí na mBallstát á chur san áireamh:

(a)

na sásraí chun comhordú éifeachtach a áirithiú idir CFRE, CSE, an Ciste Comhtháthaithe, CETFT, EMFF agus ionstraimí eile cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear comhordú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), le ENI, le CFE agus le IPA II, chomh maith le BEI, mar aon le teaglaim féideartha díobh sin, agus na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013á gcur san áireamh sa chás go mbíonn Ballstáit agus tríú tíortha nó críocha rannpháirteach i gcláir chomhair ar a n-áirítear úsáid a bhaint as leithreasuithe CFRE do na réigiúin is forimeallaí mar aon le hacmhainní ó CFE, agus sásraí comhordúcháin ar an leibhéal iomchuí chun comhordú éifeachtach a éascú in úsáid na leithreasuithe agus na n-acmhainní sin;

(b)

achoimre den mheasúnú ar an ualach riaracháin ar thairbhithe agus, i gcás inar gá sin, na gníomhaíochtaí arna mbeartú, a mbeidh creat ama táscach do na gníomhaíochtaí sin ag gabháil leo, chun an t-ualach sin a laghdú

6.   Maidir le faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi phointí (i) go (vii) den chéad fhomhír de mhír 2), faoi mhír 3 agus faoi phointe (a) de mhír 5, oiriúnófar iad do ghné sonrach na gclár comhair faoi phointí ((3)b), (c) agus (d) Airteagal 2. Ní áireofar faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (e) den chéad mhír de mhír 2 agus faoi phointe (b) de mhír 5 i gcláir chomhair faoi Airteagal 2(3), (c) agus (d).

7.   Áireofar le gach clár comhair, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir mheasúnú cuí-réasúnaithe na mBallstát ábhartha ar a ábhartha atá sé d'inneachar agus do chuspóirí na gclár, tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí sonracha trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí agus bainistíocht rioscaí;

(b)

na gníomhaíochtaí sonracha chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú bunaithe ar inscne, ar chine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc agus an clár comhair á ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain ar chistiú, ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol idirdhealaithe den chineál sin agus go háirithe do na ceanglais chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(c)

a mhéid a rannchuidíonn an clár comhair le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, i gcás inarb iomchuí, ar na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir agus ar leibhéal na hoibríochta.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír maidir le cláir chomhair faoi phointí (3)(b), (c) agus (d)Airteagal 2.

8.   Saineoidh cláir chomhair faoi phointí (3)(c) agus (d) d'Airteagal 2 an tairbhí nó na tairbhithe le haghaidh cláir chomhair den sórt sin agus féadfaidh siad an nós imeachta deonúcháin a shonrú.

9.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás ina mbeidh an cuireadh chun bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu, na tríú tíortha nó na críocha, i gcás inarb infheidhme, a gcomhaontú le hinneachar cláir chomhair a dheimhniú, i scríbhinn, sula ndéantar an comhaontú a thíolacadh don Choimisiún. Áireofar leis an gcomhaontú seo freisin gealltanas gach Ballstáit rannpháirtigh agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha agus na gcríoch, go soláthróidh siad an cómhaoiniú is gá chun an clár comhair a chur chun feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, an gealltanas do rannchuidiú airgeadais na dtríú tíortha nó na gcríoch.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás clár comhair lena mbainfidh na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha nó críocha, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis na tríú tíortha nó críocha faoi seach sula gcuirfear na cláir chomhair faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chás sin, féadfar na comhaontuithe maidir le hinneachar na gclár comhair agus rannchuidiú féideartha na dtríú tíortha nó críoch a chur in iúl sna miontuairiscí, arna bhformheas go foirmiúil, ó na cruinnithe comhairliúcháin leis na tríú tíortha nó críocha nó ó phléití na n-eagraíochtaí um chomhar réigiúnach.

10.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás ina mbeidh an cuireadh chun bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu, na tríú tíortha nó críocha na cláir chomhair a dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail a bheidh glactha ag an gCoimisiún.

11.   Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail dá dtagraítear i mír 10 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

12.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar na gnéithe uile, lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo, a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointe (b)(vii) de mhír 2, faoi phointe (c)(v) de mhír 2, faoi phointe (e) de mhír 2, faoi phointe(a)(i), agus (c) de mhír 4 agus faoi mhír 5 agus faoi mhír 7 den Airteagal seo, arb iad na Ballstáit rannpháirteacha a bheidh freagrach astu i gcónaí.

13.   Maidir le haon chinneadh lena leasófar gnéithe den chlár comhair nach gcumhdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 12, déanfaidh an t-údarás bainistíochta fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh leasaithigh sin. Sonrófar sa chinneadh leasaitheach an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta sin níos túisce ná an dáta a nglacfar an cinneadh.

Airteagal 9

Comhphlean Gníomhaíochta

I gcás ina dtugtar faoi chomhphlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 104(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faoi chúram EGTC mar thairbhí, féadfaidh foireann rúnaíocht chomhpháirteach an chláir chomhair agus comhaltaí thionól an EGTC teacht chun bheith ina gcomhaltaí den choiste stiúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ní bheidh móramh ag comhaltaí thionól EGCT laistigh den choiste stiúrtha sin.

Airteagal 10

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Féadfar forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoi Airteagal 32 den Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chur chun feidhme i gcláir um chomhar trasteorann, ar choinníoll go bhfuil ionadaithe ó dhá thír, ar a laghad, agus gur Ballstát ceann acu, sa ghrúpa forbartha áitiúil.

Airteagal 11

Infheistíocht chríochach chomhtháite

I gcás clár comhair, is é a bheidh sa chomhlacht idirmheánach a dhéanfaidh bainistíocht agus cur chun feidhme ar infheistíocht chríochach chomhtháite dá dtagraítear in Airteagal 36(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ná comhlacht dlíthiúil atá bunaithe faoi dhlíthe cheann de na tíortha rannpháirteacha ar choinníoll gur údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad a bhunóidh é, nó gur EGTC a bheidh ann.

Airteagal 12

Oibríochtaí a roghnú

1.   Roghnóidh coiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 oibríochtaí faoi chláir chomhair. Féadfaidh an coiste faireacháin sin coiste stiúrtha a chur ar bun, a fheidhmeoidh faoina fhreagracht, chun oibríochtaí a roghnú.

2.   Beidh baint ag tairbhithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, agus ceann acu ar a laghad ó Bhallstát, le hoibríochtaí a roghnaítear faoi chomhar trasteorann agus faoi chomhar trasnáisiúnta. Féadfar oibríocht a chur chun feidhme i dtír aonair, ar choinníoll go ndéantar tionchair nó tairbhí trasteorann nó trasnáisiúnta a shainaithint.

Beidh baint ag tairbhithe ó thrí thír ar a laghad, agus dhá cheann acu ina mBallstáit, le hoibríochtaí faoi chomhar idir-réigiúnach dá dtagraítear i bpointí (3)(a) agus (b) d'Airteagal 2.

Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le hoibríochtaí faoi chlár trasteorann PEACE, idir Tuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann, a bheidh ag tacú leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas mar a thagraítear dó in Airteagal 7(2).

3.   D'ainneoin mhír 2, féadfaidh EGTC nó comhlacht dlíthiúil eile bunaithe faoi dhlíthe cheann de na tíortha rannpháirteacha a bheith ina dtairbhí aonair oibríochta ar choinníoll go bhfuil sé bunaithe ag údaráis phoiblí nó ag comhlachtaí poiblí ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, i gcás comhair trasteorann agus thrasnáisiúnta, agus ó thrí thír rannpháirteacha ar a laghad, i gcás comhair idir-réigiúnaigh.

Comhlacht dlíthiúil a dhéanann ionstraim airgeadais nó ciste cistí, de réir mar is infheidhme, a chur chun feidhme, féadfaidh sé a bheith ina thairbhí aonair d'oibríocht d'uireasa na ceanglais maidir le comhdhéanamh an chomhlachta sin, a leagtar amach sa chéad fhomhír, a chur i bhfeidhm.

4.   Comhoibreoidh tairbhithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme oibríochtaí. Sa bhreis air sin, comhoibreoidh siad i soláthar na foirne oibríochtaí nó i maoiniú na n-oibríochtaí, nó sa dá rud.

Maidir le hoibríochtaí i gcláir arna gcur ar bun idir na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha nó críocha, ní bheidh de cheangal ar na tairbhithe comhoibriú a dhéanamh ach amháin in dhá cheann de na réimsí a luaitear sa chéad fhomhír.

5.   Maidir le gach oibríocht, cuirfidh an t-údarás bainistíochta ar fáil don phríomhthairbhí nó don tairbhí aonair doiciméad ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh na hoibríochta, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le seachadadh faoin oibríocht, an plean maoinithe agus an teorainn ama lena fhorghníomhú.

Airteagal 13

Tairbhithe

1.   I gcás ina bhfuil dhá thairbhí oibríochta i gclár comhair nó níos mó ann, ainmneoidh na tairbhithe uile ceann díobh mar phríomhthairbhí.

2.   Déanfaidh an príomhthairbhí an méid seo a leanas:

(a)

na socruithe le tairbhithe eile a leagan síos i gcomhaontú ina bhfuil forálacha lena ráthaítear, inter alia, bainistíocht fhónta airgeadais na gcistí atá leithdháilte ar an oibríocht, lena n-áirítear na socruithe chun méideanna a íocadh go míchuí a aisghnóthú;

(b)

freagracht a ghlacadh as cur chun feidhme na hoibríochta iomláine a áirithiú;

(c)

a áirithiú go bhfuil caiteachas arna thíolacadh ag na tairbhithe uile tabhaithe i gcur chun feidhme na hoibríochta agus go gcomhfhreagraíonn sé do na gníomhaíochtaí a comhaontaíodh idir na tairbhithe uile, agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an doiciméad a sholáthraíonn an t-údarás bainistíochta de bhun Airteagal 12(5);

(d)

a áirithiú go mbeidh an caiteachas arna thíolacadh ag tairbhithe eile fíoraithe ag rialtóir nó ag rialtóirí i gcás nach ndéanann an t-údarás bainistíochta an fíorú sin de bhun Airteagal 23(3).

3.   Mura sonraítear a mhalairt sna socruithe a leagtar síos i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2, áiritheoidh an príomhthairbhí go bhfaighidh na tairbhithe eile méid iomlán an rannchuidithe ó na cistí a luaithe agus is féidir agus go mbeidh sé íoctha ina iomláine. Ní asbhainfear méid ar bith nó ní choinneofar méid ar bith siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ar bith ná muirear ar bith eile lena ngabhann éifeacht choibhéiseach a laghdódh an méid sin ar na tairbhithe eile.

4.   Beidh príomhthairbhithe lonnaithe i mBallstát a bheidh rannpháirteach sa chlár comhair. Féadfaidh Ballstáit agus tríú tíortha nó críocha atá rannpháirteach i gclár comhair a chomhaontú, áfach, go mbeidh an príomhthairbhí lonnaithe i dtríú tír nó críoch atá rannpháirteach sa chlár comhair sin, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás bainistíochta gur féidir leis an bpríomhthairbhí na cúramaí a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 a chomhlíonadh agus go gcomhlíontar na riachtanais maidir le bainistiú, fíoruithe agus iniúchóireacht.

5.   Beidh tairbhithe aonair cláraithe i mBallstát a bheidh rannpháirteach sa chlár comhair. Féadfaidh siad a bheith cláraithe i mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa chlár, áfach, ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(3) a chomhlíonadh.

CAIBIDIL IV

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 14

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin suas go dtí 2022, agus an bhliain 2022 san áireamh, déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil bhliantúil chur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an 31 Nollaig 2013, sa tuarascáil chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2016.

2.   Maidir leis na tuarascálacha a dhéanfar a thíolacadh i 2017 agus 2019, is é an 30 Meitheamh an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Leagfar amach faisnéis sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme an chláir chomhair i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

i gcás inarb iomchuí, dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

4.   Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 50(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faoi seach agus an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a leagan amach sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus 2019, agus déanfar measúnú ar an bhfaisnéis uile sin sna tuarascálacha sin agus leagfar amach an fhaisnéis seo a leanas sna tuarascálacha sin agus déanfar measúnú uirthi chomh maith:

(a)

an dul chun cinn maidir leis an bplean meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí a chur chun feidhme;

(b)

torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta a dtugtar fúthu faoin straitéis chumarsáide;

(c)

rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir chomhair agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air.

Féadfar, ag brath ar inneachar agus cuspóirí gach clár comhair, faisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas a leagan amach sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2007 agus in 2019, agus féadfaidh na tuarascálacha sin measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas chomh maith:

(a)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena n-áirítear forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoin gclár comhair;

(b)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí chun acmhainn údarás agus tairbhithe a threisiú maidir le CFRE a riar agus úsáid;

(c)

i gcás inarb iomchuí, an rannchuidiú le straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha farraige;

(d)

na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun neamh-idirdhealú a chur chun cinn, go háirithe inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe arna gcur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú sa chlár comhair agus sna oibríochtaí;

(e)

gníomhaíochtaí a rinneadh chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(f)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí i réimse na nuálaíochta sóisialta;

5.   Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas de réir samhlacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 15

Athbhreithniú bliantúil

Déanfar an cruinniú maidir leis an athbhreithniú bliantúil a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Más rud é nach n-eagraítear cruinniú maidir le hathbhreithniú bliantúil de bhun Airteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfar an t-athbhreithniú bliantúil a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 16

Táscairí maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir, de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus le pointe (b)(ii) agus (iv) agus phointe (c)(ii) and (iv) den chéad fhomhír d'Airteagal 8(2) den Rialachán seo.

2.   Maidir le comhtháscairí aschuir agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha do na táscairí sin le haghaidh 2023.

3.   Maidir le táscairí toraidh clár-shonracha, a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna le haghaidh 2023. Féadfar spriocanna a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagtar amach san Iarscríbhinn, a leasú chun coigeartuithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin, chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chláir.

Airteagal 17

Cúnamh teicniúil

Beidh méid CFRE a leithdháilfear ar chúnamh teicniúil teoranta do 6 % den mhéid iomlán a leithdháilfear ar chlár comhair. Maidir le cláir nach mó a leithdháileadh iomlán ná EUR 50 000 000, beidh méid CFRE a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil teoranta do 7 % den mhéid iomlán a leithdháiltear, ach ní bheidh sé níos lú ná EUR 1 500 000 agus ní bheidh sé níos mó ná EUR 3 000 000.

CAIBIDIL V

Incháilitheacht

Airteagal 18

Rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun rialacha sonracha a leagan síos maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh clár comhair i dtaca le costais foirne, le caiteachas oifige agus riaracháin, le costais taistil agus cóiríochta, le costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha, agus le caiteachas ar threalamh. Faoin 22 Aibreán 2014, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i leith na ngníomhartha tarmligthe, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht a leagtar síos in Airteagail 65 go 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó atá bunaithe ar na hAirteagail sin, do Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, don Rialachán seo nó don ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa choiste faireacháin rialacha breise maidir le hincháilitheacht caiteachais a bhunú le haghaidh an chláir chomhair ina iomláine.

3.   I gcás nithe nach gcumhdaítear leis na rialacha maidir le hincháilitheacht a leagtar síos in Airteagal 65 go hAirteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó atá bunaithe ar na hAirteagail sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó leis na rialacha arna mbunú go comhpháirteach ag na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina dtabhaítear an caiteachas maidir leo.

Airteagal 19

Costais foirne

Féadfar costais foirne oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh de suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne na hoibríochta sin.

Airteagal 20

Incháilitheacht oibríochtaí i gcláir chomhair ag brath ar láthair

1.   Maidir le hoibríochtaí faoi chláir chomhair, faoi réir ag na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, beidh siad lonnaithe sa chuid de limistéar an chláir ar cuid de chríoch an Aontais é ('cuid an Aontais de limistéar an chláir').

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht iomlán, nó cuid de, á cur chun feidhme taobh amuigh de chuid an Aontais de limistéar an chláir, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

is chun tairbhe limistéar an chláir atá an oibríocht;

(b)

ní mó an méid iomlán arna leithdháileadh faoin gclár comhair ar oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de chuid Aontais an limistéir chláir ná 20 % den tacaíocht ó CFRE ar leibhéal cláir, nó 30 % i gcás clár comhair ina gcuimsítear na réigiúin is forimeallaí i gcuid an Aontais de limistéar an chláir;

(c)

comhlíonann údaráis na gclár comhar oibleagáidí na n-údarás bainistíochta agus iniúchóireachta i dtaca le bainistíocht, rialú agus iniúchóireacht a bhaineann leis an oibríocht nó tugann siad comhaontuithe i gcrích le húdaráis sa Bhallstát nó sa tríú tír nó sa chríoch ina gcuirtear an oibríocht chun feidhme.

3.   Caiteachas maidir le hoibríochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil nó le gníomhaíochtaí fógraíochta agus forbairt acmhainní, féadfar é a thabhú lasmuigh de chuid an Aontais de limistéar an chláir ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha phointí (a) agus (c) de mhír 2.

CAIBIDIL VII

Bainistíocht, rialú agus ainmniú

Airteagal 21

Údaráis a ainmniú

1.   Chun críocha Airteagal 123(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair údarás aonair bainistíochta a ainmniú; chun críocha Airteagal 123(2) den Rialachán sin, déanfaidh siad údarás aonair deimhniúcháin a ainmniú; agus, chun críocha Airteagal 123(4) den Rialachán sin, déanfaidh siad údarás aonair iniúchóireachta a ainmniú. Beidh an t-údarás bainistíochta agus an t-údaras iniúchóireachta lonnaithe sa Bhallstát céanna.

Féadfaidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair an t-údarás bainistíochta a ainmniú mar an t-údarás atá freagrach chomh maith as feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích. Beidh an t-ainmniú sin gan dochar do chionroinnt na ndliteanas maidir le coigeartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i measc na mBallstát rannpháirteach de réir mar a leagtar síos sa chlár comhair.

2.   Gheobhaidh an t-údarás deimhniúcháin na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus, mar riail ghinearálta, déanfaidh sé íocaíochtaí leis an bpríomhthairbhí i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Maidir leis an nós imeachta a úsáidtear chun an t-údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás deimhniúcháin a ainmniú, a leagtar amach in Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, is é an Ballstát ina bhfuil an t-údarás lonnaithe a thabharfaidh faoi.

Airteagal 22

Grúpáil Eorpach um chomhar críochach

Féadfaidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair úsáid a bhaint as EGTC d'fhonn é a dhéanamh freagrach as an gclár comhair sin, nó cuid de, a bhainistiú, go háirithe trí fhreagrachtaí údaráis bhainistíochta a thabhairt dó.

Airteagal 23

Feidhmeanna na n-údarás bainistíochta

1.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh údarás bainistíochta cláir chomhair na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal 125 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta, i ndiaidh comhairliúcháin leis na Ballstáit agus leis na tríú tíortha atá rannpháirteach i gclár comhair, rúnaíocht chomhpháirteach a bhunú.

Beidh an rúnaíocht chomhpháirteach sin de chúnamh ag an údarás bainistíochta agus ag an gcoiste faireacháin a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh. Cuirfidh an rúnaíocht chomhpháirteach faisnéis ar fáil do thairbhithe féideartha maidir le deiseanna cistiúcháin faoi chláir chomhair agus cuideoidh sí le tairbhithe chun na hoibríochtaí a chur chun feidhme.

3.   Más rud é gur EGTC atá san údarás bainistíochta, is é an t-údarás bainistíochta a dhéanfaidh na fíoruithe faoi phoine (a) d'Airteagal 125(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó is faoi fhreagracht an údaráis sin a dhéanfar na fíoruithe sin, ar a laghad do na Ballstáit sin agus do na tríú tíortha nó na críocha sin as a bhfuil comhaltaí rannpháirteach in EGTC.

4.   I gcás nach ndéanann an t-údarás bainistíochta fíoruithe faoi phointe (a) d'Airteagal 125(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ar fud limistéar iomlán an chláir, nó i gcás nach údarás bainistíochta do na Ballstáit agus na tríú tíortha nó na críocha sin as a bhfuil comhaltaí rannpháirteach in EGTC i gcomhréir le mír 3 a dhéanann na fíoruithe nó nach faoi fhreagracht an údaráis sin a dhéantar iad, ainmneoidh gach Ballstát nó, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha aici, gach tríú tír nó gach críoch an comhlacht nó an duine atá freagrach as na fíoruithe sin a dhéanamh maidir le tairbhithe ar a chríoch nó ar a críoch féin (an 'rialtóir' nó na 'rialtóirí').

Féadfaidh sé gurb ionann na rialtóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus na comhlachtaí atá freagrach as na fíoruithe sin a dhéanamh le haghaidh na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post nó, i gcás tríú tíortha, iad siúd atá freagrach as fíoruithe inchomparáide a dhéanamh faoi ionstraimí beartais sheachtraigh an Aontais.

Beidh an t-údarás bainistíochta deimhin de go mbeidh caiteachas gach tairbhí atá rannpháirteach in oibríocht fíoraithe ag rialtóir ainmnithe.

Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir caiteachas tairbhí a fhíorú laistigh de thréimhse trí mhí ón tráth a gcuirfidh an tairbhí lena mbaineann na doiciméid isteach.

Beidh gach Ballstát nó, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha aici, gach tríú tír freagrach as na fíoruithe a dhéantar ar a chríoch nó ar a críoch féin.

5.   I gcás nach féidir seachadadh táirgí nó seirbhísí cómhaoinithe a fhíorú ach amháin maidir le hoibríocht ina hiomláine, is é an t-údarás bainistíochta nó rialtóir an Bhallstáit ina bhfuil an príomhthairbhí lonnaithe a dhéanfaidh an fíorú.

Airteagal 24

Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Udarás deimhniúcháin cláir chomhair, déanfaidh sé na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal 126 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 25

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   Féadfaidh na Ballstáit agus na tríú tíortha atá rannpháirteach i gclár comhair an t-údarás iniúchóireachta a údarú chun na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a dhéanamh go díreach sa chríoch iomlán atá cumhdaithe ag clár comhair. Sonróidh siad cén uair a bheidh iniúchóir Ballstáit nó tríú tíre i dteannta an údaráis iniúchóireachta.

2.   I gcás nach bhfuil an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ag an údarás iniúchóireachta, beidh cúnamh aige ó ghrúpa iniúchóirí a bheidh comhdhéanta d'ionadaí ó gach Ballstát nó tríú tír atá rannpháirteach sa chlár comhair agus a chomhlíonann na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Beidh gach Ballstát nó, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach i gclár comhair glactha aici, gach tríú tír freagrach as na hiniúchóireachtaí a dhéantar ar a chríoch nó ar a críoch féin.

Beidh gach ionadaí ó gach Ballstát nó ó gach tríú tír atá rannpháirteach sa chlár comhair freagrach as na gnéithe fíorasacha a bhaineann le caiteachas ar a chríoch agus atá ag teastáil ón údarás iniúchóireachta chun a mheasúnú a chur i gcrích a sholáthar.

Bunófar grúpa iniúchóirí ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí ón gcinneadh ina ndéantar an clár comhair a fhormheas. Déanfaidh sé a chuid rialacha nós imeachta féin a tharraingt suas agus is é údarás iniúchóireachta an chláir chomhair a ghníomhóidh mar chathaoirleach.

3.   Beidh na hiniúchóirí neamhspleách ó thaobh feidhme de ó rialtóirí a dhéanann fíoruithe faoi Airteagal 23.

CAIBIDIL VII

Rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir um chomhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach

Airteagal 26

Coinníollacha cur chun feidhme maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha

Déanfar na coinníollacha is infheidhme do chur chun feidhme cláir lena rialaítear an bhainistíocht airgeadais chomh maith le cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú rannpháirtíocht na dtríú tíortha trí rannchuidiú acmhainní IPA II nó ENI le cláir um chomhar trasnáisiúnta agus le cláir um chomhar idir-réigiúnach a bhunú sa chlár comhair ábhartha agus freisin, i gcás inar gá sin, sa chomhaontú maoinithe idir an Coimisiún, gach ceann de rialtais na dtríú tíortha lena mbaineann agus an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir chomhair ábhartha. Beidh na coinníollacha do chur chun feidhme clár ar comhréir le rialacha bheartas comhtháthaithe an Aontais.

CAIBIDIL VIII

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 27

Ceangaltais bhuiséadacha, íocaíochtaí agus aisghnóthú

1.   Déanfar tacaíocht CFRE do chláir chomhair a íoc isteach i gcuntas aonair nach mbeidh aon fhochuntais náisiúnta aige.

2.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéantar méid ar bith a íocfar mar thoradh ar neamhrialtacht a aisghnóthú ón bpríomhthairbhí nó ón tairbhí aonair. Déanfaidh tairbhithe méideanna ar bith a íocadh go míchuí a aisíoc leis an bpríomhthairbhí.

3.   Mura n-éiríonn leis an bpríomhthairbhí aisíocaíocht a dhaingniú ó thairbhithe eile nó mura n-éiríonn leis an údarás bainistíochta aisíocaíocht a dhaingniú ón bpríomhthairbhí nó ón tairbhí aonair, déanfaidh an Ballstát nó an tríú tír a bhfuil an tairbhí lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch nó, i gcás EGTC, ina bhfuil sé cláraithe, aon mhéideanna a íocadh go míchuí leis an tairbhí sin a aisíoc leis an údarás bainistíochta. Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as na méideanna i dtrácht a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir le cionroinnt na ndliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach mar a leagtar síos sa chlár comhair.

Airteagal 28

Úsáid an euro

De mhaolú ar Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcás caiteachas arna thabhú in airgeadra seachas an euro, déanfaidh na tairbhithe é a chomhshó go euro agus leas á bhaint acu as ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ar lena linn:

(a)

a tabhaíodh an caiteachas sin;

(b)

a cuireadh an caiteachas sin faoi bhráid an údaráis bhainistíochta nó faoi bhráid an rialtóra lena fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo; nó

(c)

a tuairiscíodh an caiteachas sin don phríomhthairbhí.

Leagfar amach sa chlár comhair an modh a roghnófar agus beidh sé infheidhme maidir leis an tairbhithe go léir.

Is é an t-údarás bainistíochta nó an rialtóir sa Bhallstát nó sa tríú tír ina bhfuil an tairbhí lonnaithe a fhíoróidh an comhshó.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(4) agus in Airteagal 18(1) a thabhairt don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) agus in Airteagal 18(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(4) agus Airteagal 18(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó de mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chealú ina iomláine nó i bpáirt, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Leanfaidh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile den sórt sin is infheidhme, dá dhroim sin, d'fheidhm a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo, cumhdófar le cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.   Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil, ar iarratais iad a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 roimh an 1 Eanáir 2014, leanfaidh siad de bheith bailí.

Airteagal 31

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le hAirteagal 178 CFAE.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 27 agus ag Airteagal 28 le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 49.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 96.

(3)  Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).

(6)  lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1302/2006 maidir 17 Nollaig 2013 le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a (Féach leathanach 303 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1783/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lna leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lean -aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).


IARSCRÍBHINN

COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR MAIDIR LE SPRIOC AN CHOMHAIR CHRÍOCHAIGH EORPAIGH

 

AONAD

AINM

Infheistíocht tháirgiúil

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht airgeadais seachas deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht neamhairgeadais

 

fiontair

Líon na bhfiontar nua a fhaigheann tacaíocht

 

fiontair

Líon na bhfiontar atá rannpháirteach i dtionscadail taighde trasteorann, thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnacha

 

eagraíochtaí

Líon na n-institiúidí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde trasteorann, thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnacha

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach lena meaitseáiltear tacaíocht phoiblí d'fhiontair (deontais)

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach lena meaitseáiltear tacaíocht phoiblí d'fhiontair (nach deontais atá inti)

 

coibhéisí lánaimseartha

Méadú fostaíochta i bhfiontair a fhaigheann tacaíocht

Turasóireacht inbhuanaithe

cuairteanna/bliana

Méadú i líon na gcuairteanna a mbeifear ag súil leo ar shuímh oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha agus ar nithe is díol spéise do thurasóirí a fhaigheann tacaíocht

Bonneagar TFC

Líonta tí

Líonta tí breise a bhfuil rochtain leathanbhanda 30 Mbps ar a laghad acu

Iompar

Iarnród

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid nua

 

 

ar de sin: TEN-T

 

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

 

ar de sin: TEN-T

Bóithre

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

 

 

ar de sin: TEN-T

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

 

ar de sin: TEN-T

Iompar uirbeach

ciliméadair

Fad iomlán na dtrambhealaí nó na línte meitreo atá nua nó feabhsaithe

Uiscebhealaí intíre

ciliméadair

Fad iomlán na n-uiscebhealaí intíre nua nó na n-uiscebhealaí intíre atá feabhsaithe

Comhshaol

Dramhaíl sholadach

tonaí/bliana

Acmhainn bhreise athchúrsála dramhaíola

Soláthar uisce

daoine

Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

Cóireáil fuíolluisce

coibhéis daonra

Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

 

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint ar dhóiteáin foraoise

Athshlánú talún

heicteáir

Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

An dúlra agus an bhithéagsúlacht

heicteáir

Achar dromchla gnáthóg a fhaigheann tacaíocht d'fhonn stádas caomhnaithe níos fearr a bhaint amach

Taighde, Nuálaíocht

 

 

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí nua in eintitis a fhaigheann tacaíocht

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí a oibríonn i saoráidí bonneagair don taighde atá feabhsaithe

 

fiontair

Líon na bhfiontar atá ag comhoibriú le hinstitiúidí taighde

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach lena meaitseáiltear tacaíocht phoiblí do thionscadail nuálaíochta nó T&F

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua ar an margadh

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua don ghnólacht

Fuinneamh agus Athrú Aeráide

 

 

Athnuaiteáin

MW

Acmhainn bhreise maidir le fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh

líonta tí

Líon na líonta tí a bhfuil aicmiú tomhailte fuinnimh feabhsaithe acu

 

kWh/bliana

Laghdú ar thomhailt fuinnimh phríomha bhliantúil i bhfoirgnimh phoiblí

 

úsáideoirí

Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa

tonaí de choibhéisí CO2

Laghdú measta bliantúil ar gháis cheaptha teasa

Bonneagar sóisialta

Cúram leanaí & oideachas

daoine

Acmhainn an bhonneagair cúraim leanaí nó oideachais a fhaigheann tacaíocht

Sláinte

daoine

Daonra atá cuimsithe ag seirbhísí sláinte feabhsaithe

Táscairí sonracha maidir leis an bhforbairt uirbeach

 

daoine

Daonra a bhfuil cónaí air i limistéir a bhfuil straitéisí comhtháite forbartha uirbí acu

 

méadair chearnacha

Spás oscailte atá cruthaithe nó athshlánaithe agus atá i limistéir uirbeacha

 

méadair chearnacha

Foirgnimh phoiblí nó tráchtála atá tógtha nó athchóirithe i limistéir uirbeacha

 

aonaid tithíochta

Tithíocht athchóirithe i limistéir uirbeacha

Margadh an tSaothair agus Oiliúint (1)

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i dtionscnaimh trasteorann soghluaisteachta

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i dtionscnaimh chomhpháirteacha áitiúla fostaíochta agus in oiliúint chomhpháirteach

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i dtionscadail a chuireann comhionannas inscne, comhdheiseanna agus cuimsiú sóisialta chun cinn thar theorainneacha

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i scéimeanna comhpháirteacha oideachais agus oiliúna chun tacú le fostaíocht na n-óg, deiseanna oideachais agus ardoideachas agus gairmoideachas thar theorainneacha


(1)  Más ábhartha, déanfar an fhaisnéis maidir le rannpháirtithe a mhiondealú de réir a stádais i margadh an tsaothair, sa chaoi go gcuirfear in iúl má tá siad "fostaithe", "dífhostaithe", "dífhostaithe go fadtéarmach", "neamhghníomhach" nó "neamhghníomhach gan a bheith san oideachas nó faoi oiliúint".


Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste Comhtháthaithe

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

281


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1300/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d'Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa chéad mhír d'Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil an tAontas lena chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Ba cheart don Chiste Comhtháthaithe a bhunaítear leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, rannchuidiú airgeadais a sholáthar do thionscadail i réimse an chomhshaoil agus i réimse na ngréasán tras-Eorpach in earnáil an bhonneagair iompair.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh 1303/ 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar amach na forálacha is coiteann do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), do Chiste Sóisialta na hEorpa, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Is é atá sa Rialachán sin creat do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe. Is gá, dá bhrí sin, cúraimí an Chiste Chomhtháthaithe a shonrú maidir leis an gcreat sin agus maidir leis an gcuspóir a shanntar don Chiste Comhtháthaithe i CFAE.

(3)

Ba cheart forálacha sonracha maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí ar féidir leis an gCiste Comhtháthaithe tacaíocht a thabhairt dóibh, d'fhonn rannchuidiú leis na tosaíochtaí infheistíochta laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a leagan síos.

(4)

Ba cheart go mbeadh an tAontas in ann, tríd an gCiste Comhtháthaithe, rannchuidiú le gníomhaíochtaí d'fhonn a chuid cuspóirí comhshaoil, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 191 CFAE, a shaothrú, eadhon éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite agus, san earnáil iompair lasmuigh de na gréasáin thras-Eorpacha, iompar iarnróid, iompar aibhneacha agus muiriompar, córais iompair idirmhódacha agus a n-idir-inoibritheacht, trácht bóthair, trácht muirí agus aerthrácht a bhainistiú, iompar uirbeach glan agus iompar poiblí.

(5)

Ba cheart a mheabhrú i gcás ina mbaineann costais a mheastar a bheith díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit le bearta atá bunaithe ar Airteagal 192(1) CFAE agus ina ndéantar tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 192(5) CFAE, beidh feidhm mar sin féin ag an bprionsabal íoc mar a thruaillítear.

(6)

Tionscadail de chuid an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) arna dtacú ag an gCiste Comhtháthaithe, tá siad leis na treoirlínte arna mbunú i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (4) achomhlíonadh. Chun iarrachtaí a dhíriú ina leith sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn de réir mar a shainítear iad sa Rialachán sin.

(7)

Maidir le hinfheistíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bhaint amach, níor cheart go mbeadh sí incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe ós rud é go mbaineann sí tairbhe airgeadais as cur i bhfeidhm na Treorach sin cheana féin. Leis an eisiamh sin, níor cheart go gcuirfí srian ar an deis an Ciste Comhtháthaithe a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE fiú más iad na hoibreoirí eacnamaíocha céanna a chuireann na gníomhaíochtaí sin chun feidhme,agus fiú má áirítear iontu gníomhaíochtaí amhail infheistíochtaí don éifeachtúlacht fuinnimh i gcomhghiniúint teasa agus chumhachta agus sna líonraí téimh ceantair, córais chliste chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur agus bearta arb é is aidhm leo an truailliú aeir a laghdú, fiú más é ceann de na tionchair indíreacha a bheidh ag gníomhaíochtaí den sórt sin astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú nó má liostaítear iad sa phlean náisiúnta dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE.

(8)

Ní féidir le hinfheistíocht i dtithíocht, seachas na cinn a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh nó le húsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe mar go bhfuil siad lasmuigh de raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe de réir mar a shainítear in CFAE í.

(9)

Chun forbairt an bhonneagair iompair ar fud an Aontais a luathú, ba cheart don Chiste Comhtháthaithe tacú le tionscadail bhonneagair iompair lena ngabhann breisluach Eorpach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) do mhéid iomlán EUR 10 000 000 000. Maidir le leithdháileadh na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe do na tionscadail sin, ba cheart go gcomhlíonfadh sé na rialacha a bhunaítear faoi Airteagal 92(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, níor cheart tacaíocht a bheith ar fáil ach amháin do na Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin ón gCiste Comhtháthaithe, leis na rátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir an gCiste sin.

(10)

Tá sé tábhachtach a áirithiú, agus infheistíocht bhainistíochta riosca á gcur chun cinn, go gcuirtear rioscaí sonracha ar leibhéal réigiúnach, trasteorann agus trasnáisiúnta san áireamh.

(11)

Ba cheart comhlántacht agus sineirgí idir idirghabhálacha a dtacaíonn an Ciste Comhtháthaithe, CFRE, sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa leo a áirithiú, chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint agus chun nasc barrmhaith de chineálacha éagsúla bonneagair ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus ar fud an Aontais, a ráthú.

(12)

Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an Chiste Chomhtháthaithe, agus i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, is gá na gníomhaíochtaí atá sonrach don Chiste Comhtháthaithe a leagan amach mar 'thosaíochtaí infheistíochta' laistigh de gach cuspóir téamach a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ba cheart go ndéanfaí cuspóirí mionsonraithe, nach bhfuil eisiach go frithpháirteach, a leagan amach sna tosaíochtaí infheistíochta sin, ar cuspóirí iad lena rannchuideoidh an Ciste Comhtháthaithe. Ba cheart tosaíochtaí infheistíochta den sórt sin a bheith mar bhonn do shainiú na gcuspóirí sonracha laistigh de chláir oibríochtúla ina gcuirtear riachtanais agus sainghnéithe limistéar an chláir san áireamh. Chun an tsolúbthacht a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú trí chur chun feidhme comhpháirteach, ba cheart tosaíochtaí infheistíochta CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe faoi na cuspóirí téamacha comhfhreagracha a ailíniú.

(13)

Ba cheart comhthacar de tháscairí aschuir chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn comhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil a leagan amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh na táscairí sin ag comhfhreagairt don tosaíocht infheistíochta agus don chineál gníomhaíochta a dtacaítear leo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ba cheart na comhtháscairí aschuir a chomhlánú le táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, le táscairí aschuir clár-shonracha.

(14)

Chun an Rialachán seo a leasú maidir le gnéithe neamhriachtanacha áirithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an leasaithe ar an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagan amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus an tsriain atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(16)

Ós rud é go ngabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (7), ba cheart an Rialachán sin a aisghairm. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ba cheart go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile is infheidhme den sórt sin, dá bhrí sin, d'fheidhm a bheith aige nó aici tar éis an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go dtiocfaidh an cúnamh nó na tionscadail sin chun críche. Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil, arna ndéanamh nó arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006, ba cheart go mbeadh siad fós bailí.

(17)

Ionas go bhféadfar na bearta arna mbeartú a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú an Chiste Chomhtháthaithe agus ábhar

1.   Bunaítear leis seo Ciste Comhtháthaithe chun críche comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.   Leis an Rialachán seo, bunaítear cúraimí an Chiste Chomhtháthaithe agus raon feidhme a chuid tacaíochta maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 2

Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe

1.   Agus cothromaíocht iomchuí á áirithiú aige agus de réir riachtanais shonracha infheistíochta agus bhonneagair gach Ballstáit, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n-áirítear réimsí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ina léirítear tairbhí don chomhshaol;

(b)

TEN-T, i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh le Rialachán (AE) Uimh 1315/2013;

(c)

cúnamh teicniúil.

2.   Ní thacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis an méid seo a leanas:

(a)

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b)

infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach;

(c)

infheistíocht i dtithíocht mura rud é go mbaineann sí le cur chun cinn éifeachtúlachta fuinnimh nó úsáide fuinnimh in-athnuaite;

(d)

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(e)

gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair;

(f)

infheistíocht i mbonneagar aerfort mura rud é go mbaineann sí le cosaint an chomhshaoil nó go bhfuil infheistíochtaí ag gabháil léi is gá chun a tionchar diúltach ar an gcomhshaol a mhaolú nó a laghdú.

Airteagal 3

Tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe do thionscadail bhonneagair iompair faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe le tionscadail bhonneagair iompair lena ngabhann breisluach Eorpach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh 1316/2013 le haghaidh méid de EUR 10 000 000 000 i gcomhréir le hAirteagal 92(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

Airteagal 4

Tosaíochtaí infheistíochta

Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcomhréir leis na riachtanais forbartha agus leis an bpoitéinseal fáis dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d'Airteagal 15(1) den Rialachán sin agus mar a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(a)

tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile trí:

(i)

tháirgeadh agus dáileadh fuinnimh a dhíorthaítear as foinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

(ii)

éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfiontair a chur chun cinn;

(iii)

thacú le héifeachtúlacht fuinnimh, le bainistiú fuinnimh chliste agus le húsáid fuinnimh in-athnuaite i mbonneagar poiblí, lena n-áirítear i bhfoirgnimh phoiblí, agus san earnáil tithíochta;

(iv)

chórais dáilte chliste a fheidhmíonn ag leibhéal íosvóltais agus ag leibhéal meánvoltais a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(v)

straitéisí ísealcharbóin a chur chun cinn do gach cineál críoch, go háirithe do cheantair uirbeacha, lena n-áirítear soghluaisteacht ilmhódach uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn agus bearta oiriúnaithe a bhaineann le maolú a chur chun cinn freisin;

(vi)

úsáid ardéifeachtúil an chomhghinte teasa agus fuinnimh bunaithe ar éileamh úsáideach teasa a chur chun cinn;

(b)

oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn trí:

(i)

thacú le hinfheistíocht le haghaidh oiriúnaithe don athrú aeráide, lena n-áirítear cineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais;

(ii)

infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha a chur chun cinn, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bainistithe tubaistí a fhorbairt;

(c)

an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn trí:

(i)

infheistiú san earnáil dramhaíola chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, le haghaidh infheistíochta a théann thar na ceanglais sin;

(ii)

infheistiú san earnáil uisce chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, le haghaidh infheistíochta a théann na ceanglais sin;

(iii)

an bhithéagsúlacht agus ithir a chosaint agus a athneartú agus seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, lena n-áirítear trí Natura 2000 agus trí bhonneagar glas;

(iv)

ghníomh a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhshaol uirbeach, chun cathracha a athbheochan agus chun láithreáin athfhorbraíochta (lena n-áirítear limistéir atá á dtiontú) a athghiniúint agus a dhí-éilliú, chun truailliú aeir a laghdú agus chun bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn.

(d)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint, trí:

(i)

thacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh in TEN-T;

(ii)

chórais iompair neamhdhíobhálach don chomhshaol (lena n-áirítear íseal-torainn) agus íseal-charbóin a fhorbairt agus a fheabhsú lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus muiriompar, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, d'fhonn soghluaisteacht réigiúnach agus áitiúil inbhuanaithe a chur chun cinn;

(iii)

chórais iarnróid uilechuimsitheacha, ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn;

(e)

feabhas a chur ar acmhainn institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán éifeachtúil poiblí trí ghníomhaíochtaí chun acmhainn institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste Chomhtháthaithe a neartú.

Airteagal 5

Táscairí

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus le pointe (b)(ii) agus (iv) agus pointe (c)(ii) agus (iv) d'Airteagal 96(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Maidir le comhtháscairí aschuir agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha do na táscairí sin le haghaidh 2023.

3.   Maidir le táscairí toraidh clár-shonracha, a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna le haghaidh 2023. Féadfar spriocanna a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun an liosta de chomhtháscairí aschuir in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun coigeartuithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin, chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chláir oibríochtúla.

Airteagal 6

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh ná do mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ba cheart go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile is infheidhme den sórt sin, dá bhrí sin, d'fheidhm a bheith aige nó aici tar éis an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo cumhdófar le cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.   Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil arna ndéanamh nó arna bhfhormheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006, beidh siad fós bailí.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Aisghairm

Gan dochar d'Airteagal 6 den Rialachán seo, déantar leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 38.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 143.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo)

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1)

(5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1164/94 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 79).


IARSCRÍBHINN I

COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE

 

AONAD

AINM

Comhshaol

Dramhaíl sholadach

tonnaí/bliana

Acmhainn bhreise athchúrsála dramhaíola

Soláthar uisce

daoine

Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

Cóireáil fuíolluisce

coibhéis daonra

Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint dóiteáin foraoise

Athshlánú talún

heicteáir

Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

An Dúlra agus an bhithéagsúlacht

heicteáir

Achar dromchla gnáthóg a fhaigheann tacaíocht d'fhonn stádas caomhnaithe níos fearr a bhaint amach

Fuinneamh agus athrú aeráide

Athnuaiteáin

MW

Acmhainn bhreise maidir le fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh

líonta tí

An líon líonta tí a bhfuil aicmiú tomhailte fuinnimh feabhsaithe acu

kWh/bliana

Laghdú ar thomhailt fuinnimh phríomhúil bhliantúil i bhfoirgnimh phoiblí

úsáideoirí

Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa

tonnaí de choibhéisí CO2

Laghdú measta bliantúil ar ghás ceaptha teasa

Iompar

Iarnród

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid nua

 

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

Bóithre

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

Iompar uirbeach

ciliméadair

Fad iomlán na dtrambhealaí nó na línte meitreo atá nua nó feabhsaithe

Uiscebhealaí intíre

ciliméadair

Fad iomlán na n-uiscebhealaí intíre atá nua nó na n-uiscebhealaí intíre feabhsaithe


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

289


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1301/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. Faoin Airteagal sin agus faoin dara mír agus faoin tríú mír d'Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú chun éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus chun cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin tá aird ar leith le tabhairt ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

(2)

Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na forálacha is coiteann do CFRE, do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus do Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh.

(3)

Ba cheart forálacha sonracha maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfaidh tacaíocht a fháil ó CFRE chun rannchuidiú leis na tosaíochtaí infheistíochta laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leagan síos. Ag an am céanna, ba cheart gníomhaíochtaí lasmuigh de raon feidhme CFRE a shainiú agus a shoiléiriú, lena n-áirítear infheistíocht chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun maoiniú iomarcach a sheachaint, níor cheart go mbeadh infheistíocht den sórt sin incháilithe le haghaidh tacaíochta ó CFRE ós rud é go bhfuil tairbhe airgeadais á fáil aici cheana trí chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE. Leis an eisiamh sin, níor cheart go gcuirfí srian ar an deis CFRE a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE fiú más iad na hoibreoirí eacnamaíocha céanna a chuireann na gníomhaíochtaí sin chun feidhme, agus fiú má áirítear iontu gníomhaíochtaí amhail infheistíochtaí don éifeachtúlacht fuinnimh sna líonraí téimh ceantair, córais chliste chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur agus bearta arb é is aidhm leo an truailliú aeir a laghdú, fiú más é ceann de na tionchair indíreacha a bheidh ag gníomhaíochtaí den sórt sin astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, nó má liostaítear iad sa phlean náisiúnta dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE.

(4)

Is gá a shonrú cad iad na gníomhaíochtaí breise a bhféadfaidh CFRE tacú leo faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

(5)

Ba cheart go rannchuideodh CFRE le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, rud a chinnteodh go ndíreofar tacaíocht CFRE níos mó ar thosaíochtaí an Aontais. Ag brath ar cibé catagóir de réigiúin a fhaigheann tacaíocht, ba cheart tacaíocht CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a dhíriú ar thaighde agus nuálaíocht, ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ar gheilleagar íseal-charbóin a chur chun cinn. Ba cheart an díriú téamach sin a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta ach ba cheart solúbthacht a cheadú ar leibhéal na gclár oibríochtúil agus idir catagóirí éagsúla réigiún. Ba cheart an díriú téamach é a choigeartú, i gcás inarb iomchuí, chun na hacmhainní den Chiste Comhtháthaithe a leithdháiltear chun tacú leis na tosaíochtaí infheistíochta a bhaineann leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin agus dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur san áireamh. Maidir le méid an dírithe théamaigh, ba cheart a chur san áireamh a mhéid is atá an réigiún forbartha, an méid a rannchuidítear ó acmhainní an Chiste Comhtháthaithe i gcás inarb infheidhme, chomh maith le riachtanais shonracha réigiún a raibh OTI per capita arna úsáid mar chritéir incháilitheachta acu do chlárthréimhse 2007-2013 a bhí faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-25 don tréimhse thagartha, le réigiúin atá ainmnithe le stádas céimnithe amach i gclárthréimhse 2007-2013 agus le réigiúin áirithe leibhéal NUTS 2 nach bhfuil ach Ballstáit oileánacha nó oileáin iontu.

(6)

Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht ó CFRE faoin tosaíocht infheistíochta 'forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail' a rannchuidiú leis na cuspóirí téamacha uile dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(7)

Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha CFRE, agus i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, is gá na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le CFRE a leagan amach laistigh de gach cuspóir téamach a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar 'thosaíochtaí infheistíochta'. Ba cheart go leagfaí amach leis na tosaíochtaí infheistíochta sin cuspóirí mionsonraithe, nach mbeidh eisiach ar bhonn frithpháirteach, a rannchuideoidh CFRE leo. Ba cheart tosaíochtaí infheistíochta den sórt sin a bheith mar bhonn do shainiú na gcuspóirí sonracha laistigh de chláir ina gcuirtear riachtanais agus gnéithe réimse an chláir san áireamh.

(8)

Is gá nuálaíocht agus forbairt FBManna a chur chun cinn i réimsí atá ag teacht chun cinn atá nasctha le dúshláin Eorpacha agus réigiúnacha cosúil le tionscadail chruthaitheacha agus chultúrtha agus seirbhísí nuálacha, a léiríonn éilimh nua shochaíocha, nó le táirgí agus seirbhísí atá nasctha le daonra atá ag dul in aois, cúram agus sláinte, éiceanuálaíocht, an geilleagar íseal-charbóin agus éifeachtúlacht acmhainní.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta, lorgófar sineirgí go háirithe idir oibriú CFRE agus Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht agus a gcuspóirí sonracha á n-urramú.

(10)

Is tábhachtach a áirithiú, agus infheistíochtaí bainistíochta riosca á gcur chun cinn, go gcuirfear rioscaí sonracha ar leibhéal réigiúnach, trasteorann agus trasnáisiúnta san áireamh.

(11)

Chun an rannchuidiú is fearr agus is féidir a thabhairt don chuspóir maidir le tacaíocht a thabhairt d'fhás a chruthaíonn fostaíocht, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí a thacaíonn le turasóireacht inbhuanaithe, cultúr agus an oidhreacht nádúrtha mar chuid de straitéis chríochach i limistéir áirithe lena n-áirítear comhshó réigiún ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú. Ba cheart go rannchuideodh tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin, le neartú a dhéanamh ar an nuálaíocht agus ar úsáid TFC, ar FBManna, ar an gcomhshaol agus ar an éifeachtúlacht acmhainní nó leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

(12)

Chun soghluaisteacht inbhuanaithe réigiúnach nó áitiúil a chur chun cinn nó chun truailliú aeir agus torainn a laghdú, is gá modhanna iompair sláintiúla, inbhuanaithe agus sábháilte a chur chun cinn. Trí infheistíochtaí i mbonneagar aerfoirt a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ba cheart go gcuirfí aeriompar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun cinn, inter alia, nuair a bhíonn soghluaisteacht réigiúnach á feabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), lena n-áirítear trí nóid ilmhódacha.

(13)

Chun baint amach na spriocanna fuinnimh agus aeráide arna leagan amach ag an Aontas mar chuid de straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn, ba cheart do CFRE tacú le hinfheistíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair a chur chun cinn sna Ballstáit, inter alia, trí chórais chliste a fhorbairt chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur, lena n-áirítear trí ghiniúint dháilte ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú. Chun a riachtanais chinnteachta soláthair a chomhlíonadh ar bhealach atá i gcomhréir lena spriocanna faoi straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann infheistiú i mbonneagair fuinnimh atá i gcomhréir lena meascán fuinnimh roghnaithe.

(14)

Ba cheart go dtuigfí go gcumhdaíonn FBManna, a bhféadfadh fiontair gheilleagair shóisialta a bheith ar áireamh leo, i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/EC ón gCoimisiún (6).

(15)

Chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun bochtaineacht a chomhrac, i measc pobal imeallaithe go háirithe, is gá rochtain ar sheirbhísí sóisialta, cultúrtha agus áineasa a fheabhsú trí bhonneagar ar scála beag a sholáthar, ag cur riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas agus scothaosta san áireamh.

(16)

Ba cheart go gcumhdófaí le seirbhísí bunaithe sa phobal gach cineál seirbhíse baile, teaghlaigh agus cónaithe, mar aon le gach cineál seirbhíse pobail eile, a thacaíonn le ceart gach duine chun cónaí sa phobal le comhionannas roghanna, agus a fhéachann le haonrú nó le hidirdheighilt ón bpobal a chosc.

(17)

Chun an tsolúbthacht a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú trí chur chun feidhme comhpháirteach, ba cheart tosaíochtaí infheistíochta CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe faoi na cuspóirí téamacha comhfhreagracha a ailíniú.

(18)

Ba cheart comhthacar de tháscairí aschuir a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun an dul chun cinn comhiomlánaithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na gclár a mheasúnú. Ba cheart go mbeadh na táscairí sin ag comhfhreagairt don tosaíocht infheistíochta agus don chineál gníomhaíochta a dtacaítear leo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ba cheart na comhtháscairí aschuir a comhlánú le táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí aschuir clár-shonracha.

(19)

Meastar gur gá tacú le gníomhaíochtaí comhtháite faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe uirbí chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta a dhéanann difear do limistéir uirbeacha, lena n-áirítear limistéir uirbeacha feidhme, agus an gá chun naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh. Ba cheart na prionsabail chun na limistéir uirbeacha ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháthaithe le haghaidh forbartha inbhuanaithe uirbí le cur chun feidhme a roghnú, agus na méideanna táscacha do na gníomhaíochtaí sin, a leagan amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus 5 % ar a laghad d'acmhainní CFRE a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta chun na críche sin. Ba cheart don údarás bainistíochta raon feidhme aon tarmligin tascanna chuig údaráis uirbeacha a chinneadh i gcomhairle leis an údarás uirbeach.

(20)

Chun réitigh nua a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe uirbeach agus atá ábhartha ar leibhéal an Aontais a shainaithint nó a thástáil, ba cheart do CFRE tacú le gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí.

(21)

Chun forbairt acmhainní, líonrú agus malartú taithí a threisiú idir cláir agus comhlachtaí atá freagrach as straitéisí forbartha inbhuanaithe uirbí agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun feidhme i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí agus chun cláir agus comhlachtaí atá ann cheana a chomhlánú, is gá líonra maidir le forbairt uirbeach a bhunú ar leibhéal an Aontais.

(22)

Ba cheart do CFRE aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hinrochtaineacht ar mhargaí móra atá ag limistéir a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus a fhad is atá siad ó na margaí sin, dá dtagraítear i bPrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994. Ba cheart do CFRE aghaidh a thabhairt freisin ar na deacrachtaí sonracha a bhíonn ag oileáin áirithe, ag réigiúin teorann, ag réigiúin shléibhteacha agus ag limistéir inar tearc an daonra a gcuireann a suíomh geografach moill ar a bhforbairt, d'fhonn tacú lena bhforbairt inbhuanaithe.

(23)

Ba cheart aird shonrach a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, eadhon trí bhearta a ghlacadh faoi Airteagal 349 CFAE lena leathnófar, ar bhonn eisceachtúil, raon feidhme na tacaíochta ó CFRE maidir le maoiniú cabhrach oibriúcháin atá nasctha le fritháireamh na gcostas breise a eascraíonn as staid shonrach eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún sin, staid is measa fós mar gheall ar na baic a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, eadhon iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid achrannach, agus spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt. Maidir le cabhair oibriúcháin arna deonú ag na Ballstáit sa chomhthéacs sin, tá sí díolmhaithe ón oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE, más rud é, tráth a deonaithe, go gcomhlíonfar léi na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach ar comhréir leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE agus arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle (7).

(24)

I gcomhréir le pointe 51 de chonclúidí na Comhairle Eorpaí an 7-8 Feabhra 2013, agus ag cur na gcuspóirí speisialta a leagtar síos in CFAE san áireamh maidir leis na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, athraíodh stádas Mayotte mar thoradh Chinneadh 2012/419/AE ón gComhairle Eorpach (8) le go mbeadh sí ina réigiún nua is forimeallaí ón 1 Eanáir 2014. Chun forbairt fócasaithe agus ghasta bonneagair Mayotte a éascú agus a chur chun cinn, ba cheart go bhféadfaí ar bhonn eisceachtúil 50 % ar a laghad de chuid CFRE de chlúdach Mayotte a leithdháileadh ar chúig chinn de na cuspóirí téamacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(25)

Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le gnéithe neamhriachtanacha áirithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir chun gníomhaíochtaí nuálacha a roghnú agus a bhainistiú. Ba cheart freisin cumhacht den sórt sin a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás ina bhfuil bonn cirt leo chun measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn a áirithiú i gcur chun feidhme clár oibríochtúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí na príomh-mhícothromaíochtaí san Aontas a cheartú a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus ar an srian atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(27)

Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ar mhaithe le soiléire, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 a aisghairm dá bhrí sin. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Ba cheart go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht ábhartha eile den sórt sin d'fheidhm a bheith acu tar éis 31 Nollaig 2013, dá dhroim sin maidir leis an gcúnamh sin nó na hoibríochtaí lena mbaineann ina dhiaidh sin go dtí go ndúnfar iad. Ba cheart go leanfadh iarratais ar chúnamh a fháil, ar iarratais iad a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, de bheith bailí.

(28)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur chun feidhme go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo cúraimí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), raon feidhme a thacaíochta maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus forálacha sonracha maidir le tacaíocht CFRE do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

Airteagal 2

Cúraimí CFRE

Rannchuideoidh CFRE le maoiniú tacaíochta a bhfuil sé d'aidhm aici comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a atreisiú trí na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a chur ina gceart trí thacú le forbairt inbhuanaithe agus coigeartú struchtúrach geilleagar réigiúnach, lena n-áirítear comhshó réigiún ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú agus réigiún ina bhfuil a bhforbairt ag titim ar chúl.

Airteagal 3

Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE

1.   Tacóidh CFRE leis na gníomhaíochtaí seo a leanas chun rannchuidiú leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 5:

(a)

infheistíocht tháirgiúil a rannchuidíonn le cruthú agus cosaint post inbhuanaithe, trí chabhair dhíreach d'infheistíocht in FBManna;

(b)

infheistíocht tháirgiúil, gan beann ar mhéid an fhiontair lena mbaineann, a rannchuidíonn leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach i bpointe (1) agus i bpointe (4) d'Airteagal 5, agus, i gcás ina bhfuil comhar idir fiontair mhóra agus FBManna i gceist leis an infheistíocht sin, i bpointe (2) Airteagal 5;

(c)

infheistíocht i mbonneagar a chuireann seirbhísí bunúsacha ar fáil do shaoránaigh i réimsí an fhuinnimh, an chomhshaoil, an iompair agus TFC;

(d)

infheistíocht i mbonneagar sóisialta, sláinte, taighde, nuálaíochta, gnó agus oideachais;

(e)

infheistíocht i bhforbairt na hacmhainneachta inginiúla trí infheistíocht sheasta i mbonneagar trealaimh agus i mbonneagar ar scála beag, lena n-áirítear bonneagar cultúrtha agus tuarasóireachta inbhuanaithe ar scála beag, seirbhísí d'fhiontair, tacaíocht do chomhlachtaí taighde agus nuálaíochta agus infheistíocht i dteicneolaíocht agus i dtaighde feidhmeach i bhfiontair;

(f)

líonrú, comhoibriú agus malartú taithí idir údaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, mar a thagraítear di in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, staidéir, gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus forbairt acmhainní.

2.   Faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, féadfaidh CFRE tacú freisin le saoráidí agus le hacmhainní daonna agus gach cineál bonneagar a roinnt thar theorainneacha i ngach réigiún.

3.   Ní thacóidh CFRE leis an méid seo a leanas:

(a)

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b)

infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach sna gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE;

(c)

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(d)

gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair;

(e)

infheistíocht i mbonneagar aerfoirt mura rud é go bhfuil baint aige sin le cosaint an chomhshaoil nó mura rud é go bhfuil infheistíocht ag gabháil leis sin is gá chun an tionchar diúltach a bheidh aige sin ar an gcomhshaol a mhaolú nó a laghdú.

Airteagal 4

Díriú téamach

1.   Díreofar na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo lena bhféadfaidh CFRE rannchuidiú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, mar seo a leanas:

(a)

i réigiúin níos forbartha:

(i)

leithdháilfear 80 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013; agus

(ii)

leithdháilfear 20 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

i réigiúin trasdula:

(i)

leithdháilfear 60 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013; agus

(ii)

leithdháilfear 15 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(c)

i réigiúin lagfhorbartha:

(i)

leithdháilfear 50 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013; agus

(ii)

leithdháilfear 12 % ar a laghad d'acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Chun críche an Airteagail seo, maidir leis na réigiúin sin a raibh OTI per capita acu arna úsáid mar chritéar incháilitheachta do chlárthréimhse 2007-2013 a bhí faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-25 don tréimhse thagartha, agus na réigiúin atá ainmnithe leis an stádas céimnithe amach i gclárthréimhse 2007-2013 ach atá incháilithe faoi chatagóir na réigiún atá níos forbartha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gclárthréimhse 2014-2020, measfar gur réigiúin trasdula iad.

Chun críche an Airteagail seo, maidir le gach réigiún leibhéal NUTS 2 arb é amháin atá iontu Ballstáit oileánacha nó oileáin atá mar chuid de Bhallstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe, agus na réigiúin uile is forimeallaí, measfar gur réigiúin lagfhorbartha iad.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an sciar íosta CFRE a leithdháiltear ar chatagóir réigiúin a bheith níos ísle ná an méid a leagtar amach sa mhír sin, ar choinníoll go ndéantar an laghdú a chúiteamh le méadú sa sciar a leithdháiltear ar chatagóirí eile réigiún. Mar sin, ní bheidh an tsuim deiridh ar an leibhéal náisiúnta de na méideanna le haghaidh gach catagóire réigiún faoi seach i dtaca leis na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3 agus 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 agus na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointe 4 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 níos lú dá réir sin ná an tsuim ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar sciartha íosta CFRE a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar acmhainní faoin gCiste Comhtháthaithe a leithdháiltear chun tacú leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 a ríomh le haghaidh na sciartha íosta a leagtar amach i bpointí (a)(ii), (b)(ii) agus (c)(ii) den chéad fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach. I gcás den sórt sin, méadófar an sciar dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo go dtí 15 %. I gcás inarb infheidhme, leithdháilfear na hacmhainní sin, ar bhonn pro rata, ar na catagóirí éagsúla réigiún bunaithe ar an sciar ábhartha atá iontu de dhaonra iomlán an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 5

Tosaíochtaí infheistíochta

Tacóidh CFRE leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i gcomhréir leis na riachtanais forbartha agus leis an bpoitéinseal fáis dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d'Airteagal 15(1) den Rialachán sin agus a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(1)

taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú trí:

(a)

fheabhas a chur ar bhonneagar taighde agus nuálaíochta (T&N) agus ar acmhainní chun barr feabhais T&N a fhorbairt agus ionaid inniúlachta a chur chun cinn, go háirithe iad siúd a bhfuil leas Eorpach ag baint leo;

(b)

infheistíocht ghnó a chur chun cinn in T&N, agus naisc agus sineirgí a fhorbairt idir fiontair, ionaid taighde agus forbartha agus earnáil an ardoideachais, go háirithe infheistíocht i bhforbairt táirgí agus seirbhísí, aistriú teicneolaíochta, nuálaíocht shóisialta, éiceanuálaíocht, feidhmchláir don tseirbhís phoiblí, cothú éilimh, líonrú, braislí agus nuálaíocht oscailte trí speisialtóireacht chliste a chur ar aghaidh agus tacú le taighde teicneolaíochta agus feidhmeach, línte píolótacha, gníomhaíochtaí luathbhailíochtaithe táirge, ardchumas monaraíochta agus céadtáirgeadh, go háirithe in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus scaipeadh teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha;

(2)

úsáid agus cáilíocht TFC agus rochtain orthu a fheabhsú trí:

(a)

úsáid leathanbhanda agus feidhmiú céimneach líonraí ardluais a leathnú agus tacú le glacadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus líonraí don gheilleagar digiteach;

(b)

sheirbhísí agus táirgí TFC agus ríomhthráchtáil a fhorbairt agus éileamh ar TFC a fheabhsú;

(c)

fheidhmchláir TFC le haghaidh ríomhsheirbhísí rialtais, ríomhfhoghlaim, ríomhchuimsiú, ríomhchultúr agus ríomhshláinte a neartú;

(3)

iomaíochas FBManna a fheabhsú trí:

(a)

fhiontraíocht a chur chun cinn, go háirithe trí shaothrú eacnamaíoch smaointe nua a éascú agus cruthú gnólachtaí nua a chothú, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó;

(b)

shamhlacha nua gnó a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do FBManna, go háirithe maidir leis an idirnáisiúnú;

(c)

thacú le cruthú agus leathnú acmhainní ardfhorbartha d'fhorbairt táirgí agus seirbhísí;

(d)

thacú le hacmhainn FBManna fás a dhéanamh i margaí réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus páirt a ghlacadh i bpróisis nuálaíochta;

(4)

tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile trí:

(a)

tháirgeadh agus dáileadh fuinnimh a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn;

(b)

éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn i bhfiontair;

(c)

thacú le héifeachtúlacht fuinnimh, bainistiú cliste fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite i mbonneagair phoiblí, lena n-áirítear i bhfoirgnimh phoiblí, agus san earnáil tithíochta;

(d)

chórais dáilte chliste a oibríonn ar leibhéil ísealvoltais agus meánvoltais a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(e)

straitéisí ísealcharbóin do gach cineál críoch, go háirithe ceantair uirbeacha, lena n-áirítear soghluaisteacht ilmhódach inbhuanaithe uirbeach, a chur chun cinn agus bearta oiriúnaithe ábhartha um maolú a chur chun cinn freisin;

(f)

thaighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus glacadh na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn;

(g)

úsáid ardéifeachtúil teasa agus fuinnimh comhghinte a chur chun cinn bunaithe ar éileamh úsáideach teasa;

(5)

oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn trí:

(a)

thacú le hinfheistíocht le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais;

(b)

infheistíocht a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, athléimneacht ó thubaistí a áirithiú agus córais bhainistithe tubaistí a fhorbairt;

(6)

an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn trí:

(a)

infheistiú san earnáil dramhaíola chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, maidir le hinfheistíocht a théann níos faide ná na ceanglais sin;

(b)

infheistiú san earnáil uisce chun ceanglais acquis comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais, arna sainaithint ag na Ballstáit, maidir le hinfheistíocht a théann níos faide ná na ceanglais sin;

(c)

oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a chaomhnú, a chosaint, a chur chun cinn agus a fhorbairt;

(d)

bhithéagsúlacht agus ithir a chosaint agus a athneartú agus seirbhísí éiceachórais a chur chun cinn, lena n-áirítear trí Natura 2000 agus bonneagair ghlasa;

(e)

ghníomhú chun an comhshaol uirbeach a fheabhsú, chun cathracha a athbheochan, chun láithreán athfhorbraíochta (lena n-áirítear limistéir atá á dtiontú) a athghiniúint agus a dhí-éiliú, chun truailliú aeir a laghdú agus chun bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn;

(f)

theicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn chun cosaint an chomhshaoil agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú san earnáil dramhaíola, san earnáil uisce, agus maidir le hithir, nó chun truailliú aeir a laghdú;

(g)

thacú le trasdul tionsclaíoch i dtreo geilleagair atá tíosach ar acmhainní, fás glas, éiceanuálaíocht agus bainistíocht feidhmíochta comhshaoil a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach;

(7)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbonneagair ghréasáin a bhaint, trí:

(a)

thacú le Limistéar Iompair Eorpach Aonair ilmhódach trí infheistíocht a dhéanamh in TEN-T;

(b)

shoghluaisteacht réigiúnach a fheabhsú trí nóid thánaisteacha agus threasacha a nascadh le bonneagar TEN-T, lena n-áirítear nóid ilmhódacha;

(c)

chórais iompair ísealcharbóin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (lena n-áirítear ar thorann íseal) a fhorbairt agus a fheabhsú, lena n-áirítear uiscebhealaí intíre agus iompar muirí, calafoirt, naisc ilmhódacha agus bonneagar aerfoirt, chun soghluaisteacht inbhuanaithe réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn;

(d)

chórais iarnróid uilechuimsitheacha, ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha a fhorbairt agus a athshlánú, agus bearta laghdaithe torainn a chur chun cinn;

(e)

éifeachtúlacht fuinnimh agus cinnteacht soláthair a fheabhsú trí chórais chliste a fhorbairt chun fuinneamh a dháileadh, a stóráil agus a tharchur agus trí ghiniúint dháilte ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú;

(8)

fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair trí:

(a)

thacú le gorlanna gnó a fhorbairt agus tacaíocht infheistíochta a thabhairt d'fhéinfhostaíocht, do mhicrifhiontair agus do chruthú gnó;

(b)

thacú le fás a spreagann fostaíocht tríd an acmhainneacht inginiúil a fhorbairt mar chuid de straitéis chríochach do réigiúin shonracha, lena n-áirítear comhshó réigiún ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú agus rochtain ar acmhainní cultúrtha agus nádúrtha sonracha a fhorbairt agus a fheabhsú;

(c)

thacú le tionscnaimh forbartha áitiúla agus cabhair do struchtúir a chuireann seirbhísí comharsanachta ar fáil chun poist nua a chruthú, i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin taobh amuigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(d)

infheistiú i mbonneagar do sheirbhísí fostaíochta;

(9)

cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac trí:

(a)

infheistiú i mbonneagar sláinte agus sóisialta a rannchuidíonn le forbairt náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, sa chaoi sin ag laghdú éagothroime i dtéarmaí stádais sláinte, ag cur cuimsithe shóisialta chun cinn trí rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí sóisialta, cultúrtha agus áineasa agus leis an trasdul ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí bunaithe sa phobal;

(b)

thacaíocht d'athghiniúint fhisiciúil, eacnamaíoch agus shóisialta pobal díothach a sholáthar i limistéir uirbeacha agus tuaithe;

(c)

thacaíocht d'fhiontair shóisialta a sholáthar;

(d)

infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhthéacs straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail;

(10)

infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint chun scileanna a fhoghlaim agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil trí bhonneagar oideachais agus oiliúna a fhorbairt;

(11)

feabhas a chur ar acmhainn institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán éifeachtúil poiblí trí ghníomhaíochtaí chun acmhainn institiúideach agus éifeachtúlacht ranna riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a bhaineann le cur chun feidhme CFRE a neartú, agus trí thacú le gníomhaíochtaí faoi CSE chun acmhainn institiúideach agus le héifeachtúlacht na ranna riaracháin phoiblí a neartú.

Airteagal 6

Táscairí maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus pointe (b)(ii) agus (iv) agus pointe (c)(ii) agus (iv) d'Airteagal 96(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Maidir le comhtháscairí agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha le haghaidh na dtáscairí sin do 2023.

3.   Maidir le táscairí toraidh clár-shonracha, a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna do 2023. Féadfar spriocanna a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a leasú, chun coigeartuithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil bonn cirt leo chun measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na gclár oibríochtúil a áirithiú.

CAIBIDIL II

Forálacha sonracha maidir le gnéithe ar leith a láimhseáil

Airteagal 7

Forbairt inbhuanaithe uirbeach

1.   Tacóidh CFRE, laistigh de chláir oibríochtúla, le forbairt inbhuanaithe uirbeach trí straitéisí lenar leag amach gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta a dhéanann difear do limistéir uirbeacha, agus an gá naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh.

2.   Tabharfar faoi fhorbairt inbhuanaithe uirbeach trí Infheistíocht chríochach chomhtháite dá tagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó trí chlár sonrach oibríochtúil, nó tríd ais shonrach tosaíochta i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 96(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Agus a staid chríochach shonrach á cur san áireamh acu, bunóidh gach Ballstát ina Chomhaontú Comhpháirtíochta na prionsabail a bhaineann le limistéir uirbeacha a roghnú ina gcuirfear gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt inbhuanaithe uirbeach chun feidhme agus leithdháileadh táscach do na gníomhaíochtaí sin ar an leibhéal náisiúnta.

4.   Leithdháilfear 5 % ar a laghad d'acmhainní CFRE arna leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ar ghníomhaíochtaí comhtháite d'fhorbairt inbhuanaithe uirbeach ina mbeidh cathracha, comhlachtaí fo-réigiúnacha nó áitiúla atá freagrach as straitéisí inbhuanaithe uirbeacha a chur chun feidhme ("údaráis uirbeacha") freagrach as cúraimí a bhaineann, ar a laghad, le hoibríochtaí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 123(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 123(7) den Rialachán sin. Leagfar amach an méid táscach atáthar le tiomnú chun críocha mhír 2 den Airteagal seo sa chlár oibríochtúil nó sna cláir oibríochtúla lena mbaineann.

5.   Cinnfidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhairle leis an údarás uirbeach, raon feidhme na gcúraimí, a bheidh le déanamh ag údaráis uirbeacha, a bhaineann le bainistiú gníomhaíochtaí comhtháite d'fhorbairt inbhuanaithe uirbeach atá le déanamh ag údaráis uirbeacha. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn. Beidh ag an údarás bainistíochta an ceart chun fíorú deiridh a dhéanamh ar incháilitheacht oibríochtaí sula ndéanfar iad a fhormheas.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh CFRE tacú le gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí i gcomhréir le hAirteagal 92(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1303 /2013. Áireofar i ngníomhaíochtaí den sórt sin staidéir agus treoirthionscadail chun réitigh nua a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe uirbeach agus atá ábhartha ar leibhéal an Aontais a shainaithint nó a thástáil. Spreagfaidh an Coimisiún rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ábhartha ó na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 i ngníomhaíochtaí nuálacha a ullmhú agus a chur chun feidhme.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4 den Rialachán seo, féadfaidh gníomhaíochtaí nuálacha tacú le gach gníomhaíocht is gá chun na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo a bhaint amach.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na prionsabail a bhaineann le roghnú agus bainistiú na ngníomhaíochtaí nuálacha atá le tacaíocht a fháil ó CFRE i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Gréasán forbartha uirbí

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 líonra forbartha uirbí a bhunú chun forbairt acmhainní, líonrú agus malartú taithí a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais idir údaráis uirbeacha atá freagrach as straitéisí forbartha inbhuanaithe uirbí a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(4) agus (5) den Rialachán seo agus údaráis atá freagrach as gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo.

2.   Beidh gníomhaíochtaí an ghréasáin forbartha uirbí comhlántach leis na gníomhaíochtaí sin a chuirtear i gcrích faoin gcomhar idir-réigiúnach de bhun phointe (3)(b) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 10

Limistéir a bhfuil míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha acu

Maidir le cláir oibríochtúla arna gcómhaoiniú ag CFRE, ina gcuimsítear limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu mar a thagraítear i bpointe 4 d'Airteagal 121 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 tabharfar aird ar leith ar thabhairt faoi na deacrachtaí sonracha atá ag na limistéir sin.

Airteagal 11

Na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu. Leithdháilfear an leithdháileadh sin ar na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3, 4 agus 7 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 12

Na réigiúin is forimeallaí

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí. Bainfear úsáid as an leithdháileadh sin chun na costais bhreise a fhritháireamh, atá nasctha leis na gnéithe agus srianta speisialta dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, arna dtabhú sna réigiúin is forimeallaí chun tacaíocht a chur ar fáil don méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

seirbhísí iompair lasta agus cabhair tosaithe do sheirbhísí iompair;

(c)

oibríochtaí atá nasctha le srianta stórais, méid iomarcach agus cothabháil uirlisí táirgthe, agus an easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil.

2.   Féadfar an leithdháileadh sonrach breise dá dtagraítear i mír 1 a úsáid freisin chun cabhrú le cabhair oibriúcháin agus caiteachas lena gcumhdaítear conarthaí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí sna réigiúin is forimeallaí a mhaoiniú.

3.   Beidh an méid a mbeidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe maidir leis comhréireach leis na costais bhreise dá dtagraítear i mír 1, arna dtabhú ag an tairbhí, i gcás cabhrach oibriúcháin agus caiteachais lena gcumhdaítear conarthaí agus oibleagáidí seirbhíse poiblí amháin, ach féadfaidh sé na costais iomlána incháilithe i gcás caiteachais le haghaidh infheistíochta a chumhdach.

4.   Ní bhainfear úsáid as an leithdháileadh sonrach breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun tacú leis an méid seo a leanas:

(a)

oibríochtaí a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;

(b)

cabhair le haghaidh iompair do dhaoine atá údaraithe faoi phointe (a) d'Airteagal 107(2) CFAE;

(c)

díolúintí cánacha agus díolúine ó mhuirir shóisialta.

5.   De mhaolú ar phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 3(1), féadfaidh CFRE tacú le hinfheistíocht táirgiúil i bhfiontair sna réigiúin is forimeallaí, gan beann ar mhéid na bhfiontar sin.

6.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le cuid CFRE den imchlúdach arna leithdháileadh ar Mayotte mar réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, agus leithdháilfear 50 % ar a laghad de chuid CFRE sin ar na cuspóirí téamacha a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3, 4 agus 6 den chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine, ar cúnamh é a d'fhormheas an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Dá dhroim sin, leanfaidh an Rialachán sin nó cibé reachtaíocht eile den sórt sin is infheidhme d'fheidhm a bheith aige nó aici maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann ina dhiaidh sin go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo cumhdófar le cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.   Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, leanfaidh siad de bheith bailí.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4)agus in Airteagal 8(3) a thabhairt don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus in Airteagal 8(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(4) agus Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Aisghairm

Gan dochar d'Airteagal 13 den Rialachán seo, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 16

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 12(6) le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 44.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 114.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Rialachán (AE) Uimh 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 (Féach leathanach 281 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal 93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí (IO L 142, 14.5.1998, lch. 1).

(8)  Cinneadh 2012/419/AE ón gComhairle Eorpach an 11 Iúil 2012 lena leasaítear stádas Mayotte i leith an Aontais Eorpaigh (IO L 204, 31.7.2012, lch. 131).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1783/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 470 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE) Uimh 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Féach leathanach 259 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR MAIDIR LE TACAÍOCHT Ó CFRE FAOI SPRIOC NA HINFHEISTÍOCHTA LE HAGHAIDH FÁIS AGUS POST (AIRTEAGAL 6)

 

AONAD

AINM

Infheistíocht tháirgiúil

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht airgeadais seachas deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht neamhairgeadais

 

fiontair

Líon na bhfiontar nua a fhaigheann tacaíocht

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí d'fhiontair (deontais)

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí d'fhiontair (nach deontais atá inti)

 

coibhéisí lánaimseartha

Méadú fostaíochta i bhfiontair a fhaigheann tacaíocht

Turasóireacht inbhuanaithe

cuairteanna/bliana

Méadú i líon na gcuairteanna a mbeifear ag súil leo ar shuímh oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha agus ar nithe is díol spéise do thurasóirí iad a fhaigheann tacaíocht

Bonneagar TFC

líonta tí

Líonta tí breise a bhfuil rochtain leathanbhanda 30 Mbps ar a laghad acu

Iompar

Iarnród

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid nua ar de sin: TEN-T

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe ar de sin: TEN-T

Bóithre

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre nuathógtha ar de sin: TEN-T

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe ar de sin: TEN-T

Iompar uirbeach

ciliméadair

Fad iomlán na dtrambhealaí nó na línte meitreo atá nua nó feabhsaithe

Uiscebhealaí intíre

ciliméadair

Fad iomlán na n-uiscebhealaí intíre atá nua nó feabhsaithe

Comhshaol

Dramhaíl sholadach

tonaí/bliana

Acmhainn athchúrsála dramhaíola breise

Soláthar uisce

daoine

Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

Cóireáil fuíolluisce

coibhéis áitritheora

Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta dóiteáin foraoise

Athshlánú talún

heicteáir

Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

An Nádúr agus an Bhithéagsúlacht

heicteáir

Achar dromchla gnáthóg a fhaigheann tacaíocht d'fhonn stádas caomhnaithe níos fearr a bhaint amach

Taighde, Nuálaíocht

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí nua in eintitis a fhaigheann tacaíocht

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí a oibríonn i saoráidí bonneagair taighde atá feabhsaithe

 

fiontair

Líon na bhfiontar atá ag comhoibriú le hinstitiúidí taighde

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do thionscadail nuálaíochta nó T&F

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua ar an margadh

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua don ghnólacht

Fuinneamh agus athrú aeráide

Foinsí inathnuaite fuinnimh

MW

Acmhainn bhreise maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh

líonta tí

Líon na líonta tí a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu

 

kWh/bliana

Laghdú ar ídiú fuinnimh phríomhúil bliantúil i bhfoirgnimh phoiblí

 

úsáideoirí

Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa

tonaí de choibhéisí CO2

Laghdú measta bliantúil ar ghás ceaptha teasa

Bonneagar sóisialta

Cúram leanaí & oideachas

daoine

Acmhainn an bhonneagair cúraim leanaí nó oideachais a fhaigheann tacaíocht

Sláinte

daoine

Daonra atá cuimsithe ag seirbhísí sláinte feabhsaithe

Táscairí sonracha maidir leis an bhForbairt uirbeach

 

daoine

Daonra a bhfuil cónaí air i limistéir a bhfuil straitéisí comhtháite forbartha uirbí acu

 

méadair chearnacha

Spás oscailte atá cruthaithe nó athshlánaithe i limistéir uirbeacha

 

méadair chearnacha

Foirgnimh phoiblí nó thráchtála atá tógtha nó athchóirithe i limistéir uirbeacha

 

aonaid tithíochta

Tithíocht athshlánaithe i limistéir uirbeacha


IARSCRIBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 23

Airteagal 15

Airteagal 24

Airteagal 16

Airteagal 25

Airteagal 17


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

303


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1302/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ghlac an Coimisiún an 29 Iúil 2011 tuarascáil le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus le haghaidh na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin. D'fhógair an Coimisiún, sa tuarascáil sin, go bhfuil sé ar intinn aige líon teoranta modhnuithe a mholadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 chun bunú agus oibriú EGTCanna a éascú, agus ina theannta sin chun soiléiriú ar fhorálacha áirithe atá ann cheana a mholadh. Ba cheart fáil réidh le bacainní in aghaidh EGTCanna nua a bhunú agus ag an am céanna oibriú EGTCanna atá ann cheana a éascú agus leanúnachas a chothabháil iontu, rud a chiallóidh go mbeifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as EGTCanna chun cur le comhleanúnachas beartas níos fearr agus le comhar níos fearr idir comhlachtaí poiblí gan ualach breise ar ranna rialacháin náisiúnta nó ar ranna rialacháin Aontais a chruthú.

(2)

Ba cheart dá chomhaltaí agus dá n-údarás náisiúnta a chinneadh EGTC a bhunú, agus ní nascann sé go huathoibríoch le haon bhuntáistí dlíthiúla nó airgeadais ar leibhéal an Aontais.

(3)

Le Conradh Liospóin, cuireadh gné chríochach leis an mBeartas Comhtháthaithe agus cuireadh 'Aontas' in ionad 'Comhphobal'. Ba cheart, dá bhrí sin, an téarmaíocht nua a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.

(4)

Féadfaidh EGTCanna acmhainneacht a bheith acu chun forbairt chomhchuí an Aontais ina iomláine a chur chun cinn agus a bhaint amach mar aon le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a réigiún go háirithe agus cuidiú le spriocanna straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ('straitéis Eoraip 2020') a bhaint amach. Ina theannta sin, féadfaidh EGTCanna rannchuidiú ar bhealach dearfach le bacainní ar chomhar críochach idir réigiúin a laghdú, ar réigiúin iad a ndéanann míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha troma agus buana díobháil dóibh, lena n-áirítear staid shonrach na réigiún is forimeallaí, agus d'fhéadfaidís a bheith fíorthábhachtach i neartú an chomhair idir tríú tíortha, tíortha agus críocha thar lear ('OTCanna')agus réigiúin teorann an Aontais, lena n-áirítear trí chláir Aontais um chomhar seachtrach a úsáid.

(5)

Léiríonn taithí le EGTCanna atá bunaithe go dtí seo go bhfuil EGTCanna, mar ionstraim dlí, á n-úsáid freisin don chomhar i gcomhthéacs bheartas an Aontais seachas an Beartas Comhtháthaithe, lena n-áirítear trí chláir nó codanna de chláir a chur chun feidhme le tacaíocht airgeadais Aontais seachas an tacaíocht faoin mBeartas Comhtháthaithe. Ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht EGTCanna a fheabhsú trí nádúr EGTCanna a leathnú, trí dheireadh a chur le bacainní dianseasmhacha agus trí bhunú agus oibriú EGTCanna a éascú agus ag an am céanna cumas na mBallstát teorainn a chur leis na gníomhaíochtaí a bhfuil EGTCanna in ann a dhéanamh gan tacaíocht airgeadais Aontais á chothabháil. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ón gComhairle, tá an inniúlacht dhlítheanach is leithne a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlí naisiúnta an Bhallstáit sin ag EGTCanna i ngach Ballstát, lena n-áirítear an fhéidearthacht comhaontuithe a thabhairt i gcrích le EGTCanna eile, nó le heintitis dhlíthiúla eile, chun c tionscadail chomhair a chur i gcrích chun, inter alia, foráil a dhéanamh d'oibriú níos éifeachtúla straitéisí macrairéigiúnacha.

(6)

De réir sainmhínithe, oibríonn EGTCanna i níos mó ná Ballstát amháin. Dá réir sin, foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 go bhféadfar an dlí is infheidhme maidir le saincheisteanna áirithe a lua i gcoinbhinsiún EGTC agus i reachtanna EGTC. Ba cheart soiléiriú a thabhairt maidir leis na cásanna ina bhfuil ráitis den sórt sin chun tosaíocht a thabhairt, laistigh d'ordlathas an dlí is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán sin, do dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC. Ag an am céanna, ba cheart forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir leis an dlí is infheidhme a leathnú go dtí gníomhartha agus gníomhaíochtaí EGTC atá faoi réir grinnscrúdaithe dhlíthiúil a dhéanfaidh na Ballstáit i ngach cás ar leith.

(7)

Mar thoradh ar stádas éagsúil comhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha i mBallstáit, is féidir go mbeadh inniúlachtaí atá réigiúnach ar thaobh amháin de theorainn bheith náisiúnta ar an taobh eile, go háirithe i mBallstáit bheaga nó i mBallstáit láraithe. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh údaráis náisiúnta in ann teacht chun bheith ina gcomhaltaí d'EGTC i dteannta an Bhallstáit.

(8)

Cé go gceadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 go bhféadfaidh comhlachtaí arna mbunú faoi dhlí príobháideach teacht chun bheith ina gcomhaltaí d'EGTC ar choinníoll go meastar gur comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí iad faoi mar a shainmhínítear é i dTreoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ba cheart go bhféadfaí EGTCanna a úsáid sa todhchaí chun seirbhísí poiblí a bhfuil fócas ar leith acu ar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta nó ar bhonneagar a bhainistiú go comhpháirteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gníomhaithe dlí phríobháidigh nó phoiblí eile in ann teacht chun bheith ina gcomhaltaí d'EGTC freisin. Dá dhroim sin, 'gnóthais phoiblí' faoi mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus gnóthais ar cuireadh ar a n-iontaoibh oibriú seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, i réimsí amhail oideachas agus oiliúint, cúram leighis, riachtanais shóisialta i dtaca le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, cúram leanaí, rochtain ar an margadh saothair agus ath-lánpháirtiú ann, tithíocht shóisialta agus cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha, ba cheart iad a chumhdach freisin.

(9)

I Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, níl rialacha mionsonraithe ann maidir le rannpháirtíocht na n-eintiteas ó thríú tíortha in EGTC a bunaíodh i gcomhréir leis an Rialachán sin, i.e. idir comhaltaí ó dhá Bhallstát ar a laghad. I bhfianaise na rialacha lena rialaítear an comhar idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó a bheith á n-ailíniú tuilleadh, go príomha i gcomhthéacs comhair trasteorann faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II), ach, freisin, i gcomhthéacs maoinithe chomhlántaigh faoin gCiste Eorpach Forbraíochta (EDF), agus comhair thrasnáisiúnta faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, sa chás ina bhfuil leithdháiltí ó ENI agus ó IPA II le haistriú d'fhonn leithdháiltí den sórt sin a chomhthiomsú le leithdháiltí ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) faoi chláir chomhair chomhpháirteacha, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le rannpháirtíocht chomhaltaí ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, in EGTCanna a bhunaítear idir dhá Bhallstát ar a laghad. Ba cheart gurbh fhéidir sin a dhéanamh i gcás ina gceadaítear amhlaidh i reachtaíocht tríú tíre nó i gcomhaontuithe idir Ballstát amháin atá rannpháirteach, ar a laghad, agus tríú tír.

(10)

Chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú agus dá bhrí sin chun éifeachtacht an chomhair chríochaigh, go háirithe, a threisiú, lena n-áirítear sraith amháin nó níos mó arb iad an comhar trasteorann, an comhar trasnáisiúnta agus an comhar idir-réigiúnach idir comhaltaí de chuid EGTC, ba cheart rannpháirtíocht tríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, a cheadú in EGTC. Ba cheart, dá dhroim sin, d'oibríochtaí faoi chláir um chomhar críochach Eorpach atá á gcómhaoiniú ag an Aontas leanúint de chuspóirí de chuid Bheartas Comhtháthaithe an Aontais a shaothrú, fiú más rud é go gcuirtear chun feidhme iad, i bpáirt nó ina n-iomláine, lasmuigh de chríoch an Aontais, agus, dá dhroim sin, go ndéantar gníomhaíochtaí EGTC a chur i gcrích, go pointe áirithe ar a laghad, lasmuigh de chríoch an Aontais freisin. Sa chomhthéacs seo, agus i gcás inarb iomchuí, is go teagmhasach amháin a bheidh rannchuidiú ghníomhaíochtaí EGTC a bhfuil comhaltaí aige freisin ó thríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit amháin ar a laghad, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, le cuspóirí beartais ghníomhaíochta seachtraí de chuid an Aontais, amhail na cuspóirí a bhaineann le comhar um fhorbairt nó le comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil, ós rud é gur cheart go ndíreodh croílár na gclár comhair i dtrácht agus dá dhroim sin gníomhaíochtaí de chuid EGTC sin ar chuspóirí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais go príomha. Dá dhroim sin, is amhlaidh gur coimhdeach le cuspóirí comhair chríochaigh bunaithe ar bheartas comhtháthaithe idir na Ballstáit, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, agus é sin amháin, atá na cuspóirí a bhaineann le haon chomhar um fhorbairt nó le haon chomhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil idir aon Bhallstát amháin, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus tríú tír amháin nó níos mó. Dá bhrí sin, tá tríú mír Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ina bhunús dlí leordhóthanach chun an Rialachán seo a ghlacadh.

(11)

De thoradh an údaraithe do rannpháirtíocht údarás náisiúnta, réigiúnach, foréigiúnach agus áitiúil agus eagraíochtaí náisiúnta, réigiúnacha, fo-réigiúnacha agus áitiúla mar aon, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí nó institiúidí poiblí eile, lena n-áirítear soláthróirí seirbhísí poiblí, ó OCT in EGTC, bunaithe ar Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (6) agus á chur san áireamh go bhfuil, i gcás chlárthréimhse 2014-2020, leithdháileadh speisialta breise airgeadais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le déanamh chun comhar na réigiún is forimeallaí den Aontas le tríú tíortha agus le cuid d'OCTanna mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE agus atá i gcomharsanacht do na réigiúin is forimeallaí sin a neartú, ba cheart go mbeadh EGTCanna, mar ionstraim dlí, ar oscailt freisin do chomhaltaí ó OCTanna. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus le trédhearcacht ba cheart nósanna imeachta speisialta formheasta a bhunú d'aontachas comhaltaí ó OCT le EGTC lena n-áirítear ina leith sin, i gcás inar gá, rialacha speisialta i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le EGTC ábhartha ina bhfuil comhaltaí ó OCT.

(12)

Déantar idirdhealú i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 idir an coinbhinsiún lena leagtar síos eilimintí bunaitheacha EGTC todhchaí agus na reachtanna lena leagtar amach na heilimintí cur chun feidhme. Faoin Rialachán sin, áfach, ní foláir forálacha uile an choinbhinsiúin a bheith sna reachtanna atá ann faoi láthair. Cé go mbeidh an coinbhinsiún agus na reachtanna araon le seoladh chuig na Ballstáit, is doiciméid faoi leith iad, agus ba cheart an nós imeachta formheasta a bheith teoranta don choinbhinsiún. Sa bhreis air sin, ba cheart ina ionad sin gur sa choinbhinsiún a chumhdófaí roinnt eilimintí atá cumhdaithe sna reachtanna faoi láthair.

(13)

Léiríonn an taithí a fuarthas ó EGTCanna a bhunú gurbh annamh a urramaíodh an tréimhse trí mhí chun nós imeachta formheasta na mBallstát a fháil. Ba cheart, dá bhrí sin, an tréimhse sin a fhadú go dtí sé mhí. Ar an lámh eile, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ndiaidh na tréimhse sin, ba cheart go measfaí an coinbhinsiún a bheith formheasta trí chomhaontú intuigthe, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear a gceanglais bhunreachtúla faoi seach. Ba cheart, áfach, go mbeadh ar an mBallstát ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú an coinbhinsiún a fhormheas go foirmiúil. Cé gur cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis an nós imeachta i ndáil le rannpháirtíocht chomhalta ionchasaigh in EGTC a fhormheas nó rialacha sonracha a chruthú faoi chuimsiú na rialacha náisiúnta lena ndéantar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a chur chun feidhme, ba cheart go gcoiscfí maoluithe ar an bhforáil maidir le comhaontú intuigthe tar éis na tréimhse sé mhí, ach amháin mar a fhoráiltear sa Rialachán seo.

(14)

Ba cheart na forais atá ag Ballstát le gan rannpháirtíocht comhalta ionchasach a fhormheas nó le gan an coinbhinsiún a fhormheas a leagan amach. Le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhformheas sin, níor cheart, áfach, aon dlí náisiúnta lena gceanglaítear rialacha agus nósanna imeachta seachas iad sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a chur san áireamh.

(15)

Toisc nach féidir feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 i dtríú tíortha, ba cheart don Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú, agus rannpháirtíocht chomhaltaí ionchasacha ó thríú tiortha, arna mbunú faoi dhlí na dtríú tíortha sin, á formheas aige, deimhin a dhéanamh de, i gcomhairle leis na Ballstáit sin ar faoina ndlíthe a bunaíodh comhaltaí ionchasacha eile d'EGTC, go bhfuil curtha i bhfeidhm ag na tríú tíortha coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 nó gur ghníomhaigh siad i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstáit de Chomhairle na hEorpa, cibé an Ballstáit iad de chuid an Aontais iad freisin nó nach ea, bunaithe ar an gCoinbhinsiún Imlíneach Eorpach maidir le Comhar Trasteorann idir Pobail nó Údaráis Chríochacha, arna shíniú i Maidrid an 21 Bealtaine 1980, agus ar na Prótacail bhreise a glacadh dá bhun. Ba cheart a shonrú freisin i gcás rannpháirtíocht roinnt Ballstát de chuid an Aontais agus tríú tír amháin nó níos mó, gur cheart gur leor é comhaontú den sórt sin a bheith tugtha i gcrích idir an tríú tír faoi seach agus Ballstát rannpháirteach amháin de chuid an Aontais.

(16)

Chun aontachas comhaltaí nua le EGTC atá ann cheana a spreagadh, ba cheart go ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta chun coinbhinsiúin i gcásanna den sórt sin a leasú. Dá dhroim sin, i gcás comhalta nua ó Bhallstát a bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana, níor cheart fógra i dtaobh leasuithe den sórt sin a thabhairt do gach Ballstát rannpháirteach, ach ba cheart é a thabhairt don Bhallstát a bhfuil an comhalta ionchasach nua bunaithe faoina dhlíthe náisiúnta agus don Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC, agus dóibh sin amháin. Maidir le haon leasú a dhéantar ina dhiaidh sin ar an gcoinbhinsiún, ba cheart fógra ina thaobh a thabhairt do na Ballstáit go léir lena mbaineann. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag simpliú den sórt sin ar an nós imeachta leasaitheach i gcás comhalta ionchasaigh nua ó Bhallstát nach bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana, ó thríú tír, nó ó OCT, mar is gá cur ar chumas gach Ballstáit rannpháirtigh a sheiceáil an bhfuil aontachas den sórt sin i gcomhréir lena leas poiblí nó lena bheartas poiblí.

(17)

I bhfianaise na nasc idir Ballstáit agus OCTanna, ba cheart go mbeadh na Ballstáit sin bainteach leis na nósanna imeachta chun rannpháirtíocht na gcomhaltaí ionchasacha ó OCTanna a fhormheas. I gcomhréir leis an gcaidreamh sonrach rialachais idir an Ballstát agus OCT, ba cheart don Bhallstát rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh ó OCT a fhormheas nó deimhniú i scríbhinn a chur ar fáil don Bhallstát, ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe EFTC le lonnú, go bhfuil na húdaráis inniúla in OCT tar éis rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh a fhormheas i gcomhréir le coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an nós imeachta céanna i gcás comhalta ionchasaigh ó OCT ar mian leis a bheith páirteach in EGTC atá ann cheana.

(18)

Toisc nach bhfuil forálacha uile an choinbhinsiúin le bheith sna reachtanna a thuilleadh, ba cheart idir an coinbhinsiún agus na reachtanna a chlárú nó a fhoilsiú, nó a chlárú agus a fhoilsiú. Sa bhreis air sin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart fógra maidir leis an gcinneadh lena mbunaítear EGTC a fhoilsiú i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart go mbeadh na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo san fhógra sin.

(19)

Ba cheart cuspóir EGTC a leathnú chun éascú agus chun cur chun cinn comhair chríochaigh i gcoitinne a chuimsiú, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus bainistiú ábhar imní réigiúnach agus áitiúil i gcomhréir leis an mBeartas Comhtháthaithe agus le beartais eile de chuid an Aontais, rud a rannchuideoidh le straitéis Eoraip 2020 nó le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh EGTC in ann oibríochtaí a chur chun feidhme le tacaíocht airgeadais seachas an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil trí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh ag gach comhalta as gach Ballstát agus as gach tríú tír a bhfuil ionadaíocht aige gach inniúlacht atá ag teastáil le haghaidh fheidhmiú éifeachtach EGTC, ach amháin mura ndéanann an Ballstát nó an tríú tír rannpháirtíocht comhalta a bhunaítear faoina dhlí náisiúnta a fhormheas, fiú amháin sa chás nach bhfuil inniúlacht ag an gcomhalta sin do na cúraimí go léir a shonraítear sa choinbhinsiún.

(20)

Mar ionstraim dlí, níl sé beartaithe go rachadh EGTCanna timpeall an chreata arna sholáthar ag acquis Chomhairle na hEorpa, ar acquis é a sholáthraíonn deiseanna agus creataí éagsúla inar féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla comhoibriú thar theorainneacha lena n-áirítear na Grúpálacha Comhair Eora-Réigiúnacha (7) a bunaíodh le déanaí, nó níl sé le tacar comhrialacha sonracha a sholáthar a rialódh go haonfhoirmeach na socruithe uile den sórt sin ar fud an Aontais.

(21)

Cúraimí sonracha EGTC mar aon leis an bhféidearthacht atá ag Ballstáit teorainn a chur leis na gníomhaíochtaí is féidir le EGTCanna tabhairt fúthu gan tacaíocht airgeadais ón Aontas, ba cheart iad araon a ailíniú leis na forálacha a rialaíonn CFRE, Ciste Sóisialta na hEorpa agus na Cistí Struchtúracha i rith chlárthréimhse 2014-2020.

(22)

Cé go bhfuil sé leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 nach mbaineann cúraimí EGTC, i measc nithe eile, le 'cumhachtaí rialála', ar féidir iarmhairtí dlíthiúla éagsúla a bheith acu i mBallstáit éagsúla, ba cheart dá ainneoin sin go mbeadh tionól EGTC in ann, má fhoráiltear amhlaidh go sonrach sa Choinbhinsiún, agus, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, sainiú a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha úsáide mhír bhonneagair atá faoi bhainistíocht EGTC, nó ar théarmaí agus coinníollacha ar féidir seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar faoina réir, lena n-áirítear na taraifí agus na táillí atá le híoc ag na húsáideoirí.

(23)

De thoradh EGTCanna a oscailt do chomhaltaí ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear, ba cheart go ndéanfaí na socruithe le haghaidh a rannpháirtíochta a shonrú sa choinbhinsiún.

(24)

Ba cheart don choinbhinsiún, sa bhreis ar thagairt don dlí is infheidhme i gcoitinne mar a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a bheith ann, dlían Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le EGTC a liostú ann freisin. Sa bhreis air sin, ba cheart go bhféadfadh dlí náisiúnta den sórt sin a bheith ionann leis an dlí sa Bhallstát ina bhfeidhmíonn comhlachtaí EGTC a gcuid cumhachtaí, go háirithe i gcás comhaltaí foirne atá ag obair faoi fhreagracht an stiúrthóra agus atá lonnaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC. Ba cheart an dlí Aontais agus náisiúnta is infheidhme is ábhartha go díreach do ghníomhaíochtaí EGTC arna gcur i gcrích faoi na cúraimí a shonraítear sa choinbhinsiún a liostú freisin, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil seirbhísí poiblí lena ngabhann leas ginearálta nó bonneagar á mbainistiú ag EGTC.

(25)

Níor cheart don Rialachán seo fadhbanna atá nasctha le soláthar trasteorann a bhíonn ag EGTCanna a chumhdach.

(26)

I ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTCanna agus leis na prionsabail a rialaíonn na socruithe maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta pearsanra, ba cheart don choinbhinsiún, ní do na reachtanna, na rialacha agus na prionsabail sin a shonrú. Ba cheart go bhféadfaí roghanna éagsúla maidir le rogha na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTCanna a leagan síos sa choinbhinsiún. Ba cheart déileáil sna reachtanna leis na socruithe sonracha maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta pearsanra.

(27)

Ba cheart do Bhallstáit úsáid a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun eisceachtaí a cheadú trí chomhaontú i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme faoin Rialachán sin a chinneadh, ar mhaithe le daoine áirithe nó catagóirí áirithe daoine, agus chun foireann EGTCanna a mheas mar chatagóir daoine den sórt sin.

(28)

I ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis na socruithe maidir le dliteanas comhaltaí, ba cheart don choinbhinsiún, ní do na reachtanna, na socruithe sin a shonrú.

(29)

I gcás ina bhfuil sé mar chuspóir eisiach ag EGTC clár comhair, nó cuid de, a dtacaíonn CFRE leis a bhainistiú, nó i gcás ina mbaineann EGTC le comhar idir-réigiúnach nó le gréasáin idir-réigiúnacha, níor cheart go mbeadh faisnéis maidir leis an gcríoch ina bhfuil EGTC in ann a chuid cúraimí a chur i gcrích ag teastáil. Sa chéad chás, ba cheart méid na críche a shainiú sa chlár comhair ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart é a athrú. Sa dara cás, cé go mbaineann sé go príomha le gníomhaíochtaí neamhábhartha, chuirfeadh ceanglas maidir le faisnéis den sórt sin aontachas comhaltaí nua le comhar idir-réigiúnach nó le gréasáin idir-réigiúnacha i mbaol.

(30)

Ba cheart na socruithe éagsúla a bhaineann le rialú bhainistíocht na gcistí poiblí ar lámh amháin agus rialú iniúchóireacht chuntais EGTC ar an lámh eile a shoiléiriú.

(31)

Ba cheart idirdhealú níos soiléire a dhéanamh idir EGTCanna a bhfuil dliteanas teoranta ag a gcuid comhaltaí agus iad sin a bhfuil dliteanas neamhtheoranta ag a gcuid comhaltaí. Sa bhreis air sin, chun cur ar chumas EGTCanna a bhfuil dliteanas teoranta ag a gcuid comhaltaí gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh fiacha a chruthú a chur chun feidhme, ba cheart a cheadú do Bhallstáit a cheangal go dtógann EGTCanna den sórt sin árachas iomchuí nó go mbeadh EGTCanna den sórt sin faoi réirráthaíochta airgeadais iomchuí chun na rioscaí is sonrach do na gníomhaíochtaí sin a chumhdach.

(32)

Ba cheart do Bhallstáit aon fhorálacha, chomh maith le haon leasuithe orthu, arna nglacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a chur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún. Chun malartú na faisnéise agus an comhordú a fheabhsú idir na Ballstáit, an Coimisiún agus Coiste na Réigiún, ba cheart don Choimisiún forálacha den sórt sin a tharchur chuig na Ballstáit agus chuig Coiste na Réigiún. Tá ardán EGTC curtha ar bun ag Coiste na Réigiún inar féidir leis na geallsealbhóirí uile a dtaithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus cumarsáid maidir le deiseanna agus dúshláin EGTC a fheabhsú trí mhalartú taithí maidir le bunú EGTCanna ar leibhéal críochach a éascú agus trí eolas maidir leis na cleachtais is fearr i dtaca le comhar críochach a roinnt.

(33)

Ba cheart sprioc-am nua le haghaidh na tuarascála maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a shocrú. I gcomhréir le gluaiseacht an Choimisiúin i dtreo cheapadh beartais atá bunaithe níos mó ar fhianaise, ba cheart don tuarascáil sin aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna meastóireachta lena n-áirítear éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus an scóip le haghaidh simplithe agus inbhuanaitheachta. Ba cheart go dtuigfí go mbaineann éifeachtacht, inter alia, le nádúr na n-iarrachtaí laistigh de sheirbhísí éagsúla an Choimisiúin agus idir an Coimisiún agus comhlachtaí eile amhail an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faisnéis a scaipeadh faoi ionstraim EGTC. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus, de bhun na chéad míre d'Airteagal 307 CFAE, chuig Coiste na Réigiún. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar aghaidh faoin 1 Lúnasa 2018.

(34)

Chun liosta de tháscairí a leagan síos le haghaidh úsáide chun an mheastóireacht agus an t-ullmhúchán a dhéanamh ar an tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Le linn don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí

(35)

Níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar EGTCanna atá ann cheana a gcoinbhinsiún agus a gcuid reachtanna a ailíniú do leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo.

(36)

Is gá a shonrú cé an tacar rialacha faoinar cheart EGTC, ar cuireadh tús le nós imeachta formheasa ina leith roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, a fhormheas.

(37)

Chun rialacha náisiúnta atá ann cheana a oiriúnú ar mhaithe leis an Rialachán seo a chur chun feidhme sula gcaithfear cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart go dtosódh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige sé mhí i ndiaidh dháta a theacht i bhfeidhm. Agus a rialacha náisiúnta atá ann cheana á n-oiriúnú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-ainmneofar údaráis inniúla a bheidh freagrach as EGTCanna a fhormheas agus, i gcomhréir lena socruithe dlíthiúla agus riaracháin, gur cheart gurbh iad na húdaráis den sórt sin agus na comhlachtaí céanna a bheidh freagrach as fógraí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ionstraim dlí EGTC a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, i ngeall ar dhul ar iontaoibh EGTC a bheith roghnach, i gcomhréir le córas bunreachtúil gach Ballstáit.

(39)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

'1.   Féadfar Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach ('EGTC') a bhunú ar chríoch an Aontais faoi na coinníollacha agus faoi réir na socruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

2.   Beidh sé mar chuspóir ag EGTC, go háirithe, comhar críochach, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na sraitheanna comhair, eadhon an comhar trasteorann, an comhar trasnáisiúnta agus an comhar idir-réigiúnach, a éascú agus a chur chun cinn idir a chomhaltaí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3(1), agus é mar aidhm aige comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'5.   Beidh oifig chláraithe EGTC lonnaithe i mBallstát ar faoina dhlí atá ceann amháin ar a laghad de chomhaltaí de chuid EGTC bunaithe.';

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Déanfar gníomhartha comhlachtaí de chuid EGTC a rialú leis an méid seo a leanas:

(a)

an Rialachán seo;

(b)

an coinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás ina bhfuil sé údaraithe déanamh amhlaidh go sainráite faoin Rialachán seo; agus

(c)

i gcás nithe nach bhfuil á rialú faoin Rialachán seo, nó atá á rialú i bpáirt aige amháin, dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC.

I gcás inar gá an dlí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta príobháideach a chinneadh, measfar gur eintiteas de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe aige a bheidh in EGTC.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'1a.   Beidh gníomhaíochtaí de chuid EGTC maidir le cúraimí a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3), laistigh den Aontas á rialú ag dlí an Aontais is infheidhme agus ag an dlí náisiúnta is infheidhme faoi mar a shonraítear sa choinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8.

Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí de chuid EGTC atá á gcómhaoiniú as buiséad an Aontais na ceanglais a leagtar amach i ndlí Aontais is infheidhme agus sa dlí náisiúnta is infheidhme a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí sin de chuid an Aontais.';

(3)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

'1.   Féadfaidh na heintitis seo a leanas a bheith ina gcomhaltaí d'EGTC:

(a)

Ballstáit nó údaráis ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

údaráis réigiúnacha;

(c)

údaráis áitiúla;

(d)

gnóthais phoiblí de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) nó comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(e)

gnóthais a cuireadh ar a n-iontaoibh oibríochtaí seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus le dlí náisiúnta is infheidhme;

(f)

údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, nó comhlachtaí nó gnóthais phoiblí, atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear faoi phointe (d), ó thríú tíortha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3a.

(*1)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1)."

(*2)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004. lch. 114).';"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Beidh EGTC comhdhéanta de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch dhá Bhallstát ar a laghad, seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 3a(2) agus (5).'

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 3a

Aontachas comhaltaí ó thríú tíortha nó ó thíortha nó ó chríocha thar lear (OCTanna)

1.   I gcomhréir le hAirteagal 4(3a), féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta de chomhaltaí lonnaithe ar chríoch dhá Bhallstát ar a laghad agus ó thríú tír amháin nó níos mó atá i gcomharsanacht ceann amháin de na Ballstáit sin ar a laghad, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, i gcás ina ndéanann na Ballstáit agus na tríú tíortha gníomhaíochtaí comhair chríochaigh a chur i gcrích go comhpháirteach nó ina ndéanann siad cláir a dtacaíonn an tAontas leo a chur chun feidhme go comhpháirteach.

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar tríú tír nó OCT a bheith i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, sa chás ina bhfuil teorainn talún i bpáirt ag tríú tír nó ag OCT agus ag an mBallstát sin nó sa chás ina bhfuil an tríú tír nó OCT agus an Ballstát araon incháilithe faoi chlár comhpháirteach trasteorann mara nó faoi chlár comhpháirteach trasnáisiúnta mara faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh nó incháilithe faoi chlár eile comhair trasteorann, muirthrasnaithe nó imchuach farraige, lena n-áirítear sa chás ina bhfuil siad deighilte ó chéile ag uiscí idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit amháin agus de thríú tír amháin nó níos mó atá i gcomharsanacht an Bhallstáit sin, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, i gcás ina measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil EGTC comhsheasmhach le raon feidhme a chomhair chríochaigh i gcomhthéacs an chomhair trasteorann nó thrasnáisiúnta nó a chaidrimh dhéthaobhaigh leis na tríú tíortha lena mbaineann.

3.   Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, áireofar ar na tríú tíortha atá i gcomharsanacht Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, teorainneacha muirí idir na tíortha lena mbaineann.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 4a agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta freisin de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch dhá Bhallstát ar a laghad, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus d'OCT amháin nó níos mó, i dteannta nó d'uireasa comhaltaí ó thríú tír amháin nó níos mó.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 4a agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta freisin de chomhaltaí atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit amháin, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí, agus d'OCT amháin nó níos mó, i dteannta nó d'uireasa comhaltaí ó thríú tír amháin nó níos mó.

6.   Ní dhéanfar EGTC a chur ar bun nach mbeadh ann ach EGTC idir comhaltaí ó Bhallstát amháin agus ó OCT amháin nó níos mó a bhfuil nasc aige nó acu leis an mBallstát céanna sin.';

(5)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3.   Tar éis fógra faoi mhír 2 a fháil ó chomhalta ionchasach, déanfaidh an Ballstát a mbeidh an fógra sin faighte aige, agus a struchtúr bunreachtúil á chur san áireamh aige, rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh in EGTC agus sa choinbhinsiún a fhormheas mura rud é go measann an Ballstát sin:

(a)

nach bhfuil rannpháirtíocht den sórt sin nó nach bhfuil an coinbhinsiún ar comhréir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

an Rialachán seo;

(ii)

dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le gníomhartha agus gníomhaíochtaí de chuid EGTC;

(iii)

dlí náisiúnta a bhaineann le cumhachtaí agus le hinniúlachtaí an chomhalta ionchasaigh;

(b)

nach bhfuil bonn cirt le rannpháirtíocht den sórt sin ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail nó le beartas poiblí an Bhallstáit sin; nó

(c)

nach bhfuil na reachtanna comhsheasmhach leis an gcoinbhinsiún.

I gcás nach ndéantar formheas, tabharfaidh an Ballstát ráiteas ar na fáthanna atá aige formheas a choinneáil siar agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé na leasuithe is gá ar an gcoinbhinsiún.

Tiocfaidh an Ballstát ar a chinneadh, maidir leis an bhformheas, laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a bhfaighfear fógra i gcomhréir le mír 2. Mura ndéanann an Ballstát a bhfuil an fógra faighte aige agóid laistigh den tréimhse sin, measfar rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh agus an coinbhinsiún a bheith formheasta. Déanfaidh an Ballstát, áfach, ina bhfuil oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú an coinbhinsiún a fhormheas go foirmiúil ionas go bhféadfar EGTC a bhunú.

Brisfidh aon iarratas ar fhaisnéis bhreise ón mBallstát chuig comhalta ionchasach an sprioc-am dá dtagraítear sa tríú fomhír. Tosóidh an tréimhse bhriste ón lá i ndiaidh an dáta a mbeidh a chuid barúlacha seolta ag an mBallstát chuig an gcomhalta ionchasach agus mairfidh sé go dtí go dtabharfaidh an comhalta ionchasach freagairt ar na barúlacha sin.

Ní tharlóidh briseadh sa sprioc-am dá dtagraítear sa tríú fomhír, áfach, más rud é go mbeidh freagra ar na barúlacha ón mBallstát tíolactha ag an gcomhalta ionchasach laistigh de dheich lá oibre ó thús na tréimhse briste.

Agus cinneadh á dhéanamh faoi rannpháirtíocht comhalta ionchasaigh in EGTC, féadfaidh Ballstáit a gcuid rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'3a.   I gcás EGTC a bhfuil comhaltaí ionchasacha ó thríú tír amháin nó níos mó aige, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú, i gcomhairle leis na Ballstáit eile lena mbaineann, a dheimhniú dó féin go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3a á gcomhlíonadh agus gur fhormheas gach tríú tír rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh i gcomhréir:

(a)

le coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo; nó

(b)

le comhaontú arna thabhairt i gcrích idir Ballstát amháin ar a laghad a bhfuil comhalta ionchasach bunaithe faoina dhlíthe agus an tríú tír sin.';

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

'5.   Aontóidh na comhaltaí ar an gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8, agus á áirithiú dóibh go bhfuil sé ag luí leis an bhformheas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

6.   Tabharfaidh EGTC fógra maidir le haon leasú ar an gcoinbhinsiún nó ar na reachtanna do na Ballstáit a bhfuil comhaltaí EGTC bunaithe faoin gcuid dlíthe. Déanfaidh na Ballstáit sin aon leasú ar an gcoinbhinsiún a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, ach amháin i gcás aontachais comhalta nua faoi phointe (a) de mhír 6a, agus sa chás sin amháin.';

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'6a.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i gcás aontachais comhaltaí nua le EGTC atá ann cheana:

(a)

i gcás aontachais comhalta nua ó Bhallstát a bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana féin, ní dhéanfaidh ach an Ballstát a bhfuil an comhalta nua bunaithe faoina chuid dlíthe aontachas den sórt sin a fhormheas, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 agus tabharfar fógra ina leith don Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC;

(b)

i gcás aontachais comhalta nua ó Bhallstát nach bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana féin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 6;

(c)

i gcás aontachais comhalta nua ó thríú tír le EGTC atá ann cheana, beidh aontachas den sórt sin faoi réir scrúdaithe ag an mBallstát ina bhfuil oifig chláraithe EGTC lonnaithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3a.';

(6)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 4a

Rannpháirtíocht chomhaltaí ó OCT

I gcás EGTC a bhfuil comhalta ionchasach ó OCT aige, deimhneoidh an Ballstát a bhfuil nasc aige le OCT dó féin go bhfuil coinníollacha Airteagal 3a á gcomhlíonadh agus, ag cur a chaidrimh leis an OCT san áireamh, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 4(3); nó

(b)

a dhearbhú i scríbhinn don Bhallstát ina bhfuil oifig chláraithe bheartaithe EGTC le lonnú gur fhormheas údaráis inniúla in OCT rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh i gcomhréir le coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos sa Rialachán seo.';

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

'Airteagal 5

Pearsantacht dhlítheanach a fháil agus foilsiú san Iris Oifigiúil

1.   Clárófar nó foilseofar, nó clárófar agus foilseofar, an coinbhinsiún agus na reachtanna agus aon leasuithe orthu ina dhiaidh sin sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC lena mbaineann, i gcomhréir le dlí náisiúnta is infheidhme an Bhallstáit sin. Gheobhaidh EGTC pearsantacht dhlítheanach ar dháta chlárú nó fhoilsiú an choinbhinsiúin agus na reachtanna, cibé acu is túisce a tharlóidh. Tabharfaidh na comhaltaí fógra do na Ballstáit lena mbaineann agus do Choiste na Réigiún faoi chlárú nó faoi fhoilsiú an choinbhinsiúin agus na reachtanna.

2.   Áiritheoidh EGTC, laistigh de dheich lá oibre ón gcoinbhinsiún agus na reachtanna a chlárú nó a fhoilsiú, go gcuirfear iarraidh chuig Coiste na Réigiún a leanann an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh Coiste na Réigiún ansin an iarraidh sin a tharchur chuig Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh ionas go bhfoilseofar fógra i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ina bhfógrófar bunú EGTC, i dteannta na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.';

(8)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4.   D'ainneoin mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina gcuimsíonn cúraimí EGTC amhail dá dtagraítear in Airteagal 7(3) gníomhaíochtaí atá cómhaoinithe ag an Aontas, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha maidir le rialú na gcistí arna soláthar ag an Aontas.';

(9)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

'2.   Gníomhóidh EGTC laistigh de shrianta na gcúraimí a thugtar dó, eadhon an comhar críochach a éascú agus a chur chun cinn chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, agus bacainní ar an margadh inmheánach a shárú. Is iad a chomhaltaí a chinnfidh gach cúram mar chúram a thig faoi inniúlacht gach comhalta, mura rud é go bhformheasann an Ballstát nó an tríú tír rannpháirtíocht comhalta arna bhunú faoina dhlí náisiúnta fiú mura bhfuil an comhalta sin inniúil i dtaobh na gcúraimí uile arna sonrú sa choinbhinsiún.

3.   Féadfaidh EGTC gníomhaíochtaí sonracha comhair chríochaigh a dhéanamh idir a chomhaltaí agus an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) á shaothrú aige, le tacaíocht airgeadais ón Aontas nó dá huireasa.

Go príomha, féadfaidh baint a bheith ag cúraimí EGTC le cur chun feidhme na gclár comhair, nó codanna díobh, nó le cur chun feidhme oibríochtaí a dtacaíonn an tAontas leo trí Choiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus/nó tríd an gCiste Comhtháthaithe.

Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur leis na cúraimí a fhéadfaidh EGTCanna a dhéanamh gan tacaíocht airgeadais acu ón Aontas. Gan dochar d'Airteagal 13, áfach, ní dhéanfaidh Ballstáit cúraimí a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) a eisiamh.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh.1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347 20.12.2013, lch. 259).';"

(b)

i mír 4, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

'I gcomhréir leis an dlí Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, áfach, féadfaidh tionól EGTC, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 10(1), sainiú a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha úsáide mhír de bhonneagar atá faoi bhainistíocht EGTC, nó ar théarmaí agus coinníollacha faoinar féidir seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, lena n-áirítear na taraifí agus na táillí atá le híoc ag na húsáideoirí.';

(10)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Sonrófar sa choinbhinsiún:

(a)

ainm EGTC agus a oifig chláraithe;

(b)

an méid den chríoch ina bhféadfaidh EGTC a chúraimí a chur i gcrích;

(c)

cuspóir agus cúraimí EGTC;

(d)

fad EGTC agus na coinníollacha le haghaidh a dhíscaoilte;

(e)

liosta de chomhaltaí de chuid EGTC;

(f)

liosta de chomhlachtaí de chuid EGTC agus a n-inniúlachtaí faoi seach;

(g)

an dlí Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC chun críocha an coinbhinsiún a léiriú agus a fhorfheidhmiú;

(h)

an dlí Aontais is infheidhme agus dlí náisiúnta is infheidhme an Bhallstáit ina ngníomhaíonn comhlachtaí de chuid EGTC;

(i)

na socruithe do rannpháirtíocht comhaltaí ó thríú tíortha nó ó OCTanna más iomchuí lena n-áirítear sainaithint an dlí is infheidhme i gcás ina ndéanann EGTC a chuid cúraimí a chur i gcrích i dtríú tíortha nó in OCTanna;

(j)

an dlí Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme atá ábhartha go díreach do ghníomhaíochta EGTC a dhéantar faoi na cúraimí a shonraítear sa choinbhinsiún;

(k)

na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTC, chomh maith leis na prionsabail a rialaíonn na socruithe maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta pearsanra;

(l)

na socruithe maidir le dliteanas EGTC agus a chuid comhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 12;

(m)

na socruithe iomchuí le haghaidh aitheantais fhrithpháirtigh, lena n-áirítear maidir le rialú airgeadais bainistíochta cistí poiblí; agus

(n)

na nósanna imeachta chun na reachtanna a ghlacadh agus chun an coinbhinsiún a leasú, ar nósanna iad lena ndéanfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

3.   Sa chás nach mbaineann cúraimí EGTC ach le bainistiú cláir chomhair, agus leis sin amháin, nó sa chás nach mbaineann cúraimí EGTC ach le bainistiú cuid de chlár comhair, agus leis sin amháin, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, nó i gcás ina mbaineann EGTC le comhar idir-réigiúnach nó le gréasáin idir-réigiúnacha, ní bheidh gá le faisnéis faoi phointe (b) de mhír 2.';

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

'Airteagal 9

Reachtanna

1.   Déanfaidh comhaltaí EGTC, ag gníomhú dóibh d'aontoil, reachtanna EGTC a ghlacadh ar bhonn an choinbhinsiúin agus i gcomhréir leis.

2.   Sonrófar na nithe seo a leanas, ar a laghad, i reachtanna EGTC:

(a)

forálacha oibríochta a chomhlachtaí agus inniúlachtaí na gcomhlachtaí sin, chomh maith le líon ionadaithe na gcomhaltaí sna comhlachtaí ábhartha;

(b)

a nósanna imeachta cinnteoireachta;

(c)

a theanga nó a theangacha oibre;

(d)

na socruithe maidir lena fheidhmiú;

(e)

a nósanna imeachta maidir le bainistíocht pearsanra agus earcaíocht;

(f)

na socruithe maidir le ranníocaíochtaí a chomhaltaí;

(g)

na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is infheidhme dá chomhaltaí;

(h)

iniúchóir seachtrach neamhspleách a chuntas a ainmniú; agus

(i)

na nósanna imeachta chun a reachtanna a leasú, ar nósanna iad lena ndéanfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chomhlíonadh.';

(12)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Beidh ullmhúchán a chuntas lena n-áirítear, i gcás inar gá, an tuarascáil bhliantúil a ghabhann leo agus iniúchadh agus foilsiú na gcuntas sin á rialú ag dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC.";

(13)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

'Beidh EGTC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach ar fad.';

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'2.   Gan dochar do mhír 3, a mhéid nach leor sócmhainní EGTC lena dhliteanas a chumhdach, beidh a chomhaltaí faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach is cuma cineál na bhfiach sin, agus socrófar sciar gach comhalta i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais. Socrófar na socruithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais sna reachtanna.

Féadfaidh comhaltaí EGTC foráil a dhéanamh sna reachtanna go mbeidh siad le bheith faoi dhliteanas, tar éis dóibh scor de bheith ina gcomhaltaí EGTC, maidir le hoibleagáidí a eascraíonn as gníomhaíochtaí EGTC le linn a gcomhaltais.

2a.   Má tá teorainn le dliteanas comhalta amháin ar a laghad d'EGTC ó Bhallstát mar thoradh ar an dlí náisiúnta faoina bhfuil sé bunaithe, féadfaidh na comhaltaí eile teorainn a chur lena ndliteanas sa choinbhinsiún freisin sa chás go gcumasaíonn an dlí náisiúnta lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme dóibh déanamh amhlaidh.

Áireofar an focal "teoranta' in ainm EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta.

Beidh na ceanglais maidir le foilsiú choinbhinsiún, reachtanna agus chuntais EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta ar a laghad cothrom leo sin a cheanglaítear a dhéanamh i gcás eintiteas dlíthiúil eile atá faoi dhliteanas teoranta faoi dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC sin.

I gcás EGTC a bhfuil dliteanas teoranta ag a chuid comhaltaí, féadfaidh aon Bhallstát lena mbaineann a cheangal ar EGTC árachas iomchuí a thógáil nó go mbeidh sé faoi réir ráthaíochta arna soláthar ag banc nó ag institiúid airgeadais eile arna bhunú nó arna bunú i mBallstát nó go mbeidh sé cúltacaithe ag saoráid a chuireann eintiteas poiblí nó Ballstát ar fáil mar ráthaíocht chun na rioscaí is sonrach do ghníomhaíochtaí EGTC a chumhdach.";

(14)

in Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

'2.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le dlínse maidir le díospóidí lena bhfuil baint ag EGTC. In aon chás nach bhfuil foráil déanta ina leith i ndlí Aontais den sórt sin, is iad a bheidh sna cúirteanna inniúla le haghaidh díospóidí a réiteach cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag EGTC.';

(15)

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.   Déanfaidh Ballstáit cibé forálacha is iomchuí a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear maidir leis húdaráis inniúla atá freagrach as an nós imeachta formheasta a chinneadh i gcomhréir lena socruithe dlíthiúla agus riaracháin.

I gcás ina gceanglaítear amhlaidh faoi théarmaí dlí náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Ballstát sin liosta cuimsitheach a bhunú de na cúraimí atá ar chomhaltaí EGTC de réir bhrí Airteagal 3(1) arna bhunú faoina dhlíthe cheana féin, a fhad is a bhaineann le comhar críochach laistigh den Bhallstát sin.

Cuirfidh an Ballstát aon fhorálacha arna nglacadh faoin Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le haon leasuithe orthu. Déanfaidh an Coimisiún na forálacha sin a tharchur chuig na Ballstáit eile agus chuig Coiste na Réigiún.';

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

'1a.   Na forálacha dá dtagraítear i mír (1), a mhéid a bhaineann siad le Ballstát a bhfuil nasc ag OCT leis, agus an caidreamh idir an Ballstát agus OCT sin á chur san áireamh, áiritheofar leo freisin cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo maidir le OCT sin, le Ballstáit eile atá i gcomharsanacht OCT sin nó le réigiúin is forimeallaí de chuid na mBallstát sin.';

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

'Airteagal 17

Tuarascáil

Faoin 1 Lúnasa 2018, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste na Réigiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina ndéanfar, bunaithe ar tháscairí, measúnú ar a éifeachtacht, a éifeachtúlacht, a ábharthacht, a bhreisluach Eorpach agus ar an scóip atá ann é a shimpliú.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17a lena leagtar síos an liosta de tháscairí dá dtagraítear sa chéad mhír.';

(17)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 17a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 21 Nollaig 2013

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara mír d'Airteagal 17 Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.'.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh oibleagáid ar EGTCanna a bunaíodh roimh 21 Nollaig 2013 a gcoinbhinsiún agus a reachtanna a ailíniú le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo.

2.   I gcás EGTCanna, ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ina leith roimh an 22 Meitheamh 2014 agus arb é an clárú nó an foilsiú amháin ina leith faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 atá fós gan déanamh, clárófar nó foilseofar an coinbhinsiún agus na reachtanna, nó clárófar agus foilseofar iad, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 amhail mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo.

3.   Déanfar EGTCanna ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ina leith níos mó ná sé mhí roimh 22 Meitheamh 2014 a fhormheas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 amhail mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo.

4.   Déanfar EGTCanna seachas iad siúd faoi mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ina leith roimh an22 Meitheamh 2014 a fhormheas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo.

5.   Déanfaidh Ballstáit na leasuithe is gá ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (CE) 1082/2006 arna leasú leis an Rialachán seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2014

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 22 Meitheamh 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch 53.

(2)  IO C 113, 18.4.2012, lch 22.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).

(4)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.).

(5)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas tíortha agus críocha thar lear leis an Aontas ("Cinneadh Cumann Thar Lear") (IO L 344 19.12.2013, lch. 1).

(7)  Prótacal Uimh. 3 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Imlíneach Eorpach maidir le Comhar Trasteorann idir Pobail nó Údaráis Chríochacha a mhéid a bhaineann le Grúpálacha Comhair Eora-Réigiúnacha (ECGanna), a osclaíodh le haghaidh a shínithe an 16 Samhain 2009.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Teimpléad na faisnéise atá le tíolacadh faoi Airteagal 5(2)

GRÚPÁIL EORPACH UM CHOMHAR CRÍOCHACH (EGTC) A BHUNÚ

Áireofar an focal ‘teoranta’ in ainm EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta (Airteagal 12(2a))

Cuireann an réiltín* réimsí éigeantacha in iúl.

Image 3L3472013GA110120131211GA0001.0002241241Dearbhú comhpháirteachó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)1.Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.2.Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;(b)na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;(c)ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;(d)éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus(e)athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.3.I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.5.Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:triúr ón gComhairle,triúr ó Pharlaimint na hEorpa,ionadaí amháin ón gCoimisiún,agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).6.Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.L3472013GA18510120131211GA0009.000420812081Ráitis ón gCoimisiúnAn t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháilIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar learIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.L3472013GA25910120131217GA0015.000228012801Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA28110120131217GA0016.000328812881Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ChomhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.L3472013GA28910120131217GA0017.000330213021Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA30310120131217GA0018.000231713171Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.L3472013GA30310120131217GA0018.000331813181Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.L3472013GA30310120131217GA0018.000431913191Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTCTugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.L3472013GA32010120131217GA0019.001546614661Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 67Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 67 (4) lena n-eisiatar feidhmiú na gcostas simplithe a leagtar amach in Airteagal 67 (1) (b)-(d) i gcásanna ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal ar cuid í nó é d'oibríocht chun feidhme go heisiach trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, nach gcoiscfear leis an Airteagal sin cur chun feidhme oibríochta trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndéanann an tairbhí íocaíochtaí chuig an gconraitheoir mar thoradh orthu ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar chostais aonad atá réamhshainithe. Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún gur fíorchostais a tabhaíodh iarbhír agus a d'íoc an tairbhí faoi Airteagal 67 (1) (a) iad na costais a chinnfear agus a íocfaidh an tairbhí, ar costais iad a bheidh bunaithe ar na costais aonad sin a leagtar síos trí na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.L3472013GA32010120131217GA0019.001646714671Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá nasctha le hathbhunú leithreasaíComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, lena gcuirfear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar comhréim leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20, forálacha is gá chun na socruithe le haghaidh leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta a chur i bhfeidhm agus maidir le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 39 (tionscnamh FBM) a chur chun feidhme faoin Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna i gcomhair na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir leis na nithe a leanas a athbhunú:i.leithreasaí a bhí geallta le haghaidh clár i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta agus nárbh fholáir iad a shaoradh mar thoradh ar thosaíochtaí faoi na cláir sin nár baineadh a ngarspriocanna amach agus;ii.leithreasaí a bhí geallta i ndáil le cláir thiomnaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 39(4)b agus nárbh fholáir iad a shaoradh de bhrí go raibh gá ann le deireadh a chur le rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais.L3472013GA32010120131217GA0019.001746814681Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1Má bhíonn gá le tuilleadh maoluithe a mbeidh bonn cirt leo ar na rialacha comhchoiteanna d'fhonn sonraíochtaí i CEMI agus i CETFT a chur san áireamh, geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach na maoluithe sin a cheadú trí dhul ar aghaidh le dúthracht iomchuí chuig na modhnuithe riachtanacha ar an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.L3472013GA32010120131217GA0019.001846914691Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haon chúlghabhálacht i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) a eisiamhComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a leanas:maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagal 26 (2) den Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, leis na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh na Ballstáit chun go mbeidh na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) rannpháirteach in ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár dá dtagraítear in Airteagal 5 (2) áirítear na gníomhaíochtaí go léir a ghlacfaidh na Ballstáit ar leibhéal praiticiúil beag beann ar a dtráthúlacht mar aon leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad roimh dó siúd teacht i bhfeidhm agus roimh lá theacht i bhfeidhm an ghníomhartha tharmligthe le haghaidh cód iompair Eorpaigh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán céanna, le linn na gcéimeanna ullmhúcháin de nós imeachta clársceidealaithe de chuid Ballstáit, ar an gcoinníoll go mbainfear amach cuspóirí an phrionsabail comhpháirtíochta a leagtar síos sa Rialachán sin. Faoi chuimsiú an méid sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena n inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na ndréachtchlár a mholtar araon, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin agus leis na rialacha sonracha maidir le cistí;ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ar chor ar bith, go díreach nó go hindíreach ag an ngníomh tarmligthe lena leagtar síos cód iompair Eorpach, a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a fhormheas, ós rud é nach bhfuil sé ceaptha le reachtas AE cumhachtaí ar bith a thabhairt don Choimisiún lena bhféadfadh sé diúltú d'fhormheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár bunaithe amháin ar aon chineál neamh chomhlíonadh an chóid iompair Eorpaigh, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an dréacht-téacs den ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoi Airteagal 5(3) a chur ar fáil dóibh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an dáta ar a nglacfaidh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ná an dáta ar a vótálfar an dréacht thuarascáil maidir leis an Rialachán sin ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, cibé dáta acu siúd is túisce.L3472013GA54910120131217GA0022.000460716071Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cros-chomhlíonadhIarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ag na Ballstáit Threoir 2000/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce agus Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuirfear na Treoracha sin chun feidhme sna Ballstáit uile agus nuair a shainaithneofar na hoibleagáidí sin is infheidhme go díreach maidir le feirmeoirí, togra reachtach a thíolacadh chun codanna ábhartha na dTreoracha sin a áireamh i gcóras an tras-chomhlíonta.

Téacs an íomhá

Image 4L3472013GA110120131211GA0001.0002241241Dearbhú comhpháirteachó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)1.Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.2.Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;(b)na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;(c)ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;(d)éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus(e)athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.3.I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.5.Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:triúr ón gComhairle,triúr ó Pharlaimint na hEorpa,ionadaí amháin ón gCoimisiún,agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).6.Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.L3472013GA18510120131211GA0009.000420812081Ráitis ón gCoimisiúnAn t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháilIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar learIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.L3472013GA25910120131217GA0015.000228012801Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA28110120131217GA0016.000328812881Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ChomhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.L3472013GA28910120131217GA0017.000330213021Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA30310120131217GA0018.000231713171Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.L3472013GA30310120131217GA0018.000331813181Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.L3472013GA30310120131217GA0018.000431913191Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTCTugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.L3472013GA32010120131217GA0019.001546614661Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 67Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 67 (4) lena n-eisiatar feidhmiú na gcostas simplithe a leagtar amach in Airteagal 67 (1) (b)-(d) i gcásanna ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal ar cuid í nó é d'oibríocht chun feidhme go heisiach trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, nach gcoiscfear leis an Airteagal sin cur chun feidhme oibríochta trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndéanann an tairbhí íocaíochtaí chuig an gconraitheoir mar thoradh orthu ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar chostais aonad atá réamhshainithe. Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún gur fíorchostais a tabhaíodh iarbhír agus a d'íoc an tairbhí faoi Airteagal 67 (1) (a) iad na costais a chinnfear agus a íocfaidh an tairbhí, ar costais iad a bheidh bunaithe ar na costais aonad sin a leagtar síos trí na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.L3472013GA32010120131217GA0019.001646714671Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá nasctha le hathbhunú leithreasaíComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, lena gcuirfear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar comhréim leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20, forálacha is gá chun na socruithe le haghaidh leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta a chur i bhfeidhm agus maidir le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 39 (tionscnamh FBM) a chur chun feidhme faoin Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna i gcomhair na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir leis na nithe a leanas a athbhunú:i.leithreasaí a bhí geallta le haghaidh clár i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta agus nárbh fholáir iad a shaoradh mar thoradh ar thosaíochtaí faoi na cláir sin nár baineadh a ngarspriocanna amach agus;ii.leithreasaí a bhí geallta i ndáil le cláir thiomnaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 39(4)b agus nárbh fholáir iad a shaoradh de bhrí go raibh gá ann le deireadh a chur le rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais.L3472013GA32010120131217GA0019.001746814681Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1Má bhíonn gá le tuilleadh maoluithe a mbeidh bonn cirt leo ar na rialacha comhchoiteanna d'fhonn sonraíochtaí i CEMI agus i CETFT a chur san áireamh, geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach na maoluithe sin a cheadú trí dhul ar aghaidh le dúthracht iomchuí chuig na modhnuithe riachtanacha ar an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.L3472013GA32010120131217GA0019.001846914691Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haon chúlghabhálacht i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) a eisiamhComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a leanas:maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagal 26 (2) den Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, leis na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh na Ballstáit chun go mbeidh na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) rannpháirteach in ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár dá dtagraítear in Airteagal 5 (2) áirítear na gníomhaíochtaí go léir a ghlacfaidh na Ballstáit ar leibhéal praiticiúil beag beann ar a dtráthúlacht mar aon leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad roimh dó siúd teacht i bhfeidhm agus roimh lá theacht i bhfeidhm an ghníomhartha tharmligthe le haghaidh cód iompair Eorpaigh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán céanna, le linn na gcéimeanna ullmhúcháin de nós imeachta clársceidealaithe de chuid Ballstáit, ar an gcoinníoll go mbainfear amach cuspóirí an phrionsabail comhpháirtíochta a leagtar síos sa Rialachán sin. Faoi chuimsiú an méid sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena n inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na ndréachtchlár a mholtar araon, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin agus leis na rialacha sonracha maidir le cistí;ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ar chor ar bith, go díreach nó go hindíreach ag an ngníomh tarmligthe lena leagtar síos cód iompair Eorpach, a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a fhormheas, ós rud é nach bhfuil sé ceaptha le reachtas AE cumhachtaí ar bith a thabhairt don Choimisiún lena bhféadfadh sé diúltú d'fhormheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár bunaithe amháin ar aon chineál neamh chomhlíonadh an chóid iompair Eorpaigh, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an dréacht-téacs den ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoi Airteagal 5(3) a chur ar fáil dóibh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an dáta ar a nglacfaidh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ná an dáta ar a vótálfar an dréacht thuarascáil maidir leis an Rialachán sin ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, cibé dáta acu siúd is túisce.L3472013GA54910120131217GA0022.000460716071Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cros-chomhlíonadhIarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ag na Ballstáit Threoir 2000/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce agus Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuirfear na Treoracha sin chun feidhme sna Ballstáit uile agus nuair a shainaithneofar na hoibleagáidí sin is infheidhme go díreach maidir le feirmeoirí, togra reachtach a thíolacadh chun codanna ábhartha na dTreoracha sin a áireamh i gcóras an tras-chomhlíonta.

Téacs an íomhá

Image 5L3472013GA110120131211GA0001.0002241241Dearbhú comhpháirteachó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le PAINÉAL IDIRINSTITIÚIDEACH GALILEO (GIP)1.Ag féachaint do thábhacht, d'uathúlacht agus do chastacht na gclár Eorpach GNSS, d'úinéireacht Aontais na gcóras a leanann ó na cláir, do mhaoiniú iomlán na gclár ag buiséad an Aontais don tréimhse 2014-2020, aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an gá atá le dlúthchomhar idir na trí institiúid.2.Tiocfaidh Painéal Idirinstitiúideach Galileo (GIP) le chéile agus é mar aidhm aige a éascú do gach institiúid de chuid an Chomhphobail a freagracht faoi seach a fheidhmiú. Chuige sin, bunófar an GIP chun na nithe seo a leanas a leanúint go dlúth:(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár Eorpach GNSS, go háirithe maidir le cur chun feidhme comhaontuithe fála agus conartha, go háirithe maidir leis an GES;(b)na Comhaontuithe Idirnáisiúnta le tríú tíortha gan dochar d'fhorálacha Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;(c)ullmhú na margaí loingseoireachta satailíte;(d)éifeachtúlacht na socruithe rialachais; agus(e)athbhreithniú bliantúil ar an gclár oibre.3.I gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, urramóidh an GIP an gá atá le discréid, go háirithe ag féachaint do rúndacht tráchtála agus d'íogaireacht sonraí áirithe.4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tuairimí a nochtfaidh an GIP.5.Beidh an GIP comhdhéanta de sheachtar ionadaithe, mar atá:triúr ón gComhairle,triúr ó Pharlaimint na hEorpa,ionadaí amháin ón gCoimisiún,agus tiocfaidh sé le chéile go rialta (i bprionsabal ceithre huaire sa bhliain).6.Ní dhéanfaidh an GIP difear do na freagrachtaí bunaithe nó do na caidrimh idirinstitiúideacha.L3472013GA18510120131211GA0009.000420812081Ráitis ón gCoimisiúnAn t uasmhéid a d'fhéadfadh tionscadal comhtháite a fháilIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é leithdháileadh cothrom na gcistí idir na tionscadail chomhtháite dhifriúla, chun an méid is mó tionscadal comhtháite is féidir a chistiú agus chun a áirithiú go mbeidh na tionscadail sin á scaipeadh go cothrom ar na Ballstáit ar fad. Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún, agus an dréachtchlár oibre á phlé i dteannta na gcomhaltaí de Choiste LIFE, an t uasmhéid gur féidir a dhíriú ar thionscadal comhtháite amháin. Déanfar an togra seo a chomhtháthú sa nós imeachta um roghnú na dtionscadal a chaithfear a ghlacadh faoi chuimsiú an chláir oibre ilbhliantúil.Stádas chistiú na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar learIs ábhar an tábhachtach don Choimisiún é cosaint an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta sna tíortha agus críocha thar lear, mar a léirítear leis an togra le haghaidh Cinnidh maidir le Comhlachú thar lear, lena gcuimsítear na hearnálacha sin sna réimsí comhair idir an tAontas Eorpach agus na tíortha agus críocha thar lear agus lena leagtar amach na gníomhaíochtaí éagsúla a d'fhéadfadh leas a bhaint as cistiú ón Aontas Eorpach dá bharr sin.Tá torthaí na réamhghníomhaíochta BEST le feiceáil: ghlac na tíortha agus críocha thar lear páirt sa tionscnamh, as a tháinig torthaí nithiúla don bhithéagsúlacht agus do na seirbhísí éiceachórais. Agus gníomhaíocht BEST ag druidim chun deiridh, tá an Coimisiún toilteanach leanúint ar aghaidh léi faoi chuimsiú ceann de na hionstraimí nua, eadhon faoin gclár i ndáil le hearraí poiblí domhanda agus na dúshláin a bhaineann leo, a thagann faoin ionstraim maidir le comhar um fhorbairt.Cuirfear na deiseanna a eascraíonn as Airteagal 6 de chlár LIFE don tréimhse 2014-2020 leis an deis sin de chistiú ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht sna tíortha agus críocha thar lear.L3472013GA25910120131217GA0015.000228012801Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA28110120131217GA0016.000328812881Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán CCE agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste ChomhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire an dearbhú a thug an Coimisiún do reachtas AE maidir leis na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán CCE agus Rialachán an Chiste Chomhtháthaithe atá le háireamh ar iarscríbhinn a ghabhann le gach rialachán faoi seach, gurb ionann iad agus toradh próisis fhada ullmhúcháin a bhfuil baint ag saineolaithe meastóireachta an Choimisiúin agus na mBallstát araon leis, agus táthar ag súil freisin go bhfanfaidh siad cobhsaí, i bprionsabal.L3472013GA28910120131217GA0017.000330213021Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 den Rialachán CFRE, Airteagal 15 den Rialachán CCE agus Airteagal 4 den Rialachán maidir leis an gCiste ComhtháthaitheTugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird maidir leis an ráthaíocht a sholáthraigh an Coimisiún don reachtas AE gurb éard atá sna táscairí comhchoiteanna aschuir don Rialachán CFRE, don Rialachán CCE agus don Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá le cuimsiú in iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán díobh faoi seach, toradh phróiseas fada ullmhúcháin lena n áirítear meastóireachtaí ó shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit agus táthar ag súil, i bprionsabail, go bhfanfaidh siad cobhsaí.L3472013GA30310120131217GA0018.000231713171Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.L3472013GA30310120131217GA0018.000331813181Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTCComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.L3472013GA30310120131217GA0018.000431913191Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTCTugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.L3472013GA32010120131217GA0019.001546614661Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 67Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 67 (4) lena n-eisiatar feidhmiú na gcostas simplithe a leagtar amach in Airteagal 67 (1) (b)-(d) i gcásanna ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal ar cuid í nó é d'oibríocht chun feidhme go heisiach trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, nach gcoiscfear leis an Airteagal sin cur chun feidhme oibríochta trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndéanann an tairbhí íocaíochtaí chuig an gconraitheoir mar thoradh orthu ar íocaíochtaí iad atá bunaithe ar chostais aonad atá réamhshainithe. Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún gur fíorchostais a tabhaíodh iarbhír agus a d'íoc an tairbhí faoi Airteagal 67 (1) (a) iad na costais a chinnfear agus a íocfaidh an tairbhí, ar costais iad a bheidh bunaithe ar na costais aonad sin a leagtar síos trí na nósanna imeachta um sholáthar poiblí.L3472013GA32010120131217GA0019.001646714671Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá nasctha le hathbhunú leithreasaíComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go n-áireofar san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, lena gcuirfear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar comhréim leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-20, forálacha is gá chun na socruithe le haghaidh leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta a chur i bhfeidhm agus maidir le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 39 (tionscnamh FBM) a chur chun feidhme faoin Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna i gcomhair na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir leis na nithe a leanas a athbhunú:i.leithreasaí a bhí geallta le haghaidh clár i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta agus nárbh fholáir iad a shaoradh mar thoradh ar thosaíochtaí faoi na cláir sin nár baineadh a ngarspriocanna amach agus;ii.leithreasaí a bhí geallta i ndáil le cláir thiomnaithe dá dtagraítear faoi Airteagal 39(4)b agus nárbh fholáir iad a shaoradh de bhrí go raibh gá ann le deireadh a chur le rannpháirtíocht Ballstáit san ionstraim airgeadais.L3472013GA32010120131217GA0019.001746814681Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1Má bhíonn gá le tuilleadh maoluithe a mbeidh bonn cirt leo ar na rialacha comhchoiteanna d'fhonn sonraíochtaí i CEMI agus i CETFT a chur san áireamh, geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach na maoluithe sin a cheadú trí dhul ar aghaidh le dúthracht iomchuí chuig na modhnuithe riachtanacha ar an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.L3472013GA32010120131217GA0019.001846914691Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haon chúlghabhálacht i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 5(3) a eisiamhComhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a leanas:maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(2), Airteagal 15(1)(c), agus Airteagal 26 (2) den Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, leis na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh na Ballstáit chun go mbeidh na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) rannpháirteach in ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár dá dtagraítear in Airteagal 5 (2) áirítear na gníomhaíochtaí go léir a ghlacfaidh na Ballstáit ar leibhéal praiticiúil beag beann ar a dtráthúlacht mar aon leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad roimh dó siúd teacht i bhfeidhm agus roimh lá theacht i bhfeidhm an ghníomhartha tharmligthe le haghaidh cód iompair Eorpaigh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán céanna, le linn na gcéimeanna ullmhúcháin de nós imeachta clársceidealaithe de chuid Ballstáit, ar an gcoinníoll go mbainfear amach cuspóirí an phrionsabail comhpháirtíochta a leagtar síos sa Rialachán sin. Faoi chuimsiú an méid sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir lena n inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na ndréachtchlár a mholtar araon, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin agus leis na rialacha sonracha maidir le cistí;ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ar chor ar bith, go díreach nó go hindíreach ag an ngníomh tarmligthe lena leagtar síos cód iompair Eorpach, a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), go háirithe maidir leis an nós imeachta i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a fhormheas, ós rud é nach bhfuil sé ceaptha le reachtas AE cumhachtaí ar bith a thabhairt don Choimisiún lena bhféadfadh sé diúltú d'fhormheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár bunaithe amháin ar aon chineál neamh chomhlíonadh an chóid iompair Eorpaigh, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 5(3);iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an dréacht-téacs den ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoi Airteagal 5(3) a chur ar fáil dóibh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an dáta ar a nglacfaidh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil maidir leis an Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna le haghaidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ná an dáta ar a vótálfar an dréacht thuarascáil maidir leis an Rialachán sin ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, cibé dáta acu siúd is túisce.L3472013GA54910120131217GA0022.000460716071Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cros-chomhlíonadhIarrann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme ag na Ballstáit Threoir 2000/60/CE an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce agus Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, nuair a chuirfear na Treoracha sin chun feidhme sna Ballstáit uile agus nuair a shainaithneofar na hoibleagáidí sin is infheidhme go díreach maidir le feirmeoirí, togra reachtach a thíolacadh chun codanna ábhartha na dTreoracha sin a áireamh i gcóras an tras-chomhlíonta.

Téacs an íomhá

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le múscailt feasachta agus Airteagal 4 agus 4a de Rialachán EGTC

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht a dhéanamh bheith níos comhordaithe i measc na n institiúidí agus na mBallstát agus laistigh de na hinstitiúidí agus na Ballstáit d'fhonn feabhas a chur ar infheictheacht na bhféidearthachtaí atá ann EGTCanna a úsáid mar uirlis roghnach atá ar fáil don chomhar críochach i ngach réimse beartais AE.

Sa chomhthéacs seo, iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar na Ballstáit go speisialta aghaidh a thabhairt ar ghníomhaíochtaí iomchuí comhair agus cumarsáide i measc na n údarás náisiúnta agus idir údaráis na mBallstát éagsúla d'fhonn nósanna imeachta soiléire, éifeachtúla agus trédhearcacha a áirithiú maidir le EGTCanna nua a údarú laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe.


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 1(9) de Rialachán EGTC

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, nuair atá Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh 1082/2006 á chur i bhfeidhm mar a leasaítear é, go bhféachfaidh na Ballstáit chuige, agus na rialacha is infheidhme á measúnú acu maidir le baill foirne EGTC mar a bheartaítear iad sa dréachtchoinbhinsiún, go mbreathnófar ar na roghanna éagsúla maidir le réimeas fostaíochta atá ar fáil a bheidh le roghnú ag EGTC, cibé faoin dlí príobháideach nó poiblí sin.

I gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí príobháideach, cuirfidh na Ballstáit dlí ábhartha AE san áireamh freisin, amhail Rialachán (CE) Uimh 593/2008 ó PE agus ón gComhairle an 17 Meitheamh i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh I), mar aon leis an gcleachtas dlí a bhaineann leis sin sna Ballstáit eile a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a cheann in EGTC.

Tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas air sin, i gcás ina mbeidh conarthaí fostaíochta do bhaill foirne EGTC á rialú ag an dlí poiblí, go mbeidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí ón mBallstát ina bhfuil orgán EGTC faoi seach lonnaithe. Mar sin féin, féadfaidh na rialacha náisiúnta maidir leis an dlí poiblí áit a bhfuil EGTC cláraithe bheith i bhfeidhm maidir le baill foirne EGTC atá faoi réir na rialacha sin roimh bheith ina bhall foirne EGTC.


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an ról atá ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC

Tugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n aire an obair thábhachtach atá á déanamh ag Coiste na Réigiún faoi chuimsiú ardán EGTC atá faoina stiúir agus spreagann siad Coiste na Réigiún gníomhaíochtaí EGTCanna atá ann faoi láthair a rianú mar aon le hiadsan atá á mbunú, malartú dea chleachtas a eagrú agus saincheisteanna coiteanna a aithint.


20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

320


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1303/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste na Réigiún (2),

Ag féachaint do na tuairimí ón gCúirt Iniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún nó na n-oileán is mídheisiúla a laghdú, agus go bhfuil aird ar leith le tabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu inter alia, na réigiúin is forimeallaí, na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus na réigiúin oileánacha, na réigiúin trasteorann agus na réigiúin shléibhteacha. Ceanglaítear le hAirteagal 175 CFAE go bhfuil an tAontas le tacú leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí Chiste Sóisialta na hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí ionstraimí eile.

(2)

Chun comhordú a fheabhsú agus cur chun feidhme a chomhchuibhiú i gcás na gCistí a thugann tacaíocht faoi bheartas comhtháthaithe, eadhon, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe, leis an gCiste le haghaidh forbartha tuaithe, eadhon, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus le haghaidh na hearnála muirí agus iascaigh, eadhon bearta arna maoiniú faoi bhainistíocht comhroinnte i dTeideal V den Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), ba cheart forálacha coiteanna a bhunú maidir leis na Cistí sin uile ("Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa" - "Cistí SIE"). Sa bhreis air sin, tá forálacha ginearálta sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le CFRE, le CSE, agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ach nach bhfuil feidhm acu maidir le CETFT agus le CEMI chomh maith le forálacha ginearálta is infheidhme maidir le CFRE, le CSE, leis an gCiste Comhtháthaithe agus le CEMI, ach nach bhfuil feidhm acu maidir le CETFT. I ngeall ar na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste SIE, ba cheart rialacha sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste SIE agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh faoi CFRE a shonrú i rialacháin ar leithligh.

(3)

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 17 Meitheamh 2010, lenar glacadh Straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go gcuirfeadh an tAontas agus na Ballstáit seachadadh an fháis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh chun feidhme, agus forbairt chomhchuí an Aontais á cur chun cinn agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á laghdú acu ag an am céanna. Ba cheart go mbeadh ról suntasach ag Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) maidir le baint amach chuspóirí de chuid straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

(4)

Maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), tá sineirgí suntasacha bainte amach cheana féin trí rialacha bainistíochta agus rialaithe a bhaineann leis an gcéad cholún (CERT – an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta) agus leis an dara colún (CETFT) den CBT a chomhchuibhiú agus a ailíniú. Ba cheart an nasc láidir idir CERT agus CETFT a choimeád, dá bhrí sin, agus ba cheart na struchtúir atá ar bun cheana sna Ballstáit a chaomhnú.

(5)

Ba cheart go mbainfeadh na réigiúin is forimeallaí tairbhe as bearta éifeachtacha agus as cistiú breise leordhóthanach chun a staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach a fhritháireamh mar aon leis na míbhuntáistí a eascraíonn as na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

(6)

Ba cheart go rachadh bearta sonracha agus maoiniú breise chun tairbhe na réigiún tuaisceartach is lú daonra chun na míbhuntáistí móra nádúrtha nó déimeagrafacha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 a fhritháireamh.

(7)

Chun léiriú beacht agus comhleanúnach na bhforálacha a áirithiú agus chun rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na mBallstát agus na dtairbhithe, is gá téarmaí áirithe a úsáidtear sa Rialachán seo a shainmhíniú.

(8)

I gcás ina leagtar amach teorainn ama chun go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh nó a leasú, i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart go n-áireofaí ar an teorainn ama chun cinneadh mar sin a ghlacadh nó a leasú an tréimhse a thosaíonn ar an dáta ar chuir an Coimisiún a bharúlacha chuig an mBallstát agus a mhaireann go dtí go mbeidh freagra tugtha ag an mBallstát ar na barúlacha sin.

(9)

Tá cúig chuid sa Rialachán seo; cuid a haon ina leagtar amach an t-ábhar agus na sainmhínithe, cuid a dó ina bhfuil na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de Chistí SIE, cuid a trí ina bhfuil na forálacha nach infheidhme ach maidir le CFRE, le CSE, agus leis an gCiste Comhtháthaithe (na "Cistí"), cuid a ceathair ina bhfuil na forálacha nach infheidhme ach maidir leis na Cistí agus le CEMI agus cuid a cúig ina bhfuil na forálacha críochnaitheacha. Chun léirmhíniú comhleanúnach ar na codanna éagsúla den Rialachán seo a áirithiú, agus freisin idir an Rialachán seo agus na Rialacháin Chiste-shonracha, tá sé tábhachtach go ndéanfaí na gaolmhaireachtaí éagsúla eatarthu a leagan amach go soiléir. Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh rialacha sonracha a bhunaítear sna Rialacha Ciste-shonracha a bheith comhlántach ach níor cheart go maolóidís ó fhorálacha an Rialacháin seo ach amháin a mhéid go bhforáiltear go sonrach do mhaolú den sórt sin sa Rialachán seo.

(10)

Faoi Airteagal 317 CFAE, agus i gcomhthéacs na bainistíochta comhroinnte, ba cheart na coinníollacha faoina gceadaítear don Choimisiún a fhreagrachtaí maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur i ngníomh a shainiú agus ba cheart freagrachtaí comhair leis na Ballstáit a shoiléiriú. Ba cheart go gcuirfeadh na coinníollacha sin ar chumas an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go bhfuil na Ballstáit ag úsáid Chistí SIE ar mhodh dlíthiúil agus rialta agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ('an Rialacháin Airgeadais'). Ba cheart do na Ballstáit ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais agus na comhlachtaí arna n-ainmniú acu chun na críche sin a bheith freagrach as cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme. Ba cheart go n-áiritheodh na coinníollacha seo freisin go dtarraingeofar aird ar an ngá atá le comhlántacht agus comhsheasmhacht idirghabháil ábhartha an Aontais, chun prionsabal na comhréireachta a urramú agus chun an cuspóir foriomlán an t-ualach riaracháin a laghdú a chur san áireamh.

(11)

I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus gach cláir faoi seach, ba cheart do gach Ballstát comhpháirtíocht a eagrú le hionadaithe ó na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus poiblí eile, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus le comhlachtaí ábhartha eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachtaí atá freagrach as comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, "brateagraíochtaí" na gcomhlachtaí, na n-údarás agus na gcomhlachtaí sin. Is é is cuspóir le comhpháirtíocht den sórt sin urramú phrionsabal an rialachais il-leibhéil a áirithiú, agus freisin prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar aon le sonraíochtaí chreataí éagsúla institiúideacha agus dlíthiúla na mBallstát, chomh maith le húinéireacht ag geallsealbhóirí ar idirghabhálacha atá beartaithe a áirithiú agus an taithí agus an saineolas atá ag gníomhaithe ábhartha a fhorbairt. Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit na comhpháirtithe ábhartha is ionadaíche a shainaithint. Ba cheart go n-áireofaí ar na comhpháirtithe sin institiúidí, eagraíochtaí agus grúpaí atá in ann tionchar a imirt ar an ullmhúchán nó a d'fhéadfadh ullmhúchán agus cur chun feidhme na gclár difear a dhéanamh dóibh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart freisin go mbeadh na Ballstáit in ann a shainaithint mar chomhpháirtithe ábhartha, i gcás inarb iomchuí,"brateagraíochtaí" ar comhlachais, cónaidhmeanna nó cónaidhmeanna d'údaráis ábhartha réigiúnacha, áitiúla agus uirbeacha iad nó comhlachtaí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme.

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfaí foráil maidir le cód iompair Eorpach chun tacú leis na Ballstáit agus a éascú dóibh i dtaca le comhpháirtíocht a eagrú a mhéid a bhaineann lena áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe ábhartha rannpháirteach, ar shlí chomhsheasmhach, in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gclár, agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Níor cheart, in imthosca ar bith agus ar aon slí a ndéanfaí é a léiriú, go mbeadh éifeacht cúlghabhálach ag an ngníomh tarmligthe sin a ghlacfar nó go mbeadh an gníomh sin mar bhonn do mhírialtachtaí a bhunú as a leanfadh ceartúcháin airgeadais. Níor cheart go sonródh an gníomh tarmligthe a ghlactar dáta cur i bhfeidhm atá níos luaithe ná an dáta a ndéanfar é a ghlacadh. Ba cheart, leis an ngníomh tarmligthe a ghlactar, go gceadófaí do na Ballstáit na socruithe mionsonraithe is oiriúnaí a chinneadh chun an chomhpháirtíocht a chur chun feidhme i gcomhréir lena gcreataí institiúideacha agus dlíthiúla chomh maith lena n-inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, ar choinníoll go ndéanfar cuspóirí an ghnímh sin, mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad, a bhaint amach.

(12)

Ba cheart go ndéanfadh gníomhaíochtaí Chistí SIE agus na hoibríochtaí lena dtacaíonn siad dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta gaolmhar is infheidhme a bhfuil an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha á gcur i bhfeidhm acu go díreach nó go hindíreach.

(13)

I gcomhthéacs a iarrachta comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta a mhéadú, ba cheart don Aontas, ag gach céim de chur chun feidhme Chistí SIE, díriú ar neamh-chomhionannais a dhíothú agus ar chomhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), in Airteagal 10 CFAE agus in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi míchumas go háirithe á cur i gcuntas, mar aon le hAirteagal 5(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha lena bhforáiltear nach ndéanfar iallach a chur ar aon duine saothar éignithe nó éigeantach a dhéanamh.

(14)

Ba cheart cuspóirí Chistí SIE a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú mar a dhéanann an tAontas cur chun cinn ar an aidhm maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú de réir mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal 'íoc mar a thruaillítear' á chur san áireamh ag an am céanna. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí i leith an athraithe aeráide i gcomhréir leis an uaillmhian 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar na cuspóirí sin agus úsáid á baint as modheolaíocht a bhunaítear ar na catagóirí idirghabhála, na réimsí fócais nó ar na bearta arna glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme lena léirítear prionsabal na comhréireachta.

(15)

D'fhonn rannchuidiú le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, chomh maith leis na misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, ba cheart an tacaíocht ó Chistí SIE a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí téamacha coiteanna. Ba cheart an raon feidhme beacht a bheidh le gach ceann ar leith de Chistí SIE a leagan amach i rialacha Ciste-shonracha. Ba cheart go bhféadfaí an raon feidhme sin a theorannú do roinnt de na cuspóirí téamacha arna sainiú sa Rialachán seo, agus do roinnt díobh amháin.

(16)

Ar mhaithe le rannchuidiú Chistí SIE a uasmhéadú agus treoirphrionsabail straitéiseacha a bhunú chun éascú a dhéanamh ar an bpróiseas cláreagraithe ar leibhéal na mBallstát agus na réigiún, ba cheart Comhchreat Straitéiseach (CS) a bhunú. Ba cheart do CS an comhordú earnála agus críochach a éascú maidir le hidirghabháil an Aontais faoi Chistí SIE agus le beartais agus le hionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais ar shlí a bheadh ag teacht le spriocanna agus cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus na príomhdhúshláin chríochacha na gcineálacha éagsúla críoch á gcur san áireamh.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan amach in CS an bealach a mbeidh Cistí SIE le rannchuidiú le cuspóirí agus spriocanna straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, na socruithe chun comhordú a dhéanamh idir na Cistí agus beartais ábhartha eile Aontais, prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais trasearnálacha chun Cistí SIE a chur chun feidhme, na socruithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin chríochacha agus ar réimsí tosaíochta gníomhaíochtaí comhair faoi Chistí SIE.

(18)

Tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá ann do Bhallstáit agus ar dúshláin iad a bhaineann leis an tionchar atá ag an domhandú, ag buarthaí comhshaoil agus fuinnimh, ag aosú an daonra agus iomlaoidí déimeagrafacha, ag éilimh in athrú teicneolaíochta agus i nuálaíocht, agus ag éagothromaíocht shóisialta. I ngeall ar a chasta agus a idirghaolmhaire atá dúshláin den sórt sin, ba cheart gur de chineál comhtháite, ilearnálach agus iltoiseach a bheadh na réitigh a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE. Sa chomhthéacs sin, agus chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeartas a mhéadú, ba cheart go mbeadh sé indéanta Cistí SIE a chumasc le chéile i bpacáistí lánpháirtithe atá sainoiriúnaithe do riachtanais chríochacha shonracha.

(19)

An cumasc de dhaonra oibre atá ag laghdú agus de mhéadú ar an gcion de dhaoine sa daonra trí chéile atá ar scor chomh maith leis na fadhbanna a bhaineann le scaipeadh daonra, táthar ag súil go leanfaidh an cumasc sin de straidhn a chur, inter alia, ar struchtúir tacaíochta oideachais agus sóisialta na mBallstát agus ar an tslí sin ar chuma iomaíochta eacnamaíche an Aontais. Tá oiriúnú d' hathruithe deimeagrafacha den sórt sin ar cheann de na croí-dhúshláin a bheidh ag na Ballstáit agus na réigiúin sna blianta amach romhainn, agus ar an ábhar sin ba cheart iad a bhreithniú ar leibhéal sách ard a mhéid a bhaineann leis na réigiúin is mó a ndéanann athruithe déimeagrafacha difear dóibh.

(20)

Ar bhonn CS, ba cheart do gach Ballstát, i gcomhar lena chomhpháirtithe de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 den Rialachán seo, agus i gcomhphlé leis an gCoimisiún, Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú. Ba cheart don Chomhaontú Comhpháirtíochta na heilimintí a leagtar amach sa Chomhchreat Straitéiseach a thabhairt isteach sa chomhthéacs náisiúnta agus ceangaltais dhaingne a leagan amach maidir le cuspóirí an Aontais a ghnóthú trí chláreagrú Chistí SIE. Ba cheart go leagfaí amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta socruithe chun ailíniú a áirithiú le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith le misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí a bheidh bunaithe ar an gConradh, socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil Chistí SIE a áirithiú agus socruithe le haghaidh phrionsabal na comhpháirtíochta agus cur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir eilimintí bunriachtanacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta atá faoi réir cinnidh ón gCoimisiún agus eilimintí eile nach bhfuil faoi réir cinnidh ón gCoimisiún agus a bhféadfaidh an Ballstát iad a leasú. Caithfear socruithe sonracha a bheartú maidir le tíolacadh agus glacadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár más rud é go gcuirfear moill ar theacht i bhfeidhm Rialacháin Chiste-shonraigh amháin nó níos mó nó más rud é go bhfuiltear ag súil le moill a bheith ann. Éilítear leis an méid sin go ndéanfaí forálacha a bhunú a cheadódh tíolacadh agus glacadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, fiú in éagmais eilimintí áirithe i ndáil le Ciste SIE nó le Cistí SIE a ndéanfaidh an mhoill difear dó/dóibh, agus tíolacadh níos déanaí Comhaontaithe Comhpháirtíochta athbhreithnithe tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh mhoillithe nó na Rialachán Ciste-shonrach moillithe. Ós rud é nár cheart na cláir arna gcómhaoiniú ag an gCiste SIE a ndéanfaidh an mhoill difear dóibh a thíolacadh agus a ghlacadh sa chás seo ach amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh lena mbaineann, ba cheart freisin sprioc-amanna iomchuí a leagan síos maidir le tíolacadh na gclár a ndéanfar difear dóibh.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit a gcuid tacaíochta a chomhchruinniú chun rannchuidiú suntasach le gnóthú chuspóirí an Aontais a áirithiú, i gcomhréir lena riachtanais forbartha shonracha náisiúnta agus réigiúnacha. Ba cheart coinníollachtaí ex ante mar aon le critéir oibiachtúla achoimre agus chuimsitheacha i gcomhair a measúnaithe a shainiú, lena áirithiú go bhfuil réamhriachtanais a bhfuil gá leo chun tacaíocht an Aontais a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil i bhfeidhm. Chuige seo, níor cheart go mbeadh feidhm ag coinníollacht ex ante maidir le tosaíocht cláir ar leith ach amháin sa chás go bhfuil nasc díreach agus dílis aige le sainchuspóir do thosaíocht infheistíochta nó do thosaíocht Aontais a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil agus tionchar díreach aige air, ós rud é nach gá go bhfuil gach sainchuspóir nasctha le coinníollacht ex ante a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha. Ba cheart go dtabharfaí i gcuntas sa mheasúnú ar infheidhmeacht coinníollachta ex ante prionsabal na comhréireachta maidir leis an leibhéal tacaíochta arna leithdháileadh, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Bhallstát measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme faoi chuimsiú ullmhú na gclár agus, i gcás inarb iomchuí, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Ba cheart go ndéanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus leordhóthanacht na faisnéise arna soláthar ag an mBallstát a fhíorú. I gcásanna go mainnítear coinníollachta ex ante is infheidhme a chomhlíonadh laistigh den spriocdháta a leagtar síos, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún íocaíochta eatraimh le tosaíochtaí ábhartha an chláir a fhionraí faoi choinníollacha a shainítear go mionchruinn.

(22)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, in 2019, athbhreithniú ar fheidhmíocht, bunaithe ar chreat feidhmíochta agus i gcomhar leis na Ballstáit. Ba cheart an creat feidhmíochta a shainiú maidir le gach clár d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta feadh chlárthréimhse 2014 - 2020 ("an chlárthréimhse") maidir leis na cuspóirí agus na spriocanna a shocraítear do gach tosaíocht. Chun a áirithiú nach n-úsáidfear buiséad an Aontais go diomailteach ná go neamhéifeachtúil, i gcás ina bhfuil fianaise ann gur mhainnigh tosaíocht, ar bhealach tromchúiseach, na garspriocanna a bhaineann le táscairí airgeadais, le táscairí aschuir agus le príomhchéimeanna cur chun feidhme a leagtar amach sa chreat feidhmíochta a ghnóthú i ngeall ar laigí cur chun feidhme sainaitheanta go soiléir a chuir an Coimisiún in iúl roimhe sin agus gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a dhéanamh, ba cheart go mbeadh ar chumas an Choimisiúin íocaíochtaí leis an gclár a fhionraí nó, ag deireadh na clárthréimhse ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm. Le cur i bhfeidhm na gceartuithe airgeadais, ba cheart a chur san áireamh, agus urraim chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta, an leibhéal ionsúcháin agus dálaí seachtracha a rannchuidigh leis an mainneachtain. Níor cheart ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás nár baineadh amach spriocanna i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil i mBallstát nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann. Níor cheart táscairí toraidh a chur san áireamh chun críocha fionraithe nó ceartuithe airgeadais.

(23)

Chun go n-éascófaí an fócas ar fheidhmíocht agus ar bhaint amach chuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart cúlchiste feidhmíochta a bheidh comhdhéanta de 6 % den leithdháileadh iomlán do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus freisin do CETFT agus do bhearta a mhaoinítear faoin mbainistíocht comhroinnte i gcomhréir le gníomh Aontais todhchaí lena mbunaítear na coinníollacha i ndáil leis an tacaíocht airgeadais le haghaidh beartais mhuirí agus iascaigh do chlárthréimhse 2014-2020 ('Rialachán CEMI') a bhunú do gach Ballstát. De bharr na héagsúlachta agus na gné iltíre a bhaineann leo, níor cheart aon chúlchiste feidhmíochta a bheith ann le haghaidh na gclár faoi sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh. Na hacmhainní a leithdháiltear ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO), mar a shainmhínítear sa chlár oibríochtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (Rialachán CSE); ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún; aistrithe ó Cholún 1 de CBT chuig CETFT faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); aistrithe chuig CETFT de bhun na bhforálacha maidir le coigeartú deonach na n-íocaíochtaí díreacha in 2013 agus maidir le haistrithe chuig CETFT, a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (7) i ndáil le blianta féilire 2013 agus 2014; aistrithe chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ón gCiste Comhtháthaithe i gcomhréir le hAirteagal 92(6); aistrithe chuig an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, mar a shainítear i ngníomh Aontais todhchaí, i gcomhréir le hAirteagal 92(7); agus gníomhaíochtaí nuálacha le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe i gcomhréir le hAirteagal 92(8), ba cheart iad a eisiamh chun críche an cúlchiste feidhmíochta a ríomh.

(24)

Tá gá le nasc níos dlúithe idir an beartas comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais d'fhonn a áirithiú go mbeidh beartais fhónta eacnamaíocha mar bhuntaca do chaiteachas a bheidh éifeachtach faoi Chistí SIE agus gur féidir Cistí SIE a atreorú más gá chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíocha atá i ndán do Bhallstát. Faoin gcéad sraith de bhearta a nascann éifeachtacht Chistí SIE le rialachas eacnamaíoch fónta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leasuithe a iarraidh ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir d'fhonn tacú le moltaí ábhartha ón gComhairle a chur chun feidhme nó chun an leas is fearr is féidir a bhaint as tionchar an fháis agus an iomaíochais atá ag Cistí SIE atá ar fáil áit a mbeidh cúnamh ábhartha airgeadais á fháil ag na Ballstáit. Níor cheart ath-chlársceidealú a úsáid ach amháin i gcásanna ina bhféadfadh sé tionchar díreach a bheith aige ar cheartú na ndúshlán a aithneofar sna moltaí ábhartha ón gComhairle faoi shásraí an rialachais eacnamaíoch d'fhonn ath-chlársceidealú rialta a sheachaint a bheadh ag cur isteach ar intuarthacht maidir le bainistiú cistí. Faoin dara sraith de bhearta a nascann éifeachtacht Chistí SIE le rialachas eacnamaíoch fónta, i gcás nach ndéanfaidh Ballstát beart éifeachtach i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch, ba cheart don Choimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle cuid dá ngealltanais nó dá n-íocaíochtaí nó iad ar fad a chur ar fionraí maidir leis na cláir don Bhallstát sin. Beidh gá le nósanna imeachta éagsúla a bhunú chun gealltanais agus íocaíochtaí a chur ar fionraí. Mar sin féin, sa dá chás, agus togra á chur i gcrích maidir le fionraí, ba cheart don Choimisiún gach faisnéis is ábhartha a chur san áireamh agus aird chuí a thabhairt ar aon ghnéithe a eascróidh as an idirphlé struchtúrtha le Parlaimint na hEorpa nó ar aon tuairimí a léireofar san idirphlé sin.

Ba cheart go mbeadh raon feidhme agus leibhéal fionraí comhréireach agus éifeachtach, agus go n-urramófaí cóir chomhionann idir na Ballstáit. Thairis sin, ba cheart cúinsí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh leis an bhfionraí mar aon leis an tionchar eacnamaíoch foriomlán a d'fhéadfadh a bheith ar an mBallstát de bharr na gcéimeanna éagsúla a bhaineann leis an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach (EDP) agus leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha (EIP).

(25)

De bhua Phrótacal Uimh. 15 maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl forálacha áirithe i ndáil leis an nós imeachta um easnamh iomarcach agus le forálacha gaolmhara le bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag forálacha i ndáil leis na híocaíochtaí agus na gealltanais uile, nó cuid díobh, a fhionraí maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(26)

Bunaithe ar an tábhacht a bhaineann leis an bprionsabal cómhaoinithe maidir le Cistí ESI a chur chun feidhme d'fhonn úinéireacht na mbeartas ar an talamh a áirithiú, ar aon dul le cur i bhfeidhm comhréireach na bhfionraí, ba cheart go ndéanfaí aon chinneadh maidir le fionraí a tharlóidh faoin dara sraith a nascann éifeachtacht Chistí SIE le rialachas eacnamaíoch fónta agus ceanglais shonracha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh chun cómhaoiniú a chur ar fáil do na cláir atá á maoiniú ó Cistí ESI. Ba cheart na fionruithe a bhaint agus cistí a chur ar fáil don Bhallstát lena mbaineann arís a luaithe is a dhéanfaidh an Ballstát an beart is gá.

(27)

Ba cheart na Cistí SIE a chur chun feidhme trí chláir lena gcumhdaítear an chlárthréimhse i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta. Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit cláir a tharraingt suas agus a bheadh bunaithe ar nósanna imeachta trédhearcacha á leanúint acuatá trédhearcach, i gcomhréir le lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil gach Ballstáit. Ba cheart go n-oibreodh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar lena chéile chun comhordú agus comhsheasmhacht na socruithe cláreagraithe do na CistíChistí SIE a áirithiú. Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag inneachar na gclár le hinneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, ba cheart na cláir a thíolacadh laistigh de thrí mhí tar éis an Comhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh. Ba cheart foráil a dhéanamh do spriocdháta de naoi mí ó i ndiaidhó dháta curtheacht i bhfeidhm an Rialacháin seo chunmaidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a thíolacadh, chun d'fhonn an ghné ilnáisiúnta a bhaineann leis na cláir sin a chur san áireamh. Ba cheart, go háirithe, idirdhealú a dhéanamh idir croíghnéithe an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár cláir ba cheart a bheith faoi réir cinnidh ón gCoimisiún agus gnéithe eile nach gcuimsítear sa chinneadhleis an gcinneadh ón gCoimisiún agus is féidir a leasú faoi fhreagracht an Bhallstáit. Ba cheart go n-áiritheodh an cláreagrú comhsheasmhacht leis an le CS agus leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, chomh maith le comhordú idir na Cistí SIE agus le hionstraimí cistiúchain eile atá ann agus le hionchur ón mBanc Eorpach Infheistíochta, más ábhartha.

(28)

D'fhonn comhchuibheas a áirithiú idir cláir a fhaigheann tacaíocht faoi Chistí éagsúla SIE, go háirithe i gcomhthéacs a áirithiú go rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, is gá go leagfar amach íoscheanglais choiteanna maidir le hinneachar na gclár, a fhéadfar a chomhlánú le rialacha Ciste-shonracha chun cineál sonrach gach Ciste SIE a chur san áireamh.

(29)

Is gá nósanna imeachta soiléire a leagan síos chun na cláir ón gCoimisiún a mheas, a ghlacadh agus a leasú. D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir an Comhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir, ba cheart a shonrú nach ndéanfaí cláir a fhormheas, seachas na cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, sula gcinnfidh an Coimisiún go ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú do na Ballstáit, ba cheart go dtarlódh leasú uathoibríoch ar na codanna áirithe den Chomhaontú Comhpháirtíochta de bharr leasú chodanna áirithe na gclár a fhormheas. Thairis sin, ba cheart a áirithiú go mbainfear leas as na hacmhainní a leithdháiltear ar TFAO láithreach bonn, trí rialacha speisialta a bhunú don nós imeachta maidir leis na cláir thiomnaithe oibríochtúla do TFAO dá dtagraítear i Rialachán CSE a thíolacadh agus a fhormheas.

(30)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad ginearálta an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir oibriú Chistí SIE agus Fís 2020 mar a chuirtear ar bun é i Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus a gcuspóirí sonracha á n-urramú ag an am céanna. Ar na heochairshásraí chun na sineirgí sin a ghnóthú, ba cheart go mbeadh rátaí comhréidhe a aithint i gcomhair costas incháilithe ó Fhís 2020 i gcomhair oibríochta comhchosúla agus tairbhí comhchosúil agus an fhéidearthacht cistiú a nascadh ó ionstraimí éagsúla Aontais, lena n-áirítear Cistí SIE agus Fís 2020, san oibríocht chéanna fad a bhíonn maoiniú dúbailte á sheachaint. Chun acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta na ngníomhairí náisiúnta agus réigiúnacha a neartú agus chun an sprioc maidir le "Staighre i dtreo barr feabhais" a thógáil i réigiúin bheagfhorbartha agus i mBallstáit agus réigiúin a bhfuil ísealchaighdeán acu maidir le Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht (TFN), ba cheart dlúthshineirgí a fhorbairt idir Cistí SIE agus Fís 2020 i ngach clárthosaíocht ábhartha.

(31)

Le CFAE, cuireadh comhtháthú críochach le spriocanna an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta, agus is gá aghaidh a thabhairt ar an ról atá ag cathracha, ag limistéir gheografacha fheidhmiúla agus ag limistéir fho-réigiúnacha a bhfuil fadhbanna geografacha agus déimeagrafacha ar leith le sárú acu. Chuige sin, agus chun leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht ar an leibhéal áitiúil, is gá forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a neartú agus a éascú trí chomhrialacha a leagan síos agus dlúthchomhordú a áirithiú maidir le gach ceann de Chistí SIE ábhartha. Ba cheart go gcuirfí san áireamh le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail na riachtanais áitiúla agus an acmhainneacht áitiúil, chomh maith leis na saintréithe soch-chultúrtha ábhartha. Mar phrionsabal bunúsach, ba cheart an fhreagracht as straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh agus a chur chun feidhme a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna an phobail. Maidir leis na socruithe mionsonraithe i dtaca le limistéar agus daonra a chuimsítear sna straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a shainmhíniú, ba cheart iad a leagan amach sna cláir ábhartha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

(32)

Chun cur chuige sodhéanta maidir lena chomhtháthú isteach sa phróiseas cláreagraithe a éascú, féadfar forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur i gcrích faoi chuspóir téamach amháin, bíodh sé chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac, nó fostaíocht agus soghluaisteacht an lucht saothair a chur chun cinn, d'ainneoin go bhféadfadh sé go rannchuideoidh gníomhaíochtaí arna maoiniú mar chuid d'fhorbairt áitiúil le gach cuspóir téamach eile.

(33)

I gcás ina bhfuil cur chuige comhtháite de dhíth i dtaca le straitéis forbartha críochaí nó uirbí, i ngeall go mbaineann sí le hinfheistíochtaí faoi níos mó ná ais tosaíochta amháin de chlár oibríochtúil amháin nó níos mó, ba cheart go mbeadh sé indéanta gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí, a bhféadfaí í a chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó CETFT nó ó CEMI, a dhéanamh i bhfoirm infheistíochta comhtháite críochaí laistigh de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla.

(34)

Tá ionstraimí airgeadais ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar an éifeacht luamhánaithe a bhíonn acu ar Chistí SIE, i ngeall ar a gcumas cineálacha éagsúla acmhainní poiblí agus príobháideacha a chomhcheangal chun tacú le cuspóirí beartais phoiblí, agus i.ós rud é go ndéanann cineálacha imrothlacha airgeadais tacaíocht den sórt sin níos inbhuanaithe go fadtéarmach.

(35)

Ba cheart ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhargaidh ar mhodh atá éifeachtach ó thaobh costais de, i gcomhréir le cuspóirí na gclár, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a phlódú. Ba cheart an cinneadh chun na bearta tacaíochta a mhaoiniú trí bhíthin ionstraimí airgeadais a chinneadh, dá bhrí sin, ar bhonn measúnaithe ex ante a bhfuil fianaise ar theipeanna sa mhargadh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha agus leibhéal measta agus raon feidhme na riachtanas infheistíochta poiblí bunaithe aige. Ba cheart gnéithe sár-riachtanacha na measúnuithe ex ante a shainiú go soiléir sa Rialachán seo. I bhfianaise chineál sonrach an mheasúnaithe ex ante, ba cheart forálacha a dhéanamh lena gceadaítear go ndéanfaí an measúnú ex ante i gcéimeanna agus go ndéanfaí athbhreithniú agus nuashonrú freisin ar an measúnú ex ante agus é á chur chun feidhme.

(36)

Ba cheart ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme ionas go ndéanfaí rannpháirtíocht shuntasach infheisteoirí na hearnála príobháidí agus institiúidí airgeadais a chur chun cinn ar bhonn cuí roinnte rioscaí. Le bheith tarraingteach a dhóthain don earnáil phríobháideach, tá sé bunriachtanach go ndéanfar ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme ar mhodh solúbtha. Ba cheart d'údaráis bhainistíochta, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh maidir leis na foirmeacha is iomchuí chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme d'fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na spriocréigiún, i gcomhréir le cuspóirí an chláir ábhartha, le torthaí an mheasúnaithe ex ante agus na rialacha Státchabhrach is infheidhme. Sa chás inarb infheidhme, ba cheart go n-áireofaí leis an tsolúbthacht sin go bhféadfaí cuid de na hacmhainní a íocadh le linn na tréimhse incháilitheachta a athúsáid chun foráil do luach saothair fabhrach a thabhairt d'infheisteoirí príobháideacha nó d'infheisteoirí poiblí atá ag oibriú faoi phrionsabal an gheilleagair margaidh. Ba cheart go gcuirfí caighdeáin an mhargaidh san áireamh sa luach saothair fabhrach sin agus a áirithiú go bhfuil aon Státchabhair i gcomhréir leis an dlí Aontais agus náisiúnta is infheidhme agus go bhfuil sí teoranta don íosmhéid is gá chun an easpa caipitil phríobháidigh a chúiteamh lena gcuirtear san áireamh cliseadh sa mhargadh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha.

(37)

Chun saintréith in-aisíoctha na tacaíochta a sholáthraítear trí ionstraimí airgeadais a chur san áireamh agus chun iad a ailíniú le cleachtais mhargaidh, ba cheart go bhféadfadh tacaíocht ó Chistí SIE a sholáthraítear d'fhaighteoirí deiridh i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí roinnte rioscaí eile, iomlán na n-infheistíochtaí arna ndéanamh ag faighteoirí deiridh a chumhdach, gan idirdhealú ó chostais atá gaolmhar le CBL. Dá réir sin, ba cheart gur i gcásanna ina ndéantar ionstraimí airgeadais a chónascadh le deontais, agus sna cásanna sin amháin, a bheadh an chaoi a gcuirtear CBL san áireamh ar leibhéal an fhaighteora deiridh ábhartha chun incháilitheacht an chaiteachais a bhaineann le deontas a chinneadh.

(38)

D'fhéadfadh sé a bheith inchosanta i gcás nach nginfidh codanna áirithe d'infheistíocht fáltais airgeadais dhíreacha ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le tacaíocht deontais, sa mhéid a cheadaítear faoi na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair sa chaoi go mbeidh na tionscadail inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de. Ba cheart sa chás sin coinníollacha sonracha lena gcoisctear maoiniú dúbáilte a leagan amach.

(39)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh na hacmhainní a leithdháiltear ar ionstraimí airgeadais i bhfabhar FBManna mais chriticiúil éifeachtach agus éifeachtúil de mhaoiniú fiachais nua FBM a bhaint amach, ba cheart go mbainfí leas as acmhainní den sórt sin i gcríoch iomlán an Bhallstáit i dtrácht beag beann ar na catagóirí réigiúin atá sa Bhallstát sin. D'fhéadfadh sé go gceadófaí mar sin féin sa chaibidlíocht ar chomhaontú maoinithe idir an Ballstát agus an BIE go mbeadh ann do thoradh pro-rata chuig réigiún nó chuig grúpa de réigiúin laistigh den Bhallstát céanna, mar chuid de chlár náisiúnta tiomnaithe aonair in aghaidh an rannchuidithe airgeadais ó CFRE agus ó CETFT.

(40)

Ba cheart na rannchuidithe ag Ballstáit a chéimniú amach thar na blianta 2014, 2015 agus 2016 agus ba cheart na méideanna atá le híoc ag na Ballstáit leis an BIE a sceidealú dá réir sin sa chomhaontú maoinithe, ag teacht le cleachtais chaighdeánacha baincéireachta agus d'fhonn na héifeachtaí ar leithreasuithe íocaíochta in aon bhliain ar leith a scaipeadh amach.

(41).

I gcás idirbheart urrúsúcháin, ba cheart a áirithiú ag tráth dúnta cláir go bhfuil méid a chomhfhreagraíonn do rannchuidiú an Aontais ar a laghad úsáidte chun tacú le FBManna, ag teacht leis na prionsabail a bhaineann le hionstraimí airgeadais arna leagan amach sa Rialachán Airgeadais.

(42)

Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag údaráis bhainistíochta acmhainní ó na cláir a rannchuidiú leis na hionstraimí airgeadais a chuirtear ar bun ar leibhéal an Aontais, agus a bhíonn á mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún nó le hionstraimí a chuirtear ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta freisin ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme go díreach, trí bhíthin cistí atá ann cheana féin nó atá nuachruthaithe nó trí bhíthin cistí de chistí.

(43)

Ar mhaithe le socruithe rialaithe comhréireacha a áirithiú agus luach breise na n-ionstraimí airgeadais a chosaint, níor cheart faighteoirí deiridh ionchasacha a dhíspreagadh trí ualaí riaracháin iomarcacha a bheith ann. Ba cheart na comhlachtaí atá freagrach as iniúchtaí ar chláir, ar an gcéad dul síos, iniúchtaí a dhéanamh ar leibhéal na n-údarás bainistíochta agus na gcomhlachtaí a mbíonn ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu lena n-áirítear cistí de cistí. D'fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh cúinsí sonracha ann nach bhfuil na doiciméid is gá chun na hiniúchtaí a chur i gcrích ar fáil ar leibhéal na n-údarás bainistíochta ná ar leibhéal na gcomhlachtaí a mbíonn ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu nó i gcás nach taifead fíor agus cruinn iad doiciméid den sórt sin ar an tacaíocht a sholáthraítear. I gcásanna sonracha den sórt sin, is gá forálacha áirithe lena gceadaítear iniúchtaí ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh a leagan síos.

(44)

Ba cheart go gcomhfhreagródh méid na n-acmhainní a íoctar tráth ar bith ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais don mhéid is gá chun infheistíochtaí atá beartaithe agus íocaíochtaí le faighteoirí deiridh a chur chun feidhme, lena n-áirítear costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta. Dá réir sin, ba cheart iarratais ar íocaíochtaí idirthréimhseacha a chéimniú. Ba cheart an méid a bheidh le híoc mar íocaíocht idirthréimhseach a bheith faoi réir uasteorainn 25 % de mhéid iomlán na rannchuidithe cláir a ghealltar don ionstraim airgeadais faoin gcomhaontú ábhartha cistiúcháin agus íocaíochtaí idirthréimhseacha ina dhiaidh sin a bheith coinníollach ar íoschéatadán na méideanna iarbhíre arna n-áireamh in iarratais a rinneadh cheana a caitheadh mar chaiteachas incháilithe.

(45)

Tá sé riachtanach rialacha sonracha a leagan síos maidir leis na méideanna atá le glacadh mar chaiteachas incháilithe tráth dúnta cláir, chun a áirithiú go ndéanfar na méideanna, lena n-áirítear na costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, a íoctar ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais a úsáid go héifeachtach le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh. Ba cheart go mbeadh na rialacha solúbtha go leor chun tacú le hionstraimí bunaithe ar chothromas chun tairbhe fiontar sonraithe agus ba cheart, dá bhrí sin, tréithe áirithe a chur i gcuntas atá sonrach d'ionstraimí bunaithe ar chothromas d'fhiontair, amhail cleachtais mhargaidh i ndáil le maoiniú leantach a sholáthar i réimse na gcistí capitil fiontair. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart fiontair shonraithe a bheith in ann tairbhiú de thacaíocht leanúnach ó Chistí SIE le hionstraimí den sórt sin tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta.

(46)

Is gá freisin rialacha sonracha a leagan síos maidir le hathúsáid acmhainní atá inchurtha i leith tacaíochta ó Chistí SIE go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus rialacha breise maidir le húsáid na n-acmhainní a leagan síos tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta.

(47)

Mar riail ghinearálta, níor cheart tacaíocht ó Chistí SIE a úsáid chun infheistíochtaí atá críochnaithe go fisiciúil nó curtha chun feidhme go hiomlán cheana féin ar dháta an chinnidh infheistíochta a mhaoiniú. Mar sin féin, maidir leis na hinfheistíochtaí bonneagair leis an gcuspóir tacú le forbairt uirbeach nó athbheochan uirbeach nó infheistíochtaí bonneagair comhchosúla a bhfuil de chuspóir acu gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta a éagsúlú i limistéir thuaithe, d'fhéadfadh sé go mbeadh méid áirithe tacaíochta riachtanach chun punann fiachais a ath-eagrú maidir le bonneagar atá mar chuid den infheistíocht nua. I gcásanna den sórt sin ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as an tacaíocht ó Chistí SIE chun atheagrú a dhéanamh ar phunann fiachais suas go dtí uasmhéid 20 % de mhéid iomlán na tacaíochta cláir ón ionstraim airgeadais chuig an infheistíocht.

(48)

Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chláir chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí na gclár a ghnóthú. Chuige sin, ba cheart do Bhallstát i gcomhréir lena chreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais coistí faireacháin a bhunú agus a gcomhdhéanamh agus a bhfeidhmeanna a shainiú maidir le Cistí SIE. I bhfianaise chineál speisialta na gclár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar choistí le haghaidh na gclár sin. D'fhéadfaí coistí faireacháin comhpháirteacha a bhunú chun comhordú idir Cistí SIE a éascú. D'fhonn éifeachtacht a áirithiú, ba cheart do choiste faireacháin a bheith ábalta barúlacha a dhéanamh chuig údaráis bhainistíochta maidir leis an gclár a chur chun feidhme agus mheastóireacht a dhéanamh air, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ualach riaracháin ar na tairbhithe a laghdú, agus ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a dhéantar mar thoradh ar a chuid barúlacha.

(49)

Is gá na socruithe faireacháin agus tuairiscithe maidir le Cistí SIE a ailíniú ar mhaithe le socruithe bainistíochta a shimpliú ar gach uile leibhéal. Is tábhachtach ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a áirithiú ach freisin go mbeadh faisnéis chuimsitheach ar dhul chun cinn ar fáil ag príomhthráthanna athbhreithnithe. Is gá, dá bhrí sin, do na ceanglais tuairiscithe na riachtanais faisnéise a léiriú i mblianta ar leith agus go mbeadh siad ailínithe le huainiú na n-athbhreithnithe ar fheidhmíocht.

(50)

D'fhonn faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na gclár, ba cheart cruinniú athbhreithnithe bliantúil a thionól idir gach aon Bhallstát agus an Coimisiún. Ba cheart, áfach, go mbeadh an deis ag an mBallstát agus ag an gCoimisiún teacht ar chomhaontú gan an cruinniú a thionól i mblianta seachas 2017 agus 2019 chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint.

(51)

D'fhonn go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar ionsar chuspóirí an Aontais a ghnóthú agus ar mhisin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha ar dhul chun cinn a thíolacadh maidir le cur chun feidhme a gComhaontuithe Comhpháirtíochta. Ar bhonn tuarascálacha den sórt sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil straitéiseach a ullmhú ar dhul chun cinn in 2017 agus in 2019. D'fhonn foráil á dhéanamh do dhíospóireacht bheartais rialta straitéiseach maidir le rannchuidiú Chistí SIE le gnóthú straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus chun feabhas a chur ar chaighdeán an chaiteachais agus ar éifeachtacht an bheartais sin ag teacht leis an Seimeastar Eorpach, ba cheart na tuarascálacha straitéiseacha a phlé sa Chomhairle. Ar bhonn an phlé sin, ba cheart go mbeadh an Chomhairle in ann ionchur a sholáthar maidir leis an measúnú a rinneadh ag cruinniú Earraigh na Comhairle Eorpaí maidir leis an ról atá ag gach beartas agus ionstraim an Aontais i bhfás inbhuanaithe a sheachadadh lena gcruthaítear poist ar fud an Aontais.

(52)

Is gá meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar thionchar an chúnaimh ó Chistí SIE chun feabhas a chur ar cháilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár, agus chun tionchar na gclár i ndáil leis na spriocanna i straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chinneadh, ag féachaint do mhéid an chláir, i ndáil le holltáirgeacht inmheánach (OTI) agus le dífhostaíocht i limistéar an chláir lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis an méid sin a shonrú.

(53)

Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ceapadh gach cláir, agus chun a fhíorú cé acu an féidir nó nach féidir na cuspóirí agus na spriocanna a ghnóthú, ba cheart meastóireacht ex ante a dhéanamh ar gach clár.

(54)

Ba cheart don údarás bainistíochta nó don Bhallstát plean meastóireachta a tharraingt suas. Ba cheart go bhféadfadh an plean meastóireachta sin níos mó ná clár amháin a chumhdach. Le linn na clárthréimhse, ba cheart d'údaráis bhainistíochta a áirithiú go ndéanfar meastóireachtaí chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar cláir a mheas. Chun cinntí bainistíochta a éascú, ba cheart an coiste faireacháin agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachtaí.

(55)

Ba cheart meastóireachtaí ex post a dhéanamh chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht Chistí SIE agus a dtionchar ar spriocanna foriomlána Chistí SIE agus ar straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mheasúnú, agus na spriocanna arna mbunú le haghaidh na straitéise Aontais sin á gcur san áireamh. Le haghaidh gach aon cheann de Chistí SIE, ba cheart don Choimisiún tuarascáil sintéise a ullmhú ina leagfaí síos príomhchonclúidí na meastóireachtaí ex-post.

(56)

Ba cheart na cineálacha gníomhaíochta is féidir a dhéanamh mar chúnamh teicniúil le tacaíocht ó Chistí SIE ar thionscnamh ón gCoimisiúin agus ó na Ballstáit a shainiú.

(57)

Chun úsáid éifeachtach acmhainní an Aontais a áirithiú, agus chun rómhaoiniú oibríochtaí ginte glanioncaim i ndiaidh a gcur i gcrích a sheachaint, ba cheart modhanna éagsúla a úsáid chun an glanioncam arna ghineadh ag na hoibríochtaí sin a chinneadh, lena n-áirítear cur chuige simplithithe bunaithe ar rátaí comhréidhe d'earnálacha nó d'fho-earnálacha. Ba cheart na rátaí comhréidhe a bheith buanaithe ar na sonraí stairiúla atá ar fáil ag an gCoimisiún, an fhéidearthacht costas a aisghabháil chomh maith leis an bprionsabal íoc mar a thruaillítear, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart go mbeadh foráil ann chomh maith chun rátaí comhréidhe a leathnú go hearnálacha nua, chun fo-earnálacha a thabhairt isteach nó athbhreithniú a dhéanamh ar na rátaí do na tionscadail amach anseo nuair a bheidh na sonraí nua ar fáil, trí bhíthin gnímh tharmligthe. D'fhéadfadh sé go mbeadh úsáid na rátaí comhréidhe an-oiriúnach maidir le réimsí na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), TFI agus éifeachtúlachta fuinnimh. Ina theannta sin, chun cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta a áirithiú agus chun aird a thabhairt ar fhorálacha rialála agus conarthacha eile a d'fhéadfadh a bheith infheidhme, is gá na díolúintí ó na rialacha seo a leagan amach.

(58)

Tá sé tábhachtach cur chuige comhréireach a áirithiú agus dúbailt an fhíoraithe ar riachtanais mhaoinithe a sheachaint i gcás na n-oibríochtaí a ghineann glanioncam tar éis iad a chríochnú, arb oibríochtaí iad atá faoi réir ag rialacha freisin maidir le Státchabhair, ós rud é go mbunaítear le rialacha den sórt sin freisin teorainneacha ar an tacaíocht is féidir a dheonú. Dá bhrí sin, sa chás go bhfuil cabhair de minimis, Státchabhair chomhoiriúnach d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide le déine cabhrach nó le teorainn mhéid cabhrach curtha i bhfeidhm, nó Státchabhair comhoiriúnach d'fhiontair mhóra ina ndearnadh fíorú ar leith ar riachtanais airgeadais i gcomhréir le rialacha Státchabhrach infheidhme, níor cheart go mbeadh na forálacha lena gceanglaítear ríomh an ghlanioncaim infheidhme. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé oscailte chuig Ballstát na modhanna a chur i bhfeidhm chun glanioncam a ríomh i gcás ina bhforáiltear dó leis na rialacha náisiúnta.

(59)

Féadann Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí ("CPPanna") a bheith ina modh éifeachtach chun tionscadail a bhunú lena ndeimhneofar cuspóirí an bheartais phoiblí a bhaint amach trí cineálacha éagsúla acmhainní poiblí agus príobháideacha a thabhairt le chéile. Chun úsáid Cistí SIE a éascú chun tacú le hoibríochtaí faoi struchtúr CPPanna, ba cheart don Rialachán seo tréithe áirithe atá sonrach do CPPanna a chur san áireamh trí roinnt de na comhfhorálacha maidir le SIE a oirúnú.

(60)

Ba cheart na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh a bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainiú ionas go bhforálfar do riail aonfhoirmeach agus chothrom a bheadh infheidhme maidir le cur chun feidhme Chistí SIE ar fud an Aontais. Chun forghníomhú na gclár a éascú, is iomchuí a shonrú go bhféadfaidh an dáta tosaigh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a bheith roimh an 1 Eanáir 2014 má dhéanann an Ballstát lena mbaineann clár a thíolacadh roimh an dáta sin. Agus an gá práinneach na hacmhainní a leithdháiltear ar TFAO a shlógadh á chur san áireamh, ba cheart, go heisceachtúil, gurb é an 1 Meán Fómhair 2013 an dáta tosaigh maidir le hincháilitheacht caiteachais. D'fhonn úsáid éifeachtach Chistí SIE a áirithiú agus an baol a bheadh ann do bhuiséad ginearálta an Aontais a laghdú, is gá srianta a chur i bhfeidhm ar an tacaíocht a thugtar d'oibríochtaí lánchríochnaithe.

(61)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i Rialachán CSE, i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), i Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus i Rialachán CEMI, ba cheart do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais.

(62)

D'fhonn úsáid Chistí SIE a shimpliú agus riosca earráidí a laghdú, agus ag an am céanna foráil á déanamh maidir le difreáil nuair is gá chun sainiúlachtaí an bheartais a léiriú, is iomchuí sainmhíniú a thabhairt ar na cineálacha tacaíochta, ar na coinníollacha comhchuibhithe maidir le deontais a aisíoc agus maidir le cúnamh inaisíochta agus ar mhaoiniú ar ráta comhréidh, ar na rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais agus agus ar chúnamh in-aisíoctha agus ar choinníollacha sonracha i ndáil le hincháilitheacht oibríochtaí ag brath ar a suíomh.

(63)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta tacaíocht ó Chistí SIE a thabhairt i bhfoirm deontas, duaiseanna, cúnaimh in-aisíoctha nó ionstraimí airgeadais, nó i bhfoirm teaglama díobh sin, chun rogha a thabhairt do na comhlachtaí freagracha i dtaobh na foirme tacaíochta is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shainaitheanta.

(64)

Chun éifeachtacht, cothroime agus tionchar inbhuanaithe na hidirghabhála arna déanamh ag Cistí SIE a áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn fadtréimhseach a dhéantar na hinfheistíochtaí i ngnólachtaí agus i mbonneagair agus go gcoisceann siad Cistí SIE a úsáid chun buntáiste mhíchuí. Léiríonn taithí gur tréimhse íosta iomchuí le cur i bhfeidhm atá i dtréimhse cúig bliana, ach amháin i gcás ina bhforáiltear do thréimhse dhifriúil sna rialacha maidir le Státchabhair. Mar sin féin, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, d'fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse níos teoranta de thrí bliana inchosanta i gcás ina mbainfidh an infheistíocht le cothabháil infheistíochtaí nó le poist a bhí cruthaithe ag FBManna. I gcás oibríochta ina bhfuil infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, agus sa chás nach FBM é an tairbhí, ba cheart go ndéanfadh oibríocht den sórt sin an rannchuidiú ó Chistí SIE a aisíoc, más rud é, laistigh de 10 mbliana ón íocaíocht deiridh leis an tairbhí, go bhféadfaí an ghníomhaíocht tháirgiúil a athlonnú lasmuigh den Aontas. Is iomchuí gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE agus gníomhaíochtaí nach bhfuil infheistíocht tháirgiúil nó infheistíocht bonneagair i gceist leo a eisiamh ó cheanglas ginearálta na hinmharthanachta, mura rud é go ndíorthaíonn na ceanglais sin ó rialacha maidir le Státchabhair is infheidhme, agus is iomchuí rannchuidithe le hionstraimí airgeadais nó uathu a eisiamh. Ba cheart suimeanna a íocadh go míchuí a aisghnóthú agus a bheith faoi réir nósanna imeachta is infheidhme maidir le neamhrialtachtaí.

(65)

Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a ghlacadh chun bunú agus feidhmiú cuí a gcóras bainistíochta agus rialaithe a ráthú chun áirithiú a thabhairt maidir le húsáid dhlíthiúil agus rialta Chistí SIE. Ba cheart, dá bhrí sin, oibleagáidí na mBallstát maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe na gclár, agus maidir le cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí agus sáruithe dhlí an Aontais a shonrú.

(66)

I gcomhréir le prionsabail na bainistíochta comhroinnte, ba cheart go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as bainistiú agus as rialú na gclár. Ba cheart gur ag na Ballstáit a bheadh an phríomhfhreagracht, trína gcórais bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú na n-oibríochtaí i gcláir. Chun éifeachtacht an rialaithe ar roghnú nó ar chur chun feidhme na n-oibríochtaí agus feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe a neartú, ba cheart feidhmeanna an údaráis bhainistíochta a shonrú.

(67)

Ba cheart go gcomhlíonfadh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta agus go nglacfaidís ar láimh na freagrachtaí atá mar thoradh orthu, ar oibleagáidí iad atá leagtha síos sna rialacha maidir le bainistíocht comhroinnte atá leagtha amach sa Rialachán seo, sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha Ciste-shonracha. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, go bhfuil socruithe éifeachtacha chun gearáin a scrúdú i bhfeidhm. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, go scrúdódh na Ballstáit gearáin a thíolactar chuig an gCoimisiún agus a thagann faoi raon feidhme a gcuid socruithe agus ba cheart, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas faoi thorthaí na scrúduithe.

(68)

Ba cheart go leagfaí síos cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a fhíorú, agus maidir le gníomhaíocht Ballstáit a cheangal. Ba cheart, freisin, go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh a bheadh dírithe ar na saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais ionas go bhféadfaí teacht ar chonclúidí a bhaineann le feidhmíocht Chistí SIE.

(69)

Ba cheart ceangaltais bhuiséadacha an Aontais a chur i bhfeidhm gach bliain. Chun bainistíocht éifeachtach clár a áirithiú, is gá comhrialacha a leagan síos maidir le réamh-mhaoiniú, le hiarrataí eatramhacha ar íocaíocht agus leis an iarmhéid deiridh, gan dochar do rialacha sonracha a cheanglaítear maidir le gach ceann ar leith de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

(70)

Áirithíonn an íocaíocht réamh-mhaoinithe ag tús na gclár go bhfuil Ballstát in acmhainn tacaíocht a thabhairt do thairbhithe ó thús cur chun feidhme an chláir, ionas go bhfaighidh na tairbhithe sin réamhíocaíocht i gcás inar gá é chun na hinfheistíochtaí beartaithe a dhéanamh agus go ndéanfar iad a aisíoc go mear tar éis na na héilimh íocaíochta a bheith tíolactha. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na méideanna réamh-mhaoinithe tosaigh ó Chistí SIE. Ba cheart don réamh-mhaoiniú tosaigh a bheith imréitithe go hiomlán tráth a ndúntar an clár.

(71)

D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú, ba cheart foráil a dhéanamh do bhearta a mbeadh teorainn ama leo agus a thabharfadh cead don oifigeach údarúcháin trí tharmligean íocaíochtaí a stopadh i gcás inarb ann d'fhianaise shoiléir go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe, d'fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le hiarraidh ar íocaíocht nó go mainnítear doiciméid a thíolacadh chun críche cuntais a scrúdú agus a ghlacadh. Ba cheart fad na tréimhse idirbhriste a bheith ar feadh tréimhse suas le sé mhí, le síneadh féideartha suas go dtí naoi mí ar an tréimhse sin le comhaontú an Bhallstáit chun dóthain ama a bheith ann chun údair an idirbhriste a réiteach agus sa tslí sin cur i bhfeidhm fionraí a sheachaint.

(72)

D'fhonn buiséad an Aontais a choimirciú, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé riachtanach don Choimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith na mBallstát, tá sé tábhachtach go saineofar na himthosca faoina bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh de dheasca sáruithe ar an dlí Aontais nó ar an dlí náisiúnta a bhaineann lena chur i bhfeidhm. D'fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag aon cheartuithe airgeadais a fhorchuireann an Coimisiún ar Bhallstáit le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, níor cheart ceartuithe den sórt sin a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil baint ag an sárú ar dhlí infheidhme an Aontais nó ar an dlí náisiúnta a bhaineann le dlí ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistíocht nó le rialú na n-oibríochtaí agus an chaiteachais chomhfhreagraigh arna ndearbhú chuig an gCoimisiún. D'fhonn comhréireacht a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanann an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an tsáraithe agus na himpleachtaí airgeadais bainteacha do bhuiséad an Aontais a mheas, le linn dó ceartú airgeadais a chinneadh.

(73)

D'fhonn smacht airgeadais a spreagadh, is iomchuí sainiú a dhéanamh ar na socruithe le haghaidh cuid ar bith den cheangaltas buiséadach a shaoradh i gclár, go háirithe i gcás ina bhféadfar méid a eisiamh ón saoradh sin, go háirithe i gcás ina mbíonn moill ar chur chun feidhme mar thoradh ar imthosca atá neamhspleách ar an bpáirtí lena mbaineann, ar imthosca neamhghnácha nó ar imthosca nach féidir a thuar agus nach féidir a n-iarmhairtí a sheachaint d'ainneoin na dúthrachta a caitheadh, mar aon le staid ina ndearnadh iarraidh ar íocaíocht, ach a ndearnadh an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ina leith a bhriseadh nó a ndearnadh an íocaíocht ina leith a chur ar fionraí.

(74)

Is cuid riachtanach freisin den sásra trína ndéantar an cúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh an nós imeachta um shaoradh agus sna cásanna sin ba cheart go bhféadfaí na leithreasuithe a athbhunú ionas go bhféadfaí iad a chur ar fáil ina dhiaidh sin do chláir eile agus do thosaíochtaí eile. Lena chois sin, i gcás inarb é an toradh ar shaoradh go scoirfidh Ballstát de bheith páirteach sna hionstraimí, agus ionstraimí áirithe sonracha airgeadais á gcur chun feidhme ar mhaithe le FBManna, ba cheart foráil a dhéanamh chun na leithreasuithe sin a athbhunú ionas go bhféadfaí iad a chur ar fáil ina dhiaidh sin do chláir eile. Ó tharla go gcaithfear forálacha breise a thabhairt isteach sa Rialachán Airgeadais chun na leithreasuithe sin a athbhunú, níor cheart nósanna imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm le héifeacht ach ón dáta a dtiocfaidh an leasú comhfhreagrach ar an Rialachán Airgeadais i bhfeidhm.

(75)

Tá gá le forálacha ginearálta breise maidir le feidhmiú sonrach na gCistí. D'fhonn a mbreisluach a mhéadú agus d'fhonn feabhas a chur ar a rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus le tosaíochtaí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus le misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, ba cheart feidhmiú na gCistí a shimpliú agus díriú ar na spriocanna a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh".

(76)

Tá forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach CETFT agus CEMI leagtha amach sa reachtaíocht earnáil-shonrach ábhartha.

(77)

D'fhonn cuspóirí an Chonartha maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, ba cheart don sprioc 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' tacú leis na réigiúin ar fad. Chun tacaíocht chothrom a thabhairt de réir a chéile agus chun an fhorbairt ar bhonn eacnamaíoch agus sóisialta a léiriú, ba cheart na hacmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE sna réigiúin lagfhorbartha, sna réigiúin trasdula agus sna réigiúin fhorbartha de réir a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcoibhneas le meán AE. Chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hinfheistíochta ó CFRE agus ó CSE a áirithiú, chun an dul chun cinn atá déanta a chomhtháthú agus chun fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a spreagadh i réigiúin na hEorpa, ar réigiúin iad a raibh a OTI per capita do chlárthréimhse 2007-2013 níos lú ná 75 % de mheán 25 Bhallstát AE don tréimhse tagartha ach ar ardaigh a OTI per capita go níos mó ná 75 % de mheán 27 mBallstát AE, ba cheart go bhfaigheadh na réigiúin sin 60 % ar a laghad dá meán-leithdháileadh bliantúil táscach don tréimhse 2007-2013. Ba cheart don leithdháileadh iomlán a gheobhadh Ballstát ó CFRE, ó CSE agus ón gCiste Comhtháthaithe bheith ionann agus 55 % ar a laghad dá leithdháileadh iomlán aonair don tréimhse 2007-2013. Ba cheart go rachadh an sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ón gCiste Comhtháthaithe chun tairbhe do na Ballstáit a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta (OIN) per capita níos ísle ná 90 % de mheán an Aontais.

(78)

Ba cheart critéir oibiachtúla a shocrú chun réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó na Cistí a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus na limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2007 ón gCoimisiún (14).

(79)

Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach do na Cistí, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an miondealú bliantúil táscach ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí atá ar fáil a bhunú trí mhodh oibiachtúil agus trédhearcach a úsáid, d'fhonn díriú ar na réigiúin a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl, lena n-áirítear na réigiúin sin a bhfuil tacaíocht trasdula á fáil acu. Chun staid an-deacair na mBallstát atá ag fulaingt de dheasca na géarchéime a thabhairt san áireamh, agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 1311/2013 (15) ón gComhairle, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar iomlán leithdháiltí na mBallstát uile in 2016 ar bhonn an staidrimh is deireanaí a bheidh ar fáil an tráth sin agus, más rud é go bhfuil dibhéirsiú carnach de níos mó ná +/– 5 % ann, ba cheart dó na leithdháiltí sin a choigeartú. Ba cheart go ndéanfaí an coigeartú a mbeidh gá leis a leathnú amach i sciaranna comhionanna thar na blianta 2017-2020.

(80)

Chun luathú riachtanach na forbartha bonneagair in iompar agus i bhfuinneamh chomh maith le TFC a spreagadh ar fud an Aontais, cruthaítear Saoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart go ndéanfaí tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe a sholáthar do thionscadail lena ndéantar na croíghréasáin a chur chun feidhme nó do thionscadail agus gníomhaíochtaí cothrománacha arna sainaithint i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(81)

Ba cheart leithdháileadh na leithreasuithe bliantúla ó na Cistí ar Bhallstát a theorannú go dtí uasteorainn a shocrófaí trí OTI an Bhallstáit faoi leith a chur san áireamh.

(82)

Is gá teorainneacha na n-acmhainní sin a shocrú do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus is gá critéir oibiachtúla a ghlacadh maidir lena leithdháileadh ar réigiúin agus ar Bhallstáit. Ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht a chomhchruinniú lena áirithiú go ndíreofar infheistíocht leordhóthanach ar fhostaíocht don aos óg, ar shoghluaisteacht an lucht saothair, ar eolas, ar chuimsiú sóisialta agus ar an mbochtaineacht a chomhrac, agus ar an gcaoi sin go n-áiritheofar nach lú ná 23,1 % é cion CSE mar chéatadán de líon iomlán na n-acmhainní comhcheangailte do na Cistí Struchtúrtha agus don Chiste Comhtháthaithe ar leibhéal an Aontais, gan an tacaíocht a thagann ón gCiste Comhtháthaithe ar mhaithe le bonneagar iompair faoin tSaoráid um Chomhnascadh na hEorpa ná an tacaíocht ó na Cistí Struchtúrtha le haghaidh cúnaimh do na daoine sin is díothaí a áireamh.

(83)

I bhfianaise na tosaíochta práinní atá ann dul i ngleic le dífhostaíocht i measc an ógra sna réigiúin is mó atá buailte, agus san Aontas ina iomláine chomh maith, déantar TFAO a chruthú agus a chistiú ó leithdháileadh sonrach agus ó infheistíocht spriocdhírithe ó CSE chun cur leis an tacaíocht thábhachtach a sholáthraítear cheana trí Chistí SEI agus chun an tacaíocht sin a threisiú. Ba cheart é bheith d'aidhm ag TFAO tacú le daoine óga, go háirithe na daoine óga sin nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna a bhfuil cónaí orthu sna réigiúin incháilithe. Ba cheart TFAO a chur chun feidhme mar chuid de sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

(84)

Sa bhreis air sin, i gcomhréir leis an bpríomhsprioc maidir le laghdú na bochtaineachta, is gá an Ciste um Chabhair Eorpach do na daoine is díothaí a atreorú chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Ba cheart foráil do shásra lena n-aistreofaí acmhainní chuig an ionstraim sin ó leithdháiltí na gCistí Struchtúracha de gach Ballstát.

(85)

Agus na dálaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair á dtabhairt san áireamh, níor cheart go mbeadh uasleibhéal an aistrithe (caidhpeáil) ó na Cistí chuig gach Ballstáit ar leith ina thoradh ar leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit atá níos airde ná 110 % dá gcuid leibhéil i dtéarmaí réadacha do chlárthréimhse 2001-2013.

(86)

D'fhonn leithdháileadh iomchuí ar gach catagóir réigiún a áirithiú, níor cheart acmhainní ó na Cistí a aistriú idir réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cuspóir téamach amháin nó níos mó a chur i gcrích. Maidir le haistrithe den sórt sin, níor cheart go mbeadh níos mó ná 3 % den leithreasú iomlán don chatagóir réigiún sin ag baint leo.

(87)

Chun fíorthionchar eacnamaíoch a áirithiú, níor cheart tacaíocht ó na Cistí a chur in ionad chaiteachas poiblí nó chaiteachas structúrach coibhéiseach na mBallstát faoi théarmaí an Rialacháin seo. Sa bhreis air sin, ionas go ndéanfaí comhthéacs eacnamaíoch níos leithne a chur san áireamh sa tacaíocht ó na Cistí, ba cheart leibhéal an chaiteachais phoiblí a shocrú faoi threoir na gcoinníollacha maicreacnamaíocha ginearálta faoina ndéantar an maoiniú bunaithe ar na táscairí sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú a thíolacann na Ballstáit gach bliain i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1466/1997 ón gComhairle. Maidir leis an bhfíorú a dhéanann an Coimisiún ar phrionsabal na breisíochta, ba cheart é a dhíriú ar na Ballstáit a bhfuil réigiúin bheagfhorbartha iontu a chumhdaíonn 15 % ar a laghad den daonra de bharr scála na n-acmhainní airgeadais a leithdháiltear orthu.

(88)

Is gá forálacha breise a leagan síos maidir le cláreagrú, bainistiú, faireachán agus rialú na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí chun díriú isteach tuilleadh ar na torthaí. Go háirithe, is gá ceanglais mhionsonraithe a leagan amach d'inneachar na gclár oibríochtúil. Ba cheart go n-éascófaí leis sin loighic chomhsheasmhach idirghabhála a chur i láthair chun dul i ngleic leis na riachtanais forbartha a sainaithníodh, chun an creat don mheasúnú feidhmíochta a leagan amach agus chun buntaca a chur le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gCistí sin. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart gurb aon chuspóir téamach amháin, aon Chiste amháin agus aon chatagóir réigiúin amháin a chumhdófaí in ais tosaíochta. I gcás inarb iomchuí agus chun an éifeachtúlacht i gcur chuige comhtháite atá comhleanúnach go téamach a mhéadú, ba cheart go mbeadh sé indéanta go bhféadfadh baint a bheith ag ais tosaíochta le níos mó ná catagóir réigiúin amháin agus go bhféadfaí ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí infheistíochta comhlántacha ó CFRE, ó CSE agus ón gCiste Comhtháthaithe a chomhcheangal faoi cheann amháin nó níos mó de chuspóirí téamacha.

(89)

In imthosca ina n-ullmhaíonn Ballstát uaslíon aon chláir oibríochtúil amháin in aghaidh an Chiste, ionas go n-ullmhaítear na cláir agus an Comhaontú Comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart socruithe sonracha a leagan amach chun comhlántacht doiciméad den sórt sin a áirithiú.

(90)

Chun a thabhairt go mbeadh an gá atá le cláir bheachta oibríochtúla ina leagann na Ballstáit gealltanais shoiléire amach ag réiteach leis an ngá atá le solúbthacht a cheadú chun coigeartú a dhéanamh i bhfianaise cúinsí atá ag athrú, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir eilimintí bunriachtanacha an chláir oibríochtúil atá faoi réir cinnidh ón gCoimisiún agus eilimintí eile nach bhfuil faoi réir cinnidh ón gCoimisiún agus ar féidir le Ballstát iad a leasú. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta a chur ar fáil lena bhféadfaí na heilimintí neamhriachtanacha sin a leasú ar an leibhéal náisiúnta d'uireasa cinneadh ón gCoimisiún.

(91)

D'fhonn comhlántachtaí a fheabhsú agus cur chun feidhme a shimpliú, ba cheart go mbeadh sé indéanta tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ó CSE i gcláir oibríochtúla chomhpháirteacha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

(92)

Baineann sciar suntasach de chaiteachas an Aontais le mórthionscadail agus is minic a bhíonn tábhacht straitéiseach ag baint leo a mhéid a bhaineann le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Tá údar maith ann, dá bhrí sin, go mbeidh oibríochtaí os cionn tairseacha áirithe fós faoi réir nósanna imeachta sonracha formheasa faoin Rialachán seo. Ba cheart an tairseach a bhunú maidir leis an gcostas iomlán incháilithe tar éis na glanioncaim a mbeifí ag súil leo a chur san áireamh agus go mbeadh tairseach níos airde ann do thionscadail iompair de bharr mhéid tipiciúil mór na n-infheistíochtaí san earnáil sin. Chun soiléireacht a áirithiú, is iomchuí inneachar iarratais ar mhórthionscadail a shainiú chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh san iarratas an fhaisnéis is gá chun a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar an rannchuidiú airgeadais ó na Cistí go dtarlaíonn caillteanas substaintiúil ar phoist i suímh atá cheana ann laistigh den Aontas.

(93)

Chun ullmhú agus cur chun feidhme na mórthionscadal a chur chun cinn ar bhonn fónta, eacnamaíoch agus teicniúil agus chun úsáid comhairle saineolaithe ag céim luath a spreagadh, sa chás ina bhfuil saineolaithe neamhspleácha a mbeidh tacaíocht theicniúil acu ón gCoimisiún nó saineolaithe eile i gcomhaontú leis an gCoimisiún in ann ráitis shoiléire a sholáthar maidir le hindéantacht agus le hinmharthanacht eacnamaíoch mórthionscadail, ba cheart nós imeachta formheasa an Choimisiúin a shruthlíniú. Níor cheart go mbeadh an Coimisiún in ann formheas ranníocaíochta airgeadais a dhiúltú ach amháin má shuíonn sé laige shuntasach san athbhreithniú neamhspleách cáilíochta.

(94)

I gcásanna nach ndearnadh athbhreithniú cáilíochta neamhspleách ar mhórthionscadal iontu, ba cheart don Bhallstát an fhaisnéis go léir a éilítear a chur isteach agus breithmheas a dhéanamh ar an mórthionscadal chun a chinneadh an bhfuil bonn cirt leis an ranníocaíocht airgeadais iarrtha.

(95)

Ar mhaithe le comhleanúnachas cur chun feidhme, d'fhonn go seachnófar ualach neamhriachtanach riaracháin, chomh maith chun críocha ailínithe leis an gCinneadh ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte i ndáil le clabhsúr na clárthréimhse 2007-2013, bunaítear forálacha céimnithe do mhórthionscadail arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (17) a bhfuiltear ag súil leis go rachaidh a dtréimhse cur chun feidhme thar an tréimhse clárúcháin a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Faoi réir coinníollacha áirithe, ba cheart go mbeadh nós imeachta mear chun fógra agus formheas a thabhairt i ndáil le dara céim nó céim ina dhiaidh sin de mhórthionscadal ar ceadaíodh an chéim nó na céimeanna roimhe sin ina leith ag an gCoimisiún faoin tréimhse clárúcháin 2007-2013. Ba cheart gach céim ar leith den oibríocht chéimnithe, a fhónann don chuspóir foriomlán céanna, a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse ábhartha.

(96)

D'fhonn rogha a thabhairt do na Ballstáit cuid de chlár oibríochtúil a chur chun feidhme trí chur chuige bunaithe ar thorthaí a úsáid, is áisiúil foráil a dhéanamh do chomhphlean gníomhaíochta ina mbeadh tionscadal nó grúpa de thionscadail nó sraith tionscadal a bheadh le déanamh ag tairbhí mar rannchuidiú le cuspóirí an chláir oibríochtúil. D'fhonn an bhéim a chuireann na Cistí ar thorthaí a shimpliú agus a threisiú, ba cheart bainistiú an phlean gníomhaíochta chomhpháirtigh a bheith bunaithe go huile agus go hiomlán ar gharspriocanna, aschuir agus torthaí a bheidh comhaontaithe go comhpháirteach agus atá sainithe sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar an comhphlean gníomhaíochta. Ba cheart go mbeadh rialú agus iniúchóireacht comhphlean gníomhaíochta teoranta i dtaobh cé acu an mbaineann sé amach nó nach mbaineann sé amach a gharspriocanna, a aschuir agus a thorthaí. Dá réir sin, is gá rialacha maidir le hullmhú, inneachar, glacadh, bainistiú agus rialú airgeadais comhphleananna gníomhaíochta a leagan síos.

(97)

Is gá rialacha sonracha a ghlacadh maidir le feidhmeanna an choiste faireacháin agus leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Leagtar amach forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach CETFT sa reachtaíocht earnáil-shonrach ábhartha.

(98)

Lena áirithiú go bhfuil faisnéis fhíor-riachtanach agus cothrom le dáta ar fáil faoi chur chun feidhme na gclár, is gá do na Ballstáit na príomhshonraí a sholáthar don Choimisiún go tráthrialta. Lena sheachaint nach mbeidh ualach breise ar na Ballstáit, ba cheart go mbeadh an méid sin teorannta do shonraí a bhailítear go leanúnach, agus ba cheart na sonraí a tharchur ar mhodh leictreonach malartaithe sonraí.

(99)

Chun faireachán agus dul chun cinn a threisiú maidir le cur i bhfeidhm na gCistí agus chun bainistíocht airgeadais a éascú, is gá a áirithiú go mbeidh na bunsonraí airgeadais maidir leis an dul chun cinn ar chur chun feidhme ar fáil ar bhealach tráthúil.

(100)

I gcomhréir le hAirteagal 175 CFAE, tá an Coimisiún le Tuarascálacha faoin gComhtháthú a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus do Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a ghnóthú. Is gá forálacha a bhaineann le hinneachar na tuarascála sin a leagan síos.

(101)

Tá sé tábhachtach a bhfuil gnóthaithe ag na Cistí a chur ar a súile don phobal i gcoitinne agus feasacht a mhúscailt i dtaobh chuspóirí an bheartais chomhtháthaithe. Tá sé de cheart ag saoránaigh eolas a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an Aontais a infheistiú. Ba cheart go mbeadh freagracht ar na húdaráis bhainistíochta agus ar na tairbhithe araon as a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis iomchuí in iúl don phobal. Lena áirithiú go ndéanfar cumarsáid níos éifeachtúla leis an bpobal i gcoitinne agus go gcruthófar sineirgí níos láidre idir na gníomhaíochtaí cumarsáide arna ndéanamh ar thionscnamh an Choimisiúin, ba cheart go rannchuideodh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach a mhéid is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

(102)

D'fhonn inrochtaineacht agus trédhearcacht faisnéise faoi dheiseanna cistithe agus tairbhithe tionscadail a neartú, ba cheart suíomh gréasáin aonair nó tairseach de shuímh ghréasáin a sholáthraíonn faisnéis faoi na cláir oibríochtúla uile, lena n-áirítear liostaí de na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi gach clár oibríochtúil, a chur ar fáil i ngach Ballstát.

(103)

Chun scaipeadh forleathan faisnéise faoina bhfuil gnóthaithe ag na Cistí agus ról an Aontais sa mhéid sin a áirithiú agus chun tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistithe, ba cheart rialacha mionsonraithe faoi bhearta faisnéise agus cumarsáide, lena gcuirtear san áireamh méid na gclár oibríochtúil i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar aon le saintréithe teicniúla áirithe sna bearta sin a shainiú sa Rialachán seo.

(104)

Chun a áirithiú go mbeidh leithdháileadh gach Ciste dírithe ar straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus ar na misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, is gá uasteorainneacha a bhunú maidir le leithdháileadh ar chúnamh teicniúil an Bhallstáit. Is gá a áirithiú chomh maith go n-éascaíonn an creat dlíthiúil le haghaidh chláreagrú an chúnaimh theicniúil cruthú socruithe seachadta sruthlínithe i gcomhthéacs ina gcuirfidh na Ballstáit Ilchistí chun feidhme ag an am céanna agus ba cheart go bhféadfadh an creat sin catagóirí éagsúla réigiún a chuimsiú.

(105)

Is gá na heilimintí a bheidh ann chun modhnú a dhéanamh ar an ráta cómhaoinithe ó na Cistí chuig aiseanna tosaíochta a chinneadh, go háirithe, chun éifeacht iolraitheora acmhainní an Aontais a mhéadú. Is gá freisin na huasrátaí cómhaoinithe a bhunú de réir catagóire réigiún chun a áirithiú go n-urramaítear prionsabal an chómhaoinithe trí leibhéal iomchuí tacaíochta náisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach.

(106)

Is gá go ndéanfadh na Ballstáit údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh feidhme de a ainmniú le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Chun solúbthacht a thabhairt do Bhallstáit ó thaobh córais rialaithe a chur ar bun, is iomchuí a fhoráil go dtabharfar an rogha go gcuirfeadh an t-údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin i gcrích. Ba cheart freisin cead a bheith ag Ballstáit comhlachtaí idirmheánacha a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh. Sa chás sin, ba cheart do Bhallstáit a bhfreagrachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach a leagan síos go soiléir.

(107)

Chun eagrú sonrach na gcóras bainistíochta agus rialaithe do na Cistí agus don CEMI a chur san áireamh, agus freisin an gá atá le cur chuige comhréireach a áirithiú, is gá forálacha sonracha a bheith ann maidir leis an údarás bainistíochta agus leis an údarás deimhniúcháin a ainmniú. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, ba cheart fíorú ex ante ar chomhlíonadh na gcritéar ainmnithe a léirítear sa Rialachán seo a theorannú don údarás bainistíochta agus deimhniúcháin, agus, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart go mbeadh aon obair bhreise iniúchóireachta ag teastáil nuair a bheidh an córas go bunúsach mar a chéile agus a bhí do chlárthréimhse 2007-2013. Níor cheart go mbeadh aon cheanglas ann go ndéanfadh an Coimisiún an t-ainmniú a fhormheas. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, áfach, ba cheart go mbeadh an rogha ar fáil do na Ballstáit na doiciméid a bhaineann leis an ainmniú a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi réir coinníollacha áirithe a leagtar síos sa Rialachán sin. Maidir leis an bhfaireachán ar chomhlíonadh na gcritéar ainmniúcháin arna dhéanamh ar bhonn socruithe iniúchóireachta agus rialaithe, ba cheart, i gcás ina léireoidh na torthaí nár comhlíonadh na critéir, go leanfadh gníomhaíochtaí leighis astu agus go bhféadfadh sé tarlú dá éis go gcuirfí deireadh leis an ainmniúchán.

(108)

Is ar an údarás bainistíochta a bheidh an phríomhfhreagracht as na Cistí agus CEMI a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus, ar an dóigh sin, comhlíonfaidh sé líon suntasach feidhmeanna a bhaineann le bainistiú agus le faireachán ar na cláir, bainistíocht airgeadais agus rialuithe, chomh maith le roghnú tionscadal. Ba cheart, dá réir sin, freagrachtaí agus feidhmeanna an údaráis bhainistíochta a leagan amach.

(109)

Ba cheart don údarás deimhniúcháin iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó na cuntais a tharraingt suas, ina ndeimhneofar a n-iomláine, a gcruinneas agus a bhfírinneacht agus go gcomhlíonann an caiteachas arna iontráil iontu na rialacha Aontais is infheidhme agus na rialacha náisiúnta is infheidhme. Ba cheart freagrachtaí agus feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a leagan amach.

(110)

Ba cheart don údarás iniúchóireachta a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais. Ba cheart freagrachtaí agus feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta a leagan amach. Ba cheart iniúchtaí ar chaiteachais dhearbhaithe a dhéanamh ar shampla ionadaíoch d'oibríochtaí chun go bhféadfaí na torthaí a eachtarshuíomh. Mar riail ghinearálta, ba cheart modh samplála staidrimh a úsáid chun sampla ionadaíoch iontaofa a sholáthar. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfadh na húdaráis iniúchóireachta modh samplála neamhstaidrimh a úsáid in imthosca a bhfuil údar cuí leo ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán.

(111)

Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le rialú airgeadais, ba cheart an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún sa réimse seo a mhéadú agus ba cheart critéir a bhunú a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin, i gcomhthéacs a straitéise chun córais náisiúnta a rialú, an leibhéal urrúis ar cheart dó a fháil ó chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta a chinneadh.

(112)

Sa bhreis ar na comhrialacha maidir le bainistíocht airgeadais le haghaidh Chistí SIE, ba cheart forálacha breise do na Cistí agus do CEMI a leagan síos. Go sonrach, d'fhonn urrús réasúnach a áirithiú don Choimisiún, sula nglacfar le cuntais, ba cheart iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a aisíoc ag ráta 90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach aise tosaíochta de réir mar a leagtar síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochtúil a chur i bhfeidhm ar an gcaiteachas incháilithe le haghaidh gach tosaíocht a leagtar síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochtúil. Ba cheart na méideanna gan íoc atá dlite a íoc leis na Ballstáit ar ghlacadh na gcuntas, ar choinníoll go bhfuil an Coimisiún in ann a dheimhniú go bhfuil na cuntais iomlán, beacht agus ceart.

(113)

Ba cheart go bhfaigheadh tairbhithe an tacaíocht ina hiomláine tráth nach déanaí ná 90 lá ón dáta ar thíolaic an tairbhí an t-éileamh ar íocaíocht, faoi réir na gcistí a bheith ar fáil ó réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil agus ó íocaíochtaí eatramhacha. Ba cheart go mbeadh an t-údarás bainistíochta in ann an spriocdháta a bhriseadh i gcás ina bhfuil na doiciméid tacaíochta neamhiomlán nó má tá fianaise ar neamhrialtacht ar fianaise í a chaithfear a imscrúdú tuilleadh. Ba cheart foráil a dhéanamh le haghaidh réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil lena áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag na Ballstáit cláir a chur chun feidhme faoi na socruithe sin. Ba cheart réamh-mhaoiniú bliantúil a imréiteach gach bliain le glacadh cuntas.

(114)

D'fhonn an baol a laghdú go mbeidh caiteachas mírialta á fhógairt, ba cheart gurbh fhéidir d'údarás deimhniúcháin, gan gá le haon údar maith breise, na méideanna a áireamh inar ghá fíorú breise in iarratas eatramhach íocaíochta tar éis na bliana cuntasaíochta inar cuireadh isteach ina chóras cuntasaíochta iad.

(115)

Lena áirithiú go gcuirfear na rialacha ginearálta maidir le saoradh i bhfeidhm go hiomchuí, ba cheart mionsonraí a thabhairt sna rialacha a bhunaítear le haghaidh na gCistí agus CEMI faoin tslí ina leagtar síos na spriocdhátaí don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na méideanna atá i gceist.

(116)

D'fhonn ceanglais an Rialacháin Airgeadais a chur i bhfeidhm ar bhainistiú airgeadais na gCistí agus CEMI, is gá nósanna imeachta le haghaidh ullmhú, scrúdú agus glacadh cuntas a leagan amach ar cheart dóibh bonn soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na socruithe seo. Ina theannta sin, d'fhonn a cheadú do Bhallstát a fhreagrachtaí a chomhlíonadh i gceart, ba cheart go mbeadh an Ballstát in ann méideanna is ábhar do mheasúnú leanúnach dlíthiúlachta agus rialtachta a eisiamh.

(117)

D'fhonn an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, ba cheart teorainneacha sonracha ama a leagan amach ina mbeadh údaráis bhainistíochta faoi oibleagáid fáil ar dhoiciméid i gcomhair oibríochtaí a áirithiú tar éis caiteachas a chur isteach nó oibríocht a chur i gcrích. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart an tréimhse maidir le doiciméid a choimeád a idirdhealú ag brath ar chaiteachas iomlán incháilithe oibríochta.

(118)

Ós rud é go bhfíoraítear agus go nglactar na cuntais gach bliain, ba cheart simpliú suntasach den nós imeachta maidir le clabhsúr a thabhairt isteach. Níor cheart go mbeadh clabhsúr deiridh an chláir bunaithe dá bhrí sin ach amháin ar na doiciméid a bhaineann leis an mbliain chuntasaíochta dheiridh agus ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme nó ar an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme, gan aon ghá le haon doiciméid bhreise a chur ar fáil.

(119)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú agus na hacmhainní a sholáthar chun cur chun feidhme éifeachtach na gclár a áirithiú, ba cheart forálacha a leagan síos a chuireann ar chumas an Choimisiúin íocaíochtaí ar leibhéal na dtosaíochtaí nó ar leibhéal na gclár oibríochtúil a fhionraí.

(120)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do na Ballstáit, is iomchuí na socruithe agus na nósanna imeachta sonracha a bhaineann le ceartuithe airgeadais a dhéanann na Ballstáit nó an Coimisiún maidir leis na Cistí agus le CEMI a leagan síos agus prionsabal na comhréireachta á urramú

(121)

Tá sé riachtanach creat dlíthiúil a bhunú ina gcuirfear córais urrúnta bainistíochta agus rialaithe ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach mar aon leis na róil agus na freagrachtaí a roinnt mar is iomchuí maidir leis an gcomhbhainistíocht. Ba cheart go ndéanfaí an ról atá ag an gCoimisiún a shonrú agus a shoiléiriú agus go leagfaí rialacha comhréireacha amach chun ceartuithe airgeadais ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm.

(122)

Ba cheart minicíocht na n-iniúchtaí ar oibríochtaí a bheith comhréireach le méid thacaíocht an Aontais ó na Cistí agus ó CEMI. Go sonrach, ba cheart líon na n-iniúchtaí a dhéantar a laghdú i gcás nach mó an caiteachas incháilithe iomlán le haghaidh oibríochta ná EUR 200 000 i gcás CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, agus EUR 150 000 i gcás CSE agus EUR 100 000 i gcás an CEMI. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé indéanta iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith i gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhrialtacht nó ar chalaois, nó, i ndiaidh oibríocht lánchríochnaithe a dhúnadh, iad a dhéanamh mar chuid de shampla iniúchta. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar rian iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta nó go mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh in iniúchóireachtaí ar an láthair a dhéanann an t-údarás iniúchóireachta. I gcás nach bhfaighidh an Coimisiún an dearbhú is gá maidir le feidhmiú éifeachtach an údaráis iniúchóireachta ar na bealaí sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an ghníomhaíocht iniúchóireachta a dhéanamh an athuair i gcás ina mbeidh an cleachtas sin i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo. Chun go mbeidh leibhéal na hiniúchóireachta a dhéanann an Coimisiún comhréireach leis an riosca, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chuid oibre iniúchóireachta a laghdú i ndáil le cláir oibríochtúla i gcás nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann nó i gcás inar féidir brath ar an údarás iniúchóireachta. Chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach chun an baol forluí a laghdú idir iniúchtaí ar na hoibríochtaí céanna ag institiúidí éagsúla, eadhon Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Coimisiún agus an t-údarás iniúchóireachta.

(123)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le cód iompair Eorpach maidir le comhpháirtíochta, le forlíontaí agus leasuithe ar Roinn 4 agus Roinn 7 de CS, le critéir chun leibhéal an cheartuithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a chinneadh, le rialacha sonracha breise maidir le ceannach talún a chinneadh agus maidir le tacaíocht theicniúil a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais, le rialacha sonracha breise maidir le ról, dliteanais agus freagracht comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, le bainistiú agus rialú ionstraimí airgeadais, leis na híocaíochtaí le hionstraimí airgeadais a tharraingt siar agus na coigeartuithe iarmhartacha i leith iarratas ar íocaíochtaí, le córas caipitliú tráthchodanna bliantúla d'ionstraimí airgeadais a bhunú, le rialacha sonracha ina leagtar amach na critéir chun costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a chinneadh ar bhonn feidhmíochta agus ar bhonn na dtairseach is infheidhme agus rialacha áirithe maidir le costais bhainistíochta chaipitlithe agus táillí bainistíochta caipitlithe i leith ionstraimí bunaithe ar chothromas agus micreachreidmheasa a aisíoc, leis an gcoigeartú teicniúil ar an ráta comhréidh le haghaidh oibríochtaí a ghineann glanioncam sna hearnálacha sonracha mar aon le ráta comhréidh a bhunú le haghaidh earnálacha áirithe nó fo-earnálacha áirithe, i réimsí TFC, an taighde,

na forbartha agus na núála agus na tíosachta fuinnimh agus earnálacha nó fo-earnálacha a chur isteach, leis an modheolaíocht a bheidh le húsáid chun an glanioncam lascainithe le haghaidh oibríochtaí a ghineann glanioncam a ríomh, le roinnt rialacha sonracha a bhaineann le hoibríochtaí CPPanna a aischur, le híoscheanglais a áireamh i gcomhaontuithe CPP ar íoscheanglais iad atá riachtanach chun maolú a chur i bhfeidhm maidir le hincháilitheacht an chaiteachais, leis an sainmhíniú ar an ráta comhréidh is infheidhme maidir le costais indíreacha le haghaidh deontas bunaithe ar mhodhanna atá ann cheana agus rátaí comhfhreagracha is infheidhme i mbeartais an Aontais, leis an modheolaíocht a bheidh le húsáid chun athbhreithniú cáilíochta a dhéanamh ar mhórthionscadal, leis na critéir chun na cásanna mírialtachta a bheidh le tuairisciú a chinneadh, leis na sonraí a bheidh le soláthar a chinneadh agus maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm, chun a chinneadh an ndéanfaidh na Ballstáit méideanna nach bhfuil in-aisghabhála a aisíoc, leis na sonraí a bheidh le taifeadadh agus le stóráil i bhfoirm ríomhairithe laistigh de chóras faireacháin arna mbunú ag na húdaráis bhainistíochta, leis na híoscheanglais maidir le rian iniúchóireachta, le raon feidhme agus inneachar iniúchóireachtaí agus leis an modheolaíocht samplála, leis na rialacha i dtaca le sonraí arna mbailiú le linn iniúchóireachtaí a úsáid, agus leis na critéir chun easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach córas bainistíochta agus rialaithe a chinneadh, chun leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm agus chun rátaí comhréidhe nó ceartuithe airgeadais eachtarshuite a chur i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(124)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le Cistí SIE uile, cinntí a ghlacadh lena bhformheastar eilimintí na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na leasuithe orthu, cinntí a ghlacadh maidir leis na cláir agus na tosaíochtaí a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as leithdháileadh an chúlchiste feidhmíochta, cinntí lena ndéantar cláir a leasú mar thoradh ar ghníomhartha ceartaitheacha a bhaineann le leithdháiltí airgeadais a aistriú chuig cláir eile, cinntí maidir le pleananna bliantúla gníomhaíochta atá le maoiniú ón gcúnamh teicniúil a ghlacadh ar thionscnamh an Choimisiúin, agus, i gcás saortha, cinntí a ghlacadh chun cinntí lena nglactar cláir a leasú; agus sa mhéid a bhaineann le CFRE, le CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, cinntí a ghlacadh lena sainaithnítear na réigiúin agus na Ballstáit a chomhlíonann critéir i ndáil le hInfheistíocht le haghaidh fáis agus post, cinntí a ghlacadh lena leagtar amach an miondealú bliantúil ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí chuig na Ballstáit, cinntí a ghlacadh lena leagtar amach an méid atá le haistriú ó leithdháileadh Ciste Comhtháthaithe gach Ballstáit chuig SCE, cinntí a ghlacadh lena leagtar amach an méid atá le haistriú ó leithdháileadh Cistí Struchtúracha gach Ballstáit chuig cabhair do na daoine is díothaí, cinntí a ghlacadh i dtaobh cé acu an ndéantar nó nach ndéantar ceartú airgeadais i gcás

neamhchomhlíonadh na breisíochta, cinntí a ghlacadh lena nglactar agus lena leasaítear cláir oibríochtúla, cinntí lena ndiúltaítear an ranníocaíocht airgeadais le mórthionscadal cinntí a ghlacadh maidir le mórthionscadail, agus cinntí a ghlacadh maidir le comhphleananna gníomhaíochta: agus sa mhéid a bhaineann le CFRE, le CSE, leis an gCiste Comhtháthaithe agus le CEMI, cinntí a ghlacadh maidir le neamhghlacadh na gcuntas agus leis an méid is inmhuirearaithe murar glacadh leis na cuntais, agus cinntí a ghlacadh maidir le ceartuithe airgeadais.

(125)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an tsamhail a bheidh le húsaid chun an tuarascáil ar dhul chun cinn a chur isteach, leis an modheolaíocht a bheidh le húsáid agus an anailís chostais is tairbhe á déanamh, leis an bhformáid d'fhaisnéis faoi mhórthionscadail, leis an tsamhail don chomhphlean gníomhaíochta, le samhail na tuarascála bliantúla agus na tuarascála deiridh ar chur chun feidhme, leis an minicíocht tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus leis an bhformáid tuairiscithe a bheidh le húsáid, leis an tsamhail do dhearbhú bainistíochta, agus leis na samhlacha don straitéis iniúchóireachta, don tuairim iniúchóireachta agus don tuarascáil bhliantúil ar rialú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

(126)

Chun an t-ionchur is gá agus rannpháirtíocht níos fearr ó na Ballstáit a áirithiú nuair a fheidhmíonn an Coimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an Rialachán seo i réimsí beartais áirithe atá an-íogair a bhaineann le Cistí SIE agus d'fhonn ról na mBallstát a neartú maidir le coinníollacha aonfhoirmeacha i réimsí den sórt sin nó bearta eile feidhmiúcháin a ghlacadh ag a bhfuil impleachtaí substaintiúla nó a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar an ngeilleagar náisiúnta, ar an mbuiséad náisiúnta nó ar fheidhmiú cuí riarachán poiblí na mBallstát, maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an modheolaíocht chun faisnéis a chur ar fáil maidir le tacaíocht do na cuspóirí i leith an athraithe aeráide, maidir leis na socruithe chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú chun na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh gach tosaíochta a chinneadh sa chreat feidhmíochta agus chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna, maidir le samhail an chomhaontaithe cistithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna; maidir leis an ainmníocht, ar bunaithe uirthi a fhéadfar na catagóirí idirghabhála a shainiú i dtaca leis

an ais tosaíochta i gcláir oibríochtúla, maidir le tréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide i ndáil leis an oibríocht agus na treoracha chun an feathal a chruthú agus a dhathanna caighdeánacha a shainiú; maidir leis an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a thíolactar na sonraí airgeadais chuig an gCoimisiún chun críocha faireacháin chomh maith le samhlacha le haghaidh iarratas íocaíochta agus cuntas; maidir leis an bhformáid don fhógra maidir le mórthionscadal roghnaithe; maidir le téarmaí agus coinníollacha an mhalartaithe leictreonaigh sonraí a bhunófar i gcomhair malartuithe oifigiúla faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le freagrachtaí Ballstát, maidir leis an tsamhail do thuarascáil agus do thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta i ndáil le nósanna imeachta ainmniúcháin na n-udarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, na n-údarás deimhniúcháin, maidir le sonraíochtaí teicniúla an chórais bhainistíochta agus rialaithe, maidir leis na socruithe mionsonraithe i ndáil le ranníocaíochtaí cláir a tharchur agus a bhainistiú i leith ionstraimí áirithe airgeadais, maidir leis na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a thíolactar faisnéis bhreise a bhaineann le hionstraimí airgeadais i dteannta na n-iarratas ar íocaíochtaí chuig an gCoimisiún, leis na samhlacha a bheidh le húsáid agus tuarascáil faoi ionstraimí airgeadais á tabhairt don Choimisiún, ba cheart na cumhachtaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin faoi mar a bhunaítear é in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(127)

Maidir le gníomhartha cur chun feidhme áirithe atá le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011, tá an oiread sin tábhachta do na Ballstáit leis an tionchar agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith acu go bhfuil údar maith le heisceacht a dhéanamh ón riail ghinearálta. Dá réir sin, i gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, níor cheart go nglacfadh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme. Baineann na gníomhartha cur chun feidhme sin leis an modheolaíocht a leagan amach chun faisnéis a sholáthar maidir le tacaíocht do na cuspóirí i leith an athraithe aeráide; leis an modheolaíocht do na garspriocanna agus na spriocanna i ndáil le creat feidhmíochta a chinneadh; leis na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunú; leis na socruithe mionsonraithe a leagan síos i ndáil le ranníocaíochtaí cláir a aistriú agus a bhainistiú maidir le hionstraimí áirithe airgeadais; le samhail an chomhaontaithe cistithe a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna a ghlacadh; leis an tsamhail a bhunú a bheidh le húsáid agus tuarascáil faoi ionstraimí airgeadais á tabhairt don Choimisiún; leis an ainmníocht a chinneadh, ar bunaithe uirthi a fhéadfar na catagóirí idirghabhála a shainiú i dtaca leis an ais tosaíochta i gcláir oibríochtúla; le saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide a bhunú maidir leis an oibríocht agus na treoracha chun an feathal a chruthú agus a dhathanna caighdeánacha a shainiú; leis na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos maidir le taifeadadh agus stóráil sonraí i ndáil leis an gcóras bainistíochta agus rialaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

(128)

Ós rud é go dtagann an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm. Mar sin féin, níor cheart, leis an Rialachán seo, difear a dhéanamh do bhuanú nó do mhodhnú na dtionscadal lena mbaineann, go dtí go ndúnfar iad, nó do bhuanú nó do mhodhnú an chúnaimh arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 nó aon reachtaíochta eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin amhail an 31 Nollaig 2013. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh iarratais a dhéantar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle fós bailí. Ba cheart rialacha idirthréimhseacha speisialta a leagan síos freisin de mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcás ina bhféadfaidh údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích do chláir oibríochtúla, a cuireadh i bhfeidhm faoin gcreat reachtach roimhe sin, a mhéid a bhaineann le measúnú ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 73(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle agus Airteagal 123(5) á chur i bhfeidhm agus a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta formheasta de chuid mórthionscadal faoi phointe (a) d'Airteagal 102(1).

(129)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, a ghnóthú go leordhóthanach mar thoradh ar mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus ar an teorainn ar acmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(130)

D'fhonn go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A hAON

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na comhrialacha is infheidhme maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), a oibríonn faoi chomhchreat ('Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa' - 'SIE'). Leagtar síos ann freisin na forálacha atá riachtanach chun éifeachtacht Chistí SIE agus a gcomhordú le chéile agus le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú. Déantar na comhrialacha is infheidhme maidir le Cistí SIE a leagan amach i gCuid a Dó.

I gCuid a Trí, leagtar síos na rialacha ginearálta faoina rialaítear CFRE, CSE (dá ngairtear 'Cistí Struchtúracha' le chéile) agus an Ciste Comhtháthaithe maidir le cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus an Chiste Chomhtháthaithe (na 'Cistí'), na critéir nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh chun go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht ó Chistí SIE, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir chun iad a leithdháileadh.

I gCuid a Ceathair, leagtar síos na rialacha ginearálta is infheidhme maidir leis na Cistí agus CEMI maidir le bainistiú agus rialú, bainistíocht airgeadais, cuntais agus ceartúcháin airgeadais.

Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus do na forálacha sonracha a leagtar síos sna Rialacháin seo a leanas (na 'Rialacháin Chiste-shonracha') i gcomhréir leis an gcúigiú mír den Airteagal seo:

(1)

Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ('Rialachán CFRE').

(2)

Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ('Rialachán CSE').

(3)

Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ('Rialachán CC').

(4)

Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ('Rialachán CCE').

(5)

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013('Rialachán CETFT'). agus

(6)

gníomh todhchaí de chuid an Aontais lena mbunófar na coinníollacha maidir le tacaíocht airgeadais le haghaidh beartais mhuirí agus iascaigh do chlárthréimhse 2014 go dtí 2020 ("Rialachán CEMI").

Beidh feidhm ag Cuid a Dó den Rialachán seo maidir le gach ceann de na Cistí SIE ach amháin nuair a cheadaítear go sainráite do mhaoluithe. I gCuid a Trí agus i gCuid a Ceathair den Rialachán seo leagfar síos rialacha atá comhlántach le Cuid a Dó agus a bhfuil feidhm acu faoi seach leis na Cistí agus leis na Cistí agus an CEMI agus féadfar maoluithe a cheadú go sainráite sna Rialacháin Chiste-shonracha lena mbaineann. Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha rialacha a shuí atá comhlántach le Cuid a Dó den Rialachán seo i gcás Chistí SIE, atá comhlántach le Cuid a Trí den Rialachán seo i gcás na gCistí agus atá comhlántach le Cuid a Ceathair den Rialachán seo i gcás na gCistí agus CEMI. Ní bheidh na rialacha comhlántacha sna Rialacháin Chiste-shonracha contrártha do Chuid a Dó, do Chuid a Trí ná do Chuid a Ceathair den Rialachán seo. I gcás ina mbíonn amhras faoin gcur i bhfeidhm idir forálacha, beidh tosaíocht ag Cuid a Dó den Rialachán seo ar na rialacha Ciste-shonracha, agus beidh tosaíocht ag Cuid a Dó, Cuid a Trí agus Cuid a Ceathair den Rialachán seo ar na Rialacháin Chiste-shonracha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach' na spriocanna agus na cuspóirí roinnte atá mar threoraíocht ag gníomhaíocht na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach sna Conclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010 mar Iarscríbhinn I (Straitéis Nua Eorpach le haghaidh Post agus Fáis, Ceannspriocanna AE), i Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2010 (20) agus i gCinneadh 2010/707/AE ón gComhairle (21), agus in aon leasú a dhéantar ar na spriocanna agus ar na cuspóirí roinnte sin.

(2)

is é atá i gceist le 'creat um beartais straitéiseacha' doiciméad nó tacar doiciméad arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, ina leagtar amach líon teoranta de thosaíochtaí comhleanúnacha arna mbunú ar bhonn fianaise agus ina leagtar amach creat ama do chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin agus a bhféadfaidh sásra faireacháin a bheith ar áireamh ann;

(3)

ciallaíonn 'straitéis um speisialtóireacht chliste' straitéisí nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha lena leagtar síos tosaíochtaí chun buntáiste iomaíochta a fhorbairt trí láidreachtaí dílse sa taighde agus sa nuálaíocht a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó d'fhonn aghaidh a thabhairt, ar shlí chomhleanúnach, ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí sa mhargadh, agus ag an am céanna dúbailt agus ilroinnt na n-iarrachtaí a sheachaint, agus féadfaidh straitéis um speisialtóireacht chliste a bheith i bhfoirm creata náisiúnta nó réigiúnaigh um beartais straitéiseacha do thaighde agus do nuálaíocht (T&N), nó féadfaidh sí a bheith ar áireamh ann;

(4)

ciallaíonn 'rialacha Ciste-shonracha' forálacha a leagtar síos i gCuid a Trí nó i gCuid a Ceathair den Rialachán seo nó i Rialachán lena rialaítear ceann amháin nó níos mó de Chistí SIE a liostaítear sa cheathrú mír d'Airteagal 1;

(5)

ciallaíonn 'cláreagrú' próiseas eagrúcháin, cinnteoireachta agus leithdháilte na n-acmhainní airgeadais i gcéimeanna éagsúla, agus na comhpháirtithe bainteach leis i gcomhréir le hAirteagal 5, agus é beartaithe leis sin gníomhaíocht arna déanamh go comhpháirteach ag an Aontas agus na Ballstáit a chur chun feidhme, ar bhonn ilbhliantúil, chun cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach;

(6)

ciallaíonn 'clár' 'clár oibríochtúil' faoi mar a thagraítear dó i gCuid a Trí nó i gCuid a Ceathair den Rialachán seo agus i Rialachán CEMI agus 'clár forbartha tuaithe' faoi mar a thagraítear dó i Rialachán CETFT;

(7)

ciallaíonn 'limistéar an chláir' limistéar geografach a chumhdaítear ag clár sonrach nó, i gcás cláir a chumhdaíonn níos mó nó catagóir amháin réigiúin, an limistéar geografach a chomhfhreagraíonn do gach catagóir réigiúin ar leith;

(8)

ciallaíonn 'tosaíocht' i gCuid a Dó agus i gCuid a Ceathair den Rialachán seo an 'ais tosaíochta' dá dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo i ndáil le CFRE, le CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus 'tosaíocht Aontais' dá dtagraítear i Rialachán CEMI agus i Rialachán CETFT;

(9)

ciallaíonn 'oibríocht' tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú ag údaráis bhainistíochta na gclár lena mbaineann, nó faoina gcúram, a rannchuidíonn le cuspóirí na tosaíochta gaolmhaire nó na dtosaíochtaí gaolmhara; i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíochtaí airgeadais ó chlár le hionstraimí airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann na hionstraimí airgeadais sin;

(10)

ciallaíonn 'tairbhí' comhlacht poiblí nó príobháideach agus, chun críocha Rialachán CETFT agus Rialachán CEMI amháin, duine nádúrtha atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon; agus i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, de réir mar a shainítear iad i bpointe 13 den Airteagal seo, an comhlacht a fhaigheann an chabhair; i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais faoi Theideal IV de Chuid II den Rialachán seo, comhlacht a dhéanann an ionstraim airgeadais, nó ciste de chistí de réir mar is iomchuí, a chur chun feidhme;

(11)

ciallaíonn 'ionstraimí airgeadais' ionstraimí airgeadais faoi mar a shainmhínítear sa Rialachán Airgeadais iad, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo;

(12)

ciallaíonn 'faighteoir deiridh' duine dlítheanach nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó ionstraim airgeadais;

(13)

ciallaíonn 'Státchabhair' cabhair a thig faoi Airteagal 107(1) CFAE agus, chun críocha an Rialacháin seo, measfar go gclúdaíonn sí cabhair de minimis de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún (22), Rialachán (CE) Uimh. 1535/2007 (23) ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún (24);

(14)

ciallaíonn 'oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus a bhfuil an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach ina leith íoctha leis na tairbhithe;

(15)

ciallaíonn 'caiteachas poiblí' aon ranníocaíocht phoiblí leis na hoibríochtaí a mhaoiniú arb is foinse dó buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a bhaineann le Cistí SIE, buiséad comhlachtaí dlí phoiblí nó buiséad comhlachas d'údaráis phoiblí nó de chomhlachtaí dlí phoiblí agus, chun críche an ráta cómhaoinithe do chláir CSE nó do thosaíochtaí a chinneadh, féadfar a áireamh ann aon acmhainní airgeadais arna gcomhdhéanamh go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe;

(16)

ciallaíonn 'comhlacht dlí phoiblí' aon chomhlacht arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí phointe 9 d'Airteagal 1 de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus aon ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) arna bunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), is cuma cé acu an meastar EGTC a bheith ina chomhlacht dlí phoiblí nó ina chomhlacht dlí phríobháidigh faoi na forálacha cur chun feidhme náisiúnta ábhartha;

(17)

ciallaíonn 'doiciméad' páipéar nó meán leictreonach ina bhfuil faisnéis atá ábhartha I gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(18)

ciallaíonn 'comhlacht idirmheánach' aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bhainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais thar ceann údaráis den sórt sin, i ndáil le hoibríochtaí cur chun feidhme na dtairbhithe;

(19)

ciallaíonn 'straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail' tacar comhleanúnach oibríochtaí arb é is cuspóir dóibh cuspóirí agus riachtanais áitiúla a chomhlíonadh, agus a rannchuidíonn le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, agus a ndéanann grúpa gníomhaíochta áitiúil í a cheapadh agus a chur chun feidhme;

(20)

ciallaíonn 'Comhaontú Comhpháirtíochta' doiciméad a ullmhaíonn Ballstát i bpáirt leis na comhpháirtithe i gcomhréir le cur chuige an rialachais il-leibhéil, lena leagtar amach straitéis, tosaíochtaí agus socruithe an Bhallstáit sin maidir le Cistí SIE a úsáid ar shlí atá éifeachtach agus éifeachtúil ionas go ndéanfar straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a shaothrú, agus atá formheasta ag an gCoimisiún tar éis measúnú a bheith déanta air agus comhphlé a bheith déanta air leis an mBallstát i dtrácht;

(21)

ciallaíonn 'catagóir réigiún' catagóiriú na réigiún mar 'réigiúin bheagfhorbartha', 'réigiúin trasdula' nó 'réigiúin níos forbartha' i gcomhréir le hAirteagal 90(2);

(22)

ciallaíonn 'iarraidh ar íocaíocht' iarratas ar íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an mBallstát;

(23)

ciallaíonn 'BEI' an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachta den Bhanc Eorpach Infheistíochta;

(24)

ciallaíonn"comhpáirtíochtaí poiblí príobháideacha" (CPPanna), cineálacha comhair idir comhlachtaí poiblí agus an earnáil phríobháideach, a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar infheistíochtaí a thabairt i gcrích i dtionscadail bhonneagair nó i gcineálacha eile oibríochtaí, a sholáthraíonn seirbhísí poiblí trí chomhroinnt riosca, trí shaineolas na hearnála príobháidí a chomhthiomsú nó trí fhoinsí breise caipitil.

(25)

ciallaíonn 'oibríocht CPP' oibríocht a chuirtear chun feidhme nó a bhfuil sé beartaithe í a chur chun feidhme faoi struchtúr comhpháirtíochta príobháidí poiblí;

(26)

ciallaíonn 'cuntas eascró' cuntas bainc a chumhdaítear le comhaontú i scríbhinn idir an t-údarás bainistíochta nó comhlacht idirmheánach agus an comhlacht a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme, nó, i gcás oibríocht CPP, comhaontú i scríbhinn idir an tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach a bheidh formheasta ag an údarás bainistíochta nó ag comhlacht idirmheánach, a chuirtear ar bun go sonrach chun cistí a shealbhú a bheidh le híoc amach tar éis na tréimhse incháilitheachta, chun na gcríoch dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 42(1), in Airteagal 42(2), in Airteagal 42(3) agus in Airteagal 64 agus chun na gcríoch sin amháin, nó ciallaíonn sé cuntas bainc a chuirtear ar bun ar théarmaí lena soláthraítear ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir leis na híocaíochtaí asna cistí;

(27)

ciallaíonn 'ciste de chistí' ciste a chuirtear ar bun agus é de chuspóir leis tacaíocht ó chlár nó ó chláir a rannchuidiú le roinnt ionstraimí airgeadais. I gcás ina gcuirtear ionstraimí airgeadais chun feidhme trí chiste de chistí, measfar gurb é an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme an t-aon tairbhí amháin de réir bhrí phointe 10 den Airteagal seo;

(28)

ciallaíonn 'FBM' micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir mar a shainmhínítear é i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (27);

(29)

ciallaíonn 'bliain chuntasaíochta', chun críocha Chuid a Trí agus Chuid a Ceathair, an tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh, ach amháin sa chéad bhliain chuntasaíochta den chlárthréimhse, ar ina leith a chiallaíonn sé an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015. Beidh an bhliain chuntasaíochta deiridh ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024;

(30)

ciallaíonn 'bliain airgeadais', chun críocha Chuid a Trí agus Chuid a Ceathair, an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig;

(31)

ciallaíonn 'straitéis mhacrairéigiúnach' creat comhtháite a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, a fhéadfaidh tacaíocht a fháil ó Chistí SIE as measc cistí eile, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna a bhíonn os comhair limistéir gheografaigh shainithe a bhaineann le Ballstáit agus tríú tíortha atá lonnaithe sa limistéar geografach céanna, a bhaineann tairbhe, ar an tslí sin, as comhar neartaithe a rannchuidíonn le baint amach an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh;

(32)

ciallaíonn 'straitéis imchuach farraige' creat struchtúrach comhair i dtaca le limistéar geografach ar leith, arna fhorbairt ag institiúidí an Aontais, ag na Ballstáit, ag a gcuid réigiún agus, i gcás inarb iomchuí, ag tríú tíortha a roinneann imchuach farraige; cuirtear san áireamh i straitéis imchuach farraige sainiúlachtaí geografacha, aeráide, eacnamaíocha agus polaitiúla an imchuach farraige;

(33)

ciallaíonn 'coinníollacht ex ante is infheidhme' toisc chriticiúil atá nithiúil agus réamhshainithe go cruinn, atá ina réamhriachtanas chun an sainchuspóir i ndáil le tosaíocht infheistíochta nó le tosaíocht Aontais a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, agus a bhfuil nasc díreach agus dílis aici leis an méid sin chomh maith le tionchar díreach aici air;

(34)

ciallaíonn 'sainchuspóir' an toradh lena rannchuidíonn tosaíocht infheistíochta nó tosaíocht Aontais i gcomhthéacs sonrach náisiúnta nó réigiúnach trí ghníomhaíochtaí nó trí bhearta a dhéantar faoi chuimsiú tosaíochta den sórt sin;

(35)

ciallaíonn 'moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE' agus 'moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE' moltaí a bhaineann le dúshláin struchtúracha arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí ilbhliantúla a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a thagann go díreach faoi raon feidhme Chistí SIE de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha;

(36)

ciallaíonn 'neamhrialtacht' aon chás ina sáraítear foráil dhlí an Aontais, nó an dlí náisiúnta a bhaineann lena chur i bhfeidhm, ar sárú é a bheidh mar thoradh ar ghníomh nó ar fhaillí a dhéanann oibreoir eacnamaíochta a bhfuil baint aige le cur chun feidhme Chistí SIE, a bhfuil sé d'éifeacht aige, nó a bheadh, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí ábhar caiteachais gan údar maith a ghearradh ar bhuiséad ginearálta an Aontais;

(37)

ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas eile a ghlacann páirt i gcur chun feidhme an chúnaimh ó Chistí SIE, cé is moite de Ballstát a fheidhmíonn a shainchumais mar údarás poiblí;

(38)

ciallaíonn 'neamhrialtacht shistéamach' aon neamhrialtacht, lena n-áirítear neamhrialtacht a fhéadfaidh bheith de chineál athfhillteach, agus gur dóchúil go mbeidh sí ag tarlú in oibríochtaí den chineál céanna, rud a bheidh mar thoradh ar easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe, lena n-áirítear i gcás nach mbeidh nósanna imeachta iomchuí bunaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha;

(39)

ciallaíonn 'easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach an chórais bhainistíochta agus rialaithe', chun críocha cur chun feidhme na gCistí agus CEMI faoi Chuid a Cheathair, easnamh a éilíonn feabhsuithe substaintiúla sa chóras, a nochtann na Cistí agus CEMI chun riosca suntasach maidir le neamhrialtachtaí, agus nach comhoiriúnach iad le tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe.

Airteagal 3

Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh cinntí ón gCoimisiún

I gcás ina leagtar síos teorainn ama de bhun Airteagail 16(2) agus (3), 29(3), 30(2) agus (3), 102(2), 107(2), agus 108(3) maidir le cinneadh a ghlacadh nó a leasú ag an gCoimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ní áireofar leis an teorainn ama an tréimhse a thosóidh ar an dáta i ndiaidh an dáta a chuireann an Coimisiún a chuid barúlacha curtha chuig na Ballstáit agus a mhairfidh go dtí go dtugann na Ballstáit freagairt ar na barúlacha sin.

CUID A DÓ

FORÁLACHA COITEANNA IS INFHEIDHME MAIDIR LE CISTÍ SIE

TEIDEAL I

PRIONSABAIL MAIDIR LE TACAÍOCHT AONTAIS DO CHISTÍ SIE

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1.   Déanfar tacaíocht a sholáthar ó Chistí SIE, trí chláir ilbhliantúla, agus comhlánóidh an tacaíocht sin an idirghabháil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a thabhairt i gcrích, agus freisin trí mhisin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus cuirfear san áireamh Treoirlínte Comhtháite Eoraip 2020 agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, an Clár Náisiúnta um Athchóiriú.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chomhthéacs sonrach gach Ballstáit, go bhfuil an tacaíocht ó Chistí SIE comhsheasmhach le beartais ábhartha, le prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus le tosaíochtaí an Aontais, agus go bhfuil sí ina comhlánú ar ionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.   Cuirfear tacaíocht ó Chistí SIE chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

4   Beidh na Ballstáit, ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlí agus airgeadais, agus na comhlachtaí arna n-ainmniú acu chuige sin freagrach as cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme agus as a gcúraimí a chur i gcrích, i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5, ar mhodh a chomhlíonfaidh an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha.

5.   Maidir leis na socruithe i ndáil le cur chun feidhme agus úsáid Chistí SIE, agus go háirithe na hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá chun Cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme, i dtaca le faireachán, tuairisciú, meastóireacht, bainistiú agus rialú, urramóidh na socruithe sin prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt ar an leibhéal tacaíochta a leithdháiltear agus cuirfear san áireamh an aidhm fhoriomlán i leith ualaí riaracháin ar chomhlachtaí a bhíonn bainteach le bainistiú agus rialú na gclár a laghdú.

6.   I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú idir Cistí SIE agus idir Cistí SIE agus beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na beartais, na straitéisí agus na hionstraimí sin atá faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

7.   Déanfar an chuid de bhuiséad an Aontais arna leithdháileadh ar Chistí SIE a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta roinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59(b) den Rialachán Airgeadais, cé is moite de mhéid na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe arna aistriú chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 92(6) den Rialachán seo, de ghníomhaíochtaí nuálacha ar thionscnamh an Choimisiúin faoi Airteagal 8 (ex-9) de Rialachán CFRE, de chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin agus de thacaíocht le haghaidh bainistíochta dírí faoi Rialachán CEMI.

8.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán Airgeadais.

9.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtacht Chistí SIE a áirithiú le linn ullmhaithe agus cur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le faireachán, le meastóireacht agus le tuairisciú.

10.   Comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a róil faoi seach maidir le Cistí SIE agus é mar aidhm acu an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú.

Airteagal 5

Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

1.   I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus gach cláir aonair, déanfaidh gach Ballstát i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil comhpháirtíocht a eagrú leis na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla. Déanfar na comhpháirtithe seo a leanas a áireamh sa chomhpháirtíocht freisin:

(a)

údaráis inniúla uirbeacha agus údaráis inniúla phoiblí eile;

(b)

comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta; agus

(c)

comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachtaí atá freagrach as cuimsiú sóisialta, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn.

2.   I gcomhréir le cur chuige an rialachais il-leibhéil, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt isteach in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus déanfaidh siad é sin i rith an phróisis iomláin a bhaineann le hullmhú agus le cur chun feidhme na gclár, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht sna coistí faireacháin do na cláir i gcomhréir le hAirteagal 48.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 chun foráil a dhéanamh do chód iompair Eorpach maidir le comhpháirtíocht (an 'cód iompair') chun tacú le Ballstáit in eagrú na comhpháirtíochta i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo, agus chun an Ballstáit a éascú sa mhéid sin. Sa chód iompair sin, leagfar amach an creat ar laistigh de a dhéanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil mar aon lena n-inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, cur chun feidhme na comhpháirtíochta a shaothrú. Agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú go hiomlán ann, leagfar síos na heilimintí seo a leanas sa chód iompair:

(a)

na príomhphrionsabail a bhaineann leis na nósanna imeachta trédhearcacha a bhfuiltear le déanamh dá réir chun na comhpháirtithe ábhartha a shainaithint lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mbrateagraíochtaí chun na Ballstáit a éascú, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlí, na comhpháirtithe ábhartha is mó ionadaíocht a ainmniú;

(b)

na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na gcatagóirí éagsúla de chomhpháirtithe ábhartha, amhail a leagtar amach i mír 1, in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár, a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar a bhaineann lena rannpháirtíocht, mar aon leis na céimeanna éagsúla den chur chun feidhme;

(c)

na dea-chleachtais a mhéid a bhaineann le rialacha ballraíochta agus nósanna imeachta inmheánacha na gcoistí faireacháin a chur le chéile, ar rialacha agus nósanna imeachta iad atá le cinneadh, de réir mar is iomchuí, ag na Ballstáit nó ag coistí faireacháin na gclár i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus na rialacha Ciste-shonracha;

(d)

na príomhchuspóirí agus dea-chleachtais i gcásanna ina ndéanann an t-údarás bainistíochta na comhpháirtithe ábhartha a tharraingt isteach in ullmhú na nglaonna ar thograí agus go háirithe na dea-chleachtais chun coinbhleachtaí leasa a fhéadfaidh tarlú a sheachaint i gcásanna inarb indéanta gur tairbhithe ionchasacha freisin iad comhpháirtithe ábhartha, agus na príomhchuspóirí agus na cleachtais is fearr maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ábhartha in ullmhú na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus i ndáil le faireachán agus meastóireacht na gclár i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus na rialacha Ciste-shonracha;

(e)

na réimsí táscacha, téamaí táscacha agus dea-chleachtais tháscacha a bhaineann leis an gcaoi a bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát Cistí SIE a úsáid, lena n-áirítear cúnamh teicniúil le linn dóibh cumas institiúideach na gcomhpháirtithe ábhartha a neartú i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo agus na rialacha Ciste-shonracha;

(f)

ról an Choimisiúin i scaipeadh na ndea-chleachtas;

(g)

na príomhphrionsabail agus na dea-chleachtais a oireann chun measúnú na mBallstát ar chur chun feidhme na comhpháirtíochta agus ar a breisluach a éascú.

Ní bheidh forálacha an chóid iompair contrártha ar aon slí d'fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo ná do na rialacha Ciste-shonracha.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Aibreán 2014, fógra a thabhairt go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i leith an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo maidir leis an gcód iompair Eorpach ar chomhpháirtíocht. Ní shonrófar dáta teacht i bhfeidhm sa ghníomh tarmligthe a bheidh níos luaithe ná an dáta a ndéanfar é a ghlacadh.

5.   Maidir le sárú ar aon oibleagáid a fhorchuirtear ar Bhallstáit cibé ar leis an Airteagal seo é nó le gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo é, ní fhéadfaidh sé a bheith ina mhírialtacht as a leanann ceartúchán airgeadais de bhun Airteagal 85.

6.   Uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, i gcás gach ceann de Chistí SIE, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na gcomhpháirtithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ó Chiste SIE sin agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an toradh.

Airteagal 6

Comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta

Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a thacófar leo trí Chistí SIE dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a bhaineann lena chur i bhfeidhm ('dlí infheidhme').

Airteagal 7

Comhionannas idir fir agus mná agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú na gné inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár, lena n-áirítear maidir le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc le linn na cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár.

Airteagal 8

Forbairt inbhuanaithe

Saothrófar cuspóirí Chistí SIE i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal 'íoc mar a thruaillítear' á chur san áireamh ag an am céanna.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, bithéagsúlacht, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí i leith an athraithe aeráide agus modheolaíocht atá bunaithe ar na catagóirí idirghabhála, na réimsí tosaíochta fócais nó ar na bearta, de réir mar is iomchuí, do gach Ciste SIE á húsáid acu. Is é a bheidh sa mhodheolaíocht sin ná ualú sonrach a shannadh don tacaíocht arna soláthar faoi Chistí SIE ar leibhéal a léiríonn a mhéid rannchuidiú a thugann tacaíocht den sórt sin do chuspóirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide. Déanfar an t-ualú sonrach sannta a dhifreáil bunaithe ar cé acu a dhéanann an tacaíocht rannchuidiú suntasach nó measartha ionsar chuspóirí i leith an athraithe aeráide. I gcás nach rannchuidíonn an tacaíocht leis na cuspóirí sin nó i gcás nach rannchuidiú suntasach é, déanfar ualú nialais a shannadh. I gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, cuirfear na hualaithe i gceangal le catagóirí idirghabhála arna mbunú laistigh den ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún. I gcás CETFT, cuirfear na hualuithe i gceangal leis na réimsí tosaíochta fócais a leagtar amach i Rialachán CETFT agus i gcás CEMI, cuirfear na hualaithe i gceangal le bearta a leagtar amach i Rialachán CEMI.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan amach do gach ceann de Chistí SIE maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochta seo dá dtagraítear sa dara mír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

TEIDEAL II

CUR CHUIGE STRAITÉISEACH

CAIBIDIL I

Cuspóirí téamacha le haghaidh na gCistíChistí SIE agus le haghaidh an Chomhchreata Straitéisigh

Airteagal 9

Cuspóirí téamacha

Chun rannchuidiú le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach mar aon le misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, tacóidh gach ceann de Chistí SIE leis na cuspóirí téamacha seo a leanas:

(1)

taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú;

(2)

úsáid agus cáilíocht TFC agus rochtain orthu a fheabhsú;

(3)

iomaíochas FBManna, earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú;

(4)

tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile;

(5)

oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí agus bainistíocht riosca a chur chun cinn;

(6)

an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn;

(7)

iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint;

(8)

fostaíocht inbhuanaithe agus d'ardchaighdeán a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht an lucht saothair;

(9)

cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac;

(10)

infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus foghlama ar feadh an tsaoil;

(11)

cumas institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú.

Déanfar na cuspóirí téamacha a aistriú ina dtosaíochtaí a bhainfidh go sonrach le gach ceann de Chistí SIE agus a leagan amach sna rialacha Ciste-shonracha.

Airteagal 10

Comhchreat Straitéiseach

1.   Chun forbairt chomhchuí, chothromúil agus inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn, bunófar leis seo an Comhchreat Straitéiseach ('CS'), faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I é. Le CS, bunaítear treoirphrionsabail straitéiseacha chun an próiseas cláreagraithe agus comhordú earnálach agus críochach na hidirghabhála a dhéanann an tAontas faoi Chistí SIE agus le beartais agus ionstraimí ábhartha eile Aontais a éascú i gcomhréir le spriocanna agus cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus na príomhdhúshláin chríochacha i gcás cineálacha éagsúla críoch á gcur san áireamh.

2.   Maidir leis na treoirphrionsabail straitéiseacha amhail a leagtar amach in CS, bunófar iad i gcomhréir le cuspóir agus laistigh de raon feidhme an chúnaimh a sholáthrófar le gach ceann de Chistí SIE, agus i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear oibríocht gach ceann de Chistí SIE, de réir mar atá sainmhínithe sa Rialachán seo agus sna rialacha Ciste-shonracha. Níor cheart go ndéanfadh CS oibleagáidí breise a fhorchur ar na Ballstáit thar a bhfuil leagtha amach i gcreat na mbeartas earnála ábhartha de chuid an Aontais.

3.   Éascófar le CS ullmhúchán an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus na gclár i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, agus inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, ionas go gcinnfear bearta beartais agus comhordúcháin sonracha agus iomchuí.

Airteagal 11

Inneachar

Bunófar le CS:

(a)

sásraí chun rannchuidiú Chistí SIE le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a áirithiú, agus le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht chláreagrú Chistí SIE i leith na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE, na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, an Clár Náisiúnta um Athchóiriú;

(b)

socruithe chun úsáid chomhtháite Chistí SIE a chur chun cinn;

(c)

socruithe maidir le comhordú idir Cistí SIE agus beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear ionstraimí seachtracha um chomhar;

(d)

prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus cuspóirí beartais trasearnálacha maidir le cur chun feidhme Chistí SIE;

(e)

socruithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin chríochacha atá ann do limistéir uirbeacha, thuaithe, chósta agus iascaigh, ar dhúshláin dhéimeagrafacha réigiún nó ar riachtanais shonracha limistéar geografach a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu amhail dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE, agus ar dhúshláin shonracha na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE;

(f)

réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí comhair faoi Chistí SIE agus, i gcás inarb iomchuí, straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige á gcur san áireamh.

Airteagal 12

Athbhreithniú

I gcás ina dtarlóidh mórathruithe ar an staid shóisialta agus eacnamaíoch san Aontas nó i gcás ina ndéanfar athruithe ar straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar CS, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 225 nó le hAirteagal 241 CFAE faoi seach, a iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a chur faoina mbráid.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 chun forlíonadh nó leasú a dhéanamh ar Roinn 4 agus ar Roinn 7 d'Iarscríbhinn I i gcás inar gá an méid sin chun athruithe sna beartais nó ionstraimí Aontais dá dtagraítear i Roinn 4 nó athruithe sna gníomhaíochtaí comhair dá dtagraítear i Roinn 7 a chur san áireamh, nó chun aird a thabhairt ar bheartais, ionstraimí nó gníomhaíochtaí comhair nua de chuid an Aontais a thugtar isteach.

Airteagal 13

Treoraíocht do thairbhithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún treoraíocht a ullmhú maidir leis an gcaoi ar féidir Cistí SIE a rochtain agus a úsáid go héifeachtach, agus maidir leis an gcaoi ar féidir an leas is fearr a bhaint as comhlántachtaí le hionstraimí eile de bheartais ábhartha an Aontais.

2.   Déanfar an treoraíocht a tharraingt suas faoin 30 Meitheamh 2014 agus beidh forléargas ann, i gcomhair gach cuspóra théamaigh, ar na hionstraimí ábhartha atá ar fáil ar leibhéal an Aontais mar aon le foinsí mionsonraithe faisnéise, samplaí dea-chleachtas chun na hionstraimí cistiúcháin atá ar fáil a chomhcheangal laistigh de réimsí beartais agus ar fud réimsí beartais, tuairisc ar na húdaráis agus comhlachtaí ábhartha atá páirteach i mbainistiú gach ionstraime agus seicliosta do thairbhithe ionchasacha chun cabhrú leo na foinsí cistithe is iomchuí a shainaithint.

3.   Poibleofar an treoraíocht ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, agus i gcomhar le Coiste na Réigiún, a áirithiú go scaipfear an treoraíocht ar thairbhithe ionchasacha.

CAIBIDIL II

Comhaontú Comhpháirtíochta

Airteagal 14

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú

1.   Ullmhóidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú i gcomhphlé leis an gCoimisiún. Déanfaidh na Ballstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas agus nósanna imeachta atá trédhearcach maidir leis an bpobal á leanúint acu, agus i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil.

3.   Cumhdófar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta gach tacaíocht ó Chistí SIE sa Bhallstát lena mbaineann.

4.   Tíolacfaidh gach Ballstát a Chomhaontú Comhpháirtíochta don Choimisiún faoin 22 Aibreán 2014.

5.   I gcás nach dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na Rialacháin Chiste-shonracha i bhfeidhm nó nach bhfuiltear ag súil lena theacht i bhfeidhm faoin 22 Feabhra 2014, ní cheanglófar ar an gComhaontú Comhpháirtíochta arna chur isteach ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 4 na gnéithe a bheith ann dá dtagraítear i bpointí (a)(ii), (iii), (iv) agus (vi) d'Airteagal 15(1) i gcás Chiste SIE a ndearna moill den sórt sin nó moill den sórt sin a rabhthas ag súil léi maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh difear dó.

Airteagal 15

Inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta

1.   Leagfar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(a)

socruithe chun ailíniú le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a áirithiú mar aon le misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n-áirítear:

(i)

anailís ar éagothromaíochtaí, ar riachtanais forbartha agus ar phoitéinseal fáis faoi threoir na gcuspóirí téamacha agus na ndúshlán críochach agus lena gcuirfear san áireamh an Clár Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE;

(ii)

achoimre ar mheastóireachtaí ex ante ar na cláir, nó príomhthorthaí na meastóireachtaí ex ante ar an gComhaontú Comhpháirtíochta, i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát faoin mheastóireachtaí deireanach sin ar a thionscnamh féin;

(iii)

cuspóirí téamacha roghnaithe, agus i gcás gach ceann de na cuspóirí téamacha roghnaithe, achoimre ar na príomhthorthaí a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh gach ceann de Chistí SIE;

(iv)

leithdháileadh táscach na tacaíochta ón Aontas de réir cuspóra théamaigh ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh gach ceann de Chistí SIE, mar aon leis an méid iomlán táscach de thacaíocht atá foráilte maidir le cuspóirí i leith an athraithe aeráide;

(v)

cur i bhfeidhm na bprionsabal cothrománach dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus na gcuspóirí beartais maidir le cur chun feidhme Chistí SIE;

(vi)

liosta de na cláir faoi CFRE, faoi CSE agus faoin gCiste Comhtháthaithe, cé is moite de na cláir sin faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, agus de chláir CETFT agus CEMI, ina sonraítear na leithdháiltí táscacha faoi seach de réir gach ceann de Chistí SIE agus de réir bliana;

(vii)

faisnéis i ndáil leis an leithdháileadh a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta, a bhristear síos de réir Chiste SIE agus, i gcás inarb iomchuí, de réir chatagóir an réigiúin, agus de réir na méideanna a eisiatar chun an cúlchiste feidhmíochta a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20;

(b)

socruithe chun cur chun feidhme éifeachtúil Chistí SIE a áirithiú, lena n-áirítear:

(i)

socruithe, i gcomhréir le creat institiúideach na mBallstát, lena n-áirithítear comhordú idir Cistí SIE agus ionstraimí cistiúcháin eile náisiúnta agus Aontais agus le BEI;

(ii)

an fhaisnéis a theastaíonn d'fhíorú ex ante ar chomhlíonadh na rialacha ar bhreisíocht amhail a shainítear i gCuid a Trí;

(iii)

achoimre ar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 19 agus Iarscríbhinn XI, agus, i gcás nach ndéantar na coinníollachtaí ex ante is infheidhme maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a chomhlíonadh, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, ar na comhlachtaí freagracha agus ar an tráthchlár dá gcur chun feidhme;

(iv)

an mhodheolaíocht agus na sásraí chun comhsheasmhacht a áirithiú i bhfeidhmiú an chreata feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 21;

(v)

measúnú i dtaobh an bhfuil gá le cumas riaracháin na n-údarás atá páirteach i mbainistiú agus i rialú na gclár agus, i gcás inarb iomchuí, na dtairbhithe a neartú mar aon le, i gcás inar gá sin, achoimre ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na críche sin;

(vi)

achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe sna cláir, lena n-áirítear tráthchlár táscach maidir le laghdú a bhaint amach ar an ualach riaracháin ar na tairbhithe;

(c)

socruithe do phrionsabal na comhpháirtíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 5;

(d)

liosta táscach de na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 agus achoimre de na gníomhaíochtaí a rinneadh chun na comhpháirtithe sin a tharraingt isteach i gcomhréir le hAirteagal 5 agus dá ról in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus den tuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 52.

2.   Beidh tásc freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ar an méid seo a leanas:

(a)

cur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE nó achoimre ar bhealaí cur chuige comhtháite maidir le forbairt chríochach atá bunaithe ar inneachar na gclár, agus an méid seo a leanas á leagan amach:

(i)

na socruithe chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhtháite ann i leith úsáid Chistí SIE maidir le forbairt chríochach limistéar foréigiúnach sonrach, go háirithe na socruithe cur chun feidhme le haghaidh Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 36, a mbeidh ag gabháil leis na socruithe sin na prionsabail chun na limistéir uirbeacha a shainaithint ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháite ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe uirbeach le cur chun feidhme;

(ii)

na príomhréimsí tosaíochta le haghaidh comhair faoi Chistí SIE, agus straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí;

(iii)

i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a ndéanann an bhochtaineacht difear dóibh nó ar na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh shóisialta, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna;

(iv)

i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha na réigiún nó ar riachtanais shonracha limistéar geografach a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE;

(b)

socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach Chistí SIE a áirithiú, lena n-áirítear measúnú ar na córais atá ann cheana maidir le malartú leictreonach sonraí, agus achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe le gur féidir gach malartú faisnéise idir na tairbhithe, agus na húdaráis atá freagrach as bainistiú agus rialú na gclár, a dhéanamh céim ar chéim trí mhalartú leictreonach sonraí.

Airteagal 16

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ghlacadh agus a leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta leis an Rialachán seo, agus an Clár Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, chomh maith le meastóireachtaí ex ante ar na cláir á gcur san áireamh aige, agus tabharfaidh an Coimisiún barúlacha le fios laistigh de thrí mhí ón dáta ar a ndéanfaidh an Ballstát a Chomhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann gach faisnéis bhreise is gá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an Comhaontú Comhpháirtíochta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe den Chomhaontú Comhphairtíochta a thagann faoi 'Airteagal 15(1) agus a thagann faoi Airteagal 15(2) i gcás ina mbeidh leas bainte ag Ballstát as forálacha Airteagal 96(8), i ndáil leis na gnéithe lena n-éilítear cinneadh ón gCoimisiún faoi Airteagal 96(10) tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta a tíolacadh a Chomhaontaithe Comhpháirtíochta ag an mBallstát, ar choinníoll go gcuirtear san áireamh go leormhaith aon bharúlacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún. Ní thiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2014.

3.   Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le toradh na caibidlíochta i ndáil leis na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus leis na cláir, lena n-áirítear forléargas ar na príomh-shaincheisteanna, le haghaidh gach Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2015. Déanfar an tuarascáil sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún ag an tráth céanna.

4.   I gcás ina molfaidh Ballstát gnéithe den Chomhaontú Comhpháirtíochta a leasú, ar gnéithe iad a chumhdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún amhail dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1 agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí ón dáta a ndéanann an Ballstát an moladh le haghaidh an leasaithe a thíolacadh, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar an leasú laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a ndearna an Ballstát an moladh a thíolacadh.

5.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát leasú ar ghnéithe den Chomhaontú Comhpháirtíochta, ar gnéithe iad nach gcumhdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún amhail dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh sé fógra ina leith don Choimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh chun leasú a dhéanamh.

Airteagal 17

An Comhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe a ghlacadh i gcás moille i dteacht i bhfeidhm Rialacháin Chiste-shonraigh

1.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(5), tíolacfaidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe chuig an gCoimisiún ina mbeidh na gnéithe a bhí ar lár sa Chomhaontú Comhpháirtíochta do Chiste SIE lena mbaineann, laistigh de dhá mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh arbh ábhar don mhoill é.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta athbhreithnithe leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus glacfaidh sé cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar an Comhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 16(2).

CAIBIDIL III

Díriú téamach, coinníollachtaí ex ante agus athbhreithniú ar fheidhmíocht

Airteagal 18

Díriú téamach

Díreoidh na Ballstáit tacaíocht, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, ar idirghabhálacha lena ngabhann an breisluach is mó i ndáil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus na príomhdhúshláin chríochacha de na cineálacha éagsúla críocha i gcomhréir le CS, na dúshláin arna sainaithint sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, i gcás inarb iomchuí, agus na moltaí tír-shonracha ábhartha faoi Airteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) CFAE á gcur san áireamh acu. Forálacha maidir le díriú téamach faoi na rialacha Ciste-shonracha, ní bheidh feidhm acu maidir le cúnamh teicniúil.

Airteagal 19

Coinníollachtaí ex ante

1.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil agus i gcomhthéacs ullmhú na gclár agus, i gcás inarb iomchuí, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, i dtaobh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollachtaí ex ante a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha faoi seach agus na coinníollachtaí ginearálta ex ante a leagtar amach i gCuid II d'Iarscríbhinn XI infheidhme maidir le sainchuspóirí a dhéantar a shaothrú laistigh de thosaíochtaí a gclár agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollachtaí ex ante is infheidhme comhlíonta.

Ní bheidh feidhm ag coinníollachtaí ex ante ach amháin sa mhéid a chomhlíonann siad an sainmhíniú a leagtar síos i bpointe (33) d'Airteagal 2 maidir leis na sainchuspóirí atá á saothrú faoi chuimsiú thosaíochtaí an chláir. Leis an measúnú ar infheidhmeacht, déanfar, gan dochar don sainmhíniú a leagtar síos i bpointe (33) d'Airteagal 2, prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 4(5) ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, don leibhéal tacaíochta a leithdháiltear. Beidh an measúnú ar chomhlíonadh teoranta do na critéir a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha agus i gCuid II d'Iarscríbhinn XI.

2.   Leagfar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta achoimre ar an measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta agus maidir leo nach gcomhlíontar, de bhun an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, ar an dáta a ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh, leagfar amach na gníomhaíochtaí atá le déanamh, na comhlachtaí freagracha, agus an tráthchlár do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin. Le gach clár déanfar a shainaithint cé acu ceann de na coinníollachtaí ex ante, a leagtar síos sna rialacha ábhartha a bhaineann le cistí ar leith agus de na coinníollachtaí ex ante ginearálta a leagtar amach i gCuid II d'Iarscríbhinn XI atá infheidhme maidir leis an gclár agus cé acu ceann díobh, de bhun an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, atá comhlíonta ar an dáta a ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir a thíolacadh. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollachtaí ex ante, beidh tuairisc sa chlár ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, ar na comhlachtaí freagracha agus ar an tráthchlár dá gcur chun feidhme. Comhlíonfaidh na Ballstáit na coinníollachtaí ex ante seo tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016 agus tabharfaidh siad tuarascáil i ndáil leis an gcomhlíonadh sin tráth nach déanaí ná sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme in 2017 i gcomhréir le hAirteagal 50(4) nó sa tuarascáil ar dhul chun cinn in 2017 i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 52(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht agus ar leordhóthanacht na faisnéise a sholáthróidh an Ballstát maidir le hinfheidhmeacht na gcoinníollachtaí ex ante agus maidir le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme faoi chuimsiú a mheasúnaithe ar an gclár agus ar an gComhaontú Comhpháirtíochta, i gcás inarb iomchuí.

Le measúnú sin an Choimisiúin ar infheidhmeacht déanfar, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh ag féachaint do leibhéal na tacaíochta a leithdháiltear, i gcás inarb iomchuí. Beidh measúnú an Choimisiúin ar chomhlíonadh teoranta do na critéir a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha agus sna critéir i gCuid II d'Iarscríbhinn XI, agus urramófar leis na hinniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha chun na bearta sonracha agus leordhóthanacha beartais a chinneadh, lena n-áirítear inneachar na straitéisí.

4.   I gcás ina mbeidh easaontas idir an Coimisiún agus Ballstát i ndáil le hinfheidhmeacht coinníollachta ex ante maidir le sainchuspóir tosaíochtaí cláir nó maidir lena chomhlíonadh, cruthóidh an Coimisiún an infheidhmeacht i gcomhréir leis an sainmhíniú i bpointe (33) d'Airteagal 2 agus an neamhchomhlíonadh araon.

5.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, agus clár á ghlacadh aige, na híocaíochtaí eatramhacha uile chuig tosaíocht ábhartha an chláir sin, nó cuid díobh, a fhionraí go dtí go dtabharfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 chun críche go sásúil i gcás inar gá chun go seachnófar dochar suntasach d'éifeachtacht agus d'éifeachtúlacht bhaint amach shainchuspóirí na tosaíochta lena mbaineann. Má mhainnítear gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante is infheidhme a chomhlíonadh, ar coinníollacht í nach raibh comhlíonta ar an dáta a ndearnadh an Comhaontú Compháírtíochta agus an clár ábhartha a thíolacadh, faoin sprioc-am a leagtar amach i mír 2, beidh foras ann chun íocaíochtaí eatramhacha an Choimisiúin chuig na tosaíochtaí den chlár lena mbaineann a ndéantar difear dóibh a fhionraí. Sa dá chás, beidh réim na fionraíochta comhréireach agus na gníomhaíochtaí atá le glacadh agus na cistí atá i mbaol á gcur san áireamh.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás ina mbeidh an Coimisiún agus an Ballstát ar comhaontú maidir le neamh-infheidhmeacht coinníollachta ex ante nó go gcomhaontóidh siad gur comhlíonadh coinníollacht ex ante is infheidhme, mar a léireofar tríd an gclár agus tríd an gComhaontú Comhpháirtíochta a fhormheasadh, nó mura mbeidh barúlacha ón gCoimisiún ann laistigh de 60 lá ón am ar cuireadh isteach an tuarascáil ábhartha dá dtagraítear i mír 2.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, deireadh a chur le fionraí íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh tosaíochta i gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí a bhaineann le coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh tugtha chun críche ag Ballstát, ar coinníollachtaí iad is infheidhme maidir leis an gclár lena mbaineann agus nach raibh comhlíonta an tráth a ndearna an Coimisiún cinneadh faoin bhfionraí. Déanfaidh sé freisin, gan mhoill, deireadh a chur leis an bhfionraí i gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an gcoinníollacht ex ante lena mbaineann i ndiaidh leasú a dhéanamh ar an gclár a bhaineann leis an tosaíocht lena mbaineann.

8.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 20

Cúlchiste feidhmíochta

Beidh 6 % de na hacmhainní a leithdháilfear ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 89(2) den Rialachán seo, agus freisin ar CETFT agus ar bhearta arna maoiniú faoi bhainistíocht comhroinnte i gcomhréir le Rialachán CEMI ina chúlchiste feidhmíochta a bhunófar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus i gcláir agus a leithdháilfear ar thosaíochtaí sonracha i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo.

Tá na hacmhainní seo a leanas eisiata chun an cúlchiste feidhmíochta a ríomh:

(a)

acmhainní a leithdháiltear chuig TFAO, mar a shainmhínítear sa chlár oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán CSE;

(b)

acmhainní a leithdháiltear chuig cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún;

(c)

acmhainní a aistrítear ón g gcéad Cholún de CBT chuig CETFT faoi Airteagal 7(2) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(d)

aistrithe chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 19(b), Airteagal 136 agus Airteagal 136(b) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle i ndáil le blianta féilire 2013 agus 2014 faoi seach;

(e)

acmhainní a aistrítear chuig SCE ón gCiste Comhtháthaithe i gcomhréir le hAirteagal 92(6) den Rialachán seo;

(f)

acmhainní a aistrítear chuig an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí i gcomhréir le hAirteagal 92(7) den Rialachán seo;

(g)

acmhainní a leithdháiltear le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe i gcomhréir le hAirteagal 92(8) den Rialachán seo.

Airteagal 21

Athbhreithniú ar fheidhmíocht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú ar fheidhmíocht na gclár i ngach Ballstát in 2019 ('an t-athbhreithniú ar fheidhmíocht'), faoi threoir an chreata feidhmíochta arna leagan amach sna cláir faoi seach. Leagtar amach in Iarscríbhinn II an modh chun an creat feidhmíochta a bhunú.

2.   Déanfar scrúdú san athbhreithniú ar fheidhmíocht ar ghnóthú na ngarspriocanna sna cláir ar leibhéal na dtosaíochtaí, ar bhonn na faisnéise agus na measúnuithe sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfidh na Ballstáit isteach sa bhliain 2019.

Airteagal 22

An creat feidhmíochta a chur i bhfeidhm

1.   Is é a bheidh sa chúlchiste feidhmíochta ná idir 5 agus 7 % den leithdháileadh chuig gach ceann de na tosaíochtaí laistigh de chlár, cé is moite de thosaíochtaí atá tiomnaithe do chabhair theicniúil agus de chlár atá tiomnaithe d'ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 39. Is 6 % a bheidh i méid iomlán an chúlchiste feidhmíochta a dhéanfar a leithdháileadh de réir Chiste SIE agus catagóire réigiúin. Déanfar na méideanna a chomhfhreagraíonn don chúlchiste feidhmíochta a leagan amach sna cláir agus beidh siad miondealaithe de réir tosaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, de réir Chiste SIE agus de réir catagóire réigiúin.

2.   Ar bhonn an athbhreithnithe feidhmíochta arna dhéanamh in 2019, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí ó na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme faoi seach a fháil sa bhliain 2019, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun na cláir agus na tosaíochtaí a bhain a ngarspriocanna amach a chinneadh do gach ceann de Chistí SIE agus do gach Ballstát, agus, i gcás ina gcuimsíonn tosaíocht níos mó ná Ciste amháin nó catagóir réigiúin amháin, leagfaidh sé an fhaisnéis sin amach de réir Chiste SIE agus de réir catagóire réigiúin.

3.   Ní dhéanfar an cúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh ach amháin ar chláir agus ar thosaíochtaí a bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu. I gcás ina mbeidh a gcuid garspriocanna bainte amach ag tosaíochtaí, measfar méid an chúlchiste feidhmíochta arna bhunú don tosaíocht a bheith leithdháilte go cinnte ar bhonn an chinnidh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2.

4.   I gcás nach mbeidh a gcuid garspriocanna bainte amach ag na tosaíochtaí, déanfaidh an Ballstát, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír 2, a mholadh go ndéanfar an méid comhfhreagrach den chiste feidhmíochta a ath-leithdháileadh ar thosaíochtaí a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 agus molfaidh sé leasuithe eile ar an gclár a eascraíonn as ath-leithdháileadh an chiste feidhmíochta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír.

Déanfaidh an Coimisiún leasú na gclár lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 30(3) agus (4). I gcás ina mainneoidh Ballstát an fhaisnéis a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 50(5) agus (6), ní dhéanfar an cúlchiste feidhmíochta don chlár ná do na tosaíochtaí lena mbaineann a leithdháileadh ar na cláir nó ar na tosaíochtaí lena mbaineann.

5.   Beidh moladh an Bhallstáit an ciste feidhmíochta a ath-leithdháileadh ag luí leis na ceanglais um dhíriú téamach agus leis na leithdháiltí íosta a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna rialacha Ciste-shonracha. De mhaolú air sin, i gcás inarb ann do cheann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí atá nasctha le ceanglais um dhíriú téamach nó le leithdháiltí íosta nach bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu, féadfaidh an Ballstát a mholadh ath-leithdháileadh a dhéanamh ar an gcúlchiste ach gan é sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais agus na leithdháiltí íosta thuasluaite.

6.   I gcás ina bhfuil fianaise ann, a thig as athbhreithniú feidhmíochta do thosaíocht, go raibh mainneachtain thromchúiseach ann a mhéid a bhaineann le garspriocanna a bheith á mbaint amach ag an tosaíocht sin, agus gur garspriocanna iad nach mbaineann ach le táscairí airgeadais agus aschuir agus le príomhchéimeanna cur chun feidhme arna leagan amach sa chreat feidhmíochta agus gurb ann don mhainneachtain sin de dheasca laigí cur chun feidhme atá sainaitheanta go soiléir, ar sheol an Coimisiún teachtaireacht ina leith roimhe sin de bhun Airteagal 50(8) mar thoradh ar dhlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, agus gur mainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht cheartúcháin ba ghá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin, féadfaidh an Coimisiún, tráth nach túisce ná cúig mhí i ndiaidh na teachtaireachta sin, íocaíocht eatramhach uile, nó cuid di, chuig tosaíocht cláir a fhionraí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sna rialacha Ciste-shonracha.

Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha a ardú nuair a bheidh an ghníomhaíocht cheartúcháin is gá déanta ag an mBallstát. I gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht cheartúcháin le haistriú na leithdháiltí airgeadais chuig cláir nó tosaíochtaí eile, a bhfuil a ngarspriocanna bainte amach acu, déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, an leasú riachtanach ar na cláir lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 30(2). De mhaolú ar Airteagal 30(2), déanfaidh an Coimisiún i gcás den sórt sin cinneadh maidir leis an leasú tráth nach déanaí ná dhá mhí ón tráth a ndéantar iarraidh an Bhallstáit a thíolacadh.

7.   I gcás ina suíonn an Coimisiún, bunaithe ar an scrúdú ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na spriocanna nach mbaineann ach le táscairí airgeadais, le táscairí aschuir agus le na príomhchéimeanna cur chun feidhme arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, de dheasca laigí cur chun feidhme atá sainaitheanta go soiléir, ar sheol an Coimisiún teachtaireacht ina leith roimhe sin de bhun Airteagal 50(8) i ndiaidh dlúthchomhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann, agus gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht cheartaitheach ba ghá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin, féadfaidh an Coimisiún in ainneoin Airteagal 85 ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tosaíochtaí lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

Agus na ceartuithe airgeadais á gcur i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, ag féachaint go cuí do phrionsabal na coimhdeachta, an leibhéal ionsúcháin, agus dálaí seachtracha arna rannchuidiú leis an mainneachtain.

Ní dhéanfar ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás inar ann don mhainneachtain spriocanna a bhaint amach i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil i mBallstát nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 chun rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le critéir chun leibhéal an cheartaithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a chinneadh.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a chinneadh sa chreat feidhmíochta le haghaidh gach tosaíochta agus chun measúnú a dhéanamh ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

CAIBIDIL IV

Bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta

Airteagal 23

Bearta lena ndéantar éifeachtúlacht Chistí SIE a nascadh le rialachas eacnamaíoch fónta

1.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát a Chomhaontú Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, i gcás inar gá sin chun tacú le Moltaí ábhartha ón gComhairle a chur chun feidhme nó chun tionchar fáis agus iomaíochais Chistí SIE a uasmhéadú i mBallstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais.

Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun tacú le cur chun feidhme molta thír-shonraigh ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus molta ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann,

(b)

chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) ar an gcoinníoll go meastar gur gá na leasuithe seo chun cuidiú le héagothromaíochtaí macraicneamaíocha a cheartú; nó

(c)

chun an tionchar fáis agus iomaíochais atá ag Cistí CSF atá ar fáil a uasmhéadú, i gcás ina gcomhlíonfaidh Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

cuirtear cúnamh airgeadais de chuid an Aontais ar fáil dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (29);

(ii)

cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (30);

(iii)

cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil dó lena spreagtar clár coigeartaithe maicreacnamaíoch i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) nó lena spreagtar cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE.

Chun críocha phointe (b) den dara fomhír, measfar go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo comhlíonta i gcás ina mbeidh an cúnamh sin curtha ar fáil do na Ballstáit roimh nó i ndiaidh 21 Nollaig 2013 agus go bhfuil sé fós ar fáil dó.

2.   Maidir le hiarraidh ón gCoimisiún chuig Ballstát i gcomhréir le mír 1, beidh údar maith leis agus déanfar tagairt inti don ghá atá le tacú le cur chun feidhme na moltaí ábhartha nó chun tionchar fáis agus iomaíochta na gCistí SIE a uasmhéadú de réir mar is iomchuí, agus léireoidh an Coimisiún na cláir nó na tosaíochtaí a mheasann sé a thagann i gceist agus cineál na leasuithe a bhfuiltear ag súil leo. Ní dhéanfar iarraidh den sórt sin roimh 2015 nó i ndiaidh 2019, ná ní dhéanfar iarraidh i ndáil leis na cláir chéanna in aon dhá bhliain i ndiaidh a chéile.

3.   Déanfaidh an Ballstát a fhreagairt ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil agus leagfaidh sé amach na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sna cláir, na cúiseanna atá leis na leasuithe sin, á shainaithint dó na cláir atá i gceist agus ag tabhairt cuntais dó ar chineál na leasuithe atá á moladh agus na héifeachtaí ionchasacha ar chur chun feidhme na moltaí agus ar chur chun feidhme na gCistí SIE. Más gá, tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de mhí amháin ón bhfreagairt sin a fháil.

4.   Déanfaidh an Ballstát togra chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha a thíolacadh laistigh de dhá mhí ón dáta a dtíolacfar an fhreagairt dá dtagraítear i mír 3.

5.   I gcás nach mbeidh barúlacha tíolactha ag an gCoimisiún nó i gcás inar deimhin leis an gCoimisiún go ndearnadh aon bharúlacha arna dtíolacadh a chur san áireamh go cuí, déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhformheasfar na leasuithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha a ghlacadh gan mhoill agus in aon chás tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a dtíolactha ag an mBallstát i gcomhréir le mír 3.

6.   I gcás ina mainníonn an Ballstát, laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4, gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dó na barúlacha a thabhairt faoi mhír 3 nó tar éis thíolacadh thogra an Bhallstáit faoi mhír 4, a mholadh don Chomhairle cuid de na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí ar fad le haghaidh na gclár agus na dtosaíochtaí lena mbaineann a fhionraí. Ina mholadh, leagfaidh an Coimisiún síos na forais atá aige lena thátal gur mhainnigh an Ballstát gníomhaíocht éifeachtach a ghlacadh. I ndéanamh a mholta dó, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha go léir a chur san áireamh agus breithneoidh sé go cuí aon eilimintí a eascraíonn as an gcomhphlé struchtúrtha faoi mhír 15 nó aon tuairimí a léirítear sa chomhphlé struchtúraithe sin.

Déanfaidh an Comhairle cinneadh maidir leis an moladh sin trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. Ní bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme sin ach amháin i ndáil le hiarrataí ar íocaíocht a dhéantar a thíolacadh tar éis an dáta a nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin.

7.   Maidir le raon feidhme agus leibhéal fhionraí na n-íocaíochtaí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 6, beidh siad comhréireach agus éifeachtach agus urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionchar an fhionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Measfar cé acu cláir atá le fionraí bunaithe ar na riachtanais a shainaithnítear san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Ní bheidh fionraí na n-íocaíochtaí níos mó ná 50 % de na híocaíochtaí do gach ceann ar leith de na cláir lena mbaineann. Féadfar foráil a dhéanamh sa chinneadh do mhéadú ar an leibhéal fionraíochtaí suas go dtí 100 % de na híocaíochtaí más rud é go mainneoidh an Ballstát, laistigh de thrí mhí ó dháta an chinnidh íocaíochtaí a fhionraí dá dtagraítear i mír 6, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1.

8.   I gcás ina mbeidh leasuithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha molta ag an mBallstát, de réir mar a d'iarr an Coimisiún, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, an ndéanfar fionraí na n-íocaíochtaí a ardú.

9.   Déanfaidh an Coimisiún togra chuig an gComhairle á mholadh cuid de na ceangaltais nó de na híocaíochtaí le haghaidh cláir Ballstáit, nó iad uile, a fhionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) agus Airteagal 126(11) CFAE nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach glactha ag an mBallstát chun a easnamh iomarcach a cheartú;

(b)

i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a thíolacadh;

(c)

i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suítear neamhchomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;

(d)

i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 nó i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 a chur chun feidhme agus ina gcinnfidh sé, dá thoradh sin, gan an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc;

(e)

i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á chomhlíonadh ag Ballstát.

I ndéanamh a thogra dó, urramóidh an Coimisiún forálacha mhír 11 agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis ábhartha go léir ina leith sin agus breithneoidh sé go cuí aon eilimintí a eascraíonn as an gcomhphlé struchtúrtha faoi mhír 15 nó aon tuairimí a léirítear sa chomhphlé sin.

Tabharfar tosaíocht d'fhionraí na gceangaltas: ní dhéanfar íocaíochtaí a fhionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamhchomhlíonta shuntasaigh. Beidh feidhm ag fionraí na n-íocaíochtaí maidir le hiarrataí ar íocaíocht a ndéanfar iad a thíolacadh le haghaidh na gclár lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh lena ndéantar fionraí.

10.   Maidir le togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 9 i ndáil le ceangaltais a fhionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura rud é go gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh de mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh. Beidh feidhm ag fionraí na gceangaltas maidir le ceangaltais ó na Cistí SIE don Bhallstát lena mbaineann ón 1 Eanáir sa bhliain i ndiaidh dháta an chinnidh fionraí a dhéanamh.

Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh maidir le togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 9 i ndáil le fionraí na n-íocaíochtaí.

11.   Maidir le raon feidhme agus leibhéal fhionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí atá le forchur ar bhonn mhír 10, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar an fhionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Is gné shonrach atá le cur san áireamh é tionchar na bhfionraithe ar chláir a bhfuil ríthábhacht leo chun dul i ngleic le dálaí neamhfhabhracha eacnamaíocha nó sóisialta.

Leagtar amach in Iarscríbhinn III forálacha mionsonraithe maidir le raon feidhme agus leibhéal na bhfionraithe a chinneadh.

Beidh fionraí na gceangaltas faoi réir an chinn is ísle de na huasteorainneacha seo a leanas:

(a)

Uasmhéid de 50 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE sa chéad chás nach gcomhlíontar nós imeachta um easnamh iomarcach mar a dtagraítear dó i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 9 agus uasmhéid de 25 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE sa chéad chás de neamhchomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 9 nó más rud é sa chéad chás sin nach gcomhlíontar gníomhaíocht cheartaithe atá molta de bhun nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9.

Déanfar leibhéal na fionraí a mhéadú de réir a chéile suas go dtí uasmhéid de 100 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE i gcás nós imeachta um easnamh iomarcach agus suas go dtí 50 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE i gcás nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, ag teacht lena thromchúise atá an neamhchomhlíonadh;

(b)

uasmhéid de 0,5 % de OTI ainmniúil is infheidhme sa chéad chás nach gcomhlíontar nós imeachta um easnamh iomarcach mar a dtagraítear dó i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 9 agus uasmhéid de 0,25 % de OTI ainmniúil is infheidhme sa chéad chás de neamhchomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 9 nó más rud é sa chéad chás sin nach gcomhlíontar gníomhaíocht cheartaitheach atá molta faoi nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha mar a dtagraítear dó i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9.

Má leantar den neamhchomhlíonadh a bhaineann le gníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9, déanfar an céatadán de chaidhp OTI sin a mhéadú de réir a chéile suas go dtí:

uasmhéid de 1 % de OTI ainmniúil is infheidhme i gcás neamhchomhlíonta leantaigh de nós imeachta um easnamh iomarcach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 9; agus

uasmhéid de 0,5 % de OTI ainmniúil is infheidhme i gcás neamhchomhlíonta leantaigh de nós imeachta um easnamh iomarcach i gcomhréir le pointe (b) nó le pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9, ag teacht lena thromchúise atá an neamhchomhlíonadh;

(c)

uasmhéid de 50 % de na ceangaltais a bhaineann leis an gcéad bhliain airgeadais eile i gcás na gCistí SIE nó uasmhéid de 0,5 % de OTI ainmniúil sa chéad chás de neamhchomhlíonadh mar a dtagraítear dó i bpointe (d) agus i bpointe (e) den chéad fhomhír de mhír 9.

I gcinneadh an leibhéil fionraí agus cibé an bhfuil ceangaltais nó íocaíochtaí le fionraí, cuirfear an chéim de thimthriall an chláir san áireamh agus aird á tabhairt go háirithe ar an tréimhse atá fanta chun na cistí a úsáid tar éis athbhuiséadú na gceangaltas atá fionraithe.

12.   Gan dochar do na rialacha saortha a leagtar amach in Airteagal 86 go hAirteagal 88, déanfaidh an Coimisiún fionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí a ardú, gan mhoill, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (32) nó go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

(b)

i gcás ina bhfuil tacú tugtha ag an gComhairle don plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

(c)

i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta leormhaithe déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.

Agus fionraí na gceangaltas á hardú, cinnfidh an Coimisiún, na ceangaltais atá fionraithe a athbhuiséadú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle.

Maidir le cinneadh i dtaca le fionraí na n-íocaíochtaí a ardú, glacfaidh an Chomhairle é ar thogra ón gCoimisiún i gcás ina mbeidh na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír comhlíonta.

13.   Ní bheidh feidhm ag mír 6 go mír 12 maidir leis an Ríocht Aontaithe sa mhéid agus go mbaineann fionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí le nithe a chuimsítear le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c)(iii) den dara fomhír de mhír 1 nó le pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 9.

14.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

15.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe, i gcás ina mbeidh ceann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír de mhír 9 le haghaidh Ballstáit, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus mionsonraí a sholáthar de na Cistí agus cláir SIE a d'fhéadfadh a bheith faoi réir fhionraí na gceangaltas nó na n-íocaíochtaí.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig comhphlé struchtúrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird á tabhairt go háirithe ar tharchur na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le ceangaltais nó íocaíochtaí a fhionraí nó an togra chun fionraí den sórt sin a ardú a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle láithreach tar éis a ghlactha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhí aige dá thogra.

16.   In 2017, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Chun na críche sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil a ndéanfaidh sé í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, i gcás inar gá sin, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

17.   Nuair a tharlóidh athruithe móra sna dálaí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 225 nó le hAirteagal 241 CFAE faoi seach, iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a thíolacadh.

Airteagal 24

Ardú ar íocaíochtaí le haghaidh Ballstáit a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige

1.   Arna iarraidh sin ag Ballstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a ardú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe nó maidir le gach beart i gcás CETFT agus CEMI. Má chomhlíonann Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas tar éis an 21 Nollaig 2013, beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a bheith os cionn 100 %, maidir lena iarrataí ar íocaíocht don tréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2016:

(a)

i gcás ina bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann iasacht ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle;

(b)

i gcás ina bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann cúnamh airgeadais meántéarmach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 atá coinníollach ar chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme;

(c)

i gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát lena mbaineann faoi réir coinníll maidir le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cláir faoi Rialachán CCE.

2.   D'ainneoin mhír 1, ní bheidh tacaíocht Aontais trí bhíthin íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí nó uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE le haghaidh gach ceann de na tosaíochtaí i gcás CFRE, CSE agus an Chiste Chomhtháthaithe, nó le haghaidh gach ceann de na bearta i gcás CETFT agus CEMI, mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 agus déanfaidh sé tuarascáil maille lena mheasúnú, agus, más gá, togra reachtach ina leith sin, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle roimh an 30 Meitheamh 2016.

Airteagal 25

Cúnamh teicniúil a bhainistiú do Bhallstáit a mbeidh deacrachtaí buiséadacha sealadacha acu

1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát a mbeidh deacrachtaí buiséadacha sealadacha aige agus a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1), féadfar cuid de na hacmhainní dá bhforáiltear faoi Airteagal 59 agus a dhéantar a chlársceidealú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, le comhaontú ón gCoimisiún, a aistriú go cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun bearta maidir leis an mBallstát lena mbaineann a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (k) den tríú fomhír d'Airteagal 58(1) trí bhainistiú díreach nó neamhdhíreach.

2.   Beidh na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 sa bhreis ar na méideanna a bhunaítear i gcomhréir leis na huasteorainneacha a leagtar amach sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh cúnaimh theicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún. I gcás ina leagfar amach uasteorainn ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón mBallstát sna rialacha Ciste-shonracha, áireofar an méid a bheidh le haistriú chun comhlíonadh na huasteorann sin a ríomh.

3.   Iarrfaidh Ballstát an t-aistriú dá dtagraítear i mír 2 do bhliain féilire ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1) faoin 31 Eanáir den bhliain ina ndéanfar an t-aistriú. Beidh togra maidir le leasú a dhéanamh ar an gclár nó ar na cláir óna ndéanfar an t-aistriú ag gabháil leis an iarraidh. Déanfar leasuithe comhfhreagracha ar an gComhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 30(2) lena leagfar amach an méid iomlán a aistreofar gach bliain chuig an gCoimisiún.

Má chomhlíonann Ballstát na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1) an 1 Eanáir 2014, féadfaidh sé an iarraidh don bhliain sin a tharchur ag an am céanna a thíolacfar a Chomhaontú Comhpháirtíochta, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú chuig cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

TEIDEAL III

CLÁREAGRÚ

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta maidir le Cistí SIE

Airteagal 26

Cláir a ullmhú

1.   Cuirfear Chistí SIE chun feidhme trí chláir i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta. Déanfar an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a chumhdach i ngach clár.

2.   Déanfaidh na Ballstáit nó údarás ar bith eile arna ainmniú acu cláir a tharraingt suas, i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfaidh na Ballstáit na cláir a tharraingt suas ar bhonn nósanna imeachta atá trédhearcach don phobal, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil.

3.   Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú gur ann do chomhordú éifeachtach in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gclár le haghaidh Chistí SIE, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cláir ilchistí le haghaidh, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh acu.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na cláir a thíolacadh don Choimisiún trí mhí ar a dhéanaí tar éis an Comhaontú Comhpháirtíochta a bheith tíolactha. Déanfar cláir um chomhar críochach Eorpach a thíolacadh faoin 22 Meán Fómhair 2014. Beidh meastóireacht ex ante mar a leagtar amach in Airteagal 55 ag gabháil le gach clár.

5.   I gcás ina dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na Rialacháin Chiste-shonracha maidir le Cistí SIE i bhfeidhm idir 22 Feabhra 2014 agus 22 Meitheamh 2014, tíolacfar an clár nó na cláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste SIE agus a ndearna an mhoill i dteacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh difear dó nó dóibh, ar a dhéanaí trí mhí tar éis thíolacadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 17(1).

6.   I gcás ina dtiocfaidh ceann amháin nó níos mó de na Rialacháin Chiste-shonracha maidir le Cistí SIE i bhfeidhm níos déanaí ná an 22 Meitheamh 2014, tíolacfar an clár nó na cláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste SIE agus a ndearna an mhoill i dteacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh difear dó nó dóibh, ar a dhéanaí trí mhí tar éis dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin Chiste-shonraigh arbh ábhar don mhoill é.

Airteagal 27

Inneachar na gclár

1.   Leagfar straitéis amach i ngach clár maidir le rannchuidiú an chláir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus beidh an straitéis comhsheasmhach leis an Rialachán seo, leis na rialacha Ciste-shonracha,agus le hinneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta.

Beidh ar áireamh i ngach clár socruithe lena n-áiritheofar go gcuirfear Cistí SIE chun feidhme go héifeachtach, go héifeachtúil agus go comhordaithe agus gníomhaíochtaí lena mbainfear amach laghdú ar an ualach riaracháin ar thairbhithe.

2.   I ngach clár, beidh sainmhíniú ar thosaíochtaí lena leagfar amach sainchuspóirí, ar leithreasuithe airgeadais tacaíochta ó Chistí SIE agus ar chómhaoiniú náisiúnta comhfhreagrach, lena n-áirítear méideanna a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta, a d'fhéadfadh a bheith ar bhonn poiblí nó ar bhonn príobháideach i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

3.   I gcás ina mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha nó i straitéisí imchuach farraige, déanfar rannchuidiú na n-idirghabhálacha beartaithe leis na straitéisí sin a leagan amach sa chlár ábhartha, i gcomhréir le riachtanais limistéar an chláir de réir mar atá sé sainaitheanta ag an mBallstát.

4.   Leagfar amach le gach tosaíocht táscairí agus spriocanna comhfhreagracha arna sloinneadh i dtéarmaí cáilíochtúla nó cainníochtúla, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, d'fhonn an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chláir atá dírithe ar bhaint amach na gcuspóirí a mheasúnú agus beidh siad mar bhonn d'fhaireachán, do mheastóireacht agus d'athbhreithniú ar fheidhmíocht. Áireofar ar na táscairí sin:

(a)

táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachas arna leithdháileadh;

(b)

táscairí aschuir a bhaineann leis na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht;

(c)

táscairí toraidh a bhaineann leis an tosaíocht lena mbaineann.

I gcás gach ceann de Chistí SIE, leagfar táscairí coiteanna amach sna rialacha Ciste-shonracha agus d'fhéadfaí forálacha a leagan síos maidir le táscairí clár-shonracha.

5.   Beidh ar áireamh i ngach clár, ach amháin sna cláir sin lena gcumhdaítear cúnamh teicniúil amháin, tuairisc, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 san áireamh.

6.   Leagfar amach i ngach clár, ach amháin sna cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár sonrach, an méid táscach tacaíochta a bheidh le húsáid le haghaidh cuspóirí i leith an athraithe aeráide, bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8.

7.   Déanfaidh na Ballstáit an clár a tharraingt suas i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

Airteagal 28

Forálacha sonracha maidir le hinneachar na gclár atá tiomnaithe d'ionstraimí comhpháirteacha maidir le ráthaíochtaí agus urrúsúchán neamhchaidhpeáilte lena soláthraítear faoiseamh caipitil arna gcur chun feidhme ag BIE

1.   De mhaolú ar Airteagal 27, áireofar ar na cláir thiomanta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4):

(a)

na heilimintí a leagtar amach faoin gcéad fhomhír d'Airteagal 27(1), agus faoi mhír 2, faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 den Airteagal sin maidir leis na prionsabail a leagtar amach faoi Airteagal 5;

(b)

sainaithint na gcomhlachtaí dá dtagraítear faoi Airteagal 125, faoi Airteagal 126 agus faoi Airteagal 127 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 65(2) de Rialachán CETFT mar is ábhartha don Chiste lena mbaineann;

(c)

maidir le gach ceann de na coinníollachtaí ex ante, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hIarscríbhinn XI, atá infheidhme maidir leis an gclár, measúnú i dtaobh an mbeidh an choinníollacht ex ante comhlíonta ar an dáta a gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár isteach, agus i gcás nach mbeidh na coinníollachtaí ex ante comhlíonta, tuairisc ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex ante a chomhlíonadh, na comhlachtaí atá freagrach agus tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an achoimre a bheidh tíolactha sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

2.   De mhaolú ar Airteagal 55, déanfar an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) a mheas mar mheastóireacht ex ante ar na cláir sin.

3.   Chun críocha na gclár dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7(2) ná ag Airteagal 59(5) agus (6) de Rialachán CETFT. Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, is iad na forálacha a leagtar amach i bpointí (c)(i), (f), (h), (i) agus (m)(i) go (iii) d'Airteagal 8(1), agus iadsan amháin, a mbeidh feidhm acu faoi CETFT.

Airteagal 29

An nós imeachta maidir le cláir a ghlacadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na gclár leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha, lena rannchuidiú iarbhír leis na cuspóirí téamacha roghnaithe agus le tosaíochtaí an Aontais a bhaineann go sonrach le gach ceann de Chistí SIE, agus freisin leis an gcomhsheasmhacht leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, á chur san áireamh aige na moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus an mheastóireacht ex ante á cur san áireamh aige freisin. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú, go háirithe, ar leordhóthanacht straitéis an chláir agus na gcuspóirí, na dtáscairí agus na spriocanna comhfhreagracha agus ar leithdháileadh na n-acmhainní buiséadacha.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na cláir oibríochtúla atá tiomnaithe do TFAO dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír d'Airteagal 18 de Rialachán CSE agus na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) den Rialachán seo ar comhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta in éagmais an Comhaontú Comhpháirtíochta a bheith tíolactha ag an mBallstát ag dáta tíolactha clár tiomnaithe den sórt sin.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a ndéanfar an clár a thíolacadh. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an clár atá beartaithe.

4.   I gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, déanfaidh an Coimisiún gach clár a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Bhallstát lena mbaineann é a chur isteach, ar choinníoll go bhfuil aon bharúlacha arna dtabhairt ag an gCoimisiún curtha san áireamh go leormhaith, ach ní dhéanfar sin roimh an 1 Eanáir 2014 nó sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas.

De mhaolú ar an gceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a fhormheas sula nglacfar an cinneadh lena bhformheastar an Comhaontú Comhpháirtíochta, agus féadfaidh an Coimisiún cláir oibríochtúla atá tiomnaithe do TFAO dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír d'Airteagal 18 de Rialachán CSE agus cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) den Rialachán seo a fhormheas sula ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a thíolacadh.

Airteagal 30

Cláir a leasú

1.   Maidir le hiarrataí ar leasú na gclár arna dtíolacadh ag Ballstát, beidh údar cuí leo agus leagfar amach go háirithe iontu an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár ar chur i gcrích straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus na sainchuspóirí arna sainiú sa chlár, agus an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha, na prionsabail chothrománach dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, mar aon leis an gComhaontú Comhpháirtíochta á gcur san áireamh. Beidh an clár athbhreithnithe ag gabháil leo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus an réasúnú a thug an Ballstát á chur san áireamh aige. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de mhí amháin tar éis don chlár athbhreithnithe a bheith tíolactha agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise uile is gá don Choimisiún. I gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar chlár a leasú a fhormheas a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Bhallstát iad a thíolacadh, ar choinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go leordhóthanach.

I gcás ina ndéanfaidh leasú ar chlár difear don fhaisnéis arna soláthar sa Chomhaontú Comhpháirtíochta i gcomhréir le pointí (a)(iii), pointe (iv) agus pointe (vi) d'Airteagal 15(1), beidh formheas an Choimisiúin ar an leasú ar an gclár ina fhormheas ag an am céanna maidir leis an athbhreithniú iarmhartach ar an bhfaisnéis sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina dtíolacfar an iarraidh ar leasú chuig an gCoimisiún d'fhonn an cúlchiste feidhmíochta a ath-leithdháileadh tar éis an athbhreithnithe ar fheidhmíocht, ní thabharfaidh an Coimisiún barúlacha ach amháin má mheasann sé nach mbeidh an leithdháileadh a mholfar ag cloí leis na rialacha is infheidhme, nach mbeidh sé i gcomhréir le riachtanais forbartha an Bhallstáit nó an réigiúin, nó go mbeidh baol suntasach ann dá bharr nach bhféadfar na cuspóirí agus na spriocanna a áirítear sa togra a bhaint amach. Formheasfaidh an Coimisiún an iarraidh ar chlár a leasú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá mhí i ndiaidh don Bhallstát an iarraidh a thíolacadh ar an gcoinníoll go mbeidh aon bharúil a thabharfaidh an Coimisiún curtha san áireamh mar is ceart. Beidh formheas ar leasú an chláir ón gCoimisiún ina fhormheas ag an am céanna ar an athbhreithniú iarmharthach ar an bhfaisnéis a bheidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

4.   De mhaolú ar mhír 2, féadfar nósanna imeachta sonracha maidir le leasú na gclár oibríochtúla a bhunú i Rialachán CEMI.

Airteagal 31

Rannpháirtíocht BEI

1.   Féadfaidh BEI, arna iarraidh sin ag Ballstáit, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, agus i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí a ullmhú freisin, go háirithe mórthionscadail, ionstraimí airgeadais agus CPPanna.

2.   Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le BEI sula nglacfar an Comhaontú Comhpháirtíochta nó na cláir.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar BEI scrúdú a dhéanamh ar cháilíocht theicniúil, ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus airgeadais, agus ar inmharthanacht na mórthionscadal agus cabhrú leis i dtaca leis na hionstraimí airgeadais atá le cur chun feidhme nó le forbairt.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, agus forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme aige, deontais nó conarthaí seirbhíse a dhámhachtain ar BEI lena gcuimseofar tionscnaimh a chuirfear chun feidhme ar bhonn ilbhliantúil. Is ar bhonn bliantúil a dhéanfar an ceangaltas de ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais i ndáil le deontais den sórt sin agus le conarthaí seirbhíse den sórt sin.

CAIBIDIL II

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Airteagal 32

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.   Tacóidh CETFT le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, dá ngairfear forbairt áitiúil LEADER agus a fhéadfaidh tacaíocht a fháil ó CFRE, ó CSE nó ó CEMI. Chun críocha na Caibidle seo, gairtear "Cistí SIE lena mbaineann" ar na Cistí sin anseo feasta.

2.   Is éard a bheidh san fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:

(a)

forbairt a bheidh dírithe ar limistéir fhoréigiúnacha shonracha;

(b)

forbairt a bheidh faoi stiúir grúpaí gníomhaíochta áitiúla atá comhdhéanta d'ionadaithe ar son leasanna socheacnamaíocha áitiúla, idir phoiblí agus phríobháideach, nach mbeidh níos mó ná 49 % de na cearta vótála ó thaobh na cinnteoireachta de ag na húdaráis phoiblí, faoi mar a shainítear iad de réir na rialacha náisiúnta, nó ag aon ghrúpa aonair leasa;

(c)

forbairt a chuirfear i gcrích trí straitéisí comhtháite agus ilearnála um fhorbairt áitiúil ar bhonn limistéar;

(d)

forbairt a thabharfaidh aird ar na riachtanais áitiúla agus ar an acmhainneacht áitiúil agus í á ceapadh, agus áireofar inti gnéithe nuálacha sa chomhthéacs áitiúil, líonrú agus, i gcás inarb iomchuí, comhar.

3.   Beidh comhsheasmhacht ag baint leis an tacaíocht ó Chistí SIE lena mbaineann don fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus déanfar í a chomhordú idir Cistí SIE lena mbaineann. Áiritheofar an méid seo inter alia trí fhorbairt acmhainní chomhordaithe, roghnú, formheas agus cistiú straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus grúpaí forbartha áitiúla.

4.   I gcás ina gcinnfidh an coiste roghnúcháin do na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail arna mbunú faoi Airteagal 33(3) go mbeidh gá le tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin chun an straitéis roghnaithe um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme, féadfaidh sé Ciste ceannais a ainmniú i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta chun tacú leis na costais reatha agus eagrúcháin uile faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) d'Airteagal 35(1) don straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

5.   Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE lena mbaineann, cuirfear i gcrích í faoi cheann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an chláir ábhartha nó na gclár ábhartha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha atá mar chuid de Chistí SIE lena mbaineann.

Airteagal 33

Straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.   Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh i straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:

(a)

sainiú ar an limistéar agus ar an daonra a chumhdófar faoin straitéis;

(b)

anailís ar riachtanais forbartha agus acmhainneacht an limistéir, lena n-áirítear anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí;

(c)

tuairisc ar an straitéis agus ar na cuspóirí a bhaineann léi, tuairisc ar ghnéithe comhtháite agus nuálacha na straitéise agus ordlathas na gcuspóirí, lena n-áirítear spriocanna intomhaiste maidir le haschur nó torthaí. I ndáil le torthaí, féadfar na spriocanna a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla. Beidh an straitéis ar comhréir le cláir ábhartha gach ceann de Chistí SIE lena mbaineann;

(d)

tuairisc ar phróiseas rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt na straitéise;

(e)

plean gníomhaíochta ina léirítear conas a aistrítear cuspóirí isteach ina ngníomhaíochtaí;

(f)

tuairisc ar shocruithe bainistíochta agus faireacháin na straitéise, ina léirítear cumas an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta an straitéis a chur chun feidhme agus tuairisc ar na socruithe sonracha le haghaidh meastóireachta;

(g)

an plean airgeadais don straitéis, lena n-áirítear an leithdháileadh atá beartaithe ó gach ceann de Chistí SIE lena mbaineann.

2.   Saineoidh na Ballstáit critéir maidir le straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a roghnú.

3.   Déanfaidh coiste na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a roghnú, ar coiste é a chuirfear ar bun chun na críche sin ag an údarás bainistíochta nó ag na húdaráis bhainistíochta atá freagrach agus a bheidh formheasta ag an údarás bainistíochta nó ag na húdaráis bhainistíochta atá freagrach.

4.   Déanfar an chéad bhabhta roghnúcháin de na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a thabhairt chun críche laistigh de dhá bhliain ó dháta formheasta an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Féadfaidh na Ballstáit straitéisí breise um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a roghnú tar éis an dáta sin ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017.

5.   Sa chinneadh lena bhformheastar straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, leagfar amach leithdháiltí gach ceann de Chistí SIE lena mbaineann. Leagfar amach sa chinneadh freisin na freagrachtaí maidir le cúraimí bainistíochta agus rialaithe faoin gclár nó faoi na cláir i ndáil leis an straitéis um fhorbairt áitiúil.

6.   Daonra an limistéir dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, ní bheidh sé níos lú ná 10 000 áitritheoir agus ní bheidh sé níos mó ná 150 000 áitritheoir. I gcásanna cuí-réasúnaithe agus ar bhonn togra ó Bhallstát, áfach, féadfaidh an Coimisiún na teorainneacha daonra sin a ghlacadh nó a leasú ina chinneadh faoi Airteagal 15(2) nó (3) chun an Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas nó a leasú faoi seach i gcás an Bhallstáit sin, d'fhonn limistéir a bhfuil daonra beag nó daonra mór iontu a chur san áireamh nó d'fhonn comhleanúnachas críochach na limistéar atá cuimsithe ag na straitéisí um fhorbairt áitiúil a áirithiú.

Airteagal 34

Grúpaí gníomhaíochta áitiúla

1.   Déanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla na straitéisí um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh agus a chur chun feidhme.

Saineoidh na Ballstáit na róil faoi seach a bheidh ag an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil agus ag na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme na gclár ábhartha, maidir leis na cúraimí cur chun feidhme go léir a bhaineann leis an straitéis um fhorbairt áitiúil.

2.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta nó na húdaráis bhainistíochta atá freagrach go roghnóidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla comhpháirtí amháin laistigh den ghrúpa mar chomhpháirtí cinn i gcúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr arna bhunú go dlíthiúil.

3.   Beidh an méid seo a leanas san áireamh i gcúraimí na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla:

(a)

acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áirítear a gcumais bhainistíochta tionscadal a chothú;

(b)

nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus critéir oibiachtúla maidir le hoibríochtaí a roghnú a tharraingt suas, lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa, lena n-áirithítear go gcaitheann comhpháirtithe nach údaráis phoiblí iad 50 % ar a laghad de na vótaí i gcinntí roghnúcháin, agus lena gceadófar roghnú trí nós imeachta i scríbhinn;

(c)

comhleanúnachas a áirithiú leis an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nuair a bhíonn oibríochtaí á roghnú, trí thosaíocht a thabhairt do na hoibríochtaí sin de réir a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí agus spriocanna na straitéise sin a bhaint amach;

(d)

glaonna ar thograí nó nós imeachta leanúnach maidir le tionscadail a chur isteach a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear critéir roghnúcháin a shainiú;

(e)

iarratais ar thacaíocht a fháil agus measúnú a dhéanamh orthu;

(f)

oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a shocrú agus, i gcás inarb ábhartha, na tograí a thíolacadh don chomhlacht atá freagrach as fíorú críochnaitheach a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a fhormheas;

(g)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht agus gníomhaíochtaí meastóireachta sonracha a dhéanamh atá nasctha leis an straitéis sin.

4.   Gan dochar do phointe (b) de mhír 3, féadfaidh an grúpa gníomhaíochta áitiúla a bheith ina thairbhí agus féadfaidh sé oibríochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

5.   I gcás gníomhaíochtaí comhair de chuid grúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 35(1), féadfaidh an t-údarás bainistíochta atá freagrach na cúraimí a leagtar amach i bpointe (f) de mhír 3 den Airteagal seo a chur i gcrích.

Airteagal 35

Tacaíocht ó Chistí SIE d'fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.   Cumhdóidh tacaíocht ó Chistí SIE lena mbaineann d'fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail an méid seo a leanas:

(a)

costais na tacaíochta ullmhúcháin atá comhdhéanta d'fhorbairt acmhainní, d'oiliúint agus de líonrú d'fhonn straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Féadfaidh costais den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a chumhdach:

(i)

gníomhaíochtaí oiliúna do gheallsealbhóirí áitiúla;

(ii)

staidéir ar an limistéar lena mbaineann;

(iii)

costais a bhaineann le straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a cheapadh, lena n-áirítear costais chomhairliúcháin agus costais do ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhairliúcháin na ngeallsealbhóirí ar mhaithe leis an straitéis a ullmhú;

(iv)

costais riaracháin (costais oibríochta agus pearsanra) eagraíochta a dhéanann iarratas ar thacaíocht ullmhúcháin i rith na céime ullmhúcháin;

(v)

tacaíocht do threoirthionscadail bheaga.

Beidh tacaíocht ullmhúcháin den sórt sin incháilithe is cuma an ndéanann an coiste roghnúcháin arna chur ar bun faoi Airteagal 33(3) an straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail arna ceapadh ag an ngrúpa gníomhaíochta áitiúla a thairbhíonn den tacaíocht a roghnú le haghaidh cistithe.

(b)

oibríochtaí faoin straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme;

(c)

gníomhaíochtaí comhair de chuid an ghrúpa gníomhaíochta áitiúla a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(d)

costais reatha atá nasctha le bainistiú chur chun feidhme na straitéise faoi stiúir an phobail agus arb é atá i gceist leis costais oibríochta, costais pearsanra, costais oiliúna, costais atá nasctha leis an gcaidreamh poiblí, costais airgeadais agus costais atá nasctha le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an straitéis, mar a thagraítear dóibh i bpointe (g) d'Airteagal 34(3);

(e)

an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a eagrú d'fhonn an teagmháil idir geallsealbhóirí a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus chun an straitéis a chur chun cinn agus chun tacú le tairbhithe ionchasacha d'fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

2.   Maidir leis an tacaíocht do na costais reatha agus don eagrúchán dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) de mhír 2, ní rachaidh sí thar 25 % den chaiteachas poiblí iomlán arna thabhú laistigh den straitéis um fhorbairt áitiúil.

CAIBIDIL III

Forbairt chríochach

Airteagal 36

Infheistíocht chríochach chomhtháite

1.   I gcás ina gceanglaítear, le straitéis forbartha uirbí nó le straitéis, nó le comhshocrú críochach eile dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán CSE, cur chuige comhtháite lena ngabhann infheistíochtaí ó CSE, CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe faoi níos mó ná ais tosaíochta amháin de chuid clár oibríochtúil amháin nó níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar infheistíocht chríochach chomhtháite ('ICC').

Gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích mar ICC, féadfar iad a chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó CETFT nó ó CEMI.

2.   I gcás ina mbeidh ICC á tacú ó CSE, CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe, tabharfar cur síos, sa chlár oibríochtúil ábhartha nó sna cláir oibríochtúla ábhartha, ar an gcur chuige i leith úsáid ionstraim ICC agus an leithdháileadh táscach airgeadais ó gach ais tosaíochta i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

I gcás ina mbeidh ICC á chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó CETFT nó ó CEMI, leagfar amach an leithdháileadh táscach airgeadais agus na bearta a chumhdófar sa chlár ábhartha nó sna cláir ábhartha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

3.   Féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú, lena n-áirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, chun ICC a bhainistiú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

4.   Áiritheoidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta ábhartha go bhforáiltear leis an gcóras faireacháin don chlár nó do na cláir go sainaithneofar oibríochtaí agus aschuir de chuid aise tosaíochta nó de chuid ceann de thosaíochtaí an Aontais a rannchuidíonn le ICC.

TEIDEAL IV

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 37

Ionstraimí airgeadais

1.   Féadfar úsáid a bhaint as Cistí SIE chun tacú le hionstraimí airgeadais faoi chlár amháin nó níos mó, lena n-áirítear nuair a eagraítear iad trí bhíthin cistí de chistí, chun rannchuidiú le gnóthú sainchuspóirí arna leagan amach faoi thosaíocht.

Déanfar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme chun tacú le hinfheistíochtaí atá ceaptha le bheith inmharthana ar bhonn airgeadais agus nach bhfuil cistiú leordhóthanach ó fhoinsí margaidh mar thoradh orthu. Nuair a chuirtear an Teideal seo i bhfeidhm, déanfaidh na húdaráis bhainistíochta, an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme, agus na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme an dlí is infheidhme a chomhlíonadh, go háirithe maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí.

2.   Beidh tacaíocht d'ionstraimí airgeadais bunaithe ar mheasúnú ex ante inar suíodh fianaise de mhainneachtainí margaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha, agus an leibhéal measta agus raon feidhme na riachtanas infheistíochta poiblí, lena n-áirítear cineálacha ionstraimí airgeadais atá le tacú. Déanfar a áireamh ar an measúnú ex ante sin:

(a)

anailís ar mhainneachtainí margaidh, cásanna d'infheistíochtaí fo-optamacha, agus riachtanais infheistíochta i réimsí beartais agus i gcuspóirí téamacha nó tosaíochtaí infheistíochta a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu d'fhonn rannchuidiú le baint amach sainchuspóirí arna leagan amach faoi thosaíocht agus a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh trí ionstraimí airgeadais. Beidh an anailís sin bunaithe ar an modheolaíocht atá ar fáil maidir le dea-chleachtais;

(b)

measúnú ar bhreisluach na n-ionstraimí airgeadais a meastar go bhfaighidh siad tacaíocht ó Chistí SIE, comhsheasmhacht le cineálacha eile d'idirghabhálacha poiblí lena dtugtar aghaidh ar an margadh céanna, impleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag státchabhair, comhréireacht na n-idirghabhálacha agus na mbeart réamhthuartha chun saobhadh margaidh a laghdú;

(c)

meastachán de na hacmhainní breise poiblí agus príobháideacha a d'fhéadfadh teacht aníos i ngeall ar an ionstraim airgeadais agus sin a ríomh síos go dtí leibhéal an fhaighteora dheiridh (éifeacht luamhánaithe dhóchúil), lena n-áirítear de réir mar is iomchuí measúnú ar an ngá atá le luach saothair fabhrach, agus ar leibhéal an ghá sin, chun acmhainní contrapháirtí a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha agus/nó tuairisc ar na sásraí a bheidh le húsáid chun an gá atá leis an luach saothair fabhrach sin, agus a mhéid den luach saothair sin, a shuíomh, amhail próiseas measúnúcháin atá iomaíoch nó atá neamhspleách go hiomchuí;

(d)

measúnú ar na ceachtanna a foghlaimíodh i ngeall ar ionstraimí comhchosúla agus measúnuithe ex ante a rinne an Ballstát san am a caitheadh, agus conas a bhainfear tairbhe as ceachtanna den sórt sin san am atá le teacht;

(e)

an straitéis infheistíochta atá beartaithe, lena n-áirítear scrúdú ar na roghanna maidir le socruithe cur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 38, táirgí airgeadais a bheidh le tairiscint, na faighteoirí deiridh a bheidh mar sprioc, an comhcheangal réamhthuartha le tacaíocht deontais de réir mar is iomchuí;

(f)

sonraíocht ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus conas a mheastar go rannchuideoidh an ionstraim airgeadais lena mbaineann le baint amach na sainchuspóirí a leagtar amach faoin tosaíocht ábhartha, lena n-áirítear táscairí don rannchuidiú sin.

(g)

forálacha lena bhféadfar athbhreithniú agus nuachóiriú, de réir mar is gá, a dhéanamh ar an measúnú ex ante le linn chur chun feidhme aon ionstraime airgeadais a cuireadh chun feidhme bunaithe ar mheasúnú den sórt sin, i gcás ina measann an t-údarás bainistíochta, le linn na céime cur chun feidhme, go bhféadfadh sé nach dtugann an measúnú ex ante léiriú beacht a thuilleadh ar na dálaí margaidh atá ann ag tráth an chur chun feidhme.

3.   Féadfar an measúnú ex ante dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh i gcéimeanna. In aon chás, cuirfear i gcrích é sula gcinneann an t-údarás bainistíochta rannchuidithe cláir a dhéanamh le hionstraim airgeadais.

Déanfar achoimre de thorthaí agus de chonclúidí na measúnuithe ex ante maidir le hionstraimí airgeadais a fhoilsiú laistigh de thrí mhí i ndiaidh dháta a gcur i gcrích.

Cuirfear an measúnú ex ante faoi bhráid an choiste faireacháin ar mhaithe le faisnéis a sholáthar i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

4.   Más rud é go dtacaíonn ionstraimí airgeadais le maoiniú fiontar, lena n-áirítear FMBanna, déanfar an tacaíocht sin a spriocdhíriú ar fhiontair nua a bhunú, ar chaipiteal luathchéimneach i.e. síolchaipiteal agus caipiteal tionscnaimh, ar chaipiteal forbraíochta, ar chaipiteal chun gníomhaíochtaí ginearálta fiontair a neartú, nó ar thionscadail nua a chur ar bun, ar dhul isteach i margaí nua nó ar fhorbairtí nua ag fiontair reatha, gan dochar do rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair agus i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Féadfaidh infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe araon a bheith ar áireamh sa tacaíocht, chomh maith le caipiteal oibre laistigh de shrianta rialacha infheidhme an Aontais maidir le státchabhair, agus d'fhonn spreagadh a thabhairt don earnáil phríobháideach mar sholáthróir cistithe d'fhiontair. Féadfar a áireamh ann freisin costais an aistrithe a bhaineann le cearta maoine i bhfiontair ar choinníoll go dtarlaíonn aistrithe den sórt sin idir infheisteoirí neamhspleácha.

5.   Na hinfheistíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh faoi na hionstraimí airgeadais, ní bheidh siad lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán ag dáta an chinnidh infheistíochta.

6.   I gcás ina soláthróidh ionstraimí airgeadais tacaíocht do na faighteoirí deiridh maidir le hinfheistíochtaí bonneagair ar mhaithe le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach nó infheistíochtaí comhchosúla bonneagair a bhfuil de chuspóir acu gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir tuaithe a éagsúlú, d'fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an tacaíocht sin na méideanna is gá le haghaidh atheagrú a dhéanamh ar an bpunann fiachais maidir leis an mbonneagar ar cuid de an infheistíocht nua suas go dtí uasmhéid 20 % de mhéid iomlán tacaíochta an chláir ón ionstraim airgeadais chuig an infheistíocht.

7.   Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhthiomsú le deontais, le fóirdheontais ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta. I gcás ina dtugtar tacaíocht ó Chistí SIE trí bhíthin ionstraimí airgeadais agus go bhfuil sí comhcheangailte in aon oibríocht amháin, agus go bhfuil cineálacha eile tacaíochta a bhaineann go díreach le hionstraimí airgeadais ag díriú ar na faighteoirí deiridh céanna, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, fóirdheontais ráta úis agus fóirdheontais táillí ráthaíochta, beidh feidhm ag na forálacha is infheidhme d'ionstraimí airgeadais maidir le gach cineál tacaíochta laistigh den oibríocht sin. I gcásanna den sórt sin, déanfar rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair a urramú agus coimeádfar taifead ar leithligh maidir le gach cineál tacaíochta.

8.   Maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim airgeadais de chuid Ciste SIE, féadfaidh siad cúnamh a fháil freisin ó thosaíocht nó ó chlár eile de Chistí SIE nó ó ionstraim eile a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir le rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair. Sa chás sin, coimeádfar taifid ar leithligh le haghaidh gach foinse cúnaimh agus beidh an tacaíocht ó ionstraim airgeadais Cistí SIE ina cuid d'oibríocht ag a mbeidh caiteachas incháilithe agus é éagsúil ó fhoinsí eile cúnaimh.

9.   Maidir leis an gcomhcheangal tacaíochta a sholáthraítear trí dheontais agus ionstraimí airgeadais, de réir mar a thagraítear dóibh i mír 7 agus i mír 8, féadfaidh sé, faoi réir rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair, an mhír chaiteachais chéanna a chumhdach ar choinníoll nach sáraíonn suim na gcineálacha tacaíochta go léir atá comhcheangailte méid foriomlán na míre caiteachais lena mbaineann. Ní úsáidfear deontais chun tacaíocht a fuarthas ó ionstraimí airgeadais a aisíoc. Ní úsáidfear ionstraimí airgeadais chun deontais a réamh-mhaoiniú.

10.   Ní bheidh rannchuidithe comhchineáil ina gcaiteachas incháilithe maidir le hionstraimí airgeadais, ach amháin rannchuidithe talún nó eastáit réadaigh maidir le hinfheistíochtaí a bhfuil sé de chuspóir leo tacú le forbairt tuaithe, le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach, i gcás ina bhfuil an talamh nó an t-eastát réadach ina chuid den infheistíocht. Beidh rannchuidithe talún nó eastáit réadaigh den sórt sin incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 69(1).

11.   Ní bheidh CBL ina chaiteachas incháilithe oibríochta, ach amháin sa chás go bhfuil an CBL neamh-inghnóthaithe faoin reachtaíocht CBL náisiúnta. Ní dhéanfar an chaoi a ndéileáiltear le CBL ar leibhéal infheistíochta arna ndéanamh ag faighteoirí deiridh a chur san áireamh chun incháilitheacht caiteachais faoin ionstraim airgeadais a chinneadh. Más rud é, áfach, go ndéantar ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le deontais faoi mhír 7 agus faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 69(3) maidir leis an deontas.

12.   Chun críocha chur i bhfeidhm an Airteagail seo, is é a bheidh sna rialacha infheidhme maidir le státchabhair ná na rialacha sin a bheidh i bhfeidhm an tráth a ndéanann an t-údarás bainistíochta nó an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme rannchuidithe cláir a ghealladh ar bhonn conartha chuig ionstraim airgeadais, nó nuair a dhéanann an ionstraim airgeadais rannchuidithe cláir a ghealladh go conarthach chuig faighteoirí deiridh, de réir mar is infheidhme.

13.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha sonracha breise maidir le talamh a cheannach agus le cúnamh teicniúil a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais.

Airteagal 38

Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme

1.   Le linn d'údaráis bhainistíochta Airteagal 37 a chur chun feidhme, féadfaidh siad ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar leibhéal an Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún;

(b)

ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an údarás bainistíochta nó faoina fhreagracht.

2.   Déanfar rannchuidithe ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais faoi phointe (a) de mhír 1 a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear na rannchuidithe sin, i gcomhréir le cuspóirí Chistí SIE faoi seach, chun tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an gclár nó leis na cláir óna ndéantar na rannchuidithe sin.

Beidh rannchuidithe leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi réir an Rialacháin seo, mura rud é go bhforáiltear go sainráite d'eisceachtaí.

Beidh an dara fomhír gan dochar do na rialacha lena rialaítear ionstraimí airgeadais a chur ar bun faoin Rialachán Airgeadais, agus lena rialaítear feidhmiú na n-ionstraimí sin, mura rud é go bhfuil na rialacha sin i gcoinbhleacht le rialacha an Rialacháin seo, agus sa chás sin is é an Rialachán seo a bheidh i réim.

3.   I gcás ionstraimí airgeadais faoi phointe (b) de mhír 1, féadfaidh an t-údarás bainistíochta ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais lena gcomhlíontar na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha arna leagan síos ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo;

(b)

ionstraimí airgeadais atá ann cheana féin nó atá nuachruthaithe agus atá ceaptha go sonrach chun na sainchuspóirí a leagtar amach faoin tosaíocht ábhartha a bhaint amach.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a gcomhlíonfaidh na hionstraimí airgeadais faoi phointe (a) den chéad fhomhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

4.   Agus é ag tacú leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, féadfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal eintiteas dlíthiúil atá ann cheana nó eintiteas dlíthiúil nuachruthaithe, lena n-áirítear na heintitis sin a mhaoinítear trí Chistí SIE eile, atá tiomnaithe d'ionstraimí airgeadais atá comhsheasmhach le cuspóirí Chistí SIE faoi seach a chur chun feidhme, agus a thabharfaidh faoi chúraimí cur chun feidhme; beidh an tacaíocht a thabharfar d'eintitis den sórt sin teoranta do na méideanna sin is gá chun infheistíochtaí nua i gcomhréir le hAirteagal 37 a chur chun feidhme agus ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo;

(b)

cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n-iontaoibh seo a leanas:

(i)

BEI;

(ii)

institiúidí airgeadais idirnáisiúnta ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstát agus a bhfuil sé mar aidhm aici leas an phobail a bhaint amach faoi rialú údaráis phoiblí;

(iii)

comhlacht arna rialú faoin dlí poiblí nó príobháideach; nó

(c)

cúraimí cur chun feidhme a chur i gcrích go díreach, i gcás ionstraimí airgeadais ar iasachtaí nó ráthaíochtaí amháin atá i gceist iontu. Sa chás sin, measfar gurb é an t-údarás bainistíochta an tairbhí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2.

Nuair a chuirtear an ionstraim airgeadais chun feidhme, áiritheoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír go gcomhlíontar an dlí infheidhme, lena n-áirítear rialacha a chumhdaíonn Cistí SIE, Státchabhair, soláthar poiblí agus caighdeáin ábhartha agus an reachtaíocht is infheidhme maidir le sciúradh airgid a chosc, leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus le calaois chánach. Ní dhéanfar na comhlachtaí sin a bhunú i gcríocha nach gcomhoibríonn a ndlínse leis an Aontas maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán cánach idirnáisiúnta comhaontaithe, agus ní choimeádfaidh siad caidreamh gnó le heintitis atá comhlachaithe sna críocha sin, agus déanfaidh siad na ceanglais sin a thrasuí ina gconarthaí leis na hidirghabhálaithe airgeadais roghnaithe.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha sonracha breise maidir le ról, dliteanais agus freagracht na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, maidir le critéir roghnúcháin agus maidir le táirgí a d'fhéadfaí a sheachadadh trí bhíthin ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 37. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i leith na ngníomhartha tarmligthe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna faoin 22 Aibreán 2014.

5.   Maidir leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, féadfaidh siad, nuair a bhíonn cistí de chistí á gcur chun feidhme acu, cuid den chur chun feidhme a chur ar iontaoibh sa bhreis ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go n-áiritheoidh eintitis den sórt sin atá faoina bhfreagracht go gcomhlíonann na hidirghabhálaithe airgeadais na critéir a leagtar síos in Airteagal 140(1), (2) agus (4) den Rialachán Airgeadais. Déanfar idirghabhálaithe airgeadais a roghnú bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, trína seachnófar coinbhleachtaí leasa.

6.   Déanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, a ndearnadh cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n-iontaoibh, cuntais mhuiníneacha a oscailt ina n-ainm nó thar ceann an údaráis bainistíochta, nó cuirfidh siad an ionstraim airgeadais ar bun mar bhloc airgeadais ar leith laistigh d'institiúid airgeadais. Sa chás ina bhfuil sé mar bhloc airgeadais ar leith, déanfar idirdhealú cuntasaíochta idir acmhainní cláir a infheistítear san ionstraim airgeadais agus na hacmhainní eile atá ar fáil san institiúid airgeadais. Déanfar na sócmhainní atá á sealbhú sna cuntais mhuiníneacha agus i mbloic airgeadais ar leith den sórt sin a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, de réir rialacha stuamachta iomchuí agus beidh leachtacht iomchuí acu.

7.   I gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír (4), faoi réir struchtúr chur chun feidhme na hionstraime airgeadais, déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le rannchuidithe ó chláir leis na hionstraimí airgeadais a leagan amach sna comhaontuithe cistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar na leibhéil seo a leanas:

(a)

i gcás inarb infheidhme, idir na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bhainistíochta agus an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme, agus

(b)

idir na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bainistíochta, nó i gcás inarb infheidhme, an comhlacht a chuireann an ciste de chistí chun feidhme, agus an comhlacht a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme.

8.   Maidir le hionstraimí airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfar na téarmaí agus coinníollacha maidir le rannchuidithe ó chláir leis na hionstraimí airgeadais a leagan amach i ndoiciméad straitéise i gcomhréir le hIARSCRÍBHINN IV a bheidh le scrúdú ag an gcoiste faireacháin.

9.   Féadfar rannchuidithe náisiúnta poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear rannchuidithe comhchineáil mar a thagraítear dóibh in Airteagal 37(10), a thabhairt ar leibhéal an chiste de chistí, ar leibhéal na hionstraime airgeadais nó ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos coinníollacaha aonfhoirmeacha maidir leis na socruithe mionsonraithe i leith aistriú agus bhainistiú na rannchuidithe cláir arna mbainistiú ag na comhlachtaí dá dtagraítear sa chéad fomhír de mhír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 39

Rannchuidiú CFRE agus CEMI le hionstraimí airgeadais comhpháirteacha um ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus urrúsúchán i bhfabhar FBManna, arna chur chun feidhme ag BIE

1.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn 'maoiniú fiachais' iasachtaí, léasú nó ráthaíochtaí.

2.   Féadfaidh Ballstáit leas a bhaint as an CFRE agus an CETFT chun rannchuidiú airgeadais a sholáthar d'ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) den Rialachán seo, atá á mbainistiú go hindíreach ag an gCoimisiún agus chuig a bhfuil cúraimí cur chun feidhme curtha ar iontaoibh an BIE de bhun phointe (c)(iii) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 139(4) den Rialachán Airgeadais, i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte lena soláthraítear faoiseamh caipitil d'idirghabhálaithe airgeadais le haghaidh punanna nua de mhaoiniú fiachais chuig FBManna incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 37(4) den Rialachán seo;

(b)

urrúsúchán, mar a shainmhínítear i bpointe (61) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), d'aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

punanna de mhaoiniú fiachais atá ann cheana chuig FBManna agus chuig fiontair eile [a fhostaíonn níos lú ná 500 duine];

(ii)

punanna nua de mhaoiniú fiachais chuig FBManna.

Maidir leis an rannchuidiú airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, rannchuideoidh sé le tráinsí sóisearacha agus/nó forbraíochta na bpunann atá luaite iontu ar choinníoll go gcoinníonn an t-idirghabhálaí airgeadais ábhartha cuid leordhóthanach de riosca na bpunann comhionann ar a laghad le ceanglas na coinneála riosca a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun ailíniú leormhaith úis a áirithiú. I gcás urrúsúcháin faoi phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, tá d'oibleagáid ar an idirghabhálaí airgeadais maoiniú fiachais nua chuig FBManna incháilithe a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 37(4) den Rialachán seo.

Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach in ionstraimí airgeadais den sórt sin, rannchuideoidh sé an méid atá ag teacht le riachtanais mhaoinithe fiachais FBManna sa Bhallstát sin agus leis an éileamh measta ar mhaoiniú fiachais FBM den sórt sin, á chur san áireamh dóibh an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 agus in aon chás is méid é nach mbeidh níos airde ná 7 % den leithdháileadh ó CFRE agus ó CETFT chuig an mBallstát. Beidh rannchuidiú comhiomlánaithe CFRE agus CETFT ag na Ballstáit rannpháirteacha uile faoi réir uasteorann foriomláine de EUR 8 500 000 000 (i bpraghsanna 2011).

Más rud é go measfaidh an Coimisiún, i gcomhairliúchán leis an BIE, nach leordhóthanach an rannchuidiú íosta comhiomlán chuig an ionstraim a léiríonn suim rannchuidithe na mBallstát rannpháirteach uile, agus an mhais chriticiúil íosta a shainítear sa mheasúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4 á cur san áireamh go cuí, stopfar de chur chun feidhme na hionstraime airgeadais agus tabharfar na rannchuidithe ar ais do na Ballstáit.

I gcás nach mbeidh an Ballstát agus BIE in ann teacht ar chomhaontú faoi na coinníollacha don chomhaontú maoinithe dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4 agus an rannchuidiú a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.

I gcás ina mbeidh na coinníollacha le haghaidh foirceannadh rannchuidiú an Bhallstáit chuig an ionstraim arna bunú sa chomhaontú maoinithe idir an Ballstát lena mbaineann agus an BIE dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4 comhlíonta, tíolacfaidh an Ballstát iarraidh maidir le leasú ar an gclár dá dtagraítear i bpointe (b) de chéad fhomhír de mhír 4 agus an rannchuidiú atá fanta a ath-leithdháileadh ar chláir agus ar thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh dírithe théamaigh.

I gcás ina gcuirfear stop le rannpháirtíocht Ballstáit, tíolacfaidh an Ballstát sin iarraidh maidir le leasú ar an gclár. I gcás ina ndéanfar leithreasuithe neamhúsáidte a shaoradh, cuirfear na leithreasuithe saortha ar fáil arís don Bhallstát lena mbaineann, ionas go ndéanfar iad a ath-chlárú le haghaidh clár eile agus tosaíochtaí eile i gcomhréir le ceanglais an dírithe théamaigh.

3.   Maidir le FBManna a fhaigheann maoiniú fiachais nua mar thoradh ar phunanna nua arna bhforbairt ag an idirghabhálaí airgeadais i gcomhthéacs na hionstraime airgeadais dá dtagraítear i mír 2, measfar iad a bheith ina bhfaighteoirí deiridh de rannchuidiú an CFRE agus den CETFT leis na hionstraimí airgeadais lena mbaineann.

4.   Comhlíonfaidh an rannchuidiú airgeadais dá dtagraítear i mír 2 na coinníollacha seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 37(2), beidh sé bunaithe ar mheasúnú ex ante amháin ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an BIE agus ag an gCoimisiún;

Ar bhonn na bhfoinsí sonraí atá ar fáil maidir leis an maoiniú fiachais bainc agus FBManna, cuimseoidh an measúnú ex ante, inter alia, anailís ar riachtanais mhaoinithe FBManna ar leibhéal an Aontais, coinníollacha agus riachtanais FBManna chomh maith le léiriú den bhearna mhaoinithe FBM i ngach Ballstát, próifíl den staid eacnamaíoch agus airgeadais in earnáil FBM ar leibhéal an Bhallstáit, mais chriticiúil íosta de na rannchuidithe comhiomlána, raon de thoirt mheasta na n-iasachtaí iomlána arna nginiúint ag rannchuidithe den sórt sin agus an breisluach.

(b)

déanfaidh gach Ballstát rannpháirteach é a sholáthar mar chuid de chlár tiomnaithe náisiúnta aonair in aghaidh gach rannchuidiú airgeadais ag CFRE agus ag CETFT a thacaíonn leis an gcuspóir téamach a leagtar amach i bpointe (3) den chéad mhír d'Airteagal 9;

(c)

beidh sé faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin arna thabhairt i gcrích idir gach Ballstát rannpháirteach agus BIE lena n-áirítear, inter alia:

(i)

cúraimí agus oibleagáidí an BIE, lena n-áirítear luach saothair;

(ii)

giaráil íosta atá le baint amach ag garspriocanna atá sainithe go soiléir laistigh den tréimhse incháilitheachta a léirítear in Airteagal 65(2);

(iii)

coinníollacha don mhaoiniú fiachais nua;

(iv)

forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí neamh-incháilithe agus le critéir eisiatachta;

(v)

sceideal na n-íocaíochtaí;

(vi)

pionóis i gcás neamh-chomhlíonadh ag na idirghabhálaithe airgeadais;

(vii)

roghnú idirghabhálaithe airgeadais;

(viii)

faireachán, tuairisciú agus iniúchóireacht;

(ix)

infheictheacht;

(x)

na coinníollacha chun an comhaontú a fhoirceannadh.

Chun críocha chur chun feidhme na hionstraime, déanfaidh an BIE socruithe conarthacha leis na hidirghabhálaithe airgeadais roghnaithe;

(d)

sa chás nach ndéanfar an comhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) a thabhairt chun críche laistigh de shé mhí ó ghlactar an clár dá dtagraítear i bpointe (b), beidh de cheart ag an mBallstát an rannchuidiú sin a ath-leithdháileadh ar chláir agus thosaíochtaí eile i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh díriú téamach.

Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos samhail den chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a ghlacadh. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

5.   Bainfear amach giaráil íosta i ngach Ballstát rannpháirteach ar leibhéal na ngarspriocanna a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, arna ríomh mar chóimheas idir an maoiniú fiachais nua chuig FBManna incháilithe atá le tionscnamh ag idirghabhálaithe airgeadais agus rannchuidiú comhfhreagrach CFRE agus CETFT ó na Ballstáit ábhartha leis na hionstraimí airgeadais. D'fhéadfadh giaráil íosta den sórt sin athrú ó Bhallstát rannpháirteach amháin go Ballstát rannpháirteach eile.

Sa chás nach bhfaighidh idirghabhálaí airgeadais an ghiaráil íosta a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4, beidh sé faoi cheangal conarthach pionóis a íoc chun sochair an Bhallstáit rannpháirtigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú cisitiúcháin.

Mainneachtain ag an idirghabhálaí airgeadais an ghiaráil íosta a leagtar amach sa chomhaontú cistiúcháin a bhaint amach, ní dhéanfaidh sí difear do na ráthaíochtaí a eisíodh ná do na hidirghabhálacha urrúsúcháin ábhartha.

6.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 38(2), féadfar rannchuidithe airgeadais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i gcuntais ar leithligh de réir an Bhallstáit nó, má thugann dhá Bhallstát rannpháirteacha nó níos mó a dtoiliú ina leith, i gcuntas aonair a chuimsíonn gach ceann de na Ballstáit sin agus féadfar iad a úsáid i gcomhréir le cuspóirí sonracha na gclár óna ndéantar na rannchuidithe.

7.   De mhaolú ar Airteagal 41(1) agus (2) a mhéid a bhaineann leis na rannchuidithe airgeadais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfar iarraidh ar íocaíocht ag an mBallstát ar an gCoimisiún ar bhonn 100 % de na méideanna atá le híoc ag an mBallstát leis an BIE i gcomhréir leis an sceideal atá sainithe sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo. Beidh na hiarrataí sin ar íocaíocht bunaithe ar na méideanna atá iarrtha ag an BIE agus a mheastar a bheith riachtanach chun ceangaltais do chonarthaí ráthaíochtaí a chlúdach nó idirbhearta urrúsúcháin atá le tabhairt chun críche laistigh de na trí mí ina dhiaidh sin a chlúdach. Íocaíochtaí ó Bhallstáit chuig an BIE, déanfar iad gan mhoill agus in aon chás sula rachaidh an BIE i mbun ceangaltas.

8.   Ag tráth dúnta an chláir, is é a bheidh sa chaiteachas incháilithe ná méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íoctar leis an ionstraim airgeadais, a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas:

(a)

le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, na hacmhainní dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(3);

(b)

le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, an méid comhiomlán den mhaoiniú fiachais nua a thig ó idirbhearta urrúsúcháin, arna íoc le nó chun sochair FBManna incháilithe laistigh den tréimhse incháilitheachta a léirítear in Airteagal 65(2).

9.   Chun críocha Airteagal 44 agus Airteagal 45, measfar go mbeidh na ráthaíochtaí neamhghlaoite agus na méideanna aisghnóthaithe i ndáil le, faoi seach, na ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte agus na hidirbhearta urrúsúcháin, ina n-acmhainní a íocadh ar ais leis na hionstraimí airgeadais. Ag tráth fhoirceannadh na n-ionstraimí airgeadais, measfar go mbeidh na glanfháltais leachtaithe, tar éis asbhaint na gcostas agus na dtáillí agus tar éis na méideanna atá dlite do chreidiúnaithe a aicmítear a bheith níos sinsearaí ná iad siúd a rannchuidigh an CFRE agus an CETFT leo, tugtha ar ais do na Ballstáit ábhartha ar bhonn pro rata lena rannchuidithe leis an ionstraim airgeadais.

10.   Beidh na míreanna breise seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 46(1):

(a)

méid iomlán na tacaíochtaí CFRE agus CETFT a íoctar leis an ionstraim airgeadais i ndáil le hidirbhearta neamhchaidhpeáilte ráthaíochtaí nó urrúsúcháin, de réir cláir agus tosaíochta nó birt;

(b)

an dul chun cinn i maoiniú fiachais nua a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 37(4), le haghaidh FBManna incháilithe.

11.   In ainneoin Airteagal 93(1), féadfar na hacmhainní arna leithdháileadh ar ionstraimí faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun maoiniú fiachais FBM nua a chruthú i gcríoch uile an Bhallstáit gan aird ar na catagóirí réigiúin, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.

12.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 70 maidir le cláir a chuirtear ar bun chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme faoin Airteagal seo.

Airteagal 40

Ionstraimí airgeadais a bhainistiú agus a rialú

1.   Comhlachtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124 den Rialachán seo do CFRE, don Chiste Comhtháthaithe, do CSE, do CEMI agus i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán CETFT do CETFT, ní dhéanfaidh siad fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí comhdhéanta d'ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi phointe (a) d'Airteagal 38(1). Gheobhaidh na comhlachtaí ainmnithe sin tuarascálacha rialta ar rialú ó na comhlachtaí ar cuireadh cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais sin ar a n-iontaoibh.

2.   Ní dhéanfaidh na comhlachtaí atá freagrach as cláir a iniúchadh iniúchtaí ar oibríochtaí comhdhéanta d'ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi phointe (a) d'Airteagal 38(1) ná ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a bhaineann leis na hionstraimí sin. Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar rialú ó na hiniúchóirí atá ainmnithe sna comhaontuithe lenar cuireadh na hionstraimí airgeadais sin ar bun.

3.   Maidir leis na comhlachtaí atá freagrach as cláir a iniúchadh, féadfaidh siad iniúchtaí a sheoladh ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh, ach ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin nuair a tharlaíonn ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

doiciméid tacaíochta, lena soláthraítear fianaise na tacaíochta ó na hionstraimí airgeadais leis na faighteoirí deiridh agus fianaise gur úsáideadh an tacaíocht sin do na críocha a bhí beartaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, níl siad ar fáil ar leibhéal na hionstraime airgeadais nó ar leibhéal an údaráis bhainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme;

(b)

tá fianaise ann nach ionann na doiciméid atá ar fáil ar leibhéal an údaráis bhainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann na hionstraimí airgeadais chun feidhme agus taifead fírinneach agus beacht den tacaíocht a sholáthraítear;

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, maidir le bainistiú agus rialú ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1), lena n-áirítear rialuithe a bheidh le déanamh ag údaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta, socruithe chun doiciméid tacaíochta a choimeád, gnéithe a bheidh le fianaisiú ag doiciméid tacaíochta, agus socruithe bainistíochta rialaithe agus iniúchóireachta. Tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i leith na ngníomhartha tarmligthe sin faoin 22 Aibreán 2014.

5.   Beidh na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme freagrach as a áirithiú go bhfuil na doiciméid tacaíochta ar fáil agus ní fhorchuirfidh siad ceanglais coimeádta taifead a théann thar a bhfuil riachtanach chun a chur ar a gcumas an fhreagracht sin a chomhlíonadh.

Airteagal 41

Iarrataí ar íocaíocht lena n-áirítear caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais

1.   Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 38(1) agus ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1) a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 38(4), déanfar iarrataí céimneacha ar íocaíochtaí eatramhacha maidir le rannchuidithe cláir a íoc don ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 65(2) ('an tréimhse incháilitheachta') i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh méid an rannchuidithe cláir a íoctar don ionstraim airgeadais, agus a áirítear i ngach iarratas ar íocaíocht eatramhach a chuirtear isteach le linn na tréimhse incháilitheachta, níos mó ná 25 % de mhéid iomlán na rannchuidithe cláir atá geallta don ionstraim airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha, ar comhionann é sin agus an caiteachas de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1) a mheastar a bheidh le híoc le linn na tréimhse incháilitheachta a léirítear in Airteagal 55(2). Áireoidh iarrataí ar íocaíocht eatramhach a thíolactar i ndiaidh na tréimhse incháilitheachta méid iomlán an chaiteachais incháilithe de réir bhrí Airteagal 42;

(b)

le gach iarratas ar íocaíocht eatramhach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, féadfar a chuimsiú suas le 25 % de shuim iomlán an chómhaoinithe náisiúnta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 38(9), a mheastar a bheidh le híoc leis an ionstraim airgeadais, nó ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh, a mheastar a bheidh le híoc don chaiteachas de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1), laistigh den tréimhse incháilitheachta;

(c)

ní dhéanfar iarratais ar íocaíocht eatramhach ina dhiaidh sin arna dtíolacadh le linn na tréimhse incháilitheachta ach amháin:

(i)

i gcás an dara hiarraidh ar íocaíocht eatramhach, nuair a bheidh 60 % ar a laghad den mhéid a cuimsíodh sa cheád iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha caite mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1);

(ii)

i gcás an tríú hiarraidh ar íocaíocht eatramhach agus iarratais eile ina dhiaidh sin, nuair a bheidh 85 % ar a laghad de na méideanna a cuimsíodh sna hiarratais roimhe sin ar íocaíochtaí eatramhacha caite mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1);

(d)

le gach iarratas ar íocaíocht eatramhach, lena gcuimsítear caiteachas a bhaineann le hionstraimí airgeadais, sonrófar iontu, ar bhonn leithligh, méid iomlán na rannchuidithe cláir a íocadh leis an ionstraim airgeadais agus na méideanna a íocadh mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí phointe (a), phointe (b) agus phointe (d) d'Airteagal 42(1).

Tráth a dhúntar clár, cuimseofar san iarratas ar íocaíocht an iarmhéid deiridh méid iomlán an chaiteachais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 42.

2.   Maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(1) arna gcur chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 38(4), áireofar sna hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha, agus ar íocaíocht an iarmhéid deiridh méid iomlán na n-íocaíochtaí a rinne an t-údarás bainistithe d'infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh amhail dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 42(1).

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos na rialacha maidir le híocaíochtaí a tharraingt siar le hionstraimí airgeadais agus modhnuithe ina dhiaidh sin i ndáil le hiarrataí ar íocaíochtaí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na forála seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh faisnéis bhreise á cur isteach leis na hiarratais ar íocaíochtaí leis an gCoimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 42

Caiteachas incháilithe ag tráth an dúnta

1.   Tráth a dhúntar clár, is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais méid iomlán na rannchuidithe cláir atá íoctha ag an ionstraim airgeadais go hiarbhír nó, i gcás ráthaíochtaí, atá geallta ag an ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta atá sonraithe in Airteagal 55(2), a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, agus sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 37(7), íocaíochtaí dá dtairbhíonn faighteoirí deiridh;

(b)

acmhainní atá geallta do chonarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn measúnaithe riosca ex ante stuama, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí bunúsacha nua nó ionstraimí rioscúla eile le haghaidh infheistíochtaí nua i bhfaighteoirí deiridh;

(c)

fóirdheontais ráta úis nó fóirdheontais táillí ráthaíochta caipitlithe, atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis na tréimhse incháilitheachta, agus a úsáidtear in éineacht le hionstraimí airgeadais, arna n-íoc isteach i gcuntas eascró a cuireadh ar bun go sonrach chun na críche sin, agus atá le híoc go hiarbhír tar éis na tréimhse incháilitheachta, ach i ndáil le hiasachtaí nó le hionstraimí rioscúla eile arna n-íoc le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh atá le híoc go hiarbhír laistigh den tréimhse incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 55(2);

(d)

na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le córas caipitlithe na dtráthchodanna bliantúla le haghaidh fóirdheontas ráta úis agus fóirdheontas táillí ráthaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a bhunú

2.   I gcás ionstraimí bunaithe ar chothromas agus micreachreidmheasa, féadfar a mheas gur caiteachas incháilithe atá i gcostais nó táillí bainistíochta chaipitlithe atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná sé bliana tar éis na tréimhse incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 55(2), maidir leis na hinfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a tharla laistigh den tréimhse incháilitheachta sin, agus nach féidir a chumhdach le hAirteagal 44 nó le hAirteagal 45, i gcás ina n-íoctar isteach i gcuntas eascró a chuirtear ar bun go sonrach chun na críche sin.

3.   I gcás ionstraimí bunaithe ar chothromas atá dírithe ar fhiontair dá dtagraítear in Airteagal 37(4) ar síníodh an comhaontú cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(7) ina leith roimh an 31 Nollaig 2017, arb ionstraimí iad a d'infheistigh, ag deireadh na tréimhse cáilitheachta, 55 % ar a laghad de na hacmhainní cláir a gealladh sa chomhaontú cistiúcháin iomchuí, féadfar méid teoranta de na híocaíochtaí le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh atá le déanamh ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta a mheas mar chaiteachas incháilithe, nuair a íoctar isteach iad i gcuntas eascró a bunaíodh go sonrach chun na críche sin, ar choinníoll go gcloífear le rialacha maidir le státchabhair agus go gcomhlíonfar na coinníollacha go léir a leagtar amach thíos.

Maidir leis an méid a íocfar isteach sa chuntas eascró:

(a)

ní úsáidfear é ach amháin le haghaidh infheistíochtaí leantacha i bhfaighteoirí deiridh tar éis infheistíochtaí tosaigh cothromais a fháil ón ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta, arb infheistíochtaí iad atá fós gan íoc go hiomlán nó go páirteach.

(b)

ní úsáidfear é ach amháin chun infheistíochtaí leantacha a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin an mhargaidh agus le socruithe conarthacha caighdeánacha an mhargaidh agus a bheidh teoranta don íosmhéid is gá chun infheistíocht chomhpháirteach na hearnála príobháidí a spreagadh, agus leanúnachas maoinithe le haghaidh na spriocfhiontar ionas go dtairbheoidh idir infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha d'infheistíochtaí á áirithiú.

(c)

ní rachaidh sé thar 20 % de chaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais atá bunaithe ar chothromas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, méid as a mbainfear na hacmhainní caipitil uasteorann agus na gnóthachain a aischuirtear san ionstraim sin atá bunaithe ar chothromas le linn na tréimhse incháiltheachta.

Aon mhéideanna a íocfar isteach sa chuntas eascró nach n-úsáidtear d'infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a íocadh sa tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, úsáidfear iad i gcomhréir le hAirteagal 45.

4.   Ní bheidh an caiteachas incháilithe a nochtfar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 níos airde ná suim na méideanna seo a leanas:

(a)

méid iomlán na tacaíochta ó Chistí SIE a íoctar chun críocha mhír 1 agus mhír 2; agus

(b)

an cómhaoiniú náisiúnta comhfhreagrach.

5.   An comhlacht a bhfuil an ciste de chistí á chur chun feidhme aige nó na comhlachtaí a bhfuil ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu de bhun phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 38(4), féadfaidh sé nó siad na costais bhainistíochta agus na táillí bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a mhuirearú agus ní bheidh siad níos mó ná na tairseacha a shainítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. De bhrí gur ítimí costais, idir dhíreach agus indíreach, a dhéantar a chúiteamh ach fianaise chaiteachais a chur ar fáil a bheidh sna costais bhainistíochta, is é a bheidh i gceist le táillí bainistíochta ná praghas comhaontaithe ar sheirbhísí a thugtar a bheidh bunaithe trí bhíthin nós imeachta iomaíoch de chuid an mhargaidh, i gcás inarb infheidhme. Beidh costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta bunaithe ar mhodheolaíocht ríofa bunaithe ar fheidhmíocht.

Féadfaidh táillí socraíochta a bheith sna costais agus táillí bainistíochta. I gcás ina ngearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.

Beidh costais agus táillí bainistíochta, lena n-áirítear iad siúd a thabhaítear san obair ullmhúcháin maidir leis an ionstraim airgeadais sular síníodh an comhaontú cistiúcháin ábhartha, incháilithe amhail ó dháta shíniú an chomhaontaithe cistiúcháin ábhartha.

6.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos na rialacha mionsonraithe lena leagfar amach na critéir chun costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a chinneadh ar bhonn feidhmíochta agus na tairseacha infheidhme mar aon le rialacha a ghlacadh maidir le haisíoc costas bainistíochta caipitlithe agus táillí bainistíochta caipitlithe le haghaidh ionstraimí bunaithe ar chothromas agus micrichreidmheasa.

Airteagal 43

Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint ag tacaíocht ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais

1.   Cuirfear tacaíocht ó Chistí SIE a íoctar le hionstraimí airgeadais i dtaisce i gcuntais atá sainlonnaithe laistigh d'institiúidí airgeadais i mBallstáit agus déanfar iad a infheistiú ar bhonn sealadach i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.   Maidir le hús agus gnóthachain eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí SIE a íoctar le hionstraimí airgeadais déanfar iad a úsáid chun na gcríoch céanna, lena n-áirítear aisíoc na gcostas bainistíochta a tabhaíodh nó íoc na dtáillí bainistíochta maidir leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 42(1) agus an chaiteachais a íoctar i gcomhréir le hAirteagal 42(2), agus a úsáidtear an tacaíocht tosaigh ó Chistí SIE bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna, nó, tar éis an ionstraim airgeadais a fhoirceannadh, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha tacaíochta eile i gcomhréir leis na sainchuspóirí a leagtar amach faoi thosaíocht, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta.

3.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid an úis agus na ngnóthachan eile.

Airteagal 44

Athúsáid na n-acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta

1.   Acmhainní a aisíoctar leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí nó ó scaoileadh acmhainní a bhí geallta do chonarthaí ráthaíochta, lena n-áirítear aisíocaíochtaí agus gnóthachain caipitil agus tuillimh nó torthaí eile, amhail ús, táillí ráthaíochta, díbhinní, gnóthachain chaipitiúla nó fáltais ioncaim ar bith eile arna nginiúint ag infheistíochtaí, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE, déanfar iad a athúsáid chun na gcríoch seo a leanas, suas go dtí na méideanna is gá agus san ord atá comhaontaithe sna comhaontuithe cistiúcháin ábhartha:

(a)

infheistíochtaí breise trí bhíthin na n-ionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir leis na sainchuspóirí a leagtar amach faoi thosaíocht;

(b)

i gcás inarb infheidhme luach saothair fabhrach infheisteoirí príobháideacha nó infheisteoirí poiblí atá ag oibriú faoi phrionsabal an gheilleagair margaidh, a sholáthraíonn acmhainní contrapháirtí don tacaíocht ó Chistí SIE leis an ionstraim airgeadais nó a dhéanann comhinfheistíocht ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc.

Déanfar an gá atá le luach saothair fabhrach de bhun phointe (b) den chéad fhomhír, agus leibhéal an luach saothair sin, a shuíomh sa mheasúnú ex ante. Ní sháróidh an luach saothair fabhrach an méid is gá chun dreasachtaí a chruthú chun acmhainní contrapháirtí príobháideacha a mhealladh agus ní dhéanfaidh sé ró-chúiteamh d'infheisteoirí príobháideacha nó d'infheisteoirí poiblí a oibríonn faoi phrionsabal an gheilleagair margaidh. Déanfar ailíniú an úis a áirithiú trí chomhroinnt iomchuí an riosca agus an bhrabúis agus déanfar é sin ar ghnáthbhonn tráchtála agus beidh sé ag luí le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.

2.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid na n-acmhainní agus na ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 45

Acmhainní a úsáid i ndiaidh dheireadh na tréimhse incháilitheachta

Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a aisíoctar d'ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear aisíocaíochtaí agus gnóthachain chaipitiúla agus tuillimh nó torthaí eile a ghintear le linn tréimhse 8 mbliana ar a laghad i ndiaidh dheireadh na tréimhse incháilitheachta agus atá inchurtha i leith na tacaíochta ó Chistí SIE le hionstraimí airgeadais de bhun Airteagal 37, a úsáid i gcomhréir le haidhmeanna an chláir nó na gclár, bíodh sin laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, i ngeall ar imeacht na n-acmhainní sin ón ionstraim airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile ar choinníoll, sa dá chás, go léiríonn measúnú ar dhálaí an mhargaidh go bhfuil gá ann i gcónaí le hinfheistíocht den sórt sin nó le cineálacha eile tacaíochta.

Airteagal 46

Tuarascáil ar chur chun feidhme ionstraimí airgeadais

1.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil shonrach ina gcumhdófar na hoibríochtaí sin a chuimsíonn ionstraimí airgeadais a chur chuig an gCoimisiún mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i gcás gach ionstraime airgeadais, ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaithint an chláir agus na tosaíochta nó an bhirt óna dtugtar tacaíocht ó Chistí SIE;

(b)

tuairisc ar an ionstraim airgeadais agus ar na socruithe cur chun feidhme;

(c)

sainaithint na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme agus na gcomhlachtaí a chuireann cistí de chistí chun feidhme i gcás inarb infheidhme, amhail dá dtagraítear faoi phointe (a) d'Airteagal 38(1), faoi phointe (a), faoi phointe (b) agus faoi phointe (c) d'Airteagal 38(4), agus na n-idirghabhálaithe airgeadais dá dtagraítear faoi Airteagal 38(6);

(d)

méid iomlán na rannchuidithe cláir de réir tosaíochta nó birt arna íoc leis an ionstraim airgeadais;

(e)

méid iomlán na tacaíochta a d'íoc an ionstraim airgeadais leis na faighteoirí deiridh nó chun tairbhe na bhfaighteoirí deiridh, nó a gealladh san ionstraim airgeadais i gconarthaí ráthaíochta, le haghaidh infheistíochtaí sna faighteoirí deiridh, chomh maith leis na costais bhainistíochta nó na táillí bainistíochta a íocadh, de réir cláir agus de réir tosaíochta nó birt;

(f)

feidhmíocht na hionstraime airgeadais, lena n-áirítear an dul chun cinn maidir lena chur ar bun agus maidir le comhlachtaí a roghnú a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme, lena n-áirítear an comhlacht a chuireann ciste de chistí chun feidhme;

(g)

ús agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó Chistí SIE don ionstraim airgeadais, agus acmhainní cláir a íocadh ar ais leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 43 agus in Airteagal 44;

(h)

an dul chun cinn maidir leis an éifeacht luamhánaithe dhóchúil a bhaint amach mar gheall ar infheistíochtaí a dhéantar faoin ionstraim airgeadais agus luach na n-infheistíochtaí agus na rannpháirtíochtaí;

(i)

luach infheistíochtaí cothromais, i ndáil le blianta roimhe sin;

(j)

rannchuidiú na hionstraime airgeadais chun táscairí na tosaíochta nó an bhirt lena mbaineann a bhaint amach.

Ní fhéadfar an fhaisnéis i bpointe (h) agus i bpointe (j) den chéad fhomhír a áireamh ach amháin san iarscríbhinn a ghabhann leis na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017 agus in 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme freisin. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (j) den chéad fhomhír ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na samhlacha a bheidh le húsáid nuair a bheidh tuairisciú á dhéanamh ar ionstraimí airgeadais don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

4.   Gach bliain, ag tosú in 2016, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de shé mhí ón sprioc-am chun na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a thíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 111(1) maidir le CFRE, CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, in Airteagal 75 de Rialachán CETFT maidir le CETFT, agus sna forálacha ábhartha de na rialacha Ciste-shonracha maidir le CEMI, achoimre a sholáthar de na sonraí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh in ndáil le maoiniú agus cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais, ar sonraí iad a bheidh seolta ar aghaidh ag na húdaráis bhainistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na hachoimrí sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus poibleofar iad.

TEIDEAL V

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

CAIBIDIL I

Faireachán

Roinn I

Faireachán ar chláir

Airteagal 47

Coiste faireacháin

1.   Laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra chuig an mBallstát maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár, bunóidh an Ballstát coiste, i gcomhréir lena chreat institiúideach, dlí agus airgeadais, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta ("coiste faireacháin").

Féadfaidh Ballstát coiste faireacháin aonair a bhunú chun níos mó ná clár amháin a chómhaoinítear as Cistí SIE a chumhdach.

2.   Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh i gcomhréir le creat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Maidir le coiste faireacháin cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa chlár comhair agus na tríú tíortha, i gcás ina mbeidh an cuireadh chun a bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu, é a chur ar bun i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta laistigh de thrí mhí ón dáta a dtabharfar fógra den chinneadh lena nglactar an clár do na Ballstáit. Déanfaidh an coiste faireacháin sin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh.

Airteagal 48

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

1.   Cinnfidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste faireacháin, ar choinníoll go bhfuil an coiste faireacháin chomhdhéanta d'ionadaithe ó údaráis ábhartha agus comhlachtaí idirmheánacha na mBallstát agus d'ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5. Déanfaidh na comhpháirtithe faoi seach, trí phróisis thrédhearcacha, ionadaithe na gcomhpháirtithe a tharmligean le bheith mar chuid den choiste faireacháin. Féadfaidh gach comhalta den choiste faireacháin ceart vótála a bheith aige.

Déanfar comhdhéanamh an choiste faireacháin maidir le clár faoi sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh a chomhaontú idir na Ballstáit atá rannpháirteach sa chlár agus tríú tíortha, i gcás ina mbeidh an cuireadh le bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu. Áireofar sa choiste faireacháin ionadaithe ábhartha na mBallstát sin agus tríú tíortha. Féadfar ionadaithe de chuid EGTC a chuireann gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gclár i gcrích laistigh de limistéar an chláir a áireamh sa choiste faireacháin.

2.   Foilseofar an liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin.

3.   Beidh an Coimisiún rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.

4.   I gcás ina rannchuidíonn BEI le clár, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcáil chomhairleach in obair an choiste faireacháin.

5.   Beidh ionadaí thar ceann an Bhallstáit nó an údaráis bhainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste faireacháin.

Airteagal 49

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.   Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú. Á dhéanamh sin dó, tabharfaidh sé aird ar na sonraí airgeadais, ar tháscairí coiteanna agus ar tháscairí clár-shonracha, lena n-áirítear athruithe ar luach na dtáscairí toraidh agus an dul chun cinn i dtreo spriocluachanna cainníochtaithe, agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), agus, i gcás inarb iomchuí, na torthaí ón anailís cháilíochtúil.

2.   Déanfaidh an coiste faireacháin scrúdú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear d'fheidhmiú an chláir, lena n-áirítear conclúidí na n-athbhreithnithe feidhmíochta.

3.   Rachfar i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus déanfaidh an coiste, má mheasann sé gurb iomchuí é sin a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh maidir le haon leasú ar an gclár atá beartaithe ag an údarás bainistíochta.

4.   Féadfaidh an coiste faireacháin barúlacha a dhéanamh agus iad a chur chuig an údarás bainistíochta maidir le cur chun feidhme an chláir agus maidir leis an meastóireacht a rinneadh air, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú. Déanfaidh an coiste faireacháin faireachán ar ghníomhaíochtaí arna nglacadh de thoradh a chuid barúlacha.

Airteagal 50

Tuarascálacha ar chur chun feidhme

1.   Ó 2016 go dtí 2023, an bhliain sin san áireamh, déanfaidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh gach Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir maidir le CFRE, le CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme maidir le CETFT agus le CEMI a thíolacadh don Choimisiún faoin spriocdháta arna bhunú sna rialacha Ciste-shonracha.

2.   Leagfar amach i dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme príomhfhaisnéis maidir leis an gclár agus a thosaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir sonraí airgeadais, táscairí coiteanna agus táscairí clár-shonracha agus spriocluachanna cainníochtaithe, lena n-áirítear athruithe ar luachanna na dtáscairí toraidh i gcás inarb iomchuí, agus, ag tosú leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017, na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. Bainfidh na sonraí a tharchuirfear le luachanna na dtáscairí i gcomhair oibríochtaí atá curtha chun feidhme go hiomlán agus freisin, i gcás inarb indéanta sin, ag féachaint don chéim a bhaineann le cur chun feidhme, i gcomhair oibríochtaí roghnaithe. Leagfar amach iontu freisin sintéis d'fhionnachtana na meastóireachtaí uile ar an gclár a tháinig chun bheith ar fáil i rith na bliana airgeadais roimhe sin, aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir agus na bearta a rinneadh. Maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2016, féadfar a leagan amach ann freisin, i gcás inarb ábhartha, na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfar rialacha sonracha maidir leis na sonraí a bheidh le tarchur don SIE a bhunú i Rialachán CSE.

4.   Sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2017, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach ann agus a mheasúnú, maille leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú, lena n-áirítear rannchuidiú Chistí SIE le hathruithe ar luach na dtáscairí toraidh, nuair a bhíonn fianaise ar fáil ó mheastóireachtaí ábhartha. Leagfar amach sa tuarascáil bhliantúil sin ar chur chun feidhme na gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích chun na coinníollachtaí ex ante a chomhlíonadh nach raibh comhlíonta nuair a bhí na cláir á nglacadh. Déanfar measúnú inti freisin ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ar mhaithe leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chur san áireamh agus ar ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 maidir le cur chun feidhme an chláir agus tabharfar tuairisc inti ar an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na gcuspóirí i leith na hathraithe aeráide.

5.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme a thíolacfar in 2019 agus sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann le Cistí SIE, sa bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, faisnéis maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú agus ar a mhéid a rannchuidigh an clár le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, mar aon le measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ina leith sin.

6.   D'fhonn a mheas go bhfuil na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go mír 5 inghlactha, beidh an fhaisnéis go léir a éilítear sna míreanna sin agus sna rialacha Ciste-shonracha ar áireamh iontu.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é nach bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar í a bheith inghlactha.

7.   Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil agus deiridh ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha ina leith in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus laistigh de chúig mhí ón dáta a fhaigheann sé an tuarascáil dheiridh ar chur chun feidhme. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh de na spriocdhátaí sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

8.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt don údarás bainistíochta maidir le saincheisteanna a dhéanfaidh difear suntasach do chur chun feidhme an chláir. I gcás ina dtugtar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a tógadh.

9.   Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme, mar aon le hachoimhre dá n-inneachar do na saoránaigh, a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 51

Cruinniú athbhreithnithe bliantúil

1.   Eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach bliain ó 2016 go dtí 2023, an bhliain sin san áireamh, idir an Coimisiún agus gach Ballstát ar leith chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú, agus cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus barúlacha agus moltaí an Choimisiúin san áireamh, i gcás inarb infheidhme.

2.   Féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach le linn an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil. In 2017 agus in 2019, cumhdóidh an cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach clár sa Bhallstát, agus cuirfear na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 52 sna blianta sin san áireamh freisin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún a chomhaontú gan cruinniú athbhreithnithe bliantúil a eagrú i gcás cláir i mblianta eile seachas 2017 agus 2019.

4.   Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil nó, má iarrann an Ballstát amhlaidh, beidh an Ballstát agus an Coimisiún ina gcomhchathaoirligh.

5.   Áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i gcás barúlacha ón gCoimisiún i ndiaidh an chruinnithe maidir le saincheisteanna a dhéanfaidh difear suntasach do chur chun feidhme an chláir agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh de thrí mhí ó glacadh na bearta.

Roinn II

Dul chun cinn straitéiseach

Airteagal 52

Tuarascáil ar dhul chun cinn

1.   Faoin 31 Lúnasa 2017 agus faoin 31 Lúnasa 2019, cuirfidh an Ballstát tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta amhail an 31 Nollaig 2016 agus an 31 Nollaig 2018, faoi seach, faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Sa tuarascáil ar dhul chun cinn déanfar faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, mar aon le measúnú orthu, a leagan amach inti:

(a)

athruithe ar riachtanais forbartha an Bhallstáit ón tráth ar glacadh an Comhaontú Comhpháirtíochta;

(b)

an dul chun cinn atá déanta chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, mar aon leis na misin Chiste-shonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), trí rannchuidiú Chistí SIE le cuspóirí téamacha roghnaithe, agus go háirithe maidir leis na garspriocanna atá leagtha amach le haghaidh gach cláir sa chreat feidhmíochta agus maidir leis an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh cuspóirí i leith an athraithe aeráide;

(c)

cibé atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí déanta chun na coinníollachtaí ex ante is infheidhme arna leagan amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus nach raibh comhlíonta ar an dáta a glacadh an Comhaontú Comhpháirtíochta a chomhlíonadh curtha chun feidhme i gcomhréir leis an tráthchlár a bhunaítear. Is maidir leis an tuarascáil ar dhul chun cinn a bheidh le cur isteach in 2017 amháin a bheidh feidhm ag an bpointe seo;

(d)

cur chun feidhme sásraí chun an comhordú idir Cistí SIE agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta eile le BEI a áirithiú;

(e)

cur chun feidhme an chur chuige comhtháite i leith na forbartha críochaí, nó achoimre de chur chun feidhme na gcineálacha cur chuige comhtháite bunaithe ar na cláir, lena n-áirítear an dul chun cinn maidir le réimsí tosaíochta arna mbunú le haghaidh comhair a bhaint amach;

(f)

i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí arna nglacadh chun dlús a chur faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus tairbhithe chun Cistí SIE a riar agus a úsáid;

(g)

na gníomhaíochtaí atá déanta, agus an dul chun cinn atá déanta, maidir leis an ualach riaracháin do na tairbhithe a laghdú;

(h)

ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta.

(i)

achoimre ar na gníomhaíochtaí a rinneadh i ndáil le cur i bhfeidhm na bprionsabal cothrománach dá dtagraítear in Airteagal 5, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 agus na gcuspóirí beartais le haghaidh chur chun feidhme Chistí SIE.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí ón dáta a dtíolacfar an tuarascáil ar dhul chun cinn, go bhfuil an fhaisnéis arna tíolacadh neamhiomlán nó míshoiléir, ar bhealach a dhéanfaidh difear suntasach do cháilíocht agus d'iontaofacht an mheasúnaithe lena mbaineann, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát, ar choinníoll nach gcruthóidh an iarraidh sin moilleanna nach bhfuil údar maith leo agus go dtabharfaidh an Coimisiún cúiseanna dó chun na cúiseanna a thabhairt lena suitear an easpa cáilíochta agus iontaofachta atá líomhnaithe. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis arna hiarraidh don Choimisiún laistigh de thrí mhí agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an tuarascáil ar dhul chun cinn dá réir sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid agus an tuarascáil ar an dul chun cinn á cur isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 53

Tuairisciú ón gCoimisiún agus an díospóireacht ar Chistí SIE

1.   Déanfaidh an Coimisiún, gach bliain ó 2016, tuarascáil achoimre a chur chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cláir Chistí SIE, ar tuarascáil í a bheidh bunaithe ar na tuarascála bliantúla ar chur chun feidhme na mBallstát arna dtíolacadh faoi Airteagal 50, mar aon le sintéis d'fhionnachtana na meastóireachtaí ar na cláir a bheidh ar fáil. In 2017 agus in 2019, beidh an tuarascáil achomair sin mar chuid den tuarascáil straitéiseach dá dtagraítear i mír 2.

2.   In 2017 agus in 2019, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil straitéiseach ina dtabharfar achoimre ar thuarascálacha ar dhul chun cinn na mBallstát agus a ndéanfaidh sé, faoin 31 Nollaig 2017 agus faoin 31 Nollaig 2019 faoi seach, í a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus tabharfar cuireadh do na hinstitiúidí sin díospóireacht a bheith acu air.

3.   Déanfaidh an Chomhairle díospóireacht ar an tuarascáil straitéiseach, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannchuidiú Chistí SIE le baint amach straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus tabharfar cuireadh di ionchur a sholáthar i gcruinniú an Earraigh den Chomhairle Eorpach.

4.   Gach dhá bhliain ó 2018, déanfaidh an Coimisiún a áireamh ina Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn chuig cruinniú an Earraigh den Chomhairle Eorpach roinn ina dtabharfar achoimre ar an gceann is deireanaí de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannchuidiú Chistí SIE leis an dul chun cinn atá á dhéanamh chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích.

CAIBIDIL II

Meastóireacht

Airteagal 54

Forálacha Ginearálta

1.   Déanfar meastóireachtaí chun cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, ar a n-éifeachtúlacht agus ar a dtionchar. Déanfar meastóireacht ar thionchar na gclár, i bhfianaise an mhisin a bhaineann le gach Ciste Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, maidir leis na spriocanna faoi straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus, ag féachaint do mhéid an chláir, maidir le OTI agus le spriocanna a bhaineann leis an dífhostaíocht i limistéar an chláir lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí.

2.   Soláthróidh Ballstáit na hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le táscairí coiteanna agus le táscairí clár-shonracha.

3.   Is saineolaithe inmheánacha nó seachtracha atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme an chláir a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an tslí ina ndéanfar na meastóireachtaí, agus déanfaidh sé an méid sin díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.   Déanfar na meastóireachtaí go léir a chur ar fáil don phobal.

Airteagal 55

Meastóireacht ex ante

1.   Déanfaidh gach Ballstát meastóireachtaí ex ante chun cáilíocht cheapadh gach cláir a fheabhsú.

2.   Cuirfear meastóireachtaí ex ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as na cláir a ullmhú. Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad an tráth céanna agus a chuirfear an clár faoina bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin. Féadfar tairseacha a bhunú sna rialacha Ciste-shonracha, tairseacha faoina bhféadfar an mheastóireacht ex ante a nascadh leis an meastóireacht ar chlár eile.

3.   Tabharfar breithmheas ar an méid seo a leanas sna meastóireachtaí ex ante:

(a)

a mhéid a rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ag féachaint do chuspóirí téamacha roghnaithe agus do thosaíochtaí, ag cur san áireamh riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha agus an acmhainn chun forbartha chomh maith le ceachtanna a foghlamaíodh ó chlárthréimhsí roimhe sin;

(b)

comhleanúnachas inmheánach an chláir nó na gníomhaíochta atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile;

(c)

a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní buiséadacha le cuspóirí an chláir;

(d)

a chomhsheasmhaí atá cuspóirí téamacha roghnaithe, na tosaíochtaí agus cuspóirí comhfhreagracha na gclár le CS, leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus leis na moltaí tír-shonracha ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal náisiúnta, leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú;

(e)

ábharthacht agus soiléireacht na dtáscairí cláir atá beartaithe;

(f)

an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil leo le torthaí;

(g)

cibé an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le haghaidh táscairí réadúil, ag féachaint don tacaíocht a shamhlaítear a thiocfaidh ó Chistí SIE;

(h)

an réasúnaíocht maidir leis an gcineál tacaíochta atá beartaithe;

(i)

leordhóthanacht na n-acmhainní daonna agus an chumais riaracháin chun an clár a bhainistiú;

(j)

oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar an gclár agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh a bhailiú;

(k)

oiriúnacht na ngarspriocanna arna roghnú le haghaidh an chreata feidhmíochta;

(l)

leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun comhdheiseanna idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun aon idirdhealú a chosc; go háirithe a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(m)

leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(n)

bearta atá pleanáilte chun an t-ualach riaracháin a laghdú ar thairbhithe.

4.   Cuimseofar i meastóireachtaí ex ante, i gcás inarb iomchuí, na ceanglais maidir leis an measúnú straitéiseach comhshaoil a leagtar amach i gcur chun feidhme Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) lena gcuirtear san áireamh na riachtanais don mhaolú ar an athrú aeráide.

Airteagal 56

Meastóireacht le linn na clárthréimhse

1.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta nó an Ballstát plean meastóireachta a tharraingt suas agus d'fhéadfadh sé go gcumhdófaí níos mó ná clár amháin ann. Déanfar é a thíolacadh i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumas meastóireachta iomchuí ar fáil.

3.   Le linn na clárthréimhse, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirfear meastóireachtaí i gcrích, lena n-áirítear meastóireachtaí chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar a mheasúnú, le haghaidh gach cláir ar bhonn an phlean meastóireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh gachmeastóireacht faoi réir na mbeart leantach iomchuí i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Uair amháin ar a laghad le linn na tréimhse cláraithe, déanfar measúnú trí bhíthin meastóireachta ar an gcaoi ar rannchuidigh tacaíocht ó Chistí SEI leis na cuspóirí le haghaidh gach tosaíochta. Scrúdóidh an coiste faireacháin na meastóireachtaí uile agus seolfar chuig an gCoimisiún iad.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, meastóireachtaí a dhéanamh ar chláir. Déanfaidh sé an tÚdarás Bainistíochta a chur ar an eolas agus seolfar na torthaí chuig an Údarás Bainistíochta agus déanfar iad a sholáthar don choiste faireacháin lena mbaineann.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir leis na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b)den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4).

Airteagal 57

Meastóireacht ex post

1.   Is é an Coimisiún, nó is iad na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a dhéanfaidh na meastóireachtaí ex-post. Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ex post ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Chistí SIE agus ar a mhéid a rannchuidíonn siad le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ag cur na spriocanna atá bunaithe Straitéis sin an Aontais san áireamh agus i gcomhréir leis na ceanglais shonracha atá leagtha síos sna rialacha Ciste-shonracha.

2.   Beidh meastóireachtaí ex post lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2024.

3.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an mheastóireacht ex-post ar na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) agus beidh siad lánchríochnaithe aige faoin 31 Nollaig 2019.

4.   Le haghaidh gach ceann de Chistí SIE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, tuarascáil sintéise a ullmhú ina dtabharfar mionchuntas ar phríomhchonclúidí na meastóireachtaí ex post.

TEIDEAL VI

CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 58

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh Cistí SIE tacú leis na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh theicniúil, meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Féadfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún nó go hindíreach ag eintitis agus daoine seachas na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 60 den Rialachán Airgeadais.

Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, go háirithe, sna bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

cúnamh le haghaidh ullmhú agus breithmheas tionscadail, lena n-áirítear le BEI;

(b)

tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach Chistí SIE;

(c)

staidéir atá nasctha le tuairisciú an Choimisiúin ar Chistí SIE agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú;

(d)

bearta a bhaineann le hanailísiú, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme Chistí SIE, mar aon le bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh teicniúil agus riaracháin;

(e)

meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staidreamh agus staidéir, lena n-áirítear cinn de chineál ginearálta, i dtaca le feidhmiú reatha agus todhchaí Chistí SIE, a bhféadfaidh BEI tabhairt fúthu i gcás inarb iomchuí;

(f)

gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha;

(g)

córais ríomhairithe i leith bainistíochta, faireacháin, iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a oibriú agus a idirnascadh;

(h)

gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta;

(i)

gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht;

(j)

an cumas náisiúnta agus réigiúnach a neartú maidir le pleanáil infheistíochtaí, measúnú ar riachtanais, ullmhú, ceapadh agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, comhphleananna gníomhaíochta agus mórthionscadal, lena n-áirítear tionscnaimh chomhpháirteacha le BEI.

(k)

dea-chleachtais a scaipeadh chun cabhrú le Ballstáit cumas na gcomhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus a mbrateagraíochtaí a neartú;

(l)

bearta a dhéanfaidh athbhreithnithe struchtúracha agus riaracháin a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur chun feidhme mar fhreagairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus sóisialta i mBallstáit a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 24(1).

Chun an chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun treisiú leis na sinéirgíochtaí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh ón gCoimisiún, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo freisin le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid is go bhfuil siad gaolmhar do chuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.

2.   Leagfaidh an Coimisiún a chuid pleananna amach maidir leis an gcineál gníomhaíochtaí a bhaineann leis na bearta a liostaítear in mír1, nuair a bheartaítear ranníocaíocht ó Chistí SIE trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 59

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit

1.   Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh Cistí SIE tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhúchán, bainistiú, faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid, líonrú, réiteach gearán, agus rialú agus iniúchóireacht. Féadfaidh an Ballstát úsáid a bhaint as Cistí SIE chun tacú le gníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú, lena n-áirítear córais mhalartaithe leictreonaigh sonraí, agus le gníomhaíochtaí chun dlús a chur le cumas údaráis an Bhallstáit agus tairbhithe na Cistí sin a riar agus a úsáid. Féadfar Cistí SEI a úsáid freisin chun tacú le gníomhaíochtaí chun cumas na gcomhpháirithe ábhartha a threisiú i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 5(3) agus chun tacú le malartú na ndea-chleachtas idir comhpháirtithe den sórt sin. Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo a bheith ag baint le clárthréimhsí roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

2.   Féadfar leis na rialacha Ciste-shonracha gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú ó chúnamh teicniúil gach ceann ar leith de Chistí SIE a chur san áireamh nó a eisiamh.

TEIDEAL VII

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó CHISTÍ SIE

CAIBIDIL I

Tacaíocht ó Chistí SIE

Airteagal 60

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár, déanfar an ráta nó na rátaí cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí SIE a shocrú de réir na rialacha Ciste-shonracha.

2   Féadfar bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %.

Airteagal 61

Oibríochtaí a ghineann glanioncaim i ndiaidh a gcur i gcrích

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí a ghineann glanioncam i ndiaidh a gcur i gcrích. Chun críocha an Airteagal seo, ciallaíonn 'glanioncam' insreabhadh airgid isteach a íocann úsáideoirí ar earraí nó seirbhísí arna soláthar ag an oibríocht, amhail muirir a sheasann úsáideoirí go díreach as úsáid an bhonneagair, díol nó cíos talún nó foirgneamh, nó íocaíochtaí as seirbhísí lúide aon chostais oibríochta agus as costas a bhaineann le trealamh gearrshaoil a athsholáthar agus a thabhaítear le linn na tréimhse atá i gceist. Déileálfar le coigilteas a bhaineann le costais oibríochta arna nginiúint ag an oibríocht mar ghlanioncam mura rud é go bhfuil siad cúitithe ag laghdú comhionann i bhfóirdheontais oibríochta.

I gcás nach bhfuil an costas infheistíochta iomlán incháilithe do cómhaoiniú, leithdháilfear an glanioncam dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn pro rata do chodanna incháilithe agus neamh-incháilithe an chostais infheistíochta.

2.   Laghdófar caiteachas incháilithe na hoibríochta atá le cómhaoiniú ó na Cistí roimh ré agus cuirfear san áireamh ann acmhainn na hoibríochta chun glanioncam a ghiniúint thar thréimhse thagartha shonrach a chumhdóidh cur chun feidhme na hoibríochta agus an tréimhse i ndiaidh a cur i gcrích faoi seach.

3.   Déanfar glanioncam féideartha na hoibríochta a chinneadh roimh ré trí bhíthin cheann amháin de na modhanna seo a leanas arna roghnú ag an údarás bainistíochta d'earnáil, d'fho-earnáil nó do chineál oibríochta:

(a)

céatadán den ghlanioncam ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm maidir leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil is infheidhme don oibríocht de réir mar a shainítear é in Iarscríbhinn V nó in aon cheann de na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír;

(b)

glanioncam na hoibríochta nach n-áirítear a ríomh, agus á chur san áireamh an tréimhse thagartha iomchuí don earnáil nó don fho-earnáil is infheidhme maidir leis an oibríocht, an bhrabúsacht lena mbítear ag súil de ghnáth sa chatagóir infheistíochta lena mbaineann, cur i bhfeidhm an phrionsabail íoc mar a thruaillítear agus, más iomchuí, comaoineacha ar chothromas atá nasctha le rathúnas coibhneasta an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 i gcásanna cuí-réasúnaithe chun Iarscríbhinn V a leasú trí choigeartuithe a dhéanamh ar na rátaí comhréidhe arna mbunú san iarscríbhinn sin agus sonraí stairiúla agus an fhéidearthacht costas a aisghabháil chomh maith leis an bprionsabal íoc mar a thruaillítear, i gcás inarb infheidhme sin, á gur san áireamh.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena mbunófar rátaí comhréidhe d'earnálacha nó d'fho-earnálacha sna réimsí TFC, taighde, forbairt agus nuáil agus éifeachtúlacht fuinnimh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i dtaobh na ngníomhartha tarmligthe do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2015.

Sa bhreis air sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 i gcásanna cuí-réasúnaithe maidir le hearnálacha nó fo-earnálacha, lena n-áirítear fo-earnálacha do na hearnálacha, a thagann faoi na cuspóirí téamacha a shainítear sa chéad mhír d'Airteagal 9 agus a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE, a chur isteach in Iarscríbhinn V.

I gcás ina gcuirtear an modh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i bhfeidhm, déanfar an glanioncam uile a ghintear le linn chur chun feidhme na hoibríochta agus i ndiaidh an oibríocht a thabhairt chun críche a chur san áireamh tríd an ráta chomhréidh a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, ní dhéanfar é a asbhaint ina dhiaidh sin as an gcaiteachas incháilithe don oibríocht.

Nuair a bhíonn ráta comhréidh d'earnáil nua nó d'fho-earnáil nua bunaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír agus leis an gceathrú fomhír, féadfaidh údarás bainistíochta a roghnú an modh a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí nua i ndáil leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil lena mbaineann.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos an modh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás ina gcuirtear an modh sin i bhfeidhm, déanfar an glanioncam arna ghiniúint le linn an oibríocht a chur chun feidhme, a bheidh mar thoradh ar fhoinsí ioncaim nár cuireadh san áireamh tráth ar cinneadh glanioncam féideartha na hoibríochta, a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta tráth nach déanaí ná san éileamh íocaíochta deiridh a bheith tíolactha ag an tairbhí.

4.   An modh lena ndéantar an glanioncam a asbhaint ó chaiteachas na hoibríochta atá ar áireamh san iarraidh ar íocaíocht arna tíolacadh don Choimisiún, déanfar é a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.

5.   Mar rogha ar chur i bhfeidhm na modhanna a leagtar síos i mír 3, féadfar, ar iarraidh ó Bhallstát, an t-uasráta cómhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 60(1) a laghdú an tráth a nglactar clár i gcomhair tosaíochta nó birt faoina bhféadfadh gach oibríocht a bheidh le tacaíocht a fháil faoin tosaíocht sin ráta comhréidh aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 3. Ní bheidh an laghdú níos lú ná an méid a ríomhtar trí uasráta cómhaoinithe an Aontais is infheidhme faoi na rialacha Ciste-shonracha a mhéadú faoin ráta comhréidh ábhartha dá dtagraítear i bpointe(a) den chéad fhomhír de mhír 3.

I gcás ina gcuirtear an modh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm, déanfar an glanioncam uile a ghintear le linn chur chun feidhme na hoibríochta agus i ndiaidh an oibríocht a bheith tugtha chun críche, a chur san áireamh tríd an ráta comhréidh laghdaithe a chur i bhfeidhm agus ní dhéanfar, dá bhrí sin, é a asbhaint ina dhiaidh sin as an gcaiteachas incháilithe don oibríocht.

6.   I gcás nach féidir an t-ioncam a chinneadh go hoibiachtúil roimh ré bunaithe ar aon cheann de na modhanna a leagtar amach i mír 3 nó i mír 5, déanfar an glanioncam arna ghiniúint laistigh de thrí bliana ón dáta a gcuirtear oibríocht i gcrích, nó faoin spriocdháta maidir le doiciméid do dhúnadh cláir a chur isteach a shocraítear sna rialacha Ciste-shonracha, cibé acu is túisce, a asbhaint ón gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún.

7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 6 maidir leo seo a leanas:

(a)

oibríochtaí nó codanna d'oibríochtaí ar ó CSE amháin a fhaigheann siad tacaíocht;

(b)

oibríochtaí nach bhfuil a gcostais incháilithe iomlán níos mó ná EUR 1 000 000 sula gcuirfear mír 1 go mír 6 i bhfeidhm;

(c)

cúnamh in-aisíoctha faoi réir oibleagáide maidir le haisíocíocht iomlán agus duaiseanna;

(d)

cúnamh teicniúil;

(e)

tacaíocht d'ionstraimí airgeadais nó tacaíocht ó ionstraimí airgeadais;

(f)

oibríochtaí ar a bhfuil a dtacaíocht phoiblí i bhfoirm cnapshuimeanna nó i bhfoirm aonaid scála caighdeánaithe i ndáil le costais,

(g)

oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi chomhphlean gníomhaíochta;

(h)

oibríochtaí dá ndéantar méideanna nó rátaí tacaíochta a shainiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CETFT.

D'ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina gcuireann Ballstát mír 5 i bhfeidhm, féadfaidh sé oibríochtaí nach bhfuil a gcostas incháilithe iomlán níos mó ná EUR 1 000 000 sula gcuirtear míreanna 1 go 6 i bhfeidhm a áireamh sa tosaíocht ábhartha nó sa bheart ábhartha.

8.   Sa bhreis air sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir leis na hoibríochtaí faoin glár na gnéihe seo a leanas:

(a)

cabhair de minimis;

(b)

státchabhair inghlactha do FBManna i gcás ina gcuirtear teorainn maidir le dlús na cabhrach nó méid na cabhrach i bhfeidhm maidir le Státchabhair;

(c)

státchabhair inghlactha, i gcás inar cuireadh i gcrích fíorú indibhidiúil ar riachtanais maoinithe i gcomhréir leis na rialachais infheidhme maidir le Státchabhair.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh údarás bainistíochta mír 1 go mír 6 a chur i bfheidhm maidir leis na hoibríochtaí a thagann faoi phointe (a) go pointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo i gcás ina bhforáiltear dó sin sna rialacha náisiúnta.

CAIBIDIL II

Rialacha speisialta maidir le tacaíocht ó Chistí SIE do CPPanna

Airteagal 62

CPPanna

Féadfar Cistí SIE a úsáid chun tacú le hoibríochtaí CPP. Comhlíonfaidh oibríochtaí CPP den sórt sin an dlí is infheidhme, go háirithe maidir le Státchabhair agus soláthar poiblí.

Airteagal 63

Tairbhí faoi oibríochtaí CPP

1.   Maidir le hoibríocht CPP, agus de mhaolú ar phointe (10) d'Airteagal 2, féadfaidh tairbhí a bheith ar cheann díobh seo a leanas:

(a)

an comhlacht dlí phoiblí a chuireann tús leis an oibríocht; nó

(b)

comhlacht atá á rialú ag dlí príobháideach Ballstáit (an "comhpháirtí príobháideach") a roghnaíodh nó a bheidh le roghnú chun an oibríocht a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh an comhlacht dlí phoiblí a chuireann tús le hoibríocht CPP a mholadh gurb é an comhpháirtí príobháideach atá le roghnú, tar éis don oibríocht a bheith formheasta, atá le bheith ina thairbhí chun críocha na tacaíochta ó Chistí SIE. Sa chás sin, beidh an cinneadh um fhormheas faoi choinníoll go ndeimhneoidh an t-údarás bainistíochta dó féin go gcomhlíonann agus go nglacann an comhpháirtí príobháideach a roghnaítear gach oibleagáid chomhfhreagrach atá ar thairbhí faoin Rialachán seo.

3.   Féadfar an comhpháirtí príobháideach a roghnaítear chun an oibríocht a chur chun feidhme a ionadú mar thairbhí le linn an chur chun feidhme i gcás inar gá sin faoi théarmaí agus coinníollacha an CPP nó faoin gcomhaontú maoiniúcháin idir an comhpháirtí príobháideach agus an institiúid airgeadais a thugann cómhaoiniú don oibríocht. Sa chás sin, is é an comhpháirtí príobháideach ionaid nó an comhlacht dlí phoiblí a thiocfaidh chun a bheith ina thairbhí ar choinníoll go ndeimhníonn an t-údarás bainistíochta dó féin go gcomhlíonann agus go nglacann an comhpháirtí príobháideach ionaid gach oibleagáid chomhfhreagrach atá ar thairbhí faoin Rialachán seo.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha breise maidir le tairbhí a ionadú agus maidir le hathrú ar chúraimí gaolmhara.

5.   Maidir le tairbhí a ionadú, ní mheasfar é a bheith ina athrú úinéireachta de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 71(1) más rud é go n-urramaíonn an t-ionadú sin na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 64

Tacaíocht d'oibríochtaí CPP

1.   I gcás oibríochta CPP inar comhlacht dlí phoiblí é an tairbhí, féadfar caiteachas faoi oibríocht CPP ar thabhaigh agus ar íoc an comhpháirtí príobháideach é, de mhaolú ar Airteagal 65(2), a mheas a bheith ina chaiteachas atá tabhaithe agus íoctha ag tairbhí agus féadfar é a áireamh in iarraidh ar íocaíocht chuig an gCoimisiún ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil comhaontú CPP déanta ag an tairbhí le comhpháirtí príobháideach;

(b)

gur fhíoraigh an t-údarás bainistíochta gur íoc an comhpháirtí príobháideach an caiteachas a dhearbhaigh an tairbhí agus go gcomhlíonann an oibríocht an dlí Aontais agus náisiúnta is infheidhme, an clár agus na coinníollacha le haghaidh tacaíochta don oibríocht.

2.   Maidir le híocaíochtaí do thairbhithe i ndáil le caiteachas a áirítear in iarraidh ar íocaíocht i gcomhréir le mír 1, déanfar é a íoc isteach i gcuntas eascró arna chur ar bun chun na críocha sin in ainm an tairbhí.

3.   Déanfar na cistí a íoctar isteach sa chuntas eascró dá dtagraítear i mír 2 a úsáid mar íocaíochtaí i gcomhréir leis an gcomhaontú CPP, lena n-áirítear aon íocaíocht atá le déanamh i gcás go bhfoirceanntar an comhaontú CPP.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos na híoscheanglais atá le háireamh i gcomhaontuithe CPP agus a bhfuil gá leo chun an maolú a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le comhaontú CPP a fhoirceannadh agus chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú.

CAIBIDIL III

Incháilitheacht caiteachais agus marthanacht

Airteagal 65

Incháilitheacht

1.   Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin sa chás ina bhfuil rialacha sonracha leagtha síos sa Rialachán seo nó sna rialacha Ciste-shonracha, nó ar bhonn an Rialacháin seo nó na rialacha sin.

2.   Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh rannchuidithe ó Chistí SIE má dhéanann tairbhí é a thabhú agus go n-íoctar é idir an dáta a gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2023. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh rannchuidithe ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023.

3.   De mhaolú ar mhír 2, beidh caiteachas faoi TFAO incháilithe ón 1 Meán Fómhair 2013.

4.   I gcás costas arna n-aisíoc de bhun phointe (b) agus phointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022.

5.   De mhaolú ar mhír 4, is é an 1 Meán Fómhair 2013 an dáta tosaigh maidir le costais aisíoctha ar bhonn (b) agus (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1) do ghníomhartha faoi TFAO.

6.   Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sular thíolaic an tairbhí an t-iarratas ar chistiú faoin gclár don údarás bainistíochta, is cuma má rinne an tairbhí na híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna.

7.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil, ar thionscnamh an Choimisiúin, a leagtar amach in Airteagal 58.

8.   Beidh feidhm ag an mír seo maidir le hoibríochtaí a ghineann glanioncam le linn a gcur chun feidhme agus nach bhfuil feidhm ag mír 1 go mír 6 d'Airteagal 61 maidir leo.

Déanfar caiteachas incháilithe ón oibríocht atá le cómhaoiniú ó Chistí SIE a laghdú faoi réir an ghlanioncaim nár cuireadh san áireamh tráth formheasta na hoibríochta agus nach ngintear go díreach ach amháin le linn tréimhse a cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná nuair a dhéantar an t-éileamh íocaíochta deiridh arna thíolacadh ag an tairbhí. I gcás nach bhfuil na costais uile incháilithe do cómhaoiniú, leithdháilfear an glanioncam ar bhonn pro rata do chodanna incháilithe agus neamh-incháilithe an chostais.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil;

(b)

ionstraimí airgeadais;

(c)

cúnamh in-aisíoctha faoi réir oibleagáide maidir le haisíocíocht iomlán;

(d)

duaiseanna;

(e)

oibríochtaí atá faoi réir rialacha maidir le Státchabhair;

(f)

oibríochtaí a bhfuil a dtacaíocht phoiblí i bhfoirm cnapshuimeanna nó i bhfoirm aonaid scála caighdeánaithe i ndáil le costais ar choinníoll go ndearnadh an glanioncam a chur san áireamh ar bhonn ex ante;

(g)

oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi chomhphlean gníomhaíochta ar choinníoll go ndearnadh an glanioncam a chur san áireamh ar bhonn ex ante;

(h)

oibríochtaí dá ndéantar méideanna nó rátaí tacaíochta a shainiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CETFT; nó

(i)

oibríochtaí nach bhfuil an costas incháilithe iomlán ina leith níos mó ná EUR 50 000.

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 61, aon íocaíocht a fhaigheann an tairbhí mar gheall ar phionóis chonarthacha mar thoradh ar shárú conartha idir an tairbhí agus tríú páirtí nó tríú páirtithe nó a tabhaíodh mar thoradh ar aistarraingt tairisceana ag tríú páirtí a roghnaíodh faoi rialacha soláthair phoiblí (an 'taisce'), ní dhéanfar í a mheas mar ioncam agus ní dhéanfar í a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta.

9.   Caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar chlár, ní bheidh sé incháilithe ach amháin ón dáta a ndéantar an iarraidh maidir le leasú a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó, i gcás chur i bhfeidhm Airteagal 96(11), ón dáta a dtagann an cinneadh lena leasaítear an clár i bhfeidhm.

Féadfar maolú a dhéanamh ón gcéad fhomhír i gcás na rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI.

10.   De mhaolú ar mhír 9, féadfar forálacha sonracha maidir le túsdáta na hincháilitheachta a bhunú i Rialachán CETFT.

11.   Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó cheann amháin nó níos mó de Chistí SIE nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh in iarraidh ar íocaíocht maidir le haisíocaíocht ó cheann de Chistí SIE, ná nach bhfaightear tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile ina leith.

Airteagal 66

Foirmeacha tacaíochta

Bainfear úsáid as Cistí SIE chun tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas, duaiseanna, cúnaimh in-aisíoctha agus ionstraimí airgeadais, nó teaglaim díobh sin.

I gcás cúnaimh in-aisíoctha, déanfar an tacaíocht arna haisíoc leis an gcomhlacht a thug í, nó le húdarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit, a choinneáil i gcuntas ar leithligh nó a scagadh amach faoi chóid chuntasaíochta agus athúsáidfear í chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir.

Airteagal 67

Foirmeacha deontas agus cúnaimh in-aisíoctha

1.   Féadfaidh deontais agus cúnamh in-aisíoctha a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír agus arna n-íoc, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas, i gcás inarb infheidhme;

(b)

scálaí caighdeánacha costas aonaid;

(c)

cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den ranníocaíocht phoiblí;

(d)

maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos mó.

Féadfaidh rialacha Ciste-shonracha teorainn a chur ar fhoirmeacha na ndeontas nó an chúnaimh in-aisíoctha is infheidhme maidir le hoibríochtaí áirithe

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar foirmeacha breise deontas agus modhanna breise ríofa a bhunú i Rialachán CEMI.

3.   Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach rogha catagóir dhifriúil costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid d'oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha oibríochta.

4.   I gcás ina gcuirtear oibríocht nó tionscadal atá ina chuid d'oibríocht chun feidhme go huile agus go hiomlán trí sholáthar poiblí oibreacha, earraí nó seirbhísí, is é pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 amháin a mbeidh feidhm aige. I gcás ina bhfuil an soláthar laistigh d'oibríocht nó laistigh de thionscadal atá ina chuid d'oibríocht teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfar na roghanna go léir dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm.

5.   Bunófar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) den chéad fhomhír de mhír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe bunaithe orthu seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil eile;

(ii)

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii)

gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na dtairibhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcomhréir leis na rialacha um chur i bhfeidhm na scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha um chur i bhfeidhm na scálaí comhfhreagracha costas aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(d)

rátaí arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na rialacha Ciste-shonracha.

(e)

modhanna sonracha chun méideanna a chinneadh arna mbunú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

6.   Leagfar amach an modh a chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith.

Airteagal 68

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costas indíreach agus costas foirne a bhaineann le deontais agus cúnamh in-aisíoctha

1.   I gcás ina n-eascraíonn costais indíreacha as cur chun feidhme oibríochta, féadfar iad a ríomh ag ráta comhréidh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, ar choinníoll go ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe nó ar bhonn modha arna chur i bhfeidhm faoi scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna;

(b)

ráta comhréidh de suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh ar bith a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(c)

ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 maidir le sainiú an ráta chomhréidh agus na modhanna gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.

2.   Chun críocha na costais foirne a bhaineann le cur i bhfeidhm oibríochta a chinneadh, féadfar an ráta de réir na huaire is infheidhme a ríomh trí na hollchostais fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair an chloig.

Airteagal 69

Rialacha sonracha incháilitheachta maidir le deontais agus cúnamh in-aisíoctha

1.   Maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibreacha, earraí, seirbhísí, talamh agus eastát réadach a sholáthar nach ndearnadh ina leith aon íocaíocht airgid arna thacú le sonraisc, nó doiciméid le luach coibhéiseach cruthúnais, féadfaidh siad a bheith incháilithe ar choinníoll go bhforáiltear amhlaidh i rialacha incháilitheachta de chuid Chistí SIE agus sna cláir agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

ní bheidh an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an oibríocht, lena n-áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh, ag deireadh na hoibríochta;

(b)

níl an luach atá inchurtha i leith na ranníocaíochtaí comhchineáil níos airde ná na costais a bhfuil glacadh go ginearálta leo ar an margadh i dtrácht;

(c)

is féidir luach agus seachadadh na ranníocaíochta a mheas agus a fhíorú go neamhspleách;

(d)

i gcás talamh nó eastát réadach a sholáthar, féadfar íocaíocht airgid a dhéanamh chun críocha comhaontaithe léasa de mhéid ainmniúil in aghaidh na bliana nach mó ná aonad aonair airgeadra an Bhallstáit.

(e)

i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibre gan íocaíocht, déanfar luach na hoibre sin a chinneadh tríd an t-am fíoraithe atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh oibre coibhéisí a chur san áireamh.

Déanfaidh saineolaí cáilithe neamhspleách nó comhlacht oifigiúil cuí-údaraithe luach na talún nó an eastáit réadaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dheimhniú agus ní bheidh an luach sin níos airde ná an teorainn a leagtar síos i bpointe (b) de mhír 3

2.   Féadfar a mheas go bhfuil costais dímheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir;

(b)

tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonraisc le haghaidh costas incháilithe acu i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1);

(c)

baineann na costais go huile agus go hiomlán leis an tréimhse tacaíochta don oibríocht;

(d)

níor rannchuidigh deontais phoiblí leis na sócmhainní dímheasta a fháil mar éadáil.

3.   Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ó Chistí SIE agus ón méid tacaíochta arna aistriú ón gCiste Comhtháthaithe chuig SCE mar a thagraítear in Airteagal 92(6):

(a)

ús ar fhiachas, ach amháin maidir le deontais a thugtar i bhfoirm fóirdheontais ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontais táille ráthaíochta;

(b)

ceannach talún nár tógadh air agus ceannach talún ar tógadh air ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán ar an oibríocht lena mbaineann. Maidir le láithreáin thréigthe agus le láithreáin a bhíodh tráth in úsáid thionsclaíoch a bhfuil foirgnimh orthu, méadófar an teorainn sin go dtí 15 %. I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, féadfar an teorainn a ardú os cionn na gcéatadán réamhluaite faoi seach le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.

(c)

cáin bhreisluacha, ach amháin i gcás nach bhfuil sé inghnóthaithe faoi reachtaíocht náisiúnta CBL.

Airteagal 70

Incháilitheacht oibríochtaí atá ag brath ar shuíomh

1.   Beidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE, faoi réir na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 agus sna rialacha Ciste-shonracha, lonnaithe i limistéar an chláir.

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht á cur chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir ach laistigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is chun leasa limistéar an chláir atá an oibríocht;

(b)

níl an méid iomlán arna leithdháileadh faoin gclár le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de limistéar an chláir níos mó ná 15 % den tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI ar leibhéal na tosaíochta, ná níos mó ná 5 % den tacaíocht ó CETFT ar leibhéal an chláir;

(c)

aontaíonn an coiste faireacháin leis an oibríocht nó leis na cineálacha oibríochtaí lena mbaineann;

(d)

tá oibleagáidí na n-údarás i dtaobh an chláir maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann leis an oibríocht comhlíonta ag na húdaráis atá freagrach as an gclár faoina dtugtar tacaíocht don oibríocht sin nó déanann siad comhaontuithe le húdaráis sa limistéar ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme.

3.   I gcás oibríochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil nó le gníomhaíochtaí tionscnaimh, féadfar caiteachas a thabhú lasmuigh den Aontas ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2 agus na hoibleagáidí maidir le bainistiú, rialú agus iniúchóireacht a bhaineann leis an oibríocht.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 3 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le hoibríochtaí lena dtacaíonn CSE.

Airteagal 71

Marthanacht oibríochtaí

1.   Déanfaidh oibríocht atá comhdhéanta d'infheistíocht bonneagair nó infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a aisíoc más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht dheiridh leis an tairbhí nó laistigh de thréimhse arna leagan amach sna rialacha maidir le státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé faoi réir aon cheann den méid seo a leanas:

(a)

scor nó athlonnú gníomhaíochta táirgiúla lasmuigh de limistéar an chláir;

(b)

athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thugann buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí;

(c)

athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme lena mbainfí an bonn dá cuspóirí bunaidh dá bharr.

Déanfaidh an Ballstát méideanna a íocadh go míchuí i leith na hoibríochta a ghnóthú ar bhonn atá cionmhar leis an tréimhse nach bhfuil na ceanglais comhlíonta ina leith.

Féadfaidh Ballstáit na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú go dtí trí bliana i gcásanna a bhaineann le cothabháil infheistíochtaí nó post atá cruthaithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide.

2.   Déanfaidh oibríocht atá comhdhéanta d'infheistíocht bonneagair nó d'infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó Chistí SIE a aisíoc más rud é, laistigh de 10 mbliana ón íocaíocht deiridh leis an tairbhí, go bhfuil an ghníomhaíocht táirgeachta faoi réir a athlonnaithe lasmuigh den Aontas, ach amháin más FBM é an tairbhí. Nuair is i bhfoirm Státchabhrach atá an ranníocaíocht ó Chistí SIE, déanfar an sprioc-am is infheidhme faoi na rialacha maidir le Státchabhair a chur in ionad na tréimhse 10 mbliana.

3.   Maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na cinn eile de Chistí SIE nach infheistíochtaí bonneagair ná infheistíochtaí táirgiúla iad, ní aisíocfaidh siad an ranníocaíocht ón gCiste ach amháin i gcás ina bhfuil siad faoi réir oibleagáide chun infheistíocht a chothabháil faoi na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair agus i gcás ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor nó a athlonnú laistigh den tréimhse atá leagtha síos sna rialacha sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 maidir le ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu nó maidir le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr féimheachta neamhchalaoisí.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 maidir le daoine nádúrtha ar tairbhithe de thacaíocht infheistíochta iad agus, tar éis an oibríocht infheistíochta a lánchríochnú, go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht, agus go bhfaighidh siad tacaíocht, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás ina bhfuil an infheistíocht lena mbaineann nasctha go díreach leis an gcineál gníomhaíochta a sainaithníodh mar ghníomhaíocht atá incháilithe do thacaíocht ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.

TEIDEAL VIII

BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ

CAIBIDIL I

Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 72

Prionsabail ghinearálta maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe

Le córais bhainistíochta agus rialaithe, forálfar don méid seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 4(8):

(a)

tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta a bhfuil baint aige le bainistíocht agus le rialú, agus ar leithdháileadh feidhmeanna laistigh de gach comhlacht;

(b)

comhlíonadh phrionsabal na deighilte feidhmeanna idir comhlachtaí den sórt sin nó laistigh díobh;

(c)

nósanna imeachta chun cruinneas agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú;

(d)

córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú;

(e)

córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás ina gcuireann an comhlacht atá freagrach feidhmiú cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile;

(f)

socruithe maidir le feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe a iniúchadh;

(g)

córais agus nósanna imeachta chun raon iniúchóireachta leormhaith a áirithiú;

(h)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, lena n-áirítear calaois, agus méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha.

Airteagal 73

Freagrachtaí faoin gcomhbhainistiú

I gcomhréir le prionsabal an chomhbhainistithe, beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir leis na freagrachtaí faoi seach atá acu arna leagan síos sa Rialachán seo agus sna rialacha Ciste-shonracha.

Airteagal 74

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta atá leagtha síos sna rialacha maidir le comhbhainistíocht a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha Ciste-shonracha agus glacfaidh siad ar láimh na freagrachtaí a leanann uathu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár a chur ar bun i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha agus go bhfeidhmeoidh na córais sin go héifeachtach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil socruithe éifeachtacha ann chun gearáin i leith Chistí SIE a scrúdú. Beidh an raon feidhme, na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na socruithe sin mar fhreagracht ar na Ballstáit i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, scrúdóidh na Ballstáit gearáin a thíolactar chuig an gCoimisiún agus a thagann faoi raon feidhme a gcuid socruithe. Cuirfidh na Ballstáit torthaí na scrúduithe sin in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

4.   Cuirfear gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as córas malartaithe leictreonaigh sonraí. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na téarmaí agus na coinníollacha a gcomhlíonfaidh an córas malartaithe leictreonaigh sonraí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

CAIBIDIL II

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

Airteagal 75

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.   Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir le hainmniú na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as bainistiú agus rialú, na doiciméid arna soláthar gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, ag na comhlachtaí ainmnithe sin, tuarascálacha ar rialú, tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí Aontais, go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a chomhlíonann an Rialachán seo agus na rialacha Ciste-shonracha agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach le linn na cláir a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe ón gCoimisiún iniúchóireachtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh faoi réir iad do thabhairt fógra 12 lá oibre ar a laghad don údarás inniúil náisiúnta, ach amháin i gcásanna práinneacha. Urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta nuair a chuirfidh sé san áireamh an gá atá ann go seachnófar dúbailt nach bhfuil údar maith léi maidir le hiniúchóireachtaí agus seiceálacha a dhéantar sna Ballstáit, mar aon leis an leibhéal riosca do bhuiséad an Aontais agus an gá atá ann an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Féadfar, go háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe i gclár nó i gcuid de chlár, in oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht fhónta airgeadais na n-oibríochtaí nó na gclár a bheith faoi raon feidhme na n-iniúchtaí nó na seiceálacha sin. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchóireachtaí nó sna seiceálacha sin.

Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an Choimisiún, atá cumhachtaithe go cuí chun iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, doiciméid agus meiteashonraí uile is gá, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí SIE nó leis na córais bhainistíochta agus rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, doiciméid agus meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin orthu.

Ní dhéanfaidh na cumhachtaí a leagtar amach san mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n-ainmniú go sonrach sa reachtaíocht náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin agus ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Beidh rochtain ag oifigigh agus ionadaithe den sórt sin, áfach, ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an tslí sin gan dochar d'inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus le lán-urramú chearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh chun feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú nó chun cruinneas an chaiteachais a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

TEIDEAL IX

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A SCRÚDÚ AGUS A GHLACADH AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS, SAORADH

CAIBIDIL I

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 76

Gealltanais bhuiséadacha

Is i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a dhéanfar gealltanais bhuiséadacha an Aontais maidir le gach clár. Déanfar na ceangaltais bhuiséadacha a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta i ngach clár ar leithligh ón leithdháileadh a bheidh fágtha ón gclár.

Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 84 den Rialachán Airgeadais agus a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann, ceangaltas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin.

I gcás gach cláir ar leith, déanfar na gealltanais bhuiséadacha don chéad tráthchuid tar éis an clár a bheith glactha ag an gCoimisiún.

I gcás na ngealltanas buiséadach do thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine de gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den Airteagal seo, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán Airgeadais.

I ndiaidh chur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 22, i gcás nach mbeidh garspriocanna a dtosaíochtaí bainte amach, saoróidh an Coimisiún na leithreasuithe comhfhreagracha, más gá, chuig na cláir lena mbaineann mar chuid den chúlchiste feidhmíochta agus cuirfidh sé ar fáil arís iad le haghaidh na gclár a mbeidh méadú tagtha ar an leithdháileadh ina leith mar thoradh ar leasú a d'fhormheas an Coimisiún i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d'Airteagal 22(5).

Airteagal 77

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

1.   Maidir leis na híocaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún leis an ranníocaíocht ó Chistí SIE le gach clár, déanfar iad i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Breacfar gach íocaíocht sa ghealltanas buiséadach is túisce a bheidh oscailte den Chiste lena mbaineann.

2.   Ní dhéanfar íocaíochtaí a bhaineann le ceangaltais an chúlchiste feidhmíochta roimh leithdháileadh críochnaitheach an chúlchiste feidhmíochta, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) agus (4).

3.   Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh.

4.   I gcás na bhfoirmeacha tacaíochta faoi phointe (b), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1) agus faoi Airteagal 68 agus faoi Airteagal 69, measfar gur caiteachas incháilithe iad costais a ríomhtar ar an mbonn is infheidhme.

Airteagal 78

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha a ríomh, agus an iarmhéid deiridh a íoc

Déanfar na rialacha maidir le ríomh an mhéid a aisíoctar mar íocaíochtaí eatramhacha agus maidir le ríomh an iarmhéid deiridh a leagan síos sna rialacha Ciste-shonracha. Is feidhm den ráta cómhaoinithe sonrach atá infheidhme maidir leis an gcaiteachas incháilithe a bheidh sa mhéid sin.

Airteagal 79

Iarrataí ar íocaíocht

1.   Déanfar an nós imeachta sonrach agus an fhaisnéis is gá a thíolacadh maidir le hiarrataí ar íocaíocht maidir le gach Ciste SIE a leagan síos sna rialacha Ciste-shonracha.

2.   Soláthrófar san iarraidh ar íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis uile is gá le go bhféadfaidh an Coimisiún cuntais a thabhairt ar aird i gcomhréir le hAirteagal 68(3) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 80

Úsáid an euro

Is in euro a shloinnfear na méideanna atá leagtha amach i gcláir arna dtíolacadh ag Ballstáit, i réamh-mheastacháin ar chaiteachas, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais agus sa chaiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme.

Airteagal 81

Réamh-mhaoiniú tosaigh a íoc

1.   I ndiaidh an chinnidh ón gCoimisiún lena nglactar an clár, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe tosaigh le haghaidh na clárthréimhse ina hiomláine. Déanfar an méid réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna i gcomhréir le riachtanais bhuiséadacha. Déanfar leibhéal na dtráthchodanna a shainiú sna rialacha Ciste-shonracha.

2.   Ní úsáidfear réamh-mhaoiniú tosaigh ach i gcomhair íocaíochtaí a dhéantar le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir. Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don chomhlacht atá freagrach chun na críche sin.

Airteagal 82

Réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach

Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a dhúntar an clár.

Airteagal 83

An spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh

1.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais, an spriocdháta le haghaidh íocaíochta maidir le héileamh ar íocaíocht eatramhach a bhriseadh ar feadh tréimhse uasta de shé mhí más rud é:

(a)

go bhfuil fianaise shoiléir ann, i ndiaidh faisnéis a bheith curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht iniúchóireachta de chuid an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe;

(b)

go bhfuil ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith tugtha ar aird an oifigigh sin á chur in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht;

(c)

go mainnítear ceann de na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a thíolacadh.

Féadfaidh an Ballstát a chomhaontú go ndéanfar an tréimhse briste a fhadú go ceann thrí mhí eile.

Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a bhriseadh, a bheidh nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh, agus a bheidh comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean teorainn a chur leis an mbriseadh a dhéantar ar an gcuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 difear di, ach amháin mura féidir an chuid sin den chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl láithreach agus i scríbhinn don Bhallstát agus don údarás bainistíochta agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean deireadh leis an mbriseadh a luaithe a dhéanfar na bearta is gá.

CAIBIDIL II

Cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

Airteagal 84

An spriocdháta don Choimisiún na cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

Faoin 31 Bealtaine den bhliain i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 59(6) den Rialachán Airgeadais, nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir leis na cuntais a scrúdú agus a ghlacadh agus cuirfidh sé in iúl don Bhallstát i dtaobh cibé acu an nglacann sé leis nó nach nglacann sé leis go bhfuil na cuntais iomlán, beacht agus fíor i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

CAIBIDIL III

Ceartuithe airgeadais

Airteagal 85

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais, nó cuid di le clár a chur ar ceal agus aisghabháil a fháil ón mBallstát, chun go ndéanfar caiteachas atá ag sárú an dlí is infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais.

2.   Maidir le sárú ar an dlí is infheidhme, ní leanfaidh ceartú airgeadais as ach amháin i ndáil le caiteachas a dearbhaíodh leis an gCoimisiún agus i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá tionchar ag an sárú ar roghnú oibríochta ag comhlacht atá freagrach as tacaíocht ó Chistí SIE nó i gcásanna nach féidir, de bharr nádúr an tsáraithe, an tionchar sin a shuíomh ach go bhfuil riosca réasúnaithe ann go raibh éifeacht den sórt sin ag an sárú;

(b)

tá tionchar ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le haisíoc le buiséad an Aontais nó i gcásanna nach bhfuil sé indéanta, de bharr nádúr an tsáraithe, a thionchar airgeadais a mheas ach go bhfuil riosca údaraithe ann go raibh tionchar den sórt sin ag an sárú.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid an cheartaithe airgeadais faoi mhír 1, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do bhuiséad an Aontais a chur san áireamh. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chinntí a dhéanfar chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm.

4.   Déanfar na critéir agus na nósanna imeachta maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm a leagan síos sna rialacha Ciste-shonracha.

CAIBIDIL IV

Saoradh

Airteagal 86

Na prionsabail

1.   Cuirfear gach clár faoi réir nós imeachta um shaoradh arna bhunú ar an mbonn go ndéanfar na méideanna atá nasctha le gealltanas nach bhfuil cumhdaithe ag réamh-mhaoiniú ná ag iarraidh ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh, lena n-áirítear aon iarraidh ar íocaíocht a bhfuil an íocaíocht nó cuid di faoi réir idirbhriste sa spriocdháta le haghaidh íocaíochta nó faoi réir fionraí a dhéanamh ar íocaíochtaí.

2.   Déanfar an gealltanas a bhaineann le bliain dheireanach na tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha a bheidh le comhlíonadh maidir le dúnadh na gclár.

3.   Déanfar cur i bhfeidhm beacht riail an tsaortha maidir le gach ceann de Chistí SIE a shonrú sna rialacha Ciste-shonracha.

4.   Saorfar an chuid de na gealltanais a bheidh fós oscailte i gcás nach bhfuil ceann de na doiciméid a éilítear don dúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoi na spriocdhátaí a bhunaítear sna rialacha Ciste-shonracha.

5.   Is faoi réir an nós imeachta um shaoradh a leagtar amach i mír 4 amháin a bheidh na gealltanais bhuiséadacha i ndáil leis an gcúlchiste feidhmíochta.

Airteagal 87

Eisceacht ón saoradh

1.   Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú na méideanna is ionann agus:

(a)

an chuid sin den ghealltanas buiséid dá bhfuil oibríochtaí fionraithe ina leith trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

(b)

an chuid sin den ghealltanas buiséid nach rabhthas in ann iarraidh ar íocaíocht a dhéanamh ina leith ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ó thaobh an clár iomlán nó ar chuid den chlár a chur chun feidhme.

Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn faoi phointe (b) den chéad fhomhír go raibh force majeure ann na hiarmhairtí díreacha a bhí ag an force majeure ar chur chun feidhme an chláir iomláin nó chuid den chlár.

Chun críocha phointe (a) agus phointe (b) den chéad fhomhír, féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin, más rud é gur mhair an fhionraíocht nó force majeure nach faide ná bliain amháin, nó níos mó ná uair amháin ag comhfhreagairt d'fhad thréimhse force majeure nó don mhéid blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh deireanach dlíthiúil nó riaracháin.

2.   Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin.

Airteagal 88

Nós Imeachta

1.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta in am trátha gach uair a bhfuil baol ann go gcuirfear riail an tsaortha i bhfeidhm faoi Airteagal 86.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fuair sé amhail ón 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta méid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis sin.

3.   Beidh dhá mhí ag an mBallstát an méid a bheidh le saoradh a aontú nó a bharúlacha a thíolacadh.

4.   Faoin 30 Meitheamh, tíolacfaidh an Ballstát don Choimisiún plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar don bhliain airgeadais lena mbaineann méid laghdaithe na tacaíochta thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár á chur san áireamh an leithdháileadh de réir Ciste agus de réir catagóra réigiúin, i gcás inarb iomchuí. Mura ndéantar an tíolacadh sin, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó Chistí SIE a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann. Déanfar an laghdú sin a leithdháileadh ar gach tosaíocht go comhréireach.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh lena nglactar an clár a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair.

CUID A TRÍ

FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LE CFRE, LE CSE AGUS LEIS AN gCISTE COMHTHÁTHAITHE

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS CREAT AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Misean, spriocanna agus cuimsiú geografach na tacaíochta

Airteagal 89

Misean agus spriocanna

1.   Rannchuideoidh na Cistí le forbairt agus saothrú ghníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE.

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí freisin le seachadadh straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

2.   Chun críoch rannchuidiú leis an misean dá dtagraítear i mír 1, saothrófar na spriocanna seo a leanas:

(a)

'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' i mBallstáit agus i réigiúin, a mbeidh tacaíocht ó na Cistí go léir le fáil aici; agus

(b)

'comhar críochach Eorpach', a mbeidh tacaíocht ó CFRE le fáil aige.

Airteagal 90

Infheistíocht le haghaidh fáis agus post

1.   Tacóidh na Cistí Struchtúracha le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i ngach réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh ('réigiúin leibhéal NUTS 2') a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, arna leasú ag Rialachán Uimh. 105/2007.

2.   Déanfar acmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh i measc na dtrí chatagóir seo a leanas de réigiúin leibhéal NUTS 2:

(a)

réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-27;

(b)

réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán-OTI AE-27;

(c)

réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita os cionn 90 % de mheán-OTI AE-27.

Déanfar aicmiú na réigiún faoi cheann amháin de na trí chatagóir réigiún a chinneadh bunaithe ar an gcaoi bhaineann OTI per capita gach réigiúin, arna thomhas de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh (PCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2007 go 2009, le meán-OTI an AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna.

3.   Na Ballstáit sin ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir PCC agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2008 go 2010, ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo.

Na Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháthaithe in 2013, ach ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27 arna ríomh faoin gcéad fhomhír, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.

4.   Díreach i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na réigiúin a chomhallann critéir na dtrí chatagóir réigiún dá dtagraítear i mír 2 agus de na Ballstáit a chomhallann critéir mhír 3. Beidh an liosta sin bailí ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

5.   In 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar incháilitheacht na mBallstát do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn figiúirí OIN an Aontais i leith an AE-27 sa tréimhse 2012 go 2014. Na Ballstáit sin ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 % de mheán-OIN per capita an AE-27, tiocfaidh dóibh chun bheith nua-incháilithe do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe agus na Ballstáit sin a bhí incháilithe don Chiste Comhtháthaithe agus ar mó a OIN ainmniúil per capita ná 90 %, caillfidh siad a n-incháilitheacht agus gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.

CAIBIDIL II

Creat airgeadais

Airteagal 91

Acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1.   Is EUR 325 145 694 739 de réir phraghsanna 2011 a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh ceangaltais bhuiséadaigh i leith na tréimhse 2014 - 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 322 145 694 739 de agus acmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe agus is ionann EUR 3 000 000 000 agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Chun críocha cláreagraithe agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais, déanfar méid na n-acmhainní do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh, agus miondealú bliantúil na n-acmhainní ón leithdháileadh sonrach don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg de réir an Bhallstáit, mar aon le liosta na réigiún atá incháilithe, i gcomhréir faoi seach leis na critéir agus leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus in Iarscríbhinn VIII faoi seach, gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo nó d'Airteagal 92(8).

3.   Déanfar 0,35 % de na hacmhainní iomlánaíocha, tar éis an tacaíocht chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 92(6), agus chuig an gcabhair do na daoine is díothaí dá dtagraítear in Airteagal 92(7) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 92

Acmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

1.   Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,33 % de na hacmhainní iomlánaíocha (i.e., EUR 313 197 435 409 ar an iomlán) agus leithdháilfear í mar a leanas:

(a)

52,45 % (i.e., EUR 164 279 015 916 ar an iomlán) le haghaidh réigiún beagfhorbartha;

(b)

10,24 % (i.e., EUR 32 084 931 311 ar an iomlán) le haghaidh réigiún trasdula;

(c)

15,67 % (i.e., EUR 49 084 308 755 ar an iomlán) le haghaidh réigiún níos forbartha;

(d)

21,19 % (i.e., EUR 66 362 384 703 ar an iomlán) le haghaidh Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;

(e)

0,44 % (i.e., EUR 1 386 794 724 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhallann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.

2.   Sa bhreis ar na méideanna a leagtar amach in Airteagal 91 agus i mír 1 den Airteagal seo, do na blianta 2014 agus 2015, cuirfear méid breise de EUR 94 200 000 agus de EUR 92 400 000 faoi seach ar fáil mar a leagtar amach in 'Coigeartuithe breise' faoi Iarscríbhinn VII. Sainaithneofar na méideanna sin sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 91(2).

3.   In 2016, déanfaidh an Coimisiún, ina choigeartú teicniúil don bhliain 2017 i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, athbhreithniú ar na leithdháiltí iomlána faoin sprioc 'infheistíocht le haghaidh fáis agus post' de gach Ballstát le haghaidh 2017-2020, agus an modh leithdháilte a leagtar amach i mír go mír 16 d'Iarscríbhinn VII á chur i bhfeidhm ar bhonn an staidrimh is déanaí atá ar fáil agus ar an gcomparáid do na Ballstáit chaidhpeáilte idir an OTI náisiúnta carntha a breathnaíodh do na blianta 2014-2015 agus OTI carntha náisiúnta don tréimhse chéanna a measadh in 2012 i gcomhréir le mír 10 d'Iarscríbhinn VII. Sa chás ina bhfuil éagsúlacht charnach de níos mó ná +/– 5 % idir na leithdháiltí athbhreithnithe agus na leithdháiltí iomlána, déanfar na leithdháiltí iomlána a choigeartú dá réir. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, déanfar coigeartuithe a scaipeadh i gcionmhaireachtaí comhionanna thar na blianta 2017-2020 agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha an chreata airgeadais a mhodhnú dá réir. Ní rachaidh glanéifeacht na gcoigeartuithe, bíodh sí dearfach nó diúltach, thar EUR 400 000 000. Tar éis an coigeartú teicniúil a dhéanamh, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach miondealú bliantúil athbhreithnithe ar na hacmhainní iomlánaíocha do gach Ballstát.

4.   Chun a áirithiú go ndéantar infheistíocht leordhóthanach a spriocdhíriú ar fhostaíocht don ógra, ar shoghluaisteacht an lucht saothair, ar eolas, ar uilechuimsitheacht shóisialta agus ar chomhrac na bochtaineachta, ní bheidh an sciar d'acmhainní na gCistí Struchtúracha atá ar fáil le haghaidh cláreagraithe do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post arna leithdháileadh chuig CSE i ngach Ballstát níos ísle ná an sciar comhfhreagrach CSE don Bhallstát sin a leagtar síos sna cláir oibríochtúla le haghaidh cuspóirí an Chóineasaithe agus an iomaíochais agus fostaíochta Réigiúnaí do chlárthréimhse 2007-2013. Cuirfear leis an sciar sin méid breise do gach Ballstát a chinntear i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn IX chun a áirithiú nach lú na 23,1 % i mBallstát an sciar de CSE mar chéatadán d'iomlán na n-acmhainní comhcheangailte le haghaidh na gCistí ar leibhéal an Aontais, gan an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh an bhonneagair iompair faoi SCE dá dtagraítear i mír 6 á chur san áireamh ná an tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha le haghaidh cabhrach do na daoine is díothaí dá dtagraítear i mír 7. Chun críocha na míre seo, déanfar infheistíocht arna soláthar ó CSE do TFAO a mheas mar chuid den sciar de na Cistí Struchtúracha a leithdháiltear ar CSE.

5.   Is é EUR 3 000 000 000 a bheidh sna hacmhainní do TFAO ón leithdháileadh sonrach i leith TFAO agus EUR 3 000 000 000 ar a laghad ó infheistíocht spriocdhírithe CSE.

6.   Is é EUR 10 000 000 000 a bheidh sa mhéid tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe a bheidh le haistriú do SCE. Caithfear é le haghaidh na dtionscadal bonneagair iompair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 go heisiach sna Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháite.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe chuig SCE, ar méid é a chinnfear ar bonn pro rata i leith na tréimhse iomláine. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin.

Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa amhail ó chleachtadh buiséid 2014.

Déanfar an méid a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe chuig SCE, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a chur chun feidhme trí ghlaonna sonracha a sheoladh do thionscadail a bhfuil na croíghréasáin á gcur chun feidhme acu nó do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí cothrománacha a shainaithnítear i gCuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme don earnáil iompair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 maidir leis na glaonna sonracha dá dtagraítear sa cheathrú fomhír. Go dtí an 31 Nollaig 2016, déanfar le roghnú na dtionscadal atá incháilithe le haghaidh maoinithe na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú. Amhail ón 1 Eanáir 2017, déanfar acmhainní arna n-aistriú chuig SCE nach mbeidh geallta do thionscadal bonneagair iompair a chur ar fáil do na Ballstáit go léir atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCoiste Comhtháthaithe chun na tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.

Chun tacú le Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gCiste Comhtháthaithe, a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu i ndearadh tionscadal ag a bhfuil aibíocht leordhóthanach acu nó ag a bhfuil cáilíocht leordhóthanach acu, nó ag a bhfuil an dá rud acu, agus a bhfuil breisluach leordhóthanach acu le haghaidh an Aontais, tabharfar aird ar leith ar thograí a bheidh dírithe ar chumas institiúideach agus éifeachtúlacht riarachán poiblí agus seirbhisí poiblí agus a threisiú maidir le forbairt agus le cur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. Chun an leibhéal is airde is féidir a áirithiú de na cistí aistrithe sna Ballstáit go léir atá incháilithe le haghaidh cistithe ón gciste Comhtháite, féadfaidh an Coimisiún glaonna breise a eagrú.

7.   Ní lú ná EUR 2 500 000 000 a bheidh sa tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha don chabhair do na daoine is díothaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post agus féadfar í a mhéadú suas go dtí EUR 1 000 000 000 le tacaíocht bhreise arna cinneadh ar bhonn saorálach ag na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha chuig cabhair do na daoine is díothaí i leith na tréimhse iomláine. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha a laghdú dá réir sin, ar bhonn laghdú pro-rata de réir catagóire réigiúin.

Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid na hionstraime um chabhrach do na daoine is díothaí amhail ó chleachtadh buiséid 2014.

8.   Déanfar EUR 330 000 000 d'acmhainní na gCistí Struchtúracha don sprioc 'Infheistíocht le haghaidh fáis agus post' a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí nuálacha atá á mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe.

9.   Is 2,75 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2014 - 2020 (i.e., EUR 8 948 259 330 ar an iomlán) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

10.   Chun críocha an Airteagail seo, Airteagail 18, 91, 93, 95, 99, 120, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo. chun críocha Airteagal 4 de Rialachán CFRE, Airteagal 4 agus Airteagal 16 go hAirteagal 23 de Rialachán CSE, Airteagal 3(3) de Rialachán CCE, agus Airteagal 15i go hAirteagal 15yiii de Rialachán CSE, measfar an réigiún is forimeallaí de Mayotte a bheith ina réigiún leibhéal NUTS 2 a thagann faoi chatagóir réigiúin bheagfhorbartha. Chun críocha Airteagal 3(1) agus (2) de Rialachán CCE, measfar Mayotte agus Saint Martin a bheith ina réigiúin leibhéal NUTS 3.

Airteagal 93

Neamh-inaistritheacht acmhainní idir catagóirí réigiún

1.   Ní bheidh na leithreasuithe iomlána arna leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha inaistrithe idir na catagóirí réigiún sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cur chun feidhme cuspóra théamaigh amháin nó níos mó, glacadh le togra ó Bhallstát agus an Comhaontú Comhpháirtíochta á chur isteach den chéad uair aige nó in imthosca a bhfuil údar cuí leo tráth leithdháilte an chúlchiste feidhmíochta, nó i athbhreithniú mór ar an gComhaontú Comhpháirtíochta chun suas le 3 % den leithreasú iomlán le haghaidh catagóire réigiún a aistriú go dtí catagóirí réigiún eile.

Airteagal 94

Neamh-aistritheacht acmhainní idir spriocanna

1.   Ní bheidh iomlán na leithreasuithe arna leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh inaistrithe idir na spriocanna sin

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún chun rannchuidiú éifeachtach na gCistí leis na misin dá dtagraítear in Airteagal 89(1), in imthosca a bhfuil údar cuí leo, agus faoi réir an choinníll a leagtar síos i mír 3, glacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, le togra ó Bhallstát agus an Conradh Comhpháirtíochta á thíolacadh den chéad uair aige cuid dá leithreasuithe le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a aistriú chuig sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

3.   Maidir le cuid sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh sa Bhallstát a mbeidh an togra á dhéanamh aige dá dtagraítear i mír 2, ní lú í ná 35 % den iomlán a bheidh leithdháilte ar an mBallstát sin maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, agus ní lú ná 25 % den iomlán í tar éis an t-aistriú a bheith déanta.

Airteagal 95

Breisíocht

1.   Chun críocha an Airteagail seo agus Iarscríbhinn X, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'ollfhoirmiú caipitil sheasta' na sócmhainní seasta uile, lúide diúscairtí, arna bhfáil ag na táirgeoirí cónaitheacha mar éadálacha le linn tréimhse áirithe móide breiseanna áirithe ar luach sócmhainní neamhtháirgthe arna réadú trí ghníomhaíocht táirgthe táirgeora nó trí ghníomhaíocht táirgthe aonad institiúideach, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle (36);

(2)

ciallaíonn 'sócmhainní seasta' gach sócmhainn inláimhsithe nó doláimhsithe arna táirgeadh mar aschur ó phróisis táirgthe agus a úsáidtear arís agus arís eile, nó ar bhonn leanúnach, i bpróisis táirgthe ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin;

(3)

ciallaíonn 'rialtas ginearálta' iomlán na n-aonad institiúideach a tháirgeann seirbhísí neamh-mhargaidh den chuid is mó (b'fhéidir earraí) lena dtomhailt ar bhonn aonair nó comhchoiteann agus a athdháileann ioncam agus rachmas anuas ar a bhfreagrachtaí polaitiúla agus a ról maidir le rialú eacnamaíoch a chomhlíonadh;

(4)

ciallaíonn 'caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach' ollfhoirmiú caipitil sheasta an rialtais ghinearálta.

2.   Ní ghabhfaidh tacaíocht ó na Cistí a thugtar do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ionad an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh ag Ballstát.

3.   Déanfaidh Ballstáit leibhéal de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chothabháil ar feadh na tréimhse 2014-2020 ar an meán in aghaidh na bliana a bheidh cothrom ar a laghad leis an leibhéal tagartha arna shocrú sa Chomhaontú Comhpháirtíochta.

Agus an leibhéal tagartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á shocrú, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na dálaí maicreacnamaíocha ginearálta mar aon le himthosca sonracha nó eisceachtúla a chur san áireamh, amhail príobháidithe, leibhéal eisceachtúil de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát i gclárthréimhse 2007-2013 agus forbairt ar tháscairí infheistíochta poiblí eile. Ina theannta sin, déanfaidh siad athruithe sna leithdháiltí náisiúnta ó na Cistí a chur san áireamh, i gcomparáid leis na blianta 2007-2013.

4.   Ní dhéanfar fíorú i dtaobh an ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil ar feadh na tréimhse ach amháin sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha 15 % ar a laghad den daonra iomlán.

Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha 65 % ar a laghad den daonra.

Déanfar an fíorú ar an leibhéal réigiúnach sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha níos mó ná 15 % agus níos lú ná 65 % den daonra iomlán. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit sin faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an gcaiteachas sna réigiúin bheagfhorbartha ag gach céim den phróiseas fíorúcháin.

5.   Déanfar an fíorú i dtaobh an ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil an tráth a chuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta isteach ("fíorú ex ante"), in 2018 ("fíorú meántéarma"), agus in 2022 ("fíorú ex post").

Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le fíorú na breisíochta leagtha amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn X.

6.   Má shuíonn an Coimisiún i bhfíorú ex post nach ndearna Ballstát an leibhéal tagartha de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post arna leagan amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus faoi mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn X a chothabháil, féadfaidh an Coimisiún, maidir le méid na neamhchomhlíonachta, ceartú airgeadais a dhéanamh trí chinneadh a ghlacadh trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. Agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart ceartú airgeadais a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ar athraigh staid eacnamaíoch an Bhallstáit go suntasach i ndiaidh an fhíoraithe mheántéarma. Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le rátaí ceartaithe airgeadais leagtha amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 6 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

TEIDEAL II

CLÁREAGRÚ

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí

Airteagal 96

Inneachar, glacadh agus leasú clár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.   Is aiseanna tosaíochta atá i gclár oibríochtúil. Bainfidh ais tosaíochta le haon Chiste amháin agus le haon chatagóir réigiún amháin, seachas i gcás an Chiste Chomhtháthaithe agus comhfhreagróidh sí, gan dochar d'Airteagal 59, do chuspóir téamach agus beidh tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid an chuspóra théamaigh sin inti, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. I gcás inarb iomchuí agus chun a tionchar agus a héifeachtúlacht a mhéadú trí chur chuige comhtháite atá comhleanúnach go téamach, féadfaidh ais tosaíochta:

(a)

a bheith bainteach le níos mó ná catagóir réigiúin amháin;

(b)

ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí comhlántacha infheistíochta de chuid CFRE, de chuid an Chiste Chomhtháthaithe agus de chuid CSE a chomhcheangal faoi chuspóir téamach amháin;

(c)

i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tosaíocht infheistíochta chomhlántach amháin nó níos mó as na cuspóirí téamacha éagsúla a chomhcheangal chun rannchuidiú uasta leis an ais tosaíochta sin a bhaint amach;

(d)

i gcás CSE tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha éagsúla a leagtar amach i bpointí (8), (9), (10) agus (11) den chéad mhír d'Airteagal 9 a chomhcheangal chun gur fusa dóibh rannchuidiú le haiseanna tosaíochta eile agus d'fhonn nuálaíocht shóisialta agus thrasnáisiúnta a chur chun feidhme.

Féadfaidh Ballstáit aon dhá cheann nó níos mó de phointe (a) go pointe (d) a chomhcheangal.

2.   Rannchuideoidh clár oibríochtúil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach agus leagfar amach sa chlár:

(a)

dlisteanú ar rogha na gcuspóirí téamacha, ar rogha na dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha, agus ar rogha na leithdháiltí airgeadais, ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta, bunaithe ar riachtanais réigiúnacha, agus, i gcás inarb iomchuí, ar riachtanais ar an leibhéal náisiúnta a shainaithint lena n-áirítear an gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus leis na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE agus an mheastóireacht ex ante i gcomhréir le hAirteagal 55 á cur san áireamh.

(b)

maidir le gach ais tosaíochta seachas cúnamh teicniúil:

(i)

na tosaíochtaí infheistíochta agus na sainchuspóirí comhfhreagracha;

(ii)

chun neart a chur le treoshuíomh thorthaí an chláreagraithe, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ó na sainchuspóirí agus na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí a bhfuil luach bonnlíne agus luach sprice acu agus i gcás inarb iomchuí iad cainníochtaithe, i gcás inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha;

(iii)

tuairisc ar chineál agus ar shamplaí gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu faoi gach tosaíocht infheistíochta agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (i), lena n-áirítear na prionsabail atá mar threoraíocht agus oibríochtaí á roghnú agus, i gcás inarb iomchuí, na spriocghrúpaí príomha, críocha sonracha ar díríodh orthu, cineálacha na dtairbhithe, úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais agus mórthionscadal a shainaithint;

(iv)

na táscairí aschuir, lena n-áirítear an luach sprice cainníochtaithe, a mheastar a chuirfidh leis na torthaí, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha, i gcomhair gach tosaíochta infheistíochta;

(v)

céimeanna cur chun feidhme agus táscairí airgeadais agus aschuir, agus i gcás inarb iomchuí, táscairí toraidh, a shainaithint le bheith ina ngarspriocanna agus ina spriocanna don chreat feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 21(1) agus le hIarscríbhinn II;

(vi)

na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a ghlacfaidh an Coimisiún agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá cláraithe;

(vii)

i gcás inarb iomchuí, achoimre ar úsáid bheartaithe cúnaimh theicniúil lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, gníomhaíochtaí chun acmhainn riaracháin na n-údarás a bhfuil baint acu le bainistiú agus le rialú na gclár agus na dtairbhithe a atreisiú;

(c)

maidir le gach ais tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil:

(i)

sainchuspóirí:

(ii)

na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ó gach sainchuspóir agus, i gcás ina mbeidh údar maith oibiachtúil leo ag féachaint d'ábhar na ngníomhaíochtaí, na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí, le luach bonnlíne agus luach sprice, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha;

(iii)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (i);

(iv)

na táscairí aschuir a mheastar a rannchuideoidh leis na torthaí;

(v)

na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún,agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá cláraithe.

Ní bheidh feidhm ag pointe (ii) sa chás nach sáróidh rannchuidiú an Aontais chuig an ais tosaíochta nó chuig na haiseanna tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil i gclár oibríochtúil EUR 15 000 000.

(d)

plean maoinithe ina mbeidh na táblaí seo a leanas:

(i)

táblaí ina saineofar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir le hAirteagal 60, Airteagal 120 agus le hAirteagal 121, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó gach Ciste ar leith, ina sainaithneofar na méideanna a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta;

(ii)

táblaí ina saineofar, le haghaidh na clárthréimhse ar fad, maidir leis an gclár oibríochtúil agus maidir le gach ais tosaíochta, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó gach ceann de na Cistí agus ón gcómhaoiniú náisiúnta, ina sainaithneofar na méideanna a bhaineann leis an gcúlchiste feidhmíochta. I gcás na n-aiseanna tosaíochta a bhaineann le roinnt catagóirí réigiún, saineofar sna táblaí méid an leithreasaithe airgeadais iomláin ó na Cistí agus an cómhaoiniú náisiúnta le haghaidh gach catagóire réigiún.

Maidir le haiseanna tosaíochta lena gcomhcheanglaítear tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha difriúla, saineofar sa tábla méid an leithreasaithe airgeadais iomláin ó gach ceann de na Cistí agus an cómhaoiniú náisiúnta le haghaidh gach ceann de na cuspóirí téamacha comhfhreagracha.

Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú táscach sa tábla idir na comhpháirteanna poiblí agus na comhpháirteanna príobháideacha. Déanfar an rannpháirtíocht atá beartaithe ó BEI a léiriú ann chun críocha faisnéise;

(e)

liosta de na mórthionscadail a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme le linn na clárthréimhse.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an ainmníocht dá dtagraítear i bpointe (b)(vi) agus i bpointe (c)(v) den chéad fhomhír. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

3.   Agus a inneachar agus cuspóirí á gcur san áireamh, déanfar tuairisc i gclár oibríochtúil ar an gcur chuige comhtháite i ndáil le forbairt críche, ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta, agus an tslí ina gcuireann an clár oibríochtúil sin le baint amach a chuspóirí agus a thorthaí a bhfuiltear ag súil leo á léiriú, agus an méid seo a leanas á shonrú, i gcás inarb iomchuí:

(a)

an cur chuige i leith ionstraimí maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a úsáid agus na prionsabail chun na limistéir ina gcuirfear chun feidhme í a shainaithint;

(b)

méid táscach na tacaíochta ó CFRE do ghníomhaíochtaí comhtháite ar mhaithe leis an bhforbairt uirbeach inbhuananaithe, atá le cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán EFRD agus leithdháileadh táscach thacaíocht CSE do ghníomhaíochtaí comhtháite;

(c)

an cur chuige i leith úsáid ionstraim ICC i gcásanna seachas cásanna a chlúdaítear le pointe (b), agus an leithdháileadh airgeadais táscach a bheadh ag gabháil dóibh ó gach ais tosaíochta;

(d)

na socruithe maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta, laistigh de na cláir oibríochtúla, le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad;

(e)

i gcás ina mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha nó i straitéisí imchuach farraige, rannchuidiú na n-idirghabhálacha beartaithe faoin gclár chuig straitéisí den sórt sin, faoi réir riachtanais limistéar an chláir de réir mar atá sé sainaitheanta ag an mBallstát.

4.   Ina theannta sin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú sa chlár oibríochtúil:

(a)

i gcás inarb iomchuí, a shainaithint an dtugtar, nó conas a thugtar, aghaidh ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó ar na spriocghrúpaí a mbaineann an baol is mó maidir le hidirdhealú nó maidir le heisiamh sóisialta leo, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe agus ar dhaoine faoi mhíchumas, agus, i gcás inarb ábhartha, a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige comhtháite a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta;

(b)

i gcás inarb iomchuí, a shainaithint an dtugtar, nó conas a thugtar, aghaidh ar dhúshláin dhéimeagrafacha réigiún nó ar riachtanais shonracha limistéar a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, amhail dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE agus a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige comhtháite a leagtar amach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta chuige sin.

5.   Leis an gclár comhair, déanfar an méid seo a leanas a shainaithint:

(a)

an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin, i gcás inarb iomchuí, agus an t-údarás iniúchóireachta;

(b)

an comhlacht lena bhfuil íocaíochtaí le déanamh ag an gCoimisiún;

(c)

na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5 a tharraingt isteach in ullmhú an chláir oibríochtúil, agus ról na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

6.   Leagfar amach an méid seo a leanas freisin sa chlár oibríochtúil, ag féachaint d'inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus creat institiúideach agus dlí na mBallstat á chur san áireamh:

(a)

na sásraí lena n-áirithítear comhordú idir na Cistí, CETFT, CEMI agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus na forálacha ábhartha a leagtar síos in CS á gcur san áireamh ag BEI.

(b)

maidir le gach coinníollacht ex ante, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hIarscríbhinn XI, atá infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil, measúnú i dtaobh an mbeidh an choinníollacht ex ante comhlíonta ar an dáta a chuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár oibríochtúil isteach, agus i gcás nach mbeidh na coinníollachtaí ex ante comhlíonta tuairisc ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex ante a chomhlíonadh, na comhlachtaí atá freagrach agus tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin i gcás inarb infheidhme i gcomhréir leis an achoimre a bheidh curtha isteach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta;

(c)

achoimre den mheasúnú ar an ualach riaracháin le haghaidh tairbhithe agus, i gcás inar gá sin, na gníomhaíochtaí arna mbeartú, a mbeidh creat ama táscach ag gabháil leo, chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

7.   Gach clár oibríochtúil, ach amháin na cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár oibríochtúil sonrach, áireofar leis tuairisc ar an méid seo a leanas, faoi réir mheasúnú cuí-réasúnaithe an Bhallstáit ar a ábhartha atá siad d'ábhar agus do chuspóirí na gclár:

(a)

na gníomhaíochtaí sonracha trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosanta comhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistíocht an athraithe aeráide;

(b)

na gníomhaíochtaí sonracha chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú ar bith bunaithe ar inscne, ar chine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc agus an clár oibríochtúil á ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain ar chistiú ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol idirdhealú den chineál sin agus go háirithe na ceanglais chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(c)

an méid a rannchuidíonn an clár oibríochtúil le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, i gcás inarb iomchuí, ar na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir oibríochtúil agus ar leibhéal na hoibríochta.

Féadfaidh na Ballstáit tuairim ó na comhlachtaí comhionannais náisiúnta maidir leis na bearta arna leagan amach i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír a chur isteach in éineacht leis an togra le haghaidh cláir oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

8.   I gcás ina n-ullmhaíonn Ballstát clár oibríochtúil amháin ar a mhéad do gach Ciste, ní fhéadfar na gnéithe den chlár oibríochtúil a thagann faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi phointe (a), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) de mhír 3, faoi mhír 4 agus faoi mhír 6 a ionchorprú ach amháin faoi fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta.

9.   Ullmhófar an clár oibríochtúil i gcomhréir le samhail. Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an tsamhail sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

10.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe uile an chláir oibríochtúil (lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo) a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointe (b)(vi), faoi phointe (c)(v) agus faoi phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhír 4 agus faoi mhír 5, faoi phointe (a) agus faoi phointe (c) de mhír 6 agus faoi mhír 7, arb iad na Ballstáit a bheidh freagrach astu i gcónaí.

11.   Cuirfidh an t-údarás bainistíochta aon chinneadh lena leasófar gnéithe den chlár oibríochtúil nach gcumhdófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 10, in iúl don Choimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh leasaithigh sin. Sonrófar sa chinneadh leasaitheach an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta sin níos túisce ná an dáta a nglacfar an cinneadh.

Airteagal 97

Forálacha sonracha maidir le cláreagrú na tacaíochta do na hionstraimí comhpháirteacha i leith ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte agus urrúsú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

I gcomhréir le hAirteagal 28, ní áireofar sna cláir oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4) ach amháin na gnéithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i), (ii) agus (iv) den chéad fhomhír d'Airteagal 96(2), i bpointe (d) d'Airteagal 96(2), in Airteagal 96(5) agus i bpointe (b) d'Airteagal 96(6).

Airteagal 98

Tacaíocht chomhpháirteach ó na Cistí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.   Féadfaidh na Cistí tacaíocht a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, do chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

2.   Maidir le cuid d'oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe do thacaíocht ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh CFRE agus CSE í a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 10 % de chistiú ón Aontas maidir le gach ais tosaíochta de chlár oibríochtúil, ar choinníoll go bhfuil costais den sórt sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme go sásúil agus go bhfuil baint dhíreach acu léi.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 nó ag mír 2 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

Airteagal 99

Raon feidhme geografach na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt idir an Coimisiún agus an Ballstát, déanfar cláir oibríochtúla maidir le CFRE agus le CSE a tharraingt suas ar an leibhéal geografach iomchuí agus ar leibhéal NUTS 2 ar a laghad, i gcomhréir le creat institiúideach agus dlí an Bhallstáit.

Déanfar cláir oibríochtúla a bhfuil tacaíocht acu ón gCiste Comhtháthaithe a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta.

CAIBIDIL II

Mórthionscadail

Airteagal 100

Ábhar

Mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla, atá faoi réir cinnidh ón gCoimisiún faoi Airteagal 96(10) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 8(12) de Rialachán CCE, féadfar tacaíocht a fháil ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe i leith oibríochta lena chuimsítear sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí a bhfuil sé i gceist léi cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go soiléir agus ar mó a chostas iomlán incháilithe ná EUR 50 000 000 agus i gcás oibríochtaí a chuireann leis an gcuspóir téamach faoi phointe (7) den chéad mhír d'Airteagal 9 i gcás gur mó a gcostas iomlán incháilithe ná EUR 75 000 000 (an 'mórthionscadal'). Ní mheasfar gur mórthionscadail iad ionstraimí airgeadais.

Airteagal 101

An fhaisnéis a bhfuil gá léi le go ndéanfar mórthionscadail a fhormheas

Sula ndéanfar mórthionscadal a fhormheas, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a)

na sonraí a bhaineann leis an gcomhlacht a bheidh freagrach as cur chun feidhme an mhórthionscadail, agus a acmhainní;

(b)

tuairisc ar an infheistíocht agus ar a suíomh;

(c)

an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán, ag féachaint do cheanglais Airteagal 61;

(d)

na staidéir indéantachta a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar na roghanna, agus na torthaí;

(e)

anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear anailís eacnamaíoch agus airgeadais, agus measúnú riosca;

(f)

anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus riachtanais maidir le maolú um athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus athléimneacht ó thubaistí, á gcur san áireamh;

(g)

míniú maidir leis an tslí ina bhfuil an mórthionscadal comhsheasmhach leis na haiseanna tosaíochta ábhartha an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil, agus a mhéid a mheastar a chuirfidh sin le gnóthú shainchuspóirí na n-aiseanna tosaíochta sin agus an rannchuidiú ionchasach don fhorbairt shocheacnamaíoch;

(h)

an plean maoinithe ina léirítear na hacmhainní airgeadais iomlána atá beartaithe agus an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí, ó BEI, agus ó gach foinse maoinithe eile, mar aon le táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus na rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh;

(i)

an tráthchlár do chur chun feidhme an mhórthionscadail agus, i gcás ina meastar go mbeidh an tréimhse cur chun feidhme níos faide ná an chlárthréimhse, na céimeanna a n-iarrtar tacaíocht ó na Cistí ina leith i rith na clárthréimhse.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an mhodheolaíocht atá le húsáid bunaithe ar na cleachtais aitheanta is fearr chun an anailís chostais is tairbhe dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír a dhéanamh, Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha a mbeidh tacaíocht theicniúil ón gCoimisiún acu measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis i bpointí (a) go (i) den chéad mhír, nó i gcomhaontú leis an gCoimisiún, saineolaithe neamhspleácha eile ("an t-athbhreithniú ar cháilíocht"). I gcásanna eile, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (a) go (i) den chéad mhír faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe a bheidh sí ar fáil.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos an mhodheolaíocht a bheidh le húsáid chun an t-athbhreithniú a dhéanamh ar cháilíocht mórthionscadail.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an leagan amach le haghaidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a) go (i) den chéad mhír a chur faoina bhráid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 102

Cinneadh maidir le mórthionscadal

1.   I gcás ina dtugann na saineolaithe neamhspleácha a rinne athbhreithniú cáilíochta ar mhórthionscadal, ar bhonn a measúnaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 101, breithmheas dearfach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta dul ar aghaidh leis an mórthionscadal a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 125(3). Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoin mórthionscadal a roghnófar. Beidh na gnéithe seo a leanas san fhógra sin:

(a)

an doiciméad dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 125(3) ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i)

an comhlacht a bheidh freagrach as an mórthionscadal a chur chun feidhme;

(ii)

tuairisc ar an infheistíocht, ar a suíomh, ar an gclár ama agus ar an méid a mheastar a chuirfidh an mórthionscadal le sainchuspóirí na haise nó na n-aiseanna tosaíochta ábhartha;

(iii)

an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 61 á gcur san áireamh;

(iv)

an plean maoinithe agus na táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, agus na rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh;

(b)

an t-athbhreithniú ar cháilíocht arna dhéanamh ag na saineolaithe neamhspleácha, lena gcuirtear ráitis shoiléire ar fáil maidir le féidearthacht na hinfheistíochta agus le hinmharthanacht eacnamaíoch an mhórthionscadail.

Measfar go mbeidh an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal a roghnóidh an Ballstát formheasta ag an gCoimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, mura ndéanfar cinneadh diúltú don mhórthionscadal laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ní dhiúltóidh an Coimisiún do ranníocaíocht airgeadais ach amháin má tá laige shuntasach suite aige maidir leis an athbhreithniú neamhspleách ar cháilíocht.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an leagan amach le haghaidh an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

2.   I gcásanna eile seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an mórthionscadal ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 101 d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 125(3), an bhfuil údar maith ag an ranníocaíocht airgeadais iarrtha don mhórthionscadal a bheidh roghnaithe ag an údarás bainistíochta. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal roghnaithe a fhormheas, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a gcuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 101.

3.   Beidh an formheas a dhéanfaidh an Coimisiún faoin dara fomhír de mhír (1) agus faoi mhír (2) coinníollach ar an gcéad chonradh oibreacha a bheith tugtha i gcrích, nó, i gcás oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi struchtúir chomhpháirtíochta príobháidí poiblí (CPP), ar shíniú an chomhaontaithe CPP idir an comhlacht poiblí agus an comhlacht san earnáil phríobháideach laistigh de thrí bliana ó dháta an fhormheasa. Arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe don Bhallstát, go háirithe i gcás moilleanna a eascraíonn as imeachtaí riaracháin agus dlíthiúla a bhaineann le cur chun feidhme mórthionscadal, agus ar an iarratas sin a chur isteach laistigh de thréimhse trí bliana, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, maidir le síneadh nach faide ná dhá bhliain a chur leis an tréimhse.

4.   I gcás nach bhformheasfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal roghnaithe, cuirfidh sé na cúiseanna leis an diúltú in iúl sa chinneadh a thugann sé.

5.   Áireofar ar liosta na mórthionscadal a bheidh i gclár oibríochtúil na mórthionscadail a mbeidh fógra curtha chuig an gCoimisiún fúthu faoi mhír 1 nó na mórthionscadail a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh a bhformheasa faoi mhír 2.

6.   Féadfar caiteachas a bhaineann le mórthionscadal a áireamh in iarraidh ar íocaíocht tar éis chur isteach an fhógra dá dtagraítear i mír 1 nó tar éis chur isteach na haighneachta um fhormheas dá dtagraítear i mír 2. Sa chás nach bhformheasann an Coimisiún an mórthionscadal a roghnóidh an t-údarás bainistíochta, déanfar an dearbhú caiteachais a cheartú dá réir tar éis chinneadh an Choimisiúin a ghlacadh.

Airteagal 103

Cinneadh maidir le mórthionscadal atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe

1.   De mhaolú ar an tríú fomhír d'Airteagal 101(1) agus Airteagal 102, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo maidir le hoibríocht lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é atá i gceist leis an oibríocht an dara céim de mhórthionscadal nó an chéim ina dhiaidh sin faoin gclárthréimhse roimhe sin ar údaraíodh an chéim nó na céimeanna roimhe sin ina leith ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015 de bhun Rialacháin (CE) Uimh 1083/2006; nó i gcás Ballstát a d'aontaigh don Aontas tar éis an 1 Eanáir 2013, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016;

(b)

is mó suim na gcostas iomlán i dtaca le céimeanna uile an mhórthionscadail ná na leibhéil faoi seach a leagtar amach in Airteagal 100;

(c)

cumhdaíodh na céimeanna beartaithe go léir san iarratas mórthionscadail agus sa mheasúnú a rinne an Coimisiún faoin gclárthréimhse roimhe seo;

(d)

níl aon athruithe substaintiúla san fhianaise dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 101 den Rialachán seo le haghaidh an mhórthionscadail i gcomparáid leis an bhfianaise a thugtar le haghaidh an iarratais mhórthionscadail a cuireadh isteach faoi Rialachán (EC) Uimh 1083/2006, go háirithe maidir leis an gcostas inhcáilithe iomlán.

(e)

tá nó beidh an chéim den mhórthionscadal a chuirfear chun feidhme faoin gclárthréimhse roimhe seo ullamh le húsáid chun na gcríoch a ceapadh dó mar a shonraítear sa chinneadh ón gCoimisiún faoin spriocdháta atá socraithe leis na doiciméid i leith dúnadh a thíolacadh le haghaidh an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil lena mbaineann.

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta dul ar aghaidh agus an mórthionscadal a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 125(3) agus an fógra a thíolacadh ina bhfuil na heilimintí go léir a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 102(1) in éineacht lena dheimhniú go gcomhlíontar an coinníoll faoi phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo. Ní éileofar aon athbhreithniú cáilíochta ar an bhfianaise ó shaineolaithe neamhspleácha.

3.   Measfar go mbeidh an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal a roghnóidh an t-údarás bainistíochta formheasta ag an gCoimisiún, mura ndéanfar cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, diúltú don mhórthionscadal laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 2. Diúltóidh an Coimisiún don ranníocaíocht airgeadais ar an mbonn amháin go bhfuil athruithe substaintiúla san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 nó ar an mbonn nach bhfuil an mórthionscadal ag teacht leis an ais tosaíochta ábhartha den chlár oibríochtúil nó de na cláir oibríochtúla lena mbaineann.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 102(3) go (6) maidir le cinntí maidir le mórthionscadal atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe.

CAIBIDIL III

Comhphlean gníomhaíochta

Airteagal 104

Raon feidhme

1.   Is éard is comhphlean gníomhaíochta ann oibríocht ar sainithe agus ar bainistithe a raon feidhme i ndáil leis an aschur agus na torthaí atá le baint amach. Tá tionscadal nó grúpa tionscadal ann, nach mbaineann le bonneagar a sholáthar, agus cuirtear i gcrích iad faoi fhreagracht an tairbhí, mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla. Déanfaidh Ballstát agus an Coimisiún aschur agus torthaí comhphlean gníomhaíochta a chomhaontú agus rannchuideoidh siad chun sainchuspóirí na gclár oibríochtúil a bhaint amach agus beidh siad mar bhonn leis an tacaíocht ó na Cistí. Déanfar tagairt d'éifeachtaí díreacha an chomhphlean gníomhaíochta sna torthaí. Beidh tairbhí an chomhphlean gníomhaíochta ina chomhlacht dlí phoiblí. Ní mheasfar gur mórthionscadail iad comhphleananna gníomhaíochta.

2.   Beidh EUR 10 000 000 ar a laghad sa chaiteachas poiblí arna leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta nó 20 % de thacaíocht phoiblí an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochtúil, cibé acu is lú. Chun críche treoirthionscadal a ghabháil ar láimh, féadfar an t-íoschaiteachas poiblí a leithdháilfear ar chomhphlean gníomhaíochta amháin do gach clár oibríochtúil a laghdú go dtí EUR 5 000 000.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi TFAO.

Airteagal 105

Comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú

1.   Féadfaidh an Ballstát, an t-údarás bainistíochta nó comhlacht dlí phoiblí ainmnithe ar bith togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a chur isteach an tráth céanna a chuirtear na cláir oibríochtúla lena mbaineann isteach nó ina dhiaidh sin. Beidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear in Airteagal 106 ar áireamh sa togra sin.

2.   Cumhdóidh plean gníomhaíochta compháirtí cuid den tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2023. Ní bhfaighfear aisíocaíocht de thoradh aschuir agus torthaí comhphlean gníomhaíochta ach amháin má bhaintear amach iad tar éis dháta an chinnidh formheasa maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 107 agus roimh dheireadh na tréimhse cur chun feidhme a shainítear sa chinneadh sin.

Airteagal 106

Inneachar comhphleananna gníomhaíochta

Beidh an méid seo a leanas i gcomhphlean gníomhaíochta:

(1)

anailís ar riachtanais forbartha agus ar chuspóirí lena dtugtar údar maith leis, agus cuirfear san áireamh cuspóirí na gclár oibríochtúil agus, i gcás inarb iomchuí, na moltaí tír-shonracha ábhartha agus mhórthreoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais faoi Airteagal 121(2) CFAE agus moltaí ábhartha na Comhairle a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta faoi Airteagal 148(4) CFAE;

(2)

an creat ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh idir cuspóirí ginearálta agus sainchuspóirí an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna maidir le haschur agus torthaí, agus na tionscadail nó na cineálacha tionscadal atá beartaithe;

(3)

na táscairí coiteanna agus na táscairí sonracha arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar aschur agus ar thorthaí, i gcás inarb ábhartha, de réir aise tosaíochta;

(4)

faisnéis faoina chuimsiú geografach agus faoina spriocghrúpaí;

(5)

a thréimhse cur chun feidhme measta;

(6)

anailís ar a éifeachtaí ar chur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus ar chosc ar idirdhealú;

(7)

anailís ar a éifeachtaí ar chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe, i gcás inarb iomchuí;

(8)

a fhorálacha cur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

ainmniú an tairbhí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chomhphlean gníomhaíochta, agus ráthaíochtaí á thabhairt ar a inniúlacht sa réimse lena mbaineann chomh maith lena acmhainní riaracháin agus bainistíochta airgeadais;

(b)

na socruithe chun an comhphlean gníomhaíochta a stiúradh, i gcomhréir le hAirteagal 108;

(c)

na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta, lena n-áirítear socruithe lena ndeimhnítear cáilíocht, bailiú agus stóráil sonraí maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí a bhaint amach;

(d)

na socruithe lena n-áirithítear go scaipfear faisnéis agus ábhar cumarsáide maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta agus maidir leis na Cistí;

(9)

a shocruithe airgeadais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

na costais a bheidh i gceist chun garspriocanna, spriocanna aschuir agus torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2), bunaithe ar na modhanna a leagtar amach in Airteagal 67(5) den Rialachán seo agus in Airteagal 14 de Rialachán CSE;

(b)

sceideal táscach na n-íocaíochtaí leis an tairbhí atá nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna;

(c)

an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúil, aise tosaíochta, lena n-áirítear an méid iomlán incháilithe agus méid an chaiteachais phoiblí.

Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos formáid na samhla le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 107

Cinneadh maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta

1.   Tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an gcomhphlean gníomhaíochta ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 106 d'fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an tacaíocht ó na Cistí.

I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a bheith curtha isteach, nach gcomhlíonann sé riachtanais an bhreithmheasa dá dtagraítear in Airteagal 104, tabharfaidh sé barúlacha don Bhallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá arna hiarraidh ag an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an comhphlean gníomhaíochta dá réir sin.

2.   Ar choinníoll gur cuireadh aon bharúlacha san áireamh go leormhaith, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, lena formheasfar an comhphlean gníomhaíochta tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach, ach i ndiaidh na cláir oibríochtúla lena mbaineann a bheith glactha.

3.   Déanfar tairbhí agus cuspóirí ginearálta agus sainchuspóirí an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna aschuir agus torthaí, na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna, na haschuir agus na spriocanna torthaí sin a bhaint amach, agus an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúil agus aise tosaíochta, lena n-áirítear an méid iomlán incháilithe agus méid chaiteachas an phobail, tréimhse cur chun feidhme an chomhphlean gníomhaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, cuimsiú geografach agus spriocghrúpaí an chomhphlean gníomhaíochta, a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2.

4.   I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, tacaíocht ó na Cistí a cheadú le leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse atá leagtha síos i mír 2.

Airteagal 108

Coiste stiúrtha agus leasú ar an gcomhphlean gníomhaíochta

1.   Bunóidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta coiste stiúrtha le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta, a bheidh ina choiste ar leithligh ó choiste faireacháin na gclár oibríochtúil. Tiocfaidh an coiste stiúrtha le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus déanfaidh sé tuarascáil don údarás bainistíochta. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an Coiste Faireacháin ábhartha ar an eolas maidir le torthaí a rinne an Coiste Stiúrtha agus maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur i bhfeidhm an chomhphlean gníomhaíochta i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 110(1) agus le pointe (a) d'Airteagal 125(2).

Socróidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste stiúrtha i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta ábhartha agus tabharfar aird ar phrionsabal na comhpháirtíochta.

Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh, i gcáil comhairleora, in obair an choiste stiúrtha.

2.   Déanfaidh an coiste stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí an chomhphlean gníomhaíochta a bhaint amach;

(b)

togra ar bith chun leasú a dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta a mheas agus, i gcás inarb iomchuí, a fhormheas d'fhonn aon saincheisteanna a dhéanfaidh difear dá fheidhmíocht a chur san áireamh.

3.   Déanfar iarrataí ar chomhphleananna gníomhaíochta a leasú, arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag Ballstát, a chuí-réasúnú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil údar maith leis an iarraidh ar leasú, agus cuirfidh sé an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, maidir le hiarraidh ar leasú tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh don Bhallstát í a chur faoina bhráid, ar choinníoll go mbeidh aon bharúlacha a bheidh tugtha ag an gCoimisiún curtha san áireamh go cuí. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ó dháta an chinnidh, mura bhfuil a mhalairt leagtha amach sa chinneadh.

Airteagal 109

Bainistíocht airgeadais agus rialú an chomhphlean gníomhaíochta

1.   Déanfar íocaíochtaí le tairbhí comhphlean gníomhaíochta a láimhseáil mar chnapshuimeanna nó mar scálaí caighdeánacha de chostais aonaid. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn le haghaidh cnapshuimeanna atá leagtha amach i bpointe (c) d'Airteagal 67(1).

2.   Beidh bainistíocht airgeadais, rialú agus iniúchadh an chomhphlean gníomhaíochta dírithe go heisiach ar fhíorú a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí atá sainithe sa chinneadh lena bhformheastar an comhphlean gníomhaíochta comhlíonta.

3.   Féadfaidh tairbhí an chomhphlean gníomhaíochta agus na comhlachtaí atá faoina fhreagracht a gcleachtais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm maidir le costais na n-oibríochtaí cur chun feidhme. Ní bheidh na cleachtais chuntasaíochta sin ná na costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí faoi réir a n-inúchta ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.

TEIDEAL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

CAIBIDIL I

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 110

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.   Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe:

(a)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d'fheidhmíocht an chláir oibríochtúil;

(b)

an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí a chur chun feidhme;

(c)

cur chun feidhme na straitéise cumarsáide;

(d)

cur chun feidhme mórthionscadal;

(e)

cur chun feidhme comhphleananna gníomhaíochta;

(f)

gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná, comhdheiseanna, agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas;

(g)

gníomhaíochtaí chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(h)

i gcás na gcoinníollachtaí ex ante is infheidhme nach mbeidh comhlíonta ar an dáta a ndéanfar an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an clár oibríochtúil a thíolacadh, dul chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí chun na coinníollachtaí ex ante is infheidhme a chomhlíonadh.

(i)

ionstraimí airgeadais.

2.   De mhaolú ar Airteagal 49(3), déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú agus a fhormheas:

(a)

an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú;

(b)

na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme;

(c)

an plean meastóireachta don chlár oibríochtúil agus aon leasú ar an bplean sin, lena n-áirítear nuair is cuid de chomhphlean meastóireachta é aon cheann díobh de bhun Airteagal 114(1);

(d)

an straitéis cumarsáide le haghaidh an chláir oibríochtúil agus leasú ar bith ar an straitéis;

(e)

togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir le leasú ar bith ar an gclár oibríochtúil.

Airteagal 111

Tuarascálacha ar chur chun feidhme maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.   Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin dáta céanna de gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2023, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 50(1). Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an 31 Nollaig 2013, sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016.

2.   Maidir leis na tuarascálacha a dhéanfar a thíolacadh in 2017 agus in 2019, is é an 30 Meitheamh a bheidh mar an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Leagfar amach faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme:

(a)

cur chun feidhme an chláir oibríochtúil i gcomhréir le hAirteagal 50(2);

(b)

dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

4.   Sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, leagfar amach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 50(4) agus (5) faoi seach agus an fhaisnéis a leagtar amach i mír 3den Airteagal seo i dteannta na faisnéise seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta a chur chun feidhme agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí;

(b)

torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta maidir leis na Cistí a dtugtar fúthu faoin straitéis cumarsáide;

(c)

rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht an chláir oibríochtúil.

Féadfaidh na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, ag brath ar ábhar agus ar chuspóirí clár oibríochtúil, faisnéis a leagan amach agus measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena n-áirítear forbairt réigiún a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus ar bhaic bhuana nó nádúrtha, forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoin gclár oibríochtúil;

(b)

an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme d'fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus thairbhithe na mBallstát na Cistí a riar agus a úsáid;

(c)

an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta ar bith a chur chun feidhme;

(d)

i gcás inarb iomchuí, an rannchuidiú le straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha farraige;

(e)

na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc, go háirithe inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe arna gcur chun feidhme lena áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú sa chlár oibríochtúil agus in oibríochtaí;

(f)

gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 8;

(g)

an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na nuálaíochta sóisialta, i gcás inarb iomchuí;

(h)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a ndéanann an bhochtaineacht difear dóibh nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol bochtaineachta, idirdhealaithe nó eisiaimh shóisialta, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe agus ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na hacmhainní airgeadais a úsáidtear.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an tuarascáil ar dhul chun cinn, féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil níos mó ná clár oibríochtúil amháin acu in aghaidh an Chiste an fhaisnéis maidir leis na coinníolachtaí ex ante dá dtagraítear in Airteagal 50(3), an fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 50(4) agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo a áireamh sa tuarascáil ar dhul chun cinn in ionad na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019 faoi seach agus an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme faoi seach, gan dochar do phointe (b) d'Airteagal 110(2).

5.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na samhlacha do na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 112

Sonraí airgeadais a tharchur

1.   Faoin 31 Eanáir, faoin 31 Iúil agus faoin 31 Deireadh Fómhair, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún chun críocha faireacháin, le haghaidh gach cláir oibríochtúil agus de réir aise tosaíochta:

(a)

costas poiblí iomlán agus costas poiblí incháilithe na n-oibríochtaí agus líon na n-oibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíochta;

(b)

an caiteachas iomlán incháilithe arna dhearbhú ag tairbhithe don údarás bainistíochta.

2.   Ina theannta sin, beidh na sonraí thuasluaite, agus iad miondealaithe de réir catagóire idirghabhála, ar áireamh sa tarchur a dhéanfar faoin 31 Eanáir. Measfar go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le sonraí airgeadais a thíolacadh, dá dtagraítear in Airteagal 50(2), leis an tarchur sin.

3.   Beidh ag gabháil leis na tarchuir a dhéanfar faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil réamh-mheastachán ar an méid a mbeidh sé beartaithe ag Ballstáit iarratais ar íocaíocht a chur isteach ina leith, le haghaidh na bliana airgeadais reatha agus na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

4.   Is é deireadh na míosa roimh an mí ina gcuirtear isteach na sonraí an spriocdháta le haghaidh na sonraí arna gcur isteach faoin Airteagal seo.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid agus na sonraí airgeadais á gcur faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha faireacháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 113

Tuarascáil faoin gComhtháthú

Áireofar an méid seo a leanas i dtuarascáil an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 175 CFAE:

(a)

taifead ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n-áirítear an staid shocheacnamaíoch agus forbairt na réigiún, chomh maith le comhtháthú thosaíochtaí an Aontais;

(b)

taifead ar ról na gCistí, chistiú BEI agus na n-ionstraimí eile, mar aon leis an tionchar a bhí ag beartais eile an Aontais agus ag beartais náisiúnta eile, ar an dul chun cinn atá déanta.

(c)

i gcás inarb iomchuí tásc ar na bearta agus ar na beartais a bheidh ann amach anseo de chuid an Aontais a bheidh riachtanach chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, chomh maith le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach.

Airteagal 114

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta nó Ballstát plean meastóireachta a tharraingt suas le haghaidh cláir oibríochtúil amháin nó níos mó. Cuirfear an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis ghlacadh an chláir.

2.   Faoin 31 Nollaig 2022, cuirfidh na húdaráis bhainistíochta tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, le haghaidh gach cláir, agus tabharfar achoimre sa tuarascáil sin ar thorthaí na meastóireachtaí arna ndéanamh le linn na clárthréimhse, agus ina mbeidh príomhaschuir agus príomhthorthaí an chláir, ag tabhairt barúlacha ar an bhfaisnéis atá á tuairisciú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ex post i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir leis na cláir thiomnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 39(4).

CAIBIDIL II

Faisnéis agus cumarsáid

Airteagal 115

Faisnéis agus cumarsáid

1.   Beidh na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

straitéisí cumarsáide a tharraingt suas;

(b)

a áirithiú go mbunófar láithreán Gréasáin aonair nó tairseach suímh Ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar gach clár oibríochtúil sa Bhallstát sin, lena n-áirítear faisnéis faoi uainiú chur chun feidhme an chláreagraithe agus aon phróiseas gaolmhar comhairliúcháin phoiblí;

(c)

tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna cistithe faoi chláir oibríochtúla;

(d)

ról agus éachtaí an bheartais chomhtháthaithe agus na gCistí a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gComhaontuithe Comhpháirtíochta, na gclár oibríochtúil agus na n-oibríochtaí.

2.   D'fhonn trédhearcacht a áirithiú maidir le tacaíocht ó na Cistí, coinneoidh Ballstáit nó údaráis bhainistíochta liosta oibríochtaí de réir cláir oibríochtúla agus de réir Ciste, i bhformáid scarbhileoige sonraí, lena bhféadfar na sonraí a shortáil, a chuardach, a bhaint amach, a chur i gcomparáid agus a phoibliú go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML. Beifear in ann rochtain a fháil ar an liosta d'oibríochtaí tríd an suíomh gréasáin aonair nó trí thairseach an tsuímh ghréasáin aonair ar a dtabharfar liosta agus achoimre de na cláir oibríochtúla go léir sa Bhallstát sin.

D'fhonn an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta nó riarachán poiblí náisiúnta a spreagadh chun an liosta d'oibríochtaí a úsáid ina dhiaidh sin, féadfaidh an suíomh gréasáin na rialacha is infheidhme maidir le ceadúnú faoina bhfoilsítear na sonraí a léiriú.

Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta gach sé mhí ar a laghad.

Tá an fhaisnéis íosta atá le tabhairt sa liosta oibríochtaí leagtha síos in Iarscríbhinn XII.

3.   Tá rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta faisnéise agus cumarsáide don phobal agus maidir leis na bearta faisnéise d'iarratasóirí agus do thairbhithe leagtha síos in Iarscríbhinn XII.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na hoibríochta agus treoracha maidir leis an bhfeathal a chruthú agus sainiú ar na dathanna caighdeánacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 116

Straitéis cumarsáide

1   Déanfaidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta straitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar comhstraitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh roinnt clár oibríochtúil. Leis an straitéis cumarsáide cuirfear méid an chláir oibríochtúil lena mbaineann nó méid na gclár oibríochtúil lena mbaineann san áireamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Áireofar sa straitéis cumarsáide na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

2.   Cuirfear an straitéis cumarsáide faoi bhráid an choiste faireacháin lena formheas i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 110(2) tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis ghlacadh an chláir oibríochtúil lena mbaineann nó na gclár oibríochtúil lena mbaineann.

I gcás ina dtarraingeofar comhstraitéis cumarsáide suas le haghaidh roinnt clár oibríochtúil agus go mbainfidh sí le roinnt coistí faireacháin, féadfaidh an Ballstát coiste faireacháin amháin a ainmniú a mbeidh an fhreagracht uirthi, i gcomhairliúchán leis na coistí faireacháin ábhartha eile, an chomhstraitéis cumarsáide a fhormheas agus aon leasuithe a dhéanfar ar an straitéis sin ina dhiaidh sin a fhormheas.

I gcás inar gá, féadfaidh an Ballstát nó na húdaráis bhainistíochta leasú a dhéanamh ar an straitéis cumarsáide i rith na clárthréimhse. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an straitéis cumarsáide leasaithe faoi bhráid an choiste faireacháin le go bhformheasfar í i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 110(2).

3.   De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 2, déanfaidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 100(1), an coiste faireacháin atá freagrach nó na coistí faireacháin atá freagrach a chur ar an eolas uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na straitéise cumarsáide dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 110(1) agus faoina anailís ar na torthaí agus faoi na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bheartaítear a chur i gcrích an bhliain dar gcionn. Déanfaidh an coiste faireacháin, má mheasann sé gurb iomchuí é sin a dhéanamh, tuairim a thabhairt uaidh faoi na gníomhaíochtaí beartaithe don bhliain dar gcionn.

Airteagal 117

Oifigigh faisnéise agus chumarsáide agus a líonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát oifigeach faisnéise agus cumarsáide chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le Ciste amháin nó níos mó, lena n-áirítear cláir ábhartha faoi sprioc an chláir chríochaigh Eorpaigh, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

2.   Beidh an t-oifigeach faisnéise agus cumarsáide freagrach as an líonra náisiúnta de chumarsáidithe Cistí a chomhordú, más ann don líonra sin, cruthú agus cothabháil an láithreáin Ghréasáin nó na tairsí láithreáin Ghréasáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn XII agus as forbhreathnú a sholáthar ar na bearta cumarsáide a dhéanfar ar leibhéal an Bhallstáit.

3.   Ainmneoidh gach údarás bainistíochta duine amháin a bheidh freagrach as faisnéis agus cumarsáid ar leibhéal an chláir oibríochtúil agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na daoine ainmnithe sin. I gcás inarb iomchuí, féadfar duine amháin a ainmniú le haghaidh roinnt clár oibríochtúil éagsúil.

4.   Bunóidh an Coimisiún líonraí an Aontais ina mbeidh na comhaltaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun malartú faisnéise maidir le torthaí chur chun feidhme na straitéisí cumarsáide a áirithiú, mar aon leis an taithí a fuarthas agus na bearta faisnéise agus cumarsáide á gcur chun feidhme a roinnt ar a chéile, agus malartú dea-chleachtas.

TEIDEAL IV

CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 118

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin

Féadfaidh na Cistí, agus na hasbhaintí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 91(3) á gcur san áireamh acu, tacú le cúnamh teicniúil go dtí uasteorainn 0,35 % den leithdháileadh bliantúil a fhaigheann siad faoi seach.

Airteagal 119

Cúnamh teicniúil na mBallstát

1.   Beidh méid na gCistí arna leithdháileadh ar chúnamh teicniúil teoranta do 4 % de mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir réigiún, i gcás inarb infheidhme, faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

Féadfaidh Ballstát an leithdháileadh sonrach le haghaidh TFAO a chur san áireamh agus an teorainn ar mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh do chúnamh teicniúil an Bhallstáit á ríomh.

2.   Féadfaidh gach ceann de na Cistí oibríochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na Cistí eile a mhaoiniú. Gan dochar do mhír 1, ní bheidh an leithdháileadh le haghaidh cúnaimh theicniúil ó Chiste níos mó ná 10 % de leithdháileadh iomlán an Chiste sin ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir réigiún, i gcás inarb infheidhme, faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

3.   De mhaolú ar Airteagal 70(1) agus (2), féadfar oibríochtaí cúnaimh theicniúil a chur chun feidhme lasmuigh de limistéar an chláir, ach laistigh den Aontas, ar choinníoll gur chun leasa an chláir oibríochtúil na hoibríochtaí, nó i gcás cláir oibríochtúil cúnaimh theicniúil i gcomhair na gclár eile lena mbaineann.

4.   Maidir leis na Cistí Struchtúracha, i gcás ina n-úsáidtear na leithdháiltí dá dtagraítear i mír 1 chun tacú le hoibríochtaí cúnaimh theicniúil a bhaineann le níos mó ná catagóir amháin réigiúin, féadfar an caiteachas a bhaineann leis na hoibríochtaí a chur chun feidhme faoi ais tosaíochta a thugann le chéile catagóirí éagsúla réigiúin agus a bheith inchurtha ina leith ar bhonn pro rata agus an leithdháileadh faoi gach réigiún mar sciar de leithdháileadh iomlán don Bhallstát á chur san áireamh.

5.   De mhaolú ar mhír 1, sa chás nach mó ná EUR 1 000 000 000 méid iomlán na gCistí a leithdháiltear ar Bhallstát faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, féadfaidh méadú suas go dtí 6 % den mhéid iomlán sin nó EUR 50 000 000, cibé acu is ísle, teacht ar an méid a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil.

6.   Is i bhfoirm aise tosaíochta aonchiste laistigh de chlár oibríochtúil nó i bhfoirm cláir oibríochtúil shonraigh a bheidh an cúnamh teicniúil, nó iad araon.

TEIDEAL V

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ

Airteagal 120

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.   Socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí le haghaidh gach aise tosaíochta sa chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár oibríochtúil a ghlacadh. I gcás ina mbaineann ais tosaíochta le níos mó ná catagóir amháin réigiún nó le níos mó ná Ciste amháin, socrófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, i gcás inar gá sin, an ráta cómhaoinithe de réir catagóire réigiúin agus Ciste.

2.   I gcás gach aise tosaíochta, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh na haise tosaíochta i bhfeidhm maidir leo seo a leanas:

(a)

caiteachas iomlán incháilithe, lena n-áirítear caiteachas poiblí agus príobháideach; nó

(b)

caiteachas poiblí incháilithe.

3.   Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, de réir catagóire réigiúin agus Ciste, de chláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post níos airde ná:

(a)

85 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe;

(b)

85 % maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát a raibh a meán-OTI per capita sa tréimhse 2007 go 2009 níos ísle ná 85 % de mheán AE-27 le linn na tréimhse céanna agus maidir leis na réigiúin is forimeallaí lena n-áirítear an leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 92(1) agus le hAirteagal 4(2) de Rialachán CCE;

(c)

80 % maidir le réigiúin lagfhorbartha na mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b), agus maidir leis na réigiúin uile a raibh a OTI per capita úsáidte mar chritéar incháilitheacht do chlárthréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán AE-25 ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán-OTI AE-27, agus freisin maidir leis na réigiúin arna sainiú in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1083/2006 a fuair tacaíocht trasdula do chlárthréimhse 2007-2013;

(d)

60 % maidir le réigiúin trasdula seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d);

(e)

50 % maidir le réigiúin níos forbartha seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (c).

Le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 30 Meitheamh 2017, ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta i gcomhair na gclár oibríochtúil go léir sa Chipir níos airde ná 85 %.

Tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt a bheidh leis an ráta cómhaoinithe sin, dá dtagraítear sa dara fomhír, a choinneáil tar éis an 30 Meitheamh 2017 agus déanfaidh sé togra reachtach, más gá, roimh an 30 Meitheamh 2016.

Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh níos airde ná 85 %.

Déanfar an t-íosráta cómhaoinithe faoi phointí (b), (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír a mhéadú le haghaidh gach aise tosaíochta lena gcuirtear TFAO chun feidhme agus i gcás ina mbeidh ais tosaíochta tiomnaithe do nuálaíocht shóisialta nó do chomhar trasnáisiúnta, nó do theaglaim den dá cheann. Déanfar an méadú sin a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

4.   Maidir leis an ráta cómhaoinithe don leithdháileadh breise i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 84(1)(e), ní bheidh sé níos airde ná 50 % le haghaidh réigiúin leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bPrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.

5.   Déanfar an t-uasráta cómhaoinithe faoi mhír 3 ar leibhéal na haise tosaíochta a mhéadú faoi dheich bpointe céatadáin, i gcás ina ndéantar ais tosaíochta iomlán a sheachadadh trí ionstraimí airgeadais, nó trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

6.   Ní bheidh an ranníocaíocht ó na Cistí le haghaidh gach aise tosaíochta níos lú ná 20 % den chaiteachas poiblí incháilithe.

7.   Féadfar ais tosaíochta ar leithligh lena mbaineann ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú faoi chuimsiú cláir oibríochtúil chun tacú le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. I gcás ina mbunaítear ais tosaíochta ar leithligh chun na críche sin, ní féidir an tacaíocht faoin ais sin a chur chun feidhme ar aon bhealach eile.

Airteagal 121

Na rátaí cómhaoinithe a mhodhnú

Féadfar an ráta cómhaoinithe ó na Cistí chuig ais tosaíochta a mhodhnú chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(1)

tábhacht na haise tosaíochta chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, ag féachaint do na bearnaí sonracha is gá aghaidh a thabhairt orthu;

(2)

cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, go háirithe trí phrionsabal an réamhchúraim, trí phrionsabal na gníomhaíochta coiscthí agus tríd an bprionsabal 'íoc mar a thruaillítear' a chur i bhfeidhm;

(3)

ráta úsáidte an mhaoinithe phríobháidigh;

(4)

cuimsiú limistéar ag a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha arna sainiú mar seo a leanas:

(a)

Ballstáit oileánacha atá incháilithe faoin gCiste Comhtháthaithe, agus oileáin eile seachas na cinn sin ar a bhfuil príomhchathair an Bhallstáit suite nó a bhfuil nasc ceangailte acu leis an mórthír;

(b)

limistéir shléibhteacha de réir mar a shainítear i reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit;

(c)

limistéir faoi líon beag daoine (i.e. níos lú ná 50 cónaitheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh) agus limistéir faoi líon fíorbheag daoine (níos lú ná 8 cónaitheoirí in aghaidh an chiliméadair chearnaigh);

(d)

cuimsiú na réigiún is forimeallaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

CUID A CEATHAIR

FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDME MAIDIR LEIS NA CISTÍ AGUS LE CEMI

TEIDEAL I

BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ

CAIBIDIL I

Córais bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 122

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár oibríochtúil a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 72, le hAirteagal 73 agus le hAirteagal 74.

2.   Déanfaidh na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Cuirfidh siad neamhrialtachtaí ar mó iad ná EUR 10 000 maidir le ranníocaíocht ó na Cistí in iúl don Choimisiún agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi dhul chun cinn suntasach a bheidh ar na himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla.

Ní chuirfidh na Ballstáit neamhrialtachtaí maidir leis an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

cásanna nach mbeidh sa neamhrialtacht sin ach mainneachtain oibríocht a chur i gcrích, ina hiomláine nó go páirteach, arb oibríocht í atá san áireamh sa chlár oibríochtúil cómhaoinithe de bharr fhéimheacht an tairbhí;

(b)

cásanna ina dtarraingeoidh an tairbhí aird an údaráis bhainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin orthu go deonach agus roimh é a bhrath ag ceachtar de na húdaráis, cibé acu roimh an ranníocaíocht phoiblí a íoc nó ina dhiaidh sin;

(c)

cásanna a bhraitheann nó a cheartaíonn an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin roimh an gcaiteachas lena mbaineann a chur i ráiteas an chaiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Sna cásanna eile go léir, go háirithe iad sin a thagann roimh fhéimheacht nó i gcásanna calaoise amhrasta, déanfar na neamhrialtachtaí arna mbrath agus na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha lena mbaineann a thuairisciú don Choimisiún.

Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le tairbhí a ghnóthú mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú mura mbeidh an méid atá le gnóthú ag an tairbhí, gan ús a bheith san áireamh, níos mó ná EUR 250 i ranníocaíocht ó na Cistí.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe breise maidir leis na critéir chun na cásanna neamhrialtachta a bheidh le tuairisciú a chinneadh, na sonraí a bheidh le soláthar agus na coinníollacha agus na nósanna imeacht a bheidh le cur i bhfeidhm chun a chinneadh an aisíocfaidh na Ballstáit na méideanna atá neamh-inghnóthaithe.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach an mhinicíocht tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an fhormáid tuairiscithe a bheidh le húsáid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir gach malartú faisnéise idir tairbhithe agus údarás bainistíochta, údarás deimhniúcháin, údarás iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha a chur i gcrích trí chórais mhalartaithe leictreonaigh sonraí tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2015.

Éascóidh na córais dá dtagraítear sa chéad fhomhír idir-inoibritheacht le creataí náisiúnta agus creataí an Aontais agus fágfaidh siad go mbeidh na tairbhithe in ann an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach i dtarchur amháin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na malartuithe faisnéise faoin mír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le CEMI.

CAIBIDIL II

Na húdaráis bhainistíochta agus rialaithe

Airteagal 123

Údaráis a ainmniú

1.   Déanfaidh gach Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht príobháideach a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar an t-údarás bainistíochta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochtúil amháin.

2.   Déanfaidh an Ballstát údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar údarás deimhniúcháin le haghaidh gach cláir oibríochtúil, gan dochar do mhír 3. Féadfar an t-údarás deimhniúcháin céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochtúil amháin.

3.   Féadfaidh an Ballstát údarás bainistíochta, atá ina údarás poiblí nó ina chomhlacht poiblí, a ainmniú le haghaidh cláir oibríochtúil chun feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích freisin.

4.   Déanfaidh an Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, atá neamhspleách ó thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, a ainmniú mar údarás iniúchóireachta le haghaidh gach cláir oibríochtúil. Féadfar an t-údarás iniúchóireachta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár oibríochtúil amháin.

5.   I gcás na gCistí a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus i gcás CEMI, ar choinníoll go n-urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna, féadfaidh an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin, i gcás inarb infheidhme, agus an t-údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás nó den comhlacht poiblí céanna.

I gcás ina bhfuil méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí le clár oibríochtúil níos mó ná EUR 250 000 000, nó gur mó ná EUR 100 000 000 ó CEMI é, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a bheith rannpháirteach san údarás nó sa chomhlacht poiblí céanna mar údarás bainistíochta más rud é, de bhun na bhforálacha is infheidhme don chlárthréimhse roimhe sin, go bhfuil sé curtha in iúl ag an gCoimisiún don Bhallstát roimh an dáta a nglacfar an clár oibríochtúil lena mbaineann go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid go bhféadfaidh sé brath go príomha ar a thuairim iniúchóireachta, nó i gcás inar deimhin leis an gCoimisiún, ar bhonn thaithí na clárthréimhse roimhe sin, go dtugann eagrú institiúideach agus cuntasacht an údaráis iniúchóireachta ráthaíochtaí leormhaithe maidir lena neamhspleáchas agus lena hiontaofacht ó thaobh feidhme de.

6.   Féadfaidh an Ballstát comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid an údaráis bhainistíochta agus de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn.

7.   Féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta an bhainistíocht ar chuid de chlár oibríochtúil a chur ar iontaoibh comhlachta idirmheánaigh trí chomhaontú i scríbhinn idir an comhlacht idirmheánach agus an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta ('deontas foriomlán'). Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena acmhainneacht bainistíochta riaracháin agus airgeadais.

8   Féadfaidh an Ballstát, ar a thionscnamh féin, comhlacht comhordaithe a ainmniú a mbeidh de fhreagracht air dul i dteagmháil leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó, gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí ainmnithe ábhartha eile a chomhordú agus an dlí is infheidhme a chur i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe.

9.   Leagfaidh an Ballstát amach i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an Ballstát sin agus na húdaráis bhainistíochta, na húdaráis deimhniúcháin agus na húdaráis iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis sin, agus caidreamh na n-údarás sin leis an gCoimisiún.

Airteagal 124

Nós imeachta chun údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin a ainmniú

1.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi dháta agus chineál na n-ainmníochtaí, a bheidh déanta ar leibhéal cuí, maidir leis an údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an údarás deimhniúcháin sula gcuirtear an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Bunófar na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách a mheasann an gcomhlíonann na húdaráis na critéir, arna leagan amach in Iarscríbhinn XIII, agus a bhaineann leis an timpeallacht rialaithe inmheánach, bainistíocht riosca, gníomhaíochtaí bainistíochta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus faireacháin. Is é an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách, nó comhlacht eile a fheidhmíonn sa dlí poiblí nó príobháideach, a bheidh san údarás iniúchóireachta a bheidh neamhspleách ar an údarás bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, neamhspleách ar an údarás deimhniúcháin freisin agus tabharfaidh sé faoina chuid oibre i gcaoi a luífidh le caighdeáin iniúchóireachta atá inghlactha go hidirnáisiúnta. I gcás ina gcinneann an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách gurb ionann go bunúsach an chuid sin den chóras bainistíochta agus rialaithe, a bhaineann leis an údarás bainistíochta nó leis an údarás deimhniúcháin, agus an chuid den chóras a bhí ann don chlárthréimhse roimhe sin, agus go bhfuil fianaise ann, ar bhonn oibre iniúchóireachta a rinneadh i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 agus de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle (37), maidir lena bhfeidhmiú éifeachtach le linn na tréimhse sin, féadfaidh sé a chinneadh go bhfuil na critéir ábhartha comhlíonta cheana gan tabhairt faoi aon obair iniúchóireachta sa bhreis.

3.   I gcás inar mó méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí maidir le clár oibríochtúil ná EUR 250 000 000 nó inar mó méid na tacaíochta ó CAI ná EUR 100 000 000, laistigh de mhí ó chuirtear na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 in iúl dó, féadfaidh an Coimisiún an tuarascáil agus an tuairim ón gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 a iarraidh agus féadfaidh sé cur síos ar na feidhmeanna agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm ag an údarás bainistíochta a iarraidh chomh maith nó, i gcás inarb iomchuí, iad siúd atá i bhfeidhm ag an údarás deimhniúcháin. Cinnteoidh an Coimisiún an iarrfar na doiciméid sin ar bhonn a mheasúnaithe riosca, lena gcuirfear san áireamh aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le hathruithe suntasacha i bhfeidhmeanna agus nósanna imeachta an údaráis bhainistíochta nó, i gcás inarb iomchuí, an údaráis deimhniúcháin i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin agus maidir le haon fhianaise ábhartha faoina bhfeidhmiú éifeachtach chomh maith.

Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de dhá mhí ó na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil. Gan dochar d'Airteagal 83, ní chuirfidh an scrúdú ar na doiciméid sin isteach ar láimhseáil na n-iarrataí ar íocaíochtaí eatramhacha.

4.   I gcás inar mó méid iomlán na tacaíochta ó na Cistí maidir le clár oibríochtúil ná EUR 250 000 000 nó i gcás inar mó méid iomlán na tacaíochta ó CEMI ná EUR 100 000 000 agus nuair atá athruithe suntasacha i bhfeidhmeanna agus nósanna imeachta an údaráis bhainistíochta nó, i gcás inarb iomchuí, an údaráis deimhniúcháin i gcomparáid leis an gclárthréimhse roimhe sin, laistigh de dhá mhí i ndiaidh dó na hainmníochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Choimisiún féadfaidh an Ballstát, ar a thionscnamh féin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 3 a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tabharfaidh an Coimisiún barúlacha maidir leis na doiciméid sin laistigh de thrí mhí tar éis dó iad a fháil.

5.   I gcás ina léiríonn torthaí rialaithe agus iniúchóireachta nach gcomhlíonann an t-údarás ainmnithe na critéir dá dtagraítear i mír 2 a thuilleadh, socróidh an Ballstát tréimhse phromhaidh a bheidh comhréireach le tromchúis na faidhbe agus tabharfar faoi bhearta leasúcháin le linn na tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát seo ar leibhéal cuí.

I gcás ina mainníonn an t-údarás ainmnithe na bearta leasúcháin a chur i bhfeidhm laistigh den tréimhse phromhaidh arna chinneadh ag an mBallstát, cuirfidh an Ballstát deireadh lena ainmniú mar údarás agus déanfar an cinneadh seo ar leibhéal cuí.

Gan aon mhoill, cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún nuair a chuirtear údarás ainmnithe faoi thréimhse phromhaidh agus tabharfar faisnéis maidir leis an tréimhse phromhaidh faoi seach, cuirfear in iúl dó freisin nuair a chuirtear deireadh leis an tréimhse phromhaidh toisc gur cuireadh na bearta leasúcháin i bhfeidhm agus cuirfear in iúl dó chomh maith nuair a chuirtear deireadh le hainmniú údaráis. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 83, nuair a chuirtear in iúl dó gur chuir Ballstát comhlacht ainmnithe ar promhadh, ní chuirfidh sin isteach ar láimhseáil na n-iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha.

6.   I gcás ina gcuirtear deireadh le hainmniú údaráis bhainistíochta nó údaráis deimhniúcháin, ainmneoidh Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2, comhlacht nua chun feidhmeanna an údaráis bhainistíochta nó an údaráis deimhniúcháin a ghlacadh air féin, agus cuirfidh Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na forála seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an tsamhail don tuarascáil agus don tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta chomh maith leis an tuairisc ar fheidhmeanna agus nósanna imeachta a bheidh i bhfeidhm don údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, don údarás deimhniúcháin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 125

Feidhmeanna an údaráis bhainistíochta

1.   Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochtúil a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

2.   Maidir le bainistiú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

tacóidh sé le hobair an choiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 47 agus cuirfidh sé an fhaisnéis atá de dhíth air chun a chúraimí a chomhlíonadh ar fáil dó, go háirithe sonraí a bhaineann le dul chun cinn an chláir oibríochtúil maidir lena chuspóirí a ghnóthú, sonraí airgeadais agus sonraí a bhaineann le táscairí agus garspriocanna;

(b)

tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 50 a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndiaidh don choiste faireacháin iad a fhormheas,

(c)

faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a gcúraimí agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí faoi seach;

(d)

córas a bhunú chun sonraí maidir le gach oibríocht is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe aonair in oibríochtaí, i gcás inarb infheidhme, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm ríomhairithe;

(e)

a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras dá dtagraítear i bpointe (d), agus go ndéanfar na sonraí sin maidir le táscairí a mhiondealú de réir inscne i gcás ina gceanglaítear sin in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Rialachán CSE.

3.   Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta agus critéir iomchuí roghnúcháin a tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm a luaithe a fhormheasfar iad, ar nósanna imeachta agus critéir iad a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(i)

áiritheofar leo an méid a chuireann na hoibríochtaí le sainchuspóirí agus torthaí sonracha na tosaíochta ábhartha a bhaint amach;

(ii)

neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach;

(iii)

cuirfidh siad na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 san áireamh;

(b)

a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi raon feidhme an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus gur féidir léi a bheith inchurtha i leith catagóire idirghabhála nó, i gcás CEMI, beart arna sainaithint i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí an chláir oibríochtúil;

(c)

a áirithiú go soláthrófar doiciméad don tairbhí ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá bhfeidhmiú;

(d)

a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní riaracháin, airgeadais agus oibriúcháin ag an tairbhí d'fhonn na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht;

(e)

a dheimhniú dó féin, i gcás inar thosaigh an oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bhainistíochta, gur comhlíonadh dlí is infheidhme a bhaineann leis an oibríocht;

(f)

a áirithiú nach gcuirtear san áireamh in oibríocht a roghnaíodh i gcomhair tacaíochta ó na Cistí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d'oibríocht, ar oibríocht í a bhí, nó ar cheart a bheith, faoi réir nós imeachta um ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 71 i ndiaidh gníomhaíochta táirgthe lasmuigh de limistéar an chláir;

(g)

na catagóirí idirghabhála nó, i gcás CEMI, na bearta a bhfuil caiteachas oibríochta le cur ina leith a chinneadh.

4.   Maidir le bainistiú airgeadais agus rialú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha agus go gcomhlíonann sé an dlí is infheidhme, an clár oibríochtúil agus na coinníollacha maidir le tacaíochta na hoibríochta;

(b)

a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na n-oibríochtaí a aisíoctar ar bhonn na gcostas incháilithe arna dtabhú iarbhír córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le hoibríocht;

(c)

bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;

(d)

nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a theastaíonn chun rian leormhaith iniúchóireachta a áirithiú a shealbhú i gcomhréir le ceanglais phointe (g) d'Airteagal 72;

(e)

an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas.

De mhaolú ar mhír (a) den chéad fhomhír, féadfaidh Rialachán CCE rialacha sonracha a bhunú maidir le fíorú is infheidhme maidir le cláir chomhair.

5.   Déanfar na nósanna imeachta seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4:

(a)

fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar aisíocaíocht ag tairbhithe;

(b)

fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí.

Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d'oibríocht agus leis an leibhéal riosca a aithneofar i bhfíoruithe den sórt sin agus in iniúchtaí den sórt sin arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistithe agus rialaithe ina iomláine.

6.   Féadfar fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí aonair de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír (5) a dhéanamh ar bhonn samplach.

7.   I gcás ina bhfuil an t-údarás bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibríochtúil freisin, déanfar deighilt leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 4.

8.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos rialacha lena sonraítear an fhaisnéis maidir leis na sonraí a thaifeadfar agus a stórálfar i bhfoirm ríomhairithe laistigh den chóras faireacháin a bunaíodh faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos sonraíochtaí teicniúla an chórais arna bhunú faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

9.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos na ceanglais íosta mhionsonraithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo i leith na dtaifead cuntasaíochta a chothabhálfar agus na doiciméid tacaíochta a choimeádfar ag leibhéal an údaráis deimhniúcháin, an údaráis bhainistíochta, na gcomhlachtaí idirmheánacha agus na dtairbhithe.

10.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

Airteagal 126

Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Beidh údarás deimhniúcháin an chláir oibríochtúil freagrach go háirithe as:

(a)

iarrataí ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus a dheimhniú go dtagann siad as córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás bainistíochta;

(b)

na cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais a tharraingt suas;

(c)

iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais an dlí is infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith na n-oibríochtaí a roghnaíodh lena gcistiú i gcomhréir leis na critéir is infheidhme maidir leis an gclár oibríochtúil agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme;

(d)

a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifead agus a stóráil, i bhfoirm ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais ar íocaíocht agus cuntais a tharraingt suas, lena n-áirítear taifid ar mhéideanna inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cláir oibríochtúla nó cuid di a chealú;

(e)

a áirithiú, ar mhaithe le hiarrataí ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur isteach, go bhfuil faisnéis leormhaith faighte aige ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas;

(f)

a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n-iniúchtaí uile a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht;

(g)

taifid chuntasaíochta a choimeád, i bhfoirm ríomhairithe, maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe;

(h)

cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó cuid di a chealú. Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochtúil trí iad a asbhaint ón ráiteas caiteachais ina dhiaidh sin.

Airteagal 127

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar fheidhmiú cuí an chórais bhainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil agus ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla ar bhonn an chaiteachais a dhearbhaítear. Iniúchfar an caiteachas dearbhaithe bunaithe ar shampla ionadaíoch agus mar riail ghinearálta maidir le modhanna samplála staidrimh.

Féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid ar bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta, i gcásanna cuí-réasúnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus in aon chás ina bhfuil líon na n-oibríochtaí do bhliain chuntasaíochta neamhleor chun gur féidir úsáid a bhaint as modh staidrimh.

I gcásanna den sórt sin, beidh méid an tsampla dóthanach chun a chumasú don údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bailí a tharraingt suas i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais.

Clúdóidh an modh sampla neamhstaidrimh ar a laghad 5 % de na hoibríochtaí ar dearbhaíodh caiteachas don Choimisiún le linn bliana cuntasaíochta agus 10 % den chaiteachas ar dearbhaíodh don Choimisiún le linn bliana cuntasaíochta.

2.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht seachas an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag an gcomhlacht sin.

3.   Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta.

4.   Ullmhóidh an t-údarás iniúchóireachta, laistigh d'ocht mí ón tráth a nglacfar clár oibríochtúil, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh. Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta, an mhodheolaíocht iniúchóireachta, an modh samplála maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí agus pleanáil na n-iniúchtaí maidir leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain ó 2016 go dtí 2024, an bhliain sin san áireamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar straitéis iniúchóireachta amháin a ullmhú le haghaidh na gclár oibríochtúil lena mbaineann. Cuirfidh an t-údarás iniúchóireachta an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

5.   Tarraingeoidh an t-údarás iniúchóireachta suas na nithe seo a leanas:

(a)

tuairim iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais.

(b)

tuarascáil ar rialú ina leagtar amach príomhthorthaí na n-iniúchtaí a rinneadh i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear torthaí maidir le heasnaimh a aimsíodh sna córais bhainistíochta agus rialaithe, agus na gníomhartha ceartaitheacha a moladh agus a cuireadh chun feidhme.

I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochtúil amháin, féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír a ghrúpáil i dtuarascáil amháin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus leis an tuarascáil ar rialú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 150(2).

7.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, chun raon feidhme agus inneachar na n-iniúchtaí ar oibríochtaí agus iniúchtaí ar na cuntais agus an mhodheolaíocht do roghnú shampla na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan amach.

8.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le húsáid sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar ceann an Choimisiúin.

CAIBIDIL III

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

Airteagal 128

Comhar le húdaráis iniúchóireachta

1.   Comhoibreoidh an Coimisiún le húdaráis iniúchóireachta d'fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n-iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais bhainistithe agus rialaithe a mhalartú láithreach leis na húdaráis sin.

2.   D'fhonn an comhar seo a éascú i gcásanna ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás iniúchóireachta amháin, féadfaidh an Ballstát comhlacht comhordúcháin a ainmniú.

3.   Tiocfaidh an Coimisiún, na húdaráis iniúchóireachta agus aon chomhlacht comhordúcháin atá ann le chéile ar bhonn rialta agus, mar riail ghinearálta, uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d'fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim iniúchóireachta agus an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d'fhonn tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.

TEIDEAL II

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A ULLMHÚ, A SCRÚDÚ, A GHLACADH AGUS A DHÚNADH AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 129

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí

Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh méid an chaiteachais phoiblí a íocfar le tairbhithe, tráth a ndúntar an clár oibríochtúil, cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí, ar a laghad, a d'íoc an Coimisiún leis an Ballstát.

Airteagal 130

Comhrialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh

1.   Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach tosaíochta, arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochtúil, a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh na tosaíochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh an Coimisiún na méideanna eile le haisíoc mar íocaíochtaí eatramhacha nó le fáil ar ais i gcomhréir le hAirteagal 139.

2.   Ní bheidh an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le tosaíocht, trí bhíthin na n-íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid deiridh, níos airde ná:

(a)

an caiteachas poiblí incháilithe arna shonrú san iarratas ar íocaíocht le haghaidh na tosaíochta; nó

(b)

an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le haghaidh na tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

Airteagal 131

Iarratais ar íocaíocht

1.   Áireofar an méid seo a leanas sna hiarratais ar íocaíocht, maidir le gach tosaíocht:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin;

(b)

méid iomlán an chaiteachais phoiblí a tabhaíodh ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin;

2.   An caiteachas incháilithe a áireofar in iarratais ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc acu leis mar thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi phointe (b), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 67(1), faoi Airteagal 68, Airteagal 69(1) agus Airteagal 109 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 14 de Rialachán CSE I gcás na gcineálacha tacaíochta sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na costais arna ríomh de réir an bhoinn is infheidhme.

3.   I gcás scéimeanna cúnaimh faoi Airteagal 107 CFAE, beidh an ranníocaíocht phoiblí a chomhfhreagraíonn leis an gcaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht tar éis a bheith íoctha leis na tairbhithe ag an gcomhlacht a dheonaíonn an cúnamh.

4.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás Státchabhrach, féadfar réamhíocaíochtaí a d'íoc an comhlacht a dheonaíonn an cúnamh leis an tairbhí faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas a áireamh san iarraidh ar íocaíocht:

(a)

tá na réamhíocaíochtaí sin faoi réir ráthaíochta arna tabhairt ag banc nó ag institiúid airgeadais eile atá bunaithe sa Bhallstát nó beidh siad cumhdaithe ag saoráid arna soláthar mar ráthaíocht ag eintiteas poiblí nó ag Ballstát;

(b)

ní théann na réamhíocaíochtaí sin thar 40 % de mhéid iomlán na cabhrach le deonú ar an tairbhí i leith oibríochta ar leith;

(c)

tá na réamhíocaíochtaí sin cumhdaithe ag caiteachas arna íoc ag tairbhithe agus na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu agus arna dtacú ag sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc ar a dhéanaí laistigh de thrí bliana i ndiaidh na bliana a tugadh an réamhíocaíocht nó an 31 Nollaig 2023, cibé acu is luaithe, agus déanfar an chéad iarratas eile ar íocaíocht a cheartú dá réir ina éagmais sin.

5.   Déanfaidh gach iarratas ar íocaíocht a áireoidh réamhíocaíochtaí den chineál dá dtagraítear i mír 4 a nochtadh go leithleach an méid iomlán a íocadh ó na cláir oibríochtúla mar réamhíocaíochtaí, an méid a clúdaíodh le caiteachas a d'íoc tairbhithe laistigh de thrí bliana de réamhíocaíocht a íoc i gcomhréir le pointe (c) de mhír 4, agus an méid nár clúdaíodh le caiteachas a d'íoc tairbhithe agus nach bhfuil an tréimhse trí bliana maidir leis caite fós.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an tsamhail d'iarrataí ar íocaíocht. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 132

Íocaíocht le tairbhithe

1.   Faoi réir infhaighteacht an chistithe ó réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil agus ó íocaíochtaí eatramhacha, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfaighidh tairbhí méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí iomlán agus tráth nach déanaí ná 90 lá ó dháta tíolactha an éilimh íocaíochta ag an tairbhí.

Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint nó a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach nó muirear eile comhéifeachta a laghdódh méideanna is dlite do thairbhithe.

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta an spriocdháta le haghaidh íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 a idirbhriseadh i gceachtar de na cásanna cuí-údaraithe seo a leanas:

(a)

nach bhfuil méid an éilimh íocaíochta dlite nó nár soláthraíodh na doiciméid iomchuí tacaíochta, lena n-áirítear na doiciméid is gá le haghaidh fíoruithe bainistíochta faoi phointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 125(4);

(b)

gur tionscnaíodh imscrúdú i ndáil le neamhrialtacht a d'fhéadfadh a bheith ann a dhéanann difear don chaiteachas lena mbaineann;

Cuirfear an tairbhí lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn maidir leis an idirbhriseadh agus na cúiseanna atá leis.

Airteagal 133

Úsáid an euro

1.   Déanfaidh Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra ar dháta iarratais ar íocaíocht na méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro. Déanfar na méideanna sin a chomhshó in euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais údarás deimhniúcháin an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an ráta malartaithe a fhoilsiú go leictreonach gach mí.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar rialacha sonracha a bhunú le Rialachán CCE maidir le huainiú le haghaidh comhshó in euro.

3.   Nuair a thiocfaidh an euro chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta comhshó atá leagtha amach i mír 1 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta sna cuntais ag an údarás deimhniúcháin roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta seasta comhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro.

Airteagal 134

Réamh-mhaoiniú a íoc

1.   Déanfar an méid réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna mar a leanas:

(a)

in 2014: 1 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine nó 1,5 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine má bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2013 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE;

(b)

in 2015: 1 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ón CEMI feadh na clárthréimhse iomláine nó 1,5 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine má bhí cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ó 2010 i leith, i gcomhréir le hAirteagal 122 agus le hAirteagal 143 CFAE, nó ón EFSF, nó má bhíonn cúnamh airgeadais á fháil aige an 31 Nollaig 2014 i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE;

(c)

in 2016: 1 % de mhéid na tacaíochta a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí agus ón CEMI feadh na clárthréimhse iomláine.

I gcás ina nglactar clár oibríochtúil in 2015 nó níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.

2.   Déanfar méid réamh-mhaoinithe bliantúil a íoc roimh an 1 Iúil sna blianta ó 2016 go 2023. Is é a bheidh ann ná céatadán mhéid na tacaíochta ó na Cistí agus ó CEMI feadh na clárthréimhse iomláine don chlár oibríochtúil mar seo a leanas:

2016: 2 %

2017: 2,625 %

2018: 2,75 %

2019: 2,875 %

2020 go dtí 2023: 3 %.

3.   Nuair a bheidh méid an réamh-mhaoinithe tosaigh dá dtagraítear i mír 1 á ríomh, déanfar na méideanna ón gcúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh ar dtús ar an gclár a eisiamh as méid na tacaíochta don chlárthréimhse iomlán.

Nuair a bheidh méid an réamh-mhaoinithe bhliantúil dá dtagraítear i mír 2 suas go dtí 2019, agus an bhliain sin san áireamh, á ríomh, déanfar na méideanna ón gcúlchiste feidhmíochta a leithdháileadh ar dtús ar an gclár a eisiamh as méid na tacaíochta don chlárthréimhse iomlán.

Airteagal 135

Spriocdhátaí chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc

1.   Déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin iarraidh ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 131(1) ina gcuimsítear méideanna arna n-iontráil ina chóras cuntasaíochta […] sa bhliain chuntasaíochta. Féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin, sa chás ina measann sé go bhfuil gá leis, na méideanna sin a áireamh in iarratais ar íocaíocht a chuirfear isteach i mblianta cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

2.   Déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach faoin 31 Meitheamh i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.   Ní dhéanfar an chéad iarratas ar íocaíocht eatramhach roimh fhógra a chur chuig an gCoimisiún maidir leis na húdaráis bhainistíochta agus deimhniúcháin a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 124.

4.   Ní dhéanfar íocaíochtaí eatramhacha le haghaidh cláir oibríochtúil mura mbeidh an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

5.   Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú leis an gCoimisiún.

Airteagal 136

Saoradh

1.   Saorfaidh an Coimisiún aon chuid den mhéid i gclár oibríochtúil nár úsáideadh chun na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha tosaigh agus bliantúla a íoc faoin 31 Nollaig den tríu bliain airgeadais tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh faoin gclár oibríochtúil nó nár cuireadh iarraidh ar íocaíocht, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 131, isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 135.

2.   Saorfar an chuid sin de na gealltanais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2023 mura mbeidh ceann ar bith de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 141(1) curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 141(1).

CAIBIDIL II

Cuntais a ullmhú, a scrúdú, a ghlacadh agus cláir oibríochtúla a dhúnadh agus íocaíochtaí a fhionraí

Roinn I

Cuntais a ullmhú,a scrúdú agus a ghlacadh

Airteagal 137

Na cuntais a ullmhú

1.   Cuirfear na cuntais dheimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin i gcás gach clár oibríochtúil. Cumhdófar an bhliain chuntasaíochta sna cuntais agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu ar leibhéal gach tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ciste agus catagóir réigiún:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin, ar méid é a áiríodh sna hiarratais íocaíochta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 131 agus le hAirteagal 135(2) faoin 31 Iúil tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta, méid iomlán an chaiteachais phoiblí chomhfhreagraigh a tabhaíodh sna hoibríochtaí cur chun feidhme, agus méid iomlán na n-íocaíochtaí comhfhreagracha a tugadh do na tairbhithe faoi Airteagal 131(1);

(b)

na méideanna atá aistarraingthe agus gnóthaithe le linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta, na méideanna a gnóthaíodh de bhun Airteagal 71, agus na méideanna neamh-inghnóthaithe;

(c)

méideanna na ranníocaíochtaí cláir a íoctar le hionstraimí airgeadais faoi Airteagal 41(1) agus réamhíocaíochtaí Státchabhrach faoi Airteagal 134(4);

(d)

le haghaidh gach aise tosaíochta, réiteach idir an caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas atá dearbhaithe maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus beidh míniú faoi aon difríochtaí ag gabháil leis;

2.   I gcás ina n-eisiafaidh Ballstát caiteachas óna chuntais, ar caiteachas é a áiríodh roimhe sin in iarratas ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta, toisc go bhfuil sé faoi réir measúnaithe leanúnaigh maidir le dlíthiúlacht agus le rialtacht an chaiteachais sin, féadfar aon chuid den chaiteachas sin nó an caiteachas sin san iomlán sin a suíodh ina dhiaidh sin a bheith dlíthiúil agus rialta a áireamh ar iarratas ar íocaíocht eatramhach a bhaineann le blianta cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, d'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach an tsamhail maidir leis na cuntais dá dtagraítear san Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3).

Airteagal 138

Faisnéis a chur isteach

Maidir le gach bliain, ó 2016 go dtí 2025, agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit, faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais, na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal sin a chur isteach, eadhon:

(a)

na cuntais, dá dtagraítear in Airteagal 137(1) den Rialachán seo don bhliain chuntasaíochta roimhe sin;

(b)

an dearbhú bainistíochta agus an achoimre bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 125(4 den Rialachán seo, don bhliain chuntasaíochta roimhe sin;

(c)

an tuairim iniúchóireachta agus an tuarascáil ar rialú dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 127(5) den Rialachán seo, don bhliain chuntasaíochta roimhe sin.

Airteagal 139

Cuntais a scrúdú agus a ghlacadh

1.   Scrúdóidh an Coimisiún na doiciméid a bheidh curtha isteach ag an mBallstát faoi Airteagal 138. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise is gá ar fáil ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a mheas, faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 84, an bhfuil na cuntais comhlán, cruinn agus dílis.

2.   Glacfaidh an Coimisiún leis na cuntais más féidir a rá go bhfuil na cuntais comhlán, cruinn agus dílis. Tiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid sin más rud é gur chuir an t-údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta gan agús ar fáil maidir le comhlántacht, le cruinneas agus le fírinneacht na gcuntas agus mura mbeidh fianaise ar leith ag an gCoimisiún a thabharfadh le fios nach féidir brath ar an tuairim iniúchóireachta i dtaobh na gcuntas.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 84 á rá an bhfuil sé in ann glacadh leis na cuntais nó nach bhfuil.

4.   Más rud é, maidir le cúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, nach mbeidh an Coimisiún ábalta glacadh leis na cuntais faoin spriocdháta a leagtar amach in Airteagal 84, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit ina sonrófar na cúiseanna i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh agus an tréimhse ama chun iad a chríochnú. Ag deireadh na tréimhse ama chun na gníomhartha sin a chríochnú, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát an bhfuil sé in ann glacadh leis na cuntais.

5.   Agus é ag féachaint an bhféadfar glacadh leis na cuntais, ní chuirfidh an Coimisiún san áireamh saincheisteanna a bhaineann le dlíthiúlacht ná le rialtacht na n-idirbheart bunúsach i gcás caiteachas a chuirtear isteach sna cuntais. Ní chuirfidh an nós imeachta scrúdúcháin ná an nós imeachta maidir le glacadh leis na cuntais isteach ar an mbealach a ndéileáiltear le hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha ná ní chuirfear íocaíochtaí ar fíonraí mar gheall orthu, gan dochar d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 142.

6.   Ar bhonn na gcuntas a nglacfar leo, ríomhfaidh an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus CEMI don bhliain chuntasaíochta agus na coigeartuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin i ndáil leis na híocaíochtaí leis an mBallstát. Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

na méideanna sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 137(1) agus a gcuirfear an ráta cómhaoinithe i bhfeidhm maidir leis le haghaidh gach aise tosaíochta;

(b)

méid iomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta, agus arb é atá iontu:

(i)

méid na n-íocaíochtaí eatramhacha arna n-íoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 130(1) agus Airteagal 24; agus

(ii)

méid an réamh-mhaoinithe bhliantúil arna íoc faoi Airteagal 134(2).

7.   Tar éis an ríomh a chur i gcrích faoi mhír 6, déanfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú bliantúil a fhaigheann siad faoi seach a imréiteach agus íocfaidh sé aon mhéid breise a bheidh dlite laistigh de 30 lá ón dáta a nglacfar lena gcuntais. I gcás ina bhfuil méid atá inghnóthaithe ón mBallstát, beidh sé faoi réir ordú inghnóthaithe a eiseoidh an Coimisiún agus a chuirfear i gcrích trí é a fhritháireamh, más féidir, i gcoinne méideanna atá dlite don Bhallstát faoi íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár céanna oibríochtúil. Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais é an gnóthú sin ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí. Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 177(3) den Rialachán Airgeadais.

8.   I gcás nach bhféadfaidh an Coimisiún glacadh leis na cuntais, tar éis dó an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 a chur i bhfeidhm, socróidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil agus i gcomhréir le mír 6, an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don Bhallstát. I gcás ina dtabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún, laistigh de dhá mhí ón uair a gcuirfear an fhaisnéis ar aghaidh chuig an gCoimisiún, go bhfuil glacadh aige leis, beidh feidhm ag mír 7. In éagmais comhaontú den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta. Ní mheasfar gur ceartúchán airgeadais é an cinneadh sin ná ní laghdófar an tacaíocht a fhaigheann an clár oibríochtúil ó na Cistí. Ar bhonn an chinnidh sin, cuirfidh an Coimisiún na coigeartuithe i bhfeidhm maidir leis na híocaíochtaí leis an mBallstát i gcomhréir le mír 7.

9.   Ag glacadh leis do na cuntais, nó agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé gan dochar do chur i bhfeidhm na gceartúchán faoi Airteagal 144 agus faoi Airteagal 145.

10.   Féadfaidh na Ballstáit méideanna eile a chur in ionad méideanna neamhrialta a bhraitear tar éis na cuntais a chur isteach trí choigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina mbraitear an neamhrialtacht, gan dochar d'Airteagal 144 agus d'Airteagal 145.

Airteagal 140

Infhaighteacht doiciméad

1.   Gan dochar do na rialacha lena rialaítear Státchabhair, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh gach doiciméad tacaíochta maidir le caiteachas a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí i ndáil le hoibríochtaí ar lú ná EUR 1 000 000 méid iomlán an chaiteachais is incháilithe, ar fáil don Choimisiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí bliana ón 31 Nollaig tar éis na cuntais sin ina n-áirítear caiteachas na hoibríochta a chur isteach.

I gcás na n-oibríochtaí seachas na cinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear gach doiciméad tacaíochta ar fáil ar feadh tréimhse dhá bhliain ón 31 Nollaig tar éis na cuntais sin ina n-áirítear caiteachas críochnaitheach na hoibríochta lánchríochnaithe a chur isteach.

Féadfaidh údarás bainistíochta an riail dá dtagraítear sa dara fomhír a chur i bhfeidhm le haghaidh na n-oibríochtaí a bhfuil an caiteachas incháilithe iomlán níos lú ná EUR 1 000 000 ina leith.

Brisfear an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás imeachtaí dlíthiúla nó ar iarraidh cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún.

2.   Tabharfaidh an t-údarás bainistíochta fógra do na tairbhithe faoi dháta tosaigh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

3.   Coimeádfar na doiciméid i bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena n-áirítear leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach bhfuil le fáil acu i bhfoirm leictreonach.

4.   Coimeádfar na doiciméid sin i bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dar bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu.

5.   Déanfaidh na húdaráis náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid atá á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo i gcomhréir leis an mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

6.   I gcás doiciméad nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach, comhlíonfaidh na córais ríomhaireachta a mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glacadh leo, lena n-áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.

Roinn II

Cláir oibríochtúla a dhúnadh

Airteagal 141

Doiciméid i leith dúnta a chur isteach agus an t-iarmhéid deiridh a íoc

1.   Don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, cuirfidh na Ballstáit isteach tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil nó an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme don chlár oibríochtúil arna tacú ag CEMI, i dteannta na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 138.

2.   Íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a glacadh leis na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh nó mí amháin tar éis an dáta a glacadh leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí.

Roinn III

Íocaíochtaí a fhionraí

Airteagal 142

Íocaíochtaí a fhionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha ar leibhéal na dtosaíochtaí nó na gclár oibríochtúil a fhionraí má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil i mbaol dá bharr agus nár glacadh bearta ceartaitheacha ina leith go fóill;

(b)

i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas caiteachais le neamhrialtacht a bhfuil iarmhairtí airgeadais tromchúiseacha ag gabháil léi nár ceartaíodh fós;

(c)

i gcás inar mhainnigh Ballstát an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara faoi Airteagal 83;

(d)

i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar tháscairí coitianta agus ar tháscairí sonracha;

(e)

i gcás ina mainnítear gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante a chomhlíonadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19;

(f)

i gcás ina bhfuil fianaise ann a thig ón athbhreithniú ar fheidhmíocht le haghaidh tosaíochta go raibh mainneachtain thromchúiseach garspriocanna na tosaíochta sin a bhaineann le táscairí airgeadais agus aschuir agus le príomhchéimeanna cur chun feidhme a leagtar amach sa chreat feidhmíochta a ghnóthú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22;

Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí atá nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh a fhionraí, agus beidh na bunúis sin comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí sin i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a fhoirceannadh.

CAIBIDIL III

Ceartuithe airgeadais

Roinn I

Ceartuithe airgeadais ag ballstáit

Airteagal 143

Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit

1.   Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus gnóthuithe a shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an Ballstát a imscrúdú chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh a chuimsiú ann.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na ceartuithe airgeadais is gá maidir le neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir oibríochtúlaí. Is éard a bheidh i gceist le ceartuithe airgeadais an rannchuidiú poiblí iomlán le hoibríocht nó le clár oibríochtúil, nó cuid de ranníocaíocht, a chur ar ceal. Cuirfidh an Ballstát san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an chaillteanais airgeadais i leith na gCistí nó an CEMI agus cuirfidh sé ceartú comhréireach i bhfeidhm. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina gcinntear an cealú.

3.   Féadfaidh an Ballstát an rannchuidiú ó na Cistí nó ón CEMI a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann, faoi réir mhír 4.

4.   Ní fhéadfar an rannchuidiú a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríochta ar bith a bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

5.   Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit, a bheidh nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha faoin gComhbheartas Iascaigh, agus a bheidh comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

Roinn II

Ceartuithe airgeadais ag an gcoimisiún

Airteagal 144

Critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí rannchuidiú an Aontais le clár oibríochtúil, nó cuid de rannchuidiú den sórt sin, a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 85 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:

(a)

go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil rannchuidiú an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochtúil cheana féin i mbaol dá bharr.

(b)

nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí faoi Airteagal 143 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo;

(c)

go bhfuil an caiteachas san iarratas ar íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo.

Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar chásanna ar leithligh den neamhrialtacht atá tugtha faoi deara agus cuirfidh sé san áireamh más rud é gur neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar na Cistí nó ar an CEMI a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus cinneadh á dhéanamh aige i ndáil le ceartú faoi mhír 1, prionsabal na comhréireachta a urramú trí chineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais na n-easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár oibríochtúil a chur san áireamh.

3.   I gcás in bhfuil seasamh an Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an Ballstát lena mbaineann faoi Airteagal 143(2), ar na fógraí a seoladh faoi Airteagal 122(2) agus ar fhreagraí ar bith ón mBallstát.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 22(7), i gcás ina suíonn an Coimisiún, bunaithe ar an iniúchadh ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir oibríochtúil do na Cistí nó ar an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme do CEMI, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na spriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm maidir leis na tosaíochtaí lena mbaineann.

5.   I gcás nach gcomhlíonann Ballstát a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 95, féadfaidh an Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú airgeadais a dhéanamh trí rannchuidiú na gCistí Struchtúracha leis an mBallstát, nó cuid den rannchuidiú sin, a chur ar ceal.

6.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 149, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir chun easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe a chinneadh, lena n-áirítear príomhchineálacha easnaimh thromchúiseacha den sórt sin, na critéir maidir le bunú leibhéal an cheartaithe airgeadais a chur i bhfeidhm, agus na critéir chun rátaí comhréidhe nó ceartuithe eachtarshuite airgeadais a chur i bhfeidhm.

7.   Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar bunúis shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a bhriseadh, a bheidh nasctha le neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh, agus a bheidh comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, fad agus atarlú an neamhchomhlíonta.

Airteagal 145

Nós Imeachta

1.   Sula ndéanfar cinneadh maidir le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trína iarraidh ar an mBallstát a bharúlacha a thíolacadh laistigh de dhá mhí.

2.   I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar bhonn eachtarshuímh nó ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú, trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná mar a mheas an Coimisiún. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní rachaidh an t-am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile tar éis an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún aon fhianaise a sholáthraíonn an Ballstát laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 a chur san áireamh.

4.   I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, d'fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

5.   I gcás comhaontaithe, agus gan dochar do mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát na Cistí lena mbaineann a athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 135(3).

6.   Chun ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na héisteachta, nó ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise i gcás ina n-aontaíonn an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a thíolacadh tar éis na héisteachta. Déanfaidh an Coimisiún gach faisnéis agus gach barúil a tíolacadh le linn an nós imeachta a chur san áireamh. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí tar éis dháta na litreach lenar tugadh cuireadh chuig an éisteacht agus a sheol an Coimisiún.

7.   I gcás ina mbraitheann an Coimisiún, agus a fhreagrachtaí faoi Airteagal 65 á gcur i gcrích aige, nó i gcás ina mbraitheann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa neamhrialtachtaí lena léirítear easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí leis an gclár oibríochtúil.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le heasnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú éifeachtach chórais bhainistíochta agus rialaithe, arb easnamh é, roimh an dáta a ndearna an Coimisiún nó Cúirt na nIniúchóirí í a bhrath:

(a)

a sainaithníodh sa dearbhú bainistíochta, sa tuarascáil bhliantúil ar rialú nó sa tuairim iniúchóireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 59(5) den Rialachán Airgeadais nó i dtuarascálacha eile iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin nó i mbearta iomchuí a glacadh; nó

(b)

a bhí faoi réir beart iomchuí leasúcháin ag an mBallstát.

Beidh measúnú easnamh tromchúiseach i bhfeidhmiú chóras bainistíochta agus rialaithe bunaithe ar an dlí is infheidhme tráth curtha isteach na ndearbhuithe bainistíochta, na dtuarascálacha bliantúla ar rialú agus na dtuairimí iniúchóireachta ábhartha.

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le ceartú airgeadais, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

urramóidh sé prionsabal na comhréireachta trí chineál agus tromaíocht an easnaimh thromchúisigh i bhfeidhmiú éifeachtach chórais bhainistíochta agus rialaithe a chur san áireamh mar aon leis na himpleachtaí a bheidh aige ar bhuiséad an Aontais;

(b)

chun ráta comhréidh nó ceartú eachtarshuite a chur i bhfeidhm, eisiafaidh sé caiteachas neamhrialta a bhraith an Ballstát roimhe sin agus a bhí faoi réir coigeartuithe sna cuntais i gcomhréir le hAirteagal 139(10), agus eisiafaidh sé freisin caiteachas atá faoi réir measúnaithe leanúnaigh ar a dhlíthiúlacht agus ar a rialtacht faoi Airteagal 137(2);

(c)

cuirfidh sé san áireamh ráta comhréidh nó ceartuithe eachtarshuite a chuir an Ballstát i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas i gcás easnamh eile tromchúiseach a bhraith an Ballstát agus an riosca iarmharach i dtaca le buiséad an Aontais á chinneadh aige.

8.   Sna rialacha Ciste-shonracha le haghaidh CEMI, féadfar rialacha nós imeachta breise maidir le ceartuithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 144(7) a leagan síos.

Airteagal 146

Oibleagáidí na mBallstát

Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an gCoimisiún dochar d'oibleagáid an Bhallstáit aisghabhálacha a shaothrú faoi Airteagal 143(2) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle (38).

Airteagal 147

Aisíocíocht

1.   Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t-ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.   Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.

TEIDEAL III

RIALÚ COMHRÉIREACH AR CHLÁIR OIBRÍOCHTÚLA

Airteagal 148

Rialú comhréireach ar chláir oibríochtúla

1.   Oibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán dóibh thar EUR 200 000 i leith CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, EUR 150 000 i leith CSE nó EUR 100 000 i leith CEMI, ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n-áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n-áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí faoi réir iniúchta ag an gCoimisiún nó ag an údarás iniúchóireachta in aon bhliain má rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh sa bhliain sin cheana féin, ar choinníoll gur féidir leis an údarás iniúchóireachta nó leis an gCoimisiún, chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, torthaí na hoibre iniúchóireachta a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le haghaidh na n-oibríochtaí sin a úsáid.

2.   I gcás clár oibríochtúil a léiríonn an tuairim iniúchóireachta is déanaí ina leith nach bhfuil aon easnaimh shuntasacha ann, féadfaidh an Coimisiún aontú leis an údarás iniúchóireachta sa chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 128(3) go bhféadfar leibhéal na hoibre iniúchóireachta a cheanglaítear a dhéanamh a laghdú ionas go mbeidh sé i gcomhréir leis na rioscaí a shuitear. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún féin a iniúchtaí ar an láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta inar ghlac an Coimisiún leis na cuntais sin.

3.   I gcás clár oibríochtúil dá bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil tuairim an údaráis iniúchóireachta iontaofa, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta chun na hiniúchtaí ar an láthair sin arna ndéanamh ag an gCoimisiún, a theorannú chuig obair an údaráis iniúchóireachta a iniúchadh mura bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta inar ghlac an Coimisiún leis na cuntais.

4.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí i gcás ina suitear i measúnú riosca nó iniúchadh a dhéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina bhfuil fianaise ann d'easnaimh thromchúiseacha i bhfeidhmiú éifeachtach chóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil lena mbaineann, agus, le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 140(1). Féadfaidh an Coimisiún, chun measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis iniúchóireachta, athbhreithniú a dhéanamh ar rian iniúchóireachta an údaráis iniúchóireachta nó páirt a ghlacadh in iniúchadh ar an láthair an údaráis iniúchóireachta agus, i gcás ina gá, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo, chun dearbhú a fháil maidir le feidhmiú éifeachtach an údaráis iniúchóireachta, féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí.

CUID A CÚIG

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

CAIBIDIL I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 149

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), sa dara mír d'Airteagal 12, sa cheathrú fomhír d'Airteagal 22(7), in Airteagal 37(13), sa tríú fomhír d'Airteagal 38(4), in Airteagail 41(3) agus (5), sa dara fomhír d'Airteagal 42(1), sa dara fomhír, sa tríú fomhír, sa cheathrú fomhír agus sa seachtú fomhír d'Airteagal 61(3), in Airteagal 63(4), in Airteagal 64(4), sa dara fomhír d'Airteagal 68(1), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 101(1), a chúigiú fomhír d'Airteagal 122(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 125(8) agus d'Airteagal (9), in Airteagal 127(7) agus (8) agus in Airteagal 144(6) a thabhairt don Choimisiún amhail ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), sa dara mír d'Airteagal 12, sa cheathrú fomhír d'Airteagal 22(7), in Airteagal 37(13), sa tríú fomhír d'Airteagal 38(4), in Airteagail 41(3)), sa dara fomhír d'Airteagal 42(1), in Airteagal 42(6), sa dara fomhír, sa tríú fomhír, sa cheathrú fomhír agus sa seachtú fomhír d'Airteagal 61(3), in Airteagal 63(4) agus in Airteagal 64(4), sa dara fomhír d'Airteagal 68(1), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 101(1), sa chúigiú fomhír d'Airteagal 122(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 125(8), in Airteagal 125(9) in Airteagal 127(7) agus (8) agus in Airteagal 144(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3), an dara mír d'Airteagal 12, an ceathrú fomhír d'Airteagal 22(7), Airteagal 37(13), an tríú fomhír d'Airteagal 38(4), Airteagail 40(3) agus (5), an dara fomhír d'Airteagal 42(1), Airteagal 42(6), an dara fomhír, an tríú fomhír, an cheathrú fomhír agus an tseachtú fomhír d'Airteagal 61(3), in Airteagal 63(4) agus in Airteagal 64(4), an dara fomhír d'Airteagal 68(1), an cheathrú fomhír d'Airteagal 101(1), an chúigiú fomhír d'Airteagal 122(2), na chéad fhomhíre d'Airteagal 125(8), in Airteagal 125(9), Airteagal 127(7) agus (8) agus Airteagal 144(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 150

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh Coiste Comhordúcháin i gcomhair Chistí SIE cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, Rialachán CFRE, Rialachán CCE, Rialachán CSE agus Rialachán CC. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú mír d'Airteagal 8, sa chúigiú fomhír d'Airteagal 22(7), sa tríú fomhír d'Airteagal 38(3), in Airteagal 38(10), sa dara fomhír d'Airteagal 39(4), in Airteagal 46(3), sa dara fomhír d'Airteagal 96(2), in Airteagal 115(4), sa dara fomhír d'Airteagal 125(8), agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 151

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.

Airteagal 152

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar leanúint den chúnamh arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013, nó ar mhodhnú an chúnaimh sin, lena n-áirítear é a chur ar ceal i bpáirt nó ina iomláine. Leanfaidh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile is infheidhme den sórt sin d'fheidhm a bheith aige nó aici tar éis an 31 Nollaig 2013, dá bhrí sin, maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo, cuimseoidh cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.   Leanfaidh iarratais ar chúnamh a fháil a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 de bheith bailí.

3.   I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an rogha a leagtar amach in Airteagal 123(3), féadfaidh sé iarraidh a thíolacadh don Choimisiún go ndéanfaidh an t-údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích de mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh 1083/2006 i gcomhair na gclár oibríochtúil comhfhreagrach a chuirtear chun feidhme ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. Beidh measúnú a dhéanfaidh an t-údarás iniúchóireachta ag gabháil leis an iarraidh. I gcás inar deimhin leis an gCoimisiún ar bhonn faisnéise a chuirfidh an t-údarás iniúchóireachta ar fáil agus a chuirfear ar fáil óna iniúchtaí féin go bhfeidhmíonn córais bhainistíochta agus rialaithe na gclár oibríochtúil sin go héifeachtach agus nach ndéanfar dochar dá bhfeidhmiú trí fheidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a bheith á gcur i gcrích ag an údarás bainistíochta, cuirfidh sé a chomhaontú in iúl don Bhallstát taobh istigh de dhá mhí ón dáta a fuair sé an iarraidh.

Airteagal 153

Aisghairm

1.   Gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 152, aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 154

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 20 go hAirteagal 29(3), pointe (a) d'Airteagal 38(1), Airteagal 58, Airteagal 60, Airteagal 76 go hAirteagal 92, Airteagal 118, Airteagal 120, Airteagal 121 agus Airteagal 129 go hAirteagal 147 den Rialachán seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh feidhm ag an dara habairt den seachtú fomhír d'Airteagal 39(2) agus an cúigiú mír d'Airteagal 76 le héifeacht ón dáta a dtiocfaidh an leasú ar an Rialachán Airgeadais a bhaineann le leithreasuithe a shaoradh i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 30, IO C 44, 15.2.2013, lch. 76 agus IO C 271, 19.9.2013, lch. 101

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 58 agus IO C 17, 19.1.2013, lch. 56.

(3)  IO C 47, 17.2.2011, lch. 1, IO C 13, 16.1.2013, lch. 1 agus IO C 267, 17.9.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le gCiste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006; (Féach leathanach 470 den Iris Oifigiúil seo)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 (Féach leathanach 608 den Iris Oifigiúil seo)

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le scéimeanna um thacaíocht dhíreach faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE. (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo)

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 281 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Féach leathanach 259 den Iris Oifigiúil seo).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (Féach leathanach 487 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  IO L 154, 21.6.2003. lch. 1.

(14)  Rialachán Uimh. 1059/2007 ón gComhairle an 1 Feabhra 2007 lena leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche le haghaidh staidreamh (NUTS) (IO L 39, 10.2.2007, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo.)

(16)  Regulation 1316/2013 of the European Parliament and of the Council of 11 Nollaig 2013, establishing the Connecting Europe Facility (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129)

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaith agus lena n-aisghairtear Rialachan Uimh. 1260/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo).

(20)  Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2010 maidir le treoirlínte leathana le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (IO L 191, 23.7.2010, lch. 28)

(21)  Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 308, 24.11.2010, lch. 46).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 den Chonradh maidir le cabhair de minimus (IO L 379, 28.12.2006, lch. 5).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1535/2007 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimus in earnáil na táirgeachta talmhaíochta (IO L 337, 21.12.2007, lch. 35).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2007 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimus in earnáil an iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1860/2004 (IO L 193, 25.7.2007, lch. 6).

(25)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

(26)  Rialachán (EC) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).

(27)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25)

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch. 1).

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

(