ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.321.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

L 321

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
30 Samhain 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1202/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d'fhíon

1

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, p. 1) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Eagrán Speisialta Gaeilge, 27.6.2013, lch. 1)

6

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.11.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 321/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1202/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d'fhíon

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ó 2000 i leith deonaíonn an tAontas rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais do bheagnach gach táirge de thionscnamh tíortha de chuid na mBalcán Thiar. Faoi láthair, foráiltear don chóras seo le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (2).

(2)

Baineann tíortha uile na mBalcán Thiar tairbhe as socruithe trádála fabhracha, lena n-áirítear taraifchuótaí aonair, faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na Comhaontuithe Eatramhacha maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil a cuireadh i gcrích leis na tíortha seo, cé is moite den Chosaiv (3).

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, cuireadh taraifchuóta foriomlán 50 000 hl ar fáil d'fhíon, ar bonn “tús freastail ar an gceann is túisce” le haghaidh na dtairbhithe uile, faoi réir a dtaraifchuótaí sonracha faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na Comhaontuithe Eatramhacha a bheith ídithe acu.

(4)

Tá rochtain chobhsaí ar mhargadh an Aontais riachtanach d'fhorbairt shocheacnamaíoch na Cosaive, a bhfuil a hachmhainn chun fíon a onnmhairiú léirithe aici. In éagmais taraifchuóta aonair, níl an intuarthacht is gá i ndáil lena n-onnmhairí ag táirgeoirí fíona na Cosaive.

(5)

Is iomchuí taraifchuóta sonrach bliantúil 20 000 hl a leithdháileadh ar onnmhairí fíona ón gCosaiv chuig an Aontas, agus an taraifchuóta foriomlán d'fhíon atá ar fáil do na tairbhithe uile a laghdú go comhréireach ó 50 000 hl go 30 000 hl.

(6)

Déantar taraifchuóta sonrach a leithdháileadh tríd an taraifchuóta foriomlán atá ann faoi láthair a dhúnadh agus dhá chuóta nua a oscailt, arb ionann a méid foriomlán agus méid an taraifchuóta a dúnadh.

(7)

Is iomchuí freisin sásra a thabhairt isteach lena seachnaítear éiginnteachtaí dlíthiúla maidir le taraifchuótaí atá ar fáil ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus imeacht méid iomlán an lámháltais thar 50 000 hl a chosc.

(8)

Ós rud é nach modhnaítear méid iomlán na lámháltas, ní dhéanann an Rialachán seo difear don earnáil fíona san Aontas. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na lámháltais shonracha dá bhforáiltear sna Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó sna Comhaontuithe Eatramhacha ach oiread.

(9)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear d'oibleagáidí an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ní gá dó tarscaoileadh ó EDT a fháil.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Tabharfar an chumacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 ar feadh tréimhse cúig bliana ón 3 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfar Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonraítear ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(2)

cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag na bearta idirthréimhseacha seo a leanas ón 3 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013:

(1)

gheobhaidh na taraifchuótaí nua faoi na huimhreacha ordaithe 09.1530 agus 09.1560 iarmhéid tharaifchuóta 09.1515 le hoidhreacht go comhréireach an 3 Nollaig 2013 mar a leanas:

(a)

déanfar méid tosaigh tharaifchuóta 09.1530 a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid:

0,6 × iarmhéid tharaifchuóta 09.1515 an 3 Nollaig 2013;

(b)

déanfar méid tosaigh tharaifchuóta 09.1560 a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid:

0,4 × iarmhéid tharaifchuóta 09.1515 an 3 Nollaig 2013;

(c)

déanfar an dá mhéid tosaigh a shlánú go dtí an t-aonad iomlán (heictilítear);

(2)

déanfar na hiarrataí ar tharaifchuótaí atá ar feitheamh (nach bhfuil leithdháilte) do tharaifchuóta 09.1515 a aistriú go dtí taraifchuótaí 09.1530 agus 09.1560 faoi seach, de réir áit tionscnaimh an fhíon.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).

(3)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag luí le UNSCR 1244 (1999) agus tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

TARAIFCHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

In ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí, ós de réir raon feidhme chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (cóid AC) a chinnfear an scéim fhabhrach, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil ‘ex’ rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin an cód AC agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile.

Uimh. an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

Cuóta-mhéid in aghaidh na bliana (1)

Tairbhithe

Ráta dleachta

09.1571

0301 91 10

0301 91 90

0302 11 10

0302 11 20

0302 11 80

0303 14 10

0303 14 20

0303 14 90

0304 42 10

0304 42 50

0304 42 90

ex 0304 52 00

0304 82 10

0304 82 50

0304 82 90

ex 0304 99 21

ex 0305 10 00

ex 0305 39 90

0305 43 00

ex 0305 59 80

ex 0305 69 80

Breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

15 tona

Críoch chustaim na Cosaive

0 %

09.1573

0301 93 00

0302 73 00

0303 25 00

ex 0304 39 00

ex 0304 51 00

ex 0304 69 00

ex 0304 93 90

ex 0305 10 00

ex 0305 31 00

ex 0305 44 90

ex 0305 59 80

ex 0305 64 00

Carbán (Cyprinus carpio, Carassius carassius, Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

20 tona

Críoch chustaim na Cosaive

0 %

09.1575

ex 0301 99 85

0302 85 10

0303 89 50

ex 0304 49 90

ex 0304 59 90

ex 0304 89 90

ex 0304 99 99

ex 0305 10 00

ex 0305 39 90

ex 0305 49 80

ex 0305 59 80

ex 0305 69 80

Garbhánach (Dentex dentex agus Pagellus spp.): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

45 tona

Críoch chustaim na Cosaive

0 %

09.1577

ex 0301 99 85

0302 84 10

0303 84 10

ex 0304 49 90

ex 0304 59 90

ex 0304 89 90

ex 0304 99 99

ex 0305 10 00

ex 0305 39 90

ex 0305 49 80

ex 0305 59 80

ex 0305 69 80

Doingean mara (Dicentrarchus labrax): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe; saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

30 tona

Críoch chustaim na Cosaive

0 %

09.1530

ex 2204 21 93

ex 2204 21 94

ex 2204 21 95

ex 2204 21 96

ex 2204 21 97

ex 2204 21 98

ex 2204 29 93

ex 2204 29 94

ex 2204 29 95

ex 2204 29 96

ex 2204 29 97

ex 2204 29 98

Fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, cé is móite d'fhíon súilíneach

30 000 hl

An Albáin (2) An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (3), Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine (4), Montainéagró (5), an tSeirbia (6), críoch chustaim na Cosaive (7)

Díolúine

09.1560

ex 2204 21 93

ex 2204 21 94

ex 2204 21 95

ex 2204 21 96

ex 2204 21 97

ex 2204 21 98

ex 2204 29 93

ex 2204 29 94

ex 2204 29 95

ex 2204 29 96

ex 2204 29 97

ex 2204 29 98

Fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, cé is móite d'fhíon súilíneach

20 000 hl

Críoch chustaim na Cosaive

Díolúine


(1)  Aon mhéid foriomlán amháin in aghaidh an taraifchuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na dtairbhithe.

(2)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na hAlbáine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an taraifchuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Albáin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1512 agus 09.1513.

(3)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1528 agus faoi Ordú Uimh. 09.1529.

(4)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraifchuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus faoi Ordú Uimh. 09.1559.

(5)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an taraifchuóta aonair a ndéantar foráil dó sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1514.

(6)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1526 agus faoi Ordú Uimh. 09.1527.

(7)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh chríoch na Cosaive ar an taraifchuóta iomlán, tá sí faoi réir an taraifchuóta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1560.”


Ceartúchán

30.11.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 321/6


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

( IO L 176, 27.6.2013, lch. 1 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Eagrán Speisialta Gaeilge, 27.6.2013, lch. 1)

1.

Leathanach 10, an chéad abairt d'aithris (78)

In ionad:

“(78)

Ba cheart an sainmhíniú nua ar chaipiteal agus ar cheanglais chaipitil rialála a thabhairt isteach agus aird á tabhairt ar na himthosca agus na dálaí náisiúnta éagsúla, agus is é an chaoi a dtiocfaidh laghdú i rith na tréimhse trasdula ar na héagsúlachtaí tosaigh sin.”,

Léitear:.

“(78)

Ba cheart an sainmhíniú nua ar chaipiteal agus ar cheanglais chaipitil rialála a thabhairt isteach agus aird á tabhairt ar an bhfíric gurb ann d'imthosca agus dálaí náisiúnta difriúla, agus ar chaoi a mbeidh an éagsúlacht tosaigh thart ar na caighdeáin nua á laghdú i rith na tréimhse trasdula.”;

2.

Leathanach 9, an dara habairt d'aithris (64)

In ionad:

“Ba cheart d'institiúidí measúnú a dhéanamh féachaint an risíochtaí ar ath-urrúsuithe iad risíochtaí i gcomhthéacs clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe, lena n-áirítear risíochtaí i gcomhthéacs clár ina bhfaightear tráinsí de chomhthiomsuithe ar leithligh d'iasachtaí iomlána sa chás nach bhfuil aon cheann de na hiasachtaí ina risíocht ar urrúsú ná ar ath-urrúsú, agus i gcás gurb é díoltóir na n-iasachtaí a chuireann cosaint chéadcaillteanais ar fáil ar gach infheistíocht díobh.”,

Léitear:

“Ba cheart d'institiúidí measúnú a dhéanamh féachaint an risíochtaí ar ath-urrúsuithe iad risíochtaí i gcomhthéacs clár páipéar tráchtála sócmhainn-fhothaithe, lena n-áirítear risíochtaí i gcomhthéacs clár ina bhfaightear tráinsí de chomhthiomsuithe ar leithligh d'iasachtaí iomlána sa chás nach bhfuil aon cheann de na hiasachtaí ina risíocht ar urrúsú ná ar ath-urrúsú, agus i gcás gurb é díoltóir na n-iasachtaí a chuireann cosaint chéadcaillteanais ar fáil ar gach infheistíocht díobh.”;

3.

Leathanach 19, pointe 14) d' Airteagal 4(1)

In ionad

“(14)

ciallaíonn ‘urraitheoir’ institiúid seachas institiúid tionscnóra a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó scéim urrúsaithe eile a cheannaíonn risíochtaí ó eintitis tríú páirtí;”,

Leitear:

“(14)

ciallaíonn ‘urraitheoir’ institiúid seachas institiúid tionscnóra a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-fhothaithe nó scéim urrúsaithe eile a cheannaíonn risíochtaí ó eintitis tríú páirtí;”;

4.

Leathanach 19, pointe (19) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(19)

ciallaíonn ‘cuideachta bhainistíochta sócmhainní’ cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe 5 d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE agus BCIMmar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla, atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas”,

Léitear:

“(19)

ciallaíonn ‘cuideachta bhainistíochta sócmhainní’ cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE nó BCIM mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas”;

5.

Leathanach 20, pointe (26) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“…ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;”,

Léitear:

“…ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (f) agus i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE faoi seach iad;”;

6.

Leathanach 20, pointe (27)(h) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(h)

cuideachta sealbhaíochta árachais;”,

Léitear:

“(h)

cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear i bpointe (f) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE í;”;

7.

Leathanach 20, pointí (27)(i) go (j) d'Airteagal 4(1)

Scriostar pointí (27)(i) go (j) d'Airteagal 4(1);

8.

Leathanach 21, pointe (34) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(34)

ciallaíonn ‘contrapháirtí imréitigh’ nó ‘CI’ CI mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;”,

Léitear:

“(34)

ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ nó ‘CL’ CL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;”;

9.

Leathanach 23, Airteagal 4(1), pointe 71(b):

In ionad:

“(b)

Caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;”,

Léitear:

“(b)

Chun críocha Airteagal 97 agus Chuid a Ceathair ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:

(i)

caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25;

(ii)

caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;”;

10.

Leathanach 23, pointe (71) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(71)

ciallaíonn ‘caipiteal incháilithe’ suim na nithe seo a leanas:

(a)

Caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25;

(b)

Caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;”,

Léitear:

“(71)

ciallaíonn ‘caipiteal incháilithe’ na nithe seo a leanas:

(a)

chun críocha Theideal III de Chuid a Dó, ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:

(i)

caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25, gan an asbhaint atá in Airteagal 36(1)(k)(i) a chur i bhfeidhm;

(ii)

caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin faoi mar a ríomhtar é de bhun phointe (i) den phointe seo;

(b)

chun críocha Airteagal 97 agus Chuid a Ceathair, ciallaíonn sé suim na nithe seo a leanas:

(i)

Caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25;

(ii)

Caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;”;

11.

Leathanach 24, pointe (82) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(82)

ciallaíonn ‘comhaontú athcheannaigh’ agus ‘comhaontú athcheannaigh droim ar ais’ aon chomhaontú ina n- aistríonn institiúid nó a chontrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach;

(b)

urrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;”,

Léitear:

“(82)

ciallaíonn ‘comhaontú athcheannaigh’ agus ‘comhaontú athcheannaigh droim ar ais’ aon chomhaontú ina n- aistríonn institiúid nó a contrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach, nó le hurrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;”;

12.

Leathanach 25, pointe (91) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(88)

ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach cáilitheach’ contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;”,

Léitear:

“(88)

ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach cáilitheach’ nó ‘CLC’ contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;”;

13.

Leathanach 25, pointe (91) d'Airteagal 4(1)

In ionad:

“(91)

ciallaíonn ‘risíocht trádála’ risíocht reatha, lena n-áiritear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós…”,

Léitear:

“(91)

ciallaíonn ‘risíocht trádála’ risíocht reatha, lena n-áiritear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh nó don chliant ach nach bhfuarthas fós…”;

14.

Leathanach 27, Airteagal 4(2)

In ionad:

“2.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do réadmhaoin nó do mhaoin chónaithe dhochorraithe nó do mhaoin tráchtála dhochorraithe nó do mhorgáiste ar mhaoin den chineál sin, áiredear lei scaireanna i gcuideachtaí tithíochta chónaithe Fionlannacha i gcomhréir leis an dlí Fionlannach maidir le cuideachtaí tithíochta (1991), nó i gcomhréir le reachtaíocht choibéiseach iardain. Féadfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla a cheadú go láimhseálfar scaireanna atá ina sealúchais indíreacha réadmhaoine choibhéiseacha mar shealúchas díreach réadmhaoine ar an gcoinníoll go rialófar an sealúchas indíreach sin go sonrach i ndlí náisiúnta an Bhallstáit agus nuair a chuirfear i ngeall mar chomhthaobhacht é go soláthróidh sé cosaint choibhéiseach do chreidiúnaithe.”,

Léitear:

“2.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do mhaoin dhochorraithe, do mhaoin chónaithe nó do mhaoin tráchtála dhochorraithe nó do mhorgáiste ar mhaoin den chineál sin, áireofar léi nó leis scaireanna i gcuideachtaí tithíochta chónaithe Fionlannacha i gcomhréir leis an dlí Fionlannach maidir le cuideachtaí tithíochta (1991), nó i gcomhréir le reachtaíocht choibéiseach iardain. Féadfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla a cheadú go láimhseálfar scaireanna atá ina sealúchais indíreacha mhaoine dochorraithe choibhéiseacha mar shealúchas díreach mhaoine dochorraithe ar an gcoinníoll go rialófar an sealúchas indíreach sin go sonrach i ndlí náisiúnta an Bhallstáit agus nuair a chuirfear i ngeall mar chomhthaobhacht é go soláthróidh sé cosaint choibhéiseach do chreidiúnaithe.”;

15.

Leathanach 27, Airteagal 6(2)

In ionad:

“2.   Gach institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe, nó ar máthairghnóthas í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 19, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.”,

Léitear:

“2.   Maidir le haon institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe nó ar máthairghnóthas í, agus maidir le haon institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.”;

16.

Leathanach 27, Airteagal 6(3)

In ionad:

“3.   Gach institiúid ar máthairghnóthas í, nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 19, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.”,

Léitear:

“3.   Maidir le haon institiúid ar máthairghnóthas í nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.”;

17.

Leathanach 27, Airteagal 8(4), an chéad abairt

In ionad:

“4.   Féadfaidh údaráis inniúla mír 1, mír 2 agus mír 2a a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí atá ina mbaill den scéim chosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7)(b), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos in Airteagal 113(7), agus maidir le hinstitiúidí eile atá nasctha trí chaidreamh dá dtagraítear in Airteagal 113(6) ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann.”,

Léitear:

“4.   Féadfaidh údaráis inniúla mír 1, mír 2 agus mír 2a a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí atá ina mbaill den scéim chosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann, agus maidir le hinstitiúidí eile atá nasctha trí chaidreamh dá dtagraítear in Airteagal 113(6) ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann.”;

18.

Leathanach 29, Airteagal 10(1), an dara mír

In ionad:

“Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin agusar Threoir 2013/36/AE.”,

Léitear:

“Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin nó ar Threoir 2013/36/AE.”;

19.

Leathanach 30, Airteagal 11 (3)

In ionad:

“3.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí agus institiúidí AE arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE agus institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin, má tá sa ghrúpa institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I do Threoir 2004/39/CE a sholáthar. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(2), agus mura mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.”,

Léitear:

“3.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE, institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE agus institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin, má tá sa ghrúpa institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(2) den Rialachán seo, agus mura mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.”;

20.

Leathanach 31, pointí (a) go (c) d'Airteagal 15(1)

In ionad:

“1.   Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, cur i bhfeidhm Chuid a Trí den Rialachán seo agus Theideal VII de Chaibidil 4 de Threoir (AE)201336 ar bhonn comhdhlúite a tharscaoileadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na dálaí seo a leanas ann:

(a)

baineann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa úsáid as an ríomh malartach de mhéid iomlán an risíochta ar priacal dá dtagraítear in Airteagal 95(2);

(b)

tá gach gnólacht infheistíochta sa ghrúpa laistigh de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus in Airteagal 96(1);

(c)

comhlíonann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa na ceanglais a fhorchuirtear in Airteagal 95 ar bhonn aonair agus ag an am céanna asbhaineann sé ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí choimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;”,

Léitear:

“1.   Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, cur i bhfeidhm Chuid a Trí den Rialachán seo agus Theideal VII de Chaibidil 4 de Threoir (AE)201336 ar bhonn comhdhlúite a tharscaoileadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na dálaí seo a leanas ann:

(a)

baineann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa úsáid as an ríomh malartach de mhéid iomlán an risíochta ar priacal dá dtagraítear in Airteagal 95(2) nó in Airteagal 96(2);

(b)

tá gach gnólacht infheistíochta sa ghrúpa laistigh de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) nó in Airteagal 96(1);

(c)

comhlíonann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa na ceanglais a fhorchuirtear in Airteagal 95 nó in Airteagal 96 ar bhonn aonair agus ag an am céanna asbhaineann sé ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí choimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;”;

21.

Leathanach 32, an chéad abairt d'Airteagal 18(1)

In ionad:

“…nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha.”,

Léitear:

“…nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna.”;

22.

Leathanach 32, an chéad abairt d'Airteagal 18(5)

In ionad:

“I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cinnfidh na húdaráis inniúla …”,

Léitear:

“I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4, cinnfidh na húdaráis inniúla …”;

23.

Leathanach 33, pointe (b) d'Airteagal 19(2)

In ionad:

“(b)

i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí creidmheasa;”,

Léitear:

“(b)

i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí;”;

24.

Leathanach 35, Airteagal 22

In ionad:

“Déanfaidh institiúidí fochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 89 go hAirteagal 91 de Chuid a Trí agus i gCuid a Cúig a chur i bhfeidhm ar bhonn a suímh fhochomhdhlúite …”,

Léitear:

“Déanfaidh institiúidí fochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 89 go hAirteagal 91 de Chuid a Trí agus i gCuid a Ceathair a chur i bhfeidhm ar bhonn a suímh fhochomhdhlúite …”;

25.

Leathanach 43, Airteagal 40

In ionad:

“…dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II.”,

Léitear:

“…dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.”;

26.

Leathanach 41, Airteagal 33(1)(c)

In ionad:

“(c)

gach gnóthachan agus caillteanas ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na hinstitiúide féin i dtaca le dliteanais díorthacha.”,

Léitear:

“(c)

gnóthachain agus caillteanais ar luach cóir ar dhliteanais díorthacha na hinstitiúide a eascraíonn as athruithe ar sheasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide.”;

27.

Leathanach 43, Airteagal 40

In ionad:

“Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú i ngeall ar mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó ar éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II.”,

Léitear

“Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú trí mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó trí éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.”;

28.

Leathanach 43 agus Leathanach 44, Airteagal 41(1)

In ionad:

“1.   Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:

(a)

méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b)

méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil. Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ualú priacal leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.”,

Léitear:

“1.   Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:

(a)

méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b)

méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil.

Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ualú priacal leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.”;

29.

Leathanach 45, Airteagal 46(1)(b)

In ionad:

“…roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dílse na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais.”,

Léitear:

“…roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2 na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais.”;

30.

Leathanach 45, Airteagal 46(3)

In ionad:

“3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:”,

Léitear:

“3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:”;

31.

Leathanach 48, Airteagal 46(5)

In ionad:

“5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid a shonraíteari bpointe (i) a roinnt ar an méid i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.”,

Léitear:

“5.   Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraime Ghnáthchothromais Leibhéal 1 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.”;

32.

Leathanach 48, Airteagal 49(5)

In ionad:

“5.   Áit ina gcuirfidh institiúid modhanna 1 agus 2 d'Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/87/CE i bhfeidhm, nochtfaidh an institiúid …”,

Léitear:

“5.   Áit ina gcuirfidh institiúid modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE i bhfeidhm, nochtfaidh an institiúid …”;

33.

Leathanach 52, Airteagal 60(1)(a)

In ionad:

“(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ábhartha atá ag an institiúid 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:”,

Léitear:

“(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:”;

34.

Leathanach 53, Airteagal 60(3)

In ionad:

“3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Ríomhfar an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid a shonraítear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.”

Léitear:

“3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh na hinstitiúidí an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú.”

35.

Leathanach 53, Airteagal 60(5)

In ionad:

“5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid i bpointe (i) a roinnt ar an méid i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu.”,

Léitear:

“5.   Déanfaidh institiúidí méid gach ionstraim Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú leis an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an cion a eascraíonn as an ríomh i bpointe (b) de mhír 3.”;

36.

Leathanach 56, Airteagal 70(1)(a)

In ionad:

“(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (g), pointe k(ii) go (v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;”,

Léitear:

“(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (g), pointe k(ii) go (v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45;”;

37.

Leathanach 56, Airteagal 70(1)(b)

In ionad:

“(b)

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir atá ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.”,

Léitear:

“(b)

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir nach bhfuil infheistíocht shuntasach iontu ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.”;

38.

Leathanach 56, Airteagal 70(3)

In ionad:

“3.   An méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid atá sonraithe i bpointe (i) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Leibhéal 2;

(ii)

an méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.”,

Léitear:

“3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí an méid a bheidh le hasbhaint as gach ionstraim Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

cion mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin atá in ionannas le gach ionstraim arna sealbhú.”;

39.

Leathanach 57, Airteagal 70(5)

In ionad:

“5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid a shonraítear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.”,

Léitear:

“5.   Déanfaidh institiúidí méíd gach ionstraim Leibhéal 2 atá ualaithe de réir priacal de bhun mhír 4 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an cion a eascraíonn as an ríomh ata i bpointe (b) de mhír 3.”;

40.

Leathanach 62, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 85(1)

In ionad:

“1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áirítear i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin.”,

Léitear:

“1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áirítear i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin.”;

41.

Leathanach 65, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 92(4)

In ionad:

“4.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh an méid iomlán risíochta dá dtagraítear i mír 3 á ríomh:”,

Léitear:

“4.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh an méid iomlán risíochta priacail dá dtagraítear i mír 3 á ríomh:”;

42.

Leathanach 66, Airteagal 95(3)

In ionad:

“3.   Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ag gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 3, Roinn II, Foroinn 1 de Threoir 2013/36/AE.”,

Léitear:

“3.   Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ag gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 2, Roinn II, Foroinn 2 de Threoir 2013/36/AE.”;

43.

Leathanach 68, Airteagal 99 (4)

In ionad:

“4.   Déanfar an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 2 agus sa chéad fhomhír de mhír 3 a thuairisciú a mhéid a bheidh sin riachtanach chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúide agus i bhfianaise na priacail shistéamacha a thugann na hinstitiúidí don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”,

Léitear:

“4.   Déanfar an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a thuairisciú a mhéid a bheidh sin riachtanach chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúide agus i bhfianaise na priacail shistéamacha a thugann na hinstitiúidí don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

44.

Leathanach 68, Airteagal 101(1)

In ionad:

“1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris”,

Léitear:

“1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine dochorraithe náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris”;

45.

Leathanaigh 68 agus 69, pointí (a) go (c) d'Airteagal 101(1)

In ionad:

“1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris:

(a)

caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe dhochorraithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó 80 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

(c)

luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc atá aitheanta le maoin chónaithe dhochorraithe mar chomhthaobhacht ag institiúid, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1);”,

Léitear:

“1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris:

(a)

caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó 80 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

(c)

luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc atá aitheanta le maoin chónaithe dhochorraithe mar chomhthaobhacht ag institiúid, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1);”;

46.

Leathanach 69, Airteagal 101(2)

In ionad:

“2.   Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta, go leithleach do gach margadh maoine laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha ar risithe air.”,

Léitear:

“2.   Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta. Déanfar na sonraí a thuairisciú go leithleach do gach margadh maoine dochorraithe laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha risithe air.”;

47.

Leathanach 69, Airteagal 101(3)

In ionad:

“3.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar bhonn comhiomlán agus bliantúil na sonraí atá sonraithe i bpointí (a) go (f) de mhír 1, mar aon le sonraí stairiúla, nuair atá siad ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí maoine cónaithe dochorraithe nó maoine tráchtála dochorraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.”,

Léitear:

“3.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar bhonn comhiomlán agus bliantúil na sonraí atá sonraithe i bpointí (a) go (f) de mhír 1, mar aon le sonraí stairiúla, nuair atá siad ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí maoine cónaithe nó maoine tráchtála dochorraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.”;

48.

Leathanach 70, Airteagal 105(2)(b)

In ionad:

“(b)

línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh.

Is é an comhlacht bainistíochta a bheidh ag deireadh na líne tuairiscithe.”,

Léitear:

“(b)

línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh, ar línte chuig an gcomhlacht bainistíochta a bheidh iontu sa deireadh.”;

49.

Leathanach 72, Airteagal 106 (1)(e)

In ionad:

“(e)

déanfar faireachán cúramach air.”,

Léitear

“(e)

déanfar faireachán cúramach air i gcomhréir le nósanna imeachta dóthanacha.”;

50.

Leathanach 73, Airteagal 107(4)

In ionad:

“4.   Chun críocha mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint de risíochtaí ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2015, ar choinníoll go mbeidh, an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.”,

Léitear

“4.   Chun críocha mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint de risíochtaí ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2015, ar choinníoll go mbeidh an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.”;

51.

Leathanach 75, pointe (a) d'Airteagal 113(6)

In ionad:

“(a)

is é atá sa chontrapháirtí institiúid, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid airgeadais, cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;”,

Léitear:

“(a)

is é atá sa chontrapháirtí institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;”;

52.

Leathanach 76, Airteagal 114(5)

Scriostar Airteagal 114(5).

53.

Leathanach 76, Airteagal 114(6)(a), (b) agus (c)

In ionad:

“6.   I gcás na risíochtaí a léirítear i mír 5:

(a)

in 2018 beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 20 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(b)

in 2019 beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 50 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(c)

in 2020 agus ón mbliain sin ar aghaidh, beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 100 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2).”,

Léitear:

“6.   I gcás na risíochtaí a léirítear in Airteagal 495(2):

(a)

in 2018 is éard a bheidh san ualú priacal a chuirfear i bhfeidhm maidir le luachanna na risíochta 20 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le mír 2;

(b)

in 2019 is éard a bheidh san ualú priacal a chuirfear i bhfeidhm maidir le luachanna na risíochta 50 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(c)

in 2020 agus ón mbliain sin ar aghaidh, is éard a bheidh san ualú priacal a chuirfear i bhfeidhm maidir le luachanna na risíochta 100 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le mír 2.”;

54.

Leathanach 80, Airteagal 124(1), an chéad mhír, an chéad abairt

In ionad:

“1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 agus Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine.”,

Léitear:

“1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 nó Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine dochorraithe.”;

55.

Leathanach 80, Airteagal 124(1), an chéad fomhír

In ionad:

“1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 agus Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine.”,

Léitear

“1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 nó Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine dochorraithe.”;

56.

Leathanach 80, Airteagal 124(1), an dara fomhír, an chéad abairt

In ionad:

“Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos airde ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist.”,

Léitear:

“Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos airde ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach morgáiste na maoine atá i gceist.”;

57.

Leathanach 81, an dara habairt den séú fomhír d'Airteagal 124(2)

In ionad:

“Foilseoidh ÚBE na hualaí priacal agus na critéir arna socrú ag na húdaráis inniúla le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 125, 126 agus 199.”,

Léitear:

“Foilseoidh ÚBE na hualaí priacal agus na critéir arna socrú ag na húdaráis inniúla le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 125, 126 agus 199(1)(a)”;

58.

Leathanach 81, Airteagal 124(5)

In ionad:

“…maidir le risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe agus ar mhaoin chónaithe dhochorraithe atá suite sa Bhallstát sin.”,

Léitear:

“…maidir le risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála agus ar mhaoin chónaithe atá suite sa Bhallstát sin.”;

59.

Leathanach 82, Airteagal 126(3)

In ionad:

“3.   Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine dochorraithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn na teorainneacha seo a leanas:”,

Léitear:

“3.   Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine dochorraithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn na teorainneacha seo a leanas:”;

60.

Leathanach 84, Airteagal 129(1)(e), an abairt dheireanach

In ionad:

“Déanfaidh an institiúid chreidmheas agus soláthraí na cosanta araon measúnú creidmheasa ar an iasachtaí;”,

Léitear:

“Déanfaidh an institiúid chreidmheasa agus soláthraí na cosanta araon measúnú ar acmhainneacht creidmheasa ar an iasachtaí;”;

61.

Leathanach 86, Airteagal 134(1)

In ionad:

“1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do shócmhainní inláimhsithe de réir bhrí Airteagal 4(10) de Threoir 86/635/CEE.”,

Léitear:

“1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do shócmhainní inláimhsithe de réir bhrí ítim 10 faoin gceannteideal ‘Sócmhainní’ in Airteagal 4 de Threoir 86/635/CEE.”;

62.

Leathanach 90, foclaíocht réamhráiteach phointe (4) d'Airteagal 142(1)

In ionad:

“(4)

ciallaíonn ‘mór-eintiteas earnála airgeadais’ aon eintiteas earnála airgeadais, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (27)(j) d'Airteagal 4(1) a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:”,

Léitear:

“(4)

ciallaíonn ‘mór-eintiteas earnála airgeadais’ aon eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:”;

63.

Leathanach 90, pointe (5) d'Airteagal 142(1)

In ionad:

“(5)

ciallaíonn ‘eintiteas airgeadais neamhrialáilte’ aon eintiteas eile nach eintiteas earnála airgeadais rialáilte é …”,

Léitear:

“(5)

ciallaíonn ‘eintiteas earnála airgeadais neamhrialáilte’ aon eintiteas eile nach eintiteas earnála airgeadais rialáilte é …”;

64.

Leathanach 94, pointe (d)(ii) d'Airteagal 150(1)

In ionad:

“(ii)

go ndéantar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar an rialtas láir agus ar an mbanc ceannais faoi Airteagal 114(2), Airteagal 114(4) nó Airteagal 114(5);”,

Léitear:

“(ii)

go ndéantar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar an rialtas láir agus ar an mbanc ceannais faoi Airteagal 114(2), Airteagal 114(4) nó Airteagal 495(2);”;

65.

Leathanach 95, an chéad abairt d'Airteagal 150(2)

In ionad:

“…gan risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a áireamh …”,

Léitear:

“…gan risíochtaí ar chothromas arna dtabhú faoi chláir reachtacha dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 1 a áireamh…”;

66.

Leathanach 95, Airteagal 151(1)

In ionad:

“1.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) agus (g) d'Airteagal 147(2), mura n-asbhaintear iad as cistí dílse, a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2 ach amháin nuair a asbhaintear na risíochtaí sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2.”,

Léitear:

“1.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) agus (g) d'Airteagal 147(2), mura n-asbhaintear iad as cistí dílse, a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2 ach amháin nuair a asbhaintear na risíochtaí sin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó ítimí de Chaipiteal Leibhéal 2.”;

67.

Leathanach 96, Airteagal 152(3):

In ionad:

“3.   I gcás nach gcomhlíonann risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3), nó nach eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha go léir an GC nó a chuid risíochtaí fholuiteacha ar risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC atá ann, déanfaidh an institiúid na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis na gcur chuige simplí maidir le hualú priacal atá leagtha amach in Airteagal 155(2).”,

Léitear:

“3.   I gcás nach gcomhlíonann risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC na critéir atá leagtha amach in Airteagal 132(3), nó i gcás nach eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha uile an GC nó risíochtaí foluiteacha uile aonaid nó scaire in GC, ar risíocht fholuiteach de chuid an GC é féin nó í féin, déanfaidh an institiúid na risíochtaí foluiteacha sin a thrébhreathnú agus ríomhfaidh sí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir leis an gcur chuige simplí maidir le hualú priacal atá leagtha amach in Airteagal 155(2).”;

68.

Leathanach 97, Airteagal 153(1)(ii)

In ionad:

“(ii)

má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh:

i gcás ina gcuireann institiúidí na luachanna LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1) i bhfeidhm, beidh RW cothrom le 0;

i gcás ina n-úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna, beidh RW amhlaidh le Formula;”,

Léitear:

“(ii)

má tá PD = 1, i.e. le haghaidh risíochtaí a mhainnigh:

i gcás ina gcuireann institiúidí na luachanna LGD atá leagtha amach in Airteagal 161(1) i bhfeidhm, beidh RW cothrom le 0;

i gcás ina n-úsáideann institiúidí a meastacháin féin ar LGDanna, beidh RW amhlaidh le Formula;”;

69.

Leathanach 97, an dara habairt d'Airteagal 153(2)

In ionad:

“Maidir le gach risíocht ar eintitis airgeadais neamhrialáilte, iolraítear comhéifeachtaí comhghaolúcháin a leagtar amach i mír 1(iii) agus i mír 4, de réir mar is ábhartha, faoi 1,25.”,

Léitear:

“Maidir le gach risíocht ar eintitis earnála airgeadais neamhrialáilte, iolraítear comhéifeachtaí comhghaolúcháin a leagtar amach i mír 1(iii) agus i mír 4, de réir mar is ábhartha, faoi 1,25.”;

70.

Leathanach 106, an dara fomhír d'Airteagal 164(4)

In ionad:

“An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht arna hurrú le maoin dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.”,

Léitear:

“An meánluach LGD ualaithe ó thaobh na risíochta do gach risíocht arna hurrú le maoin tráchtála dhochorraithe agus gan ráthaíochtaí ó rialtais láir acu, ní bheidh sé níos ísle ná 15 %.”;

71.

Leathanach 106, Airteagal 164(5)

In ionad:

“5.   Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 101 agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine agus aon táscairí ábhartha eile á gcur san áireamh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas go tréimhsiúl, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGA i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe nó tráchtála atá suite ar a gcríoch. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais, luachanna íosta níos airde a shocrú do mheán LGA atá ualaithe do risíochtaí a urraítear le maoin atá suite ar a gcríoch.”,

Léitear:

“5.   Bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh faoi Airteagal 101 agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe agus aon táscairí ábhartha eile á gcur san áireamh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas go tréimhsiúl, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosta LGA i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do risíochtaí atá urraithe le maoin chónaithe nó le maoin tráchtála dhochorraithe atá suite ar a gcríoch. Féadfaidh údaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais, luachanna íosta níos airde a shocrú do mheán LGA atá ualaithe do risíochtaí a urraítear le maoin dhochorraithe atá suite ar a gcríoch.”;

72.

Leathanach 106, Airteagal 164(7)

In ionad:

“7.   Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm maidir le risíochtaí atá urraithe le maoin atá suite sa Bhallstát sin.”,

Léitear:

“7.   Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na luachanna íosta LGD níos airde arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm maidir le risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe atá suite sa Bhallstát sin.”;

73.

Leathanach 107, Airteagal 166(8), an chéad fomhír:

In ionad:

“8.   Ríomhfar luach risíochta na n-ítimí seo a leanas mar an méid atá tiomanta ach nár tarraingíodh fós arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta. Úsáidfidh na hInstitiúidí na fachtóirí coinbhéartachta a leanas i gcomhréir le hAirteagal 151(8) maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais:

(a)

i gcás línte creidmheasa is féidir leis an institiúid a chealú go neamhchoinníollach aon tráth gan fógra a thabhairt roimh ré, nó lena ndéantar foráil go hiarbhír gur féidir iad a chealú go huathoibríoch má thagann meath ar acmhainn creidmheas an iasachtaí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;

(b)

i gcás litreacha creidmheasa gearrthéarmacha a thagann as gluaiseacht earraí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 20 % i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí eisiúna agus na hinstitiúid daingniúcháin araon;

(c)

i gcás ceangaltais cheannaigh neamhtharraingthe i leith earraí infhaighte ceannaithe imrothlacha is féidir a chealú go neamhchoinníollach nó a dhéanann foráil go bhféadfaidh an institiúid iad a chealú tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheath ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach;

(d)

i gcás línte creidmheasa eile, saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna), cuirfear fachtóir coinbhéartachta 75 % i bhfeidhm;

(e)

féadfaidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais maidir le húsáid a bhaint as a meastacháin féin ar fhachtóirí coinbhéartachta, mar a shonraítear i Roinn 6, a meastacháin féin a úsáid thar chineálacha táirgí éagsúla mar a luaitear i bpointí (a) go (d), faoi réir chead na n-údarás inniúil.”,

Léitear:

“8.   Ríomhfar luach risíochta na n-ítimí seo a leanas mar an méid atá tiomanta ach nár tarraingíodh fós arna iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta. Úsáidfidh na hInstitiúidí na fachtóirí coinbhéartachta a leanas i gcomhréir le hAirteagal 151(8) maidir le risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí, ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais:

(a)

i gcás línte creidmheasa is féidir leis an institiúid a chealú go neamhchoinníollach aon tráth gan fógra a thabhairt roimh ré, nó lena ndéantar foráil go hiarbhír gur féidir iad a chealú go huathoibríoch má thagann meath ar acmhainn creidmheasa an iasachtaí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheathlú ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach. Féadfar a mheas go bhfuil na línte creidmheasa miondíola inchealaithe go neamhchoinníollach má cheadaíonn na téarmaí don institiúid na línte sin a chealú an oiread atá ceadaithe faoi reachtaíocht cosanta tomhaltóirí agus faoi reachtaíocht ghaolmhar;

(b)

i gcás litreacha creidmheasa gearrthéarmacha a thagann as gluaiseacht earraí, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 20 % i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí eisiúna agus na hinstitiúid daingniúcháin araon;

(c)

i gcás ceangaltais cheannaigh neamhtharraingthe i leith earraí infhaighte ceannaithe imrothlacha is féidir a chealú go neamhchoinníollach nó a dhéanann foráil go bhféadfaidh an institiúid iad a chealú tráth ar bith gan fógra a thabhairt roimh ré, cuirfear fachtóir coinbhéartachta 0 % i bhfeidhm. Chun fachtóir coinbhéartachta 0 % a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí faireachán gníomhach ar staid airgeadais an oibleagáideora agus cuirfidh a gcórais rialaithe inmheánaigh ar a gcumas aon mheath ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora a bhrath láithreach;

(d)

i gcás línte creidmheasa eile, saoráidí eisiúna nótaí (NIFanna) agus saoráidí frithgheallta imrothlacha (RUFanna), cuirfear fachtóir coinbhéartachta 75 % i bhfeidhm.

Féadfaidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais maidir le húsáid a bhaint as a meastacháin féin ar fhachtóirí coinbhéartachta, mar a shonraítear i Roinn 6, a meastacháin féin a úsáid thar chineálacha táirgí éagsúla mar a luaitear i bpointí (a) go (d), faoi réir chead na n-údarás inniúil.”;

74.

Leathanach 112, pointe (b) d'Airteagal 178(1)

In ionad:

“…i gcás risíochtaí arna n-urrú ag réadmhaoin chónaithe nó ag réadmhaoin tráchtála FBM in aicme na risíochta ar mhiondíol,”,

Léitear:

“…i gcás risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe nó ag maoin tráchtála FBM dhochorraithe in aicme na risíochta ar mhiondíol …”;

75.

Leathanach 115, pointe (d) d'Airteagal 180(2)

In ionad:

“(d)

má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith an mhiondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána …”,

Léitear:

“(d)

má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PD agus LGD i leith risíochtaí miondíola a dhíorthú ó mheastachán ar chaillteanais iomlána …”;

76.

Leathanach 116, pointe (b) d'Airteagal 181(3)

In ionad:

“(b)

na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid, de bhun mhír 3, sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.”,

Léitear:

“(b)

na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh údarás inniúil cead a thabhairt d'institiúid de bhun mhír 2 sonraí ábhartha a chumhdaíonn tréimhse dhá bhliain a úsáid, nuair a chuireann an institiúid an Cur Chuige IRB chun feidhme.”;

77.

Leathanach 117, teideal d'Airteagal 183

In ionad:

“Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar iarmhairt ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa ar risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidíagus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais nuair a úsáidtear féinmheastacháin ar LGDanna agus risíochtaí ar mhiondíol”,

Léitear

“Ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar iarmhairt ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa ar risíochtaí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais nuair a úsáidtear féinmheastacháin ar LGDanna agus risíochtaí ar mhiondíol”;

78.

Leathanach 121, pointe (b), Airteagal 188

In ionad:

“(b)

beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tabharfar tuairisc ar athruithe ar na modhanna meastacháin agus bailíochtaithe agus ar na sonraí, lena n-áirítear foinsí na sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad;”,

Léitear:

“(b)

beidh na modhanna agus na sonraí a úsáidfear don bhailíochtú cainníochtúil comhsheasmhach go fadtéarmach. Tabharfar tuairisc ar athruithe ar na modhanna meastacháin agus bailíochtaithe agus ar athruithe ar fhoinsí sonraí agus na tréimhsí a chumhdaíonn siad;”;

79.

Leathanach 122, Airteagal 190(2)(b):

In ionad:

(b)

tuairiscí achoimre ó chórais rátála na hinstitiúide a ullmhú agus anailís a dhéanamh orthu;

Léitear:

“(b)

tuairiscí achoimre de chuid chórais rátála na hinstitiúide a ullmhú agus anailís a dhéanamh orthu;”;

80.

Leathanach 125, pointe (b) d'Airteagal 197(5)

In ionad:

“(b)

tá na GCanna teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi mhír 1 agus mhír 2;”,

Léitear:

“(b)

tá na GCanna teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi mhír 1 agus mhír 4;”;

81.

Leathanach 127, Airteagal 199(4), agus 199(4) (a) agus (b)

In ionad:

“4.   Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás maoine dochorraithe tráchtala atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea- fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraítear aon cheann de na teorainneacha seo a leanas leo:

(a)

caillteanais atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála suas le 50 % den mhargadhluach nó 60 % den luach iasachta morgáiste, ní mó iad ná 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála in aon bhliain faoi leith;

(b)

caillteanais fhoriomlána atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála, ní mó iad ná 0,5 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe thráchtála in aon bhliain faoi leith. …”,

Léitear:

“4.   Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás maoine tráchtála dochorraithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine tráchtála dochorraithe dea- fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraítear aon cheann de na teorainneacha seo a leanas leo:

(a)

caillteanais atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe suas le 50 % den mhargadhluach nó 60 % den luach iasachta morgáiste, ní mó iad ná 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe in aon bhliain faoi leith;

(b)

caillteanais fhoriomlána atá ag teacht ó iasachtaí arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe, ní mó iad ná 0,5 % de na hiasachtaí gan íoc arna gcomhthaobhú le maoin thráchtála dhochorraithe in aon bhliain faoi leith. …”;

82.

Leathanach 128, pointe (g) d'Airteagal 201(1)

In ionad:

“(g)

eintitis chorparáideacha eile, lena n-áirítear máthair-eintitis chorparáideacha, fo-eintitis chorparáideacha agus eintitis chorparáideacha chleamhnaithe na hinstitiúide,”,

Léitear:

“(g)

eintitis chorparáideacha eile, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí agus eintitis chorparáideacha chleamhnaithe na hinstitiúide,”;

83.

Leathanach 131, an chéad abairt i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 208(3)

In ionad:

“(a)

déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine dochorraithe tráchtála agus uair amháin gach trí bliana i gcás réadmhaoine cónaithe.”,

Léitear:

“(a)

déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na maoine go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcás maoine tráchtála dochorraithe agus uair amháin gach trí bliana i gcás maoine cónaithe.”;

84.

Leathanach 131, an dara fomhír d'Airteagal 208(3) [Extra correction required in GA]

In ionad:

“Féadfaidh institiúidí modhanna staitistiúla a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luach na maoine agus chun maoin a shainaithint ar gá athluacháil le déanamh uirthi.”,

Léitear:

“Féadfaidh institiúidí modhanna staitistiúla a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar luach na maoine dochorraithe agus chun maoin dhochorraithe a shainaithint ar gá athluacháil a dhéanamh uirthi.”;

85.

Leathanach 131, Airteagal 208(4)

In ionad:

“4.   Déanfaidh institiúidí cineálacha na maoine cónaithe agus na maoine dochorraithe tráchtála a nglacann siad leo agus a mbeartais iasachtaithe i dtaca leis sin a dhoiciméadú go soiléir.”,

Léitear:

“4.   Déanfaidh institiúidí cineálacha na maoine cónaithe agus na maoine tráchtála dochorraithe a nglacann siad leo agus a mbeartais iasachtaithe i dtaca leis sin a dhoiciméadú go soiléir.”;

86.

Leathanach 131, Airteagal 208(5)

In ionad:

“5.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun fíorú go bhfuil an mhaoin a bheidh glactha mar chosaint creidmheasa árachaithe a dóthain i gcoinne priacal damáiste.”,

Léitear:

“5.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun fíorú go bhfuil an mhaoin dhochorraithe a bheidh glactha mar chosaint creidmheasa árachaithe a dóthain i gcoinne priacal damáiste.”;

87.

Leathanach 132, teideal Airteagal 211

In ionad:

“Ceanglais maidir le risíochtaí a láimhseáil mar risíochtaí comhthaobhaithe”,

Léitear:

“Ceanglais maidir le risíochtaí ar léasanna a láimhseáil mar risíochtaí comhthaobhaithe”;

88.

Leathanach 138, an chéad abairt den dara fomhír d'Airteagal 221(3)

In ionad:

“Féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu samhail inmheánach na bainistíochta priacal a úsáid faoi Theideal IV, Caibidil 5 …”,

Léitear:

“Féadfaidh institiúidí a bhfuil cead faighte acu samhail inmheánach tomhas priacal a úsáid faoi Theideal IV, Caibidil 5 …”;

89.

Leathanach 146, an dara fomhír d'Airteagal 229(1)

In ionad:

“Sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste i bhforálacha reachtúla nó rialúcháin, féadfaidh luachálaí neamhspleách an mhaoin a luacháil ina ionad ar an luach iasachta morgáiste nó ar níos ísle ná an luach iasachta morgáiste.”,

Léitear:

“Sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste i bhforálacha reachtúla nó rialúcháin, féadfaidh luachálaí neamhspleách an mhaoin chónaithe a luacháil ina ionad ar an luach iasachta morgáiste nó ar níos ísle ná an luach iasachta morgáiste.”;

90.

Leathanach 146, an tríú fomhír d'Airteagal 229(1)

In ionad:

“torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3) a léiriú, agus d'fhonn aon éileamh tosaíochta ar an maoin a áireamh.”,

Léitear:

“…torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3) a léiriú, agus d'fhonn aon éileamh tosaíochta ar an maoin dhochorraithe a áireamh.”;

91.

Leathanach 146, Airteagal 230(2), Tábla 5, an chéad cholún, an dara sraith

In ionad:

“Réadmhaoin chónaithe/ réadmhaoin tráchtála”,

Léitear:

“Maoin chónaithe/ maoin tráchtála dhochorraithe”;

92.

Leathanach 147, Airteagal 230(3)

In ionad:

“…lánchomhthaobhaithe le maoin chónaithe nó le maoin dhochorraithe thráchtála atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 125(2)(d) agus in Airteagal 126(2)(d) faoi seach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 199(6).”,

Léitear:

“…lánchomhthaobhaithe le maoin chónaithe nó le maoin tráchtála dhochorraithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 199(3) nó (4).”;

93.

Leathanach 151, Airteagal 242(9):

In ionad:

“(9)

ciallaíonn ‘clár páipéar tráchtála bunaithe ar shócmhainní (ABCP)’ clár urrúsuithe ar i bhfoirm páipéir thráchtála le haibíocht tosaigh aon bhliana nó níos lú atá na hurrúis arna n-eisiúint aige den chuid is mó;”,

Léitear:

“(9)

ciallaíonn ‘clár páipéar tráchtála sócmhainn-fhothaithe’ nó ‘clár ABCP’ clár urrúsuithe ar i bhfoirm páipéir thráchtála le haibíocht tosaigh aon bhliana nó níos lú atá na hurrúis arna n-eisiúint aige den chuid is mó;”;

94.

Leathanach 153, Airteagal 244(2)(b):

In ionad:

“2.   Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach má chomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní sháraíonn méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra san urrúsú sin 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine go léir san urrúsú sin;

(b)

i gcás nach bhfuil aon suíomh urrúsúcháin mezzanine in urrúsú ar leith agus gur féidir leis an tionscnóir a léiriú go ndéanann luach risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir a n-asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó faoi réir ualú priacal 1 250 % meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí urrúsaithe a shárú faoi chorrlach suntasach, ní bheidh níos mó ná 20 % de luachanna risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná faoi réir ualú priacal 1 250 % i seilbh na hinstitiúide tionscnóra.

(c)

i gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis anlaghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh ar bhonn gach cáis ar leith nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.”,

Léitear:

“2.   Measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach má chomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní sháraíonn méideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine atá i seilbh na hinstitiúide tionscnóra san urrúsú sin 50 % de mhéideanna risíochta ualaithe ó thaobh priacal na suíomh urrúsúcháin mezzanine go léir san urrúsú sin;

(b)

i gcás nach bhfuil aon suíomh urrúsúcháin mezzanine in urrúsú ar leith agus gur féidir leis an tionscnóir a léiriú go ndéanann luach risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir a n-asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó faoi réir ualú priacal 1 250 % meastachán réasúnaithe ar an gcaillteanas ionchasach ar na risíochtaí urrúsaithe a shárú faoi chorrlach suntasach, ní bheidh níos mó ná 20 % de luachanna risíochta na suíomh urrúsúcháin a bheadh faoi réir asbhainte ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná faoi réir ualú priacal 1 250 % i seilbh na hinstitiúide tionscnóra.

I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh ar bhonn gach cáis ar leith nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.”;

95.

Leathanach 153, Airteagal 244(2)(c)

In ionad:

“(c)

i gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh ar bhonn gach cáis ar leith nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.”,

Léitear:

“I gcás nach bhfuil bonn cirt, mar gheall ar aistriú priacal creidmheasa ar chóimhéid chuig tríú páirtithe, leis an laghdú féideartha ar mhéideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal a bhainfeadh an institiúid tionscnóra amach tríd an urrúsú seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh ar bhonn gach cáis ar leith nach measfar gur aistríodh priacal creidmheasa suntasach chuig tríú páirtithe.”;

96.

Leathanach 168, Airteagal 272(10)

In ionad:

“(10)

ciallaíonn ‘aibíocht iarbhír faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí le haghaidh tacar glanluachála le haibíocht de níos mó ná bliain amháin'’cóimheas shuim na risíochta ionchasaí thar shaolré na n-idirbheart sa tacar glanluachála lascainithe ag an ráta toraidh saor ó priacal, arna roinnt ar shuim na risíochta ionchasaí thar bhliain amháin i dtacar glanluachála lascainithe ag an ráta saor ó priacal;”,

Léitear:

“(10)

ciallaíonn ‘aibíocht iarbhír’ faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí le haghaidh tacar glanluachála le haibíocht de níos mó ná bliain amháin cóimheas shuim na risíochta ionchasaí thar shaolré na n-idirbheart sa tacar glanluachála lascainithe ag an ráta toraidh saor ó priacal, arna roinnt ar shuim na risíochta ionchasaí thar bhliain amháin i dtacar glanluachála lascainithe ag an ráta saor ó priacal;”;

97.

Leathanach 174, Airteagal 279(a) agus (b)

In ionad:

“(a)

láimhseálfar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí mar éileamh ar an gcontrapháirtí faoi chonradh díorthach (suíomh fada) atá dlite ar an lá a dhéantar an cinneadh;

(b)

láimhseálfar comhthaobhacht atá breactha aici le contrapháirtí mar oibleagáid don chontrapháirtí (suíomh gearr) atá dlite ar an lá a dhéantar an cinneadh.”,

Léitear:

“(a)

láimhseálfar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí mar oibleagáid don chontrapháirtí faoi chonradh díorthach (suíomh gearr) atá dlite ar an lá a dhéantar an cinneadh;

(b)

láimhseálfar comhthaobhacht atá breactha aici le contrapháirtí mar éileamh ar an gcontrapháirtí (suíomh fada) atá dlite ar an lá a dhéantar an cinneadh.”;

98.

Leathanach 176, Airteagal 284(2)

In ionad:

“2.   Ionas go ndéanfaidh an tsamhail éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil, comhlíonfaidh samhail luach na comhthaobhachta na ceanglais chainníochtúla, cháilíochtúla agus sonraí don tsamhail IMM i gcomhréir leis an Roinn seo agus ní fhéadfaidh an institiúid ach comhthaobhacht airgeadais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 197 agus, Airteagal 198 agus i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal299(2)a chur san áireamh ina dáileacháin réamhaisnéise maidir le hathruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála.”,

Léitear:

“2.   Ionas go ndéanfaidh an tsamhail éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil, comhlíonfaidh samhail luach na comhthaobhachta na ceanglais chainníochtúla, cháilíochtúla agus sonraí don IMM i gcomhréir leis an Roinn seo agus ní fhéadfaidh an institiúid ach comhthaobhacht airgeadais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 197 agus, Airteagal 198 agus i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal299(2)a chur san áireamh ina dáileacháin réamhaisnéise maidir le hathruithe i margadhluach an tacair ghlanluachála.”;

99.

Leathanach 177, Airteagal 284(8)

In ionad:

“8.   Féadfaidh institiúid aonad tomhais den dáileadh arna ríomh ag an tsamhail a úsáid atá níos coimeádaí ná α iolraithe faoi EPE iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an gcothromóid i mír 4 maidir le gach contrapháirtí.”,

Léitear:

“8.   Féadfaidh institiúid aonad tomhais den dáileadh arna ríomh ag an IMM a úsáid atá níos coimeádaí ná α iolraithe faoi EPE iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an gcothromóid i mír 4 maidir le gach contrapháirtí.”;

100.

Leathanach 177, Airteagal 285(1)

In ionad:

“1.   Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as ceann de na bearta EPE seo a leanas:

(a)

EPE iarbhír, gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón risíocht reatha;

(b)

Forlíontán a léiríonn an méadú féideartha sa risíocht thar an tréimhse corrlaigh faoi phriacal, móide an ceann is mó idir:

(i)

an risíocht reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;

(ii)

an risíocht ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh;

(c)

Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, beart EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE.”,

Léitear:

“1.   Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, déanfaidh an institiúid EPE iarbhír faoi mar a leagtar amach é sa mhír seo a ríomh. Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh an institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, tomhas EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE. Déanfaidh institiúid nach bhfuil an cead sin faighte aici ceann de na tomhais EPE iarbhír seo a leanas a úsáid:

(a)

EPE iarbhír, arna ríomh gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón risíocht reatha;

(b)

EPE iarbhír arna ríomh mar an méadú féideartha sa risíocht thar an tréimhse corrlaigh faoi phriacal, móide an ceann is mó idir:

(i)

an risíocht reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;

(ii)

an risíocht ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh;”;

101.

Leathanach 183,

In ionad:

“7.   Déanfaidh institiúid faireachán ar na priacail ábhartha agus beidh próisis i bhfeidhm aici chun a meastachán ar EEPE a choigeartú nuair a éiríonn na priacail sin suntasach. Déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas agus an mhír seo á comhlíonadh:”,

Léitear:

“7.   Déanfaidh institiúid faireachán ar na priacail ábhartha agus beidh próisis i bhfeidhm aici chun a meastachán ar EPE iarbhír a choigeartú nuair a éiríonn na priacail sin suntasach. Déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas agus an mhír seo á comhlíonadh:”;

102.

Leathanach 190, Airteagal 303(2) go (5)

Scriostar Airteagal 303(2) go (5).

103.

Leathanach 193, Airteagal 309(1)

In ionad:

“…Formula…”,

Léitear:

“…Formula…”;

104.

Leathanach 208, Airteagal 344(2)

In ionad:

“2.   Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach i mír 3 agus mír 4 a chur i bhfeidhm, i gcás …”,

Léitear:

“2.   Roimh theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa dara habairt de mhír 4 a chur i bhfeidhm, i gcás …”;

105.

Leathanach 224 Airteagal 382(4)

In ionad:

“(d)

idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1 (4) (a) agus (b) agus Airteagal 1 (5) (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le risíochtaí ar an gcontrapháirtí sin, ualach priacal 0 % ina leith le hAirteagal 115 den Rialachán seo.

An díolúine ón táille CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin. 5. Déanfaidh ÚBE athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise forbairtí rialála idirnáisiúnta agus modheolaíochtaí ionchasacha faoi chalabrúcháin agus thairseacha a áireamh le haghaidh táillí CLC a chur i bhfeidhm ar chontrapháirtithe neamhairgeadais ón tríú tír.

Forbróidh ÚBE i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nósanna imeachta a shonrú le haghaidh idirbhearta contrapháirtithe neamhairgeadais a bunaíodh lasmuigh den Aontas i dtríú tír a eisiamh ón gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh priacal CVA.

Soláthróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéanfar an t-athbhreithniú dá dtagráitear sa chéad fhomhír.”,

Léitear:

“(d)

idirbhearta le contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus idirbhearta le contrapháirtithe a sonraítear, maidir le risíochtaí ar na contrapháirtithe sin, ualach priacal 0 % ina leith le hAirteagal 114(4) agus le hAirteagal 115(2) den Rialachán seo.

An díolúine ón táille priacal CLC maidir leis na hidirbhearta sin dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a dhéanfar le linn na hidirthréimhse atá leagtha síos in Airteagal 89 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh feidhm aici fad a mhaireann conradh an idirbhirt sin.

Maidir le pointe (a), i gcás ina scoireann institiúid de dhíolúine a bheith aici tríd an tairseach díolúine a thrasnú nó mar gheall ar athrú sa tairseach díolúine, leanfaidh conarthaí atá gan íoc de dhíolúine a bheith acu go dtí dáta a n-aibíochta.”;

106.

Leathanach 224, Airteagal 382(5)

In ionad:

“5.   Déanfaidh ÚBE athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise forbairtí rialála idirnáisiúnta agus modheolaíochtaí ionchasacha faoi chalabrúcháin agus thairseacha a áireamh le haghaidh táillí CLC a chur i bhfeidhm ar chontrapháirtithe neamhairgeadais ón tríú tír.

Forbróidh ÚBE i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nósanna imeachta a shonrú le haghaidh idirbhearta contrapháirtithe neamhairgeadais a bunaíodh lasmuigh den Aontas i dtríú tír a eisiamh ón gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh priacal CVA.

Soláthróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéanfar an t-athbhreithniú dá dtagráitear sa chéad fhomhír.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh agus na nósanna imeachta á sonrú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.]”,

Léitear:

“5.   Déanfaidh ÚBE athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise forbairtí rialála idirnáisiúnta agus modheolaíochtaí ionchasacha faoi chalabrúcháin agus thairseacha a áireamh le haghaidh táillí priacal CLC a chur i bhfeidhm ar chontrapháirtithe neamhairgeadais ón tríú tír.

Forbróidh ÚBE i gcomhar le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nósanna imeachta a shonrú le haghaidh idirbhearta contrapháirtithe neamhairgeadais a bunaíodh lasmuigh den Aontas i dtríú tír a eisiamh ón gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh táille priacal CVA.

Soláthróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéanfar an t-athbhreithniú dá dtagráitear sa chéad fhomhír.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh agus na nósanna imeachta á sonrú i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.]”;

107.

Leathanach 226, Airteagal 383(5)(c)

In ionad:

“(c)

beidh feidhm sna ríomhaireachtaí seo ag an iolraitheoir trí huaire a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh bunaithe ar Luach faoi Phriacal agus ar Luach faoi Phriacalstruis i gcomhréir le 354(1). Déanfaidh ÚBE faireachán maidir le comhsheasmhacht ar aon rogha mhaoirseachta a úsáidtear chun iolraitheoir níos airde ná an t-iolraitheoir trí huaire sin a chur i bhfeidhm ar an mbanna Luach faoi Phriacal agus ionchuir Luach faoi Phriacal struis ar an muirear CVA. Soláthróidh na húdaráis inniúla a chuireann i bhfeidhm iolraitheoir níos airde ná na trí cinn sin údarú i scríbhinn do ÚBE;”,

Léitear:

“(c)

beidh feidhm sna ríomhaireachtaí seo ag an fachtóir iolrúcháin trí huaire a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh bunaithe ar Luach faoi Phriacal agus ar Luach faoi Phriacalstruis i gcomhréir le 354(1). Déanfaidh ÚBE faireachán maidir le comhsheasmhacht ar aon rogha mhaoirseachta a úsáidtear chun fachtóir iolrúcháin níos airde ná an fachtóir iolrúcháin trí huaire sin a chur i bhfeidhm ar an mbanna Luach faoi Phriacal agus ionchuir Luach faoi Phriacal struis ar an muirear priacal CVA. Soláthróidh na húdaráis inniúla a chuireann i bhfeidhm fachtóir iolrúcháin níos airde ná na trí cinn sin údarú i scríbhinn do ÚBE;”;

108.

Leathanach 228, pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 386(1)

In ionad:

“(b)

babhtálacha mainneachtana creidmheasa innéacs, ar an gcoinníoll go léirítear chun sástachta an údaráis inniúil, sa Luach Faoi Phriacal an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs.”,

Léitear:

“(b)

babhtálacha mainneachtana creidmheasa innéacs, ar an gcoinníoll go léirítear chun sástachta an údaráis inniúil, sa Luach Faoi Phriacal agus sa Luach Faoi Phriacal faoi strus an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs.”;

109.

Leathanach 228, an dara fomhír d'Airteagal 386(1)

In ionad:

“An ceanglas i bpointe (b), is é sin nach mór go léireodh an Luach Faoi Phriacal an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs, beidh feidhm aige freisin …”,

Léitear:

“An ceanglas i bpointe (b), is é sin nach mór go léireodh an Luach Faoi Phriacal agus an Luach Faoi Phriacal faoi strus an bonn idir aon raon difríochta contrapháirtí aonair agus raonta difríochta na bhfáluithe um babhtáil mainneachtana creidmheasa innéacs, beidh feidhm aige freisin …”;

110.

Leathanach 228, an ceathrú fomhír d'Airteagal 386(1)

In ionad:

“…ní léireoidh an institiúid ach 50 % de mhéid barúlach na bhfáluithe innéacs sa Luach Faoi Phriacal.”,

Léitear:

“…ní léireoidh an institiúid ach 50 % de mhéid barúlach na bhfáluithe innéacs sa Luach Faoi Phriacal agus sa Luach Faoi Phriacal faoi strus.”;

111.

Leathanach 230, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 394(2)

In ionad:

“…agus an 10 risíocht is mó atá aici fairis sin ar eintitis airgeadais neamhrialáilte ar bhonn comhdhlúite, lena n-áirítear …”,

Léitear:

“…agus an 10 risíocht is mó atá aici fairis sin ar eintitis earnála airgeadais neamhrialáilte ar bhonn comhdhlúite, lena n-áirítear …”;

112.

Leathanach 236, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 402(1)

In ionad:

“1.   Chun na luachanna risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag réadmhaoin i gcomhréir le hAirteagal 125(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na maoine lena mbaineann …”,

Léitear:

“1.   Chun na luachanna risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag maoin dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 125(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na maoine dochorraithe lena mbaineann …”;

113.

Leathanach 236, pointe (a) d'Airteagal 402(1)

In ionad:

“(a)

Níl ualú priacal níos airde ná 35 % socraithe ag údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh risíochta í nó codanna de risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(2);”,

Léitear:

“(a)

Níl ualú priacal níos airde ná 35 % socraithe ag údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh risíochtaí nó codanna de risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 124(2);”;

114.

Leathanach 236, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 402(2)

In ionad:

“2.   Chun na luachanna risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag réadmhaoin i gcomhréir le hAirteagal 126(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na réadmhaoine lena mbaineann …”,

Léitear:

“2.   Chun na luachanna risíochta a ríomh chun críocha Airteagal 395, féadfaidh institiúid luach risíochta nó aon chuid de risíocht a laghdú, ar risíocht í arna hurrú go hiomlán ag maoin dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 126(1) de réir an méid atá curtha i ngeall de mhargadhluach nó de luach iasachta morgáiste na maoine dochorraithe lena mbaineann…”;

115.

Leathanach 236, pointe (a) d'Airteagal 402(2)

In ionad:

“(a)

níl ualú priacal níos airde ná 50 % socraithe ag údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh risíochtaí nó codanna de risíochtaí arna n-urrú ag réadmhaoin tráchtála i gcomhréir le hAirteagal 124(2);”,

Léitear:

“(a)

níl ualú priacal níos airde ná 50 % socraithe ag údaráis inniúla na mBallstát le haghaidh risíochtaí nó codanna de risíochtaí arna n-urrú ag maoin tráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(2);”;

116.

Leathanach 236, pointe (b)(ii) d'Airteagal 402(2)

In ionad:

“(ii)

oifigí nó áitribh tráchtála eile agus na risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine.”,

Léitear:

“(ii)

oifigí nó áitribh tráchtála eile agus na risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine dochorraithe.”;

117.

Leathanach 237, pointe (d) d'Airteagal 402(2)

In ionad:

“(d)

déanfar maoin thráchtála a thógáil go hiomlán.”,

Léitear:

“(d)

rinneadh an mhaoin tráchtála dhochorraithe a thógáil go hiomlán.”;

118.

Leathanach 242, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 415(5)

In ionad:

“5.   Déanfaidh údaráis inniúla a fheidhmíonn maoirseacht ar bhonn comhdhlúite igcomhréir le hAirteagal 112 de Threoir 2013/36/AE …”,

Léitear:

“5.   Déanfaidh údaráis inniúla a fheidhmíonn maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE …”;

119.

Leathanach 243, an dara fomhír d'Airteagal 416(3)

In ionad:

“Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraitear i bpointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1.”

Léitear:

“Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraitear i bpointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír maidir leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a), (e) agus (f) de mhír 1.”;

120.

Leathanach 244, pointe (a) d'Airteagal 417

In ionad:

“(a)

tá siad éagsúlaithe go hiomchuí. Ní cheanglaítear éagsúlú i dtéarmaí sócmhainní a chomhfhreagraíonndo phoint (a), do phointe (b) agus do phointe (c) d'Airteagal 416(1;”

Léitear:

“(a)

tá siad éagsúlaithe go hiomchuí. Ní cheanglaítear éagsúlú i dtéarmaí sócmhainní a chomhfhreagraíonn do phointe (a), do phointe (b) agus do phointe (c) d'Airteagal 416(1);”;

121.

Leathanach 244, pointe (d) d'Airteagal 417

In ionad:

“(d)

déantar leachtú go tréimhsiúil agus go bliantúil ar a laghad ar chuid de na sócmhainní leachtacha seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (e)d'Airteagal 416(1),…”,

Léitear:

“(d)

déantar leachtú go tréimhsiúil agus go bliantúil ar a laghad ar chuid de na sócmhainní leachtacha seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (e) d'Airteagal 416(1), trí dhíolacháin glan amach nó trí chomhaontuithe simplí athcheannaigh ar mhargadh athcheannaigh atá formheasta chun na críocha seo a leanas:”;

122.

Leathanach 250, an dara hbairt d'Airteagal 424(6)

In ionad:

“De mhaolú ar phointe (d) d'Airteagal 425(2), sa chás ina chuirtear síneadh leis na hiasachtaí cur chun cinn sin…”,

Léitear:

“De mhaolú ar phointe (g) d'Airteagal 425(2), sa chás ina chuirtear síneadh leis na hiasachtaí cur chun cinn sin…”;

123.

Leathanach 250, pointe (e) d'Airteagal 425(2)

In ionad:

“(e)

airgid atá dlite a láimhseálann an institiúid a bhfuil an t- airgead sin dlite aici, i gcomhréir le hAirteagal 422(3) agus(4), déanfar iad a iolrú faoi insreabhadh siméadrach comhfhreagrach;”,

Léitear:

“(e)

airgid atá dlite a láimhseálann an institiúid a bhfuil an t- airgead sin dlite aici, i gcomhréir le hAirteagal 422(3) agus (4), déanfar iad a iolrú faoi insreabhadh siméadrach comhfhreagrach;”;

124.

Leathanach 251, an chéad fhomhír d'Airteagal 426

In ionad:

“Tar éis don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh maidir le ceanglas leachtachta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 460, féadfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin cur chun feidhme teicniúla a fhorbairt chun sainiú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 421(1), Airteagal 422 (cé is moite de mhír 8, mír 9 agus mír 10 den Airteagal sin), agus Airteagal 424 chun caighdeáin atá comhaontaithe ar bhonn idirnáisiúnta a chur san áireamh.”,

Léitear:

“Tar éis don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh maidir le ceanglas leachtachta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 460, féadfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin cur chun feidhme teicniúla a fhorbairt chun sainiú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 421(1), Airteagal 422, cé is moite de mhír 8, mír 9 agus mír 10 den Airteagal sin, agus Airteagal 424 chun caighdeáin atá comhaontaithe ar bhonn idirnáisiúnta a chur san áireamh.”;

125.

Leathanach 251, pointe (b)(iii) d'Airteagal 427(1)

In ionad:

“(iii)

taiscí a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 422(4);”,

Léitear:

“(iii)

taiscí a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 422(3) agus (4);”;

126.

Leathanach 251, pointe (b)(iv) d'Airteagal 427(1)

In ionad:

“nó scéim ráthaíochta taisce choibhéiseach i dtríú tír, ar ráthaithe taisce iad atá faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 421(2);”,

Léitear:

“… nó scéim ráthaíochta taisce choibhéiseach i dtríú tír, ar scéim í atá faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 421(1);”;

127.

Leathanach 252, pointí (h)(i) agus (ii) d'Airteagal 428(1)

In ionad:

“(i)

comhthaobhaithe le réadmhaoin tráchtála (RT);

(ii)

comhthaobhaithe le réadmhaoin chónaithe (RC);”,

Léitear:

“(i)

comhthaobhaithe le maoin tráchtála dhochorraithe (RT);

(ii)

comhthaobhaithe le maoin chónaithe (RC);”;

128.

Leathanach 259, pointe (e) d'Airteagal 447

In ionad:

“(e)

iomlán na ngnóthachan nó na gcaillteanas neamhréadaithe, iomlán na ngnóthachan nó na gcaillteanas folaigh athluachála, agus aon cheann de na méideanna sin atá ar áireamh sna cistí dílse bunaidh nó sna cistí dílse breise.”,

Léitear:

“(e)

iomlán na ngnóthachan nó na gcaillteanas neamhréadaithe, iomlán na ngnóthachan nó na gcaillteanas folaigh athluachála, agus aon cheann de na méideanna sin atá ar áireamh i gcaipiteal Ghnáchothromais Leibhéal 1”;

129.

Leathanach 263, pointe (d) d'Airteagal 447

In ionad:

“(d)

na príomhchineálacha ráthóirí agus chontrapháirtithe díorthach creidmheasa agus a n-acmhainneacht;”

Léitear:

“(d)

na príomhchineálacha ráthóirí agus chontrapháirtithe díorthach creidmheasa agus a n-acmhainneacht creidmheasa;”;

130.

Leathanach 266, pointe (d)(vi) d'Airteagal 458(2)

In ionad:

“(vi)

Ualuithe priacal chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus tráchtála;”,

Léitear:

“(vi)

Ualuithe priacal chun díriú ar bholgáin sócmhainní in earnáil na maoine cónaithí agus na maoine dochorraithe; nó”;

131.

Leathanach 269, Airteagal 468(2) an tríú fomhír

In ionad:

“Ón 1 Eanáir 2015, faoi Airrteagal 467, sa chás ina gcuirtear ceanglas ar institiúidí céatadán is infheidhme de chaillteanais neamhréadaithe arna thomhas de réir luacha chóir a áireamh agus caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 á ríomh acu, ní fhéadfaidh údaráis inniúla céatadán a shocrú is infheidhme de ghnóthachain neamhréadaithe faoi mhír 2 den Airteagal sinar céatadán é lena sárófar an céatadán is infheidhme de chaillteanais neamhréadaithe atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 467.”,

Léitear:

“Ón 1 Eanáir 2015, faoi Airteagal 467, sa chás ina gcuireann údarás inniúil ceanglas ar institiúidí céatadán de chaillteanais neamhréadaithe arna thomhas de réir luacha chóir a áireamh agus caipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 á ríomh acu, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil sin céatadán a shocrú is infheidhme de ghnóthachain neamhréadaithe faoi mhír 2 den Airteagal seo arb é is toradh air céatadán de ghnóthachain neamhréadaithe a áiritear i ríomh Chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 lena sárófar an céatadán is infheidhme de chaillteanais neamhréadaithe atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 467.”;

132.

Leathanach 270, Airteagal 468(3)

In ionad:

“3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i bpointe (a) go pointe (c); de mhír 2 nach bhfuil asbhainte ón gcaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a chinneadh agus a fhoilsiú;”,

Léitear:

“3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an céatadán is infheidhme sna raonta a shonraítear i bpointe (a) go pointe (c); de mhír 2 atá asbhainte ón gcaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a chinneadh agus a fhoilsiú;” ;

133.

Leathanach 270, Airteagal 468(4):

In ionad:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 33(1)(c), le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2017, áireoidh institiúidí ina gcuid cistí dílse an céatadán is infheidhme, mar a shonraítear é in Airteagal 478, de na gnóthachain agus na caillteanais luacha cóir ó dhliteanais díorthach a eascraíonn as a bpriacal creidmheasa féin.”,

Léitear:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 30(1)(c), le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2017, ní áireoidh institiúidí ina gcuid cistí dílse an céatadán is infheidhme, mar a shonraítear é in Airteagal 478, de na gnóthachain agus na caillteanais ó dhliteanais dhíorthacha a eascraíonn as athruithe ar sheasamh creidmheasa dhílis institiúide. Ní rachaidh an céatadán a chuirfear i bhfeidhm ar ghnóthachain agus chaillteanais luacha cóir a eascraíonn as athruithe ar acmhainn chreidmheasa dhílis na hinstitúide thar an céatadán a chuirfear i bhfeidhm ar ghnóthachain luacha cóir a eascraíonn as athruithe ar sheasamh creidmheasa dhílis na hinstitiúide.”;

134.

Leathanach 275, Airteagal 481(2)

In ionad:

“2.   De mhaolú ar Airteagail 36(1)(i) agus ar Airteagal 49(1) agus (3) i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfaidh na húdaráis inniúla cur de cheangal ar institiúidí nó iad a cheadú na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (e) d'Airteagal 49(1) seachas an asbhaint a cheanglaítear de bhun Airteagal 36(1). Sna cásanna sin, dearbhófar an chomhréir sealúchais ionstraimí cístí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid nach gceanglaítear í a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 49(1) ag an gcéatadán is infheidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin. Beidh an méid nach n-asbhainfear faoi réir cheanglais Airteagal 49(4), mar is infheidhme.”,

Léitear:

“2.   De mhaolú ar Airteagail 36(1)(i) agus ar Airteagal 49(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfaidh na húdaráis inniúla cur de cheangal ar institiúidí nó iad a cheadú na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 49(1) seachas an asbhaint a cheanglaítear de bhun Airteagal 36(1). Sna cásanna sin, dearbhófar an chomhréir sealúchais ionstraimí cístí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid nach gceanglaítear í a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 49(1) ag an gcéatadán is infheidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin. Beidh an méid nach n-asbhainfear faoi réir cheanglais Airteagal 49(4), mar is infheidhme.” ;

135.

Leathanach 276, Airteagal 483(1)(c):

In ionad:

“(c)

mheas an Coimisiún go raibh na hionstraimí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 107 CFAE;”,

Léitear:

“(c)

mheas an Coimisiún go raibh na hionstraimí comhoiriúnach don mhargadh inmheánach faoi Airteagal 107 CFAE.” ;

136.

Leathanach 276, Airteagal 483(1)(d)

In ionad:

“(d)

Snacásanna inar ionstraimí iad atá suibscríofa ag an mBallstát agus ag infheisteoirí príobháideacha araon, i gcás ina ndéanfar fuascailt pháirteach ar na hionstraimí atá subscríofa ag an mBallstát, déanfar sciar comhfhreagrach den chuid atá suibscríofa go príobháideach a mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 484. Nuair a bheidh na hionstraimí uile atá suibscríofa ag an mBalltát fuascailte, déanfar na hionstraimí a bheidh fágtha atá suibscríofa ag infheisteoirí príobháideacha a mharthanú i gcomhréir lehAirteagal 484.”,

Léitear:

“Sna cásanna inar ionstraimí iad atá suibscríofa ag an mBallstát agus ag infheisteoirí príobháideacha araon agus i gcás ina ndéanfar fuascailt pháirteach ar na hionstraimí atá subscríofa ag an mBallstát, déanfar sciar comhfhreagrach den chuid atá suibscríofa go príobháideach a mharthanú i gcomhréir le hAirteagal 484. Nuair a bheidh na hionstraimí uile atá suibscríofa ag an mBalltát fuascailte, déanfar na hionstraimí a bheidh fágtha atá suibscríofa ag infheisteoirí príobháideacha a mharthanú i gcomhréir lehAirteagal 484.”;

137.

Leathanach 277, Airteagal 484(1)

In ionad:

“1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le hionstraimí agus ítimí a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2011 agus nach iad na hionstraimí ná na hítimí sin dá dtagraítear in Airteagal 483(1) iad.”,

Léitear:

“1.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le hionstraimí agus ítimí a eisíodh an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin agus a bhí incháilithe mar chistí dílse an 31 Nollaig 2011 agus nach iad na hionstraimí ná na hítimí sin dá dtagraítear in Airteagal 483(1) iad.”;

138.

Leathanach 278, pointe (c) d'Airteagal 486(4)

In ionad:

“(c)

méid ainmniúil an chaipitil ó iasacht fho-ordaithe a bhí fós eisithe an 31 Nollaig, laghdaithe leis …”,

Léitear:

“(c)

méid ainmniúil an chaipitil ó iasacht fho-ordaithe a bhí fós eisithe an 31 Nollaig 2012, laghdaithe leis …”;

139.

Leathanach 279, Airteagal 489(1)

In ionad:

“…beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 2 go 7 den Airteagal sin”,

Léitear:

“…beidh siad faoi réir an Airteagail seo.”;

140.

Leathanach 280, Airteagal 490(1)

In ionad:

“…beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 2 go 7 den Airteagal sin.”,

Léitear:

“…beidh siad faoi réir an Airteagail seo.”;

141.

Leathanach 280, foclaíocht réamhráiteach Airteagal 490(4)

In ionad:

“4.   Ní cháileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 ón 1 Eanáir 2013 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:”,

Léitear:

“4.   Ní cháileoidh na hítimí mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 ón 1 Eanáir 2013 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:”;

142.

Leathanach 282, Airteagal 494:

In ionad:

“De mhaolú ar phointe (71)(b) d'Airteagal 4(1), féadfar Caipiteal Leibhéal 2 áireamh ar chaipiteal incháilithe, suas go dtí na méideanna a leanas:”,

Léitear:

“De mhaolú ar phointe (71)(a)(ii) agus (71)(b)(ii) d'Airteagal 4(1), féadfar Caipiteal Leibhéal 2 áireamh ar chaipiteal incháilithe, suas go dtí na méideanna a leanas:”;

143.

Leathanach 283, Airteagal 495(2)

In ionad:

“2.   Agus méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal á ríomh chun críocha Airteagal 114(4), déanfar, go dtí an 31 Nollaig 2015, an t-ualú priacal céanna …”,

Léitear:

“2.   Agus méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal á ríomh chun críocha Airteagal 114(4), déanfar, go dtí an 31 Nollaig 2015, an t-ualú priacal céanna…”;

144.

Leathanach 283, Airteagal 496

In ionad:

“Airteagal 496

Ceanglais cistí dílse maidir le bannaí faoi chumhdach

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, féadfaidh na húdaráis inniúla an teorainn 10 % a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach maidir le haonaid shinsearacha a eiseoidh le Fonds Communs de Créances nó eintitis urrúsaithe atá coibhéiseach le Fonds Communs de Créances na Fraince a leagtar síos i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 129(1), ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll a leanas:

(a)

gur comhalta den ghrúpa comhdhlúite céanna a bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach ina chomhalta de, nó eintiteas atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna lena bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach cleamhnaithe chomh maith, a thionscain na risíochtaí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá urrúsaithe, i gcás ina gcinnfear ballraíocht nó cleamhnacht an chomhghrúpa sin an tráth a ndéanfar comhthaobhacht de na haonaid shinsearacha le haghaidh bannaí faoi chumhdach;

(b)

go mbeidh an tráinse iomlán céadchaillteanais atá mar thaca ag na haonaid shinsearacha sin á choimeád ag comhalta den ghrúpa comhdhlúite céanna a bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach ina chomhalta de chomh maith, nó ag eintiteas atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna lena bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach cleamhnaithe.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, chun críocha phointe (c) d'Airteagal 1291), measfar go gcáileoidh risíochtaí neamhurraithe sinsearacha institiúidí a cháiligh d'ualú priacal 20 % faoin dlí náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin sin do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, chun críocha phointe (c) d'Airteagal 129(4), measfar go gcáileoidh risíochtaí neamhurraithe sinsearacha institiúidí a cháiligh d'ualú priacal 20 % faoin dlí náisiúnta roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin sin d'ualú priacal 20 %.”,

Léitear:

“Airteagal 496

Ceanglais cistí dílse maidir le bannaí faoi chumhdach

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, féadfaidh na húdaráis inniúla an teorainn 10 % a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach maidir le haonaid shinsearacha a eiseoidh le Fonds Communs de Créances nó eintitis urrúsaithe atá coibhéiseach le Fonds Communs de Créances na Fraince a leagtar síos i bpointe (d) agus i bpointe (f) d'Airteagal 129(1), ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll a leanas:

(a)

gur comhalta den ghrúpa comhdhlúite céanna a bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach ina chomhalta de, nó eintiteas atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna lena bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach cleamhnaithe chomh maith, a thionscain na risíochtaí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe atá urrúsaithe, i gcás ina gcinnfear ballraíocht nó cleamhnacht an chomhghrúpa sin an tráth a ndéanfar comhthaobhacht de na haonaid shinsearacha le haghaidh bannaí faoi chumhdach;

(b)

go mbeidh an tráinse iomlán céadchaillteanais atá mar thaca ag na haonaid shinsearacha sin á choimeád ag comhalta den ghrúpa comhdhlúite céanna a bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach ina chomhalta de chomh maith, nó ag eintiteas atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna lena bhfuil eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach cleamhnaithe.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, chun críocha phointe (c) d'Airteagal 129(1), measfar go gcáileoidh risíochtaí neamhurraithe sinsearacha institiúidí a cháiligh d'ualú priacal 20 % faoin dlí náisiúnta roimh an 28 Meitheamh 2013 do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, chun críocha phointe (c) d'Airteagal 129(4), measfar go gcáileoidh risíochtaí neamhurraithe sinsearacha institiúidí a cháiligh d'ualú priacal 20 % faoin dlí náisiúnta roimh an 28 Meitheamh 2013 d'ualú priacal 20 %.”;

145.

Leathanach 283, Airteagal 497(1) agus (2):

In ionad:

“1.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an ceann is déanaí den aon chaighdeán teicniúil rialála déag i bhfeidhm dá dtagraítear ag deireadh na chéad fhomhíre d'Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) 648/2012, nó go dtí go ndéanfar cinneadh faoi Airteagal 14 den Rialachán seo maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cé acu dáta is luaithe, féadfaidh institiúid a mheas gur contrapháirtí lárnach cáilitheach é contrapháirtí lárnach, ar an gcoinníoll go bhfuil an coinníoll atá leagtha síos sa chéad chuid den fhomhír sin comhlíonta.

2.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an ceann is déanaí den deich gcaighdeán teicniúil rialála i bhfeidhm dá dtagraítear ag deireadh na chéad fhomhíre d'Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) 648/2012, nó go dtí go ndéanfar cinneadh faoi Airteagal 25 den Rialachán seo maidir le contrapháirtí lárnach a bunaíodh í dtríú tír a aithint, cé acu dáta is luaithe, féadfaidh institiúid a mheas gur contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach sin,”,

Léitear:

“1.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó go dtí go ndéanfar cinneadh faoi Airteagal 14 den Rialachán seo maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé acu is luaithe, féadfaidh institiúid a mheas gur contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach sin, ar an gcoinníollgur údaraíodh an contrapháirtí lárnach chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe i gcomhéir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sular glacadh na caighdeáin theicniúla rialála uile atá in Airteagal 5, Airteagail 8 to 11, Airteagail 16, 18, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 46, 47, 49, 56 agus 81 den Rialachán sin.

2.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airtegail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus49 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó go dtí go ndéanfar cinneadh faoi Airteagal 25 den Rialachán seo maidir le contrapháirtí lárnach a bunaíodh í dtríú tír a aithint, cibé acu is luaithe, féadfaidh institiúid a mheas gur contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach sin,”;

146.

Leathanach 291, Airteagal 520, téacs Airteagal 50a, mír 1

In ionad:

“1.   Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta curtha isteach ag OP], nuair a fhaigheann contrapháirtí lárnach an fógra dá dtagraítear in Airteagal 301(2)(b) den Rialachán sin (*), déanfaidh sé an K CPL a ríomh mar a shonraítear é i mír 2 den Airteagal sin maidir le gach conradh agus gach idirbheart atá imréitithe aige agus maidir le gach comhalta imréitigh má thiteann siad laistigh de chumhdach an chiste mhainneachtana a tugadh.”,

Léitear:

“1.   Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, déanfaidh contrapháirtí lárnach,a KCPL a ríomh mar a shonraítear é i mír 2 den Airteagal sin maidir le gach conradh agus gach idirbheart atá imréitithe aige agus maidir le gach comhalta imréitigh má thiteann siad laistigh de chumhdach an chiste mhainneachtana a tugadh.”;

147.

Leathanach 292, Airteagal 520, téacs Airteagal 50a, mír 2, cuirtear fomhír nua isteach

“Maidir leis na luachanna uile ata sa chéad fhomhír, bainfidh siad leis an luacháil ag deireadh an lae sula malartófar an corrlach a glaodh ar ghlaoch corrlaigh deireanach an lae sin.”;

148.

Leathanach 292, Airteagal 520, téacs Airteagal 50b

Scriostar pointí (d) agus (g);

149.

Leathanach 292, Airteagal 520, téacs Airteagal 50b(1)(a)(i)

In ionad:

“(i)

risíochtaí mar gheall ar chonarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1)(a) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;”,

Léitear:

“(i)

risíochtaí mar gheall ar chonarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1)(a) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, déanfaidh sé iad a ríomh i gcomhréir leis an modh um marcáil ón margadh a leagtar síos in Airteagal 274 de;”;

150.

Leathanach 293, Airteagal 520, téacs Airteagal 50b(i)(ii)):

In ionad:

“(ii)

ar feadh tréimhse trí mhí, féadfaidh sé luach NGR 0,3 a úsáid chun PCE red a ríomh mar a shonraítear i bpointe (g);”,

Léitear:

“(ii)

ar feadh tréimhse trí mhí, féadfaidh sé luach NGR 0,3 a úsáid chun PCE red a ríomh mar a shonraítear i bpointe (h) den Airteagal seo;”;

151.

Leathanach 293, Airteagal 520, Airteagal 50c(1)

In ionad:

“(e)

an fachtóir comhchruinnithe (β), mar a leagtar amach i mír 50d;”,

Léitear:

“(e)

an fachtóir comhchruinnithe (β), mar a leagtar amach é in Airteagal 50d.”;

152.

Leathanach 293, Airteagal 520, Airteagal 50c(1)

Scriostar pointe (f)

153.

Leathanach 294, Airteagal 520, téacs Airteagal 50d(3)

In ionad:

“(3)

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 89 de Rialachán (CE) 648/2012:

‘5a.   Suas le 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí den aon chaighdeán teicniúil rialála déag i bhfeidhm dá dtagraítear ag deireadh na chéad fhomhíre de mhír 3, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 14 den Rialachán seo maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is lusithecuirfidh an contrapháirtí lárnach sin láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

I gcás nach bhfuil ciste mainneachtana ag Contrapháirtí Lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena ligtear dó an corrlach tosaigh ina iomláine, nó cuid de, a úsáid mar chorrlach a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh amhail is go mba ranníocaíochtaí réamhchistithe iad, áireofar san fhaisnéis a thuairscíonn sé i gcomhréir le hAirteagal 50a(1) méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh (CI).

Maidir leis na spriocdhátaí sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo, féadfar iad a shíneadh sé mhí breise i gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 497(3) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a ghlacadh.’,”

Léitear:

“(3)

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 89:

‘5a.   Go dtí 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 14 maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is luaithe, cuirfidh an contrapháirtí lárnach sin an láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Go dtí 15 mhí tar éis an dáta nuair a thagann an ceann is déanaí de na caighdeáin theicniúla rialála i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, nó go dtí go ndéantar cinneadh faoi Airteagal 25 maidir le húdarú an chontrapháirtí lárnaigh, cibé dáta is luaithe, cuirfidh an contrapháirtí lárnach sin an láimhseáil sin i bhfeidhm a shonraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Go dtí na sprioc-amanna a shainítear sa chéad dá fomhír den mhír seo, agus faoi réir an ceathrú mír den mhír seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena ligtear dó an corrlach tosaigh ina iomláine, nó cuid de, a úsáid mar chorrlach a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh amhail is go mba ranníocaíochtaí réamhchistithe iad, áireofar san fhaisnéis a thuairscíonn sé i gcomhréir le hAirteagal 50a(1) méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh (CI).

Maidir leis na spriocdhátaí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo, féadfar iad a shíneadh sé mhí breise i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 497(3) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a ghlacadh.’”;

154.

Leathanach 299, Iarscríbhinn III, pointe 11

In ionad:

“11.

Airgeadra a mhalartaítear, scaireanna comhchothromais atá imréitithe ar bhonn lárnach…”,

Léitear

“11.

Airgeadra a mhalartaítear, scaireanna ghnáthchothromais atá imréitithe ar bhonn lárnach…”.