ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.176.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
27 Meitheamh 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 176 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 575/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2013

maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa dearbhú a rinne an Grúpa G-20 an 2 Aibreán 2009 maidir le Neartú an Chórais Airgeadais, iarradh go ndéanfaí iarrachtaí comhsheasmhacha idirnáisiúnta a mbeadh sé d'aidhm acu trédhearcacht, cuntasacht agus rialáil a neartú, trí fheabhas a chur ar mhéid agus ar cháilíocht an chaipitil atá sa chóras baincéireachta nuair a bheifí cinnte go mbeadh téarnamh eacnamaíoch ann. Iarradh sa dearbhú sin freisin go dtabharfaí isteach beart forlíontach nach mbeadh bunaithe ar priacal chun teorainn a chur le fás luamhánaithe sa chóras baincéireachta, agus creat a fhorbairt i gcomhair maolán leachtachta níos treise. Mar fhreagra ar an sainordú a thug an G-20, i Meán Fómhair 2009 rinne Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta (GHOS) comhaontú faoi roinnt beart chun rialáil na hearnála baincéireachta a neartú. Thacaigh ceannairí an Ghrúpa G-20 leis na bearta sin ag a gcruinniú mullaigh in Pittsburg an 24-25 Meán Fómhair 2009 agus leagadh amach iad go mionchruinn i Nollaig 2009. I mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair 2010, d'eisigh GHOS dhá fhógra bhreise maidir le ceapadh agus le calabrú na mbeart nua sin, agus i mí na Nollag 2010, d'fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) na bearta deiridh, a dtugtar creat Basel III orthu anois.

(2)

Faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière, d'iarr an Grúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais san AE (grúpa "de Larosière") ar an Aontas rialáil níos comhchuibhithe airgeadais a fhorbairt. I gcomhthéacs an chreata maoirseachta Eorpaigh a bheidh ann amach anseo, leag an Chomhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2009 béim ar an ngá atá le ‘Leabhar Rialacha Aonair Eorpach‧ a bhunú a bhainfeadh le gach institiúid chreidmheasa agus gnólacht infheistíochta sa mhargadh inmheánach.

(3)

Mar a luaitear i dtuarascáil ghrúpa de Larosière an 25 Feabhra 2009 (tuarascáil "de Larosière"), "ba cheart go mbeadh Ballstát in ann bearta náisiúnta rialála níos déine a ghlacadh, a mheastar gur bearta iomchuí ar bhonn intíre iad chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, fad a urramaítear prionsabail an mhargaidh inmheánaigh agus na croíchaighdeáin íosta a comhaontaíodh".

(4)

Rinneadh leasuithe suntasacha roinnt uaireanta ar Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 a bhaineann le gnó institiúide chreidmheasa a thosú agus a shaothrú (3) agus ar Threoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht caipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa (4). Tá cuid mhaith d'fhorálacha Threoir 2006/48/CE agus Threoir 2006/49/CE infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon. Ar mhaithe le soiléireacht, agus d'fhonn na forálacha sin a chur i bhfeidhm go comhleanúnach, ba cheart iad a chumasc le chéile i ngníomhartha nua reachtacha atá infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon,eadhon an Rialachán seo agus Treoir 2013/36/ AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an (5). Ar mhaithe le hinrochtaineacht, ba cheart cuid dhílis de Threoir 2013/36/AE agus den Rialachán seo a dhéanamh de na forálacha sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2006/48/CE agus le Treoir 2006/49/CE.

(5)

Ba cheart go gcruthódh an Rialachán seo agus Treoir 2013/36/ AE, le chéile,an creat dlí lena rialófar rochtain ar an ngníomhaíocht, an creat maoirseachta agus na rialacha stuamachta d'institiúidícreidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta (dá ngairtear "institiúidí" le chéile). Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léamh in éineacht leis an Treoir sin.

(6)

Maidir le Treoir 2013/36/AE, atá bunaithe ar Airteagal 53 (1) sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart a bheith ann, inter alia, na forálacha a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí, na rialacha mionsonraithe maidir lena rialachas, agus a gcreat maoirseachta, amhail forálacha lena rialaítear údarú an ghnó, éadáil sealúchas incháilithe, feidhmiú saoirse bunaíochta agus saoirse seirbhísí a sholáthar, cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit aíochta ina leith sin, agus na forálacha lena rialaítear an caipiteal tosaigh agus athbhreithniú maoirseachta ar na hinstitiúidí.

(7)

Ba cheart a bheith sa Rialachán seo, inter alia, na ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí a bhfuil baint acu le feidhmiú margaí baincéireachta agus sheirbhísí airgeadais, agus leo sin amháin, agus a bhfuil sé d'aidhm acu cobhsaíocht airgeadais oibreoirí na margaí sin a áirithiú agus leibhéal ard cosanta a sholáthar d'infheisteoirí agus do thaisceoirí. Tá sé d'aidhm ag an Rialachán seo cur le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar bhealach cinntitheach agus ba cheart, dá bhrí sin, é a bhunú ar fhorálacha Airteagal 114 CFAE, arna léiriú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(8)

Bíodh is go bhfuil méid áirithe comhchuibhithe déanta le Treoir 2006/48/CE agus le Treoir 2006/49/CE ar rialacha na mBallstát i réimse na maoirseachta stuamachta, tá roinnt mhaith roghanna agus deiseanna iontu do na Ballstáit chun rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ná iad siúd atá leagtha síos leis na Treoracha sin. Cothaíonn sé sin dibhéirseachtaí idir na rialacha náisiúnta, agus d'fhéadfaí leo sin cur isteach go háirithe ar sholáthar seirbhísí trasteorann agus ar shaoirse bunaíochta agus d'fhéadfaí bacainní a chur leis sin ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(9)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúil agus mar gheall ar an ngá go mbeidh cothrom na féinne laistigh den Aontas, is príomheilimint le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh é tacar aonair rialachán le haghaidh rannpháirtithe ar fad an mhargaidh. D'fhonn saobhadh ar an margadh agus arbatráiste rialála a sheachaint, ba cheart go n-áiritheofaí le leis na híoscheanglais stuamachta, dá bhrí sin, comhchuibhiú uasta. Mar thoradh air sin, tá na tréimhsí idirthréimhseacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ríthábhachtach le haghaidh dea-chur chun feidhme an Rialacháin sin agus chun neamhchinnteacht a sheachaint do na margaí.

(10)

Ag féachaint d'obair Ghrúpa Cur Chun Feidhme Caighdeán CBMB ó thaobh faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme chreata Basel III ag na tíortha is comhaltaí iad, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascálacha chun dáta ar fáil ar bhonn leanúnach, agus ar a laghad tar éis fhoilsiú gach Tuarascála ar Dhul Chun Cinn, agCBMB, maidir le cur chun feidhme agus glacadh intíre an chreata Basel III i mórdhlínsí eile, lena n-áirítear measúnú ar chomhsheasmhacht reachtaíocht nó rialacháin tíortha eile leis an íoschaighdeán idirnáisiúnta, d'fhonn difríochtaí a aithint lena bhféadfaí imní faoi chothrom na féinne a ardú.

(11)

D'fhonn deireadh a chur leis na baic ar thrádáil agus le saobhadh ar iomaíochas de thoradh dlíthe náisiúnta a bheith dibhéirseach agus ionas nach dtiocfaidh na nithe sin chun cinn an athuair, tá sé riachtanach Rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme i ngach Ballstát.

(12)

Dá ndéanfaí ceanglais stuamachta a mhúnlú i bhfoirm rialacháin d'áiritheofaí go mbeadh na ceanglais sin infheidhme go díreach. D'áiritheodh sé sin go mbeadh dálaí aonfhoirmeacha ag cách trí chosc a chur ar cheanglais dhibhéirseacha náisiúnta de thoradh ar Ttreoir a thrasuí. Leanfadh gach institiúid na rialacha céanna ar fud an Aontais de thoradh an Rialacháin seo, rud a chothódh muinín i leith cobhsaíochta institiúidí, go mór mór in aimsir struis freisin. Lena chois sin laghdódh rialachán castacht rialála agus na costais chomhlíonta a sheasann gnólachtaí, go mór mór i gcás institiúidí atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, agus chabhródh sé le deireadh a chur le saobhadh iomaíochta. I ndáil le tréithe ar leith na margaí maoine dochorraithe arb é is príomhthréithe iontu forbairtí eacnamaíocha agus difríochtaí dlínse a bhaineann go sonrach le Ballstát, réigiún nó ceantar áitiúil, ba cheart go mbeadh cead ag na húdaráis inniúla meáchain priacail níos airde a leagan síos nó critéir níos déine a chur i bhfeidhm a bheadh bunaithe ar an taithí atá acu ar chásanna mainneachtana agus ar fhorbairtí a mheastar a tharlóidh sa mhargadh maidir le risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe i limistéir áirithe.

(13)

I réimsí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail soláthar dinimiciúil, forálacha maidir le scéimeanna náisiúnta bannaí faoi chumhdach nach mbaineann le láimhseáil bannaí faoi chumhdach faoi na rialacha arna mbunú leis an Rialachán seo, fáil agus seilbh rannpháirtíochtaí san earnáil airgeadais agus san earnáil neamhairgeadais araon chun críocha nach mbaineann le ceanglais stuamachta atá sonraithe sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla nó na Ballstáit in ann rialacha náisiúnta a fhorchur, ar an gcoinníoll nach bhfuil siad ar neamhréir leis an Rialachán seo.

(14)

Ba iad leabhar rialacha aonair agus creat Eorpach le haghaidh maoirseachta macrastuamachta, i gcás inar díríodh leis an dá ghné sin arna gcomhcheangal le chéile ar an gcobhsaíocht airgeadais a áirithiú, na moltaí ba thábhachtaí a cuireadh chun cinn i dtuarascáil de Larosière agus a cuireadh chun feidhme ina dhiaidh sin san Aontas. Áirithítear creat rialála stóinseach agus aonfhoirmeach leis an leabhar rialacha aonair lena n-éascaítear an feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus lena gcuirtear cosc ar dheiseanna arbatráiste rialála. Sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais, d'fhéadfadh priacail macrastuamachta, áfach, a bheith éagsúil ar roinnt bealaí agus d'fhéadfadh go mbeadh réimse sonraíochtaí náisiúnta ag gabháil leo arb é an toradh atá orthu go bhféadfadh éagsúlachtaí a bheith ann mar shampla i ndáil le struchtúr agus méid earnáil na baincéireachta i gcomparáid leis an ngeilleagar níos leithne agus leis an timthriall creidmheasa.

(15)

Áiríodh roinnt uirlísí chun priacail macrastuamachta agus shistéamacha a chosc agus a mhaolú sa Rialachán sin agus i dTreoir 2013/36/AE lena n-áirithítear solúbthacht agus lena n-áirithítear ag an am céanna go mbeidh an úsáid a mbainfear as na huirlisí sin faoi réir rialaithe iomchuí chun nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear ag am céanna go mbeidh an úsáid a bhainfear as uirlísí mar sin trédhearcach agus comhsheasmhach.

(16)

Lasmuigh den uirlis mhaolánach maidir le priacal sistéamach, mar a áirítear i dTreoir 2013/36/AE, i gcás ina mbaineann priacail macrastuamachta nó sistéamacha le Ballstát, ba cheart go mbeadh deis ag údaráis inniúla nó údaráis ainmnithe an Bhallstáit ábhartha aghaidh a thabhairt ar na priacail sin trí bhearta macrastuamachta náisiúnta áirithe sonracha, i gcás ina measfar go mbeadh sin níos éifeachtaí chun dul i ngleic leis na priacail sin. Ba cheart go mbeadh an deis ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach)("BERS") a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (6) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach ("ÚBE") arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (7) a dtuairimí a thabhairt faoi cibé an gcomhlíontar na coinníollacha do bhearta macrastuamachta náisiúnta den chineál sin agus ba cheart go mbeadh sásra Aontais ann chun cosc a chur ar bhearta náisiúnta dul ar aghaidh, nuair atá fianaise láidir ann nach bhfuil na coinníollacha ábhartha comhlíonta. Cé go mbunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha micreastuamachta le haghaidh institiúidí, tá ról tosaigh ag na Ballstát i gcónaí i bhformhaoirseacht stuamachta mar gheall ar an saineolas atá acu agus na freagrachtaí atá orthu faoi láthair i ndáil le cobhsaíocht airgeadais. Sa chás ar leith sin, ó tharla go n-áirítear sa chinneadh chun aon bheart macrastuamachta náisiúnta measúnuithe áirithe i ndáil le priacail a bhféadfaí dochar a dhéanamh do chás maicreacnamaíoch, fioscach agus buiséadach an Bhallstáit ábhartha sa deireadh, tá sé riachtanach go dtabharfar de chumhacht don Chomhairle na bearta macrastuamachta náisiúnta atá beartaithe a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

(17)

I gcás inar chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle chun na bearta náisiúnta macrastuamachta a dhiúltú, ba cheart go ndéanfadh an Chomhairle scrúdú ar an togra sin gan mhoill agus a chinneadh na bearta náisiúnta sin a dhiúltú nó gan iad a dhiúltú. D'fhéadfaí vótáil a chaitheamh i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (8) ar iarratas ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 296 CFAE, ba cheart go luafadh an Chomhairle na cúiseanna lena cinneadh i ndáil leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo le go ndéanfadh sí idirghabháil. Nuair a chuirtear san áireamh a thábhachtaí atá an priacal macrastuamachta agus an priacal sistéamach do mhargadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus, dá bhrí sin, an gá le freagairt thapa, tá sé tábhachtach go socrófar gur mí amháin an spriocam le haghaidh cinnidh den sórt sin ón gComhairle. Má chinneann an Chomhairle, tar éis di mionscrúdú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún chun na bearta náisiúnta a beartaíodh a dhiúltú, nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo chun na bearta náisiúnta a chomhlíonadh, ba cheart go soláthródh sí na cúiseanna i gcónaí ar bhealach soiléir, gan débhrí.

(18)

Go dtí go ndéanfar comhchuibhiú ar na ceanglais leachtachta sa bhliain 2015 agus go dtí go ndéanfar an cóimheas luamhánaithe a chomhchuibhiú sa bhliain 2018, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit cibé bearta a chur i bhfeidhm a mheasann siad is iomchuí, lena n-áirítear trí bhearta lena ndéantar priacal macrastuamachta nó sistéamach a mhaolú i mBallstát sonrach.

(19)

Ba cheart go bhféadfaí maoláin priacal sistéamaigh nó bearta aonair a dhéanfaidh na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na priacail sistéamacha a bhaineann leis na Ballstáit sin a chur i bhfeidhm ar an earnáil bhaincéireachta i gcoitinne nó ar fhothacar amháin den earnáil nó níos mó ná fothacar amháin di, a mhéid a bhaineann le hinstitiúidí a bhfuil próifílí priacal comhchosúla acu ina ngníomhaíochtaí gnó, nó go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm ar risíochtaí ar cheann amháin de na hearnálacha eacnamaíocha nó geografacha baile nó ar roinnt díobh ar fud na hearnála baincéireachta.

(20)

Má shainaithníonn údaráis ainmnithe dhá Bhallstát nó níos mó na hathruithe céanna maidir le déine an phriacail shistéamaigh nó an phriacail mhacrastuamachta ar priacal é don chobhsaíocht airgeadais ar an leibhéal náisiúnta i ngach Ballstát a mheasann na húdaráis ainmnithe go dtabharfaí aghaidh orthu ar bhealach níos fearr trí bhearta náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit fógra comhpháirteach a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún, don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus don Údarás Baincéireachta Eorpach (an ÚBE). Tabharfaidh siad an fhianaise ábhartha don Chomhairle, don Choimisiún, do BERS agus don ÚBE agus fógra á thabhairt acu dóibh, agus tabharfaidh siad údar maith maidir leis an bhfógra comhpháirteach.

(21)

Ba cheart, ina theannta sin, godtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena ndéantarardú sealadach ar leibhéal cheanglais cistí dílse, priacal, ar cheanglais maidir le risíochtaí móra agus maidir le nochtadh poiblí a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh na forálacha sin infheidhme go ceann tréimhse bliana, ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí. Ba cheart go luafadh an Coimisiún na cúiseanna atá le húsáid a bhaint as nós imeachta den sórt sin. Níor cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún ceanglais níos déine stuamachta a fhorchur ach amháin maidir le risíochtaí a eascraíonn as forbairtí margaidh san Aontas nó a eascraíonn as forbairtí margaidh lasmuigh den Aontas a dhéanfaidh difear do na Ballstáit uile.

(22)

Tá údar le hathbhreithniú ar na rialacha macrastuamachta chun go measfaidh an Coimisiún, i measc nithe eile, an bhfuil na huirlisí macrastuamachta atá sa Rialachán seo nó i dTreoir 2013/36/AE éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach, an ceart go mbeartófar ionstraimí nua, an iomchuí an cumhdach agus an méid forluí a d'fhéadfadh a bheith ann leis na huirlisí macrastuamachta chun díriú ar phriacail chomhchosúla sa Rialachán nó i dTreoir 2013/36/AE agus measfar freisin an chaoi ina n-idirghníomhaíonn na caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta d'institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamachag gabháil leo leisan Rialachán seo nó le Treoir 2013/36/AE.

(23)

I gcás ina nglacann na Ballstáit le treoirlínte a bhfuil raon feidhme ginearálta acu, go háirithe i réimsí ina bhfuil an Coimisiún ag feitheamh le dréachtchaighdeáin teicniúla a ghlacadh, ní thiocfaidh na treoirlínte sin salach ar dhlí an Aontais agus ní bhainfidh siad bonn ó chur i bhfeidhm an dlí sin.

(24)

Ní chuireann an Rialachán seo bac ar na Ballstáit ceanglais choibhéiseacha a fhorchur, i gcás inarb iomchuí, ar ghnóthais nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin.

(25)

Forlíontar na ceanglais ghinearálta stuamachta atá leagtha síos sa Rialachán seo le socruithe aonair a gcinneann na húdaráis inniúla orthu mar thoradh ar an athbhreithniú leanúnach maoirseachta a dhéanann siad ar institiúidí aonair. Ba cheart raon feidhme a leithéid de shocruithe maoirseachta a leagan amach, inter alia, i dTreoir 2013/36/AE de bhrí gur cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann a mbreith a thabhairt faoi na socruithe ba cheart a chur i bhfeidhm.

(26)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo isteach ar chumas na n-údarás inniúil ceanglais shonracha a fhorchur faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta atá leagtha amach i dTreoir 2013/36/AE agus ba cheart go gcuirfí na ceanglais sin in oiriúint do phróifíl shonrach priacal na n-institiúidí.

(27)

Is é is aidhm Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 cáilíocht agus comhsheasmhacht na maoirseachta náisiúnta a uasghrádú agus an fhormhaoirseacht a dhéantar ar ghrúpaí trasteorann a neartú.

(28)

Mar gheall ar an méadú ar líon nana gcúraimí a thugtar don ÚBE leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE, ba cheart go n-áiritheodh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcuirfear acmhainní iomchuí daonna agus acmhainní iomchuí airgeadais ar fáil gan mhoill.

(29)

Cuireann Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 de cheangal ar an ÚBE gníomhú faoi raon feidhme Threoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE. Tá sé de cheangal ar an ÚBE freisin gníomhú maidir le gníomhaíochtaí institiúidí i ndáil le saincheisteanna nach bhfuil cumhdaithe go díreach sna Treoracha sin, ar choinníoll go bhfuil a leithéid de ghníomhaíochtaí riachtanach chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na dTreoracha sin a áirithiú. Ba cheart don Rialachán seo ról agus feidhm an ÚBE a chur san áireamh agus feidhmiú chumhachtaí an ÚBE atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a éascú.

(30)

Tar éis na tréimhse breathnaithe agus tar éis ceanglas cumhdaigh leachtachta a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a mheas an éascófaí foirmiú agus feidhmiú praiticiúil foghrúpaí aonair leachtachta dá mbronnfaí cumhacht tionscnaíochta ar an ÚBE chun idiragairt a dhéanamh le hidirghabháil cheangailteach i ndáil le cinntí comhpháirteacha ag na húdaráis inniúla faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 den Rialachán, agus go n-éascófaí leis cinneadh an gcomhlíontar na critéir le haghaidh láimhseáil sonrach inghrúpa d'institiúidí trasteorann. Dá bhrí sin, ag an tráth sin, mar chuid de cheann amháin de na tuarascálacha rialta maidir le feidhmiú an ÚBE faoi Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, ba cheart don Choimisiún scrúdú ar leith a dhéanamh an gá cumhachtaí dá leithéid sin a thabhairt don ÚBE agus ba cheart go n-áireoidh sé torthaí an scrúdaithe sin ina thuarascáil, agus ba cheart go mbeadh tograí iomchuí reachtacha ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

(31)

I dtuarascáil de Larosière, luadh nach féidir le maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal coimirciú éifeachtach a thabhairt don chobhsaíocht airgeadais gan aird dhóthanach a thabhairt ar na forbairtí ar an macraileibhéal, agus ag an am céanna níl aon chiall le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal mura rud é go mbeidh tionchar ar bhealach éigin aici ar mhaoirseacht ar an micrileibhéal. Tá dlúthchomhar idir an ÚBE agus BERS riachtanach chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fheidhmiú BERS agus chun go ndéanfar de réir na rabhadh agus na molta a thagann uaidh. Ba cheart go mbeadh an ÚBE, go háirithe, in ann a tharchur chuig BERS an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhailigh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuarascála atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(32)

Nuair a chuirtear san áireamh éifeachtaí millteacha na géarchéime airgeadais is déanaí, tá cuspóirí foriomlána an Rialacháin seo ann chun gníomhaíochtaí baincéireachta a bheadh úsáideach ó thaobh an gheilleagair de agus a bheadh ann don leas ginearálta a spreagadh agus chun amhantraíocht neamh-inbhuanaithe airgeadais gan fíor-bhreisluach a dhíspreagadh. Tugtar le fios leis sin athchóiriú cuimsitheach ar na bealaí a ndéantar coigilteas a stiúradh in infheistíochtaí táirgiúla. D'fhonn comhshaol baincéireachta san Aontas a bheidh inbhuanaithe agus dibhéirseach a chosaint, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla ceanglais chaipitil níos airde a fhorchur le haghaidh institiúidí atá tábhachtach ar bhealach sistéamach agus atá in ann, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí gnó a dhéanann siad, a bheith ag bagairt don gheilleagar domhanda.

(33)

Tá ceanglais choibhéiseacha airgeadais riachtanach i gcomhair institiúidí a bhfuil airgead nó urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliaint ina seilbh acu chun coimircí den chineál céanna a áirithiú i gcomhair coigilteoirí agus chun go mbeidh dálaí cothroma iomaíochta ann idir grúpaí inchomparáide d'institiúidí.

(34)

Ós rud é go bhfuil institiúidí sa mhargadh inmheánach in iomaíocht dhíreach le chéile, ba cheart go mbeadh ceanglais fhaireacháin coibhéiseacha ann ar fud an Aontais agus próifílí priacal éagsúla na n-institiúidí á gcur san áireamh.

(35)

Má tharlaíonn sé aon uair le linn na maoirseachta gur gá méid na gcistí dílse comhdhlúite atá ag grúpa institiúidí a chinneadh, ba cheart an ríomh a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(36)

De réir an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na ceanglais cistí dílse, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite, seachas sa chás nach gcuirfidh na húdaráis inniúla maoirseacht i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcás ina measann siad gurb iomchuí sin. Uirlisí úsáideacha is ea maoirseacht aonair, maoirseacht chomhdhlúite agus maoirseacht chomhdhlúite trasteorann chun institiúidí a fhormhaoirsiú.

(37)

Tá sé riachtanach go gcuirfear na ceanglais chaipitil i bhfeidhm ar bhonn stádas comhdhlúite na n-institiúidí sinlaistigh den ghrúpa d'fhonn a áirithiú go bhfuil sócmhainneacht leordhóthanach ag na hinstitiúidí laistigh den ghrúpa sin. D'fhonn a áirithiú go leithdháilfear cistí dílse go hiomchuí laistigh den ghrúpa agus go bhfuil siad ar fáil chun coigiltis a chosaint más gá, ba cheart na ceanglais chaipitil a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí aonair laistigh de ghrúpa, ach amháin más féidir an cuspóir sin a bhaint amach go héifeachtach ar shlí eile.

(38)

Maidir leis na leasanna mionlaigh a eascraíonn as cuideachtaí inmheánacha sealbhaíochta airgeadais atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh siad a bheith incháilithe, laistigh de na teorainneacha ábhartha, do chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghrúpa ar bhonn comhdhlúite, toisc go ndéanann caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chuideachta inmheánach sealbhaíochta airgeadais atá inchurtha i leith leasanna mionlaigh agus an chuid den chaipiteal céanna atá inchurtha i leith máthairchuideachta araon caillteanais a bhfochuideachtaí a iompar ar chomhchéim nuair a tharlaíonn siad.

(39)

Maidir leis an modh cuntasaíochta ceart atá le húsáid chun cistí dílse a ríomh, lena leordhóthanacht le haghaidh an priacal ar a bhfuil an institiúid chreidmheasa ar ris a ríomh, agus chun comhchruinniú risíochtaí a mheasúnú, ba cheart forálacha Threoir 86/635/CCE an 8 Nollaig 1986 ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus foras airgeadais eile a chur san áireamh (9), Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 maidir le cuntais chomhdhlúite (10) nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (11), cibé ceann díobh sin a rialaíonn cuntasaíocht na n-institiúidí faoin dlí náisiúnta.

(40)

D'fhonn sócmhainneacht leordhóthanach a áirithiú tá sé tábhachtach ceanglais chaipitil a leagan síos lena n-ualaítear sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe de réir mhéid an priacal.

(41)

An 26 Meitheamh 2004, ghlac an CBMB comhaontú réime maidir le cóineasú idirnáisiúnta ar thomhas caipitil agus ceanglais chaipitil (‧creat Basel II‧). Tá forálacha Threoir 2006/48/CE agus Threoir 2006/49/CE atá ionchorpraithe sa Rialachán seo anois coibhéiseach leis na forálacha i gcreat Basel II. Dá réir sin, tá an Rialachán seo coibhéiseach le forálacha chreataí Basel II agus III toisc go bhfuil eilimintí forlíontacha chreat Basel III ionchorpraithe ann.

(42)

Tá sé ríthábhachtach aird a thabhairt ar éagsúlacht na n-institiúidí san Aontas trí chineálacha éagsúla cur chuige a sholáthar chun ceanglais chaipitil ó thaobh priacal creidmheasa a ríomh, agus lena n-ionchorpraítear leibhéil éagsúla maidir le híogaireacht i leith priacal agus go gceanglaítear céimeanna éagsúla sofaisticiúlachta. Nuair a bhaintear leas as rátálacha seachtracha agus as meastacháin a dhéanann na hinstitiúidí féin ar pharaiméadair priacal creidmheasa aonair, cuirtear feabhas mór ar íogaireacht i leith priacal agus ar fhóntacht stuamachta na rialacha a bhaineann le priacal creidmheasa. Ba cheart institiúidí a spreagadh chun tosú ar chineálacha cur chuige atá níos íogaire ó thaobh priacal de a úsáid. Agus iad ag soláthar na meastachán atá riachtanach chun na cineálacha cur chuige maidir le priacal creidmheasa atá sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d'institiúidí feabhas a chur ar a bpróisis tomhais agus bhainistithe priacal creidmheasa chun modhanna a chur ar fáil chun cinneadh a dhéanamh faoi cheanglais rialála cistí dílse a léiríonn cineál, méid agus castacht na bpróiseas atá ag institiúidí. I ndáil leis seo, nuair atá sonraí á bpróiseáil i gceangal le tabhú agus bainistiú na risíochtaí ar chustaiméirí, ba cheart a mheas go n-áireofaí forbairt agus bailíochtú na gcóras um bainistiú agus tomhas priacal creidmheasa. Ní hamháin go bhfónann sé sin do leasanna dlisteanach institiúidí a chomhlíonadh ach fónann sé freisin do chuspóir an Rialacháin seo maidir le modhanna níos fearr a úsáid chun priacal a thomhas agus a bhainistiú agus na modhanna sin a úsáid freisin chun críocha rialála cistí dílse. D'ainneoin sin, teastaíonn saineolas suntasach agus acmhainní suntasacha chomh maith le sonraí leordhóthanacha ar ardchaighdeán ó na cineálacha cur chuige atá níos íogaire ó thaobh priacal de. Dá bhrí sin, ba cheart d'institiúidí na hardchaighdeáin a chomhlíonadh sula gcuirfidh siad na cineálacha cur chuige sin i bhfeidhm chun críocha rialála cistí dílse. Mar gheall ar an obair leanúnach lena n-áirithítear go mbeidh cúlstopanna iomchuí ann i gcás samhlacha inmheánacha, ba cheart go n-ullmhódh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht go sínfear tairseach Basel I lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí.

(43)

Ba cheart go mbeadh na ceanglais chaipitil i gcomhréir leis na priacail a dtugtar aghaidh orthu. Go háirithe, ba cheart go léireofaí sna ceanglais chaipitil an laghdú ar leibhéil na bpriacal a thig as líon mór risíochtaí atá sách beag a bheith i gceist.

(44)

Is ceann amháin de cholúin taca gheilleagar an Aontais iad fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar gheall ar an ról bunúsach atá acu i leith fás eacnamaíoch a chruthú agus fostaíocht a sholáthar. Braitheann téarnamh agus fás Gheilleagar an Aontais amach anseo go mór ar infhaighteacht caipitil agus maoinithe d'FBManna atá bunaithe san AE chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun teicneolaíochtaí agus trealamh nua a ghlacadh chun iomaíochas na bhfiontar a mhéadú. Tá FBManna atá bunaithe san Aontas níos íogaire fós i leith thionchar na géarchéime mar thoradh ar méid teoranta na bhfoinsí eile maoinithe. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go líonfar an bearna maoinithe atá ann cheana do FBManna agus go n-áiritheofar sreabhadh iomchuí creidmheasa bainc do FBManna sa chomhthéacs reatha. Ba cheart go labhdófaí muirir chaipitil maidir le risíochtaí do FBManna trí fhachtóir tacaíochta arb ionann é agus 0,7619 a chur i bhfeidhm chun a cheadú d'institiúidí creidmheasa iasachtú do FBManna a mhéadú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart go n-úsáideadh institiúidí creidmheasa an faoiseamh caipitil a tháirgtear tríd an bhfachtóir tacaíochta a chur i bhfeidhm chun críocha eisiach sreabhadh iomchuí creidmheasa a chur ar fáil do FBManna atá bunaithe san Aontas. Ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán ó am go chéile ar méid iomlán risíochtaí na n-insitiúidí creidmheasa ar FBManna agus méid iomlán na hasbhainte caipitil.

(45)

I gcomhréir leis an gcinneadh ón CBMB, arna fhormhuiniú ag an GHOS an 10 Eanáir 2011, ba cheart go mbeifí in ann gach ionstraim breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de chuid institiúide a dhíluacháil go hiomlán agus go buan nó an t-iomlán acu a thiontú ina Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth nach mbeidh an institiúid sin inmharthanach a thuilleadh. Maidir leis an reachtaíocht a bhfuil gá léi chun a áirithiú go bhfuil na hionstraimí cistí dílse faoi réir an sásra ionsúcháin breis caillteanais, ba cheart go n-ionchorprófaí í i ndlí an Aontais mar chuid de na ceanglais i ndáil le téarnamh agus réiteach na n-institiúidí. Mura mbeidh dlí an Aontais glactha faoin 31 Nollaig 2015, ar dlí é lena rialaítear an ceanglas gur cheart go mbeadh ionstraimí caipitil in ann a bheith díluacháilte go dtí náid go hiomlán agus go buan nó an t-iomlán acu a thiontú ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás ina meastar nach mbeidh institiúid inmharthanach a thuilleadh, ba cheart don Choimisiún a thuairisciú ar cheart foráil den chineál sin a chur san áireamh sa Rialachán seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist sin agus, i bhfianaise an athbhreithnithe sin, ba cheart go dtíolacfadh sé tograí reachtacha iomchuí.

(46)

Tugann forálacha an Rialacháin seo urraim do phrionsabal na comhréireachta, ag féachaint go háirithe d'éagsúlachtaí méide agus scála na n-oibríochtaí agus do réimse gníomhaíochtaí institiúidí. Ciallaíonn urraim a thabhairt do phrionsabal na comhréireachta freisin go dtugtar aitheantas do na nósanna imeachta rátála is simplí, fiú amháin i gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (‧Cur Chuige IBR‧), chun risíochtaí miondíola a aithint. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeidh feidhme ag na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo ar bhealach a bheidh comhréireach le nádúr, scála agus castacht na priacail a bhaineann le samhail ghnó agus gníomhaíochtaí institiúide. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go bhfuil gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, caighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta, ionas go n-áiritheofaí go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhréireach. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áiritheodh an ÚBE go ndréachtófar na caighdeáin theicniúla rialála agus na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme uile ar bhealach ina mbeidh siad comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus go seasfaidh siad leis.

(47)

Ba cheart go dtabharfadh na húdaráis inniúla aird iomchuí ar chásanna a bhfuil tuairim acu ina leith gur measadh gurbh fhaisnéis dhílseanach nó rúnda a bhí inti d'fhonn nochtadh faisnéise den sórt sin a sheachaint. Cé go bhféadfaidh institiúid a roghnú gan faisnéis a nochtadh toisc gur faisnéis dhílseanach nó rúnda atá inti, bíodh is go meastar gur faisnéis dhílseanach nó rúnda atá inti, níor cheart go gcomhlíonfaí dlisteanacht a eascraíonn as i gcásnach ndéanfar neamhnochtadh na faisnéise sin a suitear go bhfuil éifeacht ábhartha aici.

(48)

Cuireann nádúr ‧éabhlóideach‧ an Rialacháin seo ar chumas institiúidí a rogha a dhéanamh idir trí chur chuige maidir le riosca creidmheasa a bhfuil leibhéil éagsúla castachta ag baint leo. Chun gur féidir le hinstitiúidí an-bheag an Cur Chuige IBR atá níos íogaire ó thaobh priacal de a roghnú, ba cheart na forálacha ábhartha a léamh sa chaoi go n-áirítear leis na haicmí risíochtaí gach risíocht atá, go díreach nó go hindíreach, á chur ar comhchéim leo sa Rialachán seo. Mar riail ghinearálta, níor cheart do na húdaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir na trí chur chuige maidir leis an bPróiseas Athbhreithniúcháin Mhaoirseoireachta, i.e. níor cheart go ndéanfaí maoirseacht níos déine ar institiúidí ar an ábhar go bhfuil siad ag feidhmiú de réir fhorálacha an Cur Chuige Caighdeánaithe, agus ar an ábhar sin amháin.

(49)

Ba cheart aitheantas níos mó a thabhairt do theicnící maolaithe priacal creidmheasa laistigh de chreat rialacha a ceapadh d'fhonn a chinntiú nach mbainfear an bonn ó shócmhainneacht trí aitheantas míchuí a thabhairt. An chomhthaobhacht baincéireachta a úsáidtear de ghnáth sna Ballstáit chun priacail creidmheasa a mhaolú, ba cheart go dtabharfaí aitheantas dó aon uair is féidir sa Chur Chuige Caighdeánaithe agus sna cineálacha eile chur chuige freisin.

(50)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear san áireamh mar is iomchuí i gceanglais chaipitil institiúidí na priacail agus na laghduithe priacal a eascraíonn as infheistithe agus as gníomhaíochtaí urrúsaithe institiúidí, is gá rialacha a bheith ann ina bhfuil foráil maidir le láimhseáil atá íogair ó thaobh priacal de agus fónta ó thaobh stuamachta de a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus infheistíochtaí den sórt sin. Chuige sin, tá gá le sainmhíniú soiléir, uilechuimsitheach ar urrús lena n-áirítear aon idirbheart nó aon scéim ina ndéantar tráinsiú ar an bpriacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó le comhthiomsú risíochtaí. Maidir le risíocht lena gcruthaítear oibleagáid íocaíochta dírí le haghaidh idirbhirt nó scéime a úsáidtear chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú, níor cheart go measfar é mar risíocht ar urrús, fiú má tá oibleagáidí íocaíochta de shinsearacht éagsúil ag an idirbheart nó ag an scéim.

(51)

Sa bhreis ar fhaireachas a bhfuil sé d'aidhm aige cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, tá gá le shásraí atá deartha chun feabhas agus forbairt a dhéanamh i ndáil le faireachas éifeachtach ar bholgáin a d'fhéadfadh a bheith ann agus cosc a chur orthu ar bhealach éifeachtach, chun leithdháileadh barrmhaith caipitil a áirithiú i bhfianaise na ndúshlán agus na gcuspóirí, idir maicreacnamaíoch, go háirithe i ndáil le hinfheistíocht fhadtéarmach san fhíorgheilleagar.

(52)

Priacal suntasach atá ag institiúidí is ea priacal oibriúcháin agus ní mór é a chumhdach le cistí dílse. Tá sé riachtanach aird a thabhairt ar éagsúlacht institiúidí san Aontas trí chineálacha eile cur chuige a sholáthar chun ceanglais chaipitil ó thaobh priacal creidmheasa de a ríomh, cineálacha cur chuige ina mbeidh leibhéil éagsúla priacal íogaireachta agus leibhéil éagsúla sofaisticiúlachta. Ba cheart go mbeadh dreasachtaí iomchuí ann d'institiúidí chun tosú ar chineálacha cur chuige atá níos íogaire ó thaobh priacal de a úsáid. De bhrí go mbíonn modhanna nua ag teacht chun cinn le priacal oibriúcháin a thomhas agus a bhainistiú, ba cheart na rialacha a choinneáil faoi athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear na rialacha maidir le muirir le haghaidh cineálacha éagsúla gnó agus maidir le haitheantas a thabhairt do mhodhanna maolaithe priacal. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar árachas a chur san áireamh sna cineálacha cur chuige simplí maidir le ceanglais chaipitil a ríomh i gcomhair priacal oibriúcháin.

(53)

Ba cheart go mbeadh faireachán agus rialú risíochtaí institiúide mar chuid lárnach den mhaoirseacht a dhéantar ar institiúid. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh priacal do-ghlactha caillteanais a bheith ann de dhroim an iomarca risíochtaí a bheith ag cliant aonair nó ag grúpa cliant nasctha. Is féidir a mheas go bhféadfadh a leithéid de chás dochar a dhéanamh do shócmhainneacht institiúide.

(54)

Nuair atá cinneadh á dhéanamh faoi ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bheith ann agus, dá bhrí sin, faoi aon priacal amháin a bheith sna risíochtaí, tá sé tábhachtach a chur san áireamh freisin priacail a eascraíonn as comhfhoinse mhaoinithe shuntasaigh atá curtha ar fáil ag an institiúid féin nó ag a g(h)rúpa airgeadais nó ag a p(h)áirtithe nasctha.

(55)

Cé go bhfuil sé inmhianaithe luach na risíochta a ríomh ar bhonn an mhodha a chuirtear ar fáil ar mhaithe le ceanglais chistí dhílse, is iomchuí rialacha a ghlacadh maidir le faireachán a dhéanamh ar risíochtaí móra ach gan ualuithe priacal ná céimeanna priacal a chur i bhfeidhm. Lena chois sin, ceapadh na teicnící maolaithe priacal creidmheasa a chuirtear i bhfeidhm sa chóras sócmhainneachta ar an tuiscint go mbeadh an priacal creidmheasa éagsúlaithe go maith. Ní bhíonn an priacal creidmheasa éagsúlaithe go maith i gcás risíochtaí móra a bhaineann le priacal comhchruinnithe in ainm amháin. Dá bhrí sin, ba cheart éifeachtaí na dteicnící sin a bheith faoi réir coimircí stuamachta. Sa chomhthéacs seo, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cosaint creidmheasa a athghnóthú go héifeachtach chun críocha risíochtaí móra.

(56)

Ós rud é gur féidir caillteanas a eascraíonn as risíocht ar institiúid a bheith chomh dian le caillteanas ó aon risíocht eile, ba cheart risíochtaí den sórt sin a láimhseáil agus a thuairisciú sa tslí chéanna is a dhéanfaí i gcás aon risíocht eile. Tá teorainn chainníochtúil mhalartacha tugtha isteach chun an tionchar díréireach a d'imreodh cur chuige den sórt sin ar institiúidí beaga a mhaolú. Ina theannta sin, d'fhonn dea-fheidhmiú na margaí airgeadais agus an bhonneagair a bhaineann leo a éascú, cuirtear díolúine ar fáil i gcás risíochtaí an-ghearrthéarmacha a bhaineann le tarchur airgid, lena n-áirítear cur i gcrích seirbhísí íocaíochta, agus seirbhísí imréitigh, socraíochta agus cumhdaigh do chliaint. Cumhdaítear leis na seirbhísí sin, mar shampla, cur i gcrích gníomhaíochtaí imréitigh agus glanta airgid agus gníomhaíochtaí comhchosúla a dhéantar chun socraíocht a éascú. Áirítear ar na risíochtaí gaolmhara risíochtaí a d'fhéadfadh gan a bheith intuartha, agus dá bhrí sin, nach mbeadh faoi rialúiomlán institiúide chreidmheasa, inter alia, iarmhéideanna ar chuntais idirbhainc a eascraíonn ó íocaíochtaí cliant, lena n-áirítear ús agus táillí curtha do shochar nó do dhochar, agus íocaíochtaí eile i gcomhair seirbhísí do chliaint, chomh maith le comhthaobhacht a thugtar nó a fhaightear.

(57)

Tá sé tábhachtach ailíniú a dhéanamh ar leasanna na ngnóthas sin a dhéanann iasachtaí a ‘athphacáistiú‧ mar urrúis intrádála agus ionstraimí airgeadais eile (tionscnóirí nó urraitheoirí) agus ar leas na ngnóthas a infheistíonn sna hurrúis nó sna hionstraimí sin (infheisteoirí). Chuige sin, ba cheart don tionscnóir nó don urraitheoir leas suntasach a choinneáil sna sócmhainní foluiteacha. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcoinneoidh na tionscnóirí nó na hurraitheoirí risíocht ar priacal na n-iasachtaí atá i gceist. I dtéarmaí níos ginearálta, níor cheart idirbhearta urrúsaithe a struchtúrú sa chaoi go ndéantar cur i bhfeidhm an cheanglais choinneála a sheachaint, go háirithe trí leas a bhaint as táille nó struchtúr préimhe nó as an dá rud. Ba cheart a leithéid de choinneáil a bheith infheidhme i ngach cás ina bhfuil substaint eacnamaíoch urrúsaithe infheidhme, is cuma cén struchtúir dhlíthiúla nó ionstraimí dlí a úsáidtear chun an tsubstaint eacnamaíoch sin a fháil. Go háirithe, nuair a dhéantar priacal creidmheasa a aistriú le hurrúsú, níor cheart d'infheisteoirí a gcinntí a dhéanamh go dtí go bhfuil a ndícheall cuí déanta acu, rud a mbeadh faisnéis leordhóthanach maidir leis an urrúsú ag teastáil lena aghaidh.

(58)

Déantar foráil sa Rialachán seofreisin nach ndéanfaí an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin. Is leor i gcás aon urrúsú faoi leith go mbeadh duine amháin faoi réir an cheanglais, is cuma cé acu an tionscnóir, an t-urraitheoir, nó an t-iasachtóir bunaidh an duine sin. Mar an gcéanna, i gcás ina bhfuil urrúsuithe eile mar fholuí le hidirbhearta urrúsaithe, níor cheart an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm ach maidir leis an urrúsú atá faoi réir na hinfheistíochta. Níor cheart go mbeadh earraí infhaighte ceannaithe faoi réir an cheanglais choinneála má eascraíonn siad ó ghníomhaíocht chorparáideach ina n-aistrítear nó ina ndíoltar iad ar lascaine chun gníomhaíocht den sórt sin a mhaoiniú. Ba cheart do na húdaráis inniúla a ndícheall cuí a dhéanamh agus iad ag cur i bhfeidhm an ualaithe priacal i ndáil le neamh-chomhlíonadh mar aon leis na hoibleagáidí bainistíochta priacal a bhaineann le hurrúsú maidir le sáruithe beartais agus nósanna imeachta nach sáruithe beagbhríocha iad agus atá abartha don anailís ar na priacail fholuiteacha. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar cibé an bhféadfadh sé cabhrú le cleachtais a théann timpeall ar an gceanglas coinneála dá seachnófaí an ceanglas coinneála a chur i bhfeidhm níos mó ná uair amháin agus ar cibé an ndéanann na húdaráis inniúla na rialacha maidir le hurrúsú a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(59)

Ba cheart an dícheall cuí a úsáid d'fhonn measúnú ceart a dhéanamh ar priacail a eascraíonn as risíochtaí urrúsaithe i gcás an leabhair thrádála agus an leabhair neamhthrádála araon. Ina theannta sin, ní mór oibleagáidí an díchill chuí a bheith comhréireach. Ba cheart go gcabhródh nósanna imeachta an díchill chuí leis an muinín atá ag tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí as a chéile a chothú. Dá bhrí sin, tá sé inmhianaithe go nochtfaí mar is ceart faisnéis ábhartha faoi nósanna imeachta an díchill chuí.

(60)

Bíonn stuamacht faoi leith ag teastáil nuair a thabhaíonn institiúid risíocht dá mháthairghnóthas féin nó do cheann d'fhochuideachtaí eile a mháthairghnóthais. Ba cheart na risíochtaí a thabhaíonn institiúidí a bhainistiú ar bhealach iomlán neamhspleách, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta, gan aird a thabhairt ar aon ní eile. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás risíochtaí móra agus i gcásanna nach mbaineann le riarachán inghrúpa amháin nó le gnáth-idirbhearta inghrúpa. Ba cheart d'údaráis inniúlaaird ar leith a thabhairt ar na risíochtaí inghrúpa sin. Ní gá caighdeáin den sórt sin a chur i bhfeidhm, áfach, nuair is cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó institiúid chreidmheasa é an máthairghnóthas, nó más institiúidí creidmheasa nó airgeadais nó gnóthais a thairgeann seirbhísí coimhdeachta iad na fochuideachtaí, ar choinníoll go bhfuil gach gnóthas den sórt sin cumhdaithe ag maoirseacht na hinstitiúide creidmheasa ar bhonn comhdhlúite.

(61)

I bhfianaise a íogaire ó thaobh priacal de atá na rialacha maidir le ceanglais chaipitil, tá sé inmhianaithe athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar cé acu atá éifeachtaí móra acu ar an timthriall eacnamaíoch nó nach bhfuil. Ag cur san áireamh dó tuairimí an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), ba cheart don Choimisiún tuairisc faoi na gnéithe seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(62)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais chaipitil déileálaithe tráchtearraí, lena n-áirítear na déileálaithe atá díolmhaithe faoi láthair ó cheanglais Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (12)

(63)

Sprioc thábhachtach eacnamaíoch agus pholaitiúil de chuid an Aontais is ea léirscaoileadh na margaí gáis agus leictreachais. Agus aird á tabhairt air sin, i gcás na gceanglas caipitil agus na rialacha stuamachta eile atá le cur i bhfeidhm ar ghnólachtaí atá gníomhach sna margaí sin ba cheart go mbeidís comhréireach agus nach gcuirfí isteach go míchuí leo ar bhaint amach sprioc an léirscaoilte. Ba cheart an sprioc sin go háirithe a choinneáil i gcuimhne nuair atá athbhreithnithe á ndéanamh ar an Rialachán sin.

(64)

Ba cheart d'institiúidí a infheistíonn in ath-urrúsuithe a ndícheall cuí a dhéanamh maidir leis na hurrúsuithe foluiteacha agus maidir leis na risíochtaí ar neamh-urrúsú atá sna hurrúsuithe foluiteacha sin sa deireadh. Ba cheart d'institiúidí measúnú a dhéanamh féachaint an risíochtaí ar ath-urrúsuithe iad risíochtaí i gcomhthéacs clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe, lena n-áirítear risíochtaí i gcomhthéacs clár ina bhfaightear tráinsí de chomhthiomsuithe ar leithligh d'iasachtaí iomlána sa chás nach bhfuil aon cheann de na hiasachtaí ina risíocht ar urrúsú ná ar ath-urrúsú, agus i gcás gurb é díoltóir na n-iasachtaí a chuireann cosaint chéadcaillteanais ar fáil ar gach infheistíocht díobh. Sa chás deireanach sin, níor cheart a mheas de ghnáth gur risíocht ar ath-urrúsú í saoráid leachtachta a bhaineann go sonrach le comhthiomsú toisc gur tráinse de chomhthiomsú aonair sócmhainní atá ann (is é sin le rá, comhthiomsú na n-iasachtaí iomlána is infheidhme) nach bhfuil aon risíocht ar urrúsú ann. Os a choinne sin, dá ndéanfaí feabhsú creidmheasa ar fud cláir ach nach gclúdódh sé ach cuid de na caillteanais sin os cionn an méid cosanta a chuirfeadh an díoltóir ar fáil sna comhthiomsithe éagsúla, de ghnáth dhéanfadh sé sin tráinsiú ar an bpriacal i gcomhthiomsú sócmhainní iolracha a mbeadh risíocht ar urrúsú amháin ar a laghad ann, agus ar an ábhar sin risíocht ar ath-urrúsú a bheadh ann. Mar sin féin, má dhéanann a leithéid de chlár maoiniú iomlán air féin le haicme aonair páipéir thráchtála, agus má tharlaíonn sé nach ath-urrúsú é an feabhsú creidmheasa ar fud an chláir nó má thugann an institiúid coimircíochta lántacaíocht don pháipéar tráchtála sa chaoi go bhfuil an t-infheisteoir sa pháipéar tráchtála sin ar ris ar phriacal mainneachtana an urraitheora, seachas maidir leis na comhthiomsuithe ná na sócmhainnía fholuíonn é, níor cheart a mheas de ghnáth mar sin gur risíocht ar ath-urrúsú é an páipéar tráchtála sin.

(65)

Na forálacha maidir le luacháil stuama a dhéanamh ar an leabhar trádála, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le gach ionstraim a thomhaistear ar luach cóir, is cuma cé acu i leabhar trádála nó i leabhar neamhthrádála na n-institiúidí a dhéantar. Ní mór a shoiléiriú, sa chás go mbeadh sé mar thoradh ar luacháil stuama a chur i bhfeidhm go mbeadh luach seilbhe níos ísle ann ná an luach a aithnítear go hiarbhír sa tréimhse chuntasaíochta, ba cheart luach absalóideach na difríochta a asbhaint ó na cistí dílse.

(66)

Ba cheart go mbeadh sé de rogha ag institiúidí ceanglas caipitil a chur i bhfeidhm maidir leis na suímh urrúsúcháin sin a dtugtar ualúpriacal 1 250 % dóibh faoin Rialachán seo nó iad a aisbhaint ó íitmí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, is cuma cé acu sa leabhar trádála nó sa leabhar neamhthrádála atá na suímh.

(67)

Níor cheart go mbeadh institiúidí tionscnóra nó institiúdí is urraitheoirí in ann dul timpeall ar an toirmeasc ar thacaíocht intuigthe a sholáthar trí leas a bhaint as a leabhair trádála chun a leithéid de thacaíocht a sholáthar.

(68)

Gan dochar don nochtadh atá ceangailte go sainráite sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh faisnéis chruinn chuimsitheach a chur ar fáil do rannpháirtithe margaidh maidir le próifíl priacal institiúidí faoi leith. Ar an ábhar sin ba cheart go gceanglófaí ar institiúidí faisnéis bhreise a nochtadh nach bhfuil liostaithe go sainráite sa Rialachán seo, nuair atá an nochtadh sin riachtanach chun an aidhm sin a bhaint amach. Ag an am céanna, ba cheart go dtabharfadh na húdaráis inniúla aird iomchuí ar chásanna a bhfuil tuairim acu ina leith gur mheas institúid gur faisnéis dhílseanach nó rúnda a bhí inti d'fhonn nochtadh faisnéise den sórt sin a sheachaint.

(69)

I gcás ina n-ionchorpraíonn measúnú creidmheasa seachtrach i gcomhair suímh urrúsúcháin feidhm cosanta creidmheasa a chuireann an institiúid féin atá i mbun infheistithe ar fáil, níor cheart go mbeadh an institiúid in ann tairbhe a bhaint as an ualú priacal níos ísle a eascraíonn ón gcosaint sin. Níor cheart go ndéanfaí an suíomh urrúsúcháin a asbhaint ó chaipiteal má tá bealaí eile ann chun ualú priacal a mheas i gcomhréir le priacal iarbhír an tsuímh, agus gan an chosaint chreidmheasa sin a chur san áireamh.

(70)

Os rud é gur go lagmheasartha a chruthaigh siad le déanaí, ba cheart go neartófaí na caighdeáin maidir leis na múnlaí inmheánacha a úsáidtear chun ceanglais chaipitil i gcomhair priacal an mhargaidh a ríomh. Go háirithe, ba cheart gabháil na priacail ag na caighdeáin a chur i gcrích i ndáil leis na priacail creidmheasa sa leabhar trádála. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh comhpháirt sna muirir chaipitil a bheadh leordhóthanach maidir le coinníollacha struis chun ceanglais chaipitil a neartú i bhfianaise dhálaí an mhargaidh atá ag dul in olcas agus d'fhonn an baol comh-thimthriallachta a laghdú. Ba cheart d'institiúidí tástálacha struis droim ar ais a dhéanamh freisin féachaint cad iad na cásanna a d'fhéadfadh inmharthanacht na hinstitiúide a chur i mbaol ach amháin más féidir leo a chruthú nach bhfuil gá lena leithéid de thástáil. Mar gheall ar na deacrachtaí bhí ann le déanaí agus a tháinig as cur chuige arna mbunú ar shamhlacha inmheánacha a úsáid le suímh urrúsúcháin a láimhseáil, ba cheart teorainn a chur leis an aitheantas a thugann institiúidí do mhúnlú priacail urrúsúcháin chun ceanglais chaipitil a ríomh sa leabhar trádála agus ba cheart muirear caipitil caighdeánaithe a bheith ina cheangal sa ghnáthchúrsa i gcomhair suíomh urrúsúcháin sna leabhair thrádála.

(71)

Leagtar síos sa Rialachán sin eisceachtaí teoranta i gcomhair gníomhaíochtaí comhghaoil trádála áirithe, agus i gcomhréir leis na heisceachtaí sin féadfaidh an maoirseoir cead a thabhairt d'institiúid muirear cuimsitheach i leith caipitil priacal a ríomh faoi réir diancheanglas. I gcásanna den sórt sin ba cheart go gceanglófaí ar an institiúid na gníomhaíochtaí sin a chur faoi réir muirir chaipitil atá cothrom leis an muirear caipitil is airde i gcomhréir leis an gcur chuige a forbraíodh go hinmheánach agus atá cothrom le 8 % den mhuirear caipitil le haghaidh priacal shonraigh i gcomhréir leis an modh caighdeánaithe tomhais. Níor cheart go mbeadh sé ina cheangal muirear incriminteach priacal a ghearradh ar na risíochtaí sin ach ba cheart iad a ionchorprú i dtomhais an luacha faoi phriacal agus i dtomhais an luacha faoi phriacal faoi strus.

(72)

I bhfianaise chineál agus mhéid na gcaillteanas gan choinne a bhí ag institiúidí i rith na géarchéime airgeadais agus eacnamaíochta, tá sé riachtanach tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht agus ar chomhchuibhiú na gcistí dílse a bhfuil sé de cheangal ar institiúidí a choimeád ina seilbh. Ba cheart a bheith ina chuid de sin sainmhíniú nua a thabhairt isteach ar na gnéithe lárnacha caipitil atá ar fáil chun caillteanais gan choinne a sheasamh de réir mar a ráiníonn siad, feabhsuithe a chur ar an sainmhíniú ar chaipitil hibride agus coigeartuithe aonfhoirmeacha stuamachta ar chistí dílse. Tá sé riachtanach freisin leibhéal na gcistí dílse a ardú go suntasach, lena n-áirítear cóimheasa caipitil nua a cheapadh a bheidh dírithe ar ghnéithe lárnacha na gcistí dílse atá ar fáil chun caillteanais a sheasamh de réir mar a ráiníonn siad. Táthar ag súil leis go n-éireoidh le hinstitiúidí a bhfuil a scaireanna ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a gceanglais chaipitil maidir leis na gnéithe lárnacha caipitil a chomhlíonadh le scaireanna den sórt sin a chloíonn le sraith dhian critéar le haghaidh na n-ionstraimí lárnacha caipitil agus cúlchistí nochta na hinstitiúide amháin. D'fhonn éagsúlacht na bhfoirmeacha dlíthiúla faoina n-oibríonn institiúidí laistigh den Aontas a chur san áireamh mar is iomchuí, ba cheart go n-áiritheofaí leis an tsraith dhian critéar le haghaidh na n-ionstraimí lárnacha caipitil gur den chaighdeán is airde iad ionstraimí lárnacha caipitil i gcomhair institiúidí nach bhfuil a scaireanna ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Leis sin níor cheart go gcuirfí cosc ar institiúidí dáileacháin a íoc, ar scaireanna a bhfuil cearta difreáilte acu nó nach bhfuil aon chearta vótála acu, ar dáileacháin iad ar iolra iad díobh sin a íocfar ar scaireanna a bhfuil leibhéil chearta vótála níos airde acu, ar an gcoinníoll, beag beann ar leibhéal na gcearta vótála, go gcomhlíonfar na dianchritéir do na hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 lena n-áirítear iad sin a bhaineann le solúbthacht íocaíochtaí, agus ar an gcoinníoll má íoctar dáileachán, go mbeidh sé le híoc ar gach scair a eiseoidh an institiúid.

(73)

Tá risíochtaí trádála airgeadais dibhéirseach ó chineál ach comhroinneann siad tréithe amhail a bheith beag ó thaobh luacha de agus gearr ó thaobh faid de agus foinse inaitheanta athíocaíochta a bheith acu. Cuirtear taca fúthu le gluaiseacht earraí agus seirbhísí a thacaíonn leis an bhfíorgheilleagar agus sa chuid is mó de ná cásanna a chabhraíonn le cuideachtaí beaga ó thaobh na riachtanais laethúla atá acu, agus leis sin cruthaítear fás eacnamaíoch agus deiseanna post. De ghnáth déantar insreafaí agus eis-sreafaí a chomhoiriúnú agus dá bhrí sin tá teorainn ar an bpriacal leachtachta.

(74)

Is iomchuí é go gcoinníonn an ÚBE liosta cothrom le dáta de na foirmeacha uile d'ionstraimí caipitil atá i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Ba cheart don ÚBE ionstraimí nach Státchabhair atá iontu a eisíodh tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus nach gcomhlíonann na critéir atá sonraithe sa Rialachán seo a bhaint ón liosta sin, agus ba cheart dó fógra poiblí a thabhairt ina leith sin. I gcás ina n-aithnítear i gcónaí ionstraimí a bhain an ÚBE ón liosta, tar éis an fhógra a thug sé, ba cheart don ÚBE a chumhachtaí a fheidhmiú go hiomlán, go háirithe na cumhachtaí sin arna tabhairt ar Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais. Meabhraítear é go bhfuil feidhm ag sásra trí-chéim maidir le freagairt chomhréireach ar chásanna ina ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart agus go leordhóthanach, i gcás ina dtabharfar de chumhacht don ÚBE, mar chéad chéim, imscrúdú a dhéanamh ar aon chás ina líomhnaítear nach ndearna údaráis náisiúnta a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go cuí nó go leordhóthanach sa chleachtas maoirseachta atá acu agus moladh a dhéanamh mar chonclúid leis an imscrúdú sin. Mar dhara céim, i gcás nach leanann an t-údarás inniúil náisiúnta an moladh, tugtar de chumhacht don Choimisiún tuairim fhoirmiúil a eisiúint, agus moladh an ÚBE á chur san áireamh aige, ar tuairim í lena gceanglófaí ar an údarás inniúil na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú. Mar thríú céim, chun staideanna eisceachtúla ina bhfuil easpa leanúnach gníomhaíochta i gceist leis an údarás inniúil lena mbaineann a shárú, tugtar de chumhacht don ÚBE, mar rogha dheireanach, cinntí a ghlacadh atá dírithe ar institiúidí airgeadais aonair. Ina theannta sin, i gcás ina measann an Coimisiún gur theip ar Bhallstát oibleagáid a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, meabhraítear go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 258 CFAE.

(75)

Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo do chumas na n-údarás inniúil próisis réamh-fhormheasa a choinneáil maidir leis na conarthaí lena rialaítear ionstraimí chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2. Sna cásanna sin, níor cheart na hionstraimí caipitil sin a ríomh chuig caipiteal Breise Leibhéal 1 nó chuig caipiteal Breise Leibhéal 2 de chuid na hinstitiúide ach amháin a luaithe a bheidh na próisis fhormheasa sin tugtha chun críche acu.

(76)

D'fhonn disciplín an mhargaidh a neartú agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú, ní mór ceanglais níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le foirm agus cineál caipitil rialála agus na coigeartuithe stuamachta a rinneadh a nochtadh, d'fhonn a áirithiú go mbeidh dóthain eolais ag infheisteoirí agus ag taisceoirí faoi shócmhainneacht institiúidí.

(77)

Tá sé riachtanach freisin go mbeidh eolas ag na húdaráis inniúla, i dtéarmaí comhiomlána ar a laghad, ar leibhéal na gcomhaontuithe athcheannaigh, na n-iasachtaí urrús agus gach cineál eile sócmhainní. Ba cheart faisnéis den chineál sin a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla. D'fhonn disciplín an mhargaidh a neartú, ba cheart go mbeadh ceanglais níos mionsonraithe maidir le comhaontuithe athcheannaigh agus maoiniú urraithe a nochtadh.

(78)

Ba cheart an sainmhíniú nua ar chaipiteal agus ar cheanglais chaipitil rialála a thabhairt isteach agus aird á tabhairt ar na himthosca agus na dálaí náisiúnta éagsúla, agus is é an chaoi a dtiocfaidh laghdú i rith na tréimhse trasdula ar na héagsúlachtaí tosaigh sin. D'fhonn an leanúnachas iomchuí a áirithiú ar leibhéal na gcistí dílse, marthanófar ionstraimí a eiseofar faoi chuimsiú birt athchaipitlithe de bhun rialacha maidir leis an Státchabhair agus a eiseofar roimh an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go ceann na tréimhse trasdula. Ba cheart go laghdófaí iontaoibh i Státchabhair a mhéid is féidir amach anseo. A mhéid atá gá leis an Státchabhair sin i gcásanna áirithe, áfach, ba cheart go bhforáilfear sa Rialachán do chreat chun déileáil le cásanna mar sin. Ba cheart go sonrófaí sa Rialachán seo, go háirithe, cén chaoi is ceart na hionstraimí cistí dílse a eisítear faoi chuimsiú birt athchaipitilithe de bhun rialacha maidir leis an Státchabhair a láimhseáil. Ba cheart an fhéidearthacht go mbainfeadh institiúidí tairbhe as láimhseáil den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha dochta. Ina theannta sin, a mhéid a cheadaítear imeachtaí ón gcritéar nua maidir le cáilíocht ionstraimí cistí dílse le láimhseáil den sórt sin, ba cheart go mbeadh na himeachtaí sin chomh teoranta agus is féidir. Maidir leis an láimhseáil i leith ionstraimí caipitil atá ann cheana agus a eisítear faoi chuimsiú birt athchaipitilithe de bhun rialacha maidir leis an Státchabhair, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na hionstraimí caipitil sin a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo agus na hionstraimí nach gcomhlíonann iad. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha idirthréimhseacha iomchuí don chás deireanach sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(79)

Ceanglaíonn Treoir 2006/48/CE ar institiúidí creidmheasa cistí dílse atá ar a laghad comhionann le méideanna íosta arna sonrú a chur ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2011. I bhfianaise iarmhairtí leanúnacha na géarchéime airgeadais in earnáil na baincéireachta agus leathnú ar na socruithe idirthréimhseacha ar ghlac an CBMB leo i gcomhair ceanglas caipitil, is iomchuí teorainn níos ísle a thabhairt isteach arís go ceann tréimhse teoranta go dtí go mbeidh go leor cistí dílse curtha ar bun i gcomhréir leis na socruithe idirthréimhseacha le haghaidh cistí dílse dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus a chuirfear i bhfeidhm de réir a chéile ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí 2019.

(80)

I gcás grúpaí a bhfuil gnó suntasach baincéireachta nó infhestíochta agus árachais acu, soláthraítear le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais (13) rialacha sonracha chun aghaidh a thabhairt ar an 'comhaireamh dúbailte caipitil seo. Tá Treoir 2002/87/CE bunaithe ar phrionsabail a nglactar leo ar fud an domhain le déileáil le priacail a bhfuil baint acu le hearnálacha éagsúla. Neartaítear leis an Rialachán seo an bealach a mbeidh feidhm ag na rialacha sin le haghaidh ilchuideachtaí airgeadais ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta agus baincéireachta, le cinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach daingean agus comhsheasmhach. Tabharfar aghaidh ar athruithe eile ar bith is gá a dhéanamh nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar Threoir 2002/87/CE, a bhfuil coinne leis in 2015.

(81)

Léirigh an ghéarchéim airgeadais gur ró-íseal i bhfad a mheas institiúidí an leibhéal priacal creidmheasa contrapháirtí a bhain le díorthaigh thar an gcuntar (OTC). Spreag sé sin an G-20, i Meán Fómhair 2009, chun a éileamh go ndéanfaí níos mó díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí contrapháirtí lárnach (CPL). Ina theannta sin, maidir leis na díorthaigh thar an gcuntar nach bhféadfaí a imréiteach go lárnach, d'iarr siad iad a bheith faoi réir ceanglas níos airde maidir le cistí dílse d'fhonn na priacail níos airde a bhaineann leo a léiriú ar bhealach níos fearr.

(82)

Tar éis don G-20 é sin a iarraidh, rinne an CBMB athrú ábhartha ar an gcóras priacal creidmheasa contrapháirtí, mar chuid de Basel III. Meastar go ndéanfaidh Basel III méadú suntasach ar na ceanglais cistí dílse a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar agus maidir le maoiniú idirbhearta urrúis i gcás agus meastar go gcruthófar dreasachtaí móra chun go mbainfeadh institiúidí leas as contrapháirtithe lárnacha. Meastar go gcuirfidh Basel III tuilleadh dreasachtaí ar fáil chun bainistiú priacal ar risíochtaí creidmheasa contrapháirtí a neartú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras reatha maidir le láimhseáil risíochtaí ar priacal creidmheasa contrapháirtithe lárnacha.

(83)

Ba cheart cistí dílse breise a bheith ina seilbh ag institiúidí mar gheall ar an bpriacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa a eascraíonn as díorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart d'institiúidí comhghaol luacha sócmhainne níos airde a úsáid agus iad ag ríomh na gceanglas maidir le cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar priacal creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as díorthaigh thar an gcuntar agus as idirbhearta maoinithe urrús chuig institiúidí airgeadais áirithe. Ba cheart go mbeadh ceanglas ar institiúidí freisin feabhas suntasach a chur ar thomhas agus ar bhainistiú priacal creidmheasa contrapháirtí agus é sin a dhéanamh trí aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar priacal comhghaolmhaireachta, ar chontrapháirtithe an-ghiaráilte agus ar chomhthaobhacht, agus feabhsuithe comhfhreagracha i réimse na tástála siarghabhálaí agus na tástála struis ag gabháil leo.

(84)

An sásra iltaobhach glanluachála agus roinnte caillteanas a chuireann contrapháirtithe lárnacha ar fáil, is gnách go dtéann sí chun sochair do risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha. Dá thoradh sin, bíonn priacal an-íseal creidmheasa contrapháirtí ag baint leo agus ba cheart dá bhrí sin go mbeidís faoi réir ceanglas an-íseal maidir le cistí dílse. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an ceanglas sin dearfach d'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí rianú agus faireachán ar a risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha mar chuid de dhea-bhainistíocht priacal agus d'fhonn a léiriú nach bhfuil risíochtaí trádála ar chontrapháirtithe lárnacha fiú saor ó priacal.

(85)

Is éard atá i gciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh sásra a fhágann gur féidir caillteanais a roinnt (frithpháirtiú) ar bhaill imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh. Úsáidtear é i gcásanna ina mbeadh na caillteanais a thabhódh an contrapháirtí lárnach tar éis mhainneachtain baill imréitigh níos mó ná corrlaigh agus ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana a chuireann an ball imréitigh sin ar fáil agus aon chosaint eile a d'fhéadfadh an contrapháirtí lárnach a úsáid sula mbainfeadh sé leas as ranníocaíochtaí ciste mhainneachtana na mball imréitigh eile. I bhfianaise an méid sin, tá an priacal a bhaineann le risíochtaí ó ranníocaíochtaí ciste mainneachtana níos airde ná an priacal a bhaineann le risíochtaí trádála. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh risíochtaí den chineál sin faoi réir ceanglais níos airde maidir le cistí dílse.

(86)

Ba cheart athróg a bheith in "caipitil hipitéiseach" contrapháirtí lárnaigh, athróg a bheadh riachtanach chun ceanglas cistí dílse a chinneadh maidir le risíochtaí baill imréitigh i ngeall ar a ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana contrapháirtithe lárnacha. Níor cheart a mheas gur aon ní eile é. Go háirithe, níor cheart a mheas gurb é sin an méid caipitil a chuireann an t-údarás inniúil de cheangal ar an gcontrapháirtí lárnach a bheith ina seilbh aige.

(87)

An t-athbhreithniú ar láimhseáil priacal creidmheasa contrapháirtí, go háirithe ceanglais níos airde a chur ar bun maidir le cistí dílse le haghaidh conarthaí díorthach déthaobhacha d'fhonn an priacal níos airde don chóras airgeadais a bhaineann leo sin a chur san áireamh, is cuid lárnach é d'iarrachtaí an Choimisiúin féachaint chuige go mbeidh na margaí díorthach éifeachtach, sábháilte agus slán. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo ina chomhlánú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (14).

(88)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na díolúintí ábhartha le haghaidh risíochtaí móra faoin 31 Nollaig 2015. Go dtí go bhfeicfear an toradh a bheidh ar an athbhreithniú sin, ba cheart ligean do na Ballstáit fós cinneadh a dhéanamh maidir le risíochtaí móra áirithe a dhíolmhú ó na rialacha sin go ceann idirthréimhse atá fada go leor. Ag cur leis an obair a rinneadh faoi chuimsiú Threoir 2009/111/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/48/CE, Treoir 2006/49/CE agus Treoir 2007/64/CE a mhéid a bhaineann le bainc atá cleamhnaithele hinstitiúidí larnacha, le hítimí cistí dílse áirithe, le risíochtaí móra áirithe, le socruithe maoirseachta agus le bainisitiú géarchéim (15) a ullmhú agus a chaibidliú agus ag cur forbairtí idirnáisiúnta agus Eorpacha maidir leis na saincheisteanna sin san áireamh, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh maidir lena bpléifear ar cheart go leanfaí de na díolúintí sin a chur i bhfeidhm ar bhealach lánroghnach nó ar bhealach níos ginearálta agus an dtabharfaí aghaidh ar na priacail a bhaineann leis na risíochtaí sin trí mheáin éifeachtacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo.

(89)

D'fhonn a áirithiú nach ndéanfar dochar do chomhleanúnachas na rialacha aonfhoirmeacha a bhunaítear leis an Rialachán seo ar bhonn buan le díolúintí ar risíochtaí ag údaráis inniúla, tar éis idirthréimhse, agus mura bhfuil toradh ar bith ar an athbhreithniú thuasluaite, ba cheart go rachadh na húdaráis inniúla i gcomhairle leis an ÚBE le cinneadh an iomchuí é leanúint d'úsáid a bhaint as an deis risíochtaí áirithe a dhíolmhú.

(90)

Saintréithe de chuid blianta a tháinig roimh an ngéarchéim airgeadais ab ea an fás iomarcach a tháinig ar risíochtaí institiúidí i gcoibhneas lena gcistí dílse (luamhánú). Chuir caillteanais agus an easpa maoinithe le linn na géarchéime airgeadais iallach ar institiúidí laghdú suntasacha a dhéanamh ar an nluamhánú thar thréimhse ghearr. Mhéadaigh sé sin an chaoi a raibh praghsanna sócmhainní á mbrú síos, rud ba chúis le tuilleadh caillteanas a bheith ag institiúidí creidmheasa agus ag gnólachtaí infheistíochta araon sa chaoi gur tháinig laghduithe breise ar a gcistí dílse. Is é toradh a bhí ar an titim sin gur laghdaigh an creidmheas a bhí ar fáil don fhíorgheallagar agus go raibh an ghéarchéim níos doimhne agus níos faide.

(91)

Tá ceanglais priacal -bhunaithe maidir le cistí dílse fíor-riachtanach lena áirithiú go mbeidh go leor cistí dílse ann chun caillteanais gan choinne a chumhdach. Mar sin féin, léirigh an ghéarchéim nach leor na ceanglais sin iontu féin chun cosc a chur ar institiúidí priacal luamhánaithe iomarcach neamh-inbhuanaithe a ghlacadh.

(92)

I mí Mheán Fómhair 2009, chuir ceannairí an G-20 ceangal orthu féin rialacha a fhorbairt a nglacfaí leo go hidirnáisiúnta chun luamhánú iomarcach a dhíspreagadh. Chun na críche sin, thacaigh siad le cóimheas luamhánaithe a thabhairt isteach mar bheart forlíontach ar chreat Basel II.

(93)

I mí na Nollag 2010, d'fhoilsigh an CBMB treoirlínte a thug sainmhíniú ar an modheolaíocht chun an cóimheas luamhánaithe a ríomh. Foráiltear leis na rialacha sin go mbeidh tréimhse bhreathnóireachta ann ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 1 Eanáir 2017, tréimhse a ndéanfar faireachán lena linn ar an gcóimheas giarála, ar a chomhpháirteanna agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé i dtaca leis an gceanglas priacal -bhunaithe. Tá sé beartaithe ag an CBMB coigeartuithe deiridh a dhéanamh, i bhfianaise thorthaí na tréimhse breathnóireachta, ar shainmhíniú agus ar chalabrú an chóimheasa luamhánaithe sa chéad leath de 2017, d'fhonn ceanglas a dhéanamh de an 1 Eanáir 2018 ar bhonn athbhreithniú agus calabrú cuí. Déantar foráil i dtreoirlínte an CBMB freisin maidir leis an gcóimheas luamhánaithe agus a chomhpháirteanna a nochtadh ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh.

(94)

Is uirlis rialála agus maoirseachta nua ag an Aontas an cóimheas giarála. I gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta, ba cheart é a thabhairt isteach ar dtús mar ghné bhreise a d'fhéadfaí cur i bhfeidhm ar institiúidí aonair ar rogha na n-údarás maoirseachta. D'fhágfadh na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le hinstitiúidí go bhféadfaí athbhreithniú agus calabrú cuí a dhéanamh air, d'fhonn gluaiseacht chuig beart cenagailteach a dhéanamh in 2018.

(95)

Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar thionchar an chóimheasa luamhánaithe ar cineálacha éagsúla gnó, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chineálacha gnó a mheastar priacal íseal a bheith ag baint leo, mar shampla iasachtaí morgáiste agus iasachtaí speisialaithe a dhéantar le rialtais réigiúnacha, le húdaráis áitiúla nó le heintitis san earnáil phoiblí. Ba cheart don ÚBE, bunaithe ar na sonraí a fhaightear agus ar na torthaí ón athbhreithniú maoirseachta le linn tréimhse bhreathnóireachta, aicmiú samhlacha gnó agus priacail a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis inniúla. Bunaithe ar an anailís iomchuí, agus sonraí stairiúil nó cásanna struis a chur san áireamh freisin, ba cheart go mbeadh measúnú ar na leibhéil iomchuí den chóimheas luamhánaithe a dhéanann cosaint ar theacht aniar na samhlacha gnó faoi seach agus cibé ar cheart go socrófaí leibhéil an chóimheasa ghiarála mar thairseacha nó mar raonta. Tar éis na tréimhse breathnóireachta agus calabiú leibhéal an chóimheasa luamhánaithe faoi seach, agus bunaithe ar an measúnú, féadfaidh an ÚBE athbhreithniú iomchuí maidir le staidreamh a fhoilsiú, lena n-áirítear meáin agus dialltaí caighdeánach an chóimheasa ghiarála. Tar éis ceanglais an chóimheasa luamhánaithe a ghlacadh, ba cheart don ÚBE athbhreithniú iomchuí maidir le staidreamh a fhoilsiú, lena n-áirítear meáin agus dialltaí caighdeánacha an chóimheasa luamhánaithe i ndáil le catagóirí aitheanta na n-institiúidí.

(96)

Ba cheart d'institiúidí faireachán a dhéanamh ar leibhéal an chóimheasa luamhánaithe, ar athruithe a thagann ar an leibhéal sin agus ar an bpriacal luamhánaithe mar chuid den phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (PIMLC). Ba cheart faireachán den sórt sin a bheith ina cuid den phróiseas athbhreithniúcháin mhaoirseachta. Go háirithe, tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas maidir leis an gcóimheas giarála, ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa tsamhail ghnó agus ar an bpróifíl priacal a bhaineann leis sin d'fhonn a áirithiú go mbeadh aicmiú na n-institiúidí i gceart agus cothrom le dáta.

(97)

Tá struchtúir dhea-rialachais, trédhearcacht agus nochtadh riachtanach d'fhonn beartais fhónta maidir le luach saothair a áirithiú. D'fhonn trédhearcacht leormhaith a áirithiú don mhargadh maidir leis na struchtúir luacha saothair agus an priacal a bhaineann leo, ba cheart d'institiúidí faisnéis mhionsonraithe a nochtadh maidir lena gcuid beartas i leith luach saothair, a gcleachtais agus, ar chúiseanna rúndachta, na méideanna comhiomlánaithe a thugtar do na baill foirne sin a bhfuil tionchar ábharach ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacal na hinstitiúide. Ba cheart an fhaisnéis sin go léir a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir. Ba cheart go mbeadh na ceanglais áirithe sin gan dochar do cheanglais níos ginearálta nochta a bhaineann le beartais luacha saothair is infheidhme go cothrománach trasna earnálacha. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstát a chur de cheangal ar institiúidí faisnéis níos mionsonraithe maidir le luach saothair a chur ar fáil.

(98)

Níor cheart go méadófaí le Gníomhaireacht Rátála Creidmheasa a aithint mar Institiúid um Measúnú Creidmheasa Sheachtrach (IMCS) foriamh margaidh a bhfuil forlámhas ag trí ghnóthas lárnacha air cheana féin. Ba cheart go ndéanfadh an ÚBE agus na Bainc Cheannais foráil, gan an próiseas a dhéanamh níos fusa nó féachaint chuige go mbeadh sé chomh dian, chun níos mó Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa a aithint mar IMCS mar bhealach chun an margadh a oscailt do ghnóthais eile.

(99)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt (16) sin agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndái (17) l le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, ba cheart iad a bheith lán-infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críche an Rialacháin seo.

(100)

Ba cheart maolán éagsúlaithe sócmhainní leachtacha a bheith ina seilbh ag institiúidí is féidir leo a úsáid chun riachtanais leachtachta a chlúdach le linn struis leachtachta gearrthéarmaí. Ós rud é nach féidir a bheith cinnte ex ante cé na sócmhainní sonracha laistigh de gach aicme sócmhainní a d'fhéadfadh a bheith faoi réir turraingí ex-post, tá sé iomchuí maolán leachtachta éagsúlaithe ardcháilíochta a chur chun cinn ina mbeadh catagóirí éagsúla sócmhainní. Le comhdhlúthacht sócmhainní agus ró-spleáchas ar leachtacht an mhargaidh, cruthaítear priacal sistéamach don earnáil airgeadais agus ba cheart an méid sin a sheachaint. Ba cheart da bhrí sin tacar leathan de ardcháilíochta a chur san áireamh le linn tréimhse breathnóireachta tosaigh a úsáidfear chun sainmhíniú a fhorbairt ar cheanglas maidir le cumhdach leachtachta. Agus sainmhíniú aonfhoirmeach ar shócmhainní leachtachta á dhéanamh, bheifí ag súil leis go ndéanfaí bannaí rialtais, agus bannaí cumhdaithe a thrádáiltear ar mhargaí trédhearcacha a bhfuil láimhdeachas leantach acu, ar a laghad, a mheas mar shócmhainní fíor-ardleachtachta agus ffíor-ardcháilíochta creidmheasa. Bheadh sé iomchuí freisin gur cheart sócmhainní a chomhfhreagraíonn d'Airteagal 416(1) -(a) go (c) a áireamh sa mhaolán gan teorainneacha. Nuair a úsáideann institiúidí an stoc leachtachta, ba cheart dóibh plean a chur ar bun chun a gcuid sealbhán sócmhainní leachtacha a athshlánú agus ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go bhfuil an plean leordhóthanach agus go gcuirtear i bhfeidhm é.

(101)

Ba cheart an stoc sócmhainní leachtacha a bheith ar fáil am ar bith chun freastal ar na heis-sreafaí leachtachta. Ba cheart leibhéal na riachtanas leachtachta le linn struis leachtachta gearrthéarmaí a chinneadh ar bhealach caighdeánaithe d'fhonn caighdeán aonfhoirmeach fóntachta agus bonn cothromaíochta a airithiú. Ba cheart go n-áiritheofaí nach mbeadh aon iarmhairtí neamhbheartaithe ag a leithéid de chinneadh caighdeánaithe ar mhargaí airgeadais, ar shíneadh creidmheasa ná ar fhás eacnamaíoch, agus ba cheart a chur san áireamh freisin samhlacha éagsúla gnó agus infheistíochta agus timpeallachtaí éagsúla maoinithe institiúidí ar fud an Aontais. Chuige sin, ba cheart an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a bheith faoi réir tréimhse breathnóireachta. Bunaithe ar na tuairimí agus le tacaíocht tuarascálacha ó ÚBE, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun ceanglas maidir le cumhdach leachtachta atá mionsonraithe agus comhchuibhithe a thabhairt isteach don Aontas ar bhealach tráthúil. D'fhonn comhchuibhiú domhanda a áirithiú í réimse rialáil leachtachta, ba cheart go mbeadh aon ghníomh tarmligthe chun an ceanglas maidir le cóimheas cumhdaigh leachtachta a thabhairt isteach inchomparáide leis an gcóimheas maidir le cumhdach leachtachta a leagtar amach sa chreat idirnáisiúnta deiridh maidir le tomhas, caighdeáin agus faireachán priacail leachtachta de chuid CBMB agus sonraíochtaí an Aontais agus sonraíochta náisiúnta á gcur san áireamh.

(102)

Chun na críche sin, le linn na tréimhse breathnóireachta, ba cheart d’ÚBE athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh, inter alia, ar a iomchuí is a bheadh tairseach 60 % ar shócmhainní leachtachta leibhéal 1, uasteorainn 75 % ar insreafaí i gcoinne eis-sreafaí agus céimniú isteach an cheanglais maidir le cumhdach leachtachta ó 60 % ón 1 Eanáir 2015 agus é ag méadú ar bhonn céimnitheach go 100 %. Agus measúnú agus tuairisciú á ndéanamh aige ar shainmhínithe aonfhoirmeacha an stoic sócmhainní leachtacha, ba cheart d’ÚBE aird a thabhairt ar shainmhíniú CBMBCBMB ar shócmhainní leachtachta ardleibhéil (SLAL) mar bhonn dá anailís, agus sonraíochtaí an Aontais agus sonraíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh. Cé gur cheart d’ÚBE na hairgeadraí sin a shainaithint ina sáraíonn an gá atá ag institiúidí atá bunaithe san Aontais le sócmhainní leachtacha infhaighteacht na sócmhainní leachtacha sin san airgeadra sin, ba cheart go ndéanfadh ÚBE scrúdú bliantúil i dtaobh ar cheart maoluithe, lena n-áirítear na maoluithe sin a shainaithnítear sa Rialachán seo, a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart d’ÚBE measúnú bliantúil a dhéanamh, i ndáil le haon mhaolú den chineál sin chomh maith le maoluithe a sainaithníodh cheana sa Rialachán seo, i dtaobh ar cheart go mbeadh aon choinníoll breise ceangailte le húsáid na maoluithe ag institiúidí atá bunaithe san Aontais, nó ar cheart go ndéanfaí coinníollacha atá ann cheana a athbhreithniú. Ba cheart d’ÚBE torthaí na hanailíse a rinne sé a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtuarascáil bhliantúil.

(103)

D'fhonn an éifeachtúlacht a mhéadú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart d' ÚBE creat tuairiscithe comhleanúnach a chur ar bun ar bhonn tacair chomhchuibhithe caighdeán do cheanglais leachtachta ar cheart iad a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart d' ÚBE formáidí tuairiscithe aonfhoirmeacha agus réitigh TF aonfhoirmeacha a fhorbairt lena gcuirtear san áireamh forálacha an Rialacháin seo agus forálachaThreoir 201336/AE. Go dtí dáta cur chun feidhme na gceanglas leachtachta iomlán, ba cheart do na hinstitiúidí leanúint dá gcuid ceanglas tuairiscithe náisiúnta a chomhlíonadh.

(104)

Ba cheart go n-eiseodh an ÚBE, i gcomhar le BERS, treoir maidir leis na prionsabail chun stoc leachtach a úsáid i riocht struis.

(105)

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go dtabharfaidh institiúidí tacaíocht leachtachta d'institiúidí eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna nuair a bhíonn deacrachtaí acu freastal ar a gcuid oibleagáidí íocaíochta. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann cur chun feidhme ancheanglais maidir le cumhdach a tharscaoileadh i leith institiúidíaonair, faoi réir coinníollacha diana agus faoi réir chomhaontú aonair na n-údarás inniúil go léir lena mbaineann, agus na hinstitiúidí sin a chur faoi réir ceanglais chomhdhlúite, d'fhonn a cheadú dóibh a leachtacht a bhainistiú go lárnach ar leibhéal an ghrúpa nó an fhoghrúpa.

(106)

Ar an gcuma chéanna, i gcás nach ndeonófar tarscaoileadh, maidir le sreafaí leachtachta idir dhá institiúid den ghrúpa céanna agus atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite, nuair a thiocfaidh an ceanglas maidir le leachtacht chun bheith ina bheart ceangailteach, níor cheart go bhfaighidís rátaí insreafa agus eis-sreafa fabhracha ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil na cosaintí go léir is gá i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh láimhseáil fhabhrach shonrach den sórt sin sainithe go beacht agus nasctha le comhlíonadh roinnt coinníollacha diana agus oibiachtúla. Ba cheart an láimhseáil shonrach is infheidhme do shreabhadh inghrúpa a fháil trí mhodheolaíocht lena n-úsáidtear critéir agus paraiméadair oibiachtúla d'fhonn leibhéil shonracha insreafaí agus eis-sreafaí a chinneadh idir na hinstitiúidí agus an contrapháirtí. Ar bhonn na dtuairimí sin agus le tacaíocht ó thuarascáil ÚBE, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí agus agus mar chuid den ghníomh tarmligthe a ghlacfaidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo chun an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta a shonrú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na láimhseálacha sonracha inghrúpa sin, an mhodheolaíocht agus na critéir oibiachtúla a bhfuil siad nasctha leo chomh maith le módúlachtaí cinnidh chomhpháirtigh chun measúnú a dhéanamh ar na critéir sin, a leagan síos.

(107)

Tá na bannaí arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) in Éirinn thar a bheith tábhachtach don téarnamh baincéireachta in Éirinn agus tá formheas roimh ré tugtha dá n-eisiúint ag na Ballstáit, agus tá a n-eisiúint formheasta mar Státchabhair ag an gCoimisiún mar bheart tacaíochta atá tugtha isteach chun sócmhainní lagaithe a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa áirithe. Tá eisiúint bannaí den sórt sin, beart idirthréimhseach a bhfuil tacaithe leis ag an gCoimisiún agus ag BCE, mar chuid lárnach den athstruchtúrú ar chóras baincéireachta na hÉireann. Tá na bannaí sin ráthaithe ag rialtas na hÉireann agus is comhthaobhacht incháilithe iad leis na húdaráis airgeadaíochta. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shásraí sonracha chun marthanú a dhéanamh ar shócmhainní inaistrithe atá eisithe nó ráthaithe ag eintitis a bhfuil formheas Státchabhrach Aontais acu, mar chuid den ghníomh tarmligthe a ghlacfaidh sé de bhun an Rialacháin sin d'fhonn an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta a shonrú. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún agus é á chur san áireamh aige gur cheart a cheadú d'institiúidí a ríomhann na ceanglais maidir le cumhdach leachtachta i gcomhréir le leis an Rialachán seo bannaí sinsearacha de chuid GNBS a áireamh, go dtí mí na Nollag 2019, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa fíor- ard acu.

(108)

Ar an dul céanna, tá tábhacht ar leith ag baint leis na bannaí arna n-eisiúint ag Cuideachta na Spáinne um Bainistíocht Sócmhainní do théarnamh baincéireachta na Spáinne agus is beart idirthréimhseach iad a bhfuil tacaithe ag an gCoimisiún agus ag BCE leis, mar chuid lárnach den athstruchtúrú ar chóras baincéireachta na Spáinne. Ós rud é go ndearnadh foráil dá n-eisiúint sa Mheabhrán Tuisceana maidir le Coinníollacht Bheartais don Earnáil Airgeadais a shínigh an Coimisiún agus na hÚdaráis Spáinneacha an 23 Iúil 2012, agus ós rud é go dteastaíonn formheas ón gCoimisiún chun na sócmhainní a aistriú mar bheart státchabhrach atá tugtha isteach chun sócmhainní lagaithe a bhaint de chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa áirithe, agus a mhéid atá siad ráthaithe ag rialtas na Spáinne agus a mhéid gur comhthaobhacht incháilithe iad leis na húdaráis airgeadaíochta. Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shásraí sonracha chun marthanú a dhéanamh ar shócmhainní inaistrithe atá eisithe nó ráthaithe ag eintitis a bhfuil formheas státchabhrach Aontais acu. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhéanamh,a mbeadh togra reachtach in éineacht leis, i gcás inarb iomchuí, ina gcuirfí san áireamh gur cheart a cheadú d'institiúidí a ríomhann na ceanglais maidirle cumhdach leachtachta i gcomhréir le Cuid a Sé bannaí sinsearacha de chuid Chuideachta na Spáinne um Bainistíocht Sócmhainní, a áireamh, go dtí mí na Nollag 2023, ar a laghad, mar shócmhainní a bhfuil leachtacht agus cáilíocht chreidmheasa thar a bheith ard acu.

(109)

Ar bhonn na dtuarascálacha a gceanglaítear ar ÚBE tíolacadh 509 agus nuair a bheidh an togra le haghaidh gnímh tharmligthe maidir le ceanglais leachtachta á ullmhú, ba cheart don Choimisiún a mheas freisin ar cheart láimhseáil den sórt sin a dheonú i gcás bannaí sinsearacha a eisíonn eintitis dhlíthiúla atá comhchosúil le GNBS in Éirinn nó leis an gCuideachta Bainistithe Sócmhainní sa Spáinn, ar eintitis iad a bunaíodh chun na críche céanna agus a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo i ndáil le téarnamh na mbanc in aon Bhallstát eile, a mhéid a bheidh siad ráthaithe ag rialtas lárnach an Bhallstáit ábhartha agus a mhéid gur comhthaobhacht incháilithe iad leis na húdaráis airgeadaíochta.

(110)

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt i le modhanna a chinneadh chun an eis-sreabhadh breise a thomhas, ba cheart go mbreathnódh ÚBE siar ar chur chuige breathnaithe siar stairiúil caighdeánaithe mar mhodh tomhais mar sin.

(111)

Go dtí go dtabharfar isteach an cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (CGCC) mar íoschaighdeán ceangailteach, ba cheart go n-urramódh institiúidí oibleagáid ghinearálta maoiniúcháin. Níor cheart gur ceanglas cóimheasa an oibleagáid ghinearálta maoinithe. Má thugtar isteach cóimheas cobhsaí maoiniúcháin mar íoschaighdeán trí bhíthin forála náisiúnta, go dtí go dtabharfar isteach an CGCC, ba cheart go ndéanfadh institiúidí an t-íoschaighdeán sin a chomhlíonadh dá réir.

(112)

Le cois na gceanglas maidir le leachtacht ghearrthéarmach, ba cheart d'institiúidí struchtúir mhaoinithe a ghlacadh freisin a mbeadh cobhsaíocht fhadtéarmach ag baint leo. D'aontaigh an CBMB i mí na Nollag 2010 go ngluaisfidh an CGCC go dtí caighdeán íosta roimh an 1 Eanáir 2018 agus go gcuirfidh an CBMB dianphróisis tuairiscithe i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar an gcóimheas le linn tréimhse trasdula agus go leanfaidh sé leis ag athbhreithniú impleachtaí na gcaighdeán sin ar mhargaí airgeadais, ar shíneadh creidmheasa agus ar fhás eacnamaíoch, agus go dtabharfaidh sé aghaidh ar iarmhairtí neamhbheartaithe de réir mar is gá. Sa chaoi sin d'aontaigh an CBMB go mbeidh an CGCC faoi réir tréimhse bhreathnóireachta agus go mbeidh clásal athbhreithnithe ann freisin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d'ÚBE meastóireacht a dhéanamh, ar bhonn an tuairiscithe a cheanglaítear leis an Rialachán seo, i dtaobh conas ba cheart ceanglas maidir le maoiniú cobhsaí a cheapadh. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus bunaithe ar an meastóireacht sin, mar aon le haon tograí iomchuí d'fhonn ceanglas den sórt sin a thabhairt isteach faoi 2018.

(113)

Laigí i rialachas corparáideach roinnt institiúidí a chuir, i bpáirt, le glacadh priacail iomarcacha místuama in earnáil na baincéireachta agus is é a bhí faoi deara cliseadh institiúidí aonair agus fadhbanna sistéimeacha.

(114)

Ba cheart d'institiúidí a gcuid socruithe maidir le rialachas corparáideach a nochtadh don phobal d'fhonn faireachán ar na cleachtais maidir le rialachas corparáideach atá ag institiúidí a éascú agus rialú an mhargaidh a fheabhsú. Ba cheart do chomhlachtaí bainistíochta na n-institiúidí sin formheasa thabhairt do ráiteas a dhearbhódh don phobal go bhfuil na socruithe sin leordhóthanach éifeachtúil agus ba cheart an ráiteas a nochtadh don phobal.

(115)

D'fhonn éagsúlacht na samhlacha gnó atá ag institiúidí sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh, ba cheart ceanglais áirithe fadtéarma struchtúracha amhail CGCC agus an cóimheas luamhánaithe a scrúdú go mion d'fhonn roinnt struchtúr fónta baincéireachta a chur chun cinn, ar struchtúir iad ar bhain geilleagar an Aontais leas astu agus ar cheart go leanfar de leas a bhaint astu.

(116)

Tá gá le struchtúr cobhsaí maoiniúcháin chun go bhféadfaí seirbhísí airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar bhonn leanúnach. I gcoitinne, d'fhéadfadh sé go mbeadh tréithe ag baint leis na sreafaí maoiniúcháin fadtéarmacha sna córais airgeadais bunaithe ar bhainc i gcuid mhór de na Ballstáit a bheidh éagsúil ó na cinn a bhíonn i margaí idirnáisiúnta eile. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh sé gur forbraíodh struchtúir shonracha mhaoiniúcháin i mBallstáit chun maoiniú cobhsaí a chur ar fáil d'infheistíocht fhadtéarma, lena n-áirítear struchtúir dhíláraithe bhaincéireachta chun leachtacht a threorú nó urrúis speisialacha do mhorgáistí a thrádáiltear ar mhargaí fíorleachtacha nó ar infheistíocht fhiúntach iad d'infheistitheoirí fadtéarma. Ba cheart na tosca struchtúracha sin a mheas go cúramach. Tá sé ríthábhachtach, chun na críche sin, go ndéanfaidh ÚBE agus BERS, bunaithe ar thuairisciú a éilítear leis an Rialachán seo, a luaithe a bheidh na caighdeáin idirnáisiúnta tugtha chun críche, meastóireacht ar an mbealach ar cheart ceanglas cobhsaí maoiniúcháin a cheapadh agus aird iomlán á tabhairt ar an éagsúlacht a bhaineann leis na struchtúir mhaoiniúcháín sa mhargadh baincéireachta san Aontas.

(117)

D'fhonn a áirithiú go gcóineasófar i leaba a chéile leibhéal na gcistí dílse agus na hoiriúnuithe stuamachta arna gcur i bhfeidhm maidir le sainiú na gcistí dílse ar fud an Aontais agus maidir le sainiú cistí dílse atá leagtha síos sa Rialachán seo le linn idirthréimhse, ba cheart na ceanglais cistí dílse sa Rialachán seo a thabhairt isteach go céimnitheach. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go ndéanfar sin i gcomhréir leis na feabhsuithe a rinne na Ballstáit le déanaí ar leibhéil na gcistí dílse arna gceangal agus ar na sainithe ar chistí dílse atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Chun na críche sin, i rith na tréimhse trasdula ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh, laistigh d'uasteorainneacha agus d'íosteorainneacha sainithe, cé chomh gasta ba cheart leibhéal na gcistí dílse agus na coigeartuithe stuamachta arna gceangal atá leagtha síos sa Rialachán seo a thabhairt isteach.

(118)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar go réidh an t-athrú ó na coigeartuithe stuamachta éagsúla atá i bhfeidhm faoi láthair sna Ballstáit go dtí an tacar coigeartuithe stuamachta atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé ar chumas na n-údarás inniúil, le linn idirthréimhse, leanúint de cheangal a chur ar institiúidí go feadh méid airithe oiriúnuithe stuamachta a dhéanamh ar a gcistí dílse, is oiriúnaithe atá de mhaolú ar an Rialachán seo.

(119)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh go leor ama ag na hinstitiúidí na leibhéil nua arna gceangal maidir le cistí dílse agus an sainmhíniú nua atá tugtha orthu a chomhlíonadh, ba cheart ionstraimí caipitil áirithe nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar chistí dílse atá leagtha síos sa Rialachán seo a chéimniú amach idir an 1 Eanáir 2013 agus an 31 Nollaig 2021. Ina theannta sin, ba cheart stát-ionstraimí áirithe a aithint i gcistí dílse go ceann tréimhse teoranta. Thairis sin, maidir leis na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hítimí atá cáilithe mar chistí dílse faoi na bearta náisiúnta trasuí le haghaidh Treoir 2006/48/CE, ba cheart go gcáileodh siad faoi imthosca áirithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

(120)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cóineasú de réir a chéile ionsar rialacha aonfhoirmeacha maidir le nochtadh arna dhéanamh ag institiúidí chun faisnéis chruinn chuimsitheach a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh maidir le próifíl priacal na n-institiúidí faoi leith, ba cheart na ceanglais nochta a thabhairt isteachgo céimnitheach.

(121)

D'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar taithí i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, in éindí le tograí reachtacha, de réir mar is cuí, tuarascálacha faoi aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ceanglais chaipitil ar an timthriall eacnamaíoch, ceanglais maidir le híosmhéid cistí dílse i gcomhair risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach, risíochtaí móra, ceanglais leachtachta, luamhánú, risíochtaí ar priacal creidmheasa arna aistriú, priacal creidmheasa contrapháirtí agus an modh risíochta bunaidh, risíochtaí miondíola, an sainiú ar chaipitil incháilithe, agus leibhéal chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(122)

Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhchuspóir leis an gcreat dlíthiúil d'institiúidí creidmheasa a áirithiú go bhfeidhmeoidh na seirbhísí atá ríthábhachtach don fhíorgheilleagar agus teorainn á cur leis an mbaol a bhaineann le guais mhorálta. D'fhéadfaí sé go mbeadh an deighilt struchtúrach idir gníomhaíochtaí baincéireachta miondíola agus infheistíochta i ngrúpa baincéireachta ar cheann de na príomhuirlísí chun tacú leis an gcuspóir sin. Níor cheart go gcuirfí, mar sin, le haon fhoráil sa chreat rialála reatha, cosc ar bhearta a thabhairt isteach lena gcuirfí deighilt den chineál sin i bhfeidhm. Ba cheart go gcuirfí de cheangal ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an tsaincheist a bhaineann le deighilt struchtúrach san Aontas agus tuarascáil a chur faoi bhráidPharlaimint na hEorpa agus na Chomhairle in éineachtle tograí reachtacha.

(123)

Ar an gcuma céanna, d'fhonn taisceoirí a chosaint agus an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit bearta struchtúracha a ghlacadh lena n-éilítear ar institiúidí creidmheasa a údaraítear sa Bhallstát sin a risíochtaí ar eintitis éagsúla dhlíthiúla a laghdú ag brath ar a ngníomhaíochtaí, beag beann ar an áit ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin lonnaithe. Toisc go bhféadfadh bearta den chineál sin tionchar diúltach a bheith acu tríd an margadh inmheánach a scoilteadh, áfach, níor cheart go bhformheasfaí iad ach faoi réir coinníollacha dochta go dtí go dtiocfaidh gníomh dlí i bhfeidhm amach anseo lena gcomhchuibhítear bearta den chineál sin go sainráite.

(124)

D'fhonn na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar an Rialachán seo chun sainmhínithe a shoiléiriú lena áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach nó chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh. d'fhonn an téarmaíocht a ailíniú le gníomhartha bainteacha ina dhiaidh sin agus sainmhínithe a dhéanamh dá réir; chun coigeartú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le cistí dílse d'fhonn forbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta nó i ndlí an Aontais a léiriú, nó maidir le cóineasú na gcleachtas maoirseachta, d'fhonn síneadh a chur le liosta na ranganna risíochtaí chun críche an Chur Chuige Caighdeánaithe nó Chur Chuige IRB d'fhonn forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh; méideanna áirithe a bhaineann leis na ranganna risíochtaí sin a choigeartú d'fhonn tionchar an bhoilscithe a chur san áireamh; liosta agus aicmiú na n-ítimí sin atá lasmuigh den chlár comhardaithe a choigeartú, agus coigeartú a dhéanamh ar fhorálacha sonracha agus ar chritéir theicniúla maidir le láimhseáil priacal creidmheasa contrapháirtí, an Cur Chuige Caighdeánaithe agus Cur Chuige IRB, maolú priacal creidmheasa, urrúsú, priacal oibriúcháin, priacal margaidh, leachtacht, luamhánú agus nochtadh d'fhonn forbairtí ar na margaí airgeadais nó i gcaighdeáin chuntasaíochta nó i ndlí an Aontais a chur san áireamh, nó maidir le cóineasú cleachtas maoirseachta agus tomhas priacal agus torthaí athbhreithnithe ar nithe éagsúla a bhaineann le raon feidhme Threoir 2004/39/CE a chur i gcuntas.

(125)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin maidir le laghdú sealadach a fhorordú ar leibhéal na gcistí dílse nó ar na hualaí priacal sonraithe faoin Rialachán sin d'fhonn aird a thabhairt ar dhálaí ar leith, soiléiriú a dhéanamh ar dhíolúine risíochtaí áirithe ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo maidir le risíochtaí móra, méideanna a bhaineann le ríomh na gceanglas caipitil don leabhar trádála a shonrú d'fhonn aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta, coigeartú a dhéanamh ar chatagóirí na ngnólachtaí infheistíochta atá incháilithe le haghaidh maoluithe áirithe maidir le leibhéil na gcistí dílse atá riachtanach chun aird a thabhairt ar fhorbairtí sna margaí airgeadais, soiléiriú a dhéanamh ar an gceanglas atá ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse a bheith ina seilbh acu atá comhionann leis an gceathrú cuid dá bhforchostais seasta i rith na bliana roimhe sin chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, cinneadh a dhéanamh faoi eilimintí na gcistí dílse sin as ar cheart ionstraimí eintiteas ábhartha atá i seilbh na hinstitiúide a asbhaint, forálacha idirthréimhseacha breise a thabhairt isteach maidir le láimhseáil gnóthachan agus caillteanas achtúireach nuair atá dliteanais sochair phinsin shainithe institiúidí á dtomhas; leibhéal na gcistí dílse a mhéadú go sealadach Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a cuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí

(126)

I gcomhréir le Dearbhú (Uimh.39) maidir le hAirteagal290 CFAE, ba cheart don Choimisiún leanúint de dhul i gcomhairle leis na saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus dréachtghníomhartha tarmligthe i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe.

(127)

Leis na caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart go n-áiritheofaí comhchuibhiú, dálaí aonfhoirmeacha agus cosaint leordhóthanach taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é an ÚBE a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, b'éifeachtúil agus b'iomchuí an rud é a iarraidh air dréachtchaighdeáin rialála agus fhorfheidhmithe, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a fhorbairt lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don ÚBE próisis riaracháin agus tuairiscithe éifeachtúla a áirithiú agus caighdeáin theicniúla á ndréachtú aige. Ba cheart go mbeadh na formáidí tuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí.

(128)

Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an ÚBE a ghlacadh i réimsí na gcumann frithpháirteach, na gcomharchumann, na n-institiúidí coigiltis nó na n-eintiteas dá samhail, ionstraimí áirithe cistí dílse, coigeartuithe stuamachta, asbhaintí as cistí dílse, ionstraimí breise cistí dílse, leasanna mionlaigh, coinníollacha chun na ceanglais do luacháil stuama a chur i bhfeidhm, láimhseáil coigeartuithe priacal creidmheasa, dóchúlacht mainneachtana, caillteanas i gcás mainneachtana, cur chuige maidir le hualú priacal sócmhainní, cóineasú cleachtas maoirseachta, leachtacht, agus na socruithe idirthréimhseacha le haghaidh cistí dílse, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Tá tábhacht ar leith leis go rachadh an Coimisiún i mbun comharliúchán iomhchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ag leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún agus d'ÚBE a áirithiú go bhféadfaidh na hinstitiúidí go léir lena mbaineann na caighdeáin agus na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, scála agus castacht na n-institiúidí sin agus a ngníomhaíochtaí.

(129)

D'fhéadfadh se go mbeadh tionchar suntasach ag cur chun feidhme roinnt gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán se,o amhail an gníomh tarmligthe a bhaineann leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta, ar institiúidí a ndéantar maoirseacht orthu agus ar an bhfíorgheilleagar. Ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go gcuirtear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i gcónaí faoi fhorbairtí ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta agus faoin machnamh reatha laistigh den Choimisiún sula bhfoilseofar na gníomhartha tarmligthe.

(130)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht freisin don Choimisiún caighdéáin theicniula cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE ghlacadh i dtaca le comhdhlúthú, cinntí comhpháirteacha, tuairisciú, nochtadh, risíochtaí arna n-urrú ag morgáistí, measúnú priacal, cur chuige maidir le hualú priacal sócmhainní, ualuithe priacal agus sonrú risíochtaí áirithe, láimhseáil roghanna agus barántas, suímh in ionstraimí cothromais agus in airgeadra eachtrach, úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha, luamhánúluamhánú, agus ítimí atá lasmuigh den chlár comhardaithe, trí bhithin gníomhartha chur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán 1093/2010.

(131)

I bhfianaise mhionsonruithe agus líon na gcaighdeán teicniúla rialála atá le glacadh de bhun an Rialachán seo, i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún caighdeán teicniúil rialála is ionann agus an dréachtchaighdeán teicniúil rialála a thíolacfaidh an ÚBE, ba cheart, i gcás inarb iomchuí an tréimhse, ina bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh lena linn i gcoinne caighdeáin theicniúil rialála, a shíneadh aon mhí amháin eile. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh in am trátha chun go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle grinnscrúdú iomlán a fheidhmiú, agus aird á tabhairt ar mhéid agus ar chastacht na gcaighdeán teicniúla rialála, ar mhionsonruithe Rialacha Nós Imeachtafhéilire oibre agus chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(132)

D'fhonn ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú, ba cheart d'ÚBE comhairliúcháin maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo a sheoladh. Ba cheart d'ÚBE agus don Choimisiún tús a chur leis na hullmhúcháin dá dtuarascálacha i ndáil le ceanglais maidir le leachtacht agus le luamhánú, mar a fhoráiltear dóibh sa Rialachán seo, a luaithe is féidir.

(133)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (18).

(134)

I gcomhréir le hAirteagal 345 CFAE, lena bhforáiltear nach ndéanann na Conarthaí dochar ar dhóigh ar bith do na rialacha sna Ballstáit lena rialaítear an córas úinéireachta maoine, ní bheidh an Rialachán seo i bhfabhar cineálacha úinéireachta a thagann faoina raon feidhme an ná ní dhéanfar idirdhealú eatarthu leis na forálacha sin.

(135)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eoprach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (19) agus ghlac sé tuairim,

(136)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A hAON

FORÁLACHA GINEARÁLTA

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Raon Feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha maidir le ceanglais stuamachta ghinearálta a gcaithfidh institiúidí atá faoi mhaoirsiú Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

ceanglais cistí dílse a bhaineann le gnéithe de priacal creidmheasa, priacal margaidh, priacal oibriúcháin, agus de priacal socraíochta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

(b)

ceanglais a chuireann teorainneacha le risíochtaí móra;

(c)

tar éis don ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 444 teacht i bhfeidhm, ceanglais leachtachta a bhaineann le gnéithe de priacal leachtachta atá go hiomlán inchainníochtaithe, aonfhoirmeach agus caighdeánaithe;

(d)

ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c) agus le luamhánú;

(e)

ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

Ní rialaíonn an Rialachán seo na ceanglais atá ar údaráis inniúla maidir le nochtadh i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta institiúidí mar atá leagtha amach i dTreoir 2013/36/AE (AE).

Airteagal 2

Cumhachtaí maoirseachta

D'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, beidh na cumhachtaí ag na húdaráis inniúla atá leagtha amach i dTreoir (2013/36/AE agus leanfaidh siad na nósanna imeachta atá inti.

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm ceanglas níos déine ag institiúidí

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar institiúidí cistí dílse agus a gcomhpháirteanna de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧institiúid chreidmheasa‧ gnóthas a bhfuil sé de ghnó aige taiscí nó cistí inaisíoctha eile a fháil ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá chuntas féin;

(2)

ciallaíonn ‧gnólacht infheistíochta‧ duine faoi mar a shainmhínítear é bpointe (1) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE, atá faoi réir na gceanglas a fhorchuirtear leis an Treoir sin, seachas iad seo a leanas:

(a)

institiúidí creidmheasa;

(b)

gnólachtaí áitiúla;

(c)

gnólachtaí nach bhfuil údaraithe an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE nach soláthraíonn ach ceann amháin de na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus nach bhfuil cead acu airgead nó urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliant a bheith ina seilbh acu, agus nach bhféadfaidh, ar an ábhar sin, a bheith i bhfiacha leis na cliaint sin tráth ar bith.

(3)

ciallaíonn ‧institiúid‧ institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta

(4)

ciallaíonn ‧gnólacht áitiúil‧ gnólacht a dhéileálann, dá chuntas féin, todhchaíochtaí nó roghanna airgeadais nó díorthaigh eile ar na margaí airgid tirim agus gan d'aidhm acu ach fálú a dhéanamh ar shuímh sna margaí díorthach, nó gnólacht a dhéileálann ar son cuntas ball eile de na margaí sin agus ráthú aige ó bhaill imréitigh de na margaí céanna, i gcás ina nglacann baill imréitigh na margaí céanna freagracht as feidhmíocht na gconarthaí a dhéanann an gnólacht sin;

(5)

ciallaíonn ‧gnóthas árachais‧ gnóthas áracháis mar a shainmhínítear faoi phointe (1) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (20);

(6)

ciallaíonn ‧gnóthas athárachais‧ gnóthas árachais mar a shainmhínítear faoi phointe (4) d'Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

(7)

ciallaíonn ‧gnóthas comhinfheistíochta‧ nó ‧(GC)‧ Gnóthas le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUI)mar atá sainmhínithe in Airteagal1 de Threoir 2009/65/AE an 13 Iúil 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (21), lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí cosúla, atá faoi réir maoirseachta de bhun dhlí an Aontais nó dhlíthe tríú tíre a chuireann ceanglais maoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, Ciste Infheistíochta Malartach (CIM) mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (22), nó CIM neamh-AE faoi mar a shainítear é in Airteagal 4(1)(aa) den Treoir sin.

(8)

ciallaíonn ‧eintiteas earnála poiblí‧ comhlacht riaracháin neamh-thráchtála atá freagrach do rialtais láir, do rialtais áitiúla nó d'údaráis áitiúla, nó d'údaráis a fheidhmíonn na freagrachtaí céanna a fheidhmíonn rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla; nó gnóthas neamh-thráchtála atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla agus ag a bhfuil socruithe ráthaíochta follasacha, agus féadfaidh comhlachtaí féinriartha arna rialú ag dlí atá faoi mhaoirseach phoiblí a áireamh leo;

(9)

ciallaíonn ‧comhlacht bainistíochta‧ comhlacht bainistíochta mara shainmhínítear é i bpointe 7 d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)

(10)

ciallaíonn ‧bainistíocht shinsearach‧ bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (9) Airteagal 43(1) de Threoir 2013/36/(AE);

(11)

ciallaíonn "priacal sistéamach" priacal sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE)

(12)

ciallaíonn "priacal samhla" priacal samhla mar a shainmhíntear éi bpointe (11) d'Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/(AE);

(13)

ciallaíonn ‧tionscnóir‧ a bhfuil an méid a leanas fíor ina leith:

(a)

eintiteas a bhí páirteach, tríd an eintiteas féin nó trí eintitis ghaolmhara, go díreach nó go hindíreach, sa chomhaontú bunaidh a chruthaigh oibleagáidí nó oibleagáidí ionchasacha an fhéichiúnaithe, nó an fhéichiúnaithe ionchais, as ar tháinig an risíocht arna urrúsú;

(b)

eintiteas a cheannaíonn risíochtaí tríú páirtí dá chuntas féin agus a dhéanann urrúsú orthu ina dhiaidh sin;

(14)

ciallaíonn ‧urraitheoir‧ institiúid seachas institiúid tionscnóra a bhunaíonn agus a bhainistíonn clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe nó scéim urrúsaithe eile a cheannaíonn risíochtaí ó eintitis tríú páirtí;

(15)

ciallaíonn ‧máthairghnóthas‧:

(a)

máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;

(b)

chun críocha Chuid 2 de Chaibidlí 3 agus 4 de Theideal VII, agus Theideal VIII de Threoir 2013/36/(AE) agus Chuid a Cúig den Rialachán seo, máthairghnóthas de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas a bhfuil tionchar ceannasach aige ar aon ghnóthas eile;

(16)

ciallaíonn ‧fochuideachta‧:

(a)

gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;

(b)

gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 83/349/CEE agus aon ghnóthas ar a bhfuil tionchar ceannasach ag máthairghnóthas;

Fochuideachtaí de chuid fochuideachta, measfar gur fochuideachta í de chuid an ghnóthais atá ina mháthairghnóthas bunaidh aici;

(17)

ciallaíonn ‧brainse‧ áit ghnó atá ina cuid spleách de réir dlí d'institiúid agus a dhéanann go díreach na hidirbhearta uile nó cuid díobh ar cuid dhílis iad de ghnó na n-institiúidí;

(18)

ciallaíonn ‧gnóthas seirbhísí coimhdeacha‧ gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúid creidmheasa amháin nó níos mó;

(19)

ciallaíonn ‧cuideachta bhainistíochta sócmhainní‧ cuideachta bhainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear í i bpointe 5d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE agus BCIMmar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear, mura bhforáiltear a mhalairt, eintitis de chuid tríú tíortha a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla, atá faoi réir dhlíthe tríú tír a chuireann ceanglais mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas;

(20)

ciallaíonn ‧cuideachta shealbhaíochta airgeadais‧ institiúid airgeadais ar institiúidí airgeadais a fochuideachtaí uile nó an chuid is mó díobh, a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fochuideachtaí sin ina institiúid, agus nach bhfuil ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(21)

ciallaíonn ‧cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha‧ cuideacht sealbhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear í i bpointe 15 d'Airteagal 2de Threoir 2002/87/CE;

(22)

ciallaíonn ‧cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha‧ máthairghnóthas nach cuideachta shealbhaíochta airgeadais ná institiúid ná cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha í, a bhfuil institiúid amháin ar a laghad i measc a fochuideachtaí

(23)

ciallaíonn ‧gnóthas árachais tríú tír‧ gnóthas árachais tríú tír mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;

(24)

ciallaíonn ‧gnóthas athárachais tríú tír‧ gnóthas athárachais tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 13de Threoir 2009/138/CE;

(25)

ciallaíonn ‧gnólacht infheistíochta aitheanta de chuid tríú tíortha‧ gnólacht a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

bheadh sé cumhdaithe ag an sainmhíniú ar ghnólacht infheistíochta, dá mbeadh sé bunaithe laistigh den Aontas;

(b)

tá sé údaraithe i dtríú tír;

(c)

tá sé faoi réir rialacha stuamachta a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ar a laghad chomh dian leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo nó le Treoir2013/36/AE agus a chomhlíonann na rialacha sin;

(26)

ciallaíonn ‧institiúid airgeadais‧ gnóthas seachas institiúid, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchas a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachtasealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid íocaíochta laistigh de bhrí Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (23), agus cuideachtabainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;

(27)

ciallaíonn ‧eintiteas earnála airgeadais‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

institiúid;

(b)

institiúid airgeadais;

(c)

gnóthas seirbhísí coimhdeacha a áirítear i staid chomhdhlúite airgeadais institiúide;

(d)

gnóthas árachais;

(e)

gnóthas árachais tríú tír;

(f)

gnóthas athárachais;

(g)

gnóthas athárachais tríú tír;

(h)

cuideachta sealbhaíochta árachais;

(i)

cuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha;

(j)

cuideachta shealbhaíochta árachais ghníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear í i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE;

(k)

gnóthas atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin;

(l)

gnóthas tríú tíre a bhfuil príomhghnó aige atá inchomparáide le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) go (k) thuas.

(28)

ciallaíonn ‧máthairinstitiúid i mBallstát‧ institiúid i mBallstáit a bhfuil institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta aici, a bhfuil rannpháirtíocht aici in institiúid den chineál sin nó in institiúid airgeadais agus nach bhfuil ina fochuideachta de chuid institiúide eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.

(29)

ciallaíonn ‧máthairinstitiúid AE‧ máthairinstitiúid i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe in aon Bhallstát;

(30)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát‧ cuideachta shealbhaíochta airgeadais nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna;

(31)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE‧ máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;

(32)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát‧ cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid eile atá údaraithe sa Bhallstát céanna, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe sa Bhallstát céanna.

(33)

ciallaíonn ‧máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha AE‧ máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais measctha i mBallstát nach bhfuil ina fochuideachta ag institiúid atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha eile atá bunaithe in aon Bhallstát;

(34)

ciallaíonn ‧contrapháirtí imréitigh‧ nó ‧CI‧ CI mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d'Airteagal 2de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;

(35)

ciallaíonn ‘rannpháirtíocht‧ rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte in Airteagal 17 de Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí (24), nó úinéireacht, díreach nó indíreach, 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;

(36)

ciallaíonn ‧sealúchas cáilitheach‧ sealúchas díreach nó indíreach i ngnóthas arb ionann é agus 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an ghnóthais sin;

(37)

ciallaíonn ‘rialú‧ an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle nó na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;

(38)

ciallaíonn ‧dlúthnaisc‧ staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dlítheanacha, nó níos mó, nasctha le chéile ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht i bhfoirm úinéireachta, bíodh sé díreach nó i bhfoirm rialaithe, ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais;

(b)

smacht;

(c)

an dá duine nádúrtha nó dlítheanacha nó iad go léir a bheith buan-nasctha leis an tríú duine trí ghaolmhaireacht rialaithe;

(39)

ciallaíonn ‧grúpa cliant nasctha‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, ar aon priacal amháin iad, mura léirítear a mhalairt, toisc go bhfuil rialú ag duine acu, go díreach nó go hindíreach, ar an duine nó ar na daoine eile;

(b)

dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nach bhfuil aon ghaol rialaithe den chineál a dtagraítear dó i bpointe (a) eatarthu, ach atá le meas mar aon priacal amháin toisc go bhfuil an nasc chomh dlúth sin eatarthu gur dócha, dá mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine amháin acu, go háirithe deacrachtaí maoinithe nó aisíocaíochta, go mbeadh deacrachtaí airgeadais ag an duine eile nó ag na daoine eile go léir;

D'ainneoin phointe (a) agus do phointe (b),sa chás go bhfuil rialú díreach ag rialtas láir ar níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó go bhfuil sé idirnasctha go díreach leo, féadfar, maidir leis an tacar arb éard atá ann an rialtas láir agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoina rialú díreach nó indíreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis i gcomhréir le pointe (b), an tacar sin a mheas mar ghrúpa nach bhfuil cliaint nasctha ann. Ina ionad sin, féadfar measúnú ar leith a dhéanamh, ina measfaí an ann do ghrúpa cliant nasctha ina bhfuil an rialtas láir agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ar measúnú do gach duine ar leith é atá faoina rialú díreach i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha go díreach leis i gcomhréir le pointe (b), agus do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha uile atá faoi rialú an duine sin i gcomhréir le pointe (a) nó atá idirnasctha leis an duine sin i gcomhréir le pointe (b), lena n-áirítear an rialtas láir. Tá feidhm ag an méid sin freisin i gcás rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil a bhfuil feidhm ag Airteagal 115(2) ina leith;

(40)

ciallaíonn ‘udarás inniúil‧ údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta, agus a dtugann an dlí náisiúnta an chumhacht dó maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann;

(41)

ciallaíonn ‧maoirseoir comhdhlúthaithe‧ údarás inniúil atá freagrach as feidhmiú na maoirseachta, ar bhonn comhdhlúite, ar mháthairinstitiúidí an AE agus ar institiúidí arna rialú ag máthairinstitiúidí cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais an AE nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha an AE;

(42)

ciallaíonn ‧údarú‧ ionstraim arna heisiúint i bhfoirm ar bith ag na húdaráis ar ar deonaíodh an ceart an gnó a dhéanamh;

(43)

ciallaíonn ‧Ballstát baile‧ an Ballstát ar tugadh údarú d'institiúid ann;

(44)

ciallaíonn ‧Ballstát óstaigh‧ an Ballstát a bhfuil brainse ag institiúid ann nó ina gcuireann sí seirbhísí ar fáil;

(45)

ciallaíonn ‘bainc cheannais CEBC‧ na bainc cheannais náisiúnta atá ina gcomhaltaí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE);

(46)

ciallaíonn ‧bainc cheannais‧ bainc cheannais CEBC agus bainc cheannais tríú tíortha

(47)

ciallaíonn ‧cás comhdhlúite‧ an cás a thagann as ceanglais an rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II de Chaibidil 2 ar institiúid amhail dá mba institiúid amháin í agus eintiteas amháin eile nó níos mó;

(48)

ciallaíonn ‧bonn comhdhlúite‧ ar bhonn an cháis chomhdhlúite;

(49)

ciallaíonn ‧ar bhonn fo-chomhdhlúite‧ ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha gan fo-ghrúpa eintiteas san áireamh nó ar bhonn cháis chomhdhlúite máthairinstitiúide, cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nach an mháthairinstitiúid dheiridh, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais dheiridh nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha dheiridh í.

(50)

ciallaíonn ‧ionstraim airgeadais‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

conradh a bhfuil mar thoradh air sócmhainn airgeadais i gcás páirtí amháin agus dliteanas airgeadais nó ionstraim cothromais i gcás an pháirtí eile;

(b)

ionstraim a shainítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;

(c)

ionstraim airgeadais dhíorthach;

(d)

ionstraim phríomhúil airgeadais;

(e)

ionstraim airgid.

Ní ionstraimí airgeadais na hionstraimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ach amháin sa chás go ndíorthaítear a luach ó phraghas ionstraime airgeadais fholuitigh, ó ítim eile fholuiteach, ó ráta, nó ó innéacs;

(51)

ciallaíonn ‧caipiteal tosaigh‧ suim agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE i dtaca le hinstitiúidí creidmheasa agus i dTeideal IV den Treoir sin i dtaca le gnólachtaí infheistíochta;

(52)

ciallaíonn ‧priacal oibriúcháin‧ an priacal caillteanais a eascraíonn ó chórais, ó dhaoine nó ó phróisis inmheánaigh ar theip orthu nó nach raibh leormhaith, nó ó theagmhais sheachtracha, agus tá priacal dlíthiúil san áireamh freisin;

(53)

ciallaíonn ‧priacal caolúcháin‧ an priacal go laghdófaí suim infhála trí chreidmheasanna airgid nó neamh-airgid chuig an bhféichiúnaí;

(54)

ciallaíonn ‧dóchúlacht mainneachtana‧ nó ‧DM‧ an dóchúlacht mainneachtana a bhaineann le contrapháirtí ar feadh tréimhse bliana;

(55)

ciallaíonn ‧caillteanas i gcás mainneachtana‧ nó LGD cóimheas an chaillteanais ar risíocht de thoradh mainneachtana chontrapháirtí leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;

(56)

ciallaíonn ‘fachtóir coinbhéartaithe‧ cóimheas mhéid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill agus a d'fhéadfaí a tharraingt agus a bheadh gan íoc, dá bhrí sin, tráth na mainneachtana, le méid an ghealltanais atá gan tarraingt go fóill. Is í an teorainn mholta a chinnfidh fairsinge an ghealltanais, ach amháin má tá an teorainn neamh-mholta níos airde;

(57)

ciallaíonn ‧maolú priacal creidmheasa‧ teicníc a úsáideann institiúid chun an priacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó risíochtaí atá fós i seilbh na hinstitiúide a laghdú;

(58)

ciallaíonn ‧cosaint creidmheasa chistithe‧ teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as ceart na hinstitiúide sin,i gcás mainneachtana an chontrapháirtí nó i gcás teagmhais chreidmheasa sainithe eile a bhaineann leis an gcontrapháirtí,sócmhainní nó méideanna áirithe a leachtú nó iad a chur á n-aistriú nó á leithreasú, iad a choinneáil, nó an risíocht orthu a laghdú, nó an difear idir méid na risíochta agus méid éilimh ar an institiúid a chur ina n-ionad;

(59)

ciallaíonn ‧cosaint neamhchistithe creidmheasa‧ teicníc maolaithe priacal creidmheasa ina dtagann an laghdú ar priacal creidmheasa ar risíocht institiúide as oibleagáid tríú páirtí suim a íoc i gcás mainneachtana an iasachtaí nó i gcás teagmhas creidmheasa sainithe eile;

(60)

ciallaíonn ‧ionstraim chomhshamhlaithe airgid‧ deimhniú corrlaigh, banna lena n-áirítear banna faoi chumhdach nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid ina leith cheana féin agus a aisíocfar gan choinníoll ag a luach ainmniúil;

(61)

ciallaíonn ‧urrúsú‧ idirbheart nó scéim ina ndéantar tráinsiú ar an bpriacal creidmheasa a bhaineann le risíocht nó comhthiomsú risíochtaí, lena mbaineann an dá thréith seo a leanas:

(a)

tá na híocaíochtaí san idirbheart nó sa scéim ag brath ar fheidhmíocht na risíochta nó an chomhthiomsaithe risíochtaí;

(b)

cinneann fo-ordú na dtráinsí dáileadh na gcaillteanas ar feadh shaolré leanúnach na hidirbhearta nó na scéime;

(62)

ciallaíonn ‧suíomh urrúsúcháin‧ risíocht ar urrúsúcháin;

(63)

ciallaíonn ‧ath-urrúsú‧ urrúsú ina bhfuil an priacal a bhaineann le comhthiomsú bunúsach risíochtaí ina thráinsí agus go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na risíochtaí fholuiteacha ina suíomh urrúsúcháin;

(64)

ciallaíonn ‧suíomh ath-urrúsúcháin‧ risíocht ar ath-urrúsúchán;

(65)

ciallaíonn ‧feabhsú creidmheasa‧ socrú conarthach trína ndéantar cáilíocht chreidmheasa suímh atá in urrúsú a fheabhsú le hais mar a bheadh sé murach sin, lena n-áirítear feabhsú a thagann as tráinsí níos sóisearaí san urrúsú agus as cineálacha eile cosanta creidmheasa;

(66)

ciallaíonn 'eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó ‧SSPE‧ iontaobhas corparáide nó eintiteas eile, seachas institiúid, arna eagrú chun urrúsú a dhéanamh, a bhfuil a ghníomhaíochtaí teoranta do na gníomhaíochtaí sin is iomchuí chun an cuspóir sin a bhaint amach, a bhfuil a struchtúr ceaptha oibleagáidí an SSPE a scaradh ó oibleagáidí na hinstitiúide tionscnóra, agus ina bhfuil sé de cheart ag sealbhóirí leasanna tairbhiúla na leasa sin a ghealladh nó a mhalartú gan srian;

(67)

ciallaíonn ‧tráinse‧ deighleog, arna bhunú de réir conartha, den priacal creidmheasa a bhaineann le neamhcosaint nó roinnt risíochtaí, i gcás ina mbaineann priacal caillteanais chreidmheasa le suíomh sa deighleog atá níos mó nó níos lú ná an priacal a bhaineann le suíomh dar méid chéanna i ngach deighleog eile den chineál céanna, gan aird a thabhairt ar chosaint creidmheasa arna chur ar fáil go díreach ag tríú páirtithe do shealbhóirí suíomh sa deighleog sin nó i ndeighleoga eile;

(68)

ciallaíonn ‧marcáil ón margadh‧ luacháil suíomh ag praghsanna thráth dúnta an mhargaidh atá ar fáil gan dua agus a bhfuil foinse neamhspleách acu, lena n-áirítear praghsanna malartaithe, praghsanna scáileáin nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha;

(69)

ciallaíonn ‧marcáil de réir samhla‧ aon luacháil is gá a thagarmharcáil, a eachtarshuí nó a ríomh ar bhealach eile ó ionchur margaidh amháin nó níos mó;

(70)

ciallaíonn ‧fíorú neamhspleách ar phraghsanna‧ próiseas ina ndéantar praghsanna an mhargaidh nó ionchuir marcáil de réir samhla a fhíorú go rialta maidir le cruinneas agus neamhspleáchas;

(71)

ciallaíonn ‧caipiteal incháilithe‧ suim na nithe seo a leanas:

(a)

Caipiteal Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 25;

(b)

Caipiteal Leibhéal 2 dá dtagraítear in Airteagal 71 atá cothrom le haon trian de chaipiteal Leibhéal 1 nó níos lú ná sin;

(72)

ciallaíonn ‧malartán aitheanta‧ malartán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

is margadh rialáilte é;

(b)

tá sásra imréitigh aige trína ndéantar conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chur faoi réir ceanglas corrlaigh laethúil a chuireann cosaint iomchuí ar fáil, i dtuairim na n-údarás inniúil;

(73)

ciallaíonn ‧sochair phinsin lánroghnacha‧ sochair phinsin fheabhsaithe arna dtabhairt ar bhonn lánroghnach ag institiúid d'fhostaí mar chuid dá phacáiste luach saothair inathraithe, nach gcuimsíonn sochar fabhraithe a tugadh d'fhostaí faoi théarmaí scéim pinsean na cuideachta;

(74)

ciallaíonn ‧luach iasachta morgáiste‧ luach maoine dochorraithe arna chinneadh ag measúnú stuama ar indíoltacht na maoine sa todhchaí, ag cur san áireamh gnéithe inbhuanaithe fadtéarmacha na maoine, gnáthchoinníollacha an mhargaidh áitiúil, úsáid reatha agus úsáidí malartacha iomchuí na maoine;

(75)

Ciallaíonn ‧maoin chónaithe‧ áit chónaithe atá áitithe ag an úinéir nó ag léasaí na háite cónaithe, lena n-áirítear an ceart chun cónaí in árasán i gcomharchumainn tithíochtaatá lonnaithe sa tSualainn;

(76)

ciallaíonn ‧margadhluach‧, chun críocha maoine dochorraithe, an méid measta ba cheart a bheith ar an mhaoin ar í a mhalartú ar an dáta luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíochta cuí ina raibh na páirtithe ag gníomhú go heolasach, go stuama agus gan bheith faoi éigeantas;

(77)

ciallaíonn ‧creat cuntasaíochta infheidhme‧ na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil an institiúid faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó Treoir 86/635/CCE;

(78)

ciallaíonn ‧ráta mainneachtana aon bhliana‧ cóimheas an lín mainneachtana a thit amach i rith tréimhse dar tús aon bhliain amháin roimh dáta T leis an líon féichiúnaithe a shanntar don ghrád nó don líon sin aon bhliain amháin roimh an dáta sin;

(79)

ciallaíonn ‧maoiniú amhantrach maoine dochorraithe‧ iasachtaí ar mhaithe le héadáil nó forbairt nó tógáil ar thalamh a bhaineann leis an maoin dhochorraithe sin, nó a bhaineann leis an maoin sin, d'fhonn í a athdhíol chun brabús a dhéanamh;

(80)

ciallaíonn ‧maoiniú trádála‧ maoiniú, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a bhaineann le malartú earraí nó seirbhísí trí tháirgí airgeadais d'aibíocht sheasta ghearrthéarmach, níos lú ná bliain amháin go hiondúil, gan tar-rolladh uathoibríoch,risíochtaí;

(81)

Ciallaíonn ‧creidmheasanna onnmhairiúcháin a fhaigheann tacaíocht oifigiúil‧ iasachtaí nó creidmheasanna chun onnmhairiú earraí agus seirbhísí a mhaoiniú a sholáthraíonn gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil ráthaíochtaí, árachas nó maoiniú díreach ina leith;

(82)

ciallaíonn ‧comhaontú athcheannaigh‧ agus ‧comhaontú athcheannaigh droim ar ais‧ aon chomhaontú ina n-aistríonn institiúid nó a chontrapháirtí urrúis nó tráchtearraí nó cearta ráthaithe a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)

teideal ar urrúis nó ar thráchtearraí nuair is malartán aitheanta a shealbhaíonn cearta na n-urrúis nó na dtráchtearraí a eisíonn an ráthaíocht sin, agus nuair nach dtugann an comhaontú cead don institiúid urrús nó tráchtearra ar leith a aistriú chuig níos mó ná contrapháirtí amháin san am céanna, faoi réir tiomantais iad a athcheannach;

(b)

urrúis nó tráchtearraí athsholáthraithe den chineál céanna ag praghas agus ar dháta sa todhchaí atá sainithe ag an aistreoir, nó ag praghas agus ar dháta a shaineoidh sé, agus arb é atá iontu comhaontú athcheannaigh ag an institiúid atá ag díol na n-urrús nó na dtráchtearraí agus comhaontú ceannaigh droim ar ais ag an institiúid atá á gceannach;

(83)

ciallaíonn ‧idirbheart athcheannaigh‧ aon idirbheart arna rialú ag comhaontú athcheannaigh nó comhaontú athcheannaigh droim ar ais;

(84)

ciallaíonn ‧comhaontú simplí athcheannaigh‧ idirbheart athcheannaigh ar shócmhainn aonair nó ar shócmhainní chomhchosúla, neamhchasta seachas bascaed sócmhainní;

(85)

ciallaíonn ‧suímh arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil‧ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

suímh dhílsithe agus suímh a eascraíonn ó sheirbhísiú cliaint agus ó dhéanamh margaí;

(b)

suímh atá ceaptha lena n-athdhíol sa ghearrtéarma;

(c)

suímh atá ceaptha leas a bhaint as difríochtaí praghais gearrthéarmacha iarbhír nó ionchais idir praghsanna ceannaigh agus praghsanna díola nó as athróga eile ar phraghsanna nó as athróga ar an ráta úis;]

(86)

ciallaíonn ‧leabhar trádála‧ gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag institiúid le hintinn trádála nó d'fhonn suímh arna sealbhú le hintinn trádála a fhálú;]

(87)

ciallaíonn ‧saoráid trádála iltaobhach‧ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhíníter í i bpointe 15 d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;]

(88)

ciallaíonn ‧contrapháirtí lárnach cáilitheach‧ contrapháirtí lárnach atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;

(89)

ciallaíonn ‧ciste mainneachtana‧ ciste arna bhunú ag contrapháirtí lárnach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus arna úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán sin;

(90)

ciallaíonn ‧ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh‧ ranníocaíocht le ciste mainneachtana contrapháirtí lárnaigh a íocann institiúid;

(91)

ciallaíonn ‧risíocht trádála‧ risíocht reatha, lena n-áiritear corrlach athrúcháin atá dlite don chomhalta imréitigh ach nach bhfuarthas fós agus aon risíocht a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo de chuid chomhalta imréitigh nó de chuid chliaint ar chontrapháirtí lárnach a eascraíonn as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 301(1), pointí (a) go (e), mar aon le corrlach tosaigh;]

(92)

ciallaíonn ‧margadh rialáilte‧ margadh rialtáilte mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE;

(93)

ciallaíonn ‧luamhánú‧ méid choibhneasta sócmhainní institiúide, oibleagáidí atá lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí teagmhasacha comhthaobhacht a íoc nó a sheachadadh nó a sholáthar, lena n-áirítear oibleagáidí ó mhaoiniú faighte, tiomantais déanta, díorthaigh nó comhaontuithe athcheannaigh, cé is moite d'oibleagáidí nach féidir a chur i bhfeidhm ach amháin le linn leachtú institiúide, i gcomparáid le cistí dílse na hinstitiúide sin;

(94)

ciallaíonn "priacal luamhánaithe iomarcaigh" an priacal a eascraíonn as leochaileacht institiúide mar gheall ar luamhán nó ar luamhán teagmhasach lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha neamhbheartaithe a éileamh i ndáil lena phlean gnó, lena n-áirítear díol tochsail sócmhainní a bhféadfadh caillteanais nó coigeartuithe luachála ar na sócmhainní atá fós aige a bheith mar thoradh air;

(95)

ciallaíonn ‧coigeartú ar priacal creidmheasa‧ méid an tsoláthair shonraigh agus ghinearálta do chaillteanas ar iasachtaí i gcomhair priacail creidmheasa, ar méid é ar tugadh aitheantas ina leith i ráitis airgeadais na hinstitiúide i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(96)

ciallaíonn ‧fálú inmheánach‧ suíomh lena fritháirítear na n-eilimintí priacal comhpháirte idir suíomh sa leabhar trádála agus suíomh sa leabhar neamhthrádála nó sraith suímh, ó thaobh ábhair de;

(97)

ciallaíonn ‘oibleagáid tagartha‧ oibleagáid a mbaintear úsáid aisti chun an luach socraíochta a bheidh ag díorthach creidmheasa a chinneadh.

(98)

Ciallaíonn institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach nó IMCS gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (25) nó banc ceannais a eisíonn rátálacha creidmheasa atá díolmhaithe ó fheidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

(99)

Ciallaíonn "IMCS ainmnithe" IMCS a ainmníonn institiúid;

(100)

tá le ‘ioncam cuimsitheach carntha eile‧ an bhrí atá leis faoin gCaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(101)

ciallaíonn ‘cistí dílse bunúsacha‧ cistí dílse bunúsacha de réir bhrí Airteagal 88 de Threoir 2009/138/CE;

(102)

ciallaíonn ‘ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 1‧ ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 1 d'Airteagal 94 den Treoir sin;

(103)

ciallaíonn ‧ítimí breise d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1‧ ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin mar chaipiteal Leibhéal 1 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 94(1) den Treoir sin, agus ina bhfuil teorainn ar áirithiú na hítimí sin de bhun ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 99 den Treoir sin;

(104)

ciallaíonn ‘ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 2‧ ítimí bunúsacha cistí dílse de chuid gnóthas atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 2 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 2 d'Airteagal 94 den Treoir sin;

(105)

ciallaíonn ‘ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 3‧ ítimí árachais bunúsacha chistí dílse ghnóthais atá faoi réir cheanglais Threoir 2009/138/CE i gcás ina n-aicmítear na hítimí sin i Leibhéal 3 de réir bhrí Threoir 2009/138/CE i gcomhréir le mír 3 d'Airteagal 94 den Treoir sin;

(106)

tá le ‘sócmhainní cánach iarchurtha‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(107)

ciallaíonn ‘sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí sócmhainní cánach iarchurtha nach bhféadfar a luach todhchaí a réadú ach amháin sa chás go ngineann an institiúid brabús inchánach sa todhchaí;

(108)

tá le ‘dliteanais cánach iarchurtha‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme

(109)

ciallaíonn ‧sócmhainní ciste pinsin le sochar sainithe‧ sócmhainní ciste pinsean sainithe nó sócmhainní plean pinsean sainithe, de réir mar is infheidhme, arna ríomh tar éis iad a laghdú le méid na n-oibleagáidí faoin bplean nó faoin gciste sin;

(110)

ciallaíonn ‘dáileacháin‧ íocaíocht díbhinní nó leas i bhfoirm ar bith;

(111)

tá le ‧gnóthas airgeadais‧ an bhrí atá leis faoi phointí (b) agus (d) d'Airteagal 13(25) de Threoir 2009/138/CE;

(112)

tá le ‘cistí do priacail baincéireachta ginearálta‧ an bhrí atá leis faoi Airteagal 38 de Threoir 86/635/CEE;

(113)

tá le ‘cáilmheas‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(114)

ciallaíonn ‧sealúchas indíreach‧ risíocht ar bith d'eintiteas idirmheánach a bhfuil risíocht aige ar ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais más rud é, sa chás go ndíscríobhtar ionstraimí caipitil arna eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais go buan, nach mbeadh aon difear ábharach idir an caillteanas a thabhódh an institiúid mar thoradh ar an díscríobh agus an caillteanas a thabhódh an institiúid ó shealúchas díreach na n-ionstraimí caipitil sin arna n-eisiúint ag an eintiteas earnála airgeadais;

(115)

tá le ‧sócmhainní doláimhsithe‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus áirítear leis cáilmheas;

(116)

ciallaíonn ‘ionstraimí caipitil eile‧ ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis ábhartha san earnáil airgeadais nach gcáilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 2, ítimí d'árachas cistí dílse de Leibhéal 1, ítimí breise d'árachas cistí dílse Leibhéal 1, ítimí d'árachas cistí dílse Leibhéal 2, ná ítimí árachais chistí dílse Leibhéal 3;

(117)

ciallaíonn ‘cúlchistí eile‧ cúlchistí de réir bhrí an chreata cuntasaíochta is infheidhme nach foláir a nochtadh faoin gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme, cé is moite d'aon mhéideanna ar áireamh cheana féin in ioncam cuimsitheach carntha eile nó i dtuilleamh coimeádta;

(118)

ciallaíonn ‘cistí dílse‧ suim chaipiteal Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 2;

(119)

ciallaíonn ‘ionstraimí cistí dílse‧ ionstraimí chaipitil arna n-eisiúint ag an institiúid a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Breise Leibhéal 2;

(120)

ciallaíonn ‧leas mionlaigh‧ an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid fochuideachta institiúide atá inchurtha i leith duine nádúrtha nó dlítheanach seachas iad siúd a áirítear i raon feidhme comhdhlúthaithe stuamachta na hinstitiúide;

(121)

tá le ‘brabús‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(122)

ciallaíonn ‘tras-shealúchas cómhalartach‧ sealúchas chuid institiúide ar ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais i gcás ina bhfuil ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag an institiúid i seilbh na n-eintiteas sin freisin;

(123)

ciallaíonn ‘tuilleamh coimeádta‧ brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur chun feidhme deiridh an bhrabúis nó an chaillteanais faoi na creataí cuntasaíochta is infheidhme;

(124)

tá le ‘cuntas scairbhisigh‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(125)

tá le ‘difríochtaí sealadacha‧ an bhrí atá leis faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

(126)

ciallaíonn ‧sealúchas sintéiseach‧ infheistíocht a dhéanfaidh institiúid in ionstraim airgeadais a bhfuil nasc díreach ag luach na hionstraime le luach na n-ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas earnála airgeadais.

(127)

ciallaíonn ‧scéim trasráthaíochta‧ scéim lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);

(b)

tá na hinstitiúidí comhdhlúite go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(b), (c) nó (d) nó le hAirteagal1 (2) den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite agus áirítear iad sa mhaoirseacht a dhéantar, ar bhonn comhdhlúite, ar an institiúid arb é máthairinstitiúid i mBallstát é de réir Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon agus atá faoi réir an cheanglais cistí dílse;

(c)

bunaítear máthairinstitiúid agus na fochuideachtaí sa Bhallstát céanna agus tá siad faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag an údarás inniúil céanna;

(d)

tá comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil ag an máthairinstitiúid i mBallstát agus ag na fochuideachtaí a thugann cosaint do na hinstitiúidí sin agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint i gcás ina bhfuil gá sin a dhéanamh;

(e)

tá socruithe i bhfeidhm lena áirithiú go gcuifear acmhainn airgeadais ar fáil go pras i dtéarmaí caipitil agus leachtachta más gá faoin gcomhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)

déanann an t-údarás inniúil faireachán ar leordhóthanacht na socruithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) go rialta;

(g)

tá íostréimhse fógartha10 mbliana ag fochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;

(h)

tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil cosc a chur ar fhochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais;

(128)

ciallaíonn ‧ítimí indáilte‧ méid an bhrabúis ag deireadh na bliana airgeadais deireanaí móide aon bhrabús a thugtar ar aghaidh agus aon chúlchistí atá ar fáil chuige sin sula ndéanfar dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cistí dílse lúide aon chaillteanais a thugtar ar aghaidh, brabúis atá neamh-indáilte de bhun na bhforálacha sa reachtaíocht nó fodhlíthe na n-institiúidí agus suimeanna a chuirtear i gcúlchistí neamh-indáilte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme nó le reachtanna na hinstitiúideagus na caillteanais agus na cúlchistí sin á gcinneadh ar bhonn chuntas aonair na hinstitiúide seachas ar bhonn na gcuntas comhdhlúite.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do réadmhaoin nó do mhaoin chónaithe dhochorraithe nó do mhaoin tráchtála dhochorraithe nó do mhorgáiste ar mhaoin den chineál sin, áireofar lei scaireanna i gcuideachtaí tithíochta chónaithe Fionlannacha i gcomhréir leis an dlí Fionlannach maidir le cuideachtaí tithíochta (1991), nó i gcomhréir le reachtaíocht choibéiseach iardain. Féadfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla a cheadú go láimhseálfar scaireanna atá ina sealúchais indíreacha réadmhaoine choibhéiseacha mar shealúchas díreach réadmhaoine ar an gcoinníoll go rialófar an sealúchas indíreach sin go sonrach i ndlí náisiúnta an Bhallstáit agus nuair a chuirfear i ngeall mar chomhthaobhacht é go soláthróidh sé cosaint choibhéiseach do chreidiúnaithe.

3.   Bíonn maoiniú trádála mar dá dtagraítear i bpointe (80) de mhír 1 neamhcheangailteach de ghnáth agus éilíonn sé doiciméid tacaíochta idirbheartaíochta sásúla le haghaidh gach iarratais tarraingthe lena gceadófar an maoiniú a dhiúltú i gcás ina mbeidh amhras ar bith ann faoi hacmhainneacht creidmheasa nó faoi na doiciméid tacaíochta idirbheartaíochta. Bíonn aisíoc risíochtaí trádála airgeadais neamhspleách ón iasachtaí de ghnáth; ina ionad sin tagann na cistí ó airgead tirim a fuarthas ó allmhaireoirí nó bíonn siad mar thoradh ar fháltais ó na hearraí fholuiteacha a dhíol.

Airteagal 5

Sainmhínithe is sonrach do cheaglais caipitil le haghaidh pricail chreidmheasa

Chun críocha Chuid a Trí, Theideal II, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧neamhchosaint‧, sócmhainn nó ítim atá lasmuigh den chlár comhardaithe.

(2)

ciallaíonn ‧caillteanas‧ caillteanas eacnamaíoch, lena n-áirítear éifeachtaí lascainí móra, agus costais ábhartha dhíreacha agus indíreacha a bhaineann le hathghnóthú na hionstraime;

(3)

ciallaíonn ‧caillteanas ionchasach‧ nó CI, cóimheas na méide a cheaptar a chaillfear ar risíocht i ngeall ar mhainneachtain chontrapháirtí nó caolúchán thar thréimhse bliana leis an tsuim gan íoc tráth na mainneachtana;

TEIDEAL II

LEIBHÉAL CUR I BHFEIDHM CEANGLAS

CAIBIDIL 1

Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.   Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Cúig agus Cuid a hOcht ar bhonn aonair.

2.   Gach institiúid ar fochuideachta í sa Bhallstát ina bhfuil sí údaraithe agus maoirsithe, nó ar máthairghnóthas í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 19, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 89, Airteagal 90 agus Airteagal 91 a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

3.   Gach institiúid ar máthairghnóthas í, nó ar fochuideachta í, agus gach institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 19, ní cheanglófar uirthi nó air na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

4.   Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníonmhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe 3 agus i bpointe 6 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn aonair. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(3), féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.

5.   Déanfaidh institiúidí, seachas na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus in Airteagal 96(1) agus na hinstitiúidí sin a fheidhmíonn na húdaráis inniúla an maolú atá sonraithe in Airteagal 7(1), nó in Airteagal 7(3), na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Seacht a chomhlíonadh ar bhonn aonair.

Airteagal 7

Maolú ar chur chun feidhme ceanglas stuamachta ar bhonn aonair

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh i leith aon fhochuideachta de chuid institiúide, i gcás ina bhfuil an fhochuideachta agus an institiúid faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuil an fhochuideachta ar áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite ar an institiúid arb í an mháthairghnóthas í, agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear cistí dílse go leordhóthanach idir an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí:

(a)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b)

sásaíonn an máthairghnóthas an t-údarás inniúil maidir le bainistíocht stuama na fochuideachta agus tá sé fógartha aige, le cead ón údarás inniúil, go ráthaíonn sé na gealltanais arna ndéanamh ag an bhfochuideachta, nó neachtar acu tá priacail an fhochuideachta diomaibhseach;

(c)

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal na máthairchuideachta an fhochuideachta freisin;

(d)

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal na fochuideachta i seilbh na máthairchuideachta nó neachtar acu tá sé de cheart ag an máthairchuideachta formhór bhaill de chomhlacht bainistíochta na fochuideachta a cheapadh nó a chur as oifig.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla an rogha dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú i gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ina cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna bunú in aon Bhallstát leis an institiúid, ar an gcoinníoll go bhfuil sí faoi réir na maoirseachta céanna a fheidhmítear maidir le hinstitiúidí, na caighdeáin atá leagtha síos in Airteagal 11(1) go háirithe.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Airteagal 6(1) a tharscaoileadh maidir le máthairinstitiúid i mBallstát, i gcás go bhfuil an institiúid sin faoi réir údarú agus maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil sí cuimsithe faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, d'fhonn a áirithiú go ndáiltear na cistí dílse go leormhaith ar an máthairchuideachta agus ar na fochuideachtaí:

(a)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairinstitiúid i mBallstát cistí dílse a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b)

cuimsítear an mháthairinstitiúid i mBallstát leis na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal atá ábhartha don mhaoirseacht chomhdhlúite;

An t-údarás inniúil a bhaineann úsáid as an mír seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile go léir ar an eolas ina leith.

Airteagal 8

Maolú ar chur chun feidhme ceanglas leachtachta ar bhonn aonair

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur chun feidhme Chuid a Sé a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid agus maidir lena fochuideachtaí go léir san Aontas, nó maidir le cuid acu, agus féadfaidh siad maoirseacht a dhéanamh orthu mar fhoghrúpa leachtachta aonair, fad a chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh;

(b)

déanann an mháthairinstitiúid ar bhonn comhdhlúite nó an institiúid fochuideachta ar bhonn fochomhdhlúite faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuímh leachtachta gach institiúide atá laistigh den ghrúpa nó den fhoghrúpa, atá faoi réir na tarscaoilte agus áirithíonn sí go mbíonn leibhéal leordhóthanach leachtachta ann do na hinstitiúidí sin uile;

(c)

tá na hinstitiúidí tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht maoine eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;

(d)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i (c).

Faoin 1 Eanáir 2014, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le constaicí dlí ar bith a bhféadfadh sé dá mbarr gur dodhéanta a bheadh sé pointe (c) den chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus iarrtar air togra reachtach a dhéanamh, más iomchuí, faoin 31 Nollaig 2015 maidir le cé acu de na na constaicí sin ba cheart a bhaint.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chuid a Sé maidir le hinstitiúid agus maidir lena bhfochuideachtaí uile, nó cuid díobh, a tharscaoileadh ina iomláine nó i bpáirt, i gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe sa Bhallstát céanna agus ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1.

3.   I gcás ina bhfuil institiúidí uile an fhoghrúpa leachtachta aonair údaraithe i roinnt Ballstát, ní chuirfear mír 1 i bhfeidhm ach amháin tar éis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 21 a leanúint, agus ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás institiúidí a n-aontaíonn a n-údaráis inniúla maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)

a measúnú ar chomhlíonadh na heagraíochta agus ar láimhseáil an priacal leachtachta leis na coinníollacha a cheanglaítear le hAirteagal 86 de Threoir (AE)201336 thar an bhfoghrúpa leachtachta aonair;

(b)

dáileadh méideanna, láthair agus úinéireacht na sócmhainní leachtacha arna gceangal atá le sealbhú laistigh den bhfoghrúpa leachtachta aonair;

(c)

cinneadh a dhéanamh i ndáil le híoslíon sócmhainní leachtacha arna sealbhú ag institiúidí a bhfuil cur chun feidhme Chuid a Sé tarscaoilte ina leith;

(d)

an gá atá le paraiméadair níos déine ná iad sin atá leagtha amach i gCuid a Sé;

(e)

roinnt neamhshrianta faisnéise iomláine idir na húdaráis inniúla.

(f)

tuiscint iomlán ar impleachtaí tarscaoilte den sórt sin.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla mír 1, mír 2 agus mír 2a a chur i bhfeidhm freisin maidir le hinstitiúidí atá ina mbaill den scéim chosanta institiúideach chéanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7)(b), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos in Airteagal 113(7), agus maidir le hinstitiúidí eile atá nasctha trí chaidreamh dá dtagraítear in Airteagal 113(6) ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha go léir atá leagtha síos ann. Sa chás sin, cinnfidh na húdaráis inniúla go bhfuil ceann amháin de na hinstitiúidí faoi réir na tarscaoilte chun Cuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na n-institiúidí go léir sa ghrúpa leachtachta aonair.

5.   I gcás ina bhfuil tarscaoileadh tugtha faoi mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, a chur i bhfeidhm freisin, ar leibhéal an fhoghrúpa leachtachta aonair agus féadfaidh siad cur i bhfeidhm Airteagal 86 de Threoir 2013/36/AE, nó codanna de, ar bhonn aonair, a tharscaoileadh.

Airteagal 9

An modh comhdhlúthaithe aonair

1.   Faoi réir mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 144(3) de Threoir (AE)201336, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt do mháthairinstitiúidí, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, fochuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 7(1) a ionchorprú i ríomh a gceanglas faoi Airteagal 6(1), i gcás gur leis an mháthairinstitiúid sin aon risíochtaí nó dliteanais ábharacha.

2.   Ní cheadófar an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 ach amháin i gcás ina léiríonn an mháthairinstitiúid go hiomlán do na húdaráis inniúla na dálaí agus na socruithe, lena n-áirítear socruithe dlí, a fhágann nach bhfuil aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábharach ann, agus nach bhfuil súil le bac den chineál sin, maidir le haistriú pras chistí dílse, ná aisíoc dliteanas nuair atá siad dlite ón bhfochuideachta chuig a mháthairchuideachta.

3.   I gcás ina bhfeidhmíonn údarás inniúil an discréid atá leagtha síos i mír 1, cuirfidh sé údaráis inniúla gach Ballstát eile ar an eolas ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid mhír 1 agus maidir leis na dálaí agus na socruithe dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina bhfuil an fhochuideachta i dtríú tír, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis chéanna ar fáil d'údaráis inniúla na tríú tíre sin freisin.

Airteagal 10

Tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach

1.   Féadfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cur i bhfeidhm na gceanglas atá leagtha amach i gCuid a Dó go Cuid a hOcht a tharscaoileadh i bpáirt nó ina iomláine maidir le hinstitiúid creidmheasa amháin nó níos mó atá lonnaithe in aon Bhallstát agus atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach a dhéanann maoirsiú orthu agus atá bunaithe in aon Bhallstát, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is dliteanais chomhpháirteacha agus leithleacha iad gealltanais an chomhlachta lárnaigh agus institiúidí cleamhnaithe, nó tá gealltanais a institiúidí cleamhnaithe ráthaithe go hiomlán ag an gcomhlacht lárnach;

(b)

déantar faireachán ar shócmhainneacht agus ar leachtacht an chomhlachta lárnaigh agus na n-institiúidí cleamhnaithe uile ina n-iomlán ar bhonn chuntais chomhdhlúite na n-institiúidí sin;

(c)

tá sé de chumhacht ag bainistíocht an chomhlachta lárnaigh treoracha a eisiúint do bhainistíocht na n-institiúidí cleamhnaithe.

Féadfaidh Ballstáit an dlí náisiúnta atá ann cheana féin a choinneáil agus leas a bhaint as maidir leis an tarscaoileadhdá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm a mhéid is nach mbeidh sé ag teacht salach ar an Rialachán sin agusar Threoir 2013/36/AE.

2.   Nuair a bheidh na húdaráis inniúla sásta go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach sa chéad mhír á gcomhlíonadh, agus má tá dliteanais agus gealltanais an chomhlachta lárnaigh ráthaithe go hiomlán ag na hinstitiúidí cleamhnaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Chodanna a Dó go dtí a ceathair agus cur i bhfeidhm Chodanna a Sé go dtí a hOcht a tharscaoileadh chuig an gcomhlacht lárnach ar bhonn aonair.

CAIBIDIL 2

Comhdhlúthú stuamachta

Roinn 1

Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 11

Láimhseáil ghinearálta

1.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí i mBallstát, sa mhéid agus ar an modh a leagtar síos in Airteagal 18, na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Seacht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. Bunóidh na máthairghnóthais agus a gcuid bhfochuideachtaí atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil cuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá iomchuí d'fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí is gá don chomhdhlúthú a phróiseáil go cuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú cuí a áirithiú.

2.   Comhlíonfaidh institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, sa mhéid agus ar an modh a leagtar síos in Airteagal 18, na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Seacht ar bhonn chás comhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin.

I gcás ina bhfuil níos mó ná institiúid amháin rialaithe ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, ní bhei dh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i leith na hinstitiúide lena mbaineann maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE.

3.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí agus institiúidí AE arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE agus institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Sé ar bhonn chás comhdhlúite na máthairinstitiúide, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin, má tá sa ghrúpa institiúid chreidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó atá údaraithe chun na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta atá liostaithe i bpointe (3) agus i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I do Threoir 2004/39/CE a sholáthar. Go dtí go dtíolfacfaidh an Coimisiún an tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 508(2), agus mura mbeidh ach gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite, agus cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na gnólachta infheistíochta á gcur san áireamh.

4.   I gcás ina gcuirtear Airteagal 10 i bhfeidhm, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a Dó go Cuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an iomláin arb éard atá ann an chomhlacht lárnach i dteannta a institiúidí chleamhnaithe.

5.   De bhreis ar na ceanglais i mír 1 go mír 4, agus gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE nuair a bheidh bonn cirt ann chun críocha maoirseachta de bharr sonraíochtaí an priacal nó an struchtúir chaipitil de chuid institiúide, nó i gcás ina nglacfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta lena gceanglaítear go ndéantar gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa baincéireachta a scaradh go struchtúrach, féadfaidh na húdaráis inniúla na hinstitiúidí atá scartha go struchtúrach na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Dó go Cuid a Ceathair agus i gCuid a Sé go Cuid a hOcht den Rialachán seo agus i dTeideal VII de chuid Threoir 2013/36/ (AE)2013 a chomhlíonadh ar bhonn fochomhdhlúite.

Beidh cur i bhfeidhm an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír gan dochar do mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite agus ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó san Aontas ina iomláine ná ní fhoirmeoidh sé ná ní chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 12

Cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha ag a bhfuil fochuideachta atá ina hinstitiúid chreidmheasa agus fochuideachta atá ina ghnólacht infheistíochta araon

I gcás ina bhfuil ar a laghad institiúid chreidmheasa amháin agus gnólacht infheistíochta amháin mar fhochuideachtaí ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, beidh na ceanglais a bhfuil feidhm leo ar bhonn chás chomhdhlúite na cuideachta creidmheasa airgeadais nó na cuideachta creidmheasa airgeadais measctha, beidh siad infheidhme maidir leis an institiúid chreidmheasa.

Airteagal 13

Cur i bhfeidhm ceanglas maidir le nochtadh ar bhonn comhdhlúite

1.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht ar bhonn a gcáis chomhdhlúite.

Fochuideachtaí suntasacha de chuid máthairinstitiúidí den AE agus na fochuideachtaí sin a bhfuil suntasacht ábhartha ag roinnt leo ó thaobh a gcuid margaidh áitiúil, nochtfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451 agus 453, ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.

2.   Déanfaidh institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a hOcht a chomhlíonadh ar bhonn chás comhdhlúite na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha sin.

Fochuideachtaí suntasacha de chuid máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais an AE nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta measctha agus na fochuideachtaí sin a bhfuil suntasacht ábhartha ag roinnt leo ó thaobh a gcuid margaidh áitiúil, nochtfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear in Airteagail 437, 438, 440, 442, 450, 451 agus 453, ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.

3.   Ní bheidh míreanna 1 agus 2 infheidhme go hiomlán ná go páirteach i leith máthairinstitiúidí AE, institiúidí arna rialú ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE ná máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a mhéid a n-áirítear iad laistigh de nochtuithe coibhéiseacha arna soláthar ar bhonn comhdhlúite ag máthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír.

4.   I gcás ina gcuirtear Airteagal 10 i bhfeidhm, comhlíonfaidh an comhlacht lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin ceanglais Chuid a hOcht ar bhonn chás comhdhlúite an chomhlachta lárnaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) maidir leis an gcomhlacht lárnach agus láimhseálfar na hinstitiúidí cleamhnaithe mar fhochuideachtaí an chomhlachta lárnaigh.

Airteagal 14

Cur i bhfeidhm cheanglais Chuid a Cúig ar bhonn comhdhlúite

1.   Comhlíonfaidh máthairghnóthais agus a bhfochuideachtaí na hoibleagáidí atá leagtha síos i gCuid a Cúig ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite faoi réir an Rialacháin seo, lena áirithiú go bhfuil na socruithe, na próisis agus na sásraí a cheanglaítear leis na forálacha sin comhsheasmhach agus comhtháite agus gur féidir aon sonraí agus aon fhaisnéis atá ábhartha do chuspóir na maoirseachta a chur ar fáil. Go háirithe, áiritheoidh siad go gcuireann fochuideachtaí nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha sin.

2.   Cuirfidh institiúidí ualú priacal breise i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 407 nuair a bheidh Airteagal 92 á chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, má sháraítear ceanglais Airteagal 405 nó ceanglais Airteagal 406 ag leibhéal eintitis atá bunaithe i dtríú tír agus a áirítear sa chomhdhlúthú de réir Airteagal 18 má tá an sárú ábhartha de réir phróifíl priacal foriomlán an ghrúpa.

3.   Oibleagáidí a d'eascair ó Chuid a Cúig maidir le fochuideachtaí agus nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo, ní bheidh siad infheidhme más féidir leis an máthairinstitiúid AE nó le hinstitiúidí rialaithe ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil cur i bhfeidhm Chuid a Cúig neamhdhleathach faoi rialacha na tríú tíre ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe.

Airteagal 15

Maolú ar chur chun feidhme cheanglais chistí dílse ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

1.   Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, cur i bhfeidhm Chuid a Trí den Rialachán seo agus Theideal VII de Chaibidil 4 de Threoir (AE)201336 ar bhonn comhdhlúite a tharscaoileadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na dálaí seo a leanas ann:

(a)

baineann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa úsáid as an ríomh malartach de mhéid iomlán an risíochta ar priacal dá dtagraítear in Airteagal 95(2);

(b)

tá gach gnólacht infheistíochta sa ghrúpa laistigh de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 95(1) agus in Airteagal 96(1);

(c)

comhlíonann gach gnólacht infheistíochta AE sa ghrúpa na ceanglais a fhorchuirtear in Airteagal 95 ar bhonn aonair agus ag an am céanna asbhaineann sé ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí choimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;

(d)

aon chuideachta shealbhaíochta airgeadais atá ina máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát aon ghnólachta infheistíochta sa ghrúpa, a bhfuil ar seilbh aici, ar a laghad, an méid caipitil atá sainmhínithe anseo mar shuim na nithe dá dtagraítear in Airteagal 26(1), in Airteagal 51(1) agus in Airteagal 62(1); d'fhonn suim na nithe seo a leanas a chumhdach:

(i)

suim luach iomlán, de réir na leabhar, aon sealúchais, éilimh fho-ordaithe agus ionstraimí dá dtagraítear in Airteagail 36(1)(h) agus (i),56(c) agus (d), agus 66(c) agus (d) i ngnólachtaí infheistíochta, in institiúidí airgeadais, i gcuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus i ngnóthais seirbhísí coimhdeacha a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin; agus

(ii)

suim iomlán aon dliteanais teagmhasaigh i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthas seirbhísí coimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin;

(e)

ní chuimsíonn an grúpa institiúidí creidmheasa.

I gcás ina gcomhlíontar critéir an chéad fho-ailt, beidh córais i bhfeidhm ag gach gnólacht infheistíochta AE chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhoinsí caipitil agus maoinithe gach cuideachta sealbhaíochta airgeadais, gnólacht infheistíochta, institiúide airgeadais, cuideachta bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha laistigh den ghrúpa.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla an tarscaoileadh a chur i bhfeidhm freisin má tá suim níos ísle cistí dílse ag na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais ná an méid a ríomhtar faoi mhír 1(d), ach gan é a bheith níos ísle ná suim na gceanglas cistí dílse a fhorchuirtear ar bhonn aonair do ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin, agus suim iomlán aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthais seirbhísí coimhdeacha, a bheadh comhdhlúite mura ndéanfaí sin. Chun críocha na míre seo, is ceanglas barúlach cistí dílse atá sa cheanglas cistí dílse i gcás gnóthas infheistíochta tríú tíortha, institiúidí airgeadais, cuideachtaí bainistíochta sócmhainní agus gnóthas seirbhísí coimhdeacha.

Airteagal 16

Maolú ar chur i bhfeidhm cheanglais an chóimheasa luamhánaithe ar bhonn comhdhlúite maidir le grúpaí gnólachtaí infheistíochta

I gcás inar gnólachtaí infheistíochta atá díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(5) iad gach eintiteas i ngrúpa de ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear an máthaireintiteas, féadfaidh an máthairghnólacht infheistíochta a shocrú gan na ceanglais a leagtar síos i gCuid a Seacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite.

Airteagal 17

Maoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta a tharscaoileadh ó chur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse ar bhonn comhdhlúite

1.   Gnólachtaí infheistíochta i ngrúpa dár tugadh an tarscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 15, cuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na priacail a d'fhéadfadh an bonn a bhaint óna suímh airgeadais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le comhdhéanamh agus foinsí a gcistí dílse, caipiteal inmheánach agus maoiniú.

2.   I gcás ina dtarscaoileann na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta an oibleagáid maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite dá bhforáiltear in Airteagal 15, déanfaidh siad bearta iomchuí eile chun faireachán a dhéanamh ar na priacail, go háirithe risíochtaí leathana, a bhaineann leis an ngrúpa ina iomláine, lena n-áirítear aon ghnóthas nach bhfuil lonnaithe i mBallstát.

3.   I gcás ina dtarscaoileann na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse ar bhonn comhdhlúite de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 15, beidh feidhm ag ceanglais Chuid a hOcht ar bhonn aonair.

Roinn 2

Modhanna chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh

Airteagal 18

Modhanna chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh

1.   Na hinstitiúidí ar a gceanglaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 1 a chomhlíonadh, ar bhonn a stádas comhdhlúite, déanfaidh siad comhdhlúthú iomlán ar gach institiúid agus institiúid airgeadais atá ina bhfochuideachtaí aige, nó, nuair is ábhartha, ina bhfochuideachtaí ag an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais chéanna nó ag máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha. Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 8 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil feidhm ag Cuid a Sé ar bhonn cáis chomhdhlúite institiúide.

2.   Féadfaidh na húdaráis áitiúla comhdhlúthú comhréireach a cheadú, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, de réir an scair caipitil a shealbhaíonn an mháthairchuideachta san fhochuideachta. Ní cheadófar comhdhlúthú comhréireach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá dliteanas an mháthairghnóthais teoranta don scair caipitil a shealbhaíonn sé san fhochuideachta i dtaca le dliteanas scairshealbhóirí nó ball eile;

(b)

tá sócmhainneacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí eile sásúil;

(c)

tá dliteanas na scairshealbhóirí agus na gcomhaltaí eile bunaithe go soiléir ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí de;

3.   I gcás ina bhfuil gnóthais nasctha lena chéile trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE, socróidh na húdaráis inniúla conas a dhéanfar an comhdhlúthú.

4.   Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe de cheangal go ndéanfar an comhdhlúthú comhréireach de réir an scair chaipitil arna sealbhú de rannpháirtíochtaí in institiúidí agus in institiúidí airgeadais arna mbainistiú ag gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina bhfuil dliteanas na ngnóthas sin teoranta don scair den chaipiteal atá ina seilbh.

5.   I gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é. Go háirithe, féadfaidh siad úsáid an mhodha chothromais a cheadú nó a cheangal. Mar sin féin, ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

6.   Cinnfidh na húdaráis inniúla an bhfuil comhdhlúthú le déanamh agus conas a dhéanfar é sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil, i dtuairim na n-údarás inniúil, tionchar suntasach ag institiúid ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin; agus

(b)

i gcás ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó curtha faoi bhainistíocht aonair ach amháin má tá sé sin de bhun conartha nó clásail atá ina meabhráin nó ina n-airteagail chomhlachais.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid an mhodha dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 83/349/CEE a cheadú, nó a cheangal. Ní hionann an modh sin a úsáid agus na gnóthais lena mbaineann a bheith ar áireamh faoin maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

7.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha a shonrú a gcuirfear an comhdhlúthú i bhfeidhm dá réir sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig.16.

Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

8.   I gcás ina bhfuil gá le maoirseacht comhdhlúite de bhun Airteagal 111 de Threoir 2013/36/AE, áireofar gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus cuideachtaí bainistíochta sócmhainní, mar a shainítear iad i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE i gcomhdhlúthuithe sna cásanna atá leagtha síos san Airteagal seo agus de réir na modhanna atá leagtha síos san Airteagal seo.

Roinn 3

Raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

Airteagal 19

Eintitis arna n-eisiamh ó raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta

1.   Aon institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina ghnóthas ina bhfuil seilbh ar rannpháirtíocht, ní gá í a áirithiú sa chomhdhlúthú i gcás ina bhfuil méid iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an ghnóthais lena mbaineann níos lú ná an ceann is ísle den dá shuim seo a leanas:

(a)

EUR 10 milliún;

(b)

1 % de shuim iomlán shócmhainní agus ítimí lasmuigh de chlár comhardaithe an mháthairchuideachta nó an ghnóthais a shealbhaíonn an rannpháirtíocht.

2.   Sna cásanna thíos féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite de réir Airteagal 111 de Threoir (AE)201336 cinneadh a dhéanamh, ag meas gach cás ar a fhiúntas féin, nach gá a áirithiú sa chomhdhlúthú institiúid, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá ina fhochuideachta nó ina sealbhaítear rannpháirtíocht:

(a)

i gcás ina bhfuil an gnóthas lena mbaineann lonnaithe i dtríú tír ina bhfuil baic dhlíthiúla le haistriú na faisnéise is gá;

(b)

i gcás nach bhfuil ach tábhacht dhiomaibhseach ag an ngnóthas lena mbaineann i leith chuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí creidmheasa;

(c)

i gcás ina mbeadh sé mí-oiriúnach nó míthreorach comhdhlúthú a dhéanamh ar shuíomh airgeadais an ghnóthais lena mbaineann, a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí creidmheasa, dar leis an údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite.

3.   Más rud é, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2, go gcomhlíonann roinnt gnóthas na critéir a leagtar amach iontu, áireofar iad sa chomhdhlúthú ina ainneoin sin i gcás ina bhfuil tábhacht dhiomaibhseach ag baint leo i dteannta a chéile i leith na gcuspóirí sainithe.

Airteagal 20

Cinntí comhpháirteacha maidir le ceanglais stuamachta

1.   Oibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile agus iad i lánchomhairle le chéile:

(a)

i gcás iarratas ar an gcead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9), 283, 312(2), 363, faoi seach, arna chur isteach ag máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, nó i gcomhpháirt a chéile ag fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar an cead atá á lorg agus chun na téarmaí agus na coinníollacha, más ann dóibh, a chinneadh, a mbeadh cead den chineál seo faoina réir;.

(b)

chun a dhéanamh amach an bhfuil na critéir maidir le láimhseáil shonrach idirghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 422(9) agus in Airteagal 425(5) arna gcomhlánú le caighdeáin teicniúla rialála an ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 422(10) agus in Airteagal 425(6) á gcomhlíonadh.

Chuig an maoirseoir comhdhlúthaithe amháin a chuirfear iarratais isteach.

Beidh san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 312(2) cur síos ar an modheolaíocht a úsáideadh chun caipiteal priacal oibriúcháin a leithdháileadh ar eintitis éagsúla an ghrúpa. Cuirfidh an t-iarratas in iúl an bhfuil sé beartaithe éifeachtaí an éagsúlaithe a chur san áireamh sa chóras chun priacal a thomhas, agus má tá, cén chaoi a ndéanfar sin.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla gach ní ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí maidir leis na nithe seo:

(a)

an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

na critéir a mheas agus an láimhseáil shonrach dá dtagraítear i mír 1(b) a dhéanamh amach;

Beidh an cinneadh comhpháirteach seo leagtha amach i ndoiciméad ina mbeidh an cinneadh lán-réasúnaithe, doiciméad a chuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don iarratasóir.

3.   Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2:

(a)

an dáta a fhaigheann an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an t-iarratas iomlán ar aghaidh chuid na húdaráis inniúla eile gan mhoill;

(b)

an dáta a fhaigheann na húdaráis inniúla tuarascáil arna hullmhú ag an maoirseoir comhdhlúthaithe ag déanamh anailíse ar thiomantais idirghrúpa laistigh den ghrúpa.

4.   Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh féin maidir le mír 1(a). Ní chuirfidh cinneadh an mhaoirseora comhdhlúthaithe teorainn ar chumhachtaí na n-údarás inniúil faoi Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE.

Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n-údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.

Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mháthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE agus do na húdaráis inniúla eile.

Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil aon cheann de na húdaráis inniúla tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh maidir le mír 1(a) siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a d'fhéadfadh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir lenachinneadh, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

5.   Mura dtagann na húdaráis inniúla ar cheadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, déanfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh féin maidir le mír 1(b).

Beidh an cinneadh leagtha amach i ndoiciméad ina bhfuil an cinneadh lán-réasúnaithe agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus cúiseanna imní na n -údaráis inniúla eile, arna gcur in iúl le linn na tréimhse sé mhí.

Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh seo ar fáil don mhaoirseoir comhdhlúthaithe a thugann fógra don máthairinstitiúid AE, don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó don mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE.

Más rud é, ag deireadh na tréimhse sé mhí, go bhfuil an maoirseoir comhdhlúthaithe tar éis an t-ábhar a chur faoi bhráid an ÚBE de réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfochuideachta ar bhonn aonair a chinneadh maidir le mír 1(b) den Airteagal seo siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh an ÚBE a dhéanamh de réir Airteagal 19(3) den Rialachán sin maidir leis an gcinneadh sin, agus déanfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh an ÚBE. Measfar gurb é an tréimhse sé mhí an tréimhse idir-réitigh de réir bhrí an Rialacháin sin. Déanfaidh an ÚBE an cinneadh laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

6.   I gcás ina mbaineann máthairinstitiúid AE agus a fhochuideachtaí, fochuideachtaí mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE úsáid as Ardmhodh an Tomhais dá dtagraítear in Airteagal 312(2) nó cur chuige IBR dá dtagraítear in Airteagal 143 ar bhonn aontaithe, ceadóidh na húdaráis inniúla na critéir cháilíochta atá leagtha síos in Airteagal 321 agus in Airteagal 322 nó i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 3, Roinn a Sé faoi seach, a chomhlíonadh trí bhreithniú a dhéanamh ar an máthairchuideachta agus na fochuideachtaí i dteannta a chéile, ar bhealach atá i gcomhréir le struchtúr, modheolaíochtaí, próisis agus córais bhainistíochta priacal an ghrúpa.

7.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann na cinntí dá dtagraítear i mír 2, i mír 4 agus i mír 5 a aithint mar chinntí cinntitheacha agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad.

8.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an próiseas a bhaineann leis an gcinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe a (a) de mhír 1 a shonrú, maidir leis na hiarratais ar chead dá dtagraítear in Airteagail 143(1), 151(4), 151(9),283, 312(2), agus 363 d'fhonn cinntí comhpháirteacha a éascú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 21

Cinntí comhpháirteacha maidir le leibhéal cur i bhfeidhm na gceanglas leachtachta

1.   Ar iarratas ó mháthairinstitiúid AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó ó mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó ó fhochuideachta fo-chomhdhlúthaithe de chuid máthairinstitiúide AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó de chuid máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí mháthairinstitiúid AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais AE nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas chun teacht ar cheadh comhpháirteach maidir lena bhfuil coinníollacha phointí (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh agus lena sainaithneofar foghrúpa leachtachta amháin do chur chun feidhme Airteagal 8.

Déanfar an cinneadh comhpháirteach laistigh de sé mhí ón dáta a sheolann an maoirseoir comhdhlúthaithe isteach tuarascáil a shainaithníonn foghrúpaí leachtachta aonair ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 8. I gcás easaontú i rith na tréimhse sé mhí, rachaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an ÚBE arna iarraidh sin d'aon cheann de na húdaráis inniúla eile atá i gceist. Féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe dul i gcomhairle leis an ÚBE as a stuaim féin.

Féadfaidh an cinneadh comhpháirteach srianta a chur freisin ar láthair agus ar úinéireacht sócmhainní leachtacha agus a cheangal go mbeidh íoslíon sócmhainní leachtacha ina seilbh ag institiúidí atá díolmhaithe ó chur chun feidhme Chuid a Sé.

Leagfar an cinneadh comhpháirteach amach i ndoiciméad ina léireofar an cinneadh lán-réasúnaithe a thíolacfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe do mháthairinstitiúid an fhoghrúpa leachtachta.

2.   Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de shé mhí, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.

Mar sin féin, féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE i rith na tréimhse sé mhí maidir le cé acu atá coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus Sa chás sin, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go dtabharfar i gcrích an idirghabháil neamhcheangailteach. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin, agus comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstáit na máthairinstitiúide á cur san áireamh mar aon le comhréireacht na sochar agus na bpriacal ar leibhéal Bhallstát na fochuideachta. Ní chuirfear an t-ábhar faoi bhráid an ÚBE tar éis dheireadh na tréimhse sé mhí ná tar éis cinneadh comhpháirteach a bheith déanta.

Beidh an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1 agus na cinntí dá dtagraítear a dara fomhír den mhír seo ceangailteach.

3.   Féadfaidh aon údarás inniúil ábhartha dul i gcomhairle leis an ÚBE freisin i rith na tréimhse sé mhí i gcás easaontais maidir le coinníollacha (a) go (d) d'Airteagal 8(3). Sa chás sin, is féidir leis an ÚBE idirghabháil neamhcheangailteach a dhéanamh de réir Airteagal 31(c) de Rialachán Uimh (AE) 1093/2010 agus, cuirfidh na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann a gcinntí siar ar feitheamh chur i gcrích na hidirghabhála neamhcheangailtí. Más rud é nach dtagann na húdaráis inniúla ar chinneadh laistigh de thrí mhí, i rith na hidirghabhála, tiocfaidh gach údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair ar a chinneadh féin.

Airteagal 22

Fo-chomhdhlúthú i gcás eintiteas i dtríú tíortha

Déanfaidh institiúidí fochuideachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 89 go hAirteagal 91 de Chuid a Trí agus i gCuid a Cúig a chur i bhfeidhm ar bhonn a suímh fhochomhdhlúite má tá acu, nó ag an máthairchuideachta i gcás gur cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha atá ann, institiúid nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta i dtríú tír, nó má tá rannpháirtíocht i ngnóthas den chineál sin ina seilbh acu.

Airteagal 23

Gnóthais i dtríú tíortha

Chun críocha maoirseacht a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite de réir na Caibidle seo, beidh feidhm ag na téarmaí ‧gnólacht infheistíochta‧, ‧institiúid chreidmheasa‧, ‧institiúid airgeadais‧ agus ‧institiúid‧ maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainiú na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.

Airteagal 24

Luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár-comhardaithe

1.   Cuirfear luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcrích i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfidh na hinstitiúidí luacháil na sócmhainní agus na n-itimí lasmuigh den chlár comhardaithe i gcrích i gcomhréir leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta (CCI) 1, de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

CUID A DÓ

CISTÍ DÍLSE

TEIDEAL I

EILIMINTÍ DE CHISTÍ DÍLSE

CAIBIDIL 1

Caipiteal Leibhéal 1

Airteagal 25

Caipiteal Leibhéal 1

Is éard atá i gcaipiteal Leibhéal 1 institiúide suim chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus chaipiteal breise Leibhéal 1 na hinstitiúide.

CAIBIDIL 2

Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Roinn 1

Ítimí agus ionstraimí ghnáthchothromas leibhéal 1

Airteagal 26

Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Is éard atá in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí na nithe seo a leanas:

(a)

ionstraimí caipitil, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infhedhme,Airteagal 29;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

tuilleamh coimeádta;

(d)

ioncam cuimsitheach carntha eile;

(e)

cúlchistí eile

(f)

cistí do priacail baincéireachta ginearálta.

Ní aithneofar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má tá siad ar fáil don institiúid lena úsáid láithreach, gan srian, chun priacail nó caillteanais a chumhdach a luaithe a thagann siad chun cinn.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, mura mbeidh cead faighte roimh ré ón údarás inniúil ní fhéadfaidh institiúidí brabúis eatramhacha nó brabúis dheireadh na bliana a chur ar áireamh i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sula mbeidh cinneadh foirmiúil déanta ag an institiúid á dhearbhú brabús nó caillteanas deiridh na hinstitiúide don bhliain. Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh fíorú déanta ar na brabúis sin ag daoine atá neamhspleách ar an institiúid atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na hinstitiúide sin;

(b)

go mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun shásamh an údaráis inniúil go bhfuil aon mhuirear nó díbhinn intuartha asbhainte ó mhéid na mbrabús sin.

Tabharfaidh fíorú ar bhrabúis eatramhacha nó ar bhrabúis deiridh bliana na hinstitiúide leibhéal leormhaith forchinntithe go bhfuil meastóireacht déanta ar na brabúis sin de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa chreat cuntasaíochta is infheidhme.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar a bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29 á gcomhlíonadh ag eisiúintí ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Maidir le heisiúintí tar éis 31 Nollaig 2014, ní aicmeoidh na hinstitiúidí caipiteal mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin tar éis cead a fháil ó na húdaráis inniúla, a fhéadfaidh dul i gcomhairle le ÚBE.

I gcás ionstraimí cistí dílse, cé is moite den státchabhair, arna bhfaomhadh ag an údarás inniúil mar ionstraimí atá incháilithe lena n-aicmiú mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach i gcás, dar leis an ÚBE, go bhfuil sé casta i ndáiríre a dheimhniú an bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 28, nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29, á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, míneoidh na húdaráis inniúla a réasúnaíocht don ÚBE.

Ar bhonn na faisnéise ó gach údarás inniúil, déanfaidh an ÚBE liosta de na foirmeacha uile d'ionstraimí caipitil a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí iad a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Bunóidh an ÚBE an liosta sin agus foilseoidh sé é 1 Feabhra 2015 don chéad uair.

Tar éis an phróisis athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 80 agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ann nach bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagal 28, nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29, á gcomhlíonadh ag na hionstraimí sin, féadfaidh an ÚBE a chinneadh ionstraimí caipitil nach státchabhair atá iontu agus a eisíodh tar éis an 31 Nollaig 2014, a bhaint den liosta agus féadfaidh sé fógra a thabhairt chuige sin.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an bhrí atá le ‧intuartha‧ a shonrú d'fhonn a chinneadh ar asbhaineadh aon dhíbhinn nó muirear intuartha.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 27

Ionstraimí caipitil cumann frithpháirteach, comharchumann, institiúidí coigiltis nó institiúidí comhchosúla in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Cuimseoidh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 aon ionstraim chaipitil arna heisiúint ag institiúid faoina théarmaí reachtúla ar na gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an institiúid den chineál sin a shainítear faoin dlí náisiúnta infheidhme agus a mheasann údaráis inniúla a bheith mar cheann ar bith díobh seo a leanas:

(i)

cumann frithpháirteach;

(ii)

comharchumann;

(iii)

institiúid coigiltis;

(iv)

institiúid den chineál sin;

(v)

institiúid chreidmheasa atá faoi úinéireacht iomlán cheann amháin de na hinstitiúidí dá dtagraitear i bpointí (i) go (iv), agus a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil ábhartha leas a bhaint as forálacha an Airteagail seo ar an gcoinníoll agus a mhéid is go bhfuil 100 % de na gnáthscaireanna atá eisithe san institiúid chreidmheasa á sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag institiúid dá dtagraítear sna pointí sin;

(b)

comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme Airteagal 29;

Na cumainn frithpháirteacha, na comharchumainn, na hinstitiúidí coigiltis nó na hinstitiúidí cosúla sin a aithníodh amhlaidh faoin dlí náisiúnta ab infheidhme roimh an 31 Nollaig 2012, leanfar dá n-aicmiú amhlaidh chun críocha na Coda seo, ar choinníoll go mbeidh na critéir lenar cinneadh an t-aitheantas sin á gcomhlíonadh acu i gcónaí.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coinníollacha ar dá réir a dhéanfaidh údaráis inniúla cinneadh go gcáilíonn cineál gnóthais a aithnítear faoin dlí náisiúnta infheidhme mar chumann frithpháirteach, mar chomharchumann, mar institiúid coigiltis nó mar institiúid eile den chineál sin chun críocha na Coda seo.

Cuirfidh an ÚBE an dréachtchaighdeán teicniúil rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréacht caighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 28

Ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Ní cháileoidh ionstraimí caipitil mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is í an institiúid féin a eisíonn na hionstraimí le cead roimh ré ó úinéirí na hinstitiúide, nó, i gcás ina bhfuil sé ceadmhach faoin dlí náisiúnta infheidhme, is é comhlacht bainistíochta na hinstitiúide a eisíonn;

(b)

tá na hionstraimí láníoctha agus níl a gceannach cistithe go díreach nó go hindíreach ag an institiúid;

(c)

comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas go léir maidir lena n-aicmiú:

(i)

cáilíonn siad mar chaipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE;

(ii)

tá siad aicmithe mar chothromas de réir bhrí an chreata chuntasaíochta is infheidhme;

(iii)

tá siad aicmithe mar chaipiteal cothromais chun críocha dócmhainneacht chlár comhardaithe a chinneadh, nuair is infheidhme faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta;

(d)

tá na hionstraimí nochta go soiléir agus go leithleach ar an gclár comhardaithe i ráitis airgeadais na hinstitiúide;

(e)

is ionstraimí síoraí iad;

(f)

ní féidir príomhshuim na n-ionstraimí a laghdú ná a aisíoc, seachas i gceann de na cásanna seo a leanas:

(i)

leachtú na hinstitiúide;

(ii)

athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun caipiteal a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 77;

(g)

ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha a rialaíonn na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na n-ionstraimí a laghdú nó a aisíoc seachas trí leachtú na hinstitiúide, agus ní thugann an institiúid é sin le fios ar aon slí eile roimh ná le linn eisiúint na n-ionstraimí, cé is moite de chás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27 ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimín chineál sin a fhuascailt;

(h)

comhlíonann na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas maidir le dáileacháin:

(i)

ní hann do láimhseáil fhabhrach dáileacháin maidir le hord na n-íocaíochtaí dáileacháin, lena n-áirítear i leith ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, agus ní chuirtear ar fáil leis na téarmaí lena rialaítear na hionstraimí cearta fabhracha i leith íoc na ndáileachán;

(ii)

is as ítimí indáilte amháin is féidir dáileacháin ar shealbhóirí na n-ionstraimí a íoc;

(iii)

níl caidhp ná srian eile ar an uasleibhéal dáileacháin sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27.

(iv)

ní chinntear an leibhéal dáileachán ar bhonn na méide a íocadh as na hionstraimí tráth a n-eisithe, seachas i gcás na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 27;

(v)

sna coinníollacha lena rialaítear na hionstraimí níl aon oibleagáid ar an institiúid dáileacháin a dhéanamh ar a sealbhóirí, agus níl aon oibleagáid den chineál sin ar an institiúid ar aon slí eile;

(vi)

ní ionann neamhíoc na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;

(vii)

ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;

(i)

i gcomparáid leis na hionstraimí caipitil uile arna n-eisiúint ag an institiúid, ionsúnn na hionstraimí an chéad sciar caillteanas, is é sin an sciar is mó go comhréireach, de réir mar a tharlaíonn siad, agus ionsúnn gach ionstraim caillteanais sa mhéid chéanna is a ionsúnn gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eile iad;

(j)

tá na hionstraimí aicmithe faoi bhun gach éileamh eile i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide;

(k)

tugann na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, éileamh atá, i gcás leachtachta agus tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha, comhréireach le méid na n-ionstraimí a eisíodh agus nach bhfuil socraithe nó faoi réir caidhpe, seachas i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 27;

(l)

níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv)

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v)

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;

(vi)

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);

(m)

níl na hionstraimí faoi réir aon socrú, is cuma cé acu socrú conarthach nó conradh de chineál eile é, a chuireann le sinsearacht na n-éileamh faoi na hionstraimí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta.

Measfar go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (j) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.

2.   Measfar go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe (i) de mhír 1 d'ainneoin díluacháil ar bhonn buan ar phríomhshuim ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2.

Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (f) de mhír 1 d'ainneoin an laghdú ar phríomhshuim na hionstraime caipitil laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.

Measfar go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g) de mhír 1 d'ainneoin na bhforálacha lena rialaítear an ionstraim caipitil ina dtugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe go ndéanfaí nó go bhféadfaí príomhmhéid na hionstraime a laghdú laistigh de nós imeachta réitigh nó mar thoradh ar díluacháil ar ionstraimí caipitil a éilíonn an t-údarás réitigh atá freagrach as an institiúid.

3.   Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (h)(iii) de mhír 1 d'ainneoin na hionstraime lena n-íoctar iolraí díbhinne, ar choinníoll nach ndáiltear an t-iolraí díbhinne sin ar bhealach a chuireann ró-ualach díréireachach ar chistí dílse.

4.   Chun críche phointe (h)(i) de mhír 1, nídhéanfar ach cearta vótála difreáilte, agus iad sin amháin, a léiriú i ndáileadh difreáilte. Ar an gcaoi sin, ní bheidh dáileadh níos airde i bhfeidhm ach amháin maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 lena ngabhann níos lú cearta vótála nó nach ngabhann cearta vótála ar bith leo.

5.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

leaganacha agus cineálacha maoinithe indírigh ionstraimí caipitil is infheidhme;

(b)

Cé acu a gcuirfeadh ildáileacháin ró-ualach díréireach ar chistí dílse agus dá gcuirfeadh, cathain;

(c)

an bhrí atá le dáileacháin fhabhracha;

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 29

Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo

1.   Ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag cumainn fhrithpháirteacha, ag comharchumainn, ag institiúidí coigiltis agus ag institiúidí atá cosúil leo, ní cháileoidh siad mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 mar aon le modhnuithe a thig as an Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

2.   Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas maidir le fuascailt na n-ionstraimí caipitil:

(a)

seachas i gcás ina dtoirmeasctear é faoin dlí náisiúnta infheidhme, beidh sé ar chumas na hinstitiúide fuascailte na n-ionstraimí a dhiúltú;

(b)

i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí a fhuascailt, cuirfidh na forálacha a rialaíonn na hionstraimí ar chumas na hinstitiúide a bhfuascailt a theorannú;

(c)

ní teagmhas mainneachtana de chuid na hinstitiúide a bheidh i ndiúltú na hionstraimí a fhuascailt, ná i dteorainn a chur le fuascailt na n-ionstraimí nuair is infheidhme.

3.   Ní fhéadfaidh caidhp ná srian ar an uasleibhéal dáileacháin a bheith sna hionstraimí caipitil ach amháin i gcás ina bhfuil an chaidhp nó an srian sin leagtha amach faoin dlí náisiúnta infheidhme nó faoi reacht na hinstitiúide.

4.   I gcás ina gcuireann na hionstraimí caipitil cearta ar fáil don úinéir maidir le cúlchistí na hinstitiúide i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá teoranta do luach ainmniúil na n-ionstraimí, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna heisiúint ag an institiúid sin.

An coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, ní dochar é don deis a bheith ag cumann frithpháirteach, ag comharchumann, ag institiúid coigiltis nó ag institiúid atá cosúil leis ionstraimí a aithint laistigh de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach mbronntar cearta vótála don sealbhóir leo agus lena gcomhlíontar an dá choinníoll seo araon a leanas:

(a)

éileamh shealbhóirí na n-ionstraimí neamh-vótala i ndócmhainneacht nó i leachtacht na hinstitiúide, is comhréireach é le scair na n-ionstraimí iomlána sin de chuid Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arb ionann í agus na hionstraimí neamh-vótála sin;

(b)

cáilíonn na hionstraimí ar shlí eile mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

5.   I gcás ina dtugann na hionstraimí caipitil teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní na hinstitiúidí i gcás dócmhainneachta nó leachtachta atá socraithe nó faoi réir caidhpe, beidh feidhm ag teorainn den chineál sin sa mhéid chéanna i gcás shealbhóirí uile gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna eisiúint ag an institiúid.

6.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sainiú a dhéanamh na cineálacha teorainneacha is gá ar fhuascailt, i gcás ina bhfuil toirmeasc faoin dlí náisiúnta infheidhme ar an institiúid diúltú ionstraimí cistí dílse a fhuascailt.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 30

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Beidh feidhm acu seo a leanas, i gcás ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1, nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29:

(a)

scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

scoirfidh na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, láithreach bonn.

Airteagal 31

Ionstraimí caipitil suibscríofa ag údaráis phoiblí i gcásanna géarchéime

1.   I gcásanna éigeandála, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúidí ionstraimí caipitil a chomhlíonann ar a laghad na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) go (e) d'Airteagal 28(1) a áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Gur eisíodh na hionstraimí tar éis 1 Eanáir 2014.

(b)

Go measann an Coimisiún gur Státchabhair atá sna hionstraimí caipitil.

(c)

Go n-eisítear na hionstraimí caipitil i gcomhthéacs scéime athchaipitlithe de bhun na rialacha maidir le Státchabhair atá ann ag an am.

(d)

Go bhfuil na hionstraimí caipitil suibscríofa go hiomlán agus ina seilbh ag an Stát nó ag údarás ábhartha poiblí nó ag eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.

(e)

Go bhfuil na hionstraimí caipitil in ann caillteanais a sheasamh.

(f)

Ach amháin i gcás na n-ionstraimí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 25, go dtabharfaidh na hionstraimí an teidlíocht do na húinéirí éileamh a dhéanamh ar shócmhainní iarmharacha na hinstitiúidí, i gcás leachtaithe, tar éis gach éileamh sinsearach a bheith íoctha.

(g)

Go bhfuil sásraí leordhóthanacha um imeacht ann don Stáit, nó i gcás inarb infheidhme, don údarás ábhartha poiblí nó don eintiteas faoi úinéireacht phoiblí.

(h)

Go mbeidh cead tugtha roimh ré ag an údarás inniúil agus go mbeidh a chinneadh foilsithe aige in éineacht le míniú ar an gcinneadh sin.

2.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón údarás inniúil ábhartha agus i gcomhar leis, measfar don ÚBE go bhfuil na hionstraimí caipitil sin dá dtagraítear i mír 1 cóibhéiseach le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha an Rialacháin seo.

Roinn 2

Scagairí stuamachta

Airteagal 32

Sócmhainní urrúsaithe

1.   Déanfaidh institiúid aon mhéadú ar a cothromas faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme a eascraíonn as sócmhainní urrúsaithe a eisiamh ó aon eilimint de na cistí dílse, iad seo a leanas san áireamh:

(a)

méadú den chineál sin atá gaolmhar le hioncam corrlaigh todhchaí a mbíonn gnóthachan ar dhíolachán don institiúid mar thoradh air;

(b)

i gcás gur tionscnóir an urrúsaithe an institiúid, gnóthachain ghlana a eascraíonn as caipitliú ioncaim todhchaí ó na sócmhainní urrúsaithe a chuireann feabhsú creidmheasa ar fáil do shuímh san urrúsú.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na coincheapa maidir le gnóthachan ar dhíolachán dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 33

Fálú sreabhadh airgid agus athruithe ar luach dliteanas dílis

1.   Ní áireoidh institiúidí na hítimí seo a leanas in aon eilimint de na cistí dílse:

(a)

na cúlchistí luacha chóir a bhaineann le gnóthachain nó caillteanais ar fhálú sreabhadh airgid d'ionstraimí airgeadais nach bhfuil luacháilte ag luach cóir, lena n-áirítear sreabhadh airgid réamh-mheasta;

(b)

gnóthachain nó caillteanais ar dhliteanais na hinstitiúide atá luacháilte ag luach cóir a eascraíonn ó athruithe ar acmhainneacht creidmheasa dílse na hinstitiúide.

(c)

gach gnóthachan agus caillteanas ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na hinstitiúide féin i dtaca le dliteanais díorthacha.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, ní fhéadfaidh institiúidí gnóthachain ná caillteanais ar luach cóir a eascraíonn as priacal creidmheasa na n-institiúidí féin a fhritháireamh ina gcoinne siúd a eascraíonn as priacal creidmheasa an chontrapháirtí.

3.   Gan dochar do phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí méid na ngnóthachan agus na gcaillteanas ar a dhliteanais a áireamh i gcistí dílse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is i bhfoirm bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE iad atá na dliteanais;

(b)

is mar thoradh ar na hathruithe céanna i seasamh creidmheasa dílse na hinstitiúide na hathruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas na hinstitiúide;

(c)

tá luach na mbannaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus luach sócmhainní na hinstitiúide ag teacht go dlúth le chéile;

(d)

is féidir na hiasachtaí morgáiste a fhuascailt trí na bannaí atá ag maoiniú na hiasachtaí morgáiste a cheannach ar ais ar luach an mhargaidh nó ar an luach ainmniúil.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar cad is brí le luach na mbannaí agus luach na sócmhainní, a luaitear i bpointe (c) de mhír 3, bheith ag teacht go dlúth le chéile.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúinfaoin 30 Meán Fómhair 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 34

Coigeartuithe luacha breise

Cuirfidh institiúidí ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm ar a sócmhainní uile arna dtomhas ag luach cóir nuair a ríomhtar méid a gcistí dílse agus asbhainfidh siad méid aon choigeartuithe luacha breise is gá ó chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

Airteagal 35

Gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe arna dtomhas ag luach cóir

Seachas i gcás na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33, ní dhéanfaidh institiúidí coigeartuithe chun gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe ar a sócmhainní nó ar a dliteanais arna dtomhas ag luach cóir a bhaint óna gcistí dílse.

Roinn 3

Asbhaintí as ítimí ghnáthchothromas leibhéal 1, díolúintí agus roghanna eile asbhainte

Foroinn 1

Asbhaintí as ítimí ghnáthchothromas leibhéal 1

Airteagal 36

Asbhaintí as Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(a)

caillteanais don bhliain airgeadais reatha;

(b)

sócmhainní doláimhsithe;

(c)

sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí;

(d)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (Cur Chuige IBR), méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 159;

(e)

sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe ar chlár comhardaithe na hinstitiúide.

(f)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá d'oibleagáid iarbhír nó theagmhasach ar institiúid a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana;

(g)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais sa chás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach ag an institiúid leis na heintitis sin a measann an t-údarás inniúil gur ceapadh é chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(h)

méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

(i)

méid infheidhme na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin;

(j)

méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn Caipiteal Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;

(k)

méid risíochta na n-ítimí seo a leanas a cháilíonn i gcomhair ualú priacal 1 250 %, i gcás ina n-asbhaineann an institiúid an méid risíochta sin ó mhéid Chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 mar mhalairt ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm:

(i)

sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais;

(ii)

suímh urrúsúcháin, i gcomhréir le hAirteagail 243(1)(b), 241(1)(b) agus 258;

(iii)

seachadtaí in aisce, i gcomhréir le hAirteagal 379(3);

(iv)

suímh i mbascaed nach bhféadfaidh institiúid an t-ualú priacal a chinneadh ina leith faoi chur chuige IRB, i gcomhréir le hAirteagal 153(8);

(v)

risíochtaí ar chothromas faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha, i gcomhréir le hAirteagal 155(4).

(l)

aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn cur i bhfeidhm na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (e), (f), (h), (i) agus (l) de mhír 1 a shonrú, mar aon leis na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 56 agus pointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 66.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

3.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn sonrú a dhéanamh ar na cineálacha ionstraimí caipitil atá ag institiúidí airgeadais agus, i gcomhairle leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) UAPGE, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh.1094/2010 (26) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010., ag gnóthais árachais agus athárachais tríú tíre, agus ag gnóthais arna n-eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/138/CE de réir Airteagal 4 den Treoir sin, agus a asbhainfear as na gnéithe seo a leanas de chistí dílse:

(a)

Ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

Ítimí Breise Leibhéal 1;

(c)

Ítimí Leibhéal 2.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 37

Sócmhainní doláimhsithe a asbhaint

Déanfaidh na hinstitiúidí méid na sócmhainní doláimhsithe a bheidh le hasbhaint a chinneadh mar seo a leanas:

(a)

laghdófar an méid atá le hasbhaint de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar a mhúchfaí dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní doláimhsithe nó dá mbainfí den chlár comhardaithe iad faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b)

cuimseoidh an méid atá le hasbhaint cáilmheas arna áireamh sa luacháil ar infheistíochtaí suntasacha na hinstitiúide.

Airteagal 38

Sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a asbhaint

1.   Déanfaidh institiúidí méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a chaithfear a asbhaint i gcomhréir leis an Airteagal seo a chinneadh.

2.   Seachas i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 3, ríomhfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí gan é a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid.

3.   Féadfar méid na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a laghdú de réir mhéid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar atá ag an institiúid, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá ceart ag an eintiteas faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar ceart é atá infhorghníomhaithe ó thaobh dlí de, chun na sócmhainní cánach reatha sin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha;

(b)

baineann na sócmhainní cánach iarchurtha sin agus na dliteanais chánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar an eintiteas inchánach céanna.

4.   Ní fhéadfar dliteanais chánach iarchurtha, a laghdaíonn méid na sócmhainní doláimhsithe nó na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a chaithfear a asbhaint, a áireamh faoi dhliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara na hinstitiúide a úsáidtear chun críocha mhír 3.

5.   Déanfar méid na ndliteanas cánach iarchurtha gaolmhar dá dtagraítear i mír 4 a leithdháileadh orthu seo a leanas:

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thagann ó dhifríochtaí sealadacha nach n-asbhaintear i gcomhréir le hAirteagal 48(1);

(b)

na sócmhainní cánach iarchurtha eile go léir atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí.

Déanfaidh institiúidí na dliteanais chánach iarchurtha ghaolmhara a leithdháileadh de réir an chion de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí a bhfuil na hítimí dá dtagraítear i bpointí (a), (b),agus (c) in ionannas leis.

Airteagal 39

Ró-íocaíochtaí cánach, tabhairt siar caillteanais chánach agus sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí

1.   Ní asbhainfear na hítimí a leanas ó na cistí dílse agus beidh siad faoi réir ualú priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme,:

(a)

ró-íocaíochtaí cánach a rinne an institiúid sa bhliain reatha;

(b)

caillteanais chánach na hinstitiúide sa bhliain reatha arna dtabhairt siar go blianta roimhe sin as a dtig éileamh ar, nó earra infhaighte ó, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás cánach áitiúil.

2.   Beidh na sócmhainní cánach iarchurtha nach bhfuil ag brath ar bhrabúsacht todhchaí teoranta do shócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as difríochtaí sealadacha, sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

cuirtear creidmheas cánach ina n-ionad go huathoibríoch agus go héigeantach gan mhoill, i gcás ina dtuairiscíonn an institiúid caillteanas nuair a fhormheastar ráitis airgeadais bhliantúla na hinstitiúide go foirmiúil, agus i gcás leachtú nó dócmhainneacht na hinstitiúide;

(b)

beidh an institiúid in ann, de réir an dlí cánach náisiúnta is infheidhme, creidmheas cánach dá dtagraítear in bpointe (a) a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais chánach atá ag an institiúid nó aon ghnóthais eile ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna agus an institiúid chun críocha cánach de réir an dlí sin nó aon ghnóthais eile faoi réir na maoirseachta ar bhonn comhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c)

i gcás ina sáraíonn méid na gcreidmheasanna cánach dá dtagraítear i bpointe (b) na dliteanais chánach dá dtagraítear sa phointe sin, cuirtear éileamh díreach ar rialtas láir an Bhallstáit ina ionchorpraítear an institiúid in ionad barrachais den chineál sin gan mhoill.

Cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm maidir le sócmhainní cánach iarchurtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí a) b) agus c).

Airteagal 40

Méideanna diúltacha a thig ó ríomh méideanna an chaillteanais ionchasaigh a asbhaint

Ní dhéanfar an méid a bheidh le hasbhaint i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1) a laghdú i ngeall ar mhéadú i leibhéal na sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí, nó ar éifeacht chánach bhreise eile, a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtarlódh sé go méadódh soláthairtí go leibhéal an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear i Roinn 3 de Chaibidil 3 de Theideal II.

Airteagal 41

Sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a asbhaint

1.   Chun críocha phointe (e) d'Airteagal 36(1), déanfar méid na sócmhainní cistí pinsin le sochar sainithe a bheidh le hasbhaint a laghdú an méid seo leanas:

(a)

méid aon dliteanais cánach iarchurtha ghaolmhair arbh fhéidir go múchfaí é dá dtiocfadh lagú ar na sócmhainní nó dá ndéanfaí iad a bhaint den chlár comhardaithe faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(b)

méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe nach bhfuil srian ar chumas na hinstitiúide iad a úsáid, ar an gcoinníoll go bhfuil cead roimh ré faighte ag an institiúid ón údarás inniúil. Na sócmhainní sin a úsáidtear chun an méid a asbhainfear a laghdú, cuirfear ualú priacal leo i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na critéir a shonrú lena dtabharfaidh údarás inniúil cead d'institiúid méid na sócmhainní sa chiste pinsin le sochar sainithe, arna shainiú i bpointe (b) de mhír 1, a laghdú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 42

Sealúchais ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint

Chun críocha phointe (f) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir le hAirteagal 36, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c)

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

go bhfuil na suímh fhada agus na suímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra nó na suímh fhada araon sa leabhar trádála, nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar neamhthrádála.

Airteagal 43

Infheistíocht shuntasach in eintiteas earnála airgeadais

Chun críocha asbhaint a dhéanamh, tiocfaidh infheistíocht shuntasach institiúide in eintiteas earnála airgeadais chun cinn sa chás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas

(a)

tá os cionn 10 % de na hionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;

(b)

tá dlúthnaisc ag an institiúid leis an eintiteas sin agus tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide;

(c)

tá ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an eintiteas sin faoi úinéireacht na hinstitiúide agus ní áirítear an t-eintiteas sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, ach áirítear é sa chomhdhlúthú cuntasaíochta céanna leis an institiúid ar mhaithe le tuairisciú airgeadais faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Airteagal 44

Sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 eintiteas na hearnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

déanfar sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus d'ionstraimí caipitil eile arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;

(b)

déanfar ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.

Airteagal 45

Sealúchais d'ionstraimí ghnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (h) agus pointe (i) d'Airteagal 36(1) i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araonsa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh.

Airteagal 46

Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais

1.   Chun críocha phointe (h) d'Airteagal 36(1), ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu 10 % de chomhiomláin na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), i bpointí k(ii) go k(v) agus i bpointe (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45

(b)

an méid comhiomlán a sháraítear le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí dílse na n-eintiteas sin san earnáil airgeadais.

2.   Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaintear de bhun mhír 1 a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a mhéadú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid comhiomlán de na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a léirítear le gach ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá sealbhaithe.

4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid a shonraíteari bpointe (i) a roinnt ar an méid i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin

Airteagal 47

Sealúchais ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a asbhaint i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais

Chun críocha phointe (i) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfar suímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra a áireamh sa mhéid infheidhme a asbhainfear as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus socrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 44 agus Airteagal 45 agus le foroinn 2.

Foroinn 2

Díolúintí ó asbhaintí as ítimí ghnáthchothromas leibhéal 1 agus roghanna eile asbhainte

Airteagal 48

Díolúintí tairsí ó asbhaint as ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1

1.   Le linn dóibh na hasbhaintí is gá de bhun phointí (c) agus (i) d'Airteagal 36(1) a dhéanamh, níl sé de cheanglas ar na hinstitiúidí méideanna na n-ítimí atá liostaithe i bpointí (a) agus (b) den mhír seo atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le, nó níos lú ná, an méid na tairsí dá dtagraítear i mír 2:

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (h), pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.

(b)

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais, sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na n-eintiteas sin atá ag an institiúid atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid a ríomhtar tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (h) agus pointí (k)(ii) go k(v) agus pointe (1)d'Airtegal 36(1) cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh méid na tairsí comhionann leis an méid dá dtagraítear ii bpointe (a) den mhír seo iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid iarmharach maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe agus na hasbhaintí in Airteagal 32 gohAirteagal 35 a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan na díolúintí a shonraítear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm;

(b)

17.65 %.

3.   Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúid an cion de shócmhainní cánach iarchurtha as méid iomlán na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nach gá a asbhaint tríd an méid a shonraítear i bpointe (a) den mhír seo a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (b):

(a)

sócmhainní cánach iarchurtha atá spleách ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha, agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin;

(b)

suim na nithe seo a leanas:

(i)

an méid dá dtagraítear i bpointe (a);

(ii)

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí cistí dílse d'eintitis earnála airgeadais a bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu agus atá, i bhfoirm chomhiomlán, cothrom le 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid nó níos lú ná 10 % de na hítimí sin.

Tá an cion d'infheistíochtaí suntasacha as méid iomlán na n-ítimí nach gá a asbhaint cothrom lena a haon lúide an cion dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Déanfar méideanna na n-ítimí nach n-asbhaintear de bhun mhír 1 a ualú de réir priacal ag 250 %.

Airteagal 49

Ceanglas ar asbhaint i gcás ina gcuirtear comhdhlúthú, maoirseacht fhorlíontach nó scéimeanna cosanta institiúideacha i bhfeidhm

1.   Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite, sa chás ina gcuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar institiúidí nó ina gceadóidh siad d'institiúidí modh 1, modh 2 nó modh 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintitis earnála airgeadais a asbhaint, ar eintiteas é ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an máthairinstitiúid, ag an máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais, ag an máthairchuideachta nó ag máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (e) den mhír seo:

(a)

is gnóthas árachais, gnóthas ath-árachais nó cuideachta shealbhaíochta árachais é an t-eintiteas earnála airgeadais;

(b)

áirítear an gnóthas árachais sin, an gnóthas ath-árachais sin nó an chuideachta shealbhaíochta árachais sin sa mhaoirseacht fhorlíontach chéanna faoi Threoir 2002/87/CE agus atá an mháthairinstitiúid, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó an mháthairchuideachta nó máthairinstitiúid shealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil an sealúchas aici;

(c)

fuair an institiúid cead roimh ré ó na húdaráis inniúla;

(d)

sula ndeonóidh siad an cead sin dá dtagraítear i bpointe (c), agus ar bhonn leanúnach, tá na húdaráis inniúla sásta gur leor leibhéal na bainistíochta comhtháite, na bainistíochta priacal agus na rialaithe inmheánaí maidir leis na heintitis a chuirfí san áireamh faoi chuimsiú mhodh 1, mhodh 2 nó mhodh 3;

(e)

is le ceann díobh seo a leanas na sealúchais san eintiteas:

(i)

an mháthairinstitiúid chreidmheasa;

(ii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(iv)

an institiúid;

(v)

fochuideachta ceann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv) a áirítear sa raon feidhme comhdhlúthúcháin de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

Déanfar an modh a roghnófar a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach thar am.

2.   Ar mhaithe le cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair agus ar bhonn fo-chomhdhlúite, ní dhéanfaidh institiúidí atá faoi réir maoirseachta ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon sealúchais ionstraimí cistí dílse de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint, ar eintitis iad atá san áireamh i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla go gceanglaítear na hasbhaitntí sin chun críocha sonracha, go háirithe chun gníomhaíochtaí baincéireachta a scaradh go struchtúrach, agus pleanáil réitigh.

Agus an cur chuige seo dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chur i bhfeidhm ní fhéadfaidh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist don chóras airgeadais i bpáirt nó ina iomláine i mBallstáit eile nó de chuid an AE ina iomláine ina fhoirmeoidh nó ina chruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

3.   Chun críocha cistí dílse a ríomh ar bhonn aonair nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí gan sealúchais ionstraimí cistí dílse a asbhaint sna cásanna a leanas:

(a)

áit a bhfuil sealúchas ag institiúid in institiúid eile agus áit a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) go (v);

(i)

tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7);

(ii)

tá an cead dá dtagraítear in Airteagal 113(7) tugtha ag na húdaráis inniúla;

(iii)

comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 113(7);

(iv)

leis an scéim chosanta institiúideach déantar clár comhardaithe comhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 113(7) a tharraingt suas, áit nach gceanglaítear é cuntais chomhdhlúite a tharraingt suas, déanfar ríomh comhiomlán leathnaithe atá, chun sástachta na n-údarás inniúil, coibhéiseach leis na forálacha i dTreoir 86/635/CCE, Treoir a ionchorpraíonn oiriúnuithe áirithe a rinneadh ar fhorálacha Sheachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 nó Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, a rialaíonn cuntais chomhdhlúite na n-institiúidí creidmheasa. Déanfar coibhéise an ríomha chomhiomláin leathnaithe a fhíorú trí iniúchóir seachtrach agus fíorófar go háirithe go ngeofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúid maidir leis an ríomh sin; Déanfar an clár comhardaithe comhdhlúite nó an ríomh comhiomlán leathnaithe a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla chomh minic agus a leagtar síos in Airteagal 99, agus ní níos annaimhe ná sin.

(v)

comhlíonann na hinstitiúidí a áirítear i scéim chosanta institiúideach na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 92 le chéile ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn comhiomlán, agus déantar leo comhlíonadh na gceanglas sin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 99. Laistigh de scéim chosanta institiúideach, níl sé de cheangal ús na gcomhaltaí comharchumainn nó na n-eintiteas dlíthiúil a asbhaint, nach comhaltaí den Scéim Chosanta Institiúideach iad, ar an gcoinníoll go bhfaighfear réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí agus an scairshealbhóir mionlaigh, nuair atá institiúid i gceist.

(b)

i gás ina bhfuil sealúchas ag institiúid chreidmheasa réigiúnach ina hinstitiúid chreidmheasa lárnach nó in institiúid chreidmheasa réigiúnach eile agus go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (v).

4.   Na sealúchais sin nach ndéantar asbhaint ina leith i gcomhréir le mír 1, le mír 2 nó le mír 3, cáileoidh siad mar risíochtaí cothromais agus déanfar iad a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 nó le Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Áit ina gcuirfidh institiúid modhanna 1 agus 2 d'Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/87/CE i bhfeidhm, nochtfaidh an institiúid ceanglas forlíontach na gcistí dílse agus an cóimheas leordhóthanacht chaipitil den ilchuideachta airgeadais mar a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 6 den treoir sinagus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

6.   Forbróidh an ÚBE, an UAPGE (an tÚdarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (27), trí bhíthin an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú chun críocha an Airteagail seo na coinníollacha maidir leis na modhanna ríofa atá liostaithe in Iarscríbhinn I, Cuid II de Threoir 2002/87/CE a chur i bhfeidhm chun críocha na roghanna eile asbhainte dá dtagraítear i mír 1 den Rialachán seo.

Cuirfidh an ÚBE, an ÚAPGE agus an tÚdarás Eorpach Urrús na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach.

Foroinn 4

Caipiteal ghnáthchothromas leibhéal 1

Airteagal 50

Gnáthchothromas Leibhéal 1

Is é atá i gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tar éis na coigeartuithe is gá de réir Airteagail 32 go 35, na hasbhaintí de bhun Airteagal 36 agus na díolúintí agus na roghanna eile asbhainte atá leagtha síos in Airteagal 48, in Airteagal 49 agus in Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 3

Caipiteal Breise Leibhéal 1

Roinn 1

Ítimí agus ionstraimí chaipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 51

Ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

ionstraimí caipitil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1);

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).

Ionstraimí a chuimsítear faoi phointe (a), ní cháileoidh siad mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 2.

Airteagal 52

Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

1.   Cáileoidh na hionstraimí mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na hionstraimí eisithe agus íoctha;

(b)

níl na hionstraimí ceannaithe ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;

(c)

níl ceannach na n-ionstraimí cistithe go díreach nó go hindíreach ag an institiúid;

(d)

tá na hionstraimí aicmithe níos ísle ná ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide;

(e)

níl na hionstraimí urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht na n-éileamh ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv)

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v)

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha agus a fochuideachtaí;

(vi)

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v)

(f)

níl na hionstraimí faoi réir ag aon socrú, idir shocrú conarthach nó eile, a chuireann le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí atá dócmhainneach nó faoi leachtú;

(g)

is ionstraimí síoraí iad agus níl aon dreasacht áirithe sna forálacha lena rialaítear iad ionas go mbeidh an institiúid in ann iad a fhuascailt;

(h)

i gcás ina n-áirítear céadrogha amháin ar cheannach nó níos mó sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí, féadfar an chéadrogha ar cheannach a fheidhmiú ag lánrogha iomlán an eisitheora;

(i)

ní fhéadfar na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 77, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);

(j)

ní thugtar le fios go sainráite nó go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí nó go bhféadfaí na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach agus ní thugann an institiúid le fios é sin ar aon shlí eile, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)

leachtú na hinstitiúide

(ii)

athcheannach lánroghnach na n-ionstraimí nó bealaí lánroghnacha eile chun méid chaipiteal breise Leibhéal 1 a laghdú, i gcás ina bhfuil cead faighte roimh ré ag an institiúid ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 77

(k)

ní thugann an institiúid le fios go sainráite nó go hintuigthe go dtabharfadh an t-údarás inniúil toiliú d'iarratas chun na hionstraimí a ghlaoch, a fhuascailt nó a athcheannach;

(l)

comhlíonann dáileacháin faoi na hionstraimí na coinníollacha seo a leanas:

(i)

íoctar amach as ítimí indáilte iad;

(ii)

ní leasófar leibhéal na ndáileachán a dhéanfar faoi na hionstraimí ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;

(iii)

tugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí lánrogha don institiúid tráth ar bith na dáileacháin faoi na hionstraimí a chur ar ceal ar feadh tréimhse gan teorainn agus ar bhonn neamhcharnach, agus féadfaidh an institiúid íocaíochtaí cealaithe den sórt sin a úsáid gan srian chun a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;

(iv)

ní hionann cealú na ndáileachán agus mainneachtain na hinstitiúide;

(v)

ní fhorchuireann an cealú dáileachán aon srianta ar an institiúid;

(m)

ní rannchuidíonn na hionstraimí le cinneadh go sáraíonn dliteanais institiúide a cuid sócmhainní, i gcás ina gcuimsíonn cinneadh den sórt sin tástáil dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(n)

ceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí go ndéanfaí, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, díluacháil ar bhonn buan nó sealadach ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí, nó go ndéanfaí na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1,.

(o)

ní áirítear leis na forálacha lena rialaí tear na hionstraimí aon ghné a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;

(p)

i gcás nach bhfuil na hionstraimí eisithe go díreach ag institiúid, comhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

eiseofar na hionstraimí trí eintiteas laistigh den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(ii)

beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo don institiúid.

Measfar go gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (d) den chéad fhomhír, d'ainneoin go n-áirítear na hionstraimí i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2 de bhua Airteagal 484(3), ar choinníoll go bhfuil siad ar chomhchéim.

2.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

foirm agus cineál na ndreasachtaí fuascailte;

(b)

cineál aon uasluachála mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach.

(c)

na nósanna imeachta agus an t-uainiú dóibh seo a leanas:

(i)

cinneadh a dhéanamh gur tharla eachtra thucaide;

(ii)

uasluacháil mhéid na príomhshuime d'ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis mhéid a príomhshuime a dhíluacháil ar bhonn sealadach;

(d)

gnéithe d'ionstraimí a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide;

(e)

eintitis shainchuspóireacha a úsáid chun ionstraimí cistí dílse a eisiúint go hindíreach.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 53

Srianta ar dháileacháin faoi ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar ceal agus gnéithe a d'fhéadfadh bac a chur ar athchaipitliú na hinstitiúide

Chun críocha phointí (l)(v) agus (o) d'Airteagal 52(1), ní áireofar iad seo a leanas go háirithe sna forálacha lena rialaítear ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

ceanglas maidir le dáileacháin faoi na hionstraimí a dhéanamh i gcás ina ndéantar dáileachán faoi ionstraim arna heisiúint ag an institiúid atá aicmithe ar chomhchéim, nó níos ísle ná, ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, lena n-áirítear ionstraim de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

ceanglas chun íocaíocht dáileacháin faoi ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a chur ar ceal i gcás nach ndéantar dáileacháin faoi na hionstraimí sin de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;

(c)

oibleagáid maidir le híocaíocht in aon fhoirm eile a chur in ionad na híocaíochta úis nó díbhinne. Ní bheidh an institiúid faoi réir ag oibleagáid den sórt sin ar aon shlí eile.

Airteagal 54

Ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil nó a chomhshó

1.   Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

5.125 %;

(ii)

leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;

(b)

Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);

(c)

i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;

(ii)

raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(d)

i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:

(i)

éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;

(ii)

an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;

(iii)

na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim.

2.   Le díluacháil nó le comhshó ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, déanfar, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ítimí a ghiniúint a cháilíonn mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

3.   Tá méid na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a aithnítear in ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta d'íosmhéid na n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ghinfí dá ndéanfaí méid phríomhshuim na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a dhíluacháil go hiomlán nó a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1.

4.   Maidir le méid comhiomlán ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nach mór a dhíluacháil nó a chomhshó tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, ní bheidh sé níos lú ná an ceann is ísle de na méideanna seo a leanas:

(a)

an méid a theastaíonn chun an cóimheas caipitil de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 institiúide a chur ar ais go hiomlán go 5.125 %;

(b)

méid iomlán phríomhshuim na hionstraime.

5.   Nuair a tharlóidh eachtra thucaide déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

na hinstitiúidí inniúla a chur ar an eolas láithreach bonn;

(b)

sealbhóirí na nIonstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chur ar an eolas;

(c)

príomhshuim na n-ionstraimí a dhíluacháil, nó na hionstraimí a chomhshó ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 gan mhoill, ach tráth nach déanaí ná i gceann mí amháin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos san Airteagal seo.

6.   Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú gur leor i gcónaí a scairchaipiteal údaraithe chun na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 inchomhshóite sin go léir a chomhshó ina scaireanna má tharlaíonn eachtra thucaide. Gheofar na húdaruithe uile is gá ar dháta eisiúna na n-ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 in-chomhshóite sin. Coinneoidh an institiúid an réamhúdarú is gá chun na hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a eisiúint, ar ionstraimí iad ina gcomhshódh na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sin tráth a tharlódh eachtra thucaide.

7.   Déanfaidh institiúid a eisíonn ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a chomhshónn ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide a áirithiú nach mbeidh baic nós imeachta ann leis an gcomhshó sin de bhun a hionchorpraithe nó a reachtanna nó de bhun socruithe reachtúla nó conarthacha.

Airteagal 55

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear, i gcás ionstraime de Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 52(1):

(a)

scoirfidh an ionstraim láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1;

(b)

scoirfidh an chuid sin de na cuntais scairbhisigh, ar cuid í a bhaineann leis an ionstraim sin, láithreach bonn de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

Roinn 2

Asbhaintí as ítimí chaipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 56

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1

Asbhainfidh institiúidí na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:

(a)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b)

sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(c)

méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 60, na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;

(d)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra;

(e)

méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn Caipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide;

(f)

aon mhuirear cánach a bhaineann le hítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a bheidh intuartha tráth a ríofa, cé is moite de chás ina ndéanann an institiúid oiriúnú cuí ar mhéid na n-ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a mhéid is a laghdaíonn muirir chánach den sórt sin an t-uasmhéid ar féidir na hítimí sin a chur i bhfeidhm air chun priacail nó caillteanais a chumhdach.

Airteagal 57

Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas d'ionstraimí dílse Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii)

go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c)

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil na suímh fhada agus ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó sa leabhar trádála;

Airteagal 58

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 53 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a ríomh ar bhonn na n-ollsuíomh fada;

(b)

déanfar ítimí chistí dílse d'árachas breise Leibhéal 1 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 chun críocha asbhainte.

Airteagal 59

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 56 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1eintiteas earnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr agus aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;

(ii)

. go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais sna hinnéacsanna sin a ríomh;

Airteagal 60

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas earnála airgeadais

1.   Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 56, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ábhartha atá ag an institiúid 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (g) agus pointe (k)(ii) go pointe k(v) agus mír (1) d'Airteagal 36(1), cé is moite de shócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45;

(b)

an méid comhiomlán a sháraítear leis na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 d'eintitis sin na hearnála airgeadais nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu a roinnt faoi mhéid foriomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach atá i seilbh na hinstitiúide d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal Breise 2 n-eintiteas earnála airgeadais sin.

2.   Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

3.   Déanfar an méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 a chionroinnt thar gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 arna sealbhú. Ríomhfar an méid a bheidh le hasbhaint ó gach ionstraim de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun mhír 1 tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid a shonraítear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.

4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 56 atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i), (ii) agus(iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid i bpointe (i) a roinnt ar an méid i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid iontu.

Roinn 3

Caipiteal breise leibhéal 1

Airteagal 61

Caipiteal Breise Leibhéal 1

Is é atá i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 institiúide ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 56 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL 4

Caipiteal Leibhéal 2

Roinn 1

Itimí agus ionstraimí chaipiteal leibhéal 2

Airteagal 62

Ítimí Leibhéal 2

Is iad seo a leanas atá in ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:

(a)

ionstraimí caipitil agus iasachtaí fo-ordaithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63;

(b)

na cuntais scairbhisigh a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

maidir le hinstitiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí, coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa, agus éifeachtaí cánach san áireamh, go dtí 1.25 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;

(d)

maidir le hinstitiúidí a dhéanann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí méideanna deimhneacha, agus éifeachtaí cánach san áireamh, a thig ón ríomh atá leagtha síos in Airteagal 158 agus Airteagal 158 go dtí 0.6 % de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomhtar faoi Chaibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí.

Ní cháileoidh ítimí a áirítear faoi phointe (a) mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 ná Chaipiteal Breise Leibhéal 1.

Airteagal 63

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Cáileoidh ionstraimí caipitil agus iasachtaí fo-ordaithe, mar ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na hionstraimí eisithe nó tá na hiasachtaí fo-ordaithefaighte, de réir mar is infheidhme, agus tá siad íoctha go hiomlán;

(b)

níl na hionstraimí ceannaithe nó níl na hiasachtaí fo-ordaithe faighte, de réir mar is infheidhme, ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag an institiúid ann i bhfoirm úinéireachta dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal an ghnóthais sin, nó i bhfoirm úinéireachta trí na nithe sin a rialú;

(c)

ní dhéanann an institiúid ceannach na n-ionstraimí nó fáil na n-iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach;

(d)

tá an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-ionstraimí faoi na forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó an t-éileamh ar mhéid phríomhshuim na n-iasachtaí fo-ordaithe faoi na forálacha lena rialaítear na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, go hiomlán faoi réir fo-ordaithe maidir le héilimh gach creidiúnaí neamh-fho-ordaithe

(e)

níl na hionstraimí ná na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, urraithe, ná faoi réir ráthaíochta lena gcuirtear le sinsearacht an éilimh ag aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an institiúid nó a fochuideachtaí;

(ii)

máthairghnóthas na hinstitiúide nó fochuideachtaí na hinstitiúide;

(iii)

an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais nó a fochuideachtaí;

(iv)

an chuideachta shealbhaíochta ghníomhaíochtaí measctha nó a fochuideachtaí;

(v)

an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha nó a fochuideachtaí;

(vi)

aon ghnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige le heintitis dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (v);

(f)

níl na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, faoi réir ag aon socrú a chuireann ar shlí eile le sinsearacht an éilimh faoi na hionstraimí nó faoi iasachtaí fo-ordaithe faoi seach;

(g)

tá aibíocht bhunaidh chúig bliana ar a laghad ag na hionstraimí nó ag na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme;

(h)

sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, níl aon dreasacht don institiúid chun a méid príomhshuime a fhuascailt nó a aisíoc, de réir mar is infheidhme roimh thráth a n-aibíochta;

(i)

i gcás ina n-áirítear céadrogha amháin nó níos mó ar cheannach nó ar íoc luath sna hionstraimí nó sna hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, féadfar na roghanna a fheidhmiú ag lánrogha iomlán an eisitheora nó an fheichiúnaí;

(j)

ní fhéadfar na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 72, agus tráth nach túisce ná cúig bliana tar éis na heisiúna nó na fála, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 78(4);

(k)

ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, go ndéanfadh ná go bhféadfadh an institiúid na hionstraimí nó iasachtaí fo-ordaithe a ghlaoch, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtacht na hinstitiúide agus ní thugann an institiúid an méid sin le fios ar aon tslí eile;

(l)

ní thugann na forálacha lena rialaítear na hionstraimí nó na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, an ceart don sealbhóir nó don iasachtóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú na hinstitiúide;

(m)

ní leasófar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite ar na hionstraimí nó ar iasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme,ar bhonn sheasamh creidmheasa na hinstitiúide nó a máthairghnóthas;

(n)

i gcás nach bhfuil na hionstraimí faighte go díreach ag institiúid, nó i gcás nach bhfaigheann institiúid na hiasachtaí fo-ordaithe go díreach, de réir mar is infheidhme, comhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

eiseofar na hionstraimí nó gheofar na hiasachtaí fo-ordaithe, de réir mar is infheidhme, trí eintitis is cuid den chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(ii)

beidh na fáltais ar fáil láithreach gan teorainn don institiúid agus i bhfoirm a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa mhír seo.

Airteagal 64

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a amúchadh

Déantar an méid a cháilíonn ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 sna cúig bliana deireanacha d'aibíocht na n-ionstraimí a ríomh tríd an toradh a dhíorthaítear ón ríomh i bpointe (a) a iolrú faoin méid dá dtagraítear i bpointe (b) mar seo a leanas:

(a)

méid ainmniúil na n-ionstraimí ar an gcéad lá den tréimhse dheireanach cúig bliana dá n-aibíocht chonarthach roinnte ar líon na laethanta féilire sa tréimhse sin;

(b)

líon na laethanta féilire d'aibíocht chonarthach atá fágtha maidir leis na hionstraimí nó leis na hiasachtaí fo-ordaithe.

Airteagal 65

Na hiarmhairtí nuair a scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le hionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i gcás ina scoirtear de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 63:

(a)

scoirfidh an ionstraim sin láithreach bonn de bheith cáilithe mar ionstraim de Chaipiteal Leibhéal 2;

(b)

scoirfidh an chuid de na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis an ionstraim sin de bheith cáilithe mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, láithreach bonn.

Roinn 2

Asbhaintí as ítimí chaipiteal leibhéal 2

Airteagal 66

Asbhaintí as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2

Asbhainfear na nithe seo a leanas as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2:

(a)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 atá ag institiúid, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a d'fhéadfadh a bheith d'oibleagáid ar institiúid a cheannach mar thoradh ar oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b)

sealúchais, bíodh siad díreach, indíreach nó sintéiseach, d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis na heintitis sin agus a mheasann an t-údarás inniúil a gur ceapadh iad chun cistí dílse na hinstitiúide a bhoilsciú go saorga;

(c)

méid infheidhme, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 70, sealúchas díreach, indíreach agus shintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid sna heintitis sin;

(d)

sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin, cé is moite de shuímh frithgheallta arna sealbhú ar feadh tréimhse níos giorra ná cúig lá oibre.

Airteagal 67

Sealúchais d'ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint

Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 66, déanfaidh institiúidí sealúchais a ríomh ar bhonn ollsuíomh fada faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas:

(a)

féadfaidh institiúidí méid na sealúchas sa leabhar trádála a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an risíocht fholuiteach chéanna ag na suímh fhada agus na suímh fhada ghearra agus nach bhfuil aon priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh institiúidí an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha atá mar shealúchais d'urrúis innéacsanna a chinneadh tríd an risíocht fholuiteach ar ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 sna hinnéacsanna sin a ríomh;

(c)

féadfaidh institiúidí ollsuímh fhada in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shealúchais d'urrúis innéacsanna a ghlanluacháil i gcoinne suíomh gearr in ionstraimí dílse de Chaipiteal Leibhéal 2 a thig ó shuímh ghearra sna hinnéacsanna foluiteacha, lena n-áirítear an cás ina bhfuil priacal contrapháirtí ag baint leis na suímh ghearra sin.; ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

go bhfuil an suíomh gearr agus an suíomh fada sna hinnéacsanna foluiteacha céanna;

(ii)

go gcoimeádtar na suímh ghearra agus na suímh fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála.

Airteagal 68

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais a asbhaint i gcás ina bhfuil tras-sealúchas cómhalartach a ceapadh go saorga chun cistí dílse a bhoilsciú ag institiúid

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi pointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)

déanfar sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a ríomh ar bhonn na n-ollshuíomh fada;

(b)

déanfar sealúchais d'ítimí chistí dílse d'árachas Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 a láimhseáil mar shealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 chun críocha asbhainte.

Airteagal 69

Sealúchais d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 de chuid eintiteas earnála airgeadais a asbhaint

Déanfaidh institiúidí na hasbhaintí a cheanglaítear faoi phointí (c) agus (d) d'Airteagal 66 i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh siad sealúchais dhíreacha, indíreacha agus sintéiseacha d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas de chuid na hearnála airgeadais a ríomh ar bhonn an ghlansuímh fhada atá sa risíocht fholuiteach chéanna ar an gcoinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gurb ionann aibíocht an tsuímh ghearr aibíocht an tsuímh fhada nó go bhfuil aibíocht iarmhair bliain amháin ar a laghad iontu;

(ii)

go gcoimeádtar suímh ghearra agus fhada araon sa leabhar neamhthrádála nó go gcoimeádtar iad araon sa leabhar trádála;

(b)

déanfaidh siad an méid a asbhainfear i dtaca le sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'urrúis innéacsanna a chinneadh ar bhonn na risíochta bunúsaí ar ionstraimí caipitil na n-eintiteas earnála airgeadais ábhartha sna hinnéacsanna sin.

Airteagal 70

Ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaint i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid in eintiteas ábhartha

1.   Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 66, ríomhfaidh institiúidí an méid is infheidhme a asbhainfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin bhfachtóir a dhíorthaítear ón ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

an méid comhiomlán a sháraíonn na sealúchais dhíreacha, indíreacha agus shintéiseacha d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid agus ríomhtar an méid comhiomlán sin tar éis iad seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i)

Airteagail 32 go 35;

(ii)

pointí (a) go (g), pointe k(ii) go (v) agus (l) d'Airteagal 36(1), cé is moite den mhéid a bheidh le hasbhaint i dtaca le sócmhainní cánach iarchurtha atá ag brath ar bhrabúsacht todhchaí agus a thig ó dhifríochtaí sealadacha;

(iii)

Airteagal 44 agus Airteagal 45;

(b)

méid na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag institiúid arna roinnt ar mhéid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach go léir atá ag an institiúid d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 na n-eintiteas earnála airgeadais sin.

2.   Déanfaidh institiúidí suímh fhrithgheallta arna sealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra a eisiamh ón méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus ó ríomh an fhachtóra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

3.   An méid atá le hasbhaint de bhun mhír 1 thar gach ionstraim Leibhéal 2 arna sealbhú. Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 a asbhaintear a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) den mhír seo a iolrú faoin gcion atá sonraithe i bpointe (b) den mhír seo:

(a)

méid iomlán na sealúchas is gá a asbhaint de bhun mhír 1;

(b)

an méid atá sonraithe i bpointe (i) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Leibhéal 2;

(ii)

an méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.

4.   Ní asbhainfear méid na sealúchas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 66(1) atá cothrom le nó níos lú ná 10 % de na hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid tar éis na forálacha atá leagtha síos i bpointí (a)(i) go (iii) de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na n-ualaí priacal is infheidhme i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na gceanglas atá leagtha síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí cion na sealúchas d'ionstraimí cistí dílse atá ualaithe de réir priacal a chinneadh tríd an méid atá sonraithe i bpointe (a) a roinnt ar an méid atá sonraithe i bpointe (b):

(a)

méid na sealúchas is gá a ualú de réir priacal de bhun mhír 4;

(b)

an méid a shonraítear i bpointe (i) a roinnt ar an méid a shonraítear i bpointe (ii):

(i)

an méid iomlán d'ionstraim Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

méid comhiomlán na sealúchas díreach, indíreach agus sintéiseach d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintitis earnála airgeadais atá ag an institiúid agus nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag an institiúid sna heintitis sin.

Roinn 3

Caipiteal leibhéal 2

Airteagal 71

Caipiteal Leibhéal 2

Is é atá i gCaipiteal Leibhéal 2 institiúide ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide tar éis na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 66 a asbhaint agus tar éis Airteagal 79 a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 5

Cistí dílse

Airteagal 72

Cistí dílse

Is é atá i gcistí dílse institiúide suim Chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide agus Chaipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide.

CAIBIDIL 6

Ceanglais ghinearálta

Airteagal 73

Dáileacháin faoi ionstraimí cistí dílse

1.   Maidir le hionstraimí caipitil a bhfuil lánrogha iomlán ag institiúid a chinneadh ina leith dáileacháin a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraim cistí dílse, ní bheidh sé de chumas acu cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 ach amháin sa chás go bhfuil cead faighte ag an institiúid roimh ré ó na húdaráis inniúla.

2.   Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla an cead dá dtagraítear i mír 1 ach amháin sa chás go measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide íocaíochtaí a chur ar ceal faoin ionstraim;

(b)

nach ndéanfadh an rogha dá dtagraítear i mír 1, nó an fhoirm ina bhféadfaí dáileacháin a dhéanamh, dochar do chumas na hinstitiúide caillteanais a sheasamh;

(c)

nach laghdódh an rogha dá dtagraítear i mír 1 nó an fhoirm ina bhféadfaí na dáileacháin a dhéanamh cáilíocht na hionstraime caipitil ar aon shlí eile.

3.   Maidir le hionstraimí caipitil a bhfuil sé de rogha ag duine dlítheanach seachas an institiúid a eisíonn iad a chinneadh nó a cheangal ina leith go ndéanfar na dáileacháin faoin ionstraim a íoc in aon fhoirm seachas mar airgead tirim nó ionstraim cistí dílse, ní bheidh sé de chumas acu cáiliú mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2

4.   Féadfaidh institiúidí in innéacs leathan an mhargaidh a úsáid mar cheann amháin de na boinn lena gcinntear leibhéal na ndáileachán ar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 sa chás gurb eintiteas tagartha í an institiúid in innéacs leathan an mhargaidh sin ach amháin sa chás go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas

(a)

measann an institiúid nach bhfuil na gluaiseachtaí in innéacs leathan an mhargaidh comhghaolaithe go suntasach le seasamh creidmheasa na hinstitiúide, a máthairinstitiúide nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha nó na máthairchuideachta sealbhaíochta gníomhaíochta measctha;

(b)

nár bhain an t-údarás inniúil amach cinneadh atá éagsúil ón gcinneadh dá dtagraítear i bpointe (a).

6,   Tíolacfaidh institiúidí tuarascáil ina dtabharfar le fios cé acu na hinnéacsanna leathana sa mhargadh ar a mbraitheann siad.

7.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn a shonrú na coinníollacha lena gcinnteofar an meastar go bhfuil innéacsanna cáilithe mar innéacsanna leathana margaidh chun críocha mhír 4.

Cuirfidh ÚBE na dréacht-chaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 74

Sealúchas d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintitis earnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála

Ní dhéanfaidh nstitiúidí aon eilimint a asbhaint dá gcistí féin, bíodh siad ina sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d'ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag eintiteas rialaithe na hearnála airgeadais nach gcáilíonn mar chaipiteal rialála an eintitis sin. Cuirfidh institiúidí ualuithe priacal i bhfeidhm maidir le sealúchais den sórt sin i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 75

Ceanglais i ndáil le hasbhaint agus aibíocht le haghaidh suíomh gearr

Measfar go gcomhlíonfar na ceanglais aibíochta i ndáil le suímh ghearra dá dtagraítear i bpointe (a)d'Airteagail 45(a), 59(a) agus 69(a) maidir le suímh a thógtar nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé de cheart conarthach ag an institiúid an suíomh fada atá á fhálú a dhíol leis an gcontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil, ar dháta ar leith sa todhchaí;

(b)

tá oibleagáid chonarthach ar chontrapháirtí a chuireann an fálú ar fáil don institiúid an suíomh fada dá dtagraítear i bpointe (a) a cheannach ón institiúid ar an dáta sin ar leith sa todhchaí

Airteagal 76

Sealúchais innéacsanna d'ionstraimí caipitil

1.   Chun críocha Airteagal 42(a), 45(a), 57(a), 59(a), 67(a) agus 68(a), féadfaidh institiúidí méid suímh fhada in ionstraim chaipitil a laghdú le cion innéacs atá comhdhéanta den risíocht fholuiteach chéanna atá á fhálú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas

(a)

sealbhaítear an suíomh fada atá á fhálú, agus coimeádtar an suíomh gearr arna úsáid in innéacs chun an suíomh fada sin a fhálú araon sa leabhar trádála nó sealbhaítear iad araon sna leabhair neamhthrádála.

(b)

sealbhaítear na suímh dá dtagraítear i bpointe (a) ag luach chóir ar chlár comhordaithe na hinstitiúide;

(c)

cáilíonn an suíomh gearr dá dtagraítear i bpointe (a) mar fhálú éifeachtach faoi phróisis rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide

(d)

déanann na húdaráis inniúla measúnú ar leordhóthanacht na bpróiseas rialaithe dá dtagraítear i bpointe (c) ar bhonn bliantúil ar a laghad agus tá siad sásta lena oiriúnaí atá na próisis i gcónaí

2.   Féadfaidh institiúid, i gcás ina bhfuil cead roimh ré tugtha ag an údarás inniúil, meastachán coimeádach a úsáid ar risíocht fholuiteach na hinstitiúide ar ionstraimí caipitil a áirítear sna hinnéacsanna mar rogha eile ar institiúid a bheith ag ríomh na risíochta atá aici ar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) nó sa dá phointe araon:

(a)

ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a áirítear sna hinnéacsanna

(b)

nó ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 eintiteas earnála airgeadais, a áirítear sna hinnéacsanna;

3.   Ní thabharfaidh údaráis inniúla an cead dá dtagraítear i mír 2 ach amháin nuair atá sé léirithe ag an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil go mbeadh sé ródhian ó thaobh na hoibre de ar an institiúid faireachán a dhéanamh ar a risíocht fholuiteach ar na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b)de mhír 2 nó sa dá phointe araon de mhir 1, de réir mar is infheidhme.

4.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

cén uair a bheidh meastachán a úsáidtear mar rogha eile chun an risíocht fholuiteach dá dtagraítear i mír 2 a ríomh coimeádach go leordhóthanach;

(b)

an bhrí atá le ródhian ó thaobh na hoibre de chun críocha mhír 3.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 77

Coinníollacha chun cistí dílse a laghdú

Beidh cead roimh ré ón údarás inniúil de dhíth ar an institiúid chun ceann amháin díobh seo nó an dá cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag an institiúid ar shlí a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme a laghdú, a fhuascailt nó a athcheannach;

(b)

glaoch, fuascailt, aisíoc nó athcheannach ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Chaipiteal Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, a chur i gcrích roimh dháta a n-aibíochta conarthaí.

Airteagal 78

Cead maoirseachta chun cistí dílse a laghdú

1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúid chun ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a laghdú, a athcheannach, a ghlaoch nó a fhuascailt i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth níos luaithe ná an beart nó an tráth céanna leis an mbeart dá dtagraítear in Airteagal 77, déanfaidh an institiúid na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 77 a ionadú le hionstraimí cistí dílse a mbeidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht níos airde iontu faoi théarmaí atá inbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

(b)

léirigh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go sáródh cistí dílse na hinstitiúide, tar éis an bhirt lena mbaineann, na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 92(1) den Rialachán seo agus sa cheanglas maoláin chomcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE a shárú de chorrlach a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a mheas a bheith riachtanach ar bhonn Airteagal 104(3) de Threoir 2013/36/AE.

2.   Agus inbhuanaitheacht na n-ionstraimí athsholáthair á measúnú faoi phointe (a) de mhír 1 d'inniúlacht ioncaim na hinstitiúide, measfaidh na húdaráis inniúla a mhéid a mbeadh na hionstraimí athsholáthair chaipitil sin níos costasaí don institiúid ná na hionstraimí a bhfuil siad ag gabháil ina n-ionad.

3.   I gcás ina ndéanfaidh institiúid beart dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 77 agus go dtoirmisctear de réir an dlí náisiúnta is infheidhme diúltú d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhuascailt, féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a tharscaoileadh ar an gcoinníoll go gceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid teorainn a chur le fuascailt ionstraimín sórt sin ar bhonn iomchuí.

4.   Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú d'institiúidí ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 a fhuascailt roimh cúig bliana tar éis an dáta eisiúna ach amháin sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 agus i bpointe (a) nó (b) den mhír seo:

(a)

tá athrú in aicmiú rialála na n-ionstraimí sin ar dóchúil go mbeadh mar thoradh air eisiamh na n-ionstraimí ó chistí dílse nó athaicmiú mar chineál cáilíochta níos ísle de chistí dílse, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas

(i)

measann an t-údarás inniúil go bhfuil athrú mar sin sách cinnte

(ii)

léiríonn an institiúid chun sástacht na n-údarás inniúil nach raibh athaicmiú rialála na n-ionstraimí sin intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúint

(b)

tá athrú sa láimhseáil cánach atá infheidhme i ndáil leis na h-ionstraimí sin a léiríonn an institiúid chun sástachta na n-údarás inniúil gurb athrú ábharach é agus nach raibh sé intuartha go réasúnach tráth a n-eisiúna.

5.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

an bhrí atá le hinbhuanaithe maidir le hinniúlacht ioncaim na hinstitiúide;

(b)

na bunúis iomchuí le teorannú na fuascailte dá dtagraítear i mír 3;

(c)

an próiseas agus na ceanglais sonraí a theastóidh nuair a dhéanfaidh institiúid iarratas ar chead an údaráis inniúil chun beart atá liostaithe in Airteagal 77 a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas atá le cur i bhfeidhm i gcás fhuascailt na scaireanna arna n-eisiúint do chomhaltaí comharchumann, agus an teorainn ama chun iarratas den sórt sin a phróiseáil.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 79

Tarscaoileadh sealadach ar asbhaint as cistí dílse

1.   I gcás ina sealbhaíonn institiúid ionstraimí caipitil nó go bhfuil iasachtaí fo-ordaithe tugtha aici, i gcás inarb infheidhme, a cháilíonn mar ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2 in eintiteas san earnáil airgeadais ar bhonn sealadach agus go measann an t-údarás inniúil go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun an t-eintiteas sin a atheagrú agus a shábháil, féadfaidh an t-údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaint a bhainfeadh leis na hionstraimí sin a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.;

2.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun an coincheap ‧sealadach‧ a shonrú chun críocha mhír 1 agus chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a measann údarás inniúil gur chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun eintiteas ábhartha a atheagrú agus a shábháil iad na sealúchais shealadacha sin dá dtagraítear.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 80

Athbhreithniú leanúnach ar cháilíocht na gcistí dílse

1.   Déanfaidh an ÚBE faireachán ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach i gcás ina bhfuil fianaise shuntasach ann nach gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 28nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 29, a chur chun feidhme.

Ar iarratas ón ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh a bhfuil ÚBE den tuairim faoi go mbaineann sin le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil a eisíodh chun cur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:

(a)

míniú mionsonraithe ar chineál agus ar mhéid an easnaimh atá aitheanta;

(b)

comhairle theicniúil maidir leis an mbeart de chuid an Choimisiúin a mheasann an ÚBE a bheith riachtanach.

(c)

forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.

3.   Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainiúmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

forbairtí ábhartha i gcaighdeáin nó i gcleachtais an mhargaidh;

(b)

athruithe i gcaighdeáin ábhartha dlí nó cuntasaíochta;

(c)

forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.

4.   Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2014 ar bhealaí ina bhféadfaí gnóthachain neamhréadaithe ag a luach cóir a láimhseáil seachas iad a áireamh gan choigeartú faoi Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfar aird i moltaí den sórt sin ar fhorbairtí ábhartha i gcaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le caighdeáin stuamachta i gcomhair na mbanc.

TEIDEAL II

LEAS MIONLAIGH AGUS IONSTRAIMÍ CHAIPITEAL BREISE LEIBHÉAL 1 AGUS DE CHAIPITEAL LEIBHÉAL 2 ARNA N-EISIÚINT AG FOCHUIDEACHTAÍ

Airteagal 81

Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   Is é atá i leasanna mionlaigh ná suim arb é ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 fochuideachta, na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hiontsraimí sin, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)

institiúid;

(ii)

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir (AE)2013/36/, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme,

(b)

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(c)

tá na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear sa chuid réamhraiteach den mhír seo faoi úinéireacht daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

2.   Ní cháileofar mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite leasanna mionlaigh atá cistithe go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas sainchuspóireach nó ar shlí eile, ag máthairghnóthas na hinstitiúide, nó ag a gcuid fochuideachtaí.

Airteagal 82

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, Caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Is é atá i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha an leas mionlaigh, ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, de Chaipiteal Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide an tuilleamh coimeádta gaolmhar agus cuntais scairbhisigh fochuideachta, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ceachtar díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)

institiúid;

(ii)

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir (AE)2013/36/, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(c)

tá na hionstraimí sin faoi úinéireacht daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

Airteagal 83

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach

1.   Níl ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 nó i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(b)

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);

(c)

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;

(d)

is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.

I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.

2.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na cineálacha sócmhainní ar féidir go mbaineannsiad le feidhmiú eintiteas sainchuspóireach agus na coincheapa ‧mionsócmhainní” agus ‧sócmhainní neamhthábhachtacha‧ dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a shonrú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 84

Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh atá ag fochuideachta a áireofar i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin:

(a)

caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 87(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 459, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Gnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 87(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 459, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas ómaoláin chomhcheangailte a shainmhinítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha iad a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.

2.   Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanann institiúid cinneadh mar sin, d'fhéadfaí nach n-áireofaí leas mionlach na fochuideachta sin i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7, ní aithneofar an leas mionlach sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an ríomh fo-chomhdhlúite a éilítear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 87, a shonrú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ó fheidhmiú an Airteagail seo a thabhairt do mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:

(a)

is é a príomhghníomhaíocht sealúchas a fháil;

(b)

tá sé faoi réir maoirseachta stuamachta ar bhonn comhdhlúite;

(c)

déanann sí comhdhlúthú ar fho-institiúid nach bhfuil ach sealbhaíocht mhionlach aici inti de bhua na gaolmhaireacht rialaithe a shainítear in Airteagal 1 den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle;

(d)

tagann níos mó ná 90 % den chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a éilítear ón bhfo-institiúid dá dtagraítear i pointe c) agus a ríomhtar ar bhonn fho-chomhdhlúite.

I gcás, tar éis an 31 Nollaig 2014, ina n-éireoidh máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, ina máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos san fhomhír sin.

6.   I gcás ina mbeidh scéim trasráthaíochta curtha ar bun ag institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan i líonra le comhlacht lárnach agus institiúidí a bhunaítear laistigh de scéim cosanta institiúideach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 113(7) lena bhforáiltear nach ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, i gcás aistriú cistí dílse os cionn na gceanglas rialála ón gcontrapháirtí chuig an institiúid chreidmheasa, beidh díolúine ag na hinstitiúidí sin ó fhorálacha an Airteagail sin maidir le laghduithe agus féadfaidh sé aon leas mionlach a eascraíonn laistigh den scéim trasráthaíochta a aithint ina iomláine.

Airteagal 85

Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite

1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áirítear i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin.

(a)

Caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chaipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(ii)

an méid de caipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas atá leagtha amach i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal

(b)

caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d'ionstraimí uile Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.

2.   Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta sin a áireamh sa chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní aithneofar ionstraimí Leibhéal 1 sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 86

Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite

Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh trí leasanna mionlaigh an ghnóthais sin atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.

Airteagal 87

Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite

1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin.

(a)

cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

líon cistí dílse de chuid na fochuideachta a éilítear chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(ii)

líon cistí dílse a bhaineann leis an bhfochuideachta a éilítear ar bhonn comhdhlúite chun an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 458 agus 458, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6)d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 agus aon Rialacháin mhaoirseachta áitiúla breise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le Caipiteal Leibhéal 1;

(b)

cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile cistí dílse atá ag an bhfochuideachta agus atá ar áireamh in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.

2.   Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1).

Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina nglacfaidh institiúid cinneadh mar sin, ní fhéadfar leas mionlaigh na fochuideachta sin a chur san áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.

3.   I gcás ina maolaíonn údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní aithneofar ionstraimí cistí dílse sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.

Airteagal 88

Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite

Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite a chinneadh trí chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite.

TEIDEAL III

SEALÚCHAIS CHÁILITHEACHA LASMUIGH DEN EARNÁIL AIRGEADAIS

Airteagal 89

Ualú priacal agus toirmeasc ar shealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais

1.   Beidh sealúchas cáilitheach, ar mó a mhéid ná 15 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide, i ngnóthas nach ceann díobh seo a leanas é faoi réir ag na forálacha atá leagtha amach i mír 3:

(a)

eintiteas earnála airgeadais;

(b)

gnóthas, nach eintiteas earnála airgeadais é, a bhfuil gníomhaíochtaí ar bun aige a measann an t-údarás inniúil gurb ionann iad agus aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

síneadh díreach ar bhaincéireacht;

(ii)

seirbhísí atá coimhdeach le baincéireacht;

(iii)

léasú, fachtóireacht, bainistiú ar iontaobhais aonad, bainistiú ar sheirbhísí próiseála sonraí nó aon ghníomhaíocht eile dá samhail.

2.   Beidh méid iomlán na sealúchas cáilitheach atá ag institiúid i ngnóthais seachas na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus ar mó iad ná 60 % dá chaipiteal incháilithe faoi réir na bhforálacha atá leagtha amach i mír 3.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) i bhfeidhm maidir le sealúchais cháilitheacha na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:

(a)

chun an ceanglas caipitil a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí cuirfidh institiúidí ualú priacal 1 250 % leis an gceann is mó de na cinn a leanas:

(i)

méid na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1 ar mó iad ná 15 % den chaipiteal incháilithe;

(ii)

méid iomlán na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 2 ar mó iad ná 60 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;

(b)

cuirfidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar institiúidí sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith acu nuair is mó é a méid ná na céatadáin de chaipiteal incháilithe atá leagtha amach sna míreanna sin.

Foilseoidh na húdaráis inniúla a rogha idir (a) nó (b).

4.   Chun críoch phointe (b) de mhír 1, eiseoidh an ÚBE treoirlínte lena sonraítear na coincheapa seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí ar síneadh díreach ar bhaincéireacht iad;

(b)

gníomhaíochtaí atá coimhdeach le baincéireacht;

(c)

gníomhaíochtaí comhchosúla.

Glacfar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 90

Rogha eile ar ualú priacal 1 250 %

Mar rogha eile ar ualú priacal 1 250 % a chur i bhfeidhm maidir leis na méideanna ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe i mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 89, féadfaidh institiúidí na méideanna sin a asbhaint as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 36(1).

Airteagal 91

Eisceachtaí

1.   Ní dhéanfar scaireanna gnóthas nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 d'Airteagal 89 a áireamh nuair a ríomhfar na teorainneacha do chaipiteal incháilithe atá sonraithe san Airteagal sin i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht tarrthála airgeadais a bheith ar bun, dá dtagraítear in Airteagal 79;

(b)

is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh chúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;

(c)

sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na hinstitiúide féin agus thar ceann daoine eile.

2.   Ní dhéanfar scaireanna nach sócmhainní seasta airgeadais iad mar a thagraítear dóibh in Airteagal 38(2) de Threoir 86/635/CEE a áireamh sa ríomh atá sonraithe in Airteagal 89.

CUID A TRÍ

CEANGLAIS CHAIPITIL

TEIDEAL I

CEANGLAIS GHINEARÁLTA, LUACHÁIL AGUS TUAIRISCIÚ

CAIBIDIL 1

Leibhéal cistí dílse arna cheangal

Roinn 1

Ceanglais cistí dílse le haghaidh institiúidí

Airteagal 92

Ceanglais cistí dílse

1.   Faoi réir Airteagal 93 agus Airteagal 94, comhlíonfaidh institiúidí tráth ar bith na ceanglais cistí dílse seo a leanas:

(a)

cóimheas caipitil 4.5 % de Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(b)

cóimheas caipitil Leibhéal 1 6 %;

(c)

cóimheas caipitil iomlán 8 %.

2.   Ríomhfaidh institiúidí a gcóimheasa caipitil mar seo a leanas:

(a)

is ionann cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;

(b)

is ionann cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus Caipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal;

(c)

is ionann an cóimheas caipitil iomlán agus cistí dílse na hinstitiúide, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na risíochta ar priacal.

3.   Ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim phointí (a) go (f) den mhír seo tar éis na forálacha atá leagtha amach i mír 4 a chur san áireamh:

(a)

na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcás priacal creidmheasa agus priacal caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II agus Airteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ó ghnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála;

(b)

na ceanglais cistí dílse, arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo nó de Chuid a Ceathair, de réir mar is infheidhme, do ghnó institiúide a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an méid a leanas:

(i)

priacal an tsuímh;

(ii)

risíochtaí móra ar mó iad ná na teorainneacha atá sonraithe in Airteagail 395 go 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú;

(c)

na ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal IV nó Teideal V cé is moite d'Airteagal 379, de réir mar is infheidhme, dóibh seo a leanas:

(i)

priacal malairte eachtraí;

(ii)

priacal socraíochta;

(iii)

priacal tráchtearraí;

(d)

na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI i gcás priacal a bhaineann le coigeartú luachála creidmheasa na n-ionstraimí díorthach thar an gcuntar seachas díorthaigh chreidmheasa atá aitheanta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a laghdú le haghaidh priacal creidmheasa;

(e)

ceanglais cistí dílse arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal III le haghaidh priacal oibriúcháin;

(f)

na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal arna gcinneadh i gcomhréir le Teideal II le haghaidh priacal contrapháirtí a thig as gnó na hinstitiúide a bhaineann leis an leabhar trádála do na cineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas:

(i)

conarthaí a liostaitear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;

(ii)

idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;

(iii)

idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;

(iv)

idirbhearta socraíochta iarchurtha.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas nuair a bheidh an méid iomlán risíochta dá dtagraítear i mír 3 á ríomh:

(a)

áireofar sna ceanglais cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus(e) den mhír sin na ceanglais sin a thig ó ghníomhaíochtaí gnó uile institiúide;

(b)

déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse atá leagtha amach i bpointí (b) go (e) den mhír sin a iolrú faoi 12,5.

Airteagal 93

Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach

1.   Ní fhéadfaidh cistí dílse institiúide titim faoin méid caipitil tosaigh arna cheangal tráth a údaraithe.

2.   Maidir le hinstitiúidí creidmheasa a bhí ar an bhfód cheana féin an 1 Eanáir 1993, nach mbaineann méid a gcuid cistí dílse amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal, féadfaidh siad leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí. Sa chás sin, ní fhéadfaidh méid chistí dílse na n-institiúidí sin titim faoin leibhéal is airde a baineadh amach le héifeacht ón 22 Nollaig 1989.

3.   Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta agus gnólachtaí atá údaraithe a cumhdaíodh le hAirteagal 6 de Threoir 2006/49/CE a bhí ann roimh an 31 Nollaig 1995, méid a gcuid cistí dílse nach mbaineann amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal leanúint lena gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh. Ní thitfidh cistí dílse gnólachtaí mar sin nó gnólachtaí infheistíochta faoin leibhéal tagartha is airde a ríomhadh tar éis an dáta a tugadh an fógra atá i dTreoir 93/6/CEE ón gComhairle an 15 Márta 1993 (28). Beidh an leibhéal tagartha sin ina mheánleibhéal laethúil de chistí dílse arna ríomh thar thréimhse sé mhí roimh dháta an ríomha. Ríomhfar é gach sé mhí i ndáil leis na tréimhse chomhfhreagrach roimhe sin.

4.   I gcás ina nglacann duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an duine a raibh rialú aige ar an institiúid roimhe sin rialú ar institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal.

5.   I gcás ina bhfuil cumasc á dhéanamh ar dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thig as an gcumasc faoi chistí dílse iomlána na n-institiúidí cumaiscthe tráth a ndéantar an cumasc, fad is nach bhfuil an méid caipitil tosaigh arna cheangal faighte.

6.   I gcás ina measann údaráis inniúla gur gá d'fhonn sócmhainneacht institiúide a áirithiú nach bhfuil an ceanglas atá leagtha amach i mír 1 comhlíonta, ní bheidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 5.

Airteagal 94

Maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála

1.   Féadfaidh institiúidí an ceanglas caipitil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 d'Airteagal 92 a ionadú le ceanglas caipitil arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír sin maidir lena ngnó a bhaineann leis an leabhar trádála, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh méid an ghnó atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann leis an leabhar trádála an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

go mbíonn sé de ghnáth níos lú ná 5 % de na sócmhainní iomlána agus EUR15 milliún;

(b)

nach mbíonn sé riamh níos mó ná 6 % de na sócmhainní iomlána agus EUR20 milliún.

2.   Agus méid an ghnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe á ríomh déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:.

(a)

déanfar luacháil ar ionstraimí fiachais ag a gcuid praghsanna ar an margadh nó ag a gcuid luachanna ainmniúla, ar chothromas ag a phraghsanna ar an margadh agus ar dhíorthaigh de réir luachanna ainmniúla nó margaidh na n-ionstraimía fholuíonn siad;.

(b)

déanfar suimiú ar luach absalóideach shuímh fhada agus ar luach absalóideach shuímh ghearra.

3.   I gcás ina dteipfidh ar institiúid an coinníoll i bpointe (b) de mhír 1 a chomhlíonadh tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás inniúil. Má chinneann an t-údarás inniúil, tar éis measúnú a dhéanamh, nár comhlíonadh an ceanglas i bpointe (a) de mhír 1 agus má thugann sé fógra don institiúid ina leith sin, scoirfidh an institiúid d'úsáid a bhaint as mír 1 ón gcéad dáta tuairiscithe eile.

Roinn 2

Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar

Airteagal 95

Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta a bhfuil údarú teoranta acu seirbhísí infheistíochta a sholáthar

1.   Chun críocha Airteagal 92(3), déanfaidh gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhartha atá liostaithe i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a sholáthar an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 a úsáid.

2.   Déanfaidh na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a liostáitear i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE méid iomlán na risíochta ar priacal a ríomh mar a bheith níos airde ná an méid a leanas:

(a)

méid na n-ítimí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis d'Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;

(b)

12,5 iolraithe faoin méid atá sonraithe in Airteagal 97.

Déanfaidh na gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) a chuireann na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) agus i bpointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE na ceanglais atá in Airteagal 92(1) agus (2) a chomhlíonadh, bunaithe ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh údaráis inniúla na ceanglais cistí dílse le haghaidh gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear go mbeidh na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochta atá liostaithe in uimhir (2) agus (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 de Threoir 2004/39/CE mar na ceanglais cistí dílse a cheanglófar ar na gnólachtaí sin i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2013 le haghaidh Threoir 2006/49/CE agus Threoir 2006/48/CE.

3.   Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ag gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 3, Roinn II, Foroinn 1 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 96

Ceanglais cistí dílse i gcomhair gnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh mar atá leagtha amach in Airteagal 28(2) de Threoir 36 (AE)2013

1.   Chun críocha Airteagal 92(3), úsáidfidh na catagóirí seo a leanas de ghnólachtaí infheistíochta ina sealbhaítear caipiteal tosaigh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Threoir 2013/36/AE an ríomh maidir le méid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin amháin ar mhaithe le hordú cliaint a chomhlíonadh nó a chur i bhfeidhm nó ar mhaithe le dul isteach i gcóras socraíochta agus imréitigh nó i malartán aitheanta nuair a bheidh siad ag gníomhú i gcáil gníomhaireachta nó ag cur ordú cliaint i bhfeidhm;

(b)

gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(i)

nach bhfuil airgead nó urrúis cliant ina seilbh;

(ii)

a ghabhann de dhéileáil ar a gcuntas féin amháin;

(iii)

nach bhfuil aon chustaiméirí seachtracha acu;

(iv)

a ndéantar feidhmiú agus socrú na n-idirbheart sin ina leith faoi chúram institiúide imréitigh agus atá ráthaithe ag an institiúid imréitigh sin.

2.   Maidir le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ríomhfar méid iomlán na risíochta ar priacal mar shuim na nithe seo a leanas:

(a)

pointí (a) go (d) agus (f) d'Airteagal 92(3) tar éis Airteagal 92(4) a chur i bhfeidhm;

(b)

an méid dá dtagraítear in Airteagal 97 a iolrú faoi 12,5.

3.   Tá gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 faoi réir gach foráil eile maidir le priacal oibriúcháin atá leagtha amach i dTeideal VII, Caibidil 3, Roinn II, Foroinn 1 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 97

Cistí dílse bunaithe ar Fhorchostais Sheasta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 95 agus le hAirteagal 96, déanfaidh gnólacht infheistíochta agus gnólachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de phointe (2) d'Airteagal 4(1) lena bhforáiltear na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí atá liostaithe ibpointe (2) agus pointe (4) de Roinn A d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2004/39/CE caipiteal incháilithe a shealbhú d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin.

2.   I gcás ina dtagann athrú ar ghnó gnólachta infheistíochta ón mbliain roimhe sin agus ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil sé ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil coigeartú a dhéanamh ar an gceanglas atá leagtha amach i mír 1.

3.   I gcás nach bhfuil gnó curtha i gcrích ag gnólacht infheistíochta ar feadh bliana amháin, ag tosú ar an lá a dtosaíonn an gnó, sealbhóidh gnólacht infheistíochta caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad de na forchostais sheasta atá réamh-mheasta ina phlean gnó, cé is moite de chás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil an plean gnó a choigeartú.

4.   Forbróidh an ÚBE, i gcomhairle leis an ÚEÚM, dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe:

(a)

ríomh an cheanglais caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin a shealbhú;

(b)

na coinníollacha ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil coigeartú ar an gceanglas caipiteal incháilithe d'aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais na bliana roimhe sin a shealbhú;

(c)

forchostais sheasta réamh-mheasta a ríomh i gcás gnólachta infheistíochta nár chuir aon ghnó i gcrích ar feadh bliana amháin.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2014.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 98

Cistí dílse do ghnólachtaí infheistíochta ar bhonn comhdhlúite

1.   I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 95(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát Airteagal 92 i bhfeidhm ag leibhéal comhdhlúite mar seo a leanas:

(a)

úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 95(2);

(b)

cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 96(1) i ngrúpa, i gcás nach n-áirítear institiúidí creidmheasa sa ghrúpa sin, cuirfidh máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát agus gnólacht infheistíochta arna rialú ag cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ag cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha Airteagal 92 i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite mar seo a leanas:

(a)

úsáidfidh sé an ríomh ar mhéid iomlán na risíochta ar priacal atá sonraithe in Airteagal 96(2);

(b)

úsáidfidh sé cistí dílse arna ríomh ar bhonn staid chomhdhlúite an mháthairghnólachta infheistíochta nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó staid na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, de réir mar is infheidhme, agus Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon á chomhlíonadh go hiomlán.

CAIBIDIL 2

Ceanglais ríofa agus tuairiscithe

Airteagal 99

Tuairisciú ar cheanglais cistí dílse agus ar fhaisnéis airgeadais

1.   Tabharfaidh na hinstitiúidí tuarascálacha do na hinstitiúidí inniúla maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 92 ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad.

2.   Déanfaidh na hinstitiúidí sin atá faoi réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh 1606/2002 agus na hinstitiúidí creidmheasa, seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin a ullmhaíonn a gcuntais chomhdhlúite i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6(2) den Rialachán sin, faisnéis airgeadais a thuairisciú freisin.

3.   Féadfaidh údaráis inniúla a chur de cheangal ar na hinstitiúidí creidmheasa sin a bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta á bhfeidhmiú acu mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 chun a gcistí dílse a thuairisciú ar bhonn comhdhlúite de bhua Airteagal 23(2) den Rialachán sin tuairisciú a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais mar a leagtar amach i mhír 2 den Airteagal seo freisin.

4.   Déanfar an fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i mír 2 agus sa chéad fhomhír de mhír 3 a thuairisciú a mhéid a bheidh sin riachtanach chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúide agus i bhfianaise na priacail shistéamacha a thugann na hinstitiúidí don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí aonfhoirmeacha, na minicíochtaí, na dátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na réitigh TF a chuirfear i bhfeidhm san Aontas le haghaidh an tuairisciú dá dtagraíteari mír 1 go dtí mír 4.

Beidh na ceanglais thuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin chur chun feidhme teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.   I gcás ina measann údarás inniúil go bhfuil gá leis an bhfaisnéis airgeadais a éilítear le mír 2 chun léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl priacal ghníomhaíochtaí institiúidí seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, agus chun léargas a fháil ar na priacail shistéamacha a thugann siad, don earnáil airgeadais nó don fhíorgheilleagar, ar institiúidí iad atá faoi réir creata cuntasaíochta a bhunaítear ar Threoir 86/635/CCE, rachaidh sn t-údarás inniúil i gcomhairle leis an ÚBE maidir leis na ceanglais thuairiscithe i ndáil le faisnéis airgeadais a leathnú ar bhonn comhdhlúite chuig na hinstitiúidí sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil siad ag tuairisciú cheana ar bhonn mar sin.

Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na formáidí atá le húsáid ag institiúidí a shonrú trína bhféadfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais thuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais institiúidí a leathnú i gomhréir leis an gcéad fhomhír.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin rialála teicniúla dá dtagraítear sadara fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   I gcás ina measann údarás inniúil gur gá faisnéis nach gcumhdaítear le caighdeán cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 4 chun na gcríoch a leagtar amach sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an ÚBE agus an BERS ar an eolas faoin fhaisnéis bhreise a mheasann sé is gá áireamh sna caighdeáin cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 100

Ceanglais bhreise maidir le tuairisciú

Tuairisceoidh na hinstitiúidí do na húdaráis inniúla, i dtéarmaí comhiomláine ar a laghad, leibhéal a gcomhaontuithe athcheannaigh, iasachtaithe urrús agus gach cineál eire sócmhainní.

Cuirfidh an ÚBE an fhaisnéis sin san áireamh sa chaighdeán cur chun feidhme teicniúil maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 99, mír 5

Airteagal 101

Oibleagáidí sonracha maidir le tuairisciú

1.   Tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla ar bhonn leathbhliantúil ar na mionsonraí seo a leanas maidir le gach margadh maoine náisiúnta ar a bhfuil siad ar ris:

(a)

caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe dhochorraithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó 80 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin chónaithe dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

(c)

luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc atá aitheanta le maoin chónaithe dhochorraithe mar chomhthaobhacht ag institiúid, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin chónaithe dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1);

(d)

caillteanas a eascraíonn as risíochtaí a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta ag institiúid mar chomhthaobhacht ina leith, suas go dtí an tsuim is ísle den méid atá curtha i ngeall agus 50 % den mhargadhluach nó 60 % de luach iasachta morgáiste mura gcinnfear a mhalairt faoi Airteagal 124(2);

(e)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó risíochtaí a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, suas go dtí an chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

(f)

luach risíochta na risíochtaí uile atá gan íoc a bhfuil maoin thráchtála dhochorraithe aitheanta mar chomhthaobhacht ag institiúid ina leith, teoranta don chuid den risíocht a dhéantar a láimhseáil mar a bheith urraithe go hiomlán leis an maoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 124(1).

2.   Tuairisceofar na sonraí dá dtagraítear chuig údarás inniúil Bhallstát baile na hinstitiúide ábhartha. I gcás ina bhfuil brainse ag institiúid i mBallstát eile, déanfar na sonraí a bhaineann leis an mbrainse sin a thuairisciú d'údaráis inniúla an Bhallstáit aíochta, go leithleach do gach margadh maoine laistigh den Aontas a bhfuil an institiúid ábhartha ar risithe air.

3.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar bhonn comhiomlán agus bliantúil na sonraí atá sonraithe i bpointí (a) go (f) de mhír 1, mar aon le sonraí stairiúla, nuair atá siad ar fáil. Déanfaidh údarás inniúil, arna iarraidh sin ag údarás inniúil eile i mBallstát nó ag ÚBE, faisnéis níos mionsonraithe faoi staid na margaí maoine cónaithe dochorraithe nó maoine tráchtála dochorraithe sa Bhallstát sin a chur ar fáil don údarás inniúil sin nó don ÚBE.

4.   Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

formáidí aonfhoirmeacha, sainmhínithe, minicíochtaí agus dátaí tuairiscithe, chomh maith le réitigh TF, na n-ítimídá dtagraítear i mír 1;

(b)

formáidí aonfhoirmeacha, sainmhínithe, minicíochtaí agus dátaí tuairiscithe, chomh maith le réitigh TF, na sonraí comhiomlána dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 3

Leabhar trádála

Airteagal 102

Ceanglais maidir leis an Leabhar Trádála

1.   Beidh na suímh sa leabhar trádála saor ó shrianta ar a gcumas trádála nó beifear in ann iad a fhálú.

2.   Beidh fianaise ann ar intinn trádála ar bhonn na straitéisí, na mbeartas agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an institiúid chun an suíomh nó an phunann a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 103.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 104 agus Airteagal 105, déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe chun a leabhar trádála a bhainistiú a bhunú agus a choimeád ar bun.

4.   Féadfaidh institiúidí fálú inmheánach a áireamh sa ríomh ar cheanglais chaipitil le haghaidh priacal an tsuímh ar an gcoinníoll go bhfuil siad á sealbhú le hintinn trádála agus go gcomhlíontar ceanglais Airteagail 103 go 106.

Airteagal 103

An leabhar trádála a bhainistiú

Agus í ag bainistiú a cuid suíomh nó a foirne suíomh sa leabhar trádála, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais a leanas ar fad:

(a)

beidh straitéis trádála a bheidh doiciméadaithe go soiléir, agus faofa ag an lucht bainistíocht sinsearaí, i bhfeidhm ag an institiúid don suíomh/ionstraim nó do na punanna, agus áireofar an tréimhse shealbhaíochta ionchasach ann;

(b)

beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid d'fhonn bainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar shuímh a rachfar isteach iontu ar dheasc trádála. Áireofar na nithe seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:

(i)

cé na suímh is féidir dul isteach iontu agus cén deasc trádála a bheidh i gceist;

(ii)

socraítear teorainneacha suímh agus déantar faireachán orthu féachaint cé chomh hoiriúnach is atá siad;

(iii)

beidh an uathriail ag déileálaithe dul isteach i suíomh agus é a bhainistiú laistigh de theorainneacha a bheidh comhaontaithe agus de réir na straitéise faofa;

(iv)

tuairiscítear suímh don lucht bainistíochta sinsearaí mar chuid lárnach de phróiseas bainistíochta priacal na hinstitiúide;

(v)

déanfar faireachán gníomhach ar shuímh agus tabharfar aird ar fhoinsí faisnéise an mhargaidh agus ar mheasúnú a dhéanfar ar an gcumas an suíomh nó na priacail comhpháirte a bhaineann leis a mhargú nó a fhálú, lena n-áirítear measúnú, cáilíocht agus infhaighteacht ionchuir an mhargaidh sa phróiseas luachála, leibhéal láimhdeachais an mhargaidh, méideanna na suíomh a dhéantar a thrádáil ar an margadh;

(vi)

nósanna imeachta agus rialuithe gníomhacha frithchalaoise.

(c)

beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag an institiúid chun faireachán a dhéanamh ar na suímh i gcomparáid le straitéis trádála na hinstitiúide lena n-áirítear faireachán ar láimhdeachas agus ar shuímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí i gceist leo ag an tús sáraithe ina leith.

Airteagal 104

Áireamh sa Leabhar Trádála

1.   Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun cinneadh a dhéanamh cén suíomh a áireofar sa leabhar trádála ar mhaithe lena gceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 102 agus an sainmhíniú ar leabhar trádála i gcomhréir le pointe (86) den Airteagal 4(1)), agus cuirfidh siad inniúlachtaí agus cleachtais bainistíochta priacal na hinstitiúide san áireamh. Tabharfaidh an institiúid doiciméadú iomlán ar cé mar atá sí ag comhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta sin agus déanfaidh sí iniúchadh inmheánach tréimhsiúil orthu.

2.   Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí maidir le bainistíocht fhoriomlán an leabhair trádála. Rachaidh na beartais agus na nósanna imeachta sin i ngleic leo seo a leanas ar a laghad:

(a)

na gníomhaíochtaí a mheasann an institiúid gur gníomhaíochtaí trádála iad agus go bhfuil siad mar chuid den leabhar trádála chun críocha ceanglas cistí dílse;

(b)

a mhéid is féidir suíomh a mharcáil go laethúil ón margadh trí thagairt a dhéanamh do mhargadh dhá threo leachtach, gníomhach;

(c)

maidir le suímh atá marcáilte de réir samhla, an méid is féidir leis an institiúid:

(i)

priacail ábhartha an tsuímh ar fad a aithint;

(ii)

gach priacal ábhartha den suíomh a fhálú le hionstraimí a bhfuil margadh dhá threo leachtach, gníomhach ann ina leith;

(iii)

meastacháin iontaofa a dhíorthú do na príomhthoimhdí agus do na paraiméadair a úsáidtear sa tsamhail;

(d)

a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, luachálacha a ghiniúint don suíomh, luachálacha is féidir a bhailíochtú go seachtrach agus go comhleanúnach;

(e)

a mhéid a chuirfeadh srianta dlí nó ceanglais oibriúcháin eile bac ar chumas na hinstitiúide an suíomh a leachtú nó a fhálú go gearrthéarmach;

(f)

a mhéid is féidir leis an institiúid, agus a mhéid a cheanglaítear uirthi, priacail na suíomh laistigh dá hoibríocht trádála a bhainistiú;

(g)

a mhéid a fhéadfaidh an institiúid priacal nó suímh a aistriú idir na leabhair neamhthrádála agus na leabhair trádála agus na critéir maidir le haistrithe den sórt sin.

Airteagal 105

Ceanglas maidir le Luacháil Stuama

1.   Beidh gach suíomh i leabhar trádála faoi réir na gcaighdeán maidir le luacháil stuama atá sonraithe san Airteagal seo. Áiritheoidh institiúidí go háirithe go mbainfidh an luacháil stuama a dhéanfar ar a gcuid suíomh sa leabhar trádála leibhéal cinnteachta iomchuí amach ag féachaint don mhianach dinimiciúil a bhaineann le suímh leabhair thrádála, na héilimh a bhaineann le fóntacht stuamachta agus an modh oibríochta agus cuspóir na gceanglas caipitil maidir le suímh leabhair trádála.

2.   Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:

(a)

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;

(b)

línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh.

Is é an comhlacht bainistíochta a bheidh ag deireadh na líne tuairiscithe.

3.   Déanfaidh institiúidí athluacháil ar shuímh leabhair trádála ar bhonn laethúil ar a laghad.

4.   Déanfaidh institiúidí a gcuid suímh a mharcáil ón margadh nuair is féidir sin a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bheidh láimhseáil caipitil sa leabhar trádála á cur i bhfeidhm.

5.   Nuair a dhéanfar marcáil ón margadh, ní bhainfidh institiúid leas as an taobh is stuama de thairiscint agus atairscint ach amháin sa chás gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh. I gcás ina mbaineann institiúidí leas as an maolú seo, tabharfaidh siad faisnéis gach sé mhí dá n-údaráis inniúla faoi na suímh lena mbaineann agus fianaise a chur ar fáil gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh.

6.   Nuair nach féidir marcáil ón margadh a dhéanamh, déanfaidh institiúidí marcáil choimeádach de réir samhla ar a suímh agus ar a bpunanna, lena n-áirítear nuair a bheidh ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh suíomh sa leabhar trádála.

7.   Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas nuair a bheidh siad ag marcáil de réir samhla:

(a)

beidh eolas ag an lucht bainistíochta sinsearaí ar na gnéithe den leabhar trádála nó de shuímh eile a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus atá faoi réir ag marcáil de réir samhla agus tuigfidh siad ábharthacht na neamhchinnteachta a chruthófar leis sin sa tuairisciú ar an bpriacal /ar fheidhmíocht an ghnó;

(b)

déanfaidh institiúidí na hionchuir mhargaidh a fhoinsiú, nuair is féidir, i gcomhréir le praghsanna an mhargaidh, agus déanfaidh siad measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá ionchuir mhargaidh an tsuímh áirithe a bhfuil luach á chur air agus ar pharaiméadair na samhla agus déanfar é sin go minic;

(c)

nuair a bheidh fáil orthu, bainfidh institiúidí úsáid as modheolaíochtaí luachála atá glactha mar chleachtas ar an margadh i gcás ionstraimí nó tráchtearraí airgeadais áirithe;

(d)

i gcás gurb í an institiúid féin a fhorbraíonn an tsamhail, beidh sí bunaithe ar thoimhdí iomchuí, a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil a ndúshlán tugtha ag páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha;

(e)

beidh nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm ag institiúidí chun athruithe a rialú agus beidh cóip shlán den tsamhail ina seilbh acu agus úsáidfear í go tréimhsiúil chun luachálacha a sheiceáil;

(f)

tabharfar faoi deara i mbainistíocht priacal na laigeachtaí atá ag na samhlacha atá in úsáid agus conas is féidir na laigeachtaí sin a léiriú san aschur luachála; agus

(g)

beidh samhlacha institiúidí faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil chun cruinneas a bhfeidhmíochta a chinneadh, agus áireofar leis sin measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na toimhdí ar bhonn leanúnach, anailís ar bhrabús agus ar chaillteanas i gcoinne fachtóirí priacail, luachanna glanta cuntais iarbhír a chur i gcomparáid le haschuir na samhla.

Chun críocha phointe (d), forbrófar nó faomhfar an tsamhail go neamhspleách ar an deasc trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.

8.   Déanfaidh institiúidí fíorú neamhspleách ar phraghsanna anuas ar mharcáil laethúil ón margadh nó marcáil de réir samhla. Déanfaidh duine nó aonad a bheidh neamhspleách ar dhaoine nó ar aonaid a fhaigheann buntáiste ón leabhar trádála fíorú ar phraghsanna an mhargaidh agus ar ionchuir na samhla, agus déanfar é sin uair amháin sa mhí ar a laghad, nó níos minice ag brath ar an gcineál margaidh nó gníomhaíochta trádála. I gcás nach bhfuil foinsí praghsála neamhspleácha ar fáil nó go bhfuil foinsí praghsála níos suibiachtúla, féadfaidh bearta stuama amhail coigeartuithe ar an luacháil níos oiriúnaí.

9.   Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartuithe ar luachálacha a bhreithniú a bhunú agus a choimeád ar bun.

10.   Breithneoidh institiúidí go foirmiúil na coigeartuithe seo a leanas ar luacháil: raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte, costais ghlanta cuntais, priacail oibriúcháin, neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, luathfhoirceannadh, costais infheistíochta agus chistithe, costais riaracháin todhchaí agus, nuair is ábhartha, priacal de bharr samhaltaithe.

11.   Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartú don luacháil reatha ar aon suímh bheagleachtacha a ríomh a bhunú agus a choimeád ar bun, ar suímh iad ar féidir leo go háirithe teacht ó theagmhais ar an margadh nó cásanna a bhaineann le hinstitiúid amhail suímh chomhchruinnithe agus/nó suímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí leagtha amach dóibh ag an tús sáraithe. Déanfaidh institiúidí, más gá, coigeartuithe den sórt sin anuas ar aon athruithe ar luach an tsuímh a bheidh riachtanach chun críocha tuairiscithe airgeadais agus dearfar coigeartuithe den sórt sin mar léiriú ar neamhleachtacht an tsuímh. Faoi na nósanna imeachta sin, breithneoidh institiúidí roinnt fachtóirí nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil gá le coigeartú luachála ar shuímh bheagleachtacha. Áirítear leis na fachtóirí sin:

(a)

an méid ama a thógfadh sé an suíomh nó na priacail laistigh den suíomh sin a fhálú amach;

(b)

luaineacht agus meán raonta difríochta tairisceana/atairisceana;

(c)

infhaighteacht na gcuótaí margaidh (líon agus céannacht na gcruthaitheoirí margaidh) agus luaineacht agus meán na méideanna trádála lena n-áirítear méideanna trádála le linn tréimhsí struis sa mhargadh;

(d)

comhdhlúthacht an mhargaidh;

(e)

aosú na suíomh;

(f)

a mhéid a bhíonn luacháil ag brath ar mharcáil de réir samhla;

(g)

an tionchar a bhíonn ag priacail eile de bharr samhaltaithe.

12.   Agus luachálacha tríú páirtí nó marcáil de réir samhla á n-úsáid, breithneoidh institiúidí cibé a chuirfidh nó nach gcuirfidh siad coigeartú i bhfeidhm maidir le luacháil. Ina theannta sin, breithneoidh institiúidí an bhfuil gá le coigeartuithe a bhunú do shuímh bheagleachtacha agus déanfaidh siad athbhreithniú leanúnach ar a n-oiriúnacht leantach. Déanfaidh institiúidí measúnú sainráite freisin ar an ngá atá le coigeartuithe luachála a bhaineann le neamhchinnteacht ionchuir pharaiméadair a úsáideann samhlacha.

13.   Maidir le táirgí casta, lena n-áirítear risíochtaí urrúsaithe agus na díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain, déanfaidh institiúidí measúnú sainráite ar an ngá le coigeartuithe ar luacháil mar léiriú ar an bpriacal de bharr samhaltaithe a bhaineann le modheolaíocht luachála a d'fhéadfadh a bheith mícheart a úsáid agus an priacal de bharr samhaltaithe a bhaineann le paraiméadair chalabraithe dhobhraite (agus b'fhéidir mícheart) a úsáid sa tsamhail luachála.

14.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha ar dá réir a chuirfear ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 106

Fálú Inmheánach

1.   Comhlíonfaidh fálú inmheánach go háirithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

ní bheidh sé i gceist go príomha ceanglais cistí dílse a sheachaint nó a laghdú leis;

(b)

déanfar é a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh inmheánach áirithe agus nósanna imeachta iniúchta;

(c)

déileálfar leis ag coinníollacha an mhargaidh;

(d)

déanfar bainistiú dinimiciúil sa leabhar trádála ar an bpriacal margaidh a ghinfear leis an bhfálú inmheánach agus déanfar an bainistiú sin laistigh de na teorainneacha údaraithe;

(e)

déanfar faireachán cúramach air.

Áiritheofar go ndéanfar faireachán air trí nósanna imeachta leordhóthanacha.

2.   Beidh feidhm ag ceanglais mhír 1 gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir leis an suíomh fálaithe sa leabhar neamhthrádála.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, nuair a dhéanann institiúid fálú ar risíocht ar priacal creidmheasa leabhair neamhthrádála nó ar risíocht ar priacal contrapháirtí ag úsáid díorthaigh chreidmheasa atá cláraithe ina leabhar trádála trí fhálú inmheánach, ní mheasfar go bhfuil an risíocht ar priacal sa leabhar neamhthrádála nó an risíocht ar priacal contrapháirtí fálaithe ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mura gceannaíonn an institiúid díorthach creidmheasa ó sholáthraí cosanta tríú páirtí incháilithe a chomhlíonann na ceanglais maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa sa leabhar neamhthrádála. Gan dochar do phointe (h) d'Airteagal 299(2), i gcás ina gceannaítear agus ina n-aithnítear cosaint tríú páirtí den sórt sin mar fhálú ar risíocht leabhair neamhthrádála ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh, ní chuimseofar an fálú inmheánach nó seachtrach ar dhíorthach creidmheasa sa leabhar trádála ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a ríomh.

TEIDEAL II

CEANGLAIS CHAIPITIL LE HAGHAIDH PRIACAL CREIDMHEASA

CAIBIDIL 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 107

Cineálacha cur chuige maidir le priacal creidmheasa

1.   Cuirfidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe dá bhforáiltear i gCaibidil 2 nó, má cheadaíonn na húdaráis inniúla é i gcomhréir le hAirteagal 143, an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha dá bhforáiltear i gCaibidil 3, i bhfeidhm chun a gcuid méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh chun críocha phointí (a) agus (f) d'Airteagal 92(3).

2.   I gcás risíochtaí trádála ar ranníocaíochtaí an chiste mainneachtana le contrapháirtí lárnach, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 9 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh ar mhaithe le pointí (a) go (f) d'Airteagal 92(3). I gcás gach cineál eile risíochta ar chontrapháirtí lárnach, déanfaidh institiúidí iad a láimhseáil mar a leanas:.

(a)

mar risíochtaí ar institiúid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí cáilitheach;

(b)

mar risíochtaí ar chorparáid i gcás gach cineáil eile risíochta ar chontrapháirtí neamhcháilitheach.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, láimhseálfar risíochtaí ar ghnólachtaí infheistíochta tríú tíortha agus risíochtaí ar institiúidí creidmheasa tríú tíortha agus risíochtaí ar thithe imréitigh tríú tíortha agus malartuithe mar risíochtaí ar institiúid má chuireann an tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta i bhfeidhm maidir leis an eintiteas sin, ar ceanglais iad atá ar a laghad cóibhéiseach leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, agus sa chás sin amháin.

4.   Chun críocha mhír 3, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh an gcuireann tríú tír ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá ar a laghad coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint de risíochtaí ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2015, ar choinníoll go mbeidh, an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 108

Teicníc um maolú priacal creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB

1.   Maidir le risíocht a gcuirfidh institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 2 nó a gcuireann sí an Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 3 ach gan a cuid meastachán féin ar chaillteanas i gcás mainneachtana (LGD) agus a fachtóirí coinbhéartachta féin a úsáid faoi Airteagal 151, féadfaidh an institiúid maolú priacal creidmheasa a úsáid i gcomhréir le Caibidil 4 nuair a bheidh sí ag ríomh méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal chun críocha phointí (a) agus (f) d'Airteagal 92(3) nó, mar is iomchuí, méideanna caillteanais ionchasaigh chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1) agus pointe (c) d'Airteagal 62.

2.   Maidir le risíocht a gcuirfidh institiúid an Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith trína cuid meastachán féin ar LGD agus a fachtóirí coibhéartachta féin a úsáid faoi Airteagal 151, féadfaidh an institiúid maolú priacal creidmheasa a úsáid i gcomhréir le Caibidil 3.

Airteagal 109

Risíochtaí urrúsaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoin gCur Chuige IRB a láimhseáil

1.   I gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe faoi Chaibidil 2 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an aicme risíochta a sannfaí na risíochtaí urrúsaithe di faoi Airteagal 112, ríomhfaidh sí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suíomh urrúsaithe i gcomhréir le hAirteagail 245, 246 agus 251 go 258. Féadfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige Caighdeánaithe Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid freisin i gcás ina gceadaítear é sin faoi Airteagal 259(3).

2.   I gcás ina n-úsáideann institiúid an Cur Chuige IRB faoi Chaibidil 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an aicme risíochta a sannfaí an risíocht urrúsaithe di faoi Airteagal 147, ríomhfaidh sí an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagail 245, 246 agus 259 go 266.

Cé is moite de Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, i gcás nach n-úsáidtear an Cur Chuige IRB ach amháin le haghaidh coda de na risíochtaí urrúsaithe a fholuíonn urrúsú, úsáidfidh an institiúid an cur chuige a chomhfhreagraíonn don sciar is mó de na risíochtaí urrúsaithe a fholuíonn an t-urrúsú seo.

Airteagal 110

Coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil

1.   Déanfaidh institiúidí a chuirfidh an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 62 (c).

2.   Déanfaidh institiúidí a bhfuil an Cur Chuige IRB á chur i bhfeidhm acu na coigeartuithe i leith priacal creidmheasa a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 159, Airteagal 62 (d) agus Airteagal 36 (1)(d).

Chun críocha an Airteagail seo agus Chaibidil 2 agus Chaibidil 3, ní bheidh cistí le haghaidh priacal ginearálta baincéireachta san áireamh i gcoigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa.

3.   Déanfaidh institiúidí a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a chuireann an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm maidir le cuid dá risíochtaí ar bhonn comhdhlúite nó aonair, cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 148 agus Airteagal 150 faoin gcuid sin den choigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a shannfar chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus chun coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa a láimhseáil faoin gCur Chuige IRB mar seo a leanas:

(a)

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige IRB i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 2;

(b)

nuair is infheidhme, i gcás ina gcuireann institiúid atá ar áireamh sa chomhdhlúthú an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm go heisiach, sannfar coigeartú ginearálta i leith priacal creidmheasa na hinstitiúide don láimhseáil atá leagtha amach i mír 1;

(c)

Sannfar an t-iarmhar den choigeartú i leith priacal creidmheasa ar bhonn pro rata de réir an chion de na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal atá faoi réir ag an gCur Chuige Caighdeánaithe agus atá faoi réir ag an gCur Chuige IRB.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na gcoigeartuithe ginearálta i leith priacal creidmheasa a shonrú faoin gcreat infheidhme cuntasaíochta maidir leo seo a leanas:

(a)

luach na risíochta faoin gCur Chuige Caighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 111;

(b)

luach na risíochta faoin gCur Chuige IRB dá dtagraítear in Airteagail 166 go 168;

(c)

láimhseáil méideanna an chaillteanais ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 159;

(d)

luach na risíochta chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh i dtaca leis an suíomh urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 246 agus Airteagal 266;

(e)

mainneachtain a chinneadh faoi Airteagal 178;

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 2

Cur Chuige Caighdeánaithe

Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 111

Luach na risíochta

1.   Beidh luach na risíochta ar ítim sócmhainne ionann leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa, na gcoigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim sócmhainne a bheith curtha i bhfeidhm. Beidh luach na risíochta ar ítim lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I ionann leis an gcéatadán seo a leanas dá luach ainmniúil tar éis coigeartuithe i leith priacal creidmheasa shonraigh a bheith laghdaithe:

(a)

100 % más ítim lánpriacal atá i gceist;

(b)

50 % más ítim mheánpriacal atá i gceist;

(c)

20 % más ítim mheánpriacal /íospriacal atá i gceist;

(d)

0 % más ítim íospriacal atá i gceist.

Déanfar na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear sa dara habairt den chéad fhomhír a shannadh do chatagóirí priacal mar a thugtar le fios in Iarscríbhinn I.

Nuair a bheidh an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais faoi Airteagal 223 in úsáid ag institiúid, déanfar luach risíochta na n-urrús nó na dtráchtearraí a dhíolfar, a bhreacfar nó a thabharfar ar iasacht faoi idirbheart athcheannaigh nó faoi idirbheart iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, agus idirbhearta iasachtaithe corrlaigh, a mhéadú ag brath ar an gcoigeartú luaineachta a bheidh oiriúnach d'urrúis nó do thráchtearraí den sórt sin arna leagan síos in Airteagail 223 go 225.

2.   Déanfar an luach risíochta a bheidh ag ionstraim dhíorthach atá liostaithe in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 agus cuirfear na héifeachtaí a bheidh ag conarthaí nuachana agus ag comhaontuithe glanluachála eile san áireamh chun críocha na modhanna sin i gcomhréir le Caibidil 6. Féadfar an luach risíochta a bheidh ag idirbheart athcheannaigh, ag idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí, ag idirbhearta socraíochta iarchurtha agus ag idirbhearta iasachtaithe corrlaigh a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6 nó Caibidil 4.

3.   I gcás ina mbeidh risíocht faoi réir ag cosaint chistithe creidmheasa, féadfar an luach risíochta a bheidh infheidhme maidir leis an ítim sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.

Airteagal 112

Aicmí risíochta

Déanfar gach risíocht a shannadh do cheann de na haicmí risíochta seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar rialtais láir nó bainc cheannais

(b)

risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla;

(c)

risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí;

(d)

risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha;

(e)

risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(f)

risíochtaí ar institiúidí;

(g)

risíochtaí ar chorparáidí;

(h)

risíochtaí ar mhiondíol;

(i)

risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar mhaoin dhochorraithe;

(j)

risíochtaí ar mhainneachtain;

(k)

risíochtaí a bhaineann le priacal atá fíor-ard;

(l)

risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach;

(m)

ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe;

(n)

risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu;

(o)

risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna);

(p)

risíochtaí ar chothromas;

(q)

ítimí eile.

Airteagal 113

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh

1.   D'fhonn méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, cuirtear ualaí priacal i bhfeidhm maidir le gach risíocht, mura mbaintear ó chistí dílse iad, i gcomhréir leis na forálacha i Roinn 2. Beidh cur i bhfeidhm na n-ualaí priacal bunaithe ar an aicme risíochta a bhfuil an risíocht sannta di agus, a mhéid atá sonraithe i Roinn 2, ar a cháilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa na IMCSanna nó measúnuithe creidmheasa na nGníomhaireachtaí um Chreidmheas Onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3.

2.   Ar mhaithe le hualú priacal a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 1, iolrófar luach na risíochta faoin ualú priacal atá sonraithe nó cinnte i gcomhréir le Roinn 2.

3.   I gcás ina mbeidh risíocht faoi réir ag cosaint chreidmheasa féadfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir leis an ítim sin a leasú i gcomhréir le Caibidil 4.

4.   Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal le haghaidh risíochtaí urrúsaithe a ríomh i gcomhréir le Caibidil 5.

5.   Sannfar ualú priacal 100 % ar risíochtaí nach bhfuil aon ríomh a bhaineann leo ar fáil i Roinn 2.

6.   Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó de Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir fhaomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE é. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é atá sa chontrapháirtí institiúid, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúid airgeadais, cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;

(b)

tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;

(c)

tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;

(d)

tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;

(e)

níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid.

I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.

7.   Cé is moite de risíochtaí as a dtagann Gnáthchothromas Leibhéal 1, itimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, féadfaidh institiúidí, faoi réir chead na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar chontrapháirtithe a bhfuil scéim chosanta institiúideach déanta ag an institiúid leo ar comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil é a thugann cosaint do na hinstitiúidí agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint más gá. Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla cead a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl na ceanglais atá leagtha amach i bpointí (a), (d) agus (e) de mhír 6 comhlíonta;

(b)

áirithíonn na socruithe go bhfuil an scéim chosanta institiúideach in ann tacaíocht a thabhairt atá riachtanach faoina thiomantas ó chistí atá ar fáil go héasca dó;

(c)

tá córais chonarthacha oiriúnacha agus aonfhoirmeacha sa scéim chosanta institiúideach chun faireachán agus aicmiú a dhéanamh ar priacal, agus a thugann léargas iomlán ar staid priacal gach comhalta aonair agus na scéime cosanta institiúidí trí chéile, agus féidearthachtaí ag gabháil leis chun tionchar a imirt; déanfaidh na córais sin faireachán iomchuí ar risíochtaí a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178(1);

(d)

déanann an scéim chosanta institiúideach a athbhreithniú féin ar priacal a chuirtear in iúl do na comhaltaí aonair;

(e)

déanann an scéim chosanta institiúideach ceachtar den dá thuarascáil seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain: tuarascáil chomhdhlúite ina mbeidh an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile; nó tuarascáil ina mbeidh an clár comhardaithe comhiomlánaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais comhiomlánaithe, an tuarascáil staide agus an tuarascáil ar priacal, a bhaineann leis an scéim chosanta institiúideach trí chéile;

(f)

tá sé de dhualgas ar chomhaltaí na scéime cosanta institiúidí fógra roimh ré a thabhairt 24 mí ar a laghad más mian leo deireadh a chur leis an scéim chosanta institiúideach;

(g)

gheofar réidh le hil-úsáidí gnéithe atá incháilithe chun cistí dílse a ríomh (dá ngairtear ‧ilghiaráil‧ anseo feasta) chomh maith le cistí dílse ar bith a chruthaítear go míchuí idir comhaltaí na scéime cosanta institiúidí;

(h)

Beidh an scéim chosanta institiúideach bunaithe ar bhallraíocht leathan d'institiúidí creidmheasa a mbeidh próifíl ghnó aonchineálach acu den chuid is mó;

(i)

déanann na húdaráis inniúla ábhartha leordhóthanacht na gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) and (d) a fhaomhadh go rialta agus déanann siad faireachán orthu go rialta.

I gcás ina gcinnfidh institiúid, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ualú priacal 0 % a shannadh.

Roinn 2

Ualuithe priacal

Airteagal 114

Risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais

1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, ach amháin má tá feidhm leis na láimhseálacha atá leagtha amach i míreanna 2 go 7.

2.   Déanfar ualú priacal i gcomhréir le Tábla 1 a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith agus comhfhreagraíonn an t-ualú sin don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

0 %

20 %

50 %

100 %

100 %

150 %

3.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar BCE.

4.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais Ballstát atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais láir agus an bhainc cheannais sin.

5.   Go dtí an 31 Nollaig 2017, déanfar an t-ualú priacal céanna a shannadh maidir leis na risíochtaí ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais na mBallstát atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre Ballstáit ar bith faoi mar a chuirfí i bhfeidhm é maidir le risíochtaí den sórt sin a bheadh ainmnithe agus cistithe ina n-airgeadra intíre.

6   I gcás na risíochtaí a léirítear i mír 5:

(a)

in 2018 beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 20 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(b)

in 2019 beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 50 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2);

(c)

in 2020 agus ón mbliain sin ar aghaidh, beidh na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal cothrom le 100 % den ualú priacal a shanntar do na risíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 114(2).

7.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas ualú priacal atá níos ísle ná an t-ualú priacal sin atá tugtha le fios i míreanna 1 go 2 a shannadh do risíochtaí ar a rialtas láir agus a mbanc ceannais atá ainmnithe agus cistithe san airgeadra intíre, féadfaidh institiúidí ualú priacal a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí den sórt sin ar an tslí chéanna.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na risíochtaí ar rialtas láir nó ar bhanc ceannais de chuid tríú tíre, go dtí an 1 Eanáir 2015, i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 115

Risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla

1.   Déanfar risíochtaí ar rialtais láir agus ar údaráis áitiúla a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí mura láimhseáiltear iad mar risíochtaí ar rialtais láir faoi mhír 2 nó mír 4 nó mura bhfhaigheann siad ualú priacal mar a shonraítear i mír 5. Ní chuirfear i bhfeidhm an láimhseáil fhabhrach i gcás risíochtaí gearrthéarmacha atá sonraithe in Airteagal 119(2) agus Airteagal 120(2).

2.   Déanfar risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar risíochtaí ar an rialtas láir sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag na rialtais réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla, agus toisc go bhfuil socruithe institiúideacha sonracha ann a bhfuil sé d'éifeacht acu a priacal mainneachtana a laghdú.

Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil don phobal ina mbeidh na rialtais réigiúnacha uile agus na húdaráis áitiúla uile san Aontas a dhéanann na húdaráis inniúla ábhartha a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtais lárnacha.

3.   Déanfar risíochtaí ar eaglaisí nó ar phobail reiligiúnacha arna gcomhdhéanamh i bhfoirm duine dhlítheanaigh faoin dlí poiblí, sa mhéid is go mbailíonn siad cánacha i gcomhréir le reachtaíocht a thugann de cheart dóibh sin a dhéanamh, a láimhseáil mar risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla. Sa chás seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 agus chun críocha Airteagal 150(1)(a), ní eiseofar cead chun an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm.

4.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla dlínse tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar risíochtaí ar a rialtas láir féin agus nach bhfuil difríocht ar bith ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag an rialtas réigiúnach nó ag údaráis áitiúla agus mar gheall ar shocruithe institiúideacha sonracha chun an priacal mainneachtana a laghdú, féadfaidh institiúidí risíochtaí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla den sórt sin a ualú ar an tslí chéanna ó thaobh priacal.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

5.   Déanfar ualú priacal cothrom le 20 % a shannadh do risíochtaí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát nach dtagraítear dóibh i míreanna 2 go 4 agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais láir agus an údaráis áitiúil sin.

Airteagal 116

Risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí

1.   I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin den earnáil phoiblí corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 2 seo a leanas:

Tábla 2

Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.

2.   Déanfar risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 120. Ní chuirfear an láimhseáil fhabhrach i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin i gcás risíochtaí gearrthéarmacha atá sonraithe in Airteagal 119(2) agus Airteagal 120(2).

3.   I gcás risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil aibíocht bhunaidh trí mhí nó níos giorra ag gabháil leo, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.

4.   I gcúinsí eisceachtúla, féadfar risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil mar risíochtaí ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht, i dtuairim údaráis inniúla na dlínse sin, ó thaobh priacal idir risíochtaí den sórt sin toisc go bhfuil ráthaíocht iomchuí ann ón rialtas láir, ón rialtas réigúnach nó ón údarás áitiúil.

5.   I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla i ndlínse tríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas Eorpach, risíochtaí ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, féadfaidh institiúidí ualú priacal a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar eintitis den sórt sin san earnáil phoiblí ar an tslí chéanna. Mura ndéantar é sin, cuirfidh na hinstitiúidí ualú priacal de 100 % i bhfeidhm.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 117

Risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha

1.   Déanfar risíochtaí ar bhainc forbartha iltaobhacha nach dtagraítear dóibh i mír 2 a láimhseáil ar an tslí chéanna le risíochtaí ar institiúidí. Ní chuirfear i bhfeidhm an láimhseáil fhabhrach i gcás risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe in Airteagal 119(2), 120(2) agus 121 (3).

Measfar gur bainc forbartha iltaobhacha iad an Chorparáid Idir-Mheiriceánach Infheistíochta, Banc Trádála agus Forbartha na Mara Duibhe, an Banc Lár-Mheiriceánach um Lánpháirtíocht Eacnamaíoch agus CAF-Banc Forbartha Mheiriceá Laidineach.

2.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na bainc forbartha iltaobhacha seo a leanas:

(a)

an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(b)

an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta;

(c)

an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach;

(d)

Banc Forbartha na hÁise;

(e)

Banc Forbartha na hAfraice;

(f)

Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa;

(g)

an Banc Nordach Infheistíochta;

(h)

Banc Forbartha Mhuir Chairib;

(i)

an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(j)

an Banc Eorpach Infheistíochta;

(k)

an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(l)

an Ghníomhaireacht Iltaobhach Rathaithe Infheistíochtaí;

(m)

an tSaoráid Airgeadais Idirnáisiúnta um Imdhíonadh;

(n)

an Banc Ioslamach um Fhorbraíocht.

3.   Déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don chion de chaipiteal neamhíoctha atá suibscríofa leis an gCiste Eorpach Infheistíochta.

Airteagal 118

Risíochtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta

Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh do risíochtaí ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo a leanas:

(a)

an tAontas;

(b)

an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta;

(c)

an Banc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta;

(d)

an tSaoráid um Chobhsaíocht Airgeadais;

(e)

an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;

(f)

institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bhunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó atá i mbaol deacrachtaí móra maoinithe.

Airteagal 119

Risíochtaí ar institiúidí

1.   Déanfar risíochtaí ar institiúidí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 120. Déanfar risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a ualú ó thaobh priacal i gcomhréir le hAirteagal 121.

2.   I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair trí mhí nó níos giorra iontu agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh a bheidh catagóir amháin nach lú fabhar ná an t-ualú priacal fabhrach, a thuairiscítear in Airteagal 114(4) go hAirteagal 114(7), atá sannta do risíochtaí ar an rialtas láir ina ionchorpraítear an institiúid.

3.   Ní dhéanfar ualú priacal níos lú ná 20 % a shannadh d'aon risíochtaí a bhfuil aibíocht iarmhair trí mhí nó níos giorra iontu agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra náisiúnta an iasachtaí.

4.   Féadfar risíocht ar institiúid i bhfoirm cúlchistí íosta a cheanglaíonn BCE nó banc ceannais Ballstáit iad a bheith sealbhaithe ag institiúid a ualú ó thaobh priacal mar risíochtaí ar bhanc ceannais an Bhallstáit atá i gceist ar an gcoinníoll:

(a)

go sealbhaítear na cúlchistí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1745/2003 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2003 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta (29) nó i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta i ngach cás ábhartha atá coibhéiseach leis an Rialachán sin;

(b)

i gcás féimheachta nó dócmhainneachta na hinstitiúide ina sealbhaítear na cúlchistí, déantar na cúlchistí a aisíoc go hiomlán leis an institiúid ar shlí thráthúil agus ní chuirtear ar fáil iad chun fónamh do dhliteanais eile na hinstitiúide.

5.   Déanfar risíochtaí ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí.

Airteagal 120

Risíochtaí ar institiúidí rátáilte

1.   I gcás risíochtaí ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair breis is trí mhí iontu a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 3 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 3

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

50 %

100 %

100 %

150 %

2.   I gcás risíochtaí ar institiúid a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu agus a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne an IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 4 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136:

Tábla 4

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

20 %

20 %

50 %

50 %

150 %

3.   Is mar seo a leanas a bheidh an idirghníomhaíocht idir an tslí ina láimhseáiltear measúnú creidmheasa gearrthéarmach faoi Airteagal 131 agus an láimhseáil fhabhrach ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha atá leagtha amach i mír 2:

(a)

Mura ndéantar aon mheasúnú ar risíocht ghearrthéarmach, beidh feidhm ag an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha mar atá sonraithe i mír 2 maidir le gach risíocht ar institiúidí a bhfuil aibíocht iarmhair suas le trí mhí iontu;

(b)

Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal níos fabhraí nó ualú priacal comhionann i bhfeidhm seachas an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, úsáidfear an measúnú gearrthéarmach i gcás na risíochta sonraí sin amháin. Cuirfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm maidir le risíochtaí gearrthéarmacha eile;

(c)

Má dhéantar measúnú gearrthéarmach agus má chinntear le measúnú den sórt sin go gcuirfear ualú priacal nach lú fabhar ná an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha, mar atá sonraithe i mír 2, i bhfeidhm, ní úsáidfear an láimhseáil fhabhrach ghinearálta do risíochtaí gearrthéarmacha agus déanfar an t-ualú priacal céanna is a chuirtear i bhfeidhm leis an measúnú gearrthéarmach sonrach a shannadh do gach éileamh gearrthéarmach gan rátáil.

Airteagal 121

Risíochtaí ar institiúidí gan rátáil

1.   I gcás risíochtaí ar institiúidí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil risíochtaí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an institiúid corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 5.

Tábla 5

Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal na risíochta

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

2.   I gcás risíochtaí ar institiúidí gan rátáil atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 100 %.

3.   I gcás risíochtaí ar institiúidí gan rátáil a bhfuil aibíocht bhunaidh iarbhír de thrí mhí nó níos lú ag gabháil leo, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.

4.   In ainneoin mhír 2 agus mhír 3 maidir le risíochtaí trádála airgeadais dá dtagraítear pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 162(3) ar institiúidí gan rátáil, beidh an t-ualú priacal cothrom le 50 % agus i gcás ina mbeidh aibíocht iarmhair na risíochtaí trádála airgeadais ar institiúidí gan rátáil trí mhí nó níos lú, beidh an t-ualú priacal cothrom le 20 %.

Airteagal 122

Risíochtaí ar chorparáidí

1.   I gcás risíochtaí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 6

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

100 %

150 %

150 %

2.   I gcás risíochtaí nach bhfuil measúnú creidmheasa ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % nó ualú priacal na risíochtaí ar rialtais láir na dlínse ina bhfuil an chorparáid ionchorpraithe, cibé acu is airde, a shannadh dóibh.

Airteagal 123

Risíochtaí ar mhiondíol

Déanfar ualú priacal cothrom le 75 % a shannadh do risíochtaí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

is ar dhuine nó ar dhaoine nádúrtha, nó ar fhiontar beag nó meánmhéide (FBM), a bheidh risíocht;

(b)

beidh an risíocht ar cheann amháin de líon suntasach risíochtaí a mbeidh tréithe cosúla acu sa mhéid is go laghdaítear go mór na priacail a bhaineann le hiasachtú den sórt sin;

(c)

i gcás an mhéid iomlán a bheidh dlite don institiúid agus do na máthairghnóthais agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon risíocht ar mainneachtain, ag an oibleagáideoir cliant nó ag grúpa cliant nasctha, gan risíochtaí atá urraithe go hiomlán agus ar fad ar chomhthaobhacht a bhaineann le maoin chónaithe a áireamh, ar éilimh iad a sannadh d'aicme na risíochta a leagtar síos in Airteagal 112 (i), ní sháróidh sé, a mhéid is feasach don institiúid, EUR 1 milliún. Déanfaidh an institiúid bearta réasúnta chun an t-eolas sin a fháil.

Ní bheidh urrúis incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.

Ní bheidh risíochtaí nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.

Beidh luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe mar risíocht ar mhiondíol.

Airteagal 124

Risíochtaí arna n-urrú le morgáistí ar maoin dhochorraithe

1.   I gcás risíocht nó aon chuid de risíocht atá urraithe go hiomlán le morgáiste ar mhaoin dhochorraithe, déanfar ualú priacal cothrom le 100 % a shannadh di, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 125 agus Airteagal 126, cé is moite d'aon chuid den risíocht atá sannta d'aicme risíochta eile. Déanfar an t-ualú priacal is infheidhme maidir le risíochtaí gan urrús an chontrapháirtí lena mbaineann a shannadh don chuid den risíocht lena sáraítear luach morgáiste na maoine.

Ní bheidh an chuid sin de risíocht a láimhseáiltear mar risíocht atá urraithe go hiomlán le maoin dhochorraithe níos airde ná an méid atá curtha i ngeall den mhargadhluach nó, sna Ballstáit sin a bhfuil critéir dhiana leagtha síos acu i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste, luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist.

2.   Bunaithe ar na sonraí a bailíodh faoi Airteagal 101, agus aon táscairí iomchuí eile, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú tréimhsiúil, agus measúnú bliantúil ar a laghad, féachaint an bhfuil an t-ualú priacal 35 % i gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 125, agus an t-ualú priacal 50 % i gcás risíochtaí atá urraithe ar mhaoin thráchtála dhochorraithe dá dtagraítear in Airteagal 126, is é sin le rá maoin atá suite ina chríoch, oiriúnach bunaithe ar an méid a leanas:

(a)

caillteanas taithí na risíochtaí atá urraithe le maoin dhochorraithe;

(b)

forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí maoine dochorraithe;

Féadfaidh na húdaráis inniúla ualú priacal níos airde nó critéir níos déine a shocrú ná iad sin atá leagtha amach in Airteagal 125(2) agus Airteagal 126(2), nuair is iomchuí, ar bhonn comaoineacha cobhsaíochta airgeadais.

I gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe, socróidh an t-údarás inniúil an t-ualú priacal ag céatadán ó 35 % go 150 %.

I gcás risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe, socróidh an t-údarás inniúil an t-ualú priacal ag céatadán ó 50 % go 150 %.

Laistigh de na réimsí sin, déanfar an t-ualú priacal is airde a shocrú, bunaithe ar chaillteanas priacal agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí agus comaoineacha cobhsaíochta airgeadais á gcur san áireamh. I gcás ina dtaispeántar leis an measúnú nach léirítear leis na hualuithe priacal a leagtar amach in Airteagal 125(2) agus in Airteagal 126(2) na priacail iarbhír do cheann amháin nó níos mó de na deighleoga maoine a bhaineann le risíochtaí mar sin, a urraítear go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin thráchtála dhochorraithe a lonnaítear ar chuid amháin nó níos mó dá chríoch, déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás na risíochtaí sin ar dheighleoga maoine, ualú priacal níos airde a shocrú a chomhfhreagróidh do na priacail iarbhír.

Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE maidir leis na coigeartuithe ar na hualaí priacal agus ar na critéir a chuirfear i bhfeidhm, a ríomhfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa mhír seo, mar a shonraítear leis na caighdeáin rialála theicniúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Foilseoidh ÚBE na hualaí priacal agus na critéir arna socrú ag na húdaráis inniúla le haghaidh risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 125, 126 agus 199.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis inniúla ualú priacal níos airde nó critéir níos déine a shocrú, beidh idirthréimhse 6 mí ag institiúidí chun an t-ualú priacal nua a chur i bhfeidhm.

4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun iad seo a leanas a shonrú:

(a)

na critéir dhiana chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 a chuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh agus na hualuithe is airde ó thaobh priacal á gcinneadh, go háirithe i dtéarmaí "comaoineacha cobhsaíochta airgeadais".

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

5.   Cuirfidh institiúidí Ballstáit amháin na hualaí priacal agus na critéir arna gcinneadh ag údaráis inniúla Ballstáit eile i bhfeidhm maidir le risíochtaí atá urraithe le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe agus ar mhaoin chónaithe dhochorraithe atá suite sa Bhallstát sin.

Airteagal 125

Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe

1.   Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe:

(a)

déanfar ualú priacal 35 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá nó a bheidh áitithe nó ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta;

(b)

déanfar ualú priacal cothrom le 35 % a shannadh do risíochtaí ar thionónta faoi idirbheart léasaithe maoine maidir le maoin chónaithe faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.

2.   Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;

(b)

ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht. Maidir leis na foinsí eile sin, déanfaidh institiúidí na cóimheasa uasta iasachta/ioncaim mar chuid dá mbeartas iasachtaithe agus gheobhaidh siad fianaise oiriúnach ar an ioncam iomchuí nuair a thabharfaidh siad an iasacht.

(c)

comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);

(d)

mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), an chuid den iasacht a bhfuil ualú priacal cothrom le 35 % sannta di, ní sháróidh sí 80 % de mhargadhluach na maoine atá i gceist, nó 80 % de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.

3.   Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine cónaithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach mó ná na teorainneacha seo a leanas:

(a)

caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe suas go dtí 80 % den mhargadhluach nó ní sháraíonn 80 % den luach iasachta morgáiste, mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), 0.3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith;

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin chónaithe in aon bhliain faoi leith.

4.   I gcás nach gcomhlíontar ceann na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 in aon bhliain faoi leith, scoirfear de bheith incháilithe chun mír 3 a úsáid agus beidh feidhm ag an gcoinníoll atá i mír 2(b) go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 i mbliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 126

Risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe

1.   Mura gcinneann na húdaráis inniúla a mhalairt i gcomhréir le hAirteagal 124(2), is mar seo a leanas a láimhseálfar risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe:

(a)

féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí nó d'aon chuid de risíocht arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar oifigí nó ar áitribh thráchtála eile;

(b)

féadfar ualú priacal cothrom le 50 % a shannadh do risíochtaí a bhaineann le hidirbhearta léasaithe maoine maidir le hoifigí nó áitribh thráchtála eile faoinarb í an institiúid an léasóir agus tá sé de rogha ag an tionónta í a cheannach, ar an gcoinníoll go bhfuil an risíocht ar an institiúid urraithe go hiomlán lena húinéireacht ar an maoin.

2.   Ní mheasfaidh institiúidí go bhfuil risíocht nó aon chuid de risíocht urraithe go hiomlán chun críocha mhír 1, ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh luach na maoine ag brath go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an iasachtaí. Féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás go mbíonn tionchar ag tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch ar luach na maoine agus ar fheidhmíocht an iasachtaí araon óna gcinneadh maidir le hábharthacht spleáchais den sórt sin;

(b)

ní bheidh priacal an iasachtaí ag brath go hábhartha ar fheidhmíocht na maoine nó an tionscadail a fholuíonn é, ach ar chumas foluiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar iarmhairt air sin, ní bheidh aisíoc na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an maoin fholuiteach agus í ag fónamh mar chomhthaobhacht.

(c)

comhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1);

(d)

Déanfar ualú priacal cothrom le 50 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), a shannadh don chuid sin den iasacht nach mó ná 50 % de mhargadhluach na maoine nó 60 %, mura bhforáiltear a mhalairt faoi Airteagal 124(2), de luach iasachta morgáiste na maoine atá i gceist sna Ballstáit sin inar leagadh síos critéir dhiana i bhforálacha reachtúla nó rialála chun measúnú a dhéanamh ar an luach iasachta morgáiste.

3.   Féadfaidh institiúidí pointe (b) de mhír 2 a mhaolú i gcás risíochtaí arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála atá suite laistigh de chríoch Ballstáit, i gcás inar fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise a léiríonn go bhfuil margadh maoine dochorraithe atá dea-fhorbartha agus seanbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn na teorainneacha seo a leanas:

(a)

caillteanais a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí 50 % den mhargadhluach nó nach sáraíonn 60 % den luach iasachta morgáiste mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 124(2) 0,3 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe;

(b)

caillteanais fhoriomlána a eascraíonn ó iasachtú atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe nach mó ná 0.5 % de na hiasachtaí gan íoc atá comhthaobhaithe le maoin thráchtála dhochorraithe.

4.   I gcás nach gcomhlíontar ceann de na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 in aon bhliain faoi leith, scoirfear de bheith incháilithe chun mír 3 a úsáid agus beidh feidhm ag an gcoinníoll atá i mír 2(b) go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3 i mbliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 127

Risíocht ar mhainneachtain

1.   I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ina ndearna an t-oibleagáideoir mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacal cothrom leo siúd a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid creidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:

(a)

150 %, i gcás gur lú coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta mura gcuirfí na coigeartuithe sonracha sin i leith priacal creidmheasa i bhfeidhm;

(b)

100 %, i gcás gur lú coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta mura gcuirfí na coigeartuithe sonracha sin i leith priacal creidmheasa i bhfeidhm.

2.   Ar mhaithe leis an gcuid urraithe den ítim atá thar téarma a chinneadh, is í an chomhthaobhacht incháilithe agus na ráthaíochtaí incháilithe iad sin atá incháilithe chun críocha maolaithe priacal creidmheasa faoi Chaibidil 4.

3.   Sannfar ualú priacal cothrom le 100 % do luach na risíochta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le priacal creidmheasa ar risíochtaí, arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 125 i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.

4.   Sannfar ualú priacal cothrom le 100 % do luach na risíochta a bheidh ann tar éis coigeartuithe sonracha maidir le priacal creidmheasa ar risíochtaí, arna n-urrú go hiomlán le morgáistí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 126 i gcás gur tharla mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178.

Airteagal 128

Ítimí a mbaineann priacal fíor-ard leo

1.   Déanfaidh institiúidí ualú priacal 150 % a shannadh do risíochtaí, lena n-áirítear risíochtaí i bhfoirm scaireanna nó aonad in GC a mbaineann priacal fíor-ard leo, nuair is iomchuí.

2.   Áireofar aon cheann de na risíochtaí seo a leanas le risíochtaí a mbaineann priacal fíor-ard leo:

(a)

infheistíochtaí i ngnólachtaí caipitil fiontair;

(b)

infheistíochtaí i gcistí infheistíochta malartacha mar a sainítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE seachas i gcás nach gceadaítear, le sainordú an chiste, luamhánú níos airde ná an ceann a éilítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;

(c)

infheistíochtaí i gcothromas príobháideach;

(d)

maoiniú amhantrach ar mhaoin dhochorraithe.

3.   Agus measúnú á dhéanamh féachaint an bhfuil baint ag risíocht seachas risíochtaí dá dtagraítear i mír 2 le priacal fíor-ard, cuirfidh institiúidí na saintréithe priacal seo a leanas san áireamh:

(a)

tá priacal ard caillteanais ann mar thoradh ar mhainneachtain an oibleagáideora;

(b)

ní féidir a mheas go leormhaith an dtagann an risíocht faoi phointe (a).

Eiseoidh ÚBE treoirlínte ag sonrú cé na cineálacha risíochtaí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo agus na dálaí faoina bhfuil sé sin amhlaidh.

Glacfar leis na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 129

Risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach

1.   Le bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach atá leagtha amach i mír 4 agus i mír 5, comhlíonfar leis na bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE (bannaí faoi chumhdach) na ceanglais a leagtar amach i mír 7 agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir, bainc cheannais CEBC, eintitis san earnáil phoiblí, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla san Aontas;

(b)

risíochtaí ar nó ráthaithe ag rialtais láir tríú tíortha, bainc cheannais tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí ar nó ráthaithe ag eintitits na hearnála poiblí tríú tíortha, rialtais réigiúnacha tríú tíortha nó údaráis áitiúla tríú tíortha atá ualaithe ó thaobh priacal mar risíochtaí ar institiúidí nó ar rialtais láir nó ar bhainc cheannais i gcomhréir le hAirteagal 115(1) nó (2), nó le hAirteagal 116(1), (2) nó (4) faoi seach agus a cháilíonn don bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, agus risíochtaí i gcomhthéacs an phointe seo a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo, ar an gcoinníoll nach mó iad ná 20 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúidí eisiúna;

(c)

risíochtaí ar institiúidí a cháilíonn do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo. Ní bheidh risíocht iomlán den sórt sin níos mó ná 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna. Ní bheidh risíochtaí ar institiúidí san Aontas a bhfuil aibíocht nach mó ná 100 lá ag gabháil leo cuimsithe faoi cheanglas bheart 1 ach cáileoidh na hinstitiúidí sin ar a laghad do bheart cáilíochta creidmheasa 2 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo;

(d)

iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:

(i)

maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó

(ii)

aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin chónaithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin chónaithe atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.

(e)

iasachtaí cónaithe arna n-urrú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a cháilíonn le haghaidh céim 2 den cháilíocht chreidmheasa nó os a chionn, mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gcás nach mbeidh an chuid de gach ceann de na hiasachtaí a úsáidtear chun an gceanglas a leagtar amach sa mhír seo maidir le hurrús comhthaobhach an bhanna faoi chumhdach a chomhlíonadh níos mó ná 80 % de luach na maoine cónaithe comhfhreagraí a bheidh lonnaithe sa Fhrainc, agus i gcás ina n-urramaítear cóimheas iasacht/ioncaim 33 % ar a mhéid i gcás ina gceadaítear iasacht. Ní bheidh níos mó lian morgáiste ar an maoin chónaithe nuair a cheadófar an iasacht, agus i gcás na n-iasachtaí a cheadófar ón 1 Eanáir 2014, beidh an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan liain mar sin a cheadú gan toiliú ón institiúid chreidmheasa a cheadaíonn an iasacht. Seasann an cóimheas iasachta/ioncaim do sciar d'ollioncam an iasachtaí lena gcumhdaítear aisíoc na hiasachta, ús san áireamh. Is institiúid airgeadais a bheidh údaraithe ag na húdaráis inniúla agus a ndéanfaidh na húdaráis maoirseacht orthu a bheidh i soláthraí na cosanta agus beidh sí faoi réir ceanglas stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta institiúide nó gnóthais árachais. Bunóidh sé comhchiste ráthaíochta nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais priacal creidmheas a sheasamh, agus déanfaidh na húdaráis inniúla an calabrú a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil. Déanfaidh an institiúid chreidmheas agus soláthraí na cosanta araon measúnú creidmheasa ar an iasachtaí;

(f)

iasachtaí a urraítear leis an méid a leanas:

(i)

maoin thráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall; nó

(ii)

aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe coibhéiseacha a rialaítear le dlíthe Ballstáit a dhéanann urrúsú ar risíochtaí ar mhaoin thráchtála dhochorraithe. I gcás ina n-úsáidtear aonaid shinsearacha den sórt sin mar chomhthaobhacht, áiritheoidh an mhaoirseacht phoiblí speisialta chun sealbhóirí bannaí a chosaint mar a ndéantar foráil di in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE go mbeidh na sócmhainní a fholuíonn aonaid den sórt sin, aon tráth le linn dóibh a bheidh áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh, comhdhéanta de 90 % ar a laghad de mhorgáistí ar mhaoin thráchtála atá cónasctha le haon lian roimhe sin suas go dtí an méid is ísle as méideanna na bpríomhshuimeanna atá dlite faoi na haonaid, méideanna phríomhshuimeanna na lian, agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall, go gcáileoidh na haonaid do bheart cáilíochta creidmheasa 1 mar atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus nach mó aonaid den sórt sin ná 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc.

Tá iasachtaí arna n-urrú le maoin thráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar an cóimheas Iasachta/Luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus go gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht.

(g)

iasachtaí a urraítear le liain mhuirí ar longa suas go dtí an difríocht idir 60 % de luach na longa atá curtha i ngeall agus luach aon lian muirí a bhí ann roimhe sin.

Chun críocha phointí (c), (d)(ii) agus (f)(ii) den chéad fhomhír, ní bheidh ceangal na teorainneacha dá dtagraítear thuas a ríomh i gcás a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n-oibleagáideoirí i leith iasachtaí, nó de bharr fáltais leachtacha maidir le hiasachtaí, arna n-urrú le maoin na n-aonad sinsearach atá curtha i ngeall nó na n-urrús fiachais.

Féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, cur i bhfeidhm pointe (c) den chéad fhomhír a tharscaoileadh i bpáirt agus céim 2 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú suas go dtí 10 % den risíocht iomlán ar mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna, ar an gcoinníoll gur féidir fadhbanna móra comhchruinnithe a d'fhéadfadh tarlú sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú mar gheall ar fheidhmiú an cheanglais faoi bheart cáilíochta creidmheasa 1 dá dtagraítear sa phointe sin.

2.   Áireofar freisin sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) go (f) comhthaobhacht atá srianta go heisiach ag reachtaíocht chun sealbhóirí bannaí a chosaint i gcoinne caillteanas.

3.   Déanfaidh institiúidí, i gcás maoine dochorraithe a dhéanann bannaí faoi chumhdach a chomhthaobhú, na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 208 agus na rialacha luachála atá leagtha amach in Airteagal 229(1) a chomhlíonadh.

4.   I gcás bannaí faoi chumhdach a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 6a a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 6a

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

10 %

20 %

20 %

50 %

50 %

100 %

5.   I gcás bannaí faoi chumhdach nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh ar bhonn an ualaithe priacal a sannadh do risíochtaí neamhurraithe sinsearacha ar an institiúid a eisíonn iad. Beidh feidhm ag an gcomhfhreagairt seo a leanas idir ualaí priacal:

(a)

má dhéantar ualú priacal 20 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 10 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(b)

má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 20 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(c)

má dhéantar ualú priacal 100 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 50 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach;

(d)

má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do na risíochtaí ar an institiúid, déanfar ualú priacal 100 % a shannadh don bhanna faoi chumhdach.

6.   Níl bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir ag ceanglais mhír 1 agus mhír 3. Tá siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhír 4 agus mhír 5 go dtí a n-aibíocht.

7.   Tá risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach incháilithe don láimhseáil fhabhrach, ar an gcoinníoll go mbeidh an institiúid a bhfuil infheistíocht á déanamh aici sna bannaí faoi chumhdach in ann an méid a leanas a léiriú do na húdaráis inniúla:

(a)

go bhfaigheann sí faisnéis punainne maidir leis an méid a leanas ar a laghad:

(i)

luach an chomhthiomsaithe chumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(ii)

dáileadh geografach agus cineál na sócmhainní cumhdaigh, méid na hiasachta, an ráta úis agus priacail airgeadra;

(iii)

struchtúr aibíochta na sócmhainní cumhdaigh agus na bannaí faoi chumhdach; agus

(iv)

céatadán na n-iasachtaí atá níos mó ná nócha lá thar téarma;

(b)

cuireann an t-eisitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil don institiúid ar a laghad dhá uair sa bhliain.

Airteagal 130

Ítimí atá in ionannas le suímh urrúsaithe

Déanfar méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal i dtaca le suímh urrúsaithe a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 5.

Airteagal 131

Risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach acu

I gcás risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa gearrthéarmach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 7 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 7

Céim Cáilíochta Creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

150 %

150 %

150 %

Airteagal 132

Risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna

1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna mura gcuirfidh an institiúid an modh measúnaithe ar priacal creidmheasa faoi mhír 2, nó cur chuige na trédhearcachta faoi mhír 4 nó an cur chuige maidir le meánualú priacal faoi mhír 5 i bhfeidhm nuair a chomhlíontar na coinníollacha i mír 3.

2.   I gcás risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 8 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.

Tábla 8

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú priacal

20 %

50 %

100 %

100 %

150 %

150 %

3.   Féadfaidh institiúidí an t-ualú priacal a shannfar do GC a chinneadh i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, má chomhlíontar na critéir incháilitheachta seo a leanas:

(a)

is cuideachta atá faoi réir maoirseachta i mBallstát a dhéanann bainistiú ar an GC nó, i gcás GC i dtríú tír, nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is cuideachta atá faoi réir maoirseachta a mheastar a bheith coibhéiseach leis an mhaoirseacht atá leagtha amach i ndlí an Aontais a dhéanann bainistiú ar an GC;

(ii)

áirithítear go bhfuil dóthain comhair ann idir údaráis inniúla;

(b)

beidh siad seo a leanas go léir le fáil i réamheolaire an GC nó i ndoiciméad coibhéiseach:

(i)

catagóirí na sócmhainní a bhfuil an GC údaraithe infheistíocht a dhéanamh iontu;

(ii)

na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;

(c)

tuairiscítear gnó an GC ar bhonn bliantúil ar a laghad ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar shócmhainní agus ar dhliteanais, agus ar ioncam agus ar oibríochtaí thar an tréimhse tuairiscithe.

Chun críocha phointe (a), féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir le risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna in GCanna ó thríú tíortha i gcás ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla ábhartha mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

4.   I gcás inarb eol don institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC, féadfaidh sí na risíochtaí fholuiteacha sin a thrébhreathnú d'fhonn meánluach priacal a ríomh dá risíochtaí i bhfoirm aonad nó scaireanna sna GCanna i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo. I gcás gur risíocht i bhfoirm aonad nó scaireanna in GC eile a chomhlíonann critéir mhír 3 í risíocht fholuiteach an GC, féadfaidh an institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC eile sin a thrébhreathnú.

5.   I gcás nach eol d'institiúid risíochtaí fholuiteacha an GC, féadfaidh sí meánluach priacal a ríomh dá risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaire sa GC i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo faoi réir an bhoinn tuisceana go ndéanfaidh an GC infheistíocht ar dtús, go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú, sna risíochtaí a mheallann an ceanglas caipitil is airde, agus go leanann sé ansin ag déanamh infheistíochtaí in ord íslitheach go dtí go mbainfear amach an uasteorainn infheistíochta iomlán.

Féadfaidh institiúidí a bheith ag brath ar na tríú páirtithe seo a leanas chun ualú priacal a ríomh agus a thuairisciú maidir leis an GC, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach i mír 4 agus mír 5:

(a)

institiúid taisclainne nó institiúid taisclainne airgeadais an GC ar an gcoinníoll go ndéanann an GC infheistíocht eisiach in urrúis agus go ndéanann sé gach urrús a chur i dtaisce ag an institiúid taisclainne sin nó san institiúid airgeadais;

(b)

i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 3.

Deimhneoidh iniúchóir seachtrach cruinneas an ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 133

Risíochtaí ar chothromas

1.   Measfar gur risíochtaí ar chothromas iad na risíochtaí seo a leanas:

(a)

risíochtaí ar neamhfhiachas a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ar ioncam an eisitheora;

(b)

risíochtaí ar fhiachas agus urrúis eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na risíochtaí atá sonraithe i bpointe (a).

2.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do risíochtaí ar chothromas, mura gceanglaítear iad a asbhaint i gcomhréir le Cuid a Dó, ualú priacal 250 % a shannadh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 48(4), ualú priacal 1,250 % i gcomhréir le hAirteagal 89(3) nó déanfar iad a láimhseáil mar ítimí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 128.

3.   Déanfar infheistíochtaí in ionstraimí caipitil chothromais nó caipitil rialála arna n-eisiúint ag institiúidí a aicmiú mar éilimh iarmharacha, mura n-asbhaintear iad as cistí dílse nó má mheallann siad ualú priacal 250 % faoi Airteagal 48(4) nó má láimhseáiltear iad mar ítimí a bhfuil priacal fíor-ard ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 128.

Airteagal 134

Ítimí eile

1.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do shócmhainní inláimhsithe de réir bhrí Airteagal 4(10) de Threoir 86/635/CEE.

2.   Déanfar ualú priacal 100 % a shannadh do réamhíocaíochtaí agus d'ioncam fabhraithe nach bhfuil institiúid ábalta an contrapháirtí a chinneadh ina leith i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE.

3.   Déanfar ualú priacal 20 % a shannadh d'ítimí airgid atá á gcruinniú. Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh d'airgead ar láimh agus d'ítimí airgid coibhéiseacha.

4.   Déanfar ualú priacal 0 % a shannadh d'órbhuillean arna shealbhú ina bhoghtaí féin nó ar bhonn leithdháilte, sa mhéid is go bhfuil sé cumhdaithe ag dliteanais bhuillin.

5.   I gcás comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh sócmhainne agus réamhcheannacháin glan amach, is é an t-ualú priacal a shannfar an t-ualú priacal sin a shannfar do na sócmhainní atá i gceist agus ní do na contrapháirtithe sna hidirbhearta.

6.   I gcás ina dtugann institiúid cosaint chreidmheasa do roinnt risíochtaí faoi théarmaí lena spreagfaidh an n-ú mainneachtain i measc na risíochtaí íocaíocht agus go ndéanfar an conradh a fhoirceannadh leis an teagmhas creidmheasa sin, agus i gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach ag an táirge ó IMCS, déanfar na hualaí priacal atá leagtha amach i gCaibidil 5 a shannadh. Mura bhfuil rátáil ag an táirge ó IMCS, déanfar comhiomlánú ar na hualaí priacal a áireofar sa bhascaed, cé is moite de risíochtaí n-1, suas go huasmhéid 1,250 % agus iolraithe faoi mhéid ainmniúil na cosanta arna soláthar ag an díorthach creidmheasa chun méid na sócmhainne a bheidh ualaithe ó thaobh priacal a fháil. Cinnfear na risíochtaí n-1 a eiseofar ón gcomhiomlánú ar an mbonn go gcuimseoidh siad na risíochtaí sin a dtáirgeann gach ceann acu méid risíochta níos ísle atá ualaithe ó thaobh priacal ná an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal d'aon cheann de na risíochtaí atá áirithe sa chomhiomlánú.

7.   Beidh luach na risíochta do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Is é a bheidh sna híocaíochtaí léasa íosta na híocaíochtaí thar an téarma léasa a cheanglaítear nó a cheanglófar ar an léasaí a dhéanamh agus aon céadrogha ar cheannach sladmhargaidh a bhfuil a fheidhmiú réasúnta cinnte. Féadfar a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach ar mhaoin léasaithe agus comhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tsraith coinníollacha in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht soláthraithe cosanta chomh maith leis na ceanglais chun cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint dá bhforáiltear in Airteagail 213 go 215, agus féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa faoi Chaibidil 4. Déanfar na risíochtaí sin a shannadh don aicme risíochta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 112. Nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an risíocht, déanfar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mar seo a leanas: 1/t * 100 % * an luach iarmharach, i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.

Roinn 3

Measúnú priacal creidmheasa a aithint agus a mhapáil

Foroinn 1

Imcsanna a aithint

Airteagal 135

Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna

1.   Féadfar measúnú creidmheasa seachtrach a úsáid chun an t-ualú priacal a bheidh ar risíocht a chinneadh faoin gCaibidil seo ach amháin má d'eisigh IMCS é nó má tá sé formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

2.   Foilseoidh ÚBE liosta na IMCSanna ar a láithreán gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

Foroinn 2

Measúnaithe creidmheasa an imcs a mhapáil

Airteagal 136

Measúnuithe creidmheasa an IMCS a mhapáil

1.   Forbróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le go sonrófar maidir le gach IMCS cé na bearta cáilíochta creidmheasa atá leagtha amach i Roinn 2 lena gcomhfhreagraíonn measúnuithe creidmheasa ábhartha an IMCS (‧mapáil‧). Beidh na cinntí sin oibiachtúil agus comhsheasmhach.

Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014 agus cuirfidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin más gá.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.

2.   Nuair a bheidh mapáil na measúnuithe creidmheasa á cinneadh, comhlíonfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na ceanglais seo a leanas:

(a)

d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal a dhéantar le gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cainníochtúla a mheas amhail an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim a sanntar an measúnú creidmheasa céanna orthu. I gcás IMCSanna a bunaíodh le déanaí agus i gcás na IMCSanna sin nár thiomsaigh ach taifead gearr de shonraí mainneachtana, fiafróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM den IMCS cad a chreideann sé an ráta mainneachtana fadtéarmach a bhaineann le gach ítim ar a sanntar an measúnú creidmheasa céanna a bheith;

(b)

d'fhonn idirdhealú a dhéanamh idir na céimeanna coibhneasta priacal arna sloinneadh ag gach measúnú creidmheasa, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM fachtóirí cailíochtúla a mheas amhail an comhthiomsú eisitheoirí arna chumhdach ag an IMCS, raon na measúnuithe creidmheasa arna sannadh ag an IMCS, an bhrí atá le gach measúnú creidmheasa agus an sainmhíniú a thugann an IMCS ar mhainneachtain;

(c)

cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar gach measúnú creidmheasa IMCS áirithe i gcomparáid le tagarmharc atá tógtha ar bhonn na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ag IMCSanna eile maidir le líon eisitheoirí a léiríonn leibhéal coibhéiseach priacal creidmheasa;

(d)

i gcás ina bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa IMCS áirithe níos airde ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, déanfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM céim cáilíochta creidmheasa níos airde sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa a shannadh do mheasúnú creidmheasa an IMCS;

(e)

i gcás ina bhfuil an t-ualú priacal gaolmhar ardaithe ag ÚBE, ag UAPGE agus ag ÚEUM do mheasúnú creidmheasa sonrach IMCS áirithe, agus i gcás nach bhfuil na rátaí mainneachtana a bhí mar thoradh ar mheasúnú creidmheasa an IMCS sin níos airde a thuilleadh ar bhonn ábhartha agus ar bhonn córasach ná an tagarmharc, féadfaidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM an chéim cáilíochta creidmheasa bhunaidh a chur ar ais sa scála measúnaithe cáilíochta creidmheasa do mheasúnú creidmheasa an IMCS.

3.   Forbróidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na fachtóirí cainníochtúla dá dtagraítear i bpointe (a), na fachtóirí cailíochtúla dá dtagraítear i bpointe (b) agus an tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a shonrú.

Cuirfidh ÚBE, UAPGE agus ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faoi seach.

Foroinn 3

Measúnuithe creidmheasa ó ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin a úsáid

Airteagal 137

Measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin a úsáid

1.   Chun críocha Airteagal 114, féadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a d'ainmnigh an institiúid a úsáid, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is scór priacal na coitiantachta é ó Ghníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin atá rannpháirteach sa ‧Socrú maidir le Treoirlínte do Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin a Fhaigheann Tacaíocht Oifigiúil‧ de chuid an ECFE;

(b)

foilsíonn an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a measúnuithe creidmheasa, agus glacann an Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE, agus tá baint ag an measúnú creidmheasa le ceann de na hocht íosphréimheanna árachais onnmhairiúcháin a bhunaítear le modheolaíocht chomhaontaithe an ECFE. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú.

2.   I gcás risíochtaí a n-aithnítear measúnú creidmheasa ó Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin ina leith chun críocha ualaithe priacal, déanfar ualú priacal a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 9.

Tábla 9

MEIP

0

1

2

3

4

5

6

7

Ualú priacal

0 %

0 %

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

Roinn 4

Measúnuithe creidmheasa an imcs a úsáid chun ualú priacal a chinneadh

Airteagal 138

Ceanglais ghinearálta

Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú a úsáidfear chun ualú priacal a bheidh le sannadh d'ítimí sócmhainne agus d'ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. Ní úsáidfear na measúnuithe creidmheasa ar bhonn roghnaitheach. Úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa atá iarrtha. Ní fhéadfaidh sí measúnuithe creidmheasa gan iarraidh a úsáid, áfach, ach amháin má tá sé deimhnithe ag ÚBE nach bhfuil difríocht ó thaobh cáilíochta idir measúnuithe creidmheasa gan iarraidh de IMCS agus measúnuithe creidmheasa den IMCS sin atá iarrtha. Diúltóidh ÚBE nó cúlghairfidh sé an deimhniú sin go háirithe má tá measúnú creidmheasa gan iarraidh úsáidte ag an IMCS chun brú a chur ar an eintiteas rátáilte ord a chur isteach le haghaidh measúnaithe creidmheasa nó seirbhísí eile. Agus measúnú creidmheasa á úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas:

(a)

maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid d'aicme áirithe ítimí, úsáidfidh sí na measúnuithe creidmheasa sin ar bhonn comhsheasmhach maidir leis na risíochtaí go léir atá san aicme sin;

(b)

maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid, úsáidfidh sí iad ar bhealach leanúnach agus comhsheasmhach le himeacht ama;

(c)

ní úsáidfidh institiúid ach measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS ina gcuirtear san áireamh na méideanna go léir, i bhfoirm príomhshuime agus úis, atá dlite di;

(d)

i gcás nach bhfuil ach measúnú creidmheasa amháin ar fáil ó IMCS ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal don ítim sin a chinneadh;

(e)

i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe agus go gcomhfhreagraíonn an dá cheann d'ualú priacal éagsúil le haghaidh ítime rátáilte, déanfar an t-ualú priacal is airde a shannadh;

(f)

i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, tagrófar don dá mheasúnú a ghineann an dá ualú priacal is ísle. Má tá an dá ualú priacal is ísle éagsúil, déanfar an t-ualú priacal is airde díobh a shannadh. Más ionann an dá ualú priacal is ísle, déanfar an t-ualú priacal sin a shannadh.

Airteagal 139

Measúnú creidmheasa an eisitheora agus na heisiúna

1.   I gcás ina bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna ar leis nó léi an ítim arb í an risíocht í, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an t-ualú priacal a shannfar don ítim sin a chinneadh.

2.   I gcás nach bhfuil aon mheasúnú creidmheasa atá infheidhme go díreach ann a bhaineann le hítim áirithe, ach go bhfuil measúnú creidmheasa ann a bhaineann le clár sonrach nó le saoráid shonrach eisiúna nach leis nó léi an ítim arb í an risíocht í nó go bhfuil measúnú ginearálta creidmheasa ann a bhaineann leis an eisitheoir, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

léiríonn sé ualú priacal níos airde ná mar a bheadh amhlaidh thairis sin agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí;

(b)

léiríonn sé ualú priacal níos ísle agus rangaítear an risíocht atá i gceist ar chomhchéim nó ar chéim níos sinsearaí i ngach cás i gcomparáid leis an gclár sonrach nó leis an tsaoráid shonrach eisiúna nó le risíochtaí neamhurraithe sinsearacha an eisitheora sin, de réir mar is iomchuí.

I ngach cás eile, láimhseálfar an risíocht mar risíocht gan rátáil.

3.   Níl sé i gceist le mír 1 agus mír 2 cur chun feidhme Airteagal 129 a chosc.

4.   Ní féidir measúnuithe creidmheasa a bhaineann le heisitheoirí laistigh de ghrúpa corparáideach a úsáid mar mheasúnú creidmheasa ar eisitheoir eile laistigh den ghrúpa corparáideach céanna.

Airteagal 140

Measúnuithe creidmheasa fadtéarmacha agus gearrthéarmacha

1.   Ní fhéadfar measúnuithe creidmheasa gearrthéarmacha a úsáid ach le haghaidh ítimí sócmhainne gearrthéarmaí agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe ar risíochtaí ar institiúidí agus ar chorparáidí iad.

2.   Ní bheidh feidhm ag aon mheasúnú creidmheasa gearrthéarmach ach amháin maidir leis an ítim a dtagraíonn an measúnú creidmheasa gearrthéarmach dó, agus ní úsáidfear é chun ualú priacal a dhíorthú maidir le hítim eile, cé is moite de na cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar ualú priacal 150 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, déanfar ualú priacal 150 % a shannadh freisin do gach risíocht neamhurraithe gan rátáil maidir leis an oibleagáideoir sin, bíodh siad gearrthéarmach nó fadtéarmach;

(b)

má dhéantar ualú priacal 50 % a shannadh do shaoráid rátáilte ghearrthéarmach, ní dhéanfar ualú priacal níos ísle ná 100 % a shannadh d'aon risíocht ghearrthéarmach gan rátáil.

Airteagal 141

Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh

Ní féidir measúnú creidmheasa a thagraíonn d'ítim atá ainmnithe in airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid chun ualú priacal a dhíorthú do risíocht eile maidir leis an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.

Nuair a thagann risíocht chun cinn trí rannpháirtíocht institiúide in iasacht arna shíneadh ag banc forbartha iltaobhach a n-aithnítear a stádas mar chreidiúnaí tosaíochta sa mhargadh, féadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ar mhaithe le hualú ó thaobh priacal a dhéanamh.

CAIBIDIL 3

Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha

Roinn 1

Cead ó údaráis inniúla an cur chuige irb a úsáid

Airteagal 142

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‧córas rátála‧ gach modh, próiseas, rialuithe, córas bailiúcháin sonraí agus TF a thacaíonn le priacal creidmheasa a mheasúnú, risíochtaí a shannadh do ghráid nó do chomhthiomsuithe rátála, agus meastacháin ar mhainneachtain agus ar chaillteanais a forbraíodh le haghaidh cineálacha áirithe risíochtaí a chainníochtú;

(2)

ciallaíonn cineál risíochtaí' grúpa risíochtaí arna mbainistiú go haonchineálach agus atá foirmithe ag cineál áirithe saoráidí agus a fhéadfaidh a bheith teoranta d'eintiteas amháin nó d'fho-fhoireann aonair eintiteas laistigh de ghrúpa ar an gcoinníoll go ndéantar bainistiú éagsúil ar an gcineál céanna risíochtaí in eintitis eile den ghrúpa;

(3)

ciallaíonn ‧aonad gnó‧ aon eintiteas eagraíochtúil nó dlíthiúil faoi leith, réimeanna gnó, suímh thíreolaíocha

(4)

ciallaíonn ‧mór-eintiteas earnála airgeadais‧ aon eintiteas earnála airgeadais, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (27)(j) d'Airteagal 4(1) a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ar mó ná, nó cothrom leis, an tairseach EUR 70 billiún iomlán a chuid sócmhainní, a ríomhtar ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, agus leas á bhaint as an ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí nó as an ráiteas airgeadais chomhdhlúite d'fhonn méid na sócmhainne a chinneadh; agus

(b)

tá an t-eintiteas féin nó ceann dá fhochuideachtaí faoi réir rialála stuama