ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.174.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
26 Meitheamh 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 174 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

26.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 549/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá faisnéis atá inchomparáide, cothrom le dáta agus iontaofa ar struchtúr gheilleagar gach Ballstáit nó réigiúin agus ar an bhforbairt ar staid eacnamaíoch gach Ballstáit nó réigiúin ag teastáil don cheapadh beartas san Aontas agus chun faireachán a dhéanamh ar gheilleagair na mBallstát agus ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA).

(2)

Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún páirt san fhaireachán a dhéantar ar gheilleagair na mBallstát agus ar AEA agus, go háirithe, ba cheart dó tuairisciú go rialta don Chomhairle faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit agus a gcuid oibleagáidí a bhaineann le AEA á gcomhlíonadh acu.

(3)

Teastaíonn cuntais eacnamaíocha ó shaoránaigh an Aontais mar uirlis bhunúsach chun anailís a dhéanamh ar staid eacnamaíoch Ballstáit nó réigiúin. Ar mhaithe le hinchomparáideacht, ba cheart cuntais den sórt sin a tharraingt suas ar bhonn tacar aonair prionsabal, ar prionsabail iad, nach féidir léirithe éagsúla a dhéanamh orthu. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil chomh beacht, chomh hiomlán agus chomh tráthúil agus is féidir d’fhonn leibhéal uasta trédhearcachta a áirithiú do gach earnáil.

(4)

Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as comhiomláin na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach chun críocha riaracháin an Aontais agus, go háirithe, chun ríomhanna buiséadacha a dhéanamh.

(5)

Sa bhliain 1970 foilsíodh doiciméad riaracháin dar teideal “An Córas Eorpach Cuntas Eacnamaíoch Suimeáilte” (CCE), doiciméad inar cumhdaíodh an réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo. Dhréachtaigh Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach agus an oifig sin amháin an doiciméad sin a raibh sí féin amháin freagrach as agus ba thoradh é an doiciméad sin ar an obair a rinne an oifig sin le linn roinnt blianta, i gcomhar le hinstitiúidí náisiúnta staidrimh na mBallstát, ar obair í a rinneadh chun córas cuntas náisiúnta a cheapadh lena gcomhlíonfaí ceanglais bheartas eacnamaíoch agus sóisialta na gComhphobal Eorpach. Is éard a bhí ann leagan an Chomhphobail de Chóras Cuntas Náisiúnta na Náisiún Aontaithe, ar córas é a bhí á úsáid ag na Comhphobail go dtí an tráth sin. Chun an téacs bunaidh a thabhairt cothrom le dáta foilsíodh an dara heagrán den doiciméad sa bhliain 1979 (3).

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach sa Chomhphobal (4) bunaíodh córas cuntas náisiúnta chun ceanglais bheartas eacnamaíoch, sóisialta agus réigiúnach an Chomhphobail a chomhlíonadh. Bhí an córas sin comhsheasmhach den chuid is mó leis an gCóras Cuntas Náisiúnta a ghlac Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 1993, ar córas é a bhí ina chóras nua an tráth sin (CCN 1993), ionas go mbeadh na torthaí i mBalltíortha uile na Náisiún Aontaithe inchomparáide ar bhonn idirnáisiúnta.

(7)

Tugadh CCN 1993 cothrom le dáta sa Chóras Cuntas Náisiúnta nua (CCN 2008) a ghlac Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 2009 d’fhonn na cuntais náisiúnta a chur níos mó i gcomhréir leis an timpeallacht eacnamaíoch nua, leis an dul chun cinn i dtaighde modheolaíoch agus le riachtanais úsáideoirí.

(8)

Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCóras Cuntas Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 (CCE 95) chun na forbairtí ar CCN a chur san áireamh ionas gurb é atá sa Chóras Cuntas Eorpach athbhreithnithe, arna bhunú leis an Rialachán seo, leagan de CCN 2008 atá oiriúnaithe do struchtúir gheilleagair na mBallstát, agus ionas go mbeidh sonraí an Aontais inchomparáide leis na sonraí arna dtiomsú ag a phríomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta.

(9)

Chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte i leith an Chórais Cuntas Eorpaigh athbhreithnithe, rinneadh, le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (5), creat coiteann um bailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a bhunú.

(10)

I gcás cuntas comhshaoil agus sóisialta, ba cheart an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 20 Lúnasa 2009, dar teideal “OTI agus thairsti - An dul chun cinn atá á dhéanamh sa domhan atá ag athrú a thomhas”, a chur san áireamh go huile is go hiomlán. Is gá dul i mbun staidéar modheolaíoch agus tástálacha sonraí go bríomhar, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le “hOTI agus thairsti" agus leis an straitéis Eoraip 2020, chun cur chuige tomhais níos cuimsithí maidir le dea-bhail agus dul chun cinn a fhorbairt d’fhonn tacú le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir le seachtrachtaí comhshaoil agus éagothromaíochtaí sóisialta. Ba cheart an tsaincheist maidir le hathruithe na táirgiúlachta a chur san áireamh freisin. Ba cheart go gceadófaí leis sin sonraí a chomhlánaíonn comhiomláin OTI a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. Ba cheart don Choimisiún Teachtaireacht leantach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i 2013 maidir le OTI agus thairsti” agus más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh dóibh i 2014. Ba cheart breathnú ar na sonraí maidir le cuntais náisiúnta agus réigiúnacha mar bhealach amháin chun na haidhmeanna sin a shaothrú.

(11)

Ba cheart an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as modhanna bailiúcháin nua, uathoibrithe agus fíor-ama a fhiosrú.

(12)

Áiritear leis an gCóras Cuntas Eorpach athbhreithnithe a bhunaítear leis an Rialachán seo, (CCE 2010) modheolaíocht agus clár tarchurtha, ar clár é ina ndéantar sainiú ar na cuntais agus ar na táblaí atá le soláthar ag na Ballstáit go léir de réir spriocdhátaí sonraithe. Ba cheart don Choimisiún na cuntais agus na táblaí sin a chur ar fáil d’úsáideoirí ar dhátaí sonracha agus, i gcás inarb ábhartha, de réir féilire eisiúna réamhfhógraithe, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chóineasú eacnamaíoch bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus dlúth-chomhordú a bhaint amach i dtaca leis na beartais sin.

(13)

Maidir le sonraí a fhoilsiú, ba cheart cur chuige a ghlacadh a bheadh dírithe ar an úsáideoir, agus mar thoradh ar an gcur chuige sin d’fhéadfaí faisnéis atá inrochtana agus úsáideach a sholáthar do shaoránaigh an Aontais agus do gheallsealbhóirí eile.

(14)

Táthar chun na córais eile go léir a ionadú de réir a chéile le CCE 2010 mar chreat tagartha comhchaighdeán, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta maidir le cuntais na mBallstát a tharraingt suas chun críocha an Aontais, ionas go bhféadfar torthaí atá inchomparáide idir na Ballstáit a fháil.

(15)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche le haghaidh staidreamh (NUTS) (6) a bhunú, ba cheart go n-úsáidfí an t-aicmiú NUTS i staidreamh na mBallstát uile ar staidreamh é a tharchuirtear chuig an gCoimisiún agus a bhfuil miondealú de réir aicmiú NUTS le déanamh ina leith. Dá bharr sin, d’fhonn staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart na haonaid chríche a shainmhíniú i gcomhréir le haicmiú NUTS.

(16)

Is leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (7) a rialaítear tarchur na sonraí ag na Ballstáit, lena n-áirítear tarchur sonraí rúnda. Dá réir sin, ba cheart, go ndéanfaí, le bearta a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo, cosaint sonraí rúnda a áirithiú dá bhrí sin agus ba cheart a áirithiú freisin nach dtarlódh nochtadh neamhdhleathach ná úsáid neamhstaidrimh nuair a dhéantar staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh.

(17)

Cuireadh tascfhórsa ar bun chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le déileáil le seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM) i gcuntais náisiúnta, lena n-áirítear modh riosca-choigeartaithe ar modh é lena n-eisiaitear riosca ó ríomhanna FISIM d’fhonn costas an riosca réadaithe, ar costas é a bhfuiltear ag súil leis amach anseo, a léiriú. Agus fionnachtana an tascfhórsa á gcur san áireamh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun FISIM a ríomh agus a leithdháileadh, trí bhíthin gnímh tharmligthe, d’fhonn torthaí feabhsaithe a sholáthar.

(18)

Maidir le caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt, is infheistíocht atá ann agus, dá bhrí sin, ba cheart é a thaifeadadh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta. Tá sé riachtanach, áfach, formáid na sonraí a bhaineann le caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt ar sonraí iad atá le taifeadadh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta a shonrú trí bhíthin gnímh tharmligthe nuair a bhaintear amach leibhéal leordhóthanach muiníne i dtaca le hiontaofacht agus le hinchomparáideacht na sonraí trí chleachtadh trialach atá bunaithe ar tháblaí forlíontacha a fhorbairt.

(19)

Ceanglaítear le Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais do chreataí buiséadacha na mBallstát (8) faisnéis ábhartha a fhoilsiú i ndáil le dliteanais theagmhasacha a bhfuil mórthionchair ionchasacha acu ar bhuiséid phoiblí, lena n-áirítear ráthaíochtaí rialtais, iasachtaí neamhthuillmheacha, agus dliteanais a thig as oibriú corparáidí poiblí lena n-áirítear méid na nithe sin. De bharr na gceanglas sin, tá gá le foilsiú breise thar an méid a cheanglaítear faoin Rialachán seo.

(20)

I mí an Mheithimh 2012, bhunaigh an Coimisiún (Eurostat) Tascfhórsa maidir le himpleachtaí Threoir 2011/85/AE i ndáil le sonraí buiséadacha a bhailiú agus a scaipeadh, ar tascfhórsa é a dhírigh ar chur chun feidhme na gceanglas a bhaineann le dliteanais theagmhasacha agus le faisnéis ábhartha eile a d'fhéadfadh mórthionchair ionchasacha ar bhuiséid phoiblí, a thaispeáint, lena n-áirítear ráthaíochtaí rialtais, dliteanais corparáidí poiblí, Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (CPPanna), iasachtaí neamhthuillmheacha, agus rannpháirtíocht rialtais i gcaipiteal corparáidí. Le cur chun feidhme obair an Tascfhórsa sin ina iomláine, chuirfí le hanailís chuí a dhéanamh ar chaidrimh fholuiteacha eacnamaíocha conarthaí CPPanna, lena n-áirítear rioscaí foirgníochta, infhaighteachta agus éilimh, de réir mar is iomchuí, agus le gabháil na bhfiachas intuigthe maidir le CPPanna atá lasmuigh den chlár comhardaithe, agus dá bharr sin chothófaí trédhearcacht mhéadaithe agus staidreamh iontaofa maidir le fiachas.

(21)

Tá obair á déanamh ag an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch a bunaíodh le Cinneadh 74/122/CEE ón gComhairle (9) (EPC) ar obair í a bhaineann le hinbhuanaitheacht na bpinsean agus le hathchóiriú pinsean. Ba cheart go ndéanfaí dlúthchomhordú i ndáil le hobair na staitisteoirí ar an taobh amháin agus le hobair na saineolaithe maidir le daonraí atá ag dul in aois ar saineolaithe iad atá faoi choimirce EPC ar an taobh eile, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, i leith toimhdí maicreacnamaíocha agus paraiméadar achtúireach eile d’fhonn comhsheasmhacht agus inchomparáideacht trastíre a áirithiú i dtaca leis na torthaí, agus d’fhonn na sonraí agus an fhaisnéis a bhaineann le pinsin a chur in iúl go héifeachtúil d’úsáideoirí agus do gheallsealbhóirí. Ba cheart a shoiléiriú chomh maith nach tomhas a bhaineann chomh mór sin le hinbhuanaitheacht na gcistí poiblí iad teidlíochtaí pinsin fabhraithe go dáta in árachas sóisialta.

(22)

Cuirtear sonraí agus faisnéis i dtaca le dliteanais theagmhasacha de chuid na mBallstát ar fáil i gcomhthéacs na hoibre a bhaineann leis an nós imeachta faireachais iltaobhaigh sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Faoi mhí Iúil 2018, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a eisiúint ina ndéanfaí meastóireacht i dtaobh ar cheart na sonraí sin a chur ar fáil i gcomhthéacs CCE 2010 nó nár cheart.

(23)

Tá sé den tábhacht béim a leagan ar an tsuntasacht a bhaineann le cuntais réigiúnacha na mBallstát do bheartais réigiúnacha, eacnamaíocha agus comhtháthaithe shóisialta an Aontais agus ar an tsuntasacht a bhaineann le hanailís a dhéanamh ar na hidirthuilleamaíochtaí eacnamaíocha. Thairis sin, aithnítear an gá atá le trédhearcacht na gcuntas a fheabhsú ar leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear cuntais rialtais. Ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún (Eurostat) aird ar leith ar shonraí buiséadacha na réigiún i gcás ina bhfuil réigiúin nó rialtais uathrialaitheacha ag na Ballstáit.

(24)

Chun Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú d’fhonn léiriú comhchuibhithe i ndáil léi, nó a hinchomparáideacht idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Thairis sin, de bhun Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) CFAE, tá sé tábhachtach, go rachadh an Coimisiún, le linn a chuid oibre ullmhúcháin, i mbun comhairliúchán leis an mBanc Ceannais Eorpach, i gcás inarb ábhartha, i ndáil lena réimsí inniúlachta. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(25)

Déantar an chuid is mó de na comhiomláin staidrimh a úsáidtear i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, go háirithe an nós imeachta um easnamh iomarcach agus an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, a shainiú de réir CCE. Agus sonraí agus tuarascálacha á gcur ar fáil aige faoi na nósanna imeachta sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis iomchuí a thabhairt faoin tionchar ar na comhiomláin ábhartha ar tionchar é a thig as athruithe ar mhodheolaíocht CCE 2010 ar athruithe iad arna dtabhairt isteach le gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

(26)

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh ar bhain na sonraí maidir le Taighde agus Forbairt leibhéal cáilíochta leordhóthanach amach i bpraghsanna reatha agus i dtéarmaí méideanna araon chun críocha cuntas náisiúnta roimh dheireadh mhí Bhealtaine 2013 nó nár bhain siad an leibhéal sin amach, agus déanfaidh sé an mheastóireacht sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, d’fhonn iontaofacht agus inchomparáideacht shonraí Taighde agus Forbartha CCE a áirithiú.

(27)

Ós rud é go mbeidh gá le hoiriúnuithe móra sna córais staidrimh náisiúnta chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfaidh an Coimisiún maoluithe do Bhallstáit. Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí san áireamh le clár tarchuir sonraí cuntas náisiúnta na hathruithe bunúsacha polaitiúla agus staidrimh atá tar éis tarlú i gcuid de na Ballstáit le linn thréimhsí tagartha an chláir. Ba cheart go mbeadh na maoluithe arna dtabhairt ag an gCoimisiún sealadach agus faoi réir athbhreithnithe. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann agus iarrachtaí á ndéanamh acu chun a áirithiú go ndéanfar na hoiriúnuithe is gá ar a gcórais staidrimh, i dtreo is gur féidir deireadh a chur leis na maoluithe sin a luaithe is féidir.

(28)

Dá laghdófaí na spriocdhátaí tarchuir, d’fhéadfadh sé sin ualach suntasach agus costais shuntasacha a chur ar fhreagróirí agus ar institiúidí náisiúnta staidrimh san Aontas, agus dá bharr sin d’fhéadfadh baol a bheith ann go ndéanfaí sonraí ar chaighdeán níos ísle a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart cothromú buntáistí agus míbhuntáistí a bhreithniú agus na spriocdhátaí tarchuir maidir le sonraí á socrú.

(29)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (10).

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an Córas Cuntas Eorpach athbhreithnithe a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(31)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.

(32)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí arna bhunú le Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle an 13 Samhain 2006 lena mbunaítear Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí (11) agus leis an gCoiste Ollioncaim Náisiúnta (Coiste OIN) arna bhunú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Córas Cuntas Eorpach 2010 (“CCE 2010” nó “CCE”).

2.   Déantar foráil i CCE 2010 i leith an méid seo a leanas:

(a)

modheolaíocht (Iarscríbhinn A) maidir le comhchaighdeáin, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta ar modheolaíocht í a úsáidfear chun cuntais agus táblaí a thiomsú ar bhoinn inchomparáide chun críocha an Aontais, mar aon le torthaí de réir mar is gá faoi Airteagal 3;

(b)

clár (Iarscríbhinn B) lena leagtar amach na teorainneacha ama faoina ndéanfaidh na Ballstáit na cuntais agus na táblaí atá le tiomsú i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

3.   Gan dochar d’Airteagal 5 agus Airteagal 10, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhartha uile an Aontais ina dtagraítear do CCE nó dá shainmhínithe.

4.   Ní chuirtear d’oibleagáid ar aon Bhallstát, leis an Rialachán seo, úsáid a bhaint as CCE 2010 agus cuntais á dtiomsú aige chun a chríocha féin.

Airteagal 2

Modheolaíocht

1.   Tá modheolaíocht CCE 2010 dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) leagtha amach in Iarscríbhinn A.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe maidir le leasuithe ar mhodheolaíocht CCE 2010 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun an t-ábhar atá inti a shonrú agus a fheabhsú, chun léiriú comhchuibhithe a áirithiú nó chun an inchomparáideacht idirnáisiúnta a áirithiú, ar an gcoinníoll nach n-athraítear leis na gníomhartha sin coincheapa foluiteacha na modheolaíochta sin, nach dteastaíonn acmhainní breise do tháirgeoirí laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach chun na gníomhartha sin a chur chun feidhme agus nach ndéantar acmhainní dílse a athrú dá mbarr.

3.   Más rud é go bhfuil amhras ann faoi chur chun feidhme ceart rialacha cuntasaíochta CCE 2010, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann soiléiriú ón gCoimisiún (Eurostat). Gníomhóidh an Coimisiún (Eurostat) go pras agus iniúchadh á dhéanamh aige ar an iarraidh agus a chomhairle á cur in iúl aige don Bhallstát lena mbaineann agus do gach Ballstát eile maidir leis an soiléiriú arna iarraidh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM) a ríomh agus a leithdháileadh i gcuntais náisiúnta i gcomhréir leis an modheolaíocht ar ina leith a dhéantar cur síos in Iarscríbhinn A. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh roimh 17 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le hAirteagal 7 ina leagfar síos modheolaíocht athbhreithnithe i gcomhair FISIM a ríomh agus a leithdháileadh. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a chumhacht á feidhmiú aige de bhun na míre seo, nach gcuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach sunstasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.

5.   Déanfaidh na Ballstáit caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt a thaifeadadh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun iontaofacht agus inchomparáideacht shonraí CCE 2010 de chuid na mBallstát maidir le taighde agus forbairt a áirithiú. Áiritheoidh an Coimisiún, agus a chumhacht á feidhmiú aige de bhun na míre seo, nach gcuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise riaracháin ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.

Airteagal 3

Sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún

1.   Déanfaidh na Ballstáit na cuntais agus na táblaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn B a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe inti le haghaidh gach tábla ar leith.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le caighdeán sonraithe idirmhalartaithe agus i gcomhréir le socruithe praiticiúla eile.

Déanfar na sonraí a tharchur nó a uaslódáil trí mheán leictreonach chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an caighdeán idirmhalartaithe agus na socruithe praiticiúla eile maidir le tarchur na sonraí a shainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 4

Measúnú cáilíochta

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ag na critéir cháilíochta atá leagtha amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) i dtaobh cháilíocht na sonraí atá le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 3.

3.   Agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún modhanna, struchtúr, tréimhsiúlacht agus táscairí measúnaithe na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú.

Airteagal 5

Dáta an chur i bhfeidhm agus an dáta a dhéanfar sonraí a tharchur den chéad uair

1.   Cuirfear CCE 2010 i bhfeidhm den chéad uair maidir leis na sonraí arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn B agus a bheidh le tarchur ón 1 Meán Fómhair 2014.

2.   Déanfar na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na teorainneacha ama atá leagtha síos in Iarscríbhinn B.

3.   I gcomhréir le mír 1, go dtí go ndéanfar an chéad tarchur sonraí ar tarchur é a bheidh bunaithe ar CCE 2010, leanfaidh na Ballstáit de na cuntais agus de na táblaí, arna mbunú trí CCE 95 a chur i bhfeidhm, a sheoladh chuig an gCoimisiún (Eurostat).

4.   Gan dochar d’Airteagal 19 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2000 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2007/436/CE, Euratom maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (13), seiceálfaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann go bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gceart agus déanfaidh siad toradh na seiceálacha sin a thíolacadh don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo.

Airteagal 6

Maoluithe

1.   A mhéid is gá oiriúnuithe móra a dhéanamh ar chóras staidrimh náisiúnta chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, tabharfaidh an Coimisiún maoluithe sealadacha do Bhallstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Rachaidh na maoluithe sin in éag tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún maolú a thabhairt de bhun mhír 1 le haghaidh tréimhse atá leordhóthanach chun cur ar chumas an Bhallstáit lena mbaineann a chóras staidrimh a oiriúnú agus le haghaidh na tréimhse sin amháin. Maidir le cion OTI an Bhallstáit, ar cion OTI é atá laistigh den Aontas nó laistigh den limistéar euro, ní bheidh sé, uaidh féin, ina bhonn cirt le maolú a thabhairt. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit lena mbaineann agus iarrachtaí á ndéanamh acu chun a áirithiú go ndéantar na hoiriúnuithe is gá ar a gcórais staidrimh.

3.   Chun na críocha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 17 Deireadh Fómhair 2013.

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, déanfaidh sé tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2018, i dtaobh chur i bhfeidhm na maoluithe arna dtabhairt d’fhonn a fhíorú an bhfuil bonn cirt leo fós.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón.16 Iúil 2013. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse dhá mhí ón 16 Iúil 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 2(4) agus Airteagal 2(5) a chúlghairm aon tráth.

Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 2(4) agus Airteagal 2(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

An Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

Comhar le coistí eile

1.   Maidir leis na hábhair uile a thagann faoi chuimsiú inniúlacht an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí arna bhunú le Cinneadh 2006/856/CE, iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Choiste sin i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chinneadh sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar faisnéis í atá riachtanach chun dualgais Choiste OIN a chomhlíonadh, a chur in iúl don Choiste Ollioncaim Náisiúnta (“Coiste OIN”), arna bhunú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003.

Airteagal 10

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Chun críocha buiséadacha agus críocha acmhainní dílse, is é CCE 95 an Córas Cuntas Eorpach fós, arb é an córas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh.1287/2003 agus sna gníomhartha dlíthiúla a bhaineann leis an Rialachán sin, go háirithe Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 agus Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 maidir le socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (14), fad a fhanfaidh Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (15) i bhfeidhm.

2.   D’fhonn an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL a chinneadh, agus mar eisceacht ó mhír 1, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí atá bunaithe ar CCE 2010 fad a fhanfaidh Cinneadh 2007/436/CE, Euratom i bhfeidhm, i gcás nach bhfuil sonraí mionsonraithe CCE 95, ar fáil, ar sonraí iad a éilítear.

Airteagal 11

Dliteanais intuigthe a thuairisciú

Faoi 2014, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar tuarascáil í ina mbeidh faisnéis atá ann maidir le CPPanna agus le dliteanais intuigthe eile lasmuigh den rialtas, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha.

Faoi 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil eile a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar tuarascáil í lena ndéanfar meastóireacht ar a mhéid arb ionann an fhaisnéis faoi dhliteanais arna foilsiú ag an gCoimisiún (Eurostat) agus iomláine na ndliteanas intuigthe lasmuigh den rialtas, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha.

Airteagal 12

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Iúil 2018 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Déanfar meastóireacht leis an tuarascáil, ar na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

cáilíocht na sonraí maidir le cuntais náisiúnta agus réigiúnacha;

(b)

éifeachtacht an Rialacháin seo agus an phróisis faireacháin a chuirtear i bhfeidhm maidir le CCE 2010; agus

(c)

an dul chun cinn i ndáil le sonraí maidir le dliteanais theagmhasacha agus an dul chun i ndáil le hinfhaighteacht sonraí CCE 2010.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 203, 9.7.2011, lch. 3.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013.

(3)  An Coimisiún (Eurostat): “An Córas Eorpach Cuntas Eacnamaíoch Suimeáilte (CCE)", an dara heagrán, Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Lucsamburg,1979.

(4)  IO L 310, 30.11.1996, lch. 1.

(5)  IO L 192, 22.7.2011, lch. 1.

(6)  IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

(7)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(8)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 41.

(9)  Cinneadh 74/122/CEE ón gComhairle an 18 Feabhra 1974 lena mbunaítear Coiste um Beartas Eacnamaíoch (IO L 63, 5.3.1974, lch. 21).

(10)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(11)  IO L 332, 30.11.2006, lch. 21.

(12)  IO L 181, 19.7.2003, lch. 1.

(13)  IO L 130, 31.5.2000, lch. 1.

(14)  IO L 155, 7.6.1989, lch. 9.

(15)  IO L 163, 23.6.2007, lch. 17.


IARSCRIBHINN A

CAIBIDIL 1

GNÉITHE GINEARÁLTA AGUS BUNPHRIONSABAIL 33
GNÉITHE GINEARÁLTA 33
Domhandú 35
ÚSÁIDÍ A BHAINTEAR AS CCE 2010 35
Creat le haghaidh anailíse agus beartais 35
Saintréithe na gcoincheap in CCE 2010 37
Aicmiú de réir earnála 40
Cuntais satailíte 41
CCE 2010 agus CCN 2008 43
CCE 2010 AGUS CCE 95 43
BUNPHRIONSABAIL CCE 2010 MAR CHÓRAS 44
Aonaid staidrimh agus a ngrúpálacha 44
Aonaid institiúideacha agus earnálacha institiúideacha 45
APGanna áitiúla agus tionscail 45
Aonaid chónaitheacha agus neamhchónaitheacha; geilleagar iomlán agus an chuid eile den domhan 45
Sreafaí agus stoic 46
Sreafaí 46
Idirbhearta 46
Airíonna na n-idirbheart 46
Comparáid idir idirghníomhaíochtaí agus idirbhearta laistigh d’aonad 46
Comparáid idir idirbhearta airgeadaíochta agus idirbhearta neamhairgeadaíochta 46
Comparáid idir idirbhearta le contrapháirteanna agus idirbhearta gan chontrapháirteanna 47
Idirbhearta athchóirithe 47
Athródú 47
Deighilt 47
An príomhpháirtí in idirbheart a aithint 47
Cásanna idir eatarthu 48
Athruithe eile ar shócmhainní 48
Athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas 48
Gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais 48
Stoic 48
Córas na gcuntas agus na comhiomláin 49
Rialacha cuntasaíochta 49
Téarmaíocht le haghaidh an dá thaobh de na cuntais 49
Iontráil dhúbailte/iontráil cheathrúil 49
Luacháil 49
Luachálacha speisialta maidir le táirgí 50
Luacháil ag praghsanna tairiseacha 50
Tráth taifeadta 50
Comhdhlúthú agus glanluacháil 50
Comhdhlúthú 50
Glanluacháil 51
Cuntais, ítimí comhardaithe agus comhiomláin 51
Seicheamh na gcuntas 51
An cuntas earraí agus seirbhísí 51
Cuntas na coda eile den domhan 51
Ítimí comhardaithe 52
Comhiomláin 54
OTI: príomh-chomhiomlán 54
An creat ionchuir-aschuir 54
Táblaí soláthair agus úsáide 55
Táblaí siméadracha ionchuir aschuir 55

CAIBIDIL 2

AONAID AGUS GRÚPÁLACHA AONAD 56
TEORAINNEACHA AN GHEILLEAGAIR NÁISIÚNTA 56
NA hAONAID INSTITIÚIDEACHA 58
Ceannoifigí agus cuideachtaí sealbhaíochta 59
Grúpaí corparáidí 59
Eintitis shainchuspóireacha 60
Institiúidí airgeadais faoi chuing 60
Fochorparáidí saorga 60
Aonaid shainchuspóireacha an rialtais ghinearálta 61
NA hEARNÁLACHA INSTITIÚIDEACHA 61
Corparáidí neamhairgeadais (S.11) 65
Fo-earnáil: Corparáidí poiblí neamhairgeadais (S.11001) 66
Fo-earnáil: Corparáidí príobháideacha náisiúnta neamhairgeadais (S.11002) 66
Fo-earnáil: Corparáidí neamhairgeadais faoi rialú eachtrach (S.11003) 66
Corparáidí airgeadais (S.12) 67
Idirghabhálaithe airgeadais 67
Corparáidí cúntacha airgeadais 68
Corparáidí airgeadais nach idirghabhálaithe airgeadais ná corparáidí cúntacha airgeadais iad 68
Aonaid institiúideacha atá ar áireamh in earnáil na gcorparáidí airgeadais 68
Fo-earnáil na gcorparáidí airgeadais 68
Fo-earnálacha corparáidí airgeadais a chomhthiomsú 69
Fo-earnálacha corparáidí airgeadais a fhoroinnt ina gcorparáidí airgeadais poiblí, príobháideacha náisiúnta agus faoi rialú 69
An Banc Ceannais (S.121) 70
Corparáidí glactha taisce, ach amháin an banc ceannais (S.122 70
CMA (S.123) 71
Cistí infheistíochta neamh-CMA (S.124) 71
Idirghabhálaithe airgeadais eile, cé is moite de chorparáidí árachais agus cistí pinsin (S.125) 72
Corparáidí um meáin airgeadais atá i mbun idirbheart urrúsaithe (FVC) 72
Déileálaithe urrús agus díorthach, corparáidí airgeadais atá i mbun iasachtaithe agus sainchorparáidí airgeadais 72
Corparáidí cúntacha airgeadais (S.126) 73
Institiúidí airgeadais agus iasachtóirí faoi chuing (S.127) 73
Corparáidí árachais (S.128) 74
Cistí pinsin (S.129) 75
An rialtas ginearálta (S.13) 76
An rialtas láir (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1311) 76
An rialtas stáit (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1312) 76
An rialtas áitiúil (gan cistí slándála sóisialta a áireamh) (S.1313) 77
Cistí slándála sóisialta (S.1314) 77
Teaghlaigh (S.14) 77
Fostóirí agus oibrithe féinchuntais (S.141 agus S.142) 78
Fostaithe (S.143) 78
Faighteoirí ioncaim ó mhaoin (S.1441) 78
Faighteoirí pinsean (S.1442) 78
Faighteoirí ioncaim ó aistrithe eile (S.1443) 78
Institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (S.15) 79
An chuid eile den domhan (S.2) 79
Na haonaid táirgthe a aicmiú de réir earnála de bhun na bpríomhfhoirmeacha caighdeánacha dlíthiúla úinéireachta 80
AONAID PHRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA ÁITIÚLA AGUS TIONSCAIL 82
An t -aonad príomhghníomhaíochta áitiúil 82
Tionscail 83
Tionscail a aicmiú 83
AONAID TÁIRGTHE AONCHINEÁLAIGH AGUS BRAINSÍ AONCHINEÁLACHA 83
An t -aonad táirgthe aonchineálaigh 83
An brainse aonchineálach 83

CAIBIDIL 3

IDIRBHEARTA TÁIRGÍ AGUS SÓCMHAINNÍ NEAMHTHÁIRGTHE 84
IDIRBHEARTA TÁIRGÍ: GINEARÁLTA 84
TÁIRGEADH AGUS ASCHUR 85
Príomhghníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus gníomhaíochtaí coimhdeacha 86
Aschur (P.1) 87
Aonaid institiúideacha: idirdhealú idir táirgeoirí margaidh, táirgeoirí táirgí chun críche úsáide críochnaithí dílse agus táirgeoirí neamh- mhargaidh 89
Am taifeadta agus luacháil aschuir 92
Táirgí talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaireachta (Roinn A) 93
Táirgí monaraithe (Roinn C); Obair thógála (Roinn F) 93
Seirbhísí trádála mórdhíola agus miondíola; seirbhísí deisithe mótarfheithiclí agus gluaisrothar (Roinn G) 93
Iompar agus stóráil (Roinn H) 94
Seirbhísí cóiríochta agus bia (Roinn I) 95
Seirbhísí airgeadais agus árachais (Roinn K): aschur ón mbanc ceannais 95
Seirbhísí airgeadais agus árachais (Roinn K): seirbhísí airgeadais i gcoitinne 95
Seirbhísí airgeadais a sholáthraítear i gcomaoin íocaíochta dírí 95
Seirbhísí airgeadais a níoctar astu trí mhuirir úis a ghearradh 96
Seirbhísí airgeadais arb éard iad sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a fháil agus a dhiúscairt ar mhargaí airgeadais 96
Seirbhísí airgeadais a sholáthraítear mar chuid de scéimeanna árachais agus pinsin ina maoinítear gníomhaíocht trí ranníocaíochtaí árachais a ghearradh agus tríd an ioncam ó choigiltis 96
Seirbhísí eastáit réadaigh (Roinn L) 98
Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (Roinn M); Seirbhísí riaracháin agus tacaíochta (Roinn N) 98
Seirbhísí riaracháin phoiblí agus cosanta, seirbhísí slándála sóisialta éigeantaí (Roinn O) 99
Seirbhísí oideachais (Roinn P); Seirbhísí sláinte daonna agus oibre sóisialta (Roinn Q) 99
Na healaíona, siamsaíocht agus seirbhísí caithimh aimsire (Roinn R); Seirbhísí eile (Roinn S) 99
Teaghlaigh phríobháideacha mar fhostóirí (Roinn T) 99
TOMHALTAS IDIRMHEÁNACH (P.2) 99
Am taifeadta agus luacháil tomhaltais idirmheánaigh 101
TOMHALTAS CRÍOCHNAITHEACH (P.3, P.4) 101
Caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach (P.3) 101
Tomhaltas críochnaitheach iarbhír (P.4) 103
Am taifeadta agus luacháil an chaiteachais ar thomhaltas críochnaitheach 105
Am taifeadta agus luacháil tomhaltais chríochnaithigh iarbhír 106
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL (P.5) 106
Ollfhoirmiú caipitil sheasta (P.51g) 106
Am taifeadta agus luacháil ar ollfhoirmiú caipitil sheasta 109
Ídiú an chaipitil sheasta (P.51c) 110
Athruithe ar fhardail (P.52) 110
Am taifeadta agus luacháil athruithe ar fhardail 111
Éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara (P.53) 112
ONNMHAIRÍ AGUS ALLMHAIRÍ EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (P.6 agus P.7) 113
Allmhairí earraí agus onnmhairí earraí (P.61 agus P.71) 113
Onnmhairí seirbhísí agus allmhairí seirbhísí (P.62 agus P.72) 115
IDIRBHEARTA EARRAÍ ATÁ ANN CHEANA 118
ÉADÁLACHA LÚIDE DIÚSCAIRTÍ SÓCMHAINNÍ NEAMHTHÁIRGTHE (SN) 119

CAIBIDIL 4

IDIRBHEARTA DÁILEACHÁIN 121
CÚITEAMH D’FHOSTAITHE (D.1) 121
Pá agus tuarastail (D.11) 121
Pá agus tuarastail in airgead tirim 121
Pá comhchineáil agus tuarastail chomhchineáil 122
Ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí (D.12) 123
Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí (D.121) 123
Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí (D.122) 124
CÁNACHA AR THÁIRGEADH AGUS AR ALLMHAIRÍ (D.2) 126
Dánacha ar tháirgí (D.21) 126
Cánacha de chineál breisluacha (CBL) (D.211) 126
Cánacha agus dleachtanna ar allmhairí gan CBL a áireamh (D.212) 127
Cánacha ar tháirgí, ach amháin CBL agus cánacha ar allmhairí (D.214) 127
Cánacha eile ar tháirgeadh (D.29) 128
Cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí a íoctar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh 128
Cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí: tráth taifeadta agus na suimeanna atá le taifeadadh 129
FÓIRDHEONTAIS (D.3) 129
Fóirdheontais ar tháirgí (D.31) 130
Fóirdheontais ar allmhairí (D.311) 130
Fóirdheontais eile ar tháirgí (D.319) 130
Fóirdheontais eile ar tháirgeadh (D.39) 131
IONCAM Ó MHAOIN (D.4) 132
Ús (D.41) 133
Ús ar thaiscí agus ar iasachtaí 133
Ús ar urrúis fiachais 133
Ús ar bhillí agus ar ionstraimí gearrthéarmacha dá samhail 133
Ús ar bhannaí agus ar bhintiúir 133
Babhtálacha ráta úis agus comhaontuithe ar réamhráta 134
Ús ar léasanna airgeadais 134
Ús eile 134
Tráth taifeadta 134
Ioncam dáilte corparáidí (D.42) 135
Díbhinní (D.421) 135
Aistarraingtí as ioncam samhailchorparáidí (D.422) 136
Tuilleamh athinfheistithe ó infheistíocht dhíreach eachtrach (D.43) 137
Ioncam eile ó infheistíocht (D.44) 137
Ioncam ó infheistíocht atá inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe árachais (D.441) 137
Ioncam ó infheistíocht atá iníoctha i leith teidlíochtaí pinsean (D.442) 138
Ioncam ó infheistíocht atá inchurtha i leith scairshealbhóirí i gcistí comhinfheistíochta (D.443) 138
Cíos (D.45) 139
Cíos ar thalamh 139
Cíosanna ar shócmhainní fo-ithreach 139
CÁNACHA REATHA AR IONCAM, AR RACHMAS, ETC. (D.5) 139
Cánacha ar ioncam (D.51) 139
Cánacha reatha eile (D.59) 140
RANNÍOCAÍOCHTAÍ SÓISIALTA AGUS SOCHAIR SHÓISIALTA (D.6) 141
Ranníocaíochtaí sóisialta, glan (D.61) 143
Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír fostóirí (D.611) 143
Ranníocaíochtaí sóisialta barúlacha fostóirí (D.612) 144
Ranníocaíochtaí sóisialta iarbhír teaghlach (D.613) 145
Forlíontaí ranníocaíochta sóisialta teaghlach (D.614) 145
Sochair shóisialta seachas aistrithe sóisialta comhchineáil (D.62) 146
Sochair slándála sóisialta in airgead tirim (D.621) 146
Sochair árachais shóisialta eile (D.622) 146
Sochair chúnaimh shóisialta in airgead tirim (D.623) 146
Aistrithe sóisialta comhchineáil (D.63) 147
Aistrithe sóisialta comhchineál — táirgeadh chun críoch neamh mhargaidh an rialtais ghinearálta agus INBFTanna (D.631) 147
Aistrithe sóisialta comhchineál — táirgeadh ceannaithe margaidh ag an rialtas ginearálta agus ag INBFTanna (D.632) 147
AISTRITHE REATHA EILE (D.7) 148
Glanphréimheanna árachais neamhshaoil (D.71) 148
Éilimh árachais neamhshaoil (D.72) 149
Aistrithe reatha laistigh den rialtas ginearálta (D.73) 150
Comhar idirnáisiúnta reatha (D.74) 150
Aistrithe reatha ilghnéitheacha (D.75) 151
Aistrithe reatha chuig INBFTanna (D.751) 151
Aistrithe reatha idir teaghlaigh (D.752) 151
Aistrithe reatha ilghnéitheacha eile (D.759) 151
Fíneálacha agus pionóis 151
Crannchuir agus cearrbhachas 152
Íocaíochtaí cúitimh 152
Acmhainní dílse an AE atá bunaithe ar CBL agus OIN (ollioncam náisiúnta) (D.76) 153
COIGEARTÚ I LEITH AN ATHRAITHE AR THEIDLÍOCHTAÍ PINSIN (D.8) 153
AISTRITHE CAIPITIL (D.9) 154
Cánacha caipitil (D.91) 154
Deontais infheistíochta (D.92) 155
Aistrithe caipitil eile (D.99) 156
SCAIR-ROGHANNA FOSTAITHE (ESOanna) 157

CAIBIDIL 5

IDIRBHEARTA AIRGEADAIS 159
GNÉITHE GINEARÁLTA IDIRBHEART AIRGEADAIS 159
Sócmhainní airgeadais, éilimh airgeadais, agus dliteanais 159
Sócmhainní teagmhasacha agus dliteanais theagmhasacha 159
Catagóirí sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais 160
Cláir chomhardaithe, cuntas airgeadais, agus sreafaí eile 161
Luacháil 161
Glantaifeadadh agus olltaifeadadh 162
Comhdhlúthú 162
Glanluacháil 162
Rialacha cuntasaíochta maidir le hidirbhearta airgeadais 163
Idirbheart airgeadais a bhfuil aistriú reatha nó aistriú caipitil mar chontrapháirt aige 163
Idirbheart airgeadais a bhfuil ioncam ó mhaoin mar chontrapháirt aige 164
Am taifeadta 164
Cuntas airgeadais idirearnálacha 165
AICMIÚ IDIRBHEART AIRGEADAIS GO MIONCHRUINN DE RÉIR CATAGÓIRE 166
Ór airgeadaíochta agus cearta tarraingthe speisialta (F.1) 166
Ór airgeadaíochta (F.11) 166
CTSanna (F.12) 167
Airgeadra agus taiscí (F.2) 168
Airgeadra (F.21) 168
Taiscí (F.22 agus F.29) 168
Taiscí inaistrithe (F.22) 168
Taiscí eile (F.29) 169
Urrúis fiachais (F.3) 169
Príomhghnéithe d’urrúis fiachais 170
Aicmiú de réir aibíochta bunaidh agus airgeadra 170
Aicmiú de réir an chineáil ráta úis 170
Urrúis fiachais ar ráta úis seasta 171
Urrúis fiachais ar ráta úis athraitheach 171
Urrúis fiachais ar ráta úis measctha 171
Láithrithe príobháideacha 172
Urrúsú 172
Bannaí cumhdaithe 172
Iasachtaí (F.4) 173
Príomhghnéithe iasachtaí 173
Aicmiú iasachtaí de réir aibíochta bunaidh, airgeadra agus chuspóir an iasachtaithe 173
Idirdhealú idir idirbhearta iasachtaí agus idirbhearta taiscí 173
Idirdhealú idir idirbhearta iasachtaí agus idirbhearta urrús fiachais 173
Idirdhealú idir idirbhearta iasachtaí, creidmheasanna trádála agus billí trádála 174
Iasachtú urrús agus comhaontuithe athcheannaigh 174
Léasanna airgeadais 175
Cineálacha eile iasachtaí 175
Sócmhainní airgeadais atá eisiata ón gcatagóir iasachtaí 175
Cothromas agus scaireanna nó aonaid i gcistí infheistíochta (F.5) 176
Cothromas (F.51) 176
Admhálacha taisclainne 176
Scaireanna liostaithe (F.511) 176
Scaireanna neamhliostaithe (F.512) 176
Tairiscint tosaigh don phobal, liostú, díliostú agus athcheannach scaireanna 177
Sócmhainní airgeadais atá eisiata ó urrúis chothromais 177
Cothromas eile (F.519) 177
Luacháil idirbheart i gcothromas 178
Scaireanna nó aonaid i gcistí infheistíochta (F.52) 178
Scaireanna nó aonaid CMA (F.521) 178
Scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta neamh CMA (F.522) 179
Luacháil idirbheart i gcothromas agus scaireanna nó aonaid i gcistí infheistíochta 179
Scéimeanna árachais agus pinsean agus scéimeanna ráthaíochta caighdeánaithe (F.6) 179
Cúlchistí teicniúla árachais neamhshaoil (F.61) 179
Teidlíochtaí árachais saoil agus blianachta (F.62) 179
Teidlíochtaí pinsean (F.63) 180
Teidlíochtaí teagmhasacha pinsin 180
Éilimh chistí pinsin ar bhainisteoirí cistí pinsin (F.64) 180
Teidlíochtaí sochar neamhphinsean (F.65) 181
Soláthairtí i gcomhair glaonna faoi ráthaíochtaí caighdeánaithe (F.66) 181
Ráthaíochtaí caighdeánaithe agus ráthaíochtaí aonuaire 181
Díorthaigh airgeadais agus scair-roghanna fostaithe (F.7) 182
Díorthaigh airgeadais (F.71) 182
Roghanna 182
Réamhchonarthaí 182
Roghanna maidir le réamhchonarthaí 183
Babhtálacha 183
Comhaontuithe ar réamhráta (FRAanna) 183
Díorthaigh chreidmheasa 183
Babhtálacha mainneachtana creidmheasa 184
Ionstraimí airgeadais nach n-áirítear le díorthaigh airgeadais 184
Scair-roghanna fostaithe (F.72) 184
Idirbhearta díorthach airgeadais agus scair-roghanna fostaithe a luacháil 185
Cuntais eile infhála/iníoctha (F.8) 185
Creidmheasanna trádála agus airleacain (F.81) 186
Cuntais eile infhála/iníoctha, gan creidmheasanna trádála agus airleacain a áireamh (F.89) 186

IARSCRÍBHINN 5.1 —

AICMIÚ IDIRBHEART AIRGEADAIS 187
Aicmiú idirbheart airgeadais de réir catagóire 187
Aicmiú idirbheart airgeadais de réir soshanntachta 188
Urrúis struchtúrtha 189
Aicmiú idirbheart airgeadais de réir an chineáil ioncaim 189
Aicmiú idirbheart airgeadais de réir an chineáil ráta úis 189
Aicmiú idirbheart airgeadais de réir aibíochta 190
Aibíocht ghearrthéarmach agus fhadtéarmach 190
Aibíocht bhunaidh agus aibíocht iarmharach 190
Aicmiú idirbheart airgeadais de réir airgeadra 190
Aonaid tomhais airgid 190

CAIBIDIL 6

SREAFAÍ EILE 191
RÉAMHRÁ 191
ATHRUITHE EILE AR SHÓCMHAINNÍ AGUS AR DHLITEANAIS 191
Athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas (K.1 go K.6) 191
Taispeánadh eacnamaíoch sócmhainní (K.1) 191
Imeacht eacnamaíoch sócmhainní neamhtháirgthe (K.2) 192
Caillteanais i ngeall ar thubaistí (K.3) 192
Urghabhálacha neamhchúitithe (K.4) 193
Athruithe eile ar an méid nach bhfuil aicmithe in áit ar bith eile (K.5) 193
Athruithe ar aicmiú (K.6) 194
Athruithe ar aicmiú earnála agus ar struchtúr aonad institiúideach (K.61) 194
Athruithe ar aicmiú sócmhainní agus dliteanas (K.62) 194
Gnóthachain ainmniúla agus caillteanais ainmniúla sealúchais (K.7) 195
Gnóthachain neodracha agus caillteanais neodracha sealúchais (K.71) 196
Gnóthachain réadacha agus caillteanais réadacha sealúchais (K.72) 196
Gnóthachain agus caillteanais sealúchais de réir cineálacha sócmhainne agus dliteanais airgeadais 197
Ór airgeadaíochta agus CTSanna (AF.1) 197
Airgeadra agus taiscí (AF.2) 197
Urrúis fiachais (AF.3) 197
Iasachtaí (AF.4) 198
Cothromas agus scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta (AF.5) 198
Scéimeanna árachais agus pinsean agus scéimeanna ráthaíochta caighdeánaithe (AF.6) 198
Díorthaigh airgeadais agus scair-roghanna fostaithe (AF.7) 198
Cuntais eile infhála/iníoctha (AF.8) 198
Sócmhainní atá ainmnithe in airgeadra eachtrach 199

CAIBIDIL 7

CLÁIR CHOMHARDAITHE 200
CINEÁLACHA SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAS 201
Sainmhíniú ar shócmhainn 201
EISIAIMH Ó SHÓCMHAINNÍ AGUS Ó DHLITEANAIS 201
CINEÁLACHA SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAS 201
Sócmhainní táirgthe neamhairgeadais (AN.1) 201
Sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais (AN.2) 202
Sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais (AF) 202
LUACHÁIL IONTRÁLACHA SNA CLÁIR CHOMHARDAITHE 205
Prionsabail ghinearálta luachála 205
SÓCMHAINNÍ NEAMHAIRGEADAIS (AN) 206
Produced non-financial assets (AN.1) 206
Sócmhainní seasta (AN.11) 206
Táirgí maoine intleachtúla (AN.117) 206
Costais a ghabhann le haistriú úinéireachta sócmhainní neamhtháirgthe (AN.116) 207
Fardails (AN.12) 207
Earraí luachmhara (AN.13) 207
Sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais (AN.2) 207
Acmhainní nádúrtha (AN.21) 207
Talamh (AN.211) 207
Cúltaiscí mianraí agus fuinnimh (AN.212) 207
Sócmhainní nádúrtha eile (AN.213, AN.214 agus AN.215) 207
Conarthaí, léasanna agus ceadúnais (AN.22) 208
Ceannacháin lúide díolacháin cáilmheasa agus sócmhainní margaíochta (AN.23) 208
SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS AGUS DLITEANAIS AIRGEADAIS (AF) 208
Ór airgeadaíochta agus CTSanna (AF.1) 208
Airgeadra agus taiscí (AF.2) 208
Urrúsis fiachais (AF.3) 208
Iasachtaí (AF.4) 209
Cothromas agus scaireanna/aonaid i gcistí infheistíochta (AF.5) 209
Scéimeanna árachais agus pinsean agus scéimeanna ráthaíochta caighdeánaithe (AF.6) 210
Díorthaigh airgeadais agus scair-roghanna fostaithe (AF.7) 210
Cuntais eile infhála/iníoctha (AF.8) 210
CLÁIR CHOMHARDAITHE AIRGEADAIS 210
ÍTIMÍ LE MEABHRÚ 211
Earraí marthanacha tomhaltais (AN.m) 211
Infheistíocht dhíreach eachtrach (AF.m1) 211
Iasachtaí neamhthuillmheacha (AF.m2) 211
Iasachtaí neamhthuillmheacha a thaifeadadh 212

IARSCRÍBHINN 7.1

ACHOIMRE AR GACH CATAGÓIR SÓCMHAINNE 213

IARSCRÍBHINN 7.2

SEICHEAMH ÓN gCLÁR COMHARDAITHE TOSAIGH GO dTÍ AN CLÁR COMHARDAITHE DEIRIDH 222

CAIBIDIL 8

SEICHEAMH NA gCUNTAS 226
RÉAMHRÁ 226
Seicheamh na gcuntas 226
SEICHEAMH NA gCUNTAS 230
Cuntais reatha 230
Cuntas táirgeachta (I) 230
Cuntais dáilte agus úsáide ioncaim (II) 232
Cuntais dáilte phríomha ioncaim (II.1) 232
Cuntas giniúna ioncaim (II.1.1) 232
Cuntas leithdháilte ioncaim phríomha (II.1.2) 236
Cuntas ioncaim fhiontraíoch (II.1.2.1) 242
Cuntas leithdháilte ioncaim phríomha eile (II.1.2.2) 242
Cuntas dáilte thánaistigh ioncaim (II.2) 249
Cuntas athdháilte ioncaim chomhchineáil (II.3) 249
Cuntas úsáide ioncaim (II.4) 256
Cuntas úsáide ioncaim indiúscartha (II.4.1) 256
Cuntas úsáide ioncaim indiúscartha choigeartaithe (II.4.2) 256
Cuntais charntha (III) 259
Cuntas caipitil (III.1) 259
Cuntas athraithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil (III.1.1) 259
Cuntas éadálacha sócmhainní neamhairgeadais (III.1.2) 259
Cuntas airgeadais (III.2) 259
Cuntas athruithe eile ar shócmhainní (III.3) 268
Cuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní (III.3.1) 268
Cuntas athluachála (III.3.2) 268
Cuntas gnóthachan/caillteanas neodrach sealúchais (III.3.2.1) 268
Cuntas gnóthachan/caillteanas réadach sealúchais (III.3.2.2) 268
Cláir chomhardaithe (IV) 282
Clár comhardaithe tosaigh (IV.1) 282
Athruithe ar an gclár comhardaithe (IV.2) 282
Clár comhardaithe deiridh (IV.3) 282
CUNTAIS NA CODA EILE DEN DOMHAN (V) 290
Cuntais reatha 290
Cuntas seachtrach earraí agus seirbhísí (V.I) 290
Cuntas seachtrach ioncam príomha agus aistrithe reatha (V.II) 290
Cuntais charntha sheachtracha (V.III) 290
Cuntas caipitil (V.III.1) 290
Cuntas airgeadais (V.III.2) 291
Cuntas athruithe eile ar na sócmhainní (V.III.3) 291
Cláir chomhardaithe (V.IV) 291
CUNTAS EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (0) 303
CUNTAIS EACNAMAÍOCHA CHOMHTHÁITE 303
COMHIOMLÁIN 315
Olltáirgeacht intíre ag praghsanna an mhargaidh (OTI) 315
Barrachas oibriúcháin an gheilleagair iomláin 315
Ioncam measctha an gheilleagair iomláin 315
Ioncam fiontraíoch an gheilleagair iomláin 315
Ioncam náisiúnta (ag praghsanna an mhargaidh) 315
Ioncam indiúscartha náisiúnta 315
Coigilt 316
Comhardú seachtrach reatha 316
Glaniasachtú (+) nó glaniasachtaíocht (-) an gheilleagair iomláin 316
Glanfhiúchas an gheilleagair iomláin 316
Caiteachas agus ioncam an rialtais ghinearálta 316

CAIBIDIL 9

TÁBLAÍ SOLÁTHAIR AGUS ÚSÁIDE AGUS AN CREAT IONCHUIR ASCHUIR 318
RÉAMHRÁ 318
TUAIRISC 322
UIRLIS STAIDRIMH 322
UIRLIS ANAILÍSE 323
LÉARGAS NÍOS MIONSONRAITHE AR THÁBLAÍ SOLÁTHAIR AGUS ÚSÁIDE 323
Aicmithe 323
Prionsabail luachála 325
Corrlaigh trádála agus iompair 326
Cánacha lúide fóirdheontais ar tháirgeadh agus ar allmhairí 328
Coincheapa bunúsacha eile 330
Faisnéis fhorlíontach 331
FOINSÍ SONRAÍ AGUS COMHARDÚ 331
UIRLIS ANAILÍSE AGUS SÍNEADH 332

CAIBIDIL 10

AONAID TOMHAIS PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA 335
RAON FEIDHME INNÉACSANNA PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA SNA CUNTAIS NÁISIÚNTA 336
Córas comhtháite na n-innéacsanna praghsanna agus méideanna 336
Innéacsanna eile praghsanna agus méideanna 337
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE hINNÉACSANNA PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA A THOMHAS 337
Sainmhíniú ar phraghsanna agus ar mhéideanna táirgí margaidh 337
Cáilíocht, praghas agus táirgí aonchineálacha 338
Praghsanna agus méid 339
Táirgí nua 340
Prionsabail i gcomhair seirbhísí neamh-mhargaidh 341
Prionsabail i gcomhair breisluacha agus OTI 342
FADHBANNA SONRACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL A CHUR I bhFEIDHM 343
Cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí agus ar allmhairí 343
Cánacha eile agus fóirdheontais ar tháirgeadh 344
Ídiú an chaipitil sheasta 344
Cúiteamh d’fhostaithe 344
Stoic de shócmhainní seasta táirgthe agus fardail 344
AONAID TOMHAIS IONCAIM RÉADAIGH DON GHEILLEAGAR IOMLÁN 345
COMPARÁIDEACHT IDIRNÁISIÚNTA INNÉACSANNA PRAGHSANNA AGUS MÉIDEANNA 346

CAIBIDIL 11

DAONRA AGUS IONCHUR SAOTHAIR 347
DAONRA IOMLÁN 347
DAONRA ATÁ GNÍOMHACH Ó THAOBH AN GHEILLEAGAIR DE 348
FOSTAÍOCHT 348
Fostaithe 349
Daoine féinfhostaithe 349
Fostaíocht agus cónaí 350
DÍFHOSTAÍOCHT 351
POIST 351
Poist agus cónaí 352
AN GEILLEAGAR NEAMHBHREATHNAITHE 352
UAIREANTA IOMLÁNA AN CHLOIG OIBRITHE 352
Uaireanta an chloig oibrithe iarbhír a shonrú 352
COIBHÉIS LÁNAIMSEARTHA 354
IONCHUR SAOTHAIR NA bhFOSTAITHE AG CÚITEAMH TAIRISEACH 354
AONAID TOMHAIS TÁIRGIÚLACHTA 354

CAIBIDIL 12

CUNTAIS NÁISIÚNTA RÁITHIÚLA 355
RÉAMHRÁ 355
GNÉITHE SONRACHA NA GCUNTAS NÁISIÚNTA RÁITHIÚIL 356
Am taifeadta 356
Obair idir lámha 356
Gníomhaíochtaí le linn tréimhsí sonracha laistigh de bhliain 357
Íocaíochtaí ar mhinicíocht íseal 357
Tobmheastacháin 357
Comhardú agus tagarmharcáil na gcuntas náisiúnta ráithiúil 357
Comhardú 358
Comhsheasmhacht idir cuntais ráithiúla agus cuntais bhliantúla — tagarmharcáil 358
Aonaid tomhais shlabhraithe athruithe praghsanna agus méideanna 358
Coigeartuithe de réir séasúir agus coigeartuithe féilire 359
Seicheamh thiomsú na n-aonad tomhais méideanna slabhraithe a bhfuil coigeartú de réir séasúir déanta orthu 360

CAIBIDIL 13

CUNTAIS RÉIGIÚNACHA 361
RÉAMHRÁ 361
CRÍOCH RÉIGIÚNACH 362
AONAID AGUS CUNTAIS RÉIGIÚNACHA 362
Aonaid institiúideacha 362
Aonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla agus gníomhaíochtaí táirgthe réigiúnacha de réir tionscail 363
MODHANNA RÉIGIÚNAITHE 363
COMHIOMLÁIN LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ TÁIRGTHE 365
Oll-bhreisluach agus olltáirgeacht intíre de réir réigiúin 365
Leithdháileadh FISIM ar thionscail úsáideoirí 365
Fostaíocht 365
Cúiteamh d’fhostaithe 365
Aistriú ó oll-bhreisluach réigiúnach go holltáirgeacht intíre réigiúnach 365
Rátaí fáis méideanna an oll-bhreisluacha réigiúnaigh 366
CUNTAIS RÉIGIÚNACHA IONCAIM NA dTEAGHLACH 366

CAIBIDIL 14

SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLA AIRGEADAIS ARNA dTOMHAS GO hINDÍREACH (FISIM) 369
COINCHEAP FISIM AGUS AN TIONCHAR AR NA PRÍOMH-CHOMHIOMLÁIN AG LEITHDHÁILEADH FISIM AR ÚSÁIDEOIRÍ 369
ASCHUR FISIM A RÍOMH DE RÉIR EARNÁLACHA S.122 AGUS S.125 370
Sonraí staidrimh atá riachtanach 370
Rátaí tagartha 370
Ráta tagartha inmheánach 371
Rátaí tagartha seachtracha 371
Miondealú mionsonraithe ar FISIM de réir earnála institiúidí 371
FISIM arna leithdháileadh ar theaghlaigh a mhiondealú i dtomhaltas idirmheánach agus i dtomhaltas críochnaitheach 372
ALLMHAIRÍ DE CHUID FISIM A RÍOMH 373
FISIM I dTÉARMAÍ MÉIDEANNA 373
FISIM A RÍOMH DE RÉIR TIONSCAIL 374
ASCHUR AN BHAINC CHEANNAIS 374

CAIBIDIL 15

CONARTHAÍ, LÉASANNA AGUS CEADÚNAIS 375
RÉAMHRÁ 375
IDIRDHEALÚ IDIR LÉASANNA OIBRIÚCHÁIN, LÉASANNA ACMHAINNE AGUS LÉASANNA AIRGEADAISFINANCIAL LEASES 375
Léasanna oibriúcháin 377
Léasanna airgeadais 377
Léasanna acmhainne 378
Ceadanna chun acmhainn nádúrtha a úsáid 379
Ceadanna chun gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh 380
Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna) 382
Conarthaí lamháltais seirbhíse 382
Léasanna oibriúcháin indíolta (AN.221) 382
Teidlíochtaí i leith earraí agus seirbhísí todhchaí ar bhonn eisiach (AN.224) 382

CAIBIDIL 16

ÁRACHAS 383
RÉAMHRÁ 383
Árachas díreach 383
Athárachas 384
Na haonaid rannpháirteacha 385
ASCHUR ÁRACHAIS DHÍRIGH 385
Préimheanna tuillte 385
Forlíontaí préimhe 386
Éilimh thabhaithe choigeartaithe agus sochair dhlite 386
Éilimh thabhaithe choigeartaithe in árachas neamhshaoil 386
Sochair dhlite in árachas saoil 387
Cúlchistí teicniúla árachais 387
Aschur árachais a shainiú 388
Árachais neamhshaoil 388
Árachas saoil 389
Athárachas 389
IDIRBHEARTA A BHAINEANN LE hÁRACHAS NEAMHSHAOIL 389
Aschur árachais a leithdháileadh ar úsáideoirí 389
Seirbhísí árachais arna soláthar don chuid eile den domhan agus arna soláthar ag an gcuid eile den domhan 389
Na hiontrálacha cuntasaíochta 390
IDIRBHEARTA ÁRACHAIS SAOIL 392
IDIRBHEARTA A BHAINEANN LE hATHÁRACHAS 394
IDIRBHEARTA A BHAINEANN LE CORPARÁIDÍ CÚNTACHA ÁRACHAIS 395
BLIANACHTAÍ 395
ÉILIMH ÁRACHAIS NEAMHSHAOIL A THAIFEADADH 396
Éilimh choigeartaithe a láimhseáil 396
Caillteanais i ngeall ar thubaistí a láimhseáil 396

CAIBIDIL 17

ÁRACHAS SÓISIALTA LENA n-ÁIRÍTEAR PINSIN 397
RÉAMHRÁ 397
Scéimeanna árachais shóisialta, cúnamh sóisialta agus polasaithe árachais aonair 397
Sochair Shóisialta 398
Sochair shóisialta arna soláthar ag an rialtas ginearálta 399
Sochair shóisialta arna soláthar ag aonaid institiúideacha eile 399
Pinsin agus cineálacha eile sochair 399
SOCHAIR ÁRACHAIS SHÓISIALTA SEACHAS PINSIN 399
Scéimeanna slándála sóisialta seachas scéimeanna pinsin 399
Scéimeanna árachais shóisialta eile a bhaineann le fostaíocht 400
Stoic agus sreafaí a thaifeadadh de réir an chineáil scéime árachais shóisialta neamhphinsean 400
Scéimeanna slándála sóisialta 400
Scéimeanna árachais shóisialta neamhphinsean eile a bhaineann le fostaíocht 400
PINSIN 401
Cineálacha scéimeanna pinsin 401
Scéimeanna slándála sóisialta pinsin 402
Scéimeanna pinsin eile a bhaineann le fostaíocht 402
Scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe 403
Scéimeanna sochar sainithe 403
Scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe barúlacha agus scéimeanna hibrideacha 403
Comparáid idir scéimeanna sochar sainithe agus scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe 403
Riarthóir cistí pinsin, bainisteoir cistí pinsin, ciste pinsin agus scéim pinsin ilfhostóirí 404
Stoic agus sreafaí a thaifeadadh de réir an chineáil scéime pinsin in árachas sóisialta 405
Idirbhearta a bhaineann le scéimeanna pinsin in árachas sóisialta 405
Idirbhearta i gcás scéimeanna pinsin eile a bhaineann le fostaíocht 406
Idirbhearta a bhaineann le scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe pinsin 406
Sreafaí eile a bhaineann le scéimeanna ranníocaíochtaí sainithe pinsin 408
Idirbhearta a bhaineann le scéimeanna sochar sainithe pinsin 409
TÁBLA FORLÍONTACH LE hAGHAIDH TEIDLÍOCHTAÍ PINSIN FABHRAITHE CHUN DÁTA IN ÁRACHAS SÓISIALTA 412
Leagan amach an tábla fhorlíontaigh 412
Colúin an tábla 414
Rónna an tábla 415
Cláir chomhardaithe tosaigh agus deiridh 416
Athruithe ar theidlíochtaí pinsin i ngeall ar idirbhearta 416
Athruithe ar theidlíochtaí pinsin i ngeall ar shreafaí eacnamaíocha eile 418
Táscairí gaolmhara 419
Toimhdí achtúireacha 420
Teidlíochtaí fabhraithe go dáta 420
Ráta lascaine 420
Fás pá 420
Toimhdí déimeagrafacha 421

CAIBIDIL 18

CUNTAIS NA CODA EILE DEN DOMHAN 422
RÉAMHRÁ 422
CRÍOCH EACNAMAÍOCH 423
Áit chónaithe 423
AONAID INSTITIÚIDEACHA 423
BRAINSÍ MAR THÉARMA A ÚSÁIDTEAR I GCUNTAIS IDIRNÁISIÚNTA CHOMHARDÚ NA nÍOCAÍOCHTAÍ 423
AONAID CHÓNAITHEACHA BHARÚLACHA 424
GNÓTHAIS I gCRÍOCHA ÉAGSÚLA 424
MIONDEALÚ GEOGRAFACH 424
CUNTAIS IDIRNÁISIÚNTA CHOMHARDÚ NA nÍOCAÍOCHTAÍ 425
ÍTIMÍ COMHARDAITHE I GCUNTAIS REATHA NA GCUNTAS IDIRNÁISIÚNTA 425
NA CUNTAIS D’EARNÁIL NA CODA EILE DEN DOMHAN AGUS A nGAOL LEIS NA CUNTAIS IDIRNÁISIÚNTA AR CHOMHARDÚ NA nÍOCAÍOCHTAÍ 426
Cuntas seachtrach earraí agus seirbhísí 426
Luacháil 429
Earraí le haghaidh próiseála 429
Trádáil cheannaíochta 430
Earraí faoi thrádáil cheannaíochta 430
Allmhairí agus onnmhairí FISIM 431
Cuntas seachtrach ioncaim phríomha agus thánaistigh 432
Cuntas ioncaim phríomha 433
Ioncam ó infheistíocht dhíreach 433
Cuntas ioncaim thánaistigh (aistrithe reatha) an BPM 6 433
Cuntas caipitil seachtrach 434
Cuntas airgeadais seachtrach agus an staid infheistíochta idirnáisiúnta (SII) 435
CLÁIR CHOMHARDAITHE D’EARNÁIL NA CODA EILE DEN DOMHAN 437

CAIBIDIL 19

CUNTAIS EORPACHA 439
RÉAMHRÁ 439
Ó CHUNTAIS NÁISIÚNTA GO CUNTAIS EORPACHA 439
Sonraí a chomhshó in airgeadraí éagsúla 440
Institiúidí Eorpacha 440
Cuntas na coda eile den domhan 441
Comhardú na n-idirbheart 442
Aonaid tomhais praghsanna agus méideanna 442
Cláir chomhardaithe 442
Maitrísí idirearnálacha 442

IARSCRÍBHINN 19.1. —

CUNTAIS NA nINSTITIÚIDÍ EORPACHA 443
Acmhainní 443
Úsáidí 444
Comhdhlúthú 444

CAIBIDIL 20

CUNTAIS AN RIALTAIS 445
RÉAMHRÁ 445
EARNÁIL AN RIALTAIS GHINEARÁLTA A SHAINMHÍNIÚ 445
Aonaid sa rialtas a shainaithint 445
Aonaid rialtais 445
INBanna atá aicmithe in earnáil an rialtais ghinearálta 446
Aonaid eile de chuid an rialtais ghinearálta 446
Rialú poiblí 447
Treoirmharcáil margaidh/neamh-mhargaidh 447
Gné na bpraghsanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de 447
Critéar an cheannaitheora i gcás aschur táirgeora phoiblí 448
Díoltar an t-aschur le corparáidí agus le teaghlaigh den chuid is mó 448
Ní dhíoltar an t-aschur ach leis an rialtas 448
Díoltar an t-aschur leis an rialtas agus le hearnálacha eile 448
An tástáil mhargaidh/neamh-mhargaidh 448
Idirghabháil airgeadais agus teorainn an rialtais 449
Cásanna idir eatarthu 449
Ceannoifigí poiblí 449
Cistí pinsin 449
Samhailchorparáidí 449
Gníomhaireachtaí athstruchtúraithe 450
Gníomhaireachtaí um príobháidiú 450
Struchtúir neamhnithe 450
Eintitis shainchuspóireacha 451
Comhfhiontair 451
Gníomhaireachtaí rialála margaidh 451
Údaráis fhornáisiúnta 452
Fo-earnálacha an rialtais ghinearálta 452
An rialtas láir 452
An rialtas stáit 452
An rialtas áitiúil 453
Cistí slándála sóisialta 453
STAIDREAMH AR AIRGEADAS AN RIALTAIS A THÍOLACADH 453
Creat 453
Ioncam 455
Cánacha agus rannaíocaíochtaí sóisialta 455
Díolacháin 455
Ioncam eile 458
Caiteachas 458
Cúiteamh d’fhostaithe agus tomhaltas idirmheánach 458
Caiteachas ar shochair shóisialta 459
Ús 459
Caiteachas reatha eile 459
Caiteachas caipitiúil 459
Caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach (P.3) 460
Caiteachas rialtais de réir feidhme (COFOG) 460
Ítimí comhardaithe 461
Glaniasachtú/glaniasachtaíocht (B.9) 461
Athruithe ar ghlanfhiúchas i ngeall ar choigilt agus aistrithe caipitil (B.101) 461
Maoiniú 461
Idirbhearta sócmhainní 462
Idirbhearta dliteanas 463
Sreafaí eacnamaíocha eile 463
Cuntas athluachála 463
Cuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní 464
Cláir chomhardaithe 464
Comhdhlúthú 465
SAINCHEISTEANNA CUNTASAÍOCHTA A BHAINEANN LEIS AN RIALTAS GINEARÁLTA 466
Ioncam ó cháin 466
Saintréith an ioncaim ó cháin 466
Creidmheasanna cánach 467
Suimeanna le taifeadadh 467
Suimeanna neamh-inbhailithe 467
Am taifeadta 467
Taifeadadh ar bhonn fabhraithe 467
Cánacha a thaifeadadh ar bhonn fabhraithe 467
Ús 468
Bannaí lascainithe agus bannaí cúpóin nialasaigh 469
Urrúis treoirnaisc 469
Díorthaigh airgeadais 469
Breitheanna cúirte 469
Caiteachas míleata 469
Caidreamh an rialtais ghinearálta le corparáidí poiblí 470
Infheistíocht chothromais i gcorparáidí poiblí agus tuilleamh a dháileadh 470
Infheistíocht chothromais 470
Instealltaí caipitil 470
Fóirdheontais agus instealltaí caipitil 470
Rialacha is infheidhme maidir le dálaí áirithe 471
Oibríochtaí fioscacha 471
Dáiltí na gcorparáidí poiblí 471
Comparáid idir díbhinní agus aistarraingtí cothromais 471
Comparáid idir chánacha agus aistarraingtí cothromais 472
Príobháidiú agus náisiúnú 472
Príobháidiú 472
Príobháidiú indíreach 472
Náisiúnú 472
Idirbhearta leis an mbanc ceannais 473
Athstruchtúrú, cumaisc, agus athaicmiú 473
Oibríochtaí fiachais 473
Fiachas a ghlacadh, fiachas a chealú agus fiachas a dhíscríobh 473
Fiachas a ghlacadh agus a chealú 473
Fiachas a ghlacadh lena ngabhann aistriú sócmhainní neamhairgeadais 474
Fiachais a dhíscríobh nó a dhíluacháil 474
Athstruchtúrú fiachas eile 475
Fiachas a cheannach os cionn an mhargadhluacha 475
Neamhniú agus tarrtháil 475
Ráthaíochtaí fiachais 476
Ráthaíochtaí díorthach 476
Ráthaíochtaí caighdeánaithe 477
Ráthaíochtaí aonuaire 477
Urrúsú 477
Sainmhíniú 477
Critéir chun an díolachán a shainaithint 477
Sreafaí a thaifeadadh 478
Saincheisteanna eile 478
Oibleagáidí pinsin 478
Íocaíochtaí cnapshuime 478
Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí 479
Raon feidhme na gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí 479
Úinéireacht eacnamaíoch agus leithdháileadh sócmhainne 479
Saincheisteanna cuntasaíochta 480
Idirbhearta le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta 481
Cúnamh forbartha 482
AN EARNÁIL PHOIBLÍ 483
Rialú na hearnála poiblí 483
Bainc cheannais 484
Samhailchorparáidí poiblí 485
Eintitis shainchuspóireacha & neamhchónaithigh 485
Comhfhiontair 485

CAIBIDIL 21

NAISC IDIR CUNTAIS GHNÓ AGUS CUNTAIS NÁISIÚNTA AGUS GNÍOMHAÍOCHT CHORPARÁIDEACH A THOMHAS 486
ROINNT MODHANNA AGUS RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE CUNTASAÍOCHT GHNÓ 486
Am taifeadta 486
Cuntasaíocht iontrála dúbailte agus iontrála ceathrúla 486
Luacháil 486
Ráiteas ioncaim agus clár comhardaithe 487
CUNTAIS NÁISIÚNTA AGUS CUNTAIS GHNÓ: SAINCHEISTEANNA PRAITICIÚLA 487
AN tAISTRIÚ Ó CHUNTAIS GHNÓ GO CUNTAIS NÁISIÚNTA: SAMPLA NA nGNÓTHAS NEAMHAIRGEADAIS 488
Coigeartuithe coincheapúla 488
Coigeartuithe chun comhsheasmhacht le cuntais earnálacha eile a bhaint amach 488
Samplaí de choigeartuithe le haghaidh uileghabhálachta 488
SAINCHEISTEANNA SONRACHA 488
Gnóthachain/caillteanais sealúchais 488
Domhandú 489
Cumaisc agus éadálacha 489

CAIBIDIL 22

CUNTAIS SATAILÍTE 490
RÉAMHRÁ 490
Aicmithe de réir feidhme 493
MÓRTHRÉITHE NA gCUNTAS SATAILÍTE 496
Cuntais satailíte de réir feidhme 496
Cuntais earnála speisialta 499
Sonraí neamhairgeadaíochta a chuimsiú 503
Sonraí breise agus coincheapa forlíontacha 503
Bunchoincheapa éagsúla 504
Samhaltú a úsáid agus torthaí turgnamhacha a chuimsiú 504
Cuntais satailíte a leagan amach agus a thiomsú 505
NAOI gCUNTAS SATAILÍTE SHONRACHA 506
Cuntais talmhaíochta 507
Cuntais chomhshaoil 507
Cuntais sláinte 518
Cuntais táirgeachta teaghlach 520
Cuntais saothair agus an Mhaitrís Chuntasaíochta Shóisialta (MCS) 523
Cuntais táirgiúlachta agus fáis 525
Cuntais Taighde & Forbartha 526
Cuntais chosanta sóisialta 528
Cuntais turasóireachta 531

CAIBIDIL 23

AICMITHE 533
RÉAMHRÁ 533
AICMIÚ EARNÁLACHA INSTITIÚIDEACHA (S) 533
AICMIÚ IDIRBHEART AGUS SREAFAÍ EILE 535
Idirbhearta táirgí (P) 535
Idirbhearta sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais (cóid NP) 536
Idirbhearta dáiliúcháin (D) 537
Aistrithe reatha in airgead agus i gcomhchineál (D.5-D.8) 538
Aistrithe reatha in airgead agus i gcomhchineál (D.5) 539
Athruithe eile ar shóchmhainní (K) 541
AICMIÚ ÍTIMÍ COMHARDAITHE AGUS GLANFHIÚCHAIS (B) 541
AICMIÚ NA nIONTRÁLACHA SA CHLÁR COMHARDAITHE (L) 542
AICMIÚ SÓCMHAINNÍ (A) 542
Sócmhainní neamhairgeadais (AN) 542
Sócmhainní airgeadais (AF) 544
AICMIÚ ÍTÍMÍ FORLÍONTACHA 545
Iasachtaí neamhthuillmheacha 545
Seirbhísí caipitil 546
Tábla pinsean 546
Earraí marthanacha tomhaltais 548
Infheistíocht dhíreach eachtrach 548
Suíomhanna teagmhasacha 548
Airgeadra agus taiscí 549
Aicmiú urrús fiachais de réir aibíochta amuigh 549
Urrúis fiachais liostaithe agus neamhliostaithe 549
Iasachtaí fadtéarmacha le haibíocht amuigh de thréimhse is lú ná bliain amháin agus iasachtaí fadtéarmacha arna n-urrú le morgáiste 549
Scaireanna infheistíochta liostaithe agus neamhliostaithe 550
Riaráistí úis agus aisíocaíochta 550
Seoltáin phearsanta agus iomlána 550
ATHGHRÚPÁIL AGUS CÓDÚ TIONSCAL (A) AGUS TÁIRGÍ (P) 550
AICMIÚ FHEIDHMEANNA AN RIALTAIS (COFOG) 565
AICMIU TOMHALTAIS AONAIR DE REIR CUSPORA (Coicop) 568
AICMIÚ CHUSPÓIRÍ NA nINSTITIÚIDÍ NEAMHBHRABÚIS A FHÓNANN DO THEAGHLAIGH (COPNI) 570
AICMIÚ EISÍOCAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ DE RÉIR CUSPÓRA (COPP) 571

CAIBIDIL 24

NA CUNTAIS 573

Tábla 24.1

Cuntas 0: Cuntas earraí agus seirbhísí 573

Tábla 24.2

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh an gheilleagair iomláin 573

Tábla 24.3

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh corparáidí neamhairgeadais 593

Tábla 24.4

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh corparáidí airgeadais 607

Tábla 24.5

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh an rialtais ghinearálta 622

Tábla 24.6

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh na dteaghlach 638

Tábla 24.7

Seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh 654

 

CAIBIDIL 1

GNÉITHE GINEARÁLTA AGUS BUNPHRIONSABAIL

GNÉITHE GINEARÁLTA

1.01

Is éard atá sa Chóras Cuntas Eorpach (dá ngairtear CCE“CCE 2010” nó CCE“CCE” anseo feasta) creat cuntasaíochta atá comhoiriúnach go hidirnáisiúnta le haghaidh cur síos córasach agus mionsonraithe a dhéanamh ar gheilleagar iomlán (amhail réigiún, tír nó grúpa tíortha), ar a chomhpháirteanna agus ar an gcaidreamh idir é agus geilleagair iomlána eile.

1.02

Foilsíodh réamhtheachtaí CCE 2010, Córas Cuntas Eorpach 1995 (CCE 95), i 1996 (1). Tá an struchtúr céanna ag modheolaíocht CCE 2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus a bhí ag CCE 95 sa chéad trí chaibidil déag, ach tá aon chaibidil déag nua curtha leis ina leagtar síos gnéithe an chórais a léiríonn forbairtí maidir le geilleagair nua-aimseartha a thomhas, nó úsáid CCE 95 san Aontas Eorpach (an AE).

1.03

Is mar seo a leanas struchtúr an lámhleabhair. I gCaibidil 1, cumhdaítear gnéithe bunúsacha an chórais i dtéarmaí coincheapúla, agus leagtar amach inti prionsabail CCE agus tugtar tuairisc ar na haonaid bhunúsacha staidrimh agus a ngrúpálacha. Tugtar forbhreathnú inti ar sheicheamh na gcuntas, agus tuairisc ghearr ar phríomh-chomhiomláin agus ar ról táblaí soláthair agus úsáide agus ar an gcreat ionchuir-aschuir. I gCaibidil 2, tugtar tuairisc ar na haonaid institiúideacha a úsáidtear chun an geilleagar a thomhas, agus conas mar a aicmítear na haonaid sin in earnálacha agus i ngrúpaí eile chun anailís a dhéanamh. I gCaibidil 3, tugtar tuairisc ar na hidirbhearta ar fad a bhaineann le táirgí (earraí agus seirbhísí), chomh maith le sócmhainní neamhtháirgthe, sa chóras. I gCaibidil 4, tugtar tuairisc ar na hidirbhearta ar fad sa gheilleagar lena ndáiltear agus lena n-athdháiltear ioncam agus rachmas sa gheilleagar. I gCaibidil 5, tugtar tuairisc ar idirbhearta airgeadais sa gheilleagar. I gCaibidil 6, tugtar tuairisc ar athruithe a d’fhéadfadh tarlú do luach sócmhainní trí theagmhais neamheacnamaíocha nó trí athruithe ar phraghsanna. I gCaibidil 7, tugtar tuairisc ar chláir chomhardaithe, agus ar scéim aicmithe na sócmhainní agus na ndliteanas. I gCaibidil 8, leagtar amach seicheamh na gcuntas, agus na hítimí comhardaithe a bhaineann le gach cuntas. I gCaibidil 9, tugtar tuairisc ar na táblaí soláthair agus úsáide, agus a ról chun aonaid tomhais ioncaim, aschuir agus caiteachais a réiteach sa gheilleagar. Tugtar tuairisc inti freisin ar na táblaí ionchuir-aschuir is féidir a dhíorthú ó na táblaí soláthair agus úsáide. I gCaibidil 10, tugtar tuairisc ar an mbonn coincheapúil atá leis na haonaid tomhais praghsanna agus méideanna a bhaineann leis na luachanna ainmniúla a fhaightear sna cuntais. I gCaibidil 11, tugtar tuairisc ar aonaid tomhais an mhargaidh saothair agus an daonra is féidir a úsáid taobh le haonaid tomhais na gcuntas náisiúnta in anailís eacnamaíoch. I gCaibidil 12, tugtar tuairisc ghearr ar chuntais náisiúnta ráithiúla, agus conas mar atá siad éagsúil leis na cuntais bhliantúla ó thaobh béime de.

1.04

I gCaibidil 13, tugtar tuairisc ar aidhmeanna, coincheapa agus ceisteanna tiomsaithe nuair atá sraith cuntas réigiúnach á leagan amach. I gCaibidil 14, cumhdaítear tomhas seirbhísí airgeadais arna soláthar ag idirghabhálaithe airgeadais arna gcistiú trí ghlanfháltais úis, agus léirítear inti na blianta a chaith na Ballstáit ar thaighde agus ar fhorbairt chun aonad tomhais atá láidir agus comhchuibhithe ar fud na mBallstát a fháil. Tá gá le Caibidil 15 maidir le conarthaí, léasanna agus ceadúnais chun réimse a bhfuil a thábhacht ag dul i méad sna cuntais náisiúnta a thuairisciú. I gCaibidil 16 agus i gCaibidil 17 maidir le hárachas, árachas sóisialta agus pinsin tugtar tuairisc ar conas mar a láimhseáiltear na socruithe seo sna cuntais náisiúnta, mar go gcuirtear níos mó spéise i gceisteanna athdháilte de réir mar atá daonraí ag dul in aois. I gCaibidil 18, cumhdaítear na cuntais a bhaineann leis an gcuid eile den domhan, arb ionann iad agus coibhéis na gcuntas náisiúnta de na cuntais a bhaineann le córas tomhais chomhardú na n-íocaíochtaí. Is Caibidil nua freisin Caibidil 19 maidir le cuntais Eorpacha, ina gcumhdaítear gnéithe na gcuntas náisiúnta i gcás ina n-ardaítear ceisteanna faoi shocruithe institiúideacha agus trádála Eorpacha a éilíonn cur chuige comhchuibhithe. I gCaibidil 20, tugtar tuairisc ar chuntais earnáil an rialtais — réimse sainspéise mar go bhfuil ceisteanna stuamachta fioscaí sna Ballstáit ríthábhachtach fós i gcur i bhfeidhm beartais eacnamaíoch san AE. I gCaibidil 21, tugtar tuairisc ar na naisc idir cuntais ghnó agus cuntais náisiúnta, réimse sainspéise atá ag fás mar go bhfuil corparáidí ilnáisiúnta ag glacadh freagrachta as cion méadaitheach den olltáirgeacht intíre (OTI) i gcás na dtíortha uile. I gCaibidil 22, tugtar tuairisc ar an ngaol idir cuntais satailíte agus na príomhchuntais náisiúnta. Is chun críoch tagartha iad Caibidil 23 agus Caibidil 24; i gCaibidil 23 leagtar amach na haicmithe a úsáidtear d’earnálacha, do ghníomhaíochtaí agus do tháirgí in CCE 2010, agus i gCaibidil 24 leagtar amach seicheamh iomlán na gcuntas do gach earnáil.

1.05

Tá struchtúr CCE 2010 comhsheasmhach leis na treoracha domhanda maidir le cuntasaíocht náisiúnta, i gCóras Cuntas Náisiúnta 2008 (CCN 2008), amach ó dhifríochtaí áirithe maidir le tuairisciú agus le mionchruinneas coincheap áirithe CCE 2010 a úsáidtear le haghaidh críocha sonracha AE. Cuireadh na treoirlínte sin ar fáil faoi fhreagracht chomhpháirteach na Náisiún Aontaithe (NA), an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat), na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Bhainc Dhomhanda). Tá CCE 2010 dírithe ar na himthosca agus ar na riachtanais sonraí san AE. Fearacht CCN 2008, tá CCE 2010 ag teacht leis na coincheapa agus leis na haicmithe a úsáidtear in go leor staidrimh shóisialta agus eacnamaíocha eile (mar shampla, i staidreamh maidir le fostaíocht, i staidreamh maidir le monaraíocht, i staidreamh maidir le trádáil sheachtrach). Fónann CCE 2010, dá bhrí sin, mar chreat tagartha lárnach le haghaidh staidreamh sóisialta agus eacnamaíoch an AE agus a Bhallstát.

1.06

Tá dhá phríomhfhoireann táblaí cuimsithe i gcreat CCE:

(a)

cuntais na n-earnálacha institiúideacha;

(b)

an creat ionchuir-aschuir agus na cuntais de réir tionscail.

1.07

Soláthraíonn cuntais na n-earnálacha, de réir earnála institiúidí, cur síos córasach ar na céimeanna éagsúla sa phróiseas eacnamaíoch: táirgeadh, ginúint ioncaim, dáileadh ioncaim, athdháileadh ioncaim, úsáid ioncaim agus carnadh airgeadais agus neamhairgeadais. Áirítear cláir chomhardaithe i gcuntais na n-earnálacha freisin agus déantar cur síos iontu ar stoic na sócmhainní, na ndliteanas agus an ghlanfhiúchais ag tús agus ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta.

1.08

Trí na táblaí soláthair agus úsáide, sa chreat ionchuir-aschuir, tá tuairisc níos mionsonraithe le fáil ar an bpróiseas táirgthe (struchtúr na gcostas, an t-ioncam ginte agus fostaíocht) agus ar shreafaí earraí agus seirbhísí (aschur, allmhairí, onnmhairí, tomhaltas críochnaitheach, tomhaltas idirmheánach agus foirmiú caipitil de réir grúpa táirgí). Léirítear dhá chomhionannas cuntasaíochta thábhachtacha sa chreat sin: tá suim na n-ioncam arna nginiúint i dtionscal cothrom leis an mbreisluach arna tháirgeadh ag an tionscal sin; agus i gcás aon táirge nó aon ghrúpáil táirgí, tá an soláthar cothrom leis an éileamh.

1.09

Cuimsítear coincheapa an daonra agus na fostaíochta in CCE 2010. Is ábhartha coincheapa den sórt sin do chuntais na n-earnálacha, do na cuntais de réir tionscail agus don chreat soláthair agus úsáide.

1.10

Ní bhaineann CCE 2010 le cuntasaíocht náisiúnta bhliantúil amháin, ach le cuntais ráithiúla agus le cuntais do thréimhsí níos giorra nó níos faide chomh maith. Baineann sé le cuntais réigiúnacha chomh maith.

1.11

Maireann CCE 2010 taobh le taobh le CCN 2008 i ngeall ar úsáidí aonaid tomhais na gcuntas náisiúnta san AE. Tá Ballstáit freagrach as a gcuntais náisiúnta a thiomsú agus a thíolacadh chun cur síos a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch ina dtíortha. Tiomsaíonn na Ballstáit sraith cuntas a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) mar chuid de chlár rialaitheach um tharchur sonraí, a úsáidtear sna beartais thábhachtacha shóisialta, eacnamaíocha agus fhioscacha. Ar na húsáidí sin áirítear ranníocaíochtaí airgeadaíochta na mBallstát le buiséad an AE a chinneadh tríd an “ceathrú hacmhainn”, cabhair a thabhairt do réigiúin an AE trí chlár na gcistí struchtúracha agus faireachas a dhéanamh ar fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát faoi chuimsiú an nós imeachta um easnamh iomarcach agus an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.

1.12

Ionas go leithdháilfear tobhaigh agus sochair de réir na n-aonad tomhais arna dtiomsú agus arna dtíolacadh ar bhealach fíor-chomhsheasmhach, tiomsófar an staidreamh eacnamaíoch arna úsáid chun na críocha sin de réir na gcoincheap agus na rialacha céanna. Is éard atá in CCE 2010 rialachán ina leagtar amach na rialacha, na coinbhinsiúin, na sainmhínithe agus na haicmithe atá le cur i bhfeidhm agus na cuntais náisiúnta á soláthar sna Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chlár um tharchur sonraí mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Rialachán seo.

1.13

I bhfianaise na suimeanna móra airgid a bhaineann leis an gcóras ranníocaíochtaí agus sochar a oibrítear san AE, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear an córas tomhais i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát. In imthosca den sórt sin, tá sé tábhachtach cur chuige aireach a ghlacadh maidir le meastacháin nach féidir a bhreathnú go díreach ar an margadh, agus nósanna imeachta atá bunaithe ar shamhlacha a sheachaint agus meastacháin á ndéanamh ar aonaid tomhais sna cuntais náisiúnta.

1.14

I roinnt mhaith cásanna tá coincheapa CCE 2010 níos sonraí agus níos beaichte ná coincheapa CCN 2008 chun an méid comhsheasmhachta agus is féidir a áirithiú idir aonaid tomhais na mBallstát, aonaid tomhais a dhíorthaítear ó na cuntais náisiúnta. I ngeall ar an riachtanas uileghabhálach maidir le meastacháin chomhsheasmhacha láidre a chur ar fáil, aithníodh sraith de bhunchuntais náisiúnta san AE. I gcás nach leor an leibhéal comhsheasmhachta tomhais ar fud na mBallstát, áirítear na meastacháin sna “neamh-bhunchuntais” ina gcumhdaítear táblaí forlíontacha agus cuntais satailíte.

1.15

Sampla amháin inar measadh gur ghá bheith aireach maidir le dearadh CCE 2010 is ea réimse na ndliteanas pinsin. Tá cás láidir ann iad a thomhas chun cuidiú le hanailísí eacnamaíocha, ach i ngeall ar an riachtanas fíorthábhachtach san AE cuntais atá comhsheasmhach ó thaobh ama agus spáis de a chur ar fáil, níor mhór cur chuige aireach a úsáid.

Domhandú

1.16

I ngeall ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch bheith ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile, tá méadú tagtha ar thrádáil idirnáisiúnta de gach uile chineál, agus is mó dá réir na dúshláin atá roimh thíortha chun a ngeilleagair intíre a thaifeadadh sna cuntais náisiúnta. Is éard atá sa domhandú próiseas dinimiciúil agus ilghnéitheach trína n-éiríonn acmhainní náisiúnta níos soghluaiste ar leibhéal idirnáisiúnta, agus trína n-éiríonn geilleagair náisiúnta níos idirspleáiche de réir a chéile. Is é an ghné sin den domhandú is mó is cúis le fadhbanna tomhais do na cuntais náisiúnta ná an cion méadaitheach d’idirbhearta idirnáisiúnta a dhéanann corparáidí ilnáisiúnta, nuair is idir máthairchorparáidí, fochorparáidí agus corparáidí cleamhnaithe a dhéantar na hidirbhearta thar theorainneacha. Ach tá dúshláin eile ann, áfach, agus seo a leanas liosta níos cuimsithí de na saincheisteanna maidir le sonraí:

(1)

praghsáil aistrithe idir corparáidí cleamhnaithe (luacháil allmhairí agus onnmhairí);

(2)

méadú ar dholaphróiseáil, ina ndéantar earraí a thrádáil thar theorainneacha idirnáisiúnta gan aon athrú úinéireachta (earraí le haghaidh próiseála), agus trádáil cheannaíochta;

(3)

trádáil idirnáisiúnta ar an idirlíon, i gcás corparáidí agus teaghlach;

(4)

sócmhainní maoine intleachtúla a thrádáil agus a úsáid ar fud an domhain;

(5)

oibrithe ag obair thar lear, agus ag seoladh suimeanna suntasacha airgid ar ais chuig a dteaghlaigh sa chríoch intíre (seoltáin oibrithe, mar chuid d’aistrithe pearsanta);

(6)

corparáidí ilnáisiúnta a eagraíonn a ngnó thar theorainneacha náisiúnta, chun éifeachtúlacht táirgthe a uasmhéadú agus chun an muirear cánach domhanda a íosmhéadú. D’fhéadfadh struchtúir shaorga chorparáide teacht as seo agus b’fhéidir nach léireoidís an réaltacht eacnamaíoch;

(7)

meáin mhaoiniúcháin easchósta a úsáid (Eintitis Shainchuspóireacha agus foirmeacha eile) chun maoiniú a eagrú do ghníomhaíochtaí domhanda;

(8)

earraí a ath-onnmhairiú agus, san AE, earraí a iompar idir Bhallstáit tar éis dóibh teacht isteach san Aontas (cuasai-iompar);

(9)

méadú ar chaidrimh infheistíochta dírí eachtraí, agus an gá sreafaí infheistíochta dírí a aithint agus a leithdháileadh.

1.17

I ngeall ar na gnéithe coiteanna seo den domhandú a bheith ag méadú, is dúshlán méadaitheach do staitisteoirí náisiúnta é sreafaí thar theorainneacha a ghabháil agus a thomhas go cruinn. Fiú le córas cuimsitheach láidir bailiúcháin agus tomhais do na hiontrálacha in earnáil na coda eile den domhan (agus mar sin freisin do na cuntais idirnáisiúnta atá i gcomhardú na n-íocaíochtaí), méadóidh an domhandú an gá atá ann le hiarrachtaí breise a dhéanamh chun cáilíocht na gcuntas náisiúnta sna geilleagair ar fad agus sna grúpálacha geilleagar ar fad a choimeád.

ÚSÁIDÍ A BHAINTEAR AS CCE 2010

Creat le haghaidh anailíse agus beartais

1.18

Féadfar creat CCE a úsáid chun anailís agus measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

Struchtúr geilleagair iomláin. Seo thíos samplaí de na cineálacha beart atá in úsáid:

(1)

breisluach agus fostaíocht de réir tionscail;

(2)

breisluach agus fostaíocht de réir réigiúin;

(3)

ioncam dáilte de réir earnála;

(4)

allmhairí agus onnmhairí de réir grúpa táirgí;

(5)

caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach de réir ceannteidil feidhme agus de réir grúpa táirgí;

(6)

foirmiú caipitil sheasta agus stoc caipitil sheasta de réir tionscail;

(7)

comhdhéanamh na stoc agus na sreafaí sócmhainní airgeadais de réir cineáil sócmhainne agus de réir earnála;

(b)

codanna sonracha nó gnéithe sonracha de gheilleagar. Ar na táirgí sin tá:

(1)

baincéireacht agus airgeadas sa gheilleagar náisiúnta;

(2)

ról an rialtais agus a stad airgeadais;

(3)

geilleagar réigiúin ar leith (i gcomparáid le geilleagar an náisiúin ina iomláine);

(4)

leibhéil choigiltis agus fiachais teaghlach;

(c)

forbairt geilleagair le himeacht ama. Seo samplaí di:

(1)

an anailís ar rátaí fáis OTI (Olltáirgeacht intíre);

(2)

an anailís ar bhoilsciú;

(3)

an anailís ar phatrúin shéasúracha i gcaiteachas teaghlach ar bhonn na gcuntas ráithiúil;

(4)

an anailís ar thábhacht athraitheach cineálacha áirithe ionstraimí airgeadais le himeacht ama, e.g. méadú ar thábhacht díorthach airgeadais;

(5)

an chomparáid idir struchtúir thionsclaíocha an gheilleagair náisiúnta go fadtéarmach;

(d)

geilleagar iomlán i gcoibhneas le geilleagair eile. Ar na táirgí sin tá:

(1)

an chomparáid idir róil agus méid an rialtais i mBallstáit an AE;

(2)

an anailís ar an idirthuilleamaíocht idir gheilleagair an AE; agus na Ballstáit agus a gcuid réigiún á gcur san áireamh;

(3)

an anailís ar chomhdhéanamh agus ar cheann scríbe onnmhairí an AE;

(4)

an chomparáid idir rátaí fáis OTI nó ioncam indiúscartha in aghaidh an duine san AE agus i ngeilleagair fhorbartha eile.

1.19

Tá na figiúirí ó chreat CCE an-tábhachtach don AE agus dá Bhallstáit chun a mbeartais shóisialta agus eacnamaíocha a fhoirmliú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Léiríonn na samplaí a leanas úsáidí a bhaintear as creat CCE:

(a)

ceapadh beartas airgeadaíochta agus maicreacnamaíoch don limistéar euro a threorú agus faireachán a dhéanamh air agus critéir chóineasaithe don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a shainiú i dtéarmaí fhigiúirí na gcuntas náisiúnta (e.g. rátaí fáis OTI);

(b)

critéir a shainiú don nós imeachta um easnamh iomarcach: aonaid tomhais ar easnamh agus fiachas rialtais;

(c)

tacaíocht airgeadais a dheonú ar réigiúin san AE: cistí caiteachais a leithdháileadh ar réigiúin ag úsáid staidreamh cuntas réigiúnach;

(d)

acmhainní dílse bhuiséad an AE a chinneadh. Tá trí bhealach ann ina mbraitheann an úsáid dheireanach seo ar fhigiúirí cuntas náisiúnta:

(1)

cinntear na hacmhainní iomlána don AE mar chéatadán de shuim ollioncam náisiúnta na mBallstát (OIN);

(2)

is í tríú hacmhainn dhílis an AE an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL. Tá ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh na hacmhainne seo go mór faoi thionchar fhigiúirí na gcuntas náisiúnta, mar go n-úsáidtear iad chun an meánráta CBL a ríomh;

(3)

tá méideanna coibhneasta na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh ceathrú hacmhainn dhílis an AE bunaithe ar a meastacháin ar ollioncam náisiúnta. Tá formhór íocaíochtaí na mBallstát bunaithe ar na meastacháin seo.

Saintréithe na gcoincheap in CCE 2010

1.20

D’fhonn cothromaíocht a bhunú idir na riachtanais agus na féidearthachtaí i dtaca le sonraí, tá roinnt saintréithe tábhachtacha ag na coincheapa in CCE 2010. De réir na saintréithe beidh na cuntais:

(a)

comhoiriúnach go hidirnáisiúnta;

(b)

comhchuibhithe le córais staidrimh shóisialta agus eacnamaíoch eile;

(c)

comhsheasmhach;

(d)

oibríochtúil, rud a chiallaíonn gur féidir iad a thomhas sa chleachtas;

(e)

difriúil ó fhormhór na gcoincheap riaracháin;

(f)

dea-bhunaithe agus socraithe le haghaidh tréimhse fada;

(g)

dírithe ar chur síos a dhéanamh ar an bpróiseas eacnamaíoch i dtéarmaí airgeadaíochta agus i dtéarmaí atá inbhreathnaithe go héasca;

(h)

ar féidir feidhm a bheith acu in imthosca éagsúla agus chun críoch éagsúil.

1.21

Tá na coincheapa in CCE 2010 comhoiriúnach go hidirnáisiúnta de bharr an méid seo a leanas:

(a)

tá na coincheapa a úsáidtear in CCE 2010 ag teacht go hiomlán leis na coincheapa sna treoracha domhanda maidir le cuntasaíocht náisiúnta, i.e. CCN 2008;

(b)

is é CCE 2010 an múnla caighdeánach, i gcás na mBallstát, chun sonraí ó na cuntais náisiúnta a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta go léir;

(c)

tá comhoiriúnacht na gcoincheap ar bhonn idirnáisiúnta fíor-riachtanach nuair atá comparáid á déanamh idir staidreamh ó thíortha éagsúla.

1.22

Tá na coincheapa in CCE 2010 á gcomhchuibhiú leis na coincheapa atá i staidreamh sóisialta agus eacnamaíoch eile mar úsáideann CCE 2010 coincheapa agus aicmithe (e.g. Aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach “NACE Rev. 2” (2)) a úsáidtear le haghaidh staidrimh eile shóisialta agus eacnamaíocha de chuid Ballstát, e.g. i staidreamh maidir le monaraíocht, i staidreamh maidir le trádáil sheachtrach agus i staidreamh maidir le fostaíocht; tá an méid is lú agus is féidir de dhifríochtaí coincheapúla á n-úsáid. Thairis sin, tá na coincheapa agus na haicmithe in CCE 2010 comhchuibhithe le coincheapa agus aicmithe na Náisiún Aontaithe.

Cuidíonn an comhchuibhiú le staidreamh sóisialta agus eacnamaíoch leis an nascáil leis na figiúirí seo agus le comparáid a dhéanamh eatarthu, chun gur féidir cáilíocht na bhfigiúirí sna cuntais náisiúnta a áirithiú. Ina theannta sin, is féidir an fhaisnéis atá sa staidreamh sonrach seo a chur i gcomparáid níos fearr leis an staidreamh ginearálta ar an ngeilleagar náisiúnta.

1.23

I ngeall ar na coincheapa comhroinnte a úsáidtear ar fud chreat na gcuntas náisiúnta agus na gcóras staidrimh shóisialta agus eacnamaíoch eile, is féidir aonaid tomhais chomhsheasmhacha a dhíorthú. Is féidir, mar shampla, na cóimheasa seo a leanas a ríomh:

(a)

figiúirí táirgiúlachta, amhail breisluach san uair an chloig oibrithe (ní mór comhsheasmhacht idir choincheap an bhreisluacha agus choincheap na n-uaireanta an chloig oibrithe chun an figiúr seo a ríomh);

(b)

an t-ioncam indiúscartha náisiúnta in aghaidh an duine (ní mór comhsheasmhacht idir choincheap an ioncaim indiúscartha náisiúnta agus choincheap aonaid tomhais an daonra don chóimheas seo);

(c)

foirmiú caipitil sheasta mar chéatadán den stoc caipitil sheasta (ní mór comhsheasmhacht idir na sainmhínithe ar na sreafaí agus ar na stoic seo don chóimheas seo);

(d)

easnamh rialtais agus fiachas rialtais mar chéatadáin den olltáirgeacht intíre (ní mór comhsheasmhacht idir choincheap an easnaimh rialtais, choincheap an fhiachais rialtais agus choincheap na holltáirgeachta intíre chun na figiúirí seo a ríomh).

Ceadaítear leis an gcomhsheasmhacht inmheánach seo idir na coincheapa CCEgo ndíorthaítear meastacháin ag úsáid iarmharaigh, e.g. is féidir coigilt a mheas mar an difríocht idir ioncam indiúscartha agus caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach.

1.24

Cuirtear na coincheapa in CCE 2010 i bhfeidhm ar bhealach atá dírithe ar bhailiú agus ar thomhas sonraí. Léirítear an nádúr oibríochtúil ar roinnt bealaí sa treoir a thugtar chun na cuntais a leagan amach:

(a)

ní thugtar tuairisc ar ghníomhaíochtaí ná ar ítimí ach amháin nuair atá méid suntasach díobh ann. Mar shampla: maidir le táirgeadh féinchuntais earraí ag teaghlaigh amhail fíodóireacht éadaí agus criadóireacht, ní thaifeadfar iad mar tháirgeadh, ós rud é nach bhfuil méid suntasach díobh ann i dtíortha an AE;

(b)

gabhann treoir maidir le conas meastachán a dhéanamh orthu le coincheapa áirithe. Mar shampla, agus ídiú caipitil sheasta á shainiú, déantar tagairt do dhímheas líneach. Chun meastachán a dhéanamh ar stoc caipitil sheasta bainfear úsáid as modh an stoc-chuntais shíoraí i gcás ina bhfuil faisnéis dhíreach ar stoc na sócmhainní seasta in easnamh. Sampla ábhartha eile is ea luacháil an táirgthe féinchuntais: i bprionsabal, déantar é a luacháil ag na bunphraghsanna, ach is féidir, más gá, an luacháil ag na bunphraghsanna a neasú trí na costais bhainteacha éagsúla a shuimiú;

(c)

táthar tar éis roinnt gnásanna a ghlacadh. Mar shampla, is mar chaiteachas ar thomhaltas críochnaitheach a aicmítear na seirbhísí comhchoiteanna go léir arna soláthar ag an rialtas.

1.25

Mar sin féin, d’fhéadfadh nach mbeadh sé éasca na sonraí is gá do staidreamh na gcuntas náisiúnta a bhailiú go díreach, mar go mbíonn na coincheapa bunúsacha difriúil ó na coincheapa is bun leis na foinsí sonraí riaracháin. Is samplaí de na foinsí riaracháin iad cuntais ghnó, taifid ar chineálacha éagsúla cánacha (CBL, cáin ar ioncam pearsanta, tobhaigh ar allmhairí, etc.), sonraí slándála sóisialta agus sonraí ó bhoird mhaoirseachta baincéireachta agus árachais. Úsáidtear na sonraí riaracháin seo go minic mar ionchur chun cuntais náisiúnta a thiomsú. Go ginearálta, déantar iad a chlaochlú chun go mbeidh siad i gcomhréir le CCE.

Tá na coincheapa in CCE difriúil óna gcontrapháirteanna riaracháin sa mhéid seo a leanas:

(a)

tá difríocht idir coincheapa riaracháin sna tíortha éagsúla. De thoradh air sin, ní féidir comhoiriúnacht ar bhonn idirnáisiúnta a bhaint amach trí bhíthin coincheap riaracháin;

(b)

athraíonn coincheapa riaracháin le himeacht ama. Dá thoradh sin, ní féidir inchomparáideacht thar thréimhse ama a bhaint amach trí bhíthin coincheap riaracháin;

(c)

ní bhíonn na coincheapa atá mar bhun leis na foinsí sonraí riaracháin ag luí le chéile de ghnáth sna córais riaracháin éagsúla. Mar sin féin, ní féidir sonraí a nascadh agus comparáid a dhéanamh eatarthu, rud atá fíor-riachtanach chun figiúirí a thiomsú ó na cuntais náisiúnta, ach amháin trí fhoireann chomhsheasmhach coincheap a úsáid;

(d)

go ginearálta, ní bhíonn na coincheapa riaracháin barrmhaith le haghaidh anailíse eacnamaíche ná le haghaidh meastóireachta ar bheartas eacnamaíoch.

1.26

Mar sin féin, sásaíonn foinsí sonraí riaracháin riachtanais sonraí na gcuntas náisiúnta agus staidrimh eile chomh maith, i ngeall ar an méid seo a leanas:

(a)

ní foláir coincheapa agus aicmithe a ceapadh i dtosach chun críocha staidrimh a ghlacadh freisin chun críoch riaracháin, e.g. an t-aicmiú ar chaiteachas rialtais de réir cineáil;

(b)

déanann foinsí sonraí riaracháin na riachtanais sonraí (ar leithligh) a bhíonn ag staidreamh a chur san áireamh go sainráite; tá feidhm ag an méid seo, mar shampla, maidir le córas Intrastat a sholáthraíonn faisnéis faoi sheachadadh earraí idir Bhallstáit.

1.27

Tá na príomhchoincheapa a úsáidtear in CCE dea-bhunaithe agus socraithe le haghaidh tréimhse fada, ós rud é:

(a)

go bhfuil siad formheasta mar chaighdeán idirnáisiúnta ar feadh blianta fada;

(b)

sna treoirlínte idirnáisiúnta comhleanúnacha maidir le cuntasaíocht náisiúnta, is fíorbheagán coincheap bunúsach a athraíonn.

I ngeall ar an leanúnachas coincheapúil seo, laghdaítear an gá le hamshraitheanna a athríomh. Ina theannta sin, cuireann sé teorainn le leochaileacht na gcoincheap ó thaobh brú pholaitiúil de ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Ar na cúiseanna sin, bhíothas in ann na figiúirí ó na cuntais náisiúnta a úsáid mar bhunachar sonraí oibiachtúil le haghaidh beartais eacnamaíoch agus anailíse eacnamaíche.

1.28

Tá na coincheapa in CCE 2010 dírithe ar chur síos a dhéanamh ar an bpróiseas eacnamaíoch i dtéarmaí airgeadaíochta agus i dtéarmaí atá inbhreathnaithe go héasca. Ní dhéantar stoic agus sreafaí nach bhfuil inbhreathnaithe go héasca i dtéarmaí airgeadaíochta nó nach bhfuil contrapháirt airgeadaíochta shoiléir acu a thaifeadadh in CCE.

Níor cuireadh an prionsabal sin i bhfeidhm go dian, ós rud é nárbh fholáir an ceanglas comhsheasmhachta agus riachtanais úsáideoirí a chur san áireamh freisin. Mar shampla, éilíonn comhsheasmhacht go dtaifeadtar luach seirbhísí comhchoiteanna arna dtáirgeadh ag an rialtas mar aschur, ós rud é go bhfuil íoc cúitimh d’fhostaithe agus ceannach cineálacha éagsúla earraí agus seirbhísí ag an rialtas inbhreathnaithe go héasca i dtéarmaí airgeadaíochta. Ina theannta sin, chun críocha anailíse eacnamaíche agus beartais eacnamaíoch, trí sheirbhísí comhchoiteanna an rialtais a thuairisciú i gcoibhneas leis an gcuid eile den gheilleagar náisiúnta, méadaítear a úsáidí agus atá na cuntais náisiúnta ina n-iomláine.

1.29

Is féidir raon feidhme na gcoincheap a úsáidtear in CCE a léiriú trí roinnt saincheisteanna teorannacha tábhachtacha a mheas.

Taifeadtar an méid seo a leanas faoi chuimsiú theorainn an táirgthe in CCE (féach mír 3.07 go mír 3.09):

(a)

seirbhísí aonair agus seirbhísí comhchoiteanna arna dtáirgeadh ag an rialtas;

(b)

táirgeadh seirbhísí tithíochta ar bhonn féinchuntais ag úinéirí-áititheoirí;

(c)

táirgeadh earraí chun críche tomhaltais chríochnaithigh dhílis, e.g. táirgí talmhaíochta;

(d)

tógáil ar bhonn féinchuntais, lena n-áirítear togáil arna déanamh ag teaghlaigh;

(e)

seirbhísí arna dtáirgeadh ag fostaithe tí ar íocaíocht;

(f)

síolrú éisc ar fheirmeacha éisc;

(g)

táirgeadh atá toirmiscthe de réir an dlí, fad is a théann na haonaid uile lena mbaineann i mbun an idirbhirt ar bhonn deonach;

(h)

táirgeadh nach ndéantar an t-ioncam uaidh a dhearbhú go hiomlán do na húdaráis fhioscacha, e.g. táirgeadh folaitheach teicstílí.

1.30

Ní thagann an méid seo a leanas faoi chuimsiú theorainn an táirgthe, agus ní thaifeadfar é in CCE:

(a)

seirbhísí tí agus seirbhísí pearsanta arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den teaghlach céanna, e.g. glanadh, ullmhú béilí nó cúram daoine breoite nó seandaoine;

(b)

seirbhísí deonacha nach mbíonn táirgeadh earraí mar thoradh orthu, e.g. aire a thabhairt do dhaoine nó do rudaí agus glanadh gan íocaíocht;

(c)

síolrú nádúrtha éisc ar na farraigí.

1.31

Déantar an t-aschur go léir a thig as táirgeadh faoi chuimsiú theorainn an táirgthe a thaifeadadh in CCE. Mar sin féin, ní dhéantar an t-aschur ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha a thaifeadadh. Déantar gach ionchur arna thomhailt ag gníomhaíocht choimhdeach a láimhseáil mar ionchur sa ghníomhaíocht lena dtacaíonn sé. Má tá bunaíocht nach ndéanann ach gníomhaíochtaí coimhdeacha amháin inbhreathnaithe ó thaobh staidrimh de, sa mhéid is go bhfuil cuntais ar leith ar fáil go héasca maidir leis an táirgeadh a dhéanann sí, nó má tá sí lonnaithe i suíomh geografach eile seachas mar a bhfuil na bunaíochtaí a bhfónann sí dóibh, ní foláir í a thaifeadadh mar aonad ar leith agus a leithdháileadh ar an aicmiú tionsclaíoch a chomhfhreagraíonn dá príomhghníomhaíocht, sna cuntais náisiúnta agus réigiúnacha araon. I gcás nach bhfuil fáil ar bhunsonraí oiriúnacha, féadfar aschur na gníomhaíochta coimhdí a mheas trí chostais a shuimiú.

1.32

Má fhéachtar ar ghníomhaíochtaí áirithe mar tháirgeadh agus má thaifeadtar a n-aschur, déantar na comhthorthaí, is iad sin an t-ioncam, an fhostaíocht, an tomhaltas críochnaitheach, etc. a thaifeadadh freisin. Mar shampla, ós rud é go ndéantar seirbhísí tithíochta arna dtáirgeadh ar bhonn féinchuntais ag úinéirí-áititheoirí a thaifeadadh mar tháirgeadh, déantar an t-ioncam agus an caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach a ghineann sé do na húinéirí-áititheoirí sin a thaifeadadh amhlaidh. Toisc nach bhfuil, de réir an tsainmhínithe, aon ionchur saothair i dtáirgeadh seirbhísí teaghaisí úinéirí-áitithe, ní thaifeadtar aon fhostaíocht. Áirithíonn sé sin comhsheasmhacht le córas an staidrimh saothair mar nach ndéantar aon fhostaíocht i leith úinéireachta teaghaisí a thaifeadadh faoin gcóras sin. Tá a mhalairt fíor, áfach, nuair nach dtaifeadtar gníomhaíochtaí áirithe mar tháirgeadh: ní ghineann seirbhísí tí arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den teaghlach céanna ioncam ná caiteachas ar thomhaltas críochnaitheach agus níl aon fhostaíocht i gceist.

1.33

Leagtar síos leis an CCE gnásanna freisin, a bhainnean le:

(a)

luacháil aschur an rialtais;

(b)

luacháil aschur seirbhísí árachais agus seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach;

(c)

taifeadtar na seirbhísí comhchoiteanna arna soláthar ag an rialtas mar chaiteachas ar thomhaltas críochnaitheach agus ní mar thomhaltas idirmheánach.

Aicmiú de réir earnála

1.34

Cruthaítear cuntais earnálacha trí aonaid a leithdháileadh ar earnálacha agus is féidir ar an gcaoi sin idirbhearta agus ítimí comhardaithe na gcuntas a thíolacadh de réir earnála. Léiríonn an tíolacadh de réir earnála go leor aonad tomhais tábhachtach chun críoch beartais eacnamaíoch agus fhioscaigh. Is iad na príomhearnálacha atá ann teaghlaigh, corparáidí (airgeadais agus neamhairgeadais), institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (INBFTanna) agus an chuid eile den domhan.

Tá an t-idirdhealú idir gníomhaíocht mhargaidh agus gníomhaíocht neamh-mhargaidh an-tábhachtach. Aicmítear eintiteas arna rialú ag an rialtas, agus atá ina chorparáid mhargaidh, faoi earnáil na gcorparáidí, lasmuigh d’earnáil an rialtais ghinearálta. Ar an dóigh sin, ní bheidh leibhéil easnaimh agus fiachais na corparáide mar chuid d’easnamh agus d’fhiachas an rialtais ghinearálta.

1.35

Tá sé tábhachtach critéir shoiléire agus láidre a leagan amach i dtaca le heintitis a leithdháileadh ar earnálacha.

Is éard atá san earnáil phoiblí na haonaid institiúideacha uile atá cónaitheach sa gheilleagar agus atá á rialú ag an rialtas. Is éard atá san earnáil phríobháideach na haonaid chónaitheacha eile ar fad.

I dTábla 1.1, leagtar amach na critéir a úsáidtear chun idirdhealú a dhéanamh idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, agus san earnáil phoiblí idir earnáil an rialtais agus earnáil na gcorparáidí poiblí, agus san earnáil phríobháideach idir earnáil na INBFTanna agus earnáil na gcorparáidí príobháideacha.

Tábla — 1.1

Critéir

Faoi rialú an rialtais

(An earnáil phoiblí)

Faoi rialú príobháideach

(An earnáil phríobháideach)

Aschur neamh-mhargaidh

An rialtas ginearálta

INBFTanna

Aschur margaidh

Corparáidí poiblí

Corparáidí príobháideacha

1.36

Sainmhínítear rialú mar an cumas beartas ginearálta nó clár ginearálta aonaid institiúidigh a chinneadh. Tugtar tuilleadh sonraí maidir leis an sainmhíniú ar rialú i mír 2.35 go mír 2.39.

1.37

Maidir le difreáil a dhéanamh idir earnáil mhargaidh agus earnáil neamh-mhargaidh, agus dá réir sin, i gcás eintiteas na hearnála poiblí, iad a aicmiú in earnáil an rialtais ghinearálta nó in earnáil na gcorparáidí, cinntear é leis an riail seo a leanas:

Féachtar ar ghníomhaíocht mar ghníomhaíocht mhargaidh nuair a dhéantar na hearraí agus seirbhísí comhfhreagracha a thrádáil faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

má ghníomhaíonn díoltóirí chun uasbhrabúis a fháil san fhadtéarma, agus má dhéanann siad amhlaidh trí earraí agus seirbhísí a dhíol gan srianadh ar an margadh le pé duine atá sásta an praghas iarrata a íoc;

(2)

má ghníomhaíonn ceannaitheoirí chun a bhfóntacht a uasmhéadú i bhfianaise a n-acmhainní teoranta, trí na táirgí is fearr a shásóidh a riachtanais a cheannach ag an bpraghas arna thairiscint;

(3)

tá ann do mhargaí éifeachtacha nuair atá rochtain ag díoltóirí agus ag ceannaitheoirí ar an margadh agus nuair atá faisnéis iomlán acu faoin margadh. Féadfaidh margadh éifeachtach feidhmiú fós fiú mura gcomhlíontar na coinníollacha sin ina n-iomláine.

1.38

Ceadaíonn an mionsonrú a dhéantar i gcreat na gcoincheap in CCE gur féidir an creat a úsáid ar bhealach solúbtha: níl coincheapa áirithe san áireamh in CCE go sainráite ach is féidir iad a dhíorthú as mar sin féin. Sampla is ea cruthú earnálacha nua trí na fo-earnálacha atá sainmhínithe in CCE a atheagrú.

1.39

Is féidir úsáid sholúbtha a bhaint as freisin trí chritéir bhreise a thabairt isteach nach bhfuil ar neamhréir le loighic an chórais. Mar shampla, leis na critéir seo is féidir cuntais fo-earnála a tharraingt suas, de réir scála na fostaíochta le haghaidh aonad táirgthe nó méid an ioncaim le haghaidh na dteaghlach. I gcás na fostaíochta, d’fhéadfaí fo-aicmiú de réir leibhéil oideachais, de réir aoise agus de réir inscne a thabhairt isteach.

Cuntais satailíte

1.40

I gcás riachtanais sonraí áirithe, ba cheart cuntais satailíte ar leith a tharraingt suas.

Ar na táirgí sin tá:

(a)

Maitrísí Cuntasaíochta Sóisialta (MCSanna);

(b)

ról na turasóireachta sa gheilleagar náisiúnta;

(c)

an anailís ar chostas agus ar mhaoiniú an chúraim sláinte;

(d)

taighde agus forbairt a aithnítear mar fhoirmiú caipitil maoine intleachtúla;

(e)

caipiteal daonna a aithint mar shócmhainní sa gheilleagar náisiúnta;

(f)

an anailís ar ioncam agus ar chaiteachas teaghlach ar bhonn coincheap ioncaim agus caiteachais atá micreabhunaithe;

(g)

an t-idirghníomhú idir an comhshaol agus an geilleagar;

(h)

táirgeadh laistigh de theaghlaigh;

(i)

an anailís ar athruithe ar leas;

(j)

an anailís ar na difríochtaí idir na figiúirí i gcuntais náisiúnta agus i gcuntais ghnó agus a dtionchar ar stocmhargaí agus ar mhargaí airgeadraí;

(k)

meastachán na n-ioncam ó chánacha.

1.41

Fónann na cuntais satailíte do na riachtanais sonraí sin trí:

(a)

níos mó mionsonraí a thaispeáint nuair is gá agus trí mhionsonraí iomarcacha a fhágáil ar lár;

(b)

raon feidhme an chreata cuntasaíochta a mhéadú trí fhaisnéis neamhairgeadaíochta a chur leis, e.g. faisnéis faoi thruailliú agus faoi shócmhainní comhshaoil;

(c)

bunchoincheapa áirithe a athrú, e.g. trí choincheap an fhoirmithe caipitil a mhéadú trí chaiteachas ar oideachas a áireamh.

1.42

Is éard atá i Maitrís Chuntasaíochta Sóisialta (MCS) cur i láthair i bhfoirm maitríse lena leagtar amach na nascálacha idir táblaí soláthair agus úsáide agus na cuntais earnála. Soláthraíonn MCS, de ghnáth, faisnéis bhreise faoi leibhéal agus faoi chomhdhéanamh na fostaíochta, trí chúiteamh d’fhostaithe a fhoroinnt de réir an chineáil duine a fhostaítear. Baineann an fhoroinnt sin le húsáid saothair de réir tionscail, mar a léirítear sna táblaí úsáide, agus le soláthar saothair de réir foghrúpa shocheacnamaíoch, mar a léirítear sa chuntas leithdháilte ioncaim phríomha le haghaidh fho-earnálacha earnáil na dteaghlach. Ar an mbealach sin, léirítear go córasach soláthar agus úsáid catagóirí éagsúla saothair.

1.43

Sna cuntais satailíte, coimeádtar coincheapa agus aicmithe bunúsacha uile an chreata lárnaigh CCE 2010. Ní thabharfar isteach aon athruithe ar na coincheapa ach amháin nuair is é sin is aidhm don chuntas satailíte. Sna cásanna sin, beidh tábla sa chuntas satailíte freisin ina léirítear an nasc idir na príomh-chomhiomláin sa chuntas satailíte agus na príomh-chomhiomláin sa chreat lárnach. Ar an gcuma sin, coimeádann an creat lárnach a ról mar chreat tagartha agus, an tráth céanna, déantar riachtanais is sonraí a shásamh.

1.44

Tríd is tríd, ní áirítear aonaid tomhais stoc ná sreafaí nach bhfuil inbhreathnaithe go héasca i dtéarmaí airgeadaíochta (nó nach bhfuil contrapháirt airgeadaíochta shoiléir acu) sa chreat lárnach. I ngeall ar a nádúr, féadtar anailís mhaith a dhéanamh ar a leithéidí de stoic agus de shreafaí freisin trí staidreamh a thiomsú i dtéarmaí neamhairgeadaíochta, e.g.:

(a)

is féidir táirgeadh laistigh de theaghlaigh a thuairisciú i dtéarmaí uaireanta an chloig a leithdháiltear ar na húsáidí éagsúla;

(b)

is féidir oideachas a thuairisciú i dtéarmaí cineáil oideachais, líon na ndaltaí, meánlíon na mblianta oideachais roimh dhioplóma a fháil, etc.;

(c)

is fearr iarmhairtí an truaillithe a thuairisciú i dtéarmaí athruithe ar líon na speiceas atá beo, folláine na gcrann sna foraoisí, an méid bruscair, an méid aonocsaíde carbóin agus radaíochta, etc.

1.45

Trí chuntais satailíte is féidir an staidreamh sin in aonaid neamhairgeadaíochta a nascadh le creat lárnach na gcuntas náisiúnta. Trí na haicmithe arna n-úsáid sa chreat lárnach a úsáid do staidreamh neamhairgeadaíochta den sórt sin, is féidir an nasc a dhéanamh e.g. aicmiú de réir cineáil teaghlach nó aicmiú de réir tionscail. Ar an gcuma sin, tarraingítear suas creat fadaithe comhsheasmhach. Is féidir an creat sin a úsáid mar bhunachar sonraí le haghaidh anailíse agus meastóireachta ar idirghníomhaíochtaí idir na hathróga sa chreat lárnach agus na hathróga sa chuid fhadaithe.

1.46

Ní thuairiscítear na hathruithe ar leas sa chreat lárnach ná i bpríomh-chomhiomláin an chreata. Is féidir cuntais fhadaithe a tharraingt suas lena n-áirítear luachanna airgeadaíochta barúlacha i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí tí agus seirbhísí pearsanta arna dtáirgeadh agus arna dtomhailt laistigh den teaghlach céanna;

(b)

athruithe ar am fóillíochta;

(c)

taitneamhachtaí agus míbhuntáistí an tsaoil uirbigh;

(d)

éagothromais maidir le hioncam a dháileadh ar dhaoine.

1.47

Féadtar an caiteachas críochnaitheach ar riachtanais mhíthaitneamhacha (e.g. cosaint) a athaicmiú sna cuntais fhadaithe mar thomhaltas idirmheánach, i.e. caiteachas nach rannchuidíonn le leas. Ar an gcuma chéanna, féadtar an damáiste a thig ó thuillte agus ó thubaistí nádúrtha eile a aicmiú mar thomhaltas idirmheánach, i.e. mar laghdú ar (dhearbh)leas. Ar an gcuma sin, d’fhéadfaí táscaire an-gharbh, an-neamhfhoirfe ar athruithe ar leas a cheapadh. Mar sin féin, tá go leor gnéithe a bhaineann le leas, agus is fearr gan an chuid is mó díobh a lua i dtéarmaí airgeadaíochta. Dá bhrí sin, is réiteach níos fearr é chun leas a thomhas, táscairí agus aonaid tomhais ar leith a úsáid le haghaidh gach gné. Ar na táscairí sin tá, mar shampla, mortlaíocht naíonán, ionchas saoil, litearthacht aosach agus ioncam náisiúnta in aghaidh an duine. D’fhéadfaí na táscairí sin a chorprú i gcuntas satailíte.

1.48

D’fhonn creat comhsheasmhach atá comhoiriúnach ar leibhéal idirnáisiúnta a fháil, ní úsáidtear coincheapa riaracháin in CCE. Mar sin féin, chun críoch náisiúnta de gach saghas, d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach figiúirí atá bunaithe ar choincheapa riaracháin a fháil. Mar shampla, chun meastachán a dhéanamh ar ioncam ó chánacha éilítear staidreamh maidir le hioncam inchánach. Is féidir an staidreamh sin a sholáthar trí roinnt modhnuithe a dhéanamh ar staidreamh na gcuntas náisiúnta.

1.49

D’fhéadfaí cur chuige cosúil a ghlacadh le haghaidh coincheap áirithe a úsáidtear sa bheartas eacnamaíoch náisiúnta, e.g. sna cásanna seo a leanas:

(a)

coincheap an bhoilscithe a úsáidtear chun pinsin, sochair dífhostaíochta nó cúiteamh d’fhostaithe a mhéadú do státseirbhísigh;

(b)

coincheap na gcánach, coincheap na ranníocaíochtaí sóisialta, coincheap an rialtais agus coincheap na hearnála comhchoitinne a úsáidtear agus plé á dhéanamh ar mhéid bharrmhaith na hearnála comhchoitinne;

(c)

coincheap na n-earnálacha/na dtionscal “straitéiseach(a)” a úsáidtear i mbeartas eacnamaíoch náisiúnta nó i mbeartas eacnamaíoch an AE;

(d)

coincheap “infheistíochtaí gnó” a úsáidtear i mbeartas eacnamaíoch náisiúnta;

(e)

tábla ina léirítear taifeadadh iomlán pinsean.

Is féidir na riachtanais sonraí sin a shásamh le cuntais satailíte nó le táblaí forlíontacha.

CCE 2010 agus CCN 2008

1.50

Tá CCE 2010 bunaithe ar choincheapa CCN 2008, lena soláthraítear treoirlínte maidir le cuntasaíocht náisiúnta le haghaidh na dtíortha uile ar fud an domhain. Mar sin féin, tá roinnt difríochtaí idir CCE 2010 agus CCN 2008:

(a)

difríochtaí tíolactha:

(1)

tá caibidlí ar leith in CCE 2010 maidir le hidirbhearta táirgí, le hidirbhearta dáileacháin agus le hidirbhearta airgeadais. I gcodarsnacht leis seo, mínítear na hidirbhearta sin i CCN 2008 i gcaibidlí atá leagtha amach de réir cuntais, e.g. caibidlí maidir leis an gcuntas táirgeachta, leis an gcuntas leithdháilte phríomha ioncaim, leis an gcuntas caipitil agus le cuntas na coda eile den domhan;

(2)

tuairiscítear gach coincheap in CCE 2010 trí shainmhíniú a thabhairt orthu agus tríd an méid a áirítear agus a eisiatar a liostú. Tuairiscítear na coincheapa de ghnáth i CCN 2008 i dtéarmaí níos ginearálta agus mínítear an réasúnaíocht atá leis na gnásanna a ghlactar;

(b)

tá na coincheapa in CCE 2010 níos sonraí agus níos beaichte i roinnt áiteanna ná na coincheapa i CCN 2008:

(1)

ní fhaightear critéir shonracha i CCECCN 2008 ar an idirdhealú idir na catagóirí aschuir seo a leanas: aschur margaidh, aschur chun críche úsáide críochnaithí dílse agus aschur neamh-mhargaidh. In CCE, mar sin, táthar tar éis treoir níos mionsonraithe a thabhairt isteach chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú;

(2)

glactar leis in CCE 2010 nach bhfuil cineálacha áirithe táirgthe earraí a dhéantar i dteaghlaigh, amhail fíodóireacht éadaí agus déantús troscán, tábhachtach sna Ballstáit agus nach gá iad a thaifeadadh dá bharr;

(3)

tagraítear in CCE 2010 do shocruithe institiúideacha san AE, amhail córas Intrastat lena dtaifeadtar sreafaí earraí laistigh den AE agus ranníocaíochtaí ó na Ballstáit leis an AE;

(4)

tá aicmithe sonracha ó thaobh an AE de in CCE 2010, e.g. Aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta (CPA) (3) do tháirgí agus NACE Rev. 2 do thionscail (tá an dá cheann comhchuibhithe le haicmithe na Náisiún Aontaithe);

(5)

tá aicmiú breise in CCE 2010 le haghaidh na n-idirbheart seachtrach go léir: roinntear iad idir na hidirbhearta idir cónaithigh an AE agus na hidirbhearta le cónaithigh lasmuigh den AE;

(6)

in CCE 2010, tá athshocrú déanta ar fho-earnálacha CCN 2008 i gcás earnáil na gcorparáidí airgeadais, chun riachtanais an Aontais Airgeadaíochta Eorpaigh a chomhlíonadh. Is féidir le CCE 2010 bheith níos sonraí ná CCN 2008 toisc go mbaineann CCE 2010 go príomha leis na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh CCE níos sonraí freisin maidir le riachtanais sonraí an Aontais.

CCE 2010 AGUS CCE 95

1.51

Tá CCE 2010 difriúil le CCE 95 ó thaobh raon feidhme de agus ó thaobh coincheap de chomh maith. Freagraíonn formhór na ndifríochtaí do dhifríochtaí idir CCN 1993 agus CCN 2008. Is iad na príomhdhifríochtaí:

(a)

taighde agus forbairt a aithint mar fhoirmiú caipitil as a dtig sócmhainní maoine intleachtúla. Taifeadfar an t-athrú sin i gcuntas satailíte, agus áireofar é sna bunchuntais nuair a bheidh stóinseacht agus comhchuibheas leordhóthanach inbhreathnaithe sna haonaid tomhais i measc Bhallstáit an AE;

(b)

tá caiteachas ar chórais armán a chomhlíonann an sainmhíniú ginearálta ar shócmhainní aicmithe mar fhoirmiú caipitil sheasta, seachas mar chaiteachas idirmheánach;

(c)

táthar tar éis coincheap anailíseach na seirbhísí caipitil a thabhairt isteach do tháirgeadh chun críoch margaidh, ionas gur féidir tábla forlíontach a sholáthar ina léireofar iad mar chomhpháirt breisluacha;

(d)

táthar tar éis teorainn na sócmhainní airgeadais a leathnú chun cuimsiú níos leithne chonarthaí na ndíorthach airgeadais a áireamh;

(e)

rialacha nua maidir le teidlíochtaí pinsean a thaifeadadh. Táthar tar éis tábla forlíontach a thabhairt isteach sna cuntais, ionas gur féidir meastacháin a thaifeadadh i gcás na dteidlíochtaí uile san árachas sóisialta, bídís cistithe nó ná bíodh. Tugtar an réimse iomlán faisnéise is gá le haghaidh anailíse cuimsithí sa tábla seo ina léirítear na teidlíochtaí agus na sreafaí gaolmhara do na scéimeanna pinsin príobháideacha agus poiblí go léir, bídís cistithe nó ná bíodh, agus lena n-áirítear scéimeanna slándála sóisialta pinsin;

(f)

táthar tar éis cur i bhfeidhm na rialacha maidir le hathrú úinéireachta earraí a dhéanamh uilíoch, rud as a dtig athruithe ar thaifeadadh trádála ceannaíochta, agus ar earraí a chuirtear ar aghaidh lena bpróiseáil, chuig an gcoigríoch agus sa gheilleagar intíre araon. Is é an toradh air sin gur i bhfoirm ghlan a thaifeadtar earraí a chuirtear chuig an gcoigríoch lena bpróiseáil, i gcodarsnacht le foirm chomhlán mar a bhí i CCN 1993 agus in CCE 95. Tá impleachtaí suntasacha ag an athrú sin maidir leis na gníomhaíochtaí sin a thaifeadadh sa chreat soláthair agus úsáide;

(g)

tugtar treoir bhreise maidir le corparáidí airgeadais i gcoitinne, agus maidir le heintitis shainchuspóireacha (ESCanna) go háirithe. Athraíodh láimhseáil ESCanna faoi rialú an rialtais chun a áirithiú go dtaispeánfar dliteanais arna dtabhú ag na ESCanna i gcuntais an rialtais;

(h)

tá soiléiriú déanta ar láimhseáil sárdhíbhinní arna n-íoc ag corparáidí poiblí, i.e. ní foláir iad a láimhseáil mar íocaíochtaí agus aistarraingtí eisceachtúla ó chothromas;

(i)

leagtar amach na prionsabail maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a láimhseáil, agus tá síneadh curtha le láimhseáil gníomhaireachtaí athstruchtúraithe;

(j)

táthar tar éis soiléiriú a dhéanamh ar idirbhearta idir corparáidí rialtais agus corparáidí poiblí, agus le meáin urrúsaithe, chun feabhas a chur ar thaifeadadh ítimí a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’fhiachas rialtais;

(k)

táthar tar éis láimhseáil ráthaíochtaí iasachta a shoiléiriú, agus láimhseáil nua a thabhairt isteach le haghaidh ráthaíochtaí iasachta caighdeánaithe, amhail ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus ráthaíochtaí iasachta do mhic léinn. Leis an láimhseáil nua, fad agus gur dóchúil go nglaofar na ráthaíochtaí, ní foláir sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais a aithint sna cuntais.

1.52

Níl na hathruithe in CCE 2010 i gcóimheas le CCE 95 teoranta d’athruithe coincheapúla amháin. Tá difríochtaí móra sa raon feidhme, agus caibidlí nua ann ar na cuntais satailíte, ar chuntais an rialtais agus ar chuntais na coda eile den domhan. Tá síneadh suntasach curtha freisin leis na caibidlí ar na cuntais ráithiúla agus ar na cuntais réigiúnacha.

BUNPHRIONSABAIL CCE 2010 MAR CHÓRAS

1.53

Is iad príomhghnéithe an chórais:

(a)

aonaid staidrimh agus a ngrúpálacha;

(b)

sreafaí agus stoic;

(c)

córas na gcuntas agus na comhiomláin;

(d)

an creat ionchuir-aschuir.

Aonaid staidrimh agus a ngrúpálacha

1.54

Úsáidtear dhá chineál aonaid agus dhá bhealach chomhfhreagracha chun an geilleagar a fhoroinnt i gcóras CCE 2010, bealaí atá difriúil go maith le chéile agus a fhónann do dhá chuspóir dhifriúla.

1.55

Maidir leis an gcéad chuspóir ioncam, caiteachas agus sreafaí airgeadais agus cláir chomhardaithe a thuairisciú, comhlíontar é trí na haonaid institiúideacha a ghrúpáil in earnálacha de réir a bpríomhfheidhmeanna, a n-iompraíochta agus a gcuspóirí.

1.56

Maidir leis an dara cuspóir a bhaineann le próisis táirgthe a thuairisciú agus le haghaidh anailíse ionchuir-aschuir, comhlíontar é trí na haonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla (APGanna áitiúla) a ghrúpáil i dtionscail de réir a gcineáil ghníomhaíochta. Is iad príomhthréithe gníomhaíochta: ionchur táirgí, próiseas táirgthe agus aschur táirgí.

Aonaid institiúideacha agus earnálacha institiúideacha

1.57

Is eintitis eacnamaíocha iad na heintitis institiúideacha ar féidir leo úinéireacht a fháil ar earraí agus ar shócmhainní, dliteanais a thabhú, agus dul i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus idirbheart eacnamaíoch le haonaid eile as a gceart féin. Chun críocha chóras CCE 2010, déantar na haonaid institiúideacha a ghrúpáil i gcúig earnáil institiúideacha intíre chomheisiatacha:

(a)

corparáidí neamhairgeadais;

(b)

corparáidí airgeadais;

(c)

an rialtas ginearálta;

(d)

teaghlaigh;

(e)

institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh.

Tá an geilleagar intíre iomlán comhdhéanta as an gcúig earnáil seo le chéile. Foroinntear gach earnáil freisin i bhfo-earnálacha. Leis an gcóras CCE 2010, is féidir sraith iomlán cuntas sreafaí agus clár comhardaithe a thiomsú do gach earnáil, agus do gach fo-earnáil, agus don gheilleagar iomlán. Is féidir le haonaid neamhchónaitheacha idirghníomhú leis na cúig earnáil intíre seo, agus léirítear na hidirghníomhaíochtaí idir na cúig hearnálacha intíre agus séú hearnáil institiúideach: earnáil na coda eile den domhan.

APGanna áitiúla agus tionscail

1.58

Nuair a dhéanann aonaid institiúideacha níos mó ná gníomhaíocht amháin, déantar iad a dheighilt de réir an chineáil ghníomhaíochta. Is féidir an méid sin a bhaint amach ag úsáid APGanna áitiúla.

Comhthiomsaítear le hAPG áitiúil na codanna go léir d’aonad institiúideach ina cháil mar tháirgeoir atá suite i suíomh ar leith nó i suíomhanna gar dá chéile, agus a chuidíonn le feidhmíocht gníomhaíochta ar bith ar leibhéal aicme (ceithre dhigit) de chuid Nace Rev. 2.

1.59

Déantar APGanna áitiúla a chlárú do gach gníomhaíocht thánaisteach; mar sin féin, mura bhfuil na doiciméid chuntasaíochta a bhfuil gá leo chun a leithéidí de ghníomhaíochtaí a thuairisciú ar bhonn leithleach ar fáil, déanfar le hAPG áitiúil roinnt gníomhaíochtaí tánaisteacha a chomhcheangal. Tugtar tionscal ar ghrúpa de na APGanna áitiúla uile atá ag gabháil don phríomhghníomhaíocht chéanna nó do phríomhghníomhaíochtaí cosúla.

Cuimsíonn aonad institiúideach APG áitiúil amháin nó níos mó; is le haon aonad institiúideach amháin,agus leis sin amháin a bhaineann APG áitiúil.

1.60

Chun anailís a dhéanamh ar an bpróiseas táirgthe, baintear úsáid as aonad táirgthe anailíseach. Níl an t-aonad sin inbhreathnaithe ach amháin nuair a tháirgeann APG áitiúil cineál amháin táirge, gan aon ghníomhaíochtaí tánaisteacha. Aonad táirgthe aonchineálach a thugtar ar an aonad sin. Is ionann grúpálacha aonad den sórt sin agus brainsí aonchineálacha.

Aonaid chónaitheacha agus neamhchónaitheacha; geilleagar iomlán agus an chuid eile den domhan

1.61

Sainmhínítear an geilleagar iomlán i dtéarmaí aonad cónaitheach. Is ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad eacnamaíoch príomhleasa ar chríoch eacnamaíoch na tíre sin eadhon, nuair a bhíonn sé i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin. Is grúpaí d’aonaid institiúideacha chónaitheacha iad na hearnálacha institiúideacha i mír 1.57.

1.62

Téann aonaid chónaitheacha i mbun idirbheart le haonaid neamhchónaitheacha (eadhon, aonaid atá cónaitheach i ngeilleagair eile). Is idirbhearta seachtracha an gheilleagair iad na hidirbhearta seo agus grúpáiltear i gcuntas na coda eile den domhan iad. Dá bhrí sin, tá ról cosúil le ról earnála institiúidí ag an gcuid eile den domhan, cé nach n-áirítear aonaid neamhchónaitheacha ach a mhéid is a bhíonn siad i mbun idirbheart le haonaid institiúideacha chónaitheacha.

1.63

Déantar aonaid chónaitheacha bharúlacha, a láimhseáiltear in CCE 2010 mar aonaid institiúideacha sa chóras, a shainmhíniú mar seo a leanas:

(a)

na codanna sin d’aonaid neamhchónaitheacha a bhfuil lárionad eacnamaíoch príomhleasa acu (is é sin le rá, i bhformhór na gcásanna a bhíonn i mbun idirbheart eacnamaíoch ar feadh bliana nó níos mó) i gcríoch eacnamaíoch na tíre;

(b)

aonaid neamhchónaitheacha ina gcáil mar úinéirí talún nó úinéirí foirgneamh ar chríoch eacnamaíoch na tíre, i ndáil le hidirbhearta a bhfuil tionchar acu ar an talamh sin nó ar na foirgnimh sin amháin.

Sreafaí agus stoic

1.64

Taifeadtar dhá chineál bhunúsacha faisnéise: sreafaí agus stoic.

Tagraíonn sreafaí do ghníomhaíochtaí agus d’éifeachtaí teagmhas a tharlaíonn laistigh de thréimhse áirithe, agus tagraíonn stoic do shuíomhanna ag tráth áirithe.

Sreafaí

1.65

Léiríonn na sreafaí cruthú, claochlú, malairt, aistriú nó múchadh an luacha eacnamaíoch. Baineann siad le hathruithe ar luach sócmhainní nó ar luach dliteanas aonaid institiúidigh. Tá dhá chineál sreafa eacnamaíoch ann: idirbhearta agus athruithe eile ar na sócmhainní.

Tá idirbhearta le feiceáil sna cuntais agus sna táblaí go léir ina bhfuil sreafaí, cé is moite den chuntas athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus den chuntas athluachála. Is sa dá chuntas sin amháin a thaifeadtar athruithe eile ar shócmhainní.

Grúpáiltear idirbhearta bunúsacha agus sreafaí eile i líon beag cineálacha de réir a nádúir.

Idirbhearta

1.66

Is éard is idirbheart ann sreabhadh eacnamaíoch arb ionann é agus idirghníomhaíocht idir aonaid institiúideacha trí chomhaontú frithpháirteach nó trí ghníomhaíocht laistigh d’aonad institiúideach ar úsáideach é a láimhseáil mar idirbheart, mar gur minic a bhíonn an t-aonad ag oibriú in dhá cháil éagsúla. Déantar idirbhearta a dheighilt i gceithre phríomhghrúpa:

(a)

idirbhearta táirgí: lena dtuairiscítear tionscnamh (aschur intíre nó allmhairí) agus úsáid (tomhaltas idirmheánach, tomhaltas críochnaitheach, foirmiú caipitil — lena gcumhdaítear ídiú caipitil sheasta — nó onnmhairí) táirgí;

(b)

idirbhearta dáileacháin: lena dtuairiscítear an chaoi ina ndáiltear an breisluach a ghintear trí tháirgeadh ar shaothar, ar chaipiteal agus ar rialtas, agus an t-athdháileadh ioncaim agus rachmais (cánacha ar ioncam agus ar rachmas agus aistrithe eile);

(c)

idirbhearta airgeadais: lena dtuairiscítear glanéadálacha sócmhainní airgeadais nó glantabhú dliteanas le haghaidh gach cineáil ionstraime airgeadais. Tarlaíonn a leithéidí d’idirbhearta i bhfoirm contrapháirteanna d’idirbhearta neamhairgeadais, agus freisin i bhfoirm idirbheart a bhaineann le hionstraimí airgeadais amháin;

(d)

idirbhearta nach n-áirítear sna trí ghrúpa thuas: éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais.

Airíonna na n-idirbheart

Comparáid idir idirghníomhaíochtaí agus idirbhearta laistigh d’aonad

1.67

Is idirghníomhaíochtaí idir dhá aonad nó níos mó iad formhór na n-idirbheart. Mar sin féin, déantar roinnt gníomhaíochtaí laistigh d’aonaid institiúideacha i gcóras CCE 2010 a thaifeadadh mar idirbhearta. Is é is aidhm do thaifeadadh na n-idirbheart sin laistigh d’aonad léargas níos úsáidí ó thaobh anailíse de a thabhairt ar aschur, ar úsáidí críochnaitheacha agus ar na costais.

1.68

Is idirbheart laistigh d’aonad é ídiú an chaipitil sheasta, a thaifeadtar i gcóras CCE 2010 mar chostas. Is idirbhearta táirgí iad formhór na n-idirbheart eile laistigh d’aonad, a thaifeadtar de ghnáth nuair a roghnaíonn aonaid institiúideacha a oibríonn mar tháirgeoirí agus mar thomhaltóirí deiridh araon, cuid den aschur a tháirg siad féin a thomhailt. Is amhlaidh a bhíonn go minic i gcás na dteaghlach agus an rialtais ghinearálta.

1.69

Taifeadtar an t-aschur féintáirgthe go léir arna úsáid chun críche úsáide críochnaithí laistigh den aonad institiúideach céanna. Ní thaifeadtar aschur féintáirgthe arna úsáid chun críche tomhaltais idirmheánaigh laistigh den aonad institiúideach céanna ach amháin nuair a tharlaíonn an táirgeadh agus an tomhaltas idirmheánach in APGanna difriúla áitiúla laistigh den aonad institiúideach céanna. Ní thaifeadtar an t-aschur a tháirgtear agus a úsáidtear le haghaidh tomhaltais idirmheánaigh laistigh den APG áitiúil céanna.

Comparáid idir idirbhearta airgeadaíochta agus idirbhearta neamhairgeadaíochta

1.70

Is idirbhearta airgeadaíochta na hidirbhearta nuair a dhéanann na haonaid lena mbaineann siad íocaíochtaí nó má fhaigheann siad íocaíochtaí, nó má thabhaíonn siad dliteanais nó má fhaigheann siad sócmhainní atá ainmnithe in aonaid airgeadra.

Is idirbhearta neamhairgeadaíochta iad na h-idirbhearta nach mbaineann malairt airgid leo, ná malairt sócmhainní nó dliteanas atá ainmnithe in aonaid airgeadra. Is idirbhearta neamhairgeadaíochta iad na hidirbhearta laistigh d’aonad. Tarlaíonn idirbhearta neamhairgeadaíochta a bhaineann le níos mó ná aonad institiúideach amháin i measc idirbheart táirgí (malartú táirgí), idirbheart dáileacháin (luach saothair comhchineáil, aistrithe comhchineáil, etc.) agus idirbheart eile (malartú sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais). Taifeadtar na hidirbhearta go léir i gcóras CCE 2010 i dtéarmaí airgeadaíochta. Ní foláir, mar sin, na luachanna a thaifeadtar le haghaidh idirbheart neamhairgeadaíochta a thomhas go hindíreach nó meastachán a dhéanamh orthu ar bhealach eile.

Comparáid idir idirbhearta le contrapháirteanna agus idirbhearta gan chontrapháirteanna

1.71

Tá dhá chineál idirbhirt ann a bhaineann le níos mó ná aonad amháin. D’fhéadfadh “rud éigin a bheith á thabhairt i gcomaoin ruda éigin”, i.e. idirbhearta cúitithe, nó “rud éigin a bheith á thabhairt i gcomaoin tada” i.e. idirbhearta neamhchúitithe. Is éard atá in idirbhearta cúitithe malairtí idir aonaid institiúideacha, i.e. soláthar earraí, seirbhísí nó sócmhainní i gcomaoin contrapháirte, e.g. airgead. Is éard atá sna hidirbhearta neamhchúitithe, íocaíochtaí in airgead nó íocaíochtaí comhchineáil ó aonad institiúideach amháin le haonad eile, gan contrapháirt a bheith i gceist. Tarlaíonn idirbhearta cúitithe i ngach ceann de na ceithre ghrúpa idirbhirt, agus is idirbhearta dáileacháin, den chuid is mó, iad na hidirbhearta neamhchúitithe, mar shampla, cánacha, sochair chúnaimh shóisialta nó tabhartais. Tugtar aistrithe ar na hidirbhearta neamhchúitithe sin.

Idirbhearta athchóirithe

1.72

Taifeadtar na hidirbhearta ar an gcuma chéanna agus a fheiceann na haonaid institiúideacha lena mbaineann iad. Mar sin féin, déantar athchóiriú ar idirbhearta áirithe chun aird níos mó a dhíriú ar na gaolmhaireachtaí eacnamaíocha atá mar bhun leo. Is féidir idirbhearta a athchóiriú ar thrí bhealach: trí athródú, trí dheighilt agus tríd an bpríomhpháirtí in idirbheart a aithint.

Athródú

1.73

Is féidir idirbheart, ar léir do na haonaid lena mbaineann go bhfuil sé ag tarlú go díreach idir aonad A agus aonad C, a thaifeadadh sna cuntais mar idirbheart atá ag tarlú go hindíreach tríd an tríú haonad, aonad B. Ar an mbealach sin, taifeadtar an t-idirbheart aonair idir A agus C mar dhá idirbheart: idirbheart amháin idir A agus B, agus idirbheart amháin idir B agus C. Is é a tharlaíonn sa chás sin go ndéantar an t-idirbheart a athródú.

1.74

Is sampla den athródú seo é an chaoi ina ndéantar ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí arna n-íoc go díreach ag fostóirí leis na cistí árachais shóisialta a thaifeadtar sna cuntais. Taifeadtar na híocaíochtaí sin mar dhá idirbheart sa chóras: íocann na fostóirí ranníocaíochtaí sóisialta fostóirí lena bhfostaithe, agus íocann na fostaithe na ranníocaíochtaí céanna isteach i gcistí árachais shóisialta. Mar a tharlaíonn le gach athródú, is é an cuspóir aird a dhíriú ar an tsubstaint eacnamaíoch atá mar bhun leis an idirbheart, eadhon sa chás seo ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí a thaispeáint mar ranníocaíochtaí a íoctar chun leasa na bhfostaithe.

1.75

Is cineál eile athródaithe é idirbhearta a thaifeadadh mar idirbhearta a tharlaíonn idir dhá aonad institiúideacha nó níos mó, bíodh is nach dtarlaíonn idirbheart ar bith de réir na bpáirtithe lena mbaineann. Sampla de sin is ea an chaoi a láimhseáiltear ioncam ó mhaoin arna thuilleamh ar chistí árachais áirithe, agus a choimeádann gnóthais árachais. Taifeadtar an t-ioncam ó mhaoin seo sa chóras mar ioncam a íocann gnóthais árachais le sealbhóirí polasaithe, a íocann an tsuim chéanna ar ais ansin leis na gnóthais árachais i bhfoirm forlíontaí préimhe.

Deighilt

1.76

I gcás idirbhirt ar léir do na páirtithe lena mbaineann gur idirbheart aonair atá ann, ach a thaifeadtar mar dhá idirbheart nó níos mó atá aicmithe ar bhealaí difriúla, deirtear go ndéantar an t-idirbheart a dheighilt. Ní chiallaíonn deighilt go mbíonn aonaid bhreise i gceist sna hidirbhearta.

1.77

Is idirbheart deighilte coitianta í íocaíocht préimheanna árachais neamhshaoil. Cé go bhféachann sealbhóirí polasaithe agus árachóirí ar na híocaíochtaí sin mar idirbheart amháin, foroinntear iad in dhá idirbheart atá an-difriúil le chéile i gcóras CCE 2010: íocaíochtaí i gcomaoin seirbhísí árachais neamhshaoil arna soláthar, agus íocaíochtaí i gcomaoin glanphréimheanna árachais neamhshaoil. Sampla eile de dheighilt is ea díol táirge a thaifeadadh mar dhíol an táirge agus mar dhíol corrlach trádála.

An príomhpháirtí in idirbheart a aithint

1.78

Nuair a dhéanann aonad idirbheart thar ceann aonaid eile (an príomhpháirtí) agus gurb é an t-aonad sin a mhaoiníonn an t-idirbheart, is i gcuntais an phríomhpháirtí amháin a dhéantar an t-idirbheart a thaifeadadh. De ghnáth, níor cheart dul níos faide ná an prionsabal sin agus níor cheart iarracht a dhéanamh, mar shampla, cánacha nó fóirdheontais a leithdháileadh ar íocóirí deiridh nó ar thairbhithe deiridh ar bhonn toimhdí sonracha.

Sampla is ea cánacha á mbailiú ag aonad rialtais amháin thar ceann aonaid rialtais eile. Cuirtear cáin i leith an rialtais sin a fheidhmíonn an t-údarás chun cáin a fhorchur (mar phríomhpháirtí nó trí údarás tarmligthe an phríomhpháirtí) agus a bhfuil lánrogha chríochnaitheach aige ráta na cánach a shocrú agus a athrú.

Cásanna idir eatarthu

1.79

De réir an tsainmhínithe ar idirbheart, tá sé intuigthe go ndéantar idirghníomhaíocht idir aonaid institiúideacha trí chomhaontú frithpháirteach. Nuair a dhéantar idirbheart trí chomhaontú frithpháirteach, is intuigthe réamheolas agus toiliú na n-aonad institiúideach. Is trí chomhaontú frithpháirteach a íoctar cánacha, fíneálacha agus pionóis ós rud é gur saoránach atá faoi réir dhlí na tíre é an t-íocóir. Mar sin féin, ní fhéachtar ar urghabháil neamhchúitithe sócmhainní mar idirbheart, fiú má fhorchuirtear í de réir an dlí.

Ba cheart gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamhdhleathacha a láimhseáil mar idirbhearta nuair a théann na haonaid ar fad lena mbaineann i mbun na ngníomhaíochtaí trí chomhaontú frithpháirteach. Dá bharr sin, is idirbhearta iad drugaí neamhdhleathacha nó maoin ghoidte a cheannach, a dhíol nó a mhalartú, cé nach idirbheart é í an ghoid.

Athruithe eile ar shócmhainní

1.80

In athruithe eile ar shócmhainní taifeadtar athruithe nach dtig as idirbhearta. Is éard atá iontu:

(a)

athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas; nó

(b)

gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais.

Athruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas

1.81

Tá na hathruithe eile ar mhéid na sócmhainní agus na ndliteanas roinnte i dtrí phríomhchatagóir:

(a)

gnáth-thaispeánadh agus gnáthimeacht sócmhainní seachas trí idirbhearta;

(b)

athruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais i ngeall ar theagmhais eisceachtúla gan choinne nach de chineál eacnamaíoch iad;

(c)

athruithe ar aicmiú agus ar struchtúr.

1.82

Ar shamplaí d’athruithe a thig faoi réim na catagóire dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.81 tá aimsiú nó ídiú sócmhainní fo-ithreach, agus fás nádúrtha acmhainní bitheolaíochta neamhshaothraithe. I measc samplaí d’athruithe a thig faoi réim na catagóire dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.81 tá caillteanais sócmhainní i ngeall ar thubaistí nádúrtha, ar chogadh nó ar ghníomhaíochtaí coiriúla tromchúiseacha. Baineann cealú aontaobhach fiachais agus urghabháil neamhchúitithe sócmhainní le catagóir (b) chomh maith. Sampla a thig faoi réim na catagóire dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.81 is ea athaicmiú aonaid institiúidigh ó earnáil amháin go hearnáil eile.

Gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais

1.83

Tarlaíonn gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais nuair a thagann athruithe ar phraghsanna sócmhainní. Tarlaíonn siad i gcás gach cineáil sócmhainne airgeadais agus sócmhainne neamhairgeadais, agus i gcás dliteanas. Fabhraíonn gnóthachain sealúchais agus caillteanais sealúchais ar úinéirí sócmhainní agus ar úinéirí dliteanas díreach mar thoradh ar shócmhainní nó ar dhliteanais a shealbhú le himeacht aimsire, gan iad a chlaochlú ar aon slí.

1.84

Tugtar gnóthachain ainmniúla agus caillteanais ainmniúla sealúchais ar ghnóthachain sealúchais agus ar chaillteanais sealúchais a thomhastar ar bhonn phraghsanna reatha an mhargaidh. Is féidir iad sin a mhiondealú i ngnóthachain neodracha agus caillteanais neodracha sealúchais, lena léirítear athruithe ar leibhéal ginearálta praghsanna, agus i ngnóthachain réadacha agus caillteanais réadacha sealúchais, lena léirítear athruithe ar phraghsanna sócmhainní seachas an t-athrú ginearálta ar phraghsanna.

Stoic

1.85

Is éard atá i stoic sealúchais sócmhainní agus sealúchais dliteanas ag tráth áirithe. Taifeadtar stoic ag tús agus ag deireadh gach tréimhse cuntasaíochta. Tugtar cláir chomhardaithe ar na cuntais ina dtaispeántar stoic.

1.86

Taifeadtar na stoic i gcás daonra agus i gcás na fostaíochta chomh maith. Mar sin féin, taifeadtar na stoic seo mar mheánluachanna thar an tréimhse chuntasaíochta. Taifeadtar na stoic i gcás na sócmhainní go léir laistigh de theorainneacha an chórais; i.e. is é sin le rá sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais agus sócmhainní neamhairgeadais táirgthe agus neamhtháirgthe araon. Mar sin féin, ní chuimsítear ach na sócmhainní sin a úsáidtear i ngníomhaíocht eacnamaíoch agus atá faoi réir ceart úinéireachta.

1.87

Ar an gcaoi sin, ní thaifeadtar stoic i gcás sócmhainní amhail caipiteal daonna agus acmhainní nádúrtha mura bhfuil siad faoi úinéireacht.

Laistigh dá theorainneacha, is córas uileghabhálach é CCE 2010 maidir le sreafaí agus stoic araon. Tugann an méid sin le tuiscint gur féidir gach athrú ar na stoic a mhíniú go hiomlán trí shreafaí taifeadta.

Córas na gcuntas agus na comhiomláin

Rialacha cuntasaíochta

1.88

Is éard a thaifeadtar i gcuntas athruithe ar luach a fhabhraíonn ar aonad nó ar earnáil de réir chineál na sreafaí eacnamaíocha a léirítear sa chuntas. Is tábla é ina bhfuil dhá cholún. Is cuntais reatha iad na cuntais ina léirítear táirgeadh, ginúint agus leithdháileadh ioncaim, dáileadh agus athdháileadh ioncaim, agus a úsáid. Is cuntais charntha iad na cuntais chaipitil agus airgeadais, agus na cuntais athruithe eile ar an méid.

Téarmaíocht le haghaidh an dá thaobh de na cuntais

1.89

I gcóras CCE 2010, léirítear “acmhainní” ar thaobh deas na gcuntas reatha áit a mbíonn idirbhearta le feiceáil a chuireann le luach eacnamaíoch aonaid nó earnála. Ar thaobh clé na gcuntas léirítear “úsáidí” — idirbhearta a laghdaíonn luach eacnamaíoch. Léirítear “athruithe ar dhliteanais agus ar ghlanfhiúchas” ar thaobh deas na gcuntas carntha agus léirítear “athruithe ar shócmhainní” ar an taobh clé. Cuirtear na cláir chomhardaithe i láthair trí “dliteanais agus glanfhiúchas” (an difríocht idir sócmhainní agus dliteanais) a chur ar an taobh deas agus trí “sócmhainní” a chur ar an taobh clé. Nuair a chuirtear dhá chlár comhardaithe chomhleanúnacha i gcomparáid le chéile feictear na hathruithe ar dhliteanais agus ar ghlanfhiúchas agus na hathruithe ar shócmhainní.

1.90

Déantar idirdhealú in CCE idir úinéireacht dhlíthiúil agus úinéireacht eacnamaíoch. Is é an critéar maidir le haistriú earraí ó aonad amháin go haonad eile a thaifeadadh go dtéann an úinéireacht eacnamaíoch ar aghaidh ó aonad amháin go haonad eile. Is é an t-úinéir dlíthiúil an t-aonad atá i dteideal shochair na seilbhe, de réir dlí. Mar sin féin, is féidir le húinéir dlíthiúil conrú le haonad eile le go ngabhfaidh an t-aonad eile sin na rioscaí agus na sochair a bhaineann leis na hearraí a úsáid i dtáirgeadh, i gcomaoin íocaíochta comhaontaithe. Is léas airgeadais é an comhaontú sin, nuair nach léiríonn na híocaíochtaí ach amháin gur chuir soláthróir an tsócmhainn ar fáil don iasachtaí. Mar shampla, nuair atá eitleán faoi úinéireacht dhlíthiúil bainc, ach go ndéanann an banc léas airgeadais le haerlíne chun an t-eitleán a oibriú, glactar leis ansin gurb í an aerlíne úinéir an eitleáin fad is a bhaineann le hidirbhearta sna cuntais. Tráth a dtaispeántar go gceannaíonn an aerlíne an t-eitleán, tugann an banc iasacht bharúlach don aerlíne a léiríonn na suimeanna atá dlite sa todhchaí as an eitleán a úsáid.

Iontráil dhúbailte/iontráil cheathrúil

1.91

I gcás aonaid nó earnála, bunaítear an chuntasaíocht náisiúnta ar phrionsabal na hiontrála dúbailte. Taifeadtar gach idirbheart faoi dhó, uair amháin mar acmhainn (nó athrú ar dhliteanais) agus uair amháin mar úsáid (nó athrú ar shócmhainní). Ní foláir go mbeidh iomlán na n-idirbheart arna dtaifeadadh mar acmhainní nó mar athruithe ar dhliteanais agus iomlán na n-idirbheart arna dtaifeadadh mar úsáidí nó mar athruithe ar shócmhainní cothrom le chéile, rud a fhágann, ar an dóigh sin, gur féidir comhsheasmhacht na gcuntas a sheiceáil.

1.92

Tá na cuntais náisiúnta — lena n-áirítear na haonaid agus na hearnálacha go léir — bunaithe ar phrionsabal na hiontrála ceathrúla, ós rud é go mbaineann formhór na n-idirbheart le dhá aonad institiúideacha. Déanfaidh an bheirt oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann gach idirbheart den chineál sin a thaifeadadh faoi dhó. Mar shampla, déantar sochar sóisialta in airgead tirim arna íoc ag aonad rialtais le teaghlach a thaifeadadh i gcuntais an rialtais mar úsáid faoi aistrithe agus mar éadálacha diúltacha sócmhainní faoi airgeadra agus taiscí; taifeadtar é i gcuntais earnáil na dteaghlach mar acmhainn faoi aistrithe agus mar éadálacha sócmhainní faoi airgeadra agus taiscí.

1.93

Maidir le hidirbhearta laistigh d’aonad amháin (amhail aschur á thomhailt ag an aonad céanna a tháirg é) ní éilítear ach dhá iontráil, ar gá meastachán a dhéanamh ar a luachanna.

Luacháil

1.94

Cé is moite de roinnt athróg a bhaineann le daonra agus le saothar, taispeántar na sreafaí agus na stoic go léir i dtéarmaí airgeadaíochta i gcóras CCE 2010. Tomhasfar sreafaí agus stoic de réir a luacha malairte, i.e. an luach ag a malartaítear sreafaí agus stoic ar airgead i ndáiríre nó ag a bhfhéadfaí iad a mhalartú. Dá réir sin, is iad praghsanna an mhargaidh an tagairt i ndáil le luacháil in CCE.

1.95

I gcás na n-idirbheart airgeadaíochta agus na sealúchas airgid agus na ndliteanas airgid, tá na luachanna is gá ar fáil go díreach. I bhformhór na gcásanna eile, is é an modh luachála is fearr tagairt a dhéanamh do phraghsanna an mhargaidh ar earraí, ar sheirbhísí nó ar shócmhainní den chineál céanna. Úsáidtear an modh sin le haghaidh e.g. malartú agus seirbhísí teaghaisí úinéirí-áitithe. Nuair nach bhfuil aon phraghsanna margaidh ar tháirgí den chineál céanna ar fáil, mar shampla i gcás seirbhísí neamh-mhargaidh arna dtáirgeadh ag an rialtas, déantar luacháil trí chostais táirgthe a shuimeáil. Más rud é nach bhfuil aon phraghas margaidh ar fáil chun tagairt a dhéanamh dó, agus nach bhfuil costais ar fáil, féadfar sreafaí agus stoic a luacháil ag luach láithreach lascainithe na bhfáltas a thuartar don todhchaí. Ní úsáidfear an modh deireanach seo ach amháin mar rogha dheiridh.

1.96

Déantar stoic a luacháil ag na praghsanna atá reatha an tráth a mbaineann an clár comhardaithe leis, seachas an tráth a dtáirgtear na hearraí nó na sócmhainní atá in ionannas leis na stoic nó an tráth a bhfaightear iad mar éadáil. Is gá na stoic a luacháil ag meastachán díluacháilte ar a luachanna éadála reatha nó ag a gcostais táirgthe.

Luachálacha speisialta maidir le táirgí

1.97

Mar thoradh ar chostais iompair, ar chorrlaigh trádála agus ar chánacha lúide fóirdheontais ar tháirgí, tá tuiscint dhifriúil ag an táirgeoir agus ag an úsáideoir ar luach táirge áirithe. D’fhonn cloí a mhéad is féidir le dearcadh na n-oibreoirí eacnamaíocha, taifeadtar gach úsáid i gcóras CCE 2010 ag praghsanna an cheannaitheora, lena n-áirítear costais iompair, corrlaigh trádála agus cánacha lúide fóirdheontais ar tháirgí, agus taifeadtar an t-aschur ag na bunphraghsanna, nuair nach n-áirítear na heilimintí sin.

1.98

Taifeadtar allmhairí táirgí agus onnmhairí táirgí ag luachanna teorannacha. Luacháiltear iomlán na n-allmhairí agus na n-onnmhairí ag teorainn chustaim an onnmhaireora, nó saor ar bord (SAB). Ní áirítear seirbhísí iompair agus seirbhísí árachais arna soláthar ag gnóthais eachtracha idir teorainn an onnmhaireora agus teorainn an allmhaireora i luach na n-earraí ach taifeadtar iad faoi sheirbhísí. Toisc go bhfhéadfadh sé nárbh fhéidir luachanna SAB a fháil le haghaidh miondealú mionsonraithe ar na táirgí, léirítear sna táblaí ina bhfuil mionsonraí maidir le trádáil eachtrach na hallmhairí a luacháiltear ag teorainn chustaim an allmhaireora (luach CAL (costas, árachas agus last-táille)). Áirítear na seirbhísí iompair agus na seirbhísí árachais go léir chomh fada le teorainn an allmhaireora i luach na n-earraí allmhairithe. A mhéid agus a bhaineann na seirbhísí sin le seirbhísí tí, déantar coigeartú foriomlán SAB/CAL sa tíolacadh sin.

Luacháil ag praghsanna tairiseacha

1.99

Is éard atá i gceist le luacháil ag praghsanna tairiseacha na sreafaí agus na stoic a luacháil i dtréimhse chuntasaíochta ag praghsanna tréimhse níos luaithe. Is é is aidhm don luacháil ag praghsanna tairiseacha athruithe le himeacht aimsire ar luachanna na sreafaí agus na stoc a mhiondealú in athruithe ar phraghas agus in athruithe ar an méid. Tuairiscítear sreafaí agus stoic ag praghsanna tairiseacha i dtéarmaí méideanna.

1.100

I gcás go leor sreafaí agus stoc, e.g. ioncam, níl toisí praghais agus toisí cainníochta dá gcuid féin acu. Mar sin féin, is féidir cumhacht ceannaigh na n-athróg seo a fháil ach na luachanna reatha a dhíbhoilsciú le hinnéacs praghsanna oiriúnach, e.g. an t-innéacs praghsanna le haghaidh úsáidí críochnaitheacha náisiúnta, gan athruithe ar fhardail a áireamh. Tuairiscítear sreafaí agus stoic díbhoilscithe i dtéarmaí réadacha freisin. Sampla den mhéid sin is ea ioncam indiúscartha réadach.

Tráth taifeadta

1.101

Taifeadtar sreafaí ar bhonn fabhraithe; is é sin, nuair a dhéantar luach eacnamaíoch a chruthú, a chlaochlú nó a mhúchadh, nó nuair a thagann éilimh nó oibleagáidí chun cinn nó nuair a chlaochlaítear nó nuair a chealaítear iad.

1.102

Taifeadtar aschur tráth a tháirgthe seachas tráth a n-íocann an ceannaitheoir as. Taifeadtar díol sócmhainne nuair a aistrítear í ó úinéir amháin go húinéir eile, seachas tráth a ndéantar an íocaíocht chomhfhreagrach. Taifeadtar ús sa tréimhse chuntasaíochta ina bhfabhraíonn sé, is cuma más sa tréimhse sin a íoctar é nó nach ea. Tá feidhm ag an taifeadadh ar bhonn fabhraithe maidir leis na sreafaí go léir, sreafaí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta araon, agus sreafaí laistigh d’aonad chomh maith le sreafaí idir aonaid.

1.103

D’fhéadfadh gá a bheith leis an gcur chuige sin a mhaolú i gcás cánacha agus sreafaí eile a bhaineann leis an rialtas ginearálta, a thaifeadtar go minic ar bhonn airgid i gcuntais an rialtais. D’fhéadfadh sé a bheith deacair claochlú beacht a dhéanamh ar na sreafaí sin ó bhonn airgid go bonn fabhraithe, agus mar sin féadfar modh neastacháin a úsáid.

1.104

Mar eisceacht ó na rialacha ginearálta lena rialaítear taifeadadh cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta atá iníoctha leis an rialtas ginearálta, is féidir iad a thaifeadadh mar fhigiúr glan, gan an chuid nach dóchúil go mbaileofar í a áireamh nó, má áirítear an chuid sin, déantar í a neodrú sa tréimhse chuntasaíochta chéanna trí aistriú caipitil ón rialtas ginearálta go dtí na hearnálacha ábhartha.

1.105

Taifeadtar sreafaí ag an tráth céanna i gcás na n-aonad institiúideach go léir lena mbaineann agus sna cuntais go léir. Ní chuireann na haonaid institiúideacha na rialacha cuntasaíochta céanna i bhfeidhm i gcónaí. Fiú nuair a dhéanann siad, áfach, féadtar go dtarlaíonn difríochtaí sa taifeadadh iarbhír ar chúiseanna praiticiúla, amhail moill ar an gcumarsáid. Dá bhrí sin, féadtar go dtaifeadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann na hidirbhearta ag tráthanna difriúla. Déantar na neamhréireachtaí sin a dhíchur trí choigeartuithe a dhéanamh.

Comhdhlúthú agus glanluacháil

Comhdhlúthú

1.106

Tagraíonn comhdhlúthú d’idirbhearta a tharlaíonn idir aonaid, i gcás ina ngrúpáiltear aonaid, a dhíchur ó na húsáidí agus ó na hacmhainní araon, agus do dhíchur sócmhainní airgeadais cómhalartacha agus dliteanas airgeadais cómhalartach. Tarlaíonn sé sin de ghnáth nuair a chuirtear cuntais fho-earnálacha an rialtais ghinearálta le chéile.

1.107

Mar phrionsabal, níor cheart sreafaí agus stoic idir chomhaonaid laistigh d’fho-earnálacha nó d’earnálacha a chomhdhlúthú.

1.108

Mar sin féin, is féidir cuntais chomhdhlúite a thiomsú le haghaidh tíolactha fhorlíontaigh agus anailísí forlíontacha. Féadfaidh faisnéis faoi idirbhearta na bhfo-earnálacha/na n-earnálacha sin le hearnálacha eile agus an staid airgeadais “sheachtrach” chomhfhreagrach a bheith níos suntasaí ná na figiúirí comhlána foriomlána.

1.109

Thairis sin, tugann na cuntais agus na táblaí ina léirítear an ghaolmhaireacht idir creidiúnaí/féichiúnaí léargas mionsonraithe ar mhaoiniú an gheilleagair agus meastar go bhfuil siad an-úsáideach chun na bealaí trína ngluaiseann an barrachas maoinithe ó iasachtóirí deiridh go hiasachtaithe deiridh a thuiscint.

Glanluacháil

1.110

D’fhéadfadh an cineál céanna idirbhirt, i bhfoirm úsáide agus i bhfoirm acmhainne araon, a bheith ag aonaid aonair nó ag earnálacha aonair (e.g. íocann siad ús agus faigheann siad ús freisin) agus an cineál céanna ionstraime airgeadais i bhfoirm sócmhainne agus i bhfoirm dliteanais araon. Is é an cur chuige in CCE olltaifeadadh a dhéanamh, cé is moite den mhéid glanluachála is gné dhílis de na haicmithe féin.

1.111

Tá an ghlanluacháil intuigthe i gcatagóirí éagsúla idirbhirt, arb iad “athruithe ar fhardail” an sampla is suntasaí díobh, lena gcuirtear béim ar an ngné is suntasaí ó thaobh anailíse den fhoirmiú caipitil foriomlán seachas breiseanna laethúla agus aistarraingtí laethúla a rianú. Ar an gcuma chéanna, cé is moite de roinnt eisceachtaí, déantar méadú ar shócmhainní agus ar dhliteanais a thaifeadadh i bhfoirm ghlan sa chuntas airgeadais agus sa chuntas athruithe eile ar shócmhainní, agus cuirtear béim ar iarmhairtí críochnaitheacha na gcineálacha sin sreafaí ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Cuntais, ítimí comhardaithe agus comhiomláin

1.112

I gcás aonad nó grúpaí aonad, taifeadtar idirbhearta a bhaineann le gné den saol eacnamaíoch (mar shampla, táirgeadh) i gcuntais éagsúla. I gcás an chuntais táirgeachta, ní léireofar comhardú idir úsáidí agus acmhainní sna hidirbhearta gan ítim chomhardaithe a úsáid. Ar an dóigh chéanna, ní foláir ítim chomhardaithe (glanluach) a úsáid idir iomlán na sócmhainní agus iomlán na ndliteanas in aonad institiúideach nó in earnáil institiúideach. Is uirlisí tomhais fóinteacha ar fheidhmíocht eacnamaíoch iad na hítimí comhardaithe féin. Nuair a shuimítear iad don gheilleagar ar fad, is comhiomláin shuntasacha iad.

Seicheamh na gcuntas

1.113

Tá an córas CCE 2010 bunaithe ar sheicheamh de chuntais idirnasctha. Tá seicheamh iomlán na gcuntas le haghaidh na n-aonad institiúideach agus na n-earnálacha institiúideacha comhdhéanta de chuntais reatha, de chuntais charntha agus de chláir chomhardaithe.

1.114

Déileáiltear sna cuntais reatha le táirgeadh, le ginúint, le dáileadh agus le hathdháileadh ioncaim agus le húsáid an ioncaim sin i bhfoirm tomhaltais chríochnaithigh. Sna cuntais charntha cuimsítear athruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais agus athruithe ar ghlanfhiúchas (an difríocht idir shócmhainní agus dhliteanais aon aonaid institiúidigh nó aon ghrúpa aonad ar bith). Tuairiscítear stoic na sócmhainní agus na ndliteanas agus an glanfhiúchas sna cláir chomhardaithe.

1.115

Giorraítear seicheamh na gcuntas le haghaidh na nAPGanna áitiúla agus na dtionscal go dtí na chéad chuntais reatha: an cuntas táirgeachta agus an cuntas giniúna ioncaim, arb é an barrachas oibriúcháin an ítim chomhardaithe.

An cuntas earraí agus seirbhísí

1.116

Léirítear sa chuntas earraí agus seirbhísí, le haghaidh an gheilleagair ina iomláine nó le haghaidh grúpaí táirgí, iomlán na n-acmhainní earraí agus seirbhísí (aschur agus allmhairí) agus iomlán na n-úsáidí earraí agus seirbhísí (tomhaltas idirmheánach, tomhaltas críochnaitheach, athruithe ar fhardail, ollfhoirmiú caipitil sheasta, éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara, agus onnmhairí). Ní cuntas an cuntas seo sa chiall chéanna agus na cuntais eile sa seicheamh, agus ní ghineann sé ítim chomhardaithe a chuirtear ar aghaidh go dtí an chéad chuntas eile sa seicheamh. Ina ionad sin, is tíolacadh comhionannais chuntasaíochta é i bhfoirm tábla ina bhfuil dá réir an soláthar cothrom leis an éileamh i gcás na dtáirgí agus na ngrúpaí táirgí uile sa gheilleagar.

Cuntas na coda eile den domhan

1.117

Cumhdaítear i gcuntas na coda eile den domhan idirbhearta idir aonaid institiúideacha chónaitheacha agus aonaid institiúideacha neamhchónaitheacha agus stoic ghaolmhara na sócmhainní agus na ndliteanas.

Toisc go bhfuil ról fearacht earnála institiúidí ag an gcuid eile den domhan sa struchtúr cuntasaíochta, tá cuntas na coda eile den domhan bunaithe ar an dearcadh atá ag an gcuid eile den domhan. Is ionann acmhainn don chuid eile den domhan agus úsáid don gheilleagar iomlán agus a mhalairt. I gcás ina bhfuil ítim chomhardaithe dheimhneach ann, ciallaíonn sé barrachas don chuid eile den domhan ach easnamh don gheilleagar iomlán, agus a mhalairt más ítim chomhardaithe dhiúltach atá ann.

Tá cuntas na coda eile den domhan éagsúil leis na cuntais earnála eile sa mhéid is nach dtaispeántar ann idirbhearta cuntasaíochta uile na coda eile den domhan, ach amháin na hidirbhearta sin a bhfuil contrapháirt acu sa gheilleagar intíre atá á thomhas.

Ítimí comhardaithe

1.118

Faightear ítim chomhardaithe trí luach iomlán na n-iontrálacha ar thaobh amháin de chuntas a asbhaint ón luach iomlán ar an taobh eile.

Tá méid mór faisnéise sna hítimí comhardaithe, lena n-áirítear roinnt de na hiontrálacha is tábhachtaí sna cuntais, mar is léir ó na samplaí seo a leanas d’ítimí comhardaithe: breisluach, barrachas oibriúcháin, ioncam indiúscartha, coigilt, glaniasachtú/glaniasachtaíocht.

Sa léaráid seo a leanas taispeántar seicheamh na gcuntas i bhfoirm sreafa — taispeántar gach ítim chomhardaithe i gcló trom.

Léaráid de sheicheamh na gcuntas