ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.165.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
18 Meitheamh 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí)

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ( 2 )

13

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ( 2 )

41

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 527/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu

59

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 528/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) maidir le dáta a chur i bhfeidhm

62

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

 

2013/272/AE

 

*

Cinneadh ón gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh

63

 


 

(1)   Faoin tagairt L 165 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 524/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí bhearta a ghlacfar de bhun Airteagal 114 CFAE. Foráiltear le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí i mbeartais an Aontais.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 26(2) CFAE, is éard é an margadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí. Ionas go mbeidh muinín agus leas ag tomhaltóirí as an ngné dhigiteach den mhargadh inmheánach, ní mór teacht a bheith acu ar mhodhanna simplí, éifeachtach, tapa agus ísealchostais chun díospóidí a thig as díol earraí nó as soláthar seirbhísí ar líne a réiteach. Is fíor sin go háirithe nuair a dhéanann tomhaltóirí siopadóireacht trasteorann.

(3)

Ina Theachtaireacht 13 Aibreán 2011 dar teideal “Gníomh um an Margadh Aonair: Dhá luamhán déag chun borradh a chur faoi fhás agus muinín a neartú — ‘Oibriú le chéile chun fás nua a chruthú’ ”, aithníonn an Coimisiún go bhfuil reachtaíocht maidir le réiteach malartach díospóidí (ADR), lena n-áirítear gné ríomhthráchtála, ar cheann den dá luamhán déag lena gcuirfear borradh faoin bhfás agus lena neartófar an mhuinín as an Margadh Aonair.

(4)

Cuireann ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh bac ar iarrachtaí chun iomaíochas agus fás a spreagadh. Ina theannta sin, maidir le hinfhaighteacht, cáilíocht agus feasacht neamhchothrom na modhanna atá simplí, éifeachtach, tapa agus ísealchostais de chun díospóidí a réiteach a thig as earraí a dhíol nó as seirbhísí a chur ar fáil trasna an Aontais, is ionann é agus bacainn laistigh den mhargadh inmheánach lena mbaintear an bonn de mhuinín tomhaltóirí agus trádálaithe as siopadóireacht agus díol a dhéanamh trasna teorainneacha.

(5)

Ina Chonclúidí an 24-25 Márta agus an 23 Deireadh Fómhair 2011, d’iarr an Chomhairle ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an chéad tacar de bhearta tosaíochta a ghlacadh, faoi dheireadh na bliana 2012, chun spreagadh nua a chur faoin Margadh Aonair.

(6)

Is cuid dháiríre de ghnáthshaol an tomhaltóra é an margadh inmheánach nuair a dhéanann sé taisteal, ceannacháin nó íocaíochtaí. Is príomhghníomhaithe iad na tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus ba cheart go mbeidís ag a chroílár dá bhrí sin. Tá gné dhigiteach an mhargaidh inmheánaigh ag éirí ríthábhachtach don tomhaltóir agus don trádálaí araon. Tá níos mó ceannachán á ndéanamh ag tomhaltóirí ar líne agus tá forás ag teacht ar líon na dtrádálaithe a dhíolann ar líne. Ba cheart go mbraithfeadh tomhaltóirí agus trádálaithe muiníneach as idirbhearta a dhéanamh ar líne ionas go mbeidh sé ríthábhachtach chun teorainneacha atá ann cheana a díchóimeáil agus chun muinín na dtomhaltóirí a spreagadh. D’fhéadfadh infhaighteacht réitigh díospóidí ar líne (ODR) atá iontaofa agus éifeachtúil cabhrú go mór leis an sprioc sin a bhaint amach.

(7)

D’fhéadfadh modh inar féidir réiteach éasca ísealchostais a lorg ar dhíospóid cur le muinín tomhaltóirí agus trádálaithe as an Margadh Aonair digiteach. Ina ainneoin sin, tá constaicí i gcónaí roimh thomhaltóirí agus roimh thrádálaithe maidir le teacht ar shásamh lasmuigh den chúirt a bhaineann go háirithe le díospóidí dá gcuid a thig as idirbhearta trasteorann ar líne. Is minic faoi láthair a fhágtar, dá bhrí sin, díospóidí den chineál sin gan réiteach.

(8)

Is féidir réiteach simplí, éifeachtach, tapa agus ísealchostais lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí a thig as idirbhearta trasteorann ar líne a chur ar fáil trí ODR. Ina ainneoin sin, tá easpa modhanna ann faoi láthair trínar féidir le tomhaltóirí agus trádálaithe díospóidí den chineál sin a réiteach ar mhodhanna leictreonacha; dá bharr sin, tarlaíonn dochar don tomhaltóir, cuirtear constaic roimh idirbhearta trasteorann ar líne, go háirithe, agus cruthaítear éagothroime idir trádálaithe, rud a chuireann bac ar thráchtáil ar líne a fhorbairt ina iomláine.

(9)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a thionscain tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas i gcoinne trádálaithe atá bunaithe san Aontas agus a chumhdaítear le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach ar dhíospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (3).

(10)

D’fhonn a áirithiú gur féidir an clár ODR a úsáid do nósanna imeachta ADR lena gceadaítear do thrádálaithe gearáin a chur isteach i gcoinne tomhaltóirí, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a thionscain trádálaithe i gcoinne tomhaltóirí i gcás ina dtairgeann eintitis ADR atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE na nósanna imeachta ábhartha ADR. Níor cheart do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le díospóidí den sórt sin aon oibleagáid a fhorchur ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh eintitis ADR nósanna imeachta den sórt sin a thairiscint.

(11)

Cé gurb iad na tomhaltóirí agus na trádálaithe a dhéanann idirbhearta trasteorann ar líne, go háirithe, a bhainfidh tairbhe as an gclár ODR, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hidirbhearta baile ar líne d’fhonn cothrom na féinne ceart a cheadú i réimse na tráchtála ar líne.

(12)

Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe d’idirghabháil in ábhair shibhialta agus thráchtála (4).

(13)

Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird ná lena ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar “tomhaltóir”. Mar sin féin, más chun críocha a bhfuil baint pháirteach acu le trádáil an duine a thugtar an conradh i gcrích (conradh dhá fheidhm) agus go bhfuil an chríoch trádála chomh teoranta sin nach í is mó atá i gceist i gcomhthéacs iomlán an tsoláthair, ba cheart a mheas gur tomhaltóir an té sin chomh maith.

(14)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an sainmhíniú “conradh díolacháin ar líne nó conradh seirbhísí ar líne” conradh díolacháin nó seirbhísí i gcás inar thairg an trádálaí, nó idirghabhálaí an trádálaí, earraí nó seirbhísí ar láithreán gréasáin nó trí mhodh leictreonach eile agus gur ordaigh an tomhaltóir na hearraí nó na seirbhísí sin ar an láithreán gréasáin sin nó trí mhodh leictreonach eile. Ba cheart go dtiocfadh cásanna faoina chuimsiú sin freisin má rinne an tomhaltóir ceangal leis an láithreán gréasáin nó le seirbhís sochaí faisnéise eile trí ghléas leictreonach soghluaiste, i.e. teileafón soghluaiste.

(15)

Níor cheart feidhm a bheith leis an Rialachán seo maidir le díospóidí idir tomhaltóirí agus trádálaithe a thig as conarthaí díolacháin a chuirtear i gcrích as líne nó as conarthaí soláthair sheirbhísí a chuirtear i gcrích as líne agus maidir le díospóidí idir trádálaithe.

(16)

Ba cheart go measfaí an Rialachán seo i gcomhar le Treoir 2013/11/AE lena gcuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir gach díospóid, a thig as díol earraí nó soláthar seirbhísí, idir tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas agus trádálaithe atá bunaithe san Aontas, a thíolacadh d’eintiteas ADR.

(17)

Sula gcuirfidh siad a ngearán chuig an t-eintiteas ADR tríd an gclár ODR, ba cheart go spreagfadh na Ballstáit na tomhaltóirí dul i dteagmháil leis an trádálaí trí aon mhodh iomchuí, agus é mar aidhm acu an díospóid a réiteach ar bhealach cairdiúil.

(18)

Féachtar leis an Rialachán seo le clár ODR a chruthú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go mbeadh an clár ODR i bhfoirm láithreáin ghréasáin idirghníomhaíochta lena gcuirfí aon phointe amháin iontrála ar fáil do thomhaltóirí agus do thrádálaithe atá ag iarraidh díospóidí a thig as idirbhearta ar líne a réiteach lasmuigh den chúirt. Ba cheart go gcuirfí ar fáil leis an gclár ODR faisnéis ghinearálta maidir le réiteach lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí conarthacha idir trádálaithe agus tomhaltóirí a thigeann as conarthaí díolacháin agus as conarthaí seirbhísí ar líne. Ba cheart go dtabharfadh sé deis do thomhaltóirí agus do thrádálaithe gearáin a chur isteach trí fhoirm ghearáin leictreonach a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a líonadh isteach agus doiciméid ábhartha a chur i gceangal leis an bhfoirm. Ba cheart go ndéanfadh sé gearáin a tharchur chuig eintiteas ADR atá inniúil ar dhéileáil leis an díospóid lena mbaineann. Ba cheart go ndéanfaí uirlis leictreonach bainistithe cás a bheadh saor in aisce a thairiscint sa chlár ODR, lena gcuirfear ar chumas na n-eintiteas ADR an nós imeachta um réiteach díospóide a sheoladh leis na páirtithe tríd an gclár ODR. Níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na heintitis ADR an uirlis bainistithe cás a úsáid.

(19)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as an gclár ODR a fhorbairt, a oibriú agus a choinneáil agus ba cheart go gcuirfeadh sé ar fáil na saoráidí teicniúla uile is gá le haghaidh feidhmiú an chláir. Ba cheart go dtairgfear leis an gclár ODR feidhm leictreonach aistriúcháin lena mbeidh na páirtithe agus an t-eintiteas ADR in ann faisnéis aistrithe a bheith acu a mhalartaítear tríd an gclár ODR agus atá riachtanach chun an díospóid a réiteach, nuair is iomchuí. Ba cheart go mbeadh an fheidhm sin in ann déileáil leis na haistriúcháin uile is gá leo agus ba cheart go dtacófaí léi le hidirghabháil ó dhaoine, más gá. Ba cheart don Choimisiún freisin, sa chlár ODR, faisnéis a chur ar fáil do ghearánaigh faoin deis atá ann cabhair a lorg ó na pointí teagmhála ODR.

(20)

Ba cheart go n-éascófaí leis an gclár ODR cómhalartú daingean sonraí le heintitis ADR agus ba cheart go n-urramófaí leis prionsabail bhunúsacha an Chreata Eorpaigh Idirinoibritheachta a glacadh de bhun Chinneadh 2004/387/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le ríomhsheirbhísí Rialtais uile-Eorpacha a chur ar fáil go hidirinoibritheach do chórais riaracháin phoiblí, do ghnóthais agus do shaoránaigh (IDABC) (5).

(21)

Ba cheart go mbeifí in ann rochtain a fháil ar an gclár ODR, go háirithe tríd “Do thairseach chun na hEorpa” a bunaíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2004/387/CE, lena soláthraítear rochtain ar sheirbhísí ilteangacha uile-Eorpacha faisnéise agus idirghníomhaíochta ar líne do ghnóthaí agus do shaoránaigh san Aontas. Ba cheart go dtabharfaí tosaíochta don chlár ODR i “Do thairseach chun na hEorpa”.

(22)

Ba cheart go mbeadh clár ODR ar leibhéal an Aontais mar fhorbairt ar na heintitis ADR atá ann cheana sna Ballstáit agus go n-urramófaí traidisiúin dlí na mBallstát. Ba cheart d’eintitis ADR a gcuirtear gearán faoina mbráid tríd an gclár ODR a gcuid rialacha nós imeachta féin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacha maidir le costais. Mar sin féin, tá sé beartaithe leis an Rialachán seo roinnt rialacha coiteanna atá infheidhme maidir leis na nósanna imeachta sin a leagan síos trína gcaomhnófar an éifeachtacht atá leo. Ba cheart go n-áireofaí leo sin rialacha lena n-áirithítear nach n-éilítear leis an réiteach díospóidí sin go mbeidh ar na páirtithe nó ar a n-ionadaithe teacht i láthair an eintitis ADR, mura bhforáiltear lena rialacha nós imeachta don fhéidearthacht sin agus go gcomhaontaíonn na páirtithe.

(23)

Ba cheart go gceadófaí cuimsiú iomlán i réiteach ar líne lasmuigh den chúirt i ndáil le díospóidí a eascraíonn as na conarthaí díolacháin ar líne nó as na conarthaí seirbhísí ar líne, má áirithítear go mbeidh na heintitis ADR uile a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE cláraithe leis an gclár ODR.

(24)

Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar fheidhmiú aon eintiteas um réiteach díospóidí atá ann cheana atá ag feidhmiú ar líne nó ar fheidhmiú aon mheicníocht ODR laistigh den Aontas. Níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar eintitis um réiteach díospóidí nó ar mheicníochtaí déileáil le díospóidí ar líne arna dtíolacadh go díreach dóibh.

(25)

Ba cheart go n-ainmneofaí pointí teagmhála ODR a mbíonn ina óstach do bheirt chomhairleoirí ODR ar a laghad i ngach Ballstát. Ba cheart go dtacódh na pointí teagmhála ODR leis na páirtithe a bhfuil baint acu le díospóid a cuireadh isteach tríd an gclár ODR gan oibleagáid a bheith orthu na doiciméid a bhaineann leis an díospóid sin a aistriú. Ba cheart go mbeadh an deis ag na Ballstáit an fhreagracht as na pointí teagmhála ODR a thabhairt dá n-ionad i Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí. Ba cheart go mbainfeadh na Ballstáit úsáid as an deis sin chun go mbeidh na pointí teagmhála ODR in ann tairbhe iomlán a bhaint as taithí na n-ionad i Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí ó thaobh réiteach díospóidí idir tomhaltóirí agus trádálaithe a éascú. Ba cheart don Choimisiún líonra pointí teagmhála ODR a bhunú chun a gcomhar agus a gcuid oibre a éascú, agus ba cheart go gcuirfeadh sé oiliúint iomchuí ar fáil do na pointí teagmhála ODR, i gcomhar leis na Ballstáit.

(26)

Is cearta bunúsacha atá leagtha síos in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh iad an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus an ceart chun triail chóir a fháil. Níl ODR beartaithe chun ionad nósanna imeachta cúirte a ghlacadh agus ní féidir iad a dhearadh chuige sin, ná níor cheart go mbainfidís a gcearta sásamh a iarraidh os comhair na gcúirteanna de thomhaltóirí ná de thrádálaithe de bharr na nósanna imeachta sin. Níor cheart don Rialachán seo, dá bhrí sin, bheith ina chosc ar pháirtithe a gceart rochtana ar an gcóras breithiúnach a fheidhmiú.

(27)

Ba cheart go dtiocfadh an phróiseáil ar fhaisnéis faoin Rialachán seo faoi réir dianráthaíochtaí príobháideachais agus ba cheart go gcomhlíonfadh sí na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (7). Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin maidir le haon phróiseáil a dhéanfaidh gníomhaithe éagsúla an chláir ODR ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo, cibé acu atá siad ag gníomhú ina n-aonar nó i gcomhpháirt le gníomhaithe eile den sórt sin.

(28)

Ba cheart go gcuirfí na daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin bpróiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta sa chlár ODR, agus ba cheart dóibh a dtoil a thabhairt maidir leis an bpróiseáil sin, agus ba cheart go gcuirfí ar an eolas iad faoina gcuid ceart i ndáil leis an bpróiseáil sin, trí fhógra cuimsitheach príobháideachta a chuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí agus ina míneofar, i bhfriotal soiléir simplí, na hoibríochtaí próiseála a dhéantar faoi chúram ghníomhaithe éagsúla an chláir, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus leis an reachtaíocht náisiúnta a ghlactar de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Threoir 95/46/CE.

(29)

Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha maidir le rúndacht sa reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le ADR.

(30)

D’fhonn feasacht leathan tomhaltóirí gurb ann don chlár ODR a áirithiú, ba cheart do na trádálaithe atá bunaithe laistigh den Aontas agus atá rannpháirteach i gconarthaí díolacháin ar líne nó i gconarthaí seirbhísí nasc leictreonach leis an gclár ODR a chur ar fáil ar a láithreáin ghréasáin. Ba cheart go gcuirfeadh na trádálaithe a seoladh ríomhphoist a chur ar fáil ionas go mbeidh an chéad phointe teagmhála ag na tomhaltóirí. Cuirtear cion suntasach de chonarthaí díolacháin ar líne agus de chonarthaí seirbhísí ar líne i gcríoch trí úsáid a bhaint as ionaid mhargaidh ar líne, lena dtugtar le chéile nó lena n-éascaítear idirbhearta ar líne idir tomhaltóirí agus trádálaithe. Is cláir ar líne iad ionaid mhargaidh ar líne lena mbíonn trádálaithe in ann a dtáirgí agus a seirbhísí a chur ar fáil do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an oibleagáid chéanna ar ionaid mhargaidh ar líne den sórt sin chun nasc leictreonach leis an gclár ODR a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an oibleagáid sin gan dochar d’Airteagal 13 de Threoir 2013/11/AE maidir leis an gceanglas go gcuireann trádálaithe tomhaltóirí ar an eolas maidir le nósanna imeachta ADR faoina bhfuil na trádálaithe sin cumhdaithe agus maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad tiomanta nósanna imeachta ADR a úsáid chun díospóidí le tomhaltóirí a réiteach. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an oibleagáid sin gan dochar do phointe (t) d’Airteagal 6(1) agus d’Airteagal 8 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí (8). Leagtar síos le pointe (t) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE go bhfuil dualgas ar an trádálaí, i gcás conarthaí tomhaltóirí a thugtar i gcrích go cianda nó ó láthair, an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin deis dul ar iontaoibh sásra gearáin agus sásaimh lasmuigh den chúirt a bhfuil an trádálaí ina ábhar de, agus na modhanna rochtana chuige sin, sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh. Ar na cúiseanna céanna feasachta tomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit comhlachais thomhaltóirí agus comhlachais ghnó a spreagadh chun nasc leictreonach le láithreán gréasáin an chláir ODR a chur ar fáil.

(31)

D’fhonn na critéir a chur san áireamh ar critéir iad ar dá réir a dhéanfaidh na heintitis ADR a raonta feidhme faoi seach a shainiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, an fhaisnéis a bheidh ar ghearánach a thabhairt san fhoirm ghearáin leictreonach a chuirtear ar fáil ar an gclár ODR a oiriúnú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a réamhullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le feidhmiú an chláir ODR, leis na rialacha mionsonraithe chun gearán a chur isteach agus le comhar laistigh de líonra na bpointí teagmhála ODR. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (9). Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an bhfoirm ghearáin leictreonach a ghlacadh i bhfianaise an chineáil theicniúil amháin atá inti. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na rialacha a bhaineann leis na módúlachtaí comhair idir na comhairleoirí ODR sa líonra de phointí teagmhála ODR a ghlacadh.

(33)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcás inarb iomchuí.

(34)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár Eorpach ODR le haghaidh díospóidí ar líne faoi rialú rialacha coiteanna a chur ar bun, a bhaint amach go leormhaith, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí an rialacháin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(35)

Urramaítear leis an Rialachán seo cearta bunúsacha agus comhlíontar leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe le hAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 38 agus Airteagal 47 di.

(36)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug an Maoirseoir tuairim an 12 Eanáir 2012 (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Is é is cuspóir don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus go háirithe leis an ngné dhigiteach de, trí leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, trí chlár ODR Eorpach (“clár ODR”) a chur ar fáil ar líne lena n-éascófar réiteach neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach, éifeachtach, tapaidh agus cóir, lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí idir tomhaltóirí agus trádálaithe ar líne.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le díospóidí a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha a eascróidh as conarthaí díolacháin nó as conarthaí seirbhísí ar líne idir trádálaí atá bunaithe san Aontas agus tomhaltóir a bhfuil cónaí air san Aontas a réiteach lasmuigh den chúirt trí idirghabháil eintitis ADR a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE agus lena n-úsáidtear an clár ODR.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le díospóidí dá dtagraítear i mír 1 a réiteach lasmuigh den chúirt, ar díospóidí iad a thionscnaíonn trádálaí i gcoinne tomhaltóra, sa mhéid a cheadaítear le reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir na díospóidí sin a réiteach trí idirghabháil eintiteas ADR.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún cibé an gceadaítear lena reachtaíocht go réiteofar díospóidí dá dtagraítear i mír 1 a thionscnaíonn trádálaí i gcoinne tomhaltóra trí idirghabháil eintiteas ADR nó nach gceadaítear é sin. Cuirfidh údaráis inniúla in iúl don Choimisiún cé hiad na heintitis ADR a láimhseálann na díospóidí sin nuair a sheolfaidh siad an liosta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE.

4.   Ní fhorchuirfear aon oibleagáid ar na Ballstáit tríd an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, a thionscnaíonn trádálaí i gcoinne tomhaltóra, chun a áirithiú go gcuirfidh eintitis ADR nósanna imeachta ar fáil chun na díospóidí sin a réiteach lasmuigh den chúirt.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais

Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2008/52/CE.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “tomhaltóir” tomhaltóir mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2013/11/AE;

(b)

ciallaíonn “trádálaí” trádálaí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2013/11/AE;

(c)

ciallaíonn “conradh díolacháin” conradh díolacháin mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2013/11/AE;

(d)

ciallaíonn “conradh seirbhísí” conradh seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2013/11/AE;

(e)

ciallaíonn “conradh díolacháin nó seirbhísí ar líne” conradh díolacháin nó seirbhísí i gcás inar thairg an trádálaí, nó idirghabhálaí an trádálaí, earraí nó seirbhísí ar láithreán gréasáin nó trí mhodh leictreonach eile agus gur ordaigh an tomhaltóir na hearraí nó na seirbhísí sin ar an láithreán gréasáin sin nó trí mhodh leictreonach eile;

(f)

ciallaíonn “ionaid mhargaidh ar líne” soláthraí seirbhíse na sochaí faisnéise, mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (11) (“an Treoir um thrádáil leictreonach”), lena ligtear do thomhaltóirí agus do thrádálaithe díolacháin ar líne agus conarthaí seirbhísí a thabhairt i gcrích ar láithreán gréasáin an ionaid mhargaidh ar líne;

(g)

ciallaíonn “modh leictreonach” trealamh leictreonach a úsáidtear chun sonraí a tharchuirtear, a iompraítear agus a fhaightear go hiomlán ar shreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile a phróiseáil (lena n-áirítear comhbhrú digiteach) agus a stóráil;

(h)

ciallaíonn “nós imeachta um réiteach malartach díospóide” (“nós imeachta ADR”) nós imeachta chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo;

(i)

ciallaíonn “eintiteas um réiteach malartach díospóide” (“eintiteas ADR”) eintiteas ADR mar a shainmhínítear i bpointe (h) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2013/11/AE;

(j)

ciallaíonn “gearánach” an tomhaltóir nó an trádálaí a chuirfidh gearán isteach tríd an gclár ODR;

(k)

ciallaíonn “cosantóir” an tomhaltóir nó an trádálaí a gcuirtear gearán isteach ina leith tríd an gclár ODR;

(l)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (i) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2013/11/AE;

(m)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (“duine is ábhar do na sonraí”). Is ionann duine inaitheanta agus duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’uimhir sainaitheantais nó d’fhachtóir amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht an duine sin go fisiceach, go fiseolaíoch, go meabhrach, go heacnamaíoch, go cultúrtha nó go sóisialta.

2.   Cinnfear áit bhunaíochta an trádálaí agus an eintitis ADR i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus (3) de Threoir 2013/11/AE, faoi seach.

CAIBIDIL II

AN CLÁR ODR

Airteagal 5

An clár ODR a bhunú

1.   Forbróidh an Coimisiún an clár ODR agus beidh sé freagrach as a oibriú lena n-áirítear na feidhmeanna aistriúcháin go léir atá riachtanach chun críche an Rialacháin seo, chun é a chothabháil, a mhaoiniú agus dá shlándáil sonraí. Beidh an clár ODR éasca le húsáid. Áiritheofar le forbairt, oibriú agus cothabháil an chláir ODR go n-urramófar príobháideachas a úsáideoirí ó chéim an dearaidh (“príobháideachas trí dhearadh”) agus go mbeidh rochtain ag cách ar chlár an ODR agus go mbeidh gach duine in ann é a úsáid, lena n-áirítear na húsáideoirí leochaileacha (“dearadh do chách”), a mhéid is féidir.

2.   Beidh an clár ODR ina phointe iontrála aonair ag tomhaltóirí agus ag trádálaithe a bheidh ag lorg réiteach lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí a thiocfaidh faoi chuimsiú an Rialacháin seo. Láithreán gréasáin idirghníomhaíoch a bheidh sa chlár ODR a bhféadfar rochtain a fháil air go leictreonach agus saor in aisce i dteangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an clár ODR inrochtana, mar is iomchuí, trína láithreáin ghréasáin lena gcuirtear faisnéis ar fáil do shaoránaigh agus do ghnóthais san Aontas agus, go háirithe, tríd “Do thairseach chun na hEorpa” a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 2004/387/CE.

4.   Beidh na feidhmeanna seo a leanas leis an gclár ODR:

(a)

foirm ghearáin leictreonach a chur ar fáil a fhéadfaidh an gearánach a chomhlánú i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b)

fógra a thabhairt don chosantóir faoin ngearán;

(c)

an t-eintiteas ADR inniúil nó na heintitis ADR inniúla a aithint agus an gearán a tharchur chuig an eintiteas ADR a chomhaontaigh na páirtithe a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 9;

(d)

uirlis leictreonach bainistithe cás a thairiscint, saor in aisce, lena gcuirfear ar chumas na bpáirtithe agus ar chumas an eintitis ADR an nós imeachta um réiteach díospóide a sheoladh ar líne tríd an gclár ODR;

(e)

aistriúchán ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun an díospóid a réiteach agus a mhalartaítear tríd an gclár ODR a sholáthar do na páirtithe agus don eintiteas ADR;

(f)

foirm leictreonach a chur ar fáil trína dtarchuirfidh eintitis ADR an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 10;

(g)

córas aiseolais a chur ar fáil trína bhféadfaidh na páirtithe a dtuairimí a chur in iúl faoi fheidhmiú an chláir ODR agus faoin eintiteas ADR a láimhseáil an díospóid eatarthu;

(h)

an méid seo a leanas a chur ar fáil go poiblí:

(i)

faisnéis ghinearálta faoi ADR mar mhodh réitigh díospóide lasmuigh den chúirt;

(ii)

faisnéis faoi eintitis ADR atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE atá inniúil chun díospóidí a chuimsítear leis an Rialachán seo a láimhseáil;

(iii)

treoir ar líne a bhaineann leis an mbealach chun gearáin a chur isteach tríd an gclár ODR;

(iv)

faisnéis, lena n-áirítear sonraí teagmhála, faoi phointí teagmhála ODR a ainmníonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo;

(v)

sonraí staidrimh maidir leis an toradh a bheidh ar na díospóidí a tharchuirfear chuig eintitis ADR tríd an gclár ODR.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 4 cruinn, cothrom le dáta agus go soláthrófar í ar bhealach shoiléir, shothuigthe agus lena mbeidh rochtain éasca uirthi.

6.   Déanfar eintitis ADR atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE atá inniúil chun díospóidí a chuimsítear leis an Rialachán seo a láimhseáil a chlárú go leictreonach leis an gclár ODR.

7.   Déanfaidh an Coimisiún bearta maidir leis na rialacha mionsonraithe a bhaineann le feidhmiú na bhfeidhmeanna dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) den Rialachán seo.

Airteagal 6

An clár ODR a thástáil

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 9 Eanáir 2015, feidhmiúlacht theicniúil agus soláimhsitheacht an chláir ODR agus na foirme gearáin a thástáil, lena n-áirítear maidir le haistriúchán. Déanfar an tástáil a chur i gcrích agus déanfar meastóireacht uirthi i gcomhar le saineolaithe ODR ó na Ballstáit agus le hionadaithe tomhaltóirí agus trádálaithe. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh na tástála agus glacfaidh sé bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhonn feidhmiú éifeachtach an chláir ODR a áirithiú.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún cur síos freisin ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhfuil sé ar intinn aige a ghlacadh lena áirithiú go gcomhlíonfar leis an gclár ODR na ceanglais phríobháideachais a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 7

Líonra de phointí teagmhála ODR

1.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála ODR amháin agus cuirfidh siad ainm agus sonraí teagmhála an phointe teagmhála sin in iúl don Choimisiún. Féadfaidh na Ballstáit an fhreagracht as na pointí teagmhála ODR a thabhairt dá lárionaid de Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, a thabhairt do chomhlachais thomhaltóirí nó do chomhlacht eile. Beidh beirt chomhairleoirí ODR ar a laghad ag gach pointe teagmhála ODR.

2.   Tabharfaidh na pointí teagmhála ODR tacaíocht chun díospóidí a bhaineann le gearáin a chuirtear isteach ar an gclár ODR a réiteach trí na feidhmeanna seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

arna iarraidh sin, an chumarsáid idir na páirtithe agus an t-eintiteas ADR inniúil a éascú, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, go háirithe, bheith san áireamh léi:

(i)

cabhrú le gearán a thíolacadh agus, i gcás inarb iomchuí, leis an doiciméadú ábhartha a thíolacadh chomh maith;

(ii)

faisnéis ghinearálta a sholáthar do na páirtithe agus do na heintitis ADR faoi chearta tomhaltóirí i ndáil leis na conarthaí díolacháin agus leis na conarthaí seirbhísí a bheidh i bhfeidhm i mBallstát phointe teagmhála an ODR ina mbeidh an comhairleoir ODR lena mbaineann;

(iii)

faisnéis a sholáthar faoi fheidhmiú an chláir ODR;

(iv)

míniúcháin a sholáthar do na páirtithe ar na rialacha nós imeachta a chuireann na heintitis ADR a aithnítear i bhfeidhm;

(v)

an gearánaí a chur ar an eolas faoi mhodhanna eile sásaimh i gcás nach féidir díospóid a réiteach tríd an gclár ODR;

(b)

ar bhonn na taithí praiticiúla a fuarthas trína bhfeidhmeanna a fheidhmiú, tuarascáil ar ghníomhaíochtaí a thíolacadh don Choimisiún agus do na Ballstáit gach dhá bhliain.

3.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpointe teagmhála ODR na feidhmeanna a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i ngníomh i gcás díospóidí ina bhfuil gnáthchónaí ar na páirtithe sa Bhallstát céanna.

4.   D’ainneoin mhír 3, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, go ndéanfaidh an pointe teagmhála ODR feidhm amháin nó níos mó ar feidhmeanna iad a liostaítear i mír 2 i gcás díospóidí ina bhfuil gnáthchónaí ar na páirtithe sa Bhallstát céanna.

5.   Bunóidh an Coimisiún líonra pointí teagmhála (“pointí teagmhála ODR”) trína bhféadfar comhar a chruthú idir pointí teagmhála agus rannchuideoidh an líonra le feidhmiú na bhfeidhmeanna a liostaítear i mír 2.

6.   Dhá uair sa bhliain ar a laghad, tionólfaidh an Coimisiún cruinniú de chomhaltaí líonra pointí teagmhála ODR le go bhféadfar na cleachtais is fearr a mhalartú agus plé a dhéanamh ar aon fhadhbanna a thiocfaidh chun cinn arís is arís eile in oibriú an chláir ODR.

7.   Déanfaidh an Coimisiún na rialacha a bhaineann leis na módúlachtaí comhair idir na pointí teagmhála ODR a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3).

Airteagal 8

Gearán a dhéanamh

1.   D’fhonn gearán a chur isteach ar chlár ODR comhlánóidh an gearánach an fhoirm ghearáin leictreonach. Beidh an fhoirm ghearáin éasca le húsáid agus inrochtaine ar an gclár ODR.

2.   Beidh an fhaisnéis a thíolacfaidh an gearánach leordhóthanach le go bhféadfar eintiteas inniúil an ADR a chinneadh. Tá an fhaisnéis sin liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an gearánach doiciméid a chur i gceangal chun tacú leis an ngearán.

3.   D’fhonn na critéir a chur san áireamh ar critéir iad ar dá réir a dhéanfaidh na heintitis ADR atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE agus a dhéileálfaidh le díospóidí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, a raonta feidhme faoi seach a shainiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo chun an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na rialacha maidir leis na modúlachtaí don fhoirm ghearáin leictreonach a leagan síos trí ghníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá tagraítear in Airteagal 16(2).

5.   Ní dhéanfar ach sonraí atá cruinn, ábhartha agus nach bhfuil iomarcach i ndáil leis na cuspóirí ar tiomsaíodh chucu iad a phróiseáil tríd an bhfoirm ghearáin leictreonach agus trí na ceangaltáin a ghabhann léi.

Airteagal 9

Gearán a phróiseáil agus a tharchur

1.   Déanfar gearán a thíolacfar don chlár ODR a phróiseáil má tá gach cuid is gá den fhoirm ghearáin leictreonach comhlánaithe.

2.   Mura mbeidh an fhoirm ghearáin comhlánaithe ina hiomláine, cuirfear an gearánach ar an eolas nach féidir an gearán a phróiseáil tuilleadh, mura gcuirfear an fhaisnéis atá ar lár ar fáil.

3.   Tar éis dó foirm ghearáin atá comhlánaithe go hiomlán a fháil, déanfaidh clár an ODR an gearán a chur chuig an gcosantóir ar bhealach intuigthe agus gan mhoill, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais arna roghnú ag an gcosantóir sin, le chéile leis na sonraí a leanas:

(a)

an fhaisnéis go gcaithfidh na páirtithe teacht ar chomhaontú faoi eintiteas de chuid ADR le go dtarchuirfear an gearán chuige, mura dtiocfaidh na páirtithe ar aon chomhaontú nó mura sainaithneofar aon eintiteas inniúil de chuid ADR, ní dhéanfar an gearán a phróiseáil a thuilleadh;

(b)

faisnéis faoin eintiteas nó na heintitis ADR a bheidh inniúil chun déileáil leis an ngearán, má dhéantar tagairt d’aon cheann acu san fhoirm ghearáin leictreonach nó má shainaithníonn an clár ODR iad, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil san fhoirm sin;

(c)

sa chás gur trádálaí é an cosantóir, an méid a leanas a chur in iúl laistigh de 10 lá féilire:

cibé ar thug an trádálaí gealltanas maidir le heintiteas ADR nó a bhfuil oibleagáid ar an trádálaí eintiteas ADR a úsáid chun díospóidí le tomhaltóirí a réiteach, agus

mura mbeidh oibleagáid ar an trádálaí eintiteas sonrach ADR a úsáid, an bhfuil an tradálaí toilteanach aon eintiteas nó eintitis ADR a úsáid ó na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

sa chás gur tomhaltóir é an cosantóir agus go bhfuil oibleagáid ar an trádálaí eintiteas sonrach ADR a úsáid, iarraidh maidir le comhaontú laistigh de 10 lá féilire i ndáil leis an eintiteas ADR sin, nó sa chás nach bhfuil oibleagáid ar an trádálaí eintiteas sonrach ADR a úsáid, iarraidh chun eintiteas ADR amháin nó níos mó ná sin a roghnú ó na heintitis sin dá dtagraítear i bpointe (b);

(e)

ainm agus sonraí teagmhála phointe teagmhála ODR in áit bunaíochta nó in áit chónaithe an chosantóra sa Bhallstát, mar aon le tuairisc ghairid ar na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2).

4.   Tar éis don chosantóir an fhaisnéis dá dtagraítear i pointe (c) nó i bpointe (d) de mhír 3 a fháil, cuirfidh an clár ODR an fhaisnéis a leanas chuig an gcosantóir ar bhealach intuigthe agus gan mhoill, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais arna roghnú ag an gcosantóir sin:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (3);

(b)

sa chás gur tomhaltóir é an gearánach, faisnéis faoin eintiteas nó na heintitis ADR a luafaidh an trádálaí i gcomhréir le pointe (c) de mhír 3 agus iarraidh maidir le comhaontú laistigh de 10 lá féilire i ndáil le heintiteas de chuid ADR;

(c)

sa chás gur trádálaí é an cosantóir agus nach bhfuil oibleagáid ar an trádálaí eintiteas sonrach ADR a úsáid, faisnéis faoin eintiteas nó na heintitis ADR a luafaidh an trádálaí i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3 agus iarraidh maidir le comhaontú laistigh de 10 lá féilire i ndáil le heintiteas de chuid ADR;

(d)

ainm agus sonraí teagmhála phointe teagmhála ODR in áit bhunaíochta nó áit ghnáthchónaithe an ghearánaigh, mar aon le tuairisc ghairid ar na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2).

5.   Áireofar ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 agus i bpointe (b) agus pointe (c) de mhír 4 cur síos ar na saintréithe seo a leanas i gcás gach eintitis de chuid ADR:

(a)

ainm, sonraí teagmhála an eintitis ADR agus a seoladh gréasáin;

(b)

na táillí don nós imeachta ADR, i gcás inarb infheidhme;

(c)

an teanga nó na teangacha ina bhféadfar an nós imeachta ADR a sheoladh;

(d)

an meánfhad a mhairfidh an nós imeachta ADR;

(e)

nádúr ceangailteach nó neamhcheangailteach thoradh an nós imeachta ADR;

(f)

na forais ar a bhféadfaidh an t-eintiteas ADR diúltú déileáil le díospóid ar leith i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Threoir 2013/11/AE.

6.   Déanfaidh an clár ODR an gearán a tharchur chuig an t-eintiteas ADR go huathoibríoch agus gan mhoill, ar chomhaontaigh na páirtithe é a úsáid i gcomhréir le mír 3 agus mír 4.

7.   Déanfaidh an t-eintiteas ADR ar tarchuireadh an gearán chuige na páirtithe a chur ar an eolas gan mhoill faoi cibé an aontaíonn sé go ndéileálfaidh sé leis an díospóid i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Threoir 2013/11/AE nó nach ndéileálfaidh. Cuirfidh an t-eintiteas ADR a d’aontaigh go ndéileálfadh sé leis an díospóid na páirtithe ar an eolas faoi na rialacha nós imeachta atá acu agus, i gcás inarb infheidhme, faoi tháillí an nóis imeachta um réiteach díospóide lena mbaineann.

8.   I gcás ina dteipfidh ar na páirtithe teacht ar chomhaontú laistigh de 30 lá féilire tar éis an fhoirm ghearáin a chur isteach maidir le heintiteas ADR inniúil amháin nó má dhiúltaíonn an t-eintiteas ADR déileáil leis an díospóid, ní dhéanfar an gearán a phróiseáil a thuilleadh. Cuirfear an gearánach ar an eolas faoin deis a bheidh ann teagmháil a dhéanamh le comhairleoir ODR chun faisnéis ghinearálta a fháil faoi mhodhanna eile sásaimh.

Airteagal 10

Díospóid a réiteach

Eintiteas ADR a aontaíonn go ndéileálfaidh sé leis an díospóid i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

an nós imeachta ADR a chur i gcrích laistigh den sprioc dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 8 de Threoir 2013/11/AE;

(b)

láithreacht fhisiciúil na bpáirtithe nó a n-ionadaithe a éileamh, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin ina rialacha nós imeachta agus má aontaíonn na páirtithe, agus sa chás sin amháin;

(c)

an fhaisnéis seo a leanas a tharchur gan mhoill chuig an gclár ODR:

(i)

an dáta a fhaightear comhad an ghearáin;

(ii)

ábhar na díospóide;

(iii)

an dáta a thugtar chun críche an nós imeachta ADR;

(iv)

an toradh a bhí ar an nós imeachta ADR;

(d)

nach mbeidh gá leis chun nós imeachta ADR a chur ar bun tríd an gclár ODR.

Airteagal 11

Bunachar sonraí

Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus a choimeád ar bun ina stórálfar an fhaisnéis a phróiseáiltear i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus le pointe (c) d’Airteagal 10 agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 13(2).

Airteagal 12

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Ní thabharfar rochtain ar fhaisnéis riachtanach, sonraí pearsanta san áireamh, a bhainfidh le díospóid agus a stórálfar sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 10, ach amháin don eintiteas ADR ar cuireadh an díospóid faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 9. Tabharfar rochtain freisin ar an bhfaisnéis chéanna do phointí teagmhála ODR, a mhéid is gá sin, chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (4).

2.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis a phróiseálfar i gcomhréir le hAirteagal 10 d’fhonn faireachán a dhéanamh ar úsáid agus ar fheidhmiú an chláir ODR agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 21 a tharraingt suas. Déanfaidh sé próiseáil ar shonraí pearsanta úsáideoirí an chláir ODR a mhéid is gá chun an clár ODR a oibriú agus a choimeád ar bun, lena n-áirítear d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhainfidh eintitis ADR agus pointí teagmhála ODR as an gclár ODR.

3.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le díospóid a choinneáil sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ach ar feadh na tréimhse ama sin is gá chun na cuspóirí dar tiomsaíodh iad a ghnóthú agus chun a áirithiú gur féidir leis na daoine is ábhar do na sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta d’fhonn a gcearta a fheidhmiú, agus déanfar na sonraí sin a scrios go huathoibríoch, ar a dhéanaí, sé mhí tar éis an dáta a dtabharfar chun críche an díospóid a cuireadh ar aghaidh chuig an gclár ODR i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (c) d’Airteagal 10. Beidh feidhm leis an tréimhse choinneála thuasluaite freisin maidir le sonraí pearsanta a dhéanfaidh an t-eintiteas ADR nó pointe teagmhála ODR a dhéileáil leis an díospóid atá i gceist a choinneáil i gcomhaid náisiúnta, ach amháin i gcás ina bhforálfar sna rialacha nós imeachta a chuirfidh an t-eintiteas ADR i bhfeidhm nó in aon fhorálacha sonracha sa dlí náisiúnta go mbeidh tréimhse choinneála níos faide ann.

4.   Measfar gur rialtóir, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, é gach comhairleoir ODR i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí próiseála sonraí féin faoin Rialachán seo agus beidh an fhreagracht orthu a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí an reachtaíocht náisiúnta a glacadh de bhun Threoir 95/46/CE sa Bhallstát de phointe teagmhála ODR ina mbeidh an comhairleoir ODR bunaithe.

5.   Measfar gur rialtóir, i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, é gach eintiteas ADR i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí próiseála sonraí féin faoin Rialachán seo agus beidh an fhreagracht orthu a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí an reachtaíocht náisiúnta a glacadh de bhun Threoir 95/46/CE sa Bhallstát ina mbeidh an t-eintiteas ADR bunaithe.

6.   Maidir lena fhreagrachtaí faoin Rialachán seo agus leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta a bhaineann leo sin, measfar gur rialtóir é an Coimisiún i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 13

Rúndacht agus slándáil sonraí

1.   Beidh pointí teagmhála ODR faoi réir rialacha rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile a leagtar síos i reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí chun slándáil na faisnéise a phróiseálfar faoin Rialachán seo a áirithiú, lena n-áirítear rialú cuí rochtana ar shonraí, plean slándála agus bainistíocht teagmhas slándála, de réir Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 14

Faisnéis do thomhaltóirí

1.   Trádálaithe atá bunaithe san Aontas agus atá rannpháirteach i gconarthaí díolacháin ar líne nó i gconarthaí seirbhísí ar líne agus ionaid mhargaidh ar líne atá bunaithe san Aontas, cuirfidh siad nasc leictreonach leis an gclár ODR ar fáil ar a láithreáin ghréasáin. Beidh rochtain éasca ag tomhaltóirí ar an nasc sin. Déanfaidh trádálaithe atá bunaithe san Aontas agus atá i mbun na gconarthaí díolacháin ar líne nó na gconarthaí seirbhíse a seoltaí ríomhphoist a chur in iúl chomh maith.

2.   Trádálaithe atá bunaithe san Aontas, agus atá rannpháirteach i gconarthaí díolacháin ar líne nó i gconarthaí seirbhísí ar líne atá tiomanta nó faoi oibleagáid eintiteas ADR amháin nó níos mó a úsáid chun díospóidí a réiteach le tomhaltóirí, cuirfidh siad in iúl do na tomhaltóirí gurb ann don chlár ODR, agus faoin deis atá ann an clár ODR a úsáid chun a ndíospóidí a réiteach. Cuirfidh siad nasc leictreonach chuig an gclár ODR leis a láithreáin ghréasáin agus, má dhéantar an tairscint trí bhíthin r-phost, sa r-phost sin. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil chomh maith, i gcás inarb infheidhme, sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta is infheidhme maidir le conarthaí díolacháin agus seirbhíse ar líne.

3.   Beidh mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo gan dochar d’fhorálacha Airteagal 13 de Threoir 2013/11/AE agus na forálacha maidir le faisnéis le haghaidh tomhaltóirí i ndáil le nósanna imeachta sásaimh lasmuigh den chúirt atá i ngníomhartha reachtacha an Aontais, a bheidh i bhfeidhm chomh maith le forálacha an Airteagail sin.

4.   Foilseofar liosta na n-eintiteas ADR dá dtagraítear in Airteagal 20(4) de Threoir 2013/11/AE agus a nuashonruithe sa chlár ODR.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis ADR, na hionaid i Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, na húdaráis a shainítear in Airteagal 18(1) de Threoir 2013/11/AE agus, i gcás inarb iomchuí, na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Threoir 2013/11/AE nasc leictreonach chuig an gclár ODR a chur ar fáil.

6.   Spreagfaidh na Ballstáit comhlachais thomhaltóirí agus comhlachais ghnó chun nasc leictreonach chuig an gclár ODR a chur ar fáil.

7.   Nuair atá trádálaithe faoi oibleagáid faisnéis a chur ar fáil, i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 agus leis na forálacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil, más féidir.

Airteagal 15

Ról na n-údarás inniúil

Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit é a mheas an gcomhlíonfaidh na heintitis ADR atá bunaithe sa Bhallstát sin na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina mbeidh tuairim an choiste faoi mhír 2 agus mhír 3 le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) go ceann tréimhse éiginnte ón 8 Iúil 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach i gcás nach ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon le fios don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid i gcoinne an ghnímh. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 19

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12):

“21.

Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1.): Airteagal 14.”

Airteagal 20

Leasú ar Threoir 2009/22/CE

Leasaítear Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(1) agus (2) agus pointe (b) d’Airteagal 6(2) cuirtear na focail “gníomhartha de chuid an Aontais dá liostaítear in Iarscríbhinn I” in ionad “Treoracha dá liostaítear in Iarscríbhinn I”;

(2)

i gceannteideal Iarscríbhinn I, cuirtear na focail “LIOSTA GNÍOMHARTHA DE CHUID AN AONTAIS” in ionad na bhfocal “LIOSTA TREORACHA”;

(3)

cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn I:

“15.

Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidi ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1.): Airteagal 14.”

Airteagal 21

Tuarascálacha

1.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpach agus don Chomhairle maidir le feidhmiú an chláir ODR ar bhonn bliantúil agus don chéad uair bliain i ndiaidh don chlár ODR a theacht i bhfeidhm.

2.   Faoin 9 Iúil 2018 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear go háirithe maidir le soláimhseacht na foirme gearáin agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann leis an bhfaisnéis dá liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.

3.   I gcás go gcaithfear na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur isteach sa bhliain chéanna, ní chuirfear isteach ach an t-aon chomhthuarascáil amháin.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 9 Eanáir 2016, cé is moite do na forálacha seo a leanas:

Airteagal 2(3) agus Airteagal 7(1) agus (5), a mbeidh feidhm acu ón 9 Iúil 2015,

Airteagal 5(1) agus (7), Airteagal 6, Airteagal 7(7), Airteagal 8(3) agus (4) agus Airteagal 11, Airteagal 16 agus Airteagal 17, a mbeidh feidhm acu ón 8 Iúil 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 99.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013.

(3)  Féach leathanach 63 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  IO L 136, 24.5.2008, lch. 3.

(5)  IO L 144, 30.4.2004, lch. 62.

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO L 304, 22.11.2011, lch. 64.

(9)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(10)  IO C 136, 11.5.2012, lch. 1.

(11)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

(12)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(13)  IO L 110, 1.5.2009, lch. 30.


IARSCRÍBHINN

An fhaisnéis le cur ar fáil agus gearán á chur isteach

(1)

An tomhaltóir nó trádálaí é an gearánaí;

(2)

Ainm, seoladh ríomhphoist agus seoladh geografach an tomhaltóra;

(3)

Ainm agus seoladh ríomhphoist, láithreán gréasáin agus seoladh geografach an trádálaí;

(4)

Ainm agus seoladh ríomhphoist agus seoladh geografach ionadaí an ghearánaigh, i gcás inarb infheidhme;

(5)

Teanga nó teangacha an ghearánaigh nó a ionadaí, i gcás inarb infheidhme;

(6)

Teanga an fhreagróra, más eol sin;

(7)

An cineál earra nó seirbhíse lena mbaineann an gearán;

(8)

Ar thairg an trádálaí an t-earra nó an tseirbhís agus ar ordaigh an custaiméir é ar láithreán gréasáin nó trí mheán leictreonach eile;

(9)

Praghas an earra nó na seirbhíse a ceannaíodh;

(10)

An dáta a rinne an tomhaltóir an t-earra nó an tseirbhís a cheannach;

(11)

Cibé acu an ndeachaigh an tomhaltóir i dteagmháil dhíreach leis an trádálaí;

(12)

An ndearna eintiteas ADR nó cúirt an díospóid a mheas roimhe;

(13)

An cineál gearáin;

(14)

Tuairisc ar an ngearán;

(15)

Más tomhaltóir é an gearánach, na heintitis ADR a bhfuil oibleagáid ar an trádálaí a úsáid nó ar gheall an trádálaí a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Threoir 2013/11/AE, más eol sin;

(16)

Más trádálaí é an gearánach, cén eintiteas ADR ar gheall an trádálaí nó a bhfuil oibleagáid ar an trádálaí a úsáid.


18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/13


RIALACHÁN (AE) Uimh. 525/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEorpa AGUS ÓN gComhairle

an 21 Bealtaine 2013

maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Chomhphobail agus le Prótacal Kyoto (4) a chur chun feidhme bunaíodh creat chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa, chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo gealltanas i ndáil leis na hastaíochtaí sin a bhaint amach agus riachtanais faireacháin agus thuairiscithe a chur chun feidhme faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC) (5) agus Prótacal Kyoto (6) san Aontas. Chun forbairtí úrnua agus todhchaí ar leibhéal idirnáisiúnta a bhaineann leis an UNFCCC agus Prótacal Kyoto a chur san áireamh, agus riachtanais faireacháin agus thuairiscithe nua dá bhforáiltear i ndlí an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart Cinneadh Uimh. 280/2004/CE sin a ionadú.

(2)

Ba cheart Rialachán a chur in ionad Chinneadh Uimh. 280/2004/CE mar gheall ar raon feidhme níos leithne dhlí an Aontais, cuimsiú na gcatagóirí breise daoine ar a dhírítear oibleagáidí, nádúr níos casta agus thar a bheith teicniúil de chuid na bhforálacha a tugadh isteach, an gá méadaitheach le rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme ar fud an Aontais, agus chun cur chun feidhme a éascú.

(3)

Is é cuspóir deiridh UNFCCC tiúchain na ngás ceaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach sa chóras aeráide. D’fhonn an cuspóir sin a chomhlíonadh, níor cheart go sáródh an méadú meánteochta domhanda foriomlán 2 °C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha.

(4)

Tá gá le faireachán agus tuairisciú críochnúil, agus le measúnú rialta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus na mBallstát agus ar a gcuid iarrachtaí chun déileáil le hathrú aeráide.

(5)

Chuir Cinneadh 1/CP.15 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC (Cinneadh 1/CP.15) agus Cinneadh 1/CP.16 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC (Cinneadh 1/CP.16) go suntasach le dul chun cinn i ndáil le déileáil leis na dúshláin a chruthaigh an t-athrú aeráide ar bhealach cothrom. Chuir na cinntí sin tús le riachtanais faireacháin agus thuairiscithe nua a bhaineann le cur chun feidhme laghduithe astaíochtaí uaillmhianacha dá bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta, agus sholáthair siad tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha. Chomh maith leis sin, sainaithníodh leis na Cinntí sin an tábhacht a bhaineann le díriú ar oiriúnú leis an tosaíocht chéanna le maolú. Éilítear i gCinneadh 1/CP.16 freisin go bhforbródh tíortha forbartha straitéisí nó pleananna forbartha ísealcharbóin. Táthar ag súil go gcuideoidh straitéisí nó pleananna dá leithéid chun sochaí ísealcharbóin a fhorbairt agus go gcinnteoidh siad fás ard agus forbairt inbhuanaithe leanúnach, chomh maith le dul i dtreo na sprice maidir le hathrú aeráide san fhadtéarma agus sin a dhéanamh ar bhonn a bheidh cost-éifeachtach agus measúnú cuí á dhéanamh ar na céimeanna idirthréimhseacha. Ba cheart don Rialachán seo cur chun feidhme na gceanglas faireacháin agus thuairiscithe sin a éascú.

(6)

Is ionann an tsraith de ghníomhartha dlí an Aontais, a glacadh in 2009, dá ngairtear le chéile “an pacáiste Aeráide agus Fuinnimh”, go háirithe Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (7) agus Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun scéim trádála liúntais an Chomhphobail um astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (8), agus gealltanas daingean eile ón Aontas agus ó na Ballstáit chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go suntasach. Ba cheart córas an Aontais i ndáil le faireachán agus tuairisciú astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta freisin i bhfianaise riachtanas nua faoin dá ghníomh dhlíthiúla sin.

(7)

Faoi UNFCCC, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit fardail náisiúnta d’astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa go léir, nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal 1987 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin chuig Coinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin (9) (Prótacal Montréal), a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, a fhoilsiú agus a thuairisciú do Chomhdháil na bPáirtithe, ag baint úsáide as modheolaíochtaí inchomparáide atá comhaontaithe ag Comhdháil na bPáirtithe.

(8)

Ceanglaítear le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Kyoto go mbunódh agus go gcoimeádfadh an tAontas agus na Ballstáit córas náisiúnta chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa go léir nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal agus é mar aidhm forfheidhmiú fhorálacha eile de chuid Prótacail Kyoto a áirithiú. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit na treoirlínte maidir le córais náisiúnta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 19/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (“Cinneadh 19/CMP.1”) a chur i bhfeidhm agus an méid sin á dhéanamh acu. Thairis sin, éilítear le Cinneadh 1/CP.16 freisin go mbunófaí socruithe náisiúnta chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus ar aistriú linnte na ngás ceaptha teasa uile nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal. Ba cheart go gcumasódh an Rialachán seo cur chun feidhme an dá riachtanais sin.

(9)

Áirítear an Chipir agus Málta in Iarscríbhinn I a ghabhann le UNFCCC de bhun Chinneadh 10/CP.17 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, le héifeacht ón 9 Eanáir 2013, agus faoi Chinneadh 3/CP.15 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, le héifeacht ón 26 Deireadh Fómhair 2010, faoi seach.

(10)

Is léir ón taithí a fuarthas agus Cinneadh Uimh. 280/2004/CE á chur chun feidhme, go bhfuil gá sineirgíochtaí agus comhleanúnachas le tuairisciú faoi ionstraimí dlíthiúla eile a mhéadú, go háirithe le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal (10), le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (11), agus le Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le teorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe (12), le Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 ar gháis cheaptha teasa fluairínithe áirithe (13) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh fuinnimh (14). Cé go n-éileoidh príomhshruthú na riachtanas tuairiscithe go ndéanfaí leasú ar ionstraimí dlíthiúla aonair, tá sé bunriachtanach sonraí comhsheasmhacha a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun cáilíocht an tuairiscithe astaíochtaí a áirithiú.

(11)

Shainaithin an Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) poitéinsil téimh dhomhanda (PTD) i ndáil le trífhluairíd nítrigine (NF3) atá thart ar 17 000 uair níos mó ná cumas atá ag dé-ocsaíd charbóin (CO2). Tá úsáid mhéadaitheach á baint as NF3 sa tionscal leictreonaice le cur in áit sárfhluaracarbóin (PFCanna) agus heicseafluairídí sulfair (SF6). I gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní mór do bheartas comhshaoil an Aontais a bheith bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim. Éilíonn an prionsabal sin go ndéanfaí faireachán ar NF3 le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal astaíochtaí san Aontas agus, más gá, le gníomhartha maolaithe a shainiú.

(12)

Ní leor sonraí a ndéantar tuairisciú orthu i láthair na huaire sna fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa agus sna cláir náisiúnta agus Aontais chun na hastaíochtaí eitlíochta sibhialta CO2 ar leibhéal náisiúnta nach bhfuil clúdaithe ag Airteagal 2003/87/CE a dhearbhú, ar leibhéal na mBallstát. Agus é ag glacadh le hoibleagáidí tuairiscithe, níor cheart don Aontas ualaí a leagan ar Bhallstáit agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) ar ualaí iad atá díréireach i ndáil leis na cuspóirí á mbaint amach. Ní hionann astaíochtaí CO2 ó eitiltí nach bhfuil clúdaithe ag Treoir 2003/87/CE ach cuid an-bheag de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána, agus bhainfeadh ualach róthrom le córas tuairiscithe a bhunú do na hastaíochtaí sin i bhfianaise na riachtanas atá ann cheana don earnáil níos leithne de bhun Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis go bhfuil astaíochtaí CO2 ón gcatagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” cothrom le nialas chun críocha Airteagal 3 agus Airteagal 7(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

(13)

Chun éifeachtúlacht na socruithe a dheimhniú maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, tá sé riachtanach nach gcuirfear leis an ualach riaracháin agus airgeadais atá ar na Ballstáit cheana.

(14)

Cé go n-áirítear astaíochtaí agus aistriú na ngás ceaptha teasa a bhaineann le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) i sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais faoi Phrótacal Kyoto, ní cuid den sprioc 20 % iad do 2020 faoin bpacáiste Aeráide agus Fuinnimh. Le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE cuirtear de cheanglas ar an gCoimisiún na rialacha mionsonraithe maidir le hastaíochtaí a áireamh agus maidir le haistrithe ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le LULUCF i sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais a mheas, chun an bhuaine a áirithiú mar aon le sláine comhshaoil rannchuidiú an LULUCF, agus chun faireachán agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe ábhartha. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún freisin togra reachtach a thíolacadh, de réir mar is iomchuí, ionas go dtiocfadh an gníomh atá beartaithe i bhfeidhm ó 2013. An 12 Márta 2012, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar chéim tosaigh chun earnáil LULUCF a áireamh i ngealltanas an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú, ar glacadh Cinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le rialacha cuntasaíochta agus pleananna gníomhaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus iad a bhaint mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid talún, le hathrú ar úsáid talún agus le foraoiseacht agus maidir le faisnéis i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann leis na gníomhartha sin (15) mar thoradh air sin.

(15)

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit tréaniarracht a dhéanamh chun an fhaisnéis is cothroime le dáta ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a sholáthar, go háirithe faoi chreat na straitéise Eoraip 2020 agus a cuid amlínte sonraithe. Ba cheart tríd an Rialachán seo gur féidir meastacháin dá leithéid a ullmhú laistigh de na hachair ama is giorra trí fhaisnéis staidrimh agus faisnéis eile a úsáid, amhail, nuair is iomchuí sonraí bunaithe ar an spás a sholáthraítear tríd an gclár um Fhaireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil agus trí chórais satailíte eile.

(16)

Toisc gur fhógair an Coimisiún go bhfuil sé meáite ar riachtanais nua faireacháin agus tuairiscithe a mholadh maidir le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí iompair muirí lena n-áirítear leasuithe ar an Rialachán seo de réir mar is cuí, níor cheart don Rialachán seo aon réamh-bhreithiúnas a thabhairt maidir le tograí den chineál sin agus, mar sin, níor cheart forálacha a bhaineann le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí iompair muirí a chuimsiú sa Rialachán seo díreach anois.

(17)

Is léir ón taithí a gnóthaíodh trí Chinneadh Uimh. 280/2004/CE a chur chun feidhme an gá atá le trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, iomláine agus inchomparáideacht na faisnéise a thuairiscítear ar bheartais agus ar bhearta agus ar réamh-mheastacháin a fheabhsú. Ceanglaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ar Bhallstáit tuairisciú a dhéanamh ar a ndul chun cinn réamh-mheasta maidir lena gcuid oibleagáidí faoin Cinneadh sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis faoi bheartais náisiúnta, bearta agus réamh-mheastacháin náisiúnta. Leag an straitéis Eoraip 2020 síos clár comhtháite um beartas eacnamaíoch a éilíonn ar an Aontas agus ar Bhallstáit breis iarrachtaí a dhéanamh i ndáil le tuairisciú tráthúil ar bheartas agus ar bhearta athraithe aeráide agus ar a gcuid éifeachtaí réamh-mheasta ar astaíochtaí. Ba cheart trí chórais ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát a chruthú, mar aon le Treoir níos fearr ar thuairisciú cuidiú go suntasach le baint amach na spriocanna sin. Chun a áirithiú go gcomhlíonann an tAontas a chuid riachtanas tuairiscithe idirnáisiúnta agus inmheánach maidir le réamh-mheastacháin ghás ceaptha teasa agus go ndéanann sé measúnú ar a dhul chun cinn i ndáil lena ghealltanais agus oibleagáidí idirnáisiúnta agus inmheánacha a bhaint amach, ba cheart, freisin, go bhféadfadh an Coimisiún meastacháin ghás ceaptha teasa a ullmhú agus a úsáid freisin.

(18)

Tá gá le faisnéis feabhsaithe ó Bhallstáit le faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn agus ar a ngníomhaíochtaí chun dul in oiriúint don athrú aeráide. Tá an fhaisnéis sin ag teastáil chun straitéis oiriúnaithe chuimsitheach de chuid an Aontais a chumadh de bhun an Pháipéir Bháin ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2009 dar teideal “Oiriúnú don athrú aeráide: I dtreo Creata Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochta”. Cuirfidh tuairisciú na faisnéise ar oiriúnú ar chumas Ballstát dea-chleachtais a mhalartú agus a gcuid riachtanas agus leibhéal ullmhachta chun déileáil leis an athrú aeráide a mheas.

(19)

Faoi Chinneadh 1/CP.15, thiomnaigh an tAontas agus na Ballstáit go soláthrófaí maoiniú aeráide suntasach chun tacú le gníomhaíochtaí oiriúnaithe agus maolaithe i dtíortha i mbéal forbartha. I gcomhréir le mír 40 de Chinneadh 1/CP.16, ní mór do gach tír fhorbartha atá ina Páirtí sa UNFCCC tuairisciú ar sholáthar na tacaíochta airgeadais, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní do Pháirtithe tíre i mbéal forbartha a fheabhsú. Tá sé bunriachtanach tuairisciú a fheabhsú chun aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun a gcuid gealltanas a chomhlíonadh. Le Cinneadh 1/CP.16 bunaíodh “Sásra nua Teicneolaíochta” freisin chun aistriú idirnáisiúnta teicneolaíochta a fheabhsú. Ba cheart go n-áiritheodh an Rialachán seo go mbeadh tuairisciú faisnéise cothrom le dáta ar ghníomhaíochtaí aistrithe teicneolaíochta go tíortha i mbéal forbartha bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil.

(20)

Rinne Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) Treoir 2003/87/CE a leasú le go gcuirtear gníomhaíochta eitlíochta san áireamh sa scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas, cuimsítear i dTreoir 2003/87/CE seo forálacha maidir le húsáid na n-ioncam ceantála, tuairisciú a dhéanamh ar úsáid na n-ioncam ceantála ag Ballstáit, agus na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun Airteagal 3d den Treoir sin. Cuimsítear i dTreoir 2003/87/CE a leasaíodh le Treoir 2009/29/CE forálacha anois freisin maidir leis an úsáid a bhaintear as ioncaim cheantála, agus deirtear gur cheart go n-úsáidfí 50 % ar a laghad den ioncam sin chun críocha ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Threoir 2003/87/CE. Tá trédhearcacht i ndáil le húsáid na n-ioncam a ghintear ó liúntais a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE bunriachtanach chun taca a chur faoi ghealltanais an Aontais.

(21)

Faoi UNFCCC, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cumarsáidí náisiúnta agus tuarascálacha débhliantúla a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, a fhoilsiú agus a thuairisciú do Chomhdháil na bPáirtithe ag baint úsáide as na treoirlínte, modheolaíochtaí, agus formáidí arna gcomhaontú ag Comhdháil na bPáirtithe. Éilítear i gCinneadh 1/CP.16 go bhfeabhsófaí tuairisciú ar spriocanna maolaithe agus ar sholáthar na tacaíochta airgeadais, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní do Pháirtithe tíre i mbéal forbartha.

(22)

D’iompaigh Cinneadh Uimh. 406/2009/CE an timthriall tuairiscithe bliantúil reatha ina thimthriall gealltanais bliantúil a éilíonn athbhreithniú cuimsitheach ar fhardal gháis cheaptha teasa na mBallstát laistigh de thréimhse ama níos giorra ná an t-athbhreithniú fardail UNFCCC reatha, chun gur féidir solúbthachtaí a úsáid agus gníomh ceartaitheach, nuair is gá, a chur i bhfeidhm ag deireadh gach bliain ábhartha, mar is cuí. Tá gá le próiseas athbhreithnithe a bhunú ar leibhéal an Aontais i ndáil le fardail ghás ceaptha teasa arna gcur faoi bhráid ag Ballstáit lena áirithiú go mbeidh comhlíonadh Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á mheas ar bhealach inchreidte, comhsheasmhach, trédhearcach agus tráthúil.

(23)

Tá plé á dhéanamh i láthair na huaire faoin bpróiseas UNFCCC ar roinnt gnéithe teicniúla a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistriú linnte, amhail PTDanna, scóip na ngás ceaptha teasa tuairiscithe agus Treoir mhodheolaíoch ón IPCC le húsáid chun fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa a ullmhú. D’fhéadfadh athbhreithnithe ar na gnéithe modheolaíochta sin i gcomhthéacs an phróisis UNFCCC agus atháireamh ina dhiaidh sin d’amshraitheanna na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa leibhéal agus treochtaí na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a athrú. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí dá leithéid ar leibhéal náisiúnta agus, nuair is iomchuí, moladh a dhéanamh an Rialachán seo a athchóiriú chun comhsheasmhacht leis na modheolaíochtaí úsáidte i gcomhthéacs an phróisis UNFCCC a áirithiú.

(24)

I gcomhréir leis na treoirlínte reatha ó UNFCCC maidir le gáis cheaptha teasa a thuairisciú, bunaítear ríomh agus tuairisciú na n-astaíochtaí meatán ar PTDanna mar gheall ar mheatán thar thréimhse ama 100 bliain. Ba cheart don Choimisiúin anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí do bheartais agus do bhearta a d’fhéadfadh bheith ann mar gheall ar thréimhse ama 20 bliain a ghlacadh i gcomhair meatáin mar gheall ar an PTD ard agus ar shaolré gearr meatáin, i gcomparáid le gáis eile, san atmaisféar.

(25)

Nuair a áirítear an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2011 maidir le cur chuige cuimsitheach i ndáil le hastaíochtaí antrapaigineacha neamh-CO2 a bhaineann leis an aeráid agus chomh luath agus a bhíonn comhaontú ann faoin UNFCCC chun treoracha IPCC atá foilsithe cheana a úsáid maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí de charbón dubh, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh bheith ann do bheartais agus do bhearta agus, más ábhartha, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

(26)

Ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa thar amshraitheanna tuairiscithe a mheas ag úsáid na modhanna céanna. Ba cheart na tosca astaíochtaí agus sonraí gníomhaíochta bunúsacha a ghnóthú agus a úsáid ar bhealach comhsheasmhach, ag áirithiú nach n-athraítear treochtaí astaíochtaí mar thoradh ar athruithe ar mhodhanna nó toimhdí meastacháin. Ba cheart atháirimh astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanamh i gcomhréir le treoirlínte comhaontaithe agus ba cheart iad a chur i gcrích agus é mar aidhm comhsheasmhacht, cruinneas agus iomláine na hamshraithe tuairiscithe a fheabhsú, mar aon le cur chun feidhme modhanna níos mionsonraithe. Nuair atá athrú tagtha ar an modheolaíocht nó an bealach trína mbailítear tosca astaíochtaí agus sonraí gníomhaíochta bunúsacha, ba cheart do Bhallstáit na fardail don amshraith tuairiscithe a atháireamh agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hatháirimh bunaithe ar na cúiseanna atá tugtha sna treoirlínte comhaontaithe, go háirithe le haghaidh príomhchatagóirí. Ba cheart don Rialachán seo a leagan síos más cheart éifeacht na n-atháireamh sin a chur san áireamh chun leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh, agus na coinníollacha faoinar chóir sin a dhéanamh.

(27)

Bíonn tionchar ag an eitlíocht ar an aeráid dhomhanda mar thoradh ar CO2 a scaoileadh mar aon le hastaíochtaí eile, lena n-áirítear astaíochtaí ocsaídí nítrigine, agus sásraí, amhail méadú scamall ciorrais. I bhfianaise na tuisceana eolaíche ar na tionchair sin atá ag forbairt go gasta, ba cheart athbhreithniú cothrom le dáta a dhéanamh go rialta ar thionchair neamh-CO2 na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Ba cheart an samhlú a úsáidtear chuige seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch. Ba cheart don Choimisiún roghanna beartais ábhartha a mheas, bunaithe ar a mheasúnuithe ar iarmhairt mar sin, chun aghaidh a thabhairt orthu.

(28)

Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cúnamh a thabhairt i dtreo feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa, trí fhaisnéis atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa a sholáthar do lucht déanta-beartais, d’institiúidí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, mar is cuí, le hobair faireacháin agus tuairiscithe, go háirithe i gcomhthéacs córas fardail an Aontais agus a chóras i ndáil le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin, chun an t-athbhreithniú saineolach bliantúil a dhéanamh ar fhardail na mBallstát, chun dul chun cinn i ndáil le gealltanais an Aontais maidir le laghdaithe astaíochtaí, an tArdán Eorpach um Oiriúnú Aeráide a bhaineann le himpleachtaí, le leochaileachtaí agus le hoiriúnú ar athrú aeráide a choimeád ar bun; a mheas, agus chun faisnéis aeráide fónta a chur in iúl don phobal.

(29)

Ba cheart do na ceanglais uile maidir le faisnéis agus sonraí a sholáthar faoin Rialachán seo a bheith faoi réir rialacha an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus rúndacht tráchtála.

(30)

Féadfaidh pé faisnéis agus sonraí a bhailítear faoin Rialachán seo cur le beartas an Aontais a fhoirmliú agus a mheas amach anseo maidir leis an athrú aeráide.

(31)

Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme na riachtanas faireacháin agus tuairiscithe faoin Rialachán seo mar aon le forbairtí amach anseo faoin UNFCCC agus faoi Phrótacal Kyoto a leanúint d’fhonn chomhsheasmhacht a áirithiú. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(32)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme Airteagal 5(4), Airteagal 7(7), Airteagal 7(8), Airteagal 8(2), Airteagal 12(3), Airteagal 17(4) agus Airteagal 19(5) agus (6) den Rialachán, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ach amháin a mhéid a bhaineann le hAirteagal 19(6), ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (17).

(33)

Chun riachtanais tuairiscithe chomhchuibhithe a bhunú le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis eile atá ábhartha do bheartas athraithe aeráide, ba cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an Coimisiún chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis na cinntí a glacadh faoi chuimsiú an UNFCCC agus Phrótacal Kyoto athruithe PTDanna a chur i gcuntas agus leis na treoirlínte comhaontaithe idirnáisiúnta riachtanais nithiúla i ndáil le córas fardail an Aontais a shocrú, agus clárlann Aontais a chur ar bun. Is den tábhacht ach go háirithe é go gcuireann an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích i gcaitheamh na hoibre ullmhúcháin dá chuid, ag leibhéal saineolaí freisin. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar a gcuid nádúir, agus gur fearr, mar sin, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, is féidir iad a bhaint amach iad ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréire, mar atá leagtha amach san Airteagal sin ní théann an Rialachán seo thar an méid atá riachtanach d’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Bunaíonn an Rialachán seo sásra i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine an tuairiscithe de chuid an Aontais agus a chuid Ballstát chuig Rúnaíocht an UNFCCC a áirithiú;

(b)

tuairisciú agus fíorú faisnéise a bhaineann le gealltanais an Aontais agus na mBallstát de bhun UNFCCC agus de bhun Phrótacal Kyoto agus de bhun chinntí arna nglacadh fúthu agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn a bhaineann leis na gealltanais sin a chomhlíonadh;

(c)

astaíochtaí antrapaigineacha uile ag foinsí agus aistriú linnte astaíochtaí gás ceaptha teasa nach bhfuil á rialú ag Prótacal Montréal ar shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin sna Ballstáit a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(d)

faireachán, tuairisciú, athbhreithniú agus fíorú astaíochtaí gás ceaptha teasa agus faisnéis eile de bhun Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(e)

tuairisciú a dhéanamh ar úsáid ioncaim arna ghiniúint ag liúntais cheantála faoi Airteagal 3d(1) nó (2) nó Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, de bhun Airteagal 3d(4) agus Airteagal 10(3) den Treoir sin;

(f)

faireachán agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí arna nglacadh de láimh ag Ballstáit chun oiriúnú d’iarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de;

(g)

measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a gcuid oibleagáidí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a chomhlíonadh.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

tuairisciú ar straitéisí forbartha íseal-charbóin an Aontais agus tuairisciú ar straitéisí forbartha íseal-charbóin a Bhallstát agus aon nuashonrú ábhartha de réir Chinneadh 1/CP.16;

(b)

astaíochtaí gás ceaptha teasa liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ó earnálacha agus ó fhoinsí agus ó aistriú linnte cumhdaithe i bhfardail náisiúnta ghás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(1)(a) den UNFCCC agus arna n-astú laistigh de chríocha na mBallstát;

(c)

astaíochtaí gás ceaptha teasa a thiteann laistigh de raon feidhme Airteagail 2(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(d)

na tionchair neamh-CO2 a bhaineann le hastaíochtaí ó eitlíocht shibhialta;

(e)

réamh-mheastacháin an Aontais agus a Bhallstát ar astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa nach bhfuil á rialú ag Prótacal Montréal, mar aon le beartais agus le bearta na mBallstát a bhaineann leis an méid sin;

(f)

tacaíocht chomhiomlán airgeadais agus theicneolaíoch do thíortha i mbéal forbartha i gcomhréir le ceanglais faoin UNFCCC;

(g)

úsáid na n-ioncam ó liúntais cheantála de bhun Airteagail 3d(1) agus (2) agus Airteagal 10(1) de Chinneadh 2003/87/CE;

(h)

gníomhaíochtaí na mBallstát chun oiriúnú don athrú aeráide.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “poitéinseal téamh domhanda” nó “PTD” de ghás an cion iomlán do théamh domhanda de thoradh ar astú aonad amháin gáis i gcoibhneas le haonad amháin den ghás tagartha, CO2, ag a bhfuil luach 1;

(2)

ciallaíonn “córas fardail náisiúnta” córas de shocruithe institiúideacha, dlí agus nós imeachta bunaithe laistigh de Bhallstát agus a bhfuil sé mar aidhm leis astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa nach bhfuil á rialú ag Prótacal Montréal a mheas, agus córas chun tuairisciú agus cartlannú a dhéanamh ar fhaisnéis fardail de réir Chinneadh 19/CMP.1;

(3)

ciallaíonn “údaráis inniúla fardail” údaráis arna chur ar iontaoibh faoi chóras fardail náisiúnta agus é mar aidhm fardal gás ceaptha teasa a thiomsú;

(4)

ciallaíonn “dearbhú cáilíochta” nó “QA” córas pleanáilte de nósanna imeachta athbhreithnithe a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go bhfuil cuspóirí dearbhaithe cáilíochta sonraí á gcomhlíonadh agus go bhfuil na meastacháin agus an fhaisnéis is fearr agus is féidir á dtuairisciú ar mhaithe le tacú le héifeachtacht an chláir rialaithe cáilíochta agus cabhrú leis na Ballstáit;

(5)

ciallaíonn “rialú cáilíochta” nó “QC” córas de ghnáth-ghníomhaíochtaí teicniúla a bhfuil sé mar aidhm leis cáilíocht na faisnéise agus na meastachán atá á dtiomsú a thomhas agus a rialú agus é mar aidhm sláine sonraí, cruinneas agus iomláine a áirithiú, earráidí agus easnaimh a aithint agus déileáil leo, sonraí agus ábhar eile a úsáidtear a dhoiciméadú agus a chartlannú, agus gníomhaíochtaí uile QA a thaifeadadh;

(6)

ciallaíonn “táscaire” fachtóir cainníochtúil nó cáilíochtúil nó athróg a chuireann le tuiscint níos fearr ar dhul chun cinn i gcur chun feidhme beartas agus beart agus treochtaí a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa;

(7)

ciallaíonn “aonad den mhéid sannta” nó “AAU” aonad eisithe de bhun na bhforálacha ábhartha san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (“Cinneadh 13/CMP.1”) nó i gcinntí ábhartha eile chomhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto;

(8)

ciallaíonn “aonad ionsúcháin” nó “RMU” aonad eisithe de bhun na bhforálacha ábhartha san Iarscríbhinn le Cinneadh 13/CMP.1 nó i gcinntí ábhartha eile chomhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto;

(9)

ciallaíonn “aonad laghdaithe astaíochtaí” nó “ERU” aonad eisithe de bhun na bhforálacha ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1 nó i gcinntí ábhartha eile chomhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto;

(10)

ciallaíonn “laghdú astaíochtaí deimhnithe” nó “CER” aonad eisithe de bhun Airteagal 12 de Phrótacal Kyoto agus na ceanglais faoi, mar aon leis na forálacha ábhartha san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1 nó i gcinntí ábhartha eile chomhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto;

(11)

ciallaíonn “laghdú sealadach astaíochtaí deimhnithe” nó “tCER” aonad eisithe de bhun Airteagal 12 de Phrótacal Kyoto agus na ceanglais faoi, mar aon leis na forálacha ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1, nó i gcinntí ábhartha eile chomhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto, is é sin le rá creidmheasanna a thugtar i leith aistrithe astaíochtaí a dheimhnítear i gcás tionscadal shásra ghlan forbartha (CDM) foraoisithe agus athfhoraoisithe a athrófar tráth a rachaidh siad in éag ag deireadh an dara tréimhse gealltanais;

(12)

ciallaíonn “laghdú fadtéarmach astaíochtaí deimhnithe” nó “lCER” aonad eisithe de bhun Airteagal 12 de Phrótacal Kyoto agus na ceanglais faoi, mar aon leis na forálacha ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1, nó i gcinntí ábhartha eile chomhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto, is é sin le rá creidmheasanna a thugtar i leith aistrithe astaíochtaí fadtéarmacha a dheimhnítear i gcás tionscadal shásra ghlan forbartha (CDM) foraoisithe agus athfhoraoisithe, a athrófar tráth a rachaidh siad in éag ag deireadh na tréimhse creidmheasa nó i gcás ina dtarlaíonn cúlú stórála nó i gcás nach gcuirtear isteach tuairisciú deimhniúcháin;

(13)

ciallaíonn “clárlann náisiúnta” clárlann i bhfoirm bunachar sonraí caighdeánaithe leictreonach a áiríonn sonraí maidir le heisiúint, sealúchas, aistriú, éadáil, cealú, scor, tuiliompar, ionadú nó athrú dáta éagtha AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna agus lCERanna, de réir mar is iomchuí;

(14)

ciallaíonn “beartais agus bearta” gach ionstraim a bhfuil sé mar aidhm leo gealltanais faoi Airteagal 4(2)(a) agus (b) UNFCCC a chur chun feidhme, lena bhféadfaí na hionstraimí sin nach bhfuil srianadh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa mar bhunchuspóir iontu a áireamh;

(15)

ciallaíonn “córas do bheartais agus bearta agus réamh-mheastacháin” córas de shocruithe institiúideacha, dlí agus nós imeachta a bunaíodh agus é mar aidhm beartais, bearta agus réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal a thuairisciú de réir Airteagal 12 den Rialachán seo;

(16)

ciallaíonn “measúnú ex-ante beartas agus beart” meastóireacht ar éifeachtaí réamh-mheasta beartais nó birt;

(17)

ciallaíonn “measúnú ex-post beartas agus beart” measúnú ar na héifeachtaí a bhí ag beartas nó ag beart;

(18)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin gan bhearta” réamh-mheastacháin ghás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte, réamh-mheastacháin nach n-áiríonn éifeachtaí gach beartas agus gach beart atá pleanáilte, glactha nó curtha chun feidhme i ndiaidh na bliana roghnaithe mar thúsphointe don réamh-mheastachán ábhartha;

(19)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin le bearta” réamh-mheastacháin ghás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áiríonn éifeachtaí, i dtéarmaí laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, beartas agus beart a bhfuil glactha leo agus atá curtha chun feidhme;

(20)

ciallaíonn “réamh-mheastacháin le bearta breise” réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áiríonn éifeachtaí, i dtéarmaí laghduithe ar bheartais agus ar bhearta a bhfuil glactha leo agus atá curtha chun feidhme agus é mar aidhm leo athrú aeráide a mhaolú mar aon le beartais agus le bearta atá pleanáilte chun na críche sin;

(21)

ciallaíonn “anailís íogaireachta” imscrúdú ar algartam samhaltaithe nó toimhdiú chun chomh híogair nó chomh cobhsaí is atá sonraí aschuir na samhla a chainníochtú i ndáil le hathrú ar na sonraí ionchuir nó ar na buntoimhdí. Cuirtear é seo i gcrích trí luachanna ionchuir nó cothromóidí samhaltaithe a athrú agus súil a choinneáil ar an athrú atá ar an aschur samhaltaithe, dá réir sin;

(22)

ciallaíonn “tacaíocht i leith maolú ar an athrú aeráide” tacaíocht do ghníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha, gníomhaíochtaí a chuireann leis an gcuspóir de chomhchruinnithe gáis cheaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach sa chóras aeráide;

(23)

ciallaíonn “tacaíocht i leith oiriúnú don athrú aeráide” tacaíocht do ghníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha, gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo leochaileacht córas daonna nó nádúrtha in aghaidh impleacht an athraithe aeráide agus rioscaí aeráide a laghdú, trí acmhainn agus solúbthacht oiriúnaitheach tíortha i mbéal forbartha a chothú nó a mhéadú;

(24)

ciallaíonn “ceartúcháin theicniúla” coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa déanta i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 19 den Rialachán seo nuair atá na sonraí fardail curtha ar fáil neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht le rialacha nó treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta nó Aontais atá beartaithe teacht in ionad na meastachán a cuireadh ar fáil ar dtús;

(25)

i gcomhréir le treoirlínte tuairiscithe UNFCCC ar fhardail bhliantúla, ciallaíonn “atháirimh”, nós imeachta atá dírithe ar athmheastachán astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áiríodh i bhfardail roimhe seo mar thoradh ar athrú ar mhodheolaíochtaí, nó sa tslí a bhfuil fachtóirí astaíochtaí agus sonraí gníomhaíochta á bhfáil agus á n-úsáid; catagóirí nua foinse agus linnte á gcur san áireamh; nó gáis nua nó athruithe i PTDanna na ngás ceaptha teasa.

CAIBIDIL 2

STRAITÉISÍ FORBARTHA ÍSEAL-CHARBÓIN

Airteagal 4

Straitéisí forbartha íseal-charbóin

1.   Ullmhóidh gach Ballstát, agus an Coimisiún thar ceann an Aontais, ar a straitéis forbartha íseal-charbóin, i gcomhréir le haon fhorálacha tuairiscithe a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta i gcomhthéacs phróiseas an UNFCCC, chun cur leis na nithe seo a leanas:

(a)

faireachán thrédhearcach agus chruinn ar an dul chun cinn iarbhír agus réamh-mheasta déanta ag Ballstáit, lena n-áirítear na bearta arna gcur chun feidhme ag an Aontas, bainteach le gealltanais an Aontais agus na mBallstát faoi UNFCCC a chomhlíonadh agus é mar aidhm astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha a laghdú nó a shrianadh;

(b)

gealltanais laghduithe gás ceaptha teasa na mBallstát a chomhlíonadh faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus laghduithe fadtéarmacha in astaíochtaí agus aistriú linnte a fheabhsú i ngach earnáil ar aon dul le cuspóir an Aontais, i gcomhthéacs na laghduithe riachtanacha de réir IPCC, sna tíortha i mbéal forbartha mar ghrúpa, astaíochtaí a laghdú 80 go dtí 95 % faoi 2050 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990 ar bhealach atá cost-éifeachtach.

2.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le stádas forbartha nó, i gcás inarb iomchuí, maidir le cur chun feidhme a straitéis forbartha ísealcharbóin faoin 9 Eanáir 2015 nó de réir aon chlár ama comhaontaithe go hidirnáisiúnta i gcomhthéacs phróisis UNFCCC.

3.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit na straitéisí forbartha ísealcharbóin mar aon le nuashonrú ar bith ar fáil don phobal gan mhoill.

CAIBIDIL 3

TUAIRISCIÚ AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA STAIRIÚLA AGUS AISTRITHE STAIRIÚLA

Airteagal 5

Córais fhardail náisiúnta

1.   Bunóidh agus oibreoidh Ballstáit córais fardail náisiúnta agus déanfaidh siad iarracht leanúnach na córais sin a fheabhsú, i gcomhréir le ceanglais UNFCCC i dtaca le córais náisiúnta, chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus ar aistriú linnte ghás ceaptha teasa arna liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialacháin seo agus d’fhonn tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine a bhfardal gás ceaptha teasa a áirithiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag a n-údaráis inniúla fardail ar na nithe thíos:

(a)

sonraí agus modhanna tuairiscithe do ghníomhaíochtaí agus do shuiteálacha faoi Threoir 2003/87/CE chun críche fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa a ullmhú d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa tuairiscithe faoi scéim trádála astaíochtaí an Aontais agus sna fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa;

(b)

nuair is ábhartha, sonraí arna mbailiú trí na córais tuairiscithe ar gháis fhluairínithe sna hearnálacha éagsúla, bunaithe de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 chun críche fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa a ullmhú;

(c)

nuair is ábhartha, astaíochtaí, sonraí bunúsacha agus modheolaíochtaí arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 chun críche fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa a ullmhú;

(d)

sonraí tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla fardail náisiúnta na nithe seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a)

go mbainfidh siad úsáid as córais tuairiscithe a bhunaítear de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 chun réamh-mheastachán gás fluairínithe sna fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa a fheabhsú;

(b)

go mbeidh siad in ann seiceálacha bliantúla comhsheasmhachta dá dtagraítear i bpointí (l) agus (m) d’Airteagal 7(1) a dhéanamh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun rialacha a leagan amach maidir le struchtúr, formáid agus nós imeachta faoina dtíolacfar faisnéis a bhaineann le córais fardail náisiúnta agus le ceanglais maidir le córais fardail náisiúnta a bhunú, a oibriú agus a fheidhmiú i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto nó na gcomhaontuithe a eascraíonn astu nó a thagann ina ndiaidh. Glacfar an gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 6

Córas fardail an Aontais

1.   Bunaítear leis seo córas fardail don Aontas chun tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na bhfardal náisiúnta a áirithiú i dtaca le fardal gás ceaptha teasa an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an córas sin a riar, a chothú agus mar aon le hiarracht leanúnach é a fheabhsú, lena n-áirítear:

(a)

clár dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, a áireoidh cuspóirí cáilíochta a shonrú agus plean fardail dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a dhréachtú. Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit a gcláir dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur chun feidhme;

(b)

nós imeachta chun meastachán a dhéanamh, i gcomhar leis an mBallstát i gceist, ar aon sonraí atá fágtha as an áireamh san fhardal náisiúnta;

(c)

na hathbhreithnithe ar fhardail ghás ceaptha teasa na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 19.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 maidir leis na riachtanais nithiúla do chóras fardail an Aontais chun na hoibleagáidí de bhun Chinneadh 19/CM.1 a chomhlíonadh. Ní ghlacfaidh an Coimisiún forálacha de bhun mhír 1 a mbeidh sé níos deacra ar na Ballstát iad a chomhlíonadh ná mar a fhoráiltear de bhun forálacha gníomhartha a glacadh de bhun Airteagal 3(3) agus Airteagal 4(2) de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE.

Airteagal 7

Fardail ghás ceaptha teasa

1.   Faoin 15 Eanáir gach bliain (bliain X), is iad na Ballstáit a chinnfidh agus a thuairisceoidh na nithe seo a leanas don Choimisiún:

(a)

a n-astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a hastaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE do bhliain X-2, i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC. Gan dochar do thuairisciú na ngás ceaptha teasa liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, glacfar leis go bhfuil na hastaíochtaí CO2 ó chatagóir foinse IPCC “1.A.3.A eitlíocht shibhialta” cothrom le nialas chun críche Airteagal 3 agus Airteagal 7(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(b)

sonraí i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe UNFCCC maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha aonocsaíde charbóin (CO), dé-ocsaíde sulfair (SO2), ocsaídí de nítrigin (NOx) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha, atá ag teacht leis na sonraí a tuairiscíodh cheana de bhun Airteagal 7 de Threoir 2001/81/CE agus Choinbhinsiún an AEECE ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin, do bhliain X-2;

(c)

a n-astaíochtaí antrapaigineacha gáis ceaptha teasa ag foinsí agus aistriú linnte CO2 trí aistrithe de thoradh LULUCF, don bhliain X-2 i gcomhréir le riachtanais tuairiscithe faoin UNFCCC;

(d)

a n-astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ag foinsí agus aistrithe CO2 trí aistrithe de thoradh ghníomhaíochtaí LULUCF de bhun Chinneadh Uimh. 529/2013/AE agus Phrótacal Kyoto agus faisnéis ar chuntasaíocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó ghníomhaíochtaí LULUCF, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 529/2013/AE agus le hAirteagal 3(3) agus (4), de Phrótacal Kyoto, agus cinntí ábhartha fúthu, do na blianta idir 2008 nó blianta eile is infheidhme agus X-2. Lena chois sin, i gcás ina ndéanfaidh Ballstáit cuntas de bhainistíocht talamh saothraithe, bainistíocht talamh féaraigh, athfhásrú nó draenáil agus athfhliuchadh bogach, tuairisceoidh siad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag foinsí agus aistriú linnte do gach gníomhaíocht don bhonnbhliain ábhartha nó don tréimhse a shonraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh Uimh. 529/2013/AE agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1. Agus a n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun an phointe seo á gcomhlíonadh acu, agus go háirithe agus faisnéis faoi astaíochtaí agus aistrithe a bhaineann lena n-oibleagáidí atá leagtha amach i gCinneadh Uimh. 529/2013/AE á tíolacadh acu, déanfaidh Ballstáit faisnéis a thíolacadh agus treoir Dhea-Chleachtais do LULUCF á cur san áireamh acu;

(e)

aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) do na blianta idir an bhonnbhliain ábhartha nó an tréimhse ábhartha agus bliain X-3, ag cur na gcúiseanna do na hathruithe seo san áireamh freisin;

(f)

faisnéis maidir le táscairí, arna leagan amach in Iarscríbhinn III, don bhliain X-2;

(g)

faisnéis óna gclárlann náisiúnta maidir le heisiúint, sealúchas, aistriú, cealú, aistarraingt agus tuiliompar AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna agus lCERanna don bhliain X-1;

(h)

faisnéis achoimre ar aistrithe curtha i gcrích de bhun Airteagail 3(4) agus (5) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, don bhliain X-1;

(i)

faisnéis maidir le húsáid a bhaint as cur chun feidhme comhpháirteach, as SGF agus as trádáil idirnáisiúnta astaíochtaí, de bhun Airteagail 6, 12 agus 17 de Phrótacal Kyoto, nó aon sásra solúbtha ar bith eile dá bhforáiltear in ionstraimí eile arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto, ar mhaithe lena ngealltanas maidir le srianadh nó laghdú cainníochtaithe astaíochtaí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 2 de Chinneadh 2002/358/CE agus Phrótacal Kyoto nó aon ghealltanais a bheidh ann amach anseo faoi UNFCCC nó Phrótacal Kyoto, don bhliain X-2;

(j)

faisnéis ar na céimeanna chun réamh-mheastacháin fardail a fheabhsú, go háirithe sna réimsí den fhardal a bhí faoi réir coigeartuithe agus moltaí i ndiaidh athbhreithnithe saineolacha;

(k)

leithdháileadh iarbhír nó réamh-mheasta na n-astaíochtaí fíoraithe tuairiscithe ag suiteálacha agus ag oibreoirí faoi Threoir 2003/87/CE chuig catagóirí foinse an fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa, más féidir, agus cóimheas leis na hastaíochtaí fíoraithe leis na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe gás ceaptha teasa sna catagóirí foinse, don bhliain X-2;

(l)

nuair is ábhartha, torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na n-astaíochtaí tuairiscithe sna fardail ghás ceaptha teasa, don bhliain X-2, mar aon leis na hastaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú faoi Chinneadh 2003/87/CE;

(m)

nuair is ábhartha, torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na sonraí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus fardail ghás ceaptha teasa a ullmhú, don bhliain X-2, mar aon le:

(i)

na sonraí a úsáidtear i ndáil le hullmhú na bhfardal um thruailleáin aeir faoi Threoir 2001/81/CE;

(ii)

na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006;

(iii)

na sonraí fuinnimh arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(n)

cur síos ar athruithe ar an gcóras fardail náisiúnta dá gcuid;

(o)

cur síos ar athruithe ar an gclár náisiúnta dá gcuid;

(p)

faisnéis faoina bplean dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, meastóireacht ghinearálta ar neamhchinnteacht, agus measúnú ginearálta ar iomláine, agus, nuair a bheidh fáil orthu, gnéithe eile den tuarascáil náisiúnta fardail gás ceaptha teasa a theastaíonn chun tuarascáil fardail gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú.

Sa chéad bhliain tuairiscithe faoin Rialachán seo, cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon phlean atá acu Airteagal 3(4) agus (5) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoi na réamhshonraí faoin 15 Eanáir agus faoi na sonraí deiridh faoin 15 Márta den dara bliain tar éis gach tréimhse cuntasaíochta a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 529/2013/AE mar a ullmhaíodh dá gcuntais LULUCF don tréimhse chuntasaíochta sin i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Chinneadh sin.

3.   Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil náisiúnta fardail cothrom le dáta ar fáil don Choimisiún. Áireofar ina leithéid de thuarascáil an fhaisnéis ar fad arna liostú i mír 1 agus aon nuashonrú den fhaisnéis ina dhiaidh sin.

4.   Faoin 15 Aibreán ar bhonn bliantúil, cuirfidh na Ballstáit fardail náisiúnta ar fáil do Rúnaíocht UNFCCC gach bliain, fardail ina mbeidh faisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún de réir mhír 3.

5.   Tiomsóidh an Coimisiún go bliantúil, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil fardail gás ceaptha teasa don Aontas agus tuarascáil fardail gás ceaptha teasa Aontais agus cuirfear na tuarascálacha seo ar fáil, faoin 15 Aibreán gach bliain, do Rúnaíocht UNFCCC.

6.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25:

(a)

chun substaintí a chur le nó a bhaint de liosta na ngás ceaptha teasa in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó táscairí a chur le nó a bhaint d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto nó na gcomhaontuithe a eascraíonn astu nó a thagann ina ndiaidh;

(b)

chun athruithe ar PTDanna agus treoracha comhaontaithe idirnáisiúnta a chur san áireamh i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC, Phrótacal Kyoto nó na gcomhaontuithe a eascraíonn astu nó a thagann ina ndiaidh.

7.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus nós imeachta a leagan amach faoina dtíolacfaidh Ballstáit fardail ghás ceaptha teasa de bhun mhír 1 i gcomhréir leis na cinntí arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto nó na gcomhaontuithe a eascraíonn astu nó a thagann ina ndiaidh. Sonrófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin amscála an chomhair agus an chomhordaithe freisin idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le tuarascáil an Aontais a ullmhú i ndáil le fardal na ngás ceaptha teasa. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus nós imeachta a leagan amach faoina dtíolacfaidh Ballstáit tuarascáil i ndáil le hastaíochtaí agus asbhaint ghás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 529/2013/AE. Tríd na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh, cinnteoidh an Coimisiún comhlánú amchláir an Aontais agus UNFCCC maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Airteagal 8

Neas-fhardail ghás ceaptha teasa

1.   Faoin 31 Iúil gach bliain (bliain X), cuirfidh Ballstáit, i gcás inar féidir, neas-fhardail ghás ceaptha teasa ar fáil don Choimisiún don bhliain X-1. Tiomsóidh an Coimisiún, bunaithe ar neas-fhardail ghás ceaptha teasa na mBallstát nó, murar chuir Ballstát a neas-fhardail in iúl faoin dáta sin, ar bhonn a réamh-mheastachán féin, neas-fhardal gás ceaptha teasa gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar fáil don phobal gach bliain faoi 30 Meán Fómhair.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próiseas a leagan amach faoina dtíolacfaidh Ballstáit a neas-fhardail ghás ceaptha teasa de bhun mhír 1. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 9

Nósanna imeachta chun meastacháin astaíochtaí a chomhlánú chun fardal an Aontais a thiomsú

1.   Déanfaidh an Coimisiún seiceáil tosaigh ar na sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7(1) ar mhaithe le beachtas. Seolfaidh an Coimisiún torthaí na seiceála sin chuig na Ballstáit laistigh de shé seachtaine ón spriocdháta. Freagróidh na Ballstáit aon cheisteanna ábhartha arna n-ardú i ndiaidh na seiceála tosaigh faoin 15 Márta, mar aon leis an bhfardal deiridh do bhliain X-2 a sholáthar.

2.   I gcás nach gcuireann Ballstát na sonraí fardail ar fáil a theastaíonn chun fardal an Aontais a thiomsú faoin 15 Márta, féadfaidh an Coimisiún réamh-mheastacháin a ullmhú leis na sonraí a chuireann an Ballstát isteach a chomhlánú, i gcomhairliúchán agus i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Úsáidfidh an Coimisiún, chun na críche seo, na treoirlínte infheidhme chun na fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa a ullmhú.

CAIBIDIL 4

CLÁIR

Airteagal 10

Cláir a bhunú agus a oibriú

1.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit clárlanna a bhunú agus a chothabháil chun cuntas beacht a dhéanamh d’eisiúint, sealúchas, aistriú, sealbhú, cealú, scor, tuliompar, athsholáthar nó athrú ar an dáta éaga, de réir mar a bheidh ábhartha, na hAAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna agus ICERanna. Féadfaidh Ballstáit na clárlanna seo a úsáid chun cuntas cruinn a choinneáil do na haonaid dá dtagraítear in Airteagal 11a(5) de Threoir 2003/87/CE.

2.   Coinneoidh an tAontas agus na Ballstáit a gclárlanna i gcóras comhdhlúite, i gcomhar le Ballstát amháin eile nó níos mó.

3.   Cuirfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil do riarthóir lárnach ainmnithe de bhun Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE.

4.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 25 chun clárlann an Aontais a bhunú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 11

Scor na n-aonad faoi Phrótacal Kyoto

1.   Déanfaidh Ballstáit, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfardail náisiúnta faoi Phrótacal Kyoto do gach bliain den chéad tréimhse ghealltanais faoi Phrótacal Kyoto, lena n-áirítear réiteach ceisteanna cur chun feidhme ar bith, AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, lCERanna agus tCERanna cothrom lena n-astaíochtaí glana don bhliain sin a scor ón gclárlann.

2.   Maidir leis an mbliain deiridh den chéad tréimhse ghealltanais faoi Phrótacal Kyoto, scoirfidh Ballstáit aonaid ón gclárlann roimh dheireadh na tréimhse bhreise chun gealltanais a leagtar amach i gCinneadh 11/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC a chomhlíonadh ag freastal mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto.

CAIBIDIL 5

TUAIRISCIÚ AR BHEARTAIS AGUS BHEARTA AGUS AR RÉAMH-MHEASTACHÁIN NA nASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA ANTRAPAIGINEACHA AG FOINSÍ AGUS AISTRIÚ LINNTE

Airteagal 12

Córais náisiúnta agus córais Aontais i ndáil le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin

1.   Faoin 9 Iúil 2015, déanfaidh Ballstáit agus an Coimisiún, córais náisiúnta agus córais Aontais tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta a bhunú faoi seach, agus a oibriú mar aon le réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a ullmhú agus a thuairisciú. Áireofar sna córais sin na socruithe ábhartha institiúideacha, dlí agus nós imeachta ar fad arna mbunú laistigh de Bhallstát agus den Aontas chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas agus réamh-mheastacháin a dhéanamh faoi gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte.

2.   Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta agus ar réamh-mheastacháin astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áirithiú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, úsáid agus feidhmiú sonraí, modhanna agus samhlacha, agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta agus anailís íogaireachta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus nós imeachta a leagan amach faoina dtíolacfaidh Ballstáit faisnéis maidir le córais, bearta agus réamh-mheastacháin náisiúnta agus an Aontais de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo, d’Airteagal 13 agus d’Airteagal 14(1) agus i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto nó na gcomhaontuithe a eascraíonn astu nó a thagann ina ndiaidh. Cinnteoidh an Coimisiún comhlánú le riachtanais idirnáisiúnta comhaontaithe i ndáil le tuairisciú chomh maith le comhsheasmhacht amchláir an Aontais agus amchláir idirnáisiúnta maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Airteagal 13

Bearta agus beartais maidir le tuairisciú

1.   Faoin 15 Márta 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

cur síos ar a gcóras náisiúnta chun beartais agus bearta a thuairisciú, nó chun grúpaí beart a thuairisciú, agus chun réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a thuairisciú de bhun Airteagal 12(1), murar cuireadh cur síos den sórt sin ar fáil cheana, nó faisnéis faoi aon athruithe arna ndéanamh ar an gcóras sin i gcás ina bhfuil cur síos den chineál sin curtha ar fáil cheana féin;

(b)

aon fhaisnéis bhreise nó faisnéis cothrom le dáta ábhartha dá straitéisí forbartha ísealcharbóin dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus cur chun feidhme na straitéisí sin a chur chun cinn;

(c)

faisnéis faoi bheartais agus faoi bhearta náisiúnta, nó faoi ghrúpaí beart, agus faoi chur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais, nó cur chun feidhme ghrúpaí beart, a chuireann srian ar nó a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistriú linnte, arna gcur i láthair ar bhonn earnála agus eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (HFCanna agus PFCanna) a liostaítear in Iarscríbhinn I. Áireofar san fhaisnéis sin tagairtí do bheartais infheidhme agus ábhartha náisiúnta nó Aontais lena n-áirítear:

(i)

cuspóir an bheartais nó an bhirt agus cur síos gearr ar an mbeartas nó ar an mbeart;

(ii)

an cineál ionstraime beartais;

(iii)

stádas cur chun feidhme an bheartais nó an bhirt nó an ghrúpa beart;

(iv)

i gcás ina mbaintear úsáid astu, táscairí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn thar am;

(v)

nuair a bheidh fáil orthu, meastacháin chainníochtúla na n-éifeachtaí ar astaíochtaí ag foinsí agus aistriú linnte gás ceaptha teasa arna roinnt de réir an méid seo a leanas:

torthaí an mheasúnaithe ex-ante ar éifeachtaí beartais agus birt aonair nó ar éifeachtaí ghrúpa beartas nó beart maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Cuirfear meastacháin ar fáil le haghaidh gach tréimhse ceithre bliana todhchaí ag críochnú le 0 nó 5 go díreach i ndiaidh na bliana tuairiscithe, le deighilt idir astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi réir Threoir 2003/87/CE agus astaíochtaí faoi réir Chinneadh Uimh. 406/2009/CE,

torthaí an mheasúnaithe ex-post ar éifeachtaí beartais agus birt aonair nó ar éifeachtaí ghrúpa beartas nó beart maidir le hathrú aeráide a mhaolú, le deighilt shonrach idir na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna gclúdach faoi Threoir 2003/87/CE agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna gclúdach faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE,

(vi)

i gcás ina mbeidh fáil orthu, meastacháin de chostais agus tairbhí réamh-mheasta beartas agus beart, mar aon le réamh-mheastacháin, de réir mar is cuí, de chostais agus tairbhí réadaithe na mbeartas agus na mbeart;

(vii)

i gcás ina mbeidh fáil orthu, gach tagairt don mheasúnú agus do na tuarascálacha teicniúla tacaíochta dá dtagraítear i mír 3;

(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) de chuid Airteagail 6(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(e)

faisnéis faoin nglacadh atá le gníomhaíocht an Bhallstáit mar ghné shuntasach de na hiarrachtaí arna gcur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta mar aon leis an tionchar forlíontach a bheidh ag úsáid réamh-mheasta an chur chun feidhme chomhpháirtigh, SGF agus trádáil idirnáisiúnta astaíochtaí ar ghníomhaíocht intíre de réir fhorálacha ábhartha Phrótacal Kyoto agus na cinntí arna nglacadh fúthu.

2.   Cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún aon athrú suntasach ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh de bhun an Airteagail seo sa chéad bhliain den tréimhse tuairiscithe, faoin 15 Márta an bhliain i ndiaidh na tuairisce roimhe sin.

3.   Cuirfidh Ballstáit aon mheasúnú ábhartha ar chostais agus ar éifeachtaí beartas agus beart náisiúnta ar fáil don phobal, i gcás ina mbeidh fáil orthu, i bhfoirm leictreonach, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais a chuireann srian ar nó a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistriú linnte le cois aon tuarascálacha teicniúla atá ann cheana lena dtacaítear leis na measúnuithe seo. Ba cheart a áireamh sna measúnaithe sin cur síos ar na samhlacha agus ar na cur chuige modheolaíocha a úsáideadh, sainmhínithe agus toimhdí bunúsacha.

Airteagal 14

Réamh-mheastacháin a thuairisciú

1.   Faoin 15 Márta 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí nó aistriú linnte, eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (HFCanna agus PFCanna) a liostaítear in Iarscríbhinn I agus de réir na hearnála. Áireofar sna réamh-mheastacháin seo meastacháin chainníochtúla do thréimhse 4 bliana todhchaí ag críochnú le 0 nó 5 díreach i ndiaidh na bliana tuairiscithe. Áireofar sna réamh-mheastacháin náisiúnta aon bheartais agus aon bhearta a glacadh ag leibhéal an Aontais lena n-áirítear:

(a)

réamh-mheastacháin gan bhearta, nuair atá fáil orthu, réamh-mheastacháin le bearta, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, réamh-mheastacháin le bearta breise;

(b)

réamh-mheastacháin iomlána gás ceaptha teasa agus réamh-mheastacháin ar leith d’astaíochtaí réamh-mheasta gás ceaptha teasa do na foinsí astaíochtaí arna gclúdach faoi Threoir 2003/87/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(c)

tionchar na mbeartas agus na mbeart a shainaithnítear de bhun Airteagal 13. Sa chás nach bhfuil a leithéid sin de bheartais agus de bhearta san áireamh, tabharfar sonrú agus míniú soiléir;

(d)

torthaí na hanailíse íogaireachta a rinneadh i ndáil leis na réamh-mheastacháin;

(e)

gach tagairt ábhartha don mheasúnú agus na tuarascálacha teicniúla a thacaíonn leis na réamh-mheastacháin dá dtagraítear i mír 4.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na hathruithe sin in iúl don Choimisiún, i gcás ina mbeidh athrú suntasach ar an bhfaisnéis arna dtuairisciú de bhun an Airteagail seo sa chéad bhliain den tréimhse tuairiscithe, faoin 15 Márta den bhliain i ndiaidh na tuarascála roimhe sin.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil ar na réamh-mheastacháin is cothroime le dáta a bheidh ar fáil. Sa chás nach gcuireann Ballstát na réamh-mheastacháin iomlána ar fáil faoi 15 Márta gach re bliain, agus ina suíonn an Coimisiún nach bhféadfaidh an Ballstát sin na bearnaí sna réamh-mheastacháin a líonadh nuair a sainaithnítear trí nósanna imeachta QA nó QC an Choimisiúin iad, féadfaidh an Coimisiún réamh-mheastacháin a bheidh ag teastáil chun réamh-mheastacháin an Aontais a thiomsú a ullmhú, i gcomhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann.

4.   Cuirfidh Ballstáit a réamh-mheastacháin náisiúnta d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ag foinsí agus aistriú linnte mar aon le haon tuarascálacha teicniúla ábhartha atá ag tacú leis na réamh-mheastacháin seo ar fáil don phobal, i bhfoirm leictreonach. Ba cheart a áireamh sna réamh-mheastacháin sin cur síos ar na samhlacha agus ar na cur chuige modheolaíocha a úsáideadh, sainmhínithe agus toimhdí bunúsacha.

CAIBIDIL 6

TUAIRISCIÚ AR FHAISNÉIS EILE ATÁ ÁBHARTHA DON ATHRÚ AERÁIDE

Airteagal 15

Tuairisciú ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta

Faoin 15 Márta 2015, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an tráth a dtuairiscítear chuig UNFCCC, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, faisnéis maidir lena bpleanáil agus straitéisí oiriúnaithe náisiúnta, lena leagtar amach na gníomhartha, a chuirtear chun feidhme nó a bheartaítear chun oiriúnú don athrú aeráide a éascú. Áireofar san fhaisnéis sin na príomhchuspóirí agus an chatagóir impleachta don athrú aeráide ar a ndírítear, amhail tuile, ardú ar leibhéal na mara, teochtaí foircneacha, triomach, agus imeachtaí aimsire foircneacha eile.

Airteagal 16

Tuairisciú ar thacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha

1.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go bhféadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit tuairisciú tráthúil, comhleanúnach a dhéanamh maidir leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha i gcomhréir le forálacha ábhartha UNFCCC, de réir mar is infheidhme, lena n-áirítear aon fhormáid chomhchoiteann a comhaontaíodh faoi UNFCCC, agus chun tuairisciú bliantúil a áirithiú faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain.

2.   Nuair is ábhartha nó infheidhme faoi UNFCCC, déanfaidh na Ballstáit gach iarracht faisnéis chainníochtúil faoi shreabhadh airgeadais a chur ar fáil bunaithe ar “mharcóirí Rio don tacaíocht i leith maolú ar an athrú aeráide agus tacaíocht i leith oiriúnú don athrú aeráide” (“marcóirí Rio”) ar chuir Coiste um Chúnamh Forbartha an OECD tús leis agus faisnéis mhodheolaíoch a bhaineann le cur chun feidhme modheolaíocht mharcóirí Rio maidir le hathrú aeráide

3.   Nuair a thuairiscítear ar shreabhadh airgeadais príobháideach a úsáideadh, áireofar leis faisnéis ar na sainmhínithe agus modheolaíochtaí a úsáideadh chun aon fhigiúr a dheimhniú.

4.   I gcomhréir leis na cinntí arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Phrótacal Kyoto nó na gcomhaontuithe a eascraíonn astu nó a thagann ina ndiaidh, áireofar san fhaisnéis maidir le tacaíocht faisnéis maidir le tacaíocht don mhaolú, oiriúnú, tógáil acmhainne agus aistriú teicneolaíochta agus, más féidir, faisnéis faoi na hacmhainní airgeadais agus an bhfuil siad nua nó nach bhfuil.

Airteagal 17

Tuairisciú ar úsáid an ioncaim cheantála agus na gcreidmheas tionscadail

1.   Faoin 31 Iúil gach bliain (bliain X), soláthróidh na Ballstáit an méid seo a leanas don Choimisiún don bhliain X-1:

(a)

cosaint mhionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(b)

faisnéis maidir le húsáid ioncam i rith bhliain X-1, arna chruthú ag na Ballstáit trí liúntais cheantála de bhun Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áireofar faisnéis faoin ioncam sin a úsáideadh chun ceann amháin nó níos mó de na críocha a sonraítear in Airteagal 10(3) den Treoir sin, nó a choibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin, agus na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Airteagail sin;

(c)

faisnéis maidir leis an úsáid, mar a chinnfidh an Ballstát, a bhaintear as ioncam arna chruthú ag an mBallstát trí liúntais cheantála eitlíochta de bhun Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE; cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3d(4) den Treoir sin.

(d)

faisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus faisnéis maidir leis an tslí a gcuireann a mbeartas ceannacháin le comhlíonadh comhaontú idirnáisiúnta ar athrú aeráide;

(e)

faisnéis maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11b(6) de Threoir 2003/87/CE de réir mar a bhaineann le gníomhaíochtaí i leith tionscadail don ghineadh hidrileictreach fuinnimh a bhfuil acmhainn níos mó ná 20 MW ag baint leo.

2.   Beidh ioncaim cheantála nach bhfuil íoctha amach nuair a chuireann Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún de bhun an Airteagail seo cainníochtaithe agus tuairiscithe i dtuarascálacha sna blianta ina dhiaidh sin.

3.   Cuirfidh Ballstáit na tuarascálacha a cuireadh ar fáil don Choimisiún de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis comhiomlán Aontais ar fáil don phobal i bhfoirm a bhféadfar teacht air go héasca.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próisis tíolactha do Bhallstáit atá ag tuairisciú faisnéise de bhun an Airteagail seo a leagan amach. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

Airteagal 18

Tuarascálacha débhliantúla agus teachtaireachtaí náisiúnta

1.   Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla, i gcomhréir le Cinneadh 2/CP.17 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC (Cinneadh 2/CP.17), nó le cinntí ábhartha eile arna nglacadh ina dhiaidh sin ag comhlachtaí UNFCCC, agus cumarsáidí náisiúnta de réir Airteagal 12 de UNFCCC ar fáil do Rúnaíocht UNFCCC.

2.   Cuirfidh na Ballstáit cóipeanna de na cumarsáidí náisiúnta ar fáil don Choimisiún agus de na tuarascálacha débhliantúla arna dtíolacadh do Rúnaíocht UNFCCC.

CAIBIDIL 7

ATHBHREITHNIÚ SAINEOLACH AN AONTAIS AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA

Airteagal 19

Athbhreithniú ar an bhfardal

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí fardail náisiúnta arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán seo ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh faoin leithdháileadh bliantúil astaíochtaí dá bhforáiltear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE le haghaidh feidhmiú Airteagal 20 agus Airteagal 27 den Rialachán seo agus é mar aidhm faireachán a dhéanamh ar ghnóthachtáil Ballstát maidir lena spriocanna i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a shrianadh de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE sna blianta ina ndéantar athbhreithniú cuimsitheach.

2.   Ag tosú leis na sonraí arna dtuairisciú don bhliain 2013, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar na sonraí fardail náisiúnta arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 7(1) den Rialachán seo atá ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar laghdú nó srianadh a dhéanfaidh na Ballstáit ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, agus aon spriocanna laghdaithe nó srianta gás ceaptha teasa atá sonraithe i reachtaíocht an Aontais. Beidh na Ballstáit iomlán rannpháirteach sa phróiseas sin.

3.   Áireofar ar an athbhreithniú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

seiceálacha chun trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise arna tíolacadh a fhíorú;

(b)

seiceálacha chun cásanna a aithint inar ullmhaíodh na sonraí fardail ar bhonn nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC nó le rialacha an Aontais; agus

(c)

i gcás inarb iomchuí, na ceartúcháin theicniúla a thagann chun cinn a áireamh, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit.

4.   Áireofar ar na hathbhreithnithe bliantúla na seiceálacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 3. Arna iarraidh ag Ballstát i gcomhairle leis an gCoimisiún nó i gcás ina sainaithnítear sna seiceálacha sin saincheisteanna suntasacha, amhail:

(a)

moltaí ó athbhreithnithe Aontais nó UNFCCC a rinneadh níos luaithe nár cuireadh chun feidhme nó ceisteanna nár mhínigh Ballstát;

(b)

ró-mheastacháin nó fo-mheastacháin a bhaineann le catagóir lárnach i bhfardal Ballstáit,

áireofar ar an athbhreithniú bliantúil don Bhallstát lena mbaineann na seiceálacha a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 3 chun go bhféadfaí na háirimh a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 3 a dhéanamh.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha a bhaineann le leis an athbhreithniú cuimsitheach agus leis an athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a chinneadh, tascanna a shonraítear i mír 3 agus 4 den Airteagal seo san áireamh agus lena n-áirítear tráthúlacht agus na céimeanna le comhairliúchán cuí leis na Ballstáit a áirithiú maidir le conclúidí na n-athbhreithnithe. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

6.   Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cinneadh maidir le suim iomlán na n-astaíochtaí don bhliain ábhartha a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát i ndiaidh an athbhreithnithe ábhartha a thabhairt chun críche.

7.   Beidh na sonraí do gach Ballstát, mar atá taifeadta sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 11 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus Airteagal 19 de Threoir 2003/87/CE amhail ag an dáta díreach ceithre mhí i ndiaidh foilsiú gnímh cur chun feidhme glactha de bhun mhír 6 den Airteagal seo, ábhartha i ndáil le húsáid Airteagal 7(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE. Áirítear ar an méid sin na hathruithe a dhéantar ar shonraí a thagann chun cinn siocair gur bhain an Ballstát sin leas as solúbthachtaí de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

Airteagal 20

Aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na n-athríomhanna

1.   Nuair a bheidh an t-athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí fardail don bhliain 2020 críochnaithe de bhun Airteagal 19, áireoidh an Coimisiún de réir na foirmle sonraithe in Iarscríbhinn II, suim éifeachtaí na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa atháirithe do gach Ballstát.

2.   Gan dochar d’Airteagal 27(2) den Rialachán seo, úsáidfidh an Coimisiún, inter alia, an tsuim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a bheidh a spriocanna á moladh le haghaidh laghduithe nó srianta astaíochtaí do gach Ballstát don tréimhse i ndiaidh 2020 de bhun Airteagal 14 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

3.   Foilseoidh an Coimisiún, gan mhoill, torthaí na n-áireamh a rinneadh de bhun mhír 1.

CAIBIDIL 8

TUAIRISCIÚ AR DHUL CHUN CINN I dTREO GEALLTANAS AONTAIS AGUS IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 21

Tuairisciú ar dhul chun cinn

1.   Déanfaidh an Coimisiún, meastóireacht bhliantúil, bunaithe ar fhaisnéis tuairiscithe faoin Rialachán seo, agus i gcomhar leis na Ballstáit, ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas agus ag a Bhallstáit ar mhaithe leis na nithe seo a leanas a chur i gcrích, agus é mar aidhm a chinneadh an bhfuil dóthain dul chun cinn déanta:

(a)

gealltanais faoi Airteagal 4 de UNFCCC agus Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto mar atá sonraithe sna cinntí atá glactha ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto. Bunófar measúnú mar sin ar an bhfaisnéis a tuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 13 go hAirteagal 17;

(b)

oibleagáidí arna leagan amach in Airteagal 3 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE. Bunófar measúnú mar sin ar an bhfaisnéis a tuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 13 agus Airteagal 14.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú débhliantúil ar impleacht iomlán na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí neamh-CO2 a chur san áireamh, nó éifeachtaí, bunaithe ar shonraí astaíochtaí curtha ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo, agus an measúnú sin a fheabhsú trí thagairt a dhéanamh do dhul chun cinn eolaíoch agus sonraí aerthráchta, de réir mar is iomchuí.

3.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar tuarascáil í ina mbeidh achoimre de chonclúidí na measúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 22

Tuairisciú ar an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh

Cuirfidh an tAontas agus gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC faoin tréimhse bhreise chun na gealltanais dá dtagraítear i mír 3 de Chinneadh 13/CMP.1 a chomhlíonadh nuair a bheidh an tréimhse sin caite.

CAIBIDIL 9

COMHOIBRIÚ AGUS TACAÍOCHT

Airteagal 23

Comhar idir na Ballstáit agus an tAontas

Comhoibreoidh agus comhordóidh na Ballstáit agus an tAontas lena chéile i ndáil le hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bhaineann le:

(a)

fardal gás ceaptha teasa an Aontais agus tuarascáil fardail gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 7(5);

(b)

cumarsáid náisiúnta an Aontais a ullmhú de bhun Airteagal 12 de UNFCCC agus tuarascáil dhébhliantúil an Aontais de bhun Chinneadh 2/CP.17 nó de bhun chinntí ábhartha eile arna nglacadh ina dhiaidh sin ag comhlachtaí UNFCCC;

(c)

nósanna imeachta athbhreithnithe agus comhlíonta faoi UNFCCC agus faoi Phrótacal Kyoto de réir aon chinneadh infheidhme faoi UNFCCC nó faoi Phrótacal Kyoto mar aon le nós imeachta an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail ghás ceaptha teasa na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo;

(d)

aon choigeartuithe de bhun Airteagal 5, mír 2, de Phrótacal Kyoto nó i ndiaidh phróiseas athbhreithnithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo nó aon athruithe eile ar fhardail agus ar thuarascálacha fardail atá curtha ar fáil, nó atá le cur ar fáil, do Rúnaíocht UNFCCC;

(e)

neas-fhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 8;

(f)

tuairisciú i ndáil le scor AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna, agus lCERanna, i ndiaidh na tréimhse breise dá dtagraítear i mír 14 de Chinneadh 13/CMP.1 chun gealltanais a chomhlíonadh de bhun Airteagal 3, mír 1, de Phrótacal Kyoto.

Airteagal 24

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil

Cabhróidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil leis an gCoimisiún comhlíonadh le hAirteagal 6 go hAirteagal 9, Airteagal 12 go hAirteagal 19, Airteagal 21 agus Airteagal 22 i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil. Áireoidh sé seo cabhair le:

(a)

fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus tuarascáil fardail ghás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(b)

nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích agus é mar aidhm fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(c)

réamh-mheastacháin a ullmhú do shonraí nach bhfuil tuairiscithe sna fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa;

(d)

na hathbhreithnithe a dhéanamh;

(e)

neas-fhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú;

(f)

an fhaisnéis tuairiscithe ag na Ballstáit maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin a thiomsú;

(g)

nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích ar an bhfaisnéis tuairiscithe ag Ballstáit faoi réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta;

(h)

réamh-mheastacháin a ullmhú do shonraí maidir le réamh-mheastacháin nach bhfuil tuairiscithe ag na Ballstáit;

(i)

sonraí a thiomsú a theastaíonn do thuarascáil bhliantúil Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle arna hullmhú ag an gCoimisiún;

(j)

faisnéis bailithe faoin Rialachán seo a scaipeadh, lena n-áirítear bunachar sonraí ar bheartais agus ar bhearta maolaithe Ballstát a chothú agus a nuashonrú agus an tArdán Eorpach um Oiriúnú Aeráide córas malartaithe faisnéise ar impleachtaí, leochaileachtaí agus oiriúnú d’athrú aeráide.

CAIBIDIL 10

TARMLIGEAN

Airteagal 25

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Bronntar an chumhacht i ndáil le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar an gCoimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 8 Iúil 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 10 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ansin. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacann sé le gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún a leithéid in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a leathnú le trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL 11

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 26

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste um Athrú Aeráide cúnamh don Choimisiún. Is Coiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar chomhréireacht na bhforálacha faireacháin agus tuairiscithe faoin Rialachán seo le cinntí todhchaí a bhaineann le UNFCCC agus Prótacal Kyoto nó reachtaíocht eile an Aontais. Measfaidh an Coimisiún ar bhonn rialta freisin, an bhfuil na forbairtí a dhéantar faoi chuimsiú UNFCCC, mar bhonn le cás nach bhfuil na hoibleagáidí de bhun an Rialacháin seo ag teastáil níos mó ann, nach bhfuil siad i gcomhréir leis na tairbhí comhfhreagracha, go bhfuil gá le coigeartuithe nó nach bhfuil siad comhsheasmhach leis na riachtanais tuairiscithe faoi UNFCCC nó dúblálach leo, agus cuirfidh sé, más iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Faoi mhí na Nollag 2016, scrúdóidh an Coimisiún an eascraíonn difríocht níos mó ná 1 % in astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána Ballstáit a bheidh ábhartha d’Airteagal 3 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE as an tionchar a bhainfidh le leas a bhaint as treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gáis Cheaptha Teasa, nó as athrú suntasach ar na modheolaíochtaí UNFCCC a úsáidtear, agus fardail náisiúnta ghás ceaptha teasa á gcinneadh, agus féadfaidh sé leithdháiltí bliantúla astaíochtaí na mBallstát a athbhreithniú mar a fhoráiltear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

Airteagal 28

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh Uimh. 280/2004/CE. Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialacháin seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 169.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 51.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013

(4)  IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.

(5)  Cinneadh 94/69/CE an 15 Nollaig 1993 maidir le CreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide a thabhairt i gcrích (IO L 33, 7.2.1994, lch. 11).

(6)  Cinneadh 2002/358/CE an 25 Aibreán 2002 ón gComhairle maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus an comhlíonadh comhpháirteach faoi sin (IO L 130, 15.5.2002, lch. 1.).

(7)  IO L 140, 5.6.2009, lch. 136.

(8)  IO L 140, 5.6.2009, lch. 63.

(9)  Cinneadh 88/540/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1988 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Vín um chosaint an chisil ózóin agus Prótacal Montreal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 297, 31.10.1988, lch. 8).

(10)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

(11)  IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

(12)  IO L 309, 27.11.2001, lch. 22.

(13)  IO L 161, 14.6.2006, lch. 1.

(14)  IO L 304, 14.11.2008, lch. 1.

(15)  Féach leathanach 80 den Iris Oifigiúil seo.

(16)  IO L 8, 13.1.2009, lch. 3

(17)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.


IARSCRÍBHINN I

GÁIS CHEAPTHA TEASA

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

Meatán (CH4)

Ocsaíd Nítriúil (N2O)

Heicseafluairíd sulfair (SF6)

Trífhluairíd nítrigine (NF3)

Hidreafluaracarbóin (HFCanna):

HFC-23 CHF3

HFC-32 CH2F2

HFC-41 CH3F

HFC-125 CHF2CF3

HFC-134 CHF2CHF2

HFC-134a CH2FCF3

HFC-143 CH2FCHF2

HFC-143a CH3CF3

HFC-152 CH2FCH2F

HFC-152a CH3CHF2

HFC-161 CH3CH2F

HFC-227ea CF3CHFCF3

HFC-236cb CF3CF2CH2F

HFC-236ea CF3CHFCHF2

HFC-236fa CF3CH2CF3

HFC-245fa CHF2CH2CF3

HFC-245ca CH2FCF2CHF2

HFC-365mfc CH3CF2CH2CF3

HFC-43-10mee CF3CHFCHFCF2CF3 or (C5H2F10)

Sárfhluaracarbóin (PFCanna):

PFC-14, Sárfhluarameatán, CF4

PFC-116, Sárfhluaraeatán, C2F6

PFC-218, Sárfhluaraprópán, C3F8

PFC-318, Sárfhluaracioglabútáin, c-C4F8

Sárfhluaracioglaprópán c-C3F6:

PFC-3-1-10, Sárfhluarabútán, C4F10

PFC-4-1-12, Sárfhluarapeantán, C5F12

PFC-5-1-14, Sárfhluaraheacsán, C6F14

PFC-9-1-18, C10F18


IARSCRÍBHINN II

Suim éifeachtaí na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa atháirithe ag Ballstát amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(1)

Ríomhfar suim éifeachtaí na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa atháirithe ag Ballstáit ag úsáid na foirmle seo a leanas:

Formula

Nuair is ionann:

ti, agus leithdháileadh astaíochtaí bliantúil na mBallstát do bhliain i arna chinneadh de bhun an cheathrú mír d’Airteagal 3(2) agus Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, mar a chinntear in 2012, nó más infheidhme, mar a chinntear in 2016 ar bhonn an athbhreithniú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán seo agus de bhun Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

ti,2022 agus leithdháileadh astaíochtaí bliantúil na mBallstát don bhliain i de bhun an cheathrú mír d’Airteagal 3(2) agus Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE faoi mar a dhéanfaí é a ríomh dá mbeadh úsáid bainte as sonraí fardail athbhreithnithe arna gcur faoi bhráid in 2022 mar ionchur;

ei,j agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit don bhliain i arna bhunú de bhun gníomhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(6) tar éis an athbhreithnithe fardail shaineolaigh sa bhliain j.


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA DTÁSCAIRÍ BLIANTÚLA

Tábla 1:   liosta na dtáscairí tosaíochta  (1)

Uimh.

Ainmníocht i dtáscairí Eurostat maidir le héifeachtacht fuinnimh

Táscaire

Uimhreoir/ainmneoir

Treoir/sainmhínithe (2)  (3)

1

MACRO

An Déine iomlán CO2 den OTI, t/milliún euro

Na hastaíochtaí iomlána CO2, kt

Na hAstaíochtaí iomlána CO2 (gan LULUCF a chur san áireamh) mar a tuairiscíodh sa CRF.

OTI, billiún euro (EC95)

Olltáirgeacht intíre ag praghsanna tairiseacha (foinse: Cuntais Náisiúnta)

2

MACRO B0

An Déine CO2 maidir le fuinneamh den OTI, t/milliún euro

Astaíochtaí CO2 ón ídiú fuinnimh, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise (catagóir foinse IPCC 1A, cur chuige earnála)

OTI, billiún euro (EC95)

Olltáirgeacht intíre ag praghsanna tairiseacha (foinse: Cuntais Náisiúnta)

3

IOMPAR C0

Astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí, kt

 

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise do gach gníomhaíocht iompair le gluaisteáin phaisinéirí (gluaisteáin atá ceaptha go príomha i gcomhair daoine a iompar agus a bhfuil toilleadh 12 dhuine nó níos lú acu; grádú ollmheáchan feithicle 3 900 kg nó níos lú - catagóir foinse 1A3bi IPCC).

An líon ciliméadar déanta ag na gluaisteáin phaisinéirí, Mkm

 

An líon ciliméadar feithicle déanta ag na gluaisteáin phaisinéirí. (foinse: staidreamh iompair)

Tabhair ar aird: Ba cheart na sonraí gníomhaíochta a bheith ag luí leis na sonraí astaíochtaí, más féidir.

4

TIONSCLAÍOCHT A1

An Déine CO2 maidir le fuinneamh den tionsclaíocht, t/Mio Euro

Astaíochtaí CO2 ón dtionsclaíocht, kt

Astaíochtaí ó dhóchán breosla iontaise i dtionscail na déantúsaíochta, sa tógáil agus sa mhianadóireacht agus sa chairéalacht (seachas mianaigh ghuail agus eastóscadh ola agus gáis) lena n-áirítear dóchán do ghiniúint leictreachais agus teasa (catagóir foinse 1A2 IPCC). Ba cheart fuinneamh a úsáidtear sa tionsclaíocht don iompar a chur san áireamh sna táscairí iompair seachas anseo. Níor cheart astaíochtaí a eascraíonn as innealra easbhóthair agus innealra eile soghluaiste a áireamh san earnáil seo.

Oll-bhreisluach na tionsclaíochta ina iomláine, Bio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i dtionscail na déantúsaíochta (NACE 15-22, 24-37), sa tógáil (NACE 45) agus sa mhianadóireacht agus sa chairéalacht (seachas mianaigh ghuail agus eastóscadh ola agus gáis) (NACE 13-14) (foinse: Cuntais Náisiúnta)

5

TEAGHLAIGH A.1

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid teaghlach, t/teaghais

Astaíochtaí CO2 ó theaghlaigh a úsáideann breosla iontaise, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise i dteaghlaigh (catagóir foinse IPCC 1A4b).

Stoc de theaghais atá áitithe go seasta, 1 000

Stoc de theaghais atá áitithe go seasta

6

SEIRBHÍSÍ A0

Déine CO2 den earnáil tráchtála agus institiúideach, t/Mio Euro

Astaíochtaí CO2 ó bhreosla iontaise a bheith á úsáid san earnáil tráchtála agus institiúideach, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise i bhfoirgnimh tráchtála agus institiúideacha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach (catagóir foinse 1A4a). Ba cheart fuinneamh a úsáidtear i seirbhísí don iompar a chur san áireamh sna táscairí iompair seachas anseo.

Oll-bhreisluach seirbhísí, Bio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i seirbhísí (NACE 41, 50, 51, 52, 55, 63, 64, 65, 66, 67, 70, 71, 72, 73, 74, 75, 80, 85, 90, 91, 92, 93, 99) (foinse: Cuntais Náisiúnta)

7

CLAOCHLÚ BO

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid gléasraí poiblí cumhachta agus de chuid gléasraí uath-tháirgeoirí cumhachta, t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó stáisiúin phoiblí chumhachta teirmí agus ó stáisiúin uath-tháirgeoirí chumhachta teirmí, kt

Astaíochtaí CO2ón ndóchán uile breosla iontaise don olltáirgeacht leictreachais agus teasa de chuid gléasraí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht, ar gléasraí poiblí agus gléasraí uath-tháirgeoirí iad. Ní áirítear astaíochtaí ó ghléasraí teasa amháin.

Na táirgí uile – aschur de chuid stáisiúin chumhachta teirmí, ar stáisiúin phoiblí agus stáisiúin uaththáirgeoirí iad, PJ

Oll-leictreachas a tháirgeann gléasraí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht, ar gléasraí poiblí agus gléasraí uath-tháirgeoirí iad, agus aon teas a dhíolann siad do thríú pháirtithe (gléasraí teasa agus cumhachta in éineacht - CTÉ). Ní áirítear aschur ó ghléasraí teasa amháin. Le gléasraí teirmeacha poiblí, gintear leictreachas (agus teas) lena ndíol do thríú páirtithe agus is é sin a bpríomhghníomhaíocht. D'fhéadfaidís a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht phoiblí. Le stáisiúin uath-tháirgeoirí theirmeacha, gintear leictreachas (agus teas) go hiomlán nó go páirteach lena n-úsáid mar ghníomhaíocht, lena dtacaítear lena bpríomhghníomhaíocht. Tomhaistear a n-ollghiniúint leictreachais ag asraon na bpríomhchlaochladán, i.e. cuirtear an tomhaltas leictreachais de chuid cúntóirí an ghléasra agus de chuid claochladán san áireamh. (foinse: cothromaíocht fuinnimh)


Tábla 2:   liosta na dtáscairí breise tosaíochta  (4)

Uimh.

Ainmníocht i dtáscairí Eurostat maidir le héifeachtacht fuinnimh

Táscaire

Uimhreoir/ainmneoir

Treoir/sainmhínithe (5)

1

IOMPAR D0

Astaíochtaí CO2 ó iompar lastais de bhóthar, kt

 

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise don ghníomhaíocht uile iompair a dhéantar le trucailí saothair éadroim (feithiclí a bhfuil ollmheáchan feithicle 3 900 kg nó níos lú acu atá ceaptha go príomha do lastas éadrom-mheáchan a iompar nó a bhfuil gnéithe speisialta acu amhail tiomáint ceithre roth don fheidhmiú easbhóthair - catagóir foinse 1A3bii IPCC) agus le trucailí saothair throm (aon fheithicil a ghrádaítear mar fheithicil a bhfuil ollmheáchan feithicle níos mó ná 3 900 kg aici agus atá ceaptha go príomha do lastas meáchain throm a iompar - catagóir foinse 1A3biii IPCC gan busanna a chur san áireamh).

Iompar lastais ar an mbóthar, Mtkm

 

Méid tona-chiliméadar iompaithe ar an mbóthar i dtrucailí saothair éadroim agus i dtrucailí saothair throm; is ionann tona-chiliméadar amháin tona amháin a iompar ar an mbóthar ar feadh ciliméadair amháin. (foinse: staidreamh iompair)

Tabhair ar aird: Ba cheart na sonraí gníomhaíochta a bheith ag luí leis na sonraí astaíochtaí, más féidir.

2

TIONSCLAÍOCHT A1.1

An déine iomlán CO2 - an tionscal iarainn agus cruach, t/Mio Euro

Astaíochtaí iomlána CO2 ón iarainn agus ón gcruach, kt

Astaíochtaí iomlána CO2 ó dhóchán breosla iontaise i monarú iarainn agus cruach lena n-áirítear dóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint (catagóir foinse 1A2a IPCC), ó tháirgeadh iarainn agus cruach (catagóir foinse 2C1 IPCC) agus ó tháirgeadh fearó-chóimhiotal (catagóir foinse 2C2 IPCC).

Oll-bhreisluach - an tionscal cruach agus iarainn, Bio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i monarú buniarainn agus bunchruaiche agus i monarú fearó-chóimhiotal (NACE 27.1), monarú feadán (NACE 27.2), céadphróiseáil eile iarainn agus cruach (NACE (27.3), teilgean iarainn (NACE 27.51) agus teilgean cruaiche (NACE 27.52). (foinse: Cuntais Náisiúnta)

3

TIONSCLAÍOCHT A1.2

An Déine CO2 maidir le fuinneamh - tionscal na gceimiceán, t/Mio Euro

Astaíochtaí CO2, ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, ó thionscail cheimiceán, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise i monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha lena n-áirítear dóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint (catagóir foinse 1A2c IPCC).

Oll-bhreisluach thionscal na gceimiceán, Bio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i monarú ceimiceán agus tairgí ceimiceacha (NACE 24) (foinse: Cuntais Náisiúnta)

4

TIONSCLAÍOCHT A1.1

An déine CO2 maidir le fuinneamh - tionscal na gloine, na potaireachta agus na n-ábhar tógála, t/Mio Euro

Astaíochtaí iomlána CO2, ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, de chuid thionscal na gloine, na potaireachta agus na n ábhar tógála, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla i monarú táirgí neamh-mhiotalacha mianracha (NACE 26) lena n-áirítear dóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint.

Oll-bhreisluach - tionscal na gloine na potaireachta agus na n-ábhar tógála, Bio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i monarú táirgí neamh-mhiotalacha mianracha (NACE 26) (foinse: Cuntais Náisiúnta)

5

TIONSCLAÍOCHT C0.1

Astaíochtaí sonracha CO2 iarainn agus cruach, t/t

Astaíochtaí iomlána CO2 ón iarainn agus ón gcruach, kt

Astaíochtaí iomlána CO2 ó dhóchán breosla iontaise i monarú iarainn agus cruach lena n-áirítear dóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint (catagóir foinse 1A2a IPCC), ó tháirgeadh iarainn agus cruach (catagóir foinse 2C1 IPCC) agus ó tháirgeadh fearó-chóimhiotal (catagóir foinse 2C2 IPCC).

Táirgeadh cruach ocsaigine, kt

Táirgeadh cruach ocsaigine (NACE 27) (foinse: staidreamh tairgthe)

6

TIONSCLAÍOCHT C0.2

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, de chuid thionscal na stroighne, t/t

Astaíochtaí CO2, ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, de chuid thionscal na gloine, na potaireachta agus na n-ábhar tógála, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla i monarú táirgí neamh-mhiotalacha mianracha (NACE 26) lena n-áirítear dóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint.

Táirgeadh stroighne, kt

Táirgeadh stroighne (NACE 26) (foinse: staidreamh tairgthe)


Tábla 3:   liosta na dtáscairí breise

Uimh.

Ainmníocht i dtáscairí Eurostat maidir le héifeachtacht fuinnimh

Táscaire

Uimhreoir/ainmneoir

Treoir/sainmhínithe

1

IOMPAR B0

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le díosal iad, ó ghluaisteáin phaisinéirí, g/100km

Astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin dhíosalthiomáinte phaisinéirí, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán díosail do gach gníomhaíocht iompair le gluaisteáin phaisinéirí (gluaisteáin atá ceaptha go príomha i gcomhair daoine a iompar agus a bhfuil toilleadh 12 dhuine nó níos lú acu; grádú ollmheáchan feithicle 3 900kg nó níos lú - catagóir foinse 1A3bi IPCC, díosal amháin).

Líon ciliméadar na ngluaisteán díosalthiomáinte, Mio km

Líon na gciliméadar feithicle de chuid na ngluaisteán díosalthiomáinte iomlán atá ceadúnaithe chun bóthair atá oscailte don trácht poiblí a úsáid. (foinse: staidreamh iompair)

2

IOMPAR B0

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le díosal iad, ó ghluaisteáin phaisinéirí, g/100km

Astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin pheitril-thiomáinte phaisinéirí, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán peitril do gach gníomhaíocht iompair le gluaisteáin phaisinéirí (gluaisteáin atá ceaptha go príomha i gcomhair daoine a iompar agus a bhfuil toilleadh 12 dhuine nó níos lú acu; grádú ollmheáchan feithicle 3 900kg nó níos lú – catagóir foinse 1A3bi IPCC, peitreal amháin).

Líon ciliméadar na ngluaisteán peitrealtiomáinte, Mio km

Líon na gciliméadar feithicle de chuid na ngluaisteán peitrealtiomáinte iomlán atá ceadúnaithe chun bóthair atá oscailte don trácht poiblí a úsáid. (foinse: staidreamh iompair)

3

IOMPAR C0

Astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí t/pkm

Astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise do gach gníomhaíocht iompair le gluaisteáin phaisinéirí (gluaisteáin atá ceaptha go príomha i gcomhair daoine a iompar agus a bhfuil toilleadh 12 dhuine nó níos lú acu; grádú ollmheáchan feithicle 3 900kg nó níos lú - catagóir foinse 1A3bi IPCC).

Iompar paisinéirí i ngluaisteáin, Mpkm

Líon na bpaisinéirchiliméadar a thaistealaítear i ngluaisteáin phaisinéirí; ciallaíonn paisinéirchiliméadar amháin paisinéir amháin a iompar ar feadh ciliméadair amháin. (foinse: staidreamh iompair)

Tabhair ar aird: Ba cheart na sonraí gníomhaíochta a bheith ag luí leis na sonraí astaíochtaí, más féidir.

4

IOMPAIR E1

Astaíochtaí aer-iompair, t/paisinéir

Astaíochtaí CO2 ón aeriompar intíre, kt

Astaíochtaí CO2 ón aeriompar intíre (tráchtálach, príobháideach, talmhaíoch, srl.) lena n-áirítear éirí de thalamh agus tuirlingtí (catagóir foinse 1A3aii IPCC). Gan úsáid breosla ag aerfoirt don iompar de thalamh a chur san áireamh. Gan breosla don dóchán seasta ag aerfoirt a chur san áireamh ach oiread.

Aer-phaisinéirí intíre, Mio

Líon na ndaoine a bhfuil turas aeir á dhéanamh acu, gan na comhaltaí sin d’fhoireann na heitilte agus den fhoireann cábáin atá ar dualgas a áireamh (eitlíocht intíre amháin) (foinse: staidreamh iompair)

Tabhair ar aird: Ba cheart na sonraí gníomhaíochta a bheith ag luí leis na sonraí astaíochtaí, más féidir.

5

TIONSCLAÍOCHT A1.4

An déine CO2 maidir le fuinneamh - tionscal an bhia, na ndeochanna agus an tobac, t/Mio Euro

Astaíochtaí CO2, ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, ó thionscal an bhia, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise i monarú táirgí bia agus deochanna agus táirgí tobac lena n-áirítear dóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint (catagóir foinse 1A2e IPCC).

Oll-bhreisluach – tionscal an bhia, na ndeochanna agus an tobac, Mio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i monarú tairgí bia agus deochanna (NACE 15) agus táirgí tobac (NACE 16) (foinse: Cuntais Náisiúnta)

6

TIONSCLAÍOCHT A1.5

An Déine CO2 maidir le fuinneamh - tionscal an pháipéir agus na clódóireachta, t/Mio Euro

Astaíochtaí CO2, ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, ó thionscal an pháipéir agus na clódóireachta, kt

Astaíochtaí CO2ó dhóchán breosla iontaise i monarú laín, páipéir agus táirgí páipéir agus i bhfoilsiú, i bpriontáil agus in atáirgeadh meán taifeadta lena n-áirítear astaíochtaí ó dhóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint (IPCC catagóir foinse 1A2d).

Oll-bhreisluach – tionscal an bhia, na ndeochanna agus an tobac, Mio Euro (EC95)

Oll-bhreisluach ag praghsanna tairiseacha 1995 i monarú laín, páipéir agus táirgí páipéir (NACE 21) agus i bhfoilsiú, i bpriontáil agus in atáirgeadh meán taifeadta (NACE 22) (foinse: Cuntais Náisiúnta)

7

TEAGHLAIGH A0

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid teaghlach don téamh spáis, t/m 2

Astaíochtaí CO2 don téamh spáis i dteaghlaigh, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla don téamh spáis i dteaghlaigh.

Achar dromchla de chuid teaghas atá áitithe go seasta, Mio m2

Achar iomlán dromchla de chuid teaghas atá áitithe go seasta

8

SEIRBHÍSÍ B0

Astaíochtaí sonracha CO2 sonracha ón earnáil tráchtála agus institiúideach don téamh spáis, kg/m 2

Astaíochtaí CO2 ón téamh spáis san earnáil tráchtála agus institiúideach, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise don téamh spáis i bhfoirgnimh tráchtála agus institiúideacha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

Achar dromchla na bhfoirgneamh do sheirbhísí, Mio m2

Achar iomlán dromchla na bhfoirgneamh do sheirbhísí (NACE 41, 50, 51, 52, 55, 63, 64, 65, 66, 67, 70, 71, 72, 73, 74, 75, 80, 85, 90, 91, 92, 93, 99)

9

CLAOCHLÚ D0

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid gléasraí poiblí cumhachta, t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó stáisiúin phoiblí chumhachta teirmí, kt

Astaíochtaí CO2 ón ndóchán uile breosla iontaise don olltáirgeacht leictreachais agus teasa de chuid gléasraí poiblí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht, (IPCC catagóirí foinse 1A1ai agus 1A1aii). Ní áirítear astaíochtaí ó ghléasraí teasa amháin.

Aschur na dtáirgí uile de chuid stáisiúin phoiblí chumhachta teirmí, PJ

Oll-leictreachas a tháirgeann gléasraí poiblí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht agus aon teas a dhíolann siad do thríú pháirtithe (gléasraí teasa agus cumhachta in éineacht - CTÉ). Ní áirítear aschur ó ghléasraí teasa amháin. Le gléasraí teirmeacha poiblí, gintear leictreachas (agus teas) lena ndíol do thríú páirtithe agus is é sin a bpríomhghníomhaíocht. D’fhéadfaidís a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht phoiblí. Tomhaistear a n-ollghiniúint leictreachais ag asraon na bpríomhchlaochladán, i.e. cuirtear an tomhaltas leictreachais de chuid cúntóirí an ghléasra agus de chuid claochladán san áireamh. (foinse: cothromaíocht fuinnimh)

10

CLAOCHLÚ E0

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid gléasraí poiblí cumhachta, t/TJ

Astaíochtaí CO2 de chuid uath-tháirgeoirí, kt

Astaíochtaí CO2 ón ndóchán uile breosla iontaise don olltáirgeacht leictreachais agus teasa de chuid gléasraí uath-tháirgeoirí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht.

Aschur na dtáirgí uile de chuid stáisiúin chumhachta teirmí, PJ

Oll-leictreachas a tháirgeann gléasraí uath-tháirgeoirí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht agus aon teas a dhíolann siad do thríú pháirtithe (gléasraí teasa agus cumhachta in éineacht - CTÉ). Le stáisiúin uath-tháirgeoirí theirmeacha, gintear leictreachas (agus teas) go hiomlán nó go páirteach lena n-úsáid mar ghníomhaíocht, lena dtacaítear lena bpríomhghníomhaíocht. Tomhaistear a n-ollghiniúint leictreachais ag asraon na bpríomhchlaochladán, i.e. cuirtear an tomhaltas leictreachais de chuid cúntóirí an ghléasra agus de chuid claochladán san áireamh. (foinse: cothromaíocht fuinnimh)

11

CLAOCHLÚ

Déine carbóin na giniúna iomláine cumhachta, t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh na cumhachta clasaicí, kt

Astaíochtaí CO2 ón ndóchán uile breosla iontaise don olltáirgeacht leictreachais agus teasa de chuid gléasraí poiblí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasain éineacht agus de chuid gléasraí uath-tháirgeoirí cumhachta teirmí agus cumhachta is teasa in éineacht. Ní áirítear astaíochtaí ó ghléasraí teasa amháin.

Aschur na dtáirgí uile de chuid stáisiúin phoiblí chumhachta agus stáisiúin uath-tháirgeoirí chumhachta, PJ

Oll-leictreachas a tháirgeann gléasraí cumhachta agus cumhachta is teasa in éineacht agus aon teas a dhíolann siad do thríú pháirtithe (gléasraí teasa agus cumhachta in éineacht - CTÉ), ar gléasraí poiblí agus gléasraí uath-tháirgeoirí iad. Áirítear ann táirgeadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite agus cumhacht núicléach. (foinse: cothromaíocht fuinnimh)

12

IOMPAR

Déine carbóin an iompair, t/TJ

Astaíochtaí CO2 ón iompar, kt

Astaíochtaí CO2 ó bhreosla iontaise don ghníomhaíocht uile iompair (catagóir foinse 1A3 IPCC)

Tomhaltas deiridh iomlán fuinnimh ón iompar, PJ

Áirítear leis tomhaltas deiridh iomlán fuinnimh an iompair ó na foinsí uile fuinnimh (lena n-áirítear bithmhais agus tomhaltas leictreachais) (foinse: cothromaíocht fuinnimh)

13

TIONSCLAÍOCHT C0.3

Astaíochtaí sonracha CO2 , ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, de chuid thionscal an pháipéir, t/t

Astaíochtaí CO2 , ar astaíochtaí maidir le fuinneamh iad, ó thionscal an pháipéir agus na clódóireachta, kt

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise i monarú laín, páipéir agus táirgí páipéir agus i bhfoilsiú, i bpriontáil agus in atáirgeadh meán taifeadta lena n-áirítear astaíochtaí ó dhóchán chun leictreachas agus teas a ghiniúint (IPCC catagóir foinse 1A2d).

Aschur fisiceach páipéir, kt

Aschur fisiceach páipéir (NACE 21) (foinse: staidreamh tairgthe)

14

TIONSCLAÍOCHT

Astaíochtaí CO2 ó earnáil na tionsclaíochta, kt

 

Astaíochtaí ó dhóchán breosla iontaise i dtionscail na déantúsaíochta, sa tógáil agus sa mhianadóireacht agus sa chairéalacht (seachas mianaigh ghuail agus eastóscadh ola agus gáis) lena n-áirítear dóchán do ghiniúint leictreachais agus teasa (catagóir foinse 1A2 IPCC). Ba cheart fuinneamh a úsáidtear sa tionsclaíocht don iompar a chur san áireamh sna táscairí iompair seachas anseo. Níor cheart astaíochtaí a eascraíonn as innealra easbhóthair agus innealra eile soghluaiste a áireamh san earnáil seo.

Tomhaltas deiridh iomlán fuinnimh ón tionsclaíocht, PJ

 

Áirítear leis tomhaltas deiridh iomlán fuinnimh na tionsclaíochta ó na foinsí uile fuinnimh (lena n-áirítear bithmhais agus tomhaltas leictreachais) (foinse: energy balance)

15

TEAGHLAIGH

Astaíochtaí CO2 de chuid teaghlach, kt

 

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breosla iontaise i dteaghlaigh (catagóir foinse IPCC 1A4b).

Tomhaltas deiridh iomlán fuinnimh de chuid teaghlach, PJ

 

Áirítear leis tomhaltas deiridh iomlán fuinnimh de chuid teaghlach ó na foinsí uile fuinnimh (lena n-áirítear bithmhais agus tomhaltas leictreachais) (foinse: cothromaíocht fuinnimh)


(1)  Tuairisceoidh Ballstáit an uimhreoir agus an ainmneoir, mura n-áirítear iad sa fhormáid tuairiscithe coitinne (CRF).

(2)  Ba cheart do Bhallstáit an treoir seo a leanúint. Mura féidir leo an treoir leo a leanúint go beacht nó mura bhfuil an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir comhsheasmhach, ba cheart do Bhallstáit é sin a chur in iúl go soiléir.

(3)  Leis na tagairtí do chatagóirí foinse IPCC, tagraítear do IPCC (1996) Treoirlínte Athbhreithnithe 1996 IPCC d'fhardail náisiúnta ghás ceaptha teasa.

(4)  Tuairisceoidh Ballstáit an uimhreoir agus an ainmneoir, mura n–áirítear iad sa CRF.

(5)  Ba cheart do Bhallstáit an treoir seo a leanúint. Mura féidir leo an treoir leo a leanúint go beacht nó mura bhfuil an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir comhsheasmhach, ba cheart do Bhallstáit é sin a chur in iúl go soiléir.


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Cinneadh Uimh. 280/2004/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 3(1)

Airteagal 7(1) agus Airteagal 7(3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 13(1) agus Airteagal 14(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 12(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 6

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 24

Airteagal 4(4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 21(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 22

Airteagal 5(6)

Airteagal 5(7)

Airteagal 24

Airteagal 6(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 23

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 26

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 28

Airteagal 12

Airteagal 29


Ráitis ón gCoimisiún

“Tugann an Coimisiún dá haire gur scriosadh Airteagal 10 ón togra bunaidh a thíolaic sé. Mar sin féin, chun cáilíocht agus trédhearcacht na sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 a fheabhsú agus maidir le faisnéis eile atá ábhartha maidir leis an aeráid agus a bhaineann leis an iompar muirí, comhaontaíonn an Coimisiún aghaidh a thabhairt ar an gceist sin mar chuid den tionscnamh a thíolacfaidh sé ar na bacáin maidir le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí ón loingseoireacht agus iad a thuairisciú agus a fhíorú, ar tionscnamh é a ngabhann an Coimisiún de láimh go nglacfaidh sé é le linn an chéad leath de 2013. Tá rún ag an gCoimisiún leasú ar an Rialachán sin a mholadh sa chomhthéacs sin.”

“Tugann an Coimisiún dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh gá le rialacha forlíontacha maidir le córas an Aontais do bheartais, do bhearta agus do réamh-mheastacháin a bhunú, a chothabháil agus a mhodhnú mar aon le neasfhardail gháis cheaptha teasa a ullmhú chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Rialachán mar is ceart. Amhail ó thús 2013, scrúdóidh an Coimisiún an cheist i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus déanfaidh sé, más iomchuí, togra chun an Rialachán a leasú.”


18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/41


RIALACHÁN (AE) Uimh. 526/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is tosca riachtanacha d’fhorbairt eacnamaíoch agus d’fhorbairt na sochaí, go díreach agus go hindíreach araon, iad cumarsáid leictreonach, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha. Tá ról ríthábhachtach acu sa tsochaí agus is gnáthfhóntais iontu féin anois iad amhail soláthairtí leictreachais nó uisce, agus is tosca ríthábhachtacha iad freisin i seachadadh leictreachais, uisce agus seirbhísí criticiúla eile. Feidhmíonn gréasáin chumarsáide mar chatalaígh na sochaí agus mar chatalaígh nuálaíochta lena méadaítear tionchar na teicneolaíochta agus lena múnlaítear iompraíochtaí tomhaltóirí, samhlacha gnó, tionscail chomh maith le saoránacht agus rannpháirteachas pholaitiúil. I gcás briste, d’fhéadfaí mórchuid dochar a dhéanamh don gheilleagar agus don tsochaí agus d’fhéadfaí mórchuid dochar fisiceach a dhéanamh, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé bearta a chur i bhfeidhm chun cosaint agus solúbthacht a mhéadú d’fhonn leanúnachas seirbhísí criticiúla a áirithiú. Maidir le slándáil cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha, go háirithe a sláine, an fháil atá orthu agus a rúndacht, tá na dúshláin os a gcomhair ag dul i méid i gcónaí a bhaineann, inter alia, le comhábhair aonair an bhonneagair cumarsáide agus na bogearraí lena rialaítear na comhábhair sin, an bonneagar ar an iomlán agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an mbonneagar sin. Is ábhar imní é sin don tsochaí, go háirithe de bharr go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann mar gheall ar chastacht an chórais, mífheidhmeanna, teipeanna córasacha, timpistí, botúin agus ionsaithe a bhféadfadh iarmhairt a bheith acu ar an mbonneagar leictreonach agus fisiceach lena soláthraítear seirbhísí atá criticiúil i dtaobh shláinte shaoránaigh na hEorpa.

(2)

Bíonn timpeallacht na bagartha de shíor ag athrú agus d’fhéadfadh teagmhais slándála an bonn a bhaint de mhuinín úsáideoirí sa teicneolaíocht, i ngréasáin agus i seirbhísí, rud a dhéanann difear dá gcumas leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus úsáid fhorleathan a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC).

(3)

Is rud tábhachtach do lucht déanta beartas, don tionscal agus d’úsáideoirí, dá bhrí sin, measúnú rialta a dhéanamh ar staid slándála gréasán agus faisnéise san Aontas, bunaithe ar shonraí iontaofa Aontais agus forbairtí, dúshláin agus bagairtí amach anseo a thuar go córasach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda araon.

(4)

Le Cinneadh 2004/97/CE, Euratom (3), a glacadh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 13 Nollaig 2003, chinn ionadaithe na mBallstát, go mbeadh ceanncheathrú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise (ENISA), ar gníomhaireacht í a bhí le bunú ar bhonn an togra arna chur isteach ag an gCoimisiún, i mbaile sa Ghréig a chinnfeadh Rialtas na Gréige. Tar éis an Chinnidh sin, chinn Rialtas na Gréige gur cheart go mbeadh ceanncheathrú ENISA in Heraklion sa Chréit.

(5)

An 1 Aibreán 2005, tugadh Comhaontú Ceanncheathrún (“Comhaontú maidir le Ceanncheathrú”) i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach.

(6)

Ba cheart do Bhallstát óstach na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr is féidir a áirithiú i gcomhair oibriú rianúil agus éifeachtúil na Gníomhaireachta. Chun a áirithiú go ndéanfar a cuid cúraimí mar is cuí agus go héifeachtúil, go n-earcófar agus go gcoimeádfar an fhoireann agus go gcuirfear le héifeachtúlacht gníomhaíochtaí gréasánaithe, tá sé ríthábhachtach go lonnófaí an Ghníomhaireacht i suíomh iomchuí, ina soláthraítear, i measc nithe eile, naisc iomchuí iompair agus saoráidí le haghaidh céilí agus leanaí a bheidh i dteannta bhaill foirne na Gníomhaireachta. Ba cheart na socruithe riachtanacha a leagan síos i gcomhaontú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát óstach arna chur i gcrích tar éis formheas a fháil ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

(7)

Chun éifeachtúlacht oibríochtúla na Gníomhaireachta a fheabhsú, bhunaigh an Ghníomhaireacht oifig brainse i limistéar cathrach na hAithne, ar cheart í a choimeád le comhaontú agus le tacaíocht an Bhallstáit óstaigh agus inar cheart foireann oibríochta na Gníomhaireachta a bheith lonnaithe. Maidir leis an bhfoireann atá ag gabháil go príomha do riarachán na Gníomhaireachta (lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin), airgeadas, taighde agus anailís deisce, TF agus bainistíocht saoráidí, acmhainní daonna, oiliúint, cumarsáidí agus gnóthaí poiblí, ba cheart di a bheith lonnaithe in Heraklion.

(8)

Tá sé de cheart ag an nGníomhaireacht a heagrúchán féin a chinneadh chun a áirithiú go ndéanfar a cuid cúraimí go cuí agus go héifeachtúil agus forálacha maidir le ceanncheathrú agus oifig bhrainse na hAithne a leagtar síos sa Rialachán seo á n-urramú. Chun na cúraimí a dhéanamh a mbaineann idirghníomhaíocht le príomh-gheallsealbhóirí leo, go háirithe, amhail institiúidí an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht na socruithe praiticiúla riachtanacha a dhéanamh le cur leis an éifeachtúlacht oibríochtúil sin.

(9)

In 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (4) lena mbunaítear ENISA d’fhonn cur leis na spriocanna leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú laistigh den Aontas agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus riarachán poiblí. In 2008, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 (5) lena síntear sainordú na Gníomhaireachta go dtí mí an Mhárta 2012. Le Rialachán (CE) Uimh. 580/2011 (6), síntear sainordú na Gníomhaireachta go dtí an 13 Meán Fómhair 2013.

(10)

Ba cheart don Ghníomhaireacht teacht i gcomharbas ar ENISA mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004. Faoi chuimsiú Chinneadh Ionadaithe na mBallstát, a tháinig le chéile sa Chomhairle Eorpach an 13 Nollaig 2003, ba cheart don Bhallstát óstach na socruithe praiticiúla reatha a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh chun oibríocht rianúil agus éifeachtúil na Gníomhaireachta agus a hoifige brainse san Aithin a áirithiú, agus chun earcaíocht agus coinneáil foirne ardcháilithe a éascú.

(11)

Ó bunaíodh ENISA, tá athrú tagtha ar na dúshláin a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta, forbairtí margaidh agus forbairtí socheacnamaíocha agus tá tuilleadh machnaimh agus díospóireachta déanta i dtaobh na ndúshlán sin. Mar fhreagra ar an athrú sin atá ag teacht ar na dúshláin, tá tosaíochtaí an Aontais nuashonraithe maidir le beartas slándála gréasán agus faisnéise. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo an Ghníomhaireacht a neartú chun go n-éireoidh léi cur le hiarrachtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát acmhainneacht Eorpach a fhorbairt chun déileáil le dúshláin slándála gréasán agus faisnéise.

(12)

Ceanglaítear le bearta an mhargaidh inmheánaigh sa réimse slándála cumarsáide leictreonaí agus, ar bhonn níos ginearálta, sa réimse slándála gréasán agus faisnéise, go gcuirfidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla teicniúla agus eagraíochtúla. Féadfaidh neamhéifeachtúlachtaí a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm ilchineálach na gceanglas sin, agus d’fhéadfaí bacainní ar an margadh inmheánach a chruthú dá bharr. Beidh gá le lárionad saineolais ar leibhéal an Aontais a sholáthróidh treoir, comhairle agus cúnamh i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise, a bhféadfaidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit brath air. Féadfaidh an Ghníomhaireacht freagairt do na riachtanais sin trí leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil agus trí chabhrú le hinstitiúidí an Aontais, leis na Ballstáit agus leis an bpobal gnó chun cuidiú leo ceanglais dhlíthiúla agus rialála slándála gréasán agus faisnéise a chomhlíonadh agus chun saincheisteanna a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise a chinneadh agus le díriú orthu, rud a chuideoidh le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(13)

Ba cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí arna dtabhairt di le gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa réimse cumarsáide leictreonaí a thabhairt i gcrích agus, go ginearálta, cur le leibhéal feabhsaithe slándála i dtaobh cumarsáide leictreonaí agus príobháideachais agus cosanta sonraí pearsanta trí shaineolas agus comhairle a sholáthar, i measc rudaí eile, agus trí mhalartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus trí mholtaí beartais a sholáthar.

(14)

Ceanglaítear le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair gréasán agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir Réime) (7) go nglacfaidh soláthraithe gréasán poiblí cumarsáide leictreonaí nó seirbhisí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí bearta iomchuí chun a sláine agus a slándáil a chosaint, agus tugtar isteach leis an oibleagáid atá ar na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas, inter alia, faoi aon sárú slándála agus faoi chaillteanas sláine a raibh tionchar suntasach aige ar oibriú gréasán nó seirbhísí agus tuarascáil achomair bhliantúil ar na fógraí a fuarthas agus ar an ngníomhaíocht a rinneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta chomh maith. Le Treoir 2002/21/CE, éilítear freisin ar an nGníomhaireacht cur le comhchuibhiú na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil slándála trí thuairimí a sholáthar.

(15)

Ceanglaítear le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (8) ar sholáthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh chun slándáil a gcuid seirbhísí a chosaint agus ceanglaítear leis freisin go ndéanfaí rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta a choinneáil. Le Treoir 2002/58/CE tugtar isteach fáisnéis maidir le sárú sonraí pearsanta agus ceanglais fógartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ceanglaítear léi freisin ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht i dtaobh aon bheart cur chun feidhme teicniúil atá le glacadh maidir le cúinsí nó formáid na gceanglas faisnéise agus fógartha agus na nósanna imeachta a bhaineann leo. Ceanglaítear le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (9), ar na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mór don rialtóir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó ar chaillteanas de thaisme, ar athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina bhfuil tarchur sonraí thar gréasán mar chuid den phróiseáil, agus ar gach cineál eile próiseála neamhdhleathaí.

(16)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise, le príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach níos fearr, agus le cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun cinn chun leasa shaoránaigh, thomhaltóirí, ghnóthais agus eagraíochtaí earnála poiblí an Aontais Eorpaigh, agus sa tslí sin cuideoidh sí le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart na cistí riachtanacha buiséadacha a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht.

(17)

Mar gheall ar shuntasacht mhéadaitheach gréasán leictreonach agus cumarsáide leictreonaí, arb iad croílár an gheilleagair Eorpaigh anois, agus mar gheall ar mhéid iarbhír an gheilleagair dhigitigh, ba cheart na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht a mhéadú chun freagairt dá ról agus dá cúraimí feabhsaithe agus dá riocht ríthábhachtach i gcosaint an éiceachórais digitigh Eorpaigh.

(18)

Ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú mar phointe tagartha trí mhuinín agus iontaoibh a ghnóthú de bhua í a bheith neamhspleách, ardchaighdeán comhairle agus faisnéise a bheith á leathadh aici, trédhearcacht a bheith ag baint lena nósanna imeachta agus lena modhanna oibriúcháin, agus í a bheith dúthrachtach i dtaobh a cúraimí a dhéanamh. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le hiarrachtaí náisiúnta agus le hiarrachtaí an Aontais agus sa tslí sin, a cuid cúraimí a thabhairt i gcrích i gcomhar iomlán le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit agus a bheith oscailte do theagmháil le tionscal agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. De bhreis air sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cur leis an ionchur agus le comhar ón earnáil phríobháideach, a bhfuil ról tábhachtach á imirt aici i slándáil cumarsáide leictreonaí, bonneagar leictreonach agus seirbhísí leictreonacha.

(19)

Ba cheart do shraith cúraimí an bealach a bhainfidh an Ghníomhaireacht a cuspóirí amach a léiriú, agus solúbthacht ina cuid oibríochtaí á ceadú ag an am céanna. Ba cheart bailiú faisnéise agus sonraí iomchuí a áirithiú leis na cúraimí a dhéanann an Ghníomhaireacht, a bhfuil gá leo chun tabhairt faoi anailísí ar na rioscaí do shlándáil agus do sholúbthacht cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha agus chun staid na slándála gréasán agus faisnéise san Aontas a mheas, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart don Ghníomhaireacht comhordú agus comhoibriú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le Ballstáit a áirithiú agus comhar idir na geallsealbhóirí a fheabhsú san Eoraip, go háirithe trí chomhlachtaí náisiúnta inniúla agus trí chomhlachtaí inniúla an Aontais agus saineolaithe ardleibhéil ón earnáil phríobháideach a thabhairt isteach i réimsí ábhartha, go háirithe soláthraithe gréasán agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, monaróirí trealaimh gréasán agus díoltóirí bogearraí, á chur san áireamh go gcuimsíonn córais gréasán agus faisnéise teaglamaí de chrua-earraí, de bhogearraí agus de sheirbhísí. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit i dtaobh a n-idirphlé le lucht an tionscail chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le slándáil i dtáirgí crua-earraí agus bogearraí, agus sa tslí sin cuirfear le cur chuige comhoibríoch maidir le slándáil gréasán agus faisnéise.

(20)

Ba cheart straitéisí slándála gréasán agus faisnéise a phoibligh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó Ballstát a sholáthar don Ghníomhaireacht chun í a chur ar an eolas fúthu agus chun dúbláil saothair a sheachaint. Ba cheart don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar na straitéisí agus a gcur i láthair a chur chun cinn i bhformáid a éascaíonn an inchomparáideacht. Ba cheart na straitéisí agus a cuid anailísí a chur ar fáil don phobal trí mhodhanna leictreonacha.

(21)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cuidiú leis an gCoimisiún trí bhíthin comhairle, tuairimí agus anailísí maidir le cúrsaí uile an Aontais a bhaineann le forbairt beartas sa réimse slándála gréasán agus faisnéise, lena n-áirítear Cosaint Bonneagair Faisnéise Criticiúla agus solúbthacht. Ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú freisin le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus i gcás inarb ábhartha, na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, lena n-iarrachtaí beartas agus cumas slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt.

(22)

Ba cheart don Ghníomhaireacht lánaird a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá ar bun faoi láthair maidir le taighde, forbairt agus measúnú teicneolaíoch, go háirithe na gníomhaíochtaí sin arna ndéanamh ag tionscnaimh taighde éagsúla an Aontais chun comhairle a chur ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le riachtanais taighde sa réimse slándála gréasán agus faisnéise.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chomh maith leis na Ballstáit lena n-iarrachtaí cumas trasteorann a bhunú agus a fheabhsú mar aon le hullmhacht maidir le fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise a chosc, a bhrath agus a fhreagairt. I ndáil leis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú i measc na mBallstát agus an Coimisiún agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha na mBallstát a gcumas freagartha a fheabhsú agus cleachtaí Eorpacha ar theagmhais slándála a eagrú agus a rith agus, ar iarratas ó Bhallstát, ba cheart di cleachtaí náisiúnta a eagrú agus a rith.

(24)

Chun na dúshláin sa réimse slándála gréasán agus faisnéise a thuiscint níos fearr, ní mór don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann faoi láthair agus ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, leis na comhlachtaí staitisticiúla agus le comhlachtaí eile, faisnéis ábhartha a bhailiú. Thairis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cabhrú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit lena n-iarrachtaí faisnéis maidir le slándáil gréasán agus faisnéise a bhailiú, a anailísiú agus a leathadh. Maidir le bailiú faisnéise agus sonraí staitistiúla iomchuí a bhfuil gá leo chun tabhairt faoi anailísí ar na rioscaí do shlándáil agus do sholúbthacht cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha, ba cheart an méid sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit agus léargas na Gníomhaireachta ar bhonneagair TFC institiúidí an Aontais i gcomhréir le forálacha an Aontais agus forálacha náisiúnta i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart don Ghníomhaireacht feasacht a chothabháil maidir leis an staid is déanaí slándála gréasán agus faisnéise agus le treochtaí gaolmhara san Aontas chun leasa institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát.

(25)

Le linn di a cuid cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú idir an tAontas agus na Ballstáit chun feasacht a fheabhsú maidir le staid slándála gréasán agus faisnéise san Aontas.

(26)

Ba cheart don Aontas comhar a éascú i measc údarás rialála neamhspleách inniúil na mBallstát, agus tacú go háirithe le forbairt, le cur chun cinn agus le malartú dea-chleachtas agus caighdeán le haghaidh clár oideachais agus scéimeanna ardaithe feasachta. Éascóidh tuilleadh malartaithe faisnéise idir Ballstáit gníomhaíocht dá leithéid. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le feasacht úsáideoirí aonair cumarsáide leictreonaí, bonneagair leictreonaigh agus seirbhísí leictreonacha a ardú, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit, i gcás ina roghnaíonn siad úsáid a bhaint as an ardán d’fhaisnéis chun leasa an phobail dá ndéantar foráil i dTreoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le gréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (10), faisnéis ábhartha chun leasa an phobail a thabhairt ar láimh maidir le slándáil gréasán agus faisnéise, agus trí chúnamh a thabhairt dóibh an fhaisnéis sin a fhorbairt le go gcuirfear san áireamh í le soláthar gléasanna nua atá beartaithe lena n-úsáid ar ghréasáin poiblí cumarsáide. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú freisin le comhar idir geallsealbhóirí ar leibhéal an Aontais, i bpáirt trí roinnt faisnéise, feachtais ardaithe feasachta agus cláir oideachais agus oiliúna a chur chun cinn.

(27)

Ba cheart don Ghníomhaireacht, inter alia, cúnamh a thabhairt d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit maidir le feachtais phoiblí oideachais d’úsáideoirí deiridh, arb é is aidhm dóibh iompraíocht níos sábháilte ar líne a chur chun cinn i measc daoine aonair agus feasacht a ardú maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcibearspás, go háirithe cibearchoireacht amhail ionsaithe fioscaireachta, róbatlíonta, calaois airgeadais agus baincéireachta, chomh maith le comhairle maidir le fíordheimhniú bunúsach agus cosaint sonraí a chur chun cinn.

(28)

Lena áirithiú go mbaineann sí a cuid cuspóirí amach go hiomlán, ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht idirchaidreamh le comhlachtaí ábhartha, lena n-áirítear na comhlachtaí sin a théann i ngleic le cibearchoireacht amhail Europol, agus le húdaráis um príobháideachas a chosaint chun saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú agus chun comhairle a sholáthar maidir le gnéithe slándála gréasán agus faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht sineirgí a bhaint amach idir iarrachtaí na gcomhlachtaí sin agus a cuid iarrachtaí féin chun ardslándáil gréasán agus faisnéise a chur chun cinn. Ba cheart go mbeadh ionadaithe údarás um fhorghníomhú an dlí agus um príobháideachas a chosaint, arb údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais iad, i dteideal ionadaíocht a bheith acu ar Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí na Gníomhaireachta. Trí idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí um fhorghníomhú an dlí maidir le gnéithe slándála gréasán agus faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre, ba cheart don Ghníomhaireacht bealaí faisnéise atá ann cheana agus gréasáin atá bunaithe a urramú.

(29)

Tá Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Eorpach le haghaidh Solúbthachta seolta ag an gCoimisiún mar chreat rialála solúbtha uile-Aontais i gcomhar solúbthachta bonneagair TFC inar cheart ról éascaithe a bheith ag an nGníomhaireacht chun geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun tosaíochtaí beartais phoiblí, gnéithe eacnamaíocha agus gnéithe margaidh na ndúshlán agus bearta maidir le solúbthacht bonneagair TFC a phlé.

(30)

Chun slándáil gréasán agus faisnéise agus infheictheacht an chéanna a chur chun cinn ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a éascú idir comhlachtaí inniúla poiblí na mBallstát, trí thacú go háirithe le forbairt agus malartú sárchleachtas agus scéimeanna ardaithe feasachta agus trína ngníomhaíochtaí for-rochtana a fheabhsú. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú freisin le comhar idir geallsealbhóirí agus institiúidí an Aontais, i bpáirt trí roinnt faisnéise agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a chur chun cinn.

(31)

Chun ardleibhéal slándála gréasán agus faisnéise a fheabhsú san Aontas ba cheart don Ghníomhaireacht comhar agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas a chur chun cinn idir eagraíochtaí ábhartha amhail Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhaireacht (CSIRTanna) agus Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaireachta (CERTanna).

(32)

Ba cheart córas de chuid an Aontais de CERTanna a fheidhmíonn mar is cóir a bheith mar bhunchloch bhonneagar slándála gréasán agus faisnéise an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le CERTanna de chuid na mBallstát agus le CERT de chuid an Aontais i ngréasán CERTanna a oibriú, lena n-áirítear comhaltaí an Ghrúpa Eorpaigh Rialtais CERTanna. Chun a áirithiú go mbeidh ardacmhainneachtaí leordhóthanacha ag gach aon cheann de na CERTanna agus go bhfreagróidh na hacmhainneachtaí sin a oiread is féidir d’acmhainneachtaí na CERTanna is forbartha, ba cheart don Ghníomhaireacht bunú agus oibriú córais athbhreithnithe piaraí a chur chun cinn. Thairis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar idir na CERTanna ábhartha a chur chun cinn agus tacú leis i gcás teagmhas, ionsaithe nó briseadh i ngréasáin nó i mbonneagar a bhainistíonn nó a chosnaíonn siad lena bhfuil baint ag dhá cheann díobh ar a laghad nó lena bhféadfadh baint a bheith acu.

(33)

Ba cheart beartais éifeachtúla slándála gréasán agus faisnéise a bheith bunaithe ar mhodhanna measúnaithe riosca atá dea-fhorbartha, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Baintear úsáid as modhanna agus as nósanna imeachta um measúnú riosca ar leibhéil éagsúla gan cleachtas coiteann ar bith i dtaobh conas iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Déanfar leibhéal slándála gréasáin agus córas faisnéise san Aontas a mhéadú trí dhea-chleachtas a chur chun cinn agus a fhorbairt i dtaobh measúnú riosca agus i dtaobh réiteach comh-inoibritheach um bainistíocht riosca in eagraíochtaí na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar leibhéal an Aontais, agus a gcuid iarrachtaí maidir le bunú agus glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú i dtaobh bainistíochta riosca agus i dtaobh slándála intomhaiste táirgí leictreonacha, córas leictreonach agus gréasáin agus seirbhísí leictreonacha, lena gcomhdhéantar na córais gréasán agus faisnéise in éineacht le bogearraí.

(34)

I gcás inarb iomchuí agus inarb úsáideach maidir lena cuspóirí agus lena cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart don Ghníomhaireacht taithí agus faisnéis ghinearálta a roinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a dhéileálann le slándáil gréasán agus faisnéise. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le tosaíochtaí taighde a aithint, ar leibhéal an Aontais, i réimse solúbthachta gréasán agus slándála gréasán agus faisnéise agus ba cheart di aon eolas maidir le riachtanais tionscail a chur in iúl d’institiúidí taighde ábhartha.

(35)

Ba cheart don Ghníomhaireacht na Ballstáit agus soláthraithe seirbhíse a spreagadh chun a gcuid caighdeán ginearálta slándála a ardú ionas go ndéanfadh gach úsáideoir idirlín na bearta is gá chun a chuid cibearshlándála pearsanta a áirithiú.

(36)

Is saincheisteanna domhanda iad fadhbanna slándála gréasán agus faisnéise. Tá gá le comhar idirnáisiúnta níos dlúithe chun caighdeán slándála a fheabhsú, lena n-áirítear noirm agus cóid chomhchoiteanna iompraíochta a shainiú agus roinnt faisnéise, rud a chuireann comhoibriú idirnáisiúnta níos mire chun cinn mar fhreagra ar shaincheisteanna slándála gréasán agus faisnéise agus mar chur chuige comhchoiteann domhanda maidir leis sin. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le rannpháirteachas breise de chuid an Aontais agus comhar breise le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta trí shaineolas agus anailís riachtanach a sholáthar do na comhlachtaí agus do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí.

(37)

Ba cheart don Ghníomhaireacht feidhmiú i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, leibhéal iomchuí comhordaithe a áirithiú idir na Ballstáit i dtaobh ábhar a bhaineann le slándáil gréasán agus faisnéise agus éifeachtacht na mbeartas náisiúnta a fheabhsú, rud a chuirfeadh luach leo agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ach gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Rialachán seo a bhaint amach. Ba cheart go n-atreiseodh agus nach gcuirfeadh feidhmiú chúraimí na Gníomhaireachta isteach ar na hinniúlachtaí ná níor cheart go mbacfadh sé cumhachtaí agus cúraimí ábhartha na gcomhlachtaí seo a leanas ná go gcuirfeadh sé isteach orthu ná go mbeadh forluí eatarthu: na húdaráis náisiúnta rialála mar atá leagtha amach sna Treoracha a bhaineann leis na gréasáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar aon le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (11) agus an Coiste Cumarsáide dá dtagraítear i dTreoir 2002/21/CE, na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha, na comhlachtaí caighdeánaithe náisiúnta agus an Buanchoiste mar atá leagtha amach i dTreoir 98/34/CE (12) agus údaráis neamhspleácha mhaoirseachta na mBallstát mar atá leagtha amach i dTreoir 95/46/CE.

(38)

Is gá prionsabail áirithe a chur chun feidhme maidir le rialú na Gníomhaireachta chun an Ráiteas Comhpháirteach agus an Cur Chuige Coiteann a chomhaontaigh an Grúpa Oibre Idirinstitiúideach ar ghníomhaireachtaí díláraithe an AE i mí Iúil 2012 a chomhlíonadh, arb é is cuspóir leis gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí a shruthlíniú agus feidhmiú an chéanna a fheabhsú.

(39)

Ba cheart an Ráiteas Comhpháirteach agus an Cur Chuige Coiteann a léiriú, de réir mar is iomchuí, i gCláir Oibre na Gníomhaireachta, i meastóireachtaí na Gníomhaireachta, agus i gcleachtas tuairiscithe agus riaracháin na Gníomhaireachta.

(40)

Ionas go bhfeidhmeodh an Ghníomhaireacht mar is cuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh saineolas iomchuí gairmiúil ag daoine atá le ceapadh inar gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid Ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas shaothar an Bhoird Bainistíochta a áirithiú.

(41)

Tá sé riachtanach go mbunaíonn agus go gcothabhálann an Ghníomhaireacht clú na neamhchlaontachta, na sláine agus ardchaighdeán gairmiúil. Dá réir sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha cuimsitheacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chumhdaíonn an Ghníomhaireacht ar fad a sheachaint agus a bhainistiú.

(42)

Mar gheall ar chúinsí uathúla na Gníomhaireachta agus ar na dúshláin dheacra atá os a comhair, ba cheart struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a shimpliú agus a neartú chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht níos fearr a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart Bord Feidhmiúcháin a bhunú, i measc nithe eile, chun go mbeidh an Bord Bainistíochta in ann díriú ar shaincheisteanna a mbaineann tábhacht straitéiseach leo.

(43)

Ba cheart don Bhord Bainistíochta Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh i gcomhréir le rialacha arna nglacadh faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (13) (an “Rialachán Airgeadais”).

(44)

Chun a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht éifeachtach, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta, agus ba cheart don Bhord treo ginearálta oibríochtaí na Gníomhaireachta a shainiú agus a áirithiú go gcuireann sí a cúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí is gá a chur ar iontaoibh an Bhoird Bhainistíochta chun an buiséad a bhunú, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht na Gníomhaireachta, clár oibre na Gníomhaireachta a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin agus rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, cinneadh a dhéanamh maidir lena théarma oifige nó lena téarma oifige a fhadú tar éis dhearcadh Pharlaimint na hEorpa a fháil agus cinneadh a dhéanamh maidir le deireadh a chur lena shainordú nó lena sainordú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin a bhunú chun cabhrú leis lena chuid cúraimí maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha.

(45)

Ar mhaithe le feidhmiú rianúil na Gníomhaireachta, ní mór an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh slándála gréasán agus faisnéise, agus ní mór dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách maidir le feidhmiú inmheánach na Gníomhaireachta a eagrú. Chun na críche sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin togra a ullmhú le haghaidh chlár oibre na Gníomhaireachta, tar éis dó/di dul i gcomhairle roimh ré leis an gCoimisiún, agus ba cheart dó/di na céimeanna ar fad is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear clár oibre na Gníomhaireachta i bhfeidhm mar is cuí. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta, dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas a tharraingt suas don Ghníomhaireacht, agus an buiséad a chur chun feidhme.

(46)

Ba cheart é a bheith de rogha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha, go háirithe ábhair a bhaineann le heolaíocht, le teicneolaíocht, le dlí nó le socheacnamaíocht. Agus Grúpaí Oibre ad hoc á mbunú, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionchur a lorg ó na saineolaithe seachtracha ábhartha agus leas a bhaint as an ionchur sin atá ag teastáil chun go mbeidh rochtain ag an nGníomhaireacht ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil ar na dúshláin slándála a bhaineann le sochaí faisnéise atá ag forbairt. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú go ndéanfar comhaltaí an Ghrúpa Oibre ad hoc a roghnú de réir na gcaighdeán is airde saineolais agus a chinntiú go mbeidh cothromaíocht ann ó thaobh ionadaithe de, de réir mar is iomchuí de réir na saincheisteanna sonracha, idir riaracháin phoiblí na mBallstát, institiúidí an Aontais, an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear lucht tionscail, na húsáideoirí agus saineolaithe acadúla i slándáil gréasán agus faisnéise. Ba cheart go bhféadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe aonair, atá aitheanta mar shaineolaithe inniúla sa réimse ábhartha, páirt a ghlacadh in imeachtaí na nGrúpaí Oibre, ar bhonn cás ar chás. Ba cheart don Ghníomhaireacht a gcostais a íoc i gcomhréir lena rialacha inmheánacha agus i gcomhréir le rialacha arna nglacadh faoin Rialachán Airgeadais.

(47)

Ba cheart Buanghrúpa Geallsealbhóirí a bheith ag an nGníomhaireacht mar chomhlacht comhairliúcháin, chun idirphlé rialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart don Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, díriú ar shaincheisteanna atá ábhartha do gheallsealbhóirí agus ba cheart dó na saincheisteanna sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Ba cheart go bhféadfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcás inarb iomchuí agus de réir chlár na gcruinnithe, cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó chomhlachtaí ábhartha eile páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa.

(48)

Ós rud é go bhforáiltear d’ionadaíocht dhóthanach do gheallsealbhóirí ar an mBuanghrúpa Geallsealbhóirí agus go bhfuiltear le dul i gcomhairle leis an ngrúpa sin go háirithe i ndáil leis an dréacht-Chlár Oibre, ní gá ionadaíocht a dhéanamh do gheallsealbhóirí ar an mBord Bainistíochta a thuilleadh.

(49)

Ba cheart don Ghníomhaireacht na forálacha ábhartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, ar forálacha iad a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Maidir leis an bhfaisnéis arna próiseáil ag an nGníomhaireacht chun críocha a bhfuil baint acu lena feidhmiú inmheánach agus maidir leis an bhfaisnéis arna próiseáil le linn di a cuid cúraimí a chur i gcrích, ba cheart di a bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (15).

(50)

Ba cheart don Ghníomhaireacht na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil cáipéisí íogaire a chomhlíonadh.

(51)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán na Gníomhaireachta a áirithiú agus le go mbeidh sí in ann cúraimí nua breise a chomhlíonadh, lena n-áirítear cúraimí éigeandála gan choinne, ba cheart go ndeonófaí don Ghníomhaireacht buiséad uathrialach leordhóthanach, a dheonú di, a mbeidh a ioncam ag teacht, den chuid is mó, ó ranníocaíocht ón Aontas agus ó ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta. Ba cheart do thromlach fhoireann na Gníomhaireachta a bheith ag gabháil go díreach do chur chun feidhme oibríochtúil shainordú na Gníomhaireachta. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát óstach, nó ag Ballstát ar bith eile, ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh le hioncam na Gníomhaireachta. Ba cheart go leanfadh nós imeachta buiséid an Aontais d’fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontas atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais na Gníomhaireachta a iniúchadh chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú.

(52)

I bhfianaise timpeallacht na bagartha a bheith de shíor ag athrú agus i bhfianaise fhorás bheartais an Aontais maidir le slándáil gréasán agus faisnéise agus chun an creat airgeadais ilbhliantúil a ailíniú, ba cheart teorainn seacht mbliana a chur le ré an tsainordaithe agus an deis a bheith ann an ré a shíneadh.

(53)

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí na Gníomhaireachta go neamhspleách. Ba cheart aird a thabhairt sa mheastóireacht ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta maidir lena cuspóirí a bhaint amach, lena cleachtais oibre agus le hábharthacht a cúraimí, chun bailíocht leantach chuspóirí na Gníomhaireachta a chinneadh, nó a mhalairt, agus, bunaithe ar an méid sin, chun a chinneadh ar cheart ré a sainordaithe a fhadú agus, más amhlaidh, cén tréimhse a bheadh ann.

(54)

Más rud é, ag deireadh ré shainordú na Gníomhaireachta, nach bhfuil togra tugtha isteach ag an gCoimisiún chun an sainordú a fhadú, ba cheart don Choimisiún na bearta ábhartha a ghlacadh lena rachfar i ngleic leis na saincheisteanna ar leith a bhaineann le conarthaí foirne agus le socruithe buiséid.

(55)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Gníomhaireacht um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú chun críche cur le leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise laistigh den Aontas agus chun feasacht ar shlándáil faisnéise a ardú agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun cinn sa tsochaí chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas, agus ar an tslí sin cuidiú le margadh inmheánach a bhunú agus le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(56)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 a aisghairm.

(57)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus ghlac sé a thuairim an 20 Nollaig 2010 (16),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

RAON FEIDHME, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Gníomhaireacht um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise de chuid an Aontais Eorpaigh (ENISA, “an Ghníomhaireacht” anseo feasta) le tabhairt faoi na cúraimí a shanntar di chun críche cur le leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise laistigh den Aontas agus chun feasacht ar shlándáil gréasán agus faisnéise a ardú agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun cinn sa tsochaí chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas, agus ar an tslí sin cuidiú le margadh inmheánach a bhunú agus le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Beidh cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le slándáil gréasán agus faisnéise agus do ghníomhaíochtaí, i gcás ar bith, a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na saincheisteanna le cúrsaí slándála náisiúnta) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “slándáil gréasán agus faisnéise” an cumas atá i ngréasán nó i gcóras faisnéise seasamh i gcoinne, ar leibhéal áirithe muiníne, teagmhais a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar fháil, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí atá stóráilte nó tarchurtha agus a chuireann isteach ar na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint nó a bhfuil rochtain orthu trí na gréasáin agus na córais sin.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais i dtaca le beartais a fhorbairt sa tslándáil gréasán agus faisnéise.

3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit i dtaca le beartais a chur chun feidhme, ar beartais iad atá riachtanach chun na ceanglais dhlíthiúla agus rialála maidir le slándáil gréasán agus faisnéise i ngníomhartha reachtacha an Aontais, idir gníomhartha atá cheana ann agus gníomhartha a bheidh amach anseo ann, a chomhlíonadh, agus ar an tslí sin a bheith ag cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Aontas agus do na Ballstáit i dtaca lena gcumas agus lena n-ullmhacht a fheabhsú agus a neartú chun fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise a chosc, a bhrath, agus freagairt dóibh.

5.   Bainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as an saineolas atá aici chun comhar leathan idir gníomhairí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a spreagadh.

Airteagal 3

Cúraimí

1.   Is faoi chuimsiú an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 1, agus chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh, agus urraim á tabhairt d’Airteagal 1(2), a chuirfidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas i gcrích:

(a)

tacú le forbairt bheartas agus dhlí an Aontais, trí:

(i)

chúnamh agus comhairle a thabhairt maidir leis na nithe go léir a bhaineann le beartas agus dlí an Aontais maidir le slándáil gréasán agus faisnéise;

(ii)

sholáthar a dhéanamh ar obair ullmhúcháin, ar chomhairle agus ar anailís a bhaineann le beartas agus dlí an Aontais maidir le slándáil gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta;

(iii)

anailís a dhéanamh ar straitéisí slándála gréasán agus faisnéise atá ar fáil go poiblí agus foilsiú na straitéisí sin a chur chun cinn;

(b)

tacú le forbairt chumais, trí:

(i)

thacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, ina n-iarrachtaí forbairt a dhéanamh ar sheachaint, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise, agus ina n-iarrachtaí iad sin a fheabhsú, agus an t-eolas riachtanach a sholáthar dóibh;

(ii)

chur chun cinn agus éascú a dhéanamh ar chomhar deonach i measc na mBallstát agus idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit ina n-iarrachtaí fadhbanna agus teagmhais a bhaineann leis an tslándáil gréasán agus faisnéise a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh, sa chás ina mbíonn tionchar trasteorann ag na fadhbanna agus teagmhais sin;

(iii)

chúnamh a thabhairt d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais ina n-iarrachtaí cosc, brath, anailís agus cumas freagartha a fhorbairt i dtaca le fadhbanna agus teagmhais slándála gréasán agus faisnéise, go háirithe trí thacú le Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaireachta (CERT) a chur ag obair dóibh;

(iv)

thacú le leibhéal cumas na CERTanna ar bhonn náisiúnta, rialtasach agus an Aontais a mhéadú, lena n-áirítear trí idirphlé agus malartú faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go gcomhlíonann gach CERT sraith chomónta de chumais íosta agus go n-oibríonn siad de réir na sárchleachtas;

(v)

thacú le heagrú agus rith chleachtaí an Aontais i dtaca le slándáil gréasán agus faisnéise agus, arna iarraidh sin dóibh, comhairle a thabhairt do na Ballstáit maidir le cleachtaí náisiúnta;

(vi)

chúnamh a thabhairt d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit ina n-iarrachtaí sonraí ábhartha i dtaobh na slándála gréasán agus faisnéise a bhailiú, a anailísiú agus, ag teacht le ceanglais slándála na mBallstát, a scaipeadh; agus ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais agus le forálacha náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais, feasacht institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chothabháil maidir leis an staid is déanaí slándála gréasán agus faisnéise san Aontas chun leasa institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát;

(vii)

thacú le sásra Aontais luathrabhaidh a fhorbairt a bheidh ina chomhlánú ar shásraí na mBallstát;

(viii)

oiliúint sa tslándáil gréasán agus faisnéise a thairiscint do chomhlachtaí poiblí ábhartha, i gcomhar le geallsealbhóirí i gcás inarb iomchuí;

(c)

tacú le comhar deonach i measc comhlachtaí poiblí inniúla, agus idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear ollscoileanna agus ionaid taighde san Aontas, agus feasacht a mhéadú, inter alia, trí:

(i)

an comhar idir CERTanna náisiúnta agus rialtasacha nó Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhaireachta (CSIRTanna), lena n-áirítear an CERT d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais;

(ii)

forbairt agus comhroinnt an tsárchleachtais a chur chun cinn agus é mar aidhm leis ardleibhéal a bhaint amach sa tslándáil gréasán agus faisnéise;

(iii)

éascú a dhéanamh ar an idirphlé agus ar na hiarrachtaí chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a mhalartú;

(iv)

an sárchleachtas i gcomhroinnt faisnéise agus ardú feasachta a chur chun cinn;

(v)

tacú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, arna iarraidh sin dóibh, leis na Ballstáit agus lena gcomhlachtaí ábhartha maidir le hardú feasachta a eagrú, lena n-áirítear ar leibhéal na n-úsáideoirí aonair, agus maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana eile a eagrú chun cur leis an tslándáil gréasán agus faisnéise agus lena infheictheacht trí shárchleachtais agus treoirlínte a sholáthar;

(d)

tacú le taighde agus forbairt agus le caighdeánú, trí:

(i)

éascú a dhéanamh ar bhunú agus ar ghlacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta i dtaobh bainistíocht riosca agus i dtaobh slándáil táirgí, gréasán agus seirbhísí leictreonacha;

(ii)

comhairle a chur ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit maidir le riachtanais taighde i réimse na slándála gréasán agus faisnéise d’fhonn freagairtí éifeachtacha ar rioscaí agus bagairtí reatha agus atá ag teacht chun cinn sa tslándáil gréasán agus faisnéise a chumasú, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nua agus cinn atá ag teacht chun cinn, agus d’fhonn teicneolaíochtaí seachanta rioscaí a úsáid go héifeachtúil;

(e)

comhoibriú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear leo sin a bhíonn ag déileáil le cibearchoireacht agus le cosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta, chun dul i ngleic le saincheisteanna atá ina n-ábhar imní dóibh go léir, lena n-áirítear trí:

(i)

fios gnó agus deachleachtais a mhalartú;

(ii)

comhairle a sholáthar maidir leis na gnéithe ábhartha den tslándáil gréasán agus faisnéise chun go ndéanfaí sineirgí a fhorbairt;

(f)

rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais comhar a bhunú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhar idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna slándála gréasán agus faisnéise a chur chun cinn, lena n-áirítear trí:

(i)

i gcás inarb iomchuí, gníomhú mar bhreathnóir ar chleachtaí idirnáisiúnta, agus a bheith páirteach in eagrú na gcleachtaí sin, agus anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar thoradh na gcleachtaí sin;

(ii)

éascú a dhéanamh ar mhalartú sárchleachtas na n-eagraíochtaí ábhartha;

(iii)

saineolas a sholáthar d’institiúidí an Aontais.

2.   Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus comhlachtaí na mBallstát comhairle a iarraidh ar an nGníomhaireacht i gcás ina ndéantar sárú ar shlándáil nó i gcás ina gcailltear an tsláine agus tionchar suntasach a bheith aige sin ar oibriú gréasáin agus seirbhísí.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a thugtar di le gníomhartha dlí an Aontais.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus í ag gníomhú go neamhspleách, a cuid conclúidí, treorach agus comhairle féin a chur i bhfocal de réir bhrí raon feidhme agus chuspóirí an Rialachán seo.

ROINN 2

EAGRÚCHÁN

Airteagal 4

Comhdhéanamh na Gníomhaireachta

1.   Is é a bheidh sa Ghníomhaireacht:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann; agus

(c)

Buanghrúpa Geallsealbhóirí.

2.   Chun rannchuidiú le feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibriú na Gníomhaireachta, bunóidh an Bord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin.

Airteagal 5

Bord Bainistíochta

1.   Saineoidh an Bord Bainistíochta treo ginearálta oibríocht na Gníomhaireachta agus áiritheoidh sé go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail atá leagtha síos sa Rialachán seo. Áiritheoidh sé freisin comhsheasmhacht obair na Gníomhaireachta le gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus a dhéantar ar leibhéal an Aontais.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus clár oibre straitéiseach ilbhliantúil na Gníomhaireachta.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus déanfaidh sé, faoin 1 Iúil an bhliain dar gcionn, é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Beidh na cuntais san áireamh sa tuarascáil bhliantúil agus tabharfar tuairisc inti ar an gcaoi ar chomhlíon an Ghníomhaireacht a cuid táscairí feidhmíochta. Poibleofar an tuarascáil bhliantúil.

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis frithchalaoise a bheidh cionmhar i dtaca leis na rioscaí calaoise agus aird á tabhairt ar anailís costais is tairbhe na mbeart atá le cur chun feidhme.

5.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go ndéanfar bearta leantacha leormhaithe ar na fionnachtana agus na moltaí atá mar thoradh ar imscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta aonair, idir inmheánach agus sheachtrach.

6.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.

7.   Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta, i leith fhoireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí údaráis ceapacháin a thugtar don Údarás Ceapacháin agus don Údarás a Chumhachtaítear chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích faoi seach leis na Rialacháin Foirne Oifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne” agus “Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (17).

Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a ghlacadh a bheidh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí ábhartha na n-údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá go ndéantar amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta cumhachtaí ábhartha na n-údarás ceapacháin a bheidh tarmligthe chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin a bheidh fo-tharmligthe chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghabháil ar ais. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse teoranta, chuig duine de chomhaltaí an Bhoird nó chuig duine eile den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghabhfaidh leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

9.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus féadfaidh sé téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú nó féadfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

10.   Tar éis dó a dhul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta dó féin agus don Bhord Feidhmiúcháin. Forálfar leis na rialacha nós imeachta do chinntí brostaithe, bíodh sin trí nós imeachta i scríbhinn nó trí chian-chomhdháil.

11.   Tar éis a dhul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta. Poibleofar na rialacha sin.

12.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Ní fhéadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (18), mura rud é gur gá go sonrach imeacht uaidh ar mhaithe le hoibríocht na Gníomhaireachta agus go mbeidh sé sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin agus tar éis dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoin méid sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta an Plean Beartais Foirne Ilbhliantúil a ghlacadh.

Airteagal 6

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún. Beidh cearta vótála ag na hionadaithe uile.

2.   Beidh malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta agus déanfaidh an malartach sin ionadaíocht air nó uirthi nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

3.   Déanfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcuid malartach a cheapadh i bhfianaise a gcuid eolais ar chúraimí agus ar chuspóirí na Gníomhaireachta, agus aird á tabhairt ar scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha atá ábhartha chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas i saothar an bhoird a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus do na Ballstáit ionadaíocht chothromaithe a bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta.

4.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta agus a gcuid malartach. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

Airteagal 7

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí féin ar feadh tréimhse trí bliana, a bheidh ina tréimhse in-athuaite. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh ex officio mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh.

2.   Féadfar a iarraidh ar an gCathaoirleach ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste (na gcoistí) ábhartha i bParlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.

Airteagal 8

Cruinnithe

1.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta ar a laghad uair amháin sa bhliain. Beidh cruinnithe urghnácha aige freisin arna iarraidh sin ag an gCathaoirleach nó ag aon trian ar a laghad de na comhaltaí.

3.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige.

Airteagal 9

Vótáil

1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí.

2.   Beidh tromlach dhá thrian de chomhaltaí uile an Bhoird Bainistíochta ag teastáil chun rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta, an buiséad, an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh, chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a théarma oifige a fhadú, nó é a chur as oifig, agus chun Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a ainmniú.

Airteagal 10

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Ullmhóidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí, a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta, maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha, agus maidir leis na cúrsaí sin amháin.

In éineacht leis an mBord Bainistíochta, áiritheoidh sé go ndéanfar bearta leantacha leormhaithe maidir leis na fionnachtana agus na moltaí a thagann ó imscrúduithe OLAF agus maidir le tuarascálacha agus meastóireachtaí éasgúla a thagann ó iniúchóireachtaí inmheánacha nó seachtracha.

Gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11 iad, cabhróidh an Bord Feidhmiúcháin leis nó léi, agus cuirfidh sé comhairle ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil le cinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha a chur chun feidhme.

3.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de chúigear comhaltaí arna gceapadh as measc comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, agus i measc chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, a fhéadfaidh freisin a bheith ina chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin, agus duine d’ionadaithe an Choimisiúin.

4.   Beidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin comhionann le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 6(4).

5.   Beidh cruinniú ag an mBord Feidhmiúcháin uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin cruinnithe breise a chomóradh arna iarraidh sin air ag comhaltaí an Bhoird.

Airteagal 11

Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgais, a bhainisteoidh an Ghníomhaireacht.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán na Gníomhaireachta ó lá go lá;

(b)

na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, clár oibre bliantúil agus clár oibre ilbhliantúil a ullmhú agus na cláir oibre sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

an clár oibre bliantúil agus an clár oibre ilbhliantúil a chur chun feidhme agus tuairisciú chuig an mBord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

(e)

tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus an tuarascáil sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta i gcomhair a formheasta;

(f)

plean gníomhaíochta a ullmhú mar bheart leanúnach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha mar aon le tuairisciú chuig an gCoimisiún gach dhá bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(g)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

(h)

straitéis frith-chalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus an straitéis sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta i gcomhair a formheasta;

(i)

a áirithiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí i gcomhréir le riachtanais iad siúd a bhaineann úsáid as a seirbhísí, go háirithe i ndáil le leorgacht na seirbhísí a sholáthraítear;

(j)

teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;

(k)

teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil leis an bpobal gnó agus le heagraíochtaí tomhaltóirí chun idirphlé rialta le geallsealbhóirí ábhartha a áirithiú;

(l)

cúraimí eile arna sannadh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an Rialachán seo.

3.   I gcás ina bhfuil gá leis, agus de réir bhrí chuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Grúpaí Oibre ad hoc de shaineolaithe a bhunú, lena n-áirítear saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas roimh ré faoin méid sin. Sonrófar na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le comhdhéanamh, le ceapadh na saineolaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht na nGrúpaí Oibre ad hoc i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta.

4.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann tacaíochta riaracháin agus acmhainní eile ar fáil don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin aon uair is gá.

Airteagal 12

Buanghrúpa Geallsealbhóirí

1.   Bunóidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dóibh ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Buanghrúpa Geallsealbhóirí, agus beidh an buanghrúpa sin comhdhéanta de shaineolaithe aitheanta atá ina n-ionadaithe ar na geallsealbhóirí ábhartha, amhail tionscal TFC, soláthróirí gréasán nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, grúpaí tomhaltóirí, saineolaithe acadúla ar shlándáil gréasán agus faisnéise agus ionadaithe ar údaráis rialála náisiúnta a dtugtar fógra dóibh faoi Threoir 2002/21/CE chomh maith le húdaráis um fhorghníomhú an dlí agus um chosaint phríobháideachais.

2.   Sonrófar i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta na nósanna imeachta maidir le, go háirithe, líon, comhdhéanamh agus ceapadh chomhaltaí an Bhuanghrúpa geallsealbhóirí ag an mBord Bainistíochta, leis an togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht an Ghrúpa agus poibleofar iad.

3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó aon duine a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn cás ar chás, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an mBuanghrúpa Geallsealbhóirí.

4.   Tréimhse dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí. Ní fhéadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bheith ina gcomhaltaí den Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí. Beidh saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit i dteideal a bheith i láthair ag na cruinnithe agus páirt a ghlacadh in obair an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí. Má mheasann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil ionadaithe ó chomhlachtaí eile ann atá ábhartha do na cruinnithe agus d’obair an Ghrúpa, nach comhaltaí den Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí iad, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh a bheith i láthair ag cruinnithe an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí agus a bheith rannpháirteach ina chuid oibre.

5.   Tabharfaidh an Buanghrúpa Geallsealbhóirí comhairle don Ghníomhaireacht maidir le feidhmiú a gníomhaíochtaí. Tabharfaidh sé, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre na Gníomhaireachta agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha agus maidir le haon saincheist a bhaineann leis an gclár oibre.

ROINN 3

OIBRÍOCHT

Airteagal 13

Clár Oibre

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht a hoibríochtaí i gcrích i gcomhréir lena clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil, ina mbeidh a gníomhaíochtaí beartaithe ar fad.

2.   Áireofar sa chlár oibre táscairí feidhmíochta sainoiriúnaithe lena bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na torthaí atá bainte amach i dtéarmaí cuspóirí.

3.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as dréachtchlár oibre na Gníomhaireachta a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle roimh ré le seirbhísí an Choimisiúin. Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtchlár oibre don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

4.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, tar éis an tuairim ón gCoimisiúin a fháil. Beidh léargas ilbhliantúil mar chuid den chlár oibre. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go bhfuil an clár oibre ag teacht le cuspóirí na Gníomhaireachta agus le tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais sa réimse slándála gréasán agus faisnéise.

5.   Eagrófar an clár oibre i gcomhréir le prionsabal an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre i gcomhréir leis an ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta agus le buiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais chéanna.

6.   Tar éis don Bhord Bainistíochta an clár oibre a ghlacadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus foilseoidh sé é. Arna iarraidh sin ag coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Stiúrthóir malartú tuairimí i dtaobh an chláir oibre bhliantúil a chur i láthair nó a thionól.

Airteagal 14

Iarrataí chuig an nGníomhaireacht

1.   Cuirfear iarrataí ar chomhairle agus ar chúnamh a thagann faoi chuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus beidh faisnéis chúlra ag gabháil leo chun míniú an thabhairt ar an tsaincheist a mbeifear ag dul i ngleic léi. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bhainistíocht agus an Bord Feidhmiúcháin ar an eolas faoi na hiarrataí a fhaightear, na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hacmhainní, agus in am trátha, faoina ndearnadh maidir leis na hiarrataí sin. Má dhiúltaíonn an Ghníomhaireacht iarraidh, léireofar údar an chinnidh sin.

2.   Féadfaidh na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 teacht uathu seo a leanas:

(a)

Parlaimint na hEorpa;

(b)

an Chomhairle;

(c)

an Coimisiún;

(d)

aon údarás inniúil arna cheapadh ag Ballstát, amhail údarás náisiúnta rialála a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE.

3.   Maidir leis na socruithe praiticiúla chun mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm, i dtaca le, go háirithe, na hiarrataí a chuirtear isteach chuig an nGníomhaireacht, an tosaíocht a thugtar dóibh, an méid a dhéantar leo agus faisnéis chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an mBord Feidhmiúcháin maidir le hiarrataí chuig an nGníomhaireacht, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a leagan síos i rialacha inmheánacha oibríochta na Gníomhaireachta.

Airteagal 15

Dearbhú leasa

1.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus oifigigh atá ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach déanfaidh gach duine acu faoi seach dearbhú gealltanas agus dearbhú ina léirítear nach ann nó gurb ann d’aon leas díreach nó indíreach a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais. Maidir leis na dearbhuithe, beidh siad beacht agus iomlán, déanfar go bliantúil agus i scríbhinn iad agus tabharfar cothrom le dáta iad cibé uair is gá sin.

2.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus leis na saineolaithe seachtracha a ghlacann páirt i nGrúpaí Oibre ad hoc déanfaidh gach duine acu dearbhú go beacht agus go hiomlán ar a dhéanaí ag tús gach cruinnithe ar dearbhú é ina léireofar aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais i ndáil leis na hítimí atá ar an gclár agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ó vótáil ar na pointí sin.

3.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla maidir leis na rialacha i dtaobh dearbhuithe leasa dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 16

Trédhearcacht

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcuirfidh sí a gníomhaíochtaí i gcrích le leibhéal ard trédhearcachta agus i gcomhréir le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 18.

2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar faisnéis iomchuí oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a thabhairt don phobal, go háirithe maidir le torthaí a cuid oibre. Poibleoidh sí freisin na dearbhuithe leasa a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 15.

3.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

4.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Rúndacht

1.   Gan dochar d’Airteagal 18, ní sceithfidh an Ghníomhaireacht le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aici ná arna tabhairt di a bhfuil iarraidh réasúnaithe déileáil go rúnda ina leith, go hiomlán nó go páirteach, déanta.

2.   Comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhuanghrúpa Geallsealbhóirí, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna Grúpaí Oibre ad hoc, agus comhaltaí foirne na Gníomhaireachta, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, comhlíonfaidh siad ceanglais rúndachta faoi Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), fiú amháin nuair atá deireadh lena gcuid dualgas.

3.   Leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla d’fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur chun feidhme.

4.   Má cheanglaítear é sin le haghaidh fheidhmíocht chúraimí na Gníomhaireachta, cinnfidh an Bord Bainistíochta go gceadófar don Ghníomhaireacht faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil. Sa chás sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú le seirbhísí an Choimisiúin, rialacha inmheánacha oibríochta a chuirfidh na prionsabail slándála i bhfeidhm a leagtar amach i gCinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha inmheánacha nós imeachta (19). Cumhdóidh na rialacha sin, inter alia, na forálacha le haghaidh faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 18

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh de shé mhí ón dáta a bhunófar an Ghníomhaireacht.

3.   Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman faoi Airteagal 228 CFAE nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 CFAE.

ROINN 4

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 19

Glacadh an bhuiséid

1.   Is éard a bheidh in ioncaim na Gníomhaireachta, ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 30, agus ranníocaíochtaí saorálacha ó na Ballstáit in airgead nó i gcomhchineál. Ní fhéadfaidh na Ballstáit a sholáthraíonn ranníocaíochtaí saorálacha aon cheart sonrach ná seirbhís shonrach a éileamh mar thoradh air sin.

2.   Beidh ar áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta costais a bhaineann le foireann, le tacaíocht riaracháin agus theicniúil, le bonneagar agus le hoibríocht, chomh maith le costais a eascraíonn as conarthaí arna ndéanamh le tríú páirtithe.

3.   Faoin 1 Márta gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, agus cuirfidh sé é, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta.

4.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

5.   Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, bunaithe ar dhréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 31 Márta gach bliain, an ráiteas meastachán sin, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ann chomh maith leis an dréachtchlár oibre, a chur ar aghaidh, chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tiortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích ag an Aontas leo i gcomhréir le hAirteagal 30.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas meastachán sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis meastachán sin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.

9.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Ghníomhaireacht.

10.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

11.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta in éineacht leis an gclár oibre. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord Bainistíochta buiséad agus clár oibre na Gníomhaireachta a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais. Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh gan mhoill é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Airteagal 20

Calaois a chomhrac

1.   Chun éascú a dhéanamh ar chalaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 (20), laistigh de sé mhí ón lá a mbeidh an Ghníomhaireacht oibríochtúil, aontóidh sí don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (21), agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme d’fhostaithe uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a sheoladh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair arna seoladh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (22) d’fhonn a shuíomh an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i socruithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid na Gníomhaireachta lena gcumhachtófar go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchóireachtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 21

Cur chun feidhme an bhuiséid

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme.

2.   Beidh na cumhachtaí céanna ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ar an nGníomhaireacht is atá aige ar ranna an Choimisiúin.

3.   Faoin 1 Márta i ndiaidh gach bliana airgeadais (1 Márta den bhliain N + 1), cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 147 den Rialachán Airgeadais.

4.   Faoin 31 Márta den bhliain N + 1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

5.   Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 148 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

6.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

7.   Tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil den bhliain N + 1, na cuntais chríochnaitheacha, lena n-áirítear an tuarascáil maidir leis an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin agus na barúlacha ón gCúirt Iniúchóirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.   Foilseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair den bhliain N + 1 agus cuirfidh sé nó sí cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

10.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin ag Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, mar atá leagtha síos in Airteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.

11.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle agus roimh 15 Bealtaine den bhliain N + 2, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith an bhuiséid a chur chun feidhme do bhliain N.

ROINN 5

FOIREANN

Airteagal 22

Forálacha ginearálta

Maidir leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 23

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

Airteagal 24

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceaptha mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Ar mhaithe le conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

Sula ndéanfar an ceapachán, tabharfar cuireadh don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, gabhfaidh an Coimisiún measúnú air féin a chuireann san áireamh meastóireacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta a bheidh ann amach anseo.

4.   Ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún lena gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3, agus tar éis na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa a fháil féadfaidh an bord Bainistíochta fad a chur uair amháin le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana.

5.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Laistigh de thrí mhí roimh aon fhadú den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, má iarrtar é sin air, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna Chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

6.   Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil fad curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin mar thoradh ar chinneadh ón mBord Bainistíochta.

Airteagal 25

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus foireann eile

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

ROINN 6

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 26

Stádas dlítheanach

1.   Comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát sin ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

4.   Déanfar oifig bhrainse atá bunaithe san Aithin a choinneáil i limistéar cathrach na hAithne chun éifeachtúlacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a fheabhsú.

Airteagal 27

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

2.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas.

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr damáiste den sórt sin.

3.   Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na coinníollacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 28

Teangacha

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (23) maidir leis an nGníomhaireacht. Féadfaidh na Ballstáit agus na comhlachtaí eile arna gceapadh acu dul i dteagmháil leis an nGníomhaireacht agus freagra a fháil ina rogha teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.

2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 29

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Agus sonraí a bhaineann le daoine aonair á bpróiseáil aici, go háirithe agus a cúraimí á gcomhlíonadh aici, urramóidh an Ghníomhaireacht na prionsabail cosanta sonraí pearsanta atá i bhforálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, agus beidh sí faoi réir na bhforálacha sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24(8) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Féadfaidh an Bord Bainistíochta na bearta breise is gá a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a bheith á chur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 30

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach sa Ghníomhaireacht ar tíortha iad a thug comhaontuithe i gcrích leis an Aontas Eorpach, is comhaontuithe ar dá mbua a ghlac siad gníomhartha dlí de chuid an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus ar dá mbua a chuir siad i bhfeidhm iad.

2.   Déanfar socruithe faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, ina sonrófar go háirithe an bealach ina mbeidh na tíortha sin rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, a mhéid is a bheidh siad rannpháirteach agus an cur chuige a bheidh acu, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht sna tionscnaimh atá ar bun ag an nGníomhaireacht, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann.

Airteagal 31

Rialacha Slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint

Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom. Cumhdóidh sé sin, inter alia, na forálacha le haghaidh faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

ROINN 7

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 20 Meitheamh 2018, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Rachfar i ngleic freisin sa mheastóireacht leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann chun sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin.

2.   Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 aon aiseolas a thugtar don Ghníomhaireacht mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí.

3.   Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh an tuarascáil meastóireachta i dteannta a conclúidí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Déanfar torthaí na meastóireachta a phoibliú.

4.   Beidh measúnú ann freisin mar chuid den mheastóireacht maidir leis na torthaí a bheidh bainte amach ag an nGníomhaireacht ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an nGníomhaireacht a bheith ag leanúint ar aghaidh i dtaca lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí sainithe, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí sainordú na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 36 a fhadú.

Airteagal 33

Comhar an Bhallstáit óstaigh

Soláthróidh Ballstát óstach na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr is féidir chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirítear inrochtaineacht an tsuímh, saoráidí leordhóthanacha oideachais a bheith ann do leanaí na gcomhaltaí foirne, inrochtaineacht iomchuí ar an margadh saothair, slándáil shóisialta agus cúram míochaine do leanaí agus do chéilí araon.

Airteagal 34

Rialú riaracháin

Déanfaidh an tOmbudsman maoirseacht ar oibríochtaí na Gníomhaireachta, i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 CFAE.

Airteagal 35

Aisghairm agus comharbas

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004.

Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 agus do ENISA a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus don Ghníomhaireacht.

2.   Tagann an Ghníomhaireacht i gcomharbas ar an nGníomhaireacht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 i ndáil le gach úinéireacht, comhaontú, oibleagáid dhlíthiúil, conradh fostaíochta, ceangaltas airgeadais agus dliteanas.

Airteagal 36

Bunófar an Ghníomhaireacht ar feadh tréimhse seacht mbliana ón 19 Meitheamh 2013.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 58.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013.

(3)  Cinneadh 2004/97/CE, Euratom arna ghlacadh de thoil a chéile ag cruinniú Ionadaithe na mBallstát ar leibhéal na gCeannairí Stát nó Rialtais, an 13 Nollaig 2003 maidir le suímh oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 29, 3.2.2004, lch. 15).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise (IO L 77, 13.3.2004, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 293, 31.10.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 580/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 165, 24.6.2011, lch. 3).

(7)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(8)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

(9)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(10)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).

(12)  Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir lee seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 204, 21.7.1998, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(15)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(16)  IO C 101, 1.4.2011, lch. 20.

(17)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(18)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(19)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

(21)  An Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpaigh maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 15).

(22)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(23)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.


18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/59


RIALACHÁN (AE) Uimh. 527/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh caibidlíocht ar na Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (“na Comhaontuithe”) a thabhairt i gcrích idir:

 

stáit CARIFORUM, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, an 16 Nollaig 2007;

 

an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile, an 17 Nollaig 2007 (Poblacht Chamarún);

 

Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, an 13 Nollaig 2007;

 

an Cósta Eabhair, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, an 7 Nollaig 2007;

 

Stáit Oirthear agus Dheisceart na hAfraice, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, an 28 Samhain 2007 (Poblacht na Séiséal agus Poblacht na Siombáibe), an 4 Nollaig 2007 (Poblacht Oileán Mhuirís), an 11 Nollaig 2007 (Aontas Oileáin Chomóra agus Poblacht Mhadagascar) agus an 30 Meán Fómhair 2008 (Poblacht na Saimbia);

 

an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na stáit sa Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch le Comhphobal Forbartha Dheisceart na hAfraice (SADC EPA), de pháirt eile, an 23 Samhain 2007 (Poblacht na Botsuáine, Ríocht Leosóta, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Mhósaimbíc) agus an 3 Nollaig 2007 (Poblacht na Namaibe);

 

an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit is Comhpháirtithe ó Chomhphobal Oirthear na hAfraice, den pháirt eile, an 27 Samhain 2007;

 

an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile, an 23 Samhain 2007.

(2)

Tar éis an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích maidir leis na Comhaontuithe ag Antigua agus Barbúda, ag Comhlathas na mBahámaí, ag Barbadós, ag an mBeilís, ag Poblacht na Botsuáine, ag Poblacht na Burúine, ag Poblacht Chamarún, ag Aontas Oileáin Chomóra, ag Poblacht an Chósta Eabhair, ag Comhlathas Dhoiminice, ag an bPoblacht Dhoiminiceach, ag Poblacht Fhidsí, ag Poblacht Ghána, ag Greanáda, ag Comharphoblacht na Guáine, ag Poblacht Háítí, ag Iamáice, ag Poblacht na Céinia, ag Ríocht Leosóta, ag Poblacht Mhadagascar, ag Poblacht Oileán Mhuirís, ag Poblacht Mhósaimbíc, ag Poblacht na Namaibe, ag Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua, ag Poblacht Ruanda, ag Cónaidhm San Críostóir-Nimheas, ag Saint Lucia, ag San Uinseann agus na Greanáidíní, ag Poblacht na Séiséal, ag Poblacht Shuranam, ag Ríocht na Suasalainne, ag Poblacht Aontaithe na Tansáine, ag Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága, ag Poblacht Uganda, ag Poblacht na Saimbia agus ag Poblacht na Siombáibe, ceadaíodh iad a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear chun feidhme na socruithe maidir le táirgí de thionscnamh stát áirithe is cuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin (2).

(3)

Maidir le Poblacht na Botsuáine, Poblacht na Burúine, Poblacht Chamarún, Aontas Oileáin Chomóra, Poblacht an Chósta Eabhair, Poblacht Fhidsí, Poblacht Ghána, Poblacht Háítí, Poblacht na Céinia, Ríocht Leosóta, Poblacht Mhósaimbíc, Poblacht na Namaibe, Poblacht Ruanda, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Uganda agus Poblacht na Saimbia, ní dhearna siad na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú.

(4)

Dá thoradh sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, agus go háirithe pointe (b) de, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun na tíortha sin a bhaint ón Iarscríbhinn sin.

(5)

D’fhonn a áirithiú gur féidir na tíortha sin a athshuíomh go tapa in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 chomh luath agus atá na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú déanta acu, agus ar feitheamh ar a dteacht i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun tíortha a baineadh d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 a athshuíomh de bhun an Rialacháin seo. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 2a

An chumhacht a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2b chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú trí na réigiúin nó na stáit sin ó Ghrúpa na Stát ACC a baineadh den Iarscríbhinn sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. 527/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus a bhfuil, ó baineadh den Iarscríbhinn iad, na bearta is gá chun a gcomhaontuithe faoi seach a dhaingniú déanta acu a athshuíomh.

Airteagal 2b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2a a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 21 Meitheamh 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2a a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2a i bhfeidhm ach amháin i gcás nach bhfuil Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tar éis cur ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse sin, ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Féadfar síneadh dhá mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(2)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 11 Nollaig 2012 (IO C 39 E, 12.2.2013, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2013.

(2)  IO L 348, 31.12.2007, lch. 1.

(3)  IO L 165, 18.6.2013, lch. 59.”;


IARSCRBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Liosta réigiún nó stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu de réir bhrí Airteagal 2(2)

 

ANTIGUA AGUS BARBÚDA

 

COMHLATHAS NA mBAHÁMAÍ

 

BARBADÓS

 

AN BHEILÍS

 

COMHLATHAS DHOIMINICE

 

AN PHOBLACHT DHOIMINICEACH

 

GREANÁDA

 

COMHARPHOBLACHT NA GUÁINE

 

IAMÁICE

 

POBLACHT MHADAGASCAR

 

POBLACHT OILEÁN MHUIRÍS

 

STÁT NEAMHSPLEÁCH NUA-GHUINE PHAPUA

 

CÓNAIDHM SAN CRÍOSTÓIR-NIMHEAS

 

SAINT LUCIA

 

SAN UINSEANN AGUS NA GREANÁIDÍNÍ

 

POBLACHT NA SÉISÉAL

 

POBLACHT SHURANAM

 

POBLACHT OILEÁN NA TRÍONÓIDE AGUS TOBÁGA

 

POBLACHT NA SIOMBÁIBE”


18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/62


RIALACHÁN (AE) Uimh. 528/2013 ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) maidir le dáta a chur i bhfeidhm

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé ceaptha Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (3) a chur in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (4). Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 i bhfeidhm an 24 Meitheamh 2008, ach ní bheidh sé infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 188(2) de, go dtí go mbeidh a chuid forálacha cur chun feidhme infheidhme, agus an 24 Meitheamh 2013 ar a dhéanaí.

(2)

An 20 Feabhra 2012, chuir an Coimisiúin togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, i bhfoirm athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, chun é a ionadú roimh an dáta deiridh dá chur i bhfeidhm an 24 Meitheamh 2013. Ní féidir an gnáthnós imeachta reachtach a chur i gcrích in am do ghlacadh agus do theacht i bhfeidhm an Rialacháin beartaithe sin roimh an dáta sin, áfach. In éagmais aon ghníomhaíocht reachtach cheartaitheach, bheadh feidhm dá bhrí sin ag Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 an 24 Meitheamh 2013 agus dhéanfaí Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 a aisghairm. D'fhágfadh sé sin go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme go hiarbhír amhail ón dáta sin agus bheadh sé ina bhacainn roimh chreat cuimsitheach comhsheasmhach dhlí an Aontais a choinneáil i dtaca le cúrsaí custaim, ar feitheamh an Rialachán atá beartaithe a ghlacadh.

(3)

D'fhonn deacrachtaí tromchúiseacha den sórt sin maidir le reachtaíocht chustaim an Aontais a chosc agus chun dóthain ama a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an próiseas maidir le glacadh athmhúnlú Chód Custaim an Aontais a chur i gcrích, ba cheart an dáta deiridh do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, atá leagtha síos sa dara fomhír in Airteagal 188(2) de, a chur ar atráth. Is é an dáta nua a mheastar a bheadh oiriúnach chun na críche sin an 1 Samhain 2013.

(4)

I bhfianaise phráinn an ábhair, ba cheart go mbeadh feidhm ag eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról Parlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(5)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sa dara fomhír d'Airteagal 188(2) de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, déantar ‘1 Samhain 2013’ a chur in ionad an dáta ‘24 Meitheamh 2013’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Meitheamh 2013

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  Tuairim an 22 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Meitheamh 2013.

(3)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

(4)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/63


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

an 22 Bealtaine 2013

maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh

(2013/272/AE)

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 17(5) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ag na cruinnithe a bhí aici an 11-12 Nollaig 2008 agus an 18-19 Meitheamh 2009, thug an Chomhairle Eorpach dá haire an imní a bhí ar mhuintir na hÉireann i dtaca le Conradh Liospóin agus dá bhrí sin tháinig sí ar chomhaontú, ar choinníoll go mbeadh Conradh Liospóin tagtha i bhfeidhm, go ndéanfaí cinneadh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dlíthiúla is gá, á rá go leanfadh náisiúnach amháin ó gach Ballstát de bheith ar an gCoimisiún.

(2)

Ba cheart an cinneadh maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin a ghlacadh in am cuí sula gceapfar an Coimisiún a bheidh le dul i mbun dualgas an 1 Samhain 2014.

(3)

Ba cheart go ndéanfaí na himpleachtaí a bheidh ag an gCinneadh seo a choimeád faoi athbhreithniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar líon é is ionann agus líon na mBallstát.

Airteagal 2

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach an Cinneadh seo a athbhreithniú, i bhfianaise an éifeacht a bheidh aige ar fheidhmiú an Choimisiúin, in am trátha sula gceapfar an chéad Choimisiún tar éis dáta aontachais an tríochadú Ballstát nó sula gceapfar an Coimisiún a thiocfaidh i gcomharbas ar an gCoimisiún a bheidh le dul i mbun dualgas an 1 Samhain 2014, cibé acu is túisce.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2014.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 22 Bealtaine 2013.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

H. VAN ROMPUY