ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.140.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
27 Bealtaine 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú

11

 


 

(1)   Faoin tagairt L 140 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.5.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 472/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136, i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De dheasca na géarchéime domhanda gan fasach lena bhfuil an domhan buailte ó 2007 i leith, tá damáiste tromchúiseach déanta d'fhás eacnamaíoch agus do chobhsaíocht airgeadais agus tháinig meathlú mór ar riocht easnamh agus fiachas rialtais na mBallstát, sa dóigh go raibh ar roinnt acu cúnamh airgeadais a lorg laistigh agus lasmuigh de chreat an Aontais.

(2)

Foráiltear in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gur gá don Aontas agus a chuid beartas agus gníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, aird a thabhairt ar cheanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.

(3)

Ba cheart comhsheasmhacht iomlán chreat iltaobhach faireachais an Aontais a bunaíodh le CFAE agus na coinníollacha beartais a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cúnamh airgeadais a chumhdach i ndlí an Aontais. Ar mhaithe le comhtháthú eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát uile, go háirithe iad siúd a bhfuil an euro mar airgeadra acu, teastaíonn faireachas feabhsaithe chun cosc a chur ar aicídiú ar an gcuid eile den limistéar euro agus, ar bhonn níos leithne, ar an Aontas ina iomláine ó Bhallstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt air i ndáil lena chobhsaíocht airgeadais.

(4)

Ba cheart déine faireachais eacnamaíoch agus bhuiséadaigh a bheith i gcomhréir agus i gcoibhneas le déine na ndeacrachtaí airgeadais atá ann agus ba cheart cineál an chúnaimh airgeadais atá á fháil a thabhairt i gcuntas mar is iomchuí, mar go bhféadfadh an cúnamh airgeadais a bheith aon áit sa raon ó thacaíocht réamhchúraim shimplí bunaithe ar choinníollacha incháilitheachta go clár iomlán coigeartaithe maicreacnamaíoch lena mbeadh dianchoinníollacht bheartais i gceist. Ba cheart d'aon chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch aird a thabhairt ar chlár athchóirithe náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhthéacs straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist.

(5)

Ba cheart Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu bheith faoi réir faireachais fheabhsaithe faoin Rialachán seo nuair atá deacrachtaí airgeadais tromchúiseacha aige nó nuair atá deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais ag bagairt air, d'fhonn a áirithiú go bhfillfidh sé ar ghnáthstaid go luath agus d'fhonn Ballstáit eile an limistéir euro a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha féideartha. Ba cheart faireachas feabhsaithe den sórt sin a bheith i gcoibhneas le déine na bhfadhbanna agus ba cheart é a choigeartú dá réir sin. Ba cheart a áireamh leis sin, rochtain níos forleithne ar fhaisnéis a theastaíonn chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch, bhuiséadach agus airgeadais, agus tuairisciú tráthrialta chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) nó chuig aon fhochoiste a shannfaidh an coiste sin chun na críche sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na socruithe faireachais céanna maidir le Ballstáit a iarrann cúnamh réamhchúraim ó Bhallstát eile amháin nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SaorCAE), ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), nó ó institiúid airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).

(6)

Ba cheart do Bhallstát atá faoi réir faireachais fheabhsaithe bearta a ghlacadh, freisin, a mbeidh sé mar aidhm acu dul i ngleic le húdair deacrachtaí nó le nithe a d'fhéadfadh a bheith ina n-údar deacrachtaí. Chun na críche sin, ba cheart dó aird a thabhairt ar na moltaí go léir atá dírithe air i gcúrsa nós imeachta um easnamh iomarcach nó nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha.

(7)

Ba cheart faireachas eacnamaíoch agus buiséadach a neartú i gcás Ballstát atá faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch. De bharr gur clár cuimsitheach clár den sórt sin, ba cheart na próisis eile faireachais eacnamaíoch agus bhuiséadaigh a chur ar fionraí nó, nuair is iomchuí, a shruthlíniú ar feadh thréimhse an chláir de choigeartuithe maicreacnamaíocha, d'fhonn comhsheasmhacht i bhfaireachas ar bheartas eacnamaíoch a áirithiú agus dúbailt oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint. Mar sin féin, agus an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch á ullmhú, ní mór aird a thabhairt ar na moltaí go léir arna ndíriú ar an mBallstát i gcúrsa nós imeachta um easnamh iomarcach nó nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha.

(8)

Tá méadú mór tagtha ar na dúshláin a bhaineann le calaois chánach agus le himghabháil cánach. Le domhandú an gheilleagair, forbairtí teicneolaíochta, idirnáisiúnú calaoise agus idirspleáchas na mBallstát a thagann dá bharr sin léirítear teorainneacha cur chuige atá fíor-náisiúnta, rud a a athneartaíonn an riachtanas a bhaineann le gníomhaíocht chomhpháirteach.

(9)

Ba cheart dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le calaois chánach agus le himghabháil cánach i mBallstáit atá faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch trí bhíthin bailiú ioncaim a fheabhsú sna Ballstáit sin agus tríd an gcomhar idir na ranna riaracháin ioncaim san Aontas agus i dtríú tíortha.

(10)

Ba cheart rialacha a leagan síos chun an comhphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú. Ba cheart parlaimint Ballstáit atá faoi réir clár coigeartaithe maicreacnamaíoch nó faoi réir faireachais fheabhsaithe a choinneáil ar an eolas i gcomhréir le rialacha agus cleachtais náisiúnta.

(11)

Ba cheart do Bhallstáit páirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir i gcláir um chúnamh airgeadais a ullmhú agus a chur chun feidhme agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, i gcomhréir le rialacha agus cleachtais náisiúnta.

(12)

Sula ndéanfar an cinneadh ón a bhaineann le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a ghlacadh, ba cheart deis a bheith ag comhlachtaí ábhartha SCE agus SaorCAE díospóireacht a reáchtáil ar thoradh na caibidlíochta idir an Coimisiún — ag feidhmiú thar ceann SCE nó SaorCAE i gcuibhreann leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus nuair is iomchuí an CAI — agus an Ballstát tairbhí maidir leis na coinníollacha beartais atá i gceangal le cúnamh airgeadais an Bhallstáit sin. Maidir le meabhráin tuisceana ina leagtar síos na coinníollacha mionsonraithe lenan deonaítear cúnamh airgeadais, glacfar iad faoin gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus faoin gCreat-Chomhaontú ShaorCAEu.

(13)

Mura bhforáiltear a mhalairt, ba cheart go gcumhdófaí tacaíocht airgeadais freisin le haon tagairtí a dhéantar sa Rialachán seo do chúnamh airgeadais arna dheonú ar bhonn réamhchúraim agus iasachtaí chun institiúidí airgeadais a athchaipitliú.

(14)

Ba cheart an cinneadh ón gCoimisiún Ballstát a chur faoi fhaireachas feabhsaithe faoin Rialachán seo a ghlacadh i ndlúthchomhar le CEA, an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (dá ngairtear le chéile ‘ÚMEanna’) agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéimeach (6). Ba cheart don Choimisiún comhoibriú i gcuibhreann le CEA agus cinneadh á dhéanamh aige i dtaobh ar cheart faireachas feabhsaithe a fhadú.

(15)

De bhun iarrata réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann nó ar fhorais imthosca eacnamaíochta eisceachtúla, is féidir leis an gCoimisiún a mholadh go laghdófaí nó go gcuirfí ar ceal aon taisce úsmhar, aon taisce neamhúsmhar nó aon fhíneáil atá ann cheana arna bhforchur ag an gComhairle faoi chuimsiú na coda coiscthí sin nó na coda ceartaithí den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis do Bhallstát a bheidh faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch.

(16)

Ba cheart rochtain ar fhaisnéis ar an obair ullmhúcháin arna déanamh sula nglactar moladh faoin Rialachán seo bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (7).

(17)

Nuair a ghlactar cinneadh faoin Rialachán seo nach gcomhlíonann Ballstát na ceanglais atá ina chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch, agus nuair a léirítear le teagmhais agus le hanailísí go soiléir go dteastaíonn sásra lena áirithiú go n-urramaítear na hoibleagáidí i leith a chuid creidiúnaithe agus go gcobhsaítear an staid eacnamaíoch agus airgeadais, iarrtar ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh le haghaidh an tsásra sin.

(18)

Maidir leis an gcumhacht chun moltaí a ghlacadh i dtaobh bearta ceartaitheacha réamhchúraim a ghlacadh agus i dtaobh clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a ullmhú; an chumhacht chun cláir choigeartaithe maicreacnamaíocht a fhormheas; an chumhacht chun cinntí a ghlacadh i dtaobh na bpríomhriachtanas beartais a bhfuil sé beartaithe ag SCE nó SaorCAE a áireamh sa choinníollacht maidir le cúnamh airgeadais arna dheonú ar bhonn réamhchúraim, iasachtaí arna ndéanamh chun institiúidí airgeadais a athchaipitliú nó in aon in ionstraim airgeadais nua arna comhaontú faoi chuimsiú SCE, agus an chumhacht chun glacadh bearta ceartaitheacha a mholadh do Bhallstáit atá faoi fhaireachas iarchláir, ba cheart í a thabhairt don Chomhairle. Is cumhachtaí iad sin a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo maidir le beartas um chomhordú eacnamaíoch na mBallstát, ar bheart é atá le déanamh sa Chomhairle de bhun Airteagal 121 CFAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, i gcás inarb amhlaidh, maidir leis na Ballstáit sin:

(a)

go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais nó inbhuanaitheacht a gcuid airgeadais phoiblí, as a leanann éifeachtaí iarmharta féideartha ar Bhallstáit eile sa limistéar euro; nó

(b)

go n-iarrann nó go bhfaigheann siad cúnamh airgeadais ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SásCAE), an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SaorCAE) nó ó institiúid idirnáisiúnta airgeadais eile amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).

2.   Leagtar síos sa Rialachán seo freisin forálacha maidir le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an mbeartas eacnamaíoch.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

4.   Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit Airteagal 152 CFAE a urramú go hiomlán. Agus an Rialachán seo agus na moltaí arna nglacadh faoi á gcur i bhfeidhm, tabharfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit aird ar rialacha agus ar chleachtais náisiúnta agus ar Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, ní dhéanann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na moltaí sin difear don cheart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích nó a fhorfheidhmiú ná gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 2

Ballstáit atá faoi réir faireachais fheabhsaithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh chun Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt air i ndáil lena chobhsaíocht airgeadais, ar dóigh dó éifeachtaí iarmharta codarsnacha a bheith acu ar Bhallstáit eile sa limistéar euro, a chur faoi réir faireachais fheabhsaithe.

Agus measúnú á dhéanamh aige an faoi bhagairt deacrachtaí tromchúiseacha atá Ballstát ó thaobh a chobhsaíochta airgeadais, úsáidfidh an Coimisiún i measc paraiméadar eile an sásra rabhaidh arna bhunú faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (8) nó, i gcás ina mbeidh fáil air, an t-athbhreithniú domhain is déanaí. Deanfaidh an Coimisiún freisin measúnú cuimsitheach a sheoladh agus aird á tabhairt, go háirithe, ar choinníollacha iasachtaíochta an Bhallstáit sin, próifíl aisíocaíochta na n-oibleagáidí fiachais atá air, a stóinsí atá a chreat buiséadach, a inbhuanaithe atá a chuid airgeadais phoiblí san fhadtéarma, a thábhachtaí atá a ualach fiachais agus an priacal aicídithe, mar thoradh ar theannas tromchúiseach ina earnáil airgeadais, ar a chás buiséadach nó ar earnáil airgeadais de chuid Ballstát eile.

Tabharfar an deis don Bhallstát lena mbaineann a dhearcadh a chur in iúl sula nglacann an Coimisiún a chinneadh chun an Ballstát sin a chur faoi réir faireachais fheabhsaithe. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh gach sé mhí i dtaobh ar cheart an faireachas feabhsaithe ar an mBallstát sin a fhadú.

2.   I gcás ina chinneann an Coimisiún Ballstát a chur faoi réir faireachais fheabhsaithe faoi mhír 1, cuirfidh sé torthaí uile an mheasúnaithe in iúl don Bhallstát lena mbaineann go cuí agus tabharfaidh sé fógra don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE), ina cháil mhaoirseachta, na ÚMEanna ábhartha, agus BERS dá réir sin.

3.   I gcás ina bhfuil cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát ar bhonn réamhchúraim ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, ó SásCAE, ó SaorCAE, ó SCE nó ó institiúid airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile, amhail CAI, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát sin faoi réir faireachais fheabhsaithe.

Poibleoidh an Coimisiún a chinntí arna nglacadh i gcomhréir le mír 1 agus leis an mír seo.

4.   Maidir le Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais ar bhonn réamhchúraim i bhfoirm líne creidmheasa, nach bhfuil de choinníoll ar an mBallstát sin a ghlacann bearta beartais nua a ghlacadh, ní bheidh feidhm ag mír 3 ar choinníoll nach dtarraingítear as an líne chreidmheasa sin.

5.   Foilseoidh an Coimisiún liosta de na hionstraimí lena soláthraítear cúnamh airgeadais réamhchúraim amhail dá dtagraítear i mír 3, chun críocha faisnéise, agus coinneoidh sé cothrom le dáta é chun aird a thabhairt ar athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar bheartas tacaíochta airgeadais, SCE, SásCAE, SaorCAE nó institiúide airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile.

Airteagal 3

Faireachas feabhsaithe

1.   Déanfaidh Ballstát atá faoi réir faireachais fheabhsaithe, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus i gcomhar leis, ag gníomhú i gcuibhreann le BCE, ÚMEanna, BERS, agus, i gcás inarb iomchuí, CAI, bearta a ghlacadh a mbeidh sé mar aidhm acu dul i ngleic le húdair deacrachtaí nó le nithe a d'fhéadfadh a bheith ina n-údar deacrachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh, tabharfaidh an Ballstát, aird ar aon mholtaí a ndírítear air faoi Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 an 7 Meitheamh 1997 ón gComhairle maidir le riochtaí buiséadacha a neartú agus le faireachas agus comhardú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha (9), Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 an 7 Iúil 1997 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nóis imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (10), nó Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, maidir lena chláir athchóirithe náisiúnta agus lena chláir chobhsaíochta.

Cuirfidh an Coimisiún, coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, CEA, Gasra Oibre an Ghrúpa Euro agus parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, ar an eolas faoin mbeart dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Maidir leis an bhfaireachas níos dlúithe ar an staid bhuiséadach atá leagtha síos in Airteagal 10(2), (3) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (11) beidh feidhm aige maidir le Ballstát atá faoi réir faireachais fheabhsaithe, beag beann ar easnamh iomarcach a bheith ann sa Bhallstát sin. An tuarascáil arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Rialachán sin, cuirfear isteach ar bhonn ráithiúil í.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát atá faoi réir faireachais fheabhsaithe an méid seo a leanas de bhun Airteagal 2(1):

(a)

faisnéis dhí-chomhiomlánaithe a chur chuig BCE ina cháil maoirseachta agus i gcás inarb iomchuí chuig na ÚMEanna ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de réir na minicíochta arna hiarraidh ar fhorbairtí ina chóras airgeadais, lena n-áirítear anailís ar thorthaí na dtástálacha struis nó na n-anailísí íogaireachta arna ndéanamh faoi phointe (b) den mhír seo;

(b)

tastálacha struis nó anailísí íogaireachta, faoi mhaoirseacht BCE ina cháil mhaoirseachta nó, i gcás inarb iomchuí, faoi mhaoirseacht na ÚMEanna ábhartha, mar is gá chun athléimneacht na hearnála airgeadais a mheasúnú ó thaobh turraingí maicreacnamaíocha agus airgeadais de chineálacha éagsúla, mar a shonróidh an Coimisiún agus BCE, i gcuibhreann leis na ÚMEanna ábhartha agus le BERS;

(c)

beidh sé de cheangal air measúnuithe tráthrialta a thíolacadh ar a chumais maoirseachta i dtaobh na hearnála airgeadais faoi chuimsiú athbhreithnithe shonraigh piaraí arna dhéanamh ag BCE, ina cháil maoirseachta, nó, i gcás inarb iomchuí, leis na ÚMEanna ábhartha;

(d)

aon fhaisnéis a theastaíonn chun faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

Ar bhonn na hanailíse ar thorthaí na dtástálacha struis sin agus na hanailísí íogaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír agus aird á tabhairt ar chonclúidí an mheasúnaithe arna dhéanamh ar tháscairí ábhartha an scóirchláir le haghaidh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bunaíodh i Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, déanfaidh BCE ina cháil maoirseachta agus na ÚMEanna ábhartha, i gcuibhreann le BERS, measúnú ar na leochaileachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann sa chóras airgeadais agus an measúnú sin a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, a mhinice a iarrann sé déanamh amhlaidh, agus chuig BCE.

4.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát atá faoi réir faireachais fheabhsaithe an méid seo a leanas de bhun Airteagal 2(3):

(a)

faisnéis dhíchomhiomlánaithe a chur chuig an gCoimisiún, chuig BCE, agus i gcás inarb iomchuí chuig ÚMEanna ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de réir na minicíochta arna hiarraidh, ar fhorbairtí ina chóras airgeadais, lena n-áirítear anailís ar thorthaí aon tastálacha struis nó anailísí íogaireachta arna ndéanamh faoi phointe (b);

(b)

faoi mhaoirseacht BCE, ina cháil maoirseachta, nó, i gcás inarb iomchuí, faoi mhaoirseacht na ÚMEanna ábhartha, tastálacha struis nó anailísí íogaireachta mar is gá chun athléimneacht na hearnála airgeadais a mheaúnús ó thaobh turraingí maicreacnamaíocha agus airgeadais de chineálacha éagsúla, mar a shonróidh an Coimisiún agus BCE, i gcuibhreann le ÚMEanna ábhartha agus le BERS, agus na torthaí mionsonraithe a roinnt leo;

(c)

beidh sé de cheangal air measúnuithe tráthrialta a thíolacadh ar a cháileanna maoirseachta i dtaobh na hearnála airgeadais faoi chuimsiú athbhreithnithe shonraigh piaraí arna dhéanamh ag BCE, ina cháil mhaoirseachta, nó, i gcás inarb iomchuí, ag na ÚMEanna ábhartha;

(d)

aon fhaisnéis a theastaíonn chun faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 a chur in iúl.

Coinneoidh an Coimisiún, BCE, agus na ÚMEanna ábhartha aon fhaisnéis dhíchomhiomlánaithe arna cur in iúl dóibh faoi rún.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE, agus leis na ÚMEanna ábhartha, agus, i gcás inarb iomchuí, le CAI, misin athbhreithnithe thráthrialta sa Bhallstát atá faoi réir faireachais fheabhsaithe chun an dul chun cinn atá déanta ag an mBallstát sin i gcur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 4 a fhíorú.

Gach ráithe, cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú in iúl do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus do CEA. Sa mheasúnú sin, scrúdóidh sé ar gá bearta breise, go háirithe.

Déanfar na misin athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír in ionad an fhaireacháin ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagal 10a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

6.   Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 5 á ullmhú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar thorthaí aon athbhreithnithe dhomhain faoi Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, lena n-áirítear meastóireacht ar éifeachtaí iarmharta beartas náisiúnta eacnamaíoch ar an mBallstát faoi réir faireachais fheabhsaithe, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.

7.   I gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an dtátal, ar bhonn na misean athbhreithnithe dá bhforáiltear i mír 5, go bhfuil gá le bearta breise agus go bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag staid airgeadais agus eacnamaíoch an Bhallstáit lena mbaineann ar chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro, nó a chuid Ballstát féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a mholadh don Bhallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha réamhchúraim a ghlacadh nó clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a ullmhú.

Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh a mholadh a phoibliú.

8.   I gcás ina bpoiblítear moladh dá dtagraítear i mír 7:

(a)

féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa deis a thairiscint don Bhallstát lena mbaineann agus don Choimisiún a bheith rannpháirteach i malartú tuairimí;

(b)

féadfaidh parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann iarraidh ar ionadaithe an Choimisiúin a bheith rannpháirteach i malartú tuairimí;

(c)

cuirfidh an Chomhairle coiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa ar an eolas in am trátha faoi inneachar an mholta.

9.   I gcaitheamh an phróisis faireachais fheabhsaithe, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann iarraidh ar ionadaithe an Choimisiúin, BCE agus CAI a bheith rannpháirteach i gcomhphlé eacnamaíoch.

Airteagal 4

Tuairisciú i gcás tacaíocht airgeadais d'athchaipitliú institiúidí airgeadais

Tabharfaidh Ballstáit atá faoi réir faireachais fheabhsaithe nó faoi réir cláir choigeartaithe maicreacnamaíoch a fhaigheann tacaíocht airgeadais chun a gcuid institiúidí airgeadais a athchaipitliú tuairisc dhá uair sa bhliain do CEA ar na coinníollacha arna bhforchur ar na hinstitiúidí airgeadais sin, lena n-áirítear na coinníollacha a bhaineann le luach saothair feidhmiúcháin. Tabharfaidh na Ballstáit sin tuairisc freisin ar na coinníollacha creidmheasa a thairgeann an earnáil airgeadais don fhíorgheilleagar.

Airteagal 5

Faisnéis maidir le hiarrataí ar chúnamh airgeadais arna mbeartú

Maidir le Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige cúnamh airgeadais a iarraidh ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, SCE, SaorCAE, nó institiúid airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile, amhail CAI, cuirfidh sé é sin in iúl láithreach d'Uachtarán na Meithle um Ghrúpa Euro, do chomhalta an Choimisiún atá freagrach as gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus d'Uachtarán BCE.

Tar éis dó measúnú a fháil ón gCoimisiún, déanfaidh Gasra Oibre an Ghrúpa Euro díospóireacht a reáchtáil maidir leis an iarraidh sin atá beartaithe d'fhonn scrúdú a dhéanamh ar, inter alia, na féidearthachtaí atá ar fáil faoi na hionstraimí airgeadais atá ann cheana de chuid an Aontais nó an limistéir euro, inter alia, sula ndíreoidh an Ballstát lena mbaineann ar iasachtóirí féideartha.

Más rud é go bhfuil sé i gceist ag Ballstát cúnamh airgeadais a iarraidh ó SásCAE cuirfidh sé a bhfuil i gceist aige a dhéanamh in iúl d'Uachtarán CEA, don chomhalta den Choimisiún atá freagrach as gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus d'Uachtarán BCE.

Airteagal 6

Meastóireacht ar inbhuanaitheacht fhiachas an rialtais

I gcás ina n-iarrann Ballstát cúnamh airgeadais ó SásCAE, SCE nó SaorCAE déanfaidh an Coimisiún — i gcuibhreann le BCE agus más féidir, le CAI — measúnú ar inbhuanaitheacht fhiachas rialtas an Bhallstáit sin agus ar a riachtanais airgeadais iarbhír nó féideartha. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin faoi bhráid Ghasra Oibre an Ghrúpa Euro más rud é go bhfuiltear chun an cúnamh airgeadais a dheonú faoi SCE nó SaorCAE agus chuig CEA más rud é go bhfuiltear chun an cúnamh airgeadais a dheonú faoi SásCAE.

Bunófar measúnú ar inbhuanaitheacht fhiachas an rialtais ar an gcás maicreacnamaíoch arb é is dóichí a tharlóidh nó ar chás níos stuama agus ar réamhaisnéisí buiséadacha ag úsáid na faisnéise is déanaí atá ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar thoradh an tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(3) agus ar aon chúram maoirseachta arna fheidhmiú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 3(3). Déanfaidh an Coimisiún tionchar turraingí maicreacnamaíocha agus airgeadais agus forbairtí díobhálacha ar inbhuanaitheacht fhiachas an rialtais a mheasúnú freisin.

Poibleoidh an Coimisiún an cás maicreacnamaíoch, lena n-áirítear an cás fáis, na paraiméadair ábhartha a bhuntacaíonn leis an measúnú ar inbhuanaitheacht fhiachas rialtas an Bhallstáit lena mbaineann, agus tionchar measta na mbeart buiséadach comhiomlán ar fhás eacnamaíoch.

Airteagal 7

Clár coigeartaithe maicreacnamaíoch

1.   I gcás ina n-iarrann Ballstát cúnaimh airgeadais ó Bhallstát amháin nó níos mó, SásCAE, SCE, SaorCAE, nó CAI, ullmhóidh sé, i gcomhaontú leis an gCoimisiún ag gníomhú i gcuibhreann le BCE agus, i gcás inarb iomchuí, le CAI dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíoch, ar clár é a dhéanfaidh aon chláir chompháirtíochta eacnamaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 agus lena n-áireofar spriocanna buiséadacha bliantúla, a fhorbairt agus cláir a chur ina n-ionad.

Leis an dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíoch, tabharfar aghaidh ar na priacail shonracha a thagann ón mBallstát sin le haghaidh chobhsaíocht airgeadais sa limistéir euro agus beidh sé mar aidhm aige staid eacnamaíoch agus airgeadais atá fónta agus inbhuanaithe a athbhunú go tapa, agus cumas an Bhallstáit é féin a mhaoiniú go hiomlán ar na margaí airgeadais a athshlánú.

Bunófar an dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíoch ar an measúnú ar inbhuanaitheacht fhiachas an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 6 — a ndéanfar é a thabhairt cothrom le dáta chun tionchar na ndréachtbheart ceartaitheach atá caibidlithe leis an mBallstát lena mbaineann a ionchorprú agus cuirfear san áireamh go cuí aon mholadh atá dírithe ar an mBallstát sin faoi Airteagal 121, Airteagal 126, Airteagal 136, nó Airteagal 148 CFAE agus a ghníomhaíochtaí chun aon mholadh den sórt sin a chomhlíonadh, agus é mar aidhm aige na bearta beartais atá ceangailte a leathnú, a neartú agus a dhoimhniú.

Cuirfear san áireamh sa dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíoch an cleachtas agus na hinstitiúidí d'fhoirmiú pá agus clár athchóirithe náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhthéacs straitéis an Aontais d’fhás agus do phoist.

Leis an dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíocha, urramófar go hiomlán Airteagal 152 CFAE agus Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh Choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas ó bhéal maidir leis an dul chun cinn atá déanta in ullmhú an dréachtchláir coigeartaithe maicreacnamaíoch. Déileálfar leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch arna ullmhú ag an mBallstát a mbeidh an cúnamh airgeadais á iarraidh aige, a fhormheas i gcomhréir le mír 1.

Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfuil an meamram tuisceana arna shíniú ag an gCoimisiún thar ceann SCE nó SásCAE comhsheasmhach leis an gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch atá formheasta ag an gComhairle.

3.   Déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht a áirithiú i bpróiseas an fhaireachais eacnamaíoch agus bhuiséadaigh maidir le Ballstát atá faoi chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch chun dúbailt oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE agus, i gcás inarb iomchuí, le CAI, faireachán ar an dul chun cinn atá déanta ag Ballstát i gcur chun feidhme a chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch.

Gach trí mhí, cuirfidh an Coimisiún CEA ar an eolas maidir le dul chun cinn den sórt sin. Comhoibreoidh an Ballstát lena mbaineann go hiomlán leis an gCoimisiún agus le BCE. Tabharfaidh sé don Choimisiún agus do BCE, go háirithe, an fhaisnéis ar fad a mheasann siad a bheith riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir choigeartaithe maicreacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 3(4).

Cuirfidh an Coimisiún Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa ar an eolas ó bhéal maidir leis na conclúidí arna mbaint ón gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch. Déileálfar leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE agus, i gcás inarb iomchuí, le CAI — scrúdú in éineacht leis an mBallstát lena mbaineann ar na hathruithe agus na nuashonrúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ar a chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch chun aird chuí a thabhairt, inter alia, ar aon bhearna shuntasach idir réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus na figiúirí a fuarthas, lena n-áirítear na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch, ar éifeachtaí iarmharta codarsnacha agus ar thurraingí maicreacnamaíocha agus airgeadais. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh maidir le haon athrú atá le déanamh ar an gclár sin.

6.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a bhreithniú i dtaobh an nglacfar na bearta go léir is gá chun a iarraidh ar infheisteoirí príobháideacha a nochtadh foriomlán a choimeád ar bhonn saorálach.

7.   I gcás ina n-aibhsítear san fhaireachán dá dtagraítear i mír 4 dialltaí suntasacha ó chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch Ballstáit, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh nach gcomhlíonann an Ballstát i gceist na ceanglais bheartais atá ina chlár. Déanfaidh an Coimisiún, ina thogra, a mheasúnú go sainráite cibé an bhfuil dialltaí suntasacha den sórt sin ann i ngeall ar chúiseanna atá lasmuigh de rialú an Bhallstáit lena mbaineann.

Déanfar leis na hiarrachtaí um chomhdhlúthú buiséadach a leagtar amach sa chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch aird a thabhairt ar an ngá chun a áirithiú go bhfuil dóthain acmhainní ann do bheartais bhunúsacha amhail oideachas agus cúram sláinte.

I gcás ina ndéantar cinneadh faoin mhír seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus i gcuibhreann le BCE, agus i gcás inarb iomchuí le CAI, bearta a ghlacadh a bheidh dírithe ar na margaí a chobhsú agus dea-fheidhmiú a earnála airgeadais a chaomhnú.

8.   Ballstát atá faoi réir cláir de choigeartuithe maicreacnamaíocha agus nach bhfuil acmhainn riaracháin leordhóthanach aige nó a bhfuil fadhbanna suntasacha aige maidir le cur chun feidhme an chláir, iarrfaidh sé cúnamh teicniúil ar an gCoimisiún, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, chun na críche sin, grúpaí saineolaithe arna gcomhdhéanamh de chomhaltaí ó Bhallstáit eile agus ó institiúidí eile Aontais nó ó institiúidí idirnáisiúnta ábhartha. Beidh cuspóirí agus meáin an chúnaimh theicniúil rianta go sainráite sna leaganacha nuashonraithe den chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch agus díreoidh siad ar an réimse ina mbeidh mór-riachtanais sainaitheanta. Féadfar a áireamh leis an gcúnamh teicniúil ionadaí cónaitheach agus foireann tacaíochta chun comhairle a chur ar na húdaráis maidir le cur chun feidhme an chláir.

Déanfar an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch, lena n-áirítear a chuspóirí agus dáileadh measta na hiarrachta coigeartaithe, a phoibliú.

Cuirfear conclúidí mheasúnú inbhunaitheacht an fhiachais rialtais i gceangal leis an gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch.

9.   Déanfaidh Ballstát atá faoi réir cláir coigeartuithe maicreacnamaíoch iniúchadh cuimsitheach ar a airgeadas poiblí chun inter alia na cúiseanna ar taibhíodh leibhéil méadaitheach iomarcacha fiachais chomh maith le haon neamhrialtacht a d’fhéadfadh a bheith ann a rianú.

10.   Féadfaidh an coiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint don Bhallstát lena mbaineann agus don Choimisiún páirt a ghlacadh i malartú tuairimí maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chláir coigeartaithe maicreacnamaíoch.

11.   Féadfaidh parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann iarraidh ar ionadaithe ón gCoimisiún páirt a ghlacadh i malartú tuairimí maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme a chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch.

12.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hionstraimí a sholáthraíonn cúnamh airgeadais ar bhonn réamhchúraim, maidir le hiasachtaí a dhéantar chun institiúidí airgeadais a athchaipitliú, nó maidir le haon ionstraim nua airgeadais SCE nach bhforáiltear do chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch ina leith le rialacha SCE.

Chun críocha faisnéise, bunóidh an Coimisiún liosta de na hionstraimí cúnaimh airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus déanfaidh sé é a choinneáil cothrom le dáta chun aird a thabhairt ar athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar bheartas tacaíochta airgeadais SCE.

Maidir leis na hionstraimí sin, déanfaidh an Chomhairle — ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún — trí chinneadh a bheidh dírithe ar an mBallstát lena mbaineann, na príomhcheanglais beartais, a mbeidh beartaithe ag SCE nó ag ESFM iad a áireamh sa choinníollacht dá thacaíocht airgeadais, sa mhéid a thig inneachar na mbeart sin faoi inniúlacht an Aontais mar a leagtar síos leis na Conarthaí é.

Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfuil an meamram tuisceana arna shíniú ag an gCoimisiún thar ceann SCE nó SaorCAE ag teacht go hiomlán le cinneadh den sórt sin ón gComhairle.

Airteagal 8

Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta

Iarrfaidh Ballstát tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta nuair a bheidh dréachtchlár coigeartaithe maicreacnamaíoch á ullmhú aige, d'fhonn rannchuidiú le comhthoil a chruthú faoina inneachar.

Airteagal 9

Bearta chun ioncam cánach a choimirciú

Déanfaidh Ballstát, i gcás inar gá sin, bearta a dhéanamh i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus i gcuibhreann le BCE agus i gcás inarb iomchuí le CAI, agus é mar aidhm leo éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chumais bailithe ioncaim agus an comhrac i gcoinne na calaoise cánach agus na himghabhála cánach a athneartú agus d’fhonn a ioncam fioscach a mhéadú.

Airteagal 10

Comhsheasmhacht leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

1.   I gcás ina bhfuil Ballstát faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch agus na n-athruithe air faoi Airteagal 7 den Rialachán seo, beidh sé díolmhaithe ó chlár cobhsaíochta a thíolacadh faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, agus déanfar a bhfuil i gclár cobhsaíochta den chineál sin a chomhtháthú i gclár coigeartaithe maicreacnamaíoch.

2.   I gcás ina bhfuil Ballstát atá faoi réir cláir choigeartaithe maicreacnamaíoch, ina theannta sin, faoi réir mholta faoi Airteagal 126(7) CFAE nó faoi réir chinneadh foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE i ndáil le heasnamh iomarcach a cheartú:

(a)

beidh sé díolmhaithe, de réir mar is iomchuí, ó na tuarascálacha faoi Airteagal 3(4a) agus in Airteagal 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a thíolacadh;

(b)

na spriocanna bliantúla buiséid i ngach clár coigeartaithe maicreacnamaíoch, déanfar iad a lánpháirtiú sa mholadh nó sa chinneadh foláireamh a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 3(4) agus le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. agus, i gcás ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann faoi réir cinnidh foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE, déanfar na bearta a chuideoidh na spriocanna sa chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch a lánpháirtiú sa chinneadh foláireamh a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97;

(c)

maidir leis an bhfaireachán dá bhforáiltear in Airteagal 7(4) den Rialachán seo, beidh sé díolmhaithe ón bhfhaireacháin faoi Airteagal 10(1) agus Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 agus ón bhfaireachán atá mar bhunús le haon chinneadh faoi Airteagal 4(2) agus Airteagal 6(2) den Rialachán sin.

Airteagal 11

Comhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011

I gcás ina bhfuil Ballstáit faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch, ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 maidir leis an mBallstát sin ar feadh ré an chláir sin, ach amháin go ndéanfar na táscairí sa scórchlár arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 a lánpháirtiú i bhfaireachán an chláir sin.

Airteagal 12

Comhsheasmhacht leis an Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú

I gcás ina bhfuil Ballstáit faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch, beidh sé díolmhaithe ó fhaireachán agus ó mheasúnú an tSeimeastair Eorpaigh chun beartas eacnamaíoch a chomhordú faoi Airteagal 2-a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ar feadh ré an chláir sin.

Airteagal 13

Comhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. 473/2013

I gcás ina bhfuil Ballstát faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch, ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 maidir leis an mBallstát sin ar feadh ré an chláir sin, cé is moite d'Airteagal 1 go hAirteagal 5 agus d'Airteagal 13 go hAirteagal 18 den Rialachán sin.

Airteagal 14

Faireachas iarchláir

1.   Beidh Ballstát faoi fhaireachas iarchláir a fhad is nach bhfuil íosmheid 75 % den chúnamh airgeadais a fuair sé ó Bhallstát eile amháin nó níos mó, ó SásCAE, ó SCE nó ó SaorCAE aisíoctha. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún ré an fhaireachais iarchláir a shíneadh i gcás priacal marthanach maidir le cobhsaíocht airgeadais nó maidir le hinbhuanaitheacht bhuiséadach an Bhallstáit lena mbaineann. Measfar an togra ón gComhairle a bheith glactha ach amháin má chinneann an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, diúltú dó laistigh de 10 lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é.

2.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, comhlíonfaidh an Ballstát atá faoi fhaireachas iarchláir na ceanglais faoi Airteagal 3(3) den Rialachán seo agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE, misin athbhreithnithe thráthrialta sa Bhallstát atá faoi fhaireachas iarchláir chun a staid eacnamaíoch, bhuiséadach agus airgeadais a mheasúnú. Gach sé mhí, cuirfidh sé a mheasúnú in iúl do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, do CEA agus do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann agus déanfaidh sé measúnú, go háirithe, i dtaobh an gá bearta breise.

Féadfaidh an coiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann páirt a ghlacadh i malartú tuairimí maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoi fhaireachas iarchláir.

4.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, moladh do Bhallstát atá faoi fhaireachas iarchláir bearta ceartaitheacha a ghlacadh. Measfar an togra ón gComhairle a bheith glactha ach amháin má chinneann an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, diúltú dó laistigh de 10 lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é.

5.   Féadfaidh parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann a iarraidh ar ionadaithe ón gCoimisiún páirt a ghlacadh i malartú tuairimí maidir le faireachas iarchláir.

Airteagal 15

Vótáil laistigh den Chomhairle

I gcás na mbeart dá dtagraítear sa Rialachán seo, ní vótálfaidh ach comhaltaí den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht thar ceann Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus gníomhóidh an Chomhairle gan vóta an chomhalta sin den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh.

Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na Comhairle dá dtagraítear sa chéad mhír a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) CFAE.

Airteagal 16

Cur i bhfeidhm i ndáil le Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais

Maidir le Ballstáit atá ag fáil cúnamh airgeadais an 30 Bealtaine 2013 beidh siad faoi réir an Rialacháin seo amhail ón dáta sin.

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

D'ainneoin Airteagal 14, beidh Ballstáit atá faoi fhaireachas iarchláir an 30 Bealtaine 2013 faoi réir na rialacha, na coinníollacha agus na nósanna imeachta um fhaireachas iarchláir is infheidhme maidir leis an gcúnamh airgeadais as a mbaineann siad tairbhe.

Airteagal 18

Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar ionadaithe ón gComhairle agus ón gCoimisiún dul i mbun comhphlé maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 19

Tuarascálacha

Faoin 1 Eanáir 2014 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mbeidh, nuair is iomchuí, togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a phoibliú.

Déanfaidh na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír meastóireacht, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo;

(b)

dul chun cinn atá á dhéanamh chun comhordú níos dlúithe i leith beartas eacnamaíoch agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE;

(c)

rannchuidiú an Rialacháin seo maidir le straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist a chur i gcrích

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 141, 17.5.2012, lch. 7.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013.

(3)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(4)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

(5)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(6)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.

(7)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(8)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.

(9)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

(10)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

(11)  Féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo.


27.5.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/11


RIALACHÁN (AE) Uimh. 473/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2013

maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136 i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn iad a mbeartais eacnamaíocha, gurb é an gá le hairgeadas poiblí fónta atá ina threoir dá mbeartais bhuiséadacha agus nach bhfuil baol ann go gcuirfidh a mbeartais eacnamaíocha feidhmiú cuí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta i gcontúirt.

(2)

Tá sé mar aidhm ag an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) smacht buiséadach a dhaingniú ar fud an Aontais agus leagtar amach ann an creat chun easnaimh iomarcacha rialtais a chosc agus a cheartú. Tá sé bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir a bhfuil cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú. Áirítear sa CCF an córas faireachais iltaobhaigh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (3) agus an nós imeachta chun easnamh iomarcach rialtais a sheachaint, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 126 CFAE agus a dhéantar a shonrú tuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (4). Rinneadh CCF a neartú tuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle (6). Le Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro (7), tugadh isteach córas éifeachtach, coisctheach agus céimseach sásraí forfheidhmiúcháin i bhfoirm smachtbhannaí a fhorchur ar na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(3)

Tá neartú CCF tar éis feabhas a chur ar an treorú a thugtar do Bhallstáit maidir le ceapadh beartas buiséadach ar bhonn stuama, agus, maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, tá forchur smachtbhannaí athneartaithe agus cuireadh an forchur sin ar bhonn níos uathoibríche i gcás nach leanann siad ceapadh beartas buiséadach ar bhonn stuama, ionas go seachnófar easnaimh rialtais iomarcacha. Tá creat níos cuimsithí cruthaithe ag na forálacha sin.

(4)

Chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú, déanann an Seimeastar Eorpach, arna bhunú in Airteagal 2-a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, foráil do chreat le haghaidh chomhordú an bheartais eacnamaíoch. Áirítear sa Seimeastar Eorpach foirmiú mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (mór-threoirlínte beartais eacnamaíocha), agus faireachas ar chur chun feidhme na mór-threoirlínte sin, i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE; foirmiú na dtreoirlínte fostaíochta atá le cur san áireamh ag na Ballstáit, agus scrúdú an chur chun feidhme sin, i gcomhréir le hAirteagal 148(2) CFAE (na treoirlínte fostaíochta); tíolacadh chlár cobhsaíochta nó chlár um chóineasú na mBallstát faoin Rialachán sin, agus measúnú ar na cláir sin; tíolacadh chláir athchóirithe náisiúnta na mBallstát, agus measúnú ar na cláir sin, lena dtacaítear le straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist agus ar cláir iad a bhunaítear i gcomhréir leis na mór-threoirlínte eacnamaíocha, leis na treoirlínte fostaíochta agus leis an treorú ginearálta do Bhallstáit arna eisiúint ag an gCoimisiún (an suirbhé bliantúil fáis) agus ag an gComhairle Eorpach ag tús an timthrialla bhliantúil faireachais; agus faireachas chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú faoi Rialachán (AE) Uimh 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (8). I gcás inarb iomchuí, ba cheart tuairimí arna n-eisiúint i gcomhthéacs cláir comhpháirtíochta eacnamaíche, amhail a bhunaítear leis an Rialachán seo, a chur san áireamh freisin.

(5)

Ionas go mbeidh an tAontas in ann a bheith níos láidre ag teacht ón ngéarchéim dó, ar leibhéal inmheánach agus ar leibhéal idirnáisiúnta araon, trí bhorradh a chur faoin iomaíochas, faoin táirgiúlacht, faoin acmhainneacht fáis, faoin gcomhtháthú sóisialta agus faoin gcóineasú eacnamaíoch, rinne an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 17 Meitheamh 2010, straitéis nua Aontais don fhás agus do phoist a ghlacadh, a bhfuil cuspóirí ann freisin i réimse na bochtaineachta, réimse an oideachais, réimse na nuálaíochta agus réimse an chomhshaoil.

(6)

Chun feidhmiú cuí an aontais eacnamaíoch agus airgeadais a áirithiú, ceadaítear le CFAE bearta sonracha a ghlacadh sa limistéar euro, ar bearta iad a théann thar na forálacha is infheidhme maidir le gach Ballstát chun an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht air a neartú. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht chomhchuimseach Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta, de réir mar is iomchuí, ag gabháil le comhordú agus faireachas neartaithe den sórt sin. Ba cheart go mbainfí úsáid ghníomhach, i gcás inarb iomchuí agus inar gá, as bearta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 136 CFAE.

(7)

Ba cheart go ndéanfaí le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo Airteagal 152 CFAE a chomhlíonadh go hiomlán agus ba cheart go ndéanfadh na moltaí a eisítear faoin Rialachán seo cleachtais náisiúnta agus institiúidí náisiúnta um shocrú pá a urramú. Tugtar aird leis an Rialachán seo ar Airteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus dá réir sin, ní dhéanann sé difear don cheart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích nó a fhorfheidhmiú ná do ghníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta.

(8)

Forálann Airteagal 9 CFAE, nuair a bhíonn a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme ag an Aontas, go bhfuil sé le haird a thabhairt ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.

(9)

Beidh faireachas agus comhordú a neartófar de réir a chéile, de réir mar a leagtar amach sa Rialachán seo, ina chomhlánú breise ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú beartais eacnamaíochta, beidh sé mar chomhlánú ar na forálacha atá ann cheana i CCF agus beidh sé ina neartú ar an bhfaireachas ar bheartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Trí nós imeachta faireacháin a fheabhsófar de réir a chéile, ba cheart go gcuirfí ar son torthaí buiséadacha agus eacnamaíocha níos fearr, ar son fóntais mhaicreacnamaíoch agus ar son cóineasú eacnamaíoch, rud a rachadh chun tairbhe na mBallstát ar fad a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Mar chuid de phróiseas a neartófar de réir a chéile, tá luach ar leith le baint as faireachán níos dlúithe ag Ballstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach.

(10)

Is féidir le réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha atá claonta agus neamhréalaíoch cur isteach go mór ar éifeachtacht na pleanála buiséadaí agus, dá thoradh sin, an tiomantas do smacht buiséadach a lagú. Maidir le comhlachtaí neamhspleácha nó comhlachtaí ag a bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil ó údaráis bhuiséadacha Ballstáit agus a bhfuil forálacha reachtacha náisiúnta mar bhonn taca leo a áirithíonn leibhéal ard neamhspleáchais fheidhmiúil agus cuntasachta, is féidir leo réamhaisnéisí maicreacnamaíocha neamhchlaonta agus réalaíocha a sholáthar. Ba cheart go ndéanfaí na réamhaisnéisí sin a úsáid ar fud an nós imeachta bhuiséadaigh.

(11)

Is le linn staid na pleanála is fearr a áirithítear airgeadas poiblí stóinseach agus ba cheart ollearráidí a aithint a luaithe is féidir. Ba cheart go mbainfeadh na Ballstáit tairbhe ní amháin de phrionsabail threoracha agus spriocanna buiséadacha a shocrú ach freisin d’fhaireachán sioncrónaithe ar a mbeartais bhuiséadacha.

(12)

Trí amlíne bhuiséadach choiteann a bhunú i gcomhair na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ba cheart go mbeifí in ann na príomhchéimeanna in ullmhúchán na mbuiséad náisiúnta a shioncrónú níos fearr, sa dóigh go gcuirfí le héifeachtacht CCF agus an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú beartais eacnamaíoch. Ba cheart go dtiocfadh as sin sineirgíochtaí níos láidre trí chomhordú beartais i measc na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu a éascú agus trína áirithiú go ndéanfaí moltaí ón gComhairle agus moltaí ón gCoimisiúin a chomhtháthú go hiomchuí i nós imeachta buiséadach na mBallstát. Ba cheart go mbeadh an nós imeachta sin comhsheasmhach leis an gcreat um chomhordú beartais eacnamaíoch i gcomhthéacs an timthrialla bhliantúil faireachais, lena n-áirítear, go háirithe, an treorú ginearálta do na mBallstáit arna eisiúint ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle Eorpach ag tús an timthrialla. Ba cheart go mbeadh beartais bhuiséadacha na mBallstát ag luí leis na moltaí a bheidh eisithe i gcomhthéacs CCF agus, i gcás inarb iomchuí, le moltaí a bheidh eisithe i gcomhthéacs an timthrialla bhliantúil faireachais, lena n-áirítear an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus le tuairimí maidir le cláir chomhpháirtíochta eacnamaíocha amhail a bhunaítear sa Rialachán seo.

(13)

Mar chéad chéim san amlíne bhuiséadach choiteann sin, ba cheart go bpoibleodh na Ballstáit a bplean buiséadach meántéarmach náisiúnta ag an am céanna lena gcláir chobhsaíochta de rogha faoi 15 Aibreán agus ag tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán. Ba cheart go ndéanfaí a áireamh sna pleananna buiséadacha den sórt sin táscairí maidir leis an tslí a meastar go rannchuideoidh na hathchóirithe agus na bearta arna leagan amach le gnóthú na spriocanna agus na dtiomantas náisiúnta arna mbunú laistigh de chreat straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist. Is féidir gurb é an doiciméad céanna a bheadh sa phlean buiséadach meántéarmach náisiúnta agus sa chlár cobhsaíochta.

(14)

Ba cheart go mbeadh foilsiú dréachtbhuiséid ón rialtas lárnach faoin 15 Deireadh Fómhair ina chloch mhíle thábhachtach amháin den amlíne bhuiséadach choiteann sin. De bhrí go bhfuil comhlíonadh rialacha CCF le háirithiú ar leibhéal an rialtais ghinearálta agus go n-éilíonn gnóthú na gcuspóirí buiséadacha go ndéanfar buiséadú comhleanúnach ar fud na bhfo-earnálacha uile den rialtas ginearálta, ba cheart go mbeadh foilsiú na bpríomhpharaiméadar de dhréachtbhuiséid na bhfo-earnálacha eile go léir den rialtas lárnach ag gabháil le foilsiú an dréachtbhuiséid ón rialtas lárnach. Ba cheart a áireamh go háirithe sna paraiméadair sin, torthaí buiséadacha réamh-mheasta na bhfo-earnálacha eile, na príomhthoimhdí is bonn taca do na teilgin sin agus na cúiseanna atá leis na hathruithe a mheastar a bheidh ann i dtaca leis na toimhdí sna cláir chobhsaíochta.

(15)

Foráiltear leis an amlíne bhuiséadach choiteann freisin go ndéanfaí an buiséad a ghlacadh nó socrú a dhéanamh ina thaobh go bliantúil faoin 31 Nollaig i dteannta na bpríomhpharaiméadar buiséadach nuashonraithe le haghaidh gach fo-earnáil eile den rialtas ginearálta. Más rud é, ar chúiseanna oibiachtúla atá lasmuigh de rialú an rialtais, nach ndéantar an buiséad a ghlacadh faoin 31 Nollaig, amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart nósanna imeachta teagmhasacha ar an mbuiséad a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh an rialtas i gcónaí in ann a chuid dualgas bunriachtanach a urscaoileadh. D’fhéadfadh a bheith san áireamh i socruithe den sórt sin, mar shampla, cur chun feidhme dhréachtbhuiséad an rialtais nó cur chun feidhme a bhuiséid formheasta don bhliain roimhe sin nó bearta sonracha atá formheasta ag an bParlaimint.

(16)

D’fhonn comhordú níos fearr a dhéanamh ar phleanáil eisiúint a bhfiachais náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú ex-ante ar a bpleananna eisiúna fiachais phoiblí chuig an nGrúpa Euro agus chuig an gCoimisiún.

(17)

Is féidir le comhlíonadh creataí buiséadacha éifeachtacha riailbhunaithe a bheith tábhachtach chun tacú le beartais bhuiséadacha atá fónta agus inbhuanaithe. Leagadh síos i dTreoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (9) gur cheart do chomhlachtaí neamhspleácha nó do chomhlachtaí ag a bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil tacú ar leibhéal náisiúnta le faireachán ar chomhlíonadh na rialacha buiséadacha uimhriúla is sonrach do thír áirithe. I bhfianaise éagsúlacht na socruithe féideartha agus láithreacha, tá sé tábhachtach a thabhairt chun suntais, cé nach é an rogha is fearr é, ba cheart go bhféadfadh níos mó ná comhlacht neamhspleách amháin bheith i gceannas ar an bhfaireachán ar chomhlíonadh na rialacha, chomh fada agus gur ann do leithdháileadh soiléir freagrachta agus chomh fada agus nach bhfuil aon fhorluí inniúlachtaí ann i dtaobh gnéithe sonracha den fhaireachán. Ba cheart blúiriú iomarcach institiúideach ar na cúraimí faireacháin a sheachaint. Ionas go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí faireacháin a sainordú go héifeachtach, ba cheart go mbeadh forálacha náisiúnta dlí a áirithíonn leibhéal ard neamhspleáchais fheidhmiúil agus cuntasachta mar bhonn taca do na comhlachtaí sin. Ba cheart go mbeadh na comhlachtaí faireacháin sin ceaptha ar shlí a chuirfeadh an suíomh institiúideach atá cheana ann agus struchtúr riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh sé indéanta neamhspleáchas feidhmiúil a bhronnadh ar eintiteas oiriúnach institiúide atá cheana ann, ar choinníoll go bhfuil an t-eintiteas sin ainmnithe go sainiúil chun cúraimí faireacháin a chur i gcrích, go bhfuil réim reachtach dearfa aige agus go gcomhlíonann sé na prionsabail eile dá dtagraítear san aithris seo.

(18)

Ní fhorchuirtear leis an Rialachán seo ceanglais bhreise ná oibleagáidí breise ar Bhallstáit i dtaca leis na rialacha buiséadacha uimhriúla is sonrach do thír áirithe. Is cloch choirnéil de chreat neartaithe um fhaireachas buiséadach an Aontais iad rialacha buiséadacha uimhriúla tírshainiúla atá ar comhréir leis na cuspóirí buiséadacha ar leibhéal an Aontais agus a mbíonn comhlachtaí neamhspleácha ag déanamh faireacháin orthu. Tá na rialacha ar cheart do na comhlachtaí sin a chomhlíonadh, agus a gcúraimí sonracha, leagtha amach sa Rialachán seo.

(19)

Tá na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu i mbaol áirithe d'éifeachtaí iarmharta ó bheartais buiséadacha a chéile. Ba cheart do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus lena chéile sula nglacfar aon phleananna móra maidir le hathchóiriú ar an mbeartas buiséadach a bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith acu, chun ligean measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar an limistéar euro ina iomláine. Ba cheart dóibh a mheas gur ábhar leasa choitinn a bpleananna buiséadacha agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun críche faireacháin sula ndéanfaí pleananna ceangailteacha díobh. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoirlínte a mholadh i bhfoirm creata chomhchuibhithe i gcomhair shonraíocht inneachar dréachtphleananna buiséadacha.

(20)

Sna cásanna eisceachtúla ina sainaithníonn an Coimisiún sa dréachtphlean buiséadach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, gurb ann do neamhchomhlíonadh atá sách tromchúiseach de na hoibleagáidí beartais bhuiséadaigh a leagtar síos i CCF, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, ina thuairim maidir leis an dréachtphlean buiséadach, dréachtphlean buiséadach athbhreithnithe a iarraidh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is amhlaidh a bheidh an cás más rud é, go háirithe, go gcuirfeadh cur chun feidhme an dréachtphlean bhuiséadaigh cobhsaíocht airgeadais an Bhallstáit i dtrácht i mbaol nó go mbeadh an baol ag gabháil leis go ndéanfadh sé dochar d’fheidhmiú cuí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta nó más rud é go mbeadh sárú suntasach léir ar na moltaí arna nglacadh ag an gComhairle faoi CCF ag baint le cur chun feidhme an phlean bhuiséadaigh tosaigh.

(21)

Ba cheart tuairim an Choimisiúin maidir leis an dréachtphlean buiséadach a ghlacadh a luaithe agus is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná deireadh mhí na Samhna, agus an sceideal buiséadach náisiúnta sonrach mar aon le nósanna imeachta parlaiminteacha á gcur san áireamh a mhéid is féidir, chun a áirithiú gur féidir treorú beartais an Aontais sa réimse buiséadach a chomhtháthú go hiomchuí sna hullmhúcháin buiséid náisiúnta. Go háirithe, ba cheart a bheith san áireamh sa tuairim sin measúnú an dtéann na pleananna buiséadacha i ngleic go hiomchuí leis na moltaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh sa réimse buiséadach. Arna iarraidh sin ag parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann nó ag Parlaimint na hEorpa, ba cheart don Choimisiún a bheith ullamh lena thuairim a chur faoi bhráid na parlaiminte a dhéanann an iarraidh, tar éis an iarraidh sin a bheith poiblithe. Iarrtar ar na Ballstáit an tuairim ón gCoimisiúin maidir lena ndréachtphlean buiséadach a chur san áireamh i bpróiseas ghlacadh a ndlí bhuiséadaigh.

(22)

Ba cheart go mbeadh an méid a tugadh an tuairim sin san áireamh i ndlí buiséadach de chuid Ballstáit mar chuid den mheasúnú as a leanfaidh, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha agus nuair a chomhlíontar iad, an cinneadh maidir le easnamh iomarcach a bheith ann sa Bhallstát lena mbaineann. I gcás den sórt sin, ba cheart go measfaí mar chúinse géaraithe gan aon bheart leantach a bheith déanta ar scór luath-threorú an Choimisiúin.

(23)

Chomh maith leis sin, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar na dréachtphleananna buiséadacha ag an gCoimisiún, ba cheart don Ghrúpa Euro an staid bhuiséadach agus na hionchais don limistéar euro ina iomláine a phlé.

(24)

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, ba cheart faireachán níos dlúithe a dhéanamh orthu chun an t-easnamh iomarcach a cheartú ina iomláine, go hinbhuanaitheach agus go tráthúil. Ba cheart go ndéanfadh faireachán níos dlúithe, trí bhíthin na gceanglas tuairiscithe bhreise, a áirithiú go ndéanfaí cosc agus luathcheartú ar aon chlaonadh ó mholtaí na Comhairle maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú. Ba cheart go mbeadh an faireachán sin mar chomhlánú ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Ba cheart na ceanglais tuairiscithe bhreise sin bheith comhréireach le céim an nós imeachta a bhfuil an Ballstát faoina réir, faoi Airteagal 126 CFAE. Mar chéad chéim, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar fhorghníomhú an bhuiséid sa bhliain don rialtas ginearálta agus dá chuid fo-earnálacha, á chur san áireamh dóibh na priacail airgeadais ar leith a ghabhann le dliteanais theagmhasacha a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar bhuiséid phoiblí.

(25)

Maidir le ceanglais tuairiscithe breise do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, ba cheart go gcumasódh siad malartú faisnéise níos fearr idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Coimisiún, agus mar thoradh air sin go sainaithneofaí priacail nach mbeadh Ballstát in ann an sprioc-am a chomhlíonadh a bheidh leagtha síos ag an gComhairle chun a easnamh iomarcach a cheartú. I gcás ina sainaithneofaí priacail den sórt sin, ba cheart don Choimisiún moladh a eisiúint don Bhallstát lena mbaineann lena leagtar amach na bearta iomchuí atá le glacadh laistigh de thréimhse ama áirithe. Arna iarraidh sin, ba cheart don Choimisiún a mholadh sin a thíolacadh do Pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart go leanfadh as comhlíonadh an mholta, laistigh den sprioc-am a bheidh leagtha síos, ceartú pras ar aon fhorbairtí a chuirfeadh ceartú an easnaimh iomarcaigh i mbaol.

(26)

Ba cheart measúnú ar chomhlíonadh an mholta ón gCoimisiún a bheith mar chuid den mheasúnú leanúnach a dhéanfaidh an Coimisiún ar ghníomhaíocht éifeachtach chun an t-easnamh iomarcach a cheartú. Nuair a bheifear a chinneadh an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach chun an t-easnamh iomarcach a cheartú, ba cheart don Chomhairle a cinneadh a bhunú freisin ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Ballstát an moladh ón gCoimisiún, agus aird chuí á tabhairt aici ar Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

(27)

Go deimhin, i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, ina leagtar amach go mionsonrach an nós imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar Airteagal 126 CFAE, neadaítear ann gnéithe den tsolúbthacht a cheadaíonn imeachtaí eacnamaíocha dochracha nach mbeadh súil leo a chur san áireamh. Foráiltear le hAirteagal 3(5) agus le hAirteagal 5(2), má tá gníomhaíocht éifeachtach déanta i gcomhréir, faoi seach, le moladh faoi Airteagal 126(7) CFAE nó cinneadh foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE, agus go dtarlaíonn imeachtaí eacnamaíocha dochracha nach bhféadfaí a bheith ag súil leo a bhfuil mór-iarmhairtí mífhabhracha acu ar airgeadas rialtais tar éis an moladh sin a ghlacadh nó cinneadh an foláireamh a thabhairt, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar moladh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(7) CFAE nó cinneadh athbhreithnithe chun foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE. D'fhéadfadh an moladh athbhreithnithe nó an cinneadh athbhreithnithe chun foláireamh a thabhairt, agus na tosca ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 á gcur san áireamh, go háirithe, an sprioc-am do cheartú an easnaimh iomarcaigh a fhadú bliain amháin mar riail.

Ba cheart don Chomhairle a mheas ar ann d’imeachtaí eacnamaíochta dochracha nach bhféadfaí a bheith ag súil leo a bhfuil mór-iarmhairtí mífhabhracha acu ar airgeadas rialtais agus is iad na réamhaisnéisí eacnamaíocha ina moladh tosaigh nó ina cinneadh foláireamh a thabhairt a bheith mar shlat tomhais aici don mheasúnú sin. Sa chás gur ann do mheathlú mór eacnamaíoch sa limistéar Euro nó san Aontas ina iomláine, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh freisin, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(7) CFAE nó a cinneadh athbhreithnithe chun foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE, ar choinníoll nach gcuireann sé sin an inbhuanaitheacht bhuiséadach i gcontúirt sa mheántéarma. Sa bhreis air sin, foráiltear in Airteagal 2(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 go ndéanfar, le linn don tagarmharc do choigeartú an chóimheasa fiachais a bheith á chur chun feidhme, aird a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag an timthriall ar an ráta ag a laghdófar an fiachas. Ar an gcaoi sin, ní mheasfaí go mbeadh na critéir fiachais arna leagan síos i bpointe (b) d'Airteagal 126(2) CFAE sáraithe ag Ballstát má tá sé sin i ngeall ar dhálaí timthrialla dhiúltaigh amháin.

(28)

Chomh maith leis sin, de bhrí go bhféadfadh sé nár leor bearta buiséadacha chun ceartú buanfasach ar an easnamh iomarcach a áirithiú, ba cheart do Bhallstáit arb é an euro an t-airgeadra atá acu agus atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach clár comhpháirtíochta eacnamaíoch a thíolacadh ina mbeadh mionsonraí ar na bearta beartais agus ar na hathchóirithe struchtúracha a bhfuil gá leo chun ceartú buanfasach éifeachtach ar an easnamh iomarcach a áirithiú, rud a bheadh mar fhorbairt ar an nuachóiriú is déanaí dá chlár athchóirithe náisiúnta agus dá chlár cobhsaíochta.

(29)

Thairis sin, bhí idirphlé níos dlúithe le Parlaimint na hEorpa i gceist leis an neartú ar rialachas eacnamaíoch. Cé go n-aithnítear gurb iad institiúidí ábhartha an Aontais agus a n-ionadaithe contrapháirtithe Pharlaimint na hEorpa faoi chuimsiú an idirphlé, féadfaidh an coiste inniúil i bParlaimint na hEorpa deis a thairiscint do Bhallstát is ábhar do mholadh ón gCoimisiún nó do thuairim ón gComhairle i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith rannpháirteach i malartú tuairimí. Is go deonach atá rannpháirtíocht an Bhallstáit i malartú tuairimí den sórt sin.

(30)

Chun fairsinge na n-oibleagáidí tuairiscithe do Bhallstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hinneachar agus scóip tuairiscithe den sórt sin. Tá tábhacht ar leith leis go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(31)

Ba cheart an chumhacht chun tuairimí a ghlacadh maidir le cláir chomhpháirtíochta eacnamaíocha, mar a bhunaítear sa Rialachán seo a thabhairt don Chomhairle. Tá na tuairimí sin mar chomhlánú ar an nós imeachta um easnamh iomarcach arna leagan síos faoi Airteagal 126 CFAE, ar nós imeachta é a chinneann an Chomhairle i gcomhréir leis cibé ar ann d'easnamh iomarcach agus na bearta chun deireadh a chur leis an easnamh sin.

(32)

Ag meabhrú dóibh a thábhachtaí atá sé go mbeadh airgeadas poiblí fónta ann, agus go ndéanfaí athchóiriú struchtúrtha agus infheistíocht spriocdhírithe má táthar chun fás inbhuanaithe a bhaint amach, shínigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát an Comhshocrú le haghaidh Fáis agus Post an 29 Meitheamh 2012, ag léiriú go bhfuil sé de rún daingean acu fás lena gcruthófaí poist a spreagadh i gcomhthreo lena dtiomantas d’airgeadas poiblí fónta. Áirítear sa Chomhshocrú, go háirithe, bearta chun dlús a chur le maoiniú an gheilleagair. Beidh teacht ar EUR 120 000 milliún (arb ionann sin agus thart ar 1 % d’Ollioncam Náisiúnta an Aontais) do bhearta mearéifeachta fáis. Mar a moladh sa suirbhé bliantúil fáis in 2012 agus in 2013, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh féachaint le luas leordhóthanach comhdhlúthaithe bhuiséidigh a chothabháil agus an infheistíocht atá dírithe ar spriocanna ‘Eoraip 2020’ a bhaint amach do phoist agus don fhás á caomhnú.

(33)

Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an tionchar atá ag srianta dochta buiséid ar chaiteachas poiblí, lena gcuirtear leis an bhfás, agus ar infheistíocht phoiblí. Táirgtear raon feidhme le creat buiséadach an Aontais chun go mbeadh cothromaíocht ann idir admháil riachtanais na hinfheistíochta poiblí táirgiúla agus cuspóirí an smachta bhuiséadaigh: agus CCF á urramú aige ina iomláine, is féidir tairbhe a bhaint as na féidearthachtaí a thairgtear leis an gcreat buiséadach atá ann cheana féin de chuid an Aontais chun go mbeadh cothromaíocht ann idir riachtanais na hinfheistíochta poiblí táirgiúla agus cuspóirí an smachta bhuiséadaigh sa chuid choisctheach den CCF. Tá sé fógartha ag an gCoimisiún go bhfuil sé de rún aige tuarascáil a dhéanamh i ndáil leis na gníomhaíochtaí a bhféadfaí tabhairt fúthu faoi chuimsiú theorainneacha an chreata bhuiséidigh atá ann cheana féin de chuid an Aontais.

(34)

Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2012 ina bhfuil moltaí chuig an gCoimisiún maidir leis an tuarascáil ó Uachtaráin na Comhairle Eorpaí, an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an Ghrúpa Euro ‘I dTreo Fíor-Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’ an 20 Samhain 2012, agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2012 dar teideal ‘Treoirphlean le haghaidh fíor-AEA domhain’ nochtar tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin faoi seach maidir leis na céimeanna is gá chun aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta atá níos doimhne agus comhtháite ar bhonn níos fearr a bhaint amach. Tar éis na tuarascála ‘I dTreo Fíor-Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’, leag an Chomhairle Eorpach amach, ina conclúidí i Nollaig 2012, a tuairimí i dtaobh roinnt saincheisteanna d’fhonn AEA a neartú tuilleadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach leis an Rialachán seo forálacha maidir le faireachán feabhsaithe ar bheartais bhuiséadacha sa limistéar euro forálacha lena áirithiú go bhfuil na buiséid náisiúnta ag luí leis an treorú um beartas eacnamaíoch a eisítear i gcomhthéacs CCF agus an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú beartais eacnamaíoch, trí bhíthin an méid seo a leanas:

(a)

an Seimeastar Eorpach arna bhunú le hAirteagal 2-a de Rialachán (CE) 1466/97, a chomhlánú le hamlíne bhuiséadach choiteann;

(b)

comhlánú ar an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, amhail a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011;

(c)

córas faireachais iltaobhaigh ar bheartais bhuiséadacha, mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, a chomhlánú le ceanglais faireacháin bhreise chun a áirithiú go ndéanfar moltaí beartais ón Aontas sa réimse buiséadach a chomhtháthú go hiomchuí sna hullmhúcháin bhuiséadacha náisiúnta;

(d)

an nós imeachta um cheartú easnaimh iomarcaigh Ballstáit, mar a bunaíodh le hAirteagal 126 CFAE agus le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, a chomhlánú le faireachán níos dlúithe ar bheartais bhuiséadacha Ballstát atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach chun a áirithiú go ndéanfar easnaimh iomarcacha a cheartú go tráthúil agus go buanfasach;

(e)

an chomhréireacht a ráthú idir beartais agus bearta buiséadacha agus athchóirithe a dhéantar i gcomhthéacs an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, amhail a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhthéacs cláir comhpháirtíochta eacnamaíocha amhail dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Déanfar, le cur chun feidhme an Rialacháin seo, Airteagal 152 CFAE a chomhlíonadh go hiomlán agus déanfaidh moltaí a eiseofar faoin Rialachán seo urraim a thabhairt do chleachtas náisiúnta agus d’institiúidí náisiúnta um shocrú pá. I gcomhréir le hAirteagal 28 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus dá réir sin, ní dhéanfaidh an Rialachán difear don cheart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích nó a fhorfheidhmiú ná do ghníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtas náisiúnta.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘comhlachtaí neamhspleácha’ comhlachtaí atá neamhspleách ó thaobh strúchtúir de nó comhlachtaí ag a bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil ó údaráis bhuiséadacha an Bhallstáit, agus a bhfuil forálacha dlí náisiúnta mar bhonn taca leo a áirithíonn leibhéal ard neamhspleáchais fheidhmiúil agus cuntasachta, lena n-áirítear:

(i)

réim reachtúil atá fothaithe i ndlíthe náisiúnta ceangailteacha, i rialacháin náisiúnta ceangailteacha nó i bhforálacha riaracháin náisiúnta ceangailteacha;

(ii)

gan treoracha a ghlacadh ó údaráis bhuiséadacha an Bhallstáit lena mbaineann nó ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile;

(iii)

an cumas cumarsáid a dhéanamh go poiblí ar mhodh tráthúil;

(iv)

nósanna imeachta chun comhaltaí a ainmniú ar bhonn a gcuid taithí agus inniúlachta;

(v)

acmhainní leordhóthanacha agus rochtain iomchuí ar fhaisnéis chun a sainordú a chur i gcrích;

(b)

ciallaíonn ‘réamhaisnéisí maicreacnamaíocha neamhspleácha’ na réamhaisnéisí maicreanamaíocha a tháirgeann nó a fhormhuineann comhlachtaí neamhspleácha;

(c)

ciallaíonn ‘creat buiséadach meántéarmach’ creat buiséadach meántéarmach amhail a dtugtar tuairisc air i bpointe (e) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/85/AE;

(d)

ciallaíonn ‘clár cobhsaíochta’ clár cobhsaíochta mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;

Chun comhleanúnachas a áirithiú i measc na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha neamhspleácha dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, rachaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, go bliantúil ar a laghad, i mbun idirphlé theicniúil maidir leis na toimhdí atá mar bhonn taca d'ullmhúchán réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus buiséadacha, i gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Threoir 2011/85/AE.

2.   Beidh feidhm freisin ag an sainmhíniú ar ‘earnáil de rialtas ginearálta’ agus ar ‘fo-earnálacha den rialtas ginearálta’ a leagtar amach i bpointe 2.70 d'Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnach sa Chomhphobal (10) maidir leis an Rialachán seo.

3.   Tá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar d'Airteagal 9 CFAE.

CAIBIDIL II

COMHORDÚ BEARTAIS EACNAMAÍOCH

Airteagal 3

Comhsheasmhacht leis an gcreat um chomhordú an bheartais eacnamaíoch

Beidh nós imeachta buiséadach na mBallstát comhsheasmhach leis na nithe seo a leanas:

(1)

an creat um chomhordú an bheartais eacnamaíoch faoi chuimsiú an timthrialla bhliantúil faireachais, ar a n-áirítear, go háirithe, an treorú ginearálta do na Ballstáit arna eisiúint ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle Eorpach ag tús an timthrialla;

(2)

na moltaí a eisítear i gcomhthéacs CCF;

(3)

nuair is ábhartha, le moltaí a eisítear i gcomhthéacs an timthrialla bhliantúil faireachais lena n-áirítear an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha amhail a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011; agus

(4)

i gcás inarb iomchuí, tuairimí maidir le cláir chomhpháirtíochta eacnamaíche amhail dá dtagraítear in Airteagal 9.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA BUISÉADACHA COITEANNA

Airteagal 4

Amlíne bhuiséadach choiteann

1.   Is é is fearr go bpoibleoidh na Ballstáit, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, a bpleananna buiséadacha meántéarmacha náisiúnta i gcomhréir lena gcreat buiséadach meántéarmach faoin 15 Aibreán ach tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain. Beidh ar áireamh sna pleananna sin an fhaisnéis uile ar a laghad a bheidh le soláthar ina gcláir chobhsaíochta agus déanfar iad a láithriú i gcomhar lena gcláir athchóirithe náisiúnta agus na cláir chobhsaíochta. Beidh siad comhsheasmhach leis an gcreat um chomhordú an bheartais eacnamaíoch i gcomhthéacs an timthrialla bhliantúil faireachais, ar a n-áirítear, go háirithe, an treorú ginearálta do na Ballstáit arna eisiúint ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle Eorpach ag tús an timthrialla. Beidh siad comhsheasmhach freisin leis na moltaí a eisítear i gcomhthéacs CCF agus, i gcás inarb ábhartha, le moltaí a eisítear i gcomhthéacs an timthrialla bhliantúil faireachais lena n-áirítear an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha amhail a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 agus le tuairimí maidir le cláir comhpháirtíochta eacnamaíche dá dtagraítear in Airteagal 9.

Déanfar a áireamh i bpleananna buiséadacha meántéarmacha náisiúnta agus i gcláir athchóirithe náisiúnta táscairí maidir leis an tslí a meastar go rannchuideoidh na hathchóirithe agus na bearta arna moladh le gnóthú na spriocanna agus na dtiomantas náisiúnta arna mbunú le straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist. Thairis sin, déanfar a áireamhi bpleananna buiséadacha meántéarmacha náisiúnta nó i gcláir athchóirithe náisiúnta táscairí maidir leis na torthaí eacnamaíocha atá beartaithe ó thionscadail infheistíochta phoiblí neamhchosanta ag a bhfuil tionchar suntasach buiséadach. Féadfaidh pleananna buiséadacha meántéarmacha náisiúnta agus cláir chobhsaíochta bheith sa doiciméad céanna.

2.   Déanfar an dréachtbhuiséad don bhliain atá le teacht don rialtas lárnach agus na príomhpharaiméadair de na dréachtbhuiséid d’fho-earnálacha uile eile an rialtais ghinearálta a phoibliú gach bliain tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair.

3.   Déanfar an buiséad don rialtas lárnach a ghlacadh nó a shocrú agus déanfar é a phoibliú tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig i dteannta na bpríomhpharaiméadar buiséadach d’fho-earnálacha eile an rialtais ghinearálta. Beidh nósanna imeachta buiséadacha teagmhasacha ag na Ballstáit a bheidh le cur i bhfeidhm más rud é, ar chúiseanna oibiachtúla nach bhfuil aon smacht ar an rialtas orthu, nach nglactar ná nach socraítear an buiséad agus nach ndéantar é a phoibliú faoin 31 Nollaig.

4.   Beidh pleananna buiséadacha meántéarmacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 bunaithe ar réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus léireoidh siad an comhlacht neamhspleách é a rinne na réamhaisnéisí buiséadacha a tháirgeadh nó a fhormhuiniú. Déanfar na réamhaisnéisí sin a phoibliú i dteannta leis na pleananna buiséadacha meántéarmacha náisiúnta agus na dréachtbhuiséid ar bonn taca dóibh iad.

Airteagal 5

Faireachán á dhéanamh ag comhlachtaí neamhspleácha ar chomhlíonadh rialacha buiséadacha

1.   Beidh comhlachtaí neamhspleácha ag na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

rialacha buiséadacha uimhriúla lena n-ionchorpraítear sa phróiseas buiséadach náisiúnta cuspóirí buiséadacha meántéarmacha arna mbunú in Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;

(b)

rialacha buiséadacha uimhriúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2011/85/AE.

2.   Soláthróidh na comhlachtaí sin, i gcás inarb iomchuí, measúnuithe poiblí i ndáil le rialacha buiséadacha náisiúnta, lena n-áirítear, inter alia:

(a)

ar tharlú cúinsí as a leanann gníomhachtú an tsásra ceartúcháin i gcásanna ina mbíonn diallas breathnaithe suntasach ón gcuspóir meántéarmach nó ó chonair an choigeartaithe sa treo sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;

(b)

ar cibé an bhfuil an coigeartú buiséadach ag dul ar aghaidh i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le pleananna;

(c)

ar aon chúinsí a bheith ag tarlú nó deireadh ag teacht leo dá dtagraítear sa deichiú fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, a d’fhéadfadh diallas sealadach ón gcuspóir buiséadach meántéarmach nó ó chonair an choigeartaithe sa treo sin a cheadú, ar choinníoll nach gcuireann sé sin an inbhuanaitheacht bhuiséadach i gcontúirt sa mheántéarma.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN AGUS MEASÚNÚ AR DHRÉACHTPHLEANANNA BUISÉADACHA NA mBALLSTÁT

Airteagal 6

Ceanglais maidir le faireachán

1.   Cuirfidh na Ballstáit dréachtphlean buiséadach don bhliain atá ag teacht faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro gach bliain, faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh an dréachtphlean buiséadach sin ar comhréir leis na moltaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs CCF agus, i gcás inarb infheidhme, leis na moltaí arna n-eisiúint i gcomhthéacs an timthrialla bhliaintúil faireachais, lena n-áirítear an nós imeachta um míchothromachtaí maicreacnamaíocha arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus le tuairimí maidir leis na cláir comhpháirtíochta eacnamaíche dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   A luaithe agus a mbeidh na dréachtphleananna buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 curtha faoi bhráid an Choimisiúin, déanfar iad a phoibliú.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mbliain dár gcionn ar áireamh sa dréachtphlean buiséadach:

(a)

an comhardú buiséid atá mar sprioc don rialtas ginearálta mar chéatadán d'Olltáirgeacht Intíre (OTI), arna mhiondealú de réir fo-earnálacha an rialtais ghinearálta;

(b)

réamh-mheastacháin, ar bhonn beartas gan athrú, i gcomhair caiteachais agus ioncaim mar chéatadáin de OTI i gcomhair an rialtais ghinearálta, agus na príomhchuidithe díobh, lena n-áirítear ollfhoirmiú caipitil sheasta;

(c)

an caiteachas sprice agus an t-ioncam sprice mar chéatadán de OTI i gcomhair an rialtais ghinearálta agus na príomhchuidithe díobh, agus a chur san áireamh iontu na coinníollacha agus na critéir chun conair fáis chaiteachas an rialtais a shuíomh agus í glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim faoi Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97;

(d)

faisnéis ábhartha maidir le caiteachas rialtais ghinearálta de réir feidhme, lena n-áirítear oideachas, cúram sláinte agus fostaíocht agus, más féidir, táscairí maidir le tionchar beartaithe dáileach na bpríomhbheart caiteachais agus ioncaim;

(e)

tuairisc agus cainníochtú maidir leis na bearta caiteachais agus ioncaim atá le háireamh sa dréachtbhuiséad don bhliain atá le teacht ar leibhéal na bhfo-earnálacha chun an bhearna a dhúnadh idir na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (c) agus na réamh-mheastacháin, ar bhonn beartas gan athrú, a sholáthraítear i gcomhréir le pointe (b);

(f)

na príomhthoimhdí maidir leis na réamhaisnéisí neamhspleácha maicreacnamaíocha agus forbairtí tábhachtacha eacnamaíocha atá ábhartha do bhaint amach na spriocanna buiséadacha;

(g)

iarscríbhinn ina mbeidh an mhodheolaíocht, na múnlaí eacnamaíocha agus na toimhdí, agus aon pharaiméadair ábhartha eile atá mar bhonn taca leis na réamhaisnéisí agus tionchar measta na mbeart buiséadach comhiomlánaithe ar fhás eacnamaíoch;

(h)

táscairí i dtaobh conas a fhreastalóidh athchóirithe agus bearta sa dréachtphlean buiséadach, lena n-áirítear infheistíocht phoiblí go háirithe, ar na moltaí reatha don Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 121 agus le hAirteagal 148 CFAE agus ar athchóirithe agus bearta iad atá mórthábhachtach do ghnóthú na spriocanna a leagtar amach i straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist.

Féadfaidh níos lú mionsonraithe a bheith sa tuairisc dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír i gcás beart lena mbaineann tionchar buiséadach a mheastar a bheith faoi bhun 0,1 % de OTI. Tabharfar aird ar leith agus léiraird ar phleananna móra maidir le hathchóiriú ar an mbeartas buiséadach a bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith ag baint leo do Bhallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

4.   I gcás ina bhfuil na spriocanna agus na réamh-mheastacháin sa chlár cobhsaíochta is déanaí agus na spriocanna buiséadacha arna dtuairisciú sa dréachtphlean buiséadach i gcomhréir le mír 3, nó na réamh-mheastacháin ar bhonn beartas gan athrú, míneofar na difríochtaí mar is iomchuí.

5.   Déanfar sonraíochtaí inneachar an dréachtphlean bhuiséadaigh a leagan amach i gcreat comhchuibhithe arna bhunú ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit.

Airteagal 7

Measúnú ar an dréachtphlean buiséadach

1.   Glacfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis an dréachtphlean buiséadach chomh luath agus is féidir agus in aon chás faoin 30 Samhain.

2.   D'ainneoin mhír 1, nuair, i gcásanna eisceachtúla, i ndiaidh dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann laistigh d’aon seachtain amháin ó thíolacadh an dréachtphlean bhuiséadaigh, a aithníonn an Coimisiún neamhchomhlíonadh suntasach tromaí na n-oibleagáidí beartais bhuiséadaigh a leagtar síos i CCF, glacfaidh an Coimisiún a thuairim laistigh de dhá sheachtain ó thíolacadh an dréachtphlean bhuiséadaigh. Ina thuairim iarrfaidh an Coimisiún go ndéanfaí dréachtphlean buiséadach athbhreithnithe a thíolacadh chomh luath agus is féidir agus in aon chás laistigh de thrí seachtaine ó eisiúint a thuairime. Beidh iarraidh an Choimisiúin cuí-réasúnaithe agus poibleofar í.

Beidh feidhm ag Airteagal 6(2), (3) agus (4) i gcás dréachtphleananna bhuiséadacha athbhreithnithe arna dtíolacadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Glacfaidh an Coimisiún tuairim nua ar an dréachtphlean bhuiséadach athbhreithnithe chomh luath agus is féidir agus in aon chás laistigh de thrí seachtaine ó thíolacadh an dréachtphlean bhuiséadaigh athbhreithnithe.

3.   Poibleofar tuairim an Choimisiúin agus tíolacfar don Ghrúpa Euro é. Ina dhiaidh sin, arna iarraidh sin ag Parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann nó ag Parlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún é a chur faoi bhráid na parlaiminte a dhéanann an iarraidh, tar éis an iarraidh sin a bheith poiblithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú foriomlán ar an staid bhuiséadach agus ar na hionchais sa limistéar euro ina iomláine, ar bhonn na n-ionchas buiséadach náisiúnta agus a n-idirghníomhú ar fud an limistéir, ag féachaint chuig réamhaisnéisí eacnamaíocha is déanaí sheirbhísí an Choimisiúin.

Beidh anailísí íogaireachta san áireamh sa mheasúnú foriomlán a thugann táscairí faoi na priacail d’inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí i gcás forbairtí dochracha eacnamaíocha, airgeadais nó buiséadacha. Déanfaidh sé cur síos freisin, de réir mar is iomchuí, ar bhearta chun comhordú beartais bhuiséadaigh agus mhaicreacnamaíoch a dhaingniú ar leibhéal an limistéir euro.

Poibleofar an measúnú foriomlán agus cuirfear san áireamh é sa treorú ginearálta bliantúil a eisíonn an Coimisiún do na Ballstáit.

Déanfar modheolaíocht (lena n-áirítear múnlaí) agus toimhdí réamhaisnéisí eacnamaíocha is déanaí sheirbhísí an Choimisiúin do gach Ballstát, lena n-áirítear meastacháin ar thionchar na mbeart buiséadach comhiomlánaithe ar fhás eacnamaíoch, a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an measúnú foriomlán.

5.   Pléifidh an Grúpa Euro tuairimí an Choimisiúin maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha agus an staid bhuiséadach agus na hionchais sa limistéar euro ina iomláine ar bhonn an mheasúnaithe fhoriomláin a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 4. Poibleofar torthaí phléití seo an Ghrúpa Euro i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 8

Tuairisciú maidir le heisiúint fiachais

1.   Tuairisceoidh na Ballstáit ar bhonn ex-ante don Choimisiúin agus don Ghrúpa Euro, ar mhodh tráthúil, faoina bpleananna eisiúna fiachais náisiúnta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún foirm chomhchuibhithe agus substaint an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 a leagan síos i gcomhar leis na Ballstáit.

CAIBIDIL V

CEARTÚ AN EASNAIMH IOMARCAIGH A ÁIRITHIÚ

Airteagal 9

Cláir chomhpháirtíochta eacnamaíche

1.   Má chinneann an Chomhairle, ag gníomhú faoi Airteagal 126(6) CFAE, go bhfuil Ballstát faoi fhiachas iomarcach, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann clár comhpháirtíochta eacnamaíche a thíolacadh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle ina gcuirfear síos ar bhearta beartais agus ar na hathchóirithe struchtúracha a bheidh ag teastáil chun ceartú go deimhin is buanfasach ar an bhfiachas iomarcach a áirithiú, mar fhorbairt ar a chlár athchóirithe náisiúnta agus a chlár cobhsaíochta, agus moltaí na Comhairle á dtabhairt ar aird go hiomlán aige maidir le cur chun feidhme na dtreoirlínte comhtháthaithe le haghaidh beartas eacnamaíoch agus fostaíochta na mBallstát lena mbaineann.

2.   Déanfaidh an clár comhpháirtíochta eacnamaíche roinnt tosaíochtaí sonracha a shainaithint agus a roghnú a bheidh dírithe ar iomaíochas agus fás inbhuanaithe fadtéarmach a fheabhsú agus a thabharfaidh aghaidh ar laige struchtúracha sa Bhallstát lena mbaineann. Beidh na tosaíochtaí seo comhsheasmhach le straitéis an Aontais don fhás agus do phoist. I gcás inarb iomchuí, déanfar acmhainní airgeadais ionchasacha a aithint, lena n-áirítear línte creidmheasa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus ionstraimí airgeadais ábhartha eile de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfar an clár comhpháirtíochta eacnamaíche a thíolacadh ag an am céanna leis an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 3(4a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

4.   Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, tuairim maidir leis an gclár comhpháirtíochta eacnamaíche.

5.   Féadfar plean gníomhaireachta ceartaitheach dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den Rialachán sin, chun teacht in ionad an chláir comhpháirtíochta eacnamaíche dá bhforáiltear san Airteagal seo. Nuair a thíolactar plean gníomhaireachta ceartaitheach den sórt sin i ndiaidh ghlacadh an chláir chomhpháirtíochta eacnamaíche, féadfar na bearta sa chlár comhpháirtíochta eacnamaíche, de réir mar is iomchuí, a áireamh sa phlean gníomhaireachta ceartaitheach.

6.   Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an chláir agus ar na pleananna buiséadacha bliantúla atá ar comhréir leis.

Airteagal 10

Ceanglais tuairiscithe do na Ballstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach

1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(6) CFAE gurb ann d’easnamh iomarcach i mBallstát, beidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, faoi réir ceanglas tuairiscithe mar i gcomhréir le mír 2 go mír 5 den Airteagal seo, go dtí go n-aisghairfear an nós imeachta um easnamh iomarcach.

2.   Déanfaidh an Ballstát measúnú cuimsitheach gan mhoill ar chur i bhfeidhm an bhuiséid sa bhliainréise i gcás an rialtais ghinearálta agus a fho-earnálacha. Maidir leis na priacail airgeadais a bhaineann le dliteanais theagmhasacha a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar bhuiséid phoiblí, dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de Threoir 2011/85/AE, déanfar iad a chumhdach freisin sa mheasúnú sa mhéid go bhféadfaidís cur le haon easnamh iomarcach. Déanfar torthaí an mheasúnaithe sin a áireamh sa tuarascáil a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) nó le hAirteagal 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le bearta arna ndéanamh chun an t-easnamh iomarcach a cheartú.

3.   Tuairisceoidh an Ballstát go tráthrialta chuig an gCoimisiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, i ndáil leis an rialtas ginearálta agus a fho-earnálacha, maidir le cur i bhfeidhm an bhuiséid sa bhliainréise, tionchar buiséadach na mbeart lánroghnach arna ndéanamh ar thaobh an chaiteachais agus an ioncaim araon, spriocanna i gcomhair chaiteachas agus ioncam an rialtais, agus le faisnéis maidir leis na beartais arna nglacadh agus cineál na mbeart atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach. Poibleofar an tuarascáil.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 lena sonrófar inneachar an tuairiscithe rialta dá dtagraítear sa mhír seo.

4.   Más é an Ballstát lena mbaineann an t-ábhar do mholadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE, déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur isteach den chéad uair sé mhí tar éis na tuarascála tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 3(4a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus gach sé mhí ina dhiaidh sin.

5.   Má tá an Ballstát lena mbaineann faoi réir cinnidh ón gComhairle foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE, beidh ar áireamh freisin sa tuarascáil i gcomhréir le mír 3 den Airteagal faisnéis maidir le bearta atá á ndéanamh mar fhreagra ar an bhfoláireamh sonrach ón gComhairle. Cuirfear isteach den chéad uair í trí mhí tar éis na tuarascála dá bhforáiltear in Airteagal 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus go ráithiúil ina dhiaidh sin.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún agus roimh an spriocdháta a shocróidh an Coimisiún, déanfaidh Ballstát atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach an méid seo a leanas:

(a)

iniúchadh cuimsitheach neamhspleách ar chuntais phoiblí fho-earnálacha uile an rialtais ghinearálta a dhéanamh agus a thuairisciú, de rogha ar bhonn comhordúcháin leis na hinstitiúidí iniúchta náisiúnta is airde é, agus a mbeidh sé d'aidhm aige measúnú a dhéanamh ar iontaofacht, ar iomláine agus ar chruinneas na gcuntas poiblí sin chun críocha an nós imeachta um easnamh iomarcach;

(b)

faisnéis bhreise atá ar fáil a sholáthar chun na críche faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo cheartú an easnaimh iomarcaigh.

Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) shall cáilíocht na sonraí staitistiúla arna dtuairisciú ag an mBallstát lena mbaineann a mheas faoi phointe (a) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir leis an bPrótacal um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú na gComhphobal Eorpach (11).

Airteagal 11

Na Ballstáit atá i mbaol nach gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí faoin nós imeachta um easnamh iomarcach a bhaineann leo

1.   Agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil baol ann do chomhlíonadh an spriocdháta maidir le ceartú an easnaimh iomarcaigh, mar a bhunaítear le moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE nó le cinneadh ón gComhairle foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú, inter alia, ar na tuarascálacha a chuirfidh na Ballstáit faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Rialachán seo.

2.   I gcás baoil nach gcomhlíonfar an spriocdháta maidir le ceartú an easnaimh iomarcaigh, díreoidh an Coimisiún moladh chuig an mBallstát lena mbaineann maidir le cur chun feidhme iomlán na mbeart dá bhforáiltear sa mholadh nó sa chinneadh fógra a thabhairt dá dtagraítear i mír 1, glacadh beart eile, nó an dá rud, laistigh de thréimhse a bheidh comhsheasmhach leis an spriocdháta le haghaidh cheartú a easnaimh iomarcaigh. Poibleofar an moladh ón gCoimisiún agus tabharfar ar aird é don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. Déanfaidh an Coimisiún a mholadh a thíolacadh chuig parlaimint. Arna iarraidh sin ag Parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann déanfaidh an Coimisiún é a chur faoi bhráid na parlaiminte sin.

3.   Laistigh den tréimhse a shocrófar sa mholadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2, tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún maidir le bearta arna nglacadh mar gheall ar an moladh sin maille leis na tuairiscí dá bhforáiltear in Airteagal 10(3). Ar áireamh sa tuarascáil beidh tionchar buiséadach na mbeart ar fad arna nglacadh, spriocanna le haghaidh chaiteachas agus ioncam an rialtais, faisnéis maidir leis na bearta arna nglacadh agus cineál na mbeart sin atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach, agus faisnéis maidir leis na bearta eile atá á ndéanamh mar gheall ar an moladh ón gCoimisiún. Poibleofar an moladh ón gCoimisiún agus tíolacfar é don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

4.   Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3, measfaidh an Coimisiún ar chomhlíon an Ballstát an moladh dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 12

Tionchar ar an nós imeachta um easnamh iomarcach

1.   An méid a bhfuil an Ballstát lena mbaineann tar éis an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a thabhairt san áireamh, cuirfear san áireamh é:

(a)

nuair a dhéanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE agus nuair a mholfaidh sé go bhforchuirfear taisce neamhúsmhar i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011;

(b)

nuair a chinnfidh an Chomhairle an ann d'easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(6) CFAE.

2.   Beidh an faireachán dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 den Rialachán seo ina dhlúthchuid den fhaireachán tráthrialta, dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, de chur chun feidhme gníomhaíochta a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann mar gheall ar mholtaí ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE nó mar gheall ar chinntí ón gComhairle foláireamh a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE chun an t-easnamh iomarcach a cheartú.

3.   Agus breithniú á dhéanamh aige an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar mholtaí faoi Airteagal 126(7) CFAE nó mar fhreagairt ar chinntí fhógra a thabhairt faoi Airteagal 126(9) CFAE, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 11(4) den Rialachán seo agus molfaidh sé, mar is iomchuí, go dtógfadh an Chomhair cinntí faoi Airteagal 126(8) nó Airteagal 126(11) CFAE, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 3(5) agus ar Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

Airteagal 13

Comhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 (12)

Ní bheidh Ballstáit atá faoi réir cláir coigeartaithe maicreacnamaíoch faoi réir Airteagal 6 go hAirteagal 12 den Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar am chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse trí bliana ón 30 Bealtaine 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Idirphlé Eacnamaíoch

1.   D’fhonn an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a áirithiú, féadfaidh an coiste inniúil i bParlaimint na hEorpa a iarraidh i gcás inarb iomchuí ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro, teacht i láthair an choiste chun plé a dhéanamh ar na nithe a leanas:

(a)

sonraíochtaí inneachar an dréachtphlean bhuiséadaigh mar a leagtar amach sa chreat chomhchuibhithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 6(5) é;

(b)

torthaí an phlé a rinne an Grúpa Euro maidir le tuairimí an Choimisiúin arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(1), a mhéid go ndearnadh iad a phoibliú;

(c)

measúnú foriomlán na staide buiséadaí agus na hionchais sa limistéar euro ina iomláine arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(4);

(d)

gníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 9(4) agus in Airteagal 12(3).

2.   Féadfaidh an coiste inniúil i bParlaimint na hEorpa deis a thairiscint do Bhallstát ar ábhar do mholadh ón gCoimisiún é faoi Airteagal 11(2) nó do ghníomhartha ón gComhairle amhail dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 páirt a ghlacadh i malartú tuairimí.

3.   Beidh Parlaimint na hEorpa páirteach go cuí sa Seimeastar Eorpach chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar úinéireacht na gcinntí a ghlactar, agus ar chuntasacht i leith na gcinntí sin, go háirithe trí bhíthin an idirphlé eacnamaíoch arna dhéanamh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 16

Athbhreithniú agus tuarascálacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo

1.   Faoin 14 Nollaig 2014, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, nuair is iomchuí, togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a phoibliú.

Déanfar measúnú sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, inter alia:

(a)

ar éifeachtacht an Rialacháin seo;

(b)

ar an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE;

(c)

rannchuidiú an Rialacháin seo i ngnóthú straitéis an Aontais d'fhás agus do phoist.

2.   Faoin 31 Iúil 2013, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na féidearthachtaí a thairgtear le gcreat buiséadach an Aontais atá ann cheana féin chun go mbeadh cothromaíocht ann idir riachtanais na hinfheistíochta poiblí táirgiúla agus cuspóirí an smachta bhuiséadaigh sa chuid choisctheach de CCF, agus é á chomlíonadh go hiomlán.

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Maidir le Ballstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach ag tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin, comhlíonfaidh siad na forálacha tuairiscithe rialta i gcomhréir le hAirteagal 10(3), (4) agus (5) faoin 31 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 9(1) ná ag Airteagal 10(2) maidir leis na Ballstáit atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach cheana féin ag tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin nuair a ghlactar moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE nó cinneadh ón gComhairle chun foláireamh a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE tar éis 30 Bealtaine 2013.

I gcásanna den sórt sin, déanfar an clár comhpháirtíochta eacnamaíche a thabhairt ar aird i gcomhthráth leis an tuarascáil arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) nó Airteagal 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

3.   Comhlíonfaidh na Ballstáit Airteagal 5 faoin 31 Deireadh Fómhair 2013.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Bealtaine 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 141, 17.5.2012, lch. 7.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013.

(3)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

(4)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

(5)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 12.

(6)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 33.

(7)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 1.

(8)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.

(9)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 41.

(10)  IO L 310, 30.11.1996, lch. 1.

(11)  IO L 145, 10.6.2009, lch. 1.

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo)