ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.078.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
20 Márta 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 227/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 lena sonraítear na coinníollacha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun a gcaite go díreach ag daoine

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle

23

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle

41

 


 

(1)   Faoin tagairt L 78 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

20.3.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 227/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 lena sonraítear na coinníollacha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun a gcaite go díreach ag daoine

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle an 27 Samhain 2009 lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (3) agus Rialachán (AE) Uimh. 579/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint agus Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (4), déantar foráil maidir le leanúint le bearta teicniúla áirithe arna mbunú i Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 ón gComhairle an 16 Eanáir 2009 lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara i leith stoc áirithe éisc agus i leith grúpaí stoc éisc don bhliain 2009, ar nithe iad sin a mbeidh feidhm acu in uiscí an Chomhphobail agus, maidir le soithí Comhphobail, in uiscí ina bhfuil gá le teorainneacha ar ghabhálacha (5) agus maidir le leanúint leis na bearta sin ar bhonn idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2012.

(2)

Táthar ag súil le creat nua do bhearta teicniúla caomhnaithe nuair a dhéanfar an t-athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh (CFP). Ós rud é nach dócha go mbeidh an creat nua sin bunaithe faoi dheireadh 2012, is ceart feidhmiú na mbeart teicniúil idirthréimhseach sin a shíneadh.

(3)

D’fhonn a áirithiú go leanfar d’acmhainní bitheolaíochta muirí a chaomhnú agus a bhainistiú go cuí, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (6) a nuashonrú trí na bearta teicniúla idirthréimhseacha a chur san áireamh ann.

(4)

D’fhonn a áirithiú go leanfar d’acmhainní bitheolaíochta muirí a chaomhnú agus a bhainistiú go cuí sa Mhuir Dhubh, ba cheart go n-áireofaí íosmhéideanna maidir le cur i dtír agus le mogalra don iascach turbaird i Rialachán (CE) Uimh. 850/98 seo mar a bunaíodh iad i reachtaíocht an Aontais roimhe seo.

(5)

Ba cheart go leanfadh cleachtas roghnú na scotha de bheith faoi thoirmeasc i ngach limistéar CITM ar mhaithe le líon na n-éisc de chuid na speiceas cuóta a chaitear ar ais san uisce a laghdú.

(6)

Ar bhonn na gcomhairliúchán a rinneadh in 2009 idir an tAontas, an Iorua agus na hOileáin Fharó, d’fhonn líon na ngabhálacha de thaisme a laghdú, ba cheart toirmeasc a thabhairt isteach ar speicis áirithe a scaoileadh nó a shleamhnú, chomh maith le ceanglas go mbogfaí na meánna nuair a bheadh éisc róbheag in 10 % den ghabháil.

(7)

I bhfianaise comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), ba cheart na srianta ar scadáin a gabhadh in Roinn IIa CITM a chur i dtír nó a choinneáil ar bord a choinneáil.

(8)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ní gá a thuilleadh an limistéar a choinneáil iata chun scadáin sceiteacha a chosaint i Roinn VIa CITM sa chaoi go n-áiritheofaí saothrú inbhuanaithe an speicis sin; agus ba cheart an dúnadh sin a aisghairm dá bhrí sin.

(9)

I bhfianaise comhairle ó CETEI a nascann easnamh na gcorr gainimh le drochphórú saidhbhéar, ba cheart limistéar i bhFolimistéar IV de CITM a choimeád iata, ach amháin d’iascach teoranta gach bliain chun faireachán a dhéanamh ar an stoc.

(10)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid gléasanna nach ngabhann gliomaigh na hIorua a údarú i limistéir áirithe ina bhfuil cosc ar iascaireacht ghliomaigh na hIorua.

(11)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart an limistéar atá iata i Roinn VIb de CITM chun óg-chadóg a chosaint a choimeád iata.

(12)

I bhfianaise comhairle ó CITM agus ó CETEI, ba cheart bearta teicniúla caomhnaithe áirithe a choinneáil in uiscí siar ó Alba (Roinn VIa CITM) chun stoic na dtrosc, na gcadóg agus na bhfaoitíní a chosaint, ar mhaithe le caomhnú na stoc éisc.

(13)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid línte láimhe agus trealamh uathoibrithe díreoige le haghaidh glasán i Roinn VIa de CITM a cheadú.

(14)

I bhfianaise comhairle ó CETEI maidir le leathadh spáis trosc i Roinn VIa de CITM lena léirítear go ngabhtar tromlach mór na ngabhálacha trosc ó thuaidh ó 59° T, ba cheart cead a thabhairt chun eangacha geolbhaigh a úsáid ó theas ón líne sin.

(15)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid na n-eangach geolbhaigh a cheadú le haghaidh na bhfíogach beag i Roinn VIa de CITM.

(16)

Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht tréithe na ngléasanna sa mhaolú ar iascaireacht le tráil, le líonta saighne grinneallacha, nó le gléasanna cosúla eile in Roinn VIa CITM i bhfianaise comhairle eolaíche d’fhonn iad a leasú nó a aisghairm.

(17)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart an limistéar atá iata i Roinn VIa de CITM chun óg-throsc a chosaint a thabhairt isteach.

(18)

Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht an toirmisc ar iascaireacht trosc, cadóg agus faoitíní i bhFolimistéar VI de CITM i bhfianaise comhairle eolaíche d’fhonn é sin a leasú nó a aisghairm.

(19)

I bhfianaise comhairle ó CITM agus ó CETEI, ba cheart bearta chun stoic na dtrosc a chosaint sa Mhuir Cheilteach (Roinn VIIf agus g CITM) a choinneáil.

(20)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart bearta a choimeád chun comhbhailiúcháin sceite langaí gorma i Roinn VIa de CITM a chosaint.

(21)

Ba cheart bearta a bhunaigh an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) in 2011 chun péirsí mara a chosaint in uiscí idirnáisiúnta i bhFolimistéar I agus i bhFolimistéar II de CITM a choimeád.

(22)

Ba cheart bearta a bhunaigh an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) in 2011 d’fhonn péirsí mara a chosaint i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi a choimeád.

(23)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart leanúint d’iascaireacht le trál bíoma a bhaineann úsáid as sruth bíge leictreach a cheadú i Roinn IVc agus i Roinn IVb Theas CITM faoi choinníollacha áirithe.

(24)

Ar bhonn na gcomhairliúchán a rinneadh in 2009 idir an tAontas agus an Iorua agus na hOileáin Fharó, ba cheart bearta áirithe a chur chun feidhme ar bhonn buan d’fhonn na hinniúlachtaí láimhseála agus scaoilte gabhála atá ag soithí peiligeacha a shrianadh, ar soithí iad atá dírithe ar iascaireacht an ronnaigh, an scadáin agus an bholmáin san Atlantach Thoir Thuaidh.

(25)

I bhfianaise comhairle ó CITM, ba cheart bearta teicniúla caomhnaithe a choimeád chun stoic de throisc fhásta a chosaint i Muir Éireann le linn an tséasúir sceite.

(26)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid greillí sórtála a cheadú in limistéar teoranta de Roinn VIa de CITM.

(27)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, níor cheart iascaireacht le heangacha geolbhaigh agus líonta fostúcháin i Ranna IIIa, VIa, VIb, VIIb, VIIc, VIIj, VIIk agus Folimistéir CITM, VIII, IX, X agus XII soir ó 27° I de CITM a cheadú in uiscí atá níos doimhne ná 200 méadar ach atá níos éadoimhne ná 600 méadar ach amháin faoi choinníollacha áirithe lena soláthraítear cosaint le haghaidh speiceas domhainfharraige atá leochaileach ó thaobh na bitheolaíochta de.

(28)

Tá sé tábhachtach go soiléireofaí an t-idirghníomhú i measc na réimeas a bhfuil feidhm acu maidir le hiascaireacht a dhéanamh le heagacha geolbhaigh i bhFolimistéar VII de CITM ach go háirithe. Agus níos tábhachtaí fós, ba cheart a shoiléiriú nach gceadaítear maolú sonrach don iascaireacht le heangacha geolbhaigh arb ionann méid a mogall agus 100 mhilliméadar nó ar mó é ná sin i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j agus k de CITM agus coinníollacha sonracha a bhaineann leis an iascaireacht sin, ach amháin in uiscí ar mó ná 200 méadar agus ar lú ná 600 méadar a ndoimhneacht dheimhnithe agus, dá bharr sin, go bhfuil feidhm ag na rialacha réamhshocraithe maidir le raon méid an mhogaill agus comhdhéanamh na gabhála a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 850/98, maidir le Ranna VIIa, VIId, VIIe, VIIf, VIIg agus VIIh de CITM agus in uiscí ar lú a ndoimhneacht dheimhnithe ná 200 méadar maidir le Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j agus k de CITM.

(29)

I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart úsáid eangach traimil a cheadú i bhFolimistéar IX de CITM in uiscí a bhfuil a ndoimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar ach níos lú ná 600 méadar.

(30)

Ba cheart úsáid gléasanna áirithe roghnaíocha a cheadú i gcónaí i mBá na Bioscáine chun a áirithiú go ndéantar stoic colmóirí agus stoic ghliomaigh na hIorua a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus chun méid ábhar muirí aischurtha na speiceas sin a laghdú.

(31)

Ba cheart na srianta ar iascaireacht i limistéir áirithe chun gnáthóga domhainfharraige leochaileacha a chosaint i Limistéar Rialála NEAFC arna nglacadh ag NEAFC in 2004 a choimeád, mar aon leis na srianta ar iascaireacht laistigh de limistéir áirithe i Ranna VIIc, j agus k de CITM agus Roinn VIIIc de CITM arna nglacadh ag an Aontas in 2008.

(32)

De réir comhairle ó chomhghrúpa oibre an Aontais/na hIorua maidir le bearta teicniúla, níl an toirmeasc atá ar iascaireacht scadán, ronnach nó salán ag an deireadh seachtaine le tráil nó le peaslíonta saighne in Skagerrak agus in Kattegat ina chuidiú a thuilleadh le caomhnú na stoc éisc pheiligigh toisc go bhfuil athrú tagtha ar na pátrúin iascaireachta, agus ba cheart, dá thoradh sin, ar bhonn na gcomhairliúchán a rinneadh idir an tAontas, an Iorua agus na hOileáin Fharó in 2011, an toirmeasc seo a chúlghairm.

(33)

Ar son soiléireachta agus rialála níos fearr, ba cheart roinnt forálacha atá tite as feidhm a scriosadh.

(34)

Chun na hathruithe sna patrúin iascaireachta a léiriú agus úsáid gléasanna áirithe roghnaíocha a ghlacadh, ba cheart raonta méid mogaill, na spriocspecis agus céatadáin riachtantacha na gabhála a bhfuil feidhm acu in Skagerrak agus in Kattegat a choinneáil.

(35)

Ba cheart na híosmhéideanna atá luaite le breallach féithghearr a athbhreithniú i bhfianaise na sonraí bitheolaíochta.

(36)

Tá íosmhéid leagtha síos d’ochtapais i ngabhálacha ó uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tíortha agus atá lonnaithe i limistéar an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) chun cuidiú le caomhnú ochtapas agus go háirithe chun ochtapais óga a chosaint.

(37)

Ba cheart go ndéanfaí méid atá coibhéiseach leis an íosmhéid maidir le hainseabhaithe a chur i dtír ó thaobh líon na n-éisc in aghaidh an kg de a thabhairt isteach, de bhrí go ndéanfaí an obair ar bord soithí lena ndírítear ar an speiceas sin a shimpliú leis agus go n-éascófaí bearta rialaithe ar an mórthír dá bharr.

(38)

Ba cheart na sonraíochtaí maidir le greille sórtála a úsáidfear chun an fhoghabháil in iascaigh ghliomach na hIorua a laghdú i Roinn IIIa, Folimistéar VI agus Roinn VIIa de CITM, a choinneáil.

(39)

Ba cheart sonraíochtaí maidir le painéil ina bhfuil mogaill chearnógacha a úsáid faoi choinníollacha áirithe le haghaidh iascaigh a bhfuil gléasanna áirithe tarraingthe acu i mBá na Bioscáine a choimeád.

(40)

Ba cheart úsáid painéal 2 mhéadar le mogaill chearnógacha a cheadú i soithí ar lú cumhacht a n-inneall ná 112 kW i limistéir theoranta i Roinn VIa de CITM.

(41)

Úsáideadh an téarma “Comhphobal” i bhforálacha achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 850/98, agus ba cheart é sin a athrú, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liosbóin an 1 Nollaig 2009.

(42)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme rialacha i ndáil le húsáid gléasanna a bhfuil ardroghnaíocht choibhéiseach acu agus iascaireacht ghliomaigh na hIorua ar siúl i Roinn VIa CITM agus rialacha maidir le hiascaigh shonracha de chuid Ballstáit a eisiamh ó chur i bhfeidhm an toirmisc ar eangacha geolbhaigh, fostúcháin nó traimil i bhFolimistéir VIII, IX, X de CITM inar beag líon na bhfoghabhálacha sioirc agus líon na siorc a chaitear ar ais san uisce, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (7) a chur i bhfeidhm.

(43)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 850/98 a leasú dá réir.

(44)

Foráiltear do choinníollacha sonracha faoinar féidir scadáin a chur i dtír chun críche tionsclaíche seachas chun críche a n-ithe ag an duine le Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 (8) ón gComhairle. Maidir leis an maolú sonrach ar na coinníollacha maidir le foghabhálacha de scadáin a chur i dtír in iascaigh bheaga mhogaill i Roinn IIIa CITM, Folimistéar IV, Roinn VIId agus uiscí an Aontais de Roinn IIa CITM a bhíodh san áireamh faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais, ba cheart é a thabhairt isteach sa Rialachán sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 850/98

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh.-850/98 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 1a

In Airteagal 4(2)(c), in Airteagal 46(1)(b) agus in Iarscríbhinn I, fonóta (5), cuirtear an t-ainmfhocal ‘Aontas’ nó an aidiacht chomhfhreagrach in ionad an ainmfhocail ‘Comhphobal’, nó na haidiachta comhfhreagraí, agus déantar aon choigeartú gramadaí a is gá de bharr an athraithe sin.”;

(2)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas in Airteagal 2(1):

“(i)

Réigiún 9

Na huiscí uile den Mhuir Dhubh a chomhfhreagraíonn d’Fho-limistéar geografach 29 mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) (9) agus i Rún GFCM/33/2009/2.

(3)

cuirtear isteach an fomhír seo a leanas in Airteagal 11(1):

“Beidh feidhm ag an maolú seo gan dochar d’Airteagal 34b(2)(c).”;

(4)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 11a

I Réigiún 9, beidh íosmhéid 400 milliméadar ag na mogaill eangacha gheolbhaigh ghrinneallsocraithe, nuair a úsáidtear iad chun turbaird a ghabháil.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Tá orgánach muirí róbheag má tá toisí aige atá níos lú ná na toisí íosta a shonraítear in Iarscríbhinn XII agus in Iarscríbhinn XIIa le haghaidh an speicis ábhartha agus an limistéir gheografaigh ábhartha.”;

(6)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 19:

“4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le Réigiún 9.”;

(7)

cuirtear isteach an teideal seo a leanas:

TEIDEAL IIIa

Bearta chun líon na n-iasc a chuirtear ar ais san uisce a laghdú

Airteagal 19a

Toirmeasc ar roghnú na scotha

1.   Laistigh de Réigiúin 1, 2, 3 agus 4, beidh toirmeasc, le linn oibríochtaí iascaireachta, ar speicis a chaitheamh ar ais san uisce ar specis iad atá faoi réir cuóta agus ar féidir iad a thabhairt i dtír go dleathach.

2.   Tá na forálacha dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do na hoibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán seo nó in aon ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse an iascaigh.

Airteagal 19b

Forálacha maidir le hathrú láithreach agus toirmeasc ar shleamhnú

1.   Laistigh de Réigiúin 1, 2, 3 agus 4, i gcás ina sáraíonn líon na ronnach, na scadán nó na mbolmán atá róbheag 10 % d’iomlán na gabhála i dtarraingt amháin, aistreofar an soitheach go láthair iascaireachta eile.

2.   Laistigh de Réigiúin 1, 2, 3 agus 4, beidh toirmeasc ar ronnach, scadáin nó bolmán a scaoileadh ar ais san uisce sula mbeidh an eangach tarraingthe amach go hiomlán ar bord an tsoithigh agus a mbeadh éisc mharbha nó éisc i mbéil a mbáis mar thoradh air.”;

(8)

scriostar pointe (d) in Airteagal 20(1);

(9)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 20a

Srianta ar iascaireacht an scadáin in uiscí an Aontais de chuid Roinn IIa de CITM

Scadáin a gabhadh in uiscí an Aontais de chuid Roinn IIA de CITM sa tréimhse ó 1 Eanáir go dtí 28 Feabhra, agus ó 16 Bealtaine go dtí 31 Nollaig, beidh toirmeasc ar iad a chur i dtír nó a choinneáil ar bord.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a:

“Airteagal 29a

Limistéar le haghaidh iascach corr gainimh i bhFolimistéar IV de CITM a iamh

1.   Beidh toirmeasc ar chorra gainimh a thabhairt i dtír nó a choinneáil ar bord, ar corra gainimh iad a ghabhtar sa limistéar geografach a bhfuil cósta thoir Shasana agus na hAlban mar theorainn aige, agus atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

cósta thoir Shasana ag domhanleithead 55°30′ T,

domhanleithead 55°30′ T, domhanfhad 01°00′ I,

domhanleithead 58°00’ T, domhanfhad 01°00′ I,

domhanleithead 58°00′ T, domhanfhad 02°00′ I,

cósta thoir na hAlban ag domhanfhad 02°00′ I.

2.   Ceadófar iascaigh chun críche an taighde eolaíoch d’fhonn faireachán a dhéanamh ar stoc na gcorr gainimh sa limistéar agus tionchar an iaimh.”;

(11)

cuirtear an méid seo in ionad mhír 3 in Airteagal 29b:

“3.   De mhaolú ar an toirmeasc atá leagtha síos i mír 1, déanfar iascaireacht le cléibh nach ngabhann gliomaigh na hIorua a údarú sna limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí atá leagtha amach sa mhír sin.”;

(12)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 29c

Bosca na gCadóg Rocal i bhFolimistéar VI de CITM

1.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht chadóg Rocal, seachas le spiléir, sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

57°00′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 15°00′ I.

Airteagal 29d

Srianta ar iascaireacht na dtrosc, na gcadóg agus na bhfaoitíní i bhFolimistéar VI de CITM

1.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht trosc, cadóg agus faoitíní laistigh den chuid sin de Roinn VIa de CITM atá soir nó ó dheas ó na rumlínte sin atá ceangailte go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

54°30′ T, 10°35′ I

55°20′ T, 09°50′ I

55°30′ T, 09°20′ I

56°40′ T, 08°55′ I

57°00′ T, 09°00′ I

57°20′ T, 09°20′ I

57°50′ T, 09°20′ I

58°10′ T, 09°00′ I

58°40′ T, 07°40′ I

59°00′ T, 07°30′ I

59°20′ T, 06°30′ I

59°40′ T, 06°05′ I

59°40′ T, 05°30′ I

60°00′ T, 04°50′ I

60°15′ T, 04°00′ I.

2.   Aon soitheach iascaireachta atá sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh sé go bhfuil aon ghléas iascaireachta atá ar bord fáiscthe síos agus stuáilte i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (10).

3.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin ag baint úsáide as eangacha éighníomhacha cladaigh atá daingnithe le cuaillí, as dreidirí muiríní, dreidirí diúilicíní, línte láimhe, díreoga meicnithe, eangacha tarraingthe agus eangacha saighne cladaigh, agus as potaí agus cléibh, ar an gcoinníoll:

(a)

nach dtabharfar ar bord ná nach n-úsáidfear gléasanna iascaireachta seachas líonta éighníomhacha cladaigh arna bhfeistiú le cuaillí, dreidirí muiríní, dreidirí diúilicíní, línte láimhe, díreoga meicnithe, líonta tarraingthe agus líonta saighne cladaigh, agus potaí agus cléibh; agus

(b)

nach gcoinneofar ar bord, nach dtabharfar ar bord ná nach dtabharfar i dtír aon iasc seachas ronnaigh, mangaigh, glasáin nó bradáin ná sliogiasc nach moilisc ná crústaigh iad.

4.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin ag baint úsáide as líonta a bhfuil méid a mogall níos lú ná 55 milliméadar, ar an gcoinníoll:

(a)

nach mbeidh aon líon a bhfuil méid a mhogall comhionann le 55 milliméadar nó níos mó ar bord acu; agus

(b)

nach gcoinneofar aon iasc seachas scadáin, ronnaigh, pilséir/seirdíní, mionsairdíní, bolmáin, saláin, faoitíní gorma, torcéisc agus airgintíní ar bord.

5.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin, ag baint úsáide as eangacha geolbhaigh ar lú méid a mogall ná 120 milliméadar, ar an gcoinníoll:

(a)

ní úsáidtear iad ach sa limistéar ó theas ó 59° T;

(b)

gurb é fad uasta na heangaí geolbhaí a úsáidtear 20 km in aghaidh an tsoithigh;

(c)

gurb é 24 uair an chloig an t-uas-mhaotham; agus

(d)

nach mó ná 5 % den ghabháil na faoitíní agus na troisc.

6.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin, ag baint úsáide as eangacha geolbhaigh ar lú méid a mogall ná 90 milliméadar, ar an gcoinníoll:

(a)

nach núsáidtear iad laistigh de thrí mhuirmhíle ón gcósta agus ar feadh uasmhéid 10 lá in aghaidh an mhí féilire;

(b)

gurb é fad uasta na heangaí a úsáidtear 1 000 méadar;

(c)

gurb é 24 uair an chloig an t-uas-mhaotham; agus

(d)

70 % ar a laghad den ghabháil na fíogaigh beaga.

7.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaireacht ghliomach na hIorua laistigh den limistéar a leagtar amach sa mhír sin, ar an gcoinníoll:

(a)

go bhfuil greille sórtála mar chuid den ghléas iascaireachta a úsáidtear i gcomhréir le pointe 2 go pointe 5 d’Iarscríbhinn XIVa, nó painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha, a bhfuil cur síos air in Iarscríbhinn XIVc; nó go bhfuil an gléas iascaireachta ina ghléas a bhfuil ardroghnaíocht choibhéiseach aige;

(b)

nach lú ná 80 milliméadar méid a mhogall;

(c)

30 % ar a laghad d’ualach na gabhála a choinnítear iad gliomaigh na hIorua.

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tuairime fabhraí ón CETEI gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinnfear cén ghléasanna a mheasfar a mbeidh ardroghnaíocht choibhéiseach acu chun críche phointe (a).

8.   Ní bheidh feidhm ag mír 7 laistigh den limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

59°05′ T, 06°45′ I

59°30′ T, 06°00′ I

59°40′ T, 05°00′ I

60°00′ T, 04°00′ I

59°30′ T, 04°00′ I

59°05′ T, 06°45′ I.

9.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaireacht le tráil, le líonta saighne grinneallacha, nó le gléasanna cosúla eile laistigh den limistéar atá leagtha amach sa mhír sin ar an gcoinníoll:

(a)

go bhfuil na líonta ar fad atá ar bord an tsoithigh déanta agus méid a mogall comhionann le 120 milliméadar ar a laghad i gcás soithí ar mó a bhfad iomlán ná 15 mhéadar, nó 110 milliméadar i gcás gach cineáil soithigh eile;

(b)

i gcás inar lú ná 90 % na glasáin atá sa ghabháil a choinnítear ar bord, go bhfuil painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha, a bhfuil cur síos air in Iarscríbhinn XIVc, mar chuid den ghléas iascaireachta atá in úsáid; agus;

(c)

i gcás inarb ionann nó inar lú fad iomlán an tsoithigh agus 15 mhéadar, beag beann ar chainníocht na nglasán a choinnítear ar bord, go bhfuil painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha, a bhfuil cur síos air in Iarscríbhinn XIVd, mar chuid den ghléas iascaireachta atá in úsáid.

10.   Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2015 agus nach déanaí ná gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, i bhfianaise comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thréithe na ngléasanna a sonraítear i mír 9 agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra le haghaidh leasaithe ar mhír 9 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

11.   Ní bheidh feidhm ag mír 9 laistigh den limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

59°05′ T, 06°45′ I

59°30′ T, 06°00′ I

59°40′ T, 05°00′ I

60°00′ T, 04°00′ I

59°30′ T, 04°00′ I

59°05′ T, 06°45′ I.

12.   Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig gach bliain, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a chur i gcrích agus úsáid á baint as aon cheann de na gléasanna a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach do stoic troisc agus do na hiascaigh ina saothraítear na stoic (11) sin sna limistéir sin de Roinn VIa de CITM atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

55°25′ T, 07°07′ I

55°25′ T, 07°00′ I

55°18′ T, 06°50′ I

55°17′ T, 06°50′ I

55°17′ T, 06°52′ I

55°25′ T, 07°07′ I.

Ní thabharfaidh máistir soithigh iascaireachta ná duine eile ar bord cúis ná cead d’aon duine ar bord iarracht a dhéanamh iascaireacht sa limistéar sainiúil, éisc a thabhairt i dtír, a athlastáil nó a bheith ar bord acu, ar éisc iad a gabhfar sa limistéar sainiúil.

13.   Cuirfidh gach Ballstát lena mbaineann clár breathnóireachta ar bord chun feidhme ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig gach bliain chun samplaí a thógáil de na gabhálacha agus d’ábhar muirí aischurtha na soithí a dtéann na maoluithe dá bhforáiltear i míreanna 5, 6, 7 agus 9 chun tairbhe dóibh. Tabharfar faoi na cláir bhreathnóireachta gan dochar do na hoibleagáidí faoi na rialacha ábhartha agus beidh siad dírithe ar ghabhálacha trosc, cadóg agus faoitíní a mheas mar aon le hábhar muirí aischurtha ag díriú ar leibhéal beachtais de 20 % ar a laghad.

14.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuarascáil a sholáthar ar mhéid iomlán ghabhálacha éisc na soithí atá faoi réir an chláir bhreathnóireachta, agus líon iomlán na n-iasc a caitheadh ar ais san uisce ó na soithí sin i rith gach bliana féilire agus déanfaidh siad í a thíolacadh don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra na bliana féilire ina dhiaidh sin.

15.   Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2015 agus nach déanaí ná gach dhá bhliain ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid stoc trosc, cadóg agus faoitíní sa limistéar a sonraítear i mír 1 i bhfianaise comhairle ó CETEI agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra le haghaidh an leasaithe ar an Airteagal seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 29e

Srianta ar iascaireacht na dtrosc i bhFolimistéar VI de CITM

1.   Ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta gach bliain, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta sa chuid d’Fholimistéar VII de CITM atá comhdhéanta de thriantáin staitistiúla de CITM: 30E4, 31E4, 32E3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin laistigh de sé mhuirmhíle ón mbonnlíne.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáide as líonta éighníomhacha cladaigh arna bhfeistiú le cuaillí, dreidirí muiríní, dreidirí diúilicíní, líonta tarraingthe agus líonta saighne cladaigh, línte láimhe, díreoga meicnithe, agus potaí agus cléibh laistigh den limistéar agus na tréimhsí ama dá dtagraítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll:

(a)

nach dtabharfar gléasanna iascaireachta seachas líonta éighníomhacha cladaigh arna bhfeistiú le cuaillí, dreidirí muiríní, dreidirí diúilicíní, líonta tarraingthe agus líonta saighne cladaigh, línte láimhe, díreoga meicnithe, agus potaí agus cléibh ar bord ná nach n-úsáidfear iad; agus

(b)

nach dtabharfar ar bord, ná nach gcoinneofar ar bord, ná nach dtabharfar i dtír aon iasc seachas ronnaigh, mangaigh, bradáin ná sliogiasc nach moilisc ná crústaigh iad.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar dá dtagraítear sa mhír sin, ag baint úsáide as líonta a bhfuil méid a mogall níos lú ná 55 mhilliméadar, ar choinníoll:

(a)

nach mbeidh aon líon a bhfuil méid a mhogall comhionann le 55 mhilliméadar nó níos mó ar bord acu; agus

(b)

nach gcoinneofar aon iasc seachas scadáin, ronnaigh, pilséir/seirdíní, mionsairdíní, bolmáin, saláin, faoitíní gorma, torcéisc agus airgintíní ar bord.

Airteagal 29f

Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint

1.   Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine de gach bliain, beidh toirmeasc ar aon chainníocht de langa gorm a choinneáil ar bord ar mó í ná 6 thonna do gach turas iascaireachta sna limistéir sin de Roinn VIa de CITM atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

(a)

Imeall scairbh ilchríochach na hAlban

59°58′ T, 07°00′ I

59°55′ T, 06°47′ I

59°51′ T, 06°28′ I

59°45′ T, 06°38′ I

59°27′ T, 06°42′ I

59°22′ T, 06°47′ I

59°15′ T, 07°15′ I

59°07′ T, 07°31′ I

58°52′ T, 07°44′ I

58°44′ T, 08°11′ I

58°43′ T, 08°27′ I

58°28′ T, 09°16′ I

58°15′ T, 09°32′ I

58°15′ T, 09°45′ I

58°30′ T, 09°45′ I

59°30′ T, 07°00′ I

59°58′ T, 07°00′ I;

(b)

Imeall bhanc Rosemary

60°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 11°00′ I

Gan an limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas a áireamh, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

59°15′ T, 10°24′ I

59°10′ T, 10°22′ I

59°08′ T, 10°07′ I

59°11′ T, 09°59′ I

59°15′ T, 09°58′ I

59°22′ T, 10°02′ I

59°23′ T, 10°11′ I

59°20′ T, 10°19′ I

59°15′ T, 10°24′ I.

2.   Agus é ag dul isteach sna limistéir dá dtagraítear i mír 1 nó ag imeacht uathu, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta an dáta, an t-am, agus an áit iontrála agus imeachta a thaifeadadh sa logleabhar.

3.   Má ghabhann soitheach 6 thonna de langa gorm i gceachtar den dá limistéar dá dtagraítear i mír 1:

(a)

scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh sé ón limistéar ina bhfuil sé;

(b)

ní fhéadfaidh sé dul isteach arís in aon cheann de na limistéir sin go dtí go dtabhfarfar an ghabhail i dtír;

(c)

ní fhéadfaidh sé aon chuid den langa gorm atá gafa aige a chur ar ais san fharraige.

4.   Déanfaidh na breathnóirí dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 an 16 Nollaig 2002 ón gComhairle lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach (12) atá sannta do shoithí iascaireachta atá i láthair i gceann de na limistéir dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na breathnóirí sin, i dteannta na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin, i gcás líon samplaí iomchuí de ghabhálacha langaí gorma, na héisc sna samplaí a thomhas agus aibíocht ghnéasach iasc a nglactar foshampla díobh a chinneadh. Ar bhonn comhairle ón CETEI, bunóidh na Ballstáit prótacail maidir le sampláil mhionsonraithe agus le comhthiomsú torthaí.

5.   Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán gach bliain, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus eangacha geolbhaigh laistigh de limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

60°56.02′ T, 27°31.16′ I

60°59.76′ T, 27°43.48′ I

61°03.00′ T, 27°39.41′ I

60°58.76′ T, 27°27.32′ I.

Airteagal 29g

Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta Fholimistéar I agus Fholimistéar II de CITM

1.   Ní cheadófar iascaireacht dhírithe ar phéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta Fholimistéar I agus Fholimistéar II de CITM ach amháin sa tréimhse idir an 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig gach bliain ag soithí a bhí páirteach san iascach péirsí mara roimhe sin i limistéar rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), mar a shonraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (13).

2.   Cuirfidh soithí teorainn lena bhfoghabhálacha de phéirsí mara in iascaigh eile sa dóigh is nach mbeidh níos mó ná 1 % den ghabháil iomlán a choinnítear ar bord ina fhoghabháil den sórt sin.

3.   Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach, agus a gabhadh san iascach seo.

4.   De mhaolú ar Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochta san iascach sin tuairisc laethúil ar a ngabhálacha.

5.   I dteannta fhorálacha Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin agus a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh breathnóirí eolaíocha faisnéis eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu. Ar a laghad, beidh san fhaisnéis a bhaileofar sonraí ionadaíocha ar a bhfuil sa ghabháil maidir le gnéas, aois agus fad, de réir doimhneachta. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis sin in iúl do CITM.

7.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin dáta a thugann Rúnaíocht NEAFC fógra do pháirtithe conarthacha NEAFC gur úsáideadh an ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) ina hiomláine. Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar iascach atá dírithe ar phéirsí mara ag soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu ón dáta sin.

Airteagal 29h

Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi

1.   Beidh toirmeasc ar phéirsí mara a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta Fholimistéar V de CITM agus uiscí an Aontais i bhFolimistéar XII agus i bhFolimistéar XIV de CITM.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadófar gabháil phéirsí mara ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig sa limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84 (“Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara”):

64°45′ T, 28°30′ I

62°50′ T, 25°45′ I

61°55′ T, 26°45′ I

61°00′ T, 26°30′ I

59°00′ T, 30°00′ I

59°00′ T, 34°00′ I

61°30′ T, 34°00′ I

62°50′ T, 36°00′ I

64°45′ T, 28°30′ I.

2.   D’ainneoin mhír 1, féadfar iascach a cheadú do phéirsí mara, trí ghníomh dlíthiúl de chuid an Aontais, lasmuigh de Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara i Muir Irminger agus na huiscí taobh léi ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig gach bliain ar bhonn comhairle eolaíche agus ar an gcoinníoll go bhfuil plean athshlánaithe ag NEAFC do na péirsí mara sa limistéar geografach sin. Ní bheidh páirteach san iascach sin ach amháin soithí de chuid an Aontais a bhfuil an t-údarú cuí faighte acu óna mBallstát agus a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

3.   Beidh toirmeasc ar úsáid trál a bhfuil méid a mogall níos lú ná 100 milliméadar.

4.   Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach ar phéirsí gorma, agus a gabhadh san iascach seo.

5.   Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta lasmuigh de Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara an tuarascáil gabhála dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 a tharchur ar bhonn laethúil nuair a bheidh gníomhaíochtaí iascaireachta an lae féilire sin curtha i gcrích. Léireofar sa tuarascáil sin na gabhálacha a tugadh ar bord ón uair dheireanach a rinneadh na gabhálacha a thuairisc.

6.   I dteannta fhorálacha Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de.

7.   Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 i gcomhréir leis na rialacha ábhartha.

(13)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 30:

“(1a)   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le Réigiún 9.”;

(14)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 31a

Iascaireacht Leictreach i Roinn IVc agus i Roinn IVb de CITM

1.   De mhaolú ar Airteagal 31, ceadófar iascaireacht le trál bíoma ina mbaintear úsáid as sruth bíge leictreach i Roinn IVc agus i Roinn IVb de CITM ó dheas ó rumlíne atá ceangailte ag na pointí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáide WGS84:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 55° T,

soir uaidh sin go domhanleithead 55° T, domhanfhad 5° Soir,

ó thuaidh uaidh sin go domhanleithead 56° T,

agus, ar deireadh, soir uaidh sin go pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 56° T.

2.   Ní cheadófar iascaireacht bíge leictrí ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil níos mó ná 5 % de chabhlach trálaer bíoma gach Ballstáit ag baint úsáide as an trál bíge leictrí;

(b)

i gcás nach mó ná fad an bhíoma i méadar méadaithe faoi 1,25 an uaschumhacht leictreach in aonad kW do gach trál bíoma;

(c)

i gcás nach mó ná 15V an voltas éifeachtach idir na leictreoidí;

(d)

i gcás ina bhfuil an soitheach feistithe le córas uathoibríoch bainistíochta ríomhaireachta a dhéanann taifead ar an uaschumhacht atá in úsáid do gach bíoma agus ar an voltas éifeachtach idir leictreoidí don 100 tarraingt dheireanach ar a laghad. Ní féidir le pearsanra neamhúdaraithe an córas uathoibríoch bainistíochta ríomhaireachta seo a mhodhnú;

(e)

tá toirmeasc ar shlabhra suaite amháin nó níos mó a úsáid os comhair na coistéide.”;

(15)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 32a

Srianta ar shoithí peiligeacha maidir le láimhseáil agus scaoileadh gabhálacha

1.   10 milliméadar a bheidh san uas-spás idir barraí sa deighilteoir uisce ar bord soithí peiligeacha iascaireachta atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

Beidh na barraí táthaithe dá n-áit. Má úsáidtear poill sa deighilteoir uisce seachas barraí, ní mó ná 10 milliméadar a bheidh in uasmhéid trastomhais na bpoll. 15 mhilliméadar ar a mhéad a bheidh mar thrastomhas ar na poill sna fánáin atá os comhair an deighilteora uisce.

2.   I gcás gach soithigh pheiligigh atá ag oibriú i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, beidh toirmeasc ar éisc a scaoileadh faoi bhun líne uisce an tsoithigh ó umair mhaolánacha nó ó umair uisce farraige cuisnithe.

3.   Seolfaidh máistir an tsoithigh dearaí a bhaineann le hinniúlachtaí láimhseála agus scaoilte soithí peiligeacha atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, dearaí atá deimhnithe ag údaráis inniúla na mBallstát brataí, mar aon le modhnú ar bith a dhéanfar orthu sin, seolfaidh sé na dearaí sin chuig údaráis inniúla iascaireachta an Bhallstáit bhrataí. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát brataí na soithí fíoruithe tréimhsiúla ar chruinneas na ndearaí a chuirtear faoina bhráid. Beidh cóipeanna de na dearaí sin ar bord i gcónaí.”;

(16)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 34a

Bearta teicniúla caomhnaithe i Muir Éireann

1.   Ón 14 Feabhra go dtí an 30 Aibreán, beidh cosc ar aon trál grinneallach, líon saighne nó líon tarraingthe cosúil eile, aon eangach gheolbhaigh, traimil, líonta fostúcháin nó aon líon éighníomhach cosúil eile nó aon ghléas iascaireachta a ionchorpraíonn duáin laistigh den chuid sin de Roinn VIIa de CITM atá iniata ag:

cósta thoir Éireann agus cósta thoir Thuaisceart Éireann, agus

línte díreacha a cheanglaíonn go seicheamhach na comhordanáidí geografacha seo a leanas:

pointe ar chósta thoir na hArda i dTuaisceart Éireann ag 54° 30 T,

54°30′ T, 04°50′ I,

53° 15′ T, 04°50′ I,

pointe ar chósta thoir Éireann ag 53°15′ T.

2.   De mhaolú ar mhír 1, laistigh den limistéar agus den tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

ceadófar úsáid trál dobharchú grinneallach ar choinníoll nach gcoinneofar aon chineál gléis iascaireachta eile ar bord agus:

go mbeidh méid mhogaill na líonta sin idir 70 agus 79 milliméadar nó idir 80 agus 99 milliméadar,

nach mbeidh i gceist leis na líonta sin ach ceann amháin de na raonta méid mogaill a cheadaítear, agus

nach mbeidh sna líonta sin aon mhogall ar leithligh, beag beann ar shuíomh an mhogaill sin sa líon, a bheidh níos mó ná 300 milliméadar, agus

nach n-úsáidfear na líonta sin ach i limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

53°30′ T, 05°30′ I

53°30′ T, 05°20′ I

54°20′ T, 04°50′ I

54°30′ T, 05°10′ I

54°30′ T, 05°20′ I

54°00′ T, 05°50′ I

54°00′ T, 06°10′ I

53°45′ T, 06°10′ I

53°45′ T, 05°30′ I

53°30′ T, 05°30′ I;

(b)

ceadófar úsáid trál grinneallach, líon saighne nó líon tarraingthe cosúil eile a bhfuil painéal deighilteora nó greille sórtála air ar choinníoll nach gcoinneofar aon chineál gléis iascaireachta eile ar bord agus:

go gcomhlíonann na líonta sin na coinníollacha a leagatar síos i bpointe (a),

i gcás painéal deighilteora, go dtógtar na líonta i gcomhréir leis na sonraí teicniúla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 ón gComhairle an 12 Feabhra 2002 lena mbunaítear bearta is infheidhme i 2002 maidir leis an stoc throsc i Muir Éireann (Roinn VIIa de CITM) a athshlánú (14), agus

i gcás greillí sórtála, go bhfuil na líonta i gcomhréir le pointí 2 go 5 d’Iarscríbhinn XIVa a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

ceadófar aon trál grinneallach, líon saighne nó líon tarraingthe cosúil a bhfuil painéal deighilteora nó greille sórtála air, a úsáid freisin laistigh de limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

53°45′ T, 06°00′ I

53°45′ T, 05°30′ I

53°30′ T, 05°30′ I

53°30′ T, 06°00′ I

53°45′ T, 06°00′ I.

Airteagal 34b

Úsáid eangach geolbhaigh i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéir VIII, IX, X agus XII de CITM soir ó 27° I

1.   Ní úsáidfidh soithigh an Aontais eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin ná traimil áit ar bith ina bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéir VIII, IX agus X agus XII de CITM soir ó 27° I.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar na gléasanna seo a leanas a úsáid:

(a)

Eangacha geolbhaigh i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa VIb, VIIb, c, j, k agus i bhFolimistéar XII soir ó 27° I de CITM a bhfuil méid a mogall comhionann le 120 milliméadar nó níos mó, ach níos lú ná 150 milliméadar, eangacha geolbhaigh i Ranna VIIIa, b, d de CITM agus i bhFolimistéar X de CITM a bhfuil méid a mogall comhionann le 100 milliméadar nó níos mó, ach níos lú ná 130 milliméadar, agus eangacha geolbhaigh i Roinn VIIIc agus i Limistéar IX de CITM a bhfuil méid a mogall comhionann le 80 milliméadar nó níos mó, ach níos lú ná 110 milliméadar, ar an gcoinníoll:

go n-úsáidtear iad in uiscí a bhfuil a ndoimhneacht cairte níos lú ná 600 méadar,

nach bhfuil siad níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, agus nach bhfuil cóimheas crochta níos lú ná 0,5 acu,

go bhfuil siad rigeáilte le snámháin nó le snámhacht choibhéiseach éigin eile,

gurb é 5 mhuirmhíle uasfhad gach lín, agus nach mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh fad iomlán na líonta atá in úsáid ag aon am amháin,

gurb é 24 uair an chloig an t-uas-mhaotham;

(b)

Líonta fostúcháin a bhfuil méid a mogall comhionann le 250 milliméadar nó níos mó ná sin, ar choinníoll:

go n-úsáidtear iad in uiscí a bhfuil a ndoimhneacht cairte níos lú ná 600 méadar,

nach bhfuil siad níos mó ná 15 mhogall ar doimhneacht, agus nach bhfuil cóimheas crochta níos lú ná 0,33 acu,

nach bhfuil siad rigeáilte le snámháin ná le snámhacht choibhéiseach éigin eile,

nach mó ná 10 km a bhfad. Nach mó nach 100 km in aghaidh an tsoithigh fad iomlán na líonta atá in úsáid ag aon am amháin,

gurb é 72 uair an chloig an t-uas-mhaotham;

(c)

Eangacha geolbhaigh i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéar XII de CITM soir ó 27° I a bhfuil méid a mogall ionann le 100 mhilliméadar nó níos mó, ach níos lú ná 130 milliméadar, ar an gcoinníoll:

go n-úsáidtear iad in uiscí a bhfuil a ndoimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar agus níos lú ná 600 méadar,

nach bhfuil siad níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, agus nach bhfuil cóimheas crochta níos lú ná 0,5 acu,

go bhfuil siad rigeáilte le snámháin nó le snámhacht choibhéiseach éigin eile,

gurb é 4 mhuirmhíle uasfhad gach lín, agus nach mó ná 20 km in aghaidh an tsoithigh fad iomlán na líonta atá in úsáid ag aon am amháin,

gurb é 24 uair an chloig an t-uas-mhaotham,

nach lú ná 85 % d’ualach na gabhála a choinnítear iad colmóirí,

nach mbeidh méadú thar an leibhéal a taifeadadh in 2008 ar líon na soitheach atá rannpháirteach san iascach,

go ndéanfaidh máistir an tsoithigh atá rannpháirteach san iascach sin taifead sa logleabhar, sula bhfágfaidh sé an calafort, ar chainníocht agus ar fhad iomlán an ghléis atá ar bord an tsoithigh. Déanfar iniúchadh air sin i gcás 15 % ar a laghad de na himeachtaí sin,

mar atá fíoraithe i logleabhar an Aontais don turas sin, tráth an teachta i dtír go bhfuil 90 % den ghléas ar bord ag máistir an tsoithigh, agus

go ndéanfar cainníocht na speiceas ar fad a ngabhtar níos mó ná 50 kg díobh, lena n-áirítear an t-ábhar muirí a aischuirtear níos mó ná 50 kg díobh, a thaifeadadh i logleabhar an Aontais;

(d)

Líonta traimil i bhFolimistéar IX de CITM a bhfuil méid a mogall comhionann le 220 milliméadar nó níos mó ná sin, ar choinníoll:

go n-úsáidtear iad in uiscí a bhfuil a ndoimhneacht cairte níos lú ná 600 méadar,

nach bhfuil siad níos mó ná 30 mogall ar doimhneacht, agus nach bhfuil cóimheas crochta níos lú ná 0,44 acu,

nach bhfuil siad rigeáilte le snámháin ná le snámhacht choibhéiseach éigin eile,

nach mó ná 5 km a bhfad, agus nach mó ná 20 km in aghaidh an tsoithigh fad iomlán na líonta atá in úsáid ag aon am amháin,

gurb é 72 uair an chloig an t-uas-mhaotham.

3.   Ní bheidh feidhm ag an maolú seI, áfach, i Limistéar Rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC).

4.   Aon soitheach a úsáideann eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe nó líonta fostúcháin nó traimil áit ar bith ina bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 méadar i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k de CITM agus i bhFolimistéir XII soir ó 27° I, VIII, IX agus X de CITM, eiseofar údarú iascaireachta dó i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

5.   Ní choinneofar ach cineál amháin de na gléasanna a bhfuil cur síos orthu i mír 2(a), i mír 2(b) nó i mír 2(d) ar bord an tsoithigh ag am ar bith. Féadfaidh soithí líonta a iompar ar bord a bhfuil a bhfad iomlán 20 % níos faide ná uasfhad na gcabhlach is féidir a úsáid ag aon am amháin.

6.   Maidir le máistir soithigh a bhfuil údarú iascaireachta aige dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh sé an méid gléasanna agus faid na ngléasanna sin atá á n-iompar ag soitheach sula bhfágann sé an calafort agus nuair a fhilleann sé ar an gcalafort a thaifeadadh sa logleabhar, agus tabharfaidh sé cuntas ar aon neamhréireacht idir an dá chainníocht.

7.   Beidh an ceart ag na húdaráis inniúla gléas atá fágtha gan faire ar an bhfarraige a bhaint i Ranna IIIa, IVa, Vb, VIa, VIb, VIIb, c, j, k agus i bhFolimistéir XII soir ó 27° I, VIII, IX agus X de CITM, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil an gléas marcáilte i gceart;

(b)

i gcás ina léiríonn na comharthaí ar na bullaí nó sonraí comharthaíochta teachtaireachtaí dinimiciúla nach raibh an t-úinéir lonnaithe níos lú ná 100 muirmhíle ón ngléas ar feadh níos mó ná 120 uair;

(c)

i gcás ina bhfuil an gléas in úsáid in uiscí de dhoimhneacht cairte níos doimhne ná an doimhneacht cairte atá ceadaithe;

(d)

i gcás méid neamhdhleathach a bheith ar mhogaill an ghléis.

8.   Déanfaidh máistir soithigh a bhfuil údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 4 aige an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar le linn gach turais iascaireachta:

méid mhogaill an lín atá in úsáid,

fad ainmniúil lín amháin,

an méid líonta atá i gcabhlach,

méid iomlán na gcabhlach atá in úsáid,

suíomh gach cabhlaigh atá in úsáid,

doimhneacht gach cabhlaigh atá in úsáid,

maotham gach cabhlaigh atá in úsáid,

an méid den ghléas a chailltear, an suíomh deireanach arb eol an gléas a bheith ann agus an dáta ar a gcailltear é.

9.   Ní cheadófar do shoithí iascaireachta a bhfuil údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 4 acu teacht i dtír ach amháin sna calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002.

10.   Ní bheidh cainníocht na siorc a choinneofar ar bord aon soithigh a bhfuil an cineál gléis a ndéantar cur síos air i mír 2(b) agus 2(d) níos mó ná 5 %, de bheomheáchan iomlán na n-orgánach muirí ar fad a choinnítear ar bord.

11.   Tar éis dó dul i gcomhairle le CETEI, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar iascaigh shonracha de chuid Ballstáit, i bhFolimistéir VIII, IX, X de CITM, a eisiamh ó chur i bhfeidhm mhír 1 go mír 9 ina léirítear le faisnéis a sholáthair na Ballstáit gur beag líon na bhfoghabhálacha sioirc agus líon na siorc a chaitear ar ais san uisce de bharr na n-iascach sin.

Airteagal 34c

Coinníollacha d’iascaigh a úsáideann gléasanna tarraingthe áirithe atá údaraithe i mBá na Bioscáine

1.   De mhaolú ar na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún an 19 Márta 2002 lena mbunaítear bearta teicniúla breise chun stoc colmóirí i bhFolimistéir III, IV, V, VI agus VII agus ranna VIIIa, b, d, e de CITM a athshlánú (15), ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáide as tráil, líonta saighne Danmhargacha agus gléasanna cosúla, seachas tráil bhíoma, a bhfuil méid a mogall sa réimse 70-99 milliméadar sa limistéar atá sainmhínithe in Airteagal 5(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 má tá an gléas feistithe le painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XIVb.

2.   Nuair atáthar ag iascaireacht i Ranna VIII a agus b de CITM, ceadófar greille roghnach agus a forbhaill a úsáid os comhair cheann an tráil agus/nó painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha agus méid na mogall comhionann le 60 milliméadar nó níos mó a úsáid, sa chuid is ísle den síneadh atá os comhair cheann an tráil. Ní bheidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 4(1), Airteagal 6 agus Airteagal 9(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 3(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 maidir leis an gcuid sin den trál ina bhfuil na feistí roghnacha sin.

Airteagal 34d

Bearta chun gnáthóga domhainfharraige leochaileacha a chosaint i Limistéar Rialála Choimisiún Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC)

1.   Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir ghrinneallsocraithe, laistigh de na limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

 

Cuid d’Iomaire Reykjanes:

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

55°05.4804′ T, 35°58.9784′ I

54°58.9914′ T, 34°41.3634′ I

54°41.1841′ T, 34°00.0514′ I

54°00′ T, 34°00′ I

53°54.6406′ T, 34°49.9842′ I

53°58.9668′ T, 36°39.1260′ I

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

 

Limistéar Thuaidh MAR:

59°45′ T, 33°30′ I

57°30′ T, 27°30′ I

56°45′ T, 28°30′ I

59°15′ T, 07°15′ I

59°45′ T, 33°30′ I

 

Lárlimistéar MAR (Brischrios Charlie-Gibbs agus Réigiún Tosaigh Fopholaigh):

53°30′ T, 38°00′ I

53°30′ T, 36°49′ I

55°04.5327′ T, 36°49′ I

54°58.9914′ T, 34°41.3634′ I

54°41.1841′ T, 34°00′ I

53°30′ T, 38°00′ I

51°30′ T, 28°00′ I

49°00′ T, 26°30′ I

49°00′ T, 30°30′ I

51°30′ T, 32°00′ I

51°30′ T, 38°00′ I

53°30′ T, 38°00′ I

 

Limistéar Theas MAR:

44°30′ T, 30°30′ I

44°30′ T, 27°00′ I

43°15′ T, 27°15′ I

43°15′ T, 31°00′ I

44°30′ T, 30°30′ I

 

Tuláin Ghrinnill Altair:

45°00′ T, 34°35′ I

45°00′ T, 33°45′ I

44°25′ T, 33°45′ I

44°25′ T, 34°35′ I

45°00′ T, 34°35′ I

 

Tuláin Ghrinnill Antialtair:

43°45′ T, 22°50′ I

43°45′ T, 22°05′ I

43°25′ T, 22°05′ I

43°25′ T, 22°50′ I

43°45′ T, 22°50′ I

 

Banc Hatton:

59°26′ T, 14°30′ I

59°12′ T, 15°08′ I

59°01′ T, 17°00′ I

58°50′ T, 17°38′ I

58°30′ T, 17°52′ I

58°30′ T, 18°22′ I

58°03′ T, 18°22′ I

58°03′ T, 17°30′ I

57°55′ T, 17°30′ I

57°45′ T, 19°15′ I

58°11.15′ T, 18°57.51′ I

58°11.57′ T, 19°11.97′ I

58°27.75′ T, 19°11.65′ I

58°39.09′ T, 19°14.28′ I

58°38.11′ T, 19°01.29′ I

58°53.14′ T, 18°43.54′ I

59°00.29′ T, 18°01.31′ I

59°08.01′ T, 17°49.31′ I

59°08.75′ T, 18°01.47′ I

59°15.16′ T, 18°01.56′ I

59°24.17′ T, 17°31.22′ I

59°21.77′ T, 17°15.36′ I

59°26.91′ T, 17°01.66′ I

59°42.69′ T, 16°45.96′ I

59°20.97′ T, 15°44.75′ I

59°21′ T, 15°40′ I

59°26′ T, 14°30′ I

 

Rocal Thiar Thuaidh:

57°00′ T, 14°53′ I

57°37′ T, 14°42′ I

57°55′ T, 14°24′ I

58°15′ T, 13°50′ I

57°57′ T, 13°09′ I

57°50′ T, 13°14′ I

57°57′ T, 13°45′ I

57°49′ T, 14°06′ I

57°29′ T, 14°19′ I

57°22′ T, 14°19′ I

57°00′ T, 14°34′ I

56°56′ T, 14°36′ I

56°56′ T, 14°51′ I

57°00′ T, 14°53′ I

 

Rocal Thiar Theas (Banc Bhanimpire na Breataine):

56°24′ T, 15°37′ I

56°21′ T, 14°58′ I

56°04′ T, 15°10′ I

55°51′ T, 15°37′ I

56°10′ T, 15°52′ I

56°24′ T, 15°37′ I

 

Mullóg Logachev:

55°17′ T, 16°10′ I

55°34′ T, 15°07′ I

55°50′ T, 15°15′ I

55°33′ T, 16°16′ I

55°17′ T, 16°10′ I

 

Mullóg Rocal Thiar:

57°20′ T, 16°30′ I

57°05′ T, 15°58′ I

56°21′ T, 17°17′ I

56°40′ T, 17°50′ I

57°20′ T, 16°30′ I

2.   Más rud é, le linn oibriúcháin iascaireachta i limistéir nua agus reatha iascaireachta grinnill, laistigh de Limistéar Rialála NEAFC, go sáraítear in aon ghabháil amháin 60 kg de choiréalach beo agus/nó 800 kg de spúinse beo in aghaidh gach gléas, beidh ar an soitheach an méid sin a chur in iúl dá bhratstát, beidh orthu stopadh ó bheith ag iascaireacht san áit sin agus beidh orthu bogadh ar a laghad 2 mhuirmhíle ón ionad is giorra don áit go beacht, de réir na fianaise, ina ndearnadh an ghabháil.

Airteagal 34e

Bearta le cosaint a dhéanamh ar ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha atá i Ranna ICES VIIc, j agus k

1.   Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir grinneallsocraithe, laistigh de na limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáide WGS84:

 

Réigiún Mullóige Belgica:

51°29.4′ T, 11°51.6′ I

51°32.4′ T, 11°41.4′ I

51°15.6′ T, 11°33.0′ I

51°13.8′ T, 11°44.4′ I

51°29.4′ T, 11°51.6′ I

 

Réigiún Mullóige Hovlund:

52°16.2′ T, 13°12.6′ I

52°24.0′ T, 12°58.2′ I

52°16.8′ T, 12°54.0′ I

52°16.8′ T, 12°29.4′ I

52°04.2′ T, 12°29.4′ I

52°04.2′ T, 12°52.8′ I

52°09.0′ T, 12°56.4′ I

52°09.0′ T, 13°10.8′ I

52°16.2′ T, 13°12.6′ I

 

Banc an Torcáin Thiar Thuaidh — Limistéar I:

53°30.6′ T, 14°32.4′ I

53°35.4′ T, 14°27.6′ I

53°40.8′ T, 14°15.6′ I

53°34.2′ T, 14°11.4′ I

53°31.8′ T, 14°14.4′ I

53°24.0′ T, 14°28.8′ I

53°30.6′ T, 14°32.4′ I

 

Banc an Torcáin Thiar Thuaidh — Limistéar II:

53°43.2′ T, 14°10.8′ I

53°51.6′ T, 13°53.4′ I

53°45.6′ T, 13°49.8′ I

53°36.6′ T, 14°07.2′ I

53°43.2′ T, 14°10.8′ I

 

Banc an Torcáin Thoir Theas:

51°54.6′ T, 15°07.2′ I

51°54.6′ T, 14°55.2′ I

51°42.0′ T, 14°55.2′ I

51°42.0′ T, 15°10.2′ I

51°49.2′ T, 15°06.0′ I

51°54.6′ T, 15°07.2′ I

2.   Caithfidh gach soitheach peiligeach atá ag iascaireacht sna limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo iad bheith ar liosta de shoithí údaraithe agus údarú iascaireachta bheith eisithe dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Gléas iascaireachta peiligeach amháin a bheidh ar bord soithí a áireofar ar an liosta de shoithí údaraithe.

3.   Gach soitheach peiligeach a bhfuil sé ar intinn aige dul ag iascaireacht i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo tabharfaidh sé ceithre uair an chloig réamhfholáirimh d’Ionad Faireacháin Iascaigh na hÉireann (IFI) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(15) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Cuirfidh siad méid an éisc atá ar bord in iúl ag an am chéanna.

4.   Soithí peiligeacha atá ag iascaireacht i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1, beidh Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) atá oibríochtúil, slán agus ag feidhmiú go hiomlán acu agus ina gcomhlíontar na rialacha faoi seach go hiomlán maidir le bheith i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha.

5.   Soithí peiligeacha atá ag iascaireacht i limistéir ina dtugtar cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1, tabharfaidh siad tuairisc VMS gach uair an chloig.

6.   Soithí peiligeacha atá críochnaithe le bheith ag iascaireacht i limistéar a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1, cuirfidh siad sin in iúl d’Ionad Faireacháin Iascaigh na hÉireann (IFI) ar fhágáil an limistéir sin dóibh. Cuirfidh siad méid an éisc atá ar bord in iúl ag an am chéanna.

7.   Tá srianadh ar iascaireacht speicis pheiligigh i limistéir a thugann cosaint do ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha mar a leagtar amach i mír 1 sa dóigh is nach féidir a bheith acu ach líonta, atá ar bord nó atá á n-úsáid ag iascaireacht, lena ngabhann réimse méide mogaill 16-31 mhilliméadar nó 32-54 mhilliméadar.

Airteagal 34f

Bearta le cosaint a dhéanamh ar ghnáthóga domhainfharraige leochaileacha atá i Roinn CITM VIIIc

1.   Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir grinneallsocraithe, laistigh den limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

El Cachucho:

44°12′ T, 05°16′ I

44°12′ T, 04°26′ I

43°53′ T, 04°26′ I

43°53′ T, 05°16′ I

44°12′ T, 05°16′ I

2.   De mhaolú ar an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1, aon soithí a bhí ag déanamh iascaireachta a bhí dírithe ar an gcolmóir gabhlach mór le spiléir grinneallsocraithe sna blianta 2006, 2007 agus 2008, féadfaidh siad údarú iascaireachta a fháil óna n-údaráis iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 lena gceadaítear dóibh leanúint leis an iascach sin sa limistéar ó dheas ó 44°00.00′ T. Úsáidfidh gach soitheach a fhaigheann an t-údarú iascaireachta sin, gan aird ar a bhfad foriomlán, Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) atá oibríochtúil, slán agus ag feidhmiú go hiomlán agus a ina gcomhlíontar na rialacha faoi seach go hiomlán, nuair a bhíonn siad ag déanamh iascaireachta sa limistéar atá leagtha amach i mír 1.

(17)

scriostar Airteagal 38;

(18)

scriostar Airteagal 47;

(19)

leasaítear Iarscríbhinní I, IV, XII agus XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20)

cuirtear isteach Iarscríbhinní XIIa, XIVa, XIVb, XIVc agus XIVd i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1434/98

Cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1434/98:

“1a.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le scadáin a gabhtar i Roinn IIIa, Folimistéar IV agus Roinn VIId agus in uiscí an AE de chuid Roinn IIa de CITM.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Márta 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 351, 15.11.2012, lch. 83.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Feabhra 2013.

(3)  IO L 347, 24.12.2009, lch. 6.

(4)  IO L 165, 24.6.2011, lch. 1.

(5)  IO L 22, 26.1.2009, lch.1.

(6)  IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.

(7)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(8)  IO L 191, 7.7.1998, lch. 10.

(9)  IO L 347, 30.12.2011, lch. 44.”;

(10)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(11)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 20.

(12)  IO L 351, 28.12.2002, lch. 6.

(13)  IO L 348, 31.12.2010, lch. 17.”;

(14)  IO L 41, 13.2.2002, lch. 1.

(15)  IO L 77, 20.3.2002, lch. 8.”;


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhini a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/98 mar a leanas:

(1)

scriostar fonóta 6 den tábla in Iarscríbhinn I;

(2)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

“Gléasanna tarraingthe: Skagerrak agus Kattegat

Raonta méid mogaill, na spriocspecis agus céatadáin riachtantacha na gabhála is infheidhme maidir le raon méid an mhogaill a úsáid

Speiceas

Raon méid an mhogaill (mm)

< 16

16-31

32-69

35-69

70-89 (5)

≥ 90

Céatadán íosta an spriocspeicis

50 % (6)

50 % (6)

20 % (6)

50 % (6)

20 % (6)

20 % (7)

30 % (8)

ceann ar bith

Corr gainimh (Ammodytidae) (3)

X

X

X

X

X

X

X

X

Corr gainimh (Ammodytidae) (4)

 

X

 

X

X

X

X

X

Trosc Ioruach (Trisopterus esmarkii)

 

X

 

X

X

X

X

X

Faoitín Gorm (Micromesistius poutassou)

 

X

 

X

X

X

X

X

Goineadóir mór (Trachinus draco) (1)

 

X

 

X

X

X

X

X

Moilisc (seachas Sepia) (1)

 

X

 

X

X

X

X

X

Corr uaine (Belone belone) (1)

 

X

 

X

X

X

X

X

Cnúdán Liath (Eutrigla gunardus) (1)

 

X

 

X

X

X

X

X

Airgintín (Argentina spp.)

 

 

 

X

X

X

X

X

Salán (Sprattus sprattus)

 

X

 

X

X

X

X

X

Eascann (Anguilla Anguilla)

 

 

X

X

X

X

X

X

Séacla coiteann/séacla Baltach (Crangon spp., Palaemon adspersus) (1)

 

 

X

X

X

X

X

X

Ronnach (Scomber spp.)

 

 

 

X

 

 

X

X

Bolmán (Trachurus spp.)

 

 

 

X

 

 

X

X

Scadán (Clupea harengus)

 

 

 

X

 

 

X

X

Séacla Artach (Pandalus borealis)

 

 

 

 

 

X

X

X

Séacla coiteann/séacla Baltach (Crangon spp., Palaemon adspersus) (2)

 

 

 

 

X

 

X

X

Faoitín (Merlangius merlangus)

 

 

 

 

 

 

X

X

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

 

 

 

 

 

 

X

X

Gach orgánach muirí eile

 

 

 

 

 

 

 

X

(3)

leasaítear an tábla in Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na línte a chomhfhreagraíonn don bhreallach féithghearr agus don ochtapas:

“Speiceas

Íosmhéid

Réigiúin 1 go 5, seachas Skagerrak/Kattegat

Skagerrak/Kattegat

Breallach Féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

 


Speiceas

Speiceas Íosmhéid Réigiúin 1 go 5, seachas Skagerrak/Kattegat

Ochtapas (Octopus Vulgaris)

An limistéar ar fad seachas uiscí faoi cheannasacht nó dlínse Réigiún 5: 750 gram

Uiscí faoi cheannasacht nó dlínse Réigiún 5: 450 gram (glanta)”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na línte a chomhfhreagraíonn d’ainseabhaithe:

Speiceas

Speiceas Íosmhéid Réigiúin 1 go 5, seachas in Skagerrak/in Kattegat

“Ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus)

Limistéar iomlán, seachas Roinn IXa CITM ó thoir ó dhomhanfhad 7° 23′ 48″ L: 12 cm nó 90 ceann aonair/kg

IXa CITM ó thoir ó dhomhanfhad 7° 23′ 48″ L: 10 cm”

(4)

cuirtear isteach an iarscríbhinn seo a leanas:

“IARSCRÍBHINN XII a

Íosmhéideanna do réigiún 9

Speiceas

Speiceas Réigiún 9

Turbard (Psetta maxima)

45 cm”;

(5)

cuirtear na hainmneacha seo a leanas in Iarscríbhinn XIV in ord aibítre a ngnáth-ainmneacha:

GNÁTHAINM

AINM EOLAÍOCH

“Torciasc

Capros aper

Colmóir gabhlach mór

Phycis blennoides

Péirse mhara

Sebastes spp.

Mionsairdín

Sardinella aurita

(6)

cuirtear isteach na hiarscríbhinní seo a leanas:

IARSCRÍBHINN XIVa

SONRAÍOCHTAÍ DO GHREILLE SÓRTÁLA

1.

Beidh an ghreille atá roghnach do speiceas ceangailte i dtráil ar a bhfuil ceann an tráil mogaill chearnógaigh iomlán le méid an mhogaill cothrom le 70 milliméadar nó níos mó ná sin agus níos lú ná 90 milliméadar. 8 méadar a bheidh i bhfad íosta cheann an tráil. Beidh cosc ar aon trál a úsáid ar a bhfuil níos mó ná 100 mogall chearnógach in aon imlíne de cheann an tráil, seachas an t-uamadh nó na ciumhais. Níl ceann an tráil mogaill chearnógaigh ag teastáil ach in Skagerrak agus in Kattegat.

2.

Dronuilleogach a bheidh an ghreille. Beidh barraí na greille comhthreomhar le fad-ais na greille. Ní sháróidh an spásáil idir barraí na greille 35 milliméadar. Ceadófar inse amháin nó níos mó a úsáid ar mhaithe lena stóráil ar dhruma an lín a éascú.

3.

Beidh an ghreille suite ar fiar sa trál, in airde agus casta I, in aon áit idir díreach os comhair cheann an tráil go deireadh tosaigh an choda neamh-bharrchaolaithe. Beidh gach taobh den ghreille ceangailte den trál.

4.

Beidh sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte ar phainéal uachtarach an tráil ceangailte go díreach de thaobh uachtarach na greille. Beidh an oscailt ar an sceithbhealach iasc ar an taobh ar chúl ar chomhleithead leis an ngreille féin agus beidh sé gearrtha amach go pointe i dtreo a thosaigh feadh na mbarraí mogaill ó dhá thaobh na greille.

5.

Ceadófar tonnadóir a fheistiú os comhair na greille chun na héisc a threorú i dtreo urlár agus greille an tráil. 70 milliméadar a bheidh ann mar íosmhéid na mogall sa tonnadóir. Beidh 15 ceintiméadar mar íosmhéid ag an oscailt ingearach ar an treoirthonnadóir i dtreo na greille. Beidh leithead na greille agus leithead an treoirthonnadóra i dtreo na greille ar chomhleithead.

Image

Léaráid scéimreach de thrál atá roghnach ó thaobh méid agus speicis de. Tugtar na héisc a thagann isteach go dtí urlár agus greille an tráil trí threoirthonnadóir. Tugtar na héisc is mó amach ón trál tríd an ngreille fad a théann na héisc bheaga agus gliomach na hIorua tríd an ngreille agus isteach i gceann an trál. Le ceann an tráil mogaill chearnógach iomlán tugtar deis níos mó do na héisc bheaga agus do ghliomach na hIorua nach bhfuil rómhór éalú. Níl ceann an tráil mogaill chearnógaigh atá léirithe sa léaráid ag teastáil ach in Skagerrak agus in Kattegat.

IARSCRÍBHINN XIVb

COINNÍOLLACHA D’IASCAIGH ATÁ AG ÚSÁID GLÉASANNA TARRAINGTHE ÁIRITHE ATÁ ÚDARAITHE I mBÁ NA BIOSCÁINE

1.   Sonraíochtaí an phainéil ar barr ina bhfuil mogaill chearnógacha

Giota dronuilleogach de líontán a bheidh sa phainéal. Ní bheidh ach an t-aon phainéal amháin ann. Ní chuirfidh forbhall inmheánach ná forbhall seachtrach aon bhac ar an bpainéal ar dhóigh ar bith air.

2.   Láthair an phainéil

Ionsáfar an painéal i lár an bharrphainéil den chuid bharrchaolaithe ar chúl an tráil díreach, os comhair an choda neamh-bharrchaolaithe atá comhdhéanta den síneadh agus de cheann an tráil.

Tiocfaidh deireadh leis an bpainéal laistigh de 12 mhogall ón tsraith lámhthrilsithe mogall idir an síneadh agus an chuid bharrchaolaithe ar chúl an tráil.

3.   Méid an phainéil

Beidh fad an phainéil ar a laghad 2 mhéadar agus leithead an phainéil ar a laghad 1 mhéadar.

4.   Líontán an phainéil

Beidh 100 mhilliméadar mar íosmhéid na hoscailte ag na mogaill. Mogaill chearnógacha a bheidh sna mogaill, i.e. beidh barraí uile gearrtha i bhfeidhm ar na ceithre thaobh de líontán an phainéil.

Beidh an líontán feistithe sa chaoi go mbíonn na barraí ag imeacht comhthreomhar agus ingearach le fad-ais cheann an tráil.

Corda singil a bheidh sa líontán. Ní bheidh tiús an chorda níos mó ná 4 mhilliméadar.

5.   Ionsá an phainéil sa líontán le mogaill mhuileatacha

Beidh cead dlúthchiumhais a cheangal ar cheithre thaobh an phainéil. Ní bheidh trastomhas na dlúthchiumhaise níos mó ná 12 mhilliméadar.

Beidh fad sínte an phainéil ar chomhfhad le fad sínte na mogall muileatach atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil.

Beidh líon na mogall muileatach den bharrphainéal atá ceangailte den taobh is lú den phainéal (i.e. an taobh atá aon mhéadar ar fad agus ingearach le fad-ais cheann an tráil) ar a laghad ar chóimhéid le líon na mogall muileatach iomlán atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil roinnte ar 0,7.

6.   Tá ionsá an phainéil sa trál léirithe thíos.

Image

IARSCRÍBHINN XIVc

PAINÉAL INA bhFUIL MOGAILL CHEARNÓGACHA DO SHOITHÍ ATÁ NÍOS MÓ NÁ 15 MHÉADAR

1.   Sonraíochtaí an phainéil ar barr ina bhfuil mogaill chearnógacha

Giota dronuilleogach de líontán a bheidh sa phainéal. Corda singil a bheidh sa líontán. Mogaill chearnógacha a bheidh sna mogaill, i.e. beidh “barraí uile gearrtha” i bhfeidhm ar na ceithre thaobh de líontán an phainéil. Beidh méid an mhogaill cothrom le 120 milliméadar nó níos mó. Beidh an painéal ar a laghad 3 mhéadar ar fad seachas nuair atá siad ionchorpraithe i líonta atá á dtarraingt ag soithí de níos lú ná 112 kW, agus sa chás sin beidh sé 2 mhéadar ar fad ar a laghad.

2.   Láthair an phainéil

Ionsáfar an painéal i mbarrphainéal cheann an tráil. Beidh an t-imeall is faide ar chúl laistigh de 12 mhéadar ó cheann an tráil mar atá sainmhínithe in Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 3440/84 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 1984 maidir le feistí a cheangal le tráil, le saighní Danmhargacha, nó le líonta den tsamhail chéanna (9).

3.   Ionsá an phainéil sa líontán le mogaill mhuileatacha

Ní bheidh níos mó na dhá mhogall mhuileatacha oscailte idir fadtaobh an phainéil agus an dlúthchiumhais taobh leis.

Beidh fad sínte an phainéil ar chomhfhad le fad sínte na mogall muileatach atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil. Nuair is 80 milliméadar ceann an tráil, trí mhogall mhuileatacha le mogall cearnógach amháin a bheidh sa ráta ceangailte idir mogaill mhuileatacha bharrphainéal cheann an tráil agus an taobh is lú den phainéal, nó dhá mhogall mhuileatacha le mogall cearnógach nuair is 120 milliméadar ceann an tráil, seachas i gcás barraí imill an phainéil ón dá thaobh.

IARSCRÍBHINN XIVd

PAINÉAL INA bhFUIL MOGAILL CHEARNÓGACHA DO SHOITHÍ ATÁ NÍOS LÚ NÁ 15 MHÉADAR

1.   Sonraíochtaí an phainéil ar barr ina bhfuil mogaill chearnógacha

Giota dronuilleogach de líontán a bheidh sa phainéal. Corda singil a bheidh sa líontán. Mogaill chearnógacha a bheidh sna mogaill, i.e. beidh “barraí uile gearrtha” i bhfeidhm ar na ceithre thaobh de líontán an phainéil. Beidh méid an mhogaill cothrom le 110 milliméadar nó níos mó. Beidh an painéal ar a laghad 3 mhéadar ar fad seachas nuair atá siad ionchorpraithe i líonta atá á dtarraingt ag soithí de níos lú ná 112 kW, agus sa chás sin beidh sé 2 mhéadar ar fad ar a laghad.

2.   Láthair an phainéil

Ionsáfar an painéal i mbarrphainéal cheann an tráil. Beidh an t-imeall is faide ar chúl laistigh de 12 mhéadar ó cheann an tráil mar atá sainmhínithe in Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 3440/84.

3.   Ionsá an phainéil sa líontán le mogaill mhuileatacha

Ní bheidh níos mó na dhá mhogall mhuileatacha oscailte idir fadtaobh an phainéil agus an dlúthchiumhais taobh leis. Beidh fad sínte an phainéil ar chomhfhad le fad sínte na mogall muileatach atá ceangailte d’fhadtaobh an phainéil. Beidh an ráta ceangailte idir na lúba muileatacha ar bharr phainéil cheann an tráil agus an taobh is lú den phainéal trí mhogall muileatach le mogall cearnógach amháin, seachas barraí imill na fuinneoige ón dá thaobh.

”.

(1)  Laistigh de cheithre muirmhíle amháin ó na bonnlínte.

(2)  Lasmuigh de cheithre muirmhíle ó na bonnlínte.

(3)  Ón 1 Márta go 31 Deireadh Fómhair in Skagerrak agus ón 1 Márta go 31 Iúil in Kattegat.

(4)  Ón 1 Samhain go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra in Skagerrak agus ón 1 Lúnasa go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra in Kattegat.

(5)  Nuair a bheidh raon méid an mhogaill á chur i bhfeidhm déanfar ceann an tráil de líontán mogaill atá cearnógach a bhfuil greille sórtála air i gcomhréir le hIarscríbhinn XIVa den Rialachán seo.

(6)  Ní bheidh an ghabháil a choinnítear ar bord níos mó ná 10 % aon mheascán de na héisc a leanas: trosc, cadóg, colmóir, leathóg, leathóg bhán, sól geal, sól, turbard, broit, leith, ronnach, scoilteán, faoitín, daba, glasán, gliomach an Iorua agus gliomach.

(7)  Ní bheidh an ghabháil a choinnítear ar bord níos mó ná 50 % aon mheascán de na héisc a leanas: trosc, cadóg, colmóir, leathóg, leathóg bhán, sól geal, sól, turbard, broit, leith, ronnach, scoilteán, daba, glasán, gliomach an Iorua agus gliomach.

(8)  Ní bheidh an ghabháil a choinnítear ar bord níos mó ná 60 % aon mheascán de na héisc a leanas: trosc, cadóg, colmóir, leathóg, leathóg bhán, sól geal, sól, turbard, broit, leith, scoilteán, faoitín, daba, glasán, agus gliomach.”;

(9)  IO L 318, 7.12.1984, lch. 23.


20.3.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/23


RIALACHÁN (AE) Uimh. 228/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2013

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 42, Airteagal 43(2) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (3), bunaíodh bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn as staid shonrach na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”). Rinneadh na bearta sin a chur chun feidhme trí chláir tacaíochta do gach réigiún, cláir atá ina n-uirlis fhíorthábhachtach chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na réigiúin sin. I bhfianaise an ghá atá ann na bearta reatha a nuashonrú, lena n-áirítear mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 a aisghairm agus rialachán nua a chur ina áit.

(2)

Maidir leis na cuspóirí bunúsacha a chuideoidh an scéim lena gcuirtear chun cinn na réigiúin is forimeallaí den Aontas lena gcomhlíonadh, is gá iad a shonrú.

(3)

Is gá inneachar Chlár na Roghanna a Bhaineann go Sonrach leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas (dá ngairtear feasta “cláir POSEI”) a shonrú freisin, ar cláir iad ar cheart do na Ballstáit lena mbaineann, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, iad a bhunú ar an leibhéal geografach is iomchuí agus ar cheart do na Ballstáit iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas.

(4)

D’fhonn cuspóirí na scéime do na réigiúin is forimeallaí den Aontas a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart a áireamh i gcláir POSEI bearta lena ráthaítear soláthar táirgí talmhaíochta agus caomhnú agus forbairt na táirgeachta áitiúla talmhaíochta. Is gá leibhéal cláreagraithe na réigiún lena mbaineann a chomhchuibhiú agus an cur chuige comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus na Ballstáit a chórasú.

(5)

De réir phrionsabal na coimhdeachta agus chun solúbthacht a áirithiú, ar prionsabail iad atá mar bhunús don chur chuige pleanála a glacadh don scéim do na réigiúin is forimeallaí, féadfaidh na húdaráis ainmnithe ag an mBallstát leasuithe ar an gclár a mholadh d’fhonn é a oiriúnú don staid ina bhfuil na réigiúin is forimeallaí i ndáiríre. Ba cheart go mbeadh na húdaráis sin in ann cláir POSEI a mhodhnú, i gcomhréir le prionsabal an tsimplithe riaracháin, ar choinníoll nach ndéantar dochar leis sin d’éifeachtacht chláir POSEI agus do na hacmhainní comhfhreagracha airgeadais a leithdháiltear orthu. Den mheon céanna, ba cheart an nós imeachta chun na cláir a mhodhnú a oiriúnú d’ábharthacht gach cineál leasaithe.

(6)

D’fhonn soláthar táirgí talmhaíochta riachtanacha a áirithiú do na réigiúin is forimeallaí agus d’fhonn na costais bhreise a laghdú arb í fíor-iargúltacht na réigiún sin is cúis leo, is iomchuí socruithe sonracha soláthair a bhunú. Ar ndóigh, tá costais iompair bhreise ag baint le soláthar táirgí atá riachtanach do thomhaltas an duine, don phróiseáil nó mar ionchur talmhaíochta mar thoradh ar staid gheografach eisceachtúil na réigiún is forimeallaí. Thairis sin, tá fachtóirí oibiachtúla eile ann a bhaineann le fíor-iargúltacht na réigiún sin, agus go háirithe a n-oileánachas agus laghad a réimse, agus cuireann na fachtóirí sin baic bhreise ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar tháirgeoirí sna réigiúin is forimeallaí, baic a chruthaíonn fadhbanna móra dóibh maidir lena ngníomhaíochtaí. Is féidir na fadhbanna sin a fhuascailt trí phraghsanna na dtáirgí riachtanacha sin a laghdú. Níor cheart don socrú sonrach soláthair, áfach, in aon imthosca, damáiste a dhéanamh do tháirgí áitiúla ná dá bhforbairt.

(7)

Chuige sin, gan dochar d’Airteagal 28 den Chonradh, ba cheart allmhairí táirgí talmhaíochta áirithe ó thríú tíortha a dhíolmhú ó na dleachtanna ar allmhairí is infheidhme. D’fhonn a dtionscnamh agus an córas custaim a chuirtear i bhfeidhm orthu faoi fhorálacha dhlí an Aontais a chur san áireamh, maidir leis na táirgí a ndearnadh próiseáil isteach orthu nó a bhí i stóras custaim i gcríoch chustaim an Aontais, ba cheart, d’fhonn sochair na socruithe sonracha soláthair a thabhairt, iad a mheas mar allmhairí díreacha.

(8)

D’fhonn an cuspóir arb é praghsanna a laghdú a bhaint amach ar bhealach éifeachtach sna réigiúin is forimeallaí agus na costais bhreise a bhaineann lena bhfíor-iargúltacht a mhaolú, ba cheart cabhair a thabhairt i gcomhair soláthair tháirgí an Aontais sna réigiúin is forimeallaí. Ba cheart a chur san áireamh sa chabhair sin na costais bhreise a bhaineann le hiompar go dtí na réigiúin sin agus na praghsanna a ghearrtar ar onnmhairí go tríú tíortha, agus, i gcás ionchuir talmhaíochta nó táirgí atá beartaithe don phróiseáil, ba cheart costais bhreise eile a chur san áireamh, ar costais iad a bhaineann lena bhfíor–iargúltacht, agus go háirithe a n-oileánachas agus laghad a réimse, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach agus toisc gur oileáin scaipthe iad.

(9)

Tá tacaíocht do na hearnálacha traidisiúnta níos riachtanaí fós toisc go gcuirtear ar a gcumas léi leanúint de bheith iomaíoch ar mhargadh an Aontais in aghaidh iomaíochta ó thríú tíortha. Agus a gcláir á dtarraingt suas acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, áfach, a mhéid is féidir, go ndéanfar na gníomhaíochtaí talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí a éagsúlú.

(10)

Ar mhaithe le hamhantraíocht a sheachaint a dhéanfadh dochar do na húsáideoirí deiridh sna réigiúin is forimeallaí, tá sé tábhachtach a shonrú nár cheart go mbeadh feidhm ag na socruithe sonracha soláthair ach do tháirgí fónta ar cháilíocht mhaith, fhónta agus imhargaidh.

(11)

Ba cheart rialacha a bhunú maidir le feidhmiú na scéime, go háirithe rialacha maidir le clár oibreoirí agus córas deimhnithe a chruthú, bunaithe ar na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 130 agus in Airteagal 161 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (4).

(12)

I bhfianaise na gceanglas maidir le faireachán a dhéanamh ar na hidirbhearta a thairbhíonn de na socruithe sonracha soláthair, ba cheart go ndéanfaí seiceálacha riaracháin ar na táirgí i dtrácht ag tráth a n-allmhairithe nó a dtabhairt isteach sna réigiúin is forimeallaí chomh maith le tráth a n-onnmhairithe nó a n-eiseolta ó na réigiúin sin. Ina theannta sin, d’fhonn cuspóirí na socruithe a bhaint amach, ba cheart go ndéanfaí sochair eacnamaíocha na socruithe sin a léiriú sna costais táirgthe agus ba cheart go ndéanfadh na sochair sin na praghsanna a laghdú go dtí céim an úsáideora dheiridh. Níor cheart, dá bhrí sin, na sochair eacnamaíocha sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm iad agus ba cheart na seiceálacha is gá a dhéanamh.

(13)

Ós rud é go bhfuil na cainníochtaí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair teoranta do riachtanais soláthair na réigiún is forimeallaí, níor cheart go ndéanfadh na socruithe sin dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, níor cheart go mbeadh sraonadh i dtrádáil na dtáirgí i dtrácht mar thoradh ar shochair eacnamaíocha na socruithe sonracha soláthair. Ba cheart, dá bhrí sin, eiseoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin ó na réigiúin is forimeallaí a thoirmeasc. Ba cheart, áfach, eiseoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin a údarú i gcás ina n-aisíoctar an sochar eacnamaíoch ó na socruithe sonracha soláthair.

(14)

Maidir le táirgí próiseáilte, ba cheart trádáil idir na réigiúin is forimeallaí a údarú ionas go mbeidh tráchtáil ar siúl idir na réigiúin sin. Ba cheart go dtabharfaí aird freisin ar shreafaí trádála i gcomhthéacs na tráchtála réigiúnaí agus onnmhairí agus eiseolta traidisiúnta leis an gcuid eile den Aontas nó le tríú tíortha sna réigiúin is forimeallaí, agus ba cheart, i gcás na réigiún sin ar fad, onnmhairí táirgí próiseáilte a fhreagraíonn don trádáil thraidisiúnta i gcás na réigiún uile sin a údarú. Ar mhaithe le soiléireacht, maidir le sainiú na gcainníochtaí sin arna n-onnmhairiú nó arna seoladh go traidisiúnta, ba cheart an tréimhse tagartha don sainiú a shonrú.

(15)

Ba cheart bearta cuí a dhéanamh chun go mbeifí in ann an t-athchóiriú is gá a dhéanamh ar earnáil na próiseála siúcra sna hAsóir. Ba cheart a chur san áireamh sna bearta sin gur cheart leibhéal áirithe táirgthe agus próiseála a áirithiú chun go mbeidh earnáil siúcra na nAsór inmharthana. Sa chomhthéacs seo, ba cheart, go gceadófaí, mar eisceacht, do na hAsóir cainníochtaí siúcra atá os cionn chainníochtaí na sreafaí traidisiúnta a eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas, agus é sin ar feadh tréimhse teoranta cúig bliana, faoi réir teorainneacha bliantúla a bheidh ag laghdú go comhleanúnach. Ós rud é go mbeidh na cainníochtaí is féidir a ath-eiseoladh comhréireach agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun go mbeidh táirgeadh agus próiseáil áitiúil siúcra inmharthana, ní bheidh tionchar diúltach ag na heiseoltaí sealadacha siúcra sin ó na hAsóir ar mhargadh inmheánach an Aontais.

(16)

Maidir leis an siúcra sa bhreis ar an gcuóta atá le soláthar do na hAsóir, do Mhaidéara agus do na hOileáin Chanáracha, ba cheart leanúint den díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí a chur i bhfeidhm. Ba cheart go n-údarófaí freisin do na hAsóir tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí i gcás siúcra cána amh suas go dtí a réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair atá acu.

(17)

Go dtí seo, rinneadh púdar bainne bhearrtha a thagann faoi réim chód NC 1901 90 99 (púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann), atá beartaithe don phróiseáil thionsclaíoch, a sholáthar do na hOileáin Chanáracha faoi shocruithe sonracha soláthair. Ba cheart go gceadófaí leanúint den táirge sin a sholáthar, ar táirge é atá ina chuid thraidisiúnta den aiste bia áitiúil faoin am seo.

(18)

Ós rud é gur príomhbhia d’aiste bia la Réunion í an rís, go bhfuil tionscail phróiseála agus snasaithe ríse bunaithe in la Réunion le blianta fada agus nach dtáirgeann la Réunion a dhóthain ríse chun freastal ar na riachtanais áitiúla, ba cheart leanúint den díolúine ó gach dleacht a chur i bhfeidhm ar allmhairiú an táirge chuig an oileán.

(19)

Bhí go leor táirgí agus go leor beart i dtaca lena dtáirgeadh, a margú nó a bpróiseáil i gceist le beartas an Aontais maidir le cúnamh a thabhairt don táirgeadh áitiúil sna réigiúin is forimeallaí. Léiríodh go raibh na bearta sin éifeachtach agus leis na bearta céanna áirithíodh go bhfuil an talmhaíocht ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil sí á forbairt. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí táirgthe sin, ar cuid bhunúsach iad de chóimheá chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na réigiún is forimeallaí. Mar an gcéanna leis an mbeartas forbartha tuaithe, is léir ón taithí gur féidir, trí chomhpháirtíocht níos dlúithe leis na húdaráis áitiúla, cabhrú le dul i ngleic, ar bhealach níos spriocdhírithe, leis na saincheisteanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar na réigiúin i dtrácht. Ba cheart dá bhrí sin leanúint de thacaíocht a thabhairt don táirgeadh áitiúil trí chláir POSEI.

(20)

D’fhonn tacú le margú tháirgí na réigiún is forimeallaí, ba cheart cabhair a bhunú do thráchtálaíocht na dtáirgí sin lasmuigh den réigiún ina dtáirgtear iad, agus na costais arda bhreise atá rompu mar thoradh ar an bhfad atá acu ó na margaí tomhaltóirí agus ar an ngá le stóráil dhúbailte, ar tosca iad a mbíonn míbhuntáistí ríthábhachtacha iomaíochta do na réigiúin is forimeallaí mar thoradh orthu, a dhéanann difear dá gcumas a bheith in iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Leis na tosca sin, tugtar bonn cirt chun athbhreithniú a dhéanamh ar scéim POSEI go luath sa todhchaí.

(21)

Ba cheart na heilimintí íosta a bhunú, ar eilimintí iad ba cheart a sholáthar faoi chláir POSEI chun na bearta don táirgeacht talmhaíochta áitiúil a bhunú, go háirithe tuairisc ar an suíomh, ar an straitéis mholta, ar na cuspóirí agus ar na bearta. Ba cheart na prionsabail is bun le comhsheasmhacht na mbeart sin le bearta eile an Aontais a shonrú freisin d’fhonn gach míréireacht agus forluí cabhrach a sheachaint.

(22)

Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, ba cheart go bhféadfadh bearta chun staidéar, tionscadail taispeána, oiliúint agus cúnamh teicniúil a mhaoiniú a bheith ar áireamh freisin i gcláir POSEI.

(23)

Ba cheart feirmeoirí sna réigiúin is forimeallaí a spreagadh chun leanúint de tháirgí ar cháilíocht mhaith a sholáthar agus margú na dtáirgí sin a chur chun cinn. D’fhéadfadh úsáid an lógó a tugadh isteach sa Rialachán seo agus foirmeacha eile um dheimhniú cáilíochta a thug an tAontas isteach a bheith úsáideach chuige sin.

(24)

Tá na struchtúir d’fheirmeacha áirithe nó de ghnóthais próiseála agus margaíochta áirithe sna réigiúin is forimeallaí fíor-easnamhach agus tá deacrachtaí sonracha rompu. Dá bhrí sin, déantar foráil le hAirteagal 26(2) agus le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (5), do rátaí tacaíochta níos fabhraí do chineálacha áirithe infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí.

(25)

Le hAirteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, eisiatar na réigiúin is forimeallaí ón teorainn le cabhair don fhoraoiseacht dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(26)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, cinntear na huasmhéideanna bliantúla atá incháilithe d’íocaíochtaí agra-chomhshaoil. Chun staid shonrach chomhshaoil tailte áirithe féaraigh sna hAsóir atá an-íogair a chur san áireamh agus chun caomhnú an tírdhreacha, an bhithéagsúlacht agus saintréithe traidisiúnta na talún talmhaíochta a chur san áireamh, go háirithe limistéir an tsaothraithe léibheannaigh i Maidéara, agus sna hOileáin Chanáracha, chomh maith le caomhnú ballaí cloiche sna réigiúin is forimeallaí, ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás beart sonrach áirithe, go bhféadfaí na méideanna sin a dhúbailt.

(27)

Féadfar maolú a thabhairt ó bheartas seasmhach an Choimisiúin gan státchabhair oibriúcháin a údarú do tháirgeadh, do phróiseáil agus do mhargaíocht na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, d’fhonn srianta sonracha ar fheirmeoireacht sna réigiúin is forimeallaí a laghdú, ar srianta iad a bhaineann lena bhfíor-iargúltacht, go háirithe lena gciandacht, lena n-oileánachas, le laghad a réimse, lena dtír-raon sléibhtiúil agus lena n-aeráid agus lena spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí. Tá ról fíorthábhachtach ag an táirgeadh talmhaíochta in athbheochan limistéar talmhaíochta agus i spreagadh daoine chun fanacht iontu, agus tá na limistéir thuaithe is forimeallaí buailte go háirithe le haosú an daonra, le dlús íseal daonra agus, i gcásanna áirithe, le dídhaonrú.

(28)

Tá difear déanta do shláinte plandaí bharra talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí ag fadhbanna ar leith, amhail teacht seadán a bhaineann le méadú ar méid na n-allmhairí, an aeráid agus neamhdhóthanacht na mbeart um rialú a cuireadh i bhfeidhm iontu go dtí seo. Ba cheart, dá bhrí sin, cláir a chur chun feidhme chun dul i ngleic le horgánaigh dhíobhálacha, lena n-áirítear trí mhodhanna orgánacha inbhuanaithe agus atá slán ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart ranníocaíocht an Aontais do na cláir sin a shainiú, ag cur san áireamh go bhfuil sé á bheartú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil go dtiocfaidh, ó thús 2014, maoiniú na gclár seo faoi cheannlíne éagsúil bhuiséid.

(29)

Is riachtanas eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil é na fíonghoirt a chaomhnú, arb iad an cineál saothraithe is forleithne i réigiúin Mhaidéara agus na n-Oileán Canárach agus ar cineál saothraithe iad atá an-tábhachtach do réigiún na nAsór. Chun rannchuidiú leis an tacaíocht don táirgeacht, níor cheart na préimheanna i gcomhair tréigin, na sásraí margaidh agus, i gcás na nOileán Canárach, an córas maidir le cearta um phlandú, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, a bheith infheidhme sna réigiúin sin. É sin ráite, i gcás na n-Oileán Canárach, ba cheart go bhféadfaí bearta do stiléireacht ghéarchéime a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfí isteach go mór ar an margadh de dheasca fadhbanna cáilíochta. Sa chaoi chéanna, chuir na deacrachtaí teicniúla agus socheacnamaíocha bac ar thiontú iomlán, laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos, na limistéar, i réigiúin Mhaidéara agus na nAsór, a raibh na cineálacha hibrideacha fíniúna a thoirmisctear le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 plandaithe iontu. Níl an fíon a tháirgtear ó na fíonghoirt sin beartaithe ach do thomhaltas áitiúil traidisiúnta agus chuige sin amháin.

(30)

Níl athstruchtúrú earnáil na déiríochta curtha i gcrích go hiomlán go fóill sna hAsóir. I gcomhréir le spleáchas mór na nAsór ar an táirgeadh bainne, agus ina theannta sin fadhbanna eile a bhaineann lena bhfíor-iargúltacht agus le heaspa roghanna brabúsacha táirgthe eile, is gá na maoluithe ó fhorálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na tobhaigh bharrachais ar bhainne agus ar tháirgí bainne a choimeád.

(31)

I bhfianaise chineál fíor-riachtanach an táirgthe bainne sna hAsóir, arb é ceann de na nithe é is cionsiocair don eacnamaíocht, don chobhsaíocht shóisialta, do cháilíocht an chomhshaoil agus d’áitiú na talún, is iad cláir POSEI na hionstraimí is fearr leis na bearta is gá a ghlacadh chun an táirgeadh sin a choinneáil ar bun.

(32)

Níor leor an tacaíocht do tháirgeadh bainne bó i Maidéara ná in la Réunion chun an chóimheá idir soláthar inmheánach agus seachtrach a choimeád, go príomha de dheasca deacrachtaí móra struchtúracha a bhaineann leis an earnáil sin agus de dheasca na bhfadhbanna atá ann an earnáil a chur in oiriúint do thimpeallachtaí eacnamaíocha nua. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de tháirgeadh bainne UTC a údarú, ar bainne é arna athdhéanamh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, chun tomhaltas áitiúil a chuimsiú níos fearr, ar choinníoll nach bhfuil sé sin ina bhac maidir le bailiú agus margú an bhainne go léir a tháirgtear go háitiúil, ná ina bhacainn ar na hiarrachtaí chun fairsingiú an táirgthe áitiúil a chur chun cinn. Chun an t-eolas ceart a thabhairt don tomhaltóir, ba cheart oibleagáid a fhorchur a léiriú ar an lipéad díolacháin an modh trína bhfuarthas an bainne athdhéanta UTC ó phúdar bainne. Ba cheart an fhoráil sin a bheith infheidhme freisin in Martinique, i nGuáin na Fraince agus i nGuadalúip, má dhéanann an Fhrainc iarraidh ina leith ina luaitear mian na ngeallshealbhóirí áitiúla a bheith cumhdaithe léi agus a gcumas chun earnáil an bhainne a fhorbairt.

(33)

Leis an ngá atá ann táirgeadh áitiúil bainne a choinneáil ar bun trí bhíthin dreasachtaí, tugtar údar maith gan Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a chur i bhfeidhm sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an díolúine sin maidir le Maidéara faoi réir teorainn 4 000 tona.

(34)

Ba cheart an trádáil a chothú idir na réigiúin is forimeallaí d’fhonn na riachtanais áitiúla tomhaltais a chomhlíonadh. Maidir le honnmhairiú an bharrachais táirgthe ó gach réigiún de na réigiúin is forimeallaí — mar shampla, onnmhairiú bainne, mairteola agus bó-ainmhithe óga fireanna ó na hAsóir — chuig na réigiúin sin ina bhfuil easnaimh, ba cheart é a spreagadh d’fhonn an trádáil a neartú, agus dochar a dhéanamh d’fhás an táirgthe áitiúil á sheachaint. Ba cheart freisin na coinníollacha is gá don trádáil chóir agus chothrom a ráthú.

(35)

Ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí traidisiúnta feirmeoireachta ainmhithe. Chun riachtanais thomhaltas áitiúil na ranna Francacha thar lear agus Mhaidéara a shásamh, ba cheart allmhairí saor ó dhleacht de bhó-ainmhithe fireanna ó thríú tíortha a údarú, ar bó-ainmhithe fireanna iad atá beartaithe do ramhrú, agus é sin faoi choinníollacha áirithe agus faoi réir uasteorann bliantúla.

(36)

Maidir leis an bhféidearthacht a tugadh isteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena leagtar síos comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí (6), chun a chumasú don Phortaingéil na cearta chun na préimhe do bha diúil a aistriú ón mórthír chun na nAsór, ba cheart an fhéidearthacht sin a athnuachan agus ba cheart an ionstraim sin a oiriúnú i bhfianaise na socruithe tacaíochta do na réigiúin is forimeallaí.

(37)

Tá tábhacht stairiúil ag baint le saothrú tobac ar na hOileáin Chanáracha. Ó thaobh na heacnamaíochta de, tá ullmhú tobac fós ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí tionscail sa réigiún. Fad is a bhaineann le cúrsaí sóisialta, is gníomhaíocht dlúthshaothair é saothrú tobac a dhéantar ar fheirmeacha beaga. Ós rud é nach bhfuil saothrú tobac sách brabúsach, áfach, tá baol ann dá bharr sin go n-éireofaí as. Faoi láthair, ní dheantar tobac a shaothrú ach ar limistéar beag ar oileán la Palma le haghaidh monarú todóg ar scála beag. Ba cheart, dá bhrí sin, leanúint den Spáinn a údarú chun cabhair sa bhreis ar chabhair an Aontais a thabhairt chun an barr traidisiúnta sin agus an ceardtionscal a bhaineann leis a choimeád. Thairis sin, d’fhonn monarú táirgí tobac a choimeád, ba cheart leanúint den díolúine ó dhleacht a chur i bhfeidhm ar allmhairí tobac amh agus leathmhonaraithe arna n-allmhairiú sna hOileáin Chanáracha, faoi réir teorann bliantúla 20 000 tona coibhéise tobac amh scúite.

(38)

Níor cheart go ndéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo dochar do leibhéal na tacaíochta sonraí ar bhain na réigiúin is forimeallaí tairbhe aisti go dtí seo. Ba cheart suimeanna a bheith ag na Ballstáit, arb ionann iad agus an tacaíocht a thug an tAontas cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, d’fhonn na mbeart iomchuí a chur i bhfeidhm.

(39)

I bhfianaise na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh caibidlíocht comhaontuithe trádála a dhéanfar amach anseo agus modhnuithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta a bheith ar na réigiúin is forimeallaí, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún sin i gcomhthéacs na n-anailísí, na staidéar agus na measúnachtaí a dhéantar i ndáil leis an gcaibidlíocht agus leis na modhnuithe sin.

(40)

Ó 2006 i leith, tá méadú tagtha ar na riachtanais i dtáirgí riachtanacha i roinnt de na réigiúin is forimeallaí, go háirithe sna hAsóir agus sna ranna Francacha thar lear, de bharr forbartha beostoic agus brú dhéimeagrafaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an chuid den bhuiséad is féidir leis na Ballstáit a úsáid do shocruithe sonracha soláthair na réigiún i dtrácht a mhéadú.

(41)

Leanann bonn socheacnamaíoch na réigiún is forimeallaí de bheith thar a bheith leochaileach, agus do chuid acu, is minic a bhíonn sé ag brath go mór ar earnáil na mbananaí, arb earnáil í a mbíonn easpa iomaíochais ag gabháil léi agus deacrachtaí freagairt do dhálaí athraitheacha an mhargaidh. Ba cheart buiséad POSEI a leithdháiltear ar earnáil na mbananaí a mhéadú le méid teoranta, aon uaire, atá le híoc le táirgeoirí bananaí i rith bhliain airgeadais 2013.

(42)

D’fhonn feidhmiú cuí an chórais a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i dtaca le heilimintí neamhriachtanacha áirithe an Rialacháin seo a fhorlíonadh nó a mhodhnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe á ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchurchuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(43)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le clár POSEI a chur chun feidhme sna Ballstáit, agus chun iomaíocht mhíchothrom nó idirdhealú idir oibreoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (7).

(44)

D’fhonn cur i bhfeidhm pras na mbeart lena dtabhairt isteach a cheadú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a eascraíonn as an bhfíor-iargúltacht, go háirithe an iargúltacht, an chiandacht, laghad na réimse, an tír-raon, an aeráid achrannach agus an spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí réigiúin an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh (“na réigiúin is forimeallaí”).

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Cuidíonn na bearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1 le cur i gcrích na gcuspóirí seo a leanas:

(a)

soláthar táirgí riachtanacha do na réigiúin is forimeallaí a ráthú, ar táirgí iad atá riachtanach do thomhaltas an duine nó don phróiseáil agus mar ionchur talmhaíochta, trí na costais a bhaineann lena bhfíor-iargúltacht a laghdú, gan dochar a dhéanamh don táirgeadh áitiúil agus a fhás sin;

(b)

todhchaí fhadtéarmach agus forbairt na n-earnálacha “beostoic” agus “éagsúlú barr”, sna réigiúin is forimeallaí a áirithiú, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil agus margú na dtáirgí áitiúla;

(c)

forbairt na ngníomhaíochtaí traidisiúnta talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí a choinneáil ar bun agus a n-iomaíochas a neartú, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil agus margú barr áitiúil agus táirgí áitiúla.

2.   Cuirfear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil III, Caibidil IV agus Caibidil V.

CAIBIDIL II

CLÁIR POSEI

Airteagal 3

Na cláir POSEI a bhunú

1.   Sainmhíneofar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 do gach ceann de na réigiúin is forimeallaí le Clár na Roghanna a Bhaineann go Sonrach leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas (POSEI), (“clár POSEI”), lena n-áireofar na nithe seo a leanas:

(a)

socruithe sonracha soláthair, dá bhforáiltear i gCaibidil III; agus

(b)

bearta sonracha chun cabhrú le táirgeadh áitiúil talmhaíochta, dá bhforáiltear i gCaibidil IV.

2.   Bunóidh an Ballstát lena mbaineann an clár POSEI ar an leibhéal geografach a mheasfaidh sé a bheith ar an leibhéal is iomchuí. Ullmhóidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag an mBallstát sin an clár agus tar éis don Bhallstát dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí inniúla ar an leibhéal réigiúnach iomchuí, cuirfidh sé an clár faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh formheasa i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.   Ní féidir le Ballstát ach clár POSEI amháin a thíolacadh dá réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 4

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1.   Beidh na bearta a dhéanfar faoi chláir POSEI i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh bearta den sórt sin comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus leis na bearta a glacadh faoi bheartais den sórt sin.

2.   Ní mór a áirithiú go bhfuil na bearta a dhéanfar faoi chláir POSEI comhsheasmhach leis na bearta arna gcur chun feidhme faoi ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus go háirithe le comheagruithe margaidh, forbairt tuaithe, cáilíocht na dtáirgí, leas ainmhithe agus cosaint an chomhshaoil.

Go háirithe, ní dhéanfar aon bheart a mhaoiniú faoin Rialachán seo, ar ceann de na bearta seo a leanas é:

(a)

tacaíocht bhreise do scéimeanna préimhe nó cabhrach arna mbunú faoi chomheagrú an mhargaidh, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil cúiseanna oibiachtúla leo;

(b)

tacaíocht do thionscadail taighde, bearta chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail taighde nó bearta atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas sa réimse tréidliachta (8);

(c)

tacaíocht do bhearta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

Airteagal 5

Inneachar chláir POSEI

Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i gclár POSEI:

(a)

sceideal do chur chun feidhme na mbeart agus tábla bliantúil ginearálta táscach airgeadais ina ndéantar achoimre ar na hacmhainní ar gá leas a bhaint astu;

(b)

cruthúnas maidir le hoiriúnacht agus comhsheasmhacht bheart éagsúil na gclár chomh maith leis na critéir agus na táscairí cainníochtúla a úsáidfear chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh;

(c)

na bearta a dhéanfar chun a áirithiú go gcuirfear na cláir chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta, chomh maith le sraith shonraithe de tháscairí cainníochtaithe a úsáidfear agus na cláir á measúnú;

(d)

ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir, agus ainmniú, ag na leibhéil iomchuí, údarás nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an gclár agus ainmniú comhpháirtithe socheacnamaíocha, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán arna ndéanamh.

Airteagal 6

Formheas agus leasú chláir POSEI

1.   Bunaítear cláir POSEI le Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 agus tá siad á maoiniú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus (3).

I ngach clár, beidh réamh-mheastachán soláthair ina léirítear na táirgí, cainníochtaí na dtáirgí agus méideanna na cabhrach do sholáthar ón Aontas, chomh maith le dréachtchlár tacaíochta don táirgeadh áitiúil.

2.   Ag brath ar an meastóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme na mbeart i gcláir POSEI, féadfaidh na Ballstáit, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe socheacnamaíocha lena mbaineann, tograí cuí-réasúnaithe a thíolacadh chun na bearta sin a leasú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus (3), d’fhonn iad a oiriúnú níos fearr do riachtanais na réigiún is forimeallaí agus don straitéis mholta. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na nósanna imeachta chun a mheasúnú an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na leasuithe arna moladh agus a chinneadh an ndéanfar iad a fhormheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

3.   Féadfar aird a thabhairt sna nósanna imeachta a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 ar na nithe seo a leanas: tábhacht na modhnuithe a mholfaidh na Ballstáit faoi threoir bearta nua a thabhairt isteach, cibé an bhfuil na hathruithe ar an mbuiséad a leithdháilfear ar na bearta substainsteach, athruithe ar chainníochtaí agus ar an leibhéal cabhrach do tháirgí sna réamh-mheastacháin soláthair agus aon leasuithe ar chóid agus tuairiscí a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (9).

4.   Cinnfear freisin leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, do gach nós imeachta, minicíocht na n-iarrataí le haghaidh leasuithe chomh maith leis na hamchláir ar laistigh díobh a bheidh na leasuithe formheasta le cur chun feidhme.

Airteagal 7

Leasuithe i dtaca leis na leithdháiltí airgeadais

Faoin 22 Aibreán 2013, déanfaidh na Ballstáit na dréachtleasuithe ar a gcláir POSEI a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na hathruithe a tugadh isteach le hAirteagal 30(5) a léiriú.

Tiocfaidh na leasuithe seo chun a bheith infheidhme mí amháin tar éis dóibh a bheith tíolactha más rud é nach ndéanfaidh an Coimisiún aon agóid ina gcoinne i rith na tréimhse seo.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an chabhair dá dtagraítear in Airteagal 30(5) a íoc tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2013.

Airteagal 8

Faireachán agus athleanúint

Déanfaidh na Ballstáit fíoruithe trí sheiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le saintréithe íosta na seiceálacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme i dtaca leis na táscairí fisiceacha agus airgeadais chun faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na gclár a áirithiú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

CAIBIDIL III

SOCRUITHE SONRACHA SOLÁTHAIR

Airteagal 9

Réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair

1.   Bunaítear socruithe sonracha soláthair do na táirgí talmhaíochta a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, ar táirgí iad atá riachtanach sna réigiúin is forimeallaí do thomhaltas an duine, do mhonarú táirgí eile, nó mar ionchur talmhaíochta.

2.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, ag an leibhéal geografach a mheasfaidh sé a bheith is iomchuí, réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair a bhunú chun riachtanais bhliantúla soláthair le haghaidh gach ceann de na réigiúin is forimeallaí a chainníochtú maidir leis na táirgí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Féadfar réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh riachtanais gnóthas pacáistithe nó próiseála táirgí atá beartaithe don mhargadh áitiúil, le coinsíniú traidisiúnta chuig an gcuid eile den Aontas nó le honnmhairiú mar chuid de thrádáil réigiúnach, i gcomhréir le hAirteagal 14(3), nó i gcomhthéacs sreafa trádála traidisiúnta.

Airteagal 10

Na socruithe sonracha soláthair a fheidhmiú

1.   Laistigh de theorainn na gcainníochtaí arna gcinneadh sa réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair, ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht ar allmhairí díreacha táirgí ó thríú tíortha sna réigiúin is forimeallaí a chumhdaítear faoi na socruithe sonracha soláthair.

Chun críocha na Caibidle seo, maidir le táirgí a ndearnadh próiseáil isteach orthu nó a bhí i stóras custaim i gcríoch chustaim an Aontais, measfar gur allmhairí díreacha ó thríú tíortha iad.

2.   D’fhonn sásamh na riachtanas a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 9(2) a áirithiú, ó thaobh an phraghais agus na cáilíochta, agus cuid an Aontais de na soláthairtí á caomhnú ag an am céanna, deonófar cabhair chun táirgí a sholáthar do na réigiúin is forimeallaí, ar táirgí de chuid an Aontais iad arna gcoinneáil i stóras idirghabhála poiblí nó atá ar fáil ar mhargadh an Aontais.

Déanfar méid na cabhrach sin a chinneadh do gach cineál táirge i gceist trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na costais bhreise a bhaineann le hiompar go dtí na réigiúin is forimeallaí agus na praghsanna a ghearrtar ar onnmhairí go tríú tíortha, agus, i gcás táirgí atá beartaithe don phróiseáil nó ionchuir talmhaíochta, ba cheart costais bhreise eile a chur san áireamh, ar costais iad a bhaineann leis an bhfíor- iargúltacht, agus go háirithe an t-oileánachas agus laghad na réimse.

3.   Ní dheonófar aon chabhair do sholáthar táirgí a cumhdaíodh cheana faoi na socruithe sonracha soláthair i gceann eile de na réigiúin is forimeallaí.

4.   Ní chuimseofar faoi na socruithe sonracha soláthair ach táirgí fónta ar cháilíocht mhaith, ar féidir iad a chur ar an margadh. Déanfaidh táirgí ó thríú tíortha leibhéal coibhéiseach urrús a sholáthar leis na táirgí sin a tháirgtear faoi chaighdeáin sláinte tréidliachta agus plandaí an Aontais.

Airteagal 11

Cur chun feidhme

Cuirfear na socruithe sonracha soláthair chun feidhme sa chaoi is go gcuirfear na nithe seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí agus, i gcás táirgí atá beartaithe don phróiseáil nó ionchuir talmhaíochta, na ceanglais cháilíochta;

(b)

an sreabhadh trádála leis an gcuid eile den Aontas;

(c)

gné eacnamaíoch na cabhrach atá beartaithe;

(d)

an gá a áirithiú nach ndéantar an táirgeadh áitiúil atá ann cheana a dhíchobhsú, ná nach gcuirtear isteach ar a fhorbairt.

Airteagal 12

Deimhnithe

1.   Tabharfar an díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó teidlíocht cabhrach faoi na socruithe sonracha soláthair ar dheimhniú a thíolacadh.

Eiseofar deimhnithe d’oibreoirí, agus dóibh sin amháin, atá ar chlár a choimeádann na húdaráis inniúla.

Ní fhéadfar ceadúnais nó deimhnithe a tharchur.

2.   Ní cheanglófar aon urrús nuair a chuirtear isteach ar cheadúnais allmhairiúcháin, ar dheimhnithe díolúine nó ar dheimhnithe cabhrach. Mar sin féin, a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal urrús a lóisteáil is comhionann le méid an bhuntáiste dá dtagraítear in Airteagal 13. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag Airteagal 34(1), (4), (5), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 376/2008 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe comhchoiteanna le haghaidh chur i bhfeidhm an chórais ceadúnas allmhairithe agus onnmhairithe agus deimhnithe socraithe a airleacan do tháirgí talmhaíochta (10).

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, lena gcinnfear na coinníollacha chun na hoibreoirí a chur ar an gclár agus lena bhforáiltear go bhfuil láncheart ag na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna socruithe sonracha soláthair.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go háirithe maidir le tabhairt isteach chóras na ndeimhnithe agus maidir leis an ngealltanas arna dhéanamh ag oibreoirí tráth an chlárúcháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 13

Na sochair a chur ar aghaidh

1.   Maidir le teidlíocht faoi na socruithe sonracha soláthair a eascraíonn ón díolúine ó dhleacht ar allmhairí nó ó dheonú cabhrach, beidh sí faoi réir an choinníll go gcuirfear an sochar eacnamaíoch ar aghaidh i ndáiríre go dtí an t-úsáideoir deiridh, ar féidir leis, mar is iomchuí, a bheith ina thomhaltóir i gcás táirgí atá beartaithe don tomhaltas díreach, ina phróiseálaí nó ina phacáisteálaí deiridh i gcás táirgí atá beartaithe do thionscail na próiseála nó an phacáistithe, nó ina fheirmeoir i gcás táirgí a úsáidtear le haghaidh cothú ainmhithe nó mar ionchur talmhaíochta.

Is comhionann an sochar dá dtagraítear sa chéad fhomhír le méid na díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí nó le méid na cabhrach.

2.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha a leagtar amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, agus go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit a fhíorú go gcuirfear ar aghaidh i ndáiríre an sochar go dtí an t-úsáideoir deiridh, a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 14

Onnmhairiú chuig tríú tíortha agus eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfar táirgí atá clúdaithe ag na socruithe sonracha soláthair a onnmhairiú chuig tríú tíortha nó a eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas, agus ar áireamh sna coinníollacha sin beidh íocaíocht dleachta ar allmhairí, nó aisíocaíocht na cabhrach a fuarthas, mar a léirítear in Airteagal 10. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an sreabhadh trádála idir ranna Francacha thar lear.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir leis na táirgí arna bpróiseáil sna réigiúin is forimeallaí ó thairgí a cumhdaíodh leis na socruithe sonracha soláthair, ar táirgí iad:

(a)

a onnmhairítear chuig tríú tíortha nó a eiseoltar chuig an gcuid eile den Aontas laistigh de theorainneacha na n-onnmhairí traidisiúnta agus na n-eiseolachán traidisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na méideanna sin ar bhonn mheán na n-eiseolachán nó mheán na bhfigiúirí onnmhairithe, agus meán figiúirí fíoraithe do na trí bliana is fearr idir 2005 agus 2012 mar thagairt aige. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2);

(b)

a onnmhairítear chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach;

(c)

a eiseoltar idir réigiúin na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach;

(d)

a eiseoltar idir ranna Francacha thar lear.

Ní dheonófar aon aisíoc ar onnmhairí i gcás táirgí arna n-onnmhairiú dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír.

Maidir leis na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin chuig tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

3.   Chun críoch na Caibidle seo, ciallaíonn “trádáil réigiúnach” an trádáil a dhéantar, i gcás gach réigiún is forimeallaí, le tríú tíortha a bhaineann leis an limistéar geografach céanna agus na réigiúin is forimeallaí, agus le tíortha lena bhfuil naisc trádála stairiúla. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar liosta na dtíortha seo, ag cur san áireamh iarratais oibiachtúla arna ndéanamh ag na Ballstáit tar éis comhairliúcháin leis na hearnálacha lena mbaineann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

4.   Measfar gur táirgí a thomhaltar go háitiúil iad na táirgí a sheachadtar ar na ranna Francacha thar lear, ar na hAsóir, ar Mhaidéara nó ar na hOileáin Chanáracha, ar táirgí iad a bhain tairbhe as na socruithe sonracha soláthair agus a úsáidtear chun báid agus aerárthaí a bhreoslú.

5.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 2, pointe (a), féadfar na cainníochtaí uasta seo a leanas de shiúcra (cód CN 1701) a eiseoladh gach bliain ó na hAsóir chuig an gcuid eile den Aontas, sna cúig bliana seo a leanas:

—   i 2011: 3 000 tona,

—   i 2012: 2 500 tona,

—   i 2013: 2 000 tona,

—   i 2014: 1 500 tona,

—   i 2015: 1 000 tona.

6.   Comhlíonfaidh oibríochtaí próiseála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le honnmhairí trádála traidisiúnta nó réigiúnaí nó eiseolacháin thraidisiúnta, mutatis mutandis, na coinníollacha próiseála is infheidhme faoi shocruithe próiseála isteach agus an nós imeachta próiseála faoi rialú custaim dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais, cé is moite de na gnáthfhoirmeacha uile láimhseála.

Airteagal 15

Siúcra

1.   Le linn na tréimhse a bhunaítear in Airteagal 204(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, beidh an táirgeacht neamhchuóta dá dtagraítear in Airteagal 61 den Rialachán sin saor ó dhleachtanna ar allmhairí, faoi réir an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, i gcás:

(a)

siúcra a thugtar chun a thomhaltais chuig Maidéara nó chuig na hOileáin Chanáracha i bhfoirm siúcra bháin a thagann faoi réim chód CN 1701;

(b)

siúcra arna scagadh agus arna thomhailt sna hAsóir i bhfoirm siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 12 10 (siúcra biatais amh).

2.   Sna hAsóir, chun críoch an mhínghlanta, féadfar na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh, faoi réir theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair, le siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 11 10 (siúcra cána amh).

Cinnfear riachtanais siúcra amh na nAsór trí fhorbairt tháirgeadh áitiúil an bhiatais siúcra a chur san áireamh. Déanfar na cainníochtaí a chumhdaítear leis na socruithe soláthair a chinneadh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh méid iomlán an tsiúcra a scagfar sna hAsóir gach bliain níos mó ná 10 000 tona.

Airteagal 16

Púdar bainne bhearrtha

De mhaolú ar Airteagal 9 thuas, féadfaidh na hOileáin Chanáracha leanúint de sholáthar púdair bhainne bhearrtha a fháil a thagann faoi réim chód CN 1901 90 99 (púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann) agus atá beartaithe le haghaidh na próiseála tionsclaíche, faoi réir theorainn 800 tona in aghaidh na bliana. Ní fhéadfaidh an tAontas cabhair ar mó ná EUR 210 in aghaidh an tona í a thabhairt i gcás soláthairtí den táirge seo agus áireofar an chabhair sin sa teorainn a leagtar síos in Airteagal 30. Is chun a thomhaltais go háitiúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Airteagal 17

Rís

Maidir leis na táirgí a allmhaireofar sa roinn Fhrancach thar lear, la Réunion, chun a dtomhaltais ansin agus a thagann faoi réim chóid CN 1006 10, 1006 20 agus 1006 40 00, ní ghearrfar aon dleacht ar a n-allmhairiú.

Airteagal 18

Rialuithe agus pionóis

1.   Déanfar rialuithe riaracháin ar tháirgí a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair ag tráth a n-allmhairithe nó a dtabhairt isteach sna réigiúin is forimeallaí agus ag tráth a n-onnmhairithe nó a n-eiseolta.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le saintréithe íosta na seiceálacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.   Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí eisceachtúla aeráide, má mhainníonn oibreoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 12, na gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon phionóis is infheidhme faoin dlí náisiúnta:

(a)

an sochar a deonaíodh don oibreoir a ghnóthú;

(b)

clárú an oibreora a fhionraí nó a chúlghairm go sealadach, ag brath ar thromchúis an neamhchomhlíonta.

3.   Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí eisceachtúla aeráide, i gcás nach ndéanfaidh oibreoirí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 12, an t-allmhairiú nó an dul isteach pleanáilte a chur i gcrích, cuirfidh an t-údarás inniúil a dteidlíocht ar iarratas a dhéanamh ar cheadúnais nó ar dheimhnithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 60 lá tar éis don cheadúnas nó don deimhniú sin dul in éag. Tar éis na tréimhse fionraíochta, beidh eisiúint ceadúnas nó deimhnithe ina dhiaidh sin faoi réir urrús a lóisteáil is comhionann le méid an tsochair a bheidh le deonú le linn tréimhse a bheidh le cinneadh ag an údarás inniúil.

Glacfaidh an t-údarás inniúil na bearta is gá chun aon chainníochtaí táirgí a athúsáid a chuirtear ar fáil mar thoradh ar neamh-fhorghníomhú, ar fhorghníomhú páirteach nó ar chealú na gceadúnas agus na ndeimhnithe a eisíodh nó ar an sochar a ghnóthú.

CAIBIDIL IV

BEARTA DON TÁIRGEACHT ÁITIÚIL TALMHAÍOCHTA

Airteagal 19

Bearta

1.   Ar áireamh i gcláir POSEI beidh bearta sonracha a cheapfar chun táirgeacht áitiúil talmhaíochta a chur chun cinn, ar bearta iad a thagann faoi raon feidhme Theideal III de Chuid a Trí den Chonradh agus a bhfuil gá leo chun leanúnachas agus forbairt na táirgeachta áitiúla talmhaíochta i ngach ceann de na réigiúin is forimeallaí a áirithiú.

2.   Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna codanna den chlár lena n-áirítear bearta chun cuidiú le táirgeacht áitiúil talmhaíochta agus a fhreagraíonn do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2:

(a)

tuairisc chainníochtaithe ar staid reatha na táirgeachta talmhaíochta i gceist, ag cur san áireamh na dtorthaí meastóireachta atá ar fáil, ag léiriú na n-éagothromaíochtaí, na n-easnamh agus na hacmhainneachta forbartha, na n-acmhainní airgeadais a úsáideadh agus phríomhthorthaí na ngníomh a rinneadh roimh ré;

(b)

tuairisc ar an straitéis mholta, na tosaíochtaí arna roghnú agus cuspóirí ginearálta agus oibriúcháin cainníochtaithe na straitéise, chomh maith le measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear an tionchar ar fhostaíocht, a mbeifear ag súil leis;

(c)

tuairisc ar na bearta atá beartaithe, agus go háirithe na scéimeanna cabhrach chun iad a chur chun feidhme, agus más iomchuí, faisnéis faoi na riachtanais fad is a bhaineann le staidéir, tionscadail taispeána, oiliúint agus oibríochtaí cúnaimh theicniúil a bhaineann le hullmhúchán, le cur chun feidhme nó le hoiriúnú na mbeart i dtrácht;

(d)

liosta na gcineál cabhrach ar íocaíochtaí díreacha iad, i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009;

(e)

méid na cabhrach a leagtar síos do gach beart agus an méid sealadach do gach gníomh d’fhonn cuspóir amháin nó roinnt cuspóirí ar an gclár a bhaint amach.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais faoina n-íocfar an chabhair dá dtagraítear i mír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

4.   Féadfar a bheith ar áireamh sa chlár bearta chun tacaíocht a thabhairt do tháirgeadh, do phróiseáil nó do dhíol táirgí talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí.

Féadfar gníomhaíochtaí éagsúla a bheith san áireamh i ngach beart. Do gach beart, sainítear sa chlár ar a laghad na heilimintí seo a leanas:

(a)

na tairbhithe;

(b)

na coinníollacha incháilitheachta;

(c)

an t-aonadmhéid cabhrach.

D’fhonn tacaíocht a thabhairt do mhargú táirgí lasmuigh de réigiún a dtáirgthe, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, maidir leis na coinníollacha chun méid na cabhrach a dheonófar i leith margaithe a bhunú agus, más iomchuí, na dálaí chun na cainníochtaí táirgí atá faoi réir na cabhrach seo a bhunú.

Airteagal 20

Rialuithe agus íocaíochtaí míchearta

1.   Déanfar fíorú na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo trí sheiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair.

2.   I gcás íocaíochtaí míchearta, tá oibleagáid ar an tairbhí lena mbaineann na méideanna i gceist a aisíoc. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle maidir le tras-chomhlíonadh, modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí le haghaidh feirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, chomh maith le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona (11).

CAIBIDIL V

BEARTA TIONLACAIN

Airteagal 21

Lógó

1.   Tabharfar isteach lógó d’fhonn eolas ar tháirgí sonracha talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin is forimeallaí a fheabhsú agus d’fhonn tomhaltas na dtáirgí sin, i riocht nádúrtha nó i riocht phróiseáilte, a fheabhsú.

2.   Molfaidh na heagraíochtaí trádála lena mbaineann coinníollacha úsáid an lógó dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta na moltaí sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus a dtuairim ag gabháil leo.

Rialóidh údarás poiblí nó comhlacht arna fhormheas ag na húdaráis náisiúnta inniúla úsáid an lógó.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, maidir leis na coinníollacha chun an ceart an lógó a úsáid a fheidhmiú, mar aon leis na coinníollacha dá hatáirgeadh agus dá húsáid. Déanfar na coinníollacha sin a leagan síos d’fhonn eolas ar tháirgí talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin is forimeallaí a fheabhsú agus tomhaltas na dtáirgí sin a chur chun cinn, gan aird ar cé acu i riocht próiseáilte nó neamhphróiseáilte atá na táirgí sin.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na rialacha mionsonraithe i ndáil le húsáid an lógó, mar aon le saintréithe íosta le haghaidh na seiceálacha agus an fhaireacháin a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 22

Forbairt tuaithe

1.   Gan dochar d’Airteagal 39(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, maidir leis na huasmhéideanna bliantúla incháilithe faoi chabhair an Aontais, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán sin, féadfar iad a mhéadú faoi dhó i gcás an bhirt chun lochanna sna hAsóir a chosaint agus an bhirt chun an tírdhreach, an bhithéagsúlacht agus saintréithe traidisiúnta na talún talmhaíochta agus ballaí cloiche a choinníonn léibhinn suas a chaomhnú sna réigiúin is forimeallaí.

2.   Áireofar tuairisc ar na bearta atá pleanáilte faoi mhír 1 den Airteagal seo, más iomchuí, sna cláir do na réigiúin sin dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

Airteagal 23

Státchabhair

1.   I gcás na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a bhfuil feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 maidir leo, féadfaidh an Coimisiún cabhair oibriúcháin a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 108 den Chonradh, sna hearnálacha a tháirgeann, a phróiseálann agus a mhargaíonn na táirgí sin, ar cabhair í lena bhféachtar leis na baic shonracha ar an bhfeirmeoireacht sna réigiúin is forimeallaí a mhaolú, ar baic iad a bhaineann leis an gciandacht, leis an oileánachas agus leis an bhfíor-iargúltacht.

2.   Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a dheonú do chur chun feidhme chláir POSEI. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh na Ballstáit an státchabhair a fhógairt don Choimisiún agus féadfaidh an Coimisiún é a fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, mar chuid de na cláir sin. Measfar gur fograíodh an státchabhair a fógraíodh amhlaidh de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) den Chonradh.

3.   Féadfaidh an Fhrainc cabhair suas le EUR 90 milliún in aghaidh na bliana margaíochta a thabhairt d’earnáil shiúcra na réigiún Francach is forimeallaí.

Cuirfidh an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach bliain mhargaíochta, maidir le méid na cabhrach a tugadh.

4.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2 den Airteagal seo agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 180 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena ndéantar rialacha áirithe iomaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil earraí talmhaíochta (12), ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh faoi Chaibidil IV den Rialachán seo, mír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 24 agus Airteagal 28 den Rialachán seo ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 24

Cláir sláinte plandaí

1.   Cuirfidh na Ballstáit cláir faoi bhráid an Choimisiúin chun orgánaigh a dhéanann díobháil do phlandaí nó do tháirgí plandaí sna réigiúin is forimeallaí a chomhrac. Sonrófar sna cláir sin go háirithe na cuspóirí atá le baint amach, na bearta atá le déanamh agus fad agus costas na mbeart sin.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na cláir a chuirtear faoina bhráid. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na cláir sin a cheadú nó gan iad a cheadú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.   Rannchuideoidh an tAontas le maoiniú na gclár dá bhforáiltear i mír 1, ar bhonn anailís theicniúil staideanna na réigiún.

Féadfaidh ranníoc den sórt sin suas le 75 % den chaiteachas incháilithe a chlúdach. Déanfar an íocaíocht ar bhonn na doiciméadachta a sholáthróidh Ballstáit. Más gá, féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a eagrú agus féadfaidh na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh dhíobhálacha do phlandaí nó táirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leathadh laistigh den Chomhphobal (13) na seiceálacha sin a stiúradh ar a shon.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith gach réigiúin agus cláir, ar bhonn na gcritéar a shocraítear i mír 2 agus ar bhonn an chláir arna thíolacadh i gcomhréir le mír 1, lena mbunófar:

(a)

rannpháirtíocht airgeadais an Aontais, chomh maith le méid na cabhrach;

(b)

na bearta atá incháilithe i gcomhair maoinithe ón Aontas.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 25

Fíon

1.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagail 103v, 103w, 103x agus 182a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na hAsóir ná maidir le Maidéara.

2.   D’ainneoin an dara fomhír d’Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfar fíonchaora ó na cineálacha fíniúna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, agus arna mbaint sna hAsóir agus i Maidéara, a úsáid do tháirgeadh fíona a chaithfidh fanacht laistigh de na réigiúin sin.

Maidir leis na dáileachtaí inar cuireadh na cineálacha fíniúna dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, scoirfidh an Phortaingéil dá mbaint de réir a chéile agus, más gá, beidh na tacaí aici dá bhforáiltear in Airteagal 103q den Rialachán sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 85f de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, beidh feidhm ag an gcóras idirthréimhseach do chearta um phlandú maidir leis na hOileáin Chanáracha go dtí an 31 Nollaig 2012.

Airteagal 26

Bainne

1.   Chun críocha dháileadh an tobhaigh ar bharrachas dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeoirí de réir bhrí Airteagal 65(c) den Rialachán sin, ar táirgeoirí iad atá lonnaithe sna hAsóir agus a tháirgeann sna hAsóir, a mhargaíonn cainníochtaí a sháraíonn a gcainníocht tagartha atá méadaithe leis an gcéatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, measfar go bhfuil baint acu sin, agus acu sin amháin, leis an sárú.

Beidh an tobhach ar bharrachas dlite ar chainníochtaí a sháraíonn an cuóta arna mhéadú amhlaidh leis an gcéatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír, tar éis ath-leithdháileadh na gcainníochtaí nár úsáideadh laistigh den lamháil a fágadh tar éis an mhéadaithe sin i measc na dtáirgeoirí ar fad, ar táirgeoirí iad de réir bhrí Airteagal 65(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, atá lonnaithe agus a tháirgeann sna hAsóir, agus déanfar an t-ath-leithdháileadh sin i gcomhréir leis an gcainníocht tagartha atá ag gach táirgeoir.

Is ionann an céatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an cóimheas idir an chainníocht 23 000 tona ón mbliain mhargaíochta 2005/2006 i leith agus iomlán na gcainníochtaí tagartha le fáil ar gach gabháltas an 31 Márta 2010. Ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir leis an gcuóta ar an ngabháltas an 31 Márta 2010.

2.   Maidir leis na cainníochtaí bainne nó coibhéise bainne arna gcur ar an margadh agus a sháraíonn an cuóta, ach a chomhlíonann an céatadán dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, tar éis an ath-leithdháilte dá dtagraítear sa mhír sin, ní chuirfear san áireamh iad chun aon sárú ag an bPortaingéil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a shuíomh.

3.   Maidir le scéim an tobhaigh ar bharrachas is infheidhme i leith táirgeoirí bainne dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ní bheidh feidhm aici sna ranna Francacha thar lear ná, faoi réir teorann táirgeachta áitiúla 4 000 tona bainne, i Maidéara.

4.   D’ainneoin Airteagal 114(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeadh bainne UTC i Maidéara agus sa roinn Fhrancach thar lear, la Réunion, ar bainne é arna athdhéanamh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, údarófar é faoi réir theorainneacha riachtanais an tomhaltais áitiúil, ar choinníoll nach gcuirfidh an beart seo bac ar bhailiú nó ar dhiúscairt an bhainne arna tháirgeadh go háitiúil. Má léiríonn an Fhrainc fóirsteanacht an bhirt sin do na ranna Francacha thar lear, i Martinique, i nGuadalúip agus i nGuáin na Fraince, cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe, más gá, a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33, chun an beart sin a leathnú go dtí na ranna sin. Is chun a thomhaltais go háitiúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Ní mór an modh trína bhfuarthas an bainne UTC, arna athdhéanamh amhlaidh, a léiriú go soiléir ar an lipéad díolacháin.

Airteagal 27

Feirmeoireacht eallaigh

1.   Go dtí go mbeidh a dhóthain bó-ainmhithe óga fireanna ann chun cothabháil agus forbairt an táirgthe áitiúil mairteola sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara a áirithiú, féadfar bó-ainmhithe a allmhairiú ó thríú tíortha, d’fhonn iad a ramhrú agus chun a dtomhaltais sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara, gan dleachtanna ar allmhairí, is é sin le rá an Chomhtharaif Chustaim, a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na bearta is gá chun an fhomhír seo a chur chun feidhme, agus go háirithe leis na modhanna chun díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí bó-ainmhithe óga fireanna sna ranna Francacha thar lear agus i Maidéara a thabhairt isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Beidh feidhm ag Airteagal 13 agus Airteagal 14(1) maidir leis na hainmhithe a chumhdaítear faoin díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

2.   Cinnfear líon na n-ainmhithe a chumhdófar faoin díolúine dá dtagraítear i mír 1 i gcláir POSEI, i gcás ina bhfuil údar maith leis an ngá ainmhithe a allmhairiú, agus ag féachaint d’fhorbairtí sa táirgeacht áitiúil. I gcás na n-ainmhithe sin, tabharfar tosaíocht do tháirgeoirí a choinníonn ainmhithe chun iad a ramhrú agus a bhfuil ar a laghad 50 % de na hainmhithe sin de thionscnamh áitiúil.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, lena leagfar síos na coinníollacha a mbeidh an díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí. Cuirfear san áireamh sna coinníollacha sin tréithe sonracha áitiúla na hearnála mairteola agus an tionscail mhairteola.

3.   I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm Airteagal 52 agus Airteagal 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, féadfaidh an Phortaingéil comhpháirt an uasteorann náisiúnta a laghdú i gcás na gceart chun íocaíochtaí do chaoireoil agus d’fheoil ghabhair agus chun na préimhe do bha diúil. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid iomchuí atá le haistriú ó na huasteorainneacha a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 52 agus le hAirteagal 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 go dtí an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 30(2) den Rialachán seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 28

Státchabhair do tháirgeadh tobac

Údarófar don Spáinn cabhair do tháirgeadh tobac a dheonú do na hOileáin Chanáracha. Ní fhéadfaidh sé go mbeadh idirdhealú idir táirgeoirí sna hoileáin mar thoradh ar dheonú na cabhrach sin.

Ní fhéadfaidh méid na cabhrach dul thar EUR 2 980,62 in aghaidh an tona. Deonófar an chabhair bhreise le haghaidh suas le 10 dtona in aghaidh na bliana.

Airteagal 29

Díolúine tobac ó dhleachtanna custaim

1.   Ní chuirfear i bhfeidhm aon dleacht chustaim ar allmhairí díreacha tobac amh agus leathmhonaraithe sna hOileáin Chanáracha, ar tobac é a thagann faoi réir na gcód seo a leanas faoi seach:

(a)

cód AC 2401; agus

(b)

na fotheidil seo a leanas:

2401 10 Tobac amh neamhscúite,

2401 20 Tobac amh scúite, go páirteach nó go hiomlán,

ex 2401 20 Clúdaigh sheachtracha do thodóga, arna gcur i láthair ar thacaí, i roithleáin do mhonarú tobac,

2401 30 Dramhaíl tobac,

ex 2402 10 Todóga neamhchríochnaithe, gan fillteán,

ex 2403 10 Tobac gearrtha (meascáin chríochnaithe de thobac do mhonarú toitíní, todóg, seiriút agus todóigíní),

ex 2403 91 Tobac homaiginithe nó athdhéanta, cibé acu i bhfoirm duilleog nó stiallacha,

ex 2403 99 Tobac leata.

Tabharfar an díolúine dá bhforáiltear sa chéad fhomhír trí na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 12.

Beidh feidhm ag an díolúine seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar táirgí iad atá beartaithe le bheith próiseáilte sna hOileáin Chanáracha ina dtáirgí monaraithe atá réidh le caitheamh, faoi réir teorann allmhairí bliantúla 20 000 tona coibhéise tobac amh scúite.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na bearta is gá chun mír 1 a chur i bhfeidhm, agus go háirithe leis na bearta chun díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí tobac sna hOileáin Chanáracha a thabhairt isteach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 30

Acmhainní airgeadais

1.   Is idirghabhálacha iad na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun na margaí talmhaíochta a thabhairt chun rialtachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (14), seachas na bearta dá bhforáiltear sna hAirteagail seo a leanas:

(a)

Airteagal 22; agus

(b)

Airteagal 24, ó dháta iarratais an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2014-2020.

2.   Do gach bliain airgeadais, maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le méid bliantúil is ionann agus na méideanna seo a leanas:

:

sna ranna Francacha thar lear

:

EUR 278,41 milliún,

:

na hAsóir agus Maidéara

:

EUR 106,21 milliún,

:

na hOileáin Chanáracha

:

EUR 268,42 milliún.

3.   Ní fhéadfaidh na suimeanna arna leithdháileadh do gach bliain airgeadais chun na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú na méideanna seo a leanas a shárú:

:

sna ranna Francacha thar lear

:

EUR 26,9 milliún,

:

na hAsóir agus Maidéara

:

EUR 21,2 milliún,

:

na hOileáin Chanáracha

:

EUR 72,7 milliún.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfaidh na Ballstáit na hacmhainní a athrú arna leithdháileadh gach bliain do na táirgí éagsúla a chumhdaítear leis na socruithe sonracha soláthair. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, lena mbunaítear na coinníollacha faoina gcinnfear an uasmhéid bhliantúil a fhéadfar a leithdháileadh ar na bearta maidir le staidéar, tionscadail taispeána, oiliúint agus bearta cúnaimh theicniúil, ar choinníoll go bhfuil leithdháileadh den sórt sin réasúnach agus comhréireach.

5.   Maidir leis an mbliain airgeadais 2013, déanfaidh an tAontas maoiniú breise a dheonú d’earnáil bananaí na réigiún is forimeallaí chomh hard leis na huasmhéideanna seo a leanas:

:

sna ranna Francacha thar lear

:

EUR 18,52 milliún,

:

na hAsóir agus Maidéara

:

EUR 1,24 milliún,

:

na hOileáin Chanáracha

:

EUR 20,24 milliún.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Bearta náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe maidir le seiceálacha agus pionóis riaracháin, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Airteagal 32

Teachtaireachtaí agus tuarascálacha

1.   Tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún na leithreasaí a cuireadh ar fáil dóibh agus a bhfuil sé ar intinn acu a chaitheamh, an bhliain dár gcionn, chun an réamh-mheastachán ar an gcomhardú soláthair agus gach beart lena gcuirtear táirgeacht áitiúil talmhaíochta chun cinn a áirítear i gcláir POSEI a chur chun feidhme.

2.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i rith na bliana roimhe sin.

3.   Faoi 30 Meitheamh 2015, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil ghinearálta ina léireofar tionchar na gníomhaíochta a rinneadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear in earnáil na mbananaí agus an bhainne, lena mbeidh moltaí cuí ag gabháil, más infheidhme.

4.   Cuirfidh an Coimisiún caibidil shonrach san áireamh sna hanailísí, sa staidéar agus sna measúnuithe a dhéanann sé i gcomhthéacs comhaontuithe trádála agus an chomhbheartais talmhaíochta le haghaidh aon ábhair ina bhfuil leas ar leith ag na réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12(2), an tríú fomhír d’Airteagal 19(4), Airteagal 21(3), an chéad fhomhír d’Airteagal 26(4), an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 30(4), déanfar í a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 21 Márta 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 12(2), an tríú fomhír d’Airteagal 19(4), Airteagal 21(3), an chéad fhomhír d’Airteagal 26(4), an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh chun cúlghairm a dhéanamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún ina leith an tráth chéanna.

5.   Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 12(2), an tríú fomhír d’Airteagal 19(4), Airteagal 21(3), na chéad fhomhíre d’Airteagal 26(4), an dara fomhír d’Airteagal 27(2) agus Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis cur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste Bainistíochta um Íocaíochtaí Díreacha arna bhunú le hAirteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún, seachas i gcás cur chun feidhme Airteagal 24 den Rialachán seo agus sa chás sin, beidh an Buanchoiste um Shláinte Plandaí arna bhunú le Cinneadh 76/894/CEE ón gComhairle (15) de chúnamh ag an gCoimisiún. Is coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 iad na Coistí sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún na socruithe sin a athbhreithniú roimh dheireadh 2013, ag féachaint dá n-éifeachtúlacht iomlán agus do chreat nua an CBT agus más gá cuirfidh sé moltaí iomchuí ar aghaidh do scéim POSEI athbhreithnithe.

Airteagal 36

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 247/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Márta 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 33.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle an 25 Feabhra 2013.

(3)  IO L 42, 14.2.2006, lch. 1.

(4)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(5)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

(6)  IO L 30, 31.1.2009, lch. 16.

(7)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(8)  IO L 155, 18.6.2009, lch. 30.

(9)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(10)  IO L 114, 26.4.2008, lch. 3.

(11)  IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.

(12)  IO L 214, 4.8.2006, lch. 7.

(13)  IO L 169, 10.7.2000, lch. 1.

(14)  IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

(15)  IO L 340, 9.12.1976, lch. 25.


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 247/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 9

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 11

Airteagal 3(4)

Airteagal 13

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 4(3)

Airteagal 14(5)

Airteagal 5

Airteagal 15

Airteagal 6

Airteagal 16

Airteagal 7

Airteagal 17

Airteagal 8, an abairt dheireanach

Airteagal 12(3)

Airteagal 9(1) agus Airteagal 10

Airteagal 19(1)

Airteagal 9(2) agus (3)

Airteagal 3

Airteagal 11

Airteagal 4

Airteagal 12(a), (b) agus (c)

Airteagal 19(2)(a), (b) agus (c)

Airteagal 12(d), (e), (f), (g)

Airteagal 5

Airteagal 13

Airteagal 8, an dara mír

Airteagal 14

Airteagal 21

Airteagal 15

Airteagal 22

Airteagal 16

Airteagal 23

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 26

Airteagal 20

Airteagal 27

Airteagal 21

Airteagal 28

Airteagal 22

Airteagal 29

Airteagal 23

Airteagal 30

Airteagal 24

Airteagal 6

Airteagal 27

Airteagal 31

Airteagal 28

Airteagal 32

Airteagal 29

Airteagal 36

Airteagal 33

Airteagal 37


20.3.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/41


RIALACHÁN (AE) Uimh. 229/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2013

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh bearta sonracha san earnáil talmhaíochta chun dul i ngleic le deacrachtaí a eascraíonn as staid gheografach shainiúil na n-oileán beag Aeigéach a bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (3). Cuireadh na bearta sin chun feidhme trí chlár tacaíochta, ar uirlis fíor-riachtanach é chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na hoileáin sin agus chun tacú leis an táirgeadh áitiúil talmhaíochta. I bhfianaise an gá atá ann na bearta reatha a nuashonrú, lena n-áirítear mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 a aisghairm agus rialachán nua a chur ina ionad.

(2)

Is gá sonrú a dhéanamh ar na cuspóirí bunúsacha a chuideoidh an scéim maidir le cur chun cinn na n-oileán beag Aeigéach lena gcomhlíonadh.

(3)

Is gá inneachar an chláir tacaíochta do na hoileáin bheaga Aeigéacha (“clár tacaíochta”) a shonrú freisin, ar clár é ba cheart don Ghréig, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a bhunú ar an leibhéal geografach is iomchuí agus a thíolacadh don Choimisiún lena fhormheas.

(4)

Chun cuspóirí na scéime maidir le cur chun cinn na n-oileán beag Aeigéach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart a áireamh sa chlár tacaíochta bearta lena n-áiritheofar soláthar táirgí talmhaíochta agus caomhnú agus forbairt an táirgthe áitiúil talmhaíochta. Ní foláir an leibhéal pleanála a chomhchuibhiú agus ní foláir an beartas comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus an Ghréig a chórasú. Ba cheart don Choimisiún nósanna imeachta agus táscairí a ghlacadh chun cur chun feidhme rianúil agus faireachán leormhaith an chláir a áirithiú.

(5)

Ag teacht le prionsabal na coimhdeachta agus chun solúbthacht a áirithiú, arb iad an dá phrionsabal atá mar bhunús don chur chuige pleanála a glacadh don scéim maidir le cur chun cinn na n-oileán beag Aeigéach, féadfaidh na húdaráis arna gceapadh ag an nGréig leasuithe ar an gclár a mholadh chun é a oiriúnú don staid ina bhfuil na hoileáin i ndáiríre. Chun na críche sin, ba cheart go spreagfaí rannpháirtíocht níos suntasaí ag na húdaráis inniúla áitiúla agus réigiúnacha agus ag geallsealbhóirí eile. Ag teacht leis an gcur chuige sin freisin, ba cheart an nós imeachta chun an clár a leasú a oiriúnú chun go léireodh sé leibhéal ábharthachta gach cineál modhnaithe.

(6)

Déanann staid gheografach shainiúil cuid de na hoileáin bheaga Aeigéacha costais bhreise iompair a fhorchur, a mhéid a bhaineann le táirgí a sholáthar atá riachtanach do thomhaltas an duine, don phróiseáil nó mar ionchuir talmhaíochta. Sa bhreis air sin, cuireann fachtóirí oibiachtúla eile a eascraíonn ó oileánachas agus ó fhad ó mhargaí baic bhreise ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar tháirgeoirí sna hoileáin bheaga Aeigéacha sin a chruthaíonn fadhbanna móra dóibh agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí. I gcásanna áirithe, bíonn na hoibreoirí agus na táirgeoirí thíos le “hoileánachas dúbailte”, is é sin go dtugtar soláthairtí ó oileáin eile. Is féidir na baic sin a fhuascailt trí phraghsanna na dtáirgí riachtanacha sin a laghdú. Is iomchuí, dá bhrí sin, socruithe sonracha soláthair a thabhairt isteach chun soláthar a ráthú do na hoileáin bheaga Aeigéacha agus chun cúiteamh a dhéanamh as na costais bhreise a eascraíonn óna n-oileánachas, óna mbeagmhéid agus óna bhfad ó mhargaí.

(7)

Cuirtear le fadhbanna na n-oileán beag Aeigéach i ngeall ar bheagmhéid na n-oileán. Chun éifeachtacht na mbeart atá beartaithe a ráthú, ba cheart go mbeadh feidhm ag na bearta sin maidir leis na hoileáin Aeigéacha go léir seachas an Chréit agus Evia.

(8)

Chun go mbainfear amach an sprioc arb é praghsanna a laghdú sna hoileáin bheaga Aeigéacha, na costais bhreise a bhaineann lena n-oileánachas, lena mbeagmhéid agus lena bhfad ó mhargaí a mhaolú agus san am céanna iomaíochas tháirgí an Aontais a choimeád ar bun, ba cheart cabhair a dheonú ar mhaithe le táirgí Aontais a sholáthar do na hoileáin bheaga Aeigéacha. Ba cheart a chur san áireamh sa chabhair sin an costas breise a bhaineann le hiompar go dtí na hoileáin bheaga Aeigéacha agus, i gcás ionchuir talmhaíochta nó táirgí atá beartaithe don phróiseáil, na costais bhreise a bhaineann le hoileánachas, le beagmhéid agus le fad ó mhargaí.

(9)

Chun amhantraíocht a sheachaint a dhéanfadh dochar d’úsáideoirí deiridh sna hoileáin bheaga Aeigéacha, tá sé tábhachtach a shonrú nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag na socruithe sonracha soláthair ach amháin maidir le táirgí atá ar cháilíocht mhaith, fhónta, agus inmhargaidh.

(10)

Toisc go bhfuil na cainníochtaí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair teoranta do riachtanais soláthair na n-oileán beag Aeigéach, níor cheart go ndéanfadh na socruithe sin dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Níor cheart ach oiread go mbeadh sraonadh i dtrádáil na dtáirgí lena mbaineann mar thoradh ar bhuntáistí eacnamaíocha na socruithe sonracha soláthair. Ba cheart, dá bhrí sin, eiseoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin ó na hoileáin bheaga Aeigéacha a thoirmeasc. Ba cheart, áfach, eiseoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin a údarú i gcás ina n-aisíoctar an buntáiste a bhíonn ann mar thoradh ar na socruithe sonracha soláthair.

(11)

Maidir le táirgí próiseáilte, ba cheart trádáil idir na hoileáin bheaga Aeigéacha a údarú agus ba cheart na costais iompair i ndáil leis na táirgí sin a laghdú chun go bhféadfaidh tráchtáil a bheith ar siúl idir na hoileáin sin. Ba cheart go dtabharfaí aird freisin ar shreafaí trádála i gcomhthéacs na tráchtála réigiúnaí agus onnmhairí agus eiseoladh traidisiúnta chuig an gcuid eile den Aontas nó chuig tríú tíortha agus ba cheart onnmhairí táirgí próiseáilte a fhreagraíonn don trádáil thraidisiúnta i gcás na réigiún uile sin a údarú.

(12)

Chun cuspóirí na socruithe sonracha soláthair a bhaint amach, ba cheart buntáistí eacnamaíocha na socruithe sin a léiriú i gcostais táirgthe agus ba cheart go laghdódh siad na praghsanna suas go dtí céim an úsáideora dheiridh. Níor cheart, dá bhrí sin, na buntáistí eacnamaíocha sin a dheonú ach amháin ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm iad go hiarbhír agus ba cheart seiceálacha iomchuí a dhéanamh.

(13)

Ba cheart rialacha a bhunú maidir le hoibriú na scéime, go háirithe na cinn sin a bhaineann le clár oibreoirí agus córas deimhnithe a chruthú, bunaithe ar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 161 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (“An Rialachán maidir le ‘CEM Aonair’ ”) (4).

(14)

Maidir le beartas an Aontais chun cabhrú le táirgeadh áitiúil sna hoileáin bheaga Aeigéacha, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006, bhí an iliomad táirgí agus an iliomad beart maidir lena dtáirgeadh, a margú nó a bpróiseáil i gceist leis. Léiríodh go raibh na bearta sin éifeachtach agus leis na bearta céanna áirithíodh go bhfuil gníomhaíochtaí talmhaíochta ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil siad á bhforbairt. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí táirgthe sin, ar cuid bhunúsach iad de chóimheá chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na n-oileán beag Aeigéach. Mar an gcéanna leis an mbeartas forbartha tuaithe, is léir ón taithí gur féidir, trí chomhpháirtíocht níos dlúithe leis na húdaráis áitiúla, cabhrú le dul i ngleic, ar bhealach níos spriocdhírithe, le saincheisteanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar na hoileáin i dtrácht. Ba cheart dá bhrí sin leanúint de thacaíocht a thabhairt don táirgeadh áitiúil tríd an gclár tacaíochta a bunaíodh den chéad uair le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006. I dtaca leis sin, ba cheart béim a chur ar an oidhreacht thraidisiúnta talmhaíochta a chaomhnú mar aon le tréithe traidisiúnta a bhaineann le modhanna táirgeachta agus le táirgí áitiúla agus orgánacha.

(15)

Ba cheart go ndéanfaí na heilimintí íosta atá le soláthar sa chlár tacaíochta a bhunú ionas go bhféadfar na bearta a thacóidh le táirgeadh talmhaíochta áitiúil, go háirithe tuairisc ar an suíomh, ar an straitéis atá molta, ar na cuspóirí agus ar na bearta, a bhunú. Ba cheart freisin go ndéanfaí na prionsabail is bun le comhsheasmhacht na mbeart sin le beartais eile an Aontais a shonrú chun gach neamhréireacht agus forluí cabhrach a sheachaint.

(16)

Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm ba cheart go bhféadfaí bearta chun maoiniú a dhéanamh ar staidéir, ar thionscadail taispeána, ar oiliúint agus ar chúnamh teicniúil a bheith ar áireamh sa chlár tacaíochta.

(17)

Ba cheart feirmeoirí sna hoileáin bheaga Aeigéacha a spreagadh chun táirgí ar ardchaighdeán a sholáthar agus ba cheart cabhrú le margú na dtáirgí sin.

(18)

Féadfar maolú a dheonú ó bheartas seasmhach an Choimisiúin gan státchabhair oibriúcháin a údarú do tháirgeadh, do phróiseáil, do mhargú agus d’iompar na dtáirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”) chun srianta sonracha ar fheirmeoireacht sna hoileáin bheaga Aeigéacha a laghdú, ar srianta iad atá ann mar gheall ar a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtír-raon sléibhtiúil agus a n-aeráid, a spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí agus an fad atá siad ó mhargaí.

(19)

Níor cheart go ndéanfadh cur chun feidhme an Rialacháin seo dochar do leibhéal na tacaíochta speisialta ar bhain na hoileáin bheaga Aeigéacha tairbhe aisti go dtí seo. Chun go mbeifear in ann na bearta iomchuí a chur i gcrích, ba cheart go leanfaí de shuimeanna a bheith ar fáil ag an nGréig atá coibhéiseach leis an tacaíocht Aontais a deonaíodh cheana di faoi Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

(20)

Ó 2007, tá méadú tagtha ar na riachtanais i dtáirgí riachtanacha sna hoileáin bheaga Aeigéacha mar thoradh ar mhéadú sa líon beostoic agus ar an mbrú déimeagrafach. Ba cheart, dá bhrí sin, go méadófaí an cion den bhuiséad ar cheart go mbeadh an Ghréig in ann a úsáid le haghaidh socruithe sonracha soláthair do na hoileáin bheaga Aeigéacha.

(21)

Chun go bhféadfaidh an Ghréig meastóireacht a dhéanamh ar na gnéithe uile a bhaineann le cur chun feidhme an chláir tacaíochta don bhliain roimhe sin, agus chun go mbeidh sé indéanta tuarascáil mheastóireachta bhliantúil iomlán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart dáta taiscthe na tuarascála sin a chur siar ón 30 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair den bhliain i ndiaidh na bliana tagartha.

(22)

Ba cheart go mbeadh de cheangal ar an gCoimisiún, faoin 31 Nollaig 2016 ar a dhéanaí agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil ghinearálta maidir le tionchar na mbeart a ghlactar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, a mbeadh moltaí oiriúnacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil léi, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(23)

Chun feidhmiú cuí an chórais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i dtaca le heilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an chláir sna hoileáin bheaga Aeigéacha i dtaca le scéimeanna eile dá samhail agus chun saobhadh iomaíochta nó idirdhealú idir na hoibreoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (5).

(25)

Chun go bhféadfar na bearta atá beartaithe a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht chun laghdú a dhéanamh ar na deacrachtaí a eascraíonn as oileánachas, beagmhéid agus an fad ó mhargaí na n-oileán beag Aeigéach, (“na hoileáin bheaga”).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “na hoileáin bheaga” aon oileán sa Mhuir Aeigéach, cé is moite den Chréit agus d’Evia.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Cuideoidh na bearta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 1 le cur i gcrích na gcuspóirí seo a leanas:

(a)

soláthar ráthaithe chuig na hoileáin bheaga i gcás táirgí atá riachtanach do thomhaltas an duine nó don phróiseáil agus mar ionchur talmhaíochta trí na costais bhreise arna dtabhú i ngeall ar a n-oileánachas, a mbeagmhéid agus a bhfad ó mhargaí a mhaolú;

(b)

gníomhaíocht talmhaíochta sna hoileáin bheaga a chaomhnú agus a fhorbairt, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil, margú agus iompar táirgí áitiúla, idir amhtháirgí agus táirgí próiseáilte.

2.   Déanfar na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil III, i gCaibidil IV agus i gCaibidil V.

CAIBIDIL II

CLÁR TACAÍOCHTA

Airteagal 3

An clár tacaíochta a bhunú

1.   Déantar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 a shainiú le clár tacaíochta, ina gcuimsítear:

(a)

socruithe sonracha soláthair, amhail dá bhforáiltear i gCaibidil III; agus

(b)

bearta sonracha chun cabhrú le táirgeadh talmhaíochta áitiúil, amhail dá bhforáiltear i gCaibidil IV.

2.   Bunófar an clár tacaíochta ar an leibhéal geografach a mheasfaidh an Ghréig a bheith ar an leibhéal is iomchuí. Is iad na húdaráis inniúla áitiúla agus réigiúnacha, arna n-ainmniú ag an nGréig, a ullmhóidh é agus déanfaidh an Ballstát sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí inniúla ar an leibhéal réigiúnach iomchuí, an clár a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh formheasa i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 4

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1.   Comhlíonfaidh na bearta a ghlacfar faoin gclár tacaíochta dlí an Aontais. Beidh bearta den sórt sin comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus leis na bearta a ghlacfar faoi na beartais sin.

2.   Áiritheofar go mbeidh na bearta arna nglacadh faoin gclár tacaíochta comhsheasmhach leis na bearta a chuirfear chun feidhme faoi ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus go háirithe le comheagruithe margaidh, le forbairt tuaithe, le cáilíocht na dtáirgí, le leas ainmhithe agus le cosaint an chomhshaoil.

Go háirithe, ní dhéanfar aon bheart faoin Rialachán seo a mhaoiniú:

(a)

mar thacaíocht bhreise do scéimeanna préimhe nó cabhrach arna mbunú faoi chomheagrú margaidh, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil critéir oibiachtúla mar bhonn cirt leo;

(b)

mar thacaíocht do thionscadail taighde, mar bhearta chun tacú le tionscadail taighde nó mar bhearta is incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas sa réimse tréidliachta (6);

(c)

mar thacaíocht do bhearta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (7).

Airteagal 5

Inneachar an chláir tacaíochta

Cuimseofar sa chlár tacaíochta:

(a)

sceideal do chur chun feidhme na mbeart agus tábla bliantúil ginearálta táscach den mhaoiniú ina léirítear na hacmhainní a bhfuil leas le baint astu;

(b)

cruthúnas de chomhoiriúnacht agus de chomhsheasmhacht idir bearta éagsúla an chláir chomh maith leis na critéir agus na táscairí cainníochtúla atá le húsáid don fhaireachán agus don mheastóireacht;

(c)

na céimeanna a dhéanfar chun a áirithiú go gcuirfear an clár chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta, chomh maith le sraith sonraithe de na táscairí cainníochtaithe atá le húsáid i gclár meastóireachta;

(d)

ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir, agus, ar na leibhéil iomchuí, ainmniú na n-údarás nó comhlachtaí bainteacha agus na gcomhpháirtithe socheacnamaíocha, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán a dhéantar.

Airteagal 6

Formheas agus leasú an chláir

1.   Bunaítear an clár tacaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 agus déantar é a mhaoiniú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).

Tá an clár comhdhéanta de réamh-mheastachán soláthair ina léirítear na táirgí, cainníochtaí na dtáirgí agus méideanna na cabhrach do sholáthar ón Aontas, chomh maith le dréachtchlár tacaíochta don táirgeadh áitiúil.

2.   Ag brath ar an meastóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme na mbeart sa chlár tacaíochta, féadfaidh an Ghréig tograí cuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na bearta sin a leasú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3), d’fhonn iad a oiriúnú níos fearr do riachtanais na n-oileán beag agus don straitéis mholta. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na leasuithe atá molta agus cibé an gcinnfear iad a fhormheas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

3.   Maidir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh iontu: tábhacht na modhnuithe a mholfaidh an Ghréig faoi threoir bearta nua a thabhairt isteach, cibé ar athruithe substainteacha iad na hathruithe sa bhuiséad a leithdháilfear chuig na bearta, na hathruithe sna cainníochtaí agus sa leibhéal cabhrach le haghaidh táirgí sna réamh-mheastacháin soláthair, agus aon leasuithe ar na cóid agus tuairiscí a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (8).

4.   Cinnfear freisin leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, do gach nós imeachta, a mhinice a bhfuil iarrataí le haghaidh leasuithe le déanamh chomh maith leis na tréimhsí ama ar laistigh díobh a bhfuil na leasuithe arna bhformheas le cur chun feidhme.

Airteagal 7

Faireachán agus obair leantach

Déanfaidh an Ghréig fíoruithe trí sheiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le seiceálacha a bheidh le déanamh ag an nGréig.

Déanfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis na nósanna imeachta agus na táscairí fisiceacha agus airgeadais d’fhonn a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme na gclár a áirithiú.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

CAIBIDIL III

SOCRUITHE SONRACHA SOLÁTHAIR

Airteagal 8

Réamh-mheastachán soláthair

1.   Bunaítear leis seo socruithe sonracha soláthair do na táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (“na táirgí talmhaíochta”) ar táirgí iad atá riachtanach sna hoileáin bheaga do thomhaltas an duine, do mhonarú táirgí eile, nó mar ionchuir talmhaíochta.

2.   Leagfaidh an Ghréig síos, ar an leibhéal geografach a mheasfaidh sé is iomchuí, réamh-mheastachán soláthair chun riachtanais bhliantúla soláthair na n-oileán beag a chainníochtú i dtaca leis na táirgí talmhaíochta de.

Féadfar réamh-mheastachán soláthair ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh riachtanais gnóthas pacáistithe nó próiseála táirgí atá beartaithe don mhargadh áitiúil, le coinsíniú chuig an gcuid eile den Aontas, nó le honnmhairiú chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (3), nó i gcomhthéacs sreafaí traidisiúnta trádála.

Airteagal 9

Feidhmiú na socruithe sonracha soláthair

1.   Deonófar cabhair chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na hoileáin bheaga.

Cinnfear méid na cabhrach do gach táirge lena mbaineann ag cur san áireamh na costais bhreise a bhaineann le margú na dtáirgí sna hoileáin bheaga, arna ríomh ón uair a fhágann siad calafoirt mhórthír na Gréige áit óna ndéantar na gnáthsholáthairtí, agus ón uair a fhágann siad calafoirt na n-oileán idirthurais freisin nó na calafoirt ina luchtaítear na táirgí ar a mbealach go dtí na hoileáin ceann scríbe deiridh. I gcás ionchuir thalmhaíochta agus táirgí a bheartaítear a phróiseáil, ba cheart na costais bhreise a bhaineann le hoileánachas, beagmhéid agus fad ó mhargaí a chur san áireamh agus an chabhair á cinneadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag na socruithe sonracha soláthair ach maidir le táirgí atá ar cháilíocht fhónta, mhaith agus indíolta.

Airteagal 10

Cur chun feidhme

Agus na socruithe sonracha soláthair á gcur chun feidhme cuirfear san áireamh, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

riachtanais shonracha na n-oileán beag agus na ceanglais cháilíochta bheachta;

(b)

sreafaí trádála traidisiúnta le calafoirt mhórthír na Gréige agus idir na hoileáin sa Mhuir Aeigéach;

(c)

gné eacnamaíoch na cabhrach atá beartaithe;

(d)

más infheidhme, an gá gan cur isteach ar fhorbairt táirgí áitiúla.

Airteagal 11

Deimhnithe

1.   Deonófar an chabhair dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) ach deimhniú a thabhairt ar aird.

Ní eiseofar deimhnithe ach d’oibreoirí arna gcur ar chlár atá i seilbh na n-údarás inniúil.

Ní bheidh na deimhnithe sin inaistrithe.

2.   Ní cheanglófar aon urrús a thabhairt nuair a dhéantar iarratas ar dheimhniú. Mar sin féin, a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal urrús a thaisceadh is comhionann le méid an bhuntáiste amhail dá dtagraítear in Airteagal 12. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag Airteagal 34(1), (4), (5), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 376/2008 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos comhrialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an chórais do cheadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus deimhnithe réamhshocraithe le haghaidh táirgí talmhaíochta (9).

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21, ina gcinnfear na coinníollacha chun na hoibreoirí a thaifeadadh sa chlár agus lena bhforáiltear go bhfuil láncheart ag na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna socruithe sonracha soláthair.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an Ghréig an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go sonrach maidir le tabhairt isteach chóras na ndeimhnithe, agus maidir leis an ngealltanas arna dhéanamh ag oibreoirí tráth an chlárúcháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 12

An buntáiste a chur ar aghaidh

1.   Maidir le tairbhe a bhaint de na socruithe sonracha soláthair a thagann ó dheonú na cabhrach, beidh sí faoi réir an choinníll go gcuirfear an buntáiste eacnamaíoch ar aghaidh i ndáiríre go dtí an t-úsáideoir deiridh, ar féidir leis, de réir mar is iomchuí, a bheith ina thomhaltóir i gcás táirgí atá beartaithe don tomhaltas díreach, ina phróiseálaí nó ina phacáisteoir deiridh i gcás táirgí atá beartaithe do thionscail na próiseála nó an phacáistithe, nó ina fheirmeoir i gcás táirgí a úsáidtear le haghaidh beatha ainmhithe nó mar ionchur talmhaíochta.

Beidh an buntáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhionann le méid na cabhrach.

2.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach i mír 1, agus go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Ballstát a sheiceáil go gcuirfear ar aghaidh i ndáiríre an buntáiste go dtí an t-úsáideoir deiridh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 13

Onnmhairiú chuig tríú tíortha agus eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais a shuíomh ar i gcomhréir leo a d’fhéadfaí táirgí atá clúdaithe ag na socruithe sonracha soláthair a onnmhairiú go dtí tríú tíortha nó a eiseoladh go dtí an chuid eile den Aontas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Cuimseofar sna ceanglais sin go háirithe aisíocaíocht na cabhrach a fuarthas faoi na socruithe sonracha soláthair.

Maidir leis na táirgí atá cumhdaithe ag na socruithe sonracha soláthair, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin go dtí tríú tíortha faoi réir deimhniú a thabhairt ar aird.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir le táirgí a phróiseáltar sna hoileáin bheaga as táirgí a bhain tairbhe as na socruithe sonracha soláthair, ar táirgí iad:

(a)

a onnmhairítear go dtí tríú tíortha nó a eiseoltar go dtí an chuid eile den Aontas laistigh de theorainneacha na n-onnmhairí traidisiúnta agus na heiseolacháin thraidisiúnta;

(b)

a onnmhairítear go dtí tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach i gcomhréir leis na cinn scríbe agus leis na forálacha mionsonraithe atá le cinneadh ag an gCoimisiún;

(c)

a eiseoltar idir na hoileáin bheaga.

Maidir leis na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin go dtí tríú tíortha faoi réir deimhniú a thabhairt ar aird.

Ní dheonófar aon aisíocaíocht onnmhairiúcháin ar onnmhairí táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar teorainneacha chainníochtaí na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (b). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

3.   Comhlíonfaidh na hoibríochtaí próiseála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le honnmhairí trádála traidisiúnta nó eiseolacháin thraidisiúnta, mutatis mutandis, na coinníollacha próiseála is infheidhme faoi rialú custaim dá bhforáiltear sa reachtaíocht ábhartha Aontais, cé is moite de na gnáthfhoirmeacha uile láimhseála.

Airteagal 14

Rialuithe agus smachtbhannaí

1.   Déanfar seiceálacha riaracháin ar na táirgí talmhaíochta atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair ag tráth a dtabhairt isteach sna hoileáin bheaga agus ag tráth a n-onnmhairithe nó a eiseolta ó na hoileáin sin.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le saintréithe íosta na seiceálacha a bheidh le déanamh ag an nGréig. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.   Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí aeráide as an ngnách, má mhainníonn oibreoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, na gealltanais arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal sin a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon phionóis is infheidhme faoin dlí náisiúnta:

(a)

an buntáiste a deonaíodh don oibreoir a athghnóthú;

(b)

clárú an oibreora a chur ar fionraí go sealadach nó a chúlghairm, ag brath ar thromchúis an neamhchomhlíonta.

3.   Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí aeráide eisceachtúla, i gcás nach ndéanfaidh oibreoirí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, an dul isteach pleanáilte, déanfaidh an t-údarás inniúil a dteidlíocht ar iarratas a dhéanamh ar dheimhnithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 60 lá i ndiaidh don deimhniú sin a dhul in éag. I ndiaidh na tréimhse fionraíochta, beidh eisiúint na ndeimhnithe ina dhiaidh sin faoi réir urrús a thaisceadh is comhionann le méid an bhuntáiste a bheidh le deonú le linn tréimhse a bheidh le cinneadh ag an údarás inniúil.

Déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta a ghlacadh is gá chun aon chainníochtaí táirgí a athúsáid a chuirtear ar fáil mar thoradh ar neamh-fhorghníomhú, forghníomhú páirteach nó cealú na ndeimhnithe arna n-eisiúint nó mar thoradh ar athghnóthú an bhuntáiste.

CAIBIDIL IV

BEARTA CHUN CUIDIÚ LE TÁIRGÍ ÁITIÚLA TALMHAÍOCHTA

Airteagal 15

Bearta

1.   Tá sa chlár tacaíochta na bearta is gá chun leanúnachas agus forbairt an táirgthe áitiúil thalmhaíochta sna hoileáin bheaga a áirithiú, faoi chuimsiú Theideal III de Chuid III den Chonradh.

2.   Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa chuid den chlár ina bhfuil na bearta chun cuidiú le táirgeadh áitiúil talmhaíochta:

(a)

tuairisc chainníochtaithe ar staid reatha an táirgthe talmhaíochta, ag cur san áireamh na dtorthaí meastóireachta atá ar fáil, ag léiriú na n-éagothromaíochtaí, na n-easnamh agus na hacmhainneachta forbartha, agus na n-acmhainní airgeadais a úsáideadh;

(b)

tuairisc ar an straitéis atá molta, na tosaíochtaí arna roghnú agus na cuspóirí ginearálta agus oibriúcháin cainníochtaithe, chomh maith le measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear na héifeachtaí ar fhostaíocht, a mbeifear ag súil leis;

(c)

tuairisc ar na bearta atá beartaithe, go háirithe na scéimeanna cabhrach chun iad a chur chun feidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na riachtanais i dtéarmaí staidéar, tionscadal taispeána, oiliúna agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le hullmhúchán, le cur chun feidhme nó le hoiriúnú na mbeart lena mbaineann;

(d)

liosta na gcineál cabhrach ar íocaíochtaí díreacha iad i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí (10);

(e)

méid na cabhrach atá leagtha síos do gach beart nó an méid sealadach le haghaidh gach gníomhaíocht d’fhonn cuspóir amháin nó roinnt cuspóirí ar an gclár a bhaint amach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceanglais do sholáthar na cabhrach a thuairiscítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

4.   Féadfaidh bearta tacaíochta do tháirgeadh, do phróiseáil nó do mhargú agus d’iompar tháirgí talmhaíochta, idir amhtháirgí agus tháirgí próiseáilte, na n-oileán beag a bheith ar áireamh sa chlár.

Féadfar gach beart a bhriseadh síos i ngníomhaíochtaí. Do gach gníomhaíocht sainítear sa chlár ar a laghad na heilimintí seo a leanas:

(a)

na tairbhithe;

(b)

na coinníollacha cáilitheachta;

(c)

an t-aonadmhéid cabhrach.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 maidir leis na coinníollacha chun méid na cabhrach a dheonófar i ndáil le tacaíocht a thabhairt do mhargú agus iompar táirgí, idir amhtháirgí agus tháirgí próiseáilte, lasmuigh de réigiún a dtáirgthe, agus, i gcás inarb iomchuí, i ndáil leis na coinníollacha maidir le cainníochtaí táirgí faoi réir na cabhrach sin a shuíomh.

Airteagal 16

Rialuithe agus íocaíochtaí míchearta

1.   Déanfar bearta dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a fhíorú trí sheiceálacha riaracháin agus trí sheiceálacha ar an láthair.

2.   I gcás íocaíochtaí éagóracha, beidh de cheangal ar an tairbhí lena mbaineann na méideanna i gceist a aisíoc. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tras-chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona (11).

CAIBIDIL V

BEARTA TIONLACAIN

Airteagal 17

Státchabhair

1.   I gcás na dtáirgí talmhaíochta atá cumhdaithe ag Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a bhfuil feidhm ag Airteagal 107, Airteagal108 agus Airteagal 109 maidir leo, féadfaidh an Coimisiún cabhair oibriúcháin a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 108 den Chonradh, sna hearnálacha a tháirgíonn, a phróiseálann, a mhargaíonn agus a iompraíonn na táirgí sin, d’fhonn baic an táirgthe talmhaíochta a bhaineann go sonrach leis na hoileáin bheaga a mhaolú, ar baic iad a bhaineann lena n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtír-raon sléibhtiúil agus a n-aeráid, a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí agus a bhfad ó na margaí.

2.   Féadfaidh an Ghréig maoiniú comhlántach a dheonú chun an clár tacaíochta a chur chun feidhme. Sa chás sin, déanfaidh an Ghréig an státchabhair a fhógairt don Choimisiún agus féadfaidh an Coimisiún an státchabhair a fhormheas i gcomhréir leis an Rialachán seo mar chuid den chlár tacaíochta sin. Maidir le státchabhair a fógraíodh amhlaidh, measfar é a bheith fógartha de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) den Chonradh.

3.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2 den Airteagal seo agus de mhaolú ar Airteagal 180 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena gcuirtear rialacha áirithe maidir le hiomaíocht i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta (12), ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an nGréig, i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi Chaibidil III agus Chaibidil IV den Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 18

Acmhainní airgeadais

1.   Is idirghabhálacha iad na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, chun na margaí talmhaíochta a thabhairt chun rialtachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (13).

2.   Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV go dtí uasmhéid bliantúil de EUR 23,93 milliún.

3.   Ní fhéadfaidh an méid a leithdháilfear gach bliain chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú EUR 7,11 milliún a shárú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfaidh an Ghréig leasú a dhéanamh ar leithdháileadh na n-acmhainní a leithdháiltear gach bliain do na táirgí éagsúla a thairbhíonn de na socruithe sonracha soláthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, lena leagfar síos na coinníollacha chun uasmhéid bliantúil a chinneadh a fhéadfar a leithdháileadh ar bhearta maidir le maoiniú staidéar, tionscadail taispeána, oiliúna agus cúnamh teicniúil, ar choinníoll go bhfuil leithdháileadh den sórt sin réasúnach agus comhréireach.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHE

Airteagal 19

Bearta náisiúnta

Déanfaidh an Ghréig na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe maidir le seiceálacha agus pionóis riaracháin, agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Airteagal 20

Cumarsáid agus tuarascálacha

1.   Tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh an Ghréig in iúl don Choimisiún na leithreasaí atá curtha ar fáil di agus a bhfuil sé ar intinn aici a chaitheamh, an bhliain dár gcionn, ar chur chun feidhme an réamh-mheastacháin soláthair agus cuirfidh sí in iúl freisin gach beart i gcomhair an táirgthe áitiúil talmhaíochta a áirítear sa chlár íocaíochta.

2.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh an Ghréig tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i rith na bliana roimhe sin.

3.   Faoin 31 Nollaig 2016, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina léireofar tionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo, agus más infheidhme, beidh tograí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumacht chun gníomhartha tarmlithe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), in Airteagal 15(4) agus in Airteagal 18(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 21 Márta 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh chun cúlghairm a dhéanamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(2), Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé i gceist acu aon agóid a dhéanamh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste Bainistíochta um Íocaíochtaí Díreacha arna bhunú faoi Airteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg 13 Márta 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 132, 3.5.2011, lch. 82.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Feabhra 2013.

(3)  IO L 265, 26.9.2006, lch. 1.

(4)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(5)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(6)  IO L 155, 18.6.2009, lch. 30.

(7)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

(8)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(9)  IO L 114, 26.4.2008, lch. 3.

(10)  IO L 30, 31.1.2009, lch. 16.

(11)  IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.

(12)  IO L 214, 4.8.2006, lch. 7.

(13)  IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3

Airteagal 8

Airteagal 4(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 10

Airteagal 4(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 5

Airteagal 13

Airteagal 7(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 8

Airteagal 4

Airteagal 9(a), (b)

Airteagal 15(2)

Airteagal 9(c), (d), (e) agus (f)

Airteagal 5

Airteagal 10

Airteagal 7 an dara mír

Airteagal 11

Airteagal 17

Airteagal 12

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 6(1)

Airteagal 14(a)

Airteagal 6(2) go (4)

Airteagal 14(b)

Airteagal 7 an chéad fhomhír agus Airteagal 14(1) an dara fomhír, (2) agus (3)

Airteagal 16

Airteagal 19

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 23

Airteagal 21

Airteagal 24