ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.343.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
14 Nollaig 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1152/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle maidir le caomhnú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh

30

 


 

(1)   Faoin tagairt L 343 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

14.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1151/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2012

maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

DER RAT DER EUROPÄISCHEN UNION —

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus an chéad mhír d’Airteagal 118 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

(1)

Tá an cháilíocht agus an éagsúlacht a bhaineann le táirgeadh talmhaíochta, táirgeadh iascaigh agus táirgeadh dobharshaothraithe an Aontais ar cheann de na buanna is tábhachtaí a bhaineann leis, lena dtugtar buntáiste iomaíoch do tháirgeoirí an Aontais agus lena gcuirtear go mór le hoidhreacht chultúrtha agus ghastranómach an Aontais atá fós ar marthain. Is de bharr scileanna agus dhiongbháilteacht fheirmeoirí agus tháirgeoirí an Aontais atá an buntáiste sin acu óir choimeád siad na traidisiúin beo le linn dóibh na forbairtí ar mhodhanna nua táirgthe agus ar ábhair nua a chur san áireamh.

(2)

Is minice ná riamh anois a éilíonn saoránaigh agus tomhaltóirí san Aontas táirgí atá ar ardchaighdeán, mar aon le táirgí traidisiúnta. Is cúram dóibh freisin an éagsúlacht atá i dtáirgeadh talmhaíochta an Aontais a chothabháil. Cruthaíonn an méid sin éileamh ar tháirgí talmhaíochta agus ar bhia-earraí lena mbaineann saintréithe sonracha inaitheanta, go háirithe na cinn a nasctar lena dtionscnamh geografach.

(3)

Ní fhéadfaidh na táirgeoirí leanúint de réimse éagsúil táirgí cáilíochta a tháirgeadh mura bhfaighidh siad cúiteamh cóir as an iarracht sin. Tá gá mar sin go mbeidh an deis acu na tréithe a bhaineann lena dtáirge a thabhairt le fios do na ceannaitheoirí agus na tomhaltóirí faoi dhálaí córa iomaíochta. Tá gá mar sin freisin go mbeidh siad in ann a dtáirgí a shainaithint mar is ceart ar an margadh.

(4)

Féadfaidh oibriú scéimeanna cáilíochta do tháirgeoirí lena dtabharfar cúiteamh dóibh as a n-iarrachtaí réimse éagsúil táirgí cáilíochta a tháirgeadh dul chun sochair an gheilleagair thuaithe. Is ionann sin agus an cás, go háirithe, i limistéir mhídheisiúla, i limistéir shléibhe agus sna réigiúin is iargúlta, áit ar chuid shuntasach den gheilleagar earnáil na feirmeoireachta agus ina bhfuil na costais táirgeachta ard. Sa tslí sin, leis na scéimeanna cáilíochta táthar in ann rannchuidiú leis an mbeartas forbartha tuaithe agus leis an mbeartas margaidh agus leis an mbeartas tacaíochta ioncaim atá sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus na beartais sin a chomhlánú. Féadfar rannchuidiú, go háirithe, le limistéir ina bhfuil tábhacht eacnamaíoch níos mó ag baint leis an earnáil feirmeoireachta agus, go háirithe, le limistéir faoi mhíbhuntáiste.

(5)

Ar na tosaíochtaí beartais d’Eoraip 2020 a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach”, tá geilleagar iomaíoch bunaithe ar eolas agus ar nuálaíocht a bhaint amach agus geilleagar ardfhostaíochta a chothú trína dtarlaíonn comhtháthú sóisialta agus críochach. Ba cheart don bheartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta na huirlisí iomchuí a chur ar fáil do na táirgeoirí le go bhféadfaidh siad na táirgí sin dá gcuid a bhfuil saintréithe sonracha acu a shainaithint agus a chur chun cinn ar bhealach níos fearr agus na táirgeoirí sin a chosaint ó chleachtais mhíchothroma.

(6)

Ba cheart don tacar beart comhlántach atá beartaithe prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú.

(7)

Leagtar síos na bearta i ndáil le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíonta cumhraithe agus manglaim táirgí fíonta cumhraithe a shainiú, a thuairisciú agus a chur i láthair (4); Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (5) agus go háirithe Airteagal 2 di; Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (6) agus go háirithe Airteagal 14 de; Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-earraí mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (7); Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí a chosaint (8); Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM aonair) (9) agus go háirithe i gCuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn I agus i Roinn Ia, Foroinn I de; Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha (10); agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraíochtaí geografacha deochanna biotáilleacha (11).

(8)

Ba cheart do lipéadú táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bia-ábhar (12), agus go háirithe na forálacha arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar lipéadú lena bhféadfaí mearbhall a chur ar thomhaltóirí nó iad a chur amú.

(9)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le beartas cáilíochta táirgí talmhaíochta, rinneadh comhchuibheas agus comhsheasmhacht iomlán níos fearr a bhaint amach i mbeartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta a aithint mar thosaíocht.

(10)

Tá roinnt cuspóirí agus forálacha coiteanna sa scéim um thásca geografacha táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar, agus sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

(11)

Le tamall anuas, tá an tAontas ag saothrú cur chuige lena ndírítear ar chreat rialaitheach an CBT a shimpliú. Ba cheart an cur chuige sin a chur i bhfeidhm maidir le rialacháin i réimse an bheartais um cháilíocht táirgí talmhaíochta, gan amhras a tharraingt, tríd an méid sin a dhéanamh, ar shaintréithe sonracha na dtáirgí sin.

(12)

Rinneadh athbhreithniú le deireanas ar roinnt rialachán atá mar chuid den bheartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta ach níl siad curtha chun feidhme go hiomlán fós. Mar thoradh air sin, níor cheart iad a áireamh sa Rialachán seo. Mar sin féin, féadfar iad a ionchorprú tráth níos déanaí nuair a bheidh na rialacháin sin curtha chun feidhme ina n-iomláine.

(13)

I bhfianaise na gcúrsaí thuasluaite, ba cheart na forálacha seo a leanas a chomhthiomsú i gcreat dlíthiúil amháin arb éard a bheidh ann forálacha nua nó nuashonraithe Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 agus na forálacha sin de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 atá á gcoimeád ar bun.

(14)

Ar mhaithe le soiléire agus trédhearcacht, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

(15)

Ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú do na táirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus do liosta táirgí nach dtagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne sin ach atá nasctha go dlúth le táirgeadh talmhaíochta nó leis an ngeilleagar tuaithe.

(16)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan difear a dhéanamh do reachtaíocht atá ann cheana san Aontas maidir le fíonta, fíonta cumhraithe, deochanna biotáilleacha, táirgí ó fheirmeoireacht orgánach, nó ó na réigiúin is forimeallaí.

(17)

Ba cheart an raon feidhme d’ainmniúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha a theorannú do tháirgí a bhfuil nasc intreach ann idir saintréithe an táirge nó an bhia-earra agus a thionscnamh geografach. Is aimhrialtacht é nár áiríodh mar tháirgí milseogra sa scéim reatha ach cineálacha áirithe seacláide agus ba cheart an aimhrialtacht sin a cheartú.

(18)

I gcás feirmeoirí agus táirgeoirí, is iad na cuspóirí sonracha a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint, a áirithiú go mbeidh luach cothrom le fáil acu as cáilíochtaí agus saintréithe an táirge áirithe, nó as an modh táirgthe a bhaineann leis, agus go gcuirfear faisnéis shoiléir ar fáil faoi tháirgí a mbaineann saintréithe sonracha leo atá nasctha le tionscnamh geografach, agus ar an tslí sin, féadfaidh na tomhaltóirí roghanna níos eolasaí a dhéanamh i dtaobh ceannaigh.

(19)

Tosaíocht eile is féidir a ghnóthú ar shlí níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais is ea urraim chomhionann a áirithiú ar fud an Aontais do na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha atá faoi chosaint san Aontas.

(20)

Trí chreat Aontais lena gcosnaítear ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, agus trína n-áireamh ar chlár, éascaítear forbairt na n-ionstraimí sin, ó tharla go n-áirithítear leis an gcur chuige níos comhionainne a bheidh mar thoradh air sin go mbeidh iomaíocht chóir ann idir táirgeoirí táirgí a ngabhann tásca den sórt sin leo agus go dtiocfaidh méadú ar chreidiúnacht na dtáirgí i súile an tomhaltóra. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus maidir le cruthú sásraí a chur chun cinn lena gcosaint i dtríú tíortha faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) nó comhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha, agus, sa tslí sin, ag cur leis an aitheantas a thugtar do cháilíocht na dtáirgí agus dá samhail táirgthe mar thoisce bhreisluacha.

(21)

I bhfianaise na taithí a fuarthas as Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle an 14 Iúil 1992 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí a chosaint (13) agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a chur chun feidhme, is gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe, rialacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú agus nósanna imeachta na scéime seo a chuíchóiriú.

(22)

I bhfianaise an chleachtais atá ann cheana, ba cheart an dá ionstraim éagsúla lena sainaithnítear an nasc idir an táirge agus a thionscnamh geografach, eadhon an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus an tásc geografach faoi chosaint, a shainiú tuilleadh agus a choimeád ar bun. Gan coincheap na n-ionstraimí sin a athrú, ba cheart roinnt athruithe ar na sainmhínithe a ghlacadh chun an sainmhíniú ar thásca geografacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus na sainmhínithe sin a shimpliú agus a shoiléiriú chun go mbeidh oibreoirí in ann iad a thuiscint.

(23)

Ba cheart go gcomhlíonfadh táirge nó bia-ábhar talmhaíochta a bhfuil tuairisc gheografach den sórt sin aige coinníollacha áirithe a bheadh leagtha amach i sonraíocht, amhail ceanglas sonrach chun acmhainní nádúrtha nó tírdhreach na háite táirgthe a chosaint nó chun feabhas a chur ar leas na n-ainmhithe feirme.

(24)

Ba cheart ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chlárú ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal sin amháin chun go gcáileofar iad do chosaint i gcríocha na mBallstát. Le héifeacht ón dáta a ndéantar iarratas ar chlárú ar leibhéal an Aontais, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cosaint shealadach a dheonú ar an leibhéal náisiúnta gan difear a dhéanamh do thrádáil idirnáisiúnta nó do thrádáil laistigh den Aontas. Ba cheart don chosaint a thugtar faoin Rialachán seo tar éis clárúcháin bheith ar fáil gan idirdhealú d’ainmníochtaí tionscnaimh agus do thásca geografacha tríú tíortha a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh.

(25)

Ba cheart go dtabharfadh an nós imeachta cláraithe ar leibhéal an Aontais an deis d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ó Bhallstát, seachas Ballstát an iarratais, nó ó thríú tír, a chearta a fheidhmiú trína chur in iúl go bhfuil sé ag déanamh freasúra i gcoinne an iarratais.

(26)

I gcás ina ndéantar iontráil i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint ba cheart go dtabharfaí faisnéis freisin do thomhaltóirí agus do na daoine sin a bhfuil baint acu le trádáil.

(27)

Déanann an tAontas caibidlíocht faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta lena n-áirítear na cinn a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint lena chomhpháirtithe trádála. D’fhonn faisnéis a sholáthar don phobal faoi na hainmneacha atá faoi chosaint ar an dóigh sin a éascú, agus go háirithe le cosaint agus rialú na húsáide a mbaintear as na hainmneacha sin a áirithiú, féadfar na hainmneacha sin a iontráil i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint. Mura n-aithnítear iad go sonrach mar ainmniúcháin tionscnaimh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin, ba cheart na hainmneacha a iontráil sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint.

(28)

I ngeall ar an nádúr sonrach a bhaineann leo, ba cheart forálacha speisialta maidir le lipéadú a ghlacadh i ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus le tásca geografacha faoi chosaint, lena gceanglófaí ar na táirgeoirí siombailí iomchuí an Aontais nó na tásca iomchuí a úsáid ar phacáistíocht. I gcás ainmneacha an Aontais, ba cheart úsáid siombailí nó tásc den sórt sin a dhéanamh éigeantach le go mbeidh na tomhaltóirí níos eolasaí ar an gcatagóir sin táirgí agus na ráthaíochtaí a bhaineann leo agus le go bhféadfar sainaithint níos éasca ar na táirgí sin ar an margadh a cheadú, agus seiceálacha á n-éascú ar an gcaoi sin. Le linn cheanglais an EDT a chur san áireamh, ba cheart úsáid siombailí agus tásc den sórt sin a dhéanamh deonach i gcás tásc geografach agus ainmniúchán tionscnaimh tríú tíre.

(29)

Ba cheart cosaint a dheonú d’ainmneacha a áirítear sa chlár agus é mar aidhm a áirithiú go mbainfear úsáid astu ar bhealach cóir agus chun cleachtais a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú a chosc. Ina theannta sin, ba cheart na meáin lena n-áirithítear go gcosnaítear tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh a shoiléiriú go háirithe maidir le ról na ngrúpaí táirgeoirí agus údaráis inniúla na mBallstát.

(30)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoluithe sonracha lena gceadaítear, ar feadh idirthréimhse, ainm cláraithe a úsáid taobh le hainmneacha eile. Ba cheart go ndéanfar na maoluithe sin a shimpliú agus a shoiléiriú. I gcásanna áirithe, chun deacrachtaí sealadacha a shárú agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí uile na sonraíochtaí, féadfar na maoluithe sin a dheonú go ceann tréimhse suas go deich mbliana.

(31)

Ba cheart raon feidhme na cosanta a dheonaítear faoin Rialachán seo a shoiléiriú, go háirithe maidir leis na srianta sin ar thrádmharcanna nua a chlárú a leagtar amach i dTreoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (14), ar srianta iad atá i gcoimhlint le clárú ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint mar atá cheana i gcás trádmharcanna nua a chlárú ar leibhéal an Aontais. Is gá soiléiriú den sórt sin freisin maidir le sealbhóirí réamhcheart maoine intleachtúla, go háirithe na cinn a bhaineann le trádmharcanna agus comhainmneacha a chláraítear mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint.

(32)

Ba cheart aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne a bhaineann le hainmneacha atá cláraithe ar earraí agus ar sheirbhísí a chuimsiú faoin gcosaint d’ainmniúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha chun leibhéal ard cosanta a áirithiú agus an chosaint sin a ailíniú leis an gcosaint is infheidhme maidir le hearnáil an fhíona. I gcás ina mbainfear úsáid as ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó as tásca geografacha faoi chosaint mar chomhábhair, ba cheart an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Treoirlínte maidir le bia-earraí a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) mar chomhábhair iontu a lipéadú” a chur san áireamh.

(33)

Ba cheart leanúint de na hainmneacha atá cláraithe cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 an 3 Eanáir 2013 a chosaint faoin Rialachán seo agus ba cheart iad a áireamh go huathoibríoch sa chlár.

(34)

Is é cuspóir sonrach na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi airíonna breisluacha a dtáirge. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil ach líon beag ainmneacha cláraithe go fóill, tá teipthe ar an scéim reatha um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht acmhainn na scéime a réadú. Ba cheart na forálacha atá ann faoi láthair a fheabhsú, a shoiléiriú agus a fhaobhrú, dá bhrí sin, le go mbeidh an scéim níos sothuigthe, níos feidhmiúla agus níos mealltaí d’iarratasóirí eile.

(35)

Leis an scéim reatha, foráiltear don rogha ainm a chlárú chun críoch aitheantais gan an t-ainm a fhorchoimeád san Aontas. Ós rud é nach bhfuil na páirtithe leasmhara tar éis an rogha sin a thuiscint go maith agus toisc gur féidir an fheidhm arb éard í táirgí traidisiúnta a aithint a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal réigiúnach i bhfeidhmiú phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart deireadh a chur leis an rogha sin. I bhfianaise na taithí a fuarthas, níor cheart baint a bheith ag an scéim ach le forchoimeád ainmneacha ar fud an Aontais.

(36)

Lena áirithiú go gclárófar ainmneacha fíortháirgí traidisiúnta faoin scéim, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar chritéir agus ar choinníollacha eile cláraithe ainmneacha, go háirithe na cinn a bhaineann leis an sainmhíniú ar “traidisiúnta” ar cheart go gcumhdófar leis táirgí atá á dtáirgeadh le tréimhse shuntasach ama.

(37)

Lena áirithiú go gcomhlíonfar leis na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na sonraíochtaí a ghabhann leo, agus go mbeidh siad comhsheasmhach, ba cheart do tháirgeoirí atá eagraithe i ngrúpaí sainmhíniú ar an táirge a thabhairt iad féin i sonraíocht. Ba cheart an rogha ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith ar fáil do tháirgeoirí ó thríú tíortha.

(38)

Le go gcáileofar táirge d’fhorchoimeád, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú ar leibhéal an Aontais. I gcás ina ndéantar iontráil sa chlár, ba cheart go dtabharfaí faisnéis freisin do thomhaltóirí agus do na daoine sin a bhfuil baint acu le trádáil.

(39)

D’fhonn nach gcruthófaí coinníollacha míchothroma iomaíochta, ba cheart d’aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoirí ó thríú tíortha, bheith in ann ainm cláraithe sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid agus, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge ceanglais na sonraíochta ábhartha agus go bhfuil an táirgeoir clúdaithe faoi chóras rialaithe. I gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear laistigh den Aontas, ba cheart siombail an Aontais a shonrú ar an lipéad agus ba cheart go bhféadfaí é a chomhcheangal leis an tásc “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht”.

(40)

D’fhonn ainmneacha cláraithe a chosaint ar mhí-úsáid nó ar chleachtais a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú, ba cheart úsáid na n-ainmneacha sin a fhorchoimeád.

(41)

I gcás na n-ainmneacha sin atá cláraithe cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ach nach mbeadh cumhdaithe murach sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo an 3 Eanáir 2013, ba cheart go leanfadh na téarmaí úsáide a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 d’fheidhm a bheith acu ar feadh idirthréimhse.

(42)

Ba cheart nós imeachta nua a thabhairt isteach chun ainmneacha a chlárú, ar ainmneacha iad a chláraítear gan an t-ainm a fhorchoimeád de bhun Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 sa chaoi gur féidir iad a chlárú agus an t-ainm a fhorchoimeád.

(43)

Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le bearta idirthréimhseacha a bheidh infheidhme maidir le hiarratais ar chlárú a gheobhaidh an Coimisiún roimh an 3 Eanáir 2013.

(44)

Ba cheart an dara sraith de chórais cháilíochta, a bheidh bunaithe ar théarmaí cáilíochta lena dtugtar breisluach, a fhéadfar a chur in iúl ar an margadh inmheánach, agus a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn saorálach, a thabhairt isteach. Ba cheart go ndéanfar tagairt leis na téarmaí roghnacha cáilíochta sin do shaintréithe cothrománacha, maidir le catagóir táirgí amháin nó níos mó ná sin, le modhanna feirmeoireachta nó le próiseáil airíonna feirmeoireachta a mbeidh feidhm leo i limistéir shonracha. Comhlíonadh na coinníollacha leis an téarma roghnach cáilíochta “táirge sléibhe” agus leanfaidh sé de luach a chur leis an táirge ar an margadh. Chun go n-éascófar feidhmiú Threoir 2000/13/CE i gcás ina bhféadfaí an tomhaltóir a chur amú leis an lipéadú a chuirtear ar bhia-earraí i ndáil le téarmaí roghnacha cáilíochta, lena n-áirítear go háirithe “táirgí sléibhe”, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh.

(45)

Chun uirlis éifeachtach a thabhairt do tháirgeoirí i gceantair shléibhe le gur fearr a bheidh siad in ann a dtáirge a chur ar an margadh agus chun an baol go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí i ndáil le foinse sléibhe na dtáirgí ar an margadh a laghdú, ba cheart go ndéanfaí foráil do shainmhíniú ar leibhéal an Aontais téarma roghnach cáilíochta do tháirgí ó cheantair shléibhe. Agus ceantair shléibhe á sainmhíniú, ba cheart é a bhunú ar na critéir ghinearálta aicmithe a úsáidtear chun ceantar sléibhe a shainaithint i Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d’fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) (15).

(46)

Tá an breisluach a bhaineann le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht bunaithe ar mhuinín tomhaltóirí. Ní bheidh sé inchreidte mura mbeidh fíorú éifeachtach agus rialuithe ag gabháil leis. Ba cheart na scéimeanna cáilíochta sin a bheith faoi réir córais faireacháin trí bhíthin rialuithe oifigiúla, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe (16), agus ba cheart go n-áireofaí leis córas seiceálacha ag céimeanna uile an táirgthe, na próiseála agus an dáilte. Chun cuidiú le Ballstáit forálacha Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr i gcás rialuithe ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ba cheart tagairtí do na hairteagail is ábhartha a lua sa Rialachán seo.

(47)

Chun saintréithe sonracha na dtásc geografach agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a ráthú don tomhaltóir, ba cheart d’oibreoirí a bheith faoi réir córais lena bhfíorófar go gcomhlíonfar sonraíocht an táirge.

(48)

Chun go n-áiritheofaí go mbeidh na húdaráis inniúla neamhchlaonta agus éifeachtach, ba cheart dóibh roinnt critéar oibríochtúil a chomhlíonadh. Ba cheart forálacha a bheartú maidir le hinniúlachtaí áirithe um fheidhmiú cúraimí sonracha rialaithe a tharmligean chuig comhlachtaí rialaithe.

(49)

Ba cheart caighdeáin Eorpacha (caighdeáin EN) arna bhforbairt ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) a úsáid chun comhlachtaí rialaithe a chreidiúnú agus ba cheart do na comhlachtaí sin iad a úsáid le haghaidh a n-oibríochtaí. Ba cheart go ndéanfaí na comhlachtaí sin a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (17).

(50)

Ba cheart faisnéis faoi ghníomhaíochtaí rialaithe ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a áireamh sna pleananna náisiúnta rialaithe ilbhliantúla agus sa tuarascáil bhliantúil a ullmhaíonn na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(51)

Ba cheart Ballstáit a údarú táille a ghearradh chun na costais a thabhaítear a chlúdach.

(52)

Ba cheart na rialacha atá ann maidir le húsáid leanúnach ainmneacha atá cineálach a shoiléiriú sa chaoi is go ndéanfadh téarmaí cineálacha atá comhchosúil le hainm nó le téarma atá faoi chosaint nó forchoimeádta nó atá ina chuid d’ainm nó de théarma den sórt sin a stádas cineálach a choimeád.

(53)

Maidir leis an dáta a cuireadh iarratas chuig an gCoimisiún ar thrádmharc a chlárú san Aontas nó sna Ballstáit agus an dáta a cuireadh iarratas chuig an gCoimisiún ar ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach a chosaint, ba cheart gurbh é sin an dáta ar a mbunófaí an tsinsearacht a bhíonn ag trádmharc agus ag ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach.

(54)

Ba cheart na forálacha lena ndéileáiltear le diúltú nó cómhaireachtáil ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh i ngeall ar easaontas le trádmharc a bhí ann cheana leanúint d’fheidhm a bheith acu.

(55)

Ba cheart do na critéir faoinar cheart trádmharcanna eile a dhiúltú, nó a dhéanamh neamhbhailí, má tá siad cláraithe cheana, ar an bhforas go bhfuil easaontas idir iad agus ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach eile, freagairt do raon feidhme na cosanta atá leagtha síos maidir le hainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach.

(56)

Níor cheart go ndéanfadh forálacha na gcóras lena mbunaítear cearta maoine intleachtúla, agus go háirithe na cearta sin a bhunaítear leis an scéim cáilíochta um ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha nó na cearta sin a bhunaítear faoi dhlí na dtrádmharcanna difear d’fhorchoimeád ainmneacha ná do bhunú tásc agus siombailí de bhun na scéimeanna cáilíochta um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus um théarmaí roghnacha cáilíochta.

(57)

Ba cheart ról na ngrúpaí a shoiléiriú agus a shainaithint. Tá ról sár-riachtanach ag grúpaí sa phróiseas iarratais ar chlárú ainmneacha ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus maidir le leasú a dhéanamh ar shonraíochtaí agus maidir le hiarratais ar chealú. Féadfaidh an grúpa gníomhaíochtaí a fhorbairt a bhaineann le faireachas ar fhorfheidhmiú na cosanta d’ainmneacha cláraithe, ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge ag an bpróiseas táirgthe, ar fhaisnéis faoin ainm cláraithe agus cur chun cinn an ainm sin, agus ar aon ghníomhaíocht ghinearálta arb é is aidhm di an luach a bhaineann leis na hainmneacha cláraithe agus éifeachtacht na scéimeanna cáilíochta a fheabhsú. Thairis sin, ba cheart go ndéanfadh sé faireachán ar shuíomh na dtáirgí ar an margadh. Mar sin féin, níor cheart do na gníomhaíochtaí sin iompar frithiomaíoch nach bhfuil comhoiriúnach le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh a éascú nó a bheith mar chúis le hiompar den sórt sin.

(58)

Lena áirithiú go gcomhlíonann ainmneacha atá cláraithe ar ainmniúcháin tionscnaimh, ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart d’údaráis náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann iarratais a scrúdú, faoi réir forálacha coiteanna íosta a chomhlíonadh, lena n-áirítear nós imeachta náisiúnta freasúra. Ba cheart don Choimisiún, ina dhiaidh sin, iniúchadh a dhéanamh ar na hiarratais lena áirithiú nach bhfuil aon earráidí follasacha ann agus gur cuireadh dlí an Aontais agus leasanna páirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais san áireamh.

(59)

Ba cheart go mbeifí in ann ainmneacha a bhaineann le táirgí de thionscnamh tríú tíortha a chlárú mar ainmneacha ar ainmniúcháin tionscnaimh, ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, má chomhlíonann na hainmneacha sin na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo.

(60)

Ba cheart na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena n-aithnítear go bhfuil páirt á glacadh i scéim cáilíochta agus na cearta sin di a bhaineann leis an Aontas a chosaint san Aontas agus i dtríú tíortha d’fhonn a áirithiú go n-úsáidtear iad ar fhíortháirgí agus nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir le cáilíochtaí na dtáirgí. Thairis sin, le go mbeidh éifeacht leis an gcosaint sin, ba cheart fáil a bheith ag an gCoimisiún ar acmhainní réasúnacha buiséid ar bhonn láraithe faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (18) agus i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (19).

(61)

Ba cheart an nós imeachta cláraithe d’ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, do thásca geografacha faoi chosaint agus do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear na tréimhsí le haghaidh grinnscrúdú agus freasúra, a ghiorrú agus a fheabhsú, go háirithe maidir le cinnteoireacht. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as cinnteoireacht a dhéanamh i dtaca le clárú agus cúnamh á fháil aige ó na Ballstáit i gcúinsí áirithe. Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos lena gceadófaí na sonraíochtaí táirge a leasú tar éis iad a bheith cláraithe, agus na hainmneacha atá cláraithe a chealú, go háirithe mura gcomhlíonfar a thuilleadh an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach leis an táirge nó mura mbeidh ainm in úsáid a thuilleadh ar an margadh.

(62)

D’fhonn iarratais trasteorann ar chlárú comhpháirteach le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, tásc geografach faoi chosaint nó sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh do nósanna imeachta iomchuí.

(63)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a chomhlánú nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an liosta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a fhorlíonadh; maidir leis na srianta agus na maoluithe i dtaca le foinsiú na n-amhábhar i gcás ainmniúchán tionscnaimh a bhunú; maidir le srianta agus le maoluithe i dtaca le marú ainmhithe beo nó i dtaca le foinsiú na n-amhábhar a bhunú; maidir le rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa sonraíocht a leagan síos; maidir le siombailí an Aontais a bhunú; le rialacha idirthréimhseacha breise a leagan síos chun cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí nó na ngeallsealbhóirí lena mbaineann a chosaint; maidir le tuilleadh sonraí i dtaca leis na critéir incháilitheachta a leagan síos; maidir le rialacha mionsonraithe a leagan síos a bhaineann leis na critéir le haghaidh téarmaí breise roghnacha cáilíochta; maidir leis an téarma breise roghnach cáilíochta a fhorchoimeád, na coinníollacha úsáide lena aghaidh a leagan síos agus na coinníollacha sin a leasú; maidir le maoluithe a leagan síos le haghaidh úsáid an téarma “táirge sléibhe” agus na modhanna táirgeachta agus critéir eile atá ábhartha maidir leis an téarma roghnach cáilíochta sin a bhunú, go háirithe na coinníollacha faoina gceadaítear go dtagann amhábhair nó beatha d’ainmhithe ó áiteanna lasmuigh de na limistéir sléibhe a leagan síos; le rialacha breise maidir le stádas cineálach téarmaí a leagan síos san Aontas; maidir le rialacha chun úsáid ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí a chinneadh a leagan síos, maidir leis na rialacha chun an cur chuige náisiúnta agóide a chur i gcrích maidir le hiarratais chomhpháirteacha a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin; agus maidir le rialacha an phróisis iarratais, an phróisis freasúra, an phróisis i ndáil le hiarratas ar leasú agus an phróisis cealaithe a chomhlánú i gcoitinne. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(64)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le rialacha maidir le foirm shonraíocht an táirge a leagan síos; le rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus le hinneachar chlár na n-ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint a leagan síos; le saintréithe teicniúla shiombailí agus sonraíochtaí an Aontais a shainiú mar aon leis na rialacha le haghaidh a n-úsáide ar tháirgí, lena n-áirítear na rialacha i leith na dteangacha iomchuí atá le húsáid; le hidirthréimhsí le haghaidh maoluithe sealadacha ar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus ar thásc geografach faoi chosaint a úsáid a dheonú agus a fhadú; le rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus le hinneachar chlár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a leagan síos; le rialacha maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint a leagan síos, leis na bearta uile a bhaineann le foirmeacha, le bealaí cur chuige nó le sonraí teicniúla, chun Teideal IV a chur chun feidhme a leagan síos; le rialacha maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid a leagan síos, maidir le rialacha maidir le cosaint chomhionann na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí a thagraíonn do scéimeanna cáilíochta a leagan síos; maidir le rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar chlárú agus na bhfreasúraí a leagan síos; leis an iarratas a dhiúltú; le cinneadh a dhéanamh maidir le hainm a chlárú, murar thángthas ar chomhaontú; le rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú; le clárú maidir le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint nó sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú; agus le rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus foirm an phróisis cealaithe, agus maidir le cur i láthair na n-iarrataí ar chealú a leagan síos. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (20).

(65)

Maidir le cláir na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a bheidh sainaitheanta faoin scéim seo, a bhunú agus a choimeád ar bun; leis na meáin a shainiú trína bpoibleofar ainm agus seoladh na gcomhlachtaí deimhnithe; agus le hainm a chlárú, mura bhfuil aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha ann nó i gcás ina bhfuil ceann ann, gur thángthas ar chomhaontú, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm,

HABEN FOLGENDE VERORDNUNG ERLASSEN:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo cuidiú le táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ceannaitheoirí agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaintréithe agus airíonna feirmeoireachta na dtáirgí sin agus na mbia-earraí sin, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh iomaíocht chóir ann d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a bhfuil saintréithe agus airíonna breisluacha ag baint leo;

(b)

go mbeidh faisnéis iontaofa a bhaineann leis na táirgí sin ar fáil do na tomhaltóirí;

(c)

go n-urramófar cearta maoine intleachtúla; agus

(d)

sláine an mhargaidh inmheánaigh.

Tá sé beartaithe leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo tacú le gníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála agus na córais feirmeoireachta a bhaineann le táirgí ardcháilíochta, agus ar an dóigh sin rannchuidiú le cuspóirí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach.

2.   Bunaítear leis an Rialachán seo scéimeanna cáilíochta a chuirfidh bonn faoi shainaithint agus, nuair is iomchuí, faoi chosaint ainmneacha agus téarmaí a thabharfaidh táirgí talmhaíochta, go háirithe, le fios nó a thabharfaidh tuairisc orthu nuair a bheidh:

(a)

saintréithe breisluacha sna táirgí sin; nó

(b)

airíonna breisluacha sna táirgí sin de bharr na modhanna feirmeoireachta nó próiseála a úsáideadh lena dtáirgeadh, nó de bharr ionad a dtáirgthe nó a margaíochta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Cumhdaíonn an Rialachán seo táirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus táirgí eile talmhaíochta agus bia-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Chun gealltanais idirnáisiúnta nó modhanna nua táirgthe nó ábhair nua a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánófar liosta na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh dlúthbhaint ag na táirgí sin le táirgí talmhaíochta nó leis an ngeilleagar tuaithe.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le deochanna biotáilleacha, le fíonta cumhraithe ná le táirgí fíniúna, mar a shainítear iad in Iarscríbhinn XIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 cé is moite d’fhínéagair fíona.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’aon fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh, agus go háirithe le comheagrú aonair na margaí, agus le lipéadú bia.

4.   Ní bheidh feidhm maidir leis na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo ag Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (21)

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “scéimeanna cáilíochta” na scéimeanna a bhunaítear faoi Theideal II, faoi Theideal III agus faoi Theideal IV;

(2)

ciallaíonn “grúpa” aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna;

(3)

ciallaíonn “traidisiúnta” go bhfuil cruthúnas ann gur úsáideadh an táirge ar an margadh baile ar feadh tréimhse inarbh fhéidir an táirge a sheachadadh ó ghlúin amháin go glúin eile; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse seo;

(4)

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocal, aon sonra, aon trádmharc, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia-ábhar agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann leis an mbia-ábhar sin nó trína ndéantar tagairt dó;

(5)

ciallaíonn “carachtar sonrach” i gcás táirge na saintréithe táirgthe a idirdhealaíonn táirge go soiléir ó tháirgí comhchosúla eile den chatagóir chéanna;

(6)

ciallaíonn “téarmaí cineálacha” ainmneacha táirgí, agus bíodh is go mbaineann siad leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad;

(7)

ciallaíonn “céim táirgthe” táirgeadh, próiseáil nó ullmhúchán;

(8)

ciallaíonn “táirgí próiseáilte” bia-earraí a eascraíonn as táirgí neamhphróiseáilte a phróiseáil. Féadfaidh comhábhair a bheith i dtáirgí próiseáilte atá riachtanach chun iad a mhonarú nó chun saintréithe sonracha a thabhairt dóibh.

TEIDEAL II

AINMNIÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT AGUS TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT

Airteagal 4

Cuspóir

Bunaítear scéim um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint d’fhonn cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí táirgí atá nasctha le limistéar geografach tríd an méid seo a leanas:

(a)

luach cothrom a ghnóthú do cháilíochtaí a dtáirgí;

(b)

cosaint chomhionann na n-ainmneacha a áirithiú mar cheart maoine intleachtúla ar chríoch an Aontais;

(c)

faisnéis shoiléir a sholáthar do thomhaltóirí ar airíonna breisluacha an táirge.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

1.   Chun críche an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “ainmniúchán tionscnaimh” ainm lena sainaithnítear táirge:

(a)

de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre;

(b)

arb é timpeallacht gheografach ar leith agus gnéithe dúchasacha nádúrtha agus daonna na timpeallachta sin is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe;

(c)

ar tharla a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, is éard atá i gceist le “tásc geografach” ainm lena sainaithnítear táirge:

(a)

de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin nó tíre;

(b)

a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c)

ar tharla ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

3.   Ainneoin mhír 1, déanfar ainmneacha áirithe a láimhseáil mar ainmniúcháin tionscnaimh, fiú amháin má thagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá éagsúil ón limistéar sin, ar choinníoll:

(a)

gur sainíodh limistéar táirgthe na n-amhábhar;

(b)

go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar;

(c)

go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b); agus

(d)

gur sainaithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh i dtrácht mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

Chun críocha na míre seo, ní mheasfar ach ainmhithe beo, feoil agus bainne a bheith ina n-amhábhair.

4.   Chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le srianta agus maoluithe i ndáil le foinsiú na beatha i gcás ainmniúcháin tionscnaimh.

Chomh maith leis sin, chun an carachtar sonrach a bhaineann le táirgí nó limistéir ar leith a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, i ndáil le srianta agus maoluithe i dtaca le marú ainmhithe beo nó i dtaca le foinsiú amhábhar.

Leis na srianta agus na maoluithe sin, cuirfear san áireamh, ar bhonn critéar oibiachtúil, cáilíocht nó úsáid agus fios gnóithe aitheanta nó fachtóirí nádúrtha aitheanta.

Airteagal 6

Nádúr cineálach, easaontais le hainmneacha cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe, le comhainmneacha agus le trádmharcanna

1.   Ní dhéanfar téarmaí cineálacha a chlárú mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná mar thásca geografacha faoi chosaint.

2.   Ní fhéadfar ainm a chlárú mar ainmniúchán tionscnaimh ná mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárúchán an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge.

3.   I gcás ainm a mholtar a chlárú agus atá comhainmneach, go hiomlán nó i bpáirt, le hainm a cláraíodh cheana sa chlár a bunaíodh faoi Airteagal 11, ní fhéadfar é a chlárú ach amháin má tá idirdhealú dóthanach i gcleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an dara comhainm agus an t-ainm a bhí sa chlár cheana féin, ag cur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirtear na tomhaltóirí amú.

Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.

4.   Ní chlárófar ainm a mholtar a chlárú mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach i gcás ina bhféadfadh clárú an ainm sin mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, i bhfianaise clú agus cáile trádmhairc agus an méid ama atá sé in úsáid, an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

Airteagal 7

Sonraíocht táirge

1.   Maidir le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh sé sonraíocht lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar ainmniúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint, agus sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe;

(b)

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear na hamhábhair, más iomchuí, agus príomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha an táirge;

(c)

sainmhíniú ar an limistéar geografach teormharcáilte i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) den mhír seo, agus, nuair is iomchuí, sonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 5(3);

(d)

fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó (2) é an táirge;

(e)

tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus, nuair is iomchuí, ar na fíormhodhanna áitiúla neamhathraitheacha mar aon le faisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarrthach amhlaidh agus má thugann siad cúiseanna leordhóthanacha a bhaineann go sonrach leis an táirge chun a mhíniú cén fáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i ndáil le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí;

(f)

sonraí lena suitear an méid seo a leanas:

(i)

an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1); nó

(ii)

i gcás inarb iomchuí, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(g)

ainm agus seoladh na n-údarás nó, má tá teacht orthu, ainm agus seoladh na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 37 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(h)

aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i dtrácht.

2.   D’fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa tsonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun iarratais róthoirtiúla ar chlárú a sheachaint.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 8

Inneachar an iarratais ar chlárú

1.   Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chlárú ainmniúcháin tionscnaimh nó ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 49(2) nó (5):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh agus na n-údarás nó, má tá teacht orthu, na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha shonraíocht an táirge;

(b)

an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 7;

(c)

doiciméad amháin ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i)

na príomhshonraí atá sa tsonraíocht táirge: an t-ainm, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;

(ii)

tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nó (2), de réir mar a bheidh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe atá ina mbonn cuí leis an nasc sin.

Sa bhreis ar an méid sin, beidh cruthúnas go bhfuil ainm an táirge cosanta sa tír ar dá tionscnamh é ar áireamh in iarratas dá dtagraítear in Airteagal 49(5).

2.   Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 49(4):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b)

an doiciméad amháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(c)

dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa iarrthach agus a cháilíonn do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(d)

tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 9

Cosaint náisiúnta idirthréimhseach

Féadfaidh Ballstát, ar bhonn idirthréimhseach amháin, cosaint a bhronnadh ar ainm faoin Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a dtaisctear iarratas leis an gCoimisiún.

Tiocfaidh deireadh le cosaint náisiúnta den sórt sin ar an dáta a ndéantar cinneadh faoi chlárú faoin Rialachán seo nó a dtarraingítear siar an t-iarratas.

I gcás nach bhfuil ainm cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí cosanta náisiúnta den sórt sin.

Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoin gcéad mhír agus ní bheidh aon éifeachtaí acu ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 10

Forais le freasúra

1.   Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(2) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa mhír sin, agus:

(a)

má léiríonn sé nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7(1);

(b)

má léiríonn sé go mbeadh clárú an ainm a mholtar contrártha d’Airteagal 6(2), (3) nó (4);

(c)

má léiríonn sé go ndéanfadh clárú an ainm a mholtar dochar d’ainm nó do thrádmharc atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó do tháirgí atá ar an margadh go dleathach le cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2); nó

(d)

má thugtar mionsonraí ónar féidir a mhaíomh gur ainm cineálach é an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith.

2.   Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na forais atá le freasúra a mheas.

Airteagal 11

Clár na n-ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, chun clár ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint atá sainaitheanta faoin scéim seo a bhunú agus a choimeád ar bun, ar clár é a bheidh ar fáil go poiblí agus a nuashonrófar.

2.   Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach a chlárú sa chlár. Clárófar na hainmneacha sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus le hinneachar an chláir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

4.   Poibleoidh an Coimisiún liosta na gcomhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2 agus liosta na dtásc geografach a bheidh á gcosaint faoi na comhaontuithe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é go tráthrialta.

Airteagal 12

Ainmneacha, siombailí agus tásca

1.   Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a úsáid.

2.   Bunófar siombailí de chuid an Aontais a cheapfar chun ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a phoibliú.

3.   I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc geografach faoi chosaint a bheidh cláraithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéad. Ina theannta sin, beidh ainm an táirge sa réimse céanna radhairc. Féadfaidh na tásca “ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó “tásc geografach faoi chosaint” nó na giorrúcháin chomhfhreagracha “ATFC” nó “TGFC” a bheith le feiceáil ar an lipéad.

4.   Chomh maith leis sin, féadfaidh an méid seo a leanas bheith ar an lipéad freisin: léirithe ar an limistéar geografach tionscnaimh, dá dtagraítear in Airteagal 5, agus téacs, grafaicí nó siombailí lena ndéantar tagairt don Bhallstát agus/nó don réigiún ina bhfuil an limistéar geografach tionscnaimh sin suite.

5.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, féadfar na cómharcanna geografacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2008/95/CE a úsáid ar lipéid, mar aon leis an ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint.

6.   I gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha a mhargófar faoi ainm atá cláraithe sa chlár, féadfaidh na tásca dá dtagraítear i mír 3 nó siombailí an Aontais a bhaineann leo a bheith le feiceáil ar an lipéad.

7.   Chun a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena mbunófar siombailí an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena saineofar saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais agus tásc an Aontais mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a mhargaítear faoi ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc tionscnaimh faoi chosaint, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 13

Cosaint

1.   Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar an méid seo a leanas:

(a)

aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú a mhéad atá na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó a mhéad a thagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(b)

aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí le fios nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris” nó rud éigin dá samhail leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(c)

aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí sár-riachtanacha an táirge a úsáidtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a chur in iúl faoina thionscnamh;

(d)

aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

I gcás ina bhfuil ainm táirge a mheastar a bheith cineálach cuimsithe in ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i dtásc geografach faoi chosaint, measfar nach mbeidh úsáid an ainm chineálaigh sin contrártha do phointe (a) nó pointe (b) den chéad fhomhír.

2.   Ní bheidh ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint cineálach.

3.   Glacfaidh na Ballstáit céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun úsáid neamhdhleathach na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc tionscnaimh faoi chosaint, dá dtagraítear i mír 1, a tháirgfear nó a mhargófar sa Bhallstát sin, a chosc nó a stopadh.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a thógáil i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Cuirfidh na húdaráis inniúla ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta ar fáil, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar fáil dóibh.

Airteagal 14

An gaol idir trádmharcanna, ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

1.   Sa chás ina bhfuil ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, diúltófar do chlárú trádmhairc a mbeadh aon úsáid a bhainfí as contrártha d’Airteagal 13(1) agus a bhaineann le táirge den chineál céanna más rud é go ndéantar an t-iarratas ar chlárú trádmhairc a thaisceadh tar éis an dáta a thaisctear an t-iarratas ar chlárú i ndáil leis an ainmniúchán tionscnaimh nó leis an tásc geografach leis an gCoimisiún.

Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír a chur ó bhail.

Beidh feidhm ag forálacha na míre seo ainneoin fhorálacha Threoir 2008/95/CE.

2.   Gan dochar d’Airteagal 6(4), agus ainneoin gur cláraíodh ainmniúchán tionscnaimh nó tásc geografach i leith táirge áirithe, féadfar trádmharc don táirge sin a úsáid agus a athnuachan fós, fiú má tá aon úsáid a bhainfí as contrártha d’Airteagal 13(1), ar trádmharc é ar cuireadh iarratas isteach air, a cláraíodh nó a bunaíodh trí úsáid, má dhéantar foráil maidir leis an deis sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta a gcuirtear isteach an t-iarratas ar chosaint an ainmniúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, ar choinníoll nach bhfuil foras ar bith lena chur ó bhail nó lena chúlghairm faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (22) ná faoi Threoir 2008/95/CE. I gcásanna den sórt sin, féadfar an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint a úsáid chomh maith leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 15

Idirthréimhsí d’úsáid ainmniúchán tionscaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint

1.   Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadófar idirthréimhse suas le cúig bliana do tháirgí ar lena linn is féidir leanúint d’ainmniúchán faoina ndearnadh táirge a mhargú a úsáid i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír, ar ainmniúchán é a chuimsíonn ainm atá contrártha d’Airteagal 13(1) nó ina bhfuil ainm den sórt sin, ar choinníoll go dtugtar an méid seo a leanas le fios i ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 49(3) nó Airteagal 51:

(a)

go gcuirfeadh clárú an ainm ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt i gcontúirt; nó

(b)

go ndearnadh táirgí den sórt sin a mhargú go dleathach faoin ainm sin ar an gcríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 50(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

2.   Gan dochar d’Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfar an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhadú go 15 bliana i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leis nuair a léirítear an méid seo a leanas:

(a)

go raibh an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

nárbh é an cuspóir a bhí le húsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo teacht i dtír ar chlú an ainm chláraithe agus nuair a léirítear nár cuireadh an tomhaltóir amú agus nach bhféadfaí é a bheith curtha amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

3.   Nuair a bheidh ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 in úsáid, beidh sonraíocht na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir sofheicthe ar an lipéad.

4.   Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgeoirí uile an cheantair lena mbaineann an tsonraíocht, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana a cheadú, le héifeacht ón dáta ar taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh cúig bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 49(3).

Beidh feidhm mutatis mutandis leis an gcéad fhomhír maidir le tásc geografach faoi chosaint nó ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint lena dtagraítear do limistéar geografach atá suite i dtríú tír, ach amháin maidir leis an nós imeachta freasúra.

Tabharfar na hidirthréimhsí sin le fios sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Déanfar na hainmneacha a chláraítear sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 7(6) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo. Leanfaidh aon fhorálacha idirthréimhseacha sonracha a bhaineann leis na cláruithe sin d’fheidhm a bheith acu.

2.   Chun cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na ngeallsealbhóirí lena mbaineann a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le rialacha idirthréimhseacha breise.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’aon cheart cómhaireachtála a aithnítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha ar an taobh amháin, agus trádmharcanna ar an taobh eile.

TEIDEAL III

SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

Airteagal 17

Cuspóir

Bunaítear scéim do shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht chun modhanna traidisiúnta táirgthe agus oidis thraidisiúnta a chosaint, trí chabhrú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta chun airíonna breisluacha a n-oideas traidisiúnta agus a dtáirgí traidisiúnta a mhargú agus chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hairíonna breisluacha sin.

Airteagal 18

Critéir

1.   Beidh ainm incháilithe lena chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcás ina ndéanann sé cur síos ar tháirge sonrach nó ar bhia-ábhar sonrach:

(a)

a eascraíonn as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an mbia-ábhar sin; nó

(b)

a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

2.   D’fhonn ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, beidh sé ina ainm:

(a)

atá in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach; nó

(b)

a shainaithneoidh carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge.

3.   Má léirítear sa nós imeachta freasúra faoi Airteagal 51 go bhfuil an t-ainm in úsáid chomh maith i mBallstát eile nó i dtríú tír, d’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir táirgí inchomparáide agus táirgí a bhfuil an t-ainm comhionann nó comhchosúil orthu, féadfar foráil a dhéanamh sa chinneadh maidir le clárú a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 52(3) go mbeidh an maíomh “déanta de réir thraidisiún” le cur ag gabháil le hainm an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht agus go mbeidh ainm tíre nó réigiúin ag teacht díreach ina dhiaidh.

4.   Ní fhéadfar ainm a chlárú más rud é nach dtagraíonn sé ach amháin do mhaímh de nádúr ginearálta atá in úsáid do shraith táirgí, nó do mhaímh dá bhforáiltear le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais.

5.   D’fhonn feidhmiú rianúil na scéime a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, maidir le tuilleadh sonraí i dtaca leis na critéir incháilitheachta a leagtar síos san Airteagal seo.

Airteagal 19

Sonraíocht táirge

1.   Maidir le sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, comhlíonfaidh sé sonraíocht arb eárd a bheidh ann an méid seo a leanas:

(a)

an t-ainm a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;

(b)

tuairisc ar an táirge lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíochta nó orgánaileipteacha, agus lena dtabharfar carachtar sonrach an táirge le fios;

(c)

tuairisc ar an modh táirgthe atá ar na táirgeoirí a úsáid, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, nádúr agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar arna n-úsáid, agus modh ullmhúcháin an táirge;

(d)

na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge.

2.   D’fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena leagfar síos rialacha a chuirfidh teorainn leis an bhfaisnéis a bheidh sa sonraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá an teorainn sin chun líon iomarcach iarratas ar chlárú a sheachaint.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha maidir le foirm na sonraíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 20

Inneachar an iarratais ar chlárú

1.   Is iad na sonraí seo a bheidh in iarratas ar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 49(2) nó (5):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b)

an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 19.

2.   Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 49(4):

(a)

na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo; agus

(b)

dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa agus a cháilíonn do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun.

Airteagal 21

Forais le freasúra

1.   Ní bheidh an ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 51(2) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin sula rachaidh an teorainn ama in éag agus:

(a)

má thugtar cúiseanna a bhfuil bunús cuí leo ar an bhfáth nach dtagann an clárú a mholtar le téarmaí an Rialacháin seo; nó

(b)

má léirítear leis, i gcás táirgí comhchosúla talmhaíochta nó bia-ábhair comhchosúla, go bhfuil úsáid an ainm dleathach, go bhfuil cáil ar an úsáid sin agus go ngabhann tábhacht eacnamaíoch leis an úsáid sin.

2.   Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a mheas.

Airteagal 22

Clár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, lena mbunófar clár nuashonraithe na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a bheidh sainaitheanta faoin scéim seo, ar clár é a nuashonrófar agus a chuirfear ar fáil don phobal.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le foirm agus le hinneachar an chláir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 23

Ainmneacha, siombail agus tásc

1.   Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge atá i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach ainm atá cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid.

2.   Bunófar siombail de chuid an Aontais chun na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a phoibliú.

3.   I gcás na dtáirgí ar de thionscnamh an Aontais iad agus a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail dá dtagraítear i mír 2 le feiceáil ar an lipéad, gan dochar do mhír 4. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh ainm an táirge sa réimse céanna radhairc. Féadfar an tásc “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht” nó an giorrúchán comhfhreagrach “STR” a chur ar an lipéad freisin.

Beidh sé roghnach an tsiombail a chur ar lipéid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.

4.   Chun a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena mbunófar siombail an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear saintréithe teicniúla shiombail an Aontais agus an tásc mar aon leis na rialacha dá n-úsáid ar na táirgí a bhfuil ainm sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht air, lena n-áirítear na rialacha i leith na teangacha iomchuí a bheidh le húsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 24

Srian ar ainmneacha cláraithe a úsáid

1.   Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthóidh tuairiscí díolacháin a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta mearbhall ó thaobh ainmneacha atá cláraithe de.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 25

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Déanfar na hainmneacha a chláraítear i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 a chur isteach go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo. Leanfaidh aon fhorálacha idirthréimhseacha sonracha a bhaineann le cláruithe den sórt sin d’fheidhm a bheith acu.

2.   Féadfar, go dtí an 4 Eanáir 2023 leanúint d’ainmneacha a chláraítear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, lena n-áirítear ainmneacha a chláraítear de bhun iarratas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 58(1) den Rialachán seo, a úsáid faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, mura rud é go n-úsáideann na Ballstáit an cur chuige a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán seo.

3.   D’fhonn cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí nó na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha breise.

Airteagal 26

Nós imeachta simplithe

1.   Arna iarraidh sin do ghrúpa, féadfaidh Ballstát, tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2016, ainmneacha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar earraí iad atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus lena gcomhlíontar an Rialachán seo.

Roimh ainm a chur isteach dó, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta freasúra mar a shainítear in Airteagal 49(3) agus (4).

Má léirítear le linn an nós imeachta sin go n-úsáidtear an t-ainm freisin chun tagairt a dhéanamh do tháirgí inchomparáide nó do tháirgí a bhfuil ainm atá comhionann leis nó atá comhchosúil leis, féadfar an t-ainm a chomhlánú le téarma lena sainaithnítear an carachtar traidisiúnta nó sonrach atá ann.

Féadfaidh grúpa ó thríú tír ainmneacha den chineál sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin go díreach nó trí údaráis an tríú tír.

2.   Foilseoidh an Coimisiún na hainmneacha dá dtagraítear i mír 1 in éineacht leis na sonraíochtaí do gach ceann de na hainmneacha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh taobh istigh de dhá mhí ón am a fhaightear iad.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 51 agus ag Airteagal 52.

4.   A luaithe a bheidh deireadh leis an nós imeachta freasúra, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na hiontrálacha sa chlár a leagtar amach in Airteagal 22 a choigeartú. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

TEIDEAL IV

TÉARMAÍ ROGHNACHA CÁILÍOCHTA

Airteagal 27

Cuspóir

Bunaítear scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta le go n-éascófar do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe breisluacha nó airíonna breisluacha ag baint leo na saintréithe nó na hairíonna sin a thabhairt le fios laistigh den mhargadh inmheánach.

Airteagal 28

Rialacha náisiúnta

Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choimeád ar bun maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais.

Airteagal 29

Téarmaí roghnacha cáilíochta

1.   Comhlíonfaidh téarmaí roghnacha cáilíochta na critéir seo a leanas:

(a)

baineann an téarma le saintréith catagóire táirgí amháin nó níos mó, nó le hairí feirmeoireachta nó próiseála a bhfuil feidhm aige i réimsí sonracha;

(b)

cuireann úsáid an téarma luach leis an táirge i gcomparáid le táirgí de chineál comhchosúil; agus

(c)

baineann gné Eorpach leis an téarma.

2.   Déanfar téarmaí roghnacha cáilíochta a thugann tuairisc ar cháilíochtaí táirgí teicniúla arb é is cuspóir dóibh caighdeáin mhargaíochta éigeantacha a chur chun feidhme agus nach bhfuil beartaithe leo tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cháilíochtaí na dtáirgí sin a eisiamh ón scéim seo.

3.   Ní áireofar le téarmaí roghnacha cáilíochta téarmaí roghnacha forchoimeádta lena dtacaítear le caighdeáin shonracha mhargaíochta agus lena gcomhlánaítear na caighdeáin sin ar bhonn earnála nó ar bhonn catagóire táirge.

4.   D’fhonn carachtar sonrach earnálacha áirithe agus ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta uile a bhaineann le foirmeacha, le bealaí cur chuige nó le sonraí teicniúla, a éilítear chun an Teideal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

6.   Agus gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeáin idirnáisiúnta atá ábhartha san áireamh.

Airteagal 30

Forchoimeád agus leasú

1.   D’fhonn ionchais tomhaltóirí, an dul chun cinn san fhaisnéis eolaíochta agus theicniúil, staid na margaí agus an dul chun cinn maidir le caighdeáin mhargaíochta agus le caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena bhforchoimeádtar téarma breise roghnach cáilíochta agus lena leagtar síos a choinníollacha úsáide.

2.   I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d’fhonn úsáid chuí an téarma bhreise roghnaigh cháilíochta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos leasuithe ar na coinníollacha úsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Táirge sléibhe

1.   Bunaítear an téarma “táirge sléibhe” mar théarma roghnach cáilíochta.

Ní úsáidfear an téarma sin ach chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ó limistéir sléibhe go bunúsach a thagann na hamhábhair agus an bheatha d’ainmhithe feirme araon;

(b)

i gcás táirgí próiseáilte, tarlaíonn an phróiseáil freisin i limistéir sléibhe.

2.   Chun críche an Airteagail seo, is iad limistéir sléibhe laistigh den Aontas na limistéir a dhéantar a theormharcáil de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999. I gcás táirgí tríú tíortha, áirítear le limistéir sléibhe limistéir a shonraíonn an tríú tír go hoifigiúil mar limistéir sléibhe nó limistéir a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999.

3.   I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d’fhonn srianta nádúrtha a dhéanann difear do tháirgeacht talmhaíochta i limistéir sléibhe a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos leasuithe ar na coinníollacha úsáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Go háirithe, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na coinníollacha faoina gceadaítear go dtagann amhábhair nó beatha d’ainmhithe ó áiteanna lasmuigh de na limistéir sléibhe, na coinníollacha faoina gceadaítear go ndéantar táirgí a phróiseáil lasmuigh de na limistéir sléibhe i limistéar geografach a shaineofar, agus an sainiú ar an limistéar geografach sin.

4.   D’fhonn srianta nádúrtha a dhéanann difear do tháirgeacht talmhaíochta i limistéir sléibhe a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, a bhaineann leis na modhanna táirgeachta a bhunú agus le critéir eile atá ábhartha maidir leis an téarma roghnach cáilíochta a bhunaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 32

Táirge ó fheirmeoireacht oileán

Tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an cás a bhaineann le téarma nua a bhunú, “táirge ó fheirmeoireacht oileán”. Ní fhéadfar an téarma a úsáid ach chun tuairisc a dhéanamh ar na táirgí a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus arb ó oileáin a thagann na hamhábhair a bhaineann leo. Ina theannta sin, chun go gcuirfear an téarma i bhfeidhm maidir le táirgí próiseáilte, ní foláir freisin don phróiseáil tarlú ar oileáin i gcásanna ina ndéanann an méid sin difear suntasach do shaintréithe sainiúla an táirge deiridh.

Beidh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, más gá, chun téarma roghnach cáilíochta “táirge ó fheirmeoireacht oileán” a fhorchoimeád.

Airteagal 33

Srianta ar úsáid

1.   Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 34

Faireachán

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Teidil seo agus, i gcás sáruithe, cuirfidh siad na pionóis riaracháin iomchuí i bhfeidhm.

TEIDEAL V

FORÁLACHA COITEANNA

CAIBIDIL I

Rialuithe oifigiúla ar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar thásca geografacha faoi chosaint agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Airteagal 35

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus i dTeideal III.

Airteagal 36

Údarás inniúil a ainmniú

1.   I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a mbeidh freagracht orthu as na rialuithe oifigiúla a chuirfear i gcrích lena fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag nósanna imeachta agus ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir leis na rialuithe oifigiúla a chuirfear i gcrích lena fhíorú go gcomhlíontar an ceanglas dlíthiúil a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta i gcás na dtáirgí uile a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le hoibiachtúlacht agus le neamhchlaontacht ar fáil, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá ar fáil dóibh chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

3.   Cumhdófar an méid seo a leanas leis na rialuithe oifigiúla:

(a)

a fhíorú cibé a dhéanann an táirge an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a chomhlíonadh; agus

(b)

faireachán ar úsáid na n-ainmneacha cláraithe chun tuairisc a dhéanamh ar tháirge a chuirtear ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 13 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal II agus i gcomhréir le hAirteagal 24 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal III.

Airteagal 37

Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

1.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh an Aontais, déanfar fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, mar a leanas:

(a)

trí údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo; agus/nó

(b)

trí chomhlacht rialaithe amháin nó níos mó de réir bhrí phointe (5) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ar comhlacht é a bheidh ag feidhmiú mar chomhlacht deimhnithe táirgí.

Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú den sórt sin ar chomhlíonadh sonraíochtaí. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh freisin i leith na gcostas sin.

2.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, le tásca geografacha agus le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tír, déanfar fíorú chomhlíonadh na sonraíochtaí sula gcuirfear an táirge ar an margadh, a dhéanamh mar a leanas:

(a)

trí údarás poiblí amháin nó níos mó de na húdaráis phoiblí arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an tríú tír; agus/nó

(b)

trí chomhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó de na comhlachtaí deimhnithe táirgí.

3.   Poibleoidh na Ballstáit ainm agus seoladh na n-údarás agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus déanfaidh siad an t-eolas sin a nuashonrú go tráthrialta.

Poibleoidh an Coimisiún ainm agus seoladh na n-údarás agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus déanfaidh sé an t-eolas sin a nuashonrú go tráthrialta.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, lena saineofar na meáin trína bpoibleofar ainm agus seoladh na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 38

Faireachas ar úsáid an ainm sa mhargadh

Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 36 in iúl don Choimisiún. Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás sin.

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo agus, i gcás sáraithe, glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá.

Airteagal 39

Údaráis inniúla do dhéanamh tarmligin chuig comhlachtaí rialaithe

1.   Féadfaidh údaráis inniúla cúraimí sonracha a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar na scéimeanna cáilíochta a tharmligean chuig comhlacht rialaithe amháin nó níos mó i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

2.   Beidh comhlachtaí rialaithe den sórt sin creidiúnaithe i gcomhréir le caighdeán Eorpach EN 45011 nó ISO/IEC Treoir 65 (Ceanglais ghinearálta do chomhlachtaí a fheidhmíonn córais deimhnithe táirgí).

3.   Is iad na comhlachtaí seo a leanas amháin ar féidir leo an creidiúnú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fheidhmiú:

(a)

comhlacht náisiúnta creidiúnaithe san Aontas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; nó

(b)

comhlacht creidiúnaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin.

Airteagal 40

Gníomhaíochtaí rialaithe a phleanáil agus a thuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí le haghaidh rialú ar oibleagáidí faoin gCaibidil seo a áireamh go sonrach i roinn ar leith de na pleananna náisiúnta rialaithe ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 41, le hAirteagal 42 agus le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

2.   Áireofar roinn ar leith ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 sna tuarascálacha bliantúla a bhaineann le rialú ar na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL II

Eisceachtaí i gcás úsáidí áirithe roimhe seo

Airteagal 41

Téarmaí cineálacha

1.   Gan dochar d’Airteagal 13, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’úsáid na dtéarmaí atá cineálach san Aontas, fiú más cuid d’ainm atá faoi chosaint faoi scéim cáilíochta é an téarma cineálach.

2.   Le cruthú go bhfuil ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil, ní mór na tosca ábhartha go léir a chur san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá i limistéir tomhaltais;

(b)

na gníomhartha dlí náisiúnta ábhartha nó gníomhartha dlí ábhartha an Aontais.

3.   D’fhonn cearta páirtithe leasmhara a chosaint go hiomlán, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena leagtar síos rialacha breise maidir le stádas cineálach ainmneacha nó téarmaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 42

Cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe

1.   Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar tháirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad a n-áirítear lena lipéadú ainm nó téarma atá faoi chosaint nó á fhorchoimeád faoi scéim cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, i dTeideal III, nó i dTeideal IV a bhfuil ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí ann nó arb éard atá ann ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gurb éard atá sa táirge sin an cineál nó an pór atá i gceist, nó gur díorthaíodh é as;

(b)

nach gcuirtear tomhaltóirí amú;

(c)

gur iomaíocht chóir é úsáid ainm an chineáil nó ainm an phóir;

(d)

nach dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an téarma atá faoi chosaint; agus

(e)

i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, gur leath táirgeadh agus margú an táirge amach thar limistéar tionscnaimh roimh dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh.

2.   D’fhonn tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar raon na gceart agus na saoirsí atá ag oibreoirí gnóthaí bia ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56 a bhaineann le rialacha chun úsáid ainmneacha den sórt sin a chinneadh.

Airteagal 43

Gaol le maoin intleachtúil

Beidh feidhm ag na scéimeanna cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal III agus Teideal IV gan dochar do rialacha an Aontais ná do rialacha na mBallstát lena rialaítear maoin intleachtúil agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus trádmharcanna, agus cearta a dheonaítear faoi na rialacha sin.

CAIBIDIL III

Tásca agus siombailí na scéimeanna cáilíochta agus ról na dtáirgeoirí

Airteagal 44

Tásca agus siombailí a chosaint

1.   Ní fhéadfar tásca, giorrúcháin ná siombailí lena dtagraítear do na scéimeanna cáilíochta a úsáid ach amháin i ndáil le táirgí a tháirgtear i gcomhréir le rialacha na scéime cáilíochta a bhfuil feidhm acu ina leith. Baineann an riail sin go háirithe leis na tásca, na giorrúcháin agus na siombailí seo a leanas:

(a)

“ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint”, “tásc geografach faoi chosaint”, “tásc geografach”, “ATFC”, “TGFC”, agus na siombailí a bhaineann leo, mar a fhoráiltear dóibh i dTeideal II;

(b)

“sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht”, “STFR”, agus an tsiombail a bhaineann leis, mar a fhoráiltear di i dTeideal III;

(c)

“táirge sléibhe” mar a fhoráiltear dó i dTeideal IV.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, féadfaidh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) maoiniú a thabhairt ar bhonn láraithe, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó thar a cheann, do thacaíocht riaracháin maidir le forbairt, réamhobair, faireachán, tacaíocht riaracháin agus dhlíthiúil, cosaint dlí, táillí clárúcháin, táillí athnuachana, táillí faireacháin ar thrádáil marcanna, táillí dlíthíochta agus aon bheart gaolmhar eile is gá chun úsáid na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí dá dtagraítear sna scéimeanna cáilíochta a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, nó ar aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú, laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha maidir le cosaint chomhionann na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 45

Ról na ngrúpaí

1.   Gan dochar d’fhorálacha sonracha maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfaidh grúpa:

(a)

rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cáilíocht, cáil agus barántúlacht a dtáirgí ráthaithe ar an margadh trí fhaireachán a dhéanamh ar úsáid an ainm le linn trádála agus, más gá, trí údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 36, nó aon údarás inniúil eile a chur ar an eolas faoi chuimsiú Airteagal 13(3);

(b)

beart a dhéanamh chun cosaint dhlíthiúil dhóthanach a áirithiú don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó don tásc geografach faoi chosaint agus do na cearta maoine intleachtúla atá nasctha go díreach leo;

(c)

gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna breisluacha an táirge a chur in iúl do thomhaltóirí;

(d)

gníomhaíochtaí gaolmhara a fhorbairt lena áirithiú go gcomhlíonann táirge an tsonraíocht a ghabhann leis;

(e)

beart a dhéanamh chun feidhmíocht na scéime a fheabhsú, lena n-áirítear saineolas eacnamaíoch a fhorbairt, anailísí eacnamaíocha a dhéanamh, faisnéis eacnamaíoch faoin scéim a scaipeadh agus comhairle a chur ar fáil do tháirgeoirí.

(f)

beart a dhéanamh chun luach táirgí a fheabhsú agus, i gcás inar gá, céimeanna a ghlacadh chun aon bheart atá díobhálach d’íomhá na dtáirgí sin, nó a bhfuil an baol ann go mbeadh sé díobhálach dó, a chosc nó dul ina choinne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit spreagadh a thabhairt do bhunú agus d’fheidhmiú grúpaí ar a gcríoch trí mhodhanna riaracháin. Thairis sin, déanfaidh na Ballstáit ainm agus seoladh na ngrúpaí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Airteagal 3 a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 46

Ceart chun leas a bhaint as na scéimeanna

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir a chomhlíonann rialacha scéime cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus Teideal III i dteideal bheith cumhdaithe faoin bhfíorú ar chomhlíonadh arna bhunú de bhun Airteagal 37.

2.   Beidh oibreoirí a dhéanann táirge a ullmhú agus a stóráil, ar táirge é arna margú faoi scéimeanna sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc geografaigh faoi chosaint nó a chuirfidh na táirgí sin ar an margadh faoi réir na rialuithe a leagtar síos i gCaibidil I den Teideal seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag oibreoirí atá toilteanach cloí le rialacha scéime cáilíochta a leagtar amach i dTeideal III agus i dTeideal IV an méid sin a dhéanamh gan bacainní ar rannpháirteachas a bheadh idirdhealaitheach nó nach mbeadh bunús oibiachtúil leo.

Airteagal 47

Táillí

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus go háirithe d’fhorálacha Chaibidil VI de Theideal II de, féadfaidh Ballstáit táille a ghearradh leis na costais a bhaineann le bainistiú na scéimeanna cáilíochta a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin a thabhaítear le linn iarratais, freasúraí, iarratais ar leasuithe agus iarrataí ar chealú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a phróiseáil.

CAIBIDIL IV

Próiseas iarratais agus próiseas cláraithe maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

Airteagal 48

Raon na bpróiseas iarratais

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus i dTeideal III.

Airteagal 49

Iarratas ar ainmneacha a chlárú

1.   Ní féidir ach le grúpaí a oibríonn leis na táirgí a bhfuil na hainmneacha atá le clárú orthu iarratas a dhéanamh ar ainmneacha a chlárú faoi na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 48. I gcás ainm “ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint” nó ainm “tásc geografach faoi chosaint” lena sonraítear limistéar geografach trasteorann nó i gcás ainm “sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht”, féadfaidh roinnt grúpaí ó Bhallstáit éagsúla nó ó thríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thaisceadh.

Féadfar déileáil le duine aonair nádúrtha nó dlítheanach mar ghrúpa má léirítear go gcomhalltar an dá cheann de na coinníollacha a leanas:

(a)

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach;

(b)

maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus le tásca geografacha faoi chosaint, tá tréithe ag an limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach ó na tréithe atá i limistéir chomharsanachta nó tá tréithe an táirge éagsúil leis na táirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta.

2.   I gcás ina mbaineann an t-iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II le limistéar geografach i mBallstát, nó i gcás ina n-ullmhaíonn grúpa atá bunaithe i mBallstát iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit sin.

Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú ar an iarratas go hiomchuí lena áirithiú go bhfuil bonn cirt cuí leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi.

3.   Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta freasúra lena n-áiritheofar poibliú leormhaith an iarratais agus lena ndéanfar a fhoráil go bhfuil tréimhse réasúnach ann faoina bhféadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá bunaithe nó ina chónaí ar a chríoch ráiteas a thaisceadh lena ndéantar freasúra i gcoinne an iarratais.

Déanfaidh an Ballstát inghlacthacht na bhfreasúraí a fhaightear faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II a scrúdú i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nó scrúdóidh sé inghlacthacht na bhfreasúraí a fhaightear faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 21(1).

4.   Más rud é, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúra a fhaightear, go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus sainchomhad iarratais a thaisceadh leis an gCoimisiún. Sa chás sin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir le haon fhreasúraí atá inghlactha a fhaightear ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá tar éis na táirgí i dtrácht a mhargú go dleathach, ag baint úsáide as na hainmneacha lena mbaineann go leanúnach ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 3.

Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh fabhrach agus go mbeidh deis achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.

Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus tabharfaidh sé rochtain leictreonach ar an tsonraíocht táirge.

I ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, áiritheoidh an Ballstát freisin go ndéanfar an leagan den tsonraíocht táirge ar a mbeidh an cinneadh ón gCoimisiún bunaithe de bhun Airteagal 50(2) a fhoilsiú go leormhaith.

5.   I gcás ina mbaineann iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II le limistéar geografach i dtríú tír, nó i gcás ina n-ullmhaíonn grúpa atá bunaithe i dtríú tír iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, déanfar an t-iarratas a thaisceadh leis an gCoimisiún, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

6.   Beidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo agus a chuirfear chuig an gCoimisiún i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

7.   D’fhonn an próiseas iarratais a éascú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena sainmhínítear na rialacha chun an cur chuige náisiúnta agóide a chur i gcrích maidir le hiarratais chomhpháirteacha a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin agus lena gcomhlánaítear rialacha an phróisis iarratais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, le foirm agus le cur i láthair iarratas, lena n-áirítear le haghaidh iarratas a bhaineann le níos mó ná críoch amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 50

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.   Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú go hiomchuí ar aon iarratas a fhaightear de bhun Airteagal 49, le seiceáil go bhfuil bonn cirt cuí leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime lena mbaineann sé. Ní mhairfidh an grinnscrúdú sin níos faide ná sé mhí. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna leis an mhoill in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

Déanfaidh an Coimisiún, uair sa mhí ar a laghad, liosta na n-ainmneacha a phoibliú ar cuireadh iarratais ar chlárú ina leith faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis na dátaí taiscthe.

2.   Más rud é, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1, go measann an Coimisiún gur comhalladh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)

i gcás iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge;

(b)

i gcás iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.

Airteagal 51

Nós imeachta freasúra

1.   Laistigh de thrí mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe i dtríú tír freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó cónaitheach i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar tíolacadh an t-iarratas, fógra freasúra a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe laistigh freasúra de theorainn ama lena gceadaítear freasúra a thaisceadh de bhun na chéad fhomhíre.

Beidh i bhfógra freasúra dearbhú go bhféadfaí leis an iarratas na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a shárú. Mura bhfuil an dearbhú sin i bhfógra freasúra, beidh an fógra sin ar neamhní.

Cuirfidh an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh gan mhoill chuig an údarás nó chuig an gcomhlacht a thaisc an t-iarratas.

2.   Má thaisctear fógra freasúra leis an gCoimisiún agus má leantar é laistigh de dhá mhí le ráiteas freasúra réasúnaithe, déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra réasúnaithe sin a sheiceáil.

3.   Laistigh de dhá mhí tar éis dó ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha a fháil, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás nó ar an duine a thaisc an freasúra agus ar an údarás nó ar an gcomhlacht a thaisc an t-iarratas dul i mbun comhairliúchán iomchuí ar feadh tréimhse réasúnach nach faide ná trí mhí.

Tionscnóidh an t-údarás nó an duine a thaisc an freasúra agus an t-údarás nó an comhlacht a thaisc an t-iarratas na comhairliúcháin iomchuí sin gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú coinníollacha an Rialacháin seo. Mura dtiocfar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún freisin.

Tráth ar bith le linn na dtrí mhí sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, trí mhí ar a mhéad a chur leis an spriocdháta le haghaidh na gcomhairliúchán.

4.   Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuiltear tar éis na mionsonraí a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 50(2) a leasú go suntasach, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 50 an athuair.

5.   Beidh an fógra freasúra, an ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid ghaolmhara a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 go mír 4 den Airteagal seo i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

6.   Ar mhaithe le nósanna imeachta soiléire agus spriocanna a bhunú le haghaidh freasúra, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánaítear rialacha an nós imeachta freasúra.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 52

Cinneadh faoi chlárú

1.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 50(1), go measann an Coimisiún nár comhalladh na coinníollacha clárúcháin, glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe lena ndiúltófar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

2.   Mura bhfaighfidh an Coimisiún aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha faoi Airteagal 51, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, chun an t-ainm a chlárú.

3.   Tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 51(3), agus torthaí na gcomhairliúchán sin a bheith curtha san áireamh, má fhaigheann an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

má thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57(2) a chur i bhfeidhm, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 50(2) ar choinníoll nach leasuithe suntasacha iad; nó

(b)

murar thángthas ar chomhaontú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

4.   Déanfar gníomhartha cláraithe agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 53

Leasú ar shonraíocht táirge

1.   Féadfaidh grúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

Tabharfar cur síos sna hiarratais ar na leasuithe a iarrtar agus na cúiseanna atá leo.

2.   I gcás ina mbaineann an leasú le leasú amháin nó níos mó ar an tsonraíocht nach mionleasuithe iad, leanfaidh an t-iarratas ar leasú an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 49 go 52.

Mar sin féin, más mionleasuithe iad na leasuithe atá beartaithe, déanfaidh an Coimisiún an t-iarratas a fhormheas nó diúltú dó. I gcás fhormheas leasuithe a thugann modhnú na n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 50(2) le fios, déanfaidh an Coimisiún na heilimintí sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Chun go measfar gur mionleasú a bheadh i leasú a dhéanfaí i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, ní dhéanfaidh an leasú sin na nithe seo a leanas:

(a)

ní bheidh baint aige le saintréithe bunúsacha an táirge;

(b)

ní athróidh sé an nasc dá dtagraítear i bpointe (f)(i) nó (ii) d’Airteagal 7(1);

(c)

ní bheidh athrú ar ainm an táirge ná ar aon chuid d’ainm an táirge mar chuid de;

(d)

ní dhéanfaidh sé difear don limistéar geografach sainithe; ná

(e)

ní chuirfidh sé le srianta ar thrádáil an táirge ná ar na hamhábhair atá ann.

Chun go measfar gur mionleasú a bheadh i leasú a dhéanfaí i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal III, ní dhéanfaidh an leasú na nithe seo a leanas:

(a)

ní bheidh baint aige le saintréithe bunúsacha an táirge;

(b)

ní dhéanfaidh sé athruithe bunúsacha ar an modh táirgíochta; ná

(c)

ní bheidh athrú ar ainm an táirge ná ar aon chuid d’ainm an táirge mar chuid de.

Is ag díriú ar an leasú atá molta a bheifear leis an ngrinnscrúdú ar an iarratas.

3.   Chun an próiseas riaracháin a bhaineann le hiarratas ar leasú a éascú, lena n-áirítear i gcás nuair nach mbaineann aon athrú ar dhoiciméad aonair leis an leasú agus i gcás lena mbaineann athrú sealadach ar an tsonraíocht leis de thoradh bearta éigeantacha sláintíocha nó fíteashláintíocha a fhorchuireann na húdaráis phoiblí, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56, lena gcomhlánaítear na rialacha maidir leis an bpróiseas i ndáil le hiarratas ar leasú.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratais ar leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

Airteagal 54

Cealú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú, sna cásanna seo a leanas:

(a)

mura n-áirithítear go bhfuil coinníollacha na sonraíochta á gcomhlíonadh;

(b)

mura gcuirtear táirge ar an margadh le linn seacht mbliana ar a laghad faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, faoin ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoin tásc geografach faoi chosaint.

Ar iarratas ó tháirgeoirí an táirge atá á mhargú faoin ainm cláraithe, féadfaidh an Coimisiún an clárú a fhreagraíonn don táirge sin a chealú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

2.   D’fhonn an chinnteacht dhlíthiúil a áirithiú go bhfuil an deis ag na páirtithe uile a gcearta agus a leasanna dlisteanacha a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 lena gcomhlánaítear na rialacha maidir leis an bpróiseas cealaithe.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta agus foirm an phróisis cealaithe, agus maidir le cur i láthair na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57(2).

TEIDEAL VI

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I

Feirmeoireacht áitiúil agus díolacháin dhíreacha

Airteagal 55

Feirmeoireacht áitiúil agus díolacháin dhíreacha a thuairisciú

Tráth nach déanaí ná an 4 Eanáir 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an gcás i gcomhair scéim lipéadaithe nua d’fheirmeoireacht áitiúil agus do dhíolachán díreach chun cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí a gcuid táirgí a mhargú go háitiúil. Díreofar sa tuarascáil sin ar chumas an fheirmeora breisluach a chur lena tháirgí tríd an lipéad nua, agus ba cheart critéir eile a chur san áireamh inti, amhail na deiseanna chun astaíochtaí carbóin agus dramhaíl a laghdú trí shlabhraí táirgeachta agus dáileacháin atá gearr.

Beidh tograí reachtacha iomchuí maidir le cruthú scéim lipéadaithe d’fheirmeoireacht áitiúil agus do dhíolachán díreach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

CAIBIDIL II

Rialacha nós imeachta

Airteagal 56

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha tarmligthe iad dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), in Airteagal 5(4), sa chéad fhomhír d’Airteagal 7(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(5), in Airteagal 16(2), Airteagal 18(5), sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 23(4), in Airteagal 25(3), Airteagal 29(4), Airteagal 30, Airteagal 31(3) agus (4), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 49(7), sa chéad fhomhír d’Airteagal 51(6), sa chéad fhomhír d’Airteagal 53(3) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 54(2) tabharfar an chumhacht sin don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 3 Eanáir 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a tharraingt suas. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), in Airteagal 5(4), sa chéad fhomhír d’Airteagal 7(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(5), in Airteagal 16(2), in Airteagal 18(5), sa chéad fhomhír d’Airteagal 19(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 23(4), in Airteagal 25(3), Airteagal 29(4), Airteagal 30, Airteagal 31(3) agus (4), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2), sa chéad fhomhír d’Airteagal 49(7), sa chéad fhomhír d’Airteagal 51(6), sa chéad fhomhír d’Airteagal 53(3) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 54(2), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a aisghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí arna sonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Maidir le gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun na dara fomhíre d’Airteagal 2(1), Airteagal 5(4), na chéad fomhíre d’Airteagal 7(2), na chéad fomhíre d’Airteagal 12(5), Airteagal 16(2), Airteagal 18(5), na chéad fomhíre d’Airteagal 19(2), na chéad fomhíre d’Airteagal 23(4), Airteagal 25(3), Airteagal 29(4), Airteagal 30, Airteagal 31(3) agus (4), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2), na chéad fomhíre d’Airteagal 49(7), na chéad fomhíre d’Airteagal 51(6), na chéad fomhíre d’Airteagal 53(3) agus na chéad fomhíre d’Airteagal 54(2), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle faoi cheann tréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 57

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL III

Aisghairm agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 58

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

Leanfaidh Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 d’fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le hiarratais a bhaineann le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme Theideal III den Rialachán seo, agus ar iarratais iad a fuair an Coimisiún tráth sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm le hAirteagal 12(3) agus le hAirteagal 23(3), áfach, ón 4 Eanáir 2016 gan dochar do tháirgí atá curtha cheana féin ar an margadh roimh an dáta sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Samhain 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 114.

(2)  IO C 192, 1.7.2011, lch. 28.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2012.

(4)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

(5)  IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.

(6)  IO L 42, 14.2.2006, lch. 1.

(7)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.

(8)  IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

(9)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(10)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(11)  IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

(12)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(13)  IO L 208, 24.7.1992, lch. 1.

(14)  IO L 299, 8.11.2008, lch. 25.

(15)  IO L 160, 26.6.1999, lch. 80.

(16)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

(17)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

(18)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

(19)  IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

(20)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(21)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

(22)  IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS BIA-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

I.

Ainmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

beoir,

seacláid agus táirgí díorthaithe,

arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,

deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

pasta,

salann,

gumaí agus roisíní nádúrtha,

leafaos mustaird,

féar tirim,

blátholaí,

corc,

carnaid,

bláthanna agus plandaí ornáideacha,

cadás,

olann,

caolach,

líon scobailte,

leathar,

fionnadh,

cleite.

II.

Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

béilí réamhullmhaithe,

beoir,

seacláid agus táirgí díorthaithe,

arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,

deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

pasta,

salann.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 58(2)

Rialachán (CE) Uimh. 509/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(1), pointe (a)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 2(1), pointe (b)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2(1), pointe (c)

Airteagal 2(1), pointe (d)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 2(2), an chéad fhomhír go dtí an tríú fomhír

Airteagal 2(2), an ceathrú fomhír

Airteagal 3

Airteagal 22(1)

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

Airteagal 18(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 4(3), an chéad fhomhír

Airteagal 4(3), an dara fomhír

Airteagal 18(4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 43

Airteagal 5(2)

Airteagal 42(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 6(1), pointe (a)

Airteagal 19(1), pointe (a)

Airteagal 6(1), pointe (b)

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 6(1), pointe (c)

Airteagal 19(1), pointe (c)

Airteagal 6(1), pointe (d)

Airteagal 6(1), pointe (e)

Airteagal 19(1), pointe (d)

Airteagal 6(1), pointe (f)

Airteagal 7(1) agus (2)

Airteagal 49(1)

Airteagal 7(3), pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 20(1), pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 7(3), pointe (c)

Airteagal 7(3), pointe (d)

Airteagal 7(4)

Airteagal 49(2)

Airteagal 7(5)

Airteagal 49(3)

Airteagal 7(6), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c)

Airteagal 49(4)

Airteagal 7(6), pointe (d)

Airteagal 20(2)

Airteagal 7(7)

Airteagal 49(5)

Airteagal 7(8)

Airteagal 49(6)

Airteagal 8(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír

Airteagal 50(2), pointe (b)

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 52(1)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 51(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 21(1) agus (2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 52(2)

Airteagal 9(5)

Airteagal 52(3) agus (4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 51(5)

Airteagal 10

Airteagal 54

Airteagal 11

Airteagal 53

Airteagal 12

Airteagal 23

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 14(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 46(1)

Airteagal 14(3)

Airteagal 37(3), an dara fomhír

Airteagal 15(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 37(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 15(4)

Airteagal 36(2)

Airteagal 16

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 24(1)

Airteagal 17(3)

Airteagal 24(2)

Airteagal 18

Airteagal 57

Airteagal 19(1), pointe (a)

Airteagal 19(1), pointe (b)

Airteagal 49(7), an dara fomhír

Airteagal 19(1), pointe (c)

Airteagal 49(7), an chéad fhomhír

Airteagal 19(1), pointe (d)

Airteagal 22(2)

Airteagal 19(1), pointe (e)

Airteagal 51(6)

Airteagal 19(1), pointe (f)

Airteagal 54(1)

Airteagal 19(1), pointe (g)

Airteagal 23(4)

Airteagal 19(1), pointe (h)

Airteagal 19(1), pointe (i)

Airteagal 19(2)

Airteagal 25(1)

Airteagal 19(3), pointe (a)

Airteagal 19(3), pointe (b)

Airteagal 25(2)

Airteagal 20

Airteagal 47

Airteagal 21

Airteagal 58

Airteagal 22

Airteagal 59

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I (Cuid II)


Rialachán (CE) Uimh. 510/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1) agus (2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2

Airteagal 5

Airteagal 3(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 41(1), (2) agus (3)

Airteagal 3 (2), (3) agus (4)

Airteagal 6(2), (3) agus (4)

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5(1)

Airteagal 3, pointe (2) agus Airteagal 49(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 49(1)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(4)

Airteagal 49(2)

Airteagal 5(5)

Airteagal 49(3)

Airteagal 5(6)

Airteagal 9

Airteagal 5(7)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(8)

Airteagal 5(9), an chéad fhomhír

Airteagal 5(9), an dara fomhír

Airteagal 49(5)

Airteagal 5(10)

Airteagal 49(6)

Airteagal 5(11)

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 50(1)

Airteagal 6(2), an chéad fhomhír

Airteagal 50(2), pointe (a)

Airteagal 6(2), an dara fomhír

Airteagal 52(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 51(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(2)

Airteagal 51(1), an dara fomhír

Airteagal 7(3)

Airteagal 10

Airteagal 7(4)

Airteagal 52(2) agus (4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 51(3) agus Airteagal 52(3) agus (4)

Airteagal 7(6)

Airteagal 11

Airteagal 7(7)

Airteagal 51(5)

Airteagal 8

Airteagal 12

Airteagal 9

Airteagal 53

Airteagal 10(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 46(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 37(3), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 37(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 11(4)

Airteagal 36(2)

Airteagal 12

Airteagal 54

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 15(1)

Airteagal 13(4)

Airteagal 15(2)

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 57

Airteagal 16, pointe (a)

Airteagal 5(4), an dara fomhír

Airteagal 16, pointe (b)

Airteagal 16, pointe (c)

Airteagal 16, pointe (d)

Airteagal 49(7)

Airteagal 16, pointe (e)

Airteagal 16, pointe (f)

Airteagal 51(6)

Airteagal 16, pointe (g)

Airteagal 12(7)

Airteagal 16, pointe (h)

Airteagal 16, pointe (i)

Airteagal 11(3)

Airteagal 16, pointe (j)

Airteagal 16, pointe (k)

Airteagal 54(2)

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 47

Airteagal 19

Airteagal 58

Airteagal 20

Airteagal 59

Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I (Cuid I)


14.12.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/30


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1152/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle maidir le caomhnú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá rochtain chomhionann ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní an Aontais, faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaireachta.

(2)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle (3) do mhaolú ar riail na rochtana comhionainne, ar maolú é lena n-údaraítear do Bhallstáit iascaireacht a shrianadh do shoithí áirithe in uiscí suas le 12 mhuirmhíle óna mbunlínte.

(3)

An 13 Iúil 2011, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, thíolaic an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na socruithe a bhaineann le rochtain ar acmhainní iascaigh laistigh den chrios 12 mhuirmhíle. Bhí sé mar chonclúid ag an tuarascáil sin go bhfuil an córas rochtana an-chobhsaí agus go bhfuil sé ag feidhmiú go sásúil ar bhonn leanúnach ó 2002 ar aghaidh.

(4)

Tá na rialacha atá i bhfeidhm lena gcuirtear srian ar rochtain ar acmhainní iascaigh laistigh den chrios 12 mhuirmhíle tar éis éifeachtaí dearfacha a bheith acu ar an gcaomhnú trí iarracht iascaireachta a shrianadh sa chuid is íogaire d’uiscí an Aontais. Trí bhíthin na rialacha sin, rinneadh gníomhaíochtaí traidisiúnta iascaireachta a chaomhnú freisin, gníomhaíochtaí atá tábhachtach ó thaobh forbairt shóisialta agus eacnamaíochta de i bpobail áirithe cois cósta.

(5)

Tháinig an maolú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003 agus tá sé le dul in éag an 31 Nollaig 2012. Ba cheart fadú a chur lena bhailíocht go dtí go nglacfar rialachán nua, ar rialachán é a bheidh bunaithe ar an togra ón gCoimsiún le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002:

“2.   Sna huiscí suas le 12 mhuirmhíle ó bhunlínte faoina gceannasacht nó faoina ndlínse, beidh údarás ag Ballstáit ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2014 an iascaireacht a shrianadh do shoithí iascaireachta ar gnách leo bheith ag iascaireacht sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta in aice láimhe. Beidh an méid seo gan dochar do na socruithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil bratach Ballstát eile ar foluain acu faoi chaidrimh chomharsanachta atá ann cheana féin idir Ballstáit agus na socruithe atá ann in Iarscríbhinn I, lena socraítear do gach Ballstát na criosanna geografacha laistigh de na bandaí ar chóstaí na mBallstát eile ina dtugtar faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta agus na speicis lena mbaineann.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 21 Samhain 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 351, 15.11.2012, lch. 89.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2012.

(3)  IO L 358, 31.12.2002, lch. 59.