ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.237.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
3 Meán Fómhair 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 765/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 237 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

3.9.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 765/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 28 Iúil 2011, ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóidí (“DSB”) na hEagraíochta Domhanda Trádála (“WTO”) an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc agus an Tuarascáil ón bPainéal arna modhnú leis an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc (“na Tuarascálacha”) sa díospóid “Na Comhphobail Eorpacha — Bearta Cinntitheacha Frithdhumpála maidir le Ceanglóirí Áirithe Iarainn nó Cruach ón tSín” (2).

(2)

Sna tuarascálacha sin, fuarthas, inter alia, nach raibh Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad (3) (“An bun-Rialachán Frithdhumpála”) comhsheasmhach le hAirteagal 6.10, le hAirteagal 9.2 ná le hAirteagal 18.4 de Chomhaontú Frithdhumpála WTO ná le hAirteagal XVI:4 de Chomhaontú WTO. Déantar foráil le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán Frithdhumpála, go mbeidh táirgeoirí onnmhairiúcháin aonair, i dtíortha a bhfuil geilleagar nach geilleagar margaidh é iontu is tíortha nach bhfaigheann cóir gheilleagair margaidh de bhun phointe (c) d’Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán Frithdhumpála, faoi réir ráta dleachta uile-tíre murar féidir le honnmhaireoirí den sórt sin a thaispeáint go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le cóir aonair (“CA”) a leagtar amach in Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán Frithdhumpála.

(3)

Fuair an Comhlacht Achomhairc go ndéantar le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán Frithdhumpála toimhde a bhunú ar dá réir nach bhfuil táirgeoirí onnmhairiúcháin a oibríonn i dtíortha a bhfuil geilleagar nach geilleagar margaidh é iontu i dteideal CA a fháil agus, le go gcáileoidís do CA, go bhfuil an dualgas orthu a thaispeáint go gcomhlíonann siad critéir na tástála CA. Dar leis an gComhlacht Achomhairc, ní dhéantar foráil do bhunús dlíthiúil le haghaidh toimhde den sórt sin i gcomhaontuithe ábhartha WTO.

(4)

Thug an Comhlacht Achomhairc soiléiriú, áfach, le linn dó corrlach dumpála aonair agus dleacht frithdhumpála aonair a chinneadh le haghaidh líon onnmhaireoirí, go mbraithfidh comhsheasmhacht an chinnidh sin le hAirteagal 6.10 agus le hAirteagal 9.2 de Chomhaontú Frithdhumpála WTO ar staideanna a bheith ann lena léirítear go bhfuil dhá onnmhaireoir nó níos mó i gcaidreamh de chineál ar dá bharr gur cheart cóir a chur orthu mar eintiteas amháin, cé go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí le staideanna den sórt sin: (i) naisc chorparáideacha agus struchtúracha a bheith ann idir na honnmhaireoirí, amhail comhrialú, scairsheilbh choiteann agus comhbhainistíocht; (ii) naisc chorparáideacha agus struchtúracha a bheith ann idir an Stát agus na honnmhaireoirí, amhail comhrialú, scairsheilbh choiteann agus comhbhainistíocht; agus (iii) rialú nó tionchar ábhartha a bheith ag an Stát ar an bpraghsáil agus ar an aschur. Maidir leis an méid sin, ba cheart na téarmaí sna leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán Frithdhumpála lena léirítear na staideanna sin a léamh i bhfianaise shoiléirithe an Chomhlachta Achomhairc, ach é sin gan dochar do théarmaí ina n-úsáidtear an fhoclaíocht chéanna nó foclaíocht chomhchosúil i bhforálacha eile den bhun-Rialachán Frithdhumpála.

(5)

An 18 Lúnasa 2011, thug an tAontas fógra do DSB go bhfuil rún aige moltaí agus rialuithe DSB maidir leis an díospóid seo a chur chun feidhme ar shlí ina n-urramaítear oibleagáidí WTO an Aontais.

(6)

Chun na críche sin, is gá forálacha Airteagal 9(5) den bhun-Rialachán Frithdhumpála a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009:

“5.   Déanfar dleacht frithdhumpála a fhorchur sna méideanna iomchuí i ngach cás, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ar allmhairí táirge, ó na foinsí uile, a fuarthas gur dumpáladh iad agus gur nithe iad a dhéanann díobháil, seachas allmhairí ó na foinsí sin ar glacadh le gealltanais uathu faoi théarmaí an Rialacháin seo.

Sa Rialachán lena bhforchuirtear na bearta frithdhumpála, sonrófar an dleacht le haghaidh gach soláthraí nó, más rud é gur neamhphraiticiúil é sin a dhéanamh, le haghaidh na tíre soláthair lena mbaineann. Féadfar a mheas, mar sin féin, ar mhaithe leis an dleacht a shonrú, gur eintiteas amháin atá i soláthraithe atá leithleach go dlíthiúil ó sholáthraithe eile nó atá leithleach go dlíthiúil ón Stát. Chun an fhomhír seo a chur i bhfeidhm, féadfar fachtóirí amhail na fachtóirí seo a leanas a chur san áireamh: naisc struchtúracha nó chorparáideacha a bheith ann idir na soláthraithe agus an Stát nó idir soláthraithe, rialú nó tionchar ábhartha a bheith ag an Stát ar an bpraghsáil agus ar an aschur, nó struchtúr eacnamaíoch na tíre soláthair.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir leis na himscrúduithe uile arna dtionscnamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Meitheamh 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2012.

(2)  WTO, Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, AB-2011-2, WT/DS397/AB/R, an 15 Iúil 2011. WTO, Tuarascáil ón bPainéal, WT/DS397/R, an 3 Nollaig 2010.

(3)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 51.