ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.228.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
23 Lúnasa 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 741/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Lúnasa 2012 lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 228 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

23.8.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 741/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Lúnasa 2012

lena leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 257 agus an dara mír d’Airteagal 281 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhonn rannpháirtíocht na mBreithiúna uile i gcinntí Mhór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais a mhéadú, ba cheart go gcuirfí le líon na mBreithiúna a fhéadfaidh páirt a ghlacadh sa Mhór-Dhlísheomra, agus ba cheart go dtiocfadh deireadh le rannpháirtíocht uathoibríoch Uachtaráin uile na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu.

(2)

Ba cheart coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar chóram an Mhór-Dhlísheomra agus ar chóram na Cúirte iomláine.

(3)

Leis an méadú atá tagtha ar na freagrachtaí atá ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus ar Uachtarán na Cúirte Ginearálta, is gá oifig Leasuachtaráin a bhunú i ngach ceann den dá chúirt sin chun cúnamh a thabhairt don Uachtarán i gcomhlíonadh na bhfreagrachtaí sin.

(4)

Mar thoradh ar an leathnú comhleanúnach atá ag teacht ar a dlínse ón uair a bunaíodh í, tá líon na gcásanna atá á dtabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta ag dul i méid go leanúnach.

(5)

Is airde líon na gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Ginearálta ná líon na gcásanna a thriailtear os a comhair gach bliain, rud arb é an toradh atá air go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte sin, agus go bhfuil fad tagtha ar ré na n-imeachtaí.

(6)

Tá gá leanúnach le dul i ngleic leis na moilleanna a eascraíonn as ualach oibre trom na Cúirte Ginearálta, agus is iomchuí, dá bhri sin, féachaint le bearta iomchuí a chur i bhfeidhm faoin tráth a dhéanfar páirt-athnuachan ar chomhaltas na Cúirte sin sa bhliain 2013.

(7)

D’fhonn an pháirt-athnuachan a dhéanamh ar an gCúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2012 agus i gcomhréir le litir Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 8 Bealtaine 2012, ba cheart, mar chéim thosaigh, go nglacfaí na leasuithe ar an Reacht a bhaineann le heagrú na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, agus na leasuithe sin amháin. Maidir leis an gcuid sin den iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais a bhaineann le comhaltas na Cúirte Ginearálta, ba cheart go gcuirfí an scrúdú uirthi siar go dtí céim is déanaí.

(8)

I bhfianaise an phráinn a bhaineann le teacht ar réiteach lena ráthófar a fheidhmiú cuí, ba cheart na leasuithe a bhaineann le Binse na Seirbhíse Sibhialta mar aon leis na leasuithe a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais a ghlacadh.

(9)

Chun go mbeidh na cúirteanna speisialaithe in ann leanúint orthu ag feidhmiú go sásúil le linn do Bhreitheamh a bheith as láthair, ar Breitheamh é nach féidir dó a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail ar feadh tréimhse fhada, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá an Breitheamh, ba cheart a fhoráil go bhféadfaí Breithiúna sealadacha a chur ag gabháil leis na cúirteanna sin.

(10)

Ba cheart Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán agus Leasuachtarán na Cúirte Breithiúnais as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh.

Beidh an Leasuachtarán de chúnamh ag an Uachtarán i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta. Glacfaidh sé ionad an Uachtaráin nuair nach féidir don Uachtarán a bheith i láthair nó nuair a bheidh oifig an Uachtaráin folamh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 16:

“Cúig Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Leasuachtarán na Cúirte agus, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, triúr Uachtarán as líon Uachtarán na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír agus an ceathrú mír d’Airteagal 17:

“Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má tá aon Bhreitheamh déag ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má tá seacht mBreitheamh déag ina suí.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír d’Airteagal 20:

“Is éard é an nós imeachta ó bhéal, an Chúirt d’éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin finnéithe agus saineolaithe, má bhíonn siad ann, a éisteacht.”;

(5)

cuirtear an dá mhír seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 39:

“Féadfaidh Leasuachtarán na Cúirte Breithiúnais, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta, na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú.

Mura féidir don Uachtarán agus don Leasuachtarán a bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a n-ionad faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d’Airteagal 47:

“Beidh feidhm ag an gcéad mhír d’Airteagal 9, ag Airteagal 9a, ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15, agus ag an gcéad, an dara, an ceathrú agus an cúigiú mír d’Airteagal 17 agus ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus a comhaltaí.”;

(7)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 62c:

“Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Breithiúna sealadacha a chur ag gabháil leis na cúirteanna speisialaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna nach féidir dóibh, ar feadh tréimhse fhada, a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá siad. Sa chás sin, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na coinníollacha faoina ndéanfar na Breithiúna sealadacha a cheapadh, agus leagfaidh siad síos na cearta a bheidh acu agus na dualgais a bheidh orthu, agus na rialacha mionsonraithe lena rialófar comhlíonadh a ndualgas agus na himthosca ina scoirfidh siad de chomhlíonadh na ndualgas sin.”.

Airteagal 2

In Airteagal 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfar mír 1 den téacs atá ann faoi láthair agus cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“2.   Ceapfar Breithiúna sealadacha, i dteannta leis na Breithiúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhreithiúna, ar Breithiúna iad nach féidir dóibh, ar feadh tréimhse fhada, a bheith rannpháirteach i gcásanna a thriail, cé nach faoi mhíchumas a mheastar a bheith iomlán atá siad.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointí 1, 2, 3, 5 agus 6 d’Airteagal 1 ón gcéad uair a n-athrófar cuid de na Breithiúna, ar ní é dá bhforáiltear sa chéad mhír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 11 Lúnasa 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an an 5 Iúil 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Iúil 2012.