ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.172.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

55
30 Meitheamh 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 529/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 ón gComhairle maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 530/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach

3

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas ( 2 )

10

 


 

(1)   Faoin tagairt L 172 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 529/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2012

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 ón gComhairle maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an gComhaontú um chomhpháirtíocht agus comhar lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Cónaidhm na Rúise, den pháirt eile (2) (“CCC”), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 1997.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 21(1) de CCC go bhfuiltear chun an trádáil i dtáirgí áirithe cruach a rialáil le Teideal III de CCC, cé is moite d’Airteagal 15 de, agus le forálacha comhaontaithe ar shocruithe cainníochtúla.

(3)

An 26 Deireadh Fómhair 2007, thug an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Chónaidhm na Rúise Comhaontú den sórt sin maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach (3) (“an Comhaontú”) i gcrích.

(4)

An 22 Deireadh Fómhair 2007, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 (4) chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

(5)

Sa Chomhaontú leagtar síos gurb amhlaidh, i gcás ina n-aontaíonn Cónaidhm na Rúise don Eagraíocht Dhomhanda Trádála roimh dhul in éag don Chomhaontú, go ndéanfar an Comhaontú a fhoirceannadh agus, dá thoradh sin, go ndíothófar na teorainneacha cainníochtúla amhail ó dháta an aontachais.

(6)

An dáta a n-aontóidh Cónaidhm na Rúise don Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ní bheidh gá a thuilleadh leis an Rialachán chun an Comhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 a aisghairm le héifeacht ón dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar an dáta a n-aontaíonn Cónaidhm na Rúise don Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i ndáil leis sin, lena gcuirfear an dáta sin in iúl.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Meitheamh 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2012.

(2)  IO L 327, 28.11.1997, lch. 3.

(3)  IO L 300, 17.11.2007, lch. 52.

(4)  IO L 300, 17.11.2007, lch. 1.


30.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


RIALACHÁN (AE) Uimh. 530/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2012

maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar mhodh luathaithe do thancaeir ola aonchabhlach (3) a leasú go substainteach roinnt uaireanta (4). Ós rud é go bhfuil gá le tuilleadh leasuithe, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, ba cheart bearta a dhéanamh chun sábháilteacht a fheabhsú agus chun truailliú a chosc ó thaobh muiriompair de.

(3)

Is ábhar mór imní don Aontas tionóiscí loingis a mbíonn tancaeir ola bainteach leo agus an truailliú a dhéanann na tionóiscí sin dá imeallbhoird agus an dochar a dhéantar dá fhlóra agus fauna agus d’acmhainní eile mara.

(4)

Ina theachtaireacht ar chomhbheartas maidir le sábháilteacht ar muir, chuir an Coimisiún béim ar an iarraidh a rinne an Chomhairle urghnách maidir leis an gComhshaol agus Iompar an 25 Eanáir 1993 tacú le gníomhaíocht na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) an bhearna sábháilteachta idir longa nua agus longa atá ann cheana féin a chúngú trí longa atá ann cheana féin a uasghrádú agus/nó a chéimniú amach.

(5)

Lena Rún an 8 Meitheamh 1993 i leith comhbheartais maidir le sábháilteacht ar muir (5), thacaigh an Chomhairle go huile agus go hiomlán le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún.

(6)

Ina Rún an 11 Márta 1994 i leith comhbheartais maidir le sábháilteacht ar muir (6), d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh an teachtaireacht ón gCoimisiún agus d’iarr sí, go háirithe, go ndéanfaí gníomhaíocht chun caighdeáin sábháilteachta tancaer a fheabhsú.

(7)

Ina Rún an 20 Eanáir 2000 i leith thubaiste an leo ola mar thoradh ar longbhriseadh an Erika (7), d’fháiltigh Parlaimint na hEorpa roimh dhícheall an Choimisiúin an dáta a thabhairt ar aghaidh faoina mbeadh sé d’oibleagáid ar thancaeir ola cabhail dhúbailte a bheith iontu.

(8)

Ina Rún an 21 Samhain 2002 i leith thubaiste an tancaeir ola “Prestige” a tharla amach ó chósta na Gailíse (8), d’iarr Parlaimint na hEorpa go mbeadh bearta níos láidre ann is féidir teacht i bhfeidhm níos sciobtha, agus mhaígh sí gur léiriú eile a bhí sa tubaiste sin go bhfuil gá le gníomhaíocht éifeachtach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun feabhas mór a chur ar shábháilteacht mhuirí.

(9)

Trí bhíthin an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973 agus trí bhíthin Phrótacal 1978 atá bainteach leis sin (Marpol 73/78), bhunaigh an IMO rialacha idirnáisiúnta maidir le truailliú a chosc, ar rialacha iad a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, agus a dhéanann difear do dhearadh agus d’oibriú thancaer ola. Is Páirtithe i Marpol 73/78 iad na Ballstáit.

(10)

De réir Airteagal 3.3 de Marpol 73/78, ní bhaineann an Coinbhinsiún sin le longa cogaidh, le longa cúntacha cabhlaigh ná le longa eile faoi úinéireacht Stáit nó atá á n-oibriú ag Stát agus nach n-úsáidtear, ach amháin i gcomhair seirbhísí neamhthráchtála rialtais.

(11)

Léiríonn an staidreamh maidir le haois agus tionóiscí tancaer go bhfuil méadú ag teacht ar an ráta tionóiscí a bhaineann do sheanlonga. Táthar ar aon fhocal ar an leibhéal idirnáisiúnta go mbeidh leibhéal níos airde cosanta i gcoinne truailliú taismeach le hola i gcás imbhualadh nó tráchur ag tancaeir ola aonchabhlach atá ann cheana féin tar éis ghlacadh leasuithe 1992 ar Marpol 73/78 lena gceanglaítear go ndéanfar caighdeáin cabhlach dúbailte nó caighdeáin deartha choibhéiseacha a chur i bhfeidhm maidir le tancaeir ola aonchabhlach nuair a bheidh aois áirithe slánaithe acu.

(12)

Is chun leas an Aontais Eorpaigh é bearta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, arna athbhreithniú in 2004 le Rún MEPC 117(52) a ghlac Coiste Cosanta Comhshaoil Mhuirí (MEPC) IMO, á chomhlíonadh ag tancaeir ola a thagann isteach i gcalafoirt agus i gcríochfoirt amach ón gcósta, nó a théann ar ancaire i limistéar atá faoi dhlínse na mBallstát, nó ag tancaeir ola a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, chun an baol go dtarlódh truailliú taismeach ola in uiscí na hEorpa a laghdú.

(13)

Trí bhíthin Rún MEPC 114(50), a glacadh an 4 Nollaig 2003, tugadh isteach Rialachán 21 nua in Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 maidir le cosc a chur ar thruailliú ó thancaeir ola a bhfuil ola de ghrád trom (HGO) ar iompar acu lena gcuirtear cosc ar HGO a iompar i dtancaeir ola aonchabhlach. I mír 5, mír 6, agus mír 7 de Rialachán 21 déantar foráil don fhéidearthacht díolúintí a bheith ann ó chur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin. Sa ráiteas a rinne Uachtaránacht na hIodáile ar an gComhairle Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus a taifeadadh i dtuairisc oifigiúil an MEPC ar a 50ú seisiún (MEPC 50/3), tugtar gealltanas polaitiúil go staonfar ó úsáid a bhaint as na díolúintí sin.

(14)

Tháinig leasuithe ar Marpol 73/78, arna nglacadh ag an IMO an 6 Márta 1992, i bhfeidhm an 6 Iúil 1993. Leis na bearta sin, forchuirtear ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha ar thancaeir ola a seachadadh an 6 Iúil 1996, nó ina dhiaidh sin, agus is é is aidhm leo cosc a chur ar thruailliú le hola i gcás imbhualadh nó tráchur. De réir bhrí na leasuithe sin, tháinig éifeacht an 6 Iúil 1995 le scéim céimnithe amach do thancaeir ola aonchabhlach lenar ceanglaíodh go ndéanfadh tancaeir ola a seachadadh roimh an 1 Meitheamh 1982 na caighdeáin cabhlach dúbailte nó caighdeáin deartha choibhéiseacha a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 25 bliana agus, i gcásanna áirithe, 30 bliain tar éis dháta a seachadta. Ní cheadófaí do thancaeir ola aonchabhlach den sórt sin atá ann faoi láthair a bheith i mbun oibríochta tar éis 2005 agus, i gcásanna áirithe, tar éis 2012, mura rud é go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78. I gcás tancaer ola aonchabhlach a seachadadh tar éis an 1 Meitheamh 1982 nó i gcás iad siúd a seachadadh roimh an 1 Meitheamh 1982 agus a tiontaíodh chun go ndéanfaidís ceanglais Marpol 73/78 maidir le humair bhallasta dheighilte agus a n-ionad cosanta a chomhlíonadh, beidh an spriocdháta istigh sa bhliain 2026 ar a dhéanaí.

(15)

Glacadh leasuithe tábhachtacha ar Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 an 27 Aibreán 2001 sa 46ú seisiún de MEPC trí Rún MEPC 95(46) agus an 4 Nollaig 2003, trí Rún MEPC 111(50) lenar tugadh isteach scéim nua chun tancaeir ola aonchabhlach a chéimniú amach ar mhodh luathaithe. Ar mhéid agus ar aois na long a bhraitheann na dátaí deiridh faoinar gá do na tancaeir ola Rialachán 19 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 a chomhlíonadh. Déantar, dá bhrí sin, tancaeir ola atá sa scéim sin a roinnt ina dtrí chatagóir de réir a dtonnáiste, a ndéantúis agus a n-aoise. Tá tábhacht ag baint leis na catagóirí sin ar fad, lena n-áirítear an chatagóir is ísle, Catagóir 3, ó thaobh trádála de laistigh den Aontas.

(16)

Is é cothromdháta seachadta na loinge an dáta deiridh faoina mbeidh tancaer ola aonchabhlach le céimniú amach, de réir sceidil dar tús 2003 agus dar críoch 2005 i gcás tancaer ola de Chatagóir 1, agus dar críoch 2010 i gcás tancaer ola de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3.

(17)

Tugtar isteach, le Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, an ceanglas nach bhféadfaidh aon tancaer ola aonchabhlach leanúint de bheith ag oibriú ach amháin sa chás ina mbeidh an Scéim um Bailmheasúnú (SBM), arna glacadh an 27 Aibreán 2001 le Rún MEPC 94(46) arna leasú le Rún MEPC 99(48) an 11 Deireadh Fómhair 2002 agus le Rún MEPC 112(50) an 4 Nollaig 2003, á comhlíonadh aige. Déantar, le SBM, oibleagáid a fhorchur go n-eiseoidh córas riaracháin an Stáit bhrataí Ráiteas Comhlíontachta agus go nglacfaidh sé páirt i nósanna imeachta suirbhé an SBM. Ceaptar SBM chun laigí struchtúracha i dtancaeir ola atá ag dul in aois a bhrath agus ba cheart feidhm a bheith aici maidir le gach tancaer ola atá níos sine ná 15 bliana.

(18)

I Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 ceadaítear eisceacht i gcás tancaer ola de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 lena gceadaítear dóibh oibriú, faoi imthosca áirithe, tar éis teorainn ama a gcéimnithe amach. Le Rialachán 20.8.2 den Iarscríbhinn chéanna, tugtar an ceart do na Páirtithe i Marpol 73/78 cead isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoina ndlínse a dhiúltú do thancaeir ola a bhfuil cead acu oibriú faoin eisceacht sin. Tá sé dearbhaithe ag na Ballstáit go bhfuil sé ar intinn acu an ceart sin a fheidhmiú. Ba cheart aon chinneadh dul i muinín an chirt sin a chur in iúl don IMO.

(19)

Tá sé tábhachtach a áirithiú nach é a bheidh mar thoradh ar fhorálacha an Rialacháin seo sábháilteacht an chriú ná sábháilteacht tancaer ola a chur i mbaol agus iad ar lorg cuain shábháilte nó áit dídine.

(20)

Ionas go bhféadfaidh longchlóis sna Ballstáit tancaeir ola aonchabhlach a dheisiú, féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí a dhéanamh chun ligean do longa den sórt sin teacht isteach ina gcalafoirt, ar choinníoll nach bhfuil aon lastas iontu.

(21)

Ní móide go ndéanfadh an IMO aon mhodhnú ar a bhfuil sna Rialacháin ábhartha atá in Marpol 73/78 ná ar Rún MEPC 111(50) agus Rún MEPC 94(46) arna nglacadh ag an MEPC dá dtagraítear sa Rialachán seo. D’fhéadfaí, áfach, leasuithe neamhshubstaintiúla, amhail athuimhriú, a dhéanamh ar na téacsanna sin. Chun an Rialachán seo a choinneáil cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí is deireanaí ar an dlí idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na leasuithe sin, agus leo sin amháin, a mhéid nach leathnóidh siad raon feidhme an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo ná scéim luathaithe don chéimniú isteach a bhunú chun na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Marpol 73/78, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm maidir le tancaeir ola aonchabhlach, agus d’fhonn cosc a chur ar ola de ghrád trom a bheith á hiompar i dtancaeir ola aonchabhlach isteach i gcalafoirt na mBallstát, nó amach astu.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 5 000 tona nó níos mó ná sin:

(a)

a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu;

(b)

is cuma cén bratach atá ar foluain acu, atá ag teacht isteach i gcalafort nó i gcríochfort amach ón gcósta, nó ag imeacht astu, nó atá ar ancaire i limistéar atá faoi dhlínse Ballstáit.

Chun críocha Airteagal 4(3), beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 600 tona nó níos mó ná sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon long chogaidh, long chúntach chabhlaigh ná long eile atá faoi úinéireacht Stáit nó atá á hoibriú ag Stát agus nach mbíonn in úsáid, de thuras na huaire, ach amháin le haghaidh seirbhísí rialtais neamhthráchtála. Féachfaidh na Ballstáit, a oiread is praiticiúil agus is réasúnta, leis an Rialachán seo a urramú i gcás na long dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Marpol 73/78” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, arna leasú le Prótacal 1978 atá bainteach leis sin, sna leaganacha nuashonraithe díobh;

(2)

ciallaíonn “tancaer ola” tancaer ola mar a shainmhínítear é i Rialachán 1.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(3)

ciallaíonn “meálasta” meálasta mar a shainmhínítear é i Rialachán 1.23 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(4)

ciallaíonn “tancaer ola de Chatagóir 1” tancaer ola ag a bhfuil meálasta 20 000 tona nó níos mó ná sin agus ina bhfuil amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe á hiompar mar lasta nó tancaer ola ag a bhfuil meálasta 30 000 tona nó níos mó ná sin agus ina bhfuil ola seachas na holaí thuasluaite á hiompar agus nach gcomhlíonann ceanglais Rialacháin 18.1 go 18.9, 18.12 go 18.15, 30.4, 33.1, 33.2, 33.3, 35.1, 35.2 agus 35.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(5)

ciallaíonn “tancaer ola de Chatagóir 2” tancaer ola ag a bhfuil meálasta 20 000 tona nó níos mó ná sin agus ina bhfuil amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe á hiompar mar lasta, nó tancaer ola ag a bhfuil meálasta 30 000 tona nó níos mó agus ina bhfuil ola seachas na holaí thuasluaite á hiompar agus a chomhlíonann ceanglais Rialacháin 18.1 go 18.9, 18.12 go 18.15, 30.4, 33.1, 33.2, 33.3, 35.1, 35.2 agus 35.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 agus a bhfuil umair bhallasta dheighilte feistithe ann in ionad cosanta (SBT/PL);

(6)

ciallaíonn “tancaer ola de Chatagóir 3” tancaer ola ag a bhfuil meálasta 5 000 tona nó níos mó ná sin, ach go bhfuil an meálasta sin níos lú ná an meálasta atá sonraithe i bpointe (4) agus i bpointe (5);

(7)

ciallaíonn “tancaer ola aonchabhlach” tancaer ola nach gcomhlíonann na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 agus Rialachán 28.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(8)

ciallaíonn “tancaer ola cabhlach dúbailte” tancaer ola:

(a)

ag a bhfuil meálasta 5 000 tona nó níos mó agus a chomhlíonann na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 agus Rialachán 28.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 nó leis na ceanglais atá i Rialachán 20.1.3 den Iarscríbhinn sin; nó

(b)

ag a bhfuil meálasta 600 tona nó níos mó ach is lú ná meálasta 5 000 tona agus atá feistithe le humair thóin dúbailte nó spásanna dúbailte a chomhlíonann Rialachán 19.6.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78 agus atá feistithe le humair chliathánacha nó spásanna cliathánacha atá socraithe i gcomhréir le Rialachán 19.3.1 den Iarscríbhinn sin agus a chomhlíonann an ceanglas maidir le hachar w i Rialachán 19.6.2. den Iarscríbhinn sin;

(9)

ciallaíonn “aois” aois na loinge, arna sloinneadh i líon blianta ó dháta a seachadta;

(10)

ciallaíonn “ola throm dhíosail” ola dhíosail mar a shainmhínítear í i Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(11)

ciallaíonn “ola bhreosla” driogáití troma amhola nó iarmhair díobh nó cumaisc d’ábhair den sórt sin mar a shainmhínítear iad i Rialachán 20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(12)

ciallaíonn “ola de ghrád trom”:

(a)

amholaí ag a bhfuil dlús os cionn 900 kg/m3 ag 15 °C (a chomhfhreagraíonn do ghrád API is lú ná 25,7);

(b)

olaí seachas amholaí agus ag a bhfuil dlús os cionn 900 kg/m3 ag 15 °C, nó ag a bhfuil slaodacht chinéimiteach os cionn 180 mm2/s ag 50 °C (a chomhfhreagraíonn do shlaodacht chinéimiteach atá os cionn 180 cSt);

(c)

biotúman agus tarra agus eibleachtaí díobh.

Airteagal 4

Na ceanglais cabhlach dúbailte nó ceanglais deartha choibhéiseacha a bheith á gcomhlíonadh ag tancaeir ola aonchabhlach

1.   Ní cheadófar d’aon thancaer ola oibriú faoi bhratach Ballstáit ná ní cheadófar d’aon thancaer ola, is cuma cén bratach atá ar foluain aige, dul isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit mura rud é gur tancaer ola cabhlach dúbailte é an tancaer sin.

2.   In ainneoin mhír 1, maidir le tancaeir ola de Chatagóir 2 nó de Chatagóir 3 ar tóin dhúbailte nó taobhanna dúbailte amháin nach mbíonn in úsáid chun ola a iompar agus a chlúdaíonn fad iomlán an umair lastais atá feistithe iontu, nó maidir le tancaeir ola ar spásanna cabhlach dúbailte amháin nach mbíonn in úsáid chun ola a iompar agus a chlúdaíonn fad iomlán an umair lastais atá feistithe iontu, ach nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le díolúine ó fhorálacha Rialachán 20.1.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, féadfar leanúint de bheith á n-oibriú, ach ní fhéadfar leanúint den oibriú sin tar éis chothromdháta seachadta na loinge sa bhliain 2015 nó ón dáta a mbeidh aois 25 bliana slánaithe ag an long, cibé acu sin is túisce.

3.   Ní cheadófar d’aon thancaer ola a bhfuil ola de ghrád trom á hiompar aige bratach Ballstáit a bheith ar foluain aige mura rud é gur tancaer ola cabhlach dúbailte é an tancaer sin.

Ní cheadófar d’aon thancaer ola a bhfuil ola de ghrád trom á hiompar aige, is cuma cén bhratach a bheidh ar foluain aige, dul isteach i gcalafoirt ná i gcríochfoirt amach ón gcósta, ná imeacht astu, ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstát, mura rud é gur tancaer ola cabhlach dúbailte é an tancaer sin.

4.   Féadfar tancaeir ola a oibrítear go heisiach i gcalafoirt agus in uiscebhealaí intíre a dhíolmhú ó mhír 3 ar choinníoll go mbeidh siad deimhnithe go cuí faoin reachtaíocht maidir le huiscebhealaí intíre.

Airteagal 5

An Scéim um Bailmheasúnú a chomhlíonadh

Is cuma cén bhratach atá ar foluain aige, ní cheadófar d’aon tancaer ola aonchabhlach atá níos sine ná 15 bliana d’aois dul isteach i gcalafoirt ná críochfoirt amach ón gcósta, ná imeacht astu, ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstáit, mura rud é go bhfuil an Scéim um Bailmheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6 á comhlíonadh ag tancaer den sórt sin.

Airteagal 6

An Scéim um Bailmheasúnú

Chun críocha Airteagal 5, beidh feidhm ag an Scéim um Bailmheasúnú, a glacadh le Rún MEPC 94(46) an 27 Aibreán 2001 arna leasú le Rún MEPC 99(48) an 11 Deireadh Fómhair 2002 agus le Rún MEPC 112(50) an 4 Nollaig 2003.

Airteagal 7

Dáta deiridh

Tar éis chothromdháta seachadta na loinge in 2015, ní cheadófar a thuilleadh an méid seo a leanas:

(a)

tancaeir ola de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu leanúint orthu de bheith á n-oibriú, i gcomhréir le Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78;

(b)

tancaeir ola eile de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3 a theacht isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit, beag beann ar iad a bheith fós ag oibriú faoi bhratach tríú Stáit i gcomhréir le Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78.

Airteagal 8

Díolúintí do longa i gcruachás nó do longa atá le deisiú

De mhaolú ar Airteagal 4, Airteagal 5, agus Airteagal 7, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit, faoi réir forálacha náisiúnta, in imthosca eisceachtúla, cead a thabhairt do long ar leith dul isteach i gcalafort nó i gcríochfort amach ón gcósta, nó imeacht astu, nó dul ar ancaire i limistéar atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin, sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair atá tancaer ola i gcruachás agus é ar lorg áit dídine;

(b)

nuair atá tancaer ola díluchtaithe ag dul ar aghaidh chuig calafort deisiúcháin.

Airteagal 9

Fógra a thabhairt don IMO

1.   Ar bhonn Rialachán 20.8.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, déanfaidh gach Ballstát an IMO a chur ar an eolas maidir lena chinneadh cead isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoina dhlínse a dhiúltú do thancaeir ola, de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo, agus ar tancaer é atá ag oibriú i gcomhréir le Rialachán 20.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78.

2.   Ar bhonn Rialachán 20.8.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, maidir le gach Ballstát a dhéanfaidh oibriú tancaeir ola de Chatagóir 1 nó de Chatagóir 2 atá i dteideal bratach an Bhallstáit sin a bheith ar foluain aige, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, a cheadú, a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó a dhiúltú, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin don IMO.

Airteagal 10

An nós imeachta leasaithe

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 i dtaca leis na tagairtí sa Rialachán seo a ailíniú leis na leasuithe neamh-shubstaintiúla, amhail athuimhriú, arna nglacadh ag an IMO, ar Rialacháin Iarscríbhinn I a ghabhann le Marpol 73/78, agus freisin leis na tagairtí do Rún MEPC 111(50) agus do Rún MEPC 94(46), arna leasú le Rún MEPC 99(48) agus le Rún MEPC 112(50), a mhéid nach leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Féadfar na leasuithe ar Marpol 73/78 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú ó longa a chosc (9).

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Iúil 2012. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a thugtar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 417/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Meitheamh 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 43, 15.2.2012, lch. 98.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Meitheamh 2012.

(3)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 1.

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  IO C 271, 7.10.1993, lch. 1.

(6)  IO C 91, 28.3.1994, lch. 301.

(7)  IO C 304, 24.10.2000, lch. 198.

(8)  IO C 25 E, 29.1.2004, lch. 415.

(9)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

(dá dtagraítear in Airteagal 12)

Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 64, 7.3.2002, lch. 1.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.)

Airteagal 11, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1726/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 249, 1.10.2003, lch. 1.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2172/2004 ón gCoimisiún

(IO L 371, 18.12.2004, lch. 26.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 457/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 113, 30.4.2007, lch. 1.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 87, 31.3.2009, lch. 109.)

Pointe 7.4 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1163/2009 ón gCoimisiún

(IO L 314, 1.12.2009, lch. 13.)

 


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 417/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1), na focail tosaigh

Airteagal 2(1), na focail tosaigh

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1), na focail tosaigh

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1), pointe (a)

Airteagal 4(1), pointe (b)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7, na focail tosaigh

Airteagal 7, na focail tosaigh

Airteagal 7, an chéad fhleasc

Airteagal 7(a)

Airteagal 7, an dara fleasc

Airteagal 7(b)

Airteagal 7, na focail chríochnaitheacha

Airteagal 7, na focail tosaigh

Airteagal 8(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 8, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 8(1), an chéad fhleasc

Airteagal 8(a)

Airteagal 8(1), an dara fleasc

Airteagal 8(b)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 11

 

 

Airteagal 12

Airteagal 12, an chéad mhír

Airteagal 12, an dara mír

Airteagal 13

Airteagal 13

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


30.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/10


RIALACHÁN (AE) Uimh. 531/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2012

maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Chomhphobal (3), rinneadh leasuithe substainteacha arís agus arís eile air (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Maidir leis an gcuspóir an difríocht idir taraifí náisiúnta agus taraifí fánaíochta a laghdú, mar a áiríodh é i gCreat Tagarmharcála 2011-2015 an Choimisiúin, ar cuspóir é a d’fhormhuinigh Grúpa Ardleibhéil i2010 i mí na Samhna 2009 agus mar a áiríodh é sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Clár Digiteach don Eoraip”, ba cheart go leanfadh sé de bheith d’aidhm ag an Rialachán seo freisin. Ba cheart go méadófaí ar an iomaíocht agus go laghdófaí praghsanna do chustaiméirí agus go gcruthófaí margadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta san Aontas gan difríocht shuntasach a bheith idir taraifí náisiúnta agus taraifí fánaíochta le díol beartaithe ar leithligh na seirbhísí fánaíochta agus na seirbhísí baile. Is féidir le seirbhísí fánaíochta uile-Aontais forbairt mhargadh inmheánach teileachumarsáide san Aontas a spreagadh.

(3)

Ní féidir a rá go bhfuil margadh inmheánach teileachumarsáide ann fad atá difríochtaí suntasacha idir praghsanna baile agus praghsanna fánaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é a bheadh mar aidhm chríochnaitheach deireadh a chur leis an difríocht idir muirir bhaile agus muirir fhánaíochta, agus mar sin margadh inmheánach a bhunú do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste.

(4)

Maidir leis an leibhéal ard atá ar phraghsanna fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí atá iníoctha ag úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, amhail mic léinn, taistealaithe gnó agus turasóirí, tá sé ina chonstaic shuntasach ar a gcuid gléasanna soghluaiste a bheith á n-úsáid ag na húsáideoirí sin agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch laistigh den Aontas agus is ábhar imní é do thomhaltóirí, d’údaráis rialála náisiúnta, agus d’institiúidí an Aontais, rud ar bacainn shuntasach é ar an margadh inmheánach. Is ann do na muirir mhiondíola iomarcacha mar thoradh ar mhuirir mhórdhíola arda arna dtoibhiú ag oibreoir an líonra óstaigh choigríche agus freisin, i mórán cásanna, mar thoradh ar arduithe móra miondíola arna muirearú ag oibreoir líonra an chustaiméara féin. De dheasca easpa iomaíochta, is minic nach gcuirtear laghduithe ar mhuirir mhórdhíola ar aghaidh chuig an gcustaiméir miondíola. Cé go bhfuil roinnt oibreoirí tar éis scéimeanna taraifí a thabhairt isteach le gairid a thairgeann coinníollacha níos fabhraí agus praghsanna pas beag níos ísle do chustaiméirí, tá fianaise fós ann go bhfuil an gaol idir na costais agus na praghsanna an-éagsúil leis an ngaol a bheadh i réim i margaí iomaíocha.

(5)

Is ionann muirir arda fánaíochta agus bac ar iarrachtaí an Aontais a bheith ina gheilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis agus ar mhargadh inmheánach ina bhfuil 500 milliún custaiméir a chur i gcrích. Déantar trácht sonraí soghluaiste a éascú trí radaispeictream leordhóthanach a leithdháileadh chun go bhféadfaidh tomhaltóirí agus gnólachtaí seirbhísí guthghlaonna, SMS agus sonraí a úsáid áit ar bith san Aontas. Trí fhoráil a dhéanamh go leithdháilfear speictream leordhóthanach, iomchuí go tráthúil chun cuspóirí bheartais an Aontais agus chun gur fearr is féidir na héilimh mhéadaitheacha ar thrácht sonraí gan sreang a shásamh, déanfar, leis an gClár Beartais ilbhliantúil um an Speictream Raidió a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 243/2012/AE (5), an chonair a réiteach d’fhorbairt lena gceadófar don Aontas a bheith chun tosaigh ar an leibhéal domhanda ó thaobh luasanna leathanbhanda, soghluaisteachta, cumhdaigh agus cumais de, agus leis sin éascófar teacht chun cinn samhlacha agus teicneolaíochtaí gnó nua, agus, ar an dóigh sin, rannchuideofar leis na fadhbanna struchtúracha atá ann ar leibhéal mórdhíola fánaíochta a laghdú.

(6)

Le húsáid fhorleathan gléasanna soghluaiste atá cumasaithe don Idirlíon, tá fíorthábhacht eacnamaíoch ag baint le fánaíocht sonraí. Is critéar cinntitheach é sin d’úsáideoirí agus do sholáthraithe feidhmeanna agus ábhair araon. D’fhonn forbairt an mhargaidh sin a spreagadh, níor cheart go bhfeidhmeodh muirir ar iompar sonraí mar chosc ar fhás.

(7)

Ina Theachtaireacht dar teideal “Maidir leis an tuarascáil eatramhach faoi staid forbartha na seirbhísí fánaíochta laistigh den Aontas Eorpach”, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh go ndéanfaí an margadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta san Aontas níos iomaíche le forbairtí teicneolaíochta agus/nó na teicneolaíochtaí malartacha a d’fhéadfaí a úsáid mar rogha ar sheirbhísí fánaíochta, amhail Prótacal Idirlín don Ghuthú (VoIP) nó Wi-Fi. Cé go bhfuil na teicneolaíochtaí malartacha sin, go háirithe seirbhísí VoIP, á n-úsáid ar bhonn níos minicí ar an leibhéal baile, níor tháinig forbairt shuntasach ar a n-úsáid le linn na fánaíochta.

(8)

I bhfianaise na forbartha mire ar thrácht sonraí soghluaiste agus an mhéadú ar líon na gcustaiméirí a úsáideann seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí thar lear, is gá an brú iomaíoch a mhéadú, samhlacha agus teicneolaíochtaí gnó nua a fhorbairt. Ba cheart go ndéanfaí an rialú ar mhuirir fánaíochta a dhearadh ar bhealach nach gcruthófaí díspreagadh i leith na hiomaíochta a fhágann go dtéitear i dtreo leibhéil is ísle praghsanna.

(9)

Trí limistéar sóisialta, oideachais, cultúrtha agus fiontraíochta Eorpach bunaithe ar shoghluaisteacht daoine aonair agus sonraí digiteacha a chruthú, ba cheart go n-éascófaí an chumarsáid idir daoine ionas go ndéanfaí forbairt iarbhír ar “Eoraip do Shaoránaigh”.

(10)

Maidir le Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (6), Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (7), Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir Réime) (8), Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (9) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (An Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (10) (dá ngairtear le chéile, “creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach” anseo feasta), tá sé d’aidhm acu margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chruthú laistigh den Aontas agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a chinntiú trí iomaíocht fheabhsaithe.

(11)

Ní beart aonarach é Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, ach, a mhéid a bhaineann le fánaíocht uile-Aontais a dhéanamh, comhlánaíonn sé na rialacha dá bhforáiltear le creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach, agus tá sé mar thaca leo. Níor tugadh, leis an gcreat sin, dóthain uirlisí do na húdaráis rialála náisiúnta chun gníomhú go héifeachtach agus go cinntitheach maidir le praghsáil na seirbhísí fánaíochta san Aontas, agus ar an dóigh sin ní éiríonn leis feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí fánaíochta a áirithiú. Ba mheán cuí é Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 chun an staid sin a chur ina ceart.

(12)

Tá creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach bunaithe ar an bprionsabal ar dá réir nár cheart oibleagáidí rialála ex ante a fhorchur ach i gcás nach bhfuil iomaíocht éifeachtach ann agus sa chás sin amháin, agus foráiltear leis do phróiseas ina ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta anailís mhargaidh agus athbhreithniú oibleagáidí go tréimhsiúil, as a leanfaidh forchur oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmneofar mar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. Áirítear ar na heilimintí den phróiseas sin sainmhíniú ar na margaí ábhartha i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir leis na margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a fhéadfar a chur faoi réir rialála ex ante i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE (11) (dá ngairtear “an Moladh” anseo feasta), anailís ar na margaí sainmhínithe i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le hanailís mhargaidh agus measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh faoi chreat rialála an Aontais maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (12), ainmniú oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus forchur na n-oibleagáidí ex ante ar oibreoirí a ainmnítear amhlaidh.

(13)

Sainaithníodh sa Mholadh gur margadh ábhartha a fhéadfar a chur faoi réir rialála ex ante é an margadh náisiúnta mórdhíola i gcomhair fánaíochta idirnáisiúnta ar líonraí poiblí soghluaiste. Mar sin féin, tá léirithe ag an obair atá déanta ag na húdaráis rialála náisiúnta, ina n-aonar agus laistigh de Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha (ERG) agus dá chomharba Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (13), ina n-anailís ar na margaí náisiúnta mórdhíola d’fhánaíocht idirnáisiúnta nár fhéad údarás rialála náisiúnta go dtí seo dul i ngleic go héifeachtúil leis an leibhéal ard atá ag muirir mhórdhíola fánaíochta uile-Aontais mar gheall ar an deacracht a bhaineann le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a aithint i bhfianaise imthosca sainiúla na fánaíochta idirnáisiúnta, lena n-áirítear a gcineál trasteorann. Tar éis do Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 teacht i bhfeidhm, baineadh an margadh fánaíochta as an Moladh leasaithe (14).

(14)

Chomh maith leis sin, maidir leis na húdaráis rialála náisiúnta atá freagrach as coimirciú agus cur chun cinn leasanna custaiméirí soghluaiste a bhfuil gnáthchónaí orthu laistigh dá gcríoch, níl ar a gcumas rialú a dhéanamh ar iompar oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, atá lonnaithe i mBallstáit eile, agus a bhfuil na custaiméirí sin ag brath air agus iad ag úsáid seirbhísí fánaíochta idirnáisiúnta. D’fhéadfadh an chonstaic sin freisin laghdú ar éifeachtacht na mbeart a bheadh glactha ag Ballstáit bunaithe ar an inniúlacht a bheadh fágtha acu rialacha cosanta tomhaltóirí a ghlacadh.

(15)

Dá réir sin, tá brú á chur ar Bhallstáit bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le leibhéal na muirear fánaíochta idirnáisiúnta, ach ní leor an sásra d’idirghabháil rialála ex ante ag údaráis rialála náisiúnta dá bhforáiltear le creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach lena chur ar chumas na n-údarás sin gníomhú go cinntitheach chun leasa na dtomhaltóirí sa réimse sonrach sin.

(16)

Sa bhreis air sin, iarradh ar an gCoimisiún i Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le rialáil agus margaí chumarsáid leictreonach na hEorpa (15) tionscnaimh nua a fhorbairt chun costais arda an tráchta trasteorann teileafón soghluaiste a laghdú, agus tháinig Comhairle Eorpach an 23 agus an24 Márta 2006 ar an gconclúid go bhfuil beartais dhírithe, éifeachtacha agus lánpháirtithe um theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (ICT) ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta araon riachtanach chun na spriocanna i dtaca le fás eacnamaíoch agus táirgiúlacht a bhaint amach agus thug sí ar aird sa chomhthéacs sin an tábhacht don iomaíochas atá ag baint le muirir fánaíochta a laghdú.

(17)

Bhí sé d’aidhm ag creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach, bunaithe ar na cúinsí ba léir ag an am, deireadh a chur leis na bacainní go léir ar thrádáil idir Bhallstáit sa limistéar a ndearna sé comhchuibhiú air, inter alia, bearta a dhéanann difear do mhuirir fánaíochta. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar rialacha comhchuibhithe a oiriúnú ar aon dul le cúinsí eile chun teacht ar na bealaí is éifeachtaí d’fhonn iomaíocht a fheabhsú sa mhargadh inmheánach maidir le seirbhísí fánaíochta agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, go gceadófaí leis an Rialachán seo imeacht ó na rialacha a bheadh infheidhme murach sin faoi chreat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach, agus go háirithe an Treoir Réime, eadhon gur cheart praghsanna i gcomhair tairiscintí seirbhíse a chinneadh le comhaontú tráchtála nuair nach ann do chumhacht shuntasach sa mhargadh, agus leis sin go bhfreastalófar ar thabhairt isteach oibleagáidí rialaitheacha comhlántacha a léiríonn saintréithe sonracha seirbhísí fánaíochta uile-Aontais.

(19)

Léiríonn na margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola tréithe uathúla atá ina n-údar maith le bearta eisceachtúla a théann níos faide ná na sásraí atá ar fáil ar shlí eile faoi chreat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach.

(20)

Ba cheart cur chuige comhchoiteann, comhchuibhithe a úsáid chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí trastíre cumarsáide soghluaiste praghsanna iomarcacha, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, ar sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais, agus, ar an dóigh sin, iomaíocht maidir le seirbhísí fánaíochta idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta a fheabhsú, chun leibhéal ard cosanta tomhaltóirí a bhaint amach agus dreasachtaí don nuálaíocht agus do rogha do thomhaltóirí a chaomhnú. I bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, tá gá leis an gcur chuige comhchoiteann sin ionas gur féidir le soláthraithe seirbhísí fánaíochta oibriú laistigh de chreat comhleanúnach aonair rialála bunaithe ar chritéir arna mbunú go hoibiachtúil.

(21)

Rachaidh Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 in éag an 30 Meitheamh 2012. Roimh dó dul in éag, rinne an Coimisiún athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11 de, lenar ceanglaíodh air measúnú a dhéanamh i dtaobh ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse na dtáillí mórdhíola agus miondíola i gcomhair seirbhísí cumarsáide, guthghlaonna, SMS agus sonraí a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta. Ina thuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le toradh an athbhreithnithe ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh iomchuí infheidhmeacht Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a fhadú thar an 30 Meitheamh 2012.

(22)

Maidir leis na sonraí faoi fhorbairt praghsanna do sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais guthghlaonna, SMS agus sonraí ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, lena n-áirítear go háirithe na sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn ráithiúil agus arna dtuairisciú trí mheán BEREC, ní thugann siad fianaise lena thabhairt le fios gur tháinig forás réasúnta ar iomaíocht ar leibhéal an mhiondíola nó ar leibhéal an mhórdhíola ná gur dócha go mbeidh sí inbhuanaithe ó mhí an Mheithimh 2012 ar aghaidh gan bearta rialála a bheith i bhfeidhm. Léiríonn sonraí den sórt sin go bhfuil praghsanna fánaíochta miondíola agus mórdhíola fós i bhfad níos airde ná praghsanna baile agus go bhfuil siad fós ag cnuasach ag na teorainneacha, nó gar do na teorainneacha, a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, agus nach bhfuil ach iomaíocht theoranta ann faoi bhun na dteorainneacha sin.

(23)

Dá bhrí sin, dá rachadh na coimircí rialála a bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí fánaíochta uile-Aontais ar leibhéil mhórdhíola agus mhiondíola de bhua Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 in éag an 30 Meitheamh 2012, bheadh riosca suntasach ann gurb é an toradh a bheadh ar an easpa fholuiteach brúnna iomaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta agus ar an dreasacht a bheadh ann do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a n-ioncam fánaíochta a uasmhéadú ná go mbeadh praghsanna miondíola agus mórdhíola ann ar fhánaíocht uile-Aontais ar praghsanna iad nach léiriú réasúnta iad ar na costais fholuiteacha a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar, rud a chuirfeadh cuspóirí an Rialacháin sin i mbaol. Ba cheart, dá bhrí sin, idirghabháil rialála sa mhargadh seirbhísí fánaíochta soghluaiste a fhadú thar an 30 Meitheamh 2012 chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí ligean don iomaíocht forbairt, agus ag an am céanna trína ráthú go leanfaidh na tomhaltóirí de thairbhe a bhaint as an ráthaíocht nach ndéanfar praghas iomarcach, i gcomparáid le praghsanna iomaíocha náisiúnta, a ghearradh orthu.

(24)

An cuspóir beartais atá leagtha síos in Airteagal 8 den Treoir Réime maidir le cumas na gcríoch-úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis agus an fhaisnéis sin a scaipeadh nó feidhmeanna agus seirbhísí a roghnóidh siad féin a fheidhmiú, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an cuspóir beartais sin a chur chun cinn.

(25)

Le go bhféadfaidh margadh níos éifeachtúla, níos lánpháirtithe agus níos iomaíche forbairt i gcomhair seirbhísí fánaíochta, níor cheart aon srianta a bheith ann a chuirfeadh bac ar ghnóthais caibidlíocht éifeachtach a dhéanamh ar an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola le seirbhísí fánaíochta a sholáthar. Ba cheart go gcuirfí deireadh le constaicí ar an rochtain a fhaightear ar sheirbhísí fánaíochta mórdhíola den sórt sin, i ngeall ar dhifríochtaí maidir le cumhacht caibidlíochta agus maidir leis an méid úinéireachta atá ag gnóthais ar bhonneagar. Is iondúil go soláthraíonn oibreoirí líonra fíorúil soghluaiste (OLFSanna) agus athdhíoltóirí seirbhísí cumarsáide soghluaiste gan bonneagar líonra dá gcuid féin seirbhísí atá bunaithe ar chomhaontuithe fánaíochta mórdhíola tráchtála lena n-oibreoirí líonra óstaigh soghluaiste sa Bhallstát céanna. D’fhéadfaí nach bhfágfaí, le caibidlíocht tráchtála, áfach, corrlach leordhóthanach do OLFSanna/d’athdhíoltóirí chun an iomaíocht a spreagadh trí phraghsanna níos ísle. Ba cheart go n-éascófaí forbairt seirbhísí fánaíochta agus forbairt tairiscintí fánaíochta ar seirbhísí agus tairiscintí iad atá malartach, nuálaíoch agus uile-Aontais do chustaiméirí trí dheireadh a chur leis na constaicí sin agus tríd an gcumhacht caibidlíochta idir OLFSanna/athdhíoltóirí agus oibreoirí líonra soghluaiste a chothromú trí bhíthin oibleagáide maidir le rochtain agus trí bhíthin tairiscintí mórdhíola. Ní cheadaítear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin trí oibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí a bhfuil cumhachtaí suntasacha acu sa mhargadh, le rialacha chreat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach, go háirithe le rialacha na Treorach Réime agus na Treorach um Rochtain.

(26)

Ba cheart rialacha a thabhairt isteach, dá bhrí sin, chun an oibleagáid a leagan síos maidir le hiarrataí réasúnacha a shásamh, ar iarrataí iad ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola ag líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste le seirbhísí fánaíochta a sholáthar. Ba cheart an rochtain a bheith i gcomhréir le riachtanais na ndaoine atá á lorg. Níor cheart rochtain a dhiúltú ach amháin ar bhonn critéar oibiachtúil, amhail indéantacht theicniúil agus an gá le sláine líonra a choinneáil. I gcás ina ndiúltófaí rochtain, ba cheart go mbeadh an páirtí éagóirithe in ann cás a thíolacadh le haghaidh réiteach díospóide i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Rialachán seo. D’fhonn cothromaíocht a áirithiú, ba cheart rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola le seirbhísí fánaíochta a sholáthar a bhronnadh i gcomhréir leis na hoibleagáidí rialála a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bheidh infheidhme ar leibhéal an mhórdhíola agus ba cheart go gcuirfí san áireamh na gnéithe éagsúla costais a theastaíonn chun rochtain den sórt sin a thabhairt. Rannchuideofaí le saobhadh idir na Ballstáit a sheachaint dá mbeadh cur chuige rialála comhsheasmhach ann i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola le seirbhísí fánaíochta a sholáthar. Ba cheart do BEREC, i gcomhordú leis an gCoimisiún agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a eisiúint do rochtain mhórdhíola d’fhonn seirbhísí fánaíochta a sholáthar.

(27)

Maidir le hoibleagáid i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola, ba cheart go n-áireodh sí seirbhísí díreacha fánaíochta mórdhíola a sholáthar chomh maith le seirbhísí fánaíochta a sholáthar ar bhonn mórdhíola lena n-athdhíol ag tríú páirtithe. Leis an oibleagáid i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola, ba cheart go gcumhdófaí freisin oibleagáid an oibreora líonra soghluaiste chun a chur ar chumas OLFSanna agus athdhíoltóirí seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a cheannach ó chomhiomlánóirí mórdhíola a sholáthraíonn pointe aonair rochtana agus clár caighdeánaithe do chomhaontuithe fánaíochta ar fud an Aontais. D’fhonn a áirithiú go soláthróidh oibreoirí rochtain ar na saoráidí uile is gá le haghaidh rochtana dírí ar fhánaíocht mhórdhíola agus rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta laistigh de thréimhse ama réasúnta, ba cheart go bhfoilseofaí tairiscint tagartha ina bhfuil na coinníollacha caighdeánacha le haghaidh rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola agus le haghaidh rochtana ar fhánaíocht mhordhíola lena hathdhíol. Le foilsiú na tairisceana tagartha, níor cheart go gcuirfí cosc ar chaibidlíocht tráchtála idir an cuardaitheoir rochtana agus an soláthraí rochtana i ndáil le leibhéal praghais an chomhaontaithe deiridh ar fhánaíocht mhórdhíola nó i ndáil le seirbhísí breise rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola a théann thar na seirbhísí is gá le haghaidh rochtana dírí ar fhánaíocht mhórdhíola agus rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol.

(28)

Ba cheart go gcumhdódh oibleagáid i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola rochtain ar na comhpháirteanna go léir is gá le seirbhísí fánaíochta a sholáthar, amhail: rochtain ar eilimintí líonra agus ar shaoráidí gaolmhara; rochtain ar chórais bhogearraí ábhartha lena n-áirítear córais tacaíochta oibriúcháin; rochtain ar chórais faisnéise nó ar bhunachair shonraí maidir le réamhordú, soláthar, ordú, cothabháil agus iarrataí deisiúcháin, agus billeáil; rochtain ar aistriúchán uimhreach nó ar chórais a thugann feidhmiúlacht choibhéiseach; líonraí soghluaiste agus seirbhísí líonraí fíorúla.

(29)

Má iarrann cuardaitheoirí rochtana i leith fánaíochta mórdhíola lena hathdhíol rochtain ar shaoráidí nó ar sheirbhísí chomh maith leis na saoráidí nó na seirbhísí sin is gá chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, ba cheart go mbeadh oibreoirí líonra soghluaiste in ann muirir chóra, réasúnacha a fháil ar ais ar na saoráidí nó na seirbhísí sin. D’fhéadfadh na saoráidí nó na seirbhísí breise sin a bheith, inter alia, ina seirbhísí breisluacha, ina gcórais bhreise bhogearraí agus faisnéise nó ina socruithe breise billeála.

(30)

Díoltar seirbhísí cumarsáide soghluaiste i bhfoirm chuachta, lena n-áirítear seirbhísí baile agus seirbhísí fánaíochta, rud a chuireann srian ar an rogha atá ag custaiméirí ar sheirbhísí fánaíochta. Tugann pacáistí cuachta den sórt sin níos lú trédhearcachta i leith seirbhísí fánaíochta, ós rud é gur deacair ítimí ar leithligh laistigh de na pacáistí a chur i gcomparáid le chéile. Dá réir sin, ní léir fós go bhfuil aon chomórtas ann idir oibreoirí bunaithe ar an ngné fánaíochta den phacáiste cuachta soghluaiste. Dá n-éascófaí an inrochtaineacht atá ar fhánaíocht mar sheirbhís ar leithligh d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna struchtúracha trí fheasacht tomhaltóirí ar phraghsanna fánaíochta a ardú, rud a cheadódh rogha ar leith do thomhaltóirí maidir le seirbhísí fánaíochta agus thiocfadh méadú, dá réir sin, ar an mbrú iomaíochta i dtaobh an éilimh de. Rannchuideodh sé sin le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí fánaíochta.

(31)

Tá an-bhorradh go deo faoi éileamh na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí ar sheirbhísí sonraí soghluaiste le blianta beaga anuas. Mar thoradh ar mhuirir arda ar sheirbhísí fánaíochta sonraí, áfach, tá bac nach beag ar na seirbhísí sin a bheith á n-úsáid ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha san Aontas. Ó tharla gur margadh sách nua é agus go bhfuil méadú mór ag teacht ar éileamh na dtomhaltóirí ar an bhfánaíocht sonraí, d’fhéadadh sé, dá ndéanfaí na muirir mhiondíola a rialáil, nach bhféadfaí ach na praghsanna a choimeád, cuid mhaith, ar leibhéil na dteorainneacha muirir atá á mbeartú, mar atá i Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, in ionad iad a bhrú síos níos mó, rud a athdhearbhaíonn go láidir go dteastaíonn tuilleadh beart struchtúrach.

(32)

Ba cheart go gceadófaí do chustaiméirí aistriú go héasca, laistigh den achar ama is lú is féidir, ag brath ar an réiteach teicniúil, gan phionóis agus saor ó mhuirear, chuig soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta nó idir soláthraithe malartacha seirbhísí fánaíochta. Ba cheart na custaiméirí a chur ar an eolas, i bhfoirm atá soiléir, intuigthe agus so-inrochtana, faoin bhféidearthacht sin.

(33)

Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag tomhaltóirí, ar bhealach atá neamhdhíobhálach dóibh, a roghnú go ndéanfaí seirbhísí fánaíochta a dhíol ar leithligh óna bpacáiste soghluaiste baile. Faoi láthair tá roinnt bealaí ina bhféadfaí díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme go teicniúil, lena n-áirítear dé-Aitheantas Suibscríobhaí Soghluaiste Idirnáisiúnta (IMSI) (dhá IMSI ar leith ar an gcárta SIM céanna), IMSI aonair (IMSI amháin a roinnt idir an soláthraí baile agus soláthraithe seirbhísí fánaíochta) agus teaglamaí de dé-IMSI nó de IMSI aonair i dteannta na módúlachta teicniúla ar módúlacht é nach gcuireann cosc ar an gcustaiméir rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthraítear go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, trí shocruithe idir oibreoir an líonra baile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

(34)

Mar thoradh ar phraghsanna arda ar an bhfánaíocht sonraí, bíonn drogall ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáid agus iad ag taisteal san Aontas. Toisc go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar na seirbhísí fánaíochta sonraí agus ar thábhacht na seirbhísí sin, níor cheart go mbeadh aon chonstaicí ar sheirbhísí malartacha fánaíochta sonraí a bheith á n-úsáid, ar seirbhísí iad a sholáthraítear go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, go sealadach nó go buan, beag beann ar na conarthaí fánaíochta nó ar na socruithe fánaíochta atá ann cheana le soláthraithe baile agus gan aon mhuirear breise a bheith á thobhach ag na soláthraithe baile sin. I gcás ina bhfuil gá leis, d’fhonn seirbhísí fánaíochta sonraí a thairiscint, ar seirbhísí iad a sholáthraítear go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, ba cheart do sholáthraithe baile agus do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta dul i gcomhar lena chéile ionas nach gcuirfí cosc ar chustaiméirí rochtain a fháil ar na seirbhísí sin agus iad a úsáid agus chun a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ag baint le seirbhísí eile fánaíochta.

(35)

Cé nár cheart, leis an Rialachán seo, módúlachtaí teicniúla ar leith a leagan síos do dhíolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta, ach gur cheart leis, ina ionad sin, an bealach a réiteach don réiteach is éifeachtaí agus is éifeachtúla, lena n-áirítear réiteach comhcheangailte, a bheadh le forbairt ag an gCoimisiún bunaithe ar ionchur ó BEREC, ba cheart critéir a leagan síos i ndáil leis na tréithe teicniúla ba cheart a chomhlíonadh leis an réiteach teicniúil chun seirbhísí fánaíochta a dhíol ar leithligh. Maidir leis na critéir sin, ba cheart go n-áireofaí iontu, inter alia, an réiteach a thabhairt isteach ar bhealach comhordaithe, comhchuibhithe ar fud an Aontais, agus go n-áiritheofaí leo gur féidir le tomhaltóirí soláthraí seirbhísí fánaíochta éagsúil a roghnú go mear agus go héasca gan a n-uimhir a athrú. Fairis sin, níor cheart bac a chur ar sheirbhísí fánaíochta a bheith á n-úsáid taobh amuigh den Aontas nó á n-úsáid ag custaiméirí ó thríú tíortha taobh istigh den Aontas.

(36)

Ba cheart breis comhair agus breis comhordaithe idir oibreoirí líonraí soghluaiste a bhunú le go bhféadfar, ar bhealach teicniúil, forás comhordaithe agus fónta a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí fánaíochta ar leithligh agus le nach gcuirfear cosc ar rochtain ar sheirbhísí fánaíochta sonraí is seirbhísí a sholáthraítear go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ba cheart, dá bhrí sin, na bunphrionsabail ábhartha agus na modheolaíochtaí ábhartha a fhorbairt, chun go bhféadfar oiriúnú mear a dhéanamh d’imthosca athraithe agus do dhul chun cinn teicneolaíoch. Ba cheart do BEREC, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, cabhrú leis an gCoimisiún d’fhonn go bhféadfaidh an Coimisiún gnéithe teicniúla a fhorbairt chun go bhféadfaí seirbhísí fánaíochta a dhíol ar leithligh agus chun nach gcuirfí cosc ar an rochtain ar sheirbhísí fánaíochta sonraí is seirbhísí a sholáthraítear go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ba cheart don Choimisiún, más gá, sainordú a thabhairt do chomhlacht Eorpach um chaighdeánú na caighdeáin ábhartha a leasú ar caighdeáin iad atá riachtanach chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme go comhchuibhithe.

(37)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú do chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe maidir le hoibleagáidí faisnéise soláthraithe baile agus maidir le réiteach teicniúil ar sheirbhísí fánaíochta a dhíol ar leithligh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (16).

(38)

Ba cheart go gceadófaí do BEREC, agus an Rialachán seo agus gníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin arna nglacadh dá bhun á gcur san áireamh, treoir theicniúil shonrach a sholáthar, ar a thionscnamh féin, faoi sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh nó faoi ábhair eile a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(39)

Le go mbeidh lánéifeacht le díol ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, meastar gur gá an díol sin a cheangal leis an oibleagáid maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola le seirbhísí fánaíochta a sholáthar le go n-éascófar do ghníomhaithe nua nó do ghníomhaithe reatha, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí fánaíochta trasteorann, teacht isteach sa mhargadh. Leis an réiteach sin, sheachnófaí saobhadh idir na Ballstáit trí chur chuige rialála comhsheasmhach a áirithiú, sa chaoi is go gcuirfear le forbairt an mhargaidh inmheánaigh. Mar sin féin, chun go ndéanfar díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme, beidh gá le tréimhse réasúnta ina bhféadfaidh na hoibreoirí oiriúnú a dhéanamh ar an leibhéal teicniúil, agus, dá bhrí sin, ní dhéanfar, leis na bearta struchtúracha, fíormhargadh inmheánach a bhfuil dóthain iomaíochta ann a chruthú ach amháin tar éis tréimhse áirithe. Ar an gcúis sin, ba cheart na muirir uasta mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí agus teorainneacha coimirce i gcomhair na seirbhísí sin ar leibhéal an mhiondíola a choimeád ar leibhéal cuí ar bhonn sealadach lena áirithiú go gcaomhnófar sochair na gcustaiméirí reatha le linn idirthréimhse ina gcuirfear bearta struchtúracha den sórt sin chun feidhme.

(40)

Le go leanfar leis an rialáil shealadach ar phraghsanna, ba cheart oibleagáidí rialála a fhorchur ar leibhéal miondíola agus ar leibhéal mórdhíola araon chun leasanna custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chosaint, óir is léir ón taithí nach gá gur praghsanna miondíola níos ísle i gcomhair fánaíochta a bheadh ann de thoradh laghduithe i bpraghsanna mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais, mar gheall ar easpa dreasachtaí le go dtarlódh sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfeadh gníomhaíocht chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú as d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí fánaíochta mura rachfaí i ngleic le leibhéal na gcostas mórdhíola a ghabhann le soláthar na seirbhísí sin agus ní chruthófaí breis iomaíochta leis sin.

(41)

Go dtí go mbeidh dóthain iomaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta cruthaithe trí na bearta struchtúracha, rud as a dtiocfadh laghduithe ar chostais mórdhíola a chuirfí ar aghaidh chuig na custaiméirí dá réir, is é an cur chuige is éifeachtúla agus is comhréirí i leith rialáil leibhéal na bpraghsanna chun glaonna fánaíochta a dhéanamh agus a fháil laistigh den Aontas meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal an mhórdhíola a shocrú ar leibhéal an Aontais agus muirir a theorannú ar leibhéal miondíola tríd an Eoratharaif a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, ar taraif í a leathnaíodh leis an taraif Eora-SMS dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 (17) agus ar taraif í ar cheart a leathnú leis an taraif Eora-shonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola idir aon dá oibreoir líonraí soghluaiste laistigh den Aontas thar thréimhse shonraithe.

(42)

Ba cheart na taraifí sealadacha Eora-ghuthghlao, Eora-SMS, agus Eora-shonraí a shocrú ar leibhéal coimirce, lena ráthófaí corrlach dóthanach do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta agus lena spreagfaí tairiscintí iomaíocha fánaíochta ag rátaí níos ísle agus lena n-áiritheofaí, ag an am céanna, ní amháin go gcaomhnófaí na sochair a fhaigheann tomhaltóirí ach go méadófaí orthu le linn idirthréimhse ina gcuirfí na bearta struchtúracha chun feidhme. Le linn na tréimhse lena mbaineann, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta aird na gcustaiméirí a tharraingt go gníomhach ar fhaisnéis faoi na Eora-tharaifí agus iad a thairiscint dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta uile, saor in aisce, agus ar bhealach soiléir, trédhearcach.

(43)

Ba cheart go léireofaí leis na taraifí sealadacha Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí a thairgfear do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta corrlach réasúnta ar an gcostas mórdhíola a bhaineann le seirbhís fánaíochta a sholáthar, agus an tsaoirse á tabhairt ag an am céanna do sholáthraithe fánaíochta dul in iomaíocht trí idirdhealú a dhéanamh ar a gcuid tairiscintí agus a gcuid struchtúr praghsála a chur in oiriúint do choinníollacha an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Ba cheart teorainneacha coimirce den sórt sin a shocrú ag leibhéil nach ndéanann saobhadh ar na sochair iomaíocha a thig as bearta struchtúracha agus d’fhéadfaí deireadh a chur leo a luaithe a bheadh deis ag na bearta struchtúracha sochair nithiúla a sholáthar do chustaiméirí. Ba cheart nach mbeadh feidhm ag an gcur chuige rialála sin maidir leis an gcuid sin den taraif a ghearrfar chun seirbhísí breisluacha a sholáthar, ach ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir leis na taraifí sin a ghearrfar chun cónascadh leis na seirbhísí sin, agus maidir leis na taraifí sin amháin.

(44)

Ba cheart go mbeadh an cur chuige rialála sin éasca le cur chun feidhme agus le faireachán a dhéanamh air d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú ar na hoibreoirí agus ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a ndéanann a chuid ceanglais difear dóibh agus ar na húdaráis rialála náisiúnta a mbeidh maoirseacht agus forghníomhú de chúram orthu. Ba cheart freisin go mbeadh sé trédhearcach agus intuigthe láithreach do na custaiméirí seirbhísí soghluaiste go léir laistigh den Aontas. Chomh maith leis sin, ba cheart go dtabharfadh sé cinnteacht agus intuarthacht d’oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta mórdhíola agus miondíola. Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéal na muirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola agus ar leibhéal miondíola a shonrú go díreach i dtéarmaí airgid sa Rialachán seo.

(45)

Ba cheart go ndéanfadh an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola, arna shonrú amhlaidh, na gnéithe éagsúla a bhaineann le glao fánaíochta uile-Aontais a dhéanamh a chur san áireamh, go háirithe costas thosú agus chríochnú na nglaonna thar líonraí soghluaiste mar aon le forchostais, comharthaíocht agus trasdul. Is é an tagarmharc is oiriúnaí do thosú glao agus do chríochnú glao ná an meánráta críochnaithe teileafón soghluaiste i gcomhair oibreoirí líonra soghluaiste san Aontas, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na húdaráis rialála náisiúnta agus arna foilsiú ag an gCoimisiún. Ba cheart an meánmhuirear uasta in aghaidh an nóiméid a bhunaítear leis an Rialachán seo a shocrú, dá bhrí sin, agus an meánráta críochnaithe soghluaiste á chur san áireamh, rud a thabharfaidh tagarmharc i gcomhair na gcostas a bheidh i gceist. Ba cheart go laghdódh an meánráta uasta in aghaidh an nóiméid ar leibhéal mórdhíola go bliantúil chun laghduithe ar rátaí críochnaithe soghluaiste a fhorchuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta ó am go ham a chur san áireamh.

(46)

Ba cheart go ndeimhneofaí leis an taraif shealadach Eora-ghuthghlao is infheidhme ar leibhéal an mhiondíola do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta nach ngearrfar praghas iomarcach orthu nuair a dhéanfaidh siad nó nuair a gheobhaidh siad glao fánaíochta rialáilte, agus corrlach dóthanach á thabhairt ag an am céanna don soláthraí seirbhísí fánaíochta chun idirdhealú a dhéanamh ar na táirgí a thairgfidh siad dá gcuid custaiméirí.

(47)

Le linn idirthréimhse na dteorainneacha coimirce, ba cheart go gcuirfí gach tomhaltóir ar an eolas faoi tharaif shimplí fánaíochta nach rachaidh thar na muirir uasta agus go mbeadh an rogha acu an taraif sin a roghnú, gan aon mhuirir bhreise ná réamhchoinníollacha a bheith i gceist. Ba cheart go gcinnteodh corrlach réasúnta idir na costais mhórdhíola agus na praghsanna miondíola go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid costas sonrach fánaíochta go léir ar leibhéal miondíola a chlúdach, lena n-áirítear sciaranna cuí de chostais mhargaíochta agus fóirdheontais i gcomhair sásanna láimhe, agus go bhfágfar iad le hiarmhar dóthanach chun toradh réasúnta a bhaint amach. Is bealach iomchuí iad na taraifí sealadacha Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí chun an tomhaltóir a chosaint agus chun solúbthacht a sholáthar do sholáthraí seirbhísí fánaíochta. Ba cheart go dtiocfaidh laghdú gach bliain ar uasleibhéil na dtaraifí Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí i gcomhréir le leibhéal an mhórdhíola.

(48)

Le linn idirthréimhse na dteorainneacha coimirce, ba cheart raon iomlán na dtaraifí atá ann i gcomhair fánaíochta san Aontas, lena n-áirítear na taraifí a chomhlíonann na taraifí sealadacha Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí, a chur in iúl go hiomlán do chustaiméirí nua seirbhísí fánaíochta ar bhealach soiléir, intuigthe. Ba cheart an deis a thabhairt do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta atá ann cheana taraif nua a chomhlíonann na taraifí sealadacha Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí nó aon taraifí fánaíochta eile a roghnú laistigh de thréimhse ama áirithe. Maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta atá ann cheana agus nach mbeidh a rogha déanta acu laistigh den tréimhse ama sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a roghnaigh taraif shonrach fánaíochta nó pacáiste sonrach fánaíochta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus na daoine nach ndearna amhlaidh. Ba cheart taraif a chomhlíonfaidh ceanglais an Rialacháin seo a thabhairt go huathoibríoch do na custaiméirí is deireanaí atá luaite. Maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta atá ag baint leasa cheana as taraifí nó pacáistí sonracha fánaíochta a oireann dá gcuid riachtanas aonair agus atá roghnaithe ar an mbunús sin acu, ba cheart go leanfaidís leis an taraif nó leis an bpacáiste a bhí roghnaithe roimhe sin acu más rud é, tar éis a gcuid coinníollacha taraife reatha agus na Eoratharaifí is infheidhme a bheith meabhraithe dóibh, go gcuirfidh siad rogha leanúint leis an taraif sin in iúl dá soláthraí seirbhísí fánaíochta. D’fhéadfadh sé go mbeadh san áireamh sna taraifí nó sna pacáistí fánaíochta sonracha sin, mar shampla, cothromrátaí fánaíochta, taraifí neamhphoiblí, taraifí lena ngabhann muirir sheasta bhreise fánaíochta, taraifí lena ngabhann muirir in aghaidh an nóiméid atá níos ísle ná na huastaraifí Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí nó taraifí lena ngabhann muirir bhunaithe.

(49)

Ós rud é gur cheart gurb éard a bheadh sa Rialachán seo beart sonrach de réir bhrí Airteagal 1(5) den Treoir Réime, agus ós rud é go bhféadfadh sé go ndéanfaí leis an Rialachán seo é a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta uile-Aontais athruithe a dhéanamh ar a dtaraifí miondíola fánaíochta chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, níor cheart go ndúiseodh athruithe den sórt sin aon cheart, faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuítear creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach, le haghaidh custaiméirí soghluaiste tarraingt siar as a gconarthaí.

(50)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do thairiscintí nuálacha do chustaiméirí atá níos tairbhí ná na taraifí sealadacha Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, ach is amhlaidh gur cheart go spreagfadh sé tairiscintí nuálacha do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta ag rátaí níos ísle go háirithe mar fhreagairt ar an mbrú breise iomaíoch a chruthaítear le forálacha struchtúracha an Rialacháin seo. Ní éilíonn an Rialachán seo go dtabharfaí muirir fánaíochta ar ais arís i gcásanna ina bhfuil deireadh curtha leo amach is amach, ná ní éilíonn sé go n-ardófaí muirir fánaíochta go dtí leibhéal na dteorainneacha sealadacha coimirce a leagtar amach sa Rialachán seo.

(51)

I gcás nach in euro a ainmnítear na muirir uasta, ba cheart na muirir uasta is infheidhme maidir leis na teorainneacha tosaigh mar aon le luachanna athbhreithnithe na dteorainneacha sin a chinneadh san airgeadra iomchuí trí na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an dáta a shonraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás nach bhfuil aon fhoilsiú ann ar an dáta a shonraítear, ba cheart gurb iad na rátaí malairte tagartha is infheidhme na rátaí sin arna bhfoilsiú sa chéad eagrán d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis an dáta sin agus ina bhfuil rátaí malairte tagartha den sórt sin. Chun tomhaltóirí a chosaint i gcoinne praghsanna miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte (seirbhísí rialáilte guthghlaonna, SMS nó sonraí a bheith ag méadú mar thoradh ar luaineacht i ráta malairte tagartha na n-airgeadraí seachas an euro, ba cheart go ndéanfadh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an meán a bheadh ar roinnt rátaí malairte tagartha éagsúla thar am a úsáid chun na muirir uasta miondíola ina airgeadra a chinneadh.

(52)

De dheasca an chleachtais atá ag roinnt oibreoirí líonraí soghluaiste na billí ar sholáthar glaonna fánaíochta mórdhíola a bhunú ar thréimhsí íosta muirearaithe suas go dtí 60 soicind, seachas ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind mar atá i bhfeidhm de ghnáth do tháillí idirnaisc mórdhíola eile, cruthaítear saobhadh iomaíochta idir na hoibreoirí sin agus iad siúd a úsáideann modhanna billeála éagsúla, agus baineann sé sin an bonn d’fheidhmiú comhsheasmhach na muirir uasta mórdhíola a tugadh isteach leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, is ionann í agus táille bhreise a bhfuil iarmhairt dhiúltach aici ó thaobh praghsanna na seirbhísí fánaíochta guthghlaonna ar leibhéal an mhiondíola de, trí chostais mhórdhíola a ardú. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar oibreoirí líonraí soghluaiste soláthar mórdhíola glaonna fánaíochta rialáilte a bhilleáil in aghaidh an tsoicind.

(53)

Ba é an meastachán a rinne ERG, réamhtheachtaí BEREC, gurb é a lean as an gcleachtas atá ag oibreoirí soghluaiste, is é sin, úsáid a bhaint as tréimhsí muirearaithe is faide ná soicind amháin agus iad i mbun billeála do sheirbhísí fánaíochta ar leibhéal an mhiondíola ná 24 % a chur le gnáthbhille taraife Eora-ghuthghlao i gcás glaonna a rinneadh agus 19 % a chur le billí den sórt sin i gcás glaonna a fuarthas. Luaigh siad freisin gurb ionann na méaduithe sin agus cineál táille ceilte ós rud é nach bhfuil siad trédhearcach don chuid is mó de na tomhaltóirí. Ar an gcúis sin, mhol ERG gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais éagsúla billeála a chuirtear i bhfeidhm ar an taraif Eora-ghuthghlao ar leibhéal an mhiondíola.

(54)

Cé gurb é a rinneadh le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, agus Eoratharaif á tabhairt isteach leis san Aontas, ná cur chuige comhchoiteann a bhunú chun a áirithiú nach ndéantar praghsanna iomarcacha a mhuirearú ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta as glaonna fánaíochta rialáilte, is é a tharlaíonn mar gheall ar na cleachtais éagsúla ó thaobh na n-aonad billeála a chuireann oibreoirí soghluaiste i bhfeidhm ná go mbaintear an bonn go mór ó chur i bhfeidhm comhréireach an chur chuige sin. Ciallaíonn sé seo freisin, d’ainneoin chineál trasteorann na seirbhísí fánaíochta uile-Aontais, go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ann maidir le billeáil a dhéanamh ar ghlaonna fánaíochta rialáilte agus dá bharr sin déantar saobhadh ar na dálaí iomaíocha sa mhargadh inmheánach.

(55)

Dá bhrí sin, ba cheart sraith choiteann rialacha maidir leis na haonaid a úsáidtear sna billí taraife Eora-ghuthghlao ar leibhéal an mhiondíola a thabhairt isteach chun an margadh inmheánach a neartú tuilleadh agus chun an t-ardleibhéal céanna cosanta a sholáthar ar fud an Aontais do thomhaltóirí seirbhísí fánaíochta uile-Aontais.

(56)

Ba cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe glaonna fánaíochta rialáilte ar leibhéal an mhiondíola a gcuid custaiméirí a bhilleáil ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind do na glaonna ar fad atá faoi réir taraife Eora-ghuthghlao, ach sin faoi réir an fhéidearthacht a bheith ann tréimhse muirearaithe tosaigh íosta nach faide ná 30 soicind a chur i bhfeidhm do ghlaonna a dhéantar agus faoina réir sin amháin. Cuirfidh sé sin ar chumas soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon chostais réasúnacha i ndáil le tosú glaonna a chlúdach chomh maith le solúbthacht chun bheith in ann dul in iomaíocht trí thréimhsí íosta muirearaithe níos giorra a thairiscint. Níl údar maith le tréimhse muirearaithe tosaigh íosta a bheith ann i gcás glaonna taraife Eora-ghuthghlao a fhaightear toisc go ndéantar an costas mórdhíola foluiteach a mhuirearú ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind agus go gcumhdaítear aon chostais shonracha i ndáil le tosú glaonna sna rátaí críochnaithe soghluaiste cheana féin.

(57)

Níor cheart go mbeadh ar chustaiméirí íoc as teachtaireachtaí glórphoist a fháil i líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, mar nach féidir leo fad na dteachtaireachtaí sin a rialú. Ba cheart go mbeadh an fhoráil seo gan dochar d’aon mhuirir ghlórphoist eile is infheidhme, mar shampla muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

(58)

Níor cheart go bhfaigheadh custaiméirí a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann billí móra gan údar mar thoradh ar fhánaíocht neamhaireach. Ba cheart, dá bhrí sin, do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta céimeanna réasúnta a thabhairt chun tomhaltóirí a chosaint ar mhuirir fánaíochta a thabhú fad atá siad ina mBallstát féin. Ba cheart bearta leordhóthanacha faisnéise a bheith ar áireamh sna céimeanna sin d’fhonn a chur ar chumas na gcustaiméirí na teagmhais fánaíochta neamhairí sin a chosc go gníomhach. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta bheith ar a bhfaichill maidir le staideanna ina mbeadh fadhbanna ag custaiméirí ó thaobh muirir fánaíochta a íoc agus iad fós ina mBallstát féin agus ba cheart dóibh céimeanna iomchuí a thabhairt chun an fhadhb a mhaolú.

(59)

I gcás seirbhísí fánaíochta SMS, mar is amhlaidh i gcás guthghlaonna fánaíochta, tá riosca suntasach ann, mura ndéanfaí ach oibleagáidí praghsála mórdhíola a fhorchur, nach mbeadh rátaí níos ísle do chustaiméirí miondíola mar thoradh uathoibríoch air. Os a choinne sin, dá rachfaí i mbun gníomhaíochta chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú gan aghaidh a thabhairt ar leibhéal na gcostas mórdhíola a bhaineann leis na seirbhísí seo a sholáthar, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do staid roinnt soláthraithe seirbhísí fánaíochta, go háirithe soláthraithe seirbhísí fánaíochta is lú, trí mhéadú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh cúngrú praghsanna ann.

(60)

Ina theannta sin, mar gheall ar struchtúr ar leith an mhargaidh do sheirbhísí fánaíochta, agus mar gheall ar é a bheith de chineál trasteorann, ní dhearnadh, le creat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach, uirlisí oiriúnacha a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna ó thaobh iomaíochta de arb iad is cúis le leibhéal ard na bpraghsanna mórdhíola agus miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte SMS. Ní áirithíonn sé seo feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart é a chur ina cheart.

(61)

Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí rialála a chur i bhfeidhm i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte SMS ar leibhéal aa mhórdhíola, chun gaolmhaireacht níos réasúnaí a bhunú idir na muirir mhórdhíola agus costais fholuiteacha an tsoláthair, agus ar feadh idirthréimhse ar leibhéal an mhiondíola chun leasanna na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta a chosaint go dtí tráth a mbeidh éifeacht leis na bearta struchtúracha.

(62)

Go dtí go gcruthófar, leis na bearta struchtúracha, dóthain iomaíochta sa mhargadh do sheirbhísí fánaíochta, is é an cur chuige is éifeachtaí agus is comhréirí maidir le rialáil leibhéal na bpraghsanna ar theachtaireachtaí fánaíochta rialáilte SMS ar leibhéal an mhórdhíola ná meánmhuirear uasta in aghaidh an SMS a sheoltar ó líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a shocrú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola idir aon dá oibreoir líonraí laistigh den Aontas thar thréimhse shonraithe.

(63)

Ba cheart go gcuimseodh an muirear uasta mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte SMS na costais go léir arna dtabhú ag soláthraí na seirbhíse mórdhíola, lena n-áirítear, inter alia, an tosú, idirthuras agus costas neamhghnóthaithe as críochnú teachtaireachtaí SMS fánaíochta ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cosc ar sholáthraithe mórdhíola seirbhísí fánaíochta rialáilte SMS muirear ar leithligh a thabhairt isteach i gcomhair chríochnú theachtaireachtaí fánaíochta SMS ar a líonra, chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo i bhfeidhm go comhréireach.

(64)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh na muirir uasta ar sheirbhísí mórdhíola fánaíochta SMS níos gaire do leibhéil a léiríonn costais bhunúsacha fholuiteacha an tsoláthair agus go bhféadfar iomaíocht a fhorbairt ar leibhéal an mhiondíola, ba cheart do na muirir uasta mórdhíola ar SMS rialáilte teacht leis na laghduithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

(65)

In éagmais eilimintí struchtúracha chun an iomaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh do sheirbhísí fánaíochta, measadh i Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 gurbh é an cur chuige is éifeachtaí agus is comhréirí maidir le rialáil leibhéal na bpraghsanna ar theachtaireachtaí fánaíochta SMS uile-Aontais ar leibhéal an mhiondíola ná ceanglas a thabhairt isteach d’oibreoirí na líonraí soghluaiste chun taraif Eora-SMS a thairiscint dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar taraif í nach dtéann thar muirear uasta sonraithe.

(66)

Go dtí tráth a mbeidh éifeacht leis na bearta struchtúracha, ba cheart an taraif shealadach Eora-SMS a choimeád ar leibhéal coimirce a d’áiritheodh go gcaomhnaítear na sochair a fhaigheann tomhaltóirí faoi láthair agus, ag an am céanna, lena ráthaítear corrlach dóthanach do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta agus fós gur léiriú níos réasúnaí é ar na costais fholuiteacha soláthair.

(67)

Dá bhrí sin, ba cheart go léireodh an taraif shealadach Eora-SMS a fhéadfar a thairiscint do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta corrlach réasúnach thar na costais a bhaineann le seirbhís fánaíochta rialáilte SMS a sholáthar, agus saoirse á tabhairt ag an am céanna do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta chun iomaíocht a dhéanamh trí idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid tairiscintí agus trína struchtúir praghsála a chur in oiriúint do dhálaí an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Ba cheart teorainn choimirce den sórt sin a shocrú ag leibhéal nach ndéanann saobhadh ar na sochair iomaíochta a thig as bearta struchtúracha agus féadfar deireadh a chur léi tráth a mbeidh éifeacht leis na bearta struchtúracha. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an gcur chuige rialála sin maidir le seirbhísí breisluacha SMS.

(68)

Níor cheart go mbeadh ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta aon mhuirear breise a íoc as teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte nó teachtaireacht ghlórphoist a fháil agus iad ag fánaíocht ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, ós rud é go bhfuil na costais a ghabhann le críochnú den sórt sin cúitithe cheana féin sa mhuirear miondíola a thoibhítear as teachtaireacht SMS fánaíochta nó teachtaireacht ghlórphoist a sheoladh.

(69)

Ba cheart go mbeadh feidhm uathoibríoch ag taraif Eora-SMS maidir le haon chustaiméir nua seirbhísí fánaíochta nó maidir le haon chustaiméir seirbhísí fánaíochta atá ann cheana nach ndearna nó nach ndéanann taraif fhánaíochta SMS speisialta nó pacáiste do sheirbhísí fánaíochta a chuimsíonn seirbhísí fánaíochta rialáilte SMS a roghnú d’aon ghnó.

(70)

Is é atá i dteachtaireacht SMS ná teachtaireacht téacs ó Sheirbhís Ghearrtheachtaireachtaí agus tá difríocht shoiléir ann idir í agus teachtaireachtaí eile amhail teachtaireachtaí MMS nó ríomhphoist. Chun a áirithiú nach mbainfear d’éifeachtacht an Rialacháin seo agus go ndéanfar a chuspóirí a chomhlíonadh go hiomlán, ba cheart toirmeasc a chur ar aon athruithe ar pharaiméadair theicniúla theachtaireacht fhánaíochta SMS a dhéanfadh í a idirdhealú ó theachtaireacht SMS baile.

(71)

De réir sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta, léirítear go bhfuil praghsanna arda fós ar mheánmhuirir mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta sonraí arna dtobhach ag oibreoirí na líonraí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta. Fiú más é an treocht atá ann go bhfuil na muirir mhórdhíola sin ag dul i laghad, tá siad fós an-ard i gcomparáid leis na costais fholuiteacha.

(72)

Tá muirir mhórdhíola arda fós ann, go príomha de bharr na bpraghsanna mórdhíola arda a mhuirearaíonn oibreoirí líonraí nach líonraí tosaíochta iad. Is srianta ar stiúradh tráchta is cúis leis na muirir sin, rud a fhágann nach bhfuil dreasacht ar bith ann d’oibreoirí a gcuid praghsanna mórdhíola a laghdú go haontaobhach toisc go bhfaighfear an trácht gan spleáchas don phraghas a mhuirearaítear. Is é an toradh atá air sin ná éagsúlacht an-mhór sna costais mhórdhíola. I roinnt cásanna, tá muirir fánaíochta sonraí mórdhíola is infheidhme ar líonraí nach líonraí tosaíochta iad sé huaire níos airde ná na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an líonra tosaíochta. Is é a leanann as na muirir mhórdhíola iomarcacha seo ar sheirbhísí fánaíochta sonraí ná saobhadh mór ar dhálaí iomaíochta idir oibreoirí soghluaiste laistigh den Aontas, rud a bhaineann an bonn ó fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Cuireann siad srian freisin ar chumas na soláthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid costas mórdhíola a thuar agus, dá bhrí sin, pacáistí praghsanna miondíola atá iomaíoch agus trédhearcach a sholáthar dá gcuid custaiméirí. I bhfianaise na srianta ar chumas na n-údarás rialála náisiúnta déileáil go héifeachtach leis na fadhbanna seo ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart go mbeadh feidhm ag muirear uasta mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí rialála a fhorchur i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí ar leibhéal an mhórdhíola, chun gaolmhaireacht níos réasúnaí a bhunú idir na muirir mhórdhíola agus costais fholuiteacha an tsoláthair, agus ar leibhéal an mhiondíola chun leasanna na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta a chosaint.

(73)

Níor cheart go ngearrfadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta i dtaca le haon seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí, mura rud é go nglacann an custaiméir le soláthar na seirbhíse agus go dtí go ndéanann sé amhlaidh.

(74)

Ba cheart, go ndéanfaí, le raon feidhme an Rialacháin seo, soláthar seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola uile-Aontais a chumhdach. Maidir leis na saintréithe speisialta a ghabhann leis na margaí do sheirbhísí fánaíochta, ar saintréithe iad a thug údar maith le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a ghlacadh agus le hoibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí líonraí soghluaiste i ndáil le guthghlaonna fánaíochta uile-Aontais agus teachtaireachtaí SMS fánaíochta uile-Aontais, baineann siad freisin le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola uile-Aontais a sholáthar. Dála mar is amhlaidh i gcás seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus seirbhísí fánaíochta SMS, ní cheannaítear seirbhísí fánaíochta sonraí go neamhspleách ar an leibhéal náisiúnta ach is cuid amháin iad de phacáiste miondíola níos leithne a cheannaíonn custaiméirí óna soláthraí seirbhísí fánaíochta, agus ar an tslí sin cuirtear srian ar an iomaíocht. Mar an gcéanna, mar gheall ar chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, níl na húdaráis rialála náisiúnta atá freagrach as leasanna custaiméirí soghluaiste atá ina gcónaí laistigh dá gcríoch a choimirciú agus a chur chun cinn in ann iompraíocht oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, agus atá lonnaithe i mBallstáit eile, a rialú.

(75)

Fearacht na mbeart rialála atá i ngníomh cheana maidir le guthsheirbhísí agus le seirbhísí SMS, is é an cur chuige is éifeachtaí agus is comhréirí maidir le rialáil leibhéal na bpraghsanna ar sheirbhísí rialáilte miondíola fánaíochta sonraí uile-Aontais ar feadh idirthréimhse ná ceanglas a thabhairt isteach ar dá réir a bheadh ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta taraif shealadach Eora-shonraí a thairiscint dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar taraif í nach dtéann thar muirear uasta sonraithe. Ba cheart an taraif Eora-shonraí a shocrú ar leibhéal coimirce, lena n-áirithítear cosaint tomhaltóirí go dtí go mbeidh éifeacht leis na bearta struchtúracha, agus lena ráthaítear corrlach dóthanach do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta agus fós gur léiriú níos réasúnaí é ar chostais fholuiteacha soláthair.

(76)

Dá bhrí sin, ba cheart go léireodh an taraif shealadach Eora-shonraí a fhéadfar a thairiscint do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta corrlach réasúnach thar na costais a bhaineann le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthar, agus saoirse á tabhairt ag an am céanna do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta chun iomaíocht a dhéanamh trí idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid tairiscintí agus trína struchtúir praghsála a chur in oiriúint do dhálaí an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Ba cheart teorainn choimirce den sórt sin a shocrú ag leibhéal nach ndéanann saobhadh ar na sochair iomaíochta a thig as bearta struchtúracha agus d’fhéadfaí iad a bhaint a luaithe a bheadh deis ag na bearta struchtúracha sochair nithiúla, mharthanacha a sholáthar do chustaiméirí. Cosúil leis an gcur chuige atá in úsáid maidir le seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus SMS, ba cheart, i bhfianaise na laghduithe dá bhforáiltear leis na costais fholuiteacha maidir le soláthar seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola, go dtiocfadh laghdú de réir a chéile ar na muirir rialáilte uasta ar an taraif shealadach Eora-shonraí.

(77)

Ba cheart go mbeadh feidhm uathoibríoch ag taraif Eora-shonraí maidir le haon chustaiméir nua seirbhísí fánaíochta nó maidir le haon chustaiméir seirbhísí fánaíochta atá ann cheana nach ndearna nó nach ndéanann taraif fánaíochta sonraí speisialta nó pacáiste de sheirbhísí fánaíochta a chuimsíonn seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a roghnú d’aon ghnó.

(78)

Is ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt ba cheart an taraif shealadach Eora-shonraí a bhilleáil, lena áirithiú go n-íocfaidh tomhaltóirí as na seirbhísí sonraí sin a thomhlaíonn siad iarbhír agus go seachnófar na fadhbanna a tugadh faoi deara maidir le guthsheirbhísí nuair a tugadh isteach Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, is é sin muirir cheilte a bhí ann ar an tomhaltóir de bharr na sásraí muirearaithe a bhí á gcur i bhfeidhm ag oibreoirí. Tá an muirearú sin comhsheasmhach leis an sásra muirearaithe atá i bhfeidhm cheana ar leibhéal an mhórdhíola.

(79)

Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta cothromráta míosúil, uilechuimsitheach, úsáid chóir a thairiscint nach mbeidh feidhm ag aon mhuirir uasta maidir leis, agus a d’fhéadfadh na seirbhísí fánaíochta uile-Aontais go léir a chlúdach.

(80)

Lena áirithiú go bhféadfaidh gach úsáideoir guth-theileafónaíochta soghluaiste tairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo ba cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais shealadacha phraghsála mhiondíola is cuma an conradh réamhíoctha nó iar-íoctha a bheidh ag na custaiméirí seirbhísí fánaíochta lena soláthraí seirbhísí fánaíochta, agus beag beann ar cibé an bhfuil a líonra féin ag an soláthraí seirbhísí fánaíochta, an oibreoir líonra fíorúil soghluaiste é nó an athdhíoltóir seirbhísí guth-theileafónaíochta soghluaiste é.

(81)

Más rud é gur léir do sholáthraithe seirbhísí teileafónaíochta soghluaiste an Aontais go bhfuil sochair na hidir-inoibritheachta agus na lúdrachta ceann go ceann dá gcuid custaiméirí i gcontúirt de bharr deireadh a chur lena socruithe fánaíochta le hoibreoirí líonra soghluaiste i mBallstáit eile, nó mar gheall ar an mbaol go gcuirfí deireadh leis na socruithe sin, nó nach bhfuil ar a gcumas seirbhísí a sholáthar dá gcuid custaiméirí i mBallstát eile mar thoradh ar easpa comhaontaithe le soláthraí líonra mórdhíola amháin ar a laghad, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta leas a bhaint, nuair is gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain leordhóthanach agus idirnascadh leordhóthanach a áirithiú d’fhonn lúdracht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht na seirbhísí sin a áirithiú, ag cur cuspóirí Airteagal 8 den Treoir Réime san áireamh, go háirithe margadh inmheánach lánfheidhmiúil a chruthú i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

(82)

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpraghsanna miondíola ar sheirbhísí fánaíochta agus chun cuidiú le custaiméirí seirbhísí fánaíochta cinntí a dhéanamh maidir le húsáid a ngléasanna soghluaiste agus iad thar lear, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide soghluaiste faisnéis a sholáthar saor in aisce dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta faoi na muirir fánaíochta is infheidhme maidir leo agus seirbhísí fánaíochta á n-úsáid acu i mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ós rud é go bhféadfadh grúpaí áirithe custaiméirí a bheith go mór ar an eolas faoi mhuirir fánaíochta, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta féidearthacht a thabhairt chun an tseirbhís teachtaireachta uathoibríoch sin a dhiúltú go héasca. Thairis sin, ba cheart do sholáthraithe faisnéis bhreise a thabhairt go gníomhach dá gcuid custaiméirí, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil na custaiméirí sin lonnaithe san Aontas, faoi shonraí na muirear (CBL san áireamh) in aghaidh an nóiméid, in aghaidh an SMS, nó in aghaidh an mheigibhirt ar ghuthghlaonna a dhéanamh nó a fháil agus freisin ar SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile a sheoladh agus a fháil sa Bhallstát a dtugtar cuairt air.

(83)

Éilíonn an trédhearcacht freisin go dtabharfadh soláthraithe faisnéis ar mhuirir fánaíochta go háirithe ar na taraifí Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí agus ar an gcothromráta uilechuimsitheach, más rud é go dtairiscíonn siad é, nuair atá síntiúis á socrú agus gach uair a dhéantar athrú ar na muirir fánaíochta. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis a sholáthar ar mhuirir fánaíochta trí mheáin iomchuí amhail sonraisc, an t-idirlíon, fógráin teilifíse nó post díreach. Maidir leis an bhfaisnéis uile agus na tairiscintí uile, ba cheart go mbeidís soiléir, intuigthe, ba cheart go gceadóidís comparáid a dhéanamh, agus go mbeidís trédhearcach maidir le praghsanna agus maidir le saintréithe na seirbhíse. Ba cheart go mbeadh an reachtaíocht i ndáil le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála gnó le tomhaltóir éagóracha sa mhargadh inmheánach (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (18), á comhlíonadh go hiomlán ag an bhfógraíocht maidir le tairiscintí fánaíochta agus ag margaíocht le tomhaltóirí. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a chinntiú go mbeidh na custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar an eolas faoi fháil a bheith ar tharaifí rialáilte don tréimhse lena mbaineann agus ba cheart dóibh cumarsáid shoiléir agus neamhchlaon a sheoladh i scríbhinn chuig na custaiméirí sin ina mbeidh tuairisc ar choinníollacha na dtaraifí Eora-ghuthghlao, Eora-SMS agus Eora-shonraí agus an ceart athrú chucu nó imeacht uathu.

(84)

Thairis sin, ba cheart bearta a thabhairt isteach chun trédhearcacht a fheabhsú maidir le muirir mhiondíola ar na seirbhísí fánaíochta sonraí go léir, go háirithe chun deireadh a chur le fadhb na mbillí an-ard a thagann gan choinne agus atá mar bhac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus chun na huirlisí atá ag teastáil ó chustaiméirí seirbhísí fánaíochta chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar dóibh. Ar an mbonn céanna, ba cheart nach mbeadh aon chonstaicí ar theacht chun cinn feidhmchlár nó teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh teacht in ionad na seirbhísí fánaíochta, nó a d’fhéadfaí a úsáid mar rogha ar na seirbhísí sin, amhail Wi-Fi.

(85)

Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis taraife phearsantaithe a sholáthar dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta, saor in aisce, faoi na muirir is infheidhme maidir leis na custaiméirí sin as seirbhísí fánaíochta sonraí gach uair a gcuireann siad tús le seirbhís fánaíochta sonraí ar dhul isteach i dtír eile dóibh. Ba cheart an fhaisnéis sin a sheachadadh ar a ngléas soghluaiste ar an tslí is fearr a oireann i dtaca leis an bhfaisnéis a ghlacadh agus a thuiscint go héasca, agus ar shlí a bhféadfaí teacht go héasca uirthi arís ina dhiaidh sin.

(86)

Chun tuiscint na gcustaiméirí a éascú maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a ghabhann le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáid agus ionas go bhféadfaidh siad faireachán agus rialú a dhéanamh ar a gcaiteachas, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta, a gcuid custaiméirí a choimeád ar an eolas ar shlí leordhóthanach, sula dtabharfar conradh i gcrích agus tar éis é a thabhairt i gcrích araon, maidir leis na muirir ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí. D’fhéadfaí samplaí a áireamh san fhaisnéis sin i dtaca leis an neasmhéid sonraí a úsáidtear, mar shampla, le linn ríomhphost a sheoladh, pictiúir a sheoladh, brabhsáil ar an líonra agus le linn feidhmchlár soghluaiste a úsáid.

(87)

De bhreis air sin, chun billí an-ard a thagann gan choinne a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta uasteorainn airgeadais amháin nó níos mó agus/nó uasteorainn toirte amháin nó níos mó a shainiú a bheidh le cur i bhfeidhm ar na muirir atá fós amuigh maidir le seirbhís fánaíochta sonraí, arna sloinneadh san airgeadra ina gcuirtear bille chuig an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta, agus ar cheart dóibh a thairiscint saor in aisce dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir, i bhformáid ina bhféadfaí féachaint arís uirthi ina dhiaidh sin, mar aon le fógra iomchuí nuair atáthar ag tarraingt ar an teorainn sin. Ar an uasteorainn sin a bhaint amach, níor cheart go mbeadh na seirbhísí sin á bhfáil a thuilleadh ag custaiméirí ná níor cheart go ngearrfaí muirear ar chustaiméirí as na seirbhísí sin mura rud é go n-iarrann siad go sonrach go leanfar de na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach san fhógra. I gcás den sórt sin, ba cheart go bhfaighidís deimhniú saor in aisce, i bhformáid ina bhféadfaí féachaint arís uirthi ina dhiaidh sin. Ba cheart go dtabharfaí an deis do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta aon cheann de na huasteorainneacha airgeadais sin nó de na huasteorainneacha toirte sin a roghnú laistigh de thréimhse réasúnach nó an rogha a bheith aige nó aici gan teorainn den sórt sin a bheith ann. Mura rud é go luann custaiméirí a mhalairt, ba cheart iad a chur ar chóras teorann réamhshocraithe.

(88)

Ba cheart go nglacfaí leis na bearta trédhearcachta seo mar na coimircí íosta do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, agus níor cheart go gcuirfidís cosc ar sholáthraithe seirbhísí fánaíochta maidir le raon saoráidí eile a thairiscint dá gcuid custaiméirí ar saoráidí iad a chabhraíonn leo a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a thuar agus a rialú. Mar shampla, tá cuid mhór soláthraithe seirbhísí fánaíochta ag forbairt tairiscintí fánaíochta miondíola nua ar chothromráta trína gceadaítear fánaíocht sonraí a dhéanamh thar thréimhse shonraithe ar phraghas sonraithe suas go teorainn toirte “úsáid chóir”. Ar an mbealach céanna, tá soláthraithe seirbhísí fánaíochta ag forbairt córas lena chur ar chumas a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta faisnéis cothrom le dáta a fháil ar bhonn fíor-ama faoi na muirir fánaíochta sonraí atá fós amuigh orthu agus atá carnaithe go dtí sin acu. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart na forbairtí seo ar na margaí baile a léiriú sna rialacha comhchuibhithe.

(89)

D’fhéadfadh sé freisin go bhfaigheadh custaiméirí faoi tharaifí réamhíoctha billí an-ard gan choinne as seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáid. Ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha a bhaineann le teorainn scoite maidir leis na custaiméirí sin freisin.

(90)

Tá difríochtaí móra idir taraifí fánaíochta rialáilte laistigh den Aontas agus na taraifí fánaíochta a thabhaíonn custaiméirí agus iad ag taisteal lasmuigh den Aontas, ar taraifí iad atá i bhfad níos airde ná na taraifí sin laistigh den Aontas. Toisc nach bhfuil cur chuige comhsheasmhach ann maidir leis an trédhearcacht agus in uireasa beart coimirce maidir le fánaíocht lasmuigh den Aontas, ní chuireann tomhaltóirí muinín ina gcearta agus dá bhrí sin is minic a bhíonn drogall orthu leas a bhaint as seirbhísí soghluaiste agus iad thar lear. Ní hamháin go gcuideodh faisnéis thrédhearcach le tomhaltóirí cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach le leas a bhaint as a ngléasanna soghluaiste agus iad thar lear (laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon), ach d’fhéadfadh sé cuidiú leo agus soláthraithe seirbhísí fánaíochta á roghnú acu. Tá sé riachtanach, mar sin, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin maidir le heaspa trédhearcachta agus le heaspa cosanta do thomhaltóirí trí bhearta áirithe trédhearcachta agus coimirce a chur i bhfeidhm freisin maidir le seirbhísí fánaíochta a a sholáthraítear lasmuigh den Aontas. Leis na bearta sin, d’éascófaí an iomaíocht agus chuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(91)

Más rud é nach ligeann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air sa tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi lasmuigh den Aontas don soláthraí seirbhísí fánaíochta faireachán a dhéanamh ar úsáid a chuid custaiméirí ar bhonn fíor-ama, níor cheart go gcuirfí iallach ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an uasteorainn airgeadais nó an uasteorainn toirte a sholáthar chun custaiméirí a choimirciú.

(92)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú laistigh dá gcríoch ag na húdaráis rialála náisiúnta atá freagrach as cúraimí a chur i gcrích faoi chreat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach. Ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh freisin ar fhorbairtí i bpraghsáil guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta agus fánaíocht á déanamh acu san Aontas, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus ar an ngá atá lena áirithiú gur féidir na costais sin a aisghabháil go leordhóthanach ar an margadh mórdhíola, agus nach n-úsáidtear teicnící stiúrtha tráchta chun rogha a shrianadh chun aimhleasa na gcustaiméirí. Ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear faisnéis chothrom le dáta faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil do na páirtithe leasmhara agus go bhfoilseofar torthaí an fhaireacháin sin gach sé mhí. Ba cheart faisnéis ar leith a sholáthar ar chustaiméirí corparáideacha, custaiméirí iar-íoctha agus custaiméirí réamhíoctha.

(93)

Maidir le fánaíocht intíre sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, áit a mbíonn na ceadúnais teileafónaíochta soghluaiste éagsúil leis na ceadúnais a eisítear i ndáil leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta, d’fhéadfadh sí leas a bhaint as laghduithe ar an ráta a bheadh coibhéiseach leis na laghduithe sin a dhéantar sa mhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí fánaíochta. Níor cheart go gcruthódh cur chun feidhme an Rialacháin seo cóir phraghsála lena mbainfeadh níos lú fabhair do chustaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta intíre le hais custaiméirí a bheadh ag úsáid seirbhísí fánaíochta uile-Aontais. Chun na críche sin, féadfaidh na húdaráis náisiúnta bearta breise a ghlacadh atá comhsheasmhach le dlí an Aontais.

(94)

Agus rialacha á leagan síos acu maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit, a chur san áireamh, inter alia, go bhféadfadh soláthraithe seirbhísí fánaíochta cúiteamh a íoc le custaiméirí as aon mhoill nó as aon bhac a chuirfí orthu agus iad ag athrú go soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

(95)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchoiteann a bhunú lena áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais, agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach ar an dóigh sin tríd an iomaíocht idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach ar dhóigh chinnte, chomhchuibhithe agus thráthúil agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(96)

Ba cheart oibleagáidí rialála i leith muirear mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí a choimeád i bhfeidhm go dtí go mbeidh éifeacht leis na bearta struchtúracha agus go dtí go mbeidh a dóthain forbartha tagtha ar iomaíocht sna margaí mórdhíola. Ina theannta sin, léiríonn treochtaí sa mhargadh faoi láthair gur seirbhísí sonraí a bheidh ar an gcuid is ábhartha de sheirbhísí soghluaiste de réir a chéile, agus gur léir gurb iad seirbhísí fánaíochta sonraí mórdhíola is dinimiciúla faoi láthair, a bhfuil praghsanna orthu pas maith faoi bhun na rátaí rialáilte reatha.

(97)

Ba cheart teorainneacha coimirce miondíola a shocrú ag leibhéil atá ard go leor le nach ndéanfaidh siad saobhadh ar na sochair iomaíochta is féidir a fháil as bearta struchtúracha agus d’fhéadfaí na teorainneacha sin a bhaint go hiomlán a luaithe a bheidh éifeacht leis na bearta sin agus a luaithe a chumasófar d’fhíormhargadh inmheánach forbairt. Ba cheart do na teorainneacha coimirce miondíola a bheith ag dul i laghad, dá bhrí sin, agus imeacht as ina dhiaidh sin.

(98)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin seo i bhfianaise a chuspóirí, agus ar an méid a chuireann sé le cur chun feidhme chreat rialála 2002 don chumarsáid leictreonach agus le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an tionchar atá ar staid iomaíoch na soláthraithe cumarsáide soghluaiste, idir bheag agus mhór, agus ó chodanna éagsúla den Aontas, ar na forbairtí, ar na treochtaí agus ar an trédhearcacht i dtaca le muirir mhiondíola agus le muirir mhórdhíola, ar an ngaolmhaireacht atá acu le costais iarbhír, ar a mhéid a athdhearbhaíodh na toimhdí a rinneadh sa mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an Rialachán seo, ar na costais a bhaineann le comhlíonadh agus ar an tionchar ar infheistíochtaí. Ba cheart don Choimisiún freisin, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, breithniú a dhéanamh i ndáil le hinfhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí atá ann mar rogha ar fhánaíocht a dhéanamh (amhail rochtain trí Wi-Fi).

(99)

Ba cheart oibleagáidí rialála i leith muirear mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí a choimeád i bhfeidhm chun tomhaltóirí a choimirciú fad nach bhfuil forbairt iomlán tagtha ar an iomaíocht ar leibhéal na miondíola ná ar leibhéal na mórdhíola. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 30 Meitheamh 2016, a mheas ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar cuireadh chun feidhme go hiomlán na bearta struchtúracha agus ar tháinig forbairt leordhóthanach ar an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí fánaíochta. Má mheasann an Coimisiún nár tháinig forbairt leordhóthanach ar an iomaíocht, ba cheart dó moltaí iomchuí a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle lena áirithiú go mbeidh coimirce leordhóthanach ag na tomhaltóirí ó 2017 ar aghaidh.

(100)

Tar éis an athbhreithnithe thuasluaite, agus chun faireachán leanúnach ar na seirbhísí fánaíochta san Aontas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a ullmhú gach re bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar tuarascáil í ina mbeidh achoimre ghinearálta ar na treochtaí is déanaí i seirbhísí fánaíochta mar aon le measúnú idirmheánach ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus ar na roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann chun a áirithiú nach n-íocann úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, praghsanna iomarcacha i gcomparáid leis na praghsanna náisiúnta iomaíocha, ar sheirbhísí fánaíochta uile-Aontais le linn do na húsáideoirí sin glaonna a dhéanamh agus a fháil, le linn dóibh teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus a fháil agus le linn dóibh seirbhísí cumarsáide sonraí paicéadlasctha a úsáid agus, ar an tslí sin, cuirtear le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí á bhaint amach, iomaíocht agus trédhearcacht á gcothú sa mhargadh agus dreasachtaí le haghaidh na nuálaíochta agus roghanna tomhaltóirí araon á dtairiscint.

Leagtar síos ann rialacha lena gcumasaítear seirbhísí fánaíochta rialáilte a dhíol ar leithligh ó sheirbhísí baile cumarsáide soghluaiste agus leagtar amach ann na coinníollacha a bhaineann le rochtain mhórdhíola ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar. Leagtar síos leis freisin rialacha sealadacha maidir leis na muirir a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta a thobhach chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i leith guthghlaonna agus teachtaireachtaí SMS a thosaíonn agus a chríochnaíonn laistigh den Aontas, agus chun seirbhísí cumarsáide sonraí paicéadlasctha a sholáthar is seirbhísí a úsáideann custaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad ag fánaíocht ar líonra cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas. Tá feidhm aige maidir leis na muirir a thoibhíonn oibreoirí líonraí ar leibhéal mórdhíola agus maidir leis na muirir a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta ar leibhéal miondíola.

2.   Is céim idirmheánach riachtanach í seirbhísí rialáilte fánaíochta a dhíol ar leithligh ó sheirbhísí baile cumarsáide soghluaiste chun cur leis an iomaíocht ionas go n-ísleofar taraif fánaíochta do chustaiméirí d’fhonn margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí cumarsáide soghluaiste a bhaint amach, agus a áirithiú, faoi dheireadh, nach ndéanfar aon difreáil idir taraifí náisiúnta agus taraifí fánaíochta.

3.   Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha arb é is aidhm dóibh cur leis an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus feabhas a chur ar sholáthar faisnéise maidir le muirir d’úsáideoirí seirbhísí fánaíochta.

4.   Is é atá sa Rialachán seo beart sonrach de réir bhrí Airteagal 1(5) den Treoir Réime.

5.   Is i dtéarmaí euro a dhéantar na muirir uasta a leagtar amach sa Rialachán seo a shloinneadh.

6.   I gcás ina ndéantar muirir uasta a thagann faoi Airteagal 7, Airteagal 9 agus faoi Airteagal 12 a ainmniú in airgeadraí seachas an euro, déanfar na teorainneacha tosaigh de bhun na nAirteagal sin a chinneadh sna hairgeadraí sin trí na rátaí malairte tagartha a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach an 1 Bealtaine 2012 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

Chun críocha na dteorainneacha a thiocfaidh ina dhiaidh sin dá bhforáiltear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(1), agus in Airteagal 12(1), déanfar na luachanna athbhreithnithe a chinneadh trí na rátaí malairte tagartha arna bhfhoilsiú amhlaidh an 1 Bealtaine sa bhliain féilire ábhartha a chur i bhfeidhm. I gcás na muirear uasta faoi Airteagal 7(2), Airteagal 9(1) agus Airteagal 12(1), déanfar na teorainneacha in airgeadraí seachas an euro a athbhreithniú ar bhonn bliantúil amhail ón mbliain 2015. Beidh feidhm ag na teorainneacha arna n-athbhreithniú go bliantúil sna hairgeadraí sin ón 1 Iúil agus na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú an 1 Bealtaine den bhliain chéanna á n-úsáid.

7.   I gcás ina n-ainmnítear muirir uasta faoi Airteagal 8, Airteagal 10 agus Airteagal 13 in airgeadraí seachas an euro, déanfar na teorainneacha tosaigh de bhun na nAirteagal sin a chinneadh sna hairgeadraí sin trí mheán na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an 1 Márta, an 1 Aibreán agus an 1 Bealtaine 2012 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

Chun críocha na dteorainneacha a thiocfaidh ina dhiaidh sin dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 13(2), déanfar na luachanna athbhreithnithe sin a chinneadh sna hairgeadraí sin trí mheán na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú amhlaidh an 1 Márta, an 1 Aibreán agus an 1 Bealtaine den bhliain féilire ábhartha a chur i bhfeidhm. I gcás na muirear uasta faoi Airteagal 8(2), Airteagal 10(2) agus faoi Airteagal 13(2), déanfar na teorainneacha in airgeadraí seachas an euro a athbhreithniú ar bhonn bliantúil amhail ón mbliain 2015. Beidh feidhm ag na teorainneacha arna n-athbhreithniú go bliantúil sna hairgeadraí sin ón 1 Iúil agus meán na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú an 1 Márta, an 1 Aibreán agus an 1 Bealtaine den bhliain chéanna á úsáid.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir na Rochtana, in Airteagal 2 den Treoir Réime agus in Airteagal 2 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.

2.   I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí fánaíochta” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte do chustaiméir seirbhísí fánaíochta;

(b)

ciallaíonn “soláthraí baile” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí baile cumarsáide soghluaiste do chustaiméir seirbhísí fánaíochta;

(c)

ciallaíonn “soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta” soláthraí seirbhísí fánaíochta atá éagsúil ón soláthraí baile;

(d)

ciallaíonn “líonra baile” líonra poiblí cumarsáide atá lonnaithe laistigh de Bhallstát agus a úsáideann an soláthraí seirbhísí fánaíochta chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar do chustaiméir seirbhísí fánaíochta;

(e)

ciallaíonn “líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air” líonra poiblí trastíre cumarsáide soghluaiste atá lonnaithe i mBallstát seachas Ballstát sholáthraí baile an chustaiméara seirbhísí fánaíochta agus ar líonra é lena gceadaítear do chustaiméir seirbhísí fánaíochta glaonna a dhéanamh nó a fháil, teachtaireachtaí SMS a sheoladh nó a fháil nó cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, trí bhíthin socruithe le hoibreoir an líonra bhaile;

(f)

ciallaíonn “fánaíocht uile-Aontais” an úsáid a bhaineann custaiméir seirbhísí fánaíochta as gléas soghluaiste chun glaonna laistigh den Aontas a dhéanamh nó a fháil, chun teachtaireachtaí SMS laistigh den Aontas a sheoladh nó a fháil, nó chun cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, fad is atá an custaiméir sin i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil líonra an tsoláthraí baile lonnaithe, trí bhíthin socruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(g)

ciallaíonn “custaiméir seirbhísí fánaíochta” custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí fánaíochta is soláthraí seirbhísí fánaíochta rialáilte, trí bhíthin líonra poiblí trastíre cumarsáide soghluaiste atá lonnaithe san Aontas, a gceadaíonn a chonradh nó a shocrú leis an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin dó fánaíocht uile-Aontais a dhéanamh;

(h)

ciallaíonn “glao fánaíochta rialáilte” guthghlao cumarsáide teileafónaíochta soghluaiste a dhéanann custaiméir seirbhísí fánaíochta, a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí cumarsáide laistigh den Aontas nó guthghlao a fhaigheann custaiméir seirbhísí fánaíochta a thosaíonn ar líonra poiblí cumarsáide laistigh den Aontas agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(i)

ciallaíonn “taraif Eora-ghuthghlao” aon taraif nach mó ná an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 8 agus a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach chun glaonna fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(j)

ciallaíonn “teachtaireacht SMS” teachtaireacht téacs Sheirbhís Gearrtheachtaireachtaí atá comhdhéanta go príomha de charachtair aibítreacha agus/nó uimhriúla, ar teachtaireacht í is féidir a sheoladh idir uimhreacha soghluaiste agus/nó uimhreacha socair arna sannadh i gcomhréir le pleananna uimhrithe náisiúnta;

(k)

ciallaíonn “teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte” teachtaireacht SMS a sheolann custaiméir seirbhísí fánaíochta agus a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra cumarsáide poiblí laistigh den Aontas nó a fhaigheann custaiméir seirbhísí fánaíochta agus a thosaíonn ar líonra cumarsáide poiblí laistigh den Aontas agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

(l)

ciallaíonn “taraif Eora-SMS” aon taraif nach mó ná an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach chun teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(m)

ciallaíonn “seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí” seirbhís fánaíochta trína gcuirtear ar chumas custaiméara seirbhísí fánaíochta cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid trí bhíthin a ghléis shoghluaiste nuair atá an gléas cónasctha le líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ní chuimsítear le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí glaonna fánaíochta rialáilte nó teachtaireachtaí SMS a tharchur nó a fháil, ach cuimsítear léi teachtaireachtaí MMS a tharchur agus a fháil;

(n)

ciallaíonn “taraif Eora-shonraí” aon taraif nach mó ná an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 13 agus a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach chun seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthar i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(o)

ciallaíonn “rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola” rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola nó rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol;

(p)

ciallaíonn “rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola” saoráidí agus/nó seirbhísí bheith á gcur ar fáil ag oibreoir líonra soghluaiste do ghnóthas eile, faoi choinníollacha sainithe, ionas go ndéanfaidh an gnóthas eile sin seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta;

(q)

ciallaíonn “rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol” seirbhísí fánaíochta a sholáthar ar bhonn mórdhíola ag oibreoir líonra soghluaiste, atá éagsúil ó oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, do ghnóthas eile ionas go bhféadfadh an gnóthas eile sin seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta.

Airteagal 3

Rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola

1.   Freastalóidh oibreoirí líonraí soghluaiste do na hiarrataí réasúnacha uile ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola.

2.   Ní fhéadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste iarrataí ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a dhiúltú ach amháin ar bhonn critéar oibiachtúil.

3.   Cuimseofar le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola rochtain ar na heilimintí líonra agus ar na saoráidí gaolmhara, ar na seirbhísí ábhartha, agus ar na córais bhogearraí agus faisnéise go léir is gá chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí.

4.   Beidh feidhm ag na rialacha maidir le muirir ar fhánaíocht mhórdhíola rialáilte, ar rialacha iad a leagtar síos in Airteagal 7, in Airteagal 9 agus in Airteagal 12, i leith rochtain a sholáthar ar chomhpháírteanna uile na fánaíochta mórdhíola dá dtagraítear i mír 3.

Gan dochar don chéad fhomhír, i gcás rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, féadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste praghsanna córa agus réasúnacha a mhuirearú ar chomhpháirteanna nach gcuimsítear le mír 3.

5.   Foilseoidh oibreoirí líonraí soghluaiste tairiscint thagartha, agus treoirlínte BEREC dá dtagraítear i mír 8 á gcur san áireamh acu, agus cuirfidh siad an tairiscint sin ar fáil do ghnóthas a bhfuil rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola á hiarraidh aige. Déanfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste dréachtchonradh, atá i gcomhréir leis an Airteagal seo, a sholáthar don ghnóthas a bhfuil rochtain á hiarraidh aige, i dtaca leis an rochtain sin ar a dhéanaí mí amháin tar éis d’oibreoir an líonra soghluaiste an iarraidh a fháil, den chéad uair. Deonófar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola laistigh de thréimhse ama réasúnach nach rachaidh thar trí mhí ón tráth a dtabharfar an conradh i gcrích. Maidir le hoibreoirí na líonraí soghluaiste a fhaigheann iarraidh ar rochtain ar fhánaíocht agus na gnóthais a mbeidh rochtain á hiarraidh acu, rachaidh siad i mbun caibidlíochta de mheon macánta.

6.   Déanfar an tairiscint tagartha dá dtagraítear i mír 5 a mhionsonrú go leordhóthanach agus áireofar ann na compháirteanna uile atá riachtanach do rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola faoi mar a thagraítear dó i mír 3, agus déanfar cur síos ann ar na tairiscintí ábhartha maidir le rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, agus ar na téarmaí gaolmhara agus ar na coinníollacha gaolmhara. Más gá, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.

7.   I gcás inar mian leis an ngnóthas a bhfuil an rochtain á hiarraidh aige dul i mbun caibidlíochta tráchtála d’fhonn comhpháirteanna nach gcumhdaítear leis an dtairiscint tagartha a áireamh freisin, tabharfaidh oibreoirí na líonraí soghluaiste freagra ar iarraidh den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnach nach rachaidh thar dhá mhí ón uair a bhfaighfear an iarraidh den chéad uair. Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 5.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair 2012, agus chun cur leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh BEREC treoirlínte maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a leagan síos tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún.

9.   Beidh feidhm ag mír 5 go mír 7 ón 1 Eanáir 2013.

Airteagal 4

Seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh

1.   Cuirfidh soláthraithe baile ar chumas a gcuid custaiméirí rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte guthghlaonna, SMS agus sonraí arna soláthar ag aon soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta mar chuach.

Ní chuirfidh soláthraithe baile ná soláthraithe seirbhísí fánaíochta bac ar chustaiméirí rochtain a fháil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí arna soláthar ag soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta go díreach ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

2.   Beidh sé de cheart ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta athrú ó sholáthraí seirbhísí fánaíochta go chéile tráth ar bith. I gcás ina roghnóidh custaiméir seirbhísí fánaíochta athrú ó sholáthraí seirbhísí fánaíochta, déanfar an t-athrú sin gan aon mhoill mhíchuí, agus i ngach cás laistigh den tréimhse is giorra ama is féidir, ag brath ar an réiteach teicniúil arna rogha do dhíolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur i bhfeidhm, ach is tréimhse nach faide in imthosca ar bith ná trí lá oibre ón tráth a dtabharfar an comhaontú chun críche leis an soláthraí nua seirbhísí fánaíochta.

3.   Beidh an t-athrú chuig soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta nó idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta saor in aisce do chustaiméirí agus féadfar é a dhéanamh faoi aon phlean taraife. Ní bheidh aon síntiús gaolmhar ná aon mhuirir sheasta bhreise ná athfhillteacha is muirir a bhaineann le heilimintí den síntiús seachas an fhánaíocht ag gabháil leis, i gcomparáid leis na coinníollacha a bhí i bhfeidhm sula ndearnadh an t-athrú.

4.   Tabharfaidh na soláthraithe baile fógra dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta uile, ar bhealach soiléir, sothuigthe, agus a fhágann gur féidir teacht air go héasca, maidir leis an bhféidearthacht atá ann na seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a roghnú.

Go háirithe, tráth a ndéantar nó tráth a n-athnuaitear conradh i leith seirbhísí cumarsáide soghluaiste, tabharfaidh soláthraithe baile an fhaisnéis iomlán faoin bhféidearthacht maidir le soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta a roghnú dá gcuid gcustaiméirí go léir ar bhonn aonair agus ní chuirfidh na soláthraithe baile bac orthu conradh a thabhairt i gcrích le soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta. Aon chustaiméirí a thugann conradh i gcrích i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte le soláthraí baile, dearbhóidh siad go sainráite gur cuireadh ar an eolas iad faoi fhéidearthacht den sórt sin. Ní chuirfidh soláthraí baile bac ar mhiondíoltóirí a fhónann mar phointí díolacháin an tsoláthraí baile conarthaí a thairiscint i leith seirbhísí fánaíochta ar leithligh le soláthraithe malartacha seirbhísí fánaíochta ná ní áiteoidh soláthraí baile ar na miondíoltóirí sin gan é sin a dhéanamh ná ní spreagfaidh siad iad gan é sin a dhéanamh.

5.   Ní athrófar saintréithe teicniúla seirbhísí fánaíochta rialáilte ar shlí a d’fhágfadh go mbeidís éagsúil le saintréithe teicniúla na seirbhísí fánaíochta rialáilte, lena n-áirítear na paraiméadair cháilíochta, a soláthraíodh don chustaiméir sular athraigh sé ón soláthraí. I gcás nach mbainfidh an t-athrú le gach seirbhís fánaíochta rialáilte, leanfar leis na seirbhísí sin nár athraíodh a sholáthar ar an bpraghas céanna agus, go feadh an méid is mó is féidir, leis na saintréithe teicniúla céanna, lena n-áirítear paraiméadair cháilíochta.

6.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo ón 1 Iúil 2014.

Airteagal 5

Díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh soláthraithe baile díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 4 chun gur féidir lena gcuid custaiméirí leas a bhaint as seirbhísí cumarsáide soghluaiste baile agus as seirbhísí fánaíochta rialáilte ar leithligh. Freastalóidh soláthraithe baile do na hiarrataí réasúnacha uile ar rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí tacaíochta gaolmhara ar saoráidí agus seirbhísí iad atá ábhartha i dtaca le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a dhíol ar leithligh. Maidir le rochtain ar na saoráidí sin agus ar na seirbhísí tacaíochta sin is gá chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a dhíol ar leithligh, lena n-áirítear seirbhísí fíordheimhnithe úsáideora, beidh sí saor in aisce agus ní chuirfear aon mhuirir dhíreacha ar na custaiméirí i ngeall air.

2.   Lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach agus go comhuaineach ar fud an Aontais díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle le BEREC, faoin 31 Nollaig 2012, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na hoibleagáidí faisnéise a leagtar síos in Airteagal 4(4) agus maidir le réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2), agus beidh feidhm acu ón 1 Iúil 2014.

3.   Maidir leis an réiteach teicniúil chun díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme, comhlíonfaidh sé na critéir seo a leanas:

(a)

beidh sé áisiúil don tomhaltóir, agus go háirithe féadfaidh tomhaltóirí athrú chuig soláthraí malartach seirbhísí fánaíochta go furasta agus go pras ach ag an am céanna a n-uimhir shoghluaiste atá ann cheana á coimeád agus an gléas soghluaiste céanna á úsáid acu;

(b)

beidh sé in ann freastal ar gach catagóir d’éileamh tomhaltóirí, lena n-áirítear tréanúsáid seirbhísí sonraí;

(c)

beidh sé in ann an iomaíocht a chothú ar bhealach éifeachtach, agus cuirfidh sé san áireamh an scóip atá ag oibreoirí sochar a bhaint as a sócmhainní bonneagair nó as a socruithe tráchtála;

(d)

beidh sé éifeachtach ó thaobh costas de, agus cuirfidh sé san áireamh go bhfuil costais á roinnt idir soláthraithe baile agus soláthraithe malartacha seirbhísí fánaíochta;

(e)

beidh sé in ann éifeacht a thabhairt do na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) ar bhealach éifeachtúil;

(f)

cumasófar leis an idir-inoibritheacht is mó is féidir;

(g)

beidh sé furasta don úsáideoir é a úsáid, go háirithe i ndáil leis an láimhseáil theicniúil a dhéanfaidh custaiméirí ar an ngléas soghluaiste agus iad ag athrú ó líonra amháin go líonra eile;

(h)

áiritheoidh sé nach gcuirfear bac ar fhánaíocht ag custaiméirí de chuid an Aontais i dtríú tíortha ná ar fhánaíocht ag custaiméirí de chuid tríú tíre san Aontas;

(i)

áiritheoidh sé go n-urramófar na rialacha maidir le cosaint an phríobháideachais, sonraí pearsanta, slándála agus sláine líonraí agus na trédhearcachta, a éilítear sa Treoir Réime agus sna Treoracha Sonracha;

(j)

cuirfidh sé san áireamh an t-ábhar go gcuireann údaráis rialála náisiúnta cumas úsáideoirí deiridh chun cinn maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis agus an fhaisnéis sin a dháileadh nó na feidhmchláir agus na seirbhísí is rogha leo a fheidhmiú, i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 8(4) den Treoir Réime;

(k)

áiritheoidh sé go gcuirfidh soláthraithe coinníollacha coibhéiseacha i bhfeidhm in imthosca coibhéiseacha.

4.   Leis an réiteach teicniúil, féadfar módúlacht teicniúil amháin nó roinnt módúlachtaí teicniúla a chomhcheangal chun na critéir a leagtar amach i mír 3 a chomhlíonadh.

5.   Más gá, tabharfaidh an Coimisiún sainordú do Chomhlacht Eorpach um chaighdeánú chun na caighdeáin ábhartha a theastaíonn le go ndéanfar díolachán ar leithligh seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chur chun feidhme go comhchuibhithe a oiriúnú.

6.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo ón 1 Iúil 2014.

Airteagal 6

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Cumarsáide, arna bhunú le hAirteagal 22 den Treoir Réime, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7

Muirir mhórdhíola chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh

1.   Ní rachaidh an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta an chustaiméara thar EUR 0,14 in aghaidh an nóiméid amhail ón 1 Iúil 2012, costais tosaithe, idirthurais agus críochnaithe inter alia san áireamh, chun glao fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse 12 mhí nó thar aon tréimhse den sórt is giorra ná sin a d’fhéadfadh a bheith fágtha roimh dheireadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag meánmhuirear mórdhíola uasta dá bhforáiltear sa mhír seo nó roimh an 30 Meitheamh 2022. Maidir leis an meánmhuirear mórdhíola uasta laghdófar é go dtí EUR 0,10 an 1 Iúil 2013 agus go dtí EUR 0,05 an 1 Iúil 2014 agus, gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh an meánmhuirear mórdhíola uasta de bheith cothrom le EUR 0,05 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam iomlán a fhaightear ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a úsáideann an t-oibreoir ábhartha go hiarbhír chun glaonna fánaíochta mórdhíola a sholáthar laistigh den Aontas sa tréimhse ábhartha, arna chomhiomlánú mar shuim in aghaidh an tsoicind arna coigeartú chun aird a thabhairt ar an bhféidearthacht go ndéanfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air tréimhse íosta tosaigh muirearaithe nach faide ná 30 soicind a chur i bhfeidhm.

Airteagal 8

Muirir mhiondíola ar ghlaonna fánaíochta rialáilte

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-ghuthghlao, faoi mar a fhoráiltear di i mír 2, a chur ar fáil agus a thairiscint ar bhealach gníomhach dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar shlí shoiléir thrédhearcach. Ní bheidh síntiús gaolmhar ar bith ná aon mhuirir sheasta ná athfhillteacha eile ag gabháil leis an taraif sin agus féadfar í a chónascadh le haon taraif mhiondíola eile.

Agus an tairiscint seo á déanamh ag soláthraithe seirbhísí fánaíochta, meabhróidh siad do gach duine dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta a raibh taraif fánaíochta shonrach nó pacáiste fánaíochta sonrach roghnaithe acu na coinníollacha is infheidhme maidir leis an taraif nó leis an bpacáiste sin.

2.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an muirear miondíola maidir le taraif Eora-ghuthghlao (gan CBL a áireamh) a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar, féadfar é a athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,29 in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a dhéantar nó thar EUR 0,08 in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a fhaightear. Laghdófar an muirear uasta miondíola, ar ghlaonna a dhéantar, go dtí EUR 0,24 an 1 Iúil 2013 agus go dtí EUR 0,19 an 1 Iúil 2014 agus, i gcás glaonna a fhaightear, laghdófar an muirear miondíola uasta go dtí EUR 0,07 an 1 Iúil 2013, agus go dtí EUR 0,05 an 1 Iúil 2014. Gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh na muirir uasta mhiondíola sin maidir leis an taraif Eora-ghuthghlao de bheith bailí go dtí an 30 Meitheamh 2017.

Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon mhuirear a thobhach ar a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta as aon teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a fhaigheann siad. Beidh an méid sin gan dochar d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

Déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar a chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta as aon ghlao fánaíochta rialáilte a bhfuil feidhm ag taraif Eora-ghuthghlao ina leith a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind, cibé acu a dhéantar nó a fhaightear é.

Féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh a chur i bhfeidhm nach mó ná 30 soicind maidir le glaonna a dhéantar agus a thagann faoi réim taraife Eora-ghuthghlao.

3.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-ghuthghlao i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir atá ann cheana, seachas na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin a mbeidh rogha déanta acu d’aon ghnó cheana féin glacadh le taraif fánaíochta nó pacáiste, is rogha ar dá bhua a bhaineann siad tairbhe as taraif éagsúil le haghaidh glaonna fánaíochta rialáilte seachas an taraif a bheadh acu dá mba rud é nach mbeadh an rogha den sórt sin ann.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-ghuthghlao i bhfeidhm maidir leis na custaiméirí nua seirbhísí fánaíochta go léir nach ndéanann rogha d’aonghnó taraif fánaíochta éagsúil nó pacáiste taraife eágsúil a roghnú do sheirbhísí fánaíochta lena n-áirítear taraif éagsúil ar ghlaonna fánaíochta rialáilte.

5.   Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí taraif Eora-ghuthghlao nó ó tharaif Eora-ghuthghlao é ag tráth ar bith. Déanfar aon athrú laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile den síntiús ag gabháil leis an athrú sin, ach amháin go bhféadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta, i gcás inar mian le custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhfuil síntiús aige le haghaidh pacáiste fánaíochta speisialta a chuimsíonn níos mó ná seirbhís fánaíochta rialáilte amháin athrú chuig taraif Eora-ghuthghlao, a cheangal ar an gcustaiméir atá ag athrú na sochair a bhaineann leis na heilimintí eile den phacáiste sin a ligean uaidh. Féadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar dhá mhí. Féadfar taraif Eora-ghuthghlao a chónascadh le taraif Eora-SMS agus le taraif Eora-shonraí i gcónaí.

Airteagal 9

Muirir mhórdhíola ar theachtaireachtaí fánaíochta rialáilte SMS

1.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, ní bheidh an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach chun teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a thosaíonn ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar níos mó ná EUR 0,03 in aghaidh na teachtaireachta SMS. Laghdófar an méanmhuirear mórdhíola uasta go dtí EUR 0,02 an 1 Iúil 2013 agus, gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,02 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse 12 mhí nó thar aon tréimhse den sórt sin is giorra ná sin a d’fhéadfadh a bheith fágtha roimh an 30 Meitheamh 2022.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air nó oibreoir an líonra baile as teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a thosú agus a tharchur laistigh den Aontas sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na dteachtaireachtaí SMS den sórt sin a tosaíodh agus a tarchuireadh thar ceann an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta ábhartha nó thar ceann oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.

4.   Ní dhéanfaidh oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air aon mhuirear a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta an chustaiméara seirbhísí fánaíochta nó ar oibreoir líonra baile an chustaiméara, ar leithligh ón muirear dá dtagraítear i mír 1, as teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a chríochnú, ar teachtaireacht í a seoladh chuig custaiméir seirbhísí fánaíochta agus é ag fánaíocht ar a líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

Airteagal 10

Muirir mhiondíola ar theachtaireachtaí fánaíochta rialáilte SMS

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-SMS, dá bhforáiltear i mír 2, a chur ar fáil agus a thairiscint ar bhealach gníomhach dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar shlí shoiléir thrédhearcach. Ní bheidh aon síntiús gaolmhar nó aon mhuirir sheasta nó athfhillteacha eile ag gabháil leis an taraif Eora-SMS agus féadfar í a chónascadh le haon taraif mhiondíola eile, ach sin faoi réir fhorálacha eile an Airteagail seo.

2.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir le muirear miondíola tharaif Eora-SMS (gan CBL a áireamh) a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta i ndáil le teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a sheolann an custaiméir seirbhísí fánaíochta sin, féadfaidh sé athrú i gcás aon teachtaireachta SMS fánaíochta rialáilte ach ní rachaidh sé thar EUR 0,09. Laghdófar an muirear uasta sin go EUR 0,08 an 1 Iúil 2013 agus go EUR 0,06 an 1 Iúil 2014 agus, gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,06 go dtí an 30 Meitheamh 2017.

3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon mhuirear a thobhach ar a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a fhaigheann siad.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-SMS i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir atá ann cheana, seachas custaiméirí seirbhísí fánaíochta a bhfuil rogha déanta acu d’aon ghnó cheana féin glacadh le taraif fánaíochta nó pacáiste ar leith ar dá bhua a bhaineann siad tairbhe as taraif éagsúil le haghaidh teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte seachas an taraif a bheadh acu da mba rud é nach mbeadh an rogha sin déanta acu.

5.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-SMS i bhfeidhm go huathoibríoch i gcás na gcustaiméirí nua seirbhísí fánaíochta go léir nach ndéanann rogha d’aon ghnó taraif fánaíochta SMS éagsúil nó pacáiste éagsúil taraife do sheirbhísí fánaíochta a chuimsíonn taraif éagsúil do theachtaireachtaí fánaíochta rialáilte SMS a roghnú.

6.   Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí taraif Eora-SMS nó ó tharaif Eora-SMS é ag tráth ar bith. Déanfar aon athrú a dhéanamh laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile den síntiús ag gabháil leis an athrú sin seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú den sórt sin go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta shonraithe nach rachaidh thar dhá mhí. Féadfar taraif Eora-SMS a chónascadh le taraif Eora-ghuthghlao agus le taraif Eora-shonraí i gcónaí.

Airteagal 11

Saintréithe teicniúla na dteachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte

Ní dhéanfaidh aon soláthraí seirbhísí fánaíochta, soláthraí baile, oibreoir líonra baile ná oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air saintréithe teicniúla theachtaireachtaí fánaíochta rialáilte SMS a athrú ar shlí a d’fhágfadh go mbeadh siad éagsúil le saintréithe teicniúla theachtaireachtaí SMS a sholáthraítear laistigh dá mhargadh baile.

Airteagal 12

Muirir mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí

1.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar sholáthraí baile an chustaiméara seirbhísí fánaíochta chun seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthar ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 0,25 in aghaidh an mheigibhirt sonraí a tharchuirtear. Laghdófar an teorainn choimirce go EUR 0,15 in aghaidh an mheigibirt sonraí a tharchuirtear an 1 Iúil 2013 agus go EUR 0,05 in aghaidh an mheigibhirt sonraí a tharchuirtear an 1 Iúil 2014 agus, gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh sí de bheith cothrom le EUR 0,05 in aghaidh an mheigibhirt sonraí a tharchuirtear go dtí an 30 Meitheamh 2022.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse is giorra ná sin a d’fhéadfadh a bheith fágtha roimh an 30 Meitheamh 2022.

3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air nó oibreoir an líonra baile as seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthar sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na meigibheart sonraí a úsáidtear iarbhír trí na seirbhísí sin a sholáthar laistigh den tréimhse sin, arna gcomhiomlánú ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt thar ceann an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta ábhartha nó oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.

Airteagal 13

Muirir mhiondíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-shonraí, dá bhforáiltear i mír 2, a chur ar fáil agus a thairiscint go gníomhach dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar shlí shoiléir thrédhearcach. Ní bheidh aon síntiús nó muirir sheasta nó athfhillteacha eile ag gabháil leis an taraif Eora-shonraí sin agus féadfar í a chónascadh le haon taraif mhiondíola eile.

Agus an tairiscint seo á déanamh acu, meabhróidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin a bhfuil taraif fánaíochta shainiúil nó pacáiste fánaíochta sonrach roghnaithe acu cheana féin na coinníollacha a bhaineann leis an taraif nó leis an bpacáiste sin.

2.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir le muirearú miondíola tharaif Eora-shonraí (gan CBL a áireamh) a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta i ndáil le seirbhís sonraí fánaíochta rialáilte a sholáthar, ní rachaidh sé thar EUR 0,70 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear. Maidir leis an muirear uasta miondíola ar shonraí laghdófar é go dtí EUR 0,45 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear an 1 Iúil 2013 agus go dtí EUR 0,20 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear an 1 Iúil 2014 agus, gan dochar d’Airteagal 19, leanfaidh sé de bheith cothrom le EUR 0,20 in aghaidh an mheigibhirt a úsáidtear go dtí an 30 Meitheamh 2017.

Gearrfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta muirear ar a chustaiméirí seirbhísí fánaíochta as aon seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí a bhfuil taraif Eora-shonraí i bhfeidhm maidir leis a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí ón tSeirbhís Teachtaireachtaí Ilmheán (MMS) a bhféadfar muirear a ghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear miondíola a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar an muirear uasta miondíola a leagtar síos sa chéad fhomhír.

3.   Ón 1 Iúil 2012, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-shonraí i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir atá ann cheana, seachas custaiméirí seirbhísí fánaíochta a mbeidh rogha déanta acu cheana féin glacadh le taraif fánaíochta ar leith, nó a mbeidh taraif acu cheana féin a bhfuil sé soiléir go bhfuil sé níos ísle ná an taraif Eora-shonraí nó custaiméirí a mbeidh rogha déanta acu cheana féin glacadh le pacáiste ar dá bhua a bhaineann siad tairbhe as taraif éagsúil le haghaidh seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí seachas an taraif a bheadh acu da mba rud é nach mbeadh an rogha sin déanta acu.

4.   Ón 1 Iúil 2012, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif Eora-shonraí i bhfeidhm maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta nua go léir nach bhfuil rogha déanta acu d’aon ghnó taraif fánaíochta sonraí éagsúil nó pacáiste éagsúil taraife a roghnú do sheirbhísí fánaíochta a chuimsíonn taraif éagsúil do sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí.

5.   Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí taraif Eora-shonraí nó ó tharaif Eora-shonraí é tráth ar bith, agus a gcoinníollacha conartha á n-urramú acu. Déanfar aon athrú a dhéanamh laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile den síntiús ag gabháil leis an athrú sin seachas fánaíocht uile-Aontais. Féadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú den sórt sin go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta shonraithe nach rachaidh thar dhá mhí. Féadfar taraif Eora-shonraí a chónascadh le taraif Eora-SMS agus le taraif Eora-ghuthghlao i gcónaí.

6.   Faoin 30 Meitheamh 2012, tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta scéala ar leithligh dá gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta uile ar bhealach soiléir, sothuigthe agus ar mheán marthanach, faoin taraif Eora-shonraí, á rá go mbeidh feidhm aige ón 1 Iúil 2012 ar a dhéanaí maidir le gach custaiméir seirbhísí fánaíochta nach bhfuil rogha déanta acu d’aon ghnó glacadh le taraif nó pacáiste speisialta is infheidhme maidir le seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí, agus go bhfuil sé de cheart acu athrú chuig an taraif Eora-shonraí agus uaithi i gcomhréir le mír 5.

Airteagal 14

Trédhearcacht na muirear miondíola ar ghlaonna fánaíochta agus ar theachtaireachtaí SMS

1.   Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméiri seirbhísí fánaíochta go mbeidh muirir fánaíochta á ngearradh acu nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil aige, nó nuair a bheidh teachtaireacht SMS á sheoladh aige, déanfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta ar leith, ach amháin i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, faisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála maidir leis na muirir fánaíochta (agus CBL a áireamh) a bhfuil feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna agus maidir le seoladh teachtaireachtaí SMS ag an gcustaiméir sin sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar don chustaiméir go huathoibríoch, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí Sheirbhís Teachtaireachta nuair a rachaidh sé isteach i mBallstát nach é Ballstát a sholáthraí baile é.

Cuimseofar leis an bhfaisnéis ar phraghsáil bhunúsach phearsanaithe sin na muirir uasta (in airgeadra an bhille baile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara) a d’fhéadfadh an custaiméir a bheith faoi réir acu faoina scéim taraife chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh laistigh den Ballstát a bhfuil cuairt á tabhairt air agus glaonna a dhéanamh ar ais chuig Ballstát a sholáthraí baile, chomh maith leis na muirir uasta ar ghlaonna fánaíochta rialáilte a gheofar; agus

(b)

teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh le linn dó a bheith sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air.

Cuimseofar inti freisin an uimhir shaor in aisce dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe a fháil mar aon le faisnéis ar an bhféidearthacht maidir le rochtain a fháil ar na seirbhísí éigeandála tríd an uimhir éigeandála Eorpach 112, a dhiailiú saor in aisce.

Tráth a bhfaighidh custaiméir gach teachtaireacht ar leith, beidh an deis aige fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta, saor in aisce agus ar shlí éasca, lena thabhairt le fios nach bhfuil an tSeirbhís Teachtaireachta uathoibríoch ag teastáil uaidh. Beidh sé de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige nach mbeidh an tSeirbhís Teachtaireachta uathoibríoch ag teastáil uaidh a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís a sholáthar arís.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar go huathoibríoch do chustaiméirí dalla nó do chustaiméirí atá faoi mhíchumas radhairc, trí ghuthghlao, saor in aisce, má iarrann siad amhlaidh.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, ag an dara fomhír, ag an gceathrú fomhír agus ag an gcúigiú fomhír i leith guthsheirbhísí fánaíochta agus le seirbhísí fánaíochta SMS arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.

2.   De bhreis ar mhír 1, beidh de cheart ag custaiméirí faisnéis phearsantaithe níos mionsonraithe faoi phraghsáil ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu sa líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air maidir le guthghlaonna agus SMS chomh maith le faisnéis faoi na bearta trédhearcachta a bhfuil feidhm acu de bhun an Rialacháin seo, a iarraidh agus a fháil, cibé áit san Aontas ina bhfuil siad, saor in aisce, trí ghuthghlao soghluaiste nó trí SMS. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig uimhir shaor in aisce a cheapfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta chun na críche sin. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 1 maidir le gléasanna nach dtacaíonn le feidhmiúlacht SMS.

3.   Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis iomlán do na húsáideoirí go léir faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, go háirithe faoin Eoratharaif, faoin taraif Eora-SMS agus faoin taraif Eora-ghuthghlao agus faoin taraif Eora-SMS, an tráth a mbeidh síntiúis á ndéanamh. Soláthróidh siad faisnéis uasdátaithe dá gcuid custaiméirí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar an eolas faoi infhaighteacht taraif Eora-ghuthghlao agus taraif Eora-SMS. Déanfaidh siad, go háirithe, na coinníollacha a bhaineann leis an taraif Eora-ghuthghlao a chur in iúl do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir agus na coinníollacha a bhaineann leis an taraif Eora-SMS a chur in iúl do na custaiméirí fánaíochta go léir, agus soláthrófar an fhaisnéis sin ar shlí shoiléir neamhchlaonta i ngach cás. Seolfaidh siad meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a roghnaigh taraif eile.

Beidh an fhaisnéis a sholáthraítear mionsonraithe a dóthain chun go bhféadfaidh custaiméirí a mheas an rachaidh sé chun tairbhe dóibh athrú chuig Eoratharaif.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis ar fáil dá gcuid custaiméirí maidir le fánaíocht neamhaireach a sheachaint i réigiúin teorann. Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta céimeanna réasúnta chun a gcuid custaiméirí a chosaint ó mhuirir fánaíochta a íoc ar sheirbhísí fánaíochta ar seirbhísí iad a ndearnadh rochtain neamhaireach ina leith agus na custaiméirí sin lonnaithe ina mBallstát baile.

Airteagal 15

Sásraí trédhearcachta agus coimirce maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, sula ndéanfar conradh a thabhairt i gcrích agus ina dhiaidh sin, go gcoinneofar a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar an eolas ar shlí leordhóthanach faoi na muirir a ghabhann leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí, agus tabharfar an t-eolas sin ar bhealaí ina n-éascaítear tuiscint custaiméirí maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le húsáid den sórt sin agus ar bhealaí ina gcuirtear ar a gcumas faireachán a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí, agus an caiteachas sin a rialú, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid custaiméirí a chur ar an eolas, sula ndéanfar conradh a chur i gcrích agus ar bhonn tráthrialta dá éis sin, faoin riosca a bhaineann le cónascadh uathoibríoch fánaíochta sonraí agus le híoslódáil uathoibríoch fánaíochta sonraí agus nach ndéantar rialú ina leith. Thairis sin, tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta fógra dá gcuid custaiméirí saor in aisce agus ar shlí shoiléir atá intuigthe go héasca, faoi conas na cónaisc fánaíochta sonraí uathoibríocha sin a mhúchadh chun úsáid neamhrialaithe seirbhísí fánaíochta sonraí a sheachaint.

2.   Cuirfidh teachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí seirbhísí fánaíochta in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta go bhfuil an duine sin ag fánaíocht agus soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife faoi na muirir (in airgeadra an bhille baile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara), a shloinntear i bpraghas in aghaidh an mheigibhirt, is infheidhme i leith sholáthar seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí don chustaiméir seirbhísí fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil an fhaisnéis sin ag teastáil uaidh.

Déanfar an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin a sheachadadh ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth a chuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta rialáilte sonraí, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go bhfuil sé éasca í a fháil agus a thuiscint.

Beidh sé de cheart ag custaiméir atá tar éis cur in iúl dá sholáthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil an fhaisnéis taraife uathoibríoch ag teastáil uaidh a éileamh ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, ag tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís sin a sholáthar arís.

3.   Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta an deis dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir chun an rogha a dhéanamh d’aon ghnó, agus saor in aisce, glacadh le saoráid lena soláthraítear faisnéis faoin úsáid charnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí i rith tréimhse sonraithe úsáide, seachas MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais.

Chuige sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainn airgeadais uasta amháin nó níos mó le haghaidh tréimhsí úsáide sonraithe a chur ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna comhfhreagracha toirte in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh ceann de na teorainneacha sin (an teorainn airgeadais réamhshocraithe) gar do EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla (gan CBL a áireamh), ach ní bheidh sí níos mó ná an tsuim sin.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha arna sloinneadh de réir toirte a bhunú, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna airgeadais comhfhreagracha in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh luach airgeadais comhfhreagrach ag ceann de na teorainneacha sin (an teorainn toirte réamhshocraithe) ar luach é nach mó ná EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla (gan CBL a áireamh).

Chomh maith leis sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha eile a thairiscint dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar teorainneacha iad lena ngabhann uasteorainneacha éagsúla airgeadais míosúla, is é sin le rá, teorainneacha is airde nó teorainneacha is ísle.

Beidh na teorainneacha réamhshocraithe dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír infheidhme i leith na gcustaiméirí go léir nach bhfuil teorainn eile roghnaithe acu.

Áiritheoidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta freisin go seolfar fógra iomchuí chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroicheann na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a éileamh ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a éileamh ar an soláthraí an tseirbhís sin a sholáthar arís.

Más rud é, mura mbeadh sin, go rachfaí thar an teorainn airgeadais nó thar an teorainn toirte, déanfar fógra a sheoladh chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta. Léireoidh an fógra sin an nós imeachta atá le leanúint más mian leis an gcustaiméir go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin agus an costas a bhaineann le gach aonad breise a úsáidfear. Mura bhfreagraíonn an custaiméir seirbhísí fánaíochta de réir mar a iarrtar san fhógra a fuarthas, scoirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta láithreach de sheirbhís fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthar don chustaiméir seirbhísí fánaíochta, agus de mhuirear a ghearradh ar na seirbhísí sin, mura rud é, agus go dtí go n-iarrann an custaiméir seirbhísí fánaíochta go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin nó go ndéanfar soláthar na seirbhísí sin a athnuachan.

Aon uair a iarrann custaiméir seirbhísí fánaíochta saoráid lena ngabhann teorainn airgeadais nó teorainn toirte a ghlacadh, nó deireadh a chur le saoráid den sórt sin, déanfar an t-athrú a dhéanamh laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ann maidir le heilimintí eile den síntiús.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le gléasanna de chineál meaisín le meaisín ar gléasanna iad a bhaineann úsáid as cumarsáid sonraí soghluaiste.

5.   Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta céimeanna réasúnta chun a gcuid custaiméirí a chosaint ó mhuirir fánaíochta a íoc ar sheirbhísí fánaíochta ar seirbhísí iad ar ina leith a ndearnadh rochtain go neamhaireach agus iad lonnaithe ina mBallstát baile. Áireofar leis sin custaimeirí a chur ar an eolas faoin mbealach ina bhféadtar fánaíocht neamhaireach a sheachaint i réigiúin teorann.

6.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de mhír 5, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí a úsáideann custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí fánaíochta.

I gcás ina roghnóidh an custaiméir an tsaoráid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3, ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear i mír 3 más rud é nach ndéanann oibreoir an líonra, is líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, sa tír lasmuigh den Aontas a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi a cheadú don soláthraí seirbhísí fánaíochta faireachán a dhéanamh ar úsáid a chuid custaiméirí ar bhonn fíor-ama.

I gcás den sórt sin, tabharfar fógra don chustaiméir trí theachtaireacht SMS ag dul isteach sa tír sin dó, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, nach bhfuil fáil ar fhaisnéis faoi úsáid charnaithe agus ar fhaisnéis ar an ráthaíocht gan dul thar theorainn shonraithe airgeadais.

Airteagal 16

Maoirseacht agus forfheidhmiú

1.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.

2.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagail 7, 8, 9, 10, 12 agus 13, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.

3.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, agus iad ag ullmhú don athbhreithniú dá bhforáiltear in Airteagal 19, faireachán ar fhorbairtí maidir le muirir mhórdhíola agus le muirir mhiondíola ar sholáthar seirbhísí guthchumarsáide agus seirbhísí cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta, agus lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh údaráis rialála náisiúnta san airdeall freisin ar chás áirithe na fánaíochta neamhairí sna réigiúin teorann de chuid Ballstát comharsanach agus déanfaidh siad faireachán i dtaobh cibé an úsáidtear teicnící stiúrtha tráchta ar shlí a fhágann go bhfuil sé míbhuntáisteach do chustaiméirí.

Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faireachán ar fhaisnéis i ndáil le fánaíocht neamhaireach agus déanfaidh siad faisnéis a bhailiú i ndáil léi agus glacfaidh siad bearta iomchuí.

4.   Beidh de chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir oibleagáidí faoin Rialachán seo an fhaisnéis uile is ábhartha do chur chun feidhme agus d’fhorfheidhmiú an Rialacháin seo a sholáthar. Déanfaidh na gnóthais sin an fhaisnéis sin a sholáthar go pras arna iarraidh sin orthu agus i gcomhréir leis na teorainneacha ama agus leis an leibhéal mionsonraí a éileoidh an t-údarás rialála náisiúnta.

5.   Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Go háirithe, bainfidh siad úsáid, más gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain agus idirnascadh leordhóthanach a áirithiú chun lúdracht ceann go ceann agus idirinoibritheacht seirbhísí fánaíochta a ráthú, mar shampla nuair nach bhfuil custaiméirí in ann teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a mhalartú le custaiméirí líonra poiblí cumarsáide soghluaiste i mBallstát eile ós rud é nach bhfuil comhaontú ann chun a chumasú na teachtaireachtaí sin a sheachadadh.

6.   I gcás ina suíonn údarás rialála náisiúnta gur tharla sárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, beidh de chumhacht aige a éileamh go scoirfí láithreach den sárú sin.

Airteagal 17

Réiteach díospóide

1.   I gcás díospóide a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo idir ghnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 20 agus Airteagal 21 den Treoir Réime.

2.   I gcás díospóide neamhréitithe ina bhfuil tomhaltóir nó críoch-úsáideoir i gceist agus a bhaineann le saincheist a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar na nósanna imeachta um réiteach díospóide lasmuigh de chúirt a leagtar síos in Airteagal 34 den Treoir um Sheirbhís Uilíoch.

Airteagal 18

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na forálacha sin don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2013 agus tabharfaidh siad fógra dó gan aon mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.

Airteagal 19

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú maidir le feidhmiú an Rialacháin seo agus, i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí, cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 30 Meitheamh 2016. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go háirithe i dtaobh ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo nó nár baineadh amach. Le linn dó an méid sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(a)

an bhfuil dóthain forbartha tagtha ar an iomaíocht chun údar maith a bheith ann maidir le dul in éag muirear uasta miondíola;

(b)

an bhfuil dóthain iomaíochta ann chun go gcuirfí deireadh le muirir uasta mhórdhíola;

(c)

na forbairtí ar mhuirir mhórdhíola agus ar mhuirir mhiondíola agus na treochtaí a bhfuil coinne leo i leith na muirear sin ar sheirbhísí cumarsáide, guthghlaonna, SMS agus sonraí a sholáthar do chustaiméirí seirbhísí fánaíochta i gcomparáid leis na muirir ar sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar leibhéal baile sna Ballstáit, do chustaiméirí réamhíoctha agus do chustaiméirí iaríoctha ar leithligh, agus na forbairtí ar cháilíocht agus ar luas na seirbhísí sin;

(d)

infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí lena n-áirítear iad sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha;

(e)

a mhéid a bheidh tairbhe bainte ag tomhaltóirí as fíor-laghduithe ar phraghas seirbhísí fánaíochta, an éagsúlacht taraifí agus an éagsúlacht táirgí atá ar fáil do thomhaltóirí a bhfuil pátrúin éagsúla glaonna acu, agus an difríocht idir taraifí fánaíochta agus taraifí náisiúnta, lena n-áirítear infhaighteacht tairiscintí lena soláthraítear taraif aonair do sheirbhísí náisiúnta agus do sheirbhísí fánaíochta;

(f)

an méid iomaíochta atá sa mhargadh miondíola agus sa mhargadh mórdhíola araon, go háirithe staid iomaíochta oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, lena n-áirítear éifeachtaí comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;

(g)

an méid torthaí atá ann de bharr chur chun feidhme na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 maidir le hiomaíocht a fhorbairt sa mhargadh inmheánach i gcomhair seirbhísí fánaíochta go feadh a mhéid a bhfuil an difríocht idir taraifí fánaíochta agus taraifí náisiúnta tar éis dul gar do náid;

(h)

a mhéid atá leibhéal na muirear uasta mórdhíola agus na muirear uasta miondíola tar éis coimircí leordhóthanacha a sholáthar i gcoinne praghsanna iomarcacha le haghaidh tomhaltóirí agus forbairt i ndáil le hiomaíocht á chumasú sa mhargadh inmheánach i gcomhair seirbhísí fánaíochta ag an am céanna.

2.   Má thaispeántar sa tuarascáil nár leor na bearta struchtúracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn le haghaidh seirbhísí fánaíochta ar mhaithe le tomhaltóirí uile na hEorpa, nó nach bhfuil na difríochtaí idir taraifí fánaíochta agus taraifí náisiúnta tar éis dul gar do náid, cuirfidh an Coimisiún tograí iomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin agus margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí cumarsáide soghluaiste a bhaint amach mar sin, ar shlí a fhágann faoi dheireadh nach ndéanfar aon idirdhealú idir taraifí náisiúnta agus taraifí fánaíochta. Déanfaidh an Coimisiún a scrúdú, go háirithe, an gá an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearta teicniúla agus struchtúracha breise a leagan síos;

(b)

na bearta struchtúracha a mhodhnú;

(c)

síneadh a chur le ré na muirear uasta miondíola dá bhforáiltear in Airteagal 8, in Airteagal 10 agus in Airteagal 13 agus b’fhéidir athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na muirear sin;

(d)

athrú a dhéanamh ar ré na muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 7, in Airteagal 9 agus in Airteagal 12 nó athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear sna hAirteagail sin;

(e)

aon cheanglais eile is gá a thabhairt isteach, lena n-áirítear neamhdhifreáil a dhéanamh ar tharaifí fánaíochta agus ar tharaifí náisiúnta.

3.   De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach re bliain i ndiaidh na tuarascála dá dtagraítear i mír 1. Cuimseofar i ngach tuarascáil achoimre ar an bhfaireachán ar sholáthar seirbhísí fánaíochta san Aontas mar aon le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, lena n-áirítear trí thagairt do na nithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

4.   D’fhonn measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha sna margaí fánaíochta uile-Aontais, déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ó údaráis rialála náisiúnta ar bhonn tráthrialta faoin bhforbairt atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí. Cuirfear na sonraí sin in iúl don Choimisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.

Déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ar bhonn bliantúil freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le trédhearcacht agus le hinchomparáideacht taraifí éagsúla arna dtairisciú ag oibreoirí dá gcuid custaiméirí. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí agus na torthaí sin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 20

Ceanglais fógartha

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún á rá cad iad na húdaráis rialála náisiúnta atá freagrach as cúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 i gcomhréir le hIarscríbhinn I le héifeacht ón 1 Iúil 2012.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm ag a fhorálacha ón lá sin ar aghaidh ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt in Airteagail sonracha.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Meitheamh 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 24, 28.1.2012, lch. 131.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2012.

(3)  IO L 171, 29.6.2007, lch. 32.

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7.).

(6)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.

(7)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 21.

(8)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

(9)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 51.

(10)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

(11)  IO L 114, 8.5.2003, lch. 45.

(12)  IO C 165, 11.7.2002, lch. 6.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).

(14)  Moladh ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2007 maidir le margaí ábhartha táirgí agus margaí ábhartha seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a fhéadfar a chur faoi réir rialála ex ante i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO L 344, 28.12.2007, lch. 65).

(15)  IO C 285 E, 22.11.2006, lch. 143.

(16)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO L 167, 29.6.2009, lch. 12).

(18)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

(dá dtagraítear in Airteagal 21)

Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 171, 29.6.2007, lch. 32.)

 

Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 29.6.2009, lch. 12.)

Airteagal 1 agus an tAirteagal sin amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 717/2007

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(4) an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(4) an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 1(6) an chéad fhomhír

Airteagal 1(7) an chéad fhomhír

Airteagal 1(4) an dara fomhír, an chéad abairt

Airteagal 1(6) an dara fomhír, an chéad abairt

Airteagal 1(7) an dara fomhír, an chéad abairt

Airteagal 1(4) an dara fomhír, an dara habairt

Airteagal 1(6) an dara fomhír, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 1(7) an dara fomhír, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 2(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 2(2), pointe (a)

Airteagal 2(2), pointe (i)

Airteagal 2(2), pointe (b)

Airteagal 2(2), pointe (a)

Airteagal 2(2), pointe (b)

Airteagal 2(2), pointe (c)

Airteagal 2(2), pointe (c)

Airteagal 2(2), pointe (d)

Airteagal 2(2), pointe (g)

Airteagal 2(2), pointe (e)

Airteagal 2(2), pointe (d)

Airteagal 2(2), pointe (f)

Airteagal 2(2), pointe (f)

Airteagal 2(2), pointe (g)

Airteagal 2(2), pointe (e)

Airteagal 2(2), pointe (h)

Airteagal 2(2), pointe (i)

Airteagal 2(2), pointe (j)

Airteagal 2(2), pointe (j)

Airteagal 2(2), pointe (k)

Airteagal 2(2), pointe (h)

Airteagal 2(2), pointe (l)

Airteagal 2(2), pointe (k)

Airteagal 2(2), pointe (m)

Airteagal 2(2), pointe (n)

Airteagal 2(2), pointe (o)

Airteagal 2(2), pointe (p)

Airteagal 2(2), pointe (q)

Airteagail 3, 4, 5 agus 6

Airteagal 3(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 3(3), an chéad fhomhír

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 7(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 4(3), an chéad fhomhír

Airteagal 4(3), an dara fomhír

Airteagal 8(3)

Airteagal 4(3), an tríú fomhír

Airteagal 8(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 8(5)

Airteagal 4a

Airteagal 9

Airteagal 4b

Airteagal 10

Airteagal 4b(7)

Airteagal 4c

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 6(1) an chéad fhomhír go dtí an cúigiú fomhír

Airteagal 14(1) an chéad fhomhír go dtí an cúigiú fomhír

Airteagal 14(1) an séú fomhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 14(2)

Airteagal 6(3) an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 14(3) an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 14(3) an tríú fomhír

Airteagal 14(4)

Airteagal 6a

Airteagal 15

Airteagal 15(4)

Airteagal 15(5)

Airteagal 15(6)

Airteagal 6a(4)

Airteagal 7

Airteagal 16

Airteagal 16(3) an dara fomhír

Airteagal 8

Airteagal 17

Airteagal 9

Airteagal 18

Airteagal 10

Airteagal 11(1) na focail réamhráiteacha

Airteagal 19(1) na focail réamhráiteacha

Airteagal 19(1), pointe (a) agus pointe (b)

Airteagal 11(1) an chéad fhomhír, an chéad fhleasc go dtí an ceathrú fleasc

Airteagal 19(1), pointe (c) go pointe (f)

Airteagal 19(1), pointe (g) agus pointe (h)

Airteagal 11(1) an dara fomhír

Airteagal 19(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 19(4)

Airteagal 12

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 13

Airteagal 22