ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2011.321.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

54
5 Nollaig 2011


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2011 lena mbunaítear Clár chun tacú le Beartas Muirí Comhtháite a fhorbairt tuilleadh ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 321 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

5.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1255/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Samhain 2011

lena mbunaítear Clár chun tacú le Beartas Muirí Comhtháite a fhorbairt tuilleadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175 agus Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2) agus Airteagal 195(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ar aon dul leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2007 maidir le Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach (“an Teachtaireacht ón gCoimisiún”), is é príomhchuspóir Bheartas Muirí Comhtháite an Aontais (“BMC”) cinnteoireacht atá comhtháite, comhordaithe, comhleanúnach, trédhearcach agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme i ndáil leis na haigéin, na farraigí, na réigiúin cósta, na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí agus sna hearnálacha muirí.

(2)

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún roinnt gníomhaíochtaí a bheartaíonn an Coimisiún a dhéanamh mar chéad chéim le linn dó BMC nua don Aontas a chur chun feidhme.

(3)

Déantar achoimre sa Tuarascáil ar an Dul Chun Cinn ón gCoimisiún maidir le Beartas Muirí Comhtháite an AE an 15 Deireadh Fómhair 2009 ar phríomhéachtaí BMC go dtí an dáta sin, agus leagtar amach conair inti don chéad phas cur chun feidhme eile ina leith.

(4)

Ina cuid conclúidí an 16 Samhain 2009 madir le Beartas Muirí Comhtháite, leag an Chomhairle béim ar an tábhacht a bhaineann le cistiú chun BMC a fhorbairt agus a cur chun feidhme tuilleadh trína a iarraidh ar an gCoimisiún na tograí is gá a thíolacadh maidir le gníomhaíochtaí beartais mhuirí chomhtháite a mhaoiniú laistigh den Pheirspictíocht Airgeadais atá ann cheana, d’fhonn iad a thabhairt i bhfeidhm faoin mbliain 2011.

(5)

Ina rún an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le Beartas Muirí Comhtháite (BMC) — Meastóireacht ar dul chun cinn atá déanta agus ar dhúshláin nua, thacaigh Parlaimint na hEorpa go sainráite leis an rún is rún dearbhaithe ón an gCoimisiún “BMC a mhaoiniú le EUR 50 milliún thar an gchéad dá bhliain eile chun cur leis na tionscadail a bhí ann roimhe sin i réimsí beartas, rialachais, inbhuaineachta agus faireachais”.

(6)

Cuirtear san áireamh leis an imchlúdach airgeadais do BMC a leagtar amach sa Rialachán seo an cor chun donais eacnamaíoch reatha agus an ní gurb é seo an chéad chlár oibríochtúil atá tiomanta go sonrach do chur chun feidhme BMC.

(7)

Tá cistiú leantach Aontais ag teastaíl chun a chumasú don Aontas BMC a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, agus é sin ar aon dul le Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2008 maidir le beartas comhtháite muirí don Aontas Eorpach (4) agus chun a chuspóirí uileghabhálacha a shaothrú, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún iad, agus mar atá siad deimhnithe i dTuarascáil mhí Dheireadh Fómhair 2009 ón gCoimisiún ar an Dul Chun Cinn, agus mar a d’fhormhuinigh an Chomhairle iad ina cuid conclúidí an 16 Samhain 2009.

(8)

Ós rud é nach gcumhdaítear gach aon tosaíocht agus sprioc eile de chuid BMC le hionstraimí Aontais atá ann cheana, amhail an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Eorpach Iascaigh, an Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin, an Ionstraim um Chúnamh Réamh-Aontachais (ICR) agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht, is gá, dá bhrí sin, Clár a bhunú chun tacú le BMC (“an Clár”) a fhorbairt tuilleadh.

(9)

Gan dochar don chaibidlíocht atá le teacht maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil iar-2013, ní mór go mbeidh dóthain acmhainní ar fáil lena áirithiú gur féidir cuspóirí BMC a fhorbairt agus a bhaint amach, ach é sin gan an bonn a bhaint de na hacmhainní atá curtha in áirithe i gcomhair beartas eile agus forbairt inbhuanaithe réigiúin mhuirí an Aontais a neartú, lena n-áirítear na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí. Chuige sin, meastar go bhfuil sé sár-riachtanach BMC a áireamh sa chreat airgeadais ilbhliantúil iar-2013. Ina theannta sin, más iomchuí, ba cheart togra a tharraingt suas chun go bhforálfaí do shíneadh an Chláir thar an bhliain 2013, mar aon le togra lena leagtar síos imchlúdach airgeadais iomchuí.

(10)

Beidh tionchar suntasach ag forbairt na ngnóthaí muirí trí thacaíocht airgeadais do bhearta BMC maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche.

(11)

Ba cheart go mbeadh cistiú an Aontais ceaptha chun tacú le saothar taiscéalaíoch i leith gníomhaíochtaí is gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu cuspóirí straitéiseacha BMC a chur chun cinn, ag aird cuí á tabhairt ar a n-iarmhairtí carnacha, ar bhonn an chur chuige um éiceachórais, ar fhás eacnamaíoch “gorm” inbhuanaithe, ar fhostaíocht inbhuanaithe, ar nuálaíocht agus ar iomaíochas inbhuanaithe sna réigiúin cósta, sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí agus ar an ngné idirnáisiúnta de BMC a chur chun cinn.

(12)

Áirítear le cuspóirí straitéiseacha BMC rialachas muirí comhtháite ar gach leibhéal, na straitéisí comhtháite imchuach farraige arna sainoiriúint riachtanais shonracha imchuacha éagsúla na hEorpa a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh; uirlisí crosghearrthacha a fhorbairt tuilleadh le haghaidh ceapadh beartas atá comhtháite agus arb í is aidhm dó sineirgí agus comhordú a fheabhsú idir beartais agus ionstraimí atá ann cheana, lena n-áirítear trí sonraí a bhaineann le cúrsaí muirí agus eolas a bhaineann le cúrsaí muirí a chomhroinnt; trí bhaint níos dlúithe a bheith ag geallsealbhóirí le scéimeanna rialachais muirí comhtháite; trí acmhainní muirí agus cósta a chosaint agus a úsáid ar shlí inbhuanaithe; trí na teorainneacha i ndáil le hinbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí daonna a shainmhíniú agus an mhuirthimpeallacht agus an comhshaol cósta agus bithéagsúlacht mhuirí agus chósta faoi chuimsiú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (5) a chaomhnú, atá ina cholún comhshaoil de BMC, chomh maith leis an Treoir Réime Uisce (6).

(13)

Tá sé tábhachtach go mbeadh an Clár ag teacht le beartais eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh gné mhuirí a chuimsiú, go háirithe na cistí struchtúracha, an gréasán iompair tras-Eorpach, an Comhbheartas Iascaigh, turasóireacht, comhshaol agus athrú aeráide, an clár réime um thaighde agus um fhorbairt agus beartas fuinnimh.

(14)

Chun comhleanúnachas a áirithiú idir gnéithe éagsúla an Chláir, ba cheart a chuspóirí ginearálta a leagan amach. Maidir le gach cuspóir ginearálta, ba cheart cuspóirí oibríochtúla níos mionsonraithe a bhunú. Léirítear san Iarscríbhinn imdháileadh na gcistí i measc na gcuspóirí ginearálta don tréimhse 2011-2013. Soláthraítear leis an imdháileadh sin solúbthacht chun an chionroinnt airgeadais ghinearálta in aghaidh an chuspóra a mhéadú/a laghdú gan dul thar an imchlúdach foriomlán airgeadais.

(15)

Ba cheart go gcumasófaí le cistiú Aontais tacaíocht a thabhairt maidir le comhtháthú an fhaireachais mhuirí a fhorbairt ar aon dul le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2010 agus le conclúidí ón gComhairle an 17 Samhain 2009 maidir le Comhtháthú Faireachais Muirí, agus an treochlár i dtreo Comhshaol Coiteann um Chomhroinnt Faisnéise d’fhearann muirí an AE (CCCF) a bhunú, á chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart an cistiú tiomnaithe sin a theorannú d’fhorbairt córais dhíláraithe um malartú faisnéise, eadhon bearta lena n-áirítear bogearraí, chun comhéadan idir córais faireachais a fheabhsú. Ba cheart go gcuirfí na torthaí ó thionscadail eile a bhaineann leis an gcóras díláraithe um faireachas muirí san áireamh sa Chlár.

(16)

Ba cheart do chur chun feidhme an Chláir i dtríú tíortha rannchuidiú le cuspóirí forbartha na tíre is tairbhí agus ba cheart dóibh bheith comhsheasmhach le hionstraimí comhair eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na cuspóirí agus na tosaíochtaí beartas ábhartha Aontais agus acquis Aontais agus na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha.

(17)

Ba cheart go ndéanfaí leis an gClár na hionstraimí airgeadais atá curtha ar fáil ag an Aontas agus ag na Ballstáit i láthair na huaire agus na hionstraimí airgeadais a bheidh curtha ar fáil amach anseo a chomhlánú agus go mbeadh an Clár comhleanúnach leis na hionstraimí sin, ar leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, chun cosaint agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na gcóstaí a chur chun cinn, agus ar an dóigh sin ba cheart go gcuideofaí leis le comhar níos éifeachtaí a chothú idir na Ballstáit agus a réigiúin cósta, a réigiúin oileánacha agus a réigiúin is forimeallaí, agus tosaíocht agus dul chun cinn na dtionscadal náisiúnta agus áitiúil á gcur san áireamh.

(18)

Ba cheart go ndéanfaí leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa Chlár gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a chomhlánú, chun cur chun feidhme comhleanúnach gníomhartha dlí an Aontais, maidir leis na beartais ábhartha earnála, a áirithiú, agus dúbláil á seachaint.

(19)

Ní foláir rialacha a leagan síos freisin lena rialaítear clárú na mbeart, incháilitheacht an chaiteachais, leibhéal an chúnaimh airgeadais ón Aontas, na príomhchoinníollacha ar ar cheart go gcuirfí ar fáil é agus an buiséad foriomlán i gcomhair an Chláir.

(20)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (7), (“an Rialachán Airgeadais”) agus le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i leith an Rialacháin Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8).

(21)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais an chláir ilbhliantúil, arb ionann é don údarás buiséadach le linn an nós imeachta buiséadach bliantúil, agus príomhthagairt de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (9).

(22)

Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh sé indéanta caiteachas a bhaineann le faireachán, seiceálacha agus meastóireacht a mhaoiniú.

(23)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún na cláir oibre bhliantúla, atá le bunú i leith chur chun feidhme an Chláir, a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (10).

(24)

I ndáil leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo, ní mór go n-áiritheofaí cosaint leasanna airgeadais Aontais trí Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (11) a chur chun feidhme, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (12), agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13) a chur i bhfeidhm.

(25)

Chun éifeachtacht maoinithe an Aontais a áirithiú, ba cheart go ndéanfaí meastóireacht go tráthrialta ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Rialachán seo.

(26)

Tuigtear nach mbeadh gá le dul ar iontaoibh bhunúis bhreise dhlíthiúil ar mhaithe le haon cheann de na gníomhaíochtaí atá beartaithe i gcomhthéacs an Chláir.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na ngníomhaíochtaí atá le maoiniú faoin gClár, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear clár chun tacú le bearta atá beartaithe le forbairt tuilleadh agus cur chun feidhme Bheartas Muirí Comhtháite an Aontais (“an Clár”) a chur chun cinn.

Le Beartas Muirí Comhtháite an Aontais (“BMC”), déanfar próiseas cinnteoireachta atá comhordaithe agus comhleanúnach a chothú chun forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta Ballstát a uasmhéadú, go háirithe maidir leis na réigiúin cósta, na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí san Aontas mar aon le hearnálacha muirí, trí bhíthin beartas comhleanúnach muirí agus comhair ábhartha idirnáisiúnta.

Tacófar leis an gClár le húsáid inbhuanaithe a bhaint as na farraigí agus as na haigéin, agus le leathnú an eolais eolaíoch.

Airteagal 2

Cuspóirí ginearálta

Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)

forbairt agus cur chun feidhme rialachais chomhtháite a chothú maidir le gnóthaí muirí agus cósta;

(b)

cur le forbairt uirlísí trasearnálacha, eadhon Pleanáil Spásúil Mhuirí, an Comhshaol Coiteann um Chomhroinnt Faisnéise (CCCF) agus eolas muirí maidir leis na haigéin, na farraigí agus na réigiúin cósta laistigh den Aontas agus a bhfuil teorainn acu leis an Aontas, chun sineirgí a fhorbairt agus chun tacú le beartais a bhaineann leis an bhfarraige nó leis an gcósta, go háirithe i réimsí na forbartha eacnamaíche, na fostaíochta, chosaint an chomhshaoil, na taighde, na sábháilteachta muirí, an fhuinnimh agus na forbartha ar theicneolaíochtaí muirí glasa, agus na huirlisí agus na tionscnaimh atá ann cheana á gcur san áireamh agus cur leis na huirlisí san;

(c)

cosaint na muirthimpeallachta a chur chun cinn, go háirithe an bhithéagsúlacht a bhaineann léi, chomh maith le húsáid inbhuanaithe acmhainní muirí agus cósta agus chun teorainneacha inbhuanaitheachta gníomhaíochtaí daonna a shainiú tuilleadh, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil tionchar acu ar an muirthimpeallacht, go háirithe faoi chuimsiú Threoir 2008/56/CE (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí);

(d)

tacú le forbairt agus le cur chun feidhme straitéisí imchuach farraige;

(e)

an comhar agus an comhordú seachtrach a fheabhsú i ndáil le cuspóirí BMC, ar bhonn díospóireachta atá ag dul ar aghaidh laistigh de fóraim idirnáisiúnta; i ndáil leis sin, déanfar tríú tíortha a spreagadh chun Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) a dhaingniú agus a chur chun feidhme;

(f)

tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le fostaíocht, le nuálaíocht agus le teicneolaíochtaí nua in hearnálacha muirí agus sna réigiúin cósta, sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí san Aontas.

Airteagal 3

Cuspóirí oibríochtúla

1.   Mar chuid den chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(a) (rialachas comhtháite muirí), déanfar na nithe seo a leanas leis an gClár:

(a)

cuirfear chun cinn gníomhaíochtaí lena spreagtar Ballstáit agus réigiúin AE chun rialachas muirí comhtháite a fhorbairt, a thabhairt isteach nó a chur chun feidhme;

(b)

cuirfear chun cinn comhghuaillíochtaí trasearnálacha agus gréasáin thrasearnálacha um chomhar, lena n-áirítear ionadaithe údarás poiblí, údarás réigiúnach agus áitiúil, an tionsclaíocht, geallsealbhóirí taighde, saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta;

(c)

cuirfear feabhas ar infheictheacht chur chuige comhtháite maidir le gnóthaí muirí, agus feasacht na n-údarás poiblí, na hearnála príobháidí agus an phobail i gcoitinne a mhéadú ina leith.

2.   Mar chuid den chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(b) (uirlisí trasearnálacha), déanfar leis an gClárforbairt na nithe seo a leanas a chothú:

(a)

Comhshaol Coiteann um Chomhroinnt Faisnéise d’fhearann muirí an Aontais trína gcuirtear faireachas trasearnálach agus trasteorann chun cinn, malartú faisnéise lena ndéantar na comhphobail úsáideoirí uile a idirnascadh, ar aon dul le prionsabail an Fhaireachais Mhuirí Chomhtháite, ionas go dtreiseofar úsáid shábháilte, shlán agus inbhuanaithe an spáis mhuirí, agus forbairtí ábhartha beartas earnálach maidir le faireachas á gcur san áireamh agus ag rannchuidiú, mar is iomchuí, leis an éabhlóid is gá orthu;

(b)

pleanáil spásúil mhuirí agus bainistiú comhtháite an chreasa chósta, ar uirlisí tábhachtacha iad araon d’fhorbairt inbhuanaithe ceantar muirí agus réigiún cósta agus lena rannchuidítear araon le haidhmeanna an bhainistithe atá bunaithe ar an éiceachóras agus le naisc idir an talamh agus an fharraige a fhorbairt, mar aon le comhar idir Ballstáit a éascú, mar shampla, maidir le bearta turgnamhacha agus bearta eile a fhorbairt i ndáil le fuinneamh inathnuaite a ghiniúint agus feirmeoireacht éisc;

(c)

bunachar sonraí agus bunachar eolais atá cuimsitheach agus ar ardchailíocht agus a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu, ar bunachair iad lena n-éascófar comhroinnt, athúsáid agus scaipeadh na sonraí agus an eolais sin i measc grúpaí éagsúla úsáideoirí, agus sonraí atá ann cheana á úsáid agus ar an tslí sin déanfar dúbláil na mbunachar á seachaint. Chun na críche sin, bainfear an leas is fearr as cláir de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát is cláir atá ann cheana, lena n-áirítear INSPIRE (14) agus GMES (15).

3.   Mar chuid den chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(c) (an mhuirthimpeallacht a chosaint), déanfar leis an gClár an méid seo a leanas:

(a)

cosaint agus caomhnú an chomhshaoil mhuirí agus cósta a thacú, chomh maith le hionchur isteach sa mhuirthimpeallacht a chosc agus a laghdú, lena n-áirítear bruscar muirí, agus déanfar líon na nithe sin a a laghdú d’fhonn deireadh a chur le truailliú de réir a chéile;

(b)

cur le sláinte, le héagsúlacht bhitheolaíoch agus le hathléimneacht na n-éiceachóras muirí agus cósta;

(c)

comhordú a éascú idir Ballstáit agus gníomhaithe eile maidir leis an gcur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun feidhme i leith bhainistithe gníomhaíochtaí daonna agus i leith phrionsabal an réamhchúraim;

(d)

forbairt a éascú maidir le modhanna agus caighdeán;

(e)

gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun na hiarmhairtí atá ag an athrú aeráide ar an muirthimpeallacht, agus ar an gcomhshaol cósta agus oileánach a mhaolú, mar aon le gníomhaíochtaí chun oiriúnú a dhéanamh don athrú aeráide, agus béim faoi leith á cur ar na limistéir sin is soghonta i ndáil leis sin;

(f)

tacú le forbairt modhanna straitéiseacha i leith taighde chun measúnú a dhéanamh ar an staid ina bhfuil na héiceachórais faoi láthair agus sa dóigh sin déanfar bonn a sholáthar do bhainistiú atá bunaithe ar éiceachórais agus do phleanáil ar leibhéil réigiúnacha agus náisiúnta.

4.   Mar chuid den chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(d) (na straitéisí imchuacha farraige), déanfaidh an Clár an méid a leanas:

(a)

forbairt agus cur chun feidhme na straitéisí comhtháite imchuach farraige a thacú, agus cur chuige cothrom á chur san áireamh sna himchuacha uile farraige chomh maith le sainiúlachtaí na n-imchuach farraige agus sainiúlachtaí na bhfo-imchuach farraige, agus forbairt agus cur chun feidhme na straitéisí ábhartha macrairéigiúnacha i gcás inarb infheidhme, agus go háirithe na cinn sin ina bhfuil malartú faisnéise agus taithí idir tíortha éagsúla ar bun cheana agus a bhfuil struchtúir oibríochtiúla ilnáisiúnta;

(b)

saothrú na sineirgí atá idir an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus leibhéal an Aontais, comhroinnt faisnéise, lena n-áirítear faisnéis maidir le modhanna agus le caighdeáin, agus le malartú dea-chleachtas i leith beartais mhuirí, lena n-áirítear a chuid beartas rialachais agus earnálach a bhfuil tionchar acu ar fharraigí réigiúnacha agus ar réigiúin cósta, a chur chun cinn agus déanfar an saothrú sin a éascú.

5.   Mar chuid den chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(e) (gné idirnáisiúnta), déanfaidh an Clár an méid a leanas:

(a)

spreagadh a thabhairt chun leanúint de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit maidir le cur chuige comhtháite le tríú tíortha agus le hoibreoirí i dtríú tíortha a roinneann imchuach farraige le Ballstáit an Aontais, lena n-áirítear maidir le daingniú agus cur chun feidhme UNCLOS;

(b)

idirphlé le tríú tíortha a spreagadh, agus UNCLOS agus na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha atá ann cheana agus atá bunaithe ar UNCLOS á gcur san áireamh;

(c)

malartú dea-chleachtas lena gcomhlántar tionscnaimh atá ann cheana a spreagadh, agus forbairt straitéisí réigiúnacha ar an leibhéal foréigiúnach á cur san áireamh.

Déanfar an cuspóir oibríochtúil seo a shaothrú ar shlí atá comhleanúnach le hionstraimí comhair an Aontais, agus cuspóirí na straitéisí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh.

6.   Mar chuid den chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(f) (fás, fostaíocht agus nuálaíocht) déanfaidh an Clár an méid a leanas:

(a)

tionscnaimh d’fhás agus d’fhostaíocht sna hearnálacha muirí agus sna réigiúin chósta agus oileánacha a chur chun cinn;

(b)

oiliúint, oideachas agus deiseanna gairme i ngairmeacha muirí a chur chun cinn;

(c)

forbairt teicneolaíochtaí glasa, foinsí fuinnimh inathnuaite muirí, loingseoireachta glaise agus loingseoireachta farraige gairide, a chur chun cinn;

(d)

forbairt na turasóireachta cósta, na turasóireachta muirí agus na turasóireachta oileánaí a chur chun cinn.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

Féadfar cúnamh airgeadais a sholáthar leis an gClár le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3:

(a)

tionscadail, lena n-áirítear tionscadail thrialacha; staidéir; cláir taighde agus cláir chomhair oibríochtúla, lena n-áirítear cláir oideachais, cláir oiliúna gairmiúla agus cláir athoiliúna;

(b)

faisnéis phoiblí agus comhroinnt dea-chleachtais, múscailt feasachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara cumarsáide agus scaipthe, lena n-áirítear feachtais agus imeachtaí poiblíochta agus láithreán gréasáin agus líonraí sóisialta agus bunachair shonraí ábhartha a fhorbairt agus cothabháil;

(c)

comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, agus fóraim gheallsealbhóirí;

(d)

comhthiomsú, faireachán agus léirshamhlú i leith líon suntasach sonraí, dea-chleachtas agus bunachar sonraí maidir le tionscadail réigiúnacha arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí rúnaíocht arna bunú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin ar rúnaíocht í lena n-éascófar glacadh na gcomhchaighdeán aonfhoirmeach chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, agus rochtain phoiblí a áirithiú i leith na nithe sin uile;

(e)

gníomhaíochtaí a bhaineann le huirlisí crosghearrthacha, lena n-áirítear tionscadail thrialacha.

Airteagal 5

Cineál idirghabhála airgeadais

1.   Féadfaidh cúnamh airgeadais Aontais a bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:

(a)

deontais, arb é 80 % in aghaidh na gníomhaíochta an ráta uasta a bheidh ann maidir le cómhaoiniú ón Aontas ina leith;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

socruithe riaracháin leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde.

2.   Féadfar deontais le haghaidh gníomhaíochtaí agus deontais oibriúcháin araon a dheonú faoin gClár. Ach amháin a mhéid go bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán Airgeadais, roghnófar tairbhithe na ndeontas nó na gconarthaí soláthair phoiblí tar éis glao ar thograí nó glao ar thairiscintí.

Airteagal 6

Tairbhithe

1.   Féadfar cúnamh airgeadais a dheonú faoin gClár, mar thosaíocht, do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha, faoi rialú ag dlí príobháideach nó poiblí aon cheann de na Ballstáit nó ag dlí an Aontais.

2.   Féadfaidh tríú tíortha, geallsealbhóirí i dtríú tíortha, a roinneann imchuach farraige le Ballstáit de chuid an Aontais, chomh maith le heagraíochtaí nó comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí ginearálta agus oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 á shaothrú acu, tairbhe a bhaint as an gClár. Ní mór go mbeidh rannpháirtithe ón Aontas páirteach i gcónaí sna bearta.

3.   Sonrófar an incháilitheacht le bheith rannpháirteach i nós imeachta áirithe sa ghlao ábhartha ar thograí nó sa ghlao ábhartha ar thairiscintí.

Airteagal 7

Prionsabail maidir le cur chun feidhme

1.   Ní bheidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár incháilithe chun cúnamh a fháil ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais. Féachfar le sineirgí agus comhlántacht a bhaint amach i ndáil le hionstraimí eile de chuid an Aontais. Le gníomhaíochtaí faoin gClár, déanfar cur chun feidhme na mbeartas earnála ábhartha a chomhlánú.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh na hiarratasóirí ar chúnaimh airgeadais faoin gClár agus tairbhithe cúnaimh den sórt sin faisnéis chuimsitheach maidir le maoiniú na ngníomhaíochtaí a sholáthar dó. Ní chuirfear cúnamh airgeadais ar fáil faoin gClár ach go feadh an méid nach mbeidh aon mhaoiniú eile Aontais ar fáil.

3.   Comhfhreagróidh na gníomhaíochtaí arna dtacú leo faoin gClár le spriocanna agus le beartais an Aontais don tréimhse idir an bhliain 2020 agus an bhliain 2050. Beidh na Ballstáit go léir, na hearnálacha muirí, agus na réigiúin cósta, na réigiún oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí in ann tairbhe a bhaint as an gClár agus cruthófar fíor-bhreisluach Eorpach leis sin. Maidir le cistiú gníomhaíochtaí sna himchuacha éagsúla farraige, féachfar le cothromaíocht réigiúnach leordhóthanach a bhaint amach.

4.   Leis na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár, spreagfar agus treiseofar idirphlé, comhar agus comhordú leis na Ballstáit, le réigiúin AE, le geallsealbhóirí, le saoránaigh, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta, agus déanfar an méid sin ina measc siúd, agus trédhearcacht iomlán á ráthú leo ag an am céanna.

5.   Leis na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár, déanfar saothrú na sineirgí, comhroinnt na faisnéise agus idirmhalartú modhanna, caighdeán agus dea-chleachtais a éascú.

6.   Beidh feidhm ag prionsabail an dea-rialachais agus trédhearcacht na bpróiseas cinnteoireachta maidir le cur chun feidhme an Chláir, agus féachfar leis an gClár le cur le trédhearcacht agus dea-rialachais agus na nithe sin a fheabhsú i ngach beartas earnála gaolmhar, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

Airteagal 8

Nósanna imeachta cur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Chun an Clár a chur chun feidhme i gcomhréir lena chuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Airteagal 9

Acmhainní buiséadacha

1.   Socrófar an t-imchlúdach airgeadais i leith chur chun feidhme an Chláir ag EUR 40 000 000 don tréimhse ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2013.

2.   Déanfar na hacmhainní buiséadacha arna gcionroinnt don Chlár a iontríl sna leithreasaí bliantúla de bhuiséad ginearálta an Aontais. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.

3.   Déantar imdháileadh cistí i measc na gcuspóirí ginearálta, a leagtar amach in Airteagal 2, a léiriú san Iarscríbhinn.

Airteagal 10

Cúnamh teicniúil

1.   Féadfaidh suas go dtí 1 % den imchlúdach airgeadais arna bhunú faoi Airteagal 9 caiteachas éigeantach a chumhdach freisin maidir le haon ghníomhaíocht ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta nó meastóireachta is gá go díreach chun gníomhaíochtaí incháilithe faoin Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus chun a chuid cuspóirí a ghnóthú.

2.   Féadfar staidéir, cruinnithe saineolaithe, caiteachas ar uirlisí faisnéisíochta, córais agus líonraí agus aon chúnamh agus saineolas teicniúil, eolaíochta agus riaracháin eile a áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, de réir mar a cheanglaíonn an Coimisiún chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 11

Faireachán

1.   Déanfaidh na tairbhithe uile a fhaigheann cúnamh airgeadais tuarascálacha airgeadais agus teicniúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil leis an dul chun cinn ar obair arna maoiniú faoin gClár. Tíolacfar tuarascáil chríochnaitheach laistigh de thrí mhí ón dáta a gcríochnófar gach tionscadal ar leith.

2.   Gan dochar do na hiniúchtaí a dhéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí i gcomhar leis na comhlachtaí náisiúnta inniúla iniúchta nó rannóga náisiúnta inniúla iniúchta de bhun Airteagal 287 CFAE, ná d’aon chigireacht arna déanamh de bhun Airteagal 322(1)(b) CFAE, déanfaidh oifigigh agus foireann eile de chuid an Choimisiúin seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear seiceálacha samplacha ar thionscadail agus ar bhearta eile arna maoiniú faoin gClár, go háirithe chun comhlíonadh maidir le cuspóirí an Chláir agus le hincháilitheacht gníomhaíochtaí, mar atá leagtha amach in Airteagal 2, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 den Rialachán seo, a sheiceáil.

3.   Forálfar sna conarthaí agus sna comhaontuithe a thagann as cur chun feidhme an Rialacháin seo, go sonrach, do mhaoirsiú agus rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a fhéadfaidh an Coimisiún a údarú, agus d’iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, ar iniúchtaí ar an láthair iad más gá.

4.   Déanfaidh gach tairbhí a fuair cúnaimh airgeadais, gach doiciméad tacaíochta a bhaineann le caiteachas ar thionscadal a choimeád ar fáil don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana tar éis an íocaíocht dheireanach a dhéanamh i leith an tionscadail sin.

5.   Más gá sin, ar bhonn thorthaí na dtuarascálacha agus na seiceálacha samplacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Coimisiún an scála nó na coinníollacha um chionroinnt an chúnaimh airgeadais ar scála agus coinníollacha iad a údaraíodh i dtosach a choigeartú agus déanfaidh sé amhlaidh maidir le hamchlár na n-íocaíochtaí.

6.   Fíoróidh an Coimisiún go gcuirtear na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár i gcrích go cuí, go bhfuil siad comhsheasmhach le bearta faoi bheartais earnála agus ionstraim earnála eile agus go gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndeánfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár seo chun feidhme trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)

bearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, na caimiléireachta agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm;

(b)

seiceálacha éifeachtacha;

(c)

athshlánú méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú; agus

(d)

pionóis éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, má bhraitear neamhrialtachtaí.

2.   Chun críche mhír 1, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

3.   Déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh airgeadais arna dheonú le haghaidh gníomhaíochta a laghdú, a chur ar fionraí nó a ghnóthú má aimsíonn sé neamhrialtachtaí, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó an chinnidh aonair nó an chonartha aonair nó an chomhaontaithe aonair lena ndeonaítear an cúnamh airgeadais, nó más rud é go dtarlaíonn sé go ndearnadh athrú ar an ngníomhaíocht, ar athrú é atá ar neamhréir lena cineál nó lena coinníollacha cur chun feidhme gan formheas ón gCoimisiún a lorg.

4.   Más rud é nár chloíodh leis na teorainneacha ama nó más rud é nach bhfuil call ach le cuid den chúnamh airgeadais arna chionnroinnt i bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh le linn an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, iarrfaidh an Coimisiún ar an tairbhí barúlacha a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe. Mura dtugann an tairbhí freagra sásúil, féadfaidh an Coimisiún an méid atá fágtha den chúnamh airgeadais a chealú agus féadfaidh sé a éileamh go n-aisíocfar na suimeanna a íocadh cheana.

5.   Déanfar aon íocaíocht mhíchuí a aisíoc leis an gCoimisiún. Cuirfear ús le haon suim nach n-aisíoctar in am trátha faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an Rialachán Airgeadais.

6.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh “neamhrialtacht” aon sárú ar fhoráil de chuid dhlí an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach a tharlóidh de dheasca gnímh nó neamhghnímh de chuid oibreora eacnamaíoch, a bhfuil d’éifeacht aige, nó a mbeadh d’éifeacht aige, go ndéanfadh mír chaitheachais nach mbeadh údar maith léi dochar do bhuiséad ginearálta an Aontais nó do bhuiséid a bhainistíonn an tAontas.

Airteagal 13

Tuairisciú, meastóireacht agus síneadh

1.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthúil agus go pras maidir lena chuid oibre.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

tuarascáil ar an dul chun cinn tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012; áireofar leis an tuarascáil ar an dul chun cinn meastóireacht ar thionchar an Chláir ar bheartais eile Aontais;

(b)

tuarascáil meastóireachta ex-post tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2014.

3.   Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh maidir leis an gClár a shíneadh go dtí tráth is déanaí ná 2013 agus maidir le himchlúdach airgeadais iomchuí a bheith ag gabháil leis.

Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 30 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VINCENT-ROSTOWSKI


(1)  IO C 107, 6.4.2011, lch. 64.

(2)  IO C 104, 2.4.2011, lch. 47.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Samhain 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Samhain 2011.

(4)  IO C 279 E, 19.11.2009, lch. 30.

(5)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.).

(6)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíochta Chomhphobail sa réimse beartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.).

(7)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(8)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

(9)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(10)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(11)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(12)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(14)  Bonneagar um Faisnéis Spásúil san Eoraip — Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar um Faisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1.).

(15)  Faire na Cruinne don Chomhshaol agus don tSlándáil — Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (ón mbliain 2011 go dtí an bhliain 2013) (IO L 276, 20.10.2010, lch. 1.).


IARSCRÍBHINN

CIONROINNT GHINEARÁLTA CISTÍ AR RÉIMSÍ CAITEACHAIS A LIOSTAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2  (1)

Cuspóirí Ginearálta (Airteagal 2)

 

(a)

Forbairt agus cur chun feidhme rialachais chomhtháite maidir le gnóthaí muirí agus cósta agus ar infheictheacht BMC

4 % ar a laghad

(b)

Forbairt uirlisí trasearnálacha

60 % ar a laghad

(c)

An mhuirthimpeallacht a chosaint agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní muirí agus cósta

8 % ar a laghad

(d)

Forbairt agus cur chun feidhme straitéisí imchuach farraige

8 % ar a laghad

(e)

Comhar seachtrach agus comhordú ghné idirnáisiúnta BMC

1 % ar a mhéid

(f)

Fás eacnamaíoch inbhuanaithe, fostaíocht, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí nua

4 % ar a laghad


(1)  Ní úsáidfear níos mó ná aon trian den chuid nach gcionroinntear san Iarscríbhinn seo don chuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(b) (uirlísí trasearnálacha).


RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Ní chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle as an áireamh an fhéidearthacht go bhforálfaí do ghníomhartha tarmligthe i gCláir a bheidh ann amach anseo tar éis 2013 bunaithe ar thograí ábhartha ón gCoimisiún.


RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN

De bhun Airteagal X, is é EUR 40 milliún an leithreasú airgeadais le haghaidh cur chun feidhme an Chláir chun tacú le tuilleadh forbartha an BMC i gcomhair 2011-2013. Is é is comhdhéanamh an leithreasaithe seo EUR 23,14 milliún a bheidh le tarraingt ó bhuiséad 2011 gan dul i muinín an chorrlaigh de Theideal 2 an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a bheidh ar fáil, méid de EUR 16,66 milliún, lena n-áireofar cionroinnt do chúnamh teicniúil, arna cur isteach sa dréacht-bhuiséad agus arna glacadh ag an gComhairle le linn a léimh ar bhuiséad 2012 agus méid bhreise de EUR 200 000 do chúnamh teicniúil le cur isteach i mbuiséad 2013.

Chuige sin, bheadh gá le buiséad 2011 a leasú chun an ainmníocht is gá a chruthú agus chun an leithghabháil a chur isteach sa chúlchiste. Bheadh gá leis an méid ábartha do na blianta sin a áireamh sna buiséid arna nglacadh do 2012 agus do 2013.