ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2010.329.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

53
14 Nollaig 2010


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1091/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 329 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

14.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1091/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh comhdhéanamh na liostaí tríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (2) ar comhréir leis na critéir atá leagtha síos in aithris 5 den Rialachán sin, agus ba cheart go bhfanfadh sé ar comhréir leis na critéir sin. Maidir leis na tríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar a staid i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

(2)

I gcomhréir leis an ngealltanas polaitiúil atá tugtha ag an Aontas Eorpach maidir le léirscaoileadh an cheanglais víosa ghearrthéarmaigh le haghaidh shaoránaigh thíortha na mBalcán Thiar mar chuid de Chlár Thessaloniki agus an dul chun cinn atá déanta ó mhí na Nollag 2009 sa chomhphlé leis an Albáin agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le léirscaoileadh víosa á chur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil tagarmharcanna a bpleananna oibre faoi seach comhlíonta ag an dá thír sin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a aistriú go dtí Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an léirscaoileadh víosa sin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag gach ceann den dá thír sin, agus maidir leo sin amháin.

(4)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (3) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (4).

(5)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (5) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(6)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (7).

(7)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (8); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(10)

Is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas:

1.

in Iarscríbhinn I, Cuid 1, déantar na tagairtí don Albáin agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a scriosadh;

2.

in Iarscríbhinn II, Cuid 1, cuirtear na téarmaí ‘an Albáin (*)’ agus ‘an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (*)’ isteach sna hionaid chuí agus beidh an fonóta seo a leanas ag gabháil leis na téarmaí sin:

‘(*)

Tá feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha agus maidir leo sin amháin.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Samhain 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2010.

(2)  IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(7)  IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

(8)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(9)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.