ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2010.311.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

53
26 Samhain 2010


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1080/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin

1

 

*

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1081/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

9

 


 

(1)   Faoin tagairt L 311 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

26.11.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 1080/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Rialachán Foirne,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais (1),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 27 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) de chúnamh ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí). Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus comhdhéanfar í d’oifigigh ó na rannóga ábhartha d’Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún, mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. Beidh sí mar chuid de riarachán Eorpach an Aontais a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 298 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

I bhfianaise a cúraimí sonracha, ba cheart uathriail a thabhairt don SEGS faoi chuimsiú na Rialachán Foirne. Dá bhrí sin, chun críocha na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (4) (dá ngairtear ‘na Rialacháin Foirne’ agus ‘Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile’ anseo feasta, faoi seach), ba cheart déileáil leis an SEGS mar institiúid de chuid an Aontais.

(3)

Ba cheart go ngníomhódh an tArdionadaí mar an tÚdarás Ceapacháin agus mar an tÚdarás chun Conarthaí a Thabhairt i gCrích d’fhoireann an SEGS, agus go bhféadfadh sé nó sí, sa cháil sin, cumhachtaí a tharmligean chuig an SEGS. Toisc go mbeidh ar na Cinn Toscaireachtaí cúraimí a chomhall thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ngnáthdhualgais, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht an Choimisiúin i gcinntí áirithe a bhaineann leis na daoine sin den fhoireann.

(4)

Maidir le hoifigigh an Aontais agus maidir le gníomhairí sealadacha ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát, ba cheart go mbeadh na cearta céanna acu agus na hoibleagáidí céanna orthu agus ba cheart déileáil leo go comhionann, go háirithe a mhéid a bhaineann lena gcáilitheacht chun dul i mbun gach poist faoi choinníollacha coibhéiseacha. Níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh idir gníomhairí sealadacha ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta agus oifigigh an Aontais i ndáil le sannadh na ndualgas a bheidh le comhlíonadh sna réimsí gníomhaíochta agus beartais go léir a bheidh á gcur chun feidhme ag an SEGS.

(5)

Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart d’fhoireann SEGS a chomhallann cúraimí thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ndualgais, i gcomhréir le hAirteagal 221(2) den CFAE, déanamh de réir treoracha a thabharfaidh an Coimisiún. Ar an dóigh chéanna, ba cheart go ndéanfadh oifigigh ón gCoimisiún atá ag obair i dtoscaireachtaí an Aontais de réir treoracha a thabharfaidh an Ceann Toscaireachta.

(6)

Chun amhras a sheachaint, ba cheart a dhaingniú, maidir le hoifigigh agus daoine d’fhoireann shealadach a bhfuil post acu in eintiteas eagraíochtúil a aistrítear ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chuig an SEGS de bhun Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (5), go measfar go n-aistrítear na daoine sin in éineacht leis an bpost. Ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith aige sin maidir le foireann ar conradh agus maidir le foireann áitiúil a shanntar chuig eintiteas eagraíochtúil den sórt sin. Cuirfear an t-aistriú sin in iúl roimh ré don fhoireann lena mbaineann.

(7)

Maidir le hoifigigh ó institiúidí seachas an SEGS ar oifigigh iad a chuaigh i mbun dualgas sa SEGS, ba cheart go mbeidís in ann iarratas a dhéanamh ar fholúntais ina n-institiúid tionscnaimh agus sin a dhéanamh ar comhchéim le hiarrthóirí inmheánacha de chuid na hinstitiúide sin.

(8)

Go dtí an 30 Meitheamh 2013, chun aird a thabhairt ar staideanna sonracha ar shlí sholúbtha (mar shampla gá a bheith le cúraimí tacaíochta teicniúla a aistriú ó Ardrúnaíocht na Comhairle agus ón gCoimisiún chuig an SEGS amach anseo), ba cheart go bhféadfaí freisin, chun leasa na seirbhíse agus i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, oifigigh a aistriú in éineacht lena bpost ón gComhairle nó ón gCoimisiún chuig SEGS, eadhon gan folúntas a fhoilsiú roimh ré.

(9)

Go dtí an 30 Meitheamh 2014, i ndáil leis na hoifigigh sin ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún a bheidh aistrithe chuig an SEGS le linn na céime tionscnaimh, ba cheart go bhféadfaí, chun leasa na seirbhíse, oifigigh SEGS den sórt sin a aistriú gan a bpost ón SEGS go dtí an Chomhairle nó go dtí an Coimisiún.

(10)

Chun éifeacht a thabhairt d’Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina sainaithnítear trí fhoinse foirne don SEGS, ba cheart a fhoráil go ndéanfaidh SEGS, go dtí an 30 Meitheamh 2013, oifigigh a earcú go heisiach ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chomh maith le daoine ó fhoireann sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. I rith na tréimhse sin, is gá a áirithiú gur féidir le daoine ó fhoireann seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta agus le hiarrthóirí ó Ardrúnaíocht na Comhairle agus ón gCoimisiún, mar aon le hiarrthóirí inmheánacha, iarratas a dhéanamh ar phoist sa SEGS ar comhchéim. I rith na tréimhse céanna sin, ba cheart, áfach, i gcásanna eisceachtúla agus tar éis gach féidearthacht earcaíochta ó na trí fhoinse eisiatacha aídiú, go bhféadfaí an fhoireann tacaíochta theicniúil a bheidh riachtanach do dhea-fheidhmiú an SEGS, amhail speisialtóirí i réimse na bainistíochta géarchéime, i réimse na slándála agus i réimse na TF, a earcú ag leibhéal Riarthóra (AD) ó áiteanna lasmuigh de na foinsí sin. Ón 1 Iúil 2013, ba cheart go mbeadh rochtain ar phoist sa SEGS ar oscailt d’oifigigh ó institiúidí eile freisin.

(11)

De bhreis air sin, d’fhonn go mbainfear amach an cuspóir gurb ionann an líon foirne ó na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta agus trian ar a laghad d’fhoireann uile an SEGS ar leibhéal AD, is gá foráil a dhéanamh maidir le maolú sealadach ar Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne, go dtí an 30 Meitheamh 2013, rud a chuirfidh ar chumas an Ardionadaí tosaíocht a thabhairt, i gcás post áirithe sa ghrúpa feidhme AD sa SEGS, d’iarrthóirí ó na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta sin, i gcás ina bhfuil cáilíochtaí coibhéiseacha ag na hiarrthóirí.

(12)

Chun cothromaíocht chuí a áirithiú i measc na gcomhchodanna éagsúla foirne sa SEGS agus i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, nuair a bheidh an líon iomlán foirne bainte amach sa SEGS ba cheart gurb ionann an pearsanra ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát arna gceapadh mar ghníomhairí sealadacha agus trian ar a laghad d’fhoireann uile SEGS ar leibhéal AD agus ba cheart gurb ionann líon oifigigh an Aontais agus 60 % ar laghad d’fhoireann iomlán an SEGS ar leibhéal AD. Ba cheart go n-áiritheofaí sa mhéid sin an fhoireann ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát a ndearnadh oifigigh bhuana den Aontas díobh i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne.

(13)

Ba cheart iarrthóirí roghnaithe atá ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a fhostú mar ghníomhairí sealadacha agus ba cheart, ar an tslí sin, go gcuirfí iad ar comhchéim le hoifigigh. Ba cheart iad a earcú ar bhonn nós imeachta oibiachtúil thrédhearcaigh agus ba cheart go ndéanfaí, leis na forálacha cur chun feidhme atá le glacadh ag an SEGS, ionchais ghairmré choibhéiseacha laistigh den SEGS a ráthú do ghníomhairí sealadacha agus ag d’oifigigh.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1), agus le hAirteagal 82 de Choinníollacha Foirne Seirbhíseach Eile, ba cheart earcú nó fostú a dhíriú ar seirbhísí oifigeach agus foirne sealadaí, ag a mbeidh an caighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais agus a earcófar ón mbonn geografach is leithne is féidir i measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, a fháil don SEGS. Beidh feidhm aige seo i leith an SEGS ina hiomláine agus i leith na gcomhchodanna éagsúla foirne dá cuid, lena n-áirítear an fhoireann shealadach dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. De bhreis air sin, ba cheart go mbeadh líon cuí suntasach náisiúnach ó na Ballstáit go léir ar fhoireann an SEGS.

(15)

Déanfaidh an tArdionadaí na bearta cuí, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 1d(2) agus (3) de na Rialacháin Foirne, chun comhdheiseanna a chur chun cinn don inscne is lú ionadaíocht i ngrúpaí feidhme áirithe, go háirithe sa ghrúpa feidhme AD.

(16)

Chun srianta neamhriachtanacha ar fhostú foirne ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta chuig an SEGS a sheachaint, ba cheart rialacha sonracha maidir le fad conarthaí a ghlacadh, mar aon le ráthaíocht i dtaobh athbhunú ag deireadh na tréimhse seirbhíse i gcomhréir leis na forálacha ábhartha. Maidir leis an gcatagóir áirithe sin d’fhoireann shealadach, ba cheart na rialacha maidir le tabhairt ar iasacht agus na rialacha maidir le haois uasta scoir a ailíniú leis na rialacha sin atá infheidhme maidir le hoifigigh.

(17)

Ba cheart a chur faoi dheara, le comhaontú an Ardionadaí agus na seirbhíse taidhleoireachta náisiúnta lena mbaineann, go mbeidh na rialacha sonracha sin infheidhme freisin maidir le gníomhairí sealadacha ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a bhí fostaithe ag na ranna ábhartha d’Ardrúnaíocht na Comhairle nó den Choimisiún, nó ar leasaíodh a gconradh, sular bunaíodh an SEGS ach tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.

(18)

Féadfaidh an SEGS, i gcásanna sonracha, leas a bhaint as líon teoranta saineolaithe náisiúnta speisialtaithe ar iasacht (SNEanna), a thabharfar ar iasacht d’fhonn cúraimí sonracha a chomhlíonadh, go háirithe cúraimí a bhaineann le bainistiú géarchéime nó feidhmeanna míleata, agus ba cheart go mbeadh údarás ag an Ardionadaí orthu. Níor cheart iasacht na ndaoine sin a chomhaireamh mar chuid den trian d’fhoireann uile an SEGS ar leibhéal AD ba cheart a bheith de thionscnamh foirne ó Bhallstáit nuair a shroichfidh an SEGS a líon iomlán foirne.

(19)

Chun ualach riaracháin an SEGS a laghdú, ba cheart don Bhord Araíonachta atá bunaithe sa Choimisiún fónamh mar Bhord Araíonachta don SEGS freisin, go dtí go gcinnfidh an tArdionadaí Bord Araíonachta a bhunú don SEGS. Ba cheart go ndéanfaí cinneadh an Ardionadaí faoin 31 Nollaig 2011 ar a dhéanaí.

(20)

Go dtí go ndéanfar Coiste Foirne a chur ar bun laistigh den SEGS i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 9(1)(a) de na Rialacháin Foirne, rud ba cheart a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2011 ar a dhéanaí, ba cheart go bhforálfaí go ndéanfaidh Coiste Foirne an Choimisiúin ionadaíocht thar ceann fhoireann SEGS freisin, ar foireann í a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin Choiste Foirne an Choimisiúin.

(21)

Toisc nach bhfuil na forálacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus a bhaineann le hoifigigh atá ag fónamh i dtríú tír infheidhme le linn dóibh a bheith ar saoire do thuismitheoirí nó ar saoire teaghlaigh, is deacair, go praiticiúil, d’oifigigh atá ag obair i dtoscaireachtaí saoire den sórt sin a ghlacadh. Tagann an méid sin salach ar an gcuspóir ginearálta go ndéanfaí comhréiteach níos fearr idir an saol príobháideach agus an saol gairmiúil agus, go háirithe, is bac é ar mhná a bhféadfadh suim a bheith acu post a ghlacadh i dtoscaireacht de chuid an Aontais murach sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, go leanfadh forálacha na hIarscríbhinne sin d’fheidhm a bheith acu, go feadh méid theoranta, le linn saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh.

(22)

I bhfianaise na taithí a fuarthas ó 2004 i leith, is dealraitheach nach bhfuil údar maith leis an teorannú reatha a choimeád maidir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm maidir le foireann atá ar conradh. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, gur cheart d’fhoireann ar conradh páirt iomlán a ghlacadh i nós imeachta na soghluaisteachta faoi Airteagal 2 agus faoi Airteagal 3 den Iarscríbhinn sin. Chuige sin, is gá foráil a dhéanamh go bhféadfar foireann ar conradh atá ag gabháil do thoscaireachtaí agus a bhfuil feidhm ag Airteagal 3a de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leo, a shannadh go sealadach chuig suíomh na hinstitiúide.

(23)

Maidir le slándáil shóisialta le haghaidh foirne áitiúla, tagraíonn Airteagal 121 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile do na ranníocaíochtaí slándála sóisialta faoi rialacháin reatha na háite ina bhfeidhmeoidh an seirbhíseach a dhualgais nó a dualgais. Toisc nach ann do chórais slándála sóisialta, nó nach bhfuil córais den sórt sin dóthanach, i dtíortha áirithe, ba cheart bonn reachtúil a chruthú chun córas slándála sóisialta uathrialach nó forlíontach a chur ar bun.

(24)

Le go ndéanfar éascaíocht do dhaoine den fhoireann atá ag taisteal lasmuigh den Aontas Eorpach agus iad i mbun a ndualgas, ba cheart go bhféadfaí laissez-passer a eisiúint má éilíonn leas na seirbhíse amhlaidh, agus ba cheart comhairleoirí speisialta a chuimsiú faoin bhféidearthacht sin.

(25)

Is gá na téarmaí a úsáidtear sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a oiriúnú don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(26)

Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an dáta is luaithe is féidir, ós rud é gurb ionann na leasuithe ar na Rialacháin Foirne agus ar Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus coinníoll atá riachtanach do dhea-fheidhmiú an SEGS,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach mar seo a leanas:

(1)

cuirtear ‘Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh’ in ionad an teidil;

(2)

ach amháin in Airteagal 66a(1), cuirtear na focail ‘an tAontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘na Comhphobail Eorpacha’ agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá.

Cé is moite de na tagairtí don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, do Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach in Airteagal 68 agus in Airteagal 83, cuirtear na focail ‘an tAontas’ in ionad na bhfocal ‘an Comhphobal’ agus ‘na Comhphobail’ agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá.

Cuirtear na focail ‘an tAontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘na trí Chomhphobal Eorpacha’ agus ‘ceann de na trí Chomhphobal Eorpacha’ agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá;

(3)

in Airteagal 64, an dara mír, agus in Airteagal 65(3), cuirtear na focail ‘in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘sa chéad fhleasc den dara fomhír d’Airteagal 148(2) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus d’Airteagal 118(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach’. In Airteagal 13, an chéad mhír, an dara habairt, d’Iarscríbhinn X, cuirtear na focail ‘in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘sa chéad chás atá leagtha amach sa dara fomhír d’Airteagal 148(2) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus d’Airteagal 118 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach’.

In Airteagal 83a(5), Airteagal 14(2) d’Iarscríbhinn XII agus Airteagal 22(3) d’Iarscríbhinn XIII cuirtear na focail ‘in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘sa chéad fhleasc d’Airteagal 205(2) de Chonradh CE’. In Airteagal 13(3) d’Iarscríbhinn VII, cuirtear na focail ‘in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘sa chéad fhleasc den dara fomhír d’Airteagal 205(2) de Chonradh CE’.

In Airteagal 45(2) cuirtear na focail ‘Airteagal 55 den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 314 de Chonradh CE’;

(4)

in Airteagal 7(1) d’Iarscríbhinn III cuirtear na focail ‘an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne’ in ionad na bhfocal ‘Oifig Roghnaithe Foirne na gComhphobal Eorpach’.

In Airteagal 7(3) d’Iarscríbhinn VII cuirtear na focail ‘in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad na bhfocal ‘in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gConradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa’.

In Airteagal 40 d’Iarscríbhinn VIII cuirtear na focail ‘chuig an gCoimisiún Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘chuig Coimisiún na gComhphobal Eorpach’;

(5)

cuirfear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d’Airteagal 6(4):

‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’.

In Airteagal 9(2) d’Iarscríbhinn VIII agus in Airteagal 15(2) d’Iarscríbhinn IX, cuirfear na focail ‘Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 283 de Chonradh CE’.

In Airteagal 10 d’Iarscríbhinn IX cuirfear na focail ‘déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad na bhfocal ‘gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 283 de Chonradh CE’.

(6)

Leasaítear Airteagal 1b mar seo a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(a)

an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (dá ngairtear ‘an SEGS’ anseo feasta),’;

(b)

déantar pointí (b) go (e) de na pointí (a) go (d);

(7)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

‘Déanfar an laissez-passer dá bhforáiltear sa Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí a eisiúint chuig cinn aonaid, chuig oifigigh sna gráid AD12 go AD16, chuig oifigigh atá ag fónamh lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh agus chuig oifigigh eile ar gá é a eisiúint ina leith chun leasa na seirbhíse.’;

(8)

in Airteagal 77, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

‘I gcás oifigeach a bhí ag cuidiú le duine a shealbhaíonn oifig dá bhforáiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach nó sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le hUachtarán tofa ceann d’institiúidí nó d’orgáin an Aontais nó le Cathaoirleach tofa ceann de na grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa, déanfar an teidlíocht chun pinsean a fhreagraíonn do líon na mblianta de sheirbhís inphinsin a fuarthas le linn a bheith ag obair sa cháil sin a ríomh faoi threoir an bhuntuarastail deiridh a fuarthas le linn na tréimhse sin más rud é gur mó an buntuarastal a fuarthas ná an buntuarastal sin a sonraíodh mar threoir chun críocha an dara mír den Airteagal seo.’;

(9)

déantar Teideal VIIIb de Theideal VIIIa. Cuirtear an Teideal seo a leanas isteach i ndiaidh Theideal VIII:

‘TEIDEAL VIIIa

FORÁLACHA SPEISIALTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN SEGS

Airteagal 95

1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (dá ngairtear an tArdionadaí anseo feasta) na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne seo a fheidhmiú i leith fhoireann an SEGS. Féadfaidh an tArdionadaí an duine laistigh den SEGS a fheidhmeoidh na cumhachtaí sin a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal 2(2).

2.   Maidir le Cinn Toscaireachtaí, feidhmeofar na cumhachtaí a bhaineann le ceapacháin, trí úsáid a bhaint as nós imeachta críochnúil roghnúcháin a bheidh bunaithe ar fhiúntas agus aird á tabhairt ar an gcothromaíocht inscne agus gheografach, ar bhonn liosta iarrthóirí lenar chomhaontaigh an Coimisiún faoi chuimsiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí. Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le haistrithe chun leasa na seirbhíse, ar aistrithe iad a dhéantar in imthosca eisceachtúla agus agus ar feadh tréimhse shainithe sealadach chuig post mar Cheann Toscaireachta.

3.   Maidir le Cinn Toscaireachta, i gcásanna ina mbeidh orthu cúraimí a chomhall thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ndualgais, tionscnóidh an tÚdarás Ceapacháin na fiosrúcháin riaracháin agus na himeachtaí araíonachta dá dtagraítear in Airteagal 22 agus in Airteagal 86 agus in Iarscríbhinn IX, más rud é go n-iarrann an Coimisiún amhlaidh.

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 43, rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal 96

D’ainneoin Airteagal 11, déanfaidh oifigeach de chuid an Choimisiúin atá ag obair i gceann de thoscaireachtaí an Aontais treoir a ghlacadh ón gCeann Toscaireachta, i gcomhréir le ról an Chinn Toscaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (6).

Déanfaidh oifigeach de chuid an SEGS a bhfuil air nó uirthi cúraimí a chomhall thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ghnáthdhualgais treoir a ghlacadh ón gCoimisiún maidir leis na cúraimí sin, i gcomhréir le hAirteagal 221(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déanfar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a chomhaontú idir an Coimisiún agus SEGS.

Airteagal 97

Go dtí an 30 Meitheamh 2014, i ndáil leis na hoifigigh sin a bheidh aistrithe chuig an SEGS de bhun Chinneadh 2010/427/AE, agus de mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 29 de na Rialacháin Foirne seo agus faoi na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 7(1) díobh, féadfaidh Údaráis Cheapacháin na n-institiúidí lena mbaineann, i gcásanna eisceachtúla, ag gníomhú dóibh de thoil a chéile agus chun leasa na seirbhíse amháin, tar éis dóibh éisteacht a thabhairt don oifigeach lena mbaineann, oifigeach SEGS den sórt sin a aistriú ón SEGS go dtí folúntas sa ghrád céanna in Ardrúnaíocht na Comhairle nó sa Choimisiún gan fógra a thabhairt don fhoireann maidir leis an bhfolúntas sin.

Airteagal 98

1.   Chun críocha Airteagal 29(1)(a), nuair a bheidh folúntas á líonadh sa SEGS, breithneoidh an tÚdarás Ceapacháin na hiarratais ó oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle, ó oifigigh an Choimisiúin agus ó oifigigh an SEGS, ó dhaoine den fhoireann shealadach a bhfuil feidhm ag Airteagal 2(e) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leo agus ó dhaoine d’fhoireann sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát agus ní thabharfar tosaíocht d’aon cheann de na catagóirí sin. Go dtí an 30 Meitheamh 2013, de mhaolú ar Airteagal 29, i ndáil le hearcú ó áiteanna lasmuigh deninstitiúid, déanfaidh an SEGS oifigigh a earcú go heisiach ó Ardrúnaíocht na Comhairle agus ón gCoimisiún agus ó dhaoine dá bhfhoireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát.

I gcásanna eisceachtúla, áfach, agus tar éis gach féidearthacht a ídiú i ndáil le daoine a earcú i gcomhréir leis na forálacha sin, féadfaidh an tÚdarás Ceapacháin a chinneadh go ndéanfar an fhoireann tacaíochta theicniúil ag leibhéal AD a bheidh riachtanach do dhea-fheidhmiú an SEGS, amhail speisialtóirí i réimse na bainistíochta géarchéime, i réimse na slándála agus i réimse na TF a earcú ó áiteanna lasmuigh de na foinsí atá liostaithe sa chéad abairt den chéad fhomhír.

Amhail ón 1 Iúil 2013, breithneoidh an tÚdarás Ceapacháin freisin iarratais ó oifigigh ó institiúidí seachas na hinstitiúidí sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ní thabharfar tosaíocht d’aon cheann de na catagóirí sin.

2.   Chun críocha Airteagal 29(1)(a) agus gan dochar d’Airteagal 97, nuair a bheidh folúntas á líonadh, breithneoidh Údarás Ceapacháin na n-institiúidí seachas an SEGS iarratais ó iarrthóirí inmheánacha agus ó oifigigh an SEGS a bhí ina n-oifigigh den institiúid lena mbaineann go dtí go ndearnadh oifigigh de chuid an SEGS díobh agus ní thabharfar tosaíocht d’aon cheann de na catagóirí sin.

Airteagal 99

1.   Go dtí go gcinneann an tArdionadaí Bord Araíonachta a bhunú don SEGS, fónfaidh Bord Araíonachta an Choimisiúin mar Bhord Araíonachta don SEGS freisin. Déanfar cinneadh an Ardionadaí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2011.

Go dtí go mbunófar an Bord Araíonachta don SEGS, déanfar an bheirt chomhaltaí breise dá dtagraítear in Airteagal 5(2) d’Iarscríbhinn IX a cheapadh as measc oifigigh an SEGS. Is iad Údarás Ceapacháin agus Coiste Foirne an SEGS an tÚdarás Ceapacháin agus an Coiste Foirne dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus in Airteagal 6(4) d’Iarscríbhinn IX.

2.   Go dtí go ndéanfar Coiste Foirne a chur ar bun laistigh den SEGS i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 9(1)(a), rud a dhéanfar tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2011, agus de mhaolú ar an bhforáil atá sa fhleasc sin, déanfaidh Coiste Foirne an Choimisiúin ionadaíocht thar ceann oifigigh agus sheirbhísigh eile SEGS.’;

(10)

i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn X, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 9a

Le linn saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 42a agus in Airteagal 42b de na Rialacháin Foirne, leanfaidh Airteagal 5, Airteagal 23 agus Airteagal 24 den Iarscríbhinn seo d’fheidhm a bheith acu ar feadh tréimhse carnaí uasta sé mhí i ngach tréimhse dhá bhliain a mbeidh duine sannta chuig tríú tír lena linn, agus leanfaidh Airteagal 15 den Iarscríbhinn seo d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse carnaí uasta naoi mí i ngach tréimhse dhá bhliain a mbeidh duine sannta chuig tríú tír lena linn.’.

Airteagal 2

Leasaítear Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach mar a leanas:

(1)

cuirtear ‘Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh’ in ionad an teidil;

(2)

ach amháin in Airteagal 28a(8), cuirfear na focail ‘an tAontas Eorpach’ in ionad na bhfocal ‘na Comhphobail Eorpacha’ agus cuirfear na focail ‘an tAontas’ in ionad na bhfocal ‘an Comhphobal’ agus ‘na Comhphobail’ agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá;

(3)

in Airteagal 12(3) agus in Airteagal 82(5), cuirtear na focail ‘an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne’ in ionad na bhfocal ‘Oifig Roghnaithe Foirne na gComhphobal Eorpach’;

(4)

in Airteagal 39(1), cuirfear na focail ‘Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘Airteagal 283 de Chonradh CE’.

(5)

Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a)

i bpointe (c) cuirtear na focail ‘an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó Uachtarán tofa ceann d’institiúidí nó d’orgáin an Aontais’ isteach in ionad ‘na Conarthaí ag bunú na gComhphobal nó an Conradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha, nó Uachtarán tofa ceann d’institiúidí nó d’orgáin na gComhphobal’;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(e)

foireann a thugtar ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát agus a fhostaítear chun post buan sa SEGS a líonadh go sealadach.’;

(6)

sa chéad mhír d’Airteagal 3a, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Féadfar foireann atá fostaithe chun dualgais lánaimseartha nó dualgais pháirtaimseartha a chomhlíonadh i dtoscaireachtaí an Aontais a shannadh go sealadach chuig suíomh na hinstitiúide faoi nós imeachta na soghluaisteachta a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.’;

(7)

in Airteagal 3b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Ach amháin i gcásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 3a(1), déantar úsáid foirne ar conradh le haghaidh cúraimí cúnta a eisiamh i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 3a.’;

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

uimhrítear na ceithre mhír atá ann cheana;

(b)

scriostar an abairt dheireanach de mhír 4;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5.   Beidh feidhm ag Airteagal 95, Airteagal 96 agus Airteagal 99 de na Rialacháin Foirne de réir analaí maidir leis an bhfoireann shealadach. Beidh feidhm ag Teideal VIIIb de na Rialacháin Foirne de réir analaí maidir leis an bhfoireann shealadach atá ag fónamh i dtríú tír.’;

(9)

in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ag deireadh na míosa sin ina slánaíonn an seirbhíseach 65 bliana d’aois nó, i gcás inarb infheidhme, ar an dáta arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 50c(2); nó’;

(10)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas le Teideal II:

‘CAIBIDIL 10

Forálacha speisialta le haghaidh daoine den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(e)

Airteagal 50b

1.   Maidir le foireann ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a roghnaíodh faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne agus atá ar iasacht óna seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, fostófar an fhoireann sin mar fhoireann shealadach faoi Airteagal 2(e).

2.   Féadfar iad a fhostú ar feadh tréimhse uasta ceithre bliana. Féadfar na conarthaí a athnuachan ar feadh tréimhse uasta ceithre bliana. Ar an iomlán, níor cheart go rachadh an tréimhse fostaíochta thar ocht mbliana. In imthosca eisceachtúla, áfach, agus chun leasa na seirbhíse, féadfar an conradh a fhadú, ag deireadh an ochtú bhliain, ar feadh tréimhse uasta dhá bhliain. Ráthóidh gach Ballstát dá oifigigh a ndearnadh gníomhairí sealadacha sa SEGS díobh go ndéanfar iad a athbhunú ag deireadh a dtréimhse seirbhíse sa SEGS, i gcomhréir leis na forálacha infheidhme dá dhlí náisiúnta.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht don Aontas le linn fhorfheidhmiú aon dliteanais faoi Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne a eascraíonn i leith gníomhairí sealadacha SEGS dá dtagraítear in Airteagal 2(e) de na Coinníollacha Fostaíochta seo.

Airteagal 50c

1.   Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 39 de na Rialacháin Foirne. Ní rachaidh tréimhse ar iasacht thar théarma an chonartha.

2.   Beidh feidhm de réir analaí ag an dara fomhír d’Airteagal 52(b) de na Rialacháin Foirne.’;

(11)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 80:

‘5.   Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 95, Airteagal 96 agus Airteagal 99 de na Rialacháin Foirne.’;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 118:

‘Airteagal 118

Beidh feidhm de réir analaí ag Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le foireann ar conradh atá ag fónamh i dtríú tíortha. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 21 den Iarscríbhinn sin, áfach, ach amháin más tréimhse bliana ar a laghad ré an chonartha.’;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 121:

‘Airteagal 121

Maidir leis an tslándáil shóisialta, beidh an institiúid freagrach as sciar an fhostóra de na ranníocaíochtaí slándála sóisialta faoi rialacháin reatha na háite ina bhfeidhmeoidh an seirbhíseach a dhualgais, mura rud é go bhforáiltear a mhalairt sa chomhaontú maidir le suíomh. Déanfaidh an institiúid córas slándála sóisialta a bheidh uathrialach nó forlíontach a chur ar bun do thíortha nach bhfuil aon chóras slándála sóisialta iontu nó do thíortha nach bhfuil córas dóthanach iontu.’;

(14)

in Airteagal 124, cuirtear na focail ‘ag Airteagal 23’ in ionad na bhfocal ‘ag an gcéad mhír agus ag an dara mír d’Airteagal 23’.

Airteagal 3

1.   Maidir le hoifigigh agus foireann shealadach a bhfuil post acu in eintiteas eagraíochtúil a aistrítear ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaireachta Seachtraí (SEGS) de bhun Chinneadh 2010/427/AE, measfar go n-aistrítear iad chuig an SEGS ó na hinstitiúidí ábhartha ar an dáta a leagtar síos in Airteagal 7 den Chinneadh sin. Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le foireann ar conradh agus maidir le foireann áitiúil atá sannta chuig eintiteas eagraíochtúil den sórt sin, agus fanfaidh coinníollacha an chonartha gan athrú dóibh. Déanfaidh Údarás Ceapacháin na Comhairle nó an Choimisiúin, de réir mar a bheidh, an fhoireann a ndéanann aistriú den sórt sin difear dóibh a chur ar an eolas roimh ré.

2.   Le comhaontú an Ardionadaí agus na seirbhíse taidhleoireachta náisiúnta lena mbaineann, agus gan nós imeachta roghnúcháin nua a úsáid, déanfar conarthaí na foirne sealadaí ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a fostaíodh tar éis an 30 Samhain 2009, nó ar leasaíodh a gconradh tar éis an dáta sin, agus a bhfuil post acu in eintiteas eagraíochtúil a aistrítear ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chuig an SEGS de bhun Chinneadh 2010/427/AE, a athrú ina gconarthaí faoi phointe (e) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.Thairis sin, ní athrófar coinníollacha an chonartha.

3.   Go dtí an 30 Meitheamh 2013, agus de mhaolú ar Airteagal 7 de na Rialacháin Foirne, féadfar oifigigh agus seirbhísigh eile Ardrúnaíocht na Comhairle nó an Choimisiúin ar oifigigh nó seirbhísigh iad a fheidhmíonn feidhmeanna tacaíochta teicniúla don SEGS, tar éis dóibh éisteacht a fháil, a aistriú go dtí an SEGS ar chomhthoil na n-institiúidí lena mbaineann agus lánurraim á tabhairt do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh. Beidh éifeacht leis an aistriú sin ón dáta a chinnfear sa Chinneadh ábhartha buiséadach ina ndéantar foráil maidir leis na poist chomhfhreagracha agus maidir leis na leithreasaí comhfhreagracha sa SEGS.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1), agus le hAirteagal 82 de Choinníollacha Foirne Seirbhíseach eile, déanfar earcú nó fostú a dhíriú ar sheirbhísí oifigigh agus foirne sealadaí ag a mbeidh an caighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais agus a earcófar ón mbonn geografach is leithne i measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, a fháil don SEGS. Beidh feidhm aige seo i leith an SEGS ina hiomláine agus i leith na gcomhchodanna éagsúla foirne inti, lena n-áirítear an fhoireann shealadach dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. De bhreis air sin, beidh líon iomchuí agus suntasach de náisiúnaigh ó na Ballstáit go léir ar fhoireann SEGS.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 1d(2) agus (3) de na Rialacháin Foirne, déanfaidh an tArdionadaí na bearta cuí chun comhdheiseanna a chur chun cinn don inscne is lú ionadaíocht i ngrúpaí feidhme áirithe, go háirithe sa ghrúpa feidhme AD.

6.   Le go ráthófar go mbeidh ionadaíocht leormhaith ar fhoireann an SEGS ag na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, déanfaidh an tArdionadaí a chinneadh go bhféadfar, de mhaolú ar Airteagal 29 agus ar an gcéad fomhír d’Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne, tosaíocht a thabhairt, go dtí an 30 Meitheamh 2013, i gcás post áirithe sa ghrúpa feidhme AD sa SEGS, d’iarrthóirí ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát, i gcás ina bhfuil cáilíochtaí coibhéiseacha ag na hiarrthóirí.

Airteagal 4

Faoi lár 2013, tíolacfaidh an tArdionadaí tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus béim ar leith á cur ar chothromaíocht inscne agus gheografach na foirne sa SEGS.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg 24 Samhain 2010

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 7 Iúil 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim Uimh. 5/2010 an 28 Meán Fómhair 2010 (IO C 291, 27.10.2010, lch. 1).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an [17 Samhain 2010].

(4)  Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(5)  IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.

(6)  IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.


26.11.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/9


RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 1081/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2010

lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (3) (an “Rialachán Airgeadais” anseo feasta), leagtar síos na prionsabail bhuiséadacha agus na rialacha airgeadais ar cheart a urramú i ngach gníomh reachtach. Is gá forálacha áirithe den Rialachán Airgeadais a leasú chun na leasuithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin agus bunú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, de bhun Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (4), a chur san áireamh.

(2)

Le Conradh Liospóin bunaítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (an “SEGS” anseo feasta). Le Cinneadh 2010/427/AE, foráiltear gur seirbhís de chineál sui generis is ea an SEGS agus gur cheart déileáil léi mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais.

(3)

I gcomhthéacs an urscaoilte, agus ó tharla gur cheart déileáil leis an SEGS mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais, ba cheart go mbeadh an SEGS go hiomlán faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 145 go hAirteagal 147 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart go gcomhoibreodh an SEGS go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus, de réir mar is iomchuí, go soláthródh sí aon fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí fhreastal ar chruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha. I gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart go leanfadh an Coimisiún de bheith freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear leithreasaí oibríochtúla arna gcur chun feidhme ag Cinn Toscaireachtaí atá ina n-oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin. Chun a chumasú don Choimisiún a chuid freagrachtaí a chomhall, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar. Ba cheart Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí” anseo feasta) a chur ar an eolas an tráth céanna agus ba cheart go n-éascódh an tArdionadaí comhar idir Toscaireachtaí an Aontais agus rannóga an Choimisiúin. I bhfianaise úrnuacht an struchtúir seo, is gá forálacha ardchaighdeáin a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht agus cuntasacht bhuiséadach agus airgeadais.

(4)

Laistigh den SEGS, ba cheart go mbeadh Ardstiúrthóir um an mbuiséad agus um riarachán freagrach don Ardionadaí maidir le bainistiú riaracháin agus bainistiú buiséadach inmheánach an SEGS. Ba cheart go n-oibreodh an tArdstiúrthóir laistigh den leagan amach atá ann cheana agus go ndéanfadh sé nó sí de réir na rialacha riaracháin céanna is infheidhme i leith an chuid de Roinn III de bhuiséad an Aontais a thagann faoi cheannteideal 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil.

(5)

Ba cheart go ndéanfaí an SEGS a chur ar bun i gcomhréir leis na prionsabail arna bhfógairt ag an gComhairle Eorpach an 29 agus an 30 Deireadh Fómhair 2009, go háirithe prionsabal na cost-éifeachtúlachta a bhfuil neodracht bhuiséadach mar aidhm aige.

(6)

Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtiocfaidh Toscaireachtaí an Choimisiúin chun bheith ina gcuid den SEGS ina gcáil mar Thoscaireachtaí an Aontais. Chun a áirithiú go ndéanfar bainistíocht éifeachtúil orthu, ba cheart go ndéanfadh seirbhís tacaíochta amháin caiteachas riaracháin agus tacaíochta uile Thoscaireachtaí an Aontais trína maoinítear costais choiteanna. Chuige sin, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán Airgeadais maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh socruithe mionsonraithe ann chun cur chun feidhme leithreasaí riaracháin Thoscaireachtaí an Aontais a éascú, ar socruithe iad a bheadh le comhaontú leis an gCoimisiún.

(7)

Is gá leanúnachas fheidhmiú Thoscaireachtaí an Aontais agus, go háirithe, leanúnachas agus éifeachtúlacht na bainistíochta a dhéanann na Toscaireachtaí ar chabhair sheachtrach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart a údarú don Choimisiún a chumhachtaí maidir le cur chun feidhme buiséadach caiteachais oibríochtúil a fho-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais ar cuid den SEGS mar institiúid ar leithligh iad. Ina theannta sin, i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach láraithe, ba cheart gur cheadmhach dó déanamh amhlaidh trí fho-tharmligean a dhéanamh chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freisin. Ba cheart go leanfadh na hoifigigh údarúcháin, trí tharmligean ón gCoimisiún, de bheith freagrach as córais inmheánacha bainistíochta agus rialaithe a shainiú, agus ba cheart, ag an am céanna go mbeadh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freagrach as cur ar bun agus feidhmiú leormhaith córas inmheánach bainistíochta agus rialaithe agus as bainistiú na gcistí agus na n-oibríochtaí arna dhéanamh laistigh dá dToscaireachtaí. Ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt ina leith sin dhá uair in aghaidh na bliana. Féadfar an tarmligean sin a tharraingt siar i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ar an gCoimisiún.

(8)

Chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus ba cheart go mbeidís faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe eile de chuid an Choimisiúin. Chun na gcríoch sin, ba cheart gurb é an Coimisiún an institiúid a mbeidís bainteach léi.

(9)

Ba cheart go leanfadh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach i gcónaí as roinn an Choimisiúin den bhuiséad ina hiomláine, lena n-áirítear oibríochtaí cuntasaíochta a bhaineann le leithreasaí arna bhfo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú, chun aon fhorluí freagrachtaí a sheachaint, gur cheart go mbainfeadh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta SEGS le roinn SEGS den bhuiséad, agus leis an roinn sin amháin. Ba cheart d'Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin gníomhú mar Oifigeach Cuntasaíochta an SEGS freisin maidir le cur chun feidhme buiséadach roinn SEGS den bhuiséad, ach an méid sin a bheith faoi réir a athbhreithnithe.

(10)

Chun comhchuibheas agus cóir chomhionann a áirithiú idir oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe, ar daoine d'fhoireann SEGS iad, agus iad siúd ar daoine d'fhoireann an Choimisiúin iad, agus chun a áirithiú go ndéantar an Coimisiún a choimeád ar an eolas go cuí, ba cheart go mbeadh sainphainéal an Choimisiúin um mírialtachtaí airgeadais freagrach freisin as mírialtachtaí laistigh den SEGS a láimhseáil i gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis cumhachtaí cur chun feidhme a tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Mar sin féin, chun an nasc a choinneáil idir freagracht as bainistíocht airgeadais agus gníomhaíocht araíonachta, ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal a iarraidh ar an Ardionadaí imeachtaí a thionscnamh más rud é go n-aimsíonn an painéal mírialtachtaí maidir le hinniúlachtaí sin an Choimisiúin a fo-tharmligeadh chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. I gcás den sórt sin ba cheart don Ardionadaí an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne (5).

(11)

Ba cheart d'iniúchóir inmheánach an Choimisiúin gníomhú mar iniúchóir inmheánach an SEGS freisin maidir le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin agus roinn SEGS den bhuiséad ar aon, ach an méid sin a bheith faoi réir a athbhreithnithe.

(12)

Chun grinnscrúdú daonlathach ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a áirithiú, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais dearbhú a sholáthar, maille le tuarascáil ina mbeidh faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe ina dToscaireacht, chomh maith le faisnéis maidir le bainistíocht na n-oibríochtaí arna bhfo-tharmligean chucu. Ba cheart go mbeadh tuarascálacha Chinn Thoscaireachtaí an Aontais i gceangal, mar iarscríbhinn, le tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta an oifigigh údarúcháin atá freagrach de bhíthin tarmligin agus ba cheart go gcuirfí ar fáil don údarás buiséadach iad.

(13)

Chun críocha an Rialacháin Airgeadais, ba cheart an téarma “Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála” a léiriú i gcomhréir le feidhmeanna éagsúla an Ardionadaí faoi Airteagal 18 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (an “buiséad”) agus maidir le tíolacadh agus iniúchadh na gcuntas.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo:

tagraíonn an téarma “institiúid” do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, don Choimisiún Eorpach, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún, don Ombudsman Eorpach, don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (dá ngairtear an “SEGS” anseo feasta);

ní mheasfar gur institiúid de chuid an Aontais é an Banc Ceannais Eorpach.

3.   Tuigfear gur tagairt don Aontas Eorpach agus/nó don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach aon tagairt do “na Comhphobail” nó do “an tAontas”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs.’

(2)

Cuirtear na focail ‘an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí’ in ionad ‘Sheirbhís Sheachtrach an Choimisiúin’ sa dara fomhír d'Airteagal 16.

(3)

In Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Maidir le haon togra nó tionscnamh a thíolacfaidh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí” anseo feasta) nó Ballstát don údarás reachtach agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, ní mór ráiteas airgeadais a bheith ag gabháil leis, mar aon leis an mheastóireacht dá bhforáiltear in Airteagal 27(4).’

(4)

In Airteagal 30(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis faoi thairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad agus a bheidh ina sheilbh aige agus an buiséad á chur chun feidhme ar bhonn láraithe agus go díreach ag a rannóga nó ag Toscaireachtaí an Aontais i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, agus faisnéis faoi thairbhithe cistí arna soláthar ag na heintitis a ndéantar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chucu faoi mhodhanna eile bainistíochta a chur ar fáil, ar mhodh iomchuí.’

(5)

Sa chéad mhír d'Airteagal 31, cuirtear na focail ‘an Chomhairle Eorpach agus’ isteach roimh na focail ‘an Chomhairle’ agus cuirtear na focail ‘agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí’ isteach roimh na focail ‘meastachán ar a n-ioncam agus a gcaiteachas’.

(6)

In Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad míre:

‘Déanfaidh an SEGS meastachán ar a hioncam agus ar a caiteachas a tharraingt suas agus seolfaidh sé an meastachán sin chuig an gCoimisiún roimh an 1 Iúil gach bliain. Rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle leis na Comhaltaí den Choimisiún atá freagrach as an mbeartas forbartha, as an mbeartas comharsanachta agus as an gcomhar idirnáisiúnta, an gcabhair dhaonnúil agus as freagairt ar ghéarchéimeanna, maidir lena bhfreagrachtaí faoi seach.’

(7)

In Airteagal 33, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3.   I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (6), agus chun trédhearcacht bhuiséadach a áirithiú i réimse gníomhaíochta seachtraí an Aontais, déanfaidh an Coimisiún doiciméad oibre a tharchur chuig an údarás buiséadach in éineacht leis an dréachtbhuiséad, ar doiciméad oibre é ina léireofar an méid seo a leanas ar shlí chuimsitheach:

gach uile chaiteachas riaracháin agus oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n-áirítear cúraimí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála /an Bheartais Eorpaigh Cosanta agus Slándála (CBES/BECS), agus a mhaoinítear as buiséad an Aontais;

caiteachas riaracháin foriomlán an SEGS don bhliain roimhe sin, arna mhiondealú go dtí caiteachas de réir Toscaireachta agus caiteachas ar riarachán lárnach SEGS; mar aon le caiteachas oibríochtúil arna mhiondealú de réir limistéir gheografaigh (réigiúin, tíortha), de réir réimsí téamúla, de réir Toscaireachta Aontais agus de réir misin.

Déanfar freisin sa doiciméad oibre:

léiriú a thabhairt ar an líon post do gach grád i ngach catagóir, mar aon leis an líon post buan agus an líon post sealadach, lena n-áirítear an fhoireann ar conradh agus an fhoireann áitiúil ar líon í atá údaraithe, laistigh de theorainneacha leithreasaí an bhuiséid, i ngach ceann de Thoscaireachtaí an Aontais agus i riarachán lárnach an SEGS;

léiriú a thabhairt ar aon mhéadú nó laghdú sa líon post, de réir gráid agus catagóire, i riarachán lárnach an SEGS agus i dToscaireachtaí uile an Aontais, agus an méid sin a bheith bunaithe ar an mbliain roimhe sin;

léiriú a thabhairt ar an líon post a údaraíodh don bhliain airgeadais, ar an líon post a údaraíodh don bhliain roimhe sin, agus an líon post atá líonta ag taidhleoirí ar iasacht ó na Ballstáit, ag foireann ón gComhairle agus ag foireann ón gCoimisiún; mionchur síos a thabhairt ar an bhfoireann go léir atá ann i dToscaireachtaí an Aontais tráth tíolactha an dréachtbhuiséid, lena n-áirítear miondealú de réir limistéir gheografaigh, tíre aonair agus misean, agus idirdhealú á dhéanamh idir poist atá ann de réir an phlean bunaíochta, gníomhairí ar conradh, gníomhairí áitiúla agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus ar leithreasaí a iarradh sa dréachtbhuiséad do chineálacha eile pearsanra den sórt sin maille leis na meastacháin chomhfhreagracha ar an líon cóibhéiseach foirne lánaimseartha a fhéadtar a fhostú laistigh de theorainneacha na leithreasaí a iarradh.

(8)

In Airteagal 46(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(5a)

Déanfar méid iomlán an chaiteachais ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) a iontráil i gcaibidil amháin den bhuiséad, dar teideal CBES agus beidh airteagail shonracha bhuiséadacha ann. Cumhdóidh na hairteagail sin caiteachas CBES agus beidh línte buiséadacha sonracha ann ina sainaithneofar, ar a laghad, na mórmhisin aonair.’

(9)

In Airteagal 50, cuirtear isteach na habairtí seo a leanas:

‘Féadfar socruithe mionsonraithe a chomhaontú leis an gCoimisiún, áfach, chun cur chun feidhme leithreasaí riaracháin Thoscaireachtaí an Aontais a éascú. Ní bheidh aon mhaolú ar fhorálacha an Rialacháin Airgeadais ná ar rialacha cur chun feidhme an Rialacháin sin sna socruithe sin.’

(10)

In Airteagal 51, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘Féadfaidh an Coimisiún, áfach, na cumhachtaí cur chun feidhme buiséid atá aige maidir le leithreasaí oibríochtúla a roinne féin a tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais. Cuirfidh sé an tArdionadaí ar an eolas ina thaobh sin ag an am céanna. Nuair a ghníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin fho-tharmligthe de chuid an Choimisiúin, déanfaidh siad rialacha an Choimisiúin le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin fo-tharmligthe eile de chuid an Choimisiúin.

Féadfaidh an Coimisiún an tarmligean sin a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.

Chun críocha an dara mír, déanfaidh an tArdionadaí na bearta is gá chun comhar a éascú idir Toscaireachtaí an Aontais agus rannóga an Choimisiúin.’

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53a:

‘Airteagal 53a

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar bhonn láraithe, déanfaidh rannóga an Choimisiúin nó Toscaireachtaí an Aontais cúraimí cur chun feidhme a fheidhmiú go díreach i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51 nó feidhmeofar go hindíreach iad i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 57.’

(12)

In Airteagal 59, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘5.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, beidh siad faoi réir an Choimisiúin mar an institiúid a bheidh freagrach as sainiú, feidhmiú, rialú agus breithmheas a gcuid dualgas agus a gcuid freagrachtaí mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin. Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, an tArdionadaí a chur ar an eolas ina thaobh sin.’

(13)

Ag deireadh an dara fomhír d'Airteagal 60(7), cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

‘Déanfar tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta na n-oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin a chur ar fáil don údarás buiséadach freisin.’

(14)

I roinn 2, cuirtear isteach an tAirteagal breise seo:

‘Airteagal 60a

1.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, comhoibreoidh siad go dlúth leis an gCoimisiún ar mhaithe le cur chun feidhme cuí na gcistí, chun go n-áiritheofar, go háirithe, dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais, urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i dtaca le bainistiú na gcistí agus cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais.

Chuige sin, déanfaidh siad na bearta is gá chun cosc a chur ar aon staid ina bhféadfaí freagracht an Choimisiúin as cur chun feidhme an bhuiséid arna fho-tharmligean chucu a chur i mbaol chomh maith le cosc a chur ar aon choimhlint tosaíochtaí ar dóigh di tionchar a bheith aici ar chur chun feidhme na gcúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfo-tharmligean chucu.

I gcás ina dtiocfaidh staid nó coimhlint den chineál dá dtagraítear sa dara fomhír chun cinn, cuirfidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais an méid sin in iúl gan mhoill do na hArdstiúrthóirí den Choimisiún agus den SEGS ar a bhfuil an fhreagracht. Déanfaidh na hArdstiúrthóirí sin bearta iomchuí chun an staid a leigheas.

2.   I gcás ina bhfuil Cinn Thoscaireachtaí an Aontais i staid dá dtagraítear in Airteagal 60(6), tarchuirfidh siad an t-ábhar chuig an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 66(4). I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, déanfaidh siad na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas.

3.   Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, tuarascáil a thabhairt dá n-oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin ionas go bhféadfaidh an t-oifigeach údarúcháin is déanaí atá luaite a dtuarascálacha a chomhtháthú ina thuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(7). Cuimseoidh na tuarascálacha ó Chinn Toscaireachtaí an Aontais faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm ina dToscaireacht, chomh maith le faisnéis maidir le bainistiú na n-oibríochtaí arna bhfo-tharmligean chucu, agus déanfar an dearbhú de bhun Airteagal 66(3a) a sholáthar iontu. Déanfar na tuarascálacha sin a chur i gceangal, mar iarscríbhinn, le tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta an oifigigh údarúcháin trí bhíthin tarmligin agus déanfar iad a chur ar fáil don údarás buiséadach agus aird á tabhairt ar rúndacht na dtuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí sin.

Comhoibreoidh Cinn Toscaireachta an Aontais go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí orthu freastal ar chruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha agus cúnamh a thabhairt don oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin atá freagrach.

4.   Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, freagra a thabhairt ar aon iarraidh a dhéanfaidh oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún é féin nó, i gcomhthéacs an urscaoilte, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanann na cumhachtaí fo-tharmligin dochar don nós imeachta um urscaoileadh.’

(15)

In Airteagal 61(1), cuirtear isteach na fomhíreanna breise seo a leanas i ndiaidh phointe (f):

‘Ní bhainfidh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta an SEGS ach le roinn an SEGS den bhuiséad, arna cur chun feidhme ag an SEGS. Leanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach i gcónaí as roinn an Choimisiúin den bhuiséad ina hiomláine, lena n-áirítear oibríochtaí cuntasaíochta a bhaineann le leithreasaí arna bhfo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais.

Gníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta an SEGS freisin maidir le cur chun feidhme roinn an SEGS den bhuiséad, ach sin faoi réir Airteagal 186a.’

(16)

Leasaítear Airteagal 66 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   I gcás ina ndéantar fo-tharmligean chuig Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, beidh an t-oifigeach údarúcháin trí bhíthin tarmligin freagrach as sainiú na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe a bheidh ann, agus as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras sin. Beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freagrach as cur ar bun agus feidhmiú leormhaith na gcóras sin, i gcomhréir le treoracha an oifigigh údarúcháin trí bhíthin tarmligin, agus as bainistiú na gcistí agus na n-oibríochtaí a sheolann siad laistigh de Thoscaireacht an Aontais atá faoina bhfreagracht. Sula rachaidh siad i mbun a ndualgas, ní mór dóibh cúrsaí oiliúna sonracha a chríochnú ar na cúraimí agus na freagrachtaí a bhaineann le hoifigigh údarúcháin agus le cur chun feidhme an bhuiséid, i gcomhréir le hAirteagal 50 de na Rialacha Cur chun Feidhme.

I gcomhréir le hAirteagal 60a(3), déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais tuarascáil maidir lena bhfreagrachtaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Gach bliain, déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais an dearbhú maidir leis na córais inmheánacha bainistíochta agus rialaithe atá ann ina dToscaireacht, chomh maith leis an dearbhú ar bhainistiú na n-oibríochtaí arna bhfo–tharmligean chucu agus ar thorthaí na n-oibríochtaí sin, a sholáthar d'oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin chun a chur ar chumas an oifigigh údarúcháin a ráiteas dearbhaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 60(7), a dhéanamh.’

(b)

cuirtear isteach an mhír bhreise seo a leanas:

‘5.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, beidh an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun mhír 4 den Airteagal seo inniúil le haghaidh cásanna dá dtagraítear sa mhír sin.

Má bhraitheann an painéal fadhbanna sistéamacha, seolfaidh sé tuarascáil, maille le moltaí, chuig an oifigeach údarúcháin, chuig an Ardionadaí agus chuig oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin, ar choinníoll nach é ná í oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí bhíthin tarmligin atá i gceist, agus seolfaidh sé an méid sin chuig an iniúchóir inmheánach freisin.

Ar bhonn thuairim an phainéil, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Ardionadaí, i gcáil an Ardionadaí mar údarás ceapacháin, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh oifigeach údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin má bhaineann na mírialtachtaí le hinniúlachtaí an Choimisiúin arna bhfo-tharmligean chucu, ar imeachtaí iad a bhféadfadh gníomh araíonachta nó íoc cúitimh leanúint astu. I gcás den sórt sin déanfaidh an tArdionadaí an ghníomhaíocht iomchuí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne chun na cinntí maidir le gníomhaíocht araíonachta agus/nó íoc cúitimh, de réir mar a mholfaidh an Coimisiún, a fhorfheidhmiú.

Tabharfaidh na Ballstáit lántacaíocht don Aontas le linn aon dliteanas faoi Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne i leith na foirne sealadaí a bhfuil feidhm ag Airteagal 2(e) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach maidir leo a fhorfheidhmiú.’

(17)

In Airteagal 85, cuirtear isteach na míreanna breise seo a leanas:

‘Chun críocha iniúchóireacht inmheánach an SEGS, beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí bhíthin fo-tharmligin i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, faoi réir chumhachtaí fíorúcháin iniúchóir inmheánach an Choimisiúin i gcomhair na bainistíochta airgeadais arna fo-tharmligean chucu.

Gníomhóidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin mar iniúchóir inmheánach an SEGS freisin i leith chur chun feidhme roinn SEGS den bhuiséad, ach sin faoi réir Airteagal 186a.’

(18)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 147a

Beidh an SEGS go hiomlán faoi réir ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 145 go hAirteagal 147 den Rialachán seo. Comhoibreoidh an SEGS go hiomlán leis na hinstitiúidí atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh sí, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí fhreastal ar chruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.’

(19)

In Airteagal 163, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Féadfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Teideal seo a chur chun feidhme ar bhonn láraithe de bhun Airteagal 53a, trí bhainistíocht roinnte, ar bhonn díláraithe ag tríú tír is tairbhí nó ag tríú tíortha is tairbhithe, nó i gcomhpháirt le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhlíonadh fhorálacha ábhartha Airteagal 53 go hAirteagal 57.’

(20)

In Airteagal 165, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Beidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ag tríú tíortha is tairbhithe nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi réir a ghrinnscrúdaithe ag an gCoimisiún agus ag Toscaireachtaí an Aontais i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51.’

(21)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 186a

Déanfar an tríú fomhír d'Airteagal 61(1) agus an tríú fomhír d'Airteagal 85 a athbhreithniú sa bhliain 2013 agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlacht an SEGS agus go háirithe ar shainiúlacht Thoscaireachtaí an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar acmhainn leormhaith bainistíochta airgeadais an SEGS.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2010

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 145, 3.6.2010, lch 4.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2010.

(3)  IO L 248, 16.9.2002, lch 1.

(4)  IO L 201, 3.8.2010, lch 30.

(5)  Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(6)  IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.’