ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2010.276.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

53
20 Deireadh Fómhair 2010


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013) ( 2 )

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

11

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch ( 2 )

22

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 lena n-oiriúnaítear líon ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid a hAon (IO L 311, 21.11.2008) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

33

 


 

(1)   Faoin tagairt L 276 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

20.10.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 911/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2010

maidir leis an gclár Eorpach um fhaire na Cruinne (GMES) agus lena oibríochtaí tosaigh (2011-2013)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le linn a cruinnithe an 15 agus 16 Meitheamh 2001 in Gothenburg, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le straitéis um fhorbairt inbhuanaithe, i dtreo is go ndéanfadh beartais eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil atreisiú ar a chéile, agus chuir sí gné chomhshaoil le próiseas Liospóin.

(2)

Ina Rún an 21 Bealtaine 2007 maidir leis an mBeartas Eorpach Spáis (3) arna ghlacadh ag an gceathrú comhchruinniú coimhdeachtach de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Chomhairle na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis ar leibhéal aireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú Réime idir an Comhphobal Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (4) (‘an Chomhairle Spáis’), d’aithin an Chomhairle an chaoi a dhéanann gníomhaíochtaí spáis rannchuidiú le straitéis Liospóin i leith fáis agus fostaíochta, agus an chaoi a bhféadfaidís déanamh amhlaidh, trí theicneolaíochtaí agus seirbhísí cumasúcháin a chur ar fáil le haghaidh shochaí faisnéise na hEorpa atá ag teacht chun cinn, agus trí chur le comhtháthú na hEorpa, agus leag sí béim ar an gcaoi a bhfuil an spás ina ghné thábhachtach den Straitéis Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe.

(3)

Leis an Rún ‘An Beartas Eorpach Spáis a thabhairt ar aghaidh’ (5) an 26 Meán Fómhair 2008 a glacadh ag an gcúigiú comhchruinniú coimhdeachtach den Chomhairle Spáis, cuireadh béim ar an ngá atá le hionstraimí agus scéimeanna cistíochta leormhaithe de chuid an AE a fhorbairt, agus sainiúlachtaí na hearnála spáis á gcur san áireamh, an gá lena hiomaíochas i gcoitinne agus iomaíochas a tionscail a threisiú mar aon leis an ngá atá le struchtúr tionsclaíoch cothrom; agus ar an ngá atá le hinfheistíocht fadtéarmach iomchuí an Aontais le haghaidh taighde a bhaineann le cúrsaí spáis a cheadú mar aon le hoibríocht feidhmchlár atá inbhuanaithe agus spásbhunaithe chun leasa an Aontais agus chun leasa a saoránach, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar iarmhairtí na mbeartas uile a bhaineann le cúrsaí spáis mar chuid de chreat na chéad pheirspictíochta airgeadais eile.

(4)

Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2008 maidir leis an mbeartas Eorpach spáis: conas an spás a thabhairt síos chun na talún (6), cuireadh béim ar an ngá atá le hionstraimí leormhaithe agus scéimeanna cistíochta leormhaithe de chuid an AE a aimsiú don Bheartas Eorpach Spáis chun go ndéanfaí an chionroinnt ó Sheachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) (‘an Seachtú Clár Réime’) a fhorlíonadh, chun go bpleanálfadh na gníomhaithe éagsúla eacnamaíocha a ngníomhaíochtaí sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus cuireadh béim sa rún sin ar a thábhachtaí agus a bheadh sé go ndéanfaí leis an gcéad chreat airgeadais eile ionstraimí agus scéimeanna cistíochta leormhaithe de chuid an AE a chur san áireamh chun infheistíocht fhadtéarmach an Aontais le haghaidh taighde a bhaineann le cúrsaí spáis a cheadú mar aon le hoibríocht feidhmchlár atá inbhuanaithe agus spásbhunaithe chun leasa an Aontais agus chun leasa a saoránach.

(5)

Tionscnamh um fhaireachán na Cruinne ba ea Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) a bhfuil an tAontas i gceannas air agus atá á reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis (‘GES’). Tá sé mar phríomhchuspóir aige, faoi rialú an Aontais, seirbhísí faisnéise a sholáthar a thugann rochtain ar shonraí cruinne agus ar fhaisnéis chruinn i réimse an chomhshaoil agus na slándála agus atá saincheaptha do riachtanais úsáideoirí. Le linn dó déanamh amhlaidh, ba cheart go gcothódh GMES acmhainneacht thionsclaíoch bheartais nuálaíochta, taighde, agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr sa réimse um fhaire na Cruinne. Ba cheart go mbeadh GMES inter alia ina ghléas fíorthábhachtach chun tacú leis an mbithéagsúlacht, le bainistíocht éiceachóras leis an t-athrú aeráide a mhaolú agus le hoiriúnú chuige.

(6)

Chun cuspóir GMES a bhaint amach ar mhodh inbhuanaithe, is gá comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe éagsúla a bhfuil baint acu le GMES, agus an cumas seirbhíse agus faire a fhorbairt, a bhunú agus a oibriú ar bhealach ina sásófar éilimh úsáideoirí, gan dochar do na srianta slándála ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

(7)

Sa chomhthéacs seo, ba cheart go gcabhródh coiste leis an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar comhordú ar rannchuidithe an Aontais, na mBallstát agus na ngníomhaireachtaí idir-rialtasacha le GMES, agus an leas is fearr á bhaint as na cumais atá ann agus bearnaí a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu ar leibhéal an Aontais á n-aimsiú. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcabhródh sé leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhleanúnach GMES. Ba cheart go ndéanfadh sé faireachán ar fhorás bheartais agus malartú dea-chleachtais sa GMES a chumasú.

(8)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as cur chun feidhme bheartas slándála GMES, le cabhair ón gcoiste. Chun na críche sin, ba cheart go gcuirfí ar bun cumraíocht shainiúil den choiste (an ‘Bord Slándála’).

(9)

Ba cheart go mbeadh GMES dírithe ar riachtanais na n-úsáideoirí, dá réir sin tá rannpháirtíocht leanúnach agus éifeachtach na n-úsáideoirí riachtanach, go háirithe maidir le sainmhíniú agus bailíochtú na riachtanas seirbhíse. Ar mhaithe le luach GMES a mhéadú d’úsáideoirí, ba cheart go ndéanfaí a n-ionchur siúd a lorg go gníomhach trí chomhairliúchán rialta le húsáideoirí deiridh ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach. Ba cheart, freisin, comhlacht tiomnaithe chuige sin (‘Fóram na nÚsáideoirí’) a bhunú chun go n-éascófaí riachtanais úsáideoirí a shainaithint, fíorú chomhlíonadh na seirbhíse agus comhordú GMES lena úsáideoirí san earnáil phoiblí.

(10)

D’fhonn réim a chur ar fáil lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain iomlán agus fhollasach ann ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar GMES, agus an chosaint is gá á cur ar fáil don fhaisnéis agus do na sonraí sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) i ndáil le coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d’úsáideoirí GMES agus maidir le critéir chun rochtain ar shonraí agus ar fhaisnéis GMES a shrianadh, agus beartais sonraí agus faisnéise na soláthróirí sonraí is gá do GMES á gcur san áireamh, agus gan dochar do rialacha ná do na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir leis na bonneagair spáis agus leis na bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún an comhairliúchán is gá i rith a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéil na saineolaithe.

(11)

Ar mhaithe lena áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha ann do chur chun feidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar ar bhonn an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun go ndéanfaí, ar bhonn na gcoinníollacha agus na gcritéar arna mbunú leis na gníomhartha tarmligthe, bearta sonracha a ghlacadh maidir le srianadh na rochtana ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus ar shonraí a bhailítear tríd an mbonneagar atá tiomnaithe do GMES, lena n-áirítear bearta leithleacha lena ndéantar íogaireacht na faisnéise agus na sonraí atá i gceist a chur san áireamh. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun comhordú a dhéanamh ar rannchuidithe deonacha na mBallstát agus na sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann leis na tionscnaimh ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun uasráta cómhaoinithe do dheontais a leagan síos, chun bearta a ghlacadh lena leagtar síos na riachtanais theicniúla ar mhaithe le rialú agus sláine an chórais laistigh den chlár tiomnaithe d’eilimint spáis GMES a áirithiú agus chun rialú a dhéanamh ar rochtain ar theicneolaíochtaí a sholáthraíonn slándáil don chlár tiomnaithe d’eilimint spáis GMES, agus na teicneolaíochtaí sin a láimhseáil, mar aon le clár oibre bliantúil GMES a ghlacadh.

De réir Airteagal 291 CFAE, leagfar síos roimh ré, trí rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Go dtí go ndéanfar an rialachán nua sin a ghlacadh, leanfaidh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7), ach amháin an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, nach infheidhme, d’fheidhm a bheith aige.

(12)

Ós rud é go bhfuil GMES bunaithe ar chomhpháirtíocht idir an tAontas, GES agus na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis an idirphlé a tosaíodh le déanaí le GES agus leis na Ballstáit is úinéirí sócmhainní spáis ábhartha.

(13)

Tá seirbhísí GMES riachtanach chun úsáid foinsí faisnéise ag an earnáil phríobháideach a chothú ar bhonn leanúnach, rud a chuideoidh le nuálaíocht a éascú i measc soláthraithe seirbhísí, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad a lán acu, agus le breisluach a chruthú dá bharr sin.

(14)

Tá gníomhaíochtaí forbartha agus oibríochtaí araon i gceist le GMES. Ó thaobh oibríochtaí de, thacaigh an Chomhairle, ina tríú treoshuímh ar glacadh leo ag cruinniú na Comhairle Spáis an 28 Samhain 2005, le cur chuige céimneach maidir le cur chun feidhme GMES, ar cur chuige é atá bunaithe ar thosaíochtaí a sainaithníodh go soiléir, ag tosú le forbairt ar thrí sheirbhís mheara i réimse na práinnfhreagartha, an fhaireacháin talún agus na seirbhísí mara.

(15)

Cuireadh maoiniú ar fáil le haghaidh na chéad seirbhísí oibríochtúla i réimse na práinnfhreagartha agus an fhaireacháin talún mar ghníomhartha ullmhúcháin i gcomhréir le hAirteagal 49(6)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8) (‘an Rialachán Airgeadais’).

(16)

Le cois na ngníomhaíochtaí forbartha arna maoiniú faoi réimse téamúil an spáis a cuireadh san áireamh sa Seachtú Clár Réime, tá gníomhaíocht de chuid an Aontais riachtanach sa tréimhse 2011-2013 chun leanúnachas a áirithiú leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus chun seirbhísí oibríochtúla a bhunú ar bhonn níos buaine i réimsí a bhfuil aibíocht theicniúil leordhóthanach acu mar aon le hacmhainn chruthaithe ó thaobh seirbhísí iartheachtacha a fhorbairt.

(17)

Ina Theachtaireacht an 12 Samhain 2008 dar teideal ‘Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES): cúram pláinéid níos sábháilte’, thug an Coimisiún cuntas ar an gcur chuige atá aige i leith rialachas agus maoiniú GMES agus thug sé le fios go raibh sé ar intinn aige cur chun feidhme teicniúil GMES a tharmligean chuig eintitis speisialaithe, lena n-áirítear GES i gcás eilimint spáis GMES, mar gheall ar a seasamh uathúil agus a saineolas.

(18)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an comhordú ar chur chun feidhme teicniúil na seirbhísí GMES a chur de chúram ar institiúidí inniúla an Aontais nó na hinstitiúidí idir-rialtasacha inniúla, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an an tAirmheán Eorpach um Réamhaisnéisí Aimsire Meántréimhseacha.

(19)

Tá seirbhísí oibríochtúla sa réimse bainistithe éigeandála agus freagartha daonnúla riachtanach chun comhordú a dhéanamh ar an gcumas atá ag an Aontas Eorpach agus ag a Bhallstáit cheana chun gurbh fhearr a bheidís ullamh do thubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine a mbíonn drochthionchar acu ar an gcomhshaol go minic freisin, chun freagairt a thabhairt ar na tubaistí sin agus chun teacht aniar ó na tubaistí sin. Ós rud é go bhféadfadh méadú a theacht ar an líon éigeandálaí de thoradh athrú aeráide, beidh GMES sár-riachtanach chun tacú le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide. Mar sin ba cheart do sheirbhísí GMES faisnéis gheospásúil a chur ar fáil le tacú le práinnfhreagairtí agus le freagairtí daonnúla.

(20)

Tá seirbhísí faireachán talún tábhachtach ó thaobh faireachán bithéagsúlachta agus éiceachóras, agus tacaíonn siad le bearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus le bainistiú a dhéanamh ar réimse leathan acmhainní agus beartas, a mbaineann an chuid is mó díobh leis an timpeallacht nádúrtha: ithir, uisce, talmhaíocht, foraoiseacha, fuinneamh agus fóntais, ceantair faoi thithe, saoráidí caithimh aimsire, bonneagar agus iompar. Tá seirbhísí oibríochtúla faireachán talún riachtanach ar an leibhéal Eorpach agus ar leibhéal an domhain, agus iad forbartha i gcomhar le Ballstáit, le tríú tíortha san Eoraip, le comhpháirtithe lasmuigh den Eoraip, agus leis na Náisiúin Aontaithe.

(21)

Tá seirbhísí GMES i réimse an chomhshaoil muirí tábhachtach chun go dtacófaí le hacmhainn Eorpach lánpháirtithe do réamhaisnéis agus d’fhaireachán na n-aigéan agus d’Athróga Sár-riachtanacha i leith na hAeráide (ECVanna), a chuirfear ar fáil amach anseo. Is gné riachtanach iad d’fhaireachán an athraithe aeráide, d’fhaireachán an chomhshaoil mhuirí agus do thacaíocht leis an mbeartas iompair.

(22)

Tá seirbhísí faireachán an atmaisféir tábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar an gcaighdeán aeir, ar cheimic agus ar chomhdhéanamh an atmaisféir. Is gné riachtanach iad freisin d’fhaireachán an athraithe aeráide agus do na ECVanna a chuirfear ar fáil amach anseo. Tá gá le faisnéis maidir le staid an atmaisféir a chur ar fáil go rialta agus ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda.

(23)

Is cuid thábhachtach den tionscnamh GMES iad na seirbhísí slándála. Is chun leasa na hEorpa a bheidh úsáid sócmhainní spáis agus sócmhainní in situ chun tacú le cur chun feidhme na seirbhísí a fhreagraíonn do na dúshláin atá os comhair na hEorpa sa réimse slándála, go háirithe rialú ar na teorainneacha, faireachán muirí agus tacú le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

(24)

Mar thoradh ar fhaireachán an athraithe aeráide, ba cheart go mbeifí in ann éifeachtaí an athraithe aeráide a oiriúnú agus a mhaolú. Ba cheart go gcuirfeadh sé go háirithe le soláthar ECVanna, le hanailís agus réamh-mheastachán a dhéanamh ar an aeráid ar scála a bhaineann le hoiriúnú agus le maolú, agus seirbhís ábhartha a chur ar fáil.

(25)

Braitheann soláthar seirbhísí oibríochtúla arna maoiniú faoin Rialachán seo ar rochtain ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar spáis agus trí shaoráidí san aer, ar muir agus ar talamh (‘bonneagar in situ’) agus trí chláir shuirbhéireachta. Agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú go hiomlán, ba cheart, ar an ábhar sin, a áirithiú go bhféadfar rochtain a fháil ar na sonraí is gá, agus féadfar tacaíocht a thabhairt nuair is gá é do bhailiú sonraí in situ ar bhealach a dhéanann comhlánú ar ghníomhaíochtaí an Aontais atá ann agus ar ghníomhaíochtaí náisiúnta atá ann. Ní mór a áirithiú go mbeidh an bonneagar in situ agus bonneagar faire spáis ar fáil go leanúnach, lena n-áirítear bonneagar spáis arna fhorbairt go sonrach do GMES, faoi chuimsiú chlár eilimint spáis GMES GES (‘na Fairtheoirí’). Ba cheart go dtosódh na chéad Fhairtheoirí ar a gcéim oibríochtúil thosaigh sa bhliain 2012.

(26)

Ba cheart don Choimisiún comhlántacht a áirithiú idir taighde a bhaineann le GMES agus gníomhaíochtaí forbartha faoin Seachtú Clár Réime, le rannchuidiú an Aontais le hoibríochtaí tosaigh GMES, le gníomhaíochtaí chomhpháirtithe GMES agus le struchtúir atá ann cheana, amhail na hIonaid Sonraí Eorpacha.

(27)

Ba cheart oibríochtaí tosaigh GMES a chur chun feidhme go comhsheasmhach le beartais, ionstraimí agus gníomhaíocht ábhartha eile an Aontais, go mór mór maidir le beartais comhshaoil, slándála, iomaíochais agus nuálaíochta, chomhtháite, taighde, iompair, iomaíochta agus chomhair idirnáisiúnta, leis an gclár Eorpach maidir le Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) agus le cosaint sonraí pearsanta. Ina theannta sin, ba cheart do shonraí GMES comhleanúnachas a choimeád le sonraí tagartha spásúil na mBallstát agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an bhonneagair d’fhaisnéis spásúil san Aontas a bunaíodh le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (9). Ba cheart do GMES comhlánú a dhéanamh freisin ar an gComhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS) agus ar ghníomhaíochtaí an Aontais sa réimse práinnfhreagartha.

(28)

Ba cheart GMES agus a oibríochtaí tosaigh a mheas mar rannchuidiú de chuid na hEorpa chun Córas Domhanda na gCóras um Fhaire na Cruinne (GEOSS) a thógáil faoi chuimsiú an Ghrúpa um Fhaire na Cruinne (GEO).

(29)

Tá foráil sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sna Comhaontuithe Réime maidir le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais. Ba cheart go n-osclófaí deiseanna rannpháirtíochta do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta trí chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích chuige sin.

(30)

Leagtar síos leis an Rialachán seo, do ré uile oibríochtaí tosaigh GMES, clúdach airgeadais EUR 107 milliún arb é sin an phríomhthagairt, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (10) (‘an Comhaontú Idirinstitiúideach’) don údarás buiséadach i rith an nós imeachta buiséadach bliantúil. Meastar go gcuirfear méid EUR 209 milliún ó théama spáis an Seachtú Clár Réime ar fáil mar chomhlánú ar an gclúdach airgeadais sin le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a ghabhann le hoibríochtaí tosaigh GMES, ar gníomhaíochtaí iad ar cheart bainistiú a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta cinnteoireachta infheidhme atá sa Seachtú Clár Réime. Ba cheart an dá fhoinse cistíochta sin a bhainistiú ar shlí chomhordaithe d’fhonn dul chun cinn comhleanúnach a áirithiú i gcur chun feidhme GMES.

(31)

Tá an clúdach airgeadais sin ag luí leis an uasmhéid d’fho-cheannteideal 1a den chreat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) 2007-2013, ach tá an lámháil atá fágtha i bhfo-cheannteideal 1a do 2011-2013 an-bheag. Ba cheart a thabhairt chun suntais go gcinnfear an méid bhliantúil le linn an nós imeachta bliantúla buiséid, i gcomhréir le pointe 37 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

(32)

Ba cheart an ciste a mhéadú tuilleadh, más féidir é, ionas gur féidir leithreasaí gealltanais a chionroinnt don eilimint spáis i rith an CAI atá ann faoi láthair. I dtéarmaí sainiúla, baineann sé seo le hoibriúchán sraith A de shatailítí Fairtheora agus an tsraith B a lainseáil, mar aon le heilimintí ríthábhachtacha le haghaidh sraith C a sholáthar.

(33)

Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhthéacs athbhreithnithe mheántéarmaigh an CAI atá ann faoi láthair, agus roimh dheireadh na bliana 2010, féachaint ar an bhféidearthacht tuilleadh cistithe do GMES a chur ar fáil, mar chuid de bhuiséad iomlán an Aontais i rith CAI 2007-2013.

(34)

Maidir le cistiú breise a chionroinnt ar an Rialachán seo, de bhreis ar an EUR 107 milliún atá cionroinnte cheana, ba cheart é a bhreithniú i gcomhthéacs an phlé ar an mbeartas Eorpach spáis amach anseo, go háirithe ar sholáthar agus ar rialachas.

(35)

Ba cheart don Choimisiún, freisin, straitéis maoinithe fhadtéarmach le haghaidh an CAI a bheidh ann amach anseo a thíolacadh, agus é sin a dhéanamh i rith an chéad seimeastair de 2011, gan dochar do thoradh na caibidlíochta ar CAI 2014-2020.

(36)

Ina phleanáil airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcothabhálfaí leanúnachas sonraí, i rith thréimhse oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013), agus tar éis dheireadh na tréimhse sin agus gur féidir na seirbhísí a úsáid gan stad agus gan srianta.

(37)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rannchuidiú leis na cláir ar bhonn chomhaontuithe iomchuí.

(38)

Ba cheart go mbeadh faisnéis GMES inrochtana go huile agus go follasach, gan dochar do shrianta ábhartha slándála ná do bheartais sonraí na mBallstát agus eagraíochtaí eile a thugann sonraí agus faisnéis do GMES. Tá sé seo riachtanach chun úsáid agus comhroinnt sonraí agus faisnéis um fhaire na Cruinne a chur chun cinn i gcomhréir le prionsabail SEIS, INSPIRE agus GEOSS. Ba cheart go ndéanfaí, freisin, le rochtain iomlán agus fhollasach ar shonraí, an soláthar sonraí tráchtála atá ann faoi láthair a chur san áireamh agus go ndéanfaí, leis an rochtain iomlán agus fhollasach sin, margaí um fhaire na Cruinne a bheadh níos treise a chur chun cinn san Eoraip, go háirithe sna hearnálacha iartheachtacha, ar mhaithe le fás agus fostaíocht a mhéadú.

(39)

De réir Theachtaireacht an Choimisiúin an 28 Deireadh Fómhair 2009 dar teideal ‘Faireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES): na Dúshláin agus na Chéad Chéimeanna Eile don Eilimint Spáis’, ba cheart go mbeadh beartas sonraí ann a bheadh inrochtana go hiomlán agus go follasach do na Fairtheoirí trí cheadúnú saor in aisce agus scéim rochtana ar líne, faoi réir na n-ábhar imní i dtaca le slándáil. Déanann cur chuige den sórt sin iarracht ar leas tairbheach sonraí Fairtheoirí a uasmhéadú don raon is leithne d’fheidhmchláir agus tá sé mar aidhm aige an méid faisnéise a mbaintear leas as a spreagadh, bunaithe ar shonraí faire na Cruinne d’úsáideoirí deiridh.

(40)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun go mbeifear in ann coigeartaithe a dhéanamh.

(41)

Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh freisin le cosc a chur ar mhírialtachtaí agus ar chalaois agus ba cheart na bearta a bhfuil gá leo a dhéanamh chun cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó ar baineadh leas mícheart astu a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (11) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (12) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) (13).

(42)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú GMES agus a chuid oibríochtaí tosaigh, a bhaint amach go leordhóthanach toisc go mbeidh cumas uile-Eorpach ag baint le hoibríochtaí tosaigh GMES freisin agus go mbraithfidh siad ar sheirbhísí a bheith á soláthar ar bhealach comhordaithe ar fud na mBallstát agus iad arna gcomhordú ar leibhéal an Aontais agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, go háirithe maidir le ról an Choimisiúin mar chomhordaitheoir ar ghníomhaíochtaí náisiúnta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear clár Eorpach um fhaireachán na Cruinne dá ngairtear GMES, agus na rialacha maidir lena oibríochtaí tosaigh le linn na tréimhse 2011-2013 a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Raon feidhme GMES

1.   Cuirfidh an clár GMES leis na gníomhaíochtaí taighde arna ndéanamh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus gníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) (14) agus faoi Chlár Eilimint Spáis GMES GES.

2.   Cuimseoidh an clár GMES an méid seo a leanas:

(a)

eilimint seirbhíse lena n-áiritheofar rochtain ar fhaisnéis a thacóidh leis na réimsí seo a leanas:

faireachán atmaisféir,

faireachán ar athrú aeráide chun tacú le beartais oiriúnaithe agus maoluithe,

bainistíocht éigeandála,

faireachán talún,

faireachán ar chomhshaol na mara,

slándáil.

(b)

eilimint spáis a áiritheoidh faire inbhuanaithe ón spás le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

eilimint in situ a áiritheoidh faire trí fhearais san aer, ar farraige, agus ar talamh le haghaidh na réimsí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 3

Oibríochtaí tosaigh GMES (2011-2013)

1.   Cumhdóidh oibríochtaí tosaigh GMES an tréimhse 2011-2013 agus féadfaidh siad gníomhaíochta oibríochtúla sna réimsí seo a leanas a chuimsiú:

(1)

na réimsí seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a);

(2)

bearta chun tacú le húsáideoirí maidir le leas a bhaint as seirbhísí;

(3)

rochtain ar shonraí;

(4)

tacaíocht chun sonraí a bhailiú in situ;

(5)

eilimint spáis GMES.

2.   Tugtar sainmhíniú san Iarscríbhinn ar chuspóirí na ngníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Socruithe eagraíochtúla

1.   Áiritheoidh an Coimisiún comhordú an chláir GMES le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe GEOSS. Beidh cur chun feidhme agus oibriú GMES bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhlíonadh a rialacha agus a nósanna imeachta faoi seach. Déanfar rannchuidithe deonacha na mBallstát, agus na sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann leis na tionscnaimh ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, a chomhordú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 16(5).

2.   Déanfaidh an Coimisiún Eorpach bainistíocht ar na cistí atá cionroinnte ar na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(4). Áiritheoidh sé go mbeidh clár GMES comhlántach agus comhsheasmhach le beartais, le hionstraimí agus le gníomhaíochtaí ábhartha eile an Aontais, go mór mór ó thaobh na gcúrsaí seo a leanas: an comhshaol, an tslándáil, iomaíochas agus nuálaíocht, comhtháthú, taighde (go háirithe gníomhaíochtaí an Seachtú Clár Réime atá nasctha le GMES, gan dochar do Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE, iompar agus iomaíocht, comhar idirnáisiúnta, na cláir Eorpacha maidir le Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS), cosaint sonraí pearsanta agus cearta maoine intleachtúla atá ann cheana, Treoir 2007/2/CE, an Comhchóras um Fhaisnéis Chomhshaoil (SEIS) agus gníomhaíochtaí an Aontais sa réimse práinnfhreagartha.

3.   Ó tharla gur clár é GMES atá dírithe ar riachtanais na n-úsáideoirí, áiritheoidh an Coimisiún go dtiocfaidh na sonraíochtaí seirbhíse le riachtanais úsáideoirí. Chuige sin, bunóidh sé sásra trédhearcach do rannpháirtíocht rialta úsáideoirí agus do chomhairliúchán rialta leo, rud a chumasóidh riachtanais úsáideoirí a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú le húsáideoirí ábhartha san earnáil phoiblí i mBallstáit, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bunóidh an Coimisiún riachtanais sonraí seirbhíse go neamhspleách tar éis dul i gcomhairle le Fóram na nÚsáideoirí.

4.   Déanfar comhordú teicniúil agus cur chun feidhme teicniúil eilimint spáis GMES a tharmligean chuig GES, agus í ag brath ar an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (EUMESTAT) nuair is gá.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an comhordú ar chur chun feidhme teicniúil na seirbhísí GMES a chur de chúram ar chomhlachtaí inniúla de chuid an Aontais nó ar eagraíochtaí inniúla idir-rialtasacha.

Airteagal 5

Seachadadh seirbhíse

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta leormhaithe chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú i soláthar seirbhísí GMES agus chun rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn. Déanfaidh an Coimisiún an úsáid a bhaintear as aschur seirbhísí GMES a éascú chun an earnáil iartheachtach a fhorbairt.

2.   Déanfar soláthar seirbhísí GMES a dhílárú, i gcás inarb iomchuí, chun fardail shonraí spáis, fardail shonraí in situ agus fardail shonraí thagartha agus acmhainní sonraí spáis, acmhainní sonraí in situ agus acmhainní sonraí tagartha atá cheana féin sna Ballstáit a lánpháirtiú ar an leibhéal Eorpach agus, leis sin, déanfar dúbláil a sheachaint. Déanfar soláthar sonraí nua a dhéanann dúbláil ar fhoinsí atá ann cheana féin a sheachaint mura rud é nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó mura rud é nach bhfuil sé cost-éifeachtach úsáid a bhaint as tacair shonraí atá ann cheana féin nó as tacair shonraí is féidir a uasghrádú.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairim Fhóram na nÚsáideoirí á cur san áireamh aige, sainmhíniú a thabhairt ar nósanna imeachta chun táirgeadh sonraí faoi chuimsiú an chláir GMES a dheimhniú, agus bailíochtú a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin. Beidh na nósanna imeachta sin trédhearcach, infhíoraithe agus so-iniúchta chun barántúlacht, inrianaitheacht agus sláine sonraí a áirithiú don úsáideoir. Maidir lena shocruithe conartha le hoibreoirí seirbhíse GMES, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na nósanna imeachta sin chun feidhme.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar thorthaí chur chun feidhme an Airteagail seo.

Airteagal 6

Foirmeacha cistithe an Aontais

1.   Féadfaidh cistiú ón Aontas a bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:

(a)

comhaontuithe tarmligin;

(b)

deontais;

(c)

conarthaí soláthair phoiblí.

2.   Déanfar fíoriomaíocht, trédhearcacht agus cóir chomhionann a áirithiú i soláthar cistithe ag an Aontas. I gcás ina bhfuil údar leis, féadfar deontais ón Aontas a sholáthar i bhfoirmeacha sonracha, lena n-áirítear comhaontuithe réime comhpháirtíochta, nó comhchistiú deontas oibriúcháin nó deontas gníomhaíochta. Ní bheidh deontais oibriúcháin do chomhlachtaí a mbeidh cuspóirí acu a bhfuil leas ginearálta na hEorpa i gceist leo faoi réir ag forálacha céimlaghdaitheachta an Rialacháin Airgeadais. I gcás deontas, socrófar an uasráta cómhaoinithe i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

3.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chionroinnt cistí an Aontais ar gach uile cheann de na gníomhaíochtaí atá sonraithe in Airteagal 3(1) agus ar an bpróiseas meastóireachta agus ar thorthaí na dtairiscintí soláthair agus na gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn an Airteagail seo, tar éis bhronnadh na gconarthaí.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht tríú tíortha

Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3:

(1)

Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar Páirtithe Conarthacha iad i gComhaontú LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gComhaontú LEE;

(2)

na tíortha is iarrthóirí, chomh maith leis na tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí, agus a áirítear sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais i gcomhréir leis na Comhaontuithe Réime, nó le Prótacal a ghabhann le Comhaontú Comhlachais, maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais, a tugadh chun críche leis na tíortha sin;

(3)

Cónaidhm na hEilvéise, tríú tíortha eile nach dtagraítear dóibh i bpointe (1) agus i bpointe (2), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tríú tíortha sin nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE, ina leagfar síos na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe a bhaineann lena rannpháirtíocht.

Airteagal 8

Cistiú

1.   Is é EUR 107 milliún an clúdach airgeadais a dhéanfar a chionroinnt ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

2.   Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí a údarú ar bhonn bliantúil laistigh de na teorainneacha a leagtar síos sa CAI.

3.   Féadfaidh tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cistiú breise a sholáthar don chlár GMES freisin.

Caithfear leis na cistí breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar ioncam chionroinnte, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 9

Beartas Sonraí agus Faisnéise GMES

1.   Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an mbeartas sonraí agus faisnéise um ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chlár GMES:

(a)

úsáid agus comhroinnt faisnéis agus sonraí GMES a chur chun cinn;

(b)

rochtain iomlán agus fhollasach ar fhaisnéis arna táirgeadh ag seirbhísí GMES agus ar shonraí arna mbailiú trí bhonneagar GMES, faoi réir ag comhaontuithe idirnáisiúnta, srianta slándála ábhartha agus coinníollacha ceadúnaithe, lena n-áirítear ceadúnais úsáideoirí a chlárú agus glacadh leo;

(c)

neartú a dhéanamh ar mhargaí um fhaire na Cruinne san Eoraip, agus san earnáil iartheachtach go háirithe, d’fhonn fás agus cruthú poist a chumasú;

(d)

cur le hinbhuanaitheacht agus leanúnachas maidir le soláthar sonraí agus faisnéis GMES;

(e)

tacú leis na comhphobail taighde, teicneolaíochta agus nuálaíochta Eorpacha.

2.   Chun foráil a dhéanamh do réim lena n-áiritheofar gnóthú chuspóir beartas faisnéis agus sonraí GMES dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus foráil á déanamh ag an am céanna don chosaint is gá ar an bhfaisnéis arna táirgeadh ag seirbhísí GMES agus ar na sonraí arna mbailiú trí bhonneagar tiomnaithe GMES, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 agus faoi réir na gcoinníollacha arna sonrú in Airteagal 11 agus in Airteagal 12, na bearta seo a leanas a ghlacadh, agus beartais sonraí agus faisnéise na soláthróirí sonraí atá riachtanach do GMES á gcur san áireamh, agus gan dochar do rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta atá infheidhme maidir le bonneagair spáis agus le bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta:

(a)

bearta lena mbunaítear coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d’úsáideoirí GMES;

(b)

bearta lena ndéantar sainmhíniú ar na critéir chun rochtain a shrianadh ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus chun rochtain a shrianadh ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar tiomnaithe GMES.

Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go dtí an 31 Nollaig 2013.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 11

Cúlghairm an tarmligin

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tráth ar bith tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a chúlghairm.

2.   Féachfaidh an institiúid atá tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na fáthanna a d’fhéadfadh a bheith le cúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí arna sonrú sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 12

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin más rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé beartaithe acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 13

Bearta cur chun feidhme maidir le beartas sonraí agus faisnéise agusmaidir le rialachas ar shlándáil eilimintí agus faisnéis GMES

1.   Ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 9(2), glacfaidh an Coimisiún bearta sonracha i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3), chun rochtain ar fhaisnéis arna táirgeadh ag seirbhísí GMES agus ar shonraí arna mbailiú trí bhonneagar tiomnaithe GMES a shrianadh.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún comhordú foriomlán i ndáil le slándáil eilimintí agus seirbhísí GMES, agus an gá atá le maoirseacht agus le lánpháirtiú cheanglais slándála a eilimintí uile á chur san áireamh, gan dochar do rialacha náisiúnta ná do nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le bonneagair spáis agus le bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh, go háirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3), lena leagtar síos na ceanglais theicniúla d’fhonn rialú agus sláine an chórais faoi chuimsiú an chláir tiomnaithe d’eilimint spáis GMES a áirithiú agus d’fhonn rialú a dhéanamh ar rochtain ar theicneolaíochtaí a sholáthraíonn an tslándáil don chlár tiomnaithe d’eilimint spáis GMES, agus ar láimhseáil na dteicneolaíochtaí sin.

Airteagal 14

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach mheastóireachta a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún faoin 31 Nollaig 2012, agus déanfaidh sé tuarascáil mheastóireachta ex-post a thíolacadh dóibh chomh maith faoin 31 Nollaig 2015.

Airteagal 15

Bearta cur chun feidhme

1.   Déanfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil a ghlacadh de bhun Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 90 agus Airteagal 166 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (15) i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) den Rialachán seo.

2.   Féadfar, leis an gcionroinnt airgeadais ar an gclár GMES costais a chlúdach maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá ag teastáil go díreach chun bainistíocht a dhéanamh ar an gclár GMES agus chun cuspóirí an chláir a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilsithe, i dteannta leis na costais eile go léir maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a fhéadfaidh an Coimisiún a thabhú as an gclár GMES a bhainistiú.

Airteagal 16

Coiste GMES

1.   Tabharfaidh coiste (an ‘Coiste GMES’) cúnamh don Choimisiún.

2.   Féadfaidh an Coiste GMES teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna nithiúla go háirithe iad siúd a bhaineann le slándáil (an ‘Bord Slándála’).

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 17

Fóram na nÚsáideoirí

1.   Bunaítear leis seo Fóram na nÚsáideoirí mar chomhlacht tiomnaithe. Cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le sainmhíniú a thabhairt ar riachtanas úsáideoirí agus bailíochtú a dhéanamh ar na riachtanais sin, agus maidir le comhordú clár GMES lena úsáideoirí san earnáil phoiblí.

2.   Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar Fhóram na nÚsáideoirí. Is éard a bheidh ann úsáideoirí ó earnáil phoiblí GMES ann arna gceapadh ag na Ballstáit.

3.   Soláthróidh an Coimisiún Rúnaíocht Fhóram na nÚsáideoirí.

4.   Glacfaidh Fóram na nÚsáideoirí a rialacha nós imeachta.

5.   Coinneofar an Coiste GMES go hiomlán ar an eolas maidir le comhairle Fhóram na nÚsáideoirí i dtaca le cur chun feidhme chlár GMES.

Airteagal 18

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus trí mhéideanna a íocadh gan iad a bheith dlite a aisghabháil agus, má bhraitear mírialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2.   I gcás ghníomhaíochtaí an Aontais arna maoiniú faoin Rialachán seo, ciallóidh coincheap na mírialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil de dhlí de chuid an Aontais nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach ag éirí as gníomh nó neamhghníomh ag oibreoir eacnamaíochta, arb é an éifeacht atá leis dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh trí chaiteachas gan chúis, nó arbh é an éifeacht a bheadh leis déanamh amhlaidh.

3.   Déanfar foráil, le comhaontuithe a éireoidh as an Rialachán seo, lena n-áirítear comhaontuithe a thabharfar i gcrích le tríú tíortha rannpháirteacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, do mhaoirseacht agus do rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a bheidh údaraithe aige, agus d’iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí ar an láthair más gá.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Meán Fómhair 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 20 Eanáir 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010.

(3)  IO C 136, 20.6.2007, lch. 1.

(4)  IO L 261, 6.8.2004, lch. 64.

(5)  IO C 268, 23.10.2008, lch. 1.

(6)  IO C 16 E, 22.1.2010, lch. 57.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(8)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(9)  IO L 108, 25.4.2007, lch. 1.

(10)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(11)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(12)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(14)  IO L 412, 30.12.2006, lch. 1.

(15)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

CUSPÓIRÍ OIBRÍOCHTAÍ TOSAIGH GMES (2011-2013)

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) leis na cuspóirí seo a leanas:

(1)

áireofar le seirbhísí práinnfhreagartha, arna mbunú ar ghníomhaíochtaí reatha san Eoraip, go gcuirfear sonraí um fhaire na Cruinne agus táirgí díorthaithe ar fáil chun leasa na gníomhairí práinnfhreagartha ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach maidir le cineálacha éagsúla tubaistí, lena n-áirítear guaiseacha meitéareolaíocha (lena n-áirítear stoirmeacha, dóiteáin agus tuilte), guaiseacha geoifisiceacha (lena n-áirítear creathanna talún, súnámaithe, brúchtaí bolcánacha agus sciorrthaí talún), tubaistí de dhéanamh an duine a tharla d’aon turas nó trí thimpiste agus tubaistí daonnúla eile. Ós rud é go bhféadfadh méadú a theacht ar líon na n-éigeandálaí de thoradh athrú aeráide, beidh práinnfhreagairt GMES sár-riachtanach ó thaobh tacú le hoiriúnú don athrú aeráide sa réimse seo mar chuid de na gníomhaíochtaí coiscthe, ulllmhaithe, freagartha agus téarnaimh san Eoraip;

(2)

áireofar le seirbhísí faireachán talún go gcuirfear sonraí um fhaire na Cruinne agus táirgí díorthaithe ar fáil chun leasa na n-údarás Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán comhshaoil, ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil, ar bhithéagsúlacht, ar ithir, ar uisce, ar fhoraoiseacha agus ar acmhainní náisiúnta, agus i gcur chun feidhme ginearálta beartas i leith an chomhshaoil, bailiú faisnéise geografaí, na talmhaíochta, an fhuinnimh, na pleanála uirbí, an bhonneagair agus an iompair. Áireofar le seirbhísí faireacháin talún faireachán ar athróga maidir le hathrú aeráide;

(3)

cuirfear, le seirbhísí faireachán mara, faisnéis ar fáil maidir le staid éiceachóras fisiceach aigéin agus mara do limistéar an aigéin domhanda agus do na limistéir réigiúnacha Eorpacha. Áirítear ar réimsí chur i bhfeidhm sheirbhísí mara GMES sábháilteacht mhuirí, an comhshaol mara agus réigiúin chósta, acmhainní mara chomh maith le réamhaisnéis mheitéareolaíoch shéasúrach agus faireachán aeráide;

(4)

áireofar le seirbhísí comhshaoil atmaisféir faireachán ar chaighdeán an aeir ar scála Eorpach agus comhdhéanamh ceimiceach an atmaisféir ar scála domhanda. Cuirfidh sé faisnéis ar fáil, go háirithe, maidir le córais faireacháin do chaighdeán aeir ó scálaí áitiúla go scálaí náisiúnta agus ba chóir go gcuirfeadh sé le faireachán ar athróga aeráide ceimice atmaisféaraí;

(5)

cuirfidh seirbhísí slándála faisnéis úsáideach ar fáil a thacóidh leis na dúshláin atá os comhair na hEorpa i réimse na slándála, go háirithe le rialú ar theorainneacha, le faireachas muirí agus le tacaíocht do ghníomhaíochtaí seachtracha an AE;

(6)

ceadófar le faireachán an athrú aeráide go ndéanfar éifeachtaí an athruithe aeráide a oiriúnú agus a mhaolú. Ba cheart go gcuirfeadh sé go háirithe le ECVanna a chur ar fáil, le hanailísí agus réamh-mheastacháin a dhéanamh ar an aeráid ar scála atá ábhartha maidir le hoiriúnú agus le maolú, agus seirbhís ábhartha a chur ar fáil;

(7)

áiritheofar le bearta le tacú le húsáideoirí leas a bhaint as seirbhísí cur chun feidhme comhéadan teicniúil arna gcur in oiriúint do thimpeallacht shonrach an úsáideora, d’oiliúint, do chumarsáid agus d’fhorbairt ar an earnáil iartheachtach;

(8)

áireofar le rochtain ar shonraí go mbaileofar sonraí um fhaire na Cruinne as raon leathan de mhisin Eorpacha agus cineálacha eile bonneagair faire, agus go gcuirfear ar fáil iad chun cuspóirí GMES a bhaint amach;

(9)

áireofar leis an eilimint in situ comhordú ar bhailiú in situ sonraí agus rochtain in situ ar shonraí do sheirbhísí GMES;

(10)

áireofar le hoibríochtaí tosaigh GMES oibríochtaí agus forbairt eilimint spáis GMES, arb é atá ann bonneagar um fhaire na Cruinne a iompraítear sa spás agus arb í an aidhm atá léi faire ar fhochórais na Cruinne (lena n-áirítear dromchlaí talún, an t-atmaisféar agus aigéin). Tarraingeoidh oibríochtaí tosaigh GMES ar bhonneagar spáis náisiúnta agus Eorpach atá ann cheana nó atá beartaithe, agus ar bhonneagar spáis arna fhorbairt i gClár Eilimint Spáis GMES.


20.10.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/11


RIALACHÁN (AE) Uimh. 912/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2010

lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Faoi láthair, déantar an beartas Eorpach um radaloingseoireacht satailíte a chur chun feidhme trí chlár EGNOS agus trí chlár Galileo (‘na cláir’ anseo feasta).

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (3), bunaíodh gníomhaireacht Chomhphobail, ar a dtugtar an tÚdarás Eorpach Maoirseachta GNSS (‘An tÚdarás’ anseo feasta).

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh (4), sainmhínítear an creat nua le haghaidh rialachas poiblí agus mhaoiniú na gclár. Leagtar amach ann prionsabal dheighilt dhaingean na bhfreagrachtaí idir an tAontas Eorpach, a bhfeidhmíonn an Coimisiún thar a cheann, an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (‘GES’ anseo feasta), ar deighilt í trína leagtar freagracht ar an gCoimisiún as bainistiú na gclár agus trína ndéantar na cúraimí a sannadh i dtús báire don Údarás a thabhairt don Choimisiún. Foráiltear ann freisin go n-áiritheoidh an tÚdarás, le linn na cúraimí a shanntar dó a chur i gcrích, go ndéanfar ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár a urramú agus go ngníomhóidh an tÚdarás i gcomhréir leis na treoirlínte a eisíonn an Coimisiún.

(4)

I Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh chun struchtúir bhainistíochta na gclár, mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004, a ailíniú go foirmiúil le róil nua an Choimisiúin agus an Údaráis, mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

(5)

I bhfianaise an laghdaithe atá ar a réimse gníomhaíochtaí, níor cheart go dtabharfaí ‘an tÚdarás Eorpach Maoirseachta GNSS’ ar an Údarás a thuilleadh ach ba cheart ‘an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS’ a thabhairt air (‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta). Ba cheart. áfach, go ndéanfaí leanúnachas ghníomhaíochtaí an Údaráis, lena n-áirítear leanúnachas maidir le cearta agus oibleagáidí, maidir leis an bhfoireann agus maidir le bailíocht aon chinntí a glacadh, a áirithiú faoin nGníomhaireacht.

(6)

Ba cheart aidhmeanna agus cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a choigeartú freisin ionas go léireofaí nach bhfuil an Ghníomhaireacht freagrach a thuilleadh as leasanna poiblí a bhaineann le cláir Eorpacha an Chórais Domhanda um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) a bhainistiú, ná as rialáil na gclár sin.

(7)

Ba cheart go mbeadh stádas dlíthiúil na Gníomhaireachta de chineál a d’fhágfadh go mbeadh ar a cumas gníomhú mar dhuine dlítheanach le linn a cuid cúraimí a chomhlíonadh.

(8)

Tá sé tábhachtach freisin cúraimí na Gníomhaireachta a mhodhnú agus, i ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go sainmhínítear a cúraimí i gcomhréir leis na cúraimí sin atá leagtha amach in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí eile a chur i gcrích a bhféadfadh an Coimisiún a thabhairt di chun tacú leis an gCoimisiún na cláir a chur chun feidhme. I gcomhréir le hAirteagal 54(2)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5), d’fhéadfadh go bhfolódh na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, rianadh a dhéanamh ar fhorbairt na nósanna imeachta comhordúcháin agus comhairliúcháin maidir le nithe a bhaineann leis an tslándáil, taighde a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe d’fhorbairt agus do chur chun cinn na gclár, agus tacaíocht a sholáthar i dtaca le forbairt agus cur chun feidhme thionscadal píolótach na Seirbhíse Rialáilte Poiblí (PRS).

(9)

Faoi réir raon feidhme agus chuspóirí na Gníomhaireachta, agus le linn di a cuid cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart di, go háirithe, na forálacha is infheidhme i leith institiúidí an Aontais a chomhlíonadh.

(10)

Ba cheart don Choimisiún, i gcomhthéacs a athbhreithnithe lárthéarma ar chlár Galileo atá beartaithe don bhliain 2010 agus dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le rialachas na gclár sin ag céim na hoibríochta agus an tsaothraithe agus le ról na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin.

(11)

Chun cur i gcrích chúraimí na Gníomhaireachta a áirithiú go héifeachtach, ba cheart go mbeadh ionadaíocht ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Riaracháin a mbeadh na cumhachtaí is gá aige chun an buiséad a leagan amach, chun forghníomhú an bhuiséid sin a fhíorú, chun na rialacha iomchuí airgeadais a ghlacadh, chun nósanna imeachta trédhearcacha oibre a bhunú i ndáil le cinnteoireacht ag an nGníomhaireacht, chun a clár oibre a fhormheas agus chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.

(12)

I bhfianaise an tsuntais a thugtar i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 don tairbhe a bhaineann le dlúthchomhar idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, is iomchuí freisin go mbeadh ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa ar an mBord Riaracháin i gcáil comhalta gan ceart vótála.

(13)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí, agus ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár á urramú aici ag an am céanna, agus i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún, tá sé tábhachtach a lua go sainráite freisin gur cheart go ndéanfadh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht a bhainistiú faoi mhaoirseacht an Bhoird Riaracháin i gcomhréir leis na treoirlínte a eiseoidh an Coimisiún don Ghníomhaireacht. Tá sé chomh tábhachtach céanna a shonrú gur cheart go mbeadh cúigear ionadaithe ag an gCoimisiún ar an mBord Riaracháin agus nár cheart cinntí faoi líon teoranta cúraimí de chuid an Bhoird Riaracháin a ghlacadh gan vóta fabhrach a fháil ó ionadaithe an Choimisiúin.

(14)

Chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go rianúil is gá go ndéanfar a Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta agus, chomh maith leis sin, ar fhorais inniúlachta agus taithí ábhartha, agus go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais ar shlí atá neamhspleách agus solúbtha go hiomlán maidir le heagrú fheidhmiú inmheánach na Gníomhaireachta. Ach amháin i ndáil le gníomhaíochtaí agus bearta áirithe a bhaineann le creidiúnú slándála, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na bearta riachtanacha go léir a ullmhú agus a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar clár oibre na Gníomhaireachta a chur i gcrích go cuí, ba cheart dó nó di dréacht-tuarascáil ghinearálta a ullmhú gach bliain, ar tuarascáil í a bheidh le cur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin, ba cheart dó nó di dréachtráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta a tharraingt suas agus ba cheart dó nó di an buiséad a chur chun feidhme.

(15)

Ba cheart go gcumhachtófaí do Bhord Riaracháin aon chinneadh a dhéanamh lena n-áiritheofaí go bhfuil an Ghníomhaireacht in ann a cuid cúraimí a chomhlíonadh, cés moite de na cúraimí creidiúnúcháin slándála, ar cúraimí iad ba cheart a thabhairt do Bhord um Chreidiúnú Slándála do Chórais Eorpacha GNSS (‘an Bord um Chreidiúnú Slándála’ anseo feasta). Maidir le cúraimí creidiúnúcháin den sórt sin, ba cheart go mbeadh an Bord Riaracháin freagrach as nithe a bhaineann le hacmhainní agus cúrsaí buiséid amháin. Le go mbeidh rialachas fónta ann maidir leis na cláir, is gá freisin go mbeidh cúraimí an Bhoird Riaracháin i gcomhréir leis na misin nua a shanntar don Ghníomhaireacht faoi Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, go háirithe maidir le hoibriú ionaid slándála Galileo agus maidir leis na treoracha a thugtar de bhun Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe d’oibriú an chórais Eorpaigh um loingseoireacht satailíte a dhéanann difear do shlándáil an Aontais Eorpaigh (6).

(16)

Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta lena gceaptar sealbhóirí oifige trédhearcach.

(17)

I bhfianaise raon feidhme na gcúraimí a thugtar don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear creidiúnú slándála, ba cheart an Coiste Eolaíoch agus Teicniúil, a cuireadh ar bun i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004, a dhíscaoileadh agus ba cheart an Bord um Chreidiúnú Slándála, a bheidh freagrach as creidiúnú slándála agus a bheadh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, a chur in ionad an Choiste Slándála agus Sábháilteachta Córas a cuireadh ar bun i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin. Ba cheart go mbeadh ról breathnadóra ag an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’ anseo feasta) agus ag an GES sa Bhord um Chreidiúnú Slándála.

(18)

Ba cheart gníomhaíochtaí creidiúnúcháin slándála a chur i gcrích go neamhspleách ar na húdaráis atá freagrach as na cláir a bhainistiú, go háirithe an Coimisiún, comhlachtaí eile na Gníomhaireachta, an GES, agus eintitis eile atá freagrach as cur chun feidhme forálacha maidir le slándáil. Chun an neamhspleáchas sin a áirithiú, ba cheart an Bord um Chreidiúnú Slándála do Chórais Eorpacha GNSS a bhunú agus gurbh é an t-údarás creidiúnúcháin slándála é do na Córais Eorpacha GNSS (‘na córais’ anseo feasta) agus do ghlacadóirí a bhfuil an teicneolaíocht PRS iontu. Ba cheart gur chomhlacht uathrialach a bheadh ann ar comhlacht é a dhéanfadh a chuid cinntí, laistigh den Ghníomhaireacht, go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas na saoránach.

(19)

Ós rud é, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, go ndéanann an Coimisiún bainistíocht ar na gnéithe go léir a bhaineann le slándáil na gcóras, agus chun rialachas éifeachtúil saincheisteanna slándála agus comhlíonadh phrionsabal dheighilt dhaingean na bhfreagrachtaí dá bhforáiltear faoin Rialachán sin a áirithiú, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí gníomhaíochtaí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a theorannú go docht do ghníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála na gcóras agus nach dtiocfadh na gníomhaíochtaí sin salach, in aon imthosca, ar na cúraimí a thugtar don Choimisiúin faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

(20)

Maidir leis na cinntí a dhéanann an Coimisiún i gcomhréir leis na nósanna imeachta ina bhfuil páirt ag an gCoiste um Chláir Eorpacha GNSS, ní dhéanfaidh siad difear, ar bhealach ar bith, do na rialacha atá ann cheana maidir le nithe buiséadacha nó d’inniúlacht shonrach na mBallstát maidir le nithe slándála.

(21)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, i gcásanna ina bhféadfadh sé go ndéanfadh oibriú na gcóras satailíte difear do shlándáil an Aontais nó do shlándáil na mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta atá leagtha amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES. Go háirithe, i gcás ina mbeadh bagairt ann ar shlándáil an Aontais nó ar shlándáil Ballstáit mar gheall ar oibriú nó úsáid na gcóras, nó i gcás ina mbeadh bagairt ann ar oibriú na gcóras, go háirithe mar thoradh ar ghéarchéim idirnáisiúnta, is féidir leis an gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil, a chinneadh cad iad na treoracha is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún. Is féidir le haon chomhalta den Chomhairle, is féidir leis an Ardionadaí nó is féidir leis an gCoimisiún a iarraidh go ndéanfaí plé sa Chomhairle chun teacht ar chomhaontú i dtaobh treoracha den sórt sin.

(22)

Agus prionsabal na coimhdeachta á chur i bhfeidhm agus de réir an phróisis a shainmhínítear sa straitéis um chreidiúnú slándála, ba cheart go ndéanfaí cinntí um chreidiúnú slándála a bhunú ar chinntí áitiúla um chreidiúnú slándála arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta creidiúnúcháin slándála na mBallstát faoi seach.

(23)

Ionas go bhféadfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála a chuid gníomhaíochtaí go léir a chur i gcrích go tapa agus go héifeachtach, ba cheart go mbeadh ar a chumas fochomhlachtaí iomchuí a chur ar bun a ghníomhódh de réir threoracha ón mBord. Ba cheart dó, dá réir sin, painéal a chur ar bun chun cabhrú leis a chuid cinntí a ullmhú agus Údarás Criptea-Dháiliúcháin a chur ar bun a dhéanfaidh saincheisteanna faoi chriptea-ábhair a bhainistiú agus a ullmhú, lena n-áirítear Cill Eochracha Eitilte a bheidh tiomnaithe do na heochracha eitilte oibríochtúla, chomh maith le comhlachtaí eile a chur ar bun, más gá, chun déileáil le saincheisteanna sonracha. Le linn dó déanamh amhlaidh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leanúnachas riachtanach na hoibre sna comhlachtaí sin.

(24)

Tá sé tábhachtach freisin go gcomhordófar na gníomhaíochtaí creidiúnúcháin slándála le hobair na n-údarás atá freagrach as bainistiú na gclár agus le hobair eintiteas eile atá freagrach as cur chun feidhme forálacha maidir le slándáil.

(25)

I bhfianaise chineál sonrach agus chastacht na gcóras, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí na gníomhaíochtaí creidiúnúcháin slándála a chur i gcrích i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus na mBallstát, trí iarrachtaí a dhéanamh teacht ar chomhthoil agus trí ról a thabhairt do na páirtithe uile a bhfuil leas acu sa tslándáil, agus go mbeadh buanfhaireachán ar rioscaí ann. Tá sé fíor-riachtanach freisin go ndéanfaí gníomhaíochtaí teicniúla creidiúnúcháin slándála a thabhairt do dhaoine gairmiúla atá cáilithe go cuí sa réimse a bhaineann le córais chasta a chreidiúnú agus ar daoine iad a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu.

(26)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála a chúraimí a chur i gcrích, ba cheart foráil a dhéanamh freisin go soláthróidh na Ballstáit aon doiciméid riachtanacha don Bhord sin, go dtabharfaidh siad rochtain do dhaoine cuí-údaraithe ar fhaisnéis atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda agus ar aon réimsí a thagann faoi réim a ndlínse, agus gur cheart go mbeidís freagrach ar an leibhéal áitiúil as creidiúnú slándála limistéar atá suite laistigh dá gcríoch.

(27)

Maidir leis na córais a bhunaítear faoi chuimsiú na gclár, is bonneagair iad a síneann a n-úsáid i bhfad thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát agus a chuirtear ar bun mar ghréasáin thras-Eorpacha i gcomhréir le forálacha Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, rannchuidíonn na seirbhísí a sholáthraítear trí na córais sin le forbairt gréasán tras-Eorpach i réimsí bonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

(28)

Tá an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí buiséadacha a ghabhann le maoiniú na Gníomhaireachta i dtaca leis an gceannteideal caiteachais lena mbaineann. Ar bhonn na faisnéise agus gan dochar don nós imeachta reachtach ábhartha, is gá don dá bhrainse den údarás buiséadach, faoi chuimsiú an chomhair bhuiséadaigh, teacht ar chomhaontú tráthúil faoi mhaoiniú na Gníomhaireachta. Tá nós imeachta buiséadach an Aontais infheidhme ar ranníocaíocht an Aontais a mhuirearaítear ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. De bhreis air sin, tá iniúchadh na gcuntas le déanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

(29)

Ba cheart don Ghníomhaireacht reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, is é sin, an reachtaíocht maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart go ndéanfadh sí na prionsabail slándála is infheidhme ar sheirbhísí na Comhairle agus an Choimisiúin a chomhlíonadh freisin.

(30)

Ba cheart go mbeadh tríú tíortha in ann a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht, ar choinníoll go mbeidh comhaontú chuige sin tugtha i gcrích roimh ré acu leis an Aontas, go háirithe má bhí na tíortha sin páirteach sna céimeanna roimhe sin de chlár Galileo trína rannpháirtíocht i gclár Galileosat an GES.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon gníomhaireacht ar a mbeidh freagracht go háirithe as creidiúnú slándála na gcóras a bhunú agus feidhmiú na gníomhaireachta sin a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(32)

Ós rud é go bhfuil ainm na Gníomhaireachta le hathrú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a leasú dá réir.

(33)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a leasú roimhe seo. I bhfianaise na leasuithe atá á dtabhairt isteach anois, is iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht, an Rialachán sin a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, CÚRAIMÍ, COMHLACHTAÍ

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, cuirtear gníomhaireacht Aontais ar bun dá ngairtear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta).

Airteagal 2

Cúraimí

Is iad cúraimí na Gníomhaireachta na cúraimí sin a leagtar amach in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

Airteagal 3

Comhlachtaí

Is iad comhlachtaí na Gníomhaireachta an Bord Riaracháin, an Bord um Chreidiúnú Slándála do chórais Eorpacha GNSS agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Cuirfidh siad a gcúraimí i gcrích i gcomhréir leis na treoirlínte a eiseoidh an Coimisiún mar a leagtar amach in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

Airteagal 4

Stádas dlíthiúil, oifigí áitiúla

1.   Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina ndlíthe. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit, ach sin faoi réir toiliú a fháil uathu, nó i dtríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 23.

4.   Faoi réir Airteagal 11(9), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin thar ceann na Gníomhaireachta.

Airteagal 5

Bord Riaracháin

1.   Déantar Bord Riaracháin a chur ar bun leis seo chun na cúraimí a liostaítear in Airteagal 6 a chur i gcrích.

2.   Beidh an Bord Riaracháin comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, arna cheapadh ag na Ballstáit féin, cúigear ionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ionadaí gan ceart vótála arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa. Cúig bliana a bheidh i ré théarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin. Féadfar an téarma oifige a athnuachan go ceann cúig bliana ar a mhéad. Tabharfar cuireadh d’ionadaí de chuid an Ardionadaí agus d’ionadaí de chuid an GES freastal ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin mar bhreathnadóirí.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfar rannpháirtíocht ionadaithe ó thríú tíortha agus coinníollacha na rannpháirtíochta sin a bhunú sna socruithe dá dtagraítear in Airteagal 23.

4.   Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch i gcás ina gcoisctear ar an gCathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh. Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, ar téarma é a bheidh in-athnuaite aon uair amháin, agus rachaidh an téarma sin in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.

5.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin.

Mura rud é go gcinnfidh an Cathaoirleach a mhalairt, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé de ghnáth.

Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin faoi dhó sa bhliain. De bhreis air sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin ag an tríú cuid ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird.

Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnadóra. Faoi réir fhorálacha rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht an Bhoird Riaracháin.

6.   Mura rud é go bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

7.   Beidh vóta amháin ag gach ionadaí de chuid na mBallstát agus ag gach ionadaí de chuid an Choimisiúin. Ní ghlacfar cinntí a bheidh bunaithe ar Airteagal 6(b) agus (e) gan vóta fabhrach ó ionadaithe an Choimisiúin. Ní chaithfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin vóta.

Déanfar na socruithe níos mionsonraithe faoi vótáil a bhunú le rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, go háirithe na coinníollacha a bhaineann le cumas comhalta áirithe gníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 6

Cúraimí an Bhoird Riaracháin

Áiritheoidh an Bord Riaracháin go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an obair ar fad a thugtar di faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfaidh sé aon chinneadh is gá chun na críche sin. Maidir leis na cúraimí agus na cinntí a bhaineann le creidiúnú slándála agus dá bhforáiltear i gCaibidil III, beidh an Bord Riaracháin freagrach as nithe a bhaineann le hacmhainní agus leis an mbuiséad agus as na nithe sin amháin. Déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas freisin:

(a)

ceapfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de bhun Airteagal 7(2);

(b)

faoin 15 Samhain gach bliain, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil, glacfaidh sé clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn;

(c)

comhlíonfaidh sé a chuid dualgas i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14;

(d)

déanfaidh sé maoirseacht ar oibriú ionad slándála Galileo (‘Ionad Faireacháin Slándála Galileo’ nó ‘IFSG’ anseo feasta) dá dtagraítear in Airteagal 16(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008;

(e)

feidhmeoidh sé údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(f)

glacfaidh sé na forálacha speisialta is gá chun an ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid na Gníomhaireachta a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 21;

(g)

glacfaidh sé an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar aghaidh chuig na Ballstáit, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 1 Iúil; déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis uile atá ábhartha maidir le toradh na nósanna imeachta meastóireachta a chur ar aghaidh chuig an údarás buiséadach;

(h)

glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.

Airteagal 7

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an Ghníomhaireacht a bhainistiú agus comhlíonfaidh sé a chuid dualgas faoi mhaoirseacht an Bhoird Riaracháin.

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar fhoras fiúntais agus ar fhoras scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta agus ar fhoras inniúlachta ábhartha agus taithí ábhartha, agus ceapfar é nó í ó liosta triúr iarrthóirí, ar a laghad, arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis comórtais oscailte a bheidh ann tar éis iarraidh ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile. Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a dhéanfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh i dtaobh cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Beidh an chumhacht ag an mBord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig agus is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a ghlacfaidh sé a chinneadh chuige sin.

Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfar an téarma oifige sin a athnuachan aon uair amháin go ceann tréimhse cúig bliana eile.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil a thíolacadh ar chomhlíonadh a chúraimí agus ráiteas a dhéanamh os comhair na n-institiúidí sin.

Airteagal 8

Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

(a)

beidh sé freagrach as feidhmiú thar ceann na Gníomhaireachta, ach amháin maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí a dhéantar i gcomhréir le Caibidil II agus Caibidil III, agus beidh sé i bhfeighil bhainistiú na Gníomhaireachta;

(b)

ullmhóidh sé obair an Bhoird Riaracháin. Beidh sé rannpháirteach in obair an Bhoird Riaracháin gan aon cheart vótála a bheith aige nó aici;

(c)

beidh sé freagrach as clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta a chur chun feidhme faoi rialú an Bhoird Riaracháin;

(d)

déanfaidh sé gach beart is gá, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

tarraingeoidh sé meastacháin suas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 13 agus cuirfidh sé an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14;

(f)

ullmhóidh sé dréacht-tuarascáil ghinearálta gach bliain agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í;

(g)

áiritheoidh sé go mbeidh an Ghníomhaireacht, ina cáil mar oibreoir an IFSG, in ann déanamh de réir treoracha a thabharfar faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES;

(h)

sainmhíneoidh sé struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin é lena fhormheas;

(i)

déanfaidh sé na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 18 a fheidhmiú i dtaca leis an bhfoireann;

(j)

tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin, féadfaidh sé na bearta is gá a ghlacadh chun oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4;

(k)

áiritheoidh sé go ndéanfar an rúnaíocht agus na hacmhainní go léir atá riachtanach i ndáil le feidhmiú cuí a sholáthar don Bhord um Chreidiúnú Slándála agus do na comhlachtaí arna gcur ar bun faoi údarás an Bhoird sin agus dá dtagraítear in Airteagal 11(11).

CAIBIDIL II

GNÉITHE A BHAINEANN LE SLÁNDÁIL AN AONTAIS EORPAIGH NÓ LE SLÁNDÁIL NA MBALLSTÁT

Airteagal 9

Gníomhaíocht Chomhpháirteach

1.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, aon uair a d’fhéadfadh sé go ndéanfadh oibriú na gcóras difear do shlándáil an Aontais nó do shlándáil na mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na cinntí um chreidiúnú slándála a dhéantar de bhun Chaibidil III, chomh maith leis na rioscaí iarmharacha a shainaithnítear, a chur in iúl don Chomhairle mar eolas.

CAIBIDIL III

CREIDIÚNÚ SLÁNDÁLA DO CHÓRAIS EORPACHA GNSS

Airteagal 10

Prionsabail ghinearálta

Déanfar na gníomhaíochtaí um chreidiúnú slándála dá dtagraítear sa Chaibidil seo a chur i gcrích i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

déantar gníomhaíochtaí agus cinntí um chreidiúnú slándála i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus slándáil na mBallstát;

(b)

déanfar iarrachtaí chun cinntí a dhéanamh trí theacht ar chomhthoil agus chun ról a thabhairt do na páirtithe ábhartha uile a bhfuil leas acu i saincheisteanna slándála;

(c)

déanfar na cúraimí a chur i gcrích ag féachaint do na rialacha ábhartha slándála is infheidhme maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gCoimisiún (7);

(d)

trí phróiseas buanfhaireacháin, áiritheofar go mbeifear ar an eolas maidir le rioscaí slándála, go saineofar bearta slándála chun rioscaí den sórt sin a laghdú go dtí leibhéal inghlactha i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na caighdeáin íosta atá leagtha amach sna rialacha slándála is infheidhme maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gCoimisiún agus go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na cosanta ar doimhneacht. Beidh meastóireacht á déanamh go leanúnach ar éifeachtacht na mbeart sin;

(e)

i gcomhréir leis an bpróiseas arna shainmhíniú sa straitéis um chreidiúnú slándála, déanfar cinntí um chreidiúnú slándála a bhunú ar chinntí áitiúla um chreidiúnú slándála arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta creidiúnaithe slándála na mBallstát faoi seach;

(f)

déanfar na gníomhaíochtaí teicniúla um chreidiúnú slándála a thabhairt do dhaoine gairmiúla atá cáilithe go cuí i dtaca le córais chasta a chreidiúnú, a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu agus a ghníomhóidh go hoibiachtúil;

(g)

déanfar cinntí um chreidiúnú slándála go neamhspleách ar an gCoimisiún, gan dochar d’Airteagal 3, agus ar na heintitis atá freagrach as na cláir a chur chun feidhme. Dá thoradh sin, laistigh den Ghníomhaireacht, beidh údarás um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS ina chomhlacht uathrialach a dhéanann a chinntí go neamhspleách;

(h)

déanfar na gníomhaíochtaí um chreidiúnú slándála a chur i gcrích agus cothromaíocht á baint amach idir an gá le neamhspleáchas agus an gá le comhordú leordhóthanach idir an Coimisiún agus na húdaráis atá freagrach as forálacha slándála a chur chun feidhme.

Airteagal 11

An Bord um Chreidiúnú Slándála

1.   Déanfar Bord um Chreidiúnú Slándála do chórais Eorpacha GNSS (‘an Bord um Chreidiúnú Slándála’ anseo feasta) a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht. Maidir le córais Eorpacha GNSS, beidh cúraimí an údaráis um chreidiúnú slándála, dá dtagraítear sna rialacha ábhartha slándála is infheidhme maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gCoimisiún, ag an mBord um Chreidiúnú Slándála.

2.   Comhlíonfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála na cúraimí a thugtar don Ghníomhaireacht maidir le creidiúnú slándála faoi Airteagal 16(a)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 agus déanfaidh sé ‘cinntí um chreidiúnú slándála’ dá bhforáiltear san Airteagal seo, go háirithe i ndáil leis an straitéis um chreidiúnú slándála agus lainseálacha satailítí a fhormheas, i ndáil le húdarú a thabhairt chun na córais a oibriú sna cumraíochtaí éagsúla a bhaineann leo agus chun na seirbhísí éagsúla a oibriú, i ndáil le húdarú a thabhairt chun na stáisiúin talún a oibriú, go háirithe na stáisiúin bhraiteora atá suite i dtríú tíortha, agus i ndáil leis an údarú chun glacadóirí a bhfuil teicneolaíocht PRS iontu agus a gcomhpháirteanna a mhonarú.

3.   Is é a bheidh i gceist le creidiúnú slándála na gcóras ag an mBord um Chreidiúnú Slándála ná go suífear an gcomhlíonann na córais na riachtanais slándála dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin ábhartha slándála is infheidhme maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gCoimisiún.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha riosca dá dtagraítear i mír 11, cuirfidh an Bord um Chreidiúnú Slándála an Coimisiún ar an eolas faoin measúnú riosca a dhéanfaidh sé agus soláthróidh sé comhairle don Choimisiún faoi na roghanna chun déileáil leis an riosca iarmharach a bhaineann le cinneadh faoi leith um chreidiúnú slándála.

5.   Coinneoidh an Coimisiún an Bord um Chreidiúnú Slándála ar an eolas ar bhonn leanúnach maidir leis an tionchar a bheidh ag aon chinneadh a d’fhéadfadh an Bord um Chreidiúnú Slándála a dhéanamh ar sheoladh cuí na gclár agus ar chur chun feidhme na bpleananna chun déileáil le riosca iarmharach. Tabharfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála aon tuairim den sórt sin ón gCoimisiún dá aire.

6.   Díreofar cinntí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála chuig an gCoimisiún.

7.   Beidh an Bord um Chreidiúnú Slándála comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, ionadaí amháin ón gCoimisiún agus ionadaí amháin ón Ardionadaí. Tabharfar cuireadh d’ionadaí ón nGES freastal ar chruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála mar bhreathnadóir.

8.   Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála a rialacha nós imeachta a bhunú agus ceapfaidh sé a Chathaoirleach.

9.   Beidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála freagrach as feidhmiú thar ceann na Gníomhaireachta sa mhéid nach bhfuil an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as sin a dhéanamh de réir Airteagal 8.

10.   Beidh rochtain ag an mBord um Chreidiúnú Slándála ar na hacmhainní daonna agus ar na hacmhainní ábharacha uile a bheidh ag teastáil chun na feidhmeanna tacaíochta riaracháin iomchuí a sholáthar agus chun a chumasú dó, i dteannta leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 11, a chuid cúraimí a chomhlíonadh go neamhspleách, go háirithe le linn comhaid a láimhseáil, le linn cur chun feidhme nósanna imeachta slándála a thionscnamh agus tús a chur le hiniúchtaí córas slándála, agus faireachán a dhéanamh ina leith sin, le linn cinntí a ullmhú agus le linn a chruinnithe a eagrú.

11.   Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála fochomhlachtaí speisialta a chur ar bun chun déileáil le saincheisteanna sonracha agus gníomhóidh na fochomhlachtaí sin de réir treoracha ón mBord um Chreidiúnú Slándála. Go háirithe, cuirfidh sé an méid seo a leanas ar bun agus an gá le leanúnachas oibre á áirithiú aige ag an am céanna:

painéal a sheolfaidh athbhreithnithe agus tástálacha i ndáil le hanailísí slándála chun na tuarascálacha riosca ábhartha a thiomsú chun cabhrú leis le linn dó a chinntí a ullmhú,

Údarás Criptea-Dháiliúcháin (UCD) chun cúnamh a thabhairt don Bhord um Chreidiúnú Slándála, go háirithe maidir le ceisteanna a bhaineann le heochracha eitilte.

12.   Más rud é nach féidir teacht ar chomhthoil de réir na bprionsabal ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála cinntí ar bhonn vótála tromlaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus gan dochar d’Airteagal 9 den Rialachán seo. Ní chaithfidh ionadaí an Choimisiúin ná ionadaí an Ardionadaí vóta. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála na cinntí a ghlacann an Bord um Chreidiúnú Slándála a shíniú thar ceann an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

13.   Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, faoin tionchar a bheidh ag glacadh na gcinntí um chreidiúnú slándála ar sheoladh cuí na gclár. Má mheasann an Coimisiún go mbeidh éifeacht shuntasach ag cinneadh a rinne an Bord um Chreidiúnú Slándála ar sheoladh cuí na gclár, mar shampla i dtéarmaí costas agus sceidil, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

14.   Agus tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle á gcur san áireamh aige, ar tuairimí iad ba cheart a thabhairt le fios laistigh d’aon mhí amháin, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta leordhóthanacha a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

15.   Coinneofar an Bord Riaracháin ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn in obair an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

16.   Urramófar clár oibre GNSS an Choimisiúin san amchlár le haghaidh obair an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

Airteagal 12

Ról na mBallstát

Maidir leis na Ballstáit:

(a)

déanfaidh siad an fhaisnéis go léir a mheasann siad a bheith ábhartha chun críocha creidiúnaithe slándála a tharchur chuig an mBord um Chreidiúnú Slándála;

(b)

ceadóidh siad do dhaoine cuí-údaraithe arna gceapadh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda agus ar aon limistéir/suímh a bhaineann le slándáil na gcóras a thagann faoina ndlínse, agus déanfar amhlaidh i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, agus gan aon idirdhealú a dhéanamh ar fhoras náisiúntachta, lena n-áirítear rochtain chun críocha iniúchtaí agus tástálacha slándála arna gcinneadh ag an mBord um Chreidiúnú Slándála;

(c)

beidh gach ceann díobh freagrach as teimpléad a cheapadh le haghaidh rialaithe rochtana, ar teimpléad é ina leagfar amach go hachomair, nó ina liostófar, na limistéir/suímh atá le creidiúnú, agus ar teimpléad é a chomhaontófar roimh ré idir na Ballstáit agus an Bord um Chreidiúnú Slándála agus, ar an gcaoi sin, áiritheofar go mbeidh an leibhéal céanna rochtana á sholáthar ag na Ballstáit uile;

(d)

beidh siad freagrach, ar leibhéal áitiúil, as creidiúnú slándála limistéar atá suite laistigh dá gcríoch agus ar cuid iad den limistéar um chreidiúnú slándála do na córais Eorpacha GNSS, agus beidh siad freagrach as tuairisciú don Bhord um Chreidiúnú Slándála chun na críche sin.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA BUISÉADACHA AGUS AIRGEADAIS

Airteagal 13

Buiséad

1.   Gan dochar d’acmhainní eile agus do dhleachtanna eile atá le sainiú fós, beidh fóirdheontas Aontais san áireamh in ioncam na Gníomhaireachta agus iontrálfar an fóirdheontas sin i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ionas go n-áiritheofar go mbeidh comhardú idir ioncam agus caiteachas.

2.   Le caiteachas na Gníomhaireachta, cumhdófar caiteachas ar fhoireann, ar riarachán agus ar bhonneagar, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le feidhmiú an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, lena n-áirítear na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(11), agus a bhaineann leis na conarthaí agus na comhaontuithe a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht chun na cúraimí a thugtar di a chomhlíonadh.

3.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas suas faoi mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus déanfaidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, a chur ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin.

4.   Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú.

5.   Gach bliain soláthróidh an Bord Riaracháin ráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, agus é bunaithe ar an dréachtráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas.

6.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an ráiteas sin faoi mheastacháin, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta, mar aon leis an gclár oibre sealadach, san áireamh ann, a chur ar aghaidh, faoin 31 Márta, chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích ag an Aontas leo i gcomhréir le hAirteagal 23.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas faoi mheastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (‘an t-údarás buiséadach’ anseo feasta) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontas Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis faoi mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta, mar aon le méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, a thaifeadadh i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

9.   Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas don Ghníomhaireacht a údarú agus glacfaidh sé an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

10.   Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad. Tiocfaidh sé chun bheith ina bhuiséad críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir.

11.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, a luaithe is féidir, fógra a thabhairt don údarás buiséadach faoi aon tionscadal a mbeidh sé ar intinn aige é a chur chun feidhme, ar tionscadal é a mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais aige i dtaca le maoiniú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

12.   I gcás ina mbeidh brainse den údarás buiséadach tar éis fógra a thabhairt á rá go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a sholáthar, cuirfidh an brainse sin a thuairim ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin laistigh de thréimhse sé seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

Airteagal 14

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil maidir leis an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

3.   Faoin 31 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil maidir leis an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh freisin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4.   Tar éis barúlacha na Cúirte Iniúchóirí faoi chuntais shealadacha na Gníomhaireachta a fháil, faoi Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.   Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

8.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Riaracháin freisin.

9.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, gach faisnéis is gá le haghaidh chur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais i dtrácht, mar atá leagtha síos in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh an 30 Aibreán sa bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 15

Forálacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Riaracháin na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh siad imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8) mura rud é go bhfuil gá sonrach le himeacht uaidh ar mhaithe le hoibriú na Gníomhaireachta agus go mbeidh an Coimisiún tar éis a thoiliú a thabhairt roimh ré.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 16

Bearta frithchalaoise

1.   Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (9).

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) (10) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile na Gníomhaireachta.

3.   Sna cinntí maidir le maoiniú, agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn as na cinntí sin, sonrófar go sainráite go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF, más gá, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar dhaoine a fhaigheann maoiniú ón nGníomhaireacht agus ar na gníomhairí atá freagrach as an maoiniú sin a leithdháileadh.

Airteagal 17

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 18

Foireann

1.   Maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus leis na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh d’fhonn na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta. Tar éis comhaontú a dhéanamh leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Riaracháin na rialacha mionsonraithe is gá maidir le cur i bhfeidhm.

2.   Gan dochar d’Airteagal 8, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile a fheidhmiú i ndáil lena foireann féin.

3.   Beidh foireann na Gníomhaireachta comhdhéanta de sheirbhísigh arna n-earcú ag an nGníomhaireacht de réir mar is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, ach féadfaidh oifigigh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh acu agus a bheidh sannta nó tugtha ar iasacht ar bhonn sealadach ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit a bheith san áireamh san fhoireann sin.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 3 den Airteagal seo maidir le foireann an IFSG freisin.

Airteagal 19

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

2.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a seirbhísigh féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 2.

4.   Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 20

Teangacha

1.   Maidir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (11), beidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a bheidh ag teastáil i gcomhair fheidhmiú na Gníomhaireachta.

Airteagal 21

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí de chineál pearsanta

1.   Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (12), beidh feidhm aige maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, socruithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme.

3.   Féadfaidh cinntí a dhéanann an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar i gcomhair gearáin chuig an Ombudsman nó i gcomhair caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 228 agus Airteagal 263, faoi seach, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4.   Nuair a bheidh sonraí a bhaineann le daoine aonair á bpróiseáil aici, beidh an Ghníomhaireacht faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (13).

Airteagal 22

Rialacha slándála

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála atá i gCinneadh 2001/844/CE, CECG, Euratom ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm. Cumhdóidh sé sin, inter alia, forálacha a bhaineann le malartú, próiseáil agus stóráil faisnéise atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda.

Airteagal 23

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas Eorpach.

2.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht gach ceann de na tíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 683/2008

Ar fud Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, cuirfear an leagan cuí gramadaí de na focail ‘an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS’ agus ‘an Ghníomhaireacht’, faoi seach, in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘Údarás Eorpach Maoirseoireachta GNSS’, ‘Údarás Eorpach Maoirseachta GNSS’ agus ‘an tÚdaras’.

Airteagal 25

Aisghairm agus bailíocht beart atá déanta

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Beidh aon bheart a rinneadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 bailí fós.

Airteagal 26

Meastóireacht

Faoi 2012, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, go háirithe maidir le cúraimí na Gníomhaireachta atá leagtha síos in Airteagal 2, agus, más gá, déanfaidh sé tograí maidir leis.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifiiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Meán Fómhair 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 103.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigi úil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010

(3)  IO L 246, 20.7.2004, lch. 1.

(4)  IO L 196, 24.7.2008, lch. 1.

(5)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(6)  IO L 246, 20.7.2004, lch. 30.

(7)  Cinneadh 2001/264/CE ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena nglactar rialacháin slándála na Comhairle (IO L 101, 11.4.2001, lch. 1.). Rialacha slándála an Choimisiúin atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha (IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.).

(8)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(9)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(10)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(11)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385./58.

(12)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(13)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


20.10.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/22


RIALACHÁN (AE) Uimh. 913/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Meán Fómhair 2010

maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1)

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Faoi chuimsiú Straitéis nua an Aontais Eorpaigh i leith fostaíochta agus foráis, tá sé fíorthábhachtach, i dtaca le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe, go gcruthófaí margadh inmheánach iarnróid, go háirithe maidir le hiompar lasta.

(2)

Bhí Treoir 91/440/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail (4) agus Treoir 2001/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid a thobhach (5) ina gcéimeanna tábhachtacha i dtaca le cruthú an mhargaidh inmheánaigh iarnróid.

(3)

Chun bheith iomaíoch le modhanna eile iompair, ní mór go mbeidh na seirbhísí lasta iarnróid idirnáisiúnta agus náisiúnta, atá oscailte don iomaíocht ón 1 Eanáir 2007 i leith, in ann tairbhiú de bhonneagar iarnróid ar ardcháilíocht a bhfuil maoiniú leordhóthanach á dhéanamh air, eadhon, bonneagar trína gcumasaítear seirbhísí iompair lasta a sholáthar faoi dhálaí maithe ó thaobh luais tráchtála agus amanna turais agus trína gcumasaítear na seirbhísí sin a bheith iontaofa, eadhon, go gcomhfhreagróidh an tseirbhís a sholáthraítear do na comhaontuithe conarthacha a dhéantar leis na gnóthais iarnróid.

(4)

Cé go bhfuil oibreoirí nua in ann dul isteach sa ghréasán iarnróid mar thoradh ar oscailt an mhargaidh iarnróid lasta, níor leor na sásraí margaidh chun trácht lasta iarnróid a eagrú, a rialáil agus a áirithiú, agus ní leor fós iad. Chun barr feabhais a chur ar an úsáid a bhaintear as an ngréasán agus chun iontaofacht an ghréasáin a áirithiú, is fóinteach nósanna imeachta breise a thabhairt isteach chun an comhar idir bainisteoirí bonneagair a neartú maidir le conairí idirnáisiúnta traenach a chionroinnt le haghaidh na dtraenacha lasta.

(5)

Sa chomhthéacs seo, dá mbunófaí dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid do ghréasán iarnróid Eorpach i gcomhair iompair lasta iomaíoch a bhféadfadh traenacha lasta gluaiseacht orthu faoi dhálaí maithe agus dul go héasca ó ghréasán náisiúnta amháin go gréasán náisiúnta eile, d’fhéadfaí feabhas a chur ar choinníollacha úsáide an bhonneagair.

(6)

Chun dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid a bhunú do ghréasán iarnróid Eorpach i gcomhair iompair lasta iomaíoch, léiríonn na tionscnaimh a glacadh cheana i dtaca le bonneagar iarnróid gurb é an modh is iomchuí chuige seo ná dorchlaí idirnáisiúnta a bhunú lena ndéantar freastal ar riachtanais shonracha i réimse amháin nó níos mó den mhargadh lasta a shainaithnítear go soiléir.

(7)

Mura bhforáiltear a mhalairt, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do na cearta agus do na hoibleagáidí atá ag bainisteoirí bonneagair de réir mar atá leagtha amach i dTreoir 91/440/CEE agus i dTreoir 2001/14/CE agus, i gcás inarb ábhartha, ag na comhlachtaí a dhéanann cionroinnt agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE. Fanann na gníomhartha sin i bhfeidhm, lena n-áirítear feidhm i leith forálacha a dhéanann difear do dhorchlaí lasta.

(8)

Le linn dorchla lasta a bhunú, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfí san áireamh an gá atá le hidirnaisc níos fearr le bonneagar iarnróid tríú tíortha Eorpacha.

(9)

Le linn dorchlaí lasta a leagan amach, ba cheart go bhféachfaí le leanúnachas a áirithiú feadh na ndorchlaí trína chumasú go mbeidh na hidirnaisc riachtanacha ann idir an bonneagar iarnróid atá ann cheana.

(10)

Ba cheart cur chun feidhme na ndorchlaí idirnáisiúnta lasta iarnróid arb iad a chomhdhéanann gréasán iarnróid Eorpach i gcomhair lasta iomaíoch a dhéanamh ar bhealach a bheadh ag teacht leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (‘TEN-T’) agus/nó le dorchlaí an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (‘ERTMS’). Chun na críche sin, is gá forbairt chomhordaithe a dhéanamh ar na gréasáin, agus go háirithe maidir leis na dorchlaí idirnáisiúnta le haghaidh lasta iarnróid a chomhtháthú isteach sa TEN-T atá ann cheana agus isteach i ndorchlaí an ERTMS. Thairis sin, ba cheart rialacha comhchuibhiúcháin a bhunú ar leibhéal an Aontais maidir leis na dorchlaí lasta sin. Ba cheart spreagadh a thabhairt i leith tionscadal a mbeadh sé mar aidhm leo an torann ó thraenacha lasta a laghdú. Más gá, ba cheart tacaíocht airgid a thabhairt i ndáil le bunú na ndorchlaí sin, ar tacaíocht í a thabharfaí faoi chuimsiú chláir TEN-T, taighde agus Marco Polo, agus faoi chuimsiú beartas agus cistí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó an Ciste Comhtháthaithe chomh maith leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

(11)

Faoi chuimsiú dorchla lasta, ba cheart dea-chomhordú a áirithiú idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann, ba cheart tosaíocht leordhóthanach a thabhairt don trácht lasta iarnróid, ba cheart naisc éifeachtacha agus leordhóthanacha a chur ar bun leis na modhanna eile iompair agus ba cheart dálaí a chruthú atá fabhrach maidir le hiomaíocht a fhorbairt idir soláthraithe na seirbhísí lasta iarnróid.

(12)

I dteannta na ndorchlaí lasta a chuirfear ar bun i gcomhréir le hAirteagal 3, ba cheart bunú dorchlaí lasta breise a scrúdú agus a fhormheas ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha agus critéir thrédhearcacha atá sainithe go soiléir, ar nósanna imeachta agus critéir iad a thabharfaidh dóthain scóipe cinnteoireachta agus bainistíochta do na Ballstáit agus do na bainisteoirí bonneagair chun gur féidir leo tionscnaimh atá ann cheana féin do dhorchlaí speisialta a chur san áireamh e.g. ERTMS, RailNetEurope (‘RNE’) agus TEN-T, agus bearta a dhéanamh a bheadh oiriúnaithe dá riachtanais shonracha.

(13)

Chun comhordú idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair a spreagadh, agus chun go mbeadh leanúnachas ann feadh an dorchla, ba cheart struchtúr iomchuí rialachais a bhunú le haghaidh gach dorchla lasta, agus an gá le dúblú ar struchtúir rialachais atá ann cheana féin a sheachaint á chur san áireamh.

(14)

Chun freastal ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart na modhanna maidir le bunú dorchla lasta a thíolacadh i bplean cur chun feidhme ar cheart go n-áireofaí mar chuid de sceideal a shainaithint agus a leagan amach le haghaidh beart lena gcuirfí feabhas ar fheidhmíocht i dtaca le lasta iarnróid de. Thairis sin, chun a áirithiú, maidir leis na bearta atá beartaithe nó curtha chun feidhme chun dorchla lasta a bhunú, go bhfreastalaíonn na bearta sin ar riachtanais nó ionchais úsáideoirí uile an dorchla lasta, ní mór, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shainíonn an bord bainistíochta, dul i gcomhairle go tráthrialta leis na hiarratasóirí ar dóigh dóibh an dorchla lasta a úsáid.

(15)

Ba cheart a mheas freisin gur gá críochfoirt idirmhodúla lasta a fhorbairt chun tacú le bunú dorchlaí lasta iarnróid san Aontas.

(16)

Chun comhsheasmhacht agus comhleanúnachas thoilleadh an bhonneagair atá ar fáil feadh an dorchla lasta a ráthú, ba cheart an infheistíocht sa dorchla lasta a chomhordú idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann agus, chomh maith leis sin, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit agus tríú tíortha Eorpacha, agus ba cheart an infheistíocht sin a phleanáil ar shlí ina bhfreastalaítear ar riachtanais an dorchla lasta, ach sin faoi réir inmharthanachta eacnamaíche. Maidir leis an sceideal a bhaineann leis an infheistíocht a dhéanamh, ba cheart é a fhoilsiú chun a áirithiú go mbeidh faisnéis mhaith ag na hiarratasóirí a d’fhéadfadh a bheith ag oibriú sa dorchla. Ba cheart go mbeadh tionscadail a bhaineann le forbairt córas idir-inoibritheach agus le méadú thoilleadh na dtraenacha san áireamh san infheistíocht.

(17)

Ar na cúiseanna céanna, maidir leis na hoibreacha uile a dhéanfaí ar an mbonneagar agus ar a threalamh, ar oibreacha iad a chuirfeadh srian ar an toilleadh a bheadh ar fáil ar an dorchla lasta, ba cheart iad a chomhordú freisin ar leibhéal an dorchla lasta agus ba cheart iad a fhoilsiú i bhfoilseacháin nuashonraithe.

(18)

Chun iarrataí ar thoilleadh bonneagair le haghaidh na seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid a éascú, is iomchuí ionad uileghnó a ainmniú nó a bhunú le haghaidh gach dorchla lasta. Chuige sin, ba cheart cur le tionscnaimh atá ann cheana féin, go háirithe na tionscnaimh sin arna ngabháil de láimh ag RNE, ar comhlacht é a ghníomhaíonn mar uirlis chomhordúcháin do na bainisteoirí bonneagair agus a sholáthraíonn líon áirithe seirbhísí do ghnóthais idirnáisiúnta lasta.

(19)

Ba cheart freisin, maidir le bainistiú na ndorchlaí lasta, go n-áireofaí nósanna imeachta ann chun toilleadh bonneagair a chionroinnt le haghaidh traenacha idirnáisiúnta lasta a bheidh ag gluaiseacht ar na dorchlaí sin. Ba cheart go dtabharfaí aitheantas leis na nósanna imeachta sin don ghá le toilleadh i gcás cineálacha eile iompair, lena n-áirítear iompar paisinéirí.

(20)

Chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos fearr as an mbonneagar iarnróid, is gá comhordú a dhéanamh ar oibriú an bhonneagair sin agus ar oibriú na gcríochfort atá suite feadh an dorchla lasta.

(21)

D’fhéadfadh sé go mbeadh spriocanna tosaíochta ann freisin mar thoradh ar na rialacha tosaíochta, ach sin ag brath ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann.

(22)

Maidir le traenacha lasta a bheidh ag gluaiseacht ar an dorchla lasta, ba cheart, a mhéid is féidir, go mbeidís in ann poncúlacht leordhóthanach a theachtadh i gcás ina mbeadh suaitheadh ann, agus aird á tabhairt ar riachtanais gach cineáil iompair.

(23)

Chun forbairt na hiomaíochta idir soláthraithe seirbhísí lasta iarnróid ar an dorchla lasta a chur chun cinn, ba cheart go ligfí d'iarratasóirí seachas gnóthais iarnróid nó a ngrúpálacha toilleadh bonneagair ar na dorchlaí lasta a iarraidh.

(24)

Chun meastóireacht oibiachtúil a dhéanamh ar thairbhí na mbeart arb é is aidhm dóibh an dorchla lasta a bhunú, ba cheart faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na seirbhísí lasta iarnróid feadh an dorchla lasta, agus ba cheart tuarascálacha cáilíochta a fhoilsiú go rialta. Mar chuid den mheastóireacht ar an bhfeidhmíocht, ba cheart go n-áireofaí toradh na suirbhéanna faoi shástacht úsáideoirí an dorchla lasta.

(25)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ann ar na seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid, is gá a áirithiú go mbeidh comhordú éifeachtúil ann idir na comhlachtaí rialála, ag féachaint do na gréasáin éagsúla a chumhdaítear leis an dorchla lasta.

(26)

Chun rochtain ar fhaisnéis faoi úsáid an phríomh-bhonneagair go léir ar an dorchla lasta a éascú agus chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an dorchla sin a ráthú, ba cheart don bhord bainistíochta doiciméad ina mbeadh an fhaisnéis sin go léir a tharraingt suas, agus a nuashonrú agus a fhoilsiú go rialta.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon gréasán Eorpach iarnróid a bhunú i gcomhair lasta iomaíoch, ar gréasán é atá comhdhéanta de dhorchlaí lasta, a bhaint amach go leordhóthanach ina n-aonar agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(28)

Ba cheart rialacha cothroma a thabhairt isteach i ndáil le comhordú na hinfheistíochta agus bainistiú an toillte agus an tráchta, ar rialacha iad a bheadh bunaithe ar chomhoibriú idir na bainisteoirí bonneagair nach mór dóibh seirbhís ardcháilíochta a sholáthar do ghnóthais lasta faoi chuimsiú dorchla idirnáisiúnta iarnróid.

(29)

Ós rud é gur gá traenacha idirnáisiúnta a reáchtáil de réir cúrsaí taistil ina n-áirítear roinnt dorchlaí éagsúla, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, féadfaidh bainisteoirí bonneagair roinnt dorchlaí éagsúla comhordú a dhéanamh freisin ar a gcuid gníomhaíochtaí chun a áirithiú, maidir leis na dorchlaí lena mbaineann, go mbeidh toilleadh ar fáil, go mbeidh na gluaiseachtaí réidh ann agus go ndéanfar na rialacha tosaíochta a chur i bhfeidhm go comhleanúnach maidir leis na cineálacha éagsúla tráchta i gcás ina mbeadh suaitheadh ann.

(30)

Is é is aidhm don Rialachán seo ná feabhas a chur ar éifeachtúlacht an iompair lasta iarnróid i gcoibhneas le modhanna eile iompair. Ba cheart comhordú idir Ballstáit agus bainisteoirí bonneagair a áirithiú chun an feidhmiú is éifeachtúla is féidir a ráthú i dtaca leis na dorchlaí lasta. Chun go bhféadfar é sin a dhéanamh, ba cheart bearta oibríochtúla a dhéanamh i gcomhthráth le hinfheistíochtaí sa bhonneagar agus i dtrealamh teicniúil, amhail ERTMS, ar bearta iad a bheadh dírithe ar thoilleadh agus ar éifeachtúlacht lasta iarnróid a mhéadú.

(31)

Maidir le cur chun feidhme na rialacha ar bhunú agus ar mhodhnú dorchlaí lasta agus ar na díolúintí a dheonófar do na Ballstáit, is gá é a bhaint amach faoi dhálaí comhionanna lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na tograí maidir le bunú dorchlaí lasta na critéir atá leagtha amach sa Rialachán seo agus, dá bhrí sin, ba cheart an cur chun feidhme sin a thabhairt don Choimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin a leagan síos roimh ré le rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar an rialachán sin, leanfaidh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6) d'fheidhm a bheith aige, cés moite den nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ar nós imeachta é nach infheidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le dorchlaí idirnáisiúnta iarnróid i gcomhair lasta iarnróid iomaíoch a bhunú agus a eagrú d’fhonn gréasán iarnróid Eorpach do lasta iomaíoch a fhorbairt. Leagtar rialacha amach leis maidir le dorchlaí lasta a roghnú, a eagrú agus a bhainistiú, mar aon leis an bpleanáil infheistíochta táscaí i gcomhair dorchlaí lasta.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bainistiú agus úsáid bonneagair iarnróid a áirítear i ndorchlaí lasta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2001/14/CE.

2.   De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ciallaíonn ‘dorchla lasta’ na línte iarnróid ainmnithe go léir, lena n-áirítear línte farantóireachta iarnróid, i gcríoch na mBallstát nó idir Ballstáit, agus, i gcás inarb iomchuí, i gcríoch tríú tíortha Eorpacha nó idir Ballstáit agus tríú tíortha Eorpacha, ar línte iarnróid iad lena nasctar dhá chríochfort nó níos mó feadh príomhbhealaigh, agus, i gcás inarb iomchuí, feadh bealaí atreoraithe agus ranna lena gceanglaítear iad lena chéile, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid agus a threalamh agus na seirbhísí ábhartha iarnróid i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2001/14/CE;

(b)

ciallaíonn ‘plean cur chun feidhme’ an doiciméad ina dtíolactar an modh agus an straitéis a bheartaíonn na páirtithe lena mbaineann a chur chun feidhme chun na bearta atá riachtanach agus leordhóthanach chun go mbunófar an dorchla lasta a fhorbairt thar thréimhse shonraithe;

(c)

ciallaíonn ‘críochfort’ an tsuiteáil a sholáthraítear feadh an dorchla lasta agus a socraíodh go speisialta chun go mbeifí in ann earraí a luchtú ar thraenacha lasta agus/nó earraí a dhíluchtú uathu agus chun go mbeifí in ann na seirbhísí lasta iarnróid a chomhtháthú leis na seirbhísí bóthair, muirí, abhann agus aeir, agus chun go mbeifí in ann comhdhéanamh traenacha lasta a fhoirmiú nó a mhodhnú; agus, i gcás inar gá, chun go mbeifí in ann nósanna imeachta teorann a fheidhmiú ag teorainneacha le tríú tíortha Eorpacha.

CAIBIDIL II

AINMNIÚ AGUS RIALACHAS NA nDORCHLAÍ IDIRNÁISIÚNTA IARNRÓID LE hAGHAIDH LASTA IOMAÍOCH

Airteagal 3

Na dorchlaí lasta tosaigh a ainmniú

Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear san Iarscríbhinn na dorchlaí lasta tosaigh a leagtar amach san Iarscríbhinn a chur i mbun oibríochta faoi na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi bhunú na ndorchlaí lasta.

Airteagal 4

Critéir i gcomhair dorchlaí lasta breise

Le linn na dorchlaí lasta breise dá dtagraítear in Airteagal 5 a roghnú agus na dorchlaí lasta dá dtagraítear in Airteagal 6 a mhodhnú, cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

an dorchla lasta do thrasnú chríoch trí Bhallstát ar a laghad, nó chríoch dhá Bhallstát más mó ná 500 km an t-achar idir na críochfoirt a bhfónann an dorchla lasta dóibh;

(b)

comhsheasmhacht an dorchla lasta leis an TEN-T, le dorchlaí ERTMS agus/nó leis na dorchlaí arna sainiú ag RNE;

(c)

comhtháthú thionscadail tosaíochta TEN-T (7) isteach sa dorchla lasta;

(d)

an chothromaíocht idir na costais shocheacnamaíocha agus na tairbhí socheacnamaíocha a éiríonn as bunú an dorchla lasta;

(e)

comhsheasmhacht na ndorchlaí lasta go léir atá beartaithe ag na Ballstáit chun gréasán Eorpach iarnróid do lasta iomaíoch a bhunú;

(f)

trácht lasta iarnróid, mar aon le mórshreabhanna trádála agus trácht earraí, a fhorbairt feadh an dorchla lasta;

(g)

más iomchuí, idirnaisc níos fearr idir na Ballstáit agus tríú tíortha Eorpacha;

(h)

leas na n-iarratasóirí sa dorchla lasta;

(i)

idirnaisc mhaithe a bheith ann leis na modhanna eile iompair, go háirithe de bharr gréasán leordhóthanach críochfort a bheith ann, lena n-áirítear i gcalafoirt mhuirí agus i bpoirt intíre.

Airteagal 5

Dorchlaí lasta breise a roghnú

1.   Beidh gach Ballstát a bhfuil teorainn iarnróid aige le Ballstát eile rannpháirteach i mbunú dorchla lasta amháin ar a laghad, mura rud é gur comhlíonadh an oibleagáid sin cheana féin faoi Airteagal 3.

2.   D’ainneoin mhír 1, beidh Ballstáit rannpháirteach, arna iarraidh sin do Bhallstát, i mbunú an dorchla lasta dá dtagraítear sa mhír sin nó i síneadh dorchla atá ann cheana, chun go bhféadfaidh Ballstát comharsanachta a oibleagáid faoin mhír sin a chomhlíonadh.

3.   Gan dochar do na hoibleagáidí atá ar Bhallstáit faoi Airteagal 7 de Threoir 91/440/CEE, i gcás ina measann Ballstát, tar éis dó anailís shocheacnamaíoch a sholáthar, nach mbeadh bunú dorchla lasta ar mhaithe le leas na n-iarratasóirí ar dhóigh dóibh an dorchla lasta a úsáid nó nach mbeadh tairbhí suntasacha socheacnamaíocha ag gabháil lena bhunú nó go mbeadh sé ina chúis le hualach díréireach, ní bheidh oibleagáid ar an mBallstát lena mbaineann a bheith rannpháirteach mar a luaitear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, ach sin faoi réir cinnidh ón gCoimisiún ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

4.   Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát a bheith rannpháirteach mar a luaitear i mír 1 agus i mír 2 má tá gréasán iarnróid aige nach ionann leithead a rianta agus leithead rianta an phríomhghréasáin iarnróid laistigh den Aontas.

5.   Is iad na Ballstáit lena mbaineann a mholfaidh dorchla lasta a bhunú. Chun na críche sin, déanfaidh siad litir intinne, lena n-áirítear togra comhpháirteach arna tharraingt suas tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na bainisteoirí bonneagair agus leis na hiarratasóirí lena mbaineann, a sheoladh go comhpháirteach chuig an gCoimisiún, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 4 á gcur san áireamh.

Chun an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann litir intinne a sheoladh go comhpháirteach chuig an gCoimisiún faoin 10 Samhain 2012.

6.   Scrúdóidh an Coimisiún na tograí le haghaidh bhunú dorchla lasta dá dtagraítear i mír 5 agus, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(3), déanfaidh sé, naoi mí ar a dhéanaí tar éis an dáta a dtíolacfar an togra, cinneadh a ghlacadh i dtaobh an gcomhlíonann an togra sin an tAirteagal seo.

7.   Bunóidh na Ballstáit lena mbaineann an dorchla lasta dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis an dáta a nglacfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 6.

Airteagal 6

Dorchlaí lasta breise a mhodhnú

1.   Féadfar na dorchlaí lasta dá dtagraítear in Airteagal 5 a mhodhnú ar bhonn togra chomhpháirtigh a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann chuig an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis na bainisteoirí bonneagair agus leis na hiarratasóirí lena mbaineann.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(3), cinneadh a ghlacadh maidir leis an togra, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 4 á gcur san áireamh.

Airteagal 7

Comhréiteach

Nuair nach n-aontóidh dhá Bhallstát nó níos mó maidir le dorchla lasta a bhunú nó a mhodhnú, agus a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar iarnróid atá suite ar a gcríoch, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do cheann amháin de na Ballstáit lena mbaineann, comhairle a ghlacadh leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 21 maidir leis an ábhar sin. Cuirfear tuairim an Choimisiúin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an tuairim sin san áireamh chun teacht ar réiteach, agus déanfaidh siad cinneadh ar bhonn toilithe fhrithpháirtigh.

Airteagal 8

Rialachas na ndorchlaí lasta

1.   I gcás gach dorchla lasta, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann bord feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cuspóirí ginearálta an dorchla lasta a shainiú, as maoirsiú a dhéanamh agus as na bearta a dhéanamh dá bhforáiltear go sainráite i mír 7 den Airteagal seo agus in Airteagal 9 agus in Airteagal 11, in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 22. Beidh an bord feidhmiúcháin comhdhéanta d'ionadaithe údaráis na mBallstát lena mbaineann.

2.   I gcás gach dorchla lasta, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, na comhlachtaí a dhéanann cionroinnt agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE, bord bainistíochta a bhunú a bheidh freagrach as na bearta a dhéanamh dá bhforáiltear go sainráite i míreanna 5, 7, 8 agus 9 den Airteagal seo agus in Airteagal 9 go hAirteagal 12, in Airteagal 13(1), in Airteagal 14(2), (6) agus (8), in Airteagal 16(1), in Airteagal 17(1), agus in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 den Rialachán seo. Beidh an bord bainistíochta comhdhéanta d'ionadaithe na mbainisteoirí bonneagair.

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann dorchla lasta comhoibriú lena chéile laistigh de na boird dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chun a áirithiú go ndéanfar an dorchla lasta a fhorbairt i gcomhréir leis an bplean cur chun feidhme atá ann dó.

4.   Déanfaidh an bord feidhmiúcháin a chinntí ar bhonn toilithe fhrithpháirtigh ó ionadaithe údaráis na mBallstát lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an bord bainistíochta a chinntí, lena n-áirítear cinntí maidir lena stádas dlíthiúil, maidir le bunú a struchtúir eagrúcháin, maidir lena acmhainní agus lena fhoireann, ar bhonn toilithe fhrithpháirtigh ó na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann. Féadfaidh an bord bainistíochta a bheith ina eintiteas dlítheanach neamhspleách. Féadfaidh sé a bheith ina ghrúpáil Eorpach um leas eacnamaíoch de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85 ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir leis an nGrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (EEIG) (8).

6.   Maidir le freagrachtaí an bhoird feidhmiúcháin agus an bhoird bhainistíochta, ní dochar iad do neamhspleáchas na mbainisteoirí bonneagair dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) de Threoir 91/440/CEE.

7.   Bunóidh an bord bainistíochta grúpa comhairleach arb é a bheidh ann ná bainisteoirí agus úinéirí chríochfoirt an dorchla lasta, lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, calafoirt mhara agus poirt uiscebhealaigh intíre. Féadfaidh an grúpa comhairleach sin tuairim a eisiúint maidir le haon togra ón mbord bainistíochta a mbeidh iarmhairtí díreacha aige ar infheistíocht agus ar bhainistiú na gcríochfort. Féadfaidh sé tuairimí féintionscnaimh a eisiúint freisin. Cuirfidh an bord bainistíochta aon tuairimí den sórt sin san áireamh. I gcás easaontais idir an bord bainistíochta agus an grúpa comhairleach, féadfaidh an grúpa comhairleach an t-ábhar a tharchur chuig an mbord feidhmiúcháin. Gníomhóidh an bord feidhmiúcháin mar idirghabhálaí agus tabharfaidh sé a thuairim in am trátha. Is é an bord bainistíochta, áfach, a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach.

8.   Cuirfidh an bord bainistíochta grúpa comhairleach breise ar bun agus beidh an grúpa sin comhdhéanta de na gnóthais iarnróid ar spéis leo úsáid a bhaint as an dorchla lasta. Féadfaidh an grúpa comhairleach sin tuairim a eisiúint maidir le haon togra ón mbord bainistíochta a mbeidh iarmhairtí aige ar na gnóthais sin. Féadfaidh sé tuairimí féintionscnaimh a eisiúint freisin. Déanfaidh an bord bainistíochta aon cheann de na tuairimí sin, arna dtabhairt amhlaidh, a chur san áireamh.

9.   I gcomhréir leis na pleananna imscartha náisiúnta agus Eorpacha, déanfaidh an bord bainistíochta úsáid na bhfeidhmchlár idir-inoibritheach TF, nó úsáid na réiteach malartach a d'fhéadfadh a bheith ar fáil amach anseo, a chomhordú chun déileáil le hiarrataí ar chonairí traenach idirnáisiúnta agus le hoibriú an tráchta idirnáisiúnta ar an dorchla lasta.

Airteagal 9

Bearta chun plean an dorchla lasta a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an bord bainistíochta, sé mhí ar a dhéanaí sula gcuirtear an dorchla lasta i mbun oibríochta, plean cur chun feidhme a tharraingt suas agus cuirfidh sé faoi bhráid an bhoird feidhmiúcháin é lena fhormheas. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean sin:

(a)

tuairisc ar shaintréithe an dorchla lasta, lena n-áirítear caolais tráchta, agus clár na mbeart is gá chun an dorchla lasta a chruthú;

(b)

eilimintí fíor-riachtanacha an staidéir dá dtagraítear i mír 3;

(c)

na cuspóirí do na dorchlaí lasta, go háirithe i dtéarmaí fheidhmíocht an dorchla lasta agus í á cur in iúl i dtéarmaí cháilíocht na seirbhíse agus thoilleadh an dorchla lasta i gcomhréir le forálacha Airteagal 19;

(d)

an plean infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 11; agus

(e)

na bearta chun forálacha Airteagal 12 go hAirteagal 19 a chur chun feidhme.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta athbhreithniú tréimhsiúil ar an bplean cur chun feidhme, agus cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme an phlean, an margadh lasta iarnróid ar an dorchla lasta agus an fheidhmíocht arna tomhas i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

3.   Déanfaidh an bord bainistíochta staidéar ar an margadh iompair, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go tréimhsiúil é, ar staidéar é a bhainfidh leis na hathruithe a fheictear agus leis na hathruithe a bhfuiltear ag súil leo ar an trácht ar an dorchla lasta, mar thoradh ar bhunú an dorchla sin, agus cumhdófar na cineálacha éagsúla tráchta, a mhéid a bhaineann le hiompar lasta agus le hiompar paisinéirí araon. Leis an staidéar sin, déanfar athbhreithniú freisin, i gcás inar gá sin, ar na costais shocheacnamaíocha agus ar na tairbhí socheacnamaíocha a éiríonn as bunú an dorchla lasta.

4.   Maidir leis an bplean cur chun feidhme, cuirfear san áireamh ann forbairt críochfort chun freastal ar riachtanais an lasta iarnróid a bheidh ag gluaiseacht ar an dorchla lasta, go háirithe trí ghníomhú mar nóid idirmhodúlacha feadh na ndorchlaí lasta.

5.   De réir mar is iomchuí, déanfaidh an bord bainistíochta bearta chun comhoibriú le luchtanna riaracháin réigiúnaigh agus/nó luchtanna riaracháin áitiúil i ndáil leis an bplean cur chun feidhme.

Airteagal 10

Dul i gcomhairle leis na hiarratasóirí

D’fhonn a áirithiú go mbeidh na hiarratasóirí ar dóigh dóibh an dorchla lasta a úsáid rannpháirteach go cuí, déanfaidh an bord bainistíochta sásraí comhairliúcháin a thabhairt isteach. Go háirithe, áiritheoidh sé go rachfar i gcomhairle leis na hiarratasóirí sula ndéanfar an plean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur faoi bhráid an bhoird feidhmiúcháin.

CAIBIDIL III

INFHEISTÍOCHT SA DORCHLA LASTA

Airteagal 11

An infheistíocht a phleanáil

1.   Déanfaidh an bord bainistíochta plean infheistíochta, lena n-áirítear sonraí faoin infheistíocht tháscach mhéantéarma agus fhadtéarma don bhonneagar sa dorchla lasta, a tharraingt suas agus a athbhreithniú go tréimhsiúil agus cuirfidh sé faoi bhráid an bhoird feidhmiúcháin é lena fhormheas. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean sin:

(a)

liosta de na tionscadail atá á dtuar le haghaidh fhairsingiú, athnuachan nó ath-imscaradh an bhonneagair iarnróid agus a threalaimh feadh an dorchla agus na ceanglais ábhartha airgeadais agus na foinsí airgeadais;

(b)

plean imscartha maidir leis na córais idir-inoibritheacha atá ann feadh an dorchla lasta, ar plean é lena gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha agus na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhfuil feidhm acu maidir leis an ngréasán de réir mar a shainítear i dTreoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (9). Beidh an plean imscartha sin bunaithe ar anailís costais agus tairbhe ar úsáid na gcóras idir-inoibritheach;

(c)

plean do bhainistíocht thoilleadh na dtraenacha lasta a d'fhéadfadh gluaiseacht ar an dorchla lasta, lena n-áirítear deireadh a chur leis na caolais tráchta a shainaithnítear. D’fhéadfadh an plean sin a bheith bunaithe ar bhainistiú luais a fheabhsú agus ar mhéadú a dhéanamh ar an bhfad, ar an leithead lódála, agus ar an ualach a iompraítear nó ar an ualach acastóra a údaraítear le haghaidh na dtraenacha a ghluaiseann ar an dorchla lasta; agus

(d)

i gcás inarb infheidhme, tagairt do ranníocaíocht an Aontais a shamhlaítear faoi chláir airgeadais an Aontais.

2.   Beidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar d'inniúlacht na mBallstát maidir le bonneagar iarnróid a phleanáil agus a mhaoiniú.

Airteagal 12

Oibreacha a chomhordú

Déanfaidh an bord bainistíochta a sceideal maidir le cur i gcrích na n-oibreacha uile ar an mbonneagar agus ar a threalaimh, ar oibreacha iad a shrianfadh an toilleadh a bheadh ar fáil ar an dorchla lasta, a chomhordú agus áiritheoidh sé go bhfoilseofar é in aon áit amháin, ar mhodh iomchuí agus laistigh d'amscála iomchuí.

CAIBIDIL IV

AN DORCHLA LASTA A BHAINISTIÚ

Airteagal 13

Ionad uileghnó chun iarratas a dhéanamh ar thoilleadh bonneagair

1.   Déanfaidh an bord bainistíochta le haghaidh dorchla lasta áirithe comhlacht comhpháirteach a ainmniú nó a chur ar bun ar comhlacht é trína bhféadfaidh iarratasóirí freagraí a iarraidh agus freagraí a fháil, in aon ionad amháin agus in aon oibríocht amháin, is é sin, freagraí maidir leis an toilleadh bonneagair do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad feadh an dorchla lasta (dá ngairtear ‘ionad uileghnó’ anseo feasta).

2.   San ionad uileghnó, a bheidh ina uirlis chomhordúcháin, soláthrófar faisnéis bhunúsach freisin faoi chionroinnt an toillte bhonneagair, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18. Taispeánfaidh sé an toilleadh bonneagair atá ar fáil tráth na hiarrata agus saintréithe an toillte sin i gcomhréir le paraiméadair réamhshainithe, amhail an luas, an fad, an leithead lódála nó an t-ualach acastóra a údaraítear le haghaidh traenacha a ghluaiseann ar an dorchla lasta.

3.   Déanfaidh an t-ionad uileghnó cinneadh maidir le hiarratais ar na conairí traenach réamhshocraithe a shonraítear in Airteagal 14(3) agus ar an toilleadh cúltaca a shonraítear in Airteagal 14(5). Déanfaidh sé an toilleadh a chionroinnt i gcomhréir leis na rialacha maidir le cionroinnt toillte mar atá leagtha amach i dTreoir 2001/14/CE. Cuirfidh sé na bainisteoirí bonneagair inniúla ar an eolas gan mhoill faoi na hiarratais sin agus faoin gcinneadh a dhéantar.

4.   Maidir le haon iarraidh i dtaca le toilleadh bonneagair nach féidir géilleadh dó de bhun mhír 3, déanfaidh an t-ionad uileghnó an t-iarratas ar thoilleadh bonneagair a chur ar aghaidh gan mhoill chuig na bainisteoirí inniúla bonneagair agus, i gcás inarb ábhartha, chuig na comhlachtaí a dhéanann cionroinnt agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE, agus déanfaidh na comhlachtaí sin cinneadh faoin iarratas sin i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le Caibidil III den Treoir sin agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl don ionad uileghnó lena phróiseáil tuilleadh.

5.   Déanfar gníomhaíochtaí an ionaid uileghnó a chur i gcrích ar shlí thrédhearcach, neamh-idirdhealaitheach. Chun na críche sin, déanfar clár a choimeád agus cuirfear an clár sin ar fáil go saorálach do na páirtithe leasmhara go léir. Beidh dátaí na n-iarrataí, ainmneacha na n-iarratasóirí, mar aon le mionsonraí faoi na doiciméid a soláthraíodh agus faoi na teagmhais a tharla, le fáil sa chlár sin. Beidh na gníomhaíochtaí sin faoi réir a rialaithe ag na comhlachtaí rialála i gcomhréir le hAirteagal 20.

Airteagal 14

Toilleadh arna chionroinnt do thraenacha lasta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2001/14/CE, déanfaidh an bord feidhmiúcháin an creat a shainiú do chionroinnt an toillte bonneagair ar an dorchla lasta.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta meastóireacht ar an ngá atá le toilleadh a chionroinnt do thraenacha lasta a ghluaiseann ar an dorchla lasta, agus an staidéar ar an margadh iompair dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, na hiarrataí ar thoilleadh bonneagair a bhaineann leis na tráthchláir oibre a bhí ann agus atá ann agus na creat-chomhaontuithe á gcur san áireamh.

3.   Ar bhonn na meastóireachta a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta conairí traenach idirnáisiúnta réamhshocraithe le haghaidh na dtraenacha lasta a shainiú agus a eagrú go comhpháirteach de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2001/14/CE, agus aitheantas á thabhairt acu don ghá atá ag cineálacha eile iompair le toilleadh, lena n-áirítear iompar paisinéirí. Déanfaidh siad na hamanna aistir, na minicíochtaí, na hamanna fágála agus an ceann scríbe agus na ródúcháin atá oiriúnach do na seirbhísí iompair lasta a éascú d'fhonn cur le hiompar earraí ar thraenacha lasta a ghluaiseann ar an dorchla lasta. Foilseofar na conairí traenach réamhshocraithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta deireanach chun glacadh le hiarrataí ar thoilleadh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/14/CE. Más gá, féadfaidh bainisteoirí bonneagair roinnt dorchlaí lasta éagsúla comhordú a dhéanamh ar chonairí traenach idirnáisiúnta réamhshocraithe a bhfuil toilleadh ar fáil ina leith ar na dorchlaí lasta lena mbaineann.

4.   Déanfar na conairí traenach réamhshocraithe sin a chionroinnt i dtosach do thraenacha lasta a thrasnaíonn teorainn amháin ar a laghad.

5.   Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair, má tá údar maith acu de réir riachtanais an mhargaidh agus de réir na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, an toilleadh cúltaca a shainiú go comhpháirteach do thraenacha idirnáisiúnta lasta a ghluaiseann ar na dorchlaí lasta, agus aitheantas á thabhairt acu don ghá atá ag cineálacha eile iompair le toilleadh, lena n-áirítear iompar paisinéirí, agus coinneoidh siad an cúltaca sin ar fáil laistigh dá dtráthchláir chríochnaitheacha oibre chun go mbeidh siad in ann freagairt go tapa agus go hiomchuí nuair a fhaightear iarrataí ad hoc ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 23 de Threoir 2001/14/CE. Déanfar an toilleadh sin a chur in áirithe go dtí an teorainn ama roimh a am sceidealta de réir mar a chinnfidh an bord bainistíochta. Ní rachaidh an teorainn ama sin thar 60 lá.

6.   Déanfaidh an bord bainistíochta comhordú a chur chun cinn maidir leis na rialacha tosaíochta a bhaineann le cionroinnt an toillte don dorchla lasta.

7.   Féadfaidh na bainisteoirí bonneagair, mar chuid dá gcoinníollacha úsáide, táille a áireamh i gcomhair conairí traenach a chionroinntear ach nach n-úsáidtear sa deireadh. Beidh leibhéal na táille sin comhréireach, athchomhairleach agus éifeachtach.

8.   Ach amháin i gcás force majeure, lena n-áirítear obair phráinneach agus obair gan choinne atá fíorthábhachtach don tsábháilteacht, ní fhéadfar conair thraenach a chionroinntear d’oibríocht lasta de bhun an Airteagail seo a chur ar ceal tráth is giorra ná dhá mhí roimh a am sceidealta sa tráthchlár oibre más rud é nach bhformheasann an t-iarratasóir lena mbaineann an cealú sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an bainisteoir bonneagair lena mbaineann iarracht conair thraenach chomhcháilíochta agus chomhiontaofachta a thairiscint don iarratasóir agus beidh sé de cheart ag an iarratasóir glacadh léi nó diúltú di. Beidh an fhoráil seo gan dochar d’aon chearta a d’fhéadfadh a bheith ag an iarratasóir faoi chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Threoir 2001/14/CE. Ar aon chuma, féadfaidh an t-iarratasóir an t-ábhar a tharchur chuig an gcomhlacht rialála dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo.

9.   Déanfaidh bord bainistíochta an dorchla lasta agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 8(7) nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar an comhordú is fearr is féidir ar chionroinnt an toillte idir bainisteoirí bonneagair, ar nósanna imeachta iad le haghaidh iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus le haghaidh iarrataí a fhaigheann na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann. Déanfar rochtain ar chríochfoirt a chur san áireamh leis sin freisin.

10.   I mír 4 agus i mír 9 den Airteagal seo, folóidh tagairtí do bhainisteoirí bonneagair, i gcás inarb ábhartha, na comhlachtaí a dhéanann cionroinnt agus dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2001/14/CE.

Airteagal 15

Iarratasóirí údaraithe

D’ainneoin Airteagal 16(1) de Threoir 2001/14/CE, féadfaidh iarratasóirí seachas na gnóthais iarnróid nó na grúpálacha idirnáisiúnta atá comhdhéanta de ghnóthais den sórt sin, amhail lastóirí, lasta-sheoltóirí agus oibreoirí iompair chomhcheangailte, na conairí traenach idirnáisiúnta réamhshocraithe a shonraítear in Airteagal 14(3) agus an toilleadh cúltaca a shonraítear in Airteagal 14(5) a iarraidh. Chun conair thraenach den sórt sin a úsáid le haghaidh iompair lasta ar an dorchla lasta, déanfaidh na hiarratasóirí sin gnóthas iarnróid a cheapadh chun comhaontú a thabhairt i gcrích leis an mbainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Threoir 91/440/CEE.

Airteagal 16

Trácht a bhainistiú

1.   Déanfaidh bord bainistíochta an dorchla lasta nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun bainistiú an tráchta feadh an dorchla lasta a chomhordú. Déanfaidh boird bhainistíochta dorchlaí lasta nasctha nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun an trácht a chomhordú feadh na ndorchlaí lasta sin.

2.   Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an dorchla lasta agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 8(7) nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar an comhordú is fearr is féidir idir oibriú an bhonneagair iarnróid agus oibriú na gcríochfort.

Airteagal 17

Trácht a bhainistiú i gcás ina mbeidh suaitheadh ann

1.   Glacfaidh an bord bainistíochta spriocanna comhchoiteanna le haghaidh na poncúlachta agus/nó treoirlínte don bhainistiú tráchta i gcás suaitheadh a bheith ann maidir le gluaiseachtaí traenacha ar an dorchla lasta.

2.   I gcomhréir leis na spriocanna comhchoiteanna agus/nó i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh gach bainisteoir bonneagair lena mbaineann rialacha tosaíochta a tharraingt suas a bheidh infheidhme maidir le bainistiú na gcineálacha éagsúla tráchta sa chuid sin de na dorchlaí lasta atá faoi réim fhreagracht an bhainisteora bonneagair sin. Foilseofar na rialacha tosaíochta sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2001/14/CE.

3.   Maidir leis na prionsabail chun na rialacha tosaíochta a bhunú, forálfar leo ar a laghad nach ndéanfar, a mhéid is féidir, aon mhodhnú ar an gconair thraenach dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus (4) agus a chionroinntear do thraenacha lasta a chomhlíonann a n-am sceidealta sa tráthchlár oibre. Leis na prionsabail chun na rialacha tosaíochta a bhunú, féachfar le híoslaghdú a dhéanamh ar an aga téarnaimh foriomlán don ghréasán i dtaca le riachtanais gach cineáil iompair. Chun na críche sin, féadfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú a dhéanamh ar an mbainistiú idir na cineálacha éagsúla tráchta feadh roinnt dorchlaí lasta éagsúla.

Airteagal 18

Faisnéis faoi na coinníollacha a ghabhann le húsáid an dorchla lasta

Déanfaidh an bord bainistíochta doiciméad ina mbeidh an méid seo a leanas a tharraingt suas, a nuashonrú agus a fhoilsiú go tráthrialta:

(a)

an fhaisnéis go léir atá sa ráiteas gréasáin do ghréasáin náisiúnta maidir leis an dorchla lasta, arna tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2001/14/CE;

(b)

liosta agus saintréithe na gcríochfort, go háirithe faisnéis faoi choinníollacha agus modhanna chun rochtain a fháil ar na críochfoirt;

(c)

an fhaisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 go hAirteagal 17 den Rialachán seo; agus

(d)

an plean cur chun feidhme.

Airteagal 19

Cáilíocht na seirbhíse ar an dorchla lasta

1.   Déanfaidh bord bainistíochta an dorchla lasta comhoiriúnacht idir na scéimeanna feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2001/14/CE, a chur chun cinn feadh an dorchla lasta.

2.   Déanfaidh an bord bainistíochta faireachán ar fheidhmíocht na seirbhísí lasta iarnróid sa dorchla lasta agus foilseoidh sé torthaí an fhaireacháin sin uair sa bhliain.

3.   Eagróidh an bord bainistíochta suirbhé faoi shástacht úsáideoirí an dorchla lasta agus foilseoidh sé torthaí an tsuirbhé uair sa bhliain.

Airteagal 20

Na comhlachtaí rialála

1.   Comhoibreoidh na comhlachtaí rialála dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2001/14/CE chun faireachán a dhéanamh ar an iomaíocht sa dorchla lasta iarnróid. Go háirithe, áiritheoidh siad go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ann ar an dorchla agus is iad na comhlachtaí achomhairc iad dá bhforáiltear faoi Airteagal 30(2) den Treoir sin. Malartóidh siad an fhaisnéis riachtanach a bheidh faighte acu ó bhainisteoirí bonneagair agus ó pháirtithe ábhartha eile.

2.   Chun iomaíocht shaor agus chóir sna dorchlaí lasta a chothú, féachfaidh na Ballstáit le leibhéal rialála inchomparáide a bhunú. Beidh na comhlachtaí rialála inrochtana go héasca ag rannpháirtithe an mhargaidh agus beidh siad in ann cinntí a dhéanamh go neamhspleách agus go héifeachtúil.

3.   I gcás gearáin ó iarratasóir chuig comhlacht rialála maidir leis na seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid, nó faoi chuimsiú imscrúdaithe féintionscnaimh ag comhlacht rialála, rachaidh an comhlacht rialála sin i gcomhairle le comhlachtaí rialála gach Ballstáit eile a dtéann an chonair thraenach idirnáisiúnta do thraenacha lasta lena mbaineann trína chríoch agus iarrfaidh sé an fhaisnéis uile is gá sula ndéanfaidh sé cinneadh.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí rialála a dtéitear i gcomhairle leo faoi mhír 3, an fhaisnéis uile a bhfuil sé de cheart acu féin í a iarraidh faoina reachtaíocht náisiúnta a sholáthar don chomhlacht rialála lena mbaineann. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun an gearán nó an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 3 a láimhseáil.

5.   Déanfaidh an comhlacht rialála a gheobhaidh an gearán nó a mbeidh an t-imscrúdú féintionscnaimh tionscanta aige an fhaisnéis ábhartha a aistriú chuig an gcomhlacht rialála freagrach ionas go mbeidh an comhlacht sin in ann bearta a dhéanamh maidir leis na páirtithe lena mbaineann.

6.   Déanfaidh aon ionadaithe gaolmhara de chuid bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Threoir 2001/14/CE a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis uile is gá chun an gearán nó an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a láimhseáil agus an fhaisnéis uile a iarrfaidh comhlacht rialála an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionadaí gaolmhar suite a sholáthar gan mhoill. Beidh an comhlacht rialála sin i dteideal an fhaisnéis sin faoin gconair thraenach idirnáisiúnta lena mbaineann a aistriú chuig na comhlachtaí rialála a luaitear i mír 3 den Airteagal seo.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 11a de Threoir 91/440/CEE cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Threoir 1999/468/CE.

Airteagal 22

Faireachán ar an gcur chun feidhme

Gach dhá bhliain ón tráth a mbunófar dorchla lasta, déanfaidh an bord feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(1) torthaí an phlean cur chun feidhme don dorchla sin a thíolacadh don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na torthaí sin agus tabharfaidh sé fógra faoina anailís don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 23

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú go tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, den chéad uair faoin 10 Samhain 2015, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 24

Bearta idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Poblacht na Cipire ná maidir le Málta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe ina gcríoch.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Meán Fómhair 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 317, 23.12.2009, lch. 94.

(2)  IO C 79, 27.3.2010, lch. 45.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 354), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 22 Feabhra 2010 (IO C 114 E, 4.5.2010, lch. 1), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010.

(4)  IO L 237, 24.8.1991, lch. 25.

(5)  IO L 75, 15.3.2001, lch. 29.

(6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(7)  Féach Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le treoirlínte Aontais le haghaidh an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (IO L 204, 5.8.2010, lch. 1).

(8)  IO L 199, 31.7.1985, lch. 1.

(9)  IO L 191, 18.7.2008, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Liosta de na dorchlaí lasta tosaigh

 

Na Ballstáit

Na Príomhbhealaí (1)

Bunú na ndorchlaí lasta:

1.

NL, BE, DE, IT

Zeebrugge-Antuairp/Rotterdam-Duisburg-[Basel]-Milano-Genova

Faoin 10 Samhain 2013

2.

NL, BE, LU, FR

Rotterdam-Antuairp-Luscamburg-Metz-Dijon-Lyon/[Basel]

Faoin 10 Samhain 2013

3.

SE, DK, DE, AT, IT

Stócólm-Malmö-Cóbanhávan-Hamburg-Innsbruck-Verona-Palermo

Faoin 10 Samhain 2015

4.

PT, ES, FR

Sines-Liospóin/Leixões

Maidrid-Medina del Campo/Bilbao/San Sebastian-Irun-Bordeaux-Páras/Le Havre/Metz

Sines-Elvas/Algeciras

Faoin 10 Samhain 2013

5.

PL, CZ, SK, AT, IT, SI

Gdynia-Katowice-Ostrava/Žilina-Bratislava/Vín/Klagenfurt-Udine-an Veinéis/Trieste/Bologna/Ravenna/

Graz-Maribor-Ljubljana-Koper/Trieste

Faoin 10 Samhain 2015

6.

ES, FR, IT, SI, HU

Almería-Valencia/Maidrid- Zaragosa/Barcelona-Marseille-Lyon-Turin-Milano-Verona-Padua/An Veinéis-Trieste/Koper-Ljubljana-Búdaipeist-Zahony (teorainn na hUngáire-na hÚcráine)

Faoin 10 Samhain 2013

7.

CZ, AT, SK, HU, RO, BG, EL

Búcairist-Constanta

Prág-Vín/an Bhratasláiv-Búdaipeist

Vidin-Sóifia-Thessaloniki-an Aithin

Faoin 10 Samhain 2013

8.

DE, NL, BE, PL, LT

Bremerhaven/Rotterdam/Antuairp-Aachen/Beirlín-Vársá-Terespol (teorainn na Polainne-na Bealarúise)/Kaunas

Faoin 10 Samhain 2015

9.

CZ, SK

Prág-Horní Lideč-Žilina-Košice-Čiernanad Tisou (teorainn na Slóvaice-na hÚcráine)

Faoin 10 Samhain 2013


(1)  Ciallaíonn ‘/’ bealaí malartacha. I gcomhréir le tionscadail tosaíochta TEN-T, ba cheart go gcríochnófaí bealach 4 agus bealach 6 trí Thionscadal 16, ais lasta Sines/Algeciras-Maidrid-Páras ina gclúdaítear an trasnú trí lár na bPiréiní trí thollán iseal-ingearchló.


Ceartúchán

20.10.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/33


Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 lena n-oiriúnaítear líon ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid a hAon

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 311, an 21 Samhain 2008 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Leathanach 29, an Iarscríbhinn, pointe 5.6, mír 3 d'Airteagal nua 8 de Rialachán (CE) Uimh. 808/2004

in ionad:

‘3.   Glacfar na bearta cur chun feidhme ar a laghad naoi mí roimh thús tréimhse bailithe sonraí.’

Léitear:

‘3.   Déanfar na bearta cur chun feidhme a tharraingt suas ar a laghad naoi mí roimh thús tréimhse bailithe sonraí.’