ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2010.194.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

53
24 Iúil 2010


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 641/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

23

 


 

(1)   Faoin tagairt L 194 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

24.7.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 640/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2010

lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is Páirtí Conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, ar Coinbhinsiún é a formheasadh le Cinneadh 98/392/CE (3) ón gComhairle, is Páirtí Conarthach é sa Chomhaontú i ndáil le cur chun feidhme na bhforálacha den Choinbhinsiún sin a bhaineann le caomhnú agus bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mhórimircigh, ar Comhaontú é a daingníodh le Cinneadh 98/414/CE (4) ón gComhairle agus is Páirtí Conarthach é sa Chomhaontú chun comhlíonadh beart caomhnaithe idirnáisiúnta agus beart bainistíochta idirnáisiúnta ag soithí iascaireachta ar an Mórmhuir a chur chun cinn, ar Comhaontú é ar glacadh leis le Cinneadh 96/428/CE (5) ón gComhairle. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta sin, glacann an tAontas páirt sna hiarrachtaí atá á ndéanamh chun bainistiú inbhuanaithe stoc éisc mhórimircigh a áirithiú.

(2)

De bhun Chinneadh 86/238/CEE ón gComhairle, is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um THhuinníní Atlantacha a Chaomhnú (6) (Coinbhinsiún ICCAT). Le Coinbhinsiún ICCAT, déantar foráil i ndáil le creat don chomhoibriú réigiúnach maidir le caomhnú agus bainistiú tuinnín agus speiceas atá cosúil le tuinnín san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird trí bhíthin Coimisiúin Idirnáisiúnta um THhuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), agus déantar foráil maidir le glacadh moltaí is infheidhme i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT ar moltaí iad a thagann chun bheith ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha, ar Pháirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, ar eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha agus ar eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta (CPCanna).

(3)

Rinneadh Moltaí ICCAT 1992-01, 1993-03, 1996-10, 1997-04, 1998-12, 03-19 agus 06-15 agus Rúin 1993-02, 1994-04 agus 1994-05 maidir le clár um dhoiciméid staidrimh do thuinnín gorm a chur chun feidhme le Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i dtuinnín gorm, i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal (7).

(4)

Chun cáilíocht agus iontaofacht na sonraí staidrimh a fheabhsú agus d’fhonn an iascaireacht neamhdhleathach a chosc agus a dhíspreagadh, agus d’fhonn deireadh a chur le hiascaireacht den sórt sin, mar chuid de na bearta chun stoic tuinnín ghoirm a rialáil, rinne ICCAT, an 15 Samhain 2009, ag a chruinniú bliantúil in Recife (An Bhrasaíl), Moladh 09-11 a ghlacadh lena leasaítear Moladh 08-12 i dtaca le clár ICCAT maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm. Tháinig an Moladh sin i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2010 agus is gá don Aontas é a chur chun feidhme.

(5)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh na forálacha maidir le clár ICCAT um dhoiciméid ar ghabháil tuinnín ghoirm soléite agus d’fhonn a áirithiú go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, ba cheart na forálacha ábhartha sin de Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 a bhaineann le doiciméad staidrimh ICCAT do thuinnín gorm agus leis an deimhniú athonnmhairiúcháin a scriosadh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 a leasú dá réir.

(6)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le trasuí beart nua um chaomhnú arna nglacadh ag ICCAT, agus ar an gcaoi sin na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorlíonadh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán ar leibhéal saineolaí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, bunaítear clár Aontais maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm d’fhonn tacú le cur chun feidhme na mbeart maidir le caomhnú agus bainistiú a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um THhuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), ar clár é lena n-ionchorpraítear forálacha chlár ICCAT maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm d’fhonn tionscnamh gach tuinnín ghoirm a shainaithint.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘tuinnín gorm’ iasc den speiceas Thunnus thynnus a thagann faoi réim chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

ciallaíonn ‘trádáil intíre’:

(i)

trádáil, i mBallstát amháin nó idir dhá Bhallstát nó níos mó, i dtuinnín gorm arna ghabháil i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT ag soitheach gabhála Aontais nó ag gaiste Aontais, ar tuinnín gorm é a chuirtear i dtír i gcríoch an Aontais; agus

(ii)

trádáil, i mBallstát amháin nó idir dhá Bhallstát nó níos mó, i dtuinnín gorm feirme arna ghabháil i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT ag soitheach gabhála Aontais, ar tuinnín gorm é a chuirtear i gcaighean i bhfeirm atá bunaithe i gcríoch an Aontais;

(c)

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ aon ghluaiseacht tuinnín ghoirm chuig tríú tír i gcás tuinnín ghoirm arna ghabháil i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT ag soitheach gabhála Aontais nó ag gaiste Aontais, lena n-áirítear gluaiseacht ó chríoch an Aontais, ó thríú tíortha nó ó mheánna;

(d)

ciallaíonn ‘allmhairiú’ tuinnín gorm a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear chun é a chur i gcaighean, é a ramhrú, feirmeoireacht a dhéanamh air nó é a thrasloingsiú, ar tuinnín gorm é arna ghabháil i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT ag soitheach gabhála tríú tír nó ag gaiste tríú tír;

(e)

ciallaíonn ‘athonnmhairiú’ aon ghluaiseacht tuinnín ghoirm ó chríoch an Aontais i gcás tuinnín ghoirm a allmhairíodh isteach i gcríoch an Aontais roimhe sin;

(f)

ciallaíonn ‘limistéar Coinbhinsiúin ICCAT’ an limistéar arna chinneadh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um THhuinníní Atlantacha a Chaomhnú;

(g)

ciallaíonn ‘Ballstát na brataí’ an Ballstát a bhfuil an soitheach gabhála faoina bhratach;

(h)

ciallaíonn ‘Ballstát an ghaiste’ an Ballstát ina bhfuil an gaiste bunaithe;

(i)

ciallaíonn ‘an Ballstát feirme’ an Ballstát ina bhfuil an fheirm bunaithe;

(j)

ciallaíonn ‘CPCanna’ Páirtithe Conarthacha, páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha agus eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta de chuid ICCAT;

(k)

ciallaíonn ‘luchtóg’ cainníocht de tháirgí tuinnín ghoirm a bhfuil an chuma chéanna orthu agus arb é a dtionscnamh an limistéar geografach ábhartha céanna agus an soitheach iascaireachta nó an grúpa soithí iascaireachta céanna, nó an gaiste céanna.

CAIBIDIL II

DOICIMÉAD UM GHABHÁIL TUINNÍN GHOIRM

Airteagal 3

Forálacha Ginearálta

1.   Éileoidh na Ballstáit doiciméad comhlánaithe um ghabháil tuinnín ghoirm (‘doiciméad um ghabháil’) le haghaidh gach tuinnín ghoirm a chuirtear i dtír nó a thrasloingsítear ag a gcalafoirt, a chuirtear i gcaighin de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV, agus a bhuaintear óna bhfeirmeacha.

2.   Beidh doiciméad bailíochtaithe um ghabháil in éineacht le gach luchtóg tuinnín ghoirm a bheidh á trádáil ar bhonn intíre, á hallmhairiú isteach i gcríoch an Aontais, nó á honnmhairiú nó á hathonnmhairiú ó chríoch an Aontais - seachas i gcásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4 (3) - agus, i gcás inarb infheidhme, beidh dearbhú aistrithe ICCAT nó deimhniú athonnmhairiúcháin bailíochtaithe tuinnín gorm (‘deimhniú athonnmhairiúcháin’) in éineacht léi freisin.

Toirmiscfear tuinnín gorm a chur i dtír, a thrasloingsiú, a chur i gcaighin, a bhuain, a thrádáil ar bhonn intíre, a allmhairiú, a onnmhairiú nó a athonnmhairiú gan doiciméad comhlánaithe bailíochtaithe um ghabháil agus, i gcás inarb infheidhme, deimhniú athonnmhairiúcháin, a bheith ann ina leith sin.

3.   Ní chuirfidh na Ballstáit tuinnín gorm isteach i bhfeirm nach mbeidh údaraithe ag Ballstát nó ag na CPCanna nó nach liostaítear i dtaifead ICCAT na saoráidí feirme arna n-údarú chun gabháil d’fheirmeoireacht tuinnín ghoirm arna ghabháil i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT.

4.   Áiritheoidh Ballstáit feirme go gcuirfear gabhálacha tuinnín ghoirm i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus go ndéanfar iad a dheighilt ar bhonn a mBallstát tionscnaimh nó a CPC tionscnaimh.

5.   De mhaolú ar mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit feirme go ndéantar tuinnín gorm arna ghabháil i gcomhthéacs oibríochta comhpháirtí iascaireachta, arna sainmhíniú le hAirteagal 2(g) de Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa MHheánmhuir (8), a chur i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean agus a dheighilt ar bhonn oibríochtaí comhpháirteacha iascaireachta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit feirme go mbuainfear tuinnín gorm ó fheirmeacha sa bhliain chéanna ina ngabhtar iad, nó roimh thús thréimhse iascaireachta na mbád peas-saighneoireachta, má bhuaintear iad sa bhliain dár gcionn. I gcás nach gcríochnófar oibríochtaí buainteoireachta laistigh den tréimhse sin, déanfaidh na Ballstáit feirme dearbhú bliantúil um thabhairt anonn a chomhlánú agus é a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de dheich lá ó dheireadh na tréimhse sin. Áireofar an méid seo a leanas sa dearbhú sin:

cainníochtaí (arna sloinneadh in kg) agus an líon éisc a bheartaítear a thabhairt anonn,

bliain na gabhála,

comhdhéanamh na méideanna,

Ballstát na brataí nó CPC, uimhir ICCAT agus ainm an tsoithigh gabhála,

uimhreacha tagartha an doiciméid um ghabháil a fhreagróidh do na gabhálacha a tugadh anonn,

ainm agus uimhir ICCAT na saoráide ramhrúcháin,

uimhir an chaighin, agus

faisnéis maidir leis na cainníochtaí a buaineadh (arna sloinneadh in kg), tráth dheireadh na buainte.

Cuirfidh an Coimisiún na dearbhuithe sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de chúig lá.

7.   Déanfar cainníochtaí a thabharfar anonn i gcomhréir le mír 6 a chur i gcaighin ar leithligh nó i sraitheanna ar leithligh caighean ar an bhfeirm agus iad deighilte óna chéile ar bhonn na bliana inar gabhadh iad.

8.   Ní dhéanfaidh Ballstáit na brataí nó Ballstáit an ghaiste foirmeacha i ndáil le doiciméad um ghabháil a sholáthar ach amháin do shoithí gabhála agus do ghaistí dá gcuid atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar thuinnín gorm i limistéar Coinbhinsiúin ICCAT, lena n-áirítear tuinnín gorm arna ghabháil mar sheachghabháil.

9.   Beidh uimhir uathúil sainaitheantais doiciméid ag gach foirm i ndáil le doiciméad um ghabháil. Beidh na huimhreacha doiciméid bainteach go sonrach le Ballstát na brataí nó le Ballstát an ghaiste agus sannfar iad do ghach soitheach gabhála nó do ghach gaiste. Ní bheidh foirmeacha den sórt sin inaistrithe chuig soitheach gabhála eile ná chuig gaiste eile.

10.   Leanfaidh cóipeanna de na doiciméid um ghabháil gach cuid de luchtóga deighilte nó den táirge próiseáilte, agus uimhir uathúil sainaitheantais doiciméid an bhundoiciméid um ghabháil á húsáid d’fhonn iad a rianú.

11.   Déanfar trádáil intíre, allmhairiú, onnmhairiú agus athonnmhairiú codanna den iasc seachas an fheoil (i.e. cloigne, súile, eochraí, putóga agus eireabaill) a dhíolmhú ó cheanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 4

Bailíochtú

1.   Déanfaidh máistrí na soithí gabhála, oibreoirí gaistí, oibreoirí feirmeacha, díoltóirí, onnmhaireoirí, nó a n-ionadaithe údaraithe, doiciméad um ghabháil a chomhlánú, agus sin a dhéanamh go leictreonach más féidir é, tríd an bhfaisnéis riachtanach a sholáthar sna ranna iomchuí agus iarrfaidh siad é a bhailíochtú i gcomhréir le mír 2 gach uair a dhéanfaidh siad tuinnín gorm a chur i dtír, a aistriú, a chur i gcaighin, a bhuain, a thrasloingsiú, a thrádáil ar bhonn intíre nó a onnmhairiú.

2.   Déanfaidh údarás innIúil Bhallstát na brataí, Bhallstát an ghaiste nó an Bhallstáit feirme nó an Bhallstáit ina bhfuil an díoltóir nó an t-onnmhaireoir bunaithe an doiciméad um ghabháil a bhailíochtú. Ní dhéanfaidh na Ballstáit an doiciméad um ghabháil a bhailíochtú don tuinnín gorm go léir ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá bratach an Bhallstáit inar buaineadh an tuinnín gorm ar foluain ag soitheach gabhála nó tá gaiste nó feirm bunaithe sa Bhallstát inar buaineadh an tuinnín gorm,

(b)

maidir leis an bhfaisnéis go léir atá sa doiciméad um ghabháil, suíodh go bhfuil sí cruinn tar éis fíorú a dhéanamh ar an luchtóg,

(c)

tá na méideanna carntha atá le bailíochtú laistigh dá gcuótaí nó laistigh de theorainneacha gach bliana bainistíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cuótaí aonair arna gcionroinnt ar shoithí gabhála nó ar ghaistí, agus

(d)

tá forálacha ábhartha de bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT á gcomhlíonadh i dtaca leis an tuinnín gorm de.

3.   Ní bheidh gá le bailíochtú faoi mhír 2 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil clibeáil, dá dtagraítear in Airteagal 5, déanta ar an tuinnín gorm go léir atá ar fáil lena dhíol ag Ballstát na brataí nó ag Ballstát an ghaiste ina ndearnadh iascaireacht ar an tuinnín gorm lena mbaineann.

4.   I gcás inar lú ná 1 tona amháin meáchain, nó inar lú ná trí iasc, cainníochtaí an tuinnín ghoirm a ghabhtar agus a chuirtear i dtír, féadfar an logleabhar iascaireachta nó an nóta díolacháin a úsáid mar dhoiciméad sealadach um ghabháil, go dtí go ndéanfar an doiciméad um ghabháil a bhailíochtú laistigh de sheacht lá agus sula ndéanfar trádáil intíre nó onnmhairiú.

5.   De réir mar is iomchuí, beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh i ndoiciméad bailíochtaithe um ghabháil.

6.   Tá samhail den doiciméad um ghabháil leagtha amach in Iarscríbhinn III. I gcásanna nach dtugtar spás leordhóthanach sa tsamhail den doiciméad um ghabháil chun gluaiseacht tuinnín ghoirm a rianú go hiomlán ón ngabháil go dtí an trádáil, féadfar an roinn ábhartha don fhaisnéis a mhéadú de réir mar is gá agus í a chur i gceangal leis an doiciméad mar iarscríbhinn. Déanfaidh údarás innIúil an Bhallstáit lena mbaineann an iarscríbhinn a bhailíochtú a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an chéad ghluaiseacht eile i gcás an tuinnín ghoirm i dtrácht.

7.   Tá treoracha le haghaidh eisiúint, uimhriú, chomhlánú agus bhailíochtú an doiciméid um ghabháil leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 5

Clibeáil

1.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar a soithí gabhála nó ar a ngaistí clib a ghreamú de ghach tuinnín gorm, agus is fearr go ndéanfaí amhlaidh an tráth a mbeidh sé á mharú, ach déanfar amhlaidh tráth nach déanaí ná an t-am a chuirtear i dtír é. Beidh uimhreacha uathúla atá bainteach go sonrach leis an mBallstát ar na clibeanna agus beidh na clibeanna crioscaíldíonach. Beidh nasc idir uimhreacha clibeanna agus an doiciméad um ghabháil.

2.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann achoimre ar chur chun feidhme an chláir clibeála a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún na hachoimrí ar aghaidh chuig Ardrúnaíocht ICCAT laistigh de thréimhse reasúnach ama.

3.   Ní údarófar clibeanna a úsáid ach amháin nuair atá méideanna carntha na ngabhálacha laistigh de chuótaí nó de theorainneacha gabhála na mBallstát do ghach bliain bainistíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cuótaí aonair arna gcionroinnt ar shoithí gabhála nó ar ghaistí.

CAIBIDIL III

DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN DO THUINNÍN GORM

Airteagal 6

Forálacha Ginearálta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deimhniú bailíochtaithe athonnmhairiúcháin in éineacht le gach luchtóg tuinnín ghoirm a athonnmhairítear óna gcríoch féin.

Ní bheidh feidhm ag an deimhniú athonnmhairiúcháin i gcásanna ina ndéantar tuinnín gorm feirme a allmhairiú beo.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an athonnmhairiú an deimhniú athonnmhairiúcháin a chomhlánú tríd an bhfaisnéis riachtanach a sholáthar ina ranna iomchuí agus iarrfaidh sé go ndéanfar an deimhniú a bhailíochtú i gcomhair na luchtóige tuinnín ghoirm atá le hathonnmhairiú. Déanfar cóip den doiciméad bailíochtaithe um ghabháil nó de na doiciméid bhailíochtaithe um ghabháil a bhaineann leis an tuinnín gorm a allmhairíodh roimhe sin a chur in éineacht leis an deimhniú comhlánaithe athonnmhairiúcháin.

Airteagal 7

Athonnmhairiú a bhailíochtú

1.   Déanfaidh údarás innIúil an Bhallstáit athonnmhairiúcháin an deimhniú athonnmhairiúcháin a bhailíochtú.

2.   Ní dhéanfaidh an t-údarás innIúil an deimhniú athonnmhairúcháin do ghach táirge tuinnín gorm a bhailíochtú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a shuífear go bhfuil an fhaisnéis go léir atá sa deimhniú athonnmhairiúcháin cruinn,

(b)

nuair a dhéanfar an doiciméad bailíochtaithe um ghabháil nó na doiciméid bhailíochtaithe um ghabháil a cuireadh isteach mar thaca leis an deimhniú athonnmhairiúcháin a ghlacadh i ndáil le hallmhairiú na dtáirgí a bhfuil dearbhú tugtha ina leith ar an deimhniú athonnmhairiúcháin,

(c)

nuair is iad na táirgí atá le hathonnmhairiú, ina n-iomláine nó go páirteach, na táirgí céanna atá luaite ar an doiciméad bailíochtaithe um ghabháil nó ar na doiciméid bhailíochtaithe um ghabháil, agus

(d)

nuair atá cóip den doiciméad um ghabháil nó de na doiciméid um ghabháil i gceangal leis an deimhniú bailíochtaithe athonnmhairiúcháin.

3.   Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V san áireamh sa deimhniú bailíochtaithe athonnmhairiúcháin.

CAIBIDIL IV

DOICIMÉID A THARCHUR AGUS A FHÍORÚ

Airteagal 8

Doiciméid bhailíochtaithe a tharchur agus a chaomhnú

1.   Ach amháin i gcásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(3), déanfaidh na Ballstáit cóip de na doiciméid bhailíochtaithe go léir um ghabháil nó de na deimhnithe bailíochtaithe athonnmhairiúcháin go léir a tharchur a luaithe is féidir, agus ar aon chuma laistigh de chúig lá ón dáta a ndéantar an bailíochtú, nó gan mhoill i gcás ina measfar nach mó ná cúig lá oibre a mhairfidh ré an iompair, chucu seo a leanas:

(a)

an Coimisiún,

(b)

údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ina ndéanfar trádáil intíre, feirmeoireacht nó allmhairiú ar an tuinnín gorm, agus

(c)

Rúnaíocht ICCAT.

2.   Déanfaidh na Ballstáit cóipeanna de na doiciméid bhailíochtaithe um ghabháil agus de na deimhnithe athonnmhairiúcháin a eiseoidh siad nó a gheobhaidh siad a choimeád go ceann dhá bhliain ar a laghad.

Airteagal 9

Fíorú

1.   Áiritheoidh Ballstáit go sainaithneoidh a n-údaráis inniúla gach luchtóg tuinnín ghoirm a chuirtear i dtír, a thrasloingsítear nó a thrádáiltear ar bhonn intíre ina gcríoch, nó a allmhairítear isteach ina gcríoch nó a onnmhairítear nó a athonnmhairítear óna gcríoch. Iarrfaidh na húdaráis inniúla an doiciméad bailíochtaithe um ghabháil nó na doiciméid bhailíochtaithe um ghabháil agus doiciméid ghaolmhara maidir le gach luchtóg tuinnín ghoirm agus déanfaidh siad scrúdú ar na doiciméid sin. Mar chuid den scrúdú, ceadófar an bunachar sonraí maidir le bailíochtú atá i seilbh Rúnaíocht ICCAT.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla scrúdú a dhéanamh freisin ar inneachar na luchtóige chun an fhaisnéis atá sa doiciméad um ghabháil agus sna doiciméid ghaolmhara a fhíorú agus, más gá, déanfaidh siad fíoruithe in éineacht leis na hoibreoirí lena mbaineann.

3.   Más rud é, mar thoradh ar scrúduithe nó ar fhíoruithe arna ndéanamh de bhun mhír 1 agus mhír 2, go bhfuil amhras ann faoin bhfaisnéis atá i ndoiciméad um ghabháil, comhoibreoidh na Ballstáit leis na húdaráis inniúla a bhailíochtaigh an doiciméad um ghabháil nó na doiciméid um ghabháil nó an deimhniú athonnmhairiúcháin nó na deimhnithe athonnmhairiúcháin chun an t-amhras sin a réiteach.

4.   Má dhéanann Ballstát luchtóg nach bhfuil doiciméad um ghabháil in éineacht léi a shainaithint, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin do Bhallstát an tseachadta, nó do CPC an onnmhairithe agus, i gcás inarb eol cé hiad, do Bhallstát na brataí nó do CPC na brataí.

5.   Fad a bheidh na scrúduithe nó na fíoruithe faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 ar feitheamh, ní scaoilfidh na Ballstáit an luchtóg chun í a thrádáil ar bhonn intíre, chun í a allmhairiú nó chun í a onnmhairiú, ná, i gcás tuinnín ghoirm bheo a bheidh á chur chuig feirmeacha, ní ghlacfaidh na Ballstáit leis an dearbhú maidir le haistriú.

6.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát, mar thoradh ar scrúduithe nó ar fhíoruithe de bhun mhír 1 agus i gcomhar leis na húdaráis bhailíochtúcháin lena mbaineann, go bhfuil doiciméad um ghabháil nó deimhniú athonnmhairiúcháin neamhbhailí, déanfar trádáil intíre sa luchtóg tuinnín ghoirm lena mbaineann nó allmhairiú, onnmhairiú nó athonnmhairiú na luchtóige tuinnín ghoirm lena mbaineann a thoirmeasc.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A THARCHUR

Airteagal 10

Faisnéis faoi bhailíochtú agus faoi phointí teagmhála

1.   Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

(a)

ainm agus seoladh iomlán a n-údarás innIúil i ndáil le doiciméid um ghabháil nó deimhnithe athonnmhairiúcháin a bhailíochtú agus a fhíorú,

(b)

ainm, teideal agus léiriú samplach de stampa nó de shéala na n-oifigeach bailíochtúcháin ag a bhfuil cumhacht aonair, agus

(c)

de réir mar is iomchuí, samplaí de chlibeanna.

2.   San fhógra sin, cuirfear in iúl an dáta a ngabhfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 éifeacht. Déanfar mionsonraí cothrom le dáta maidir leis na húdaráis bhailíochtúcháin agus maidir leis na hoifigigh bhailíochtúcháin a chur in iúl don Choimisiún go tráthúil.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na pointí teagmhála ar ceart iad a chur ar an eolas nuair a bheidh ceisteanna ann a bhaineann le doiciméid um ghabháil nó le deimhnithe athonnmhairiúcháin, agus go háirithe, ainmneacha na bpointí teagmhála sin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 11

Tuarascáil bhliantúil ar an gclár

1.   Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit, ar mhodh leictreonach, tuarascáil ar an gclár, lena n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, a sholáthar don Choimisiún, ar tuarascáil í ina gcumhdófar an tréimhse ón 1 Iúil an bhliain roimhe sin go dtí an 30 Meitheamh sa bhliain chéadluaite.

2.   Bunóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil an Aontais ar an gclár agus cuirfidh sé faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT í faoin 1 Deireadh Fómhair gach bliain.

CAIBIDIL VI

forálacha críochnaitheacha

Airteagal 12

Na hIarscríbhinní a leasú

D’fhonn na bearta caomhnaithe arna nglacadh ag ICCAT a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, le gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14 agus in Airteagal 15, na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

Nuair a bheidh na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 12 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse cúig bliana tar éis 14 Lúnasa 2010. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a ullmhú maidir leis na cumhachtaí tarmligthe. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 14.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 14

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d’fhonn a chinneadh an gcúlgairfear tarmligean na gcumhachtaí le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh d’am réasúnach sula ndéanfar an cinneadh críochnaitheach.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle fadófar an tréimhse sin dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna le hagóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003

1.   Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 mar a leanas:

(a)

sa teideal, scriostar na focail ‘dtuinnín gorm’;

(b)

in Airteagal 1(a), scriostar na focail ‘thuinnín gorm (Thunnus thynnus)’;

(c)

in Airteagal 2, scriostar na focail ‘tuinnín gorm, le’;

(d)

in Airteagal 3, scriostar pointe (a);

(e)

in Airteagal 4(1), scriostar an chéad fhleasc;

(f)

in Airteagal 4(2)(b)(iii), scriostar na focail ‘tuinnín ghoirm’;

(g)

in Airteagal 5(1), scriostar an chéad fhleasc;

(h)

in Airteagal 6(1) sa dara mír, scriostar pointe (a);

(i)

in Airteagal 8(a), scriostar na focail ‘do thuinnín gorm’;

(j)

in Airteagal 9(2), scriostar pointe (a);

(k)

aisghairtear Iarscríbhinní I, IVa, IX agus XV leis seo.

2.   Déanfar tagairtí do na forálacha aisghairthe de Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 17

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo ar bhonn na moltaí arna nglacadh ag ICCAT, agus tuairimí nuashonraithe eolaíocha ar mhéid na stoc éisc á gcur san áireamh aige, ar tuairimí iad a thíolacfar ag a chruinnithe, agus tíolacfaidh sé tograí i gcomhair aon leasuithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Júil 2010

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 17 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010.

(3)  IO L 179, 23.6.1998, lch. 1.

(4)  IO L 189, 3.7.1998, lch. 14.

(5)  IO L 177, 16.7.1996, lch. 24.

(6)  IO L 162, 18.6.1986, lch. 33.

(7)  IO L 295, 13.11.2003, lch. 1.

(8)  IO L 96, 15.4.2009, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(a)

Tuairisc na nEarraí

Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (1)

Tuinníní gorma beo (Thunnus thynnus)

0301 94 00

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), úr nó fuaraithe gan filléid agus feoil eile a áireamh

0302 35 10

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), úr nó fuaraithe gan filléid agus feoil a áireamh seachas filléid agus feoil eile atá ceaptha do mhonarú tionsclaíoch éisc ullmhaithe nó éisc chaomhnaithe

0302 35 90

Tuinníní gorma iomlána (Thunnus thynnus), reoite, gan filléid agus feoil eile do mhonarú tionsclaíoch éisc ullmhaithe nó éisc chaomhnaithe a áireamh

0303 45 11

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), reoite, geolbhaithe agus glanta gan filléid agus feoil eile do mhonarú tionsclaíoch éisc ullmhaithe nó éisc chaomhnaithe a áireamh

0303 45 13

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), reoite, seachas filléid iomlána nó filléid gheolbhaithe, agus glanta gan filléid agus feoil eile do mhonarú tionsclaíoch éisc ullmhaithe nó éisc chaomhnaithe a áireamh

0303 45 19

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), reoite, gan filléid agus feoil eile a áireamh seachas filléid agus feoil eile do mhonarú tionsclaíoch éisc ullmhaithe nó éisc chaomhnaithe

0303 45 90

Filléid tuinníní gorma (Thunnus thynnus), úr nó fuaraithe

ex 0304 19 39

Feoil seachas filléid tuinníní gorma (Thunnus thynnus), úr nó fuaraithe

ex 0304 19 39

Filléid agus feoil eile tuinníní gorma (Thunnus thynnus) reoite

ex 0304 29 45

Feoil eile tuinníní gorma (Thunnus thynnus)

ex 0304 99 99

Filléid tuinníní gorma (Thunnus thynnus), triomaithe, saillte nó i sáile ach gan bheith deataithe

ex 0305 30 90

Tuinníní gorma deataithe (Thunnus thynnus), lena n-áirítear filléid

ex 0305 49 80

Tuinníní gorma triomaithe (Thunnus thynnus), cibé acu atá siad saillte nó nach bhfuil ach gan bheith deataithe

ex 0305 59 80

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), saillte, ach gan bheith triomaithe ná deataithe, agus i sáile

ex 0305 69 80

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), iomlán nó i bpíosaí ach gan bheith mionaithe, ullmhaithe ná caomhnaithe in ola glasraí

ex 1604 14 11

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), iomlán nó i bpíosaí ach gan bheith mionaithe, ullmhaithe ná caomhnaithe seachas i bhfilléid ola glasraí ar a dtugtar luain

ex 1604 14 16

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus), iomlán nó i bpíosaí ach gan bheith mionaithe, ullmhaithe ná caomhnaithe seachas in ola glasraí agus seachas filléid ar a dtugtar luanta

ex 1604 14 18

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus) seachas iomlán nó i bpíosaí ach gan bheith mionaithe, ullmhaithe ná caomhnaithe

ex 1604 20 70


(1)  Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).


IARSCRÍBHINN II

NA SONRAÍ ATÁ LE HÁIREAMH SA DOICIMÉAD UM GHABHÁIL TUINNÍN GHOIRM

1.   Uimhir dhoiciméad ICCAT um ghabháil tuinnín ghoirm

2.   Faisnéis faoi ghabháil

Tuairisc ar an soitheach nó ar an ngaiste

Ainm an tsoithigh ghabhála nó an ghaiste gabhála

Stát na brataí nó Stát an ghaiste

Taifeaduimhir ICCAT na soithí nó na ngaistí (más infheidhme)

Tuairisc ar an ngabháil

Dáta, limistéar na gabhála agus an trealamh a úsáideadh

An líon éisc, meáchan slánaithe iomlán, agus meánmheáchan (1)

Uimh. na Clibe (más infheidhme)

Taifeaduimhir ICCAT na n-oibríochtaí comhpháirteacha iascaireachta (más infheidhme)

Bailíochtú ag an Rialtas

Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal an tsínitheora, síniú, séala agus dáta

3.   Faisnéis trádála don trádáil in iasc beo

Tuairisc ar na táirgí

Meáchan iomlán beo, an líon éisc, an limistéar inar gabhadh iad

Faisnéis faoin onnmhaireoir/faoin díoltóir

An pointe onnmhairiúcháin nó an pointe imeachta

Ainm, seoladh agus síniú na cuideachta onnmhairiúcháin agus dáta

Feirm (ainm na feirme agus Uimh. ICCAT) agus an Stát is ceann scríbe

Tuairisc ar an modh iompair (tá doiciméid ábhartha le cur i gceangal leis an tuairisc)

Faisnéis faoin allmhaireoir/faoin gceannaitheoir

An pointe allmhairiúcháin nó an ceann scríbe

Ainm, seoladh agus síniú na cuideachta allmhairiúcháin agus dáta an tsínithe

Bailíochtú ag an Rialtas

Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal an tsínitheora, síniú, séala agus dáta

4.   Faisnéis faoi aistriú

Tuairisc ar an soitheach tarraingthe

Uimh. ICCAT an dearbhaithe um aistriú

Ainm an tsoithigh, an bhratach faoina bhfuil sé

Taifeaduimhir ICCAT agus uimhir an chaighin tarraingthe (más infheidhme)

An líon éisc a fuair bás agus iad á n-aistriú, a meáchan iomlán

5.   Faisnéis faoi thrasloingsiú

Tuairisc ar an soitheach iompair

Ainm

Stát na brataí

Taifeaduimhir ICCAT

Dáta

An calafort (ainm agus tír nó suíomh)

Tuairisc ar na táirgí

(F/FR; RD/GG/DR/FL/OT)

Meáchan iomlán (GLAN)

Bailíochtú ag an Rialtas

Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal an tsínitheora, síniú, séala agus dáta

6.   Faisnéis faoi fheirmeoireacht

Tuairisc ar an tsaoráid feirmeoireachta

Ainm na feirme, Ballstát Feirme

Uimh. FFB ICCAT agus suíomh na feirme

Rannpháirteach sa chlár samplála náisiúnta (tá nó níl)

Tuairisc ar an gcaighean

An dáta ar cuireadh na héisc sa chaighean, uimhir an chaighin

Tuairisc ar an iasc

Meastacháin ar an líon éisc, ar an meáchan iomlán agus ar an meánmheáchan (2)

Faisnéis faoi Bhreathnadóir Réigiúnach ICCAT

Ainm, uimhir ICCAT, síniú

Meastachán ar chomhdhéanamh na méideanna (< 8 kg, 8-30 kg, > 30 kg)

Bailíochtú ag an Rialtas

Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal an tsínitheora, síniú, séala agus dáta

7.   Faisnéis faoi bhuaint

Tuairisc ar an mbuaint

Dáta na buainte

An líon éisc, meáchan slánaithe iomlán, agus meánmheáchan

Uimhreacha na gclibeanna (más infheidhme)

Faisnéis faoi Bhreathnadóir Réigiúnach ICCAT

Ainm, uimhir ICCAT, síniú

Bailíochtú ag an Rialtas

Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal an tsínitheora, síniú, séala agus dáta

8.   Faisnéis faoi thrádáil

Tuairisc ar na táirgí

F/FR; RD/GG/DR/FL/OT (nuair a dhéantar cineálacha éagsúla táirgí a thaifeadadh sa roinn seo, déanfar an meáchan a thaifeadadh de réir chineál gach táirge)

Meáchan iomlán (GLAN)

Faisnéis faoin onnmhaireoir/faoin díoltóir

An pointe onnmhairiúcháin nó imeachta

Ainm, seoladh agus síniú na cuideachta onnmhairiúcháin agus dáta

An Stát is ceann scríbe

Tuairisc ar an modh iompair (tá doiciméid ábhartha le cur i gceangal leis an tuairisc)

Bailíochtú ag an Rialtas

Ainm an údaráis agus ainm an tsínitheora, teideal an tsínitheora, síniú, séala agus dáta

Faisnéis faoin allmhaireoir/faoin gceannaitheoir

An pointe allmhairiúcháin nó an ceann scríbe

Ainm, seoladh agus síniú na cuideachta allmhairiúcháin agus dáta an tsínithe


(1)  Déanfar an meáchan a thuairisciú i dtéarmaí meáchain shlánaithe i gcás ina mbeidh sé ar fáil. Mura n-úsáidtear an meachán slánaithe, sonraigh an cineál táirge atá i gceist (e.g.,GG) faoi ‘Meáchan Iomlán’ ar an bhfoirm agus faoi ‘Meánmheáchan’ ar an bhfoirm.

(2)  Déanfar an meáchan a thuairisciú i dtéarmaí meáchain shlánaithe i gcás ina mbeidh sé ar fáil. Mura n-úsáidtear an meáchan slánaithe, sonraigh an cineál táirge atá i gceist (e.g.,GG) faoi ‘Meáchan Iomlán’ ar an bhfoirm agus faoi ‘Meánmheáchan’ ar an bhfoirm.


IARSCRÍBHINN III

SAMHAIL DE DHOICIMÉAD ICCAT UM GHABHÁIL TUINNÍN GHOIRM

Image

Image


IARSCRÍBHINN IV

Treoracha le haghaidh eisiúint, uimhriú, chomhlánú agus bhailíochtú an doiciméid um ghabháil

1.   PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

(1)   Teanga

Má úsáidtear teanga seachas teanga oifigIúil de chuid ICCAT (an Béarla, an Fhraincis agus an Spáinnis) chun an doiciméad um ghabháil a chomhlánú, ní mór an t-aistriúchán Béarla a chur i gceangal leis.

(2)   Uimhriú

Ní mór do na Ballstáit córais uimhrithe uathúla a fhorbairt le haghaidh doiciméad um ghabháil agus úsáid á baint as an gcód tíre ISO 2-alpha atá acu i dteannta le huimhir ocht ndigit ar a laghad, ar uimhir í inar cheart go ndéanfadh dhá dhigit di ar a laghad bliain na gabhála a chur in iúl.

Sampla: FR-09-123456 (i gcás ina seasann FR don Fhrainc)

I gcás luchtóg deighilte nó táirgí próiseáilte, ní mór cóipeanna den bhundoiciméad um ghabháil a uimhriú trí uimhir an bhundoiciméid um ghabháil a fhorlíonadh le huimhir 2 dhigit.

Sampla: FR-09-123456-01, FR-09-123456-02, FR-09-123456-03, etc.

Ní mór go mbeidh an t-uimhriú seicheamhach agus is fearr é a bheith i bhfoirm clóite. Déanfar sraithuimhreacha na ndoiciméad bán um ghabháil a eiseofar a thaifeadadh de réir ainm an fhaighteora.

(3)   Bailíochtú

Ní ghabhfaidh samhail den doiciméad um ghabháil ionad an réamhúdaraithe um aistriú ná ionad an údaraithe um chur i gcaighin.

2.   FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Beidh an roinn seo infheidhme maidir le gach gabháil tuinnín ghoirm.

Tá máistir an tsoithigh gabhála nó oibreoir an ghaiste nó a n-ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe Bhallstát na brataí nó ionadaí údaraithe Bhallstát an ghaiste freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL a chomhlánú agus as an iarraidh chun an roinn sin a bhailíochtú.

Ní mór an roinn a bhaineann leis an bhFAISNÉIS FAOI GHABHÁIL a chomhlánú, ar a dhéanaí, faoi dheireadh an chéad aistrithe isteach i gcaighin tarraingthe, an chéad trasloingsithe nó an chéad oibríochta cur i dtír.

NB: i gcás oibríochtaí comhpháirteacha iascaireachta, ní mór do mháistir gach soithigh gabhála atá páirteach san oibríocht chomhpháirteach iascaireachta doiciméad um ghabháil a chomhlánú do ghach gabháil.

(b)   Treoracha sonracha

‘BRATACH’: cuir in iúl Ballstát na brataí nó Ballstát an ghaiste.

‘Taifeaduimh. ICCAT’: cuir in iúl uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála nó an ghaiste atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar thuinnín gorm i limistéar Coinbhinsiúin ICAAT. Níl an fhaisnéis seo infheidhme maidir le soithí gabhála a dhéanann iascaireacht ar thuinnín gorm mar sheachghabháil.

‘TREALAMH’: cuir in iúl an trealamh iascaireachta trí úsáid a bhaint as na cóid seo a leanas

BB Bád baoite

GILL Eangach gheolbhaí

HAND Líne láimhe

HARP Harpún

LL Spiléar

MWT Trál meánuisce

PS Peaslíon saighne

RR Slat agus spól

SURF Iascaigh dhromchla neamhaicmithe

TL Líne faoi aire

TRAP Gaiste

TROL Dorú Trálála

UNCL Modhanna neamhshonraithe

OT Eile

‘MEÁCHAN IOMLÁN’: cuir in iúl an meáchan slánaithe i gcileagraim. Mura n-úsáidtear meáchan slánaithe ag am na gabhála, sonraigh an cineál táirge (e.g. GG). I gcás oibríochtaí comhpháirteacha iascaireachta, ní mór go bhfreagróidh an chainníocht a thuairiscítear don scála cionroinnte a shainítear do ghach soitheach gabhála.

‘CRIOS’: cuir in iúl an Mheánmhuir, an tAtlantach thiar nó an tAtlantach thoir.

‘Uimh. na gCLIBEANNA (más infheidhme)’: féadfar línte breise a chur isteach chun liostú gach uimhreach clibe a cheadú de réir éisc aonair.

(2)   Bailíochtú

Tá Ballstát na brataí nó Ballstát an ghaiste freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL a bhailíochtú mura rud é go ndéantar an tuinnín gorm a chlibeáil i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.

Maidir le héisc a chuirtear i dtír nó a dhéantar a thrasloingsiú, ní mór bailíochtú a dhéanamh, ar a dhéanaí, faoi dheireadh an trasloingsithe nó na hoibríochta cur i dtír.

Maidir le héisc atá beo agus a aistrítear, féadfar bailíochtú a dhéanamh tráth an chéad aistrithe isteach i gcaighin tarraingthe, ach ní mór an bailíochtú sin a dhéanamh ar aon chuma, ar a dhéanaí, faoi dheireadh na hoibríochta a bhaineann leis an iasc a chur i gcaighin.

3.   FAISNÉIS TRÁDÁLA MAIDIR LE TRÁDÁIL IN IASC BEO

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le trádáil intíre i dtuinnín gorm beo nó maidir lena n-onnmhairiú.

Tá máistir an tsoithigh gabhála nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe de chuid Bhallstát na brataí nó ionadaí údaraithe Bhallstát an ghaiste freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS TRÁDÁLA MAIDIR LE TRÁDÁIL IN IASC BEO a chomhlánú agus as an iarraidh chun an roinn sin a bhailíochtú.

Ní mór an roinn a bhaineann le FAISNÉIS TRÁDÁLA MAIDIR LE TRÁDÁIL IN IASC BEO a chomhlánú, ar a dhéanaí, faoi dheireadh an chéad aistrithe isteach i gcaighin tarraingthe.

NB: i gcás ina bhfaighidh cainníocht éisc bás le linn an aistrithe agus ina ndéanfar iad a thrádáil ar bhonn intíre nó a onnmhairiú, ní mór cóip a dhéanamh den bhundoiciméad um ghabháil (agus an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL arna comhlánú agus i gcás inarb infheidhme, arna bailíochtú), agus ní mór do mháistir an tsoithigh gabhála nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe Bhallstát na brataí nó ionadaí údaraithe Bhallstát an ghaiste an roinn den doiciméad cóipeáilte a bhaineann le FAISNÉIS TRÁDÁLAa chomhlánú agus é a chur ar aghaidh chuig an gceannaitheoir/allmhaireoir intíre. Tríd an gcóip a bhailíochtú, ráthaítear gur cóip dhílis í agus go bhfuil taifead déanta ina leith ag údaráis an Bhallstáit lena mbaineann.

Gan an bailíochtú sin a bheith ann, beidh aon chóip de dhoiciméad um ghabháil ar neamhní.

(b)   Treoracha sonracha:

‘CRIOS’: cuir in iúl limistéar an aistrithe, an Mheánmhuir, an tAtlantach thiar nó an tAtlantach thoir.

‘AN POINTE ONNMHAIRIÚCHÁIN/IMEACHTA’: cuir in iúl an Ballstát nó ainm CPC an chreasa iascaigh inar aistríodh an tuinnín gorm nó, thairis sin, cuir in iúl ‘an mhórmhuir’.

‘TUAIRISC AR AN MODH IOMPAIR’: cuir i gceangal aon doiciméad ábhartha lena ndeimhnítear an trádáil.

(2)   Bailíochtú

Ní ceadmhach do Bhallstát na brataí an doiciméad um ghabháil a bhailíochtú más rud é nach bhfuil an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL arna comhlánú agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfuil an roinn sin arna bailíochtú.

Féadfar bailíochtú a dhéanamh tráth an chéad aistrithe isteach i gcaighin tarraingthe, ach ní mór an bailíochtú sin a dhéanamh ar aon chuma, ar a dhéanaí, faoi dheireadh na hoibríochta a bhaineann leis an iasc a chur i gcaighin.

4.   FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinnín gorm atá beo.

Tá máistir an tsoithigh gabhála nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe Bhallstát na brataí freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ a chomhlánú.

Ní mór an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ a chomhlánú, ar a dhéanaí, faoi dheireadh an chéad aistrithe.

Ní mór do mháistir an tsoithigh gabhála an doiciméad um ghabháil a sholáthar ag deireadh an chéad aistrithe (na ranna a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL, le FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO, agus le FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ, arna gcomhlánú, agus i gcás inarb infheidhme, arna mbailíochtú) do mháistir an tsoithigh tarraingthe.

Ní mór go mbeidh an doiciméad comhlánaithe um ghabháil agus, i gcás inarb infheidhme, an doiciméad bailíochtaithe um ghabháil ann in éineacht le haistriú éisc agus iad á n-iompar chuig feirmeacha, lena n-áirítear tuinnín gorm beo a aistriú ón gcaighean iompair chuig caighean iompair eile nó tuinnín gorm marbh a aistriú ón gcaighean iompair chuig soitheach coimhdeachta.

NB: i gcás ina bhfaighidh roinnt iasc bás le linn an aistrithe, ní mór cóip a dhéanamh den bhundoiciméad um ghabháil (agus na ranna a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL, le FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO, agus le FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ arna gcomhlánú, agus i gcás inarb infheidhme, arna mbailíochtú), agus ní mór don díoltóir intíre/don onnmhaireoir nó dá ionadaí údaraithe nó d’ionadaí údaraithe Bhallstát na brataí an roinn den doiciméad gabhála cóipeáilte a bhaineann le FAISNÉIS TRÁDÁLA a chomhlánú agus í a tharchur chuig an gceannaitheoir intíre/chuig an allmhaireoir. Tríd an gcóip a bhailíochtú, ráthaítear gur cóip dhílis í agus go bhfuil taifead déanta ina leith ag údaráis an Bhallstáit lena mbaineann. Gan an bailíochtú sin a bheith ann, beidh aon chóip de dhoiciméad um ghabháil ar neamhní.

(b)   Treoracha sonracha:

‘An líon ÉISC A FUAIR BÁS AGUS IAD Á nAISTRIÚ’ agus ‘MEÁCHAN IOMLÁN AN ÉISC MHAIRBH’: an fhaisnéis le soláthar (más infheidhme) ag máistir an tsoithigh tarraingthe.

‘Uimh an CHAIGHIN’: cuir in iúl uimhir gach caighin i gcás soithigh tarraingthe a bhfuil níos mó ná caighean amháin aici.

(2)   Bailíochtú

Ní gá an roinn seo a bhailíochtú.

5.   FAISNÉIS FAOI THRASLOINGSIÚ

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinnín gorm atá marbh.

Tá máistir an tsoithigh gabhála trasloingsithe nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe de chuid Bhallstát na brataí freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI THRASLOINGSIÚ a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú maidir leis an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI THRASLOINGSIÚ.

Ní mór an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI THRASLOINGSIÚ a chomhlánú, ar a dhéanaí, faoi dheireadh an trasloingsithe.

(b)   Treoracha sonracha:

‘DÁTA’: cuir in iúl an dáta a dhéantar an trasloingsiú.

‘AINM AN CHALAFOIRT’: cuir in iúl calafort ainmnithe an trasloingsithe.

‘STÁT AN CHALAFOIRT’: cuir in iúl an Ballstát nó CPC chalafoirt ainmnithe an trasloingsithe.

(2)   Bailíochtú

Ní ceadmhach do Bhallstát na brataí doiciméid um ghabháil a bhailíochtú más rud é nach bhfuil an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL arna comhlánú agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfuil an roinn sin arna bailíochtú.

Ní mór an bailíochtú a dhéanamh, ar a dhéanaí, faoi dheireadh an trasloingsithe.

6.   FAISNÉIS FAOI FHEIRMEOIREACHT

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinníní gorma beo atá curtha i gcaighin.

Ní mór do mháistir an tsoithigh tarraingthe an doiciméad um ghabháil (na ranna a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL, le FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO, agus le FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ, arna gcomhlánú, agus i gcás inarb infheidhme, arna mbailíochtú), a sholáthar don oibreoir feirme an tráth a gcuirtear an t-iasc i gcaighin.

Tá oibreoir na feirme nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an fheirm freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI FHEIRMEOIREACHT a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú maidir leis an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI FHEIRMEOIREACHT.

Ní mór an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI FHEIRMEOIREACHT a chomhlánú, ar a dhéanaí, faoi dheireadh na hoibríochta ar lena linn a chuirtear an t-iasc i gcaighin.

(b)   Treoracha sonracha:

‘Uimh. an CHAIGHIN’: cuir in iúl uimhir gach caighin

‘Faisnéis faoi Bhreathnadóir Réigiúnach ICCAT ’: cuir in iúl ainm, uimhir ICCAT agus síniú.

(2)   Bailíochtú

Tá an Ballstát feirme freagrach as bailíochtú a dhéanamh ar an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI FHEIRMEOIREACHT.

Ní ceadmhach do na Ballstáit doiciméid um ghabháil a bhailíochtú más rud é nach bhfuil na ranna a bhaineann le FAISNÉIS FAOI GHABHÁIL, le FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO, agus le FAISNÉISE FAOI AISTRIÚ arna gcomhlánú agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfuil na ranna sin arna mbailíochtú.

Ní mór an bailíochtú a dhéanamh, ar a dhéanaí, faoi dheireadh na hoibríochta ar lena linn a chuirtear an t-iasc i gcaighin.

7.   FAISNÉIS FAOI BHUAINT

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Níl an roinn seo infheidhme ach amháin maidir le tuinnín gorm feirme atá marbh.

Tá oibreoir na feirme nó a ionadaí údaraithe nó ionadaí údaraithe de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an fheirm freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI BHUAINT a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú maidir leis an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI BHUAINT.

Ní mór an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI BHUAINT a chomhlánú, ar a dhéanaí, faoi dheireadh na hoibríochta buainteoireachta.

(b)   Treoracha sonracha:

‘Uimh. na gCLIBEANNA (más infheidhme)’: féadfar línte breise a chur isteach chun liostú gach uimhreach clibe a cheadú de réir éisc aonair.

‘Faisnéis faoi Bhreathnadóir Réigiúnach ICCAT ’: cuir in iúl ainm, uimhir ICCAT agus síniú.

(2)   Bailíochtú

Tá an Ballstát feirme freagrach as bailíochtú a dhéanamh ar an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI BHUAINT.

Ní ceadmhach don Bhallstát feirme doiciméid um ghabháil a bhailíochtú más rud é nach bhfuil na ranna a bhaineann le FAISNÉISE FAOI GHABHÁIL, le FAISNÉIS TRÁDÁLA DON TRÁDÁIL IN IASC BEO, le FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ agus le FAISNÉIS FAOI FHEIRMEOIREACHT arna gcomhlánú agus, i gcás inarb infheidhme, nach bhfuil na ranna sin arna mbailíochtú.

Ní mór an bailíochtú a dhéanamh, ar a dhéanaí, faoi dheireadh na hoibríochta buainteoireachta.

8.   FAISNÉIS FAOI THRÁDÁIL

(1)   Comhlánú

(a)   Prionsabail ghinearálta:

Tá an roinn seo infheidhme maidir le trádáil ar bhonn intíre i dtuinnin gorm atá marbh nó maidir le honnmhairiú tuinnín gorm atá marbh.

Tá an díoltóir intíre nó an t-onnmhaireoir nó a n-ionadaithe údaraithe nó ionadaí údaraithe de chuid Bhallstát an díoltóra/an onnmhaireora freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI THRÁDÁIL, seachas an fhoroinn dar teideal ALLMHAIREOIR/CEANNAITHEOIR, a chomhlánú agus as an iarraidh ar bhailíochtú maidir leis an roinn sin, seachas an fhoroinn dar teideal ALLMHAIREOIR/CEANNAITHEOIR.

Ní mór an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI THRÁDÁIL, seachas an fhoroinn dar teideal ALLMHAIREOIR/CEANNAITHEOIR, a chomhlánú sula ndéanfar trádáil intíre san iasc nó sula n-onnmhaireofar iad.

I gcás na trádála intíre, ní mór don cheannaitheoir intíre an fhoroinn dar teideal ALLMHAIREOIR/CEANNAITHEOIR a chomhlánú tar éis trádáil intíre a dhéanamh ar na héisc.

I gcás na trádála idirnáisiúnta, ní mór don allmhaireoir an fhoroinn dar teideal ALLMHAIREOIR/CEANNAITHEOIR a chomhlánú.

(b)   Treoracha sonracha:

‘TUAIRISC AR AN MODH IOMPAIR’: cuir i gceangal aon doiciméad ábhartha lena ndeimhnítear an trádáil.

(2)   Bailíochtú

Tá Ballstát an díoltóra/an onnmhaireora freagrach as an roinn a bhaineann le FAISNÉIS FAOI THRÁDÁIL a bhailíochtú (seachas an fhoroinn dar teideal ALLMHAITREOIR/CEANNAITHEOIR) mura rud é go mbeidh an tuinnín gorm clibeáilte i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.

NB: i gcásanna ina dtarlaíonn níos mó ná trádáil intíre amháin nó onnmhairiú amháin mar thoradh ar dhoiciméad amháin um ghabháil, ní mór do Bhallstát an díoltóra intíre nó an onnmhaireora cóip den bhundoiciméad gabhála a bhailíochtú agus ní mór an chóip sin a úsáid, agus ní mór glacadh léi, mar bhundoiciméad um ghabháil. Tríd an gcóip a bhailíochtú, ráthaítear gur cóip dhílis í agus go bhfuil taifead déanta ina leith ag údaráis an Bhallstáit lena mbaineann. Gan an bailíochtú sin a bheith ann, beidh aon doiciméad um ghabháil ar neamhní.

NB: I gcásanna athonnmhairiúcháin, ní mór an DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN a úsáid chun gluaiseachtaí breise a rianú, ar gluaiseachtaí iad nach mór baint a bheith acu leis an bhfaisnéis faoi ghabháil sa bhundoiciméad um ghabháil trí uimhir an bhundoiciméid um ghabháil.

Nuair a dhéantar tuinnín gorm a ghabháil le soitheach gabhála, nó le gaiste, ar a bhfuil bratach Ballstáit nó CPC nó atá bunaithe i mBallstát nó i gCPC a úsáideann an córas clibeála, agus nuair a dhéantar é a onnmhairiú agus é marbh ina dhiaidh sin agus ansin é a athonnmhairiú, ní gá an doiciméad um ghabháil atá in éineacht leis an DEIMHNIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN a bhailíochtú. Ní mór an DEIMHINIÚ ATHONNMHAIRIÚCHÁIN a bhailíochtú, áfach.

Tar éis é allmhairiú, féadfar an tuinnín gorm a roinnt i roinnt píosaí agus féadfar na píosaí sin a onnmhairiú ina dhiaidh sin. Sa chás sin, ní mór don Bhallstát nó don CPC athonnmhairiúcháin a dhaingniú go bhfuil an píosa athonnmhairithe ina chuid den bhun-iasc iasc a raibh an doiciméad um ghabháil in éineacht leis.


IARSCRÍBHINN V

NA SONRAÍ ATÁ LE hÁIREAMH SA DEIMHNIÚ ICCAT UM ATHONNMHAIRIÚ TUINNÍN GHOIRM

1.   Uimhir dhoiciméid an deimhnithe athonnmhairiúcháin

2.   An roinn athonnmhairiúcháin

An Ballstát athonnmhairiúcháin

An pointe athonnmhairiúcháin

3.   Tuairisc ar thuinnín gorm a allmhairíodh

Cineál táirge F/FR RD/GG/DR/FL/OT (nuair a dhéantar cineálacha éagsúla táirgí a thaifeadadh sa roinn seo, tá an meáchan le taifeadadh de réir chineál gach táirge)

Meáchan glan (kg)

Uimhir an doiciméid (uimhreacha na ndoiciméad) um ghabháil agus dáta (dátaí) allmhairiúcháin

Bratach nó bratacha an tsoithigh nó na soithí nó Stát bunaíochta an ghaiste, i gcás inarb iomchuí

4.   Tuairisc ar an tuinnín gorm atá le hathonnmhairiú

Cineál táirge F/FR RD/GG/DR/FL/OT (nuair a dhéantar cineálacha difriúla táirgí a thaifeadadh sa roinn seo, tá an meáchan le taifeadadh de réir chineál gach táirge)

Meáchan glan (kg)

Uimhir an doiciméid chomhfhreagraigh um ghabháil nó uimhreacha na ndoiciméad comhfhreagrach um ghabháil ó roinn 3

An Stát is ceann scríbe

5.   Ráiteas ón athonnmhaireoir

Ainm

Seoladh

Síniú

Dáta

6.   Bailíochtú ag údaráis

Ainm agus seoladh an údaráis

Ainm agus post an oifigigh

Síniú

Dáta

Séala an Rialtais

7.   An roinn allmhairiúcháin

Ráiteas ó allmhaireoir na luchtóige tuinnín ghoirm sa Bhallstát nó sa CPC allmhairiúcháin

Ainm agus seoladh an allmhaireora

Ainm agus síniú ionadaí an allmhaireora agus dáta

An pointe allmhairiúcháin: Cathair agus CPC

Nóta - Tá cóipeanna den doiciméad um ghabháil nó de na doiciméid um ghabháil agus cóipeanna den doiciméad um iompar nó de na doiciméid um iompar le cur i gceangal leis seo

Image

NÓTA: MÁ CHOMHLÁNAÍTEAR AN FHOIRM SEO I dTEANGA SEACHAS AN BÉARLA, CUIR AISTRIÚCHÁN BÉARLA I gCEANGAL LEIS AN DOICIMÉAD SEO, LE DO THOIL.

Nóta: Tá doiciméad iompair bailí agus cóipeanna de na DGT-anna le cur i gCeangal leis seo.


IARSCRÍBHINN VI

TUARASCÁIL AR CHUR CHUN FEIDHME CHLÁR ICCAT MAIDIR LE DOICIMÉID UM GHABHÁIL TUINNÍN GHOIRM

Ballstát an tuairiscithe:

An tréimhse tagartha: 1 Iúil [2XXX] go dtí 30 Meitheamh [2XXX]

1.   Faisnéis a baineadh as na doiciméid um ghabháil

líon na ndoiciméad um ghabháil a bailíochtaíodh,

líon na ndoiciméad bailíochtaithe um ghabháil a fuarthas ó Bhallstáit eile nó ó CPCanna eile,

méid iomlán an tuinnín ghoirm a ndearnadh trádáil intíre ann, arna mhiondealú de réir limistéar iascaireachta agus de réir trealaimh iascaireachta,

méid iomlán an tuinnín ghoirm a allmhairíodh, a onnmhairíodh, a aistríodh chuig feirmeacha, a athonnmhairíodh, arna mhiondealú de réir CPC tionscnaimh, de réir CPC an athallmhairiúcháin nó de réir CPC is ceann scríbe, de réir limistéar iascaireachta agus de réir trealaimh iascaireachta,

líon na bhfíoruithe ar dhoiciméid um ghabháil a iarradh ar Bhallstáit eile nó ar CPCanna agus torthaí achoimre,

líon na n-iarrataí ar fhíoruithe ar dhoiciméid um ghabháil a fuarthas ó Bhallstáit eile nó ó CPCanna eile agus torthaí achoimre,

méid iomlán na luchtóg tuinnín ghoirm a bhí faoi réir cinnidh toirmisc, arna mhiondealú de réir táirgí, de réir chineál na hoibríochta (trádáil intíre, allmhairiú, onnmhairiú, athonnmhairiú, aistriú chuig feirmeacha), de réir chúiseanna an toirmisc agus de réir Ballstát, de réir CPCanna agus/nó de réir Páirtithe Neamhchonarthacha tionscnaimh nó ceann scríbe.

2.   Faisnéis faoi luchtóga faoi Airteagal 9(1) agus (2) den Rialachán seo

líon na luchtóg,

méid iomlán tuinnín ghoirm, arna mhiondealú de réir táirgí, de réir chineál na hoibríochta (trádáil intíre, allmhairiú, onnmhairiú, athonnmhairiú, aistriú chuig feirmeacha) de réir Ballstát, de réir CPCanna nó de réir tíortha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) den Rialachán seo.


24.7.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/23


RIALACHÁN (AE) Uimh. 641/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, Airteagal 43(2) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (3), ceadaíodh, ar feadh tréimhse ceithre bliana, go seolfaí siúcra ó na hAsóir chuig an gcuid eile den Aontas i gcainníochtaí is mó ná na trádsreabha traidisiúnta. Á aithint go bhféadfadh éagsúlú talmhaíochta sna hAsóir a bheith buntáisteach agus, dá dhroim sin, d’fhonn an t-éagsúlú sin a éascú, go háirithe i dtaca le deireadh a chur leis an gcóras cuóta bainne de réir a chéile, is gá bearta iomchuí a dhéanamh chun tacú le hathstruchtúrú earnáil an tsiúcra sa réigiún sin. Chuige sin, ionas go bhféadfaidh an tionscal próiseála siúcra áitIúil a bheith inmharthanach, is iomchuí athsheoladh an tsiúcra i gcainníochtaí is mó ná na trádsreabha traidisiúnta a cheadú ar feadh thréimhse theoranta cúig bliana agus faoi réir cainníochtaí bliantúla a bheidh á laghdú go forchéimneach.

(2)

Le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 déantar foráil maidir le díolúine, laistigh de theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair, ó dhleachtanna ar allmhairí a bhaineann le siúcra C a sholáthar do na hAsóir, do Mhaidéara agus do na hOileáin Chanáracha don tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1260/2001 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2001 maidir le comheagrú na margaí in earnáil an tsiúcra (4). I bhfianaise an athchóirithe agus an ionchorpraithe a rinneadh ar earnáil an tsiúcra le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán Aonair maidir le CEM (Comheagrú Margaí)) (5), ba cheart forálacha Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 a oiriúnú. Ba cheart, go háirithe, a údarú do na hAsóir tairbhiú ón díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí le haghaidh siúcra cána amh laistigh de theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair atá acu.

(3)

Le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, déantar foráil maidir le hidirthréimhse ina bhféadfaidh na hOileáin Chanáracha leanúint de sholáthairtí ullmhóidí bainnebhunaithe a thagann faoi réim chóid CN 1901 90 99 agus 2106 90 92 agus atá beartaithe don phróiseáil thionsclaíoch a fháil i gcainníochtaí réamhshocraithe. Chuaigh an idirthréimhse sin in éag an 31 Nollaig 2009. Mar sin féin, tá an táirge a thagann faoi réim chód CN 1901 90 99 – púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann – ina tháirge traidisiúnta anois do na tomhaltóirí áitiúla, lena n-áirítear na daoine is boichte. De bharr sholáthar an táirge sin, tá tionscal áitIúil sonrach ann anois a áirithíonn fostaíocht agus breisluach. Is iomchuí, dá bhrí sin, go leanfaí den táirge sonrach sin, a úsáidtear i gcomhair tomhaltais áitIúil amháin, a sholáthar.

(4)

I bpointe (f) d’Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, déantar tagairt d’fhorálacha maidir le seiceálacha agus pionóis i gcláir thacaíochta an Chomhphobail do na réigiúin is forimeallaí, ar forálacha iad a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin chun a bhformheasta. I bhfianaise na taithí atá faighte ag an gCoimisiún agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear cláir thacaíochta den sórt sin chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, tá sé riachtanach go ndéanfar na tagairtí do sheiceálacha agus do phionóis atá i bpointe (f) d’Airteagal 12 den Rialachán sin a bhaint. Mar sin féin, leanfar de bhearta náisiúnta den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán sin.

(5)

Le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, déantar rialacha a chinneadh maidir le hinfheidhmeacht rialacha speisialta d’earnáil an fhíona sna réigiúin is forimeallaí den Aontas. Rinneadh comheagrú mhargadh an fhíona a leasú le Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle an 29 Aibreán 2008 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona (6), agus rinneadh í a ionchorprú ina dhiaidh sin i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007. Dá bhrí sin, is gá tagairtí do na bearta sin a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, le hAirteagal 85u(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, déantar díolúine fhollasach ó scéim an ghrafa a thabhairt do na hAsóir, do Mhaidéara agus do na hOileáin Chanáracha. Dá bhrí sin, ní gá an díolúine sin a lua a thuilleadh i Rialachán (CE) Uimh. 247/2006.

(6)

Leis an dara fomhír d’Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, déantar foráil maidir le deireadh a chur, de réir a chéile, faoin 31 Nollaig 2013, leis na fíonghoirt sna hAsóir agus i Maidéara atá plandaithe le cineálacha hibrideacha finiúna dírtháirgeacha atá toirmiscthe. Leis an tríú fomhír d’Airteagal 18(2) den Rialachán sin, leagtar oibleagáid ar an bPortaingéil fógra a thabhairt gach bliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh chun limistéir a bhfuil na cineálacha finiúna sin plandaithe iontu a thiontú agus a athstruchtúrú. Tá na forálacha sin níos déine ná na rialacha a leagtar síos in Airteagal 120a(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, eadhon, go ndéanfar grafadh ar na cineálacha hibrideacha finiúna dírtháirgeacha atá toirmiscthe, ach amháin nuair atá an fíon a fhaightear uathu sin beartaithe go heisiach do theaghlaigh na dtáirgeoirí fíona iad féin. Dá bhrí sin, ba cheart dáta an 31 Nollaig 2013 atá in Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 a scriosadh d’fhonn deireadh a chur leis an neamhionannas córa idir réigiúin na nAsór agus Maidéara ar thaobh amháin agus an chuid eile den Aontas ar an taobh eile.

(7)

D’ainneoin na forbartha atá déanta le déanaí ar an táirgeadh bainne áitIúil i roinn Fhrancach thar lear, La Réunion, níl freastal leordhóthanach á dhéanamh ar an riachtanas atá ann faoi láthair le haghaidh bainne le hól lena thomhailt ar an oileán. Thairis sin, mar gheall ar iargúltacht agus oileánachas an réigiúin sin, ní féidir foinsí eile bainne amh a aimsiú. Dá dheasca sin, ba cheart an t-údarú chun bainne athdhéanta UTC a tháirgeadh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, ar údarú é a dheonaítear do Mhaidéara leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 19(4) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, a leathnú chuig La Réunion.

(8)

Maidir leis na dálaí chun tuilleadh leathnaithe a dhéanamh ar tháirgeadh áitIúil bainne sna réigiúin fhorimeallacha, ar réigiúin iad a thairbhíonn ón tarscaoileadh dá bhforáiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 19(4) de Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, tá siad an-teoranta de bharr thopagrafaíocht na n-oileán. Cé go gcoimeádtar an oibleagáid atá ann go n-áiritheofar go ndéanfar an táirgeadh bainne áitIúil a bhailiú agus margadh a fháil dó, is iomchuí go scriosfaí oibleagáid an Choimisiúin chun ráta ionchorpraithe a chinneadh le haghaidh bainne úir a tháirgtear go háitIúil, ar oibleagáid í dá bhforáiltear sa dara fomhír den Airteagal sin.

(9)

Ba cheart go ndéanfadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach fhorálacha an Rialacháin seo, amhail ón 1 Eanáir 2010, leanúnachas sna bearta sonracha don talmhaíocht a áirithiú sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus ba cheart go bhfónfadh sé freisin d’ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí lena mbaineann.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

‘3.   De mhaolú ar mhír 2(a), féadfar, ar feadh thréimhse cúig bliana, na cainníochtaí uasta seo a leanas de shiúcra (cód CN 1701) a sheoladh gach bliain ó na hAsóir chuig an gcuid eile den Aontas:

:

sa bhliain 2011

:

3 000 tona,

:

sa bhliain 2012

:

2 500 tona,

:

sa bhliain 2013

:

2 000 tona,

:

sa bhliain 2014

:

1 500 tona,

:

sa bhliain 2015

:

1 000 tona.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Siúcra

1.   Le linn na tréimhse a leagtar síos in Airteagal 204(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán Aonair CEM) (7), beidh an siúcra seo a leanas a tháirgtear de bhreis ar an gcuóta dá dtagraítear in Airteagal 61 den Rialachán sin díolmhaithe ó dhleachtanna ar allmhairí faoi réir theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo:

(a)

siúcra a thugtar chun a thomhailte chuig Maidéara nó chuig na hOileáin Chanáracha i bhfoirm siúcra bháin a thagann faoi réim chód CN 1701;

(b)

siúcra arna scagadh agus arna thomhailt sna hAsóir i bhfoirm siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 12 10 (siúcra biatais amh).

2.   Sna hAsóir, chun críche an scagtha, féadfar na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh, faoi réir theorainn an réamh-mheastacháin ar an gcomhardú soláthair, le siúcra amh a thagann faoi réim chód CN 1701 11 10 (siúcra cána amh). Agus riachtanais siúcra amh na nAsór á gcinneadh, cuirfear forbairt tháirgeadh áitIúil an bhiatais siúcra san áireamh. Déanfar na cainníochtaí a chumhdaítear leis na socruithe soláthair a chinneadh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh méid iomlán an tsiúcra a scagfar sna hAsóir gach bliain níos mó ná 10 000 tona.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Ullmhóidí bainnebhunaithe

De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na hOileáin Chanáracha leanúint de sholáthar ullmhóidí bainnebhunaithe a fháil a thagann faoi réim chód CN 1901 90 99 (púdar bainne bhearrtha a bhfuil saill phlandúil ann) agus atá beartaithe le haghaidh na próiseála tionsclaíche suas go dtí 800 tona in aghaidh na bliana. Ní fhéadfaidh an tAontas cabhair ar mó ná EUR 210 in aghaidh an tona í a thabhairt do sholáthairtí den táirge seo agus áireofar an chabhair sin sa teorainn a leagtar síos in Airteagal 23. Is chun a thomhailte go háitIúil amháin a úsáidfear an táirge seo.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12, pointe (f):

‘(f)

na bearta a dhéanfar lena áirithiú go gcuirfear na cláir chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta, agus sraith shonraithe táscairí cainníochtaithe a úsáidfear agus na cláir á measúnú.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

Fíon

1.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagail 103v, 103w, 103x agus 182a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na hAsóir ná maidir le Maidéara.

2.   D’aineoinn Airteagal 120a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfar fíonchaora ó chineálacha hibrideacha fíniúna dírtháirgeacha atá toirmiscthe (Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton agus Herbemont) arna saothrú sna hAsóir agus i Maidéara a úsáid chun fíon a tháirgeadh ach ní mór go bhfanfaidh an fíon sin sna réigiúin sin.

Déanfaidh an Phortaingéil fíonghoirt atá plandaithe le cineálacha hibrideacha fíniúna dírtháirgeacha atá toirmiscthe a dhíothú de réir a chéile agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an tacaíocht aici dá bhforáiltear in Airteagal 103q de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

3.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 103v, in Airteagal 103w agus in Airteagal 103y de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 maidir leis na hOileáin Chanáracha.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(4):

‘4.   D’ainneoin Airteagal 114(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, maidir le táirgeadh bainne UTC i Maidéara agus sa roinn Fhrancach thar lear, La Réunion, ar bainne é arna athdhéanamh ó phúdar bainne de thionscnamh an Aontais, údarófar é faoi réir theorainneacha riachtanais na tomhailte áitiúla, a mhéid nach gcuirfidh an beart seo bac ar an mbainne arna tháirgeadh go háitIúil a bhailiú ná margadh a fháil dó. Is chun a thomhailte go háitIúil amháin a úsáidfear an táirge seo.

Déanfar an modh ar tríd a fuarthas an bainne UTC, arna athdhéanamh amhlaidh, a léiriú go soiléir ar an lipéadú díolacháin.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Strasbourg, 7 Júil 2010

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Tuairim an 17 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010.

(3)  IO L 42, 14.2.2006, lch. 1.

(4)  IO L 178, 30.6.2001, lch. 1.

(5)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(6)  IO L 148, 6.6.2008, lch. 1.

(7)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.’;