ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2010.132.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

53
29 Bealtaine 2010


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 437/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a mhéid a bhaineann le cáilitheacht idirghabhálacha tithíochta i bhfabhar pobal imeallaithe

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 438/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí

3

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn

11

 


 

(1)   Faoin tagairt L 132 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

29.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 437/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 19 Bealtaine 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a mhéid a bhaineann le cáilitheacht idirghabhálacha tithíochta i bhfabhar pobal imeallaithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhonn comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais a fheabhsú, is gá tacú le hidirghabhálacha teoranta chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana agus a úsáidtear chun críocha tithíochta i mBallstáit a d’aontaigh don Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004 nó dá éis. Féadfaidh na hidirghabhálacha sin a bheith ann faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (3).

(2)

Ba cheart caiteachas a chlárú faoi chuimsiú oibríochta comhtháite um fhorbairt uirbeach nó faoi chuimsiú aise tosaíochta do limistéir a mbaineann meath fisiceach agus eisiamh sóisialta leo nó atá i mbaol meatha agus eisiaimh den sórt sin. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart simpliú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhféadfaidh idirghabhálacha tithíochta i limistéir uirbeacha a bheith ann. Chuige sin, ba cheart caiteachas ar idirghabhálacha tithíochta a chlárú ach paraiméadair éagsúla, is cuma cén fhoinse maoinithe atá i gceist, a chur san áireamh. Thairis sin, níor cheart a mheas gur caiteachas cáilithe é aon chaiteachas seachas caiteachas ar idirghabhálacha a bhaineann le foirgnimh atá ann cheana.

(3)

I roinnt Ballstát, i gcás pobal imeallaithe a bhfuil cónaí orthu i limistéir uirbeacha nó i limistéir thuaithe, is ionann tithíocht agus gné chinntitheach a ghabhann le lánpháirtiú. Is gá, dá bhrí sin, cáilitheacht i leith caiteachais ar idirghabhálacha i ngach Ballstát a leathnú chuig pobail a bhfuil cónaí orthu i limistéir uirbeacha nó i limistéir thuaithe.

(4)

Bíodh na pobail lonnaithe i limistéir uirbeacha nó i limistéir thuaithe, ba cheart a mheas, de bharr chaighdeán an-íseal a ndálaí tithíochta, gur caiteachas cáilithe é freisin an caiteachas ar athchóiriú tithíochta atá ann cheana nó ar thithíocht a thógáil in ionad tithíochta atá ann cheana, lena n-áirítear tithíocht nuathógtha a chur in ionad tithíochta den sórt sin.

(5)

I gcomhréir le Prionsabal Uimh. 2 de na Prionsabail Choiteanna Bhunúsacha maidir le Cuimsiú na Romach a d’athdhearbhaigh an Chomhairle ina conclúidí ar Chuimsiú na Romach an 8 Meitheamh 2009, níor cheart daoine eile a mbaineann cúinsí socheacnamaíocha comhchosúla leo a fhágáil as an áireamh le linn idirghabhálacha tithíochta atá dírithe ar ghrúpa ar leith a dhéanamh.

(6)

I gcomhréir le Prionsabal Uimh. 1 de na Prionsabail Choiteanna Bhunúsacha sin, chun na rioscaí go mbeidh deighilt ann a theorannú, ba cheart go mbeadh idirghabhálacha tithíochta do phobail imeallaithe ann faoi chuimsiú cur chuige chomhtháite, lena n-áirítear, go háirithe, gníomhaíochtaí i réimsí an oideachais, na sláinte, na ngnóthaí sóisialta, na fostaíochta agus na slándála, agus bearta dídheighilte.

(7)

Ba cheart coinníollacha comhionanna cur chun feidhme a áirithiú i ndáil le glacadh an liosta critéar is gá chun na limistéir a mbaineann meath fisiceach agus eisiamh sóisialta leo, nó atá i mbaol meatha agus eisiaimh den sórt sin, a chinneadh agus i ndáil le glacadh an liosta idirghabhálacha cáilithe. Le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, foráiltear go ndéantar rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún a leagan síos roimh ré le rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Go dtí go nglacfar rialachán den sórt sin agus chun aon chur isteach ar ghníomhaíocht reachtach an Aontais a sheachaint, ba cheart go leanfaí d’fhorálacha Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) a chur i bhfeidhm.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006:

“2.   Beidh caiteachas ar thithíocht, cé is moite de chaiteachas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar úsáid fuinnimh inathnuaite mar a leagtar amach i mír 1a, ina chaiteachas cáilithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás na mBallstát a d’aontaigh don Aontas Eorpach an 1 Bealtaine 2004 nó dá éis agus faoi chuimsiú cur chuige chomhtháite um fhorbairt uirbeach do limistéir a mbaineann meath fisiceach agus eisiamh sóisialta leo nó atá i mbaol meatha agus eisiaimh den sórt sin;

(b)

i gcás na mBallstát uile faoi chuimsiú cur chuige chomhtháite do phobail imeallaithe agus faoina chuimsiú sin amháin.

Is é a bheidh sa chionroinnt do chaiteachas tithíochta ná uasmhéid 3 % den chionroinnt CFRE do na cláir oibríochtúla lena mbaineann nó 2 % den chionroinnt iomlán CFRE.

2a.   Chun críocha phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2, ach gan dochar don dara fomhír den mhír seo, beidh an caiteachas teoranta do na hidirghabhálacha seo a leanas:

(a)

athchóiriú a dhéanamh ar na codanna comhchoiteanna i dtithíocht il-teaghlaigh atá ann cheana,

(b)

athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana agus atá faoi úinéireacht údarás poiblí nó oibreoirí neamhbhrabúsacha, nó an úsáid a bhaintear astu a athrú, chun iad a úsáid mar thithíocht atá ainmnithe do theaghlaigh ar ioncam íseal nó do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Chun críocha phointe (b) de mhír 2, féadfaidh athchóiriú tithíochta atá ann cheana nó tithíocht nua a chur in ionad tithíochta atá ann cheana a bheith san áireamh in idirghabhálacha.

Déanfaidh an Coimisiún an liosta critéar is gá chun na limistéir dá dtagraítear faoi phointe (a) de mhír 2 a chinneadh agus an liosta idirghabhálacha cáilithe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 103(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Bealtaine 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. LÓPEZ GARRIDO


(1)  Tuairim an 5 Samhain 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Aibreán 2010.

(3)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 1.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.


29.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


RIALACHÁN (AE) Uimh. 438/2010 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 19 Bealtaine 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le seiceálacha ar ghluaiseacht den sórt sin.

(2)

Le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, leagtar síos na forálacha is infheidhme maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad idir Ballstáit, mar atá liostaithe i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. De bhun Airteagal 5(1)(a) den Rialachán sin, ní mór na peataí sin a shainaithint trí bhíthin córais leictreonaigh sainaitheantais (trasfhreagróir). Ar feadh idirthréimhse ocht mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, táthar chun a mheas freisin go bhfuil na hainmhithe sin sainaitheanta i gcás tatú atá inléite go soiléir a bheith orthu.

(3)

I gcás nach gcomhlíonann an trasfhreagróir Caighdeán ISO 11784 nó Iarscríbhinn A a ghabhann le Caighdeán ISO 11785, foráiltear le hAirteagal 4(1) agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 nach mór don úinéir nó don duine nádúrtha atá freagrach as an bpeata, thar ceann an úinéara, tráth aon chigireachta, an modh a sholáthar is gá chun an trasfhreagróir a léamh.

(4)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis a sheachaint, go háirithe maidir le gluaiseacht peataí ó thríú tíortha, is gá tagairtí níos beaichte a dhéanamh do na Caighdeáin ISO sin sula mbeidh úsáid trasfhreagróirí éigeantach. Mar gheall ar chineál teicniúil na dtagairtí sin, is iomchuí iad a áireamh in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 agus Airteagal 4 agus Airteagal 14 den Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(5)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 nach mór pas arna eisiúint ag tréidlia atá údaraithe ag an údarás inniúil a bheith in éineacht le madraí, cait agus firéid, ar pas é lena ndeimhnítear go ndearnadh vacsaíniú bailí frithchonfaidh ar an ainmhí i dtrácht, i gcomhréir le moltaí na saotharlainne monaróireachta, ar vacsaíniú é a rinneadh le vacsaín frithchonfaidh dhíghníomhaithe ina raibh ar a laghad aonad antaigineach amháin in aghaidh na dáileoige (caighdeán WHO). Ón tráth a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, cuireadh vacsaíní athchuingreacha ar fáil freisin chun críocha vacsaínithe frithchonfaidh.

(6)

Chun gluaiseacht madraí, cat agus firéad a vacsaíníodh le vacsaíní athchuingreacha a cheadú, go háirithe gluaiseacht ó thríú tíortha, ba cheart foráil a dhéanamh freisin, chun críche Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, chun úsáid na vacsaíní sin a údarú i gcomhréir le ceanglais theicniúla áirithe atá leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(7)

Má riartar na vacsaíní i mBallstát, ba cheart údarú margaíochta a bheith ann i leith na vacsaíní sin agus é arna dheonú i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (4) nó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (5).

(8)

Má riartar na vacsaíní i dtríú tír, ba cheart go gcomhlíonfaidís na caighdeáin íosta sábháilteachta mar atá leagtha síos sa Chaibidil ábhartha de Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE).

(9)

Ina theannta sin, ba cheart rialacha eolaíocht-bhunaithe a ghlacadh ar rialacha iad den tsamhail chéanna leis na rialacha a leagtar síos le haghaidh confaidh. Ba cheart foráil a dhéanamh leo maidir le bearta coisctheacha sláinte le haghaidh gluaiseachta peataí ar bearta iad a bhainfeadh le galair eile a d'fhéadfadh fearadh ar na hainmhithe sin, i gcás ina bhfuil na bearta coisctheacha sin comhréireach leis an riosca go leathfadh na galair sin mar gheall ar an ngluaiseacht sin.

(10)

Le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, foráiltear go mbeidh teacht isteach madraí agus cat in Éirinn, i Málta, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe faoi réir ceanglas breise, i bhfianaise na staide áirithe sna Ballstáit sin maidir le confadh. Beidh an fhoráil sin le cur i bhfeidhm mar bheart idirthréimhseach go dtí an 30 Meitheamh 2010.

(11)

I gcomhréir leis na ceanglais bhreise sin, ní mór madraí agus cait atá ag teacht isteach i gcríoch na mBallstát sin a shainaithint trí bhíthin trasfhreagróra mura rud é go n-aithníonn an Ballstát is ceann scríbe go bhféadfar an t-ainmhí a shainaithint freisin trí bhíthin tatú atá inléite go soiléir. Ina theannta sin, chun leibhéal cosantach antasubstaintí frithchonfaidh a dhaingniú, áirítear sna ceanglais sin toirtmheascadh éigeantach antasubstainte sula dtagann na peataí sin isteach i gcríoch na mBallstát sin.

(12)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le bearta coisctheacha sláinte le haghaidh galar seachas confadh, mar aon le modhnuithe ar cheanglais theicniúla maidir le hainmhithe a shainaithint agus maidir le vacsaíniú frithchonfaidh de réir mar atá leagtha síos sna hIarscríbhinní arna gcur isteach, i gcomhréir leis an Rialachán seo, i Rialachán (CE) Uimh. 998/2003. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe.

(13)

Le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, leagtar síos na coinníollacha maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad ó thríú tíortha, ag brath ar staid an chonfaidh, aon tráth áirithe, sa tríú tír is tír thionscnaimh agus sa Bhallstát is ceann scríbe.

(14)

Le hAirteagal 8(1)(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, foráiltear, maidir le cásanna ina ndéantar peataí a ghluaiseacht ó thríú tíortha áirithe go hÉirinn, go Málta, go dtí an tSualainn agus go dtí an Ríocht Aontaithe, go mbeidh feidhm ag na ceanglais bhreise dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán sin. Liostaítear na tríú tíortha sin i Roinn 2 de Chuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(15)

Le hAirteagal 8(1)(b)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 foráiltear, maidir le cásanna ina ndéantar ainmhithe a ghluaiseacht ó thríú tíortha eile, go bhfuil na hainmhithe sin le cur ar coraintín mura rud é go gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 6 den Rialachán sin tar éis dóibh teacht isteach san Aontas.

(16)

Ina theannta sin, le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, foráiltear go bhféadfaidh an Fhionlainn, Éire, Málta, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le heicineacocóis, agus go bhféadfaidh Éire, Málta agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le sceartáin, a chur faoi deara go mbeidh teacht isteach peataí ina gcríoch faoi réir na rialacha speisialta is infheidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin a chomhlíonadh. Beidh an fhoráil sin le cur i bhfeidhm mar bheart idirthréimhseach go dtí an 30 Meitheamh 2010.

(17)

Le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, foráiltear go ndéanfaidh an Coimisiún, tar éis dó tuairim a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir leis an ngá leis an tástáil shéireolaíoch a choimeád ar bun, agus ar bhonn na taithí a bheidh faighte agus ar bhonn meastóireachta riosca, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le tograí iomchuí chun an réimeas a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm le héifeacht ón 1 Iúil 2010 le haghaidh Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 16 den Rialachán sin.

(18)

Chun an réimeas sin a chinneadh, rinne an Coimisiún measúnú tionchair a bhí bunaithe ar chomhairliúcháin éagsúla a bhí ann le déanaí agus ar thuarascáil an Choimisiúin a glacadh an 8 Deireadh Fómhair 2007 i dtaca le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 agus cuireadh san áireamh na moltaí a rinne EFSA.

(19)

An 11 Nollaig 2006, ghlac EFSA tuairim dar teideal ‘Measúnú ar an riosca go dtabharfar confadh isteach sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, sa tSualainn agus i Málta, de dhroim éirí as an tástáil shéireolaíoch lena dtomhaistear antasubstaintí cosantacha i gcoinne confaidh’ (6).

(20)

De réir shonraí 2005, shainaithin EFSA go bhfuil leitheadúlacht confaidh neamh-dhiomaibhseach i bpeataí i mBallstáit áirithe. Ina theannta sin, mhol EFSA go ndéanfar bearta maolaithe riosca a chur chun feidhme i leith gluaiseachta peataí ó thíortha ina bhfuil leitheadúlacht confaidh neamh-dhiomaibhseach i bpeataí.

(21)

Is le hainmhithe fiáine go príomha a bhaineann confadh sna Ballstáit sin. Léirigh an fhianaise ó staidéir allamuigh go laghdaítear leitheadúlacht an ghalair in ainmhithe tí nuair a chuirtear deireadh le confadh i measc ainmhithe fiáine de bharr dianchlár vacsaínithe béil.

(22)

D'fhormheas an Comhphobal roinnt clár chun confadh a dhíothú agus a rialú, agus chun faireachán a dhéanamh air, sna Ballstáit sin, de bhun Airteagal 24(5) de Chinneadh 90/424/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le caiteachas i réimse na tréidliachta (7). Beartaíonn an Coimisiún deireadh a chur le tacaíocht AE do chláir náisiúnta i gcríoch na mBallstát sin faoi dheireadh na bliana 2011.

(23)

I bhfianaise thuairim EFSA an 11 Nollaig 2006 agus i bhfianaise na gclár a fhaigheann tacaíocht ón gComhphobal chun confadh a dhíothú i mBallstáit áirithe, ba cheart an beart idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2011.

(24)

An 18 Eanáir 2007, ghlac EFSA tuairim dar teideal ‘Measúnú ar an riosca go dtabharfar eicineacocóis isteach sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn, sa tSualainn, i Málta agus san Fhionlainn de dhroim éirí as na rialacha náisiúnta’ (8).

(25)

An 8 Márta 2007, ghlac EFSA tuairim dar teideal ‘Measúnú ar an riosca go dtabharfar sceartáin isteach sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus i Málta de dhroim éirí as na rialacha náisiúnta’ (9).

(26)

Léirítear leis na tuairimí sin nach raibh EFSA ábalta, de réir na sonraí a bhí ar fáil, stádas ar leith a thabhairt do na Ballstáit a bhí ag cur na mbeart idirthréimhseach i bhfeidhm i ndáil le sceartáin áirithe agus i ndáil leis an bpéist ribíneach Echinococcus multilocularis ná cainníochtú a dhéanamh ar an riosca go dtabharfar pataiginí isteach trí ghluaiseacht neamhthráchtála peataí.

(27)

Chun comhsheasmacht a áirithiú maidir leis na bearta idirthréimhseacha, is iomchuí an beart idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2011.

(28)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 leis seo mar a leanas:

(1)

In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, más rud é nach gcomhlíonann an trasfhreagróir na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia, ní mór don úinéir nó don duine nádúrtha atá freagrach as an bpeata, thar ceann an úinéara, tráth aon chigireachta, an modh a sholáthar is gá chun an trasfhreagróir a léamh.’;

(2)

Leasaítear Airteagal 5(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ní mór pas a bheith in éineacht leo arna eisiúint ag tréidlia atá údaraithe ag an údarás inniúil, ar pas é lena ndeimhnítear:

(i)

go ndearnadh vacsaíniú bailí frithchonfaidh ar an ainmhí i dtrácht de bhun Iarscríbhinn Ib,

(ii)

i gcás inar gá, go ndearnadh bearta coisctheacha sláinte i ndáil le galair eile ar an ainmhí i dtrácht.’;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Chun a áirithiú go rialaítear galair seachas confadh, ar galair iad ar dóigh dóibh leathadh mar gheall ar ghluaiseacht peataí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19b agus faoi réir choinníollacha Airteagal 19c agus Airteagal 19d, na bearta coisctheacha sláinte dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) den chéad fhomhír a ghlacadh. Beidh údar maith eolaíochta leis na bearta sin agus beidh siad comhréireach leis an riosca go leathfadh na galair sin mar gheall ar an ngluaiseacht sin.’;

(3)

Sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití agus na chéad fhleisce:

‘1.   Go dtí an 31 Nollaig 2011, beidh teacht isteach na bpeataí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I i gcríoch na hÉireann, Mhálta, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas seo a leanas:

ní mór iad a bheith arna sainaithint i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(1), mura rud é, go dtí deireadh na hidirthréimhse ocht mbliana dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), go n-aithníonn an Ballstát is ceann scríbe sainaitheantas freisin i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(1), agus’;

(4)

Leasaítear Airteagal 8(1) mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

go dtí an 31 Nollaig 2011, ceann de na Ballstáit arna liostú i gcuid A d'Iarscríbhinn II, go díreach nó tar éis idirthurais trí cheann de na críocha arna liostú i gCuid B d'Iarscríbhinn II, comhlíonfaidh siad ceanglais Airteagal 6.’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

go dtí an 31 Nollaig 2011, ceann de na Ballstáit arna liostú i gcuid A d'Iarscríbhinn II, go díreach nó tar éis idirthurais trí cheann de na críocha arna liostú i gCuid B d'Iarscríbhinn II, cuirfear ar coraintín iad más rud é nach gcomhlíonann siad ceanglais Airteagal 6 tar éis dóibh teacht isteach san Aontas.’;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 14:

‘Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(1), más rud é nach gcomhlíonann an trasfhreagróir na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia, ní mór don úinéir nó don duine nádúrtha atá freagrach as an bpeata, thar ceann an úinéara, tráth aon chigireachta, an modh a sholáthar is gá chun an trasfhreagróir a léamh.’;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Go dtí an 31 Nollaig 2011, féadfaidh an Fhionlainn, Éire, Málta, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le heicineacocóis, agus féadfaidh Éire, Málta agus an Ríocht Aontaithe, i ndáil le sceartáin, a chur faoi deara go mbeidh teacht isteach peataí ina gcríoch faoi réir chomhlíonadh na rialacha speisialta is infheidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.’;

(7)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 19a

1.   Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19b agus faoi réir choinníollacha Airteagal 19c agus Airteagal 19d, leasuithe ar cheanglais theicniúla a ghlacadh le haghaidh an tsainaitheantais de réir mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn Ia.

2.   Chun forbairtí eolaíocha agus teicniúla maidir le vacsaíniú frithchonfaidh a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19b agus faoi réir choinníollacha Airteagal 19c agus Airteagal 19d, leasuithe a ghlacadh ar na ceanglais theicniúla le haghaidh an vacsaínithe frithchonfaidh de réir mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn Ib.

3.   Le linn na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

Airteagal 19b

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 19a a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana tar éis an 18 Meitheamh 2010. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná sé mhí sula rachaidh an tréimhse cúig bliana in éag, tuarascáil a ullmhú maidir leis na cumhachtaí tarmligthe. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 19c.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19c agus in Airteagal 19d a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 19c

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 19a a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh d'am réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme mar aon leis na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith le cúlghairm.

3.   Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19d

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle fadófar an tréimhse sin dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse sin in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé beartaithe acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna atá lena hagóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe.’;

(8)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn Ia agus Iarscríbhinn Ib, de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Bealtaine 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. LÓPEZ GARRIDO


(1)  IO C 318, 23.12.2009, lch. 121.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Aibreán 2010.

(3)  IO L 146, 13.6.2003, lch. 1.

(4)  IO L 311, 28.11.2001 lch. 1.

(5)  IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

(6)  The EFSA Journal (2006) 436, lch. 1.

(7)  IO L 224, 18.8.1990, lch. 19.

(8)  The EFSA Journal (2006) 441, lch. 1.

(9)  The EFSA Journal (2007) 469, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN Ia

Ceanglais theicniúla i ndáil le sainaitheantas

Chun críocha Airteagal 4(1), is é a bheidh sa chóras caighdeánach leictreonach sainaitheantais ná feiste éighníomhach sainaitheantais radaimhinicíochta atá inléite amháin (“trasfhreagróir”), ar feiste í:

1.

a chomhlíonann Caighdeán ISO 11784 agus ina n-úsáidtear teicneolaíocht HDX nó FDX–B.

2.

ar féidir í a léamh le feiste léitheoireachta atá comhoiriúnach le Caighdeán ISO 11785.

IARSCRÍBHINN Ib

Ceanglais theicniúla i ndáil le vacsaíniú frithchonfaidh (Dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b)(i))

Chun críocha Airteagal 5(1), measfar vacsaíniú frithchonfaidh a bheith bailí ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

1.

Maidir leis an vacsaín frithchonfaidh:

(a)

ní mór gur vacsaín seachas vacsaín bheo mhodhnaithe í agus ní mór go dtagann sí faoi réim ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(i)

vacsaín dhíghníomhaithe ina bhfuil ar a laghad aonad antaigineach amháin in aghaidh na dáileoige (caighdeán WHO); nó

(ii)

vacsaín athchuingreach ina léirítear gliceapróitéin imdhíonta víreas an chonfaidh i veicteoir víris bheo;

(b)

má riartar i mBallstát í, ní mór údarú margaíochta a bheith ann ina leith agus é arna dheonú mar a leanas:

(i)

i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (1); nó

(ii)

i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (2);

(c)

má riartar i dtríú tír í, ní mór go gcomhlíonann sí, ar a laghad, na ceanglais atá leagtha síos i gcuid C de Chaibidil 2.1.13 de Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún, Eagrán 2008, ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.

2.

Ní fhéadfar a mheas go bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh bailí ach amháin i gcás ina gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur riaradh an vacsaín ar an dáta a thaispeántar:

(i)

i Roinn IV den phas; nó

(ii)

sa roinn iomchuí den deimhniú sláinte ainmhithe atá in éineacht leis an ainmhí;

(b)

nach dtiteann an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) roimh an dáta ar a ndearnadh an micrishliseadh agus a thaispeántar:

(i)

i Roinn III(2) den phas; nó

(ii)

sa roinn iomchuí den deimhniú sláinte ainmhithe atá in éineacht leis an ainmhí;

(c)

ní mór 21 lá ar a laghad a bheith caite ón tráth a cuireadh an prótacal um vacsaíniú i gcrích, ar prótacal é a éilíonn an monaróir le haghaidh an vacsaínithe phríomha, i gcomhréir le sonraíocht theicniúil an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i bpointe 1(b) le haghaidh na vacsaíne frithchonfaidh sa Bhallstát nó sa tríú tír ina riartar an vacsaíniú;

(d)

ní mór don tréidlia údaraithe tréimhse bailíochta an vacsaínithe, mar a fhorordaítear i sonraíocht theicniúil an údaraithe margaíochta le haghaidh na vacsaíne frithchonfaidh sa Bhallstát nó sa tríú tír ina riartar an vacsaín, a thaifeadadh:

(i)

i Roinn IV den phas; nó

(ii)

sa roinn iomchuí den deimhniú sláinte ainmhithe atá in éineacht leis an ainmhí;

(e)

ní mór a mheas gurb ionann athvacsaíniú (teanndáileog) agus vacsaíniú príomha más rud é nach ndéantar é laistigh de thréimhse bailíochta vacsaínithe roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (d).


(1)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

(2)  IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.


Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 290 CFAE

Dearbhaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhfuil forálacha an Rialacháin seo gan dochar d'aon seasamh a d'fhéadfadh na hinstitiúidí a ghlacach amach anseo maidir le cur chun feidhme Airteagal 290 CFAE ná d'aon ghníomh reachtach aonair ina mbíonn forálacha den sórt seo.


Ráiteas ón gCoimisiún

Tá sé de rún ag an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ina iomláine roimh 30 Meitheamh 2011, agus, go háirithe, ar na gnéithe sin a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le fógra a thabhairt faoi ghníomhartha tarmligthe

Tugann an Coimisiún Eorpach dá aire go measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gur cheart, cé is moite de chásanna ina bhforálann an gníomh reachtach do nós imeachta práinne, go gcuirfí tréimhsí sosa na n-institiúidí (geimhreadh, samhradh, agus toghcháin Eorpacha) san áireamh agus fógra á thabhairt i leith gníomhartha tarmligthe, d'fhonn a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann a sainchumais a fheidhmiú laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos sna gníomhartha reachtacha ábhartha, agus tá an Coimisiún ullamh le gníomhú dá réir sin.


29.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/11


RIALACHÁN (AE) Uimh. 439/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Bealtaine 2010

lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 74 agus d’Airteagal 78(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceaptar beartas an Aontais maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn (an CEAS), faoi théarmaí Chlár na Háige, chun comhlimistéar tearmainn a bhunú trí bhíthin nós imeachta chomhchuibhithe éifeachtach atá comhsheasmhach le luachanna agus le traidisiún daonchairdiúil an Aontais Eorpaigh.

(2)

Tá an-dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas chun an CEAS a bhunú, de bharr comhchaighdeáin íosta a thabhairt isteach. Tá neamhréireachtaí móra ó Bhallstát go Ballstát ann fós, áfach, i ndeonú cosanta idirnáisiúnta agus sna foirmeacha a ghlacann an chosaint idirnáisiúnta sin. Ba cheart na neamhréireachtaí sin a laghdú.

(3)

D'fhógair an Coimisiún, ina Phlean Beartais maidir le Tearmann, a glacadh i mí Mheithimh 2008, go raibh rún aige CEAS a fhorbairt trí thogra a dhéanamh chun a mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar na hionstraimí dlíthiúla atá ann cheana chun comhchuibhiú níos fearr ar na caighdeáin is infheidhme a bhaint amach agus trína chur leis an tacaíocht do chomhar praiticiúil idir na Ballstáit, go háirithe trí thogra reachtach chun Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (an Oifig Tacaíochta) a bhunú d'fhonn comhordú comhair oibríochtúil idir Ballstáit a mhéadú ionas go gcuirfear na rialacha comhchoiteanna chun feidhme go héifeachtach.

(4)

Sa Chomhaontú Eorpach um Inimirce agus um Thearmann, a glacadh i mí Mheán Fómhair 2008, mheabhraigh an Chomhairle Eorpach go sollúnta go bhfuil sé de cheart ag aon eachtrannach atá faoi ghéarleanúint cúnamh agus cosaint a fháil ar chríoch an Aontais Eorpaigh i gcur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 agus le conarthaí ábhartha eile. Comhaontaíodh freisin go sainráite go mbunófaí oifig Eorpach tacaíochta in 2009.

(5)

Is é is aidhm don chomhar praiticiúil i réimse an tearmainn méadú ar chóineasú nósanna imeachta cinnteoireachta na mBallstát maidir leis an réimse sin agus cáilíocht leanúnach a áirithiú i leith na nósanna imeachta sin faoi chuimsiú creata reachtaigh Eorpaigh. Rinneadh roinnt mhaith beart maidir le comhar praiticiúil cheana le blianta beaga anuas, go háirithe cur chuige comhchoiteann i dtaca le faisnéis ar thíortha tionscnaimh a ghlacadh agus curaclam Eorpach coiteann maidir le Tearmann a bhunú.

(6)

Ba cheart go mbunófaí an Oifig Tacaíochta chun na bearta sin um chomhar a neartú agus a fhorbairt. Ba cheart don Oifig Tacaíochta aird chuí a thabhairt ar thorthaí na ngníomhaíochtaí sin agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh.

(7)

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcórais náisiúnta tearmainn agus glactha faoi bhrú neamhréireach ar leith, go háirithe i ngeall ar a suíomh geografach nó a staid dhéimeagrafach, ba cheart go dtacódh an Oifig Tacaíochta le forbairt dlúthpháirtíochta laistigh den Aontas chun athshuíomh níos fearr a chur chun cinn idir Ballstáit, maidir le daoine a thairbhíonn de chosaint idirnáisiúnta, agus ag áirithiú ag an am céanna nach mbainfear mí-úsáid as na córais tearmainn agus glactha.

(8)

Ionas gur fearr is féidir a sainordú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Oifig Tacaíochta neamhspleách i gcúrsaí teicniúla agus ba cheart go mbeadh uathriail dhlíthiúil, riaracháin agus airgeadais aici. Chuige sin, ba cheart gur comhlacht de chuid an Aontais a bheadh san Oifig Tacaíochta a mbeadh pearsantacht dhlítheanach aici agus a d'fheidhmeodh na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar di leis an Rialachán seo.

(9)

Ba cheart don Oifig gníomhú i ndlúthchomhar le húdaráis tearmainn na mBallstát, leis na seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus le seirbhísí eile, agus leas á bhaint as inniúlacht agus as saineolas na seirbhísí sin, agus ba cheart di gníomhú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an Oifig Tacaíochta chun a áirithiú gur féidir léi a sainchúram a chur i gcrích.

(10)

Ba cheart don Oifig Tacaíochta gníomhú i ndlúthchomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (an UNHCR) agus, i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha d'fhonn leas a bhaint as a gcuid saineolais agus tacaíochta. Chuige sin, ba cheart aitheantas iomlán a thabhairt do ról an UNHCR agus do ról na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin gafa go hiomlán le hobair na hOifige Tacaíochta. Níor cheart go dtarlódh sé go mbeadh gníomhaíochtaí an UNHCR á maoiniú faoi dhó le foinsí eile idirnáisiúnta nó náisiúnta mar thoradh ar aon acmhainní airgeadais a chuirfidh an Oifig Tacaíochta ar fáil don UNHCR i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(11)

Thairis sin, chun a sainchúram a chomhlíonadh, agus a mhéid is gá chun a dualgais a chomhlíonadh, ba cheart don Oifig Tacaíochta comhoibriú le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex), arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (2), agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (3).

(12)

Ba cheart don Oifig Tacaíochta comhoibriú chomh maith le Gréasán Imirce na hEorpa, arna bhunú le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (4), chun dúbláil a sheachaint maidir le gníomhaíochtaí. Ba cheart go gcoiméadfadh an Oifig Tacaíochta dlúth-chomhphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta d'fhonn faisnéis a mhalartú agus d'fhonn eolas a chomhthiomsú i réimse an tearmainn.

(13)

Ba cheart go mbeadh an Oifig Tacaíochta ina hionad Eorpach saineolais maidir le cúrsaí tearmainn agus go mbeadh sí freagrach as comhar praiticiúil idir na Ballstáit a éascú, a chomhordú agus a neartú i leith na ngnéithe éagsúla a bhaineann le cúrsaí tearmainn, ionas gur fearr is féidir leis na Ballstáit cosaint idirnáisiúnta a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sé de cheart acu í a fháil, agus go ndéileálfaidh siad ar bhealach cóir agus éifeachtúil leo siúd nach bhfuil cáilithe le haghaidh cosanta idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go mbeadh sainordú na hOifige Tacaíochta dírithe ar thrí phríomhchúram, eadhon cuidiú leis an CEAS a chur chun feidhme, tacú le comhar praiticiúil idir na Ballstáit maidir le tearmann, agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith.

(14)

Níor cheart go mbeadh aon chumhachtaí díreacha ná aon chumhachtaí indíreacha ag an Oifig Tacaíochta i ndáil le cinntí a bheith á ndéanamh ag údaráis tearmainn na mBallstát maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.

(15)

Chun tacaíocht oibríochtúil atá tapa agus éifeachtach a sholáthar do na Ballstáit a bhfuil a gcuid córas tearmainn faoi bhrú ar leith agus/nó chun soláthar na tacaíochta sin do na Ballstáit sin a chomhordú, ba cheart don Oifig Tacaíochta, ar iarratas ó na Ballstáit lena mbaineann, gníomhaíocht a chomhordú chun tacú leis na Ballstáit sin inter alia trí fhoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, comhdhéanta de shaineolaithe ar chúrsaí tearmainn, a imscaradh ina gcuid gcríoch. Ba cheart do na foirne tacaíochta sin, go háirithe, saineolas a bhaineann le seirbhísí ateangaireachta, le faisnéis ar thíortha tionscnaimh agus le heolas faoin mbealach chun cásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú a chur ar fáil. Ba cheart go rialófaí leis an Rialachán seo na socruithe le haghaidh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn chun go n-áiritheofaí éifeachtacht a n-imscartha.

(16)

Ba cheart don Oifig Tacaíochta a sainchúram a chomhlíonadh i ndálaí ina gcumasófar di fónamh mar phointe tagartha de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht eolaíoch agus theicniúil an chúnaimh a sholáthraíonn sí agus na faisnéise a scaipeann sí, de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a modhanna oibriúcháin, agus de bhua a dúthrachta i gcomhlíonadh na ndualgas a chuirfear uirthi.

(17)

D'fhonn rialú éifeachtach a dhéanamh ar chórais fheidhmithe na hOifige, ba cheart go mbeadh ionadaíocht ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta na hOifige Tacaíochta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta a bheith comhdhéanta, a mhéid is féidir, de cheannairí oibríochtúla rann riarachán tearmainn na mBallstát, nó dá n-ionadaithe. Ba cheart go dtabharfaí na cumhachtaí is gá don Bhord, go háirithe chun an buiséad a bhunú agus chun cur i bhfeidhm an bhuiséid sin a fhíorú, chun na rialacha iomchuí airgeadais a ghlacadh, chun nósanna trédhearcacha oibre a bhunú don chinnteoireacht a dhéanfaidh an Oifig Tacaíochta, an tuarascáil bhliantúil ar staid cúrsaí tearmainn san Aontas a ghlacadh agus doiciméid theicniúla ar chur chun feidhme ionstraimí tearmainn an Aontais a ghlacadh, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, más iomchuí, Coiste Feidhmiúcháin a cheapadh. I bhfianaise saineolais an UNHCR i gcúrsaí tearmainn, ba cheart go ndéanfaí é a ionadú ar an mBord Bainistíochta le comhalta nach mbeadh ceart vótála aige, chun go mbeadh an UNHCR gafa go hiomlán le hobair na hOifige Tacaíochta.

(18)

I bhfianaise chineál na ndualgas a bheidh ag an Oifig Tacaíochta agus ról an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus chun a chumasú do Pharlaimint na hEorpa tuairim a ghlacadh maidir leis an iarrthóir a roghnófar, sula gceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, ina theannta sin, sula bhféadfar síneadh a dhéanamh ar a théarma oifige, ba cheart go dtabharfaí cuireadh dó ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart go ndéanfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an deis ag Parlaimint na hEorpa iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil a dhéanamh ar fheidhmiú a dhualgas.

(19)

D'fhonn uathriail iomlán agus neamhspleáchas iomlán na hOifige Tacaíochta a áirithiú, ba cheart buiséad dá cuid féin a thabhairt di, arb é a bheidh sa chuid is mó de ranníocaíocht ón Aontas. Ba cheart maoiniú na hOifige Tacaíochta a bheith ina ábhar do chomhaontú ag an údarás buiséadach faoi mar a leagtar amach é i bpointe 47 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún, maidir leis an smacht buiséadach agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (5). Ba cheart go mbeadh nós imeachta buiséadach an Aontais infheidhme a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht ón gComhphobal agus le haon deontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gurbh í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar na cuntais.

(20)

Ba cheart go gcomhoibreodh an Oifig Tacaíochta le húdaráis inniúla tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil i dtaca leis na hábhair a thagann faoi réim feidhme an Rialacháin seo agus le tríú tíortha faoi chuimsiú socruithe oibre arna gcur i gcrích i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(21)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn, trí litreacha dar dáta an 18 Bealtaine 2009, gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(23)

De bhrí gur chuidigh an Danmhairg, mar Bhallstát, go dtí seo leis an gcomhar praiticiúil idir Ballstáit maidir le réimse an tearmainn, ba cheart go n-éascódh an Oifig Tacaíochta comhar oibríochtúil leis an Danmhairg. Chuige sin, ba cheart go dtabharfaí cuireadh d'ionadaí Danmhargach freastal ar chruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta, agus ba cheart go mbeadh an Bord sin in ann cinneadh a dhéanamh chomh maith cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí Danmhargacha chuig cruinnithe de chuid meithleacha, i gcás inarb iomchuí sin.

(24)

Chun a sainchúram a chomhlíonadh, ba cheart don Oifig Tacaíochta a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an Aontas ar dá mbua a ghlac na tíortha sin dlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a chuireann siad i bhfeidhm an dlí sin, go háirithe an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. Féadfaidh an Oifig Tacaíochta freisin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, socruithe oibre a chur i gcrích i gcomhréir le forálacha an CAE le tíortha eile seachas na tíortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an Aontas, ar dá mbua a ghlac siad dlí an Aontais agus a chuireann siad i bhfeidhm é. Mar sin féin, níor cheart don Oifig Tacaíochta i gcás ar bith beartas neamhspleách seachtrach a fhorbairt.

(25)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an Oifig Tacaíochta ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (6) (an Rialachán Airgeadais), agus go háirithe ag Airteagal 185 den Rialachán sin.

(26)

Ba cheart go mbeadh feidhm gan srian maidir leis an Oifig Tacaíochta ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (7), agus ba cheart don Oifig Tacaíochta aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach i ndáil le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (8).

(27)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an Oifig Tacaíochta ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (9).

(28)

Ba cheart go mbeadh feidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Oifig Tacaíochta ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 i dtaca le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10).

(29)

Ba cheart na forálacha is gá maidir le cóiríocht don Oifig Tacaíochta sa Bhallstát ina mbeidh a ceanncheathrú lonnaithe agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le foireann iomlán na hOifige Tacaíochta agus le daoine dá dteaghlach a leagan amach i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú. Thairis sin, ba cheart don Bhallstát ósta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an Oifig mar is ceart, lena n-áirítear scoileanna do pháistí agus córas iompair, ionas go bhféadfaí acmhainní daonna d'ardcháilíocht a tharraingt ó limistéar geografach chomh leathan agus is féidir.

(30)

Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, an gá le cur chun feidhme an CEAS a fheabhsú, chun comhar praiticiúil idir Ballstáit i gcúrsaí tearmainn a éascú, a chomhordú agus a neartú agus chun tacaíocht oibríochtúil a sholáthar agus/nó chun soláthar na tacaíochta sin a chomhordú do Bhallstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú ar leith, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an ghnímh, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, faoi mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(31)

Urramaítear cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe agus ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gceart chun tearmainn a aithnítear le hAirteagal 18 den Chairt,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

AN OIFIG EORPACH TACAÍOCHTA DO CHÚRSAÍ TEARMAINN A BHUNÚ AGUS AN SAINCHÚRAM ATÀ UIRTHI

Airteagal 1

An Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn a bhunú

Bunaítear leis seo Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (an Oifig Tacaíochta) d'fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CEAS) a fheabhsú, d'fhonn an comhar praiticiúil idir Ballstáit maidir le tearmann a neartú agus d'fhonn soláthar na tacaíochta oibríochtúla a chur ar fáil agus/nó a chomhordú do Bhallstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú ar leith.

Airteagal 2

Sainchúram na hOifige Tacaíochta

1.   Déanfaidh an Oifig Tacaíochta comhar praiticiúil idir na Ballstáit a bhaineann le hiliomad gnéithe den tearmann a éascú, a chomhordú agus a neartú agus cuideoidh sí chun cur chun feidhme an CEAS a fheabhsú. Chuige sin, beidh an Oifig Tacaíochta rannpháirteach go hiomlán sa ghné sheachtrach den CEAS.

2.   Soláthróidh an Oifig Tacaíochta tacaíocht oibríochtúil éifeachtach do na Ballstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú ar leith agus bainfidh sí úsáid as na hacmhainní fóinteacha a bheidh ar fáil di lena bhféadfaí a áireamh comhordú acmhainní arna gcur ar fáil ag Ballstáit faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.   Soláthróidh an Oifig Tacaíochta cúnamh eolaíoch agus teicniúil i dtaca le beartas agus reachtaíocht an Aontais i ngach réimse a bhfuil tionchar díreach nó indíreach aige ar thearmann d'fhonn a bheith in ann tacaíocht iomlán a thabhairt don chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus chun a dhualgais a chur i gcrích go héifeachtach. Is éard a bheidh san Oifig foinse neamhspleách faisnéise maidir le gach saincheist a bhaineann leis na réimsí sin.

4.   Comhlíonfaidh an Oifig Tacaíochta a sainchúram i ndálaí lena gcumasófar di fónamh mar phointe tagartha de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht eolaíoch agus theicniúil an chúnaimh a sholáthraíonn sí agus de bhua na faisnéise a scaipeann sí, de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a modhanna oibriúcháin, agus de bhua a dúthrachta i gcomhlíonadh na ndualgas a thugtar di agus de bhua na tacaíochta teicneolaíochta faisnéise is gá chun a sainordú a chomhlíonadh.

5.   Oibreoidh an Oifig Tacaíochta go dlúth le húdaráis tearmainn na mBallstát, le seirbhísí náisiúnta inimirce agus tearmainn agus le seirbhísí náisiúnta eile agus leis an gCoimisiún. Cuirfidh an Oifig Tacaíochta a dualgais i gcrích gan dochar do na dualgais a shanntar do chomhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus oibreoidh sí i ndlúthchomhar leis na comhlachtaí sin agus leis an UNHCR.

6.   Ní bheidh aon chumhachtaí díreacha ag an Oifig i ndáil le cinntí a bheith á ndéanamh ag údaráis tearmainn na mBallstát maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.

CAIBIDIL 2

DUALGAIS NA hOIFIGE TACAÍOCHTA

ROINN 1

Tacaíocht don chomhar praiticiúil maidir le tearmann

Airteagal 3

Dea-chleachtais

Déanfaidh an Oifig Tacaíochta gníomhaíochtaí a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú ionas gur féidir faisnéis a mhalartú agus na dea-chleachtais maidir le cúrsaí tearmainn a shainaithint agus a chomhthiomsú idir na Ballstáit.

Airteagal 4

Faisnéis maidir le tíortha tionscnaimh

Déanfaidh an Oifig Tacaíochta gníomhaíochtaí a bhaineann le faisnéis maidir le tíortha tionscnaimh a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú, agus go háirithe:

(a)

faisnéis atá ábhartha, iontaofa, cruinn agus cothrom le dáta a bhailiú ar dhóigh thrédhearcach neamhchlaonta maidir le tíortha tionscnaimh de chuid daoine a bhfuil iarratais á ndéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta, agus leas á bhaint as gach foinse ábhartha faisnéise, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear ó eagraíochtaí rialtais, ó eagraíochtaí neamhrialtais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Aontais;

(b)

tuarascálacha a dhréachtú ar thíortha tionscnaimh, ar bhonn faisnéise arna bhailiú i gcomhréir le pointe (a);

(c)

tairseach a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh, is tairseach le haghaidh faisnéis a bhailiú maidir le tíortha tionscnaimh, agus an tairseach sin a chothabháil ar mhaithe le trédhearcacht a áirithiú i gcomhréir leis na rialacha is gá le haghaidh rochtana ar an bhfaisnéis sin faoi Airteagal 42;

(d)

formáid chomhchoiteann agus modheolaíocht chomhchoiteann a fhorbairt chun an fhaisnéis maidir le tíortha tionscnaimh a chur i láthair, a fhíorú agus a úsáid;

(e)

anailís a dhéanamh ar dhóigh thrédhearcach ar fhaisnéis ar thíortha tionscnaimh chun cóineasú a chothú maidir leis na critéir mheasúnachta, agus, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as torthaí na gcruinnithe de chuid ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na meithleacha. Ní airbheartófar leis an anailís sin treoracha a thabhairt do na Ballstáit maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a dhiúltú.

Airteagal 5

Tacaíocht maidir le daoine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh a athshuíomh laistigh den Aontas

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú neamhréireach ar leith, go háirithe i ngeall ar a suíomh geografach nó ar a staid dhéimeagrafach, déanfaidh an Oifig Tacaíochta malairtí faisnéise agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le hathshuíomh laistigh den Aontas a chur chun cinn, a éascú agus a chomhordú. Déanfar athshuíomh laistigh den Aontas ar bhonn comhaontaithe, agus ar an mbonn sin amháin, idir Ballstáit agus le toiliú tairbhí na cosanta idirnáisiúnta lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle leis an UNHCR.

Airteagal 6

Tacaíocht don oiliúint

1.   Maidir leis an oiliúint a bheidh ar fáil do bhaill foirne gach riaracháin náisiúnta agus na gcúirteanna agus na mbinsí uile náisiúnta agus na seirbhísí náisiúnta a bheidh freagrach as cúrsaí tearmainn sna Ballstáit, déanfaidh an Oifig Tacaíochta í a bhunú agus a fhorbairt. Beidh rannpháirtíocht san oiliúint gan dochar do chórais náisiúnta ná do nósanna imeachta náisiúnta.

Forbróidh an Oifig Tacaíochta an oiliúint sin i ndlúthchomhar le húdaráis tearmainn na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, bainfidh sí leas as saineolas institiúidí acadúla agus as saineolas eagraíochtaí ábhartha eile.

2.   Déanfaidh an Oifig Tacaíochta curaclam Eorpach tearmainn a bhainistiú agus a fhorbairt, ag féachaint don chomhar atá ann cheana féin san Aontas sa réimse sin.

3.   Féadfaidh an oiliúint a thairgfidh an Oifig Tacaíochta a bheith ginearálta, sonrach nó de réir téama áirithe agus féadfar an mhodheolaíocht ‘oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí’ a áireamh inti.

4.   Maidir le gníomhaíochtaí sonracha oiliúna nó gníomhaíochtaí téamúla oiliúna i dtaca le cúrsaí tearmainn, cuimsíonn siad na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad sin amháin a bheadh i gceist leo:

(a)

cearta idirnáisiúnta an duine agus acquis tearmainn an Aontais, lena n-áirítear saincheisteanna sainiúla dlí agus cásdlí;

(b)

saincheisteanna a bhaineann le láimhseáil iarratas ar thearmann ó mhionaoisigh agus ó dhaoine soghonta a bhfuil riachtanais ar leith acu;

(c)

teicníochtaí agallaimh;

(d)

tuarascálacha saineolais liachta agus dlí a úsáid sna nósanna imeachta tearmainn;

(e)

saincheisteanna a bhaineann le soláthar agus le húsáid na faisnéise faoi na tíortha tionscnaimh;

(f)

coinníollacha glactha, lena n-áirítear aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar íospartaigh céastóireachta.

5.   Beidh an oiliúint a sholáthrófar ar ardcháilíocht agus aithneofar léi eochairphrionsabail agus dea-chleachtais d'fhonn cur le cóineasú níos mó a dhéanamh ar na cleachtais agus ar na cinntí riaracháin, agus ar an gcleachtas dlíthiúil, agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas na gcúirteanna náisiúnta agus na mbinsí náisiúnta.

6.   Soláthróidh an Oifig Tacaíochta saineolaithe a bheidh ina gcuid den Díorma um Idirghabháil Tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 15 agus a mbeidh sainoiliúint orthu a bheidh ábhartha dá ndualgais agus dá bhfeidhmeanna agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na saineolaithe sin i gcomhréir leis an sceideal oiliúna agus freachnaimh speisialaithe dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na hOifige Tacaíochta.

7.   Féadfaidh an Oifig Tacaíochta gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit ina gcríocha.

Airteagal 7

Tacaíocht maidir leis na gnéithe seachtracha den CEAS

Déanfaidh an Oifig Tacaíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, comhordú ar an malartú faisnéise agus ar ghníomhaíocht eile a dhéanfar a bhaineann le saincheisteanna a eascróidh as cur chun feidhme na n-ionstraimí agus na sásraí a bhaineann leis an ngné sheachtrach den CEAS.

Déanfaidh an Oifig Tacaíochta comhordú ar mhalairtí faisnéise agus ar ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le hathlonnú a ghlacfaidh Ballstáit d'fhonn na riachtanais maidir le cosaint idirnaisiúnta a bheidh ag dídeanaithe i dtríú tíortha a chomhlíonadh agus d'fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú lena dtíortha ósta.

De bhun a sainordaithe, agus i gcomhréir le hAirteagal 49, féadfaidh an Oifig Tacaíochta comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha i gcúrsaí teicniúla, go háirithe chun cuidiú le forbairt acmhainní na dtríú tíortha maidir lena gcórais tearmainn agus glactha féin agus chun an fhorbairt sin a chur chun cinn agus chun cláir chosanta réigiúnacha a chur chun feidhme, agus gníomhaíochtaí eile a bheadh ábhartha maidir le réitigh sheasta.

ROINN 2

Tacaíocht do bhallstáit atá faoi bhrú ar leith

Airteagal 8

Brú ar leith ar an gcóras tearmainn agus glactha

Déanfaidh an Oifig Tacaíochta comhghníomhaíocht a chomhordú agus a thacú chun cuidiú le Ballstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú ar leith, rud is cúis le héilimh fhíorthroma agus práinneacha ar a gcuid áiseanna glactha agus ar a gcórais tearmainn. D'fhéadfadh sé go n-eascródh brú den chineál sin as mórphlódú isteach de náisiúnaigh tríú tíortha a bhféadfadh cosaint idirnáisiúnta a bheith ag teastáil uathu agus as suíomh geografach nó staid dhéimeagrafach an Bhallstáit.

Airteagal 9

Faisnéis a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi

1.   Chun bheith in ann measúnú a dhéanamh ar riachtanais na mBallstát atá faoi bhrú ar leith, déanfaidh an Oifig Tacaíochta faisnéis ábhartha a bhailiú chun bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 10 a shainaithint, a ullmhú agus a cheapadh chun déileáil leis an mbrú sin, agus déanfar an fhaisnéis sin a bhailiú go háirithe ar bhonn faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit, an UNHCR agus, i gcás inarb iomchuí, eagraíochtaí ábhartha eile.

2.   D'fhonn taobhú le faisnéis fhrithpháirteach thapa agus iontaofa a scaipeadh idir údaráis tearmainn na mBallstát éagsúla, déanfaidh an Oifig Tacaíochta faisnéis a bhaineann leis na struchtúir agus leis an bhfoireann atá ar fáil, go háirithe don aistriúchán agus don ateangaireacht, faisnéis ar thíortha tionscnaimh agus ar an gcúnamh atá ar fáil maidir le cásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú agus inniúlacht tearmainn na mBallstát sin atá faoi bhrú ar leith , a shainaithint, a bhailiú agus a anailísiú ar shlí chórasach ar bhonn sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith a chur ar fáil.

3.   Déanfaidh an Oifig Tacaíochta anailís ar shonraí a bhainfidh le haon mhórphlódú isteach de náisiúnaigh tríú tíortha a d'fhéadfadh brú ar leith a chur ar na córais náisiúnta tearmainn agus glactha agus déanfaidh sí malartú tapa d'fhaisnéis ábhartha a áirithiú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Bainfidh an Oifig Tacaíochta úsáid as córais agus as sásraí réamhrabhaidh atá ann cheana agus, más gá, bunóidh sí córas réamhrabhaidh chun a críocha féin.

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí tacaíochta do na Ballstáit

Ar iarratas ó na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh an Oifig Tacaíochta gníomhaíochtaí a chomhordú chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus glactha faoi bhrú ar leith, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht chun cuidiú leis na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith chun anailís tosaigh a dhéanamh ar iarratais ar thearmann a bheidh faoi scrúdú ag na húdaráis inniúla náisiúnta;

(b)

gníomhaíocht chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit atá faoi bhrú ar leith na saoráidí glactha iomchuí a chur ar fáil, go háirithe cóiríocht éigeandála, modhanna iompair agus cúnamh liachta;

(c)

na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a ndéantar a gcuid socruithe oibriúcháin a leagan amach i gCaibidil 3.

ROINN 3

Rannchuidiú le cur chun feidhme an ceas

Airteagal 11

Faisnéis a bhailiú agus a mhalartú

1.   Déanfaidh an Oifig an malartú faisnéise a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn idir údaráis tearmainn na mBallstát, agus idir an Coimisiún agus údaráis tearmainn na mBallstát, maidir le cur chun feidhme ionstraimí ábhartha uile acquis an Aontais maidir le tearmann. Chuige sin, féadfaidh an Oifig Tacaíochta bunachair sonraí fhíorasacha, dlít agus cásdlí a bhunú i ndáil leis na hionstraimí maidir le tearmann ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus úsáid á baint aici, inter alia, as na socruithe atá ann cheana. Gan dochar do ghníomhaíochtaí na hOifige Tacaíochta de bhun Airteagal 15 agus Airteagal 16, ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a stóráil sna bunachair sonraí sin, mura rud é go bhfuair an Oifig Tacaíochta na sonraí sin ó dhoiciméid a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

2.   Déanfaidh an Oifig Tacaíochta, go háirithe, faisnéis a bhailiú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

próiseáil na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag lucht riaracháin náisiúnta agus ag údaráis náisiúnta;

(b)

an dlí náisiúnta agus forbairtí dlíthiúla maidir le cúrsaí tearmainn, lena n-áirítear cásdlí.

Airteagal 12

Tuarascálacha agus doiciméid eile na hOifige Tacaíochta

1.   Dréachtóidh an Oifig Tacaíochta tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas, agus aird chuí á tabhairt aici ar fhaisnéis atá ar fáil cheana féin ó fhoinsí ábhartha eile. Mar chuid den tuarascáil sin, déanfaidh an Oifig Tacaíochta measúnú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo agus déanfaidh sí anailís chomparáideach chuimsitheach orthu d'fhonn cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht an CEAS a fheabhsú.

2.   Féadfaidh an Oifig, i gcomhréir lena clár oibre nó ar iarratas ón mBord Bainistíochta nó ón gCoimisiún, doiciméid theicniúla a ghlacadh maidir le cur chun feidhme ionstraimí tearmainn an Aontais, lena n-áirítear treoirlínte agus lámhleabhair oibriúcháin, agus aird chuí á tabhairt aici ar thuairimí a nochtfaidh na Ballstáit nó a nochtfaidh Parlaimint na hEorpa agus ag gníomhú di i ndlúthchomhar lena meithleacha agus leis an gCoimisiún. Aon uair a ndéanfar tagairt sna doiciméid theicniúla sin do phoncanna i ndáil leis an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe, tabharfar aird chuí ar threoirlínte ábhartha an UNHCR. Ní airbheartóidh na doiciméid treoracha a thabhairt do na Ballstáit maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a dhiúltú.

CAIBIDIL 3

FOIRNE TACAÍOCHTA DO CHÚRSAÍ TEARMAINN

Airteagal 13

Comhordú

1.   Féadfaidh Ballstát nó Ballstáit atá faoi bhrú ar leith iarraidh ar an Oifig Tacaíochta foireann tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscaradh. Go háirithe, cuirfidh an Ballstát iarrthach nó na Ballstáit iarrthacha cur síos ar fáil ar an staid, léireoidh sé nó siad cuspóirí an iarratais ar imscaradh agus sonróidh sé nó siad na ceanglais mheasta maidir le himscaradh, i gcomhréir le hAirteagal 18(1).

2.   Mar fhreagairt ar iarrtas den sórt sin, féadfaidh an Oifig Tacaíochta an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil is gá a chomhordú don Bhallstát iarrthach nó do na Ballstáit iarrthacha agus imscaradh na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn ar chríoch an Bhallstáit sin nó ar chríocha na mBallstát sin, ar feadh tréimhse teoranta, a chomhordú ar bhonn plean oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 14

Cúnamh teicniúil

Soláthróidh na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn saineolas, mar a comhaontaíodh sa phlean oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18, go háirithe maidir le seirbhísí ateangaireachta, faisnéis faoi thíortha tionscnaimh agus eolas faoi chásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí tacaíochta do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 15

An Díorma um Idirghabháil Tearmainn

1.   Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, cinnfidh an Bord Bainistíochta, trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a mbeidh cearta vótála acu, próifílí agus líon iomlán na saineolaithe a chuirfear ar fáil do na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn (An Díorma um Idirghabháil Tearmainn). Mar chuid den Díorma um Idirghabháil Tearmainn, bunóidh an Oifig Tacaíochta liosta ateangairí. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar phróifílí agus ar líon iomlán na saineolaithe sa Díorma um Idirghabháil Tearmainn.

2.   Cuirfidh na Ballstáit leis an Díorma um Idirghabháil Tearmainn trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe ar bhonn na bpróifíl a shaineofar agus déanfaidh siad saineolaithe a fhreagraíonn do na próifílí a theastaíonn a mholadh.

Cuideoidh na Ballstáit leis an Oifig Tacaíochta chun ateangairí a shainaithint don liosta ateangairí.

Féadfaidh Ballstáit a roghnú ateangairí a imscaradh nó iad a chur ar fáil trí fhíschomhdáil.

Airteagal 16

Imscaradh

1.   Ní dhéanfar aon difear d'uathriail an Bhallstáit bhaile i dtaca le líon agus le próifíl na saineolaithe (an díorma náisiúnta) a roghnú agus i dtaca le ré a n-imscartha. Ar iarratas ón Oifig Tacaíochta, cuirfidh na Ballstáit na saineolaithe sin ar fáil le haghaidh imscaradh, ach amháin má tá aghaidh á tabhairt acu ar staid a chuirfeadh isteach go mór ar chomhlíonadh na ndualgas náisiúnta, amhail staid arb é an toradh a bheadh uirthi easpa foirne a bheith ar fáil chun nósanna imeachta um chinneadh stádais daoine atá ag déanamh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur i gcrích. Arna iarraidh sin don Oifig Tacaíochta, cuirfidh na Ballstáit in iúl a luaithe is féidir líon, ainmneacha agus próifílí na saineolaithe ar a ndíorma náisiúnta a d'fhéadfaidís a chur ar fáil a luaithe is féidir mar chomhaltaí d'fhoireann tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

2.   Nuair a bheidh comhdhéanamh foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn á chinneadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh na himthosca sonracha a bheidh ag bagairt ar an mBallstát iarrthach. Comhdhéanfar an fhoireann tacaíochta do chúrsaí tearmainn i gcomhréir leis an bplean oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 17

Nós imeachta cinnteoireachta le haghaidh imscaradh

1.   Más gá, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaithe ón Oifig Tacaíochta a chur amach chun an staid sa Bhallstát iarrthach a mheasúnú.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas láithreach faoi aon iarratas ar imscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin iarratas ar imscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát iarrthach agus an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas go comhuaineach i scríbhinn faoin gcinneadh agus luafaidh sé na príomhchúiseanna ba bhun leis.

4.   Má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann tacaíochta amháin do chúrsaí tearmainn nó níos mó ná ceann amháin a imscaradh, tarraingeoidh an Oifig Tacaíochta agus an Ballstát iarrthach plean oibriúcháin suas láithreach i gcomhréir le hAirteagal 18.

5.   A luaithe a thiocfar ar chomhaontú faoin bplean oibriúcháin sin, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Ballstáit a bhfuil a saineolaithe le himscaradh ar an eolas faoi líon na saineolaithe agus faoi phróifílí na saineolaithe a imscarfar sna foirne. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i scríbhinn, do na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus luafar inti an dáta atá sceidealta le haghaidh an imscartha. Cuirfear cóip den phlean oibriúcháin ar fáil dóibh chomh maith.

6.   Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé ar fáil, is é an ceann aonaid a fheidhmeoidh a dhualgais a dhéanfaidh na cinntí a bhaineann le himscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

Airteagal 18

An plean oibriúcháin

1.   Tiocfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát iarrthach ar chomhaontú maidir le plean oibriúcháin, ina leagfar amach ar dhóigh mhionsonraithe na coinníollacha a bhaineann leis na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscaradh. Cumhdófar an méid seo a leanas sa phlean oibriúcháin:

(a)

cur síos ar an staid maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear an cuspóir oibriúcháin;

(b)

an ré a thuartar d'imscaradh na bhfoirne;

(c)

an limistéar geografach freagrachta sa Bhallstát iarrthach ina n-imscarfar na foirne;

(d)

cur síos ar chúraimí agus ar threoracha speisialta do bhaill na bhfoirne lena n-áirítear na bunachair shonraí a n-údarófar dóibh a cheadú agus an trealamh a fhéadfaidh siad a iompar sa Bhallstát iarrthach; agus

(e)

comhdhéanamh na bhfoirne.

2.   Beidh comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit iarrthaigh araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibriúcháin. Déanfaidh an Oifig Tacaíochta cóip den phlean oibriúcháin leasaithe nó oiriúnaithe a chur láithreach chuig na Ballstáit rannpháirteacha.

Airteagal 19

Pointe teagmhála náisiúnta

Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an Oifig Tacaíochta ar gach ábhar a bhaineann leis na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

Airteagal 20

Pointe teagmhála an Aontais

1.   Ainmneoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaí amháin de chuid na hOifige nó níos mó ná sin a ghníomhóidh mar phointe teagmhála an Aontais, ar saineolaí nó saineolaithe iad a bheidh freagrach as an gcomhordú. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát ósta ar an eolas faoi na ceapacháin sin.

2.   Gníomhóidh pointe teagmhála an Aontais thar ceann na hOifige i dtaca le gach gné d'imscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn. Déanfaidh pointe teagmhala an Aontais an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gníomhóidh sé mar idirghabhálaí idir an Oifig Tacaíochta agus an Ballstát ósta;

(b)

gníomhóidh sé mar idirghabhálaí idir an Oifig Tacaíochta agus baill na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, agus déanfaidh sé cúnamh a sholáthar, thar ceann na hOifige Tacaíochta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha imscartha na bhfoirne sin;

(c)

déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme ceart an phlean oibriúcháin; agus

(d)

cuirfidh sé tuarascáil chuig an Oifig Tacaíochta maidir le gach gné d'imscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

3.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a údarú do phointe teagmhála an Aontais cuidiú le réiteach aon díospóidí i ndáil le cur chun feidhme an phlean oibriúcháin agus imscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

4.   Agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, ní ghlacfaidh pointe teagmhála an Aontais treoracha ach ón Oifig Tacaíochta amháin.

Airteagal 21

Dliteanas sibhialta

1.   I gcás ina mbeidh baill d'fhoireann ag feidhmiú i mBallstát ósta, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta as aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí.

2.   I gcás ina mbeidh damáiste den sórt sin ann mar thoradh ar mhórfhaillí nó ar mhí-iompar toiliúil, féadfaidh an Ballstát ósta dul i dteagmháil leis an mBallstát baile chun go n-aisíocfadh an Ballstát baile aon suimeanna a d'íoc an Ballstát ósta le híospartaigh nó le daoine a bhfuil teideal acu thar a gceann.

3.   Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, déanfaidh gach Ballstát a éilimh in aghaidh an Bhallstáit ósta nó in aghaidh aon Bhallstáit eile i leith aon damáistí a rinneadh dó a tharmscaoileadh, seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 273 de CFAE, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais aon díospóid a bhainfidh le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo nach féidir a réiteach le caibidlíocht eatarthu.

5.   Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Oifig Tacaíochta na costais a bhaineann le damáiste a dhéanfar do threalamh na hOifige le linn imscaradh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

Airteagal 22

Dliteanas coiriúil

Le linn imscaradh foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, déileálfar le baill foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn ar an mbealach céanna a ndéileálfar le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit ósta maidir le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d'fhéadfadh siadsan a dhéanamh.

Airteagal 23

Costais

Seasfaidh an Oifig Tacaíochta ina n-iomláine na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit a saineolaithe ar fáil do na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn:

(a)

taisteal ón mBallstát baile go dtí an Ballstát ósta agus ón mBallstát ósta go dtí an Ballstát baile;

(b)

vaicsíní;

(c)

riachtanais speisialta árachais;

(d)

cúram sláinte;

(e)

liúntais chothaithe laethúla, lena n-áirítear cóiríocht;

(f)

trealamh teicniúil na hOifige Tacaíochta; agus

(g)

táillí saineolaithe.

CAIBIDIL 4

EAGRÚ NA hOIFIGE TACAÍOCHTA

Airteagal 24

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta na hOifige Tacaíochta

Is mar a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta na hOifige Tacaíochta:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann na hOifige Tacaíochta.

D'fhéadfadh go mbeadh Coiste Feidhmiúcháin ar struchtúr riaracháin agus bainistíochta na hOifige, dá mbunófaí é i gcomhréir le hAirteagal 29(2).

Airteagal 25

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh gach Ballstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo comhalta amháin a cheapadh ar an mBord Bainistíochta agus déanfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí a cheapadh.

2.   Féadfaidh malartach suí thar ceann gach comhalta ar an mBord Bainistíochta nó a bheith i dteannta an chomhalta sin; i gcás ina mbeidh sé i dteannta an chomhalta, déanfaidh an comhalta malartach freastal ar an gcruinniú gan ceart vótála.

3.   Ainmneofar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta bunaithe ar a dtaithí, ar a bhfreagracht ghairmiúil agus ar ardleibhéal saineolais i réimse an tearmainn.

4.   Is comhalta gan ceart vótála den Bhord Bainistíochta é ionadaí an UNHCR.

5.   Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tráth a n-éagfaidh a dtéarma oifige nó i gcás iad d'éirí as oifig, fanfaidh na comhaltaí i seilbh oifige go dtí go ndéanfar a gceapachán a athnuachan nó go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad.

Airteagal 26

Cathaoirleacht an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí a mbeidh cearta vótála acu. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch má tharlaíonn nach féidir leis freastal ar a dhualgais.

2.   Trí bliana a bheidh i dtéarmaí oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh agus ní fhéadfar an téarma oifige a athnuachan ach uair amháin. Más rud é, áfach, go dtagann a mballraíocht ar an mBord Bainistíochta chun deiridh tráth ar bith le linn a dtéarma oifige mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach, rachaidh a dtéarma oifige in éag uaidh féin an dáta sin freisin.

Airteagal 27

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sna cruinnithe. Ní ghlacfaidh ionadaí an UNHCR páirt sa chruinniú nuair a bheidh na feidhmeanna a leagtar síos i bpointí (b), (h), (i), (j) agus (m) d'Airteagal 29(1) agus in Airteagal 29(2) á gcomhlíonadh ag an mBord Bainistíochta, agus nuair a chinnfidh an Bord Bainistíochta acmhainní airgeadais a chur ar fáil d'fhonn na gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena gcuirfear ar chumas na hOifige Tacaíochta tairbhiú de shaineolas an UNHCR i gcúrsaí tearmainn, dá dtagraítear in Airteagal 50.

2.   Beidh dhá ghnáthchruinniú sa bhliain ar a laghad ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar iarratas ón gCathaoirleach nó ar iarratas ó aon trian de chomhaltaí an Bhoird.

3.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh a thuairimí a bheith ina n-ábhar spéise freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir.

Tabharfar cuireadh don Danmhairg freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

4.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

5.   Soláthróidh an Oifig Tacaíochta seirbhísí rúnaíochta don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 28

Vótáil

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt, déanfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Beidh vóta amháin ag gach comhalta atá i dteideal vótáil. Má bhíonn comhalta as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

2.   Ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin vótáil.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Ní dhéanfaidh Ballstáit nach mbíonn rannpháirteach go hiomlán san acquis i réimse an tearmainn vóta a chaitheamh i gcás ina nglaofar ar an mBord Bainistíochta cinntí a thagann faoi phointe (e) d’Airteagal 29(1) a ghlacadh, agus ina mbainfidh an doiciméad teicniúil a bheidh i gceist go heisiatach le hionstraim tearmainn de chuid an Aontais nach bhfuil ina cheangal orthu.

5.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile, agus aon riachtanais maidir le córam, i gcás inar gá sin.

Airteagal 29

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcomhlíonfaidh an Oifig Tacaíochta na dualgais a shanntar di. Comhlacht pleanála agus comhlacht faireacháin na hOifige Tacaíochta a bheidh ann. Go háirithe:

(a)

déanfaidh sé a rialacha nós imeachta a ghlacadh, trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí go léir a bhfuil cearta vótála acu agus tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún;

(b)

déanfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 30, déanfaidh sé údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, é a fhionraí nó a bhriseadh as oifig;

(c)

déanfaidh sé tuarascáil ghinearálta bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige Tacaíochta a ghlacadh agus í a chur faoin 15 Meitheamh den bhliain dar gcionn chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfar an tuarascáil ghinearálta bhliantúil a phoibliú;

(d)

déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil a ghlacadh ar staid an tearmainn san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 12(1). Cuirfear an tuairim sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún a iarraidh go gcuirfear an tuarascáil faoina mbráid freisin;

(e)

glacfaidh sé na doiciméid theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(2);

(f)

déanfaidh sé clár oibre na hOifige Tacaíochta don bhliain dar gcionn a ghlacadh trí thromlach trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird a bhfuil cearta vótála acu, faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, bunaithe ar dhréacht a thíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún, agus an clár oibre sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Glacfar an clár oibre sin i gcomhréir le nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais agus le clár oibre reachtach an Aontais i réimse an tearmainn;

(g)

feidhmeoidh sé a fhreagrachtaí maidir le buiséad na hOifige Tacaíochta faoi mar a leagtar síos i gCaibidil 5 iad;

(h)

glacfaidh sé na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 42 den Rialachán seo;

(i)

glacfaidh sé beartas foirne na hOifige Tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 38;

(j)

glacfaidh sé plean ilbhliantúil na hOifige Tacaíochta i gcúrsaí foirne tar éis tuairim a iarraidh ón gCoimisiún;

(k)

déanfaidh sé na cinntí go léir chun sainordú na hOifige Tacaíochta faoi mar a leagtar síos iad sa Rialachán seo a chomhall;

(l)

déanfaidh sé na cinntí go léir maidir leis na córais faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhunú agus, i gcás inar gá sin, a fhorbairt, lena n-áirítear an tairseach faisnéise dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4; agus

(m)

déanfaidh sé na cinntí go léir maidir le struchtúir inmheánacha na hOifige Tacaíochta a bhunú agus, i gcás inar gá sin, a mhodhnú;

2.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta Coiste Feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir leis na cinntí a ullmhú, maidir leis an gclár oibre agus na gníomhaíochtaí a bheidh le glacadh ag an mBord Bainistíochta agus, i gcás inar gá sin, de bharr práinne, chun cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta.

Beidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin sin ochtar comhalta a cheapfar as measc chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta, duine de chomhaltaí Choimisiúin an Bhoird Bainistíochta ina measc. Beidh téarma oifige chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin comhionann le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

Ar iarratas ón gCoiste Feidhmiúcháin, féadfaidh ionadaithe an UNHCR nó aon duine eile a bhféadfadh a thuairimí a bheith ina n-ábhar spéise freastal ar chruinnithe den Choiste Feidhmiúcháin gan ceart vótála a bheith acu.

Leagfaidh an Oifig Tacaíochta síos nósanna imeachta oibriúcháin an Choiste Feidhmiúcháin i rialacha nós imeachta na hOifige Tacaíochta agus poibleofar na nósanna imeachta sin.

Airteagal 30

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

1.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar feadh thréimhse cúig bliana as measc na n-iarrthóirí oiriúnacha a shainaithneofar i gcomórtas oscailte a eagróidh an Coimisiún. Leis an nós imeachta roghnúcháin sin, déanfar foráil chun glao ar léirithe spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile. Féadfaidh an Bord Bainistíocht nós imeachta nua a éileamh mura mbeidh sé sásta le hoiriúnacht aon duine de na hiarrthóirí a choinneofar sa chéad liosta. Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn a fhiúntais phearsanta, a thaithí i réimse an tearmainn, agus a scileanna riaracháin agus bainistíochta. Sula gceapfar é, iarrfar ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó os comhair choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó comhaltaí na gcoistí sin a fhreagairt.

Tar éis an ráitis sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim a ghlacadh lena leagfar amach a tuairim maidir leis an iarrthóir a roghnófar. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin mbealach ina gcuirfear an tuairim sin san áireamh. Déileálfar leis an tuairim mar thuairim phearsanta atá faoi rún go dtí go gceapfar an t-iarrthóir.

Feadh na naoi mí dheireanacha de théarma cúig bliana an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht lena ndíreofar go háirithe:

ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin; agus

ar dhualgais agus ar cheanglais na hOifige Tacaíochta sna blianta a bheidh le teacht.

2.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, agus an mheastóireacht sin á cur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin ar feadh trí bliana ar a mhéid, ach sin i gcás ina bhfuil údar maith leis an síneadh mar gheall ar shainchúram agus ceanglais na hOifige Tacaíochta, agus sa chás sin amháin.

3.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Laistigh de mhí roimh fhadú a théarma oifige, tabharfar cuireadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó os comhair choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó comhaltaí na gcoistí sin a fhreagairt.

Airteagal 31

Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar duine é a fheidhmeoidh a chuid dualgas go neamhspleách, a bhainisteoidh an Oifig Tacaíochta. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta as a chuid gníomhaíochtaí.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin ná do chumhachtaí an Bhoird Bainistíochta, ná do chumhachtaí an Choiste Feidhmiúcháin má bhunaítear é, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin teagasc ná ní ghlacfaidh sé teagasc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar chomhlíonadh a dhualgais nuair a iarrfar sin a dhéanamh. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar fheidhmiú a dhualgais.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na hOifige Tacaíochta.

5.   Féadfaidh ceann aonaid amháin nó níos mó ná ceann aonaid amháin cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé ar fáil, glacfaidh ceann aonaid a ionad.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú riaracháin na hOifige Tacaíochta agus as na dualgais a shanntar di leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

riarachán na hOifige Tacaíochta ó lá go lá;

(b)

cláir oibre na hOifige Tacaíochta a bhunú, tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún;

(c)

na cláir oibre agus na cinntí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(d)

tuarascálacha a dhréachtú ar na tíortha tionscnaimh, ar tuarascálacha iad dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 4;

(e)

dréachtrialachán airgeadais na hOifige a ullmhú chun go nglacfaidh an Bord Bainistíochta é faoi Airteagal 37, mar aon lena rialacha cur chun feidhme;

(f)

dréachtráiteas na meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige Tacaíochta a ullmhú agus a buiséad a chur chun feidhme;

(g)

na cumhachtaí maidir le foireann na hOifige Tacaíochta a leagtar síos in Airteagal 38 a fheidhmiú;

(h)

na cinntí go léir a dhéanamh maidir leis na córais faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhainistiú, lena n-áirítear an tairseach faisnéise dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4;

(i)

na cinntí go léir a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha na hOifige Tacaíochta a bhainistiú; agus

(j)

comhordú agus oibriú an Fhóraim Chomhchomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 51. Chuige sin, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean a ghlacadh, i gcomhairle le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, chun an Fóram Comhchomhairleach a chur ar bun. Nuair a bheidh sé curtha ar bun go foirmiúil, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an bhFóram Comhchomhairle, plean oibríochta a ghlacadh lena n-áireofar rialacha maidir le minicíocht agus maidir le cineál na comhchomhairle agus maidir leis na sásraí eagraíochtúla chun Airteagal 51 a chur chun feidhme. Tiocfar ar chomhaontú ar na critéir thrédhearcacha maidir le rannpháirtíocht leanúnach san Fhóram Comhchomhairleach chomh maith.

Airteagal 32

Meithleacha

1.   Mar chuid dá shainordú faoi mar a leagtar síos sa Rialachán seo é, féadfaidh an Oifig Tacaíochta meithleacha a bhunú ar a mbeidh saineolaithe ó údaráis inniúla sna Ballstáit a bhíonn ag obair i réimse an tearmainn, lena n-áirítear breithiúna. Bunóidh an Oifig Tacaíochta meithleacha chun críocha phointe (e) d’Airteagal 4 agus Airteagal 12(2). Féadfar malartaigh a cheapfar go comhuaineach a chur in ionad na saineolaithe.

2.   Beidh an Coimisiún páirteach sna meithleacha de cheart. Féadfaidh ionadaithe an UNHCR freastal ar chruinnithe uile nó ar chuid de chruinnithe mheithleacha na hOifige Tacaíochta, ag brath ar an gcineál saincheisteanna a bheidh á bplé.

3.   Féadfaidh na meithleacha cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh a thuairimí a bheith ina n-ábhar spéise freastal ar a gcuid cruinnithe, lena n-áirítear ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn ag obair i réimse an tearmainn.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 33

An Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na hOifige Tacaíochta do gach bliain airgeadais, ar bliain í a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad na hOifige Tacaíochta.

2.   Beidh buiséad na hOifige Tacaíochta ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na hOifige:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;

(b)

aon ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit;

(c)

táillí a bhaineann le foilseacháin agus le haon seirbhís eile a sholáthróidh an Oifig Tacaíochta;

(d)

ranníocaíocht ó na tíortha comhlacha.

4.   Áireofar le caiteachas na hOifige Tacaíochta luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin.

Airteagal 34

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas na meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige Tacaíochta araon don bhliain airgeadais dar gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.   Ar bhonn an dréachta sin, ullmhóidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige Tacaíochta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

3.   Cuirfear an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas na hOifige chuig an gCoimisiún faoin 10 Feabhra gach bliain. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an leagan críochnaitheach den mheastachán sin, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (an t-údarás buiséadach) in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an bplean bunaíochta agus i dtaca leis an méid den fhóirdheontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta a leagfaidh sé os comhair an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 de CFAE.

6.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don fhóirdheontas a íocfar leis an Oifig Tacaíochta.

7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na hOifige Tacaíochta.

8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na hOifige Tacaíochta. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ghinearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir.

9.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra, a luaithe is féidir, don údarás buiséadach faoi aon tionscadal a bheidh sé ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadail a bhaineann le maoin dhochorraithe amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi dá réir.

10.   I gcás ina dtabharfaidh brainse den údarás buiséadach fógra go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a thabhairt, cuirfidh sé a thuairim chuig an mBord Bainistíochta laistigh de thréimhse sé seachtaine ón dáta a dtabharfar fógra faoin tionscadal.

Airteagal 35

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na hOifige Tacaíochta chun feidhme.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha agus a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach uair gach bliain.

Airteagal 36

Na cuntais a thíolacadh agus urscaoileadh

1.   Faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta na hOifige Tacaíochta na cuntais shealadacha a chur in iúl d'Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfaidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin comhdhlúthú ar chuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

2.   Faoin 31 Márta ar a dhéanaí tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na hOifige Tacaíochta a chur faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle freisin.

3.   Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na hOifige Tacaíochta, déanfaidh sé, i gcomhréir le forálacha Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na hOifige Tacaíochta a tharraingt suas ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta iad chun a thuairim a fháil.

4.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na hOifige Tacaíochta.

5.   Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha seo, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí.

6.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

7.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

8.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bráid aon fhaisnéis is gá d'fheidhmiú rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais a bheidh i dtrácht, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 146(3) den Rialachán Airgeadais é.

9.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine den bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.

Airteagal 37

An Rialachán Airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta an rialachán airgeadais a bheidh infheidhme ar an Oifig Tacaíochta. Ní imeoidh sé ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (11), mura gá go sonrach imeacht uaidh ar mhaithe le hoibriú na hOifige Tacaíochta agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL 6

FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN bhFOIREANN

Airteagal 38

An fhoireann

1.   Beidh feidhm maidir le foireann na hOifige Tacaíochta, lena n-áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (12), ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus ag na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne sin agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta riachtanacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.   Is í an Oifig Tacaíochta a fheidhmeoidh i ndáil lena foireann féin na cumhachtaí a thugtar leis na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a thugtar le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach don údarás atá i dteideal conarthaí a chur i gcrích.

4.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Oifig Tacaíochta.

Airteagal 39

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an Oifig Tacaíochta.

CAIBIDIL 7

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 40

Stádas dlíthiúil

1.   Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh san Oifig Tacaíochta. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an Oifig Tacaíochta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht ar an Oifig Tacaíochta.

Airteagal 41

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm maidir leis an Oifig Tacaíochta ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (13).

2.   Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 den CFAE, déanfar an tuarascáil ghinearálta bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na hOifige Tacaíochta agus an clár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (f) d'Airteagal 29(1) a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Chomhphobail.

3.   Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Oifig Tacaíochta.

Airteagal 42

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh na hOifige Tacaíochta ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.   Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh an Oifig Tacaíochta de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 den CFAE faoi seach.

4.   Beidh aon phróiseáil sonraí de chineál pearsanta a dhéanfaidh an Oifig Tacaíochta faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 43

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint

1.   Cuirfidh an Oifig Tacaíochta i bhfeidhm na prionsabail slándála atá i gCinneadh 2001/844/CE, CECG, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta inmheánacha, inter alia, na forálacha a bhaineann le malartú, próiseáil agus stóráil faisnéise rúnaicmithe (14).

2.   Cuirfidh an Oifig Tacaíochta i bhfeidhm na prionsabail slándála a bhaineann le faisnéis íogair neamhaicmithe a phróiseáil faoi mar atá siad glactha agus curtha chun feidhme cheana féin ag an gCoimisiún.

Airteagal 44

An comhrac i gcoinne na calaoise

1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2.   Aontóidh an Oifig Tacaíochta do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 agus eiseoidh sí forálacha iomchuí, gan mhoill, a bheidh infheidhme maidir le foireann uile na hOifige.

3.   Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn uathu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, i measc fhaighteoirí mhaoiniú na hOifige Tacaíochta agus i measc na ngníomhairí a bheidh freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

Airteagal 45

Forálacha a bhaineann le dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na hOifige Tacaíochta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh a thabharfaidh an Oifig Tacaíochta i gcrích.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, slánóidh an Oifig Tacaíochta, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a seirbhísí nó a baill foirne i bhfeidhmiú a ndualgas ba chúis leis.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a baill foirne i leith na hOifige Tacaíochta á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne is infheidhme maidir leo.

Airteagal 46

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná 19 Meitheamh 2014, déanfaidh an Oifig Tacaíochta meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar an méid atá bainte amach aici ar bhonn téarmaí tagartha a eiseoidh an Bord Bainistíochta i gcomhaontú leis an gCoimisiún. Áireofar sa mheastóireacht sin tionchar na hOifige Tacaíochta ar chomhar praiticiúil maidir le tearmann agus ar an CEAS. Leis an meastóireacht, tabharfar aird chuí ar an dul chun cinn a bheidh déanta, laistigh dá sainordú, lena n-áireofar measúnú a dhéanamh ar an gceist an mbeidh gá le bearta breise d'fhonn dlúthpháirtíocht éifeachtach a áirithiú agus d'fhonn a áirithiú go ndéanfar freagrachtaí a roinnt leis na Ballstáit a mbeidh brú ar leith orthu. Díreoidh sé go háirithe ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na hOifige Tacaíochta a mhodhnú, lena n-áirítear an iarmhairt airgeadais a ghabhfaidh leis an modhnú sin, agus sin scrúdófar an struchtúr bainistíochta féachaint an bhfuil sé iomchuí chun dualgais na hOifige Tacaíochta a chur i gcrích. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, an t-amchlár do mheastóireachtaí sa todhchaí a chinneadh, agus torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 á gcur san áireamh.

Airteagal 47

Maoirseacht riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí na hOifige Tacaíochta faoi réir rialuithe an Ombudsman, i gcomhréir le hAirteagal 228 den CFAE.

Airteagal 48

Comhar leis an Danmhairg

Éascóidh an Oifig Tacaíochta comhar oibríochtúil leis an Danmhairg, lena n-áireofar faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le hábhair a chumhdaítear lena gníomhaíochtaí.

Airteagal 49

Comhar le tríú tíortha agus le tíortha comhlacha

1.   Beidh an Oifig Tacaíochta sásta deis a thabhairt don Íoslainn, do Lichtinstéin, don Iorua, agus don Eilvéis a bheith rannpháirteach i gcáil breathnadóirí. Déanfar socruithe a shonróidh go háirithe cineál agus méid rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na hOifige Tacaíochta agus an bealach a dtabharfar faoin rannpháirtíocht sin. Áireofar leis na socruithe sin freisin forálacha maidir le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanfaidh an Oifig Tacaíochta, maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus maidir leis an bhfoireann. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfar na Rialacháin Foirne, ar aon chor, leis na socruithe sin.

2.   I gcás ceisteanna a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus a mhéid is gá chun a dualgais a chomhlíonadh, déanfaidh an Oifig Tacaíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus laistigh de theorainneacha a théarmaí tagartha, comhar oibríochtúil a éascú idir na Ballstáit agus tríú tíortha, seachas na tíortha dá dtagraítear i mír 1, faoi chuimsiú bheartas an Aontais maidir le caidreamh seachtrach, agus féadfaidh sí comhoibriú leis na húdaráis i dtríú tíortha atá inniúil i ngnéithe teicniúla na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre a dhéanfar leis na húdaráis sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha an CFAE.

Airteagal 50

Comhar leis an UNHCR

Comhoibreoidh an Oifig Tacaíochta leis an UNHCR sna réimsí sin atá faoi rialú an Rialacháin seo faoi chuimsiú socruithe oibre a dhéanfar leis. Ar thaobh na hOifige Tacaíochta, cinnfidh an Bord Bainistíochta na socruithe oibre lena n-áireofar na himpleachtaí a bheidh acu maidir leis an mbuiséad.

Ina theannta sin, féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh go bhféadfaidh an Oifig Tacaíochta acmhainní airgeadais a chur ar fáil lena gclúdófar costais an UNHCR maidir le gníomhaíochtaí nach mbeidh foráil déanta ina leith sna socruithe oibre. Beidh siad mar chuid den chaidreamh comhair speisialta idir an Oifig Tacaíochta agus an UNHCR i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 2(5), le hAirteagal 5, le hAirteagal 9(1), le hAirteagal 25(4) agus le hAirteagal 32(2). I gcomhréir le hAirteagal 75 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Rialacháin Airgeadais agus ag a rialacha cur chun feidhme.

Airteagal 51

Fóram Comhchomhairleach

1.   Coiméadfaidh an Oifig Tacaíochta dlúthphlé idir í féin agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus comhlachtaí inniúla ábhartha a bhíonn ag feidhmiú i réimse an bheartais tearmainn ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta agus cuirfidh sí Fóram Comhchomhairleach ar bun chun na críche sin.

2.   Is éard a bheidh san Fhóram Comhchomhairleach meicníocht chun faisnéis a mhalartú agus chun eolas a chomhthiomsú. Áiritheoidh sé go mbeidh dlúthagallamh ann idir an Oifig Tacaíochta agus na geallsealbhóirí ábhartha.

3.   Beidh an Fóram Comhchomhairleach ar oscailt do pháirtithe leasmhara ábhartha i gcomhréir le mír 1. Rachaidh an Oifig i dteagmháil le baill an Fhóraim Chomhchomhairligh i gcomhréir leis na riachtanais shonracha a bhaineann leis na réimsí a aithneofar mar réimsí tosaíochta d'obair na hOifige Tacaíochta.

Beidh an UNHCR ina chomhalta den Fhóram Comhchomhairleach ar bhonn ex officio.

4.   Iarrfaidh an Oifig Tacaíochta ar an bhFóram Comhchomhairleach go háirithe:

(a)

moltaí a dhéanamh chuig an mBord Bainistíochta maidir leis an gclár oibre bliantúil a bheidh le glacadh faoi phointe (f) d'Airteagal 29(1);

(b)

aiseolas a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus bearta leantacha a mholadh maidir leis an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 29(1) agus maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(1); agus

(c)

conclúidí agus moltaí a eascraíonn ó chomhdhálacha, ó sheimineáir agus ó chruinnithe a bhaineann le hobair na hOifige Tacaíochta a chur in iúl don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta.

5.   Uair sa bhliain ar a laghad a thiocfaidh an Fóram Comhchomhairleach le chéile.

Airteagal 52

Comhar le Frontex, le FRA, le comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Comhoibreoidh an Oifig Tacaíochta leis na comhlachtaí Aontais a bhfuil baint ag a ngníomhaíochtaí le réimse gníomhaíochtaí na hOifige Tacaíochta agus go háirithe le Frontex agus FRA agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú socruithe oibre a dhéanfar leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir le CFAE agus leis na forálacha a bhaineann le hinniúlacht na gcomhlachtaí sin.

Cruthófar leis an gcomhar sin sineirgí idir na comhlachtaí lena mbaineann agus seachnófar aon dúbláil oibre maidir leis an obair a dhéanfar de bhun shainordú na gcomhlachtaí éagsúla sin.

Airteagal 53

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus maidir le coinníollacha feidhme na hOifige Tacaíochta

I dtaca leis na socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Oifig Tacaíochta sa Bhallstát ósta agus leis na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme i mBallstát ósta na hOifige Tacaíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na hOifige Tacaíochta agus le daoine dá dteaghlach, leagfar síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an Oifig Tacaíochta agus an Ballstát ósta a chuirfear i gcrích a luaithe a gheofar cead ón mBord Bainistíochta. Déanfaidh an Ballstát ósta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Oifig Tacaíochta go cuí, lena n-áirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis, agus naisc chuí iompair.

Airteagal 54

Tosach ghníomhaíochtaí na hOifige

Beidh an Oifig Tacaíochta ag feidhmiú go hiomlán faoin 19 Meitheamh 2011.

Beidh an Coimisiún freagrach as an Oifig Tacaíochta a bhunú agus as an obair thosaigh a dhéanfaidh sí go dtí go mbeidh acmhainn oibríochtúil aici chun a buiséad féin a chur chun feidhme.

Chuige sin:

go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a dhualgas tar éis a cheaptha ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 30, féadfaidh oifigeach de chuid an Choimisiúin gníomhú mar Stiúrthóir eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú;

féadfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin na dualgais a shanntar don Oifig a chomhlíonadh faoi mhaoirseacht a Stiúrthóra eatramhaigh nó a Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Féadfaidh an Stiúrthóir eatramhach na híocaíochtaí go léir a chumhdófar le leithreasuithe agus a iontráladh i mbuiséad na hOifige Tacaíochta a údarú tar éis cead a fháil ón mBord Bainistíochta agus féadfaidh sé conarthaí a chur i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis ghlacadh plean bunaíochta na hOifige Tacaíochta.

Airteagal 55

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Bealtaine 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. LÓPEZ GARRIDO


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Feabhra 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

(3)  IO L 53, 22.2.2007, lch. 1.

(4)  IO L 131, 21.5.2008, lch. 7.

(5)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(6)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(7)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(8)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(9)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(10)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(11)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(12)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(13)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

(14)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1