ISSN 1725-2571 doi:10.3000/17252571.L_2009.324.gle |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
52 |
Clár |
|
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidícidí ( 2 ) |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 324 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
GA |
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach
RIALACHÁIN
10.12.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1185/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 25 Samhain 2009
maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidícidí
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 10 Samhain 2009 (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Chomhphobail (3), aithníodh nach mór tionchar lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le lotnaidicídí a úsáidtear sa talmhaíocht, a laghdú tuilleadh. Tugadh suntas leis don ghá atá le staid a bhaint amach ina mbaintear úsáid níos inbhuanaithe as lotnaidicídí agus iarradh go ndéanfaí rioscaí agus úsáid iomlán lotnaidicídí a laghdú go suntasach i gcomhréir leis an gcosaint barr is gá. |
(2) |
Ina Theachtaireacht chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, dar teideal ‘I dTreo Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí’, d’aithin an Coimisiún an gá le staidreamh mionsonraithe, comhchuibhithe agus cothrom le dáta maidir le díolacháin agus úsáid lotnaidicidí ar leibhéal an Chomhphobail. Tá gá le staidreamh den sórt sin chun go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le forbairt inbhuanaithe agus chun táscairí iomchuí a ríomh i leith na rioscaí don tsláinte agus don chomhshaol a bhaineann le húsáid lotnaidicídí. |
(3) |
Tá staidreamh comhchuibhithe, inchomparáide Comhphobail i ndáil le díolacháin agus le húsáid lotnaidicídí riachtanach chun forbairt agus faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais an Chomhphobail i gcomhthéacs na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí. |
(4) |
Ós rud é nach mbeidh éifeachtaí Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh (4) le feiceáil go dtí go gcríochnófar an chéad mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha atá le húsáid i dtáirgí bithicíde, níl dóthain eolais nó taithí ag an gCoimisiún ná ag formhór na mBallstát chun tuilleadh beart a mholadh maidir le bithicídí. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú do lotnaidicídí ar táirgí cosanta plandaí iad a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (5) agus a bhfuil cuid mhór taithí ann ina leith ó thaobh sonraí a bhailiú. |
(5) |
Táthar ag súil leis, áfach, tar éis torthaí na meastóireachta ar Threoir 98/8/CE a chur san áireamh agus ar bhonn measúnaithe tionchair, go ndéanfar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig táirgí bithicíde. |
(6) |
Mar thoradh ar thaithí an Choimisiúin ar bhailiú sonraí maidir le díolacháin agus úsáid táirgí cosanta plandaí le cuid mhór blianta, tá léiriú déanta ar an ngá le modheolaíocht chomhchuibhithe maidir le staidreamh a bhailiú ar leibhéal an Chomhphobail, ón gcéim ina gcuirtear ar an margadh iad agus ó na húsáideoirí araon. Lena chois sin, i bhfianaise na haidhme atá ann táscairí riosca cruinne a ríomh i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, is gá go mbeidh an staidreamh mionsonraithe go dtí leibhéal na substaintí gníomhacha. |
(7) |
I measc na roghanna éagsúla i ndáil le bailiú sonraí a ndearnadh meastóireacht orthu i measúnú tionchair na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, moladh gurbh é bailiú sainordaitheach sonraí an rogha ab fhearr mar go gcumasódh sé sonraí cruinne agus iontaofa a fhorbairt go tapa agus go cost-éifeachtúil maidir le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid. |
(8) |
Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (6) an creat tagartha i gcomhair fhorálacha an Rialacháin seo agus ceanglaítear leis, go háirithe, comhréireacht le caighdeáin neamhspléachais ghairmiúil, neamhchlaontachta, oibiachtúlachta, iontaofachta, cost-éifeachtachta agus rúndachta staidrimh. |
(9) |
Tá tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh á rialú leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Trí bhearta a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán sin, áirithítear cosaint fhisiceach agus loighciúil sonraí rúnda agus áirithítear nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach ná aon úsáid nach mbaineann le staidreamh nuair a dhéantar staidreamh Comhphobail a thiomsú agus a scaipeadh. |
(10) |
Tá foilsiú agus scaipeadh sonraí arna mbailiú faoin Rialachán seo á rialú leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Leis na bearta a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, áirithítear cosaint fhisiceach agus loighciúil sonraí rúnda agus áirithítear leo nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach ná aon úsáid nach mbaineann le staidreamh nuair a dhéantar staidreamh Eorpach a thiomsú agus a scaipeadh. |
(11) |
Maidir leis na sonraí a bhaineann le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, ar sonraí iad atá le tíolacadh de bhun Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (7) agus de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart measúnú a dhéanamh orthu i gcomhréir le forálacha ábhartha na Treorach sin agus an Rialacháin sin. |
(12) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol (8) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus, a bhaineann le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil, a chur i bhfeidhm ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (9). |
(13) |
Chun a áirithiú go mbeidh na torthaí inchomparáide, ba cheart staidreamh maidir le lotnaidicídí a thiomsú i gcomhréir le miondealú sonraithe, i bhfoirm iomchuí agus laistigh de thréimhse shocraithe ó dheireadh bliana tagartha mar a shainítear in Iarscríbhinní an Rialacháin seo. |
(14) |
Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (10). |
(15) |
Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún an limistéar atá faoi chóireáil a shainiú agus Iarscríbhinn III a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(16) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail a thiomsú go córasach maidir le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (11), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar, raon feidhme agus cuspóirí
1. Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a thiomsú go córasach maidir leis na lotnaidicídí sin ar táirgí cosanta plandaí iad, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a)(i), a chur ar an margadh agus a úsáid.
2. Beidh feidhm ag an staidreamh seo maidir leis na nithe seo a leanas:
— |
méideanna bliantúla na lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I; |
— |
méideanna bliantúla na lotnaidicidí a úsáidtear i gcomhréir le hIarscríbhinn II. |
3. Mar aon le sonraí ábhartha eile, fónfaidh an staidreamh seo, go háirithe, do chríocha Airteagal 4 agus Airteagal 15 de Threoir 2009/128/CE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘lotnaidicídí’:
|
(b) |
ciallaíonn ‘substaintí’ substaintí mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena n-áirítear substaintí gníomhacha, teorantóirí agus sineirgígh; |
(c) |
ciallaíonn ‘substaintí gníomhacha’ substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; |
(d) |
ciallaíonn ‘teorantóirí’ teorantóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; |
(e) |
ciallaíonn ‘sineirgígh’ sineirgígh dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; |
(f) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe 9 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; |
(g) |
ciallaíonn ‘sealbhóir ar údarú’ sealbhóir ar údarú mar a shainmhínítear i bpointe 24 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; |
(h) |
ciallaíonn ‘úsáid talmhaíochta’ aon chineál úsáide a bhaintear as táirge cosanta plandaí agus a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach le táirgeadh táirgí plandaí i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche de chuid gabháltais talmhaíochta; |
(i) |
ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ úsáideoir gairmiúil mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2009/128/CE; |
(j) |
ciallaíonn ‘gabháltas talmhaíochta’ gabháltas talmhaíochta mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta (12). |
Airteagal 3
Bailiú, tarchur agus próiseáil na sonraí
1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí is gá i ndáil le sonrú na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhailiú ar bhonn bliantúil agus déanfaidh siad na sonraí is gá i ndáil le sonrú na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhailiú i gceann tréimhsí cúig bliana ar na bealaí seo a leanas:
— |
suirbhéanna, |
— |
faisnéis a bhaineann le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, agus, go hairithe, na hoibleagáidí de bhun Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 á gcur san áireamh, |
— |
foinsí riaracháin, nó |
— |
teaglaim de na bealaí sin, lena n-áirítear nósanna imeachta do mheastachán staidrimh ar bhonn breithiúnas saineolaithe nó ar bhonn samhlacha. |
2. Déanfaidh na Ballstáit na torthaí staidrimh, lena n-áirítear sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na sceidil agus de réir na tréimhsiúlachta a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II. Tíolacfar na sonraí i gcomhréir leis an aicmiú a thugtar in Iarscríbhinn III.
3. Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí i bhfoirm leictreonach, a bheidh ag teacht le formáid theicniúil iomchuí a ghlacfaidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).
4. Ar chúiseanna rúndachta, sula bhfoilseofar na sonraí, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) iad a chomhiomlánú i gcomhréir leis na haicmí ceimiceacha nó le catagóirí na dtáirgí a léirítear in Iarscríbhinn III, agus cosaint sonraí rúnda ar leibhéal na mBallstát aonair á cur san áireamh go cuí. I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ní úsáidfidh údaráis náisiúnta ná an Coimisiún (Eurostat) sonraí rúnda ach amháin chun críocha staidrimh.
Airteagal 4
Measúnú cáilíochta
1. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
2. I gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II, sSoláthróidh na Ballstáit tuarascálacha don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a mheasúnú.
Airteagal 5
Bearta cur chun feidhme
1. Déanfar an fhormáid theicniúil iomchuí i gcomhair tharchur na sonraí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).
Féadfaidh an Coimisiún, más gá sin, na ceanglais a mhodhnú bhaineann le soláthar na dtuarascálacha cáilíochta a thuairiscítear i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I agus i Roinn 6 d’Iarscríbhinn II. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).
2. Glacfaidh an Coimisiún an sainmhíniú ar an ‘limistéar atá faoi chóireáil’ dá dtagraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).
3. Déanfaidh an Coimisiún liosta na substaintí a bheidh le cumhdach, agus a n-aicmiú i gcatagóirí táirgí agus in aicmí ceimiceacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú ar bhonn rialta, agus ar a laghad gach cúig bliana. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).
Airteagal 6
An nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás go ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 7
Tuarascáil
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach cúig bliana. Go háirithe, déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar cháilíocht na sonraí a tarchuireadh, dá dtagraítear in Airteagal 4, ar mhodhanna bailithe na sonraí, ar an ualach ar ghnóthaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na córais náisiúnta riaracháin agus ar a úsáidí agus atá an staidreamh sin i gcomhthéacs na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, go háirithe maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1. Más iomchuí, beidh tograí sa tuarascáil atá ceaptha chun feabhas breise a chur ar cháilíocht na sonraí agus ar mhodhanna bailithe na sonraí, sa dóigh go ndéantar cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach a laghdú ar ghnóthaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na córais riaracháin náisiúnta.
Tíolacfar an chéad tuarascáil faoin 31 Nollaig 2016.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg 25 Samhain 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Å. TORSTENSSON
(1) IO C 256, 27.10.2007, lch. 86.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2008 (IO C 66 E, 20.3.2009, lch. 98), Comhsheasamh ón gComhairle an 20 Samhain 2008 (IO C 38 E, 17.2.2009, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Cinneadh ón gComhairle an 16 Samhain 2009 agus Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2009.
(3) IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.
(4) IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.
(5) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(6) IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.
(7) IO L 309, 24.11.2009, lch. 71.
(8) IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.
(9) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.
(10) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(11) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.
(12) IO L 321, 1.12.2008, lch. 14.
IARSCRÍBHINN I
STAIDREAMH MAIDIR LE LOTNAIDICÍDÍ A CHUR AR AN MARGADH
Roinn 1
Cumhdach
Cumhdóidh an staidreamh substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh i ngach Ballstát ar leith. Déanfar iarracht ar leith comhaireamh dúbailte a sheachaint i gcás ina ndéantar an táirge a athriochtú nó i gcás ina ndéantar an t-údarú a aistriú idir sealbhóirí ar údarú.
Roinn 2
Athróga
Maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar an chainníocht di atá i lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh a thiomsú i ngach Ballstát ar leith.
Roinn 3
Miosúr don tuairisciú
Is mar chileagraim de shubstaintí a shloinnfear na sonraí.
Roinn 4
Tréimhse thagartha
Is í an bhliain féilire an tréimhse thagartha.
Roinn 5
An chéad tréimhse thagartha, tréimhsiúlacht agus tarchur na dtorthaí
1. |
Is í an chéad tréimhse thagartha an dara bliain féilire tar éis 30 Nollaig 2009. |
2. |
Soláthróidh na ballstáit na sonraí maidir le gach bliain féilire i ndiaidh na chéad tréimhse tagartha. Déanfaidh na Ballstait na sonraí sin a fhoilsiú, go háirithe ar an Idirlíon, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rúndacht staidrimh a chosaint de réir mar a leagtar síos i Rialachan (CE) Uimh. 223/2009, d’fhonn faisnéis a sholáthar don phobal. |
3. |
Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
Roinn 6
Tuarascáil cháilíochta
Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta, dá dtagraítear in Airteagal 4, a sholáthar don Choimisiún (Eurostat), ar tuarascáil í ina léireofar an méid seo a leanas:
— |
an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú; |
— |
gnéithe ábhartha den cháilíocht de réir na modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú; |
— |
tuairisc ar na meastacháin, ar na comhiomlánuithe agus ar na modhanna eisiatachta a úsáideadh. |
Tarchuirfear an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
IARSCRÍBHINN II
STAIDREAMH I DTACA LE HÚSÁID TALMHAÍOCHTA LOTNAIDICÍDÍ
Roinn 1
Cumhdach
1. |
Cumhdóidh an staidreamh na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i lotnaidicídí ar gach barr roghnaithe i ngach Ballstát ar leith. |
2. |
Roghnóidh gach Ballstát ar leith na barra éagsúla a chumhdófar i rith na tréimhse cúig bliana a shainítear i Roinn 5. Beidh na barra sin ceaptha chun bheith ionadaíoch do na barra a shaothraítear sa Bhallstát agus do na substaintí atá in úsáid. Agus na barra á roghnú, cuirfear san áireamh na barra is mó ábharthacht do na pleananna náisiúnta gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/128/CE. |
Roinn 2
Athróga
Tiomsófar na hathróga seo a leanas maidir le gach barr a roghnaítear:
(a) |
cainníocht gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i lotnaidicídí a úsáidtear ar an mbarr sin, agus |
(b) |
an limistéar atá faoi chóireáil le gach substaint ar leith. |
Roinn 3
Miosúir don tuairisciú
1. |
Is mar chileagraim a shloinnfear cainníochtaí na substaintí. |
2. |
Is mar heicteáir a shloinnfear na limistéir atá faoi chóireáil. |
Roinn 4
Tréimhse thagartha
1. |
Is é a bheidh sa tréimhse thagartha, i bprionsabal, ná tréimhse uasta 12 mhí a chumhdóidh na cóireálacha cosanta plandaí uile a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach leis an mbarr. |
2. |
Is í an bhliain inar thosaigh an fómhar a thuairisceofar mar an tréimhse thagartha. |
Roinn 5
An chéad tréimhse thagartha, tréimhsiúlacht agus tarchur na dtorthaí
1. |
I gcás gach tréimhse cúig bliana, tiomsóidh na Ballstáit staidreamh i dtaca le húsáid lotnaidicídí, laistigh de thréimhse thagartha mar a shainítear i Roinn 4, maidir le gach barr a roghnaítear. |
2. |
Féadfaidh na Ballstáit tréimhse thagartha a roghnú tráth ar bith laistigh den tréimhse cúig bliana. Is féidir roghnú neamhspleách a dhéanamh do gach barr a roghnaítear. |
3. |
Tosóidh an chéad tréimhse cúig bliana sa chéad bhliain féilire tar éis 30 Nollaig 2009. |
4. |
Soláthróidh na Ballstáit sonraí i gcomhair gach tréimhse cúig bliana. |
5. |
Déanfar na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí ó dheireadh gach tréimhse cúig bliana agus déanfar iad a fhoilsiú, go háirithe ar an Idirlíon, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rúndacht staidrimh a chosaint de réir mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, d’fhonn faisnéis a sholáthar don phobal. |
Roinn 6
Tuarascáil cháilíochta
Agus na torthaí á dtarchur acu, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta, dá dtagraítear in Airteagal 4, a sholáthar don Choimisiún (Eurostat), ar tuarascáil í ina léireofar an méid seo a leanas:
— |
dearadh na modheolaíochta samplála; |
— |
an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú; |
— |
meastachán maidir le tábhacht choibhneasta na mbarr arna gcumhdach le hais méid foriomlán na lotnaidicídí a úsáideadh; |
— |
gnéithe ábhartha den cháilíocht de réir na modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú; |
— |
comparáid idir sonraí na lotnaidicídí a úsáideadh i rith na tréimhse cúig bliana agus na lotnaidicídí a cuireadh ar an margadh i rith na gcúig bliana comhfhreagracha. |
— |
tuairisc achomair ar usáidí tráchtála neamhthalmhaíochta lotnaidicídí, arna fáil faoi chuimsiú staidéar píolótach a bheidh faoi stiúir an Choimisiúin (Eurostat). |
IARSCRÍBHINN III
AICMIÚ COMHCHUIBHITHE NA SUBSTAINTÍ
PRÍOMHGHRÚPAÍ |
Cód |
Aicme Cheimiceach |
Ainmneacha coitianta na substaintí |
CAS RN (1) |
CIPAC (2) |
Catagóirí na dtáirgí |
|
|
Ainmníocht Choitianta |
|
|
Fungaicídí agus Baictéiricídí |
F0 |
|
|
|
|
Fungaicídí neamhorgánacha |
F1 |
|
|
|
|
|
F1.1 |
COMHDHÚILE COPAIR |
COMHDHÚILE UILE COPAIR |
|
44 |
|
F1.1 |
|
MEASCÁN BHORDEAUX |
8011-63-0 |
44 |
|
F1.1 |
|
HIODROCSAÍD CHOPAIR |
20427-59-2 |
44 |
|
F1.1 |
|
OCSACLÓIRÍD CHOPAIR |
1332-40-7 |
44 |
|
F1.1 |
|
SULFÁIT CHOPAIR TRÍBHUNATA |
1333-22-8 |
44 |
|
F1.1 |
|
OCSAÍD (I) CHOPAIR |
1319-39-1 |
44 |
|
F1.1 |
|
SALAINN EILE CHOPAIR |
|
44 |
|
F1.2 |
SULFAIR NEAMHORGÁNACH |
SULFAIR |
7704-34-9 |
18 |
|
F1.3 |
FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE |
FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE |
|
|
Fungaicídí ar carbamáití agus déthiacarbamáití is bonn dóibh |
F2 |
|
|
|
|
|
F2.1 |
FUNGAICÍDÍ CARBANALÁITE |
DIETHOFENCARB |
87130-20-9 |
513 |
|
F2.2 |
FUNGAICÍDÍ CARBAMÁITE |
BENTHIAVALICARB |
413615-35-7 |
744 |
|
F2.2 |
|
IPROVALICARB |
140923-17-7 |
620 |
|
F2.2 |
|
PROPAMOCARB |
24579-73-5 |
399 |
|
F2.3 |
FUNGAICÍDÍ DÉTHIACARBAMÁITÍ |
MANCOZEB |
8018-01-7 |
34 |
|
F2.3 |
|
MANEB |
12427-38-2 |
61 |
|
F2.3 |
|
METIRAM |
9006-42-2 |
478 |
|
F2.3 |
|
PROPINEB |
12071-83-9 |
177 |
|
F2.3 |
|
THIRAM |
137-26-8 |
24 |
|
F2.3 |
|
ZIRAM |
137-30-4 |
31 |
Fungaicídí ar beinsimíodasóilí is bonn dóibh |
F3 |
|
|
|
|
|
F3.1 |
FUNGAICÍDÍ BEINSIMÍODASÓILÍ |
CARBENDAZIM |
10605-21-7 |
263 |
|
F3.1 |
|
FUBERIDAZOLE |
3878-19-1 |
525 |
|
F3.1 |
|
THIABENDAZOLE |
148-79-8 |
323 |
|
F3.1 |
|
THIOPHANATE-METHYL |
23564-05-8 |
262 |
Fungaicídí ar imíodasóilí agus trí-asóilí is bonn dóibh |
F4 |
|
|
|
|
|
F4.1 |
FUNGAICÍDÍ CONASÓILE |
BITERTANOL |
55179-31-2 |
386 |
|
F4.1 |
|
BROMUCONAZOLE |
116255-48-2 |
680 |
|
F4.1 |
|
CYPROCONAZOLE |
94361-06-5 |
600 |
|
F4.1 |
|
DIFENOCONAZOLE |
119446-68-3 |
687 |
|
F4.1 |
|
DINICONAZOLE |
83657-24-3 |
690 |
|
F4.1 |
|
EPOXICONAZOLE |
106325-08-0 |
609 |
|
F4.1 |
|
ETRIDIAZOLE |
2593-15-9 |
518 |
|
F4.1 |
|
FENBUCONAZOLE |
114369-43-6 |
694 |
|
F4.1 |
|
FLUQUINCONAZOLE |
136426-54-5 |
474 |
|
F4.1 |
|
FLUSILAZOLE |
85509-19-9 |
435 |
|
F4.1 |
|
FLUTRIAFOL |
76674-21-0 |
436 |
|
F4.1 |
|
HEXACONAZOLE |
79983-71-4 |
465 |
|
F4.1 |
|
IMAZALIL (ENILCONAZOLE) |
58594-72-2 |
335 |
|
F4.1 |
|
METCONAZOLE |
125116-23-6 |
706 |
|
F4.1 |
|
MYCLOBUTANIL |
88671-89-0 |
442 |
|
F4.1 |
|
PENCONAZOLE |
66246-88-6 |
446 |
|
F4.1 |
|
PROPICONAZOLE |
60207-90-1 |
408 |
|
F4.1 |
|
PROTHIOCONAZOLE |
178928-70-6 |
745 |
|
F4.1 |
|
TEBUCONAZOLE |
107534-96-3 |
494 |
|
F4.1 |
|
TETRACONAZOLE |
112281-77-3 |
726 |
|
F4.1 |
|
TRIADIMENOL |
55219-65-3 |
398 |
|
F4.1 |
|
TRICYCLAZOLE |
41814-78-2 |
547 |
|
F4.1 |
|
TRIFLUMIZOLE |
99387-89-0 |
730 |
|
F4.1 |
|
TRITICONAZOLE |
131983-72-7 |
652 |
|
F4.2 |
FUNGAICÍDÍ IMÍODASÓIL |
CYAZOFAMIDE |
120116-88-3 |
653 |
|
F4.2 |
|
FENAMIDONE |
161326-34-7 |
650 |
|
F4.2 |
|
TRIAZOXIDE |
72459-58-6 |
729 |
Fungaicídí ar morfóilíní is bonn dóibh |
F5 |
|
|
|
|
|
F5.1 |
FUNGAICÍDÍ MORFÓILÍN |
DIMETHOMORPH |
110488-70-5 |
483 |
|
F5.1 |
|
DODEMORPH |
1593-77-7 |
300 |
|
F5.1 |
|
FENPROPIMORPH |
67564-91-4 |
427 |
Fungaicídí eile |
F6 |
|
|
|
|
|
F6.1 |
FUNGAICÍDÍ NITRIGINE ALFATAIGH |
CYMOXANIL |
57966-95-7 |
419 |
|
F6.1 |
|
DODINE |
2439-10-3 |
101 |
|
F6.1 |
|
GUAZATINE |
108173-90-6 |
361 |
|
F6.2 |
FUNGAICÍDÍ AIMÍDE |
BENALAXYL |
71626-11-4 |
416 |
|
F6.2 |
|
BOSCALID |
188425-85-6 |
673 |
|
F6.2 |
|
FLUTOLANIL |
66332-96-5 |
524 |
|
F6.2 |
|
MEPRONIL |
55814-41-0 |
533 |
|
F6.2 |
|
METALAXYL |
57837-19-1 |
365 |
|
F6.2 |
|
METALAXYL-M |
70630-17-0 |
580 |
|
F6.2 |
|
PROCHLORAZ |
67747-09-5 |
407 |
|
F6.2 |
|
SILTHIOFAM |
175217-20-6 |
635 |
|
F6.2 |
|
TOLYLFLUANID |
731-27-1 |
275 |
|
F6.2 |
|
ZOXAMIDE |
156052-68-5 |
640 |
|
F6.3 |
FUNGAICÍDÍ AINILÍDE |
CARBOXIN |
5234-68-4 |
273 |
|
F6.3 |
|
FENHEXAMID |
126833-17-8 |
603 |
|
F6.4 |
FUNGAICÍDÍ-BAICTÉIRICÍDÍ ANTAIBHEATHACHA |
KASUGAMYCIN |
6980-18-3 |
703 |
|
F6.4 |
|
POLYOXINS |
11113-80-7 |
710 |
|
F6.4 |
|
STREPTOMYCIN |
57-92-1 |
312 |
|
F6.5 |
FUNGAICÍDÍ ARAMATACHA |
CHLOROTHALONIL |
1897-45-6 |
288 |
|
F6.5 |
|
DICLORAN |
99-30-9 |
150 |
|
F6.6 |
FUNGAICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE |
IPRODIONE |
36734-19-7 |
278 |
|
F6.6 |
|
PROCYMIDONE |
32809-16-8 |
383 |
|
F6.7 |
FUNGAICÍDÍ DÉNÍOTRANAILÍN |
FLUAZINAM |
79622-59-6 |
521 |
|
F6.8 |
FUNGAICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL |
DINOCAP |
39300-45-3 |
98 |
|
F6.9 |
FUNGAICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR |
FOSETYL |
15845-66-6 |
384 |
|
F6.9 |
|
TOLCLOFOS-METHYL |
57018-04-9 |
479 |
|
F6.10 |
FUNGAICÍDÍ OCSASÓIL |
HYMEXAZOL |
10004-44-1 |
528 |
|
F6.10 |
|
FAMOXADONE |
131807-57-3 |
594 |
|
F6.10 |
|
VINCLOZOLIN |
50471-44-8 |
280 |
|
F6.11 |
FUNGAICÍDÍ FEINILPIORÓIL |
FLUDIOXONIL |
131341-86-1 |
522 |
|
F6.12 |
FUNGAICÍDÍ TAILIMÍDE |
CAPTAN |
133-06-2 |
40 |
|
F6.12 |
|
FOLPET |
133-07-3 |
75 |
|
F6.13 |
FUNGAICÍDÍ PIRIMIDÍN |
BUPIRIMATE |
41483-43-6 |
261 |
|
F6.13 |
|
CYPRODINIL |
121552-61-2 |
511 |
|
F6.13 |
|
FENARIMOL |
60168-88-9 |
380 |
|
F6.13 |
|
MEPANIPYRIM |
110235-47-7 |
611 |
|
F6.13 |
|
PYRIMETHANIL |
53112-28-0 |
714 |
|
F6.14 |
FUNGAICÍDÍ CUINEOILÍN |
QUINOXYFEN |
124495-18-7 |
566 |
|
F6.14 |
|
8-HYDROXYQUINOLINE SULFATE |
134-31-6 |
677 |
|
F6.15 |
FUNGAICÍDÍ CUINEOIN |
DITHIANON |
3347-22-6 |
153 |
|
F6.16 |
FUNGAICÍDÍ STRÓBALÚRACHA |
AZOXYSTROBIN |
131860-33-8 |
571 |
|
F6.16 |
|
DIMOXYSTROBIN |
149961-52-4 |
739 |
|
F6.16 |
|
FLUOXASTROBIN |
361377-29-9 |
746 |
|
F6.16 |
|
KRESOXIM-METHYL |
143390-89-0 |
568 |
|
F6.16 |
|
PICOXYSTROBINE |
117428-22-5 |
628 |
|
F6.16 |
|
PYRACLOSTROBINE |
175013-18-0 |
657 |
|
F6.16 |
|
TRIFLOXYSTROBINE |
141517-21-7 |
617 |
|
F6.17 |
FUNGAICÍDÍ ÚIRÉ |
PENCYCURON |
66063-05-6 |
402 |
|
F6.18 |
FUNGAICÍDÍ NEAMHAICMITHE |
ACIBENZOLAR |
126448-41-7 |
597 |
|
F6.18 |
|
BENZOIC ACID |
65-85-0 |
622 |
|
F6.18 |
|
DICHLOROPHEN |
97-23-4 |
325 |
|
F6.18 |
|
FENPROPIDIN |
67306-00-7 |
520 |
|
F6.18 |
|
METRAFENONE |
220899-03-6 |
752 |
|
F6.18 |
|
2-PHENYPHENOL |
90-43-7 |
246 |
|
F6.18 |
|
SPIROXAMINE |
118134-30-8 |
572 |
|
F6.19 |
FUNGAICÍDÍ EILE |
FUNGAICÍDÍ EILE |
|
|
Luibhicídí, Gas-scriostóirí agus Scriostóirí caonaigh |
H0 |
|
|
|
|
Luibhicídí ar feanocs-fíteahormóin is bonn dóibh |
H1 |
|
|
|
|
|
H1.1 |
LUIBHICÍDÍ FEANOCSACHA |
2,4-D |
94-75-7 |
1 |
|
H1.1 |
|
2,4-DB |
94-82-6 |
83 |
|
H1.1 |
|
DICHLORPROP-P |
15165-67-0 |
476 |
|
H1.1 |
|
MCPA |
94-74-6 |
2 |
|
H1.1 |
|
MCPB |
94-81-5 |
50 |
|
H1.1 |
|
MECOPROP |
7085-19-0 |
51 |
|
H1.1 |
|
MECOPROP-P |
16484-77-8 |
475 |
Luibhicídí ar trí-aisín agus trí-aisíonóin is bonn dóibh |
H2 |
|
|
|
|
|
H2.1 |
LUIBHICÍDÍ MEITILTIAITHRÍ-AISÍN |
METHOPROTRYNE |
841-06-5 |
94 |
|
H2.2 |
LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍN |
SIMETRYN |
1014-70-6 |
179 |
|
H2.2 |
|
TERBUTHYLAZINE |
5915-41-3 |
234 |
|
H2.3 |
LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍONÓIN |
METAMITRON |
41394-05-2 |
381 |
|
H2.3 |
|
METRIBUZIN |
21087-64-9 |
283 |
Luibhicídí ar aimídí agus ainilíde is bonn dóibh |
H3 |
|
|
|
|
|
H3.1 |
LUIBHICÍDÍ AIMÍDE |
BEFLUBUTAMID |
113614-08-7 |
662 |
|
H3.1 |
|
DIMETHENAMID |
87674-68-8 |
638 |
|
H3.1 |
|
FLUPOXAM |
119126-15-7 |
8158 |
|
H3.1 |
|
ISOXABEN |
82558-50-7 |
701 |
|
H3.1 |
|
NAPROPAMIDE |
15299-99-7 |
271 |
|
H3.1 |
|
PETHOXAMIDE |
106700-29-2 |
665 |
|
H3.1 |
|
PROPYZAMIDE |
23950-58-5 |
315 |
|
H3.2 |
LUIBHICÍDÍ AINILÍDE |
DIFLUFENICAN |
83164-33-4 |
462 |
|
H3.2 |
|
FLORASULAM |
145701-23-1 |
616 |
|
H3.2 |
|
FLUFENACET |
142459-58-3 |
588 |
|
H3.2 |
|
METOSULAM |
139528-85-1 |
707 |
|
H3.2 |
|
METAZACHLOR |
67129-08-2 |
411 |
|
H3.2 |
|
PROPANIL |
709-98-8 |
205 |
|
H3.3 |
LUIBHICÍDÍ CLÓRAICÉATAINILÍDE |
ACETOCHLOR |
34256-82-1 |
496 |
|
H3.3 |
|
ALACHLOR |
15972-60-8 |
204 |
|
H3.3 |
|
DIMETHACHLOR |
50563-36-5 |
688 |
|
H3.3 |
|
PRETILACHLOR |
51218-49-6 |
711 |
|
H3.3 |
|
PROPACHLOR |
1918-16-7 |
176 |
|
H3.3 |
|
S-METOLACHLOR |
87392-12-9 |
607 |
Luibhicídí ar carbamáití agus bios-carbamáití is bonn dóibh |
H4 |
|
|
|
|
|
H4.1 |
LUIBHICÍDÍ BIOS-CARBAMÁITE |
CHLORPROPHAM |
101-21-3 |
43 |
|
H4.1 |
|
DESMEDIPHAM |
13684-56-5 |
477 |
|
H4.1 |
|
PHENMEDIPHAM |
13684-63-4 |
77 |
|
H4.2 |
LUIBHICÍDÍ CARBAMÁITE |
ASULAM |
3337-71-1 |
240 |
|
H4.2 |
|
CARBETAMIDE |
16118-49-3 |
95 |
Luibhicídí ar déníotranailín agus díorthaigh is bonn dóibh |
H5 |
|
|
|
|
|
H5.1 |
LUIBHICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL |
BENFLURALIN |
1861-40-1 |
285 |
|
H5.1 |
|
BUTRALIN |
33629-47-9 |
504 |
|
H5.1 |
|
ETHALFLURALIN |
55283-68-6 |
516 |
|
H5.1 |
|
ORYZALIN |
19044-88-3 |
537 |
|
H5.1 |
|
PENDIMETHALIN |
40487-42-1 |
357 |
|
H5.1 |
|
TRIFLURALIN |
2582-09-8 |
183 |
Luibhicídí ar díorthaigh úiré, úraicile nó sulfóiniolúiré is bonn dóibh |
H6 |
|
|
|
|
|
H6.1 |
LUIBHICÍDÍ SULFÓINIOLÚIRE |
AMIDOSULFURON |
120923-37-7 |
515 |
|
H6.1 |
|
AZIMSULFURON |
120162-55-2 |
584 |
|
H6.1 |
|
BENSULFURON |
99283-01-9 |
502 |
|
H6.1 |
|
CHLORSULFURON |
64902-72-3 |
391 |
|
H6.1 |
|
CINOSULFURON |
94593-91-6 |
507 |
|
H6.1 |
|
ETHOXYSULFURON |
126801-58-9 |
591 |
|
H6.1 |
|
FLAZASULFURON |
104040-78-0 |
595 |
|
H6.1 |
|
FLUPYRSULFURON |
150315-10-9 |
577 |
|
H6.1 |
|
FORAMSULFURON |
173159-57-4 |
659 |
|
H6.1 |
|
IMAZOSULFURON |
122548-33-8 |
590 |
|
H6.1 |
|
IODOSULFURON |
185119-76-0 |
634 |
|
H6.1 |
|
MESOSULFURON |
400852-66-6 |
663 |
|
H6.1 |
|
METSULFURON |
74223-64-6 |
441 |
|
H6.1 |
|
NICOSULFURON |
111991-09-4 |
709 |
|
H6.1 |
|
OXASULFURON |
144651-06-9 |
626 |
|
H6.1 |
|
PRIMISULFURON |
113036-87-6 |
712 |
|
H6.1 |
|
PROSULFURON |
94125-34-5 |
579 |
|
H6.1 |
|
RIMSULFURON |
122931-48-0 |
716 |
|
H6.1 |
|
SULFOSULFURON |
141776-32-1 |
601 |
|
H6.1 |
|
THIFENSULFURON |
79277-67-1 |
452 |
|
H6.1 |
|
TRIASULFURON |
82097-50-5 |
480 |
|
H6.1 |
|
TRIBENURON |
106040-48-6 |
546 |
|
H6.1 |
|
TRIFLUSULFURON |
135990-29-3 |
731 |
|
H6.1 |
|
TRITOSULFURON |
142469-14-5 |
735 |
|
H6.2 |
LUIBHICÍDÍ ÚRAICILE |
LENACIL |
2164-08-1 |
163 |
|
H6.3 |
LUIBHICÍDÍ ÚIRÉ |
CHLORTOLURON |
15545-48-9 |
217 |
|
H6.3 |
|
DIURON |
330-54-1 |
100 |
|
H6.3 |
|
FLUOMETURON |
2164-17-2 |
159 |
|
H6.3 |
|
ISOPROTURON |
34123-59-6 |
336 |
|
H6.3 |
|
LINURON |
330-55-2 |
76 |
|
H6.3 |
|
METHABENZTHIAZURON |
18691-97-9 |
201 |
|
H6.3 |
|
METOBROMURON |
3060-89-7 |
168 |
|
H6.3 |
|
METOXURON |
19937-59-8 |
219 |
Luibhicídí eile |
H7 |
|
|
|
|
|
H7.1 |
LUIBHICÍDÍ AIRIOLOCSAIFEANOCSAPRÓIPIANACHA |
CLODINAFOP |
114420-56-3 |
683 |
|
H7.1 |
|
CYHALOFOP |
122008-85-9 |
596 |
|
H7.1 |
|
DICLOFOP |
40843-25-2 |
358 |
|
H7.1 |
|
FENOXAPROP-P |
113158-40-0 |
484 |
|
H7.1 |
|
FLUAZIFOP-P-BUTYL |
79241-46-6 |
395 |
|
H7.1 |
|
HALOXYFOP |
69806-34-4 |
438 |
|
H7.1 |
|
HALOXYFOP-R |
72619-32-0 |
526 |
|
H7.1 |
|
PROPAQUIZAFOP |
111479-05-1 |
713 |
|
H7.1 |
|
QUIZALOFOP |
76578-12-6 |
429 |
|
H7.1 |
|
QUIZALOFOP-P |
94051-08-8 |
641 |
|
H7.2 |
LUIBHICÍDÍ BEINSEAFÚRÁIN |
ETHOFUMESATE |
26225-79-6 |
233 |
|
H7.3 |
LUIBHICÍDÍ AIGÉID BHEANSÓIGH |
CHLORTHAL |
2136-79-0 |
328 |
|
H7.3 |
|
DICAMBA |
1918-00-9 |
85 |
|
H7.4 |
LUIBHICÍDÍ DÉPHIRIDILIAM |
DIQUAT |
85-00-7 |
55 |
|
H7.4 |
|
PARAQUAT |
4685-14-7 |
56 |
|
H7.5 |
LUIBHICÍDÍ CIOGLAIHEACSÁINDÉ-ÓIN |
CLETHODIM |
99129-21-2 |
508 |
|
H7.5 |
|
CYCLOXYDIM |
101205-02-1 |
510 |
|
H7.5 |
|
TEPRALOXYDIM |
149979-41-9 |
608 |
|
H7.5 |
|
TRALKOXYDIM |
87820-88-0 |
544 |
|
H7.6 |
LUIBHICÍDÍ DÉ-AISÍN |
PYRIDATE |
55512-33-9 |
447 |
|
H7.7 |
LUIBHICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE |
CINIDON-ETHYL |
142891-20-1 |
598 |
|
H7.7 |
|
FLUMIOXAZIN |
103361-09-7 |
578 |
|
H7.8 |
LUIBHICÍDÍ ÉITEAR DÉFHEINILE |
ACLONIFEN |
74070-46-5 |
498 |
|
H7.8 |
|
BIFENOX |
42576-02-3 |
413 |
|
H7.8 |
|
NITROFEN |
1836-75-5 |
170 |
|
H7.8 |
|
OXYFLUORFEN |
42874-03-3 |
538 |
|
H7.9 |
LUIBHICÍDÍ IMÍODASÓILÍONÓIN |
IMAZAMETHABENZ |
100728-84-5 |
529 |
|
H7.9 |
|
IMAZAMOX |
114311-32-9 |
619 |
|
H7.9 |
|
IMAZETHAPYR |
81335-77-5 |
700 |
|
H7.10 |
LUIBHICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA |
AMMONIUM SULFAMATE |
7773-06-0 |
679 |
|
H7.10 |
|
CHLORATES |
7775-09-9 |
7 |
|
H7.11 |
LUIBHICÍDÍ ISEACSASÓIL |
ISOXAFLUTOLE |
141112-29-0 |
575 |
|
H7.12 |
LUIBHICÍDÍ MORFAICTINE |
FLURENOL |
467-69-6 |
304 |
|
H7.13 |
LUIBHICÍDÍ NITRÍLE |
BROMOXYNIL |
1689-84-5 |
87 |
|
H7.13 |
|
DICHLOBENIL |
1194-65-6 |
73 |
|
H7.13 |
|
IOXYNIL |
1689-83-4 |
86 |
|
H7.14 |
LUIBHICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR |
GLUFOSINATE |
51276-47-2 |
437 |
|
H7.14 |
|
GLYPHOSATE |
1071-83-6 |
284 |
|
H7.15 |
LUIBHICÍDÍ FEINILPIORASÓIL |
PYRAFLUFEN |
129630-19-9 |
605 |
|
H7.16 |
LUIBHICÍDÍ PIRIDAISÍONÓIN |
CHLORIDAZON |
1698-60-8 |
111 |
|
H7.16 |
|
FLURTAMONE |
96525-23-4 |
569 |
|
H7.17 |
LUIBHICÍDÍ PIRIDÍNCARBOCSAIMÍDE |
PICOLINAFEN |
137641-05-5 |
639 |
|
H7.18 |
LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDÍNCARBOCSAILIGH |
CLOPYRALID |
1702-17-6 |
455 |
|
H7.18 |
|
PICLORAM |
1918-02-1 |
174 |
|
H7.19 |
LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDILOCSAICÉITIGH |
FLUROXYPYR |
69377-81-7 |
431 |
|
H7.19 |
|
TRICLOPYR |
55335-06-3 |
376 |
|
H7.20 |
LUIBHICÍDÍ CUINEOILÍN |
QUINCLORAC |
84087-01-4 |
493 |
|
H7.20 |
|
QUINMERAC |
90717-03-6 |
563 |
|
H7.21 |
LUIBHICÍDÍ TIAIDÉ-AISÍN |
BENTAZONE |
25057-89-0 |
366 |
|
H7.22 |
LUIBHICÍDÍ TIACARBAMÁITE |
EPTC |
759-94-4 |
155 |
|
H7.22 |
|
MOLINATE |
2212-67-1 |
235 |
|
H7.22 |
|
PROSULFOCARB |
52888-80-9 |
539 |
|
H7.22 |
|
THIOBENCARB |
28249-77-6 |
388 |
|
H7.22 |
|
TRI-ALLATE |
2303-17-5 |
97 |
|
H7.23 |
LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓIL |
AMITROL |
61-82-5 |
90 |
|
H7.24 |
LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓILÍONÓIN |
CARFENTRAZONE |
128639-02-1 |
587 |
|
H7.25 |
LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓLÓIN |
PROPOXYCARBAZONE |
145026-81-9 |
655 |
|
H7.26 |
LUIBHICÍDÍ TRÍCHÉATÓIN |
MESOTRIONE |
104206-82-8 |
625 |
|
H7.26 |
|
SULCOTRIONE |
99105-77-8 |
723 |
|
H7.27 |
LUIBHICÍDÍ NEAMHAICMITHE |
CLOMAZONE |
81777-89-1 |
509 |
|
H7.27 |
|
FLUROCHLORIDONE |
61213-25-0 |
430 |
|
H7.27 |
|
QUINOCLAMINE |
2797-51-5 |
648 |
|
H7.27 |
|
METHAZOLE |
20354-26-1 |
369 |
|
H7.27 |
|
OXADIARGYL |
39807-15-3 |
604 |
|
H7.27 |
|
OXADIAZON |
19666-30-9 |
213 |
|
H7.27 |
LUIBHICÍDÍ EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH |
LUIBHICÍDÍ EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH |
|
|
Feithidicídí agus Acairicídí |
I0 |
|
|
|
|
Feithidicídí ar pireatróideacha is bonn dóibh |
I1 |
|
|
|
|
|
I1.1 |
FEITHIDICÍDÍ PIREATRÓIDEACHA |
ACRINATHRIN |
101007-06-1 |
678 |
|
I1.1 |
|
ALPHA-CYPERMETHRIN |
67375-30-8 |
454 |
|
I1.1 |
|
BETA-CYFLUTHRIN |
68359-37-5 |
482 |
|
I1.1 |
|
BETA-CYPERMETHRIN |
65731-84-2 |
632 |
|
I1.1 |
|
BIFENTHRIN |
82657-04-3 |
415 |
|
I1.1 |
|
CYFLUTHRIN |
68359-37-5 |
385 |
|
I1.1 |
|
CYPERMETHRIN |
52315-07-8 |
332 |
|
I1.1 |
|
DELTAMETHRIN |
52918-63-5 |
333 |
|
I1.1 |
|
ESFENVALERATE |
66230-04-4 |
481 |
|
I1.1 |
|
ETOFENPROX |
80844-07-1 |
471 |
|
I1.1 |
|
GAMMA-CYHALOTHRIN |
76703-62-3 |
768 |
|
I1.1 |
|
LAMBDA-CYHALOTHRIN |
91465-08-6 |
463 |
|
I1.1 |
|
TAU-FLUVALINATE |
102851-06-9 |
432 |
|
I1.1 |
|
TEFLUTHRIN |
79538-32-2 |
451 |
|
I1.1 |
|
ZETA-CYPERMETHRIN |
52315-07-8 |
733 |
Feithidicídí ar hidreacarbóin chlóirínithe is bonn dóibh |
I2 |
|
|
|
|
|
I2.1 |
FEITHIDICÍDÍ ORGÁNACLÓIRÍN |
DICOFOL |
115-32-2 |
123 |
|
I2.1 |
|
TETRASUL |
2227-13-6 |
114 |
Feithidicídí ar carbamáití agus ocsaím-charbamáití is bonn dóibh |
I3 |
|
|
|
|
|
I3.1 |
FEITHIDICÍDÍ OCSAÍM-CHARBAMÁITE |
METHOMYL |
16752-77-5 |
264 |
|
I3.1 |
|
OXAMYL |
23135-22-0 |
342 |
|
I3.2 |
FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE |
BENFURACARB |
82560-54-1 |
501 |
|
I3.2 |
|
CARBARYL |
63-25-2 |
26 |
|
I3.2 |
|
CARBOFURAN |
1563-66-2 |
276 |
|
I3.2 |
|
CARBOSULFAN |
55285-14-8 |
417 |
|
I3.2 |
|
FENOXYCARB |
79127-80-3 |
425 |
|
I3.2 |
|
FORMETANATE |
22259-30-9 |
697 |
|
I3.2 |
|
METHIOCARB |
2032-65-7 |
165 |
|
I3.2 |
|
PIRIMICARB |
23103-98-2 |
231 |
Feithidicídí ar orgánafosfáit is bonn dóibh |
I4 |
|
|
|
|
|
I4.1 |
FEITHIDICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR |
AZINPHOS-METHYL |
86-50-0 |
37 |
|
I4.1 |
|
CADUSAFOS |
95465-99-9 |
682 |
|
I4.1 |
|
CHLORPYRIFOS |
2921-88-2 |
221 |
|
I4.1 |
|
CHLORPYRIFOS-METHYL |
5589-13-0 |
486 |
|
I4.1 |
|
COUMAPHOS |
56-72-4 |
121 |
|
I4.1 |
|
DIAZINON |
333-41-5 |
15 |
|
I4.1 |
|
DICHLORVOS |
62-73-7 |
11 |
|
I4.1 |
|
DIMETHOATE |
60-51-5 |
59 |
|
I4.1 |
|
ETHOPROPHOS |
13194-48-4 |
218 |
|
I4.1 |
|
FENAMIPHOS |
22224-92-6 |
692 |
|
I4.1 |
|
FENITROTHION |
122-14-5 |
35 |
|
I4.1 |
|
FOSTHIAZATE |
98886-44-3 |
585 |
|
I4.1 |
|
ISOFENPHOS |
25311-71-1 |
412 |
|
I4.1 |
|
MALATHION |
121-75-5 |
12 |
|
I4.1 |
|
METHAMIDOPHOS |
10265-92-6 |
355 |
|
I4.1 |
|
NALED |
300-76-5 |
195 |
|
I4.1 |
|
OXYDEMETON-METHYL |
301-12-2 |
171 |
|
I4.1 |
|
PHOSALONE |
2310-17-0 |
109 |
|
I4.1 |
|
PHOSMET |
732-11-6 |
318 |
|
I4.1 |
|
PHOXIM |
14816-18-3 |
364 |
|
I4.1 |
|
PIRIMIPHOS-METHYL |
29232-93-7 |
239 |
|
I4.1 |
|
TRICHLORFON |
52-68-6 |
68 |
Feithidicídí ar táirgí bitheolaíocha agus luibheolaíocha is bonn dóibh |
I5 |
|
|
|
|
|
I5.1 |
FEITHIDICÍDÍ BITHEOLAÍOCHA |
AZADIRACHTIN |
11141-17-6 |
627 |
|
I5.1 |
|
NICOTINE |
54-11-5 |
8 |
|
I5.1 |
|
PYRETHRINS |
8003-34-7 |
32 |
|
I5.1 |
|
ROTENONE |
83-79-4 |
671 |
Feithidicídí eile |
I6 |
|
|
|
|
|
I6.1 |
FEITHIDICÍDI A THÁIRGTEAR TRÍ CHOIPEADH |
ABAMECTIN |
71751-41-2 |
495 |
|
I6.1 |
|
MILBEMECTIN |
51596-10-2 51 596-11-3 |
660 |
|
I6.1 |
|
SPINOSAD |
168316-95-8 |
636 |
|
I6.3 |
FEITHIDICÍDÍ BEANSÓILÚIRÉ |
DIFLUBENZURON |
35367-38-5 |
339 |
|
I6.3 |
|
FLUFENOXURON |
101463-69-8 |
470 |
|
I6.3 |
|
HEXAFLUMURON |
86479-06-3 |
698 |
|
I6.3 |
|
LUFENURON |
103055-07-8 |
704 |
|
I6.3 |
|
NOVALURON |
116714-46-6 |
672 |
|
I6.3 |
|
TEFLUBENZURON |
83121-18-0 |
450 |
|
I6.3 |
|
TRIFLUMURON |
64628-44-0 |
548 |
|
I6.4 |
FEITHIDICÍDÍ CARBASÁITE |
BIFENAZATE |
149877-41-8 |
736 |
|
I6.5 |
FEITHIDICÍDÍ DIAISILHIODRAISÍN |
METHOXYFENOZIDE |
161050-58-4 |
656 |
|
I6.5 |
|
TEBUFENOZIDE |
112410-23-8 |
724 |
|
I6.6 |
RIALAITHEOIRÍ FÁIS FEITHIDÍ |
BUPROFEZIN |
69327-76-0 |
681 |
|
I6.6 |
|
CYROMAZINE |
66215-27-8 |
420 |
|
I6.6 |
|
HEXYTHIAZOX |
78587-05-0 |
439 |
|
I6.7 |
FERAMÓIN FEITHIDE |
(E, Z)-9-DODECENYL ACETATE |
35148-19-7 |
422 |
|
I6.8 |
FEITHIDICÍDÍ NÍTREAGUAINIDÍNE |
CLOTHIANIDIN |
210880-92-5 |
738 |
|
I6.8 |
|
THIAMETHOXAM |
153719-23-4 |
637 |
|
I6.9 |
FEITHIDICÍDÍ ORGANÁSTÁIN |
AZOCYCLOTIN |
41083-11-8 |
404 |
|
I6.9 |
|
CYHEXATIN |
13121-70-5 |
289 |
|
I6.9 |
|
FENBUTATIN OXIDE |
13356-08-6 |
359 |
|
I6.10 |
FEITHIDICÍDÍ OCSAIDÉ-AISÍN |
INDOXACARB |
173584-44-6 |
612 |
|
I6.11 |
FEITHIDICÍDÍ ÉITEAR FEINILE |
PYRIPROXYFEN |
95737-68-1 |
715 |
|
I6.12 |
FEITHIDICÍDÍ PIORASÓIL (FEINILE) |
FENPYROXIMATE |
134098-61-6 |
695 |
|
I6.12 |
|
FIPRONIL |
120068-37-3 |
581 |
|
I6.12 |
|
TEBUFENPYRAD |
119168-77-3 |
725 |
|
I6.13 |
FEITHIDICÍDÍ PIRIDÍN |
PYMETROZINE |
123312-89-0 |
593 |
|
I6.14 |
FEITHIDICÍDÍ PIRIDILMEITIOLAIMÍN |
ACETAMIPRID |
135410-20-7 |
649 |
|
I6.14 |
|
IMIDACLOPRID |
138261-41-3 |
582 |
|
I6.14 |
|
THIACLOPRID |
111988-49-9 |
631 |
|
I6.15 |
FEITHIDICÍDÍ EISTEAR SUILFÍTE |
PROPARGITE |
2312-35-8 |
216 |
|
I6.16 |
FEITHIDICÍDÍ TEATRAISÍN |
CLOFENTEZINE |
74115-24-5 |
418 |
|
I6.17 |
FEITHIDICÍDÍ AIGÉID THEATRÓNAIGH |
SPIRODICLOFEN |
148477-71-8 |
737 |
|
I6.18 |
FEITHIDICÍDÍ (CARBAMÓIL-) TRÍ-ASÓIL |
TRIAZAMATE |
112143-82-5 |
728 |
|
I6.19 |
FEITHIDICÍDÍ ÚIRÉ |
DIAFENTHIURON |
80060-09-9 |
8097 |
|
I6.20 |
FEITHIDICÍDÍ NEAMHAICMITHE |
ETOXAZOLE |
153233-91-1 |
623 |
|
I6.20 |
|
FENAZAQUIN |
120928-09-8 |
693 |
|
I6.20 |
|
PYRIDABEN |
96489-71-3 |
583 |
|
I6.21 |
FEITHIDICÍDÍ EILE - ACAIRICÍDÍ |
FEITHIDICÍDÍ EILE - ACAIRICÍDÍ |
|
|
Moiliscicídí, iomlán: |
M0 |
|
|
|
|
Moiliscicídí |
M1 |
|
|
|
|
|
M1.1 |
FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE |
THIODICARB |
59669-26-0 |
543 |
|
M1.2 |
MOILISCICÍDÍ EILE |
FERRIC PHOSPHATE |
10045-86-0 |
629 |
|
M1.2 |
|
METALDEHYDE |
108-62-3 |
62 |
|
M1.2 |
|
MOILISCICÍDÍ EILE |
|
|
Rialaitheoirí Fáis Phlandaí, iomlán: |
PGR0 |
|
|
|
|
Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis phlandaí |
PGR1 |
|
|
|
|
|
PGR1.1 |
RIALAITHEOIRÍ FISEOLAÍOCHA FÁIS PHLANDAÍ |
CHLORMEQUAT |
999-81-5 |
143 |
|
PGR1.1 |
|
CYCLANILIDE |
113136-77-9 |
586 |
|
PGR1.1 |
|
DAMINOZIDE |
1596-84-5 |
330 |
|
PGR1.1 |
|
DIMETHIPIN |
55290-64-7 |
689 |
|
PGR1.1 |
|
DIPHENYLAMINE |
122-39-4 |
460 |
|
PGR1.1 |
|
ETHEPHON |
16672-87-0 |
373 |
|
PGR1.1 |
|
ETHOXYQUIN |
91-53-2 |
517 |
|
PGR1.1 |
|
FLORCHLORFENURON |
68157-60-8 |
633 |
|
PGR1.1 |
|
FLURPRIMIDOL |
56425-91-3 |
696 |
|
PGR1.1 |
|
IMAZAQUIN |
81335-37-7 |
699 |
|
PGR1.1 |
|
MALEIC HYDRAZIDE |
51542-52-0 |
310 |
|
PGR1.1 |
|
MEPIQUAT |
24307-26-4 |
440 |
|
PGR1.1 |
|
1-METHYLCYCLOPROPENE |
3100-04-7 |
767 |
|
PGR1.1 |
|
PACLOBUTRAZOL |
76738-62-0 |
445 |
|
PGR1.1 |
|
PROHEXADIONE-CALCIUM |
127277-53-6 |
567 |
|
PGR1.1 |
|
SODIUM 5-NITROGUAIACOLATE |
67233-85-6 |
718 |
|
PGR1.1 |
|
SODIUM O-NITROPHENOLATE |
824-39-5 |
720 |
|
PGR1.1 |
|
TRINEXAPAC-ETHYL |
95266-40-3 |
8349 |
Táirgí frithphéactha |
PGR2 |
|
|
|
|
|
PGR2.2 |
TÁIRGÍ FRITHPHÉACTHA |
CARVONE |
99-49-0 |
602 |
|
PGR2.2 |
|
CHLORPROPHAM |
101-21-3 |
43 |
Rialaitheoirí eile fáis phlandaí |
PGR3 |
|
|
|
|
|
PGR3.1 |
RIALAITHEOIRÍ EILE FÁIS PHLANDAÍ |
RIALAITHEOIRÍ EILE FÁIS PLANDAÍ |
|
|
Táirgí eile Cosanta Plandaí, iomlán: |
ZR0 |
|
|
|
|
Olaí mianracha |
ZR1 |
|
|
|
|
|
ZR1.1 |
OLA MIANRACH |
OLAÍ PEITRILIAM |
64742-55-8 |
29 |
Olaí cothaitheacha |
ZR2 |
|
|
|
|
|
ZR2.1 |
OLA COTHAITHEACH |
OLAÍ TARRA |
|
30 |
Steirileáin ithreach (Neamaicídí ina measc) |
ZR3 |
|
|
|
|
|
ZR3.1 |
BRÓIMÍD MHEITILE |
BRÓIMÍD MHEITILE |
74-83-9 |
128 |
|
ZR3.2 |
STEIRILEÁIN EILE ITHREACH |
CHLOROPICRIN |
76-06-2 |
298 |
|
ZR3.2 |
|
DAZOMET |
533-74-4 |
146 |
|
ZR3.2 |
|
1,3-DICHLOROPROPENE |
542-75-6 |
675 |
|
ZR3.2 |
|
METAM-SODIUM |
137-42-8 |
20 |
|
ZR3.2 |
|
STEIRILEÁIN EILE ITHREACH |
|
|
Creimiricídí |
ZR4 |
|
|
|
|
|
ZR4.1 |
CREIMIRICÍDÍ |
BRODIFACOUM |
56073-10-0 |
370 |
|
ZR4.1 |
|
BROMADIOLONE |
28772-56-7 |
371 |
|
ZR4.1 |
|
CHLORALOSE |
15879-93-3 |
249 |
|
ZR4.1 |
|
CHLOROPHACINONE |
3691-35-8 |
208 |
|
ZR4.1 |
|
COUMATETRALYL |
5836-29-3 |
189 |
|
ZR4.1 |
|
DIFENACOUM |
56073-07-5 |
514 |
|
ZR4.1 |
|
DIFETHIALONE |
104653-34-1 |
549 |
|
ZR4.1 |
|
FLOCOUMAFEN |
90035-08-8 |
453 |
|
ZR4.1 |
|
WARFARIN |
81-81-2 |
70 |
|
ZR4.1 |
|
CREIMIRICÍDÍ EILE |
|
|
Táirgí uile eile cosanta plandaí |
ZR5 |
|
|
|
|
|
ZR5.1 |
DÍFHABHTÁIN |
DÍFHABHTÁIN EILE |
|
|
|
ZR5.2 |
TÁIRGÍ EILE COSANTA PLANDAÍ |
TÁIRGÍ EILE COSANTA PLANDAÍ |
|
|
(1) Uimhreacha Clárlainne CAS (Chemical Abstract Service Registery Numbers).
(2) Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach Lotnaidicídí (Collaborative International Pesticides Analytical Council).