ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.286.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

52
31 Deireadh Fómhair 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin athmhúnlú ( 2 )

1

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1006/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise ( 2 )

31

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin ( 2 )

36

 


 

(1)   Faoin tagairt L 286 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

31.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1005/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin

athmhúnlú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Tá sé cruthaithe gur cúis le damáiste mór don chiseal ózóin iad astaíochtaí leantacha substaintí ídithe ózóin (ODSanna). Tá fianaise fhollasach ann i leith laghdaithe ar ualach na substaintí ídithe ózóin san atmaisféar agus tá roinnt comharthaí luatha tugtha faoi deara a léiríonn téarnamh ózóin sa strataisféar. Mar sin féin, ní mheastar, maidir leis an téarnamh sin, go sroichfidh an ciseal ózóin an leibhéal tiúchana a bhí ann roimh 1980 go dtí lár an 21ú haois. Tá radaíocht UV-B a éiríonn as ídiú ózóin fós ina bagairt shuntasach ar shláinte agus ar an gcomhshaol. Ag an am céanna, tá ardacmhainn téimh dhomhanda ag an gcuid is mó de na substaintí seo agus is fachtóirí iad a chuireann leis an ardú ar theocht an phláinéid. Is gá, dá bhrí sin, tuilleadh beart éifeachtúil a dhéanamh chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar iarmhairtí dochracha de dheasca astaíochtaí den sórt sin agus chun tuilleadh moille a sheachaint maidir le téarnamh an chisil ózóin.

(3)

I bhfianaise a fhreagrachtaí as an gcomhshaol agus as trádáil, tá an Comhphobal, de bhun Chinneadh 88/540/CEE ón gComhairle (4), tar éis teacht chun bheith ina Pháirtí i gCoinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin agus i bPrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (‘an Prótacal’ anseo feasta).

(4)

Is gáis cheaptha teasa iad cuid mhór ODSanna ach ní rialaítear iad faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide ná faoi Phrótacal Kyoto a ghabhann leis ar an mbonn go gcuirfear deireadh le ODSanna de réir a chéile faoin bPrótacal. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta leis an bPrótacal, is gá an próiseas maidir le deireadh a chur le ODSanna de réir a chéile a thabhairt chun críche san Aontas Eorpach agus ar bhonn domhanda, á chur san áireamh freisin go bhfuil ardacmhainn téimh dhomhanda ag cuid mhór de na roghanna malartacha láithreacha ar ODSanna. Is gá, dá bhrí sin, táirgeadh agus úsáid ODSanna a íoslaghdú agus a dhíchur aon uair atá roghanna malartacha ar fáil, ar roghanna iad atá inchurtha i bhfeidhm go teicniúil agus a bhfuil acmhainn íseal téimh dhomhanda acu.

(5)

Ghlac na Páirtithe sa Phrótacal bearta breise i gcomhair chosaint an chisil ózóin, arb iad na na cinn is déanaí a glacadh ná na cinn sin a glacadh ag an gcruinniú in Montréal i Meán Fómhair 2007 agus in Doha i Samhain 2008. Tá gá le gníomh a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail chun go gcomhlíonfar oibleagáidí an Chomhphobail faoin bPrótacal agus go háirithe chun go ndéanfar céimniú amach luathaithe a chur chun feidhme maidir le húsáid hidreaclórafluaracarbón agus aird chuí á tabhairt ar na rioscaí a bhaineann le céimniú isteach roghanna malartacha a bhfuil ardacmhainn téimh dhomhanda acu.

(6)

I bhfianaise na n-ábhar imní a luadh i dTuarascáil 2006 an Phainéil um Measúnú Eolaíoch maidir leis an bhfás luathaithe i ndáil le táirgeadh agus úsáid hidreaclórafluaracarbón i dtíortha i mbéal forbartha, rinne na Páirtithe sa Phrótacal, sa bhliain 2007, Cinneadh XIX/6 a ghlacadh ag a 19ú Cruinniú, ar cinneadh é lena ndéantar foráil maidir le sceideal luathaithe i gcomhair hidreaclórafluaracarbóin a chéimniú amach. De bharr an Chinnidh sin, ba cheart an dáta i gcomhair chéimniú amach na táirgeachta a thabhairt ar aghaidh ó 2025 go 2020.

(7)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000, ní féidir, amhail ón mbliain 2010, hidreaclórafluaracarbóin íona a úsáid a thuilleadh i gcomhair trealamh cuisniúcháin agus aeroiriúnaithe a chothabháil nó a sheirbhísiú. Chun an riosca go n-úsáidfear hidreaclórafluaracarbóin íona go neamhdhleathach mar ábhar athchúrsáilte nó mar ábhar mínghlanta a íoslaghdú, ba cheart nach n-úsáidfí ach ábhar mínghlanta nó ábhar athchúrsáilte in oibríochtaí seirbhísithe nó cothabhála. Ba cheart toirmeasc a chur ar athdhíol hidreaclórafluaracarbón athchúrsáilte, agus níor cheart hidreaclórafluaracarbóin athchúrsáilte a úsáid ach amháin tar éis iad a aisghabháil ó threalamh den sórt sin agus níor cheart d’aon ghnóthas seachas an gnóthas a rinne an aisghabháil sin, nó a chuir faoi deara í a dhéanamh, iad a úsáid. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart go mbeadh feidhm ag an díolúine seo maidir le trealamh teaschaidéil freisin.

(8)

I bhfianaise na rochtana forleithne atá ar theicneolaíochtaí agus ar shubstaintí malartacha a úsáidtear chun ODSanna a ionadú, is iomchuí, i gcásanna áirithe, foráil a dhéanamh maidir le bearta rialaithe atá níos déine ná iad siúd dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 agus níos déine ná iad siúd atá sa Phrótacal.

(9)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000, rinneadh céimniú amach maidir le clórafluaracarbóin mar aon le clórafluaracarbóin lán-hailiginithe eile, halóin, teitreaclóiríd charbóin, 1,1,1-tríchlóireatán, hidreabrómafluaracarbóin, brómachlóraimeatán agus bróimíd mheitile a tháirgeadh agus a chur ar an margadh agus toirmisctear, dá bhrí sin, na substaintí sin agus táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin a chur ar an margadh. Is iomchuí anois freisin leathnú a dhéanamh de réir a chéile ar an gcosc ar úsáid na substaintí sin chun trealamh den sórt sin a chothabháil nó a sheirbhísiú.

(10)

Fiú amháin tar éis substaintí rialaithe a chéimniú amach, ba cheart don Choimisiún, faoi choinníollacha áirithe, díolúintí a dheonú i gcomhair úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse. Go háirithe, le Cinneadh X/14 ó na Páirtithe sa Phrótacal, bunaítear critéir maidir le díolúintí a dheonú le haghaidh na n-úsáidí sin. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún coinníollacha a bhunú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse. Chun méadú ar na cainníochtaí a úsáidtear chun na gcríoch sin a sheachaint, níor cheart go gceadófaí do tháirgeoirí ná d’allmhaireoirí méadú suntasach a dhéanamh ar na cainníochtaí a chuirtear ar an margadh. Ba cheart go ndéanfaí coinníollacha sonracha arna gcinneadh ag na Páirtithe, maidir le substaintí a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí sin, a chomhtháthú isteach sa Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad.

(11)

Mar gheall ar roghanna malartacha ar bhróimíd mheitile a bheith ar fáil, tá laghduithe níos substaintiúla ann i dtaca le táirgeadh agus úsáid bróimíde meitile i gcomparáid lena raibh leagtha síos dó sa Phrótacal, agus tá léiriú ar an infhaighteacht sin freisin i gCinneadh 2008/753/CE ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2008 maidir le neamháireamh bróimíde meitile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle agus maidir le húdaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint sin a tharraingt siar (5) agus i dTreoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh (6). Ba cheart go scoirfí go hiomlán den díolúine a dheonú i gcomhair úsáidí criticiúla bróimíde meitile ach go gceadófaí go sealadach an fhéidearthacht chun maolú a dheonú i ndálaí éigeandála i gcás ráigeanna lotnaidí nó galar gan choinne ar dálaí iad ina bhfuil úsáid éigeandála den sórt sin le ceadú faoi Threoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (7) agus faoi Threoir 98/8/CE. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go sonrófaí bearta chun astaíochtaí a íoslaghdú, amhail úsáid a bhaint as scannáin atá ionann is neamhscagach i gcomhair toitriú ithreach.

(12)

I bhfianaise Rialachán (CE) Uimh. 2032/2003 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2003 maidir leis an dara céim den chlár oibre 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh (8), ar Treoir í lenar cuireadh cosc ar bhróimíd mheitile a úsáid mar bhithicíd faoin 1 Meán Fómhair 2006, agus i bhfianaise Chinneadh 2008/753/CE lenar cuireadh cosc ar bhróimíd mheitile a úsáid mar tháirge cosanta plandaí faoin 18 Márta 2010, ba cheart úsáid bróimíde meitile i ndáil le coraintín agus réamhloingsiú a chosc freisin faoin 18 Márta 2010.

(13)

Leis an bPrótacal, in Airteagal 2F(7) de, ceanglaítear ar na Páirtithe iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil úsáid hidreaclórafluaracarbón teoranta do na feidhmeanna sin nach bhfuil substaintí ná teicneolaíochtaí malartacha atá níos oiriúnaí don chomhshaol le fáil ina leith. I bhfianaise na rochtana atá ar theicneolaíochtaí malartacha agus ionadacha, is féidir tuilleadh teorannaithe a dhéanamh maidir le hidreaclórafluaracarbóin, chomh maith le táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin nó atá ag brath ar hidreaclórafluaracarbóin, a úsáid agus a chur ar an margadh. Le Cinneadh VI/13 ó na Páirtithe sa Phrótacal, foráiltear gur cheart go ndéanfaí, le linn meastóireacht a dhéanamh ar mhalairtí ar hidreaclórafluaracarbóin, nithe a chur san áireamh amhail acmhainn ídithe ózóin, éifeachtúlacht fuinnimh, inadhainteacht fhéideartha, tocsaineacht, acmhainn téimh dhomhanda agus na tionchair fhéideartha ar úsáid éifeachtach clórafluaracarbón agus halón, agus ar chéimniú amach clórafluaracarbón agus halón. Chinn na Páirtithe leis an gCinneadh sin gur cheart na rialuithe ar hidreaclórafluaracarbóin faoin bPrótacal a ghéarú go mór chun an ciseal ózóin a chosaint agus chun infhaighteacht roghanna eile a léiriú.

(14)

Chun cosc a chur ar imghabháil ar na srianta faoin Rialachán seo, ba cheart bearta rialaithe maidir le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe a leathnú chuig táirgí agus trealamh atá ag brath ar na substaintí sin. Trí tháirgí agus trealamh a n-éilíonn a ndearadh, a n-úsáid nó a bhfeidhmiú cuí substaint rialaithe a bheith ann a chur san áireamh chomh maith, cuirtear deireadh le deis fhéideartha chun táirgí nó trealamh a chur ar an margadh, a allmhairiú nó a onnmhairiú, ar táirgí nó trealamh iad nach bhfuil substaintí rialaithe iontu an tráth a chuirtear ar an margadh, a allmhairítear nó a onnmhairítear iad ach a bheadh le hathlíonadh dá éis sin. Thairis sin, ba cheart go gcealófaí díolúintí le haghaidh táirgí agus trealaimh a monaraíodh roimh theacht i bhfeidhm na mbeart rialaithe ós rud é nach bhfuil siad ábhartha a thuilleadh agus go bhféadfadh riosca a bheith ann dá mbarr go gcuirfí ar an margadh go neamhdhleathach iad nó go dtrádálfaí go neamhdhleathach iad.

(15)

Níor cheart substaintí rialaithe, chomh maith le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe, nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe, ó Stáit nach páirtithe sa Phrótacal a allmhairiú. Thairis sin, ba cheart onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin, nó atá ag brath ar hidreaclórafluaracarbóin, tar éis theacht i bhfeidhm an choisc ar úsáid na dtáirgí agus an trealaimh sin nó ar úsáid substaintí rialaithe chun na táirgí agus an trealamh sin a chothabháil nó a sheirbhísiú sa Chomhphobal, a thoirmeasc ionas nach gcruthófar stórais de na substaintí sin i dtíortha nach bhfuil saoráidí leordhóthanacha ar fáil iontu chun na substaintí sin a dhíothú.

(16)

Chun feabhas a chur ar fhaireachán agus rialú na trádála in ODSanna agus chun gur féidir le Páirtithe faisnéis a mhalartú eatarthu, tá údarú i leith substaintí rialaithe a onnmhairiú san áireamh sa chóras ceadúnúcháin i gcomhair substaintí rialaithe. Ba cheart an córas ceadúnúcháin sin a leathnú chuig táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe.

(17)

Chun feabhas a chur ar fhaireachán agus rialú na trádála, ba cheart go gcumhdódh an ceadúnúchán ní hamháin teacht isteach na n-earraí sa chríoch chustaim lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal ach, freisin, teacht isteach faoi nósanna imeachta eile custaim nó teacht isteach i gcomhair cóireálacha agus úsáidí atá formheasta ó thaobh custaim. Ba cheart go mbeadh idirthuras trí chríoch chustaim an Chomhphobail, stóráil shealadach, stórasú custaim agus an nós imeachta saorchreasa indéanta gan ceadúnú i gcónaí chun ualach nach gá ar oibreoirí agus ar údaráis chustaim a sheachaint. Maidir le coinsíneachtaí chuig críoch de chuid Ballstáit nó uaithi ar críoch í nach bhfuil ina cuid de chríoch chustaim an Chomhphobail nó nach bhfuil cumhdaithe faoin Rialachán seo, ach a chumhdaítear le daingniú an Phrótacail ag an mBallstát lena mbaineann, níor cheart go gcuirfidís ualach nach gá ar na Ballstáit i ndáil le ceadúnú agus tuairisciú, ar choinníoll go gcomhlíontar oibleagáidí an Rialacháin seo agus an Phrótacail.

(18)

Sula n-eiseofar ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe agus chun trádáil neamhdhleathach agus trádáil gan iarraidh a sheachaint, ba cheart go gcumasófaí don Choimisiún fíorú a dhéanamh, i gcomhar le húdaráis inniúla an tríú tír lena mbaineann, i dtaobh an gcomhlíonfadh an t-idirbheart a bhí beartaithe na ceanglais is infheidhme sa tír sin.

(19)

Le Treoir 67/548/CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1967 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí contúirteacha (9), le Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát i ndáil le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú ullmhóidí contúirteacha (10) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (11), déantar foráil maidir le lipéadú substaintí atá aicmithe mar ODSanna agus maidir le lipéadú meascán a bhfuil substaintí den sórt sin iontu. Ós rud é gur féidir ODSanna, arna dtáirgeadh i gcomhair úsáidí mar bhunábhar nó mar oibreán próisis, nó i gcomhair úsáidí saotharlainne agus anailíse, a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, ba cheart iad a idirdhealú ó na substaintí sin a tháirgtear i gcomhair úsáidí eile, ionas nach ndéanfar substaintí rialaithe atá beartaithe i gcomhair úsáidí mar bhunábhar nó mar oibreán próisis nó i gcomhair úsáidí saotharlainne nó analíse a úsáid i gcomhair úsáidí eile atá rialaithe faoin Rialachán seo. Thairis sin, chun úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas agus chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú freisin, ba cheart táirgí agus trealamh a bhfuil substaintí den sórt sin iontu nó atá ag brath ar shubstaintí den sórt sin a lipéadú amhlaidh le linn iad a bheith á gcothabháil nó á seirbhísiú.

(20)

Chun laghdú a dhéanamh ar scaoileadh substaintí rialaithe isteach san atmaisféar, ba cheart go ndéanfaí foráil maidir le haisghabháil substaintí rialaithe úsáidte agus maidir le cosc a chur ar shileadh substaintí rialaithe.

(21)

Ceanglaítear leis an bPrótacal tuairisciú a dhéanamh ar thrádáil in ODSanna. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé de cheangal ar tháirgeoirí, ar allmhaireoirí agus ar onnmhaireoirí substaintí rialaithe tuairisciú bliantúil a dhéanamh. Chun a chumasú don Choimisiún simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta tuairiscithe a bhaineann le comhlíonadh an Phrótacail agus chun dúblú a sheachaint sa phróiseas, ba cheart do shaoráidí díothaithe tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún go díreach. Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe faoin bPrótacal a áirithiú agus chun feabhas a chur ar chur i bhfeidhm praiticiúil na n-oibleagáidí sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún na ceanglais maidir le tuairisciú ag Ballstáit agus ag gnóthais a mhodhnú. I bhfianaise na forbartha a bhfuil súil léi ar uirlisí tuairiscithe atá bunaithe ar an idirlíon, ba cheart don Choimisiún, mar is iomchuí, bearta a dhréachtú chun na ceanglais tuairiscithe a oiriúnú a luaithe a bheidh na huirlisí tuairiscithe ábhartha ann.

(22)

Maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag Ballstáit, rialaítear í le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (12) agus maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún, rialaítear í le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (13) go háirithe i ndáil le ceanglais a bhaineann le rúndacht agus slándáil próiseála, aistriú sonraí pearsanta ón gCoimisiún go dtí na Ballstáit, dleathacht na próiseála, agus cearta daoine a bhfuil sonraí ann ina leith chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta agus chun a sonraí pearsanta a cheartú.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit iniúchtaí a dhéanamh agus cur chuige á úsáid atá bunaithe ar an riosca chun comhlíonadh fhorálacha uile an Rialacháin seo a áirithiú agus, ar an dóigh sin, díreofar ar na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann an riosca is mó maidir le trádáil neamhdhleathach nó maidir le hastú substaintí rialaithe. Maidir le Moladh 2001/331/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 lena ndéantar fóráil maidir le critéir íosta i gcomhair iniúchtaí ar an gcomhshaol sna Ballstáit (14), ba cheart go mbeadh sé ina threoir maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit.

(24)

I bhfianaise na nuálaíochta leanúnaí sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo go rialta, agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh, go háirithe maidir leis na díolúintí agus na maoluithe dá bhforáiltear nuair a thagann roghanna malartacha chun bheith ar fáil ar roghanna iad a bheidh inchurtha i bhfeidhm go teicniúil agus go heacnamaíoch, chun cosaint an chisil ózóin a neartú tuilleadh agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ag an am céanna. Chun comhlíonadh an Phrótacail a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí do chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a ailíniú le cinntí na bPáirtithe, go háirithe na cinn sin a bhaineann le modhanna díothaithe atá formheasta, le coinníollacha maidir le substaintí rialaithe i gcomhair úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse a chur ar an margadh agus le próisis ina bhféadfar substaintí rialaithe a úsáid mar oibreáin phróisis.

(25)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15).

(26)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí do chumhacht don Choimisiún foirm agus inneachar na lipéad le haghaidh substaintí rialaithe a tháirgtear, a chuirtear ar an margadh nó a úsáidtear mar bhunábhar nó mar oibreán próisis nó i gcomhair úsáidí saotharlainne agus anailíse a chinneadh; leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III maidir le próisis ina bhféadfar substaintí rialaithe a úsáid mar oibreáin phróisis a leasú; an t-uasmhéid substaintí rialaithe a fhéadfar a úsáid mar oibreáin phróisis nó a astú as úsáidí oibreán próisis; leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn V maidir le coinníollacha a ghabhann le substaintí rialaithe a chur ar an margadh agus a dháileadh tuilleadh i gcomhair úsáidí saotharlainne agus anailíse; sásra a chinneadh chun cuótaí a leithdháileadh i ndáil le substaintí rialaithe i gcomhair úsáidí saotharlainne agus anailíse; leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VI chun modhnuithe agus amscálaí a ghlacadh le haghaidh chéimniú amach úsáidí criticiúla halón; leasú a dhéanamh ar liosta na nithe a cheanglaítear a lua in iarratas ar cheadúnas; bearta breise a ghlacadh maidir le faireachán ar thrádáil i substaintí rialaithe nó i substaintí nua agus ar tháirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe; rialacha a ghlacadh is infheidhme ar tháirgí agus ar threalamh a allmhairítear ó aon Stát nach páirtí sa Phrótacal agus a táirgeadh trí úsáid a bhaint as substaintí rialaithe a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal; leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VII maidir le teicneolaíochtaí díothaithe; liosta a bhunú ina mbeidh táirgí agus trealamh ar cheart a mheas ina leith go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamúil agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé éigeantach iad a aisghabháil lena ndíothú nó iad a dhíothú gan iad a aisghbháil roimh ré; ceanglais íosta cáilitheachta do phearsanra a ghlacadh; liosta teicneolaíochtaí agus cleachtas a bhunú a bheidh le húsáid ag gnóthais chun aon sileadh agus astaíochtaí substaintí rialaithe a chosc agus a íoslaghdú; substaintí nua a áireamh in Iarscríbhinn II agus leasú a dhéanamh ar cheanglais maidir le tuairisciú ag Ballstáit agus ag gnóthais. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(27)

Le Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le dramhaíl (16) agus le Treoir 91/689/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le dramhaíl ghuaiseach (17), déantar foráil maidir le bearta a bhaineann le dramhaíl a dhiúscairt agus a aisghabháil ar bhealach fónta i dtaca leis an gcomhshaol de agus a bhaineann le rialuithe ar dhramhaíl ghuaiseach. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ODSanna i ndramhaíl tógála agus scairteála agus i dtrealamh a thig faoi raon feidhme Threoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (WEEE) (18). I gcomhréir leis an bPrótacal, ní fhéadfar ach teicneolaíochtaí arna bhformheas ag na Páirtithe a chur i bhfeidhm maidir le díothú substaintí rialaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, cinntí ábhartha na bPáirtithe a ionchorprú sa Rialachán seo chun a áirithiú nach gcuirfear i bhfeidhm ach na teicneolaíochtaí sin, ar choinníoll go mbeidh a gcur i bhfeidhm comhoiriúnach le reachtaíocht an Chomhphobail agus le reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le dramhaíl.

(28)

Ba cheart sásra solúbtha a bhunú chun oibleagáidí a thabhairt isteach maidir le tuairisciú ar shubstaintí a shainaithnítear mar shubstaintí ídthe ózóin, chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar mhéid an tionchair atá acu ar an gcomhshaol, agus chun a áirithiú go mbeidh na substaintí nua sin a shainaithnítear mar shubstaintí a bhfuil ardacmhainn ídithe ózóin acu faoi réir beart rialaithe. Sa chomhthéacs seo, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ról substaintí nach maireann ach tamall fíorghearr, ag féachaint go háirithe do mheasúnú ózóin Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe 2006/na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta (UNEP/WMO), inar thángthas ar an tuairim go bhfuil acmhainn ídithe ózóin na substaintí seo níos mó ná mar a measadh roimhe sin.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go neamhspleách ar a chéile, cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhlíonadh oibleagáidi an Chomhphobail mar Pháirtí sa Phrótacal a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar fhadhb thrasteorann chomhshaoil a bhfuil tionchar domhanda aige, agus trádáil laistigh den Chomhphobal agus trádáil sheachtrach in ODSanna agus i dtáirgí agus i dtrealamh a bhfuil na substaintí sin iontu nó atá ag brath ar na substaintí sin a rialáil ag an am céanna, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin a tháirgeadh, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh, a úsáid, a aisghabháil, a athchúrsáil, a mhínghlanadh agus a dhíothú, maidir le tuairisciú faisnéise a bhaineann leis na substaintí sin agus maidir le táirgí agus trealamh ina bhfuil na substaintí sin nó atá ag brath ar na substaintí sin a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur ar an margadh agus a úsáid.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le substaintí rialaithe, maidir le substaintí nua agus maidir le táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

ciallaíonn ‘Prótacal’ Prótacal Montréal 1987 maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin, mar atá arna leasú agus arna choigeartú go deireanach;

2.

ciallaíonn ‘Páirtí’ aon pháirtí sa Phrótacal;

3.

ciallaíonn ‘Stát nach páirtí sa Phrótacal’, i ndáil le substaint rialaithe áirithe, aon Stát nó eagraíocht réigiúnach chomhtháite eacnamaíochta nár thoiligh a bheith faoi cheangal ag an na forálacha den Phrótacal is infheidhme maidir leis an tsubstaint sin;

4.

ciallaíonn ‘substaintí rialaithe’ substaintí arna liostú in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear a n-isiméirí, cibé acu ina n-aonar nó i meascán, agus cibé acu íon, aisghabháilte, athchúrsáilte nó mínghlanta;

5.

ciallaíonn ‘clórafluaracarbóin’ na substaintí rialaithe arna liostú i nGrúpa I d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear a n-isiméirí;

6.

ciallaíonn ‘halóin’ na substaintí rialaithe arna liostú i nGrúpa III d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear a n-isiméirí;

7.

ciallaíonn ‘teitreaclóiríd charbóin’ an tsubstaint rialaithe arna sonrú i nGrúpa IV d’Iarscríbhinn I;

8.

ciallaíonn ‘bróimíd mheitile’ an tsubstaint rialaithe arna sonrú i nGrúpa VI d’Iarscríbhinn I;

9.

ciallaíonn ‘hidreaclórafluaracarbóin’ na substaintí rialaithe arna liostú i nGrúpa VIII d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear a n-isiméirí;

10.

ciallaíonn ‘substaintí nua’ substaintí arna liostú in Iarscríbhinn II, cibé acu ina n-aonar nó i meascán, agus cibé acu íon, aisghabháilte, athchúrsáilte nó mínghlanta;

11.

ciallaíonn ‘bunábhar’ aon substaint rialaithe nó substaint nua a chuirtear faoi chlaochlú ceimiceach i bpróiseas ina dtiontaítear í go hiomlán óna comhshuíomh bunaidh agus nach mbaineann ach leibhéal fíoríseal astaíochtaí léi;

12.

ciallaíonn ‘oibreáin phróisis’ substaintí rialaithe a úsáidtear mar oibreáin phróisis cheimicigh sna feidhmeanna arna liostú in Iarscríbhinn III;

13.

ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a tháirgeann substaintí rialaithe nó substaintí nua laistigh den Chomhphobal;

14.

ciallaíonn ‘táirgeacht’ an méid substaintí rialaithe nó substaintí nua a tháirgtear, lena n-áirítear an méid a tháirgtear, d’aon ghnó nó de thaisme, mar sheachtháirge mura rud é go ndíothaítear an seachtháirge sin mar chuid den phróiseas monarúcháin nó tar éis nós imeachta doiciméadaithe lena n-áirithítear comhlíonadh an Rialacháin seo agus na reachtaíochta Comhphobail agus na reachtaíochta náisiúnta maidir le dramhaíl. Ní mheasfar gur ‘táirgeacht’ é aon mhéid a aisghabháiltear, a athchúrsáiltear nó a mhínghlantar ná aon mhéid fíoríseal a ionchorpraítear de riachtanas sna táirgí ina rianchainníochtaí nó a astaítear le linn monarúcháin;

15.

ciallaíonn ‘acmhainn ídithe ózóin’ nó ‘ODP’ an figiúr arna shonrú in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II arb é an figiúr é lena léirítear éifeacht fhéideartha gach substainte rialaithe nó éifeacht fhéideartha substaintí nua ar an gciseal ózóin;

16.

ciallaíonn ‘leibhéal ríofa’ cainníocht a chinntear trí bhíthin cainníocht gach substainte rialaithe a iolrú faoina hacmhainn ídithe ózóin agus trí na figiúirí a fhaightear amhlaidh a shuimiú i gcomhair gach grúpa ar leith substaintí rialaithe in Iarscríbhinn I;

17.

ciallaíonn ‘cuíchóiriú tionsclaíoch’ leibhéal ríofa na táirgeachta atá ag táirgeoir amháin a aistriú ina hiomláine chuig táirgeoir eile, nó cuid den táirgeacht sin a aistriú chuig táirgeoir eile, cibé acu idir Páirtithe nó laistigh de Bhallstát, chun barrfheabhsú a chur ar éifeachtúlacht eacnamaíoch nó chun gníomh a dhéanamh i ndáil le heasnaimh sa soláthar a bhfuil coinne leo de dheasca gléasraí a dhúnadh;

18.

ciallaíonn ‘allmhairiú’ teacht isteach substaintí, táirgí agus trealaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo isteach i gcríoch chustaim an Chomhphobail a mhéid atá an chríoch cumhdaithe le daingniú an Phrótacail ag Ballstát agus a mhéid atá feidhm ag an Rialachán seo;

19.

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ dul amach as críoch chustaim an Chomhphobail, a mhéid atá an chríoch cumhdaithe le daingniú an Phrótacail ag Ballstát agus leis an Rialachán seo, i gcás substaintí, táirgí agus trealaimh atá cumhdaithe leis an Rialachán seo agus a bhfuil stádas earraí Comhphobail acu nó athonmhairiú substaintí, táirgí agus trealaimh atá cumhdaithe leis an Rialachán seo má tá stádas earraí neamh-Chomhphobail acu;

20.

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ nithe a sholáthar nó a chur ar fáil do thríú pearsana laistigh den Chomhphobal, ar íocaíocht nó saor in aisce, agus folaíonn sé scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008. I ndáil le táirgí agus trealamh atá mar chuid de mhaoin dhochorraithe nó mar chuid de mhodh iompair, ní bhaineann sé seo ach le soláthar nó cur ar fáil laistigh den Chomhphobal den chéad uair;

21.

ciallaíonn ‘úsáid’ substaintí rialaithe nó substaintí nua a úsáid le linn táirgí nó trealamh a tháirgeadh, a chothabháil nó a sheirbhísiú, lena n-áirítear táirgí nó trealamh a athlíonadh, nó le linn próiseas eile;

22.

ciallaíonn ‘teaschaidéal’ fearas nó suiteáil lena mbaintear teas as aer, as uisce nó as an talamh ag teocht íseal, agus lena soláthraítear teas;

23.

ciallaíonn ‘aisghabháil’ substaintí rialaithe a bhailiú agus a stóráil, ar substaintí iad a thagann ó tháirgí agus ó threalamh nó ó choimeádáin le linn iad a chothabháil nó a sheirbhísiú nó sula ndiúscraítear iad;

24.

ciallaíonn ‘athchúrsáil’ substaint rialaithe aisghabháilte a athúsáid tar éis próisis glanta bhunúsaigh;

25.

ciallaíonn ‘mínghlanadh’ substaint rialaithe aisghabháilte a athphróiseáil chun feidmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht substainte íne a bhaint amach, agus an úsáid a bheartaítear di á cur san áireamh;

26.

ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach:

(a)

a tháirgeann, a aisghabhann, a athchúrsálann, a mhínghlanann nó a dhíothaíonn substaintí rialaithe nó substaintí nua;

(b)

a allmhairíonn substaintí den sórt sin;

(c)

a onnmhairíonn substaintí den sórt sin;

(d)

a chuireann substaintí den sórt sin ar an margadh, nó

(e)

a oibríonn trealamh cuisniúcháin, aeroiriúnaithe nó teaschaidéil, nó córais chosanta dóiteáin, ina bhfuil substaintí rialaithe;

27.

ciallaíonn ‘feidhmeanna coraintín’ cóireálacha chun cosc a chur ar thabhairt isteach, ar bhunú nó ar leathadh lotnaidí coraintín (lena n-áirítear galair), nó chun rialú oifigiúil na nithe sin a áirithiú, más rud é:

gurb ionann rialú oifigiúil agus rialú oifigiúil arna dhéanamh, nó arna údarú, ag údarás náisiúnta cosanta plandaí, ainmhithe nó comhshaoil nó ag údarás náisiúnta sláinte,

gurb é atá i lotnaidí coraintín ná lotnaidí a d’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu ar na limistéir atá i mbaol i ngeall orthu agus nach bhfuil i láthair sna limistéir sin fós, nó atá i láthair iontu ach gan a bheith scaipthe go forleathan iontu, agus atá á rialú go hoifigiúil.

28.

ciallaíonn ‘feidhmeanna réamhloingsithe’ na feidhmeanna neamhchoraintín sin arna gcur i bhfeidhm tráth nach luaithe ná 21 lá roimh onnmhairiú chun ceanglais oifigiúla na tíre allmhairithe nó ceanglais oifigiúla na tíre onnmhairithe a bhí ann roimh an 7 Nollaig 1995 a chomhlíonadh. Is ionann ceanglais oifigiúla agus ceanglais arna gcomhlíonadh nó arna n-údarú ag údarás náisiúnta plandaí, ainmhithe, comhshaoil, sláinte nó táirgí stóráilte;

29.

ciallaíonn ‘táirgí agus trealamh atá ag brath ar shubstaintí rialaithe’ táirgí agus trealamh nach bhfeidhmíonn gan substaintí rialaithe, gan na táirgí agus an trealamh sin a áireamh a úsáidtear chun substaintí rialaithe a tháirgeadh, a phróiseáil, a aisghabháil, a athchúrsáil, a mhínghlanadh nó a dhíothú,

30.

ciallaíonn ‘substaintí íona’ substaintí nár úsáideadh roimhe sin,

31.

ciallaíonn ‘táirgí agus trealamh’ na táirgí agus an trealamh go léir cé is moite de choimeádáin a úsáidtear chun substaintí rialaithe a iompar nó a stóráil.

CAIBIDIL II

TOIRMISC

Airteagal 4

Substaintí rialaithe a tháirgeadh

Toirmiscfear substaintí rialaithe a tháirgeadh.

Airteagal 5

Substaintí rialaithe a chur ar an margadh agus a úsáid

1.   Toirmiscfear substaintí rialaithe a chur ar an margadh agus a úsáid.

2.   Ní chuirfear substaintí rialaithe ar an margadh i gcoimeádáin neamh-inathlíonta, seachas i gcomhair úsáidí saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2).

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le substaintí rialaithe atá i dtáirgí agus i dtrealamh.

Airteagal 6

Táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a chur ar an margadh

1.   Toirmiscfear táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a chur ar an margadh, cé is moite de tháirgí agus trealamh ar ina leith a údaraítear úsáid na substainte rialaithe faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11(2), nó le hAirteagal 13 nó a údaraíodh an úsáid sin ar bhonn Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000.

2.   Cé is moite de na húsáidí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), déanfar córais chosanta dóiteáin agus múchtóirí dóiteáin a bhfuil halóin iontu a thoirmeasc agus déanfar iad a dhíchoimisiúnú.

CAIBIDIL III

DÍOLÚINTÍ AGUS MAOLUITHE

Airteagal 7

Substaintí rialaithe a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhunábhar

1.   De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 5, féadfar substaintí rialaithe a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhunábhar.

2.   Ní fhéadfar substaintí rialaithe arna dtáirgeadh nó arna gcur ar an margadh mar bhunábhar a úsáid ach chun na críche sin amháin. Amhail ón 1 Iúil 2010, déanfar coimeádáin ina bhfuil substaintí den sórt sin a lipéadú ar bhealach ina dtugtar léiriú soiléir á rá nach bhféadfar an tsubstaint a úsáid ach amháin mar bhunábhar. I gcás ina gceanglaítear na substaintí sin a lipéadú i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE, le Treoir 1999/45/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áireofar an léiriú sin ar an lipéad dá dtagraítear sna Treoracha sin nó ar an gcuid sin den lipéad le haghaidh faisnéise forlíontaí dá dtagraítear in Airteagal 25(3) den Rialachán sin.

Féadfaidh an Coimisiún foirm agus inneachar an lipéid atá le húsáid a chinneadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 8

Substaintí rialaithe a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid mar oibreáin phróisis

1.   De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 5, féadfar substaintí rialaithe a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid mar oibreáin phróisis.

2.   Ní fhéadfar substaintí rialaithe a úsáid mar oibreáin phróisis ach amháin i suiteálacha a bhí ann ar an 1 Meán Fómhair 1997, agus i gcás ina bhfuil leibhéal fíoríseal astaíochtaí i gceist.

3.   Ní fhéadfar substaintí rialaithe arna dtáirgeadh nó arna gcur ar an margadh mar oibreáin phróisis a úsáid ach chun na críche sin amháin. Amhail ón 1 Iúil 2010, déanfar coimeádáin ina bhfuil substaintí den sórt sin a lipéadú ar bhealach ina dtugtar léiriú soiléir á rá nach bhféadfar na substaintí sin a úsáid ach amháin mar oibreáin phróisis. I gcás ina gceanglaítear na substaintí sin a lipéadú i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE, le Treoir 1999/45/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áireofar an léiriú sin ar an lipéad dá dtagraítear sna Treoracha sin nó ar an gcuid sin den lipéad le haghaidh faisnéise forlíontaí dá dtagraítear in Airteagal 25(3) den Rialachán sin.

Féadfaidh an Coimisiún foirm agus inneachar an lipéid atá le húsáid a chinneadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

4.   Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), liosta gnóthas a bhunú inar ceadmhach substaintí rialaithe a úsáid mar oibreáin phróisis, agus leagfar síos na cainníochtaí uasta a fhéadfar a úsáid le haghaidh comhdhéanaimh nó le haghaidh úsáide mar oibreáin phróisis agus leagfar síos na leibhéil astaíochta i gcás gach ceann de na gnóthais lena mbaineann.

Ní rachaidh an t-uasmhéid substaintí rialaithe a fhéadfar a úsáid mar oibreáin phróisis laistigh den Chomhphobal thar 1 083 thona mhéadracha in aghaidh na bliana.

Ní rachaidh an t-uasmhéid substaintí rialaithe a fhéadfar a astú as úsáidí oibreán próisis laistigh den Chomhphobal thar 17 dtona mhéadracha in aghaidh na bliana.

5.   I bhfianaise faisnéise nua nó forbairtí teicniúla, nó cinntí arna ndéanamh ag na Páirtithe, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí:

(a)

Iarscríbhinn III a leasú;

(b)

an t-uasmhéid substaintí rialaithe a fhéadfar a úsáid mar oibreáin phróisis nó a astú as úsáidí oibreán próisis dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de mhír 4 a leasú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 9

Substaintí rialaithe a chur ar an margadh lena ndíothú nó lena mínghlanadh, agus táirgí nó trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a chur ar an margadh lena ndíothú

De mhaolú ar Airteagal 5 agus agus ar Airteagal 6, féadfar substaintí rialaithe agus táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a chur ar an margadh lena ndíothú laistigh den Chomhphobal i gcomhréir leis na ceanglais maidir le díothú dá dtagraítear in Airteagal 22 (1). Ina theannta sin, féadfar substaintí rialaithe a chur ar an margadh lena mínghlanadh laistigh den Chomhphobal.

Airteagal 10

Úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse le haghaidh substaintí rialaithe seachas hidreaclórafluaracarbóin

1.   De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 5, féadfar substaintí rialaithe seachas hidreaclórafluaracarbóin a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, ach sin faoi réir clárúcháin agus ceadúnúcháin i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), aon úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse dá bhféadfar táirgeadh agus allmhairiú substaintí rialaithe seachas hidreaclórafluaracarbóin a cheadú sa Chomhphobal, na cainníochtaí faoi seach, an tréimhse a mbeidh an díolúine bailí lena linn agus na húsáideoirí sin a fhéadfaidh leas a bhaint as na húsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse sin a chinneadh.

3.   Ní fhéadfar substaintí rialaithe arna dtáirgeadh nó arna gcur ar an margadh le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse a úsáid ach chun na críche sin amháin. Amhail ón 1 Iúil 2010, déanfar coimeádáin ina bhfuil substaintí den sórt sin a lipéadú ar bhealach ina dtugtar léiriú soiléir á rá nach bhféadfar an tsubstaint a úsáid ach amháin le haghaidh úsáide saotharlainne agus anailíse. I gcás ina gceanglaítear na substaintí sin a lipéadú i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE, le Treoir 1999/45/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áireofar an léiriú sin ar an lipéad dá dtagraítear sna Treoracha sin nó ar an gcuid sin den lipéad le haghaidh faisnéise forlíontaí dá dtagraítear in Airteagal 25(3) den Rialachán sin.

Féadfaidh an Coimisiún foirm agus inneachar an lipéid atá le húsáid a chinneadh. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Ní dhéanfar substaintí rialaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar an margadh nó a dháileadh tuilleadh ach amháin faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn V. Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn sin a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

4.   Aon ghnóthas a úsáidfidh substaintí rialaithe seachas hidreaclórafluaracarbóin le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, cláróidh sé leis an gCoimisiún agus tabharfaidh sé léiriú i dtaobh cé na substaintí atá á n-úsáid agus i dtaobh cad é cuspóir na substaintí sin, cad é an méid measta bliantúil de na substaintí sin a úsáidtear agus cé hiad soláthróirí na substaintí sin, agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a uasdátú má thagann aon athruithe uirthi.

5.   Faoin dáta arna shonrú i bhfógra arna eisiúint ag an gCoimisiún, déanfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a thugann soláthairtí don ghnóthas dá dtagraítear i mír 4 nó a úsáideann substaintí rialaithe as a stuaim féin dearbhú a thabhairt don Choimisiún maidir leis an éileamh a bhfuil súil leis sa tréimhse arna sonrú san fhógra agus sonróidh siad cineál agus cainníochtaí na substaintí rialaithe atá ag teastáil.

6.   Eiseoidh an Coimisiún ceadúnais chuig táirgeoirí agus chuig allmhaireoirí substaintí rialaithe, seachas hidreaclórafluaracarbóin, ar substaintí iad a tháirgtear nó a allmhairítear le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse agus tabharfaidh sé fógra dóibh faoin úsáid a bhfuil údarú acu ina leith agus faoi na substaintí agus na cainníochtaí de na substaintí sin a n-údaraítear dóibh iad a chur ar an margadh nó a úsáid as a stuaim féin. Ní rachaidh an chainníocht a údaraítear in aghaidh na bliana faoi cheadúnais i leith táirgeoirí agus allmhaireoirí aonair thar 130 % de mheán bliantúil leibhéal ríofa na substaintí rialaithe a cheadúnaítear i leith an táirgeora nó an allmhaireora le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse le linn na mblianta 2007 go 2009.

Ní rachaidh an méid iomlán a údaraítear in aghaidh na bliana faoi cheadúnais, lena n-áirítear ceadúnais le haghaidh hidreaclórafluaracarbón faoi Airteagal 11(2), thar 110 dtona ODP. Féadfar na cainníochtaí a bheidh fágtha a leithdháileadh ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí nár chuir substaintí rialaithe ar an margadh ná nár úsáid iad as a stuaim féin le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse sna blianta 2007 go 2009.

Cinnfidh an Coimisiún sásra chun cuótaí a leithdháileadh ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

7.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha táirgeora suite a údarú don táirgeoir sin na substaintí rialaithe dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh chun na hiarrataí arna gceadúnú i gcomhréir le mír 6 a chomhlíonadh.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann in iúl don Choimisiún roimh ré go bhfuil sé ar intinn aige aon údarú den sórt sin a eisiúint.

8.   A mhéid a cheadaítear leis an bPrótacal, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha táirgeora suite a údarú don táirgeoir sin na leibhéil ríofa táirgeachta, atá leagtha síos i mír 6, a tháirgeadh nó dul thar na leibhéil sin chun freastal ar aon úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse atá ag Páirtithe, má iarrann siad amhlaidh.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann in iúl don Choimisiún roimh ré go bhfuil sé ar intinn aige aon údarú den sórt sin a eisiúint.

Airteagal 11

Hidreaclórafluaracarbóin a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid agus táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin nó atá ag brath ar hidreaclórafluaracarbóin a chur ar an margadh

1.   De mhaolú ar Airteagal 4, féadfar hidreaclórafluaracarbóin a tháirgeadh ar choinníoll go n-áiritheoidh gach táirgeoir an méid seo a leanas:

(a)

nach rachaidh leibhéal ríofa a tháirgeachta hidreaclórafluaracarbón sa tréimhse ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 31 Nollaig 2010 agus i ngach tréimhse 12 mhí dá éis sin go dtí an 31 Nollaig 2013 thar 35 % de leibhéal ríofa a tháirgeachta hidreaclórafluaracarbón sa bhliain 1997;

(b)

nach rachaidh leibhéal ríofa a tháirgeachta hidreaclórafluaracarbón sa tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014 agus i ngach tréimhse 12 mhí dá éis sin go dtí an 31 Nollaig 2016 thar 14 % de leibhéal ríofa a tháirgeachta hidreaclórafluaracarbón sa bhliain 1997;

(c)

nach rachaidh leibhéal ríofa a tháirgeachta hidreaclórafluaracarbón sa tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017 agus i ngach tréimhse 12 mhí dá éis sin go dtí an 31 Nollaig 2019 thar 7 % de leibhéal ríofa a tháirgeachta hidreaclórafluaracarbón sa bhliain 1997;

(d)

nach dtáirgfidh sé hidreaclórafluaracarbón ar bith tar éis an 31 Nollaig 2019.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 5(1), féadfar hidreaclórafluaracarbóin a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10(3) go (7).

3.   De mhaolú ar Airteagal 5, go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfar hidreaclórafluaracarbóin mhínghlanta a chur ar an margadh agus a úsáid chun trealamh cuisniúcháin agus aeroiriúnaithe agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll go ndéantar an coimeádán a lipéadú le léiriú á rá gur substaint mhínghlanta atá ann mar aon le faisnéis ar an mbaiscuimhir agus ainm agus seoladh na saoráide mínghlanta.

4.   Go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfar hidreaclórafluaracarbóin athchúrsáilte a úsáid chun trealamh cuisniúcháin, aeroiriúnaithe agus teaschaidéil atá ann cheana a chothabháil nó a sheirbhísiú, ar choinníoll gurbh é an gnóthas a rinne an aisghabháil mar chuid de chothabháil agus de sheirbhísiú, agus an gnóthas sin amháin, a d’aisghabh as an trealamh sin iad, nó gurbh é an gnóthas a ndearnadh an aisghabháil thar a cheann mar chuid de chothabháil nó de sheirbhísiú, agus an gnóthas sin amháin, a d’aisghabh as an trealamh sin iad.

5.   De mhaolú ar Airteagal 5, go dtí an 31 Nollaig 2019, féadfar hidreaclórafluaracarbóin a chur ar an margadh lena n-athphacáistiú agus lena n-onnmhairiú dá éis sin. Maidir le haon ghnóthas a athphacáistíonn agus a onnmhairíonn hidreaclórafluaracarbóin dá éis sin, cláróidh sé leis an gCoimisiún agus léireoidh sé na substaintí rialaithe, an t-éileamh measta bliantúil a bheidh orthu agus soláthróirí na substaintí sin, agus déanfaidh sé an fhaisnéis a uasdátú má thagann aon athruithe uirthi.

6.   I gcás ina n-úsáidtear hidreaclórafluaracarbóin mhínghlanta nó athchúrsáilte chun críche cothabhála nó seirbhísithe, déanfar an trealamh cuisniúcháin, aeroiriúnaithe agus teaschaidéil lena mbaineann a lipéadú le léiriú á rá cén cineál substainte atá ann agus cén chainníocht den tsubstaint atá sa trealamh, agus ina luaitear na heilimintí lipéid atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le substaintí nó meascáin atá aicmithe mar Ghuaiseach don Chiseal Ózóin.

7.   Aon ghnóthais a oibríonn an trealamh dá dtagraítear i mír 4 agus ina bhfuil lucht sreabháin 3 kg nó níos mó, coimeádfaidh siad taifead ar an gcainníocht den tsubstaint agus ar an gcineál substainte arna haisghabháil agus arna cur isteach, agus ar an gcuideachta nó ar an teicneoir a rinne an chothabháil nó an seirbhísiú.

Aon ghnóthais a úsáideann hidreaclórafluaracarbóin mhínghlanta nó athchúrsáilte chun críche cothabhála nó seirbhísithe, coimeádfaidh siad taifead ar na gnóthais a sholáthair na hidreaclórafluaracarbóin mhínghlanta agus ar fhoinse na hidreaclórafluaracarbón athchúrsáilte.

8.   De mhaolú ar Airteagal 5 agus ar Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún, tar éis iarraidh a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), díolúine a mbeidh teorainn ama ag gabháil léi a údarú chun gur ceadmhach hidreaclórafluaracarbóin agus táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin nó atá ag brath ar hidreaclórafluaracarbóin a úsáid agus a chur ar an margadh más rud é go dtaispeántar, le haghaidh úsáide ar leith, nach bhfuil substaintí ná teicneolaíochtaí eile atá inúsáidte go heacnamaíoch nó go teicniúil ar fáil nó nach féidir úsáid a bhaint astu.

Ní fhéadfar an díolúine seo a údarú i ndáil le tréimhse a théann thar an 31 Nollaig 2019.

Airteagal 12

Feidhmeanna coraintín agus réamhloingsithe agus úsáidí éigeandála bróimíde meitile

1.   De mhaolú ar Airteagal 5(1), go dtí an 18 Márta 2010, féadfar bróimíd mheitile a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh feidhmeanna coraintín agus le haghaidh feidhmeanna réamhloingsithe chun earraí atá le honnmhairiú a chóireáil ar choinníoll go gceadaítear bróimíd mheitile a chur ar an margadh agus a úsáid faoin reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Treoir 91/414/CEE agus Treoir 98/8/CE.

Ní fhéadfar bróimíd mheitile a úsáid ach amháin ar láithreáin arna bhformheas ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus, má tá sé indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, faoi réir an choinníll go ndéanfar 80 % ar a laghad den bhróimíd mheitile a scaoilfear as an gcoinsíneacht a aisghabháil.

2.   Maidir leis an leibhéal ríofa bróimíde meitile a chuirfidh gnóthais ar an margadh nó a úsáidfidh siad as a stuaim féin sa tréimhse ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 18 Márta 2010, ní rachaidh sé thar 45 thona ODP.

Áiritheoidh gach gnóthas nach rachaidh an leibhéal ríofa bróimíde meitile a chuirfidh sé ar an margadh nó a úsáidfidh sé as a stuaim féin le haghaidh feidhmeanna coraintín agus réamhloingsithe thar 21 % de mheán leibhéal ríofa na bróimíde meitile a chuir sé ar an margadh nó a d’úsáid sé as a stuaim féin le haghaidh coraintín agus réamhloingsithe sna blianta 2005 go 2008.

3.   I gcás éigeandála, más gá é i ngeall ar ráigeanna lotnaidí nó galar áirithe gan choinne, féadfaidh an Coimisiún a údarú, ar iarraidh a fháil ó Bhallstát, go ndéanfar bróimíd mheitile a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a úsáid go sealadach, ar choinníoll go gceadaítear, faoi Threoir 91/414/CEE agus faoi Threoir 98/8/CE faoi seach, bróimíd mheitile a chur ar an margadh agus a úsáid.

Beidh feidhm ag an údarú sin ar feadh tréimhse nach faide ná 120 lá agus maidir le cainníocht nach mó ná 20 tona méadrach, agus sonrófar ann na bearta atá le déanamh chun astaíochtaí a laghdú le linn na húsáide.

Airteagal 13

Úsáidí criticiúla halón agus trealamh ina bhfuil halóin a dhíchoimisiúnú

1.   De mhaolú ar Airteagal 5(1), féadfar halóin a chur ar an margadh agus a úsáid le haghaidh na n-úsáidí criticiúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Is iad na gnóthais atá údaraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun halóin a stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla, agus na gnóthais sin amháin, a fhéadfaidh halóin a chur ar an margadh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn VI a athbhreithniú agus, más iomchuí, modhnuithe agus amscálaí a ghlacadh chun úsáidí criticiúla a chéimniú amach trí bhíthin scoithdhátaí maidir le feidhmeanna nua agus dátaí deiridh maidir le feidhmeanna atá ann cheana a shainiú, agus infhaighteacht roghanna eile nó teicneolaíochtaí atá inúsáidte go teicniúil agus go heacnamaíoch araon, agus atá inghlactha ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de, á cur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.   Déanfar córais chosanta dóiteáin agus múchtóirí dóiteáin ina bhfuil halóin, arna n-úsáid sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, a dhíchoimisiúnú faoi na dátaí deiridh atá le sonrú in Iarscríbhinn VI.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil ó údarás inniúil Ballstáit agus i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), maoluithe ar na dátaí deiridh maidir le feidhmeanna atá ann cheana nó ar na scoithdhátaí maidir le feidhmeanna nua a dheonú, ar choinníoll go bhfuil na dátaí sin arna sonrú in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le mír 2, i dtaca le cásanna sonracha a dtaispeántar ina leith nach bhfuil aon rogha eile ar fáil atá inúsáidte go teicniúil agus go heacnamaíoch.

Airteagal 14

Cearta a aistriú agus cuíchóiriú tionsclaíoch

1.   Aon táirgeoir nó allmhaireoir atá i dteideal substaintí rialaithe a chur ar an margadh nó iad a úsáid as a stuaim féin, féadfaidh sé, i leith na substaintí go léir nó i leith aon chainníochtaí den ghrúpa substaintí ar leith, arna socrú i gcomhréir leis an Airteagal seo, an ceart sin a aistriú chuig aon táirgeoir nó allmhaireoir eile a tháirgeann nó a allmhairíonn an grúpa sin substaintí laistigh den Chomhphobal. Déanfar aon aistriú den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún roimh ré. Ní intuigthe as aistriú an chirt chun substaintí a chur ar an margadh nó a úsáid an ceart breise chun substaintí a tháirgeadh nó a allmhairiú.

2.   A mhéid a cheadaítear leis an bPrótacal, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha táirgeora suite a údarú don táirgeoir sin dul thar na leibhéil ríofa táirgeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2) chun críche cuíchóirithe thionsclaíoch laistigh den Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach rachaidh leibhéil ríofa táirgeachta an Bhallstáit sin thar shuim iomlán leibhéil ríofa táirgeachta a chuid táirgeoirí intíre, mar atá leagtha síos in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2), i gcás na dtréimhsí i dtrácht. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit i gceist in iúl don Choimisiún roimh ré go bhfuil sé de rún aige aon údarú den sórt sin a eisiúint.

3.   A mhéid a cheadaítear leis an bPrótacal, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha táirgeora suite, a údarú don táirgeoir sin dul thar na leibhéil ríofa táirgeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2) chun críche cuíchóirithe thionsclaíoch idir Ballstáit, ar choinníoll nach rachaidh leibhéil ríofa táirgeachta na mBallstát lena mbaineann thar shuim iomlán leibhéil ríofa táirgeachta a gcuid táirgeoirí intíre, mar atá leagtha síos in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2), i gcás na dtréimhsí i dtrácht. Beidh gá, freisin, le comhaontú ó údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeartaítear an táirgeacht a laghdú.

4.   A mhéid a cheadaítear leis an bPrótacal, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil táirgeacht ábhartha táirgeora agus le rialtas an Pháirtí tríú tír lena mbaineann, a údarú do tháirgeoir na leibhéil ríofa táirgeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2) a chónascadh leis na leibhéil ríofa táirgeachta a cheadaítear do tháirgeoir Páirtí tríú tír faoin bPrótacal agus faoi reachtaíocht náisiúnta an táirgeora sin chun críche cuíchóirithe thionsclaíoch le Páirtí tríú tír, ar choinníoll nach rachaidh leibhéil ríofa táirgeachta an dá tháirgeoir sin thar shuim iomlán na leibhéal ríofa táirgeachta a cheadaítear don táirgeoir Comhphobail faoi Airteagal 10 agus faoi Airteagal 11(2) agus na leibhéal ríofa táirgeachta a cheadaítear don táirgeoir Páirtí tríú tír faoin bPrótacal agus faoi aon reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

CAIBIDIL IV

TRÁDÁIL

Airteagal 15

Substaintí rialaithe nó táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a allmhairiú

1.   Toirmiscfear allmhairiú substaintí rialaithe nó táirgí agus trealaimh, seachas giuirléidí pearsanta, ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir le hallmhairiú na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí rialaithe atá le húsáid le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2);

(b)

substaintí rialaithe atá le húsáid mar bhunábhar;

(c)

substaintí rialaithe atá le húsáid mar oibreáin phróisis;

(d)

substaintí rialaithe atá le díothú trí na teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2);

(e)

go dtí an 31 Nollaig 2019, hidreaclórafluaracarbóin atá le hathphacáistiú agus atá le hathonnmhairiú ina dhiaidh sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig sa bhliain féilire dá éis sin chuig Páirtí nach bhfuil úsáid ná allmhairiú na hidreaclórafluaracarbón sin toirmiscthe ann;

(f)

bróimíd mheitile le haghaidh úsáidí éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 12(3) nó, go dtí an 31 Nollaig 2014, bróimíd mheitile atá le hathphacáistiú agus le hathonnmhairiú dá éis sin le haghaidh feidhmeanna coraintín agus réamhloingsithe, ar choinníoll go ndéantar an t-athonnmhairiú i rith bhliain an allmhairithe;

(g)

halóin aisghabháilte, athchúrsáilte nó mhínghlanta, faoin gcoinníoll nach n-allmhairítear iad ach le haghaidh na n-úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(1), agus gur gnóthais arna n-údarú ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann chun halóin a stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla, agus na gnóthais sin amháin, a dhéanann an t-allmhairiú;

(h)

táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe lena ndíothú le teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2), nuair is infheidhme sin;

(i)

táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe chun na húsáidí saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11(2) a shásamh;

(j)

táirgí agus trealamh ina bhfuil halón nó atá ag brath ar halón chun na húsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a shásamh;

(k)

táirgí agus trealamh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin a bhfuil údarú tugtha ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 11(5), lena gcur ar an margadh.

3.   Maidir leis an allmhairiú dá dtagraítear i mír 2, seachas allmhairiú le haghaidh idirthurais trí chríoch chustaim an Chomhphobail nó allmhairiú a thagann faoi réim an nós imeachta i ndáil le stóráil shealadach, stórasú custaim nó saorchrios dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, ar choinníoll nach bhfanann siad i gcríoch chustaim an Chomhphobail ar feadh tréimhse is faide ná 45 lá agus nach dtíolactar iad dá éis sin lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, ná nach ndíothaítear ná nach bpróiseáiltear iad, beidh siad faoi réir ceadúnas allmhairithe a thíolacadh. Eiseoidh an Coimisiún na ceadúnais sin tar éis comhlíonadh Airteagal 16 agus Airteagal 20 a fhíorú.

Airteagal 16

Substaintí rialaithe allmhairithe a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal

1.   Beidh scaoileadh substaintí rialaithe allmhairithe le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal faoi réir teorainneacha cainníochtúla. Cinnfidh an Coimisiún na teorainneacha sin agus leithdháilfidh sé cuótaí ar ghnóthais i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2010 agus i gcomhair gach tréimhse 12 mhí dá éis sin i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Ní dhéanfar na cuótaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leithdháileadh ach amháin i gcás na substaintí seo a leanas:

(a)

substaintí rialaithe, má úsáidtear iad le haghaidh na n-úsáidí saotharlainne agus anailíse nó le haghaidh na n-úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 11(2) agus in Airteagal 13,

(b)

substaintí rialaithe, má úsáidtear iad mar bhunábhar,

(c)

substaintí rialaithe má úsáidtear iad mar oibreáin phróisis.

2.   Faoin dáta arna shonrú i bhfógra arna eisiúint ag an gCoimisiún, déanfaidh allmhaireoirí substaintí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 dhearbhú a thabhairt don Choimisiún maidir leis an éileamh measta, agus sonróidh siad cineál agus cainníochtaí na substaintí rialaithe atá ag teastáil. Ar bhonn na ndearbhuithe sin, bunóidh an Coimisiún teorainneacha cainníochtúla le haghaidh allmhairiú na substaintí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1.

Airteagal 17

Substaintí rialaithe nó táirgí agus trealaimh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a onnmhairiú

1.   Toirmiscfear onnmhairiú substaintí rialaithe nó táirgí agus trealaimh, seachas giuirléidí pearsanta, ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir le honnmhairiú na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí rialaithe atá le húsáid chun úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 10 a shásamh;

(b)

substaintí rialaithe atá le húsáid mar bhunábhar;

(c)

substaintí rialaithe atá le húsáid mar oibreáin phróisis;

(d)

táirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe arna dtáirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) nó arna n-allmhairiú faoi phointe (h) nó faoi phointe (i) d’Airteagal 15(2);

(e)

halóin aisghabháilte, athchúrsáilte nó mhínghlanta arna stóráil le haghaidh úsáidí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(1) ag gnóthais arna n-údarú ag údarás inniúil Ballstáit agus táirgí agus trealamh ina bhfuil halón nó atá ag brath ar halón chun úsáidí criticiúla a shásamh;

(f)

hidreaclórafluaracarbóin íona nó mhínghlanta i gcomhair úsáidí seachas díothú;

(g)

go dtí an 31 Nollaig 2014, bróimíd mheitile arna hathonnmhairiú le haghaidh feidhmeanna coraintín agus réamhloingsithe;

(h)

análóirí dáileoige méadraithe arna monarú le clórafluaracarbón a bhfuil a úsáid údaraithe ar bhonn Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin a údarú i gcás ina dtaispeántar, i bhfianaise luach eacnamaíoch an earra áirithe agus an méid dá shaolré atá fágtha, go gcuirfeadh toirmeasc ar onnmhairiú ualach díréireach ar an onnmhaireoir. Maidir le honnmhairiú den sórt sin, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt roimh ré don tír is allmhaireoir.

4.   Beidh an t-onnmhairiú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 faoi réir ceadúnúcháin, seachas maidir le hathonnmhairiú tar éis idirthurais trí chríoch chustaim an Chomhphobail, stóráil shealadach, stórasú custaim nó nós imeachta saorchreasa, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, ar choinníoll go dtarlaíonn an t-athonnmhairiú tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis an allmhairithe. Déanfaidh an Coimisiún an ceadúnas onnmhairithe sin a eisiúint chuig gnóthais tar éis comhlíonadh Airteagal 20 a fhíorú.

Airteagal 18

Allmhairiú agus onnmhairiú a cheadúnú

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas ceadúnúcháin leictreonach a chur ar bun agus a oibriú agus déanfaidh sé cinneadh maidir le hiarratais ar cheadúnais laistigh de 30 lá tar éis na hiarratais a fháil.

2.   Is tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfar iarratais ar cheadúnais dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 17. Sula ndéantar iarratas ar cheadúnas a chur isteach, cláróidh gnóthais leis an gcóras sin.

3.   Luafar an méid seo a leanas in aon iarratas ar cheadúnas:

(a)

ainm agus seoladh an allmhaireora agus an onnmhaireora;

(b)

an tír is allmhaireoir agus an tír is onnmhaireoir;

(c)

maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú substaintí rialaithe, tuairisc ar gach substaint rialaithe, lena n-áirítear:

(i)

an tuairisc thráchtála;

(ii)

an tuairisc agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV;

(iii)

an bhfuil an tsubstaint íon, aisghabháilte nó athchúrsáilte;

(iv)

cainníocht na substainte i gcileagraim mhéadracha;

(v)

i gcás halón, dearbhú á rá go bhfuil siad le hallmhairiú nó le honnmhairiú chun úsáid chriticiúil dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a shásamh, agus sonrófar cén úsáid atá i gceist.

(d)

maidir le hallmhairiú nó le honnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe:

(i)

saghas agus cineál na dtáirgí agus an trealaimh;

(ii)

i gcás nithe inchomhairthe, líon na n-aonad, tuairisc agus cainníocht gach substainte rialaithe, in aghaidh an aonaid agus i gcileagraim mhéadracha;

(iii)

i gcás nithe neamh-inchomhairthe, cainníocht iomlán an táirge, tuairisc agus glanchainníocht iomlán gach substainte rialaithe, i gcileagraim mhéadracha;

(iv)

an tír/na tíortha arb í/iad ceann scríbe deiridh na dtáirgí agus an trealaimh í/iad;

(v)

an bhfuil an tsubstaint rialaithe íon, athchúrsáilte, aisghabháilte nó mínghlanta;

(vi)

maidir le hallmhairiú nó le honnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil halón nó atá ag brath ar halón, dearbhú á rá go bhfuil siad le hallmhairiú nó le honnmhairiú chun úsáid chriticiúil dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a shásamh, agus sonrófar cén úsáid atá i gceist;

(vii)

i gcás táirgí agus trealaimh ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin nó atá ag brath ar hidreaclórafluaracarbóin, an tagairt d’údarú an Choimisiúin, dá dtagraítear in Airteagal 17(3);

(viii)

cód Ainmníochta Comhcheangailte an táirge nó an trealaimh atá le hallmhairiú nó le honnmhairiú.

(e)

cuspóir an allmhairithe atá beartaithe lena n-áirítear an chóireáil chustaim agus an úsáid atá beartaithe agus, nuair is iomchuí, sonrófar an nós imeachta custaim a bheartaítear a úsáid;

(f)

áit agus dáta ionchasach an allmhairithe agus an onnmhairithe atá molta;

(g)

an oifig custaim ina ndearbhófar na hearraí;

(h)

maidir le hallmhairiú substaintí rialaithe nó táirgí agus trealaimh lena ndíothú, ainm agus seoladh na saoráide ina ndíothófar iad;

(i)

aon fhaisnéis eile a mheasfaidh údarás inniúil Ballstáit gá a bheith léi.

4.   Cuirfidh gach allmhaireoir nó onnmhaireoir an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann le linn thréimhse bhailíochta an cheadúnais maidir leis na sonraí a chuirtear in iúl faoi mhír 3.

5.   Féadfaidh an Coimisiún deimhniú a éileamh ina bhfianófar cineál nó comhdhéanamh na substaintí atá le hallmhairiú nó le honnmhairiú, agus féadfaidh sé cóip den cheadúnas arna eisiúint ag an tír a ndéantar an t-allmhairiú uaithi nó a ndéantar an t-onnmhairiú chuici a iarraidh.

6.   I gcásanna sonracha, féadfaidh an Coimisiún na sonraí arna gcur isteach a chomhroinnt, a mhéid is gá, le húdaráis inniúla na bPáirtithe lena mbaineann, agus féadfaidh sé diúltú don iarratas ar cheadúnas más rud é nach gcomhlíontar aon cheann áirithe de na hoibleagáidí ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, nó féadfaidh sé diúltú amhlaidh ar na forais seo a leanas:

(a)

i gcás ceadúnais allmhairithe, más rud é, maidir leis an onnmhaireoir, go suitear, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag údaráis inniúla na tíre lena mbaineann, gur gnóthas é nach bhfuil údarú aige chun trádáil a dhéanamh sa tsubstaint áirithe sa tír sin,

(b)

i gcás ceadúnais onnmhairithe, más rud é go mbeidh údaráis inniúla na tíre is allmhaireoir tar éis a chur in iúl don Choimisiún gur thrádáil neamhdhleathach a bheadh in allmhairiú na substainte rialaithe, nó go mbeadh tionchar diúltach aige ar chur chun feidhme beart rialaithe de chuid na tíre is allmhaireoir, ar bearta iad atá ann ionas go gcomhlíonfar a hoibleagáidí faoin bPrótacal, nó gurbh é a leanfadh as ná farasbarr sna teorainneacha cainníochtúla atá leagtha síos i leith na tíre sin faoin bPrótacal.

7.   Cuirfidh an Coimisiún cóip de gach aon cheadúnas ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, an t-iarratasóir agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas maidir le haon iarratas ar cheadúnas ar diúltaíodh dó de bhun fhorálacha mhír 6, agus sonróidh sé an chúis leis an diúltú.

9.   Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-ítimí a luaitear i mír 3 agus in Iarscríbhinn IV a leasú. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 19

Bearta chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil neamhdhleathach

Féadfaidh an Coimisiún bearta breise a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí rialaithe nó ar shubstaintí nua agus ar tháirgí agus ar threalamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe a thagann faoi réim an nós imeachta i ndáil le stóráil shealadach, stórasú custaim nó saorchrios nó atá ar idirthuras trí chríoch chustaim an Chomhphobail agus arna n-athonnmhairiú as an gcríoch sin dá éis sin, ar bhonn meastóireachta ar na rioscaí ionchasacha i dtaca le trádáil neamhdhleathach a d’fhéadfadh a bheith bainteach le gluaiseachtaí den sórt sin, agus na sochair don chomhshaol agus na tionchair shocheacnamaíocha a bheadh ag bearta den sórt sin á gcur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 20

Trádáil le Stát nach páirtí sa Phrótacal é agus le críoch nach gcumhdaítear leis an bPrótacal

1.   Toirmiscfear allmhairiú agus onnmhairiú substaintí rialaithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe as aon Stát, nó chuig aon Stát, nach páirtí sa Phrótacal é.

2.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha a ghlacadh is infheidhme maidir le táirgí agus trealamh a allmhairíodh as aon Stát nach páirtí sa Phrótacal a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, ar táirgí agus trealamh iad a táirgeadh trí úsáid a bhaint as substaintí rialaithe ach nach bhfuil substaintí iontu ar féidir iad a shainaithint mar shubstaintí rialaithe. Le linn táirgí agus trealamh den sórt sin a shainaithint, cloífear leis an gcomhairle thréimhsiúil theicniúil a thugtar do na Páirtithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún trádáil le haon Stát nach páirtí sa Phrótacal é, ar trádáil í i substaintí rialaithe agus i dtáirgí agus i dtrealamh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe nó a tháirgtear trí úsáid a bhaint as substaint amháin nó níos mó den sórt sin, a údarú a mhéid a chinntear ag cruinniú de na Páirtithe de bhun Airteagal 4(8) den Phrótacal go bhfuil an Prótacal ina iomláine comhlíonta ag an Stát nach páirtí sa Phrótacal é agus go bhfuil sonraí tugtha aige chuige sin, de réir mar atá sonraithe in Airteagal 7 den Phrótacal. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) den Rialachán seo.

4.   Faoi réir aon chinnidh arna ghlacadh faoin dara fomhír, beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chríoch nach bhfuil cumhdaithe leis an bPrótacal de réir mar atá feidhm aici maidir le haon Stát nach páirtí sa Phrótacal é.

Más rud é go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh ina iomláine ag údaráis de chuid críche nach bhfuil cumhdaithe leis an bPrótacal agus más rud é go bhfuil sonraí chuige sin tugtha acu, de réir mar atá sonraithe in Airteagal 7 den Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh nach mbeidh feidhm ag forálacha uile mhír 1 den Airteagal seo nó ag cuid díobh maidir leis an gcríoch sin.

Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 21

Liosta táirgí agus trealaimh ina bhfuil substaintí rialaithe nó atá ag brath ar shubstaintí rialaithe

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2010, liosta táirgí agus trealaimh a bhféadfadh substaintí rialaithe a bheith iontu nó a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar shubstaintí rialaithe agus liosta cód Ainmníochta Comhcheangailte a chur ar fáil mar threoir d’údaráis chustaim na mBallstát.

CAIBIDIL V

ASTAÍOCHTAÍ A RIALÚ

Airteagal 22

Substaintí rialaithe úsáidte a aisghabháil agus a dhíothú

1.   Maidir le haon substaintí rialaithe atá i dtrealamh cuisniúcháin, aeroiriúnaithe nó teaschaidéil, i dtrealamh ina bhfuil tuaslagóirí nó i gcórais chosanta dóiteáin agus i múchtóirí dóiteáin, déanfar, le linn trealamh a chothabháil nó a sheirbhísiú, nó roimh dhíchóimeáil nó roimh dhiúscairt trealaimh, iad a aisghabháil lena ndíothú, lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh.

2.   Ní dhéanfar substaintí rialaithe agus táirgí ina bhfuil na substaintí sin a dhíothú ach amháin leis na teicneolaíochtaí formheasta atá liostaithe in Iarscríbhinn VII nó, i gcás substaintí rialaithe nach dtagraítear dóibh san Iarscríbhinn sin, leis an teicneolaíocht díothaithe is inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de ar teicneolaíocht í nach mbaineann costais iomarcacha léi, ar choinníoll go ndéantar an reachtaíocht Chomhphobail agus náisiúnta maidir le dramhaíl agus ceanglais bhreise faoi reachtaíocht den sórt sin a chomhlíonadh le linn na teicneolaíochtaí sin a úsáid.

3.   Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn VII a leasú chun teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

4.   Déanfar substaintí rialaithe atá i dtáirgí agus i dtrealamh seachas iad sin atá luaite i mír 2, má tá sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, a aisghabháil lena ndíothú, lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh, nó díothófar iad gan iad a aisghabháil roimh ré, agus na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm.

Bunóidh an Coimisiún Iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinn í ina mbeidh liosta táirgí agus trealaimh a measfar ina leith go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch substaintí rialaithe a aisghabháil uathu nó ar táirgí agus trealamh iad a measfar ina leith go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch iad a dhíothú gan substaintí rialaithe a aisghabháil roimh ré, agus sonrófar, más iomchuí sin, na teicneolaíochtaí a bheidh le cur i bhfeidhm. Beidh meastóireacht iomlán eacnamaíoch ar chostais agus ar shochair ag gabháil, mar thacaíocht, le haon dréachtbheart maidir le hIarscríbhinn den sórt sin a bhunú, agus cuirfear san áireamh imthosca leithleacha na mBallstát.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

5.   Glacfaidh na Ballstáit bearta chun aisghabháil, athchúrsáil, mínghlanadh agus díothú substaintí rialaithe a chur chun cinn, agus saineoidh siad na ceanglais íosta maidir le cáilíochtaí na foirne a bheidh i gceist.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit agus féadfaidh sé, i bhfianaise na meastóireachta sin agus i bhfianaise faisnéise teicniúla agus faisnéise ábhartha eile, mar is iomchuí, bearta a ghlacadh maidir leis na ceanglais íosta sin i ndáil le cáilíochtaí.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 23

Sileadh agus astaíochtaí substaintí rialaithe

1.   Glacfaidh gnóthais gach beart réamhchúraim is féidir chun sileadh agus astaíochtaí substaintí rialaithe a chosc agus a íoslaghdú.

2.   Maidir le gnóthais a oibríonn trealamh cuisniúcháin, aeroiriúnaithe nó teaschaidéil, nó córais chosanta dóiteáin, lena n-áirítear a gciorcaid, ar nithe iad ina bhfuil substaintí rialaithe, áiritheoidh na gnóthais sin maidir le trealamh fosaitheach nó córais fhosaitheacha:

(a)

i gcás lucht sreabháin 3 kg nó níos mó de shubstaintí rialaithe a bheith acu, go ndéantar iad a sheiceáil ar a laghad uair amháin gach 12 mhí chun féachaint an bhfuil aon sileadh iontu; ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le trealamh ina bhfuil córais atá séalaithe go heirméiteach agus atá lipéadaithe amhlaidh agus ina bhfuil níos lú ná 6 kg de shubstaintí rialaithe;

(b)

i gcás lucht sreabháin 30 kg nó níos mó de shubstaintí rialaithe a bheith acu, go ndéantar iad a sheiceáil ar a laghad uair amháin gach sé mhí chun féachaint an bhfuil aon sileadh iontu;

(c)

i gcás lucht sreabháin 300 kg nó níos mó de shubstaintí rialaithe a bheith acu, go ndéantar iad a sheiceáil ar a laghad uair amháin gach trí mhí chun féachaint an bhfuil aon sileadh iontu;

agus go ndéantar aon sileadh a bhraitear a dheisiú a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 14 lá.

Déanfar an trealamh nó an córas a sheiceáil chun féachaint an bhfuil sileadh ann laistigh d’aon mhí amháin tar éis sileadh a dheisiú chun a áirithiú go raibh an deisiúchán éifeachtach.

3.   Déanfaidh gnóthais dá dtagraítear i mír 2 taifid a choimeád ar an gcainníocht agus ar an saghas substaintí rialaithe a chuirtear isteach agus ar an gcainníocht a aisghabhtar le linn chothabháil, sheirbhísiú agus dhiúscairt dheireanach an trealaimh nó an chórais dá dtagraítear sa mhír sin. Coimeádfaidh siad taifid freisin ar fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear sonraí aitheantais faoin gcuideachta nó faoin teicneoir a rinne an chothabháil nó an seirbhísiú, chomh maith le dátaí agus torthaí na seiceálacha arna ndéanamh chun féachaint an raibh sileadh ann. Cuirfear na taifid sin ar fáil d’údarás inniúil Ballstáit agus don Choimisiún má iarrtar sin.

4.   Saineoidh na Ballstáit na ceanglais íosta maidir le cáilíochtaí na foirne a ghabhann do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2. I bhfianaise meastóireachta ar na bearta seo arna nglacadh ag na Ballstáit agus i bhfianaise aon fhaisnéise teicniúla eile nó aon fhaisnéise ábhartha eile, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh i ndáil le comhchuibhiú na gceanglas íosta sin maidir le cáilíochtaí.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

5.   Déanfaidh gnóthais gach beart réamhchúraim is indéanta chun aon sileadh agus aon astaíochtaí substaintí rialaithe arna n-úsáid mar bhunábhar agus mar oibreáin phróisis a chosc agus a íoslaghdú.

6.   Déanfaidh gnóthais gach beart réamhchúraim is indéanta chun aon sileadh agus aon astaíochtaí substaintí rialaithe a tharlaíonn gan choinne le linn ceimiceáin eile a bheith á monarú a chosc agus a íoslaghdú.

7.   Féadfaidh an Coimisiún liosta teicneolaíochtaí nó cleachtas a bhunú ar theicneolaíochtaí agus cleachtais iad a bheidh le húsáid ag gnóthais chun aon sileadh agus aon astaíochtaí substaintí rialaithe a chosc agus a íoslaghdú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

CAIBIDIL VI

SUBSTAINTÍ NUA

Airteagal 24

Substaintí Nua

1.   Toirmisctear na táirgí nua atá luaite i gCuid A d’Iarscríbhinn II a tháirgeadh, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a úsáid agus a onnmhairiú. Ní bhaineann an toirmeasc seo le substaintí nua má úsáidtear iad mar bhunábhar nó le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse, maidir le hallmhairí le haghaidh idirthurais trí chríoch chustaim an Chomhphobail ná le hallmhairí faoin nós imeachta i ndáil le stóráil shealadach, stórasú custaim nó saorchrios dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008, mura rud é go ndearnadh cóireáil nó úsáid eile atá formheasta ó thaobh custaim de agus dá dtagraítear sa Rialachán sin, a shannadh ina leith, ná maidir le hallmhairiú i ndiaidh allmhairiú atá díolmhaithe cheana.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, aon substaint atá ar áireamh i gCuid B d’Iarscríbhinn II agus a bhfaightear amach ina leith go n-onnmhairítear, go n-allmhairítear, go dtáirgtear nó go gcuirtear ar an margadh iad i gcainníochtaí suntasacha agus a bhfaigheann an Painéal um Measúnú Eolaíoch amach ina leith faoin bPrótacal go bhfuil acmhainn shuntasach ídithe ózóin iontu, a áireamh i gCuid A den Iarscríbhinn sin, agus cinnfidh sé díolúintí ionchasacha ó mhír 1 freisin, más iomchuí.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

3.   I bhfianaise faisnéise eolaíche ábhartha, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, aon substaint nach substaint rialaithe í ach a bhfaigheann an Painéal um Measúnú Eolaíoch amach ina leith faoin bPrótacal nó a bhfaigheann údarás aitheanta eile ag a bhfuil an stádas céanna amach ina leith go bhfuil acmhainn shuntasach ídithe ózóin inti a áireamh i gCuid B d’Iarscríbhinn II. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

CAIBIDIL VII

AN COISTE, TUAIRISCIÚ, INIÚCHADH AGUS PIONÓIS

Airteagal 25

An Coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 26

Tuairisciú ag na Ballstáit

1.   Gach bliain, faoin 30 Meitheamh, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mbliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún i bhformáid leictreonach:

(a)

na cainníochtaí de bhróimíd mheitile atá údaraithe de bhun Airteagal 12(2) agus (3) le haghaidh cóireálacha éagsúla chun críocha coraintín agus réamhloingsithe agus a úsáidtear ina gcríoch, agus sonrófar na críocha ar úsáideadh an bhróimíd mheitile chucu agus an dul chun cinn maidir le meastóireacht a dhéanamh ar roghanna malartacha agus maidir le roghanna malartacha a úsáid;

(b)

na cainníochtaí de halóin a suiteáladh, a úsáideadh agus a stóráladh le haghaidh úsáidí criticiúla, de bhun Airteagal 13(1), na bearta a glacadh chun a n-astaíochtaí a laghdú agus meastachán ar na hastaíochtaí sin, agus an dul chun cinn maidir le meastóireacht ar roghanna leordhóthanacha malartacha agus maidir le roghana malartacha leordhóthanacha a úsáid;

(c)

faisnéis maidir le cásanna trádála neamhdhleathaí, go háirithe cásanna arna mbrath le linn iniúchtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 28.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), an fhormáid ina dtíolacfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún mír 1 a leasú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 27

Tuairisciú ag gnóthais

1.   Gach bliain, faoin 31 Márta, déanfaidh gach gnóthas na sonraí atá liostaithe i mír 2 go mír 6 maidir le gach substaint rialaithe agus gach substaint nua atá liostaithe in Iarscríbhinn II i ndáil leis an mbliain féilire roimhe sin a chur in iúl don Choimisiún agus cuirfidh sé cóip de na sonraí céanna chuig údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Cuirfidh gach táirgeoir na sonraí seo a leanas in iúl:

(a)

a tháirgeacht iomlán i gcás gach substainte dá dtagraítear i mír 1;

(b)

aon táirgeacht arna cur ar an margadh nó arna húsáid as a stuaim féin ag an táirgeoir laistigh den Chomhphobal, agus sonrófar, ar leithligh, an táirgeacht le haghaidh bunábhair, le haghaidh oibreáin próisis agus le haghaidh úsáidí eile;

(c)

aon táirgeacht chun freastal ar úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse sa Chomhphobal, arna gceadúnú i gcomhréir le hAirteagal 10(6);

(d)

aon táirgeacht arna húdarú faoi Airteagal 10(8) chun freastal ar úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse na bPáirtithe;

(e)

aon mhéadú táirgeachta arna údarú faoi Airteagal 14(2), (3) agus (4) i ndáil le cuíchóiriú tionsclaíoch;

(f)

aon chainníocht a athchúrsáladh, a mínghlanadh nó a díothaíodh agus an teicneolaíocht a úsáideadh i gcomhair an díothaithe, lena n-áirítear méideanna arna dtáirgeadh agus arna ndíothú mar sheachtháirge dá dtagraítear in Airteagal 3(14);

(g)

aon stoic;

(h)

aon cheannacháin ó tháirgeoirí eile sa Chomhphobal nó aon díolacháin leo.

3.   Cuirfidh gach allmhaireoir na sonraí seo a leanas in iúl i ndáil le gach substaint dá dtagraítear i mír 1:

(a)

aon chainníocht a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, agus allmhairiú le haghaidh úsáide mar bhunábhar agus mar oibreáin phróisis, allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse arna gceadúnú i gcomhréir le hAirteagal 10(6), allmhairiú le haghaidh feidhmeanna coraintín agus réamhloingsithe agus allmhairiú le haghaidh díothaithe á sainaithint ar leithligh óna chéile. Déanfaidh allmhaireoirí a d’allmhairigh substaintí rialaithe lena ndíothú ceann scríbe nó cinn scríbe deiridh iarbhír gach ceann de na substaintí a chur in iúl freisin, agus déanfar cainníocht gach ceann de na substaintí agus ainm agus seoladh na saoráide díothúcháin ar seachadadh an tsubstaint chuici a sholáthar ar leithligh i gcás gach cinn scríbe;

(b)

aon chainníochtaí a allmhairíodh faoi nósanna imeachta custaim eile, agus déanfar an nós imeachta custaim agus na húsáidí ainmnithe a shainaithint ar leithligh óna chéile;

(c)

aon chainníochtaí de shubstaintí úsáidte dá dtagraítear i mír 1 agus a allmhairíodh lena n-athchúrsáil nó lena mínghlanadh;

(d)

aon stoic;

(e)

aon cheannacháin ó ghnóthais eile sa Chomhphobal agus aon díolacháin leo;

(f)

an tír is onnmhaireoir.

4.   Cuirfidh gach allmhaireoir na sonraí seo a leanas in iúl i ndáil le gach substaint dá dtagraítear i mír 1:

(a)

aon chainníochtaí de shubstaintí den sórt sin a onnmhairíodh, agus na cainníochtaí a onnmhairíodh chuig gach tír cinn scríbe agus na cainníochtaí a onnmhairíodh le haghaidh úsáide mar bhunábhar agus mar oibreáin phróisis, le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, le haghaidh úsáidí criticiúla agus le haghaidh feidhmeanna coraintín agus réamhloingsithe á sainaithint ar leithligh óna chéile;

(b)

aon stoic;

(c)

aon cheannacháin ó ghnóthais eile sa Chomhphobal agus aon díolacháin leo;

(d)

an tír is ceann scríbe.

5.   Déanfaidh gach gnóthas a dhíothaíonn substaintí rialaithe dá dtagraítear i mír 1 agus nach gcumhdaítear le mír 2, na sonraí seo a leanas a chur in iúl:

(a)

aon chainníochtaí de shubstaintí den sórt sin a díothaíodh, lena n-áirítear cainníochtaí i dtáirgí nó i dtrealamh;

(b)

aon stoic de shubstaintí den sórt sin atá ag feitheamh lena ndíothú, lena n-áirítear cainníochtaí i dtáirgí nó i dtrealamh;

(c)

an teicneolaíocht a úsáideadh chun an díothú a chur i gcrích.

6.   Déanfaidh gach gnóthas a úsáideann substaintí rialaithe mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis, na sonraí seo a leanas a chur in iúl:

(a)

aon chainníochtaí de na substaintí sin a úsáideadh mar bhunábhar nó mar oibreáin phróisis;

(b)

aon stoc de na substaintí sin;

(c)

na próisis agus na hastaíochtaí i dtrácht.

7.   Gach bliain, roimh an 31 Márta, déanfaidh gach táirgeoir nó gach allmhaireoir a bhfuil ceadúnas ina sheilbh aige faoi Airteagal 10(6), i gcás gach substainte a bhfuarthas údarú ina leith, cineál na húsáide, na cainníochtaí a úsáideadh le linn na bliana roimhe sin, na cainníochtaí atá á gcoinneáil mar stoc, aon chainníocht a athchúrsáladh, a aisghabhadh nó a díothaíodh, agus cainníocht na dtáirgí agus an trealaimh ina bhfuil na substaintí sin nó atá ag brath ar na substaintí sin agus a cuireadh ar mhargadh an Chomhphobail agus/nó a onnmhairíodh a thuairisciú don Choimisiún, agus cuirfidh sé cóip den fhaisnéis chéanna chuig údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

8.   Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise arna tíolacadh dó a chosaint.

9.   Déanfar formáid na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 go mír 7 a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

10.   Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais maidir le tuairisciú atá leagtha síos i mír 1 go mír 7 a leasú.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

Airteagal 28

Iniúchadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit iniúchtaí ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus úsáidfear cur chuige riosca-bhunaithe, lena n-áirítear iniúchtaí ar allmhairiú agus ar onnmhairiú substaintí rialaithe agus, freisin, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú táirgí agus trealaimh ina bhfuil na substaintí sin nó atá ag brath ar na substaintí sin. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát na himscrúduithe a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach faoin Rialachán seo

2.   Faoi réir comhaontaithe ón gCoimisiún agus ó údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil na himscrúduithe le déanamh laistigh dá chríoch, tabharfaidh oifigigh an Choimisiúin cúnamh d’oifigigh an údaráis sin agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas.

3.   Le linn na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhall, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá a fháil ó rialtais agus ó údaráis inniúla na mBallstát agus ó ghnóthais. Nuair atá faisnéis á hiarraidh ar ghnóthas aige, déanfaidh an Coimisiún, ag an am céanna, cóip den iarraidh a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ar laistigh dá chríoch atá ceanncheathrú an ghnóthais suite.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh iomchuí chun go ndéanfar malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis náisiúnta agus idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún a chur chun cinn.

Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun rúndacht na faisnéise arna fáil faoin Airteagal seo a chosaint.

5.   Ar iarraidh a fháil ó Bhallstát eile, féadfaidh Ballstát iniúchtaí a dhéanamh ar ghnóthais, nó imscrúduithe a dhéanamh ar ghnóthais, a bhfuil amhras ann fúthu go bhfuil siad ag gabháil do ghluaiseacht neamhdhleathach substaintí rialaithe agus ar gnóthais iad a oibríonn ar chríoch an Bhallstáit sin.

Airteagal 29

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha i ndáil le pionóis is infheidhme maidir le sárú fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Maidir leis na pionóis dá bhforáiltear, ní mór iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2011 ar a dhéanaí agus déanfaidh siad aon leasú iardain a dhéanann difear dóibh a chur in iúl dó freisin gan mhoill.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 amhail ón 1 Eanáir 2010.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 100, 30.4.2009, lch. 135.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(3)  IO L 244, 29.9.2000, lch. 1.

(4)  IO L 297, 31.10.1988, lch. 8.

(5)  IO L 258, 26.9.2008, lch. 68.

(6)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(7)  IO L 230, 19.8.1991, lch. 1.

(8)  IO L 307, 24.11.2003, lch. 1.

(9)  IO 196, 16.8.1967, lch. 1.

(10)  IO L 200, 30.7.1999, lch. 1.

(11)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(12)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(13)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(14)  IO L 118, 27.4.2001, lch. 41.

(15)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(16)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 9. Aisghairtear Treoir 2006/12/CE le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3) le héifeacht ón 12 Nollaig 2010.

(17)  IO L 377, 31.12.1991, lch. 20.

(18)  IO L 37, 13.2.2003, lch. 24.


IARSCRÍBHINN I

SUBSTAINTÍ RIALAITHE

Grúpa

Substaint

Acmhainn ídithe ózóin (1)

Grúpa I

CFCl3

CFC-11

Tríchlórafluaraimeatán

1,0

CF2Cl2

CFC-12

Déchlóraidhéfhluaraimeatán

1,0

C2F3Cl3

CFC-113

Tríchlóraithrífhluaireatán

0,8

C2F4Cl2

CFC-114

Déchlóraiteitreafluaireatán

1,0

C2F5Cl

CFC-115

Clóraipeinteafluaireatán

0,6

Grúpa II

CF3Cl

CFC-13

Clóraithrífhluaraimeatán

1,0

C2FCl5

CFC-111

Peintaclórafluaireatán

1,0

C2F2Cl4

CFC-112

Teitreaclóraidhéfhluaireatán

1,0

C3FCl7

CFC-211

Heipteaclórafluaraprópán

1,0

C3F2Cl6

CFC-212

Heicseaclóraidhéfhluaraprópán

1,0

C3F3Cl5

CFC-213

Peinteaclóraithrífhluaraprópán

1,0

C3F4Cl4

CFC-214

Teitreaclóraiteitreafluaraprópán

1,0

C3F5Cl3

CFC-215

Tríchlóraipeinteafluaraprópán

1,0

C3F6Cl2

CFC-216

Déchlóraiheicseafluaraprópán

1,0

C3F7Cl

CFC-217

Clóraiheipteafluaraprópán

1,0

Grúpa III

CF2BrCl

halón-1211

Brómaclóraidhéfhluaraimeatán

3,0

CF3Br

halón-1301

Brómaithrífhluaraimeatán

10,0

C2F4Br2

halón-2402

Débhrómaiteitreafluaireatán

6,0

Grúpa IV

CCl4

CTC

Teitreaclóraimeatán (teitreaclóiríd charbóin)

1,1

Grúpa V

C2H3Cl3  (2)

1,1,1-TCA

1,1,1-Tríchlóireatán (meitiolclóraform)

0,1

Grúpa VI

CH3Br

(bróimíd mheitile)

Brómaimeatán

0,6

Group VII

CHFBr2

HBFC-21 B2

Débhrómafluaraimeatán

1,00

CHF2Br

HBFC-22 B1

Brómaidhéfhluaraimeatán

0,74

CH2FBr

HBFC-31 B1

Brómafluaraimeatán

0,73

C2HFBr4

HBFC-121 B4

Teitreabrómafluaireatán

0,8

C2HF2Br3

HBFC-122 B3

Tríbhrómaidhéfhluaireatán

1,8

C2HF3Br2

HBFC-123 B2

Débhrómaithrífhluaireatán

1,6

C2HF4Br

HBFC-124 B1

Brómaiteitreafluaireatán

1,2

C2H2FBr3

HBFC-131 B3

Tríbhrómafluaireatán

1,1

C2H2F2Br2

HBFC-132 B2

Débhrómaidhéfhluaireatán

1,5

C2H2F3Br

HBFC-133 B1

Brómaithrífhluaireatán

1,6

C2H3FBr2

HBFC-141 B2

Débhrómafluaireatán

1,7

C2H3F2Br

HBFC-142 B1

Brómaidhéfhluaireatán

1,1

C2H4FBr

HBFC-151 B1

Brómafluaireatán

0,1

C3HFBr6

HBFC-221 B6

Heicseabrómafluaraprópán

1,5

C3HF2Br5

HBFC-222 B5

Peinteabrómaidhéfhluaraprópán

1,9

C3HF3Br4

HBFC-223 B4

Teitreabrómaithrífhluaraprópán

1,8

C3HF4Br3

HBFC-224 B3

Tríbhrómaiteitreafluaraprópán

2,2

C3HF5Br2

HBFC-225 B2

Débhrómaipeinteafluaraprópán

2,0

C3HF6Br

HBFC-226 B1

Brómaiheicseafluaraprópán

3,3

C3H2FBr5

HBFC-231 B5

Peinteabrómafluaraprópán

1,9

C3H2F2Br4

HBFC-232 B4

Teitreabrómaidhéfhluaraprópán

2,1

C3H2F3Br3

HBFC-233 B3

Tríbhrómaithrífhluaraprópán

5,6

C3H2F4Br2

HBFC-234 B2

Débhrómaiteitreafluaraprópán

7,5

C3H2F5Br

HBFC-235 B1

Brómaipeinteafluaraprópán

1,4

C3H3FBr4

HBFC-241 B4

Teitreabrómafluaraprópán

1,9

C3H3F2Br3

HBFC-242 B3

Tríbhrómaidhéfhluaraprópán

3,1

C3H3F3Br2

HBFC-243 B2

Débhrómaithrífhluaraprópán

2,5

C3H3F4Br

HBFC-244 B1

Brómaiteitreafluaraprópán

4,4

C3H4FBr3

HBFC-251 B1

Tríbhrómafluaraprópán

0,3

C3H4F2Br2

HBFC-252 B2

Débhrómaidhéfhluaraprópán

1,0

C3H4F3Br

HBFC-253 B1

Brómaithrífhluaraprópán

0,8

C3H5FBr2

HBFC-261 B2

Débhrómafluaraprópán

0,4

C3H5F2Br

HBFC-262 B1

Brómaidhéfhluaraprópán

0,8

C3H6FBr

HBFC-271 B1

Brómafluaraprópán

0,7

Grúpa VIII

CHFCl2

HCFC-21 (3)

Déchlórafluaraimeatán

0,040

CHF2Cl

HCFC-22 (3)

Clóraidhéfhluaraimeatán

0,055

CH2FCl

HCFC-31

Clórafluaraimeatán

0,020

C2HFCl4

HCFC-121

Teitreaclórafluaireatán

0,040

C2HF2Cl3

HCFC-122

Tríchlóraidhéfhluaireatán

0,080

C2HF3Cl2

HCFC-123 (3)

Déchlóraithrífhluaireatán

0,020

C2HF4Cl

HCFC-124 (3)

Clóraiteitreafluaireatán

0,022

C2H2FCl3

HCFC-131

Tríchlórafluaireatán

0,050

C2H2F2Cl2

HCFC-132

Déchlóraidhéfhluaireatán

0,050

C2H2F3Cl

HCFC-133

Clóraithrífhluaireatán

0,060

C2H3FCl2

HCFC-141

Déchlórafluaireatán

0,070

CH3CFCl2

HCFC-141b (3)

1,1-Déchlóra-1-fluaireatán

0,110

C2H3F2Cl

HCFC-142

Clóraidhéfhluaireatán

0,070

CH3CF2Cl

HCFC-142b (3)

1-Clóra-1,1-défhluaireatán

0,065

C2H4FCl

HCFC-151

Clórafluaireatán

0,005

C3HFCl6

HCFC-221

Heicseaclórafluaraprópán

0,070

C3HF2Cl5

HCFC-222

Peinteaclóraidhéfhluaraprópán

0,090

C3HF3Cl4

HCFC-223

Teitreaclóraithrífhluaraprópán

0,080

C3HF4Cl3

HCFC-224

Tríchlóraiteitreafluaraprópán

0,090

C3HF5Cl2

HCFC-225

Déchlóraipeinteafluaraprópán

0,070

CF3CF2CHCl2

HCFC-225ca (3)

3,3-Déchlóra-1,1,1,2,2-peinteafluaraprópán

0,025

CF2ClCF2CHClF

HCFC-225cb (3)

1,3-Déchlóra-1,1,2,2,3-peinteafluaraprópán

0,033

C3HF6Cl

HCFC-226

Clóraiheicseafluaraprópán

0,100

C3H2FCl5

HCFC-231

Peinteaclórafluaraprópán

0,090

C3H2F2Cl4

HCFC-232

Teitreaclóraidhéfhluaraprópán

0,100

C3H2F3Cl3

HCFC-233

Tríchlóraithrífhluaraprópán

0,230

C3H2F4Cl2

HCFC-234

Déchlóraiteitreafluaraprópán

0,280

C3H2F5Cl

HCFC-235

Clóraipeinteafluaraprópán

0,520

C3H3FCl4

HCFC-241

Teitreaclórafluaraprópán

0,090

C3H3F2Cl3

HCFC-242

Tríchlóraidhéfhluaraprópán

0,130

C3H3F3Cl2

HCFC-243

Déchlóraithrífhluaraprópán

0,120

C3H3F4Cl

HCFC-244

Clóraiteitreafluaraprópán

0,140

C3H4FCl3

HCFC-251

Tríchlórafluaraprópán

0,010

C3H4F2Cl2

HCFC-252

Déchlóraidhéfhluaraprópán

0,040

C3H4F3Cl

HCFC-253

Clóraithrífhluaraprópán

0,030

C3H5FCl2

HCFC-261

Déchlórafluaraprópán

0,020

C3H5F2Cl

HCFC-262

Clóraidhéfhluaraprópán

0,020

C3H6FCl

HCFC-271

Clórafluaraprópán

0,030

Grúpa IX

CH2BrCl

BCM

Brómaclóraimeatán

0,12


(1)  Maidir leis na figiúirí a bhaineann le hacmhainn ídithe ózóin, is meastacháin iad atá bunaithe ar eolas atá ann cheana agus déanfar iad a athbhreithniú agus a athleasú go tréimshiúil i bhfianaise na gcinntí a dhéanfaidh na Páirtithe.

(2)  Ní bhaineann an fhoirmle seo le 1,1,2-tríchlóireatán.

(3)  Sainaithníonn sé seo an tsubstaint is inmharthana ó thaobh na tráchtála de mar atá forordaithe sa Phrótacal.


IARSCRÍBHINN II

SUBSTAINTÍ NUA

Cuid A: Substaintí a bhfuil srian orthu faoi Airteagal 24(1)

Substaint

Acmhainn ídithe ózóin

CBr2 F2

Débhrómaidhéfhluaraimeatán (halón-1202)

1,25

Cuid B: Substaintí a bhfuil tuairisciú le déanamh ina leith faoi Airteagal 27

Substaint

Acmhainn ídithe ózóin (1)

C3H7Br

1-Brómaprópán (bróimíd n-próipile)

0,02 – 0,10

C2H5Br

Bróimeatán (bróimíd eitile)

0,1 – 0,2

CF3I

Trífhluaraiadaimeatán (iaidíd thrífhluaraimeitile)

0,01 – 0,02

CH3Cl

Clóraimeatán (clóiríd mheitile)

0,02


(1)  Maidir leis na figiúirí a bhaineann le hacmhainn ídithe ózóin, is meastacháin iad atá bunaithe ar eolas atá ann cheana agus déanfar iad a athbhreithniú agus a athleasú go tréimshiúil i bhfianaise na gcinntí a dhéanfaidh na Páirtithe.


IARSCRÍBHINN III

Próisis ina n-úsáidtear substaintí rialaithe mar oibreáin phróisis dá dtagraítear in Airteagal 3(12):

(a)

úsáid teitreaclóiríde carbóin chun tríchlóiríd nítrigine a dhíchur le linn clóirín agus sóid loiscneach a tháirgeadh;

(b)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn clóirín atá i bhfuíollghás a thig ó tháirgeadh clóirín a aisghabháil;

(c)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn rubar clóirínithe a mhonarú;

(d)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn polai-feiniléin-téireaftalaimíd a mhonarú;

(e)

úsáid CFC-12 le linn sintéisiú fótaiceimiceach a dhéanamh ar réamhtheachtaithe pearfluarapoiléitearpoilasárocsaíde de chuid Z-pearfluarapoiléitear agus díorthach défheidhmiúil;

(f)

úsáid CFC-113 le linn dé-óil phearfluarapoiléitir a bhfuil ardfheidhmiúlacht acu a ullmhú;

(g)

úsáid teitreaclóiríde carbóin le linn Cioglaidím a tháirgeadh;

(h)

úsáid hidreaclórafluaracarbón sna próisis atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (g) nuair a úsáidtear iad in ionad an chlórafluaracarbóin nó na teitreaclóiríde carbóin.


IARSCRÍBHINN IV

Grúpaí, Cóid na hainmníochta comhcheangailte (1) agus tuairiscí a ghabann leis na substaintí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I

Grúpa

Cód AC

Tuairisc

Grúpa I

2903 41 00

Tríchlórafluaraimeatán

2903 42 00

Déchlóraidhéfhluaraimeatán

2903 43 00

Tríchlóraithrífhluaireatáin

2903 44 10

Déchlóraiteitreafluaireatáin

2903 44 90

Clóraipeinteafluaireatán

Grúpa II

2903 45 10

Clóraithrífhluaraimeatán

2903 45 15

Peinteaclórafluaireatán

2903 45 20

Teitreaclóraidhéfhluaireatáin

2903 45 25

Heipteaclórafluaraprópáin

2903 45 30

Heicseaclóraidhéfhluaraprópáin

2903 45 35

Peinteaclóraithrífhluaraprópáin

2903 45 40

Teitreaclóraiteitreafluaraprópáin

2903 45 45

Tríchlóraipeinteafluaraprópáin

2903 45 50

Déchlóraiheicseafluaraprópain

2903 45 55

Clóraiheipteafluaraprópáin

Grúpa III

2903 46 10

Brómaclóraidhéfhluaraimeatán

2903 46 20

Brómaithrífhluaraimeatán

2903 46 90

Débhrómaiteitreafluaireatáin

Grúpa IV

2903 14 00

Teitreaclóiríd charbóin

Grúpa V

2903 19 10

1,1,1-Tríchlóireatán (clóraform meitile)

Grúpa VI

2903 39 11

Brómaimeatán (bróimíd mheitile)

Grúpa VII

2903 49 30

Hidreabrómafluaraimeatáin, -eatáin nó -própáin

Grúpa VIII

2903 49 11

Clóraidhéfhluaraimeatán (HCFC-22)

2903 49 15

1,1-Déchlórai-1-fluaireatán (HCFC-141b)

2903 49 19

Hidreaclórafluaraimeatáin, -eatáin nó -própáin eile (HCFCanna)

Grúpa IX

ex 2903 49 80

Brómaclóraimeatán

Meascáin

3824 71 00

Meascáin ina bhfuil clórafluaracarbóin (CFCanna), bíodh nó ná bíodh hidreaclórafluaracarbóin (HCFCanna), pearfluaracarbóin (PFCanna) nó hidreafluaracarbóin (HFCanna) iontu

3824 72 00

Meascáin ina bhfuil brómaclóraidhéfhluaraimeatán, brómaithrífhluaraimeatán nó débhrómaiteitreafluaireatáin

3824 73 00

Meascáin ina bhfuil hidreabrómafluaracarbóin (HBFCanna)

3824 74 00

Meascáin ina bhfuil hidreaclórafluaracarbóin (HCFCanna), bíodh nó ná bíodh pearfluaracarbóin (PFCanna) nó hidreafluaracarbóin (HFCanna) iontu, ach nach bhfuil clórafluaracarbóin (CFCanna) iontu

3824 75 00

Meascáin ina bhfuil teitreaclóiríd charbóin

3824 76 00

Meascáin ina bhfuil 1,1,1-tríchlóireatán (clóraform meitile)

3824 77 00

Meascáin ina bhfuil brómaimeatán (bróimíd mheitile) nó brómaclóraimeatán


(1)  Má tá ‘ex’ ann roimh chód, tugtar le fios go bhféadfadh sé go dtagann substaintí seachas na substaintí sin dá dtagraítear sa cholún ‘Tuairisc’ faoin bhfo-cheannteideal sin freisin.


IARSCRÍBHINN V

Coinníollacha maidir le substaintí rialaithe atá ceaptha le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse dá dtagraítear in Airteagal 10(3) a chur ar an margadh agus a dháileadh tuilleadh

1.   Ní bheidh ach substaintí rialaithe a mhonaraítear de réir na n-íonachtaí seo a leanas i substaintí rialaithe le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse:

Substaint

%

CTC (grád imoibrí)

99,5

1,1,1-tríchlóireatán

99,0

CFC 11

99,5

CFC 13

99,5

CFC 12

99,5

CFC 113

99,5

CFC 114

99,5

Substaintí eile rialaithe a bhfuil fiuchphointe > 20 °C acu

99,5

Substaintí eile rialaithe a bhfuil fiuchphointe < 20 °C acu

99,0

Féadfaidh monaraóirí, gníomhairí, nó dáileoirí na substaintí íona rialaithe seo a mheascadh dá éis sin le ceimiceáin eile a rialaítear nó nach rialaítear leis an bPrótacal de réir mar is gnách i gcás úsáidí saotharlainne agus anailíse.

2.   Ní dhéanfar na substaintí ardíonachta seo agus na meascáin seo a bhfuil substaintí rialaithe iontu a sholáthar ach amháin i gcoimeádáin in-athdhúnta nó i sorcóirí ardbhrú a bhfuil toilleadh níos lú ná trí lítear iontu nó in ampaill ghloine a bhfuil toilleadh 10 millilítear nó níos lú agus marcálfar go soiléir orthu gur substaintí iad a ídíonn an ciseal ózóin, nach n-úsáidtear iad ach le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse agus sonrófar gur cheart substaintí úsáidte nó farasbarr substaintí a bhailiú agus a athchúrsáil, más praiticiúil. Ba cheart an t-ábhar a dhíothú más rud é nach bhfuil sé praiticiúil é a athchúrsáil.


IARSCRÍBHINN VI

ÚSÁIDÍ CRITICIÚLA HALÓIN

Úsáid halón 1301:

in aerárthaí chun urranna criú, naoisilí innill, bánna lastais agus bánna tirime a chosaint, agus chun umair bhreosla a thámhú,

i bhfeithiclí míleata talún agus i soithí cabhlaigh chun spásanna atá in úsáid ag pearsanra agus urranna innill a chosaint,

chun támhú a dhéanamh ar spásanna áitithe i gcás ina bhféadfadh scaoileadh leachta inlasta agus/nó scaoileadh gáis tarlú san earnáil mhíleata, agus in earnáil na hola, an gháis agus na bpeitriceimiceán agus i longa lastais atá ann cheana,

chun támhú a dhéanamh ar ionaid láithreacha chumarsáide agus cheannais ina bhfuil foireann de chuid na bhfórsaí armtha agus de chuid dreamanna eile agus atá riachtanach i gcomhair slándála náisiúnta,

chun támhú a dhéanamh ar spásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh baol scaipthe ábhair radaighníomhaigh ann,

i dTollán Mhuir nIocht agus i suiteálacha gaolmhara agus i rothstoc gaolmhar.

Úsáid halón 1211:

i bhfeithiclí míleata talún agus in árthaí cabhlaigh chun spásanna atá in úsáid ag pearsanra agus urranna innill a chosaint,

i múchtóirí dóiteáin láimhe agus i dtrealamh fosaitheach múchta dóiteáin le haghaidh inneall, lena n-úsáid ar bord aerárthaí,

in aerárthaí chun urranna criú, naoisilí innill, bánna lastais agus bánna tirime a chosaint,

i múchtóirí dóiteáin atá riachtanach do shábháilteacht phearsanta agus a úsáideann briogáidí dóiteáin sna céimeanna tosaigh múchta dóiteáin,

i múchtóirí dóiteáin de chuid an airm agus de chuid na bpóilíní, lena n-úsáid ar dhaoine.

Úsáid halón 2402 sna tíortha seo a leanas amháin: Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic:

in aerárthaí chun urranna criú, naoisilí innill, bánna lastais agus bánna tirime a chosaint, agus chun umair bhreosla a thámhú,

i bhfeithiclí míleata talún agus i soithí cabhlaigh chun spásanna atá in úsáid ag pearsanra agus urranna innill a chosaint,

chun támhú a dhéanamh ar spásanna áitithe i gcás ina bhféadfadh scaoileadh leachta inlasta agus/nó scaoileadh gáis tarlú san earnáil mhíleata, agus in earnáil na hola, an gháis agus na bpeitriceimiceán agus i longa lastais atá ann cheana,

chun támhú a dhéanamh ar ionaid láithreacha chumarsáide agus cheannais ina bhfuil foireann de chuid na bhfórsaí armtha agus de chuid dreamanna eile agus atá riachtanach i gcomhair slándála náisiúnta,

chun támhú a dhéanamh ar spásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh baol scaipthe ábhair radaighníomhaigh ann,

i múchtóirí dóiteáin láimhe agus i dtrealamh fosaitheach múchta dóiteáin le haghaidh inneall, lena n-úsáid ar bord aerárthaí,

i múchtóirí dóiteáin atá riachtanach do shábháilteacht phearsanta agus a úsáideann briogáidí dóiteáin sna céimeanna tosaigh múchta dóiteáin,

i múchtóirí dóiteáin de chuid an airm agus de chuid na bpóilíní, lena n-úsáid ar dhaoine.

Úsáid halón 2402 sa Bhulgáir amháin:

in aerárthaí chun urranna criú, naoisilí innill, bánna lastais agus bánna tirime a chosaint, agus chun umair bhreosla a thámhú,

i bhfeithiclí míleata talún agus i soithí cabhlaigh chun spásanna atá in úsáid ag pearsanra agus urranna innill a chosaint.


IARSCRÍBHINN VII

TEICNEOLAÍOCHTAÍ DÍOTHAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 22(1)

Infheidhmeacht

Teicneolaíocht

Substaintí rialaithe (1)  (2)

Foinsí caolaithe (3)

 

Substaintí rialaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I, grúpaí I, II, IV, V, VIII

Halóin atá liostaithe in Iarscríbhinn I, grúpa III

Cúr

Éifeachtúlacht an díothaithe agus na bainte (EDB) (4)

99,99 %

99,99 %

95 %

Tornóga stroighne

Formheasta (5)

Gan fhormheas

Neamh-infheidhme

Loscadh trí instealladh leachta

Formheasta

Formheasta

Neamh-infheidhme

Ocsaídiú gásach/múiche

Formheasta

Formheasta

Neamh-infheidhme

Loscadh dramhaíle soladaí bardais

Neamh-infheidhme

Neamh-infheidhme

Formheasta

Scáineadh imoibreora

Formheasta

Gan fhormheas

Neamh-infheidhme

Loscadh i dtornóg rothlach

Formheasta

Formheasta

Formheasta

Stua plasma argóin

Formheasta

Formheasta

Neamh-infheidhme

Plasma radaimhinicíochta arna chúpláil go hionduchtach

Formheasta

Formheasta

Neamh-infheidhme

Plasma micreathoinne

Formheasta

Gan fhormheas

Neamh-infheidhme

Stua plasma nítrigine

Formheasta

Gan fhormheas

Neamh-infheidhme

Díhalaiginiú catalaíoch gásphas

Formheasta

Gan fhormheas

Neamh-infheidhme

Imoibreoir gaile fhorthéite

Formheasta

Gan fhormheas

Neamh-infheidhme


(1)  Déanfar substaintí rialaithe nach bhfuil liostaithe thíos a dhíothú trí leas a bhaint as an teicneolaíocht díothaithe is inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de ar teicneolaíocht í nach ngabhann costais iomarcacha léi.

(2)  Baineann foinsí tiubhaithe le substaintí íona, aisghabháilte agus mínghlanta a ídíonn ózón.

(3)  Baineann substaintí caolaithe le substaintí a ídíonn ózón agus atá i maitrís solaid, mar shampla, cúr.

(4)  De bharr an chritéir maidir le EDB, tá acmhainneacht teicneolaíochta ann ar a bhfuil formheas na teicneolaíochta bunaithe. Ní hionann sin agus an fheidhmíocht a bhaintear amach ar bhonn laethúil, rud a rialófar trí chaighdeáin íosta náisiúnta.

(5)  Formheasta ag na Páirtithe.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1 agus Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1) an chéad fhomhír

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(1) an dara fomhír

Airteagal 10(2) agus (4)

Airteagal 3(2) pointe (i)

Airteagal 4

Airteagal 3(2) pointe (ii), an chéad fhomhír

Airteagal 3(2) pointe (ii), an dara fomhír

Airteagal 12(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 11(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 10(6) an chéad abairt

Airteagal 3(5)

Airteagal 10(7)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(7)

Airteagal 10(8)

Airteagal 3(8)

Airteagal 14(2)

Airteagal 3(9)

Airteagal 14(3)

Airteagal 3(10)

Airteagal 14(4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(2) pointe (i)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(2) pointe (ii)

Airteagal 4(2) pointe (iii) an chéad fhomhír

Airteagal 12(1) agus (2)

Airteagal 4(2) pointe (iii) an dara fomhír

Airteagal 26(1) pointe (a)

Airteagal 4(2) pointe (iii) an tríú fomhír

Airteagal 12(2)

Airteagal 4(2) pointe (iv)

Airteagal 4(3) pointe (i)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(3) pointe (ii)

Airteagal 4(3) pointe (iii)

Airteagal 4(3) pointe (iv)

Airteagal 4(4) pointe (i)(a)

Airteagal 9

Airteagal 4(4) pointe (i)(b) an chéad fhleasc

Airteagal 7(1) agus Airteagal 8(1)

Airteagal 4(4) pointe (i)(b) an dara fleasc

Airteagal 10(1) agus Airteagal 12(3)

Airteagal 4(4) pointe (ii)

Airteagal 4(4) pointe (iii)

Airteagal 4(4) pointe (iv) an chéad abairt

Airteagal 13(1)

Airteagal 4(4) pointe (iv) an dara habairt

Airteagal 27(1)

Airteagal 4(4) pointe (v)

Airteagal 6(2)

Airteagal 4(5)

Airteagal 14(1)

Airteagal 4(6)

Airteagal 6

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2) pointe (a)

Airteagal 11(2)

Airteagal 5(2) pointe (b)

Airteagal 7(1)

Airteagal 5(2) pointe (c)

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4) an chéad abairt

Airteagal 11(8)

Airteagal 5(4) an dara habairt

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(6)

Airteagal 5(7)

Airteagal 11(8)

Airteagal 6(1) an chéad abairt

Airteagal 15(3)

Airteagal 6(1) an dara habairt

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 18(5)

Airteagal 6(5)

Airteagal 18(9)

Airteagal 7

Airteagal 16(1)

Airteagal 8

Airteagal 20(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 21

Airteagal 10

Airteagal 20(2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 20(1)

Airteagal 11(3)

Airteagal 20(1)

Airteagal 11(4)

Airteagal 12(1)

Airteagal 17(4)

Airteagal 12(2)

Airteagal 18(4)

Airteagal 12(3)

Airteagal 18(5)

Airteagal 12(4)

Airteagal 18(3) agus (4)

Airteagal 13

Airteagal 20(3)

Airteagal 14

Airteagal 20(4)

Airteagal 15

Airteagal 16(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 22(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 16(5)

Airteagal 22(5)

Airteagal 16(6)

Airteagal 16(7)

Airteagal 17

Airteagal 23

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 25

Airteagal 20(1)

Airteagal 28(3)

Airteagal 20(2)

Airteagal 28(3)

Airteagal 20(3)

Airteagal 28(1)

Airteagal 20(4)

Airteagal 28(2)

Airteagal 20(5)

Airteagal 28(4)

Airteagal 21

Airteagal 29

Airteagal 22

Airteagal 24

Airteagal 23

Airteagal 30

Airteagal 24

Airteagal 31

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VI


31.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/31


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1006/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an soláthar bliantúil staidrimh i ndáil leis an tsochaí faisnéise a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), sriantar é ar feadh tréimhse suas go cúig bliana tagartha tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin agus tiocfaidh deireadh leis sa bhliain 2009. Tá gá leanúnach, áfach, ar leibhéal an Chomhphobail, leis an soláthar bliantúil faisnéise comhleanúnaí staidrimh ar réimse na sochaí faisnéise.

(2)

Leag Comhairle Eorpach Mhárta 2005 béim ar a thábhachtaí atá sé sochaí faisnéise atá go hiomlán uilechuimsitheach a thógáil, agus í bunaithe ar úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (ICTanna) i seirbhísí poiblí, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) agus i dteaghlaigh.

(3)

D’aithin Comhairle Eorpach Mhárta 2006 an tábhacht mhór atá le húsáid níos táirgiúla ICTanna i ngnóthaí agus in eagraíochtaí riaracháin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis i2010 a chur chun feidhme le fuinneamh. Leis an straitéis sin, déantar geilleagar digiteach atá oscailte agus iomaíoch a chur chun cinn agus tugtar suntas do ICT mar thiománaí i gcomhair uilechuimsitheachta agus ardchaighdeáin maireachtála. Glactar léi mar ghné thábhachtach de chomhpháirtíocht athnuaite Liospóin le haghaidh foráis agus fostaíochta.

(4)

In Aibreán 2006, thacaigh Grúpa Ardleibhéil i2010, arna chur ar bun le Cinneadh 2006/215/CE ón gCoimisiún (3), le creat tagarmharcála i2010, lena leagtar amach liosta táscairí tábhachtacha chun forbairt na sochaí faisnéise Eorpaí a thagarmharcáil de réir mar atá leagtha síos i straitéis i2010.

(5)

Le Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Creat-Chlár Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (4) cuidítear le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta a mhéadú sa Chomhphobal, le cur chun cinn na sochaí eolais a chur ar aghaidh, agus le forbairt inbhuanaithe a chothú atá bunaithe ar fhorás cothrom eacnamaíoch. Leis an gCinneadh sin, ceanglaítear ar an gComhphobal bonn fónta anailíse a áirithiú dó féin chun tacú le ceapadh beartais i roinnt réimsí. Tacaíonn an creat-chlár arna chur ar bun leis an gCinneadh sin le gníomhaíochtaí le haghaidh anailísí beartais atá bunaithe ar staidreamh oifigiúil.

(6)

Éilítear leis an Dearbhú Aireachta ar r-Uilechuimsitheacht, a glacadh i Ríge an 11 Meitheamh 2006, go mbeadh sochaí faisnéise uilechuimsitheach ann. Leagann sé síos an creat i gcomhair beartais chuimsithigh ar r-Uilechuimsitheacht agus tugann sé aghaidh ar shaincheisteanna i réimsí amhail an tsochaí atá ag aosú, an bhearna dhigiteach ó thaobh na geografaíochta de, inrochtaineacht, litearthacht dhigiteach agus inniúlachtaí digiteacha, éagsúlacht chultúrtha agus seirbhísí poiblí uilechuimsitheacha ar líne. Iarrtar ar an gCoimisiún ann tacú le bailiú fianaise agus le tagarmharcáil laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de.

(7)

Maidir leis na táscairí chun tagarmharcáil a dhéanamh ar fhorbairt na sochaí faisnéise mar a cuireadh in iúl i straitéisí polaitiúla an Chomhphobail, amhail creat tagarmharcála i2010 de chuid straitéis i2010 agus na forbairtí breise air faoi straitéis Liospóin, ba cheart iad a bhunú ar fhaisnéis chomhleanúnach staidrimh.

(8)

Ba cheart go gcuirfeadh an leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (5) san áireamh.

(9)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo leis an ualach atá ar fhreagróirí agus ar údaráis staidrimh náisiúnta, ar ualach é a thomhaistear de réir líon na n-athraitheach sainordaitheach nó fhad na n-agallamh, maidir le bailiú agus le tarchur staidrimh chomhchuibhithe i gcomparáid leis an staid a bhí ann sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 a leasú dá réir.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 leis seo mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

‘1.   Beidh ar áireamh sa staidreamh atá le tiomsú faisnéis atá úsáideach i ndáil leis na táscairí struchtúracha agus atá ag teastáil chun straitéisí polaitiúla an Chomhphobail maidir le forbairt an spáis faisnéise Eorpaigh, le nuálaíocht i gcúrsaí gnó agus leis an tsochaí faisnéise Eorpach a thagarmharcáil, amhail creat tagarmharcála i2010 agus forbairtí air faoi straitéis Liospóin, agus faisnéis eile is gá chun bonn aonfhoirmeach a sholáthar ar a ndéanfar anailís ar an tsochaí faisnéise.’;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

An tslí ina ndéileáiltear le sonraí agus sonraí a tharchur agus a scaipeadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a éilítear leis an Rialachán seo, agus le bearta cur chun feidhme an Rialacháin seo, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (7) ar tharchur sonraí rúnda.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a éilítear leis an Rialachán seo a tharchur i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe arna chomhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

3.   Beidh feidhm ag Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis an tslí ina ndéileáiltear le sonraí rúnda agus maidir le scaipeadh sonraí rúnda.

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

Cáilíocht staidrimh agus tuarascálacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit caighdeán na sonraí a tharchuirtear a áirithiú.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta arna leagan síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Gach bliain, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear mar aon le haon athruithe modheolaíocha a bheidh déanta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat). Soláthrófar an tuarascáil aon mhí amháin tar éis tharchur na sonraí.’;

4.

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle 13 Iúil 2009.

(2)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 49.

(3)  IO L 80, 17.3.2006, lch. 74.

(4)  IO L 310, 9.11.2006, lch. 15.

(5)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(6)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(7)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.’;


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Modúl 1: Fiontair agus an tSochaí faisnéise

(1)   Aidhmeanna

Is é is aidhm don mhodúl seo staidreamh a sholáthar go tráthúil i ndáil le fiontair agus an tsochaí faisnéise. Soláthraítear creat leis le haghaidh na riachtanas i dtéarmaí a bhaineann leis an gcumhdach, le ré agus le tréimhsiúlacht, leis na hábhair atá cumhdaithe, le miondealú ar na sonraí a sholáthrófar, leis an gcineál sonraí a sholáthrófar agus le haon staidéir phíolótacha nó féidearthachta atá riachtanach.

(2)   Cumhdach

Cumhdaítear an modúl seo gníomhaíochtaí gnó faoi Roinn C go Roinn N agus faoi Roinn R agus faoi Rannán 95 den aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE REV. 2).

Tiomsófar staidreamh maidir le haonaid fhiontraíochta.

(3)   Ré agus tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí

Soláthrófar staidreamh go bliantúil ar feadh tréimhse suas go 15 bliana tagartha ón 20 Bealtaine 2004. Ní gá go soláthrófar gach saintréith gach bliain; déanfar tréimhsiúlacht an tsoláthair maidir le gach saintréith ar leith a shonrú agus a aontú mar chuid de na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8.

(4)   Na hábhair atá cumhdaithe

Bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe atá le soláthar:

córais ICT agus an chaoi a n-úsáidtear iad i bhfiontair,

úsáid an idirlín agus gréasán leictreonach eile ag fiontair,

r-thráchtáil,

próisis r-ghnó agus gnéithe eagrúcháin,

úsáid ICT ag fiontair chun faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus lucht riaracháin phoiblí (r-rialtas),

inniúlacht ICT san aonad fiontraíochta agus an gá le scileanna ICT,

bacainní ar úsáid ICT, an idirlín agus gréasán leictreonach eile, agus próiseas r-thráchtála agus r-ghnó,

caiteachas agus infheistíocht ICT,

slándáil agus iontaofacht ICT,

úsáid ICT agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol (ICT Glas),

rochtain ar an idirlíon agus ar theicneolaíochtaí gréasáin eile, agus úsáid na nithe sin, chun nithe agus feistí a cheangal le chéile (Idirlíon na Rudaí Nithiúla),

rochtain ar theicneolaíochtaí, agus úsáid teicneolaíochtaí, trína soláthraítear an cumas chun dul i gceangal leis an idirlíon nó le gréasáin eile ó áit ar bith in am ar bith (lúdracht uileláithreach).

Ní chumhdófar gach ábhar gach bliain.

(5)   Miondealú ar sholáthar sonraí

Ní gá go ndéanfar gach miondealú a sholáthar gach bliain; bainfear leas as an liosta seo a leanas chun na miondealuithe a tharraingt suas, agus cineál na n-aonad staidrimh, an cháilíocht a bhfuiltear ag súil léi maidir leis na sonraí staidrimh agus méid iomlán na samplála á gcur san áireamh. Aontófar na miondealuithe mar chuid de na bearta cur chun feidhme:

de réir aicme méide,

de réir cheannteideal NACE,

de réir réigiúin: beidh miondealuithe de réir réigiúin teorannaithe do thrí ghrúpáil ar a mhéid.

(6)   An cineál sonraí a sholáthrófar

Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí comhiomlána chuig an gCoimisiún (Eurostat).

(7)   Staidéir fhéidearthachta agus phíolótacha

Aon uair a shainaithnítear riachtanais nua shuntasacha maidir le sonraí, nó aon uair atá gá le táscairí nua de chineál casta, tionscnóidh an Coimisiún staidéir fhéidearthachta nó phíolótacha a bheidh le cur i gcrích ar bhonn deonach ag na Ballstáit sula mbaileofar aon sonraí. Leis na staidéir sin, déanfar measúnacht ar an bhféidearthacht a bhaineann le bailiú na sonraí faoi seach, agus na buntáistí a bhaineann le hinfhaighteacht na sonraí i gcoibhneas leis an gcostas bailiúcháin agus an ualach ar fhreagróirí á gcur san áireamh. Trí thorthaí na staidéar féidearthachta nó píolótach seo, rannchuideofar le sainiú táscairí nua.

IARSCRÍBHINN II

Modúl 2: Daoine aonair, teaghlaigh agus an tsochaí faisnéise

(1)   Aidhmeanna

Is é is aidhm don mhodúl seo staidreamh a sholáthar go tráthúil i ndáil le daoine aonair, le teaghlaigh agus leis an tsochaí faisnéise. Soláthraítear creat leis le haghaidh na riachtanas i dtéarmaí a bhaineann leis an gcumhdach, le ré agus le tréimhsiúlacht, leis na hábhair atá cumhdaithe, le saintréithe cúlra shocheacnamaíoch na sonraí a sholáthrófar, leis an gcineál sonraí a sholáthrófar agus le haon staidéir phíolótacha nó féidearthachta atá riachtanach.

(2)   Cumhdach

Cumhdaíonn an modúl seo staidreamh i ndáil le daoine aonair agus teaghlaigh.

(3)   Ré agus tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí

Soláthrófar staidreamh go bliantúil ar feadh tréimhse suas go 15 bliana tagartha ón 20 Bealtaine 2004. Ní gá go soláthrófar gach saintréith gach bliain; déanfar tréimhsiúlacht an tsoláthair maidir le gach saintréith ar leith a shonrú agus a aontú mar chuid de na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8.

(4)   Na hábhair atá cumhdaithe

Bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí do na saintréithe atá le soláthar:

rochtain ar ICT agus úsáid ICT ag daoine aonair agus/nó ag teaghlaigh,

úsáid an idirlín agus gréasán leictreonach eile ag daoine aonair agus/nó ag teaghlaigh le haghaidh cuspóirí éagsúla,

slándáil agus iontaofacht ICT,

inniúlacht agus scileanna ICT,

bacainní ar úsáid ICT agus an idirlín,

iarmhairtí a bhraitear a bheith ann do dhaoine aonair agus/nó do theaghlaigh mar gheall ar úsáid ICT,

úsáid ICT ag daoine aonair chun faisnéis agus seirbhísí a mhalartú le rialtais agus le lucht riaracháin phoiblí (r-rialtas),

rochtain ar theicneolaíochtaí, agus úsáid teicneolaíochtaí, lena gcumasaítear dul i gceangal leis an idirlíon nó le gréasáin eile ó áit ar bith in am ar bith (lúdracht uileláithreach).

Ní chumhdófar gach ábhar gach bliain.

(5)   Saintréithe cúlra shocheacnamaíoch maidir le soláthar sonraí

Ní gá go ndéanfar gach saintréith chúlra a sholáthar gach bliain; bainfear leas as an liosta seo a leanas mar fhoinsí chun na saintréithe cúlra a tharraingt suas agus aontófar na saintréithe cúlra mar chuid de na bearta cur chun feidhme:

(a)

i gcás staidrimh a sholáthrófar maidir le teaghlaigh:

de réir cineáil teaghlaigh,

de réir grúpa ioncaim,

de réir réigiúin.

(b)

i gcás staidrimh a sholáthrófar maidir le daoine aonair:

de réir aoisghrúpa,

de réir inscne,

de réir leibhéil oideachais,

de réir staide fostaíochta,

de réir stádais pósta de facto,

de réir tíre breithe, saoránachta,

de réir réigiúin.

(6)   An cineál sonraí a sholáthrófar

Tarchuirfidh na Ballstáit taifid aonair sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat), ach ní cheadófar na haonaid staidrimh lena mbaineann a shainaithint go díreach trí na taifid sin.

(7)   Staidéir fhéidearthachta agus phíolótacha

Aon uair a shainaithnítear riachtanais nua shuntasacha maidir le sonraí nó aon uair atá gá le táscairí nua de chineál casta, tionscnóidh an Coimisiún staidéir fhéidearthachta nó phíolótacha a bheidh le cur i gcrích ar bhonn deonach ag na Ballstáit sula mbaileofar aon sonraí. Leis na staidéir sin, déanfar measúnacht ar an bhféidearthacht a bhaineann le bailiú na sonraí faoi seach, agus na buntáistí a bhaineann le hinfhaighteacht na sonraí i gcoibhneas leis an gcostas bailiúcháin agus leis an ualach ar fhreagróirí á gcur san áireamh. Trí thorthaí na staidéar féidearthachta nó píolótach seo rannchuideofar le sainmhíniú táscairí nua.


31.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/36


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1007/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

maidir le trádáil i dtáirgí róin

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is neacha mothaitheacha iad rónta ar féidir leo pian, anacair, eagla agus cineálacha eile fulaingthe a bhrath. Ina dearbhú maidir le táirgí róin a thoirmeasc san Aontas Eorpach (3), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialachán a dhréachtú maidir le hallmhairiú, le honnmhairiú agus le díol táirgí uile a fhaightear as rónta Graonlannacha agus rónta cochallacha a thoirmeasc. Ina rún an 12 Deireadh Fómhair 2006 i ndáil le Plean Gníomhaíochta an Chomhphobail maidir le Cosaint agus Leas Ainmhithe 2006-2010 (4), d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún toirmeasc iomlán ar allmhairiú táirgí róin a mholadh. Ina Moladh 1776 (2006) an 17 Samhain 2006 maidir le fiach rónta, mhol Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa iarradh ar na Ballstáit de Chomhairle na hEorpa ina bhfiachtar rónta toirmeasc a chur ar na modhanna cruálacha seilge uile nach gcinntíonn bás na n-ainmhithe láithreach agus gan fulaingt, ionstraimí ar nós hakapik, maidí agus gunnaí a úsáidtear chun néal a chur ar ainmhithe a thoirmeasc agus tionscnaimh a chur chun cinn a bheidh dírithe ar thrádáil táirgí róin a thoirmeasc.

(2)

Toirmisctear seithí laonna róin Ghraonlannaigh agus laonna róin chochallaigh agus táirgí a dhíorthaítear astu a allmhairiú isteach sna Ballstáit chun críocha tráchtála faoi Threoir 83/129/CEE ón gComhairle an 28 Márta 1983 maidir le seithí laonna róin áirithe agus táirgí a dhíorthaítear astu a allmhairiú isteach sna Ballstáit (5).

(3)

Déantar rónta a fhiach laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal agus úsáidtear iad chun táirgí agus chun earraí, amhail feoil, ola, blonag, orgáin, seithí fionnaidh agus earraí a dhéantar astu a fháil lena n-áirítear táirgí amhail capsúil Omega-3 agus baill éadaigh ina bhfuil seithí agus fionnadh róin próiseáilte. Díoltar na táirgí sin ar bhonn tráchtála ar mhargaí éagsúla, lena n-áirítear margadh an Chomhphobail. De bharr nádúr na dtairgí sin, is deacair nó is dodhéanta do thomhaltóirí idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí sin agus táirgí cosúil leo nach ndíorthaítear ó róin.

(4)

I ngeall ar an bhfiach rónta thosaigh rialtais agus daoine den phobal atá íogair maidir le cúrsaí leasa ainmhithe, ag léiriú a míshástachta ar an bpian, an anacair, an eagla agus na cineálacha eile anó a fhulaingíonn na hainmhithe sin leis an tslí is minice a ndéantar róin a mharú agus a fheannadh.

(5)

Mar fhreagra ar imní saoránach agus tomhaltóirí maidir le gnéithe leasa ainmhithe i ndáil le marú agus feannadh rónta agus dá bharr sin go bhféadfadh táirgí a bheith ar an margadh a fuarthas ó ainmhithe a maraíodh nó a feannadh ar shlí a bhí ina cúis le pian, le hanacair, le heagla nó le cineálacha eile fulaingthe, tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a ghlacadh nó tá sé beartaithe acu reachtaíocht a ghlacadh, lena rialálfar trádáil i dtáirgí róin trí thoirmeasc a chur ar a n-allmhairiú agus ar táirgeadh na dtáirgí sin, cé nach gcuirtear srianta ar bith ar thrádáil na dtáirgí seo i mBallstáit eile.

(6)

Mar sin, tá difríochtaí idir forálacha náisiúnta lena rialaítear trádáil, allmhairiú, táirgeadh agus margú táirgí róin. Déanann na difríochtaí sin dochar d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí a bhfuil táirgí róin iontu nó a bhféadfadh táirgí róin a bheith iontu agus is bacainní iad ar thrádáil táirgí den sórt sin.

(7)

D’fhéadfadh na forálacha éagsúla sin atá ann tuilleadh drochmhisní a chur ar thomhaltóirí táirgí nach ndéantar as rónta a cheannach, ach nach féidir a idirdhealú go héasca ó earraí cosúil leo siúd a dhéantar as rónta, nó táirgí a d’fhéadfadh eilimintí nó comhábhair a fhaightear ó rónta a bheith iontu gan a leithéid a bheith so-aitheanta go soiléir, amhail fionnaidh, capsúil agus olaí Omega-3 agus earraí leathair.

(8)

Ba cheart go gcomhchuibheodh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo na rialacha maidir le gníomhaíochtaí tráchtála i ndáil le táirgí róin sa Chomhphobal ar fad agus mar thoradh air sin suaitheadh an mhargaidh inmheánaigh a chosc maidir leis na táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear táirgí coibhéiseacha, nó a d’fhéadfaí a chur in ionaid táirgí róin.

(9)

I gcomhréir leis an bPrótacal ar chosaint agus leas ainmhithe atá i gceangal leis an gConradh, tabharfaidh an Comhphobal aird iomlán ar na ceanglais leasa ainmhithe agus, inter alia, beartas an mhargaidh inmheánaigh á cheapadh agus á chur chun feidhme aige. Ba cheart go gcuirfeadh na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo cúinsí leasa ainmhithe go hiomlán san áireamh.

(10)

D’fhonn deireadh a chur leis an ilroinnt atá sa mhargadh inmheánach faoi láthair, ní mór foráil a dhéanamh do rialacha comhchuibhithe agus cúrsaí leasa ainmhithe á gcur san áireamh. D’fhonn cur i gcoinne bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí lena mbaineann ar bhealach éifeachtach agus comhréireach, níor cheart go gceadófaí táirgí róin a chur ar an margadh, mar riail ghinearálta, chun muinín na dtomhaltóirí a athbhunú, agus ag an am céanna chun freastal iomlán a dhéanamh ar imní leasa ainmhithe. Ós rud é go mbaineann imní na saoránach agus na dtomhaltóirí le marú agus le feannadh rónta sa cháil sin, ní mór freisin gníomhú chun an t-éileamh is cúis le táirgí róin a chur ar an margadh a laghdú agus as sin an t-éileamh eacnamaíochta is cúis le fiach tráchtála rónta. D’fhonn forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú, ba cheart go mbeadh na rialacha comhchuibhithe sin curtha i bhfeidhm ag an tráth nó ag an bpointe allmhairithe do tháirgí allmhairithe.

(11)

Cé go bhféadfadh sé a bheith indéanta rónta a mharú agus a fheannadh i slí is go ndéanfaí pian, anacair, eagla agus cineálacha eile fulaingthe nach gá a sheachaint, nuair a chuirtear san áireamh na dálaí ina dtarlaíonn fiach rónta, ní féidir deimhniú nó srianadh leanúnach nó praiticiúil a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglais leasa ainmhithe ag sealgairí nó bheadh a leithéid an-deacair a bhaint amach ar a laghad ar bhealach éifeachtach, faoi mar atá ráite ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia an 6 Nollaig 2007.

(12)

Is léir freisin nach mbainfí an toradh céanna amach le cineálacha eile de rialacha comhchuibhithe, amhail ceanglais lipéadaithe. Ina theannta sin, dá gcuirfí de cheangal ar mhonaróirí, ar dháileoirí nó ar mhiondíoltóirí táirgí a lipéadú a dhíorthaítear go hiomlán nó i bpáirt ó rónta, bheadh ualach suntasach ar na hoibreoirí eacnamaíocha sin agus bheadh costas díréireach ag baint leis i gcásanna nach mbeadh táirgí róin ach ina gcuid bheag den táirge lena mbaineann. Ós a choinne sin, beidh sé níos éasca na bearta sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus tomhaltóirí á gcur ar a suaimhneas chomh maith.

(13)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil na rialacha comhchuibhithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo lánéifeachtach, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin, ní amháin maidir le táirgí róin a thagann ón gComhphobal, ach maidir leis na táirgí sin a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha.

(14)

Níor cheart dochar a dhéanamh do leasa bunúsacha eacnamaíocha agus sóisialta na bpobal Ionúiteach, a bhíonn ag fiach rónta chun a mbeatha a shaothrú. Is bunchuid de chultúr agus de chéannacht na sochaí Ionúití é an fiach, agus sa cháil sin dó tugann Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasacha aitheantas dó. Dá bhrí sin, ba cheart go gceadófaí táirgí róin a thagann ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha agus pobail dhúchasacha eile agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú, a chur ar an margadh.

(15)

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí róin a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha eile Comhphobail agus náisiúnta lena rialaítear fiach rónta.

(16)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfar iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6).

(17)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha a shainiú maidir le táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha agus pobail dhúchasacha eile go traidisiúnta agus a chuidíonn leo a mbeatha a shaothrú; na coinníollacha a shainiú maidir le táirgí róin a allmhairiú atá de nádúr ócáideach, agus arb é atá iontu go heisiach earraí le haghaidh úsáid phearsanta taistealaithe nó a dteaghlach; agus na coinníollacha a shainiú do cheadú táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ón bhfiach arna rialú ag an dlí náisiúnta arb é is aidhm leis bainistiú inbhuanaithe acmhainní mara. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(18)

D’fhonn oibríochtaí forfheidhmithe arna gcur i gcrích ag na húdaráis náisiúnta ábhartha a éascú, ba cheart don Choimisiún nótaí teicniúla treorach a eisiúint ina ndéantar cur síos ar shonraí neamhcheangailteacha maidir le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte a d’fhéadfaidís táirgí a chumhdach atá faoi réir an Rialacháin seo.

(19)

Ba cheart go leagfadh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart go n-áiritheoidís go gcuirfí i bhfeidhm iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(20)

Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a ullmhú ar bhonn rialta maidir leis na bearta a ghlactar chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I bhfianaise na dtuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(21)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon deireadh a chur le constaicí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na toirmisc náisiúnta ar thrádáil i dtáirgí róin ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí róin a chur ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘rón’ eiseamail de na speicis uile eite-chosach (Phocidae, Otariidae agus Odobenidae);

2.

ciallaíonn ‘táirge róin’ na táirgí go léir, próiseáilte nó neamhphróiseáilte, a dhíorthaítear nó a fhaightear ó rónta, lena n-áirítear feoil, ola, blonag, orgáin agus seithí amh fionnaidh agus seithí fionnaidh súdaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear seithí fionnaidh a choimeáiltear i bplátaí, i gcrosa agus i bhfoirmeacha dá leithéid agus earraí a dhéantar as seithí fionnaidh;

3.

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ tabhairt isteach ar mhargadh an Chomhphobail agus, leis sin cur ar fáil do thríú páirtithe, ar íocaíocht;

4.

ciallaíonn ‘Ionúiteach’ daoine dúchasacha de chríoch dhúchais na nIonúiteach, eadhon na ceantair artacha agus fho-artacha sin ina bhfuil cearta agus leasa bundúchasacha ag na hIonúitigh faoi láthair nó go traidisiúnta, agus atá aitheanta ag na hIonúitigh mar dhaoine dá bpobal agus lena n-áirítear Inupiat, Yupik (Alasca), Ionúiteach, Inuvialuit (Ceanada), Kalaallit (an Ghraonlainn) agus Yupik (an Rúis);

5.

ciallaíonn ‘allmhairiú’ aon ghluaiseacht earraí isteach i gcríoch custam an Chomhphobail.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le cur ar an margadh

1.   Ní cheadófar táirgí róin a chur ar an margadh ach amháin i gcás ina dtagann na táirgí róin ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha agus pobail dhúchasacha eile go traidisiúnta agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú. Beidh na coinníollacha seo infheidhme ag an tráth nó ag an bpointe allmhairithe do tháirgí allmhairithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

ceadófar allmhairiú táirgí róin i gcás ina bhfuil sé de chineál ócáideach, agus nuair nach bhfuil ann go heisiach ach earraí d’úsáid phearsanta taistealaithe nó a dteaghlach. Ní bheidh cineál ná cainníocht na n-earraí sin amhlaidh go dtuigfí leis go bhfuil siad á n-allmhairiú ar chúiseanna tráchtála;

(b)

ceadófar táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ó sheachtháirgí fiaigh arna rialú ag an dlí náisiúnta agus arb é is aidhm leo an bainistiú inbhuanaithe acmhainní mara a chur ar an margadh. Ní cheadófar na táirgí sin a chur ar an margadh ach ar bhonn neamhbhrabúsach. Ní léireoidh nádúr ná cainníocht na dtáirgí róin sin go bhfuil siad á gcur ar an margadh ar chúiseanna tráchtála.

Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm na míre seo dochar do ghnóthú chuspóir an Rialacháin seo.

3.   Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), nótaí teicniúla treorach ina leagtar amach liosta táscach maidir le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte a d’fhéadfadh táirgí róin atá faoi réir an Rialacháin seo a chumhdach.

4.   Gan dochar do mhír 3, glacfar bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

Maidir leis na táirgí róin a chomhlíonann an Rialachán seo, ní chuirfidh na Ballstáit bac ar a gcur ar an margadh.

Airteagal 5

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste, arna bhunú faoi Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le fána agus flora fiáin a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (7), cúnamh don Choimisiún. Féadfaidh an coiste dul i gcomhairle le coistí rialúcháin eile atá ann de réir mar is gá, amhail an Buanchoiste ar an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus riachtanais ghinearálta dhlí an bhia lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (8).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 6

Pionóis agus forfheidhmiú

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 20 Lúnasa 2010, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú iardain orthu.

Airteagal 7

Tuairisciú

1.   Faoin 20 Samhain 2011 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil isteach chuig an gCoimisiún ina dtabharfar breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí a dhéantar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   I bhfianaise na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh gach tréimhse tuarascála lena mbaineann.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 20 Lunasa 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  Tuairim a tugadh an 26 Feabhra 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2009 (nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(3)  IO C 306 E, 15.12.2006, lch. 194.

(4)  IO C 308 E, 16.12.2006, lch. 170.

(5)  IO L 91, 9.4.1983, lch. 30.

(6)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(7)  IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

(8)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.