ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.284.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

52
30 Deireadh Fómhair 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme ( 2 )

1

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 988/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní ( 2 )

43

 


 

(1)   Faoin tagairt L 284 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

30.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) UIMH. 987/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 308 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 89 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, déantar na rialacha maidir le comhordú chórais slándála sóisialta na mBallstát a nuachóiriú, sonraítear na bearta agus na nósanna imeachta maidir lena gcur chun feidhme agus simplítear iad do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart rialacha cur chun feidhme a leagan síos.

(2)

Is eochair-thoisc é comhar níos dlúithe agus níos éifeachtaí a bheith ann idir institiúidí slándála sóisialta chun rochtain ar a gcearta a thabhairt do na daoine a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a luaithe is féidir agus faoi na coinníollacha is fearr.

(3)

Is oiriúnach an modh í an chumarsáid leictreonach chun sonraí a mhalartú ar dhóigh mhear iontaofa idir institiúidí na mBallstát. Ba chóir go gcuideodh próiseáil leictreonach sonraí le dlús a chur leis na nósanna imeachta do gach éinne lena mbaineann. Ba cheart freisin go mbainfeadh na daoine lena mbaineann tairbhe as na ráthaíochtaí go léir dá bhforáiltear sna forálacha Comhphobail maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

(4)

Ba chóir go n-éascófaí malartuithe idir institiúidí na mBallstát ach sonraí na gcomhlachtaí náisiúnta sin ar dóigh dóibh a bheith páirteach i gcur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (lena n-áirítear sonraí leictreonacha) a bheith ar fáil i bhfoirm inar féidir iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfíor-am. Maidir leis an gcur chuige seo a dhíríonn ar ábharthacht faisnéise glanfhíorasaí agus ar inrochtaineacht láithreach na saoránach uirthi, is luachmhar an simpliú é ar cheart go dtabharfaí isteach leis an Rialachán seo é.

(5)

D’fhonn an t-oibriú is rianúla is féidir a bhaint amach, agus ionas go ndéanfaí na nósanna imeachta casta lena gcuirtear chun feidhme na rialacha maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a bhainistiú go héifeachtúil, caithfidh córas a bheith ann chun nuashonrú a dhéanamh láithreach ar Iarscríbhinn 4. Le haghaidh ullmhú agus cur i bhfeidhm forálacha chuige sin, teastaíonn dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus ba cheart iad a chur chun feidhme go beo, ag féachaint do na hiarmhairtí a bhíonn ag moill ar shaoránaigh agus ar údaráis riaracháin araon. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcumhachtófaí don Choimisiún bunachar sonraí a bhunú agus a bhainistiú, agus ba cheart a áirithiú go mbeadh an bunachar sonraí sin oibríochtúil, ar a laghad ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ba cheart go háirithe go nglacfadh an Coimisiún na céimeanna uile is gá chun an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn 4 a chomhtháthú leis an mbunachar sonraí sin.

(6)

Le neartú nósanna imeachta áirithe, tiocfaidh feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar thrédhearcacht dóibh siúd a bhaineann leas as Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Mar shampla, ba chóir go gcuideofaí le soiléiriú agus struchtúrú an chaidrimh idir daoine árachaithe agus institiúidí ach teorainneacha ama comhchoiteanna a shocrú chun oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh nó cúraimí áirithe riaracháin a chríochnú.

(7)

Ba chóir go bhfaigheadh na daoine a chlúdaítear faoin Rialachán seo freagra tráthúil ón institiúid inniúil ar a n-iarrataí. Ba chóir go gcuirfí an freagra ar fáil ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann, i gcásanna ina bhfuil na teorainneacha ama sin ann. B’inmhianaithe go ndéanfadh Ballstáit nach bhfuil fóráil déanta ina reachtaíocht slándála sóisialta do na teorainneacha ama sin machnamh maidir leis na teorainneacha ama sin a ghlacadh agus iad a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann de réir mar is gá.

(8)

Ba cheart go mbeadh de rogha ag na Ballstáit, ag a n-údaráis inniúla agus ag na hinstitiúidí slándála sóisialta comhaontú eatarthu féin maidir le nósanna imeachta simplithe agus socruithe riaracháin a mheasann siad a bheith níos éifeachtaí agus níos oiriúnaí d’imthosca a gcóras slándála sóisialta faoi seach. Ach níor cheart go mbeadh tionchar ag na socraíochtaí sin ar chearta na ndaoine a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

(9)

Leis an gcastacht atá go smior i réimse na slándála sóisialta, ceanglaítear ar institiúidí uile na mBallstát iarracht ar leith a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine árachaithe ionas nach ndéanfar daoine a phionósú nach mbeidh a n-éileamh nó faisnéis áirithe curtha acu faoi bhráid na hinstitiúide atá freagrach as an iarratas sin a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus sa Rialachán seo.

(10)

Chun an institiúid inniúil a chinneadh, eadhon an institiúid a bhfuil feidhm ag a reachtaíocht nó a dhlíonn sochair áirithe a íoc, ní foláir d’institiúidí de bhreis agus Ballstát amháin imthosca an duine árachaithe agus imthosca na ndaoine den teaghlach a scrúdú. Chun a áirithiú go mbeidh cosaint ag an duine lena mbaineann ar feadh ré na cumarsáide is gá idir institiúidí, ba cheart foráil a dhéanamh do bhallraíocht shealadach i gcóras slándála sóisialta.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar lena chéile le linn dóibh áit chónaithe na ndaoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo agus ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leo a chinneadh agus, i gcás go mbeadh díospóid ann, ba cheart dóibh na critéir ábhartha uile a chur san áireamh leis an gceist a réiteach. Féadfar critéir dá dtagraítear san Airteagal iomchuí den Rialachán seo a áireamh orthu seo.

(12)

Is iomaí ceann de na bearta agus de na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo atá ceaptha chun trédhearcacht mhéadaithe a áirithiú i ndáil leis na critéir a chaithfidh institiúidí na mBallstát a chur i bhfeidhm faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Is toradh iad na bearta agus na nósanna imeachta sin ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, ar chinntí an Choimisiúin Riaracháin agus ar thaithí breis agus 30 bliain de bheith ag cur comhordú na gcóras slándála sóisialta i bhfeidhm i gcomhthéacs na saoirsí bunúsacha atá cumhdaithe sa Chonradh.

(13)

Leis an Rialachán seo, foráiltear do bhearta agus do nósanna imeachta chun soghluaisteacht fostaithe agus daoine dífhostaithe a chur chun cinn. Oibrithe imeallchríche atá dífhostaithe go hiomlán, féadfaidh siad iad féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta sa tír ina bhfuil cónaí orthu agus sa Bhallstát deiridh a raibh siad fostaithe ann. Níor cheart go mbeidís i dteideal sochar, áfach, ach ón mBallstát ina bhfuil cónaí orthu.

(14)

Is gá rialacha sonracha áirithe agus nósanna imeachta sonracha áirithe a bheith ann d’fhonn an reachtaíocht is infheidhme a shainiú chun go gcuirfí san áireamh tréimhsí inar chaith duine árachaithe am sna Ballstáit éagsúla ag tógáil clainne.

(15)

Ba cheart an gá atá le comhardaithe costas a roinnt idir Ballstáit a chur san áireamh i nósanna imeachta áirithe. I réimse na breoiteachta, go háirithe, ní foláir do na nósanna imeachta sin aird a thabhairt ar sheasamh na mBallstát a iompraíonn na costais a bhaineann le cead a thabhairt do dhaoine árachaithe rochtain a bheith acu ar a gcóras cúraim sláinte agus ar sheasamh na mBallstát a n-iompraíonn a n-institiúidí costais na sochar comhchineáil a fhaigheann daoine árachaithe dá gcuid i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu.

(16)

I gcomhthéacs sonrach Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha chun costais na sochar breoiteachta comhchineáil a sheasamh mar chuid de chóireálacha sceidealta, eadhon cóireálacha ar lena n-aghaidh a théann duine árachaithe chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé árachaithe nó ina bhfuil cónaí air. Ba cheart go sonrófaí oibleagáidí an duine árachaithe i dtaca le hiarratas a dhéanamh ar réamhúdarú agus go sonrófaí oibleagáidí na hinstitiúide i leith an othair i dtaca le coinníollacha an údaraithe. Ní foláir soiléiriú a dhéanamh freisin ar na hiarmhairtí maidir le hinmhuirearacht chostais an chúraim a fhaightear i mBallstát eile ar bhonn údaraithe.

(17)

Maidir leis an Rialachán seo, agus go háirithe na forálacha a bhaineann leis an bhfanacht lasmuigh den Bhallstát inniúil agus na forálacha a bhaineann le cóireáil sceidealta, níor cheart go gcoiscfí leo cur i bhfeidhm forálacha náisiúnta ar fabhraí iad, go háirithe a mhéid a bhaineann le costais a tabhaíodh i mBallstát eile a aisíoc.

(18)

D’fhonn muinín sna malartuithe a chaomhnú agus an riachtanas a chomhlíonadh i dtaca le córais slándála sóisialta na mBallstát a bhainistiú go fóinteach, tá fíorghá le nósanna imeachta níos ceangailtí chun laghdú a dhéanamh ar an am is gá chun na héilimh sin a íoc idir institiúidí de chuid Ballstát. Ba cheart, dá bhrí sin, na nósanna imeachta a neartú maidir le héilimh a phróiseáil a bhaineann le sochair breoiteachta agus le sochair dífhostaíochta.

(19)

Ba cheart na nósanna imeachta idir institiúidí a neartú don chúnamh frithpháirteach i ngnóthú éileamh slándála sóisialta d’fhonn go n-áiritheofaí gurbh éifeachtaí a dhéanfaí an gnóthú agus gur go rianúil a d’fheidhmeofaí na rialacha um chomhordú. Is bealach é an gnóthú éifeachtach freisin le mí-úsáidí agus calaois a chosc agus le dul i ngleic leo, agus bealach le hinbhuanaitheacht na scéimeanna slándála sóisialta a áirithiú. Mar chuid de seo, caithfear nósanna imeachta nua a ghlacadh, agus roinnt forálacha á dtógáil mar bhonn atá cheana féin i dTreoir 2008/55/CE ón gComhairle an 26 Bealtaine 2008 maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le tobhaigh, dleachtanna agus cánacha áirithe agus le bearta eile (4). Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta nua sin, i bhfianaise na taithí atá faighte tar éis cúig bliana de chur chun feidhme, agus ba cheart, go háirithe, coigeartú a dhéanamh orthu, más gá, lena chinntiú go mbeidh siad inoibrithe go hiomlán.

(20)

Chun críocha gnóthú sochar a íocadh ach nach raibh dlite, gnóthú ar íocaíochtaí sealadacha agus ranníocaíochtaí sealadacha, frithchúiteamh agus cúnamh sa ghnóthú, teorannaítear dlínse an Bhallstáit iarrtha do chaingne maidir le bearta um fhorghníomhú. Aon chaingean eile, tagann sé faoi dhlínse an Bhallstáit iarrthaigh.

(21)

Ní leanann sé de ghlacadh na bearta um fhorghníomhú sa Bhallstát iarrtha, go n–aithníonn an Ballstát sin an tsubstaint nó an bonn atá leis an éileamh.

(22)

Maidir leis na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas i ndáil lena gcearta agus lena n-oibleagáidí, is cuid thar a bheith tábhachtach é de ghaol muiníne leis na húdaráis inniúla agus le hinstitiúidí na mBallstát. Ba chóir go mbeadh treoir maidir le nósanna imeachta riaracháin san áireamh san fhaisnéis. Féadfar na daoine árachaithe, na daoine dá dteaghlach agus/nó a marthanóirí nó daoine eile a áireamh sna daoine lena mbaineann, ag brath ar na cúinsí.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta comhordaithe a ghlacadh chun feidhmiú éifeachtach saorghluaiseacht daoine a ráthú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr a fhéadfar an cuspóir a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(24)

Ba cheart go ngabhfadh an Rialachán seo ionad Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972 lena socraítear an nós imeachta chun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a chur chun feidhme i ndáil le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm maidir le daoine fostaithe agus lena dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh sa Chomhphobal (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Sainmhínithe

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn ‘an bun-Rialachán’ Rialachán (CE) Uimh. 883/2004;

(b)

ciallaíonn ‘an Rialachán cur chun feidhme’ an Rialachán seo; agus

(c)

beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sa bhun-Rialachán.

2.   De bhreis ar na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1,

(a)

ciallaíonn ‘pointe rochtana’ eintiteas:

(i)

a sholáthraíonn pointe teagmhála leictreonach;

(ii)

a sholáthraíonn ródú uathoibríoch a bheidh bunaithe ar an seoladh; agus

(iii)

a sholáthraíonn ródú cliste a bheidh bunaithe ar bhogearraí lena gcumasaítear seiceáil agus ródú uathoibríoch (mar shampla feidhm intleachta saorga) agus/nó idirghabháil an duine;

(b)

ciallaíonn ‘comhlacht idirchaidrimh’ aon chomhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil Ballstáit, le haghaidh ceann amháin nó níos mó de bhrainsí na slándála sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 3 den bhun-Rialachán d’fhonn freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar chúnamh chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm agus a chaithfidh na cúraimí a shanntar dó faoi Theideal IV den Rialachán cur chun feidhme a chomhlíonadh;

(c)

ciallaíonn ‘doiciméad’ tacar sonraí, is cuma cén meán a úsáidtear, atá struchtúraithe ar bhealach gurbh fhéidir é a mhalartú go leictreonach agus nach foláir a chur i bhfios chun go bhféadfaidh an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme feidhmiú;

(d)

ciallaíonn ‘Doiciméad Leictreonach Struchtúraithe’ aon doiciméad struchtúraithe i bhformáid arna sainiú do mhalartú leictreonach faisnéise idir Ballstáit;

(e)

ciallaíonn ‘tarchur trí mheán leictreonach’ tarchur sonraí dá mbaintear úsáid as trealamh leictreonach próiseála sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach) agus as sreanga, tarchur raidió, teicneolaíochtaí optúla nó aon mheán leictreamaighnéadach eile;

(f)

ciallaíonn ‘an Bord Iniúchta’ an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 74 den bhun-Rialachán.

CAIBIDIL II

Forálacha maidir le comhar agus malartuithe sonraí

Airteagal 2

Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin

1.   Chun críocha an Rialacháin cur chun feidhme, beidh malartuithe idir údaráis agus institiúidí na mBallstát agus daoine a fholaítear leis an mbun-Rialachán bunaithe ar phrionsabail na seirbhíse poiblí, na héifeachtúlachta, an chúnaimh ghníomhaigh, an tsoláthair thapa agus na rochtana tapa, lena n-áirítear rochtain leictreonach, go háirithe do dhaoine le míchumas agus do dhaoine aosta.

2.   Soláthróidh nó malartóidh na hinstitiúidí, gan mhoill, na sonraí uile is gá chun cearta agus oibleagáidí na ndaoine a bhfuil feidhm ag an mbun–Rialachán maidir leo a shuíomh agus a chinneadh. Déanfaidh na hinstitiúidí na sonraí a aistriú idir Ballstáit, go díreach iad féin nó go hindíreach trí na comhlachtaí idirchaidrimh.

3.   I gcás ina ndéanfaidh duine, trí dhearmad, faisnéis, doiciméid nó éilimh a chur faoi bhráid institiúide i gcríoch Ballstáit, seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme lonnaithe, déanfaidh an chéad institiúid a luadh, láithreach, an fhaisnéis, na doiciméid nó na héilimh a chur an athuair faoi bhráid na hinstitiúide arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme, ag sonrú di an dáta ar cuireadh faoina bráid i dtosach iad. Beidh an dáta sin ceangailteach ar an institiúid dheireanach a luadh. Ní féidir dliteanas a chur ar institiúidí Ballstáit ná ní mheasfar go ndearna siad cinneadh trí mhainneachtain gníomhú, de bhua moill a bhí ar insititiúidí Ballstát eile faisnéis, doiciméid nó éilimh a tharchur.

4.   I gcás ina ndéanfar na sonraí a aistriú go hindíreach trí chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit cinn scríbe, is ón dáta a fuair an comhlacht idirchaidrimh sin an t-éileamh a thosóidh na teorainneacha ama maidir le freagairt a thabhairt ar éilimh, amhail is dá mba rud é gurbh í an institiúid sa Bhallstát sin a fuair é.

Airteagal 3

Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leo

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann d’fhonn iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe a tugadh isteach leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme chun a chur ar a gcumas a gcearta a dhearbhú. Déanfaidh siad foráil freisin maidir le seirbhísí soláimhsithe a chur ar fáil.

2.   Maidir leis na daoine a mbeidh feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leo, ceanglófar orthu an fhaisnéis, na doiciméid nó an fhianaise thacaíochta is gá a chur faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha lena staid féin nó staid a dteaghlaigh a shuíomh, lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a shuíomh nó a choimeád ar bun agus leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na hoibleagáidí atá orthu fúithi a chinneadh.

3.   Le linn do na Ballstáit sonraí pearsanta a bhailiú, a tharchur nó a phróiseáil de bhun a reachtaíochta chun críocha an bun-Rialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh siad go mbeidh na daoine lena mbaineann ábalta a gcearta maidir le cosaint sonraí pearsanta a lánfheidhmiú, i gcomhréir le forálacha Comhphobail maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

4.   A mhéid is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, cuirfidh na hinstitúidí ábhartha an fhianaise faoi bhráid na n-institiúidí ábhartha agus eiseoidh siad na doiciméid chuig na daoine lena mbaineann gan mhoill agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Tabharfaidh an institiúid ábhartha fógra faoina cinneadh don éilitheoir a bhfuil cónaí air nó atá ag fanacht i mBallstát eile, go díreach nó trí chomhlacht idirchaidrimh Ballstát an chónaithe nó an fhanachta. Nuair a bheidh na sochair á ndiúltú, léireoidh sí freisin na cúiseanna a bhí leis an diúltú, na réitigh agus na tréimhsí a cheadaítear le haghaidh achomhairc. Seolfar cóip den chinneadh sin chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Airteagal 4

Formáid agus modh malartaithe na sonraí

1.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos struchtúr, inneachar agus formáid na ndoiciméad agus na ndoiciméad leictreonacha caighdeánaithe agus na rialacha mionsonraithe maidir lena malartú.

2.   Déanfar an tarchur sonraí idir na hinstitiúidí nó idir na comhlachtaí idirchaidrimh trí mheán leictreonach go direach nó go hindíreach trí na pointí rochtana faoi chreat slán comhchoiteann a fhéadfaidh rúndacht na sonraí agus cosaint malartuithe sonraí a ráthú.

3.   Ina gcumarsáid leis na daoine lena mbaineann, úsáidfidh na hinstitiúidí ábhartha na socruithe is iomchuí do gach cás agus tabharfaidh siad tús áite, a oiread agus is féidir, d’úsáid meán leictreonach. Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na socruithe praiticiúla le haghaidh faisnéis, doiciméad nó cinntí a sheoladh trí mheán leictreonach chuig an duine lena mbaineann.

Airteagal 5

Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile

1.   Doiciméid a eisíonn institiúid Ballstáit agus ina dtaispeántar staid an duine chun críocha chur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin agus an Rialacháin cur chun feidhme, agus fianaise thacaíochta ar ar a bonn a eisíodh na doiciméid, glacfaidh institiúidí na mBallstát eile leo fad is nach ndearna an Ballstát inar eisíodh iad iad a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí.

2.   I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, iarrfaidh institiúid an Bhallstáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisitheach agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar an doiciméad. Déanfaidh an institiúid eisitheach athbhreithniú ar na forais chun an doiciméad a eisiúint agus, más gá, é a tharraingt siar.

3.   De bhun mhír 2, i gcás ina mbeidh amhras faoin bhfaisnéis a sholáthair na daoine lena mbaineann, faoi bhailíocht doiciméid nó faoin bhfianaise thacaíochta, nó faoi chruinneas na bhfíricí a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, déanfaidh insitiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe, a mhéid is féidir, arna iarraidh sin don insitiúid inniúil, an fíorú is gá ar an bhfaisnéis sin nó ar an doiciméad sin.

4.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta ar chuir an institiúid a fuair an doiciméad a hiarraidh isteach. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair.

Airteagal 6

Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó ag údaráis dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh, déanfar an duine lena mbaineann a chur go sealadach faoi réir reachtaíochta ceann de na Ballstáit seo a leanas, agus an t-ord tosaíochta á chinneadh mar a leanas:

(a)

reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an duine ag gabháil dá chuid fostaíochta nó dá chuid féinfhostaíochta, go hiarbhír, más i mBallstát amháin atáthar ag gabháil don fhostaíocht nó don fhéinfhostaíocht;

(b)

reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe i gcás ina ndéanfaidh an duine lena mbaineann cuid dá ghníomhaíocht nó dá ghníomhaíochtaí ann nó i gcás nach mbeidh an duine sin fostaithe nó féinfhostaithe;

(c)

reachtaíocht an Bhallstáit inar iarradh cur i bhfeidhm a reachtaíochta den chéad uair, i gcás ina mbeidh duine ag gabháil do ghníomhaíocht nó do ghníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó.

2.   I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó maidir le cibé institiúid ba chóir na sochair comhchineáil nó na sochair airgid a sholáthar, beidh an duine lena mbaineann a d’fhéadfadh sochair a éileamh mura raibh aon díospóid ann, ar bhonn sealadach, i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann institiúid a áite cónaithe i bhfeidhm nó, mura bhfuil cónaí ar an duine sin ar chríoch ceann de na Ballstáit lena mbaineann, beidh sé i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann an institiúid i bhfeidhm arb í an institiúid í a cuireadh an iarraidh faoina bráid i dtosach.

3.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí nó idir na húdaráis lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an cheist a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta inar tharla an éagsúlacht dearcaí dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair.

4.   I gcás ina suífear nach í reachtaíocht Bhallstát na ballraíochta sealadaí an reachtaíocht is infheidhme nó nárbh í an institiúid a dheonaigh na sochair ar bhonn sealadach an institiúid inniúil, measfar go mbeidh an institiúid a aithníodh mar institiúid inniúil amhlaidh go haisghníomhach amhail is nach raibh an éagsúlacht dearcaí seo ann, ar a dheireanaí, ó dháta na ballraíochta sealadaí nó ó dháta chéad dheonú sealadach na sochar lena mbaineann.

5.   Más gá, déanfaidh an institiúid a sainaithníodh mar institiúid inniúil agus an institiúid a d’íoc na sochair airgid go sealadach nó a fuair ranníocaíochtaí go sealadach staid airgeadais an duine lena mbaineann a réiteach a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus le sochair airgid tirim a íocadh go sealadach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil III den Rialachán cur chun feidhme.

Na sochair chomhchineáil a dheonaigh institiúid go sealadach i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid inniúil iad a aisíoc i gcomhréir le Teideal IV den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 7

Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina mbeidh duine i dteideal sochar nó i gcás ina ndlífidh duine ranníocaíochtaí a íoc i gcomhréir leis an mbun-Rialachán, agus nach bhfuil an fhaisnéis go léir is gá ag an institiúid inniúil maidir leis an staid i mBallstát eile chun méid an tsochair sin nó na ranníocaíochta sin a ríomh go críochnaitheach, tabharfaidh an institiúid an sochar sin arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó ríomhfaidh sí an ranníocaíocht sin ar bhonn sealadach más féidir an ríomh sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ag an institiúid sin.

2.   Déanfar an sochar nó an ranníocaíocht lena mbaineann a athríomh a luaithe a dhéanfar an fhianaise thacaíochta nó na doiciméid tacaíochta uile is gá a sholáthar don institiúid lena mbaineann.

CAIBIDIL III

Forálacha ginearálta eile do chur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin

Airteagal 8

Socruithe riaracháin idir dhá Bhallstát nó níos mó

1.   Gabhfaidh forálacha an Rialacháin seo ionad na bhforálacha sin a leagtar síos sna socruithe do chur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den bhun-Rialachán, seachas na forálacha sin a bhaineann le socruithe maidir leis na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an mbun-Rialachán, ar chuntar go n-áireofar forálacha na socruithe sin in Iarscríbhinn 1 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Más gá, féadfaidh Ballstáit socruithe a thabhairt i gcrích eatarthu féin a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghabhann leis an mbun-Rialachán ar chuntar nach rachaidh socruithe den sórt sin chun dochar do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann agus ar choinníoll go n-áireofar in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme iad.

Airteagal 9

Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí

1.   Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, nó a n-údaráis inniúla, comhaontú ar nósanna imeachta eile seachas na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán cur chun feidhme, ar chuntar nach rachaidh na nósanna imeachta sin chun dochair do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann.

2.   Tabharfar fógra don Choimisiún Riaracháin faoi aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích chun na críche sin agus liostófar in Iarscríbhinn 1 den Rialachán cur chun feidhme iad.

3.   Forálacha atá i gcomhaontuithe cur chun feidhme a tugadh i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó a raibh an cuspóir céanna acu, nó ar comhchosúil iad, leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, agus a bheidh i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, agus a áirítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 574/72, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu, chun críocha an chaidrimh idir na Ballstáit sin, ar chuntar go n-áirítear iad freisin in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 10

Forluí sochar a chosc

D’ainneoin forálacha eile sa bhun-Rialachán, nuair a dhéanfar sochair atá dlite faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó a laghdú, a fhionraí nó a tharraingt siar go frithpháirteach, aon suimeanna nach n-íocfaí i gcás chur i bhfeidhm dian na rialacha a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar arna leagan síos le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann, déanfar iad a roinnt ar líon na sochar a chuirtear faoi réir laghdú, fionraí nó tarraingt siar.

Airteagal 11

Eilimintí chun cónaí a chinneadh

1.   I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí dhá Ballstát nó níos mó maidir le háit chónaithe duine a chinneadh a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leis, suífidh na hinstitiúidí sin de thoil a chéile lárionad leasa an duine lena mbaineann, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar fáil a bhfuil baint aici le fíorais ábhartha, a fhéadfaidh na nithe seo a leanas a áireamh, de réir mar is iomchuí:

(a)

ré agus leanúnachas na láithreachta ar chríoch na mBallstát lena mbaineann;

(b)

staid an duine, lena n-áirítear:

(i)

nádúr agus coinníollacha aon ghníomhaíochta a dhéantar, go háirithe an áit ina ndéantar an ghníomhaíocht go hiondúil, cobhsaíocht na gníomhaíochta, agus ré aon chonartha oibre;

(ii)

stádas a theaghlaigh agus a naisc teaghlaigh;

(iii)

cleachtadh aon ghníomhaíochta nach bhfaigheann an duine íocaíocht aisti;

(iv)

i gcás mac léinn, foinse a n-ioncaim;

(v)

a staid tithíochta, go háirithe cé chomh buan is atá sí;

(vi)

an Ballstát a meastar gurb ann atá cónaí ar an duine chun críocha cánach.

2.   I gcás nach dtiocfaidh comhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann as breithniú na gcritéar éagsúil bunaithe ar na fíricí ábhartha a leagtar amach i mír 1, an méid a chuir an duine in iúl a bheith ar intinn aige, faoi mar a dhealraíonn sé ó fhíricí agus ó imthosca den sórt sin, go háirithe na cúiseanna lenar tugadh ar an duine bogadh, measfar go mbeidh sé cinntitheach chun áit chónaithe iarbhír an duine sin a shuíomh.

Airteagal 12

Comhshuimiú tréimhsí

1.   Chun críocha Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil teagmháil le hinstitiúidí na mBallstát a raibh an duine árachaithe faoi réir a reachtaíochta freisin d’fhonn na tréimhsí uile a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin a chinneadh.

2.   Déanfar na tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe faoi seach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a shuimiú leis na tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile a mhéid is gá chun Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, ar chuntar nach bhforluífidh na tréimhsí sin.

3.   I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó cónaithe a cuireadh isteach i gcomhréir le hárachas éigeantach faoi reachtaíocht Ballstáit le tréimhse árachais a cuireadh isteach ar bhonn árachais shaorálaigh nó árachais leanúnaigh roghnaigh, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse a cuireadh isteach ar bhonn árachais éigeantaigh.

4.   I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó chónaithe seachas tréimhse choibhéiseach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit agus tréimhse choibhéiseach ar bhonn reachtaíochta Ballstáit eile, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse nach tréimhse choibhéiseach í.

5.   Aon tréimhse a mheastar a bheith coibhéiseach faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, is í institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta go héigeantach roimh an tréimhse sin, agus an institiúid sin amháin, a chuirfidh san áireamh í. I gcás nach raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíochta Ballstáit go héigeantach roimh an tréimhse sin, déanfaidh institiúid an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoina réir go héigeantach den chéad uair tar éis na tréimhse sin an tréimhse sin a chur san áireamh.

6.   I gcás nach bhféadfar tráth tréimhsí áirithe árachais nó cónaithe a chur isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a chinneadh go beacht, toimhdeofar nach bhforluíonn na tréimhsí sin le tréimhsí árachais nó cónaithe a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit eile, agus cuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir aird a thabhairt orthu go réasúnta i gcás ina mbeidh buntáiste le breith as sin don duine lena mbaineann.

Airteagal 13

Rialacha maidir le comhshó tréimhsí

1.   I gcás ina ndéanfar tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a shloinneadh in aonaid nach ionann iad agus na haonaid dá bhforáiltear le reachtaíocht Ballstát eile, is de réir na rialacha seo a leanas a dhéanfar an comhshó is gá chun críocha an chomhshuimithe faoi Airteagal 6 den bhun-Rialachán:

(a)

is í an tréimhse a bheidh le húsáid mar bhonn don chomhshó, an tréimhse arna cur i bhfios ag institiúid an Bhallstáit sin ar faoina reachtaíocht a cuireadh isteach an tréimhse;

(b)

i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí i laethanta, is i gcomhréir leis an tábla seo a leanas a ríomhfar comhshó ó laethanta go haonaid eile agus vice versa, chomh maith le hathrú idir scéimeanna éagsúla bunaithe ar laethanta:

Scéim bunaithe ar

Is ionann 1 lá agus

Is ionann 1 seachtain agus

Is ionann 1 mhí agus

Is ionann 1 ráithe agus

Uasmhéid laethanta in aon bhliain féilire amháin

5 lá

9 n-uaire an chloig

5 lá

22 lá

66 lá

264 lá

6 lá

8 n-uaire an chloig

6 lá

26 lá

78 lá

312 lá

7 lá

6 huaire an chloig

7 lá

30 lá

90 lá

360 lá

(c)

i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí ina n-aonaid eile seachas ina laethanta,

(i)

beidh trí mhí nó trí seachtaine déag coibhéiseach le ráithe amháin, agus vice versa;

(ii)

beidh bliain coibhéiseach le ceithre ráithe, 12 mhí nó 52 seachtain, agus vice versa;

(iii)

chun seachtainí a chomhshó go míonna agus vice versa, déanfar seachtainí agus míonna a chomhshó go laethanta i gcomhréir leis na rialacha maidir le comhshó na scéimeanna atá bunaithe ar sé lá sa tábla i bpointe (b).

(d)

I gcás tréimhsí a shloinntear ina gcodáin, déanfar na figiúirí sin a chomhshó go dtí an chéad slánuimhir eile is lú, agus na rialacha a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (c) á gcur i bhfeidhm. Maidir le codáin de bhlianta, déanfar iad a chomhshó ina míonna, mura scéim atá bunaithe ar ráithí í an scéim lena mbaineann.

(e)

Más codán d’aonad an toradh a bhíonn ar an gcomhshó faoin mír seo, glacfar an chéad slánuimhir eile is airde mar thoradh ar an gcomhshó faoin mír seo.

2.   Ní bheidh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 go mbeidh líon iomlán, do mhéid iomlán na dtréimhsí a cuireadh isteach in imeacht aon bhliana féilire amháin, is mó ná líon na laethanta a léirítear sa cholún deireanach atá sa tábla atá i mír 1(b), 52 seachtain, 12 mhí nó ceithre ráithe.

Más ionann na tréimhsí a bheidh le comhshó agus uaslíon iomlán bliantúil na dtréimhsí faoi reachtaíocht an Bhallstáit inar cuireadh isteach iad, ní bheidh tréimhsí, laistigh d’aon bhliain féilire amháin, ar giorra iad ná uaslíon féideartha bliantúil na dtréimhsí a bhforáiltear dóibh faoin reachtaíocht lena mbaineann, de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1.

3.   Déanfar an comhshó mar oibriú aonair amháin lena gcumhdófar na tréimhsí uile sin a cuireadh i bhfios mar chomhiomlán, nó déanfar le haghaidh gach bliana é, más ar bhonn bliain-ar-bhliain a cuireadh na tréimhsí i bhfios.

4.   I gcás ina gcuireann institiúid tréimhsí in iúl agus iad á sloinneadh i laethanta, léireoidh sí an tráth céanna más bunaithe ar chúig lá, ar shé lá nó ar sheacht lá atá an scéim atá á riar aici.

TEIDEAL II

AN REACHTAÍOCHT IS INFHEIDHME A CHINNEADH

Airteagal 14

Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, ‘duine a ghabhann de ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar ceann fostóra a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin, agus a ndéanann an fostóir sin é a phostú chuig Ballstát eile’, d’fhéadfadh sé gur duine é a earcaítear d’fhonn é a phostú, ar chuntar go bhfuil an duine lena mbaineann, díreach roimh thosach a chuid fostaíochta, faoi réir, cheana féin, ag reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil a fhostóir bunaithe.

2.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gurb ann is iondúil a dhéanann sé a ghníomhaíochtaí’, d’fhostóir ar gnách dó gabháil do ghníomhaíochtaí substaintiúla, seachas do ghníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí inmheánacha bainistíochta, i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe, ag cur san áireamh na critéir go léir arb iad saintréithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas lena mbaineann sé. Caithfidh na critéir ábhartha a bheith oiriúnach do shaintréithe sonracha gach fostóra agus d’fhíorchineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

3.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gur mar dhuine féinfhostaithe is iondúil a ghabhann sé de ghníomhaíocht’, do dhuine ar gnách dó gníomhaíochtaí substaintiúla a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. Go háirithe, caithfidh an duine sin a bheith ag gabháil don ghníomhaíocht sin ar feadh tréimhse roimh an dáta ar mian leis buntáiste a bhaint as forálacha an Airteagail sin, agus le linn aon tréimhse gníomhaíochta sealadaí i mBallstát eile, ní mór dó leanúint de na ceanglais maidir le gabháil dá ghníomhaíocht a chomhlíonadh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeidh sé in ann í a shaothrú ar fhilleadh dó.

4.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, is é cineál iarbhír na gníomhaíochta an critéar lena gcinnfear an bhfuil an ghníomhaíocht a dtéann an duine féinfhostaithe ag gabháil de i mBallstát eile ‘de shamhail’ na gníomhaíochta fostaíochta a dhéantar de ghnáth, seachas an tuairisc mar ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta a fhéadfaidh an Ballstát eile a thabhairt ar an ngníomhaíocht sin.

5.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, tagraíonn ‘duine arb iondúil go saothraíonn sé gníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó’ go háirithe, do dhuine:

(a)

a raibh gníomhaíocht á coimeád ar bun i mBallstát amháin aige, agus a raibh gníomhaíocht leithleach á cleachtadh aige go comhuaineach i mBallstát eile amháin nó níos mó, beag beann ar ré agus ar chineál na gníomhaíochta leithlí sin;

(b)

a shaothraíonn gníomhaíochtaí malartacha, cé is moite de ghníomhaíochtaí imeallacha, in dhá Bhallstát nó níos mó, beag beann ar mhinicíocht nó ar rialtacht nó mírialtacht mhalairt na ngníomaíochtaí.

6.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó’ go háirithe, do dhuine a shaothraíonn gníomhaíocht leithleach féinfhostaíochta amháin nó níos mó, go comhuaineach nó go malartach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, in dhá Bhallstát nó níos mó.

7.   Chun idirdhealú a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí faoi mhír 5 agus faoi mhír 6 agus na staideanna a shainítear in Airteagal 12(1) agus (2) den bhun-Rialachán, gné chinntitheach a bheidh i ré na gníomhaíochta (bíodh sí de chineál buan, ad hoc nó sealadach) i mBallstát eile amháin nó níos mó. Chun na gcríoch seo, déanfar measúnú foriomlán ar na fíorais ábhartha uile, lena n-áirítear go háirithe, i ndáil le duine fostaithe, an t-ionad oibre mar a shainmhínítear sa chonradh oibre é.

8.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) agus (2) den bhun-Rialachán, ciallóidh ‘cuid shubstaintiúil de ghníomhaíocht fostaíochta nó fhéinfhostaíochta’ arna saothrú i mBallstát gurb ann a dhéantar cuid shubstaintiúil ó thaobh cainníochta de ghníomhaíochtaí uile an duine fhostaithe nó fhéinfhostaithe a shaothrú, cé nach gá go mbeadh sé seo mar phríomhchuid de na gníomhaíochtaí sin.

Chun go gcinnfear an i mBallstát atá cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí á saothrú, cuirfear na critéir tháscacha seo a leanas san áireamh:

(a)

i gcás gníomhaíochta fostaíochta, an t-am oibre agus/nó an luach saothair; agus

(b)

i gcás gníomhaíochta féin-fhostaíochta, an láimhdeachas, an t-am oibre, líon na seirbhísí a rinneadh agus/nó an luach saothair.

I réim measúnaithe foriomláin, léireoidh cion níos lú ná 25 % de na critéir a luaitear thuas go bhfuil cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí nach bhfuil á saothrú sa Bhallstát ábhartha.

9.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, déanfar ‘lárionad leasa’ ghníomhaíochtaí duine fhéinfhostaithe a chinneadh trí gach gné de ghníomhaíochtaí ceirde an duine sin a chur san áireamh, ach go háirithe an áit a bhfuil áit sheasta bhuan ghnó an duine lonnaithe, cineál gnáthach nó ré na ngníomhaíochtaí arna saothrú, líon na seirbhísí a rinneadh, agus a bhfuil ar intinn ag an duine, mar is follas ó na himthosca go léir.

10.   Chun an reachtaíocht is infheidhme faoi mhír 8 agus faoi mhír 9 a chinneadh, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann san áireamh an staid a thoimhdeofar a bheith ann sna 12 mhí féilire ina dhiaidh sin.

11.   Má shaothraíonn duine a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó thar ceann fostóra atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais, agus má tá cónaí ar an duine seo i mBallstát gan gníomhaíocht shubstaintiúil a shaothrú ann, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe.

Airteagal 15

Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11(3)(b) agus (d), Airteagal 11(4) agus Airteagal 12 den bhun-Rialachán (maidir le faisnéis a chur ar fáil do na hinstitiúidí lena mbaineann)

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt le hAirteagal 16 den Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina saothraíonn duine a ghníomhaíocht i mBallstát seachas sa Bhallstát atá inniúil faoi Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh an fostóir, nó i gcás duine nach saothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, an duine lena mbaineann, ar an eolas institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme, roimh ré, aon uair is féidir é. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don duine lena mbaineann agus don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an ghníomhaíocht á saothrú, i dtaca leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, de bhun Airteagal 11(3)(b) nó Airteagal 12 den bhun-Rialachán.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le daoine a chumhdaítear le hAirteagal 11(3)(d) den bhun-Rialachán.

3.   Fostóir, de réir bhrí Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, a bhfuil fostaí ar bord soithigh a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain aige, cuirfidh sé ar an eolas institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme, roimh ré, aon uair is féidir é. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit arb é a bhratach atá ar foluain ar an soitheach ar a gcleachtfaidh an fostaí an ghníomhaíocht, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán.

Airteagal 16

Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.   Duine a shaothraíonn gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfidh sé institiúid ainmnithe an Bhallstáit cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin.

2.   Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe, gan mhoill, an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d’Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme. Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh tosaigh sin. Cuirfidh an institiúid a cinneadh sealadach in iúl d’institiúidí gach Ballstáit ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú.

3.   Cinneadh sealadach na reachtaíochta is infheidhme, mar a fhoráiltear dó i mír 2, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfear na hinstitiúidí arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis, i gcomhréir le mír 2, mura rud é gur cinneadh an reachtaíocht go críochnaitheach roimhe sin ar bhonn mhír 4, nó mura dtabharfaidh ar a laghad ceann amháin de na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don institiúid arna hainmniú ag institiúid inniúil an Bhallstáit chónaithe faoi dheireadh na tréimhse dhá mhí seo nach féidir léi glacadh fós leis an gcinneadh, nó nach é an tuairim chéanna atá aici ina thaobh.

4.   I gcás inar gá teagmháil idir institiúidí nó údaráis dhá Bhallstát nó níos mó mar gheall ar neamhchinnteacht faoi chinneadh na reachtaíochta is infheidhme, cinnfear de thoil a chéile an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, arna iarraidh sin d’institiúid amháin nó níos mó arna hainmniú nó arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nó na n-údarás inniúil iad féin, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus d’fhorálacha ábhartha Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme.

I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag na hinstitiúidí nó ag na húdaráis inniúla lena mbaineann, féachfaidh na comhlachtaí seo le teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach thuas agus beidh feidhm ag forálacha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme.

5.   Institiúid inniúil an Bhallstáit a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go críochnaitheach, cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.

6.   Má mhainníonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar thionscnamh na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit cónaithe ar an duine sin, a luaithe a chuirfear staid an duine sin in iúl di, rud a d’fhéadfadh institiúid eile lena mbaineann a dhéanamh.

Airteagal 17

Nós imeachta maidir le hAirteagal 15 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Feidhmeoidh foireann conarthach na gComhphobal Eorpach an ceart chun rogha dá bhforáiltear in Airteagal 15 den bhun-Rialachán tráth a dtabharfar an conradh fostaíochta i gcrích. An t-údarás a chumhachtófar chun an conradh sin a thabhairt i gcrích, cuirfidh sé ar an eolas institiúid ainmnithe an Bhallstáit a mbeidh ball foireann conarthach na gComhphobal Eorpach tar éis a reachtaíocht a roghnú.

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Iarraidh ón bhfostóir nó ón duine lena mbaineann ar eisceachtaí ó Airteagail 11 go 15 den bhun-Rialachán, déanfar, roimh ré aon uair is féidir, í a chur faoi bhráid an údaráis inniúil nó an chomhlachta arna ainmniú ag údarás an Bhallstáit arb í a reachtaíocht a iarrann an fostaí nó an duine lena mbaineann a cur i bhfeidhm.

Airteagal 19

Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d’fhostóirí

1.   Institiúid inniúil an Bhallstáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh sí an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, a fhostóir nó a fhostóirí, ar an eolas faoi na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht sin. Cuirfidh sí ar fáil dóibh an chabhair is gá chun na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh.

2.   Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó don fhostóir, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de bhun forála de chuid Theideal II den bhun-Rialachán fianú a chur ar fáil á rá go bhfuil an reachtaíocht sin infheidhme agus sonróidh sí, i gcás inarb iomchuí, dáta deireanach agus coinníollacha na hinfheidhmeachta.

Airteagal 20

Comhar idir institiúidí

1.   Cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha i bhfios d’institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, an fhaisnéis is gá chun an dáta a shuíomh a dtagann an reachtaíocht sin chun bheith infheidhme agus chun na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine sin agus a fhostóir nó a fhostóirí a íoc faoin reachtaíocht sin a chinneadh.

2.   Institiúid inniúil an Bhallstáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme maidir le duine, de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh sí an fhaisnéis lena sonraítear an dáta a ngabhann éifeacht le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin ar fáil don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine sin faoi réir a reachtaíochta.

Airteagal 21

Oibleagáidí an fhostóra

1.   Déanfaidh fostóir ar lasmuigh den Bhallstát inniúil atá a oifig chláraithe nó a áit ghnó aige na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme maidir lena fhostaithe, go háirithe an oibleagáid na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin a íoc, amhail is dá mba i mBallstát a bhí a oifig chláraithe nó a áit ghnó nó a hoifig chláraithe nó a háit ghnó aige nó aici.

2.   Féadfaidh fostóir, nach bhfuil áit ghnó sa Bhallstát aige a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, agus an fostaí, comhaontú go gcomhlíonfaidh an fostaí oibleagáidí an fhostóra thar a cheann a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí a íoc, gan dochar do bhunoibleagáidí an fhostaí. Cuirfidh an fostóir fógra faoin socrú sin chuig institiúid inniúil an Bhallstáit sin.

TEIDEAL III

FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS NA hAICIMÍ ÉAGSÚLA SOCHAR

CAIBIDIL I

Sochair bhreoiteachta, sochair máithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta

Airteagal 22

Forálacha ginearálta cur chun feidhme

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla nó na hinstitiúidí inniúla go ndéanfar aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil do dhaoine árachaithe faoi na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha maidir le deonú sochar comhchineáil i gcás ina bhfaightear na sochair sin ar chríoch Ballstáit seachas críoch na hinstitiúide inniúla.

2.   D’ainneoin Airteagal 5(a) den bhun-Rialachán, ní fhéadfaidh Ballstát teacht chun bheith freagrach as costais sochar i gcomhréir le hAirteagal 22 den bhun-Rialachán ach amháin má rinne an duine árachaithe éileamh ar phinsean faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nó, i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 30 den bhun-Rialachán, má tá pinsean á fháil aige faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin.

Airteagal 23

An córas a bheidh ann i gcás níos mó ná socrú amháin a bheith ann sa Bhallstát cónaithe nó fanachta

Má chuimsíonn reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe nó fanachta níos mó ná an t-aon scéim árachais bhreoiteachta, máithreachais agus atharthachta amháin, le haghaidh níos mó ná catagóir amháin de dhaoine árachaithe, is iad na forálacha is infheidhme faoi Airteagail 17, 19(1), 20, 22, 24, agus 26 den bhun-Rialachán forálacha na reachtaíochta maidir leis an scéim ghinearálta le haghaidh daoine fostaithe.

Airteagal 24

Cónaí i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 17 den bhun-Rialachán, beidh sé d’oibleagáid ar an duine árachaithe agus/nó ar dhaoine dá dteaghlaigh clárú le hinstitiúid na háite cónaithe. Deimhneofar a gceart chun sochar comhchineáil sa Bhallstát cónaithe le doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil, arna iarraidh sin don duine árachaithe nó arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe.

2.   Leanfaidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 de bheith bailí go dtí go dtabharfaidh an institiúid inniúil fógra d’insitiúid na háite cónaithe maidir lena chur ar ceal.

Cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas maidir le haon chlárú faoi mhír 1 agus maidir le haon athrú ar an gclárú sin nó maidir lena chur ar ceal.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagail 22, 24, 25 agus 26 den bhun-Rialachán.

Airteagal 25

Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 19 den bhun-Rialachán, tíolacfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil lena léireofaí don soláthróir cúraim sláinte i mBallstát an fhanachta a theidlíocht chun sochar comhchineáil. Mura mbeidh doiciméad den sórt sin ag an duine árachaithe, rachaidh institiúid na háite fanachta, ar iarraidh nó más gá ar shlí eile, i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun doiciméad den sórt sin a fháil.

2.   Léireoidh an doiciméad sin go bhfuil an duine árachaithe i dteideal sochar comhchineáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19 den bhun-Rialachán ar na téarmaí céanna leis na téarmaí is infheidhme maidir le daoine atá árachaithe faoi reachtaíocht Bhallstát an fhanachta.

3.   Tagróidh na sochair chomhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 19(1) den bhun-Rialachán do na sochair chomhchineáil a sholáthraítear i mBallstát an fhanachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus a thagann chun bheith riachtanach ar fhorais liachta d’fhonn nach gceanglófaí ar an duine árachaithe filleadh ar an mBallstát inniúil, roimh dheireadh na ré pleanáilte fanachta, chun an chóireáil atá riachtanach a fháil.

4.   Má d’iompair an duine árachaithe costais na sochar comhchineáil uile a soláthraíodh faoi chuimsiú Airteagal 19 den bhun-Rialachán nó costais coda díobh, agus má chumasaítear le reachtaíocht a chuireann institiúid na háite fanachta i bhfeidhm costais seo a aisíoc leis an duine árachaithe, féadfaidh sé iarratas ar aisíoc a chur chuig institiúid na háite fanachta. Sa chás sin, aisíocfaidh an institiúid sin go díreach leis an duine sin suim na gcostas a fhreagróidh do na sochair sin laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht.

5.   Mura ndearnadh aisíocaíocht na gcostas sin a iarraidh go díreach ar institiúid na háite fanachta, déanfaidh an institiúid inniúil na costais a tabhaíodh a aisíoc leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na rátaí aisíocaíochta arna riar ag institiúid na háite fanachta, nó leis na méideanna a bheadh faoi réir a n-aisíoca le hinstitiúid na háite fanachta, dá mbeadh feidhm ag Airteagal 62 den Rialachán cur chun feidhme sa chás lena mbaineann.

Cuirfidh institiúid na háite fanachta an fhaisnéis uile is gá faoi na rátaí sin nó faoi na méideanna sin ar fáil don institiúid inniúil arna iarraidh sin di.

6.   De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an institiúid inniúil aisíoc na gcostas a tabhaíodh, laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí aisíoca a leagtar síos ina reachtaíocht, a ghabháil uirthi féin, ar chuntar go mbeidh an duine árachaithe tar éis a aontú go gcuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm maidir leis.

7.   Mura bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit fhanachta d’aisíoc de bhun mhír 4 agus mhír 5 sa chás lena mbaineann, féadfaidh an institiúid inniúil na costais a aisíoc laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht, gan aontú an duine árachaithe.

8.   Ní rachaidh an aisíocaíocht leis an duine árachaithe, ar aon chor, thar mhéid na gcostas a thabhaigh sé nó sí iarbhír.

9.   I gcás chaiteachais shuntasaigh, féadfaidh an institiúid inniúil réamhíocaíocht iomchuí a íoc leis an duine árachaithe a luaithe a dhéanfaidh an duine sin an t-iarratas ar aisíocaíocht a chur faoina bráid.

10.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 9 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe.

Airteagal 26

Cóireáil sceidealta

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 20(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil a thíolacadh d’institiúid na háite fanachta. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh an institiúid inniúil an institiúid a iompróidh costas na cóireála sceidealta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus in Airteagal 27(5) den bhun-Rialachán agus ina ndéanfar na sochair chomhchineáil arna soláthar i mBallstát an chónaithe a aisíoc ar bhonn méideanna socraithe, ciallóidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe.

2.   Mura bhfuil cónaí ar an duine árachaithe sa Bhallstát inniúil, iarrfaidh sé údarú ar institiúid na háite cónaithe a sheolfaidh ar aghaidh chuig an institiúid inniúil gan mhoill é.

Sa chás seo, deimhneoidh institiúid na háite cónaithe i ndearbhú cibé acu an bhfuil coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát an chónaithe.

Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú arna iarraidh a dheonú, ach amháin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát cónaithe an duine árachaithe, i gcomhréir le measúnú institiúid na háite cónaithe, nó i gcás ina bhféadfar an chóireáil chéanna a sholáthar sa Bhallstát inniúil féin, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh an leighis de, ag cur san áireamh staid sláinte reatha an duine lena mbaineann chomh maith leis an gcúrsa is dóigh a bheadh ag an tinneas atá ar an duine lena mbaineann.

Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir lena cinneadh.

Mura mbeidh freagra faighte laistigh de na spriocdhátaí a leagtar amach lena reachtaíocht náisiúnta, measfar go mbeidh an t-údarú deonaithe ag an institiúid inniúil.

3.   Má tá gá ag duine árachaithe, nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil, le cóireáil phráinneach shár-riachtanach agus nach féidir an t-údarú a dhiúltú i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán, deonóidh institiúid na háite cónaithe an t-údarú thar ceann na hinstitiúide inniúla, agus cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas láithreach.

Glacfaidh an institiúid inniúil leis na cinntí agus leis na roghanna cóireála ó na dochtúirí arna bhformheas ag institiúid na háite cónaithe a eisíonn an t-údarú maidir leis an ngá atá le cóireáil phráinneach, shár-riachtanach.

4.   Aon tráth i rith an nós imeachta lena ndeonaítear an t-údarú, forchoimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir a roghnóidh sí sa Bhallstát fanachta nó cónaithe.

5.   Cuirfidh institiúid na háite fanachta, gan dochar d’aon chinneadh maidir le húdarú, an institiúid inniúil ar an eolas, más cosúil go bhfuil sé iomchuí ó thaobh an leighis de, an chóireáil a chumhdaítear leis an údarú atá ann cheana a fhorlíonadh.

6.   Gan dochar do mhír 7, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25(4) agus (5) den Rialachán cur chun feidhme.

7.   Má d’iompair an duine árachaithe féin costais uile nó cuid de chostais na cóireála leighis arna húdarú, agus más ísle méid na gcostais a bhfuil sé d’oibleagáid ar an institiúid inniúil iad a aisíoc le hinstitiúid na háite fanachta nó leis an duine árachaithe i gcomhréir le mír 6 (costas iarbhír) ná méid na gcostas a bheadh uirthi a ghabháil uirthi féin as an gcóireáil chéanna sa Bhallstát inniúil (costas barúlach), aisíocfaidh an institiúid inniúil leis nó léi, arna iarraidh sin dó, costas na cóireála a thabhaigh an duine árachaithe go dtí méid na difríochta atá idir an costas barúlach agus an costas iarbhír. Ní fhéadfaidh méid na haisíocaíochta, áfach, dul thar mhéid na gcostas a thabhaigh an duine árachaithe iarbhír agus féadfar a chur san áireamh leis an méid a bheadh le híoc ag an duine árachaithe dá mba rud é gur sa Bhallstát inniúil a seachadadh an chóireáil.

8.   I gcás ina bhforálfar le reachtaíocht náisiúnta na hinstitiúide inniúla d’aisíoc costas taistil agus costas fanachta atá doscartha ó chóireáil an duine árachaithe, gabhfaidh an institiúid seo uirthi féin na costais don duine lena mbaineann agus, más gá, do dhuine a chaithfidh é thionlacan, nuair a dheonófar údarú i gcás cóireála i mBallstát eile.

9.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 8 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach na ndaoine árachaithe.

Airteagal 27

Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Má cheanglaítear le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil go dtíolacfaidh an duine árachaithe deimhniú chun bheith i dteideal na sochar airgid a bhaineann le héagumas chun oibre de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, iarrfaidh an duine árachaithe ar dhochtúir sin an Bhallstáit chónaithe a shuigh riocht a shláinte a éagumas chun oibre agus an fad is dóigh a mhairfidh sé a dheimhniú.

2.   Seolfaidh an duine árachaithe an deimhniú chuig an institiúid inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil.

3.   I gcás nach n-eisíonn na dochtúirí a sholáthraíonn an chóireáil i mBallstát an chónaithe deimhnithe ar éagumas chun oibre, agus i gcás ina gceanglaítear na deimhnithe sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, déanfaidh an duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh go díreach chuig institiúid na háite cónaithe. Socróidh an institiúid sin láithreach go ndéanfar measúnú liachta ar éagumas an duine sin chun oibre agus go ndéanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Déanfar an deimhniú sin a chur ar aghaidh láithreach chuig an institiúid inniúil.

4.   Ní dhíolmhóidh cur ar aghaidh an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 an duine árachaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann lena fhostóir. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an fostóir agus/nó an institiúid inniúil a iarraidh ar an bhfostaí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá ceaptha chun spreagadh agus cabhair a thabhairt dó filleadh ar an bhfostaíocht.

5.   Ar an institiúid inniúil á iarraidh, déanfaidh insitiúid na háite cónaithe aon seiceálacha riaracháin is gá nó aon scrúduithe leighis is gá maidir leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an insitiúid sin is déanaí sin a luaitear i bhfeidhm. Tuarascáil an dochtúra a rinne an scrúdú a bhaineann go háirithe le ré dhóchúil an éagumais chun oibre, cuirfidh institiúid na háite cónaithe ar aghaidh gan mhoill í chuig an institiúid inniúil.

6.   Coimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin.

7.   Gan dochar don dara habairt d’Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, íocfaidh an institiúid inniúil na sochair airgid go díreach leis an duine lena mbaineann agus, más gá, cuirfidh sí institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin.

8.   Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, beidh an luach dlí céanna ag sonraí deimhnithe um éagumas duine árachaithe chun oibre arna tharraingt suas i mBallstát eile ar bhonn chinntí liachta an dochtúra nó na hinstitiúide a rinne an scrúdú, agus atá ag an deimhniú arna tharraingt suas sa Bhallstát inniúil.

9.   Má dhiúltaíonn an institiúid inniúil na sochair airgid, tabharfaidh sí fógra don duine árachaithe maidir lena cinneadh agus ag an am céanna tabharfaidh sí fógra d’institiúid na háite cónaithe.

10.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 9, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil.

Airteagal 28

Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Le go mbeidh an duine árachaithe i dteideal sochar cúraim fadtéarmach in airgid tirim de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe iarratas chuig an institiúid inniúil. Déanfaidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe a chur ar an eolas, i gcás inar gá.

2.   Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, scrúdóidh institiúid na háite cónaithe staid an duine árachaithe i ndáil leis an ngá atá aige le cúram fadtéarmach. Tabharfaidh an institiúid inniúil an fhaisnéis uile is gá don scrúdú sin d’institiúid na háite cónaithe.

3.   D’fhonn go gcinnfidh sí an méid a bhfuil gá le cúram fadtéarmach, beidh sé de cheart ag an institiúid inniúil an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir nó ag aon saineolaí eile arna roghnú aici féin.

4.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 27(7) den Rialachán cur chun feidhme.

5.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil.

6.   Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe.

Airteagal 29

Airteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Más rud é nach é an Ballstát arb ann is deireanaí a shaothraigh an t-iaroibrí teorann a ghníomhaíocht an Ballstát inniúil a thuilleadh, agus go dtaistealaíonn an t-iaroibrí teorann nó duine dá theaghlach ann chun sochair chomhchineáil a fháil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán, cuirfidh sé doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil faoi bhráid institiúid na háite fanachta.

Airteagal 30

Ranníocaí ó phinsinéirí

Má fhaigheann duine pinsean ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, ní rachaidh méid na ranníocaíochtaí a aisbhaintear ó na pinsin uile a íocfar, in imthosca ar bith, thar an méid a aisbhaintear de dhuine a bhfuil an méid céanna pinsin á fháil aige ón mBallstát inniúil.

Airteagal 31

Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.   Cuirfidh an institiúid inniúil an duine lena mbaineann ar an eolas maidir leis an bhforáil atá in Airteagal 34 den bhun-Rialachán maidir le forluí sochar a chosc. Áiritheofar le cur i bhfeidhm na rialacha sin go mbeidh an duine nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil i dteideal an méid iomláin chéanna nó an luacha chéanna ar a laghad a mbeadh sé ina theideal dá mbeadh cónaí air sa Bhallstát sin.

2.   Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta ar an eolas freisin faoi íoc sochar airgid cúraim fhadtéarmaigh i gcás ina bhforáiltear, leis an reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm, do na sochair chomhchineáil cúraim fhadtéarmaigh, a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den bhun-Rialachán.

3.   Agus an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 faighte aici, cuirfidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon sochar cúraim fhadtéarmaigh comhchineáil atá beartaithe chun na críche céanna agus a dheonaítear faoina reachtaíocht don duine lena mbaineann agus faoin ráta aisíoca is infheidhme ina leith.

4.   Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin bearta cur chun feidhme a leagan síos don Airteagal seo i gcás inar gá sin.

Airteagal 32

Bearta speisialta cur chun feidhme

1.   Nuair a dhíolmhaítear duine nó grúpa daoine, arna iarraidh sin, ó árachas éigeantach breoiteachta agus nach bhfuil na daoine sin cumhdaithe dá bhrí sin ag scéim árachais bhreoiteachta a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir léi, ní thiocfaidh institiúid Ballstáit, de bharr an díolmhaithe seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar comhchineáil nó na sochar airgid a iompar a sholáthraítear do na daoine sin nó do dhaoine dá dteaghlach faoi Theideal III, Caibidil I, den bhun-Rialachán.

2.   I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil I den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, ach a mhéid a shonraítear sna forálacha sin.

Ní thiocfaidh institiúid Ballstáit eile, ar na forais seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar chomhchineáil nó na sochar airgid a sholáthraítear do na daoine sin nó do dhaoine dá dteaghlaigh.

3.   Nuair a bheidh cónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus ar dhaoine dá dteaghlaigh i mBallstát nach bhfuil an ceart chun sochair chomhchineáil faoi réir coinníollacha árachais ann ná faoi réir gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, dlífidh siad costais iomlána na sochar comhchineáil a sholáthraítear ina dtír chónaithe a íoc.

CAIBIDIL II

Sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde

Airteagal 33

Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid i gcás cónaithe nó fanachta i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Chun críocha Airteagal 36 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 24 go 27 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Nuair a bheidh sochair speisialta chomhchineáil a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus le galair cheirde faoi reachtaíocht náisiúnta Bhallstát an fhanachta nó an chónaithe á soláthar ag institiúid an Bhallstáit sin, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 34

Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   Más i mBallstát seachas an Ballstát inniúil a tharlaíonn tionóisc cheirde nó a dhéantar galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, déanfar an dearbhú nó an fógra faoin tionóisc cheirde nó faoin ngalar ceirde, i gcás inarb ann don dearbhú nó fógra faoin reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, gan dochar, i gcás inarb iomchuí, d’aon fhorálacha dlíthiúla eile is infheidhme agus atá i bhfeidhm sa Bhallstát inar tharla an tionóisc cheirde nó ina ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, ar forálacha iad a fhanann de bheith infheidhme sna cásanna sin. Díreofar an dearbhú nó an fógra chuig an institiúid inniúil.

2.   Tabharfaidh institiúid an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an tionóisc ag an obair nó a rinneadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, fógra don institiúid inniúil faoi dheimhnithe liachta arna dtarraingt suas ar chríoch an Bhallstáit sin.

3.   I gcás, de bharr tionóisce a tharlaíonn agus duine ag taisteal chun na hoibre nó ón obair, ar chríoch Ballstáit seachas ar chríoch an Bhallstát inniúil, inar gá imscrúdú ar chríoch an chéad Bhallstáit, chun aon teidlíocht ar shochair ábhartha a chinneadh, féadfaidh an institiúid inniúil duine a cheapadh chun na críche sin agus cuirfidh sí údaráis an Bhallstáit sin ar an eolas. Comhoibreoidh na hinstitiúidí le chéile chun an fhaisnéis ábhartha uile a mheas agus chun na tuarascálacha agus aon doiciméid eile a bhaineann leis an tionóisc a cheadú.

4.   Tar éis na cóireála, déanfar tuarascáil mhionsonraithe lena ngabhfaidh deimhnithe liachta maidir le buaniarmhairtí na tionóisce nó an ghalair, go háirithe maidir le riocht reatha an íospartaigh agus le téarnamh nó cobhsú díobhálacha, a sheoladh, arna iarraidh sin don institiúid inniúil. Íocfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, i gcás inar iomchuí, na táillí ábhartha de réir an ráta a chuirfidh an institiúid sin i bhfeidhm, táillí a bheidh inmhuirearaithe ar an institiúid inniúil.

5.   Arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe nó fanachta, de réir mar is iomchuí, tabharfaidh an institiúid inniúil fógra di faoin gcinneadh lena socraítear an dáta téarnaimh nó dáta cobhsaithe na ndíobhálacha agus, más iomchuí, faoin gcinneadh maidir le pinsean a dheonú.

Airteagal 35

Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair

1.   I gcás ina ndíospóidfidh an institiúid inniúil cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le tionóiscí ag an obair nó galair cheirde faoi Airteagal 36(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh sí institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil a chur ar an eolas gan mhoill, agus measfar ansin gur sochair árachais sláinte iad na sochair sin.

2.   Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta faoin gceist sin, cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil ar an eolas gan mhoill.

I gcás nach suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde a bhí i gceist, leanfar de bheith ag soláthar sochair chomhchineáil mar shochair bhreoiteachta má tá an duine lena mbaineann ina dteideal.

I gcás go suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde atá i gceist, measfar gur sochair tionóisce ag an obair nó sochair galair cheirde iad na sochair bhreoiteachta chomhchineáil arna soláthar don duine lena mbaineann ón dáta ar tharla an tionóisc ag an obair nó ón dáta a ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 36

An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháin

1.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 38 den bhun-Rialachán, seolfar an dearbhú nó an fógra faoin ngalar ceirde chuig an institiúid atá inniúil do ghalair cheirde sa Bhallstát is deireanaí ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar sin.

Nuair a shuífidh an institiúid ar chuici a seoladh an dearbhú nó an fógra gur faoi reachtaíocht Bhallstáit eile is deireanaí a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i dtreis, seolfaidh sí an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis chuig an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát sin.

2.   I gcás ina suífidh institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist nach gcomhallann an duine lena mbaineann ná a mharthanóirí ceanglais na reachtaíochta sin, inter alia mar nach raibh an duine lena mbaineann riamh ag gabháil, sa Bhallstát sin, do ghníomhaíocht ba chúis leis an ngalar ceirde, nó toisc nach n-aithníonn an Ballstát sin cineál ceirde an ghalair sin, cuirfidh an institiúid sin an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis, lena n-áirítear cinntí agus tuarascálacha na scrúduithe liachta a rinne an chéad institiúid, ar aghaidh gan mhoill chuig institiúid an Bhallstáit roimhe sin ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist.

3.   I gcás inarb iomchuí, rachaidh na hinstitiúidí siar ar an nós imeachta céanna a leagtar amach i mír 2, chomh fada leis an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil den chéad uair do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist.

Airteagal 37

Malartú faisnéise idir institiúidí agus réamhíocaíochtaí i gcás achomhairc i gcoinne diúltaithe

1.   I gcás achomhairc i gcoinne cinnidh sochair a dhiúltú arna dhéanamh ag institiúid de chuid ceann de na Ballstáit ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist, cuirfidh an institiúid sin an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) den Rialachán cur chun feidhme, agus cuirfidh sí ar an eolas ina dhiaidh sin í, nuair a ghlacfar cinneadh críochnaitheach.

2.   I gcás ina mbeidh an duine i dteideal sochar faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici, déanfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí, a gcinnfear a méid, más iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an institiúid ar taisceadh an t-achomharc ina coinne, agus ar chaoi agus go seachnaítear ró-íocaíochtaí. Aisíocfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí a rinneadh más é toradh an achomhairc go bhfuil uirthi na sochair sin a sholáthar. Déanfar an méid sin a asbhaint ansin ó na sochair a bheidh dlite don duine lena mbaineann, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

3.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 38

Forthromú galair cheirde

Sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 39 den bhun-Rialachán, caithfidh an t-éilitheoir na sonraí uile maidir leis na sochair a deonaíodh cheana i leith an ghalair cheirde atá i gceist a sholáthar d’institiúid an Bhallstáit a bhfuil teideal chun sochar á éileamh aige uirthi. Féadfaidh an institiúid sin dul i dteagmháil le gach institiúid a bhí inniúil roimhe sin chun an fhaisnéis a mheasann sí is gá a fháil.

Airteagal 39

Measúnú an ghráid éagumais i gcás tionóiscí ceirde nó galar ceirde a tharla roimh ré nó ina dhiaidh sin

I gcás inarbh é ba chúis le héagumas chun oibre roimhe sin nó ina dhiaidh sin, tionóisc a tharla nuair a bhí an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Bhallstáit nach ndéanann idirdhealú de réir thionscnamh an éagumais chun oibre, déanfaidh an institiúid inniúil nó an comhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit atá i gceist an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin d’institiúid inniúil Bhallstáit eile, maidir le méid an éagumais chun oibre a bhí ann roimhe sin nó ina dhiaidh sin, agus i gcás inar féidir é, faisnéis lena bhféadfar a chinneadh an mar thoradh ar thionóisc ag an obair de réir bhrí na reachtaíochta a chuireann an institiúid sa Bhallstát eile i bhfeidhm a tharla an t-éagumas;

(b)

méid an éagumais a chúisigh na cásanna sin roimhe sin nó ina dhiaidh a chur san áireamh nuair a bheidh an teideal chun sochar agus an méid á chinneadh aici, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

Airteagal 40

Taisceadh agus imscrúdú éileamh ar phinsin nó ar liúntais fhorlíontacha

D’fhonn pinsean nó liúntas forlíontach a fháil faoi reachtaíocht Ballstáit, déanfaidh an duine lena mbaineann nó a mharthanóirí a chónaíonn ar chríoch Ballstáit eile, i gcás inarb iomchuí, éileamh a thaisceadh leis an institiúid inniúil, nó le hinstitiúid na háite cónaithe, agus déanfaidh an institiúid sin é a sheoladh chuig an institiúid inniúil.

Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.

Airteagal 41

Bearta speisialta cur chun feidhme

1.   I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil 2 den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, agus a mhéid a shonraítear sna forálacha sin amháin.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 32(2) agus ag Airteagal 32(3) den Rialachán cur chun feidhme.

CAIBIDIL III

Deontais bháis

Airteagal 42

Éileamh ar dheontais bháis

Chun críocha Airteagal 42 agus Airteagal 43 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, seolfar an t-éileamh ar dheontais bháis chuig an institiúid inniúil nó chuig institiúid áit chónaithe an éilitheora, a dhéanfaidh é a sheoladh chuig an institiúid inniúil.

Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.

CAIBIDIL IV

Sochair easláine, pinsin seanaoise agus pinsin mharthanóirí

Airteagal 43

Forálacha breise chun sochar a ríomh

1.   Chun críocha méid teoiriciúil agus méid iarbhír an tsochair a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(3), (4), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme.

2.   I gcás nach ndearnadh tréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh a chur san áireamh faoi Airteagal 12(3) den Rialachán cur chun feidhme, déanfaidh institiúid an Bhallstáit ar cuireadh isteach na tréimhsí sin faoina reachtaíocht an méid atá ar comhréir leis na tréimhsí sin a ríomh faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm. Déanfar méid iarbhír an tsochair, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, a mhéadú an méid a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh.

3.   Déanfaidh institiúid gach Ballstáit, faoin reachtaíocht a fheidhmíonn sí, an méid atá dlite a ríomh a fhreagraíonn do thréimhsí árachais leanúnaigh shaorálaigh nó roghnaigh agus, i gcomhréir le hAirteagal 53(3)(c) den bhun-Rialachán, nach mbeidh faoi réir rialacha Ballstáit eile maidir le tarraingt siar, laghdú nó fionraí.

I gcás nach gceadaítear leis an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil an méid seo a chinneadh go díreach, ar na forais go leithdháiltear leis an reachtaíocht luachanna difriúla i leith tréimhsí árachais, féadfar méid barúlacha a shuíomh. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid barúlach sin a chinneadh.

Airteagal 44

Tréimhsí tógála leanaí a chur san áireamh

1.   Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn ‘tréimhse tógála leanaí’ d’aon tréimhse a dtugtar creidiúint ina leith faoi reachtaíocht pinsin Ballstáit nó lena bhforlíontar pinsean go sainráiteach mar go bhfuil leanbh tógtha ag duine, beag beann ar an modh a úsáideadh chun na tréimhsí sin a ríomh agus más nuair a bhí an leanbh á thógáil a d’fhabhraigh siad nó má tugadh aitheantas go haisghníomhach dóibh.

2.   I gcás, faoi reachtaíocht an Bhallstáit atá inniúil faoi Theideal II den bhun-Rialachán, nach gcuirtear tréimhse tógála leanaí ar bith san áireamh, institiúid an Bhallstáit arbh í a reachtaíocht a bhí infheidhme, i gcomhréir le Teideal II den bhun-Rialachán, maidir leis an duine lena mbaineann ar na forais go raibh sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ar an dáta nuair a tosaíodh ar an tréimhse tógála leanaí a chur san áireamh, faoin reachtaíocht sin, maidir leis an leanbh lena mbaineann, leanfaidh sí de bheith freagrach as an tréimhse sin a chur san áireamh mar thréimhse tógála leanaí faoina reachtaíocht féin, amhail is gurbh ar a chríoch féin a rinneadh an tógáil leanaí sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 má tá an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Ballstáit eile, nó má thagann sé chun bheith amhlaidh, de bharr é a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta.

Airteagal 45

Éileamh ar shochair

1.   D’fhonn sochair a fháil faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44(2) den bhun-Rialachán, taiscfidh an t-éilitheoir éileamh le hinstitiúid an Bhallstáit a raibh a reachtaíocht infheidhme tráth ar tharla an t-éagumas chun oibre ar lean easláine nó forthromú na heasláine sin é, nó le hinstitiúid na háite cónaithe, a dhéanfaidh an t-éileamh a sheoladh chuig an gcéad institiúid.

2.   Má deonaíodh sochair bhreoiteachta in airgead, measfar, más iomchuí, gurb é dáta dhul in éag na tréimhse chun na sochair sin a dheonú dáta taiscthe an éilimh ar phinsean.

3.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann árachaithe léi méid na sochar faoin reachtaíocht is infheidhme agus an dáta ar thosaigh siad in iúl don institiúid a d’íoc na sochair i dtosach. Amhail ón dáta sin, déanfar na sochair a bhí dlite roimh fhorthromú na heasláine a tharraingt siar nó a laghdú don fhorlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den bhun-Rialachán.

4.   I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-éilitheoir éileamh chuig institiúid a áite cónaithe nó chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. Mura raibh an duine lena mbaineann tráth ar bith faoi réir na reachtaíochta a chuireann institiúid na háite cónaithe i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid sin an t-éileamh a chur ar aghaidh chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme.

5.   Beidh feidhm ag dáta taiscthe an éilimh i ngach institiúid lena mbaineann.

6.   De mhaolú ar mhír 5, mura dtabharfaidh an t-éilitheoir fógra go raibh sé fostaithe i mBallstáit eile nó go raibh cónaí air i mBallstáit eile, ainneoin gur iarradh air é sin a dhéanamh, measfar gurb é an dáta a gcomhlánaíonn an t-éilitheoir a éileamh tosaigh, nó a gcuireann sé isteach éileamh nua do na tréimhsí fostaíochta agus/nó cónaithe atá in easnamh ina leith, dáta taiscthe an éilimh leis an institiúid a fheidhmíonn an reachtaíocht atá i gceist, faoi réir forálacha níos fabhraí sa reachtaíocht sin.

Airteagal 46

Deimhnithe agus faisnéis a bheidh le taisceadh ag an éilitheoir leis an éileamh

1.   Taiscfidh an t-éilitheoir an t-éileamh i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta arna cur i bhfeidhm ag an institiúid dá dtagraítear in Airteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme agus beidh na doiciméid tacaíochta ag gabháil leis a cheanglaítear leis an reachtaíocht sin a chur ar fáil. Soláthróidh an t-iarrthóir go háirithe an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil agus doiciméid thacaíochta a bhaineann le tréimhsí árachais (institiúidí, uimhreacha aitheantais), fostaíocht (fostóirí) nó féinfhostaíocht (cineál na gníomhaíochta agus an áit ghníomhaíochta) agus cónaí (seoltaí) a d’fhéadfaí a chur isteach faoi reachtaíocht eile, chomh maith le fad na dtréimhsí sin.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh an t-éilitheoir, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) den bhun-Rialachán, deonú sochar seanaoise a gheofaí faoi reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó a chur siar, sonróidh sé é sin ina éileamh agus sonróidh sé an reachtaíocht faoina n-iarrtar an cur siar. Chun a chur ar chumas an éilitheora an ceart sin a fheidhmiú, tabharfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, faoin bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh ionas go bhféadfaidh sé iarmhairtí dheonú comhreathach nó iarmhairtí dheonú comhleanúnach sochar a d’fhéadfadh sé a éileamh a mheas.

3.   Má dhéanann an t-éilitheoir éileamh ar shochair a tharraingt siar ar éileamh é dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Ballstáit ar leith, ní mheasfar go bhfuil na héilimh ar shochair faoi reachtaíocht na mBallstát eile á dtarraingt siar go comhreathach.

Airteagal 47

Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann

1.   ‘An institiúid theagmhála’ a ghairfear ina dhiaidh seo den institiúid ar chuici a seolfar an t-éileamh ar shochair nó ar chuici a chuirfear ar aghaidh é, i gcomhréir le hAirteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme. Ní ghairfear an institiúid theagmhála d’institiúid na háite cónaithe más rud é nach raibh an duine, tráth ar bith, faoi réir na reachtaíochta a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.

Chomh maith le himscrúdú ar an éileamh ar shochair faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, ina cáil mar institiúid theagmhála, cuirfidh an institiúid sin chun cinn malartú sonraí, cur in iúl cinntí agus oibríochtaí is gá chun go ndéanfadh na hinstitiúidí lena mbaineann imscrúdú ar an éileamh, agus soláthróidh sé don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis atá ábhartha maidir leis na gnéithe Comhphobail den imscrúdú agus coimeádfaidh sí ar an eolas é faoin dul chun cinn san imscrúdú.

2.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 44(3) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála na doiciméid uile a bhfuil baint acu leis an duine lena mbaineann chuig an institiúid lena raibh sé nó sí árachaithe roimhe sin agus scrúdóidh an institiúid sin an cás ar a huain.

3.   Ní bheidh Airteagail 48 go 52 infheidhme maidir le himscrúdú ar éilimh dá dtagraítear in Airteagal 44 den bhun-Rialachán.

4.   I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 2, seolfaidh an institiúid theagmhála gan mhoill na héilimh ar shochair agus na doiciméid uile atá ar fáil aici, agus i gcás inarb iomchuí, na doiciméid ábhartha a sholáthair an t-éilitheoir do na hinstitiúidí uile lena mbaineann le go bhféadfaidh siad imscrúdú an éilimh a thosú go comhreathach. Tabharfaidh an institiúid theagmhála fógra do na hinstitiúidí eile faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. Sonróidh sí freisin cé na doiciméid a thíolacfar ar dháta is faide anonn agus forlíonfaidh sí an t-éileamh a luaithe is féidir.

5.   Tabharfaidh gach ceann de na hinstitiúidí a bheidh i gceist fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile a bheidh i gceist, faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta.

6.   Déanfaidh gach ceann de na hinstitiúidí lena mbaineann méid na sochar a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52 den bhun-Rialachán agus tabharfaidh sí fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile lena mbaineann faoina cinneadh, faoi mhéid na sochar a bheidh dlite agus faoi aon fhaisnéis eile is gá chun críocha Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55 den bhun-Rialachán.

7.   Má shuíonn institiúid, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo, go bhfuil Airteagal 46(2) nó Airteagal 57(2) nó (3) den bhun-Rialachán infheidhme, cuirfidh sí ar an eolas an institiúid theagmhála agus na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Airteagal 48

Fógra a thabhairt don éilitheoir faoi chinntí

1.   Tabharfaidh gach institiúid fógra don éilitheoir faoin gcinneadh a bheidh glactha aici i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme. Sonróidh gach cinneadh na leighis agus na tréimhsí le haghaidh achomharc. Nuair a bheidh fógra tugtha don institiúid teagmhála faoi na cinntí uile arna nglacadh ag gach institiúid, cuirfidh sí achoimre ar na cinntí sin chuig an éilitheoir agus chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann. Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin múnla na hachoimre. Cuirfear an achoimre chuig an éilitheoir i dteanga na hinstitiúide nó, arna iarraidh sin don éilitheoir, ina rogha teanga, ar teanga í a aithnítear mar theanga oifigiúil de chuid na n-institiúidí Comhphobail, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh.

2.   I gcás ina bhfeicfear don éilitheoir, tar éis dó nó di an achoimre a fháil, go ndearna idirghníomhú idir chinntí a rinne dhá institiúid nó níos mó dochar dá chearta, beidh ceart aige chun athbhreithniú ar chinntí na n-institiúidí lena mbaineann laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta faoi seach. Is ar an dáta a bhfaighfear an achoimre a thosóidh na teorainneacha ama. Tabharfar fógra i scríbhinn don éilitheoir faoi thoradh na hathbhreithnithe.

Airteagal 49

An grád easláine a chinneadh

1.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46(3) den bhun-Rialachán, is í an institiúid theagmhála an t-aon institiúid a bheidh údaraithe chun cinneadh a ghlacadh maidir le grád easláine an éilitheora, má tá an reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid sin san áireamh in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an mbun-Rialachán, nó mura bhfuil, is í an institiúid a bhfuil a reachtaíocht san áireamh san Iarscríbhinn VII sin, agus ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an t-éilitheoir faoi réir, a bheidh údaraithe chuige sin. Glacfaidh sí an cinneadh sin a luaithe is féidir léi a chinneadh ar comhalladh na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme, ag cur san áireamh, más iomchuí, Airteagal 6 agus Airteagal 51 den bhun-Rialachán. Tabharfaidh sí fógra faoin gcinneadh sin gan mhoill do na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

I gcás nach gcomhalltar na coinníollacha incháilitheachta, seachas na cinn a bhaineann leis an ngrád easláine, a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme, ag cur san áireamh forálacha Airteagal 6 agus Airteagal 51 den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála institiúid inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh an t-éilitheoir faoi réir a reachtaíochta ar an eolas gan mhoill. Údarófar don institiúid sin an cinneadh a ghlacadh maidir le grád easláine an éilitheora má chomhalltar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme. Tabharfaidh sí fógra faoin gcinneadh sin gan mhoill do na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Nuair atá incháilitheacht á cinneadh, féadfaidh sé, más gá, go gcaithfear an cheist a tharchur an athuair, faoi na coinníollacha céanna, chuig an institiúid atá inniúil don easláine sa chéad Bhallstát a raibh an t-éilitheoir faoi réir a reachtaíochta.

2.   I gcás nach mbeidh Airteagal 46(3) den bhun-Rialachán infheidhme, féadfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena reachtaíocht, an t-éilitheoir a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici chun an grád easláine a chinneadh. Déanfaidh institiúid ballstáit, áfach, na doiciméid, na tuarascálacha liachta agus an fhaisnéis riaracháin arna mbailiú ag institiúid gach Ballstáit eile amhail is dá mba ina Ballstát féin a tarraingíodh suas iad.

Airteagal 50

Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar

1.   D’ainneoin Airteagal 7 den Rialachán cur chun feidhme, aon institiúid a shuífidh, tráth éileamh ar shochair a imscrúdú, go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal sochair neamhspleách faoin reachtaíocht infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(a) den bhun-Rialachán, íocfaidh sí an sochar sin gan mhoill. Measfar gur íocaíocht shealadach í an íocaíocht sin más rud é go bhféadfadh toradh an nós imeachta imscrúdaithe difear a dhéanamh don mhéid.

2.   Aon uair is léir ón bhfaisnéis a bhfuil teacht uirthi go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal íocaíochta ó institiúid faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid sin réamhíocaíocht, a mbeidh a méid chomh gar agus is féidir don mhéid is dóigh a íocfar faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán.

3.   Gach institiúid a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi na sochair shealadacha nó an réamhíocaíocht faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 a íoc, cuirfidh sí an t-éilitheoir ar an eolas gan mhoill, agus a aird á díriú go sonrach aici ar chineál sealadach an bhirt agus ar aon chearta achomhairc atá ann i gcomhréir lena reachtaíocht.

Airteagal 51

Athríomh ar shochair

1.   I gcás ina ndéanfar athríomh ar shochair i gcomhréir le hAirteagal 48(3) agus (4) agus le hAirteagal 50(4) agus le hAirteagal 59(1) den bhun-Rialachán, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   I gcás ina ndéanfar an sochar a athríomh, a tharraingt siar nó a fhionraí, cuirfidh an institiúid a ghlac an cinneadh an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill agus cuirfidh sí gach ceann de na hinstitiúidí ar an eolas a bhfuil teideal ag an duine lena mbaineann ina leith.

Airteagal 52

Bearta a cheaptar chun dlús a chur le ríomh na sochar

1.   Chun cabhrú agus chun dlús a chur le hiniúchadh ar éilimh agus le híoc sochar, déanfaidh na hinstitiúidí a bhfuil an duine faoi réir a gcuid reachtaíochta, mar a leanas:

(a)

malartóidh siad le hinstitiúidí de chuid Ballstát eile na heilimintí a theastaíonn chun daoine a athraíonn ó reachtaíocht infheidhme náisiúnta amháin go ceann eile a chéannú, nó cuirfidh siad ar fáil do na hinstitiúidí sin iad agus áiritheoidh siad, in éineacht leis na hinstitiúidí sin, go gcoinneofar na heilimintí céannachta sin agus go mbeidh siad comhfhreagrach, nó murarbh fhéidir sin, cuirfidh siad na modhanna ar fáil do na daoine sin le go mbeidh teacht díreach acu ar a n-eilimintí céannachta;

(b)

malartóidh siad leis an duine lena mbaineann agus le hinstitiúidí de chuid Ballstát eile, sách fada roimh aois íosta na gceart pinsin nó roimh aois a chinnfear leis an reachtaíocht náisiúnta, faisnéis (tréimhsí a cuireadh isteach nó eilimintí tábhachtacha eile) maidir le teidlíochtaí pinsin daoine a d’athraigh ó reachtaíocht infheidhme amháin go ceann eile nó, murarbh fhéidir sin, cuirfidh siad na daoine sin ar an eolas maidir leis na modhanna trínar féidir leo a fháil amach faoina dteidlíocht ionchasach sochair, nó cuirfidh siad na modhanna sin ar fáil dóibh.

2.   Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, cinnfidh an Coimisiún Riaracháin na heilimintí faisnéise a mhalartófar nó a chuirfear ar fáil, agus leagfaidh sé síos na nósanna imeachta cuí agus na meicníochtaí cuí, ag cur san áireamh na saintréithe, an t-eagrúchán riaracháin agus teicniúil agus na modhanna teicneolaíocha atá ar fáil ag scéimeanna pinsin náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin cur chun feidhme na scéimeanna pinsean sin a áirithiú trí obair leantach a eagrú ar na bearta a glacadh agus ar a gcur i bhfeidhm.

3.   Chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm, ba chóir go dtabharfaí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo don institiúid sa chéad Bhallstát inar tugadh Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) do dhuine chun críocha riaracháin slándála sóisialta.

Airteagal 53

Bearta um chomhordú sna Ballstáit

1.   Gan dochar d’Airteagal 51 den bhun-Rialachán, ina n-áirítear sa reachtaíocht náisiúnta rialacha lena gcinntear an institiúid atá freagrach nó an scéim is infheidhme nó lena sanntar tréimhsí árachais do scéim shonrach, cuirfear na rialacha sin i bhfeidhm gan a chur san áireamh ach na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   I gcás ina n-áireofar, leis an reachtaíocht náisiúnta, rialacha do chomhordú scéimeanna speisialta do státseirbhísigh agus an scéim ghinearálta do dhaoine fostaithe, ní bheidh tionchar ag forálacha an bhun-Rialacháin ná ag forálacha an Rialacháin chur chun feidhme ar na rialacha sin.

CAIBIDIL V

Sochair dífhostaíochta

Airteagal 54

Comhshuimiú na dtréimhsí agus ríomh na sochar

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12(1) den Rialachán cur chun feidhme maidir le hAirteagal 61 den bhun-Rialachán. Gan dochar do bhunoibleagáidí na n-institiúidí lena mbaineann, féadfaidh an duine lena mbaineann doiciméad a chur faoi bhráid na hinstitiúide inniúla, arna eisiúint ag institiúid an Bhallstáit a raibh sé faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe agus ina sonraítear na tréimhsí a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin.

2.   Chun críocha Airteagal 62(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, cuirfidh institiúid inniúil an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, gach faisnéis ar fáil gan mhoill d’institiúid na háite cónaithe arna iarraidh sin di, atá riachtanach chun sochar dífhostaíochta a fhéadfar a fháil sa Bhallstát cónaithe a ríomh, go háirithe an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas.

3.   Chun críocha Airteagal 62 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus d’ainneoin Airteagal 63 den Rialachán sin, institiúid inniúil de chuid Ballstáit a bhforáiltear lena reachtaíocht go n-athraíonn ríomh na sochar de réir líon an teaghlaigh, cuirfidh sí san áireamh daoine de theaghlach an duine lena mbaineann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile amhail is dá mba ina gcónaí iad sa Bhallstát inniúil. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina mbeidh duine eile i dteideal sochar dífhostaíochta, arna ríomh ar bhonn líon na ndaoine den teaghlach, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar dhaoine den teaghlach.

Airteagal 55

Coinníollacha agus srianta maidir le teidlíocht chun sochar a choinneáil i gcás daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile

1.   Chun go gcumhdófar é le forálacha Airteagal 64 de bhun-Rialachán, cuirfidh duine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile an institiúid inniúil ar an eolas roimh imeacht dó agus iarrfaidh sé doiciméad lena ndeimhnítear go gcoinníonn sé an teidlíocht chun sochar faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán.

Cuirfidh an institiúid sin a oibleagáidí in iúl don duine lena mbaineann agus tabharfaidh sí dó an doiciméad thuasluaite ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an dáta ar scoir an duine dífhostaithe de bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Stáit inniúil;

(b)

an tréimhse a deonaíodh don duine dífhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán chun clárú mar dhuine atá ag lorg oibre sa Bhallstát a ndeachaigh sé ann;

(c)

an tréimhse uasta a fhéadfar an teidlíocht chun sochair a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 64(1)(c) den bhun-Rialachán;

(d)

na himthosca ar dóigh dóibh tionchar a bheith acu ar an teidlíocht sochar.

2.   I gcomhréir le forálacha Airteagal 64(1)(b) den bhun-Rialachán, cláróidh an duine dífhostaithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a ndeachaigh sé ann, mar dhuine atá ag lorg oibre agus cuirfidh sé an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 chuig institiúid an Bhallstáit sin. Má chuireann sé an institiúid inniúil ar an eolas i gcomhréir le mír 1 ach má mhainníonn sé an doiciméad sin a chur ar fáil, rachaidh institiúid na háite a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun an fhaisnéis is gá sin a fháil.

3.   Cuirfidh seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann ag lorg oibre ar an eolas é faoina oibleagáidí.

4.   Seolfaidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann doiciméad chuig an institiúid inniúil gan mhoill lena luafar an dáta ar chláraigh an duine dífhostaithe leis na seirbhísí fostaíochta agus a sheoladh nua.

Má tharlaíonn, le linn na tréimhse a gcoinneoidh an duine dífhostaithe an teidlíocht chun sochair, aon teagmhas ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar theidlíocht sochar, seolfaidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann, gan mhoill, doiciméad chuig an institiúid inniúil agus chuig an duine lena mbaineann, ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha.

Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, soláthróidh an institiúid sa Bhallstát a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann faisnéis ábhartha, gach mí, maidir le staid leanúnach an duine dhífhostaithe agus go háirithe cibé an bhfuil sé fós cláraithe leis na seirbhísí fostaíochta agus an bhfuil na nósanna imeachta seiceála atá eagraithe á gcomhlíonadh aige.

5.   Déanfaidh institiúid na háite a ndeachaigh an duine dífhostaithe ann seiceálacha nó cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar seiceálacha amhail is dá mba dhuine dífhostaithe a bhí ag fáil sochar faoina reachtaíocht féin é an duine lena mbaineann. Nuair is gá, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas láithreach má tharlaíonn aon imthosca dá dtagraítear i mír 1(d).

6.   Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó nósanna imeachta sonracha agus teorainneacha ama sonracha a aontú eatarthu féin maidir le staid leanúnach an duine dífhostaithe chomh maith le bearta eile a d’éascódh gníomhaíochtaí cuardaithe poist na ndaoine dífhostaithe a théann chuig ceann de na Ballstáit sin faoi Airteagal 64 den bhun-Rialachán.

Airteagal 56

Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.   I gcás ina mbeartóidh duine dífhostaithe, i gcomhréir le hAirteagal 65(2) den bhun-Rialachán, é féin a chur ar fáil freisin do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát is deireanaí a raibh sé ag saothrú mar dhuine fhostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe ann, trína chlárú ann mar dhuine atá ag lorg oibre, cuirfidh sé institiúid agus seirbhísí fostaíochta a Bhallstáit chónaithe ar an eolas faoi.

Arna iarraidh sin do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann ag saothrú a ghníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, seolfaidh seirbhísí fostaíochta san áit chónaithe chucu an fhaisnéis ábhartha maidir le clárú an duine dhífhostaithe agus maidir lena chuardach fostaíochta.

2.   I gcás ina gceanglófar, leis an reachtaíocht is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann, go gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe oibleagáidí áirithe agus/nó gníomhaíochtaí áirithe cuardaithe poist, beidh tús áite ag na hoibleagáidí agus na gníomhaíochtaí cuardaithe poist a dhéanfaidh an duine dífhostaithe sa Bhallstát cónaithe.

Mura gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe na hoibleagáidí agus/nó na gníomhaíochtaí cuardaithe poist uile sa Bhallstát inar shaothraigh sé nó sí a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht is deireanaí, ní bheidh aon tionchar aige seo ar na sochair a dhámhfar air nó uirthi sa Bhallstát cónaithe.

3.   Chun críocha Airteagal 65(5)(b) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, cuirfidh institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta institiúid na háite cónaithe ar an eolas, arna iarraidh sin di, faoi cibé acu an bhfuil an t-oibrí i dteideal sochar faoi Airteagal 64 den bhun-Rialachán.

Airteagal 57

Forálacha maidir le hAirteagail 61, 62, 64 agus 65 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta do státseirbhísigh

1.   Beidh feidhm de réir mutatis mutandis ag Airteagal 54 agus Airteagal 55 den Rialachán cur chun feidhme maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 56 den Rialachán cur chun feidhme maidir le daoine a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh. Duine dífhostaithe a chumhdaítear le scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh, atá dífhostaithe go páirteach nó go hiomlán, agus a raibh cónaí air, le linn a fhostaíochta deiridh, ar chríoch Ballstáit seachas an Stát inniúil, gheobhaidh sé na sochair faoin scéim speisialta dífhostaíochta do státseirbhísigh i gcomhréir le forálacha reachtaíocht an Bhallstáit inniúil amhail is dá mbeadh cónaí air ar chríoch an Bhallstáit sin. Soláthróidh an institiúid inniúil na sochair sin ar a costas féin.

CAIBIDIL VI

Sochair teaghlaigh

Airteagal 58

Rialacha tosaíochta i gcás forluí

Chun críocha Airteagal 68(1)(b)(i) agus (ii) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, i gcás nach bhféadfar an t-ord tosaíochta a bhunú ar bhonn áit chónaithe na leanaí, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann méid na sochar a ríomh, ag cur san áireamh na leanaí nach bhfuil cónaí orthu laistigh dá chríoch féin. I gcás ina gcuirfear Airteagal 68(1)(b)(i) i bhfeidhm, is í institiúid inniúil an Bhallstáit a ndéanann a reachtaíocht foráil don leibhéal is airde sochar a íocfaidh méid iomlán na sochar sin, agus is í institiúid inniúil an Bhallstáit eile a dhéanfaidh leath na suime seo, nach rachaidh thar theorainn an méid dá bhforáiltear i reachtaíocht an Bhallstáit dheireanaigh sin, a aisíoc léi.

Airteagal 59

Na rialacha a bheidh infheidhme i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht atá infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú

1.   I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an reachtaíocht infheidhme agus/nó ar an inniúlacht chun sochair teaghlaigh a dheonú idir Ballstáit i gcaitheamh míosa féilire, beag beann ar dhátaí íoctha na sochar teaghlaigh faoi reachtaíocht na mBallstát sin, an institiúid a d’íoc na sochair teaghlaigh ag tús na míosa sin de bhua na reachtaíochta faoinar deonaíodh na sochair, leanfaidh sí ag déanamh amhlaidh go dtí deireadh na míosa reatha.

2.   Cuirfidh sí institiúid an Bhallstáit eile nó na mBallstát eile ar an eolas maidir leis an dáta a scoirfidh sí de bheith ag íoc na sochar teaghlaigh sin. Tosóidh íoc na sochar ón mBallstát eile nó ó na Ballstáit eile lena mbaineann ón dáta sin.

Airteagal 60

Nós imeachta chun Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.   Seolfar an t-iarratas ar shochair teaghlaigh chuig an institiúid inniúil. Chun críocha Airteagal 67 agus Airteagal 68 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfar staid an teaghlaigh ar fad a chur san áireamh amhail is dá mba faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann a bhí na daoine ar fad atá i gceist agus amhail is dá mba ina gcónaí ann a bhí siad, go háirithe maidir le teidlíocht duine chun na sochair sin a éileamh. I gcás duine atá i dteideal na sochar a éileamh ach nach bhfeidhmíonn an ceart sin, cuirfidh institiúid inniúil Ballstáit, a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, san áireamh iarratas ar shochair teaghlaigh a thíolacfaidh an tuismitheoir eile nó duine a chaitear leis nó léi mar thuismitheoir nó duine nó institiúid atá ag gníomhú mar chaomhnóir an linbh nó na leanaí.

2.   Déanfaidh an institiúid a ndéanfar iarratas chuici i gcomhréir le mír 1 scrúdú ar an iarratas ar bhonn na faisnéise mionsonraithe a sholáthróidh an t-iarratasóir, agus staid fhoriomlán dáiríre agus staid dhlíthiúil theaghlach an iarratasóra á gcur san áireamh aici.

Má chinneann an institiúid sin go bhfuil a reachtaíocht infheidhme trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 68(1) agus (2) den bhun-Rialachán, soláthróidh sí na sochair teaghlaigh de réir na reachtaíochta a chuireann sí i bhfeidhm.

Más léir, i dtuairim na hinstitiúide sin, gurbh fhéidir gurbh ann do theidlíocht chun forlíonadh dhifreálaigh de bhua reachtaíochta Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 68(2) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid sin an t-iarratas ar aghaidh chuig institiúid inniúil an Bhallstáit eile gan mhoill agus cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas; ina theannta sin, cuirfidh sí institiúid an Bhallstáit eile ar an eolas maidir lena cinneadh i leith an iarratais agus méid na sochar teaghlaigh a íocfar.

3.   I gcás ina gcinnfidh an institiúid a ndéanfar iarratas chuici go bhfuil a reachtaíocht infheidhme ach nach trí cheart tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 68(1) nó (2) den bhun-Rialachán é, glacfaidh sí cinneadh sealadach gan mhoill maidir leis na rialacha tosaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm agus cuirfidh sí an t-iarratas ar aghaidh de réir Airteagal 68(3) den bhun-Rialachán chuig institiúid an Bhallstáit eile agus cuirfidh sí an t-iarratasóir ar an eolas faoi sin freisin. Glacfaidh an institiúid seasamh maidir leis an gcinneadh sealadach sin laistigh de dhá mhí.

Mura nglacfaidh an institiúid a gcuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuici seasamh laistigh den tréimhse thuasluaite, beidh feidhm ag an gcinneadh sealadach dá dtagraítear thuas agus íocfaidh an institiúid sin na sochair dá bhforáiltear faoina reachtaíocht agus cuirfidh sí an institiúid a ndearnadh an t-iarratas chuici ar an eolas faoi mhéid na sochar a íocfar.

4.   I gcás ina mbeidh easaontas ann idir na hinstitiúidí lena mbaineann maidir leis an reachtaíocht atá infheidhme de réir cheart na tosaíochta, beidh feidhm ag Airteagal 6(2) go dtí (5) den Rialachán cur chun feidhme. Chun na críche sin, is éard a bheidh in institiúid na háite cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán cur chun feidhme institiúid áit chónaithe an linbh nó na leanaí.

5.   Má d’íoc an institiúid a sholáthair na sochair ar bhonn sealadach níos mó ná an méid a bhfuil sí freagrach as faoi dheoidh, féadfaidh sí aisíoc an fharasbairr a éileamh ón institiúid ar uirthi atá an phríomhfhreagracht i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 61

Nós imeachta chun Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Chun críocha Airteagal 69 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin liosta de na sochair teaghlaigh bhreise nó na sochair teaghlaigh speisialta do dhílleachtaí a chumhdaítear leis an Airteagal sin. Mura bhforáiltear go ndeonóidh an institiúid atá inniúil, trí cheart na tosaíochta, sochair teaghlaigh breise nó sochair teaghlaigh speisialta den sórt sin do dhílleachtaí, faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, cuirfidh sí aon iarratas ar shochair teaghlaigh ar aghaidh gan mhoill, mar aon leis na doiciméid ábhartha uile agus gach faisnéis ábhartha, chuig institiúid an Bhallstáit is faide a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta agus a sholáthraíonn sochair teaghlaigh bhreise nó speisialta do dhílleachtaí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé sin a chiallú go ndéanfaí tarchur ar ais, faoi na coinníollacha céanna, chuig institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht a chuir an duine lena mbaineann isteach na tréimhsí árachais nó cónaithe ba ghiorra.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Aisíoc chostas na sochar i gcur i bhfeidhm Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán

Roinn 1

Aisíoc ar bhonn caiteachais iarbhír

Airteagal 62

Prionsabail

1.   Chun críocha Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil méid iarbhír chostais na sochar comhchineáil, mar a léirítear i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, a aisíoc leis an institiúid sin, ach amháin i gcás ina mbeidh Airteagal 63 den Rialachán cur chun feidhme infheidhme.

2.   Má tá aon mhéid de chostas iarbhír na sochar nó cuid de mhéid chostas iarbhír na sochar dá dtagraítear i mír 1 gan taispeáint i gcuntais na hinstitiúide a sholáthair iad, cinnfear an méid atá le haisíoc ar bhonn íocaíochta cnapshuime a ríomhfar ó na tagairtí iomchuí go léir a gheofar ó na sonraí atá ar fáil. Measúnóidh an Coimisiún Riaracháin na boinn a úsáidfear chun an íocaíocht chnapshuime a ríomh agus cinnfidh sé méid na híocaíochta sin.

3.   Ní fhéadfar rátaí a chur san áireamh san aisíoc a bheidh níos airde ná na rátaí is infheidhme do na sochair chomhchineáil a chuirtear ar fáil do dhaoine árachaithe faoi réir na reachtaíochta atá á cur i bhfeidhm ag an institiúid a bhfuil na sochair dá dtagraítear i mír 1 á gcur ar fáil aici.

Roinn 2

Aisíoc ar bhonn méideanna socraithe

Airteagal 63

Na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint

1.   Liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den bhun-Rialachán, ar de chineál a struchtúir dhlíthiúla nó riaracháin nach iomchuí aisíoc ar bhonn caiteachais iarbhír a úsáid.

2.   I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme, maidir le méid na sochar comhchineáil a sholáthraítear:

(a)

do dhaoine den teaghlach nach bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna ina bhfuil cónaí ar an duine árachaithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 17 den bhun-Rialachán, agus

(b)

do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach, mar a fhoráiltear in Airteagal 24(1), Airteagal 25 agus Airteagal 26 den bhun-Rialachán,

déanfaidh na hinstitiúidí inniúla na sochair sin a aisíoc leis na hinstitúidí a chuir ar fáil iad, ar bhonn méid shocraithe a bhunófar do gach bliain féilire. Beidh an méid a shocrófar chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír.

Airteagal 64

Modh ríofa na méideanna socraithe míosúla agus an méid shocraithe iomláin

1.   Do gach Ballstát creidmheasach, cinnfear an méid socraithe míosúil in aghaidh an duine (Fi) don bhliain féilire tríd an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi), agus é á mhiondealú de réir aoisghrúpa (i), a roinnt ar 12 agus trí laghdú (X) a chur i bhfeidhm ar an toradh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Fi = Yi *1/12*(1-X)

Inarb é:

an t-innéacs (i = 1, 2 agus 3) na trí aoisghrúpa a úsáidtear chun na méideanna socraithe a ríomh:

i = 1: daoine faoi bhun 20 bliain d’aois

i = 2: daoine idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois

i = 3: daoine in aois 65 bliana agus os a cionn

Yi an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine san aoisghrúpa i, mar a shainmhínítear i mír 2 é,

an chomhéifeacht X (0,20 nó 0,15) an laghdú mar a shainmhínítear i mír 3 é;

2.   Gheofar an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi) in aoisghrúpa i tríd an gcaiteachas bliantúil ar na sochair chomhchineáil uile a sholáthraíonn institiúidí an Bhallstáit chreidmheasaigh do na daoine go léir atá san aoisghrúpa lena mbaineann, atá faoi réir a reachtaíochta agus atá ina gcónaí laistigh dá chríoch, a roinnt ar mheánlíon na ndaoine san aoisghrúpa sin. Bunófar an ríomh ar an gcaiteachas faoi na scéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán cur chun feidhme.

3.   Is ionann, i bprionsabal, an laghdú atá le cur i bhfeidhm ar an méid iomlán socraithe agus 20 % (X = 0,20). Is ionann agus 15 % a bheidh sé (X = 0,15) do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach i gcás nach mbeidh an Ballstát inniúil liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbun-Rialachán.

4.   Do gach Ballstát creidmheasach, is éard a bheidh sa mhéid iomlán socraithe don bhliain féilire suim na n-iolrach a gheofar tríd an méid míosúil socraithe a cinneadh a iolrú i ngach aoisghrúpa faoi líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann isteach sa Bhallstát creidmheasach san aoisghrúpa sin.

Is éard a bheidh i líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann isteach sa Bhallstát creidmheasach suim na míonna féilire i mbliain féilire ina raibh na daoine lena mbaineann i dteideal sochair chomhchineáil a fháil ar chostas an Bhallstáit fhiachaigh, de bharr go raibh cónaí orthu i gcríoch an Bhallstáit chreidmheasaigh. Déanfar na míonna sin a chinneadh ó fhardal a choinneoidh institiúid na háite cónaithe chuige sin, a bheidh bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach a sholáthróidh an institiúid inniúil maidir le teidlíocht na dtairbhithe.

5.   Tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2015, tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil shonrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo agus go háirithe maidir leis na laghdaithe dá dtagraítear in mír 3. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún Riaracháin togra a thíolacadh ina mbeidh aon leasuithe a mbeidh gá leo d’fhonn a áirithiú go mbeidh ríomh na méideanna socraithe chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír a tabhaíodh agus nach mbeidh de thoradh ar na laghduithe dá dtagraítear in mír 3 go mbeadh íocaíochtaí neamhchothroma nó íocaíochtaí dúbailte ann do na Ballstáit.

6.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na modhanna lena gcinnfear na heilimintí lena ndéanfar na méideanna socraithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a ríomh.

7.   D’ainneoin mhíreanna 1 go 4, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’Airteagal 94 agus Airteagal 95 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a chur i bhfeidhm chun an méid socraithe a ríomh go dtí an 1 Bealtaine 2015 ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an laghdú dá dtagraítear in mír 3.

Airteagal 65

Fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla

1.   Tabharfar fógra faoin meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain shonrach don Bhord Iniúchóireachta tráth nach déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana a bheidh i gceist. Mura dtabharfar fógra faoin spriocdháta seo, tógfar an meánchostas bliantúil is deireanaí in aghaidh an duine a chinn an Coimisiún Riaracháin do bhliain roimhe sin.

2.   Na meánchostais bhliantúla sin a chinnfear i gcomhréir le mír 1, foilseofar gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Roinn 3

Forálacha coiteanna

Airteagal 66

Nós imeachta um aisíoc idir institiúidí

1.   Déanfar na haisíocaíochtaí idir na Ballstáit lena mbaineann a chur i gcrích a luaithe agus is féidir. Beidh sé d’oibleagáid ar gach institiúid lena mbaineann na héilimh a aisíoc roimh na spriocdhátaí a luaitear sa Roinn seo, a luaithe agus a bheidh sí in ann é sin a dhéanamh. Díospóid a bhaineann le héileamh ar leith, ní bheidh sí ina bac d’aisíoc éilimh eile nó d’aisíoc éileamh eile.

2.   Na haisíocaíochtaí idir institiúidí na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 41 den bhun-Rialachán, déanfar tríd an gcomhlacht idirchaidrimh iad. D’fhéadfaí go mbeadh comhlacht idirchaidrimh ar leithligh ann d’aisíocaíochtaí faoi Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán.

Airteagal 67

Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú

1.   Éilimh atá bunaithe ar chaiteachas iarbhír, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh de 12 mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire inar taifeadadh na héilimh sin i gcuntais na hinstitiúide creidmheasaí.

2.   Éilimh ar mhéideanna socraithe do bhliain féilire, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis na míosa ar foilsíodh meánchostais na bliana lena mbaineann in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfear na fardail dá dtagraítear in Airteagal 64(4) den Rialachán cur chun feidhme isteach faoi dheireadh na bliana tar éis na bliana tagartha.

3.   Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme, ní chuirfear tús leis an spriocdháta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo go dtí go ndéanfar an institiúid inniúil a aithint.

4.   Éilimh a dhéanfar tar éis na spriocdhátaí atá sonraithe i mír 1 agus mír 2, ní chuirfear san áireamh iad.

5.   Íocfaidh an institiúid fhiachach na héilimh le comhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit chreidmheasaigh dá dtagraítear in Airteagal 66 den Rialachán cur chun feidhme laistigh de 18 mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad. Ní bhainfidh sé seo leis na héilimh ar dhiúltaigh an institiúid fhiachach dóibh ar chúis ábhartha le linn na tréimhse sin.

6.   Aon díospóidí a bhaineann le héileamh, socrófar iad, ar a dhéanaí, laistigh de 36 mhí tar éis na míosa ar cuireadh isteach an t-éileamh.

7.   I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an t-ábhar dó.

Airteagal 68

Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí

1.   Tar éis dheireadh na tréimhse 18 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc, ach amháin má d’íoc an institiúid fhiachach, laistigh de shé mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh an t-éileamh isteach, éarlais arb ionann í agus 90 % ar a laghad den éileamh iomlán a cuireadh isteach de bhua Airteagal 67(1) nó (2) den Rialachán cur chun feidhme. Maidir leis na codanna sin den éileamh nach gclúdaítear leis an éarlais, ní fhéadfar ús a ghearradh ach amháin tar éis dheireadh na tréimhse 36 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(6) den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Déanfar an t-ús a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe. Is é an ráta tagartha is infheidhme an ráta atá i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a bhfuil an íocaíocht dlite.

3.   Ní bheidh oibleagáid ar aon chomhlacht idirchaidrimh glacadh le héarlais dá bhforáiltear i mír 1. Má thograíonn comhlacht idirchaidrimh, áfach, gan glacadh le tairiscint den sórt sin, ní bheidh an institiúid chreidmheasach i dteideal ús a ghearradh a thuilleadh ar íocaíochtaí déanacha i leith na n-éileamh lena mbaineann ach amháin faoin dara habairt de mhír 1.

Airteagal 69

Ráiteas cuntas bliantúil

1.   Socróidh an Coimisiún Riaracháin staid na n-éileamh do gach bliain féilire i gcomhréir le hAirteagal 72(g) den bhun-Rialachán, ar bhonn thuarascáil an Bhoird Iniúchóireachta. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an Bord Iniúchóireachta síos, fógra a thabhairt don Bhord sin faoi mhéid na n-éileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh creidmheasach) agus faoi mhéid na n-éileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh fiachach).

2.   Féadfaidh an Coimisiún Riaracháin aon seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh agus cuntasaíochta a úsáidtear mar bhonn chun ráiteas bliantúil na n-éileamh dá bhforáiltear i mír 1 a dhréachtú, d’fhonn, go háirithe, a áirithiú go bhfuil siad de réir na rialacha a leagtar síos faoin Teideal seo.

CAIBIDIL II

Sochair dífhostaíochta a aisíoc de bhun Airteagal 65 den bhun-Rialachán

Airteagal 70

Sochair dífhostaíochta a aisíoc

Mura mbeidh comhaontú ann i gcomhréir le hAirteagal 65(8) den bhun-Rialachán, iarrfaidh institiúid na háite cónaithe ar institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an tairbhí faoi réir a reachtaíochta, go n-aisíocfar sochair dífhostaíochta de bhun Airteagal 65(6) agus (7) den bhun-Rialachán. Déanfar an iarraidh laistigh de shé mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire ina ndearnadh an íocaíocht is deireanaí den sochar dífhostaíochta a bhfuil aisíocaíocht á hiarraidh ina leith. Sonrófar leis an iarraidh méid an tsochair a íocadh i rith na tréimhse trí mhí nó cúig mhí dá dtagraítear in Airteagal 65(6) agus (7) den bhun-Rialachán, an tréimhse ar íocadh na sochair ina leith agus sonraí aitheantais an duine dhífhostaithe. Is trí chomhlachtaí idirchaidrimh na mBallstát lena mbaineann a chuirfear isteach agus a íocfar na héilimh.

Ní bheidh aon cheanglas ann iarrataí a chuirtear isteach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad mhír a bhreithniú.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 66(1) agus Airteagal 67(5) go (7) den Rialachán cur chun feidhme.

Ó dheireadh na tréimhse 18 mhí dá dtagraítear in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc. Ríomhfar an t-ús i gcomhréir le hAirteagal 68(2) den Rialachán cur chun feidhme.

Is é uasmhéid na haisíocaíochta dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 65(6) den bhun-Rialachán, i ngach cás ar leithligh, méid an tsochair a bheadh duine lena mbaineann i dteideal a fháil de réir reachtaíocht an Bhallstáit is deireanaí a raibh sé faoina réir, dá mbeadh sé cláraithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin. Sa chaidreamh idir na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme, áfach, is iad institiúidí inniúla ceann de na Ballstáit sin ar faoi réir a reachtaíochta is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann a chinnfidh an t-uasmhéid i ngach cás ar leithligh, ar bhonn mheánmhéid na sochar dífhostaíochta a cuireadh ar fáil faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin an bhliain féilire roimhe sin.

CAIBIDIL III

Gnóthú sochar a íocadh ach nach raibh dlite, gnóthú ar íocaíochtaí sealadacha agus ranníocaíochtaí sealadacha frithchúiteamh agus cúnamh sa ghnóthú

Roinn 1

Prionsabail

Airteagal 71

Forálacha coiteanna

Chun críocha Airteagal 84 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus laistigh den chreat a shainítear ann, aon uair is féidir, is mar fhrithchúiteamh idir institiúidí na mBallstát lena mbaineann, nó i leith an duine nádúrtha nó dlítheanach i gcomhréir le hAirteagail 72 go 74 den Rialachán cur chun feidhme, a ghnóthófar éilimh. Mura bhfuiltear in ann gach cuid den éileamh nó cuid ar bith de a ghnóthú tríd an nós imeachta um chúiteamh seo, gnóthófar a bhfuil fágtha den mhéid atá dlite i gcomhréir le forálacha Airteagail 75 go 85 den Rialachán cur chun feidhme.

Roinn 2

Frithchúiteamh

Airteagal 72

Sochair a fuarthas agus nach raibh dlite

1.   Má d’íoc institiúid Ballstáit sochair le duine nach raibh dlite dó, féadfaidh an institiúid sin, laistigh de na téarmaí agus de na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine lena mbaineann, an méid neamhdhlite a bhaint as riaráistí nó as íocaíochtaí leanúnacha a dhlitear don duine lena mbaineann, beag beann ar an mbrainse slándála shóisialta faoina n-íoctar an sochar. Bainfidh an institiúid sin an méid atá i gceist faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le córas frithchúitimh den sórt seo i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mba í féin a rinne an ró-íocaíocht, agus aistreoidh sí an méid a bhaintear chuig an institiúid a d’íoc na sochair neamhdhlite.

2.   De mhaolú ar mhír 1, má d’íoc institiúid Ballstáit suim sochair mhíchuí le duine nuair a bhí sochair á ndámhachtain nó á n-athbhreithniú acu maidir le sochair easláine, pinsin seanaoise nó pinsin marthanóirí de bhua Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den bhun-Rialachán, féadfaidh sí iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as na sochair chomhfhreagracha a íoc leis an duine lena mbaineann go mbainfidh sí an méid a ró-íocadh as na riaráistí atá iníoctha leis an duine sin. Tar éis don institiúid sin an institiúid a d’íoc an tsuim mhíchuí a chur ar an eolas maidir leis riaráistí sin, fógróidh an institiúid a d’íoc an méid míchuí méid an mhéid mhíchuí, laistigh de dhá mhí. Má fhaigheann an institiúid atá chun na riaráistí a íoc an t-eolas faoin spriocdháta, aistreoidh sí an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na méideanna míchuí. Má théann an spriocdháta in éag, íocfaidh an institiúid sin na riaráistí, gan mhoill, leis an duine lena mbaineann.

3.   Má fuair duine cúnamh leasa shóisialaigh i mBallstát amháin i rith tréimhse a raibh sé i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh an comhlacht a sholáthair an cúnamh, má tá teideal dlí aige na sochair atá dlite don duine sin a éileamh ar ais, a iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine sin, an méid cúnaimh a íocadh a bhaint as na méideanna a íocfaidh an Ballstát sin leis an duine sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le haon duine de theaghlach duine lena mbaineann a fuair cúnamh i gcríoch Ballstáit i rith tréimhse a raibh an duine árachaithe i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an duine sin den teaghlach.

Institiúid Ballstáit a d’íoc méid míchuí cúnaimh, seolfaidh sí ráiteas faoin méid atá dlite d’institiúid an Bhallstáit eile, a bhainfidh an méid sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos don nós imeachta frithchúitimh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí an méid sin gan mhoill chuig an institiúid a d’íoc an méid míchuí.

Airteagal 73

Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí

1.   Chun críocha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, trí mhí ar a dheireanaí tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte nó an institiúid atá freagrach as na sochair a íoc a bheith sainaitheanta, dréachtóidh an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach ráiteas maidir leis an méid a íocadh go sealadach agus seolfaidh sí é chuig an institiúid a aithnítear mar an institiúid inniúil.

An institiúid atá aitheanta mar an institiúid atá inniúil as na sochair a íoc, bainfidh sí an méid atá dlite i ndáil leis an íocaíocht shealadach as riaráistí na sochar comhfhreagrach a dhlíonn sí leis an duine lena mbaineann agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach.

Más mó méid na sochar a íocadh go sealadach ná méid na riaráistí, nó murab ann do riaráistí, bainfidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil an méid sin as íocaíochtaí leanúnacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta frithchúitimh den sórt sin faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach.

2.   An institiúid a fuair ranníocaíochtaí go sealadach ó dhuine nádúrtha/dlítheanach, ní aisíocfaidh sí na méideanna atá i gceist leis an duine a d’íoc iad go dtí go bhfionnfaidh sí ón institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil na suimeanna atá dlite di faoi Airteagal 6(4) den bhun-Rialachán.

Arna iarraidh sin don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, a dhéanfar trí mhí, ar a dhéanaí, tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte, aistreoidh an institiúid a fuair ranníocaíochtaí sealadacha na ranníocaíochtaí chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid a bhí inniúil don tréimhse sin chun críche an staid a shocrú maidir leis na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine nádúrtha agus/nó dlítheanach di. Na ranníocaíochtaí a aistreofar, meastar go haisghníomhach gur leis an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil a íocadh iad.

Más mó méid na ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach ná an méid a dhlíonn an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, aisíocfaidh an institiúid a fuair na ranníocaíochtaí sealadacha an méid a ró-íocadh leis an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha lena mbaineann.

Airteagal 74

Na costais a bhaineann le frithchúiteamh

Ní íocfar aon chostais i gcás ina ngnóthófar an fiach tríd an nós imeachta frithchúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

Roinn 3

Gnóthú

Airteagal 75

Sainmhínithe agus forálacha coiteanna

1.   Chun críocha na Roinne seo:

ciallaíonn ‘éileamh’ na héilimh uile a bhaineann le ranníocaíochtaí nó le sochair a íocadh nó a soláthraíodh gan a bheith dlite, lena n-áirítear ús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais eile ar fad a bhaineann leis an éileamh de réir reachtaíocht an Bhallstáit a dhéanann an t-éileamh,

ciallaíonn ‘páirtí iarrthach’ aon institiúid a dhéanann iarraidh ar fhaisnéis, ar fhógra nó ar ghnóthú maidir le héileamh, a shainmhínítear thuas,

ciallaíonn ‘páirtí iarrtha’ aon institiúid a ndéantar iarraidh ar fhaisnéis, ar fhógra nó ar ghnóthú chuici maidir le héileamh.

2.   Aon iarrataí a dhéantar idir na Ballstáit, agus aon teachtaireachtaí a bhaineann leo, díreofar iad, go hiondúil, trí institiúidí a ainmneofar.

3.   Maidir le bearta praiticiúla cur chun feidhme, lena n-áirítear, chomh maith le cinn eile, iad siúd a bhaineann le hAirteagal 4 den Rialachán cur chun feidhme agus le tairseach íosta a leagan síos do na méideanna ar féidir iarraidh ar ghnóthú a dhéanamh ina leith, glacfaidh an Coimisiún Riaracháin iad.

Airteagal 76

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Arna iarraidh sin don pháirtí iarrthach, cuirfidh an páirtí iarrtha aon fhaisnéis ar fáil a bheadh úsáideach don pháirtí iarrthach chun a éileamh a ghnóthú.

D’fhonn an fhaisnéis sin a fháil, bainfidh an páirtí iarrtha úsáid as na cumhachtaí a bhforáiltear dóibh faoi na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le héilimh den sórt sin a eascraíonn ina Bhallstát féin.

2.   Sonrófar leis an iarraidh ar fhaisnéis ainm, an seoladh is deireanaí atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannú an duine dlítheanaigh nó nádúrtha a mbaineann an fhaisnéis a chuirfear ar fáil leis, agus cineál agus méid an éilimh ar ina leith atá an iarraidh á déanamh.

3.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha faisnéis a chur ar fáil:

(a)

nach mbeadh sé ábalta rochtain a fháil uirthi chun éilimh den sórt sin a d’eascródh ina Bhallstát féin a ghnóthú;

(b)

trína sceithfí aon rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil; nó

(c)

ar dóigh go ndéanfadh a nochtadh dochar do shlándáil an Bhallstáit nó ar dóigh go rachadh a nochtadh i gcoinne bheartais phoiblí an Bhallstáit.

4.   Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis.

Airteagal 77

Fógra

1.   Ar na iarraidh sin don pháirtí iarrthach, tabharfaidh an páirtí iarrtha fógra don seolaí, i gcomhréir leis na rialacha dlí atá i bhfeidhm maidir le fógraí faoi ionstraimí nó cinntí den sórt sin ina Bhallstát féin, faoi na hionstraimí uile agus faoi na cinntí uile, lena n-áirítear ionstraimí agus cinntí de chineál breithiúnach a thagann ó Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus a bhaineann le héileamh agus/nó lena ghnóthú.

2.   Sonrófar leis an iarraidh ar fhógra ainm agus seoladh an tseolaí lena mbaineann agus aon fhaisnéis eile a bhaineann le céannú an tseolaí a mbeadh rochtain ag an bpáirtí iarrthach uirthi de ghnáth, cineál agus ábhar na hionstraime nó an chinnidh a bhfuil fógra le tabhairt faoi agus, más gá, ainm agus seoladh an fhiachóra agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an fhiachóra agus leis an éileamh lena mbaineann an ionstraim nó an cinneadh, agus aon fhaisnéis fhóinteach eile.

3.   Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas gan mhoill faoin mbeart a rinneadh mar thoradh ar a iarraidh ar fhógra agus, go háirithe, faoin dáta ar cuireadh an cinneadh nó an ionstraim ar aghaidh chuig an seolaí.

Airteagal 78

Iarraidh ar ghnóthú

1.   Iarraidh chun éileamh a ghnóthú a sheolann an páirtí iarrthach chuig an páirtí iarrtha, tionlacfar í le cóip oifigiúil nó le cóip dheimhnithe den ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh agus, más iomchuí, le bunchóip nó cóip dheimhnithe de na doiciméid eile is gá don ghnóthú.

2.   Ní fhéadfaidh an páirtí iarrthach iarraidh a dhéanamh ar ghnóthú ach amháin:

(a)

i gcás nach bhfuil an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú á gconspóid ina Bhallstát féin, seachas i gcásanna ina bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 81(2) den Rialachán cur chun feidhme á chur i bhfeidhm;

(b)

má tá nósanna imeachta iomchuí um ghnóthú atá ar fáil dó ar bhonn na hionstraime dá dtagraítear i mír 1 curtha i bhfeidhm ina Bhallstát féin aige, agus nach mbeidh íocaíocht an éilimh ina iomláine i gceist mar thoradh ar na bearta a rinneadh;

(c)

mura bhfuil tréimhse na dteorainneacha, i gcomhréir lena reachtaíocht féin, tar éis dul in éag.

3.   Sonrófar san iarraidh ar ghnóthú an méid seo a leanas:

(a)

ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh lena mbaineann agus/nó leis an tríú páirtí a bhfuil a shócmhainní nó a sócmhainní ina seilbh aige;

(b)

ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an pháirtí iarrthaigh;

(c)

tagairt don ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;

(d)

nádúr agus méid an éilimh, lena n-áirítear an phríomhshuim, an t-ús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais ar fad eile atá dlite agus iad á sonrú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha;

(e)

an dáta ar thug an páirtí iarrthach agus/nó an páirtí iarrtha fógra faoin ionstraim don seolaí;

(f)

an dáta ónar féidir agus an tréimhse inar féidir forghníomhú a dhéanamh faoi na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;

(g)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

4.   Beidh dearbhú ón bpáirtí iarrthach san iarraidh ar ghnóthú freisin, lena ndaingnítear gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2.

5.   Cuirfidh an páirtí iarrthach aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar ghnóthú ar aghaidh chuig an páirtí iarrtha, a luaithe a thiocfaidh an fhaisnéis sin ar a iúl.

Airteagal 79

Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 84(2) den bhun-Rialachán, aithneofar go díreach an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a ghnóthú agus déileálfar léi go huathoibríoch mar ionstraim lena gceadaítear éileamh de chuid Bhallstát an pháirtí iarrthaigh a fhorghníomhú.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, féadfar glacadh leis an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a fhorghníomhú mar ionstraim lena n-údaraítear forghníomhú ar chríoch an Bhallstáit sin, nó féadfar í a aithint mar ionstraim den sórt sin, nó a fhorlíonadh nó a ionadú le hionstraim den sórt sin.

Laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar ghnóthú, féachfaidh na húdaráis inniúla leis an nglacadh, an aithint, an bhforlíonadh nó an ionadú sin a chur i gcrích, ach amháin i gcásanna ina mbeidh feidhm ag an tríú fomhír den mhír seo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gníomhartha seo a dhiúltú más dréachtaithe mar is cuí atá an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon sárú ar an tréimhse trí mhí.

I gcás ina n-eascróidh díospóid as aon cheann de na gníomhartha seo, i ndáil leis an éileamh agus/nó i ndáil leis an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú arna heisiúint ag an bpáirtí iarrthach, beidh feidhm ag Airteagal 81 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 80

Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí

1.   Déanfar éilimh a ghnóthú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha. Tarchuirfidh an páirtí iarrtha méid iomlán an éilimh a ghnóthaíonn an páirtí iarrtha chuig an bpáirtí iarrthach.

2.   I gcás ina gceadóidh na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin amhlaidh, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an bpáirtí iarrthach, féadfaidh an páirtí iarrtha am breise a thabhairt don fhiachóir chun an t-éileamh a íoc nó féadfaidh sé íocaíocht i dtráthchodanna a údarú. Aon ús a ghearrfaidh an páirtí iarrtha i leith an ama bhreise sin don íocaíocht, tarchuirfear chuig an bpáirtí iarrthach é freisin.

Ón dáta a n-aithneofar, go díreach, an ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 79(1) den Rialachán cur chun feidhme, nó ón dáta a nglacfar léi, a n-aithneofar í, a bhforlíonfar í nó a n-ionadófar í i gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Rialachán cur chun feidhme, gearrfar ús as íocaíocht dhéanach faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha agus tarchuifear an t-ús sin freisin chuig an bpáirtí iarrthach.

Airteagal 81

Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú

1.   Más rud é, i gcúrsa an nós imeachta um ghnóthú, go gconspóideann páirtí leasmhar an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, déanfaidh an páirtí sin an chaingean a thabhairt os comhair údarás inniúil Bhallstát an pháirtí iarrthaigh, i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin. Tabharfaidh an páirtí iarrthach fógra don pháirtí iarrtha faoin mbeart seo gan mhoill. Féadfaidh an páirtí leasmhar an páirtí iarrtha a chur ar an eolas faoin gcaingean seo freisin.

2.   A luaithe a gheobhaidh an páirtí iarrtha an fógra nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ón bpáirtí iarrthach nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorghníomhú ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás atá inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí iarrthach a mhalairt i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Má mheasann an páirtí iarrtha gur gá sin, agus gan dochar d’Airteagal 84 den bhun-Rialachán, féadfaidh sé bearta réamhchúraim a ghlacadh chun gnóthú a áirithiú a mhéid a cheadaíonn na rialacha nó na rialacháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin na bearta sin i gcás éileamh den tsamhail chéanna.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin agus leis na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin, féadfaidh an páirtí iarrthach a iarraidh ar an bpáirtí iarrtha go ngnóthóidh sé éileamh atá á chonspóid, a mhéid a cheadaítear é sin leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha. Má shocraítear an conspóid i bhfabhar an fhiachóra, dlífear ar an bpáirtí iarrthach aon suimeanna a gnóthaíodh a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha.

3.   I gcás ina mbainfidh an chonspóid le bearta forghníomhaithe a rinneadh i mBallstát an pháirtí iarrtha, tabharfar an chaingean os comhair údarás iomchuí an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.

4.   I gcás inar binse breithiúnach nó riaracháin a bheidh san údarás iomchuí a dtugtar caingean os a chomhair i gcomhréir le mír 1, a mhéid atá cinneadh an bhinse sin fabhrach don pháirtí iarrthach agus má cheadaíonn sé gnóthú an éilimh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, is ionann an cinneadh sin agus an ‘ionstraim lena gceadaítear forghníomhú’ de réir bhrí Airteagal 78 agus de réir bhrí Airteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme agus rachaidh gnóthú an éilimh ar aghaidh ar bhonn an chinnidh sin.

Airteagal 82

Teorainneacha maidir le cúnamh

1.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha:

(a)

an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 78 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú más rud é, de bharr staid an fhiachóra, go gcothódh gnóthú an éilimh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialacha i mBallstát an pháirtí iarrtha, a mhéid a cheadaíonn dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha beart den sórt sin i gcás éileamh náisiúnta den tsamhail chéanna;

(b)

an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 76 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú, má tá feidhm ag an iarraidh thosaigh faoi Airteagal 76 go hAirteagal 78 den Rialachán cur chun feidhme maidir le héilimh níos sine ná cúig bliana d’aois, ón nóiméad ar bunaíodh an ionstraim lena gceadaítear gnóthú i gcomhréir le dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh ar dháta na hiarrata. Ar a shon sin, má dhéantar an t-éileamh nó an ionstraim a chonspóid, tosaíonn an teorainn ama an nóiméad a shuíonn an Ballstát an pháirtí iarrthaigh nach féidir an t-éileamh nó an t-ordú um fhorghníomhú a cheadaíonn gnóthú a chonspóid a thuilleadh.

2.   Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin gcúis ar diúltaíodh iarraidh ar chúnamh.

Airteagal 83

Tréimhsí teorann

1.   Rialófar ceisteanna a bhaineann le tréimhsí teorann mar a leanas:

(a)

leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, a mhéid a bhaineann siad leis an éileamh agus/nó leis an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú; agus

(b)

leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, a mhéid a bhaineann siad leis na bearta um fhorghníomhú sa Bhallstát iarrtha.

Tosóidh tréimhsí teorann de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha ón dáta aitheantais dhírigh nó ón dáta glactha, aitheantais, forlíonta nó ionadaíochta i gcomhréir le hAirteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme.

2.   Maidir le bearta arna nglacadh ag an bpáirtí iarrtha chun éilimh a ghnóthú de bhun iarrata ar chúnamh, a mbeadh d’éifeacht acu, dá ndéanfadh an páirtí iarrthach iad, an tréimhse teorann a fhionraí nó a bhriseadh de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, measfar gur glacadh iad sa Stát is déanaí atá luaite, a mhéid a bhaineann sé leis an éifeacht sin.

Airteagal 84

Bearta réamhchúraim

Ar iarraidh réasúnaithe ón bpáirtí iarrthach, glacfaidh an páirtí iarrtha bearta réamhchúraim chun gnóthú an éilimh a áirithiú a mhéid a cheadóidh na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha amhlaidh.

Chun críocha chur i bhfeidhm na chéad mhíre, beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha agus ag na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagail 78, 79, 81 agus 82 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 85

Na costais a bhaineann le gnóthú

1.   Gnóthóidh an páirtí iarrtha ón duine nadúrtha nó dlítheanach lena mbaineann agus coinneoidh sé aon chostais a bheidh ceangailte le gnóthú a thabhaítear, i gcomhréir le dlíthe agus le rialacháin Bhallstát an pháirtí iarrtha a bhfuil feidhm acu maidir le héilimh den tsamhail chéanna.

2.   De ghnáth, beidh cúnamh frithpháirteach a thugtar faoin Roinn seo saor in aisce. I gcás ina gcothóidh gnóthú fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, áfach, féadfaidh na páirtithe iarrthacha agus na páirtithe iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist.

3.   Leanfaidh Ballstát an pháirtí iarrthaigh de bheith faoi dhliteanas Bhallstát an pháirtí iarrtha as aon chostais agus as aon chaillteanais arna dtabhú mar thoradh ar bhearta a measadh a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime a d’eisigh an páirtí iarrthach.

Airteagal 86

Clásal i dtaca le hathbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin, tráth nach déanaí ná an ceathrú bliain féilire iomlán tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, tuarascáil chomparáideach a thíolacadh maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme.

Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála seo, tograí a thíolacadh chun na teorainneacha ama sin a athbhreithniú, ar tograí iad a mbeidh sé mar aidhm acu na teorainneacha ama sin a ghiorrú ar bhealach suntasach.

2.   Trath nach déanaí ná an dáta dá a dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin measúnú ar rialacha maidir le comhshó tréimhsí atá leagtha amach in Airteagal d’fhonn na rialacha sin a shimpliú, más féidir.

3.   Tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2015 tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil lena ndéanfar measúnú go sonrach ar chur i bhfeidhm Chaibidil I agus Chaibidil III de Theideal IV den Rialachán cur chun feidhme, go háirithe maidir leis na nósanna imeachta agus na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme agus maidir leis na nósanna imeachta um ghnóthú dá dtagraítear in Airteagail 75 go 85 den Rialachán cur chun feidhme.

I bhfianaise na tuarascála seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, más gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun na nósanna imeachta seo a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cothromúla.

TEIDEAL V

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 87

Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháin

1.   Gan dochar d’fhorálacha eile, i gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach, is í institiúid áit chónaithe nó áit fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an scrúdú liachta, ar iarraidh ón institiúid sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.

Cuirfidh an institiúid fhiachach institiúid na háite fanachta nó cónaithe ar an eolas maidir le haon cheanglais speisialta a bheidh le leanúint, más ga, agus maidir le pointí a bheidh le folú sa seiceáil riaracháin.

2.   Cuirfidh institiúid na háite fanachta nó cónaithe tuarascáil chuig an institiúid fhiachach a d’iarr an scrúdú liachta. Beidh fionnachtana institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe ina gceangal ar an institiúid fhiachach sin.

Coimeádfaidh an institiúid fhiachach an ceart chun an tairbhí a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. Ar a shon sin, ní fhéadfar a iarraidh ar an tairbhí filleadh ar Bhallstát na hinstitiúide fiachaí ach amháin má bhíonn ar a chumas nó ar a cumas an turas a dhéanamh gach dochar dá shláinte agus go n-íocann an institiúid fhiachach as costas an taistil agus an lóistín.

3.   I gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí i gcríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach lonnaithe, is í institiúid áit chónaithe nó fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an tseiceáil riaracháin, ar iarraidh ón institiúid fhiachach.

Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo.

4.   Beidh feidhm freisin ag mír 2 agus mír 3 le linn a chinneadh nó a sheiceáil a spleáiche atá faighteoir nó éilitheoir sochar cúraim fhadtréimhsigh dá dtagraítear in Airteagal 34 den bhun-Rialachán.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó forálacha sonracha agus nósanna imeachta sonracha a chomhaontú chun feabhas iomlán nó páirteach a chur ar ullmhacht éilitheoirí agus faighteoirí don mhargadh saothair agus ar a gcuid rannpháirtíochta in aon scéimeanna a bheidh ar fáil sa Bhallstát fanachta nó cónaithe chun na críche sin.

6.   Mar eisceacht ó phrionsabal an chomhair riaracháin fhrithpháirtigh shaor in aisce atá in Airteagal 76(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid fhiachach, a d’iarr ar an institiúid na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 go 5 a dhéanamh, glanmhéid an chaiteachais a bhí i gceist leis na seiceálacha sin a aisíoc leis an institiúid ar iarradh uirthi iad a dhéanamh.

Airteagal 88

Fógraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le sonraí na gcomhlachtaí a shainítear in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den bhun-Rialachán agus in Airteagal 1(2)(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme, agus maidir le sonraí na n-institiúidí arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme.

2.   Tabharfar céannacht leictreonach i bhfoirm cóid chéannachta agus seolta leictreonaigh do na comhlachtaí a shonraítear i mír 1.

3.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos an struchtúr, an t-inneachar agus na socruithe mionsonraithe, lena n-áirítear an fhormáid choiteann agus an múnla coiteann, maidir le fógra a thabhairt faoi na sonraí a shonraítear i mír 1.

4.   Tugtar sonraí in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme maidir leis an mbunachar sonraí poiblí ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an bunachar sonraí a chur ar bun agus a bhainistiú. Is iad na Ballstáit, áfach, a bheidh freagrach as a gcuid faisnéise teagmhála náisiúnta féin a ionchur sa bhunachar sonraí seo. Thairis sin, áiritheoidh na Ballstáit cruinneas ionchur na faisnéise teagmhála náisiúnta a éilítear faoi mhír 1.

5.   Beidh na Ballstáit freagrach as an bhfaisnéis atá sonraithe i mír 1 a choimeád cothrom le dáta.

Airteagal 89

Faisnéis

1.   Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin an fhaisnéis is gá chun a áirithiú gurb eol do na páirtithe lena mbaineann a gcearta agus na foirmiúlachtaí riaracháin is gá d’fhonn iad a dhearbhú. Déanfar an fhaisnéis sin, i gcás inar féidir, a scaipeadh go leictreonach trína foilsiú ar líne ar láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus déanfaidh sé faireachán ar cháilíocht na seirbhísí a chuirfear ar fáil do na custaiméirí.

2.   Féadfaidh an Coiste Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75 den bhun-Rialachán tuairimí agus moltaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar scaipeadh na faisnéise.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla gurb eol dá n-institiúidí na forálacha Comhphobail uile, idir reachtacha agus eile, lena n-áirítear cinntí an Choimisiúin Riaracháin, sna réimsí a chumhdaítear leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme agus de réir théarmaí an bhun-Rialacháin agus de réir théarmaí an Rialacháin cur chun feidhme, agus go gcuireann siad i bhfeidhm iad.

Airteagal 90

Comhshó airgeadra

Chun críocha an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, is é an ráta tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an ráta malairte idir dhá airgeadra. Socróidh an Coimisiún Riaracháin an dáta a chuirfear san áireamh le cinneadh a dhéanamh faoin ráta malairte.

Airteagal 91

Staidreamh

Déanfaidh na húdaráis inniúla staidreamh a thiomsú maidir leis an mbun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin é. Déanfar na sonraí sin a bhailiú agus a eagrú de réir an phlean agus de réir an mhodha arna sainmhíniú ag an gCoimisiún Riaracháin. Is é an Coimisiún Eorpach a bheidh freagrach as scaipeadh na faisnéise.

Airteagal 92

Leasú ar na hIarscríbhinní

Féadfar Iarscríbhinní 1, 2, 3, 4 agus 5 den Rialachán cur chun feidhme agus Iarscríbhinní VI, VII, VIII agus IX a ghabhann leis an mbun-Rialachán a leasú le Rialachán ón gCoimisiún, arna iarraidh sin don Choimisiún Riaracháin.

Airteagal 93

Forálacha idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag Airteagal 87 den bhun-Rialachán sna staideanna a chumhdaítear leis an Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 94

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin

1.   Má tharlaíonn teagmhas gan choinne roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus nár dámhadh an t-éileamh pinsin roimh an dáta sin, is dámhachtain dhúbailte a bheidh mar thoradh air sin, a mhéid a chaithfear sochair a dheonú de bhun teagmhais den sórt sin, ar feadh tréimhse roimh an dáta sin:

(a)

don tréimhse roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, nó i gcomhréir le comhaontuithe a bheidh i bhfeidhm idir na Ballstáit lena mbaineann,

(b)

don tréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán.

Más mó, áfach, an méid a ríomhfar de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi (a) ná an méid a ríomhfar de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi (b), fanfaidh an duine lena mbaineann de bheith i dteideal an méid a ríomhfar de bhun na gcoinníollacha dá dtagraítear faoi phointe (a).

2.   Maidir le héileamh maidir le sochair easláinte, seanaoise nó sochair marthanóirí arna chur faoi bhráid institiúid Bhallstáit ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, éileoidh sé, go huathoibríoch, go ndéanfaidh institiúid nó institiúidí Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin athbhreithniú ar na sochair a dámhadh don teagmhas céanna roimh an dáta sin, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán; ní fhéadfaidh aon laghdú ar mhéid an tsochair a dhámhfar teacht de thairbhe an athbhreithnithe sin.

Airteagal 95

Idirthréimhse maidir le malartuithe sonraí leictreonacha

1.   Féadfaidh gach Ballstát tairbhiú d’idirthréimhse le haghaidh sonraí a mhalartú trí mheán leictreonach mar a fhoráiltear le hAirteagal 4(2) den Rialachán cur chun feidhme.

Ní rachaidh na hidirthréimhsí sin thar 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme.

Má bhíonn moill shuntasach, áfach, ar sheachadadh an bhonneagair Chomhphobail is gá (Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún Riaracháin comhaontú maidir le haon síneadh iomchuí a chuirfí leis na tréimhsí sin.

2.   Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh aon idirthréimhsí d’fhonn go n-áiritheofar an malartú sonraí is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

Airteagal 96

Aisghairm

1.   Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a aisghairm le héifeacht ón 1 Bealtaine 2010.

Fanfaidh Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 i bhfeidhm agus leanfaidh sé d’éifeacht dhlíthiúil a bheith aige, áfach, chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 lena leathnaítear forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta (6) amháin, go dtí go ndéanfar an Rialachán sin a aisghairm nó a leasú;

(b)

Rialachán (CEE) Uimh. 1661/85 an 13 Meitheamh 1985 ón gComhairle lena leagtar síos na hoiriúnuithe teicniúla ar rialacha an Chomhphobail maidir le slándáil shóisialta d’oibrithe imirceacha maidir leis an nGraonlainn (7), go dtí go ndéanfar an Rialachán sin a aisghairm nó a leasú;

(c)

an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (8), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (9), agus comhaontuithe eile ina bhfuil tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 574/72, go dtí go ndéanfar na comhaontuithe sin a leasú ar bhonn an Rialacháin cur chun feidhme.

2.   I dTreoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal, agus níos ginearálta i ngníomhartha eile uile an Chomhphobail (10), measfar gur tagairtí don Rialachán cur chun feidhme iad na tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

Airteagal 97

Foilsiú agus teacht i bhfeidhm

Déanfar an Rialachán seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(2)  IO C 324, 30.12.2006, lch. 59.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 17 Nollaig 2008 (IO C 38 E, 17.2.2009, lch. 26) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009. Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(4)  IO L 150, 10.6.2008, lch. 28.

(5)  IO L 74, 27.3.1972, lch. 1.

(6)  IO L 124, 20.5.2003, lch. 1.

(7)  IO L 160, 20.6.1985, lch. 7.

(8)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 1.

(9)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.

(10)  IO L 209, 25.7.1998, lch. 46.


IARSCRÍBHINN 1

Forálacha cur chun feidhme do chomhaontuithe déthaobhacha a leanann de bheith i bhfeidhm agus comhaontuithe déthaobhacha nua cur chun feidhme

(dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus Airteagal 9(2) den Rialachán cur chun feidhme)

AN BHEILG – AN DANMHAIRG

Malartú Litreacha an 8 Bealtaine 2006 agus an 21 Meitheamh 2006 maidir leis an gComhaontú um aisíoc mhéid iarbhír an tsochair a sholáthraítear do dhaoine de theaghlach duine fhostaithe nó duine fhéinfhostaithe atá árachaithe sa Bheilg, i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine den teaghlach sa Danmhairg agus do phinsinéirí agus/nó do dhaoine dá dteaghlaigh atá árachaithe sa Bheilg ach a bhfuil cónaí orthu sa Danmhairg.

AN BHEILG – AN GHEARMÁIN

Comhaontú an 29 Eanáir 1969 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú.

AN BHEILG – ÉIRE

Malartú litreacha an 19 Bealtaine agus an 28 Iúil 1981 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (tarscaoileadh cómhalartach aisíoc chostais na sochar comhchineáil agus na sochar dífhostaíochta faoi Chaibidil 1 agus Chaibidil 6 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh cómhalartach aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN BHEILG – AN SPÁINN

Comhaontú an 25 Bealtaine 1999 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil i gcomhréir le forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN BHEILG – AN FHRAINC

(a)

Comhaontú an 4 Iúil 1984 maidir le scrúduithe dochtúra ar oibrithe imeallchríche a bhfuil cónaí orthu i dtír amháin agus atá ag obair i dtír eile.

(b)

Comhaontú an 14 Bealtaine 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe liachta arna ghlacadh de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(c)

Comhaontú an 3 Deireadh Fómhair 1977 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 92 den Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (gnóthú ranníocaíochtaí slándála sóisialta).

(d)

Comhaontú an 29 Meitheamh 1979 maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoca dá bhforáiltear in Airteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar dífhostaíochta).

(e)

An Chomhshocraíocht Riaracháin an 6 Márta 1979 maidir leis na nósanna imeachta lena gcuirtear chun feidhme Choinbhinsiún Breise an 12 Deireadh Fómhair 1978 maidir le slándáil shóisialta idir an Bheilg agus an Fhrainc i leith a fhorálacha a bhaineann le daoine féinfhostaithe.

(f)

Malartú Litreacha an 21 Samhain 1994 agus 8 Feabhra 1995 maidir leis na nósanna imeachta i dtaca le socrú éileamh cómhalartach de bhun Airteagail 93, 94, 95 agus 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN BHEILG – AN IODÁIL

(a)

Comhaontú an 12 Eanáir 1974 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Comhaontú an 31 Deireadh Fómhair 1979 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 18(9) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(c)

Malartú litreacha an 10 Nollaig 1991 agus an 10 Feabhra 1992 maidir le haisíoc éileamh cómhalartach faoi Airteagal 93 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72

(d)

Comhaontú an 21 Samhain 2003 maidir leis na téarmaí chun éilimh chómhalartacha a shocrú faoi Airteagal 94 agus Airteagal 95 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle.

AN BHEILG – LUCSAMBURG

(a)

Comhaontú an 28 Eanáir 1961 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a ghnóthú.

(b)

Comhaontú an 16 Aibreán 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra, dá bhforáiltear in Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN BHEILG –AN ÍSILTÍR

(a)

Comhaontú an 21 Márta 1968 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú, mar aon le Comhshocraíocht an 25 Samhain 1970 lena gcuirtear an Comhaontú sin chun feidhme.

(b)

Comhaontú an 13 Márta 2006 maidir le hárachas cúraim sláinte.

(c)

Comhaontú an 12 Lúnasa 1982 maidir le hárachas breoiteachta, máithreachais agus easláinte.

AN BHEILG – AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Malartú litreacha an 4 Bealtaine agus an 14 Meitheamh 1976 maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra).

(b)

Malartú litreacha an 18 Eanáir agus an 14 Márta 1977 maidir le hAirteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (comhshocraíocht le haghaidh aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi théarmaí fhorálacha Chaibidil 1 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) arna leasú le malartú litreacha an 4 Bealtaine agus an 23 Iúil 1982 (comhaontú maidir le haisíoc costas a thabhaítear faoi Airteagal 22(1)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71).

AN BHULGÁIR – POBLACHT NA SEICE

Airteagal 29(1) agus (3) de Chomhaontú an 25 Samhain 1998 agus Airteagal 5(4) de Chomhshocraíocht Riaracháin an 30 Samhain 1999 maidir le tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta.

AN BHULGÁIR – AN GHEARMÁIN

Airteagail 8 go 9 den Chomhaontú Riaracháin maidir le Coinbhinsiún an 17 Nollaig 1997 a chur chun feidhme maidir le slándáil shóisialta i réimse an phinsin.

POBLACHT NA SEICE – AN tSLÓVAIC

Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 8 Eanáir 1993 maidir le suíomh fostóra agus an áit chónaithe a shonrú i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagal 20 de Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 1992 maidir le slándáil shóisialta.

AN DANMHAIRG – ÉIRE

Malartú litreacha an 22 Nollaig 1980 agus an 11 Feabhra 1981 maidir le tarscaoileadh cómhalartach chostais na sochar comhchineáil a deonaíodh faoi árachas le haghaidh breoiteachta, le haghaidh máithreachais, le haghaidh tionóiscí ag an obair agus le haghaidh galar cheirde, agus maidir le tarscaoileadh cómhalartach sochar dífhostaíochta agus costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra (Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

AN DANMHAIRG – AN GHRÉIG

Comhaontú an 8 Bealtaine 1986 maidir le tarscaoileadh cómhalartach páirteach aisíoc i leith sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus maidir le tarscaoileadh aisíoc i leith seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta.

AN DANMHAIRG – AN SPÁINN

Comhaontú an 11 Nollaig 2006 maidir le réamhíocaíocht, teorainneacha ama agus aisíoc mhéid iarbhír an tsochair arna chur ar fáil do dhaoine de theaghlach duine fostaithe nó duine féinfhostaithe atá árachaithe sa Spáinn, i gcás ina bhfuil cónaí ar an duine den teaghlach sa Danmhairg agus maidir le pinsinéirí agus/nó daoine dá gcuid teaghlach atá árachaithe sa Spáinn ach a bhfuil cónaí orthu sa Danmhairg.

AN DANMHAIRG – AN FHRAINC

Comhshocraíocht an 29 Meitheamh 1979 agus Comhshocraíocht bhreise an 2 Meitheamh 1993 maidir le tarscaoileadh páirteach aisíoca de bhun Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus tarscaoileadh cómhalartach aisíoca de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh páirteach aisíoc chostais na sochar comhchineáil i leith breoiteachta, i leith máithreachais, i leith tionóiscí ag an obair agus i leith galar ceirde, agus tarscaoileadh costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta).

AN DANMHAIRG – AN IODÁIL

Comhaontú an 18 Samhain 1998 maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil faoi árachas i leith breoiteachta, máithreachais, tionóiscí ag an obair agus galar ceirde, agus maidir le haisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta.

AN DANMHAIRG – LUCSAMBURG

Malartú litreacha an 19 Meitheamh 1978 maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoca dá bhforáiltear in Airteagal 36(3), in Airteagal 63(3) agus in Airteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus in Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (costais sochar comhchineáil le haghaidh breoiteachta, le haghaidh máithreachais, le haghaidh tionóiscí ag an obair agus le haghaidh galar cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta agus costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).

AN DANMHAIRG – AN ÍSILTÍR

Malartú litreacha an 30 Márta agus an 25 Aibreán 1979 arna leasú le comhaontú an 12 Nollaig 2006 maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde.

AN DANMHAIRG – AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 17 Aibreán 1998 maidir le tarscaoileadh páirteach aisíoc costas sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta.

AN DANMHAIRG – AN FHIONLAINN

Airteagal 15 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le Slándáil Shóisialta. Comhaontú maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoc de bhun Airteagal 36, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil maidir le breoiteacht agus máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta) agus de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) 574/72 (costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta).

AN DANMHAIRG – AN tSUALAINN

Airteagal 15 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le Slándáil Shóisialta. Comhaontú maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoc de bhun Airteagal 36, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil maidir le breoiteacht agus máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta) agus de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) 574/72 (costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta).

AN DANMHAIRG – AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 30 Márta agus an 19 Aibreán 1977 arna mhodhnú le malartú litreacha an 8 Samhain 1989 agus an 10 Eanáir 1990 ar chomhaontú maidir le tarscaoileadh aisíoc costas sochar comhchineáil agus seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta.

AN GHEARMÁIN – AN FHRAINC

Comhaontú an 26 Bealtaine 1981 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 92 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (bailiú agus gnóthú ranníocaíochtaí slándála sóisialta).

AN GHEARMÁIN –AN IODÁIL

Comhaontú an 3 Aibreán 2000 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú.

AN GHEARMÁIN - LUCSAMBURG

(a)

Comhaontú an 14 Deireadh Fómhair 1975 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe liachta arna ghlacadh de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) 574/72.

(b)

Comhaontú an 14 Deireadh Fómhair 1975 maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta a bhailiú agus a ghnóthú.

(c)

Comhaontú an 25 Eanáir 1990 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 20 agus Airteagal 22(1)(b) agus (c) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71.

AN GHEARMÁIN – AN ÍSILTÍR

(a)

Airteagal 9 de Chomhshocraíochtaí an 18 Aibreán 2001 maidir le Coinbhinsiún an 18 Aibreán 2001 (pinsin a íoc).

(b)

Comhaontú an 21 Eanáir 1969 maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta a ghnóthú.

AN GHEARMÁIN – AN OSTAIR

Roinn II, Uimhir 1, agus roinn III de Chomhaontú an 2 Lúnasa 1979 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún an 19 Iúil 1978 maidir le hárachas dífhostaíochta, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine a chleacht gníomhaíocht mar oibrí imeallchríche an 1 Eanáir 2005 nó roimhe sin a thiocfaidh chun bheith dífhostaithe roimh an 1 Eanáir 2011.

AN GHEARMÁIN -AN PHOLAINN

Comhaontú an 11 Eanáir 1977 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún an 9 Deireadh Fómhair 1975 maidir le pinsin seanaoise agus sochair le haghaidh timpistí ag an obair.

AN EASTÓIN – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 29 Márta 2006 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hEastóine agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán seo le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004.

ÉIRE – AN FHRAINC

Malartú litreacha an 30 Iúil 1980 agus an 26 Méan Fómhair 1980 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (tarscaoileadh cómhalartach aisíoc chostais na sochar comhchineáil) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh cómhalartach chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe liachta).

ÉIRE – LUCSAMBURG

Malartú litreacha an 26 Meán Fómhair 1975 agus an 5 Lúnasa 1976 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil arna soláthar de bhun Chaibidil 1 nó Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, agus tarscaoileadh chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe liachta dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

ÉIRE – AN ÍSILTÍR

Malartú litreacha an 22 Aibreán agus an 27 Iúil 1987 maidir le hAirteagal 70(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (tarscaoileadh costas aisíoc i leith sochar arna ndámhachtain i gcur i bhfeidhm Airteagal 69 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe liachta dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

ÉIRE – AN tSUALAINN

Comhaontú an 8 Samhain 2000 maidir le tarscaoileadh sochar comhchineáil maidir le breoiteacht, máithreachas, timpistí ag an obair agus galair cheirde, agus maidir le costais scrúduithe riaracháin agus scrúduithe liachta.

ÉIRE – AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 9 Iúil 1975 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (comhshocraíocht le haghaidh aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc chostais na sochar comhchineáil dá bhforáiltear faoi théarmaí Chaibidil 1 nó Chaibidil 4 de Theideal III de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) 574/72 (tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta).

AN GHRÉIG – AN ÍSILTÍR

Malartú litreacha an 8 Meán Fómhair 1992 agus an 30 Meitheamh 1993 maidir leis na modhanna aisíocaíochta idir institiúidí.

AN SPÁINN –AN FHRAINC

Comhaontú an 17 Bealtaine 2005 lena mbunaítear na socruithe sonracha maidir le riaradh agus socrú éileamh cómhalartach i leith sochar cúraim sláinte de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN SPÁINN – AN IODÁIL

Comhaontú an 21 Samhain 1997 ar nós imeachta nua chun aisíocaíochtaí costas cúraim sláinte a fheabhsú agus a shimpliú agus a bhaineann le hAirteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (aisíoc sochar breoiteachta agus máithreachais comhchineáil) agus a bhaineann le hAirteagal 93, le hAirteagal 94, le hAirteagal 95, le hAirteagal 100 agus le hAirteagal 102(5) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (nósanna imeachta maidir le sochair árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a aisíoc agus maidir le héilimh dhéanacha).

AN SPÁINN – AN ÍSILTÍR

Comhaontú an 21 Feabhra 2000 idir an Ísiltír agus an Spáinn lena ndéantar socrú na n-éileamh cómhalartach a bhaineann le sochair árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a éascú agus forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 á gcur chun feidhme.

AN SPÁINN – AN PHORTAINGÉIL

(a)

Airteagal 42, Airteagal 43 agus Airteagal 44 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 22 Bealtaine 1970 (onnmhairiú sochar dífhostaíochta). Leanfaidh an iontráil seo de bheith bailí go ceann dhá bhliain ón dáta a gcuirfear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i bhfeidhm.

(b)

Comhaontú an 2 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le socrú éileamh cómhalartach le haghaidh cúraim shláinte d’fhonn socrú na n-éileamh sin a éascú agus a luathú

AN SPÁINN – AN tSUALAINN

Comhaontú an 1 Nollaig 2004 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil arna soláthar faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus faoi Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN SPÁINN – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhaontú an 18 Meitheamh 1999 maidir le haisíoc chostais na sochar comhchineáil a deonaíodh de bhun fhorálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC – AN IODÁIL

(a)

Malartú litreacha an 14 Bealtaine agus an 2 Lúnasa 1991 maidir le haisíoc éileamh cómhalartach faoi Airteagal 93 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Malartú Litreacha an 22 Márta agus 15 Aibreán 1994 maidir leis na nósanna imeachta i dtaca le socrú éileamh cómhalartach faoi théarmaí Airteagal 93, Airteagal 94, Airteagal 95 agus Airteagal 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(c)

Malartú Litreacha an 2 Aibreán 1997 agus an 20 Deireadh Fómhair 1998 lena modhnaítear an Malartú Litreacha a luaitear faoi phointe (a) agus (b) maidir leis na nósanna imeachta i dtaca le socrú éileamh cómhalartach faoi théarmaí Airteagal 93, Airteagal 94, Airteagal 95 agus Airteagal 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(d)

Comhaontú an 28 Meitheamh 2000 maidir le tarscaoileadh aisíoc na gcostas dá dtagraítear in Airteagal 105(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a bhaineann le seiceálacha riaracháin agus le scrúduithe leighis a iarrtar faoi Airteagal 51 den Rialachán thuasluaite.

AN FHRAINC – LUCSAMBURG

(a)

Comhaontú an 2 Iúil 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoca, dá bhforáiltear in Airteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971, i leith costas comhchineáil sochar árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a sholáthraítear do dhaoine de theaghlach oibrí nach bhfuil cónaí orthu sa tír chéanna leis an oibrí.

(b)

Comhaontú an 2 Iúil 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoca, dá bhforáiltear in Airteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 an 14 Meitheamh 1971, i leith costas comhchineáil sochar árachais bhreoiteachta agus mháithreachais a sholáthraítear do dhaoine de theaghlach oibrí nach bhfuil cónaí orthu sa tír chéanna leis an oibrí.

(c)

Comhaontú an 2 Iúil 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe liachta, dá bhforáiltear in Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972.

(d)

Malartú litreacha an 17 Iúil agus an 20 Meán Fómhair 1995 maidir leis na téarmaí chun éilimh chómhalartacha a shocrú faoi Airteagal 93, Airteagal 95 agus Airteagal 96 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC – AN ÍSILTÍR

(a)

Comhaontú an 28 Aibreán 1997 maidir le tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

(b)

Comhaontú an 29 Meán Fómhair 1998 lena leagtar síos na coinníollacha speisialta faoina ndéanfar na méideanna a bheidh le haisíoc le haghaidh sochar comhchineáil faoi théarmaí Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a chinneadh.

(c)

Comhaontú an 3 Feabhra 1999 lena leagtar síos na coinníollacha speisialta le haghaidh riar agus socrú a dhéanamh fiach cómhalartach le haghaidh sochar breoiteachta faoi théarmaí Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh 574/72.

AN FHRAINC – AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 28 Aibreán 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe speisialta lena rialaítear riaradh agus socrú éileamh cómhalartach ar chóir leighis de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN FHRAINC – AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Malartú litreacha an 25 Márta agus an 28 Aibreán 1997 maidir le hAirteagal 105(2) den Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra).

(b)

Comhaontú an 8 Nollaig 1998 maidir leis na modhanna sonracha chun na méideanna a chinneadh a bheidh le haisíoc i leith sochar comhchineáil de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

AN IODÁIL – LUCSAMBURG

Airteagal 4(5) agus (6) de Chomhshocraíocht Riaracháin an 19 Eanáir 1955 maidir le forálacha cur chun feidhme an Choinbhinsiúin Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta (árachas breoiteachta d’oibrithe talmhaíochta).

AN IODÁIL – AN ÍSILTÍR

Comhaontú an 24 Nollaig 1996/27 Feabhra 1997 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71).

AN IODÁIL – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 15 Nollaig 2005 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2005.

LUCSAMBURG – AN ÍSILTÍR

Comhaontú an 1 Samhain 1976 maidir le tarscaoileadh aisíoc chostais na seiceálacha riaracháin agus na scrúduithe dochtúra arna ghlacadh de bhun Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

LUCSAMBURG – AN tSUALAINN

Comhshocraíocht an 27 Samhain 1996 maidir le haisíoc caiteachais i réimse na slándála sóisialta.

LUCSAMBURG – AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 18 Nollaig 1975 agus an 20 Eanáir 1976 maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc na gcostas a bhaineann le seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72).

AN UNGÁIR – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 1 Samhain 2005 idir Údaráis Inniúla Phoblacht na hUngáire agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 35(3) agus Airteagal 41(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán sin le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004.

MÁLTA – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht a tugadh chun críche an 17 Eanáir 2007 idir Údaráis Inniúla Mhálta agus na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 35(3) agus Airteagal 41(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dhá thír faoin Rialachán sin le héifeacht ón 1 Bealtaine 2004.

AN ÍSÍLTÍR – AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 11 Nollaig 1987 maidir le haisíoc sochar comhchineáil i gcás breoiteachta agus máithreachais.

AN ÍSILTÍR – AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

An dara habairt d’Airteagal 3 de Chomhshocraíocht Riaracháin an 12 Meitheamh 1956 maidir le Coinbhinsiún an 11 Lúnasa 1954 a chur chun feidhme.

(b)

Malartú litreacha an 25 Aibreán agus an 26 Bealtaine 1986 maidir le hAirteagal 36(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc caiteachais le haghaidh sochar comhchineáil), arna leasú.

AN PHORTAINGÉIL – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear modhanna eile maidir le haisíoc costas sochar comhchineáil dá bhforáiltear sa dá thír le héifeacht ón 1 Eanáir 2003.

AN FHIONLAINN – AN tSUALAINN

Airteagal 15 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le Slándáil Shóisialta: Comhaontú maidir le tarscaoileadh cómhalartach aisíoc de bhun Airteagal 36, Airteagal 63 agus Airteagal 70 de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil maidir le breoiteacht agus máithreachas, tionóiscí ag an obair agus galair cheirde, agus costais sochar dífhostaíochta) agus de bhun Airteagal 105 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (costais seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta).

AN FHIONLAINN – AN RÍOCHT AONTAITHE

Malartú litreacha an 1 agus an 20 Meitheamh 1995 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (costais sochar comhchineáil a aisíoc nó aisíoc na gcostas sin a tharscaoileadh) agus maidir le hAirteagal 105(2) de Rialachán (CEE) 574/72 (tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe liachta).

AN tSUALAINN – AN RÍOCHT AONTAITHE

Comhshocraíocht an 15 Aibreán 1997 maidir le hAirteagal 36(3) agus Airteagal 63(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 (aisíoc nó tarscaoileadh aisíoc costas sochar comhchineáil) agus Airteagal 105(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 (tarscaoileadh aisíoc costas seiceálacha riaracháin agus scrúduithe dochtúra).


IARSCRÍBHINN 2

Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh

(dá dtagraítear in Airteagal 31 agus Airteagal 41 den Rialachán cur chun feidhme)

A.   Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh nach gcumhdaítear le Teideal III, Caibidil 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le sochair chomhchineáil.

An Ghearmáin

Scéim speisialta breoiteachta do státseirbhísigh

B.   Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh nach gcumhdaítear le Teideal III, Caibidil 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, cé is moite d’Airteagal 19(1) d’Airteagal 27 agus d’Airteagal 35, maidir le sochair chomhchineáil.

An Spáinn

Scéim speisialta slándála sóisialta do státseirbhísigh.

Scéim speisialta slándála sóisialta do na fórsaí armtha.

Scéim speisialta slándála sóisialta d’oifigigh chúirte agus d’fhoireann riaracháin.

C.   Scéimeanna speisialta do státseirbhísigh nach gcumhdaítear le Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le sochair chomhchineáil.

An Ghearmáin

Scéim speisialta tionóisce do státseirbhísigh.


IARSCRÍBHINN 3

Ballstáit a éilíonn aisíocaíocht ar chostas na sochar comhchineáil ar bhonn méideanna socraithe

(dá dtagraítear in Airteagal 63(1) den Rialachán cur chun feidhme)

ÉIRE

AN SPÁINN

AN IODÁIL

MÁLTA

AN ÍSILTÍR

AN PHORTAINGÉIL

AN FHIONLAINN

AN tSUALAINN

AN RÍOCHT AONTAITHE


IARSCRÍBHINN 4

Sonraí maidir leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 88(4) den Rialachán cur chun feidhme

1.   Ábhar an bhunachair sonraí

Eolaire leictreonach (URL) de na comhlachtaí lena mbaineann, sonróidh sé na nithe seo a leanas:

(a)

ainmneacha na gcomhlachtaí i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i mBéarla

(b)

an cód céannachta agus seolachán leictreonach EESSI

(c)

feidhm na gcomhlachtaí maidir leis na sainmhínithe in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den Rialachán agus Airteagal 1(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme

(d)

inniúlacht na gcomhlachtaí maidir leis na rioscaí éagsúla, na cineálacha éagsúla sochar, na scéimeanna éagsúla agus an cumhdach geografach

(e)

an chuid den Rialachán atá á cur i bhfeidhm ag na comhlachtaí

(f)

na sonraí teagmhála seo a leanas: seoladh poist, teileafón, facs, seoladh ríomhphoist agus seoladh ábhartha URL

(g)

aon fhaisnéis eile is gá chun an Rialachán nó an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

2.   Riaradh an bhunachair sonraí

(a)

Tá an t-eolaire leictreonach a sheoladh ag EESSI ar leibhéal an Choimisiúin Eorpaigh.

(b)

Tá na Ballstáit freagrach as faisnéis na gcomhlachtaí a bhailiú agus a sheiceáil agus as aon iontráil nó aon athrú ar na hiontrálacha a thagann faoina bhfreagracht a chur faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh ar bhealach tráthúil.

3.   Rochtain

Ní bheidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis a úsáidtear chun críocha oibríochtúla agus riaracháin.

4.   Slándáil

Déanfar na modhnuithe go léir ar an mbunachar sonraí (cur isteach, tabhair suas chun dáta, scriosadh) a logáil. Déanfar na húsáideoirí a aithint agus a fhíordheimhniú sula mbeidh siad ábalta rochtain a fháil ar an Eolaire chun iontrálacha a mhodhnú. Seiceálfar údarú an úsáideora iontráil a mhodhnú sula ndéanfaidh sé nó sí iarracht an gníomh seo a dhéanamh. Déanfar aon ghníomh neamhúdaraithe a dhiúltú agus a logáil.

5.   Córas Teanga

Is i mBéarla a bheidh córas ginearálta teanga an bhunachair sonraí. Chomh maith leis sin, ba chóir go gcuirfí isteach ann ainmneacha na gcomhlachtaí, mar aon lena sonraí teagmhála, i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit.


IARSCRÍBHINN 5

Na Ballstáit a chinnfidh, ar bhonn cómhalartach, an t-uasmhéid aisíocaíochta dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 65(6) den bhun-Rialachán ar bhonn mheánmhéid na sochar dífhostaíochta a soláthraíodh faoina reachtaíocht an bhliain féilire roimhe sin

(dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán cur chun feidhme)

AN BHEILG

POBLACHT NA SEICE

AN GHEARMÁIN

AN OSTAIR

AN tSLÓVAIC

AN FHIONLAINN


30.10.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/43


RIALACHÁN (CE) Uimh. 987/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meán Fómhair 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, agus lena gcinntear inneachar a iarscríbhinní

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 308 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (3) go gcinnfear inneachar Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin roimh an dáta a ndéanfar é a chur i bhfeidhm.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinní I, III, IV, VI, VII, VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a oiriúnú chun go gcuirfí san áireamh riachtanais na mBallstát a d’aontaigh don Aontas Eorpach ó ghlacadh an Rialachán sin agus chun go gcuirfí san áireamh na forbairtí is déanaí a rinneadh i mBallstáit eile.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 56(1) agus le hAirteagal 83 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 go ndéanfar forálacha speisialta maidir le cur i bhfeidhm reachtaíochta Ballstát áirithe a leagan amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá Iarscríbhinn XI ceaptha chun sonraí chórais slándála sóisialta éagsúla na mBallstát a chur san áireamh d’fhonn éascaíocht a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le comhordú. D’iarr roinnt Ballstát go n-áireofaí san Iarscríbhinn sin iontrálacha maidir le cur i bhfeidhm a reachtaíochta slándála sóisialta agus sholáthair siad mínithe dlíthiúla praiticiúla ar a reachtaíocht agus ar a gcórais don Choimisiún.

(4)

I gcomhréir leis an ngá atá le cuíchóiriú agus le simpliú, tá gá le cur chuige comhchoiteann chun a áirithiú go ndéileálfar, i bprionsabal, ar an dóigh chéanna le hiontrálacha i leith Ballstát éagsúil ar den tsamhail chéanna iad nó a shaothraíonn an cuspóir céanna.

(5)

Ós rud é gurb é is aidhm do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 comhordú a dhéanamh ar an reachtaíocht slándála sóisialta, arb iad na Ballstáit go heisiach atá freagrach aisti, níor cheart go n-áireofaí sa Rialachán sin iontrálacha nach bhfuil comhoiriúnach lena chríoch ná lena chuspóirí, nó iontrálacha lena bhféachtar go heisiach le soiléiriú a dhéanamh ar léiriú na reachtaíochta náisiúnta.

(6)

In iarrataí áirithe, tarraingíodh anuas ceisteanna is coiteann do roinnt Ballstát: is iomchuí, dá bhrí sin, déileáil leis na ceisteanna sin ar leibhéal níos ginearálta, trí shoiléiriú a dhéanamh i dtéacs Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 nó i gceann eile dá Iarscríbhinní, ar nithe iad ar cheart leasú dá réir sin a dhéanamh orthu, nó trí fhoráil sa Rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, seachas trí iontrálacha comhchosúla a chur isteach in Iarscríbhinn XI do Bhallstáit éagsúla.

(7)

Ba cheart Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú d’fhonn a raon feidhme a shoiléiriú agus a leathnú agus d’fhonn a chinntiú go bhféadfaidh daoine de theaghlaigh iar-oibrithe imeallchríche tairbhiú freisin ón seans chun leanúint de chóireáil liachta a fháil sa tír ina raibh an duine árachaithe ar fostú, tar éis scoir don duine sin, mura rud é go bhfuil an Ballstát ina raibh an t-oibrí imeallchríche ag gabháil don ghníomhaíocht is déanaí aige nó aici liostaithe in Iarscríbhinn III.

(8)

Is cuí go ndéanfaí measúnú ar shuntasacht, ar mhinicíocht, ar scála agus ar na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm an tsriain ar na cearta chun sochair chomhchineáil do dhaoine de theaghlach oibrithe imeallchríche faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leis na Ballstáit sin atá liostaithe fós san Iarscríbhinn sin ceithre bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

(9)

Is iomchuí freisin déileáil le ceisteanna sonracha áirithe in Iarscríbhinní eile a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, de réir a gcríche agus de réir a n-inneachair, seachas in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin, d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin.

(10)

Maidir le hiontrálacha roinnt Ballstát in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle (4), clúdaítear anois iad le forálacha ginearálta áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Dá dhroim sin, tá líon áirithe iontrálacha atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 iomarcach anois.

(11)

D’fhonn úsáid Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ag saoránaigh a éascú nuair a bheidh faisnéis á lorg acu ó institiúidí na mBallstát nó éilimh á gcur faoina mbráid acu, ba cheart tagairtí do reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann a dhéanamh sa teanga bhunaidh freisin aon uair is gá sin chun aon mhíthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú dá réir.

(13)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh 883/2004 go mbeidh feidhm aige ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán cur chun feidhme i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (17):

‘(17a)

A luaithe a thiocfaidh reachtaíocht Ballstáit chun bheith infheidhme maidir le duine faoi Theideal II den Rialachán seo, ba cheart na coinníollacha maidir le cleamhnú agus maidir le teideal chun sochar a shainiú le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, agus dlí an Chomhphobail á urramú.’;

2.

cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (18):

‘(18a)

Tá an-tábhacht ag baint leis an bprionsabal a bhaineann le reachtaíocht aonair infheidhme agus ba cheart é a neartú. Níor cheart go gciallódh sé seo, áfach, gur deonú sochair, agus an deonú sin amháin, i gcomhréir leis an Rialachán seo arb é atá ann ná íoc ranníocaíochtaí árachais nó cumhdach árachais don tairbhí, a fhágann gurb í reachtaíocht an Bhallstáit ar dheonaigh a institiúid an tairbhe an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine sin.’;

3.

in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(va)

ciallaíonn “sochair chomhchineáil”:

(i)

chun críocha Theideal III, Caibidil 1 (sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta), na sochair chomhchineáil dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Ballstáit agus atá beartaithe chun costas cúraim liachta agus táirgí agus seirbhísí a ghabhann leis an gcúram sin a sholáthar, a chur ar fáil, a íoc go díreach nó a aisíoc. Folaíonn sé seo sochair chomhchineáil cúraim fhadtéarmaigh.;

(ii)

chun críocha Theideal III, Caibidil 2 (tionóiscí ag an obair agus galair cheirde), na sochair chomhchineáil uile a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus a bhaineann le galair cheirde mar a shainítear iad i bpointe (i) thuas agus dá bhforáiltear faoi scéimeanna na mBallstát um thionóiscí ag an obair agus um ghalair cheirde.’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(5):

‘5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh sóisialta agus liachta, nó

(b)

sochair ar i ndáil leo a ghabhfaidh Ballstát dliteanas air féin i leith damáistí do dhaoine agus a dhéanann sé foráil maidir le cúiteamh, amhail cúiteamh d’íospartaigh cogaidh agus gníomhaíochtaí míleata nó a n-iarmhairtí; d’íospartaigh na coireachta, an fheallmharaithe nó gníomhartha sceimhlitheoireachta; d’íospartaigh damáiste ar gníomhairí de chuid an Bhallstáit is cúis leo i gcúrsa a ndualgas; nó d’íospartaigh ar bhain míbhuntáiste dóibh ar chúiseanna polaitiúla nó creidimh nó ar chúiseanna oidhreachta.’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(4):

‘4.   I gcás ina gcuireann reachtaíocht Ballstáit de choinníoll ar rochtain ar árachas saorálach nó ar árachas leanúnach roghnach an duine a bheith ina chónaí sa Bhallstát sin nó an duine sin a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht roimhe sin mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(b) ach amháin maidir le daoine a bhí faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin tráth níos luaithe ar bhonn gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.’;

6.

in Airteagal 15, cuirtear ‘foireann chonarthach’ in ionad ‘foireann chúnta’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(2):

‘2.   Beidh daoine de theaghlach oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil le linn a seala sa Bhallstát inniúil.

I gcás ina bhfuil an Ballstát inniúil liostaithe in Iarscríbhinn III, áfach, ní bheidh daoine de theaghlach oibrí imeallchríche a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna leis an oibrí imeallchríche i dteideal sochar comhchineáil sa Bhallstát inniúil ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28(1):

‘1.   Maidir le hoibrí imeallchríche a bheidh imithe ar scor mar gheall ar sheanaois nó ar easláine, má bhaineann breoiteacht dó nó di beidh sé nó sí i dteideal leanúint de shochair chomhchineáil a fháil sa Bhallstát arbh ann ba dhéanaí a bhí sé nó sí ag gabháil dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, sa mhéid gur cóireáil leanúna a bheidh ann a tosaíodh sa Bhallstát sin. Ciallaíonn “cóireáil leanúna” imscrúdú, fáthmheas agus cóireáil leanúnach ar bhreoiteacht ar feadh a ré iomláine.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le daoine de theaghlach an iar-oibrí imeallchríche mura rud é go bhfuil an Ballstát arbh ann ba dhéanaí a bhí an t-oibrí imeallchríche ag gabháil dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht liostaithe in Iarscríbhinn III.’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(1):

‘1.   Gan dochar d’aon fhorálacha níos fabhraí atá i mír 2 nó i mír 2a den Airteagal seo beidh feidhm freisin ag Airteagail 17, 18(1), 19(1) agus 20(1) maidir le sochair a bhaineann le tionóiscí ag an obair nó a bhaineann le galair cheirde.’;

10.

in Airteagal 36, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) a dheonú do dhuine fostaithe nó do dhuine féinfhostaithe ar bhain tionóisc ag an obair dó nó di nó a tholg galar ceirde agus atá i dteideal sochar atá inmhuirearaithe ar an institiúid sin, i gcás nach féidir an chóireáil atá iomchuí do riocht sláinte an duine sin a thabhairt sa Bhallstát a bhfuil cónaí air nó uirthi ann, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh leighis de, agus riocht sláinte reatha an duine sin agus cúrsa dóchúil na breoiteachta á gcur san áireamh.’;

11.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar le reachtaíocht Ballstáit nó le scéim shonrach Ballstáit coinníoll a chur ag gabháil le fáil, le coinneáil nó le gnóthú ceart chun sochar, á rá go mbeadh an duine lena mbaineann árachaithe ar theacht ann don riosca, measfar gur comhlíonadh an coinníoll sin má bhí an duine sin árachaithe roimhe sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nó faoi scéim shonrach an Bhallstáit sin, agus, ar theacht ann don riosca, go bhfuil sé nó sí árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an riosca chéanna nó, ina éagmais sin, i gcás sochar a bheith dlite faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an riosca chéanna. Measfar gur comhlíonadh an coinníoll deireanach sin, áfach, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 57.’;

12.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52(4):

‘4.   I gcás ina mbeidh sé de thoradh i gcónaí ar an ríomh de bhun mhír 1(a) i mBallstát amháin go mbeidh an sochar neamhspleách comhionann leis an sochar pro rata arna ríomh i gcomhréir le mír 1(b), nó go mbeidh sé níos mó ná é, tarscaoilfidh an institiúid inniúil an ríomh pro rata, ar choinníoll:

(i)

go leagtar amach staid den sórt sin i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII;

(ii)

nach bhfuil aon reachtaíocht ina bhfuil rialacha i gcoinne forluí, dá dtagraítear in Airteagal 54 agus in Airteagal 55, infheidhme, mura rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 55(2); agus

(iii)

nach bhfuil Airteagal 57 infheidhme maidir le tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit eile in imthosca sonracha an cháis.’;

13.

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 52:

‘5.   D’ainneoin fhorálacha mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh feidhm ag an ríomh pro rata maidir le scéimeanna lena soláthraítear sochair ar ina leith nach mbeidh baint ar bith ag tréimhsí ama leis an ríomh, ach sin faoi réir na scéimeanna sin a bheith liostaithe i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VIII. Sna cásanna sin, beidh an duine lena mbaineann i dteideal an tsochair a ríomhfar i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.’;

14.

in Airteagal 56(1)(c), cuirtear isteach ‘i gcás inar gá’ roimh ‘i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn XI’;

15.

in Airteagal 56(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(d)

I gcás nach mbeidh pointe (c) infheidhme toisc go bhforáiltear i reachtaíocht Ballstáit go mbeidh an sochar le ríomh ar bhonn eilimintí seachas tréimhsí árachais nó cónaithe nach bhfuil nasctha le ham, cuirfidh an institiúid inniúil san áireamh, i leith gach tréimhse árachais nó cónaithe a chuirtear isteach faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile, méid an chaipitil a fhabhraíonn, an caipiteal a mheastar a bheith fabhraithe nó aon eilimint eile maidir leis an ríomh faoin reachtaíocht a bheidh á feidhmiú aici, arna roinnt ar na haonaid chomhfhreagracha tréimhsí atá sa scéim pinsean lena mbaineann.’;

16.

in Airteagal 57, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le scéimeanna a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VIII.’;

17.

in Airteagal 62(3), cuirtear ‘daoine dífhostaithe’ in ionad an téarma ‘oibrithe imeallchríche’;

18.

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 68a

Sochair a sholáthar

I gcás nach n-úsáidfidh an duine ar cheart sochair theaghlaigh a sholáthar dó nó di na sochair sin chun na daoine den teaghlach a chothabháil, comhlíonfaidh an institiúid inniúil a hoibleagáidí dlíthiúla trí na sochair sin a sholáthar don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach a mbeidh na daoine den teaghlach á gcothabháil aige nó aici dáiríre, arna iarraidh sin don institiúid sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, nó tríd an institiúid sin, nó arna iarraidh sin don institiúid nó don chomhlacht ainmnithe arna ceapadh nó arna cheapadh chun na críche sin ag údarás inniúil an Bhallstáit ina gcónaíonn siad, nó tríd an institiúid sin nó tríd an gcomhlacht sin.’;

19.

Leasaítear Airteagal 87(8) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Má bhíonn duine, mar thoradh ar an Rialachán seo, faoi réir reachtaíochta Ballstáit seachas an reachtaíocht a chinnfear i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, leanfaidh an reachtaíocht sin d’fheidhm a bheith aici ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar an staid ábhartha agus i ngach cás ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mura n-iarrfaidh an duine lena mbaineann a bheith faoi réir na reachtaíochta atá infheidhme faoin Rialachán seo. Laistigh de thrí mhí tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfear an iarraidh faoi bhráid institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht atá infheidhme faoin Rialachán seo má tá an duine lena mbaineann le bheith faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin amhail ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm. Más tar éis na teorann ama a shonraítear a dhéantar an t-iarratas, is ar an gcéad lá den mhí dár gcionn a dhéanfar an t-athrú sa reachtaíocht infheidhme.’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘10a.   Scoirfidh na hiontrálacha maidir leis an Eastóin, leis an Spáinn, leis an Iodáil, leis an Liotuáin, leis an Ungáir agus leis an Ísiltír d’éifeacht a bheith acu ceithre bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

10b.   Déanfar an liosta atá in Iarscríbhinn III a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 31 Deireadh Fómhair 2014 ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún Riaracháin. Sa tuarascáil sin, beidh measúnú tionchair ar shuntasacht, ar mhinicíocht, ar scála agus ar na costais, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, i dtaca le feidhmiú fhorálacha Iarscríbhinn III. Beidh sa tuarascáil sin freisin na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag aisghairm na bhforálacha sin ar na Ballstáit sin atá liostaithe fós san Iarscríbhinn sin tar éis an dáta dá dtagraítear i mír 10a. I bhfianaise na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh an dtíolacfaidh sé togra maidir leis an liosta a athbhreithniú arb é is aidhm dó i bprionsabal ná an liosta a aisghairm mura rud é go soláthraíonn an Coimisiún Riaracháin cúiseanna an-mhaith gan déanamh amhlaidh.’;

20.

Leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 89 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Meán Fómhair 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. MALMSTRÖM


(1)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 61.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 17 Nollaig 2008 (IO C 33 E, 10.2.2009, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009. Cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2009.

(3)  IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

(4)  IO L 149, 5.7.1971, lch. 2


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004

A.   Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

1.

I gCuid I (airleacain i leith íocaíochtaí cothabhála):

(a)

Cuirtear ‘AN BHEILG’ in ionad an cheannteidil ‘A. AN BHEILG’

(b)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘AN BHEILG’:

‘AN BHULGÁIR

Íocaíochtaí cothabhála arna ndéanamh ag an Stát faoi Airteagal 92 den Chód Teaghlaigh.’;

(c)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN DANMHAIRG’ agus an ceannteideal ‘AN GHEARMÁIN’ in ionad ‘B. AN DANMHAIRG’, agus ‘C. AN GHEARMÁIN’ faoi seach’;

(d)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN GHEARMÁIN’:

‘AN EASTÓIN

Liúntais chothabhála faoi Ghníomh Liúntais Cothabhála an 21 Feabhra 2007;

AN SPÁINN

Airleacain íocaíochtaí cothabhála faoi Fhoraithne Ríoga 1618/2007 an 7 Nollaig 2007.’;

(e)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHRAINC’ in ionad an cheannteidil ‘D. AN FHRAINC’;

(f)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’:

‘AN LIOTUÁIN

Íocaíochtaí ón gCiste Cothabhála Leanaí faoin Dlí maidir leis an gCiste Cothabhála Leanaí.

LUCSAMBURG

Airleacain agus gnóthú íocaíochtaí cothabhála de réir bhrí Ghníomh an 26 Iúil 1980.’;

(g)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN OSTAIR’ in ionad ‘E. AN OSTAIR’;

(h)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN OSTAIR’:

‘AN PHOLAINN

Sochair ón gCiste Ailiúnais faoin nGníomh um Chúnamh do Dhaoine atá i dTeideal Ailiúnais’;

(i)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN PHORTAINGÉIL’ in ionad ‘F. AN PHORTAINGÉIL’;

(j)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN PHORTAINGÉIL’:

‘AN tSLÓIVÉIN

Athsholáthar cothabhála i gcomhréir leis an nGníomh um Ráthaíocht Phoiblí agus um Chiste Cothabhála Phoblacht na Slóivéine an 25 Iúil 2006.

AN tSLÓVAIC

Sochar ionadach ailiúnais (íocaíocht ionadach chothabhála) de bhun Ghníomh Uimh. 452/2004 Coll. maidir le sochar ionadach ailiúnais, arna leasú le rialacháin níos déanaí.’;

(k)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHIONLAINN’ agus an ceannteideal ‘AN tSUALAINN’ in ionad ‘G. AN FHIONLAINN’ agus ‘H. AN tSUALAINN’ faoi seach.

2.

I gCuid II (liúntais speisialta breithe agus uchtála):

(a)

Cuirtear ‘AN BHEILG’ in ionad an cheannteidil ‘A. AN BHEILG’

(b)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN BHEILG’:

‘AN BHULGÁIR

Liúntas cnapshuime máithreachais (an Dlí maidir le Liúntais Teaghlaigh do Leanaí).

POBLACHT NA SEICE

Liúntas breithe.

AN EASTÓIN

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Liúntas uchtála.’;

(c)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN SPÁINN’ agus an ceannteideal ‘AN FHRAINC’ in ionad ‘B. AN SPÁINN’ agus ‘C. AN FHRAINC’ faoi seach;

(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN SPÁINN’:

‘AN SPÁINN

Deontais aoníocaíochta breithe agus uchtála’;

(e)

Cuirtear na focail seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’:

‘, ach amháin nuair a íocfar iad le duine a fhanfaidh faoi réir reachtaíocht na Fraince de bhun Airteagal 12 nó Airteagal 16’;

(f)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’:

‘AN LAITVIA

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Liúntas uchtála.

AN LIOTUÁIN

Deontas cnapshuime linbh.’;

(g)

Cuirtear an ceannteideal ‘LUCSAMBURG’ in ionad ‘D. LUCSAMBURG’;

(h)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘LUCSAMBURG’:

‘AN UNGÁIR

Deontas máithreachais.

AN PHOLAINN

Deontas aoníocaíochta breithe (An Gníomh um Shochair Theaghlaigh).

AN RÓMÁIN

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Céadfheisteas do leanaí nuabheirthe.

AN tSLÓIVÉIN

Deontas breithe.

AN tSLÓVAIC

(a)

Liúntas breithe;

(b)

Forlíonadh ar liúntas breithe.’;

(i)

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHIONLAINN’ in ionad ‘E. AN FHIONLAINN’.

B.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II:

‘IARSCRÍBHINN II

NA FORÁLACHA DE CHUID COINBHINSIÚN A LEANFAIDH DE BHEITH I BHFEIDHM AGUS, I GCÁS INARB INFHEIDHME, A BHEIDH TEORANTA DO NA DAOINE A CHUMHDAÍTEAR LEO (Airteagal 8(1))

Barúlacha ginearálta

Tugtar faoi deara nach liostaítear san Iarscríbhinn seo forálacha coinbhinsiún déthaobhach nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a fhanann i bhfeidhm idir na Ballstáit. Cumhdaíonn sé sin oibleagáidí idir na Ballstáit a thig ó choinbhinsiúin lena ndéantar foráil, mar shampla, maidir le forálacha i dtaca le comhshuimiú tréimhsí árachais a chuirtear isteach i dtríú tír.

Forálacha coinbhinsiún slándála sóisialta a leanfaidh de bheith infheidhme:

AN BHEILG-AN GHEARMÁIN

Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Phrótacal Críochnaitheach an 7 Nollaig 1957 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta lena mbaineann an dáta céanna, mar a leagtar amach iad i bPrótacal Forlíontach an 10 Samhain 1960 (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach i roinnt réigiún teorann roimh an Dara Cogadh Domhanda, lena linn agus dá éis).

AN BHEILG-LUCSAMBURG

Coinbhinsiún an 24 Márta 1994 maidir le slándáil shóisialta d’oibrithe imeallchríche (maidir leis an aisíoc caighdeánach comhlántach).

AN BHULGÁIR-AN GHEARMÁIN

Airteagal 28(1)(b) de Choinbhinsiún an 17 Nollaig 1997 maidir le slándáil shóisialta (coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích idir an Bhulgáir agus Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine a choimeád ar bun maidir le daoine a fuair pinsean cheana roimh 1996).

AN BHULGÁIR-AN OSTAIR

Airteagal 38(3) de Choinbhinsiún an 14 Aibreán 2005 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún sin.

AN BHULGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 32(2) de Choinbhinsiún an 18 Nollaig 1957 maidir le Slándáil Shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach an 31 Nollaig 1957 nó roimhe sin).

POBLACHT NA SEICE-AN GHEARMÁIN

Airteagal 39(1)(b) agus (c) de Choinbhinsiún an 27 Iúil 2001 maidir le Slándáil Shóisialta (an coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht na Seicslóvaice agus Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine a choimeád ar bun maidir le daoine a fuair pinsean cheana roimh 1996; ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach i gceann amháin de na stáit chonarthacha le haghaidh daoine a fuair pinsean cheana féin do na tréimhsí sin an 1 Meán Fómhair 2002 ón stát conarthach eile, le linn cónaí dóibh ina chríoch).

POBLACHT NA SEICE-AN CHIPIR

Airteagal 32(4) de Choinbhinsiún an 19 Eanáir 1999 maidir le Slándáil Shóisialta (lena gcinntear inniúlacht maidir le ríomh tréimhsí fostaíochta a cuireadh isteach faoi Choinbhinsiún ábhartha 1976); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

POBLACHT NA SEICE-LUCSAMBURG

Airteagal 52(8) de Choinbhinsiún an 17 Samhain 2000 maidir le Slándáil Shóisialta (ríomh tréimhsí árachais le haghaidh dídeanaithe polaitiúla).

POBLACHT NA SEICE-AN OSTAIR

Airteagal 32(3) de Choinbhinsiún an 20 Iúil 1999 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear leis.

POBLACHT NA SEICE-AN tSLÓVAIC

Airteagal 12, Airteagal 20 agus Airteagal 33 de Choinbhinsiún an 29 Deireadh Fómhair 1992 maidir le Slándáil Shóisialta (le hAirteagal 12, cinntear inniúlacht chun sochair marthanóra a dheonú; le hAirteagal 20, cinntear inniúlacht maidir le ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach go dtí lá díscaoilte Phoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice; le hAirteagal 33, cinntear inniúlacht maidir le híoc pinsean a deonaíodh go dtí lá díscaoilte Phoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice).

AN DANMHAIRG-AN FHIONLAINN

Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le slándáil shóisialta (a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn seala i dtír Nordach eile, rud a mhéadaíonn costas taistil fillte chuig an tír chónaithe).

AN DANMHAIRG-AN tSUALAINN

Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le slándáil shóisialta (a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a mhéadaíonn costas taistil fillte chuig an tír chónaithe).

AN GHEARMÁIN-AN SPÁINN

Airteagal 45(2) de Choinbhinsiún Slándála Sóisialta an 4 Nollaig 1973 (ionadaíocht ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalachta).

AN GHEARMÁIN-AN FHRAINC

(a)

Comhaontú Comhlántach Uimh. 4 an 10 Iúil 1950 a ghabhann le Coinbhinsiún Ginearálta lena mbaineann an dáta céanna, mar a leagtar amach é i gComhaontú Forlíontach Uimh. 2 an 18 Meitheamh 1955 (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach idir 1 Iúil 1940 agus 30 Meitheamh 1950);

(b)

Teideal I den Chomhaontú Forlíontach sin Uimh. 2 (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 8 Bealtaine 1945);

(c)

pointe 6, pointe 7 agus pointe 8 de Phrótacal Ginearálta an 10 Iúil 1950 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Ginearálta lena mbaineann an dáta céanna (socruithe riaracháin);

(d)

Teideal II, Teideal III agus Teideal IV de Chomhaontú an 20 Nollaig 1963 (slándáil shóisialta sa Saar).

AN GHEARMÁIN-LUCSAMBURG

Airteagail 4, 5, 6 agus 7 de Choinbhinsiún an 11 Iúil 1959 (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach idir Meán Fómhair 1940 agus Meitheamh 1946).

AN GHEARMÁIN-AN UNGÁIR

Airteagal 40(1)(b) de Choinbhinsiún an 2 Bealtaine 1998 maidir le slándáil shóisialta (an coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Ungáir a choimeád ar bun le haghaidh daoine a fuair pinsean roimh 1996 cheana féin).

AN GHEARMÁIN-AN ÍSILTÍR

Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Chomhaontú Comhlántach Uimh. 4 an 21 Nollaig 1956 a ghabhann le Coinbhinsiún an 29 Márta 1951 (socrú na gceart a fuair oibrithe Ollannacha faoi scéim árachais shóisialta na Gearmáine idir 13 Bealtaine 1940 agus 1 Meán Fómhair 1945).

AN GHEARMÁIN-AN OSTAIR

(a)

Leanfaidh Airteagal 1(5) agus Airteagal 8 de Choinbhinsiún an 19 Iúil 1978 maidir le hÁrachas Dífhostaíochta agus Airteagal 10 den Phrótacal Críochnaitheach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo (an Ballstát fostaíochta roimhe sin do dheonú liúntas dífhostaíochta d’oibrithe imeallchríche) d’fheidhm a bheith acu maidir le daoine a raibh gníomhaíocht mar oibrí imeallchríche feidhmithe acu an 1 Eanáir 2005, nó roimhe sin, agus a bheidh dífhostaithe roimh an 1 Eanáir 2011.

(b)

Airteagal 14(2)(g), (h), (i) agus (j) de Choinbhinsiún an 4 Deireadh Fómhair 1995 maidir le slándáil shóisialta (inniúlachtaí a roinnt idir an dá thír i dtaca le cásanna árachais roimhe seo agus le tréimhsí árachais arna bhfáil); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

AN GHEARMÁIN-AN PHOLAINN

(a)

Coinbhinsiún an 9 Deireadh Fómhair 1975 maidir le forálacha seanaoise agus le forálacha a bhaineann le díobháil ag an obair, faoi na coinníollacha agus faoin raon feidhme a shainítear le hAirteagal 27(2) go (4) de Choinbhinsiún an 8 Nollaig 1990 maidir le slándáil shóisialta (stádas dlíthiúil a choimeád ar bun, ar bhonn Choinbhinsiún 1975, i gcás na ndaoine a shuigh a n-áit chónaithe i gcríoch na Gearmáine nó na Polainne roimh an 1 Eanáir 1991 agus a leanann de bheith ina gcónaí ann);

(b)

Airteagail 27(5) agus 28(2) de Choinbhinsiún an 8 Nollaig 1990 maidir le slándáil shóisialta (teidlíocht a choimeád ar bun do phinsean a íoctar ar bhonn Choinbhinsiún 1957 a tugadh i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Pholainn; ríomh na dtréimhsí árachais a chuir fostaithe Polannacha isteach faoi Choinbhinsiún 1988 a tugadh i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Pholainn).

AN GHEARMÁIN-AN RÓMÁIN

Airteagal 28(1)(b) de Choinbhinsiún an 8 Aibreán 2005 maidir le slándáil shóisialta (an Coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus an Rómáin a choimeád ar bun le haghaidh daoine a fuair pinsean roimh 1996 cheana féin).

AN GHEARMÁIN - AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 42 de Choinbhinsiún an 24 Meán Fómhair 1997 maidir le slándáil shóisialta (socrú na gceart a fuarthas roimh an 1 Eanáir 1956 faoi scéim slándála sóisialta an stáit chonarthaigh eile); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi

AN GHEARMÁIN-AN tSLÓVAIC

Airteagal 29(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír de Chomhaontú an 12 Meán Fómhair 2002 (an Coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir Iar-Phoblacht na Seicslóvaice agus Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine a choimeád ar bun le haghaidh daoine a fuair pinsean cheana féin roimh 1996; ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach i gceann amháin de na stáit chonarthacha le haghaidh daoine a raibh pinsean faighte acu cheana féin do na tréimhsí sin an 1 Nollaig 2003 ón stát conarthach eile, le linn cónaí dóibh ina chríoch).

AN GHEARMÁIN-AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Airteagal 7(5) agus (6) de Choinbhinsiún an 20 Aibreán 1960 maidir le slándáil shóisialta (an reachtaíocht atá infheidhme maidir le sibhialtaigh atá ag fónamh sna fórsaí míleata);

(b)

Airteagal 5(5) agus (6) de Choinbhinsiún an 20 Aibreán 1960 maidir le hárachas dífhostaíochta (an reachtaíocht atá infheidhme maidir le sibhialtaigh atá ag fónamh sna fórsaí míleata).

ÉIRE-AN RÍOCHT AONTAITHE

Airteagal 19(2) de Chomhaontú an 14 Nollaig 2004 maidir le slándáil shóisialta (a bhaineann le creidiúintí míchumais áirithe a aistriú agus a ríomh).

AN SPÁINN-AN PHORTAINGÉIL

Airteagal 22 de Choinbhinsiún Ginearálta an 11 Meitheamh 1969 (sochair dífhostaíochta a onnmhairiú). Leanfaidh an iontráil seo de bheith bailí go ceann dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

AN IODÁIL-AN tSLOIVÉIN

(a)

Comhaontú maidir le comhoibleagáidí i dtaca le hárachas sóisialta a rialú faoi threoir mhír 7 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an gConradh Síochána, arna thabhairt i gcrích trí nótaí a mhalartú an 5 Feabhra 1959 (ríomh na dtréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 18 Nollaig 1954); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála seo de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear leis an gComhaontú sin.

(b)

Airteagal 45(3) de Choinbhinsiún an 7 Iúil 1997 maidir le slándáil shóisialta a bhaineann le hiar-Chrios B de Shaorchríoch Trieste (ríomh na dtréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 5 Deireadh Fómhair 1956); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún sin.

LUCSAMBURG-AN PHORTAINGÉIL

Comhaontú an 10 Márta 1997 (maidir le haithint cinntí a dhéanfaidh institiúidí i bpáirtí conarthach amháin maidir le staid neamhbhailíochta iarrthóirí le haghaidh pinsean ó institiúidí sa pháirtí conarthach eile).

LUCSAMBURG-AN tSLÓVAIC

Airteagal 50(5) de Choinbhinsiún an 23 Bealtaine 2002 maidir le Slándáil Shóisialta (ríomh tréimhsí árachais le haghaidh dídeanaithe polaitiúla).

AN UNGÁIR-AN OSTAIR

Airteagal 36(3) de Choinbhinsiún an 31 Márta 1999 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear leis.

AN UNGÁIR-AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 31(3) de Choinbhinsiún an 7 Deireadh Fómhair 1957 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 29 Bealtaine 1956); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear leis.

AN UNGÁIR-AN tSLÓVAIC

Airteagal 34(1) de Choinbhinsiún an 30 Eanáir 1959 maidir le slándáil shóisialta (foráiltear in Airteagal 34(1) den Choinbhinsiún sin gurb iad na tréimhsí árachais a deonaíodh roimh lá sínithe an Choinbhinsiúin sin tréimhsí árachais an Stáit chonarthaigh ina raibh áit chónaithe ag an duine atá ina dteideal); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

AN OSTAIR-AN PHOLAINN

Airteagal 33(3) de Choinbhinsiún an 7 Meán Fómhair 1998 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

AN OSTAIR-AN RÓMÁIN

Airteagal 37(3) de Chomhaontú an 28 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

AN OSTAIR-AN tSLÓIVÉIN

Airteagal 37(3) de Choinbhinsiún an 10 Márta 1997 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 1 Eanáir 1956); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

AN OSTAIR-AN tSLÓVAIC

Airteagal 34(3) de Choinbhinsiún an 21 Nollaig 2001 maidir le slándáil shóisialta (ríomh tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh an 27 Samhain 1961); leanfaidh cur i bhfeidhm na forála sin de bheith teoranta do na daoine a chumhdaítear léi.

AN FHIONLAINN-AN tSUALAINN

Airteagal 7 de Choinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le slándáil shóisialta (a bhaineann le caiteachais bhreise taistil a chlúdach i gcás breoiteachta le linn fanacht i dtír Nordach eile, rud a mhéadaíonn costas taistil fillte chuig an tír chónaithe).’

C.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

SRIAN AR CHEARTA CHUN SOCHAR COMHCHINEÁIL DO DHAOINE DE THEAGHLACH OIBRÍ IMEALLCHRÍCHE

(dá dtagraítear in Airteagal 18(2))

AN DANMHAIRG

AN EASTÓIN (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

ÉIRE

AN SPÁINN (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN IODÁIL (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN LIOTUÁIN (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN UNGÁIR (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN ÍSILTÍR (beidh feidhm ag an iontráil seo le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 87(10a))

AN FHIONLAINN

AN tSUALAINN

AN RÍOCHT AONTAITHE’.

D.   Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

1.

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘AN BHEILG’:

‘AN BHULGÁIR

POBLACHT NA SEICE’;

2.

Scriostar an iontráil ‘AN IODÁIL’;

3.

Cuirtear an iontráil ‘AN CHIPIR’ isteach i ndiaidh na hiontrála ‘AN FHRAINC’;

4.

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘LUCSAMBURG’:

‘AN UNGÁIR

AN ÍSILTÍR’;

5.

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘AN OSTAIR’:

‘AN PHOLAINN

AN tSLÓIVÉIN’.

E.   Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

1.

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach ag tús na hIarscríbhinne:

‘POBLACHT NA SEICE

Pinsean míchumais iomlán do dhaoine ar tháinig a míchumas iomlán orthu sula raibh ocht mbliana déag slánaithe acu agus nach raibh árachaithe in aghaidh na tréimhse a cheanglaítear (Roinn 42 de Ghníomh um Árachas Pinsean Uimh. 155/1995 Coll.).

AN EASTÓIN

(a)

Pinsin easláine a deonaíodh roimh an 1 Aibreán 2000 faoin nGníomh Liúntas Stáit agus a choinnítear faoin nGníomh um Árachas Pinsean Stáit.

(b)

Pinsin náisiúnta arna ndeonú ar bhonn easláine de réir an Ghnímh um Árachas Pinsean Stáit.

(c)

Pinsin easláine arna ndeonú de réir an Ghnímh um Sheirbhís Fórsaí Cosanta, an Ghnímh Seirbhíse Póilíneachta, Ghníomh Oifig an Ionchúisitheora, Ghníomh Stádas na mBreithiúna, an Ghnímh um Thuarastail Chomhaltaí Pharlaimint na hEastóine, Ghníomh na bPinsean agus na Ráthaíochtaí Sóisialta Eile agus Ghníomh Sochar Oifigiúil Uachtarán na Poblachta.’;

2.

Cuirtear ‘AN GHRÉIG’ agus ‘ÉIRE’ in ionad na gceannteideal ‘A. AN GHRÉIG’ agus ‘B. ÉIRE’ faoi seach;

3.

Baintear an iontráil faoin gceannteideal ‘ÉIRE’ amach agus cuirtear an iontráil chéanna isteach roimh an iontráil faoin gceannteideal ‘AN GHRÉIG’ agus cuirtear an méid seo a leanas ina áit:

‘Cuid 2, Caibidil 17 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005’;

4.

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN GHRÉIG’:

‘AN LAITVIA

Pinsin easláine (tríú grúpa) faoi Airteagal 16(1)(2) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit.’;

5.

Cuirtear an ceannteideal ‘AN FHIONLAINN’ in ionad ‘C. AN FHIONLAINN’ agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála comhréirí:

‘AN FHIONLAINN

Pinsin Náisiúnta do dhaoine a bheirtear faoi mhíchumas nó do dhaoine a dtagann míchumas orthu ag aois luath (An Gníomh Pinsean Náisiúnta, 568/2007);

Pinsin easláine a cinneadh i gcomhréir leis na rialacha idirthréimhseacha agus a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 1994 (an Gníomh maidir le Forghníomhú an Ghnímh Náisiúnta Pinsean, 569/2007).’;

6.

Cuirtear an ceannteideal ‘AN tSUALAINN’ agus an ceannteideal ‘AN RÍOCHT AONTAITHE’ in ionad ‘D. AN tSUALAINN’ agus ‘E. AN RÍOCHT AONTAITHE’, faoi seach.

F.   Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

1.

Scriostar na sraitheanna a bhaineann le Lucsamburg sna táblaí dar teideal ‘AN BHEILG’ agus ‘AN FHRAINC’;

2.

Scriostar an tábla dar teideal ‘LUCSAMBURG’.

G.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VIII:

‘IARSCRÍBHINN VIII

CÁSANNA INA NDÉANFAR AN T-ÁIREAMH PRO RATA A THARSCAOILEADH NÓ NACH MBEIDH FEIDHM LEIS (Airteagal 52(4) agus Airteagal 52(5))

Cuid 1:   Cásanna ina ndéanfar an t-áireamh pro rata a tharscaoileadh de bhun Airteagal 52(4)

AN DANMHAIRG

Seachas na pinsin a luaitear in Iarscríbhinn IX, na hiarratais uile ar phinsin dá dtagraítear sa dlí maidir le pinsin shóisialta.

ÉIRE

Na hiarratais uile ar phinsean stáit (idirthréimhseach), ar phinsean stáit (ranníocach), ar phinsean baintrí (ranníocach) agus ar phinsean baintrí fir (ranníocach).

AN CHIPIR

Na hiarratais uile ar phinsin seanaoise, easláine, baintrí agus baintrí fir.

AN LAITVIA

(a)

Na hiarratais uile ar phinsin easláine (Dlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit).

(b)

Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí (An Dlí maidir le Pinsin Stáit an 1 Eanáir 1996; An Dlí maidir le pinsin Stát-mhaoinithe an 1 Iúil 2001).

AN LIOTUÁIN

Na hiarratais uile ar phinsin marthanóirí árachais shóisialta Stáit arna ríomh ar bhonn bhunmhéid an phinsin marthanóra (an Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit)

AN ÍSILTÍR

Na hiarratais uile ar phinsin seanaoise faoin dlí maidir le hárachas ginearálta seanaoise (AOW).

AN OSTAIR

(a)

Na hiarratais uile ar shochair faoi Ghníomh Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta - ASVG, Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hárachas sóisialta le haghaidh daoine féinfhostaithe atá i mbun trádála agus tráchtála - GSVG, Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hárachas sóisialta d’fheirmeoirí féinfhostaithe - BSVG agus Gníomh Cónaidhme an 30 Samhain 1978 maidir leis na daoine féinfhostaithe sna gairmeacha liobrálacha (FSVG);

(b)

Na hiarratais uile ar phinsin easláine a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun an Ghnímh um Pinsin Ghinearálta (APG) an 18 Samhain 2004;

(c)

Na hiarratais uile ar phinsin mharthanóra a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun an Ghnímh um Pinsin Ghinearálta (APG) an 18 Samhain 2004, mura bhfuil aon ardú sochar le cur i bhfeidhm maidir leis na míonna breise árachais de bhun Airteagal 7(2) den Ghníomh um Pinsin Ghinearálta (APG);

(d)

Na hiarratais uile ar phinsin easláine agus ar phinsin mharthanóra de na Cumainn Lianna Cúigeacha Ostaracha (Landesärztekammer) a bheidh bunaithe ar bhunsoláthar (bunsochar agus aon sochar forlíontach, nó bunphinsean);

(e)

Na hiarratais uile ar thacaíocht bhuaneasláine ceirde agus ar thacaíocht mharthanóirí ó chiste pinsean Chumann Ostarach na dTréidlianna;

(f)

Na hiarratais uile ar shochair ó phinsin easláine ceirde, ó phinsin baintreacha agus dílleachtaí i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Cuid A.

AN PHOLAINN

Na hiarratais uile ar phinsin mhíchumais, ar phinsin seanaoise faoin scéim shainithe sochar agus ar phinsin mharthanóirí.

AN PHORTAINGÉIL

Na hiarratais uile maidir le héilimh ar phinsin easláine, ar phinsin seanaoise agus ar phinsin mharthanóirí, cés moite de chásanna ina bhfuil na tréimhsí tuarastail foriomlána arna gcur isteach faoi reachtaíocht breis agus Ballstáit amháin comhionann le 21 bhliain féilire nó níos mó ná 21 bhliain féilire, ina bhfuil na tréimhsí náisiúnta árachais comhionann le 20 bliain nó níos lú ná 20 bliain, agus ina ndéantar an ríomh faoi Airteagal 11 de Dhlí Foraithne Uimh. 35/2002, an 19 Feabhra.

AN tSLÓVAIC

(a)

Na hiarratais uile ar phinsin mharthanóirí (pinsean baintrí, pinsean baintrí fir agus pinsean dílleachta) á ríomh i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2004, a ndíorthaíonn a méid ó phinsean a íocadh roimhe sin leis an éagach;

(b)

Na hiarratais uile ar phinsin á ríomh de bhun Ghníomh Uimh. 461/2003 Coll. maidir le slándáil shóisialta mar atá arna leasú.

AN tSUALAINN

Na hiarratais uile ar phinsean ráthaíochta i bhfoirm pinsin seanaoise (Gníomh 1998:702) agus ar phinsean seanaoise i bhfoirm pinsin fhorlíontaigh (Gníomh 1998:674).

AN RÍOCHT AONTAITHE

Na hiarratais uile ar phinsean scoir, ar shochair bhaintreacha agus ar shochair mhéala, seachas na sochair sin ar ina leith i rith na bliana cánach dar tús an 6 Aibreán 1975 nó tar éis an dáta sin:

(i)

a chuir an páirtí lena mbaineann isteach tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe agus Ballstáit eile nár measadh ceann amháin (nó níos mó) de na blianta cánach mar bhliain cháiliúcháin de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe;

(ii)

a chuirfí san áireamh, chun críocha Airteagal 52(1)(b) den Rialachán, na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin reachtaíocht a bhí i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe roimh an 5 Iúil 1948, trí na tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile a chur i bhfeidhm.

Na hiarratais uile ar phinsean breise de bhun roinn 44 den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, agus de bhun roinn 44 den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 (Tuaisceart Éireann).

Cuid 2:   Cásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 52(5)

AN BHULGÁIR

Pinsin seanaoise ón Árachas Pinsean Éigeantach Forlíontach, faoi Chuid II, Teideal II, den Chód Árachais Shóisialta.

AN EASTÓIN

Scéim éigeantach mhaoinithe seanaoise.

AN FHRAINC

Bunscéimeanna nó scéimeanna forlíontacha ina ríomhtar sochair sheanaoise ar bhonn pointí scoir.

AN LAITVIA

Pinsin seanaoise (Dlí an 1 Eanáir 1996 maidir le pinsin Stáit; Dlí an 1 Iúil 2001 maidir le pinsin Stát-mhaoinithe).

AN UNGÁIR

Sochair pinsin a bheidh bunaithe ar bhallraíocht i gcistí príobháideacha pinsean.

AN OSTAIR

(a)

Pinsin seanaoise a bheidh bunaithe ar chuntas pinsin de bhun Ghníomh an 18 Samhain 2004 um Pinsin Ghinearálta (APG);

(b)

Liúntais éigeantacha faoi Airteagal 41 de Dhlí Cónaidhme an 28 Nollaig 2001, BGBI I Uimh. 154 maidir le ciste tuarastail ghinearálta de chuid cógaiseoirí Ostaracha (Pharmazeutische Gehaltskasse für Österreich);

(c)

Pinsin scoir agus pinsin luathscoir de chuid na gCumann Lianna Cúigeacha Ostaracha atá bunaithe ar an mbunsoláthar (bunsochar agus sochar forlíontach, nó bunphinsean), agus na sochair phinsin uile de chuid na gCumann Lianna Cúigeacha Ostaracha atá bunaithe ar sholáthar breise (pinsean breise nó pinsean aonair);

(d)

Tacaíocht seanaoise ó chiste pinsean Chumann Ostarach na dTréidlianna;

(e)

Sochair i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Codanna A agus B, seachas na hiarratais ar shochair ó phinsin easláine, ó phinsin baintreacha agus dílleachtaí i gcomhréir le reachtanna institiúidí leasa shóisialta na gcumann barra Ostarach, Cuid A;

(f)

Sochair ó institiúidí leasa shóisialta Chumann Cónaidhme na nAiltirí agus na nInnealtóirí Comhairleacha faoi Ghníomh Chumann na nInnealtóirí Sibhialta Ostaracha (Ziviltechnikerkammergesetz) 1993 agus reachtanna na n-institiúidí leasa shóisialta, seachas na sochair ar bhonn easláine ceirde agus sochair marthanóra a dhíorthaíonn ó na sochair is deireanaí a luadh;

(g)

Sochair de réir reacht institiúid leasa shóisialta Chumann Cónaidhme na gCuntasóirí Gairmiúla agus na gComhairleoirí Cánach faoi Ghníomh na gCuntasóirí Gairmiúla Ostaracha agus na gComhairleoirí Cánach (Wirtschaftstreuhandberufsgesetz).

AN PHOLAINN

Pinsin seanaoise faoin scéim ranníoca shainithe.

AN tSLÓIVÉIN

Pinsin ó árachas pinsean forlíontach éigeantach.

AN tSLÓVAIC

Coigilt shainordaitheach ar phinsean seanaoise.

AN tSUALAINN

Pinsean ar bhonn ioncaim agus pinsean préimhe (Gníomh 1998:674).

AN RÍOCHT AONTAITHE

Sochair scoir chéimnithe arna n-íoc de bhun roinn 36 agus roinn 37 den Ghníomh um Árachas Náisiúnta 1965, agus de bhun roinn 35 agus roinn 36 den Ghníomh um Árachas Náisiúnta (Tuaisceart Éireann) 1966.’;

H.   Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

1.

I gCuid I:

(a)

Cuirtear na ceannteidil ‘AN BHEILG’, ‘AN DANMHAIRG’, ‘AN GHRÉIG’, ‘AN SPÁINN’, ‘AN FHRAINC’, ‘ÉIRE’, ‘AN ÍSILTÍR’, ‘AN FHIONLAINN’, AGUS ‘AN tSUALAINN’ in ionad ‘A. AN BHEILG’, ‘B. AN DANMHAIRG’, ‘C. AN GHRÉIG’, ‘D. AN SPÁINN’, ‘E. AN FHRAINC’, ‘F. ÉIRE’, ‘G. AN ÍSILTÍR’, ‘H. AN FHIONLAINN’, AGUS ‘I. AN tSUALAINN’ faoi seach;

(b)

Cuirtear an iontráil faoin gceannteideal ‘ÉIRE’ i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN DANMHAIRG’ agus roimh an iontráil faoin gceannteideal ‘AN GHRÉIG’;

(c)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHRAINC’:

‘AN LAITVIA

Pinsin easláine (tríú grúpa) faoi Airteagal 16(1)(2) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit.’;

(d)

Cuirtear an téacs seo a leanas leis an iontráil faoin gceannteideal ‘AN ÍSILTÍR’:

‘Dlí an 10 Samhain 2005 maidir le saothar agus ioncam de réir cumais saothair (WIA).’;

(e)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN FHIONLAINN’:

‘Pinsin náisiúnta do dhaoine a bheirtear faoi mhíchumas nó do dhaoine a dtagann míchumas orthu ag aois luath (An Gníomh Pinsean Náisiúnta, 568/2007);

Pinsin náisiúnta agus pinsin na gcéilí arna gcinneadh i gcomhréir leis na rialacha idirthréimhseacha agus arna ndeonú roimh an 1 Eanáir 1994 (an Gníomh maidir le Forghníomhú an Ghnímh Pinsean Náisiúnta, 569/2007);

Méid breise phinsean an linbh nuair a dhéantar sochar neamhspleách a ríomh i gcomhréir leis an nGníomh Pinsean Náisiúnta (an Gníomh Pinsean Náisiúnta, 568/2007).’;

(f)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN tSUALAINN’:

‘Cúiteamh breoiteachta ioncam-choibhneasa agus cúiteamh gníomhaíochta na Sualainne (Gníomh 1962:381).

Pinsean ráthaíochta agus cúiteamh ráthaithe na Sualainne a cuireadh in ionad phinsin iomlána stáit na Sualainne a soláthraíodh faoin reachtaíocht maidir leis an bpinsean stáit a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 1993, agus in ionad an phinsin iomláin stáit a deonaíodh faoi rialacha idirthréimhseacha na reachtaíochta a raibh feidhm aici ón dáta sin.’:

2.

I gCuid II:

(a)

Cuirtear ‘AN GHEARMÁIN’, ‘AN SPÁINN’, ‘AN IODÁIL’‘LUCSAMBURG’, AN FHIONLAINN AGUS AN tSUALAINN in ionad ‘A. AN GHEARMÁIN’, ‘B. AN SPÁINN’, ‘C. AN IODÁIL’‘D. LUCSAMBURG’, ‘E. AN FHIONLAINN’ AGUS ‘F. AN tSUALAINN’ faoi seach;

(b)

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘AN IODÁIL’:

‘AN LAITVIA

Pinsean marthanóirí arna ríomh ar bhonn tréimhsí toimhdithe árachais (Airteagal 23(8) de Dhlí an 1 Eanáir 1996 maidir le Pinsin Stáit).

AN LIOTUÁIN

(a)

Pinsin árachais shóisialta stáit um éagumas chun oibre, arna n-íoc faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit.

(b)

Pinsin árachais shóisialta stáit do mharthanóirí agus do dhílleachtaí, arna ríomh ar bhonn pinsin um éagumas chun oibre an éagaigh faoin Dlí maidir le Pinsin Árachais Shóisialta Stáit.’;

(c)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála faoin gceannteideal ‘LUCSAMBURG’:

‘AN tSLÓVAIC

(a)

Pinsean easláine na Slóvaice agus an pinsean marthanóra a thig uaidh;

(b)

Pinsean easláine do dhuine a tháinig chun bheith ina easlán nuair a bhí sé ina leanbh cleithiúnach agus a mheastar i gcónaí a bheith tar éis an tréimhse árachais a cheanglaítear a chomhlíonadh (Airteagal 70(2), Airteagal 72(3) agus Airteagal 73(3) agus (4) de Ghníomh Uimh. 461/2003 maidir le hárachas sóisialta, arna leasú).’;

3.

I gCuid III:

I gCuid III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Coinbhinsiún Nordach an 15 Meitheamh 1992 maidir le slándáil shóisialta’: ‘Coinbhinsiún Nordach an 18 Lúnasa 2003 maidir le slándáil shóisialta.’

I.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn X:

‘IARSCRÍBHINN X

SOCHAIR AIRGID SPEISIALTA NEAMHRANNÍOCACHA (Airteagal 70(2)(c))

AN BHEILG

(a)

Liúntas athsholáthair ioncaim (Dlí an 27 Feabhra 1987);

(b)

Ioncam ráthaithe do dhaoine scothaosta (Dlí an 22 Márta 2001).

AN BHULGÁIR

Pinsean sóisialta seanaoise (Airteagal 89 den Chód Árachais Shóisialta).

POBLACHT NA SEICE

Liúntas sóisialta (Gníomh um Thacaíocht Shóisialta Stáit Uimh. 117/1995 Sb.).

AN DANMHAIRG

Caiteachais chóiríochta do phinsinéirí (an Dlí maidir le cúnamh cóiríochta do dhaoine aonair, arna chomhdhlúthú le Dlí Uimh. 204 an 29 Márta 1995).

AN GHEARMÁIN

(a)

Bunioncam cothaithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine a bhfuil cumas laghdaithe tuillimh acu faoi Chaibidil 4 de Leabhar XII den Chód Sóisialta;

(b)

Sochair chun costais chothaithe a chlúdach faoin mbunfhoráil do lucht cuardaigh fostaíochta mura rud é, maidir leis na sochair seo, go gcomhlíonfar na ceanglais a bhaineann le cáilíocht le haghaidh forlíonadh sealadach tar éis sochar dífhostaíochta a fháil (Airteagal 24(1) de Leabhar II den Chód Sóisialta).

AN EASTÓIN

(a)

Liúntas aosaigh mhíchumasaithe (Gníomh um Shochair Shóisialta do Dhaoine Míchumasaithe an 27 Eanáir 1999);

(b)

Liúntas dífhostaíochta stáit (Gníomh an 29 Meán Fómhair 2005 um Sheirbhísí agus um Thacaíocht Mhargadh an tSaothair).

ÉIRE

(a)

Liúntas Lucht Cuardaigh Fostaíochta (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 2);

(b)

Pinsean stáit (neamhranníocach) (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 4);

(c)

Pinsean (neamhranníocach) baintrí agus pinsean (neamhranníocach) baintrí fir (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 6);

(d)

Liúntas míchumais (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 10);

(e)

Liúntas soghluaiseachta (an tAcht Sláinte 1970, Alt 61);

(f)

Pinsean dall (an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, Cuid 3, Caibidil 5).

AN GHRÉIG

Sochair speisialta do dhaoine scothaosta (Dlí 1296/82).

AN SPÁINN

(a)

Ráthaíocht ioncaim íosta (Dlí Uimh. 13/82 an 7 Aibreán 1982);

(b)

Sochair airgid chun cabhrú le daoine scothaosta agus le heasláin nach bhfuil ar a gcumas obair a dhéanamh (Foraithne Ríoga Uimh. 2620/81 an 24 Iúil 1981);

(c)

(i)

Pinsin neamhranníocacha easláine agus scoir dá bhforáiltear in Airteagal 38(1) de Théacs Comhdhlúite an Dlí Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta, arna fhormheas le Foraithne Reachtach Ríoga Uimh. 1/1994 an 20 Meitheamh 1994; agus

(ii)

na sochair lena bhforlíontar na pinsin thuas, mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Comunidades Autonómas, i gcás ina ráthaítear le forlíontaí den sórt sin ioncam cothaithe íosta ag féachaint don staid eacnamaíoch agus sóisialta sna Comunidades Autonómas lena mbaineann;

(d)

Liúntais chun soghluaiseacht a chur chun cinn agus costais iompair a chúiteamh (Dlí Uimh. 13/1982 an 7 Aibreán 1982).

AN FHRAINC

(a)

Liúntais fhorlíontacha:

(i)

ón gCiste Speisialta Easláine, agus

(ii)

ón gCiste Dlúthpháirtíochta Seanaoise i leith ceart a fuarthas

(Dlí an 30 Meitheamh 1956, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta);

(b)

Liúntas aosach míchumasaithe (Dlí an 30 Meitheamh 1975, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta);

(c)

Liúntas speisialta (Dlí an 10 Iúil 1952, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta) i leith ceart a fuarthas;

(d)

Liúntas dlúthpháirtíochta seanaoise (ordanás an 24 Meitheamh 2004, arna chódú i Leabhar VIII den Chód Slándála Sóisialta) amhail ón 1 Eanáir 2006.

AN IODÁIL

(a)

Pinsin shóisialta do dhaoine gan acmhainn (Dlí Uimh. 153 an 30 Aibreán 1969);

(b)

Pinsin agus liúntais do shibhialtaigh mhíchumasaithe nó d’easláin (Dlí Uimh. 118 an 30 Márta 1971, Dlí Uimh. 18 an 11 Feabhra 1980 agus Dlí Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

(c)

Pinsin agus liúntais do bhodhair agus do bhalbháin (Dlí Uimh. 381 an 26 Bealtaine 1970 agus Dlí Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

(d)

Pinsin agus liúntais do dhaill shibhialtacha (Dlí Uimh. 382 an 27 Bealtaine 1970 agus Dlí Uimh. 508 an 23 Samhain 1988);

(e)

Sochair lena bhforlíontar na pinsin íosta (Dlí Uimh. 218 an 4 Aibreán 1952, Dlí Uimh. 638 an 11 Samhain 1983 agus Dlí Uimh. 407 an 29 Nollaig 1990);

(f)

Sochair lena bhforlíontar liúntais míchumais (Dlí Uimh. 222 an 12 Meitheamh 1984);

(g)

Liúntas sóisialta (Dlí Uimh. 335 an 8 Lúnasa 1995);

(h)

Méadú sóisialta (Airteagal 1(1) agus (12) de Dhlí Uimh. 544 an 29 Nollaig 1988 agus leasuithe ina dhiaidh sin).

AN CHIPIR

(a)

Pinsean Sóisialta (Dlí Pinsin Shóisialta 1995 (Dlí 25(I)/95), arna leasú);

(b)

Liúntas um míchumas trom luaile (Cinneadh Uimh. 38210 ó Chomhairle na nAirí an 16 Deireadh Fómhair 1992, Cinneadh Uimh. 41370 ó Chomhairle na nAirí an 1 Lúnasa 1994, Cinneadh Uimh. 46183 an 11 Meitheamh 1997 agus Cinneadh Uimh. 53675 ó Chomhairle na nAirí an 16 Bealtaine 2001);

(c)

Deontas speisialta do dhaill (Dlí Deontas Speisialta 1996 (Dlí 77(I)/96), arna leasú).

AN LAITVIA

(a)

Sochar Slándála Sóisialta Stáit (Dlí maidir le Sochair Shóisialta an 1 Eanáir 2003);

(b)

Liúntas chun caiteachais iompair do dhaoine míchumasaithe atá faoi mhíchumas luaineachta a chúiteamh (Dlí maidir le Sochair Shóisialta Stáit an 1 Eanáir 2003).

AN LIOTUÁIN

(a)

Pinsean cúnaimh shóisialta (Dlí 2005 maidir le Sochair Cúnaimh Shóisialta Stáit, Airteagal 5);

(b)

Cúiteamh faoisimh (Dlí 2005 maidir le Sochair Cúnaimh Shóisialta Stáit, Airteagal 15);

(c)

Cúiteamh iompair do dhaoine míchumasaithe a bhfuil fadhbanna luaineachta acu (Dlí 2000 maidir le Cúiteamh Iompair, Airteagal 7).

LUCSAMBURG

Ioncam do dhaoine atá faoi mhíchumas trom (Airteagal 1(2), Dlí an 12 Meán Fómhair 2003), cé is moite de dhaoine a dtugtar aitheantas dóibh mar oibrithe míchumasaithe atá fostaithe i margadh príomhshrutha an tsaothair nó i dtimpeallacht dhídeanach.

AN UNGÁIR

(a)

Blianacht easláine (Foraithne Uimh. 83/1987 (XII 27) ó Chomhairle na nAirí maidir le Blianacht Easláine);

(b)

Liúntas seanaoise neamhranníocach (Gníomh III 1993 maidir le Seirbhísí Sóisialta agus Sochair Shóisialta);

(c)

Liúntas Iompair (Foraithne Rialtais Uimh. 164/1995 (XII 27) maidir le Liúntais Iompair do Dhaoine a bhfuil Éislinn Throm Choirp orthu).

MÁLTA

(a)

Liúntas forlíontach (Roinn 73 den Gníomh Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987);

(b)

Pinsean aoise (Gníomh Slándála Sóisialta (Cap. 318) 1987).

AN ÍSILTÍR

(a)

Gníomh an 24 Aibreán 1997 um Chúnamh Míthreorach do Dhaoine Óga Éislinneacha, (Wajong);

(b)

Gníomh an 6 Samhain 1986 um Shochair Fhorlíontacha (TW).

AN OSTAIR

Forlíonadh cúiteach (Gníomh Cónaidhme an 9 Meán Fómhair 1955 maidir le hÁrachas Sóisialta Ginearálta – ASGV, Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta do dhaoine atá ag gabháil do thrádáil agus do thráchtáil - SVG agus Gníomh Cónaidhme an 11 Deireadh Fómhair 1978 maidir le hÁrachas sóisialta d’fheirmeoirí – BSVG).

AN PHOLAINN

Pinsean sóisialta (Gníomh an 27 Meitheamh 2003 maidir le pinsin shóisialta).

AN PHORTAINGÉIL

(a)

Pinsean seanaoise agus easláine neamhranníocach Stáit (Dlí Foraithne Uimh. 464/80 an 13 Deireadh Fómhair 1980);

(b)

Pinsean neamhranníocach baintrí (Foraithne Rialála Uimh. 52/81 an 11 Samhain 1981);

(c)

Forlíonadh dlúthpháirtíochta do dhaoine scothaosta (Dlí Foraithne Uimh. 232/2005 an 29 Nollaig 2005, arna leasú le Dlí Foraithne Uimh. 236/2006 an 11 Nollaig 2006).

AN tSLÓIVÉIN

(a)

Pinsean stáit (Gníomh Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999);

(b)

Tacaíocht ioncaim do phinsinéirí (Gníomh Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999);

(c)

Liúntas cothabhála (Gníomh Pinsin agus Árachais Mhíchumais an 23 Nollaig 1999).

AN tSLÓVAIC

(a)

Coigeartú a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004 ar phinsin arb iad an t-aon fhoinse ioncaim iad;

(b)

Pinsean sóisialta a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2004.

AN FHIONLAINN

(a)

Liúntas tithíochta do phinsinéirí (Gníomh 571/2007 a bhaineann leis an Liúntas Tithíochta do phinsinéirí, 571/2007);

(b)

Tacaíocht mhargadh an tsaothair (Gníomh 1290/2002 maidir le Sochair Dífhostaíochta 1290/2002);

(c)

Cúnamh speisialta d’inimircigh (Gníomh 1192/2002 maidir le Cúnamh Speisialta d’Inimircigh, 1192/2002).

AN tSUALAINN

(a)

Forlíontaí tithíochta do dhaoine a fhaigheann pinsean (Dlí 2001: 761);

(b)

Tacaíocht airgeadais do dhaoine scothaosta (Dlí 2001: 853).

AN RÍOCHT AONTAITHE

(a)

Creidiúint Phinsin Stáit (An Gníomh um Chreidiúint Phinsin Stáit 2002 agus an Gníomh um Chreidiúint Phinsin Stáit (Tuaisceart Éireann) 2002);

(b)

Liúntais ioncam-bhunaithe do chuardaitheoirí post (An Gníomh um Chuardaitheoirí Post 1995 agus an tOrdú um Chuardaitheoirí Post (Tuaisceart Éireann) 1995);

(c)

Tacaíocht ioncaim (Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992);

(d)

An chomhpháirt soghluaiseachta den Liúntas Maireachtála faoi Mhíchumas (Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992 agus Gníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta (Tuaisceart Éireann) 1992).’

J.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XI:

‘IARSCRÍBHINN XI

FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM REACHTAÍOCHT NA mBALLSTÁT

(Airteagal 51(3), Airteagal 56(1) agus Airteagal 83)

AN BHULGÁIR

Beidh feidhm ag Airteagal 33(1) de Ghníomh Árachais Sláinte na Bulgáire maidir le gach duine arb í an Bhulgáir an Ballstát atá inniúil ina leith faoi Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán seo.;

POBLACHT NA SEICE

Chun sainmhíniú a dhéanamh ar dhaoine den teaghlach de réir Airteagal 1(i), folaíonn “céile” freisin páirtnéirí cláraithe mar a shainmhínítear iad i nGníomh Seiceach Uimh. 115/2006 Coll., maidir le páirtnéireacht chláraithe.;

AN DANMHAIRG

(a)

Chun an pinsean a ríomh faoin “lov om social pension” (an Gníomh Pinsin Shóisialta), measfar gur tréimhsí cónaithe a chuir an céile marthanach isteach sa Danmhairg iad tréimhsí gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe a rinne oibrí imeallchríche nó oibrí a chuaigh go dtí an Danmhairg chun obair de chineál séasúrach a dhéanamh a chur isteach faoi reachtaíocht na Danmhairge, sa mhéid go raibh nasc an phósta i rith na dtréimhsí sin idir an céile marthanach agus an oibrí thuasluaite, gan idirscaradh dlíthiúil, agus gan idirscaradh de facto ar fhorais neamh-chomhoiriúnachta, agus ar choinníoll go raibh cónaí ar an gcéile, i rith na dtréimhsí sin, i gcríoch Ballstáit eile. Chun críocha an phointe seo, ciallaíonn “obair de chineál séasúrach” obair a atarlaíonn go huathoibríoch gach bliain toisc go bhfuil sí ag brath ar theacht agus ar imeacht na séasúr.

(b)

Chun an pinsean a ríomh faoin “lov om social pension” (an Gníomh Pinsin Shóisialta), measfar gur tréimhsí cónaithe arna gcur isteach ag céile marthanach sa Danmhairg a bheidh i dtréimhsí gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na Danmhairge roimh an 1 Eanáir 1984 ag duine nach bhfuil feidhm ag pointe 1(a) maidir leis nó léi, a mhéid a bhí nasc an phósta i rith na dtréimhsí sin, idir an céile marthanach agus an duine sin, gan idirscaradh dlíthiúil ná idirscaradh de facto ar fhorais neamhchomhoiriúnachta, agus ar choinníoll go raibh cónaí ar an gcéile, i rith na dtréimhsí sin, i gcríoch Ballstáit eile.

(c)

Tréimhsí a bheidh le cur san áireamh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b), ní chuirfear san áireamh iad má tá siad comhthráthach leis na tréimhsí a cuireadh san áireamh leis an bpinsean a ríomh a bhí dlite don duine lena mbaineann faoi reachtaíocht árachais éigeantaigh Ballstáit eile nó má tá siad comhthráthach leis na tréimhsí a bhfuair an duine lena mbaineann pinsean faoin reachtaíocht sin lena linn. Déanfar na tréimhsí sin a chur san áireamh, áfach, más lú méid bliantúil an phinsin ná leath bhunmhéid an phinsin shóisialta.

(a)

D’ainneoin fhorálacha Airteagal 6 den Rialachán seo, daoine nach raibh i bhfostaíocht shochrach i mBallstát amháin nó níos mó, níl siad i dteideal pinsean sóisialta de chuid na Danmhairge a fháil ach amháin má bhí siad ina gcónaí go buan sa Danmhairg ar feadh trí bliana ar a laghad, faoi réir na dteorainneacha aoise a fhorchuirtear le reachtaíocht na Danmhairge. Faoi réir Airteagal 4 den Rialachán seo, níl feidhm ag Airteagal 7 maidir le pinsean sóisialta de chuid na Danmhairge dá bhfuil teidlíocht faighte ag na daoine sin.

(b)

Níl feidhm ag na forálacha thuasluaite maidir le teidlíocht chun pinsean sóisialta de chuid na Danmhairge a fháil i gcás daoine de theaghlach daoine atá nó a bhí fostaithe go sochrach sa Danmhairg, nó i gcás mac léinn nó i gcás daoine dá dteaghlaigh.

3.   An sochar sealadach do dhaoine ar tugadh cead isteach dóibh sa scéim ledighedsydelse (scéim na “bpost solúbtha” (Dlí Uimh. 455 an 10 Meitheamh 1997), cumhdaítear é le Teideal III, Caibidil 6 den Rialachán seo. Maidir le daoine dífhostaithe a théann chuig Ballstát eile, beidh feidhm ag Airteagal 64 agus ag Airteagal 65 nuair a bheidh scéimeanna fostaíochta den tsamhail chéanna ag an mBallstát sin don chatagóir chéanna daoine.

4.   I gcás ina mbeidh duine a thairbhíonn de phinsean sóisialta de chuid na Danmhairge i dteideal pinsin mharthanóra freisin ó Bhallstát eile, measfar chun reachtaíocht na Danmhairge a chur chun feidhme gur sochair den chineál céanna iad na pinsin sin de réir bhrí Airteagal 53(1) den Rialachán seo, faoi réir an choinníll, áfach, go raibh ceart chun pinsin shóisialta de chuid na Danmhairge faighte freisin ag an duine arb iad a thréimhsí árachais nó cónaithe a fheidhmíonn mar bhonn do ríomh an phinsin mharthanóra.

AN GHEARMÁIN

1.   Gan dochar d’Airteagal 5(a) den Rialachán seo agus d’Airteagal 5(4), pointe 1 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), féadfaidh duine a fhaigheann lánphinsean seanaoise faoi reachtaíocht Ballstáit eile a iarraidh go ndéanfaí é nó í a árachú go héigeantach faoi scéim árachais pinsin na Gearmáine.

2.   D’ainneoin Airteagal 5(a) den Rialachán seo agus Airteagal 7(1) agus (3) den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta), féadfaidh duine atá árachaithe go héigeantach i mBallstát eile nó a fhaigheann pinsean seanaoise faoi reachtaíocht Ballstáit eile dul isteach sa scéim árachais shaorálaigh sa Ghearmáin.

3.   Chun sochair airgid thirim a dheonú faoi §47(1) de SGB V, §47(1) de SGB VII agus §200(2) den Reichsversicherungsordnung do dhaoine árachaithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, i scéimeanna árachais na Gearmáine, ríomhtar an glanphá, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar shochair, amhail is dá mbeadh an duine árachaithe ina chónaí sa Ghearmáin, mura n-iarrfaidh an duine árachaithe measúnú ar bhonn an ghlanphá iarbhír a fhaigheann sé.

4.   Náisiúnaigh de chuid Ballstát eile ar lasmuigh den Ghearmáin a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe agus a chomhlíonann coinníollacha ginearálta scéim árachais pinsin na Gearmáine, ní fhéadfaidh siad ranníocaíochtaí saorálacha a íoc ach má bhí siad árachaithe go saorálach nó go héigeantach i scéim árachais pinsin na Gearmáine tráth éigin roimhe sin; beidh feidhm aige seo freisin maidir le daoine gan stát agus maidir le dídeanaithe ar i mBallstát eile atá a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe

5.   Is faoi threoir thréimhsí na Gearmáine amháin a chinnfear an pauschale Anrechnungszeit (tréimhse shocraithe creidiúna) de bhun Airteagal 253 den Sozialgesetzbuch VI (Imleabhar VI den Chód Sóisialta).

6.   I gcásanna ina mbeidh reachtaíocht pinsin na Gearmáine, a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 1991, infheidhme chun pinsin a atháireamh, ní bheidh feidhm ach amháin ag reachtaíocht na Gearmáine chun tréimhsí ionadacha Gearmánacha (Ersatzzeiten) a chreidiúnú.

7.   Reachtaíocht na Gearmáine maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde a bhfuil cúiteamh le déanamh orthu faoin dlí lena rialaítear pinsin eachtracha agus reachtaíocht na Gearmáine maidir le sochair le haghaidh tréimhsí árachais a bhféadfar creidiúnú a dhéanamh orthu faoin dlí lena rialaítear pinsin eachtracha sna críocha a ainmnítear i mír 1(2)(3) den Ghníomh um ghnóthaí daoine díláithrithe agus dídeanaithe (Bundesvertriebenengesetz), leanfaidh sí d’fheidhm a bheith aici faoi raon feidhme an Rialacháin seo, d’ainneoin fhorálacha mhír 2 den Ghníomh um pinsin eachtracha (Fremdrentengesetz).

8.   Chun an méid teoiriciúil dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo a ríomh, i scéimeanna pinsean do ghairmeacha liobrálacha, tógfaidh an institiúid inniúil mar bhonn, i ndáil le gach bliain de na blianta árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile, an mheánteidlíocht bhliantúil phinsin a fuarthas i rith thréimhse ballraíochta na hinstitiúide inniúla trí ranníocaíochtaí a íoc.

AN EASTÓIN

Chun na sochair do thuismitheoirí a ríomh, measfar maidir le tréimhsí fostaíochta i mBallstáit seachas an Eastóin, go mbeidh siad bunaithe ar an meánmhéid céanna Cánach Sóisialta a íocadh i rith na dtréimhsí fostaíochta sin san Eastóin a gcomhshuimítear leo iad. Más rud é, i rith na bliana tagartha, nach raibh an duine fostaithe ach i mBallstáit eile, measfar go mbeidh ríomh an tsochair bunaithe ar mheán na Cánach Sóisialta a íocadh san Eastóin idir an bhliain tagartha agus an tsaoire mháithreachais.

ÉIRE

1.   D’ainneoin Airteagal 21(2) agus Airteagal 62 den Rialachán seo, chun tuilleamh seachtainiúil ináirithe forordaithe an duine árachaithe a ríomh chun sochar breoiteachta nó sochar dífhostaíochta a dheonú faoi reachtaíocht na hÉireann, creidiúnófar méid is ionann agus meánphá seachtaine daoine fostaithe sa bhliain fhorordaithe ábhartha don duine árachaithe sin i leith gach seachtaine gníomhaíochta mar dhuine fostaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile i rith na bliana forordaithe sin.

2.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46 den Rialachán seo, má fhulaingíonn duine éagumas chun oibre as a leanann an easláine, agus é faoi réir reachtaíochta Ballstáit eile, cuirfidh Éire san áireamh, chun críocha Alt 118(1)(a) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, aon tréimhsí a mbreathnófaí ar an duine sin, i ndáil leis an easláine a lean an t-éagumas chun oibre, mar dhuine a bheadh éagumasach chun oibre faoi reachtaíocht na hÉireann.

AN GHRÉIG

1.   Tá feidhm ag Dlí Uimh. 1469/84 maidir le cleamhnú saorálach leis an scéim árachais pinsin do náisiúnaigh de chuid na Gréige agus do náisiúnaigh eachtracha de bhunadh na Gréige, maidir le náisiúnaigh Ballstát eile, daoine gan stát agus dídeanaithe, i gcás ina raibh na daoine lena mbaineann, tráth éigin san am a caitheadh, árachaithe go héigeantach nó go saorálach le scéim árachais pinsin na Gréige, gan spleáchas dá n-áit chónaithe nó fanachta.

2.   D’ainneoin Airteagal 5(a) den Rialachán seo agus Airteagal 34 de Dhlí 1140/1981, féadfaidh duine a fhaigheann pinsean i ndáil le tionóiscí ag an obair nó galair cheirde faoi reachtaíocht Ballstáit eile a iarraidh go ndéanfaí é nó í a árachú go héigeantach faoin reachtaíocht a chuireann OGA i bhfeidhm, a mhéid atá sé nó sí ag gabháil do ghníomhaíocht a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta sin.

AN SPÁINN

1.   Chun Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo a chur chun feidhme, ní dhéanfar na blianta atá in easnamh ar an oibrí le haghaidh aois an phinsin a bhaint amach nó aois scoir éigeantaigh mar atá leagtha síos faoi Airteagal 31(4) den leagan comhdhlúite den Ley de Clases Pasivas del Estado (An Dlí maidir le Pinsinéirí Stáit) a chur san áireamh mar bhlianta seirbhíse iarbhír ach amháin más rud é go raibh an tairbhí, an tráth ar tharla an teagmhas a bhfuil pinsin éagumais nó pinsin bháis dlite ina leith, cumhdaithe le scéim speisialta na Spáinne do státseirbhísigh nó go raibh gníomhaíocht á feidhmiú aige lena gceanglófaí go mbeadh an duine lena mbaineann áirithe faoi scéim speisialta an Stáit do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha nó don bhreithiúnacht, dá mba rud é gur sa Spáinn a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht.

(a)

Faoi Airteagal 56(1)(c) den Rialachán seo, déanfar ríomh shochar teoriciúil na Spáinne ar bhonn ranníocaíochtaí iarbhír an duine i rith na mblianta díreach roimh íoc na ranníocaíochta deireanaí le slándáil shóisialta na Spáinne. Más rud é, le linn an bunmhéid don phinsean a ríomh, nach mór tréimhsí árachais agus/nó cónaithe faoi reachtaíocht Ballstát eile a chur san áireamh, is é an bonn do ranníocaíochtaí sa Spáinn is gaire ó thaobh ama de do na tréimhsí tagartha a úsáidfear do na tréimhsí sin, agus forbairt an innéacs praghsanna do thomhaltóirí á cur san áireamh.

(b)

Méadófar méid an phinsin a fuarthas de réir méid na méaduithe agus na n-athluachálacha a ríomhfar do gach bliain ina dhiaidh sin do phinsin den chineál céanna.

3.   Tréimhsí a cuireadh isteach i mBallstáit eile a chaithfear a ríomh sa scéim speisialta do státseirbhísigh, do na fórsaí armtha agus don riarachán breithiúnach, déileálfar leo, chun críocha Airteagal 56 den Rialachán seo, ar an gcaoi chéanna a dhéileálfar leis na tréimhsí is gaire ó thaobh ama de a raibh cumhdach ann mar státseirbhíseach sa Spáinn.

4.   Na méideanna breise bunaithe ar aois dá dtagraítear sa Dara Foráil Idirthréimhseach den Dlí Ghinearálta maidir le Slándáil Shóisialta, beidh siad infheidhme maidir le tairbhithe uile an Rialacháin a raibh ranníocaíochtaí faoina n-ainmneacha acu faoi reachtaíocht na Spáinne roimh an 1 Eanáir 1967; ní fhéadfar, trí Airteagal 5 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, déileáil le tréimhsí árachais a creidiúnaíodh i mBallstát eile roimh an dáta réamhluaite amhail agus dá mba ionann iad agus ranníocaíochtaí a íocadh sa Spáinn, chun na gcríoch seo agus chun na gcríoch seo amháin. Is é an dáta a fhreagróidh don 1 Eanáir 1967 ná an 1 Lúnasa 1970 le haghaidh na Scéime Speisialta do Mharaithe agus an 1 Aibreán 1969 le haghaidh na Scéime Slándála Sóisialta Speisialta do Ghualmhianadóireacht.

AN FHRAINC

1.   Náisiúnaigh de chuid Ballstát eile ar lasmuigh den Fhrainc a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe agus a chomhlíonann coinníollacha ginearálta scéim árachais pinsin na Fraince, ní fhéadfaidh siad ranníocaíochtaí saorálacha a íoc léi ach amháin má bhí siad árachaithe go saorálach nó go héigeantach i scéim árachais pinsin na Fraince tráth éigin roimhe sin; beidh feidhm aige seo freisin maidir le daoine gan stát agus maidir le dídeanaithe arb i mBallstát eile atá a n-áit chónaithe nó a ngnátháit chónaithe.

2.   I gcás daoine a bhfuil sochair chomhchineáil á bhfáil acu sa Fhrainc de bhun Airteagal 17, Airteagal 24 nó Airteagal 26 den Rialachán seo agus a bhfuil cónaí orthu i ranna Haut-Rhin, Bas-Rhin nó Moselle na Fraince, áirítear le sochair chomhchineáil atá á soláthar thar ceann na hinstitiúide de chuid Ballstáit eile a bhfuil freagracht air as a gcostas a iompar sochair a sholáthraítear tríd an scéim ghinearálta árachais breoiteachta agus tríd an scéim fhorlíontach áitiúil árachais sláinte de chuid Alsace-Moselle.

3.   Le reachtaíocht na Fraince atá infheidhme maidir le duine atá ag gabháil nó a bhí ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe chun Caibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, áirítear an bhunscéim nó na bunscéimeanna árachais seanaoise agus an scéim fhorlíontach scoir nó na scéimeanna forlíontacha scoir a raibh an duine lena mbaineann faoina réir.

AN CHIPIR

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 51 agus Airteagal 61 den Rialachán seo, maidir le haon tréimhse dar tús an 6 Deireadh Fómhair 1980 nó dá éis, cinnfear seachtain árachais faoi reachtaíocht Phoblacht na Cipire tríd an tuilleamh iomlán inárachaithe don tréimhse ábhartha a roinnt ar mhéid seachtainiúil an bhuntuillimh inárachaithe atá infheidhme sa bhliain ábhartha ranníocaíochta, ar choinníoll nach rachaidh líon na seachtainí a chinnfear amhlaidh thar líon na seachtainí féilire sa tréimhse ábhartha.

MÁLTA

Forálacha speisialta do státseirbhísigh

(a)

Chun críocha Airteagal 49 agus Airteagal 60 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus chun na gcríoch sin amháin, déileálfar mar státseirbhísigh le daoine arna bhfostú faoi Ghníomh Fhórsaí Armtha Mhálta (Caibidil 220 de Dhlíthe Mhálta), faoi Ghníomh na bPóilíní (Caibidil 164 de Dhlíthe Mhálta) agus faoi Ghníomh na bPríosún (Caibidil 260 de Dhlíthe Mhálta).

(b)

Pinsin is iníoctha faoi na Gníomhartha thuasluaite agus faoi Reacht na bPinsean (Caibidil 93 de Dhlíthe Mhálta), measfar, chun críocha Airteagal 1(e) den Rialachán, agus chun na gcríoch sin amháin, gur “scéimeanna speisialta do státseirbhísigh iad”.

AN ÍSILTÍR

1.   Árachas cúraim sláinte

(a)

Maidir le teidlíocht i gcomhair sochar comhchineáil faoi reachtaíocht na hÍsiltíre, ciallóidh daoine atá i dteideal sochar comhchineáil chun críche chur i bhfeidhm Chaibidil 1 agus Chaibidil 2 de Theideal III den Rialachán seo:

(i)

daoine a bhfuil sé d’oibleagáid orthu, faoi Aireagal 2 den Zorgverzekeringswet (An Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte), árachas a bhaint amach faoi árachóir cúraim sláinte, agus

(ii)

a mhéid nach bhfuil siad san áireamh cheana faoi phointe (i), daoine de theaghlach pearsanra mhíleata ghníomhaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile agus daoine atá ina gcónaí i mBallstát eile agus atá i dteideal faoin Rialachán seo cúram sláinte a fháil ina stát cónaithe agus na costais á seasamh ag an Ísiltír.

(b)

I gcomhréir le forálacha an Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte), ní mór do na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(i) árachas a bhaint amach le hárachóir cúraim sláinte agus ní mór do na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii) clárú leis an College voor zorgverzekeringen (An Bord um Árachas Cúraim Sláinte).

(c)

Beidh feidhm ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte) agus ag forálacha an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (an Gníomh Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta) i ndáil le dliteanas i leith ranníocaíochtaí a íoc maidir leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus maidir le daoine dá dteaghlaigh. Maidir le daoine de theaghlach, déanfar na ranníocaíochtaí a thobhach ar an duine óna dtagann an ceart chun cúraim sláinte, seachas daoine de theaghlaigh pearsanra mhíleata atá ina gcónaí i mBallstát eile, ar daoine iad a dhéanfar a thobhach go díreach.

(d)

Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha an Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte), maidir le hárachas deireanach i gcás clárú deireanach leis an College voor zorgverzekeringen (An Bord um Árachas Cúraim Sláinte) i ndáil leis na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii).

(e)

Daoine atá i dteideal sochar de bhun reachtaíochta Ballstáit seachas an Ísiltír agus a bhfuil cónaí orthu san Ísiltír nó a fhanann go sealadach san Ísiltír, beidh siad i dteideal sochar comhchineáil i gcomhréir leis an mbeartas a thairgeann institiúid na háite cónaithe nó na háite fanachta san Ísiltír do dhaoine árachaithe, agus Airteagal 11(1), (2) agus (3) agus Airteagal 19(1) den Zorgverzekeringswet (an Gníomh um Árachas Cúraim Sláinte) á gcur san áireamh chomh maith leis na sochair chomhchineáil a sholáthraítear leis an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (An Gníomh Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta).

(f)

Chun críocha Airteagal 23 go hAirteagal 30 den Rialachán seo, déileálfar leis na sochair seo a leanas (i dteannta na bpinsean a chumhdaítear le Teideal III, Caibidil 4 agus Caibidil 5 den Rialachán seo) mar phinsin atá dlite faoi reachtaíocht na hÍsiltíre:

pinsin arna ndámhachtain faoi Dhlí an 6 Eanáir 1966 maidir le pinsin do státseirbhísigh agus dá marthanóirí (Algemene burgerlijke pensioenwet) (Gníomh um Pinsin na Státseirbhíse san Ísiltír),

pinsin arna ndámhachtain faoi Dhlí an 6 Deireadh Fómhair 1966 maidir le pinsin do phearsanra míleata agus dá marthanóirí (Algemene burgerlijke pensioenwet) (Gníomh na bPinsean Míleata),

sochair le haghaidh éagumais chun oibre arna ndámhachtain faoi Dhlí an 7 Meitheamh 1972 maidir le sochair le haghaidh éagumais chun oibre do phearsanra míleata (Wetarbeidsongeschiktheidsvoorziening militairen) (An Gníomh um Éagumas Pearsanra Mhíleata Chun Oibre),

pinsin arna ndámhachtain faoi Dhlí an 15 Feabhra 1967 maidir le pinsin d’fhostaithe an NV Nederlandse Spoorwegen (Cuideachta Iarnróid na hÍsiltíre) agus dá marthanóirí (Spoorwegpensioenwet) (An Gníomh um Pinsin Iarnróid),

pinsin arna ndámhachtain faoin Reglement Dienstvoorwaarden Nederlandse Spoorwegen (Rialachán lena rialaítear coinníollacha fostaíochta Chuideachta Iarnróid na hÍsiltíre),

sochair arna ndámhachtain do dhaoine scortha sular shroich siad aois inphinsin 65 bliana faoi phinsean atá ceaptha chun ioncam a sholáthar do dhaoine iarfhostaithe agus le linn thréimhse a seanaoise, nó sochar arna soláthar i gcás imeacht anabaí ó mhargadh an tsaothair faoi scéim arna bhunú ag an stát nó le comhaontú tionsclaíoch do dhaoine atá 55 bliana d’aois nó os a chionn,

sochair arna ndámhachtain do phearsanra míleata agus do státseirbhísigh faoi scéim atá infheidhme i gcás iomarcaíochta, aoisliúntais agus luathscoir.

(g)

Chun críocha Chaibidil 1 agus Chaibidil 2 de Theideal III den Rialachán seo, measfar gur sochar breoiteachta airgid thirim é an t-aisíoc cheal éilimh dá bhforáiltear san Ísiltír i gcás go mbaintear úsáid theoranta as áiseanna cúraim sláinte.

2.   Cur i bhfeidhm an Algemene Ouderdomswet (AOW) (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le hárachas ginearálta seanaoise)

(a)

Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den Algemene Ouderdomswet (AOW) (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le hárachas ginearálta seanaoise) a chur i bhfeidhm do mhíonna féilire roimh an 1 Eanáir 1957, i gcás faighteora nach gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann leis na blianta sin a áireamh mar thréimhsí árachais, más rud é, le linn na mblianta sin:

go raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír idir aois a 15 agus aois a 65, nó

gur oibrigh sé nó sí, agus é nó í ina chónaí/cónaí i mBallstát eile, san Ísiltír d’fhostóir atá bunaithe san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí i mBallstát eile i rith tréimhsí a mheastar a bheith ina dtréimhsí árachais faoi chóras slándála sóisialta na hÍsiltíre.

De mhaolú ar Airteagal 7 den AOW, aon duine nach raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír de réir na gcoinníollacha thuas ach roimh an 1 Eanáir 1957, measfar é nó í a bheith i dteideal pinsin freisin.

(b)

Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den AOW a chur i bhfeidhm do bhlianta féilire roimh an 2 Lúnasa 1989 i gcás duine atá pósta nó a bhí pósta ach nach raibh árachaithe faoin reachtaíocht thuasluaite sna blianta sin, idir aois a 15 nó aois a 65, nuair a bhí cónaí air nó uirthi i gcríoch Ballstáit seachas an Ísiltír, má tá na blianta féilire sin comhthráthach le tréimhsí a chuir céile an duine sin isteach faoin reachtaíocht sin nó le blianta féilire atá le cur san áireamh faoi phointe 2(a), ar choinníoll go raibh pósadh na lánúna ar marthain i rith an ama sin.

De mhaolú ar Airteagal 7 den AOW, measfar duine den sórt sin a bheith i dteideal pinsin.

(c)

Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den AOW a chur i bhfeidhm do mhíonna féilire roimh an 1 Eanáir 1957, i gcás céile pinsinéara nach gcomhlíonann na coinníollacha a bhaineann leis na blianta sin a áireamh mar thréimhsí árachais, más rud é le linn na mblianta sin:

go raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír idir aois a 15 agus aois a 65, nó

gur oibrigh sé nó sí, agus é nó í ina chónaí/cónaí i mBallstát eile, san Ísiltír d’fhostóir atá bunaithe san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí i mBallstát eile i rith tréimhsí a mheastar a bheith ina dtréimhsí árachais faoi chóras slándála sóisialta na hÍsiltíre.

(d)

Ní dhéanfar an laghdú dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den AOW a chur i bhfeidhm do bhlianta féilire roimh an 2 Lúnasa 1989 i gcás céile pinsinéara a raibh cónaí air nó uirthi i mBallstát eile seachas an Ísiltír agus nach raibh árachaithe faoin reachtaíocht thuasluaite sna blianta sin, idir aois a 15 nó aois a 65, má bhí na blianta féilire sin comhthráthach le tréimhsí a chuir an pinsinéir isteach faoin reachtaíocht sin nó le blianta féilire atá le cur san áireamh faoi phointe 2(a), ar choinníoll go raibh pósadh na lánúna ar marthain i rith an ama sin.

(e)

Ní bheidh feidhm ag pointí 2(a), 2(b), 2(c) ná 2(d) maidir le tréimhsí atá comhthráthach leis na tréimhsí seo a leanas:

tréimhsí a fhéadfar a chur san áireamh d’fhonn cearta pinsin a ríomh faoi reachtaíocht um árachas seanaoise de chuid Ballstáit eile seachas an Ísiltír, nó

tréimhsí ar ina leith a tharraing an duine lena mbaineann pinsin seanaoise faoin reachtaíocht sin.

Ní dhéanfar tréimhsí árachais shaorálaigh faoi chóras Ballstáit eile a chur san áireamh chun críocha na forála seo.

(f)

Ní bheidh feidhm ag pointí 2(a), 2(b), 2(c) agus 2(d) ach amháin má bhí cónaí ar an duine lena mbaineann i mBallstát amháin nó níos mó ar feadh sé bliana tar éis aois a 59 agus ní bheidh feidhm ag na pointí sin ach amháin ar feadh cibé tréimhse a raibh cónaí ar an duine sin i gceann de na Ballstáit sin.

(g)

De mhaolú ar Chaibidil IV den AOW, aon duine a raibh cónaí air nó uirthi i mBallstát eile seachas an Ísiltír agus a bhfuil a chéile nó a céile clúdaithe faoi árachas éigeantach faoin reachtaíocht sin, beidh sé nó sí údaraithe chun árachas saorálach a fháil faoin reachtaíocht sin i gcomhair tréimhsí a bhfuil árachas éigeantach ag an gcéile ina leith.

Ní scoirfidh an t-údarú sin i gcás ina bhfoirceanntar árachas éigeantach an chéile de bharr a bháis nó de bharr a báis agus i gcás nach bhfuil pinsean á fháil ag an marthanóir ach faoin Algemene nabestaandenwet (reachtaíocht na hÍsiltíre maidir leis an dlí ginearálta i leith cleithiúnaithe marthanacha).

Ar aon chuma, scoirfidh an t-údarú maidir le hárachas saorálach ar an dáta a slánóidh an duine 65 bliana d’aois.

Déanfar an ranníocaíocht a bheidh le híoc ar an árachas saorálach a shocrú i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochta d’árachas saorálach faoin ANW. Más rud é, áfach, go leanann an t-árachas saorálach as tréimhse árachais dá dtagraítear i bpointe 2(b), socrófar an ranníocaíocht i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d’árachas éigeantach faoin ANW, agus an t-ioncam atá le cur san áireamh á mheas mar ioncam a fuarthas san Ísiltír.

(h)

Ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i bpointe 2(g) d’aon duine atá árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile maidir le pinsin nó maidir le sochair mharthanóirí;

(i)

Ceanglófar ar aon duine ar mian leis nó léi árachas saorálach a bhaint amach faoi phointe 2(g) iarratas a dhéanamh air chuig an mBanc Árachais Shóisialta (Sociale Verzekeringsbank) tráth nach déanaí ná bliain tar éis an dáta a gcomhlíonfar na coinníollacha rannpháirtíochta.

3.   Cur i bhfeidhm an Algemene nabestaandenwet (ANW) (dlí ginearálta na hÍsiltíre maidir le hárachas do chleithiúnaithe marthanacha)

(a)

I gcás ina mbeidh an céile marthanach i dteideal pinsean marthanóra a fháil faoin Algemene nabestaandenwet (ANW) (An Gníomh Ginearálta um Ghaolta Marthanacha) de bhun Airteagal 51(3) den Rialachán seo, ríomhfar an pinsean sin i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den Rialachán seo.

D’fhonn na forálacha sin a chur i bhfeidhm, measfar gur tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na hÍsiltíre freisin iad tréimhsí árachais roimh an 1 Deireadh Fómhair 1959, más rud é, le linn na tréimhsí sin, tar éis aois a 15:

go raibh cónaí air nó uirthi san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí, agus é nó í ina chónaí/cónaí nó ina cónaí i mBallstát eile, san Ísiltír d’fhostóir a bhí bunaithe san Ísiltír, nó

gur oibrigh sé nó sí i mBallstát eile i rith tréimhsí a mheastar a bheith ina dtréimhsí árachais faoi chóras slándála sóisialta na hÍsiltíre.

(b)

Ní chuirfear san áireamh tréimhsí atá le cur san áireamh faoi phointe 3(a) agus atá comhthráthach le tréimhsí árachais éigeantaigh a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith pinsean marthanóra.

(c)

Chun críocha Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo, ní chuirfear san áireamh mar thréimhsí árachais ach tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na hÍsiltíre tar éis aois a 15.

(d)

De mhaolú ar Airteagal 63a(1) den ANW, aon duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát eile seachas an Ísiltír agus a bhfuil a chéile nó a céile clúdaithe faoi árachas éigeantach faoin ANW, beidh sé nó sí údaraithe chun árachas saorálach a fháil faoin reachtaíocht sin, ar choinníoll go mbeidh an t-árachas tosaithe cheana féin faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach ní bheidh feidhm aige seo ach amháin maidir le tréimhsí ar ina leith atá árachas éigeantach ag an gcéile.

Tiocfaidh deireadh leis an údarú sin an dáta a gcríochnóidh árachas éigeantach an chéile faoin ANW, mura rud é go bhfoirceanntar árachas éigeantach an chéile de bharr a bháis nó de bharr a báis agus i gcás nach mbeidh pinsean á fháil ag an marthanóir ach faoin ANW.

Ar aon chor, tiocfaidh deireadh leis an údarú maidir le hárachas saorálach an dáta a slánóidh an duine 65 bliana d’aois.

Déanfar an ranníocaíocht a bheidh le híoc ar an árachas saorálach a shocrú i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d’árachas saorálach faoin ANW. Más rud é, áfach, go leanann an t-árachas saorálach as tréimhse árachais dá dtagraítear i bpointe 2(b), socrófar an ranníocaíocht i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le cinneadh na ranníocaíochtaí d’árachas éigeantach faoin ANW, agus an t-ioncam atá le cur san áireamh á mheas mar ioncam a fuarthas san Ísiltír.

4.   Cur i bhfeidhm reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le héagumas chun oibre

(a)

I gcás ina mbeidh an duine lena mbaineann i dteideal sochair éagumais de chuid na hÍsiltíre, de bhun Airteagal 51(3) den Rialachán seo, an méid dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo chun an sochar sin a ríomh, cinnfear é:

(i)

más rud é, sular tharla an t-éagumas chun oibre, gur chleacht an duine gníomhaíocht mar dhuine fostaithe den uair dheireanach de réir bhrí Airteagal 1(a) den Rialachán seo:

i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Wet op arbeidsongeschiktheidsverzekering (WAO) (An Gníomh um Éagumas chun Oibre) má tharla an t-éagumas roimh an 1 Eanáir 2004, nó

i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Wet Werk en inkomen naar arbeidsvermogen (WIA) (an Gníomh Oibre agus Ioncaim de réir Cumais Saothair) má tharla an t-éagumas an 1 Eanáir 2004 nó dá éis.

(ii)

más rud é, sular tharla an t-éagumas chun oibre, gur chleacht an duine gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe den uair dheireanach de réir bhrí Airteagal 1(b) den Rialachán seo, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Wet arbeidsongeschiktheidsverzekering zelfstandigen (WAZ) (an Gníomh um Dhaoine Féinfhostaithe agus Éagumas chun Oibre) má tharla an t-éagumas roimh an 1 Lúnasa 2004.

(b)

Agus sochair faoin WAO, nó WIA nó WAZ á ríomh acu, cuirfidh institiúidí na hÍsiltíre an méid seo a leanas san áireamh:

tréimhsí fostaíochta íoctha, agus tréimhsí a ndéileáiltear leo amhlaidh, ar tréimhsí iad a cuireadh isteach san Ísiltír roimh an 1 Iúil 1967,

tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WAO,

tréimhsí árachais a chuir an duine lena mbaineann isteach, tar éis dó nó di aois a 15 a shlánú, faoin Algemene Arbeidsongeschiktheidswet (AAW) (an Gníomh Ginearálta um Éagumas chun Oibre), a mhéid nach mbeidh na tréimhsí comhthráthach le tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WAO,

tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WAZ,

tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoin WIA.

AN OSTAIR

1.   Chun tréimhsí a fháil san árachas pinsin, measfar go bhfuil freastal ar scoil nó ar bhunaíocht inchomparáide oideachais i mBallstát eile coibhéiseach le freastal ar scoil nó ar bhunaíocht oideachais de bhun Airteagal 227(1)(1) agus Airteagal 228(1)(3) den Allgemeines Sozialversicherungsgesetz (ASVG) (An Gníomh Ginearálta um Shlándáil Shóisialta), Airteagal 116(7) den Gewerbliches Sozialversicherungsgesetz (GSVG) (An Gníomh Cónaidhme um Árachas Sóisialta do Dhaoine atá ag Gabháil do Thrádáil agus do Thráchtáil) agus Airteagal 107(7) den Bauern-Sozialversicherungsgesetz (BSVG) (An Gníomh um Shlándáil Shóisialta d’Fheirmeoirí), nuair a bhí an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht na hOstaire tráth áirithe ar an bhforas gur chleacht sé nó sí gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, agus i gcás ina bhfuil na ranníocaíochtaí speisialta íoctha dá bhforáiltear faoi Airteagal 227(3) den ASVG, faoi Airteagal 116(9) den GSVG agus faoi Airteagal 107(9) den BSGV chun tréimhsí oideachais den sórt sin a cheannach.

2.   D’fhonn an sochar pro rata dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo a ríomh, ní chuirfear san áireamh na hincrimintí speisialta do ranníocaíochtaí d’árachas forlíontach agus do shochar forlíontach na mianadóirí faoi reachtaíocht na hOstaire. Sna cásanna sin, an sochar pro rata a ríomhfar d’uireasa na ranníocaíochtaí sin, déanfar é a mhéadú, más iomchuí, le hincrimintí speisialta neamhlaghdaithe do ranníocaíochtaí d’árachas forlíontach agus do shochar forlíontach na mianadóirí.

3.   Más rud é, de bhun Airteagal 6 den Rialachán seo, gur cuireadh isteach tréimhsí ionadacha faoi scéim árachais phinsin ach nach féidir leo seo a bheith ina mbonn don ríomh de bhun Airteagal 238 agus de bhun Airteagal 239 den Allgemeines Sozialversicherungsgesetz (ASVG) (An Gníomh Ginearálta um Shlándáil Shóisialta), Airteagal 122 agus Airteagal 123 den Gewerbliches Sozialversicherungsgesetz (GSVG) (An Gníomh Cónaidhme um Árachas Sóisialta do Dhaoine atá ag Gabháil do Thrádáil agus do Thráchtáil) agus Airteagal 113 agus Airteagal 114 den Bauern-Sozialversicherungsgesetz (BSVG) (An Gníomh um Shlándáil Shóisialta d’Fheirmeoirí), bainfear úsáid as bonn an ríofa do thréimhsí cúraim leanaí de bhua Airteagal 239 den ASVG, Airteagal 123 den GSVG agus Airteagal 114 den BSVG.

AN FHIONLAINN

1.   Chun teidlíocht a chinneadh agus chun méid phinsin náisiúnta na Fionlainne a ríomh faoi Airteagal 52 go hAirteagal 54 den Rialachán seo, déileálfar leis na pinsin a fuarthas faoi reachtaíocht Ballstáit eile mar a dhéileáiltear le pinsin a fuarthas faoi reachtaíocht na Fionlainne.

2.   Agus Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm chun tuilleamh a ríomh don tréimhse a chreidiúnaítear faoi reachtaíocht na Fionlainne maidir le pinsin tuilleamh-bhainteacha, i gcás ina mbeidh tréimhsí árachais pinsin atá bunaithe ar ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i mBallstát eile ag duine do chuid den tréimhse thagartha faoi reachtaíocht na Fionlainne, measfar gur comhionann tuilleamh na tréimhse tagartha agus suim an tuillimh i rith an chuid den tréimhse tagartha san Fhionlainn, arna roinnt ar líon na míonna a raibh tréimhsí árachais ina leith san Fhionlainn i rith na tréimhse tagartha.

AN tSUALAINN

1.   Agus an liúntas um shaoire tuismitheoirí á íoc faoi Airteagal 67 den Rialachán seo le duine de theaghlach nach bhfuil fostaithe, íoctar an liúntas um shaoire tuismitheoirí ar leibhéal a chomhfhreagraíonn don bhunleibhéal nó don leibhéal is ísle.

2.   Chun an liúntas um shaoire tuismitheoirí a ríomh i gcomhréir le Caibidil 4, mír 6 den Lag (1962:381) om allmän försäkring (An Gníomh um Árachas Náisiúnta) do dhaoine atá i dteideal liúntais um shaoire tuismitheoirí obair-bhunaithe, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

I gcás tuismitheora ar ina leith a dhéantar sochar breoiteachta a ghineann ioncam a ríomh ar bhonn ioncaim ó fhostaíocht shochrach sa tSualainn, sásófar an ceanglas go mbeifear árachaithe do shochar breoiteachta thar an leibhéal íosta ar feadh 240 lá leanúnacha ar a laghad roimh bhreith an linbh má bhí ioncaim ag an tuismitheoir, i rith na tréimhse thuasluaite, ó fhostaíocht shochrach i mBallstát eile a chomhfhreagraíonn d’árachas os cionn an leibhéil íosta.

3.   Maidir leis na forálacha den Rialachán seo a bhaineann le comhshuimiú tréimhsí árachais agus tréimhsí cónaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le forálacha idirthréimhseacha reachtaíocht na Sualainne maidir le teidlíocht don phinsean ráthaíochta do dhaoine a saolaíodh i 1937 nó roimhe sin agus a raibh cónaí orthu sa tSualainn ar feadh tréimhse sonraithe roimh iarratas a dhéanamh ar phinsean (Gníomh 2000:798).

4.   Chun ioncam a ríomh do chúiteamh breoiteachta barúlach agus ioncam-bhainteach agus do chúiteamh ar ghníomhaíochtaí ioncam-bhainteacha i gcomhréir le Caibidil 8, mír 6 den Lag (1962:381) om allmän försäkring (An Gníomh um Árachas Náisiúnta), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina raibh an duine árachaithe, i rith na tréimhse tagartha, faoi réir reachtaíochta Ballstáit amháin eile nó níos mó de bharr gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, measfar go bhfuil an t-ioncam sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann coibhéiseach le meán-ollioncam an duine árachaithe sa tSualainn i rith an chuid den tréimhse thagartha sa tSualainn, agus é sin á ríomh trí thuilleamh sa tSualainn a roinnt ar líon na mblianta inar fabhraíodh an tuilleamh sin;

(b)

i gcás ina ríomhfar na sochair de bhun Airteagal 46 den Rialachán seo agus nach bhfuil na daoine árachaithe sa tSualainn, cinnfear an tréimhse thagartha i gcomhréir le Caibidil 8, mír 2 agus mír 8 den Ghníomh thuasluaite amhail agus dá mba dhuine árachaithe sa tSualainn an duine lena mbaineann. Mura mbeidh aon ioncam a ghineann pinsean ag an duine lena mbaineann i rith na tréimhse sin faoin nGníomh um Pinsin Seanaoise Ioncam-Bhunaithe (1998:674), ceadófar go rithfidh an tréimhse thagartha ón pointe ama is luaithe ná sin a raibh ioncam ó ghníomhaíocht shochrach ag an duine árachaithe sa tSualainn.

(a)

Chun sócmhainní barúlacha pinsin a ríomh do phinsean marthanóra ioncam-bhunaithe (Gníomh 2000:461), mura gcomhlíonfar ceanglas reachtaíocht na Sualainne i leith teidlíochta pinsin do thrí cinn ar a laghad de na cúig bliana féilire díreach roimh bhás an duine árachaithe (an tréimhse thagartha), cuirfear san áireamh tréimhsí árachais a cuireadh isteach i mBallstáit eile freisin, amhail agus dá mba sa tSualainn a cuireadh isteach iad. Measfar, maidir le tréimhsí árachais i mBallstáit eile, gur tréimhsí iad atá bunaithe ar mheán-bhonn pinsean na Sualainne. Mura bhfuil ach aon bhliain amháin le bonn pinsin sa tSualainn ag an duine lena mbaineann, measfar gurb é an méid céanna atá i ngach tréimhse árachais i mBallstát eile.

(b)

Chun creidiúintí barúlacha pinsin a ríomh don phinsin baintrí a bhaineann le báis a tharla an 1 Eanáir 2003 nó dá éis, más rud é nach gcomhlíontar an ceanglas atá i reachtaíocht na Sualainne i leith creidiúintí pinsin i leith dhá bhliain ar a laghad as na ceithre bliana díreach roimh bhás an duine árachaithe (an tréimhse thagartha) agus gur cuireadh tréimhsí árachais isteach i mBallstát eile, measfar, maidir leis na blianta, gur blianta iad atá bunaithe ar na creidiúintí pinsin céanna atá i gceist don bhliain Shualannach.

AN RÍOCHT AONTAITHE

1.   Más rud é, i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, go bhféadfadh sé go bhfuil duine i dteideal pinsin scoir más rud é:

(a)

gur cuireadh ranníocaíochtaí iarchéile san áireamh amhail agus dá mba ranníocaíochtaí an duine féin iad; nó

(b)

go gcomhlíonann céile nó iarchéile an duine sin na coinníollacha ábhartha um ranníocaíochtaí, ansin, ar choinníoll, i ngach cás, go bhfuil nó go raibh an céile nó an t-iarchéile ag cleachtadh gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, agus go raibh sé nó sí faoi réir reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, beidh feidhm ag forálacha Caibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo d’fhonn an teidlíocht faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a chinneadh. Sa chás sin, déanfar na tagairtí sa Chaibidil sin 5 do “tréimhsí árachais” a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhsí árachais arna gcur isteach:

(i)

ag céile nó ag iarchéile i gcás ina bhfuil éileamh á dhéanamh:

ag bean phósta, nó

ag duine ar foirceannadh a phósadh nó a pósadh ar shlí seachas mar gheall ar bhás a chéile nó a céile, nó

(ii)

ag iarchéile, i gcás ina bhfuil éileamh á dhéanamh:

ag baintreach fir nach bhfuil i dteideal liúntais tuismitheora baintrí díreach roimh aois inphinsin a bhaint amach dó, nó

ag baintreach nach bhfuil i dteideal liúntais do mháthair is baintreach, liúntais do thuismitheoir is baintreach nó pinsin baintrí, díreach roimh aois inphinsin a bhaint amach di nó nach bhfuil teidlíocht aici ach ar phinsean aois-bhainteach baintrí arna ríomh de bhun Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo, agus chun na críche sin ciallaíonn “pinsean aois-bhainteach baintrí” pinsean baintrí atá iníoctha ar ráta laghdaithe i gcomhréir le hAlt 39(4) den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992.

2.   Chun Airteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na forálacha lena rialaítear teidlíocht chun liúntais freastail, chun liúntais cúramóra agus chun liúntais maireachtála éagumais, cuirfear san áireamh tréimhse fostaíochta, féinfhostaíochta nó chónaithe a cuireadh isteach i gcríoch Ballstáit eile seachas an Ríocht Aontaithe, a mhéid is gá chun coinníollacha a chomhlíonadh maidir le tréimhsí láithreachta a éilítear sa Ríocht Aontaithe roimh an lá a dtagann ceist na teidlíochta chun an tsochair i dtrácht chun cinn den chéad uair.

3.   Chun críocha Airteagal 7 den Rialachán seo, i gcás sochar airgid thirim i leith easláine, seanaoise nó marthanóirí, i gcás pinsean le haghaidh tionóiscí ag an obair nó galar ceirde agus i gcás deontas báis, aon tairbhí faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe atá ag fanacht i gcríoch Ballstáit eile, measfar ina leith, i rith na tréimhse sin, go raibh cónaí air nó uirthi i gcríoch an Bhallstáit eile sin.

4.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 46 den Rialachán seo, más duine é an duine lena mbaineann a bhfuil éagumas chun oibre air agus easláine mar thoradh air sin agus é faoi réir reachtaíochta Ballstáit eile, cuirfidh an Ríocht Aontaithe san áireamh, chun críocha Roinn 30A (5) den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, aon tréimhsí ina bhfuair an duine lena mbaineann, i ndáil leis an éagumas oibre sin:

(i)

sochair airgid thirim i leith breoiteachta nó pá nó tuarastal in ionad na sochar sin, nó

(ii)

sochair de réir bhrí Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo a deonaíodh i ndáil leis an easláine a d’éirigh as an éagumas sin chun oibre, faoi reachtaíocht an Bhallstáit eile, amhail agus dá mba thréimhsí sochair éagumais ghearrthéarmaigh iad a íocadh i gcomhréir le hAlt 30A (1)-(4) den Ghníomh Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992.

Agus an fhoráil sin á cur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh ach tréimhsí ina mbeadh an duine éagumasach chun oibre de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe.

(1)

Chun fachtóir tuillimh a ríomh d’fhonn teidlíocht chun sochar faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a chinneadh, measfar, do gach seachtain den ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile agus a thosaigh i rith na bliana cánach ábhartha de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, gur íoc an duine lena mbaineann ranníocaíochtaí mar shaothraí fostaithe, nó go raibh tuilleamh aige nó aici ar íocadh ranníocaíochtaí ina leith, ar bhonn tuillimh atá coibhéiseach le dhá thrian den uasteorainn tuillimh don bhliain sin.

(2)

Chun críocha Airteagal 52(1)(b)(ii) den Rialachán seo, más rud é:

(a)

in aon bhliain chánach ioncaim dar tosach an 6 Aibreán 1975 nó dá éis, gur chuir duine a ghníomhaíonn mar dhuine fostaithe tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe isteach go heisiach i mBallstát eile seachas an Ríocht Aontaithe, agus gurb é atá mar thoradh ar chur i bhfeidhm phointe 5(1) thuas go n-áirítear an bhliain sin mar bhliain cháilitheach de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe chun críocha Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo, measfar go raibh sé árachaithe ar feadh 52 seachtain sa bhliain sin sa Bhallstát eile sin;

(b)

nach n-áirítear bliain chánach ioncaim dar tosach an 6 Aibreán 1975 nó dá éis mar bhliain cháilitheach de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe chun críocha Airteagal 52(1)(b)(i) den Rialachán seo, ní chuirfear san áireamh aon tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe a cuireadh isteach sa bhliain sin.

(3)

Chun fachtóir tuillimh a thiontú ina thréimhsí árachais, roinnfear an fachtóir tuillimh a baineadh amach sa bhliain ábhartha chánach ioncaim de réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ar íosteorainn tuillimh na bliana sin. Sloinnfear an toradh mar shlánuimhir, agus neamhshuim á déanamh d’aon chodáin atá fágtha. Maidir leis an bhfigiúr a ríomhfar amhlaidh, déileálfar leis mar líon na seachtainí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe i rith na bliana sin, ar choinníoll nach rachaidh an figiúr sin thar líon na seachtainí ina raibh an duine sin faoi réir na reachtaíochta sin sa bhliain sin.’.