ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2009.142.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht


6 Meitheamh 2009


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachàn (CE) Uimh. 444/2009 an 28 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 142 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

6.6.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÀN (CE) Uimh. 444/2009

an 28 Bealtaine 2009

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Daingníodh le cruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003 go bhfuil gá le cur chuige comhleanúnach san AE maidir le sainaitheantóirí bithmhéadrachta nó sonraí bithmhéadrachta i gcomhair doiciméad do náisiúnaigh tríú tíre, i gcomhair pasanna shaoránaigh an AE agus i gcomhair córas faisnéise (VIS agus SIS II).

(2)

Sa chomhthéacs sin, mar chéim thábhachtach i dtreo eilimintí nua a úsáid, a fhágann doiciméid taistil níos sláine agus a bhunaíonn nasc níos iontaofa idir an sealbhóir agus an pas agus a bheidh ina rannchuidiú tábhachtach lena áirithiú go mbeidh pasanna cosanta ar iad a úsáid go calaoiseach, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (2).

(3)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 d’oibleagáid ghinearálta méarloirg a sholáthar agus stórálfar iad ar shlis éadadhaill sa phas. Tá sé léirithe ag taithí ó thástálacha, áfach, go bhfuil gá le heisceachtaí. Ba dhealraitheach, agus treoirthionscadail ar bun i roinnt Ballstát, nach raibh méarloirg leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois ar chaighdeán ard go leor chun céannacht na leanaí sin a fhíorú bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith méarlorg. Thairis sin, beidh na méarloirg sin faoi réir athruithe suntasacha a fhágann go mbeadh sé deacair iad a sheiceáil le linn tréimhse iomlán bailíochta an phas.

(4)

Is gá na heisceachtaí ón oibleagáid ghinearálta méarloirg a sholáthar a chomhchuibhiú chun comhchaighdeáin slándála a chothabháil agus d’fhonn rialuithe teorann a shimpliú. Níor cheart é a fhágáil faoin reachtaíocht náisiúnta, ar chúiseanna dlí agus slándála araon, na heisceachtaí ón oibleagáid méarloirg a sholáthar i bpasanna agus i ndoiciméad taistil eile arna n-eisiúint ag Ballstáit a shainiú.

(5)

Ceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 go ndéanfar sonraí bithmhéadrachta a bhailiú agus a stóráil i meán stórála pasanna agus doiciméad taistil d’fhonn doiciméid den sórt sin a eisiúint. Is ceanglas é seo atá gan dochar d’aon úsáid ná d’aon stóráil eile a dhéanfaí ar na sonraí sin i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát. Ní thugtar bunús dlí le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 sin chun bunachair sonraí le haghaidh stóráil na sonraí sin a chur ar bun ná a chothabháil sna Ballstáit, ar faoin dlí náisiúnta amháin a thagann an t-ábhar sin.

(6)

Thairis sin, ba cheart an prionsabal “pas amháin-duine amháin” a thabhairt isteach mar bheart slándála forlíontach agus d’fhonn cosaint bhreise a thabhairt do leanaí. Tá an cur chuige seo molta freisin ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) agus áirithítear leis gur le sealbhóir an phas amháin a nasctar an pas agus na gnéithe bithmhéadrachta. Is sláine a bheidh má bhíonn a phas nó a pas féin ag gach aon duine.

(7)

Agus an fíoras á chur san áireamh go mbeidh ar na Ballstáit pasanna aonair a eisiúint do mhionaosaigh agus go mb’fhéidir go mbeadh difríochtaí suntasacha idir an reachtaíocht sna Ballstáit maidir le teorainneacha seachtracha na mBallstát a bheith á dtrasnú ag leanaí, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta lena áirithiú gur ann do chur chuige coiteann i dtaca leis na rialacha ar chosaint leanaí a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na mBallstát.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfaidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, a chinneadh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis ghlacadh an Rialacháin seo cibé an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é nó nach gcuirfidh.

(10)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen  (3). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)

Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen  (4). Dá réir sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(12)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen  (5) a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (6).

(13)

Maidir leis an Eilvéis, cuireann an Rialachán seo le forálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen  (7) a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8) agus de Chinneadh 2008/149/JHA ón gComhairle (9).

(14)

Maidir le Lichtinstéin, cuireann an Rialachán seo le forálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (10).

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 leis seo mar a leanas:

1.

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Comhlíonfaidh pasanna agus doiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit na caighdeáin íosta slándála mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Eiseofar iad mar dhoiciméid leithleacha.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na ceanglais maidir le leanaí a bhíonn ag taisteal ina n-aonar nó faoi thionlacan agus a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na mBallstát ag tráth nach déanaí ná 26 Meitheamh 2012 agus molfaidh sé, más gá, tionscnaimh iomchuí lena chinntiú gur ann do chur chuige coiteann i ndáil leis na rialacha ar chosaint leanaí a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na mBallstát.

2.   Beidh meán stórála ard-slándála, ina mbeidh íomhá den éadan, sna pasanna agus sna doiciméid taistil. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin dhá mhéarlorg a bheidh tógtha agus na méara leata agus beidh siad i bhformáidí comh-inoibritheacha. Déanfar na sonraí a choimeád slán agus beidh d’acmhainn agus de chumas leordhóthanach ag an meán stórála chun sláine, barántúlacht agus rúnmhaireacht na sonraí a ráthú.

2a.   Beidh na daoine seo a leanas díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt:

(a)

Leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois. Is teorainn aoise shealadach an teorainn aoise 12 bhliain.

Beidh athbhreithniú ar an teorainn aoise sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 5a, agus más gá togra chun an teorainn aoise a leasú i dteannta leis.

Gan dochar d’iarmhairtí fheidhmiú Airteagal 5a, féadfaidh na Ballstáit a mbeidh foráil do theorainn aoise faoi bhun 12 bhliain d’aois ina ndlí náisiúnta, arna glacadh roimh an 26 Meitheamh 2009, an teorainn sin a chur i bhfeidhm ar feadh idirthréimhse go dtí ceithre bliana tar éis 26 Meitheamh 2009. Ní fhéadfaidh an teorainn aoise le linn na hidirthréimhse, áfach, a bheith faoi bhun 6 bliana d’aois;

(b)

daoine, a bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarlorgú a dhéanamh orthu.

2b.   Sa chás gur dodhéanta go sealadach méarlorg a fháil de na méara sonraithe, tabharfadh na Ballstáit cead méarlorg a fháil de na méara eile. Sa chás gur dodhéanta go sealadach méarlorg a fháil d’aon cheann de na méara eile ach an oiread, féadfaidh siad pas sealadach a eisiúint lena ngabhfaidh bailíocht de 12 mhí nó níos lú.”.

2.

Cuirtear isteach an Airteagal seo a leanas:

“Airteagal 1a

1.   Is daoine cáilithe agus cuí-údaraithe d’fhoireann na n-údarás náisiúnta atá freagrach as pasanna agus doiciméid taistil a eisiúint a ghlacfaidh na sainaitheantóirí bithmhéadrachta.

2.   Baileoidh na Ballstáit na sainaitheantóirí bithmhéadrachta ón iarratasóir, agus uarraim á tabhairt acu do na cearta a leagtar síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do nósanna imeachta iomchuí lena ráthófar dínit an duine lena mbaineann sa chás go mbaineann deacrachtaí le clárú an duine sin.”.

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), bunófar sonraíochtaí teicniúla breise i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear go háirithe moltaí ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI), le haghaidh pasanna agus doiciméid taistil agus a bhaineann leis na nithe seo a lenas:

(a)

gnéithe slándála breise agus ceanglais bhreise lena n-áirítear caighdeáin feabhsaithe in aghaidh brionnú, góchumadh agus falsú;

(b)

sonraíochtaí teicniúla do mheán stórála na ngnéithe bithmhéadrachta agus a slándáil, lena n-áirítear rochtain neamhúdaraithe a chosc;

(c)

ceanglais cháilíochta agus comhchaighdeáin theicniúla don íomhá den éadan agus do na méarloirg.”.

4.

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfar sonraí bithmhéadrachta a bhailiú agus a stóráil i meán stórála pasanna agus doiciméad taistil d’fhonn doiciméid den sórt sin a eisiúint. Chun críche an Rialacháin seo, ní bhainfear úsáid as na gnéithe bithmhéadrachta i bpasanna agus i ndoiciméid taistil ach amháin chun na nithe seo a leanas a fhíorú:

(a)

barántúlacht an doiciméid;

(b)

céannacht an tsealbhóra trí scrúdú a dhéanamh ar na ceannaithe inchomparáideacha is infheice go díreach nuair a cheanglaítear le dlí an pas nó doiciméid taistil eile a thabhairt ar aird.

Déanfar seiceáil na ngnéithe slándála breise gan dochar d’Airteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (11). Más rud é go gcliseann ar an meaitseáil, ní bheidh éifeacht aige sin ann féin ar bhailíocht an phas chun críocha teorainneacha seachtracha a thrasnú.

5.

Cuirfear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5a

Ag tráth nach déanaí ná 26 Meitheamh 2012, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil, a bheidh bunaithe ar staidéar mórscála agus forleathan arna dhéanamh ag údarás neamhspleách agus a bheidh faoi mhaoirseacht an Choimisiúin, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ina scrúdófar, trí mheastóireacht ar bheachtas na gcóras a bheidh i bhfeidhm i measc bealaí eile, an iontaofacht agus an fhéidearthacht theicniúil a bhaineann le húsáid méarloirg leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois chun críocha sainaitheantais agus fíoraithe, lena n-áirítear comparáid ar na rátaí de dhiúltú bréige a tharlaíonn i ngach Ballstát agus, bunaithe ar thorthaí an staidéir sin, anailís ar an ngá atá le comhrialacha maidir leis an bpróiseas meaitseála. Más gá, beidh tograí chun an Rialachán seo a oiriúnú ag gabháil leis an tuarascáil.”.

6.

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cuirfidh na Ballstáit an Rialachán seo i bhfeidhm:

(a)

chomh fada agus a bhaineann leis an iomhá den éadan: ar a dhéanaí 18 mí;

(b)

chomh fada agus a bhaineann leis na méarloirg: ar a dhéanaí 36 mí,

tar éis ghlacadh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 2. Ní dhéanfar difear, áfach, do bhailíocht na bpasanna agus na ndoiciméad taistil a bheidh eisithe cheana féin.

Déanfar an dara fomhír d’Airteagal 1(1) a chur chun feidhme ar a dhéanaí an 26 Meitheamh 2012. Ní dhéanfar difear, áfach, don bhailíocht tosaigh chomh fada agus a bhaineann le sealbhóir an doiciméid.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Bealtaine 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KOHOUT


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Eanáir 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Aibreán 2009.

(2)  IO L 385, 29.12.2004, lch. 1.

(3)  IO L 131, 1.6.2000, lch 43.

(4)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(7)  IO L 53, 27.2.2008, lch.52.

(8)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(9)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 50.

(10)  IO L 83, 26.3.2008, lch 3.

(11)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.”.