|
ISSN 1725-2571 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 52 |
|
|
|
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 35 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach
RIALACHÁIN
|
4.2.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (CE) Uimh 78/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Eanáir 2009
maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i ndáil le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/102/CE agus Treoir 2005/66/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina gcaithfear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Chuige sin tá córas cineál-cheadaithe Comhphobail do mhótarfheithiclí curtha ar bun. Ba cheart na ceanglais theicniúla maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i ndáil le cosaint coisithe a chomhchuibhiú ionas go seachnófaí ceanglais atá difriúil ó Bhallstát go chéile a ghlacadh agus go n-áiritheofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. |
|
(2) |
Tá an Rialachán seo ar cheann de na hionstraimí rialaitheacha leithleacha i gcomhthéacs an nós imeachta cineál-cheadaithe Comhphobail faoi Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear réim maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla leithleacha le haghaidh na bhfeithiclí sin (Treoir Réime) (3). Chun na haidhmeanna a leagtar amach in aithris 1 den Rialachán seo a bhaint amach, ba cheart Iarscríbhinní I, III, IV, VI agus XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE a leasú. |
|
(3) |
Is léir ón taithí gur minic a bhí reachtaíocht maidir le mótarfheithiclí lán de mhionsonraí an-teicniúil. Is iomchuí ar an ábhar sin rialachán a ghlacadh seachas treoir d’fhonn neamhréireachtaí idir bearta trasuímh agus reachtaíocht nach bhfuil gá léi sna Ballstáit a sheachaint ós rud é nach mbeidh aon ghá lena thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, d’fhonn comhréireacht sa réimse seo a áirithiú, an Rialachán seo a chur in ionad Threoir 2003/102/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 i ndáil le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre roimh imbhualadh le mótarfheithicil agus i gcás imbhuailte le mótarfheithicil (4) agus Threoir 2005/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 i ndáil le húsáid córas cosanta tosaigh ar mhótarfheithiclí (5) lena soláthraítear ceanglais maidir le suiteáil agus úsáid córas cosanta tosaigh ar fheithiclí agus lena soláthraítear ar an dóigh sin leibhéal cosanta do choisithe. Tuigtear leis sin go n-aisghairfidh Ballstáit reachtaíocht trasuímh na dTreoracha aisghairthe. |
|
(4) |
Tá sé léirithe nach bhfuil na ceanglais le haghaidh an dara céim de chur chun feidhme Threoir 2003/102/CE inchomhlíonta. I dtaca leis sin iarradh ar an gCoimisiún le hAirteagal 5 den Treoir sin aon tograí a chur isteach is gá chun na fadhbanna inchomhlíontachta maidir leis na ceanglais sin a shárú agus úsáid a bhaint, b’fhéidir, as córais sábháilteachta ghníomhacha, agus a áirithiú ag an am céanna nach mbeadh aon laghdú ar na leibhéil sábháilteachta a sholáthraítear don úsáideoir soghonta bóithre. |
|
(5) |
Is léir ó thorthaí staidéir a choimisiúnaigh an Coimisiún gur féidir cosaint coisithe a fheabhsú go mór le teaglaim de bhearta éighníomhacha agus gníomhacha lena gcuirfear leibhéal cosanta níos airde ar fáil ná mar atá ar fáil faoi na forálacha atá ann cheana. Léiríonn an staidéir, go háirithe, go méadófaí go mór an leibhéal cosanta coisithe leis an gcóras sábháilteachta gníomhach “Cúnamh Coscáin” i gcomhcheangal le hathruithe ar na ceanglais sábháilteachta éighníomhacha. Is cuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le suiteáil éigeantach córas Cúnaimh Coscáin i mótarfheithiclí nua. Níor cheart, áfach, go nglacfadh sé sin ionad córas ardleibhéil sábháilteachta éighníomhach ach go gcuirfeadh sé leo. |
|
(6) |
D’fhéadfadh sé nach mbeidh ar fheithiclí atá feistithe le córais seachanta imbhuailte ceanglais áirithe arna leagan síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh sa mhéid go mbeidh siad ábalta imbhuailtí le coisithe a sheachaint seachas éifeachtaí imbhuailtí den sórt sin a mhaolú. Tar éis measúnú a dhéanamh i dtaobh an ar féidir imbhuailtí le coisithe agus le húsáideoirí soghonta eile bóithre a sheachaint go héifeachtach leis an teicneolaíocht sin, féadfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh lena leasaítear an Rialachán seo chun úsáid córas seachanta imbhuailte a cheadú. |
|
(7) |
I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na bhfeithiclí troma atá á n-úsáid ar bhóithre uirbeacha, is cuí go mbeadh feidhm ag forálacha i ndáil le cosaint coisithe ní amháin maidir le feithiclí d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg, ach freisin, tar éis idirthréimhse teoranta, maidir le feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1 atá os cionn na teorann sin. |
|
(8) |
D’fhonn an chosaint do choisithe a fheabhsú ag an gcéim is luaithe is féidir, ba cheart go mbeidh monaróirí, ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chineál-cheadú i gcomhréir leis na ceanglais nua sula mbeidh a gcomhlíonadh éigeantach, ábalta déanamh amhlaidh ar choinníoll go bhfuil na bearta cur chun feidhme is gá i bhfeidhm cheana féin. |
|
(9) |
Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go nglacfaí iad i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6). |
|
(10) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha teicniúla a ghlacadh chun na ceanglais tástála agus na bearta cur chun feidhme atá bunaithe ar thorthaí faireacháin a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
|
(11) |
D’fhonn trasdul rianúil ó fhorálacha Threoir 2003/102/CE agus Threoir 2005/66/CE go dtí an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur siar ar feadh tréimhse áirithe tar éis dó teacht i bhfeidhm. |
|
(12) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an margadh inmheánach a chruthú trí cheanglais theicniúla choiteanna maidir le cosaint coisithe a thabhairt isteach, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le tógáil agus feidhmiú mótarfheithiclí agus córas cosanta tosaigh d’fhonn líon agus déine díobhálacha do choisithe agus d’úsáideoirí soghonta eile bóithre a bhuailtear le tosaigh feithiclí a laghdú agus d’fhonn imbhuailtí den sórt sin a sheachaint.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
mótarfheithiclí i gcatagóir M1 mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(11) de Threoir 2007/46/CE agus i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo; |
|
(b) |
mótarfheithiclí i gcatagóir N1 mar a shainmhínítear í in Airteagal 3(11) de Threoir 2007/46/CE agus i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo; |
|
(c) |
córais chosanta tosaigh atá feisithe mar bhuntrealamh ar na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) nó a sholáthraítear mar aonaid theicniúla leithleacha atá beartaithe lena bhfeistiú ar fheithiclí den sórt sin. |
2. Ní bheidh feidhm ag Roinn 2 ná ag Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
(a) |
maidir le feithiclí i gcatagóir N1; agus |
|
(b) |
maidir le feithiclí i gcatagóir M1 atá díorthaithe ó fheithiclí i gcatagóir N1 agus a bhfuil uasmhais os cionn 2 500 kg acu; |
i gcás ina mbeidh suíomh “R-phointe” an tiománaí chun tosaigh ar an acastóir tosaigh nó taobh thiar, ar a fhad, de lárlíne thrasnach an acastóra tosaigh, go feadh uasmhéid 1 100 mm.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
|
(1) |
ciallaíonn “A-philéar” an taca dín is mó chun tosaigh agus is forimeallaí ag síneadh ón bhfonnadh go díon na feithicle; |
|
(2) |
ciallaíonn “córas Cúnaimh Coscáin” feidhm de chuid an chórais choscáin trína dtuigtear eachtra coscánaithe éigeandála a bheith ann ó thréith a bhaineann le héileamh coscáin an tiománaí agus, faoi na dálaí sin:
|
|
(3) |
ciallaíonn “tuairteoir” aon struchtúir tosaigh, íochtair, sheachtracha d’fheithicil, lena n-áirítear feistithe a ghabhann leo, ar struchtúir iad atá beartaithe chun feithicil a chosaint nuair a bhaintear imbhualadh tosaigh íseal-luais le feithicil eile di; ní fholaíonn sé, áfach, aon chóras cosanta tosaigh. |
|
(4) |
ciallaíonn “córas cosanta tosaigh” struchtúr leithleach nó struchtúir leithleacha, amhail barra buabhaill, nó tuairteoir forlíontach, atá beartaithe, de bhreis ar an mbuntrealamh tuairteora, chun dromchla seachtrach na feithicle a chosaint ó dhamáiste i gcás imbhuailte le réad, seachas struchtúir a bhfuil mais is lú na 0,5 kg acu, nach bhfuil beartaithe ach chun soilse na feithicle a chosaint; |
|
(5) |
ciallaíonn “uasmhais” an t-uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil atá sonraithe ag an monaróir de bhun phointe 2.8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE; |
|
(6) |
ciallaíonn “feithiclí i gcatagóir N1 atá díorthaithe ó M1” na feithiclí sin i gcatagóir N1, ag a bhfuil, chun tosaigh ar na A-philéir, an struchtúr agus an cruth ginearálta céanna atá ag feithicil i gcatagóir M1 a bhí ann cheana; |
|
(7) |
ciallaíonn “feithiclí i gcatagóir M1 atá díorthaithe ó N1” na feithiclí sin i gcatagóir M1, ag a bhfuil, ar aghaidh ó na piléir-A, an struchtúr agus an cruth ginearálta céanna atá ag feithicil chatagóir N1 a bhí ann cheana. |
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ NA MONARÓIRÍ
Airteagal 4
Ceanglais theicniúla
1. I gcomhréir le hAirteagal 9, áiritheoidh monaróirí go bhfuil feithiclí a chuirtear ar an margadh feistithe le córas cineál-cheadaithe Cúnaimh Coscáin i gcomhréir le ceanglais Roinn 4 d’Iarscríbhinn I agus go gcomhlíonann na feithiclí sin ceanglais Chuid 2 nó Chuid 3 d’Iarscríbhinn I.
2. I gcomhréir le hAirteagal 10, áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann córais chosanta tosaigh atá feistithe mar bhuntrealamh ar fheithiclí a chuirtear ar an margadh nó a sholáthraítear mar aonaid theicniúla leithleacha ceanglais Chuid 5 agus Chuid 6 d’Iarscríbhinn I.
3. Déanfaidh monaróirí sonraí iomchuí ar shonraíochtaí agus ar dhálaí tástála na feithicle agus ar an gcóras cosanta thosaigh a sholáthar do na húdaráis formheasa. Áireofar sna sonraí sin faisnéis atá ag teastáil chun feidhmiú aon ghaireas sábháilteachta gníomhach atá suiteáilte san fheithicil a sheiceáil.
4. I gcás córas cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonaid theicniúla leithleacha, soláthróidh monaróirí sonraí iomchuí ar shonraíochtaí agus ar dhálaí tástála na gcóras do na húdaráis formheasa.
5. Ní dhéanfar córais chosanta tosaigh, mar aonaid theicniúla leithleacha, a dháileadh, a thairiscint lena ndíol ná a dhíol mura mbeidh liosta cineálacha feithiclí a bhfuil an córas cosanta tosaigh cineál-cheadaithe dóibh, chomh maith le treoracha soiléire cóimeála, in éineacht leo. Beidh saintreoracha sonracha suiteála sna treoracha cóimeála, lena n-áirítear modhanna daingnithe le haghaidh na bhfeithiclí a ndearnadh an t-aonad a fhormheas dóibh, chun go mbeifí in ann na comhpháirteanna arna bhformheas a shuíomh ar an bhfeithicil sin ar dhóigh lena gcomhlíontar forálacha ábhartha Chuid 6 d’Iarscríbhinn I.
6. Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha teicniúla maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Threoir 2007/46/CE.
Airteagal 5
Iarratas ar chineál-cheadú an CE
1. Déanfaidh an monaróir an doiciméad faisnéise, arna bhunú i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II, a chur faoi bhráid an údaráis fhormheasa nuair a dhéantar iarratas ar chineál-cheadú an CE do chineál feithicle maidir le cosaint coisithe.
Déanfaidh an monaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál feithicle atá le formheas a chur faoi bhráid na seirbhíse teicniúla atá freagrach as na tástálacha cineál-cheadaithe a sheoladh.
2. Déanfaidh an monaróir an doiciméad faisnéise, arna bhunú i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II, a chur faoi bhráid an údaráis fhormheasa nuair a dhéantar iarratas ar chineál-cheadú an CE do chineál áirithe feithicle maidir lena bheith feistithe le córas cosanta tosaigh.
Déanfaidh an monaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál feithicle atá le formheas agus í feistithe le córas cosanta tosaigh a chur faoi bhráid na seirbhíse teicniúla atá freagrach as na tástálacha cineál-cheadaithe a sheoladh. Ar iarraidh ón tseirbhís theicniúil sin, déanfaidh an monaróir comhpháirteanna sonracha nó samplaí d’ábhair a úsáideadh a chur faoi bhráid na seirbhíse sin freisin.
3. Déanfaidh an monaróir an doiciméad faisnéise, arna bhunú i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn II, a chur faoi bhráid an údaráis fhormheasa nuair a dhéantar iarratas ar chineál-cheadú an CE d’aonad teicniúil leithleach do chineál áirithe córais cosanta tosaigh.
Déanfaidh an monaróir sampla amháin den chineál córais cosanta tosaigh atá le formheas a chur faoi bhráid na seirbhíse teicniúla atá freagrach as na tástálacha cineál-cheadaithe sheoladh. I gcás ina measfaidh an tseirbhís theicniúil sin gur gá é, féadfaidh sí tuilleadh samplaí a iarraidh. Beidh an sampla nó na samplaí marcáilte go soiléir agus go doscriosta le hainm trádála nó le trádmharc an iarratasóra agus leis an tuairisc cineáil. Déanfaidh an monaróir foráil maidir le taispeáint éigeantach iardain mharc chineál-cheadú an CE.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ ÚDARÁIS NA MBALLSTÁT
Airteagal 6
Cineál-cheadú an CE a dheonú
1. Má chomhlíontar na forálacha ábhartha, deonóidh an t-údarás formheasa cineál-cheadú an CE agus eiseoidh sé uimhir chineál-cheadaithe i gcomhréir leis an gcóras uimhrithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.
2. Chun críocha Chuid 3 den uimhir chineál-cheadaithe sin, bainfear úsáid as ceann de na litreacha seo a leanas:
|
(a) |
Le haghaidh feithiclí a fhormheas maidir le cosaint coisithe:
|
|
(b) |
Le haghaidh feithicil a fhormheas maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh nó chun córas cosanta tosaigh a fhormheas atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach:
|
3. Ní dhéanfaidh údarás formheasa an uimhir chéanna a shannadh do chineál eile feithicle nó do chineál eile córais cosanta tosaigh.
4. Chun críocha mhír 1, seachadfaidh an t-údarás formheasa deimhniú chineál-cheadú an CE arna bhunú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an tsamhail a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III do chineál feithicle i ndáil le cosaint coisithe; |
|
(b) |
an tsamhail a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn III do chineál feithicle i ndáil lena feistiú le córas cosanta tosaigh; |
|
(c) |
an tsamhail a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn III do chineál córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach. |
Airteagal 7
Marc chineál-cheadú an CE
Comhlíonfaidh gach córas cosanta tosaigh a cheadaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi chineál-cheadú feithicle i ndáil lena feistiú le córas cosanta tosaigh, nó faoi chineál-cheadú córais chosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach, ceanglais an Rialacháin seo agus deonófar marc chineál-cheadú an CE dó, agus taispeánfaidh sé dá bhíthin sin marc chineál-cheadú an CE a bhunaítear i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 8
Modhnuithe ar an gcineál agus leasuithe ar cheaduithe
Aon mhodhnú feithicle chun tosaigh ar na A-philéir nó aon mhodhnú ar an gcóras cosanta tosaigh a dhéanann difear don struchtúr, ar na príomhthoisí, ar ábhair dhromchlaí seachtracha na feithicle, ar na modhanna daingnithe nó ar chóiriú na gcompháirteanna inmheánacha nó seachtracha, agus a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheidh aige ar thorthaí na dtástálacha, measfar gur leasú é de bhun Airteagal 13 de Threoir 2007/46/CE agus, ar an ábhar sin, beidh iarratas nua ar chineál-cheadú ag teastáil i ndáil leis.
Airteagal 9
Amchlár lena chur i bhfeidhm ar fheithiclí
1. Le héifeacht ón dáta a leagtar amach sa dara mír d’Airteagal 16, diúltóidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, cineál-cheadú an CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú, i leith na gcineálacha nua feithicle seo a leanas:
|
(a) |
catagóir M1 nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
catagóir M1 d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 2 nó i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I; |
|
(c) |
catagóir N1 atá díorthaithe ó M1, d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg, nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 2 agus i Roinn 4 ná i Roinn 3 agus i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I. |
2. Le héifeacht ón 24 Feabhra 2011, measfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí nua seo a leanas nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
(a) |
feithiclí i gcatagóir M1; |
|
(b) |
feithiclí i gcatagóir N1 agus atá díorthaithe ó M1, d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg. |
3. Le héifeacht ón 24 Feabhra 2013, diúltóidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, cineál-cheadú an CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú, i leith na gcineálacha nua feithicle seo a leanas:
|
(a) |
catagóir M1 d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg, nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
catagóir N 1 atá díorthaithe ó M1 d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg, nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I. |
4. Le héifeacht ón 31 Nollaig 2012, measfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí nua seo a leanas nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 2 nó i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
(a) |
feithiclí i gcatagóir M1, d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg; |
|
(b) |
feithiclí i gcatagóir N1 atá díorthaithe ó M1 d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg. |
5. Le héifeacht ón 24 Feabhra 2015, diúltóidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, cineál-cheadú an CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú, i leith na gcineálacha nua feithicle seo a leanas:
|
(a) |
catagóir M1 d’uasmhais is mó ná 2 500 kg, nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
catagóir N1 nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 agus i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I. |
6. Le héifeacht ón 24 Lúnasa 2015, measfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís feithiclí nua i gcatagóir N1 nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
7. Le héifeacht ón 24 Feabhra 2018, measfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí nua seo a leanas:
|
(a) |
catagóir M1, d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
feithiclí i gcatagóir N1 atá díorthaithe ó M1 d’uasmhais nach mó ná 2 500 kg, nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
8. Le héifeacht ón 24 Lúnasa 2019, measfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, nach mbeidh na deimhnithe chomhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí nua seo a leanas:
|
(a) |
catagóir M1 d’uasmhais is mó ná 2 500 kg nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
catagóir N1 nach gcomhlíonann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
9. Gan dochar do mhíreanna 1 go 8 den Airteagal seo agus faoi réir theacht i bhfeidhm na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 4(6), arna iarraidh sin do mhonaróir, ní dhiúltóidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le cosaint coisithe, cineál-cheadú an CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú le haghaidh cineáil nua feithicle ná ní chuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol ná ar chur i seirbhís feithicle nua, i gcás ina gcomhlíonann an fheithicil lena mbaineann na forálacha teicniúla a leagtar amach i Roinn 3 agus i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 10
Cur i bhfeidhm ar chórais chosanta tosaigh
1. Diúltóidh údaráis náisiúnta cineál-cheadú an CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú i ndáil le cineál nua feithicle i ndáil lena feistiú le córas cosanta tosaigh, nó diúltóidh siad cineál-cheadú an CE d’aonad teicniúil leithleach a dheonú i ndáil le cineál nua córais cosanta tosaigh, ar córais iad nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i Roinn 5 agus i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I.
2. Measfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le córais chosanta tosaigh, nach mbeidh deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís feithiclí nua nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i Roinn 5 agus i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i Roinn 5 agus i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le córais chosanta tosaigh a sholáthraítear mar aonaid theicniúla leithleacha chun críocha Airteagal 28 de Threoir 2007/46/CE.
Airteagal 11
Córais Seachanta Imbhuailte
1. Tar éis measúnú ón gCoimisiún, féadfaidh sé nach mbeidh ar fheithiclí atá feistithe le córais seachanta imbhuailte na ceanglais tástála arna leagan síos i Roinn 2 agus i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh chun cineál-cheadú an CE nó chun cineál-cheadú náisiúnta a fháil le haghaidh cineáil feithicle maidir le cosaint coisithe, nó maidir le díol, le clárú nó le cur i seirbhís.
2. Tíolacfaidh an Coimisiún an measúnú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus beidh tograí lena leasaítear an Rialachán seo ag gabháil leis más iomchuí.
Áiritheofar le haon bhearta a mholfar leibhéil cosanta is comhionann ar a laghad, i dtéarmaí a n-éifeachtachta iarbhír, leis na cinn a sholáthraítear le Roinn 2 agus le Roinn 3 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 12
Faireachán
1. Soláthróidh na húdaráis náisiúnta torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i bpointe 2.2, i bpointe 2.4 agus i bpointe 3.2 d’Iarscríbhinn I don Choimisiún ar bhonn bliantúil agus ar a dhéanaí faoin 28 Feabhra den bhliain tar éis na bliana a gheofar iad.
Scoirfidh an ceanglas na torthaí sin a sholáthar d’fheidhm a bheith aige ón 24 Feabhra 2014.
2. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn thorthaí an fhaireacháin arna chur i gcrích faoi phointe 2.2, faoi phointe 2.4 agus faoi phointe 3.2 d’Iarscríbhinn I, bearta cur chun feidhme a ghlacadh mar is iomchuí.
Déanfar na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Threoir 2007/46/CE.
3. Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar bhonn faisnéise ábhartha a bheidh curtha in iúl ag na húdaráis formheasa agus ag páirtithe leasmhara agus ar bhonn staidéar neamhspleách, faireachán ar fhorbairtí teicniúla i réimse ceanglas feabhsaithe sábháilteachta éighníomhach, i réimse Cúnaimh Coscáin agus i réimse teicneolaíochtaí sábháilteachta gníomhacha eile a d’fhéadfadh cosaint feabhsaithe a thabhairt d’úsáideoirí soghonta bóithre.
4. Faoin 24 Feabhra 2014, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar indéantacht agus cur i bhfeidhm aon cheanglas feabhsaithe sábháilteachta éighníomhach. Déanfaidh sé athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin seo maidir le húsáid agus le héifeachtacht Cúnaimh Choscáin agus teicneolaíochtaí eile sábháilteachta gníomhacha eile.
5. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus beidh tograí ar an ábhar ag gabháil léi de réir mar is iomchuí.
Airteagal 13
Pionóis
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis atá infheidhme mar gheall ar shárú fhorálacha an Rialacháin seo ag monaróirí agus glacfaidh siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i ndáil leis na forálacha sin faoin 24 Lúnasa 2010 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill i ndáil le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Áireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, ar na cineálacha sáruithe atá faoi réir pionóis:
|
(a) |
dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn nósanna imeachta formheasa nó le linn nósanna imeachta as a dtiocfaidh aisghlaoch; |
|
(b) |
torthaí tástála cineál-cheadaithe a fhalsú; |
|
(c) |
sonraí nó sonraíochtaí teicniúla as a bhféadfadh aisghlaoch nó tarraingt siar cineál-cheadaithe a theacht, a choimeád siar; |
|
(d) |
rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú. |
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 14
Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
Déanfar Treoir 2007/46/CE a leasú i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 15
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2003/102/CE agus Treoir 2005/66/CE le héifeacht ón dáta arna leagan amach sa dara mír d’Airteagal 16 den Rialachán seo.
Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 24 Samhain 2009 seachas Airtgeal 4(6) agus Airteagal 9(9) a mbeidh feidhm acu ó lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus seachas Airteagal 9(2) go (8), a mbeidh feidhm aige ó na dátaí a leagtar amach san Airteagal sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VONDRA
(1) IO C 211, 19.8.2008, lch. 9.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2008.
(3) IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.
(4) IO L 321, 6.12.2003, lch. 15.
LIOSTA IARSCRÍBHINNÍ
Iarscríbhinn I Forálacha teicniúla maidir le tástáil feithiclí agus córas cosanta tosaigh
Iarscríbhinn II Doiciméid Faisnéise Samhla atá le soláthar ag an monaróir
|
Cuid 1 |
Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineál-cheadú CE feithicle maidir le cosaint coisithe |
|
Cuid 2 |
Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineál-cheadú CE feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh |
|
Cuid 3 |
Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineál-cheadú CE córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach |
Iarscríbhinn III Deimhnithe Shamhail Chineál-Cheadú an CE
|
Cuid 1 |
Deimhniú chineál-cheadú an CE i ndáil le cineál-cheadú feithicle maidir le cosaint coisithe |
|
Cuid 2 |
Deimhniú chineál-cheadú an CE i ndáil le cineál-cheadú feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh |
|
Cuid 3 |
Deimhniú chineál-cheadú an CE i ndáil le cineál-cheadú córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach |
Iarscríbhinn IV Marc Chineál-Cheadú an CE
|
Foscríbhinn |
Sampla de Mharc Chineál-Cheadú an CE |
Iarscríbhinn V Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
IARSCRÍBHINN I
Forálacha teicniúla maidir le tástáil feithiclí agus córas cosanta tosaigh
Chun críocha na hIarscríbhinne seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. Ciallaíonn “ciumhais tosaigh an bhoinéid” tosach an struchtúir uachtair lasmuigh lena n-áirítear an boinéad agus na cliatháin, baill uachtair agus taoibh an cholbha ceannlampa agus aon fhorbhaill eile;
1.2. Ciallaíonn “líne thagartha chiumhais tosaigh an bhoinéid” rian geoiméadrach na bpointí teagmhála idir ciumhais dhíreach 1 000 mm ar fhad agus dromchla tosaigh an bhoinéid, nuair a dhéantar an chiumhais dhíreach, arna coinneáil go comhthreomhar le fadphlána ingearach na feithicle agus arna claonadh ar chúl faoi 50° agus an foirceann íochtair 600 mm os cionn an talaimh, a thrasnáil agus a chur i dteagmháil le ciumhais tosaigh an bhoinéid. I gcás feithiclí a bhfuil dromchla uachtair boinéid acu atá claonta go bunúsach ar uillinn 50° ionas go ndéanann an chiumhais dhíreach teagmháil leanúnach nó ilteagmhálacha seachas pointe teagmhála amháin, cinntear an líne thagartha agus an chiumhais dhíreach claonta ar chúl ar uillinn 40°. I gcás feithiclí de chruth a fhágann gurb é an foirceann íochtair den chiumhais dhíreach a dhéanann an chéad teagmháil, measfar an teagmháil sin a bheith mar líne thagartha chiumhais tosaigh an bhoinéid, ag an suíomh cliathánach sin. I gcás feithiclí de chruth a fhágann gurb é an foirceann uachtair den chiumhais dhíreach a dhéanann an chéad teagmháil, déanfar an rian geoiméadrach d’achar timfhillteach 1 000 mm a úsáid mar líne thagartha chiumhais tosaigh an bhoinéid ag an suíomh cliathánach sin. Measfar gurb é ciumhais uachtair an tuairteora ciumhais tosaigh an bhoinéid chomh maith chun críocha an Rialacháin seo, má tá an chiumhais dhíreach i dteagmháil léi le linn an nós imeachta seo;
1.3. Ciallaíonn “achar timfhillteach 1 000 mm” an rian geoiméadrach a riantar ar an dromchla uachtair tosaigh ag foirceann amháin de théip sholúbtha 1 000 mm ar fhad, nuair a chuirtear é i bplána ingearach fad feithicle agus go ndéantar tosach thuairteoir an bhoinéid agus an córas cosanta tosaigh a thrasnáil léi. Déanfar an téip a choimeád teann le linn na hoibríochta ar fad agus foirceann amháin i dteagmháil le leibhéal tagartha an talaimh, agus í go hingearach faoi aghaidh thosaigh an tuairteora agus an foirceann eile i dteagmháil leis an dromchla uachtair tosaigh. Tá an fheithicil suite sa ghnáthstaidiúir thiomána;
1.4. ciallaíonn “uachtar an bhoinéid” an struchtúr lasmuigh lena n-áirítear dromchla uachtair na struchtúr lasmuigh go léir seachas an gaothscáth, na A-philéir agus struchtúir ar chúl uathu; áiríonn sé mar sin, ach níl sé teoranta dóibh, an boinéad, na cliatháin, an scutal, fearsaid an chuimilteora agus fráma íochtair an ghaothscátha;
1.5. ciallaíonn “dromchla uachtair tosaigh” an struchtúr lasmuigh lena n-áirítear dromchla uachtair na struchtúr lasmuigh go léir seachas an gaothscáth, na A-philéir agus struchtúir ar chúl uathu;
1.6. ciallaíonn “leibhéal tagartha an talaimh” an plána cliathánach atá comhthreomhar le leibhéal an talaimh, a fhreagraíonn do leibhéal an talaimh d’fheithicil atá stoptha ar dhromchla réidh agus an coscán láimhe curtha i ngreim, agus an fheithicil sa ghnáthstaidiúir thiomána;
1.7. Ciallaíonn “gnáthstaidiúir thiomána” staidiúir na feithicle in ord reatha agus í suite ar an talamh, agus na boinn teannta go dtí na brúnna molta, na rothaí tosaigh sa suíomh díreach ar aghaidh, mar aon le huastoilleadh na sreabhán go léir is gá le haghaidh oibriú na feithicle, leis an trealamh caighdeánach go léir mar a sholáthraíonn monaróir na feithicle é, le mais 75 kg curtha i suíochán an tiománaí agus mais 75 kg curtha sa suíochán tosaigh paisinéara, agus an crochadh socraithe le haghaidh luas tiomána 40 km/u nó 35km/u i ngnáthdhálaí reatha atá sonraithe ag an monaróir (go háirithe le haghaidh feithiclí ag a bhfuil crochadh gníomhach nó gléas leibhéalta uathoibríoch);
1.8. ciallaíonn “gaothscáth” gloiniú tosaigh na feithicle a chomhlíonann na ceanglais ábhartha go léir d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 77/649/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1977 faoi chomhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le réimse radhairc tiománaithe mótarfheithiclí (1);
1.9. ciallaíonn “Critéar Feidhmíochta Cloiginn (CFC)” ríomh, thar thréimhse shonraithe ama, ar an uas-luasghéarú a tharlaíonn le linn an imbhuailte. Déanfar é a ríomh ó thoradh tuairiscí ama méadair luasghéaraithe mar uasmhéid (ag brath ar t1 agus t2) na cothromóide:
San fhoirmle sin, is é “a” an toradh luasghéaraithe mar iolrach ar “g” agus is iad t1 agus t2 an dá mheandar ama (arna sloinneadh i soicindí) le linn an imbhuailte, lena sainmhínítear tús agus deireadh an taifeadta a bhfuil luach an CFC mar uasmhéid dóibh. Chun an t-uasluach a ríomh, déantar neamhshuim de luachanna CFC a bhfuil an t-eatramh ama (t1 – t2) ina leith níos mó na 15 ms;
1.10. ciallaíonn “ga cuaire” ga stua ciorcail a thagann is gaire do chruth cruinn na comhpháirte atá faoi bhreithniú;
Ceanglaítear na tástálacha seo a leanas a dhéanamh ar fheithiclí:
2.1. Cruth na coise i gcoinne an Tuairteora.
Ceanglaítear ceann amháin de na tástálacha seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
Cruth na coise íochtair i gcoinne an tuairteora: Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u. Ní rachaidh uasuillinn dhinimiciúil lúbadh na glúine thar 21,0°, ní rachaidh dí-áitiú uasta dinimiciúil fhiaradh na glúine thar 6,0 mm, agus ní rachaidh an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia thar 200 g. |
|
(b) |
Cruth na coise uachtair i gcoinne an tuairteora: Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u. Ní rachaidh suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham thar 7,5 kN agus ní rachaidh an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteor tástála thar 510 Nm. |
2.2. Cruth na coise uachtair i gcoinne chiumhais tosaigh an bhoinéid:
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte suas go 40 km/u. Ní ceart go rachadh suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le luas thar sprioc féideartha 5,0 kN agus déanfar an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteor tástála a thaifeadadh agus a chur i gcomparáid leis an sprioc féideartha 300 Nm.
Cuirfear an tástáil seo i gcrích chun críocha faireacháin amháin agus déanfar na torthaí a thaifeadadh go hiomlán.
2.3. Cruth cloigeann Linbh/Aosaigh Bhig i gcoinne bharr an bhoinéid:
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 35 km/u agus úsáid á baint as imbhuailteoir tástála 3,5 kg. Ní rachaidh an CFC thar 1 000 os cionn 2/3 de limistéar tástála an bhoinéid agus 2 000 don 1/3 atá fágtha de limistéar tástála an bhoinéid.
2.4. Cruth cloigeann aosaigh i gcoinne na gaothscátha:
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 35 km/u agus úsáid á baint as imbhuailteoir tástála 4,8 kg. Déanfar an CFC a thaifeadadh agus a chur i gcomparáid leis an sprioc féideartha 1 000.
Cuirfear an tástáil seo i gcrích chun críocha faireacháin amháin agus déanfar na torthaí a thaifeadadh go hiomlán.
Ceanglaítear na tástálacha seo a leanas a dhéanamh ar fheithiclí:
3.1. Cruth na coise i gcoinne an Tuairteora.
Ceanglaítear ceann amháin de na tástálacha seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
cruth na coise íochtair i gcoinne an tuairteora: Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u. Ní rachaidh uasuillinn dhinimiciúil lúbadh na glúine thar 19,0°, ní rachaidh dí-áitiú uasta dinimiciúil fhiaradh na glúine thar 6,0 mm, agus ní rachaidh an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia thar 170 g. Ina theannta sin, féadfaidh an monaróir leithid tástála tuairteora suas go 264 mm san iomlán a ainmniú i gcás nach rachaidh an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia thar 250 g. |
|
(b) |
cruth na coise uachtair i gcoinne an tuairteora: Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u. Ní rachaidh suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham thar 7,5 kN agus ní rachaidh an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteor tástála thar 510 Nm. |
3.2. Cruth na coise uachtair i gcoinne chiumhais tosaigh an bhoinéid:
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte suas go 40 km/u. Déanfar suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham a chur i gcomparáid le huasmhéid féideartha 5,0 kN agus déanfar an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteoir tástála a chur i gcomparáid le huasmhéid féideartha 300 Nm.
Cuirfear an tástáil seo i gcrích chun críocha faireacháin amháin agus déanfar na torthaí a thaifeadadh go hiomlán.
3.3. Cruth cloigeann Linbh/Aosaigh Bhig i gcoinne bharr an bhoinéid:
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 35 km/u agus úsáid á baint as imbhuailteoir tástála 3,5 kg. Comhlíonfaidh an CFC ceanglais phointe 3.5.
3.4. Cruth cloigeann aosaigh i gcoinne bharr an bhoinéid:
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 35 km/u agus úsáid á baint as imbhuailteoir tástála 4,5 kg. Comhlíonfaidh an CFC ceanglais phointe 3.5.
3.5. Ní rachaidh an CFC a thaifeadtar thar 1 000 os cionn leath limistéar tástála an chrutha cloiginn Linbh agus, ina theannta sin, ní rachaidh sé thar 1 000 os cionn 2/3 den chomhlimistéar tástála do chruth cloiginn Linbh agus Aosaigh. Ní rachaidh an CFC do na limistéir atá fágtha thar 1 700 i gcás an dá chruth cloiginn.
Ceanglaítear na tástálacha seo a leanas a dhéanamh ar fheithiclí:
4.1. Tástáil tagartha chun pointe oibríochta an chórais ag a ngníomhachtaíonn an Córas Coscánaithe Frith-ghlais (CCF) a shainaithint.
4.2. Tástáil chun a fhíorú go ndéantar oibríocht an chórais Cúnaimh Coscáin a dhúiseacht i gceart ionas go bhféadfar saintréithe luasmhoillithe uasta indéanta na feithicle a chur i bhfeidhm.
Ceanglaítear na tástálacha seo a leanas a dhéanamh ar na córais chosanta tosaigh (CCT):
Ceanglaítear ceann de na tástálacha seo a leanas maidir le cruth na coise, faoi phointe 5.1.1. nó faoi phointe 5.1.2., a dhéanamh:
Cruth na coise íochtair i gcoinne an CCT:
Déanfar gach tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u.
5.1.1.1. I gcás CCT a cheadaítear lena fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann ceanglais Roinn 2 ní rachaidh uasuillinn dhinimiciúil lúbadh na glúine thar 21.0°, ní rachaidh dí-áitiú uasta dinimiciúil fhiaradh na glúine thar 6,0 mm, agus ní rachaidh an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia thar 200 g.
5.1.1.2. I gcás CCT a cheadaítear lena fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann ceanglais Roinn 3 ní rachaidh uasuillinn dhinimiciúil lúbadh na glúine thar 19,0°, ní rachaidh dí-áitiú uasta dinimiciúil fhiaradh na glúine thar 6,0 mm, agus ní rachaidh an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia thar 170 g.
I gcás CCT nach gceadaítear lena fheistiú ach ar fheithiclí nach gcomhlíonann Roinn 2 nó Roinn 3, féadfar na ceanglais tástála a leagtar amach i bpointe 5.1.1.3.1 nó i bpointe 5.1.1.3.2 a chur in ionad na gceanglas tástála a leagtar amach i bpointe 5.1.1.1 agus i bpointe 5.1.1.2.
5.1.1.3.1. Ní rachaidh uasuillinn dhinimiciúil lúbadh na glúine thar 24,0°, ní rachaidh dí-áitiú uasta dinimiciúil fhiaradh na glúine thar 7,5 mm, agus ní rachaidh an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia thar 215 g.
5.1.1.3.2. Déanfar péire tástálacha ar an bhfeithicil, ceann a mbeidh CCT feistithe inti, agus an dara ceann nach mbeidh CCT feistithe inti. Déanfar gach péire tástálacha i láithreacha coibhéiseacha mar a chomhaontaítear leis an údarás formheasa ábhartha. Déanfar na luachanna i ndáil le huasuillinn dhinimiciúil lúbadh na glúine, le dí-áitiú uasta dinimiciúil fhiaradh na glúine agus leis an luasghéarú arna thomhas ag foirceann uachtair na tibia a thaifeadadh. I ngach cás, ní rachaidh an luach a thaifeadfar i ndáil leis an bhfeithicil atá feistithe le CCT thar 90 % den luach a thaifeadfar i ndáil leis an bhfeithicil nach bhfuil feistithe le CCT.
Cruth na coise uachtair i gcoinne an CCT:
Déanfar gach tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u.
5.1.2.1. Ní rachaidh suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham thar 7,5 kN agus ní rachaidh an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteor tástála thar 510 Nm.
I gcás CCT nach gceadaítear lena fheistiú ach amháin ar fheithiclí nach gcomhlíonann Roinn 2 ná Roinn 3, féadfar na ceanglais tástála a leagtar amach i bpointe 5.1.2.2.1 nó i bpointe 5.1.2.2.2. a chur in ionad na gceanglas tástála a leagtar amach i bpointe 5.1.2.2.1 agus i bpointe 5.1.2.2.2.
5.1.2.2.1. Ní rachaidh suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham thar 9,4 kN agus ní rachaidh an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteor tástála thar 640 Nm.
5.1.2.2.2. Déanfar péire tástálacha ar an bhfeithicil, ceann a bhfuil CCT feistithe inti, agus an dara ceann nach bhfuil CCT feistithe inti. Déanfar gach péire tástálacha i láithreacha coibhéiseacha mar a chomhaontaítear leis an údarás formheasa ábhartha. Déanfar na luachanna i ndáil le suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte agus an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteoir tástála a thaifeadadh. I ngach cás, ní rachaidh an luach a thaifeadfar i ndáil leis an bhfeithicil atá feistithe le CCT thar 90 % den luach a thaifeadfar i ndáil leis an bhfeithicil nach bhfuil feistithe le CCT.
5.2. Cruth na coise uachtair i gcoinne chiumhais tosaigh an CCT
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 40 km/u. Ní ceart go rachadh suim mheandarach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham, go dtí barr agus bun an imbhuailteora, thar sprioc féideartha 5,0 kN agus ní ceart go rachadh an mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteor tástála thar sprioc féideartha 300 Nm. Déanfar an dá thoradh a thaifeadadh chun críocha faireacháin.
5.3. Cruth cloigeann Linbh/Aosaigh Bhig i gcoinne an CCT
Déantar an tástáil ar luas imbhuailte 35 km/u agus úsáid á baint as imbhuailteoir tástála chruth an cloiginn 3,5 kg le haghaidh linbh/aosaigh bhig. Ní rachaidh CFC, a ríomhtar ó thoradh tuairiscí ama méadair luasghéaraithe, thar 1 000 i ngach cás.
Forálacha Tógála agus Suiteála le haghaidh CCT:
Beidh an fheidhm chéanna ag na ceanglais seo a leanas maidir le CCT atá feistithe i bhfeithiclí nua agus maidir le CCT atá le soláthar mar aonaid theicniúla leithleacha lena bhfeistiú i bhfeithiclí sonraithe.
6.1.1. Déanfar na comhpháirteanna CCT a dhearadh sa chaoi is go mbeidh ga cuaire íosta 5 mm ag na dromchlaí dochta go léir ar féidir leo teagmháil a dhéanamh le sféar 100 mm.
6.1.2. Ní rachaidh mais iomlán an CCT, lena n-áirítear na bracanna agus na feistithe go léir, thar 1,2 % d’uasmhais na feithicle dár dearadh í, faoi réir uasmhéid 18 kg.
6.1.3. Ní rachaidh airde an CCT, nuair a bheidh sé feistithe i bhfeithicil, thar 50 mm os cionn airde líne thagartha chiumhais tosaigh an bhoinéid.
6.1.4. Ní mhéadóidh an CCT leithead na feithicle ina bhfuil sé feistithe. Má tá leithead iomlán an CCT níos mó ná 75 % de leithead na feithicle, déanfar foircinn an CCT a iompú isteach i dtreo an dromchla sheachtraigh chun go n-íoslaghdófar an baol bréanaithe. Meastar an ceanglas seo a bheith arna chomhlíonadh má bhíonn an CCT cuasaithe nó comhtháite laistigh den chabhalra nó má bhíonn foirceann an CCT iompaithe isteach sa chaoi is nach féidir leis teagmháil a dhéanamh le sféar 100 mm agus nach dtéann an bhearna idir foirceann an CCT agus an cabhalra timpeall air thar 20 mm.
6.1.5. Faoi réir phointe 6.1.4, ní rachaidh an bhearna idir comhpháirteanna an CCT agus an dromchla seachtrach íochtair thar 80 mm. Déanfar neamhshuim de neamhleanúnachais logánta in imlíne ghinearálta na cabhlach íochtair (mar shampla oscailtí i ngríleanna, aer-iontógálacha, etc.)
6.1.6. Ag suíomh cliathánach ar bith trasna na feithicle, chun buntáistí thuairteoir na feithicle a chaomhnú, ní rachaidh an fadachar idir an pháirt is mó chun tosaigh den tuairteoir agus an pháirt is mó chun tosaigh den CCT thar 50 mm.
6.1.7. Ní dhéanfaidh an CCT aon laghdú suntasach ar éifeachtacht an tuairteora. Measfar an ceanglas a bheith arna chomhlíonadh mura mbíonn níos mó ná dhá chomhpháirt ingearacha ann agus mura mbíonn comhpháirt chothrománach ar bith den CCT ag forluí ar an tuairteoir.
6.1.8. Ní bheidh an CCT claonta chun tosaigh ar an ingear. Ní shíneoidh páirteanna uachtair an CCT suas nó ar chúl (i dtreo an ghaothscátha) níos faide ná 50 mm ó líne thagartha chiumhais tosaigh bhoinéad na feithicle nuair a bhaintear an CCT di.
6.1.9. Ní chuirfear isteach ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le cineál-cheadú feithiclí trí CCT a fheistiú.
7. De mhaolú ar Roinn 2, ar Roinn 3 agus ar Roinn 5, féadfar go measfaidh an t-údarás formheasa ábhartha a mheas go bhfuil na ceanglais maidir le haon cheann de na tástálacha a leagtar síos sna Ranna sin arna gcomhlíonadh le haon tástáil choibhéiseach a sheoltar faoi cheanglais tástála eile de bhun na hIarscríbhinne seo.
IARSCRÍBHINN II
Doiciméid Faisnéise Samhla atá le soláthar ag an monaróir.
Cuid 1
Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineál-cheadú CE feithicle maidir le cosaint coisithe
Cuid 2
Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineál-cheadú CE feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh
Cuid 3
Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineál-cheadú CE córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach
CUID 1
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineál-cheadú CE feithicle maidir le cosaint coisithe
Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, soláthrófar trí chóip di agus beidh liosta den inneachar san áireamh inti. Déanfar aon líníochtaí a sholáthar de réir scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann iad, mionsonraithe go leordhóthanach.
Má tá rialtáin leictreonacha ag na córais, ag comhpháirteanna nó ag aonaid theicniúla leithleacha, ní foláir faisnéis maidir lena bhfeidhmiú a sholáthar.
0. GINEARÁLTA
0.1. Déanamh (trádainm an mhonaróra):
Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil):
Modh sainaitheanta cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (b) (1):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir na feithicle (c):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann):
1. SAINTRÉITHE GINEARÁLTA DHÉANMHAS NA FEITHICLE
1.1. Grianghraif agus/nó líníochtaí d’fheithicil ionadaíoch:
1.6. Suíomh agus leagan amach an innill:
9. CABHALRA
9.1. Cineál cabhalra:
9.2. Ábhair a úsáideadh agus modhanna tógála:
Cosaint coisithe
9.23.1. Déanfar cur síos mionsonraithe na feithicle, lena n-áirítear grianghraif agus/nó líníochtaí, i ndáil leis an struchtúr, leis na toisí, leis na línte tagartha ábhartha agus le comhábhair pháirt tosaigh na feithicle (inmheánach agus seachtrach) a sholáthar. Beidh mionsonraí aon chórais cosanta gníomhaigh atá suiteáilte san áireamh sa chur síos sin.
CUID 2
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineál-cheadú CE feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh
Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, soláthrófar trí chóip di agus beidh liosta den inneachar san áireamh inti. Déanfar aon líníochtaí a sholáthar de réir scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann iad, mionsonraithe go leordhóthanach.
Má úsáidtear sainábhair sna córais, sna comhpháirteanna nó sna haonaid theicniúla leithleacha, caithfear faisnéis maidir lena bhfeidhmiú a sholáthar.
0. GINEARÁLTA
0.1. Déanamh (trádainm an mhonaróra):
Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil):
Modh sainaitheanta cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (b) (1):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir na feithicle (c):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.7. Suíomh agus modh greamaithe mharc chineál-cheadú an CE:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann):
1. SAINTRÉITHE GINEARÁLTA DHÉANMHAS NA FEITHICLE
1.1. Grianghraif agus/nó líníochtaí d’fheithicil ionadaíoch:
2. MAISEANNA AGUS TOISÍ: (i kg agus i mm) (Déan tagairt do líníocht nuair is infheidhme)
An uasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil arna sonrú ag an monaróir:
2.8.1. Dáileadh na maise sin i measc na n-acastóirí (uas. agus íos.):
9. CABHALRA
9.1. Cineál cabhalra:
Córas Cosanta Tosaigh
9.24.1. Leagan amach ginearálta (líníochtaí nó grianghraif) lena dtaispeántar suíomh agus ceangal na gcóras cosanta tosaigh:
9.24.2. Líníochtaí agus/nó grianghraif, nuair is ábhartha, de ghríleanna aer-iontógála, gríl radaitheora, cóiriú maisiúil, suathantais, feathail, cuais nó aon starráin agus páirteanna seachtracha eile den dromchla lasmuigh ar féidir breathnú air mar ríthábhachtach (e.g. trealamh soilsiúcháin). Mura mbíonn na páirteanna a liostaítear sa chéad abairt ríthábhachtach, féadfar, chun críocha doiciméadaithe, grianghraif, lena ngabhann mionsonraí toiseacha agus/nó téacs, más gá, a chur ina n-ionad:
9.24.3. Mionsonraí iomlána na bhfeistithe a éilítear agus treoracha iomlána, lena n-áirítear ceanglais chasmhóiminte, don fheistiú:
9.24.4. Líníochtaí tuairteoirí:
9.24.5. Líníocht na líne urláir ag ceann tosaigh na feithicle:
CUID 3
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … maidir le cineál-cheadú CE coráis cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach
Más infheidhme an fhaisnéis seo a leanas, soláthrófar trí chóip di agus beidh liosta den inneachar san áireamh inti. Déanfar aon líníochtaí a sholáthar de réir scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann, mionsonraithe go leordhóthanach.
Má úsáidtear sainábhair sna córais, sna comhpháirteanna nó sna haonaid theicniúla leithleacha, déanfar faisnéis maidir lena bhfeidhmiú a sholáthar.
0. GINEARÁLTA
0.1. Déanamh (trádainm an mhonaróra):
Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.7. Suíomh agus modh greamaithe mharc chineál-cheadú an CE:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann):
1. CUR SÍOS AR AN NGLÉAS
1.1. Cur síos teicniúil mionsonraithe (lena n-áirítear grianghraif nó líníochtaí):
1.2. Treoracha cóimeála agus gléasta, lena n-áirítear na casmhóimintí atá ag teastáil:
1.3. Líostú na gcineálacha feithicle inar féidir é a fheistiú:
1.4. Aon srianta ar úsáid agus coinníollacha maidir le feistiú:
(b) Má tá carachtair nach bhfuil ábhartha chun cur síos a dhéanamh ar an gcineál feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil leithligh arna gcuimsiú sa doiciméad faisnéise seo sa mhodh sainaitheanta cineáil, déanfar a leithéid de charachtair a léiriú sa doiciméad leis an tsiombail “?” (m.sh. ABC??123??).
(1) Scrios murab infheidhme (tá cásanna ann nuair nach bhfuil gá aon rud a scriosadh i gcás ina bhfuil níos mó ná iontráil amháin infheidhme)
(c) Rangaithe de réir na sainmhínithe a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear réim maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN III
Deimhnithe Shamhail Chineál-cheadú an CE
Cuid 1
Deimhniú chineál-cheadú an CE i ndáil le cineál-cheadú feithicle maidir le cosaint coisithe
Cuid 2
Deimhniú chineál-cheadú an CE i ndáil le cineál-cheadú feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh
Cuid 3
Deimhniú chineál-cheadú an CE i ndáil le cineál-cheadú córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonaid theicniúla leithleacha
CUID 1
SAMHAIL
uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm
DEIMHNIÚ CHINEÁL-CHEADÚ AN CE
Stampa an Údaráis Chineál-cheadaithe CE
Teachtaireacht maidir le
|
— |
Cineál-cheadú an CE (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a shíneadh (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a dhiúltú (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a tharraingt siar (1) |
i ndáil le cineál feithicle maidir le cosaint coisithe
maidir le Rialachán (CE) Uimh 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Éanair 2009 mar a chuirtear chun feidhme é le …
arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh …/… (2)
Uimhir chineál-cheadú an CE:
An chúis atá leis an sineadh:
ROINN I
0.1. Déanamh (trádainm an mhonaróra):
Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil)
Modh sainaitheanta cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (3):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir na feithicle (4):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann):
ROINN II
1. Faisnéis bhreise (nuair is infheidhme) (féach Aguisín)
2. Seirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a sheoladh:
3. Dáta na tuarascála tástála:
4. Uimhir na tuarascála tástála:
5. Nótaí (más ann iad) (féach Aguisín):
6. Áit:
7. Dáta:
8. Síniú:
|
Ceangaltáin |
: |
Pacáiste faisnéise. Tuarascáil tástála. |
Aguisín a ghabhann le deimhniú chineál-cheadú an CE Uimh … i ndáil le cineál-cheadú feithicle maidir le cosaint coisithe maidir le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
Faisnéis bhreise
1.1. Tuairisc ghearr ar an gcineál feithicle i ndáil lena struchtúr, lena toisí, lena línte agus lena comhábhair:
1.2. Suíomh an innill: chun tosaigh/chun deiridh/sa lár (5)
1.3. Tiomáint: roth tosaigh/roth deiridh (5)
1.4. Mais na feithicle a chuirtear isteach le haghaidh tástála (mar a shainmhínítear i gcomhréir le pointe 1.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009):
|
— |
Acastóir tosaigh: |
|
— |
Acastóir deiridh: |
|
— |
Iomlán: |
Torthaí tástála de réir cheanglais Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
1.5.1. Torthaí tástála Roinn 2:
|
Tástáil |
An luach a taifeadadh |
Pas/Teip (6) |
||
|
Cruth na coise íochtair i gcoinne an tuairteora: (nuair a dhéantar í) |
Uillinn lúbthachta |
… … |
céimeanna |
|
|
Dí-áitiú fiartha |
… … |
mm |
|
|
|
Luasghéarú ag an tibia |
… … |
g |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne an tuairteora: (nuair a dhéantar í) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
… … |
Nm |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne chiumhais tosaigh an bhoinéid: |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
… … |
Nm |
||
|
Cruth cloigeann Linbh/Aosaigh Bhig (3.5 kg) i gcoinne bharr an bhoinéid: |
Luachanna CFC i gCrios A (12 thoradh (8)) |
|
|
|
|
Luachanna CFC i gCrios B (6 thoradh (8)) |
|
|
|
|
|
Cruth cloigeann aosaigh (4,8 kg) i gcoinne an ghaothscátha |
Luachanna CFC (5 thoradh (8)) |
|
|
|
1.5.2. Torthaí tástála Roinn 3:
|
Tástáil |
Luach taifeadta |
Pas/Teip (9) |
||
|
Cruth na coise íochtair i gcoinne an tuairteora: (nuair a dhéantar í) |
Uillinn lúbthachta |
… … |
céimeanna |
|
|
Dí-áitiú fiartha |
… … |
mm |
|
|
|
Luasghéarú ag an tibia |
… … |
g |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne an tuairteora (nuair a dhéantar í) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
… … |
Nm |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne chiumhais tosaigh an bhoinéid: |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
… … |
Nm |
||
|
Cruth cloigeann Linbh/Aosaigh Bhig (3,5 kg) i gcoinne bharr an bhoinéid: |
Luachanna CFC (9 dtoradh (11)) |
|
|
|
|
Cruth cloigeann Aosaigh (4,5 kg) i gcoinne bharr an bhoinéid: |
Luachanna CFC (9 dtoradh (11)) |
|
|
|
Nótaí: (e.g., bailí i gcás feithiclí tiomána tuathalaí agus tiomána deisealaí)
1.5.3. Ceanglais Roinn 4:
|
Mionsonraí córais cúnaimh coscáin arna sholáthar (12). |
|
|
Nótaí (13): |
|
CUID 2:
SAMHAIL
uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm)
DEIMHNIÚ CHINEÁL-CHEADÚ AN CE
STAMPA an Údaráis Chineál-cheadaithe CE
Teachtaireacht maidir le
|
— |
cineál-cheadú an CE (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a shíneadh (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a dhiúltú (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a tharraingt siar (1) |
i ndáil le cineál feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh.
maidir le Rialachán (CE) Uimh 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 mar a chuirtear chun feidhme é le …
arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh …/… (2)
Uimhir Chineál-cheadú an CE:
An chúis atá leis an síneadh:
ROINN I
0.1. Déanamh (trádainm an mhonaróra):
Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil):
Modh sainaitheanta cineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil (3):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir na feithicle (4):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.7. Suíomh agus modh greamaithe mharc chineál-cheadú an CE:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann):
ROINN II
1. Faisnéis bhreise (nuair is infheidhme): Féach Aguisín
2. An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a sheoladh:
3. Dáta na tuarascála tástála:
4. Uimhir na tuarascála tástála:
5. Nótaí (más ann): Féach Aguisín
6. Áit:
7. Dáta:
8. Síniú:
|
Ceangaltáin |
: |
Pacáiste faisnéise. Tuarascáil tástála. |
Aguisín a ghabhann le deimhniú chineál-cheadú an CE Uimh. … i ndáil le cineál-cheadú feithicle maidir lena feistiú le córas cosanta tosaigh maidir le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
1. Fáisnéis bhreise, más ann:
2. Nótaí:
3. Torthaí tástála de réir cheanglais Roinn 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
|
Tástáil |
An luach a taifeadadh |
Pas/Teip |
||
|
Cruth na coise íochtair i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh — 3 shuíomh tástála (nuair a dhéantar í) |
Uillinn lúbthachta |
… … |
céimeanna |
|
|
Dí-áitiú fiartha |
… … |
mm |
|
|
|
Luasghéarú ag an tibia |
… … |
g |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh — 3 shuíomh tástála (nuair a dhéantar í) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
… … |
Nm |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh — 3 shuíomh tástála (monatóireacht amháin) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
|
Nm |
|
|
|
Cruth cloigeann linbh/aosaigh bhig (3,5 kg) i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh |
Luachanna CFC (3 luach ar a laghad) |
|
|
|
CUID 3
SAMHAIL
uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm)
DEIMHNIÚ CHINEÁL-CHEADÚ AN CE
STAMPA an Údaráis Chineál-cheadaithe CE
Teachtaireacht maidir le
|
— |
cineál-cheadú an CE (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a shíneadh (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a dhiúltú (1) |
|
— |
cineál-cheadú an CE a tharraingt siar (1) |
i ndáil le cineál córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach
maidir le Rialachán (CE) Uimh 78/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 ar a chuirtear chun feidhme é le…
arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh …/… (2)
Uimhir Chineál-cheadú an CE:
An chúis atá leis an síneadh:
ROINN I
0.1. Déanamh (trádainm an mhonaróra):
0.2. Cineál:
Modh sainaitheanta cineáil, má tá sé marcáilte ar an gcóras cosanta tosaigh (3):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.7. Suíomh agus modh greamaithe mharc cineál-cheadú an CE:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh (seoltaí) na monarchan (monarchana) cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann)
ROINN II
1. Faisnéis bhreise: Féach Aguisín
2. Seirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a sheoladh:
3. Dáta na tuarascála tástála:
4. Uimhir na tuarascála tástála:
5. Nótaí (más ann): Féach Aguisín
6. Áit:
7. Dáta:
8. Síniú:
|
Ceangaltáin |
: |
Pacáiste faisnéise. Tuarascáil tástála. |
Aguisín a ghabhann le deimhniú chineál-cheadú an CE Uimh. … i ndáil le cineál-cheadú cineáil córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonad teicniúil leithleach maidir le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
Faisnéis bhreise,
1.1. Modh greamaithe:
1.2. Treoracha cóimeála agus gléasta:
1.3. Liosta feithiclí inar féidir an córas cosanta tosaigh a fheistiú, aon srianta úsáide agus coinníollacha riachtanacha maidir le feistiú:
…
2. Nótaí:
3. Torthaí tástála de réir cheanglais Roinn 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
|
Tástáil |
Luach taifeadta |
Pas/Teip |
||
|
Cruth na coise íochtair i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh – 3 shuíomh tástála (nuair a dhéantar í) |
Uillinn lúbthachta |
… … |
céimeanna |
|
|
Dí-áitiú fiartha |
… … |
mm |
|
|
|
Luasghéarú ag an tibia |
… … |
g |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh – 3 shuíomh tástála (nuair a dhéantar í) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
… … |
Nm |
|
|
|
Cruth na coise uachtair i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh – 3 shuíomh tástála (monatóireacht amháin) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… … |
kN |
|
|
Móimint lúbthachta |
|
Nm |
|
|
|
Cruth cloigeann linbh/aosaigh bhig (3,5 kg) i gcoinne an Chórais Chosanta Tosaigh |
Luachanna CFC (3 luach ar a laghad) |
|
|
|
(1) Scrios murab infheidhme.
(2) Cuir isteach uimhir an Rialacháin leasaithigh.
(3) Má tá carachtair nach bhfuil ábhartha chun tuairisc a thabhairt ar an gcineál feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil leithligh arna gcuimsiú sa doiciméad faisnéise seo sa mhodh sainaitheanta cineáil, déanfar a leithéid de charachtair a léiriú sa doiciméad leis an tsiombail “?” (m.sh. ABC??123??).
(4) Mar a shainítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear réim maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
(5) Scrios murab infheidhme.
(6) De réir na luachanna atá sonraithe i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009
(7) Chun críocha faireacháin amháin
(8) De réir [reachtaíocht cur chun feidhme] ón gCoimisiún.
(9) De réir na luachanna a shonraítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 78/2009.
(10) Chun críocha faireacháin amháin.
(11) De réir [reachtaíocht cur chun feidhme] ón gCoimisiún.
(12) Mionsonraí mhodh oibríochta an chórais a sholáthar.
(13) Mionsonraí tástála a sholáthar chun an córas a fhíorú.
IARSCRÍBHINN IV
MARC CHINEÁL-CHEADÚ AN CE
Is éard a bheidh sa mharcáil:
1.1. Dronuilleog a thimpeallaíonn an litir “e”, cás íochtair, agus, ina dhiaidh sin, sainuimhir nó sainlitir(sainlitreacha) an Bhallstáit a dheonaigh cineál-cheadú an CE
|
— |
1 |
don Ghearmáin |
|
— |
2 |
don Fhrainc |
|
— |
3 |
don Iodáil |
|
— |
4 |
don Ísiltír |
|
— |
5 |
don tSualainn |
|
— |
6 |
don Bheilg |
|
— |
7 |
don Ungáir |
|
— |
8 |
do Phoblacht na Seice |
|
— |
9 |
don Spáinn |
|
— |
11 |
don Ríocht Aontaithe |
|
— |
12 |
don Ostair |
|
— |
13 |
do Lucsamburg |
|
— |
17 |
don Fhionnlainn |
|
— |
18 |
don Danmhairg |
|
— |
19 |
don Rómáin |
|
— |
20 |
don Pholainn |
|
— |
21 |
don Phortaingéil |
|
— |
23 |
don Ghréig |
|
— |
24 |
d’Éirinn |
|
— |
26 |
don tSlóivéin |
|
— |
27 |
don tSlóvaic |
|
— |
29 |
don Eastóin |
|
— |
32 |
do Laitvia |
|
— |
34 |
don Bhulgáir |
|
— |
36 |
don Liotuáin |
|
— |
49 |
don Chipir |
|
— |
50 |
do Mhálta |
1.2. Cóngarach don dronuilleog, “an bhonnuimhir cheadaithe” atá i Roinn 4 den uimhir chineál-cheadaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus, roimhe sin, an dá fhigiúr lena léirítear an tsraithuimhir a shanntar don mhórleasú teicniúil is déanaí ar aon Rialachán seo ar an dáta ar deonaíodh cineál-cheadú an CE. Is í 02 an tsraithuimhir don Rialachán seo.
Na litreacha breise seo a leanas os cionn na dronuilleoige:
1.3.1. Léirítear leis an litir “A” gur formheasadh an córas cosanta tosaigh i gcomhréir le ceanglais phointe 5.1.1.1 d’Iarscríbhinn 1 agus go bhfuil sé oiriúnach lena fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.
1.3.2. Léirítear leis an litir “B” gur formheasadh an córas cosanta tosaigh i gcomhréir le ceanglais phointe 5.1.1.2 d’Iarscríbhinn 1 agus go bhfuil sé oiriúnach lena fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann Roinn 3 d’Iarscríbhinn I.
1.3.3. Léirítear leis an litir “X” gur formheasadh an córas cosanta tosaigh faoin gcomaoin, le haghaidh thástáil imbhuailteora chruth na coise, a cheadaítear faoi phointe 5.1.1.3. nó faoi phointe 5.1.2.2 d’Iarscríbhinn I agus nach bhfuil sé oiriúnach lena fheistiú ach amháin ar fheithiclí nach gcomhlíonann Roinn 2 nó Roinn 3 d’Iarscríbhinn I.
1.4. Beidh marc chineál-cheadú an CE inléite go soiléir, doscriosta agus infheicthe go soiléir nuair a shuiteáltar ar an bhfeithicil é.
1.5. Tugtar sampla den mharc formheasa san Aguisín a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
Aguisín
Sampla de Mharc Chineál-cheadú an CE
Is le haghaidh córais cosanta tosaigh a fuair cineál-cheadú sa Ghearmáin (e1) de bhun an Rialacháin seo (02) faoin mbonnuimhir cheadaithe 1471 atá an gléas ar a bhfuil marc chineál-cheadú an CE arna thaispeáint thuas.
Léirítear leis an litir “X” gur formheasadh an córas cosanta tosaigh faoin gcomaoin, le haghaidh thástáil imbhuailteora chruth na coise, a cheadaítear faoi phointe 5.1.1.3. nó faoi phointe 5.1.2.2 d’Iarscríbhinn I.
IARSCRÍBHINN V
Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
Leasaítear Treoir 2007/46/CE leis seo mar a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 9.24: 9.24. Córais Chosanta Tosaigh 9.24.1. Leagan amach ginearálta (líníochtaí nó grianghraif) lena dtaispeántar suíomh agus ceangal na gcóras cosanta tosaigh: 9.24.2. Líníochtaí agus/nó grianghraif, más iomchuí, de ghríleanna aer-iontógála, gríl radaitheora, cóiriú maisiúil, suathantais, feathail, cuais agus aon starráin nó páirteanna seachtracha eile den dromchla lasmuigh ar féidir breathnú air mar ríthábhachtach (e.g. trealamh soilsiúcháin). Mura mbíonn na páirteanna atá liostaithe sa chéad abairt ríthábhachtach, féadfar, chun críocha doiciméadaithe, grianghraif, lena ngabhann mionsonraí toiseacha agus/nó téacs, más gá, a chur ina n-ionad. 9.24.3. Mionsonraí iomlána feistithe a éilítear agus treoracha iomlána, lena n-áirítear ceanglais chasmhóiminte don fheistiú: 9.24.4. Líníochtaí de thuairteoirí: 9.24.5. Líníocht den líne urláir ag ceann tosaigh na feithicle:” |
|
(2) |
In Iarscríbhinn III, Cuid 1, pointe A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 9.24: 9.24. Córais Chosanta Tosaigh 9.24.1. Leagan amach ginearálta (líníochtaí nó grianghraif) lena dtaispeántar suíomh agus ceangal na gcóras cosanta tosaigh: 9.24.3. Mionsonraí iomlána feistithe a éilítear agus treoracha iomlána, lena n-áirítear ceanglais chasmhóiminte don fheistiú:” |
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV leis seo mar a leanas:
|
|
(4) |
In Iarscríbhinn VI, leasaítear an Foscríbhinn leis seo mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinn XI leis seo mar a leanas:
|
|
4.2.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
32 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 79/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Eanáir 2009
maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. Chuige sin, tá córas cuimsitheach cineál-cheadaithe Comhphobail le haghaidh mótarfheithiclí curtha ar bun. Ba cheart na ceanglais theicniúla maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i ndáil le tiomáint hidrigine a chomhchuibhiú ionas go seachnófaí ceanglais éagsúla a ghlacadh sna Ballstáit éagsúla agus go n-áiritheofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus foráil á déanamh d’ardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil ag an am céanna. |
|
(2) |
Is rialachán ar leithligh an Rialachán seo chun críocha nós imeachta cineál-cheadaithe an Chomhphobail dá bhforáiltear le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat d’fhormheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus d’fhormheas chóras, chomhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach atá ceaptha d’fheithiclí den sórt sin (Treoir Réime (3)). Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir. |
|
(3) |
Tar éis iarratas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, cuireadh cur chuige rialúcháin nua i bhfeidhm maidir le reachtaíocht feithiclí an CE. Ba cheart, dá bhrí sin, nach leagfaí síos sa Rialachán seo ach amháin na forálacha bunúsacha maidir le ceanglais i leith cineál-cheadú córas agus comhpháirteanna hidrigine, cé gur cheart na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos trí bhearta cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4). |
|
(4) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún na ceanglais agus na nósanna imeachta tástála a bhunú a bhaineann le modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine, a bhaineann le breis comhpháirteanna hidrigine agus a bhaineann leis an gcóras tiomána. Ba cheart go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún freisin nósanna imeachta sonracha, tástálacha sonracha agus ceanglais shonracha a bhunú maidir le cosaint feithiclí faoi thiomáint hidrigine ar thuairt agus maidir le ceanglais sábháilteachta do chórais lánpháirtithe. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
|
(5) |
San earnáil iompair, ba cheart go mbeadh sé ar cheann de na príomhaidhmeanna go mbeadh cion ní ba mhó feithiclí ann a bheadh neamhdhíobhálach don chomhshaol. Ba cheart iarrachtaí breise a dhéanamh chun breis feithiclí den sórt sin a chur ar an margadh. Trí fheithiclí ina n-úsáidtear breoslaí malartacha a thabhairt isteach, is féidir cáilíocht an aeir uirbigh a fheabhsú go suntasach agus, dá thoradh sin, is féidir an tsláinte phoiblí a fheabhsú go suntasach freisin. |
|
(6) |
Meastar gur modh glan don todhchaí chun feithiclí a thiomáint é hidrigin, modh a théann i dtreo geilleagar saor ó thruailliú a chruthú a bheidh bunaithe ar athúsáid amhábhar agus ar acmhainní fuinnimh in-athnuaite, toisc nach n-astaíonn feithiclí faoi thiomáint hidrigine truailleáin charbónbhunaithe ná gás ceaptha teasa. Ós rud é gur veicteoir fuinnimh an hidrigin agus nach foinse fuinnimh í, braitheann luach bheartas aeráide na cumhachta hidrigine ar an bhfoinse as a bhfaightear an hidrigin. Ba cheart a bheith cúramach dá bhrí sin go dtáirgtear an hidrigin ar bhealach inbhuanaithe, ó acmhainní fuinnimh in-athnuaite a mhéid is féidir, sa chaoi is go mbeidh an comhardú ó thaobh an chomhshaoil de bharr hidrigin a thabhairt isteach mar bhreosla le haghaidh mótarfheithiclí dearfach tríd is tríd. |
|
(7) |
Tá sé ráite ag an nGrúpa Ard-Leibhéil CARS 21 ina thuarascáil dheiridh gur cheart “gach dícheall i ndáil le méadú ar chomhchuibhiú idirnáisiúnta na rialachán mótarfheithicle a chothabháil i gcás inar cuí, d’fhonn na príomh-mhargaí feithiclí a chuimsiú agus an comhchuibheas a leathnú go dtí réimsí nach bhfuil cumhdaithe go dtí seo, faoi chuimsiú Chomhaontú 1958 agus Chomhaontú 1998 an UNECE go háirithe”. Ag teacht leis an moladh sin, ba cheart don Choimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt cheanglais chomhchuibhithe idirnáisiúnta do mhótarfheithiclí faoi choimirce an UNECE. Go háirithe, má ghlactar le Rialachán Teicniúil Domhanda (GTR) maidir le feithiclí hidrigine agus breosla-chille, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar an bhféidearthacht ceanglais an Rialacháin seo a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa GTR. |
|
(8) |
D’fhéadfaí meascáin hidrigine a úsáid mar idirbhreosla go dtí go mbainfí úsáid as hidrigin inti féin, chun tabhairt isteach feithiclí faoi thiomáint hidrigine a éascú i dtíortha ina bhfuil bonneagar maith gás nádúrtha. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, ceanglais maidir le húsáid meascán de hidrigin agus de ghás nádúrtha/bithmheatán a fhorbairt, go háirithe cóimheas measctha de hidrigin agus de ghás a chuireann an fhéidearthacht theicniúil agus na tairbhí comhshaoil san áireamh. |
|
(9) |
Chuirfeadh sainmhíniú ar an gcreat cineál-cheadaithe le haghaidh feithiclí faoi thiomáint hidrigine le muinín úsáideoirí nua agus an phobail i gcoitinne as an teicneolaíocht nua. |
|
(10) |
Ní foláir, dá bhrí sin, creat leordhóthanach a chruthú chun dlús a chur le feithiclí le teicneolaíochtaí nuálacha tiomána agus feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha ar beag a dtionchar ar an gcomhshaol a chur ar an margadh. |
|
(11) |
Tá infheistíochtaí tábhachtacha i bhforbairt teicneolaíochta hidrigine á ndéanamh ag tromlach na monaróirí agus tá siad tosaithe cheana féin ar fheithiclí den sórt sin a chur ar an margadh. Amach anseo, is dóigh go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfeithiclí faoi thiomáint hidrigine san fhlít iomlán. Ní foláir, dá bhrí sin, ní foláir ceanglais choiteanna maidir le sábháilteacht feithiclí faoi thiomáint hidrigine a shonrú. De bhrí go bhféadfadh sé nach ionann an cur chuige maidir le forbairt feithiclí faoi thiomáint hidrigine atá á leanúint ag monaróirí éagsúla, ní foláir ceanglais sábháilteachta a bhunú ar shlí a bheidh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. |
|
(12) |
Ní foláir na ceanglais sábháilteachta sin a bhunú le haghaidh na gcóras hidrigine agus le haghaidh a gcomhpháirteanna ar ceanglais iad is gá d’fhonn cineál-cheadú a fháil. |
|
(13) |
Ní foláir ceanglais a bhunú maidir le suiteáil na gcóras hidrigine agus a gcomhpháirteanna san fheithicil i dtaca le cineál-cheadú feithiclí faoi thiomáint hidrigine. |
|
(14) |
Mar gheall ar shaintréithe an bhreosla, féadfaidh sé go mbeidh cóireáil shonrach ó sheirbhísí tarrthála de dhíth ag feithiclí faoi thiomáint hidrigine. Ní foláir, dá bhrí sin, ceanglais maidir le feithiclí den sórt sin a shainaithint go soiléir agus go mear a leagan síos lena ligfear an breosla atá stóráilte ar bord na feithicle a chur in iúl do na seirbhísí tarrthála. Cé gur cheart go mbeadh modh an tsainaitheanta sin oiriúnach don chuspóir, ba cheart, a mhéid is féidir, nach mbeadh sé de chineál ar dóigh dó a bheith ina ábhar imní i measc an phobail. |
|
(15) |
Tá sé tábhachtach freisin go leagfar amach oibleagáidí na monaróirí maidir le bearta iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur le míbhreoslú feithiclí faoi thiomáint hidrigine. |
|
(16) |
Is ar éigean a éireoidh le feithiclí faoi thiomáint hidrigine ar an margadh mura gcuirfear bonneagar leordhóthanach stáisiún líonta breosla ar fáil san Eoraip. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, bearta oiriúnacha a bhreithniú chun tacú le líonra stáisiún líonta breosla i gcomhair feithiclí faoi thiomáint hidrigine a bhunú ar fud na hEorpa. |
|
(17) |
Meastar go mbeidh feithiclí beaga nuálacha, arna n-ainmniú faoi reachtaíocht chineál-cheadaithe an CE mar fheithiclí de chatagóir L, ina bhfeithiclí a bhféadfar hidrigin a úsáid mar bhreosla iontu go luath. Is lú díchill atá de dhíth chun hidrigin a chur ar fáil do na feithiclí sin, mar nach bhfuil an dúshlán teicniúil agus an leibhéal infheistíochta a bheidh riachtanach chomh hard agus atá i gcás feithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE. Ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2010, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le cineál-cheadú feithiclí hidrigine de chatagóir L a rialáil. |
|
(18) |
Os rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an margadh inmheánach a bhaint amach trí cheanglais theicniúla choiteanna a thabhairt isteach i dtaca le mótarfheithiclí a úsáideann hidrigin, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí i dtaca le tiomáint hidrigine, agus maidir le cineál-cheadú na gcomhpháirteanna hidrigine agus na gcóras hidrigine. Leis an Rialachán seo bunaítear freisin ceanglais maidir le suiteáil comhpháirteanna agus córas den sórt sin.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
1. |
feithiclí faoi thiomáint hidrigine de chatagóir M agus de chatagóir N, faoi mar a shainmhínítear iad i Roinn A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, lena n-áirítear cosaint ar thuairt agus sábháilteacht leictreach feithiclí den sórt sin; |
|
2. |
comhpháirteanna hidrigine a cheaptar le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, a liostaítear in Iarscríbhinn I; |
|
3. |
córais hidrigine a cheaptar le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir M agus de chatagóir N, lena n-áirítear modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine. |
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “feithicil faoi thiomáint hidrigine” mótarfheithicil ar bith a bhaineann úsáid as hidrigin mar bhreosla chun an fheithicil a thiomáint; |
|
(b) |
ciallaíonn “córas tiomána” an t-inneall dócháin inmheánaigh nó an córas breosla-chille a úsáidtear chun an fheithicil a thiomáint; |
|
(c) |
ciallaíonn “comhpháirt hidrigine” an coimeádán hidrigine agus na páirteanna eile go léir den fheithicil faoi thiomáint hidrigine a bhíonn i dteagmháil dhíreach le hidrigin nó ar cuid de chóras hidrigine iad; |
|
(d) |
ciallaíonn “córas hidrigine” cóimeáil de chomhpháirteanna hidrigine agus de pháirteanna cónascacha a fheistítear ar fheithiclí faoi thiomáint hidrigine, seachas córais tiomána nó na haonaid chumhachta chúnta; |
|
(e) |
ciallaíonn “Uasbhrú Incheadaithe Oibre” (UBIO) an t-uasbhrú a gceaptar comhpháirt a bheith faoina réir agus atá ina bhunús le neart na comhpháirte atá faoi bhreithniú a dheimhniú; |
|
(f) |
ciallaíonn “Brú Oibre Ainmniúil” (BOA), maidir le coimeádáin, an brú socraithe ag teocht aonfhoirmeach de 288K (15 °C) i gcás coimeádáin láin, nó maidir le comhpháirteanna eile, an leibhéal brú ag a bhfeidhmíonn comhpháirt go hiondúil; |
|
(g) |
ciallaíonn “umar laistigh” an chuid sin den choimeádán hidrigine a cheaptar le haghaidh úsáid hidrigine leachtaí ina bhfuil hidrigin chrióigineach. |
2. Chun críocha phointe (d) de mhír 1, áirítear, iad seo a leanas, inter alia, ar “córais hidrigine”:
|
(a) |
córais monatóireachta úsáide agus córais rialaithe; |
|
(b) |
córais comhéadáin feithicle; |
|
(c) |
córais róshreafa; |
|
(d) |
córais cosanta róbhrú; |
|
(e) |
córais braite i gcás ina gcliseann an malartóir teasa. |
Airteagal 4
Oibleagáidí na monaróirí
1. Léireoidh monaróirí go mbeidh na feithiclí nua uile faoi thiomáint hidrigine a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobal agus na comhpháirteanna hidrigine nó na córais hidrigine uile a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobail cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.
2. Chun críocha chineál-cheadú na feithicle, feisteoidh na monaróirí na feithiclí faoi thiomáint hidrigine le comhpháirteanna hidrigine agus le córais lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme agus a shuiteálfar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.
3. Chun críocha chineál-cheadú na gcomhpháirteanna agus na gcóras, áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna agus na córais hidrigine na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus ina bhearta cur chun feidhme.
4. Cuirfidh monaróirí faisnéis iomchuí faoi shonraíochtaí na feithicle agus faoi na coinníollacha tástála ar fáil do na húdaráis formheasa.
5. Cuirfidh na monaróirí faisnéis ar fáil chun críocha iniúchadh na gcóras agus na gcomhpháirteanna hidrigine i gcaitheamh shaol seirbhíse na feithicle.
Airteagal 5
Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine
Áiritheoidh na monaróirí:
|
(a) |
go bhfeidhmeoidh na comhpháirteanna agus na córais hidrigine ar bhealach ceart agus sábháilte agus go seasfaidh siad go hiontaofa in aghaidh na gcoinníollacha oibriúcháin leictreacha, meicniúla, teirmeacha agus ceimiceacha gan sceitheadh agus gan dífhoirmiú infheicthe; |
|
(b) |
go mbeidh na córais hidrigine cosanta in aghaidh ró-bhrúchóirithe; |
|
(c) |
go mbeidh na hábhair a úsáidtear le haghaidh na gcodanna sin de na comhpháirteanna agus de na córais hidrigine a bheidh díreach i dteagmháil le hidrigin comhoiriúnach do hidrigin; |
|
(d) |
go seasfaidh comhpháirteanna agus córais hidrigine go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta agus brú a mbeifí ag súil leis ar feadh a saolré ionchasaigh; |
|
(e) |
go seasfaidh comhpháirteanna agus córais hidrigine go hiontaofa in aghaidh an raoin teochta oibríochta a leagtar síos sna bearta cur chun feidhme; |
|
(f) |
go marcálfar comhpháirteanna hidrigine i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme; |
|
(g) |
go mbeidh treo an tsreafa curtha in iúl go soiléir ar na comhpháirteanna hidrigine a bhfuil sreabhadh treoch acu. |
|
(h) |
go ndéanfar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine ar shlí ina bhféadfar iad a shuiteáil i gcomhréir le na ceanglais Iarscríbhinn VI. |
Airteagal 6
Ceanglais maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid
Déanfar tástálacha i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn II ar na coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid.
Airteagal 7
Ceanglais maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid
1. Déanfar tástálacha i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ag féachaint dá gcineál, ar na comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid.
2. Déanfar gléasanna faoisimh chun a áirithiú nach rachaidh an brú san umar laistigh nó in aon chomhpháirt hidrigine ar bith eile thar luach incheadaithe. Socrófar na luachanna i gcomhréir le hUasbhrú Incheadaithe Oibre (UBIO) an chórais hidrigine. Cuirfear córas sábháilteachta ar fáil le haghaidh malartóirí teasa lena gcliseadh a bhrath.
Airteagal 8
Ceanglais maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid
1. Aicmeofar na coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn IV.
2. Tástálfar na coimeádáin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ag féachaint dá gcineál.
3. Déanfar cur síos mionsonraithe ar phríomhairíonna uile an ábhair agus ar na phríomhlamháltais uile a úsáidtear i ndearadh an choimeádáin a chur ar fáil, lena n-áirítear torthaí tástálacha a rinneadh ar an ábhar.
Airteagal 9
Ceanglais maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid
Déanfar tástálacha, ag féachaint dá gcineál, i gcomhréir leis na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar chomhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid.
Airteagal 10
Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine a shuiteáil
Suiteálfar na comhpháirteanna agus na córais hidrigine i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VI.
Airteagal 11
Amchlár le haghaidh cur i bhfeidhm
1. Le héifeacht ón 24 Feabhra 2011, diúltóidh na húdaráis náisiúnta:
|
(a) |
cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta i leith cineálacha nua feithiclí a dheonú ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh an fheithicil sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme; agus |
|
(b) |
cineál-cheadú CE a dheonú i leith cineálacha nua comhpháirte nó córais hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh an chomhpháirt nó an córas sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme. |
2. Le héifeacht ón 24 Feabhra 2012, déanfaidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a) |
ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, measfaidh siad nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta d’fheithiclí nua bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE, agus cuirfidh siad toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí sin, i gcás nach gcomhlíonfaidh na feithiclí sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme; agus |
|
(b) |
cuirfidh siad toirmeasc ar dhíol agus ar chur i seirbhís comhpháirteanna nua hidrigine nó córas nua hidrigine, i gcás nach gcomhlíonfaidh na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo nó a bhearta cur chun feidhme. |
3. Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, agus faoi réir theacht i bhfeidhm na mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 12(1), má iarrann monaróir amhlaidh ní dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta an méid seo a leanas:
|
(a) |
ar fhorais a bhaineann le tiomáint hidrigine, cineál-cheadú CE nó cineál-cheadú náisiúnta a dhiúltú le haghaidh cineálacha nua feithicle nó cineál-cheadú CE le haghaidh cineálacha nua comhpháirteanna nó córas hidrigine a dhiúltú, i gcás ina gcomhlíonfaidh na feithiclí sin, na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme; nó |
|
(b) |
toirmeasc a chur ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís feithiclí nua nó toirmeasc a chur ar dhíol agus ar chur i seirbhís comhpháirteanna nua nó córas nua hidrigine, i gcás ina gcomhlíonfaidh na feithiclí sin, na comhpháirteanna sin nó na córais sin ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme. |
Airteagal 12
Bearta cur chun feidhme
1. Glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas:
|
(a) |
forálacha riaracháin le haghaidh chineál-cheadú feithiclí CE i dtaca le tiomáint hidrigine, agus le haghaidh chineál-cheadú comhpháirteanna agus córas hidrigine; |
|
(b) |
rialacha maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha cineál-cheadaithe agus iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5); |
|
(c) |
rialacha mionsonraithe le haghaidh na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V; |
|
(d) |
rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh suiteáil comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; |
|
(e) |
rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais maidir le feidhmiú sábháilte agus iontaofa comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Airteagal 5; |
|
(f) |
rialacha mionsonraithe maidir le lipéadú nó le bealaí eile chun feithiclí faoi thiomáint hidrigine dá dtagraítear i bpointe 16 d’Iarscríbhinn VI a shainaithint go soiléir agus go mear. |
Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).
2. Feadfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:
|
(a) |
sonraíochtaí le haghaidh na gceanglas a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:
|
|
(b) |
bearta eile is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. |
Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).
Airteagal 13
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an Coiste Teicniúil — Mótarfheithiclí (CTMF), a bunaíodh le hAirteagal 40(1) de Threoir 2007/46/CE, cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1)go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 14
Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
Leasaítear Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 15
Pionóis mar gheall ar neamh-chomhlíonadh
1. Leagfaidh na Ballstáit síos na forálacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i gcás ina sáróidh monaróirí forálacha an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 24 Lúnasa 2010, agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Beidh na cineálacha sáruithe seo a leanas, ar a laghad, faoi réir pionóis:
|
(a) |
dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn nós imeachta cineál-cheadaithe nó le linn nós imeachta as a dtagann aisghlaoch; |
|
(b) |
torthaí tástála le haghaidh cineál-cheadú nó le haghaidh comhlíonadh in-usáide a fhalsú; |
|
(c) |
sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le haisghlaoch nó le haistarraingt cineál-cheadaithe a choinneáil siar; |
|
(d) |
rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú; |
|
(e) |
feistí sáraithe a úsáid. |
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2011, cé is moite d’Airteagal 11(3) agus d’Airteagal 12, a mbeidh feidhm acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus Airteagal 11(2), a mbeidh feidhm aige ón dáta a leagtar amach sa Rialachán seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VONDRA
(1) Tuairim a tugadh an 9 Iúil 2008.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2008.
IARSCRÍBHINN I
Liosta na gcomhpháirteanna hidrigine a bheidh le cineál-cheadú
I gcás ina bhfeistítear iad le feithicil faoi thiomáint hidrigine, ní mór na comhpháirteanna hidrigine seo a leanas a chineál-cheadú:
|
(a) |
comhpháirteanna a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:
|
|
(b) |
comhpháirteanna arna gceapadh chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid agus a bhfuil brú oibre ainmniúil d’os cionn 3,0 MPa acu:
|
IARSCRÍBHINN II
Nósanna imeachta is infheidhme maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid
|
Cineál tástála |
|
Tástáil pléasctha |
|
Tástáil tine chnámh |
|
Tástáil an uasleibhéil líonta |
|
Tástáil brú |
|
Tástáil sceite |
Ní mór iad seo a leanas a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh chineál-cheadú na gcoimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:
|
(a) |
Tástáil pléasctha: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil nach gclisfidh ar an gcoimeádán hidrigine sula mbeidh leibhéal sonraithe ardbhrú, an brú pléasctha (an UBOI arna mhéadú faoin bhfachtóir sábháilteachta), sáraithe. Le cineál-cheadú a fháil, ní mór go mbeidh luach an bhrú phléasctha réadúil i rith na tástála níos airde ná an t-íosbhrú pléasctha a éilítear. |
|
(b) |
Tástáil tine chnámh: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bpléascann an coimeádán lena chóras cosanta dóiteáin nuair a thástáiltear é faoi na coinníollacha sonraithe dóiteáin. |
|
(c) |
Tástáil an uasleibhéil líonta: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go n-oibríonn an córas a choscann rólíonadh an choimeádáin go sásúil agus nach gcuireann an leibhéal hidrigine faoi deara choíche go n-osclófaí na feistí faoisimh brú le linn an líonta. |
|
(d) |
Tástáil brú: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann leibhéal sonraithe ardbhrú a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi bhrú de mhéid áirithe ar feadh achar sonraithe. Tar éis na tástála, ní mór nach mbeidh aon chomhartha dífhoirmithe nó aon sceitheadh infheicthe le sonrú ar an gcoimeádán. |
|
(e) |
Tástáil sceite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bhfuil comhartha sceite ar bith le sonrú ar an gcoimeádán hidrigine faoi na coinníollacha sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán go brú arb ionann é agus a bhrú oibre ainmniúil. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha sceite a bhraithfí trí scoilteanna, trí phiocháin nó trí fhabhtanna comhchosúla eile le sonrú air. |
IARSCRÍBHINN III
Nósanna imeachta tástála is infheidhme le haghaidh comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid
|
|
AN CINEÁL TÁSTÁLA |
||||||||||
|
COMHPHÁIRT HIDRIGINE |
Tástáil brú |
Tástáil sceite sheachtraigh |
Tástáil seasmhachta |
Tástáil oibríochtúil |
Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe |
Tástáil ar an seasamh in aghaidh teasa thirim |
Tástáil aosú ózóin |
Tástáil timthriall teochta |
Tástáil timthriall brú |
Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin |
Tástáil sceite suite |
|
Feistí faoisimh brú |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Comhlaí |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Malartóirí teasa |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cónascairí nó gabhdáin athbhreoslaithe. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Rialtóirí brú |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Braiteoirí |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Píobáin bhreosla sholúbtha |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Faoi réir ceanglas sonrach maidir le haon cheann de na comhpháirteanna hidrigine, ní mór go n-áireofar ar na nósanna imeachta tástála a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin leachtach a úsáid:
|
(a) |
Tástáil brú: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann brú a sheasamh atá níos airde ná brú oibre na comhpháirte. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha sceite, dífhoirmiú, réabadh nó scoilteanna ann nuair a mhéadaítear an brú go dtí ráta áirithe le sonrú ar chomhpháirt hidrigine. |
|
(b) |
Tástáil sceite sheachtraigh: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine saor ó aon sceitheadh seachtrach. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha póiriúlachta le sonrú. |
|
(c) |
Tástáil seasmhachta: is é cuspóir na tástála seo fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann oibriú go hiontaofa ar bhonn leanúnach. Is éard atá i gceist leis an tástáil go ndéanfar líon sonrach de thimthriallta tástála maidir leis an gcomhpháirt hidrigine faoi choinníollacha sonraithe teochta agus brú. Is éard is ciall le timthriall tástála gnáthoibriú na comhpháirte hidrigine (i.e. aon oscailt amháin agus aon dúnadh amháin). |
|
(d) |
Tástáil oibríochtúil: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann oibriú go hiontaofa. |
|
(e) |
Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann seasamh in aghaidh creimthe. Leis sin a chruthú, cuirfear na comhpháirteanna i dteagmháil le ceimiceáin shonraithe. |
|
(f) |
Tástáil ar an seasamh in aghaidh teasa thirim: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine neamh-mhiotalacha in ann ardteocht a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna d’aer ag an uasteocht oibriúcháin. |
|
(g) |
Tástáil aosú ózóin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine neamh-mhiotalacha in ann aosú de bharr ózóin a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna d’aer le tiúchan ard ozóin. |
|
(h) |
Tástáil teocht-timthriallta: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann mórathruithe teochta a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear na comhpháirteanna hidrigine faoi thimthriall teochta ar feadh achar sonraithe ón íosteocht oibriúcháin go dtí an uasteocht oibriúcháin. |
|
(i) |
Tástáil brú-thimthriallta: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh. Leis sin a chruthú, nochtfar na comhpháirteanna hidrigine d’athrú brú ó bhrú an atmaisféir go dtí an tUasbhrú Oibre Incheadaithe (UBOI) agus laghdófar an brú arís go dtí brú an atmaisféir laistigh d’achar gearr ama. |
|
(j) |
Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach mbeidh na comhpháirteanna hidrigine miotalacha (i.e. sorcóirí agus comhlaí) so-ghabhálach i leith brioscú hidrigine. I gcomhpháirteanna hidrigine a chuirtear faoi thimthriallta minice ualaithe, seachnófar coinníollacha as a dtiocfaidh strustuirse logánta agus tionscnamh agus scaipeadh scoilteanna strustuirse sa struchtúr. |
|
(k) |
Tástáil sceite suite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh comhpháirteanna hidrigine saor ó sceitheadh le linn dóibh a bheith suiteáilte sa chóras hidrigine. |
IARSCRÍBHINN IV
Nósanna imeachta is infheidhme maidir le coimeádáin hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid
|
Cineál tástála |
Infheidhme maidir le Coimeádán de Chineál |
|||
|
1 |
2 |
3 |
4 |
|
|
Tástáil Pléasctha |
|
|
|
|
|
Tástáil Bhrú-Timthriallta Teochta Comhthimpeallaí |
|
|
|
|
|
Tástáil Feidhmíochta SRB |
|
|
|
|
|
Tástáil Tine Chnámh |
|
|
|
|
|
Tástáil Treáite |
|
|
|
|
|
Tástáil um Nochtadh do Cheimiceáin |
|
|
|
|
|
Tástáil Lamháltas Fabhtanna Ilchodacha |
|
|
|
|
|
Tástáil Réabtha Struis Luathaithe |
|
|
|
|
|
Tástáil Bhrú-Thimthriallta Teochta Foircní |
|
|
|
|
|
Tástáil Damáiste Tuairte |
|
|
|
|
|
Tástáil Sceite |
|
|
|
|
|
Tástáil Tréscaoilte |
|
|
|
|
|
Tástáil Casmhóiminte Cabhra |
|
|
|
|
|
Tástáil Ghás-Timthriallta Hidrigine |
|
|
|
|
1. Aicmiú coimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid:
|
Cineál 1 |
Coimeádán miotalach gan uaim |
|
Cineál 2 |
Coimeádán fonsathimpeallaithe le líneáil mhiotalach gan uaim |
|
Cineál 3 |
Coimeádán lánchlúdaithe le líneáil mhiotalach gan uaim nó táthaithe |
|
Cineál 4 |
Coimeádán lánchlúdaithe le líneáil neamh-mhiotalach. |
2. Ní mór a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a chuirfear i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú coimeádán hidrigine a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid:
|
(a) |
Tástáil pléasctha: is é cuspóir na tástála luach an bhrú ag a bpléascann an coimeádán a chur ar fáil. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi bhrú de mhéid áirithe ar cheart dó a bheith níos mó ná brú oibre ainmniúil an choimeádáin. Ní mór go mbeidh brú pléasctha an choimeádáin níos mó ná brú sonraithe. Ní mór don mhonaróir brú pléasctha an choimeádáin a thaifeadadh agus an taifead a choimeád ar feadh shaolré seirbhíse an choimeádáin. |
|
(b) |
Tástáil bhrú-thimthriallta teochta comhthimpeallaí: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh. Leis sin a chruthú, déanfar brú-thimthriallta ar an gcoimeádán go dtí go dtarlaíonn cliseadh nó go dtí go sroichtear líon sonraithe timthriallta tríd an mbrú a mhéadú agus a laghdú go méid sonraithe. Ní mór nach gclisfidh ar na coimeádáin go dtí go sroichfear líon sonraithe timthriallta. Ní mór líon na dtimthriallta go dtí an cliseadh, maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh, a dhoiciméadú. Ní mór don mhonaróir na torthaí a choimeád ar feadh shaolré seirbhíse an choimeádáin. |
|
(c) |
Tástáil feidhmíochta sceitheadh roimh bhriseadh (SRB): is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go gcliseann ar an gcoimeádán hidrigine trí sceitheadh roimh réabadh. Leis sin a chruthú, déanfar brú-thimthriallta ar an gcoimeádán tríd an mbrú a mhéadú agus a laghdú go luach sonraithe. Ní mór nach gclisfidh ar na coimeádáin a ndéanfar tástáil orthu trí sceitheadh, sin nó ní mór nach ngabhfaidh siad thar líon sonraithe timthriallta tástála gan cliseadh. Ní mór líon na dtimthriallta go cliseadh, maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh a thaifeadadh. |
|
(d) |
Tástáil tine chnámh: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bpléascann an coimeádán lena chóras cosanta dóiteáin nuair a thástáiltear é faoi na coinníollacha sonraithe dóiteáin. Ní mór nach scaoilfidh an coimeádán, arna theannadh go brú oibre, ach tríd an fheiste faoisimh brú agus ní mór nach réabfaidh sé. |
|
(e) |
Tástáil treáite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach réabfaidh an coimeádán nuair a threáitear le piléar é. Leis sin a chruthú, teanntar an coimeádán iomlán lena bhratú cosanta agus treáitear le piléar é. Ní mór nach réabfaidh an coimeádán. |
|
(f) |
Tástáil um nochtadh do cheimiceáin: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán in ann nochtadh do shubstaintí sonraithe ceimiceacha a sheasamh. Leis sin a chruthú, beidh an coimeádán nochta do thuaslagáin éagsúla cheimiceacha. Méadófar an brú sa choimeádán go luach áirithe agus déanfar tástáil pléasctha. Ní mór go sroichfidh an coimeádán brú pléasctha sonraithe agus ní mór an brú sin a thaifeadadh. |
|
(g) |
Tástáil lamháltas fabhtanna ilchodacha: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann nochtadh d’ardbhrú a sheasamh. Leis sin a chruthú, gearrfar fabhtanna de chruth sonraithe i dtaobh-bhalla an choimeádáin agus cuirfear líon sonraithe brú-thimthriallta i gcrích. Ní mór nach sceithfidh nó nach réabfaidh an coimeádán laistigh de líon timthriallta, ach féadfaidh sé cliseadh trí sceitheadh le linn na dtimthriallta tástála ina dhiaidh sin. Ní mór líon na dtimthriallta go cliseadh maille le suíomh an chliste agus tuairisc ar an gcliseadh a thaifeadadh. |
|
(h) |
Tástáil réabtha struis luathaithe: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann nochtadh d’ardbhrú agus d’ardteocht ag teorainn an raon oibriúcháin incheadaithe a sheasamh ar feadh tréimhse fhada ama. Leis sin a chruthú, nochtfar an coimeádán ar feadh tréimhse sonraithe do choinníollacha sonraithe brú agus teochta agus ina dhiaidh sin gabhfaidh sé faoi thástáil phléasctha dá dtagraítear faoi phointe (a). Ní mór go sroichfidh an coimeádán brú pléasctha sonraithe. |
|
(i) |
Tástáil bhrú-thimthriallta teochta foircní: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann athruithe brú a sheasamh faoi choinníollacha difriúla teochta. Leis sin a chruthú, déanfar tástáil timthriallta go hidreastatach ar an gcoimeádán, a bheidh saor ó aon bhratú cosanta, trína nochtadh do choinníollacha comhthimpeallacha foircneacha agus ansin tástáil sceite agus tástáil phléasctha a dhéanamh faoi mar a dtagraítear dóibh faoi phointe (a) agus faoi phointe (k). Le linn tástáil timthriallta ar na coimeádáin ní mór nach mbeidh comhartha ar bith de réabadh, sceitheadh nó roiseadh snáithín le sonrú orthu. Ní mór nach bpléascfaidh na coimeádáin ag brú sonraithe. |
|
(j) |
Tástáil damáiste tuairte: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go bhfanfaidh an coimeádán hidrigine de bheith oibríochtúil tar éis é a nochtadh do na tuairteanna sonraithe meicniúla. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi thástáil titime agus déanfar líon sonraithe brú-thimthriallta. Ní mór nach sceithfidh nó nach réabfaidh an coimeádán laistigh de líon sonraithe timthriallta, ach féadfaidh sé cliseadh trí sceitheadh le linn na dtimthriallta tástála ina dhiaidh sin. |
|
(k) |
Tástáil sceite: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach bhfuil comhartha sceite ar bith le sonrú ar an gcoimeádán hidrigine faoi na coinníollacha sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán go brú arb ionann é agus a bhrú oibre ainmniúil. Ní mór nach mbeidh comhartha ar bith de sceitheadh arna bhrath trí scoilteanna, trí phiocháin nó trí fhabhtanna comhchosúla eile le sonrú air. |
|
(l) |
Tástáil tréscaoilte: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil nach dtréscaoileann an coimeádán hidrigine níos mó ná ráta sonraithe. Leis sin a chruthú, teannfar an coimeádán le gás hidrigine go brú oibre ainmniúil agus déantar faireachán air ansin i dtaca le tréscaoileadh i seoimrín iata ar feadh achar sonraithe faoi choinníollacha sonraithe teochta. |
|
(m) |
Tástáil casmhóiminte cabhra: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann an chasmhóimint shonraithe a sheasamh. Leis sin a chruthú, cuirfear casmhóimint leis an gcoimeádán ó threonna éagsúla. Ansin, déanfar tástáil sceite agus tástáil pléasctha dá dtagraítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (k) thuas. Ní mór don choimeádán na ceanglais maidir leis an tástáil sceite agus leis an tástáil phléasctha a chomhlíonadh. Ní mór an chasmhóimint, an brú sceite agus an brú pléasctha a chuirfear leis a thaifeadadh. |
|
(n) |
Tástáil ghás-timthriallta hidrigine: is é cuspóir na tástála fianaise a chur ar fáil go mbeidh an coimeádán hidrigine in ann mórathruithe brú a sheasamh nuair a bhaintear úsáid as gás hidrigine. Leis sin a chruthú, cuirfear an coimeádán faoi roinnt brú-thimthriallta trí úsáid a bhaint as gás hidrigine agus tástáil sceite dá dtagraítear faoi phointe (k) thuas. Déanfar iniúchadh ar an meathlú, amhail scoilteadh strustuirse nó diúscairt leictreastatach an choimeádáin. Ní mór go dtiocfaidh an coimeádán leis na ceanglais maidir leis an tástáil sceite. Ní mór go mbeidh an coimeádán saor ó mheathlú ar bith, amhail scoilteadh strustuirse nó diúscairt leictreastatach. |
IARSCRÍBHINN V
Nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin, a cheaptar chun hidrigin chomhbhrúite (gásach) a úsáid
|
|
AN CINEÁL TÁSTÁLA |
|||||
|
COMHPHÁIRT HIDRIGINE |
Tástálacha ábhair |
Tástáil ar an seasamh in aghaidh creimthe |
Tástáil seasmhachta |
Tástáil bhrú-thimthriallta hiodrálaigh |
Tástáil sceite inmheánaigh |
Tástáil sceite sheachtraigh |
|
Feistí faoisimh brú |
|
|
|
|
|
|
|
Comhlaí uathoibríocha |
|
|
|
|
|
|
|
Comhlaí láimhe |
|
|
|
|
|
|
|
Comhlaí neamhchúlaithe |
|
|
|
|
|
|
|
Comhlaí faoisimh brú |
|
|
|
|
|
|
|
Malartóirí teasa |
|
|
|
|
|
|
|
Cónascairí nó gabhdáin athbhreoslaithe |
|
|
|
|
|
|
|
Rialtóirí brú |
|
|
|
|
|
|
|
Braiteoirí le haghaidh córais hidrigine |
|
|
|
|
|
|
|
Píobáin bhreosla sholúbtha |
|
|
|
|
|
|
|
Feistí |
|
|
|
|
|
|
|
Scagairí hidrigine |
|
|
|
|
|
|
|
Cónascairí córais stórála inbhainte |
|
|
|
|
|
|
Faoi réir ceanglas sonrach maidir le haon cheann de na comhpháirteanna hidrigine, ní mór a áireamh ar na nósanna imeachta tástála a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le cineál-cheadú comhpháirteanna hidrigine, seachas coimeádáin:
1. Tástálacha ábhair:
|
1.1. |
Tástáil comhoiriúnachta le hidrigin mar atá leagtha amach i bpointe (j) d’Iarscríbhinn III. |
|
1.2. |
Tástáil aosaithe: is é cuspóir na tástála a sheiceáil cibé an mbeidh an t-ábhar a mbaintear úsáid as i gcomhpháirt hidrigine neamh-mhiotalach in ann aosú a sheasamh. Ní cheadaítear aon scoilteadh infheicthe ar na samplaí tástála. |
|
1.3. |
Tástáil comhoiriúnachta le hózón: is é cuspóir na tástála a sheiceáil cibé an mbeidh an t-ábhar leaistiméire sa chomhpháirt hidrigine comhoiriúnach le nochtadh d’ózón. Ní cheadaítear aon scoilteadh infheicthe ar na samplaí tástála. |
2. An tástáil ar sheasamh in aghaidh creimthe atá leagtha amach i bpointe (e) d’Iarscríbhinn III.
3. An tástáil seasmhachta atá leagtha amach i bpointe (c) d’Iarscríbhinn III.
4. An tástáil bhrú-thimthriallta hiodrálaigh atá leagtha amach i bpointe (i) d’Iarscríbhinn III. Ní mór nach mbeidh aon chomhartha infheicthe de dhífhoirmiú nó d’easbhrú le sonrú ar na comhpháirteanna hidrigine agus ní mór go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na tástála sceite sheachtraigh agus inmheánaigh.
5. Tástáil sceite inmheánaigh: is é cuspóir na tástála sceite inmheánaigh fianaise a chur ar fáil go mbeidh na comhpháirteanna hidrigine sonraithe saor ó sceitheadh inmheánach. Leis sin a chruthú, teannfar na comhpháirteanna hidrigine faoi choinníollacha éagsúla teochta agus beifear ag faire amach do sceitheadh. Ní mór go bhfanfaidh an chomhpháirt hidrigine saor ó shúilíní agus ní mór nach mbeidh sceitheadh inmheánach ann ag ráta níos airde ná uimhir shonraithe.
6. An tástáil sceite sheachtraigh atá leagtha amach i bpointe (b) d’Iarscríbhinn III.
IARSCRÍBHINN VI
Ceanglais ghinearálta maidir le comhpháirteanna agus córais hidrigine a shuiteáil
1. Suiteálfar an córas hidrigine sa chaoi is go mbeidh sé cosanta ar dhamáiste.
Ní mór go mbeadh sé scoite ó fhoinsí teochta san fheithicil.
2. Ní fhéadfar an coimeádán hidrigine a aistriú, ach amháin chun coimeádán hidrigine eile a chur in áit, chun críche athbhreoslaithe nó le haghaidh obair chothabhála.
I gcás inneall dócháin inmheánaigh, ní mór nach suiteálfar an coimeádán in urrann inneall na feithicle.
Ní mór go mbeidh a leordhóthain cosanta aige in aghaidh creimthe de chineál ar bith.
3. Ní foláir bearta a ghlacadh chun míbhreoslú na feithicle agus sceitheadh hidrigine a chosc le linn athlíonta agus le deimhin a dhéanamh de go n-aistreofar córas stórála hidrigine inaistrithe go sábháilte.
4. Ní mór go ndaingneofar an cónascaire nó an gabhdán athbhreoslaithe in aghaidh an mhíchoigeartaithe agus ní mór go ndéanfar é a chosaint ó shalachar agus ó uisce. Ní mór go mbeidh an cónascaire nó an gabhdán athbhreoslaithe lánpháirtithe le comhla neamhchúlaithe nó le comhla a bhfuil an fheidhm chéanna aici. Mura mbeidh an cónascaire athbhreoslaithe suite go díreach ar an gcoimeádán, ní mór go ndéanfar an píobán athbhreoslaithe a dhaingniú le comhla neamhchúlaithe nó le comhla a bhfuil an fheidhm chéanna aici, a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán nó a bheidh laistigh den choimeádán.
5. Ní mór go suiteálfar agus go bhfosófar an coimeádán hidrigine sa dóigh gur féidir na luasghéaruithe sonraithe a shú gan damáiste do na comhpháirteanna a bhaineann le sábháilteacht nuair a bhíonn na coimeádáin hidrigine lán.
6. Ní mór go ndaingneofar na píobáin soláthair breosla hidrigine le comhla stoptha uathoibríoch a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán nó a bheidh laistigh den choimeádán. Dúnfaidh an chomhla má éilíonn mífheidhmiú an chórais hidrigine go ndúnfaidh sí nó má tharlaíonn aon rud eile a mbeidh sceitheadh hidrigine de thoradh air. Nuair a chasfar an córas tiomána as, ní mór go gcasfar an soláthar breosla ón gcoimeádán go dtí an córas tiomána as agus ní mór go bhfanfaidh sé dúnta go dtí go gcaithfear an córas a oibriú arís.
7. I gcás tionóiscí, cuirfidh an chomhla stoptha uathoibríoch a bheidh suite go díreach ar an gcoimeádán, nó a bheidh laistigh den choimeádán, bac ar an sreabhadh gáis ón gcoimeádán.
8. Ní ghobfaidh aon chomhpháirt hidrigine, lena n-áirítear aon ábhar cosanta ar cuid de chomhpháirteanna den sórt sin é, amach thar imeall na feithicle nó thar an struchtúr cosanta. Ní bheidh feidhm aige sin má bhíonn comhpháirt hidrigine cosanta go leordhóthanach agus mura mbíonn aon chuid den chomhpháirt hidrigine suite lasmuigh den struchtúr cosanta sin.
9. Ní mór go suiteálfar an córas hidrigine sa chaoi is go mbeidh sé cosanta ó dhamáiste, amhail damáiste de bharr comhpháirteanna feithicle faoi ghluaiseacht, tuairteanna, griothal nó de bharr luchtú nó folmhú na feithicle nó luchtanna a aistriú, a oiread agus is praiticiúil go réasúnta.
10. Ní mór nach suiteálfar aon chomhpháirt hidrigine in aice le píobán sceite innill dócháin inmheánaigh nó in aice le haon fhoinse eile teasa, mura mbeidh comhpháirt den sórt sin go leordhóthanach á cosaint ar theas.
11. Ní mór go gceapfar an córas aerála nó teasa don urrann phaisinéara agus d’áiteanna inar féidir le sceitheadh nó bailiú hidrigine tarlú sa chaoi is nach mbeidh hidrigin á tarraingt isteach san fheithicil.
12. I gcás tionóisce, ní mór a áirithiú a mhéid is féidir ar bhonn réasúnta go mbeidh an fheiste faoisimh brú agus an córas scaoilte a bhaineann leis in ann feidhmiú. Ní mór go mbeidh córas scaoilte na feiste faoisimh brú cosanta leordhóthanach i gcoinne salachair agus uisce.
13. Ní mór go mbeidh urrann phaisinéara na feithicle scartha ón gcóras hidrigine le go seachnófar bailiú hidrigine san urrann sin. Ní mór go gcinnteofar nach n-éalóidh aon bhreosla a sceitheann ón gcoimeádán nó óna chuid chomhghabhálas go dtí urrann phaisinéara na feithicle.
14. Ní mór go mbeidh comhpháirteanna hidrigine a d’fhéadfadh hidrigin a sceitheadh laistigh den urrann phaisinéara nó d’urrann an bhagáiste nó laistigh d’aon urrann neamhaeraithe eile imfhálaithe le feireadh gás-obach nó lena choibhéis ó thaobh éifeachta mar atá sonraithe sna bearta cur chun feidhme.
15. Ní mór go n-insleofar feistí faoi oibriú leictreach ina bhfuil hidrigin sa dóigh nach mbeidh aon sruth ag dul trí na codanna ina bhfuil hidrigin d’fhonn cosc a chur ar spréacha leictreacha i gcás briste.
Ní mór go mbeidh nasc leanúnach leictreach ag comhpháirteanna miotalacha an chórais hidrigine le talmhú na feithicle.
16. Ní mór go ndéanfar lipéid nó modhanna aitheanta eile a úsáid lena chur in iúl do sheirbhísí tarrthála gur le cumhacht hidrigine a thiomáintear an fheithicil agus go n-úsáidtear hidrigin leachtach nó chomhbhrúite (gásach).
IARSCRÍBHINN VII
Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
Leasaítear Treoir 2007/46/CE leis seo mar a leanas:
1. I gCuid I d’Iarscríbhinn IV, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
Ítim |
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
Tagairt don Iris Oifigiúil |
Infheidhmeacht |
|||||||||
|
M1 |
M2 |
M3 |
N1 |
N2 |
N3 |
O1 |
O2 |
O3 |
O4 |
||||
|
“62. |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
X |
X |
X |
X |
X |
X” |
|
|
|
|
|
2. San Aguisín a ghabhann le Cuid I d’Iarscríbhinn IV, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
|
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
An tagairt don Iris Oifigiúil |
M1 |
|
“62 |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
X” |
3. San Aguisín a ghabhann le hIarscríbhinn VI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
|
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin (1) |
Arna leasú le |
Infheidhme maidir le leaganacha |
|
“62. |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009” |
|
|
4. In Aguisín 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
Ítim |
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
M1 ≤ 2 500 (1) kg |
M1 > 2 500 (1) kg |
M2 |
M3 |
|
“62 |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
Q |
G + Q |
G + Q |
G + Q” |
5. In Aguisín 2 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
Ítim |
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
M1 |
M2 |
M3 |
N1 |
N2 |
N3 |
O1 |
O2 |
O3 |
O4 |
|
“62 |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
A |
A |
A |
A |
A |
A” |
|
|
|
|
6. In Aguisín 3 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
Ítim |
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
M1 |
|
“62 |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
X” |
7. In Aguisín 4 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
Ítim |
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
M2 |
M3 |
N1 |
N2 |
N3 |
O1 |
O2 |
O3 |
O4 |
|
“62 |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
Q |
Q |
Q |
Q |
Q” |
|
|
|
|
8. In Aguisín 5 a ghabhann le hIarscríbhinn XI, cuirtear an tsraith nua seo a leanas leis an tábla:
|
Ítim |
Ábhar |
Tagairt don ionstraim rialúcháin |
Crann tógála soghluaiste de chatagóir N3 |
|
“62 |
Córas hidrigine |
Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 |
X” |
|
4.2.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
47 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 80/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Eanáir 2009
maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 agus Airteagal 80(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is rannchuidiú mór é Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle an 24 Iúil 1989 maidir le cód iompraíochta do chórais áirithinte ar ríomhairí (4) le coinníollacha córa agus neamhchlaonta a áirithiú i gcomhair aeriompróirí i gcórais áirithinte ar ríomhairí (dá ngairfear “CAR” anseo feasta), agus sa chaoi sin cosnaítear leasanna tomhaltóirí. |
|
(2) |
Úsáidtear CAR chun cuid shuntasach d’áirithintí aerlíne a dhéanamh fós. |
|
(3) |
Fágann na forbairtí sa teicneolaíocht agus sa mhargadh gur féidir simpliú suntasach a dhéanamh ar an réim reachtach trí bhreis solúbthachta a thabhairt do dhíoltóirí na gcóras agus d’aeriompróirí táillí áirithinte agus sonraí táillí a chaibidil. Ba cheart go bhfágfadh sé seo go bhféadfaidh siad iad féin a chur in oiriúint i slí sholúbtha do riachtanais agus d’iarrataí na ngníomhairí taistil agus na dtomhaltóirí agus a dtáirgí iompair a dháileadh ar shlí níos éifeachtaí. |
|
(4) |
Dá ainneoin sin, is gá forálacha áirithe a choimeád i gcás na gCAR sa mhargadh mar atá sé faoi láthair, a mhéid atá táirgí iompair i gceist iontu, d’fhonn mí-úsáid iomaíochta a chosc agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis neodrach do na tomhaltóirí. |
|
(5) |
I gcás go ndiúltaíonn na máthair-iompróirí an fhaisnéis chéanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht do chórais eile seachas dá gcórais féin nó glacadh le háirithintí arna ndéanamh ar na córais sin, d’fhéadfaí an iomaíocht idir na CAR a shaobhadh go mór. |
|
(6) |
Is gá iomaíocht éifeachtach a chothabháil idir iompróirí rannpháirteacha agus máthair-iompróirí agus urraim do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú i measc aeriompróirí beag beann ar a rannpháirtíocht sa CAR. |
|
(7) |
Ba cheart go mbeadh máthair-iompróirí faoi réir rialacha sonracha d’fhonn téarmaí iomaíochta trédhearcacha agus inchomparáide a áirithiú sa mhargadh. |
|
(8) |
Ba cheart do na díoltóirí córais na CAR a scaradh go soiléir ó aon chóras áirithinte inmheánach nó aon chineál eile córais áirithinte de chuid aon aerlíne agus staonadh ó shaoráidí dáileacháin a chur in áirithe dá máthair-iompróirí, d’fhonn a sheachaint go mbeadh rochtain phribhléideach ag máthair-iompróir na CAR. |
|
(9) |
Chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, is gá céadtaispeáint neamhchlaonta a chur i láthair úsáideoirí CAR agus a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir leis na hiompróirí rannpháirteacha uile inrochtana go cothrom ionas nach dtaobhófar le hiompróir rannpháirteach amháin seachas le hiompróir rannpháirteach eile. |
|
(10) |
Méadaíonn úsáid taispeána neamhchlaonta trédhearcacht na dtáirgí agus na seirbhísí iompair a chuireann na hiompróirí rannpháirteacha ar fáil agus cuireann sé go mór le muinín an tomhaltóra. |
|
(11) |
Ba cheart go n-áiritheodh na díoltóirí córais go bhfuil na sonraí maidir le margú CAR ar fáil do gach iompróir rannpháirteach gan aon idirdhealú, agus níor cheart go mbeadh soláthraithe iompair ábalta sonraí den sórt sin a úsáid chun tionchar míchuí a bheith acu ar rogha an ghníomhaire taistil ná ar rogha an tomhaltóra. |
|
(12) |
D’fhéadfadh comhaontú nó comhaontuithe idir na sínitheoirí agus an díoltóir córais ar Shonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (“MIDT”) scéim cúitimh i bhfabhar na sínitheoirí a chur san áireamh. |
|
(13) |
Ba cheart soláthar faisnéise maidir le seirbhísí iarnróid agus le seirbhísí iarnróid-aeir a éascú ar na taispeáintí CAR. |
|
(14) |
De réir Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (athmhúnlú) (5), ní mór d’aeriompróirí a dtáillí ina gcuimsítear na cánacha, na muirir, na formhuirir agus na táillí dosheachanta agus intuartha go léir a fhoilsiú. Ba cheart go dtabharfadh taispeáintí CAR faisnéis faoi tháillí ina gcuimsítear na catagóirí céanna praghsanna chun a áirithiú gur féidir le gníomhairí taistil an fhaisnéis sin a thabhairt dá gcliaint. |
|
(15) |
Ba cheart go mbeadh faisnéis faoi sheirbhísí bus i gcomhair táirgí aeriompair nó táirgí iompair ar iarnród a ionchorpraítear taobh le táirgí aeriompair ar taispeáint as seo amach sa phríomhthaispeáint CAR. |
|
(16) |
Ba cheart spreagadh a thabhairt do CARanna faisnéis shothuigthe a chur ar fáil, as seo amach, maidir le hastuithe CO2 agus maidir leis an ídiú breosla don eitilt. D’fhéadfaí é sin a chur in iúl trí shonraí maidir le meán-ídiú breosla in aghaidh an duine i lítear/100km agus na meán-astuithe CO2 in aghaidh an duine i g/km agus d’fhéadfaí é sin a chur i gcomparáid leis na sonraí maidir leis an nasc traenach/bus comhroghnach is fearr do thurais a mhaireann níos lú ná cúig uair an chloig. |
|
(17) |
Ba cheart caitheamh le haeriompróirí ón gComhphobal agus ó thríú tíortha ar an tslí chéanna maidir le seirbhísí CAR. |
|
(18) |
D’fhonn cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí forfheidhmithe iomchuí ag an gCoimisiún, lena n-áirítear an deis sáruithe a iniúchadh, cibé ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearáin, chun ordú a thabhairt do na gnóthais lena mbaineann deireadh a chur le sáruithe den sórt sin, agus fíneálacha a fhorchur. |
|
(19) |
Ba cheart don Choimisiún monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo go tráthrialta agus go háirithe maidir lena éifeachtacht chun cleachtais frithiomaíochta agus cleachtais idirdhealaithe a chosc i margadh an dáileacháin seirbhísí taistil trí CAR, ó tharla, go háirithe, go bhfuil iompróirí ann a mbíonn dlúthnaisc acu le díoltóirí córais. |
|
(20) |
Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh. Comhlánaíonn an Rialachán seo na rialacha ginearálta iomaíochta, a fhanann infheidhme go hiomlán maidir le mí-úsáidí iomaíochta, amhail sáruithe i gcoinne trusta nó mí-úsáidí maidir leis an gceannasacht. |
|
(21) |
Is í Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6) a rialaíonn cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Is sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE forálacha an Rialacháin seo maidir le gníomhaíochtaí CAR. |
|
(22) |
Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
ROINN 1
FORÁLACHA TOSAIGH
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Beidh an Rialachán seo infheidhme maidir le haon chóras áirithinte ar ríomhairí (“CAR”), a mhéid atá táirgí aeriompair i gceist, nuair a thairgtear é lena úsáid sa Chomhphobal nó nuair a úsáidtear é sa Chomhphobal.
Beidh an Rialachán seo infheidhme freisin maidir le táirgí iompair ar iarnród, a ionchorpraítear taobh leis na táirgí aeriompair ar phríomhthaispeáint CAR, nuair a thairgtear é lena úsáid sa Chomhphobal nó nuair a úsáidtear é sa Chomhphobal.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
1. |
ciallaíonn “táirge iompair” iompar paisinéara idir dhá aerfort nó dhá stáisiún traenach; |
|
2. |
ciallaíonn “aersheirbhís sceidealta” sraith eitiltí ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:
|
|
3. |
ciallaíonn “táillí” na praghsanna atá le híoc ag paisinéirí le haeriompróirí, le hoibreoirí iompair ar iarnród, lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad chun na paisinéirí sin a iompar ar sheirbhísí iompair agus aon choinníollacha atá i bhfeidhm maidir leis na praghsanna sin, lena n-áirítear luach saothair agus coinníollacha arna dtairiscint do sheirbhísí gníomhairí agus do sheirbhísí cúnta eile; |
|
4. |
ciallaíonn “córas áirithinte ar ríomhairí” nó “CAR” córas ríomhairithe ar a bhfuil faisnéis maidir le, inter alia, sceidil, infhaighteacht agus táillí, a bhaineann le níos mó ná aeriompróir amháin, cibé an ngabhann saoráidí chun áirithintí a dhéanamh nó chun ticéid a eisiúint leo nó nach ngabhann, a mhéid a chuirtear roinnt de na seirbhísí sin nó na seirbhísí go léir ar fáil do shínitheoirí; |
|
5. |
ciallaíonn “díoltóir córais” aon eintiteas agus a chleamhnaithe atá freagrach as CAR a oibriú nó a mhargú; |
|
6. |
ciallaíonn “saoráidí dáileacháin” saoráidí arna soláthar ag díoltóir córais chun faisnéis a chur ar fáil faoi aeriompróirí agus faoi oibreoirí iompair ar iarnród agus faoina sceidil, faoina n-infhaighteacht, faoina dtáillí agus faoina seirbhísí gaolmhara agus chun áirithintí a dhéanamh agus/nó ticéid a eisiúint, agus i gcomhair aon seirbhísí gaolmhara eile; |
|
7. |
ciallaíonn “máthair-iompróir” aon aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród a rialaíonn go díreach nó go hindíreach, ina aonar nó i gcomhpháirt le daoine eile, nó a ghlacann páirt sa chaipiteal agus cearta nó ionadaíocht aige ar an mbord stiúrthóirí, ar an mbord maoirseoireachta nó ar aon chomhlacht ceannais eile de chuid díoltóra córais, chomh maith le haon aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród arna rialú aige; |
|
8. |
ciallaíonn “rannpháirtíocht i gcaipiteal agus cearta nó ionadaíocht aige ar an mbord stiúrthóirí, ar an mbord maoirseoireachta nó ar aon chomhlacht ceannais eile de chuid díoltóra córais” infheistíocht lena gceanglaítear cearta nó ionadaíocht ar an mbord stiúrthóirí, ar an mbord maoirseoirseachta nó ar aon chomhlacht ceannais eile de chuid díoltóra córais, agus a thugann an deis tionchar cinntitheach a fheidhmiú, ina aonar nó i gcomhpháirt le daoine eile, ar reachtáil ghnó an díoltóra córais; |
|
9. |
ciallaíonn “rialú” caidreamh bunaithe ar chearta, ar chonarthaí nó ar aon mhodh eile a thugann an deis, cibé ina aonar nó i gcomhpháirt agus ag féachaint do chúrsaí fíorais nó dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas, agus go háirithe:
|
|
10. |
ciallaíonn “iompróir rannpháirteach” aeriompróir nó oibreoir iompair ar iarnród a bhfuil comhaontú aige le díoltóir córais maidir le dáileadh táirgí iompair trí CAR; |
|
11. |
ciallaíonn “sínitheoir” duine nó gnóthas, seachas iompróir rannpháirteach, a úsáideann CAR faoi chonradh le díoltóir córais, d’fhonn áirithintí a dhéanamh ar tháirgí aeriompair agus ar tháirgí gaolmhara thar ceann cliaint; |
|
12. |
ciallaíonn “príomhthaispeáint” taispeáint neodrach chuimsitheach sonraí a bhaineann le seirbhísí iompair idir phéirí cathracha, laistigh de thréimhse ama shonraithe; |
|
13. |
ciallaíonn “ticéad” doiciméad bailí a thugann teideal chun iompair, nó a choibhéis i bhfoirm nach páipéar é, arna eisiúint nó arna údarú ag an aeriompróir, ag an oibreoir iompair ar iarnród nó ag gníomhaire údaraithe; |
|
14. |
ciallaíonn “táirge cuachta” iompar i dteaglaim réamhshocraithe le seirbhísí eile nach seirbhísí cúnta iompair iad agus an táirge á tairiscint ar phraghas cuimsitheach; |
|
15. |
ciallaíonn “táille áirithinte” an praghas atá le híoc ag aeriompróirí le díoltóirí córais le haghaidh na seirbhísí arna soláthar ag an CAR. |
ROINN 2
RIALACHA IOMPRAÍOCHTA DO DHÍOLTÓIRÍ CÓRAIS
Airteagal 3
Caidreamh le soláthraithe iompair
1. Ní dhéanfaidh díoltóir córais:
|
(a) |
coinníollacha míchothroma agus/nó coinníollacha nach mbeidh údar leo a chur le haon chonradh le hiompróir rannpháirteach nó a cheangal go nglacfaidh iompróir rannpháirteach le coinníollacha forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna gcineál nó ó ghnás na tráchtála, le rannpháirtíocht ina CAR; |
|
(b) |
a chur mar choinníoll chun a bheith rannpháirteach ina CAR nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach a bheith rannpháirteach an tráth céanna i gcóras eile nó nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach córais áirithinte mhalartacha, amhail a chóras áirithinte Idirlín féin agus a ionaid ghlaonna féin, a úsáid gan bhac. |
2. Lódálfaidh agus próiseálfaidh díoltóir córais na sonraí arna soláthar ag na hiompróirí rannpháirteacha go léir leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí éagsúla rannpháirteacha.
3. Nochtfaidh díoltóir córais go poiblí, mura bhfoilsítear ar shlí phoiblí eile é, má bhíonn sealbhán caipitil, díreach nó indíreach ag aeriompróir nó ag oibreoir iompair ar iarnród i ndíoltóir córais, nó má bhíonn sealbhán den sórt sin ag díoltóir córais in aeriompróir nó in oibreoir iompair ar iarnród, agus nochtfaidh sé méid an tsealbhán sin.
Airteagal 4
Saoráidí dáileacháin
1. Ní chuirfidh díoltóir córais aon nós imeachta lódála agus/nó próiseála, aon saoráid dáileacháin eile, ná aon athruithe orthu sin, in áirithe d’iompróir rannpháirteach amháin nó do níos mó ná iompróir rannpháirteach amháin lena n-áirítear a mháthair-iompróir nó a mháthair-iompróirí. Cuirfidh an díoltóir córais faisnéis ar fáil do na hiompróirí rannpháirteacha uile maidir le hathruithe ar a shaoráidí dáileacháin agus ar a nósanna imeachta lódála/próiseála.
2. Áiritheoidh díoltóir córais go bhfuil a shaoráidí dáileacháin scartha, trí mheán bogearraí ar a laghad agus i slí shoiléir agus infhíoraithe, ó fhardal príobháideach aon iompróra agus ó shaoráidí bainistíochta agus margaíochta aon iompróra.
Airteagal 5
Taispeáintí
1. Soláthróidh díoltóir córais príomhthaispeáint nó príomhthaispeáintí i gcomhair gach idirbhirt ar leith trína CAR agus áireoidh sé ann na sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha i slí neodrach agus chuimsitheach agus gan idirdhealú ná gan chlaontacht. Ní bhunófar na critéir a úsáidtear i gcomhair tosaíochta ar aon fhachtóir a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le céannacht iompróra agus cuirfear i bhfeidhm iad ar shlí neamh-idirdhealaitheach maidir le gach iompróir rannpháirteach. Ní chuirfidh an príomhthaispeáint nó na príomhthaispeáintí an t-úsáideoir ar mhíthreoir, beidh rochtain orthu go héasca agus urramófar na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. I gcás faisnéise arna soláthar ag CAR don tomhaltóir, úsáidfidh sínitheoir taispeáint neodrach i gcomhréir le mír 1 mura mbeidh taispeáint eile ag teastáil chun rogha an tomhaltóra a shásamh.
3. Ní foláir eitiltí arna n-oibriú ag aeriompróirí atá faoi réir coisc ar a n-oibriú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra (7) a shainaithint go soiléir agus go sonrach ar an taispeáint.
4. Tabharfaidh an díoltóir córais siombail shonrach isteach ar thaispeáint an CAR a bheidh inaitheanta ag na húsáideoirí chun críocha na faisnéise ar chéannacht an aeriompróra oibríochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.
5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le CAR arna úsáid ag aeriompróir, nó ag oibreoir iompair ar iarnród, nó ag grúpa aeriompróirí, nó ag grúpa oibreoirí iompair ar iarnród, ina n-oifig nó ina n-oifigí féin nó ag na cuntair díolacháin nó ar a láithreáin ghréasáin féin agus a bheidh sainaitheanta go soiléir amhlaidh.
Airteagal 6
An gaol le sínitheoirí
1. Ní cheanglóidh díoltóir córais coinníollacha míchothroma agus/nó coinníollacha nach mbeidh údar leo le conradh a chomhaontaítear le sínitheoir, amhail sínitheoir a chosc ó shuibscríobh d’aon chóras nó córais eile ná é nó iad a úsáid, a cheanglódh coinníollacha forlíontacha nach bhfuil aon bhaint acu le suibscríobh ina CAR a ghlacadh, nó oibleagáid a fhorchur gur gá glacadh le tairiscint maidir le trealamh teicniúil nó le bogearraí.
2. I gcás inar fiontar féinrialaitheach an sínitheoir a fhostaíonn níos lú ná 50 duine agus nach dtéann a láimhdeachas bliantúil agus/nó a chlár comhardaithe bliantúil thar EUR 10 milliún, féadfaidh sé a chonradh leis an díoltóir córais a fhoirceannadh trí fhógra, nach gá dó dul thar trí mhí, a thabhairt, is fógra nach rachaidh in éag roimh dheireadh chéad bliana an chonartha sin. I gcás dá leithéid, ní bheidh díoltóir córais i dteideal níos mó ná na costais a bhaineann go díreach le foirceannadh an chonartha a ghnóthú.
Airteagal 7
Sonraí maidir le Faisnéis Margaíochta ar Téip (“MIDT”)
1. Féadfaidh na díoltóirí córais aon sonraí ar mhargaíocht, áirithintí agus díolacháin a chur ar fáil ar choinníoll go dtairgtear sonraí den sórt sin leis an tráthúlacht chéanna agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na hiompróirí rannpháirteacha go léir, agus dá máthair-iompróirí. Féadfaidh na sonraí baint a bheith acu leis na hiompróirí rannpháirteacha go léir agus/nó na sínitheoirí go léir agus, arna iarraidh sin, beidh baint acu leo.
2. Ní bhainfidh iompróirí rannpháirteacha úsáid as sonraí den sórt sin chun tionchar a imirt ar rogha an tsínitheora.
3. I gcás ina n-eascraíonn sonraí den sórt sin as an úsáid a bhaineann sínitheoir atá bunaithe sa Chomhphobal as saoráidí dáileacháin CAR, ní áireofar ann aon shonraí lena n-aitheanfaí go díreach ná go hindíreach an sínitheoir sin mura n-aontaíonn an sínitheoir agus an díoltóir córais ar na coinníollacha maidir le húsáid iomchuí sonraí den sórt sin. Tá feidhm aige seo freisin maidir le sonraí den sórt seo a chuireann díoltóirí córais ar fáil do pháirtí eile lena n-úsáid ag an bpáirtí sin seachas le haghaidh socraíochta billeála.
4. Cuirfear ar fáil don phobal aon socrú nó socruithe idir sínitheoir nó sínitheoirí agus díoltóir córais nó díoltóirí córais maidir leis an MIDT.
Airteagal 8
Cóir choibhéiseach i dtríú tíortha
1. Gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an Comhphobal nó na Ballstáit, i gcás nach gcaitheann díoltóir córais le haeriompróirí Comhphobail atá ag feidhmiú i dtríú tír mar a chaitear le hiompróirí rannpháirteacha an tríú tír maidir le haon ábhar atá sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar na díoltóirí córais go léir atá ag feidhmiú sa Chomhphobal caitheamh le haeriompróirí an tríú tír sin ar an gcaoi chéanna agus a chaitear le haeriompróirí Comhphobail sa tríú tír sin.
2. Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar chóir idirdhealaitheach nó neamhchoibhéiseach arna chur i bhfeidhm ar aeriompróirí an Chomhphobail ag díoltóirí córais i dtríú tíortha. Ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar na cásanna ionchasacha idirdhealaithe in aghaidh iompróirí Comhphobail i gCAR tríú tíortha. I gcás ina n-aimseofar idirdhealú den sórt sin, sula ndéanfaidh sé cinneadh, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus páirtithe leasmhara ar an eolas agus lorgóidh sé a mbarúlacha, lena n-áirítear trí chruinniú de shaineolaithe ábhartha ó na Ballstáit a thionól.
ROINN 3
RIALACHA IOMPRAÍOCHTA DO SHOLÁTHRAITHE IOMPAIR
Airteagal 9
Sonraí arna soláthar ag iompróirí rannpháirteacha
Áiritheoidh na hiompróirí rannpháirteacha, agus na hidirghabhálaithe a láimhseálann na sonraí, go bhfuil na sonraí a chuireann siad isteach ar CAR cruinn agus go bhfágann na sonraí go bhféadfaidh an díoltóir córais na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a urramú.
Airteagal 10
Rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí
1. Ní fhéadfaidh máthair-iompróir, faoi réir an chómhalartaithe dá dtagraítear i mír 2, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CAR atá in iomaíocht leis trí dhiúltú, arna iarraidh sin dó agus le tráthúlacht chomhionann, na sonraí céanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht a bhaineann lena tháirgí iompair féin agus a sholáthraíonn sé dá CAR féin a sholáthar nó a tháirgí iompair a dháileadh trí CAR eile, nó trí dhiúltú áirithint arna déanamh trí CAR atá in iomaíocht leis a ghlacadh ná a dhaingniú leis an tráthúlacht chéanna d’aon cheann dá tháirgí iompair agus a dháiltear trína CAR féin. Beidh sé d’oibleagáid ar an máthair-iompróir na háirithintí sin amháin atá ar comhréir lena tháillí agus lena choinníollacha a ghlacadh agus a dhaingniú.
2. Ní dhiúltóidh CAR atá in iomaíocht leis sonraí maidir le hamchláir, táillí agus suíocháin infhaighte a stóráil i ndáil le seirbhísí iompair arna dtairscint ag máthair-iompróir agus lódálfaidh agus próiseálfaidh sé sonraí leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna a chuirtear ar fáil dá chustaiméirí agus dá shínitheoirí eile ar aon cheann de na margaí, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí aonair.
3. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an máthair-iompróir glacadh le haon chostas i ndáil leis sin, ach amháin i gcás athsholáthar na sonraí a bheidh le soláthar agus i gcás áirithintí atá glactha. Beidh an táille áirithinte, a bheidh iníoctha le CAR, maidir le háirithint atá glactha agus a rinneadh i gcomhréir le mír 1, ar comhréir leis an táille a ghearrfaidh an CAR céanna ar iompróirí rannpháirteacha eile maidir le hidirbhearta coibhéiseacha.
4. Ní dhéanfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, idirdhealú i bhfabhar a CAR féin tríd an úsáid a bhaineann sínitheoir as aon chóras shonrach CAR a nascadh le haon choimisiún nó le haon dreasacht nó dídhreasacht eile chun a tháirgí iompair a dhíol.
5. Ní dhéanfaidh máthair-iompróir, go díreach ná go hindíreach, idirdhealú i bhfabhar a CAR féin trína cheangal go mbeidh ar shínitheoir CAR sonrach a úsáid i gcomhair ticéid a dhíol nó a eisiúint maidir le haon táirgí iompair arna soláthar ag an máthair-iompróir go díreach nó go hindíreach.
ROINN 4
COSAINT SONRAÍ PEARSANTA
Airteagal 11
Próiseáil agus stóráil sonraí pearsanta agus rochtain orthu
1. Ní phróiseálfar sonraí pearsanta arna mbailiú le linn ghníomhaíochtaí CAR chun críoch áirithintí a dhéanamh nó ticéid a eisiúint i gcomhair táirgí iompair seachas ar bhealach atá comhoiriúnach leis na críocha seo. Maidir le próiseáil sonraí den sórt sin, glactar le díoltóir córais mar rialaitheoir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE.
2. Ní phróiseálfar sonraí pearsanta ach a mhéid atá gá le próiseáil chun conradh a shínigh ábhar na sonraí a chomhlíonadh nó d’fhonn bearta a dhéanamh arna iarraidh sin ag ábhar na sonraí sular shínigh sé nó sí an conradh.
3. I gcás go bhfuil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear faoi Airteagal 8 de Threoir 95/46/CE i gceist, ní phróiseálfar sonraí den sórt sin ach amháin i gcás gur thug ábhar na sonraí a thoiliú nó a toiliú follasach ar bhonn eolasach do phróiseáil na sonraí sin.
4. Déanfar faisnéis atá faoi rialú díoltóra córais agus a bhaineann le háirithintí inaitheanta ar leith a stóráil as líne laistigh de sheachtó a dó uaire an chloig ón tráth a chríochnaítear an ghné dheireanach den áirithint ar leith agus scriosfar an fhaisnéis sin laistigh de thrí bliana. Ní cheadófar rochtain ar shonraí den sórt sin ach ar chúiseanna gearáin maidir le billeáil amháin.
5. Ní áireofar, go díreach ná go hindíreach, aitheantas daoine nádúrtha nó, i gcás inar iomchuí, aitheantas eagraíochtaí nó cuideachtaí a bhfuil siad ag gníomhú thar a gceann, in aon sonraí a chuirfidh díoltóir córais ar fáil maidir le margú, áirithintí agus díolachán.
6. Arna iarraidh sin, cuirfidh sínitheoir in iúl don tomhaltóir ainm agus seoladh an díoltóra córais, cuspóirí na próiseála, an t-achar a choimeádfar sonraí pearsanta agus na modhanna atá ar fáil d’ábhar na sonraí maidir lena chearta nó a cearta rochtana a fheidhmiú.
7. Beidh ábhar na sonraí i dteideal rochtain saor in aisce a fháil ar shonraí a bhaineann leis nó léi, ainneoin an bhfuil na sonraí stóráilte ag an díoltóir córais nó ag an sínitheoir.
8. Tá na cearta a aithnítear san Airteagal seo mar chomhlánú agus mar bhreis ar chearta ábhar na sonraí atá leagtha síos le Treoir 95/46/CE, leis na forálacha náisiúnta ar glacadh leo dá bhun agus leis na forálacha a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí an Comhphobal iontu.
9. Sonrú agus comhlánú ar Threoir 95/46/CE atá i bhforálacha an Rialacháin seo chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 1. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe sa Treoir sin. I gcás nach bhfuil feidhm ag na forálacha sonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí CAR a leagtar síos san Airteagal seo, beidh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha na Treorach sin, do na forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit dá bhun agus d’fhorálacha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an Comhphobal.
10. I gcás go n-oibríonn díoltóir córais bunachair sonraí i gcáileanna éagsúla amhail mar CAR nó mar óstach i gcás aerlínte, glacfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun nach dtiocfar timpeall ar na rialacha a bhaineann le cosaint sonraí tríd an idirnasc idir na bunachair sonraí, agus chun a áirithiú nach mbíonn rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin don chríoch shonrach dár bailíodh iad.
ROINN 5
INIÚCHÓIREACHT
Airteagal 12
Iniúchóir agus tuairisc iniúchta
1. Tíolacfaidh gach díoltóir córais tuarsacáil iniúchta neamhspleách, ina mbeidh tuairisc ar an struchtúr úinéireachta agus ar an múnla rialachais, gach ceithre bliana, agus ina theannta sin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Is é an díoltóir córais a íocfaidh na costais a bhaineann leis an tuarscáil iniúchta.
2. Cuirfidh an díoltóir córais céannacht an iniúchóra in iúl don Choimisiún sula ndaingneofar an ceapachán. Féadfaidh an Coimisiún agóid a dhéanamh, agus laistigh de dhá mhí agus tar éis dul i gcomhairle leis an iniúchóir, leis an díoltóir córais agus le haon pháirtí eile a éilíonn go bhfuil leas dlisteanach aige, cinnfidh sé an gcuirfear iniúchóir nua in ionad an iniúchóra.
ROINN 6
SÁRUITHE AGUS PIONÓIS
Airteagal 13
Sáruithe
Má shuíonn an Coimisiún, ag gníomhú dó i leith gearáin nó ar a thionscnamh féin, gur tharla sárú ar an Rialachán seo, féadfaidh sé, le cinneadh, a cheangal ar na gnóthais nó ar na comhlachais ghnóthas lena mbaineann deireadh a chur le sárú dá leithéid. Cuirfidh imscrúduithe i ndáil le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar Rialachán torthaí aon fhiosrúcháin faoi Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh san áireamh go hiomlán.
Airteagal 14
Cumhachtaí imscrúdaithe
Chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó nó le cinneadh, a cheangal ar ghnóthais nó ar chomhlachais ghnóthas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar, lena n-áirítear iniúchtaí sonracha, go háirithe ar shaincheisteanna arna gcumhdach le hAirteagal 4, Airteagal 7, Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.
Airteagal 15
Fíneálacha
1. Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó iad ná 10 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas sa chás go sáraíonn siad an Rialachán seo d’aonghnó nó go faillíoch.
2. Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó iad ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais ghnóthas sa chás go soláthraíonn siad, d’aonghnó nó go faillíoch, faisnéis atá mícheart nó neamhiomlán nó sa chás nach soláthraíonn siad an fhaisnéis laistigh den teorainn ama is gá de thoradh iarrata arna déanamh le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 14.
3. Agus méid na bhfíneálacha á shocrú tabharfar aird ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe.
4. Ní bheidh fíneálacha de chineál coiriúil.
5. Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneáil. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a ísliú nó a ardú.
Airteagal 16
Nósanna imeachta
1. Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinntí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 15, eiseoidh sé ráiteas agóidí chuig na gnóthais nó chuig na comhlachais ghnóthas lena mbaineann agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn agus, arna iarraidh sin dóibh amhlaidh, ag éisteacht ó bhéal.
2. Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis den chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla agus a fuair sé de bhun an Rialacháin seo.
Déanfaidh aon duine a chuireann faisnéis isteach chuig an gCoimisiún faoin Rialachán seo aon ábhar a mheasann sé a bheith rúnda a shainaithint go soiléir, agus cúiseanna a thabhairt leis sin, agus soláthróidh sé nó sí leagan neamhrúnda ar leithligh faoin dáta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.
3. I gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuil forais dhóthanacha ann, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh aige, chun gníomhú i leith gearáin, cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl don ghearánach agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.
Má thugann an gearánach a thuairimí le fios laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún agus mura mbeidh mar thoradh ar na haighneachtaí i scríbhinn arna ndéanamh ag an ngearánach go ndéanfar measúnú éagsúil ar an ngearán, diúltóidh an Coimisiún don ghearán le cinneadh. Mura n-éiríonn leis an ngearánach a thuairimí a thabhairt le fios laistigh den teorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún, measfar gur tharraing an gearánaí siar an gearán.
Sa chás go n-eisíonn an Coimisiún ráiteas agóidí, soláthróidh sé don ghearánach cóip den leagan neamhrúnda agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.
4. Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad do na páirtithe ar sheol sé ráiteas agóidí chucu agus don ghearánach, arna iarraidh sin dóibh amhlaidh. Tabharfar rochtain tar éis an ráiteas agóidí a fhógairt. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad rúin ghnó, faisnéis rúnda eile agus doiciméid inmheánacha an Choimisiúin.
5. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, féadfaidh sé éisteacht a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile.
ROINN 7
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
Aisghairm
1. Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89.
2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus leifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 18
Athbhreithniú
1. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tráthrialta, monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le cúnamh ó iniúchtaí sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 14. Déanfaidh sé scrúdú go háirithe ar cé chomh héifeachtach agus atá an Rialachán seo ó thaobh neamh-idirdhealú agus iomaíocht chothrom a áirithiú sa mhargadh le haghaidh seirbhísí CAR.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur i bhfeidhm Airteagal 8 maidir le cóir choibhéiseach i dtríú tíortha agus molfaidh sé aon bheart iomchuí chun coinníollacha idirdhealaitheacha a mhaolú, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha aeriompair idir an Comhphobal agus tríú tíortha eile a thabhairt i gcrích nó iad a mhodhnú.
3. Faoin 29 Márta 2013, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina ndéanfar measúnú ar an ngá atá leis an Rialachán seo a choinneáil, a leasú nó a aisghairm.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 29 Márta 2009.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VONDRA
(1) IO C 224, 30.8.2008, lch. 57.
(2) IO C 233, 11.9.2008, lch. 1.
(3) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2008.
(4) IO L 220, 29.7.1989, lch. 1.
(5) IO L 293, 31.10.2008, lch. 3.
IARSCRÍBHINN I
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE PRÍOMHTHAISPEÁINTÍ
1. I gcás ina dtaispeántar praghsanna ar an bpríomhthaispeáint, agus/nó i gcás ina roghnaítear céimniú bunaithe ar phraghsanna, áireofar sna praghsanna na táillí mar aon leis na cánacha, na muirir, na formhuirir agus na táillí go léir is infheidhme atá le híoc leis an aeriompróir nó leis an oibreoir iompair ar iarnród agus atá dosheachanta agus intuartha ag an am a thaispeántar ar an taispeáint iad.
2. Ní dhéanfar aon idirdhealú ar bhonn aerfort ná ar bhonn stáisiún traenach a fhónann don chathair chéanna agus táirgí iompair á dtógáil agus á roghnú maidir le dhá chathair ar leith a bheidh le háireamh sa phríomhthaispeáint.
3. Ní foláir eitiltí nach aersheirbhísí sceidealta iad a shainaithint go soiléir. Beidh tomhaltóir i dteideal, arna iarraidh sin dó, príomhthaispeáint a bheidh teoranta do sheirbhísí sceidealta nó neamhsceidealta amháin a bheith aige.
4. Ní foláir eitiltí ina ndéantar stadanna faoi bhealach a shainaithint go soiléir.
5. I gcás gur aeriompróir eile a oibríonn an eitilt nach ionann agus an t-aeriompróir a shainaithnítear ag an sainchód iompróra, ní foláir oibreoir iarbhír na heitilte a shainaithint go soiléir. Beidh an ceanglas sin infheidhme maidir le gach cás, cé is moite de shocruithe gearrthéarmacha ad hoc.
6. Ní chuirfear faisnéis maidir le táirgí cuachta ar an bpríomhthaispeáint.
7. Ar rogha an tsínitheora, rangófar na roghanna taistil sa phríomhthaispeáint de réir táillí nó san ord seo a leanas:
|
(i) |
roghanna taistil gan stad a rangófar de réir am imeachta; |
|
(ii) |
gach rogha taistil eile a rangófar de réir fhad iomlán an aistir. |
8. Ach amháin mar a fhoráiltear i bpointe 10, ní fhéadfar aon rogha taistil a leiriú níos mó ná uair amháin ar aon phríomhthaispeáint.
9. I gcás ina rangaítear roghanna taistil i gcomhréir le pointe 7(i) agus (ii), agus i gcás go dtairgtear seirbhísí traenacha idir an dá chathair chéanna ar an CAR, beidh, ar a laghad, an tseirbhís traenach nó an tseirbhís aer-iarnróid leis an rangú is fearr ar an gcéad scáileán den phríomhthaispeáint.
10. I gcás go n-oibríonn aeriompróirí faoi shocruithe cód-roinnte, ceadófar do gach aon cheann de na haeriompróirí lena mbaineann — nach mó ná dhá aeriompróir — taispeáint ar leith a bheith acu ina n-úsáidfaidh siad a sainchód iompróra leithleach féin. I gcás ina mbeidh níos mó ná dhá aeriompróir i gceist, is faoin iompróir atá ag oibriú na heitilte go hiarbhír a bheidh sé an dá iompróir a ainmniú.
IARSCRÍBHINN II
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Rialachán (CE) 2299/89 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3(1) agus (2) |
— |
|
Airteagal 3(3) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 3(4) |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 3a |
Airteagal 10(1) agus (3) |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 9 |
|
Airteagal 4(2) |
— |
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 4a (1) agus (2) |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 4a(3) |
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 4a(4) |
— |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 7 agus Airteagal 11 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 10(4) agus (5) |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 9a |
Airteagal 5(2) agus Airteagal 11 |
|
Airteagal 10 |
— |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 16(2) |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 15(1) go (4) |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 15(5) |
|
Airteagal 18 |
— |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 16(1) agus (5) |
|
Airteagal 20 |
— |
|
Airteagal 21 |
— |
|
Airteagal 21a |
— |
|
Airteagal 21b |
— |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 18 |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
4.2.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
56 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 81/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Eanáir 2009
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le húsáid an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) de réir Chód Teorainneacha Schengen
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2) leagtar síos na coinníollacha, na critéir agus na rialacha mionsonraithe a rialaíonn seiceálacha ag láithreacha trasnaithe teorann agus faireachas ag an teorainn, lena n-áirítear seiceálacha i gCóras Faisnéise Schengen. |
|
(2) |
Tá sé d'aidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (3) cur chun feidhme an chomhbheartais víosaí a fheabhsú. Foráiltear leis freisin go n-áireofar éascú seiceálacha ag láithreacha trasnaithe teorann seachtraí agus an comhrac i gcoinne na calaoise i gcuspóirí an VIS araon. |
|
(3) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 leagtar síos critéir agus coinníollacha cuardaigh maidir le rochtain na n-údarás inniúil, chun seiceálacha a dhéanamh ag láithreacha trasnaithe teorann seachtraí, ar shonraí chun céannacht sealbhóirí víosaí mar aon le barántúlacht víosaí a fhíorú agus chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hiontráil, agus chun duine ar bith a shainaithint nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh iontrála, fanachta ná cónaithe ar chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh. |
|
(4) |
Ós rud é gur le fíorú méarlorg amháin a fhéadfar a dhearbhú go cinnte gurb ionann duine ar mian leis teacht isteach i limistéar Schengen agus an duine ar eisíodh an víosa dó, ba cheart foráil a dhéanamh d'úsáid an VIS ag teorainneacha seachtracha. |
|
(5) |
Chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála do náisiúnaigh tríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus chun a gcúraimí a bhainistiú go rathúil, ba cheart go n-úsáidfeadh gardaí teorann an fhaisnéis go léir is gá agus atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí a fhéadfar a cheadú sa VIS. |
|
(6) |
Ionas nach mbeifear ag teacht timpeall ar láithreacha trasnaithe teorann ag a mbeidh an VIS in úsáid agus chun a éifeachtacht iomlán a ráthú, tá gá ar leith leis an VIS a úsáid ar bhonn comhchuibhithe agus seiceálacha iontrála ag na teorainneacha seachtracha á ndéanamh. |
|
(7) |
Ós rud é, i gcás ina ndéantar iarratais ar víosa arís is arís eile, gur cuí sonraí bithmhéadracha a athúsáid agus a chóipeáil ón gcéad iarratas ar víosa sa VIS, ba cheart gurb éigeantach an VIS a úsáid le haghaidh seiceálacha iontrála ag na teorainneacha seachtracha. |
|
(8) |
Ba cheart gur cuardach córasach sa VIS, ag baint úsáide as uimhir an ghreamáin víosa i dteannta le fíorú na méarlorg, a bheadh i gceist le húsáid an VIS. Mar sin féin, mar gheall ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cuardaigh den sórt sin ar amanna feithimh ag láithreacha trasnaithe teorann, ba cheart go mbeadh sé indéanta, ar feadh idirthréimhse de mhaolú ar na gnáthrialacha agus in imthosca a bheidh sainmhínithe go soiléir, an VIS a cheadú gan fíorú córasach na méarlorg a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbaintear úsáid as an maolú sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha lena aghaidh go hiomlán agus go gcoinnítear tréimhse agus minicíocht chur i bhfeidhm an mhaolaithe sin chomh gearr agus chomh híseal agus is féidir ag na láithreacha éagsúla trasnaithe teorann. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, sin Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na rialacha is infheidhme a bhunú maidir le húsáid an VIS ag na teorainneacha seachtracha, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
|
(11) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus a léirítear sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith. |
|
(12) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhóralacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen (4), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 (5) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin. |
|
(13) |
Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen (6), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7). |
|
(14) |
Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i gcur chun feidhme, i gcur i bhfeidhm agus i bhforbairt acquis Schengen (8), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (9). |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus dá bhrí sin níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, a chinneadh laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an Rialachán seo a ghlacadh cibé an gcuirfidh sí chun feidhme é ina dlí náisiúnta nó nach gcuirfidh. |
|
(16) |
Is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(17) |
Is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (11). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(18) |
A mhéid a bhaineann leis an gCipir, gníomh atá sa Rialachán seo a chuireann le acquis Schengen nó a bhfuil baint aige ar shlí eile leis de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003. |
|
(19) |
Gníomh atá sa Rialachán seo a chuireann le acquis Schengen nó a bhfuil baint aige ar shlí eile leis de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
Leasaítear Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 leis seo mar a leanas:
|
1) |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach tar éis phointe (a):
|
|
2) |
Cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh phointe (c)(i): “féadfaidh sé go gceadófar an VIS san fhíorú sin i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;”. |
|
3) |
Cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón bhfichiú lá tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Eanáir 2009.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VONDRA
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2008.
(2) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.
(3) IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.
(4) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(6) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.
(8) Doiciméad 16462/06 ón gComhairle; inrochtana ar http://register.consilium.europa.eu.
(9) IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.
|
4.2.2009 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
s3 |
NÓTA DON LÉITHEOIR
Tá na hInstitiúidí tar éis a chinneadh gan an leasú deireanach ar na gníomhartha sin a luaitear ina dtéacsanna a lua a thuilleadh.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, na gníomhartha dá dtagraítear sna téacsanna a fhoilsítear leis seo, is do na gníomhartha atá i bhfeidhm faoi láthair a thagraíonn siad.