ISSN 1725-2571 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
51 |
|
|
||
|
* |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 304 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
GA |
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach
RIALACHÁIN
14.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1099/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2008
maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh
(Téacs atá ábhartha ma idir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tá sonraí beachta, tráthúla ag teastáil ón gCoimisiún maidir le cainníochtaí fuinnimh, lena bhfoirmeacha, a bhfoinsí, a nginiúint, a soláthar, a gclaochlú agus a dtomhaltas, chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar agus ar iarmhairtí a chuid oibre beartais i dtaca le fuinneamh. |
(2) |
Go dtí seo bhíodh staidreamh i dtaca le fuinneamh dírithe go traidisiúnta ar sholáthar fuinnimh agus ar fhuinnimh iontaise. Sna blianta atá amach romhainn, caithfear díriú níos mó ar eolas agus ar mhonatóireacht ar thomhaltas deiridh fuinnimh, ar fhuinneamh inathnuaite agus ar fhuinneamh núicléach a threisiú. |
(3) |
Tá sé riachtanach go mbeidh faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta ar fáil i dtaca le fuinneamh chun tionchar tomhaltais fuinnimh ar an gcomhshaol a mheasúnú, go háirithe i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Ceanglaítear an fhaisnéis sin a sholáthar le Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (2). |
(4) |
Le Treoir 2001/77/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir le leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach leictreachais (3) agus le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint, arna bunú ar éileamh teasa úsáidigh sa mhargadh inmheánach fuinnimh, a chur chun cinn (4), ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí cainníochtúla i dtaca le fuinneamh a thuairisciú. D’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sna Treoracha sin, tá sonraí mionsonraithe, cothrom le dáta i dtaca le fuinneamh de dhíth. |
(5) |
Cuireann Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmiúlacht fuinnimh foirgneamh (5), Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht críochúsáide fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh (6) agus Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 lena mbunaítear creat maidir le ceanglais éicidheartha le haghaidh táirgí fuinneamh-úsáidte a leagan síos (7) de cheangal ar na Ballstáit sonraí tomhaltais fuinnimh cainníochtúla a thuairisciú. Chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sna Treoracha sin a bhaint amach, tá sonraí mionsonraithe, cothrom le dáta i dtaca le fuinneamh, chomh maith le comhéadan níos fearr idir na sonraí sin i dtaca le fuinneamh agus suirbhéanna staidrimh gaolmhara amhail na daonáirimh agus na háirimh thithíochta, mar aon le sonraí iompair, de dhíth. |
(6) |
Maidir leis na Páipéir Uaine ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2005 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus an 8 Márta 2006 maidir le Straitéis Eorpach i dtaca le Soláthar Inmharthana, Iomaíoch agus Slán Fuinnimh, déantar plé iontu ar bheartais fuinnimh an AE dá bhfuil fáil ar shonraí i dtaca le fuinneamh an AE de dhíth, lena n-áirítear chun Faireachlann ar Mhargadh Fuinnimh na hEorpa a bhunú. |
(7) |
Ní mór sonraí mionsonraithe, cothrom le dáta i dtaca le fuinneamh a sholáthar chun samhail um thuar fuinnimh san fhearann poiblí a bhunú, faoi mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa ina Rún an 14 Nollaig 2006 maidir le Straitéis Eorpach i dtaca le Soláthar Inmharthana, Iomaíoch agus Slán Fuinnimh (8). |
(8) |
Sna blianta amach romhainn, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar shlándáil soláthair na mbreoslaí is tábhachtaí agus tá gá le sonraí níos tráthúla agus níos cruinne ar leibhéal an AE chun réitigh de chuid an AE ar ghéarchéimeanna soláthair a d’fhéadfadh tarlú a thuar agus a chomhordú. |
(9) |
Mar gheall ar léirscaoileadh an mhargaidh fuinnimh, agus mar gheall ar a chastacht atá ag dul i méid, tá sé ag éirí níos deacra sonraí iontaofa, tráthúla i dtaca le fuinneamh a fháil d’uireasa, go háirithe, bunús dlí maidir le soláthar na sonraí sin. |
(10) |
Chun go mbeidh an córas staidrimh i dtaca le fuinneamh ina chabhair don chinnteoireacht pholaitiúil san Aontas Eorpach agus ina Bhallstáit agus chun díospóireacht phoiblí a mbeadh na saoránaigh páirteach inti a spreagadh, ní foláir dó ráthaíochtaí a thabhairt maidir le hinchomparáideacht, le trédhearcacht, le solúbthacht agus le cumas chun fhoráis. Ba cheart, dá bhrí sin, go luath amach anseo, staidreamh i dtaca le fuinneamh núicléach a ionchorprú agus ba cheart sonraí iomchuí i dtaca le fuinneamh inathnuaite a fhorbairt tuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, maidir le héifeachtacht fuinnimh, bheadh fáil ar staidreamh mionsonraithe i dtaca le gnáthóga agus i dtaca le hiompar thar a bheith úsáideach. |
(11) |
Tá soláthar staidrimh Chomhphobail faoi rialú ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (9). |
(12) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon réim coiteann a bhunú maidir le soláthar, tarchur, meastóireacht agus scaipeadh staidrimh inchomparáide i dtaca le fuinneamh sa Chomhphobal, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(13) |
Agus staidreamh Comhphobail á sholáthar á scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart go gcuirfeadh na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Comhphobail san áireamh na prionsabail a leagtar amach sa Chód Cleachtais don Staidreamh Eorpach a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CE ón gComhairle, Euratom, an 24 Feabhra 2005 (10) agus a cuireadh i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le neamhspleáchas, le hiontaofacht agus le cuntasacht na n-údarás náisiúnta agus Comhphobail staidrimh. |
(14) |
Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11). |
(15) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta na bhfoinsí sonraí, an staidreamh náisiúnta agus na soiléirithe nó na sainmhínithe is infheidhme a mhodhnú mar aon leis na socruithe tarchuir, agus staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bhunú agus a mhodhnú, a luaithe a ionchorprófar é, staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a mhodhnú, a luaithe agus a ionchorprófar é, agus staidreamh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh a bhunú agus a mhodhnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(16) |
Is gá a fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún díolúintí nó maoluithe a dheonú do Bhallstáit ó na gnéithe sin den bhailiú sonraí i dtaca le fuinneamh a chuirfeadh ualach iomarcach ar fhreagróirí. Níor chóir na díolúintí ná na maolaithe a dheonú ach amháin ar údar maith a fháil a léiríonn go trédhearcach an cás atá ann faoi láthair agus na hualaí iomarcacha. Ba cheart go dteorannófaí an tréimhse ar lena linn a bheidh na díolúintí nó na maoluithe sin i bhfeidhm go dtí an tréimhse ama is giorra is gá. |
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gClár Staidrimh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann maidir le soláthar, tarchur, meastóireacht agus scaipeadh staidrimh inchomparáide i dtaca le fuinneamh sa Chomhphobal.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí staidrimh a bhaineann le táirgí fuinnimh agus lena gcomhiomláin sa Chomphobal.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘staidreamh Comhphobail’ staidreamh Comhphobail mar a shainmhínítear é sa chéad fhleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97; |
(b) |
ciallaíonn ‘staidreamh a chur ar fáil’ staidreamh a chur ar fáil mar a shainmhínítear é sa dara fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97; |
(c) |
ciallaíonn ‘an Coimisiún (Eurostat)’ an t-údarás Comhphobail mar a shainmhínítear é sa cheathrú fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97; |
(d) |
ciallaíonn ‘táirgí fuinnimh’ breoslaí indóite, teas, fuinneamh inathnuaite, leictreachas, nó aon fhoirm eile fuinnimh; |
(e) |
ciallaíonn ‘comhiomláin’ sonraí comhiomlánaithe ar an leibhéal náisiúnta maidir le cóireáil nó le húsáid táirgí fuinnimh, eadhon táirgeadh, trádáil, stoic, claochlú, tomhaltas, agus saintréithe struchtúracha an chórais fuinnimh amhail toilltí suiteáilte maidir le giniúint leictreachais nó toilltí táirgthe maidir le táirgí ola; |
(f) |
ciallaíonn ‘cáilíocht sonraí’ na gnéithe seo a leanas de cháilíocht staidrimh: ábharthacht, cruinneas, tráthúlacht agus poncúlacht, inrochtaineacht agus soiléire, inchomparáideacht, comhleanúnachas agus iomláine. |
Airteagal 3
Foinsí sonraí
1. Agus na bprionsabal maidir le hualach laghdaithe a chur ar fhreagróirí agus maidir le simpliú riaracháin a choinneáil á bhfeidhmiú, tiomsóidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le táirgí fuinnimh agus lena gcomhiomláin sa Chomhphobal ó na foinsí seo a leanas:
(a) |
suirbhéanna sonracha staidrimh a bheidh dírithe ar na táirgeoirí agus trádalaithe fuinnimh phríomhúil agus ar na táirgeoirí agus trádalaithe fuinnimh chlaochlaithe agus ar dháileoirí agus iompróirí, ar allmhaireoirí agus onnmhaireoirí táirgí fuinnimh; |
(b) |
suirbhéanna staidrimh eile a bheidh dírithe ar úsáideoirí deiridh fuinnimh in earnáil an tionscail déantúsaíochta, in earnáil an iompair, agus in earnálacha eile, lena n-áirítear líonta tí; |
(c) |
nósanna imeachta eile maidir le meastachán staidrimh nó foinsí eile, lena n-áirítear foinsí riaracháin, amhail rialtóirí na margaí leictreachais agus gáis. |
2. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an tslí a dtuairisceoidh gnóthais agus foinsí eile na sonraí a bheidh de dhíth le haghaidh staidrimh náisiúnta mar a shonraítear in Airteagal 4.
3. Féadfar liosta na bhfoinsí sonraí a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 4
Comhiomláin, táirgí fuinnimh agus minicíocht tarchuir an staidrimh náisiúnta
1. Leagtar amach sna hIarscríbhinní an staidreamh náisiúnta a thuairisceofar. Déanfar é a tharchur ag na minicíochtaí seo a leanas:
(a) |
go bliantúil, maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh in Iarscríbhinn B; |
(b) |
go míosúil, maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh in Iarscríbhinn C; |
(c) |
go míosúil gearrthéarmach, i dtaca le staidreamh fuinnimh in Iarscríbhinn D. |
2. Tugtar soiléirithe nó sainmhínithe is infheidhme ar na téarmaí teicniúla a úsáidtear sna hiarscríbhinní aonair agus in Iarscríbhinn A, (Soiléirithe ar Théarmaíocht), freisin.
3. Féadfar an staidreamh a chuirfear ar aghaidh agus na soiléirithe nó na sainmhínithe is infheidhme a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 5
Tarchur agus scaipeadh
1. Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).
2. Is mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a bheidh na socruithe maidir lena dtarchur, lena n-áirítear na teorainneacha ama, na maoluithe agus na díolúintí is infheidhme a ghabhann leis.
3. Féadfar na socruithe i dtaca le tarchur an staidrimh náisiúnta a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
4. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún díolúintí nó maoluithe breise a dheonú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3), i leith na gcodanna sin den staidreamh náisiúnta a gcuirfeadh a dtiomsú ualach iomarcach ar fhreagróirí.
5. Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh faoin 31 Eanáir den dara bliain tar éis na tréimhse tuairiscithe.
Airteagal 6
Measúnú cháilíochta agus tuarascálacha cáilíochta
1. Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a tharchuirfear.
2. Déanfar gach iarracht réasúnta chun comhleanúnachas a áirithiú idir sonraí fuinnimh a dhearbhófar i gcomhréir le hIarscríbhinn B agus sonraí a dhearbhófar i gcomhréir le Cinneadh 2005/166/CE ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2005 lena leagtar síos na rialacha i ndáil le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (12).
3. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na gnéithe measúnachta cáilíochta seo a leanas i leith na sonraí a bheidh le tarchur:
(a) |
tagróidh ‘ábharthacht’ don mhéid a fhreastalaíonn an staidreamh ar riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí; |
(b) |
tagróidh ‘cruinneas’ do ghaireacht na meastachán do na fíorluachanna anaithnide; |
(c) |
tagróidh ‘tráthúlacht’ don aga moille idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air; |
(d) |
tagróidh ‘poncúlacht’ don aga moille idir dáta scaoilte na sonraí agus an spriocdháta faoinar chóir iad a bheith seachadta; |
(e) |
tagróidh ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléireacht’ do na coinníollacha agus do na modúlachtaí trína bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirmhíniú; |
(f) |
tagróidh ‘inchomparáideacht’ don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí idir coincheapa feidhmeacha staidrimh agus uirlisí agus nósanna imeachta tomhais i gcás ina ndéantar comparáid idir staidreamh ó thaobh limistéar geografach nó fearann earnála, nó thar thréimhse ama; |
(g) |
tagróidh ‘comhleanúnachas’ dá leordhóthanaí atá na sonraí lena nascadh go hiontaofa ar bhealaí difriúla agus le haghaidh úsáidí éagsúla. |
4. Gach cúig bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur agus maidir le haon athruithe modheolaíochta a rinneadh chomh maith.
5. Laistigh de shé mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), agus chun deis a thabhairt dó cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur chuig an gCoimsiún (Eurostat).
Airteagal 7
Am tagartha agus minicíocht
Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí go léir a shonraítear sa Rialachán seo ó thús na bliana féilire tar éis ghlacadh an Rialacháin seo, agus tarchuirfidh siad iad as sin amach ag na minicíochtaí a leagtar síos in Airteagal 4(1).
Airteagal 8
Staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach
Sainmhíneoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis an earnáil fuinnimh núicléach san AE, tacar staidrimh bhliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bheidh le tuairisciú agus le scaipeadh ón mbliain 2009 ar aghaidh, arb í an bhliain sin an chéad bhliain tuairiscithe, gan dochar do rúndacht, i gcás inar gá sin, agus seachnófar aon dúbailt ar bhailiú sonraí agus, ag an am céanna, coinneofar an costas a bhaineann lena chur ar fáil íseal agus an t-ualach tuairiscithe réasúnta.
Bunófar an tacar staidrimh bhliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach agus féadfar é a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 9
Staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus staidreamh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh
1. D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh an staidreamh seo inchomparáideach, trédhearcach, mionsonraithe agus solúbtha:
(a) |
trí athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a chruthú d’fhonn staidreamh breise, ábhartha agus mionsonraithe a chur ar fáil i dtaca le gach foinse fuinnimh inathnuaite, go bliantúil agus ar shlí chostéifeachtach. Tíolacfaidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh a chruthófar ón mbliain 2010 (an bhliain thagartha) ar aghaidh agus scaipfidh sé an staidreamh sin; |
(b) |
tríd an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail i gcruthú an staidrimh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh (foinsí, athróga, cáilíocht, costais) a athbhreithniú agus a shocrú bunaithe ar an staid reatha, ar staidéir atá ann cheana agus ar threoirstaidéir féidearthachta, chomh maith le hanailísí costais/sochair atá fós le déanamh, agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtreoirstaidéar agus na n-anailísí costais/sochair d’fhonn eochracha miondealaithe a bhunú do na fuinnimh deiridh de réir earnála agus de réir príomhúsáide fuinnimh agus na míreanna comhthoraidh a lánpháirtiú sa staidreamh de réir a chéile ón mbliain 2012 (an bhliain tagartha) ar aghaidh. |
2. Féadfar an tacar staidrimh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
3. Bunófar an tacar staidrimh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh agus féadfar é a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 10
Bearta cur chun feidhme
1. Na bearta seo a leanas, atá riachtanach do chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2):
(a) |
modhnuithe ar liosta na bhfoinsí sonraí (Airteagal 3(3)); |
(b) |
modhnuithe ar an staidreamh náisiúnta agus ar na soiléirithe nó ar na sainmhínithe is infheidhme (Airteagal 4(3)); |
(c) |
modhnuithe ar na socruithe tarchuir (Airteagal 5(3)); |
(d) |
an staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bhunú agus modhnuithe a dhéanamh air (Airteagal 8(2)); |
(e) |
modhnuithe ar an staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite (Airteagal 9(2)); |
(f) |
staidreamh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh a bhunú agus modhnuithe a dhéanamh air (Airteagal 9(3)). |
2. Deonófar díolúintí nó maoluithe breise (Airteagal 5(4)) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3).
3. Tabharfar aird ar an bprionsabal go bhfanfaidh na costais bhreise agus an t-ualach tuairiscithe breise laistigh de theorainneacha réasúnta.
Airteagal 11
An Coiste
1. Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-P. JOUYET
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008.
(2) IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.
(3) IO L 283, 27.10.2001, lch. 33.
(4) IO L 52, 21.2.2004, lch. 50.
(5) IO L 1, 4.1.2003, lch. 65.
(6) IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.
(7) IO L 191, 22.7.2005, lch. 29.
(8) IO C 317 E, 23.12.2006, lch. 876.
(9) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.
(10) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.
(11) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(12) IO L 55, 1.3.2005, lch. 57.
IARSCRÍBHINN A
SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT
Tugann an iarscríbhinn seo mínithe nó sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sna hiarscríbhinní eile.
1. NÓTAÍ GEOGRAFACHA
Chun críocha staidreamh a thuairisciú, agus chun na críocha sin amháin, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha seo a leanas:
— |
Ní chuimsítear leis an Astráil críocha thar lear na hAstráile. |
— |
Ní chuimsítear leis an Danmhairg Oileáin Fharó ná an Ghraonlainn. |
— |
Cuimsítear leis an bhFrainc Monacó ach ní chuimsítear léi na críocha Francacha thar lear: Guadalúip, Martinique, Guáin na Fraince, Réunion, St. Pierre agus Miquelon, An Nua-Chaladóin, Polainéis na Fraince, Vailís agus Futúna, Mayotte. |
— |
Cuimsítear leis an Iodáil San Mairíne agus Cathair na Vatacáine. |
— |
Cuimsítear leis an Seapáin Okinawa. |
— |
Ní chuimsíter leis an Ísiltír Suranam ná Aintillí na hÍsiltíre. |
— |
Cuimsítear leis an bPortaingéil na hAsóir agus Maidéara. |
— |
Cuimsítear leis an Spáinn na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Bhailéaracha, agus Ceuta agus Melilla. |
— |
Ní chuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin. |
— |
Cuimsítear leis na Stáit Aontaithe an 50 Stát, Ceantar Columbia, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Pórtó Ríce agus Guam. |
2. COMHIOMLÁIN
Aicmítear táirgeoirí de réir chuspóir an táirgthe:
— |
Táirgeoir Príomhghníomhaíochta: fiontair, ar úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas lena dhíol le tríú páirtithe mar a bpríomhghníomhaíocht. |
— |
Uath-tháirgeoirí: fiontair, ar úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas go hiomlán nó go páirteach dá n-úsáid féin mar ghníomhaíocht a thacaíonn lena bpríomhghníomhaíocht. |
Tabhair ar aird: féadfaidh an Coimisiún téarmaíocht a shoiléiriú tuilleadh trí thagairtí ábhartha NACE a chur leis an téarmaíocht i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tar éis teacht i bhfeidhm d’athbhreithniú ar aicmiú NACE.
2.1. Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe
Táirgeacht/Táirgeacht Dhúchasach Cainníochtaí breoslaí a eastósctar nó a tháirgtear, arna ríomh tar éis aon oibríocht a dhéanamh chun támhábhar a bhaint. Áirítear leis an táirgeacht na cainníochtaí a chaitheann an táirgeoir sa phróiseas táirgthe (e.g. do théamh nó d’oibriú trealaimh agus trealaimh cúnta) mar aon le soláthairtí chuig táirgeoirí fuinnimh eile lena gclaochlú nó le haghaidh úsáidí eile. Modhanna dúchasacha: táirgeadh ó acmhainní laistigh den stát lena mbaineann. |
||||||
Allmhairí/Onnmhairí Féach an roinn maidir le ‘Nótaí Geografacha’ le haghaidh sainmhínithe geografacha. Mura sonraítear a mhalairt, tagraíonn ‘allmhairí’ don chéad tionscnamh (an tír inar táirgeadh an táirge fuinnimh) lena n-úsáid sa tír agus tagraíonn ‘onnmhairí’ don tír dheiridh ina gcaithtear an táirge fuinnimh táirgthe. Measfar méideanna a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu an mbeidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. Féadfar ‘Eile’ a úsáid i gcás nach féidir aon tionscnamh nó aon cheann scríbe a thuairisciú. Féadfaidh difríochtaí staidrimh teacht chun cinn mura mbeidh ach an t-iomlán ar fáil d’allmhairí agus d’onnmhairí ar an mbonn thuas, agus i gcás ina mbeidh an miondealú geografach bunaithe ar shuirbhé, ar fhoinse nó ar choincheap éagsúil. Sa chás sin, áireofar difríochtaí faoi ‘Eile’. |
||||||
Umair Mhuirí Idirnáisiúnta Cainníochtaí breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach a bhíonn ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta. Féadfaidh loingseoireacht idirnáisiúnta tarlú ar muir, ar lochanna agus ar uiscebhealaí intíre, agus in uiscí cósta. Ní chuimsítear:
|
||||||
Athruithe ar Stoic An difríocht idir an leibhéal stoic tosaigh agus an leibhéal stoic deiridh le haghaidh stoc atá á sealbhú ar chríoch náisiúnta. |
||||||
Olltomhaltas (ríofa) Luach ríofa, arna shainiú mar seo a leanas: Táirgeadh dúchasach + Ó fhoinsí eile + Allmhairí – Onnmhairí – Umair mhuirí idirnáisiúnta + Athruithe ar stoic |
||||||
Olltomhaltas (breathnaithe) An chainníocht a taifeadadh go hiarbhír i suirbhéanna ar earnálacha críochúsáide. |
||||||
Difríochtaí Staidrimh Luach ríofa, arna shainiú mar seo a leanas: Olltomhaltas ríofa – olltomhaltas breathnaithe. Áirítear leis sin athruithe ar stoic faoi thomhaltóirí deiridh murar féidir iad sin a shonrú mar chuid de ‘Athruithe ar stoic’. Ba cheart na cúiseanna a bheidh le haon mhórdhifríochtaí a lua. |
||||||
Gléasraí Leictreachais na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh. Déanfar breoslaí arna n-úsáid ag gléasraí agus a bhfuil aonad TCÉ amháin ar a laghad iontu a thuairisciú faoi Ghléasraí TCÉ na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta. |
||||||
Gléasraí Teasa agus Cumhachta in Éineacht (TCÉ) na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun leictreachas agus teas a tháirgeadh. |
||||||
Gléasraí Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh. |
||||||
Gléasraí Leictreachais Uath-tháirgeoirí Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh. Déanfar breoslaí arna n-úsáid ag gléasraí agus a bhfuil aonad TCÉ amháin ar a laghad iontu a thuairisciú faoi ‘Gléasraí TCÉ Uath-Tháirgeoirí’. |
||||||
Gléasraí Teasa agus Cumhachta in Éineacht (TCÉ) Uath-Tháirgeoirí Cainníochtaí breoslaí a fhreagraíonn don chainníocht leictreachais a tháirgtear agus don chainníocht teasa a dhíoltar. |
||||||
Gléasraí Teasa Uath-Tháirgeoirí Cainníochtaí breoslaí a fhreagraíonn don chainníocht teasa a dhíoltar. |
||||||
Gléasraí Breosla Paitinne Cainníochtaí a úsáidtear chun breoslaí a tháirgeadh. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil fuinnimh. |
||||||
Oighinn Chóic Cainníochtaí a úsáidtear in oighinn chóic. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh. |
||||||
Gléasraí BKB/PB Cainníochtaí ligníte nó guail dhoinn a úsáidtear chun brícíní guail dhoinn (BKB) a tháirgeadh nó cainníochtaí móna a úsáidtear chun brícíní móna (PB) a tháirgeadh. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh. |
||||||
Oibreacha Gáis Cainníochtaí a úsáidtear chun gás a tháirgeadh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear mar bhreosla do théamh agus d’oibriú trealaimh a áireamh anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh. |
||||||
Foirnéis Soinneáin Cainníochtaí de ghual cóic agus/nó de ghual biotúmanach (dá ngairtear PCI i gcoitinne) agus de chóc oigheann cóic arna gclaochlú i bhfoirnéisí soinneáin. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú foirnéisí soinneáin (e.g.: gás foirnéisí soinneáin) a áireamh anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh. |
||||||
Leachtú Guail Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun ola shintéiseach a tháirgeadh. |
||||||
Scaglanna peitriliam Cainníochtaí a úsáidtear chun táirgí peitriliam a tháirgeadh. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear mar bhreosla do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil fuinnimh. |
||||||
Nach Sonraítear in aon áit eile – Claochlú Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí claochlaithe agus nach n-áirítear in aon áit eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid a áirítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil. |
2.2. An Earnáil Fuinnimh agus an Tomhaltas Deiridh
An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine Cainníochtaí arna gcaitheamh ag an tionscal fuinnimh chun tacú le hoibríochtaí eastósctha (mianadóireacht, táirgeadh ola agus gáis) nó le hoibríochtaí gléasra de chuid gníomhaíochtaí claochlaithe. Ní áirítear cainníochtaí breoslaí arna gclaochlú i bhfoirm eile fuinnimh (is cóir iad sin a thuairisciú faoi earnáil an Chlaochlaithe) nó cainníochtaí a úsáidtear chun tacú le hoibriú píblínte ola, gáis agus sciodair guail (is cóir iad sin a thuairisciú in Earnáil an Iompair). Áirítear monarú ábhar ceimiceach do chomhleá agus d’eamhnú adamhach agus táirgí na bpróiseas sin. |
Gléasraí Leictreachais, TCÉ agus Teasa Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí leictreachais, i ngléasraí teasa agus cumhachta in éineacht (TCÉ) agus i ngléasraí teasa. |
Mianaigh Ghuail Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh chun tacú le gual a eastóscadh agus a ullmhú laistigh de thionscal na gualmhianadóireachta. Ba cheart gual arna dhó i stáisiúin chumhachta bhéal an tsloic a thuairisciú in Earnáil an Chlaochlaithe. |
Gléasraí breosla paitinne Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí breosla paitinne. |
Oighinn Chóic Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí cóic. |
Gléasraí BKB/PB Cainníochtaí arna n-úsáid mar fhuinneamh i ngléasraí BKP/PB. |
Oibreacha Gáis/oibreacha gásúcháin Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail. |
Foirnéisí Soinneáin Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i bhfoirnéisí soinneáin. |
Leachtú Guail Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí leachtaithe guail. |
Scaglanna Peitriliam Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i scaglanna peitriliam. |
Eastóscadh Ola agus Gáis Cainníochtaí arna gcaitheamh mar bhreosla i bpróiseas eastósctha ola agus gáis agus i ngléasraí próiseála gáis nádúrtha. Ní áirítear caillteanais ó phíblíne (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte) agus cainníochtaí a úsáidtear chun píblínte a oibriú (atá le tuairisciú in earnáil an Iompair). |
Tomhaltas deiridh ina iomláine Arna shainmhíniú (arna ríomh) mar seo a leanas: = Úsáid neamhfhuinnimh ina hiomláine + Tomhaltas Deiridh Fuinnimh (Tionscal + Iompar + Earnálacha eile) Ní áirítear seachadtaí lena gclaochlú, úsáid ag na tionscail táirgthe fuinnimh, ná caillteanais dáilte. |
Úsáid neamhfhuinnimh Cainníochtaí arna n-úsáid mar amhábhair sna hearnálacha éagsúla; i.e. cainníochtaí nach gcaithtear mar bhreosla nó nach gclaochlaítear ina mbreosla eile. |
2.3. Sonrú don Chríochúsáid fuinnimh
Tomhaltas Deiridh Fuinnimh Iomlán an tomhaltais fuinnimh in earnálacha an tionscail, an iompair agus in earnálacha eile. |
Earnáil an Tionscail Tagraíonn sé seo do chainníochtaí breoslaí arna gcaitheamh ag an ngnóthas tionscail d’fhonn tacú lena chuid príomhghníomhaíochtaí. Maidir le gléasraí teasa amháin nó maidir le gléasraí TCÉ, ní bheidh sé seo infheidhme ach amháin maidir le cainníochtaí breoslaí arna gcaitheamh chun teas a tháirgeadh, ar teas é a úsáidfidh an gléasra féin. Maidir le cainníochtaí breoslaí arna gcaitheamh chun teas a dhíolfar a tháirgeadh, agus chun leictreachas a tháirgeadh, ba cheart iad sin a thuairisciú faoin earnáil chuí Chlaochlaithe. |
Iarann agus Cruach |
Ceimic (lena n-áirítear Peitriceimic) Na tionscail cheimiceacha agus pheitriceimiceacha. |
Miotail Neamhfheiriúla Tionscal na miotal neamhfheiriúil. |
Mianraí Neamh-Mhiotalacha Tionscail an ghloine, na criadóireachta, na stroighne agus tionscail eile ábhar tógála. |
Trealamh Iompair Tionscail a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh iompair. |
Innealra Táirgí déanta as miotal, innealra agus trealamh seachas trealamh iompair. |
Mianadóireacht agus Cairéalacht Ní áirítear tionscail táirgthe fuinnimh. |
Bia, Deochanna agus Tobac |
Laíon, Páipéar agus Clódóireacht Áirítear táirgeadh meán taifeadta. |
Adhmad agus Táirgí Adhmaid (seachas laíon agus páipéar) |
Foirgníocht |
Teicstíl agus Leathar |
Nach sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal Tomhaltas in earnálacha nach bhfolaítear thuas. |
Earnáil an Iompair Fuinneamh arna úsáid sna gníomhaíochtaí iompair go léir beag beann ar an earnáil gheilleagair ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht. |
Earnáil an Iompair – Iarnród An tomhaltas go léir a úsáidtear i dtrácht iarnróid, lena n-áirítear iarnróid thionsclaíocha. |
Earnáil an Iompair – Loingseoireacht Intíre Cainníochtaí arna seachadadh chuig soithí de gach bratach nach bhfuil ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta (feic umair mhuirí idirnáisiúnta). Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt fágála agus an chalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach nó náisiúntacht na loinge. |
Earnáil an Iompair – Bóthar Cainníochtaí arna n-úsáid i bhfeithiclí bóthair. Áirítear breosla arna úsáid ag feithiclí talmhaíochta ar mhórbhealaí agus bealaí lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair. Ní áirítear fuinneamh arna úsáid in innill dho-aistrithe (féach an earnáil ‘Eile’), le haghaidh úsáide neamh-mhórbhealaí i dtarracóirí (féach Talmhaíocht), le haghaidh úsáide míleata i bhfeithiclí bóthair (féach an earnáil ‘Eile’ – Nach sonraítear in aon áit eile), le haghaidh biotúmain arna úsáid i ndromchlú bóthair nó le haghaidh fuinnimh arna úsáid in innill ar láithreáin fhoirgníochta (féach an fho-earnáil Foirgníocht in earnáil an Tionscail). |
Earnáil an Iompair – Iompar Píblíne Cainníochtaí arna n-úsáid mar fhuinneamh chun tacú le píblínte a bheidh ag iompar gás, leachtanna, sciodar agus tráchtearraí eile agus chun na píblínte sin a oibriú. Áirítear fuinneamh a úsáidtear le haghaidh stáisiún caidéil agus chun an phíblíne a chothabháil. Ní áirítear fuinneamh arna úsáid chun gás nádúrtha nó gás monaraithe, uisce te nó gal a dháileadh trí phíblíne ón dáileoir chuig úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú san earnáil fuinnimh), fuinneamh arna úsáid maidir le dáileadh deiridh uisce ar úsáideoirí tí, ar úsáideoirí tionscail, ar úsaideoirí tráchtála agus ar úsáideoirí eile (atá le háireamh sna Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí) agus caillteanais a tharlaíonn le linn an iompair sin idir an dáileoir agus úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte). |
Earnáil an Iompair – Eitlíocht Idirnáisiúnta Cainníochtaí breoslaí eitlíochta arna seachadadh chuig aerárthaí le haghaidh eitlíochta idirnáisiúnta. Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn suíomh fágála agus tuirlingthe seachas ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Ní áirítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú in earnáil an iompair – Nach sonraítear in aon áit eile) nó úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú in Earnálacha eile – Nach sonraítear in aon áit eile). |
Earnáil an Iompair – Eitlíocht Intíre Cainníochtaí breoslaí eitlíochta arna seachadadh chuig aerárthaí le haghaidh eitlíochta intíre – eitlíocht tráchtála, eitlíocht phríobháideach, eitlíocht talmhaíochta, etc. Áirítear breosla arna úsáid le haghaidh críoch eile seachas eitilt, e.g. tagarthástáil inneall. Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn suíomh fágála agus tuirlingthe seachas ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Ní áirítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú in earnáil an iompair – Nach sonraítear in aon áit eile) ná úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú in earnálacha Eile – Nach sonraítear in aon áit eile). |
Earnáil an Iompair – Nach Sonraítear in aon áit eile Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí iompair agus nach n-áirítear in aon áit eile. Áirítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair agus breoslaí arna n-úsáid i gcalafoirt le haghaidh díluchtóirí long, cineálacha éagsúla craenacha. Ní mór an méid a áirítear faoin gceannteideal seo a dhearbhú. |
Earnálacha Eile Earnálacha nach luaitear go sonrach nó nach mbaineann le fuinneamh, le tionscal ná le hiompar. |
Earnálacha Eile – Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí Breoslaí arna gcaitheamh ag gnólachtaí agus ag oifigí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. |
Earnálacha Eile – Cónaitheach Déanfar breoslaí arna gcaitheamh ag gach teaghlach lena n-áirítear ‘teaghlaigh ina bhfuil daoine fostaithe’ a dhearbhú. |
Earnálacha Eile – Talmhaíocht/Foraoiseacht Breoslaí arna gcaitheamh ag úsáideoirí a aicmeofar mar thalmhaíocht, sealgaireacht agus foraoiseacht. |
Earnálacha Eile – Iascaireacht Breoslaí arna seachadadh le haghaidh iascaireachta intíre, cósta agus domhainfharraige. Ba cheart go gcumhdódh an iascaireacht breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach a athbhreoslaíonn sa tír (lena n-áirítear iascaireacht idirnáisiúnta) agus fuinneamh arna úsáid in earnáil na hiascaireachta. |
Earnálacha Eile –Nach Sonraítear in aon áit eile Is gníomhaíochtaí iad seo nach n-áirítear in aon áit eile. Áirítear leis an aicme seo úsáid mhíleata breoslaí do thomhaltas soghluaiste agus doghluaiste (e.g. longa, aerárthaí, bóthar agus fuinneamh a úsáidtear i gceathrúna cónaithe), is cuma cibé acu an ndéanfar an breosla a sheachadadh do lucht míleata na tíre sin nó do lucht míleata tíre eile. Má úsáidtear iad, is cóir an méid a áirítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil. |
3. TÉARMAÍ EILE
Beidh feidhm ag brí na ngiorrúchán seo a leanas:
— |
LTM: luaidhe theitrimeitile, |
— |
LTE: luaidhe theitreitile, |
— |
FPS: fiuchphointe speisialta, |
— |
GPL: Gás peitriliam leachtaithe, |
— |
LGNanna: Leachtanna Gáis Nádúrtha, |
— |
GNL: Gás Nádúrtha Leachtaithe, |
— |
GNC: Gás nádúrtha comhbhrúite. |
IARSCRÍBHINN B
STAIDREAMH BLIANTÚIL FUINNIMH
Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht, ar an sprioc agus ar na modúlachtaí tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go bliantúil.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.
1. BREOSLAÍ SOLADACHA IONTAISE AGUS GÁIS MHONARAITHE
1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:
Táirge Fuinnimh |
Sainmhíniú |
||
|
Gual ardghráid a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tionscail agus cónaithe. Go hiondúil bíonn níos lú ná 10 % d'ábhar soghalaithe ann agus bíonn cion ard de charbóin ann (thart ar 90 % de charbón fosaithe) ann. Is mó ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) a oll-luach calrach agus é saor ó luaith ach tais. |
||
|
Gual biotúmanach ag a bhfuil cáilíocht a éascaíonn táirgeadh cóic atá oiriúnach chun lánán foirnéise soinneáin a sheasamh. Is mó ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) a oll-luach calrach agus é saor ó luaith ach tais. |
||
|
Gual a úsáidtear chun gal a ardú agus lena náirítear gach gual biotúmanach nach n-áirítear faoi ghual cóic nó faoi antraicít. Is é a phríomhthréith gur mó an t-ábhar soghalaithe atá ann ná mar atá in antraicít (níos mó ná 10 %) agus gur lú an cion de charbóin atá ann (níos lú ná 90 % de charbón fosaithe). Is mó ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) a oll-luach calrach agus é saor ó luaith ach tais. Má úsáidtear gual biotúmanach in oighinn chóic ba cheart é a thuairisciú mar ghual cóic. |
||
|
Tagraíonn sé do ghual neamhcheirtleánaithe ag a bhfuil oll-luach calrach idir 17 435 kJ/kg (4 165 kcal/kg) agus 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) agus ina bhfuil níos mó 31 % d'ábhar soghalaithe agus é tirim agus saor ó ábhar mianrach. |
||
|
Gual neamhcheirtleánaithe ag a bhfuil oll-luach calrach níos lú ná 17 435 kJ/kg (4 165 kcal/kg) agus níos mó ná 31 % d'ábhar soghalaithe agus é tirim agus saor ó ábhar mianrach. Ba cheart sceall ola agus gaineamh tarra a tháirgtear agus a dhóitear go díreach a thuairisciú san aicme seo. Ba cheart sceall ola agus gaineamh tarra a úsáidtear mar ionchuir le haghaidh próiseas claochlaithe eile a thuairisciú san aicme seo. Áirítear leis sin an cion den sceall ola nó den ghaineamh tarra a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe. Ba cheart ola scealla agus táirgí eile a dhíorthaítear ó leachtú a thuairisciú sa Cheistiúchán Bliantúil maidir le hOla. |
||
|
Fosú dríodrach atá indóite, bog, póiriúil nó comhbhrúite, de thionscnamh plandaí agus ina bhfuil cion ard uisce (suas le 90 % i staid amh), a ghearrtar go héasca, agus atá ar dhath donn éadrom nó dúdhonn. Ní áirítear móin a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh. Tá an sainmhíniú seo gan dochar don sainmhíniú ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh i dTreoir 2001/77/CE agus i dTreoirlínte IPCC 2006 d'Fhardail Náisiúnta Gáis Cheaptha Teasa. |
||
|
Breosla comhdhéanta a mhonaraítear as mínbhrus guail chrua trí oibreán nasctha a chur leis. Dá bhrí sin, féadfaidh méid an bhreosla paitinne a tháirgtear a bheith beagán níos airde ná an méid iarbhír guail a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe. |
||
|
An táirge soladach a dhéantar trí charbónú guail, go príomha gual cóic, ag teocht ard, agus a bhfuil taisleach agus ábhar soghalaithe íseal aige. Úsáidtear cóc oigheann cóic go príomha sa tionscal iarainn agus cruach agus é ag gníomhú mar fhoinse fuinnimh agus oibreán ceimiceach. Áirítear bríos cóic agus cóc teilgcheárta san aicme seo. Ba cheart leathchóc (táirge soladach a dhéantar trí charbónú guail ag teocht íseal) a áireamh san aicme seo. Bíonn leathchóc á úsáid mar bhreosla tí nó ag an ngléasra claochlaithe féin. Áirítear leis an gceannteideal seo freisin cóc, bríos cóic agus leathchóc a dhéantar as lignít/gual donn. |
||
|
Fotháirge guail chrua a úsáidtear chun gás baile a tháirgeadh in oibreacha gáis. Úsáidtear Gás-chóc chun críocha téimh. |
||
|
Toradh ar dhriogadh deighilteach guail bhiotúmanaigh. Maidir le tarra guail, is fotháirge leachtach é as driogadh guail chun cóc a dhéanamh i bpróiseas an oighinn cóic nó déantar é as gual donn (‘tarra ísealteochta’). Féadfar tarra guail a dhriogadh thairis sin ina tháirgí orgánacha éagsúla (e.g. beinséin, tolúéin, naftailéin) a thuairisceofaí de ghnáth mar stoc cothaithe don tionscal peitriceimiceach. |
||
|
Is breosla comhdhéanta é BKB a mhonaraítear as lignít/gual donn, agus a tháirgtear trí bhrícíniú faoi ardbhrú gan oibreán nasctha a chur leis. Áirítear leis na bhfigiúirí sin brícíní móna, mínbhrus ligníte triomaithe agus deannach ligníte triomaithe. |
||
|
Áirítear gach cineál gás a tháirgtear i ngléasraí fóntais phoiblí nó i ngléasraí príobháideacha, arb é is príomhchuspóir dóibh gás a mhonarú, a iompar agus a dháileadh. Áirítear gás a tháirgtear trí charbónú (lena n-áirítear gás a tháirgtear in oighinn chóic agus a aistrítear chuig gás oibreacha gáis), trí ghásúchán iomlán fara nó d'éagmais saibhriú le táirgí ola (GPL, fuíoll-ola bhreosla, etc.), agus trí athfhoirmiú agus meascadh simplí a dhéanamh ar gháis agus/nó aer, agus a thuairiscítear faoi na sraitheanna ‘Ó Fhoinsí Eile’. Faoi earnáil an chlaochlaithe sonraigh méideanna gáis de chuid oibreacha gáis arna n-aistriú chuig gás nádúrtha cumaiscthe a dhéanfar a dháileadh agus a chaitheamh tríd an eangach gáis nádúrtha. Ba cheart táirgeadh gualghás eile (i.e. gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin agus gás foirnéise cruach ocsaigine) a thuairisciú sna colúin a bhaineann leis na gáis sin seachas mar tháirgeadh gáis oibreacha gáis. Ba cheart na gualgháis arna n-aistriú chuig gléasraí oibreacha gáis a thuairisciú ansin (ina gcolún féin) in earnáil an chlaochlaithe sa tsraith ar na gléasraí oibreacha gáis. Ba cheart go ndéanfaí méid iomlán an gháis oibreacha gáis a thagann ó aistrithe gualghás eile a thaispeáint sa líne táirgeachta maidir le gás oibreacha gáis. |
||
|
Faightear é mar fhotháirge ó mhonarú cóic oigheann cóic chun iarann agus cruach a tháirgeadh. |
||
|
Déantar é a tháirgeadh le linn cóc a dhó i bhfoirnéisí soinneáin sa tionscal iarann agus cruach. Déantar é a ghnóthú agus a úsáid mar bhreosla laistigh den ghléasra go páirteach agus i bpróisis eile thionscal na cruach go páirteach nó i stáisiúin chumhachta atá trealmhaithe chun é a dhó. Ba cheart cainníocht an bhreosla a thuairisciú ar bhonn oll-luacha chalraigh. |
||
|
Fotháirge ó tháirgeadh cruach i bhfoirnéis ocsaigine, agus a fhaightear nuair a fhágann sé an fhoirnéis. Tugtar gás tiontaire, gás LD nó gás BOS air chomh maith. |
||
|
Tagraíonn an téarma ‘gual crua’ do ghual ar mó a oll-luach calrach ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) agus é saor ó luaith ach tais agus ag a bhfuil meán-fhrithchaiteas randamach vitriníte de 0,6 ar a laghad. Cuimsítear le gual crua gach táirge fuinnimh ó 1 go 3 le chéile (antraicít, Gual cóic agus Gual eile Biotúmanach). |
1.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.
1.2.1. Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
||||||
|
1.2.2. An Earnáil Fuinnimh
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.2.3. Críochúsáid fuinnimh a shonrú
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.2.4. Allmhairí agus onnmhairí
Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tíre cinn scríbe.
Neambhbhainteach maidir le móin, cóc gáis, gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin nó gás foirnéise cruach ocsaigine.
1.2.5. Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa
Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ, agus do ghléasraí teasa amháin.
Déantar na hionchuir seo chuig uath-tháirgeoirí a dheighilt maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a liostaítear sa tábla seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.3. Luachanna calracha
Déanfar oll-luachanna agus glanluachanna calracha a dhearbhú do na táirgí fuinnimh a luaitear i mír 1.1 do na príomh-chomhiomláin seo a leanas.
Neambhbhainteach maidir le gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin nó gás foirnéise cruach ocsaigine:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.4. Táirgeadh agus stoic i mianaigh ghuail
Neambhbhainteach ach amháin maidir le gual crua agus lignít/gual donn.
Caithfear na cainníochtaí seo a leanas a dhearbhú:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.5. Aonaid tomhais
|
103 tona Eisceacht: i gcás gás (gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin, gás foirnéise cruach ocsaigine) beidh an tomhas i gcion fuinnimh go díreach agus dá bhrí sin is é an t-aonad TJ (bunaithe ar oll-luachanna calracha) an t-aonad a bheidh le húsáid. |
||
|
MJ/tona |
1.6. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
2. GÁS NÁDÚRTHA
2.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gás nádúrtha, a chuimsíonn gáis i bhfoslaigh faoi thalamh, cibé acu leachtaithe nó gásach, agus ar meatán is mó atá ann.
Áirítear gás ‘neamhghaolmhar’ a thagann as ceantair a tháirgeann hidreacarbóin i bhfoirm ghásach amháin, agus gás ‘gaolmhar’ a tháirgtear in éineacht le hamhola mar aon le meatán a ghnóthaítear ó mhianaigh ghuail (gás gualchan) nó ó shíoga guail (gás síge guail).
Ní áirítear gáis a chruthaítear trí dhíleá anaeróbach ar bhithmhais (e.g. gás nó séarachas cathrach) ná gás oibreacha gáis.
2.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
2.2.1. Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe
Is iad na cainníochtaí a bheidh le dearbhú na cainníochtaí a shloinnfear in aonaid toirte agus fuinnimh, agus lena n-áirítear na holl-luachanna agus na glanluachanna calracha, do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
2.2.2. An Earnáil Fuinnimh
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
2.2.3. Críochúsáid fuinnimh a shonrú
Ní mór tomhaltas gáis nádúrtha a thuairisciú d'úsáid fuinnimh agus (más infheidhme) d'úsáid neamhfhuinnimh go leithleach, maidir leis na comhiomláin uile seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
2.2.4. Allmhairí agus onnmhairí
Déanfar cainníochtaí an gháis nádúrtha iomláin, agus na coda GNL de, a dhearbhú de réir na tíre tionscnaimh le haghaidh allmhairí agus de réir na tíre cinn scríbe le haghaidh onnmhairí.
2.2.5. Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa
Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do Ghléasraí Leictreachais Uath-Tháirgeoirí, do Ghléasraí TCÉ Uath-Tháirgeoirí, agus do Ghléasraí Teasa Uath-Tháirgeoirí.
Tá feidhm ag ionchuir maidir leis na gléasraí nó leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
2.2.6. Toilltí Stórála Gáis
|
||
|
||
|
||
|
2.3. Aonaid tomhais
|
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, déanfar cainníochtaí gáis nádúrtha a dhearbhú de réir a chion fuinnimh, i.e. in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach. I gcás ina mbeidh cainníochtaí fisiciúla ag teastáil, is i 106 m3 a bheidh an t-aonad agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa). |
||
|
KJ/m3, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa). |
||
|
106 m3, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa). |
||
|
106 m3/lá, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa). |
2.4. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
3. LEICTREACHAS AGUS TEAS
3.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cumhdaíonn an chaibidil seo teas agus leictreachas.
3.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu sa chaibidil seo. Beidh feidhm ag na mínithe agus ag na haonaid a luaitear i gCaibidil 1, Caibidil 2, Caibidil 4 agus Caibidil 5 maidir le táirgí fuinnimh a bhaineann le breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe, gás nádúrtha, ola agus táirgí peitriliam, agus fuinneamh inathnuaite agus fuinneamh ó dhramhaíl.
3.2.1. Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe
Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir le comhiomláin le haghaidh leictreachais agus teasa sa chaibidil seo:
— |
Olltáirgeacht Leictreachais: suim na táirgeachta fuinnimh leictrigh ó na tacair ghiniúna go léir lena mbaineann (lena n-áirítear taisce pumpála) arna tomhas ag teirminéil aschuir na bpríomhghineadóirí. |
— |
Olltáirgeacht Teasa: an teas iomlán a tháirgeann an tsuiteáil lena n-áirítear an teas a úsáideann cúntóirí na suiteála ina n-úsáidtear leacht te (téamh spáis, téamh breosla leachtaigh etc.) agus caillteanais sna malartuithe teasa suiteáil/líonra, mar aon le teas ó phróisis cheimiceacha a úsáidtear mar phríomh-fhoirm fuinnimh. |
— |
Glantáirgeacht Leictreachais: an olltáirgeacht leictreachais lúide an fuinneamh leictreach a ghlacann na cúntóirí giniúna agus na caillteanais sna príomh-chlaochladáin giniúna. |
— |
Glantáirgeacht Teasa: an teas a sholáthraítear chuig an gcóras dáilte agus a chinntear ó thomhais sreafaí eisimeachta agus aisfhillte. |
Ní mór na comhiomláin a luaitear sa chéad tábla eile a dhearbhú go leithleach do ghléasraí táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus do ghléasraí uath-tháirgeoirí. Sa dá chineál gléasra sin, ní mór olltáirgeacht leictreachais agus teasa agus glantáirgeacht leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ agus do ghléasraí teasa amháin, más cuí, do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Ní mór na comhiomláin a luaitear sa chéad tábla eile a dhearbhú mar iomláin do leictreachas agus do theas go leithleach, más iomchuí. Maidir leis na trí chomhiomlán tosaigh sa chéad tábla eile, ba cheart na cainníochtaí a ríomh ó na luachanna a dhearbhaítear de réir an tábla roimhe sin agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir leis na luachanna a dhearbhaítear de réir an tábla sin.
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Maidir leis an leictreachas a tháirgtear, leis an teas a dhíoltar agus leis na cainníochtaí breosla a úsáidtear lena n-áirítear a bhfuinneamh iomlán comhfhreagrach (atá bunaithe ar a nglanluach calrach ach amháin maidir le gás nádúrtha atá bunaithe ar oll-luach calrach) ó na hábhair indóite a liostaítear sa chéad tábla eile, ní mór iad a dhearbhú go leithleach do ghléasraí táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus do ghléasraí uath-tháirgeoirí. Maidir leis an dá chineál gléasraí seo, ní mór an táirgeacht leictreachais agus teasa sin a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais (amháin), do ghléasraí TCÉ agus do ghléasraí teasa (amháin) i gcás inar iomchuí:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.2.2. Tomhaltas leictreachais agus teasa san Earnáil Fuinnimh
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.2.3. Críochúsáid fuinnimh a shonrú
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.2.4. Allmhairí agus onnmhairí
Allmhairí agus onnmhairí cainníochtaí fuinnimh leictreachais agus teasa de réir tíre.
3.2.5. Glantáirgeacht giniúna leictreachais agus glantáirgeacht teasa ag uath-tháirgeoirí
Déanfar glantáirgeacht leictreachais agus glanghiniúint teasa ag uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus táirgthe teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí TCÉ, do ghléasraí leictreachais (amháin) agus do ghléasraí teasa (amháin), do na gléasraí nó do na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.2.6. Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa
Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do Ghléasraí Leictreachais Uath-Tháirgeoirí, do Ghléasraí TCÉ Uath-Tháirgeoirí, agus do Ghléasraí Teasa Uath-Tháirgeoirí.
1. |
Maidir le breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuairisciú maidir leis na táirgí fuinnimh seo a leanas: antraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít/gual donn, móin, breosla paitinne, cóc oigheann cóic, cóc gáis, tarra guail, BKB/PB, gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin agus gás foirnéise cruach ocsaigine. Ní mór a gcuid cainníochtaí ionchuir a thuairisciú do na gléasraí sna gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
2. |
Maidir le tairgí ola a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuairisciú do na táirgí fuinnimh seo a leanas: amhola, LGN, gás scaglainne, GPL, nafta, scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, ceirisín eile, gás/díosal (ola bhreosla driogáite), ola bhreosla throm, biotúman (lena n-áirítear Orimulsion), cóc peitriliam agus táirgí ola eile. Ní mór a gcuid cainníochtaí ionchuir do na gléasraí a thuairisciú sna gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
3. |
Maidir le gás nádúrtha a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuairisciú do na gléasraí sna gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
4. |
Maidir le fuinneamh inathnuaite agus fuinneamh ó dhramhaíl a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuarisiciú as na táirgí fuinnimh seo a leanas: fuinneamh geoiteirmeach, grianteirmeach, dramhaíl thionsclaíoch (neamh-inathnuaite), dramhaíl chathrach (inathnuaite), dramhaíl chathrach (neamh-inathnuaite), adhmad/dramhaíl adhmaid/dramhaíl sholadach eile, gás líonta talún, gás sludaigh séarachais, bithghás eile agus bithbhreoslaí leachtacha. Ní mór a gcuid cainníochtaí ionchuir a thuairisciú do na gléasraí sna gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
3.3. Sonraí struchtúracha maidir le giniúint leictreachais agus teasa
3.3.1. Glantoilleadh Uasta Leictreachais agus Buaicualach
Ba cheart an toilleadh a thuairisciú an 31 Nollaig den bhliain iomchuí tuairiscithe.
Áirítear toilleadh leictreach gléasraí leictreachais (amháin) agus gléasraí TCÉ.
Is é an Glantoilleadh Uasta Leictreachais suim ghlantoilltí uasta na stáisiún go léir á dtógáil go leithleach i gcaitheamh tréimhse áirithe oibríochta. Glacfar leis chun na gcríoch sin gur feidhmiú leanúnach a bheidh i gceist leis an tréimhse oibríochta: le fírinne, is ionann sin agus 15 huaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae. Is é an glantoilleadh uasta an chumhacht uasta a thoimhdeofar gur cumhacht ghníomhach amháin í agus gur féidir í a sholáthar, go leanúnach, le linn don ghléasra uile a bheith ag oibriú, ag an bpointe asraoin chuig an líonra. Sainmhínítear an Buaicualach mar luach is airde na cumhachta a ghlacann nó a sholáthraíonn líonra nó teaglaim de líonraí laistigh den tír.
Ní mór na cainníochtaí seo a leanas a dhearbhú don líonra, agus dó sin amháin:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.3.2. Glantoilleadh Uasta Leictreachais de chuid Breoslaí Indóite
Ní mór glantoilleadh uasta leictreachais de chuid breoslaí indóite a dhearbhú do tháirgeoirí príomhghníomhaíochta agus d'uath-tháirgeoirí araon, agus go leithleach do gach gléasra aonbhreoslaithe nó ilbhreoslaithe a luaitear sa chéad tábla eile. Ní mór sonraí a thabhairt maidir leis an gcineál breosla a úsáidtear mar bhreosla príomhúil agus mar bhreosla malartach i gcás gach gléasra ilbhreoslaithe.
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Is iad aonaid a fhéadfaidh níos mó ná cineál breosla amháin a dhó ar bhonn leanúnach, agus iad sin amháin, atá i gceist le córais ilbhreoslaithe. Ba cheart stáisiúin a bhfuil aonaid leithleacha acu ina n-úsáidtear breoslaí éagsúla a roinnt ina n-aicmí aonbhreoslaithe iomchuí.
3.4. Aonaid tomhais
|
Leictreachas: GWh Teas: TJ Breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gCaibidil 1 den iarscríbhinn seo. Gás nádúrtha: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gcaibidil 2 den iarscríbhinn seo. Táirgí ola agus peitriliam: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gcaibidil 4 den iarscríbhinn seo. Fuinneamh inathnuaite agus dramhaíl: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gcaibidil 5 den iarscríbhinn seo. |
||
|
Toilleadh giniúna leictrí: MWe Toilleadh giniúna teasa: MWt |
3.5. Maoluithe agus díolúintí
Tá maolú ag an bhFrainc maidir le tuairisciú na gcomhiomlán a bhaineann le teas. Rachaidh an maolú sin i léig a luaithe a bheidh an Fhrainc in ann an tuarascáil sin a chur ar aghaidh agus, ar aon chuma, tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
4. OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM
4.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:
Táirge Fuinnimh |
Sainmhíniú |
||||||||
|
Is éard is amhola ann ola mhianrach de thionscnamh nádúrtha ina bhfuil meascán de hidreacarbóin agus d'eisíonachtaí a ghabhann leo, amhail sulfar. Is i bhfoirm leachta a bhíonn sí faoi ghnáth-theocht agus faoi ghnáthbhrú dromchla agus bíonn a saintréithe fisiceacha (dlús, slaodacht, etc.) fíor-athraitheach. Áirítear leis an aicme seo comhdhlútháit olacheantair nó réimsí taiscéalaíochta a ghnóthaítear ó ghás gaolmhar nó ó ghás neamh-ghaolmhar i gcás ina gcumasctar é leis an sruth amhola tráchtála. |
||||||||
|
Is hidreacarbóin leachtacha nó leachtaithe iad LGNanna a ghnóthaítear ó ghás nádúrtha i saoráidí deighilte nó i ngléasraí próiseála gáis. Áirítear le leachtanna gáis nádúrtha eatán, própán, bútán (gnáthbhútán agus iseabútán), (isea)peantán agus pluspheantáin (dá ngairtear uaireanta gásailín nádúrtha nó comhdhlútháit ghléasra). |
||||||||
|
Is éard is stoc cothaithe scaglainne ann ola phróiseáilte a cheaptar lena próiseáil tuilleadh (e.g. ola bhreosla chomhrite nó ola fholúsgháis) ach gan cumasc a áireamh. Déanfar í a chlaochlú, le tuilleadh próiseála, ina comhábhar agus/nó ina táirge críochnaithe amháin nó níos mó ná táirge críochnaithe amháin. Cumhdaítear leis an sainmhíniú seo freisin aischuir ón tionscal peitriceimiceach go dtí an tionscal scagtha (e.g. gásailín pirealaithe, codáin C4, codáin ola gáis agus codáin ola breosla). |
||||||||
|
Maidir le breiseáin is comhdhúile neamh-hidreacarbóin iad a chuirfear le táirge nó a chumascfar le táirge chun airíonna breosla a mhodhnú (ochtán, ceatán, fuar-airíonna, etc.):
Tabhair ar aird: Ba cheart go mbainfeadh cainníochtaí breiseán/ocsaigionáití (alcóil, éiteir, eistir agus comhdhúile ceimiceacha eile) arna dtuairisciú san aicme seo leis na cainníochtaí atá ceaptha lena gcumasc le breoslaí nó lena n-úsáid mar bhreosla. |
||||||||
|
Bithghásailín agus Bithdhíosail. Beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 5, Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl. Baineann cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú san aicme seo leis an mbithbhreosla seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéanfar na bithbhreoslaí a chumasc leo. Ní áirítear trádáil ar bith i mbithbhreoslaí nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon); ba cheart iad sin a thuairisciú de réir Chaibidil 5. Ba cheart na bithbhreoslaí arna dtrádáil mar chuid de bhreoslaí iompair a thuairisciú sa táirge iomchuí ina léirítear an cion bithbhreosla. |
||||||||
|
Amhola shintéiseach ó tharraghainimh, ola scealla, etc., leachtanna ó leachtú guail, (féach Caibidil 1), aschuir leachtanna ó chlaochlú gáis nádúrtha go gásailín (féach Caibidil 2), hidrigin agus olaí eiblithe (e.g. Orimulsion). Ní áirítear táirgeadh ola scealla, a bhfuil feidhm ag Caibidil 1 maidir leis. Déanfar táirgeadh ola scealla (táirge tánaisteach) a thuairisciú mar ‘Ó fhoinsí eile’ san aicme ‘Hidreacarbóin eile’. |
||||||||
|
Áirítear le gás scaglainne meascán de gháis neamh-inchomhdhlúite arb éard iad go príomha hidrigin, meatán, eatán agus olaifíní a fhaightear le linn amhola a dhriogadh nó táirgí ola a chóireáil (e.g. cnagadh) i scaglanna. Áirítear leis seo freisin gáis a aischuirtear ón tionscal peitriceimiceach. |
||||||||
|
Hidreacarbón dronslabhra atá gásach go nádúrtha, (C2H6) agus a eastósctar ó shruthanna gáis nádúrtha agus gáis scaglainne. |
||||||||
|
Is hidreacarbóin phairifíneacha éadroma iad GPL a dhíorthaítear ó na próisis scaglainne, ó ghléasraí cobhsúcháin amhola agus ó ghléasraí próiseála gáis nádúrtha. Is éard atá iontu go príomha própán (C3H8) agus bútán (C4H10) nó cumasc den dá cheann. D'fhéadfaí próipiléin, búitiléin, iseapróipiléin agus iseabúitiléin a áireamh iontu freisin. Go hiondúil, déantar GPL a leachtú faoi bhrú ar mhaithe lena n-iompar agus lena stóráil. |
||||||||
|
Is stoc cothaithe é nafta ar úsáid sa tionscal peitriceimiceach (e.g. monarú eitiléine nó táirgeadh hidreacarbón aramatach) nó chun gásailín a tháirgeadh trí athfhoirmiú nó isiméiriú laistigh den scaglann a bheidh i ndán dó. Is éard atá i nafta ábhar atá sa réimse driogtha 30 oC agus 210 oC nó i gcuid den réimse sin. |
||||||||
|
Is éard atá i ngásailín mótair meascán de hidreacarbóin éadroma a dhriogann idir 35 oC agus 215 oC. Úsáidtear é mar bhreosla d'innill spréach-adhainte ar talamh. Féadfaidh breiseáin, ocsaigionáití agus méadaitheoirí ochtáin, lena n-áirítear comhdhúile luaidhe ar nós LET agus LMT, a bheith i ngásailín mótair. Áirítear leis comhábhair chumaisc gásailín mótair (seachas breiseáin/ocsaigionáití), e.g. ailcioláití, isimearáit, athfhormáit, gásailín cnagtha ar úsáid mar ghásailín mótair críochnaithe a bheidh i ndán dó. |
||||||||
|
Beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 5, Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl. |
||||||||
|
Biotáille mhótair a ullmhaítear go sonrach d'innill loine eitlíochta, agus ag a bhfuil uimhir ochtáin atá oiriúnach don inneall, reophointe de -60 oC agus réimse driogtha atá laistigh de na teorainneacha 30 oC agus 180 oC de ghnáth. |
||||||||
|
Áirítear leis seo gach ola hidreacarbóin éadrom a úsáidtear in aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta, agus a dhriogann idir 100 oC agus 250 oC. Faightear iad trí cheirisíní agus gásailín nó naftaí a chumasc ar shlí nach rachaidh an cion hidreacarbón aramatach thar 25 % de thoirt, agus go mbeidh an galbhrú idir 13,7 kPa agus 20,6 kPa. |
||||||||
|
Driogáit a úsáidtear d'aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta. Tá na hairíonna driogtha céanna, idir 150 oC agus 300 oC (nach airde go hiondúil ná 250 oC), agus an splancphointe céanna aige agus atá ag ceirisín. Ina theannta sin, tá sonraíochtaí áirithe aige (ar nós reophointe) atá bunaithe ag an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA). Áirítear leis comhábhair chumaisc ceirisín. |
||||||||
|
Driogáit pheitriliam scagtha a úsáidtear in earnálacha seachas iompar aerárthaí. Driogann sé idir 150 oC agus 300 oC. |
||||||||
|
Is driogáit mheánach go príomha í ola gháis/ola dhíosail a dhriogann idir 180 oC agus 380 oC. Áirítear leis comhábhair chumaisc. Tá roinnt grád ar fáil ag brath ar úsáidí: |
||||||||
|
Ola dhíosail d'fheithiclí bóthair le hadhaint comhbhrú díosail (carranna, trucailí, etc.), ina mbíonn cion íseal sulfair de ghnáth; |
||||||||
|
Beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 5, Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl. |
||||||||
|
Ola éadrom teasa d'úsáidí tionscail agus tráchtála, díosal do shoithí mara agus díosal a úsáidtear i dtrácht iarnróid, ola gháis eile lena n-áirítear olaí troma gáis a dhriogann idir 380 oC agus 540 oC agus a úsáidtear mar stoic chothaithe pheitriceimiceacha. |
||||||||
|
Gach ola bhreosla iarmharach (trom) (lena n-áirítear iad sin a fhaightear trí chumasc). Bíonn an tslaodacht chinéimiteach os cionn 10 cSt ag 80 oC. Bíonn an splancphointe i gcónaí os cionn 50 oC agus bíonn an dlús i gcónaí os cionn 0,90 kg/l. |
||||||||
|
Ola bhreosla throm ina bhfuil cion sulfair is lú ná 1 %. |
||||||||
|
Ola bhreosla throm ina bhfuil cion sulfair 1 % nó níos mó. |
||||||||
|
Driogáití idirmheánacha scagtha ag a bhfuil driogadh i réimse nafta/ceirisín. Déanfar iad a fhoroinnt mar seo a leanas:
|
||||||||
|
Hidreacarbóin a tháirgtear ó fhotháirge driogáite; úsáidtear iad go príomhúil chun frithchuimilt idir dromchlaí imthaca a laghdú. Áirítear leo gach grád d'ola bhealaithe, ó ola fearsaide go hola sorcóra, agus iad sin a úsáidtear i ngréiscí, in olaí mótair agus i ngach grád de stoic olabhunacha bhealaithe. |
||||||||
|
Hidreacarbón soladach, leathsholadach nó slaodach ag a bhfuil struchtúr collóideach, atá ar dhath donn go dubh, agus a fhaightear mar iarmhar i ndriogadh amhola, trí fholúsdriogadh iarmhar ola ó dhriogadh atmaisféarach. Tagraítear do bhiotúman go minic mar asfalt agus úsáidtear go príomha é i ndéanamh bóithre agus le haghaidh ábhar dín. Áirítear leis biotúman sreabhaithe agus siartha. |
||||||||
|
Is hidreacarbóin alafatacha sháithithe iad seo. Is iarmhair iad na céireacha seo a eastósctar nuair a bhaintear an chéir as olaí bealaí. Tá struchtúr criostalach acu atá mín a bheag nó a mhór de réir an ghráid. Is iad seo a leanas a bpríomhthréithe: tá siad éadathach, neamhbholaitheach agus tréshoilseach, agus tá leáphointe os cionn 45 oC acu. |
||||||||
|
Fotháirge soladach dubh, a fhaightear go príomha trí stoc cothaithe a dhíorthaítear ó pheitriliam, folúsghrinnill, tarra agus pic a chnagadh agus a charbónú i bpróisis amhail cóc moillithe nó cóc sreabháin. Is éard atá ann go príomha carbón (90 go 95 %) agus tá cion íseal luatha aige. Úsáidtear é mar stoc cothaithe in oighinn chóic i dtionscal na cruach, chun críocha téimh, chun leictreoidí a mhonarú agus chun ceimiceáin a tháirgeadh. Is ‘cóc glas’ agus ‘cóc cailceanáite’ an dá cháilíocht is tábhachtaí. Áirítear leis ‘cóc catalaíoch’ arna thaisceadh ar an gcatalaíoch le linn próiseas scagtha; níl an cóc seo inghnóthaithe agus de ghnáth dóitear é mar bhreosla scaglainne. |
||||||||
|
Gach táirge nach luaitear go sonrach thuas, mar shampla: tarra agus sulfar. Áirítear leo hidreacarbóin aramatacha (e.g. BTX nó beinséin, tolúéin agus xiléin) agus olaifíní (e.g. próipiléin) a tháirgtear laistigh de scaglanna. |
4.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
4.2.1. Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe
Ní bheidh feidhm ag an tábla seo ach amháin maidir le hamhola, LGN, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Ní bheidh feidhm ag an tábla seo a leanas ach amháin maidir le táirgí críochnaithe (Gás Scaglainne, Eatán, GPL, Nafta, Gásailín mótair, Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla de chineál gásailíneach, Scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, Ola Gháis/Ola Dhíosail, Ola bhreosla de shulfar ard agus Ola bhreosla de shulfar íseal, Biotáille Bhán agus FPS, Bealaí, Biotúman, Céireacha pairifín, Cóc peitriliam agus Táirgí eile). Ba cheart amhola agus LGN a dhófar go díreach a áireamh i seachadtaí táirgí críochnaithe agus in aistrithe idirtháirge:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Maidir le hearnáil an chlaochlaithe, beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gach breosla, seachas stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile, ach áirítear breoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh (cóc peitriliam agus eile, a dhearbhófar go leithleach):
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
4.2.2. An Earnáil Fuinnimh
Maidir leis an earnáil fuinnimh, beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gach breosla, seachas stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile, ach áirítear breoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh (cóc peitriliam agus eile, a dhearbhófar go leithleach):
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
4.2.3. Críochúsáid fuinnimh a shonrú
Maidir le críochúsáid fuinnimh a shonrú, beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gach breosla, seachas stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile, ach áirítear breoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh (cóc peitriliam agus eile, a dhearbhófar go leithleach):
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
4.2.4. Allmhairí agus onnmhairí
Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tíre cinn scríbe. Féach freisin nótaí faoi phointe 4.2.1, comhiomlán 5.
4.2.5. Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa
Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ, agus do ghléasraí teasa amháin.
Ní áirítear na táirgí fuinnimh seo a leanas: stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí, hidreacarbóin eile, eatán, gásailín mótair, bithghásailín, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailíneach, (scaird-bhreosla de chineál nafta nó JP4), biotáille bhán agus FPS, agus bealaí.
Tá feidhm ag ionchuir maidir leis na gléasraí nó leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
4.3. Aonaid tomhais
|
103 tona |
||
|
MJ/tona |
4.4. Maoluithe agus díolúintí
Tá an Chipir díolmhaithe ó na comhiomláin arna sainiú i Roinn 4.2.3 faoi phointe 4 (Earnálacha Eile) agus faoi phointe 5 (Úsáid Iomlán Neamhfuinnimh) a thuairisciú; ní bheidh ach na luachanna iomlána infheidhme.
Tá maolú trí bliana ag an gCipir, tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir leis na comhiomláin arna sainiú i Roinn 4.2.3 faoi phointe 2 (Earnáil an Tionscail) agus faoi phointe 3 (Earnáil an Iompair) a thuairisciú; ní bheidh ach na luachanna iomlána infheidhme le linn tréimhse an mhaolaithe seo.
5. FUINNEAMH INATHNUAITE AGUS FUINNEAMH Ó DHRAMHAÍL
5.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:
Táirge Fuinnimh |
Sainmhíniú |
||||||
|
Fuinneamh poitéinsiúil agus cinéiteach uisce arna thiontú go leictreachas i ngléasraí hidrileictreacha. Ní mór taisce pumpála a áireamh. Ní mór táirgeadh maidir le gléasraí de mhéideanna < 1 MW, 1 go < 10 MW, ≥ 10 MW agus táirgeadh ó thaisce pumpála a thuairisciú. |
||||||
|
Fuinneamh atá ar fáil mar theas a astaítear ó fhorscreamh na talún, i bhfoirm uisce the nó gaile de ghnáth. Is é atá i gceist le táirgeadh an fhuinnimh sin an difríocht idir eantalpacht an tsreabháin a tháirgtear sa táirgeadh tollphoill agus eantalpacht an tsreabháin a dhiúscraítear i ndeireadh na dála. Déantar é a shaothrú i láithreáin oiriúnacha:
|
||||||
|
Radaíocht na gréine arna saothrú chun uisce te a tháirgeadh agus chun leictreachas a ghiniúint. Is é atá i gceist le táirgeadh an fhuinnimh sin an teas atá ar fáil don mheán traschurtha teasa, i.e. an grianfhuinneamh ionsaitheach lúide na caillteanais optúla agus na caillteanais ceapadóirí. Ní áirítear grianfhuinneamh éighníomhach chun teaghaisí nó foirgnimh eile a théamh, a fhuarú nó a shoilsiú go díreach. |
||||||
|
Solas na gréine arna thiontú go leictreachas trí úsáid a bhaint as grianchealla a bhíonn déanta go hiondúil as ábhar leathsheolta a ghineann leictreachas ar é a nochtadh don solas. |
||||||
|
Féadfaidh teas ó radaíocht na gréine a bheith comhdhéanta:
|
||||||
|
Fuinneamh meicniúil a dhíorthaítear ó ghluaiseachtaí taoide, tonnghluaiseacht nó sruth farraige agus a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint. |
||||||
|
Fuinneamh cinéiteach gaoithe a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint i dtuirbíní gaoithe. |
||||||
|
Tuairiscítear dramhaíl de thionscnamh neamh-inathnuaite tionsclaíoch (solaid nó leachtanna) a dhóitear go díreach chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ba cheart dramhaíl thionsclaíoch inathnuaite a thuairisciú sna haicmí Bithmhais Sholadach, Bithghás agus/nó Bithbhreoslaí Leachtacha. |
||||||
|
Dramhaíl arna táirgeadh ag teaghlaigh, ag ospidéil agus ag an earnáil threasach agus arna dó i suiteálacha sonracha, ar bhonn glanluacha chalraigh. |
||||||
|
Cion na dramhaíola cathraí is de thionscnamh bitheolaíoch. |
||||||
|
Cion na dramhaíola cathraí is de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. |
||||||
|
Áirítear ábhar orgánach, neamh-iontaiseach de thionscnamh bitheolaíoch a fhéadfar a úsáid mar bhreosla chun teas a tháirgeadh nó chun leictreachas a ghiniúint. Cuimsítear leis: |
||||||
|
Iarmhar soladach ó dhriogadh deighilteach agus pirealú adhmaid agus ábhar cothaitheach eile. |
||||||
|
Barra sainfhásta fuinnimh (poibleog, saileach etc.), an iliomad ábhar adhmaid a chuirtear ar fáil i bpróiseas tionscail (tionscal an adhmaid/an pháipéir go háirithe) nó a thagann go díreach ó fhoraoiseacht agus talmhaíocht (adhmad tine, sliseanna adhmaid, millíní adhmaid, coirt, min sáibh, scamhacháin, sliseanna, licéar dubh etc.) mar aon le dramhaíl amhail tuí, crotail ríse, cnóshliogáin, easair éanlaithe, dríodair fíonchaor brúite etc. Is dóchan an rogha teicneolaíochta is fearr don dramhaíl sholadach seo. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. |
||||||
|
Gás comhdhéanta go príomha de mheatán agus de dhé-ocsaíd charbóin a tháirgtear trí dhíleá anaeróbach ar bhithmhais. |
||||||
|
Bithghás a fhoirmítear trí dhíleá ar dhramhaíl líonta talún. |
||||||
|
Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sludaigh séarachais. |
||||||
|
Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sciodair ainmhí agus dramhaíola i seamlais, i ngrúdlanna agus i dtionscail agrai-bhia eile. |
||||||
|
Ba cheart go mbainfeadh na cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú san aicme seo leis na cainníochtaí bithbhreoslaí seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéanfar na bithbhreoslaí a chumasc leo. Maidir le cás áirithe allmhairí agus onnmhairí bithbhreoslaí leachtacha, ní bhainfidh sé ach amháin le trádáil cainníochtaí nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (ie. ina bhfoirm íon); ba cheart trádáil bithbhreoslaí leachtacha a chumasctar le breoslaí iompair a thuairisciú sna sonraí ola i gCaibidil 4. Is iad na bithbhreoslaí seo a leanas atá i gceist: |
||||||
|
Áirítear leis an aicme seo bitheatánól (eatánól a tháirgtear ó bhithmhais agus/nó ón gcodán bith-indíghrádaithe de dhramhaíl), bithmheatánól (meatánól a tháirgtear ó bhithmhais agus/nó ón gcodán bith-indíghrádaithe de dhramhaíl), bithEBTE (éitear-búitileach-treasach-eitileach arna tháirgeadh ar bhonn bitheatánóil; is 47 % an céatadán de réir toirte de bhithEBTE a ríomhtar mar bhithbhreosla) agus bithEBTM (éitear-búitileach-treasach-meitileach arna tháirgeadh ar bhonn bithmheatánóil: is 36 % an ceatadán de réir toirte de bhithEBTM a ríomhtar mar bhithbhreosla). |
||||||
|
Áirítear leis an aicme seo bithdhíosal (eistear meitileach arna tháirgeadh ó ola glasraí nó ainmhíoch, agus atá ar cháilíocht díosail), bith-dhémheitiléitear (démheitiléitear arna tháirgeadh ó bhithmhais), Fischer Tropsch (Fischer Tropsch arna tháirgeadh ó bhithmhais), bithola eastósctha fhuar (ola arna táirgeadh ó olashíol trí phróiseáil mheicniúil amháin) agus gach bithbhreosla leachtach eile a chuirtear le díosal iompair, a chumasctar le díosal iompair nó a úsáidtear go díreach mar dhíosal iompair. |
||||||
|
Bithbhreoslaí leachtacha a úsáidtear go díreach mar bhreosla ach nach n-áirítear i mbithghásailín nó i mbithdhíosail. |
5.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
5.2.1. Olltáirgeadh Leictreachais agus Teasa
Ní mór leictreachas agus teas a ghintear ó na táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas gualach ach lena n-áirítear méid iomlán na mbithbhreoslaí leachtacha amháin) a dhearbhú go leithleach, i gcás inar cuí sin:
— |
do ghléasraí táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus do ghléasraí uath-tháirgeoirí; |
— |
do ghléasraí táirgthe leictreachais amháin, do ghléasraí táirgthe teasa amháin, agus do ghléasraí teasa agus cumhachta in éineacht (TCÉ). |
5.2.2. Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe
Ní mór cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) agus a úsáidtear in earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
5.2.3. An Earnáil Fuinnimh
Ní mór na cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) agus a úsáidtear san earnáil fuinnimh nó le haghaidh ríochthomhaltais a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
5.2.4. Críochúsáid fuinnimh
Ní mór cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
5.2.5. Airíonna Teicniúla Suiteálacha
Déanfar na toilltí giniúna leictreachais seo a leanas a dhearbhú mar thoilltí is infheidhme ag deireadh na bliana tuairiscithe:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Dearbhófar dromchla suiteáilte iomlán na gceapadóirí grianfhuinnimh.
Dearbhófar na toilltí táirgthe bithbhreosla seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
5.2.6. Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa
Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ, agus do ghléasraí teasa amháin.
Ní mór cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
5.3. Luachanna calracha
Déanfar meán-ghlanluachanna calracha a dhearbhú do na táirgí seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
5.4. Aonaid tomhais
|
MWh |
||
|
TJ |
||
|
Bithghásailín, bithdhíosail agus bithbhreoslaí leachtacha eile: tonaí Gualach: 1 000 tona Gach ceann eile: TJ (bunaithe ar ghlanluachanna calracha). |
||
|
1 000 m2 |
||
|
Bithbhreoslaí: tonaí/bliain Gach ceann eile: MWe |
||
|
KJ/kg (glanluach calrach). |
5.5. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
6. FORÁLACHA IS INFHEIDHME
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an mbailiú sonraí a thuairiscítear i ngach caibidil roimhe seo:
1. |
Tréimhse thuairiscithe: Bliain féilire (an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig). |
2. |
Minicíocht Bliantúil. |
3. |
An spriocdháta do tharchur sonraí An 30 Samhain den bhliain tar éis na tréimhse tuairiscithe. |
4. |
Formáid agus modh an tarchuir Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat. Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat. |
IARSCRÍBHINN C
STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH
Tugann an Iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na modúlachtaí tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go míosúil.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.
1. BREOSLAÍ SOLADACHA
1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:
Táirge Fuinnimh |
Sainmhíniú |
||||||||
|
Dríodar iontaise dubh, indóite, soladach, orgánach ag a bhfuil oll-luach calrach os cionn 24 MJ/kg i riocht saor ó luaith agus ina bhfaightear an cion taise ag teocht 30 oC agus ag a bhfuil taiseachas aeir coibhneasta de 96 %. |
||||||||
|
Dríodar iontaise orgánach, indóite, donn go dubh, ag a bhfuil oll-luach calrach faoi bhun 24 MJ/kg i riocht saor ó luaith agus ina bhfaightear an cion taise ag teocht 30 oC agus ag a bhfuil taiseachas aeir coibhneasta de 96 %. |
||||||||
|
Lignít ag a bhfuil cion taise de 20 go 25 % agus cion luaithe de 9 go 13 %. Ba sa ré thánaisteach a foirmíodh lignít dhubh. Laistigh den Aontas, is í an Fhrainc amháin a tháirgeann anois í ó mhianadóireacht dhomhain in Provence. |
||||||||
|
Lignít ag a bhfuil cion taise de 40 go 70 % agus cion luaithe idir 2 agus 6 % de ghnáth; d'fhéadfadh an cion luaithe, áfach, a bheith chomh hard le 12 % ag brath ar an bhfosú. Ba sa ré threasach a foirmíodh gual donn den chuid ba mhó. Déantar an breosla seo a bhaint in oibrithe dromchla go hiondúil. |
||||||||
|
Dríodar indóite, nádúrtha, idir scaoilte agus comhbhrúite, bog de bhunadh plandúil agus ina bhfuil cion ard taise (nach mó ná 90 %), agus atá idir donnfhionn agus dúdhonn. Tá an sainmhíniú seo gan dochar don sainmhíniú ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite atá i dTreoir 2001/77/CE agus i dTreoirlínte IPCC 2006 d'Fhardail Náisiúnta Gáis Cheaptha Teasa. |
||||||||
|
Maidir le breoslaí paitinne de ghual crua, is déantáin de chruth sonraithe iad a tháirgtear trí mhuilleáil the faoi bhrú, agus trí ábhar nasctha (pic) a chur leo. |
||||||||
|
Déantáin de chruth cothrom a tháirgtear tar éis lignít a mhionbhrú agus a thriomú, agus a mhúnlaítear faoi bhrú ard gan nascairí a chur léi. Áirítear leis seo lignít thirim agus bríos ligníte. |
||||||||
|
Breosla soladach saorga a dhíorthaítear ó ghual crua agus a dhéantar trí thurdhriogadh guail ina bhfuil aer in easnamh go hiomlán nó go páirteach. Áirítear leis:
|
||||||||
|
Iarmhar soladach a dhéantar trí thurdhriogadh ligníte ina bhfuil aer in easnamh. |
1.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san iarscríbhinn seo.
1.2.1. Earnáil an tSoláthair
Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gual crua, lignít iomlán agus lignít dhubh, gual donn agus móin:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le cóc a dhíorthaítear ó ghual crua, ó chóc ligníte, ó bhreoslaí paitinne agus ó bhrícíní ligníte:
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
||||||||
|
1.2.2. Allmhairí
Maidir le lignít, cóc ligníte, breoslaí paitinne agus brícíní ligníte, ní mór méid iomlán na gcainníochtaí allmhairí ó thíortha laistigh den AE agus ó thíortha lasmuigh den AE a dhearbhú.
Maidir le gual crua, ní mór allmhairí ó na tíortha tionscnaimh seo a leanas a dhearbhú:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.3. Aonaid tomhais
Déanfar na cainníochtaí táirgí go léir a lua in 103 tona.
1.4. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
2. LEICTREACHAS
2.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Cumhdaíonn an chaibidil seo fuinneamh leictreach.
2.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú.
2.2.1. Earnáil na Táirgeachta
Ní mór ollchainníochtaí agus glanchainníochtaí a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Ní mór na cainníochtaí fuinnimh leictrigh seo a leanas a dhearbhú freisin:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le tomhaltas breosla i ngléasraí táirgeora príomhghníomhaíochta (feic Iarscríbhinn B le haghaidh sainmhínithe ar ghual crua agus ar lignít):
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
2.2.2. Stoic de bhreosla ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta
Is éard atá i gceist le táirgeoirí príomhghníomhaíochta ná fóntais phoiblí a ghineann leictreachas trí bhreoslaí a úsáid. Ní mór na stoic dúnta seo a leanas a dhearbhú (stoic ag deireadh na míosa tuairiscithe):
|
||
|
||
|
2.3. Aonaid tomhais
|
Leictreachas: GWh Gual crua, lignít agus táirgí peitriliam: in 103 tona agus in TJ ar bhonn an ghlanluacha chalraigh. Gás nádúrtha agus gáis dhíorthaithe: TJ, ar bhonn an oll-luacha chalraigh. Breoslaí eile: TJ, ar bhonn an ghlanluacha chalraigh. Teas núicléach: TJ |
||
|
103 tona |
2.4. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
3. OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM
3.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas, a bhfuil feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn B maidir leo: amhola, LGN, stoic chothaithe scaglainne, hidreacarbóin eile, gás scaglainne (nach bhfuil leachtaithe), eatán, GPL, nafta, gásailín mótair, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailíneach (scaird-bhreosla de chineál nafta nó JP4), scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, ceirisín eile, ola gháis/ola dhíosail (ola bhreosla dhriogáite), díosal iompair, ola gháis theasa agus eile, ola bhreosla (de chion ard sulfair agus de chion íseal sulfair araon), biotáille bhán agus PBS, bealaí, biotúman, céireacha pairifín agus cóc peitriliam.
Más infheidhme, ní mór gásailín mótair a dhearbhú in dhá aicme, eadhon:
— |
Gásailín Mótair Gan Luaidhe: gásailín mótair i gcás nach mbeidh comhdhúile luaidhe curtha leis chun an grádú ochtáin a fheabhsú. Féadfaidh rianta de luaidhe orgánach a bheith ann, |
— |
Gásailín Mótair Luaidhe: gásailín mótair a mbeidh LET agus/nó LMT curtha leis chun an grádú ochtáin a fheabhsú. |
Áirítear le ‘Táirgí Eile’ na cainníochtaí a fhreagraíonn don sainmhíniú i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn B) agus na cainníochtaí de bhiotáille bhán agus FPS, de bhealaí, de bhiotúman agus de chéireacha pairifín; ní cóir na táirgí seo a dhearbhú go leithleach.
3.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
3.2.1. Earnáil an tSoláthair
Ní bheidh feidhm ag an tábla seo ach amháin maidir le hamhola, LGN, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Ní bheidh feidhm ag an tábla seo a leanas maidir le stoic chothaithe ná le breiseáin/ocsaigionáití:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.2.2. Stoic
Ní mór an stoc tosaigh agus an stoc deiridh seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir seachas gás scaglainne:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Ina theannta sin, ní mór miondealú ar chainníochtaí de réir tíre comhfhreagraí a dhearbhú maidir leo seo a leanas:
— |
stoic deiridh arna sealbhú do thíortha eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais, |
— |
stoic deiridh eile ar fios an ceann scríbe coigríche atá acu, |
— |
stoic deiridh arna sealbhú thar lear faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais, |
— |
stoic deiridh eile arna sealbhú thar lear agus atá ainmnithe go deimhnitheach mar stoic a allmhaireofar isteach i gcríoch na tíre tuairiscithe. |
Ciallaíonn stoic tosaigh na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí díreach roimh an mhí thuairiscithe. Ciallaíonn stoic deiridh na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí thuairiscithe.
3.2.3. Allmhairí agus onnmhairí
Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tíre cinn scríbe.
3.3. Aonaid tomhais
Cainníochtaí fuinnimh: 103 tona
3.4. Nótaí geografacha
Chun staidreamh a thuairisciú, agus chuige sin amháin, beidh feidhm ag soiléirithe Chaibidil 1 d'Iarscríbhinn A ach na heisceachtaí seo a leanas a bheith ann:
1. |
Cuimsítear leis an Danmhairg Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn. |
2. |
Cuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin. |
3.5. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
4. GÁS NÁDÚRTHA
4.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Sainímhínítear gás nádúrtha i gCaibidil 2 d'Iarscríbhinn B.
4.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
4.2.1. Earnáil an tSoláthair
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
4.2.2. Allmhairí agus onnmhairí
Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmháirí de réir tíre cinn scríbe.
4.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in dhá aonad:
— |
i gcainníocht fhisiceach, in 106 m3, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101,325 kPa) |
— |
i gcion fuinnimh, i.e. in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach. |
4.4. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
5. FORÁLACHA IS INFHEIDHME
Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an mbailiú sonraí mar a thuairiscítear i ngach caibidil roimhe seo é:
1. |
Tréimhse thuairiscithe: Mí amháin féilire. |
2. |
Minicíocht Míosúil. |
3. |
An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de thrí mhí tar éis na míosa tuairiscithe. |
4. |
Formáid agus modh an tarchuir Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat. Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat. |
IARSCRÍBHINN D
STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH
Tugann an Iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse tuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na modúlachtaí tarchuir maidir le bailiú míosúil gearrthéarmach sonraí staidrimh.
Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.
1. GÁS NÁDÚRTHA
1.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Is gás nádúrtha amháin a chumhdaíonn an chaibidil seo. Sainmhínítear gás nádúrtha i gCaibidil 2 d Iarscríbhinn B.
1.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú.
|
||
|
||
|
||
|
||
|
1.3. Aonaid tomhais
Ní mór cainníochtaí gáis nádúrtha a dhearbhú in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach.
1.4. Forálacha eile is infheidhme
1. |
Tréimhse thuairiscithe: Mí amháin féilire. |
2. |
Minicíocht Míosúil. |
3. |
An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de mhí amháin tar éis na míosa tuairiscithe. |
4. |
Formáid agus modh an tarchuir Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat. Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat. |
1.5. Maoluithe agus díolúintí
Tá an Ghearmáin díolmhaithe ón mbailiú sonraí seo.
2. LEICTREACHAS
2.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Is leictreachas amháin a chumhdaíonn an chaibidil seo.
2.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú.
|
||
|
||
|
||
|
2.3. Aonaid tomhais
Ní mór na cainníochtaí fuinnimh a lua in GWh
2.4. Forálacha eile is infheidhme
1. |
Tréimhse thuairiscithe: Mí amháin féilire. |
2. |
Minicíocht Míosúil. |
3. |
An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de mhí amháin tar éis na míosa tuairiscithe. |
4. |
Formáid agus modh an tarchuir Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat. Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat. |
2.5. Maoluithe agus díolúintí
Tá an Ghearmáin díolmhaithe ón mbailiú sonraí seo.
3. OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM
Tugtar “Ceistiúchán JODI” ar an mbailiú sonraí seo de ghnáth.
3.1. Táirgí fuinnimh is infheidhme
Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas, lena bhfuil feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 4 d'Iarscribhínn B: amhola, GPL, gásailín (arb éard atá ann suim na nithe seo a leanas: gásailín mótair agus gásailín eitlíochta), ceirisín (arb éard atá ann suim na nithe seo a leanas: scaird-bhreosla de chineál ceirisín agus ceirisín eile), ola gháis/ola dhíosail agus ola bhreosla (le cion ard sulfair agus le cion íseal sulfair araon).
Ina theannta sin, tá feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le ola iomlán, a chiallaíonn suim na dtáirgí seo go léir seachas amhola, agus ní mór dó táirgí peitriliam eile a áireamh amhail gás scaglainne, eatán, nafta, cóc peitriliam, biotáille bhán agus FPS, céireacha pairifín, biotúman, bealaí agus eile.
3.2. Liosta na gcomhiomlán
Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.
3.2.1. Earnáil an tSoláthair
Ní bheidh feidhm ag an tábla seo a leanas ach amháin maidir le hamhola:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
Beidh feidhm ag an tábla seo a leanas maidir le hamhola, GPL, gásailín, ceirisín, ola gháis/ola dhíosail, ola bhreosla agus ola iomlán:
|
||
|
||
|
||
|
||
|
||
|
3.3. Aonaid tomhais
Cainníochtaí fuinnimh: 103
3.4. Forálacha eile is infheidhme
1. |
Tréimhse thuairiscithe: Mí amháin féilire. |
2. |
Minicíocht Míosúil. |
3. |
An spriocdháta do tharchur sonraí Laistigh de 25 lá tar éis na míosa tuairiscithe. |
4. |
Formáid agus modh an tarchuir Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat. Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat. |
3.5. Maoluithe agus díolúintí
Neamhbhainteach.
14.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/63 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1100/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2008
maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre
(leagan códaithe)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leasaíodh go substaintiúil (3) Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89 ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le díchur rialuithe a fheidhmítear ag teorainneacha Ballstát i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht ba chóir an Rialachán sin a chódú. |
(2) |
Maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an iompair, is gné thábhachtach í de chomhbheartas an iompair faoin gConradh. Dá bhrí sin, is í aidhm an chomhbheartais sin cur le so-athraitheacht ghluaiseacht na meán iompair éagsúil laistigh den Chomhphobal. |
(3) |
De bhun na reachtaíochta Comhphobail agus náisiúnta atá ann i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, fíoruithe agus cigireachtaí a bhaineann le tréithe teicniúla, údaruithe agus doiciméid eile nach mór d’fheithiclí agus do shoithí uiscebhealaigh intíre a chomhlíonadh. Leanann na seiceálacha, fíoruithe agus cigireachtaí sin de bheith inchosanta i gcoitinne d’fhonn suaitheadh ar eagrú mhargadh an iompair a sheachaint agus sábháilteacht ar bhóithre agus ar uiscebhealaí intíre a áirithiú. |
(4) |
Faoin reachtaíocht Chomhphobail atá ann, tá saorchead ag na Ballstáit, i gcás inar mian leo, na seiceálacha, na fíoruithe agus na cigireachtaí réamhluaite a eagrú agus a dhéanamh. |
(5) |
Féadfar na seiceálacha, na fíoruithe agus na cigireachtaí sin a dhéanamh le héifeachtacht chomhionann ar fud chríocha na mBallstát lena mbaineann agus, dá bhrí sin, níor chóir go mbeadh trasnú teorann ina chúis le hoibríochtaí den sórt sin a chur i gcrích, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le rialuithe a fheidhmíonn na Ballstáit de bhun dhlí an Chomhphobail nó de bhun an dlí náisiúnta i réimsí an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre, is iompar a dhéanfar trí mheáin iompair a bheidh cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i mBallstát a úsáid.
Airteagal 2
Chun críche an Rialacháin seo:
(a) |
ciallaíonn ’teorainn’ teorainn inmheánach laistigh den Chomhphobal nó teorainn sheachtrach, i gcás ina mbeidh trasnú tríú tír i gceist in iompar idir Bhallstáit; |
(b) |
ciallaíonn ’rialú’ aon seiceáil, aon chigireacht, aon fhíorú nó aon fhoirmiúlacht a dhéanfaidh na húdaráis náisiúnta ag teorainneacha na mBallstát, lena gcomharthaítear stop nó srian ar shaorghluaisesacht na bhfeithiclí nó na soithí lena mbaineann. |
Airteagal 3
Maidir leis na rialuithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus a fheidhmítear de bhun dhlí an Chomhphobail nó de bhun an dlí náisiúnta i réimse an iompair de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre idir Bhallstáit, ní fheidhmeofar iad mar rialuithe teorann ach mar chuid de na gnáthnósanna imeachta rialaithe amháin a chuirfear i bhfeidhm ar dhóigh neamhidirdhealaitheach ar fud críche Ballstáit.
Airteagal 4
Amhail mar is gá agus nuair is gá, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn I chun forbairtí teicneolaíocha sa réimse a chumhdaítear faoin Rialachán seo a chur san áireamh.
Airteagal 5
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89, arna leasú leis an Rialachán a liostaítear in Iarscríbhinn II.
Déanfar tagairtí don Rialachán arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-P. JOUYET
(1) IO C 324, 30.12.2006, lch. 47.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2006 (IO C 317 E, 23.12.2006, lch. 599) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008.
(3) IO L 390, 30.12.1989, lch. 18.
(4) Féach Iarscríbhinn II.
IARSCRÍBHINN I
CUID 1
DLÍ AN CHOMHPHOBAIL
Roinn 1
Treoracha
(a) |
Airteagal 6(4) de Threoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (1), lena bhforáiltear, i dtaca le comhchaighdéain do mheacháin, go bhféadfadh feithiclí a bheith faoi réir seiceálacha randamacha agus, i dtaca le comhchaighdeáin do thoisí, nach mbeidh feithiclí faoi réir seiceálacha ach amháin i gcás ina mbeidh drochamhras nár comhlíonadh a fhorálacha; |
(b) |
Airteagal 3(2) de Threoir 96/96/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trialacha ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí (2), lena bhforáiltear go dtabharfaidh gach Ballstát aitheantas don chruthúnas a eiseofar i mBallstát eile agus a thaispeánfaidh gur ghnóthaigh feithicil triail ródacmhainneachta; tugann an gníomh aitheantais seo le tuiscint go bhféadfar fíorú ó údaráis náisiúnta a dhéanamh áit ar bith laistigh dá gcríocha; |
(c) |
Airteagal 2(2) de Threoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí atá fruilithe gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (3), lena leagtar síos go gcuirtear ar fáil cruthúnas gur comhlíonadh an Treoir trí líon doiciméad nach mór a bheith ar bord na feithicle fruilithe, an conradh fruilithe agus conradh fostaíochta an tiománaí; |
(d) |
Airteagal 3(3), (4) agus (5) de Threoir 76/135/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le ceadúnais inseoltachta a aithint go cómhalartach, do shoithí uiscebhealaigh intíre (4), lena bhforáiltear nach mór an ceadúnas, na deimhnithe nó na húdaruithe inseoltachta a thabhairt ar aird ar éileamh ó údaráis náisiúnta; |
(e) |
Airteagal 17(1) de Threoir 82/714/CEE ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 1982 lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaigh intíre (5), lena bhforáiltear go bhféadfaidh na Ballstáit aon tráth a sheiceáil go bhfuil deimhniú atá bailí faoi théarmaí na Treorach á iompar ag soitheach. |
Roinn 2
Rialacháin
(a) |
Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (6), lena dtugtar teideal d'aon oifigeach cigireachta údaraithe an ticéad, an t-údarú nó an doiciméad rialaithe iompair dá bhforáiltear sa Rialachán a fhíorú agus a rialú; |
(b) |
Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (7), a thugann teideal do Bhallstáit bearta a ghlacadh a chumhdaíonn, inter alia, córas rialaithe a eagrú chomh maith le nós imeachta agus modh do chóras rialaithe, chun a áirithiú gur comhlíonadh forálacha an Rialacháin; |
(c) |
Airteagal 19 de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (8) lena dtugtar teideal do na Ballstáit bearta a ghlacadh a chumhdaíonn, inter alia, seiceálacha a eagrú, an nós imeachta do sheiceálacha, agus na modhanna chun iad a dhéanamh, ar seiceálacha iad i dtaobh cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an trealamh forálacha an Rialacháin; |
(d) |
Airteagal 5(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 881/92 ón gComhairle an 26 Márta 1992 maidir le rochtain ar an margadh in iompar earraí de bhóthar laistigh den Chomhphobal go críoch Ballstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Ballstáit amháin nó trí chríocha níos mó ná Ballstáit amháin (9), lena bhforáiltear go gcoinneofar cóip dhílis dheimhnithe den údarú Comhphobail san fheithicil agus go gcuirfear ar fáil í aon uair a cheanglóidh oifigeach cigireachta údaraithe amhlaidh. |
CUID 2
AN DLÍ NÁISIÚNTA
(a) |
Rialuithe ar cheadúnais tiomána daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí chun earraí agus daoine a iompar |
(b) |
Rialuithe a bhaineann le meáin iompair d’earraí contúirteacha agus go háirithe:
|
(c) |
Rialuithe a bhaineann leis na meáin iompair d’earraí bia meatacha agus go háirithe:
|
(1) IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.
(2) IO L 46, 17.2.1997, lch. 1.
(3) IO L 33, 4.2.2006, lch. 82.
(4) IO L 21, 29.1.1976, lch. 10.
(5) IO L 301, 28.10.1982, lch. 1.
(6) IO L 74, 20.3.1992, lch. 1.
(7) IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.
IARSCRÍBHINN II
RIALACHÁN AISGHAIRTHE MAR AON LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR
(dá dtagraítear in Airteagal 5)
Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 4060/89 |
|
Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 3356/91 |
IARSCRÍBHINN III
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CEE) Uimh. 4060/89 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
Airteagal 3a |
Airteagal 4 |
Airteagal 4 |
Airteagal 6 |
— |
Airteagal 5 |
Iarscríbhinn Cuid 1, Treoracha (a) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 1(a) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (b) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 1(b) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (c) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 1(c) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (d) |
— |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (e) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 1(d) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Treoracha (f) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 1(e) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (a) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 2(a) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (b) |
— |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (c) |
— |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (d) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 2(b) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (e) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 2(c) |
Iarscríbhinn, Cuid 1, Rialacháin (f) |
Iarscríbhinn I, Cuid 1, Roinn 2(d) |
Iarscríbhinn, Cuid 2 |
Iarscríbhinn I, Cuid 2 |
— |
Iarscríbhinn II |
— |
Iarscríbhinn III |
14.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/70 |
RIALACHÁN (CE, EURATOM) Uimh. 1101/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2008
maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach
(leagan códaithe)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 187 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leasaíodh go substaintiúil arís agus arís eile (2) Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 an 11 Meitheamh 1990 ón gComhairle maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (3). Ar mhaithe leis an tsoiléire agus leis an réasúntacht ba cheart an Rialachán sin a chódú. |
(2) |
Caithfidh an Coimisiún faisnéis iomlán, iontaofa a bheith aige chun na dualgais a chuirtear de chúram air leis na Conarthaí a chomhlíonadh. D’fhonn bainistíocht éifeachtach a dhéanamh, ba cheart go mbeadh fáil ag Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, dá ngairfear ‘Eurostat’ anseo feasta, ar an bhfaisnéis staidrimh náisiúnta go léir a theastaíonn uaithi chun an staidreamh Comhphobail a ullmhú agus chun na hanailísí iomchuí a dhéanamh. |
(3) |
Le hAirteagal 10 de Chonradh CE agus le hAirteagal 192 den Chonradh Euratom, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit comhall chúraimí an Chomhphobail a éascú. Is cuid den oibleagáid sin freisin gach faisnéis a theastaíonn chun na críche sin a thabhairt. Ina theannta sin, is mór an caillteanas faisnéise ar leibhéal an Chomhphobail é gan fáil a bheith ag Eurostat ar shonraí staidrimh rúnda, agus déanann sé obair achrannach d’ullmhú an staidrimh agus de na hanailísí ar an gComhphobal. |
(4) |
Ní bheidh aon údar feasta ag na Ballstáit chun forálacha a agairt i leith na rúndachta staidrimh, ós rud é go bhfuil sé deimhnithe go dtugann Eurostat an ráthaíocht chéanna i leith na rúndachta staidrimh agus a thugann na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh. Tá na ráthaíochtaí sin cumhdaithe cheana, go méid áirithe, i gConarthaí an Chomhphobail, go háirithe in Airteagal 287 de Chonradh CE, in Airteagal 194(1) de Chonradh Euratom agus in Airteagal 17 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialachán Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach (4), agus féadfar na ráthaíochtaí a neartú le bearta cuí, arna nglacadh faoin Rialachán seo. |
(5) |
Ba cheart déileáil i slí éifeachtúil le haon sárú ar an rúndacht staidrimh atá cosanta ag an Rialachán seo, is cuma cé a dhéanfaidh é. |
(6) |
I gcás aon sárú ar na rialacha atá ina gceangal ar oifigigh agus ar sheirbhísigh eile atá ag obair do Eurostat, cibé an ndearnadh an cion go toiliúil nó trí fhaillí, dlífear smachtbhannaí araíonaíochta a thionscnamh ina gcoinne agus, más cuí, pionóis dhlíthiúla i leith shárú na rúndachta gairmiúla, de bhun fhorálacha comhcheangailte Airteagal 12 agus Airteagal 18 den Phrótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach. |
(7) |
Níl feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le sonraí staidrimh atá cumhdaithe ag an rúndacht staidrimh, i réimse inniúlachta na n-institiúidí náisiúnta staidrimh, a tharchur chuig Eurostat, ná ní dhéanann sé difear d’fhorálacha sonracha an dlí náisiúnta ná d’fhorálacha sonracha an dlí Chomhphobail a bhaineann le cineálacha eile faisnéise a chur chuig an gCoimisiún. |
(8) |
Tá an Rialachán seo le glacadh gan dochar d’Airteagal 296(1)(a) de Chonradh CE, lena bhforáiltear nach gceanglaítear ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála. |
(9) |
Beidh gá le hacmhainní daonna, le hacmhainní teicniúla agus le hacmhainní airgeadais chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, agus go háirithe na forálacha sin a cheaptar chun cosaint a áirthiú do na sonraí staidrimh rúnda a tharchuirtear chuig Eurostat. |
(10) |
Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é is aidhm don Rialachán seo:
(a) |
na húdaráis náisiúnta a údarú chun sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (dá ngairfear ‘Eurostat’ anseo feasta); |
(b) |
ráthaíocht a thabhairt go nglacfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun rúndacht na sonraí a tharchuirfear amhlaidh a áirthiú. |
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir leis an rúndacht staidrimh. Ní dhéanfaidh sé difear d’fhorálacha speisialta Comhphobail ná d’fhorálacha speisialta náisiúnta a bhaineann le coimirce a dhéanamh ar an rúndacht, cé is moite den rúndacht staidrimh.
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, sainmhínitear mar seo a leanas na téarmaí a thugtar thíos:
(a) |
sonraí staidrimh rúnda: na sonraí a shainmhínitear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le staidreamh Comhphobail (6); |
(b) |
na húdaráis náisiúnta: na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus na comhlachtaí náisiúnta eile a bhfuil freagracht orthu as staidreamh a bhailiú agus a úsáid thar ceann na gComhphobal; |
(c) |
faisnéis faoi shaol príobháideach daoine nádúrtha: faisnéis faoi shaol príobháideach agus faoi shaol teaghlaigh daoine nádúrtha, mar a shainmhínitear iad sa reachtaíocht náisiúnta nó le cleachtais náisiúnta sna Ballstáit éagsúla; |
(d) |
úsáid chun críocha an staidrimh: úsáid chun táblaí staidrimh a thiomsú nó chun anailísí eacnamaíocha staidrimh a dhéanamh amháin; ní cheadaítear úsáid chun críocha riaracháin, chun críocha dlíthiúla ná chun críocha cánach ná chun seiceáil a dhéanamh maidir leis na haonaid a ndearnadh suirbhéireacht orthu; |
(e) |
aonad an staidrimh: an bunaonad a chumhdaítear leis na sonraí staidrimh a tharchuirtear chuig Eurostat; |
(f) |
sainaithint dhíreach: aonad staidrimh a shainaithint óna ainm nó óna sheoladh, nó ó uimhir aitheantais a dáileadh go hoifigiúil agus a foilsíodh; |
(g) |
sainaithint indíreach: go bhféadfaí céannacht aonaid staidrimh a dhéanamh amach ar shlí eile seachas ón bhfaisnéis a luaitear ag pointe (f); |
(h) |
oifigigh Eurostat: oifigigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, atá ag obair i Eurostat; |
(i) |
foireann eile de chuid Eurostat: seirbhísigh na gComhphobal, de réir bhrí Airteagal 2 go hAirteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, atá ag obair i Eurostat; |
(j) |
scaipeadh: sonraí a sholáthar i cibé cén fhoirm: foilseacháin, rochtain ar bhunachair sonraí, micrifíseanna, cumarsáid teileafóin, etc. |
Airteagal 3
1. Beidh na húdaráis náisiúnta údaraithe chun sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Eurostat.
2. Ní fhéadfar rialacha náisiúnta a bhaineann leis an rúndacht staidrimh a agairt chun cosc a chur le tarchur sonraí rúnda staidrimh chuig Eurostat i gcás ina bhforálfar le gníomh de dhlí an Chomhphobail lena rialaítear staidreamh Comphobail go dtarchuirfear na sonraí sin.
3. Déanfar na sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Eurostat, de réir bhrí mhír 2, ionas nach bhféadfar na haonaid staidrimh a shainaithint go díreach. Ní chuirfidh sé sin bac ar inghlacthacht rialacha tarchuir is forleithne i gcomhréir le reachtaíocht na mBallstát.
4. Ní bheidh sé de cheangal ar na húdaráis náisiúnta faisnéis a bhaineann le saol príobháideach daoine nádúrtha a tharchur chuig Eurostat más rud é go bhféadfaí na daoine sin a shainaithint go díreach nó go hindíreach leis an bhfaisnéis arna tarchur.
Airteagal 4
1. Glacfaidh an Coimisiún na bearta rialaitheacha, riaracháin, teicniúla agus eagraíochtúla go léir is gá chun rúndacht na sonraí staidrimh arna dtarchur ag ranna inniúla na mBallstát chuig Eurostat a áirthiú i gcomhréir le hAirteagal 3.
2. Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir le sonraí staidrimh rúnda a tharchur chuig Eurostat agus na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2).
Airteagal 5
1. Ordóidh an Coimisiún d’Ard-Stiúrthóir Eurostat a áirithiú go ndéanfar na sonraí a tharchuirfidh na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit chuig Eurostat a chosaint. Bunóidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), na socruithe i gcomhair eagrúchán inmheánach Eurostat ionas go n-áiritheofar cosaint dá leithéid.
2. Ní bheidh rochtain ach ag oifigigh Eurostat ar na sonraí staidrimh rúnda a tharchuirfear chuig Eurostat agus is chun críocha an staidrimh amháin a fhéadfaidh siad iad a úsáid.
3. Féadfaidh an Coimisiún, áfach, rochtain ar na sonraí staidrimh rúnda a thabhairt do bhaill foirne eile de chuid Eurostat agus do dhaoine nádúrtha eile a bheidh ag obair ar conradh in áitreabh Eurostat, i gcásanna speisialta agus chun críocha an staidrimh amháin. Cinnfidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir leis an rochtain sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2).
4. Ní fhéadfar sonraí staidrimh rúnda a bheidh i seilbh Eurostat a scaipeadh ach nuair a bheidh siad comhcheangailte le sonraí eile i bhfoirm nach gceadóidh na haonaid staidrimh a shainaithint go díreach ná go hindíreach.
5. Ní fhéadfaidh oifigigh ná seirbhísigh eile de chuid Eurostat ná daoine nádúrtha eile a bheidh ag obair ar conradh in áitreabh Eurostat na sonraí sin a úsáid ná a scaipeadh chun críocha eile nach iad na críocha iad a leagtar síos sa Rialachán seo. Leanfaidh an toirmeasc sin de bheith infheidhme tar éis aistriú, foirceannadh seirbhíse nó scoir.
6. Beidh feidhm ag na bearta cosanta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5 maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
na sonraí staidrimh rúnda go léir a gcumhdaítear a dtarchur chuig Eurostat le gníomh de dhlí an Chomhphobail lena rialaítear an staidreamh Comhphobail; |
(b) |
na sonraí staidrimh rúnda go léir arna dtarchur ag na Ballstáit go deonach chuig Eurostat. |
Airteagal 6
Glacfaidh na Ballstáit, roimh an 1 Eanáir 1992, bearta iomchuí chun srian a chur le haon sáruithe ar an gceanglas maidir le sonraí staidrimh rúnda arna dtarchur i gcomhréir le hAirteagal 3 a choimeád rúnda. Bainfidh na bearta sin ar a laghad le sáruithe arna ndéanamh ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann ag oifigigh nó ag seirbhísigh eile de chuid Eurostat agus ag daoine nádúrtha eile a bheidh ag obair ar conradh in áitreabh Eurostat.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi na bearta a ghlac siad. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.
Airteagal 7
1. Tabharfaidh Coiste um an Rúndacht Staidrimh, dá ngairfear ‘an Coiste’ anseo feasta, cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) de Chinneadh 1999/468/CE.
Airteagal 8
Déanfaidh an Coiste scrúdú ar na ceisteanna a chuirfidh a chathaoirleach, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’ionadaí Ballstáit, agus a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 9
Aisghairtear leis seo Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90, arna leasú leis na rialacháin a liostaítear in Iarscíbhinnn I.
Déanfar tagairtí don Rialachán arna aisghairm a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus ba cheart iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 10
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-P. JOUYET
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2006 (IO C 317 E, 23.12.2006, lch. 600) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.
(2) Féach Iarscríbhinn I.
(3) IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.
(4) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(5) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(6) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
An Rialachán arna aisghairm agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle |
|
Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle |
Airteagal 21(2) amháin |
Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Iarscríbhinn II, pointe 4 amháin |
IARSCRÍBHINN II
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) an chéad fhleasc agus an dara fleasc |
Airteagal 1(1), pointe (a) agus pointe (b) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2, pointe (1) go pointe (10) |
Airteagal 2, pointe (a) go pointe (j) |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(3) an chéad fhomhír |
__ |
Airteagal 3(3) an dara fomhír |
Airteagal 3(3) |
Airteagal 3(4) |
Airteagal 3(4) |
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(2) |
Airteagal 5(6) |
Airteagal 4(3) |
Airteagal 4(2) |
Airteagal 5(1) go (5) |
Airteagal 5(1) go (5) |
Airteagal 6 |
Airteagal 6 |
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 7(1) agus (2) |
Airteagal 7(3) |
__ |
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
__ |
Airteagal 9 |
Airteagal 9 |
Airteagal 10 |
__ |
Iarscríbhinn I |
__ |
Iarscríbhinn II |
14.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/75 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1102/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2008
maidir le honnmhairithe mearcair mhiotalaigh agus comhdhúile agus meascáin áirithe de mhearcair a thoirmeasc agus maidir le mearcair miotalach a stóráil go sábháilte
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de agus, maidir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, Airteagal 133 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Aithnítear gur bagairt dhomhanda iad sceití mearcair a údaraíonn gníomh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda. |
(2) |
I gcomhréir leis an gCumarsáid dar teideal ‘Straitéis Chomhphobail maidir le Mearcair’, ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir le conclúidí na Comhairle an 24 Meitheamh 2005 agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2006 (3) ar an straitéis réamhráite sin, ní foláir an riosca go mbeadh daoine agus an comhshaol faoi lé mearcair a laghdú. |
(3) |
Caithfear féachaint ar bhearta a ghlactar ar leibhéal an Chomhphobail mar chuid d'iarracht dhomhanda chun an riosca go mbeifí faoi lé mearcair a laghdú, go háirithe faoi chuimsiú an Chláir Mearcair faoi Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe. |
(4) |
Eascraíonn fadhbanna comhshaoil agus fadhbanna sóisialta as dúnadh mianach mearcair sa Chomhphobal. Ba cheart go leanfaí den tacaíocht a thugtar do thionscadail agus do thionscnaimh eile ón sásra maoinithe atá ar fáil ionas go bhféadfar réitigh inmharthana i gcomhair gníomhaíochtaí áitiúla comhshaoil, fostaíochta agus eacnamaíocha a fháil do na limistéir a bhfuil difear déanta dóibh. |
(5) |
Ba cheart toirmeasc a chur ar onnmhairiú mearcair mhiotalaigh, méine cionnabair, clóiríde mearcair (I), ocsaíde mearcair (II) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mhearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan ón gComhphobal chun an soláthar domhanda mearcair a laghdú go suntasach. |
(6) |
Mar thoradh ar an toirmeasc ar onnmhairiú beidh méideanna móra mearcair de bharrachas sa Chomhphobal agus ba cheart cosc a chur lena gcur ar ais ar an margadh. Ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, go stórálfaí an mearcair sin go sábháilte laistigh den Chomhphobal. |
(7) |
Chun foráil d'fhéidearthachtaí stórála sábháilte mearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é, is cuí go ndéanfaí maolú ar Airteagal 5(3)(a) de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (4) i gcás cineálacha áirithe líonta talún, agus is cuí a fhógairt nach mbeidh feidhm ag na critéir a leagtar amach i Roinn 2.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/33/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena mbunaítear critéir agus nósanna imeachta maidir le glacadh le dramhaíl ag láithreáin líonta talún de bhun Airteagal 16 de Threoir 1999/31/CE (5), agus Iarscríbhinn II a ghabhann léi sin, maidir le mearcair miotalach a stóráil go sealadach ar shlí go bhféadfar é a fháil ar ais ar feadh tréimhse níos faide ná aon bhliain amháin i saoráidí os cionn talún a thiomnaítear agus a threalmhaítear chun na críche sin. |
(8) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha eile i dTreoir 1999/31/CE maidir le gach saoráid stórála le haghaidh mearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é. Áirítear leis sin an ceanglas, a leagtar amach in Airteagal 8(a)(iv) den Treoir sin, go ndéanfadh an t-iarratasóir ar chead socrú leordhóthanach, de bhíthin urrúis airgeadais nó a chomhionann eile, lena áirithiú go n-urscaoilfear na hoibleagáidí (lena n-áirítear soláthar iarchúraim) a thiocfaidh chun cinn faoin gcead agus go ndéanfar de réir na nósanna imeachta maidir leis an dúnadh. Ina theannta sin, tá feidhm ag Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (6) i leith na saoráidí stórála sin. |
(9) |
Chun mearcair miotalach a stóráil go sealadach ar feadh tréimhse níos faide ná aon bhliain amháin i saoráidí os cionn talún a thiomnaítear agus a threalmhaítear chun na críche sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir 96/82/CE ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha (7). |
(10) |
Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (8). Ar a shon sin, d'fhonn diúscairt iomchuí mearcair mhiotalaigh a cheadú sa Chomhphobal, spreagtar na húdaráis chinn scríbe inniúla agus na húdaráis seolta inniúla gan agóid a dhéanamh in aghaidh loingsithe mearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é bunaithe ar Airteagal 11(1)(a) den Rialachán sin. Tugtar faoi deara nach mbeidh feidhm ag Airteagal 11(1)(a) den Rialachán sin, de réir Airteagal 11(3) de, i gcás dramhaíola guaisí a tháirgtear ina laghad sin de chainníocht go foriomlán in aghaidh na bliana i mBallstát seolta nach mbeadh sé eacnamúil suiteálacha diúscartha speisialaithe nua a sholáthar laistigh den Bhallstát sin. |
(11) |
D'fhonn a áirithiú go mbeidh stóráil ann atá sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol, ba cheart go ndéanfaí comhlánú ar an measúnú sábháilteachta maidir le stóráil faoi thalamh a éilítear faoi Chinneadh 2003/33/CE le ceanglais shonracha agus ba cheart go mbeadh an measúnú sin infheidhme chomh maith maidir le stóráil nach stóráil faoi thalamh í. Níor cheart go gceadófaí aon oibríocht chríochnaitheach diúscartha go dtí go nglacfar na ceanglais speisialta agus na critéir inghlacthachta. Ba cheart do na coinníollacha stórála i mianach salainn nó i bhfoirmíochtaí carraige crua go domhain faoi thalamh, a oiriúnaíodh do dhiúscairt mearcair mhiotalaigh, na prionsabail a chomhlíonadh maidir le screamhuisce a chosaint ar mhearcair, maidir le cosc a chur ar astaíochtaí gaile mearcair, maidir le neamh-thréscaoilteacht ar ghás agus ar leachtanna an limistéir mháguaird agus – i gcás buanstórála – maidir leis an dramhaíl a imchochlú go daingean ag deireadh phróiseas dífhoirmithe na mianach. Ba cheart na critéir sin a thabhairt isteach sna hiarscríbhinní a ghabhann le Treoir 1999/31/CE nuair a leasófar iad chun críche an Rialacháin seo. |
(12) |
Ba cheart go gcomhlíonfaí na coinníollacha stórála os cionn talún go háirithe na prionsabail maidir le hinchúlaitheacht stórála, maidir le mearcair a chosaint ar uisce meitéarach, maidir le neamh-thréscaoilteacht ar ithreacha agus maidir le cosc a chur ar astaíochtaí gaile mearcair. Ba cheart na critéir sin a thabhairt isteach sna hiarscríbhinní a ghabhann le Treoir 1999/31/CE nuair a leasófar iad chun críche an Rialacháin seo. Ba cheart a mheas gur réiteach sealadach é mearcair miotalach a stóráil os cionn talún. |
(13) |
Ba cheart don tionscal clór-alcaileach na sonraí ábhartha go léir a bhaineann le díchoimisiúnú na gceall mearcair ina ngléasraí a chur chuig an gCoimisiún agus chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann chun forghníomhú an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart do na hearnálacha tionscail a ghnóthaíonn mearcair as gás nádúrtha a ghlanadh nó mar fhotháirge ó oibríochtaí mianadóireachta agus oibríochtaí bruithnithe miotail neamhfheiriúil na sonraí ábhartha a sholáthar freisin don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí. |
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir le ceadanna a eisítear le haghaidh saoráidí stórála agus maidir le cur i bhfeidhm agus éifeachtaí margaidh an Rialacháin seo a chur isteach, chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh air in am trátha. Ba cheart d'allmhaireoirí, d'onnmhaireoirí agus d'oibreoirí faisnéis a chur isteach faoi ghluaiseachtaí mearcair mhiotalaigh, méine cionnabair, clóiríde mearcair (I), ocsaíde mearcair (II) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan, agus faoina n-úsáid. |
(15) |
Ba cheart go gcinnfeadh na Ballstáit na pionóis a bheadh infheidhme ar sháruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a bheidh le forchur ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. |
(16) |
Is cuí malartú faisnéise a eagrú leis na páirtithe leasmhara cuí chun measúnú a dhéanamh ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le bearta breise a bhaineann le mearcair a onnmhairiú, a allmhairiú agus a stóráil, agus a bhaineann le comhdhúile mearcair agus le táirgí a bhfuil mearcair iontu, gan dochar do rialacha iomaíochta an Chonartha, go háirithe Airteagal 81 de. |
(17) |
Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus na Ballstáit soláthar cúnaimh theicniúil do thíortha atá i mbéal forbartha agus do thíortha a bhfuil a ngeilleagar ag athrú, go speisialta cúnamh a éascaíonn an claonadh i dtreo teicneolaíochtaí malartacha atá saor ó mhearcair agus deireadh a chur de réir a chéile le húsáidí agus le scaoileadh mearcair agus comhdhúl mearcair. |
(18) |
Tá taighde leanúnach ar bun maidir le mearcair a dhiúscairt go sábháilte, lena n-áirítear na teicnící difriúla cobhsaithe nó bealaí eile chun mearcair a dhíluailiú. Ba cheart don Choimisiún an taighde seo a choinneáil faoi athbhreithniú mar thosaíocht agus tuarascáil a thíolacadh a luaithe is féidir. Tá tábhacht leis an bhfaisnéis seo óir go gcuirfidh sí bunús fónta ar fáil d'athbhreithniú ar an Rialachán seo chun a chuspóir a bhaint amach. |
(19) |
Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh nuair a bheidh sé ag cur tuarascáil mheasúnaithe isteach chun cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú a aithint. |
(20) |
Ba cheart go mbeadh an Coimisiún ag faire ar fhorbairtí idirnáisiúnta chomh maith maidir le soláthar mearcair agus maidir le héileamh ar mhearcair, go háirithe in idirbheartaíochtaí iltaobhacha, agus ba cheart dó tuairisc a thabhairt orthu sin chun measúnú ar chomhréireacht an chur chuige iomláin a chumasú. |
(21) |
Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le mearcair miotalach a stóráil go sealadach i saoráidí áirithe dá dtagraítear anseo, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 1999/31/CE, agus an nasc díreach idir an Rialachán seo agus an Treoir sin á chur san áireamh. |
(22) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an méid atáthar faoi lé mearcair a laghdú le toirmeasc ar allmhairí agus le hoibleagáid stórála, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr an tionchair a bheadh aige sin ar ghluaiseacht earraí agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus i bhfianaise chineál trasteorann an truaillithe mearcair, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Toirmiscfear onnmhairiú mearcair mhiotalaigh (Hg, CAS RN 7439-97-6), méine cionnabair, clóiríde mearcair (I) (Hg2Cl2 CAS RN 10112-91-1), ocsaíde mearcair (II) (HgO, CAS RN 21908-53-2) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan, ón gComhphobal ón 15 Márta 2011.
2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i leith onnmhairithe na gcomhdhúl dá dtagraítear i mír 1 chun críocha taighde agus forbartha, liachta nó anailíse.
3. Toirmiscfear mearcair miotalach a mheascadh le substaintí eile chun críocha mearcair miotalach a onnmhairiú, agus chun na críocha sin amháin, ón 15 Márta 2011.
Airteagal 2
Ón 15 Márta 2011, measfar gur dramhaíl iad seo a leanas agus diúscrófar iad i gcomhréir le Treoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le dramhaíl (9) ar shlí atá sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol:
(a) |
mearcair miotalach nach n-úsáidtear a thuilleadh sa tionscal clór-alcaileach; |
(b) |
mearcair miotalach a fhaightear as gás nádúrtha a ghlanadh; |
(c) |
mearcair miotalach a fhaightear ó oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúil; agus |
(d) |
mearcair miotalach a eastósctar as mian chionnabair sa Chomhphobal ón 15 Márta 2011. |
Airteagal 3
1. De mhaolú ar Airteagal 5(3)(a) de Threoir 1999/31/CE, féadfar mearcair miotalach a mheasfar gur dramhaíl é, in imshrianadh cuí,
(a) |
a stóráil go sealadach ar feadh breis agus aon bhliain amháin nó féadfar é a stóráil go buan (oibríochtaí diúscartha D 15 nó D 12 faoi seach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A a ghabhann le Treoir 2006/12/CE iad) i mianaigh salainn atá oiriúnaithe do dhiúscairt mearcair, nó i bhfoirmíochtaí carraige crua go domhain faoi thalamh agus a chuireann leibhéal sábháilteachta agus leibhéal insrianaithe ar fáil atá coibhéiseach leis an leibhéal atá sna mianaigh salainn sin, nó |
(b) |
a stóráil go sealadach (oibríocht diúscartha D 15, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A a ghabhann le Treoir 2006/12/CE í) ar feadh breis agus aon bhliain amháin i saoráidí os cionn talún a tiomnaíodh agus a trealmhaíodh d'fhonn mearcair miotalach a stóráil go sealadach. Sa chás seo, ní bheidh feidhm ag na critéir a leagtar amach i roinn 2.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2003/33/CE. |
Beidh feidhm ag forálacha eile Threoir 1999/31/CE agus beidh feidhm ag Cinneadh 2003/33/CE maidir le pointe (a) agus maidir le pointe (b).
2. Beidh feidhm ag Treoir 96/82/CE maidir leis na saoráidí stórála dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal seo.
Airteagal 4
1. Cinnteoidh an measúnú sábháilteachta a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir le Cinneadh 2003/33/CE maidir le diúscairt mearcair mhiotalaigh de réir Airteagal 3 den Rialachán seo go gcúmhdófar na rioscaí sonracha a eascróidh as cineál an mhearcair mhiotalaigh agus as airíonna fadtéarmacha agus as imshrianadh an mhearcair mhiotalaigh.
2. Cuirfear san áireamh sa chead dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 de Threoir 1999/31/CE maidir le saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) agus (b) den Rialachán seo ceanglais le haghaidh amharc-chigireachtaí rialta ar na coimeádáin agus trealamh braite gaile iomchuí a shuiteáil chun aon sceitheadh a bhrath.
3. Na ceanglais le haghaidh na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) agus (b) den Rialachán seo mar aon leis na critéir inghlacthachta do mhearcair miotalach, lena leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 1999/31/CE, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir sin. Déanfaidh an Coimisiún togra iomchuí a luaithe is féidir, agus faoin 1 Eanáir 2010 ar a dhéanaí, ina gcuirfear san áireamh toradh an mhalartaithe faisnéise de bhun Airteagal 8(1) mar aon leis an tuarascáil maidir le taighde ar na roghanna diúscartha sábháilte de bhun Airteagal 8(2).
Ní cheadófar oibríocht diúscartha chríochnaitheach ar bith (oibríocht diúscartha D 12, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A de Threoir 2006/12/CE í) maidir le mearcair miotalach ach amháin tar éis an dáta a nglacfar an leasú ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 1999/31/CE.
Airteagal 5
1. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin cóip d'aon chead a eisítear le haghaidh saoráide a ainmnítear chun mearcair miotalach a stóráil go sealadach nó go buan (oibríochtaí diúscartha D 15 nó D 12 faoi seach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II A a ghabhann le Treoir 2006/12/CE iad), i dteannta leis an measúnú sábháilteachta faoi seach de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
2. Faoin 1 Iúil 2012, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm agus maidir le héifeachtaí margaidh an Rialacháin seo ina gcríocha faoi seach. Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin isteach níos luaithe ná an dáta sin.
3. Faoin 1 Iúil 2012, déanfaidh allmhaireoirí, onnmhaireoirí agus oibreoirí na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, de réir mar is cuí, na sonraí seo a leanas a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis inniúla:
(a) |
toirteanna, praghsanna, tír thionscnaimh agus tír chinn scríbe mar aon le húsáid bheartaithe an mhearcair mhiotalaigh a thagann isteach sa Chomhphobal; |
(b) |
toirteanna, tír thionscnaimh agus tír chinn scríbe an mhearcair mhiotalaigh a mheastar gur dramhaíl é agus a ndéantar trádáil trasteorann air laistigh den Chomhphobal. |
Airteagal 6
1. Cuirfidh na cuideachtaí lena mbaineann sa tionscal clór-alcaileach na sonraí seo a leanas a bhaineann le díchoimisiúnú mearcair chuig an gCoimisiún agus chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:
(a) |
an meastachán is fearr den mhéid iomlán mearcair atá fós in úsáid i gcill chlór-alcaileach; |
(b) |
méid iomlán an mhearcair atá stóráilte sa tsaoráid; |
(c) |
an méid fuíollmhearcair a cuireadh chuig saoráidí stórála aonair sealadacha nó buana, mar aon le suíomh agus sonraí teagmhála na saoráidí sin. |
2. Cuirfidh na cuideachtaí lena mbaineann sna hearnálacha tionscail a ghnóthaíonn mearcair as gás nádúrtha a ghlanadh nó mar fhotháirge ó oibríochtaí mianadóireachta agus bruithnithe miotail neamhfheiriúil na sonraí seo a leanas a bhaineann leis an mearcair a ghnóthaítear in aon bhliain ar leith ar fáil don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann:
(a) |
méid an mhearcair a ghnóthaítear; |
(b) |
méid an mhearcair a cuireadh chuig saoráidí stórála aonair sealadacha nó buana mar aon le suíomh agus sonraí teagmhála na saoráidí sin. |
3. Cuirfidh na cuideachtaí lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, de réir mar is infheidhme, den chéad uair faoin 4 Nollaig 2009 agus gach bliain ina dhiaidh sin faoin 31 Bealtaine.
4. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a luaitear i mír 3 ar fáil go poiblí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (10).
Airteagal 7
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ní foláir do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 4 Nollaig 2009 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 8
1. Eagróidh an Coimisiún malartú faisnéise idir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara iomchuí faoin 1 Eanáir 2010. Déanfaidh an malartú faisnéise seo scrúdú, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith leis na nithe seo a leanas:
(a) |
síneadh a chur leis an toirmeasc onnmhairithe ar chomhdhúile mearcair eile, ar mheascáin a bhfuil méid níos ísle mearcair iontu agus ar tháirgí a bhfuil mearcair iontu, go háirithe teirmiméadair, baraiméadair agus sfigmeamanaiméadair; |
(b) |
toirmeasc allmhairithe ar mhearcair miotalach, ar chomhdhúile mearcair agus ar tháirgí a bhfuil mearcair iontu; |
(c) |
síneadh a chur leis an oibleagáid stórála chun mearcair miotalach ó fhoinsí eile a áireamh; |
(d) |
teorainneacha ama maidir le mearcair miotalach a stóráil go sealadach. |
Breithneoidh an malartú faisnéise seo freisin an taighde ar na roghanna diúscartha sábháilte.
Eagróidh an Coimisiún tuilleadh malartuithe faisnéise nuair a bheidh faisnéis ábhartha nua tagtha chun cinn.
2. Coinneoidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí leanúnacha taighde maidir leis na roghanna diúscartha sábháilte, lena n-áirítear mearcair miotalach a sholadú, faoi athbhreithniú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoin 1 Eanáir 2010. Ar bhonn na tuarascála sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 15 Márta 2013.
3. Déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm agus éifeachtaí margaidh an Rialacháin seo sa Chomhphobal a mheasúnú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 á cur san áireamh.
4. Cuirfidh an Coimisiún a luaithe agus is feidir, ach fós ag tráth nach déanaí ná an 15 Márta 2013, tuarascáil lena ngabhfaidh togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil ina léireofar toradh an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, agus ina ndéanfar measúnú ar na torthaí sin, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2.
5. Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Iúil 2010 maidir leis an dul chun cinn i ngníomhaíochtaí iltaobhacha agus i gcaibidlí iltaobhacha maidir le mearcair, agus an comhchuibheas idir tráth agus raon feidhme na mbeartas a shonraítear sa Rialachán seo agus forbairtí idirnáisiúnta, go háirithe, á measúnú aige.
Airteagal 9
Go dtí an 15 Márta 2011, féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a shrianann onnmhairiú mearcair mhiotalaigh, méine cionnabair, clóiríde mearcair (I), ocsaíde mearcair (II) agus meascán de mhearcair miotalach le substaintí eile, lena n-áirítear cóimhiotail mearcair ag a bhfuil tiúchan mearcair de 95 % ar a laghad meáchan ar mheáchan, agus a glacadh de réir na reachtaíochta Comhphobail roimh an 22 Deireadh Fómhair 2008.
Airteagal 10
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-P. JOUYET
(1) IO C 168, 20.7.2007, lch. 44.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Meitheamh 2007 (IO C 146 E, 12.6.2008, lch. 209), Comhsheasamh ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 (IO C 52 E, 26.2.2008, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Bealtaine 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.
(3) IO C 291 E, 30.11.2006, lch. 128.
(4) IO L 182, 16.7.1999, lch. 1.
(5) IO L 11, 16.1.2003, lch. 27.
(6) IO L 143, 30.4.2004, lch. 56.
(7) IO L 10, 14.1.1997, lch. 13.
(8) IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.
(9) IO L 114, 27.4.2006, lch. 9.
(10) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.
14.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/80 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 1103/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2008
lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú
Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú
Cuid a Trí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe do phointe (c) d’Airteagal 61, do phointe 1(a) den chéad fhomhír d’Airteagal 63, agus d’Airteagal 67 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle (5), lenar tugadh isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a cheaptar chun eilimintí neamhriachtanacha d‘ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(2) |
I gcomhréir leis an dearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (6) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a leasú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. |
(3) |
Beidh an Ríocht Aontaithe agus Éire, a bhí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm ionstraimí a leasaítear leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le Seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, beidh siad rannpháirteach i nglacadh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le Seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sa Rialachán seo, ciallaíonn “Ballstát” gach Ballstát seachas an Danmhairg.
Airteagal 2
Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.
Airteagal 3
Tuigtear gurb é atá sna tagairtí d’fhorálacha na n-ionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn tagairtí do na forálacha sin arna leasú leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-P. JOUYET
(1) IO C 224, 30.8.2008, lch. 35.
(2) IO C 117, 14.5.2008, lch. 1.
(3) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008.
(4) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(5) IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.
(6) IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
1. Rialacháin (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (1)
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin, nó na foirmeacha sin a thabhairt suas chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.
Leasaítear, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 mar seo a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 74(2): ‘2. Glacfaidh an Coimisiún nuashonruithe nó coigeartuithe teicniúla ar na foirmeacha, a bhfuil samplaí díobh in Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI. Glacfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 75(2).’; |
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75: ‘Airteagal 75 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’. |
2. Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir chúirteanna na mballstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (2)
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún nuashonruithe nó leasuithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.
Leasaítear, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 mar seo a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(2): ‘2. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh leasuithe teicniúla ar na foirmeacha a leagtar amach san Iarscríbhinn nó a thabharfaidh suas chun dáta iad. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 20(2).’; |
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20: ‘Airteagal 20 1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’. |
3. Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí leis an mBallstát a chinneadh atá freagrach as iarratas ar dhídean a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit (3)
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an chlásail daoncharadais chomh maith leis na critéir is gá chun aistrithe a chur i gcrích. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.
Leasaítear, dá réir sin, Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 mar seo a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(5): ‘5. Glacfaidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, meicníochtaí idir-réitigh chun ceisteanna idir na Ballstáit a shocrú i dtaca leis an ngá na pearsana i dtrácht a thabhairt le chéile, nó i dtaca leis an áit inar ceart é sin a dhéanamh. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(3).’; |
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(5): ‘5. Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a chur i gcrích. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(3).’; |
3. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(4): ‘4. Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a chur i gcrích. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(3).’; |
4. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27(3): ‘3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’. |
4. Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (4)
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a leasú a cheapfar iad, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.
Cuirtear, dá réir sin, an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31 agus in Airteagal 32 de Rialachán(CE) Uimh. 805/2004:
‘Airteagal 31
Leasuithe ar na hIarscríbhinní
Leasóidh an Coimisiún na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 32(2).
Airteagal 32
An Coiste
1. Tabharfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’.
(1) IO L 12, 16.1.2001, lch. 1.
(2) IO L 174, 27.6.2001, lch. 1.
14.11.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/s3 |
NÓTA DON LÉITHEOIRTá na hInstitiúidí tar éis a chinneadh gan an leasú deireanach ar na gníomhartha sin a luaitear ina dtéacsanna a lua a thuilleadh.Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, na gníomhartha dá dtagraítear sna téacsanna a fhoilsítear leis seo, is do na gníomhartha atá i bhfeidhm faoi láthair a thagraíonn siad.