ISSN 1725-2571 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
51 |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 97 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
GA |
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach
RIALACHÁIN
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 294/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leagann Clár Oibre Liospóin i gcomhair Fáis agus Post béim ar an ngá atá ann dálaí a fhorbairt a mheallfadh infheistíocht san eolas agus sa nuálaíocht san Eoraip d’fhonn iomaíochas, fás agus poist a threisiú san Aontas Eorpach. |
(2) |
Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir Eorpach a choinneáil ó thaobh tionscail, iomaíochais agus nuálaíochta de. Mar gheall ar chineál agus ar scála dhúshlán na nuálaíochta san Aontas Eorpach, áfach, is gá gníomhú freisin ar leibhéal an Chomhphobail. |
(3) |
Ba cheart don Chomhphobal tacaíocht a chur ar fáil chun nuálaíocht a chothú, go háirithe trí mheán an Seachtú Clár Réime do Ghníomhaíochtaí Taighde, Forbartha Teicneolaíche agus Taispeána, trí mheán an Chláir Réime Iomaíochta agus Nuálaíochta, trí mheán an Chláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus trí mheán na gCistí Struchtúracha. |
(4) |
Ba cheart tionscnamh nua ar leibhéal an Chomhphobail, an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (dá ngairfear ‘an EIT anseo’ feasta), a bhunú d’fhonn na beartais agus na tionscnaimh atá ann, ar leibhéal an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta, a chomhlánú trí lánpháirtiú thriantán an eolais — ardoideachas, taighde agus nuálaíocht — a chothú ar fud an Aontais Eorpaigh. |
(5) |
D’iarr Comhairle Eorpach an 15 agus an 16 Meitheamh 2006 ar an gCoimisiún togra foirmiúil chun an EIT a bhunú a ullmhú a chuirfí i láthair i bhFómhar 2006. |
(6) |
Ba cheart go mbeadh sé de chuspóir go príomha ag an EIT cur le cumas nuálaíochta an Chomhphobail agus na mBallstát a fhorbairt, trí pháirt a thabhairt do ghníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta den chaighdeán is airde. Lena linn sin, ba cheart go n-éascódh agus go bhfeabhsódh an EIT líonrú agus comhoibriú agus go gcruthódh sí sineirgíocht idir chomhphobail nuálaíochta san Eoraip. |
(7) |
Ba cheart go dtabharfadh gníomhaíochtaí an EIT aghaidh ar dhúshláin fhadtéarmacha straitéiseacha na nuálaíochta san Eoraip, go háirithe i réimsí trasdisciplíneacha nó idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear iad siúd atá sainaitheanta cheana féin ar leibhéal na hEorpa. Agus sin á dhéanamh aici, ba cheart don EIT idirphlé tráthrialta a chothú leis an tsochaí shibhialta. |
(8) |
Ba cheart go dtabharfadh an EIT tús áite d’aistriú a cuid gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta chuig an gcomhthéacs gnó agus dá gcur i bhfeidhm tráchtála, agus do thacú le cuideachtaí nuathionscanta, le cuideachtaí seachthairbheacha agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chur ar bun chomh maith. |
(9) |
Ba cheart go bhfeidhmeodh an EIT go príomha trí mheán comhpháirtíochtaí feabhas-tiomáinte, uathrialaitheacha d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile, i bhfoirm líonraí straitéiseacha inbhuanaithe agus féinchothaitheacha fadtéarmacha sa phróiseas nuálaíochta. Ba cheart go roghnódh Bord Rialaithe an EIT na comhpháirtíochtaí sin ar bhonn próisis thrédhearcaigh agus fheabhas-bhunaithe agus ba cheart go n-ainmneofaí iad mar Phobail Eolais agus Nuálaíochta (dá ngairfear ‘PENanna’ anseo feasta). Ba cheart don Bhord Rialaithe gníomhaíochtaí an EIT a stiúradh chomh maith agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht i measc bhaill an Bhoird Rialaithe ó thaobh taithí ar shaol an ghnó, ar shaol an ardoideachais agus/nó ar shaol an taighde agus ó thaobh taithí ar earnáil na nuálaíochta chomh maith. |
(10) |
D’fhonn cur le hiomaíochas agus d’fhonn mealltacht idirnáisiúnta gheilleagar na hEorpa agus a chumas nuálaíochta a athneartú, ba cheart go mbeadh an EIT agus na PENanna in ann eagraíochtaí comhpháirtíochta, taighdeoirí agus mic léinn a mhealladh as gach cearn den domhan, lena n-áirítear trína soghluaisteacht a spreagadh, agus comhoibriú le heagraíochtaí tríú tíortha chomh maith. |
(11) |
Ba cheart go mbeadh an caidreamh idir an EIT agus na PENanna bunaithe ar chomhaontuithe conarthacha, ina leagfar cearta agus oibleagáidí na bPENanna amach, ina n-áiritheofar leibhéal sásúil comhordaithe agus ina leagfar an mheicníocht amach chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar fhothorthaí na bPENanna. |
(12) |
Is gá tacú leis an ardoideachas mar dhlúthchuid de straitéis chuimsitheach i leith na nuálaíochta, cé gur minic a fhágtar ar lár í. Ba cheart go bhforálfadh an comhaontú idir an EIT agus na PENanna gur cheart go mbronnfadh na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha na céimeanna agus na dioplómaí a bhronnfaí trí na PENanna, agus ba cheart go spreagfaí na hinstitiúidí seo freisin chun céimeanna agus dioplómaí EIT a chur mar theideal orthu. Ba cheart go gcabhródh an EIT, trí mheán a cuid gníomhaíochtaí agus a cuid oibre, le soghluaisteacht a chur chun cinn laistigh den Réimse Eorpach Taighde agus den Réimse Ardoideachais agus go spreagfadh sí inaistritheacht na ndeontas a bhronntar ar thaighdeoirí agus ar mhic léinn i gcomhthéacs na bPENanna chomh maith. Ba cheart go gcuirfí na gníomhaíochtaí seo uile i gcrích gan dochar do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (4). |
(13) |
Ba cheart go leagfadh an EIT amach treoirlínte soiléire agus trédhearcacha chun maoin intleachtúil a bhainistiú agus ba cheart go gcothódh na treoirlínte sin úsáid maoine intleachtúla i ndálaí iomchuí. Ba cheart go bhforálfaí sna treoirlínte sin go dtabharfaí aird chuí ar na ranníocaíochtaí atá le déanamh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla na bPENanna, beag beann ar mhéid na n-eagraíochtaí sin. I gcás na gníomhaíochtaí a bheith á maoiniú faoi Chláir Réime an Chomhphobail do Thaighde agus d’Fhorbairt Theicneolaíoch, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha na gclár sin. |
(14) |
Ba cheart forálacha iomchuí a dhéanamh chun dliteanas agus trédhearcacht an EIT a áirithiú. Ba cheart rialacha iomchuí chun feidhmiú an EIT a rialú a leagan síos i Reachtanna an EIT. |
(15) |
Ba cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach ag an EIT agus, d’fhonn a huathrialaitheacht fheidhmiúil agus a neamhspleáchas a áirithiú, ba cheart go riarfadh sí a buiséad féin, ar cheart go mbeadh ranníocaíocht ón gComhphobal mar chuid dá ioncam. |
(16) |
Ba cheart go ndéanfadh an EIT ranníocaíocht mhéadaitheach airgeadais a bhailiú ón earnáil phríobháideach agus ó ioncam a chruthaítear lena cuid gníomhaíochtaí féin. Dá réir sin, tá súil go ndéanfaidh na hearnálacha tionscail, airgeadais agus seirbhíse ranníocaíocht shuntasach le buiséad an EIT agus go háirithe le buiséad na bPENanna. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na PENanna sciar na ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a uasmhéadú. Ba cheart go bhfógródh na PENanna agus a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go bhfuiltear ag tabhairt faoina ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs an EIT agus go bhfaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. |
(17) |
Ba cheart go maoineodh ranníocaíocht an Chomhphobail leis an EIT na costais a eascraíonn as bunú agus as gníomhaíochtaí riaracháin agus comhordaithe an EIT agus na bPENanna. D’fhonn maoiniú dúbailte a sheachaint, ba cheart nach mbainfeadh na gníomhaíochtaí sin sochar comhuaineach as ranníocaíocht ó chláir Chomhphobail eile, amhail an Clár Réime do Ghníomhaíochtaí Taighde, Forbartha Teicneolaíche agus Taispeána, an Clár Réime d’Iomaíochas agus Nuálaíocht, an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil nó ó na Cistí Struchtúracha. Thairis sin, i gcás ina ndéanfaidh PEN nó a eagraíochtaí comhpháirtíochta iarratas díreach ar chúnamh Comhphobail ó na cláir nó ó na cistí sin, ba cheart go gcaithfí lena n-iarratais gan aon fhabhar a léiriú ina leith seachas iarratais eile. |
(18) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta buiséid an Chomhphobail a mhéid a bhaineann sé le fóirdheontas an Chomhphobail agus le haon fhóirdheontas eile is infheidhme ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh ar na cuntais i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5). |
(19) |
Bunaítear leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse 2008 go 2013 a bheidh mar phríomhthagairt don údarás buiséadach, de réir bhrí phointe 37 den Chomhaontú Idir-Institiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (6). |
(20) |
Is comhlacht í an EIT arna bhunú ag na Comhphobail de réir bhrí Airteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus ba cheart di a rialacha airgeadais a ghlacadh dá réir. Ba cheart, dá bharr sin, go mbeadh feidhm maidir leis an EIT ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (7). |
(21) |
Ba cheart don EIT tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina dtabharfaí tuairisc ar ghníomhaíochtaí na bliana féilire roimhe sin agus ina mbeadh clár saothair rollach tríbhliantúil a thabharfadh tuairisc ar na tionscnaimh atá beartaithe aici agus a chuirfeadh ar chumas an EIT freagairt d’athruithe inmheánacha agus seachtracha i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, an ardoideachais, na nuálaíochta agus i réimsí ábhartha eile. Ba cheart na doiciméid sin a tharchur, mar eolas, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i dteideal tuairim a thíolacadh maidir le dréacht chéad chlár saothair tríbhliantúil an EIT. |
(22) |
Ba cheart réimsí tosaíochta straitéiseacha fadtéarmacha agus riachtanais airgeadais an EIT le haghaidh tréimhse seacht mbliana a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (dá ngairfear ‘COSN’ anseo feasta). I bhfianaise thábhacht an COSN do bheartas nuálaíochta an Chomhphobail agus an tábhacht pholaitiúil a bhaineann, dá bharr, lena thionchar socheacnamaíoch don Chomhphobal, ba cheart go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN ar bhonn togra ón gCoimisiún a bheadh bunaithe ar dhréacht a chuirfeadh an EIT ar fáil. |
(23) |
Is iomchuí go dtionscnóidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách sheachtrach ar oibriú an EIT, d’fhonn an COSN a ullmhú, go háirithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún moltaí a dhéanamh chun an Rialachán seo a leasú. |
(24) |
Is iomchuí go ndéanfar an EIT a chur chun feidhme de réir a chéile ar mhaithe lena forbairt fhadtéarmach. Teastaíonn céim thosaigh ina mbeidh líon teoranta PENanna chun meastóireacht cheart a dhéanamh ar fheidhmiú an EIT agus na bPENanna agus chun é a fheabhsú más gá. Laistigh de thréimhse ocht mí dhéag ón uair a mbunaítear é ba cheart don Bhord Rialaithe dhá PEN nó trí PEN a roghnú i réimsí a chabhraíonn leis an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus ar dhúshláin a bheidh ann sa todhchaí, lena bhféadfar réimsí amhail an t-athrú aeráide, fuinneamh inathnuaite agus an chéad ghlúin eile teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a áireamh. Ba cheart go mbeifí in ann tuilleadh PENanna a roghnú agus a ainmniú i ndiaidh ghlacadh an chéad COSN, ar cheart, chun go dtabharfaí aghaidh ar an ngné fhadtéarmach, go n-áireofaí freisin ann rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú an EIT. |
(25) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh atá le déanamh, eadhon an EIT a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus trasnáisiúntachta, a fhéadfar é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a shainítear in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis seo Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (dá ngairfear ‘EIT’ anseo feasta).
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. |
ciallaíonn ‘nuálaíocht’ an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua d’éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú; |
2. |
ciallaíonn ‘Pobal Eolais agus Nuálaíochta’ (PEN) comhpháirtíocht uathrialaitheach d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de pháirtithe leasmhara eile i bpróiseas na nuálaíochta i bhfoirm gréasáin straitéisigh atá bunaithe ar chomhphleanáil nuálaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma d’fhonn na dúshláin EIT a shárú, beag beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aige; |
3. |
ciallaíonn ‘Stát rannpháirteach’ Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh nó tír eile a bhfuil comhaontú aici leis an gComhphobal maidir leis an EIT; |
4. |
ciallaíonn ‘tríú tír’ Stát ar bith nach Stát rannpháirteach é; |
5. |
ciallaíonn ‘eagraíocht chomhpháirtíochta’ aon eagraíocht ar comhalta de PEN í, lena n-áirítear iad seo a leanas, go háirithe: institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí poiblí nó cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí; |
6. |
ciallaíonn ‘eagraíocht taighde’ aon eintiteas dlíthiúil poiblí nó príobháideach a bhfuil cúram an taighde nó na forbartha teicniúla ar cheann dá phríomhchuspóirí; |
7. |
ciallaíonn ‘institiúid ardoideachais’ ollscoil nó aon sórt institiúide ardoideachais a chuireann céimeanna agus dioplómaí ar fáil ar leibhéal máistreachta nó dochtúireachta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, beag beann ar an ainmníocht atá aici sa chomhthéacs náisiúnta; |
8. |
ciallaíonn ‘céimeanna agus dioplómaí’ cáilíochtaí máistreachta nó dochtúireachta a bhronnann institiúidí ardoideachais rannpháirteacha i gcomhthéacs gníomhaíochtaí ardoideachais a dtugtar fúthu i bPEN; |
9. |
ciallaíonn ‘Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht’ doiciméad beartais ina leagtar amach réimsí tosaíochta an EIT i leith tionscnamh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, lena n-áirítear forléargas ar na gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a bheartaítear, ar feadh tréimhse seacht mbliana. |
Airteagal 3
Cuspóir
Is é cuspóir an EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Chomhphobail a athneartú. Déanfaidh sí sin trí ardoideachas, taighde agus nuálaíocht den chaighdeán is airde a chur chun cinn agus a lánpháirtiú.
Airteagal 4
Comhlachtaí EIT
1. Is iad seo a leanas comhlachtaí an EIT:
(a) |
Bord Rialaithe ar a mbeidh comhaltaí ardleibhéil a bhfuil taithí acu ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó. Beidh sé freagrach as gníomhaíochtaí an EIT a stiúradh, as PENanna a roghnú, a ainmniú agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, agus as gach cinneadh straitéiseach eile; |
(b) |
Coiste Feidhmiúcháin a dhéanfaidh maoirseacht ar reáchtáil an EIT agus a dhéanfaidh cibé cinntí is gá a dhéanamh idir chruinnithe an Bhoird Rialaithe; |
(c) |
Stiúrthóir a bheidh freagrach don Bhord Rialaithe as bainistíocht riaracháin agus airgeadais an EIT agus arb é ionadaí dlíthiúil an EIT é; |
(d) |
Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí a chuirfidh comhairle ar an mBord Rialaithe agus ar an Stiúrthóir maidir le bainistíocht airgeadais agus riaracháin agus maidir le struchtúir rialaithe laistigh den EIT, maidir le heagrú nasc airgeadais leis na PENanna, agus maidir le haon ábhar eile a n-iarrfaidh an Bord Rialaithe comhairle uirthi ina leith. |
2. Féadfaidh an Coimisiún breathnóirí a ainmniú a bheidh rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe.
3. Leagtar amach na forálacha mionsonraithe maidir le comhlachtaí an EIT i Reachtanna an EIT, atá i gceangal leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Cúraimí
1. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfaidh an EIT an méid seo a leanas:
(a) |
sainaithneoidh sí a réimsí tosaíochta; |
(b) |
músclóidh sí feasacht i measc eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhpháirtithe agus spreagfaidh sí iad le bheith páirteach ina cuid gníomhaíochtaí; |
(c) |
roghnóidh agus ainmneoidh sí PENanna sna réimsí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 agus sainmhíneoidh sí a gcearta agus a n-oibleagáidí trí chomhaontú; cuirfidh sí an tacaíocht iomchuí ar fáil; cuirfidh sí bearta rialaithe cáilíochta iomchuí i bhfeidhm; déanfaidh sí monatóireacht leanúnach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sí faireachán orthu go tráthrialta; agus áiritheoidh sí go ndéanfar comhordú iomchuí eatarthu; |
(d) |
gríosóidh sí foinsí poiblí agus príobháideacha chun maoiniú a chur ar fáil agus úsáidfidh sí a hacmhainní i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féachfaidh sí, go háirithe, le sciar suntasach agus méadaitheach dá buiséad a bhailiú ó fhoinsí príobháideacha agus ó ioncam a ghinfear óna cuid gníomhaíochtaí féin; |
(e) |
cothóidh sí go dtabharfar aitheantas sna Ballstáit do na céimeanna agus do na dioplómaí a bhronnann institiúidí ardoideachais, ar eagraíochtaí comhpháirtíochta iad, agus ar féidir céimeanna agus dioplómaí PEN a thabhairt mar theideal orthu; |
(f) |
cuirfidh sí scaipeadh dea-chleachtas chun cinn chun triantán an eolais a lánpháirtiú d’fhonn comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt; |
(g) |
féachfaidh sí le bheith ina foras den chéad scoth maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht; |
(h) |
áiritheoidh sí go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht ann idir gníomhaíochtaí an EIT agus cláir eile de chuid an Chomhphobail. |
2. Beidh sé de chumhacht ag an EIT Fondúireacht (dá ngairfear ‘Fondúireacht an EIT’ anseo feasta) a bhunú, a mbeidh sé mar shainchuspóir aici gníomhaíochtaí an EIT a chur chun cinn agus tacú leo.
Airteagal 6
PENanna
1. Tabharfaidh PENanna faoin méid seo a leanas, go háirithe:
(a) |
gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí nuálaíochta lena mbaineann breisluach Eorpach, a dhéanann lánpháirtiú iomlán ar na diminsin ardoideachais agus taighde chun mais chriticiúil a fháil, agus a spreagfaidh scaipeadh agus saothrú torthaí; |
(b) |
taighde ceannródaíoch agus nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí taighde Eorpaigh agus náisiúnta, agus a d’fhéadfadh iomaíochas na hEorpa a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta; |
(c) |
gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn; |
(d) |
scaipeadh dea-chleachtas in earnáil na nuálaíochta agus béim ar fhorbairt an chomhair idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais. |
2. Beidh uathriail shubstaintiúil iomlán ag PENanna chun a n-eagraíocht inmheánach agus a gcomhdhéanamh a shainiú, mar aon lena gcláir oibre beachta agus lena modhanna oibre beachta. Beidh sé d’aidhm ag PENanna, go háirithe, bheith ar oscailt do chomhaltaí nua i gcás inar luach breise don chomhpháirtíocht iad na comhaltaí seo.
3. Beidh an caidreamh idir an EIT agus gach PEN bunaithe ar chomhaontú conarthach.
Airteagal 7
Roghnú PENanna
1. Roghnóidh agus ainmneoidh an EIT comhpháirtíocht le bheith ina PEN ar bhonn nós imeachta iomaíoch, oscailte agus thrédhearcaigh. Glacfaidh agus foilseoidh an EIT critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais agus ábharthacht na nuálaíochta; beidh saineolaithe seachtracha agus neamhspleácha rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin.
2. I gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i mír 1, tabharfar aird ar leith ar na nithe seo a leanas agus PEN á roghnú:
(a) |
an cumas nuálaíochta reatha agus an cumas nuálaíochta féideartha laistigh den chomhpháirtíocht, maille lena feabhas san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht; |
(b) |
cumas na comhpháirtíochta spriocanna an COSN a bhaint amach; |
(c) |
cumas na comhpháirtíochta maoiniú inbhuanaithe, fadtéarmach agus féinchothaitheach a áirithiú lena n-áirítear ranníocaíocht shubstaintiúil agus mhéadaitheach ón earnáil phríobháideach, ón tionscal agus ó sheirbhísí; |
(d) |
rannpháirtíocht eagraíochtaí atá gníomhach i dtriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta sa chomhpháirtíocht; |
(e) |
go dtaispeánfear go bhfuil plean ann chun maoin intleachtúil a bhainistiú a bheidh oiriúnach don earnáil lena mbaineann agus a bheidh ag teacht le prionsabail an EIT agus leis na treoirlínte maidir le maoin intleachtúil a bhainistiú, lena n-áirítear an tslí inar cuireadh an rannchuidiú ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla san áireamh; |
(f) |
bearta a thacóidh le rannpháirteachas na hearnála príobháidí agus le comhoibriú léi, lena n-áirítear an earnáil airgeadais agus FBManna go háirithe, maille le tacú le cruthú gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí eascarthacha agus FBManna, d’fhonn torthaí ghníomhaíochtaí na bPENanna a shaothrú ar bhonn tráchtála; |
(g) |
a thoilteanaí atá sé idirghníomhú le heagraíochtaí agus líonraí eile lasmuigh den PEN d’fhonn dea-chleachtais agus ardchaighdeán feabhais a roinnt. |
3. An t-íoschoinníoll a chuirtear le PEN a bhunú go mbeidh ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta rannpháirteach ann, a bheidh bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad. Caithfidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta uile sin a bheith neamhspleách ar a chéile, de réir bhrí Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirteachas gnóthas, lárionad taighde agus ollscoileanna i ngníomhartha faoin Seachtú Clár Réime agus maidir le torthaí taighde a scaipeadh (2007-2013) (8).
4. Féadfar eagraíochtaí comhpháirtíochta ó thríú tíortha a áireamh i bPEN, faoi réir fhaomhadh an Bhoird Rialaithe. Beidh tromlach na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta i bPEN bunaithe sna Ballstáit. Beidh institiúid ardoideachais amháin agus cuideachta phríobháideach amháin ar a laghad ina gcuid de gach PEN.
Airteagal 8
Céimeanna agus dioplómaí
1. Bronnfaidh institiúidí ardoideachais rannpháirteacha céimeanna agus dioplómaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ardoideachais dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(c) i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le nósanna imeachta náisiúnta creidiúnaithe. Forálfaidh an comhaontú idir an EIT agus na PENanna gur féidir céimeanna agus dioplómaí EIT a thabhairt mar theideal ar na céimeanna agus na dioplómaí sin chomh maith.
2. Spreagfaidh an EIT na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha chun:
(a) |
comhchéimeanna nó ilchéimeanna agus comhdhioplómaí nó ildioplómaí a bhronnadh, a léireoidh cineál comhtháite na bPENanna. Féadfaidh institiúid ardoideachais amháin iad seo a bhronnadh freisin, áfach; |
(b) |
na nithe a leanas a chur san áireamh:
|
Airteagal 9
Neamhspleáchas an EIT agus a comhsheasmhacht le gníomh Comhphobail, Ballstáit nó le gníomh idir-rialtasach
1. Cuirfidh an EIT a gníomhaíochtaí i gcrích go neamhspleách ar údaráis náisiúnta agus ar bhrúnna seachtracha.
2. Beidh gníomhaíocht an EIT ag teacht le gníomhaíochtaí eile agus le hionstraimí eile atá le cur chun feidhme ar leibhéal an Chomhphobail, go háirithe i réimsí an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta.
3. Cuirfidh an EIT beartais agus tionscnaimh san áireamh go cuí ar leibhéal réigiúnach, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idir-rialtasach d’fhonn an úsáid is fearr a bhaint as dea-chleachtais, as coincheapa lánbhunaithe agus as acmhainní atá ann cheana féin.
Airteagal 10
Bainistiú maoine intleachtúla
1. Glacfaidh an EIT treoirlínte i leith maoin intleachtúil a bhainistiú a bheidh bunaithe, inter alia, ar Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006.
2. Ar bhonn na dtreoirlínte sin, déanfaidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta i ngach PEN comhaontú eatarthu féin i leith bhainistiú agus úsáid na maoine intleachtúla, lena shaineofar, go háirithe, an bealach a gcuirfear rannchuidiú na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla san áireamh.
Airteagal 11
Stádas Dlíthiúil
1. Beidh an EIT ina comhlacht Comhphobail agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh na cumhachtaí dlíthiúla is leithne aici is féidir a bhronnadh ar phearsantachtaí dlítheanacha faoin reachtaíocht náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.
2. Beidh an Prótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar an EIT.
Airteagal 12
Dliteanas
1. Is í an EIT amháin a bheidh freagrach as a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh.
2. Is iad na forálacha conarthacha ábhartha agus an dlí a mbeidh feidhm aige maidir leis an gconradh lena mbaineann a rialóidh dliteanas conarthach an EIT. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh a thug an EIT i gcrích.
3. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh an EIT, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon dochar a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas.
Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil as dochar den sórt sin.
4. Aon íocaíocht a dhéanfaidh an EIT d’fhonn an dliteanas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a chlúdach mar aon leis na costais agus an caiteachas a thabhaítear ina dtaobh sin, measfar gur caiteachas de chuid an EIT iad agus clúdófar faoi acmhainní an EIT iad.
5. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcaingne a thionscnaítear i gcoinne an EIT faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 230 agus 232 den Chonradh.
Airteagal 13
Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid
1. Áiritheoidh an EIT go mbainfidh ardleibhéal trédhearcachta le reáchtáil a cuid gníomhaíochtaí. Tionscnóidh an EIT, go háirithe, suíomh gréasáin inrochtana, saor in aisce a chuirfidh eolas ar fáil maidir le gníomhaíochtaí an EIT agus gníomhaíochtaí na bPENanna aonair.
2. Foilseoidh an EIT a rialacha nós imeachta, a sainrialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú dá dtagraítear in Airteagal 7 roimh an chéad ghlaoch ar thograí chun na chéad PENanna a roghnú.
3. Foilseoidh an EIT a clár saothair rollach tríbhliantúil agus a tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 15 gan mhoill.
4. Gan dochar do mhír 5 ná do mhír 6, ní sceithfidh an EIT le tríú páirtithe faisnéis rúnda a fuair sí agus ar iarradh, ar chúis mhaith, go ndéileálfaí léi i modh rúnda.
5. Beidh comhaltaí na gcomhlachtaí EIT faoi réir an cheanglais rúndachta dá dtagraítear in Airteagal 287 den Chonradh.
Beidh an fhaisnéis a bhailíonn an EIT i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (9).
6. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (10) maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh an EIT. Glacfaidh an Bord Rialaithe socruithe praiticiúla maidir leis an Rialachán sin a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis bhunú an EIT.
7. Aistreofar doiciméid agus foilseacháin oifigiúla an EIT i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (11). Is é an Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2965/1994 ón gComhairle (12), a chuirfidh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh ar fáil.
Airteagal 14
Acmhainní airgeadais
1. Maoineofar an EIT le ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh laistigh den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 19 agus ó fhoinsí príobháideacha agus poiblí eile.
2. Maoineofar na PENanna ó na foinsí seo a leanas, go háirithe:
(a) |
ranníocaíochtaí ó chuideachtaí nó ó eagraíochtaí príobháideacha, a bheidh ina bhfoinse shubstaintiúil maoinithe; |
(b) |
ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh; |
(c) |
ranníocaíochtaí reachtacha nó deonacha ó Stáit rannpháirteacha, ó thríú tíortha nó ó údaráis phoiblí laistigh díobh sin; |
(d) |
tiomnachtaí, deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair, ó institiúidí, ó fhondúireachtaí nó ó aon chomhlachtaí náisiúnta eile; |
(e) |
ioncam a ghintear trí ghníomhaíochtaí na bPENanna féin agus trí ríchíosanna ó chearta maoine intleachtúla; |
(f) |
ioncam a ghintear trí fhothorthaí ghníomhaíochtaí an EIT nó trína dearlaicí caipitil, lena n-áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag Fondúireacht an EIT; |
(g) |
ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta nó ó institiúidí idirnáisiúnta; |
(h) |
iasachtaí agus ranníocaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta, lena n-áirítear an fhéidearthacht an tSaoráid Airgeadais Roinnte Riosca a úsáid, de bhun na gcritéar incháilitheachta agus an phróisis roghnúcháin. |
D’fhéadfadh sé go gcuimseodh na ranníocaíochtaí ranníocaíochtaí comhchineáil.
3. Saineofar na rialacha mionsonraithe chun rochtain a fháil ar mhaoiniú ón EIT i rialacha airgeadais an EIT dá dtagraítear in Airteagal 21(1).
4. Cuirfear ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ar fáil i leith costas bunaithe, riaracháin agus comhordaithe na bPENanna as an imchlúdach airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 19 é.
5. Féadfaidh na PENanna nó a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta iarratas a dhéanamh ar chúnamh Comhphobail, go háirithe faoi chuimsiú clár agus cistí Comhphobail, i gcomhréir lena rialacha faoi seach agus ar bhonn comhionannais le hiarratais eile. Sa chás sin, ní shannfar cúnamh den sórt sin le haghaidh gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh cheana féin.
Airteagal 15
Clárú agus tuairisciú
Glacfaidh an EIT:
(a) |
clár saothair rollach tríbhliantúil a bheidh bunaithe ar an COSN, a luaithe a ghlacfar é, lena mbeidh ráiteas maidir lena mórthosaíochtaí agus lena mórthionscnaimh bheartaithe, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe. Tarchuirfidh an EIT an clár saothair chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, mar eolas; |
(b) |
tuarascáil bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain. Leagfar amach sa tuarascáil na gníomhaíochtaí a reáchtáil an EIT i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta an EIT. |
Airteagal 16
Monatóireacht agus meastóireacht ar an EIT
1. Áiritheoidh an EIT go ndéanfar monatóireacht leanúnach agus córasach agus meastóireacht neamhspleách thráthrialta ar a gníomhaíochtaí, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhainistítear de bhíthin PENanna, d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach fothorthaí den chaighdeán is airde, sármhaitheas eolaíochta agus an úsáid acmhainní is éifeachtaí is féidir. Foilseofar fothorthaí na meastóireachtaí.
2. Faoi Mheitheamh 2011 agus gach cúig bliana i ndiaidh teacht i bhfeidhm don chreat airgeadais nua, forálfaidh an Coimisiún do mheastóireacht ar an EIT. Bunófar seo ar mheastóireacht sheachtrach neamhspleách, agus scrúdófar an chaoi ina gcomhlíonann an EIT a misean. Cumhdóidh sé gníomhaíochtaí uile an EIT agus na bPENanna agus déanfaidh sé breisluach an EIT a mheasúnú, mar aon le tionchar, le héifeachtúlacht, le hinbhuaine, le héifeachtacht agus le hábharthacht na ngníomhaíochtaí ar tugadh fúthu agus/nó an bhaint atá acu agus a chomhlántaí agus atá siad le beartais náisiúnta agus Chomhphobail atá ann chun tacú le hardoideachas, le taighde agus le nuálaíocht. Cuirfear tuairimí páirtithe leasmhara san áireamh, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
3. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta, maille lena thuairim féin agus, i gcás inarb iomchuí, aon tograí chun an Rialachán seo a leasú, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Tabharfaidh an Bord Rialaithe aird chuí ar thorthaí na meastóireachtaí i gcláir agus in oibríochtaí an EIT.
Airteagal 17
COSN
1. Faoin 30 Meitheamh 2011 ar a dhéanaí agus gach seacht mbliana ina dhiaidh sin, ullmhóidh an EIT dréacht-COSN seacht mbliana agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin é.
2. Sainmhíneoidh an COSN réimsí tosaíochta fadtéarmacha don EIT ina gcuimseofar measúnú ar a tionchar socheacnamaíoch agus ar a cumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh. Cuirfidh an COSN torthaí na monatóireachta agus na meastóireachta ar an EIT dá dtagraítear in Airteagal 16 san áireamh chomh maith.
3. Cuimseoidh an COSN meastachán ar riachtanais airgeadais agus ar fhoinsí airgeadais i dtaca le hoibriú an EIT amach anseo, lena forbairt fhadtéarmach agus lena maoiniú. Beidh plean airgeadais táscach ann freisin a chlúdóidh tréimhse an chreata airgeadais.
4. Ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN i gcomhréir le hAirteagal 157(3) den Chonradh.
Airteagal 18
An chéim thosaigh
1. Laistigh de dhá mhí dhéag i ndiaidh a bhunaithe, cuirfidh an Bord Rialaithe an dréacht den chéad chlár saothair rollach tríbhliantúil, dá dtagraítear in Airteagal 15(a), faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, ar a seal, tuairim a chur chuig an mBord Rialaithe maidir le hábhar ar bith a chumhdaítear sa dréacht sin laistigh de thrí mhí ón lá a bhfuair siad é. I gcás ina gcuirtear tuairimí den sórt sin chuige, tabharfaidh an Bord Rialaithe freagra laistigh de thréimhse trí mhí, ina léireofar aon choigeartuithe a dhéanfar sna tosaíochtaí agus sna gníomhaíochtaí a bheartaítear.
2. Laistigh de thréimhse ocht mí dhéag ó dháta bunaithe an Bhoird Rialaithe, roghnóidh agus ainmneoidh an EIT dhá nó trí PEN i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 7.
3. Cuirfidh an Coimisiún an togra don chéad COSN, a bheidh bunaithe ar an dréacht a chuirfidh an EIT ar fáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle roimh dheireadh 2011.
Chomh maith le hábhar COSN i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh an méid seo a leanas sa chéad COSN:
(a) |
sonraíochtaí mionsonraithe agus téarmaí tagartha mionsonraithe maidir le hoibriú an EIT; |
(b) |
na rialacha mionsonraithe a bhaineann le comhoibriú idir an Bord Rialaithe agus na PENanna; |
(c) |
rialacha mionsonraithe mhaoiniú na bPENanna. |
4. Tar éis ghlacadh an chéad COSN i gcomhréir le hAirteagal 17(4), féadfaidh an Bord Rialaithe PENanna breise a roghnú agus a ainmniú de bhun fhorálacha Airteagal 6 agus Airteagal 7.
Airteagal 19
Gealltanais bhuiséadacha
Socrófar gur EUR 308,7 milliún an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Nollaig 2013. Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.
Airteagal 20
An buiséad bliantúil a ullmhú agus a ghlacadh
1. Cuimseoidh caiteachas an EIT na costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibríochta. Coinneofar caiteachas riaracháin chomh híseal agus is féidir.
2. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.
3. Dréachtóidh an Stiúrthóir meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an EIT don bhliain airgeadais dár gcionn agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an mBord Rialaithe é.
4. Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú.
5. Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtmheastachán, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta leis, agus an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún iad faoin 31 Márta.
6. Ar bhonn an mheastacháin sin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach do mhéid an fhóirdheontais a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta isteach i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
7. Údaróidh an t-údarás na leithreasaí maidir leis an bhfóirdheontas don EIT.
8. Glacfaidh an Bord Rialaithe buiséad an EIT, a ndéanfar buiséad críochnaitheach de tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, coigeartófar é dá réir.
9. Tabharfaidh an Bord Rialaithe fógra don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú bhuiséad an EIT, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.
10. Leanfaidh aon leasú suntasach a dhéanfar ar an mbuiséad an nós imeachta céanna.
Airteagal 21
Cur chun feidhme agus rialú an bhuiséid
1. Glacfaidh an EIT a rialacha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. Ní fhéadfaidh na rialacha airgeadais sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 seachas má éilíonn riachtanais sonracha oibríochta an EIT é sin agus má fhaigheann siad toiliú roimh ré ón gCoimisiún. Tabharfar aird chuí ar an ngá atá le solúbthacht oibríochtúil leordhóthanach d’fhonn go mbeidh EIT in ann a cuspóirí a bhaint amach agus comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach a mhealladh agus a choinneáil.
2. Cuirfidh an Stiúrthóir buiséad an EIT chun feidhme.
3. Comhdhlúthófar cuntais an EIT le cuntais an Choimisiúin.
4. Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain n don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad an EIT, agus don Bhord Rialaithe maidir le Fondúireacht an EIT, roimh 30 Aibreán na bliana n + 2.
Airteagal 22
Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint
1. D’fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm maidir leis an EIT ina hiomláine ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13).
2. Aontóidh an EIT don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le fiosruithe inmheánacha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) (14). Déanfaidh an Bord Rialaithe an t-aontú sin a chur ar bhonn foirmiúil agus glacfaidh sé na bearta is gá chun cuidiú le OLAF fiosruithe inmheánacha a dhéanamh.
3. Forálfaidh gach cinneadh a ghlacfaidh an EIT agus gach conradh a chuirfidh an EIT i gcrích, go sonrach, go bhféadfaidh OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar dhoiciméid gach conraitheora agus gach fochonraitheora a bhfuil maoiniú Comhphobail faighte acu, lena n-áirítear ag áitreabh na dtairbhithe deiridh.
4. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, mutatis mutandis, maidir le Fondúireacht an EIT.
Airteagal 23
Reachtanna
Glactar leis seo Reachtanna an EIT, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad.
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 161, 13.7.2007, lch. 28.
(2) IO C 146, 30.6.2007, lch. 27.
(3) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Meán Fómhair 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 21Eanáir 2008 (IO C 52 E, 26.2.2008, lch. 7) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(4) IO L 255, 30.9.2005, lch. 22. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1430/2007 ón gCoimisiún (IO L 320, 6.12.2007, lch. 3).
(5) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9).
(6) IO C 139, 14.6.2006, lch. 1. Comhaontú Idirinstitiúideach arna leasú le Cinneadh 2008/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 6, 10.1.2008, lch. 7).
(7) IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.
(8) IO L 391, 30.12.2006, lch. 1.
(9) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
(10) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
(11) IO 17, 6.10.1958, lch. 385. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).
(12) IO L 314, 7.12.1994, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1645/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 13).
(13) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.
(14) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
IARSCRÍBHINN
Reachtanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
Airteagal 1
Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe
1. Is éard a bheidh ar an mBord Rialaithe comhaltaí ceaptha a mbeidh a líon roinnte go cothrom ó thaobh taithí ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde (dá ngairfear ‘comhaltaí ceaptha’ anseo feasta) agus comhaltaí a dtoghfaidh an fhoireann ardoideachais, an fhoireann taighde agus nuálaíochta, an fhoireann theicniúil agus riaracháin, mic léinn agus iarrthóirí dochtúireachta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) iad óna líon féin (dá ngairfear ‘comhaltaí ionadaíocha’ anseo feasta).
Mar fhoráil idirthréimhseach, is comhaltaí ceaptha amháin a bheidh ar an mBord Rialaithe tosaigh go dtí go bhféadfar toghcháin do chomhaltaí ionadaíocha a thionól, nuair a bheidh an chéad PEN bunaithe.
2. Beidh ocht gcomhalta cheaptha dhéag ann. Téarma oifige sé bliana nach bhféadfar a athnuachan a bheidh acu. Ceapfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir le nós imeachta trédhearcach. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus maidir le ceapachán deiridh chomhaltaí sin an Bhoird Rialaithe.
Ceapfar comhaltaí an Bhoird Rialaithe thosaigh ar bhonn liosta iarrthóirí ionchasacha a mholfaidh an Coiste ad hoc Aimsithe, ar a mbeidh ceathrar saineolaí ardleibhéil neamhspleách a cheapfaidh an Coimisiún. Ceapfar na comhaltaí a cheapfar ina dhiaidh sin ar bhonn liosta iarrthóirí ionchasacha a mholfaidh an Bord Rialaithe.
3. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus ar thuiscint ar na timpeallachtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.
4. Cuirfear comhaltaí nua in ionad aon trian de na comhaltaí ceaptha gach dhá bhliain. Beidh comhalta ceaptha a bhfuil níos lú ná ceithre bliana caite aige nó aici ar an mBord Rialaithe i dteideal a athcheaptha nó a hathcheaptha, faoi réir teorann iomláine de shé bliana in oifig.
Ar feadh idirthréimhse, is trí chrannchur a roghnófar an dáréag comhalta ceaptha ar an gcéad Bhord Rialaithe chun téarma oifige ceithre bliana a chur isteach. Ag deireadh na chéad tréimhse ceithre bliana, roghnófar seisear den dáréag comhalta ceaptha trí chrannchur chun téarma oifige ceithre bliana a chur isteach. Ní bheidh lámh ag Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe sa phróiseas idirthréimhseach sin.
5. Beidh ceathrar comhalta ionadaíocha ann. Téarma oifige trí bliana ar féidir é a athnuachan uair amháin a bheidh acu. Beidh deireadh lena dtéarma oifige má fhágann siad an EIT nó PEN. Cuirfear comhaltaí eile ina n-ionad tríd an bpróiseas toghcháin céanna chun a mbeidh fágtha den téarma oifige a chur isteach.
6. Is é an Bord Rialaithe a fhormheasfaidh na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe chun comhaltaí ionadaíocha a thoghadh agus chun comhaltaí eile a chur ina n-ionad ar bhonn togra ón Stiúrthóir sula mbeidh an chéad PEN i bhfeidhm. Leis an meicníocht seo, áireofar go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar an éagsúlacht agus cuirfear éabhlóid an EIT agus na bPENanna san áireamh.
7. I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta den Bhord Rialaithe a théarma oifige a chríochnú, ceapfar nó toghfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, d’fhonn téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú.
Airteagal 2
Freagrachtaí an Bhoird Rialaithe
1. Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa an EIT, agus cosnóidh siad a spriocanna, a misean, a céannacht agus a comhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách.
2. Déanfaidh an Bord Rialaithe an méid seo a leanas, go háirithe:
(a) |
an straitéis EIT a shainiú mar a chumhdaítear í sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), sa chlár saothair rollach tríbhliantúil, sa bhuiséad, ina cuntais bhliantúla agus ina clár comhardaithe agus ina tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta ar bhonn togra ón Stiúrthóir; |
(b) |
na réimsí tosaíochta a shonrú a mbunófar na PENanna iontu; |
(c) |
ranníocaíocht a chur ar fáil d’fhonn an COSN a ullmhú; |
(d) |
sonraíochtaí mionsonraithe agus téarmaí tagartha a dhréachtú maidir le hoibriú an EIT i gcreat an COSN, lena n-áirítear na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bPENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu; |
(e) |
comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar más gá; |
(f) |
meastóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí na bPENanna a áirithiú; |
(g) |
a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n-áirítear rialacha nós imeachta maidir le PENanna a roghnú, rialacha nós imeachta maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais an EIT; |
(h) |
airgead onóra cuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shainiú, trí chomhaontú leis an gCoimisiún; déanfar an t-airgead onóra sin a thagarmharcáil i gcoinne forála comhchosúla sna Ballstáit; |
(i) |
nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir a roghnú; |
(j) |
Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, Stiúrthóir a bhriseadh as a phost nó as a post, agus údarás araíonachta a fheidhmiú air nó uirthi; |
(k) |
an tOifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin agus comhaltaí na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí a cheapadh; |
(l) |
grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfadh ré shainithe a bheith acu; |
(m) |
an EIT a chur chun cinn ar fud an domhain, d’fhonn a mealltacht a mhéadú agus foras den chéad scoth a dhéanamh di maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht; |
(n) |
cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa; |
(o) |
prionsabail agus treoracha a shainiú chun cearta maoine intleachtúla a bhainistiú; |
(p) |
Feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002; |
(q) |
beidh sé de chumhacht ag an mBord Rialaithe Fondúireacht a bhunú (dá ngairfear ‘Fondúireacht an EIT’ anseo feasta), a mbeidh sé de shainchuspóir aici gníomhaíochtaí an EIT a chur chun cinn agus tacú leo; |
(r) |
comhlántacht agus sineirge a áirithiú idir gníomhaíochtaí an EIT agus cláir eile de chuid an Chomhphobail; |
(s) |
cinneadh maidir le réimeas teanga an EIT, agus na prionsabail atá ann maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh. |
3. Féadfaidh an Bord Rialaithe tascanna sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin.
4. Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as líon na gcomhaltaí ceaptha. Trí bliana a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar é a athnuachan aon uair amháin.
Airteagal 3
Feidhmiú an Bhoird Rialaithe
1. Gan dochar do mhír 2, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí uile.
Éileoidh cinntí faoi Airteagal 2(2)(a), (b), (c), (d), (i) agus (s) agus (4) tromlach dhá thrian dá chomhaltaí uile, áfach.
2. Ní fhéadfaidh na comhaltaí ionadaíocha vóta a chaitheamh faoi Airteagal 2(2)(e), (g), (i), (j), (k), (q) agus (s).
3. Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí ar a laghad.
Airteagal 4
An Coiste Feidhmiúcháin
1. Cúigear a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin lena n-áirítear Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith.
Roghnóidh an Bord Rialaithe an ceathrar comhalta eile as líon chomhaltaí ceaptha an Bhoird Rialaithe.
2. Tiocfaidh an Coiste Feidhmiúcháin le chéile go rialta de réir mar a thionólfaidh an Cathaoirleach é nó ar iarratas ón Stiúrthóir.
3. Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin a chinntí trí thromlach simplí a chomhaltaí uile.
4. Déanfaidh an Coiste Feidhmiúcháin:
(a) |
cruinnithe an Bhord Rialaithe a ullmhú; |
(b) |
maoirseacht ar chur chun feidhme an COSN agus an chláir saothair rollaigh thríbhliantúil; |
(c) |
maoirseacht ar an nós imeachta roghnúcháin do PENanna; |
(d) |
aon chinntí a tharmligfidh an Bord Rialaithe chuige a dhéanamh. |
Airteagal 5
An Stiúrthóir
1. Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn an EIT. Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ar feadh téarma oifige ceithre bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe síneadh ama ceithre bliana eile a chur leis an téarma oifige sin aon uair amháin má mheasann sé gur le leas an EIT é déanamh amhlaidh.
2. Beidh an Stiúrthóir freagrach as bainistíocht an EIT ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil uirthi. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí an EIT.
3. Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:
(a) |
tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin ina gcuid oibre agus an rúnaíocht a chur ar fáil dá gcruinnithe; |
(b) |
dréacht-COSN, clár saothair rollach tríbhliantúil, an tuarascáil bhliaintúil agus an buiséad bliantúil a ullmhú d’fhonn iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe tríd an gCoiste Feidhmiúcháin; |
(c) |
an nós imeachta roghnúcháin do na PENanna a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil; |
(d) |
gníomhaíochtaí an EIT a eagrú agus a bhainistiú; |
(e) |
a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla monatóireachta agus meastóireachta maidir le feidhmiú an EIT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo; |
(f) |
beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear buiséad an EIT a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Stiúrthóir aird iomchuí ar an gcomhairle a gheobhafar ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánach; |
(g) |
beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí uile na foirne; |
(h) |
na dréacht-chuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus ina dhiaidh sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, tríd an gCoiste Feidhmiúcháin; |
(i) |
áiritheoidh sé go gcomhlíonfar oibleagáidí an EIT maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe a chuireann sí i gcrích; |
(j) |
gach faisnéis is gá a sholáthar don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin chun go bhféadfaidh siad a bhfeidhmeanna a chur i gcrích. |
Airteagal 6
Ullmhúchán chun an struchtúr tacaíochta a bhunú
Ar feadh idirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht is gá ar fáil chun cabhrú le struchtúr an EIT a bhunú. Chun na críche sin, go dtí go gceapfar na chéad chomhaltaí ceaptha den Bhord Rialaithe, beidh oifigeach a cheapfaidh an Coimisiún ina ionadaí dlíthiúil ar an EIT agus beidh sé freagrach as cúrsaí foirne, riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear buiséad an EIT a chur chun feidhme. Ainmneoidh an Bord Rialaithe, ina dhiaidh sin, i gcomhréir le nós imeachta trédhearcach, duine a chomhlíonfaidh na feidhmeanna seo nó cuirfidh sé le mandáid an chéad oifigigh a cheapfaidh an Coimisiún, go dtí go dtosóidh an Stiúrthóir ar a dhualgais nó ar a dualgais tar éis a cheaptha ag an mBord Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 5. Seolfaidh an Bord Rialaithe an nós imeachta chun Stiúrthóir an EIT a roghnú gan mhoill.
Airteagal 7
Foireann an EIT
1. Is éard a bheidh ar fhoireann an EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag an EIT faoi chonarthaí ar théarma seasta. Beidh coinníollacha fostaíochta searbhóntaí eile na gComhphobal Eorpach infheidhme ar an Stiúrthóir agus ar fhoireann an EIT.
2. Féadfaidh Ballstáit rannpháirteacha nó fostóirí eile saineolaithe a thabhairt ar iasacht don EIT ar feadh tréimhsí teoranta.
Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe a bheidh ar iasacht ó Stáit rannpháirteacha nó ó fhostóirí eile obair a dhéanamh san EIT agus lena shaineofar a gcearta agus a bhfreagrachtaí.
3. Feidhmeoidh an EIT, i leith a foirne féin, na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an údarás arna údarú chun na conarthaí leis na comhaltaí foirne a chur i gcrích.
4. D’fhéadfadh go mbeadh ar chomhalta foirne aon damáiste a fhulaingeoidh an EIT a shlánú go hiomlán nó go páirteach, i gcás inar damáiste é a rinneadh de thoradh mí-iompair thromchúisigh uaidh nó uaithi i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhain le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas.
Airteagal 8
Prionsabail le haghaidh meastóireacht agus monatóireacht a dhéanamh ar PENanna
Eagróidh an EIT monatóireacht leanúnach agus meastóireacht thráthrialta neamhspleách ar fhothorthaí agus ar thorthaí gach PEN. Beidh na meastóireachtaí sin bunaithe ar dhea-chleachtas riaracháin agus ar pharaiméadair thoradh-dhírithe agus seachnófar gnéithe foirmiúla agus gnásúla nach mbeidh riachtanach.
Airteagal 9
Ré PEN, leanúint le PEN agus críoch a chur le PEN
1. Faoi réir fhothorthaí na meastóireachtaí tráthrialta agus faoi réir shaintréithe réimsí ar leith, fráma ama idir 7 mbliana agus 15 bliana a bheidh ag PEN.
2. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh síneadh ama a chur le hoibriú PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a céadsocraíodh más sin an bealach is iomchuí chun cuspóir an EIT a bhaint amach.
3. I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais atá aige a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis an gcomhaontú.
Airteagal 10
Foirceannadh an EIT
I gcás ina ndéanfar an EIT a fhoirceannadh, déanfar í a leachtú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe leis na PENanna agus an ionstraim lena mbunaítear Fondúireacht an EIT a leagfaidh síos na forálacha cuí sa chás sin.
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/13 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 295/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
maidir le staidreamh struchtúrach gnó
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Leasaíodh Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (3) go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ó tharla go bhfuil tuilleadh leasuithe á ndéanamh ar an Rialachán sin, is inmhianaithe na forálacha ábhartha a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht agus le cuíchóiriú. |
(2) |
Bhunaigh Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 creat comhchoiteann i gcomhair bailiú, tiomsú, tarchur agus meastóireacht staidrimh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht gnólachtaí sa Chomhphobal. |
(3) |
Le Cinneadh Uimh. 2367/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le clár staidrimh an Chomhphobail 2003 go 2007 (5), glacadh an clár a bheidh faoi threoir ag príomhthosaíochtaí beartais an Chomhphobail maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, méadú agus iomaíochas an Aontais Eorpaigh, an beartas réigiúnach, forbairt inbhuanaithe agus an clár oibre sóisialta. Is cuid bhunriachtanach den chlár seo staidreamh maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch na bhfiontar. |
(4) |
Ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo go leanfaí den tacaíocht staidrimh atá ann cheana do chinntí sna réimsí reatha beartais agus go gcomhlíonfadh an Rialachán seo na ceanglais bhreise a eascraíonn as tionscnaimh nua beartais an Chomhphobail, agus as an athbhreithniú leanúnach ar thosaíochtaí staidrimh agus ar ábharthacht an staidrimh a chuirtear ar fáil, d’fhonn an tairbhe is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil agus na hualaí freagartha a íoslaghdú. Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag beartais fuinnimh agus chomhshaoil an Chomhphobail, ar nós na mbeartas a chumhdaítear le Rialachán REACH (CE) Uimh. 1907/2006 (6). Ba chóir comhoibriú agus malartú dea-chleachtais idir institiúidí náisiúnta staidrimh a spreagadh, chun úsáid níos éifeachtaí na bhfoinsí sonraí riaracháin a áirithiú. |
(5) |
Tá riachtanas méadaitheach ann i gcomhair sonraí maidir le seirbhísí, go háirithe seirbhísí gnó. Is gá staidreamh chun anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus chun beartas a fhoirmiú maidir leis an earnáil is dinimiciúla de na geilleagair nua-aimseartha, go háirithe ó thaobh a hacmhainn fás agus fostaíocht a chruthú. Thug cruinniú Chomhairle Eorpach Liospóin an 23 agus 24 Márta 2000 tábhacht na seirbhísí chun suntais. Is réamhriachtanas an láimhdeachas, arna mhiondealú go dtí táirgí seirbhíse mionsonraithe, a thomhas chun go bhféadfaí fíorthuiscint a fháil ar ról na seirbhísí sa gheilleagar. Tháinig cruinniú Chomhairle Eorpach Stócólm an 23 agus 24 Márta 2001 ar an gconclúid go bhfuil cruthú margaí inmheánacha i gcomhair seirbhísí, a fheidhmíonn go héifeachtúil, ar cheann de phríomhthosaíochtaí na hEorpa. Tá staidreamh de réir táirgí seirbhísí mionsonraithe maidir le trádáil trasteorann bunriachtanach chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí inmheánacha i gcomhair seirbhísí, chun meastóireacht a dhéanamh ar iomaíochas na seirbhísí agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbacainní ar thrádáil i seirbhísí. |
(6) |
Tá gá le sonraí maidir le déimeagrafaíocht ghnó, go háirithe ós rud é gur gné de na táscairí struchtúracha iad, ar táscairí iad a bunaíodh chun faireachán a dhéanamh ar an méid a bhaintear amach maidir leis na spriocanna a socraíodh le Straitéis Liospóin. Chomh maith leis sin, tá sonraí comhchuibhithe maidir le déimeagrafaíocht ghnó agus a tionchar ar fhostaíocht riachtanach chun bunús a thabhairt do mholtaí beartais chun tacú le fiontraíocht. |
(7) |
Tá gá freisin le huirlis sholúbtha laistigh den chreat staidrimh a bheidh in ann freagairt go mear tráthúil do riachtanais úsáideoirí a thagann chun cinn mar thoradh ar shaintréithe atá ag éirí níos dinimiciúla, níos nuálaí agus níos casta, agus ar saintréithe iad den gheilleagar eolasbhunaithe. Trí bhailiúcháin ad hoc sonraí den sórt sin a nascadh le bailiú leanúnach na sonraí staidrimh maidir le struchtúir ghnó, thabharfaí fiúntas breise don fhaisnéis a bhailítear sa dá shuirbhé agus d’fhéadfaí an t-ualach iomlán a laghdú ar na freagróirí tríd an dúblú ar bhailiú sonraí a sheachaint. |
(8) |
Is gá foráil a dhéanamh do nós imeachta chun glacadh le bearta chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ionas go bhféadfaí na rialacha maidir le bailiú agus próiseáil staidrimh sonraí agus le próiseáil agus tarchur na dtorthaí a shoiléiriú tuilleadh. |
(9) |
Ba chóir na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7). |
(10) |
Ba chóir, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún: an liosta saintréithe atá sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta; na nithe seo a leanas a leagan síos, minicíocht thiomsú an staidrimh, na rialacha chun sonraí a mharcáil mar chion tairbhe d’iomláin Eorpacha amháin (CETO), an chéad bhliain tagartha do thiomsú na dtorthaí, an miondealú ar thorthaí agus go háirithe na haicmithe a bheidh le húsáid agus teaglaim na n-aicmí méide; na tréimhsí ama le haghaidh tarchur sonraí a thabhairt cothrom le dáta; an miondealú ar ghníomhaíochtaí agus ar tháirgí a oiriúnú do na leasuithe nó do na hathbhreithnithe ar an aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE), agus ar aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta (CPA); bearta a ghlacadh ar bhonn meastóireachta ar staidéir phíolótacha; íosteorainn an phobail tagartha in Iarscríbhinn VIII a athrú; agus critéir chun meastóireacht ar cháilíocht a leagan síos. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(11) |
Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sonraí comhchuibhithe a sholáthar maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht gnólachtaí sa Chomhphobal, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr dá bhrí sin is féidir é a bhaint amach ag leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht gnólachtaí sa Chomhphobal a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
Is é an cuspóir a bheidh le tiomsú staidrimh, go háirithe, anailís a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a) |
struchtúr agus forás ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí; |
(b) |
na tosca táirgeachta a úsáidtear agus gnéithe eile a thugann an deis gníomhaíocht, iomaíochas agus feidhmíocht i gcúrsaí gnó a thomhas; |
(c) |
forbairt réigiúnach, náisiúnta, Comhphobail agus idirnáisiúnta gnólachtaí agus margaí; |
(d) |
iompar i gcúrsaí gnó; |
(e) |
fiontair bheaga agus mheánmhéide; agus |
(f) |
saintréithe sainiúla na bhfiontar a bhaineann le miondealú sonrach ar ghníomhaíochtaí. |
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Cuimseoidh an Rialachán seo na gníomhaíochtaí margaidh go léir i Ranna B go N agus P go S d’aicmiú comhchoiteann staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 (dá ngairfear ‘NACE Ath. 2’ anseo feasta).
2. Cuimseofar aonaid staidrimh de na cineálacha a liostaítear i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh le haghaidh córas tairgíochta an Chomhphobail a bhreathnú agus a anailísiú (8), agus a aicmítear faoi cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 i raon feidhme an Rialacháin seo. Sonraítear úsáid aonad áirithe chun staidreamh a thiomsú sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Modúil
1. Déanfar an staidreamh a bheidh le tiomsú do na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghrúpáil mar mhodúil.
2. Is iad na modúil a bheidh sa Rialachán seo:
(a) |
modúl comhchoiteann don staidreamh bliantúil struchtúrach, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn I; |
(b) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le tionscal, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn II; |
(c) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le trádáil, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn III; |
(d) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le foirgníocht, mar a shainmhínítear e in Iarscríbhinn IV; |
(e) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le hárachas, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn V; |
(f) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le forais chreidmheasa, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn VI; |
(g) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le cistí pinsean, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn VII; |
(h) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le seirbhísí gnó, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn VIII; |
(i) |
modúl mionsonraithe don staidreamh struchtúrach maidir le déimeagrafaíocht gnó, mar a shainmhínítear é in Iarscríbhinn IX; |
(j) |
modúl solúbtha chun bailiúchán ad hoc sonraí sainiúil agus teoranta de shaintréithe fiontair a dhéanamh. |
3. Leagfar síos an fhaisnéis seo a leanas i ngach modúl:
(a) |
na gníomhaíochtaí a mbeidh an staidreamh le tiomsú ina leith, arna dtarraingt ón gcuimsiú a shonraítear in Airteagal 2(1); |
(b) |
na cineálacha aonad staidrimh a bheidh le húsáid chun staidreamh a thiomsú, arna dtarraingt ón liosta d’aonaid staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 2(2); |
(c) |
liostaí saintréithe a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith do na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus na tréimhsí tagartha do na saintréithe sin; |
(d) |
an mhinicíocht i gcomhair tiomsú an staidrimh, a dhéanfar go bliantúil nó go hilbhliantúil. Má dhéantar an tiomsú go hilbhliantúil, déanfar ar a laghad uair gach 10 mbliana é; |
(e) |
an tráthchlár ina léirítear na chéad bhlianta tagartha don staidreamh a bheidh le tiomsú; |
(f) |
na caighdeáin a bhaineann le hionadaíochas agus le meastóireacht ar cháilíocht; |
(g) |
an tréimhse ama dar tosach deireadh na tréimhse tagartha ar laistigh di a bheidh an staidreamh le tarchur; |
(h) |
fad uasta na hidirthréimhse a fhéadfar a dheonú. |
4. Déanfar úsáid an mhodúil sholúbtha dá dtagraítear i mír 2(j) a phleanáil i ndlúth-chomhoibriú leis na Ballstáit. Cinnfidh an Coimisiún a raon feidhme, liosta a shaintréithe, a thréimhse thagartha, na gníomhaíochtaí a bheidh le cuimsiú agus na ceanglais cháilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha. Sonróidh an Coimisiún freisin an gá a bheidh leis an bhfaisnéis agus an tionchar a bheidh ag bailiú na sonraí i dtaca leis an ualach ar ghnólachtaí agus leis na costais a bheidh ar na Ballstáit.
Chun an t-ualach ar ghnólachtaí agus na costais a bheidh ar na Ballstáit a theorannú, teorannófar méid an bhailiúcháin sonraí go dtí uasmhéid de 20 tréith fiontair nó ceist, go dtí uasmhéid de 25 000 fiontar freagartha ar fud an Aontais Eorpaigh, agus go dtí uasmhéid de 1,5 uair an chloig ar an meán mar dhícheall aonair an fhreagróra. Beidh bailiúcháin ad hoc sonraí comhdhéanta de líon Ballstát a bheidh ionadaíoch. I gcás nach mbeidh ach torthaí ar leibhéal na hEorpa de dhíth, féadfaidh an Coimisiún cur chuige samplála Eorpach a shocrú chun an t-ualach is lú agus na costais is ísle a áirithiú.
Féadfaidh an Coimisiún costais bailiúchán ad hoc sonraí a chómhaoiniú agus nósanna imeachta seanbhunaithe á n-úsáid aige.
Airteagal 4
Staidéir phíolótacha
1. Tionscnóidh an Coimisiún sraith staidéar píolótach agus cuirfidh na Ballstáit i gcrích iad ar bhonn deonach faoi mar a shonraítear sna hIarscríbhinní. Dámhfaidh an Coimisiún deontais ar údaráis náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (9), tar éis glao ar thograí a dhéanamh.
2. Déanfar na staidéir phíolótacha a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus a indéanta atá sé sonraí a fháil. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thorthaí na staidéar píolótach, agus na buntáistí a bhaineann le fáil a bheith ar shonraí i ndáil le costas an bhailithe agus an t-ualach ar ghnólachtaí á gcur i gcuntas.
3. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na staidéar píolótach in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
4. Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh ar bhonn meastóireachta ar na staidéir phíolótacha, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
Airteagal 5
Fáil sonraí
1. Gheobhaidh na Ballstáit na sonraí is gá chun na saintréithe atá sna liostaí dá dtagraítear sna modúil in Airteagal 3 a bhreathnú.
2. Féadfaidh na Ballstáit na sonraí is gá a fháil trí theaglam de na foinsí éagsúla a shonraítear thíos a úsáid, agus prionsabal an tsimpliúcháin riaracháin á chur i bhfeidhm:
(a) |
suirbhéanna éigeantacha: beidh ar na haonaid dhlíthiúla, lena mbaineann na haonaid staidrimh a n-iarrfaidh na Ballstáit orthu gníomhú nó dá mbeidh siad comhdheánta, faisnéis chruinn, iomlán a thabhairt laistigh de na spriocamanna forordaithe; |
(b) |
foinsí eile a bheidh coibhéiseach ar a laghad a mhéid a bhaineann le cruinneas agus cáilíocht; |
(c) |
nósanna imeachta um meastachán staidrimh más rud é nár breathnaíodh cuid de na saintréithe i gcás na n-aonad go léir. |
3. Chun ualaigh freagartha a laghdú, beidh rochtain ag na húdaráis náisiúnta agus ag an gCoimisiún (Eurostat), faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a bheidh socraithe ag gach Ballstát agus ag an gCoimisiún ina réimsí inniúlachta faoi seach, ar fhoinsí sonraí riaracháin a chuimsíonn réimsí gníomhaíochta a gcuid riarachán poiblí féin a mhéid a mbeidh gá leis na sonraí sin chun na ceanglais chruinnis dá dtagraítear in Airteagal 6 a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, cibé uair is féidir, bainfear úsáid as sonraí riaracháin cuí chun ceanglais thuairiscithe an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
4. Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, na toscaí chun cinn ina mbainfear níos mó úsáide as tarchur leictreonach sonraí agus as próiseáil uathoibríoch sonraí.
Airteagal 6
Cruinneas
1. Áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh na sonraí a tharchuirfear struchtúr phobail na n-aonad staidrimh a leagtar síos sna hIarscríbhinní.
2. Déanfar meastóireacht cháilíochta ina ndéanfar comparáid idir na buntáistí a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí agus costais an bhailithe chomh maith leis an ualach ar ghnólachtaí, go háirithe ar fhiontair bheaga.
3. Tarchuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don mheastóireacht dá dtagraítear i mír 2 chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó.
Airteagal 7
Comparáideacht
1. As na sonraí bailithe agus measta, cuirfidh na Ballstáit torthaí inchomparáide ar fáil, ag déanamh de réir an mhiondealaithe a fhoráiltear do gach modúl in Airteagal 3 agus sna hIarscríbhinní faoi seach.
2. Ionas go bhféadfar comhiomláin Chomhphobail a thiomsú, cuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha ar fáil de réir leibhéal NACE Ath. 2, a leagtar síos sna hIarscríbhinní, nó a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
Airteagal 8
Tarchur na dtorthaí
1. Tarchuirfidh na Ballstáit na torthaí dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Rialachán seo, lena n-áirítear sonraí faoi rún, chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na forálacha Comhphobail atá cheana ann maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh, go háirithe Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle (10). Beidh feidhm ag na forálacha Comhphobail sin maidir le cóiriú na dtorthaí, a mhéid a mbeidh sonraí rúnda iontu.
2. Déanfar na torthaí a tharchur i bhformáid iomchuí theicniúil, laistigh de thréimhse ama dar tosach deireadh na tréimhse tagartha a leagfar síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3) do na modúil dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)(a) go (h) agus (j) agus ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 18 mí. Ní bheidh an tréimhse ama níos faide ná 30 mí ná 18 mí faoi mar a leagtar síos in Iarscríbhinn IX, Roinn 9, don mhodúl dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)(i). Chomh maith leis sin, déanfar líon beag réamhthorthaí measta a tharchur laistigh de thréimhse ama dar tosach deireadh na tréimhse tagartha a leagfar síos i gcomhréir leis an nós imeachta sin do na modúil dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)(a) go (g) agus ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 10 mí. Ní bheidh an tréimhse ama i gcomhair réamhthorthaí níos faide ná 18 mí don mhodúl dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(i).
3. Chun an t-ualach ar ghnólachtaí, chomh maith leis na costais a bheidh ar na húdaráis náisiúnta staidrimh, a íoslaghdú, féadfaidh na Ballstáit sonraí a mharcáil chun go mbainfí úsáid astu mar chion tairbhe d’iomláin Eorpacha amháin (‘CETO’). Ní fhoilseoidh Eurostat na sonraí sin ná ní luafaidh na Ballstáit CETO leis na sonraí a fhoilseofar go náisiúnta. Beidh úsáid mharc CETO ag brath ar sciar an Bhallstáit aonair d’iomlán an AE den bhreisluach sa gheilleagar gnó mar a leanas:
(a) |
an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe: féadfar sonraí a luaitear CETO leo a sheoladh i gcomhair leibhéal aicme de NACE Ath. 2 agus i gcomhair miondealú ar aicme méide ag leibhéal grúpa NACE Ath. 2. Ní fhéadfar níos mó ná 15 % de na cealla a mharcáil; |
(b) |
an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Fhionlainn agus an tSualainn: féadfar sonraí a luaitear CETO leo a sheoladh i gcomhair leibhéal aicme NACE Ath. 2 agus i gcomhair miondealú ar aicme méide ag leibhéal grúpa NACE Ath. 2. Ní fhéadfar níos mó ná 25 % de na cealla a mharcáil. Chomh maith leis sin, más rud é gur lú ná 0,1 % de gheilleagar gnó an Bhallstáit lena mbaineann an sciar aicme de NACE Ath. 2 nó d’aicme méide grúpa de NACE Ath. 2, in aon Bhallstát de na Ballstáit sin, féadfar na sonraí sin a sheoladh chomh maith agus CETO luaite leo; |
(c) |
an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic: féadfar sonraí a luaitear CETO leo a sheoladh i gcomhair leibhéal grúpa agus leibhéal aicme de NACE Ath. 2 agus i gcomhair miondealú ar aicme méide ag leibhéal grúpa de NACE Ath. 2. Ní fhéadfar níos mó ná 25 % de na cealla ag leibhéal grúpa a mharcáil. |
Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis na rialacha maidir le CETO a lua agus le grúpáil na dtíortha a athbhreithniú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3) faoin 29 Aibreán 2013 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.
Airteagal 9
Faisnéis maidir le cur chun feidhme
Tarchuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sna Ballstáit chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin dó.
Airteagal 10
Idirthréimhsí
1. I rith na n-idirthréimhsí, féadfar maoluithe ó fhorálacha na nIarscríbhinní a dheonú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a mhéid a mbeidh móroiriúnuithe de dhíth ar na córais staidrimh náisiúnta.
2. Féadfar idirthréimhsí forlíontacha a dheonú do Bhallstát i gcomhair tiomsú staidrimh i gcás ina mbeidh sé dodhéanta forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh mar gheall ar mhaoluithe arna ndeonú de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 maidir le comhordú Comhphobail i ndáil le cláir gnó a dhréachtú chun críocha staidrimh (11).
Airteagal 11
Bearta cur chun feidhme
1. Glacfar na bearta seo a leanas, atá riachtanach do chur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), eadhon iad siúd lena mbunaítear:
(a) |
na sainmhínithe ar na saintréithe agus a n-ábharthacht do ghníomhaíochtaí áirithe (Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I, Roinn 4, mír 2); |
(b) |
an sainmhíniú ar an tréimhse thagartha (Airteagal 3); |
(c) |
an fhormáid theicniúil is iomchuí do tharchur na dtorthaí (Airteagal 8 agus Iarscríbhinn I, Roinn 9, mír 2); |
(d) |
an idirthréimhse agus na maoluithe ó fhorálacha an Rialacháin seo arna ndeonú i rith na tréimhse sin (Airteagal 10 agus Iarscríbhinn I, Roinn 11, Iarscríbhinn II, Roinn 10, Iarscríbhinn III, Roinn 9, Iarscríbhinn VIII, Roinn 8 agus Iarscríbhinn IX, Roinn 13); |
(e) |
an liosta saintréithe a bheidh le tarchur agus an t-aicmiú staidrimh comhchoiteann ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach arna bhunú le Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle (12) (dá ngairfear ‘NACE Ath. 1.1’ anseo feasta) don bhliain 2008 agus na mionsonraí maidir leis na torthaí a chur ar fáil á úsáid (Iarscríbhinn I, Roinn 9, mír 2); |
(f) |
úsáid an mhodúil sholúbtha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(j) agus in Airteagal 3(4); agus |
(g) |
na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i ndáil leis na bailiúcháin ad hoc sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Roinn 4, mír 3 agus mír 4, Iarscríbhinn III, Roinn 3, mír 3 agus Iarscríbhinn IV, Roinn 3, mír 3. |
2. Na bearta seo a leanas, atá riachtanach do chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3), eadhon iad siúd:
(a) |
lena dtugtar na liostaí saintréithe agus na réamhthorthaí cothrom le dáta, a mhéid nach dtugann an tabhairt cothrom le dáta sin le tuiscint, tar éis measúnú cainníochtúil a dhéanamh, go bhfuil méadú tagtha ar an líon aonad a ndearnadh suirbhé orthu ná ar an ualach atá ar na haonaid a bheadh ar neamhréir leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo (Airteagal 4 agus Airteagal 8 agus Iarscríbhinn I, Roinn 6, Iarscríbhinn II, Roinn 6, Iarscríbhinn III, Roinn 6, Iarscríbhinn IV, Roinn 6); |
(b) |
lena mbunaítear minicíocht thiomsú an staidrimh (Airteagal 3); |
(c) |
lena mbunaítear na rialacha i gcomhair sonraí a luaitear CETO leo (Airteagal 8(3)); |
(d) |
lena mbunaítear an chéad bhliain tagartha do thiomsú na dtorthaí (Airteagal 8 agus Iarscríbhinn I, Roinn 5); |
(e) |
lena mbunaítear an miondealú ar na torthaí, go háirithe ar na haicmí a bheidh in úsáid agus na teaglamaí de na haicmí méide (Airteagal 7 agus Iarscríbhinn VIII, Roinn 4, mír 2 agus mír 3, Iarscríbhinn IX, Roinn 8, mír 2 agus mír 3, agus Iarscríbhinn IX, Roinn 10); |
(f) |
lena dtugtar na tréimhsí ama i gcomhair tarchur sonraí cothrom le dáta (Airteagal 8 agus Iarscríbhinn I, Roinn 8, mír 1 agus Iarscríbhinn VI, Roinn 7); |
(g) |
lena n-oiriúnaítear an miondealú ar na gníomhaíochtaí do leasuithe nó d’athbhreithnithe a dhéantar ar NACE agus lena n-oiriúnaítear an miondealú ar tháirgí do leasuithe nó d’athbhreithnithe a dhéantar ar an CPA; |
(h) |
a ghlactar ar bhonn na meastóireachta ar staidéir phíolótacha (Airteagal 4(4)); |
(i) |
lena n-athraítear an teorainn íosta i gcomhair an phobail thagartha (Iarscríbhinn VIII, Roinn 3); agus |
(j) |
lena mbunaítear critéir i gcomhair meastóireachta ar cháilíocht (Airteagal 6 agus Iarscríbhinn I, Roinn 6, Iarscríbhinn II, Roinn 6, Iarscríbhinn III, Roinn 6 agus Iarscríbhinn IV, Roinn 6). |
Airteagal 12
An Coiste
1. Tabharfaidh Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (13), cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 13
Tuarascáil
1. Cuirfidh an Coimisiún, faoin 29 Aibreán 2011 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an staidreamh arna thiomsú de bhun an Rialacháin seo agus go háirithe maidir lena cháilíocht agus leis an ualach ar ghnólachtaí.
2. Sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, molfaidh an Coimisiún aon leasuithe a mheasfaidh sé a bheith riachtanach.
Airteagal 14
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97. Aisghairtear Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 chomh maith.
2. Déanfar tagairtí a dhéantar don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo ón mbliain tagartha 2008 ar aghaidh agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn XI. Leanfaidh forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 d’fheidhm a bheith acu maidir le bailiú, tiomsú agus tarchur sonraí do na blianta tagartha go dtí 2007, agus an bhliain sin san áireamh.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 318, 23.12.2006, lch. 78.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2007(IO C 27 E, 31.1.2008, lch. 139) agus Cinneadh an 14 Feabhra 2008 ón gComhairle.
(3) IO L 14, 17.1.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
(4) Féach Iarscríbhinn X.
(5) IO L 358, 31.12.2002, lch. 1. Cinneadh arna leasú le Cinneadh Uimh. 787/2004/CE (IO L 138, 30.4.2004, lch. 12).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Cheimiceáin (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1; arna cheartú in IO L 136, 29.5.2007, lch. 3). Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1354/2007 ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2007, lch. 1).
(7) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(8) IO L 76, 30.3.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(9) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(10) IO L 151, 15.6.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(11) IO L 196, 5.8.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(12) IO L 293, 24.10.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.
(13) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.
IARSCRÍBHINN I
MODÚL COMHCHOITEANN DO STAIDREAMH BLIANTÚIL STRUCHTÚRACH
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht gnólachtaí sna Ballstáit a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a), (b), (c) agus (e), agus go háirithe leis an anailís ar bhreisluach agus ar a chomhchodanna.
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Tiomsófar an staidreamh i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear i Roinn 9. |
2. |
Déanfar staidéir phíolótacha i gcomhair na ngníomhaíochtaí a luaitear i Roinn 10. |
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Léiríonn na liostaí saintréithe thíos, i gcásanna is ábhartha, an cineál aonaid staidrimh a mbeidh an staidreamh le tiomsú ina leith. |
2. |
Leagfar síos teidil chomhfhreagracha na saintréithe a mbeidh an staidreamh le tiomsú ina leith maidir le gníomhaíochtaí i Roinn K de NACE Ath. 2 is dlúithe a fhreagraíonn dóibh siúd a liostaítear i mír 3 go mír 5 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2). |
3. |
Staidreamh déimeagrafach bliantúil:
|
4. |
Saintréithe fiontair a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith:
|
5. |
Saintréithe a mbeidh staidreamh réigiúnach bliantúil le tiomsú ina leith:
|
6. |
Déanfar staidéir phíolótacha i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear i Roinn 10. |
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh ina leith. Tiomsófar sonraí de réir an mhiondealaithe i Roinn 9. Cinnfear an chéad bhliain tagartha a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith i gcomhair na n-aicmí gníomhaíochta arna gcuimsiú ag grúpaí 64.2, 64.3, agus 64.9 agus rannán 66 de NACE Ath. 2, áfach, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
ROINN 6
Tuarascáil ar cháilíocht an staidrimh
Léireoidh na Ballstáit an leibhéal beachtais i gcomhair gach ceann de na príomh-shaintréithe, trí thagairt do leibhéal muiníne de 95 %, a áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 13, agus cur i bhfeidhm an Airteagail sin i ngach Ballstát á chur i gcuntas. Leagfar síos na príomh-shaintréithe i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
ROINN 7
Na torthaí a chur ar fáil
1. |
Déanfar na torthaí a mhiondealú go dtí an leibhéal aicme ina mionsonraítear na gníomhaíochtaí a liostaítear i Roinn 9. |
2. |
Déanfar roinnt torthaí a mhiondealú freisin, in aicmí méide i gcomhair gach grúpa gníomhaíochtaí a liostaítear i Roinn 9. |
3. |
Déanfar torthaí an staidrimh réigiúnaigh a mhiondealú go dtí an leibhéal 2-dhigit de NACE Ath. 2 (rannáin) agus leibhéal 2 den aicmiú staidrimh comhchoiteann aonad críche, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
ROINN 8
Tarchur na dtorthaí
1. |
Tarchuirfear na torthaí laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha, seachas i gcás aicme gníomhaíochta 64.11 de NACE Ath. 2 agus i gcás gníomhaíochtaí de chuid NACE Ath. 2 a chuimsítear le hIarscríbhinn V, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII. Moill tarchuir 10 mí a bheidh ann don aicme gníomhaíochta 64.11 de NACE Ath. 2. Maidir leis na gníomhaíochtaí a chuimsítear le hIarscríbhinn V, Iarscríbhinn VI agus Iarscríbhinn VII, leagtar síos an mhoill tarchuir sna hIarscríbhinní sin. Cinnfear moill tarchuir ar thorthaí na n-aicmí gníomhaíochta a chuimsítear le grúpaí 64.2, 64.3 agus 64.9 agus rannán 66 de NACE Ath. 2, áfach, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3). |
2. |
Seachas i gcás rannáin 64 agus 65 de NACE Ath. 2, tarchuirfear réamhthorthaí nó meastacháin náisiúnta laistigh de 10 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha i gcomhair an staidrimh fiontair a thiomsaítear do na saintréithe a liostaítear thíos:
Beidh na réamhthorthaí nó na meastacháin sin le miondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit NACE Ath. 2 (grúpa). Cinnfear tarchur na réamhthorthaí nó na meastachán do rannán 66 de NACE Ath. 2 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3). |
ROINN 9
Miondealú ar ghníomhaíochtaí
1. |
Ionas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh Ballstáit, ón mbliain tagartha 2008 ar aghaidh, torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí aicmí NACE Ath. 2 do Roinn B go Roinn N agus do rannán 95. |
2. |
Gan dochar d’Airteagal 2(1), tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún staidreamh struchtúrach gnó a thagróidh don bhliain tagartha 2008 de réir NACE Ath. 1.1 agus NACE Ath. 2 araon. Cinnfear an liosta saintréithe a bheidh le tarchur agus aicmiú NACE Ath. 1.1 á úsáid agus cinnfear na mionsonraí a bhaineann le torthaí a chur ar fáil i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2). |
ROINN 10
Tuarascálacha agus staidéir phíolótacha
1. |
Tionscnóidh an Coimisiún sraith staidéar píolótach le haghaidh gníomhaíochtaí faoi Roinn P go Roinn R agus faoi rannáin 94 agus 96 de Roinn S de NACE Ath. 2 chun tástáil a dhéanamh ar an indéantacht a bhaineann le gníomhaíochtaí margaidh sna Ranna sin a chuimsiú. |
2. |
Tionscnóidh an Coimisiún sraith staidéar píolótach i gcomhair saintréithe a bhaineann le cuntais airgeadais agus infheistíochtaí doláimhsithe, foirmeacha chun an córas táirgeachta a eagrú, agus chun comparáideacht idir staidreamh struchtúrach gnó agus staidreamh an mhargaidh saothair agus staidreamh táirgiúlachta a eagrú. Cuirfear na staidéir phíolótacha sin in oiriúint do shainiúlacht na n-earnálacha. |
ROINN 11
Idirthréimhse
Ní rachaidh an idirthréimhse thar dhá bhliain tar éis na chéad bliana tagartha (2008) a shonraítear i Roinn 5 do thiomsú staidrimh i ndáil leis na saintréithe 12 17 0, 13 13 1 agus 16 14 0.
(1) IO L 154, 21.6.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 105/2007 ón gCoimisiún (IO L 39, 10.2.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE TIONSCAL
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht na hearnála tionscail a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a) go (e) den Rialachán seo, agus go háirithe leis an méid seo a leanas:
— |
liosta lárnach staidrimh le haghaidh anailíse mionsonraithe ar struchtúr, ar ghníomhaíocht, ar iomaíochas agus ar fheidhmíocht gníomhaíochtaí tionscail, |
— |
liosta eile staidrimh le haghaidh staidéir ar ábhair speisialta. |
ROINN 3
Cuimsiú
Beidh an staidreamh le tiomsú i gcomhair na ngníomhaíochtaí uile arna n-aicmiú laistigh de chuimsiú Ranna B, C, D agus E de NACE Ath. 2. Cuimsíonn na ranna sin gníomhaíochtaí mianadóireachta agus cairéalachta (B), déantúsaíocht (C), soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóirithe (D) agus soláthar uisce, séarachas, bainistiú dramhaíola agus gníomhaíochtaí feabhsúcháin (E). Bainfidh staidreamh fiontair le pobal na bhfiontar go léir arna n-aicmiú de réir a bpríomhghníomhaíochta in Ranna B, C, D agus E.
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Léiríonn na liostaí saintréithe agus an staidreamh a leagtar amach thíos, i gcásanna is ábhartha, an cineál aonad staidrimh a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith agus cibé acu an dtiomsófar é ar mhinicíocht bhliantúil nó ar mhinicíocht ilbhliantúil. Tá an staidreamh agus na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhodúl comhchoiteann a shainmhínítear i Roinn 1 chomh maith. |
2. |
Staidreamh déimeagrafach bliantúil:
|
3. |
Saintréithe na bhfiontar a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith:
|
4. |
Saintréithe na bhfiontar a mbeidh staidreamh ilbhliantúil le tiomsú ina leith:
|
5. |
Na saintréithe a mbeidh staidreamh réigiúnach bliantúil le tiomsú ina leith:
|
6. |
Na saintréithe a bhaineann le haonaid an chineáil gníomhaíochta a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith:
|
7. |
Déanfar staidéir phíolótacha i gcomhair na saintréithe a liostaítear i Roinn 9. |
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
1. |
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh bliantúil ina leith. Sonraítear thíos na chéad bhlianta tagartha a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith ar mhinicíocht ilbhliantúil i gcomhair na gcód faoina liostaítear na saintréithe.
|
2. |
Beidh staidreamh ilbhliantúil le tiomsú gach cúig bliana ar a laghad. |
3. |
Is í an bhliain féilire 2010 an chéad bhliain tagartha a mbeidh staidreamh maidir le saintréith 21 14 0 le tiomsú ina leith. |
4. |
Beidh an staidreamh maidir le saintréith 21 12 0 le tiomsú go bliantúil. Beidh an staidreamh maidir le saintréith 21 14 0 le tiomsú gach trí bliana. |
ROINN 6
Tuarascáil maidir le cáilíocht an staidrimh
Léireoidh na Ballstáit an leibhéal beachtais i gcomhair gach ceann de na príomh-shaintréithe, trí thagairt do leibhéal muiníne de 95 %, a chuirfidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 13, agus cur i bhfeidhm an Airteagail sin i ngach Ballstát á chur i gcuntas. Leagfar síos na príomh-shaintréithe i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
ROINN 7
Na torthaí a chur ar fáil
1. |
Déanfar na torthaí don staidreamh, seachas saintréithe 18 11 0, 18 12 0, 18 15 0 agus 18 16 0, a mhiondealú go dtí an leibhéal 4-dhigit de NACE Ath. 2 (aicme). Déanfar saintréithe 18 11 0, 18 12 0, 18 15 0 agus 18 16 0 a mhiondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (aicme). |
2. |
Déanfar roinnt torthaí a mhiondealú freisin go dtí aicmí méide agus go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa). |
3. |
Déanfar na torthaí don staidreamh arna dtiomsú ó aonaid an chineáil gníomhaíochta a mhiondealú go dtí an leibhéal 4-dhigit de NACE Ath. 2 (aicme). |
4. |
Déanfar na torthaí don staidreamh réigiúnach a mhiondealú go dtí an leibhéal 2-dhigit de NACE Ath. 2 (rannán) agus leibhéal 2 d’ainmníocht na n-aonad críche. |
5. |
Déanfar torthaí do shaintréithe 21 11 0, 21 12 0 agus 21 14 0 a mhiondealú go dtí an leibhéal 2-dhigit de NACE Ath. 2 (rannán). |
6. |
Beidh na torthaí do shaintréithe 21 11 0, 21 12 0 agus 21 14 0 le miondealú go dtí na fearainn comhshaoil seo a leanas: caomhnú na haeráide agus aer na timpeallachta, bainistíocht fuíolluisce, bainistíocht dramhaíola agus gníomhaíochtaí eile chaomhnú comhshaoil. Déanfar na torthaí do na fearainn chomhshaoil a mhiondealú go dtí an leibhéal 2-dhigit de NACE Ath. 2 (rannán). |
ROINN 8
Tarchur na dtorthaí
Beidh na torthaí le tarchur laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha.
Beidh réamhthorthaí nó meastacháin náisiúnta le tarchur laistigh de 10 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha i gcomhair an staidrimh fiontraíochta dá dtagraítear i Roinn 4(3) arna dtiomsú do na saintréithe a liostaítear thíos:
Cód |
Teideal |
Sonraí struchtúracha |
|
11 11 0 |
Líon na bhfiontar |
Sonraí cuntasaíochta |
|
12 11 0 |
Láimhdeachas |
12 12 0 |
Luach táirgeachta |
13 11 0 |
Ceannacháin iomlána earraí agus seirbhísí |
13 32 0 |
Pá agus tuarastail |
15 11 0 |
Ollinfheistíocht in earraí inláimhsithe |
Sonraí maidir le fostaíocht |
|
16 11 0 |
Líon na ndaoine atá fostaithe |
Déanfar na réamhthorthaí sin a mhiondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa).
ROINN 9
Tuarascálacha agus staidéir phíolótacha
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí is gá chun torthaí na saintréithe seo a leanas a thiomsú:
Cód |
Teideal |
Nóta tráchta |
Sonraí maidir leis an gcomhshaol |
||
21 11 0 |
Infheistíocht i dtrealamh agus i ngléasra chun truailliú a rialú, agus gabhálais speisialta chun truailliú a chosc (trealamh ceann píopa den chuid is mó) |
Miondealú sonrach ar chomhlíonadh Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide |
21 12 0 |
Infheistíocht i dtrealamh agus i ngléasra a bhaineann le teicneolaíocht níos glaine (‘teicneolaíocht chomhtháite’) |
Miondealú sonrach ar chomhlíonadh Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide |
21 14 0 |
Caiteachas iomlán reatha ar chaomhnú an chomhshaoil |
Miondealú sonrach ar chaiteachas a eascraíonn ó chur chun feidhme bheartas comhshaoil an AE. |
Fochonraitheoireacht |
||
23 12 0 |
Ioncam ó fhochonraitheoireacht |
|
Tionscnóidh an Coimisiún sraith staidéar píolótach le haghaidh na saintréithe sin.
ROINN 10
Idirthréimhse
Críochnóidh an idirthréimhse do thiomsú staidrimh maidir le saintréithe 21 12 0 agus 21 14 0 leis an mbliain tagartha 2008.
(1) Más lú ná 1 % d’iomlán an Chomhphobail méid iomlán an láimhdeachais nó an líon daoine atá fostaithe i rannán de Roinn B go Roinn E de NACE Ath. 2, i mBallstát, ní gá go mbaileofaí an fhaisnéis atá riachtanach chun na staististicí a bhaineann le saintréithe 21 11 0 agus 21 12 0 a thiomsú chun críocha an Rialacháin seo. Má tá sé riachtanach i gcomhair ceanglais bheartais an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), a iarraidh go ndéanfaí bailiúchán ad hoc de na sonraí sin.
(2) Más lú ná 1 % d’iomlán an Chomhphobail méid iomlán an láimhdeachais nó an líon daoine atá fostaithe i rannán de Roinn B go Roinn E de NACE Ath. 2, i mBallstát, ní gá go mbaileofaí an fhaisnéis atá riachtanach chun na staististicí a bhaineann le saintréith 21 14 0 a thiomsú chun críocha an Rialacháin seo. Má tá sé riachtanach i gcomhair cheanglais bheartais an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), a iarraidh go ndéanfaí bailiúchán ad hoc de na sonraí sin.
IARSCRÍBHINN III
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE TRÁDÁIL
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht na hearnála trádála imdháilte a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a) go (e), agus go háirithe leis an méid seo a leanas:
— |
struchtúr an líonra trádála imdháilte agus a theacht chun cinn, |
— |
gníomhaíocht imdhála agus modhanna díola chomh maith le patrúin soláthair agus díolacháin. |
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Beidh an staidreamh le tiomsú i dtaca leis na gníomhaíochtaí go léir a thagann laistigh de chuimsiú Roinn G de NACE Ath. 2. Cuimsíonn an earnáil seo gníomhaíochtaí trádála mórdhíola agus miondíola; deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar. Tagraíonn staidreamh fiontair do phobal na bhfiontar uile a n-aicmítear a bpríomhghníomhaíochtaí i Roinn G. |
2. |
Más lú, de ghnáth, ná 1 % d’iomlán an Chomhphobail méid iomlán an láimhdeachais agus an líon daoine atá fostaithe i rannán de Roinn G de NACE Ath. 2, i mBallstát, ní gá go mbaileofaí an fhaisnéis a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus nach bhfuil in Iarscríbhinn I chun críocha an Rialacháin seo. |
3. |
I gcás ina mbeidh gá leis mar gheall ar cheanglais bheartais an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), a iarraidh go ndéanfaí bailiúchán ad hoc de na sonraí dá dtagraítear i mír 2. |
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Léiríonn liostaí na saintréithe agus an staidrimh a leagtar amach thíos, i gcásanna is ábhartha, an cineál aonaid staidrimh a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith agus cibé acu an mbeidh sé le tiomsú ar mhinicíocht bhliantúil nó ar mhinicíocht ilbhliantúil. Tá an staidreamh agus na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhodúl comhchoiteann a shainmhínítear in Iarscríbhinn I chomh maith. |
2. |
Staidreamh déimeagrafach bliantúil:
|
3. |
Saintréithe na bhfiontar a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith:
|
4. |
Saintréithe na bhfiontar a mbeidh staidreamh ilbhliantúil le tiomsú ina leith:
|
5. |
Saintréithe a mbeidh staidreamh réigiúnach bliantúil le tiomsú ina leith:
|
6. |
Saintréithe a mbeidh staidreamh réigiúnach ilbhliantúil le tiomsú ina leith:
|
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
1. |
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh ina leith. Sonraítear thíos na chéad bhlianta tagartha a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith ar mhinicíocht ilbhliantúil i gcomhair gach ceann de rannáin NACE Ath. 2 dá dtiomsófar na sonraí agus i gcomhair an staidrimh réigiúnaigh ilbhliantúil:
|
2. |
Cúig bliana a bheidh i gceist leis an minicíocht ilbhliantúil. |
ROINN 6
Tuarascáil ar cháilíocht an staidrimh
Léireoidh na Ballstáit an leibhéal beachtais i gcomhair gach ceann de na príomh-shaintréithe, trí thagairt do leibhéal muiníne de 95 %, a chuirfidh an Coimisiún san áireamh sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 13, agus cur i bhfeidhm an Airteagail sin i ngach Ballstát á chur i gcuntas. Cinnfidh an Coimisiún na príomh-shaintréithe i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
ROINN 7
Torthaí a chur ar fáil
1. |
Ionas go bhféadfar comhiomláin Chomhphobail a thiomsú, cuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha ar fáil arna miondealú go dtí aicmí de NACE Ath. 2. |
2. |
Beidh roinnt torthaí le miondealú freisin go dtí aicmí méide i gcomhair gach grúpa de NACE Ath. 2. |
3. |
Beidh an staidreamh réigiúnach le miondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa) agus leibhéal 2 d’aimníocht na n-aonad críche. |
4. |
Freagróidh an méid a chuimseofar leis an staidreamh réigiúnach a bheidh le tiomsú ar bhonn ilbhliantúil do phobal na n-aonad áitiúil uile a n-aicmítear a bpríomhghníomhaíocht i Roinn G. Féadfar é a theorannú, áfach, go dtí na haonaid áitiúla atá ag brath ar fhiontair arna n-aicmiú i Roinn G de NACE Ath. 2 má chuimsítear breis agus 95 % den chuimsiú iomlán leis an bpobal sin. Ríomhfar an cóimheas sin trí úsáid a bhaint as an tsaintréith fostaíochta atá ar fáil sa chlár gnó. |
ROINN 8
Tarchur na dtorthaí
1. |
Beidh na torthaí le tarchur laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha. |
2. |
Beidh na réamhthorthaí náisiúnta nó na meastacháin náisiúnta le tarchur laistigh de 10 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha i gcomhair an staidrimh fiontair arna thiomsú do na saintréithe a liostaítear thíos:
Déanfar na réamhthorthaí sin a mhiondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa). |
ROINN 9
Idirthréimhse
Ní rachaidh an idirthréimhse chun an staidreamh maidir le saintréithe 13 13 1 agus 16 14 0 a thiomsú thar dhá bhliain tar éis na chéad bliana tagartha (2008) a shonraítear i Roinn 5.
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 3696/93 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 1993 maidir le haicmiú staidrimh ar tháirgí de réir gníomhaíochta (CPA) i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 342, 31.12.1993, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
IARSCRÍBHINN IV
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE FOIRGNÍOCHT
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht na hearnála foirgníochta a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a), go (e), agus go háirithe leis an méid seo a leanas:
— |
liosta lárnach staidrimh chun anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar struchtúr, ar ghníomhaíocht, ar fheidhmíocht agus ar iomaíochas na ngníomhaiochtaí foirgníochta, |
— |
liosta eile staidrimh chun staidéar a dhéanamh ar ábhair speisialta. |
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Beidh an staidreamh le tiomsú do na gníomhaíochtaí go léir atá aicmithe faoi chuimsiú Roinn F de NACE Ath. 2. Bainfidh staidreamh fiontair le pobal na bhfiontar go léir arna n-aicmiú de réir a bpríomhghníomhaíochta i Roinn F. |
2. |
Más lú, de ghnáth, ná 1 % d’iomlán an Chomhphobail Eorpaigh méid iomlán an láimhdeachais agus an líon daoine atá fostaithe i rannán de Roinn F de NACE Ath. 2, i mBallstát, ní gá go mbaileofaí an fhaisnéis a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus nach bhfuil in Iarscríbhinn I chun críocha an Rialacháin seo. |
3. |
I gcás ina mbeidh gá leis, mar gheall ar cheanglais bheartais an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), a iarraidh go ndéanfaí bailiúchán ad hoc de na sonraí dá dtagraítear i mír 2. |
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Léiríonn liostaí na saintréithe agus an staidrimh a leagtar amach thíos, i gcásanna is ábhartha, an cineál aonaid staidrimh a mbeidh an staidreamh le tiomsú ina leith agus cibé acu an mbeidh sé le tiomsú ar mhinicíocht bhliantúil nó ar mhinicíocht ilbhliantúil. Tá an staidreamh agus na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhodúl comhchoiteann a shainmhínítear in Iarscríbhinn I chomh maith. |
2. |
Staidreamh déimeagrafach bliantúil:
|
3. |
Saintréithe na bhfiontar a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith:
|
4. |
Saintréithe na bhfiontar a mbeidh staidreamh ilbhliantúil le tiomsú ina leith:
|
5. |
Saintréithe a mbeidh staidreamh réigiúnach bliantúil le tiomsú ina leith:
|
6. |
Saintréithe aonaid an chineáil gníomhaíochta a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith:
|
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
1. |
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh bliantúil ina leith. Sonraítear thíos na chéad bhlianta tagartha a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith ar mhinicíocht ilbhliantúil do na cóid faoina liostaítear na saintréithe.
|
2. |
Beidh staidreamh ilbhliantúil le tiomsú gach cúig bliana ar a laghad. |
ROINN 6
Tuarascáil ar cháilíocht an staidrimh
Léireoidh na Ballstáit an leibhéal beachtais i gcomhair gach ceann de na príomh-shaintréithe, trí thagairt do leibhéal muiníne de 95 %, a chuirfidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 13, agus cur i bhfeidhm an Airteagail sin i ngach Ballstát á chur i gcuntas. Beidh na príomh-shaintréithe le bunú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
ROINN 7
Na torthaí a chur ar fáil
1. |
Beidh na torthaí don staidreamh, gan saintréithe 15 44 1, 18 11 0, 18 12 1, 18 12 2, 18 15 0,18 16 0, 18 31 0 agus 18 32 0 san áireamh, le miondealú go dtí an leibhéal 4-dhigit de NACE Ath. 2 (aicme). Beidh na torthaí do na saintréithe 15 44 1, 18 11 0, 18 12 1, 18 12 2, 18 15 0, 18 16 0, 18 31 0 agus 18 32 0 le miondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa). |
2. |
Beidh roinnt torthaí le miondealú freisin go dtí aicmí méide agus go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa). |
3. |
Beidh na torthaí don staidreamh arna dtiomsú ó aonaid an chineáil gníomhaíochta le miondealú go dtí an leibhéal 4-dhigit (aicme) de NACE Ath. 2. |
4. |
Beidh na torthaí don staidreamh réigiúnach le miondealú go dtí an leibhéal 2-dhigit de NACE Ath. 2 (rannáin) agus leibhéal 2 d’ainmníocht na n-aonad críche. |
ROINN 8
Tarchur na dtorthaí
Beidh na torthaí le tarchur laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha.
Tarchuirfear na réamhthorthaí nó na meastacháin náisiúnta laistigh de 10 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha i gcomhair staidrimh fiontair arna thiomsú do na saintréithe a liostaítear thíos:
Cód |
Teideal |
Sonraí struchtúracha |
|
11 11 0 |
Líon na bhfiontar |
Sonraí cuntasaíochta |
|
12 11 0 |
Láimhdeachas |
12 12 0 |
Luach táirgeachta |
13 11 0 |
Ceannacháin iomlána earraí agus seirbhísí |
13 32 0 |
Pá agus tuarastail |
Sonraí a bhaineann leis na cuntais chaipitil |
|
15 11 0 |
Ollinfheistíocht in earraí inláimhsithe |
Sonraí maidir le fostaíocht |
|
16 11 0 |
Líon na ndaoine atá fostaithe |
Déanfar na réamhthorthaí seo a mhiondealú go dtí an leibhéal 3-dhigit de NACE Ath. 2 (grúpa).
ROINN 9
Idirthréimhse
Ní fhéadfar idirthréimhse a dheonú.
IARSCRÍBHINN V
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE hÁRACHAS
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht sheirbhísí árachais a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas. Tá liosta mionsonraithe sa mhodúl seo de na saintréithe a dtiomsófar staidreamh ina leith ionas go gcuirfear feabhas ar an eolas ar fhorbairt náisiúnta, Chomhphobail agus idirnáisiúnta earnáil an árachais.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a), (b) agus (c), agus go háirithe leis an méid seo a leanas:
— |
an anailís mhionsonraithe ar struchtúr, ar ghníomhaíocht, ar iomaíochas agus ar fheidhmíocht fiontar árachais; |
— |
forbairt agus imdháileadh an ghnó ina iomláine agus an ghnó de réir táirge, patrúin custaiméirí, gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, fostaíochta, infheistíochtaí, caipitil agus cúlchistí agus forálacha teicniúla. |
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Tiomsófar an staidreamh sin le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile a thagann laistigh de raon feidhme rannán 65 de NACE Ath. 2 seachas i gcás grúpa 65.3. |
2. |
Cuimseoidh an tiomsú staidrimh na fiontair seo a leanas:
|
3. |
Ina theannta sin, déileálfar leis na brainsí fiontair árachais dá dtagraítear faoi Theideal III de Threoir 73/239/CEE (2) agus Treoir 2002/83/CE (3), agus a dtagann a ngníomhaíochtaí faoi réim cheann d’aicmí NACE Ath. 2 dá dtagraítear i mír 1 mar na fiontair chomhfhreagracha dá sainmhínítear i mír 2. |
4. |
Chun críocha an staidrimh chomhchuibhithe Chomhphobail, beidh de shaoirse ag na Ballstáit na heisiatachtaí a luaitear in Airteagal 3 de Threoir 73/239/CEE agus in Airteagal 3(2), (3), (5), (6) agus (7) de Threoir 2002/83/CE a chur i gcuntas. |
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Tá na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhodúl comhchoiteann in Iarscríbhinn I chomh maith. Tiomsófar na saintréithe agus an staidreamh i liosta A dá dtagraítear i mír 3, agus na saintréithe agus an staidreamh i liosta B dá dtagraítear i mír 4 i gcomhréir le Roinn 5. I gcás ina ndíorthaítear saintréithe go díreach ó na cuntais bhliantúla, déanfar na blianta cuntasaíochta dar gcríoch laistigh de bhliain tagartha a chomhshamhlú leis an mbliain tagartha sin. |
2. |
I liosta A agus liosta B, sainaithnítear saintréithe a bhaineann le fiontair árachais saoil leis an uimhir 1, iad sin a bhaineann le fiontair árachais neamhshaoil leis an uimhir 2, iad sin a bhaineann le fiontair árachais ilchodaigh leis an uimhir 3, iad sin a bhaineann le fiontair athárachais shainfheidhmigh leis an uimhir 4, iad sin a bhaineann le gnó árachais saoil na bhfiontar árachais ilchodaigh leis an uimhir 5 agus iad sin a bhaineann le gnó árachais neamhshaoil (lena n-áirítear glacthaí athárachais) na bhfiontar árachais ilchodaigh leis an uimhir 6. |
3. |
Áirítear an fhaisnéis seo a leanas i liosta A:
|
4. |
Áirítear an fhaisnéis seo a leanas i liosta B:
|
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh bliantúil ina leith.
ROINN 6
Torthaí a chur ar fáil
Beidh na torthaí le miondealú go dtí an leibhéal 4-dhigit de NACE Ath. 2 (aicmí).
ROINN 7
Tarchur na dtorthaí
Tarchuirfear na torthaí laistigh de 12 mhí dar tosach deireadh na bliana tagartha i gcomhair na bhfiontar dá dtagraítear i Roinn 3, seachas fiontair athárachais shainfheidhmigh, a dtiomsófar na torthaí ina leith laistigh de 18 mí dar tosach deireadh na bliana tagartha.
ROINN 8
An Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde
Cuirfidh an Coimisiún an Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, arna bhunú le Cinneadh 2004/9/CE ón gCoimisiún (4), ar an eolas faoi chur chun feidhme an mhodúil seo agus faoi na bearta go léir den sórt sin chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a choigeartú maidir le bailiú agus próiseáil staidrimh sonraí agus le próiseáil agus tarchur na dtorthaí, a ghlacfaidh sé i gcomhréir le hAirteagal 12.
ROINN 9
Idirthréimhse
Ní fhéadfar idirthréimhse a dheonú.
(1) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 224, 16.8.2006, lch. 1).
(2) An Chéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin maidir le dul i mbun ghnó an aráchais dhírigh seachas árachas saoil agus leanúint den ghnó sin (IO L 228, 16.8.1973, lch. 3). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 9.12.2005, lch. 1).
(3) Treoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (IO L 345, 19.12.2002, lch. 1). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN VI
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE FORAIS CHREIDMHEASA
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht earnáil na bhforas creidmheasa a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas. Tá liosta mionsonraithe sa mhodúl seo de na saintréithe a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith ionas go gcuirfear feabhas ar an eolas ar fhorbairt náisiúnta, Chomhphobail agus idirnáisiúnta earnáil na bhforas creidmheasa.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a), (b) agus (c), agus go háirithe leis an méid seo a leanas:
— |
an anailís mhionsonraithe ar struchtúr, ar ghníomhaíocht, ar iomaíochas agus ar fheidhmíocht na bhforas creidmheasa; |
— |
forbairt agus imdháileadh an ghnó ina iomláine agus an ghnó de réir táirgí, gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, fostaíochta, caipitil agus cúlchistí, agus sócmhainní agus fiachas eile. |
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Beidh an staidreamh le tiomsú i gcomhair gníomhaíochtaí na bhforas creidmheasa laistigh de raon feidhme aicmí 64.19 agus 64.92 de NACE Ath. 2. |
2. |
Beidh an staidreamh le tiomsú i leith gníomhaíochtaí na bhforas creidmheasa go léir dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) agus in Airteagal 2(2) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus foras airgeadais eile (1), seachas na bainc cheannais. |
3. |
Na brainsí d’fhorais chreidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 38 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le foras creidmheasa agus leanúint de (athmhúnlú) (2) a dtagann a ngníomhaíocht laistigh de réim aicmí 64.19 agus 64.92 de NACE Ath. 2, déileálfar leo mar na forais chreidmheasa dá dtagraítear i mír 2. |
ROINN 4
Saintréithe
Liostaítear na saintréithe thíos. Tá na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhodúl comhchoiteann a shainmhínítear in Iarscríbhinn I chomh maith. I gcás ina ndíorthaítear saintréithe go díreach ó chuntais bhliantúla, déanfar na blianta cuntasaíochta dar críoch laistigh de bhliain tagartha a chomhshamhlú leis an mbliain tagartha sin.
Áirítear ar an liosta:
(a) |
na saintréithe a liostaítear in Airteagal 4 de Threoir 86/635/CEE: taobh sócmhainní an chláir chomhardaithe: ítim 4; taobh fiachais an chláir chomhardaithe: ítimí 2(a)+2(b) mar chomhiomlán, ítimí 7 + 8+9 + 10 + 11 + 12 + 13 + 14 mar chomhiomlán; |
(b) |
na saintréithe a liostaítear in Airteagal 27 de Threoir 86/635/CEE: ítim 2, ítimí 3(a)+3(b)+3(c) mar chomhiomlán, ítim 3(a), ítim 4, ítim 5, ítim 6, ítim 7, ítimí 8(a)+8(b) mar chomhiomlán, ítim 8(b), ítim 10, ítimí 11 + 12 mar chomhiomlán, ítimí 9 + 13 + 14 mar chomhiomlán, ítimí 15 + 16 mar chomhiomlán, ítim 19, ítimí 15 + 20 + 22 mar chomhiomlán, ítim 23; |
(c) |
na saintréithe breise seo a leanas:
|
(d) |
na saintréithe a mbeidh staidreamh réigiúnach bliantúil le tiomsú ina leith:
|
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh bliantúil do na saintréithe a liostaítear i Roinn 4 ina leith.
ROINN 6
Na torthaí a chur ar fáil
1. |
Beidh na torthaí le miondealú go dtí na haicmí seo a leanas de NACE Ath. 2: aicmí 64.19 agus 64.92, ar leithligh. |
2. |
Déanfar torthaí an staidrimh réigiúnaigh a mhiondealú go dtí an leibhéal 4-dhigit de NACE Ath. 2 (aicmí) agus leibhéal 1 d’ainmníocht na n-aonad críche. |
ROINN 7
Tarchur na dtorthaí
Cinnfear moill tarchurtha ar na torthaí i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus ní rachaidh sé thar 10 mí dar tosach deireadh na bliana tagartha.
ROINN 8
An Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí
Cuirfidh an Coimisiún an Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí, arna bhunú le Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle (3) ar an eolas maidir le cur chun feidhme an mhodúil seo agus maidir leis na bearta go léir chun coigeartú d’fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla maidir le bailiú agus próiseáil staidrimh sonraí, agus maidir le próiseáil agus tarchur na dtorthaí.
ROINN 9
Staidéir phíolótacha
1. |
Maidir leis na gníomhaíochtaí a chuimsítear leis an Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún na staidéir phíolótacha seo a leanas a bheidh le seoladh ag na Ballstáit:
|
2. |
Táthar chun na staidéir phíolótacha a dhéanamh chun a ábhartha agus a indéanta atá sé sonraí a fháil a mheasúnú, agus na buntáistí a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí i gcomparáid le costas an bhailithe agus leis an ualach ar ghnólachtaí á gcur i gcuntas. |
ROINN 10
Idirthréimhse
Ní fhéadfar idirthréimhse a dheonú.
(1) IO L 372, 31.12.1986, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/46/CE.
(2) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/44/CE.
IARSCRÍBHINN VII
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE CISTÍ PINSEAN
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht earnáil na gcistí pinsean a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas. Tá liosta mionsonraithe sa mhodúl seo de na saintréithe a mbeidh staidreamh le tiomsú ina leith ionas go gcuirfear feabhas ar an eolas ar fhorbairt náisiúnta, Chomhphobail agus idirnáisiúnta earnáil na gcistí pinsean.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a), (b) agus (c), agus go háirithe leis an méid seo a leanas:
— |
anailís mhionsonraithe ar struchtúr, ar ghníomhaíocht, ar iomaíochas agus ar fheidhmíocht chistí pinsean; |
— |
forbairt agus imdháileadh an ghnó ina iomláine, patrúin chomhaltaí na gcistí pinsean, gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, fostaíocht, infheistíochtaí agus fiachais. |
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Beidh an staidreamh le tiomsú i gcomhair gach gníomhaíocht a thagann faoi raon feidhme ghrúpa 65.3 de NACE Ath. 2. Cuimsítear sa ghrúpa seo gníomhaíochtaí na gcistí pinsean uathrialacha. |
2. |
Tiomsófar roinnt staidrimh i gcomhair fiontair a bhfuil cistí pinsean neamhuathrialacha acu agus a sheoltar mar ghníomhaíochtaí coimhdeacha. |
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Léiríonn an liosta saintréithe a leagtar amach thíos, i gcás inar ábhartha, an cineál aonaid staidrimh a mbeidh an staidreamh le bailiú ina leith. Tá na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhodúl comhchoiteann a shainmhínítear in Iarscríbhinn I chomh maith. I gcás ina ndíorthaítear saintréithe go díreach ó na cuntais bhliantúla, comhshamhlófar blianta cuntasaíochta dar críoch laistigh de bhliain tagartha leis an mbliain tagartha sin. |
2. |
Na saintréithe déimeagrafacha agus fiontair a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith (d’fhiontair a bhfuil cistí pinsean uathrialacha acu amháin):
|
3. |
Na saintréithe fiontair a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith (i gcomhair fiontair a bhfuil cistí pinsean neamhuathrialacha acu amháin):
|
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
Is í an bhliain féilire 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh bliantúil ina leith do na saintréithe a liostaítear i Roinn 4.
ROINN 6
Na torthaí a chur ar fáil
1. |
Beidh na torthaí maidir leis na saintréithe a liostaítear i Roinn 4, mír 2, le miondealú de réir an leibhéal 4-dhigit de NACE Ath. 2 (aicme). |
2. |
Beidh na torthaí maidir leis na saintréithe a liostaítear i Roinn 4, mír 3, le miondealú de réir leibhéal roinne de NACE Ath. 2. |
ROINN 7
Tarchur na dtorthaí
Beidh na torthaí le tarchur laistigh de 12 mhí dar tosach deireadh na bliana tagartha.
ROINN 8
An Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Ceirde
Cuirfidh an Coimisiún an Coiste Eorpach um Árachas agus Pinsin Ceirde ar an eolas faoi chur chun feidhme an mhodúil seo agus faoi na bearta uile chun coigeartú d’fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla maidir le bailiú agus próiseáil staidrimh sonraí, agus maidir le próiseáil agus tarchur na dtorthaí.
ROINN 9
Staidéir phíolótacha
Maidir leis na gníomhaíochtaí a chuimsítear san Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún na staidéir phíolótacha seo a leanas, a bheidh le seoladh ag na Ballstáit:
1. |
Faisnéis níos grinne maidir le gníomhaíochtaí trasteorann chistí pinsean:
|
2. |
Eolas breise maidir le cistí pinsean neamhuathrialacha:
|
3. |
Eolas ar dhíorthaigh agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe. Seolfar na staidéir phíolótacha chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus ar a indéanta atá sé na sonraí a fháil, agus na buntáistí a bhaineann le fáil a bheith ar na sonraí i gcomparáid le costas an bhailithe agus an t-ualach atá ar ghnólachtaí á gcur san áireamh. |
ROINN 10
Idirthréimhse
Ní fhéadfar idirthréimhse a dheonú.
IARSCRÍBHINN VIII
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ GNÓ
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le struchtúr, le gníomhaíocht, le hiomaíochas agus le feidhmíocht earnáil na seirbhísí gnó a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a) go (d) agus (f), agus go háirithe le liosta saintréithe i gcomhair anailíse mionsonraithe ar struchtúr, ar ghníomhaíocht, ar iomaíochas agus ar fheidhmíocht na seirbhísí gnó.
ROINN 3
Cuimsiú
Beidh an staidreamh le tiomsú i gcomhair gach gníomhaíochta a chuimsítear le rannáin 62, 69, 71, 73 agus 78 agus le grúpaí 58.2, 63.1 agus 70.2 de NACE Ath. 2. Cuimsíonn na hearnálacha seo cuid de na gníomhaíochtaí foilsitheoireachta, gníomhaíochtaí sheirbhísí theicneolaíocht fáisnéise, cuid de ghníomhaíochtaí na seirbhíse faisnéise, agus gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla agus na gníomhaíochtaí fostaíochta. Tagraíonn staidreamh sa mhodúl seo do phobal gach fiontair ina bhfuil 20 duine nó breis agus 20 duine fostaithe, agus a bhfuil a bpríomhghníomhaíocht aicmithe sna rannáin agus sna grúpaí thuas. Sa bhliain 2011, ar a luaithe, féadfaidh an Coimisiún staidéar a thionscnamh ar an ngá agus ar a indéanta atá sé íosteorainn an phobail thagartha a athrú. Ar bhonn an staidéir seo, glacfar bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo maidir le hathrú na híosteorann a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3).
ROINN 4
Saintréithe
1. |
Léiríonn liosta na saintréithe agus an staidrimh a leagtar amach thíos an staidreamh a bheidh le tiomsú ar mhinicíocht bhliantúil nó dhébhliantúil. Tá an staidreamh agus na saintréithe atá i gcló iodálach sna liostaí sa mhódúl comhchoiteann a shainmhínítear in Iarscríbhinn I chomh maith. |
2. |
Na saintréithe a mbeidh staidreamh bliantúil le tiomsú ina leith maidir le fiontair i rannáin 62 agus 78 agus i ngrúpaí 58.2, 63.1 agus 73.1 de NACE Ath. 2:
|
3. |
Na saintréithe a mbeidh staidreamh débhliantúil le tiomsú ina leith maidir le fiontair i ngrúpaí 69.1, 69.2, 70.2, 71.1, 71.2 agus 73.2 de NACE Ath. 2:
|
ROINN 5
An chéad bhliain tagartha
Is í an bhliain 2008 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar staidreamh bliantúil ina leith maidir leis na gníomhaíochtaí a chuimsítear le rannáin 62 agus 78 agus grúpaí 58.2, 63.1 agus 73.1 de NACE Ath. 2 agus is í an bhliain 2008 an chéad bhliain a mbeidh staidreamh débhliantúil le tiomsú ina leith maidir leis na gníomhaíochtaí a chuimsítear le grúpaí 69.1, i 69.2 agus i 70.2 1 de NACE Ath. 2. Is í an bhliain 2009 an chéad bhliain tagartha a mbeidh staidreamh débhliantúil le tiomsú ina leith maidir le gníomhaíochtaí a chuimsítear le grúpaí 71.1, 71.2 agus 73.2 de NACE Ath. 2.
ROINN 6
Na Torthaí a chur ar fáil
1. |
Ionas gur féidir staidreamh Comhphobail a thiomsú, cuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha ar fáil arna miondealú go dtí rannáin 62 agus 78 agus grúpaí 58.2, 63.1, 69.1, 69.2, 70.2, 71.1, 71.2, 73.1 agus 73.2 de NACE Ath. 2. |
2. |
Beidh torthaí láimhdeachais le miondealú freisin de réir táirge agus áit chonaithe an chliaint do rannáin 62 and 78 agus do ghrúpaí 58.2, 63.1, 69.1, 69.2, 70.2, 71.1, 71.2, 73.1 agus 73.2 de NACE Ath. 2. |
ROINN 7
Tarchur na dtorthaí
Beidh na torthaí le tarchur laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha.
ROINN 8
Idirthréimhse
Chun críocha an mhodúil mhionsonraithe a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo, ní rachaidh an idirthréimhse thar trí bliana tar éis na chéad bhlianta tagartha a shonraítear i Roinn 5 i gcomhair tiomsú an staidrimh a shonraítear i Roinn 4.
IARSCRÍBHINN IX
MODÚL MIONSONRAITHE DO STAIDREAMH STRUCHTÚRACH MAIDIR LE DÉIMEAGRAFAÍOCHT GHNÓ
ROINN 1
Aidhm
Is é aidhm na hIarscríbhinne seo creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail maidir le déimeagrafaíocht ghnó a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas.
ROINN 2
Raon feidhme
Bainfidh an staidreamh a bheidh le tiomsú leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 1(a) go (f), go háirithe le liosta saintréithe i gcomhair anailíse mhionsonraithe ar na pobail d’fhiontair ghníomhacha, de nuachruthú fiontar, de theipeanna fiontar agus de mharthanas fiontar nuachruthaithe agus leis na héifeachtaí gaolmhara ar struchtúr, ar ghníomhaíocht agus ar fhorás an phobail ghnó.
ROINN 3
Cuimsiú
1. |
Beidh an staidreamh le tiomsú i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear i Roinn 10. |
2. |
Seolfar staidéir phíolótacha don aonad staidrimh, do na gníomhaíochtaí agus do na himeachtaí déimeagrafaíochta a liostaítear i Roinn 12. |
ROINN 4
Sainmhínithe
Chun críche na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
— |
ciallóidh ‘tréimhse thagartha’ an bhliain ina mbreathnófar pobail d’fhiontair ghníomhacha, de nuachruthuithe fiontar, de theipeanna fiontar agus de mharthanas fiontar. Gairtear ‘t’ uirthi i Roinn 5. |
ROINN 5
Saintréithe
1. |
Beidh staidreamh déimeagrafach bliantúil le tiomsú agus an fiontar á úsáid mar an aonad staidrimh do na saintréithe seo a leanas:
|
2. |
Na saintréithe fiontair a mbeidh staidreamh bliantúil maidir leis na pobail d’fhiontair ghníomhacha, de nuachruthuithe fiontar, de theipeanna fiontar, agus de mharthanas fiontar le tiomsú ina leith:
|
ROINN 6
An chéad bhliain tagartha
Is mar seo a leanas a thiomsófar staidreamh bliantúil don chéad bhliain tagartha:
Bliain féilire |
Cód |
2004 |
11 91 0, 11 92 0, 11 93 0, 16 91 0, 16 91 1, 16 92 0, 16 92 1, 16 93 0 agus 16 93 1 |
2005 |
11 94 1, 16 94 1 agus 16 95 1 |
2006 |
11 94 2, 16 94 2 agus 16 95 2 |
2007 |
11 94 3, 16 94 3 agus 16 95 3 |
2008 |
11 94 4, 16 94 4 agus 16 95 4 |
2009 |
11 94 5, 16 94 5 agus 16 95 5 |
ROINN 7
Tuarascáil maidir le cáilíocht an staidrimh
Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha maidir le cáilíocht ar fáil a léireoidh comparáideacht shaintréithe 11 91 0 agus 16 91 0 le saintréithe 11 11 0 agus 16 11 0 in Iarscríbhinn I agus, más gá, cé acu an gcomhlíontar an mhodheolaíocht chomhchoiteann a leagtar síos sa lámhleabhar moltaí dá dtagraítear i Roinn 11 leis na sonraí a thabharfar.
ROINN 8
Na torthaí a chur ar fáil
1. |
Beidh na torthaí le miondealú go dtí leibhéal mhiondealú na ngníomhaíochtaí a liostaítear i Roinn 10. |
2. |
Beidh cuid de na torthaí, a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3), le miondealú freisin ina n-aicmí méide go dtí an leibhéal mionsonraithe a liostaítear i Roinn 10, ach amháin i gcás Ranna L, M agus N de NACE Ath. 2, arb ag leibhéal grúpa amháin a cheanglaítear an miondealú. |
3. |
Beidh roinnt torthaí, a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3), le miondealú freisin de réir foirme dlíthiúla go dtí an leibhéal mionsonraithe a liostaítear i Roinn 10, ach amháin i gcás Ranna L, M agus N de NACE Ath. 2, arb ag leibhéal grúpa amháin a cheanglaítear an miondealú. |
ROINN 9
Tarchur na dtorthaí
Tarchuirfear na réamhthorthaí i leith na saintréithe a bhaineann le teipeanna fiontar (11 93 0, 16 93 0, 16 93 1) laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha. Tarchuirfear torthaí athbhreithnithe i leith na saintréithe sin, tar éis deimhniú theipeanna na bhfiontar i ndiaidh dhá bhliain neamhghníomhaíochta, laistigh de 30 mí ón tréimhse thagartha chéanna. Beidh na torthaí eile go léir le tarchur laistigh de 18 mí ó dheireadh bhliain féilire na tréimhse tagartha.
Beidh na torthaí do na blianta tagartha roimh 2008 le tarchur 6 mhí tar éis dheireadh 2008, seachas i gcás torthaí athbhreithnithe maidir le teipeanna na bhfiontar (11 93 0, 16 93 0 agus 16 93 1) don bhliain tagartha 2007 a bheidh le tarchur 18 mí tar éis dheireadh 2008.
ROINN 10
Miondealú ar na gníomhaíochtaí
1. |
Do na sonraí do na blianta tagartha 2004 go dtí 2007, an dá bhliain sin san áireamh, cuirtear an miondealú seo a leanas, a dhéanann tagairt d’aicmiú NACE Ath. 1.1, ar fáil: Roinn C Mianadóireacht agus cairéalachtIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal roinne de NACE Ath. 1.1. Roinn D DéantúsaíochtIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal foroinne de NACE Ath. 1.1. Roinn E agus Roinn F Soláthar leictreachais, gáis agus uisce, agus foirgníochtIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal roinne de NACE Ath. 1.1. Roinn G Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola; deisiú mótarfheithiclí, gluaisrothar agus earraí pearsanta agus earraí tí.Ionas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha do chóid G, 50, 51, 52, 52.1, 52.2, 52.3 + 52.4 + 52.5, 52.6 agus 52.7 de NACE Ath. 1.1. Roinn H Óstáin agus bialannaIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha do chóid 55, 55.1 + 55.2 agus 55.3 + 55.4 + 55.5 de NACE Ath. 1.1. Roinn I Iompar, stóráil agus cumarsáidIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha do chóid I, 60, 61, 62, 63, 64, 64.1 and 64.2 de NACE Ath 1.1. Roinn J Idirghabháil airgeadaisIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal rannáin de NACE Ath. 1.1. Roinn K Gníomhaíochtaí eastáit réadaigh, ligean ar cíos, agus gnóDéantar aicme 74.15 de NACE Ath. 1.1 a eisiamh ó raon feidhme na hIarscríbhinne seo. Ionas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal aicme de NACE Ath. 1.1. |
2. |
Cuirfear sonraí don bhliain tagartha 2008 agus do na blianta tagartha ina dhiaidh sin ar fáil, agus an miondealú seo a leanas ar ghníomhaíochtaí á úsáid, agus é ag tagairt d’aicmiú NACE Ath. 2: Roinn B Mianadóireacht agus cairéalachtIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal roinne de NACE Ath. 2. Roinn C DéantúsaíochtIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha do chóid C, 10 + 11 + 12, 13 + 14, 15, 16, 17 + 18, 19, 20 + 21, 22, 23, 24 + 25, 26 + 27, 28, 29 + 30, 31 + 32 agus 33 de NACE Ath. 2. Roinn D, Roinn E agus Roinn F Soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóirithe; soláthar uisce, séarachas, bainistiú dramhaíola agus gníomhaíochtaí feabhsúcháin; foirgníocht.Ionas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal roinne de NACE Ath. 2. Roinn G Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola; deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrotharIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha do na cóid G, 45, 46, 47, 47.1, 47.2, 47.3, 47.4 + 47.5 + 47.6 + 47.7, agus 48.8 + 48.9 de NACE Ath. 2. Roinn H agus Roinn I Iompar agus stóráil; gníomhaíochtaí seirbhísí cóiríochta agus biaIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal rannáin de NACE Ath. 2. Roinn J Faisnéis agus cumarsáidIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal rannáin de NACE Ath. 2 agus arna miondealú tuilleadh go dtí an leibhéal aicme i rannán 62 de NACE Ath. 2. Roinn K Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachaisDéantar grúpa 64.2 de NACE Ath. 2 a eisiamh ó raon feidhme na hIarscríbhinne seo. Ionas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal rannáin de NACE Ath. 2. Roinn L, Roinn M agus Roinn N Gníomhaíochtaí eastáit réadaigh; gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla; gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochtaIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail a thiomsú, tarchuirfidh na Ballstáit torthaí náisiúnta comhchodacha arna miondealú go dtí an leibhéal aicme de NACE Ath. 2. Comhiomláin spesialtaIonas go bhféadfar staidreamh Comhphobail maidir le déimeagrafaíocht ghnó a thiomsú maidir leis an earnáil Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, tarchuirfear roinnt comhiomlán speisialta de NACE Ath. 2. Cinnfear na comhiomláin speisialta sin i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(3). |
3. |
Soláthrófar sonraí maidir le fiontair nua a cruthaíodh sna blianta 2004, 2005, 2006 agus 2007 freisin i gcomhréir le miondealú NACE Ath.2, mar a shainmhínítear é i mír 2 den Roinn seo. Cuimsítear leo sin saintréithe 11 92 0, 16 92 0 agus 16 92 1 do na blianta tagartha thuas. Beidh na torthaí seo le soláthar in éineacht leis na sonraí don bhliain tagartha 2008. |
ROINN 11
Lámhleabhar moltaí
Foilseoidh an Coimisiún lámhleabhar moltaí i ndlúth-chomhoibriú leis na Ballstáit, ina mbeidh treoir fhorlíontach maidir leis an staidreamh Comhphobail a chuirfear ar fáil de bhun na hIarscríbhinne seo. Foilseofar an lámhleabhar moltaí ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.
ROINN 12
Staidéir phíolótacha
Maidir leis na gníomhaíochtaí a chuimsítear leis an Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún na staidéir phíolótacha seo a leanas, lena ndéanamh ag na Ballstáit:
— |
sonraí a chur ar fáil agus an t-aonad áitiúil á úsáid mar aonad staidrimh, |
— |
sonraí a chur ar fáil maidir le himeachtaí eile déimeagrafacha seachas nuachruthuithe, teipeanna agus marthanas fiontar, agus |
— |
sonraí a chur ar fáil maidir le Ranna P, Q, R, agus S de NACE Ath. 2. |
Má mheasann an Coimisiún, ar bhonn na meastóireachta ar staidéir phíolótacha maidir le gníomhaíochtaí neamh-mhargaidh i Ranna M go dtí O de NACE Ath.1.1, gur gá raon feidhme reatha an Rialacháin seo a fhadú, déanfaidh sé togra i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh.
ROINN 13
Idirthréimhse
Chun críocha an mhodúil mhionsonraithe a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo, ní mhairfidh an idirthréimhse níos faide ná ceithre bliana thar na chéad bhlianta tagartha i gcomhair thiomsú an staidrimh a shonraítear i Roinn 6.
IARSCRÍBHINN X
RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LEASUITHE COMHLEANÚNACHA
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle (IO L 14, 17.1.1997, lch. 1)
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 410/98 ón gComhairle (IO L 52, 21.2.1998, lch. 1)
Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1614/2002 ón gCoimisiún (IO L 244, 12.9.2002, lch. 7)
Rialachán (CE) Uimh. 2056/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 317, 21.11.2002, lch. 1)
Pointe 69 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)
Airteagal 11 agus Airteagal 20 agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1)
IARSCRÍBHINN XI
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 1 |
Airteagal 3 |
Airteagal 2 |
Airteagal 4, mír 1 |
Airteagal 3, mír 1 |
Airteagal 4, mír 2 |
Airteagal 3, mír 3 |
Airteagal 5 |
Airteagal 3, mír 2 |
— |
Airteagal 3, mír 4 |
— |
Airteagal 4 |
Airteagal 6 |
Airteagal 5 |
Airteagal 7 |
Airteagal 6 |
Airteagal 8 |
Airteagal 7 |
Airteagal 9 |
Airteagal 8, mír 1 agus mír 2 |
— |
Airteagal 8, mír 3 |
Airteagal 10 |
Airteagal 9 |
Airteagal 11 |
Airteagal 10 |
Airteagal 12, míreanna (i) go (x) |
Airteagal 11, mír 1 |
— |
Airteagal 11, mír 2 |
Airteagal 13 |
Airteagal 12 |
Airteagal 14 |
Airteagal 13 |
Airteagal 15 |
— |
— |
Airteagal 14 |
Airteagal 16 |
Airteagal 15 |
Iarscríbhinn 1, Ranna 1-9 |
Iarscríbhinn I, Ranna 1-9 |
Iarscríbhinn 1, Roinn 10, mír 1 agus mír 2 |
Iarscríbhinn 1, Roinn 10, mír 1 agus mír 2, agus nithe arna scriosadh |
Iarscríbhinn 1, Roinn 10, mír 3 agus mír 4 |
— |
Iarscríbhinn 1, Roinn 11 |
Iarscríbhinn 1, Roinn 11 |
Iarscríbhinn 2 |
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn 3, Ranna 1-8 |
Iarscríbhinn III, Ranna 1-8 |
Iarscríbhinn 3, Roinn 9 |
— |
Iarscríbhinn 3, Roinn 10 |
Iarscríbhinn III, Roinn 9 |
Iarscríbhinn 4, Ranna 1-8 |
Iarscríbhinn IV, Ranna 1-8 |
Iarscríbhinn 4, Roinn 9 |
— |
Iarscríbhinn 4, Roinn 10 |
Iarscríbhinn IV, Roinn 9 |
— |
Iarscríbhinn V |
— |
Iarscríbhinn VI |
— |
Iarscríbhinn VII |
— |
Iarscríbhinn VIII |
— |
Iarscríbhinn IX |
— |
Iarscríbhinn X |
— |
Iarscríbhinn XI |
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/60 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 296/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(1) agus (2)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) gur chóir bearta áirithe a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (3). |
(2) |
Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh, ar bearta iad a cheapfar le heilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh, arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(3) |
I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (4) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí atá i bhfeidhm cheana agus a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. |
(4) |
Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta praiticiúla áirithe a ghlacadh a rialaíonn faireachas teorainneacha agus iarscríbhinní áirithe a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad le heilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(5) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 do thréimhse fionraí i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. Ina ráiteas maidir le Cinneadh 2006/512/CE, tá sé ráite ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún go soláthraíonn Cinneadh 2006/512/CE réiteach cothrománach agus sásúil ar mhian Pharlaimint na hEorpa grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-ionstraimí a ghlactar faoin nós imeachta comhchinnteoireachta agus, dá réir, gur chóir cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nach mbeadh aon teorainn ama ag dul leo. Tá sé ráite ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle freisin go n-áiritheodh siad go nglacfaí chomh sciobtha agus is féidir na tograí a bheadh dírithe ar aisghairm na bhforálacha sna hionstraimí a fhorálann do theorainn ama ar tharmligean na gcumhachtaí cur chun feidhme chuig an gCoimisiún. Tar éis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach, ba chóir go scriosfaí an fhoráil i Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 lena bhforáiltear don tréimhse fionraí sin. |
(6) |
Ba chóir mar sin Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a leasú dá réir. |
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ba chóir, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, go gcinnfeadh an Danmhairg laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
(8) |
Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (5) a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 (6) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin. |
(9) |
Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a shínigh an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/849/CE (7) agus de Chinneadh 2004/860/CE (8) ón gComhairle. |
(10) |
Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9). Dá bhrí sin, ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(11) |
Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10). Dá réir sin, ní bheidh Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 leis seo mar a leanas:
1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(5): ‘5. Féadfar bearta breise a rialaíonn faireachas a ghlacadh. Déanfar na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh le heilimintí nua, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(2).’; |
2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32: ‘Airteagal 32 Leasuithe ar na hIarscríbhinní Déantar Iarscríbhinní III, IV agus VIII a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 33(2).’; |
3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33(2): ‘2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’; |
4) |
scriostar Airteagal 33(4). |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh an 3 Márta 2008 ón gComhairle.
(2) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.
(3) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(4) IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(7) Cinneadh 2004/849/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú sin (IO L 368, 15.12.2004, lch. 26).
(8) Cinneadh 2004/860/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú sin (IO L 370, 17.12.2004, lch. 78).
(9) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.
(10) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/62 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 297/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharliament na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4). |
(2) |
Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh, ar bearta iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(3) |
I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí atá i bhfeidhm cheana agus a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. |
(4) |
Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinntí a dhéanamh maidir le hinfheidhmeacht caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta laistigh den Chomhphobal. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(5) |
Ós rud é go bhféadfadh feidhmiú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú laistigh de na gnáth-spriocthréimhsí, i gcúinsí áirithe eisceachtúla, deacracht a chruthú maidir le caighdeáin chuntasaíochta nua-eisithe, leasuithe ar chaighdeáin chuntasaíochta atá cheana ann nó léirmhínithe ar chaighdeáin chuntasaíochta atá cheana ann a ghlacadh in am le go bhféadfadh gnóthais iad a chur i bhfeidhm don bhliain airgeadais ábhartha, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, agus don Chomhairle gníomhú go mear lena áirithiú go nglacfaí na caighdeáin agus na léirmhínithe sin go tráthúil ionas nach ndéanfar dochar do thuiscint agus do mhuinín infheisteoirí. |
(6) |
Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 mar a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1): ‘1. Déanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le hinfheidhmeacht caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta laistigh den Chomhphobal. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2).’; |
2. |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 161, 13.7.2007, lch. 45.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2008.
(3) IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.
(4) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(5) IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/64 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 298/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37, 95 agus mír 4, pointe (b) d’Airteagal 152 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4). |
(2) |
Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh, ar glacadh í i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(3) |
I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme ar ionstraimí a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. |
(4) |
Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún a shainiú an dtagann cineál bia ar leith nó cineál beatha ar leith faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus go dtabharfaí de chumhacht dó freisin na tairseacha a ísliú maidir lena lua ar lipéid gur ann d’ábhar taismeach agus d’ábhar nach féidir a sheachaint go teicniúil agus ar ábhar é ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, atá comhdhéanta d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó a táirgeadh as orgánaigh ghéinmhodhnaithe, mar aon leis na tairseacha a ísliú maidir le hábhar géinmhodhnaithe taismeach agus nach féidir a sheachaint go teicniúil, agus dar tugadh measúnú riosca fabhrach, a bheith i mbia nó i mbeatha, agus chun bearta a ghlacadh maidir le ceanglais áirithe lipéadaithe agus faisnéise a thiteann ar oibreoirí agus ar oll-lónadóirí. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(5) |
Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 leis seo mar a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2): ‘2. I gcás inar gá, bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena gcinnfear an dtagann cineál bia faoi raon feidhme na Roinne seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’; |
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(4): ‘4. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena mbunaítear tairseacha cuí atá níos ísle, go háirithe i ndáil le bianna ina bhfuil OGManna, nó atá comhdhéanta díobh, nó lena gcuirtear dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’; |
3. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14: ‘Airteagal 14 Bearta cur chun feidhme 1. Féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a ghlacadh:
Na bearta sin a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3). 2. Chomh maith leis sin, féadfar rialacha mionsonraithe chun feidhmiú aonfhoirmeach Airteagal 13 a éascú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).’; |
4. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2): ‘2. I gcás inar gá, na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena gcinnfear an dtagann cineál beatha faoi raon feidhme na Roinne seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’; |
5. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24(4): ‘4. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena mbunófar tairseacha cuí atá níos ísle, go háirithe i ndáil le beatha ina bhfuil OGManna, nó atá comhdhéanta díobh nó lena gcuirtear an dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’; |
6. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: ‘Airteagal 26 Bearta cur chun feidhme 1. Féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a ghlacadh:
Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3). 2. Chomh maith leis sin, féadfar rialacha mionsonraithe chun feidhmiú aonfhoirmeach Airteagal 25 a éascú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2).’; |
7. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32(5): ‘Féadfar rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo agus an Iarscríbhinn a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2). Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, agus lena n-oiriúnaítear an Iarscríbhinn, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’; |
8. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35(3): ‘3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’; |
9. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47(3): ‘3. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena n-íslítear na tairseacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir le OGManna a dhíoltar go díreach leis an tomhaltóir deiridh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 161, 13.7.2007, lch. 45.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2008.
(3) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 99).
(4) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(5) IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/67 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 299/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4). |
(2) |
Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh agus a cheaptar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha d'ionstraim bhunaidh, a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(3) |
I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme ar ionstraimí a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. |
(4) |
Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a shainmhíniú mar aon leis na critéir is gá chun uasleibhéil áirithe iarmhar (MRLanna) lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus a liostaítear sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán sin a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(5) |
Ar mhaithe le héifeachtacht agus d'fhonn próiseas cinnteoireachta mear a ráthú d'oibreoirí eacnamaíocha, agus fós ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart, ar mhaithe le héifeachtúlacht, na gnáth-thréimhsí don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú maidir le bearta a ghlacadh lena ndéantar MRLanna a shocrú, a áireamh, a fheidhmiú, a mhodhnú nó a scriosadh, agus maidir le liosta de shubstaintí gníomhacha a bhunú nach mbeidh aon MRL de dhíth ina leith chomh maith le liosta de theaglamaí substainte gníomhaí/táirge i gcás ina mbeidh na substaintí gníomhacha á n-úsáid mar thoitreán le haghaidh cóireála iarbhuainte. |
(6) |
Más rud é, ar mhórchúiseanna práinne, agus go háirithe i gcás ina mbeidh baol ann do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, nach bhféadfar na gnáth-thréimhsí don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm maidir le bearta a ghlacadh lena ndéantar MRLanna a shocrú, a áireamh, a fheidhmiú, a mhodhnú nó a scriosadh. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(1): ‘1. Déanfar na táirgí, na grúpaí táirgí agus/nó na codanna de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a mbeidh feidhm ag na MRLanna comhchuibhithe ina leith a shainmhíniú in Iarscríbhinn I agus a chuimsiú le hIarscríbhinn I. An beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3). Áireofar na táirgí go léir a bhfuil MRLanna socraithe ina leith in Iarscríbhinn I, mar aon leis na táirgí eile a bhfuil sé cuí MRLanna comhchuibhithe a fheidhmiú ina leith, go háirithe i bhfianaise a n-ábharthachta i réim bia na dtomhaltóirí nó sa trádáil. Déanfar táirgí a ghrúpáil ar shlí agus go bhféadfar MRLanna a shocrú, a mhéid is féidir, do ghrúpa de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí gaolmhara.’; |
2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1): ‘1. Déanfar substaintí gníomhacha na dtáirgí cosanta plandaí a ndéanfar meastóireacht orthu faoi Threoir 91/414/CEE agus nach mbeidh aon MRL de dhíth ina leith a shainmhíniú agus a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, agus úsáidí na substaintí gníomhacha sin agus na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 14(2) á gcur san áireamh. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4).’; |
3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): ‘2. Déanfar meastóireacht ar iarratais i gcomhréir le forálacha ábhartha na bPrionsabal Aonfhoirmeach maidir le Meastóireacht a dhéanamh ar Tháirgí Cosanta Plandaí agus Údarú Táirgí Cosanta Plandaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 91/414/CEE nó i gcomhréir le prionsabail shainiúla mheastóireachta a leagfar síos i rialachán ón gCoimisiún. An rialachán sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3).’; |
4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1): ‘1. Ar thuairim an Údaráis a fháil, agus ag cur na tuairime sin san áireamh, ullmhóidh an Coimisiún ceann de na nithe seo a leanas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí:
|
5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2): ‘2. I gcás ina socraítear MRL sealadach, faoi mar a fhoráiltear dó i mír 1(b), scriosfar as Iarscríbhinn III é, trí rialachán, bliain tar éis an dáta a ndéanfar an tsubstaint ghníomhach lena mbaineann a áireamh nó gan í a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE. Glacfar an rialachán sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(5) chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, áfach, féadfar an MRL sealadach a choinneáil ar feadh bliana eile go dtí go ndeimhneofar go bhfuiltear tar éis dul i mbun aon staidéar eolaíochta is gá chun tacú leis an iarratas ar MRL a shocrú. I gcásanna ina dtabharfar deimhniú den sórt sin, coinneofar an MRL sealadach ar feadh dhá bhliain bhreise, ar an gcoinníoll nach mbeifear tar éis aon ábhar imní do-ghlactha maidir le sábháilteacht do thomhaltóirí a aithint.’; |
6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Airteagal 18 MRLanna a chomhlíonadh 1. Ní bheidh sna táirgí a chuimsítear in Iarscríbhinn I, ón tráth a gcuirfear ar an margadh iad mar bhia nó mar bheatha, nó ón tráth a dtabharfar mar bheatha d'ainmhithe iad, aon iarmhar lotnaidicíde a rachaidh thar:
2. Ní fhéadfaidh na Ballstáit toirmeasc ná bac a chur ar na táirgí a chuimsítear le hIarscríbhinn I maidir lena gcur ar an margadh nó lena dtabhairt mar bheatha do bhia-ainmhithe laistigh dá gcríocha ar na forais go bhfuil iarmhair lotnaidicíde iontu, ar an gcoinníoll:
3. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, de bhreis ar chóireáil iarbhuainte le toitreán ina gcríoch féin, leibhéil iarmhar a údarú i leith substainte gníomhaí a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III i gcomhair táirge a chuimsítear le hIarscríbhinn I i gcás ina liostaítear na teaglamaí substainte gníomhaí/táirge in Iarscríbhinn VII ar an gcoinníoll:
Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus lena ndéanfar sainmhíniú ar na teaglamaí substainte gníomhaí/táirge a liostaítear in Iarscríbhinn VII, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3). 4. In imthosca eisceachtúla, agus go háirithe maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 91/414/CEE nó de bhun oibleagáidí a leagtar amach i dTreoir 2000/29/CE (6), féadfaidh Ballstát a údarú bia nó beatha cóirithe nach gcomhlíonann mír 1 a chur ar an margadh agus/nó a thabhairt mar bheatha d'ainmhithe laistigh dá chríoch, ar an gcoinníoll nach ngabhann riosca do-ghlactha leis an mbia ná leis an mbeatha sin. Cuirfear údaruithe den sórt sin in iúl láithreach do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás, mar aon le measúnú cuí riosca i gcomhair a bhreithnithe gan aon mhoill mhíchuí d'fhonn MRL sealadach a shocrú ar feadh tréimhse sainithe nó i gcomhair aon bheart eile is gá a ghlacadh i ndáil leis na táirgí sin. Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 45(5) chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. |
7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2): ‘2. Féadfar tosca sonracha tiúchana nó caolaithe i gcomhair oibríochtaí áirithe próiseála agus/nó measctha nó i gcomhair táirgí áirithe próiseáilte agus/nó ilchodacha a áireamh sa liosta atá in Iarscríbhinn VI. An beart sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3).’; |
8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(1): ‘1. Déanfar MRLanna do tháirgí a chuimseofar le hIarscríbhinn I a bhunú agus a liostú den chéad uair in Iarscríbhinn II, agus na MRLanna dá bhforáiltear faoi Threoracha 86/362/CEE, 86/363/CEE agus 90/642/CEE á n-ionchorprú, agus na critéir a liostaítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Na bearta sin, a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3).’; |
9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1): ‘1. Déanfar MRLanna sealadacha i gcomhair substaintí gníomhacha nach mbeidh cinneadh déanta go fóill iad a áireamh nó gan iad a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE a bhunú agus a liostú i gcéaduair in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, mura mbeidh siad liostaithe cheana féin in Iarscríbhinn II, agus an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, an tuairim réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 24, i gcás inar ábhartha, na tosca dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus na MRLanna seo a leanas á gcur san áireamh:
Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3).’; |
10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27(2): ‘2. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena gcinnfear na modhanna samplála is gá chun na rialuithe sin a dhéanamh ar iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí, seachas iad sin dá bhforáiltear i dTreoir 2002/63/CE (7), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3) den Rialachán seo. |
11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: ‘Airteagal 45 An nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Dhá mhí, aon mhí amháin agus dhá mhí, faoi seach, a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c) agus (4)(b) agus (e) de Chinneadh 1999/468/CE. 5. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’; |
12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46: ‘Airteagal 46 Bearta cur chun feidhme 1. Bunófar bearta cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, mar aon le treoirdhoiciméid theicniúla chun cabhrú lena chur i bhfeidhm agus rialacha mionsonraithe maidir leis na sonraí eolaíocha a bheidh de dhíth chun MRLanna a shocrú, nó féadfar bearta, doiciméid nó rialacha den sórt sin a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) agus, i gcás inar cuí, tuairim an Údaráis á cur san áireamh. 2. Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus a bhaineann leis na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 29(2), in Airteagal 30(2), in Airteagal 31(1) agus in Airteagal 32(5) a bhunú nó a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(3) agus tuairim an Údaráis á cur san áireamh, i gcás inar cuí.’; |
13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49: ‘Airteagal 49 Bearta idirthréimhseacha 1. Ní bheidh feidhm ag ceanglais Chaibidil III i leith táirgí arna dtáirgeadh go dlíthiúil sa Chomhphobal nó arna n-allmhairiú go dlíthiúil isteach sa Chomhphobal roimh an dáta dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 50. Chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, áfach, féadfar bearta cuí i ndáil leis na táirgí sin a ghlacadh. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(5). 2. I gcás inar gá chun go mbeifear in ann táirgí a mhargú, a phróiseáil agus a chaitheamh ar an ngnáthshlí, féadfar bearta idirthréimhseacha breise a leagan síos maidir le cur chun feidhme MRLanna áirithe dá bhforáiltear in Airteagail 15, 16, 21, 22 agus 25. Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, agus gan dochar don oibleagáid ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 45(4).’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 161, 13.7.2007, lch. 45.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2008.
(3) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2006 ón gCoimisiún (IO L 29, 2.2.2006, lch. 3).
(4) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(5) IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.
(6) Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1). Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/41/CE ón gCoimisiún (IO L 169, 29.6.2007, lch. 51).’;
(7) Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2002 lena mbunaítear modhanna samplála Comhphobail chun iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí agus de bhunadh ainmhíoch, nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, a rialú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Rialachán 79/700/CEE (IO L 187, 16.7.2002, lch. 30).’;
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/72 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 300/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2008
maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2), i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 16 Eanáir 2008.
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
D’fhonn daoine agus earraí laistigh den Aontas Eorpach a chosaint, ba cheart go gcoiscfí gníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh ar aerárthaí sibhialta ar díol contúirte iad do shlándáil na heitlíochta sibhialta, trí rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh an eitlíocht shibhialta a chosaint. Ba cheart an cuspóir sin a ghnóthú trí rialacha comhchoiteanna agus trí chaighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna a leagan síos don tslándáil eitlíochta chomh maith le meicníocht a dhéanfadh faireachán ar a gcomhlíonadh. |
(2) |
Is inmhianaithe, ar mhaithe le slándáil na heitlíochta sibhialta i gcoitinne, go leagfaí síos bonn le go mbeifear in ann léiriú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago an 7 Nollaig 1944 um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta. |
(3) |
Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta (3) de thoradh theagmhais an 11 Meán Fómhair 2001 sna Stáit Aontaithe. Tá gá le cur chuige comhchoiteann i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna is éifeachtúla chun cúnamh a thairiscint tar éis gníomhartha sceimhlitheoireachta a mbeadh mórthionchar acu i réimse an iompair. |
(4) |
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar inneachar Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 i bhfianaise na taithí a fuarthas, agus ba cheart go n-aisghairfí an Rialachán féin agus go gcuirfí ina ionad an Rialachán seo lena bhféachfar leis na rialacha atá ann a shimpliú, a chomhchuibhiú agus a shoiléiriú agus leis na leibhéil slándála a fheabhsú. |
(5) |
Ó tharla go bhfuil gá le solúbthacht bhreise agus bearta agus nósanna imeachta á nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar na measúnuithe riosca atá ag teacht chun cinn, agus chun go bhféadfar teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach, ba cheart don Rialachán seo bunphrionsabail a leagan síos maidir lena mbeidh le déanamh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, gan dul isteach sna mionsonraí teicniúla ná sna mionsonraí nós imeachta maidir leis an gcaoi a gcuirfear chun feidhme iad. |
(6) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na haerfoirt a fhónann don eitlíocht shibhialta agus atá suite ar chríoch Ballstáit, maidir leis na hoibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí ag na haerfoirt sin agus maidir leis na heintitis a sholáthraíonn earraí agus/nó seirbhísí do na haerfoirt sin nó trí na haerfoirt sin. |
(7) |
Gan dochar don Choinbhinsiún um chionta agus gníomhartha áirithe eile a dhéantar ar bord aerárthaí, Tóiceo, 1963, don Choinbhinsiún chun cosc a chur ar urghabháil neamhdhleathach aerárthaí, an Háig, 1970, ná don Choinbhinsiún chun cosc a chur ar ghníomhartha neamhdhleathacha in aghaidh shábháilteacht na heitlíochta sibhialta, Montreal, 1971, ba cheart freisin go bhfolóidh an Rialachán seo bearta slándála a mbeadh feidhm acu ar bord aerárthaigh de chuid aeriompróirí an Chomhphobail nó le linn a gcuid eitiltí. |
(8) |
Coinníonn na Ballstáit an inniúlacht chun cinntí a dhéanamh maidir le leas a bhaint as oifigigh slándála ar aerárthaí atá cláraithe sa Bhallstát sin agus ar eitiltí de chuid aeriompróirí atá ceadúnaithe aige féin agus freisin chun a áirithiú, i gcomhréir le mír 4.7.7 d’Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus faoi théarmaí an Choinbhinsiúin sin, gur pearsanra rialtais iad na hoifigigh sin a roghnófar agus a gcuirfear oiliúint orthu chuige sin, agus na gnéithe slándála agus sábháilteachta is gá ar bord aerárthaigh á gcur san áireamh. |
(9) |
Ní gá gurbh ionann leibhéal na bagartha a léireodh na cineálacha éagsúla eitlíochta sibhialta. Agus caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna á mbunú don tslándáil eitlíochta, ba cheart méid an aerárthaigh, cineál na hoibríochta agus/nó minicíocht na n-oibríochtaí ag aerfoirt a chur san áireamh d’fhonn a cheadú go ndeonófar maoluithe. |
(10) |
Ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit freisin, ar bhonn measúnaithe riosca, bearta a chur i bhfeidhm a bheadh níos déine ná na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo. |
(11) |
Féadfaidh tríú tíortha a éileamh go ndéanfar bearta a chur i bhfeidhm nach ionann iad agus na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo i ndáil le heitiltí ó aerfort i mBallstát chuig an tríú tír sin nó os cionn na tríú tíre sin. Ar a shon sin, gan dochar d’aon chomhaontuithe déthaobhacha ar páirtí iontu an Comhphobal, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar na bearta a éilíonn an tríú tír. |
(12) |
Cé go bhféadfadh sé go mbeadh baint ag dhá chomhlacht nó ag níos mó ná dhá chomhlacht leis an tslándáil eitlíochta san aon Bhallstát amháin, ba cheart do gach Ballstát aon údarás amháin a ainmniú a bheadh freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme caighdeán slándála. |
(13) |
D’fhonn na freagrachtaí maidir leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna don tslándáil eitlíochta a chur chun feidhme a shainiú agus chun cur síos a dhéanamh ar na bearta a éileoidh na hoibreoirí agus eintitis eile chun na críche sin, ba cheart go ndéanfadh gach Ballstát clár náisiúnta um shlándáil na heitlíochta sibhialta a dhréachtú. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh gach oibreoir aerfoirt, gach aeriompróir agus gach eintiteas a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta chun feidhme clár slándála a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun chun go gcomhlíonfaidís an Rialachán seo agus cibé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta is infheidhme. |
(14) |
D’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus an chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta, ba cheart do gach Ballstát clár náisiúnta a dhréachtú chun leibhéal agus cáilíocht na slándála eitlíochta sibhialta a sheiceáil agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfí chun feidhme é. |
(15) |
D’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit, agus freisin d’fhonn moltaí a dhéanamh chun an tslándáil eitlíochta a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún iniúchtaí a sheoladh, lena n-áirítear iniúchtaí gan foláireamh. |
(16) |
Mar riail ghinearálta, ba cheart don Choimisiún bearta a mbeidh tionchar díreach acu ar phaisinéirí a fhoilsiú. Gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach bearta agus nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann don tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis slándála íogair, mar aon le tuarascálacha iniúchta ón gCoimisiún agus na freagraí ó na húdaráis iomchuí, measfar gur faisnéis rúnaicmithe AE iad de réir bhrí Threoir 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta inmheánacha (4). Níor cheart na míreanna sin a fhoilsiú ná níor cheart iad a chur ar fáil ach do na hoibreoirí agus do na heintitis sin a bhfuil leas dlisteanach acu iontu. |
(17) |
Ba cheart na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5). |
(18) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta ginearálta a ghlacadh lena leasaítear eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna, critéir a shocrú lena gceadaítear do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna agus bearta slándála malartacha a ghlacadh, agus sonraíochtaí le haghaidh clár náisiúnta um rialú cáilíochta a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(19) |
Nuair a tharlaíonn sé, ar mhórchúiseanna práinne, nach féidir na gnáth-theorainneacha ama maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm, d’fhonn rialacha comhchoiteanna a ghlacadh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint. |
(20) |
Ba cheart aidhm na ‘slándála aon bhirt’ do na heitiltí uile laistigh den Aontas Eorpach a chur chun cinn. |
(21) |
Ina theannta sin, níor cheart gur ghá athbhraitheoireacht a dhéanamh ar phaisinéirí ná ar a mbagáiste a thiocfaidh isteach ar eitiltí ó thríú tíortha a bhfuil caighdeáin slándála eitlíochta acu atá coibhéiseach leis na cinn a leagtar síos leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, gan dochar do cheart gach Ballstáit bearta níos déine a chur i bhfeidhm, ná d’inniúlachtaí an Chomhphobail agus na mBallstát faoi seach, ba cheart go ndéanfaí cinntí an Choimisiúin agus, i gcás inar gá, comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha a spreagadh, ar cinntí agus comhaontuithe iad lena n-aithnítear go bhfuil na caighdeáin slándála a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír coibhéiseach leis na caighdeáin chomhchoiteanna, ós rud é go gcuireann na cinntí agus na comhaontuithe sin le slándáil aon bhirt. |
(22) |
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an tsábháilteacht eitlíochta, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha. |
(23) |
Ba cheart go bhforálfar do phionóis i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin, a d’fhéadfadh a bheith de chineál sibhialta nó de chineál riaracháin, éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. |
(24) |
Gabhfaidh Ráiteas na nAirí maidir le hAerfort Ghiobráltar, a comhaontaíodh in Cordoba an 18 Meán Fómhair 2006 ag céad chruinniú Aireachta an Fhóraim Chomhagallaimh maidir le Giobráltar, ionad an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le hAerfort Ghiobráltar a rinneadh i Londain an 2 Nollaig 1987, agus measfar gurb ionann comhlíonadh iomlán an Ráitis agus comhlíonadh Dhearbhú 1987. |
(25) |
Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh agus bonn a leagan síos le go mbeifear in ann léirmhíniú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuspóirí
1. Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann a slándáil i gcontúirt.
Leagtar síos leis, freisin, bonn le go mbeifear in ann léirmhíniú comhchoiteann a dhéanamh ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.
2. Is iad na modhanna seo a leanas a úsáidfear chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a ghnóthú:
(a) |
rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna a leagan síos don tslándáil eitlíochta; |
(b) |
meicníochtaí chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
gach aerfort agus gach cuid d’aerfort atá suite ar chríoch Ballstáit agus nach go heisiach chun críocha míleata a úsáidtear é nó í; |
(b) |
na hoibreoirí uile, lena n-áirítear aeriompróirí, a sholáthraíonn seirbhísí ag na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) |
na heintitis uile a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta chun feidhme, a oibríonn as áitreabh atá suite laistigh nó lasmuigh d’áitreabh aerfoirt agus a sholáthraíonn earraí agus/nó seirbhísí do na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe (a) nó trí na haerfoirt sin. |
2. Tuigtear nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith aerfort Ghiobráltar dochar do sheasamh dlí Ríocht na Spáinne ná do sheasamh dlí na Ríochta Aontaithe maidir leis an díospóid faoi cheannasacht ar an gcríoch ina bhfuil an t-aerfort suite.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo:
1. |
ciallaíonn ‘eitlíocht shibhialta’ aon oibríocht aeir a dhéantar le haerárthaí sibhialta, cé is moite de na hoibríochtaí a dhéantar le haerárthaí stáit dá dtagraítear in Airteagal 3 de Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta; |
2. |
ciallaíonn ‘slándáil eitlíochta’ an teaglaim de bhearta agus d’acmhainní daonna agus d’acmhainní ábhartha arna ceapadh chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt; |
3. |
ciallaíonn ‘oibreoir’ duine, eagraíocht nó fiontar a ghabhann d’oibríocht aeriompair, nó a thairgeann gabháil di; |
4. |
ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige; |
5. |
ciallaíonn ‘aeriompróir Comhphobail’ aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh Ballstát i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le haeriompróirí a cheadúnú (6); |
6. |
ciallaíonn ‘eintiteas’ duine, eagraíocht nó fiontar, seachas oibreoir; |
7. |
ciallaíonn ‘earraí toirmiscthe’ airm, pléascáin nó feistí contúirteacha, earraí contúirteacha nó substaintí contúirteacha eile a fhéadfar a úsáid chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh a chuirfeadh slándáil na heitlíochta sibhialta i gcontúirt; |
8. |
ciallaíonn ‘braitheoireacht’ meáin theicniúla nó meáin eile a chur i bhfeidhm a cheaptar chun earraí toirmiscthe a aithint agus/nó a bhrath; |
9. |
ciallaíonn ‘rialú slándála’ meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar earraí toirmiscthe a thabhairt isteach; |
10. |
ciallaíonn ‘rialú rochtana’ meáin a chur i bhfeidhm lena bhféadfar cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe nó ar fheithiclí neamhúdaraithe, nó ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe araon, teacht isteach; |
11. |
ciallaíonn ‘taobh an aeir’ limistéar gluaiseachta an aerfoirt, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice an limistéir sin agus a bhfuil rochtain orthu srianta; |
12. |
ciallaíonn ‘taobh na tíre’ na codanna sin d’aerfort, an tír-raon agus na foirgnimh nó na codanna díobh atá in aice leo nach bhfuil ar thaobh an aeir; |
13. |
ciallaíonn ‘limistéar srianta slándála’ an limistéar sin ar thaobh an aeir a bhfuil srian ar rochtain air, agus a gcuirtear caighdeáin eile i bhfeidhm ann chomh maith maidir le slándáil eitlíochta; |
14. |
ciallaíonn ‘limistéar críochaithe’ limistéar atá deighilte ag rialú rochtana ó na limistéir shrianta slándála, nó, más limistéar srianta slándála atá sa limistéar críochaithe féin, limistéar atá deighilte ó limistéir shrianta slándála eile an aerfoirt; |
15. |
ciallaíonn ‘seiceáil cúlra’ seiceáil thaifeadta ar chéannacht duine, lena n-áirítear aon stair choiriúil a bheadh aige, mar chuid den mheasúnú ar oiriúnacht duine do rochtain gan choimhdeacht ar limistéir shrianta slándála; |
16. |
ciallaíonn ‘paisinéirí, bagáiste, lasta nó post traschuir’ paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar aerárthach seachas an ceann ar tháinig siad isteach air; |
17. |
ciallaíonn ‘paisinéirí, bagáiste, lasta nó post idirthurais’ paisinéirí, bagáiste, lasta nó post a imíonn ar an aerárthach céanna ar tháinig siad isteach air; |
18. |
ciallaíonn ‘paisinéir a d’fhéadfadh a bheith treampánach’ paisinéir ar díbeartach é, nó ar duine é a mheastar a bheith neamh-inghlactha ar chúiseanna inimirce nó ar duine é atá i gcoimeád dleathach; |
19. |
ciallaíonn ‘bagáiste cábáin’ bagáiste a bheartaítear a iompar i gcábán aerárthaigh; |
20. |
ciallaíonn ‘bagáiste boilg’ bagáiste a bheartaítear a iompar i mbolg aerárthaigh; |
21. |
ciallaíonn ‘bagáiste boilg faoi thionlacan’ bagáiste atá á iompar i mbolg aerárthaigh agus atá cláraithe d’eitilt ag paisinéir atá ag taisteal ar an eitilt chéanna sin; |
22. |
ciallaíonn ‘post aeriompróra’ post ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dó; |
23. |
ciallaíonn ‘ábhair aeriompróra’ ábhair ar aeriompróir is tionscnamh agus is ceann scríbe dóibh nó ábhair atá á n-úsáid ag aeriompróir; |
24. |
ciallaíonn ‘post’ comhfhreagras agus earraí eile a sheoltar, seachas post aeriompróra, arna dtairiscint ag seirbhísí poist agus a bheartaítear a sheachadadh chuig seirbhísí poist i gcomhréir le rialacha an Aontais Phoist Uilechoitinn; |
25. |
ciallaíonn ‘lasta’ aon mhaoin atá le hiompar ar aerárthach, seachas bagáiste, post, post aeriompróra, ábhair aeriompróra agus soláthairtí ar eitiltí; |
26. |
ciallaíonn ‘gníomhaire rialaithe’ aeriompróir, gníomhaire, seoltóir lasta nó aon eintiteas eile a áirithíonn go ndéanfar rialuithe slándála i ndáil le lasta nó le post; |
27. |
ciallaíonn ‘coinsíneoir aitheanta’ coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir lasta nó post a iompar ar aerárthach ar bith; |
28. |
ciallaíonn ‘coinsíneoir cuntais’ coinsíneoir a thionscnaíonn lasta nó post ar a chuntas féin agus a gcomhlíonann a nósanna imeachta rialacha comhchoiteanna slándála agus caighdeáin chomhchoiteanna slándála atá leordhóthanach chun gur féidir an lasta sin a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach lasta, nó chun gur féidir an post a iompar ar aerárthach nach n-iompraíonn ach post; |
29. |
ciallaíonn ‘seiceáil slándála ar aerárthach’ iniúchadh ar na codanna sin den taobh istigh den aerárthach a bhféadfadh na paisinéirí rochtain a bheith acu orthu, chomh maith le hiniúchadh ar bholg an aerárthaigh d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach ar an aerárthach a bhrath; |
30. |
ciallaíonn ‘cuardach slándála ar aerárthach’ iniúchadh ar na codanna sin taobh istigh den aerárthach agus taobh amuigh den aerárthach a mbeadh rochtain orthu d’fhonn earraí toirmiscthe agus cur isteach neamhdhleathach a bhrath a chuireann slándáil an aerárthaigh i gcontúirt; |
31. |
ciallaíonn ‘oifigeach slándála ar eitiltí’ duine atá fostaithe ag an Stát chun taisteal ar aerárthach de chuid aeriompróra arna cheadúnú ag an mBallstát sin chun an t-aerárthach sin agus iad siúd atá ar bord a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann slándáil na heitilte i gcontúirt. |
Airteagal 4
Caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna
1. Is mar a leagtar síos san Iarscríbhinn iad a bheidh na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh a chuireann a slándáil i gcontúirt.
Maidir le caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna bhreise nár tuaradh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart iad a chur leis an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh.
2. Maidir leis na bearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).
Bainfidh na bearta ginearálta sin leis na nithe seo a leanas:
(a) |
modhanna braitheoireachta a cheadaítear; |
(b) |
na catagóirí earraí a fhéadfar a thoirmeasc; |
(c) |
maidir le rialú rochtana, na forais atá ann chun rochtain a thabhairt ar limistéir ar thaobh an aeir agus ar limistéir shrianta slándála; |
(d) |
modhanna a cheadaítear chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh; |
(e) |
critéir chun coibhéis caighdeán slándála tríú tíortha a aithint; |
(f) |
coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú; |
(g) |
coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra, nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad; |
(h) |
coinníollacha faoina ndéanfar braitheoireacht ar sholáthairtí eitilte agus ar sholáthairtí aerfoirt nó faoina gcuirfear faoi réir rialuithe eile slándála iad, mar aon leis an bpróiseas chun soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú; |
(i) |
critéir maidir le codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála a shainiú; |
(j) |
critéir maidir le hearcaíocht foirne agus le modhanna oiliúna; |
(k) |
coinníollacha faoina bhféadfar nósanna imeachta speisialta i leith slándála nó díolúintí ó rialuithe slándála a chur i bhfeidhm; agus |
(l) |
aon bhearta ginearálta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 a leasú trína bhforlíonadh agus nár tuaradh ag tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).
3. Déanfar bearta mionsonraithe do chur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta ginearálta dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
Áireofar leis sin:
(a) |
ceanglais agus nósanna imeachta maidir le braitheoireacht; |
(b) |
liosta d’earraí toirmiscthe; |
(c) |
ceanglais agus nósanna imeachta maidir le rialú rochtana; |
(d) |
ceanglais agus nósanna imeachta chun feithiclí a scrúdú agus chun seiceálacha slándála ar aerárthaí agus cuardaigh slándála ar aerárthaí a dhéanamh; |
(e) |
cinntí chun coibhéis na gcaighdeán slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír a aithint; |
(f) |
i gcás lasta agus poist, nósanna imeachta maidir le gníomhairí rialaithe, coinsíneoirí aitheanta agus coinsíneoirí cuntais a fhormheas nó a ainmniú, agus na hoibleagáidí a chaithfidh siad a chomhlíonadh; |
(g) |
ceanglais agus nósanna imeachta maidir le rialuithe slándála a dhéanamh ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra; |
(h) |
i gcás soláthairtí eitilte agus soláthairtí aerfoirt, nósanna imeachta maidir le soláthróirí rialaithe agus soláthróirí aitheanta a fhormheas nó a ainmniú, agus na hoibleagáidí a chaithfidh siad a chomhlíonadh; |
(i) |
sainmhíniú ar na codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála; |
(j) |
earcaíocht foirne agus riachtanais oiliúna; |
(k) |
nósanna imeachta speisialta maidir le slándáil, nó díolúintí ó rialuithe slándála; |
(l) |
sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le trealamh slándála a fhormheas agus a úsáid; agus |
(m) |
na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach. |
4. Trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo le cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3), leagfaidh an Coimisiún síos critéir lena gceadófar do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1 agus bearta malartacha slándála a ghlacadh a chuirfidh leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil ar bhonn measúnaithe áitiúil riosca. Caithfidh na bearta malartacha sin a bheith inchosanta ar bhonn cúiseanna a bhaineann le méid an aerárthaigh, nó cúiseanna a bhaineann le cineál, le scála nó le minicíocht na n-oibríochtaí nó minicíocht gníomhaíochtaí ábhartha eile.
Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 19(4).
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le bearta den sórt sin.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear i bhfeidhm ar a gcríoch na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbeidh cúis ag Ballstát lena chreidiúint gur chuir sárú slándála isteach ar leibhéal na slándála eitlíochta, áiritheoidh sé go nglacfar beart pras iomchuí chun an sárú sin a chur ina cheart agus chun slándáil leanúnach na heitlíochta sibhialta a áirithiú.
Airteagal 5
Costais slándála
Faoi réir rialacha ábhartha dhlí an Chomhphobail, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh, maidir le costais na mbeart slándála a ghlacfar faoin Rialachán seo chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathaigh, na himthosca inar cheart, agus a mhéid is cóir, don Stát, do na heintitis aerfoirt, do na haeriompróirí, do ghníomhaireachtaí freagracha eile, nó d’úsáideoirí, iad a iompar. Más iomchuí, agus i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh maille le húsáideoirí i leith na gcostas a bhainfeadh le bearta slándála níos déine arna nglacadh faoin Rialachán seo. A mhéid is féidir, bainfidh aon mhuirir nó aon aistrithe costas slándála go díreach leis na costais a ghabhann leis na seirbhísí slándála lena mbaineann a sholáthar agus ní cheapfar iad ach amháin chun na costais ábhartha lena mbaineann, agus na costais sin amháin, a ghnóthú.
Airteagal 6
Bearta níos déine arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit
1. Féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm a bheidh níos déine ná na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 4. Lena linn sin, gníomhóidh siad ar bhonn measúnaithe riosca agus i gcomhlíonadh dhlí an Chomhphobail. Beidh na bearta sin ábhartha, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis an riosca a bhfuil aghaidh á tabhairt air.
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta sin a luaithe is féidir tar éis dóibh iad a chur i bhfeidhm. Ar an bhfaisnéis sin a fháil dó, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig na Ballstáit eile í.
3. Níl sé de cheangal ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás nach mbaineann na bearta sin ach le heitilt áirithe ar dháta faoi leith.
Airteagal 7
Bearta slándála a éilíonn tríú tíortha
1. Gan dochar d’aon chomhaontuithe déthaobhacha ar páirtí iontu an Comhphobal, cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún na bearta a éilíonn tríú tír murab ionann iad agus na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 4 i ndáil le heitiltí ó aerfort i mBallstát chuig an tríú tír sin, nó os a cionn.
2. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin, scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm aon bheart a bhfuair sé fógra fúthu faoi mhír 1 agus, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2), féadfaidh sé freagra iomchuí a dhréachtú don tríú tír lena mbaineann.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 más rud é:
(a) |
go gcuireann an Ballstát na bearta lena mbaineann i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6; nó |
(b) |
nach mbaineann éileamh an tríú tír ach le heitilt áirithe ar dháta faoi leith. |
Airteagal 8
Comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
Gan dochar d’Airteagal 300 den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún Meabhrán Comhthuisceana a chuir i gcrích maidir le hiniúchtaí a dhéanamh leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) chun nach ndéanfaí faireachán faoi dhó ar an gcomhlíonadh a dhéanann na Ballstáit ar Iarscríbhinn 17 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta.
Airteagal 9
Údarás iomchuí
I gcás ina mbeidh baint ag dhá chomhlacht nó níos mó leis an tslándáil eitlíochta sibhialta san aon Bhallstát amháin, ba cheart do gach Ballstát aon údarás amháin a ainmniú (dá ngairfear ‘an t-údarás iomchuí’ anseo feasta) a bheidh freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4.
Airteagal 10
Clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta
1. Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.
Déanfar sainmhíniú sa chlár sin ar fhreagrachtaí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 4 agus déanfar cur síos ann ar na bearta a éilíonn oibreoirí agus eintitis eile chun na críche sin.
2. Cuirfidh an t-údarás iomchuí na codanna iomchuí dá chlár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta ar fáil i scríbhinn ar bhonn riachtanais d’oibreoirí agus d’eintitis a measann sé go bhfuil leas dlisteanach acu.
Airteagal 11
Clár náisiúnta um rialú cáilíochta
1. Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta um rialú cáilíochta a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.
Cuirfidh an clár sin ar chumas an Bhallstáit cáilíocht na slándála eitlíochta sibhialta a sheiceáil d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus ar chomhlíonadh a chláir náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta araon.
2. Glacfar na sonraíochtaí don chlár náisiúnta um rialú cáilíochta trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo trí iarscríbhinn a chur leis i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 19(3).
Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 19(4).
Ceadóidh an clár go ndéanfar na heaspaí a bhrath go tapa agus a cheartú go tapa. Forálfar leis freisin go ndéanfaidh an t-údarás iomchuí faireachán go díreach agus go rialta ar na haerfoirt, ar na hoibreoirí agus ar na heintitis uile atá freagrach as caighdeáin na slándála eitlíochta a chur chun feidhme agus atá suite ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, nó go ndéanfar an faireachán sin faoi mhaoirseacht an údaráis iomchuí.
Airteagal 12
Clár slándála aerfoirt
1. Déanfaidh gach oibreoir aerfoirt clár slándála aerfoirt a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.
Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an oibreoir aerfoirt chun go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo agus chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta an Bhallstáit ina bhfuil an aerfort suite.
Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe ina mbeidh cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an oibreoir aerfoirt ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.
2. Cuirfear an clár slándála aerfoirt faoi bhráid an údaráis iomchuí agus féadfaidh an t-údarás sin gníomhaíocht breise a dhéanamh más iomchuí.
Airteagal 13
Clár slándála aeriompróra
1. Déanfaidh gach aeriompróir clár slándála aeriompróra a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.
Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an aeriompróir chun go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo agus chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta an Bhallstáit a soláthraíonn sé seirbhísí as.
Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe cáilíochta ina mbeidh cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an aeriompróir ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.
2. Arna iarraidh sin, cuirfear clár slándála an aeriompróra faoi bhráid an údaráis iomchuí, a fhéadfaidh gníomhaíocht breise a dhéanamh más iomchuí.
3. I gcás ina mbeidh bailíochtú déanta ar chlár slándála aeriompróra Comhphobail ag údarás iomchuí an Bhallstáit a dheonaigh an ceadúnas oibríochta, tabharfaidh na Ballstáit eile go léir aitheantas don aeriompróir sin mar aeriompróir a bhfuil ceanglais mhír 1 comhlíonta aige. Ní dhéanfaidh sin dochar don cheart atá ag an mBallstáit mionsonraí a iarraidh ar aeriompróir ar bith maidir leis an gcaoi a ndéanann sé na nithe seo a leanas a chur chun feidhme:
(a) |
na bearta slándála a chuir an Ballstát sin i bhfeidhm faoi Airteagal 6; agus/nó |
(b) |
na nósanna imeachta áitiúla is infheidhme sna haerfoirt a bhfreastalaítear orthu. |
Airteagal 14
Clár slándála eintiteas
1. Maidir le gach eintiteas a gceanglaítear air faoin gclár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 10 caighdeáin slándála eitlíochta a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé clár slándála a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun.
Déanfar cur síos sa chlár sin ar na modhanna agus ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an eintiteas chun go gcomhlíonfaidh sé clár náisiúnta an Bhallstáit um shlándáil eitlíochta sibhialta i ndáil lena chuid oibríochtaí sa Bhallstát sin.
Áireofar sa chlár forálacha inmheánacha rialaithe cáilíochta ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi a mbeidh faireachán le déanamh ag an eintiteas féin ar chomhlíonadh na modhanna agus na nósanna imeachta sin.
2. Arna iarraidh sin, cuirfear clár slándála an aeriompróra a bhfuil caighdeáin slándála eitlíochta á gcur i bhfeidhm aige faoi bhráid an údaráis iomchuí, a fhéadfaidh gníomhaíocht bhreise a dhéanamh más iomchuí.
Airteagal 15
Iniúchtaí an Choimisiúin
1. Déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar le húdarás iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, iniúchtaí a sheoladh, lena n-áirítear iniúchtaí ar aerfoirt, ar oibreoirí agus ar eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus d’fhonn moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an tslándáil eitlíochta, de réir mar is iomchuí. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás iomchuí an Coimisiún ar an eolas i scríbhinn maidir leis na haerfoirt uile ar a chríoch a fhónann don eitlíocht shibhialta seachas na haerfoirt a chumhdaítear le hAirteagal 4(4).
Maidir leis na nósanna imeachta i dtaobh iniúchtaí a sheoladh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
2. Iniúchtaí gan foláireamh a bheidh sna hiniúchtaí a dhéanfaidh an Coimisiún ar aerfoirt, ar oibreoirí agus ar eintitis a chuireann caighdeáin slándála eitlíochta i bhfeidhm. In am agus i dtráth roimh iniúchadh, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis an iniúchadh sin.
3. Cuirfear gach tuarascáil iniúchta ón gCoimisiún i bhfios d’údarás iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, agus tuairisceoidh an Ballstát, ina fhreagra, na bearta a glacadh chun aon easpaí a aithníodh a bheith ann a leigheas.
Ina dhiaidh sin, cuirfear an tuarascáil, chomh maith le freagra an údaráis iomchuí, i bhfios d’údaráis iomchuí na mBallstát eile.
Airteagal 16
Tuarascáil bhliantúil
Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na mBallstát, á gcur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis an tionchar a bheidh aige ar an aershlándáil a fheabhsú.
Airteagal 17
Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí
Gan dochar do ról an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 19, bunóidh an Coimisiún Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí maidir le Slándáil Eitlíochta ina mbeidh eagraíochtaí ionadaíocha Eorpacha atá ag gabháil don tslándáil eitlíochta nó a ndéanann an tslándáil eitlíochta difear go díreach dóibh. Is é an t-aon ról a bheidh ag an ngrúpa sin comhairle a chur ar an gCoimisiún. Coimeádfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 19 an Grúpa Geallsealbhóirí ar an eolas i rith an phróisis rialúcháin ar fad.
Airteagal 18
Faisnéis a scaipeadh
Mar riail ghinearálta, foilseoidh an Coimisiún bearta a mbeidh tionchar díreach acu ar phaisinéirí. Breathnófar, áfach, ar na doiciméid seo a leanas mar fhaisnéis rúnaicmithe AE de réir bhrí Chinneadh 2001/844/CE, CECG, Euratom:
(a) |
na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus 4(4), in Airteagal 6(1) agus in Airteagal 7(1), má bhíonn faisnéis slándála íogair iontu; |
(b) |
na tuarascálacha iniúchta a rinne an Coimisiún agus freagraí na n-údarás iomchuí, dá dtagraítear in Airteagal 15(3). |
Airteagal 19
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Socrófar gur aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 20
Comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tíortha
D’fhonn an aidhm ‘slándáil aon bhirt’ a chur chun cinn maidir leis na heitiltí go léir idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Chomhphobail, d’fhéadfaí a chomhaontú i gcomhaontuithe eitlíochta idir an Comhphobal agus tríú tír go n-aithneofaí go bhfuil na caighdeáin slándála atá á gcur i bhfeidhm sa tríú tír coibhéiseach le caighdeáin an Chomhphobail i gcomhréir le hAirteagal 300 den Chonradh.
Airteagal 21
Pionóis
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 22
Tuarascáil ón gCoimisiún ar Mhaoiniú
Tuairisceoidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2008 maidir leis na prionsabail mhaoinithe do chostais bhearta slándála na heitlíochta sibhialta. Déanfaidh an tuarascáil sin a mheas cad iad na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfear na muirir slándála go heisiach chun costais slándála a ghlanadh, agus chun trédhearcacht muirear dá leithéid a fheabhsú. Tabharfaidh an tuarascáil aghaidh freisin ar na prionsabail is gá chun iomaíocht neamhshaofa a chosaint idir aerfoirt agus idir aeriompróirí, agus ar na modhanna éagsúla chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú ó thaobh dháileadh chostais na mbeart slándála idir íocóirí cánach agus úsáideoirí. Gabhfaidh togra um reachtaíocht leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.
Airteagal 23
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002.
Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón dáta a shonrófar sna rialacha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3), ach tráth nach déanaí ná 24 mí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.
3. De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag Airteagail 4(2), 4(3), 4(4), 8, 11(2), 15(1) an dara fomhír, 17, 19 agus 22 ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 185, 8.8.2006, lch. 17.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2006 (IO C 300 E, 9.12.2006, lch. 463), Comhsheasamh ón gComhairle an 11 Nollaig 2006 (IO C 70 E, 27.3.2007, lch. 21) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Rún Reachtach ó Phairlimint na hEorpa an 11 Márta 2008 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2008.
(3) IO L 355, 30.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 849/2004 (IO L 158, 30.4.2004, lch. 1. Leagan cearthaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 3).
(4) IO L 317, 3.12.2001, lch. 1. Cinneadh arna leasú go deireanach le Cinneadh 2006/548/CE, Euratom (IO L 215, 5.8.2006, lch. 38).
(5) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(6) IO L 240, 24.8.1992, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
BUNCHAIGHDEÁIN CHOMHCHOITEANNA CHUN AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA A CHOSAINT IN AGHAIDH GNÍOMHARTHA CUR ISTEACH NEAMHDHLEATHAIGH (AIRTEAGAL 4)
1. SLÁNDÁIL AERFOIRT
1.1. Ceanglais phleanála le haghaidh aerfort
1. |
Nuair a bheidh saoráidí nua aerfoirt á ndearadh agus á dtógáil nó nuair a bheidh athrú á chur ar shaoráidí aerfoirt atá ann cheana, cuirfear san áireamh go hiomlán na ceanglais maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus i ngníomhartha cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo. |
2. |
Bunófar na limistéir seo a leanas ag aerfoirt:
|
1.2. Rialú rochtana
1. |
Beidh srian ar rochtain ar thaobh an aeir le go gcoiscfear ar dhaoine neamhúdaraithe agus ar fheithiclí neamhúdaraithe dul isteach sna limistéir sin. |
2. |
Rialófar an rochtain ar na limistéir shrianta slándála d’fhonn a áirithiú nach rachaidh aon duine neamhúdaraithe ná aon fheithicil neamhúdaraithe isteach sna limistéir sin. |
3. |
Ní bheidh rochtain ag daoine ná ag feithiclí ar thaobh an aeir ná ar na limistéir shrianta slándála mura gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha slándála a cheanglófar orthu a chomhlíonadh. |
4. |
Beidh seiceáil cúlra críochnaithe go sásúil i dtaobh gach comhalta foirne, lena n-áirítear comhaltaí den fhoireann eitilte, sula n-eiseofar cárta aitheantais aerfoirt nó foirne dóibh lena gceadófar rochtain gan choimhdeacht ar na limistéir shrianta slándála. |
1.3. Braitheoireacht ar dhaoine seachas paisinéirí agus braitheoireacht ar nithe a bheidh á n-iompar acu
1. |
Déanfar braitheoireacht ar bhonn leanúnach randamach ar dhaoine nach paisinéirí iad agus ar nithe a bheidh á n-iompar acu ar dhul isteach sna limistéir shrianta slándála dóibh ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin. |
2. |
Déanfar braitheoireacht ar bhonn leanúnach randamach ar dhaoine seachas paisinéirí agus ar nithe a bheidh á n-iompar acu ar dhul isteach sna codanna criticiúla de na limistéir shrianta slándála dóibh ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin. |
1.4. Feithiclí a scrúdú
Déanfar feithiclí atá ag dul isteach i limistéar srianta slándála a scrúdú ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.
1.5. Faireachán, patróil agus rialuithe fisiciúla eile
Déanfar faireachas, patróil agus rialuithe fisiciúla eile ag aerfoirt agus, nuair is iomchuí, i limistéir atá in aice leo a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, chun iompar amhrasach a aithint, chun leochaileachtaí a aithint a bhféadfaí teacht i dtír orthu chun gníomh cur isteach neamhdhleathaigh a dhéanamh agus chun daoine a dhíspreagadh ó ghníomhartha den sórt sin a dhéanamh.
2. LIMISTÉIR CHRÍOCHAITHE AERFORT
Maidir le haerárthaí a bheidh páirceáilte sna limistéir chríochaithe sin d’aerfoirt a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ina leith, déanfar iad a dheighilt ó aerárthaí a mbeidh feidhm maidir leo ag na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna ina n-iomláine ina leith, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear i gcontúirt na caighdeáin slándála a chuirtear i bhfeidhm i leith aerárthaí, i leith a bpaisinéirí, a mbagáiste agus a lasta.
3. SLÁNDÁIL AERÁRTHAÍ
1. |
Sula n-imeoidh sé, déanfar seiceáil slándála ar aerárthach nó cuardach slándála ar aerárthach d’fhonn a áirithiú nach bhfuil aon earraí toirmiscthe ar bord. Féadfar aerárthach idirthurais a chur faoi réir beart iomchuí eile. |
2. |
Déanfar gach aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe. |
4. PAISINÉIRÍ AGUS BAGÁISTE CÁBÁIN
4.1. Braitheoireacht ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin
1. |
Déanfar braitheoireacht ar phaisinéirí tionscnaimh, ar phaisinéirí traschuir agus ar phaisinéirí idirthurais agus ar a mbagáiste cábáin ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir shrianta slándála ná ar bord aerárthaigh. |
2. |
Féadfar paisinéirí traschuir agus a mbagáiste cábáin a dhíolmhú ón mbraitheoireacht, más rud é:
|
3. |
Féadfar paisinéirí idirthurais agus a mbagáiste cábáin a dhíolmhú ón mbraitheoireacht, más rud é:
|
4.2. Paisinéirí agus bagáiste cábáin a chosaint
1. |
Déanfar paisinéirí agus a mbagáiste cábáin a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón uair a ndéanfar braitheoireacht orthu go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh siad á n-iompar air. |
2. |
Paisinéirí a ndearnadh braitheoireacht orthu agus a bheidh ag imeacht, ní bheidh teagmháil acu le paisinéirí a bheidh ag teacht isteach, ach amháin más rud é:
|
4.3. Paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach
Paisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach, cuirfear faoi réir na mbeart iomchuí slándála iad sula n-imeoidh siad.
5. BAGÁISTE BOILG
5.1. Braitheoireacht ar bhagáiste boilg
1. |
Déanfar braitheoireacht ar an mbagáiste boilg uile sula luchtófar ar aerárthach é ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir shrianta slándála ná ar bord aerárthaigh. |
2. |
Féadfar bagáiste boilg traschuir a dhíolmhú ón mbraitheoireacht más rud é:
|
3. |
Féadfar bagáiste boilg idirthurais a dhíolmhú ón mbraitheoireacht má fhanann sé ar bord an aerárthaigh. |
5.2. Bagáiste boilg a chosaint
Déanfar bagáiste boilg a bheidh le hiompar ar aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón uair a dhéanfar braitheoireacht air nó ón uair a chuirfear a chúram ar an aeriompróir, cibé acu is túisce, go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh sé le hiompar air.
5.3. Imréiteach bagáiste
1. |
Déanfar gach mír bagáiste boilg a aithint mar bhagáiste faoi thionlacan nó mar bhagáiste gan tionlacan. |
2. |
Ní iomprófar bagáiste boilg gan tionlacan, mura ndearnadh an bagáiste a dheighilt ón bpaisinéir ar chúiseanna nach raibh neart aige orthu nó murar cuireadh faoi réir rialuithe iomchuí slándála é. |
6. LASTA AGUS POST
6.1. Rialuithe slándála do lasta agus do phost
1. |
Cuirfear an lasta ar fad agus an post ar fad faoi réir rialuithe slándála sula luchtófar in aerárthach iad. Ní ghlacfaidh aeriompróir lasta ná post lena iompar ar aerárthach murar chuir sé féin na rialuithe sin i bhfeidhm nó murar thug gníomhaire rialaithe, coinsíneoir aitheanta nó coinsíneoir cuntais deimhniú maidir lena gcur i bhfeidhm agus cuntas ar a gcur i bhfeidhm. |
2. |
Féadfar lasta traschuir agus post traschuir a chur faoi réir rialuithe malartacha slándála a shonrófar i ngníomh cur chun feidhme. |
3. |
Féadfar lasta idirthurais agus post idirthurais a dhíolmhú ó rialuithe slándála má fhanann sé ar bord an aerárthaigh. |
6.2. Lasta agus post a chosaint
1. |
Déanfar lasta agus post a bheidh le hiompar ar aerárthach a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe ón bpointe a gcuirfear rialuithe slándála i bhfeidhm orthu go dtí go n-imeoidh an t-aerárthach a mbeidh sé le hiompar air. |
2. |
Déanfar braitheoireacht ar lasta agus ar phost nach ndearnadh a chosaint go leordhóthanach ar chur isteach neamhúdaraithe tar éis rialuithe slándála a chur i bhfeidhm orthu. |
7. POST AERIOMPRÓRA AGUS ÁBHAIR AERIOMPRÓRA
Cuirfear post aeriompróra agus ábhair aeriompróra faoi réir rialuithe slándála agus déanfar iad a chosaint ina dhiaidh sin go dtí go luchtófar ar an aerárthach iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach ar bord aerárthaigh.
8. SOLÁTHAIRTÍ EITILTE
Maidir le soláthairtí eitilte, lena n-áirítear soláthairtí lónadóireachta, ar lena n-iompar nó lena n-úsáid ar bord aerárthaigh a cheapfar iad, cuirfear faoi réir rialuithe slándála iad agus déanfar iad a chosaint ina dhiaidh sin go dtí go luchtófar ar an aerárthach iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe ar bord aerárthaigh.
9. SOLÁTHAIRTÍ AERFOIRT
Maidir le soláthairtí ar lena ndíol nó lena n-úsáid i limistéir shrianta slándála aerfort a cheapfar iad, lena n-áirítear soláthairtí le haghaidh siopaí saor ó dhleacht agus le haghaidh bialann, cuirfear faoi réir rialuithe slándála iad ionas nach dtabharfar earraí toirmiscthe isteach sna limistéir sin.
10. BEARTA SLÁNDÁLA EITILTE
1. |
Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le sábháilteacht eitlíochta:
|
2. |
Glacfar bearta iomchuí slándála amhail oiliúint a chur ar an bhfoireann eitilte agus ar an bhfoireann chábáin chun gníomhartha de chur isteach neamhdhleathaigh le linn eitilte a chosc. |
3. |
Ní thabharfar airm ar bord aerárthaigh seachas iad siúd a iomprófar i mbolg an aerárthaigh murar comhlíonadh na coinníollacha slándála is gá i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus murar údaraigh na stáit lena mbaineann é. |
4. |
Beidh feidhm ag mír 3 freisin maidir le hoifigigh slándála eitilte má bhíonn airm á n-iompar acu. |
11. EARCAÍOCHT AGUS OILIÚINT FOIRNE
1. |
Maidir le daoine a chuirfidh braitheoireacht, rialú rochtana nó rialuithe slándála eile chun feidhme nó a bheidh freagrach as a gcur chun feidhme, earcófar iad, cuirfear oiliúint orthu agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar deimhniú orthu d’fhonn a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don fhostaíocht agus go bhfuil siad inniúil ar thabhairt faoi na dualgais a shannfar dóibh. |
2. |
Maidir le daoine seachas paisinéirí a dteastaíonn rochtain uathu ar limistéir shrianta slándála, cuirfear oiliúint slándála orthu sula n-eiseofar cárta aitheantais aerfoirt nó cárta aitheantais foirne dóibh. |
3. |
Déanfar an oiliúint dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar bhonn céaduaire agus ar bhonn tráthrialta. |
4. |
Beidh na cáilíochtaí is gá ag na teagascóirí a chuirfidh an oiliúint ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. |
12. TREALAMH SLÁNDÁLA
Comhallfaidh an trealamh a úsáidfear don bhraitheoireacht, don rialú rochtana agus do na rialuithe slándála eile na sonraíochtaí atá sainithe agus beidh sé in ann na rialuithe slándála lena mbaineann a fheidhmiú.
9.4.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/85 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 301/2008 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Márta 2008
lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe, Airteagal 57(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) bunaíodh creat comhchuibhithe rialacha ginearálta eagrúcháin do rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar comhlíonadh dlí beatha agus bia agus comhlíonadh rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe. |
(2) |
Is gá, de bharr aontachas na mBallstát nua in 2004, liosta na gcríoch in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a chomhlánú le go mbeifear in ann na Ballstáit uile a áireamh sa liosta sin. |
(3) |
Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 882/2004.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2004 i leith chríocha Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2008.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. JARC
(1) IO L 165, 30.4.2004, lch. 1, leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 180/2008 ón gCoimisiún (IO L 56, 29.2.2008, lch. 4)
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(15)
1. |
Críoch Ríocht na Beilge |
2. |
Críoch Phoblacht na Bulgáire |
3. |
Críoch Phoblacht na Seice |
4. |
Críoch Ríocht na Danmhairge seachas na hOileáin Fharó agus an Ghraonlainn |
5. |
Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine |
6. |
Críoch Phoblacht na hEastóine |
7. |
Críoch na hÉireann |
8. |
Críoch na Poblachta Heilléanaí |
9. |
Críoch Ríocht na Spáinne seachas Ceuta agus Melilla |
10. |
Críoch Phoblacht na Fraince |
11. |
Críoch Phoblacht na hIodáile |
12. |
Críoch Phoblacht na Cipire |
13. |
Críoch Phoblacht na Laitvia |
14. |
Críoch Phoblacht na Liotuáine |
15. |
Críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg |
16. |
Críoch Phoblacht na hUngáire |
17. |
Críoch Phoblacht Mhálta |
18. |
Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip |
19. |
Críoch Phoblacht na hOstaire |
20. |
Críoch Phoblacht na Polainne |
21. |
Críoch Phoblacht na Portaingéile |
22. |
Críoch na Rómáine |
23. |
Críoch Phoblacht na Slóivéine |
24. |
Críoch Phoblacht na Slóvaice |
25. |
Críoch Phoblacht na Fionlainne |
26. |
Críoch Ríocht na Sualainne |
27. |
Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann’ |